Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Meadhon Foghmhair, 1916

Title
Meadhon Foghmhair, 1916
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1916
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uim. 6. MEADHON FOGHMHAIR, 1916. Pinginn a Fhiacha.



SGÉILÍN ÓS NA DÉISIBH.



Bhí baintreabhach n-a cómhnuidhe i n-aice
Portláirge go raibh feirm mhór talmhan
aici & de bhrigh go dtugadh sí aireachas
maith dá gnó ní raibh easba aon rud
uirthe. Bhí gach uile chóir & úirlis aici
chun a h-oibre do dheanamh. Ní thabharfadh
sí tamall d'aon rud uaithi ámhthach do
aoinne dá dhona bheadh sé ag teastáil
uaidh is ní mó a dh'iarrfadh sí féin tamall
de rud ar bith ó aoinne.



Thárlaidh go raibh an chómhursa ba ghiorra
dhi ag cáthadh cruithneachta lá áirighthe aghus
nuair bhíodar ghá líonadh is na málaidhibh
bhí mála amháin i n-easnamh ortha. Ní raibh
fhios acu cá bhfaghaidís mála mar ní raibh
aon tigh i ngiorracht dóibh ach tigh na
baintreabhaighe agus bhí cómhartaí fear-
thainne ann.



“Sé rud a dhéanfad,” arsa fear oibre
a bhí ag an bhfeirmeóir, “acht bualadh
anonn go dtí an bhaintreabhach & tamall
de mhála d'iarraidh uirrthi.”



“Ní h-aon mhaith ar domhan duit dul
chúichi-se,” ars an feirmeóir, “níor thug
sí tamall d'aon nidh riamh uaithi agus ní
iarrann sí tamall d'aon nidh í féin.”



“Cuirfead galún leanna leat go
bhfaghaidh mise tamall de mhála uaithi
anois,” arsa an duine eile.



“Cuirfead is fáilte agus béarfad é,
leis, mar chomh cinnte is iarrfas tú é
eiteóchthar thu,” ars an feirmeóir.



“Fan leat go fóil agus chífidh tú an
eiteóchthar,” ars an duine eile leis sin.
Bhuail sé anonn fé dhéin tighe na bain-
treabhaighe. Bhí sí amuich sa mhachainn ag
nighe prátaí agus a h-inghean 'n-a fochair.
De mhuintir Chárrthaigh a b'eadh an mháthair.
Máire ab ainm do'n inghin.



Do bheannuig an fear oibre dhi agus
d'iarr an mála mar leanas:



“Mhuise bail ó Dhia ort, a bhean dheas
des na Cárrthaigh,
An bheanín bheag mheanmnach triopal-
lach sásta
I dtigheas is i dtaca go gcuiridh tu
Máire
Tháinig me go dtí tú ag iarraidh
tamall de mhála
Ní leigfidh me brúghadh air briseadh
ná beárnadh
Cuirfidh me tuighe idir é is an lása
Is beidh sé sa bhaile agat um an
taca so amáireach.”
“Caithfidh tu é fhághailt,” ars an bhain-
treabhach. Thug sí dho é & rug sé an geall.



M. Ó D.



COMÓRTAS MAIRTÍN a'BHÁILLE
LEIS AN nGABHAR.



Bob Bheldon, file na gCumarach ins
na Déise do cheap so. Báille b'eadh
Mairtín a bhí ag Tighearna Portláirge.
“Marbhán” do chuir chugainn é seo.



I.



Ag gabháilt amach dom tráthnóinín aereach,
Thugamar féin an samhradh linn;
Gan neach am' ghabháilt ach mé 'taisteal
im' aonar,
Thugamar féin an samhradh linn.
Casadh im' chuaird liom beirt áiléadach, (?)
Thugamar féin an samhradh linn,
Ar thaobh na gréine de chnocán Paorach,
Thugamar féin an samhradh linn.



Curfá:



Thugamar, thugamar, thugamar, thugamar —
Thugamar féin an samhradh linn,
Thugamar cheana is cé bhainfeadh dinn é,
Thugamar féin an samhradh linn.



II.



Mairtín Ó Ciardhubháin, buachaill scléipeach,
Thugamar féin an ramhradh linn,
'S pocán le Fathaigh ó Bhearna 'n Dré amuich,
Thugamar, &rl.
Bhí an dís úd adeirim is iad go lán-fhaobhrach,
Thugamar, &rl.
Ag tobhach is ag tairiscint catha d'á chéile,
Thugamar, &rl.



Curfá: Thugamar, thugamar, &rl.



III.



Bhí an pocán allta is cealltar dána air,
Thugamar, &rl.
'Na sheasamh ar stolla ar charraig anáirde,
Thugamar, &rl.
Le n-a bhannlá' de mheigioll is adharca
scáineacha,
Thugamar, &rl.
Is gaisgidheach calma ná beadh aige scáth
roimis,
Thugamar, &rl.



Curfá: Thugamar, thugamar, &rl.



IV.



Bhí Mairtín fé ghruaim go buaidheartha
feargach,
Thugamar, &rl.
Le n-a mhaide glan éille is faobhar air chun
marbhtha,
Thugamar, &rl.
Mionnaí móra is móid 'á spalpadh aige,
Thugamar, &rl.
Dá bhfaghadh sé caoth go ndéanfadh sé
stalcadh dhe,
Thugamar, &rl.
Curfá: Thugamar, thugamar, &rl.



V.



Labhair an pocán is dubhairt go gairgeach,
Thugamar, &rl.
Cad é do chúis chugham a chlamhaire shean-
duine,
Thugamar, &rl.



Nó cad é an fáth go bhfuil tú ag eascainidhe,
Thugamar, &rl.
Ag rith m'ainm 's mo cáil-se anuas fé
tharcaisne,
Thugamar, &rl.



Curfá: Thugamar, thugamar, &rl.



VI.



Dalladh gan leigheas ort treighid is tnáth-
airt,
Thugamar, &rl.
A ghiolla na n-adharc gan aithis gan náire,
Thugamar, &rl.
Agus fios agat' chroidhe gur deinis romáile,
Thugamar, &rl.
Go moch ar maidin lem' dhorn gabáisde,
Thugamar, &rl.



Curfá: Tugamar, thugamar, &rl.



VII.



B' é do chuid-se gabáisde an gabáisde
beag gioballach,
Thugamar, &rl.
Sciomaigín gan áird 's nárbh' fhiú thar
phinginn é,
Thugamar, &rl.
Cíortha slámtha ag cearca giobacha,
Thugamar, &rl.
Lachainn is geanna ag rinnce sa mullach air,
Thugamar, &rl.



Curfá: Thugamar, thugamar, &rl.



VIII.



Ar mo ghabháilt tar brághaid le práidhinn
is deithneas,
Thugamar, &rl.
D'fhéachas tar fál 's mheabhruigh mé an
chuideachta,
Thugamar, &rl.
Ghlac mé tnúthán leó ós 'á innsint duit,
Thugamar, &rl.
Má ba mhuileat é an mádh go n-imreochainn
cluiche leo,
Thugamar, &rl.



Curfá: Thugamar, thugamar, &rl.



SGÉILÍN.



Fear ó Ghleann Fleisge do chuaidh amach
lá ag baint easrach ar an gcnoc. Nuair
a bhí beart maith dhi bainte, fáisgithe aige,
do shocruig sé thiar ar a dhrom é & bhí
ag cur an chnuic anuas de. Sa t-slighe
dho bhí de mhí-ádh air a chos a bhualadh
i gcoinnibh cloiche. Do baineadh bara-
thuisle as an nduine bhocht agus síos leis
an mbeart uaidh le fánaidh an chnuic.
“Dar fiadh,” ar seisean, “d'airighinn riamh
gur tréis a tuigtear gach beart, agus
chím-se mo bheart romham amach!”


L. 2


CIARRAIDHE.



Tá Éadach ón mbothán agus Éadach Gaedhealach
eile igcóir culaithe:



SÚSAÍ, CAIPÍNÍ agus HATAÍ
ag
MICHEÁL Ó MUIRCHEARTAIGH
An Cheárnóg, CÍLL ÁIRNE.



Má théighir go CILL ÁIRNE, cuir fút i
dTIG ÓSTA UÍ IFEARNÁIN,
KENMARE PLACE.



An tig is fearr le Gaedhealaibh.
Ní bítear dian san éileamh ann.



Tá sé igcómhgar an stásiúin ach leanamhaint
ort i leith na láimhe clé.



AN T-EMPÓRIUM,
le
M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC,
CILL ÁIRNE.



ÉADATHÓIRÍ MAITHE



Tá le fághail uatha;



Lása Gaedhealach de'n déanamh & de'n phatrún
is órnáidighe amuich agus saothar lámh is
eadh gach órlach de.



Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt
datha.



Ciarsúirí de'n Línéadach Cheart Ghaedhealach is
a lán saghas eile línéadaigh atá oireamhnach
do ghnóthaí tighe agus i nÉirinn do deineadh.



Carabhataí de'n Phoiplín Ghaedhealach ar gach dath
is ar gach gné datha.



Bróga is Buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach
(Muintir Winstanlí & Mac Gabharnaigh a
dheinean.)



Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr
agus flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do
deineadh.



TIGH ÓSTA UÍ GHLASÁIN,
Sráid na nÁirne, CILL ÁIRNE.



Daoine gur mian leo Aoibhneas Locha Léin d'feisint
gan ró-chostas, gheobhaidh siad gach ní ar a dtoil sa
Tigh Ósta so. Leabaidh, Breicfeast, Dinnéar, Té
agus Freastal ar 5/- sa ló.



BRÍD NÍ GHLASÁIN, Bean an Tighe.



SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.



ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.



ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ
AGUS BIOTÁILE.



SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.



An Mhin Choirce is fearr blas agus is
mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA



MÍCHEÁL Ó CAOIMH, a dheinean,
I MAGHCHROMTHA.



Scríobh chuige.



Bíd na rudaí seo ar fheabhas againn-ne —



ÍM, UIBHE & SICÍNÍ.



SIOPA LÓIN UÍ DHONOBHÁIN,
47 Sráid a' Phrionnsa, CORCAIGH.



SEAN-FHOCAIL NA
MUIMHNEACH.



“An Seabhac” do bhailigh.



CAOIRIGH.



1 — Ná bac aoinne ná fuil bearradh a
chaorach féin aige.



.I. Is dealbh an duine ná bíonn caora aige.
Bíonn sé gan olann gan éadach.



2 — Fliuchann fear aon chaorach a bhrat
chomh maith le fear a sé nó a
seacht.



Caithfidh fear aon chaorach bheith amuich fé'n
mbáistigh chomh maith & dá mbeadh tréad aige.



3 — Is fearr cinn ná ceann, mara
mbeadh ann ach dhá cheann seana-
chaorach.



4 — Fear na caorach beirbhighthe.
Bhí feoil tamall aige ach bhí scartha go deo
aige le h-olainn.



5 — Is minic a cailleadh caora i ngioll
ar luach leathphingne de tharra.



Chun marc a chur uirthi an tarra.



6 — Bíonn dhá cheann ar gach caora
aige,





7 — Bíonn dhá lomra ar do chaora-sa
gach aon lá.



Le daoinibh a bhíonn ag maoidheamh as a gcuid
saidhbhreasa adeirtear 6 agus 7.



8 — Lá Conchubhair d'á chaoire agus lá
Síle d'á gabhraibh.



Caoire bhí ag Conchubhar agus gabhair ag Síle,
agus ba chuma leo cad a dhéanfadh an saoghal go
léir ach go mbeadh an aimsir oireamhnach dá gcuid
stuic féin. B'é tubaist an scéil, ámhthach, nach í an
saghas céadna aimsire bhíodh uatha araon.



9 — Caora mhór an t-uan i bhfad.



.i. Nuair a bheadh ualach beag i bhfad ort bheadh
sé, dar leat, chomh trom le h-ualach mór.



10 — Bíonn caora dhubh ar an dtréad
is gile.



11 — Bíonn caora dhubh ar tosach uair
éigin.



Agus treoruigheann chuid eile ar aimhleas.



12 — Is deacair a h-uan a bhaint de'n
tseana-chaora.



Bíonn sí imnidheach glic.



13 — Is minic a bhí uan bán ag caora
dhubh.



.i. Is minic mac maith ag droch-athair nó máthair.



14 — An t-uan ag múineadh méidhlighe
d'á mháthair.



.i. An duine gan eolas ag múineadh a oide.



15 — Ní bhíonn aon tréad gan raimín.



Raimín .i. rud beag suarach.



16 — Ní truimide an chaora an olann.



Ní bhraitheann sí gur ualach di a lomra.



17 — Bearr an t-uan is caith uait an
olann.



.i. Is ceart uan a bhearradh ach ní h-aon mhaith
an olann.



18 — Nuair a throidid mná na gcomhar-
san sin é uair a gheibhim tuairisc
mo mhuilt.



Is dóigh gurab amhlaidh a goideadh an molt &
gur scéidh na mná ar a chéile le linn na feirge.



19 — Luigh le h-uanaibh agus éirigh le
h-éanaibh.



1 — Chomh luath le girrfhiadh.



2 — Léim ghirrfhiaidh (nó ghirrfhéidh)



.I. Léim fhada árd.



3 — Trí ghníomh ó'n míolmuighe: rith
géar, léim árd, filleadh grod.



Míolmuighe = girrfhiadh.



4 — Má's gasta an míolmuighe gabhtar
fé dheire é.



5 — Is deacair girrfhiadh a chur as tor
ná bíonn sé.



6 — Tabhair póg do chois an ghirrfhiaidh!



.I. Nuair a bhíonn an girrfhiadh an cnoc amach.
Le seirbhthean adeirtear é sin le duine a thagann
ró-dhéidheannach chun rud a dhéanamh.



7 — Is minic a bheir dall ar ghirrfhiadh.



.I. Is minic a dhein duine rud nár ceapadh go
bhféadfadh sé é dhéanamh.



8 — Gach 'ra bliadhain bíonn an girr-
fhiadh fireann is baineann.



Na patacháin óga bhíonn amhlaidh, má's fíor.



9 — Girrfhiadh idir chonartaibh.



Ruidín bocht lag ná bíonn truagh ná taise dho.



10 — Coinín i bpoll is a cheann amach.



Duine eaglach scáthmhar imnidheach a bhíonn mar
sin.



LUCHAIGH.



1 — Chomh ciúin le luich.



2 — Téigheann luch fé stáca



3 — Is minic a chuaidh luch fé stáca



4 — Iomcharuigheann an luch an stáca.



.i. ní gádh eagla roimh rud mór.



5 — Cnoc ag tórmach ar feadh seacht
mbliadhan & nár tháinig uaidh ach
luch.



.i. Geallamhaintí móra & cóimhlíonadh suarach.



6 — Bhearrfadh sé luch 'na codladh.



Duine aiclidhe a dhéanfadh san, nó faobhar maith.



7 — Nuair bhíonn an cat amuich bíonn
an luch ag rinnce.




AINMHIDHTHE EILE.



1 — Is fuirist féasóg an leomhain a
stathadh,



Nuair a bhíonn sé féin marbh.



2 — Cnuasach na gráinneoige.



A bhailightear go bocht & a imthigheann go h-olc.



3 — Ní lugha liom arcluachra ná é.



Le rud go mbeadh an ghráin agat air adéarfaí
é sin.



4 — Roinnt Éamoinn MhágCraith ar an
bhfiadh.



.I. É go léir a bheith aige féin.



Fiadhaithe a mhairbh fiadh agus níor fhéadadar
réidtheach i dtaobh a roinnte. D'iarradar ar
Éamonn é dhéanamh. Seo mar a dhein sé é:



A cheathramha 's a leath d'Éamonn MhágCraith,
'S an cheathramha sa roinnt d'Éamonn MhágCraith,
A chosa 's a cheann d'fhiadhaithe an domhain,
Is a chroiceann chun bróga d'Éamonn MhágCraith.


L. 3


ÉANLAITHE.



Tá tréithe i n-éanaibh agus is maith
an chosmhalóid iad ar chúrsaí saoghalta
agus, dá bhrigh sin, tá roinnt mhaith sean-
fhocal sa Ghaedhilg ag tagairt d'éanaibh.
Ó b'í an chearc tighe is gnáthaighe a
bhíodh os comhair súile daoine, is fearr
a tugadh fé ndeara a tréithe sin ná
tréithe na n-éan eile, agus is mó de
sheanráidhtibh atá ann 'na taobh.



1 — Éanlaithe aon-chlúdach is dlúth iad
le chéile





2 Éanlaithe aon-chleite fé aon sceich.



.I. Daoine go mbíonn an meon céadna aca
bíd i dteannta a chéile.



3 — Is minic a rug na cleití an fheoil
leo.



.i. Slán ar eitilt ó'n namhaid a bhíonn ar tí
feola an éin.



4 — Is fearr éan amháin ar láimh ná
dhá éan ar an dtor.



5 — Is minic a bheadh an t-ubh agus
ná beadh an t-éan.



.I. Bíonn níos mó d'ubhaibh ná de shicíníbh ann.



6 — Ní bhíonn aon scata gan plispíneach.
Plispíneach = rud beag suarach.



CEARCA.



7 — An chearc istigh is an t-ubh amuigh.



.I. Tairbhe an t-saothair caillte.



8 — Ní cearc ag breith amuich í.



Déarfaí san le duine slachtmhar, gasta.



9 — Is olc an chearc ná scríobfadh di
féin.



10 — Chomh gnóthach le circ go mbeadh
ubh aici.



11 — Trom cearc i bhfad.



.I. Nuair a bheadh sí dá iomchar i bhfad agat.



12 — Ubh na circe duibhe (nó an tsicín
duibh).



.I. Rud gur mhór agat é, rud go mbeadh meas
air nár thuill sé lé feabhas, ach gur leis an “gcirc
duibh” é. “An Chearc Dhubh” = peata ceana.



13 — Ag díol circe lá fliuch.



.I. Rud díth céillidhe.



Nuair a fliuchtar cearc ní bhíonn deallramh
fóghanta uirthi chun í dhíol.



14 — Léim choiligh ar charn aoiligh.



.I. Léim dhána, thighearnamhail.



15 — Glaodhann gach coileach go dána
ar a charn aoiligh féin.



16 — Coileach bán ar chearcaibh nó file
mná i mbaile.



Ní maith iad.



17 — Cearca samhraidh nó coileacha fogh-
mhair.



Ní maith iad.



18 — Sicíní foghmhair píopairí earraigh.



Píopairí = rudaí beaga glóracha gan mhaith.



19 — Níor thacht an biadh riamh máthair
na sicíní.



Mar is iad na sicíní is mó itheann é.



20 — Bíonn cearc an tsicín amháin gnóthach.



Ag scríobadh chomh maith le circ an áil mhóir.



21 — Níor reamhruigh cearc ghuir riamh.



22 — Ag ithe 's ag gearnán ar nós
cearc ghuir.



(Tuille le Teacht.)



CARAIG NA h-ALTÓRACH.



Soir ó Bhunáth i dTuath Ó Siosta i
gCiaraighe atá Caraig na h-Altórach. Is
ann do bhí sagart ag léigh' Aifrinn nuair
a tháinig Cian Bitheamhnach i bhfuirb colúir
ar an Altóir roimhe.



Is amhlaidh a fuair an sagart san
glaodhach chun ola chur ar an mbitheamhnach
le linn báis d'fhághail do. Chuaidh an
sagart chuige, ach ní thiubharadh sé ola
ná aithrighe dhó toisg ar dhein sé de'n
bhitheamhntacht. “Ach, cuirim de cheist &
de bhreith ort teacht chugham t'réis do
bháis chun ínsint dom cad é an saoghal
a bheidh agat,” ars an sagart leis, agus
é ag imtheacht.



'Seadh, lá Domhnaig bhí an t-Aifreann
dá léigh' ag an sagart nuair a tháinig
an colúr & do chuir fé ar an gcaraig.



“Cad é an saghas tú?” ars an
sagart.



“Mise Cian na mBeann Óir;
Is sia mo lón ná mo shaoghal;
Níor chuireas éinne riamh as mo thigh,
As níor cuireadh me a' tigh Dé,”
arsan colúr.



“Dia liom-sa,” arsan sagart, “thugas
breith ort.”



Tadhg na Samhna.



AN MAIRNÉALACH AGUS AN
MINISTIR.



Seo mairnéalach a tháinig abhaile ó'n
fhairrge t'réis mórán bliadhna a chaith-
eamh uirthi, & níor mhaith leis dul chuig
an teampuill. Abraham an t-ainm a
bhí air. Gach Domhnach bhíodh a mháthair 'á
dh'iarraidh air teacht léithi chuig an team-
puill, agus ní rachadh sé. An lá seo
rinne sí cáca milis agus thug sí dhó
é. Thaithn an cáca leis go h-an-mhaith.
D'iarr an mháthair air a' dtiocfadh sé
anois, agus dubhairt sé go dtiocfadh.
D'ith sé leath an cháca agus do chuir
sé an leath eile isteach 'n-a bhrollach.
Chuaidh sé isteach 'sa teampoll agus do
shuidh sé síos, Bhí an ministir ag déanú
seanmóra de na foclaibh seo — “'Abraham,
céard atá in do bhrollach?” agus mar is
gnáthach le cuid de na ministirí, dubhairt
sé na focla sin go h-an-mhinic. 'Sa
deire thiar thall shíl an mairnéalach gurbh
é féin a bhí i gceist aige, agus nuair
adubhairt sé arís iad tháinig feargh ar
an mairnéalach. Dubhairt sé leis féin
dá n-abróchadh an ministir na focla arís
gur ghearr go mbeadh fhios aige céard
a bhí i n-a bhrollach. Níor fhan sé i bhfad.
“'Abraham, 'Abraham, céard atá in do
bhrollach?” ars an ministir. “Cáca atá
ann, a shean-spleóta, agus seo dhuit é!”
Chaith sé an cáca leis agus d'imthigh sé
an doras amach agus fearg mhór air.



Seán Mac Giollabháin,
Acaill Beag, Co. Mhuigheó.



Béarla ní chanaim, níl agam ach sórd,
Gaoluinn liom labhair & freagra gheobhair.



BAILE ÁTHA CLIATH.



LEABHAIR A THAITHNFIDH
LE GAEDHLAIBH,



Idir Leabhair Ghaedhilge
agus Leabhair Bhearla,
le fághail uainn-ne.



Gach leabhar atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar.



Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i



SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH.



SRÁID ÍOCH. BHAGÓID, a 50,
BAILE-ÁTHA-CHLIATH.



Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”
An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



CILL CHAOI, Condae an Chláir.
DEAGHBHIADH agus SEOMRAÍ DEASA.



Cuir leitir nó sranngscéala chun
INGHEAN UÍ GHRÍOBHTHA,
23 Bóthar na Trágha, Cill Chaoí.



IS MAITH AN PÁIPÉAR
do'n duine óg nó do'n duine fásta:



“OUR BOYS”
Páipéar ar 1d. in aghaidh gacha mí.



Bíon scéal Gaedhilge ann ó scéalaidhe maith,
agus scéilíní deasa a bhaineann le stair-
sheanchus na hÉireann.



NA BRÁITHRE CRÍOSTAMHLA
ATÁ IN A BHUN.



EARRAÍ GAEDHEALACHA DO GHAEDHLAIBH!
Léinte. Lámhainní. Carabhata.
Stocaí “Guailneáin.” Bróga.
Caipíní agus Hataí,



ó TH. Ó LOCHLAINN.
19 Sráid na Páirliméide, Baile Átha Cliath.



RÁSÚIR MHAITHE
don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/- go 10/6.



RÁSÚR “COSANTA”



ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-;
gheobhair ceann aca san & trí lanna
“Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3,
tríd a' bpost.



CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar
7d. tríd a' bpost.



MAC CUILINN,
35 - 36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.



CRAOBH NA GAEDHEALTACHTA



An t-aon Chraobh amháin ná fuil
de chúram uirthi ach aire thabhairt
do sna Ceanntracha Gaedhealacha.



Má's duine thu a chuireann suim sa Ghaedheal-
tacht, ba cheart duit bheith páirteach sa Chraoibh
seo. Cuir leathchróinn ag triall ar Sparán-
aidhe na Craoibhe, faithche Stiabhna 7, Baile Átha
Chliath, agus beir id' bhall di go ceann bliadhna.


L. 4


FÓGRAÍ Ó CORCAIGH.



DO LUCHT - DRÁMAÍ - A - LÉIRIÚ.



Tá gach saghas éide, peribhicí, &c., i gcóir
drámaí go mór-mhór i gcóir Drámaí
Gaedhealacha le fághail uainn-ne, ar
iasacht. Níl 'oiread san de sna rudaí
sin ag duine ar bith eile in Éirinn.



PÁDRAIG Ó SÚILEABHÁIN & a Chua.,



‘Theatrical Outfitters,’
38 SRÁID MHÓR SHEOIRSE, I gCORCAIGH



Tá CÓISTÍ & MÓTAIR d'á ndeanamh againn-ne.



Cuirimíd GLÉAS GÓMA (rubair)
FÉ ROTHAÍ CÓISTE gan ró-mhoill.



CROS agus a CHLANN MHAC,
18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay),
CORCAIGH.



A BHEAN A' TIGHE! Cad é an saghas plúir
a bhíon agat?



Is é an PLÚR “EAGLE,” an plúr
is tuíslinnighe i gcóir an tighe; agus
an PLÚR “LION” is
fearr do lucht-aráin-a-dhíol.



Muíntir Mhic 'Ille Sheathanaich a dheinean
i gCorcaig.



GEO. SHAW & SONS,
Muileann Sain Seán, i gCORCAIGH.



RADHARC DO SHÚL!
Féach chuige go bhfuil i gceart. Nuair
a bheir i gCorcaigh, glaodhaig isteach ar



Ó MANGÁIN,
3 Sráid Phádraig, N., Corcaigh.



A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuidh



TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,



ó



MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a
Chua.,
2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)
CORCAIGH.



GHEOBHAIR LÉINE RÍ-MHAITH GHAEDHLACH (den
éadach “Oxford” nó den bhflannelette)
agus
STOCAÍ den uile shaghas sa tsiopa so.



SEÁN Ó MURCHADHA,
2 Sráid an Chaisleáin, CORCAIGH.



Tá 200,000 Barailí Plúir da dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag



T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, teo.



Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.



Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.”
Guthán: 7 Cork; i Midleton.



Leabhair Ghaedhilge agus
Leabhair Bhéarla i dtaobh na hÉireann.
le fághail ó
CHONCHUBHAR Ó CAOIMH,
70 Sráid Sheoirse, CORCAIGH.



AN LÓCHRANN.
Páipéar don Ghaedhealtacht.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh
an Fear Gnótha.



An Seabhac, i gCill Áirne An Fear Eagair.



Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain.
Dhá choip mí, tríd an bpost, ar 3/- sa bhliain.



Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, &c. Is
chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur.



Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean
leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní,
&c., do chur.



Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh
Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath
Na Díoltóirí.



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall
orainn agus cuirfimíd 12 chóip gach mí go ceann
bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



MNÁ RÁIS.



Bhí baintreach ann uair gurbh ainm do
Seághan, Duine beag meodhon-aoise ab'
eadh é. Cheap daoine gurbh í a phaidrín
ba mhó a bhí n-a chúram air Sheághan ach
am'basa níorbh í in-ao' chor. Ag taidh-
reamh ar phósadh ab'eadh a bhí sé. Chuaidh
sé go dtí an sagart agus d'innis sé dho
cad a bhí sé chun a dheunamh. Bhí áthas ar
an sagart agus mhol sé dho an pósadh a
dheunamh.



“Ach, a Sheághain,” ar sé sin, “níor
innsis dom cia h-í féin.”



“Tá, a athair,” arsa Seághan, “bean
tslachtmhar cheart a chuirfidh compórd orm
indeire mo shaoghail — Neil Ní Dhálaigh ó
Mhacha na Bó.”



“Neil Ní Dhálaigh, an eadh!” ars' an
sagart. “Mhuise, leun léir uait, a
Sheághain, agus cad ab áil leat dá
pósadh súd. Ná fuil coiscéim bhacaighe
innte agus í níos sine ná tú féin?”



“Dhé mhuise, a athair má tá féin,” arsa
Seághan ag baint searadh as a shlineáin,
“ní baoghal ná go n-deunfaidh sí an gnó.
Ní chun ráis a theastuigheann sí uainn,
a athair.”



PAIDREACHA.



PAIDIR.



I.



Ag Críost an síol, ag Críost an fóghmhar,
I n-iothlainn Dé
go dtugtar sinn.



II.



Ag Críost an mhuir, ag Críost an t-iasc,
I líontaibh Dé
go gcastar sinn.



III.



Ó fhás go h-aois, ó aois go bás,
Do dhá láimh, a Chríost
anall tharainn.



IV.



Ó bhás go crích nach críoch ach athfhás,
I bParrthas na nGrást
go rabhamar.



PAIDIR NA SCAFAL.



Seo mar do fuaireas-sa é ó bhéalaithris
Uilliam Uí Chómhraighe, Uitsiteá, i scáit
Ceanras, Meiriocá, fear aosda ó Chill
Muire Uí Bhriocáin i gConndae an Chláir.
Is den stoc céadna é len ar bhain
Eoghan Ó Cómhraidhe.



Go mbeannuighthear duit a lucht na
sgafall.
Ná déin faillighe bhúr gcás,
Is mairg a bhíonn gan caraid ar
uair a bháis.
Ná hith feóil Dé Céadaoin agus ná
héagcaoin ar do thuirse.
Déin do shíothcháin le Mac Dé is
beir comh saor leis na leinbh.
D'eirigh Muire is a mac amach sa lá.
Cé fheicfidhís chúcha ach Naomh Símon
neach beannuighthe ó'n Róimh
Do leathan sé a bhrat ar na brainsíbh
úir.
Féach san a mháthair mar rabhadh roim
a bhás,
Féach féin air a Mhic, ós agat atá
fhios.
Crios Mhuire, mo chrios,
Crios a rugadh Críost ann.
Crios ar baisteadh Críost as.
Níl neach fir ná mná a mbeidh mo
rann aige agus déarfaidh í gach
maidean Luain ná beidh Flaitheas
Dé aige ar uair a bháis agus
Muire Mháthair fheiscint trí lá
roim a bhás.



Fínghín na Leamhna.



A' DUL A CHODLADH DHUIT.



A Mhic do chuaidh sa chrann
Is do leig orrainn fuil do bhall,
Shidé chúghainn an t-am
A's ná leig ár n-anam i ngeall.



A' DUL A' CHODLADH DHUIT.



Uair na ngrást
Ar uair mo bháis
An uair is feárr
Ar leamhnú Dé 's na Maighdine.



'SA LEABAIDH DUIT.



Mar a luighim san uaig,
Deinim m'fhaoísdin leat go cruaidh;
A's a Dhia mhóir & a Mhuire meidhreach,
Tabhair solus na soillse chúghainn,
A's radharc na Trionóide,
A's grásta na foidhne i n-agh' na
h-éagcóra.



An Fiach Dubh do sholáthruigh.



Méid mo chroidhe agus luighead
M'fhagháltais fé ndeara dhom beith bocht.



Sé deir tuata,
Gurab 'iúd duine uasal,
Nuair chionn sé buatais
Ar mhac caillighe na luaithe.



D. Ó C.



Leabhair agus Peictiúirí cun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 5


SEAN-AMHRÁIN AR CEAL



(Tuille acu.)



Ba mhaith linn ceathramha nó dhó d'fhághail
de gach ceann díobh so leanas:



26 — “Bean a Leanna.”



27 — “Do bhíos-sa lá breágh gréine
Ag iasgaireacht cois abhann.”



28 — “Nuair d'éirigh an cailín ar maidin.”



29 — “Bobaró dederó Gráinne Mhaol.”



30 — “Máiréad Ní Cheallaigh.”



31 — “Fóil, fóil, a dhuine, nó ar buile
ataoi'n tú.”



32 — “Leagas mo phíb ag taobh de'n
bhinnse



Do bhí cois teine acu
Do bhí cois teine acu.”



33 — “Lá breágh tamall dá rabhas-sa
Thíos i gCloichín a' Mhargaidh.”



34 — Abhrán do dhein sagart i dtaobh
“Tobar na Molt” ag tosnú.



“Lem ráiteachas éistighidh 'éigse an
ghrinn.”



35 — “Geobhaidh me siar fé'n iarrthar.”



36 — “Ó mhuise a bhfeicfeadh sibh
Conchubhairín a phíobhaire.”



37 — “A chailín donn deas an chnótadh
bháin.”



38 — “Rachadsa chughatsa chughatsa.”



39 — “I gCarraig an Éide glégeal
aoibhinn



Ag taisdeal do bhíossa lá sa
bhfóghmhar.”



(Abhrán le Eoghan Ruadh é seo).



40 — “Croth do chos, corraig í is téanam
ag rinnce.



41 — “Tair-se chugham a Nóra
Bhéarfad ór duit is airgead.”



42 — “Bulla bulla báisín”



(Abhrán le Séafra ó Donnchadha).



Bhéarfam duais do'n té dhéanfaidh an
soláthar is feárr de'n méid bhéarsaí atá
le fághail díobh so is de'n liost eile a
bhí i “Lóchrann” an Mheithimh agus de'n
cheann bhí i “Lóchrann” na Lúghnasa.



Fear “An Lóchrainn.”



CIONNUS PRÁTAÍ D'ITHE.



I n-aimsir an droch-shaoghail do bhí athair
& mac ag obair ag feirmeóir i dteannta
chéile. Tar éis gabhála amach óna ndinnéar
dóibh do ghlaoidh an mac chun cogair ar a
athair agus dubhairt:



“Níor itheas-sa leath mo dhóthana.”
“Ca' na thaobh?” ars' an t-athair.
“Mar do bhí náire orm fanamhaint
'nbhúr ndiaidh go léir ag ithe.”



“Cionnus a dh'itheann tú i n-ao' chor?”
ars an t-athair.



“Cionnus íosfainn,” ars an mac, “acht
mar íosfadh aoinne, práta do lomadh &
é d'ithe, agus mar sin de.”



“T'anam ó'n riabhach, a amadáin!” ars
an t-athair, “is beag an t-iongnadh ocras
do bheith ort má's mar sin do dhinis é.
Acht éist liom agus inneósad dhuit an
tslighe cheart. Bí ag ithe práta, ag lomadh
práta, bíodh dhá phráta eile i gcúl do
dhuirn agat, & do dhá shúil ag féachaint
ar dhá phráta ar an mbórd agus bíodh
geall ná beidh aon ocras ort as so
amach.”



SALANN AN DAINGIN.



Tamall maith ó shoin anois, bhí fear
na chómhnuidhe i mbaile beag i dtaobh
thiar den Daingean. Seán Ua Laoghaire
b'ainm dó. Feirmeóir b'eadh é, ach níor
chuir sé puinn duaigh ar féin riamh mar
gheall ar ghnóthaí na firme a bhí aige.
Bhí sé ró leisgéamhail chun an talamh
do threabhadh, ná chun aon nídh a chur ná
a bhaint. Acht bhí mac aige, buachaill óg,
ciallmhar, agus sin é a dhein gach aon
nídh a bhí le deanamh timcheall an tighe.
Ansan gan dabhat ní raibh a bhac ar
Sheán pé nídh ba mhaith leis a dhéanamh.
Agus do dhein. Ó mhaidin go h-oidhche,
ní dheineadh sé aon nídh ach a chuid bídh
a dh'ithe — agus níor ghádh glaodhach air
chuige leis.



'Seadh aon mhaidin bhreágh amháin d'éirig
sé a mach chun gal a bheith aige, ach ní
raibh a thuille tobac aige. Bhuail sé
amach féachaint an mbuailfeadh aoinne
leis go mbeadh aon dlús tobac aige.
D'iompuigh sé isteach i bpáirc & shiubhluigh
sé go dtí an taobh eile. Agus é ag
cuardach a phócaí féachaint an mbuail-
feadh aon bhlúire tobac i n-aon phóca
leis. Díreach nuair a tháinig sé go dtí
an claidhe ar an dtaobh eile, fuair sé
cáithnín tobac i gcúinne póca a bheste.
Shocruigh sé é féin go deas cois an
chlaidhe, chuir sé an tobac sa phíop, agus
níorbh' fhada go raibh sé ar siubhal aige
agus é ar a shástacht.



D'fhan sé mar seo ar feadh tamaill
mhaith agus níorbh' fhada go raibh suan ag
teacht air. Bhí sé ag ól leis go breágh
agus a shúile leath-dhúnta aige. Chualaidh
sé glór beag mar bheadh ag cloch ag
corruighe tamall uaidh síos. D'iompuigh
sé a cheann agus cad a chífeadh sé
chuige aníos ach firín beag timcheall le
sé órdlacha ar aoirde agus é nách mór
múchta sa raithnigh. Bhí caipín beag
dearg ar a cheann, bríste glún air &
casóigín uaithne. Bhí bróga beaga ar a
chosaibh agus iad ceangailte le búclaí
airgid. Bhí a aghaidh chómh críona, chómh
casta agus dá mbeadh sé ar an saoghal
le céad bliadhan. Níor leig Seán air
go bhfeaca sé é.



Bhí an firín ag déanamh aníos air
agus leig Seán air a bheith 'na chodladh.
Chonnaic an laprochán é agus stad sé
& dubhairt sé leis féin: “Mo ghraidhin
tu, a Sheáin, is breágh an saoghal atá
agat id' shuidhe annsan duit féin agus
do ghal tabac agat, rud ná fuil agam-
sa. N' fheadar,” ar seisean, “an mbeadh
aon cháithnín tobac aige. Ní dócha go
bhfuil. Ní bhíonn aon nídh ró-fhlúirseach
ag muintir Laoghaire.” Chuir sé a lámh
i bpóca le Seán ach ní raibh aon nídh
ann. Chuir sé a lámh i bpóca eile; ní
raibh aon nídh annsan ach oiread.



“Tá eagla orm go mbead gan
tobac,” ar seisean, agus chuir sé a
lámh i bpóca eile. Má chuir, níor thair-
ring, mar rug Seán greim air. Tá'n
tú agam anois, a bhuachaill,” ar seisean.



“Ó! Scaoil liom, bog díom!” arsan
laprachán. “Níor dheineas aon nídh riamh



Aonrud mar LEACHT AR UAIGH nó
ALTHÓIR don TEAMPALL



San Aolchloch nó sa' Mharmar,
déanfaidh



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG
Ar Fheabhas é. Scriobh chuige.



LUCHT DAITHTE TIGHE nó TEAMPAILL
Tá raidhse páipéir againn i gcóir
fallaí, agus é go saor.



D. & A. Ó NÉILL, 21 Sráid an Acadaimh, Corcaigh
(Níl aon tig eile againn-ne).




SLIGHE BHEATHA
MHAITH DOD' MHAC!



Cuir chúgham-sa é
agus múinfead dó
conas bheith in a



SHEOLAIDHE
SCÉALA-GAN-
SRAÍNNG



Fé cheann ráithe nó
leathbhliana.



Scríobh ar lorg an réimleabhráin.



TOMÁS Ó SÚILEABHÁIN
(Ó Uibh Ráthach)



“SCHOOL OF WIRELESS
TELEGRAPHY,”
CORCAIG.



Ó SCANNLÁIN is a Chlann Mhac,
Lucht Urudhais ar thighthe is ar thalamh.
Reiceadóirí agus Fir-inid do lucht fearainn.



Seomraí Ceanta ag 16 & 17 Sráid Chook,
CORCAIGH.



Gaedhil is eadh sinn-ne, is ní náir linn é.



Geobhair deaghmhargadh
uainn-ne i gcomhnaidhe.



TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol-
faimídne an postas ar cheithre púint de.



PLÚR Gaedhlach.
MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min
bhuidhe.
SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas.



SEÁN & TOMÁS MAC CURTÁIN,
Sráid a' tSeandúna & Sráid Thomáis Dáibhios,
CORCAIGH.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht Comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar Chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 6


Táid so 'á ndéanamh againn-ne —
ÉIDE SAGART,
ÁTHRAIGHE ALTHÓRA
mar chailísí, miasa, &c.



CROISEANA
den déanamh CEILTEACH in ór nó
airgead geal, agus



PAIDRÍNÍ.



LIAM MAC AODHGÁIN & A CHL.-MHAC
Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



An Déantúsán ag 6 Sráid Mhaylor.



Sinn-ne a dhein
SNAOIS CHORCAIGHE



ar dtúis agus atá 'á déanamh
i gcómhnaidhe.



TOBAC CÚMHRA
an dá shórt so —



“Exhibition Roll” agus
“Shandon Plug.”



Má theastuighean uait aon tobac nó
saigréidí do chur chun aonne atá sa
chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó
cháin, ach leath phúnt, ar a luighead,
bheit sa' bheairtín idir thobac is saigréidí.



LAMBKIN BROS.,
9 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



Aon rud i bhfuirm Éadaigh do Fhearaibh
tá ag
SÉAMUS Ó h-AODHA,
10 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.



Ceannuigh
STALC SILVERSPRING
agus
“GORM” SILVERSPRING.
I nGleann Maighir, i gCorcaigh,
a deintear.



TROSCÁN TIGHE AGUS
GACH CÓIR LEABTHAN!



Tá flúirse de sna h-Earraí a
deintear in Éirinn le fághail
uaim-se ar an bpinginn is lúgha.



M. Ó RIAIN, Siopa Oluir,
36, 37 Sráid an Rí, CORCAIGH.



leat ná le haoinne a bhain leat. Bhi
do mhuintir ar na daoine ab fhearr le
fagháil, agus tá tú féin ar an gceann
is feárr aca.”



“Cuir uait do chuid cainnte. Ní mar
sin a dubhraís ó chianaibh é,” arsa Seán.
Ní imtheachair uaim go dtabharfair cuid
de'n ór atá agat dom.” “Ó! a Sheáin,
níl ór ná airgead agam-sa le tabhairt
duit. Rugadh cheana orm an lá eile
agus b'éigean dom a raibh d'ór agam
a thabhairt uaim.” “Cad a thabharfair
dom mar sin?” arsa Seán.



“Tá bosca beag draoidheachta agam,”
arsan laprachán. “Gheibhimíd ceann gach
aon deich mbliadhna a's dachad ó'n righ
má ritheann linn gan breith orainn agus
gan aon chuid de'n ór a bheith imthighthe
uainn. Deineann cuid aca ór a dhéanamh,
agus deineann a thuille aca cruinneacht
a dhéanamh agus mar sin. Tá ceann
agam-sa a dheineann salann & tabharfad
duit é má bhíonn tú annso ar maidin
imbáireach.”



Scaoil Seán chun siubhail annsan é &
d'imthigh sé air abhaile. Bí sé amuigh
go moch ar mhaidin a bhí chughainn, agus
shuidh sé san áit chéadna go raibh sé
an mhaidin roimhe sin. Níorbh fhada go
bhfeaca sé an laprachán ag teacht chuige
agus rud éigin fé n-a oscail aige.



“Seo dhuit an bosca anois, a Sheáin,”
ar seisean. “Agus mar seo cuirtear
ar siúbhal é,” arsan firín, “Cas an roth
beag so agus abair na focail seo:



‘A bhosca draoidheachta tabhair uait
do shaidhbhreas,
Mar órduig an rígh agus cuir do
thoil leis’;
Annsan oibreochaidh sé dhuit gur maith
leat é a stop. Annsan cas an roth
mar seo agus abair na focail seo:



‘A bhosca draoidheachta stad go
fóilidh
Sé toil an rígh é, agus is é a
dh'órduigh’
agus annsan stopfaidh sé.”



Thug Seán an bosca leis abhaile agus
níorbh fhada gur chuir sé an roth agus
dubhairt sé na focail, agus d'oibrigh an
bosca go h-áluinn. Dhein sé an salann
agus salann breágh glan do b'eadh é.



As san amach níor dhein Seán ná a
mhac aon lá oibre ar an bhfeirm. Dhíol
sé í, agus thóg sé muileann, agus chuir
sé an bosca draoidheachta ag obair.
Níorbh fhada go raibh lán áthraigh de
shalann déanta aige. Cheannuigh Sasanach
an salann agus chuir sé áthrach ag triall
air. Thóg sí an salann léithe & d'innis
an captaon do gach aoinne a bhuail
leis go raibh salann breágh dhá dhíol
sa Daingean, & é chómh saor san gurbh'
fhéidir saidhbhreas a dhéanamh 'á cheannach
agus 'á dhíol arís.



Nuair a chualaidh muintir Shasana agus
na dtíortha amuigh an sgeul chromadar
go léir ar a bheith ag cur fios ar
shalann go dtí Seán. Bhí an boiscín ag
obair i gcomhnuidhe ag déanamh salainn
agus bhí a lán daoine ag obair de ló
's 'oidhche sa mhuileann ag taoscadh an
tsalainn & 'á chur isteach i málaí. Bhí
Cuan an Daingin lán des gach aon
tsaghas áthraí ó's gach aon chúinne de'n
domhan agus gach aoinne & a theanga
féin aige 'á labhairt agus gliseám na
máirnéalach ar siubhal gac lá is gach
oidhche. Bhí capaill agus cartacha ag
oibriughudh ag tarrac salainn síos ar
an gcaladh go dtí na h-áthraí.



Bhí ag éirighe go breágh le Seán. Bhí
na céadta púnt ag teacht isteach chuige
gach aon tseachtmhain. Bhí caisleán tógtha
aige, agus bhí sé féin agus a bhean agus
a chlann 'na gcómhnuidhe ann. Do bheidís
sásta mara mbeadh aon nídh amháin. Ní
fhuair Seán aon tsuaimhneas ó chuir sé
an muileann ar siubhal, mar bhí éad ar
na comharsain go léir leis. Ní rabhadar
sásta in aon chor, agus dubhradar gur
bh'é an éagóir an bosca a dh'fhágaint
ag Seán. Chuaidh cuid aca chun cainnte
leis & dubhradar leis go raibh an bosca
fada a dhóithin anois aige & é a thabhairt
do dhuine éigint eile ar feadh tamaill.
Dubhairt Seán leo mar olc ortha, go
gcoinneochadh sé é go bhfaghadh sé bás,
agus annsan go gcuirfidhe in éinfheacht
leis é. Chuadar abhaile annsan agus
dubhradar muna bhfaghaidís uaidh é, go
mbeadh sé aca gan a chead. Thugadar
fé dul isteach sa mhuileann agus é do
thógaint leo, ach thárluigh go raibh Seán
féin istigh rómpa agus maide draighin
aige, agus madra mór & sgaimh dainn-
séarach air le n-a chois agus ba mhó go
mór an deabhadh amach a bhí ar na comh-
arsain ná mar a bhí isteach ortha agus
fuaireadar a leithéid sin de cleithireáil
nár bhacadar arís leis an muileann.



Bhíodh na daoine a bhí ag obair sa
mhuileann ag lorg árdú páigh go minic
agus gheibidís é. Ach dá mhéid a bhí aca
sé is mó a bhí uatha. Chuireadhar isteach
ar árdú eile. Ní bhfaighidís é. Ansan
chuireadar suas de n-a thuille oibre a
dhéanamh. Ní bhfaigheadh Seán aoinne a
dh'oibreochadh sa mhuileann dó, ná capaill
chun an salann a thabhairt go dtí na
h-áthraí. Do b'éigean do an bosca a
stop mar bhí an muileann lán de
shalann. Do dhún sé an muileann ar
fad.



Annsan táirrig sé do chaptaon luinge
ó Shasana an bosca a dhíol leis.



“Cad a bheadh uait air?” arsan
captaon.



“Miliún púnt,” arsa Seán.



Thug sé dhó é.



Annsan do thaispeáin Seán do connus
an bosca a chur ar siubhal agus a stop.
Thóg an Sasanach an bosca draoidheachta
leis annsan, & chomh luath & chuir sé a
cheann taobh amuigh de dhoras Sheáin bhí a
raibh de dhaoine díomhaoine sa Daingean
na dhiaidh chun an bosca do bhaint de,
agus muna mbeadh gur Sasanach é, &
rith maith aige bhí an bosca bainte dhe
aca. Bhí sé ró mhaith ins na cosaibh
dóibh. Níorbh fhada go raibh sé ar
bhórd an áthraigh. Ní raibh leath a
chuid máirnéalach aige ach ba chuma


L. 7


leis. Bhí déanamh a ghnótha aige dhíobh.
Thug sé órdú na seolta dh'árdú agus
cur chun fairrge. Bhí cóir aige, agus
eagla air go mbeadh an tóir na dhiaidh.
Ní raibh na máirnéalaigh a bhí aige ró-
shásta a bheith ag imtheacht ó'n Daingean
chómh tapaidh san. Níor dhein an cap-
taon ach balcuire pórtair oscailt dóibh
agus leigint dóibh a ndóthain d'ól.
Luigheadar leis Níorbh' fhada go raibh
dath an fhuachta imthighthe dhíobh.



Thóg an captaon an bosca draoidh-
eachta & dubhairt sé na focail & chuir sé
ar siubhal é. D'oibrigh sé go h-álainn
agus níorbh' fhada go raibh cnocáinín
salainn le h-ais leis. Bhí an cnocáinín
ag méadughadh agus ag méadughadh i
gcomhnuidhe go raibh cnocáinín maith ann
sa deire. Tháinig cuid des na máir-
néalaigh ag féachaint air — oiread aca
agus a bhí ábalta ar fhéachaint ar aon
nídh gan dá rud fheiscint in ionad
aon cheann amháin tar éis an méid a
bhí ólta aca. Bhí iongantas a gcroidhe
ortha nuair a chonacadar an salann ag
tuitim as an mbosca, & cnocán mór
salainn shíos i dtóin an áthraigh. Bhí
cuid aca ghá rádh nár shalann in aon
chor é. Bhí duine aca agus a dhóthain
— & ádhbhairín níos mó — ólta aige ghá
rádh nár shalann é, & a fhiarfruighe des
na fearaibh eile an bhfeacadar salann
riamh roimhe sin, & muna mbeadh gur
amadáin iad go mbeadh a fios aca
nách salann a bhí ann. Níor thaithnigh le
duine aca amadán 'á thabhairt air féin
agus dubhairt sé leis an bhfear eile
gurbh' fhearra dho a shuaimhneas a cheapadh.
Dubhairt an fear eile gurbh' é sin an
t-amadán ba mhó ortha. Níor dhein seis-
ean ach breith ar chúl a chinn air agus
a cheann a sháthadh sa chnocán salainn, &
é fhágaint ann. Do scairt a raibh láith-
reach. D'éirigh an máirnéalach na shuidhe
ar an salann, & é ag cimilt salainn
as a shúile agus as a bhéul agus as
a shróin.



“Seadh, anois, an salann é?” arsan
fear a chaith isteach é, ach níor thug an
fear eile aon fhreagra air. Ní dubhairt
sé a thuille ach d'éirigh sé 'na sheasamh &
d'imthigh sé síos san chábán agus níorbh'
fhada go raibh sé féin agus an soitheach
ana mhuinteardha le na chéile arís. Bhí
an bosca ag obair i gcomhnuidhe agus
an salann ag árdú san áthrach agus an
captaon ag féuchaint air & é go lán
tsásta.



“Is maith an rud dómh-sa go raibh an
iomad teaspaigh ar mhuintir an Daingin,”
ar seisean, agus annsan d'imthigh sé &
chuaidh sé ar meisce sa chábán & d'fhág
sé an bosca ag obair.



Seadh, níorbh' fhada go raibh an t-áthrach
lán a dóthain. Do ghlaoidh an máta ar
an gcaptaon agus dubhairt sé leis go
raibh sé in-am an bosca a stop. Bhí
sé ag glaodhach air ar feadh tamaill
mhaith sar ar dhúisigh an captaon mar bhí
mearathal na dighe air. D'éirigh sé agus
chuaidh sé suas ar bórd. Bhí an t-áthrach
síos go dtí n-a faobhar & an bosca ar
a dhícheall ag déanamh salainn. Bhailigh
na máirnéalaigh timcheall air agus an
méid aca ná raibh ar stealladh na
ngrást le meisce bhí scannradh ortha.
Bhí an captaon ag iarraidh cuimhneamh
ar na focail chun an bosca do stop
ach leis an meisce a bhí air d'imthigh
na focail as a chuimhne, & toisg gur
Sasanach é féin agus gan tuiscint ar
Ghaeluinn aige labhair sé as Béarla leis,
ach níor thuig an bosca an Béarla.
Thriail sé na téarmaí Gealuinne a bhí
aige leis — “Dí-smura-gut,” ar seisean;
“Hanaman - díl,” ar seisean; “Trum
póg,” ar seisean, ach níor stad an
bosca. Bhí an t-áthrach ag dul síos i
gcomhnuidhe agus níorbh' fhada gur bhris
tonn mhór os a cionn.



‘Caith an bosca i bhfairrge,” arsa
duine.



Tug cuid de sna máirnéalaigh iarracht
ar an mbosca a chaitheamh amach ach thair-
ring an captaon a ghuna beag chuige,
& do choinnibh uaidh amach iad. Bhí na
máirnéalaigh ag malachtú ar an gcap-
taon agus ar a chéile agus bhí “liútar
aotar” aca agus an bosca ag oibriú
leis gan stad ná staonadh gur tháinig
tonn mhór eile. Leis an ualach a bhí
uirthí bhris plannc mór i gcliathán an
áthraigh. Rith an t-uisge isteach sa
tsalann & níorbh' fhada go raibh sáile
istigh & amuigh aca. D'imthigh an fear
a thuit sa tsalann síos sa chabán agus
thug sé leis aníos boidéal. Thóg sé
deoch bhreágh agus chuir an boidéal fén'
oscail díreach agus an t-áthrac ag dul
fé chois & na máirnéalaigh ag malachtú
ar an gcaptaon & é sin & greim ar
an mbosca draoidheachta aige agus ar
a ghuna. D'imthigh an t-áthrach fé chois —
máirnéalaigh, captaon, bosca, salann 's
uile, agus ní fheachaigh aoinne duine aca
ó shoin riamh beo ná marbh. D'imthigh
an bosca draoidheachta síos, agus é ag
déanamh salainn & gan aoinne chun é a
stop, agus tá sé ag déanamh salainn
shíos ó shoin; agus sin é atá ag dul
tríd an uisge agus á dhéanamh guirt.



Sin é mo sgéul-sa & má tá bréag
ann bíodh.



Séamus Ua Caomháin, Rinn Bheag,
Daingean Uí Chúise.



SLIOCHT NA h-ABHANN.



Bhí treabhachas de mhuinntir Shúileabháin
na gcomhnaidhe i n-aice Locha Luigheach i
n-Uibh Ráthach. Ba leo toradh na h-abhann
go nglaodhtar An Chumarach uirthi — sé sin
le rádh gur leo pé iasc a bhíodh innti.
Bhí leas-ainm ortha dá bhrigh sin — tugtaí
“Sliocht na Cumaraighe” nó “Sliocht na
h-Abhann” ortha. Do phós an t-oighre óg
bean uasal de mhuinntir Shéaghdha. Tháinig
sí abhaile i gcionn mí agus thug sí gior-
racht éigin cainnte do mháthair a céile —
— d'fhiafruigh sí dhi ar de “Shliocht na
h-Abhann” í. Do labhair an bhean eile —



“Is annamh sliocht ar abhainn,” ar sise,
“Mara mbeadh breach nó bradán ann,
Nuair a bhí mo shliocht-sa ann
Do bhí do shliocht-sa go fann,
Ní raibh aca cnoc ná gleann
Ná iomad éisc ar abhainn.”



FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH.



Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn



H. JOHNSTON,
TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE”
Teo.,
Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



Píanó Ceart Gaedhlach ar £32!
Tá pianacha 'á n-déanamh in Éirinn
anois, ag
Pigott & Co. Ltd., Luimneacb, Ath Cliath
is CORCAIGH.



GUAILNEÁN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na humaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.
“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces”
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaidh dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Port an Phápa, CORCAIGH.



CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM!



MARGAIRÍN
“LEANDAR”



Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH
ag
Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA
Agus a gCualucht.



Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil.



I n-Éirinn a Deintear
“BRÓGA na LAOÍ.”
Táid le fághail i ngach sráid bhaile.



A Ghaedheala! Ceannuighidh
“ÉADACH na DRUIPSIGHE”



Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.



Muileann Éadaig na Druipsighe (teo.)
Co. Chorcaighe.



COSA BUIDHE ÁRDA
Do'n Aos Óg.



Ó MO LEANBH É.


L. 8


COSA BUIDHE ÁRDA



DO'N AOS ÓG.



Ó MO LEANBH É.



Raghaidh, raghaidh, raghaidh, gan amhras,
Raghaidh, mo leanbh, ar aonach na Samhna;
Raghaidh, raghaidh, raghaidh, mo ghamhain-se,
Raghaidh, raghaidh, 's is maith an fear ann é.



Luinneóg:



Ó, mo leanbh é! Ó, mo laogh é!
Ó, mo leanbh é ag banairthle ghléigeal.



II.



Raghaidh, raghaidh, raghaidh go direach
Raghaidh, mo leanbh, ar aonach Neidíneach
Ceannaghaidh mé capall is ceannóghaidh me
caora
Is ceannóghadh mé turann chun olna do
shníomh do.



Ó, mo leanbh é! &rl.



III.



Raghaidh Dairbhre is raghaidh sé go
Dínis,
Is raghaidh ar'on Scairbh ag lorg coiníní,
Tiocfaidh sé a bhaile is a bhád aige dinncthe,
Tiocfaidh is tiocfaidh is tiocfaidh mo
bhuidheanach.



Ó, mo leanbh é! &rl.



IV.



Is maith a gnó seachtmhain' 'gus is maith
an gnó ráithe,
Is maith a gnó seachtmhain' a chaitheamh
anáirde;



Togha na bhfear óg é is togha na bhfear
críona,
Togha na bhfear óg é pósta is sgaoilte.



Ó, mo leanbh é! &rl.



V.



Is minic do dheineas 's is minic do dheárnas
'S is minic do chaitheas mo leanbh anáirde
Sé mo leanbh é! sé gan domhat é!
Sé mo leanbh é! sé gan amhras!



Ó, mo leanbh é! &rl.



VI.



D'obair go n-ithfeadh is d'óbair go ndéan-
fadh
Is dóbair go n-íosfadh an rón ar an
gcaol é
Sé mo leanbh é! sé gan domhat é!
Sé mo leanbh é! sé gan amhras!



Ó, mo leanbh é! &rl.



VII.



Caith amach, caith amach, caith amach theighdí,
Caith amach capaillín Dómhnaill na Caidhpe,
Cuir-se an crúdh is cuirfead an táirnge
Is beimíd i gCorcaig ar maidin amáireach.



Ó, mo leanbh é! &rl.



VIII.



Ceannóchaidh me capall is ceannóchaidh me
srian do
Téigheadh sé ar an margadh & tugadh leis
iallait,
Ceannóchaidh me gunna dho is ceannóchaidh
me claidheamh do
Is cuirfead isteach i ngárda an ríogh é.



Ó, mo leanbh é! &rl.



Eibhlís Ní Shéaghdha, Cathair Sabháin, in
Íbh Ráthach, do sholáthruigh an chuid
is mó dhe seo.



CÉ CHUIRFIDH TÚ LIOM.



Bhí na focail i “Lóchrann” na
Bealtaine.



RAITHINEACH A BHEAN BHEAG.



Bhí na focail i “Lóchrann” an Mheitheimh.



BEIDH RÍL AGAINN.



Bhí na focail i “Lóchrann” an Mheithimh.



FÓGRAÍ Ó BHAILE ÁTHA CHLIATH, &rl.



Más Múinteoir tú, ná bí ad varú fén agus a marú na
leany a diaruig na Gäluingi vúini ghóiv lesh na sheana
letireacha agus lesh an sheana letiriú. Buín triàil as
an letiriú shimplí, agus beg tora er do hähar.



An Cuman um Letriú Shimplí,
Tigósda Minerva, Bleáclieh.



A Ghaedheala! Ceannuighidh róthar Gaedhealach .i.



“AN LÚCÁNIA”
(de dhéantús na hÉireann)
ó
Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.



TÁILLIÚREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!



Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i n-Éirinn.



Ó GLASÁIN IS A CHUA.,
11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH.



Tá árd-teist ar
MHUINTIR HILLIARD (teo.)
CÍLL ÁIRNE,



De bhárr an chuma in a gcabhruighid
le déantúisí na hÉireann. Ní gádh
earraí thar lear do cheannach, agus



SEOGH EARRAÍ
GAEDHEALACHA



Le fághail in a dtigh sin. An siopa
éadaigh is mó agus is fearr
i gCiarraidhe.



Tig a 6 & 7 sa' tSráid Mhóir,
CÍLL ÁIRNE.



Múinteóir: “Cad é an Ghramadach Ghaedhilge
is fearr?”



Fear an Eólais: “Ní deacair an cheist sin
d'fhreagairt; is é



CEACHTA
CAINNTE
GRAMADAIGHE



Is binne Gaedhealg
Is cirte Gramadach
Is usa Múineadh



d'á bhfuil de Ghramadachaibh Ghaedhilge
againn i ndiu.”



Molaid na h-ughdair é; molaid na páipéir é;
molaid na múinteóirí é; agus
molaid na scoláirí féin é.



LEATH-CHORÓINN A FHIACHA.



MUINNTIR GHUILL & A MAC,
50 Sráid Uach. Uí Chonaill, ÁTH CLIATH.



FOCAL SA' CHÚIRT.



Nuair a bheir ag scrí chun lucht siopa nó ag
caint leo, cuir in-iúl dóibh, le d'thoil, gur
sa “Lóchrann,” a chonnaicís an fógra aca.



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk























19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services