Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lughnasa, 1916
Title
Lughnasa, 1916
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1916
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Lóchrann PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh a 5. LUGHNASA 1916. PINGINN A FHIACHA. AN MADARUADH & AN CHRUTHÓG LIATH. Sa tsean-aimsir bhí madaruadh agus cruthóg liath 'na gcomhnaidhe i n-aon choill amháin. Bhíodar ana-mhuinnteardha le n-a chéile & théigheadh an bheirt aca i dteannta 'chéile is gach aon áit agus do roinnidís le chéile pé rud a mharbhuighidís. Ar an tsligh sin bhí saoghal breagh acu araon mar bhí ceann aca chómh maith leis an tarna duine chun rud a sholáthar. Nuair a raghadh an madaruadh ag goid aon nídh bheadh an chruth- óg liath anáirde ar chrann ag faire dhó, agus nuair a chífeadh sé an duine ag teacht scaoilfeadh sé “gráig” as agus chuirfeadh an madaruadh an talamh de go tapaidh. Aon lá amháin dúbhairt an madaruadh leis an gcruthóig go raibh leisce air féin agus go mbeadh sé ana-bhuidheach di ach dul agus greim éigin le n-ithe a sholáthar do. D'imthigh sí agus ní fada bhí sí imthighthe nuair tháinig sí arís agus dubhairt sí leis teacht léi tamaillín beag. Do stadadar cois chlaidhe bóthair agus chonncadar gearrchaille chúcha agus beiste ime ar a ceann aici ag dul ar an margadh 'á dhíol. Do phreab an chruthóg liath amach ar an mbóthar roimpi agus leig sí uirthi go raibh a cos briste. Nuair a chonnaic an ghearrchaille í chuir sí an beiste ar an gclaidhe agus siúd i ndiaidh an éin í. Bhí an chruthóg liath ag imtheacht ar “cosa- bacóid” roimpi amach agus a dhá sciathán ar leathadh aici agus cheap an ghearrchaille go raibh greim aici uirthi gach aon nóimeat. An fhaid a bhí san ar siubhal bhí an mada- ruadh ag ithe an ime ar a shuaimhneas agus é ag baint sásamh a chroidhe as 'á scaoileadh siar 'n-a scórnaigh. Bhí an ghearrchaille ag leanamhaint ar an gcruthóig agus bhí sí sin ag iúnfhairt léi cúpla slat roimpi amach. Chuireadar píosa maith bóthair díobh sa tsligh sin go dtí go raibh lán a bhuilg d'im ithte ag an madaruadh agus gur chuaidh sé i ndiaidh na beirte bhí imthighthe an bóthar. Nuair a chonnaic an chruthóg é sin d'éirigh sí sa spéir agus d'fhág sí an ghearrchaille bocht ag féachaint beal-oscailte n-a diaidh. D'fhill an chruthóg ar an mbeiste agus an rud nár ith an madaruadh d'ith sise é. Annsan nuair a bhí a mbolg lán aca chuimh- nigheadar ar spórt éigin a chur ar siúbhal chun an lá a chaitheamh. Bhí fir ag baint phrátaí agus bhíodar ag obair leó nuair a thúirlig an chrúthóg ar cheann duine aca. Chonnaic duine eile í agus thug sé fúithe le práta agus bain sé an hata de'n iarracht san de'n duine go raibh an chruthóg air. “B'fhearra dhuit cur uait,” arsa fear a' hata. Níor thóg an fear eile aon cheann do mar bhí sé ag faire ar an gcruthóig ag teacht anuas ar an bhfear céadna arís. Ní raibh sí ar a cheann i gceart nuair a thóg sé práta eile agus bhuail sé an fear céadna i gcúl an chinn leis. “Dubhart leat stad agus ní dhéanfá,” arsan fear a buaileadh ag tabhairt fé'n bhfear a chaith an práta agus 'á leagadh. Seo chúcha na fearaibh eile agus bhuail gach aoinne aca dorn ar son a dhuine féin gan a fhiafraighe cad é cúis na troda i sligh is go raibh sé 'n-a bhrúscar eatortha. Sar ar stadadar bhíodar tinn go maith agus an madaruadh agus an chruthóg ag briseadh a gcroidhe le h-áthas. Níor sheasaimh an biadh maith san dóibh i gcómhnaidhe. Bhídís ar chaol-chuid go minic. Insan am san bhí nead ag an gcruthóig agus a lán gearrcach aici. Aon lá amháin bhí ocras ar an madaruadh agus tháinig dúil aige 'sna gearrcaigh agus d'ith sé iad nuair a bhí an mháthair amuich. Nuair a tháinig sí ní raibh aon ghearrcach roimpi, agus bhí fhios aici go maith cad d'imthig ortha. Níor leig sí aon nídh uirthi os comhair an mhadaruaidh ach dubhairt sí léi féin go mbeadh sásamh aici as lá éigin. Bhí fear i n-aice na h-áite go raibh cú aige agus mheas sí dá mb' fhéidir léi an mada- ruadh a thabhairt léi go dtí an tig sin go marbhochadh an chú é. Dúbhairt sí leis lá go raibh scata breagh de ghéanna reamhra a bhí lán d'fheoil agus de bhlonaig aige n-a leith- éid seo (fear na con), agus dá dtéigheadh sé 'á bhfuadach go raghadh sí féin anáirde ar chrann ag faire dho. Bhí an madaruadh sásta agus chuadar araon fé dhéin an tighe. Bhí na géanna istig i mbothán ná raibh ach leathdoras air. Nuair a chuaidh an mada- ruadh isteach chúcha d'imthig an chrothóg liath agus bhuail sí a gob ar fhuinneoig tighe an fhir agus tháinig seisean amach agus an chú le n-a chois. Scaoil sé an chú mhór bhán 'n-a dhiaidh agus siúd chun siubhail leo araon agus pé áit a raghadh an madaruadh thioc- fadh an chruthóg liath os a chionn anáirde ag bualadh a sciathán agus gach aon “Bhác! Bhác!” aici chun an chú ghéarú ar an mada- ruadh bocht. Nuair a chonnaic an mada- ruadh í os a chionn anáirde dúbhairt sé léi cleas éígin a dh'imirt ar an madra, go raibh sé ag dul dian air. Ar sise: “A mhaidrín mhealltaigh, Fé mar d'ithis-se mo chlann-sa Sín do dhrom leis an gcoin mbáin.” Tar éis cúrsa mór reatha d'imthigh an madaruadh ó'n gcoin agus do shroich sé a phruais slán. Nuair a dh'imthigh an saothar de bhí se 'á chur tré n-a chéile 'n-a aigne cionnus a dhíolfadh sé an comhar leis an gcruthóig agus í mharbhú. Fé dheire chuimhnig sé ar sheift. Lá breagh gréine shín sé é féin bolg anáirde fé chrann i n-áit a raibh fhios aige go bhfeicfeadh an chruthóg é. Ní raibh sé i bhfad ann nuair thúirlig sí anuas air, agus bhí sí díreach chun an tsúil a phriocadh as nuair a rug sé ar scrugall uirthi. “Anois atánn tú 'gam!” ar seisean. “Á! ná mairbh me,” ar sise, “agus gheobhad biadh arís duit.” “Ní bhfaghair,” ar seisean, “mar déanfaidh mé biadh dhíot féin.” “Tóg suas do dhá lapa, mar sin,” ar sise “chun buidheachas a bhreith le Dia 'dtaobh me bheith le n-ithe agat.” Tóg sé suas a dhá lapa ach ní thug sé mórán buidheachais do Dhia mar bí an chruthóg liath éirighthe sa spéir sara raibh fhios aige cá raibh sé. “Á!” ar seisean, agus é ag féachaint na diaidh, “is mór mar a dheineas mo bhotún! Mo mhíle mallacht ar aoinne d'athlochadh an biadh go mbeadh sé taobh istigh de n-a chroic- eann ar dtúis aige.” Micheál Ó Siochfhradha, Baile an Ghóilín, Daingean Uí Chúise. PIAST LOCH A' CHAIRN. “Trí dabhach óir, Crann ceóil agus corn, Atá fé lic ar a n-aghaidh ó thuaidh, Idir an Sliabh agus Loch a' Chairn.” Piast do labhair an rann san lá, agus mar seo do thárla: — Buachaill do tháinig tráth a triall ar Suidhe Finn ar mhullach Chnoc a' Chairn i gCairbre. Chaith sé bliain 'na theannta. An chéad rud fuair sé le déanamh nuair a bhí an t-eolas fachta aige ó Fhionn ná dul a treabhadh & móinfhéar le h-ais an locha .i., Loch a' Chairn. Bhí droch phiast sa loch le fada, do mharbh- uigheadh na Fianna. Níorbh fhada sa mhóin- fhéar do'n bhuachaill nuair chonaic sé túng (tonn) ag éirighe i lár a' locha, agus siúd amach chuige an phiast. Níor dhein sé ach iall bhróige do tharac dá bhróig agus do chrotha, agus do dhein claidheamh di; agus bhuail an phiast agus dhein dhá leith dhi. Shnáimh sí n-a dhá cuid ar ais chun an locha, ach sul a ndeaghaidh sí fé uisge dúbhairt sí an rann san. (Siar ó thuaidh ó Ros Ó gCairbre atá Cnoc a' Chairn, agus an loch beag ag a bhun. Deireadh daoine go raibh Pádruig Naomhtha ar an gcnoc san, ach má bhí féin, bhí Fionn ann roimhe agus an phiast curtha chun siubhail ag a bhuachaill aimsire.) Lorga liath-bhán do sholáthair.
CIARRAIDHE. Tá Éadach ón mbothán agus Éadach Gaedhealach eile igcóir culaithe: SÚSAÍ, CAIPÍNÍ agus HATAÍ ag MICHEÁL Ó MUIRCHEARTAIGH, An Cheárnóg, Cíll Áirne. Má théighir go Cill Áirne, cuir fút i dTIG ÓSTA UÍ IFEARNÁIN, KENMARE PLACE. An tig is fearr le Gaedhealaibh. Ní bítear dian san éileamh ann. Tá sé igcómhgar an stásiúin ach leanamhaint ort i leith na láimhe clé. AN T-EMPÓRIUM, le M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC, CILL ÁIRNE. ÉADATHÓIRÍ MAITHE Tá le fághail uatha; Lása Gaedhealach de'n déanamh & de'n phatrún is órnáidighe amuich agus saothar lámh is eadh gach órlach de. Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt datha. Ciarsúirí de'n Línéadach Cheart Ghaedhealach is a lán saghas eile línéadaigh atá oireamhnach do ghnóthaí tighe agus i nÉirinn do deineadh. Carabhataí de'n Phoiplín Ghaedhealach ar gach dath is ar gach gné datha. Bróga is buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach (Muintir Winstanlí & Mac Gabharnaigh a dheinean.) Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr agus flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do deineadh. TIGH ÓSTA UÍ GHLASÁIN, Sráid na nÁirne, Cill Áirne. Daoine gur mian leo Aoibhneas Locha Léin d'feisint gan ró-chostas, gheobhaidh siad gach ní ar a dtoil sa Tigh Ósta so. Leabaidh, Breicfeast, Dinnéar, Té agus Freastal ar 5/- sa ló. BRÍD NÍ GHLASÁIN, Bean an Tighe. SÍOL agus LEASÚ' don bhfeirm nó don gháirdín. Áthraighe Iarainn agus Stáin. Arán, Min, Plúr, Té agus Biotáile. SEÁN Ó RIADA, An tSráid Mhór, Cill Áirne. An Mhin Choirce is fearr blas agus is mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA MÍCHEÁL Ó CAOIMH, a dheinean, i Maghchromtha. Scríobh chuige Bíd na rudaí seo ar fheabhas againn-ne — ÍM, UIBHE & SICÍNÍ. SIOPA LÓIN UÍ DHONOBHÁIN, 47 Sráid a' Phrionnsa, CORCAIGH. SEAN-FHOCAIL NA MUIMHNEACH. “An Seabhac” do bhailigh. MUCA: 1 — Is cuma nú muc duine gan seift. Ní bhíonn gliocas ar bith i muic. 2 — Má bheireann tú ar mhuic beir ar chois uirthi. .i. Ar chois tosaigh. Sin é an tslígh is fearr chun í chongbháil. 3 — Na muca ciúine itheann an mhin (nó an triosc.) Is iad na daoine ciúine is mó dheineann saothar, nó toirmeasc. 4 — Muc i sac. Rud nach ceart do dhuine a cheannach. 5 — Péarlaí i gcluasaibh muc. Níor lúgha de mhuic í ná í bheith gan aon phéarla. 6 — Dá gcuirtheá síoda buidhe ar mhuic b'é binneas a béil gnúsacht. Féach leat uimhir 5. 7 — Col an cholaigh le n-a mhucaibh féin. Deirtear san le daoinibh a thabharfadh an droch- íde ar a muínntir féin a thabharfaidís ar chách eile. Ní bhíonn col ar bith ag an gcolach le n-a mhucaibh féin. Col .i. bacadh, cosc. Col pósta .i. giorracht gaoil idir fhear is mhnaoi. 8 — Coinnsias muice i ngarrdha. .i. Coinnsias a leigeann dí réabadh agus slad agus goid a dhéanamh gan chathú. 9 — Saill bhuidhe d'á cur ar dhruim muice méithe, Nó: 10 — Ag cuimilt blonaige de dhruim (?) muice. .i. Ag cur iomarca le flúirse. 11 — Má's maith í an chráin ní beag linn banbh d'á h-ál. 12 — Bean nó muc istoidhche. Sin é uair is fearr fhéachaid. 13 — Marbhuigheann solaoidí muc. .i. Bheith ag triail saighseanna bidh uirthi. 14 — Chuirfeadh sé muc ag aisiog. Rud gráineamhail. 15 — Ní banbh gan cró é. Ní duine é gan a thigh agus a áit féin aige. 16 — Is olc an banbh oscala agat é. Deirtear san i dtaobh duine go mbeifeá i bhfad ag déanamh cineáltais agus tairbhe dho, agus annsan d'iompochadh ort. 17 — Chómh dána le muic. 18 — Gréasaidhe, úcaire is muc, An triúr is sailche amuich. 19 — Peata leinbh, peata muice nó peata sagairt. .i. na peataí is deacra shásamh. 20 — Is dána bean ná muc. 21. — Do bhuaidh an bhean ar an muic, Is do bhuaidh an mhuc ar an aonach. 22 — Nár chaithidh an mhuc a laincis! (nó laincide). Déarfaí é sin le bodach duine go mbeadh éadach síodamhail uasal air nár dhual do. GABHAIR: Ta gabhair i bhfad i n-Éirinn ach ní raibh aon mheas riamh ortha. Ní le mío-thairbhe a bhí droich-mheas ortha, óir do bhí tairbhe mór ionnta. Sé an cruth agus an déanamh a bhí ortha fé ndeara an scige a deintí fútha. 1 — Is deacair rogha a bhaint as dhá ghabhar chaocha. 2 — Nuair a théigheann an gabhar 'on teampall ní stadann go h-altóir. 3 — Is fearr marcaidheacht ar ghabhar ná coisidheacht dá fheabhas. 4 — Is maith liom do bhainne, a ghabhair bhréin, Ach ní maith liom tú féin ná do dhath. 5 — Olann a bhaint de ghabhar nó iarraidh abhrais ar phocán. .i. Rud nárbh' fhéidir a dhéanamh. 6 — Mara mbeadh agat ach pocán gabhair bí i lár an aonaigh leis. .i. Pé gnó a bheidh le déanamh agat ná bíodh náire ná támáilteacht ort 'á dhéanamh. 7 — Tá an gabhar dubh 's a h-ál ann, An madra bán 's a chlann. .i., Níl aoinne ann. Ní “ál” ná “clann” a bhíonn ag gabhar ná ag madra. 8 — Táiliúir, píobaire is gabhar, An triúr is aeraighe ar domhan. 9 — I n-adhairc ghabhair. An áit i raghadh duine le scannradh. 10 — Mar adúbhairt an gabhar bacach — “Ní fheadar ciaca is fearr luas nó moilleas.” 11 — “Mar a chéile dhíbh,” a ndubhairt an gabhar le n-a chosa. .i. A dhá chois tosaigh. 12 — Is maith iad na gabhair lá na stoirm- each. 13 — Is fearr boighreán is bainne gabhar, ná dul go tigh an domhain dá mhéid. Is fearr beagán ded' chuid féin ná dul le déirc. (Tuille le Teacht.) IRISLEABHAIR. “Guth na Bliana.” (13 Sr. an Mhuilinn, Peairt, i n-Albain; 1/3 tríd an bpost gach ráithe). Tá sé cinn de aistíbh Gaedhilge ann agus ceithre aiste i mBearla. Is maith mar a thuigeann A.M.E. cúrsaí “Ár saigh- dearan 'gus am fearann” agus is fuinn- eamhail an saghas Gaedhilge atá aige. Tá cur-síos ag an bhfear eagair ar “A' Chríosd- acht agus an Cogadh” agus ní ró-chneasda an tuairim atá aige i dtaobh crábhthacht daoine áirighthe. Is iad nithe atá 'á lorg ag an “Guth” do mhuíntir na h-Alban 'ná — an Ghaedhilg, an talamh, agus páirliméid á gcuid féin. Go raib aca! “The Scottish Review.” — An saghas céadna tuairime atá ag lucht an “Review” i dtaoibh feabhsú na h-Alban agus atá ag muíntir an “Ghutha.” Béarla ar fad atá ann, agus caint ann a chuirfeadh fear ó Chlár Luirc i ngeibheann na gcruadh-ghlas, dá n-abradh sé a leath! Ó'n oifig chéadna do'n “Scottish Review” is do'n “Ghuth” agus chómhfhiacha dhóibh. S. T.
COSA BUIDHE ÁRDA DO'N AOS ÓG. ÓRÓ IS NÁCH É SIÚD AN SEÓ! (Cúrsaí fir a dh'imthigh le tinncéaraí fad ó.) Fonn: “Ré tiúral a lé.” A bhuachaillí a chroidhe 'stigh ar chualabhair an sgéal An t-amadán mór bhí i dTeampall a tSléi' Thug suas a thig is d'fhág bean mhaith n-a dhéidh Agus d'imthigh le bacaigh i gcaitheamh a shaoghail, Agus óró is nách é siúd an seó. Geallaim-se dhíbh-se go bhfillfidh sé fós Is é go fuar dealbh 's an teasbach curtha dhó A sparáinín caithte aige bacaigh 'á ól Agus gach re rúisc acu ar Úncailín Eoghan Agus óró is nách é siúd an seó. Is dá bhfeiceadh sibh Eoghainín ag gabháil inso siar, Is é go salach aindis & ruic ar a ghiall, Bhí seál mór dearg air & maintil liath-bhán, Agus inghean a' bhacaigh ag rith i ndiaidh an amadáin — Agus óró is nách é siúd an seó! Cad é an iongnadh é dá mba le cailín deas donn, Nó le bean a bheadh tugtha do phléisiúr is greann, Ach ag imtheacht le léibis go raibh súil as a ceann Ag iomchar a mhála is a chuilt ar a dhrom — Óró nách é siúd an seó! Seán ó Chonnaill, Bólus. AN BÓTHAR Ó THUAIDH. Bóthar ó thuaidh is bóthar ó thuaidh, Is bóthar ó thuaidh chun Tráighlí Bóthar ó thuaidh 's an cómhngar a dtuaidh Agus bóthar ó thuaidh chun Tráighlí. (Árduighidh inso é.) Bóthar ó thuaidh, ó thuaidh, ó thuaidh, Bóthar ó thuaidh chun Tráighlí; Bóthar ó thuaidh 's an cómhngar a dtuaidh, Agus bóthar ó thuaidh chun Tráighlí. Is maith le Nóra prátaí rósta, Is maith le Nóra ím leó Is maith le Nóra prátaí rósta, Agus bainne na ngabhar istoidhche. Bóthar ó thuaidh, ó thuaidh, ó thuaidh, &rl. Do ghearra-chos dheas, do ghearra-chos dheas, Do ghearra-chos dheas, a Nóra, Do ghearra-chos dheas ót' ghlúin go dtí t' alt Is tá an ainnir ar fad go córach. Bóthar ó thuaidh, &rl. Cá bhfuil na h-ubhla gheallais-se dhomh-sa? Tá siad i gcúinne an gháirdín; Gheóbhair do dhóthain, lán do dhá phóca Agus cúpla póg ó'n gcailín. Bóthar ó thuaidh, &rl. TAIR-SE 'BHAILE A BHÁIBÍN Ó. Tá dha ghabhar 's mionnán agam, Tá dha ghabhar 's mionnán agam, Tá dha ghabhar 's mionnán agam, 'Gus pocán ceannfhionn buidhe. Curfá: Tair-se 'bhaile a bháibín ó, Tair-se 'bhaile a bháibín ó, Tair-se 'bhaile a bháibín ó, A bháibín óg mo chroidhe! II. Tá dhá bhó san Oileán agam, Tá dhá bhó san Oileán agam, Tá dhá bhó san Oileán agam, 'Gus tarbh i dTráighlí. Tair-se 'bhaile, &rl. III. Tá dhá chirc ar sreangán agam, Tá dhá chirc ar sreangán agam, Tá dhá chirc ar sreangán agam, Is cearc le leigint síos. Tair-se 'bhaile &rl. IV. Tá dá ghé 's góislín agam, Tá dhá ghé 's góislín agam, Tá dhá ghé 's góislín agam, 'Gus ganndal mórdha groidhe. Tair-se 'bhaile, &rl. V. Tá dhá láir 's searrach agam, Tá dhá láir 's searrach agam, Tá dhá láir 's searrach agam, Agus stail ar an gCeapaigh mBuidhe. Tair-se 'bhaile, &rl. VI. Tá dhá mhuic ar salann agam, Tá dhá mhuic ar salann agam, Tá dhá mhuic ar salann agam, Agus banbh i dtóin a' tighe. Tair-se 'bhaile a *bháibín ó, &rl. “Fearann a' Tighe.” *Deirtear “a Mháirín ó” uaireannta. AN DÁ GHABHRÍN BHUIDHE. Fonn: “Heeland Laddie.” Tá dá ghabhrín bhuidhe 'gam Is minnsín bhainne, minnsín bhainne Briseann siad mo chroidhe 'nam Á dtabhairt abhaile, á dtabhairt abhaile. Níl aon árthach crúidhte agam, Ach síos am hata, síos am hata, Leigean mo hata uaidh orm — Ar fuaid a' bhaile, fuaid a' bhaile. (Árduighidh annso é.) Is duit-se atáim 'á ínnsint, A phuill an fhalla, phuill an fhalla. Duit-se táim 'á innsint, A phuill an fhalla, phuill an fhalla. (Tosnuigh arís é.) Baile Átha Cliath. GNÓTHA TUAITHE AN RÁITHÍN. Níl san oifig seo againn-ne ach Gaedhilgeóirí amháin, agus ní bheidh. Biadh, Obair Adhmaid, Leabhartha, Brait Úrláir (Cairpéidí) agus gach aon chóir feirmeorachta le fághail uainn. TUAIM GRÉINE, CONDAE AN CHLÁIR agus SRÁID ÍOCH. BHAGÓID, a 50, BAILE-ÁTHA-CHLIATH. CILL CHAOI, Condae an Chláir. Deaghbhiadh agus seomraí deasa. Cuir leitir nó srannscéala chun INGHEAN UÍ GHRÍOBHTHA 23 Bóthar na Trágha, Cill Chaoí. IS MAITH AN PÁIPÉAR do'n duine óg nó do'n duine fásta: “OUR BOYS” Páipéar ar 1d. in aghaidh gacha mí. Bíon scéal Gaedhilge ann ó scéalaidhe maith, agus sceilíní deasa a bhaineann le stair- sheanchus na hÉireann. NA BRÁITHRE CRÍOSTAMHLA atá in a bhun. Earraí Gaedhealacha do Ghaedhlaibh! Léinte. Lámhainní. Carabhata. Stocaí. “Guailneáin.” Bróga. Caipíní agus Hataí. ó Th. Ó Lochlainn. 19 Sráid na Páirliméide, Baile Átha Cliath. RÁSÚIR MHAITHE don duine bocht nó don duine saibhir; a luach ó 2/- go 10/6. RÁSÚR “COSANTA” ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-; gheobhair ceann aca san & trí lanna “Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3, tríd a' bpost. CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar 7d. tríd a' bpost. MAC CUILINN, 35 - 36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath. CRAOBH NA GAEDHEALTACHTA An t-aon Chraobh amháin ná fuil de chúram uirthi ach aire thabhairt do sna Ceanntracha Gaedhealacha. Má's duine thu a chuireann suim sa Ghaedheal- tacht, ba cheart duit bheith páirteach sa Chraoibh seo. Cuir leathchróinn ag triall ar Sparán- aidhe na Craoibhe, faithche Stiabhna 7, Baile Átha Chliath, agus beir id' bhall di go ceann bliadhna.
FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH. DO LUCHT-DRÁMAÍ-A-LÉIRIÚ. Tá gach saghas éide, peribhicí, & c., i gcóir drámaí go mór-mhór i gcóir Drámaí Gaedhealacha le fághail uainn-ne, ar iasacht. Níl 'oiread san de sna rudaí sin ag duine ar bith eile in Éirinn. PÁDRAIG Ó SÚILEABHÁIN & A CHUA., THEATRICAL OUTFITTERS 38 SRÁID MHÓR SHEOIRSE, i gCORCAIGH Tá CÓISTÍ & MÓTAIR d'á ndeanamh againn-ne. Cuirimíd gleas góma (rubair) FÉ ROTHAÍ CÓISTE gan ró-mhoill. CROS agus a CHLANN MHAC, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), CORCAIGH. A bhean a' tighe! Cad é an saghas plúir a bhíon agat? Is é an plúr “eagle,” an plúr is tuíslinnighe i gcóir an tighe; agus an plúr “lion” is fearr do lucht-aráin-a-dhíol. Muíntir Mhic 'Ille Sheathanaich a dheinean i gCorcaig. Geo. Shaw & Sons, Muileann Sain Seán, i gCorcaigh. RRDHARC DO SHÚL! Féach chuige go bhfuil i gceart. Nuair a bheir i gCorcaigh, glaodhaig isteach ar Ó MANGÁIN, 3 Sráid Phádraig N., Corcaigh. A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA, ó MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua., 2 An Mheadhon-tsráid Theas, (2 South Main Street) CORCAIGH. GHEOBHAIR LÉINE RÍ-MHAITH GHAEDHLACH (den éadach “Oxford” nó den bhflannelette) agus STOCAÍ den uile shaghas sa tsiopa so. SEÁN Ó MURCHADHA, 2 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh. Tá 200,000 Barailí Plúir da dhéanamh in aghaidh gacha bliana ag T. Ó hAileanáin & a Chl. Mhac, teo. Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann, agus Muileann Ghleanna Duileáin, Mainistir Fhearmuighe, Co. Chorcaighe. Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.” Guthán: 7 Cork; i Midleton. COLÁISDE EOGHAIN UÍ CHOMHRAIDHE, Atá i gCorca Baiscin in Iarthar Chláir. Seisiún mí an Lughnasa, 1916. Cúrsaí speisialta le h-aghaidh Sagart & Múinteoiri. Gheobhfar gach eolas ó Rúnaire an Choláisde, 2 Querin Villas, Baile na Coradh, Luimneach. AN LÓCHRANN. Páipéar don Ghaedhealtacht. Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaig …an Fear Gnótha. An Seabhac, i gCill Áirne …An Fear Eagair. Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain. Dhá choip gach mí, tríd an bpost, ar 3/- sa bhliain. Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, &c. Is chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur. Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní, &c., do chur. Ó Cuill & a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath Na Díoltóirí. Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall orainn agus cuirfimíd 12 chóip gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht an Lóchrainn. ÁR LUCHT CONGNAIMH. Ó tá “AN LÓCHRANN” ar lasadh go maith anois agus solas maith seasamhach ann, is mithid dúinn focal buidheachais a rádh leis na daoinibh a thug congnamh dúinn. D'iarramair cabhair chun an páipéar beag so a ath-chur ar bun agus fuaireamair an chabhair sin go fonnmhar agus go fial. Mara mbeadh san ní fhéadfaimís “AN LÓCHRANN” a ath-chur amach. Más tairbhe do Ghaedheal- tacht na Mumhan sinn bíodh a lán dá bhuidh- eachas ar na daoine a bhronn airgead orainn agus a thug díolaidheacht dúinn roimh ré ar bheartannaibh de'n “LÓCHRANN” le cur go dtí an Ghaedhealtacht. Guidhimíd Dia do chur ratha agus beannachta ortha. (Fear “An Lóchrainn.”) Fuaireamair bronntanas airgid ó gach duine dhíobh so: — An t-Ath. Peadar Ó Laoghaire, Canónach; “An Craoibhín Aoibhinn”; An t-Athair Math- ghamhain Ó Riain, Cnoc a' Bhile; Diarmuid Ó Cruadhlaoich, Áth Cliath; Tomás Ó Rathaile, do; Neillí Ní Bhriain, do.; Mícheál Ó Súilleabháin, do.; Pádraig Ó Dálaigh,do.; Mícheál Ó Cuil- eanáin, An Sgiobairín; Peadar Ó h-Annrach- áin, do; Máire Carsún, do; Seán Ó Gruagáin, Biorra; An t-Athair Seán Ó Loingsigh, Gleannbeithe; Séamus Ó Fianachta, Inis Córtha; Micheál Ó Conchubhair, Liospóil; Maitiú Ó Broin, Liostuathail; Pádraig Ó Corcordha, An Daingean; T. Mac Gineádha do.; M. Ó Muircheartaig, do.; Fionán Mac Coluim, An Cuireán; Máire Ní Mhainnín, Baile an Fhirtéirigh; Eibhlín Ní Shuileabháin, Neidín; Domhnall Ó Liatháin, Cill Áirne; “An Fiach Dubh”; An t-Athair Daithí Ó Duinnín, Dr.-le-D., Rath Luirc; An t-Ath Mícheál Ó Síothcháin, Dr.-le-T., Magh Nuadhat; Cluad de Cheabhasa; An t-Ath. Tomás De Bháll, Dr.-le-T., Drom Collchoille; Seoirse Mac Niocaill, M. E., Corcaigh; An t-Ath. Séamus Ó Floinn, do.; Donnchadh Ó Gealbháin, Maghalla; an t-Ath. Diarmuid Ó Cathaláin, Canónach, Beann- traighe; “Beirt Fhear,” Béal Feirsde; Piaras Mac Canna, Caiseal; An t-Ath. Seán Ó Deágha, Tuaim Gréine; Connradh na Gaedhilge, Roscré; Mac Giolla Brighde, Tighearna, Paris na Frainnce; An Breith- eamh D. Ó Cathaláin, Nua Eabhrac. Tá roinnt dosaon de'n “Lóchrann” 'á chur, mar bhronntanas, chun na Gaedhealtachta gach mí, aca so: — Micheál Ó Duibhginn, Áth Cliath; Éamonn Cuir- téis, M. E. do.; Meadhbh De Siúnta, do.; Úna, Bean Éarnáin Diosca, do.; Gustamh Hamaltúin, do.; Liam Mac Giolla Brighde, do.; Deora Frínseach, do.; Tomás Ó Murchadha,do.; Liam (S) Ó Guagain, do.; Séamus Ó Súileabháin, B. E., do.; An t-Athair M. Ó Mathúna, do.; E. C. R. Armstrong, do.; Cluad De Ceabhasa, do.; Eoghan Ó Lochráin, do; H. C. Watson, do.; An Dochtúir Donncha Ó Cobthuaig. do.; Eithne Culverwell, do.; ao t-Ath. Pléimionn, do.; Earnán Diosca, do.; Tomás Ó Raithile, do.; agus Ó Rathghaille (R.I.P.), do. An t-Athair D. Ó Cathaláin, Canónach, Beann- traighe; Seán Ó Cadhla, O.S, Cuilinn; P. Ó Murchadha, O.S., Maistir Gaoithe; An t-Athair Liam Ó h-Ualach- áin, Clanna Caoilte; Séamus Ó Cathasa, Corcaigh; An t-Athair D. Ó Cathasaigh, Tráighlí; Lorcán Mac Eochadha, Tulach Ua bhFeidhlim; An t-Athair D. Brosnacháin, Cill Áirne; Abmháthair na Conbhainte, Baile an Mhuilinn; Seán Ua Briain, Mainistir na Corann; An t- Athair Seán Ó Loingsigh, Gleann Beithe; Carl Marstrander, Cristiana, Norga; Lucht Chol- áiste na Mumhan, Corcaigh; Craob Chorcaighe, do.; Árd-Choiste Chorcaighe, do.; Caitríne Tounshend, Cuan Dor; An t-Athair Tomás de Bhál, Dr.-le-T., Dromchollachuir; R. Ó Gríobhtha, Caisleán Nua; Bean Uí Bhriain, “South Hill”; Tomás Bineid, Cill Moich- ealóg; “An Fiach Dubh, Cill Áirne; Surg.-Col. Green, Isle of Wight; An t-Athair M. Mag Craith, Bristol, Sasana; Seosamh Ó Dólain, M.E., Ath Fhirdia; An t-Ath. Pádraig Ó Néill, Magh Nuadhat; Pádraig Ó Cadhla, O.S., Co. an Chláir; An t-Athair Seán Ó Deágha, do.; An t-Ath. Pádraig Ó Cléirigh, D.-le-D., do. ALTUGHADH BHRIAIN BHACAIGH. Bacach is a bhean a fuair béile bídh i dtigh feirmeóra i gCúndae an Chláir agus d'airigheadar muintir an tighe ag althughadh. Dubhairt an bacach go raibh sé chómh maith aige féin althughadh — ar a chuma féin: — Altú' Bhriain is Mhór — Moladh go deó le Dia; Peacaí mhuíntir a' tighe seo Ar mhuíntir a' tighe seo thiar. Buidheachas le Dia ar a bhfuil ithte again Is ar a bhfuil gan ithe again, Is an t-é ar mór leis a n-uadhamar Ná raibh saoghal go Lá 'le Muire aige! Paidir ar a' dtaobh thall d'abhain Is paidir ar a dtaobh i bhfus d'abhain Is bás gan sagart do chailleacha 'n domhain! S. Ó M. d'aithris do Sh. T. Bhí duine bocht ag siúbhal an bhóthair lá agus bhuail an Sagart Parróisde leis agus thug sé raol do. “Beannacht Dé go raibh agat,” ars an duine bocht, agus d'imthigh sé air. Láithreach baíll bhuail an Sagart Óg leis agus thug sé sin sgilling do. “Mhaise beannacht Dé na n-uile chómhacht agat” ars' an duine bocht. Chualaidh an Sagart Parróisde é agus d'fhiafruig sé dhó: “Cad é an deifir atá idir ‘Beannacht Dé leat’ agus ‘Beannacht Dé na n-uile chómhacht leat.’” “Ní'l, mhaise, a Athair,” ars' an duine bocht, “acht aon raol amháin!” Chuadhas-sa lá suas an Móintín, bhaineas fóidín, bhí nead sa bhfóidín, bhí ubh san neidín, bhí éan san uibhín, bhí eirball ar an éinín chómh fada lem' mhéirín agus nách deas an sgéilín é sin. Bríghid Stac. Leabhair agus Peictiúirí cun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
SEANCHAIDHEACHT. Bárr ar fhearaibh féile fuair Eochaidh ó chách an chéud uair. Bhí fear i n-Éirinn fad ó d'ar bh'ainm Eochaidh. Thárla go raibh dall sa chomhar- sanacht & do theangmhuigheadar le chéile lá. “Tá truagh am' chroidhe dhuit, a fhir bhoicht,” arsa Eochaidh, “tú bheith gan radharc.” “Dhe mhuise,” ars an dall, “ní fhuil leigh- eas air; ní fuláir dom cur suas le toil Dé.” “Tá leigheas air,” arsa Eochaidh, “tá dhá shúil agam-sa agus gan aon tsúil agat-sa, & tiubhrad-sa dhuit-se ceann dem' shúilibh. Deunfad-sa mo gnó le h-aon tsúil amháin.” D'imthigh sé agus do bhain amach a shúil & do bhronn ar an ndall í, & as san tugadh air féin & ar a shliocht i n-a dhiaidh muintear Shúil-amháin & sin mar fuair Eochaidh barr féile ó gach n-aon an cheud uair. Sean-fhocal: “Má gheachtar foghmhar gheobhfar móin.” Gheachtar = gheibhtear. Bhí táiliúir i gCuilinn suim aimsire ó shoin & nuair airigheadh sé duine á rádh gur thug sé lá cruaidh ag obair deireadh sé: “Is fuirist aithint nár thugais lá riamh ag oibriughadh puill ná ag fuaghadh cnaipí isteach.” Do bhí beirt fhear ag doras uaimhe. Chuaidh duine aca isteach chun í fheicsint, & d'fhan an duine eile amuich ag faire. Tháinig machtíre go doras na h-uaimhe agus rug an fear amuich ar eirball air chum an fear istigh do chosaint. Do ghlaoidh an fear istigh & d'fhiafraigh: “Cad do dhoirchigh an poll.” “M'anam ó'n deabhal,” ars an fear eile, “ma scarann bun femite le ball toll, mara mbeidh a fhios agad chroidhe thall cad do dhoirchigh an poll.” Do ghoid bean banbh. Do bhí amhras ag sna constáblaithibh uirthi & thángadar fé n-a géin ag lorg an bhainbh. Nuair a chonnaic sí cúichi iad do chuir sí an banbh i mbeinn a gúna & d'árduigh ar a muin é díreach as mar bheadh a leanbh féin aici. D'fhiafruigh- eadar di an raibh a fhios aici cé ghoid an leanbh nó ar bh'ise do ghoid é. D'fhreagair sí: “An leanbh so ar mo mhuin — Gan é orm mar shliocht, Má's mé do ghoid an mhuc, Nó má thá sé agam. Seo hó, a Dhiarmaidín, Seo hó, a Chiallaigín.” Ní truagh do'n sámhach sáthach an t-ocrach riamh, an tuille bhíonn lán do thrághann go h-obann n-a dhiaidh. Ní fhágann an bás le h-áilneacht aonne n-a dhiaidh 's is anamh bhíonn grádh aige mnáibh ar ghrogaire liath. Seán Ua Cadhla. FEIS UIBH RÁTHAIGH. B'éigean an Fheis seo a chur ar ath-lá go dtí an 13adh lá de Lughnasa. Tá súil againn go n-éireochaidh léi go maith. SEAN-AMHRÁIN AR CEAL (Tuille acu.) 19 — “Ar maidin le fáinne an lae.” 20 — “Mo chapaillín bán ar séirse agam (trí uaire) ag déanamh isteach ar Chill Áirne.” Abhrán ar fhonn “An Cóisire” é seo. 21 — “Sé mo leanbh é, sé gan amhras.” 22 — “Do thuit mo mhála mine dhíom, ag gabháil tré bhaile Sheáin.” 23 — “Téanam go Dairbhre, Dairbhre, “Téanamh go Dairbhre, a Chuit.” 24 — “A Shíle Ní Ghadhra téanam ag ól.” 25 — “A dtiocfaidh tú abhaile liom, “Tríd a saoghal is tríd a bhfraoch, &rl.” CAOINE! Suim aimsire ó shoin do bhí lámhnú' pósta ann, agus do bhí an bhean mar a déarfá, dána. Do shamhluig an fear nár bh'fhearr í chothú' ná í smachtú' do réir choingil an phósta. Dá dhruim sin bhíodar síorruidhe ag gabh- áil d'adharca na neach ar a chéile, agus bhí fhios ag eisean ná raibh seise ar deagh-aigne do. Aon lá amháin cheap sé í do thriail, agus nuair ghaibh sí amach do shín sé féin siar agus do leig sé air bheith marbh, agus nuair do tháinig sise isteach do thosnuig sí ar é do chaoineadh mar a leanas: —
I. Nuair a chuadhas go dtí an tobar, A's do rugas liom mo phota, Ar mo fhilleadh ar an ndoras Do fuaras mo Sheán tar éis sclugadh. II. Mo ghrádh thú is mo thaithneamh, Is é gheibhinn-se uait-se ar maidin An ceann ba chaoile 'n bheatha An ceann ba reimhre 'n mhaide Is an taobh ba chruadha do'n leabaigh Is an ceann ba bhréine 'n chapall. III. A Sheáin a laogh sa scairt, Is geárr go ngeóbhair amach Ar ghuailne ceathrar fear Ach tá fhios ag Rígh na bhFeart Ná coinneóchad do chuimhne 'bhfad. SEÁN CLÁRACH & LIAM DALL. Clárach — “Caidé an fhaid atá'n tú dall?” Liam Dall — “Ó chúl mo chinn anall.” Clárach — “Ní h-é sin é, ach a bhfuilir i bhfad ad' dhall?” Liam — “Ó Mhullach mo chinn go bonn.” Clárach — “Ach a bhfuilir riamh ad' dhall?” Liam — “Ní'lim riamh ann.” Clárach — “Ní feárr tú a bheith.” Liam — “Dá mb'fhearr, do bheinn.” “Má mhairimíd beó, chífimíd súd,” ar- san dall. Aonrud mar LEACHT AR UAIGH nó ALTHÓIR don TEAMPALL San Aolchloch nó sa' Mharmar, déanfaidh SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Rí, i gCORCAIG ar Fheabhas é. Scriobh chuige. LUCHT DAITHTE TIGHE nó TEAMPAILL Tá raidhse páipéir againn i gcóir fallaí, agus é go saor… D. & A. Ó NÉILL, 21 Sráid an Acadaimh, Corcaigh (Níl aon tig eile againn-ne). FEARFAR AN T-OIREACHTAS I mBAILE ÁTHA CLIATH AR AN 7adh & 8ADH DE MHÍ LUGHNASA, 1916, Sa 25adh Tig de Chearnóg an Pháirnéalaigh is eadh déanfar na COMÓRTAISÍ GAEDHILGE. Beidh CUIRM MHÓR CHEÓIL ann um thráthnóna an 7adh lá. Go mBuadha' Dia don Ghaedhilg! Leabhair Ghaedhilge agus Leabhair Bhéarla i dtaobh na hÉireann. le fághail ó CHONCHUBHAR Ó CAOIMH, 70 Sráid Sheoirse, CORCAIGH. Gaedhil is eadh sinn-ne, is ní náir linn é. Geobhair deaghmhargadh uainn-ne i gcomhnaidhe. TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol- faimídne an postas ar cheithre púint de. Plúr Gaedhlach. MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min bhuidhe. SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas. SEÁN & TOMÁS MAC CURTÁIN, Sráid a' tSeandúna & Sráid Thomáis Dáibhios, CORCAIGH. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht Comórtha spóirt & Cnaipí Dhaithte — mar Chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH. Táid so 'á ndéanamh againn-ne — Éide sagart, ÁTHRAIGHE ALTHÓRA mar chailísí, miasa, &c. CROISEANA den déanamh CEILTEACH in ór nó airgead geal, agus PAIDRÍNÍ. LIAM MAC AODHGÁIN & A Chl.-mhac Teo., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. An Déantúsán ag 6 Sráid Mhaylor. Sinn-ne a dhein SNAOIS CHORCAIGHE ar dtúis agus atá 'á déanamh i gcómhnaidhe. TOBAC CÚMHRA an dá shórt so — “EXHIBITION ROLL” agus “SHANDON PLUG.” Má theastuighean uait aon tobac nó saigréidí do chur chun aonne atá sa chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó cháin, ach leath phúnt, ar a luighead, bheit sa 'bheairtín idir thobac is saigréidí. LAMBKIN BROS., 9 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. COLÁISDE CHAIRBRE, i gCuan Dor. An ball is breághtha ar domhan i Mí Lughnasa. Múinfear Gaedhluinn duit ann, agus gheobhair sult a's sláinte ann. Micheál Ó Cuilleanáin, ó'n Seanachúirt, An Sciobairín. An fear a thiubharaidh tuille eolais duit mar gheall air. Scríbh chuige má's mian leat. Troscán tighe agus gach cóir leabthan! Tá flúirse de sna h-Earraí a deintear in Éirinn le fághail uaim-se ar an bpinginn is lúgha. M. Ó Riain, Siopa Oluir, 36, 37 Sráid an Rí, CORCAIGH. CLOCH LE CARTHANNACHT. Do bhí robáluidhe bitheamhnaig ann fadó. Ní raibh aon tsórd díoghbhála dá olcas ná go raibh a lámh ann. Bhí d'ainm amuigh air gur dhuine gan truagh gan taise é; gur dhuine é gan beann ar Dhia ná ar dhuine aige. Do lean sé air ar a' gcuma san ar feadh abhfad Éireann aimsire. Do bhí sé oidhche ag déanamh bitheamhnais mar ba ghnáth leis. Oidhche ana-fhuar dob' eadh í. Bhí sioc buile ann. Tháinig sé ar bhothán bheag aingis ag bun faille i mbolg sléibhe. Chuaidh sé isteach, agus cad do chífeadh sé istigh, ach truaghán de chrannán seana-mhná a bhí lúbtha le h-aois agus le crapathacht, agus gan de leabhaidh fúithi ach sheana-mhála seana-chaithte. Ní raibh teine ná teas ná cúmpórd sa tigh. Do shamhluig sé ar dtúis go raibh an dé deiridh séidthe aici, ach do thuig sé t'réis tamail go raibh spréidh éigin de'n anam inti. “Is olc thar bárr an driuch atá ort, a chréatúir aingiseóra,” adubhairt sé. Siúd amach leis agus fuadar fé. Bhuail sé siar an cnoc go dtí ball n-a bhfeaca sé cruach mhór mhóna ann. Rug sé leis ana- ghabhál de'n mhóin ag triall ar an seana- mhnaoi. Dhein sé an cleas san fí dhó. An- san chuaidh sé agus chuir sé síos teine mhór, agus do shocruigh sé an tseana-bhean os a comhair, mar a bhféadfadh sí an goradh ghlacadh. “Bainfidh san an fuacht asat' chroidhe, a dhonáinín bhoicht,” adubhairt sé. “Ach ní mór a thuile cúmpóird a chur ort.” Amach leis airís ag triall ar iothlainn mar a raibh cruach tuighe. Thug sé leis beart trom 'en tuighe agus dhein sé leabaidh 'en tuighe i gcóir na seana-mhná, agus shoch- ruigh sé cuid de'n tuighe anuas uirthi mar bheadh éadach leabtha. Bhí an teine na bléithidhigh lasarach um a' dtaca san, agus bhí an tseana-bhean t'réis teacht chúichi féin. Ní miste a rádh ná gur b'í bhí baodhach beannachtach agus í ag moladh an t-é do sheol Dia chúichi chun fóirthint uirthi le linn a gátair. “Ní fheadaraís a leath, a bhean mhaith,” adúbhairt sé sin. “Tá do cheann ró-íseal, & caithfead adhbhar éigin adhairt do sh'láthar 'uit.” Bhuail sé amach agus d'aimsigh sé cloch mhór mhaol agus dhein sé adhart di fé cheann na seana-mhná agus an tuighe go deas 'á clúdach. D'fhág sé ansan í agus d'imthigh ar a chúrsaí féin, agus is gearr a chuimhnimh sé ar na gníomhartha so. Do ghluais an aimsear agus do fuair an tseana-bhean bás, agus do glacadh ins na Flaithis í gan aon trioblóid mar bhí a dóithin prugadóireachta fuilingthe aici, an créatúir. Tháinig an glaodhach chun an bhitheamhnaigh. Chaith sé géilleadh. Do tugadh ós comhair na Cathaoireach é chun breitheamhantas do thabhairt air. Bhí a dhroch-ghníomhartha ar thaobh de'n mhidh agus a ghníomhartha foghanta ar an dtaobh eile. Ach mo chreach le rádh é! Ba throime agus ba mhó go léir na droch-ghníomhartha. Bhí aingeal caoinleachta an fhir bhoicht ann & é ag gol go fada fuidheach. Fé dheire fé mar chuimhneochadh sé de gheit ar smaoineamh éigean do bhí ag sleamhnú' uaidh, phreab sé amach. Ní fada dh'fhan sé nuair rith sé isteach agus rud éigin 'na ghabhál aige. Cad do bheadh aige ach an tseana-bhean gur fhóir an robáluidhe uirthi. Do chuir fé isteach sa mhidh í ar thaobh na maith ghníomhartha & a aghaidh ar lasadh le h-áthas agus le dóchas. Ach, má chuir, ní dheárnaidh san féin an gnó. Ba threise ar na droch-ghníomhartha fós. Do thuit an lug ar an lag ag an aingeal. Ach is dearbh nár chaill fear a' mhisnig riamh é, mar do bhrúigh sé fé an t-éadóchas do ghlac é. Do rith sé amach agus d'fhill go luath i n-anaithe a' tsaothair agus ualach trom dá iompar aige. Chuir sé an t-ualach isteach i dteannta na seana-mhná agus 'a dhe mo léir! — Bhí taobh na maith-ghníomhartha ró-throm ar fad do'n taobh eile, agus do saoradh é. Féach anois nách mór thar na beartaibh an ní carthannacht. Agus a' bhféadraís cad do bhí san ualach úd. Bhí an chloch a chuir sé mar adhart fé cheann na seana-mhná! Pádraig Ó Géanaigh san Sgiobairín d'innis do Mhícheall Ó Cuileanáin.
AN CRÚISCÍN LÁN (Máire Vy Ní Laeri do chúm) Maidean aluing ghréni Is mi er häv chnoc na bueli, Shea ghearcas cúilean värga, 'S a bréd fliuch ó'n luachar; Ví gili 's fingi a n-éneacht Go gléneach 'na gruana, D'úig shí v'ínting léanvar, 'S is bälach nách buan vèad. Is gheóm irísh an crúishgín, Is bíoch shé lán. D'isaras go béasach Do'n sbérvruingeal stuama: Ca vuilid do ghälta, Nú cá täv as gur ghluashís, An bean le fán a täl hu Gan chéli er do huerishc, Nú an fíor gur tu an Chéarnuit Chuir na tréan vuilhi er fuemint? Is gheóm irísh an crúishgín, Is bíoch shé lán. Oigir vúinti vésach, Ní héngi mí á nuaruísh, Ach bean de vahiy ghal mi Tá léanuihi a gruatan; V'ainim cheart shí Eri Is Mac Shéarlas am ruaguirt, Mo vailhí puirt ig véaruiv An érlig 's an uaduig. Is gheóm irísh an crúishgín, Is bíoch shé lán. Do hugas croha lâv di, Is cead fáilhi ruim sdueri, Cuiri sdad go lá ghi, Co sásda chun suenish, Go néanhing tínti cnâv di Le háhas a muarchnoc D'ún go míoch an lá aguing Is cead ráish er na hueshle. Is gheóm arísh an crúishgín, Is bíoch shé lán. Níl cä 'gum sdad go lá agut, Cé gur gá ghom a sueneas, Calad trial go Clárluirc Mar hánag le tuerishc Go vuil Galfuic 's a ngárda As an áit sho le ruaguirt Is Clana Guíl n-a n-aitreav 'S is áhas lium róvuar é, Is gheóm irish an crúishgín, Is bíoch shé lán. S. O Cuiv do chuir chugainn.
CAINNT NA GCLÁIRÍNEACH. Tá Gaedhilg Chúndae an Chláir bun ós cionn le gnáth Ghaedhilg na Mumhan. Tá deallramh ag caint na nDéise léi ar a lán cuma, ámh. Seo gearra-chómhrádh idir mhac léighinn a bhí ar Choláiste Eoghain Ui Chomh- raidhe in Iarthar Chláir agus fear a bhí ag obair sa pháirc taobh leis an gColáiste. “Bail ó Dhia ar an obair.” “Dia mór 'uit, a bhuachaill.” “Tá tú ag obair ana-chruaidh-” “'Mbasa go gcaithfimíd bheith déanadh red beg. 'Bhfuil dada agaib sa Chol- áiste?” “Níl fós.” “Nín, is dócha. Tá sé luath sa saosúr fós. Bhí an t-ana-lear agaib ann anuiridh.” “Chuala go raibh. Ní rabhas anso an- uiridh.” “Ó, ná rai' tu? D'airigh mé go rai' suas le deich pearsana is trí fichid ann.” “Agus ná bítheá-sa ar an scoruidheacht gach oidhche?” “Ní bhín. Tá Gaedhilg mo dhaechaint agam-sa. Ní fheadar 'á dtéighin soir chúgh- aib ag múine Gaedhilge dhíb, a bhfaighin ae red mar phágh díoluidheachta uaib?” “Tar ár bhfeiscint, pé scéal é.” “B'fhéidir go raghain, tráthnúna eicínt, agus má théighim déarfaidh mé úmhrán le Seán de h-Ór díb.” (Duine eile do theacht ansan) — “Dia dhíb 'fheara.” “Dia mór 'uit, a Phádhraic. A' gu-óil dtí an tsráid athá tu, ab eadh?” “Ní h-eadh, a Mhártain, ach go dtí an dtobar.” “Tá fear Gaedhilge anso agam, a Phádh- raic, agus ní thuigean sé an sórt so Gaedhilge athá againe.” “M'anam má théighean siar dtí 'n t-iathar, gheobha sé Gaedhilge bhuatha. A' rai tu thiar gen ti' soluis fós, a dhuine chroidhe?” “Ní rabhas.” “Ná rai' tu anois?… Cé an sórt é an feur agaib i mbliana, a Mhártain?” “Miúnach, mhais'. Tá an pháirc úd agam- sa ró thirim is baoghal liom… Ab' é seo Seán so againe athá chúghain?” “Is é, díreach. Cé 'n bhail athá ort, a Sheáin? Seadh caithfidh mise bheith ag bogadh liom.” “Agus a' chuid eile again, chómh maith. Slán agaib.” “Go mbuadha Dia leat, a Phádhraic. Slán leat-sa, a scoláire! Cogar liom, 'bhfuil dada agaib sa Choláiste? …Ná fuil anois? An mí seo chúgh- ain, is dócha. Caithfidh mé gu-óil soir chúgh- aib oidhche eicínt. Slán leat!” Agaib, díb, oraib, sib, &rl. = agaibh, díbh, oraibh, sibh, &rl. Gú-óil = gabháil. Cé nós = Conus. An t-iathar = an t-iarthar. Miúnach = meodhanach; cuibh- easach. Bhuatha, bhuainn, bhuait, &rl. = uatha, uainn, uait, &rl. Seán Tóibín. “Ná déin siubhal a' Domhnaig uaim; Ná déin & ná h-éirig Dé Luain go moch. Fan Dé Máirt agus leig an lá sin thart; Ní lá chun siubhail an Chéadaoin; Bíonn an Dardaoin choidhche fliuch; Fachtar guth trí shiubhal na h-Aoine; As bíonn an Sathurn aoibhinn ait.” Bean adúbhairt an rann san le fear a bhí pósda aici agus eagla uirthe go n-imtheóchadh sé uaithe. Ní h-i gcómhnaidhe a bhíonn an sgéal amhlaidh acu. Tadhg na Samhna. PAIDREACHA. PAIDIR AN SCABAIL. Go mbeannuighthear duit, a lucht an bhrait! Ná h-éagcaoinigí 'úr gcás. Is mairg a luighfeadh ar leaba gan charaid ar uair a bháis. Ghabh Muire is a Mac amach go moch sa lá. Leag Muire brat. Tháinig Simon, fear beannaithe ó'n Róimh. “Is breágh é do bhrat, a bhean,” adúbhairt sé. “Is breágh is is beannaithe,” adubhairt sí; Brat na dtrí mbeann óir, Brat a rugadh Críost fé, Is baisteadh ann é.” An t-é déarfadh na focail sin trí h-uaire roimh a bhás; ní baoghal go raghadh 'anam go h-Ifreann go bráth. Moladh leat, a Rí na nGrás!” AN MEMORARE. Cuimhnig, a Mhaighdean ró-dhiagaithe, ní nár cualuigheadh riamh gur thréigh tú aon- neach a chuaidh féd' chomairic. 'Íosa thuillis a dóchas (?), le muinighin as do mháthair ró- ghrádhach, mise an peacach bocht truaillithe sléachtaim mé h-éin go h-umhal ged' chosaibh beannuighthe, le h-úirísleacht ag impidhe ort go nglacfá mé mar leanbh ceana go brath. Ná diúltaigh, a Mháthair an Fhocail, ach m'achuinge, go grástamhail éist léi is tabhair a toradh dhúinn. Bean Mhic Shuibhne ó Dhéisibh Mumhan a thug an dá phaidir sin dom. Ní mar athá thuas atá an Memo- rare in sna leabhraibh úrnaithe. S. T. AG FOGHLUIM LÉIGHINN. Addition a chrádhaig mé Sgoil eile bhí i gcomhgar Lócha Léin & cúrsaí figiúirí bhí ag marbhú' na scoláirí ansúd. An saghas san áirimh go n-abarthar “addition” leis is mó a bhí ag déanamh buartha do gharsún óg fileamhail a bhí ann. Bhítí 'á cheisniú sa bhaile i dtaobh cúrsaí an léighinn aige agus sid é a dubhairt sé i dtaobh figiúirí: “Addition,” ar seisean, “do chorthaigh is do chrádhaig mo chroidhe, Is addition ní bheidh agam go bráth in aon chrích! Raol agus leath-phinginn Ar scoil éigin i gCairbre a fuair an duine seo a chuid léighinn. Bhí sé fásta go maith tráth thosnuigh sé ar an sgoluigheacht. Ag teacht abhaile dhó, lá, ó'n aonach do casadh cómharsa air agus do chuir sé i n-iúl do'n chómharsain go raibh rian a chuid scoluigheachta air, sa tslígh seo: “An mór a' chloch a fuairis ar na prátaí, a Thaidhg?” “Ó rud maith — one and six!” arsa fear an léighinn. “Agus an mór é sin, a Thaidhg?” “One and six, a dhuine, one and six — raol is leath-phinginn, tá 'fhios agat!” Seán Tóibín. FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH. Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn. H. JOHNSTON, TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE” Teo., Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. Píanó Ceart Gaedhlach ar £32! Tá pianacha 'á n-déanamh in Éirinn anois, ag Pigott & Co. Ltd., Luimneach, Ath Cliath is Corcaigh. GUAILNEÁN SEANDÚNA. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Tráth bhriseadar na humaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. “Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces” Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach “Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Port an Phápa, CORCAIGH. CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM! MARGAIRÍN “LEANDAR” Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA Agus a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. I n-Éirinn a Deintear “BRÓGA NA LAOÍ.” Táid le fághail i ngach sráid bhaile. A Ghaedheala! Ceannuighidh “Éadach na Druipsighe” Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann atá go Gaedhealach amuich is amach. Muileann Éadaig na Druipsighe (Teo.) Co. Chorcaighe.
EACHTRA AN AODHAIRE. Aisling gan bhréig Inneosad féin Ar ath-shlighe an duine seo. Go raibh me tamall dem' shaoghal Go taisdealach aerach Agus mé gan uireasba. Agus cheapas dom féin Gur bh'ait é mo shaoghal Mara bhfaghainn céile gur bh'fhearr chuige me. Casadh im' chlé í (?) Gur innseas mo sgéul di Agus ba léi nár mhisde sin. Chuireamair fios ar an gcléir Chun sinn cheangal le chéile Agus deirim-se féin nár bhfuiris é. Mar is gairid a réidheamair I bhfuithint a chéile Nuair a bhíomair cuirptheach Sé dúbhairt an spéirbhean mhúinte bhéasach Ná geobhadh sí féin liom Nach fear mná chuige me. Do éirig éigean Agus eudtrom céille Mar gheall ar na nidhthibh seo, Agus cheapas dom féineach Dul ag aodhaireacht Síos go Muisire. Fuair me cleath bhreágh ghléigeal A fhás léi féin Go raibh togha an pioctha innte. Níl lacha ná gé Ná turcaí méith Ná tugainn an ionga dhóibh. Gur leathanaigh an sgéal I mbeul gach éinne Gur bh'é an t-aodhaire A bhí ag déanamh na sluide sin. Ghleusadar go léir De thoirt a chéile Go Connsiléir Grady Ag iarraidh mittimus. Do bhí joltaer éisg Ag teacht ó'n gcé Agus asailín dubh aige. Dubhairt sé Go bhfeacaidh sé mo shamhailt-si d'aodhaire Indé i Luimnigh. Ghleusadar go léireach A n-airm 's a n-éide Ar thuairisg an duine sin. Agus níor chualas féin aon fhocal de'n sgéal sin Gur tháinighdar taobh liom Ag Brewery Sheáin Uí Chonnaill thuas. Rith mé de'n réim sin Baile Gaodhalach Droichead maol Agus droichead na Soininne. Thug mé seachtmhain dem' shaoghal Gan d'ithe acht béile Le neart corp-deithinis. Thug mé lá gréine Ag fuirse lem' léine Agus mé ag lorg mo mhuinirthle Agus deirim-se féin Gur dheacra í réidhteach Ná ionathar muice istigh. Shiubhail mé Béal Éirne 'San tír ó chéile Ar lorg aodhaireacht Agus ba ró-bhreágh chuige me. Agus d'fhógruigheadh seacht as raol Ar thuairisg aon aodhaire A bhfeicfidhe club aige. Bhínn go túirseach Nuair a dh'fhaghainn an diúltadh Agus me lorg a bheith istigh orra. Bhí páistí na dúithche, Am dhiaidh ag liúirigh Agus “Feuch an t-amadán” ag gach duine acu. Bhí mé go h-ocrach Ag Cluain Cosgra Agus ní raibh i gcóir costais agam acht naoi bpingne. Nuair bhuail stúmpa De bhean mhór otair chugham Is dúbhairt go bpósfadh me Dá dtabharfainn gloine dhi. Sé dúbhart-sa dá freagradh Go raibh bean sa bhaile agam Go raibh mórán coda aici. Dá mbeinn acfuinneach I gcuid ná i gcaradas Nár mhór liom gloine dhi. Do éirigh na seasamh suas Agus bhuail le bata me Agus dubhairt: “Bíodh san agat.” Le h-eagla na tubaiste Is go mbeadh an sgéal níos dona agam Thug mé gloine dhi. Ag tig Sheáin Uí Caoimh 'Seadh buail an ríl me Is mé ag ól na buisinne Chonnac faoileann Ag gabháil na slighe Agus cainnín uisge aici. Rith mé go dtí í Is gur shíl gach aoinne Gur fear buile me. Sé dúbhairt sí liom láithreach An é seo an Curráineach, An buachaill soineanda. Do árduigh síos me Go dtí botháinín íseal A bhí lán de choimiric. Áit a raibh Cáit as Brighid Agus seanbhean chríonna Agus garsún buidhe a bhí cam- iosgaideach. Chuir fios síos Go dtí tig Sheáin Uí Chaoimh Ar phíosa caoira Le tabhairt le n-ithe dhom Chuaidh síos Go dtí n-a cupúrdín Agus thug gloine dhom. Dúbhairt dá mb'fhíon Dá mba caoi ná beadh briste liom. Thuigeas im' chroidhe Gur mhaith é a slighe Go raibh sí soinneanda Ní mar siúd a bhí Mar ní raibh sí mí agam Nuair a bhí sí siosma liom Agus dá mbeadh sí bríoghmhar Nuair gheobhadh sí a croidhe leis Ba mhór é mo íde istigh sa tigh aici. Nioclás Tóibín ó'n Rinn do sholáthair. Ár seasamh ort-sa, a chara! Nuair a bheir ag scrí chun lucht siopa nó ag caint leó, cuir in-iúl dóibh, le d'thoil, gur sa “Lóchrann,” a chonnaicís an fógra aca. FÓGRAÍ Ó BHAILE ÁTHA CHLIATH, &rl. Más Múinteóir tú, ná bí ad varú fên agus a marú na leany a diaruig na Gäluingi vúini ghóiv lesh na sheana letireacha agus lesh an sheana letiriú. Buin triail as an leitriú shimplí, agus beg tora er do hähar. An Cuman um Letriú Shimplí, Tigósda Minerva, Bleäclieh. A Ghaedheala! Ceannuighidh róthar Gaedhealach .i. “An Lúcánia” (de dhéantús na hÉireann) Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat. Táilliúreacht agus gach rud i bhfuirm éadaigh do fhearaibh! Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh i n-Éirinn. Ó GLASÁIN IS A CHUA., 11 Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Chliath. Tá árd-teist ar Mhuintir Hilliard (Teo.) Cíll Áirne, De bhárr an chuma in a gcabhruighid le déantúisí na hÉireann. Ní gádh earraí thar lear do cheannach, agus Seogh Earraí Gaedhealacha Le fághail in a dtigh sin. An siopa éadaigh is mó agus is fearr i gCiarraidhe. Tig a 6 & a 7 sa' tSráid Mhóir, Cíll Áirne. Coláiste an Daingin, I gCiarraidhe. Seasóin — Iúl agus Lughnasa, 1916 Técseana i gcóir na Gnáth-theiste: “An Cleasaidhe” (An tAthair Peadar). “Réalta den spéir” (Connradh na Gaedhilge). “Ceachta Cainte Gramadaighe” (S. Ó Catháin). “Aids to Pronunciation of Irish” (Na bráithre Criostamhla). Tá gach eolas eile le fághail ó PHÁDRAIG Ó CORCORDHA, Rúnaidhe, Daingean Uí Chúise, i gCiarraidhe. IOLSCOIL NA MUMHAN ATÁ I RINN Ó GCUANACH IS NA DÉISIBH. Beidh an obair ar siubhal ann mar is gnáth ar feadh mí an Iúil agus Lughnasa i mbliadhna. TOGHA agus ROGHA NA GAEDHILGE LE FÁGHBHÁIL ANN. Atá gach cúntas is tuarascbháile le fághbháil ó'n bhfear le scriobhadh: .i. P. Ó CADHLA, Iolscoil na Mumhan, Rinn ó gCuanach. Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail. Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services