Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lughnasa, 1916
Title
Lughnasa, 1916
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1916
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <!DOCTYPE TEI [ <!ENTITY hellip "…"> ]> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt><title type="main"/><author><name type="main">Údair éagsúla</name></author><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt><editionStmt> <edition> <note type="N">Lr1916_08</note> <note type="L">1</note> <note type="B">1916</note> <note type="C">Prós</note> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt><publicationStmt> <publisher>Foclóir na Nua-Ghaeilge</publisher> <pubPlace>19 Dawson Street, Dublin 2</pubPlace> <pubPlace>http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx</pubPlace><date>2016</date><idno>Lr1916_08</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <sourceDesc><biblStruct><analytic><author>Údair éagsúla</author><title/></analytic><monogr> <title level="j">An Lóchrann</title><imprint><publisher>An Lóchrann</publisher><date>1916</date></imprint> </monogr> </biblStruct></sourceDesc></fileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p> <lb n="1"/><span>An Lóchrann</span></p> <lb n="2"/> <lb n="3"/><p><span>PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.</span></p> <lb n="4"/> <lb n="5"/><p><span>Uimh a 5. LUGHNASA 1916. PINGINN A FHIACHA.</span></p> <lb n="6"/> <lb n="7"/><p><span>AN MADARUADH & AN CHRUTHÓG</span> <lb n="8"/><span>LIATH.</span></p> <lb n="9"/> <lb n="10"/><p><span>Sa tsean-aimsir bhí madaruadh agus</span> <lb n="11"/><span>cruthóg liath 'na gcomhnaidhe i n-aon choill</span> <lb n="12"/><span>amháin. Bhíodar ana-mhuinnteardha le n-a</span> <lb n="13"/><span>chéile & théigheadh an bheirt aca i dteannta</span> <lb n="14"/><span>'chéile is gach aon áit agus do roinnidís le</span> <lb n="15"/><span>chéile pé rud a mharbhuighidís. Ar an tsligh</span> <lb n="16"/><span>sin bhí saoghal breagh acu araon mar bhí</span> <lb n="17"/><span>ceann aca chómh maith leis an tarna duine</span> <lb n="18"/><span>chun rud a sholáthar. Nuair a raghadh an</span> <lb n="19"/><span>madaruadh ag goid aon nídh bheadh an chruth-</span> <lb n="20"/><span>óg liath anáirde ar chrann ag faire dhó, agus</span> <lb n="21"/><span>nuair a chífeadh sé an duine ag teacht</span> <lb n="22"/><span>scaoilfeadh sé “gráig” as agus chuirfeadh</span> <lb n="23"/><span>an madaruadh an talamh de go tapaidh.</span></p> <lb n="24"/> <lb n="25"/><p><span>Aon lá amháin dúbhairt an madaruadh leis</span> <lb n="26"/><span>an gcruthóig go raibh leisce air féin agus</span> <lb n="27"/><span>go mbeadh sé ana-bhuidheach di ach dul agus</span> <lb n="28"/><span>greim éigin le n-ithe a sholáthar do. D'imthigh</span> <lb n="29"/><span>sí agus ní fada bhí sí imthighthe nuair tháinig</span> <lb n="30"/><span>sí arís agus dubhairt sí leis teacht léi</span> <lb n="31"/><span>tamaillín beag. Do stadadar cois chlaidhe</span> <lb n="32"/><span>bóthair agus chonncadar gearrchaille chúcha</span> <lb n="33"/><span>agus beiste ime ar a ceann aici ag dul ar</span> <lb n="34"/><span>an margadh 'á dhíol. Do phreab an chruthóg</span> <lb n="35"/><span>liath amach ar an mbóthar roimpi agus leig</span> <lb n="36"/><span>sí uirthi go raibh a cos briste. Nuair a</span> <lb n="37"/><span>chonnaic an ghearrchaille í chuir sí an beiste</span> <lb n="38"/><span>ar an gclaidhe agus siúd i ndiaidh an éin í.</span> <lb n="39"/><span>Bhí an chruthóg liath ag imtheacht ar “cosa-</span> <lb n="40"/><span>bacóid” roimpi amach agus a dhá sciathán ar</span> <lb n="41"/><span>leathadh aici agus cheap an ghearrchaille go</span> <lb n="42"/><span>raibh greim aici uirthi gach aon nóimeat.</span></p> <lb n="43"/> <lb n="44"/><p><span>An fhaid a bhí san ar siubhal bhí an mada-</span> <lb n="45"/><span>ruadh ag ithe an ime ar a shuaimhneas agus é</span> <lb n="46"/><span>ag baint sásamh a chroidhe as 'á scaoileadh</span> <lb n="47"/><span>siar 'n-a scórnaigh. Bhí an ghearrchaille ag</span> <lb n="48"/><span>leanamhaint ar an gcruthóig agus bhí sí sin</span> <lb n="49"/><span>ag iúnfhairt léi cúpla slat roimpi amach.</span> <lb n="50"/><span>Chuireadar píosa maith bóthair díobh sa tsligh</span> <lb n="51"/><span>sin go dtí go raibh lán a bhuilg d'im ithte</span> <lb n="52"/><span>ag an madaruadh agus gur chuaidh sé i</span> <lb n="53"/><span>ndiaidh na beirte bhí imthighthe an bóthar.</span> <lb n="54"/><span>Nuair a chonnaic an chruthóg é sin d'éirigh</span> <lb n="55"/><span>sí sa spéir agus d'fhág sí an ghearrchaille</span> <lb n="56"/><span>bocht ag féachaint beal-oscailte n-a diaidh.</span> <lb n="57"/><span>D'fhill an chruthóg ar an mbeiste agus an</span> <lb n="58"/><span>rud nár ith an madaruadh d'ith sise é.</span></p> <lb n="59"/> <lb n="60"/><p><span>Annsan nuair a bhí a mbolg lán aca chuimh-</span> <lb n="61"/><span>nigheadar ar spórt éigin a chur ar siúbhal</span> <lb n="62"/><span>chun an lá a chaitheamh. Bhí fir ag baint</span> <lb n="63"/><span>phrátaí agus bhíodar ag obair leó nuair a</span> <lb n="64"/><span>thúirlig an chrúthóg ar cheann duine aca.</span> <lb n="65"/><span>Chonnaic duine eile í agus thug sé fúithe le</span> <lb n="66"/><span>práta agus bain sé an hata de'n iarracht</span> <lb n="67"/><span>san de'n duine go raibh an chruthóg air.</span></p> <lb n="68"/> <lb n="69"/><p><span>“B'fhearra dhuit cur uait,” arsa fear a'</span> <lb n="70"/><span>hata.</span></p> <lb n="71"/> <lb n="72"/><p><span>Níor thóg an fear eile aon cheann do mar</span> <lb n="73"/><span>bhí sé ag faire ar an gcruthóig ag teacht</span> <lb n="74"/><span>anuas ar an bhfear céadna arís. Ní raibh sí</span> <lb n="75"/><span>ar a cheann i gceart nuair a thóg sé práta</span> <lb n="76"/><span>eile agus bhuail sé an fear céadna i gcúl</span> <lb n="77"/><span>an chinn leis.</span></p> <lb n="78"/> <lb n="79"/><p><span>“Dubhart leat stad agus ní dhéanfá,”</span> <lb n="80"/><span>arsan fear a buaileadh ag tabhairt fé'n</span> <lb n="81"/><span>bhfear a chaith an práta agus 'á leagadh. Seo</span> <lb n="82"/><span>chúcha na fearaibh eile agus bhuail gach</span> <lb n="83"/><span>aoinne aca dorn ar son a dhuine féin gan a</span> <lb n="84"/><span>fhiafraighe cad é cúis na troda i sligh is go</span> <lb n="85"/><span>raibh sé 'n-a bhrúscar eatortha. Sar ar</span> <lb n="86"/><span>stadadar bhíodar tinn go maith agus an</span> <lb n="87"/><span>madaruadh agus an chruthóg ag briseadh a</span> <lb n="88"/><span>gcroidhe le h-áthas.</span></p> <lb n="89"/> <lb n="90"/><p><span>Níor sheasaimh an biadh maith san dóibh i</span> <lb n="91"/><span>gcómhnaidhe. Bhídís ar chaol-chuid go minic.</span> <lb n="92"/><span>Insan am san bhí nead ag an gcruthóig agus</span> <lb n="93"/><span>a lán gearrcach aici. Aon lá amháin bhí</span> <lb n="94"/><span>ocras ar an madaruadh agus tháinig dúil</span> <lb n="95"/><span>aige 'sna gearrcaigh agus d'ith sé iad nuair</span> <lb n="96"/><span>a bhí an mháthair amuich. Nuair a tháinig sí</span> <lb n="97"/><span>ní raibh aon ghearrcach roimpi, agus bhí fhios</span> <lb n="98"/><span>aici go maith cad d'imthig ortha. Níor leig</span> <lb n="99"/><span>sí aon nídh uirthi os comhair an mhadaruaidh</span> <lb n="100"/><span>ach dubhairt sí léi féin go mbeadh sásamh</span> <lb n="101"/><span>aici as lá éigin.</span></p> <lb n="102"/> <lb n="103"/><p><span>Bhí fear i n-aice na h-áite go raibh cú aige</span> <lb n="104"/><span>agus mheas sí dá mb' fhéidir léi an mada-</span> <lb n="105"/><span>ruadh a thabhairt léi go dtí an tig sin go</span> <lb n="106"/><span>marbhochadh an chú é. Dúbhairt sí leis lá go</span> <lb n="107"/><span>raibh scata breagh de ghéanna reamhra a bhí</span> <lb n="108"/><span>lán d'fheoil agus de bhlonaig aige n-a leith-</span> <lb n="109"/><span>éid seo (fear na con), agus dá dtéigheadh</span> <lb n="110"/><span>sé 'á bhfuadach go raghadh sí féin anáirde ar</span> <lb n="111"/><span>chrann ag faire dho. Bhí an madaruadh</span> <lb n="112"/><span>sásta agus chuadar araon fé dhéin an tighe.</span> <lb n="113"/><span>Bhí na géanna istig i mbothán ná raibh ach</span> <lb n="114"/><span>leathdoras air. Nuair a chuaidh an mada-</span> <lb n="115"/><span>ruadh isteach chúcha d'imthig an chrothóg liath</span> <lb n="116"/><span>agus bhuail sí a gob ar fhuinneoig tighe an</span> <lb n="117"/><span>fhir agus tháinig seisean amach agus an chú</span> <lb n="118"/><span>le n-a chois. Scaoil sé an chú mhór bhán</span> <lb n="119"/><span>'n-a dhiaidh agus siúd chun siubhail leo araon</span> <lb n="120"/><span>agus pé áit a raghadh an madaruadh thioc-</span> <lb n="121"/><span>fadh an chruthóg liath os a chionn anáirde ag</span> <lb n="122"/><span>bualadh a sciathán agus gach aon “Bhác!</span> <lb n="123"/><span>Bhác!” aici chun an chú ghéarú ar an mada-</span> <lb n="124"/><span>ruadh bocht. Nuair a chonnaic an mada-</span> <lb n="125"/><span>ruadh í os a chionn anáirde dúbhairt sé léi</span> <lb n="126"/><span>cleas éígin a dh'imirt ar an madra, go raibh</span> <lb n="127"/><span>sé ag dul dian air. Ar sise:</span></p> <lb n="128"/> <lb n="129"/><p><span>“A mhaidrín mhealltaigh,</span> <lb n="130"/><span>Fé mar d'ithis-se mo chlann-sa</span> <lb n="131"/><span>Sín do dhrom leis an gcoin mbáin.”</span></p> <lb n="132"/> <lb n="133"/><p><span>Tar éis cúrsa mór reatha d'imthigh an</span> <lb n="134"/><span>madaruadh ó'n gcoin agus do shroich sé a</span> <lb n="135"/><span>phruais slán. Nuair a dh'imthigh an saothar</span> <lb n="136"/><span>de bhí se 'á chur tré n-a chéile 'n-a aigne</span> <lb n="137"/><span>cionnus a dhíolfadh sé an comhar leis an</span> <lb n="138"/><span>gcruthóig agus í mharbhú.</span></p> <lb n="139"/> <lb n="140"/><p><span>Fé dheire chuimhnig sé ar sheift. Lá breagh</span> <lb n="141"/><span>gréine shín sé é féin bolg anáirde fé chrann</span> <lb n="142"/><span>i n-áit a raibh fhios aige go bhfeicfeadh an</span> <lb n="143"/><span>chruthóg é. Ní raibh sé i bhfad ann nuair</span> <lb n="144"/><span>thúirlig sí anuas air, agus bhí sí díreach chun</span> <lb n="145"/><span>an tsúil a phriocadh as nuair a rug sé ar</span> <lb n="146"/><span>scrugall uirthi.</span></p> <lb n="147"/> <lb n="148"/><p><span>“Anois atánn tú 'gam!” ar seisean.</span></p> <lb n="149"/> <lb n="150"/><p><span>“Á! ná mairbh me,” ar sise, “agus</span> <lb n="151"/><span>gheobhad biadh arís duit.”</span></p> <lb n="152"/> <lb n="153"/><p><span>“Ní bhfaghair,” ar seisean, “mar déanfaidh</span> <lb n="154"/><span>mé biadh dhíot féin.”</span></p> <lb n="155"/> <lb n="156"/><p><span>“Tóg suas do dhá lapa, mar sin,” ar sise</span> <lb n="157"/><span>“chun buidheachas a bhreith le Dia 'dtaobh me</span> <lb n="158"/><span>bheith le n-ithe agat.”</span></p> <lb n="159"/> <lb n="160"/><p><span>Tóg sé suas a dhá lapa ach ní thug sé</span> <lb n="161"/><span>mórán buidheachais do Dhia mar bí an chruthóg</span> <lb n="162"/><span>liath éirighthe sa spéir sara raibh fhios aige cá</span> <lb n="163"/><span>raibh sé.</span></p> <lb n="164"/> <lb n="165"/><p><span>“Á!” ar seisean, agus é ag féachaint na</span> <lb n="166"/><span>diaidh, “is mór mar a dheineas mo bhotún!</span> <lb n="167"/><span>Mo mhíle mallacht ar aoinne d'athlochadh an</span> <lb n="168"/><span>biadh go mbeadh sé taobh istigh de n-a chroic-</span> <lb n="169"/><span>eann ar dtúis aige.”</span></p> <lb n="170"/> <lb n="171"/><p><span>Micheál Ó Siochfhradha, Baile an Ghóilín,</span> <lb n="172"/><span>Daingean Uí Chúise.</span></p> <lb n="173"/> <lb n="174"/><p><span>PIAST LOCH A' CHAIRN.</span></p> <lb n="175"/> <lb n="176"/><p><span>“Trí dabhach óir,</span> <lb n="177"/><span>Crann ceóil agus corn,</span> <lb n="178"/><span>Atá fé lic ar a n-aghaidh ó thuaidh,</span> <lb n="179"/><span>Idir an Sliabh agus Loch a' Chairn.”</span></p> <lb n="180"/> <lb n="181"/><p><span>Piast do labhair an rann san lá, agus</span> <lb n="182"/><span>mar seo do thárla: —</span></p> <lb n="183"/> <lb n="184"/><p><span>Buachaill do tháinig tráth a triall ar</span> <lb n="185"/><span>Suidhe Finn ar mhullach Chnoc a' Chairn i</span> <lb n="186"/><span>gCairbre.</span></p> <lb n="187"/> <lb n="188"/><p><span>Chaith sé bliain 'na theannta. An chéad</span> <lb n="189"/><span>rud fuair sé le déanamh nuair a bhí an</span> <lb n="190"/><span>t-eolas fachta aige ó Fhionn ná dul a</span> <lb n="191"/><span>treabhadh & móinfhéar le h-ais an locha .i.,</span> <lb n="192"/><span>Loch a' Chairn.</span></p> <lb n="193"/> <lb n="194"/><p><span>Bhí droch phiast sa loch le fada, do mharbh-</span> <lb n="195"/><span>uigheadh na Fianna. Níorbh fhada sa mhóin-</span> <lb n="196"/><span>fhéar do'n bhuachaill nuair chonaic sé túng</span> <lb n="197"/><span>(tonn) ag éirighe i lár a' locha, agus siúd</span> <lb n="198"/><span>amach chuige an phiast. Níor dhein sé ach iall</span> <lb n="199"/><span>bhróige do tharac dá bhróig agus do chrotha,</span> <lb n="200"/><span>agus do dhein claidheamh di; agus bhuail an</span> <lb n="201"/><span>phiast agus dhein dhá leith dhi.</span></p> <lb n="202"/> <lb n="203"/><p><span>Shnáimh sí n-a dhá cuid ar ais chun an locha,</span> <lb n="204"/><span>ach sul a ndeaghaidh sí fé uisge dúbhairt sí</span> <lb n="205"/><span>an rann san.</span></p> <lb n="206"/> <lb n="207"/><p><span>(Siar ó thuaidh ó Ros Ó gCairbre atá Cnoc a'</span> <lb n="208"/><span>Chairn, agus an loch beag ag a bhun. Deireadh daoine</span> <lb n="209"/><span>go raibh Pádruig Naomhtha ar an gcnoc san, ach má</span> <lb n="210"/><span>bhí féin, bhí Fionn ann roimhe agus an phiast curtha</span> <lb n="211"/><span>chun siubhail ag a bhuachaill aimsire.)</span></p> <lb n="212"/> <lb n="213"/><p><span>Lorga liath-bhán do sholáthair.</span> <lb n="214"/></p> </div> <pb n="2"/> <div><lb n="215"/><p><span>CIARRAIDHE.</span></p> <lb n="216"/> <lb n="217"/><p><span>Tá Éadach ón mbothán agus Éadach Gaedhealach</span> <lb n="218"/><span>eile igcóir culaithe:</span></p> <lb n="219"/> <lb n="220"/><p><span>SÚSAÍ, CAIPÍNÍ agus HATAÍ</span> <lb n="221"/><span>ag</span> <lb n="222"/><span>MICHEÁL Ó MUIRCHEARTAIGH,</span> <lb n="223"/><span>An Cheárnóg, Cíll Áirne.</span></p> <lb n="224"/> <lb n="225"/><p><span>Má théighir go Cill Áirne, cuir fút i</span> <lb n="226"/><span>dTIG ÓSTA UÍ IFEARNÁIN,</span> <lb n="227"/><span>KENMARE PLACE.</span></p> <lb n="228"/> <lb n="229"/><p><span>An tig is fearr le Gaedhealaibh.</span></p> <lb n="230"/> <lb n="231"/><p><span>Ní bítear dian san éileamh ann.</span></p> <lb n="232"/> <lb n="233"/><p><span>Tá sé igcómhgar an stásiúin ach leanamhaint</span> <lb n="234"/><span>ort i leith na láimhe clé.</span></p> <lb n="235"/> <lb n="236"/><p><span>AN T-EMPÓRIUM,</span> <lb n="237"/><span>le</span> <lb n="238"/><span>M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC,</span> <lb n="239"/><span>CILL ÁIRNE.</span></p> <lb n="240"/> <lb n="241"/><p><span>ÉADATHÓIRÍ MAITHE</span> <lb n="242"/><span>Tá le fághail uatha;</span></p> <lb n="243"/> <lb n="244"/><p><span>Lása Gaedhealach de'n déanamh & de'n phatrún</span> <lb n="245"/><span>is órnáidighe amuich agus saothar lámh is</span> <lb n="246"/><span>eadh gach órlach de.</span></p> <lb n="247"/> <lb n="248"/><p><span>Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt</span> <lb n="249"/><span>datha.</span></p> <lb n="250"/> <lb n="251"/><p><span>Ciarsúirí de'n Línéadach Cheart Ghaedhealach is</span> <lb n="252"/><span>a lán saghas eile línéadaigh atá oireamhnach</span> <lb n="253"/><span>do ghnóthaí tighe agus i nÉirinn do deineadh.</span></p> <lb n="254"/> <lb n="255"/><p><span>Carabhataí de'n Phoiplín Ghaedhealach ar gach dath</span> <lb n="256"/><span>is ar gach gné datha.</span></p> <lb n="257"/> <lb n="258"/><p><span>Bróga is buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach</span> <lb n="259"/><span>(Muintir Winstanlí & Mac Gabharnaigh a</span> <lb n="260"/><span>dheinean.)</span></p> <lb n="261"/> <lb n="262"/><p><span>Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr</span> <lb n="263"/><span>agus flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do</span> <lb n="264"/><span>deineadh.</span></p> <lb n="265"/> <lb n="266"/><p><span>TIGH ÓSTA UÍ GHLASÁIN,</span> <lb n="267"/><span>Sráid na nÁirne, Cill Áirne.</span></p> <lb n="268"/> <lb n="269"/><p><span>Daoine gur mian leo Aoibhneas Locha Léin d'feisint</span> <lb n="270"/><span>gan ró-chostas, gheobhaidh siad gach ní ar a dtoil sa</span> <lb n="271"/><span>Tigh Ósta so. Leabaidh, Breicfeast, Dinnéar, Té</span> <lb n="272"/><span>agus Freastal ar 5/- sa ló.</span></p> <lb n="273"/> <lb n="274"/><p><span>BRÍD NÍ GHLASÁIN, Bean an Tighe.</span></p> <lb n="275"/> <lb n="276"/><p><span>SÍOL agus LEASÚ'</span></p> <lb n="277"/> <lb n="278"/><p><span>don bhfeirm nó don gháirdín.</span></p> <lb n="279"/> <lb n="280"/><p><span>Áthraighe Iarainn agus</span> <lb n="281"/><span>Stáin.</span></p> <lb n="282"/> <lb n="283"/><p><span>Arán, Min, Plúr, Té</span> <lb n="284"/><span>agus Biotáile.</span></p> <lb n="285"/> <lb n="286"/><p><span>SEÁN Ó RIADA,</span> <lb n="287"/><span>An tSráid Mhór,</span> <lb n="288"/><span>Cill Áirne.</span></p> <lb n="289"/> <lb n="290"/><p><span>An Mhin Choirce is fearr blas agus is</span> <lb n="291"/><span>mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA</span></p> <lb n="292"/> <lb n="293"/><p><span>MÍCHEÁL Ó CAOIMH, a dheinean,</span> <lb n="294"/><span>i Maghchromtha.</span></p> <lb n="295"/> <lb n="296"/><p><span>Scríobh chuige</span></p> <lb n="297"/> <lb n="298"/><p><span>Bíd na rudaí seo ar fheabhas againn-ne —</span></p> <lb n="299"/> <lb n="300"/><p><span>ÍM, UIBHE & SICÍNÍ.</span></p> <lb n="301"/> <lb n="302"/><p><span>SIOPA LÓIN UÍ DHONOBHÁIN,</span> <lb n="303"/><span>47 Sráid a' Phrionnsa, CORCAIGH.</span></p> <lb n="304"/> <lb n="305"/><p><span>SEAN-FHOCAIL NA</span> <lb n="306"/><span>MUIMHNEACH.</span></p> <lb n="307"/> <lb n="308"/><p><span>“An Seabhac” do bhailigh.</span></p> <lb n="309"/> <lb n="310"/><p><span>MUCA:</span></p> <lb n="311"/> <lb n="312"/><p><span>1 — Is cuma nú muc duine gan seift.</span> <lb n="313"/><span>Ní bhíonn gliocas ar bith i muic.</span></p> <lb n="314"/> <lb n="315"/><p><span>2 — Má bheireann tú ar mhuic beir ar</span> <lb n="316"/><span>chois uirthi.</span></p> <lb n="317"/> <lb n="318"/><p><span>.i. Ar chois tosaigh. Sin é an tslígh is fearr chun</span> <lb n="319"/><span>í chongbháil.</span></p> <lb n="320"/> <lb n="321"/><p><span>3 — Na muca ciúine itheann an mhin (nó</span> <lb n="322"/><span>an triosc.)</span></p> <lb n="323"/> <lb n="324"/><p><span>Is iad na daoine ciúine is mó dheineann saothar,</span> <lb n="325"/><span>nó toirmeasc.</span></p> <lb n="326"/> <lb n="327"/><p><span>4 — Muc i sac.</span> <lb n="328"/><span>Rud nach ceart do dhuine a cheannach.</span></p> <lb n="329"/> <lb n="330"/><p><span>5 — Péarlaí i gcluasaibh muc.</span> <lb n="331"/><span>Níor lúgha de mhuic í ná í bheith gan aon phéarla.</span></p> <lb n="332"/> <lb n="333"/><p><span>6 — Dá gcuirtheá síoda buidhe ar mhuic</span> <lb n="334"/><span>b'é binneas a béil gnúsacht.</span></p> <lb n="335"/> <lb n="336"/><p><span>Féach leat uimhir 5.</span></p> <lb n="337"/> <lb n="338"/><p><span>7 — Col an cholaigh le n-a mhucaibh féin.</span></p> <lb n="339"/> <lb n="340"/><p><span>Deirtear san le daoinibh a thabharfadh an droch-</span> <lb n="341"/><span>íde ar a muínntir féin a thabharfaidís ar chách eile. Ní</span> <lb n="342"/><span>bhíonn col ar bith ag an gcolach le n-a mhucaibh féin.</span> <lb n="343"/><span>Col .i. bacadh, cosc. Col pósta .i. giorracht gaoil</span> <lb n="344"/><span>idir fhear is mhnaoi.</span></p> <lb n="345"/> <lb n="346"/><p><span>8 — Coinnsias muice i ngarrdha.</span> <lb n="347"/><span>.i. Coinnsias a leigeann dí réabadh agus slad</span> <lb n="348"/><span>agus goid a dhéanamh gan chathú.</span></p> <lb n="349"/> <lb n="350"/><p><span>9 — Saill bhuidhe d'á cur ar dhruim muice</span> <lb n="351"/><span>méithe,</span></p> <lb n="352"/> <lb n="353"/><p><span>Nó:</span></p> <lb n="354"/> <lb n="355"/><p><span>10 — Ag cuimilt blonaige de dhruim (?)</span> <lb n="356"/><span>muice.</span></p> <lb n="357"/> <lb n="358"/><p><span>.i. Ag cur iomarca le flúirse.</span></p> <lb n="359"/> <lb n="360"/><p><span>11 — Má's maith í an chráin ní beag linn</span> <lb n="361"/><span>banbh d'á h-ál.</span></p> <lb n="362"/> <lb n="363"/><p><span>12 — Bean nó muc istoidhche.</span> <lb n="364"/><span>Sin é uair is fearr fhéachaid.</span></p> <lb n="365"/> <lb n="366"/><p><span>13 — Marbhuigheann solaoidí muc.</span> <lb n="367"/><span>.i. Bheith ag triail saighseanna bidh uirthi.</span></p> <lb n="368"/> <lb n="369"/><p><span>14 — Chuirfeadh sé muc ag aisiog.</span> <lb n="370"/><span>Rud gráineamhail.</span></p> <lb n="371"/> <lb n="372"/><p><span>15 — Ní banbh gan cró é.</span> <lb n="373"/><span>Ní duine é gan a thigh agus a áit féin aige.</span></p> <lb n="374"/> <lb n="375"/><p><span>16 — Is olc an banbh oscala agat é.</span> <lb n="376"/><span>Deirtear san i dtaobh duine go mbeifeá i bhfad</span> <lb n="377"/><span>ag déanamh cineáltais agus tairbhe dho, agus annsan</span> <lb n="378"/><span>d'iompochadh ort.</span></p> <lb n="379"/> <lb n="380"/><p><span>17 — Chómh dána le muic.</span></p> <lb n="381"/> <lb n="382"/><p><span>18 — Gréasaidhe, úcaire is muc,</span> <lb n="383"/><span>An triúr is sailche amuich.</span></p> <lb n="384"/> <lb n="385"/><p><span>19 — Peata leinbh, peata muice nó peata</span> <lb n="386"/><span>sagairt.</span> <lb n="387"/><span>.i. na peataí is deacra shásamh.</span></p> <lb n="388"/> <lb n="389"/><p><span>20 — Is dána bean ná muc.</span></p> <lb n="390"/> <lb n="391"/><p><span>21. — Do bhuaidh an bhean ar an muic,</span> <lb n="392"/><span>Is do bhuaidh an mhuc ar an aonach.</span></p> <lb n="393"/> <lb n="394"/><p><span>22 — Nár chaithidh an mhuc a laincis! (nó</span> <lb n="395"/><span>laincide).</span></p> <lb n="396"/> <lb n="397"/><p><span>Déarfaí é sin le bodach duine go mbeadh éadach</span> <lb n="398"/><span>síodamhail uasal air nár dhual do.</span></p> <lb n="399"/> <lb n="400"/><p><span>GABHAIR:</span></p> <lb n="401"/> <lb n="402"/><p><span>Ta gabhair i bhfad i n-Éirinn ach ní raibh</span> <lb n="403"/><span>aon mheas riamh ortha. Ní le mío-thairbhe a</span> <lb n="404"/><span>bhí droich-mheas ortha, óir do bhí tairbhe mór</span> <lb n="405"/><span>ionnta. Sé an cruth agus an déanamh a bhí</span> <lb n="406"/><span>ortha fé ndeara an scige a deintí fútha.</span></p> <lb n="407"/> <lb n="408"/><p><span>1 — Is deacair rogha a bhaint as dhá ghabhar</span> <lb n="409"/><span>chaocha.</span></p> <lb n="410"/> <lb n="411"/><p><span>2 — Nuair a théigheann an gabhar 'on</span> <lb n="412"/><span>teampall ní stadann go h-altóir.</span></p> <lb n="413"/> <lb n="414"/><p><span>3 — Is fearr marcaidheacht ar ghabhar ná</span> <lb n="415"/><span>coisidheacht dá fheabhas.</span></p> <lb n="416"/> <lb n="417"/><p><span>4 — Is maith liom do bhainne, a ghabhair</span> <lb n="418"/><span>bhréin,</span> <lb n="419"/><span>Ach ní maith liom tú féin ná do dhath.</span></p> <lb n="420"/> <lb n="421"/><p><span>5 — Olann a bhaint de ghabhar nó iarraidh</span> <lb n="422"/><span>abhrais ar phocán.</span></p> <lb n="423"/> <lb n="424"/><p><span>.i. Rud nárbh' fhéidir a dhéanamh.</span></p> <lb n="425"/> <lb n="426"/><p><span>6 — Mara mbeadh agat ach pocán gabhair</span> <lb n="427"/><span>bí i lár an aonaigh leis.</span></p> <lb n="428"/> <lb n="429"/><p><span>.i. Pé gnó a bheidh le déanamh agat ná bíodh náire</span> <lb n="430"/><span>ná támáilteacht ort 'á dhéanamh.</span></p> <lb n="431"/> <lb n="432"/><p><span>7 — Tá an gabhar dubh 's a h-ál ann,</span> <lb n="433"/><span>An madra bán 's a chlann.</span></p> <lb n="434"/> <lb n="435"/><p><span>.i., Níl aoinne ann. Ní “ál” ná “clann” a</span> <lb n="436"/><span>bhíonn ag gabhar ná ag madra.</span></p> <lb n="437"/> <lb n="438"/><p><span>8 — Táiliúir, píobaire is gabhar,</span> <lb n="439"/><span>An triúr is aeraighe ar domhan.</span></p> <lb n="440"/> <lb n="441"/><p><span>9 — I n-adhairc ghabhair.</span> <lb n="442"/><span>An áit i raghadh duine le scannradh.</span></p> <lb n="443"/> <lb n="444"/><p><span>10 — Mar adúbhairt an gabhar bacach —</span> <lb n="445"/><span>“Ní fheadar ciaca is fearr luas nó</span> <lb n="446"/><span>moilleas.”</span></p> <lb n="447"/> <lb n="448"/><p><span>11 — “Mar a chéile dhíbh,” a ndubhairt an</span> <lb n="449"/><span>gabhar le n-a chosa.</span> <lb n="450"/><span>.i. A dhá chois tosaigh.</span></p> <lb n="451"/> <lb n="452"/><p><span>12 — Is maith iad na gabhair lá na stoirm-</span> <lb n="453"/><span>each.</span></p> <lb n="454"/> <lb n="455"/><p><span>13 — Is fearr boighreán is bainne gabhar,</span> <lb n="456"/><span>ná dul go tigh an domhain dá mhéid.</span></p> <lb n="457"/> <lb n="458"/><p><span>Is fearr beagán ded' chuid féin ná dul le déirc.</span></p> <lb n="459"/> <lb n="460"/><p><span>(Tuille le Teacht.)</span></p> <lb n="461"/> <lb n="462"/><p><span>IRISLEABHAIR.</span></p> <lb n="463"/> <lb n="464"/><p><span>“Guth na Bliana.” (13 Sr. an Mhuilinn,</span> <lb n="465"/><span>Peairt, i n-Albain; 1/3 tríd an bpost gach</span> <lb n="466"/><span>ráithe). Tá sé cinn de aistíbh Gaedhilge</span> <lb n="467"/><span>ann agus ceithre aiste i mBearla. Is maith</span> <lb n="468"/><span>mar a thuigeann A.M.E. cúrsaí “Ár saigh-</span> <lb n="469"/><span>dearan 'gus am fearann” agus is fuinn-</span> <lb n="470"/><span>eamhail an saghas Gaedhilge atá aige. Tá</span> <lb n="471"/><span>cur-síos ag an bhfear eagair ar “A' Chríosd-</span> <lb n="472"/><span>acht agus an Cogadh” agus ní ró-chneasda</span> <lb n="473"/><span>an tuairim atá aige i dtaobh crábhthacht</span> <lb n="474"/><span>daoine áirighthe. Is iad nithe atá 'á lorg</span> <lb n="475"/><span>ag an “Guth” do mhuíntir na h-Alban 'ná</span> <lb n="476"/><span>— an Ghaedhilg, an talamh, agus páirliméid</span> <lb n="477"/><span>á gcuid féin. Go raib aca!</span></p> <lb n="478"/> <lb n="479"/><p><span>“The Scottish Review.” — An saghas</span> <lb n="480"/><span>céadna tuairime atá ag lucht an “Review”</span> <lb n="481"/><span>i dtaoibh feabhsú na h-Alban agus atá</span> <lb n="482"/><span>ag muíntir an “Ghutha.” Béarla ar fad</span> <lb n="483"/><span>atá ann, agus caint ann a chuirfeadh fear ó</span> <lb n="484"/><span>Chlár Luirc i ngeibheann na gcruadh-ghlas,</span> <lb n="485"/><span>dá n-abradh sé a leath! Ó'n oifig chéadna</span> <lb n="486"/><span>do'n “Scottish Review” is do'n “Ghuth”</span> <lb n="487"/><span>agus chómhfhiacha dhóibh.</span></p> <lb n="488"/> <lb n="489"/><p><span>S. T.</span> <lb n="490"/></p> </div> <pb n="3"/> <div><lb n="491"/><p><span>FzzzzzFil.</span></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services