Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lughnasa, 1916

Title
Lughnasa, 1916
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1916
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Lóchrann



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh a 5. LUGHNASA 1916. PINGINN A FHIACHA.



AN MADARUADH & AN CHRUTHÓG
LIATH.



Sa tsean-aimsir bhí madaruadh agus
cruthóg liath 'na gcomhnaidhe i n-aon choill
amháin. Bhíodar ana-mhuinnteardha le n-a
chéile & théigheadh an bheirt aca i dteannta
'chéile is gach aon áit agus do roinnidís le
chéile pé rud a mharbhuighidís. Ar an tsligh
sin bhí saoghal breagh acu araon mar bhí
ceann aca chómh maith leis an tarna duine
chun rud a sholáthar. Nuair a raghadh an
madaruadh ag goid aon nídh bheadh an chruth-
óg liath anáirde ar chrann ag faire dhó, agus
nuair a chífeadh sé an duine ag teacht
scaoilfeadh sé “gráig” as agus chuirfeadh
an madaruadh an talamh de go tapaidh.



Aon lá amháin dúbhairt an madaruadh leis
an gcruthóig go raibh leisce air féin agus
go mbeadh sé ana-bhuidheach di ach dul agus
greim éigin le n-ithe a sholáthar do. D'imthigh
sí agus ní fada bhí sí imthighthe nuair tháinig
sí arís agus dubhairt sí leis teacht léi
tamaillín beag. Do stadadar cois chlaidhe
bóthair agus chonncadar gearrchaille chúcha
agus beiste ime ar a ceann aici ag dul ar
an margadh 'á dhíol. Do phreab an chruthóg
liath amach ar an mbóthar roimpi agus leig
sí uirthi go raibh a cos briste. Nuair a
chonnaic an ghearrchaille í chuir sí an beiste
ar an gclaidhe agus siúd i ndiaidh an éin í.
Bhí an chruthóg liath ag imtheacht ar “cosa-
bacóid” roimpi amach agus a dhá sciathán ar
leathadh aici agus cheap an ghearrchaille go
raibh greim aici uirthi gach aon nóimeat.



An fhaid a bhí san ar siubhal bhí an mada-
ruadh ag ithe an ime ar a shuaimhneas agus é
ag baint sásamh a chroidhe as 'á scaoileadh
siar 'n-a scórnaigh. Bhí an ghearrchaille ag
leanamhaint ar an gcruthóig agus bhí sí sin
ag iúnfhairt léi cúpla slat roimpi amach.
Chuireadar píosa maith bóthair díobh sa tsligh
sin go dtí go raibh lán a bhuilg d'im ithte
ag an madaruadh agus gur chuaidh sé i
ndiaidh na beirte bhí imthighthe an bóthar.
Nuair a chonnaic an chruthóg é sin d'éirigh
sí sa spéir agus d'fhág sí an ghearrchaille
bocht ag féachaint beal-oscailte n-a diaidh.
D'fhill an chruthóg ar an mbeiste agus an
rud nár ith an madaruadh d'ith sise é.



Annsan nuair a bhí a mbolg lán aca chuimh-
nigheadar ar spórt éigin a chur ar siúbhal
chun an lá a chaitheamh. Bhí fir ag baint
phrátaí agus bhíodar ag obair leó nuair a
thúirlig an chrúthóg ar cheann duine aca.
Chonnaic duine eile í agus thug sé fúithe le
práta agus bain sé an hata de'n iarracht
san de'n duine go raibh an chruthóg air.



“B'fhearra dhuit cur uait,” arsa fear a'
hata.



Níor thóg an fear eile aon cheann do mar
bhí sé ag faire ar an gcruthóig ag teacht
anuas ar an bhfear céadna arís. Ní raibh sí
ar a cheann i gceart nuair a thóg sé práta
eile agus bhuail sé an fear céadna i gcúl
an chinn leis.



“Dubhart leat stad agus ní dhéanfá,”
arsan fear a buaileadh ag tabhairt fé'n
bhfear a chaith an práta agus 'á leagadh. Seo
chúcha na fearaibh eile agus bhuail gach
aoinne aca dorn ar son a dhuine féin gan a
fhiafraighe cad é cúis na troda i sligh is go
raibh sé 'n-a bhrúscar eatortha. Sar ar
stadadar bhíodar tinn go maith agus an
madaruadh agus an chruthóg ag briseadh a
gcroidhe le h-áthas.



Níor sheasaimh an biadh maith san dóibh i
gcómhnaidhe. Bhídís ar chaol-chuid go minic.
Insan am san bhí nead ag an gcruthóig agus
a lán gearrcach aici. Aon lá amháin bhí
ocras ar an madaruadh agus tháinig dúil
aige 'sna gearrcaigh agus d'ith sé iad nuair
a bhí an mháthair amuich. Nuair a tháinig sí
ní raibh aon ghearrcach roimpi, agus bhí fhios
aici go maith cad d'imthig ortha. Níor leig
sí aon nídh uirthi os comhair an mhadaruaidh
ach dubhairt sí léi féin go mbeadh sásamh
aici as lá éigin.



Bhí fear i n-aice na h-áite go raibh cú aige
agus mheas sí dá mb' fhéidir léi an mada-
ruadh a thabhairt léi go dtí an tig sin go
marbhochadh an chú é. Dúbhairt sí leis lá go
raibh scata breagh de ghéanna reamhra a bhí
lán d'fheoil agus de bhlonaig aige n-a leith-
éid seo (fear na con), agus dá dtéigheadh
sé 'á bhfuadach go raghadh sí féin anáirde ar
chrann ag faire dho. Bhí an madaruadh
sásta agus chuadar araon fé dhéin an tighe.
Bhí na géanna istig i mbothán ná raibh ach
leathdoras air. Nuair a chuaidh an mada-
ruadh isteach chúcha d'imthig an chrothóg liath
agus bhuail sí a gob ar fhuinneoig tighe an
fhir agus tháinig seisean amach agus an chú
le n-a chois. Scaoil sé an chú mhór bhán
'n-a dhiaidh agus siúd chun siubhail leo araon
agus pé áit a raghadh an madaruadh thioc-
fadh an chruthóg liath os a chionn anáirde ag
bualadh a sciathán agus gach aon “Bhác!
Bhác!” aici chun an chú ghéarú ar an mada-
ruadh bocht. Nuair a chonnaic an mada-
ruadh í os a chionn anáirde dúbhairt sé léi
cleas éígin a dh'imirt ar an madra, go raibh
sé ag dul dian air. Ar sise:



“A mhaidrín mhealltaigh,
Fé mar d'ithis-se mo chlann-sa
Sín do dhrom leis an gcoin mbáin.”



Tar éis cúrsa mór reatha d'imthigh an
madaruadh ó'n gcoin agus do shroich sé a
phruais slán. Nuair a dh'imthigh an saothar
de bhí se 'á chur tré n-a chéile 'n-a aigne
cionnus a dhíolfadh sé an comhar leis an
gcruthóig agus í mharbhú.



Fé dheire chuimhnig sé ar sheift. Lá breagh
gréine shín sé é féin bolg anáirde fé chrann
i n-áit a raibh fhios aige go bhfeicfeadh an
chruthóg é. Ní raibh sé i bhfad ann nuair
thúirlig sí anuas air, agus bhí sí díreach chun
an tsúil a phriocadh as nuair a rug sé ar
scrugall uirthi.



“Anois atánn tú 'gam!” ar seisean.



“Á! ná mairbh me,” ar sise, “agus
gheobhad biadh arís duit.”



“Ní bhfaghair,” ar seisean, “mar déanfaidh
mé biadh dhíot féin.”



“Tóg suas do dhá lapa, mar sin,” ar sise
“chun buidheachas a bhreith le Dia 'dtaobh me
bheith le n-ithe agat.”



Tóg sé suas a dhá lapa ach ní thug sé
mórán buidheachais do Dhia mar bí an chruthóg
liath éirighthe sa spéir sara raibh fhios aige cá
raibh sé.



“Á!” ar seisean, agus é ag féachaint na
diaidh, “is mór mar a dheineas mo bhotún!
Mo mhíle mallacht ar aoinne d'athlochadh an
biadh go mbeadh sé taobh istigh de n-a chroic-
eann ar dtúis aige.”



Micheál Ó Siochfhradha, Baile an Ghóilín,
Daingean Uí Chúise.



PIAST LOCH A' CHAIRN.



“Trí dabhach óir,
Crann ceóil agus corn,
Atá fé lic ar a n-aghaidh ó thuaidh,
Idir an Sliabh agus Loch a' Chairn.”



Piast do labhair an rann san lá, agus
mar seo do thárla: —



Buachaill do tháinig tráth a triall ar
Suidhe Finn ar mhullach Chnoc a' Chairn i
gCairbre.



Chaith sé bliain 'na theannta. An chéad
rud fuair sé le déanamh nuair a bhí an
t-eolas fachta aige ó Fhionn ná dul a
treabhadh & móinfhéar le h-ais an locha .i.,
Loch a' Chairn.



Bhí droch phiast sa loch le fada, do mharbh-
uigheadh na Fianna. Níorbh fhada sa mhóin-
fhéar do'n bhuachaill nuair chonaic sé túng
(tonn) ag éirighe i lár a' locha, agus siúd
amach chuige an phiast. Níor dhein sé ach iall
bhróige do tharac dá bhróig agus do chrotha,
agus do dhein claidheamh di; agus bhuail an
phiast agus dhein dhá leith dhi.



Shnáimh sí n-a dhá cuid ar ais chun an locha,
ach sul a ndeaghaidh sí fé uisge dúbhairt sí
an rann san.



(Siar ó thuaidh ó Ros Ó gCairbre atá Cnoc a'
Chairn, agus an loch beag ag a bhun. Deireadh daoine
go raibh Pádruig Naomhtha ar an gcnoc san, ach má
bhí féin, bhí Fionn ann roimhe agus an phiast curtha
chun siubhail ag a bhuachaill aimsire.)



Lorga liath-bhán do sholáthair.


L. 2


CIARRAIDHE.



Tá Éadach ón mbothán agus Éadach Gaedhealach
eile igcóir culaithe:



SÚSAÍ, CAIPÍNÍ agus HATAÍ
ag
MICHEÁL Ó MUIRCHEARTAIGH,
An Cheárnóg, Cíll Áirne.



Má théighir go Cill Áirne, cuir fút i
dTIG ÓSTA UÍ IFEARNÁIN,
KENMARE PLACE.



An tig is fearr le Gaedhealaibh.



Ní bítear dian san éileamh ann.



Tá sé igcómhgar an stásiúin ach leanamhaint
ort i leith na láimhe clé.



AN T-EMPÓRIUM,
le
M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC,
CILL ÁIRNE.



ÉADATHÓIRÍ MAITHE
Tá le fághail uatha;



Lása Gaedhealach de'n déanamh & de'n phatrún
is órnáidighe amuich agus saothar lámh is
eadh gach órlach de.



Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt
datha.



Ciarsúirí de'n Línéadach Cheart Ghaedhealach is
a lán saghas eile línéadaigh atá oireamhnach
do ghnóthaí tighe agus i nÉirinn do deineadh.



Carabhataí de'n Phoiplín Ghaedhealach ar gach dath
is ar gach gné datha.



Bróga is buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach
(Muintir Winstanlí & Mac Gabharnaigh a
dheinean.)



Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr
agus flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do
deineadh.



TIGH ÓSTA UÍ GHLASÁIN,
Sráid na nÁirne, Cill Áirne.



Daoine gur mian leo Aoibhneas Locha Léin d'feisint
gan ró-chostas, gheobhaidh siad gach ní ar a dtoil sa
Tigh Ósta so. Leabaidh, Breicfeast, Dinnéar, Té
agus Freastal ar 5/- sa ló.



BRÍD NÍ GHLASÁIN, Bean an Tighe.



SÍOL agus LEASÚ'



don bhfeirm nó don gháirdín.



Áthraighe Iarainn agus
Stáin.



Arán, Min, Plúr, Té
agus Biotáile.



SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
Cill Áirne.



An Mhin Choirce is fearr blas agus is
mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA



MÍCHEÁL Ó CAOIMH, a dheinean,
i Maghchromtha.



Scríobh chuige



Bíd na rudaí seo ar fheabhas againn-ne —



ÍM, UIBHE & SICÍNÍ.



SIOPA LÓIN UÍ DHONOBHÁIN,
47 Sráid a' Phrionnsa, CORCAIGH.



SEAN-FHOCAIL NA
MUIMHNEACH.



“An Seabhac” do bhailigh.



MUCA:



1 — Is cuma nú muc duine gan seift.
Ní bhíonn gliocas ar bith i muic.



2 — Má bheireann tú ar mhuic beir ar
chois uirthi.



.i. Ar chois tosaigh. Sin é an tslígh is fearr chun
í chongbháil.



3 — Na muca ciúine itheann an mhin (nó
an triosc.)



Is iad na daoine ciúine is mó dheineann saothar,
nó toirmeasc.



4 — Muc i sac.
Rud nach ceart do dhuine a cheannach.



5 — Péarlaí i gcluasaibh muc.
Níor lúgha de mhuic í ná í bheith gan aon phéarla.



6 — Dá gcuirtheá síoda buidhe ar mhuic
b'é binneas a béil gnúsacht.



Féach leat uimhir 5.



7 — Col an cholaigh le n-a mhucaibh féin.



Deirtear san le daoinibh a thabharfadh an droch-
íde ar a muínntir féin a thabharfaidís ar chách eile. Ní
bhíonn col ar bith ag an gcolach le n-a mhucaibh féin.
Col .i. bacadh, cosc. Col pósta .i. giorracht gaoil
idir fhear is mhnaoi.



8 — Coinnsias muice i ngarrdha.
.i. Coinnsias a leigeann dí réabadh agus slad
agus goid a dhéanamh gan chathú.



9 — Saill bhuidhe d'á cur ar dhruim muice
méithe,



Nó:



10 — Ag cuimilt blonaige de dhruim (?)
muice.



.i. Ag cur iomarca le flúirse.



11 — Má's maith í an chráin ní beag linn
banbh d'á h-ál.



12 — Bean nó muc istoidhche.
Sin é uair is fearr fhéachaid.



13 — Marbhuigheann solaoidí muc.
.i. Bheith ag triail saighseanna bidh uirthi.



14 — Chuirfeadh sé muc ag aisiog.
Rud gráineamhail.



15 — Ní banbh gan cró é.
Ní duine é gan a thigh agus a áit féin aige.



16 — Is olc an banbh oscala agat é.
Deirtear san i dtaobh duine go mbeifeá i bhfad
ag déanamh cineáltais agus tairbhe dho, agus annsan
d'iompochadh ort.



17 — Chómh dána le muic.



18 — Gréasaidhe, úcaire is muc,
An triúr is sailche amuich.



19 — Peata leinbh, peata muice nó peata
sagairt.
.i. na peataí is deacra shásamh.



20 — Is dána bean ná muc.



21. — Do bhuaidh an bhean ar an muic,
Is do bhuaidh an mhuc ar an aonach.



22 — Nár chaithidh an mhuc a laincis! (nó
laincide).



Déarfaí é sin le bodach duine go mbeadh éadach
síodamhail uasal air nár dhual do.



GABHAIR:



Ta gabhair i bhfad i n-Éirinn ach ní raibh
aon mheas riamh ortha. Ní le mío-thairbhe a
bhí droich-mheas ortha, óir do bhí tairbhe mór
ionnta. Sé an cruth agus an déanamh a bhí
ortha fé ndeara an scige a deintí fútha.



1 — Is deacair rogha a bhaint as dhá ghabhar
chaocha.



2 — Nuair a théigheann an gabhar 'on
teampall ní stadann go h-altóir.



3 — Is fearr marcaidheacht ar ghabhar ná
coisidheacht dá fheabhas.



4 — Is maith liom do bhainne, a ghabhair
bhréin,
Ach ní maith liom tú féin ná do dhath.



5 — Olann a bhaint de ghabhar nó iarraidh
abhrais ar phocán.



.i. Rud nárbh' fhéidir a dhéanamh.



6 — Mara mbeadh agat ach pocán gabhair
bí i lár an aonaigh leis.



.i. Pé gnó a bheidh le déanamh agat ná bíodh náire
ná támáilteacht ort 'á dhéanamh.



7 — Tá an gabhar dubh 's a h-ál ann,
An madra bán 's a chlann.



.i., Níl aoinne ann. Ní “ál” ná “clann” a
bhíonn ag gabhar ná ag madra.



8 — Táiliúir, píobaire is gabhar,
An triúr is aeraighe ar domhan.



9 — I n-adhairc ghabhair.
An áit i raghadh duine le scannradh.



10 — Mar adúbhairt an gabhar bacach —
“Ní fheadar ciaca is fearr luas nó
moilleas.”



11 — “Mar a chéile dhíbh,” a ndubhairt an
gabhar le n-a chosa.
.i. A dhá chois tosaigh.



12 — Is maith iad na gabhair lá na stoirm-
each.



13 — Is fearr boighreán is bainne gabhar,
ná dul go tigh an domhain dá mhéid.



Is fearr beagán ded' chuid féin ná dul le déirc.



(Tuille le Teacht.)



IRISLEABHAIR.



“Guth na Bliana.” (13 Sr. an Mhuilinn,
Peairt, i n-Albain; 1/3 tríd an bpost gach
ráithe). Tá sé cinn de aistíbh Gaedhilge
ann agus ceithre aiste i mBearla. Is maith
mar a thuigeann A.M.E. cúrsaí “Ár saigh-
dearan 'gus am fearann” agus is fuinn-
eamhail an saghas Gaedhilge atá aige. Tá
cur-síos ag an bhfear eagair ar “A' Chríosd-
acht agus an Cogadh” agus ní ró-chneasda
an tuairim atá aige i dtaobh crábhthacht
daoine áirighthe. Is iad nithe atá 'á lorg
ag an “Guth” do mhuíntir na h-Alban 'ná
— an Ghaedhilg, an talamh, agus páirliméid
á gcuid féin. Go raib aca!



“The Scottish Review.” — An saghas
céadna tuairime atá ag lucht an “Review”
i dtaoibh feabhsú na h-Alban agus atá
ag muíntir an “Ghutha.” Béarla ar fad
atá ann, agus caint ann a chuirfeadh fear ó
Chlár Luirc i ngeibheann na gcruadh-ghlas,
dá n-abradh sé a leath! Ó'n oifig chéadna
do'n “Scottish Review” is do'n “Ghuth”
agus chómhfhiacha dhóibh.



S. T.


L. 3


FzzzzzFil.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services