Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Meithimh, 1916
Title
Meithimh, 1916
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1916
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uim. 3. MEITHIMH, 1916. Pinginn a Fhiacha. AN GARSÚINÍN GLIC. Bhí Piaras Mac Gearailt ag siúbhal an bhóthair go doich maidin agus chonnaic sé garsún i n-áirde ar chrann ubhall. "An ag bhaint ubhall fiadhain é, a gharsúin?" arsa Piaras. "I maithte má's fiadhain iad," arsan garsún, "is socair a fhanaid liom-sa." "Gluais leat," arsa Piaras leis," is breagh liom do chainnt." Bhíodar araon ag déanamh ar thigh feir- meora agus ní raibh aoinne le feicsint thimcheall na h-áite agus an doras gan oscailt aca. Labhair Piaras arís. "An gan éirighe atáid so fós?" ar sé. "Oighrí!" arsan garsún,"go bhfeuchaidh Dia ort, tá oiread oighrí aca súd agus nach féidir leo déanamh dá leath." Chuadar isteach sa tigh agus dh'airigh Piaras bean ag éagcaoineadh ar an leabadh. "An tinn atá an bhean úd, a ghar- súin?" "'Seadh," ar sé, "tá sí ag gol an gháire a bhí anuiridh aici." Bhí an garsún gan aon bhróga air agus dubhairt Piaras gurbh é an truagh garsún dá leithéid bheith cosnochtaidhthe agus d'árduigh sé leis go dtí gréas- aidhe é. "'Seadh, anois, a gharsúin," arsa Piaras, innis do'n ghréasaidhe dé'n saghas bróga do thaithneochadh leat. Labhair sé leis an ngréasaidhe. "Cuir do bháltha go láidir díreach léi, Bíodh do shnátha táidhte buidhe le céir, Bíodh na sála sásta díreach caol Is í neamh-spleadhach de ráidhtibh daoine an tsaoghail." Thug Piaras raol dó agus dubhairt go dtabharfadh sé raol eile dhó an chéad áit a gcasfaidhe le n-a chéile arís iad. Ghaibh an garsún a bhuidheachas leis agus d'fhágadar slán ag a chéile. 'Sé an bóthar thug Piaras air, agus ní fada chuaidh sé nuair cé chídhfeadh sé 'na sheasamh roimhe amach ach an bioránach céadna. "Idhe!" arsa Piaras, "nach tú san arís? Cad thug annso tú arís?" "Ní h-iongnadh dhom," arsa sé, "nach bog an tslighe san dom chun raol do thuilleamh." Sin é uair a chuimhnigh Piaras ar a gheallamhaint agus fuar an garsún an raol uaidh. "Bí ag imtheacht leat go dtí an scoil anois," arsa Piaras, agus d'imthigh. Ar an mbóthar dó chun na scoile cé chasfaidhe leis ar mhuin capaill ach sag- art an pharóiste. "An bhfeadair tú dhom, a gharsúin," arsan sagart, "cá bhfuil Cúl na nGabhar annso." "Tá's go maith," arsan garsún. "Dé'n áit?" arsan sagart. "Taobh thiar dá n-adharcaibh 'athair," arsan garsúin, agus isteach thar claidhe leis. Bhí an sagart ag feuchaint air." Ho, Hó, arsan sagart, "bíodh geall gur mac do Mháire Mhaol tú." "'Seadh, cheana mhaise," arsan garsún, "is dócha go raibh adharca ar do mháthair-se." Bhí sé i bhfad sa lá nuair a bhuail sé an scoil agus siúd chuige an maighis- tir ag baint seanncaim de. "Dé chúis duit bheith chomh déidheannach, a dhailthín?" arsan maighistir. "Bhí mé ag taidhreamh a mhaighistir agus d'eulaig an mhaidin uaim." "Ar mhisde a fhiafruighe dhíot cad air a bhí tú ag taidhreamh." "Shíl mé," arsan garsún, "go rabhas thíos i nIfreann." "Ó Dia lem' anam! 'seadh mhaise i nIfreann!" "I nIfreann mhaise!" arsan garsún. "An bhfaca tú aoinne ann a raibh aithne agat air?" "Ní morán é mhaise," arsan garsún, "maighistirí scoile ba dhóigh liom ar fad a bhí ann." "An bhfaca tú mise ann?" ar sé. "Bhel ní fhaca mé, mhaise, ach mara bhfaca mé chonnaic mé do thrúnc ann agus t-ainm agus do shloinne air. Is dócha go bhfuil coinne leat aon lá ann anois." Tomás de Bhial, Dún Garbhán. COSA BUIDHE ÁRDA DO'N AOS ÓG. BEIDH RÍL AGAINN. Fonn: "Billí Ó Ruairc an Buachaill" (nó "Shoddy Genteel.") Beidh ríl againn, Beidh ríl againn, Beidh ríl againn Dé Domhnaigh; Beidh ríl againn Ar thaobh an chnuic— Is an cailín deas 'á foghluim. Táim i ngrádh le cailín deas; Táim i ngrádh gan domhta; Táim i ngrádh le cailín deas Is pósfad í Dé Domhnaig. Beidh ríl againn, beidh ríl againn, Beidh ríl againn Dé Domhnaigh; Beidh ríl againn ar thaobh an chnuic— Is an cailín deas 'á foghluim. GHEOBHAIR, GHEOBHAIR, A CHAILÍN. Fonn: "An Smachdaoin Crón" (nó "An Heather Glen.") Gheobhair é, gheobhair é, a chailín, Gheobhair é, a chailín, gheobhair; Gheobhair é, gheobhair é, a chailín, Lán do chaintín d'ór. Óró, ró, mo chailín Cara mo chroidhe, mo chailín: Óró, ró, mo chailín, Mo rún 's mo mhíle stór. Gheobhair é, gheobhair é, a chailín, Gheobhair é, a chailín, gheobhair; Gheobhair é, gheobhair é, a chailín, Gúna 'n phlainín nódh. Óró, ró, mo chailín Cara mo chroidhe, mo chailín: Óró, ró, mo chailín, Mo rún 's mo mhíle stór. Gheobhair é, gheobhair é, a chailín, Gheóbhair é, a chailín, gheobhair; Gheobhair é, gheobhair é, a chailín, Bróga is stocaí leó. Óró, ró, agus rl. Gheobhair é, gheobhair é, a chailín, Gheobhair é, a chailín, gheobhair, Gheobhair é, gheobhair é, a chailín, Rinnce is teallí hó. Óró, ró, agus rl.
SEAN-FHOCAIL NA MUIMHNEACH. "An Seabhac" do bhailigh. 24 — Táiliúirí, scríobhnóirí is cuit, sin triúr ná h-oibrigheann gan chruit. 25 — Trí ruda nach ceart d'fhear bheith d'á n-uireasbhadh: cat, simné agus bean- tíghe. 26 — Trí neithe ná réidhtigheann le chéile: beirt bhan pósta i n-aon tigh, dá chat os cionn aon luiche, beirt fhear i ndiaidh aon óg-mhná. 27 — Dhéanfadh sé cat is dá earball. Adeirtear é sin le duine a bhíonn ag maoidheamh as féin. nuair a bhí an Gobán Saor n-a fhear óg chuaidh sé lá ar lorg oibre. fuair sé obair .i. aire thabhairt do cheardchain an fhaid a bheadh na daoine ag ithe dinnéir. "Cad a bhead-sa a dhéanamh go dtagaidh sibh?" arsan gobán. "cat is dá earball!" arsan fear leis le droch-mheas air. nuair thánadar tar n-ais bhí an cheardcha lán de chataibh dá earball. 28 — Aghaidh na mbó ar an macha agus súil na gcat ar an luaith. (Féach leat "Ba," Uimh. 2.) 29 — Bás na gcat san Earrach chughat! Bás de'n tart ceal bainne. Sin mallacht. 30 — Go n-ithidh an cat tú, is go n-ithidh 'n diabhal an cat! Sin mallacht eile. 31 — Chómh marbh le cat. Bheadh sé marbh go maith nó éireochadh sé arís. 32 — Dá mbeadh ba ag an gcat do pósfaí é. (Féach leat "Ba," Uimh. 34). MADRAÍ, GADHAIR AGUS COIN: 1 — B'fhearra dhuit madraí an bhaile ag lútáil ort ná aon mhadra amháin ag amhastraigh ort. .i. Bíodh nach mór an tairbhe cáirdeas daoine suaracha is lugha ná san an tairbhe a naimhdeas. 2 — Ní baoghal duit an madra a sgeamh- faidh ort. Sé an duine a dhéanfadh díoghbháil ós íseal duit an duine díoghbhálach. 3 — Congaibh an cnámh agus leanfaidh an madra thu. Geall breab do dhroch-dhuine. 4 — Nuair a bheidh do lámh i mbéal an mhadra tarraing go réidh í. 5 — Ná bac aoinne go mbíonn a lámh i mbéal an mhadra aige. "Lámh i mbéal an mhadra" .i. duine bheith i ngreim chruaidh. 6 — Is maith an rud eagla a chur ar an madra. Ní h-ionann teagasc do san agus do "Míne fri garg." 7 — Tabhair droch-ainm ar ghadhar agus caithfidh gach aoinne cloch leis. 8 — Tabhair droch-ainm ar ghadhar agus leanfaidh sé dhe. Is sia mhaireann droch-chlú ná deagh-chlú ar dhuine. 9 — Meas madra ar a athair. Throidfeadh sé le n-a athair chomh fonnmhar agus a dhéanfadh le h-aon mhadra eile. 10 — Ag losg a mhadra is gan fios a dhatha aige. Duine a bheadh ag déanamh ruda agus gan a fhios go ró chruinn aige cad a bheadh ar siubhal aige. 11 — Is fearr madra beó ná leomhan marbh. 12 — Is dána gach madra 'na atrainn féin, nó "I ndoras a thighe féin," nó "Ar a charn aoiligh féin." 13 — Rith an mhadra chun na falluinge. .i. mar a mbeadh sé go seascair, sámh 'na luighe. 14 — Is minic cnámha móra ag droch- mhadra. 15 — Cuid an mhadra bhig. An chuid d'fhágfadh an madra mór 'na dhiaidh. 16 — Dálta madra an dá cháis, nó 17 — Ní thagann rith agus amhastrach leis. .i. Ní féidir do mhadra bheith ag rith agus ag sceamhghail. Ní féidir bheith ag feadghail agus ag ithe mine. 18 — Ag imtheacht agus a earball tré na ghabhal aige. .i. Mar do bheadh madra go mbeifí chun greadadh a thabhairt do i dtaobh mí-iomchair. 19 — Annsúd do báthadh a choileáin. Má chítear duine i n-áit áirighthe go rígh-mhinic deirtear é sin leis. Is gnáth le madra teacht go minic go h-áit i mbáithtear na coileáin a bhíonn aici. 20 — An té bhuailfeadh mo mhadra, buail- eadh mé féin. .i. Ag iarraidh cúise chun troda, mar adubhairt Toirdhealbhach Láidir: "Hurú! Cia bhuailfeadh mo mhadra? "Hurú! Cia stracfadh mo chába? "Hurú! Cia déarfadh nách gaige me? 'S gurab airm dom Toirdhealbhach Láidir!" 21 — Drannadh madra nó gáire Sasan- naigh. Ní ionntaoibh iad. 22 — I gcosaibh con bhíonn a cuid, nó, I gcosaibh con bhíos a cuid, Deirim leat, a dhuine ghlic, Sean-fhocal 's é fíor — Ní gnáth siubhal síor seisc. 23 — Is fearr an chú bhíonn ar siubhal ná an chú bhíonn 'na lúib. .i. Sínte 'na lúib 'na codladh. 24 — Is minic cú mall sona. .i. Is minic a bheir sí ar an ngirrfhiadh. 25 — Is olc an chú nach fiú í fead a leigean uirthi. 26 — Bád gan stiúir nó cú gan earball. Ní bhíonn feidhm ná maith ionnta. 27 — Aithnigheann na coin croiceann a chéile. 28 — Coileán an charbaill duibh an t-adhbhar gadhair is fearr. 29 — I ndeire a gcoda 'seadh throidid na coileáin. Bíonn gach ceann aca d'iarraidh na coda deiridh a bheith aige féin. 30 — Coileáin d'aon ál iseadh iad. .i. Is dual dóibh bheith mar a chéile. 31 — Ní h-ionann aon-nídh agus comhrac an tsean-mhadra. FÓGRAÍ Tá Éadach ón mbothán agus Éadach Gaedhealach eile igcóir culaithe: SÚSAÍ, CAIPÍNÍ agus HATAÍ ag MICHEÁL Ó MUIRCHEARTAIGH, An Cheárnóg, CÍLL ÁIRNE. TIGH ÓSTA UÍ GHLASÁIN, Sráid na nÁirne, CILL ÁIRNE. Daoine gur mian leo Aoibhneas Locha Léin d'feisint gan ró-chostas, gheobhaidh siad gach ní ar a dtoil sa Tigh Ósta so. Leabaidh, Bricfeast, Dinnéar, Té agus Freastal ar 5/- sa ló. BRÍD NÍ GHLASÁIN, Bean an Tighe. Má théighir go CILL ÁIRNE, cuir fút i dTIG ÓSTA UÍ IFEARNÁIN, Kenmare Place. An tig is fearr le Gaedhealaibh. Ní bítear dian san éileamh ann. Tá sé i gcómhgar an stásiúin ach leanamhaint ort i leith na láimhe clé. AN T-EMPÓRIUM, le M. Ó SÚILEABHÁIN AGUS A MHAC, CILL ÁIRNE. ÉADATHÓIRÍ MAITHE Tá le fághail uatha: Lása Gaedhealach de'n déanamh agus de'n phatrún is órnáidighe amuich agus saothar lámh is eadh gach órlach de. Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt datha. Ciarsúirí de'n línéadach Cheart Ghaedhealach is a lán saghas eile línéadaigh atá oireamhnach do ghnóthaí tighe agus i nÉirinn do deineadh. Carabhataí de'n Phoiplín Ghaedhealach ar gach dath is ar gach gné datha. Bróga is Buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach (Muintir Winstanlí agus Mac Gabharnaigh a dheinean.) Brait Chlúdaigh (Rugana) de'n olainn is fearr agus flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do deineadh. An Mhin Choirce is fearr blas agus is mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA MÍCHEÁL Ó CAOIMH, a dheinean, I MAGHCHROMTHA. Scríobh chuige. Má tá aon FHEIS nó AERIDHEACHT dá cur ar bun agat, faigh do chuid póstéirí agus páipéir, agus rl. ó CHLÓCHUALUCHT "SEANDÚNA" (Clódóirí "An Lóchrainn"), 6 Sráid Riobáird, CORCAIGH. Bíd na rudaí seo ar fheabhas againn-ne — ÍM, UIBHE AGUS SICÍNÍ. SIOPA LÓIN UÍ DHONOBHÁIN 47 Sráid a' Phrionnsa, CORCAIGH. GHEOBHAIR LÉINE RÍ-MHAITH GHAEDHLACH (den éadach "Oxford" nó den bhflanellette agus STOCAÍ den uile shaghas sa tsiopa so. SEÁN Ó MURCHADHA, 2 Sráid an Chaisleáin, CORCAIGH. Tá CÓISTÍ AGUS MÓTAIR d'á ndeanamh againn-ne. Cuirimíd GLÉAS GÓMA (rubair) FÉ ROTHAÍ CÓISTE gan ró-mhoill. CROS agus a CHLANN MHAC, 18 agus 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), CORCAIGH.
MADRAÍ RUADHA: 1 — Chomh glic leis an madaruadh
. 2 — Níor chuir an madaruadh aoinne riamh amach dob' fhearr ná é féin. .i. Chun soláthair do. Deirtear san le daoinibh go mbíonn ainm rógaire ortha. 3 — Madaruadh dhá uair ní mealltar é. Ní mealltar dhá uair é sa tsligh chéadna. 4 — An madaruadh i mbun na gcearc. Fé chomairce a namhad aicionta. 5 — Dá fhaid a ritheann leis an mada- ruadh beirtear air
. 6 — Dálta an mhadaruaidh agus na silíní. Nuair nárbh' fhéidir leis iad d'fhagháil dubhairt sé go rabhadar searbh. 7 — "Arú! Nách é an fear é an báir- neach," mar adubhairt an madaruadh, nó "Arú! Nách tu an fear agam!" a ndubhairt an madaruadh leis an mbáirneach. Deirtear san le fear beag go mbíonn tóirtéis mhór ann. Madaruadh a chuaidh lá breagh ar an dtráigh. Bhí lag-tráigh ann. Chonnaic sé báirneach agus an sliogán árduighthe anáirde de'n chloich leis an ngréin. Chuir an madaruadh a theanga fé'n mbáirneach chun é bhaint de'n chloich. D'fháisc an báirneach anuas ar an dteangain agus do chongaibh an madaruadh bocht ann gur éirigh an taoide agus gur báthadh an madaruadh. Sular báthadh é dubhairt sé mar atá thuas. (Tuille le Teacht.) AR SGOIL SHEÁIN MHÁIGHISTIR Bhí duine des na seana mháighistrí scoile gur bh'ainm do Sean Ó Fogludha i bparróisde na Tuatha timchioll cheithre fichid bliadhain ó shoin. Seán Máighistir thugaidís air. Bhí sgoil aige i dtig fir des na Conchubharaigh ag Ceathramha na hÓmhan. Cathal na bó do bhí mar leas ainm air. Tháinig ana lá fearthainne i slighe is gur líon na h-aibhnte suas is gur sgéidheadar ós cionn na bport. Ní raibh aon droichid ar na h-aibhnte an uair sin agus ba shoilléir ná féadfadh na sgoláirí dul a bhaile. Bhí a lán des na sgoláirí go mbeadh ortha dul treasna na h-aibhnte seo chun dul a bhaile. Bhí Seán Máighistir i dteannta annsan i dtaobh cad dob fhearra do dhéanamh leis na sgoláiríbh i gcóir na h-oidhche. Do ghlaoidh sé ar Chathal agus do mhínigh sé an sgéal agus do chuireadar a gcómhairle i dteannta a chéile feuch- aint cad do dhéanfaidhe leó. Feirmeoir tábhachtach a b'eadh Cathal agus dúbhairt sé le Seán gan aon mhairg do bheith air is go dtabharfadh sé féin a ndóthain bídh dóibh má dhéan- fadh prátaí agus bainne a ndóthain an gnó. Dúbhairt Seán. go ndéanfadh agus do ghaibh sé a bhuidheachas leis. Annsan do ghlaodhuig Seán ar na leanbhaí is dúbhairt leo mar leanas: A scoláirí na scoile má leanann an bháisdeach Fanaidh go lá innso fé fhuithin ó'n síon Tá prátaí ar a mbaile agus gheó- bhaimíd ar cáird'iad Teine is corcán ó mhuintir a tighe. Ach ná bíodh an máighistir bhúr ndeasgaibh ghá nglacadh 's ghá soláthar Ag tabhairt focail as láimh uaidh chun cothuighthe dhíbh Ach bíodh lán burdóige de chnapaibh a ndorn gach páisde Nuair a thiocfaidh an cáirde chun Cathail do dhíol. Pádraig Thaidhg Ó Súiliolbháin, Cill Orglan. SEAN-AMHRÁIN AR CEAL. Seo im' dhiaidh liosta ainmneacha d'amh- ránaibh gur mhaith linn go gcabhrochadh ár lucht léighte linn chun iad a bhailiú ó sna sean-daoine, agus iad a chur ó bhaoghal báis i gcló sa "Lóchrann." Níl aon cheann aca slán againn, ach chomh luath agus a bheidh cuirfear i gcló é. Aoinne a gheobhaidh ceann aca no ceathramha de cheann, nó leath-cheathramha, cuiridís chugh- ainn é. Is beag ceann aca atá caillte ar fad, fós, agus gheobhthaí iad dá mbeadh an lucht cuarduigh go síor- dhúthrachtach, —
. 1 — "Páidín Ó Raithbheartaigh"; Líne dhe, "Lán a' tighe 'pháistí ag Páidín Ó Raithbheartaigh." 2 — "Nóra Chríonna"; l. "Corruigh do chos a Nóra Chríonna." 3 — "Síoda tá i d'Bhallet"; l. "Cean- nochaidh mé bhallet 'on mbuach- aill." 4 — "Ghamhainín Bán"; l. "Seo do chuid de'n bhainne dhuit, a ghamhainín bháin." 5 — "Stad arú Rógaire Stad, Stad!"; l. curfá, "Stad arú," agus rl. 6 — "Falaing ar mh'Fhalaing, Falaing Uí Mhuimhneacháin." 7 — "Leanbh an tSeanduine"; l. "Nigh a chosa, bog deoch do," agus rl. 8 — "bhFuil an Fear Mór istigh?"; l. "A chuirfeadh na bróinte rith." 9 — "An High Caul Cap." 10 — "Baile na Móna, Óró!"; (cuid de'n churfá é sin). 11 — "An Cailín Deas Donn"; l. "Óró, bog liom í 'n cailín deas donn." 12 — "Cearc is Coileach a dh'Imthigh le Chéile." 13 — Máire Bheag is í 'Béicigh." 14 — "Chughaibh í, Chughaibh í, 'Chailiní! Chugh- aibh í, Chughaibh í 'n Réice!" 15 — "Póiní 'n Leasa"; l. "Ar phósais fós, a Phóiní 'n Leasa?" 16 — "Bí Liom, Bí, nó Ná Bí"; l. "Seán Ó Néill an t-óigfhear groidhe." 17 — "Iasacht Meidre Meidre, Iasacht Meidre Bhrighde." 18 — "Plúirín na mBan Donn Ó!"; l. "Dá dtéightheá liúm-sa go Conntae Liathdruim." FÓGRAÍ Ó BHAILE ÁTHA CLIATH. agus ó ÁITEANNAIBH SÍOS AMACH anso. GNÓTHA TUAITHE AN RÁITHÍN. Níl san oifig seo againn-ne ach Gaedhilgeóirí amháin, agusíní bheidh. BIADH, OBAIR ADHMAID, LEABHARTHA, BRAIT ÚRLÁIR (Cairpéidí) agus gach aon chóir feirmeorachta le fághail uainn. TUAIM GRÉINE, CONDAE AN CHLÁIR agus SRÁID ÍOCH. BHAGÓID, a 50, BAILE-ÁTHA-CLIATH. COLÁISDE EOGHAIN UÍ CHOMHRAIDHE, Atá i gCorca Baiscin in Iarthar Chláir. Seisiún mí an Lughnasa, 1916. Cúrsaí speisialta le h-aghaidh Sagart agus Múinteoiri. Gheobhfar gach eolas ó Rúnaire an Choláisde, 2 Querin Villas, Baile na Coradh, Luimneach. CILL CHAOI, Condae an Chláir. DEAGHBHIADH agus SEOMRAÍ DEASA. Cuir leitir nó sranngscéala chun INGHEAN UÍ GHRÍOBHTHA, 23 Bóthar na Trágha, Cill Chaoí. IS MAITH AN PÁIPÉAR do'n duine óg nó do'n duine fásta: "OUR BOYS" Páipéar ar 1d. in aghaidh gacha mí. Bíon scéal Gaedhilge ann ó scéalaidhe maith, agus scéilíní deasa a bhaineann le stair- sheanchus na hÉireann. NA BRÁITHRE CRÍOSTAMHLA ATÁ IN A BHUN. Leabhair! Leabhair! Leabhair "Chúchulainn" agus Cairteana "Chúchul- ainn" chun Gaedhilge a mhúineadh. Táid go rí mhaith do scoilteacha Uladh agus Connacht. An Scoláire. Leabhair scoile do Lár na hÉireann. S. Ó Móráin agus C. Ó Raghalaigh do rinne. An Mháthair. Pádraic Mac Piarais, B.É., do scriobh. I mbliana a chlóbhuaileadh. 1/- a fhiacha; postas 3d. eile. Rannaire Naomh. "Tórna" do rinne. Gabhann comórtas dathaigheachta leis. 1/- a fhiacha; postas 3d. eile. Cnapaí Daithte, póstéirí feise; agus ticéidí in a gceirtlíní i gcóir lucht báire. CHLÓCHUALACHT DÚNDEALGAN (Dundalgan Press), DÚNDEALGAN (Dundalk). A GHAEDHILGEÓIRÍ! Abraidh le nbúr gcáirdibh i MEIRIOCA go bhfuil "AN LÓCHRANN" le fághail ag an IRISH INDUSTRIES DEPOT, 624 Madison Avenue, NEW YORK. Is go bhfuil gach aon saghas Earraí Gaedhlacha ar díol ann. Is le Connradh na Gaedhilge an siopa san.
AN LÓCHRANN. Páipéar don Ghaedhealtacht. Seán Tóibín Baile an Teampaill, i gCorcaigh an fear Gnótha. An Seabhac, i gCill Áirne An Fear Eagair. Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain. Dhá choip gach mí, tríd an bpost, ar 3/- sa bhliain. Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, agus c. is chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur. Scríobh chun "an Seabhac" i dtaobh nithe a bhainean leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní, agus c., do chur. Ó Cuill agus a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún agus a Chl.-Mhac, Áth Cliath Na Díoltóirí. Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis "An Lóchrann" san am gcéadna, cuir 16/- ag triall orainn agus cuirfimíd 12 chóip gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Déanfaidh "An Lóchrann" ana-mhaitheas sa Ghaedh- ealtacht, le congnamh Dé, go mórmhór i-nGaedhealtacht na Mumhan. Sinn-ne — Lucht an Lóchrainn. DO'N AOS ÓG. DUAISEANNA. Tá súil agam ná fuil sibh 'á dhearmhad go bhfuilim ag feitheamh le h-aistí uaibh i gcóir na duaise £1 sin. Níl cead ag aoinne os cionn fiche bliadhan d'aois aon aiste a scríobhadh ina chóir. Scaoilfead libh coicthigheas eile chun na h-h-aistí a chur chugam, .i. go dtí an 15adh lá de Mheitheamh. Ach pé rud a dhéanfaidh na h-h-aistí ná deinidh aon fhaillighe ag bailiú na scéalta agus na seanaimsireachta ó nbhur muinn- tir. Cuir chugam gach aon rud a gheobhaidh sibh agus luath nó mall cuirfear sa "Loch ann" é. Táim ana-bhuidheach do Shiobhán Ní Chléirigh a chuir scéal breagh fada chugham tamall ó shin agus de Shéamas Ó Caomháin ó Dhún Chaoin. Fuaireas dá scéilín deasa ó Bhrian Mac Cathbharraigh i gCorcaigh. Tá scéal aca 'á chur i gcló agam. Ba mhaith liom dá bhfaghainn eolas ar ionad chomhnaidhthe Bhriain sa Chathair. Táim tar éis scéal eile d'fhagháil anois ó Mhícheál Ó Siochfhradha ó Bhaile 'n Ghóilín, sa Daingean. Tá a lán scoileanna ná fuaireas aon scéala fós uatha. Cad mar gheall ar Pharóiste an Fhirtéaraigh agus na Cille agus Cille Cúáin. Bhíodh daoine fóghanta annsúd tráth agus ní fad' ó é; agus i nUibh Ráthach agus i mBéara agus i nUibh Laoghaire agus i gCorca Baiscne. Eirighidh, a chlann ó, ar son na Ghaedhilge agus ar son Éireann. Fear "An Lóchrainn." Litir a fuaireas: Acail Bheag, Co. Mhuigheo, 23-5-16. A Chara, Fuair mé do pháipéar indiu, agus is maith liom a rádh go dtaithnigheann sé liom go h-ana-mhaith. Creidim féin gur páipéar ana-mhaith é agus tá scéalta áluinne ann. Do gheobhainn é gach mí ach a bheag go bhfuil mo mhúinteoir 'ghá fhagháil gach mí agus gheibhim-se uaidh é. Sílim féin gurab é an páipéar is fearr é dá bhfuil ag teacht amach anois. Do chara buan, Seán Mac Giollabháin. NÍ LINN (ling) É ACH LEÓ. Bhí roinnt fear ó Luimneach. agus Ciarraigheach fir, ag dul ar aonach lá. D'fhanadar i dtigh sa tsráid an oidhche roimis an aonach. Bhí cailín an tighe ag gearradh éisc agus d'fhiafruigh duine de mhuinntir Luimnigh "Cad é an t-iasc é sin?" "Tá's agam-sa go maith," arsan Ciarr- aigheach, "is ling é." "Pé sa domhan fios atá agat," arsa fear ó Luimneach, "cuirfidh mé geall leat nach linn é." "Is ling é," arsan Ciarraigheach. "Ní linn é, ná pioc de," arsan fear eile. Chuireadar an geall. "Cia 'neosaidh dúinn é?" arsan Ciarraigheach "Ní gádh dhúinn aoinne 'á innsint dúinn," arsan fear eile." "Beidh fhios ag an gcailín." Nuair a bhí an t-iasc ullamh do thóig an cailín isteach insa seomra é go dtí muinntir a' tighe, le n-ithe. "Á!" arsan fear ó Luimneach go brónach, "is maith bhí fhios agam féin nár linn é, ach leo!" Domhnall Ó Buachalla d'innis do'n Athair T. de Bhál, Drom Collachair. AN DÁ ROILIG Fear a fuair bás i Múscraidhe agus d'éirigh connspóid idir a chairde gaoil i dtaobh ciaca roilig 'nar cheart é chur. Nuair a shroiseadar an crosbhóthar, lá na sochraide, do dhírigheadar arís ar an gconnpóid. Bhí aoinne amháin ortha agus ba shuarach leis an cuma 'na rabhadar chun a chéile. Saghas file ab' eadh an duine sin. "Seo chughainn an Sagart Paróiste," ar seisean, "agus cuirfead fé na bhragh- aid é, mar scéal." "Dein, má's eadh," arsan chuid eile. Do chuadar mar a raibh an sagart agus do labhair an file agus iseadh adubhairt: "Innis-se dhomh-sa, 'chléir, Ós tusa léigh na h-úghdair coir; Ciaca is giorra Flaitheas Dé Do Chill Créidhe nó do'n Domhnach Mór?" Do chuir san deire leis an aighneas agus do chuireadar an cosp sa roilig ba ghiorra dhóibh. P. Ó. Cruadhlaoich, MaghChromtha, d'innis. S. T. Trí nidh do bhaineann leis an gcrionnacht: Saint Clúmh agus Ingne. Trí bhéarsa is tiúin, Dóthain aon réice sa Mhumhain. Is buaine bladh na scríbhinn, Buaine scríbhinn na leabhair, Is buaine bladh na saoghal, Buaine ná daoine leabhair. FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH. DO LUCHT-DRÁMAÍ-A-LÉIRIÚ. Tá gach saghas éide, peribhicí, agus c., i gcóir drámaí go mór-mhór i gcóir Drámaí Gaedhealacha le fághail uainn-ne, ar iasacht. Níl 'oiread san de sna rudaí sin ag duine ar bith eile in Éirinn. PÁDRAIG Ó SÚILEABHÁIN agus a Chua., "Theatrical Outfitters," 38 SRÁID MHÓR SHEOIRSE, I gCORCAIGH A BHEAN A' TIGHE! Cad é an saghas plúir a bhíon agat? Is é an PLÚR "EAGLE," an plúr is tuíslinnighe i gcóir an tighe; agus an PLÚR "LION" is fearr do lucht-aráin-a-dhíol. Muíntir Mhic 'Ille Sheathanaich a dheinean i gCorcaig. GEO. SHAW & SONS, Muillean Sain Seán, i gCORCAIGH MÍCHEÁL DE RÓISTE, 60 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. Seodaidhe, Gabha geal, Déantóir súlghloiní agus Uaireadán. Tá 200,000 Barailí Plúir da dhéanamh in aghaidh gacha bliana ag T. Ó hAILEANÁIN agus a CHL. MHAC, Teo. Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann, agus Muileann Ghleanna Duileáin, Mainistir Fhearmuighe, Co. Chorcaighe. Sranngscéala: "Hallinan, Midleton." Guthán: 7 Cork; 1 Midleton. CRAOBH NA GAEDHEALTACHTA An t-aon Chraobh amháin ná fuil de chúram uirthi ach aire thabhairt do sna Ceanntracha Gaedhealacha. Má's duine thu a chuireann suim sa Ghaedheal- tacht, ba cheart duit bheith páirteach sa Chraoibh seo. Cuir leathchróinn ag triall ar Sparán- aidhe na Craoibhe, faithche Stiabhna 7, Baile Átha Chliath, agus beir id' bhall di go ceann bliadhna. CAD IS SLOINNE DHUIT? Tá comharthaí gacha fine le fághail ar Chártaí Daithte. Coats of Arms of the Irish Families Sciath, Círín agus Rosc Catha. Ceann mór fé fráma… 5/- Ceann beag fé fráma… 2/- Peictiúirí beaga deasa ar 2/6 a' ceann (Tá le fágháil gan fráma, leis, ar leath an airgid.) Neilí Ní Bhriain do rinne idir línidheacht agus dathú. Chun tairbhe Coláiste Eoghain Uí Chomhraidhe a raghaidh an t-airgead. Scríobh chun: NEILÍ NÍ BHRIAIN, Seomraí Páirc an Choláiste, i n-Áth Cliath.
SEÁN 'OCH SÉAMAIS. Bhí Seán, mac Rí Shéamais aige comh- thalán ceoil lá Domhnaigh, agus chonnaic sé óigbhean bhreagh ag déanamh air. Do sheasaimh sí suas len' ais agus chuir sí lámh 'na póca agus thug sí ubhall do Sheán. Rug sé ar an ubhall agus chuir sé 'na phóca é. Nuair a chonnaic an bhean óg nár bhlais sé an t-ubhall thug sí smut d' ubhall eile dho. Do bhí náire air annsan an smut a chur na phóca agus d'ith sé é. Nuair a chonnaic an bhean óg gur ith sé é d'fhág sí annsan é agus bhailibh sí léithe sa tsiubhal agus níor stad sí riamh ná choidhche gur chuaidh sí go dtí n-a h-áit comhnuighthe féin .i. go Carraig Chlíodhna. Ach b'éigeant do Sheán 'och Shéamais í leanamhaint (mar chuir sí draoidheacht air nuair a dh'ith sé an smut de'n ubhall) riamh is choidhche go dtí gur chuaidh sé go dtí an Charraig 'na diaidh. Annsan rug sí léithe isteach sa Charraig é chun comhnuighthe 'na fochair féin. Do bhí an Charraig fé dhraoidheacht agus bhíodh sí oscailte ó luighe gréine go h-éirghe gréine, agus dúnta ar feadh an lae. Ní raibh aon dul aige Séan ar í fhág- aint go ceann lae agus bliadhna agus mara mbeadh sé fuascailte fe'n am san chaithfeadh sé fanmhaint innti go deo. Maidean mhoch roim éirghe gréine do scaoil Seán leitir le gaoith as an gCarraig. Níorbh' fhada gur bhuail an leitir le fear a bhí ag aodhaireacht bha, agus do léig sé í. Sé bhí sa leitir go bhfuasclochadh aoinne de'n triúr ban é— an Déighbhean, Rós Caoldubh nó Mairín Dubh ó Iarthar Éireann. Do chuir an t-aodhaire an leitir go dtí Rí Séamas agus tháinigh Rí Séamas annsan go dtí Mairín Dubh. D'fhiafruigh sé dhi an raghadh sí 'á iarraidh go dtí Carraig Chlíodhna ach dubhairt sí leis ná féadfadh sí dul ann mar go raibh sí 'na luighe le feabhras. Do bhí gearra- chailín d' inghin aige Mairín agus dubh- airt sí go raghadh sí féin ann. "Tá eagla orm," arsan mháthair, "ná déan- fair a' bheart." "Is cuma liom," arsan gearra-chailín, "bainfidh mé triail as." Tháinig an mháthair annsan agus thug sí órdú culaith éadaigh a dhéanamh di agus nuair a bhí san déanta thug an mháthair léi sisiúr agus dhéin sí géiríocha (? ghearr- thadhacha) beaga de'n ngúna suas go dtí n-a chabhail. Sé an bun a bhí aici leis sin a dhéanamh chun go measfadh Clíodhna nuair a bheadh an ceol ag an éadach gurab í an ghaoth a bheadh ag déanamh uirthi. D'imthigh an cailín beag annsan agus níor stad sí riamh ná choidhche gur chuaidh sí go dtí Carraig Chlíodhna. Is amhlaidh do bhí Clíodhna roimpi ar an dtaobh amuich de'n gCarraig agus a cuid gruaige aici á chíoradh siar síos léi. Níor mhothuigh sí aon nídh gur tháinig an gearr-chailín i leith a cúil uirthi agus chuir sí a lámh go tapaidh 'na cúl gruaige agus chas sí a cuid gruaige ar a láimh chun ná féadfadh Clíodhna úntoghadh (? ionntódh) uirthi. Dá bhféad- fadh Clíodhna casadh do leagfadh sí le draoidheacht an gearr-chailín. Nuair a fuair sí Chlíodhna ar a toil aici dubh- airt sí leithe: A Chlíodhna, a Chlíodhna a bhean bhinn (? mhín) bhéasach, Go mbeannuighidh Críost duit is na Naoimh le chéile, Is mó stáir a thugas at' éileamh, Ó'n gcoill chluthmhair mar a silid na caortha, Ó bruach na Sionanna mar a rithid na caol-eich, Cionnus atá agat Seán 'ach Séamais? Ar phós sé fós nó an bhfuil gan chéile? Nó arbh' eolach duit aon óigbhean ar t'eolas réidh leis? Dubhairt Clíodhna 'ghá freagairt: Cia thu féin atá ar 'éileamh An tu 'n Déighbhean nó Rós Caoldubh? Nó Mairín Dubh ó Iarthar Éireann? An Cailín: Ní h-aoinne mise féin de'n méid sin, Ach inghean dílis do Rí na Gréige An t-ubhaillín óir a bhíodh agam' bhábáinín ar bhórd na Féinne, go ndéanfadh sé óg an té bhíodh aosta. Clíodhna: Dá bur (mba) inghean rí thú agus ní h-eadh i n-ao' chor, Do bheadh do chuid gruaige 'na dualaibh go féar leat, Do bheadh do leaca dheas dhearg mar lasadh na gcaortha, Agus fáinní óir ar gach méir ded' mhéaraibh. An Cailín: Dá dtabharfá-sa seacht mbliadhna fé shileadh na réidh-ghlais' Is gan de bheatha 'gat ach samhna, biolar agus féar glas, Gan de chuideachta agat lá breagh gréine Ach broc sa ghleann agus coileán caol-chon (? faolchon) Ba mheasa leat féin sin ná fáinní Éireann. Marab é sin é tabhair-se spré dho, Seacht céad searrach is seacht céad laogh dho, Seacht céad each ar dhath a chéile, Seacht céad bolán ceann-árd péacach, Seacht céad bó bhuineann druimfhionn bhléanach, Seacht céad ainmhidhe ceannabhuidhe caorach, Seacht céad gabhar maol-odhar gan aon locht, Seacht céad bairrle d'airgead réalach, Seacht céad acra de Fhlaithis na Naomh do. Is fearr liom marbh é ar mo thear- moin féinig Ná é bheith 'na bheathaidh ag aon mhnaoi i nÉirinn.
Clíodhna: Dá bhfanfá-sa uam-sa go h-uair an meadhon lae amach, Go gcruinneoch' m' fhuirean i bhfoithin a chéile Do réabfainn cnuic is do bhrisfinn sléibhte Is do chuirfinn cuirp go tiubh (tiug) ó chéile, Do dhoirtfinn fuil 'na sruthaíbh tréana, Nó bheadh agam féinig Seán 'och Séamais. Do bhailibh Clíodhna an spré go léir ach an "seacht céad acra de Fhlaithis na Naomh." Nior fhéad sí iad san a thabhairt uaithe agus b'éigeant di Seán 'och Séamais a leigeant amach as Carraig Chlíodhna. Annsan thug an gearra-chailín léithe abhaile é go dtí an Rí agus fuair sí é le pósadh agus níl puinn daoine ar an saoghal a déarfad ná gur thuill sí go maith é. "Common Noun," Dún Chaoin, do sholáthruigh. TÁIM GLAN AS MO MHEABHAIR. Fonn: "Dá bpósainn bean ruadh," nó "Páidín Ó Raithbhearta." Curfá: Táim glan as mo mheabhair 'ge sna mnáibh seo gabháil stealladh liom, Beidh duine 'ca 'm dheabhaidh
pé ball go rachaidh mé, Táim glan as mo mheabhair 'ge sna mnáibh seo gabháil stealladh 'rm, Is go lá deire 'n Domhain n' fhéadfainn rogha dhéanamh eatortha. I. Tá bean ar an Ráth le ráithe gabháil stealladh liom, Is ag tabhairt a sparáin dom go bhfuil tarrac aon asail ann, Deir lucht feasa na h-áite go bhfuil sé i Dtaisce 'ci Mar gur ghoid sí ó Sheán é, an fear a bhí cheana 'ci. Curfá: Táim glan as mo mheabhair, agus rl. II. Chun bean na Rátha níl aon rás orm, geallaim díbh, Agus san i dtaobh Sheáin 'sa tsligh grán- na gur cailleadh é. Deir Brighde Thaidhg Sheáin liom cé ná 'nneosadh sí 'on tsagart é, Gurab é 'h-oipineón láidir gurbh' í féin do mhairbh é. Curfá: Táim glan as mo mheabhair, agus rl. III. Deir Brighde Thaidhg Sheáin go ngeobhadh sí go tapaidh liom, Is ar maidin amáireach go raghadh sí 'dtí 'n sagart liom Is le h-inntleacht atá 'ci go gcárnálfadh sí airgead 'S ná beadh aon chúram go bráth uirri ach a' tendáil 'sa tabhairt aire dhom. Curfá: Táim glan as mo mheabhair, agus rl. IV. Le Brighde Thaidhg Sheáin nílim sásta im' aigne, Mar tá sí plámásach is líonta de bhladar leis, Níl aon gharsún san áit ná 'go mbíonn sí ag bagairt air, Is b'é' ná beadh sí 'gam ráithe nuair árdochadh uaim Peadar í. Curfá: Táim glan as mo mheabhair, agus rl. V. Tá bean ar an nGleann im' dheabhaidh-se le sealad mhaith, Dhéanfadh sí plainíntí an domhain dom agus píosaí breagh' anairte, Thabharfadh sí bradán ón abhainn léi is an langa ó'n bhfairrge, Agus gheobhainn-se gan dabht iad nuair a bheinn léithe ceangailte. Curfá: Táim glan as mo mheabhair, agus rl. VI. Ach roim bhean a' Ghleanna tá eagal an tsaoghail orm, Tá sí chómh láidir le h-asal is raidfeadh sí is baoghalach liom, Tá sí míneáireach malluighthe is cainncinn dá reir aici, Is dá mbeadh aon deifridheacht eadrainn stracfaí as a chéile me. Curfá: Táim glan as mo mheabhair, agus rl. VII. Tá bean eile im' cheann ach ní 'neosad a h-ainm díbh Ach go mbíonn sí ag díol gabhar* go minic ar a' margadh Faghann sí tistiún an ceann ar ghabhair nach fiú leathphine, Is do thabharfadh sí an leabhar dom go mbeathochadh sí ar mo leabaidh me. VIII. Ach 'dtaobh bean na ngabhar tá dabht ró- mhór im aigne Mar dubhairt Máire shlim shleamhain go ngoilfinn dá mbacainn í, Go seasochadh sí 'g ól "stout" ó Dhomhnach go Satharn, Is go ndíolfadh sí an ceann díom dá bhfaghadh sí air cnagaire. Curfá: Táim glan as mo mheabhair, agus rl. Tadhg Ó Conchubhair, Liospóil. *Gabhar = saghas éisc. DOMHNALL NA CÁSCA. Nuair a bhí a naimhde ar thóir Domhnall na Cásca (Ó Caoimh) chuir sé a chuid óir i bhfolach. Nuair thánadar bíodar ag cur tuairisce an óir. "Cá bhfuil an t-airgead, a Dhomhnall?" ar siad. Arsa Domhnall: "Cuarduigh Abhann Tairliglin, Óró! Portach na Ceannfinne, Óro! Gheobhaidh tú an t-airgead, Óró! Is nár dheinidh sé maitheas duit, Óró!" Deirtear leis gur mar seo adubhairt sé é: "Treabhruigh an Mhangarta, Óró! An Dá Chích gheal a dho, Óró! Ínse an Leachta thoir, Óró! Bogach na Ceannfinne, Óró! Agus gheobhaidh sibh an t-airgead, Óró!" Bogach na Ceannfinne .i. Clárach Beag siar ó Shráid a' Mhuilinn. Ínse an leachta, soir ó thuaidh ó Shráid a'Mhuilinn.
FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH. Aonsud mar LEACHT AR UAIGH nó ALTHÓIR don TEAMPALL San Aolchloch nó sa' Mharmar, déanfaidh SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Rí, i gCORCAIG Ar Fheabhas é. Scriobh chuige. LUCHT DAITHTE TIGHE nó TEAMPAILL Tá raidhse páipéir againn i gcóir fallaí agus é go saor D. agus A. Ó NÉILL, 21 Sráid an Acadaimh, Corcaigh (Níl aon tig eile againn-ne). SLIGHE BHEATHA MHAITH DOD' MHAC! Cuir chúgham-sa é agus múinfead dó conas bheith in a SHEOLAIDHE SCÉALA-GAN- SRAÍNNG Fé cheann ráithe nó leathbhliana. Scríobh ar lorg an réimleabhráin. TOMÁS Ó SÚILLEABHÁIN (Ó Uibh Ráthach) "SCHOOL OF WIRELESS TELEGRAPHY," CORCAIG. Labhair Ghaedhilge agus Leabhair Bhéarla i dtaobh na hÉireann. Le fághail ó CHONCHUBHAR Ó CAOIMH, 70 Sráid Sheoirse, CORCAIGH. Gaedhil is eadh sinn-ne, is ní náir linn é. Geobhair deaghmhargadh uainn-ne i gcomhnaidhe. TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol- faimídne an postas ar cheithre púint de. PLÚR Gaedhlach. MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min bhuidhe. SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas. SEÁN agus TOMÁS MAC CURTÁIN, Sráid a' tSeandúna agus Sráid Thomáis Dáibhios, CORCAIGH
FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH. Táid so 'á ndéanamh againn-ne — ÉIDE SAGART, ÁTHRAIGHE ALTHÓRA mar chailísí, miasa, agus c. CROISEANA den déanamh CEILTEACH in ór nó airgead geal, agus PAIDRÍNÍ. LIAM MAC AODHGÁIN agus a CHL.-MHAC Teo., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. An Déantúsán ag 6 Sráid Mhaylor. Sinn-ne a dhein SNAOIS CHORCAIGHE ar dtúis agus atá 'á deanamh i gcómhnaidhe. TOBAC CÚMHRA an dá shórt so — "Exhibition Roll" agus "Shandon Plug." Má theastuighaen uait aon tobac nó saigréidí do chur chun aonne atá sa chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó cháin, ach leath phúnt, ar a luighead, bheit sa 'bheairtín idir thobac is saigréidí. LAMBKIN BROS., 9 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. COLÁISDE CHAIRBRE, i gCuan Dor. An ball is breághtha ar domhan i Mí Lughnasa. Múinfear Gaedhluinn duit ann, agus gheobhair sult a's sláinte ann. MÍCHEÁL Ó CUILLEANÁIN, ó'n Seanachúirt, An Sciobairín. An fear a thiubharaidh tuille eolais duit mar gheall air. Scríbh chuige má's mian leat. TROSCÁN TIGHE AGUS GACH CÓIR LEABTHAN! Tá flúirse de sna h-Earraí a deintear in Éirinn le fághail uaim-se ar an bpinginn is lúgha. M. Ó RIAIN, Siopa Oluir, 36, 37 Sráid an Rí, CORCAIGH.
SEAN NÓSA UIBH RÁTHAIGH. Níl aon nós in Ibh Ráthach anois mar a bhí fad ó. Ní bhíonn aon teinteacha cnámh an ao' chor anois ann fé mar bhíodh fad ó. Oidhche Lae Shin Seáin, bhíodh teine chnámh ar gach aon bhaile. Bhailigheadh sgata buachaillí. is cailíní is bhídís ag rinnce is ag damhas is ag pléisiúr timchioll uirrthi. Seo cluithche bhíodh ar siubhal aiges na buachaillí is na cailíní an oidhche sin. Do glaoidhtí "Cuitse Cuitsiú rinnce na ngaifirí" air. "Gaifirí óga is gaifirí críona, dá mbeadh gaifirí eile againn, bheadh lán a tighe againn. Cuitse cuit- siú, agus rl." Is amhlaidh do chromaidís gach duine ar a choragiob is rithidís mór dtimchioll na teine cnámh ar a gcuma san. Nuair a bhíodh deire pléisiúir déanta againn bheirimís fód as an dteine cnámh linn agus chaithimís ins an ngarraidhe é. Cheapaimís go ndéanfadh sae maitheas mór dos na garraidhthibh. Bhímís ag caith- eamh fód na teine cnámh ar na ba shar a ndéanfaidhe deasa ná díoghbháil dos na h-ainmhidhthe. Maidean lae Bealtaine thugaimís an samhradh isteach: sé sin craobh ghlas roim eirghe Gréine agus chuirtí anáirde fé fhrathachaibh an tighe í. Oidhche Shamhna bhíodh tobán mór uisge againn agus bhímís ag caitheamh ubhall. An té thógfadh an t-ubhall le na bhéal as an uisge leis féin dob eadh é. Lá 'le Fíonáin, an lá roim lá 'le Pádraig bhíodh pátrún ar a gCathair mBeárnaigh ag Tobar Fhíonán agus bhíodh pátrún ag Maistear Gaoithe lá 'le Pádraig agus cabáin agus bruighean. Bhíos ag féachaint ortha i Maistear Gaoithe ag gabháilt ar a chéile le maidí éile agus biadhnaí iarrainn ortha. Bhíodh maide in áirde agus gárda is cosaint chómh maith acu le saighdiúirí. Do marbhuigheadh duine i mbruighin do bhí lá an phátrúin ag Tobar Fhíonán timchioll cheithre fichid bliadhain ó shoin. Lá le Mhichíl bé an sgéal céadna ar an nGleanntán é, pátrún agus cábáin agus dar ndóigh d'eirigheadh an bhruighean siúr- álta idir dhá thaobh éigin. Fuisgí ar fad d'óltí ins an am san. Bhíodh na daoine an-thugtha d'innsint sean sgéalta nuair a bhailighdís isteach i dtig istoidhche nuair a bhíodh obair éigin ar nós cóiriú lín ar siúbhal acu. Nuair a bheadh an obair seo déanta ag na cailíní thosnuighdís ar bheith ag déanamh staimpí. Bhíodh clis acu go dtugaidís "díol na leathphinig" air agus "iompuig an bior." Bhíodh cleas againn go dtug- aimís "Tréalach a bhodaig" air. "Thréalach a bhodaig. Cad é sin a chogar? Má fhaghaimse bás Sar a bhfaghair-se bás Bíodh an oidhreacht agat-sa." Pádraig Fada Ó Máilbhe. RAITHINEACH A BHEAN BHEAG. (Fonn: "Ding, dong, dederó"). Do chuireas mo ghearrchaile go Barra na hAoine Ag iarraidh staimpí nó cácaí- mísle; Nuair a tháinig sí a bhaile ní bhlaisfeadh fear a' tighe é, Raithineach a bhean bheag agus déanfaimíd arís é. Raithineach a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag, Raithineach a bhean bheag, staimpí. 'gus im air Raithineach a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag, Raithineach a bhean bheag agus déan- faimíd an císte. Tá tigh mór fairsing i mBarra na hAoine, Bíonn bean acu 'á ghlanadh agus bean acu 'á scríobadh, Bean eile acu 'á fhásgadh os cionn cor- cain ar a dícheall Agus seanbhean ar a corraigiob á leathadh ar an ngríosaigh. Raithineach a bhean bheag, agus rl. Nuair a ghluaisigheann Máire, Siubhán agus Síle, Nóra 'gus Cáit is sásta a bhíd siad An juga ar an gclár 's an cháirt dá líonadh 'S mo cheol go bráth sibh a mhná cois Aoine. Raithineach a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag, Raithineach a bhean bheag, staimpí 'gus ím air, Raithineach a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag, 'S is beag a' mhaith a' staimpí mara mbeadh a' t-ím air. Roderic Ó Dálaigh do chúm. GIOTAÍ Ó GHLEANN BHEITHE. Trí nidhthe nách féidir fhoghluim: Guth cinn, Féile, agus Filidheacht. Trí nidhthe a bhaineann le sonas: Fál, Fasgadh, agus Mochóirighe. Trí nidhthe a bhaineann le "bligeárd": Feirc, Feaduíol, agus Fiafraightheacht. Althughadh tar éis bídh: Céad moladh leis an Rí nách gann, Céad moladh gach am le Dia, Moladh mór le hÍosa Críost, I dtaobh ar itheamar agus a n-íosfam de'n bhiadh. Na cúig aráin agus an dá iasg Ar na cúig mhíle do roinn Dia, Rath ó'n Rí sin ar ár gcuid agus ar ár n-áireamh. In ainm an Athar, agus rl. Mícheál Mhágh gCineádha. ALTHUGHADH EILE. "Rath na gcúig n-arán agus an dá iasc do roinn dia ar na cúig mílibh orainn. Rath ó'n Rí do rinne an roinn orainn-ne, ar ár gcuid agus ar ár gcomhroinn." FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH. Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn. H. JOHNSTON, TIGH "AN BHATA DROIGHIN ÉILLE" Teo., Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. Píanó Ceart Gaedhlach ar £32! Tá píanacha 'á n-déanamh in Éirinn anois, ag Pigott & Co. Ltd., Luimneach, Ath Cliath is Corcaigh. GUAILNEÁN SEANDÚNA. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Tráth bhriseadar na humaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. "Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces" Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach "Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!" Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Port an Phápa, CORCAIGH. CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM! MARGAIRÍN "LEANDAR" Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA Agus a gCualucht. Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. I n-Éirinn a Deintear "BRÓGA NA LAOÍ." Táid le fághail i ngach sráid bhaile. A Ghaedheala! Ceannuighidh "ÉADACH na DRUIPSIGHE" Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann atá go Gaedhealach amuich is amach. Muileann Éadaigh na Druipsighe (teo.) Co. Chorcaighe.
AN TRÍOMHADH SRAOTH. Do bhí píobaire ann fad ó. Liam Mac Domhnaill a b'ainm dó. Do bhí árd-dhúil san ól aige. Do bhí sé ag dul abhaile oidhche agus é ag tabhairt an dá thaoibh de'n bhóthar leis, mar a deirtear, agus cad a chífeadh sé acht an púca agus cupán mór uisge-beatha in a láimh aige. Thug an púca an cupán do Liam agus má thug d'fholmhuigh Liam é. Annsan do labhair an púca: "Díol as!" ar seisean. "Ní dhíolfad," arsa Liam. "Mar sin caithfir teacht liom agus bheith id' sheiribhíseach dom ar feadh seacht mbliadhan!" arsa'n púca. Rug sé ar Liam agus do thóg sé leis suas sa spéir é chun a thighe féin. D'fhan Liam seacht mbliadhna annsan ag obair do'n phúca agus nuair a bhí an t-am caithte do bhí an púca chun pósta. Rug sé airíst ar Liam chun dul go dtí tigh éigin sa Mhumhain 'na raibh fear agus bean tar éis phósta. Do bhí an chóisir ar siubhal nuair do bhuail Liam agus an púca isteach. Níorb' fhéidir le h-aoinne iad d'fheiscint mar chuir an púca draoidheacht ar a raibh sa tigh. Pé sgéal é, do shocruigh an bheirt iad féin thuas ins na rachtaíbh. Ba ghearr a bhíodar ann nuair a leig an bhean sraoth aisti. Do phreab gach duine agus d'fhéachadar i dtreó an t-sagairt acht má dhéin ní dubhairt sé sin "Dia linn," mar badh chóir dó a rádh acht do chomáin sé leis ag ithe. Do sgairt an púca ar gháiridhe. "Tá trian díot agam anois, a bhean uasal," ar seisean, acht níor airigh aoinne é 'á rádh san acht Liam. Bá ghearr gur leig an bhean sraoth eile aisti féin, acht ní thug aoinne fá ndeara í. Do bhagair an púca ar Liam. "Nuair a leigfidh sí an tríomhadh sraoth béidh sí agam!" ar seisean. Ní raibh aon focal as a bhéal nuair leig an bhean sraoth eile aisti. Annsan do ghaibh truagh. dhí Liam, go mbeadh sí dá pósadh leis an bpúca, agus do bhéic sé amach: "Dia linn!" Tháinig árd-fhearg ar an bpúca. "Greadadh chughat," ar seisean, "cad na thaobh gur dheinis é sin? Imthigh leat as mo radharc agus bíodh san agat mar thuarastal," agus bhuail sé speach mór ar Liam. Do thuit Liam anuas ar lár an bhúird agus ní raibh fhios ag aoinne cad as a dtáinig sé. D'innis sé an sgéal dóibh fé mar a thuit amach agus bhíodar go h-an-bhuideach de. Thugadar biadh agus deoch dó agus ar ball nuair a bhí rinnce ar siubhal aca is é Liam féin a dhéin an rinnce fada leis an gcailín óg. Pioca fíor nó bréag mo sgéal ní mise chúm ná cheap é. Brian Mac Cathbharraigh, Corcaigh. ÓRA MHÍLE GRÁDH. (Luinneog oibre). B FLAT. Lúibín: Óra mhíle grádh, Óra mhíle grádh, Ím a bím a bobaró, Is óra mhíle grád. Óra mhíle grádh, Óra mhíle grádh, Tá grádh ag Seán Ó Dálaig dhom 's tá náire air é 'rádh. (Lúibín). Óra mhíle grádh, Óra mhile grádh, Taobh thall de'n abhainn ag lorg na nGabhar atá mo mhíle grádh. (Lúibín). Óra, agus rl., Ní shiubhalfainn troigh de'n talamh leat gan bannaí an Athar Seán. (Lúibín). Óra, agus rl., I gCaiseal Mumhan ar boarding school atá mo mhíle grádh. (Lúibín). Óra, agus rl., Bliadhain ó 'ndiu go cinnte beidh me ag rinnce i Meiriocá. (Lúibín). Óra, agus rl., Is fada siar an lighthouse 's is sia ná san mo ghrád. (Lúibín). Óra, agus rl., Soir atá mo thriall-sa 's siar atá mo ghrádh. (Lúibín). Óra, agus rl., Is deas an fear an táilliúir mara mbeadh é bheith buille geárr. (Lúibín). Óra, agus rl., Is deas a' máighistir rinnce dhéanfadh Seán Ó Súiliobháin. Óra mhíle grádh, Óra mhíle grádh, Ím a bím a bobaró, Is óra mhíle grádh. Fínghín na Leamhna do sholáthruigh. Bhíodh abhráintí de'n tsórd so coitchíonta fad ó imeasg cailíní nuair a bhíodh sgata acu i dteannta chéile istoidhche ag súgradh nó ag gabháil do obair éigin. NÁ DEARMHAID SO, A CHARA. Nuair a bheir ag scrí chun lucht siopa nó ag caint leó, cuir in-iúl dóibh, le d'thoil, gur sa "Lóchrann," a chonnaicís an fógra aca. FÓGRAÍ Ó BHAILE ÁTHA CHLIATH, agus rl. Más Múinteóir tú, ná bí ad varú fên agus a marú na leany a diaruig na Gäluingi vúini ghóiv lesh na sheana letireacha agus lesh an sheana letiriú. Buín triàil as an letiriú shimplí, agus beg tora er do hähar. An Cuman um Letiriú Shímplí, Tigósda Minerva, Bleáclieh. A Ghaedheala! Ceannuighidh róthar Gaedhealach .i. "AN LÚCÁNIA" (de dhéantús na hÉireann) ó Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat. TÁILLIÚREACHT agus gach rud i bhfuirm éadaigh do fhearaibh! Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh i nÉirinn. Ó GLASÁIN IS A CHUA, 11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH. Tá árd-teist ar MHUINTIR HILLIARD (teo.) CÍLL ÁIRNE, De bhárr an chuma in a gcabhruighid le déantúirí na hÉireann. Ní gádh earraí thar lear do cheannach, agus SEOGH EARRAÍ GAEDHEALACHA Le fághail in a dtigh sin. An siopa éadaigh is mó agus is fearr i gCiarraidhe. Tig a 6 agus a 7 sa' tSráid Mhóir, CÍLL ÁIRNE. COLÁISTE AN DAINGIN, I gCIARRAIDHE. Seasóin — Iúl agus Lughnasa, 1916. Técseana i gcóir na Gnáth-theiste: "An Cleasaidhe" (An tAthair Peadar). "Réalta den spéir" (Connradh na Gaedhilge). "Ceachta Cainte Gramadaighe" S. Ó Catháin). "Aids to Pronunciation of Irish" (Na Bráithre Criostamhla). Tá gach eolas eile le fághail ó PHÁDRAIG Ó CORCORDHA, Rúnaidhe, Daingean Uí Chúise, i gCiarraidhe. IOLSCOIL NA MUMHAN atá i RINN Ó gCUANACH is na DÉISIBH. Beidh an obair ar siubhal ann mar is gnáth ar feadh mí an Iúil agus Lughnasa i mbliadhna. TOGHA agus ROGHA NA GAEDHILGE LE FÁGHBHÁIL ANN. Atá gach cúntas is tuarascbháil le fághbháil ó'n bhfear le scriobhadh: .i. P. Ó CADHLA, Iolscoil na Mumhan, Rinn ó gCuanach. Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services