Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Meithimh, 1916

Title
Meithimh, 1916
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1916
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uim. 3. MEITHIMH, 1916. Pinginn a Fhiacha.



AN GARSÚINÍN GLIC.



Bhí Piaras Mac Gearailt ag siúbhal
an bhóthair go doich maidin agus chonnaic
sé garsún i n-áirde ar chrann ubhall.



"An ag bhaint ubhall fiadhain é, a
gharsúin?" arsa Piaras.



"I maithte má's fiadhain iad," arsan
garsún, "is socair a fhanaid liom-sa."



"Gluais leat," arsa Piaras leis," is
breagh liom do chainnt."



Bhíodar araon ag déanamh ar thigh feir-
meora agus ní raibh aoinne le feicsint
thimcheall na h-áite agus an doras gan
oscailt aca. Labhair Piaras arís.



"An gan éirighe atáid so fós?" ar sé.



"Oighrí!" arsan garsún,"go bhfeuchaidh
Dia ort, tá oiread oighrí aca súd agus
nach féidir leo déanamh dá leath."



Chuadar isteach sa tigh agus dh'airigh
Piaras bean ag éagcaoineadh ar an
leabadh.



"An tinn atá an bhean úd, a ghar-
súin?"



"'Seadh," ar sé, "tá sí ag gol an
gháire a bhí anuiridh aici."



Bhí an garsún gan aon bhróga air
agus dubhairt Piaras gurbh é an truagh
garsún dá leithéid bheith cosnochtaidhthe
agus d'árduigh sé leis go dtí gréas-
aidhe é. "'Seadh, anois, a gharsúin,"
arsa Piaras, innis do'n ghréasaidhe
dé'n saghas bróga do thaithneochadh leat.
Labhair sé leis an ngréasaidhe.



"Cuir do bháltha go láidir díreach
léi,
Bíodh do shnátha táidhte buidhe le
céir,
Bíodh na sála sásta díreach caol
Is í neamh-spleadhach de ráidhtibh
daoine an tsaoghail."



Thug Piaras raol dó agus dubhairt go
dtabharfadh sé raol eile dhó an chéad
áit a gcasfaidhe le n-a chéile arís iad.
Ghaibh an garsún a bhuidheachas leis agus
d'fhágadar slán ag a chéile. 'Sé an
bóthar thug Piaras air, agus ní fada
chuaidh sé nuair cé chídhfeadh sé 'na
sheasamh roimhe amach ach an bioránach
céadna.



"Idhe!" arsa Piaras, "nach tú san
arís? Cad thug annso tú arís?"



"Ní h-iongnadh dhom," arsa sé, "nach
bog an tslighe san dom chun raol do
thuilleamh."



Sin é uair a chuimhnigh Piaras ar a
gheallamhaint agus fuar an garsún an
raol uaidh.



"Bí ag imtheacht leat go dtí an
scoil anois," arsa Piaras, agus d'imthigh.
Ar an mbóthar dó chun na scoile cé
chasfaidhe leis ar mhuin capaill ach sag-
art an pharóiste.



"An bhfeadair tú dhom, a gharsúin,"
arsan sagart, "cá bhfuil Cúl na nGabhar
annso."



"Tá's go maith," arsan garsún.



"Dé'n áit?" arsan sagart.



"Taobh thiar dá n-adharcaibh 'athair,"
arsan garsúin, agus isteach thar claidhe
leis.



Bhí an sagart ag feuchaint air." Ho,
Hó, arsan sagart, "bíodh geall gur
mac do Mháire Mhaol tú."



"'Seadh, cheana mhaise," arsan garsún,
"is dócha go raibh adharca ar do
mháthair-se."



Bhí sé i bhfad sa lá nuair a bhuail
sé an scoil agus siúd chuige an maighis-
tir ag baint seanncaim de.



"Dé chúis duit bheith chomh déidheannach,
a dhailthín?" arsan maighistir.



"Bhí mé ag taidhreamh a mhaighistir agus
d'eulaig an mhaidin uaim."



"Ar mhisde a fhiafruighe dhíot cad air
a bhí tú ag taidhreamh."



"Shíl mé," arsan garsún, "go rabhas
thíos i nIfreann."



"Ó Dia lem' anam! 'seadh mhaise i
nIfreann!"



"I nIfreann mhaise!" arsan garsún.



"An bhfaca tú aoinne ann a raibh
aithne agat air?"



"Ní morán é mhaise," arsan garsún,
"maighistirí scoile ba dhóigh liom ar fad
a bhí ann."



"An bhfaca tú mise ann?" ar sé.



"Bhel ní fhaca mé, mhaise, ach mara
bhfaca mé chonnaic mé do thrúnc ann
agus t-ainm agus do shloinne air. Is
dócha go bhfuil coinne leat aon lá
ann anois."



Tomás de Bhial, Dún Garbhán.



COSA BUIDHE ÁRDA



DO'N AOS ÓG.



BEIDH RÍL AGAINN.



Fonn: "Billí Ó Ruairc an Buachaill" (nó "Shoddy
Genteel.")



Beidh ríl againn,
Beidh ríl againn,
Beidh ríl againn Dé Domhnaigh;
Beidh ríl againn
Ar thaobh an chnuic—
Is an cailín deas 'á foghluim.



Táim i ngrádh le cailín deas;
Táim i ngrádh gan domhta;
Táim i ngrádh le cailín deas
Is pósfad í Dé Domhnaig.



Beidh ríl againn, beidh ríl againn,
Beidh ríl againn Dé Domhnaigh;
Beidh ríl againn ar thaobh an chnuic—
Is an cailín deas 'á foghluim.



GHEOBHAIR, GHEOBHAIR, A CHAILÍN.



Fonn: "An Smachdaoin Crón" (nó "An Heather
Glen.")



Gheobhair é, gheobhair é, a chailín,
Gheobhair é, a chailín, gheobhair;
Gheobhair é, gheobhair é, a chailín,
Lán do chaintín d'ór.



Óró, ró, mo chailín
Cara mo chroidhe, mo chailín:
Óró, ró, mo chailín,
Mo rún 's mo mhíle stór.



Gheobhair é, gheobhair é, a chailín,
Gheobhair é, a chailín, gheobhair;
Gheobhair é, gheobhair é, a chailín,
Gúna 'n phlainín nódh.



Óró, ró, mo chailín
Cara mo chroidhe, mo chailín:
Óró, ró, mo chailín,
Mo rún 's mo mhíle stór.



Gheobhair é, gheobhair é, a chailín,
Gheóbhair é, a chailín, gheobhair;
Gheobhair é, gheobhair é, a chailín,
Bróga is stocaí leó.



Óró, ró, agus rl.



Gheobhair é, gheobhair é, a chailín,
Gheobhair é, a chailín, gheobhair,
Gheobhair é, gheobhair é, a chailín,
Rinnce is teallí hó.



Óró, ró, agus rl.


L. 2


SEAN-FHOCAIL NA
MUIMHNEACH.



"An Seabhac" do bhailigh.



24 — Táiliúirí, scríobhnóirí is cuit, sin
triúr ná h-oibrigheann gan chruit.



25 — Trí ruda nach ceart d'fhear bheith d'á
n-uireasbhadh: cat, simné agus bean-
tíghe.



26 — Trí neithe ná réidhtigheann le chéile:
beirt bhan pósta i n-aon tigh, dá chat
os cionn aon luiche, beirt fhear i
ndiaidh aon óg-mhná.



27 — Dhéanfadh sé cat is dá earball.



Adeirtear é sin le duine a bhíonn ag maoidheamh
as féin. nuair a bhí an Gobán Saor n-a fhear óg
chuaidh sé lá ar lorg oibre. fuair sé obair .i. aire
thabhairt do cheardchain an fhaid a bheadh na daoine ag
ithe dinnéir. "Cad a bhead-sa a dhéanamh go dtagaidh
sibh?" arsan gobán. "cat is dá earball!" arsan
fear leis le droch-mheas air. nuair thánadar tar
n-ais bhí an cheardcha lán de chataibh dá earball.



28 — Aghaidh na mbó ar an macha agus
súil na gcat ar an luaith.



(Féach leat "Ba," Uimh. 2.)



29 — Bás na gcat san Earrach chughat!
Bás de'n tart ceal bainne. Sin mallacht.



30 — Go n-ithidh an cat tú, is go n-ithidh 'n
diabhal an cat!



Sin mallacht eile.



31 — Chómh marbh le cat.



Bheadh sé marbh go maith nó éireochadh sé arís.



32 — Dá mbeadh ba ag an gcat do pósfaí
é.



(Féach leat "Ba," Uimh. 34).



MADRAÍ, GADHAIR AGUS
COIN:



1 — B'fhearra dhuit madraí an bhaile ag
lútáil ort ná aon mhadra amháin ag
amhastraigh ort.



.i. Bíodh nach mór an tairbhe cáirdeas daoine
suaracha is lugha ná san an tairbhe a naimhdeas.



2 — Ní baoghal duit an madra a sgeamh-
faidh ort.



Sé an duine a dhéanfadh díoghbháil ós íseal duit
an duine díoghbhálach.



3 — Congaibh an cnámh agus leanfaidh an
madra thu.



Geall breab do dhroch-dhuine.



4 — Nuair a bheidh do lámh i mbéal an
mhadra tarraing go réidh í.



5 — Ná bac aoinne go mbíonn a lámh i
mbéal an mhadra aige.



"Lámh i mbéal an mhadra" .i. duine bheith i ngreim
chruaidh.



6 — Is maith an rud eagla a chur ar an
madra.



Ní h-ionann teagasc do san agus do "Míne fri
garg."



7 — Tabhair droch-ainm ar ghadhar agus
caithfidh gach aoinne cloch leis.



8 — Tabhair droch-ainm ar ghadhar agus
leanfaidh sé dhe.



Is sia mhaireann droch-chlú ná deagh-chlú ar dhuine.



9 — Meas madra ar a athair.



Throidfeadh sé le n-a athair chomh fonnmhar agus
a dhéanfadh le h-aon mhadra eile.



10 — Ag losg a mhadra is gan fios a
dhatha aige.



Duine a bheadh ag déanamh ruda agus gan a fhios
go ró chruinn aige cad a bheadh ar siubhal aige.



11 — Is fearr madra beó ná leomhan
marbh.



12 — Is dána gach madra 'na atrainn
féin,





"I ndoras a thighe féin,"





"Ar a charn aoiligh féin."



13 — Rith an mhadra chun na falluinge.



.i. mar a mbeadh sé go seascair, sámh 'na luighe.



14 — Is minic cnámha móra ag droch-
mhadra.



15 — Cuid an mhadra bhig.



An chuid d'fhágfadh an madra mór 'na dhiaidh.



16 — Dálta madra an dá cháis,





17 — Ní thagann rith agus amhastrach leis.



.i. Ní féidir do mhadra bheith ag rith agus ag
sceamhghail. Ní féidir bheith ag feadghail agus ag ithe
mine.



18 — Ag imtheacht agus a earball tré na
ghabhal aige.



.i. Mar do bheadh madra go mbeifí chun greadadh
a thabhairt do i dtaobh mí-iomchair.



19 — Annsúd do báthadh a choileáin.



Má chítear duine i n-áit áirighthe go rígh-mhinic
deirtear é sin leis. Is gnáth le madra teacht go
minic go h-áit i mbáithtear na coileáin a bhíonn
aici.



20 — An té bhuailfeadh mo mhadra, buail-
eadh mé féin.



.i. Ag iarraidh cúise chun troda, mar adubhairt
Toirdhealbhach Láidir:



"Hurú! Cia bhuailfeadh mo mhadra?
"Hurú! Cia stracfadh mo chába?
"Hurú! Cia déarfadh nách gaige me?
'S gurab airm dom Toirdhealbhach Láidir!"



21 — Drannadh madra nó gáire Sasan-
naigh.



Ní ionntaoibh iad.



22 — I gcosaibh con bhíonn a cuid,



nó,



I gcosaibh con bhíos a cuid,
Deirim leat, a dhuine ghlic,
Sean-fhocal 's é fíor —
Ní gnáth siubhal síor seisc.



23 — Is fearr an chú bhíonn ar siubhal ná
an chú bhíonn 'na lúib.



.i. Sínte 'na lúib 'na codladh.



24 — Is minic cú mall sona.



.i. Is minic a bheir sí ar an ngirrfhiadh.



25 — Is olc an chú nach fiú í fead a
leigean uirthi.



26 — Bád gan stiúir nó cú gan earball.
Ní bhíonn feidhm ná maith ionnta.



27 — Aithnigheann na coin croiceann a
chéile.



28 — Coileán an charbaill duibh an t-adhbhar
gadhair is fearr.



29 — I ndeire a gcoda 'seadh throidid na
coileáin.



Bíonn gach ceann aca d'iarraidh na coda deiridh
a bheith aige féin.



30 — Coileáin d'aon ál iseadh iad.
.i. Is dual dóibh bheith mar a chéile.



31 — Ní h-ionann aon-nídh agus comhrac
an tsean-mhadra.



FÓGRAÍ



Tá Éadach ón mbothán agus Éadach Gaedhealach
eile igcóir culaithe:



SÚSAÍ, CAIPÍNÍ agus HATAÍ



ag



MICHEÁL Ó MUIRCHEARTAIGH,



An Cheárnóg, CÍLL ÁIRNE.



TIGH ÓSTA UÍ GHLASÁIN,
Sráid na nÁirne, CILL ÁIRNE.



Daoine gur mian leo Aoibhneas Locha Léin d'feisint
gan ró-chostas, gheobhaidh siad gach ní ar a dtoil sa
Tigh Ósta so. Leabaidh, Bricfeast, Dinnéar, Té
agus Freastal ar 5/- sa ló.



BRÍD NÍ GHLASÁIN, Bean an Tighe.



Má théighir go CILL ÁIRNE, cuir fút i
dTIG ÓSTA UÍ IFEARNÁIN,
Kenmare Place.



An tig is fearr le Gaedhealaibh.
Ní bítear dian san éileamh ann.



Tá sé i gcómhgar an stásiúin ach leanamhaint
ort i leith na láimhe clé.



AN T-EMPÓRIUM,
le
M. Ó SÚILEABHÁIN AGUS A MHAC,
CILL ÁIRNE.



ÉADATHÓIRÍ MAITHE



Tá le fághail uatha:



Lása Gaedhealach de'n déanamh agus de'n phatrún
is órnáidighe amuich agus saothar lámh is
eadh gach órlach de.



Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt
datha.



Ciarsúirí de'n línéadach Cheart Ghaedhealach is
a lán saghas eile línéadaigh atá oireamhnach
do ghnóthaí tighe agus i nÉirinn do deineadh.



Carabhataí de'n Phoiplín Ghaedhealach ar gach dath
is ar gach gné datha.



Bróga is Buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach
(Muintir Winstanlí agus Mac Gabharnaigh a
dheinean.)



Brait Chlúdaigh (Rugana) de'n olainn is fearr
agus flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do
deineadh.



An Mhin Choirce is fearr blas agus is
mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA



MÍCHEÁL Ó CAOIMH, a dheinean,
I MAGHCHROMTHA.



Scríobh chuige.



Má tá aon FHEIS nó AERIDHEACHT
dá cur ar bun agat, faigh do
chuid póstéirí agus páipéir, agus rl.



ó



CHLÓCHUALUCHT "SEANDÚNA"
(Clódóirí "An Lóchrainn"),
6 Sráid Riobáird, CORCAIGH.



Bíd na rudaí seo ar fheabhas againn-ne —



ÍM, UIBHE AGUS SICÍNÍ.



SIOPA LÓIN UÍ DHONOBHÁIN
47 Sráid a' Phrionnsa, CORCAIGH.



GHEOBHAIR LÉINE RÍ-MHAITH GHAEDHLACH (den
éadach "Oxford" nó den bhflanellette
agus
STOCAÍ den uile shaghas sa tsiopa so.



SEÁN Ó MURCHADHA,
2 Sráid an Chaisleáin, CORCAIGH.



Tá CÓISTÍ AGUS MÓTAIR d'á ndeanamh againn-ne.



Cuirimíd GLÉAS GÓMA (rubair)
FÉ ROTHAÍ CÓISTE gan ró-mhoill.



CROS agus a CHLANN MHAC,
18 agus 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay),
CORCAIGH.


L. 3


MADRAÍ RUADHA:



1 — Chomh glic leis an madaruadh <nó
sionnach>.



2 — Níor chuir an madaruadh aoinne riamh
amach dob' fhearr ná é féin.



.i. Chun soláthair do. Deirtear san le daoinibh
go mbíonn ainm rógaire ortha.



3 — Madaruadh dhá uair ní mealltar é.
Ní mealltar dhá uair é sa tsligh chéadna.



4 — An madaruadh i mbun na gcearc.
Fé chomairce a namhad aicionta.



5 — Dá fhaid a ritheann leis an mada-
ruadh beirtear air <fé dheire>.



6 — Dálta an mhadaruaidh agus na silíní.



Nuair nárbh' fhéidir leis iad d'fhagháil dubhairt sé
go rabhadar searbh.



7 — "Arú! Nách é an fear é an báir-
neach," mar adubhairt an madaruadh,





"Arú! Nách tu an fear agam!" a
ndubhairt an madaruadh leis an
mbáirneach.



Deirtear san le fear beag go mbíonn tóirtéis
mhór ann. Madaruadh a chuaidh lá breagh ar an
dtráigh. Bhí lag-tráigh ann. Chonnaic sé báirneach
agus an sliogán árduighthe anáirde de'n chloich leis
an ngréin. Chuir an madaruadh a theanga fé'n
mbáirneach chun é bhaint de'n chloich. D'fháisc an
báirneach anuas ar an dteangain agus do chongaibh
an madaruadh bocht ann gur éirigh an taoide agus
gur báthadh an madaruadh. Sular báthadh é dubhairt
sé mar atá thuas.



(Tuille le Teacht.)



AR SGOIL SHEÁIN MHÁIGHISTIR



Bhí duine des na seana mháighistrí
scoile gur bh'ainm do Sean Ó Fogludha
i bparróisde na Tuatha timchioll cheithre
fichid bliadhain ó shoin. Seán Máighistir
thugaidís air. Bhí sgoil aige i dtig fir
des na Conchubharaigh ag Ceathramha na
hÓmhan. Cathal na bó do bhí mar leas
ainm air.



Tháinig ana lá fearthainne i slighe
is gur líon na h-aibhnte suas is gur
sgéidheadar ós cionn na bport. Ní
raibh aon droichid ar na h-aibhnte an
uair sin agus ba shoilléir ná féadfadh
na sgoláirí dul a bhaile. Bhí a lán
des na sgoláirí go mbeadh ortha dul
treasna na h-aibhnte seo chun dul a
bhaile.



Bhí Seán Máighistir i dteannta annsan
i dtaobh cad dob fhearra do dhéanamh
leis na sgoláiríbh i gcóir na h-oidhche.



Do ghlaoidh sé ar Chathal agus do
mhínigh sé an sgéal agus do chuireadar
a gcómhairle i dteannta a chéile feuch-
aint cad do dhéanfaidhe leó.



Feirmeoir tábhachtach a b'eadh Cathal
agus dúbhairt sé le Seán gan aon
mhairg do bheith air is go dtabharfadh
sé féin a ndóthain bídh dóibh má dhéan-
fadh prátaí agus bainne a ndóthain an
gnó. Dúbhairt Seán. go ndéanfadh agus
do ghaibh sé a bhuidheachas leis.



Annsan do ghlaodhuig Seán ar na
leanbhaí is dúbhairt leo mar leanas:



A scoláirí na scoile má leanann
an bháisdeach
Fanaidh go lá innso fé fhuithin ó'n
síon
Tá prátaí ar a mbaile agus gheó-
bhaimíd ar cáird'iad
Teine is corcán ó mhuintir a tighe.
Ach ná bíodh an máighistir bhúr
ndeasgaibh ghá nglacadh 's ghá
soláthar
Ag tabhairt focail as láimh uaidh
chun cothuighthe dhíbh
Ach bíodh lán burdóige de chnapaibh
a ndorn gach páisde
Nuair a thiocfaidh an cáirde chun
Cathail do dhíol.



Pádraig Thaidhg Ó Súiliolbháin,
Cill Orglan.



SEAN-AMHRÁIN AR CEAL.



Seo im' dhiaidh liosta ainmneacha d'amh-
ránaibh gur mhaith linn go gcabhrochadh ár
lucht léighte linn chun iad a bhailiú ó sna
sean-daoine, agus iad a chur ó bhaoghal
báis i gcló sa "Lóchrann." Níl aon
cheann aca slán againn, ach chomh luath
agus a bheidh cuirfear i gcló é. Aoinne
a gheobhaidh ceann aca no ceathramha de
cheann, nó leath-cheathramha, cuiridís chugh-
ainn é. Is beag ceann aca atá caillte
ar fad, fós, agus gheobhthaí iad dá
mbeadh an lucht cuarduigh go síor-
dhúthrachtach, — <Fear "An Lóchrann">.



1 — "Páidín Ó Raithbheartaigh"; Líne
dhe, "Lán a' tighe 'pháistí ag
Páidín Ó Raithbheartaigh."



2 — "Nóra Chríonna"; l. "Corruigh do
chos a Nóra Chríonna."



3 — "Síoda tá i d'Bhallet"; l. "Cean-
nochaidh mé bhallet 'on mbuach-
aill."



4 — "Ghamhainín Bán"; l. "Seo do chuid
de'n bhainne dhuit, a ghamhainín
bháin."



5 — "Stad arú Rógaire Stad, Stad!";
l. curfá, "Stad arú," agus rl.



6 — "Falaing ar mh'Fhalaing, Falaing Uí
Mhuimhneacháin."



7 — "Leanbh an tSeanduine"; l. "Nigh
a chosa, bog deoch do," agus rl.



8 — "bhFuil an Fear Mór istigh?";
l. "A chuirfeadh na bróinte rith."



9 — "An High Caul Cap."



10 — "Baile na Móna, Óró!"; (cuid
de'n churfá é sin).



11 — "An Cailín Deas Donn"; l. "Óró,
bog liom í 'n cailín deas donn."



12 — "Cearc is Coileach a dh'Imthigh le
Chéile."



13 — Máire Bheag is í 'Béicigh."



14 — "Chughaibh í, Chughaibh í, 'Chailiní! Chugh-
aibh í, Chughaibh í 'n Réice!"



15 — "Póiní 'n Leasa"; l. "Ar phósais
fós, a Phóiní 'n Leasa?"



16 — "Bí Liom, Bí, nó Ná Bí"; l. "Seán
Ó Néill an t-óigfhear groidhe."



17 — "Iasacht Meidre Meidre, Iasacht
Meidre Bhrighde."



18 — "Plúirín na mBan Donn Ó!";
l. "Dá dtéightheá liúm-sa go
Conntae Liathdruim."



FÓGRAÍ Ó BHAILE ÁTHA CLIATH.
agus ó ÁITEANNAIBH SÍOS AMACH anso.



GNÓTHA TUAITHE AN
RÁITHÍN.



Níl san oifig seo againn-ne ach
Gaedhilgeóirí amháin, agusíní bheidh.



BIADH, OBAIR ADHMAID,
LEABHARTHA,
BRAIT ÚRLÁIR (Cairpéidí)



agus gach aon chóir feirmeorachta
le fághail uainn.



TUAIM GRÉINE, CONDAE AN CHLÁIR
agus
SRÁID ÍOCH. BHAGÓID, a 50,
BAILE-ÁTHA-CLIATH.



COLÁISDE EOGHAIN UÍ CHOMHRAIDHE,
Atá i gCorca Baiscin in Iarthar Chláir.



Seisiún mí an Lughnasa, 1916. Cúrsaí speisialta
le h-aghaidh Sagart agus Múinteoiri.



Gheobhfar gach eolas ó Rúnaire an Choláisde,
2 Querin Villas, Baile na Coradh, Luimneach.



CILL CHAOI, Condae an Chláir.
DEAGHBHIADH agus SEOMRAÍ DEASA.



Cuir leitir nó sranngscéala chun



INGHEAN UÍ GHRÍOBHTHA,
23 Bóthar na Trágha, Cill Chaoí.



IS MAITH AN PÁIPÉAR
do'n duine óg nó do'n duine fásta:



"OUR BOYS"



Páipéar ar 1d. in aghaidh gacha mí.



Bíon scéal Gaedhilge ann ó scéalaidhe maith,
agus scéilíní deasa a bhaineann le stair-
sheanchus na hÉireann.



NA BRÁITHRE CRÍOSTAMHLA
ATÁ IN A BHUN.



Leabhair! Leabhair!



Leabhair "Chúchulainn" agus Cairteana "Chúchul-
ainn" chun Gaedhilge a mhúineadh. Táid go
rí mhaith do scoilteacha Uladh agus Connacht.



An Scoláire. Leabhair scoile do Lár na
hÉireann. S. Ó Móráin agus C. Ó Raghalaigh
do rinne.



An Mháthair. Pádraic Mac Piarais, B.É., do
scriobh. I mbliana a chlóbhuaileadh. 1/- a
fhiacha; postas 3d. eile.



Rannaire Naomh. "Tórna" do rinne. Gabhann
comórtas dathaigheachta leis. 1/- a fhiacha;
postas 3d. eile.



Cnapaí Daithte, póstéirí feise; agus ticéidí
in a gceirtlíní i gcóir lucht báire.



CHLÓCHUALACHT DÚNDEALGAN
(Dundalgan Press),



DÚNDEALGAN
(Dundalk).



A GHAEDHILGEÓIRÍ!



Abraidh le nbúr gcáirdibh i MEIRIOCA
go bhfuil "AN LÓCHRANN"



le fághail ag an



IRISH INDUSTRIES DEPOT,
624 Madison Avenue, NEW YORK.



Is go bhfuil gach aon saghas Earraí Gaedhlacha ar díol
ann. Is le Connradh na Gaedhilge an siopa san.


L. 4


AN LÓCHRANN.



Páipéar don Ghaedhealtacht.



Seán Tóibín Baile an Teampaill,
i gCorcaigh an fear Gnótha.



An Seabhac, i gCill Áirne An Fear Eagair.



Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain.
Dhá choip gach mí, tríd an bpost, ar 3/- sa bhliain.



Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, agus c. is
chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur.



Scríobh chun "an Seabhac" i dtaobh nithe a bhainean
leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní,
agus c., do chur.



Ó Cuill agus a Chua.,



95 Sráid Phádraig, Corcaigh
Easún agus a Chl.-Mhac, Áth Cliath
Na Díoltóirí.



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
"An Lóchrann" san am gcéadna, cuir 16/- ag triall
orainn agus cuirfimíd 12 chóip gach mí go ceann
bliana chun aon áite a déarfar linn.



Déanfaidh "An Lóchrann" ana-mhaitheas sa Ghaedh-
ealtacht, le congnamh Dé, go mórmhór i-nGaedhealtacht
na Mumhan.



Sinn-ne — Lucht an Lóchrainn.



DO'N AOS ÓG.



DUAISEANNA.



Tá súil agam ná fuil sibh 'á dhearmhad
go bhfuilim ag feitheamh le h-aistí uaibh i
gcóir na duaise £1 sin. Níl cead ag
aoinne os cionn fiche bliadhan d'aois aon
aiste a scríobhadh ina chóir. Scaoilfead
libh coicthigheas eile chun na h-h-aistí a chur
chugam, .i. go dtí an 15adh lá de Mheitheamh.



Ach pé rud a dhéanfaidh na h-h-aistí ná
deinidh aon fhaillighe ag bailiú na scéalta
agus na seanaimsireachta ó nbhur muinn-
tir. Cuir chugam gach aon rud a gheobhaidh
sibh agus luath nó mall cuirfear sa "Loch ann"
é. Táim ana-bhuidheach do Shiobhán Ní Chléirigh
a chuir scéal breagh fada chugham tamall ó
shin agus de Shéamas Ó Caomháin ó Dhún
Chaoin. Fuaireas dá scéilín deasa ó
Bhrian Mac Cathbharraigh i gCorcaigh. Tá
scéal aca 'á chur i gcló agam.



Ba mhaith liom dá bhfaghainn eolas ar
ionad chomhnaidhthe Bhriain sa Chathair.



Táim tar éis scéal eile d'fhagháil anois
ó Mhícheál Ó Siochfhradha ó Bhaile 'n Ghóilín,
sa Daingean.



Tá a lán scoileanna ná fuaireas aon
scéala fós uatha. Cad mar gheall ar
Pharóiste an Fhirtéaraigh agus na Cille
agus Cille Cúáin. Bhíodh daoine fóghanta
annsúd tráth agus ní fad' ó é; agus
i nUibh Ráthach agus i mBéara agus i nUibh
Laoghaire agus i gCorca Baiscne. Eirighidh,
a chlann ó, ar son na Ghaedhilge agus ar
son Éireann.



Fear "An Lóchrainn."



Litir a fuaireas:



Acail Bheag,
Co. Mhuigheo,
23-5-16.



A Chara,



Fuair mé do pháipéar indiu, agus is
maith liom a rádh go dtaithnigheann sé
liom go h-ana-mhaith. Creidim féin gur
páipéar ana-mhaith é agus tá scéalta
áluinne ann.



Do gheobhainn é gach mí ach a bheag
go bhfuil mo mhúinteoir 'ghá fhagháil gach
mí agus gheibhim-se uaidh é.



Sílim féin gurab é an páipéar
is fearr é dá bhfuil ag teacht amach
anois.



Do chara buan,



Seán Mac Giollabháin.



NÍ LINN (ling) É ACH LEÓ.



Bhí roinnt fear ó Luimneach. agus
Ciarraigheach fir, ag dul ar aonach lá.
D'fhanadar i dtigh sa tsráid an oidhche
roimis an aonach. Bhí cailín an tighe ag
gearradh éisc agus d'fhiafruigh duine de
mhuinntir Luimnigh "Cad é an t-iasc é
sin?"



"Tá's agam-sa go maith," arsan Ciarr-
aigheach, "is ling é."



"Pé sa domhan fios atá agat," arsa
fear ó Luimneach, "cuirfidh mé geall
leat nach linn é."



"Is ling é," arsan Ciarraigheach.



"Ní linn é, ná pioc de," arsan
fear eile.



Chuireadar an geall.



"Cia 'neosaidh dúinn é?" arsan
Ciarraigheach



"Ní gádh dhúinn aoinne 'á innsint
dúinn," arsan fear eile." "Beidh fhios
ag an gcailín."



Nuair a bhí an t-iasc ullamh do thóig
an cailín isteach insa seomra é go dtí
muinntir a' tighe, le n-ithe.



"Á!" arsan fear ó Luimneach go
brónach, "is maith bhí fhios agam féin
nár linn é, ach leo!"



Domhnall Ó Buachalla d'innis do'n
Athair T. de Bhál, Drom Collachair.



AN DÁ ROILIG



Fear a fuair bás i Múscraidhe agus
d'éirigh connspóid idir a chairde gaoil
i dtaobh ciaca roilig 'nar cheart é chur.



Nuair a shroiseadar an crosbhóthar, lá
na sochraide, do dhírigheadar arís ar an
gconnpóid. Bhí aoinne amháin ortha agus
ba shuarach leis an cuma 'na rabhadar
chun a chéile. Saghas file ab' eadh an
duine sin.



"Seo chughainn an Sagart Paróiste,"
ar seisean, "agus cuirfead fé na bhragh-
aid é, mar scéal."



"Dein, má's eadh," arsan chuid eile.



Do chuadar mar a raibh an sagart
agus do labhair an file agus iseadh
adubhairt:



"Innis-se dhomh-sa, 'chléir,
Ós tusa léigh na h-úghdair coir;
Ciaca is giorra Flaitheas Dé
Do Chill Créidhe nó do'n Domhnach
Mór?"



Do chuir san deire leis an aighneas
agus do chuireadar an cosp sa roilig
ba ghiorra dhóibh.



P. Ó. Cruadhlaoich, MaghChromtha, d'innis.
S. T.



Trí nidh do bhaineann leis an gcrionnacht:



Saint
Clúmh
agus Ingne.



Trí bhéarsa is tiúin,
Dóthain aon réice sa Mhumhain.



Is buaine bladh na scríbhinn,
Buaine scríbhinn na leabhair,
Is buaine bladh na saoghal,
Buaine ná daoine leabhair.



FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH.



DO LUCHT-DRÁMAÍ-A-LÉIRIÚ.



Tá gach saghas éide, peribhicí, agus c., i gcóir
drámaí go mór-mhór i gcóir Drámaí
Gaedhealacha le fághail uainn-ne, ar
iasacht. Níl 'oiread san de sna rudaí
sin ag duine ar bith eile in Éirinn.



PÁDRAIG Ó SÚILEABHÁIN agus a Chua.,



"Theatrical Outfitters,"
38 SRÁID MHÓR SHEOIRSE, I gCORCAIGH



A BHEAN A' TIGHE! Cad é an saghas plúir
a bhíon agat?



Is é an PLÚR "EAGLE," an plúr
is tuíslinnighe i gcóir an tighe; agus
an PLÚR "LION" is
fearr do lucht-aráin-a-dhíol.



Muíntir Mhic 'Ille Sheathanaich a dheinean
i gCorcaig.



GEO. SHAW & SONS,
Muillean Sain Seán, i gCORCAIGH



MÍCHEÁL DE RÓISTE,
60 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



Seodaidhe,
Gabha geal,
Déantóir
súlghloiní
agus
Uaireadán.



Tá 200,000 Barailí Plúir da dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag



T. Ó hAILEANÁIN agus a CHL. MHAC, Teo.



Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.



Sranngscéala: "Hallinan, Midleton."



Guthán: 7 Cork; 1 Midleton.



CRAOBH NA GAEDHEALTACHTA



An t-aon Chraobh amháin ná fuil
de chúram uirthi ach aire thabhairt
do sna Ceanntracha Gaedhealacha.



Má's duine thu a chuireann suim sa Ghaedheal-
tacht, ba cheart duit bheith páirteach sa Chraoibh
seo. Cuir leathchróinn ag triall ar Sparán-
aidhe na Craoibhe, faithche Stiabhna 7, Baile Átha
Chliath, agus beir id' bhall di go ceann bliadhna.



CAD IS SLOINNE DHUIT?



Tá comharthaí gacha fine le fághail ar
Chártaí Daithte.



Coats of Arms of the Irish Families
Sciath, Círín agus Rosc Catha.



Ceann mór fé fráma… 5/-
Ceann beag fé fráma… 2/-



Peictiúirí beaga deasa ar 2/6 a' ceann
(Tá le fágháil gan fráma, leis, ar leath an airgid.)



Neilí Ní Bhriain do rinne idir línidheacht agus dathú.



Chun tairbhe Coláiste Eoghain Uí Chomhraidhe a
raghaidh an t-airgead. Scríobh chun: NEILÍ NÍ
BHRIAIN, Seomraí Páirc an Choláiste, i n-Áth Cliath.


L. 5


SEÁN 'OCH SÉAMAIS.



Bhí Seán, mac Rí Shéamais aige comh-
thalán ceoil lá Domhnaigh, agus chonnaic
sé óigbhean bhreagh ag déanamh air. Do
sheasaimh sí suas len' ais agus chuir sí
lámh 'na póca agus thug sí ubhall do
Sheán. Rug sé ar an ubhall agus chuir
sé 'na phóca é. Nuair a chonnaic an
bhean óg nár bhlais sé an t-ubhall thug
sí smut d' ubhall eile dho. Do bhí náire
air annsan an smut a chur na phóca
agus d'ith sé é. Nuair a chonnaic an
bhean óg gur ith sé é d'fhág sí annsan
é agus bhailibh sí léithe sa tsiubhal agus
níor stad sí riamh ná choidhche gur chuaidh
sí go dtí n-a h-áit comhnuighthe féin .i.
go Carraig Chlíodhna.



Ach b'éigeant do Sheán 'och Shéamais í
leanamhaint (mar chuir sí draoidheacht air
nuair a dh'ith sé an smut de'n ubhall)
riamh is choidhche go dtí gur chuaidh sé
go dtí an Charraig 'na diaidh. Annsan
rug sí léithe isteach sa Charraig é chun
comhnuighthe 'na fochair féin. Do bhí an
Charraig fé dhraoidheacht agus bhíodh sí
oscailte ó luighe gréine go h-éirghe
gréine, agus dúnta ar feadh an lae.
Ní raibh aon dul aige Séan ar í fhág-
aint go ceann lae agus bliadhna agus
mara mbeadh sé fuascailte fe'n am san
chaithfeadh sé fanmhaint innti go deo.



Maidean mhoch roim éirghe gréine do
scaoil Seán leitir le gaoith as an
gCarraig. Níorbh' fhada gur bhuail an
leitir le fear a bhí ag aodhaireacht bha,
agus do léig sé í. Sé bhí sa leitir go
bhfuasclochadh aoinne de'n triúr ban é—
an Déighbhean, Rós Caoldubh nó Mairín
Dubh ó Iarthar Éireann.



Do chuir an t-aodhaire an leitir go
dtí Rí Séamas agus tháinigh Rí Séamas
annsan go dtí Mairín Dubh. D'fhiafruigh
sé dhi an raghadh sí 'á iarraidh go dtí
Carraig Chlíodhna ach dubhairt sí leis ná
féadfadh sí dul ann mar go raibh sí
'na luighe le feabhras. Do bhí gearra-
chailín d' inghin aige Mairín agus dubh-
airt sí go raghadh sí féin ann. "Tá
eagla orm," arsan mháthair, "ná déan-
fair a' bheart." "Is cuma liom," arsan
gearra-chailín, "bainfidh mé triail as."



Tháinig an mháthair annsan agus thug sí
órdú culaith éadaigh a dhéanamh di agus
nuair a bhí san déanta thug an mháthair
léi sisiúr agus dhéin sí géiríocha (? ghearr-
thadhacha) beaga de'n ngúna suas go dtí
n-a chabhail. Sé an bun a bhí aici leis
sin a dhéanamh chun go measfadh Clíodhna
nuair a bheadh an ceol ag an éadach
gurab í an ghaoth a bheadh ag déanamh
uirthi.



D'imthigh an cailín beag annsan agus
níor stad sí riamh ná choidhche gur chuaidh
sí go dtí Carraig Chlíodhna. Is amhlaidh
do bhí Clíodhna roimpi ar an dtaobh
amuich de'n gCarraig agus a cuid
gruaige aici á chíoradh siar síos léi.
Níor mhothuigh sí aon nídh gur tháinig
an gearr-chailín i leith a cúil uirthi
agus chuir sí a lámh go tapaidh 'na cúl
gruaige agus chas sí a cuid gruaige
ar a láimh chun ná féadfadh Clíodhna
úntoghadh (? ionntódh) uirthi. Dá bhféad-
fadh Clíodhna casadh do leagfadh sí le
draoidheacht an gearr-chailín. Nuair a
fuair sí Chlíodhna ar a toil aici dubh-
airt sí leithe:



A Chlíodhna, a Chlíodhna a bhean bhinn
(? mhín) bhéasach,
Go mbeannuighidh Críost duit is na
Naoimh le chéile,
Is mó stáir a thugas at' éileamh,
Ó'n gcoill chluthmhair mar a silid na
caortha,
Ó bruach na Sionanna mar a rithid
na caol-eich,
Cionnus atá agat Seán 'ach Séamais?
Ar phós sé fós nó an bhfuil gan chéile?
Nó arbh' eolach duit aon óigbhean ar
t'eolas réidh leis?



Dubhairt Clíodhna 'ghá freagairt:



Cia thu féin atá ar 'éileamh
An tu 'n Déighbhean nó Rós Caoldubh?
Nó Mairín Dubh ó Iarthar Éireann?



An Cailín:



Ní h-aoinne mise féin de'n méid sin,
Ach inghean dílis do Rí na Gréige
An t-ubhaillín óir a bhíodh agam' bhábáinín
ar bhórd na Féinne, go ndéanfadh sé
óg an té bhíodh aosta.



Clíodhna:



Dá bur (mba) inghean rí thú agus ní
h-eadh i n-ao' chor,
Do bheadh do chuid gruaige 'na dualaibh
go féar leat,
Do bheadh do leaca dheas dhearg mar
lasadh na gcaortha,
Agus fáinní óir ar gach méir ded'
mhéaraibh.



An Cailín:



Dá dtabharfá-sa seacht mbliadhna fé
shileadh na réidh-ghlais'
Is gan de bheatha 'gat ach samhna, biolar
agus féar glas,
Gan de chuideachta agat lá breagh
gréine
Ach broc sa ghleann agus coileán
caol-chon (? faolchon)
Ba mheasa leat féin sin ná fáinní
Éireann.



Marab é sin é tabhair-se spré dho,
Seacht céad searrach is seacht céad
laogh dho,
Seacht céad each ar dhath a chéile,
Seacht céad bolán ceann-árd péacach,
Seacht céad bó bhuineann druimfhionn
bhléanach,
Seacht céad ainmhidhe ceannabhuidhe
caorach,
Seacht céad gabhar maol-odhar gan
aon locht,
Seacht céad bairrle d'airgead réalach,
Seacht céad acra de Fhlaithis na Naomh
do.
Is fearr liom marbh é ar mo thear-
moin féinig
Ná é bheith 'na bheathaidh ag aon mhnaoi
i nÉirinn.


L. 6


Clíodhna:



Dá bhfanfá-sa uam-sa go h-uair an
meadhon lae amach,
Go gcruinneoch' m' fhuirean i bhfoithin a
chéile
Do réabfainn cnuic is do bhrisfinn
sléibhte
Is do chuirfinn cuirp go tiubh (tiug)
ó chéile,
Do dhoirtfinn fuil 'na sruthaíbh
tréana,
Nó bheadh agam féinig Seán 'och
Séamais.



Do bhailibh Clíodhna an spré go léir
ach an "seacht céad acra de Fhlaithis
na Naomh." Nior fhéad sí iad san a
thabhairt uaithe agus b'éigeant di Seán
'och Séamais a leigeant amach as Carraig
Chlíodhna. Annsan thug an gearra-chailín
léithe abhaile é go dtí an Rí agus fuair
sí é le pósadh agus níl puinn daoine
ar an saoghal a déarfad ná gur thuill
sí go maith é.



"Common Noun," Dún Chaoin,
do sholáthruigh.



TÁIM GLAN AS MO MHEABHAIR.



Fonn: "Dá bpósainn bean ruadh," nó
"Páidín Ó Raithbhearta."



Curfá:



Táim glan as mo mheabhair 'ge sna mnáibh
seo gabháil stealladh liom,
Beidh duine 'ca 'm dheabhaidh <dhiaidh> pé
ball go rachaidh mé,
Táim glan as mo mheabhair 'ge sna mnáibh
seo gabháil stealladh 'rm,
Is go lá deire 'n Domhain n' fhéadfainn
rogha dhéanamh eatortha.



I.



Tá bean ar an Ráth le ráithe gabháil
stealladh liom,



Is ag tabhairt a sparáin dom go bhfuil
tarrac aon asail ann,
Deir lucht feasa na h-áite go bhfuil sé
i Dtaisce 'ci
Mar gur ghoid sí ó Sheán é, an fear a
bhí cheana 'ci.



Curfá: Táim glan as mo mheabhair, agus rl.



II.



Chun bean na Rátha níl aon rás orm,
geallaim díbh,
Agus san i dtaobh Sheáin 'sa tsligh grán-
na gur cailleadh é.
Deir Brighde Thaidhg Sheáin liom cé ná
'nneosadh sí 'on tsagart é,
Gurab é 'h-oipineón láidir gurbh' í féin
do mhairbh é.



Curfá: Táim glan as mo mheabhair, agus rl.



III.



Deir Brighde Thaidhg Sheáin go ngeobhadh
sí go tapaidh liom,
Is ar maidin amáireach go raghadh sí 'dtí
'n sagart liom
Is le h-inntleacht atá 'ci go gcárnálfadh
sí airgead
'S ná beadh aon chúram go bráth uirri ach
a' tendáil 'sa tabhairt aire dhom.



Curfá: Táim glan as mo mheabhair, agus rl.



IV.



Le Brighde Thaidhg Sheáin nílim sásta im'
aigne,
Mar tá sí plámásach is líonta de bhladar
leis,
Níl aon gharsún san áit ná 'go mbíonn sí
ag bagairt air,
Is b'é' ná beadh sí 'gam ráithe nuair
árdochadh uaim Peadar í.



Curfá: Táim glan as mo mheabhair, agus rl.



V.



Tá bean ar an nGleann im' dheabhaidh-se
le sealad mhaith,
Dhéanfadh sí plainíntí an domhain dom
agus píosaí breagh' anairte,
Thabharfadh sí bradán ón abhainn léi is an
langa ó'n bhfairrge,
Agus gheobhainn-se gan dabht iad nuair a
bheinn léithe ceangailte.



Curfá: Táim glan as mo mheabhair, agus rl.



VI.



Ach roim bhean a' Ghleanna tá eagal an
tsaoghail orm,
Tá sí chómh láidir le h-asal is raidfeadh
sí is baoghalach liom,
Tá sí míneáireach malluighthe is cainncinn
dá reir aici,
Is dá mbeadh aon deifridheacht eadrainn
stracfaí as a chéile me.



Curfá: Táim glan as mo mheabhair, agus rl.



VII.



Tá bean eile im' cheann ach ní 'neosad a
h-ainm díbh
Ach go mbíonn sí ag díol gabhar* go
minic ar a' margadh
Faghann sí tistiún an ceann ar ghabhair
nach fiú leathphine,
Is do thabharfadh sí an leabhar dom go
mbeathochadh sí ar mo leabaidh me.



VIII.



Ach 'dtaobh bean na ngabhar tá dabht ró-
mhór im aigne
Mar dubhairt Máire shlim shleamhain go
ngoilfinn dá mbacainn í,
Go seasochadh sí 'g ól "stout" ó Dhomhnach
go Satharn,
Is go ndíolfadh sí an ceann díom dá
bhfaghadh sí air cnagaire.



Curfá: Táim glan as mo mheabhair, agus rl.



Tadhg Ó Conchubhair, Liospóil.



*Gabhar = saghas éisc.



DOMHNALL NA CÁSCA.



Nuair a bhí a naimhde ar thóir
Domhnall na Cásca (Ó Caoimh) chuir sé
a chuid óir i bhfolach. Nuair thánadar
bíodar ag cur tuairisce an óir.



"Cá bhfuil an t-airgead, a Dhomhnall?"
ar siad.



Arsa Domhnall:



"Cuarduigh Abhann Tairliglin, Óró!
Portach na Ceannfinne, Óro!
Gheobhaidh tú an t-airgead, Óró!
Is nár dheinidh sé maitheas duit, Óró!"



Deirtear leis gur mar seo adubhairt
sé é:



"Treabhruigh an Mhangarta, Óró!
An Dá Chích gheal a dho, Óró!
Ínse an Leachta thoir, Óró!
Bogach na Ceannfinne, Óró!
Agus gheobhaidh sibh an t-airgead, Óró!"



Bogach na Ceannfinne .i. Clárach Beag siar ó
Shráid a' Mhuilinn.



Ínse an leachta, soir ó thuaidh ó Shráid a'Mhuilinn.


L. 5


FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH.



Aonsud mar LEACHT AR UAIGH nó
ALTHÓIR don TEAMPALL



San Aolchloch nó sa' Mharmar,
déanfaidh



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG



Ar Fheabhas é. Scriobh chuige.



LUCHT DAITHTE TIGHE nó TEAMPAILL



Tá raidhse páipéir againn i gcóir
fallaí agus é go saor



D. agus A. Ó NÉILL, 21 Sráid an Acadaimh, Corcaigh
(Níl aon tig eile againn-ne).



SLIGHE BHEATHA
MHAITH DOD' MHAC!



Cuir chúgham-sa é
agus múinfead dó
conas bheith in a



SHEOLAIDHE
SCÉALA-GAN-
SRAÍNNG



Fé cheann ráithe nó
leathbhliana.



Scríobh ar lorg an réimleabhráin.



TOMÁS Ó SÚILLEABHÁIN
(Ó Uibh Ráthach)



"SCHOOL OF WIRELESS
TELEGRAPHY,"



CORCAIG.



Labhair Ghaedhilge agus
Leabhair Bhéarla i dtaobh na hÉireann.



Le fághail ó



CHONCHUBHAR Ó CAOIMH,
70 Sráid Sheoirse, CORCAIGH.



Gaedhil is eadh sinn-ne, is ní náir linn é.



Geobhair deaghmhargadh
uainn-ne i gcomhnaidhe.



TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol-
faimídne an postas ar cheithre púint de.



PLÚR Gaedhlach.



MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min
bhuidhe.



SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas.



SEÁN agus TOMÁS MAC CURTÁIN,
Sráid a' tSeandúna agus Sráid Thomáis Dáibhios,
CORCAIGH


L. 6


FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH.



Táid so 'á ndéanamh againn-ne —



ÉIDE SAGART,
ÁTHRAIGHE ALTHÓRA
mar chailísí, miasa, agus c.



CROISEANA
den déanamh CEILTEACH in ór nó
airgead geal, agus



PAIDRÍNÍ.



LIAM MAC AODHGÁIN agus a CHL.-MHAC
Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



An Déantúsán ag 6 Sráid Mhaylor.



Sinn-ne a dhein



SNAOIS CHORCAIGHE



ar dtúis agus atá 'á deanamh
i gcómhnaidhe.



TOBAC CÚMHRA
an dá shórt so —



"Exhibition Roll" agus
"Shandon Plug."



Má theastuighaen uait aon tobac nó
saigréidí do chur chun aonne atá sa
chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó
cháin, ach leath phúnt, ar a luighead,
bheit sa 'bheairtín idir thobac is saigréidí.



LAMBKIN BROS.,
9 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



COLÁISDE CHAIRBRE, i gCuan Dor.



An ball is breághtha ar
domhan i Mí Lughnasa.



Múinfear Gaedhluinn duit ann, agus gheobhair
sult a's sláinte ann.



MÍCHEÁL Ó CUILLEANÁIN,
ó'n Seanachúirt, An Sciobairín.



An fear a thiubharaidh tuille eolais duit mar
gheall air. Scríbh chuige má's mian leat.



TROSCÁN TIGHE AGUS
GACH CÓIR LEABTHAN!



Tá flúirse de sna h-Earraí a
deintear in Éirinn le fághail
uaim-se ar an bpinginn is lúgha.



M. Ó RIAIN, Siopa Oluir,
36, 37 Sráid an Rí, CORCAIGH.


L. 7


SEAN NÓSA UIBH RÁTHAIGH.



Níl aon nós in Ibh Ráthach anois mar
a bhí fad ó. Ní bhíonn aon teinteacha
cnámh an ao' chor anois ann fé mar
bhíodh fad ó. Oidhche Lae Shin Seáin,
bhíodh teine chnámh ar gach aon bhaile.
Bhailigheadh sgata buachaillí. is cailíní is
bhídís ag rinnce is ag damhas is ag
pléisiúr timchioll uirrthi.



Seo cluithche bhíodh ar siubhal aiges na
buachaillí is na cailíní an oidhche sin.
Do glaoidhtí "Cuitse Cuitsiú rinnce na
ngaifirí" air. "Gaifirí óga is gaifirí
críona, dá mbeadh gaifirí eile againn,
bheadh lán a tighe againn. Cuitse cuit-
siú, agus rl." Is amhlaidh do chromaidís gach
duine ar a choragiob is rithidís mór
dtimchioll na teine cnámh ar a gcuma
san.



Nuair a bhíodh deire pléisiúir déanta
againn bheirimís fód as an dteine cnámh
linn agus chaithimís ins an ngarraidhe é.
Cheapaimís go ndéanfadh sae maitheas
mór dos na garraidhthibh. Bhímís ag caith-
eamh fód na teine cnámh ar na ba shar
a ndéanfaidhe deasa ná díoghbháil dos
na h-ainmhidhthe.



Maidean lae Bealtaine thugaimís an
samhradh isteach: sé sin craobh ghlas roim
eirghe Gréine agus chuirtí anáirde fé
fhrathachaibh an tighe í.



Oidhche Shamhna bhíodh tobán mór uisge
againn agus bhímís ag caitheamh ubhall.
An té thógfadh an t-ubhall le na bhéal
as an uisge leis féin dob eadh é.



Lá 'le Fíonáin, an lá roim lá 'le
Pádraig bhíodh pátrún ar a gCathair
mBeárnaigh ag Tobar Fhíonán agus bhíodh
pátrún ag Maistear Gaoithe lá 'le
Pádraig agus cabáin agus bruighean.



Bhíos ag féachaint ortha i Maistear
Gaoithe ag gabháilt ar a chéile le maidí
éile agus biadhnaí iarrainn ortha. Bhíodh
maide in áirde agus gárda is cosaint chómh
maith acu le saighdiúirí.



Do marbhuigheadh duine i mbruighin do
bhí lá an phátrúin ag Tobar Fhíonán
timchioll cheithre fichid bliadhain ó shoin.



Lá le Mhichíl bé an sgéal céadna ar
an nGleanntán é, pátrún agus cábáin agus
dar ndóigh d'eirigheadh an bhruighean siúr-
álta idir dhá thaobh éigin. Fuisgí ar fad
d'óltí ins an am san.



Bhíodh na daoine an-thugtha d'innsint
sean sgéalta nuair a bhailighdís isteach
i dtig istoidhche nuair a bhíodh obair
éigin ar nós cóiriú lín ar siúbhal acu.
Nuair a bheadh an obair seo déanta
ag na cailíní thosnuighdís ar bheith ag
déanamh staimpí.



Bhíodh clis acu go dtugaidís "díol
na leathphinig" air agus "iompuig an
bior." Bhíodh cleas againn go dtug-
aimís "Tréalach a bhodaig" air.



"Thréalach a bhodaig.
Cad é sin a chogar?
Má fhaghaimse bás
Sar a bhfaghair-se bás
Bíodh an oidhreacht agat-sa."



Pádraig Fada Ó Máilbhe.



RAITHINEACH A BHEAN BHEAG.



(Fonn: "Ding, dong, dederó").



Do chuireas mo ghearrchaile go Barra na
hAoine
Ag iarraidh staimpí nó cácaí- mísle;
Nuair a tháinig sí a bhaile ní bhlaisfeadh
fear a' tighe é,
Raithineach a bhean bheag agus déanfaimíd
arís é.



Raithineach a bhean bheag, a bhean
bheag, a bhean bheag,
Raithineach a bhean bheag, staimpí.
'gus im air
Raithineach a bhean bheag, a bhean
bheag, a bhean bheag,
Raithineach a bhean bheag agus déan-
faimíd an císte.



Tá tigh mór fairsing i mBarra na hAoine,
Bíonn bean acu 'á ghlanadh agus bean acu
'á scríobadh,
Bean eile acu 'á fhásgadh os cionn cor-
cain ar a dícheall
Agus seanbhean ar a corraigiob á leathadh
ar an ngríosaigh.



Raithineach a bhean bheag, agus rl.



Nuair a ghluaisigheann Máire, Siubhán agus
Síle,
Nóra 'gus Cáit is sásta a bhíd siad
An juga ar an gclár 's an cháirt dá
líonadh
'S mo cheol go bráth sibh a mhná cois
Aoine.



Raithineach a bhean bheag, a bhean
bheag, a bhean bheag,
Raithineach a bhean bheag, staimpí
'gus ím air,
Raithineach a bhean bheag, a bhean
bheag, a bhean bheag,
'S is beag a' mhaith a' staimpí
mara mbeadh a' t-ím air.



Roderic Ó Dálaigh do chúm.



GIOTAÍ Ó GHLEANN BHEITHE.



Trí nidhthe nách féidir fhoghluim:



Guth cinn,
Féile, agus
Filidheacht.



Trí nidhthe a bhaineann le sonas:



Fál,
Fasgadh, agus
Mochóirighe.



Trí nidhthe a bhaineann le "bligeárd":



Feirc,
Feaduíol, agus
Fiafraightheacht.



Althughadh tar éis bídh:



Céad moladh leis an Rí nách gann,
Céad moladh gach am le Dia,
Moladh mór le hÍosa Críost,
I dtaobh ar itheamar agus a n-íosfam
de'n bhiadh.
Na cúig aráin agus an dá iasg
Ar na cúig mhíle do roinn Dia,
Rath ó'n Rí sin ar ár gcuid agus ar
ár n-áireamh.



In ainm an Athar, agus rl.



Mícheál Mhágh gCineádha.



ALTHUGHADH EILE.



"Rath na gcúig n-arán agus an dá iasc do
roinn dia ar na cúig mílibh orainn. Rath ó'n Rí
do rinne an roinn orainn-ne, ar ár gcuid agus
ar ár gcomhroinn."



FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH.



Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn.



H. JOHNSTON,
TIGH "AN BHATA DROIGHIN ÉILLE"
Teo.,
Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



Píanó Ceart Gaedhlach ar £32!



Tá píanacha 'á n-déanamh in Éirinn
anois, ag



Pigott & Co. Ltd.,
Luimneach, Ath Cliath
is Corcaigh.



GUAILNEÁN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na humaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.



"Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces"
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
"Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!"



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Port an Phápa, CORCAIGH.



CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM!



MARGAIRÍN
"LEANDAR"



Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH
ag



Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA
Agus a gCualucht.



Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil.



I n-Éirinn a Deintear



"BRÓGA NA LAOÍ."



Táid le fághail i ngach sráid bhaile.



A Ghaedheala! Ceannuighidh



"ÉADACH na DRUIPSIGHE"



Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.



Muileann Éadaigh na Druipsighe (teo.)
Co. Chorcaighe.


L. 8


AN TRÍOMHADH SRAOTH.



Do bhí píobaire ann fad ó. Liam
Mac Domhnaill a b'ainm dó. Do bhí
árd-dhúil san ól aige. Do bhí sé ag
dul abhaile oidhche agus é ag tabhairt
an dá thaoibh de'n bhóthar leis, mar a
deirtear, agus cad a chífeadh sé acht
an púca agus cupán mór uisge-beatha
in a láimh aige. Thug an púca an
cupán do Liam agus má thug d'fholmhuigh
Liam é. Annsan do labhair an púca:



"Díol as!" ar seisean.



"Ní dhíolfad," arsa Liam.



"Mar sin caithfir teacht liom agus
bheith id' sheiribhíseach dom ar feadh seacht
mbliadhan!" arsa'n púca. Rug sé ar
Liam agus do thóg sé leis suas sa
spéir é chun a thighe féin.



D'fhan Liam seacht mbliadhna annsan
ag obair do'n phúca agus nuair a bhí
an t-am caithte do bhí an púca chun
pósta. Rug sé airíst ar Liam chun
dul go dtí tigh éigin sa Mhumhain 'na
raibh fear agus bean tar éis phósta.
Do bhí an chóisir ar siubhal nuair do
bhuail Liam agus an púca isteach. Níorb'
fhéidir le h-aoinne iad d'fheiscint mar
chuir an púca draoidheacht ar a raibh
sa tigh.



Pé sgéal é, do shocruigh an bheirt
iad féin thuas ins na rachtaíbh. Ba
ghearr a bhíodar ann nuair a leig an
bhean sraoth aisti. Do phreab gach duine
agus d'fhéachadar i dtreó an t-sagairt
acht má dhéin ní dubhairt sé sin "Dia
linn," mar badh chóir dó a rádh acht do
chomáin sé leis ag ithe. Do sgairt an
púca ar gháiridhe.



"Tá trian díot agam anois, a bhean
uasal," ar seisean, acht níor airigh
aoinne é 'á rádh san acht Liam.



Bá ghearr gur leig an bhean sraoth
eile aisti féin, acht ní thug aoinne fá
ndeara í. Do bhagair an púca ar Liam.



"Nuair a leigfidh sí an tríomhadh
sraoth béidh sí agam!" ar seisean.



Ní raibh aon focal as a bhéal nuair
leig an bhean sraoth eile aisti. Annsan
do ghaibh truagh. dhí Liam, go mbeadh sí
dá pósadh leis an bpúca, agus do bhéic
sé amach:



"Dia linn!"



Tháinig árd-fhearg ar an bpúca.



"Greadadh chughat," ar seisean, "cad
na thaobh gur dheinis é sin? Imthigh leat
as mo radharc agus bíodh san agat mar
thuarastal," agus bhuail sé speach mór
ar Liam. Do thuit Liam anuas ar lár
an bhúird agus ní raibh fhios ag aoinne
cad as a dtáinig sé. D'innis sé an
sgéal dóibh fé mar a thuit amach agus
bhíodar go h-an-bhuideach de. Thugadar
biadh agus deoch dó agus ar ball nuair
a bhí rinnce ar siubhal aca is é Liam
féin a dhéin an rinnce fada leis an
gcailín óg.



Pioca fíor nó bréag mo sgéal ní
mise chúm ná cheap é.



Brian Mac Cathbharraigh,
Corcaigh.



ÓRA MHÍLE GRÁDH.



(Luinneog oibre).



B FLAT.



Lúibín:



Óra mhíle grádh,
Óra mhíle grádh,
Ím a bím a bobaró,
Is óra mhíle grád.



Óra mhíle grádh,
Óra mhíle grádh,
Tá grádh ag Seán Ó Dálaig dhom 's tá
náire air é 'rádh.



(Lúibín).



Óra mhíle grádh,
Óra mhile grádh,
Taobh thall de'n abhainn ag lorg na
nGabhar atá mo mhíle grádh.



(Lúibín).



Óra, agus rl.,
Ní shiubhalfainn troigh de'n talamh leat
gan bannaí an Athar Seán.



(Lúibín).



Óra, agus rl.,
I gCaiseal Mumhan ar boarding school
atá mo mhíle grádh.



(Lúibín).



Óra, agus rl.,
Bliadhain ó 'ndiu go cinnte beidh me
ag rinnce i Meiriocá.



(Lúibín).



Óra, agus rl.,
Is fada siar an lighthouse 's is sia ná
san mo ghrád.



(Lúibín).



Óra, agus rl.,
Soir atá mo thriall-sa 's siar atá mo
ghrádh.



(Lúibín).



Óra, agus rl.,
Is deas an fear an táilliúir mara
mbeadh é bheith buille geárr.



(Lúibín).



Óra, agus rl.,
Is deas a' máighistir rinnce dhéanfadh
Seán Ó Súiliobháin.



Óra mhíle grádh,
Óra mhíle grádh,
Ím a bím a bobaró,
Is óra mhíle grádh.



Fínghín na Leamhna do sholáthruigh.



Bhíodh abhráintí de'n tsórd so coitchíonta fad ó
imeasg cailíní nuair a bhíodh sgata acu i dteannta
chéile istoidhche ag súgradh nó ag gabháil do obair
éigin.



NÁ DEARMHAID SO, A CHARA.



Nuair a bheir ag scrí chun lucht siopa nó ag
caint leó, cuir in-iúl dóibh, le d'thoil, gur
sa "Lóchrann," a chonnaicís an fógra aca.



FÓGRAÍ Ó BHAILE ÁTHA CHLIATH, agus rl.



Más Múinteóir tú, ná bí ad varú fên agus a marú na
leany a diaruig na Gäluingi vúini ghóiv lesh na sheana
letireacha agus lesh an sheana letiriú. Buín triàil as
an letiriú shimplí, agus beg tora er do hähar.



An Cuman um Letiriú Shímplí,
Tigósda Minerva, Bleáclieh.



A Ghaedheala! Ceannuighidh róthar Gaedhealach .i.



"AN LÚCÁNIA"



(de dhéantús na hÉireann)



ó



Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.



TÁILLIÚREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!



Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i nÉirinn.



Ó GLASÁIN IS A CHUA,
11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH.



Tá árd-teist ar
MHUINTIR HILLIARD (teo.)
CÍLL ÁIRNE,



De bhárr an chuma in a gcabhruighid
le déantúirí na hÉireann. Ní gádh
earraí thar lear do cheannach, agus
SEOGH EARRAÍ
GAEDHEALACHA



Le fághail in a dtigh sin. An siopa
éadaigh is mó agus is fearr
i gCiarraidhe.



Tig a 6 agus a 7 sa' tSráid Mhóir,
CÍLL ÁIRNE.



COLÁISTE AN DAINGIN,
I gCIARRAIDHE.



Seasóin — Iúl agus Lughnasa, 1916.



Técseana i gcóir na Gnáth-theiste:



"An Cleasaidhe" (An tAthair Peadar).
"Réalta den spéir" (Connradh na Gaedhilge).
"Ceachta Cainte Gramadaighe" S. Ó Catháin).
"Aids to Pronunciation of Irish" (Na Bráithre
Criostamhla).



Tá gach eolas eile le fághail ó



PHÁDRAIG Ó CORCORDHA, Rúnaidhe,
Daingean Uí Chúise, i gCiarraidhe.



IOLSCOIL NA MUMHAN
atá i RINN Ó gCUANACH
is na DÉISIBH.



Beidh an obair ar siubhal ann mar is
gnáth ar feadh mí an Iúil agus
Lughnasa i mbliadhna.



TOGHA agus ROGHA NA GAEDHILGE
LE FÁGHBHÁIL ANN.



Atá gach cúntas is tuarascbháil le
fághbháil ó'n bhfear le scriobhadh:



.i. P. Ó CADHLA, Iolscoil na Mumhan,
Rinn ó gCuanach.



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services