Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Abrán, 1916
Title
Abrán, 1916
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1916
Publisher
Muintir Raighill is Cuirc
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uim. 1. ABRÁN, 1916. Pinginn a Fhiacha. MURCHADH AN FHÍONA Ó CONAILL AGUS SÉATHRA NA mBÓ MÓR. Do bhí beirt dearbhráthar ann fadó. I nUibh Ráthach iseadh bíodhar. Mícheál agus Murchadh dob' ainm dóibh agus de mhuinntir Chonaill dob' eadh iad, agus sé an ainm do bhí ortha mar aon le na n-ainm dílis “An Chlann Fhada.” Do bhí dearbhráthair eile aca gurbh ainm do Séathra na mBó Mór, ach sé an fáth ná h-áirighim é sin i n-éinfeacht leis an mbeirt eile, mar nár chomhnuigh sé i n-aon tigh leo. Sé an áit 'a raibh a ionad chomhnaidhthe ag Séathra ná sa Daingean. Is i gcaisleán Bhaile Chairbre i n-aice le Cuan Bhéil Ínse do bhí Mícheál agus Murchadh. Tráth dá raibh an bheirt sa Chaisleán, do chonnacadar long ag teacht isteach go Cuan Bhéil Ínse agus an Captaen ag teacht i dtír. Níor stad se riamh ná choidhche go dtí go dtáinig sé ag triall ortha féin sa Chais- leán. Daoine móra creideamhnacha dob eadh Mícheál agus Murchadh agus is ortha thaisdealadh na huaisle go léir. Do bhíodar go fáilteach roimis an gCaptaen agus níorbh' fhios ciaca ba shia isteach air nó ciaca go n-íosfadh sé a dhínnéar uaidh, ach dubhairt seisean leo gur ó'n té ba thúisce go mbeadh sé ullamh aige — gur uaidh sin d'íosfadh sé é. Do bhí an bheirt ag baint na gcos dá chéile féachaint ciaca ba thúisce. Do cheap Mícheál an tosach do bheith aige féin agus cad a dhein sé ach an tslighe a dhúnadh ar Mhurchadh chun ná tabharfadh sé aon bhraon uisce anáirde leis chun an dínnéar d'ullmhú. Anáirde i mbarra an Chaisleáin do bhí Murchadh na chomhnaidhe agus is ar an dtalamh do bhí Mícheál. Do bhí Mícheál ag ullmhú an dínnéir ar a shuaimhneas; cheap sé nár bhaoghal do Murchadh. Nuair a chonnaic Murchadh an cleas a bhí imeartha air, tháinig straidhn bhuile air agus níor dhein sé aon ní ach fáscadh ar an ndínnéar d'ullmhú le fíon agus ní raibh an dínnéar i n-aon ghaor do bheith ullamh ag an bhfear thíos nuair a ghlaoidh Murchadh anáirde ar an gCaptaen agus d'itheadar agus d'óladar araon a sáith, go subháilceach, de'n dínnéar, agus do fágadh Mícheál bocht ar an dtalamh dá mhéid é a shaothar. Ó shin i leith is é an ainm atá ar shliocht Mhurchadh ná “Muinntir Mhurcha' 'n Fhíona.” An dearbhrátháir eile, sin é Séathra na mBó Mór, do cailleadh é insa Daingean. Ní chualaidh an bheirt dearbhráthar é go raibh sé curtha san úir. Níor innis muinntir an Daingin d' aoinne é mar theastuigh uatha é bheith curtha 'na ndúthaigh féin agus do bhí fhios aca dá gcloiseadh Murchadh agus Mícheál é go mbeidís ag iarraidh é bhreith leo. Ach do chualadar é agus cheapadar é thabhairt leo agus é chur na dteampal dúth- chais féin. D' imthigheadar oidhche i mbád, 'ceathrar aca, triúr de Mhuinntir Chonaill agus cliamhain dóibh — Seán O Braonáin. Do chuadar san daingean agus dho dhein- eadar réabadh roilig. Do thógadar Séathra agus thugadar leo h-é sa bhád. Níor shos do Mhuinntir an Daingin, do bhraitheadar iad agus do leanad ar iad. Do shéid an oidhche ar ghála agus ar bháistig agus b' éigean do mhuinntir an Daingin filleadh abhaile. Do lean muinntir Chonaill ar a n-aghaidh agus fuaireadar a ndóthain de'n ghála. Níorbh fhios dóibh an bhfeicfidís aon radharc ar an dtír go bráth, bhí an fhairrge chomh fiadhain sin. Sa deire, ag déanamh amach ar dheire na hoidhche, d' fhógair an captaen go rabhadar ag teacht go Cuan Cromtha. D'éirig Seán Ó Braonáin na sheasamh. D'fhéach sé uaidh siar ó dheas agus dubhairt sé: Huf! Is maith ann é cuan Cromtha.” Sean-fhocal, seadh é atá eadrainn ó shin: “Is maith ann é Cuan Cromtha.” Séamas Ó Conaill, Cill Roilig. CÁIT NÍ DHUIBHIR. Tráthnóinín beag déidhionach Is mo thréada 'gam dá gcur ó'n síon, I lúib na coille craobhaighe Is aerach mar do bhí mo thriall; Bhí an chuach an lon 's an chéirseach Ar séirse 's gach nóta fíor. 'S i mbun 's i mbárr gach bhéarsa Go mbeidh Éire ag Cáit ní Dhuibhir. Tá liosacháinín féir ghlais Agam féinig ag ceann mo thighe, Agus bíonn gach maidean gréine An spéir-bhean ann is í rómham na suidhe. Tá leabhar aici de'n Ghaedhluinn Is beagáinín de'n Bhéarla thríd, Gurb é túis agus deire gach bhéarsa Go mbeidh Éire ag Cáit ní Dhuibhir Tá míle dath 'na clóca Is a bróigín de dhath an fhraoigh, 'S gúna de'n fhaision nódh uirrthi De'n tsórd úd bhíonn ar inghín an ríogh Sé dúbhairt sí-suidh síos, óigfhir, Go fóil beag is déanfam moill, Is do raghainn-se arís in óige Dá mbeadh Fódhla ag Cáit ní Dhuibhir. Do shuidheas-sa ar bhínsín taobh léi Is mo ghéaga do thuit liom síos, Mar shíleas nárbh aon bhean shaoghalta í Is gur bhaogal dom í theacht am líon; “An tu Pallas nó an tú Hélen Nó an spéirbhean do dhóigh an Traoi, Nó an bhean do mhill na céadtha Go raibh gaol aici le Cáit ní Dhuibhir?” Is bean le fada i bpéin me, Is mo chéile do chuaidh thar tuinn, Mo chlann go bhfuil i ndaor-bhruid, Go tréith lag is gan phreab 'na gcroidhe; Acht eireoghaidh Clanna Gaedhilge Agus léimfidh gach fear chun claidhimh Is sé túis agus deire mo sgéil díbh — Go mbeidh Éire fós ag Cáit ní Dhuibhir. TÁ 'NA LÁ! Chodhlas féin idtigh aréir, Is tuirseach tréith do bhí mo chuisle, Sé comhrádh béil bhí 'ca go léir; M'inghean féin is a boc ar buile. Tá na lá! Níl na lá! Tá na lá, is níl na mhaidin! Tá na lá! Níl na lá! Ach solas árd atá san ngealaigh. 'Éir' id shuidhe, a fhir an tighe, Cuir do bhríste 'mat go tapaidh, Coinnigh suas cuideachta shuairc Don chroidhe mhaith mhór go dtiocfaidh an mhaidin Tá na lá, &rl. “N' éireochad am' shuidhe,” ar fear an tighe, 'S ní chuirfead bríste 'mam ná hata, Blas ná braon dem chuidse dighe A raghaidh na gcroidhe go dtiocfaidh an mhaidin. Tá na lá, &rl. Tá mo stocaí i dtigh an óil, Tá mo bhróga i dtigh an leanna, Tá mo bha ag dul thar teorainn Is níl bean óg a raghadh dá gcasadh. Tá na lá, &rl. Tá an barraile ar a cheann, Is ní fheicim ann ach dríodar deasga, Tá mo ghiní ar an mbórd Is bíam ag ól go dtiocfaidh an mhaidin. Tá na lá, &rl. Cormac Ó Cadhlaigh do fuair ó Chonn Ó Floinn, i gCionn tSáile.
FÓGRAÍ Ó CHIARRAIDHE. Tá Éadach ón mbothán agus Éadach Gaedhealach eile igcóir culaithe: SÚSAÍ, CAIPÍNÍ agus HATAÍ ag MICHEÁL Ó MUIRCHEARTAIGH, An Cheárnóg, CÍLL ÁIRNE. TIGH ÓSTA UÍ GHLASÁIN, Sráid na nÁirne, CILL ÁIRNE. Daoine gur mian leo Aoibhneas Locha Léin d'feisint gan ró-chostas, gheobhaidh siad gach ní ar a dtoil sa Tigh Ósta so. Leabaidh, Bricfeast, Dinnéar, Té agus Freastal ar 5/- sa ló. BRÍD NÍ GHLASÁIN, Bean an Tighe. I gceartlár na Gaedhealtachta, i gCiarraighe, is eadh tá AN TIG DEAS SAN, agus gach cóir ann — troscán, leabthacha, &c. Tá le cur i gcóir an tsamhraidh. Scriobh chun 40 Páirc Herbert, in Áth Cliath. Má théighir go CILL ÁIRNE, cuir fút i dTIG ÓSTA UÍ IFEARNÁIN, KENMARE PLACE. An tig is fearr le Gaedhealaibh. Ní bítear dian san éileamh ann. Tá sé igcómhgar an stásiúin ach leanamhaint ort i leith na láimhe clé. AN T-EMPÓRIUM, le M. Ó SÚILEABHÁIN AGUS A MHAC, CILL ÁIRNE. ÉADATHÓIRÍ MAITHE Tá le fághail uatha: Lása Gaedhealach de'n déanamh agus de'n phatrún is órnáidighe amuich agus saothar lámh is eadh gach órlach de. Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt datha. Ciarsúirí de'n línéadach Cheart Ghaedhealach is a lán saghas eile línéadaigh atá oireamhnach do ghnóthaí tighe agus i nÉirinn do deineadh. Carabhataí de'n Phoiplín Ghaedhealach ar gach dath is ar gach gné datha. Bróga is Buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach (Muintir Winstanlí agus Mac Gabharnaigh a dheinean.) Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr agus flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do deineadh. AN T-EMPÓRIUM, TIGH NA CÚINNE, Sráid Mhór a 10, 11, 12 agus Sráid na nÁirne, CILL ÁIRNE. CLÁR FEISE 'ÍBH RÁTHAIGH. DUAIS MHAITH MHÓR. Do'n Duine Óg fé bhun a 20 is feárr fhreag- róghaidh na Moltóirí ar a bhfuil sa Chlar Feise: Saor Oidheachas ar feadh mí i gCOLÁISTE AN DAINGIN. SEAN-FHOCAIL NA MUIMHNEACH. “An Seabhac” do bhailigh. Ó thárla bailiú' mór de shean-fhoclaibh agus de shean-ráidhtibh na nGaedhilgeóirí Muimhneach againn tar éis dúinn an Mhumh- ain do thaisdeal go mion ó Dhún Chaoin go dtí an Tráigh Mhór, measaimíd nach ceart dúinn feasta gan an bailiú' san a leigint uainn chun lucht léighte agus lucht fógh- lumhtha na Gaedhilge. Ní'l sean-fhocal ortha ná cualmar agus ná fuil le clos fós ó sna sean-daoine. Is eól dúinn go bhfuil cuid acu i gcló cheana, ach tá mór-chuid aca ná fuil. Tá idir 2,500 agus 3,000 sean- fhocal sa bhailiú' seo againn-ne agus táimíd ar aigne iad san uile a chur i gcló chun go mbeadh bailiú' maith amháin de shean- fhoclaibh na Mumhan ar fagháil. Ba mhaith linn ár mór-bhuidheachas do luadhadh annso ar Risteárd McCrócaigh (An Fiach Dubh) do chabhraig linn ag riar agus ag cur eagair ar na sean-ráidhte seo agus 'á n-aith-scríobhadh. BA: Is í an bhó an t-ainmhidhe is mó go raibh baint aici le saoghal na nGaedheal ó thosach aimsire. Daoine a bhíodh saidhbhir deirtí go mbíodh “na táinte” aca, agus daoine go mbaintí an saidhbhreas díobh deirtí go mbídís “creachta” (i., bhídís gan chreach — gan a gcuid bó agus beithidheach). Nuair a bhíodh cáin le díol ag rí nó ag cúige le sí nó le cuige eile, ba mhinic gur “bóramh” an cháin sin. Nuair a bhíodh daoine 'á bpós- adh thugaidís nó gheibhidís “spré” (i., ba nó beithidhigh), agus cia gur airgead a bhíonn i gceist ar ócáid dá leithéid tá an tsean- ainim “spré” fós air. Tá, dá bhrígh sin, tagairt do bhuaibh i mórán sean-fhocal agus sean-ráidhte sa Ghaedhilg, mar atá:— 1 — Is maith í an bhó, Is bainne í le n-ól, Is ím í agus is feóil, Is solas geal í ar bhórd, Deineann a h-earball rón, Agus a h-adharc ceól Agus is maith í a leathar chun na mbróg. Agus, cé gur maith bó, deirtear: 2 — Is beag é toradh bó aonair. Agus airís: 3 — Fear na h-aon-bhó fear gan aon bhó. 4 — Chómh bleachtmhar leis an nGlais- ghaibhneach. B'í an Ghlas-ghaibhneach an bhó do b'fhearr a bhí i n-Éirinn riamh. Bó dhraoidheachta do b'eadh í a thagadh d'á crúdhadh ag daoinibh bochta ná bíodh bó aca féin. Níor bh'fhéidir í do shniughadh dá mhéid é an t-árthach a bhíodh le líonadh, bhí an oiread san bainne aici. Do bhí bean ann adúbhairt go sniugfadh sí féin í. Fuair sí criathar agus do chrom ar an bhó a chrúdhadh ann. Do lean sí uirthi go raibh loch bainne sa pháirc. Níor éirigh sí as an gcrúdhadh gur éirigh an loch bainne chómh h-árd san gur bh'éigean do'n mhnaoi teicheadh ar eagla a báidhte. D'imthig an Ghlas- ghaibhneach léi, agus ní fheacathas riamh ó shoin i n-Éirinn í. 5 — Gach bó dá aindeise agus gach capall dá dheise. Bó mhór throm an bhó is fearr. 6 — Bó bórach nó capall córach. Bórach, .i., lúb-chosach. 7 — An bhó anoir, an capall aniar, An laogh anuaidh (i., adtuaidh) agus an t-uan andeas. As na h-árdaibh sin is fearr iad má's fíor. Deir- tear leis: “An bhean anois, &rl.” 8 — Díol an bhó, ceannuigh an chaosa, ach ná bí choidhche gan capall. Tuigfí as an tsean-chaint sin gur tarbhighe capall ná caora agus gur tairbhighe caora ná bó. Ní ghnáth-thuairim é sin. 9 — Bó le bata agus capall le ceann- sacht. Sin é an tslighe is fearr chun iad a thiomáint. 10 — Fear na bó féin fé'n a h-earball. Nuair a bhíonn bó i bpoll is do'n t-é gur leis í is córa teacht fé'n áit is truime dhí chun í thógaint. Déarfaí é le h-aon ghnó eile, chómh maith. 11 — Aghaidh na mbó ar an macha agus súil na gcat ar an luaith. Le chóimh-fheascar lae agus oidhche a bhídh amhlaidh. Ins na sean-scéalta ba ghnáth an sean-radh san ag tagairt “d'fhuinne-neól nóna agus deire lae.” 12 — Rith na bó laige le fánaidh Nó, Aghaidh na bó laige le fánaidh. .i. An ród is usa ach nách uaisle. 13 — Go réidh! A bhean na dtrí mbó! Adeirfí le daoinibh go mbeadh tóirtéis mhór agus eirighe-anáirde ortha leis an ngustal beag a bheadh aca. Ní fios ciarbh' í an chéad bhean úd go raibh na trí ba aici agus an mhórtas. 14 — Tiocfaidh lá fós go mbeidh gnó ag an mbó d'á h-earball, nó, … go n-oirfidh a h-earball de'n bhó. .i., Tiocfaidh brothal fós agus beidh cuileanna ag imirt ar an mbuin, agus a h-earball gnóthach aici. Le linn droch aimsire adeirtear san. 15 — Ní fachtar bainne beirbighthe gan earball fliuch. An duine go mbeadh bó aige bíonn sé amuich fé'n bhfearthainn ag soláthar dí. 16 — Muga mór maide agus bainne i bhfad síos. Duine éigin d'iarr deoch bainne agus sin mar fuair sé é. 17 — Téigheann an bainne sa Gheimhreadh go h-adharca na mbó. .i., Bíonn sé i bhfad ós na siní. 18 — Bainne na bó sopaithe. Bíonn bainne aici breis ar bhoin ná faghadh aon tsop. 19 — Ní féidir é bheith na ghruth is na mheidhg agat. Ní féidir é bheith mar seo agus mar siúd agat. 20 — Is buaine an t-únán ná an t-an- bhruithe. Únán — an cubhar a bhíonn ar bhainne le linn crúidhte. Is sia a bheadh bainne le n-ól agat ó bhoin bheó ná mar bheadh a cuid anbhruithe agat dá mbeadh sí marbh. 21 — Crúdhtar bó an tsneachtaidh agus suathtar bó an tseaca. Ní ghoilleann an sneachtadh ar na buaibh a oiread leis an tsioc. 22 — Árach neam buan buarach iasachta. i., Ní fada fágfaí agat é. 23 — Chím an bhó bhán agus chíonn an bhó bhán an chuid eile. An áit i mbíonn bó ní fada uaithi bhíonn an chuid eile. Aodhaire adúbhairt an chaint ar dtúis. Leisce a bhí air, is dóigh, dul ag féachaint na coda eile. 24 — Na trí beaga is fearr: beag na curcóige, beag na bó, beag na mná. 25 — Is minic nár chuaidh bó le bó-dhúthchas. Deirtear san le rudaí seachas ba. 25 — An bhó is sailche (salaiche) earball sí is aoirde géim. Is minic gurab iad na daoine is lúgha maith is mó caint. (Tuille le Teacht.)
COMHAIRLE D' FHEARAIBH ÓGA. Eóin Ó Cochláin, cct. Gach óigfhear cliste tá singil gan snaidhm ón gcléir Is tá 'gcóir na hInide i bhfuirm go díonmhar saor. Má seoltar na friotail seo chuige na radh- arc le léigheamh, Mo chomhairle tuigeadh is deineadh sé í le céill. Go céillidhe glacadh mo theagasc i gcóir is i gceart, Is ní baoghal do bheith cathach ná i n-aithreachas bróin go lag; Gan spré dá mhealladh chun ceangail le hóinsigh leamh Gan mhéin, gan mhaitheas, gan mhaise, gan snódh gan chreat. Gan chreat, gan chuma, má thugair an bhé úd leat Le taithneamh dá cuid is a ghioracht a théigh- eann sé, is feas. Má thagan san imirt gan tusa bheith caomh led' bhean Beidh cathanna cuirpe is imreas claon nbhúr measc. Nbhúr measc, gan ghó, beidh gleo go minic sa lá Gan aiteas, gan spórt, gan sógh, gan sú- gradh sámh, Caithfear do stór na cheó le hiomarca ráig Is eadraibh fós ní dóigh aon tsonas go bráth. Go bráth is mairg bheith ceangailte ag straoill gan snódh Acht amháin an té ghlacfadh a samhail le gnaoi go leor, Óir tá sé peacamhail geallaim le bruighin í 'bhreoghadh Is go mb'fhearr í sheachaint mara dtagadh ár n-intinn leo. Ní leótha bfhearra dhúinn ceangal i dtúis óige Acht le modhmhail-bhean mheanmnach, mhaisea- mhail, chiúin, ghlórach, Bheadh córach, ceapaithe, seasamhach, síoghach, snódh-gheal, Gnóthach, greannmhar, geanamhail, gnúis- lóghmhar. Go lóghmhar lasta seadh b'ait liomsa stáid bhean deas Ba mhór mo thaithneamh bheith greamuighthe i bpáirt le searc Go dtógfainn an ainnir gan dada dá bharr, is feas. Mo chumha mór b'fhada ó bheadh m'aigne sásta i gceart? Is ró cheart mheasaim bheith aireach ag soláthar bean Gan fóisc do ghlacadh nó caile gan cháil, gan bhail. Ór ná earradh ní mhaireann i mbláth ach seal 'S is mór an mhaise do leanbh an mháthair mhaith. Máthair mhaiseamhail, bhanamhail, mhánla, shéimh, Do bfhearr chun sleachta gan ainimh, le grása Dé, A hál dob' aite leat sealad ag gáirí id ghaor, Tá stráic sa faithche cé leathan le trácht a spré. Spré ná spaga ná dalladh go bráth do radharc Le leidire caille gan charaid' mbeadh gnas na gnaoi Righbhean caithte nó caille cheanndána chríon Má ghnír leó ceangal sin aiteas ar fán ód chroidhe. Do chroidhe-se beidh cíordhubh dá chaitheamh le brón Má shínir le smíste do'n aicme seo romhat Fagh ainleán (?) dheas dhíreach bhanamhail óg Is beidh t'intinn go meidhreach cé lag do chuid stóir An stór san ná tóg-se le haimid gan chéill Cé gur brónach bheith beó bocht lag dealbh gan réim Dob' fhearr óigbhean deas mhodhmhail is taca beag léi Ná mórchuid le cron-spaid gan mhaise gan sgéimh. FREAGRA AR AN gCOMHAIRLE D'FHEARAIBH ÓGA. An Fear Céadna, cct. Ar shéimhchruth na mbéithe beidh meas aige Gaoidhil Acht nach féidir leo gan géilleadh do bhear- taibh an tsaoighil Bíonn claidhmhte dá gcaochadh aige Gallaibh an fhill Is chun spré ansan, dá mhéid, iseadh ghlacan siad saínt. Bíonn saint aige Gaoidhil bhochta a spaga bheith teann Do dhíolfadh a gcíos is gach srathanna cam Ó síneadh fé sgríb iad ag aicme na nGall Go fíorlag fá shíor-smacht ag tarraing 's ag treabhadh. Ag treabhaireacht gan dabhta do Ghallaibh gach ló Dá lomsgrios le camchuir gan fearann, gan fód, Seanshliocht na bfhonn bhflaith fuair ceannas is coróinn Le hamhgar is clampar ag Danair dá mbreoghadh. Is breoidhte fir Eoghain is calmshliocht Chuinn Ní leomhfaidh bean ró-dheas do ghlacadh gan mhaoin, Acht nuachar do phósadh gan mhaise ná gnaoi Chun mórchuid d'fhagháil leotha mar thaca sa chíos. Mar thaca sa chíos bíonn Gaoidhil ag lorg na spré, Tagaid Gaill le dlighe dá gcreachadh go faon; Bíonn tacsana, fees, is fines dá ndalladh gach lae, Is caithfidh siad stríochadh síos dá martradh féin. Dá martradh féin seadh ghéilleann gach nduine go h-umhal Is ní thuigeann an tréan an faon i n-eas- baidh go fann, Tá flatha na nGaodhal i ngéibheann ag Gallaphuic odhar, Fé'n ama go tréith, gan réim, gan ghradam, gan ghreann. Cormac ó Cadhlaigh, do sholáthruig i gCo. an Chláir. “AN SEAN-LÓCHRANN.” Is mór is fiú cóibeanna de'n tsean- “Lóchrann” agus is ana-dheacair iad d'fhagh- áil. Bíonn mórán daoine ar a lorg óir is ionnta atá an t-aon bhailiú fhóghanta amháin de shean-scéalaidheacht agus de shean-aimsireacht na Mumhan. Aoinne atá ar a lorg scríobhadh sé go dtí Mícheál Ó Flainn, Luachair Cheann-fhionn, Tráighlí, agus gheobhaidh sé a fhios cá bhfuilid le fagháil. FÓGRAÍ Ó BHAILE ÁTHA CLIATH agus ó ÁITEANNAIBH SÍOS AMACH anso. GNÓTHA TUAITHE AN RÁITHÍN. Níl san oifig seo againn-ne ach Gaedhilgeóirí amháin, agus ní bheidh. BIADH, OBAIR ADHMAID, LEABHARTHA, BRAIT ÚRLÁIR (Cairpéidí) agus gach aon chóir feirmeorachta le fághail uainn. TUAIM GRÉINE, CONDAE AN CHLÁIR agus SRÁID ÍOC. BHAGÓID, a 50., BAILE-ÁTHA-CLIATH. COLÁISDE EOGHAIN UÍ CHOMHRAIDHE, Atá i gCorca Baiscin in Iarthar Chláir. Seisiún mí an Lughnasa, 1916. Cúrsaí speisialta le h-aghaidh Sagart agus Múinteoirí. Gheobhfar gach eolas ó Rúnaire an Choláisde, 2 Querin Villas, Baile na Coradh, Luimneach. FEIS THUADH-MUMHAN, 1916, i Luimnigh, Abrán 9adh. IOMÁINT idir CHORCAIGH agus TIOBRAID ÁRANN agus idir CHLÁR agus LUIMNEACH, BEALTAINE 19adh 's 20adh 's 21adh. Ceól, Rinnce agus Comórtaisí Gaedhilge. CILL CHAOI, Condae an Chláir. DEAGHBHIADH agus SEOMRAÍ DEASA. Cuir leitir nó sranngscéala chun INGHEAN UÍ GHRÍOBHTHA, 23 Bóthar na Trágha, Cill Chaoí. IS MAITH AN PÁIPÉAR do'n duine óg nó do'n duine fásta: "OUR BOYS" Páipéar ar 1d. in aghaidh gacha mí. Bíon scéal Gaedhilge ann ó scéalaidhe maith, agus scéilíní deasa a bhaineann le stair- sheanchus na hÉireann. NA BRÁITHRE CRÍOSTAMHLA ATÁ IN A BHUN. A GHAEDHILGEÓIRÍ! Abraidh le nbúr gcáirdibh i MEIRIOCA go bhfuil "AN LÓCHRANN" le fághail ag an IRISH INDUSTRIES DEPOT. 624 Madison Avenue, NEW YORK. Is go bhfuil gach aon saghas Earraí Gaedhlacha ar díol ann. Is le Connradh na Gaedhilge an siopa san.
FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH. DO LUCHT-DRÁMAÍ-A-LÉIRIÚ. Tá gach saghas éide, peribhicí, &c., i gcóir drámaí go mór-mhór i gcóir Drámaí Gaedhealacha le fághail uainn-ne, ar iasacht. Níl 'oiread san de sna rudaí sin ag duine ar bith eile in Éirinn. PÁDRAIG Ó SÚILEABHÁIN agus a Chua'chta. “Theatrical Outfitters,” 38 SRÁID MHÓR SHEOIRSE, i gCORCAIGH MÍCHEÁL DE RÓISTE, 60 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. Seodaidhe, Gabha geal, Déantóir súlghlainí agus Uaireadán. Tá 200,000 Barailí Plúir da dhéanamh in aghaidh gacha bliana ag T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, Teo. Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann, agus Muileann Ghleanna Duileáin, Mainistir Fhearmuighe, Co. Chorcaighe. Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.” Guthán: 7 Cork; i Midleton. EAMONN DE CÓGÁN. Gheobhair cárr nó cóiste uaidh, aon tráth agus gléas rubair fe sna rothaí. Ní bheidh dian ort i dtaobh airgid. Gach cóir chun socraide. 44-45 Sráid na Síarsach (Sheares St.), Corcaigh CRAOBH NA GAEDHEALTACHTA An t-aon Chraobh amháin ná fuil de chúram uirthi ach aire thabhairt do sna Ceanntracha Gaedhealacha. Má's duine thu a chuireann suim sa Ghaedheal- tacht, ba cheart duit bheith páirteach sa Chraoibh seo. Cuir leathchróinn ag triall ar Sparán- aidhe na Craoibhe, faithche Stiabhna 7, Baile Átha Chliath, agus beir id' bhall di go ceann bliadhna. Más Múinteóir tú, ná bí ad varú fên agus a marú na leany a diaruig na Gäluingi vúini ghóiv lesh na sheana letireacha agus lesh an sheana letiriú. Buín triàil as an letiriú shimplí, agus beg tora er do hähar. An Cumann um Letiriú Shímplí, Tigósda Minerva, Bleáclieh. CAD IS SLOINNE DHUIT? Tá comharthaí gacha fine le fághail ar Chártaí Daithte. Coats of Arms of the Irish Families Sciath, Círín agus Rosc Catha. Ceann mór fé fráma… 5/- Ceann beag fé fráma… 2/- Peictiúirí beaga deasa ar 2/6 a' ceann (Tá le fágháil gan fráma, leis, ar leath an airgid.) Neilí Ní Bhriain do rinne idir línidheacht & dathú. Chun tairbhe Coláiste Eoghain Uí Chomhraidhe a raghaidh an t-airgead. Scríobh chun: NEILÍ NÍ BHRIAIN, Seomraí Páirc an Choláiste, i n-Áth Cliath. AN LÓCHRANN. Páipéar don Ghaedhealtacht. Seán Tóibín, Baile an Teampaill, i gCorcaigh an Fear Gnótha. An Seabhac, i gCill Áirne … An Fear Eagair. Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain. Dhá choip gach mí, tríd an bpost, ar 3/- sa bhliain. Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, agus c. Is chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur. Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní, agus c., do chur. Na Díoltóirí. Ó Cuill agus a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún agus a Chl.-Mhac, Áth Cliath Na Clódóirí. Cló-chualucht Seandúna, Sráid Ríobáird, Corcaigh Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall orainn agus cuirfimíd 12 chóip gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Déanfaidhi “An Lóchrann” ana-mhaitheas sa Ghaedh- ealtacht, le congnamh Dé, go mórmhór i-nGaedhealtacht na Mumhan. Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn. BÍ FIAL. Caith agus gheobhair ó Dhia: Caith go fial agus gheobhair níos mó. An t-é ar leor leis beagán ó Dhia, Is leór le Dia beagán dó. (Seana-rann). A CHÁIRDE! Ó theip ar an sean-“Lóchrann” is ar éigean atá aon ní le léigheamh i nGaedhilg ag muinntir na Gaedhealtachta sa Mhumhain. Is chun an t-easnamh san a leigheas atáthar a chur an “Lóchrainn” nua so amach airís. Sé atá curtha rómhainn againn an páipéar seo a dhéanamh chómh maith leis an sean- cheann nó níos fearr ná é, sa tslígh go mbeadh oiread éilimh ag na Gaedhilgeóirí sa Ghaedhealtacht air agus bhí aca ar an sean-“Lóchrann,” nó níos mó, dá mb'fhéidir. Má éirigheann linn an Ghaedhealtacht a shásamh ní baoghal ná go mbeidh lucht fogh- lumtha na Gaedhilge sa Ghalltacht sásta. Teastuigheann cabhair uainn — airgead, fógraí, ceannach &rl., ach sí an chabhair is mó atá uainn ná scríbhneoiréacht, agus í bheith go Gaedhealach agus go blasta slacht- mhar. Is do'n Mhumhain atá an páipéar so dá chur amach — do Ghaedhealtacht na Mhumh- an, agus ar an bhfuaid sin is mó duine ata eolasach ar Ghaedhilg chruinn ghunta do léigheamh agus do bhreithniú' agus ná beadh sásta linn mara bhfaghadh sé cainnt chruinn Ghaedhealach uainn. Dá bhrígh sin ní bheidh sa “Lóchrann” ach an Ghaedhilg is slachtmhaire agus is fearr, agus ní dhéanfam tagart d'aon ní ach do neithe go gcuireann muinn- tir na Gaedhealtachta suim ionnta. Táim- íd 'ghá iarraidh, mar sin, ar lucht na Gaedh- ilge atá n-a gcomhnaidhe ins an nGaedheal- tacht ó Chonndae an Chláir go Déisibh Mumhan a gcabhair agus a gcongnamh do thabhairt dúinn, ar son na Gaedhilge agus ar ghrádh ár ndúthchais; agus tá daoine sa Ghalldacht — roinnt bheag aca go mbíonn caidreamh aca leis na duthaighibh mar a bhfuil an Ghaedhilg dá labhairt is a thuigeann meón na ndaoine ann, agus ba mhaith linn a gcabhair sin, leis. Tá mórán daoine a bhí go fial linn i dtaobh airgid, &rl., chun “An Lóchrann” a chur ar lasadh airís. Do bheirimíd ár míle buidheachas dóibh, agus táimíd 'ghá gheall- amhaint dóibh toradh na féile sin acu a chur chun deigh-chríche agus chun tairbhe do'n Ghaedhilg. DO'N AOS ÓG. Bail ó Dhia oraibh a óga, a chailíní agus a gharsúna Gaedh- ealacha! Seo chughaibh sinn le scéala maithe — le páipeár Gaedhilge go bhfeadfaidh sibh gach líne ann a léigheamh le h-aoibhneas agus le taithneamh. Agus seo chughaibh sinn, leis, ag lorg bhúr gcongnaimh chun an páip- éar so a líonadh gach mí le scéalta agus le h-amhráin, agus le paidreacha agus le sean-rócáin a gheobhaidh sibh ó nbhúr muinn- tir sa bhaile. Téighidh chúcha, a chailíní agus a gharsúna Ghaedhealacha, agus bídh 'á mbréagadh agus á mbogadh go bhfaghaidh sibh uatha na scéalta breághtha agus na h-amh- ráin bhinne agus na sean-rócáin deasa atá aca. Foghlmuighidh uatha san, a chlann ó, mar is iad bhur muinntir-se sa bhaile is fearr foghluim agus is uaisle meón dá bhfuil le fagháil. Tá a n-aigne lán de scéaltaibh mór gaiscidh agus catha, agus de dhántaibh agus d'amhránaibh binne, grinn agus bróin, agus de chainnteannaibh agus de sean-fhoclaibh agus de ráidhtibh géara, ciallmhara, greannmhara. Ní bhíonn lucht Béarla mar sin, agus ní bhíonn aon rud aca d'fhéadfadh aon chailín ná garsún a scríobh'. Deinidh-se, dá bhrígh sin, bhur ndicheall ag foghluim ó nbhúr muinntir féin, agus scríobhaidh síos gach focal aca mar is mó is fiú na neithe taithneamhacha ná ór buidhe. Seo libh chúcha, mar sin, agus páipéar agus peannluidhe ag gach duine agaibh, agus pé rud a gheobhaidh sibh cuiridh ag triall ar “An Lóchrann” é. Tá TRÍ DUAISEANNA agam le bronnadh ar an dtriúr a chuirfidh an trí bailiú is fearr chúgham de neithe a gheobhaidh siad ó sna sean-daoine. Ná deinidh dearmhad ar sin — nach aon tsaghas eile atá uaim ach sgéalta nó amhráin nó rócáin nó bhearsaí nó sean-aimsireacht atá ag bhúr muinntir féin. Mise, Fear “An Lóchrainn,” Cill Áirne. IOLSCOIL NA MUMHAN atá i RINN Ó gCUANACH is na DÉISIBH. Beidh an obair ar siubhal ann mar is gnáth ar feadh mí an Iúil agus Lughnasa i mbliadhna. TOGHA agus ROGHA NA GAEDHILGE LE FÁGHBHÁIL ANN. Atá gach cúntas is tuarascbháil le fághbháil ó'n bhfear le scriobhadh: .i. P. Ó CADHLA, Iolscoil na Mumhan, Rinn ó gCuanach.
SEÁN 'AC SÉAMAIS. Agus litriú déanta air chun foghar na bhfocal a thaisbeáint do réir mar adeirtear i n-Uibh Laoghaire iad. Fear a bhí ann gur fuaduigheadh sa lios é. Sé ainim a bhí air ná Seán 'ac Séamais. Bhí sé fu aduighthe agus bhí sé sa lios. Bhí sruthán le h-ais na (? an) leasa, agus bhí cailín ag nigheachán ann. Do bhí bean sa lios nár mhaith léi go bhfanfadh Seán 'ac Séamais ann. Bhí sí ag Luascadh leinbh sa lios, agus do chonnaic sí an bhean ag nigh- eachán agus ba mhaith léi chur i n-iúil do'n mhnaoi gur féidir Seán a thabhairt as an lios ach ná féadfaí é thabhairt as ó'n nDomhnach amach. Bhí sí ag luascadh cliabh- áin sa lios, agus “Seó-hín, seo hó” ar siúbhal aici, mar seo:— “Seo-hín, seo-hó, ú-leó-leó, Seo-hín, seo-hó, ú-leo-leó, Sid é annso mo thigh geal-sa, Seo-hín, seo-hó, ú-leó-leó, Agus is mó bean óg ag iompar mac ann. Agus mara dtabharfar Seán'c Séamais as fé'n nDomhnach, Ní thabharfar as go deó. Seo-hín, seo-hó, ú-leó-leó.” D'imthig an cailín, agus d'innis do mháthair Sheáin é. D'airigh inghean Rí Gréige an scéal. Bhí cion aici ar Sheán. D'fhiaf- ruig sí dhe'n mháthair an bhfaghadh sí Seán le pósadh dá dtabharfadh sí as an lios é. Dúbhairt an mháthair go bhfaghadh. D'imthig sí fé dhein na (? an) leasa. Do dhein sí a gruaig a chasadh go grána, a h-aghaidh do shailiú' agus crut grána do chur uirthi féin i dtreó ná h-aitneófaí í. D'iarr sí ag doras na (? an) leasa Seán 'ac Séamais do chur chúichi amach. Dúbhairt Bean na (an) Leasa céarbh' í féin a bhí á éileamh agus dúbhairt an cailín gur ab í féin inghean Rí Gréige. Dubhairt Bean na (an) Leasa nárbh' í i n-ao' chor, mar dá mb' í inghean Rí Gréige go mbeadh “Folt óir ar a muineál gléigeal, Agus fáinní óir ar gach méir léi, Agus gruaig a cinn síos go féar léi.” “Agus is tú,” ar sise, “inghean na caillighe aniar ó Bhéara.” “Mara bhfaghad é féin,” arsan cailín, “tabhair a spré dhom.” “Cad é an spré é,” arsan Bean na (an) Leasa. “An spré seo,” arsan cailín:— “Seacht gcéad each ar dhath a chéile, Seacht gcéad ailbhín de chaoire mhaola, Seacht gcéad ganndal is a n-annlan géanna, Seacht gcéad asal gan Crois an Aon- Mhic.” Dubhairt sí go bhfaghadh. “Agus é seo leis,” arsan cailín:— “Luach chúig púint de shúsa craorag.” Do theip ar Bhean na (an) Leasa an súsa craorag a thabhairt do'n chailín agus b'éig- ean di Seán 'ac Séamais do leogaint amach as an lios. Bhí sí ar buile mar gheall air sin agus dúbhairt:— “Imthigh, bí ar siubhal, agus fill chughat a bhfuarais Agus tásc do mhairbh go dtigidh fé'n Luan chúghainn.” Agus tháinig leis. Do mharbhuigheadar arís fén Luan é. Fear a ví aun gur fuadyg sa lis é. 'Sé ainim a ví er ná Shán ac Shéamuish. Vî shé fuaduihi, agus vì shé sa lis. Ví sruhân le hais na leasa, agus ví cailín a nîochán aun. Do vî bean sa lis nár vah lé go vanach Shán ac Shéamuish aun. Ví shí a luasga liniv sa lis, agus do chnuic shí an vean a níochán agus ba vah lé chur a n-ûil dan vny gur féidir Shán a húirt as a lis ach ná fiadfí é húirt as ón Nôunach amàch. Ví shí a luasga clieváin sa lis agus “Shohín, shohó” er shúl ici mar sho:— Shohín shohó, úl leó leó, Shohín shohó, úl leó leó, Shid é anso mo hig geal so, Shohín shohó, úl leó leó, Agus is mó bean óg ag úmpar mac an Agus mar a dúrfar Shán ac Shéamuish, as fén Nóunach Ní húrfar as go deó. Shohín shohó, úl leó leó. D'imig an cailín agus d'inish do váhir Cheáin é. D'airig iníon Ry Grégi an shgiàl. Ví ciun ici er Cheán. D'iarha shí ghen váhir a vaych shí Shán le pósa dá dúrhach shí as a lis é. Duert an vâhir go vaych. D'imi shí fé ghén na leasa. Do ghin sí a grueg a chasa go grána, a hayig do hailiú agus crut grána do chur erhí fén a dreó ná h-ainofí í. D'iar shí ig doras na leasa Shán ac Shéamuish do chur chúhi amàch. Duert Bean na Leasa cé'r v'í fén a ví á éleav, agus duert an cailín gurab í fén iníon Ry Grégi. Duert Bean na Leasa nàr v'í inanchor, mar dà m'í iníon Ry Grégi í go méach Folh óir er a mineál glégeal, Agus fáingi óir er gach mér lé, Agus grueg a cíng shys go féar lé. “Agus is tu,” er shishi, “iníon na caillí iniar ó Véara.” “Mara vayd é fén,” arsan cailín, “túir a sbré ghom.” “Cad é an sbré é?” ersa Bean na Leasa. “An sbré sho,” ersan cailín:— Shacht giàd each er ghah a chéli, Shacht giàd ailivín da chyra mäla, Shacht giàd gaundal is a n-aunlon géana, Shacht giàd asal gan cruish an Eín Vic. Dert shí go vaych. “Agus é sho lesh,” ersan cailín:— Luach chúig fúint da húsa crärac. Do hep er Vean na Leasa an súsa crärac a húirt don chailín agus b'égean Shàn ac Shéamuish a leoguint amàch as an lis. Ví shí er buili agus duert: Imig, bí er shúl, agus fíl chút a vuar- uish, Agus tásc do vairiv go digig fén Luan chúing. Agus do háinig lesh. Do varydar irísh fén Luan é (Siobhán an tSagairt i mBéal Átha 'n Ghaorthaidh d'innis an scéilín sin thuas. Dubhairt Siobhán gur ó mhnaoi éigin i mBeanntraighe a fuair sí féin é, agus go ndúbhairt an bhean léi gur fíor-scéal é.) FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH Aonrud mar LEACHT AR UAIGH nó ALTHÓIR don TEAMPALL San Aolchloch nó sa' Mharmar, déanfaidh SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Rí, i gCORCAIG Ar Fheabhas é. Scriobh chuige. LUCHT DAITHTE TIGHE nó TEAMPAILL Tá raidhse páipéir againn i gcóir fallaí agus é go saor D. agus A. Ó NÉILL, 21 Sráid an Acadaimh, Corcaigh (Níl aon tig eile againn-ne). SLIGHE BHEATHA MAITH DOD' MHAC! Cuir chúgham-sa é agus múinfead dó conas bheith in a SHEOLAIDHE SCÉALA-GAN- SRAÍNNG Fé cheann ráithe nó leathbhliana. Scríobh ar lorg an réimleabhráin. TOMÁS Ó SÚILLEABHÁIN (Ó Uibh Ráthach) "SCHOOL OF WIRELESS TELEGRAPHY," CORCAIG. Labhair Ghaedhilge agus Leabhair Bhéarla i dtaobh na hÉireann. le fághail ó CHONCHUBHAR Ó CAOIMH, 70 Sráid Sheoirse, CORCAIGH. Gaedhil is eadh sinn-ne, is ní náir linn é. Geobhair deaghmhargadh uainn-ne i gcomhnaidhe. TÉ, ar feabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol- faimídne an postas ar cheithre púint de. PLÚR Gaedhlach. MIN Ghaedhlach ó Mhaghchromtha, min choirce is min bhuidhe. SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas. SEÁN & TOMÁS MAC CURTÁIN, Sráid a' tSeandúna & Sráid Thomáis Dáibhios, CORCAIGH
FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH. Táid so 'á ndéanamh againn-ne — ÉIDE SAGART, ÁTHRAIGHE ALTHÓRA mar chailíní, miasa, &c. CROISEANA den déanamh CEILTEACH in ór nó airgead geal, agus PAIDRÍNÍ. LIAM MAC AODHGÁIN & a MHIC Teo., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. An Déantúsán ag 6 Sráid Mhaylor. Sinn-ne a dhein SNAOIS CHORCAIGHE ar dtúis agus atá 'á deanamh i gcómhnaidhe. TOBAC CÚMHRA an dá shórt so — Exhibition Roll agus Plug Sheandúna. Má theastuighaen uait aon tobac nó saigréidí do chur chun aonne atá sa chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó cháin, ach leath phúnt, nó níos mó, bheit sa' bheairtín idir thobac is saigréidí. LAMBKIN BROS., 9 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. COLÁISDE CHAIRBRE, i gCuan Dor. An ball is breághtha ar domhan i Mí Lughnasa. Múinfear Gaedhluinn duit ann, agus gheobhair sult a's sláinte ann. MÍCHEÁL Ó CUILLEANÁIN, ó'n Seanachúirt, An Sciobairín. An fear a thiubharaidh tuille eolais duit mar gheall air. Scríbh chuige má's mian leat. TROSCÁN TIGHE AGUS GACH CÓIR LEABTHAN! Tá flúirse de sna h-Earraí a deintear in Éirinn le fághail uaim-se ar an bpinginn is lúgha. M. Ó RIAIN, Siopa Oluir, 36, 37 Sráid an Rí, CORCAIGH. CUILINN UÍ CHAOIMH. Seán Ua Chadhla do scríobh. Cuilinn ar Chuilinn Ua gCuanach Agus Cuilinn ar bhruach na Mainge, Cuilinn i gCineál Aodha, Agus Cuilinn Craobhach' an Ealla. Sid é áireamh do dhein file éigin in san tsean-aimsir ar na h-áiteannaibh gur tugadh Cuilinn ortha agus i dtaobh rádha ná fuil an iomad tráchta ortha i gcúrsaibh Éireann — go dtí le fíor-dhéidheannaighe — tá gach aon deallramh ná raibh aon scéul mar sin fadó. Ar aon chuma, is iomdha scéul taithneamhach do chuala lem' ré ar Chuilinn Craobhach' an Ealla, do thaisbeánann gur mhór le daoinibh Dheasmhumhan é le cian d'aimsir. Tar éis aimsire Phádraig do chomhnuig bean ana-naomhtha ann darbh' ainm di Laitíaran. Dubhrthas i seanchus éigin gur bhean ó Shasana í; go dtáinig sí féin & a beirt deirbhshéar agus a ndearbhráthair go h-Éirinn chun a mbeatha do chaitheamh ann go naomhtha agus go beannuighthe. Níor chuala aon trácht riamh ar a ndearbhráthair i mbeul na ndaoine acht tá sean-rádh aca:— “Laitíaran & Lasair & an Inghean Bhuidhe i nDromthairbh,” Ag cur síos ar na deirbhshéarachaibh agus ar na h-ionadaibh i n-ar chomhnuigheadar. Deirtear leis gur chuir Laitíaran fúithi cois na h-Abhann t-Aireagail tamall i dtaobh amuigh de'n tsráidín i gCuilinn, gur dhein sí bothán di féin ann, & go gcaitheadh sí a h-aimsear i seirbhís Dé ag guidhe Chuige & ag moladh A mhórdhachta i mbochtanacht & i ngábhtar. Ní itheadh sí acht aon bhéile bídh amháin sa' ló agus d'éis a coda d'ullmhughadh do leig- eadh sí do'n teine dul i n-éug. D'á bhrígh sin thigeadh sí gach maidin a d'iarraidh síl na teine go ceardchain an ghabha in san tsráidín. Do bhí sí chómh neamh-chionntach, chómh neamh-urchóideach i láthair Dé go dtug Sé buaidh dhí — moladh go deó Leis — go mbeireadh sí an teine dhearg léi gach maidin i mbeinn a gúna gan doghadh, gan loscadh, go dtí a bothán féin. Maidin áirighthe do tháinig sí cos-lomnochta, mar ba ghnáthach léi, a d'iarraidh an tsíl. Do thóg sí chúichi smeuróid dearg & le linn imteachta di is dócha gur sprioc an ainspiorad an gabha speic éigin do chur uirthi mar go ndúbhairt sé léi:— “Mhuise, a Laitíaran, nách breágh, geal, deagh-chúmhtha iad do chosa.” D'fhéuch sí féin síos, go mórdhálach ar a cosaibh annsan, acht, níor thuisce sin ná mar dhóigh an teine tríd an éudach & thuit ar an dtalamh. Do bhí a fhios aici láithreach gur pheacaigh sí. Dá dheascaibh sin do ghabh cath- ughadh agus aithreachas í, agus do chaith sí í féin ar a glúnaibh agus d'iarr maitheamh- nachas ar Dhia. Do mhaith Sé dhí acht do chuir sí an bhreitheamhantas uirthi go gcaithfeadh sí dul fé thalamh ó'n áit i n-á bhfuil “Cloichín a' Cuirthse” go dtí an áit mar a bhfuil an tobar beannuighthe; & ar n-éirghe dhí gur bhrúcht an tobar aníos i n-a diaidh. Acht sul a ndeaghaidh sí a bhaile go dtí a bothán féin d'iompuigh sí thar n-ais agus tar éis bearradh glan, géur, do thabhairt do'n gabha, d'iarr sí ar Dhia gan gabha bheith i gCuilinn go brath ná i n-aon áit mór dtimcheall na h-áite gur bh'féidir fuaim na h-inneóna d'aireachtain ann. Do fíoradh a caint go dtí an lá so, mar níor chualthas fuaim inneóna i gCuilinn & níor chuir aon ghabha ceardcha ar bun ann riamh ó shoin. Ní bhfuil aon mhearaidhe ná go raibh an cheardcha ann uair éigin mar nuair bhithcas ag glanadh amach an tobair bheannuighthe, suim bliadhanta ó shoin, toisc go raibh aicíd tógbhálach in san áit, fuarthas a lán cac- iarainn ann, agus tá sé le feicsint fós ar an mbán i n-aice an tobair. Do réir dheallraimh bhí mainistir ban riaghalta i gCuilinn le linn Laitíaran nó tamall beag i n-a diaidh. Dheirthear go raibh sí istig in san tseana-roilig, ach is ar éigin go bhfuil a rian le feicsint anois ann; acht d'fhan meas & urraim do'n naomh ag sna daoinibh ó Mháigh Ealla go Cill-Áirne, agus ó bharr Chontae Luimnigh go Cathair Chorcaighe gus an lá indiu. Nuair do chuireadar na deirbhshéaracha fútha i nDúthaigh Ealla, ní raibh ach aon cheist amháin ag cur buadhartha ortha — is é sin: nár fheudadar bheith i gcuideachtain a chéile chómh minic & ba mhaith leó é, mar ní raibh aon bhóthar eatortha, acht dúthaigh aimhreidh dheac- air lán de choilltibh & de bhogachaibh. Aon oidhche amháin go rabhadar i bhfochair a chéile d'impidheadar ar Dhia an cruadhchás do réidh- teach dóibh. Is áirighthe gur airigh Sé a nguidhe mar b'é leonughadh Dé go raibh trí bóithre leathna réidhe gearrtha amach dóibh ar maidin lá ar n-a bháireach idir Chill Lasrach & Cuilinn & Dromtairbh mar ar chómhnúigh- eadar. Tá a lán scéulta eile i mbéal na ndaoine ar na deirbhshéaracha ar a gcráibh- theacht & ar na leigheasaibh do dhein Dia na Glóire trí n-a n-impidhe. Seo ceann aca do bhaineann le n-ár n-aimsir féin. Timcheall fiche bliadhain ó shoin nó mar sin tháinig cailín óg do chaill a coisidheacht cum turais a thabhairt go tobar Laitíaran i gCuilinn. Do b'éigin di dul ar dhá mhaide croise ag gabháil timcheall an tobair, acht b'é toil Déi trí impidhe Laitíaran, mar do b'innti do chuir sí a dóchas, gur fhág sí na maidí croise i n-a diaidh ag an dtobar & go raibh lúth a cos aici chómh maith & do bhí aon lá riamh; agus tá daoine i gCuilinn fós do chonnaic an mhiorbhuilt sin. D'éis teacht na Sasanach go h-Éirinn do ghabh treabh de Chlainn Uí Chaoimh sealbh i gCuilinn & ó shoin anuas tugtar Cuilinn Uí Chaoimh air. Do réir seanchais do bhí ceannas aca ó Dhún-ar-Aill go Cill-Áirne & ba fhialmhar fhlaitheamhail an treabh iad ar feadh a bhfad. Chum a dheimhniughadh dhúinn go rabhadar mar sin, nuair thainig an t-árd-theachtaire Rinnucíní ó'n bPápa go h-Éirinn in san seachtmhadh aois deug, is i gCaisleán Uí Chaoimh — An Bhóinn — d'fhán sé chum daoine móra Dheasmhumhan do ghríosughadh i gcoinnibh na Sasanach. Do leanadar ag congbháil greama dain- gin ar a ndúthaigh i n-aimhdheón a namhad go dtí aimsear an rígh Seumas. Do chuir- eadar leis sin & d'á chomhartha san féin bhí buidhean ó Chuilinn ag troid ar a thaobh i gcath Eachdroma. D'á dheascaibh sin do bhaineadar na Sasanaigh le fóir éigean an chuid ba mhó d'á ndúthaig díobh. Do ghéill-
eadar go léir i ndiaidh a chéile acht Domh- nall Ua Chaoimh — Dómhnall na Cásga tug- taí mar leas ainim air — d'iompuig amach i n-a cheithearnach coille i n-aghaidh na n-Allmhurach a d'iarraidh a cheart do phléidhe d'ais nó d'éigean. Dá bhrígh sin is minic deirtí & deirtear fós uaireannta:— “Dá bhfuighbheadh na Gaodhail a gceart badh le h-Ua Caoimh Drom-each.” .I. an Chuirt i n-ar chómhnuig sé. Acht scoileann an bhreab an chloch agus do dhein a bhean féin spiaracht ar 'sa' deire. I bhfraoch feirge do mhairbh sé í, & do theith leis féin & na h-allachoin i n-a dhiaidh ó Charraig an Ghuirt Mhóir go dtí Fhaill Dhómh- naill na Cásgha mar a raibh a leabaidh aige. Ní rugadar air gur léim sé ó'n bhFhaill treasna na h-Abhann t-Aireagail ceud troigh ar aoirde, & do briseadh a chos ar shroisint an phuirt do ar an dtaobh eile. Do bhí bean ag nígheacháin ag an abhainn & nuair do chonnaic sí an léim dúbhairt sí: “Ó, a dhuine,” ar sise, “Is maith í do léim.” “Ní h-aon tábhacht an léim,” arsa Dómhnall, agus a chroidhe ag briseadh, “seachas an ruthag do thugas chuiche.” (Tuille Fós.) SCÉAL I nDEAS. “An ghaoth aniar bíonn sí fíor agus cuir- eann sí iasc chum tíreach.” Sin sean-rádh & b'éidir ná h-oireann sé d'aon áit cois fairrge acht d'áit áirighthe ar m'eólas-sa, mar ní mar a chéile a shéideann gach gaoth do gach áit. Atá insan áit seo a lán iasgairí. Ar an iasgaireacht atá a maireachtain, nó, mar adeir siad féin: “ar an aimsir.” Ar a shon nach fios do'n dream so a dtuarasdal ní bhíd in eadóchas. Má atá stuirm mhór gaoithe ann agus nach féidir dóibh dul ag obair ní dhéineann sé acht an fharraige a chorruighe agus an t-iasc do chur ar mearbhthall. Má atá dorta trom fearthanna ann déinneann sé an t-uisce salach & an t-iasg a chaochadh. Má atá siad ag obair gan aon rud dá fhághail aca atá a fhios acu “go bhfuil breac ins an abhainn nár gabhadh fós.” Is minic nuair a chromaid ag cámus go dtagann áthas in ionad orra. Do thosnuigheadar ar chámus tamall ó shoin. Do bhíodar do rádh eatorra féin go raibh an fharraige in a fásach & ná raibh aon mhaith a bheith ag braith uirre. Acht i maithte, tháinig bulach beag gaoithe aniar d'fhan ann ar feadh seachtmhaine. Tráthnóna Sathairn i gcionn na seachtmhaine cé bheadh ag coisidh- eacht cois trágha ná an sagart. Do bhí na h-iascairí bailighthe i dteannta a chéile ag cur & ag cúiteamh i dtaobh na h-aimsire & mar sin, nuair do bhuail sé chúcha & cad do bheadh i n-a láimh aige ach scadán mór & é beo beathuighthe. “Cá bhfuair tú é, a Athair?” arsa iascaire. “Caithte isteach cois trágha,” arsan sag- art, “agus do bhí an fharraige ag fiuchadh le h-iasc amach ó'n áit céadna.” “'Dé 'n áit?” ar siad go léir. Do theasbáin sé dhóibh í. D'imthigheadar go dtí an áit, agus do b'fhíor do'n sagart é. Do bhí an fharraige go léir mór-thim- cheall ag briseadh le h-iasc. An tseachtmhain do bhí in a gcionn do bhí gach bád amuigh ag marbhadh ar a ndícheall. Eachtra ar dheineadar de airgead. Acht do bhí aoinneach amháin & ní thiocfaidh breac in a ghoire ná in a ghaor. Do shíl sé gur mal- lacht nó donas éigint do bhí anuas ins a cheann air. Do bhí sé tráthnóna ar ród cois faille ag fuireach le crónughadh na h-oidhche chum dul ag cur amach an lín nuair do bhuail an sagart anuas an fhaill. Do labhair fear an bháid. “Helló,” a Athair,” ar sé, “atá gnó beag agam díot.” Do stad an sagart agus do tharraing- eadar suas an bád agus do shádhadar isteach í gur bhuail sí an talamh. Annsin do léim fear an bháid amach & do bhí uisce go glúin air. Do shiubhal sé isteach go dtí an sagart. “Cad atá ort anois?” arsan sagart. “Bheil, mhuise, a leithéid seo, a Athair,” ar an t-iascaire, “ní fheadar mé cad é an donus atá ins an mullaigh orm-sa seachas aon iascaire eile ins an áit. Níor thuill me pinginn an fhaid atá an t-iasc so ar siúbhal.” “Is olc an sceul é sin,” a fhir bhoicht,” ar an sagart, “acht cad badh mhaith leat mise do dheanamh dhuit, anois?” “Do láimh a thógaint & an báidín do bheannughadh,” ar an t-iascaire. “Agus cad é an mhaith é sin?” ar an sagart. “Mhuise, a Athair, nár thug do láimh an t-iasc chúghainn, ní áirighim ná fuighbheadh sí an rath do chur ar an mbáidín seo agam- sa,” ar an t-iascaire. “Thug an ghaoth aniar chúghaibh é,” ar an sagart. “Is minic roimhe sin do shéid sí ar bheagán tairbhe,” ar an t-iasgaire. “'Seadh, má 'seadh, isteach leat ins an mbád,” adubhairt an sagart, “agus bean- nocha mé tú féin agus í féin.” “Ní dheunfaidh sé an gnó,” ar an fear, “caithfe tú féin teacht isteach ins an mbád.” “Agus cionnus a ragha mé mar an bhfliucha mé mé féin?” ar an sagart. “Ní gádh dhuit sin; tar ar mo dhrom,” ar an t-iasgaire. Do chuaidh sé ar a dhrom & cibé barr- thuisle do bhain do'n iascaire dóbair go dtuithfeadh sé. “Tuithfead,” ar an sagart. “An diabhal é, a Áthair,” ar an t-iasg- aire. “Ó, Dia le m'anam,” ar an sagart, “cad badh ghádh trácht ar an bpéist sin,” “Rith focal,” ar an t-iascaire; ná tóg orm é, a Athair.” Níor thuiteadar cibé sceul é. Do chuad- ar isteach ins an mbád. Do chuir an sag- art a stoil air féin, agus do bheannuig sé an bád agus a raibh innte. Annsan tugadh isteach é d'réir mar tugadh amach é. As sin amach do bhí an bád an-rathamhail go dtí aon mhaidean amháin nuair do bhí an t-iasc- aire ag dul go dtí an tráigh chum dul chum na fairrge, cad do chífeadh sé chuige acht bean áirighthe. Do ghabh sí thairis gan bean- nughadh dhó. Do imthig sé leis agus nuair tháinig sé a fhaid leis an mbád do chonnaic sé go raibh an fhuireann go léir ann i gcóir chum dul isteach innte. “Feuch,” ar sé, “atá sé chómh maith dhíbh dul i bhaile mar do chonnaic mé a leithéid seo dhuine agus níor bheannuigh sí dhom. Do aontuig na fir go léir leis. Is é ainm do bhí ar an mnaoí áirighthe seo ná “Mí-rath” & aoinne a gcuirfeadh sí súil ann ag dul chum na farraige do bhainfeadh ciotrainn éigin dó. Cibé scéul é do chuadar abhaile acht ní h-abhaile do chuadar acht go tigh an tabh- airne. Do chromadar ag dúigadh na cáirte annsin go rabhadar bog. Annsin do chrom- adar ag bearradh & ag casadh le chéile & ag maoidheamh as a mór-mhaitheas go dtí gorbh' é deireadh an aoibhinnis an t-achrann. Ar maidin lá ar n-a bháireach do bhí an sagart ar an mbaile ag fiosrughadh cionnus mar do bhí an t-iascaireacht & fuair sé gach aon scéal & gan dearmad scéul an tsean- iascaire. Níor bhac an sagart leis an iascaire & do chuaidh sé ceann ar aghaidh go dtí “Mí- rath.” Má chuaidh do bhí sí sin i n-iúl (in- neamhail) dó mar do bhí a fhios aici cad é an fuadar do bhí fé. D'fhiafraig sé dhí 'dé a chúis na daoine a bheith ag trácht uirre. “Gan dada eile a bheith le déunamh aca,” ar sí, “agus an t-é atá dá chur 'n-a luighe orra féin go bhfuil mí-rath ag gabháil liom- sa ní fhuil dá bhárr aca acht an mí-ádh.” “Ní déurfainn ná go bhfuil corp lom láir na fírinne agat, a bhean ó,” ar an sagart, agus thug sé a bhóthar air. Déiseach a chuir chúghainn. FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH. Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn. H. JOHNSTON, TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE” Ltd. Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. Píanó Ceart Gaedhlach ar £32! Tá píanacha 'á n-déanamh in Éirinn anois, ag Pigott & Co. Ltd., Luimneach, Ath Cliath is Corcaigh. GUAILNEÁN SEANDÚNA. Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht Gur bhriseadar na humaí, Is nuair thuigeadar a bhfionntar Ba chráidhte dúr a gcló. “Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces” Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach “Agam, is táid chómh tréan san Go ndéanfaid dúinn an gnó!” Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té dheinean — TOMÁS Ó GORMÁIN Port an Phápa, CORCAIGH.
AN TRIÚR DRITHEÁR & NA CAIT. Do bhí triúr dritheár ann fadó agus bhíodar anabhocht agus dubhradar go mb'fhe- arra dhóibh dul ag tuilleamh dóibh féin. Do bhuaileadar ortha a gcuid éadaigh glan agus thiomáineadar leo go dtí go dtánadar go dtí cros-bhóthar. Dubhairt gach aoinne aca le chéile bheith san áit sin i gcionn lae agus bliadhna. D'fhágadar slán aige n-a [aga] chéile agus d'imthigh gach aoinne aca a bhóthar féin. Do bhí an té b'óige 'ca ag imtheacht leis go rug an oidhche air agus ní raibh aon lóis- tín aige. Bhí sáipéal [teampall] i n-aice leis agus dubhairt sé nárbh' fhearra dho rud a dhéanfadh sé ná dul isteach ann go mai- dean. D'imthigh sé isteach agus nuair a chuir sé an doras do [de] tháinig leathadh ar a shúilibh mar do bhí comhra mhór istigh sa tsáipéal roimis. Ní raibh sé ach tamaillín istigh nuair a chuala sé chuige an gleo agus an chaismirt. Tháinig eagla air agus ní fheadair sé cad a dhéanfadh sé. Dubhairt sé leis féin go mb' fhearra dho dul isteach sa chomhrainn agus do chuaidh. Ní fada a bhí sé istigh innti nuair a ghaibh, an doras isteach, scata cat agus do chuadar suas go dtí an t-altóir. Do labhair ceann aca leis an gcuid eile agus dubhairt sé mar seo: “Do bhíos-sa thíos i lár na h-Éireann araer i seomra bainne leis an Rí agus bhíos ag ól bhainne. Le n-a linn sin tháinig inghean an Rí agus bhuail sí me go maith. Leis an bpian a chuir sí orm do chrothas m'eirball agus thuit trí ribí as síos insa bhainne. D'ól inghean an Rí an bainne sin agus chuaidh na trí ribí siar 'na goile agus deineadh trí piscín dóibh [díobh]. Níl fhios ag aoinne cionnus í do leigheas ach agam-sa, agus sé an leigheas é ná an cailín a chrochadh os cionn na teine agus a ceann le fánaidh agus ceathramha mhairt a chur a róstadh ar an dteine fé 'n-a bun. Nuair a gheobhaidh na piscíní blath [bolaith] phreabfaidís aniar le dúil innti: agus an té go mbeadh an leigheas aige gheobhadh sé trí mhíle púnt.” D'imthigh na cait amach agus nuair a tháinig solas an lae do dh'imthigh an buachaill fé dhéin páláis an Rí. Nuar a chuaidh sé go dtí an bpálás do chuaidh sé isteach go dtí an Rí agus d'fhiafruigh an Rí dho [dé] cá raibh a thriall, agus fáth a thurais. “Chun t'inghean do leigheas,” ar seisean. “Mo thruagh thu,” arsan Rí, “is umó [iomdha] mac rí agus ridire go bhfuil a cheann caillte aige mar gheall uirthi.” “Sé díceall an scéil meath,” arsan fear óg. D'órduigh sé gach aoinne a chur amach as an seomra ach é féin agus an cailín! Deineadh mar a dh'órduigh sé. Fuair sé téadán agus do cheangail sé a cosa agus do chroch sé os cionn na teine í. Fuair sé an fheoil agus do chuir sé 'á róstadh í. Nuair a bhí sí 'á róstadh do chuaidh blath [bolaith] na feola chun na bpiscíní agus do phreab piscín aca aniar agus do phreab ceann eile agus ceann eile 'na dhiaidh sin, agus ní túisce aniar iad ná marbh. Annsan do thóg sé anuas í agus dubhairt sé leis an Rí go raibh a inghean leighiste. Thug an Rí trí mhíle púnt do agus d'imthigh sé uaidh agus ní dhein sé aon stad go dtí go dtáinig sé go dtí an cros-bhóthar. Do bhí an bheirt dritheár roimis. Dubhairt duine aca ná raibh aon airgead aige féin. “Níl ná agam-sa,” arsan dara fear. “Tá trí mhíle púnt agam-sa,” arsan fear óg. “Chá bhfuairis an t-airgead go léir?” ar siadsan. “Fuaireas,” ar seisean, ag innsint dóibh fé mar a thuit amach. Dubhairt duine aca go raghadh sé féin annsan. “Ná dein,” arsan fear go raibh an t-airgead aige. Ach do dh'imthigh sé uatha agus ní dhein sé aon stad gur chuaidh sé go dtí an sáipéal. Do chuaidh sé isteach agus síos leis insa chomhrainn mhóir. Ní fada a bhí sé istigh innti nuair a tháinig na cait isteach, agus do-chuadar suas go dtí an t-altóir. “Tá bliadhain is lá indiu ó bhíomair annso cheana,” arsa Rí na gCat, “agus dho bhí duine éigin ag éisteacht linn mar tá inghean an Rí leighiste ó shin. Cuarduighidh an sáipéal féach a'mbeadh aoinne ag éisteacht linn [an turus so].” Do bhíodar ag cuardach agus insa lorg dóibh fuaireadar fear na comhrann agus stracadar ó chéile é an fear bochth; agus ar maidin ní raibh ann ach na cnámha. Pioca [pé aca] fíor nó bréag mo scéal ní mise chúm ná cheap é. Séamas Ó Caomháin, Baile na Rátha, Dún Chaoin. ANONN 'S ANALL A MHÁIRÍN. Fonn: “Moirin ni Chuilionain.” I. One day for recreation Is gan éinne beo am chuileachtaint I espied a charming fair maid Na haonar is í 'siopa istig She singing like an angel Is me ag éisteacht le na binneghuth I whispered soft and aisy Sé dubhairt si “leog dod radaireacht.” Is anonn 's anall a Mháirín Do mhálai is do bheilteana Is a bhean na stocai mbána Ba bhreágh liom bheith ag imirt leat II. Her amber locks most naitly Go dréimreach cas triopallach Adown her back and waist, oh 'Sgur phreab mo chroidhe le taith- neamh di I asked her was she the fair one Nu an bhean dé í bhi ag Jupiter Or the brightsome vestal deity Chaith tréimhse seal in ifrionn Is anonn 's anall, &c. III. She answered me most daintily Ni héinne mar do thuigis me I fear you are a réice Ná taobhuig a thuille me Indeed I am no réice Nu straothaire bhreugfadh bruinnioll seal I'm a pupil of Jack Braenan's Si an áit na chomhnuighim Mucros Is anonn 's anall, &c. IV. Her syllables so charming Is gur breagh liom bheith na cuileach- taint Is gur bhinne liom ná cláirseach Gach ardphort do sheinnfeadh si You'll get my stock and farm Má théidheann tu liom go Mucros And then she sung most charming “A ghrádh gheal, I'm fond of you.” Is anonn 's anall, &c. (Finghin na leamhna do fuair. CLÁR FEISE UÍBH RÁTHAIGH A TIONÓLFAR i gCATHAIR SAIDHBHÍN Diardaoin Deasgabhala. An chéad lá de Mheitheamh a tSamhraidh, 1916. 1. Aisde nó cursíos ar (a) “Seán-nósa i gCiarraighe go mbfheárr a mbriseadh ná a mbuanughadh,” nó (b) “Dá mbeadh agat céad púnt is tú bliadhain is fiche conus a chuirfeá rómhat míle púnt do bheith agat is tú an dachad is do shaoghal do chaitheamh in Éirinn” (Caithfear an sgéal do mhíniú le figiúirí). Ds. 15/- 2. (a) Aisde i bhfuirm agallaimh do cheapadh & do scríobhadh idir bhean is fhear i dtaobh é bheith ag teacht a bhaile ró dhéanach ist oidhche; Nó (b) Argóint do scríobhadh idir daoine bheadh ad' iarraidh cleamhnas do dhéanamh idir inghean feirmeora agus cliamhain isteach; Nó (c) Adhbhar ar bith eile. Duais 15/- 3. Cúntas laethamhail ar imtheachtaibh is ar smaoin- tibh duine is ar na rudaí a chualaidh sé ar feadh mí nó an chuid is mó dhe. Duaiseanna 10/-, 7/6, 5/- 4. Abhrán meidhreach do cheapadh ar aon fhonn díobh so:— “Caidhp Cúl Árd,” nó “An Cóisire,” nó “Nóra Críona.” Dhuais 10/- 5. Do'n fhear is feárr a dhéanfaidh argóint, lá na feise, ar “Ciacu is feárr eirigheann leis an rógaire sleamhain glic nó leis an nduine, stuamdha díreach macánta sa tsaoghal so againn-ne.” Duais 10/- 6. Argóntacht do mhnáibh ar “Ciacu is feárr mar saoghal do bhean pósta feirmeoireacht nó múineadh scoile.” Duais, 10/- 7. Comhrádh do leanbhaí sgoile. Caithfidh eolas do bheith acu ar chúrsaí Eaglaise is Creidimh; scoileanna is oideachais; dlighe is riaghaltais; feirmeoireacht; biadh, tigheas, agus sláinte; caitheamh aimsirí agus cluithchí; cleamhnaistí is póstaí: leabhair gaedhilge. Duaiseanna, 6/-, 4/-, 3/-, 2/6. 8. Cómhrádh do'n leanbh fé bhun 9 bliadna is feárr a labhrann Gaedhluinn. Dsna. Adhbhar culaithe nó gúna, is bréagáin. 9. Do'n sgoláire scoile is feárr a léighfidh “An Lóchrann” agus “Dánta Thomáis Ruaidh.” Caithfear dhá cheann des na dánta bheith de ghlan-mheabhair ag an sgoláire. Dsna. 7/6, 6/-, 5/- 10. Sgéalta nó eachtraí do innsint tógtha as leabh- raibh nó as páipéir nó fachta ó sean daoinibh in íbh Ráthach. Dsna. 7/6, 5/- 11. An rud céadna do leanbhaí sgoile. Dsna. 4/-, 3/-, 2/- 12. An aithris is feárr ó leanbhaí scoile ar stair as “Caismirt na gCearc,” nó cluithche ar bith eile. Dsna. 7/6, 5/-, 3/6 13. An aithris is feárr de'n chuid tosaigh den “Siota 's a mháthair,” nó “An Peacach san Bás,” nó “laoi Oisín,” nó “Cúirt a Mheádhon Oidhche.” Dsna. 6/-, 4/- 14. An scoláire is feárr a theasbánfaidh eolas ar an dtheagasg Críosdaighe & ar na paidreacha miona. Dsna. 5/-, 3/6 15. An cailín óg is feárr a déarfaidh dá abhrán maith Gaedhilge. Dsna. 7/6, 5/- 16. An rud céadna do chailíní sgoile. Dsna. 6/- & 4/- 17. An rud céadna do gharsúin. Dsna. 5/-, 3/- 18. An rud céadna d'fhearaibh. Dsna. 7/6 & 5/- 19. An duine is mó go bhfuil abhráin meidhreacha aige nó eici is bheith ábalta ar na fuinn chearta do ghabháil leo. Dsna. 6/-, 5/- 20. Abhránuidheacht in éinfheacht do bhuidhnibh scoile. Caithfear dáreug ar a luighead do bheith sa bhuidhin. Dúais, £1 21. Rinnce ceathrair (cor nó port). Ds. 10/- 22. Rinnce ochtair (cor nó port). Ds. 16/- 23. Rinnce Gaedhlach d'fhearaibh. Dsna. 7/6, 5/- 24. Rinnce do mhnáibh. Dsna. 7/6, 5/- 25. Rinnce do leanbhaí scoile. Ds. 5/-, 4/-, 3/- 26. Ceol Gaedhlach ar an bhfideoig. Ds. 5/- 27. Ceol Gaedhlac ar an melodeon. Ds. 7/6 COINGHÍLL. Caithfear ainmneacha iomaidhtheoirí chur isteach go dtí sna Rúnaidhthe roim an 21adh lá Bealtaine. Caithfear aisdí scríobhtha chur isteach roim an lá céadna. Ní bhronnfar aon duais mara mbíonn triúr sa chomórtas ná aon dara duais mara mbíonn cúi- gear. Níl a bhac ar éinne i gCiarraighe nó lastmuigh dul isteach ar chomórtas ar bith. Cómh- rúnaidhthe. CAITLÍN SHÚILIOBHÁIN MÍCHEÁL BREATHNACH Seóladh, Connradh na Gaedhilge, Cathair Saidhbhín. Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services