Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Abrán, 1916

Title
Abrán, 1916
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1916
Publisher
Muintir Raighill is Cuirc

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uim. 1. ABRÁN, 1916. Pinginn a Fhiacha.



MURCHADH AN FHÍONA Ó CONAILL
AGUS SÉATHRA NA mBÓ MÓR.



Do bhí beirt dearbhráthar ann fadó. I nUibh
Ráthach iseadh bíodhar. Mícheál agus Murchadh
dob' ainm dóibh agus de mhuinntir Chonaill
dob' eadh iad, agus sé an ainm do bhí ortha
mar aon le na n-ainm dílis “An Chlann
Fhada.”



Do bhí dearbhráthair eile aca gurbh ainm
do Séathra na mBó Mór, ach sé an fáth ná
h-áirighim é sin i n-éinfeacht leis an mbeirt
eile, mar nár chomhnuigh sé i n-aon tigh leo.
Sé an áit 'a raibh a ionad chomhnaidhthe ag
Séathra ná sa Daingean. Is i gcaisleán
Bhaile Chairbre i n-aice le Cuan Bhéil Ínse
do bhí Mícheál agus Murchadh.



Tráth dá raibh an bheirt sa Chaisleán, do
chonnacadar long ag teacht isteach go Cuan
Bhéil Ínse agus an Captaen ag teacht i dtír.
Níor stad se riamh ná choidhche go dtí go
dtáinig sé ag triall ortha féin sa Chais-
leán. Daoine móra creideamhnacha dob
eadh Mícheál agus Murchadh agus is ortha
thaisdealadh na huaisle go léir. Do bhíodar
go fáilteach roimis an gCaptaen agus
níorbh' fhios ciaca ba shia isteach air nó
ciaca go n-íosfadh sé a dhínnéar uaidh, ach
dubhairt seisean leo gur ó'n té ba thúisce
go mbeadh sé ullamh aige — gur uaidh sin
d'íosfadh sé é.



Do bhí an bheirt ag baint na gcos dá
chéile féachaint ciaca ba thúisce. Do cheap
Mícheál an tosach do bheith aige féin agus
cad a dhein sé ach an tslighe a dhúnadh ar
Mhurchadh chun ná tabharfadh sé aon bhraon
uisce anáirde leis chun an dínnéar d'ullmhú.
Anáirde i mbarra an Chaisleáin do bhí
Murchadh na chomhnaidhe agus is ar an
dtalamh do bhí Mícheál.



Do bhí Mícheál ag ullmhú an dínnéir ar
a shuaimhneas; cheap sé nár bhaoghal do
Murchadh. Nuair a chonnaic Murchadh an
cleas a bhí imeartha air, tháinig straidhn
bhuile air agus níor dhein sé aon ní ach
fáscadh ar an ndínnéar d'ullmhú le fíon
agus ní raibh an dínnéar i n-aon ghaor do
bheith ullamh ag an bhfear thíos nuair a ghlaoidh
Murchadh anáirde ar an gCaptaen agus
d'itheadar agus d'óladar araon a sáith,
go subháilceach, de'n dínnéar, agus do
fágadh Mícheál bocht ar an dtalamh dá mhéid
é a shaothar. Ó shin i leith is é an ainm atá
ar shliocht Mhurchadh ná “Muinntir Mhurcha'
'n Fhíona.”



An dearbhrátháir eile, sin é Séathra na
mBó Mór, do cailleadh é insa Daingean.
Ní chualaidh an bheirt dearbhráthar é go raibh
sé curtha san úir. Níor innis muinntir an
Daingin d' aoinne é mar theastuigh uatha é
bheith curtha 'na ndúthaigh féin agus do bhí
fhios aca dá gcloiseadh Murchadh agus
Mícheál é go mbeidís ag iarraidh é bhreith
leo.



Ach do chualadar é agus cheapadar é
thabhairt leo agus é chur na dteampal dúth-
chais féin. D' imthigheadar oidhche i mbád,
'ceathrar aca, triúr de Mhuinntir Chonaill
agus cliamhain dóibh — Seán O Braonáin.
Do chuadar san daingean agus dho dhein-
eadar réabadh roilig. Do thógadar Séathra
agus thugadar leo h-é sa bhád. Níor shos
do Mhuinntir an Daingin, do bhraitheadar
iad agus do leanad ar iad.



Do shéid an oidhche ar ghála agus ar bháistig
agus b' éigean do mhuinntir an Daingin
filleadh abhaile. Do lean muinntir Chonaill
ar a n-aghaidh agus fuaireadar a ndóthain
de'n ghála. Níorbh fhios dóibh an bhfeicfidís
aon radharc ar an dtír go bráth, bhí an
fhairrge chomh fiadhain sin.



Sa deire, ag déanamh amach ar dheire na
hoidhche, d' fhógair an captaen go rabhadar
ag teacht go Cuan Cromtha. D'éirig Seán
Ó Braonáin na sheasamh. D'fhéach sé uaidh
siar ó dheas agus dubhairt sé: Huf! Is
maith ann é cuan Cromtha.” Sean-fhocal,
seadh é atá eadrainn ó shin:



“Is maith ann é Cuan Cromtha.”



Séamas Ó Conaill, Cill Roilig.



CÁIT NÍ DHUIBHIR.



Tráthnóinín beag déidhionach
Is mo thréada 'gam dá gcur ó'n síon,
I lúib na coille craobhaighe
Is aerach mar do bhí mo thriall;
Bhí an chuach an lon 's an chéirseach
Ar séirse 's gach nóta fíor.
'S i mbun 's i mbárr gach bhéarsa
Go mbeidh Éire ag Cáit ní Dhuibhir.



Tá liosacháinín féir ghlais
Agam féinig ag ceann mo thighe,
Agus bíonn gach maidean gréine
An spéir-bhean ann is í rómham na suidhe.
Tá leabhar aici de'n Ghaedhluinn
Is beagáinín de'n Bhéarla thríd,
Gurb é túis agus deire gach bhéarsa
Go mbeidh Éire ag Cáit ní Dhuibhir



Tá míle dath 'na clóca
Is a bróigín de dhath an fhraoigh,
'S gúna de'n fhaision nódh uirrthi
De'n tsórd úd bhíonn ar inghín an ríogh
Sé dúbhairt sí-suidh síos, óigfhir,
Go fóil beag is déanfam moill,
Is do raghainn-se arís in óige
Dá mbeadh Fódhla ag Cáit ní Dhuibhir.



Do shuidheas-sa ar bhínsín taobh léi
Is mo ghéaga do thuit liom síos,
Mar shíleas nárbh aon bhean shaoghalta í
Is gur bhaogal dom í theacht am líon;
“An tu Pallas nó an tú Hélen
Nó an spéirbhean do dhóigh an Traoi,
Nó an bhean do mhill na céadtha
Go raibh gaol aici le Cáit ní Dhuibhir?”



Is bean le fada i bpéin me,
Is mo chéile do chuaidh thar tuinn,
Mo chlann go bhfuil i ndaor-bhruid,
Go tréith lag is gan phreab 'na gcroidhe;
Acht eireoghaidh Clanna Gaedhilge
Agus léimfidh gach fear chun claidhimh
Is sé túis agus deire mo sgéil díbh —
Go mbeidh Éire fós ag Cáit ní Dhuibhir.



TÁ 'NA LÁ!



Chodhlas féin idtigh aréir,
Is tuirseach tréith do bhí mo chuisle,
Sé comhrádh béil bhí 'ca go léir;
M'inghean féin is a boc ar buile.



Tá na lá! Níl na lá!
Tá na lá, is níl na mhaidin!
Tá na lá! Níl na lá!
Ach solas árd atá san ngealaigh.



'Éir' id shuidhe, a fhir an tighe,
Cuir do bhríste 'mat go tapaidh,
Coinnigh suas cuideachta shuairc
Don chroidhe mhaith mhór go dtiocfaidh an
mhaidin



Tá na lá, &rl.



“N' éireochad am' shuidhe,” ar fear an tighe,
'S ní chuirfead bríste 'mam ná hata,
Blas ná braon dem chuidse dighe
A raghaidh na gcroidhe go dtiocfaidh an
mhaidin.



Tá na lá, &rl.



Tá mo stocaí i dtigh an óil,
Tá mo bhróga i dtigh an leanna,
Tá mo bha ag dul thar teorainn
Is níl bean óg a raghadh dá gcasadh.



Tá na lá, &rl.



Tá an barraile ar a cheann,
Is ní fheicim ann ach dríodar deasga,
Tá mo ghiní ar an mbórd
Is bíam ag ól go dtiocfaidh an mhaidin.



Tá na lá, &rl.



Cormac Ó Cadhlaigh do fuair ó Chonn Ó Floinn,
i gCionn tSáile.


L. 2


FÓGRAÍ Ó CHIARRAIDHE.



Tá Éadach ón mbothán agus Éadach Gaedhealach
eile igcóir culaithe:



SÚSAÍ, CAIPÍNÍ agus HATAÍ
ag
MICHEÁL Ó MUIRCHEARTAIGH,
An Cheárnóg, CÍLL ÁIRNE.



TIGH ÓSTA UÍ GHLASÁIN,
Sráid na nÁirne, CILL ÁIRNE.



Daoine gur mian leo Aoibhneas Locha Léin d'feisint
gan ró-chostas, gheobhaidh siad gach ní ar a dtoil sa
Tigh Ósta so. Leabaidh, Bricfeast, Dinnéar, Té
agus Freastal ar 5/- sa ló.



BRÍD NÍ GHLASÁIN, Bean an Tighe.



I gceartlár na Gaedhealtachta, i gCiarraighe,
is eadh tá AN TIG DEAS SAN, agus gach cóir
ann — troscán, leabthacha, &c. Tá le cur i gcóir
an tsamhraidh. Scriobh chun



40 Páirc Herbert, in Áth Cliath.



Má théighir go CILL ÁIRNE, cuir fút i



dTIG ÓSTA UÍ IFEARNÁIN,
KENMARE PLACE.



An tig is fearr le Gaedhealaibh.
Ní bítear dian san éileamh ann.
Tá sé igcómhgar an stásiúin ach leanamhaint
ort i leith na láimhe clé.



AN T-EMPÓRIUM,
le
M. Ó SÚILEABHÁIN AGUS A MHAC,
CILL ÁIRNE.



ÉADATHÓIRÍ MAITHE



Tá le fághail uatha:



Lása Gaedhealach de'n déanamh agus de'n phatrún
is órnáidighe amuich agus saothar lámh is
eadh gach órlach de.



Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt
datha.



Ciarsúirí de'n línéadach Cheart Ghaedhealach is
a lán saghas eile línéadaigh atá oireamhnach
do ghnóthaí tighe agus i nÉirinn do deineadh.



Carabhataí de'n Phoiplín Ghaedhealach ar gach dath
is ar gach gné datha.



Bróga is Buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach
(Muintir Winstanlí agus Mac Gabharnaigh a
dheinean.)



Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr
agus flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do
deineadh.



AN T-EMPÓRIUM,
TIGH NA CÚINNE,
Sráid Mhór a 10, 11, 12 agus Sráid na nÁirne,
CILL ÁIRNE.



CLÁR FEISE 'ÍBH RÁTHAIGH.



DUAIS MHAITH MHÓR.



Do'n Duine Óg fé bhun a 20 is feárr fhreag-
róghaidh na Moltóirí ar a bhfuil sa Chlar Feise: Saor
Oidheachas ar feadh mí i gCOLÁISTE AN DAINGIN.



SEAN-FHOCAIL NA
MUIMHNEACH.



“An Seabhac” do bhailigh.



Ó thárla bailiú' mór de shean-fhoclaibh
agus de shean-ráidhtibh na nGaedhilgeóirí
Muimhneach againn tar éis dúinn an Mhumh-
ain do thaisdeal go mion ó Dhún Chaoin go
dtí an Tráigh Mhór, measaimíd nach ceart
dúinn feasta gan an bailiú' san a leigint
uainn chun lucht léighte agus lucht fógh-
lumhtha na Gaedhilge. Ní'l sean-fhocal
ortha ná cualmar agus ná fuil le clos fós
ó sna sean-daoine. Is eól dúinn go bhfuil
cuid acu i gcló cheana, ach tá mór-chuid aca
ná fuil. Tá idir 2,500 agus 3,000 sean-
fhocal sa bhailiú' seo againn-ne agus
táimíd ar aigne iad san uile a chur i gcló
chun go mbeadh bailiú' maith amháin de shean-
fhoclaibh na Mumhan ar fagháil.



Ba mhaith linn ár mór-bhuidheachas do
luadhadh annso ar Risteárd McCrócaigh
(An Fiach Dubh) do chabhraig linn ag riar
agus ag cur eagair ar na sean-ráidhte seo
agus 'á n-aith-scríobhadh.



BA:



Is í an bhó an t-ainmhidhe is mó go raibh
baint aici le saoghal na nGaedheal ó thosach
aimsire. Daoine a bhíodh saidhbhir deirtí go
mbíodh “na táinte” aca, agus daoine go
mbaintí an saidhbhreas díobh deirtí go
mbídís “creachta” (i., bhídís gan chreach —
gan a gcuid bó agus beithidheach). Nuair a
bhíodh cáin le díol ag rí nó ag cúige le
sí nó le cuige eile, ba mhinic gur “bóramh”
an cháin sin. Nuair a bhíodh daoine 'á bpós-
adh thugaidís nó gheibhidís “spré” (i., ba nó
beithidhigh), agus cia gur airgead a bhíonn i
gceist ar ócáid dá leithéid tá an tsean-
ainim “spré” fós air.



Tá, dá bhrígh sin, tagairt do bhuaibh i
mórán sean-fhocal agus sean-ráidhte sa
Ghaedhilg, mar atá:—



1 — Is maith í an bhó,
Is bainne í le n-ól,
Is ím í agus is feóil,
Is solas geal í ar bhórd,
Deineann a h-earball rón,
Agus a h-adharc ceól
Agus is maith í a leathar chun na
mbróg.



Agus, cé gur maith bó, deirtear:



2 — Is beag é toradh bó aonair.



Agus airís:



3 — Fear na h-aon-bhó fear gan aon bhó.



4 — Chómh bleachtmhar leis an nGlais-
ghaibhneach.



B'í an Ghlas-ghaibhneach an bhó do b'fhearr a bhí i
n-Éirinn riamh. Bó dhraoidheachta do b'eadh í a thagadh
d'á crúdhadh ag daoinibh bochta ná bíodh bó aca féin.
Níor bh'fhéidir í do shniughadh dá mhéid é an t-árthach a
bhíodh le líonadh, bhí an oiread san bainne aici. Do
bhí bean ann adúbhairt go sniugfadh sí féin í. Fuair
sí criathar agus do chrom ar an bhó a chrúdhadh ann.
Do lean sí uirthi go raibh loch bainne sa pháirc.
Níor éirigh sí as an gcrúdhadh gur éirigh an loch
bainne chómh h-árd san gur bh'éigean do'n mhnaoi
teicheadh ar eagla a báidhte. D'imthig an Ghlas-
ghaibhneach léi, agus ní fheacathas riamh ó shoin i
n-Éirinn í.



5 — Gach bó dá aindeise agus gach capall
dá dheise.



Bó mhór throm an bhó is fearr.



6 — Bó bórach nó capall córach.



Bórach, .i., lúb-chosach.



7 — An bhó anoir, an capall aniar,
An laogh anuaidh (i., adtuaidh) agus
an t-uan andeas.



As na h-árdaibh sin is fearr iad má's fíor. Deir-
tear leis: “An bhean anois, &rl.”



8 — Díol an bhó, ceannuigh an chaosa, ach
ná bí choidhche gan capall.



Tuigfí as an tsean-chaint sin gur tarbhighe capall
ná caora agus gur tairbhighe caora ná bó. Ní
ghnáth-thuairim é sin.



9 — Bó le bata agus capall le ceann-
sacht.



Sin é an tslighe is fearr chun iad a thiomáint.



10 — Fear na bó féin fé'n a h-earball.



Nuair a bhíonn bó i bpoll is do'n t-é gur leis
í is córa teacht fé'n áit is truime dhí chun í thógaint.
Déarfaí é le h-aon ghnó eile, chómh maith.



11 — Aghaidh na mbó ar an macha agus
súil na gcat ar an luaith.



Le chóimh-fheascar lae agus oidhche a bhídh amhlaidh.
Ins na sean-scéalta ba ghnáth an sean-radh san ag
tagairt “d'fhuinne-neól nóna agus deire lae.”



12 — Rith na bó laige le fánaidh
Nó,
Aghaidh na bó laige le fánaidh.



.i. An ród is usa ach nách uaisle.



13 — Go réidh! A bhean na dtrí mbó!



Adeirfí le daoinibh go mbeadh tóirtéis mhór agus
eirighe-anáirde ortha leis an ngustal beag a bheadh
aca. Ní fios ciarbh' í an chéad bhean úd go raibh na
trí ba aici agus an mhórtas.



14 — Tiocfaidh lá fós go mbeidh gnó ag an
mbó d'á h-earball,
nó,
… go n-oirfidh a h-earball de'n
bhó.



.i., Tiocfaidh brothal fós agus beidh cuileanna ag
imirt ar an mbuin, agus a h-earball gnóthach aici.
Le linn droch aimsire adeirtear san.



15 — Ní fachtar bainne beirbighthe gan
earball fliuch.



An duine go mbeadh bó aige bíonn sé amuich fé'n
bhfearthainn ag soláthar dí.



16 — Muga mór maide agus bainne i bhfad
síos.



Duine éigin d'iarr deoch bainne agus sin mar
fuair sé é.



17 — Téigheann an bainne sa Gheimhreadh go
h-adharca na mbó.



.i., Bíonn sé i bhfad ós na siní.



18 — Bainne na bó sopaithe.



Bíonn bainne aici breis ar bhoin ná faghadh aon
tsop.



19 — Ní féidir é bheith na ghruth is na
mheidhg agat.



Ní féidir é bheith mar seo agus mar siúd agat.



20 — Is buaine an t-únán ná an t-an-
bhruithe.



Únán — an cubhar a bhíonn ar bhainne le linn
crúidhte. Is sia a bheadh bainne le n-ól agat ó bhoin
bheó ná mar bheadh a cuid anbhruithe agat dá mbeadh
sí marbh.



21 — Crúdhtar bó an tsneachtaidh agus
suathtar bó an tseaca.



Ní ghoilleann an sneachtadh ar na buaibh a oiread
leis an tsioc.



22 — Árach neam buan buarach iasachta.



i., Ní fada fágfaí agat é.



23 — Chím an bhó bhán agus chíonn an bhó
bhán an chuid eile.



An áit i mbíonn bó ní fada uaithi bhíonn an
chuid eile. Aodhaire adúbhairt an chaint ar dtúis.
Leisce a bhí air, is dóigh, dul ag féachaint na coda
eile.



24 — Na trí beaga is fearr: beag na
curcóige, beag na bó, beag na mná.



25 — Is minic nár chuaidh bó le bó-dhúthchas.



Deirtear san le rudaí seachas ba.



25 — An bhó is sailche (salaiche) earball sí
is aoirde géim.



Is minic gurab iad na daoine is lúgha maith is
mó caint.



(Tuille le Teacht.)


L. 3


COMHAIRLE D' FHEARAIBH ÓGA.



Eóin Ó Cochláin, cct.



Gach óigfhear cliste tá singil gan snaidhm
ón gcléir
Is tá 'gcóir na hInide i bhfuirm go díonmhar
saor.
Má seoltar na friotail seo chuige na radh-
arc le léigheamh,
Mo chomhairle tuigeadh is deineadh sé í le
céill.



Go céillidhe glacadh mo theagasc i gcóir is
i gceart,
Is ní baoghal do bheith cathach ná i n-aithreachas
bróin go lag;
Gan spré dá mhealladh chun ceangail le
hóinsigh leamh
Gan mhéin, gan mhaitheas, gan mhaise, gan
snódh gan chreat.



Gan chreat, gan chuma, má thugair an bhé
úd leat
Le taithneamh dá cuid is a ghioracht a théigh-
eann sé, is feas.
Má thagan san imirt gan tusa bheith caomh
led' bhean
Beidh cathanna cuirpe is imreas claon nbhúr
measc.



Nbhúr measc, gan ghó, beidh gleo go minic
sa lá
Gan aiteas, gan spórt, gan sógh, gan sú-
gradh sámh,
Caithfear do stór na cheó le hiomarca ráig
Is eadraibh fós ní dóigh aon tsonas go bráth.



Go bráth is mairg bheith ceangailte ag
straoill gan snódh
Acht amháin an té ghlacfadh a samhail le
gnaoi go leor,
Óir tá sé peacamhail geallaim le bruighin í
'bhreoghadh
Is go mb'fhearr í sheachaint mara dtagadh ár
n-intinn leo.



Ní leótha bfhearra dhúinn ceangal i dtúis
óige
Acht le modhmhail-bhean mheanmnach, mhaisea-
mhail, chiúin, ghlórach,
Bheadh córach, ceapaithe, seasamhach, síoghach,
snódh-gheal,
Gnóthach, greannmhar, geanamhail, gnúis-
lóghmhar.



Go lóghmhar lasta seadh b'ait liomsa stáid
bhean deas
Ba mhór mo thaithneamh bheith greamuighthe
i bpáirt le searc
Go dtógfainn an ainnir gan dada dá bharr,
is feas.
Mo chumha mór b'fhada ó bheadh m'aigne sásta
i gceart?



Is ró cheart mheasaim bheith aireach ag soláthar
bean
Gan fóisc do ghlacadh nó caile gan cháil,
gan bhail.
Ór ná earradh ní mhaireann i mbláth ach seal
'S is mór an mhaise do leanbh an mháthair
mhaith.



Máthair mhaiseamhail, bhanamhail, mhánla, shéimh,
Do bfhearr chun sleachta gan ainimh, le grása
Dé,
A hál dob' aite leat sealad ag gáirí id
ghaor,
Tá stráic sa faithche cé leathan le trácht a
spré.



Spré ná spaga ná dalladh go bráth do
radharc
Le leidire caille gan charaid' mbeadh gnas
na gnaoi
Righbhean caithte nó caille cheanndána chríon
Má ghnír leó ceangal sin aiteas ar fán ód
chroidhe.



Do chroidhe-se beidh cíordhubh dá chaitheamh le
brón
Má shínir le smíste do'n aicme seo romhat
Fagh ainleán (?) dheas dhíreach bhanamhail óg
Is beidh t'intinn go meidhreach cé lag do
chuid stóir



An stór san ná tóg-se le haimid gan chéill
Cé gur brónach bheith beó bocht lag dealbh
gan réim
Dob' fhearr óigbhean deas mhodhmhail is taca
beag léi
Ná mórchuid le cron-spaid gan mhaise gan
sgéimh.



FREAGRA AR AN gCOMHAIRLE
D'FHEARAIBH ÓGA.



An Fear Céadna, cct.



Ar shéimhchruth na mbéithe beidh meas aige
Gaoidhil
Acht nach féidir leo gan géilleadh do bhear-
taibh an tsaoighil
Bíonn claidhmhte dá gcaochadh aige Gallaibh
an fhill
Is chun spré ansan, dá mhéid, iseadh ghlacan
siad saínt.



Bíonn saint aige Gaoidhil bhochta a spaga
bheith teann
Do dhíolfadh a gcíos is gach srathanna cam
Ó síneadh fé sgríb iad ag aicme na nGall
Go fíorlag fá shíor-smacht ag tarraing 's
ag treabhadh.



Ag treabhaireacht gan dabhta do Ghallaibh
gach ló
Dá lomsgrios le camchuir gan fearann, gan
fód,
Seanshliocht na bfhonn bhflaith fuair ceannas
is coróinn
Le hamhgar is clampar ag Danair dá
mbreoghadh.



Is breoidhte fir Eoghain is calmshliocht Chuinn
Ní leomhfaidh bean ró-dheas do ghlacadh gan
mhaoin,
Acht nuachar do phósadh gan mhaise ná gnaoi
Chun mórchuid d'fhagháil leotha mar thaca sa
chíos.



Mar thaca sa chíos bíonn Gaoidhil ag lorg
na spré,
Tagaid Gaill le dlighe dá gcreachadh go
faon;
Bíonn tacsana, fees, is fines dá ndalladh
gach lae,
Is caithfidh siad stríochadh síos dá martradh
féin.



Dá martradh féin seadh ghéilleann gach
nduine go h-umhal
Is ní thuigeann an tréan an faon i n-eas-
baidh go fann,
Tá flatha na nGaodhal i ngéibheann ag
Gallaphuic odhar,
Fé'n ama go tréith, gan réim, gan ghradam,
gan ghreann.



Cormac ó Cadhlaigh, do sholáthruig
i gCo. an Chláir.



“AN SEAN-LÓCHRANN.”



Is mór is fiú cóibeanna de'n tsean-
“Lóchrann” agus is ana-dheacair iad d'fhagh-
áil. Bíonn mórán daoine ar a lorg óir
is ionnta atá an t-aon bhailiú fhóghanta
amháin de shean-scéalaidheacht agus de
shean-aimsireacht na Mumhan. Aoinne atá
ar a lorg scríobhadh sé go dtí



Mícheál Ó Flainn,
Luachair Cheann-fhionn, Tráighlí,
agus gheobhaidh sé a fhios cá bhfuilid le
fagháil.



FÓGRAÍ Ó BHAILE ÁTHA CLIATH
agus ó ÁITEANNAIBH SÍOS AMACH anso.



GNÓTHA TUAITHE AN
RÁITHÍN.



Níl san oifig seo againn-ne ach
Gaedhilgeóirí amháin, agus ní bheidh.



BIADH, OBAIR ADHMAID,
LEABHARTHA,
BRAIT ÚRLÁIR (Cairpéidí)
agus gach aon chóir feirmeorachta
le fághail uainn.



TUAIM GRÉINE, CONDAE AN CHLÁIR
agus
SRÁID ÍOC. BHAGÓID, a 50.,
BAILE-ÁTHA-CLIATH.



COLÁISDE EOGHAIN UÍ CHOMHRAIDHE,
Atá i gCorca Baiscin in Iarthar Chláir.



Seisiún mí an Lughnasa, 1916. Cúrsaí speisialta
le h-aghaidh Sagart agus Múinteoirí.



Gheobhfar gach eolas ó Rúnaire an Choláisde,
2 Querin Villas, Baile na Coradh, Luimneach.



FEIS THUADH-MUMHAN, 1916, i Luimnigh,
Abrán 9adh.



IOMÁINT
idir
CHORCAIGH agus TIOBRAID ÁRANN
agus idir
CHLÁR agus LUIMNEACH,



BEALTAINE 19adh 's 20adh 's 21adh.



Ceól, Rinnce agus Comórtaisí Gaedhilge.



CILL CHAOI, Condae an Chláir.



DEAGHBHIADH agus SEOMRAÍ DEASA.



Cuir leitir nó sranngscéala chun



INGHEAN UÍ GHRÍOBHTHA,
23 Bóthar na Trágha, Cill Chaoí.



IS MAITH AN PÁIPÉAR
do'n duine óg nó do'n duine fásta:



"OUR BOYS"



Páipéar ar 1d. in aghaidh gacha mí.



Bíon scéal Gaedhilge ann ó scéalaidhe maith,
agus scéilíní deasa a bhaineann le stair-
sheanchus na hÉireann.



NA BRÁITHRE CRÍOSTAMHLA
ATÁ IN A BHUN.



A GHAEDHILGEÓIRÍ!



Abraidh le nbúr gcáirdibh i MEIRIOCA
go bhfuil "AN LÓCHRANN"



le fághail ag an



IRISH INDUSTRIES DEPOT.
624 Madison Avenue, NEW YORK.



Is go bhfuil gach aon saghas Earraí Gaedhlacha ar díol
ann. Is le Connradh na Gaedhilge an siopa san.


L. 4


FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH.



DO LUCHT-DRÁMAÍ-A-LÉIRIÚ.



Tá gach saghas éide, peribhicí, &c., i gcóir
drámaí go mór-mhór i gcóir Drámaí
Gaedhealacha le fághail uainn-ne, ar
iasacht. Níl 'oiread san de sna rudaí
sin ag duine ar bith eile in Éirinn.



PÁDRAIG Ó SÚILEABHÁIN agus a Chua'chta.



“Theatrical Outfitters,”
38 SRÁID MHÓR SHEOIRSE, i gCORCAIGH



MÍCHEÁL DE RÓISTE,
60 Sráid Phádraig N., CORCAIGH.



Seodaidhe,
Gabha geal,
Déantóir
súlghlainí
agus
Uaireadán.



Tá 200,000 Barailí Plúir da dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag



T. Ó hAILEANÁIN & a CHL. MHAC, Teo.



Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.



Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.”
Guthán: 7 Cork; i Midleton.



EAMONN DE CÓGÁN.



Gheobhair cárr nó cóiste uaidh, aon tráth agus gléas
rubair fe sna rothaí. Ní bheidh dian ort i dtaobh
airgid. Gach cóir chun socraide.



44-45 Sráid na Síarsach (Sheares St.), Corcaigh



CRAOBH NA GAEDHEALTACHTA



An t-aon Chraobh amháin ná fuil
de chúram uirthi ach aire thabhairt
do sna Ceanntracha Gaedhealacha.



Má's duine thu a chuireann suim sa Ghaedheal-
tacht, ba cheart duit bheith páirteach sa Chraoibh
seo. Cuir leathchróinn ag triall ar Sparán-
aidhe na Craoibhe, faithche Stiabhna 7, Baile Átha
Chliath, agus beir id' bhall di go ceann bliadhna.



Más Múinteóir tú, ná bí ad varú fên agus a marú na
leany a diaruig na Gäluingi vúini ghóiv lesh na sheana
letireacha agus lesh an sheana letiriú. Buín triàil as
an letiriú shimplí, agus beg tora er do hähar.



An Cumann um Letiriú Shímplí,
Tigósda Minerva, Bleáclieh.



CAD IS SLOINNE DHUIT?



Tá comharthaí gacha fine le fághail ar
Chártaí Daithte.



Coats of Arms of the Irish Families
Sciath, Círín agus Rosc Catha.



Ceann mór fé fráma… 5/-



Ceann beag fé fráma… 2/-



Peictiúirí beaga deasa ar 2/6 a' ceann
(Tá le fágháil gan fráma, leis, ar leath an airgid.)



Neilí Ní Bhriain do rinne idir línidheacht & dathú.



Chun tairbhe Coláiste Eoghain Uí Chomhraidhe a
raghaidh an t-airgead. Scríobh chun: NEILÍ NÍ
BHRIAIN, Seomraí Páirc an Choláiste, i n-Áth Cliath.



AN LÓCHRANN.



Páipéar don Ghaedhealtacht.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh an Fear Gnótha.



An Seabhac, i gCill Áirne … An Fear Eagair.



Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain.



Dhá choip gach mí, tríd an bpost, ar 3/- sa bhliain.



Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, agus c. Is
chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur.



Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean
leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní,
agus c., do chur.



Na Díoltóirí.



Ó Cuill agus a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh



Easún agus a Chl.-Mhac, Áth Cliath



Na Clódóirí.



Cló-chualucht Seandúna,
Sráid Ríobáird, Corcaigh



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall
orainn agus cuirfimíd 12 chóip gach mí go ceann
bliana chun aon áite a déarfar linn.



Déanfaidhi “An Lóchrann” ana-mhaitheas sa Ghaedh-
ealtacht, le congnamh Dé, go mórmhór i-nGaedhealtacht
na Mumhan.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



BÍ FIAL.



Caith agus gheobhair ó Dhia:
Caith go fial agus gheobhair níos mó.
An t-é ar leor leis beagán ó Dhia,
Is leór le Dia beagán dó.



(Seana-rann).



A CHÁIRDE!



Ó theip ar an sean-“Lóchrann” is ar
éigean atá aon ní le léigheamh i nGaedhilg
ag muinntir na Gaedhealtachta sa Mhumhain.
Is chun an t-easnamh san a leigheas atáthar
a chur an “Lóchrainn” nua so amach airís.
Sé atá curtha rómhainn againn an páipéar
seo a dhéanamh chómh maith leis an sean-
cheann nó níos fearr ná é, sa tslígh go
mbeadh oiread éilimh ag na Gaedhilgeóirí
sa Ghaedhealtacht air agus bhí aca ar an
sean-“Lóchrann,” nó níos mó, dá mb'fhéidir.
Má éirigheann linn an Ghaedhealtacht a
shásamh ní baoghal ná go mbeidh lucht fogh-
lumtha na Gaedhilge sa Ghalltacht sásta.



Teastuigheann cabhair uainn — airgead,
fógraí, ceannach &rl., ach sí an chabhair is
mó atá uainn ná scríbhneoiréacht, agus í
bheith go Gaedhealach agus go blasta slacht-
mhar. Is do'n Mhumhain atá an páipéar so
dá chur amach — do Ghaedhealtacht na Mhumh-
an, agus ar an bhfuaid sin is mó duine ata
eolasach ar Ghaedhilg chruinn ghunta do
léigheamh agus do bhreithniú' agus ná beadh
sásta linn mara bhfaghadh sé cainnt chruinn
Ghaedhealach uainn. Dá bhrígh sin ní bheidh sa
“Lóchrann” ach an Ghaedhilg is slachtmhaire
agus is fearr, agus ní dhéanfam tagart
d'aon ní ach do neithe go gcuireann muinn-
tir na Gaedhealtachta suim ionnta. Táim-
íd 'ghá iarraidh, mar sin, ar lucht na Gaedh-
ilge atá n-a gcomhnaidhe ins an nGaedheal-
tacht ó Chonndae an Chláir go Déisibh
Mumhan a gcabhair agus a gcongnamh do
thabhairt dúinn, ar son na Gaedhilge agus
ar ghrádh ár ndúthchais; agus tá daoine sa
Ghalldacht — roinnt bheag aca go mbíonn
caidreamh aca leis na duthaighibh mar a bhfuil
an Ghaedhilg dá labhairt is a thuigeann
meón na ndaoine ann, agus ba mhaith linn a
gcabhair sin, leis.



Tá mórán daoine a bhí go fial linn i
dtaobh airgid, &rl., chun “An Lóchrann” a
chur ar lasadh airís. Do bheirimíd ár míle
buidheachas dóibh, agus táimíd 'ghá gheall-
amhaint dóibh toradh na féile sin acu a chur
chun deigh-chríche agus chun tairbhe do'n
Ghaedhilg.



DO'N
AOS
ÓG.



Bail ó Dhia oraibh a óga, a
chailíní agus a gharsúna Gaedh-
ealacha! Seo chughaibh sinn le
scéala maithe — le páipeár



Gaedhilge go bhfeadfaidh sibh
gach líne ann a léigheamh le h-aoibhneas
agus le taithneamh. Agus seo chughaibh sinn,
leis, ag lorg bhúr gcongnaimh chun an páip-
éar so a líonadh gach mí le scéalta agus le
h-amhráin, agus le paidreacha agus le
sean-rócáin a gheobhaidh sibh ó nbhúr muinn-
tir sa bhaile. Téighidh chúcha, a chailíní agus
a gharsúna Ghaedhealacha, agus bídh 'á
mbréagadh agus á mbogadh go bhfaghaidh sibh
uatha na scéalta breághtha agus na h-amh-
ráin bhinne agus na sean-rócáin deasa atá
aca. Foghlmuighidh uatha san, a chlann ó,
mar is iad bhur muinntir-se sa bhaile is
fearr foghluim agus is uaisle meón dá
bhfuil le fagháil. Tá a n-aigne lán de
scéaltaibh mór gaiscidh agus catha, agus
de dhántaibh agus d'amhránaibh binne, grinn
agus bróin, agus de chainnteannaibh agus
de sean-fhoclaibh agus de ráidhtibh géara,
ciallmhara, greannmhara. Ní bhíonn lucht
Béarla mar sin, agus ní bhíonn aon rud
aca d'fhéadfadh aon chailín ná garsún a
scríobh'. Deinidh-se, dá bhrígh sin, bhur
ndicheall ag foghluim ó nbhúr muinntir féin,
agus scríobhaidh síos gach focal aca mar is
mó is fiú na neithe taithneamhacha ná ór
buidhe.



Seo libh chúcha, mar sin, agus páipéar
agus peannluidhe ag gach duine agaibh,
agus pé rud a gheobhaidh sibh cuiridh ag
triall ar “An Lóchrann” é. Tá
TRÍ DUAISEANNA
agam le bronnadh ar an dtriúr a chuirfidh
an trí bailiú is fearr chúgham de neithe a
gheobhaidh siad ó sna sean-daoine. Ná
deinidh dearmhad ar sin — nach aon tsaghas
eile atá uaim ach sgéalta nó amhráin nó
rócáin nó bhearsaí nó sean-aimsireacht atá
ag bhúr muinntir féin.



Mise,
Fear “An Lóchrainn,” Cill Áirne.



IOLSCOIL NA MUMHAN
atá i RINN Ó gCUANACH
is na DÉISIBH.



Beidh an obair ar siubhal ann mar is
gnáth ar feadh mí an Iúil agus
Lughnasa i mbliadhna.



TOGHA agus ROGHA NA GAEDHILGE
LE FÁGHBHÁIL ANN.



Atá gach cúntas is tuarascbháil le
fághbháil ó'n bhfear le scriobhadh:



.i. P. Ó CADHLA, Iolscoil na Mumhan,
Rinn ó gCuanach.


L. 5


SEÁN 'AC SÉAMAIS.



Agus litriú déanta air chun foghar na bhfocal a
thaisbeáint do réir mar adeirtear i n-Uibh Laoghaire iad.



Fear a bhí ann gur fuaduigheadh sa lios
é. Sé ainim a bhí air ná Seán 'ac Séamais.
Bhí sé fu aduighthe agus bhí sé sa lios. Bhí
sruthán le h-ais na (? an) leasa, agus bhí
cailín ag nigheachán ann. Do bhí bean sa
lios nár mhaith léi go bhfanfadh Seán 'ac
Séamais ann. Bhí sí ag Luascadh leinbh sa
lios, agus do chonnaic sí an bhean ag nigh-
eachán agus ba mhaith léi chur i n-iúil do'n
mhnaoi gur féidir Seán a thabhairt as an
lios ach ná féadfaí é thabhairt as ó'n
nDomhnach amach. Bhí sí ag luascadh cliabh-
áin sa lios, agus “Seó-hín, seo hó” ar
siúbhal aici, mar seo:—



“Seo-hín, seo-hó, ú-leó-leó,
Seo-hín, seo-hó, ú-leo-leó,
Sid é annso mo thigh geal-sa,
Seo-hín, seo-hó, ú-leó-leó,



Agus is mó bean óg ag iompar mac
ann.
Agus mara dtabharfar Seán'c Séamais
as fé'n nDomhnach,
Ní thabharfar as go deó.
Seo-hín, seo-hó, ú-leó-leó.”



D'imthig an cailín, agus d'innis do
mháthair Sheáin é. D'airigh inghean Rí Gréige
an scéal. Bhí cion aici ar Sheán. D'fhiaf-
ruig sí dhe'n mháthair an bhfaghadh sí Seán le
pósadh dá dtabharfadh sí as an lios é.
Dúbhairt an mháthair go bhfaghadh. D'imthig
sí fé dhein na (? an) leasa. Do dhein sí a
gruaig a chasadh go grána, a h-aghaidh do
shailiú' agus crut grána do chur uirthi féin
i dtreó ná h-aitneófaí í. D'iarr sí ag
doras na (? an) leasa Seán 'ac Séamais
do chur chúichi amach.



Dúbhairt Bean na (an) Leasa céarbh' í
féin a bhí á éileamh agus dúbhairt an cailín
gur ab í féin inghean Rí Gréige. Dubhairt
Bean na (an) Leasa nárbh' í i n-ao' chor,
mar dá mb' í inghean Rí Gréige go mbeadh



“Folt óir ar a muineál gléigeal,
Agus fáinní óir ar gach méir léi,
Agus gruaig a cinn síos go féar léi.”



“Agus is tú,” ar sise, “inghean na
caillighe aniar ó Bhéara.”



“Mara bhfaghad é féin,” arsan cailín,
“tabhair a spré dhom.”



“Cad é an spré é,” arsan Bean na
(an) Leasa.



“An spré seo,” arsan cailín:—



“Seacht gcéad each ar dhath a chéile,
Seacht gcéad ailbhín de chaoire mhaola,
Seacht gcéad ganndal is a n-annlan
géanna,
Seacht gcéad asal gan Crois an Aon-
Mhic.”



Dubhairt sí go bhfaghadh.
“Agus é seo leis,” arsan cailín:—



“Luach chúig púint de shúsa craorag.”



Do theip ar Bhean na (an) Leasa an súsa
craorag a thabhairt do'n chailín agus b'éig-
ean di Seán 'ac Séamais do leogaint
amach as an lios. Bhí sí ar buile mar
gheall air sin agus dúbhairt:—



“Imthigh, bí ar siubhal, agus fill chughat
a bhfuarais
Agus tásc do mhairbh go dtigidh fé'n
Luan chúghainn.”



Agus tháinig leis. Do mharbhuigheadar
arís fén Luan é.



Fear a ví aun gur fuadyg sa lis é. 'Sé
ainim a ví er ná Shán ac Shéamuish. Vî shé
fuaduihi, agus vì shé sa lis. Ví sruhân le
hais na leasa, agus ví cailín a nîochán aun.
Do vî bean sa lis nár vah lé go vanach Shán
ac Shéamuish aun. Ví shí a luasga liniv sa
lis, agus do chnuic shí an vean a níochán
agus ba vah lé chur a n-ûil dan vny gur
féidir Shán a húirt as a lis ach ná fiadfí é
húirt as ón Nôunach amàch. Ví shí a luasga
clieváin sa lis agus “Shohín, shohó” er shúl
ici mar sho:—



Shohín shohó, úl leó leó,
Shohín shohó, úl leó leó,
Shid é anso mo hig geal so,
Shohín shohó, úl leó leó,



Agus is mó bean óg ag úmpar mac an
Agus mar a dúrfar Shán ac Shéamuish,
as fén Nóunach
Ní húrfar as go deó.
Shohín shohó, úl leó leó.



D'imig an cailín agus d'inish do váhir
Cheáin é. D'airig iníon Ry Grégi an shgiàl.
Ví ciun ici er Cheán. D'iarha shí ghen
váhir a vaych shí Shán le pósa dá dúrhach
shí as a lis é. Duert an vâhir go vaych.
D'imi shí fé ghén na leasa. Do ghin sí a
grueg a chasa go grána, a hayig do hailiú
agus crut grána do chur erhí fén a dreó
ná h-ainofí í. D'iar shí ig doras na leasa
Shán ac Shéamuish do chur chúhi amàch.



Duert Bean na Leasa cé'r v'í fén a
ví á éleav, agus duert an cailín gurab í
fén iníon Ry Grégi. Duert Bean na Leasa
nàr v'í inanchor, mar dà m'í iníon Ry Grégi
í go méach



Folh óir er a mineál glégeal,
Agus fáingi óir er gach mér lé,
Agus grueg a cíng shys go féar lé.



“Agus is tu,” er shishi, “iníon na caillí
iniar ó Véara.”



“Mara vayd é fén,” arsan cailín, “túir a
sbré ghom.”



“Cad é an sbré é?” ersa Bean na Leasa.



“An sbré sho,” ersan cailín:—



Shacht giàd each er ghah a chéli,
Shacht giàd ailivín da chyra mäla,
Shacht giàd gaundal is a n-aunlon
géana,
Shacht giàd asal gan cruish an Eín
Vic.



Dert shí go vaych.



“Agus é sho lesh,” ersan cailín:—



Luach chúig fúint da húsa crärac.



Do hep er Vean na Leasa an súsa crärac
a húirt don chailín agus b'égean Shàn ac
Shéamuish a leoguint amàch as an lis. Ví
shí er buili agus duert:



Imig, bí er shúl, agus fíl chút a vuar-
uish,
Agus tásc do vairiv go digig fén Luan
chúing.



Agus do háinig lesh. Do varydar irísh
fén Luan é



(Siobhán an tSagairt i mBéal Átha 'n Ghaorthaidh d'innis an scéilín
sin thuas. Dubhairt Siobhán gur ó mhnaoi éigin i mBeanntraighe
a fuair sí féin é, agus go ndúbhairt an bhean léi gur fíor-scéal é.)



FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH



Aonrud mar LEACHT AR UAIGH nó
ALTHÓIR don TEAMPALL



San Aolchloch nó sa' Mharmar,
déanfaidh



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG



Ar Fheabhas é. Scriobh chuige.



LUCHT DAITHTE TIGHE nó TEAMPAILL



Tá raidhse páipéir againn i gcóir
fallaí agus é go saor



D. agus A. Ó NÉILL, 21 Sráid an Acadaimh, Corcaigh
(Níl aon tig eile againn-ne).



SLIGHE BHEATHA
MAITH DOD' MHAC!



Cuir chúgham-sa é
agus múinfead dó
conas bheith in a



SHEOLAIDHE
SCÉALA-GAN-
SRAÍNNG



Fé cheann ráithe nó
leathbhliana.



Scríobh ar lorg an réimleabhráin.



TOMÁS Ó SÚILLEABHÁIN
(Ó Uibh Ráthach)



"SCHOOL OF WIRELESS
TELEGRAPHY,"
CORCAIG.



Labhair Ghaedhilge agus
Leabhair Bhéarla i dtaobh na hÉireann.
le fághail ó
CHONCHUBHAR Ó CAOIMH,
70 Sráid Sheoirse, CORCAIGH.



Gaedhil is eadh sinn-ne, is ní náir linn é.



Geobhair deaghmhargadh
uainn-ne i gcomhnaidhe.



TÉ, ar feabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol-
faimídne an postas ar cheithre púint de.



PLÚR Gaedhlach.



MIN Ghaedhlach ó Mhaghchromtha, min choirce is min
bhuidhe.



SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas.



SEÁN & TOMÁS MAC CURTÁIN,
Sráid a' tSeandúna & Sráid Thomáis Dáibhios,
CORCAIGH


L. 6


FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH.



Táid so 'á ndéanamh againn-ne —



ÉIDE SAGART,
ÁTHRAIGHE ALTHÓRA
mar chailíní, miasa, &c.



CROISEANA
den déanamh CEILTEACH in ór nó
airgead geal, agus



PAIDRÍNÍ.



LIAM MAC AODHGÁIN & a MHIC
Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



An Déantúsán ag 6 Sráid Mhaylor.



Sinn-ne a dhein



SNAOIS CHORCAIGHE



ar dtúis agus atá 'á deanamh
i gcómhnaidhe.



TOBAC CÚMHRA
an dá shórt so —



Exhibition Roll agus
Plug Sheandúna.



Má theastuighaen uait aon tobac nó
saigréidí do chur chun aonne atá sa
chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó
cháin, ach leath phúnt, nó níos mó, bheit
sa' bheairtín idir thobac is saigréidí.



LAMBKIN BROS.,
9 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



COLÁISDE CHAIRBRE, i gCuan Dor.



An ball is breághtha ar
domhan i Mí Lughnasa.



Múinfear Gaedhluinn duit ann, agus gheobhair
sult a's sláinte ann.



MÍCHEÁL Ó CUILLEANÁIN,
ó'n Seanachúirt, An Sciobairín.



An fear a thiubharaidh tuille eolais duit mar
gheall air. Scríbh chuige má's mian leat.



TROSCÁN TIGHE AGUS
GACH CÓIR LEABTHAN!



Tá flúirse de sna h-Earraí a
deintear in Éirinn le fághail
uaim-se ar an bpinginn is lúgha.



M. Ó RIAIN, Siopa Oluir,
36, 37 Sráid an Rí, CORCAIGH.



CUILINN UÍ CHAOIMH.



Seán Ua Chadhla do scríobh.



Cuilinn ar Chuilinn Ua gCuanach
Agus Cuilinn ar bhruach na Mainge,
Cuilinn i gCineál Aodha,
Agus Cuilinn Craobhach' an Ealla.



Sid é áireamh do dhein file éigin in san
tsean-aimsir ar na h-áiteannaibh gur tugadh
Cuilinn ortha agus i dtaobh rádha ná fuil an
iomad tráchta ortha i gcúrsaibh Éireann —
go dtí le fíor-dhéidheannaighe — tá gach aon
deallramh ná raibh aon scéul mar sin fadó.
Ar aon chuma, is iomdha scéul taithneamhach
do chuala lem' ré ar Chuilinn Craobhach' an
Ealla, do thaisbeánann gur mhór le daoinibh
Dheasmhumhan é le cian d'aimsir.



Tar éis aimsire Phádraig do chomhnuig
bean ana-naomhtha ann darbh' ainm di
Laitíaran. Dubhrthas i seanchus éigin gur
bhean ó Shasana í; go dtáinig sí féin & a
beirt deirbhshéar agus a ndearbhráthair go
h-Éirinn chun a mbeatha do chaitheamh ann go
naomhtha agus go beannuighthe. Níor chuala
aon trácht riamh ar a ndearbhráthair i mbeul
na ndaoine acht tá sean-rádh aca:—



“Laitíaran & Lasair & an Inghean Bhuidhe
i nDromthairbh,”



Ag cur síos ar na deirbhshéarachaibh agus
ar na h-ionadaibh i n-ar chomhnuigheadar.
Deirtear leis gur chuir Laitíaran fúithi cois
na h-Abhann t-Aireagail tamall i dtaobh
amuigh de'n tsráidín i gCuilinn, gur dhein
sí bothán di féin ann, & go gcaitheadh sí a
h-aimsear i seirbhís Dé ag guidhe Chuige &
ag moladh A mhórdhachta i mbochtanacht & i
ngábhtar.



Ní itheadh sí acht aon bhéile bídh amháin sa'
ló agus d'éis a coda d'ullmhughadh do leig-
eadh sí do'n teine dul i n-éug. D'á bhrígh
sin thigeadh sí gach maidin a d'iarraidh síl na
teine go ceardchain an ghabha in san
tsráidín. Do bhí sí chómh neamh-chionntach,
chómh neamh-urchóideach i láthair Dé go dtug
Sé buaidh dhí — moladh go deó Leis — go
mbeireadh sí an teine dhearg léi gach maidin
i mbeinn a gúna gan doghadh, gan loscadh,
go dtí a bothán féin. Maidin áirighthe do
tháinig sí cos-lomnochta, mar ba ghnáthach léi,
a d'iarraidh an tsíl. Do thóg sí chúichi
smeuróid dearg & le linn imteachta di is
dócha gur sprioc an ainspiorad an gabha
speic éigin do chur uirthi mar go ndúbhairt
sé léi:—



“Mhuise, a Laitíaran, nách breágh, geal,
deagh-chúmhtha iad do chosa.”



D'fhéuch sí féin síos, go mórdhálach ar a
cosaibh annsan, acht, níor thuisce sin ná mar
dhóigh an teine tríd an éudach & thuit ar an
dtalamh. Do bhí a fhios aici láithreach gur
pheacaigh sí. Dá dheascaibh sin do ghabh cath-
ughadh agus aithreachas í, agus do chaith sí í
féin ar a glúnaibh agus d'iarr maitheamh-
nachas ar Dhia. Do mhaith Sé dhí acht do chuir
sí an bhreitheamhantas uirthi go gcaithfeadh sí
dul fé thalamh ó'n áit i n-á bhfuil “Cloichín
a' Cuirthse” go dtí an áit mar a bhfuil an
tobar beannuighthe; & ar n-éirghe dhí gur
bhrúcht an tobar aníos i n-a diaidh. Acht
sul a ndeaghaidh sí a bhaile go dtí a bothán
féin d'iompuigh sí thar n-ais agus tar
éis bearradh glan, géur, do thabhairt do'n
gabha, d'iarr sí ar Dhia gan gabha
bheith i gCuilinn go brath ná i n-aon
áit mór dtimcheall na h-áite gur bh'féidir
fuaim na h-inneóna d'aireachtain ann. Do
fíoradh a caint go dtí an lá so, mar níor
chualthas fuaim inneóna i gCuilinn & níor
chuir aon ghabha ceardcha ar bun ann riamh ó
shoin. Ní bhfuil aon mhearaidhe ná go raibh an
cheardcha ann uair éigin mar nuair bhithcas
ag glanadh amach an tobair bheannuighthe,
suim bliadhanta ó shoin, toisc go raibh aicíd
tógbhálach in san áit, fuarthas a lán cac-
iarainn ann, agus tá sé le feicsint fós ar
an mbán i n-aice an tobair. Do réir
dheallraimh bhí mainistir ban riaghalta i
gCuilinn le linn Laitíaran nó tamall beag
i n-a diaidh. Dheirthear go raibh sí istig in
san tseana-roilig, ach is ar éigin go bhfuil a
rian le feicsint anois ann; acht d'fhan meas
& urraim do'n naomh ag sna daoinibh ó Mháigh
Ealla go Cill-Áirne, agus ó bharr Chontae
Luimnigh go Cathair Chorcaighe gus an lá
indiu.



Nuair do chuireadar na deirbhshéaracha
fútha i nDúthaigh Ealla, ní raibh ach aon cheist
amháin ag cur buadhartha ortha — is é sin: nár
fheudadar bheith i gcuideachtain a chéile chómh
minic & ba mhaith leó é, mar ní raibh aon
bhóthar eatortha, acht dúthaigh aimhreidh dheac-
air lán de choilltibh & de bhogachaibh. Aon
oidhche amháin go rabhadar i bhfochair a chéile
d'impidheadar ar Dhia an cruadhchás do réidh-
teach dóibh. Is áirighthe gur airigh Sé a
nguidhe mar b'é leonughadh Dé go raibh trí
bóithre leathna réidhe gearrtha amach dóibh ar
maidin lá ar n-a bháireach idir Chill Lasrach
& Cuilinn & Dromtairbh mar ar chómhnúigh-
eadar. Tá a lán scéulta eile i mbéal na
ndaoine ar na deirbhshéaracha ar a gcráibh-
theacht & ar na leigheasaibh do dhein Dia na
Glóire trí n-a n-impidhe. Seo ceann aca
do bhaineann le n-ár n-aimsir féin.



Timcheall fiche bliadhain ó shoin nó mar sin
tháinig cailín óg do chaill a coisidheacht cum
turais a thabhairt go tobar Laitíaran i
gCuilinn. Do b'éigin di dul ar dhá mhaide
croise ag gabháil timcheall an tobair, acht
b'é toil Déi trí impidhe Laitíaran, mar do
b'innti do chuir sí a dóchas, gur fhág sí na
maidí croise i n-a diaidh ag an dtobar & go
raibh lúth a cos aici chómh maith & do bhí aon
lá riamh; agus tá daoine i gCuilinn fós
do chonnaic an mhiorbhuilt sin.



D'éis teacht na Sasanach go h-Éirinn do
ghabh treabh de Chlainn Uí Chaoimh sealbh i
gCuilinn & ó shoin anuas tugtar Cuilinn
Uí Chaoimh air. Do réir seanchais do bhí
ceannas aca ó Dhún-ar-Aill go Cill-Áirne
& ba fhialmhar fhlaitheamhail an treabh iad
ar feadh a bhfad. Chum a dheimhniughadh
dhúinn go rabhadar mar sin, nuair thainig
an t-árd-theachtaire Rinnucíní ó'n bPápa
go h-Éirinn in san seachtmhadh aois deug,
is i gCaisleán Uí Chaoimh — An Bhóinn —
d'fhán sé chum daoine móra Dheasmhumhan
do ghríosughadh i gcoinnibh na Sasanach.
Do leanadar ag congbháil greama dain-
gin ar a ndúthaigh i n-aimhdheón a namhad
go dtí aimsear an rígh Seumas. Do chuir-
eadar leis sin & d'á chomhartha san féin bhí
buidhean ó Chuilinn ag troid ar a thaobh i
gcath Eachdroma. D'á dheascaibh sin do
bhaineadar na Sasanaigh le fóir éigean an
chuid ba mhó d'á ndúthaig díobh. Do ghéill-


L. 7


eadar go léir i ndiaidh a chéile acht Domh-
nall Ua Chaoimh — Dómhnall na Cásga tug-
taí mar leas ainim air — d'iompuig amach
i n-a cheithearnach coille i n-aghaidh na
n-Allmhurach a d'iarraidh a cheart do phléidhe
d'ais nó d'éigean. Dá bhrígh sin is minic
deirtí & deirtear fós uaireannta:—



“Dá bhfuighbheadh na Gaodhail a gceart
badh le h-Ua Caoimh Drom-each.”



.I. an Chuirt i n-ar chómhnuig sé. Acht
scoileann an bhreab an chloch agus do dhein
a bhean féin spiaracht ar 'sa' deire. I
bhfraoch feirge do mhairbh sé í, & do theith
leis féin & na h-allachoin i n-a dhiaidh ó
Charraig an Ghuirt Mhóir go dtí Fhaill Dhómh-
naill na Cásgha mar a raibh a leabaidh
aige. Ní rugadar air gur léim sé ó'n
bhFhaill treasna na h-Abhann t-Aireagail
ceud troigh ar aoirde, & do briseadh a chos
ar shroisint an phuirt do ar an dtaobh eile.
Do bhí bean ag nígheacháin ag an abhainn &
nuair do chonnaic sí an léim dúbhairt sí:



“Ó, a dhuine,” ar sise, “Is maith í do
léim.”



“Ní h-aon tábhacht an léim,” arsa
Dómhnall, agus a chroidhe ag briseadh,
“seachas an ruthag do thugas chuiche.”



(Tuille Fós.)



SCÉAL I nDEAS.



“An ghaoth aniar bíonn sí fíor agus cuir-
eann sí iasc chum tíreach.”



Sin sean-rádh & b'éidir ná h-oireann sé
d'aon áit cois fairrge acht d'áit áirighthe ar
m'eólas-sa, mar ní mar a chéile a shéideann
gach gaoth do gach áit. Atá insan áit seo a
lán iasgairí. Ar an iasgaireacht atá a
maireachtain, nó, mar adeir siad féin: “ar
an aimsir.” Ar a shon nach fios do'n
dream so a dtuarasdal ní bhíd in eadóchas.
Má atá stuirm mhór gaoithe ann agus nach
féidir dóibh dul ag obair ní dhéineann sé
acht an fharraige a chorruighe agus an t-iasc
do chur ar mearbhthall. Má atá dorta
trom fearthanna ann déinneann sé an
t-uisce salach & an t-iasg a chaochadh. Má
atá siad ag obair gan aon rud dá fhághail
aca atá a fhios acu “go bhfuil breac ins an
abhainn nár gabhadh fós.” Is minic nuair a
chromaid ag cámus go dtagann áthas in
ionad orra.



Do thosnuigheadar ar chámus tamall ó
shoin. Do bhíodar do rádh eatorra féin go
raibh an fharraige in a fásach & ná raibh aon
mhaith a bheith ag braith uirre. Acht i maithte,
tháinig bulach beag gaoithe aniar d'fhan ann
ar feadh seachtmhaine. Tráthnóna Sathairn i
gcionn na seachtmhaine cé bheadh ag coisidh-
eacht cois trágha ná an sagart. Do bhí na
h-iascairí bailighthe i dteannta a chéile ag
cur & ag cúiteamh i dtaobh na h-aimsire &
mar sin, nuair do bhuail sé chúcha & cad do
bheadh i n-a láimh aige ach scadán mór & é
beo beathuighthe.



“Cá bhfuair tú é, a Athair?” arsa iascaire.



“Caithte isteach cois trágha,” arsan sag-
art, “agus do bhí an fharraige ag fiuchadh le
h-iasc amach ó'n áit céadna.”



“'Dé 'n áit?” ar siad go léir.



Do theasbáin sé dhóibh í. D'imthigheadar
go dtí an áit, agus do b'fhíor do'n sagart
é. Do bhí an fharraige go léir mór-thim-
cheall ag briseadh le h-iasc.



An tseachtmhain do bhí in a gcionn do bhí
gach bád amuigh ag marbhadh ar a ndícheall.
Eachtra ar dheineadar de airgead. Acht do
bhí aoinneach amháin & ní thiocfaidh breac in a
ghoire ná in a ghaor. Do shíl sé gur mal-
lacht nó donas éigint do bhí anuas ins a
cheann air. Do bhí sé tráthnóna ar ród cois
faille ag fuireach le crónughadh na h-oidhche
chum dul ag cur amach an lín nuair do
bhuail an sagart anuas an fhaill.



Do labhair fear an bháid. “Helló,”
a Athair,” ar sé, “atá gnó beag agam díot.”



Do stad an sagart agus do tharraing-
eadar suas an bád agus do shádhadar
isteach í gur bhuail sí an talamh. Annsin
do léim fear an bháid amach & do bhí uisce
go glúin air.



Do shiubhal sé isteach go dtí an sagart.



“Cad atá ort anois?” arsan sagart.



“Bheil, mhuise, a leithéid seo, a Athair,”
ar an t-iascaire, “ní fheadar mé cad é an
donus atá ins an mullaigh orm-sa seachas
aon iascaire eile ins an áit. Níor thuill
me pinginn an fhaid atá an t-iasc so ar
siúbhal.”



“Is olc an sceul é sin,” a fhir bhoicht,”
ar an sagart, “acht cad badh mhaith leat
mise do dheanamh dhuit, anois?”



“Do láimh a thógaint & an báidín do
bheannughadh,” ar an t-iascaire.



“Agus cad é an mhaith é sin?” ar an
sagart.



“Mhuise, a Athair, nár thug do láimh an
t-iasc chúghainn, ní áirighim ná fuighbheadh sí
an rath do chur ar an mbáidín seo agam-
sa,” ar an t-iascaire.



“Thug an ghaoth aniar chúghaibh é,” ar an
sagart.



“Is minic roimhe sin do shéid sí ar
bheagán tairbhe,” ar an t-iasgaire.



“'Seadh, má 'seadh, isteach leat ins an
mbád,” adubhairt an sagart, “agus bean-
nocha mé tú féin agus í féin.”



“Ní dheunfaidh sé an gnó,” ar an fear,
“caithfe tú féin teacht isteach ins an
mbád.”



“Agus cionnus a ragha mé mar an
bhfliucha mé mé féin?” ar an sagart.



“Ní gádh dhuit sin; tar ar mo dhrom,”
ar an t-iasgaire.



Do chuaidh sé ar a dhrom & cibé barr-
thuisle do bhain do'n iascaire dóbair go
dtuithfeadh sé.



“Tuithfead,” ar an sagart.



“An diabhal é, a Áthair,” ar an t-iasg-
aire.



“Ó, Dia le m'anam,” ar an sagart,
“cad badh ghádh trácht ar an bpéist sin,”



“Rith focal,” ar an t-iascaire; ná tóg
orm é, a Athair.”



Níor thuiteadar cibé sceul é. Do chuad-
ar isteach ins an mbád. Do chuir an sag-
art a stoil air féin, agus do bheannuig sé
an bád agus a raibh innte. Annsan tugadh
isteach é d'réir mar tugadh amach é. As
sin amach do bhí an bád an-rathamhail go dtí
aon mhaidean amháin nuair do bhí an t-iasc-
aire ag dul go dtí an tráigh chum dul chum
na fairrge, cad do chífeadh sé chuige acht
bean áirighthe. Do ghabh sí thairis gan bean-
nughadh dhó. Do imthig sé leis agus nuair
tháinig sé a fhaid leis an mbád do chonnaic
sé go raibh an fhuireann go léir ann i gcóir
chum dul isteach innte.



“Feuch,” ar sé, “atá sé chómh maith dhíbh
dul i bhaile mar do chonnaic mé a leithéid
seo dhuine agus níor bheannuigh sí dhom. Do
aontuig na fir go léir leis.



Is é ainm do bhí ar an mnaoí áirighthe seo
ná “Mí-rath” & aoinne a gcuirfeadh sí súil
ann ag dul chum na farraige do bhainfeadh
ciotrainn éigin dó.



Cibé scéul é do chuadar abhaile acht ní
h-abhaile do chuadar acht go tigh an tabh-
airne. Do chromadar ag dúigadh na cáirte
annsin go rabhadar bog. Annsin do chrom-
adar ag bearradh & ag casadh le chéile & ag
maoidheamh as a mór-mhaitheas go dtí gorbh'
é deireadh an aoibhinnis an t-achrann.



Ar maidin lá ar n-a bháireach do bhí an
sagart ar an mbaile ag fiosrughadh cionnus
mar do bhí an t-iascaireacht & fuair sé gach
aon scéal & gan dearmad scéul an tsean-
iascaire.



Níor bhac an sagart leis an iascaire &
do chuaidh sé ceann ar aghaidh go dtí “Mí-
rath.” Má chuaidh do bhí sí sin i n-iúl (in-
neamhail) dó mar do bhí a fhios aici cad é
an fuadar do bhí fé.



D'fhiafraig sé dhí 'dé a chúis na daoine a
bheith ag trácht uirre.



“Gan dada eile a bheith le déunamh aca,”
ar sí, “agus an t-é atá dá chur 'n-a luighe
orra féin go bhfuil mí-rath ag gabháil liom-
sa ní fhuil dá bhárr aca acht an mí-ádh.”



“Ní déurfainn ná go bhfuil corp lom
láir na fírinne agat, a bhean ó,” ar an
sagart, agus thug sé a bhóthar air.



Déiseach a chuir chúghainn.



FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH.



Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn.



H. JOHNSTON,
TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE”
Ltd.
Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



Píanó Ceart Gaedhlach ar £32!



Tá píanacha 'á n-déanamh in Éirinn
anois, ag



Pigott & Co. Ltd.,
Luimneach, Ath Cliath
is Corcaigh.



GUAILNEÁN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Gur bhriseadar na humaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar



Ba chráidhte dúr a gcló.
“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces”
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Port an Phápa, CORCAIGH.


L. 8


AN TRIÚR DRITHEÁR & NA CAIT.



Do bhí triúr dritheár ann fadó agus
bhíodar anabhocht agus dubhradar go mb'fhe-
arra dhóibh dul ag tuilleamh dóibh féin.
Do bhuaileadar ortha a gcuid éadaigh glan
agus thiomáineadar leo go dtí go dtánadar
go dtí cros-bhóthar. Dubhairt gach aoinne
aca le chéile bheith san áit sin i gcionn lae
agus bliadhna. D'fhágadar slán aige n-a
[aga] chéile agus d'imthigh gach aoinne aca a
bhóthar féin.



Do bhí an té b'óige 'ca ag imtheacht leis
go rug an oidhche air agus ní raibh aon lóis-
tín aige. Bhí sáipéal [teampall] i n-aice
leis agus dubhairt sé nárbh' fhearra dho rud
a dhéanfadh sé ná dul isteach ann go mai-
dean. D'imthigh sé isteach agus nuair a
chuir sé an doras do [de] tháinig leathadh ar
a shúilibh mar do bhí comhra mhór istigh sa
tsáipéal roimis. Ní raibh sé ach tamaillín
istigh nuair a chuala sé chuige an gleo agus
an chaismirt. Tháinig eagla air agus ní
fheadair sé cad a dhéanfadh sé. Dubhairt
sé leis féin go mb' fhearra dho dul isteach
sa chomhrainn agus do chuaidh. Ní fada a bhí
sé istigh innti nuair a ghaibh, an doras isteach,
scata cat agus do chuadar suas go dtí an
t-altóir. Do labhair ceann aca leis an
gcuid eile agus dubhairt sé mar seo:



“Do bhíos-sa thíos i lár na h-Éireann
araer i seomra bainne leis an Rí agus bhíos
ag ól bhainne. Le n-a linn sin tháinig inghean
an Rí agus bhuail sí me go maith. Leis an
bpian a chuir sí orm do chrothas m'eirball
agus thuit trí ribí as síos insa bhainne.
D'ól inghean an Rí an bainne sin agus chuaidh
na trí ribí siar 'na goile agus deineadh trí
piscín dóibh [díobh]. Níl fhios ag aoinne
cionnus í do leigheas ach agam-sa, agus sé
an leigheas é ná an cailín a chrochadh os cionn
na teine agus a ceann le fánaidh agus
ceathramha mhairt a chur a róstadh ar an
dteine fé 'n-a bun. Nuair a gheobhaidh na
piscíní blath [bolaith] phreabfaidís aniar le
dúil innti: agus an té go mbeadh an leigheas
aige gheobhadh sé trí mhíle púnt.”



D'imthigh na cait amach agus nuair a
tháinig solas an lae do dh'imthigh an buachaill
fé dhéin páláis an Rí. Nuar a chuaidh sé go
dtí an bpálás do chuaidh sé isteach go dtí
an Rí agus d'fhiafruigh an Rí dho [dé] cá
raibh a thriall, agus fáth a thurais.



“Chun t'inghean do leigheas,” ar seisean.



“Mo thruagh thu,” arsan Rí, “is umó
[iomdha] mac rí agus ridire go bhfuil a
cheann caillte aige mar gheall uirthi.”



“Sé díceall an scéil meath,” arsan fear
óg.



D'órduigh sé gach aoinne a chur amach as
an seomra ach é féin agus an cailín!
Deineadh mar a dh'órduigh sé. Fuair sé
téadán agus do cheangail sé a cosa agus
do chroch sé os cionn na teine í. Fuair sé
an fheoil agus do chuir sé 'á róstadh í.
Nuair a bhí sí 'á róstadh do chuaidh blath
[bolaith] na feola chun na bpiscíní agus do
phreab piscín aca aniar agus do phreab
ceann eile agus ceann eile 'na dhiaidh sin,
agus ní túisce aniar iad ná marbh.



Annsan do thóg sé anuas í agus dubhairt
sé leis an Rí go raibh a inghean leighiste.
Thug an Rí trí mhíle púnt do agus d'imthigh
sé uaidh agus ní dhein sé aon stad go dtí
go dtáinig sé go dtí an cros-bhóthar. Do
bhí an bheirt dritheár roimis. Dubhairt duine
aca ná raibh aon airgead aige féin. “Níl
ná agam-sa,” arsan dara fear. “Tá trí
mhíle púnt agam-sa,” arsan fear óg. “Chá
bhfuairis an t-airgead go léir?” ar siadsan.
“Fuaireas,” ar seisean, ag innsint dóibh fé
mar a thuit amach.



Dubhairt duine aca go raghadh sé féin
annsan. “Ná dein,” arsan fear go raibh
an t-airgead aige. Ach do dh'imthigh sé uatha
agus ní dhein sé aon stad gur chuaidh sé go
dtí an sáipéal. Do chuaidh sé isteach agus
síos leis insa chomhrainn mhóir. Ní fada a
bhí sé istigh innti nuair a tháinig na cait
isteach, agus do-chuadar suas go dtí an
t-altóir.



“Tá bliadhain is lá indiu ó bhíomair annso
cheana,” arsa Rí na gCat, “agus dho bhí duine
éigin ag éisteacht linn mar tá inghean an Rí
leighiste ó shin. Cuarduighidh an sáipéal féach
a'mbeadh aoinne ag éisteacht linn [an turus
so].” Do bhíodar ag cuardach agus insa
lorg dóibh fuaireadar fear na comhrann
agus stracadar ó chéile é an fear bochth;
agus ar maidin ní raibh ann ach na cnámha.



Pioca [pé aca] fíor nó bréag mo scéal
ní mise chúm ná cheap é.



Séamas Ó Caomháin,
Baile na Rátha,
Dún Chaoin.



ANONN 'S ANALL A MHÁIRÍN.



Fonn: “Moirin ni Chuilionain.”



I.



One day for recreation
Is gan éinne beo am chuileachtaint
I espied a charming fair maid
Na haonar is í 'siopa istig
She singing like an angel
Is me ag éisteacht le na binneghuth
I whispered soft and aisy
Sé dubhairt si “leog dod radaireacht.”



Is anonn 's anall a Mháirín
Do mhálai is do bheilteana
Is a bhean na stocai mbána
Ba bhreágh liom bheith ag imirt
leat



II.



Her amber locks most naitly
Go dréimreach cas triopallach
Adown her back and waist, oh
'Sgur phreab mo chroidhe le taith-
neamh di
I asked her was she the fair one
Nu an bhean dé í bhi ag Jupiter
Or the brightsome vestal deity
Chaith tréimhse seal in ifrionn



Is anonn 's anall, &c.



III.



She answered me most daintily
Ni héinne mar do thuigis me
I fear you are a réice
Ná taobhuig a thuille me
Indeed I am no réice
Nu straothaire bhreugfadh bruinnioll
seal
I'm a pupil of Jack Braenan's
Si an áit na chomhnuighim Mucros



Is anonn 's anall, &c.



IV.



Her syllables so charming
Is gur breagh liom bheith na cuileach-
taint
Is gur bhinne liom ná cláirseach
Gach ardphort do sheinnfeadh si
You'll get my stock and farm
Má théidheann tu liom go Mucros
And then she sung most charming
“A ghrádh gheal, I'm fond of you.”



Is anonn 's anall, &c.



(Finghin na leamhna do fuair.



CLÁR FEISE UÍBH RÁTHAIGH



A TIONÓLFAR i gCATHAIR SAIDHBHÍN



Diardaoin Deasgabhala.



An chéad lá de Mheitheamh a tSamhraidh, 1916.



1. Aisde nó cursíos ar (a) “Seán-nósa i gCiarraighe
go mbfheárr a mbriseadh ná a mbuanughadh,” nó (b)
“Dá mbeadh agat céad púnt is tú bliadhain is fiche
conus a chuirfeá rómhat míle púnt do bheith agat is
tú an dachad is do shaoghal do chaitheamh in Éirinn”
(Caithfear an sgéal do mhíniú le figiúirí). Ds. 15/-



2. (a) Aisde i bhfuirm agallaimh do cheapadh & do
scríobhadh idir bhean is fhear i dtaobh é bheith ag teacht
a bhaile ró dhéanach ist oidhche;



Nó (b) Argóint do scríobhadh idir daoine bheadh ad'
iarraidh cleamhnas do dhéanamh idir inghean feirmeora
agus cliamhain isteach;



Nó (c) Adhbhar ar bith eile. Duais 15/-



3. Cúntas laethamhail ar imtheachtaibh is ar smaoin-
tibh duine is ar na rudaí a chualaidh sé ar feadh mí
nó an chuid is mó dhe. Duaiseanna 10/-, 7/6, 5/-



4. Abhrán meidhreach do cheapadh ar aon fhonn díobh
so:— “Caidhp Cúl Árd,” nó “An Cóisire,” nó “Nóra
Críona.” Dhuais 10/-



5. Do'n fhear is feárr a dhéanfaidh argóint, lá na
feise, ar “Ciacu is feárr eirigheann leis an rógaire
sleamhain glic nó leis an nduine, stuamdha díreach
macánta sa tsaoghal so againn-ne.” Duais 10/-



6. Argóntacht do mhnáibh ar “Ciacu is feárr mar
saoghal do bhean pósta feirmeoireacht nó múineadh
scoile.” Duais, 10/-



7. Comhrádh do leanbhaí sgoile. Caithfidh eolas do
bheith acu ar chúrsaí Eaglaise is Creidimh; scoileanna
is oideachais; dlighe is riaghaltais; feirmeoireacht;
biadh, tigheas, agus sláinte; caitheamh aimsirí agus
cluithchí; cleamhnaistí is póstaí: leabhair gaedhilge.
Duaiseanna, 6/-, 4/-, 3/-, 2/6.



8. Cómhrádh do'n leanbh fé bhun 9 bliadna is feárr a
labhrann Gaedhluinn. Dsna. Adhbhar culaithe nó gúna,
is bréagáin.



9. Do'n sgoláire scoile is feárr a léighfidh “An
Lóchrann” agus “Dánta Thomáis Ruaidh.” Caithfear
dhá cheann des na dánta bheith de ghlan-mheabhair ag
an sgoláire. Dsna. 7/6, 6/-, 5/-



10. Sgéalta nó eachtraí do innsint tógtha as leabh-
raibh nó as páipéir nó fachta ó sean daoinibh in
íbh Ráthach. Dsna. 7/6, 5/-



11. An rud céadna do leanbhaí sgoile.
Dsna. 4/-, 3/-, 2/-



12. An aithris is feárr ó leanbhaí scoile ar stair
as “Caismirt na gCearc,” nó cluithche ar bith eile.
Dsna. 7/6, 5/-, 3/6



13. An aithris is feárr de'n chuid tosaigh den
“Siota 's a mháthair,” nó “An Peacach san Bás,” nó
“laoi Oisín,” nó “Cúirt a Mheádhon Oidhche.”
Dsna. 6/-, 4/-



14. An scoláire is feárr a theasbánfaidh eolas ar
an dtheagasg Críosdaighe & ar na paidreacha miona.
Dsna. 5/-, 3/6



15. An cailín óg is feárr a déarfaidh dá abhrán
maith Gaedhilge. Dsna. 7/6, 5/-



16. An rud céadna do chailíní sgoile.
Dsna. 6/- & 4/-



17. An rud céadna do gharsúin. Dsna. 5/-, 3/-



18. An rud céadna d'fhearaibh. Dsna. 7/6 & 5/-



19. An duine is mó go bhfuil abhráin meidhreacha
aige nó eici is bheith ábalta ar na fuinn chearta do
ghabháil leo. Dsna. 6/-, 5/-



20. Abhránuidheacht in éinfheacht do bhuidhnibh scoile.
Caithfear dáreug ar a luighead do bheith sa bhuidhin.
Dúais, £1



21. Rinnce ceathrair (cor nó port). Ds. 10/-



22. Rinnce ochtair (cor nó port). Ds. 16/-



23. Rinnce Gaedhlach d'fhearaibh. Dsna. 7/6, 5/-



24. Rinnce do mhnáibh. Dsna. 7/6, 5/-



25. Rinnce do leanbhaí scoile. Ds. 5/-, 4/-, 3/-



26. Ceol Gaedhlach ar an bhfideoig. Ds. 5/-



27. Ceol Gaedhlac ar an melodeon. Ds. 7/6



COINGHÍLL.



Caithfear ainmneacha iomaidhtheoirí chur isteach go
dtí sna Rúnaidhthe roim an 21adh lá Bealtaine.
Caithfear aisdí scríobhtha chur isteach roim an lá
céadna. Ní bhronnfar aon duais mara mbíonn triúr
sa chomórtas ná aon dara duais mara mbíonn cúi-
gear. Níl a bhac ar éinne i gCiarraighe nó lastmuigh
dul isteach ar chomórtas ar bith.



Cómh-
rúnaidhthe.



CAITLÍN SHÚILIOBHÁIN
MÍCHEÁL BREATHNACH



Seóladh,
Connradh na Gaedhilge, Cathair Saidhbhín.



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services