Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bealtaine - Meithimh 1912
Title
Bealtaine - Meithimh 1912
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1912
Publisher
Muintir Raighill is Cuirc
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN. PÁIPEUR LE GAEDHILG IN AGHAIDH AN MHÍOSA É SO. IML. IV. UIMHIR IX. BEALTAINE — MEITHIMH, 1912. PINGINN. AN CHOLANN GAN CEANN. (Seán Ó Murthuille do bhailig). Bhí baintreabhach ann fad ó agus bhí beirt mhac aici. Domhnall ab' ainm do dhuine aca agus Seán ab' ainm do'n duine eile. Bhí an tighearna talmhan ag teacht ortha ag éileamh cíosa agus ní raibh aon airgead aca le tabhairt dó. Dubhairt an mháthair le Domhnall dul a's dhá ualach coirce a bhreith leis go dtí an margadh chum iad a dhíol. Thug sé ann iad agus dhíol sé iad . Ar a theacht abhaile dho do bhuail sé isteach go dtí tigh tábhairne a bhí ar thaoibh an bhóthair. Thug sé uisge agus coirce do sna capallaibh agus bhí deoch ag (aige) féin chómh maith. 'Nuair a chuaidh sé isteach bhí beirt istigh roimis ag imirt chártaí agus iarrdar ar Dhomh- nall cluiththe dh'imirt 'na bhfochair. Do chuaidh sé ag imirt leo (tha) agus is geárr go raibh luach an choirce caillte aige ar na cártaibh. D'imigh sé abhaile annsin agus gan pinginn na phócha aige. Nuair a chuaidh sé isteach abhaile go dt 'na thig féin d'fhiafruigheadar de cá raibh an t-airgead. Dubhairt sé leótha gurbh amhlaidh a chuaidh sé is- teach go dtí tigh éigin a bhí ar thaoibh an bhothair agus gur chuaidh sé ag imirt chártaí agus chaill sé an t-airgead go léir ortha. "Ná bac san," adubhairt a mháthair, "tabhair seans do Sheán agus tabhair dhá ualach eile dhó i mbáireach," Fuair sé an coirce agus dhíol sé é. An uair a bhí sé ag teacht abhaile agus é ag deunamh ar an dtigh do dhún sé a shúile chum ná feicfeadh sé an tigh. Do stad na capaill ar aghaidh an tighe agus níorbh aen mhaith(eas) do a bheith ag gabháiltortha; chaith sé an deoc agus an choirce a thabhairt chucha. Ansan dubhairt sé go mbeadh deoch aige féin chomh maith agus bhí. Bhí an bheirt cheudna ag imirt roimis agus dhubhradar leis teacht agus cluithche d'- imirt ina bhfochar agus bfhéidir go mbua- dfeadh sé an méid do chaill sé an oidhche roime sin. Bhíodar ag gabhail(t) do choidhche go dtí gur luig sé isteach in a bhfochair ag imirt. Ní rabhadar i bhfad ag imirt nuair a bhí airgead an choirce caithte aige. "Seadh anois," ar seisean "níl faic agam acht an dá chapall agus an dá chairt agus cuirfead síos iad." Do dhein, leis, acht is geárr go rabhadar buaidhte uaidh. "Seadh anois," adeir sé, "tá a raibh agam imthíghthe uaim, agus tá sé chomh maith agam dul abhaile agus slán d'fhág- aint 'ge mo mháthair agus bailiúghadh liom. D'imthig sé leis abhaile agus chonna- cadar ag teacht é gan capall ná cairt aige. D'fhiafruigheadar de cár fhág sé na capall agus na cartacha. Adubhairt sé leó gur imir sé iad id- tigh an tábhairne "agus ní thiocfainn abhaile ar ao' chor," ar seisean, "acht chum slán d'fhágaint ag mo mháthair." D'fhág sé slán aca agus seo chum siubhail é. Bhí sé ag siubhal leis go dtí gur thuit an oidhche air. Ansan bhuail fear leis agus d'fhiafhruig sé dhe cad a bhí air. "Táim ag imtheacht," adeir Domhnall, "ag iarraidh slíghe maireachtain(t) dom féin." "An bhfuil ocras ort a Dhomhnaill?" adubhairt an fear eile. "Má tá; tá feóil im mhála sa," do shuidheadar síos ar thaoibh an bhóthair agus d'ith Domhnall a dhóithin(t). An uair a bhíodar sásta d'imthigheadar leó agus bhí teach duine uasail ar thaoibh an bhóthair rómpa agus bhuail Dómhnall ag an doras. Tháinig duine uasal amach chúcha agus d'iarr Domh- nall lóistín na hoidhche air. Adubha- irt sé leó go raibh caisleán aige ansain thuas agus dul suas a's go mbeadh sé féin suas in a ndiaidh. D'imthigheadar suas agus isteach leó sa chaisleán agus tháinig sé féin in a ndiaidh gan mhoill. Do thug sé leis Domhnall síos go dtí an soiléir. Dubhairt sé leo gan ocras ná tart do bheith ortha. D'imthig an duine uasal thar n'a ansan agus nuair a fuair Domhnall im- thighthe é do thuir sé síos teine agus dhein sé biadh d'ullamhughadh dhoibh féin agus sul a raibh an bhiadh ithte aca dubhairt sé go raibh sé chomh mhaith aige crúiscín dighe d'fhagháil doibh féin. Síos leis go dtí an soiléir agus a crúiscín agus an choinneal aige. Chuaidh sé go drí an soitheach agus nuair a bhí sé ag casadh an cho(i)c chum an chrúiscín do líonadh dubhairt an cholann gan ceann. "Is liomsa an soitheach san." D' fheuch Domhnall in-áirde agus is amhlaidh a bhí an cholann gan ceann in-áirde ar an soitheach. "Ó má's leat, bhíodh sí agat," arsa Domhnall. Chuaidh sé gho dtí ceann eile acht bhí sé ansan leis. "Stad" arsa'n guth, is liom sa an soitheach sin." "Teighir in-ainm an diabhail" arsa Domhnall. "Ní foláir nó ní leat a bhfuil ann aca," agus líon sé an crúiscín agus thug sé suas go dtí an teine é a's d'óladar é. Nuair a bhí sé ólta aca dubhairt Domhnall leis an bhfear eile dul síos. Nuair a chuaidh an fear bocht síos go dtí an soitheach do labhair an cholann gan ceann. "Is liomsa an soitheach san." D'fheuch se in-áirde agus nuair a chon- naic sé an cholann gan ceann thuit an crúiscín agus an choinneal as a láimh agus tháinigh sé aníos agus sgannradh a dhóithin air. Nuair a tháinigh sé aníos dfhiafh- ruíg Domhnall de cad a bhí air. Dúbh- airt sé go raibh an cholann gan ceann in-áirde ar an soitheach. "Chonnacsa féin é sin, arsa Domh- nall, "acht níor chuireas aon tsuim ann." D'imthig Dómhnall síos agus thug sé aníos an crúiscín lán de dhigh. D'óla- dar é agus ansan chuadar a chodhladh. Ní rabhadar a bhfad in a gcodhladh nuair a tháinig fear isteach agus é ag seinm ceóil. "Is mór an truagh" arsa Domhnall, "ceól a bheith ag dul amúdha a's gan aoinne a bheith ag rinnce. Nuair a chonnaic an ceóltóir é d'- imthig sé amach ag stairte gáiridhe agus ansan chuaidh Domhnall a chodhladh airís. Is geárr a bhí sé in a chodhladh nuair a tháinig triúr fear isteach ag imirt liathróide. Bhí beirt aca i gcoinnibh aoinne amháin. "Is mór an truagh" arsa Domhnall, "beirt a bheith i gcoinnibh aoinne amháin." Léim sé amach agus thug sé congnamh do'n bhfear aonair. Nuair a chonna- cadar ag imirt é do bhailigheadar leó agus do chuaidh sé a chodhladh airís. Níor bhfada in a dhiadh sin gur tháinig ceathrar isteach agus cófra aca. Leaga- dar an cófra istigh agus amach leó féin airís. Nuair a fuair Domhnall im- thighthe iad chuaidh sé go dtí an chófhra agus d'osgail sé é. Bhí fear mór sínte istigh ann. "Is fuar an leaba atá agat" arsa Domhnall. Nár bh'fheárr(a) dhuit eirighe as sin agus dul cois na teineadh." D'eirigh sé agus chuaidh sé cois na tein- eadh. Nuair a bhí greas de'n teinidh fachta aige dubhairt Domhnall leis dul in a leabhaidh féin agus do chuaidh. Bhí an sean duine istigh ag an bhfalla agus Domhnall in aice leis agus an fear marbh ar an dtaobh amiugh díobh. Is gearr go raibh an fear marbh ag brúghadh is- teach a's bhí an seanduine brúighte ig coínnibh an fhalla aca. Bhí sé beagnach marbh aca nuair a léim an fear bocht amach tríd an bhfuinneóig agus gan air acht a léine. Bhí an fear marbh ag brúghadh Dhomhnaill isteach ansan. Dubhairt Domhnall leis muna bhfanadh sé socair go gcaithfeadh sé amach ar an leabaidh é acht níorabh' aon mhaith dhó bheith leis. Do rug Domhnall air agus chaith sé amach é. Nuair a bhí fear na comhrann caithte ar an urlár dho labhair sé agus seo mar dubhairt sé. "Is tú an fear is feárr a thainig in- so riamh. Is 'mó fear agus tháinig inso i táid marbh anois. Chuireadh an sgann- radh chum báis iad. Is mise athair fir an Chaisleáin seo agus ní leigfeadh sgannradh dho comhnuidhe ann. Bhí sé in a chomhnuidhe ann cheana. Tá trí dabh- ach óir fé'n gcloich atá sa chistin agus tá mo cheann ann leis. Is mise an cholann gan ceann a bhí insan tsoiléir rómhat agus is mise a chuir- eadh an sgannrad ar gac éinne. Bheadh an trioblóid seo orm go dtí deireadh at tsaogail muna mbeadh tú, agus anois bíodh dabhach de'n ór agat agus tabhair ceann eile do'n bhfear a léim amach tríd an bhfuinneóig agus an ceann eile d'fear an chaisleáin .i. mo mhac. Tá ingean 'ge m' mhac — an cailín is feárr sa domhain, agus bíodh sí mar mhnaoi agat agus anois bead-sa ag imtheacht." Tháinig fear an chaisleáin go moch ar maidin agus ghlaoidh sé ar Dhómhnall. "Táim inso arsa Dómhnall. D'fhiafhruigh sé de Dhomhnall a' bh- feaca sé ao' rud feadh na hoidhche. "Mhaise ní fhaca mé puinn" arsa Domhnall agus d'innis sé dho ansan gach aon nídh. Níor chreid an fear eile é. Do theasbáin Domhnall an t-ór do agus an ceann agus ansan do chreid sé é. D'- innis Domhnall do gach aon rud mar dubhradh leis. Dubhairt sé go gcaith- feadh sé a inghean do thabhairt do. "Bíodh sí agat agus fáilte" arsan fear eile. D'imthigheadar amach ansan agus fuair- eadar an fear bocht eile amuigh agus é geall le bheith caillte leis an bhfuacht. Thugadar isteach é agus tháinig sé chuige féin tar éis tamaill. Seachtmhain in a dhiaidh sin do pósadh Domhnall agus in- ghean fhir an chaisleáin agus bhí bainfheis aca ar fheadh seachtmhaine. Bhí Domh- nall lán tsásta ansan. Bhí caisleán agus talamh agus airgead aige, agus rud do bfheárr ná iad go léir, bhí bean chomh breágh is a chonnaic súil riamh aige. Bhí se pósta tamall nuair adubhairt sé le na mhnaoi gur mhaith leis dul agus a mháthair d'fheicsint. Bhí sí sásta agus siúd chum bóthair iad, cóiste fútha agus ceithre capaill gha thar- raing. Do líod Dómhnall trí spa- ráin d'ór agus thug sé leis iad. Do chon- naíc Seán ag teacht iad agus dubhairt sé lena mháthair go raibh cóiste ag teacht agus gur dhóigh leis gur Domhnall a bhí ann. "Eist do bheul a amadáin!" arsan mháthair, "cá bhfaigheadh Domhnall cóiste?" Chuaidh sé go dtí an doras airís agus adubhairt sé an rud ceudna. Chuaidh an sean bhean féin amach ansan agus bhí an cóiste staduighthe roimpi. Nuair do connaic Domhnall í do labhair sé láithreach agus ansan chreid sí Seaghán. Do rith sí amach chuige agus do phóg sí airís agus airís eile é. "Cá bhfuairis an bhean bhreágh?" arsa sí. "Sin í mo bhean féin" arsa sé, agus do phóg a mháth- air í sin leis. Bhís i gcomhnuidhe go maith" arsa sí agus budh fhuiris(t) aithint go n-éireochadh leat." Do ghlaoidh sé ar Sheaghan ansan agus thug sé sparán do. "Sin é fiacha na gcapall duit" arsa sé "agus sin é luach an oirce," charsa sé, ag síneadh an sparáin eile chuige, "agus sine fiacha na gcairteacha," arsa sé leis an spa- ran deireannach. Do thóg Seán iad agus iongantas air. Dubhairt sé le n-a mhathair dul leis féin .i. le Domhnall agus do chuaidh agus bhí saoghal breágh aca as san amach. DUAISEANNA. Dhá dhuais atá dá mbronnadh an turus so agam. An chéad duais d'ár sean charaid. Síghle Ní Bhréanain, Sgoil Bhaile na Cille, i n-Uibh Ráthach; agus an dara duais do Eibhlís Ní Chróinín, Beanntraighe. Tá a lán duaiseanna eile fós agam agus má gheibhim píosaí deasa Gaedhilge ós na páistibh sgoile roinnfead ortha iad. Fear an Lóchrainn.
Ó bo dheonathach le Dia me chuir mar uachtarán spiriodálta as cionn lucht leanamhuna an Chreidiomh Chatoilicidhe an so Díósus so, is dualgus é atá ceangailte orum, agus ann na ccaith- fimé géarrchúntas do thabhairt lá eile a láithir an áirdbhreitheamhnuis, gach teagasg atá riachtanach do thabhairt do na treudtha atá fé mo chúram, le shin, a Dearbhráithireacha ó is ceart sibh do chuir air úr ccosuint ann san aimsir bhuartha chúntabhurtha atá nis aguin, a's air a ttaobh eile nach féidir liom bhieth a láithir gach aoin Phobuil fá leith chum labhuirt limh a bparsin, cuirim mar churam air Shaguirt na Díósus an comhradh so do léigheamh ón altóir, gach aon aca dá Phobhul féin, le muinín as mhór-thróc-uire ar Dtiarna go dabharthuid na daoine géar-aire dho, go riaghalfuigh siad a mbeatha agus a niomchar da réir. Is le buaireadh mhór do thuigim, a Dhearbhráithearacha gramhur, go bhfuil a ndíósusuidhe eile, agus fós an Díósus is adhchumuire dhúin, dalacháin bhochta mhealta ag eiridhe suas le buile agus dícéille a guine cheart-dlighe na dúthuighe, a cuir leamhara amach le coimhéagan, a brise síochán na coimh- tiantacht, a tarruinght géarr-smacht a nuachtaráin agus díoltus na Dlighthe, ní she amháin ortha féin, acht fós ar dhaoine bochta síochánta na Dúthuidhe. Do bheirim an san aimsir chéanna boadhachus le Deia, nach cloisin aoin míriaghaltacht don tshortso am Dhiósús, ea (? ná) a measg na bpoibliochadh a tá fé mo chúram agus ní le h-amhuras aoin midhiompar comhuntabhuirteagh don tsamhail seodh (? seo) do bheith éaduirthibhse ná ag meas guh bhuil aon driothaigine aguibh féin do chuirim an teagasg so gu digh sibh ach le h-eagla go dtucfagh aon malathóir didhchéillidhe dhíobh so a triaghal oruimh do dhéanagh aon tiormuisc dhíbh, ná thaireocagh sibh (a) shlighte maluithe míodh fhoirtiúnacha féin, le conntabhuist úr mhille go h- iomlán an sa tsaoghul so, agus ur n- damnudha síorraidhe an sa tsaoghul eile. Ní bhfuil neach an úr measg le nach coimhinle créad é an díomháil do dhin an fhamhulchus so dhíbhsé, agus don Dúthigh eile ar fad, an sa an aimsir dhimig thoruin. créad é an tamaird, chréad e an tuallagh cíosa a's cáin do tharaigiodar oruimh a's féachuig ainis créad é accridhe féin. An éamuis ar marbhuidheach, agus móran níos mó do chreachagh ó am go h-am le bliadhan, a ccuntaoe Thiobridara, a ccúntaoe Lumuine, a ccúntaoe Chor- cuighe agus mórán tíortha eile; féa- chuig créad a thuit amach is geadhár ó shin, an ur ccomharsanacht féin an sa Daingion. Do chuirnigh na mílte parsa do na Dalacháin seo a bhfuirim buachaillidhe bána, a baguirt agus dearbhugh guh gcuirfhidís a ndlighthe a bhfeidhim; nach díolfaidhís cáin ná cíos; nár bhfhualáir dhóibh feasda bheith ruimhintpháirtheagh a seibhioras a's ann ula-mhathas na Dúthidhe an ionad bheith, mar bhíodar, a mbochtuinneacht agus a nannroe; acht créad a bhidhe dá bhár acu as an rald (?) maluithe dícéiliogh so? Do glaomh amach 40 éiccin sai- gheadúirdhe bhí ar an mbaile, noch do chiur ruaguirt agus brise air an chuir- niúdh buile, tar (éis) naonúr aco do ládhach air an láithir, agus a bputóga a sgaoile fé sráid. An gadh dhum fós insint díbh nidh do chualabhuir go léir, gur tógach suas ladh feigh deiri tiompal 200 an aon lá amháin a Ccorcuigh; gur lamach aisteach go prísúin iad; agus nach bhfuil duine aco no (?go) mbeig áir- eamh na chúis ná déanfar a chrocha nó a dhíobirt har Farrigi? Dá mhéid scúirsidhe agus anacura dfhuiling lught an tsaoghar so agus atá fós fé na ccóir, agus dá mhéid a ghutlean orum féin a ccas mío fhortúineach, is deocuir truaidhmhéil bheith dhóibh, thar éis na mórán sompluidhe do chonur- caduir le 40 bliadhn ó nar cheart dóibh a thuisguint, ná beoch go brágh le buadh as midhiompar agus eirighe suas an aghagh na Dlighthe, ach géarr-dhíoltus air na daoine cionntach, agus méaduigh na dtrom ualaighe air coimhtiantacht na mbocht. Créad bo ghnáthuighe le feisgint an aimsir na mbuachuilidhe mbána, ná prísúinuidhe agus breigh- dionnuidhe da líona, cuid aco dá ládhach le pléaruibh, cuid aco dá ccrocha, a thuile aco dá sciúrsáil go pubuilidhe thridhe bailte móra agus Catharacha, a Mbná dá bhfagáil na Mbeintearacha, a cclan na Ndhileagh- achtuidhe, a ccuid agus a n- giongmháltus bheoga dá ndíbhirt agus da ruagairt as a n-áitribh agus a n- duthuigh. Agus cé iad bo bhun le seodh, ach daoine díomhaoine, gan strus gan bhraigil, gan crídh, gan tairbheuraige, nach roimh aon-nidhe le caileamhuint agus gan ni eile a naigne ach cuid a ccomh- ursuin mhacánta do shlada, agus do fhuadagh. Agus a Dhearbhráitíreacha dá mbeath sibh fós gan na sollaoidighe seodh as cóir úr súile nach neosach ur ccial nadúrtha dhíbh nar bhfhéidir leo so dul air a nadhaigh a guine comhachta na Ríoghachta, air amhar nach é amháin arrumháil na dúthaidhe, lucht seibhris agus achmhuine, ach fós gach naon aig dhá mbeogh nidhe ar bith ar a sheilbh, amháin a gharruidhe, a bhathán, a mhuc no a mhion-alach eile e chosnamh, do eiróch suas daon-mhbhaoidhin an aghaidh na ina laghthóiridhe seodh. Ach bfhéidir go lamharfuidís libh ar chogu nó ruathar do theacht go Éirinn, go natharóidhfidhe críochsmacht na Dú- thuighe, go bhfaghach sibh saoirse nó fuasguilt ó gach amard. Seadh, ghearbhráithearacha, nidhe nach fuil bun ná deáreamh leis, amhar, baodhachas le Dia atá baoighean agus sluaite ár roidhe féin comhachtach comusach go leor, air muir agus air tír chum ar namhaid do chonáil uain; ní bhfuil neach do thuisgint ná d'eolas gan fios aige gur díomhain aon ionnsuigh do thabhartheach na Francuigh air theacht go Éirinn, do bhruidhe nach fuil comh- achta san Eóraip is treise ar fairrge ná Sasanna, agus go bhuil a loingeas a ccomhnuidhe amuth ag faire chum bhreith ar na Francuigh, agus iad a chur go grional, dá leodhfuidís a ccuan féin dfhágáilt agus a naghuig do thiospáint air ttaoin. A ccás féin go bhféadthuidís teacht a dtidhir an ár measg agus buadh a ghfhamháil ar dtúis, créad na mbeoch súil agaibh gur bheárrduigh úr ccuingíol é? féachuig créad a dheinid siad na ndúthuig féin. A chéile do mharbhugh, na cinn do sgotha do gach naon nar dóighe leo go bhuil aoinnidhe aco le fagháil na bhara, gach nidhe chímhid a seilbh a ccomharsan dfhuadach le fóirneart agus creach- ruather. Créad a dheinid siad ann sgach tidhir eile chum na sroisean cconncuis? A mbailte agus a Ca- tharacha do leaga, do losga agus do mhille; gach nídhe theagainn na slidhe do lott agus do réaba, gairim do chur ar gach caithir agus baile, suighim airgid do dhéanamh suas dóibh gan mhaoil no a ccinn do bheith a ngeabhal leis; an aon fhocul, gach tír tridhe na ngeamuid siad do léir-sgríos go umlán. Nó an measuin sibh, a Dhearbh- ráithearacha, go mbheidís níos fabhuir- idhe dhimse, ná do locht a ndúthuighe féin, agus dá ndlughchomharsanuimh? nach mealuig sibh féin; ní bheoch air a naigne, go mór-mhor ar theacht ann so, ach sin go léir, seibhir agus bocht, do creacha; ar amhar go bhuil fhios aco na beoch air a ccumas seilbh na duthuidhe dáiteamh agus do chosnamh aguine an neart-armáil do chuirtheach Sasonna gan mhaoil air dún chum iad do scaipe agus do ruaguirt. Tar éis ar chuireas andhúil díbh, má tá an úr measc aoinne chó éagantach agus go mbeoch taobhuidheacht ná leaga ar bith aige le na Francuig air son a cCreidimh, bíoch a fhios nach fuil ionnta anis ach drong díchreideamhach ann chríosdamhail, do tharcuisnios Dia féin, do mhasluidheas gac nidhe da naomhtha agus dá bheanuighthe, do loisgios Teampuil a's Mainistridhe, do chuirios chum báis Sagairt agus bráithire, do raobus Altóiridhe,… go dí naomh- shacrimint corp Criost féin, nach leig- ion thórsa gan brúdh sa chois. Ach air a shon gur toil le Dia leig- ion leodh sealudh an na mídh-ghníomhar- tha so, bíoch fios agaibh (go) ttarecuig (luath) nó mbabhul cloimh an trom dhíoltus na guine (mar a) dhin aguine Antiochus, Baltasar agus mórán tíoránuigh bhorbadh neimhdhiaguidhe eile nar leig sé srian air feag tamuil, nó gur tháinig aimsir féin chum iad do ghearradh amach. Nach truadhmhéileach an nidhe a cháirde grádhach, na daoine feodh, bhídh, bhídh na bhfír-chríostuidhe thómósagh do rialacha chreidiomh Íoasa Críord, géileamhúil dá nuachtaráin agus don Eaglais, díogruiseach dá Righ, síochánta le céile, daonnachtach, solabhartha, muin- teartha > le deoruidhe, múinte béasach thar daoine eile an domhuin, iompogh amach inis na namhuid folas aguine Dé agus daoine, na nannspi- ridigh a cclodh (daoine) gan col le h-aon chuir da thruime ná dá thruaill- idhthe. Séodh searbh-thora dídhfheirg Dé, noch tharring an críoch maluithe seodh ortha féin, ag tosnughadh le mídhthómós agus neamhubhalaoidheacht dá nuach- taráin dlisdineach, le brise trídh sío- cháin agus deaórdúgh an chomhluaduir, agus le toil buile, a naigne féin a chuir suas an ionad cheart-dlighe na Ríochta. Nach (cuireadh) so iongna oraibh a dhearbhr, air amhar nach fuil nidhe air bith is modh a tá nadhagh or- duil (?) na Flthuuis do tarruingeas oruin scúirsidhe ó Dhia ní amháin an sa tsaoghul so ach fós an sa tshiaraigh- eacht, ná midhriaghaltacht don tshamhuil seodh. Mar mhúineas Dia féin dúin as beul an Aspuil Pól a mbhreithre soilléithre an sa 13 C. dá leitir chum na Rómhánuigh "Bíoch," airsé "gach naon úmhal tumósach do dhaoine an árd-chomhachta, amar ní fuil aon chomh- achta ach ó Dhia. Na comhachtuidhe atá ar bun, sé Dia dórduig iad; dá bhrídh sin an té chuireas a naghadh na ccomh- achta cuirean sé anaghadh ordúgh Dé agus tairringean damuin shíorruidhe (air) féin," arís airsé "díoluig a cheart féin le gach aon duine, áird-chíos le an té do nar ceart áirdchíos, cáin le an té narceart cáin, eagla roimhe an té nar ceart eagla bheith roimhe, ómós do an té nar ceart ómós. Nach bídheach aoin nidh umodh aige neach or- uimh." Chímíd Íoasa Críosd ar Dtia- gharna ag aithne áird-chíos do dhíol le Caesar, gé gur Allumharthach Págánach é, do gheirrlean le gach cinéal sgúir- sidhe agus pionaigh," Íosa Críosd féin agus gach aon do admhuigh a Chreidíomh. "Díoluig" ar sé, "le Caesar na nidhthe bhuineas le Caesar, agus le Dia na nidhthe bhuineas le Di." Múinean so dhúin, a Dhearbr, créad é an fáth le nar ceart áird-chíos agus cáin do dhíol le nár Nuachtaráin dlis- dionacha; chimhin sibh nach é a Ccredomh ach a nughdasrás is bun leis, mar gur b' iad do chosnamhuid ar ccuid agus ar ccóir, gur biad do thugaid didhean agus taramuin dúin ó nár namhuid agus ar naiscáirde. Is leis sin a Dhearbhr, a dheir Príomhughdar gach deadhornuigh (?) Dia féin a leabhar na seanráite, "Triah darása riagh- althuidh Righthe, agus eachtamhuin Dli- ghtheóirithe cóir agus ceart" (? Tré m'ughdarás-sa riaghluighid R. agus eachtugheann D. cóir agus ceart.) Agus go dearbhtha, a cháirde grádhach, mar a mbeoch na h-uachtaráin seo as an ccionn, cionnasa bheidhmís a suibh- neas ná síochán fad a bheoch an uile nidhe dá fuadach aige an té bo threise, gan cóir le fághuil aige an lag, gan srian gan teora le an Creachadóir ná le an marbhthóir. Agus an é seo an sort saoghuil nó aimsir bo mhian libh? táim deimhneath- each, a dhearbhra, gur le critheaghla féin do smuineamhuin sibh air. Leis sin, a cháirde mo chroidhe, ní féidir go mbeoch aoine aguibh chó dídhchéilidhe ná chó maluithe sin as lámh a bheith a mbuart ná an araid do tharoiceagh oruimh na scúirsidhe shaoghalta so dáireamhus suas díbh, agus, nidhe is míle measa fós, do thuilteach damuint síorruide dúr nanamnacha, fé mar chualabhuir as beul an Naomh Aspuil Pól. Agus tar eis ar fhuilingheamhuir féin agus úr síonsar ar feadh 200 bliadhan eir son úr ccreidomh, nuair a bhí mórán aguibh le buagh dtaobh a threigion; ar nódh ní féidir gur mian libh sgaramhuint leis anois; nidhe thuaiteach amach dá dthabhuirtheach sibh- cruas do na cóimhirligh mhaluithe atá go déigheanach ag rioth trí an dúthigh, ag corruighe suas agus ag gríosúdh na ndaoine chum sompla diabluidhe Fraince do leanamhuint. Ní féidir a cháirde mo chroidhe, ní chuirin fé núr gcóir é; go mórmhór ainis tar eis an saoirse agus an fuasguilt do thug ár Righ ceansa daonachtach a ccoimhchean gal le na dhlidhtheoirithe dhúin go léir ó an ngéassmacht agus ó an pionois bhídh as ár ccionn. An ionad aon araid ná brise síoch- áin, a tá muinín agam as trócuire gan teorádh ár Dtiarna, go ndéanfa sibh díchiol an chomhairle leanamhuint do bheir sé dhíbh airis as beul an As- puil. "Diúltugh do neamhdhiaghacht agus do chlaonta an tsaoighil seodh, úr mbeatha a chathamh go measartha, go ceart, agus go cráibhtheach air a dta- lamh, ag feithiomh le dóchus na beatha naomhtha, agus teacht glóire De, agus ár Slánuidhtheoir Íosa Críosd, noch do gheallus dá sheirbhísigh díliosuidhe íobh- nus síorruidhe a bhflathamhnus; nídh do ghuidhim díbh go léir.
Insa "teagasg" ní bhfuair sé locht ar bith ar chamastaighil ná ar ghéarlean- amhaint na Sasanach do bhí ann le n-a linn agus ní raibh aon droch-íde béil olc go leor do mhuintir na Frainnce nach dearna olc ar Éirinn riamh. An tagairt atá ag an Easpog Ó Téacháin do'n mharbhughadh insa Dain- gean, tá a chuimhne sin fós ag na sean daoine ann. "Bliadhain Mharbhuighthe na bhFear" a thugaid siad uirthi, agus is minic a chuala iad ag trácht tháir- sti, acht ní h-é meas an Easpoig atá aca ar na fearaibh bochta. Do bhí aistriughadh Béarla leis an leitir seo san mbliadhain 1794. Nár chóir, as a luighead, go mbeadh ais- triughadh Gaedhilge ar an gceann a cuirtear amach anois. Tá 60729 Gaedhilgeoirí i gCiarraighe fós — tá níos mó ná san sa díoghóise — agus is maith an dóigh ná raibh an oiread san de lucht Béarla ann céad agus ocht mbladhna déag ó shin. Is deimhin dá gcuirtí i gcomhairle an Easpoig anois é go dtoileochadh sé é dhéanamh> DRAOIDHEACHT-LOCHA I gCAIRBRE. (Lorgán) Chuadhas anonn ag triall a Shiobhán arís, tá seachtmhain ó shoin ann. Ní raibh istig rómham ach í féin agus an leanbh do bhí sa chliabhán, í ghá luasgad aice. Chromamar ar chainnt. Bhí sa- gart d'á rádh liom ó shoin," arsa mise, "gur breagh goléir na heascainí iad san do fuaras uait." "Agus cárbh fhios do shagart ar bhith go dtugas a leithéid duit?" ar sise. "Amás" adubhart-sa "do léig sé sa Lóchrann iad. Bhíodar an mí ó shoin." "Ó, mhuis', ó mhuis', ó mhuise" ar sise, "munab ait an duine tusa, a's a leithéid sin do chur in aon pháipéar." "Féachaint a mbeadh tuille dá sha- ghas agat le tiubhairt dom fé ndeara go dtánag a leith anocht mhuise, féach! Ná bhíodh aon iongna ort in aon chor." "Tá agus da iongna orm, a ghamh- ain, mar tá eagla orm go bhfuil ag dul d'bhúr meamhair ar fad, agus aon ghnó de'n t-sórd san do bheith de chúr- am oraibh. Ní fheadar cad déarfad leis an sagart, is dóigh, más fhíor gur thaithn siúd leis. A dhe! tá an leanbh ag dúiseacht Hois abá-á-á-á. Hois abá-á-á-á. Is iongantach an sagart é. Hois bá-á-á is eadh san. Hois abá-á-á-á." 'Seadh! chuir sí an leanbh chun suain tar éis a lán eile de na Hois abá-ibh, agus chuireas isteach arís airthe. CURACH A LICE. "Is ait an sgéal do chuala an oidhche fé dheire," arsa mise, "mar gheall ar an Loch san shoir. Seanduine do bhuail an treo chughainn agus d'fan thall againn oidhche, agus bhí sé ag cur síos linn 'na thaobh. Dubhairt sé go mbíodh piast fá dhraoidheacht ann fad ó, agus go ndeineadh sí mórán díogh- bhála dos na cómharsanaibh. Ar airi- ghis aon rud 'na taobh sin mar phéist?", "Ariú, dar ndóigh, do chuala an dúthaig an sgéal san fiche uair cheana, nó conus a thárla gur anois a tháinig fé dot chluasaibh-se. Is minic a cuirtí sgannradh ár ndóithin orainn mar gheall ar an bpéist sin, a laogh. Bhí sí ann, mhuise; dubhairt gach éin'ne é. Dar ndóigh, bhí sí tamall chómh cómhachtach san go sgriosfadh sí an dúthaig muna dtugtaí bean óg di le n-ithe gach lá Bealtaine. Ar chua- lais conus mar do mhairbh buachaill aimsire í maidean lae Bealtaine, agus conus mar do fuair sé bean óg bhreagh agus mórán saidhbhris dá bhárr? Deireadh daoine eile nách mar sin do marbhuigheadh í in ao' chor, nó, má b'eadh go raibh piast eile 'na diaidh sa loch a dheineadh sgrios agus gur mhairbh leac oidhre í. Go deimhin féin do bhíodh bunóirseach anso agam agus is minic d'inis sí dhom conus mar do bhí dritháir céile áintín léi ag tosnú ar chuirneacht do chur mar seo amach tar éis na Nodlag. Lastuaidh den Loch san do bhí feirm thailimh aige; bhí sé ag cur a chéachta i dtreo i gchúinne na páirce maidean. Bhí sioc an bhliain chéadna chómh trom san go raibh leac- oidhre ar na h-aibhintibh. Bhíodh ana chaitheamh aimsire ar an Loch ar feadh trí séachtmhaine, mar bhí sé chómh cruaidh leis a mbóthar. Ach thainig an leaghadh, agus d'imthig a lán den t-sioc, ach d'fhán clúdach breagh den leac-oidre ar an Loch ar feadh a bhfad. An mhai- dean áirighthe seo bhí Diarmuid a t- Sionaig, fé mar adubhart leat, a bhfeighil a chéachta nuair chuala sé foth- rom diail sa loch síos uaidh. Ba chos- mhail le géimnidh fiche bó i dteinneas é. Bha bhuartha go léir mar fhuaim é. Chuala mórán daoine é, agus do chuir eagla ortha. Ansan 'sé do chualathas ná an leac-aidhre gá sgoilt, agus cho- naic Diarmuid fé na mar a bheadh rud éigin ag árdú na leac-oidhre ón g- ceann t-soir de trí ná lár siar go dtí an ceann t-siar de agus an glór uaigneach bhí go buartha roimhe sin ba sheacht uaignighe an uair seo é ach ba laige go mór. Cheap gach éin'ne gur bh'í an phiast do bhí múchta, geall leis, fé'n leac- oidhre agus gur i gcrólíntí an bháis do bhí sí an t-am do chuaidh sí nsan a' locha siar agus a buairt-phort ar siubhal aice. Ní dheárna sí aon díoghbháil ó shoin go h-áirighthe. Tá tig ar an dtaobh theas den loch ag bun cnuic agus aon uair abhíodh feoil ghá beirbhiú' sa tigh sin théigheadh an phiast fé dhéin na h-áite, agus b'éigean dóibh cuid di do thiubhairt di d'fhonn iad féin do shábháilt. Ach ní dheaghaidh sí ann riamh ón maidin úd, agus ní dóigh liom go raghaidh níos mó." "Sgéal maith é sin, a Shiobhán ach cad é an gnó do bhí ag Diarmuid a t-Sionaigh, pé 'r bé féin, ag dul ag cur cuirneachtan agus an leac-oidhre gan leaghadh?" arsa mise. "Dar n- dóigh ní sa loch do bhí sé chun í chur," ar sise, "Ach an faid do bhi leach-oidhre chómh laidir sin ar uisge is deacair dom chreideamhaint go bhféadfaí cuirneacht do chur in ithir len ais. Nách dóigh leat féin san anois?" Do bheadh sé chómh maith agat," ar sise, "gan dul chómh doimhin sin sa sgéal. "Is minic a loitean a leith- eid sin de chainnt sgéal maith." "B'fhéidir é an baisde, ach ag tag- airt don sgéal do bhíos-sa. Bhí bhéarsa éigin ag an sean duine leis ach níor chuireas síos é. A' mbeadh sé agat- sa? Fuaras so mar bhéarsa fadó mar gheall air — "A Charach a Lice ní fheaca thu riamh ach fuar, "Bád ná luingeas ní thagan ón Spáinn at chuan; "Gan Breaghacht at uisge as do leacana lán de ruaim A's an ghrian ní fheicir go nglanan na h-áirde ó thuaidh." An é sin do bhí aige? Dhe ní h-eadh mar ghá mholadh a bhí sé. Mar seo thosnuig sé dar liom: "Churach a lice is geal liom do bhrághaid gan ghruaim. Let thaobh-sa is minic de chaitheas-sa tráth go suairc; Ní cuimhin liom an tríomhadh líne do bhí aige, ach mar seo do chuir sé críoch leis is dócha: "Fét dhéin nuair thigim-se sgaraim le crádh as buairt." "Is geal leis a bhfiach dubh a ghear- caigh" ar sise. "Mar sin a bhíonn díreach, ach ní beag san dé," adubhart-sa. "Tá tuille feasa de dhith orm." LOCH AN CHAPAILL. Bhfuil aon tuairim agat a Shiobhán cá bhfuil Loch a' Chapaill?" adubhart éis tamaill eile. "Tá agus níl," ar sise. Ní rabhas ann, ach chloisinn a lán daoine ag cainnt mar gheall air, is dóigh. Agus dála an sgéil, bhíodh eachtra greann- mhar i dtaobh an Locha san ag daoinibh leis." "An piast eile do bhí fé uisge an- san? Ní h-eadh ná piast, ach capall odhar, agus chonacthas ann leis é. Chloistí a lán fothraim san loch san, ach tá sé a bhfad ón mbóthar, agus ní bhíodh treasdal (teasdal) na ndaoine ann chómh mór as bhíodh go Curach a Lice. "Agus cá luighean sé in ao' chor a Shiobhán?" Tá sé ag bun Cnoc na h-Óine tamal maith ó thuaidh ó Dhrom 'á Liag. Ón loch san sgéithean Abha na Banndan, ach ní imthighean di ar an loch ach caol beag, is clos dom. "Ní dhéarna sé aon díoghbháil sa chuma san, ach dheineadh easaráil do pháirc dheas chuirneachtan go minic, agus loiteadh sé púcáin coirce leis. Níor airigheas go bhfeachathas ach aon uair amháin é. Fear a ghaibh amach mar seo maidean roimh breacadh an lae sa bh-Foghmhar, chun faire ar bhuin abhí ar bhruach bheirtha. I b- páirc cois a locha bhí na ba. Bhí sé ag siubhal go réidh i measg na mbó nuair chonac sé an t-ainmighe mór tamal uaidh. Cheap sé gur capall le duine dá chómharsanaibh é agus chuaidh sé fé na déin chun é, thimáint roimhe as a brairc. Ní fheacaidh an capall é go raibh sé i ngioracht faid cúpla ráinne dho, agus a Thighearna a dhuine! an túisge do chonaic sé an fear do léim sé, agus do rith, agus siúd siar é agus do chuaidh de léim isteach sa loch. Lean an fear é mar níor cheap sé gur capall draoidheachtach do bhí ann. Ní raibh d'á thásg ann ach go raibh an t-uisge ag bualadh a gcoinnibh na g- cloch ar thaobh an locha, fé mar a bheadh rud iongantach éigin ghá shuathadh. An- san do chualaidh sé siotrach tamal amach sa loch, agus ba ghairid go bh- feaca sé dar leis rud éigin chuige isteach ar bharra an uisge. D'imthig sé leis chómh mear agus do bhéarfadh a chosa é, agus eagla a dhóithin air. Níor eirig sé ar feadh trí lá. Bá dheachair é chur ag cainnt a dtaobh an chapaill sin, ach deireadh a g-comhnaidhe gur capall mór macánta é, agus dath odhar air." "Agus an gcreidean tusa go mbíodh a leithéidí sin do rudaibh ar siubhal a Shiobhán?" Amás creidim! ca' na thaobh ná creidfinn? Ó mhuise féach tá an leanbh so ag dúiseacht arís. Hois abá-á-ín. Hois abá-á-ín. Ní fheadar cad tá agá ciméad siúd chómh fada san. Hois abá-á-á. Caithfead é thógaint amach ar fad is dócha. Hois abá-á. Ní h-éan mhaith bheith leis is baoghalach." Thóg sí amach an leanbh agus thos- nuig sí agá dhamhsadh a's á mhealladh: "Hois abá a bháibí ó! "Hois abó a bhábí bhuntairín! "Hois abá a bháibhí ó! "'S codail go fóill a chuid limín! Chuadhas gruig an doras. "Tá sí ag teacht aníos an casán" adubhart mar chonac bean óg a' tighe chugham aníos. "Mhuise buidheachas le Dia a laogh," ar sise, agus lean sí uirthe go binn ag portaireacht: "Hois abó a Thaidhgín óig; "Hois abó, as eist a leinbh bhig; "Hois abó as seinnfeadh ceol; "As déanfam mór chuid jig-eana. "Tá sé déidheanach, as bead-sa ag imtheacht," arsa mise; agus d' imthi- gheas. I mBAILE AN FHIRTÉARAIG. Fonn — "Cnocáinín Aerach Cill Mhuire." I. I mBaile 'n Fhirtéuraidh bhíogh Gaedhilge cheart chóir, Ag aosta 's ag ógbhadh ghá labhairt, Bhíodh seanchus sgléipeach as éacht- chuid de'n spórt, Gá gcleachta gach uair an ag fearaibh; Bhíodh farsaing as féile, gan éileamh at chóir, Dá mba Gaedheal thu gur bhéol duit do theanga, Le fagháil ann, as d'éistfí go béasach let sgeol, Dá gcuirtheá-sa cló air go slácht- mhar. II. Cois Bhaile an Fhirtéaraig tá fraoch- chnuic go breágh: Tá móinte 's bánta na n-aice; Tá talamh chun caerach, as réidhthe chun ráis; 'S is áluinn ann trághana fá ghainim; Tá fir ann na gcéadtaibh go tréan- mhar gan sgáth; Ag iomradh i mbádaibhtaid gasda; As molaim a dhéine 's saothruighid gach tráth, Ag tuilleamh dá bpáisdí adhbhar beatha. III. I mBaile an Fhirtéuraig foth-tréimhse do bhínn; (Ní fearr liom am shuidhe me i gcath- air:) Agallamh Gaedhealach, as géar-chainnt ró-bhínn; Ba ghnáth ann, as caoin-chuid de'n mha- gadh; Dá n-eirigheadh le héin'ne trí ghéar- cheaphadh cruinn, Aon phiarda de'n bhuidhin ann do dhalladh, Bheadh gáire as sgléip ann 's sméide na rínn, As seanchus grinn ann dá bharra. IV. I mBaile 'n Fhirtéaraig tá Béarla na nGall, Ag borradh gan amhras le tamall; Ag cailíní caomha bíonn eacht-chuid de á labhairt, As tá roinnt díobh breac-Ghallda ann cheana; Tá mná ann go faobhrach chun Béarla mór trom, Do shéideadh le fonn chun a leanbh; As nach mairg má séantar an Ghaedh- ilge san mball Mar mhaithe le feall-shliocht na Sac- son!
V. I mBaile 'n Fhirtéaraig nuair léigh- fear mo dhán, Bá mhaith liom bheith láithreach go dearbh; Mar ní clipeadh ná aoradh, ná bhéarsaí gan áird, Seo breactha ar phár dóibh na magadh; Ach moladh don Ghaedhealtacht is léir dom san áit, As an Ghalldacht má cháineas ní peaca. Mar creididh mo bhréithre-an bhréag ní folláin, 'S an fhírinne is áluinn gidh is searbh. LORGA LIATH-BHÁN.
SEAGHAN UA CONAILL, EASPOG CHIARRAIGHE. Do mhair Seaghan Ua Conaill i n-am go raibh géir leanmhain ná gCatoil- ceach i n-Éirinn go h-an-choitcheann. Dearbhráthair sean-athar Sheághain a b'eadh Risteárd Ua Conaill, an t- easpog. Chuir lucht leanmhana Crom- aill an Risteárd so chum báis — b'amh- laidh do chrochadar é i n-aice le Cill Áirne 'san mbliadhain 1651. Is inmheasta gur cuireadh Seaghan chum báis, nuair bhí Anna mar bhain- ríoghan i Sassana, acht ní'l fios cruinn aig éinne. Deireann Ua Bréanáin i ndíonbhrollach a leabhair "Éire ársa agus Naomh Pádraig" gur ab iomdha áit in ar chuarduigh sé eólas ar am bháis agus ar áit adhlaicthe Shéaghain, acht go mba gan tairbhe dhó é. Níor fhogh- luim sé riamh níos mó 'na thaobh ná "go raibh sé 'na easpog agus go raibh sé na bheathaidh 'san mbliadhain 1704." Is minic féin a cuirtear i gceist go raibh sé riamh 'na easpog, acht tag- ann a ainm síos tré na h-aoisibh dúinn i mbeul-aithris na ndaoine i gCiar- raighe agus i gCorcaigh agus i n-áit- eannaibh eile mar easpog Chiarraighe agus mar úghdar "Thuire na h-Éir- eann." Dán breágh fada i nGaodhluinn ag cur síos ar chuid mór de stair na h- Éireann iseadh an "Tuire." Tosnígheann sé mar seo: Nuair smuainim ar shaoithibh na h- Éireann, Sgrios na dtíortha ís díth na cléire, Bás ár ndaoine is laghdúghadh ár ngréithre Bíonn mo chroidhe im' chlidh dá rao- badh. Tráchtann ann sin ar an méid a mhair de'n chine daonda tar éis díleann, a's cionnus mar do roin- neadh an domhan eatorna, cuireann síos ar gach drong a tháinig go h- Éirinn agus go mór-mhór ar chlann Mhiléise — "Ghlacadar caladh i n-Inbhear Sgéine, I gconndae Chiarruighe i n-iarthar Éireann." Is ó'n dtriúr bainríoghan a tháinigh 'ná gcuideachtain (?Fr. an I.) fuair an t-oilean so na h-ainmneacha Eíre Fódhla agus Banba — Tugtar fós dúinn cúnntas ar chéad tabhairt an chreidimh ann so — "Celestinus, an Pápa naomhtha Do chuir Pádruig chúgainn 'sa chléi- righ Is é do theagasg diadhacht a's daon- acht A's Íosa Críost i gcríochaibh Éir- eann; Do dhíbir draoidheacht a's deamhain a's déithe, Do bhaist ár leinbh a's ar ndaoine, aosda, Do chlaoidh an righ gér dheacair a dhéunamh Mac leisge Néill Naoi nGiallach, Laoghaire." Leanann air ag caint ar an deagh- threó a bhí ar an dtír 'na dhiaidh sin; "An fhaid do mhair an creidheamh gan traochadh Óileán na mhaomh do b'ainm an Eirinn." Innstear dhúinn ar theacht na Loch- lannach agus gur "Saor Brian Boróimhe an ríoghacht ó dhaor-bhruid I gcath Chluana Tairbh Aoine an Céusda Is ann do threasgair, cé cail- leadh é féin ris, Laochra Lochlann uile le h-aon chath." Tráchtann ar theacht na Sassanach agus ar a ndroch-obair ag iarraidh an creideamh a chur fá chois le feall- bheart agus le fóiréigin: "Bhí fuil gan chúis dá dortadh a's dá séideadh Boicht dá gcreachadh agus cealla dá raobadh An bhaintreabhach bhocht ag caoineadh a céile 'Sa díleachtuighe 'sa díg ag béicigh." Tá trácht ann ar Aodh Ua Néill, agus Aodh Ruadh, agus ar Ua Súilio- bháin Béara agus ar a lán laochraí Gaodhal eile a throid chum saoirse d'fhághail dá dtír agus dá gcreideamh. Deireann sé i dtaoibh an eirighthe chum cogaidh 'san mbliadhaid, 1641: "Sé so an cogadh 'do chríochnuigh Éire A's do chuir na míllte ag iarraidh déirce An uair díbreadh an Nunció naomhtha Do rith pláigh a's gorta i n-éinfheacht. Tógbhuim finné Risteáird Bhéilin Nách dith daoine, bídh ná eudaig Ná neart namhad do bhain díobh Éire Acht iad féin do chaill ar a chéile." Nuair do claoidheadh na taoisig go léir, agus nuair bhí léir-sgrios 'ghá dheunamh ar fuaid na tíre, deireann sé mar gheall air: "Ca ngeóbham anois nó créud do dhéunfam, Ní díon coillte, cnuic, ná sléibhte, Ní'l ár leigheas ag liaig i n-Éirinn Acht Dia do ghuidhe a's na naoimh i n-éinfheacht. Ní thagann an dán so thar riaghail na bainríoghna, Anna, agus mar a dúbhart cheana, is dócha gur cuireadh Seághan chum báis le réim na bainríogh- na sin. AN MADADH RUADH. CORCA DHUIBHNE. Tá níos mo gleó dá dhéanamh mar gheall ar Chorca Dhuibhne lé déidheanaí ná mar deineadh le fada. Tá eagla orm go gceapfaidh muintear na críche sin go gairid ná fuil de Gaedhealaibh ach iad féin san Mumhain. Dá léighi- dís an Claidheamh Soluis le tamall, ach ní dócha gur léigh puinn díobh é (fiú amháin cuid-mhaith dos na hoidíbh sgol), bheadh beagán áthais or tha, mar moladh ann iad. Fuaradar molodh a's fuaradar beagán cáine. Ní fearr ceann acu ná a chéile nuair a bhíonn siad tuillte ag duine nó ag dream daoine. Tá an oiread san molta fachta ag na Duibhneachaibh go bhfuil fonn orm beagán den fhír- inne do nochta mar gheall ortha anois. Bhíos san Daingean le déidheanaí agus chonac roinnt seóiníní ann chómh Gallda agus chómh neamh-mhaitheasach agus chonac le fada. Táid chómh dona le seóiníní Thráighlí, agus cá beag san. Clann siopdóirí an Daingin agus gan fiche focal Gaedhilge acu, agus ní raibh ag a seana-mháthaireacha agus ag a sean-athaireacha (agus daoine deasa macánta ab eadh iad) ach toghadh na deagh-Ghaedhilge. Agus iad so anois agus guthaí ortha, agus ní le breis meamhrach é admhuighim duit-se a léigh- theóir, agus iad ad iaraidh a chur in iúl dúinn ná fhuil aon ghaol fé'n dtuaith acu. Ach is breagh leo air- gead na ndaoine ón dtuaith do bheith sa sparán acu. Is aindeis an chlann abhíon ag a lán ban gan éan bhréag. Ansan tá dochtúirí ann agus cléirig sa bhannc agus san oifig eile sin an phuist; agus tá oifigig ag Coisde na gCeanntar mBocht ann agus airgead na n-Gaedeal ghá gcothú, cé bo dhóigh leat ortha gur leo féin an tír, agus gan oiread Gaedhilge acu eatortha as do chuirfeadh asal thar sruth. Agus féachaidh anso a Ghaedheala Chorca Dhuibhne, tá cuid d'bhúr muintir féin ag déanamh aithris ortha san mar is dóigh leo go bhfuil sórd uaisleachta ag baint leo ná fuil ag baint leo féin. Nách dall na créatúirí iad tar éis an t-saoghail. Tá Bráithre agus Mná Riaghaltha i bhfeidhil oideachais san Daingean agus ba dhóigh le duine go mbeadh a leith- éidí sin Gaedhealach go h-áirighthe. Ach a bhfuilid? Fágaim fúibh fhéin é mar cheist anois, ach bíodh a fhios agaidh go bhfuil cúpla céad leanbh i sgoil díobh ná foghlumighean aon Ghaedhilge, agus 'sé an deifir atá idir an sgoil sin a's an sgoil eile gur measa an sgoil eile ná an sgoil sin. Ní hiongna seóiníní sa t-sráid agus an sórd san oideachais fachta acu. Tá oidí eile sa cheanntar leis agus is breagh leo an Béarla do bheith gá labhairt acu. Tá clann ag cuid acu agus ní hiad na leanbhaí is fearr Gaedhilge ar sgoil iad. Níor mhaith leo dá gcáininn iad is dócha mar ba bhreagh leo ainm Ghaedhealach do bheith ortha. Tá an Ghaedhilge acu go bínn leis agus tá mórán di múinte acu. Ach ní dóigh liom go bhféadfaidis í lúbadh agus í chasadh chómh h-aicillidhe le linn leanbhaí do theagasg agus dhéanfaidís an Béarla do chasadh agus do lúbadh. Easbadh taithighthe fé n- deara san is dócha. Ach ní maith leo dul go Coláisde an Daingin ag fogh- luim. Cad 'na thaobh ná beadh sgoil nó cuman eatortha féin agus a g- cómhairle a chur le chéile ar an gcuma is fearr chun feabhas do chur ar an obair? Chuala gur ainmneacha Béarla atá sgríobhtha ar na leabharaibh ar sgoil acu agus gurbh shin na hainmneacha thugan siad ar na leanbhaibh de ghnáth. Chuala go bhfuil roinnt cailíní i n- aice Sgoil Naomh Bhréanain agus roinnt acu i gCeann Trágha agus gur Béarla a labhran siad le chéile i g- comhnaidhe, toisg gur dóigh leo fós gur cómhartha é sin go bhfuil tabhairt suas thar bárr ortha seachas na daoine labhras an Ghaedhilge. Agus ar an m- Buailtín tá cailíní ná labharfadh ach an Sacs-Bhéarla leat, ach níor mhait leo dá n-ínsteá san dóibh mar ba bhreagh leo bheith níos Gaedhealaighe ná muin- tir an Daingin. Ní hamhlaidh atáim ghá cheapadh gur ceart do dhaoinibh mar sin gan Béarla d'fhoghluim ach ceapain agus deirim nách ceart dóibh bheith chómh dall san i d-taobh na huaisleachta a bhainean leis an dhá theangain sin. Is léir dom gur dóigh leo fhós gur uaislighe Béarla ná Gaedhilge. Ní h- uaislighe. Tá sligh acu san ar Ghaedh- ilge do labhairt i bhfad níos uaislighe ná tá Bearlóirí an Daingin chun an Béarla atá ann do labhairt. Tá áiteana eile i gCorca Dhuibhne imthighthe chun na haindeise ar fad. Abhain a Sgáil ceann acu san. Srái- dín Gallda é sin. Is mo spéis cuir- tear ann i n-óláchan ná san Ghaedhilg cé go bhfuil foth-Ghaedheal ana-mhaith ann fós. Is deacair an áit do mholadh agus tá as san soir go dtí an Cam gan éan treo air. Tá Lios Póil leis agus snas Béar- la ag teacht ar theangacha an aosa óig ann le tamall. BONN AR BÓTHAR. AN tOIREACHTAS. Atáim taithightheach ar an Oireachtas le deich mbliadhnaibh nó mar sin, agus tá breac-eolas agam ar an tsligh adéantar ullmhughadh i gcóir na h- ocáide sin; acht do bheirim de dheimhin do lucht an Lóchrainn ná raibh aon bhreith ag an ullmhuchán a deineadh aon bhliadhain ar an gcuma atáthar do chur i mbliadhna ar an ngnó, tá fuadar agus fuinneamh agus crích dá gcur leis an ngnó i mbliadhna nach dearnadh riamh, agus is iongnadh liom-sa muna mbí Oireachtas mór maith i mbliadhna ann. Ní h-aon eolas nuadh do lucht na Gaedhilge a radh leo go bhfuil clár mór comórtaisí ag gabháil leis an Oireachtas. Tá a fhios san ag cách cheana. Acht b'fhéidir nár mhór a chur na luighe ar dhaoinibh go bhfuil atharu- ghadh ar an ngnó i mbliadhna seochas mar bhí go dtí so. Tá an t-Oireachtas agus an Súgradh Gaedheal ceangailte dá chéile i mbliadhna. Is ceart san agus is fearrde an dá rud iad a bheith lámh ar láimh. "Barr inntleachta agus barr lútha Gaedheal!" Sin é brigh an Oireachtais i mbliadhna. Ba dhual do'n Ghaedheal an inntleacht agus an lúth riamh. Ní bhfuair aon taobh aca a ceart ó Bhriseadh na Bóinne anuas. Ní bhfuair an Gaedheal a cheart ó shin. Bhí gaill i n-uachtar agus ba mhiste clann Chaitlín sin. Acht a bhuidhe le Dia tháinig anuiridh arís. Tá an Gaedheal ag teacht. Tá neart na h-óige ann. Tá ceol na bhéal agus é go suairc ag taisteal. Beireann sé ar an té bhíonn ag iarraidh é chosg agus caith- eann uaidh i ndígh an bhóthair é, agus leanann dá shiubhal agus dá cheol arís. Is mór an tseachtmhain a dhéanfaidh an tseachtmain sin do Ghaedhealaibh ó'n 29adh de Mheitheamh go dtí an 5adh de Iul. Luth agus neart agus rith agus léim Gaedheal, ceol agus seinm agus cuis- leanna téid-bhinneasa Gaedheal, amh- rán agus rócán agus rann ghabháil Gaedheal, litiridheacht agus leabhair agus bláith- bhriathra Gaedheal, drama agus cluithech agus cleas Gaedheal: sin é an súgradh béas i mBaile Átha Cliath an tseachtmhain sin. Is aoibhinn do'n té bhéas ann a's is cráidhte do'n té na féadfaidh dul. Tá socrughadh speisialta dá dhéanamh le lucht traenach chun daoine d'iomchar go dtí Baile Átha Cliath agus iad d'- fhágaint ann an tseachtmhain sin. Beidh costas an turais i bhfad níos ísle ná mar is gnáth leis. Seadh, is mór an misneach Oireach- tas na bliadhna so. LORC. TÓMHAISEANNA. Seo shíos cúpla ceist do Chormac i inead na gceisteanna chuir se chug- gainn. I. Ceist agam ort a scoláire, Ós tú is deireannaighe fhág an cuan, An mó ghalún den t-Sáile Tá ins an bhfairge mhór? II. Cad is cruinne ná fáinne? Cad is aoirde ná crann? Cad is measa ná treibh ban? Cad is doimhne na an fhairge? Ciacu do na h-éin is breagtha ceol? Cad é an chraobh a sgéidheann ar d- túis? Cad é an cheud áit 'na d-tuiteann an drúcht? III. Maidin aoibhinn is mé ag siubhal; is mo phócaidhe lán d'úbhla. Don cheud duine bhuail umam Thugas leath a raibh agam agus leath- ubhall Do dheineas an rud so fó thrí. Agus d'fhan agam féin ubhall breagh buidhe An mó ubhall a bhí agam is mé fágamt mo thighe?
IV. Tá trí Sagart, trí athach agus bád ar bruach na Laoi gach uair. Ní féidir acht do bheirt dul sa bhád Agus ní féidir leat Sagart 'fhágaint i bhfochair dhá athach, mar d'íosfaid ís é, Conus chuaidh an Seishear thar an a bhainn slán? V. Trí puinte faoí thrí. *** *** *** Déin iad a ceangal le ceithre líne A bheidh chomh díreach le barr an thighe. Féach! ní féidir leat do pheann d'árdughadh Chun go mbeidh siad go léir ceangailte. VI. Coinneal is coinnleoir ann. Is cá bhfuil a leath rann san. VII Cad é an leigheas atá do: Theas, fuacht, fuath, grádh agus doi- cheall? VIII. An mó fiacal ag circ? IX. Ca shoin a dheineann. A h-aon agus a haon a "haon?" X. Ciacu donas is mó da m-beidís ag fear? Easba Sláinte nó Cailleach Sráide? XII. Chím é is ní fheicim é, Chím do bharr an aitinn é, Ní gaoth é, ní fearthainné Is ní sgaipeann sé go brath. NIAMH BEANNTRAIGHE. GUTH NA BLIADHNA. Is mór an truagh, dar linn, gan eolas níos fearr ag Gaedhealaibh Éir- eann ar a mbráithribh Gaedheal i nAl- bain. Lucht aon-chairdrimh dob' eadh sin go dtí go dtáinig an Béarla eadrainn. Níl báidh ar bith anois ag bearlóir Éireannaigh le Béarlóir Al- banaigh. Acht féach! "sinn féin sinn féin" nuair a labhraimíd an Ghaedhilg. Bráithre sinn an uair sin, agus ní fearr neach ar bith beo ná sinn! "Is maol an rud guala gan bráthair, agus is mairg a bheadh gan dearbhráthair." Tá bráth- air agus dearbhráthair againn-ne i n-Al- bainn. Tá an fhuil chéadna ann. Tá an meon céudna aige. Tá sé ag á chosaint féin ar an namhaid chéadna .i. Seán Buidhe an Bhéarla. Is é a gháir catha "Alba ar son na nAlbanach!" Seadh, is mór an misneach orainn duine eile agus an troid chéadna ar siubhal aige agus mar atá againn féin. Sin é do cheapaim-se nuair a léighim "Guth na Bliadhna." Aoinne ná fuil eolas ar Ghaedhilg agus ar litridheacht Ghaedhilge Alban aige, níl eolas ar Albain ar chor ar bith aige. Alba bhréagach iseadh Alba an Bhéarla; chomh bréagach díreach agus mar atá a lán d'ar dtír-ne féin. Acht tá Alba eile ann, agus is iongantach an chosamhlacht atá aici leis an Éirinn bhig Ghaedhealaigh seo againn- ne atá sgaipithe n-a chodaibh bheaga tíre. Sin í ar n-Alba-na agus ár n-Éire-ne. Alba agus Éire na nGaedheal. Ní beag iad, a cháirde. Tá síol saoirse Gaedheal fós ionnta. Tá aiste beag san nGuth 'so i dtaobh reachta so an Riaghaltais Éir- eannaigh, agus, ar nós a lán againn féin, ní go ro-shásta atá an "Guth leis. Seo mar adeir sé: "Is tric a chuala sinn gur feárr bloigh na builinn na bhi falamh; agus (air uairean) faodaigh sin a bhi fior. Ach, dé a thachras, no dé mar ghui- leanas sinn sinn fein, mur eil anns an ní a chaidh a thairgse duinn ach spruan as an rud air am bheil sinn an tóir? Mar a thubhairt sinn anns an áireamh mu dheireadh de'n Guth, faodaidh maraon duine is dúthaich prís tuilleadh is àirde a pháidheadh air an ní is àill leo a chosnadh. Nach feàrr a bhi falamh gu tur car tamuill na bhi breugach a thaobh nam bair- ailean sin a tha mar cheann-fath is mar mhàthair aobhair d'ar beo air fad? Agus tar éis an tsaoghail atá daoine i nÉireinn ghá radh gur beart mór maith atá déana ag an Sasanach agus ná iarrfaidh Éireannaigh aon fhuasgailt eile go deo na ndeor! Ta dráma fada ann as Ghaedhilg ag D. M. N. C., aiste ar Acht an Fhear inn as an dteangain céadna. Tá aiste as Béarla ann ar ní áirighthe i sean-sgéalaidheacht na h-Alban agus is taithneamhach an t-alt é. Dubhairt mé ar dtúis gur truagh gan caidreamh níos mó ag Gaedhealaibh Éireann agus Alban ar a chéile. Níl aon tsligh is fearr dúinn-ne i nÉirinn chun san a dhéanamh ná eolas do chur ar Ghaedhilg na h-Alban agus ar a cuid leith- ridheachta. Mise, FEARGUS MAC EARCA. DÁN. Ag Fáiltiughadh roimh Shearluis mich Dómhnall Thír fó Thuinn. (Seágán de Hórrdha do chan). I. Déantar dóightear teinte teo dhúinn, Líontar ar bord chughainn tuille de'n fhíon, Sinntear céoil dúinn píb is Hautboy, Binn-chruit órdha a's Fiddle ó chlaidhe; Suidheam is ólam thort ár ndótháin, Tá sceul maith nuadh agum nach dóigh libh dar linn, Go bhfuil an rígh-ghas mómhrach farradh Mac Dómhnaill, Is gliadhaire mhic mhathghamhna a gcuid- eachtain bhínn. II. Fáilte is céadh cuirim tráith roimh Shéarluis, Adhbhar an tréinfir is fearr' san río- ghacht, Ráib leabhair léidmheach do árd fhuil Mhiléisius De mhór-scoith na h-Eireann curadh barra ár g-críoch. B'é thárlaidh gan aos é, is árachtach a ghéaga, Do fhás 'na bhuinne réigh-ghlan go lan- nardha groidhe, Ar lámhach na bpiosdal craonach thug barr leis a's géilleadh, 'S ní táire dom laoch ar chaismirt an chloidhimh. III. I n-iarrthar Fódhla tá an gliadhaire crodha, An Hector óg, an suairc-fhear ghrinn, A Chríost, b'é 'n glóire é ag fiadhach tráthnóna Go srianmhac séadbhar ceolmhar binn. A dhialaid órdha ar chiar-each mhómhrach, Do bhearfadh leómhanta luaith ar a' ngaoith, 'S an gliadhaire greanta Fódla binn Séarlus a bhfhad rómpa Is fiadh na mbeannuibh móra ar sgór- nain 'san líon. CAOINE AN ATHAR EOGHAIN (Uí Shúileabháin.) (Pádraig Ó Briain do Chúm.) I. Dochtúir diadhachta molaimís a thréithe, Tá ag dul fe líogaibh go claoidhte tréith-lag Pialóid an teampaill agus gan dabht a réiltheann, An Sípéir dílis go fíor, dá tréada. II. D'fhágais-se mairg go fairsing ar chlár luirc Agus ar pharóistidhthe an Daingin bhí lasadh le grádh dhuit, Dar n-dóigh ar o cháirdibh agus gan do mhalairt in dán dóibh Ó imthigh an acfuinn an flaith nár cáineadh. III. Tá iarsma dúbhach ar n-dún faoi cheo- bhruit, Indhiaidh ár Sagairt bhí carthanach fógh- anta, An fear breagh pearsanta calma córach Go raibh lonnradh soluis go follus 'na chlódh gheal IV. D'imthigh ar laoch mo léan! ró luath uainn, Ag moladh na Tríonóide 'sa' Ghlóire shuanmhar, Lá Peadair agus Póil mar inneósaidh tuairisg, Go ndeaghaidh fé an gCoróin go deo gan buaidhread. V. Ar do thrácht an t-easbog do labhair go h-árdach, Ar do cháiligheacht bheanuighthe agus ar do bheatha gan smáilceas, Ar thuirse an fhodail agus ar na ros- caibh ag tál ort. Agus an chléir ag sileadh le cumann thar barr duit, VI. Lá do mhairb do chuiris anaithe ar dhaoinibh An sluagh mór fairsing bhí ag tais- teal na slighe leat, Id' diaidh agus rómhat ar an ród id' chaoinleacht, Ag gol go diombádhach is go hárd ag caoineadh. VII. Dá siubhluighinn-se Banba agus fear- anna Chláir Luirc, Do'n Róimh dá rachainn mar a gcomh- nuigheann an Pápa An Fhrainnc 's an Ghairm agus faithchí na Spainne — Ní Bhfaghainn pearsa eaglaise chomh taithneamhach cáil leat. VIII. Ba bhreagh é do sheasamh ar faithche nó ar stáitse, Nó ag léigheadh an Aifrinn 's ag ath- chairt go cráibhtheach, Do dhá láimh gheala bhíodh ar leathadh le h-áthas, Ag athchairt chun an uain gach uair le gradh dho. IX. Ag dlígh nó seorón, ar Bhórd nó ar Bhinnse, Ba chiuin tais tláith a bhíodh uaisle tíorach Nuair a chloisidís glór ag an leomhan go h-aoibhinn, Ag troid go crodha i gcómh-chlos daoine. X. Tré chuantaibh Banban tá t'ainm le cáil ort, Le díoghrais mór dá luadh le dántaibh Ceann feadhna na Sagart ba bhean- nuighthe í cháil ort; Fuairis úghdarás mór agus power ó'n bPápa. XI. Tá Tigh na mBocht sa Daingean go hathtuirseach céasta, Daill, mairtínigh, mná críonna 'is daoine aosta, Dighleachtaidhthe dealbha nuair a theas- tuigheadh ó n-a mbealaibh, Go dtéigheadh an t-athair dílis ar an mBínnse ag pléidh dhóibh. XII. Is dolbh is is uaigneach uaigneas do mháthar, An banaltra stuamdha gan ghruaim do thál ort, An bhean chíúin cheannsa mhall tais mhánla, Tá dúbalta i mbrón go deo ná tráighfidh. XIII. Ní h-aon iongnadh liúm-sa go mbeadh smúit ar Ghaedhealaibh, Is go gcruinneochadh an Mhumha chun cúmha a dhéanamh, Indiaidh an phrionnsa dob' úmhaile tréine, D'easgair ar bhláth-shliocht cine Éir- eann. XIV. Dob' é an Pearsa Eaglaise ab' fhearr agus dob' áirde tréithe, An cosainteóir iongantach le dúth- racht naomhtha, An gaisgidheach álainn gan fleás (!) gan éislinn, An leomhan caoin cuthaigh chun com- airce dhéanamh. XV. Glaodhaim feasta, a liaigh chailce na mánlacht' Treoruigh suas sinn go buaidh na cráibhtheacht' A chonnsiléir thaithneamhaigh bhí 'n-ár n- aice is lámh linn, Agus lá an chrith-eagla labhair i n-ár bhfabhar. CRÍOCH. (Má tá an caoine seo ar a mhalairt de chuma ag aoinne eile ba mhaith linn dá gcuirtí ag triall orainn é. Le linn an droch-shaoghail iseadh bhí an t- Athair Eoghan insa Daingean. Tá sé curtha i seipéal an Daingin.) NAOMHÓG AN OILEÁIN. Seán Ó Duinnshléibhe, file, do dhein an t-amhrán so do naomhóig do bhuaidh an rás lá i gCuan Fionntragha). I. An gcualabhair cúntas ar bheauty deas an Oileáin, Do tharraig sí siud i dtúis is ba mhithid é d'fhagháil, Níl aon fhear sa domhan i bpower í mholadh níos fearr Mar nar cuireadh a rogha ar a' bpoll ó crannugheadh an Áirc. II. Tháinig na brútaigh chúghainn i n-ais- tear tar Mám, Do bailigheadar criú is iad a thabh- airt as gach áit, Chuadar le chéile i gcúrsaí fada na trágha, Go raibh a dteanga 's a súile chomh súighte is bheadh marbh ar chlár. III. D'aithnigheas-sa chugham mo bheauty ag teacht orm ó'm áth, 'S iad ag iomar go gleóite i gcomh- tharrac le na dhá láimh Níor thógas mo shúil díobh súd go bhfaghaidís an lá Mar bhí fear aca súd ag cúlad 's a' chuid eile ag sádh. IV. Ní ar lochaibh na ngéanna a déineadh iad súd a thréineáil, Ná ar na h-oileanaibh ruadha tá ó thuaidh fé bhun Imileá, Ach ar fhairrgí fiadhaine na feudfadh na lachain a shnámh 'S níor mhágamhail an tuairim go mbuadhfaidís siúd an rás.
V. Do casadh me ar mo chúrsaí go Dún Chuinn tamall de lá, Ní rabhas riamh im' chomhnaidhe ach i gcomhnaidhe ag seasamh bhur bpáirt, Ba dhóbair go sgannruighinn, do shamhluigheadar dul ceangailte im'bhraghaid, Ach d'aindeoin an domhain tá rogha na bhfear maith san Oileán. VI. A h-Arthní an ghrinn, guidhim ort go minic sa ló, Gura fada go dtéighidh no ghéaga geala fé'n bhfód. Dá dtagthá chun mo thighe-sé bhéar- fainn ím duit, bainne 'gus feoil, Agus le caitheamh tar éis bidh gheobhfá fíon daor dearg le n-ól. VII. Ó chuireas-sa rómham mo bheauty chur insa ghréin Cuirfead i n-iúl dos na comharsain go ndéanfaidh mé é. Do shiubhlochadh sí dúbailt le colúr a sgeinnfeadh ó piléar, Is mar bharr ar a ndubhart, a criú do thabharfadh sí saor. VIII. Dá mhéid a bhfuil ráidhte níl aon tsásamh ar m' aigne fós, Go gcroithfidh siad lámh liom a rádh gurab 'in athchuinghe gheobhad, Nuair a thiocfaidh an bhás, is cáirde fada ní gheobhad, Go mbeiridh siad mo chnámha leo thar sáile marbh gan treoir.
GREAS BEAG FUIRSEOIREACHTA. An Mháthair: Cad tá ar Mháire, ní fheadar? Ba mhithid di bheith annso anois (Cuireann sí a ceann 'n doras agus glaodhann ar a h-inghín). A Mháire, tá an breicfeast ullamh fad ó. B'fheidir go mbeadh an té seo fuar agus go ndéanfadh sé díoghbháil sláinte dhuit (Glaodhann sí arís). A Mháire, agus rl." Máire: Ba dhóogh le duine gan bodhar a bheinn! Cad ba ghádh an liúigreach go léir? Máthair: Ariú, Mháire! cad a choim- eád thu? Thá an té agus na h-uibhe agus gach aon rud fuar. Máire: Ach this Irish is a nuisance, but I suppose I must speak it as she doesn't know any other. Máthair: Cad é an cadaráil sin agat, a Mháire. Suidh síos annso agus ith rud éigin. Tá sé déannach anois. Do cheapas ná tiocfá anuas choidhche. Cad a bhí ad' coimeád? Máire: Cad a bhí am' choimeád an eadh. Ní h-aon iongnadh me mall ag iarraidh me féin a dhéanamh suas, gan sgáthán gan aon ní eile ar fóghnamh annso agaibh. Máthair: Óidhe dhe dhe! a Mháire a mhaoineach, cad tá ag cur ort in- ao' chor? Seo, caith uait na gothaí agus bíodh ciall agat. Máire: An sean-phort i gcómhnaidhe, Ciall! Ciall!! Is deacair do dhuine ciall ná meabhair ná cuimhne a bheith aige san áit seo. Máthair: (léi féin). Ach a shaoghail a domhain, cad tá uirthi ní fheadar? (ós árd) a Mháire, a laogh, an amh- laidh atánn tú gan bheith ar fógnamh. Máire (go cráidhte) bead im' shean bhean i gcionn bliadhna má fhanaim sanáit seo. Máthair: (léi féin) A Mhuire 'Mhá- thair! speabhraídí atá uirthi agus ní bheidh sí fiche bliadhan go dtí Nod laig seo chugainn. Máire (léi féin). No amusement of any kind, no dances, no parties, nó golf, no tennis. Máthair: Teinneas! Teinneas!! Ariú, a Mháire, cad é an teinneas atá ort? Cuirfead fios ar dhoch- túir láithreach. Máire: Bíodh ciall agat a Mháthair. Níl dochtúir beo leighisfeadh uaig- neas agus croidhe crádh (Tagann teachtaire isteach le leitir agus tug- ann di é. Léigheann sí é agus buaile- ann a bosa le h-áthas). Moladh le Dia! nach breagh é sin, beidh an buachaill annso láithreach (Ritheann go doras). Ó! tá sé ag teacht aníos a bóthar! Máthair: Cia tá ag teacht aníos an bóthar ariú! Máire: An buachaill, an buachaill! caithfead bheith ag imtheacht (Líonann sí cupán de'n té). Máthair: Buachaill! Buachaill!! a's dá chamóg gallbháire aige. Beir- eann Máire ar an gceann éadtrom agus beartuigheann sí í). Máire: Raghad amach ag imirt ghalf leis na h-uaislibh agus ní fanfad annso istigh aon lá eile. Máthair: (Beireann an bhata aca). mBaite is deas an smachtín bata é seo. Is cosamhail le camán é ach go bhfuil sé ró bheag. Agus cogar, a Mháire, cad a dhéanfa tú leis? Máire cad a dhéanfad leis! Cuir- eann sí gotha imeartha airthi féin). Feuch! bhuailfinn buille ar liath- róidín a chuirfeadh míle slighe ó bhaile é. Máthair: A Mhuire na bhfeart! Mo- ladh leat ar fad!! Máthair: Ring ur op un du fón! Mo mhilleadh 'gus mo bhrón, 's is Friann- cis sin dar ndóigh, mar ní Gaoluinn é ná a glór! Máire (téigheann sí 'n seomra agus fill- eann agus leathóg de hata mhor leathan uirthí). Seadh táim ullamh anois. Máthair: Is mithid duit sin. Ach cad é an fuadar atá fút aríú? Máire: Níl aon fhuadar fúm ach gur thug Mister Saindí Mac an Aibb cuireadh dhom chun dul i n-éinfeacht leis ag imirt ghalf. Máthair: Mhuiise, nár leigidh Dia dhúinn Saindí Mac an Aibb, an grugaire gan slacht, mo léann ar a chab. Máire: Ba chóir go mbeadh mórdháil ort inghean dem' leithéid a bheith aghat, seach is duine gan léigheann gan uaisleacht (Bíonn sí ag im- theacht). Máthair: (Tagann ar an ndoras roi- nipi). I n-ainm Dé fan istigh agus deisigh stocaí t'athar agus ná bí ag déanamh óinsin díot féin. Máire: (go mío-shásta acht ag géill- eadh). Is dócha go gcaithfead rud a déanamh ort dom' aindeoin. (Bíonn an mháthair ag lorg na stocaí agus an fhaid a bhíonn a cúl leis an inghin sgiobann sise na bataí imeartha agus tugann sgiúird an doras amach agus a hata n-a láimh aici). Máthair (agus na stocaí aici). Seo a cailín, is fearra dhuit —. Ó! 'gCunntas Dé! tá sí tar éis teithte, mo truagh-sa an té atá ag brath ort, ná ar do leithéid eile de ghligín, nó cá bhfuarthas sibh. Tá cailíní óga na h-Éireann imthighthe na ngliogairí gan áird gan éifeacht agus mo thruag-sa Éire dá mbeadh sí i dtaoibh leo. MEAINICIL. AMHRÁN NA DÉIRCE. Sprionnlóg mná a bhí ann uair, ná Tabharfach déarc ná cabhair do Éinne, agus bhí fear aice a bhí beag nách cómh holc léithe. Tháinig duine muintear- tha leo chun a Tíghe lá agus é gléasta suas i gCló bachaig Feuch a' mbain- feadh fé déarc di le neart Gaedhilge agus Filidheachta agus seo mar ar Thuit amach eadtora. Ó Mhícheál o Cillín atá i gcarraigh á' Chabhalta iseadh a scrígheas síos an Tamhrán. Tá a lán Éirinn eile acu aige agus níl dabhth ná scríobhfar an' chui acud le linn an choláiste a bheith ar oscailt ann imbliadhna. Seaghán Ó Murthuille. I. Go mbeannuighe rig na naomh duit, Muire 'gus a hAonmhac, Is donáinín bocht aosta mé tá am aonar a' siubhal, Nár tháinig riamh bhúr n-Éileamh, is anois tá d'iarraig déirce, A bhean a tighe bí éasga agus scaoil me chum siubhail, II. A bhacaig suig is déin reast, is glac go bog do shaoghal chughat, Beidh mórán ad dhéig-se dá méid é do dhúil, Chúig saibhris do dhéanamh 'á bharr do mhálaí déirce, Do mhuirín ort níl éinne, tá tú féin garbh-mhór. III. A challigh bhrice bhéascuighthe is olc an díolaidhe déirc tú, Do dhonáinín bhocht aosta tá i n-éin- eacht go dúbhach, Mo mhálaí dhíom do léughfainn is mo cheantíní le chéile, Is liom mhaide croise phléasgfad thu fed bhéul uaim anonn. IV. A bhacaig stad do'd bhréithibh is ná tabhair tuille do'd bhéul fúmham Nú ar na fir isteach go ghlaofainn chun do phlaoisgín do bhrúghadh, Mar a nglachthá prátaí scéith' uaim do bheadh tirm plúrach pléasgach, Nú deoch do bhainne géur agus beith buidheach chuig a' tsiubhail. V. Ní ghlacfainn práthaí scéith' uait a bheadh tirm plúrach pléasgach. Ach lomrach na caorac isé do bhfearr liom, Scilling gheal chun tréite nú ubh na circe léithe, Sin é an uair a déurfainn go mbheinn bhuidheach chuig a' tsiúbhail. VI. Go marbhúighidh an traet thú is beag d'ólfainn féin de, Mar tá cíos is cáin ag glaodhach orm gach lá os mo chionn, Mar a n-imthigir uaim fé bhuidheachas is gan teacht go brágh am Éileamh, Sé an tuisge te do thaosgfainn ort fé'd bhéul uaim anonn. VII. A chailligh bhrice séidthe is tú is measa cáil i naon chor Níor mhaoidheamh ná mustar do éinne mo phlaoisgín do bhrúghadh, Mar is tu an ealleá' is measa tréithe dá bhfeaca sa i naon bhall, Mo mhullacht-sa go h-éag ort 's nílim buidheach chuig a' tsiubhail. VIII. Fear a' tíghe. Eirigh ad suidhe airiú a mháire is téirig go dthí an mála Is tabhair de gabhál do árd ollainn uain, Cur scilling gheal 'na láimh dheis chun dul go tig a' tábhairne Nú tabharfaidh sé ár náire i fráithibh na mbhó. (A Chríoch san.) SUIRIGHEACHT GHALLDA. Do fhear an Lóchrainn. A Chara — Is fada me ag léigheamh an Lóchrainn anois agus bhí meas agam air, acht tá a mhalairt de thuairim agam mar gheall air anois. 'Se rud do chuir na choinnibh me ná an magadh do deineadh ann an lá fé dheire i dtaobh cailíní. Ní ceart do Ghaedhealaibh bheith ag magadh fúinn. Ní chreidim gur cailín do sgriobh leitir Mháire in aon chor; nó, más cailín í, níl sí ró- chailíneach. A leitheidí sin do laitean ár sgéal ig comhnaidhe. Tá gearáin againn le déanamh ach níor chuir sí sin crot ceart ortha. Cailín mise agus tá Gaedhilge agam ach d'fheadfainn grádh do thabhairt d'fhear mhaith pé 'cu bheadh Gaedhilge aige nó beadh, agus ní bhfuighinn aon locht ar fhear go m- beadh Gaedhilge bhreagh aige dá dtu- gadh sé grádh do chailín ná beadh aon Ghaedhilge aice. Is mó cailín maith deas clisde againn gan aon Ghaedhilge acu agus bá dheacair d' fhearaibh gan bheith ceanamhail ortha dá mbeidís ta- mall na bhfocair. Táid siad ceol- mhar, slachtmhar, béasach agus cuma dheas ortha. Ní ag cuimhneamh ar aon teangam do bheadh an fear a bheadh ag cainnt le duine acu san, ach ag cuimhneamh ar an saoghal aoibhinn do bheadh aige dá mbeadh sé de rath air a leithéid de chéile do bheith aige. Rud eile, rud iongantach is eadh an grádh nuair a bhorran sé i gcroidhe duine. Ní thuigean daoine áirighthe an bhreaghacht agus an chómhacht atá ann. Bíon a rian san ortha mar deinean siad tagairt tuathaltch dó fé mar do rinne "Máire." An duine do thug "an giolla caoch" air is maith do thuig sé a chómhacht. Cé gur cailín Gaedh- ealach mise ní phósfad aon duine mar gheall ar Gaedhilge do bheith aige. Pósfad duine éigin uair éigin is dóigh liom ach beidh snaidhm is treise ná snaidhm na Gaedhilge ghár dtarac le chéile roimhe sin. Beidh snaidhm an ghrádha ann. Muna mbeidh fanfad mar seo. Go deimhin féin bhí náire orm nuair do léigheas an litir sin, agus dá m- beadh "Máire" am aice do thabhrfainn cómhairle a leasa dhi. Sinne ag súil le sgéal ó fhear mar gheall ar chleamh- nas toisg go bhfuil eolas ar an nGae- dhilg againn. Féachaidh ar sin a chail- íní! Ní suirigheacht cheart é sin in aon chor, agus ní cheart dúinn leigint do dhaoinibh a leithéid do chur 'nár leith. Déarfadh daoine ar ball gur fonn pósta a bheadh ar gach cailin a raghadh ag foghluim Gaedhilge. Féachaidh ar sin! Nách iad na labana iad na fir seo a bhfuil an Ghaedhilge acu go m- beadh duine againne ag brath ortha í shábháilt ó bhéith 'ná sean-mhaighdin ar ball. Tá cuid acu maith go leor is dócha, ach ní fheadar cad déarfad le cuid eile acu. Tá eagla orm ná cuirfir an litir seo sa Lóchrann mar bhís róbháidheámhail leis an stiúsaí san "Máire." Mise, CAITLÍN.
A FHEIRMEÓIRÍ! AN FILLEADH BEAG. AN CULAITH GAEDHEALACH I n-IOMLÁN, agus BRÍSTÍN, agus BRAT, agus DEALG, agus CAIPÍN, i n-a Theannta AR — 50/- SCRÍOBHAIDH CHUGHAM GO SRÁID AN RÍGHO 49A i gCORCAIG. TOMÁS Ó GORMÁIN. TROSGÁN TIGHE. FÓGRA. LEABHRÁIN PINGINNE "AN LÓCHRAINN." Táid na leabhráin seo leanas ullamh anois — 1. PÁIRLIAMENT NA MBAN, CUID I. 2. PÁIRLIAMENT NA MBAN, CUID II. (Cormac Ua Cadhlaigh do chuir in eagar). 3. CAISMIRT NA gCEARC. CUID I. 4. CAISMIRT NA gCEARC. CUID II. 5. AN SIOTA 's A MHÁTHAIR, 6. LIAM NA GIÚISE. ("An Seabhac" do chuir in eagar). 16 Leathanaigh de glan-Ghaedhilge nga ceann. Le fághail saor tríd an bpost ar 1½d. an ceann nó ar 9d. an dosaen. Scríobhtar go dti RAIGHILL IS MAC CUIRC, TRÁIGH-LÍ. LEABHRA AN CHONNARTHA. Cath Fionntrágha. By P. O Seochfradha. 6d. net. Trí Torpáin. Specially arranged for Intermediate Programme, with an extensive Vocabulary and Notes. Price, 1/- net. Bruidhean Chaorthainn: An Ossianic Romance. Edited, with Notes and Vocabulary, by Padraic MacPiarais, B.A., Barrister-at-Law. 9d. net. Dearg-Ruathar Chonaill Chearnaigh: A Rudrican Tale from a Thomond MS., with Vocabulary, 123 pp. Limp Cloth, 9d., net. Bodach an Chóta Lachtna: An Ossianic Wondertale. Edited, with Notes and Vocabulary, by Padraic Mac Piarais. 80 pp. 6d., net. AN CLAIDHEAMH SOLUIS. Cuidigh leis an g-cuis agus ceannuigh an Claidheamh Soluis. Ní'l as acht pingin sa tseachtmhain. Ar an phingin seo gheobhadh tú gach saghar eoluis ar chúrsai an tsaoghail. Árus an Chlaidhimh ag — 25 Cearnóg Rutlainn, Baile atha Cliath.
A Ghaedhla, Cabhruighidh le Chéile! Gach aon saghar earraí le gághail ann. WRITE FOR CATALOGUE. DO THIGHTHIBH AOIDHEACHTA INSO. Má's as baile dhíbh a Ghaedhilgeóirí gheobhaidh sibh ósduigheacht agus bárr freasdail má chuireann sibh fúibh ins na tighthibh Gaedhlacha so: I gCORCAIGH. Tigh Inghín Ní Bhuachalla, 6 Sráid an Droichid. (Láimh le Droichead Pádraig). GRIANÁN NA nGAEDHAL Gaedhluinn ag muintir a' tighe. IN UÍBH RÁTHACH ÁLUINN Aoidheacht maith do Ghaedhlaibh. BEAN UÍ DHUILLEÁIN, Spúncán, An Cuirreán. Labhartar Gaedhilg 'sa tig seo. GLANACHAR SAOIRSEACHT SÍBHÍALTACHT. I LÚNNDAIN SASANA. CUIRIDH FÚIBH I DTIGH AN PHAORAIGH. SOCAIR-LIOS DO GHAEDHEALAIBH, I nDÚN GARBHÁN. Tá teach aoidheachta deas ag, MAIGHRÉAD NÍ ANNRACHÁIN (Private hotel, 26 Mary-Street, Dungarvan). Baile an Fheirtéaraig an Craoibhin Aoibhinn, Ameasg Ceanntair Gaedhlacha nEirinn tíom- pall, Tá ann greann Seana-nósa a's ceólta ár sinn- sear. Tá rinnce is damhas ann agus amhráin bhríoghmhar Má tá Gaedhluin uait, ná cunláiste chum í fhoghluim, nó airgiod agat le caitheamh cuir fios air an fear fíor ghaedhlach Liam ó Lúbhaing, Baile an Firtéaraig, Daingean. I dTRÁIGHLÍ. TIGH-ÓSTA UÍ SHUILIOBHÁIN, 33 UPPER CASTLE STREET. TERMS MODERATE. MUINTIR AODHAGÁIN, 32, SRAID PHÁDRAIG, 32, I gCORCAAIG. TÁILLÚIREACTHI. DONNCHADH UA LIATHÁIN, 43 Sráid Marlboro, i gCorcaigh. Labartar Gaedhilge ann,. TROSGÁN SIGE. SOLUS NA nGAEDHEAL DÉANTA I mBAILE ÁTA CLIATH LEABHRÍN NA LEANBH. Norma Borthwick. Aesop a tháinig go h-Eirinn. Parts I. — V. net. 6d. by post 7d. Seadna Part I Reduced to net 9/- by post 1/- Vocabulary to Seadna net. 2/- by post 2/2 CÓMHLUCHT NA FÍRINNE CATOILICE I N-ÉIRINN, LEABHAR ÚRNAIGHTHE, FÉ CHOMAIRCE NAOMH PÁDRAIG AG SRÁID AN RÍOGH I gCORCAIG. SEÁN Ó CONAILL SAOR EALADHANTA AGUS SNAIGHTHEADÓIR CLOICHE. Is uaidh a gheobhfar gach aon nidh dá fheabhas mar chros-liag, leac-cuimhne altóra, agus mar sin dóibh, chun ónáidí ar uaghaibh agus ar eaglaisibh. "AN LÓCHRANN." Ar na chur amach gach mí ag Muintir Raighill is Cuirc i dTráigh-lí. Le fághail saor tríd an bpost ar trí rélachaa san mbliadhain.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services