Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bealtaine - Meithimh 1912

Title
Bealtaine - Meithimh 1912
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1912
Publisher
Muintir Raighill is Cuirc

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN.



PÁIPEUR LE GAEDHILG IN AGHAIDH AN MHÍOSA É SO.



IML. IV. UIMHIR IX.



BEALTAINE — MEITHIMH, 1912.



PINGINN.



AN CHOLANN GAN CEANN.



(Seán Ó Murthuille do bhailig).



Bhí baintreabhach ann fad ó agus bhí
beirt mhac aici. Domhnall ab' ainm
do dhuine aca agus Seán ab' ainm do'n
duine eile. Bhí an tighearna talmhan
ag teacht ortha ag éileamh cíosa agus
ní raibh aon airgead aca le tabhairt
dó. Dubhairt an mháthair le Domhnall
dul a's dhá ualach coirce a bhreith leis
go dtí an margadh chum iad a dhíol.
Thug sé ann iad agus dhíol sé iad . Ar
a theacht abhaile dho do bhuail sé isteach
go dtí tigh tábhairne a bhí ar thaoibh an
bhóthair. Thug sé uisge agus coirce
do sna capallaibh agus bhí deoch ag
(aige) féin chómh maith. 'Nuair a
chuaidh sé isteach bhí beirt istigh roimis
ag imirt chártaí agus iarrdar ar Dhomh-
nall cluiththe dh'imirt 'na bhfochair. Do
chuaidh sé ag imirt leo (tha) agus is
geárr go raibh luach an choirce caillte
aige ar na cártaibh. D'imigh sé abhaile
annsin agus gan pinginn na phócha
aige. Nuair a chuaidh sé isteach abhaile
go dt 'na thig féin d'fhiafruigheadar
de cá raibh an t-airgead. Dubhairt
sé leótha gurbh amhlaidh a chuaidh sé is-
teach go dtí tigh éigin a bhí ar thaoibh
an bhothair agus gur chuaidh sé ag imirt
chártaí agus chaill sé an t-airgead
go léir ortha.



"Ná bac san," adubhairt a mháthair,
"tabhair seans do Sheán agus tabhair dhá
ualach eile dhó i mbáireach,"



Fuair sé an coirce agus dhíol sé é.



An uair a bhí sé ag teacht abhaile
agus é ag deunamh ar an dtigh do
dhún sé a shúile chum ná feicfeadh sé
an tigh. Do stad na capaill ar
aghaidh an tighe agus níorbh aen mhaith(eas)
do a bheith ag gabháiltortha; chaith
sé an deoc agus an choirce a thabhairt
chucha. Ansan dubhairt sé go mbeadh
deoch aige féin chomh maith agus bhí.
Bhí an bheirt cheudna ag imirt roimis
agus dhubhradar leis teacht agus cluithche d'-
imirt ina bhfochar agus bfhéidir go mbua-
dfeadh sé an méid do chaill sé an
oidhche roime sin. Bhíodar ag gabhail(t)
do choidhche go dtí gur luig sé isteach
in a bhfochair ag imirt. Ní rabhadar i
bhfad ag imirt nuair a bhí airgead an
choirce caithte aige. "Seadh anois,"
ar seisean "níl faic agam acht an
dá chapall agus an dá chairt agus cuirfead
síos iad." Do dhein, leis, acht is
geárr go rabhadar buaidhte uaidh.



"Seadh anois," adeir sé, "tá a raibh
agam imthíghthe uaim, agus tá sé chomh
maith agam dul abhaile agus slán d'fhág-
aint 'ge mo mháthair agus bailiúghadh liom.
D'imthig sé leis abhaile agus chonna-
cadar ag teacht é gan capall ná
cairt aige. D'fhiafruigheadar de cár
fhág sé na capall agus na cartacha.
Adubhairt sé leó gur imir sé iad id-
tigh an tábhairne "agus ní thiocfainn
abhaile ar ao' chor," ar seisean, "acht
chum slán d'fhágaint ag mo mháthair."
D'fhág sé slán aca agus seo chum siubhail é.
Bhí sé ag siubhal leis go dtí gur thuit
an oidhche air. Ansan bhuail fear leis
agus d'fhiafhruig sé dhe cad a bhí air.
"Táim ag imtheacht," adeir Domhnall,
"ag iarraidh slíghe maireachtain(t)
dom féin." "An bhfuil ocras ort a
Dhomhnaill?" adubhairt an fear eile.
"Má tá; tá feóil im mhála sa," do
shuidheadar síos ar thaoibh an bhóthair
agus d'ith Domhnall a dhóithin(t). An
uair a bhíodar sásta d'imthigheadar
leó agus bhí teach duine uasail ar
thaoibh an bhóthair rómpa agus bhuail
Dómhnall ag an doras. Tháinig
duine uasal amach chúcha agus d'iarr Domh-
nall lóistín na hoidhche air. Adubha-
irt sé leó go raibh caisleán aige ansain
thuas agus dul suas a's go mbeadh sé
féin suas in a ndiaidh.



D'imthigheadar suas agus isteach leó sa
chaisleán agus tháinig sé féin in a ndiaidh
gan mhoill. Do thug sé leis Domhnall
síos go dtí an soiléir. Dubhairt sé
leo gan ocras ná tart do bheith ortha.



D'imthig an duine uasal thar n'a
ansan agus nuair a fuair Domhnall im-
thighthe é do thuir sé síos teine agus dhein
sé biadh d'ullamhughadh dhoibh féin agus sul
a raibh an bhiadh ithte aca dubhairt sé
go raibh sé chomh mhaith aige crúiscín
dighe d'fhagháil doibh féin.



Síos leis go dtí an soiléir agus a
crúiscín agus an choinneal aige. Chuaidh
sé go drí an soitheach agus nuair a bhí sé
ag casadh an cho(i)c chum an chrúiscín
do líonadh dubhairt an cholann gan
ceann.



"Is liomsa an soitheach san."



D' fheuch Domhnall in-áirde agus
is amhlaidh a bhí an cholann gan ceann
in-áirde ar an soitheach.



"Ó má's leat, bhíodh sí agat," arsa
Domhnall.



Chuaidh sé gho dtí ceann eile acht bhí
sé ansan leis.



"Stad" arsa'n guth, is liom sa an
soitheach sin."



"Teighir in-ainm an diabhail" arsa
Domhnall. "Ní foláir nó ní leat a
bhfuil ann aca," agus líon sé an crúiscín
agus thug sé suas go dtí an teine é a's
d'óladar é.



Nuair a bhí sé ólta aca dubhairt
Domhnall leis an bhfear eile dul síos.
Nuair a chuaidh an fear bocht síos go
dtí an soitheach do labhair an cholann
gan ceann.



"Is liomsa an soitheach san."



D'fheuch se in-áirde agus nuair a chon-
naic sé an cholann gan ceann thuit an
crúiscín agus an choinneal as a láimh agus
tháinigh sé aníos agus sgannradh a dhóithin
air. Nuair a tháinigh sé aníos dfhiafh-
ruíg Domhnall de cad a bhí air. Dúbh-
airt sé go raibh an cholann gan ceann
in-áirde ar an soitheach.



"Chonnacsa féin é sin, arsa Domh-
nall, "acht níor chuireas aon tsuim
ann."



D'imthig Dómhnall síos agus thug sé
aníos an crúiscín lán de dhigh. D'óla-
dar é agus ansan chuadar a chodhladh. Ní
rabhadar a bhfad in a gcodhladh nuair
a tháinig fear isteach agus é ag seinm
ceóil. "Is mór an truagh" arsa
Domhnall, "ceól a bheith ag dul
amúdha a's gan aoinne a bheith ag
rinnce.



Nuair a chonnaic an ceóltóir é d'-
imthig sé amach ag stairte gáiridhe agus
ansan chuaidh Domhnall a chodhladh airís.
Is geárr a bhí sé in a chodhladh nuair a
tháinig triúr fear isteach ag imirt
liathróide. Bhí beirt aca i gcoinnibh
aoinne amháin.



"Is mór an truagh" arsa Domhnall,
"beirt a bheith i gcoinnibh aoinne
amháin."



Léim sé amach agus thug sé congnamh
do'n bhfear aonair. Nuair a chonna-
cadar ag imirt é do bhailigheadar leó
agus do chuaidh sé a chodhladh airís.



Níor bhfada in a dhiadh sin gur tháinig
ceathrar isteach agus cófra aca. Leaga-
dar an cófra istigh agus amach leó féin
airís. Nuair a fuair Domhnall im-
thighthe iad chuaidh sé go dtí an chófhra
agus d'osgail sé é. Bhí fear mór sínte
istigh ann. "Is fuar an leaba atá
agat" arsa Domhnall. Nár bh'fheárr(a)
dhuit eirighe as sin agus dul cois na
teineadh."



D'eirigh sé agus chuaidh sé cois na tein-
eadh. Nuair a bhí greas de'n teinidh
fachta aige dubhairt Domhnall leis
dul in a leabhaidh féin agus do chuaidh.
Bhí an sean duine istigh ag an bhfalla agus
Domhnall in aice leis agus an fear marbh
ar an dtaobh amiugh díobh. Is gearr
go raibh an fear marbh ag brúghadh is-
teach a's bhí an seanduine brúighte ig
coínnibh an fhalla aca. Bhí sé beagnach
marbh aca nuair a léim an fear bocht
amach tríd an bhfuinneóig agus gan air
acht a léine. Bhí an fear marbh ag
brúghadh Dhomhnaill isteach ansan.
Dubhairt Domhnall leis muna bhfanadh
sé socair go gcaithfeadh sé amach ar
an leabaidh é acht níorabh' aon mhaith
dhó bheith leis. Do rug Domhnall air
agus chaith sé amach é.



Nuair a bhí fear na comhrann caithte
ar an urlár dho labhair sé agus seo mar
dubhairt sé.



"Is tú an fear is feárr a thainig in-
so riamh. Is 'mó fear agus tháinig inso i
táid marbh anois. Chuireadh an sgann-
radh chum báis iad. Is mise athair fir
an Chaisleáin seo agus ní leigfeadh
sgannradh dho comhnuidhe ann. Bhí sé
in a chomhnuidhe ann cheana. Tá trí dabh-
ach óir fé'n gcloich atá sa chistin agus tá
mo cheann ann leis. Is mise an
cholann gan ceann a bhí insan
tsoiléir rómhat agus is mise a chuir-
eadh an sgannrad ar gac éinne. Bheadh
an trioblóid seo orm go dtí deireadh
at tsaogail muna mbeadh tú, agus anois
bíodh dabhach de'n ór agat agus tabhair
ceann eile do'n bhfear a léim amach
tríd an bhfuinneóig agus an ceann eile
d'fear an chaisleáin .i. mo mhac. Tá
ingean 'ge m' mhac — an cailín is
feárr sa domhain, agus bíodh sí mar mhnaoi
agat agus anois bead-sa ag imtheacht."



Tháinig fear an chaisleáin go moch
ar maidin agus ghlaoidh sé ar Dhómhnall.
"Táim inso arsa Dómhnall.



D'fhiafhruigh sé de Dhomhnall a' bh-
feaca sé ao' rud feadh na hoidhche.
"Mhaise ní fhaca mé puinn" arsa
Domhnall agus d'innis sé dho ansan gach
aon nídh. Níor chreid an fear eile é.
Do theasbáin Domhnall an t-ór do agus
an ceann agus ansan do chreid sé é. D'-
innis Domhnall do gach aon rud mar
dubhradh leis. Dubhairt sé go gcaith-
feadh sé a inghean do thabhairt do.
"Bíodh sí agat agus fáilte" arsan
fear eile.



D'imthigheadar amach ansan agus fuair-
eadar an fear bocht eile amuigh agus é
geall le bheith caillte leis an bhfuacht.
Thugadar isteach é agus tháinig sé chuige
féin tar éis tamaill. Seachtmhain in
a dhiaidh sin do pósadh Domhnall agus in-
ghean fhir an chaisleáin agus bhí bainfheis
aca ar fheadh seachtmhaine. Bhí Domh-
nall lán tsásta ansan. Bhí caisleán
agus talamh agus airgead aige, agus
rud do bfheárr ná iad go léir, bhí
bean chomh breágh is a chonnaic súil
riamh aige. Bhí se pósta tamall nuair
adubhairt sé le na mhnaoi gur mhaith
leis dul agus a mháthair d'fheicsint.
Bhí sí sásta agus siúd chum bóthair iad,
cóiste fútha agus ceithre capaill gha thar-
raing. Do líod Dómhnall trí spa-
ráin d'ór agus thug sé leis iad. Do chon-
naíc Seán ag teacht iad agus dubhairt sé
lena mháthair go raibh cóiste ag teacht
agus gur dhóigh leis gur Domhnall a bhí
ann.



"Eist do bheul a amadáin!" arsan
mháthair, "cá bhfaigheadh Domhnall
cóiste?"



Chuaidh sé go dtí an doras airís agus
adubhairt sé an rud ceudna. Chuaidh
an sean bhean féin amach ansan agus bhí
an cóiste staduighthe roimpi. Nuair
do connaic Domhnall í do labhair sé
láithreach agus ansan chreid sí Seaghán.
Do rith sí amach chuige agus do phóg sí
airís agus airís eile é. "Cá bhfuairis an
bhean bhreágh?" arsa sí. "Sin í mo
bhean féin" arsa sé, agus do phóg a mháth-
air í sin leis. Bhís i gcomhnuidhe go
maith" arsa sí agus budh fhuiris(t) aithint
go n-éireochadh leat."



Do ghlaoidh sé ar Sheaghan ansan agus
thug sé sparán do. "Sin é fiacha na
gcapall duit" arsa sé "agus sin é
luach an oirce," charsa sé, ag síneadh
an sparáin eile chuige, "agus sine fiacha
na gcairteacha," arsa sé leis an spa-
ran deireannach. Do thóg Seán iad
agus iongantas air. Dubhairt sé le n-a
mhathair dul leis féin .i. le Domhnall
agus do chuaidh agus bhí saoghal breágh aca as
san amach.



DUAISEANNA.



Dhá dhuais atá dá mbronnadh an
turus so agam. An chéad duais
d'ár sean charaid.



Síghle Ní Bhréanain,
Sgoil Bhaile na Cille,
i n-Uibh Ráthach;



agus an dara duais do
Eibhlís Ní Chróinín,
Beanntraighe.



Tá a lán duaiseanna eile fós agam
agus má gheibhim píosaí deasa Gaedhilge
ós na páistibh sgoile roinnfead ortha
iad.



Fear an Lóchrainn.


L. 2


Ó bo dheonathach le Dia me chuir mar
uachtarán spiriodálta as cionn lucht
leanamhuna an Chreidiomh Chatoilicidhe
an so Díósus so, is dualgus é atá
ceangailte orum, agus ann na ccaith-
fimé géarrchúntas do thabhairt lá eile
a láithir an áirdbhreitheamhnuis, gach
teagasg atá riachtanach do thabhairt
do na treudtha atá fé mo chúram, le
shin, a Dearbhráithireacha ó is ceart
sibh do chuir air úr ccosuint ann san
aimsir bhuartha chúntabhurtha atá nis
aguin, a's air a ttaobh eile nach féidir
liom bhieth a láithir gach aoin Phobuil
fá leith chum labhuirt limh a bparsin,
cuirim mar churam air Shaguirt na
Díósus an comhradh so do léigheamh
ón altóir, gach aon aca dá Phobhul
féin, le muinín as mhór-thróc-uire ar
Dtiarna go dabharthuid na daoine
géar-aire dho, go riaghalfuigh siad a
mbeatha agus a niomchar da réir.



Is le buaireadh mhór do thuigim, a
Dhearbhráithearacha gramhur, go bhfuil a
ndíósusuidhe eile, agus fós an Díósus
is adhchumuire dhúin, dalacháin bhochta
mhealta ag eiridhe suas le buile agus
dícéille a guine cheart-dlighe na
dúthuighe, a cuir leamhara amach le
coimhéagan, a brise síochán na coimh-
tiantacht, a tarruinght géarr-smacht
a nuachtaráin agus díoltus na Dlighthe,
ní she amháin ortha féin, acht fós ar
dhaoine bochta síochánta na Dúthuidhe.
Do bheirim an san aimsir chéanna
boadhachus le Deia, nach cloisin aoin
míriaghaltacht don tshortso am Dhiósús,
ea (? ná) a measg na bpoibliochadh a
tá fé mo chúram agus ní le h-amhuras
aoin midhiompar comhuntabhuirteagh
don tsamhail seodh (? seo) do bheith
éaduirthibhse ná ag meas guh bhuil aon
driothaigine aguibh féin do chuirim an
teagasg so gu digh sibh ach le h-eagla
go dtucfagh aon malathóir didhchéillidhe
dhíobh so a triaghal oruimh do dhéanagh
aon tiormuisc dhíbh, ná thaireocagh sibh
(a) shlighte maluithe míodh fhoirtiúnacha
féin, le conntabhuist úr mhille go h-
iomlán an sa tsaoghul so, agus ur n-
damnudha síorraidhe an sa tsaoghul
eile.



Ní bhfuil neach an úr measg le
nach coimhinle créad é an díomháil do
dhin an fhamhulchus so dhíbhsé, agus don
Dúthigh eile ar fad, an sa an aimsir
dhimig thoruin. créad é an tamaird,
chréad e an tuallagh cíosa a's cáin do
tharaigiodar oruimh a's féachuig ainis
créad é accridhe féin. An éamuis
ar marbhuidheach, agus móran níos mó
do chreachagh ó am go h-am le
bliadhan, a ccuntaoe Thiobridara, a
ccúntaoe Lumuine, a ccúntaoe Chor-
cuighe agus mórán tíortha eile; féa-
chuig créad a thuit amach is geadhár ó
shin, an ur ccomharsanacht féin an sa
Daingion. Do chuirnigh na mílte
parsa do na Dalacháin seo a bhfuirim
buachaillidhe bána, a baguirt agus
dearbhugh guh gcuirfhidís a ndlighthe a
bhfeidhim; nach díolfaidhís cáin ná
cíos; nár bhfhualáir dhóibh feasda bheith
ruimhintpháirtheagh a seibhioras a's ann
ula-mhathas na Dúthidhe an ionad bheith,
mar bhíodar, a mbochtuinneacht agus a
nannroe; acht créad a bhidhe dá bhár
acu as an rald (?) maluithe dícéiliogh
so? Do glaomh amach 40 éiccin sai-
gheadúirdhe bhí ar an mbaile, noch do
chiur ruaguirt agus brise air an chuir-
niúdh buile, tar (éis) naonúr aco do
ládhach air an láithir, agus a bputóga
a sgaoile fé sráid.



An gadh dhum fós insint díbh nidh do
chualabhuir go léir, gur tógach suas
ladh feigh deiri tiompal 200 an aon
lá amháin a Ccorcuigh; gur lamach
aisteach go prísúin iad; agus nach
bhfuil duine aco no (?go) mbeig áir-
eamh na chúis ná déanfar a chrocha nó
a dhíobirt har Farrigi? Dá mhéid
scúirsidhe agus anacura dfhuiling
lught an tsaoghar so agus atá fós fé
na ccóir, agus dá mhéid a ghutlean
orum féin a ccas mío fhortúineach, is
deocuir truaidhmhéil bheith dhóibh, thar
éis na mórán sompluidhe do chonur-
caduir le 40 bliadhn ó nar cheart dóibh
a thuisguint, ná beoch go brágh le buadh
as midhiompar agus eirighe suas an
aghagh na Dlighthe, ach géarr-dhíoltus
air na daoine cionntach, agus méaduigh
na dtrom ualaighe air coimhtiantacht
na mbocht. Créad bo ghnáthuighe le
feisgint an aimsir na mbuachuilidhe
mbána, ná prísúinuidhe agus breigh-
dionnuidhe da líona, cuid aco dá
ládhach le pléaruibh, cuid aco dá
ccrocha, a thuile aco dá sciúrsáil go
pubuilidhe thridhe bailte móra agus
Catharacha, a Mbná dá bhfagáil na
Mbeintearacha, a cclan na Ndhileagh-
achtuidhe, a ccuid agus a n-
giongmháltus bheoga dá ndíbhirt agus
da ruagairt as a n-áitribh agus a n-
duthuigh. Agus cé iad bo bhun le seodh,
ach daoine díomhaoine, gan strus gan
bhraigil, gan crídh, gan tairbheuraige,
nach roimh aon-nidhe le caileamhuint agus
gan ni eile a naigne ach cuid a ccomh-
ursuin mhacánta do shlada, agus do
fhuadagh. Agus a Dhearbhráitíreacha
dá mbeath sibh fós gan na sollaoidighe
seodh as cóir úr súile nach neosach ur
ccial nadúrtha dhíbh nar bhfhéidir leo
so dul air a nadhaigh a guine comhachta
na Ríoghachta, air amhar nach é amháin
arrumháil na dúthaidhe, lucht seibhris
agus achmhuine, ach fós gach naon aig
dhá mbeogh nidhe ar bith ar a sheilbh,
amháin a gharruidhe, a bhathán, a mhuc no
a mhion-alach eile e chosnamh, do eiróch
suas daon-mhbhaoidhin an aghaidh na ina
laghthóiridhe seodh.



Ach bfhéidir go lamharfuidís libh ar
chogu nó ruathar do theacht go Éirinn,
go natharóidhfidhe críochsmacht na Dú-
thuighe, go bhfaghach sibh saoirse nó
fuasguilt ó gach amard. Seadh,
ghearbhráithearacha, nidhe nach fuil bun
ná deáreamh leis, amhar, baodhachas le
Dia atá baoighean agus sluaite ár
roidhe féin comhachtach comusach go
leor, air muir agus air tír chum ar
namhaid do chonáil uain; ní bhfuil
neach do thuisgint ná d'eolas gan
fios aige gur díomhain aon ionnsuigh
do thabhartheach na Francuigh air theacht
go Éirinn, do bhruidhe nach fuil comh-
achta san Eóraip is treise ar fairrge
ná Sasanna, agus go bhuil a loingeas
a ccomhnuidhe amuth ag faire chum
bhreith ar na Francuigh, agus iad a chur
go grional, dá leodhfuidís a ccuan
féin dfhágáilt agus a naghuig do
thiospáint air ttaoin. A ccás féin
go bhféadthuidís teacht a dtidhir an ár
measg agus buadh a ghfhamháil ar dtúis,
créad na mbeoch súil agaibh gur
bheárrduigh úr ccuingíol é? féachuig
créad a dheinid siad na ndúthuig féin.
A chéile do mharbhugh, na cinn do sgotha
do gach naon nar dóighe leo go bhuil
aoinnidhe aco le fagháil na bhara, gach
nidhe chímhid a seilbh a ccomharsan
dfhuadach le fóirneart agus creach-
ruather. Créad a dheinid siad ann
sgach tidhir eile chum na sroisean
cconncuis? A mbailte agus a Ca-
tharacha do leaga, do losga agus do
mhille; gach nídhe theagainn na slidhe
do lott agus do réaba, gairim do
chur ar gach caithir agus baile, suighim
airgid do dhéanamh suas dóibh gan
mhaoil no a ccinn do bheith a ngeabhal
leis; an aon fhocul, gach tír tridhe
na ngeamuid siad do léir-sgríos go
umlán. Nó an measuin sibh, a Dhearbh-
ráithearacha, go mbheidís níos fabhuir-
idhe dhimse, ná do locht a ndúthuighe
féin, agus dá ndlughchomharsanuimh?
nach mealuig sibh féin; ní bheoch air a
naigne, go mór-mhor ar theacht ann so,
ach sin go léir, seibhir agus bocht, do
creacha; ar amhar go bhuil fhios aco na
beoch air a ccumas seilbh na duthuidhe
dáiteamh agus do chosnamh aguine an
neart-armáil do chuirtheach Sasonna
gan mhaoil air dún chum iad do
scaipe agus do ruaguirt.



Tar éis ar chuireas andhúil díbh, má
tá an úr measc aoinne chó éagantach
agus go mbeoch taobhuidheacht ná leaga
ar bith aige le na Francuig air son a
cCreidimh, bíoch a fhios nach fuil ionnta
anis ach drong díchreideamhach ann
chríosdamhail, do tharcuisnios Dia féin,
do mhasluidheas gac nidhe da naomhtha
agus dá bheanuighthe, do loisgios
Teampuil a's Mainistridhe, do chuirios
chum báis Sagairt agus bráithire, do
raobus Altóiridhe,… go dí naomh-
shacrimint corp Criost féin, nach leig-
ion thórsa gan brúdh sa chois.



Ach air a shon gur toil le Dia leig-
ion leodh sealudh an na mídh-ghníomhar-
tha so, bíoch fios agaibh (go) ttarecuig
(luath) nó mbabhul cloimh an trom
dhíoltus na guine (mar a) dhin aguine
Antiochus, Baltasar agus mórán
tíoránuigh bhorbadh neimhdhiaguidhe eile
nar leig sé srian air feag tamuil, nó
gur tháinig aimsir féin chum iad do
ghearradh amach.



Nach truadhmhéileach an nidhe a cháirde
grádhach, na daoine feodh, bhídh, bhídh na
bhfír-chríostuidhe thómósagh do rialacha
chreidiomh Íoasa Críord, géileamhúil
dá nuachtaráin agus don Eaglais,
díogruiseach dá Righ, síochánta le
céile, daonnachtach, solabhartha, muin-
teartha <?> le deoruidhe, múinte
béasach thar daoine eile an domhuin,
iompogh amach inis na namhuid folas
aguine Dé agus daoine, na nannspi-
ridigh a cclodh (daoine) gan col le
h-aon chuir da thruime ná dá thruaill-
idhthe. Séodh searbh-thora dídhfheirg Dé,
noch tharring an críoch maluithe seodh
ortha féin, ag tosnughadh le mídhthómós
agus neamhubhalaoidheacht dá nuach-
taráin dlisdineach, le brise trídh sío-
cháin agus deaórdúgh an chomhluaduir,
agus le toil buile, a naigne féin a
chuir suas an ionad cheart-dlighe na
Ríochta. Nach (cuireadh) so iongna
oraibh a dhearbhr, air amhar nach fuil
nidhe air bith is modh a tá nadhagh or-
duil (?) na Flthuuis do tarruingeas
oruin scúirsidhe ó Dhia ní amháin an sa
tsaoghul so ach fós an sa tshiaraigh-
eacht, ná midhriaghaltacht don tshamhuil
seodh. Mar mhúineas Dia féin dúin
as beul an Aspuil Pól a mbhreithre
soilléithre an sa 13 C. dá leitir chum
na Rómhánuigh "Bíoch," airsé "gach
naon úmhal tumósach do dhaoine an
árd-chomhachta, amar ní fuil aon chomh-
achta ach ó Dhia. Na comhachtuidhe atá
ar bun, sé Dia dórduig iad; dá bhrídh
sin an té chuireas a naghadh na ccomh-
achta cuirean sé anaghadh ordúgh Dé
agus tairringean damuin shíorruidhe
(air) féin," arís airsé "díoluig a cheart
féin le gach aon duine, áird-chíos le
an té do nar ceart áirdchíos, cáin
le an té narceart cáin, eagla roimhe
an té nar ceart eagla bheith roimhe,
ómós do an té nar ceart ómós. Nach
bídheach aoin nidh umodh aige neach or-
uimh." Chímíd Íoasa Críosd ar Dtia-
gharna ag aithne áird-chíos do dhíol le
Caesar, gé gur Allumharthach Págánach
é, do gheirrlean le gach cinéal sgúir-
sidhe agus pionaigh," Íosa Críosd féin
agus gach aon do admhuigh a Chreidíomh.
"Díoluig" ar sé, "le Caesar na nidhthe
bhuineas le Caesar, agus le Dia na
nidhthe bhuineas le Di."



Múinean so dhúin, a Dhearbr, créad
é an fáth le nar ceart áird-chíos agus
cáin do dhíol le nár Nuachtaráin dlis-
dionacha; chimhin sibh nach é a Ccredomh
ach a nughdasrás is bun leis, mar gur
b' iad do chosnamhuid ar ccuid agus
ar ccóir, gur biad do thugaid didhean
agus taramuin dúin ó nár namhuid
agus ar naiscáirde. Is leis sin a
Dhearbhr, a dheir Príomhughdar gach
deadhornuigh (?) Dia féin a leabhar na
seanráite, "Triah darása riagh-
althuidh Righthe, agus eachtamhuin Dli-
ghtheóirithe cóir agus ceart" (? Tré
m'ughdarás-sa riaghluighid R. agus
eachtugheann D. cóir agus ceart.)
Agus go dearbhtha, a cháirde grádhach,
mar a mbeoch na h-uachtaráin seo as
an ccionn, cionnasa bheidhmís a suibh-
neas ná síochán fad a bheoch an uile
nidhe dá fuadach aige an té bo threise,
gan cóir le fághuil aige an lag, gan
srian gan teora le an Creachadóir
ná le an marbhthóir.



Agus an é seo an sort saoghuil nó
aimsir bo mhian libh? táim deimhneath-
each, a dhearbhra, gur le critheaghla
féin do smuineamhuin sibh air. Leis
sin, a cháirde mo chroidhe, ní féidir go
mbeoch aoine aguibh chó dídhchéilidhe ná
chó maluithe sin as lámh a bheith a
mbuart ná an araid do tharoiceagh
oruimh na scúirsidhe shaoghalta so
dáireamhus suas díbh, agus, nidhe is
míle measa fós, do thuilteach damuint
síorruide dúr nanamnacha, fé mar
chualabhuir as beul an Naomh Aspuil
Pól. Agus tar eis ar fhuilingheamhuir
féin agus úr síonsar ar feadh 200
bliadhan eir son úr ccreidomh, nuair
a bhí mórán aguibh le buagh dtaobh a
threigion; ar nódh ní féidir gur mian
libh sgaramhuint leis anois; nidhe
thuaiteach amach dá dthabhuirtheach sibh-
cruas do na cóimhirligh mhaluithe atá
go déigheanach ag rioth trí an dúthigh,
ag corruighe suas agus ag gríosúdh
na ndaoine chum sompla diabluidhe
Fraince do leanamhuint. Ní féidir
a cháirde mo chroidhe, ní chuirin fé núr
gcóir é; go mórmhór ainis tar eis an
saoirse agus an fuasguilt do thug ár
Righ ceansa daonachtach a ccoimhchean
gal le na dhlidhtheoirithe dhúin go léir
ó an ngéassmacht agus ó an pionois
bhídh as ár ccionn.



An ionad aon araid ná brise síoch-
áin, a tá muinín agam as trócuire
gan teorádh ár Dtiarna, go ndéanfa
sibh díchiol an chomhairle leanamhuint
do bheir sé dhíbh airis as beul an As-
puil. "Diúltugh do neamhdhiaghacht
agus do chlaonta an tsaoighil seodh,
úr mbeatha a chathamh go measartha, go
ceart, agus go cráibhtheach air a dta-
lamh, ag feithiomh le dóchus na beatha
naomhtha, agus teacht glóire De, agus
ár Slánuidhtheoir Íosa Críosd, noch do
gheallus dá sheirbhísigh díliosuidhe íobh-
nus síorruidhe a bhflathamhnus; nídh do
ghuidhim díbh go léir.



<Easpog de mhuintir Téacháin (t-
Séacháin) do bhí i ndíoghóise Chiarraighe
san mbl, 1794, do chuir an leitir sin
amach. Do cailleadh san mbl. 1797 é.
Leitreacha Rómhánacha atá ar thaobh na
Gaedhilge de'n "teagasg" agus dá bhrigh
sin agus a bhfuil de "h'anna ann, a's
an leitriughadh lochtach, is deacair a
léigheadh.



Dá chúis fé ndeara é do chur sa
Lóchrann (1) a dheacra cóib d'fhaghail
agus a fhaid ó cuireadh "teagasg"
amach i gCiarraighe as Gaedhilg; agus
(2) an t-eolas atá ann ar na
smaointe a bhí ag borradh i n-aigne
muintire na dúthaighe an uair sin.
Is dearbh ámhthach nach mór an misneach
a chuir an tEaspog san ins na daoine
seasamh ar son a gceart féin.


L. 3


Insa "teagasg" ní bhfuair sé locht ar
bith ar chamastaighil ná ar ghéarlean-
amhaint na Sasanach do bhí ann le n-a
linn agus ní raibh aon droch-íde béil
olc go leor do mhuintir na Frainnce
nach dearna olc ar Éirinn riamh.



An tagairt atá ag an Easpog Ó
Téacháin do'n mharbhughadh insa Dain-
gean, tá a chuimhne sin fós ag na sean
daoine ann. "Bliadhain Mharbhuighthe
na bhFear" a thugaid siad uirthi, agus
is minic a chuala iad ag trácht tháir-
sti, acht ní h-é meas an Easpoig atá
aca ar na fearaibh bochta.



Do bhí aistriughadh Béarla leis an
leitir seo san mbliadhain 1794. Nár
chóir, as a luighead, go mbeadh ais-
triughadh Gaedhilge ar an gceann a
cuirtear amach anois. Tá 60729
Gaedhilgeoirí i gCiarraighe fós — tá
níos mó ná san sa díoghóise — agus
is maith an dóigh ná raibh an oiread
san de lucht Béarla ann céad agus
ocht mbladhna déag ó shin. Is deimhin
dá gcuirtí i gcomhairle an Easpoig
anois é go dtoileochadh sé é dhéanamh>



DRAOIDHEACHT-LOCHA I gCAIRBRE.



(Lorgán)



Chuadhas anonn ag triall a Shiobhán
arís, tá seachtmhain ó shoin ann. Ní
raibh istig rómham ach í féin agus an
leanbh do bhí sa chliabhán, í ghá luasgad
aice. Chromamar ar chainnt. Bhí sa-
gart d'á rádh liom ó shoin," arsa mise,
"gur breagh goléir na heascainí iad
san do fuaras uait."



"Agus cárbh fhios do shagart ar bhith
go dtugas a leithéid duit?" ar sise.



"Amás" adubhart-sa "do léig sé
sa Lóchrann iad. Bhíodar an mí ó
shoin."



"Ó, mhuis', ó mhuis', ó mhuise" ar
sise, "munab ait an duine tusa, a's
a leithéid sin do chur in aon pháipéar."



"Féachaint a mbeadh tuille dá sha-
ghas agat le tiubhairt dom fé ndeara
go dtánag a leith anocht mhuise, féach!
Ná bhíodh aon iongna ort in aon chor."



"Tá agus da iongna orm, a ghamh-
ain, mar tá eagla orm go bhfuil ag
dul d'bhúr meamhair ar fad, agus aon
ghnó de'n t-sórd san do bheith de chúr-
am oraibh. Ní fheadar cad déarfad
leis an sagart, is dóigh, más fhíor gur
thaithn siúd leis. A dhe! tá an leanbh
ag dúiseacht Hois abá-á-á-á. Hois
abá-á-á-á. Is iongantach an sagart
é. Hois bá-á-á is eadh san. Hois
abá-á-á-á."



'Seadh! chuir sí an leanbh chun suain
tar éis a lán eile de na Hois abá-ibh,
agus chuireas isteach arís airthe.



CURACH A LICE.



"Is ait an sgéal do chuala an
oidhche fé dheire," arsa mise, "mar
gheall ar an Loch san shoir. Seanduine
do bhuail an treo chughainn agus d'fan
thall againn oidhche, agus bhí sé ag cur
síos linn 'na thaobh. Dubhairt sé go
mbíodh piast fá dhraoidheacht ann fad
ó, agus go ndeineadh sí mórán díogh-
bhála dos na cómharsanaibh. Ar airi-
ghis aon rud 'na taobh sin mar phéist?",



"Ariú, dar ndóigh, do chuala an
dúthaig an sgéal san fiche uair cheana,
nó conus a thárla gur anois a tháinig
fé dot chluasaibh-se. Is minic a cuirtí
sgannradh ár ndóithin orainn mar
gheall ar an bpéist sin, a laogh.



Bhí sí ann, mhuise; dubhairt gach
éin'ne é. Dar ndóigh, bhí sí tamall
chómh cómhachtach san go sgriosfadh sí
an dúthaig muna dtugtaí bean óg di
le n-ithe gach lá Bealtaine. Ar chua-
lais conus mar do mhairbh buachaill
aimsire í maidean lae Bealtaine,
agus conus mar do fuair sé bean óg
bhreagh agus mórán saidhbhris dá bhárr?



Deireadh daoine eile nách mar sin
do marbhuigheadh í in ao' chor, nó, má
b'eadh go raibh piast eile 'na diaidh sa
loch a dheineadh sgrios agus gur mhairbh
leac oidhre í. Go deimhin féin do
bhíodh bunóirseach anso agam agus is
minic d'inis sí dhom conus mar do bhí
dritháir céile áintín léi ag tosnú ar
chuirneacht do chur mar seo amach tar
éis na Nodlag. Lastuaidh den Loch
san do bhí feirm thailimh aige; bhí sé
ag cur a chéachta i dtreo i gchúinne
na páirce maidean. Bhí sioc an bhliain
chéadna chómh trom san go raibh leac-
oidhre ar na h-aibhintibh. Bhíodh ana
chaitheamh aimsire ar an Loch ar feadh
trí séachtmhaine, mar bhí sé chómh cruaidh
leis a mbóthar. Ach thainig an leaghadh,
agus d'imthig a lán den t-sioc, ach
d'fhán clúdach breagh den leac-oidre
ar an Loch ar feadh a bhfad. An mhai-
dean áirighthe seo bhí Diarmuid a t-
Sionaig, fé mar adubhart leat, a
bhfeighil a chéachta nuair chuala sé foth-
rom diail sa loch síos uaidh. Ba chos-
mhail le géimnidh fiche bó i dteinneas
é. Bha bhuartha go léir mar fhuaim é.
Chuala mórán daoine é, agus do chuir
eagla ortha. Ansan 'sé do chualathas
ná an leac-aidhre gá sgoilt, agus cho-
naic Diarmuid fé na mar a bheadh rud
éigin ag árdú na leac-oidhre ón g-
ceann t-soir de trí ná lár siar go
dtí an ceann t-siar de agus an
glór uaigneach bhí go buartha roimhe
sin ba sheacht uaignighe an uair seo é
ach ba laige go mór.



Cheap gach éin'ne gur bh'í an phiast
do bhí múchta, geall leis, fé'n leac-
oidhre agus gur i gcrólíntí an bháis
do bhí sí an t-am do chuaidh sí nsan
a' locha siar agus a buairt-phort ar
siubhal aice. Ní dheárna sí aon
díoghbháil ó shoin go h-áirighthe. Tá
tig ar an dtaobh theas den loch ag bun
cnuic agus aon uair abhíodh feoil ghá
beirbhiú' sa tigh sin théigheadh an phiast
fé dhéin na h-áite, agus b'éigean
dóibh cuid di do thiubhairt di d'fhonn
iad féin do shábháilt. Ach ní dheaghaidh
sí ann riamh ón maidin úd, agus ní
dóigh liom go raghaidh níos mó."



"Sgéal maith é sin, a Shiobhán ach
cad é an gnó do bhí ag Diarmuid a
t-Sionaigh, pé 'r bé féin, ag dul ag
cur cuirneachtan agus an leac-oidhre
gan leaghadh?" arsa mise. "Dar n-
dóigh ní sa loch do bhí sé chun í chur,"
ar sise,



"Ach an faid do bhi leach-oidhre chómh
laidir sin ar uisge is deacair dom
chreideamhaint go bhféadfaí cuirneacht
do chur in ithir len ais. Nách dóigh
leat féin san anois?"



Do bheadh sé chómh maith agat," ar
sise, "gan dul chómh doimhin sin sa
sgéal. "Is minic a loitean a leith-
eid sin de chainnt sgéal maith."



"B'fhéidir é an baisde, ach ag tag-
airt don sgéal do bhíos-sa. Bhí bhéarsa
éigin ag an sean duine leis ach níor
chuireas síos é. A' mbeadh sé agat-
sa?



Fuaras so mar bhéarsa fadó mar
gheall air —



"A Charach a Lice ní fheaca thu riamh
ach fuar,



"Bád ná luingeas ní thagan ón
Spáinn at chuan;



"Gan Breaghacht at uisge as do
leacana lán de ruaim



A's an ghrian ní fheicir go nglanan
na h-áirde ó thuaidh."



An é sin do bhí aige? Dhe ní h-eadh
mar ghá mholadh a bhí sé. Mar seo
thosnuig sé dar liom:



"Churach a lice is geal liom do
bhrághaid gan ghruaim.



Let thaobh-sa is minic de chaitheas-sa
tráth go suairc;



Ní cuimhin liom an tríomhadh líne do
bhí aige, ach mar seo do chuir sé críoch
leis is dócha:



"Fét dhéin nuair thigim-se sgaraim
le crádh as buairt."



"Is geal leis a bhfiach dubh a ghear-
caigh" ar sise.



"Mar sin a bhíonn díreach, ach ní
beag san dé," adubhart-sa. "Tá
tuille feasa de dhith orm."



LOCH AN CHAPAILL.



Bhfuil aon tuairim agat a Shiobhán
cá bhfuil Loch a' Chapaill?" adubhart
éis tamaill eile.



"Tá agus níl," ar sise. Ní rabhas
ann, ach chloisinn a lán daoine ag
cainnt mar gheall air, is dóigh. Agus
dála an sgéil, bhíodh eachtra greann-
mhar i dtaobh an Locha san ag daoinibh
leis."



"An piast eile do bhí fé uisge an-
san?



Ní h-eadh ná piast, ach capall odhar,
agus chonacthas ann leis é. Chloistí
a lán fothraim san loch san, ach tá sé
a bhfad ón mbóthar, agus ní bhíodh
treasdal (teasdal) na ndaoine ann
chómh mór as bhíodh go Curach a Lice.



"Agus cá luighean sé in ao' chor a
Shiobhán?"



Tá sé ag bun Cnoc na h-Óine tamal
maith ó thuaidh ó Dhrom 'á Liag. Ón
loch san sgéithean Abha na Banndan,
ach ní imthighean di ar an loch ach caol
beag, is clos dom.



"Ní dhéarna sé aon díoghbháil sa
chuma san, ach dheineadh easaráil do
pháirc dheas chuirneachtan go minic,
agus loiteadh sé púcáin coirce leis.



Níor airigheas go bhfeachathas ach aon
uair amháin é. Fear a ghaibh amach
mar seo maidean roimh breacadh
an lae sa bh-Foghmhar, chun faire
ar bhuin abhí ar bhruach bheirtha. I b-
páirc cois a locha bhí na ba. Bhí sé ag
siubhal go réidh i measg na mbó nuair
chonac sé an t-ainmighe mór tamal
uaidh. Cheap sé gur capall le duine
dá chómharsanaibh é agus chuaidh sé fé na
déin chun é, thimáint roimhe as
a brairc. Ní fheacaidh an capall é
go raibh sé i ngioracht faid cúpla
ráinne dho, agus a Thighearna a dhuine!
an túisge do chonaic sé an fear do
léim sé, agus do rith, agus siúd siar
é agus do chuaidh de léim isteach sa
loch.



Lean an fear é mar níor cheap sé
gur capall draoidheachtach do bhí ann.
Ní raibh d'á thásg ann ach go raibh an
t-uisge ag bualadh a gcoinnibh na g-
cloch ar thaobh an locha, fé mar a bheadh
rud iongantach éigin ghá shuathadh. An-
san do chualaidh sé siotrach tamal
amach sa loch, agus ba ghairid go bh-
feaca sé dar leis rud éigin chuige
isteach ar bharra an uisge. D'imthig
sé leis chómh mear agus do bhéarfadh a
chosa é, agus eagla a dhóithin air. Níor
eirig sé ar feadh trí lá. Bá dheachair
é chur ag cainnt a dtaobh an chapaill
sin, ach deireadh a g-comhnaidhe gur
capall mór macánta é, agus dath
odhar air."



"Agus an gcreidean tusa go mbíodh
a leithéidí sin do rudaibh ar siubhal a
Shiobhán?"



Amás creidim! ca' na thaobh ná
creidfinn? Ó mhuise féach tá an
leanbh so ag dúiseacht arís.



Hois abá-á-ín. Hois abá-á-ín. Ní
fheadar cad tá agá ciméad siúd chómh
fada san. Hois abá-á-á. Caithfead
é thógaint amach ar fad is dócha. Hois
abá-á. Ní h-éan mhaith bheith leis is
baoghalach."



Thóg sí amach an leanbh agus thos-
nuig sí agá dhamhsadh a's á mhealladh:



"Hois abá a bháibí ó!



"Hois abó a bhábí bhuntairín!



"Hois abá a bháibhí ó!



"'S codail go fóill a chuid limín!



Chuadhas gruig an doras. "Tá sí
ag teacht aníos an casán" adubhart
mar chonac bean óg a' tighe chugham
aníos.



"Mhuise buidheachas le Dia a laogh,"
ar sise, agus lean sí uirthe go binn
ag portaireacht:



"Hois abó a Thaidhgín óig;



"Hois abó, as eist a leinbh bhig;



"Hois abó as seinnfeadh ceol;



"As déanfam mór chuid jig-eana.



"Tá sé déidheanach, as bead-sa ag
imtheacht," arsa mise; agus d' imthi-
gheas.



I mBAILE AN FHIRTÉARAIG.



Fonn — "Cnocáinín Aerach Cill Mhuire."



I.



I mBaile 'n Fhirtéuraidh bhíogh Gaedhilge
cheart chóir,
Ag aosta 's ag ógbhadh ghá labhairt,
Bhíodh seanchus sgléipeach as éacht-
chuid de'n spórt,
Gá gcleachta gach uair an ag fearaibh;
Bhíodh farsaing as féile, gan éileamh
at chóir,
Dá mba Gaedheal thu gur bhéol duit
do theanga,
Le fagháil ann, as d'éistfí go béasach
let sgeol,
Dá gcuirtheá-sa cló air go slácht-
mhar.



II.



Cois Bhaile an Fhirtéaraig tá fraoch-
chnuic go breágh:
Tá móinte 's bánta na n-aice;
Tá talamh chun caerach, as réidhthe chun
ráis;
'S is áluinn ann trághana fá ghainim;
Tá fir ann na gcéadtaibh go tréan-
mhar gan sgáth;
Ag iomradh i mbádaibhtaid gasda;
As molaim a dhéine 's saothruighid gach
tráth,
Ag tuilleamh dá bpáisdí adhbhar
beatha.



III.



I mBaile an Fhirtéuraig foth-tréimhse
do bhínn;
(Ní fearr liom am shuidhe me i gcath-
air:)
Agallamh Gaedhealach, as géar-chainnt
ró-bhínn;
Ba ghnáth ann, as caoin-chuid de'n mha-
gadh;
Dá n-eirigheadh le héin'ne trí ghéar-
cheaphadh cruinn,
Aon phiarda de'n bhuidhin ann do
dhalladh,
Bheadh gáire as sgléip ann 's sméide
na rínn,
As seanchus grinn ann dá bharra.



IV.



I mBaile 'n Fhirtéaraig tá Béarla na
nGall,
Ag borradh gan amhras le tamall;
Ag cailíní caomha bíonn eacht-chuid de
á labhairt,
As tá roinnt díobh breac-Ghallda ann
cheana;
Tá mná ann go faobhrach chun Béarla
mór trom,
Do shéideadh le fonn chun a leanbh;
As nach mairg má séantar an Ghaedh-
ilge san mball
Mar mhaithe le feall-shliocht na Sac-
son!


L. 6


V.
I mBaile 'n Fhirtéaraig nuair léigh-
fear mo dhán,
Bá mhaith liom bheith láithreach go dearbh;
Mar ní clipeadh ná aoradh, ná bhéarsaí
gan áird,
Seo breactha ar phár dóibh na magadh;
Ach moladh don Ghaedhealtacht is léir
dom san áit,
As an Ghalldacht má cháineas ní peaca.
Mar creididh mo bhréithre-an bhréag ní
folláin,
'S an fhírinne is áluinn gidh is searbh.



LORGA LIATH-BHÁN.


L. 4


SEAGHAN UA CONAILL, EASPOG
CHIARRAIGHE.



Do mhair Seaghan Ua Conaill i n-am
go raibh géir leanmhain ná gCatoil-
ceach i n-Éirinn go h-an-choitcheann.
Dearbhráthair sean-athar Sheághain a
b'eadh Risteárd Ua Conaill, an t-
easpog. Chuir lucht leanmhana Crom-
aill an Risteárd so chum báis — b'amh-
laidh do chrochadar é i n-aice le Cill
Áirne 'san mbliadhain 1651.



Is inmheasta gur cuireadh Seaghan
chum báis, nuair bhí Anna mar bhain-
ríoghan i Sassana, acht ní'l fios cruinn
aig éinne. Deireann Ua Bréanáin i
ndíonbhrollach a leabhair "Éire ársa
agus Naomh Pádraig" gur ab iomdha
áit in ar chuarduigh sé eólas ar am bháis
agus ar áit adhlaicthe Shéaghain, acht
go mba gan tairbhe dhó é. Níor fhogh-
luim sé riamh níos mó 'na thaobh ná
"go raibh sé 'na easpog agus go raibh
sé na bheathaidh 'san mbliadhain 1704."



Is minic féin a cuirtear i gceist
go raibh sé riamh 'na easpog, acht tag-
ann a ainm síos tré na h-aoisibh dúinn
i mbeul-aithris na ndaoine i gCiar-
raighe agus i gCorcaigh agus i n-áit-
eannaibh eile mar easpog Chiarraighe
agus mar úghdar "Thuire na h-Éir-
eann."



Dán breágh fada i nGaodhluinn ag
cur síos ar chuid mór de stair na h-
Éireann iseadh an "Tuire."



Tosnígheann sé mar seo:



Nuair smuainim ar shaoithibh na h-
Éireann,
Sgrios na dtíortha ís díth na cléire,
Bás ár ndaoine is laghdúghadh ár
ngréithre
Bíonn mo chroidhe im' chlidh dá rao-
badh.



Tráchtann ann sin ar an méid a
mhair de'n chine daonda tar éis
díleann, a's cionnus mar do roin-
neadh an domhan eatorna, cuireann
síos ar gach drong a tháinig go h-
Éirinn agus go mór-mhór ar chlann
Mhiléise —



"Ghlacadar caladh i n-Inbhear
Sgéine,
I gconndae Chiarruighe i n-iarthar
Éireann."



Is ó'n dtriúr bainríoghan a tháinigh
'ná gcuideachtain (?Fr. an I.) fuair
an t-oilean so na h-ainmneacha Eíre
Fódhla agus Banba —



Tugtar fós dúinn cúnntas ar chéad
tabhairt an chreidimh ann so —



"Celestinus, an Pápa naomhtha
Do chuir Pádruig chúgainn 'sa chléi-
righ
Is é do theagasg diadhacht a's daon-
acht
A's Íosa Críost i gcríochaibh Éir-
eann;
Do dhíbir draoidheacht a's deamhain
a's déithe,
Do bhaist ár leinbh a's ar ndaoine,
aosda,
Do chlaoidh an righ gér dheacair a
dhéunamh
Mac leisge Néill Naoi nGiallach,
Laoghaire."



Leanann air ag caint ar an deagh-
threó a bhí ar an dtír 'na dhiaidh sin;



"An fhaid do mhair an creidheamh
gan traochadh
Óileán na mhaomh do b'ainm an
Eirinn."
Innstear dhúinn ar theacht na Loch-
lannach agus gur
"Saor Brian Boróimhe an ríoghacht
ó dhaor-bhruid
I gcath Chluana Tairbh Aoine an
Céusda
Is ann do threasgair, cé cail-
leadh é féin ris,
Laochra Lochlann uile le h-aon chath."



Tráchtann ar theacht na Sassanach
agus ar a ndroch-obair ag iarraidh an
creideamh a chur fá chois le feall-
bheart agus le fóiréigin:



"Bhí fuil gan chúis dá dortadh a's
dá séideadh
Boicht dá gcreachadh agus cealla dá
raobadh
An bhaintreabhach bhocht ag caoineadh
a céile
'Sa díleachtuighe 'sa díg ag béicigh."



Tá trácht ann ar Aodh Ua Néill,
agus Aodh Ruadh, agus ar Ua Súilio-
bháin Béara agus ar a lán laochraí
Gaodhal eile a throid chum saoirse
d'fhághail dá dtír agus dá gcreideamh.



Deireann sé i dtaoibh an eirighthe
chum cogaidh 'san mbliadhaid, 1641:



"Sé so an cogadh 'do chríochnuigh
Éire
A's do chuir na míllte ag iarraidh
déirce
An uair díbreadh an Nunció naomhtha
Do rith pláigh a's gorta i n-éinfheacht.
Tógbhuim finné Risteáird Bhéilin
Nách dith daoine, bídh ná eudaig
Ná neart namhad do bhain díobh
Éire
Acht iad féin do chaill ar a chéile."



Nuair do claoidheadh na taoisig go
léir, agus nuair bhí léir-sgrios 'ghá
dheunamh ar fuaid na tíre, deireann
sé mar gheall air:



"Ca ngeóbham anois nó créud do
dhéunfam,
Ní díon coillte, cnuic, ná sléibhte,
Ní'l ár leigheas ag liaig i n-Éirinn
Acht Dia do ghuidhe a's na naoimh i
n-éinfheacht.



Ní thagann an dán so thar riaghail
na bainríoghna, Anna, agus mar a
dúbhart cheana, is dócha gur cuireadh
Seághan chum báis le réim na bainríogh-
na sin.



AN MADADH RUADH.



CORCA DHUIBHNE.



Tá níos mo gleó dá dhéanamh mar
gheall ar Chorca Dhuibhne lé déidheanaí
ná mar deineadh le fada. Tá eagla
orm go gceapfaidh muintear na críche
sin go gairid ná fuil de Gaedhealaibh
ach iad féin san Mumhain. Dá léighi-
dís an Claidheamh Soluis le tamall,
ach ní dócha gur léigh puinn díobh é
(fiú amháin cuid-mhaith dos na hoidíbh
sgol), bheadh beagán áthais or tha, mar
moladh ann iad. Fuaradar molodh a's
fuaradar beagán cáine. Ní fearr
ceann acu ná a chéile nuair
a bhíonn siad tuillte ag duine
nó ag dream daoine. Tá an oiread
san molta fachta ag na Duibhneachaibh
go bhfuil fonn orm beagán den fhír-
inne do nochta mar gheall ortha anois.



Bhíos san Daingean le déidheanaí
agus chonac roinnt seóiníní ann chómh
Gallda agus chómh neamh-mhaitheasach
agus chonac le fada. Táid chómh dona
le seóiníní Thráighlí, agus cá beag san.
Clann siopdóirí an Daingin agus gan
fiche focal Gaedhilge acu, agus ní
raibh ag a seana-mháthaireacha agus ag
a sean-athaireacha (agus daoine deasa
macánta ab eadh iad) ach toghadh na
deagh-Ghaedhilge. Agus iad so anois
agus guthaí ortha, agus ní le breis
meamhrach é admhuighim duit-se a léigh-
theóir, agus iad ad iaraidh a chur in
iúl dúinn ná fhuil aon ghaol fé'n
dtuaith acu. Ach is breagh leo air-
gead na ndaoine ón dtuaith do bheith
sa sparán acu. Is aindeis an chlann
abhíon ag a lán ban gan éan bhréag.



Ansan tá dochtúirí ann agus cléirig
sa bhannc agus san oifig eile sin an
phuist; agus tá oifigig ag Coisde na
gCeanntar mBocht ann agus airgead
na n-Gaedeal ghá gcothú, cé bo dhóigh
leat ortha gur leo féin an tír, agus
gan oiread Gaedhilge acu eatortha as
do chuirfeadh asal thar sruth. Agus
féachaidh anso a Ghaedheala Chorca
Dhuibhne, tá cuid d'bhúr muintir féin
ag déanamh aithris ortha san mar is
dóigh leo go bhfuil sórd uaisleachta
ag baint leo ná fuil ag baint leo
féin. Nách dall na créatúirí iad tar
éis an t-saoghail.



Tá Bráithre agus Mná Riaghaltha i
bhfeidhil oideachais san Daingean agus
ba dhóigh le duine go mbeadh a leith-
éidí sin Gaedhealach go h-áirighthe. Ach
a bhfuilid? Fágaim fúibh fhéin é mar
cheist anois, ach bíodh a fhios agaidh go
bhfuil cúpla céad leanbh i sgoil díobh
ná foghlumighean aon Ghaedhilge, agus
'sé an deifir atá idir an sgoil sin
a's an sgoil eile gur measa an sgoil
eile ná an sgoil sin. Ní hiongna
seóiníní sa t-sráid agus an sórd san
oideachais fachta acu.



Tá oidí eile sa cheanntar leis agus
is breagh leo an Béarla do bheith gá
labhairt acu. Tá clann ag cuid acu
agus ní hiad na leanbhaí is fearr
Gaedhilge ar sgoil iad. Níor mhaith leo
dá gcáininn iad is dócha mar ba
bhreagh leo ainm Ghaedhealach do bheith
ortha. Tá an Ghaedhilge acu go bínn
leis agus tá mórán di múinte acu.
Ach ní dóigh liom go bhféadfaidis í
lúbadh agus í chasadh chómh h-aicillidhe
le linn leanbhaí do theagasg agus
dhéanfaidís an Béarla do chasadh agus
do lúbadh. Easbadh taithighthe fé n-
deara san is dócha. Ach ní maith leo
dul go Coláisde an Daingin ag fogh-
luim. Cad 'na thaobh ná beadh sgoil
nó cuman eatortha féin agus a g-
cómhairle a chur le chéile ar an gcuma
is fearr chun feabhas do chur ar an
obair?



Chuala gur ainmneacha Béarla atá
sgríobhtha ar na leabharaibh ar sgoil
acu agus gurbh shin na hainmneacha
thugan siad ar na leanbhaibh de ghnáth.



Chuala go bhfuil roinnt cailíní i n-
aice Sgoil Naomh Bhréanain agus
roinnt acu i gCeann Trágha agus gur
Béarla a labhran siad le chéile i g-
comhnaidhe, toisg gur dóigh leo fós
gur cómhartha é sin go bhfuil tabhairt
suas thar bárr ortha seachas na daoine
labhras an Ghaedhilge. Agus ar an m-
Buailtín tá cailíní ná labharfadh ach an
Sacs-Bhéarla leat, ach níor mhait leo
dá n-ínsteá san dóibh mar ba bhreagh
leo bheith níos Gaedhealaighe ná muin-
tir an Daingin.



Ní hamhlaidh atáim ghá cheapadh gur
ceart do dhaoinibh mar sin gan Béarla
d'fhoghluim ach ceapain agus deirim
nách ceart dóibh bheith chómh dall san
i d-taobh na huaisleachta a bhainean
leis an dhá theangain sin.



Is léir dom gur dóigh leo fhós gur
uaislighe Béarla ná Gaedhilge. Ní h-
uaislighe. Tá sligh acu san ar Ghaedh-
ilge do labhairt i bhfad níos uaislighe
ná tá Bearlóirí an Daingin chun an
Béarla atá ann do labhairt.



Tá áiteana eile i gCorca Dhuibhne
imthighthe chun na haindeise ar fad.
Abhain a Sgáil ceann acu san. Srái-
dín Gallda é sin. Is mo spéis cuir-
tear ann i n-óláchan ná san Ghaedhilg
cé go bhfuil foth-Ghaedheal ana-mhaith
ann fós. Is deacair an áit do mholadh
agus tá as san soir go dtí an Cam
gan éan treo air.



Tá Lios Póil leis agus snas Béar-
la ag teacht ar theangacha an aosa
óig ann le tamall.



BONN AR BÓTHAR.



AN tOIREACHTAS.



Atáim taithightheach ar an Oireachtas
le deich mbliadhnaibh nó mar sin, agus
tá breac-eolas agam ar an tsligh
adéantar ullmhughadh i gcóir na h-
ocáide sin; acht do bheirim de dheimhin
do lucht an Lóchrainn ná raibh aon
bhreith ag an ullmhuchán a deineadh aon
bhliadhain ar an gcuma atáthar do chur
i mbliadhna ar an ngnó, tá fuadar
agus fuinneamh agus crích dá gcur
leis an ngnó i mbliadhna nach dearnadh
riamh, agus is iongnadh liom-sa muna
mbí Oireachtas mór maith i mbliadhna
ann.



Ní h-aon eolas nuadh do lucht na
Gaedhilge a radh leo go bhfuil clár
mór comórtaisí ag gabháil leis an
Oireachtas. Tá a fhios san ag cách
cheana. Acht b'fhéidir nár mhór a chur
na luighe ar dhaoinibh go bhfuil atharu-
ghadh ar an ngnó i mbliadhna seochas
mar bhí go dtí so. Tá an t-Oireachtas
agus an Súgradh Gaedheal ceangailte dá
chéile i mbliadhna. Is ceart san agus
is fearrde an dá rud iad a bheith lámh
ar láimh. "Barr inntleachta agus
barr lútha Gaedheal!" Sin é brigh an
Oireachtais i mbliadhna. Ba dhual
do'n Ghaedheal an inntleacht agus an
lúth riamh. Ní bhfuair aon taobh aca a
ceart ó Bhriseadh na Bóinne anuas. Ní
bhfuair an Gaedheal a cheart ó shin. Bhí
gaill i n-uachtar agus ba mhiste clann
Chaitlín sin. Acht a bhuidhe le Dia
tháinig anuiridh arís. Tá an Gaedheal
ag teacht. Tá neart na h-óige ann.
Tá ceol na bhéal agus é go suairc ag
taisteal. Beireann sé ar an té
bhíonn ag iarraidh é chosg agus caith-
eann uaidh i ndígh an bhóthair é, agus
leanann dá shiubhal agus dá cheol arís.



Is mór an tseachtmhain a dhéanfaidh
an tseachtmain sin do Ghaedhealaibh
ó'n 29adh de Mheitheamh go dtí an 5adh
de Iul. Luth agus neart agus rith agus léim
Gaedheal, ceol agus seinm agus cuis-
leanna téid-bhinneasa Gaedheal, amh-
rán agus rócán agus rann ghabháil Gaedheal,
litiridheacht agus leabhair agus bláith-
bhriathra Gaedheal, drama agus cluithech agus
cleas Gaedheal: sin é an súgradh béas
i mBaile Átha Cliath an tseachtmhain
sin. Is aoibhinn do'n té bhéas ann a's
is cráidhte do'n té na féadfaidh dul.



Tá socrughadh speisialta dá dhéanamh
le lucht traenach chun daoine d'iomchar
go dtí Baile Átha Cliath agus iad d'-
fhágaint ann an tseachtmhain sin.
Beidh costas an turais i bhfad níos
ísle ná mar is gnáth leis.



Seadh, is mór an misneach Oireach-
tas na bliadhna so.



LORC.



TÓMHAISEANNA.



Seo shíos cúpla ceist do Chormac i
inead na gceisteanna chuir se chug-
gainn.



I.



Ceist agam ort a scoláire,
Ós tú is deireannaighe fhág an cuan,
An mó ghalún den t-Sáile
Tá ins an bhfairge mhór?



II.



Cad is cruinne ná fáinne?
Cad is aoirde ná crann?
Cad is measa ná treibh ban?
Cad is doimhne na an fhairge?
Ciacu do na h-éin is breagtha ceol?
Cad é an chraobh a sgéidheann ar d-
túis?
Cad é an cheud áit 'na d-tuiteann an
drúcht?



III.



Maidin aoibhinn is mé ag siubhal; is
mo phócaidhe lán d'úbhla.
Don cheud duine bhuail umam
Thugas leath a raibh agam agus leath-
ubhall
Do dheineas an rud so fó thrí.
Agus d'fhan agam féin ubhall breagh
buidhe
An mó ubhall a bhí agam is mé fágamt
mo thighe?


L. 5


IV.



Tá trí Sagart, trí athach agus bád ar
bruach na Laoi gach uair.



Ní féidir acht do bheirt dul sa bhád
Agus ní féidir leat Sagart 'fhágaint
i bhfochair dhá athach, mar d'íosfaid
ís é,
Conus chuaidh an Seishear thar an a
bhainn slán?



V.



Trí puinte faoí thrí.



***
***
***
Déin iad a ceangal le ceithre líne
A bheidh chomh díreach le barr an thighe.



Féach! ní féidir leat do pheann
d'árdughadh
Chun go mbeidh siad go léir
ceangailte.



VI.



Coinneal is coinnleoir ann.
Is cá bhfuil a leath rann san.



VII



Cad é an leigheas atá do:
Theas, fuacht, fuath, grádh agus doi-
cheall?



VIII.



An mó fiacal ag circ?



IX.



Ca shoin a dheineann.
A h-aon agus a haon a "haon?"



X.



Ciacu donas is mó da m-beidís ag
fear?



Easba Sláinte

Cailleach Sráide?



XII.



Chím é is ní fheicim é,
Chím do bharr an aitinn é,
Ní gaoth é, ní fearthainné
Is ní sgaipeann sé go brath.



NIAMH BEANNTRAIGHE.



GUTH NA BLIADHNA.



Is mór an truagh, dar linn, gan
eolas níos fearr ag Gaedhealaibh Éir-
eann ar a mbráithribh Gaedheal i nAl-
bain. Lucht aon-chairdrimh dob' eadh
sin go dtí go dtáinig an Béarla
eadrainn. Níl báidh ar bith anois ag
bearlóir Éireannaigh le Béarlóir Al-
banaigh. Acht féach! "sinn féin sinn
féin" nuair a labhraimíd an Ghaedhilg.
Bráithre sinn an uair sin, agus ní fearr
neach ar bith beo ná sinn! "Is maol
an rud guala gan bráthair, agus is mairg
a bheadh gan dearbhráthair." Tá bráth-
air agus dearbhráthair againn-ne i n-Al-
bainn. Tá an fhuil chéadna ann. Tá
an meon céudna aige. Tá sé ag á
chosaint féin ar an namhaid chéadna .i.
Seán Buidhe an Bhéarla. Is é a gháir
catha "Alba ar son na nAlbanach!"
Seadh, is mór an misneach orainn duine
eile agus an troid chéadna ar siubhal
aige agus mar atá againn féin.



Sin é do cheapaim-se nuair a léighim
"Guth na Bliadhna." Aoinne ná fuil
eolas ar Ghaedhilg agus ar litridheacht
Ghaedhilge Alban aige, níl eolas
ar Albain ar chor ar bith aige.
Alba bhréagach iseadh Alba an
Bhéarla; chomh bréagach díreach
agus mar atá a lán d'ar dtír-ne
féin. Acht tá Alba eile ann, agus is
iongantach an chosamhlacht atá aici leis
an Éirinn bhig Ghaedhealaigh seo againn-
ne atá sgaipithe n-a chodaibh bheaga
tíre. Sin í ar n-Alba-na agus
ár n-Éire-ne. Alba agus Éire
na nGaedheal. Ní beag iad, a cháirde.
Tá síol saoirse Gaedheal fós ionnta.



Tá aiste beag san nGuth 'so i
dtaobh reachta so an Riaghaltais Éir-
eannaigh, agus, ar nós a lán againn
féin, ní go ro-shásta atá an "Guth
leis. Seo mar adeir sé:



"Is tric a chuala sinn gur feárr
bloigh na builinn na bhi falamh; agus
(air uairean) faodaigh sin a bhi fior.
Ach, dé a thachras, no dé mar ghui-
leanas sinn sinn fein, mur eil anns an
ní a chaidh a thairgse duinn ach
spruan as an rud air am bheil sinn an
tóir? Mar a thubhairt sinn anns an
áireamh mu dheireadh de'n Guth,
faodaidh maraon duine is dúthaich
prís tuilleadh is àirde a pháidheadh
air an ní is àill leo a chosnadh. Nach
feàrr a bhi falamh gu tur car tamuill
na bhi breugach a thaobh nam bair-
ailean sin a tha mar cheann-fath is
mar mhàthair aobhair d'ar beo air
fad?



Agus tar éis an tsaoghail atá
daoine i nÉireinn ghá radh gur beart
mór maith atá déana ag an Sasanach
agus ná iarrfaidh Éireannaigh aon
fhuasgailt eile go deo na ndeor!



Ta dráma fada ann as Ghaedhilg
ag D. M. N. C., aiste ar Acht an
Fhear inn as an dteangain céadna.
Tá aiste as Béarla ann ar ní áirighthe
i sean-sgéalaidheacht na h-Alban agus is
taithneamhach an t-alt é.



Dubhairt mé ar dtúis gur truagh
gan caidreamh níos mó ag Gaedhealaibh
Éireann agus Alban ar a chéile. Níl aon
tsligh is fearr dúinn-ne i nÉirinn chun
san a dhéanamh ná eolas do chur ar
Ghaedhilg na h-Alban agus ar a cuid leith-
ridheachta.



Mise,



FEARGUS MAC EARCA.



DÁN.



Ag Fáiltiughadh roimh Shearluis mich
Dómhnall Thír fó Thuinn.



(Seágán de Hórrdha do chan).



I.



Déantar dóightear teinte teo dhúinn,
Líontar ar bord chughainn tuille de'n
fhíon,
Sinntear céoil dúinn píb is Hautboy,
Binn-chruit órdha a's Fiddle ó chlaidhe;
Suidheam is ólam thort ár ndótháin,
Tá sceul maith nuadh agum nach dóigh
libh dar linn,
Go bhfuil an rígh-ghas mómhrach farradh
Mac Dómhnaill,
Is gliadhaire mhic mhathghamhna a gcuid-
eachtain bhínn.



II.



Fáilte is céadh cuirim tráith roimh
Shéarluis,
Adhbhar an tréinfir is fearr' san río-
ghacht,
Ráib leabhair léidmheach do árd fhuil
Mhiléisius
De mhór-scoith na h-Eireann curadh
barra ár g-críoch.
B'é thárlaidh gan aos é, is árachtach a
ghéaga,
Do fhás 'na bhuinne réigh-ghlan go lan-
nardha groidhe,
Ar lámhach na bpiosdal craonach thug
barr leis a's géilleadh,
'S ní táire dom laoch ar chaismirt an
chloidhimh.



III.



I n-iarrthar Fódhla tá an gliadhaire
crodha,
An Hector óg, an suairc-fhear ghrinn,
A Chríost, b'é 'n glóire é ag fiadhach
tráthnóna
Go srianmhac séadbhar ceolmhar binn.
A dhialaid órdha ar chiar-each mhómhrach,
Do bhearfadh leómhanta luaith ar a'
ngaoith,
'S an gliadhaire greanta Fódla binn
Séarlus a bhfhad rómpa
Is fiadh na mbeannuibh móra ar sgór-
nain 'san líon.



CAOINE AN ATHAR EOGHAIN
(Uí Shúileabháin.)



(Pádraig Ó Briain do Chúm.)



I.



Dochtúir diadhachta molaimís a thréithe,
Tá ag dul fe líogaibh go claoidhte
tréith-lag
Pialóid an teampaill agus gan dabht
a réiltheann,
An Sípéir dílis go fíor, dá tréada.



II.



D'fhágais-se mairg go fairsing ar
chlár luirc
Agus ar pharóistidhthe an Daingin bhí
lasadh le grádh dhuit,
Dar n-dóigh ar o cháirdibh agus gan
do mhalairt in dán dóibh
Ó imthigh an acfuinn an flaith nár
cáineadh.



III.



Tá iarsma dúbhach ar n-dún faoi cheo-
bhruit,
Indhiaidh ár Sagairt bhí carthanach fógh-
anta,
An fear breagh pearsanta calma
córach
Go raibh lonnradh soluis go follus 'na
chlódh gheal



IV.



D'imthigh ar laoch mo léan! ró luath
uainn,
Ag moladh na Tríonóide 'sa' Ghlóire
shuanmhar,
Lá Peadair agus Póil mar inneósaidh
tuairisg,
Go ndeaghaidh fé an gCoróin go deo
gan buaidhread.



V.



Ar do thrácht an t-easbog do labhair
go h-árdach,
Ar do cháiligheacht bheanuighthe agus ar
do bheatha gan smáilceas,
Ar thuirse an fhodail agus ar na ros-
caibh ag tál ort.
Agus an chléir ag sileadh le cumann
thar barr duit,



VI.



Lá do mhairb do chuiris anaithe ar
dhaoinibh
An sluagh mór fairsing bhí ag tais-
teal na slighe leat,
Id' diaidh agus rómhat ar an ród id'
chaoinleacht,
Ag gol go diombádhach is go hárd ag
caoineadh.



VII.



Dá siubhluighinn-se Banba agus fear-
anna Chláir Luirc,
Do'n Róimh dá rachainn mar a gcomh-
nuigheann an Pápa
An Fhrainnc 's an Ghairm agus faithchí
na Spainne —
Ní Bhfaghainn pearsa eaglaise chomh
taithneamhach cáil leat.



VIII.



Ba bhreagh é do sheasamh ar faithche nó
ar stáitse,
Nó ag léigheadh an Aifrinn 's ag ath-
chairt go cráibhtheach,
Do dhá láimh gheala bhíodh ar leathadh le
h-áthas,
Ag athchairt chun an uain gach uair le
gradh dho.



IX.



Ag dlígh nó seorón, ar Bhórd nó ar
Bhinnse,
Ba chiuin tais tláith a bhíodh uaisle
tíorach
Nuair a chloisidís glór ag an leomhan
go h-aoibhinn,
Ag troid go crodha i gcómh-chlos
daoine.



X.



Tré chuantaibh Banban tá t'ainm le
cáil ort,
Le díoghrais mór dá luadh le dántaibh
Ceann feadhna na Sagart ba bhean-
nuighthe í cháil ort;
Fuairis úghdarás mór agus power
ó'n bPápa.



XI.



Tá Tigh na mBocht sa Daingean go
hathtuirseach céasta,
Daill, mairtínigh, mná críonna 'is
daoine aosta,
Dighleachtaidhthe dealbha nuair a theas-
tuigheadh ó n-a mbealaibh,
Go dtéigheadh an t-athair dílis ar an
mBínnse ag pléidh dhóibh.



XII.



Is dolbh is is uaigneach uaigneas do
mháthar,
An banaltra stuamdha gan ghruaim
do thál ort,
An bhean chíúin cheannsa mhall tais
mhánla,
Tá dúbalta i mbrón go deo ná
tráighfidh.



XIII.



Ní h-aon iongnadh liúm-sa go mbeadh
smúit ar Ghaedhealaibh,
Is go gcruinneochadh an Mhumha chun
cúmha a dhéanamh,
Indiaidh an phrionnsa dob' úmhaile
tréine,
D'easgair ar bhláth-shliocht cine Éir-
eann.



XIV.



Dob' é an Pearsa Eaglaise ab' fhearr
agus dob' áirde tréithe,
An cosainteóir iongantach le dúth-
racht naomhtha,
An gaisgidheach álainn gan fleás (!)
gan éislinn,
An leomhan caoin cuthaigh chun com-
airce dhéanamh.



XV.



Glaodhaim feasta, a liaigh chailce na
mánlacht'
Treoruigh suas sinn go buaidh na
cráibhtheacht'
A chonnsiléir thaithneamhaigh bhí 'n-ár n-
aice is lámh linn,
Agus lá an chrith-eagla labhair i n-ár
bhfabhar.



CRÍOCH.



(Má tá an caoine seo ar a mhalairt
de chuma ag aoinne eile ba mhaith linn
dá gcuirtí ag triall orainn é. Le
linn an droch-shaoghail iseadh bhí an t-
Athair Eoghan insa Daingean. Tá sé
curtha i seipéal an Daingin.)



NAOMHÓG AN OILEÁIN.



Seán Ó Duinnshléibhe, file, do dhein
an t-amhrán so do naomhóig do bhuaidh
an rás lá i gCuan Fionntragha).



I.



An gcualabhair cúntas ar bheauty
deas an Oileáin,
Do tharraig sí siud i dtúis is ba
mhithid é d'fhagháil,
Níl aon fhear sa domhan i bpower í
mholadh níos fearr
Mar nar cuireadh a rogha ar a'
bpoll ó crannugheadh an Áirc.



II.



Tháinig na brútaigh chúghainn i n-ais-
tear tar Mám,
Do bailigheadar criú is iad a thabh-
airt as gach áit,
Chuadar le chéile i gcúrsaí fada na
trágha,
Go raibh a dteanga 's a súile chomh
súighte is bheadh marbh ar chlár.



III.



D'aithnigheas-sa chugham mo bheauty
ag teacht orm ó'm áth,
'S iad ag iomar go gleóite i gcomh-
tharrac le na dhá láimh
Níor thógas mo shúil díobh súd go
bhfaghaidís an lá
Mar bhí fear aca súd ag cúlad 's
a' chuid eile ag sádh.



IV.



Ní ar lochaibh na ngéanna a déineadh
iad súd a thréineáil,
Ná ar na h-oileanaibh ruadha tá ó
thuaidh fé bhun Imileá,
Ach ar fhairrgí fiadhaine na feudfadh
na lachain a shnámh
'S níor mhágamhail an tuairim go
mbuadhfaidís siúd an rás.


L. 8


V.



Do casadh me ar mo chúrsaí go
Dún Chuinn tamall de lá,
Ní rabhas riamh im' chomhnaidhe ach i
gcomhnaidhe ag seasamh bhur
bpáirt,
Ba dhóbair go sgannruighinn, do
shamhluigheadar dul ceangailte
im'bhraghaid,
Ach d'aindeoin an domhain tá rogha
na bhfear maith san Oileán.



VI.



A h-Arthní an ghrinn, guidhim ort
go minic sa ló,
Gura fada go dtéighidh no ghéaga
geala fé'n bhfód.
Dá dtagthá chun mo thighe-sé bhéar-
fainn ím duit, bainne 'gus
feoil,
Agus le caitheamh tar éis bidh
gheobhfá fíon daor dearg le
n-ól.



VII.



Ó chuireas-sa rómham mo bheauty
chur insa ghréin
Cuirfead i n-iúl dos na comharsain
go ndéanfaidh mé é.
Do shiubhlochadh sí dúbailt le colúr
a sgeinnfeadh ó piléar,
Is mar bharr ar a ndubhart, a criú
do thabharfadh sí saor.



VIII.



Dá mhéid a bhfuil ráidhte níl aon
tsásamh ar m' aigne fós,
Go gcroithfidh siad lámh liom a rádh
gurab 'in athchuinghe gheobhad,
Nuair a thiocfaidh an bhás, is cáirde
fada ní gheobhad,
Go mbeiridh siad mo chnámha leo
thar sáile marbh gan treoir.


L. 6


GREAS BEAG FUIRSEOIREACHTA.



An Mháthair: Cad tá ar Mháire, ní
fheadar? Ba mhithid di bheith annso
anois (Cuireann sí a ceann 'n doras
agus glaodhann ar a h-inghín). A Mháire,
tá an breicfeast ullamh fad ó.
B'fheidir go mbeadh an té seo fuar
agus go ndéanfadh sé díoghbháil
sláinte dhuit (Glaodhann sí arís). A
Mháire, agus rl."



Máire: Ba dhóogh le duine gan bodhar
a bheinn! Cad ba ghádh an liúigreach
go léir?



Máthair: Ariú, Mháire! cad a choim-
eád thu? Thá an té agus na h-uibhe agus
gach aon rud fuar.



Máire: Ach this Irish is a nuisance,
but I suppose I must speak it as she
doesn't know any other.



Máthair: Cad é an cadaráil sin
agat, a Mháire. Suidh síos annso
agus ith rud éigin. Tá sé déannach
anois. Do cheapas ná tiocfá anuas
choidhche. Cad a bhí ad' coimeád?



Máire: Cad a bhí am' choimeád an
eadh. Ní h-aon iongnadh me mall
ag iarraidh me féin a dhéanamh suas,
gan sgáthán gan aon ní eile ar
fóghnamh annso agaibh.



Máthair: Óidhe dhe dhe! a Mháire a
mhaoineach, cad tá ag cur ort in-
ao' chor? Seo, caith uait na gothaí
agus bíodh ciall agat.



Máire: An sean-phort i gcómhnaidhe,
Ciall! Ciall!! Is deacair do
dhuine ciall ná meabhair ná cuimhne
a bheith aige san áit seo.



Máthair: (léi féin). Ach a shaoghail a
domhain, cad tá uirthi ní fheadar?
(ós árd) a Mháire, a laogh, an amh-
laidh atánn tú gan bheith ar fógnamh.



Máire (go cráidhte) bead im' shean
bhean i gcionn bliadhna má fhanaim
sanáit seo.



Máthair: (léi féin) A Mhuire 'Mhá-
thair! speabhraídí atá uirthi agus ní
bheidh sí fiche bliadhan go dtí Nod
laig seo chugainn.



Máire (léi féin). No amusement of
any kind, no dances, no parties, nó
golf, no tennis.



Máthair: Teinneas! Teinneas!!
Ariú, a Mháire, cad é an teinneas
atá ort? Cuirfead fios ar dhoch-
túir láithreach.



Máire: Bíodh ciall agat a Mháthair.
Níl dochtúir beo leighisfeadh uaig-
neas agus croidhe crádh (Tagann
teachtaire isteach le leitir agus tug-
ann di é. Léigheann sí é agus buaile-
ann a bosa le h-áthas). Moladh le
Dia! nach breagh é sin, beidh an
buachaill annso láithreach (Ritheann
go doras). Ó! tá sé ag teacht
aníos a bóthar!



Máthair: Cia tá ag teacht aníos an
bóthar ariú!



Máire: An buachaill, an buachaill!
caithfead bheith ag imtheacht (Líonann
sí cupán de'n té).



Máthair: Buachaill! Buachaill!! a's
dá chamóg gallbháire aige. Beir-
eann Máire ar an gceann éadtrom
agus beartuigheann sí í).



Máire: Raghad amach ag imirt ghalf
leis na h-uaislibh agus ní fanfad annso
istigh aon lá eile.



Máthair: (Beireann an bhata aca).
mBaite is deas an smachtín bata
é seo. Is cosamhail le camán é ach
go bhfuil sé ró bheag. Agus cogar,
a Mháire, cad a dhéanfa tú leis?



Máire cad a dhéanfad leis! Cuir-
eann sí gotha imeartha airthi féin).
Feuch! bhuailfinn buille ar liath-
róidín a chuirfeadh míle slighe ó
bhaile é.



Máthair: A Mhuire na bhfeart! Mo-
ladh leat ar fad!!



Máthair: Ring ur op un du fón! Mo
mhilleadh 'gus mo bhrón, 's is Friann-
cis sin dar ndóigh, mar ní Gaoluinn
é ná a glór!



Máire (téigheann sí 'n seomra agus fill-
eann agus leathóg de hata mhor
leathan uirthí). Seadh táim ullamh
anois.



Máthair: Is mithid duit sin. Ach cad
é an fuadar atá fút aríú?



Máire: Níl aon fhuadar fúm ach gur
thug Mister Saindí Mac an Aibb
cuireadh dhom chun dul i n-éinfeacht
leis ag imirt ghalf.



Máthair: Mhuiise, nár leigidh Dia
dhúinn Saindí Mac an Aibb, an
grugaire gan slacht, mo léann ar a
chab.



Máire: Ba chóir go mbeadh mórdháil
ort inghean dem' leithéid a bheith
aghat, seach is duine gan léigheann
gan uaisleacht (Bíonn sí ag im-
theacht).



Máthair: (Tagann ar an ndoras roi-
nipi). I n-ainm Dé fan istigh agus
deisigh stocaí t'athar agus ná bí ag
déanamh óinsin díot féin.



Máire: (go mío-shásta acht ag géill-
eadh). Is dócha go gcaithfead rud
a déanamh ort dom' aindeoin.



(Bíonn an mháthair ag lorg na
stocaí agus an fhaid a bhíonn a cúl
leis an inghin sgiobann sise na bataí
imeartha agus tugann sgiúird an
doras amach agus a hata n-a láimh
aici).



Máthair (agus na stocaí aici). Seo
a cailín, is fearra dhuit —. Ó!
'gCunntas Dé! tá sí tar éis
teithte, mo truagh-sa an té atá ag
brath ort, ná ar do leithéid eile de
ghligín, nó cá bhfuarthas sibh. Tá
cailíní óga na h-Éireann imthighthe
na ngliogairí gan áird gan éifeacht
agus mo thruag-sa Éire dá mbeadh sí i
dtaoibh leo.



MEAINICIL.



AMHRÁN NA DÉIRCE.



Sprionnlóg mná a bhí ann uair, ná
Tabharfach déarc ná cabhair do Éinne,
agus bhí fear aice a bhí beag nách cómh
holc léithe. Tháinig duine muintear-
tha leo chun a Tíghe lá agus é gléasta
suas i gCló bachaig Feuch a' mbain-
feadh fé déarc di le neart Gaedhilge
agus Filidheachta agus seo mar ar
Thuit amach eadtora.



Ó Mhícheál o Cillín atá i gcarraigh
á' Chabhalta iseadh a scrígheas síos an
Tamhrán. Tá a lán Éirinn eile acu
aige agus níl dabhth ná scríobhfar an'
chui acud le linn an choláiste a bheith
ar oscailt ann imbliadhna.



Seaghán Ó Murthuille.



I.



Go mbeannuighe rig na naomh duit,
Muire 'gus a hAonmhac,
Is donáinín bocht aosta mé tá am
aonar a' siubhal,
Nár tháinig riamh bhúr n-Éileamh, is
anois tá d'iarraig déirce,
A bhean a tighe bí éasga agus scaoil
me chum siubhail,



II.



A bhacaig suig is déin reast, is glac
go bog do shaoghal chughat,
Beidh mórán ad dhéig-se dá méid é
do dhúil,
Chúig saibhris do dhéanamh 'á bharr do
mhálaí déirce,
Do mhuirín ort níl éinne, tá tú féin
garbh-mhór.



III.



A challigh bhrice bhéascuighthe is olc an
díolaidhe déirc tú,
Do dhonáinín bhocht aosta tá i n-éin-
eacht go dúbhach,
Mo mhálaí dhíom do léughfainn is mo
cheantíní le chéile,
Is liom mhaide croise phléasgfad thu
fed bhéul uaim anonn.



IV.



A bhacaig stad do'd bhréithibh is ná
tabhair tuille do'd bhéul fúmham
Nú ar na fir isteach go ghlaofainn chun
do phlaoisgín do bhrúghadh,
Mar a nglachthá prátaí scéith' uaim do
bheadh tirm plúrach pléasgach,
Nú deoch do bhainne géur agus beith
buidheach chuig a' tsiubhail.



V.



Ní ghlacfainn práthaí scéith' uait a
bheadh tirm plúrach pléasgach.
Ach lomrach na caorac isé do bhfearr
liom,
Scilling gheal chun tréite nú ubh na
circe léithe,
Sin é an uair a déurfainn go mbheinn
bhuidheach chuig a' tsiúbhail.



VI.



Go marbhúighidh an traet thú is beag
d'ólfainn féin de,
Mar tá cíos is cáin ag glaodhach orm
gach lá os mo chionn,
Mar a n-imthigir uaim fé bhuidheachas
is gan teacht go brágh am Éileamh,
Sé an tuisge te do thaosgfainn ort
fé'd bhéul uaim anonn.



VII.



A chailligh bhrice séidthe is tú is measa
cáil i naon chor
Níor mhaoidheamh ná mustar do éinne
mo phlaoisgín do bhrúghadh,
Mar is tu an ealleá' is measa tréithe
dá bhfeaca sa i naon bhall,
Mo mhullacht-sa go h-éag ort 's nílim
buidheach chuig a' tsiubhail.



VIII.



Fear a' tíghe.



Eirigh ad suidhe airiú a mháire is téirig
go dthí an mála
Is tabhair de gabhál do árd ollainn
uain,
Cur scilling gheal 'na láimh dheis chun
dul go tig a' tábhairne
Nú tabharfaidh sé ár náire i fráithibh
na mbhó.



(A Chríoch san.)



SUIRIGHEACHT GHALLDA.



Do fhear an Lóchrainn.



A Chara — Is fada me ag léigheamh
an Lóchrainn anois agus bhí meas agam
air, acht tá a mhalairt de thuairim agam
mar gheall air anois. 'Se rud do
chuir na choinnibh me ná an magadh do
deineadh ann an lá fé dheire i dtaobh
cailíní. Ní ceart do Ghaedhealaibh
bheith ag magadh fúinn. Ní chreidim
gur cailín do sgriobh leitir Mháire in
aon chor; nó, más cailín í, níl sí ró-
chailíneach. A leitheidí sin do laitean
ár sgéal ig comhnaidhe. Tá gearáin
againn le déanamh ach níor chuir sí sin
crot ceart ortha. Cailín mise agus
tá Gaedhilge agam ach d'fheadfainn
grádh do thabhairt d'fhear mhaith pé 'cu
bheadh Gaedhilge aige nó beadh, agus
ní bhfuighinn aon locht ar fhear go m-
beadh Gaedhilge bhreagh aige dá dtu-
gadh sé grádh do chailín ná beadh aon
Ghaedhilge aice. Is mó cailín maith
deas clisde againn gan aon Ghaedhilge
acu agus bá dheacair d' fhearaibh gan
bheith ceanamhail ortha dá mbeidís ta-
mall na bhfocair. Táid siad ceol-
mhar, slachtmhar, béasach agus cuma
dheas ortha.



Ní ag cuimhneamh ar aon teangam
do bheadh an fear a bheadh ag cainnt
le duine acu san, ach ag cuimhneamh ar
an saoghal aoibhinn do bheadh aige dá
mbeadh sé de rath air a leithéid de
chéile do bheith aige.



Rud eile, rud iongantach is eadh an
grádh nuair a bhorran sé i gcroidhe
duine. Ní thuigean daoine áirighthe
an bhreaghacht agus an chómhacht atá
ann.



Bíon a rian san ortha mar deinean
siad tagairt tuathaltch dó fé mar do
rinne "Máire." An duine do thug
"an giolla caoch" air is maith do thuig
sé a chómhacht. Cé gur cailín Gaedh-
ealach mise ní phósfad aon duine mar
gheall ar Gaedhilge do bheith aige.
Pósfad duine éigin uair éigin is dóigh
liom ach beidh snaidhm is treise ná
snaidhm na Gaedhilge ghár dtarac le
chéile roimhe sin. Beidh snaidhm an
ghrádha ann. Muna mbeidh fanfad
mar seo.



Go deimhin féin bhí náire orm nuair
do léigheas an litir sin, agus dá m-
beadh "Máire" am aice do thabhrfainn
cómhairle a leasa dhi. Sinne ag súil
le sgéal ó fhear mar gheall ar chleamh-
nas toisg go bhfuil eolas ar an nGae-
dhilg againn. Féachaidh ar sin a chail-
íní!



Ní suirigheacht cheart é sin in aon
chor, agus ní cheart dúinn leigint do
dhaoinibh a leithéid do chur 'nár leith.
Déarfadh daoine ar ball gur fonn
pósta a bheadh ar gach cailin a raghadh
ag foghluim Gaedhilge. Féachaidh ar
sin! Nách iad na labana iad na fir
seo a bhfuil an Ghaedhilge acu go m-
beadh duine againne ag brath ortha í
shábháilt ó bhéith 'ná sean-mhaighdin ar
ball. Tá cuid acu maith go leor is
dócha, ach ní fheadar cad déarfad le
cuid eile acu. Tá eagla orm ná
cuirfir an litir seo sa Lóchrann mar
bhís róbháidheámhail leis an stiúsaí san
"Máire."



Mise,



CAITLÍN.


L. 7


A FHEIRMEÓIRÍ!



AN FILLEADH BEAG.



AN CULAITH GAEDHEALACH



I n-IOMLÁN, agus
BRÍSTÍN, agus
BRAT, agus
DEALG, agus
CAIPÍN, i n-a Theannta AR —
50/-



SCRÍOBHAIDH CHUGHAM GO SRÁID AN RÍGHO
49A i gCORCAIG.



TOMÁS Ó GORMÁIN.



TROSGÁN TIGHE.



FÓGRA.



LEABHRÁIN PINGINNE
"AN LÓCHRAINN."



Táid na leabhráin seo leanas ullamh anois —



1. PÁIRLIAMENT NA MBAN,
CUID I.



2. PÁIRLIAMENT NA MBAN,
CUID II.



(Cormac Ua Cadhlaigh do chuir in eagar).



3. CAISMIRT NA gCEARC.
CUID I.



4. CAISMIRT NA gCEARC.
CUID II.



5. AN SIOTA 's A MHÁTHAIR,



6. LIAM NA GIÚISE.
("An Seabhac" do chuir in eagar).



16 Leathanaigh de glan-Ghaedhilge nga
ceann.



Le fághail saor tríd an bpost ar 1½d. an
ceann nó ar 9d. an dosaen.



Scríobhtar go dti



RAIGHILL IS MAC CUIRC,
TRÁIGH-LÍ.



LEABHRA AN CHONNARTHA.



Cath Fionntrágha. By P. O Seochfradha. 6d. net.



Trí Torpáin. Specially arranged for Intermediate Programme, with an
extensive Vocabulary and Notes. Price, 1/- net.



Bruidhean Chaorthainn: An Ossianic Romance. Edited, with Notes and
Vocabulary, by Padraic MacPiarais, B.A., Barrister-at-Law. 9d. net.



Dearg-Ruathar Chonaill Chearnaigh: A Rudrican Tale from a Thomond MS.,
with Vocabulary, 123 pp. Limp Cloth, 9d., net.



Bodach an Chóta Lachtna: An Ossianic Wondertale. Edited, with Notes and
Vocabulary, by Padraic Mac Piarais. 80 pp. 6d., net.



AN CLAIDHEAMH SOLUIS.



Cuidigh leis an g-cuis agus ceannuigh an Claidheamh Soluis. Ní'l as
acht pingin sa tseachtmhain. Ar an phingin seo gheobhadh tú gach saghar
eoluis ar chúrsai an tsaoghail.



Árus an Chlaidhimh ag — 25 Cearnóg Rutlainn, Baile atha Cliath.




L. 8


A Ghaedhla, Cabhruighidh le Chéile!



Gach aon saghar earraí le gághail ann.
WRITE FOR CATALOGUE.



DO THIGHTHIBH AOIDHEACHTA INSO.



Má's as baile dhíbh a Ghaedhilgeóirí gheobhaidh
sibh ósduigheacht agus bárr freasdail má chuireann
sibh fúibh ins na tighthibh Gaedhlacha so:



I gCORCAIGH.



Tigh Inghín Ní Bhuachalla, 6 Sráid an
Droichid.



(Láimh le Droichead Pádraig).



GRIANÁN NA nGAEDHAL



Gaedhluinn ag muintir a' tighe.



IN UÍBH RÁTHACH ÁLUINN



Aoidheacht maith do Ghaedhlaibh.



BEAN UÍ DHUILLEÁIN,



Spúncán, An Cuirreán.



Labhartar Gaedhilg 'sa tig seo.



GLANACHAR
SAOIRSEACHT
SÍBHÍALTACHT.



I LÚNNDAIN SASANA.



CUIRIDH FÚIBH I DTIGH AN
PHAORAIGH.



SOCAIR-LIOS DO GHAEDHEALAIBH,
I nDÚN GARBHÁN.



Tá teach aoidheachta deas ag,
MAIGHRÉAD NÍ ANNRACHÁIN
(Private hotel, 26 Mary-Street,
Dungarvan).



Baile an Fheirtéaraig an Craoibhin Aoibhinn,
Ameasg Ceanntair Gaedhlacha nEirinn tíom-
pall,
Tá ann greann Seana-nósa a's ceólta ár sinn-
sear.
Tá rinnce is damhas ann agus amhráin bhríoghmhar



Má tá Gaedhluin uait, ná cunláiste chum í
fhoghluim, nó airgiod agat le caitheamh cuir
fios air an fear fíor ghaedhlach Liam ó Lúbhaing,
Baile an Firtéaraig, Daingean.



I dTRÁIGHLÍ.



TIGH-ÓSTA UÍ SHUILIOBHÁIN,
33 UPPER CASTLE STREET.



TERMS MODERATE.



MUINTIR AODHAGÁIN,
32, SRAID PHÁDRAIG, 32,
I gCORCAAIG.



TÁILLÚIREACTHI.



DONNCHADH UA LIATHÁIN,



43 Sráid Marlboro,
i gCorcaigh.



Labartar Gaedhilge ann,.



TROSGÁN SIGE.



SOLUS
NA nGAEDHEAL
DÉANTA
I mBAILE ÁTA CLIATH



LEABHRÍN NA LEANBH.
Norma Borthwick.



Aesop a tháinig go h-Eirinn.
Parts I. — V.
net. 6d.
by post 7d.



Seadna Part I Reduced to
net 9/-
by post 1/-



Vocabulary to Seadna
net. 2/-
by post 2/2



CÓMHLUCHT NA FÍRINNE CATOILICE
I N-ÉIRINN,



LEABHAR ÚRNAIGHTHE,



FÉ CHOMAIRCE
NAOMH PÁDRAIG
AG SRÁID AN RÍOGH
I gCORCAIG.



SEÁN Ó CONAILL



SAOR EALADHANTA AGUS
SNAIGHTHEADÓIR CLOICHE.



Is uaidh a gheobhfar gach aon nidh dá
fheabhas mar chros-liag, leac-cuimhne
altóra, agus mar sin dóibh, chun
ónáidí ar uaghaibh agus ar eaglaisibh.



"AN LÓCHRANN."



Ar na chur amach gach mí ag Muintir
Raighill is Cuirc i dTráigh-lí. Le
fághail saor tríd an bpost ar trí
rélachaa san mbliadhain.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services