Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eisirt
Title
Eisirt
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Composition Date
1913
Publisher
Brún agus Ó Nualláin, Teor.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EISIRT An t-Athair Peadar Ua Laoghaire Canónach, s.p. CAIBIDIOL A I CÚIS GHÁIRE AG EISIRT Tamall mór roim aimsir Chúchulainn agus Mhéibh agus Chonchúbhair rígh Uladh, bhí rígh eile ar Ultaibh agus Feargus mac Léide b'ainim dó. Seo mar adeir an Silva Gadelica 'n-a thaobh: "Rí fírén forglide fírbrethach ro gabastair flaithes ocus forlámas for clannaib rathmara Rudraige .i. Fergus mac Léite mhic Rudraige." Nó mar adéarfaí anois: "Rígh fíoraonta deimhin- bhreitheach fíor-bhreitheach a ghaibh flaitheas agus forlámhas ar chlannaibh rathmhara Rudhraighe, .i. Feargus mac Léide mhic Rudhraighe." Dhein an Feargus san fleadh mhór i n-Eamhain Mhacha, agus bhí maithe agus mór-uaisle Uladh cruinnighthe aige ag caitheamh na fleidhe sin. Le linn na fleidhe sin a bheith i n-Eamhain Mhacha bhí fleadh eile ag rígh eile sa n-áit ar a dtugtí tuatha Luchra agus Luprachán. Daoine ana bheaga b'eadh tuatha Luchra agus Luprachán. Ní raibh na fir ba mhó ortha puínn thar leath-troigh ar aoírde. Iubhdán mac Abhdáin ab ainim do'n rígh a bhí ortha. Bhí Iubhdán leath-órlach go maith níos aoírde 'ná aon fhear d'á shluagh, agus bhí sé cúmtha córach d'á réir sin. Fear ana dhathamhail, ana
ríoga, dob' eadh é. Bhíodar go léir ana dhathamhail, ana dheagh-chúmtha, ach ní raibh aon bhreith ag aoinne acu ar an rígh. Gruaig chas dhubh iseadh bhí ar an rígh, agus gruaig bhreagh fhionn a bhí ar an uile fhear eile d'á raibh sa tír sin. Mar ba chuibhe agus mar ba chóir do rígh, bhí cathmhilí tréana ag Iubhdán os cionn a shlóighte móra líonmhara. Sidiad na prionsaí ba mhó agus dob' uaisle a bhí ar na cathmhilíbh sin. Bhí seacht catha móra d'fhearaibh tréana calma ag Iubhdán. Bhí Conán mac Ruichid 'n-a rígh féinne ar chath dhíobh san. Bhí Géarchú mac Gairid 'n-a rígh féinne ar chath eile. Bhí Righbeg mac Róbhig 'n-a rígh féinne ar chath eile. Bhí Glúnán mac Gabairn 'n-a rígh féinne ar chath eile. Bhí Luigín mac Luigid 'n-a rígh féinne ar chath eile. Bhí Feabhal mac Feóirín 'n-a rígh féinne ar chath eile. Bhí Bran mac Luain 'n-a rígh féinne ar chath eile. Agus bhí a lán d'uaislibh cródha, mileata, cathbhua- dhacha, 'n-a dtaoíseachaibh airm fútha san sa mhór- shluagh líonmhar san Iubhdáin. Bhí aon fhear amháin ann, tréan-fhear an rígh, agus níor bh'fhéidir aon fhear d'fhághail an thuathaibh Luchra agus Luprachán a bhí i n-aon ghaor do bheith chómh láidir leis. Dheineadh sé gníomh nár bh'fhéidir d'aon fhear eile a dhéanamh. Do leagadh sé feóchadán le h-aon bhuille amháin d'á chlaidheamh! Do leathadh a súile ar na fearaibh eile nuair a chídís an gníomh san. Glómar mac Glais mic Glomraide b'ainim do'n fhear san. Uaireanta, nuair a bhíodh gleac- aidheacht ar siúbhal acu, tagadh na fir eile 'n-a
thímpal a d'iaraidh é leagadh, ach ní leagtí é go dtí go mbíodh an dáréag ba threise acu chuige. Nó mar adeir an sgéal, "Bhíodh feidhm an dá fhear déag acu-san ag trascairt an fhir sin." Do líon na h-uaisle go léir, agus na ríghthe féinne, agus na taoísigh airm, agus na maithe móra, isteach sa rígh-theach i bhfochair an Árdrígh Iubhdán. Do shuigh an t-Árdrígh 'n-a chathaoir ríoga. Do shuigh an ríogan, Bébó, ar dheis an Árdrígh. Do cuireadh Eisirt, b'é sin árd ollamh Iubhdáin, ar a láimh chlé. Do cuireadh Beag mac Big, b'é sin tainist an Árdrígh, ar aghaidh an Árdrígh amach, ar an dtaobh thall de'n rígh-theach. Agus do cuireadh an tréan-fhear, Glómar mac Glais mic Glomraide, 'n-a shuidhe i n-aice an doruis, i dtreó, dá dtagadh namhaid go dtí an dorus nár bhaoghal go dtiocfadh sé thairis sin isteach. Ansan do cuireadh an chuideachta go léir 'n-a suidhe, mór-thímpal an rígh-thíghe, do réir onóra, agus teidil, agus uaisleachta. Ansan do baineadh na cinnbheaga des na dabhachaibh leanna, 'sé sin le rádh, do baineadh na spiocóidí as na bairillíbh leanna, agus do tháinig an lucht friothálmha agus do rainneadar ar an gcuideachtain sin lionn breagh blasda a bhí abhfad ins na bairillíbh agus a bhí go borb agus go láidir agus go meisgeamhail. Bhíodar go léir ag ól ar feadh tamaill. Ansan do thusnuigh an deoch fóghanta san ar dhul suas sa cheann acu agus ba ghearr go raibh an uile dhuine acu súgach go maith agus fonn cainte ag
teacht air. Ba ghearr ná raibh sa teaghlach ar fad ach aon gheóin amháin cainte agus cur tré chéile. Ansan d'eirigh an t-Árdrígh, Iubhdán, 'n-a sheasamh, chun cainte dhéanamh leis an gcuideachtain. Deir an sgéal ná raibh ar thuathaibh Luchra agus Luprachán cainteóir ba mhísle, ba ghunta, ba bhinne, ba cheólmhaire 'ná é. Bhí an corn breac 'n-a láimh aige. Bhí a fhios ag an gcuideachtain go raibh rud éigin fóghanta le teacht nuair a chonacadar an corn breac i láimh an Árdrígh. D'eirigh Beag mac Big, tainist an Árdrígh, thall 'n-a choinnibh. B'é sin dualgas an tainiste, ag onórughadh an Árdrígh. Do labhair an t-Árdrígh agus seo mar adúbhairt sé:- "A mhaithe agus a mhór-uaisle agus a ríghthe tuatha Luchra agus Luprachán, is 'mó rígh uasal árdchómhachtach a chonacabhair-se i n-Éirinn riamh. Ba mhór é a ngradam. Ba mhór é a gcáil. Ba mhór é a saidhbhreas. Ba líonmhar iad a slóighte. Ba láidir agus ba chalma iad a gcuraí tréana chun catha agus chun cruadh-chómhraic. Ba mhaith iad na ríghthe sin, agus na h-árdríghthe sin, chun na h-Éirean a chosnamh, chun smachta chur i bhfeidhm, chun óir agus séada uaisle do bhronnadh ar lucht filidheachta agus ar lucht ceóil agus ar lucht ealadhan, agus ba mhaith iad a gcuraí tréana ag cabhrughadh leó i ngach deagh-ghníomh agus i ngach deigh-reacht agus i ngach obair mhór, chómhachtach, thairbheach d'á mbíodh beartuighthe acu. Ach fiafruighim an méid seo dhíbh, a mhaithe agus a mhór-uaisle agus a ríogra
mileata. An bhfeacabhair riamh, ortha go léir, rígh dob' fhearr 'ná mise?" "Dar do shoillse, a Árdrígh uasail, ní fheac- amair!" ar siad go léir d'aon ghuth. "An bhfeacabhair riamh," ar seisean, "tréan- fhear dob, fhearr 'ná mo thréan-fhear?" "Ní fheacamair!" ar siad. "An bhfeacabhair riamh," ar seisean, "curadh ná cathmhilé dob' fhearr 'ná aoinne des na curaíbh agus des na cathmhilíbh atá sa tigh seo anocht?" "Dar ár mbriathar ní fheacamair!" ar siad. "Dar mo bhriathar, agus tugaim briathar rígh leis," ar seisean, "ná fuil an chómhacht san le fághail d'fhéadfadh daoine ná ollmhaitheas a bhreith as an dtigh seo anocht ar éigin, tré fheabhas na gcathmhilí agus na dtréan-fhear atá againn, tré iomad ár gcuraí calma agus ár ríghthe féinne mear-bhorba, mear-láidre, mór-ghníomhacha!" Bhí Eisirt, an t-ollamh, 'n-a shuídhe i n-aice an Árdrígh. Nuair airigh sé an chaint mhaoidhmhteach san níor fhéad sé gan sgeartadh gáire chur as. D'airigh an chuideachta go léir an sgeartadh gáire sin. Do stad an t-Árdrígh agus é d'á thachtadh le feirg. "Cad fé ndeara dhuit an gháire sin a dhéanamh, a rígh-ollamh?" arsa'n rígh. "Níor fhéadas gan gáire dhéanamh, a Árdrígh," arsa Eisirt, "mar is eól dómh-sa aon chúig' amháin i n-Éirinn agus tá fir ann agus dá dtagadh fear acu anso i n' aonar anocht do bhéarfadh sé leis,
ar éigin, daoine agus ollmhaitheas, uait-se agus ó na seacht cathaibh cródha so de thuathaibh Luchra agus Luprachán atá ad' thímpal anso anois!" "Gabhtar an t-ollamh láithreach," arsa Iubhdán, "go ndéanfar díoghaltas air mar gheall ar an gcaint mhí-chuíbhsach, easonóireach san atá déanta aige!" Do rugadh láithreach ar Eisirt agus do cean- galadh é. "Is olc an obair í seo atá déanta agat orm-sa anocht, a Iubhdáin," arsa Eisirt, "agus is mór na h-oilc atá le teacht as do ghníomh. De bhárr na gabhála so atá déanta agat orm-sa anocht beidh tusa féin bliain i láimh i n-Eamhain Mhacha agus ní thiocfair as gan rogha do shéad agus do mhaoine fhágáilt ad' dhiaigh ann. De bhárr na gabhála so atá déanta agat orm-sa iseadh thuitfid Cobhthach Cas, mac rígh Múmhan, agus Eochaidh mac Néid, mac rígh Laighean. Tiocfidh mo chion de'n olc orm-sa féin, mar beidh mé i dtigh Fhearguis mhic Léide agus béad ag snámh sa chorn, mór- thímpal, agus is beag ná go mbáthfar ann mé. Ach tabhair cáirde trí lá agus trí oídhche dhom anois agus raghad go h-Éamhain Mhacha, go tigh Fhearguis mhic Léide, agus ansan mura dtugad chúghat-sa anso cómhartha so-aithne a thaisbeánfaidh duit gur labhras fírinne nuair a dúbhart an chaint úd, féadfaidh sibh bhúr rogha cor a thabhairt dom. "Sgaoiligh dó," arsa'n rígh.
Do sgaoileadh dé láithreach. D'eirigh sé, agus d'ollamhuigh sé é féin chun gluaiste. Chuir sé uime, istigh le n-a chroicean gheal, léine de shról bhreagh bhog uasal. Chuir sé uime, lasmuich de'n léine sin, ionar, 'sé sin bhest, nó sórt casóige bige do luigheadh isteach, go deas agus go h-oireamhnach, le n-a chabhail. Chuir sé uime, lasmuich de'n ionar, brat, nó clóca n-a raibh taithneamh corcra ann agus ciúmhais óir mór- thímpal leis, agus an dath agus an déanamh air dob' fhearr ab fhéidir dh'fhághail i dtír na bhFionn. Ansan do chuir sé idir a throighthe agus talamh a dhá bhróig dheasa, chóracha, a bhí déanta d'fhinn- druinne, agus órnáidí óir ortha. Ansan do thóg sé 'n-a láimh a fhleasg fhileata, sórd slaite a bhí déanta d'fhinndruinne, agus nuair a crothtí an tslat san dhéineadh sí fuaim breagh binn ceóil. Ansan do ghluais sé agus níor bh'fhada an mhoill air dul go h-Eamhain Mhacha. CAIBIDIOL A II EISIRT I N-EAMHAIN Bhí an fhleadh ar siúbhal i n-Eamhain. Bhí maithe agus mór-uaisle Uladh bailighthe i bhfochair Fhear- guis mhic Léide, díreach fé mar a bhí maithe agus mór-uaisle tuatha Luchra agus Luprachán bailighthe i bhfochair Iubhdáin. Tháinig Eisirt go dorus an
rígh-thíghe. Chroth sé a fhleasg fhileata. D'airigh an dóirseóir an fuaim agus tháinig sé amach. Do leath a bhéal agus a dhá shúil ar an ndóirseóir nuair a chonaic sé an firín beag gleóite, deas, fearamhail, uasal, luaimneach, súil-aibigh, agus é chómh beag san go raibh an feur glas, bearrtha, a bhí ar faithche na h-Eamhna, ag dul suas thar glúinibh air, suas go "ramhar a shliasta," 'sé sin, leath slígh suas ar ceathramhnaibh air. Do rith an dóirseóir isteach. "Ó, a dhaoine!" ar seisean, "an firín beag is deise agus is lúgha a chonaic aoinne riamh tá sé amuich ag an ndorus!" Phreabadar go léir 'n-a suidhe. "An bhfuil sé chómh beag le h-Aodh?" ar siad. Abhac ab eadh Aodh, agus bhí sé ana léigheanta. B'é ollamh Uladh é, agus bhí sé chómh beag san go mbeireadh na fir ar a mbasaibh leó é. "Ach!" arsa'n dóirseóir, "bhéarfadh Aodh ar a bhais leis é!" Siúd amach iad go léir go bhfeicidís an firín a bhí chómh beag san go mbéarfadh Aodh ar a bhais leis é. Bhíodar 'n-a thimpal amuich agus a súile ar leathadh agus iad ag feuchaint air. D'fheuch sé suas ortha mór-thímpal. Níor bh'fhada gur chuir sé sraodh as. "Feuch," ar seisean, "a dhaoine móra, tá bhúr n-anál ana bhréan! Táim nách mór múchta agaibh! Druidigh uaim amach agus leigidh chúgham an fear
beag úd thall. Fear beag iseadh é agaibh-se, ach dob' fhear ana mhór é dá mbeadh sé sa tír as a dtánag-sa." Tháinig Aodh agus thóg sé Eisirt suas ar a bhais agus do rug sé leis isteach é agus chuir sé 'n-a sheasamh ar an mbórd é os cómhair Fhearguis. Shuigh an chuideachta go léir airís agus ní baoghal ná gur fheuchadar go maith ar an bhfear mbeag. "Cé h-é thusa, a fhir bhig?" arsa Feargus, "nó cár seóladh chúghainn tú?" "Eisirt mac Big mic Buaidhgeine mise," ar seisean, "ollamh agus file agus éigeas tuatha Luchra agus Luprachán." Bhí Eisirt 'n-a sheasamh ar an mbórd ar aghaidh an Árdrígh amach agus iad ag feuchaint ins na súilibh ar a chéile. "An bhfuil an chuid eile de mhuíntir do thíre-se, a rígh-ollamh, chómh beag leat-sa?" arsa'n t-Árdrígh. "Tá cuid acu níos lúgha 'ná mé, a Árdrígh, agus tá cuid acu níos mó 'ná mé. Is mó agus is troime d'fhear 'ná mise, go mór, an t-Árdrígh atá orainn. Nuair a sheasóchainn le n'ais ní raghadh bathas mo chinn suas puínn thar cluais air," arsa Eisirt. "Ó!" arsa Feargus," is iongantach an fear le méid agus le troime é! Ach "is túisge deoch 'ná sgéal." Tugtar deoch do'n ollamh," ar seisean, "agus tugtar suídhchán dó. Ní fhéadfadh sé gan tuirse bheith air tar éis na slíghe atá curtha dhé aige ag teacht anso ó n-a dhúthaigh féin."
B' shiní an obair ansan. Cá bhfaighfí árthach a bhéadh beag a dhóithin d'Eisirt chun díghe dh' ól as? Bhí árthach ag duine agus árthach ag duine eile, ach nuair a curtí na h-árthaí i n-aice Eisirt chídhtí go mbídís ró annspianta ar fad le méid. Fé dheire do chuir an bhanríoghan a lámh 'n-a póca agus tharaing sí amach méaracán deas óir a bhí aici. "Ó!" arsa gach aoinne, "siné díreach é!" Ansan do thóg an bhanríoghan smut de chíste agus shocaraigh sí go deas é le sgian agus chuir sí lastiar d'Éisirt é chun go suídhfadh sé air. Ghearr sí smut eile de'n chíste agus chuir sí an méaracán 'n-a sheasamh air agus é lán d'fhíon, agus chuir sí ar aghaidh Eisirt amach é. Níor shuigh Eisirt, agus ní lúgha 'ná thóg sé an méaracán. Cheap Feargus gur sgáth nó faitchíos a bhí air. "Suigh, a rígh-ollamh," arsa Feargus, "agus ól deoch. Is mithid duit tart a bheith ort." "Ní ólfad-sa bhúr bhfíon," arsa Eisirt, "agus ní lúgha 'ná mar íosfad bhúr mbiadh, agus ní lúgha aon taobh acu 'ná mar a shuighfad ar bhúr gcíste." Agus d'fheuch sé go dána agus go seasamhach idir an dá shúil ar Fheargus. Do stad an chuideachta go léir. Bhain an chaint sin geit asta. Ní raibh an fear eile sin beó do labharfadh ar an gcuma san le Feargus mac Léide. Ansan, nuair a chuireadar díobh an gheit is amhlaidh a sgeartadar go léir ar gháirí. Do sgeart Feargus ar gháirí leó. D'fheuch Eisirt
'n-a thímpal ortha agus níor chuir sé gáire ná cuid de gháire as. Ansan iseadh chuadar go léir ins na trithíbh ar fad. Nuair a bhí a ndóithin gáirí déanta acu, agus na deóra ag teacht go bog ó n-a súilibh le neart an tsuilt, do stadadar. "Dar fiadh, a fhir bhig," arsa Feargus, "ach is fada nár sheasaimh ar m' aghaidh amach fear chómh dána leat. Tá sé chómh maith agam tú ghlacadh réidh nó b'fhéidir nár chuid ba lúgha 'ná a fhonn a bhéadh ort cómhrac aonfhir d'fhógairt orm. Abhfad uainn an t-olc, dá ndeintá san bhéadh an sgéal go h-olc agam is dócha. Ba shuarach an taca an Calacholg i gcoinnibh do chlaidhimh-se, dá mbéadh sé agat." Chuir san an chuideachta airís ins na trithíbh gáirí. Níor labhair Eisirt focal. "Ní ólfair ár bhfíon," arsa Feargus. "Ní dóich liom gur bh'fhearr rud a déanfaí leat 'ná tú chur isteach anso am' chorn féin. Ansan bhéadh an fíon ad' thímpal agus d'á fheabhas a chosnóchfá thú féin air b'fhéidir go raghadh streancán ad' bheul dé agus go gcaithfeá é dh'ól." Chómh luath agus d'airigh an fear friothálmha an chaint sin níor dhein sé ach breith 'n-a dhorn ar Eisirt agus é chaitheamh isteach sa chorn. Chuir an fear bocht cúpla sraodh as nuair a tumadh é sa bhfíon láidir, agus ansan chrom sé ar shnámh mór- thímpal sa chorn, nó ar eocharshnámh, mar adeir- tear sa sgéal. Nuair a chonaic an chuideachta an méid sin ba dhóic le duine go dtuitfeadh an
t-anam asta le neart gáirí agus suilt. Bhí an fíon ana láidir agus níor bh'fhada gur mhothuigh Eisirt dá bhfágtí puínn aimsire sa chorn é go mbéadh deire leis. Do labhair sé. Chómh luath agus d'airighdar ag caint é do stad an ualthairt gháirí. "A Árdrígh agus a uaisle Uladh," ar seisean, "is olc an mhaise agaibh é mise dom' báthadh anso os cómhair bhúr súl agus gur 'mó sgéalaidheacht agus ealadhna dh'fhéadfinn-se thabhairt daoibh a dhéanfadh mórán tairbhe dhaoibh agus mórán suilt." "Tógtar amach é! Tógtar amach é!" arsa gach aoinne. Do tógadh amach as an gcorn láithreach é. Do triomuigheadh é agus do glanadh é. Nuair a bhí sé tirim glan do cuireadh ar an mbórd airís é, 'n-a sheasamh ar aghaidh Fhearguis amach. "Ar mhisde leat a innsint dom, a rígh ollamh," arsa Feargus, "cad é an chúis ná h-ólfá ár ndeoch agus ná h-íosfá ár mbiadh?" "B'fhéidir dá n-innsinn sin duit go mbéadh fearg agat chugam. Ní h-é mo thuairim gur faid ar shaoghal aoinne t'fhearg-sa theacht suas leis, a Árdrígh." "Tugaim-se mo bhriathar rígh dhuit," arsa Feargus, "nách baoghal duit mé, pé rud a déar- fair liom." "Tá san go maith," arsa Eisirt, "ach b'fhéidir go mbéadh an focal a déarfainn ró dhian, agus ná fulaingeóch' Árdrigh Uladh é i láthair na n-uasal
so go léir. Ní foláir do'n fhírinne féin labhairt réidh i láthair an rígh." "Ná bíodh ceisd ort, a rígh ollamh," arsa Feargus. "Tá mo bhriathar rígh agat, agus is treise briathar an rígh 'ná an rígh féin. Inis an fhírinne dhom. Tá cúis éigin agat le diúltughadh d'ár mbiadh agus d'ár ndeoch. Inis dom an chúis." "Ó tá do bhriathar rígh agam a'm chosaint ar t' fheirg 'neósfad an chúis," arsa Eisirt. "Ní féidir liom éafcóir d'fhulang. Is olc í an éagcóir pé ball 'n-a ndeinntear í. Ach nuair a dhéineann an rígh éagcóir tá bárr agus buadh ag an éagcóir sin ar an uile shaghas oilc. Isé gnó agus dualgas an rígh ceart do chur i bhfeidhm. Isé gnó agus dualgas an rígh éagcóir do chosg. Is uasal an dá dhualgas iad san. Nuair a dhéinean an rígh éagcóir caillean sé ar an dá dhualgas ríoga san i n-aonfheacht. Déinean sé dhá olc i n-aon olc. Tá an dá olc san i n-aon olc agat-sa d'á dhéanamh, a Árdrígh. Tá éagcóir agat d'á dhéanamh ar do reachtaire. Is gnáth go dtagan éagcóir ó éagcóir. Tá éagcóir agat-sa dh'á dhéanamh ar do reachtaire agus tá éagcóir ag do reachtaire dh'á dhéanamh ort-sa. Ní féidir dómh-sa bhúr ndeoch d'ól ná bhúr mbiadh do chaitheamh an fhaid atá a leithéid sin ar siúbhal eadraibh anso i n-Eamhain Macha. Dá mbéadh aoinne eile ag déanamh na h-éagcóra d'fhéadfainn glaodhach ar an rígh chun na h-éagcóra do chosg agus chun an
chirt do chur i bhfeidhm, ach nuair isé an rígh féin is mó atá ciontach cá bhfuil leigheas le fághail ar an olc!" Do stad sé agus d'fheuch sé 'n-a thímpal, agus má fheuch ní baoghal go bhfeacaidh sé aon fhonn gáirí ar aoinne. Bhí na daoine móra go léir agus a gcinn fútha acu agus gan duine acu gan iompáil líthe ann. Bhí aghaidh bhán ar Fheargus féin. Ní raibh aon choinne aige le n-a leithéid sin de chaint ó'n bhfear mbeag. Ach bhí a bhriathar rígh tabhartha aige agus b'éigean dó an chaint d'fhulang. Dúbhairt sé leis féin ná raibh aon rud dob' fhearra dhó 'ná an ceann a bhaint de'n sgéal agus an fhírinne d'innsint. Bhí a fhios aige go raibh sé féin ag déanamh na h-éagcóra ar an reachtaire, ach ní raibh aon choinne aige go raibh an reachtaire ag déanamh na h-éagcóra air. Bhí iongnadh agus alltacht air conus a fuair Eisirt amach an sgéal. Do labhair sé i gceann tamaill. "Ambasa, a Eisirt," ar seisean, "d'á luigheadh é thu ní leanbh tu! Ní foláir a admháil go bhfuil an fhírinne agat, pé cuma 'n-a bhfuarais an t-eólus. Tá an fhírinne agat chómh fada agus théidhean mo thaobh-sa de'n éagcóir, agus is dóchaíde liom an fhírinne bheith agat chómh fada agus théidhean an taobh eile leis." "Tá an buadh agat, a Árdrígh!" arsa Eisirt, "agus caithfead-sa bhúr mbiadh feasda. Ní'l olc is measa 'ná éagcóir ó rígh, ach ní'l maith is fearr ó'n rígh 'ná an éagcóir a dhein sé d'admháil.
Ní'l gníomh is ríoga 'ná an éagcóir d'admháil. D'admhuighis-se an éagcóir. Tá go maith; ach ná dein airís é." Ansan do shuigh Eisirt ar an gcíste agus thóg sé an méaracán suas 'dir a dhá láimh, - bhí muir- ighean a dhá lámh ann, - agus d'ól sé deoch as. Ba ghearr go raibh an chuideachta ag dul i ndánacht air agus go raibh na ceisteana ag teacht go tiugh chuige ó'n uile thaobh, i dtaobh tuatha Luchra agus Luprachán, agus i dtaobh na ndaoine a bhí ann, agus i dtaobh a nósa agus a ndlíghthe agus a mbéasa agus gach nídh eile a bhain leó. CAIBIDIOL A III AN FIRÍN BEAG GASTA Bhí Eisirt ag freagairt na gceisteana chómh maith agus d'fhéad sé teacht ortha, agus isé bhí go cruinn 'n-a chaint agus go cliste agus go h-aibigh, i dtreó go ndúbairt Feargus, "Is uathbhásach an obair," ar seisean, "ciall agus tuisgint agus eólus chómh mór a bheith i rud chómh beag leis!" Ba ghearr gur thuig an chuideachta go léir, as na ceisteana agus as an gcuma 'n-a dtugadh Eisirt freagra uaidh, go mbíodh a fhios aige cad a bhíodh i n-aigne an t-é chuireadh an cheist. "Conus a fuarais eólus go h-Eamhain, a rígh ollamh?" arsa duine de'n chuideachtain leis.
"Bhí eólus na slíghe agam go h-Eamhain sar ar rugadh tusa," arsa Eisirt, "agus tá 'fhios agam nách ró dhíreach an t-eólus a dheinis-se ar an áit ag teacht duit." Do liúigh an chuideachta, ag magadh fé 'n bhfear a chuir an cheist, mar bhí asachán éigin le casadh leis i dtaobh a shínsir. Níor labhair sé sin an chuid eile de'n oídhche. Bhí a lán de'n chuideachtain agus bhí ana dhúil acu a fhios d'fhághail conus a fuair Eisirt amach an éagcóir a bheith ag Feargus 'á dhéanamh ar an reachtaire, ach ní leigfeadh eagla dhóibh ceist de'n tsórd san a chur agus Feargus féin ag éisteacht leó. Níor dhein Eisirt ach feuchaint 'n-a thímpal ortha agus smuta gáire chur as. "Cad 'tá ad' chur ag gáirí, a rígh ollamh?" arsa Feargus. "Cuid des na daoine móra so, a Árdrígh," arsa Eisirt, "atá i gcás 'dir dhá chómhairle. Ba mhaith leó rud d'fhághail, ach ní maith leó é iaraidh. Nuair a bhíon duine ar an gcuma san is fearr gan aon tsuím a chur ann ach sgaoileadh leis go dtí go socaruighidh sé a aigne ar thaobh éigin. Ach tá aisge agam le h-iaraidh ort-sa, a Árdrígh," ar seisean. "Abair an aisge agus gheabhair í má's féidir é," arsa Feargus. "Tá a leath fághalta cheana agam," arsa Eisirt. "Nár chóir gur bh'fhéidir an tarna leath a thabhairt chómh maith agus a tugadh an chéad leath?"
"Tá go maith," arsa Feargus. "Abair í agus gheabhair í. Aon nídh a fuarais anso ó thánaís ní fheicim cad 'tá chun tu chosg ar é fhághail airís. Ní dócha gur b'amhlaidh ba mhaith leath go gcurfaí ag snámh sa chorn airís tu!" "Thugais do bhriathar rígh dhom anocht ná luigh- feadh t'fhearg orm," arsa Eisirt. "Thugas," arsa Feargus. "Ní baoghal duit." "A chothrom san airís atá uaim," arsa Eisirt, "ach ní dhom féin é." "Cé dhó?" arsa Feargus. "Do'n reachtaire úd, a Árdrígh," arsa Eisirt. "Aililiú!" arsa Feargus. "Nách gasta an firín tu! Ach bíodh agat. Tá buaidhte agat. Ní baoghal duit-se agus ní baoghal do'n reachtaire. Ach abair leis, mar a dúbhraís liom-sa, gan an éagcóir a dhéanamh airís." "'Sé mo thuairim, a Árdrígh," arsa Eisirt, "nách beag leis dé. 'Sé mo thuairim nách beag libh araon dé mar éagcóir. Is gnáth go ndéinean an éagcóir a díoghaltas féin, luath nó mall, ar an t-é dhéinean í. Níor tháinig aon díoghaltas oraibh-se ach mise do sgéidh oraibh i láthair uaisle Uladh anso." "Eirigh as! Eirigh as! a fhir bhig," arsa Feargus go garg. "Bíodh an aisge a iarais agat, ach ná taraing chúghat a thuille é mar sgéal!" Ní misde a rádh ná go raibh áthas ar an reachtaire, pé cúinne de'n tigh 'n-a raibh sé, nuair airigh sé an chaint sin. Tháinig sgannradh air nuair airigh sé an
focal a dúbhairt Eisirt i dtusach i dtaobh na h-éagcóra. Cheap sé go raibh a phort seinnte agus nár bh'fhios cad a bhí le h-imtheacht air nuair a thiocfadh Feargus ag socarú' cúntaisí leis. Sa n-am gcéadna bhí díombádh a dhóithin air nuair a thuig sé ná raibh blúire de bhárr a chuid éagcóra aige mar go raibh éagcóir níos mó b'fhéidir 'á dhéanamh air féin. Nuair airigh sé an chaint dheirineach ó Eisirt agus ó Fheargus bhí 'fhios aige nár bhaoghal dó na cúntaisí, agus bhí sé sásta i n'aigne. Thuig Eisirt, um an dtaca san, go raibh sórd eagla ag teacht acu go léir roimis. Níor thaithn san leis. Ní h-é a oir dó. Bhí sé beartuighthe i n'aigne aige go meallfadh sé duine éigin acu chun dul leis thar n-ais go tuatha Luchra agus Luprachán i dtreó go bhfeicfeadh Iubhdán, le n-a shúilibh féin, fírinne na cainte adúbhairt Eisirt nuair a gabhadh é mar gheall ar a chaint. Isé rud a dhein sé, d'á bhrígh sin, 'ná cromadh ar an uile shaghas sgéalta d'innsint d'Fheargus agus d'á chuideachtain, ar thuathaibh Luchra agus Luprachán, agus ar a rígh, agus ar a dtréan-fhear, agus ar na gníomharthaibh a dheineadh sé, agus ar bhéasaibh agus ar nósaibh na tíre agus na ndaoine fé mar a bhíodar. Ba ghearr go raibh an sgáth imthighthe agus go rabhdar go léir, idir rígh agus uaisle, ag éisteacht le h-Eisirt chómh ciúin chómh socair sin gur dhóich le duine gur fé dhraoidheacht a bhíodar aige. Gan amhras is dócha go raibh rud éigin d'á
shórd déanta aige ortha, mar fear-sídhe ab eadh é. Nuair ba mhithid leis iompáil ó'n sgéalaidheacht chun rud éigin eile dúbhairt sé le Feargus: "A Árdrígh," ar seisean, "do dhéineas-sa dán mholta do m' Árdrígh féin, d' Iubhdán, agus déarfainn daoibh-se an dán dá mba mhian libh mé 'ghá rádh." "Ní bhéadh aon nídh dob' fhearr liom-sa 'ná an dán san do chlos uait anois, a rígh ollamh," arsa Feargus. "Mise mar sin," arsa'n ríogan. "Mise mar sin," arsa gach aoinne d'á raibh láithreach. Ansan dúbhairt Eisirt an dán, agus pé cómhacht draoidheachta a bhí aige d'á imirt ortha sa sgéal- aidheacht do mhéaduigh air leis an ndán. CAIBIDIOL A IV AN CÁIRDE CAITHTE Shocaruigh Eisirt é féin 'n-a shuidhe ar an gcíste agus bhain sé deoch maith as an méaracán. Ghlan sé a bhéal agus do leig sé siar a cheann agus dhún sé a shúile. Ba dhóich le duine go sgoiltfeadh ar an gcuideachtain ag feuchaint air, mar do dhein sé an méid sin ar chuma 'n-ar dóich le duine go raibh sé troighthe ar aoirde ann i n-inead é bheith fé bhun leath-troigh. Ansan do dhein sé crónán beag
ar feadh tamaill, fé mar a bhéadh sé ag cruinniú' a mheabhrach cinn. Ansan do thusnuigh sé ar an ndán. Bhí an chuideachta ag éisteacht leis. Bhí an dán go breagh ceólmhar. Bhí an chaint go cruinn agus go gunta agus go cómhngarach. Ba ghearr go raibh an uile dhuine de'n chuideachtain chómh ciúin agus dá mbéidís gan anam gan anál, ag éisteacht le ruith na bhfocal, agus le h-aoibhneas an ghutha, agus le brígh na cainte. Do mheas Feargus nár moladh rígh i n-Éirinn riamh roimis sin mar a mhol Eisirt rígh tuatha Luchra agus Lupra- chán an uair sin. Bhí eagla ag teacht ar Aodh Éigeas go mbéadh éad ar Fheargus toisg gan Aodh a bheith ábalta ar é féin do mholadh fé mar a mhol Eisirt Iubhdán. Ach nuair a thusnuigh Eisirt ar ghníomharthaibh gaile agus gaisge Iubhdáin do mholadh, agus gníomhartha na laochra a bhí fé n-a smacht, agus ar an léirsgrios a dhéinidís ar a namhaid i gcogadh agus i gcruadh-chómhrac do mholadh, ar chuma 'n-ar dhóich le duine gur bh' fhathaigh mhóra iad go léir, is amhlaidh a bhí Feargus agus an chuideachta go léir i riocht dul i laige le neart suilt agus gáirí. Nuair a bhíodh Eisirt 'ghá innsint sa dán conus mar a déintí na cathana móra do throid, do léimeadh sé 'n-a sheasamh agus shiúbhladh sé anonn 's anall ar an mbórd, agus faobhar ar a ghuth agus teine chreasa ag teacht as a shúilibh, fé mar a bhéadh sé i lár catha éigin agus namhaid cheódha aige d'á leagadh i n-aghaidh gach
focail d'á labhradh sé. Tríd an sult go léir dóibh ní maith a bhíodh a fhios ag an gcuideachtain cé 'cu ba cheart dóibh sult a dhéanamh dé nó eagla bheith acu roimis nuair a chídís an rabharta feirg sin ag teacht air, agus an fuinneamh ag teacht 'n-a chaint agus an spréacharnach ag teacht as a shúilibh. Chríochnuigh sé an dán, agus má dhein do chrom an chuideachta go léir ar an uile shaghas seóide uaisle do bhronnadh air. Bhí fáinní óir agus clocha loghmhara agus órnáidí ríoga acu d'á gcur ar an mbórd i n'aice go dtí go raibh cruach acu ann a bhí seacht n-uaire níos aoirde 'ná Eisirt féin. Chuir Feargus ar an mbórd a chion féin de'n chruaich. D'fheuch Eisirt ar an gcruaich agus d'fheuch sé 'n-a thímpal ar an gcuideachtain. "A dhaoine móra," ar seisean, "is gníomh deagh-dhaoine an gníomh san atá déanta agaibh. Ach bhíodh gur b'eadh ní'l aon ghnó agam-sa de'n saidhbhreas so. Ní dhéanfadh sé aon bhlúire tairbhe dhom. Ní'l aon duine agam' thighearna-sa gan a dhóithin mór saidhbhris agus ollmhaithis aige féin. Ní'l easnamh ar bith ar aon duine sa tír as a dtánag-sa. D'á bhrígh sin glacaigh an saidhbhreas so chúghaibh airís agus mo bhuidhchas-sa mar aon leis, go h-iomlán." "Dar ár mbriathar," ar siad, "dá dtugaimís duit a bhfuil an tsaoghal againn ní ghlacfaimís aon pioc dé thar n-ais uait, agus ní lúgha 'ná mar a ghlacfaimíd aon phioc de'n tsaidhbhreas so thar n-ais uait."
"Ó's mar sin atá an sgéal," arsa Eisirt, "caithfead-sa féin an saidhbhreas so do raint." Ansan d'fheuch sé ar Aodh Éigeas agus ar éigsibh Uladh a bhí sa chuideachtain. "A ollamhna agus a éigse Uladh," ar seisean, "déinigh trí treana de'n saidhbhreas so. Coimeádaigh dhá dtrian dé agaibh féin agus tugaidh an trian eile d'eachlachaibh agus d'oblóraibh Uladh"; 'sé sin, do bhuachaillíbh capall agus do lucht spóirt a dhéanamh. Bhí Eisirt i n-Eamhain ar an gcuma san ar feadh trí lá agus trí oídhche agus níor mhothuigh Feargus ná an chuideachta go raibh sé leath na h-aimsire sin acu. "A mhaithe agus a mhór-uaisle Uladh," arsa Eisirt, "tá mo thréimhse caithte agam-sa anso i n-bhúr gcuideachtain agus ní foláir dom bheith ag gluaiseacht thar n-ais feasda chun mo thíre féin." "A rígh ollamh," arsa Feargus, "tá sé ró luath agat imtheacht uainn fós. Beidh a leithéid sin d'uaigneas orainn ad' dhiaigh gur baoghal go ndéarfaimíd gur truagh mar a tháinís chúghainn i n-aon chor. Ach má abraimíd san is baoghal go mbréagnóchaimíd sinn féin láithreach 'n-a dhiaigh mar go ndéarfaimíd linn féin ná raibh trí lá agus trí oídhche riamh againn chómh sulthmhar leis an dtrí lá agus trí oídhche seo atá caithte againn ó tháinís- se chúghainn. B'fhéidir, a rígh ollamh, go bhféadfá fanmhaint againn tamall beag eile." "Is truagh ná fuil ar mo chumas san do dhéanamh, a rígh," arsa Eisirt. "Ní'l agam ó Iubhdán ach
cáirde trí lá agus trí oídhche chun cómhartha sofheicse thabhairt dó-san agus do thuathaibh Luchra agus Luprachán gur bh'fhíor dom an chaint a dúbhart. Tá an cáirde caithte agus ní foláir dom filleadh." "Ar mhisde leat mise dhul leat ar chuaird go tuathaibh Luchra agus Luprachán, a rígh ollamh?" arsa Aodh Éigeas. Siné díreach an rud a theastuigh ó Eisirt, ach níor leig sé air gur bh'é. Seo mar a thug sé freagra ar Aodh. "Is amhlaidh mar atá an sgéal, a Aoidh," ar seisean, "ní déarfad-sa leat teacht ná gan teacht, ach má 's maith leat féin teacht beidh míle fáilte rómhat." "Cad é an chúis, a Eisirt, a rígh ollamh," arsa Feargus, "ná déarfá leis teacht ná gan teacht? Má tá míle fáilte roimis nár chóir go n-iarfá air dul leat?" "Dá n-iarainn air teacht liom, rígh," arsa Eisirt, "agus ansan dá mba ná taithnfadh leis an chóir a curfí air b' fhéidir go mbéadh sé díom- bádhach. Ach má thagan sé uaidh féin, agus míle fáilte bheith roimis, beidh sé buidheach nuair a dhéanfam ár ndícheal dó." "Dar so 's súd," arsa Feargus, "is tu an firín is géarchúisíghe d'ár bhuail riamh umam! Ní h-é mo thuairim go mbeidh aon chúis ghearáin ar a chóir ag Aodh má théidhean sé leat." Ansan d'fhág Eisirt slán ag Feargus agus ag uaislibh Uladh agus do ghluais sé féin agus Aodh
Éigeas le cois a chéile fé dhéin tuatha Luchra agus Luprachán. Gan amhras ba neamh-choitchianta an bheirt iad ag gluaiseacht, duine acu níos lúgha 'ná leath- troigh ar aoirde agus an duine eile breis agus dhá throigh ar aoirde. Is ar éigin a bhí ceann Eisirt chómh h-árd le glúin Aodha. Nuair a bhíodh Aodh ag siúbhal chaitheadh Eisirt bheith ag sodar, agus leis an sodar féin ní fhéadadh sé coiméad suas le h-Aodh. Bhíodh sé tamall siar go minic, agus ansan chaitheadh sé ruith go géar ar feadh tamaill eile, chun teacht suas. CAIBIDIOL A V AN T-ABHAC 'N-A FHATHACH Bhí Eisirt agus Aodh ag cur na slíghe dhíobh. Thugadh Aodh fé ndeara conus mar a bhíodh Eisirt ag sodar, a d'iaraidh coimeád suas sa tsiúbhal. Tháinig ana mhóráil ar Aodh mar gheall air sin. B'shin rud nár thuit amach riamh roimis sin dó, duine bheith ag siúbhal le n-a chois agus go gcaitheadh sé bheith ag sodar a d'iaraidh coimeád suas leis. D'árduigh sé a cheann agus shiúbhluigh sé go h-ana rábach, i dtreó gur dhóich le duine gur bh'fhathach é i n-inead é bheith 'n-a ruathaire bheag abhaic. Do shuathadh sé a dhá chuislinn agus dhírígheadh sé a dhrom
agus do shíneadh sé a chosa, i dtreó gur dhóich le duine air go raibh sé buailte isteach i n' aigne go raibh sé chómh mór, chómh h-árd, chómh calma le Feargus mac Léide féin. Uair d'á raibh Eisirt tamall maith siar uaidh d'fheuch sé thar a ghualainn siar air agus bhain sé crothadh as a cheann le mímheas. "Ach!" ar seisean, "a rígh ollamh, ní maith an cuisidhe thu!" Do rith Eisirt go dtí go dtáinig sé suas leis agus go raibh sé an fhaid chéadna roimis amach. "Eatartha san atá an chóir, a rígh ollamh," arsa Aodh. "Is fíor," arsa Eisirt, "agus sin ar airigheas-sa de'n chóir uaibh-se ó thanag go Cúig' Uladh. Dar mo bhriathar ach gur dóich liom nár airigheas an focal "cóir" amach a' beul aoinne i gCúig' Uladh gur airigheas as do bheul-sa anois é. B' é bhúr leas aithne níos fearr do chur ar an bhfocal agus ar an nídh." Ní deirtear sa sgéal gur thug Aodh aon fhreagra ar an gcaint sin. Chomáineadar leó go dtánadar go Tráigh na dTréanfhear i gCúig' Uladh. "Cad a dhéanfaimíd anois?" arsa Aodh. "Cad a dhéanfaimís ach comáint linn ar uachtar na faraige!" arsa Eisirt. "Ambasa, a rígh ollamh," arsa Aodh, "má thig leat-sa siúbhal ar uachtar an uisge ní thig liom-sa é dhéanamh."
"Is mór an iongnadh é sin, a rígh éigeas," arsa Eisirt, "agus gur fearr an siúbhal atá agat-sa 'ná mar atá agam-sa. Ba chóir go bhféadfá-sa an fharaige ghabháil sa n-áit 'n-a mbáthfaí mise. An t-uisge ná raghadh puínn thar glúinibh ort-sa do bháthfadh sé mise." Le n-a linn sin chonaic Aodh rud a chuir sgannradh air. Chonaic sé ainimhidhe éigin ag déanamh ortha isteach tríd an bhfaraige. "Ó!" arsa Aodh, "táimíd réidh!" "Cad 'tá ort, a rígh éigeas?" arsa Eisirt. "Ó, feuch," arsa Aodh, "an míol mongruadh! Tá sé ag déanamh orainn. Táimíd réidh! Do bhárthan ort féin, a dhroch ainimhidhe!" ar seisean leis an ainimhidhe. "Éist, a rígh éigeas," arsa Eisirt. "Ní baoghal dúinn. Ní míol mongruadh ná míolmór ná aon droch ainimhidhe eile é sin. Siné each Iubhdáin atá tagaithe anso i n-ár gcoinnibh chun sinn a bhreith thar faraige go crích tuatha Luchra agus Luprachán. Ní'l againn ach dul ar a mhuin agus béarfaidh sé slán sinn pé stoirm ná suathadh a bheidh ar an bhfaraige." Is amhlaidh a bhí an capall san agus dhá shúil ghríbhdha, ghlana, sholusmhara, ghlórmhara, 'n-a cheann, agus muing bhreagh, throm, áluinn, chorcra air, agus cheithre cosa uaithne faoi, agus srian óir air. Chuaidh Eisirt ar a mhuin láithreach. "Tar anso ar mo chúlaibh, a Aoidh," arsa Eisirt.
"Ach, a rígh ollamh," arsa Aodh, "ní'l ach slígh dhuit féin air." "Ná bí ag cáineadh an chapaill, a rígh éigeas," arsa Eisirt, "ach tar anso ar mo chúlaibh, agus d'á mhéid meaghchaint atá i n-a bhfuil d'eólus agus d'eagna ionat-sa chídhfir go mbéarfaidh sé sinn araon leis." Ansan do chuaidh Aodh suas ar chúlaibh Eisirt, agus do ghluais an capall leó tar thonnaibh móra na faraige, agus do shroiseadar Mágh Faithlinn gan brón gan báth. Bhí Iubhdán agus tuatha Luchra agus Luprachán go léir cruinnighthe rómpa ar Mágh Faithlinn i n-aonach. "Sidé Eisirt chúghainn!" ar siad go léir. Ach nuair a chonacadar an fear mór le cois Eisirt tháinig crith chos agus lámh ortha agus ní leigfeadh eagla d'aoinne acu teacht i n-aon ghaor dó. Ní raibh ach Iubhdán féin go raibh sé de mhisneach aige teacht 'n-a dtreó agus labhairt leó. Tháinig sé agus chuir sé fáilte roimh Eisirt agus thug sé trí póga dhó. "Míle fáilte rómhat, a rígh ollamh," ar seisean. "Ach cad chuige dhuit an fomarach so do thabhairt leat chúghainn, nó an amhlaidh is maith leat go marbhóch' sé sinn go léir?" "Ní fomarach é seo, a Árdrígh," arsa Eisirt. "Sidé rígh éigeas agus fear dána Chúig' Uladh, agus cé gur mór fheuchan sé anso ní'l ann ach abhac 'n-a dhúthaigh féin. Táid fir mhóra Chúig' Uladh chómh mór i gcomparáid leis sin agus 'tá sé sin i
gcomparáid linne. Nuair a bhíon sé sin sa bhaile is ar bhasaibh na bhfear mór a beirtear ó áit go h-áit é. Is mór acu go léir é, mar tá léighean agus eólus agus eagna agus filidheacht ann thar a raibh d'éigsibh riamh i n-Éirinn. Ní foláir cúram maith a dhéanamh dé an fhaid a bheidh sé againn anso, agus cóir mhaith a chur air, i dtreó ná beidh aon locht aige le fághail orainn nuair a raghaidh sé abhaile ag triall ar Fheargus mhac Léide agus ar uaislibh Uladh." "Agus cad é an ainim atá ar an bhfear mór so, - nó b'fhéidir gur ceart dom a rádh, ar an bhfear mbeag so?" arsa Iubhdán. "Aod Éigeas is ainim dó," arsa Eisirt. "Isé abhac an rígh é, agus is mór ag Feargus é." Bhí an chuid eile de'n tsluagh ag faire ar an dtriúr an fhaid a bhí an chaint sin ar siúbhal, agus ba mhór é a meas ar chródhacht Iubhdáin nuair a chonacadar é, gan sgáth gan eagla air, ag dul chómh cómhngarach do'n fhear mhór agus ag cur a thuairisge ar Eisirt. Ansan do labhair Iubhdán le h-Aodh féin agus chuir sé na mílte fáilte roimis agus thug sé trí póga dhó, ach b'éigean d'Aodh teacht ar a ghlúinibh agus cromadh síos chun an tailimh chun na bpóg do ghlacadh ó'n rígh, agus nuair a bhí sé ag glacadh na bpóg do chonacthas go raibh a bheul chómh mór le h-aghaidh an rígh ar fad. Nuair a chonaic an tsluagh é ag teacht ar a ghlúinibh agus ag cromadh chun an tailimh mheasadar
gur ag úmhlughadh do'n rígh a bhí sé. D'imthigh an sgárd díobh láithreach agus chuireadar liúgh suas mór-thímpal Máighe Faithlinn, ag fáiltiughadh roimis an bhfathach a thug Eisirt abhaile leis. Do líonadar chuige isteach chun go bhfaighdís radharc maith air. "Ó," a deiridís le h-Eisirt, "cá bhfuarais an fathach mór? Conus a thugais leat é? Conus fhéadais buadh fhághail air agus é thabhairt leat, agus gan é gabhtha ná ceangailte agat?" Bhíodar ag druidim isteach i ndiaigh ar ndiaigh agus ag dul i ndánacht ar Aodh go dtí go rabhdar tímpal ar a chosaibh ag iniúchadh agus ag méaruigh- eacht ar na búclaí óir a bhí 'n-a bhrógaibh agus ag déanamh an uile shaghas magaidh fútha. Ní raibh aon mheas i n-aon chor acu ar an gceardaidhe a ghréas na h-órnáidí. "Ó," a deiridís, "na cosa móra! Na cosa móra! Conus fhéadan an fathach bocht siúbhal i n-aon chor leó! Agus na bróga, nách tútach an lámh a bhí ag an ngréasaidhe a dhéin iad! Ní lámha a bhí aige ach crúba! Agus dar ndó, ní cosa atá ionta anois ach crúba." "Eist," a déarfadh duine acu, "aireóchaidh an fathach tu!" "Ní aireóchaidh," a déarfadh an t-é a labhair, "tá a cheann ró fhada suas sa spéir." D'airigheadh Aodh go maith iad ach ní leigeadh sé air go n-airigheadh. Níor bheag leis de shult bheith ag éisteacht leó agus ag feuchaint uaidh síos ortha. Ba ghearr go dtáinig na leinbh óga tímpal a chos
chómh maith le cách, agus iad ag damhas agus ag gáirí agus ag caint, ag déanamh suilt de gach nídh d'á bhfeacadar. Bhí na fir agus na mná beag go leór ach ní raibh ins na leinbh ach mar a bhéadh luchaigh. Ansan iseadh bhí Aodh i dteannta. Bhíodar bail- ighthe isteach tímpal a dhá bhróg agus ní leigfeadh sgannradh dhó aon chos leis a bhogadh de'n talamh sar a satalóch' sé ortha agus go marbhóch' sé leath- dosaon acu b'fhéidir. Fé dheire ghlaoidh sé ar Eisirt. "Ar ghrádh th'oinig, a Eisirt, a rígh ollamh," ar seisean, "abair leó so druidim amach óm' brógaibh le h-eagla go satalóchainn ortha!" Do labhair Eisirt leó agus dhruideadar amach. Ansan iseadh thainig an alltacht ar fad ortha nuair a chonacadar an fathach ag siúbhal. "Aililiú!" ar siad, "conus fhéadan sé na cosa móra san do thógaint chómh h-árd!" Ansan bhíodh cuid d'á sgoláiríbh ag teacht 'n-a dhiaigh ag breithniu' ar rian a chos agus 'ghá thómhas le sraing, agus is 'mó argóint léigheanta a bhíodh eatartha d'á bhárr, cuid acu 'ghá dhéanamh amach gur chosa daona a bhí aige agus tuille acu 'ghá dhéanamh amach nár bh'eadh, ach cosa draoidheachta. Chuir Iubhdán fógra amach 'ghá rádh nár bh'fholáir féasta mór a dhéanamh i n-onóir d'Aodh Éigeas, do rígh ollamh Uladh. Gur mhaith leis féin síth agus deagh-mhéinn agus caradas a cheangal idir é féin agus Feargus mac Léide, Árdrígh Uladh, agus go ndéanfaí an nídh sin mar ba chuibhe agus mar ba
chóir nuair a tabharfaí uraim agus friothálamh ríoga do'n uasal Ultach so a thárla ar a measg. Do freagradh an fógra go h-ollamh agus go fonnmhar. Do ceapadh lá an fhéasta. Do h-ollamhuigheadh an biadh agus an deoch. Tháinig na h-uaisle go léir chómh luath agus fuaradar cuireadh. Tháinig seacht catha féinne tuatha Luchra agus Luprachán fé n-a ríghthibh féinne agus fé n-a dtaoiseachaibh airm, díreach mar a thánadar an chéad lá úd nuair a dhéin Iubhdán an chaint úd a bhain an gháire a' h-Eisirt. Bhí Glómar mac Glais mic Glomraide ann, tréan-fhear Iubhdáin, an fear a leagadh an feóchadán le h-aon bhuille chlaidheamh agus go raibh feidhm an dáréug 'n-a threasgairt. Chonaic sé Aodh. "Dar lámh m'athar," ar seisean, "ach tá deire le leagadh na bhfeóchadán! Ní feicfear mise ag leagadh feóchadáin airís le h-aon bhuille chlaidh- eamh. Ní'l ionainn ach meathalóirí seachas an fear san!" "Ach, a Ghlómair," arsa Eisirt, "abhac iseadh an fear san seachas na fir mhóra atá 'n-a dhiaigh sa bhaile. I n-uchtaibh na bhfear mór iseadh bhíon sé, mar a bhéadh leanbh. Bhéarfadh fear acu súd Aodh ar bhais leis díreach mar a bhéarfadh Aodh thusa ar a bhais leis." Níor labhair Glómar a thuille. Do cuireadh rígh-theach Iubhdáin i gcóir chun an fhéasta agus do cuireadh an chuideachta 'n-a suidhe do réir a n-úird, agus do cuireadh Aodh ar dheis
Iubhdáin. Sar ar chuaidh Aodh isteach sa rígh- theach, ámhthach, b'éigean dorus mór d'osgailt i gceann an tíghe dhó, mar, pé cor a thabharfadh sé dhó féin ní fhéadfadh sé dul isteach dorus an tíghe. Nuair a bhí sé istigh bhí an sgéal maith go leór aige mar bhí an tigh ana árd agus d'fhéad sé seasamh díreach gan a cheann do chur amach tré bhuaic an tíghe. Ach conus a curfaí 'n-a shuidhe é? B'shiní an cheisd. Cá bhfaighfí cathaoir a bhéadh mór a dhóithin? Bhí gach aoinne ag cuimhneamh agus gach aoinne ag cuardach feuchaint cá bhfaighfí an chathaoir. Fé dheire dúbhairt an bhanríoghan, Bébó, le n-a seirbhíseachaibh imtheacht agus córtha mór a bhí aici 'n-a seómra féin do thabhairt leó. Do tugadh isteach an córtha. Bhí sé mór. Bhí sé troigh ar leithead agus troigh ar faid agus naoí n-órlach ar aoírde. Do socaruigheadh é ar dheis an rígh agus do shuigh Aodh air agus bhí sé ar a shástacht. CAIBIDIOL A VI "DO LABHRAIS FÍOR!" Nuair a bhí Aodh 'n-a shuidhe ar an gcórtha agus a dhrom siar leis an bhfalla bhí sé ar a shástacht maith go leór. Bhí sé ar dheis an Árdrígh, ach bhí ceataíghe sa sgéal. Na h-uaisle a bhí ar dheis Aodha ní raibh aon bhreith acu ar aon radharc
fhághail ar an Árdrígh, ná ag an Árdrígh ar aon radharc fhághail ortha-san. Nuair a bhí an t-Árd- rígh 'n-a shuidhe 'n-a chathaoir ríoga, bíodh go raibh an t-árdán fé'n gcathaoir, ní raibh ceann an Árdrígh ach chómh h-árd leis an gcórtha. Bhí ceathramhadh chlé Aodha suas ar fad os cionn chinn an Árdrígh, agus bhí glúin chlé Aodha ana fhada suas agus ana fhada amach, i dtreó ná raibh aon bhreith ag an Árdrígh ar aon radharc i n-aon chor a dh'fhághail ar a raibh de'n halla agus de'n chuideachtain ar an dtaobh eile d'Aodh. Ní raibh radharc aige ach ar na daoine a bhí ar a thaobh féin de'n halla agus ar na daoine a bhí ar a aghaidh anonn. Bhí Eisirt ar a aghaidh anonn, sa n-áit 'n-a raibh sé an oídhche dhein sé an gháire úd a chuir an fhearg ar an Árdrígh, ar Iubhdán. Bhí ana channcar anois ar Iubhdán mar gheall ar an bhfeirg sin, ach ní aithneóch' aoinne air go raibh aon channcar air. Bhí fhios aige go raibh buaidhte ag Eisirt air, ach ní aithneóch' aoinne air go raibh sé ag cuimhneamh i n-aon chor ar Eisirt, ná ar an ngáire dhein sé, ná ar an éagcóir a deineadh air. Bhí aigne Iubhdáin ró ríoga agus an smacht ró mhaith aici uirthi féin. Níor bh'fhéidir d'aoinne a thabhairt fé ndeara go ngoillfeadh neithe de'n tsórd san uirthi. Bhí Eisirt thall agus é ag faire go géar ar an Árdrígh feuchaint an dtaisbeánfadh sé aon phioc de'n channcar. Níor thaisbeáin. Bhí sé ag caint go breagh séimh sultmhar, uaidh suas, le h-Aodh, ag cur an uile shaghas tuairisgí air i dtaobh Chúige
Uladh agus i dtaobh na ndaoine móra agus i dtaobh Fhearguis mhic Léide, an t-Árdrígh a bhí ortha. Bhí Aodh Éigeas ag tabhairt gach cúntais dó, ar na daoine móra agus ar a nósa agus ar a ndlíghthe, ar a sgéalaidheacht agus ar a seanachas agus ar a gcuid léighinn agus eóluis. Bhí teinneas i muineál Iubhdáin ó bheith ag casadh a cinn agus ag caint uaidh suas, agus bhí teinneas i muineál Aodha ó bheith ag casadh a chinn a d'iaraidh cromadh síos d'á ghualainn chlé chun beirthe ar fhocal an Árdrígh fé mar a labhradh sé an focal. Sa chaint dóibh do thuig gach duine acu aon nídh amháin. Do thuig Aodh, má ba bheag agus má ba shuarach le rádh colann an Árdrígh gur mhór agus gur bh' árd í a aigne. B'é féin árd ollamh Uladh, ach do thuig sé ná raibh ann ach duine gan eólus seachas Iubhdán. Bhí fhios aige gur thuig Iubhdán an nídh sin leis, ach go raibh sé ró uasal, ró ríoga, chun a leigint air gur thuig sé é. Do thuig Iubhdán i n'aigne, pé téagar cuirp agus neart géag a bhí ins na fearaibh móra i gCúig' Uladh, ná raibh puínn le maoidheamh acu a' neart a n-aigne ná a' méid a n-eóluis ná a' géire a n-inntleachta. Dar leis, má b'é an t-Aodh seo an t-árd ollamh a bhí acu agus an reult eóluis a bhí acu, bhí an donas ar fad le dúire ar an gcuid eile acu, idir rígh agus daoine. Níor bh'é Iubhdán amháin go dtáinig an smuíneamh san i n'aigne dhó an uair sin. Bhí na daoine beaga go léir, mór-thímpal an tseómra mhóir, idir gach
dá ghreim bídh a dh'ithidís, ag feuchaint anonn ar an bhfathach a bhí thall ar dheis an rígh agus bhí sé daingean 'n-a n-aigne go léir ná raibh ann ach leath- amadán. Bhí a cheann agus a cheannacha agus a bhalla beatha go léir ró mhór, ró annspianta chun puínn cruinnis aigne bheith istigh ann. Do rug an smuíneamh san greim níos daingine fós 'n-a n-aigne nuair a chonacadar an t-ualach mór bídh a dh'ith sé. Is amhlaidh a cuireadh clár mór ar a ghlúinibh chuige agus do cuireadh an biadh ar an gclár. Do cuireadh dóithin beirte chuige ar an gclár. D'osgail sé a bhéal agus chuir sé an méid sin isteach ann i n-aonfheacht. Is ar éigin fhéad sé é thabhairt fé n'fhiacalaibh bhí sé chómh suarach san. Bhí sé imthighthe siar gan tuairisg sar a' raibh fhios aige, puínn, go raibh sé 'n-a bhéal. Ansan do cuireadh dóithin trír chuige, - dóithin ceathrair,- dóithin cúigir. Bhíodh an biadh ithte aige chómh tuigh agus a curtí chuige é. Bhí iongnadh agus sgárd ar an gcuideachtain nuair a chonacadar an biadh go léir ag imtheacht. Níor leigeadar ortha, ámhthach, go raibh blúire iongnadh ortha. Bhíodar ró onóireach, ró bhéasach chuige sin. Do choigleadar an iongnadh chómh maith san, le caint agus le sult agus le magadh eatartha féin, nár thuig Aodh go rabhthas ag déanamh aon iongnadh dhé. Um an am 'n-a raibh a ndóithin bídh ithte acu go léir bhí dóithin deichniúbhair agus dachad acu-san de bhiadh ithte ag Aodh. Nuair a bhí an biadh caithte do tugadh an deoch
tímpal. "Do baineadh na cinn beaga as na dabhachaibh," mar a baineadh an chéad oídhche úd. Ansan iseadh bhí an obair ag an lucht friothálmha. Cá bhfaghfí árthach n-a bhféadfadh Aodh deoch a dh'ól as? Bhéadh sé chómh maith aige bheith ag casadh le deoch a dh'ól a' méaracán le bheith ag casadh le deoch a dh'ól as aon cheann des na h-árthaíbh a bhí acu-san. Chuimhnigh Eisirt ar sheift. Ghlaoidh sé chuige ar an bhfear-tighis agus thug sé cogar dó. "Bain an ceann uachtair le buille thuaigh as an mbairille mór san thall," ar seisean, "agus déanfaidh sé an gnó." Do bhain. Do cuireadh an bairille agus a raibh de dhígh ann ar an dtalamh chun Aodha. B'éigean dó féin é thógaint agus é chur ar an gclár a bhí ar a ghlúinibh. Ní fhéadfadh an lucht friothálmha an bairille chur anáirde ar an gclár dá bhfaighdís Éire air. Do rug Aodh air díreach mar a bhéarfadh fear ar mhórnán agus chuir sé chuige ar an gclár é. Ní ró fhada go raibh sé folamh aige. Dúbhradh leis é chur ar an dtalamh agus do líonadh airís dó é. Bhíodar go léir "ag ól agus ag aoibhneas" ar feadh tamaill mhaith. Tháinig an t-am 'n-ar ceapadh go n-eireóch' Iubhdán agus go ndéanfadh sé caint. Níor eirigh sé. D'eirigh Eisirt agus d'iar sé ar an Árdrígh cead cainte thabhairt dó. Do thug. Ansan do labhair sé. "An uair dhéanach a bhíomair anso i bhfochair a chéile," ar seisean, "do labhair an t-Árdrígh linn ar mhéid a chómhacht ar neart agus ar líonmhaire
a mhór-shlógh, ar uaisleacht agus ar thréine a thaoiseach agus a ríghthe féinne, agus dúbhairt sé linn ná raibh an chómhacht san ar bith a bhéarfadh daoine ná ollmhaitheas amach as an rígh-theaghlach so ar éigin. Nuair airigheas féin an chaint sin níor fhéadas gan gáire dhéanamh. Tháinig fearg ar an Árdrígh. D'fhiafruigh sé dhíom, os bhúr gcómhair go léir, a mhaithe agus a mhór-uaisle tuatha Luchra agus Luprachán, cad fé ndeara dhom an gháire sin do dhéanamh. Dúbhart-sa, 'á fhreagradh, gur bh'eól dom cúige de chúigibh Éirean agus go raibh fir ann go mbéarfadh aon fhear amháin acu daoine agus ollmhaitheas amach as an dteaghlach so ar éigin, i n-aimhdheóin Iubhdáin agus seacht catha féinne tuatha Luchra agus Luprachán. Nuair airigh an t-Árdrígh an focal san uaim tháinig fearg mhór air agus d'órduigh sé mé ghabháil agus díoghaltas a dhéanamh orm mar gheall ar an gcaint adúbhart. D'iaras ar an Árdrígh agus ar an gcuideachtain a bhí láithreach go mbogfaí dhíom agus go leigfí dhom dul go dtí an áit 'n-a raibh na fir mhóra san agus go dtabharfainn liom anso cómhartha sofheicse a thaisbeánfadh gur labhras fírinne nuair adúbhart an chaint. Fágaim anois fé'n Árdrígh féin agus fúibh-se, a mhaithe agus a mhór-uaisle, ar labhras fírinne nó ar labhras bréag." "Do labhrais fíor! Do labhrais fíor!" ar siad go léir agus iad ag feuchaint ar Aodh agus ag cur na súl tríd, ó gach aon pháirt de'n tseómra. Bhí Aodh ag feuchaint anuas ortha mór-thímpal
agus a dhá shúil ar dian-leathadh le h-iongnadh nuair a chonaic sé na daoine beaga miona go léir agus iad chómh h-anamamhail, chómh h-aibigh, chómh géar-chúiseach. "Do labhras fíor, a Árdrígh, agus a mhaithe móra," arsa Eisirt. "Do gabhadh mé gan chúis. Do déineadh éagcóir orm. Do déineadh nídh orm ba mheasa 'ná mé ghabháil gan chúis. Do labhras fíor agus do cuireadh bréag am' leith. Isé Iubhdán, Árdrígh tuatha Luchra agus Luprachán, a chuir an bhréag san am' leith. D'á bhrígh sin cuirim- se anois de gheasaibh ar Iubhdán dul go h-Éamhain mar a gcómhnuighean Feargus mac Léide agus na fir mhóra, agus gur b'é céad duine é do chífidh ar maidin amáireach an leite coímhde atá i gcoire mór na h-Éamhna, i dteaghlach Fhearguis. Ní foláir duit dul ann, a Árdrígh, agus béidh tú bliain i n-Éamhain sar a dtiocfaidh leat casadh thar n-ais go Mágh Faithlinn." Do shuigh Eisirt. Chrom na daoine a bhí i n'aice ar é cheistiú' i dtaobh na n-iongnaí saoghail a chonaic sé i gCúig' Uladh. Bhí sé 'ghá n-innsint dóibh. Bhí gasra thall leis ag ceistiúchán ar Aodh agus bhí Aodh ag tabhairt gach tuairisge dhóibh chómh maith agus d'fhéad sé. D'eirigh Iubhdán agus shleamhnuigh sé amach. D'eirigh Bébó agus shleamhnuigh sí amach 'n-a dhiaigh.
CAIBIDIOL A VII CORCÁN NA LEITEAN "Is cruaidh an cás 'n-a bhfuilim anois, a Bhébó," arsa Iubhdán. "Dheinis dearmhad mór, a rígh," ar sise. "Ní raibh aon cheart agat an ghabháil úd do chur ar Eisirt go dtí go mbéadh deimhne agat air go raibh bréag aige dh'á innsint." "Ní foláir dom imtheacht láithreach, a Bhébó," ar seisean. "An dtiocfair-se liom nó an bhfanfair anso am' dhiaigh?" "Raghad-sa leat, a rígh," arsa Bébó. Ansan do tugadh chúcha an t-each buídhe agus chuaidh Iubhdán ar an each, agus chuaidh Bébó ar chúlaibh Iubhdáin. Níor bh' fhada go rabhadar i n-aice Éamhna Macha. Ba chómhdheas do'n each bhuídhe muir agus tír, cnuc agus gleann, áit gharbh agus áit réidh, agus ba luatha ar an slígh é 'ná an seabhac agus 'ná an fiolar. Bhíodar i n-aice na h-Éamhna abhfad roim eirighe lae. Shleamhnuighdar isteach sa chathair a gan fhios d'aoinne. "Cuardaigh an chathair, a Iubhdáin," arsa Bébó "do'n leitin úd a dúbhairt Eisirt, go bhfeuchair uirthi agus go n-imthígheam abhaile sar a mbeid na daoine ag eirighe." Sa chuardach dóibh chuadar isteach i bpálás an
rígh. Fuaradar an coire mór, coire mór na h-Eamhna, agus fuighleach na leitean ann a déineadh do'n tsluagh aréir roimis sin. Bhí tuairim acu go raibh cuid éigin de'n leitin sa choire, ach ní fhéad- faidís feuchaint isteach sa chorcán. Bhí sé ró árd. Tháinig Iubhdán i n-aice an chorcáin. Ní raibh ann ach mar a bhéadh sicín circe i n' aice. Bhí sé ag gabháil tímpal ar an gcorcán agus a dhá láimh sínte anáirde, 'ghá gcimilt de thaobh an chorcáin, feuchaint an bhfaghadh sé aon rud go bhféadfadh sé greim a bhreith air. Ní bhfuair. Bhí taobh an chor- cáin chómh sleamhain le glaine mór-thímpal. Bhí sé i gcruadh-chás agus bhí an oídhche ag imtheacht. "Eirigh anáirde ar an each, a rígh," arsa Bébó, "agus b'fhéidir go mbeidhfá árd do dhóithin ansan chun breith ar bhéal an chorcáin." Chuaidh sé anáirde ar an each. Tháinig sé féin agus an t-each isteach i n-aice an chorcáin. Sheasaimh sé suas ar dhrom an eich agus shín sé anáirde a lámh. Bhí baraí a mhéireana i ngioracht cúpla órlach do'n fhúnsa airgid a bhí mór-thímpal ar bhéal an chorcáin. Thug sé léim agus do rug sé ar an bhfúnsa le n-a láimh dheis. Bhain sé casadh as féin agus chuir sé an lámh chlé ar an bhfúnsa airgid. Bhailigh sé suas é féin go dtí go raibh cos leis ar fhabhra an chorcáin, ar an bhfúnsa airgid. Bhí sé ag feuchaint síos sa chorcán, ach ní fhéadfadh sé an leite dh'fheisgint mar bhí an doircheacht ann. Shín sé síos lámh leis feuchaint an bhféadfadh sé a lámh do chur ar an leitin. Ní fhéadfadh. Bhí an leite
ró fhada síos. Díreach agus é ag tarac na láimhe chuige do shleamhnuigh a chos d'fhabhra an chorcáin agus thuit sé isteach! Bhí oiread leitean ar thóin an chorcáin agus go ndeigh sé síos go dtí an dá osgail inti. Ach ní raibh sí teith. Ba mhaith an bhail air ná raibh. Bhí sí i ndeire a teas. Thug sé iaracht ar é féin a tharac as an leitin. Is amhlaidh a chuaidh a dhá láimh síos inti leis an únfhairt, agus ansan ní fhéadfadh sé lámh ná cos do choruighe i n-aon chor, bhí sé chómh daingean san sáidhte sa leitin agus bhí an leite chómh ríghin sin. "Is fada ataoí, a fhir dhuibh!" arsa Bébó amuich. "Cad 'tá at' choimeád?" ar sise. Gruaig dhubh chasta iseadh bhí ar Iubhdán, agus bhí a chroicean chómh geal le sneachta agus a dhá ghruadh chómh dearg le caor. Gruaig fhionnbhuidhe iseadh bhí ar an gcuid eile de thuaith Luchra agus Luprachán. Ní raibh gruaig dhubh ar aon duine eile ann ach ar an righ féin. Siné cúis go ndeirtí, "a fhir dhuibh" leis. D'fhreagair sé Bébó as an gcorcán. "Imthigh-se abhaile, a Bhébó," ar seisean. "Táim-se ceangailte go daingean anso. Ní'l aon bhreith agam ar an áit seo fhágaint go dtí go dtógaid muintir an rígh-theaghlaigh as mé." "Má's mar sin atá an sgéal agat, a fhir dhuibh," arsa Bébó, "is focal baoth an focal a dúbhraís go minic thall sa bhaile nuair a deirthá ná féadfadh neach fó ghréin cosg ná ceangal do chur ort i gcoinnibh do thoile féin."
"Focal baoth ab eadh é gan amhras, a Bhébó. Beidh cosg agus coimeád anso orm go ceann bliana, an uile lá de bhliain, agus ní bheidh aon bhreith agam ar aon radharc fhághail ar thuathaibh Luchra agus Luprachán go dtí go mbeidh iomláine na bliana caithte. Ach imthigh-se abhaile, a Bhébó, agus beir leat abhaile an capall san." "Ná h-abair-se sin, a rígh," arsa Bébó. "Ní imtheóchad-sa uait-se go bráth go bhfeicead cad imtheóchaidh ort." Bhí an lá tagaithe. Bhí muintir an rígh-theaghlaigh ag eirighe. Ba ghearr go dtáinig cuid acu chun na h-áite 'n-a raibh an coire mór. D'fheuchadar sa choire. Chonacadar an firín beag gleóite agus é istigh sa chorcán agus é ceangailte sa leitin mar a bhéadh cuil ar mhéis meala. Do liúghadar agus do sgeartadar ar gháirí. Bhíodar ag dul ó thritheamh go tritheamh gáirí ar feadh tamaill, ag feuchaint ar an gcuma 'n-a raibh sé agus ar an gcor a bhí air. Fé dheire thógadar amach as an gcorcán é agus ghlanadar an leite dhé agus do rugadar leó é ag triall ar Fheargus. "Mo chubus," arsa Feargus, "ach ní h-é sin an fear beag a bhí anso arú 'ndé. Folt fionn a bhí ar an bhfear mbeag úd agus casair dhubh atá air seo. Cé h-é thusa, a fhir bhig?" ar seisean, "nó cá tír as a dtánaís?" "De thuathaibh Luchra agus Luprachán mé," arsa Iubhdán, "agus is mé is rígh ar na tuathaibh sin, agus Iubhdán m'ainim."
"An leat-sa an fear beag fionn a bhí anso arú ndé?" arsa Feargus. "Is liom," arsa Iubhdán. "Tháinig sé siúd anso ar dtúis agus thánaís-se anso anois. Cad 'tá ag bhúr dtabhairt anso? Cad 'n-a thaobh ná fanan sibh sa bhaile? Má taoí- se chómh géar-chúiseach leis an bhfirín eile measaim nách maith an bhail orainn sibh a bheith ag teacht anso chúghainn. Tháinig an fear fionn ar dtúis ag brath na tíre seo. Thánaís-se anois chun pé droch bheart atá ar aigne agaibh do chur chun cinn. Cé h-í seo?" Bhí fearg ar Fheargus agus bhí feuchaint ana choímhtheach aige nuair a bhíodh an fhearg air. Má bhí, níor staon Iubhdán ó'n bhfeuchaint ná ó'n bhfeirg. D'fheuch sé idir an dá shúil ar Fheargus agus bhí an fheuchaint chómh dána, chómh seasamhach san gur bheag ná gur staon Feargus. "Is í sin mo bhean," arsa Iubhdán. "Isí is baintighearna ar thuathaibh Luchra agus Luprachán, agus Bébó is ainim di. Ní h-ag brath na tíre seo ná ar tí díobhála dhéanamh duit-se ná do t'mhuin- tir a thánamair anso. An fear a tháinig anso an lá fé dheire Eisirt is ainim dó. Isé ollamh tuatha Luchra agus Luprachán é. Dúbhairt sé go raibh daoine ana mhóra anso i gCúig' Uladh. Níor chreideamair a chaint. Do gabhadh é mar geall ar an gcaint bhréagach do rádh, dar linn. D'iar sé aisge agus cáirde trí lá agus trí oídhche chun go dtiocfadh sé anso agus go mbéanfadh sé leis
abhaile cómhartha sofheicse a thaisbeánfadh dúinn go léir go ndúbhairt sé fíor nuair adúbhairt sé go raibh na fir mhóra so i gCúig' Uladh. Tháinig sé. Chonacabhair go léir é. Do rug sé leis abhaile ag triall orainn Aodh Éigeas. Chómh luath agus chonacamair Aodh Éigeas bhí fhios againn gur fírinne do labhair Eisirt agus gur deineadh éagcóir air. Ansan do chuir Eisirt de gheasaibh orm-sa teacht anso go h-Eamhain agus gur mé céad duine chídhfeadh an leite coímhde a déanfaí anso ar maidin indiu. A d'iaraidh radhairc fhághail ar an leitin sin a bhíos nuair a thuiteas isteach sa choire. Siné fírinne an sgéil go léir agat, a Fhearguis," arsa Iubhdán, "agus," ar seisean, "ní dúbhart-sa bréag riamh." "Tá go breagh!" arsa Feargus. "B'fhéidir go bhfuilimíd beagán mothaolach, dar leat-sa, a Árdrígh bhig. Ná meas at' aigne, ámhthach, go gcreidfimís caint de'n tsórd san. Beirtear amach an t-Árdrígh beag so agus curtar ameasg an gharbh-theaghlaigh é agus coimeádtar go maith é. Caithfear a dhéanamh amach cad é an gnó a thug anso é, nó cad é an t-uisge-fé-thalamh atá bear- tuighthe ag na daoine beaga so do dhéanamh orainn." Do rugadh Iubhdán amach agus do coimeádadh é ameasg an gharbh-theaghlaigh, agus isé a bhí go dochraideach ann. Níor mhisde, dar leis, garbh- theaghlach a thabhairt ar an muintir a bhí 'n-a thímpal. Bhíodar garbh ar gach aon tsaghas cuma; garbh 'n-a
mbéasaibh garbh 'n-a gcaint; garbh ag ithe agus ag ól; garbh 'n-a gcuideachtanas. Ní raibh aon taithíghe riamh ag Iubhdán ar a leithéidí agus bhí an sgéal go mí-chothromach aige eatartha. CAIBIDIOL A VIII ÉAD, AGUS A LEIGHEAS Do rugadh isteach Bébó agus do cuireadh 'n-a suidhe anáirde ar an mbórd í, ar láimh dheis Fhearguis, díreach mar a cuireadh Eisirt nuair a bhí sé ann. Bhíodh na mná uaisle go léir ag baint cainte aisti agus ag baint suilt aisti, ach níor thaithn sí leó leath chómh maith agus do thaithn sí le Feargus agus le ríogra Uladh. Ba léir dóibh, idir ríogra agus mná uaisle dhóibh, ná raibh aon bhean láithreach a bhí leath chómh h-uasal léi, i ndeabh- ramh ná i gcló, i gcrúth ná i bpearsain, i ndeilbh ná i maiseamhlacht. Is amhlaidh a mhéaduigh a luighead a h-áilneacht ar gach aon tsaghas cuma. Bhíodh na fir ag feuchaint uirthi agus ansan ag feuchaint ar a mnáibh féin agus 'á cur i gcomparáid leó, agus go deimhin ní h-acu bhíodh an ceann ab fhearr de'n chomparáid. Thuigeadar na mná féin go maith nár bh'eadh, agus d'á bhrígh sin bhíodar lán d'éad agus de mhioscais agus de channcar chúichi. Nuair fheuchadh aoinne d'á bhfearaibh féin uirthi agus ansan
nuair fheuchadh sé uaithi ar a bhean féin chídís an díombádh 'n-a shúilibh. Bhídís cráidhte loisgithe scólta, ach ní leigeadh uabhar dóibh a leigint ortha go dtugaidís fé ndeara an díombádh. Bhí Bébó ana ghéar-chúiseach. Thug sí fé ndeara an sgéal go léir agus thuig sí go h-áluinn é, ach i n-inead aon bhogadh dhéanamh ar adhbhar an éada dhóibh is amhlaidh a dhein sí a dícheal chun é ghéarú', agus gan aici 'á thabhairt dóibh i gcaitheamh na h-aimsire ach gach focal ba shéimhe 'ná 'chéile agus gach geal- gháire ba ghile 'ná 'chéile, agus ba ghrianaighe. Bhí Feargus ag baint cainte aisti. Bhí gach aon tsaghas eóluis uaidh ar Mhágh Faithlinn agus ar thuathaibh Luchra agus Luprachán; ar a nósaibh agus ar a slígh bheatha agus ar a mbéasaibh; ar a lucht léighinn agus eóluis agus ealadhan; ar a n-aos dán agus ar a n-aos ceóil agus ar a bhfilíbh. Isé rud a tháinig as an gcaint sin d'Fheargus ná gur buaileadh isteach i n'aigne gur inis Iubhdán an fhírinne dhó agus ná raibh aon uisge-fé-thalamh aige féin ná ag Eisirt 'á dhéanamh, agus ná raibh aon ghnó acu go Cúig' Uladh ach an gnó a dúbhradar. Chómh luath agus do thuig Feargus an méid sin d'órduigh sé Iubhdán do thabhairt 'n-a láthair. Do tugadh isteach é agus do cuireadh ar shuidhchán anáirde ar an mbórd é, i n-aice Bhébó. Do labhair Feargus leis. "A Árdrígh tuatha Luchra agus Luprachán," ar seisean, "is eagal liom gur dheineas éagcóir ort. Mheasas go mb' fhéidir gur namhaid tu agus gur
ag brath na tíre seo a thánaís. Ní'l sé ceart ag rígh, má bhíon aon droich iontaoibh aige a' duine iasachta a thagan chuige isteach a' tír iasachta, gan an uile shaghas aireachais a thabhairt sar a mbéarfadh an duine iasachta leis eólus éigin, nó aithne éigin, a chuirfeadh ar chumas namhad teacht a gan fhios agus díobháil a dhéanamh do'n tír agus do mhuintir na tíre. Uime sin iseadh chuireas-sa thusa sa gharbh-theaghlach agus coimeád chómh daingean ort. Ó'n gcaint a thárla anso anois, idir mé féin agus do bhaintíghearna, do buaileadh isteach am' aigne nách chun aon díobhála dhéanamh do Chúig' Uladh ná d'Ultachaibh a thánaís, ach mar gheall ar na geasa a chuir do rígh-ollamh ort. D'á bhrígh sin, a Árdrígh, gaibh mo leathsgéal agus maith dhom an éagcóir a dhéineas ort." "Tá go maith, a Fhearguis," arsa Iubhdán. "Mura bhféadaid dhá árdrígh mar thusa agus mise maitheamh d'á chéile agus caradas a thabhairt d'á chéile, conus is féidir d'ár ndaoine ar gach taobh caradas agus muíntearthas a thabhairt d'á chéile mar is ceart? Dhein Árdrígh Uladh éagcóir ar Árdrígh tuatha Luchra agus Luprachán. Tá an éagcóir sin maithte. Ní dhéanfaidh aoinne de thuathaibh Luchra agus Luprachán díogaltas choídhche mar gheall ar an éagcóir sin. Ach tá so agam le h-iaraidh ar Árdrígh Uladh, ná fágfar a thuille sa gharbh-theaghlach mé. Tá anála na bhfear mór san ró throm. Bím dom' thachtadh ag an mbaluith atá ins gach aon bhall 'n-a mbíd na fir mhóra gharbha
san. Ní maith an chóir ag Árdrígh d'á chur ar Árdrígh eile é fhágáilt 'n-a measg." "Is fíor san, a Árdrígh, ach b'fhéidir dá mba ná béadh coimeád ort go n-imtheófá uainn." "Bheirim mo bhriathar rígh dhuit, a Fhearguis," arsa Iubhdán, "pé coimeád a bheidh orm ná ná beidh, ná h-imtheóchad uaibh go bráth go dtí gur toil leat féin agus le h-Ultaibh mé dh'imtheacht." "Dá mba dhóich liom gur bh'fhíor san," arsa Feargus, "ní bheidhthá-sa idir an ngarbh-theaghlach." "Níor bhriseas-sa mo bhriathar riamh," arsa Iubhdán, "agus ní bhrisfead go deó." "Tá go maith, a Árdrígh," arsa Feargus. Ansan d' órduigh Feargus seómra áirighthe, seómra deiridh, an seómra ba dheise agus ba ghile agus ba ghrianaighe a bhí sa rígh-theaghlach, do cheartú' agus do chórú' agus do chur i dtreó d' Iubhdán. An fhaid a bhí san d'á dhéanamh do tugadh "nua gacha bídh agus sean gacha díge" ag triall air féin agus ar Bhébó, agus do tugadh an uile shaghas onóra agus urama dhóibh, agus do dhein Feargus agus an uile dhuine de'n chuideachtain an dícheal ba mhó b'fhéidir chun áthais do chur ar an mbeirt agus chun aoibhnis a thabhairt dóibh. Bhíodh an díombádh agus an seirbhthean agus an ceann-fé ar na fearaibh uaisle nuair fheuchaidís ar Bhébó agus ansan nuair a chídís a mná féin, d'á bhreághthacht iad agus d'á uaisleacht iad, chómh garbh, chómh tútach, chómh mísgiamhach, i gcomparáid léi, ach dheineadar a ndícheal chun gan a leigint
ortha gur thugadar fé ndeara an deifrigheacht, le h-eagla ná taithnfadh san le Bébó. Thug na mná go léir fé ndeara an seirbhthean agus an díombádh, ach níor leigeadar ortha gur thugadar, le h-eagla ná taithnfadh san le n-a bhfearaibh. Do thuig Bébó, agus do thuig Iubhdán, cad a bhí i n-aigne na bhfear agus cad a bhí i n-aigne na mban, ach níor leigeadar ortha gur thuigeadar blúire dhé. Bhí a n-aigne féin ró uasal, agus ba lag leó neithe de'n tsórd san a thabhairt fé ndeara i n-aon chor. Chonaic Bébó gur ró bhaoghal go mbéadh droch obair sa chuideachtain ar ball. Bhí sí ag déanamh a díchil chun bheith séimh agus sultmhar agus gealgháiriteach leis na fir, a d'iaraidh an tseirbhthin a bhaint díobh. B'shin mar ba mhó, ámhthach, a thug sí le feisgint dóibh an áilneacht agus an uaisleacht agus an mhaiseamhlacht a bhí inti seachas a mná féin, agus b'shin mar ba mhó a chonaic a mná féin an díombádh agus an seirbhthean a bhí ortha. Bhí priúnsa óg agus ríogan óg ar an gcuideachtain. Óigbhean ana bhreagh, ana dhathamhail, ab eadh an ríogan. Bhí uaisle óga Chúig' Uladh go léir, agus uaisle abhfad lasmuich de Chúig' Uladh, ag cail- leamhaint a meabhrach a d'iaraidh go bhfaighdís í le pósadh, go dtí gur thárla geallamhaint phósta idir í féin agus priúnsa Laighneach a bhí uasal, ríoga, cródha, maith a dóithin dí ar gach aon tsaghas cuma. Bhí an priúnsa Laighneach ag feuchaint ar Bhébó. Bhí an ríogan óg ag feuchaint air-sean agus an dá shúil mhóra, sholusmhara ar dian-leathadh aici le
h-eagla, nuair fheuchfadh sé uirthi féin go bhfeicfeadh sí an díombádh agus an seirbhthean 'n-a ghnúis. Ba ghearr gur fheuch, agus do chonaic. Chonaic sí go soiléir gur bheag ná go raibh gráin aige uirthi agus ná raibh leigheas aige air. Bhí sí i riocht dul i laige le buairt agus le h-anaithe. Bhí fáinne óir idir a méireanaibh aici agus í 'ghá chasadh agus ag iniúchadh na cloiche soluis a bhí ann, a d'iaraidh a leigint uirthi ná raibh aon rud uirthi ná aon rud aici dh'á thabhairt fé ndeara. Bhí creathán ins na méir- eanaibh agus ar éigin bháis fhéadadh sí na deóracha choimeád siar gan teacht as a súilibh. Le neart an anaithe a bhí uirthí, agus mar gheall ar an gcreathán, do shleamhnuigh an fáinne as a méireanaibh agus do thuit sé ar an mbórd. Do ghluais sé go breagh réidh, fan an bhúird anonn, go dtí gur stad sé ag cosaibh Bhébó. Thóg Bébó suas an fáinne. Bhí muirighean a dhá lámh ann go maith. D'eirigh sí agus shiúbhluigh sí treasna an bhúird agus an fáinne sa dá láimh aici agus chuir sí an fáinne ar mhéir na ríogna, ar an méir n-ar cheart fáinne pósta chur uirthi, agus thug sí súil-fheuchaint, le n-a linn sin, anonn ar an bpriúnsa Laighneach. Bhí an priúnsa ag feuchaint go dlúth, sa n-am gcéadna, ar Bhébó agus ar an ríogain óg, agus pé 'cu chuir Bébó draoidheacht éigin ar a shúilibh, nó gur chuir sí draoidheacht éigin ar dheilbh na ríogna, shamhluigh an priúnsa ná feacaidh sé riamh aoinne d'fheuch chómh breagh agus d'fheuch an ríogan an uair sin. D'fheuch sí níos áilne go mór 'ná mar fheuch
Bébó féin. Do las an t-áthas 'n-a shúilibh agus 'n-a ghnúis nuair a chonaic sé an méid sin. Do thárla gur fheuch an ríogan 'n-a threó an neómat céadna agus go bhfeacaidh sí an t-áthas. Do las áthas 'n-a gnúis féin ag freagairt an áthais sin. Do mhéaduigh sin a h-áilneacht go mór. Nuair a bhí Bébó ag siúbhal treasna an bhúird agus an fáinne aici, agus í ar éigin ábalta ar an ualach do bhreith léi, bhí Feargus agus an chuideachta ins na trithíbh dúbha ag gáirí, agus gach aon liú acu ag moladh a nirt. Nuair a bhí an fáinne beirthe anonn aici agus an gnó déanta aici tháinig sí anall thar n-ais agus shuigh sí mar a raibh sí ar dtúis i n-aice Iubhdáin. Pé 'cu chuir sí draoidheacht éigin eile ar an gcuideachtain, nó gur b'amhlaidh a tháinig atharú' aigne ortha féin nuair a chonacadar a shuaraíghe a bhí sí 'n-a tuirt, pé rud a bhain dóibh d'imthigh an seirbhthean agus an díombádh des na fearaibh agus d'imthigh an t-éad des na mnáibh. Bhí an aimsir go suairc agus go h-aoibhinn acu as san amach. Bhí Feargus ag baint cainte a' h-Iubhdán, 'ghá fhiafraighe dhé cad é an saghas dlighthe a bhí aige i Mágh Faithlinn agus conus a curtí na dlighthe i bhfeidhm; cad é an neart slógh a bhí aige agus conus a déintí gnóthaí cogaidh a mhúineadh dhóibh; cad iad na gníomhartha gaile agus gaisge a dheineadh na fir láidre a bhí aige. Ní raibh aon tseó ach an sult a gheibheadh an chuideachta ins na tuairisgibh a thugadh Iubhdán uaidh ar na cathanaibh
móra a throideadh tuatha Luchra agus Luprachán i gcoinnibh a namhad, agus ar na gníomharthaibh iongantacha a dheineadh na fir mhóra a bhí ortha. D'inis sé dhóibh i dtaobh Ghlómair mhic Glais mhic Glomraide agus conus mar a dheineadh sé an feóchadán do leagadh le h-aon bhuille chlaidheamh, rud ná féadfadh aon fhear eile ar thuathaibh Luchra agus Luprachán a leithéid a dhéanamh. "Tá sé nách mór seacht n-órlach ar aoirde," arsa Iubhdán, "agus téagartha d'á réir, agus é cúmtha córach fuinneamhail, agus an dáréag eile is treise againn do theacht chuige isé a ndícheal é threasgairt." Ba dhóich le duine go dtuitfeadh an t-anam tur teith a' cuid des na fearaibh a bhí láithreach nuair airighdar an gníomh mór, an feóchadán do leagadh le h-aon bhuille chlaidheamh, agus neart uathbhásach an fhir a bhí suas le seacht n-órlach ar aoirde. Níor gháir Feargus i n-aon chor, ámhthach. Ghlac sé caint an fhir bhig chómh mór dáiríribh agus dá mba ag trácht a bhéad sé ar Ultach éigin a bhéadh suas le seacht troighthe ar aoirde agus bhainfeadh an chos de chapall le h-aon bhuille chlaidheamh. Chonaic Iubhdán an chuid eile ag gáirí agus gan aon gháire ag teacht a' Feargus. Do labhair sé. "Ní ró mhaith an tuisgint atá ag cuid de t' dhaoinibh-se, a Fhearguis, a bhráthair," ar seisean. "Cad uime go n-abhran tú an chaint sin, a Árdrígh?" arsa Feargus. "Is cúrsaí gáirí leó fear láidir ar thuathaibh
Luchra agus Luprachán a bheith suas le seacht n-órlach ar aoirde. Dá mbéadh sé suas le seacht troighthibh ar aoirde ní dhéanfaidís aon gháire uime. Cá bh'fhios dóibh ná go bhfuil tír éigin ar uachtar na cruinne agus go bhfaighfí fear láidir ann a bhéadh suas le seacht slata ar aoirde. Dá dtagadh fear ó thír de'n tsórd san anso go Cúig' Uladh an dóich leat ar chúrsaí gáirí leó é?" "Má tá a leithéid de thír ann, a Iubhdáin, a bhráthair," arsa Feargus, "tá súil agam go bhfanfaid na daoine sa bhaile ann, nó má fhágaid siad an baile ná faghaid siad eólus na slíghe anso mar a fuarais-se agus do bhaintighearna. Dá bhfaighdís measaim nách gáirí a bhainfidís a' h-uaislibh Uladh." Do stad an gháirí laithreach. Tháinig náire ar na h-uaislibh nuair a thuigeadar an droch mhúineadh a bhí taisbeánta acu d'Iubhdán agus do Bhébó, agus chromadar ar a ndícheal a dhéanamh chun urama agus onóra thaisbeáint dóibh ar gach aon tsaghas cuma. Ní raibh Aodh Éigeas ann. D'fhan sé i Mágh Faithlinn i dteannta Eisirt. Ach bhí filí agus éigse agus lucht ealadhan go tiugh acu i n-éaghmais Aodha, agus chuireadar ar siúbhal iad chun spóirt agus aoibhnis agus caitheamh aimsire dhéanamh d'Iubhdán agus do Bhébó.
CAIBIDIOL A IX DHÁ ÁRDRÍGH Nuair a bhí deire leis an bhféasta agus leis an gcaitheamh aimsire do thóg Feargus Iubhdán ar a bhais chuige, agus do thóg an ríogan óg úd Bébó ar a bais. Bhí an t-aragul, an seómra deirigh, curtha i dtreó dhóibh um an dtaca san, fé mar a dh'órduigh Feargus. Do rug Feargus agus an ríogan óg an bheirt leó go dtí an seómra san. Do lean an priúnsa Laighneach agus tuille de'n chuideachtain iad. "Seo, a Árdrígh," arsa Feargus. "Bíodh an t-aragul so agat-sa an fhaid a bheidh tú anso i gCúig' Uladh." "Is maith an t-aragul é seo, a Fhearguis, a bhráthair," arsa Iubhdán, "ach tá aragul agam-sa sa bhaile i Mágh Faithlinn atá níos fearr go mór 'ná é. D'ór dhearg atá an leath uachtarach de m'aragul-sa déanta, agus tá an leath iachtarach dé déanta d'airgead ghléigeal. Tá fárdorus finndruinne os cionn a dhoruis agus is d'úmha atá an táirseach déanta, agus isé díon atá air 'ná cleití na n-eun is áilne dath. Tá cainnleóir áluinn ór-daithte i lár an araguil sin agus cainneal ar lasadh sa chainnleóir sin agus tugan an chainneal san solus dúinn, solus aoibhinn ná tagan lagú' ná dorchú' choídhche air. Tá mór- thímpal ar sholus na cainnle sin coróinn de
chlochaibh luachmhara a bhíon coitchianta ag taithneamh agus ag spréacharnaigh sa tsolus. - Ní'l gruaig dhubh ar aoinne d'ár ndaoine. Folta buidhe barachasa atá ortha go léir. Ní'l dubh ach mise agus an t-Árdríogan anso. Agus feuch, a Fhearguis, a bhráthair; ní thagan breóiteacht ná easba sláinte ná aos ná fuirbhtheacht ná bás ar aoinne sa tír as a dtánamair-ne. Bíon gach aoinne i mbláth na h-óige ann choidhche. Agus aoinne thagan ag triall orainn agus gur maith leis fanmhaint, bíon míle fáilte againn roimis. Tá ár ndóirse ar osgailt i gcómhnuidhe do gach aoinne a thagan." Do fágadh Iubhdán agus Bébó sa n-aragul san, agus thagadh Feargus gach aon lá agus bheireadh sé leis ar a bhais Iubhdán, ag taisbeáint na tíre dhó agus ag taisbeáint na ndaoine dhó, agus bhíodh sé ag faire ar gach aon fhocal a thagadh ó Iubhdán mar thuigeadh sé go mbíodh ana bhrígh agus ana dhoimhneas 'n-a chaint. Agus ní h-é Feargus amháin a bhíodh ag faire ar a chaint ach an uile Ultach, uasal agus íseal, a gheibheadh aon chaoi ar bheith ag éisteacht leis. Bhí fear ar theaghlach Fhearguis agus b'é a ghnó teinteacha an teaghlaigh d' adú' agus aire thabhairt dóibh i dtreó ná raighdís i n-éag. Fer dedh a tugtí ar an bhfear go raibh an cúram san air. Is ionan fear dedh agus giolla teine, agus giolla teine a tugtí 'n-a dhiaigh san ar an seirbhíseach san. Bhí an fear dedh lá ag adú' na teine agus
bhí Iubhdán ag feuchaint air. Chuir an fear dedh féithlean fó chrann ar an dteine díreach mar a chuirfeadh sé aon adhmad eile. Do labhair Iubhdán. "A fhir seo a dheinean deatach mór ag adú' na dteinte agus a loisgean mórán adhmaid, ná loisg rígh na gcrann. Déin an teine do rígh na bhfleadh, d'Fheargus uasal na slógh, ach ná cuir sa teine sin rígh na coille. Ná loisg rígh na bhfeadh do rígh na bhfleadh. Is fann é an féithlean. Ní'l slóighte móra aige mar atá ag Árdrígh Uladh. Ach tá a neart féin aige. Ní'l an crann san ag fás a' talamh na h-Éirean ná fuil fé n-a smacht. Cuirean sé a ghéaga caola fada tímpal ar an gcrann is mó agus is treise, agus is seirbhíseach an crann san dó feasta. Ná loisg é, a fhir an deataigh. Is dual dó an uraim is dual do rígh. Tabhair dó an uraim is dual dó, nó beidh a chathughadh ort. Goinfidh faobhar thu nó báthfaidh uisge thu. "Ná loisg an crann-ubhall áluinn, crann na ngéag bhfaon fé ualach mhilis, crann an chinn bháin gur minic air lámh an duine. "Ná loisg an draighean dubh. Ní loisgid saoir é. Tugan sé díon do'n eun sa gheimhre. "Ná loisg crann sailíghe, crann na bhfilí. Tá mísleacht dán ann. Tá mil do bheachaibh ann. Is aoibhinn bheith ag éisteacht le crónán na mbeach agus iad ag deól na meala as a bhláthaibh. Ní ceart é chur sa teine.
"Loisg an cárthan, crann na ndraoidhthe, crann caomh na gcaor ndearg, crann na bpiseóg agus na deismireachta. Ach seachain an coll, coll na ngeug bhfann agus na gcnó a thaithnean leis an bhfiacail. Ná loisg an coll, a fhir an deataigh. "An fhuinnseóg; dorcha a dath. Cuirean sí luas i rothanaibh; slata i lámhaibh marcach; ruag ar namhaid i gcath. Is mairg a loisgfeadh í. "Loisg an dris, an rud ríghin deilgneach a ghearan cos an duine agus do stracan a chuid éadaigh. Loisg an dris idir chríon agus glas. "Adhmad teith dair úr. Ní gnáth aoinne séimh uaidh. Cuirean a ghál teinneas cinn ar dhaoine agus cuirean a ghríos teinneas 'n-a súilibh. Ná cuir sa teine an t-adhmad a chuirfeadh meidh- reán agus sile súl ar dhaoine. "Ná staon ó'n gcrann-fearna do losgadh, badhb teasaidhe na coille. Is fada ó fhuacht duit teine fearna agus sgeithe gile. "Cuileann, loisg a úr. Cuileann, loisg a chríon. Chun teine ní'l crann le fághail is fearr 'ná cuileann. "An trom, an droch adhmad, crann eachra na slógh sídhe, loisg go mbeidh 'n-a ghual. "Loisg an beithe nuair a gheabhair sínte ar an dtalamh é. Agus loisg go mall agus go moch, pé tráth is maith leat é, an crann úd go mbíon a bhárr ar crith. "Ach an t-iubhar, an t-adhmad is uaisle dhíobh
go léir, crann na bhfleadh, mar is eól duit, dabhacha donna is ceart a dhéanamh dé. "Glac mo chómhairle, a fhir an deataigh. Cuirfidh an chómhairle sin an rath ort i dtaobh anama agus chuirp." Thug an giolla aire mhaith do gach focal d'ár labhair Iubhdán an uair sin agus do ghlac sé an chómhairle agus do dhein sé beart d'á réir as san amach. Bhí Iubhdán ar an gcuma san i gCúig' Uladh agus saor-chóimeád air agus níor bheag d'aiteas le fearaibh Uladh agus le Feargus bheith i n'fhochair ag feuchaint air agus ag éisteacht le n-a chaint. An bhreis a bhí acu-san air-sean i méid cuirp bhí sé aige-sean ortha-san i ngéar-chúis agus i n-éirim agus i n-inntleacht aigne. Dhein Feargus cathaoir bheag dheas, i bhfuirm cárbait, agus do dhaingnigh sé an chathaoir ar a chuislinn chlé, agus do chuireadh sé Iubhdán 'n-a shuidhe sa chathaoir sin. Ansan do ghabhadh sé amach ar fuid na h-áite agus cuid d'uaislibh Uladh i n-aonfheacht leis, agus iad go léir, idir rígh agus uaisle, ag faire ar gach aon chor a chuireadh Iubhdán dé, agus ar gach aon fhocal a deireadh sé. Thánadar mar sin, Feargus agus Iubhdán, isteach sa n-áit 'n-a raibh cuid de bhantracht Uladh. Bhí cuid des na ríognaibh óga agus iad ag cíoradh a gcinn agus ag cur órnáidí ar a ngruaig, agus mórán de dhuagh na h-oibre sin acu d'á fhághail. Do stad Iubhdán ag feuchaint ortha ar feadh
tamaill. Do stad na h-uaisle ag feuchaint ar Iubhdán agus ag feitheamh leis an bhfocal a déarfadh sé. Fé dheire do dhein Iubhdán gaire. "Cad fé ndeara dhuit an gháire sin a dhéanamh, a rígh?" arsa Feargus. "Tá cúis gháire agam, a rígh," arsa Iubhdán. "Nár dhóich le h-aoinne gur ar mhaithe leis an gceann a deintear an cíoradh go léir agus an sleamhnú' go léir, agus an fígheadh agus an casadh go léir?" "Agus ar ndó' iseadh leis," arsa Feargus. "Ní h-eadh i n-aon chor, a rígh," arsa Iubhdán. "Is díobháil a dheineann an obair sin do'n cheann." "Agus cad chuige go ndeintear an obair, má 'seadh?" arsa Feargus. "Deintear an obair go léir ar mhaithe le d' shúilibh-se agus le m'shúilibh-se, a rígh," arsa Iubhdán. "Agus cad é an tairbhe dheinean an obair sin d'ár súilibh-ne, a rígh?" arsa Feargus. "Is cuma leis na ríognaibh óga san ach go bhfeicfear áilneacht a bhfolt agus go ndéanfar iongnadh de'n áilneacht," arsa Iubhdán. "Agus cad é an tairbhe do'n áilneacht iongnadh dhéanamh dé?" arsa Feargus. "Nach shiné bhainean an gháire asam, a rígh!" arsa Iubhdán. Chuadar lá go tigh duin' uasail a bhí n-a cheann airm ag Feargus. Bhí bróga nua fághalta ag an nduin' uasal agus bhí sé 'ghá gcur uime. Thug sé
fé ndeara go raibh na buinn ana thanaidhe fútha. Dhírigh sé ar spídiúchán ar an ngréasaidhe agus ar ghearán ná seasóch' na bróga aon fhaid, mar gheall ar na buinn a bheith chómh tanaidhe futha, agus d'á éaghmuis sin ná cosanóchaidís buinn a chos ar chlochaibh an bhóthair nuair a bhéadh air dul ar slógadh le Feargus. Nuair a thánadar uaidh do chuir Iubhdán gáire as. "Cad fé ndeara an gháire sin, a rígh?" arsa Feargus. "An fear úd a bhí ag cáineadh na mbróg," arsa Iubhdán, "is beag an gádh atá aige le h-iad do cháineadh. Táid na buinn tanaidhe. Má táid féin mairfid buinn na mbróg níos sia 'ná mhairfid buinn na gcos." Ní rabhadar a bhfad imthighthe ó thigh an duin' uasail sin nuair a tháinig sgéala chúcha go raibh an duin'- uasal marbh. Go dtáinig ceann-airm eile chun an tighe chéadna. Gur eirigh idir an mbeirt. Gur throideadar, agus gur thuit an bheirt. "Seadh!" arsa Iubhdán. "Bhí na buinn úd láidir a ndóithin!" Ar theaghlach Fhearguis a bhí an bheirt a mhairbh a chéile. Do deineadh iad do thoramh. Bhí Feargus agus Iubhdán ar an dtóramh. Chonaic Iubhdán an dá chorp agus iad 'n-a luighe i n-aice 'chéile ar an gclár. Bhí sé ag feuchaint ortha ar feadh tamaill mhaith. "Cad is dóich leat dóibh anois, a rígh?" arsa Feargus.
"Feuchaid siad ana mhuínteartha le chéile anois, a rígh," arsa Iubhdán. "Tá síothcháin eatartha anois," ar seisean, "síothcháin a bheidh buan." Tar éis an tóraimh tháinig lá a n-adhlactha. Do deineadh an dá uaigh i n-aice 'chéile, agus do cuireadh órnáid mhór ar na h-uaghnaibh toisg gur bhain na fir le teaghlach an rígh. Bhí cuid des na daoine ag cogarnaigh. "Is deise an uaigh seo," adeireadh duine. "Ní deise," adeireadh duine eile. "Is deise í seo." "Beir i n-aice na n-uaghna mé, a rígh," arsa Iubhdán, "go bhfeuichad síos ionta." Do rug. Thug sé tamall ag feuchaint síos i n-uaigh acu. "Beir chun na h-uagha eile mé, a rígh," ar seisean. Do rug. Thug sé tamall ag feuchaint síos inti sin. "Déanfaidh san an gnó, a rígh," ar seisean. Dhruid Feargus siar ó-s na h-uaghnaibh. Bhí sé féin agus a raibh láithreach ag faire agus cluas ar gach aoinne feuchaint cad déarfadh Iubhdán. Níor labhair Iubhdán. Fé dheire do labhair Feargus. "Cia 'cu uaigh is dóich leat is deise, a rígh?" arsa Feargus. "'Is deacair rogha bhaint a' dhá dhíg,' a Fhearguis, a chara," arsa Iubhdán Thug san ádhbhar machtnaimh d'á raibh láithreach.
CAIBIDIOL A X DÍOGHALTAS NA BHFEAR MBEAG Bhí Iubhdán ar an gcuma san i n-Eamhain agus ana chaitheamh aimsire ag Feargus agus ag uaislibh Uladh 'á bhaint as. Ach bhí uaigneas mór ar thuathaibh Luchra agus Luprachán i ndiaigh a rígh. Tháinig na tighearnaí agus na h-uaisle agus na maithe móra i gcómhairle, feuchaint cad ba mhaith dhóibh a dhéanamh chun an rígh d'fhuasgailt agus do thabhairt leó abhaile. Bhí ar an gcómhairle sin Conán mac Ruichid, agus Géarchú mac Gairid, agus Ríghbeg mac Róbhig, agus Luigín mac Luigid, agus Glúnán mac Gabhairn, agus Feabhal mac Feóirín, agus Cinnbeg mac Gnumáin, agus Bríghbeg mac Buain, agus Bran mac Luain, agus Mether mac Mintáin. Bhí ar an gcómhairle chéadna Glómar mac Glais mic Glomraide, an tréanfhear, an fear a dheineadh an feóchadán do leagadh le h-aon bhuille chlaidheamh. Bhí ar an gcómhairle sin, leis, Eisirt mac Big mic Buaidh- geine, an t-árd-ollamh. Do deineadh a lán cainte mar is gnáth a dhéanamh i gcómhairle d'á sórd, agus bíodh gur chainteóirí beaga a bhí ag déanamh na cainte, dheineadar oiread cainte agus dá mbéadh gach fear díobh sé troighthe ar aoirde i n-inead aon leath-troigh amháin. Sa chaint dóibh níor fhéad na cainteóirí gan a thabhairt le tuisgint go raibh milleán mór acu ar
Eisirt mar gur bh'í an gháire úd a dhein Eisirt fé ndear an rígh bheith i mbraighdineas i gCúig' Uladh uatha. Níor leig eagla dhóibh labhairt ró shoiléir sa méid sin de'n sgéal mar bhí Aodh Éigeas, an fear mór, an fathach dar leó, ansúd 'n-a shuidhe ar a bhosga agus ná raghadh ceann aon fhir acu thar leath slíghe go glúinibh air, agus uraim an domhain aige d'Eisirt. Thuigeadar 'n-a n-aigne dá gcuiridís fearg air ná béadh aige ach eirighe agus cromadh ar ghabháil do chosaibh ionta agus go mbéidís go léir marbh aige gan puinn ríghnis. Thuig Eisirt cad a bhí 'n-a n-aigne. D'eirigh sé agus do labhair sé. "A mhaithe agus a mhór-uaisle tuatha Luchra agus Luprachán," ar seisean, "ní h-aon tairbhe dhúinn anois bheith ag cásamh an uilc agus an mhí-ádh atá tagaithe orainn, ná bheith a d'iaraidh a dhéanamh amach cé fé ndear an t-olc ná cad fé ndear é. Is ar cad a leighisfidh an t-olc is ceart bheith ag cuimhneamh anois. Tá Iubhdán i gCúig Uladh ag Feargus mac Léide. Tá sé ar saor- choimeád aige ann. Tá uraim agus onóir aige d'á fhághail ó Fheargus i gCúig' Uladh, agus ó n-a bhfuil d'Ultaibh ann, oiread díreach agus d'fhéad- fimís féin a thabhairt dó dá mbéadh sé anso sa bhaile againn. Is cuimhin libh go léir an chaint úd a bhain an gháire úd asam-sa an oídhche úd a gabhadh mise le h-órdú' an rígh. Do labhair Iubhdán an oídhche sin ar fheabhas na gcuraí agus na gcathmhilí a bhí sa tigh seo an oídhche sin. Isiad na
curaí céadna agus na cathmhilí céadna atá anso anocht. Do labhair sé ar na tréanfhearaibh agus ar na ríghdhamhnaibh mear-bhorba mear-láidire mór-ghníomhacha a bhí anso an oídhche sin. Isiad na tréinfhir chéadna agus na ríghdhamhnaí céadna atá anso anocht. "A mhaithe agus a mhór-uaisle, ní foláir dómh-sa an méid seo do rádh anois. D'fhiafraigh Iubhdán daoíbh-se an oídhche úd an bhfeacathas riamh cath- mhilí dob' fhearr 'ná na cathmhilí a bhí aige féin. Dúbhrabhair go léir d'aon ghuth ná feacathas. Anois an t-am agaibh chun a thaisbeáint ciacu bhí fírinne sa bhfreagra san nó ná raibh." "Cad tá le déanamh againn chun san do thais- beáint, a rígh ollamh?" arsa Conán mac Ruichid. "Dá mbéadh fírinne sa bhfreagra úd, a Chonáin," arsa Eisirt, "do raghadh seacht catha féinne tuatha Luchra agus Luprachán, fé n-a gcuraí agus fé n-a gcathmhilí agus fé n-a ríghdamh- naibh, líon a slógh, go h-Éamhain, agus d'iarfaidís ar Fheargus mhac Léide a rígh thabhairt dóibh le fuasgailt, agus dhéanfaidís luach maith do thairis- gint dó mar fhuasgailt." "Ó," ar siad go léir, "siné díreach atá againn le déanamh! Deinimís láithreach é. Is truagh nár cuimhnigheadh air níos túisge!" Do ghleus gach cathmhile agus gach cura agus gach ríghdhamhna a neart slógh féin ar aon láthair agus ghluaiseadar gan a thuille ríghnis. Ní h-innstear conus a chuireadar an tslígh dhíobh
ach gur shroiseadar faithche na h-Éamhna agus go rabhdar ann sar ar eirigh grian ar maidin amáireach a bhí chúghainn. D'eirigh lucht na catharach agus d'fheuchadar amach. Chonacadar amuich ar an bhfaithche na daoine beaga go léir, na céadta mílte acu, agus iad riartha gleusta go h-áluinn, i n-arm 's i n-éide agus i n-iodhnaibh catha, agus gan an fear ba mhó acu thar leath-troigh ar aoirde. Chuireadar teachtaireacht isteach 'ghá rádh gur theastuigh uatha labhairt leis an Árdrígh. Tháinig Feargus agus uaisle Uladh amach láithreach go fonnmhar, ní h-amháin chun na teachtaireachta d'fhreagairt ach chun go bhfeicfidís an radharc, leis. Ní raibh Eisirt amuich. D'fhan sé féin agus Aodh sa bhaile i ndiaigh na slógh ag tabhairt aire do'n áit. Tháinig Conán mac Ruichid i gcómhngar d'Fheargus agus d'úmhluigh sé dhó agus do labhair. "A Árdrígh Uladh," ar seisean, "tá Iubhdán, Árdrígh tuatha Luchra agus Luprachán, Árdrígh Muighe Faithlinn, anso i mbraighdineas agat-sa. Sinne a mhuintir. Thánamair ag triall ort 'ghá iaraidh ort ár rígh thabhairt dúinn le fuasgailt, agus tabharfaimíd luach maith dhuit air." "Cad é an luach a thabharfaidh sibh dom air?" arsa Feargus. "Is mór agus is fairsing an machaire é seo," ar siad, "an mágh so na h-Éamhna. Cuirfimíd bara cruithneachtan ar an machaire seo gach bliain duit, gan a bheith oraibh é threabhadh ná do leasú'
ná aon phioc eile d'á dhuagh fhághail. Ní bheidh oraibh fiú aon ghráinne síl do chur ann, ach fásfaidh an chruithneacht uaithi féin chúghaibh 'n-a bróin throm shaidhbhir." "Ní thabharfad-sa Iubhdán daoíbh ar an bhfuas- gailt sin," arsa Feargus. "Má seadh," ar siad, "nuair ná tabharfá dúinn é le fuasgailt déanfaimíd díoghaltas ort." "Agus cad é an díoghaltas a dhéanfaidh sibh orm?" arsa Feargus. "Imtheóchaimíd mór-thímpal tré Chúig' Uladh agus sgaoilfimíd gamhna na Cúige chun a máith- reacha agus deólfaid na gamhna na máithreacha agus ní bheidh, ar maidin amáireach, oiread leamh- nachta le fághail i gCuig' Uladh agus dhéanfadh deoch d'aon bhunóic amháin." "Bíodh agaibh," arsa Feargus, "ach ní bheidh Iubhdán agaibh." D'imthigheadar agus dheineadar an fhoghail sin, mar adúbhradar. Tháinig an mhaidean. Chuaidh mná na Cúige ag crúdh na mbó. Ní raibh diúir bhainne le fághail ó aon bhoin i gCúig' Uladh. Shíl gach bean-chrúidhte gur bh'iad a ba féin a bhí gan bainne agus go bhféadfadh sí, nídh nár bh'iongnadh, raint bhainne fhághail ar iasacht i gcóir an lae sin. Bhuail na mná umá chéile agus iad ag dul a d'iaraidh iasachta an bhainne ar a chéile. "An bhféadfá raint bhainne thabhairt dom ar iasacht go dtí amáireach?" adéarfadh bean le
mnaoi eile. "Chuaidh na gamhna chun na mbó aréir agus ní'l braon ag aon bhoin indiu." "Aililiú!" adéarfadh an bhean eile, "d'imthigh an rud céadna díreach ar mo bhuaibh-se agus is amhlaidh a bhíos ag teacht ag triall ort-sa feuchaint an bhfaghainn raint bhainne uait ar iasacht." Le n-a linn sin thiocfadh an trímhadh bean suas agus an focal céadna aici. Níor bh'fhada gur tuigeadh ná raibh oiread agus diúir bhainne le fághail ó aon bhoin i gCuig' Uladh. Cheap na mná láithreach gur droch nídh éigin a bhí tagaithe ar bhuaibh na Cúige agus go raibh an dúthaigh creachta. Ba ghearr ná raibh ar fuid na Cúige, thoir thiar thall, ach liúireach agus ologón agus bualadh bas. Bhí mná na catharach chómh mór buairt agus lógóireacht le mná na tuatha. Bhí sé buailte isteach 'n-a n-aigne ná faighfí aon bhraon bainne choídhche airís ó aon bhoin i gCúig' Uladh. I lár an éirligh do chruinnigh tuatha Luchra agus Luprachán airís ar faithche na h-Eamhna, i n-íodhnaibh catha, díreach mar a bhíodar indé roimis sin. Tháinig Feargus amach chun cainte leó. "An dtabharfair ár rígh dhúinn, a Fhearguis?" ar siad. "Ní thabharfad," arsa Feargus. Agus do theip air gan sgeartadh gáire chur as nuair a chonaic sé na fir bheaga agus iad chómh feargach, chómh fíochmhar, chómh cródha 'n-a bhfeuchaint, gur dhóich le duine go marbhóchaidís an saoghal, agus gan aon fhear acu thar sé h-órlach ar aoirde!
"Mura dtugair dúinn ár rígh, a Fhearguis," ar siad, "déanfaimíd foghail eile anocht ort." "Cad í an fhoghail a dhéanfaidh sibh anocht orm?" arsa Feargus. "Ní fhágfaimíd tobair i gCuig' Uladh gan sailiú oraibh. Ansan ní bheidh deoch uisge ná deoch bhainne agaibh. Ach má tugtar ár rígh dúinn leighis- fimíd an fhoghail a dheineamair aréir agus ní dhéanfaimíd a thuille foghla ort, agus beidh cion dá lae de bhainne indiu ag bhúr mbuaibh." "Ní bhfaighidh sibh Iubhdán air sin," arsa Feargus. D'imthígheadar an oídhche sin agus dheineadar mar a ghealladar. Tháinig na daoine ar maidin a d'iaraidh an uisge. Tháinig bean chun an tobair ba ghiora dhi. "Óchón!" ar sise. "Cad d'imthigh ar an dtobar!" Siúd chun siúbhail í fé dhéin tobair eile. Siúd ag teacht 'n-a coinnibh bean eile agus an t-"Ochón" céadna aici. Siúd fé dhéin an trímhadh tobair an bheirt. Siúd 'n-a gcoinnibh an trímhadh bean agus an t-"Ochón" céadna aici- sin leis. Ba ghearr go raibh aon phuilemoliú amháin ar fuid na dútha acu. An mhaidean ag gluaiseacht, gnó gan déanamh, biadh gan ollamhú', agus gan aon bhraon uisge le fághail! Ba ghearr go raibh sgannra ag teacht ar na daoine go léir. Na ba i ndísg! Na toibreacha loitithe! Cad é an chéad olc eile thiocfadh! Chaith gach bean a h-árthach ar an dtalamh uaithi agus shuigh sí ar
an gclaidh ag gol. Bhí na páistí ins na dóirsibh ag béicigh. Bhí na fir anso 's ansúd 'n-a dtriúr a's 'n-a gceathrar, ag feuchaint ar a chéile agus ná feadradar cad ba mhaith dhóibh a rádh ná a dhéanamh, nó cad é an sgéal nua thabharfadh an lá 'máireach leis. Ar ball tháinig na sluaighte móra de dhaoine beaga ar faithche na h-Eamhna. Tháinig Feargus chun cainte leó. "Cuir chúghainn amach ár rígh," ar siad, "a Fhearguis na mór ghníomh, agus leighisfimíd gach foghail d'á bhfuil déanta againn ort agus déan- faimíd breis agus a dhúbailt maitheasa dhuit." "Ní dhéanfad," arsa Feargus. "Má 'seadh, déanfaimíd foghail eile ort anocht," ar siad. "Cad í an fhoghail a dhéanfaidh sibh anocht orm?" arsa Feargus. "Loisgfimíd bhúr muilte agus bhúr n-atha ins gach páirt de'n chúige, i dtreó ná beidh aon ghráinne mine le fághail agat' dhaoine, a Fhearguis," ar siad. "Ní bhfaighidh sibh Iubhdán air sin," arsa Feargus. Do loisgeadar na muilte agus na h-atha an oídhche sin. Ar maidin amáireach ní raibh muilean ar siúbhal i n-aon pháirt de Chúig' Uladh. "Táimíd réidh ar fad anois!" arsa gach aoinne. "Gheabhmíd go léir bás do'n gorta!" Ansan bhí na fir ag gol chómh maith leis na mnáibh agus leis na páistí.
Tháinig tuatha Luchra agus Luprachán go h-Eamhain. Tháinig Feargus chun cainte leó. "Tabhair dúinn ár rígh, a Fhearguis," ar siad, "agus leighisfimíd an díobháil go léir ar a dhúbailt duit féin agus do d' dhaoine." "Ní thabharfad," arsa Feargus. "Má 'seadh, déanfaimíd tuille díobhála dhuit," ar siad. "Cad é an díobháil eile dhéanfaidh sibh?" ar seisean. "Gearfam a gcinn de dhiasaibh na cúige seo anocht," ar siad. "Ansan ní bheidh uisge ná leamhnacht agaibh; ní bheidh muilean ná rud le meilt agaibh." "Ní bhfaighidh sibh Iubhdán air sin," arsa Feargus. D'imthigheadar an oídhche sin agus níor fhágadar dias arbhair i gCúig' Uladh gan an ceann a ghearadh dhé. D'eirigh na daoine ar maidin agus chonac- adar an sgrios. Mhairbh an radharch san ar fad iad. Níor bh'fhiú an chuid eile trácht air, dar leó, seachas na cinn a bhaint des na diasaibh. Tháinig na daoine beaga go h-Eamhain. Tháinig Feargus chun cainte leó. "Déin do leas, a Fhearguis," ar siad, "agus leas do chúige, agus tabhair ár rígh dhúinn. Má thugan tú dhúinn anois féin é beidh gach nídh go maith, mar leighisfimíd a bhfuil d'olc déanta againn ort-sa agus ar Ultaibh." "Ní thabharfad-sa Iubhdán air sin daoibh," arsa Feargus.
"Tá olc againn le déanamh fós ort agus cuirfidh an t-olc san fhiachaibh ort ár rígh a thabhairt dúinn le breith linn abhaile go Mágh Faithlinn," ar siad. "Cad é an t-olc eile é seo atá agaibh le déanamh orm?" arsa Feargus. "Bearrfaimíd an ghruaig anocht de gach ceann duine d'á bhfuil i gCúig' Uladh, i dtreó ná beidh le feisgint amáireach ar aoinne de d' dhaoine, ar fhear ná ar mhnaoí, óg ná aosda, ach cloigean a bheidh chóm maol le plaosg as an uaigh," ar siad. "Dar lámh m'athar," arsa Feargus, "má dhéin- ean sibh-se an gníomh san anocht bearrfad-sa idir cheann agus folt d'Iubhdán amáireach!" Agus d'imthigh sé uatha isteach agus árd fhearg air. D'airigh Iubhdán an focal agus chonaic sé an fhearg. "Go réidh, a Fhearguis, a bhráthair," ar seisean. "Ní gádh ceann ná folt a bhaint d'aoinne. Leig- tear mise amach chun mo thuath agus labharfad leó, agus déarfad leó gach a bhfuil d'olc déanta acu ar Chúig' Uladh do leigheas agus gan a thuille uilc do dhéanamh, ach imtheacht abhaile go síothchánta." "B'fhéidir," arsa Feargus, "dá leigtí amach tu chúcha go mbéarfaidís leó thu." "Tá mo bhriathar rígh agat-sa, a Fhearguis," arsa Iubhdán, "ná fágfad Cúig' Uladh go dtí gur toil leat-sa féin leigint dom imtheacht." "Is fíor," arsa Feargus. "Níor chuimhnigheas air sin. Imthigh amach ag triall ortha agus abair do rogha rud leó."
CAIBIDIOL A XI LEIGHEAS AR AN NDÍOBHÁIL Do cuireadh Iubhdán 'n-a sheasamh anuas ar an dtalamh, agus d'imthigh sé amach ag triall ar an sluagh mór de dhaoine beaga a bhí amuich. Nuair a chonacadar chúcha é do thógadar liú áthais agus gháirdeachais nár h-airígheadh a leithéid riamh roimis sin i n-Eamhain. Bhí liú gach fir acu caol árd, ach ana cheólmhar. Nuair a chuir na mílte go léir an liú i n-aonfheacht asta níor bh'fhéidir a dhéanamh amach cad ba cheart do chur i gcom- paráid leis an bhfuaim. Bhí sé níos treise go mór 'ná an foghar a dhéanfadh satha beach. Ní raibh sé chómh láidir ná chómh garbh leis an ngogalach a dhéanfadh lán páirce de ghéanaibh. B'fhíor- dheabhrathach é leis an gcrónán a dhéanfadh píb mála, ach é bheith níos mísle agus níos binne 'ná crónán an phíb. "A mhaithe agus a mhór-uaisle mo thuatha féin," arsa Iubhdán, "is eagal liom go bhfuil dearmhad oraibh. Ní chun dul libh abhaile a thánag chúghaibh amach anso anois, ach chun a innsint daoibh ná fuil ar mo chumas dul libh anois. Thugas mo bhria- thar rígh d'Feargus mhac Léide, d' Árdrígh uasal Uladh, ná fágfainn Cúig' Uladh go dtí go mba thoil leis féin leigint dom imtheacht. Ní féidir dómh-sa mo bhriathar rígh do bhriseadh. Tá 'fhios ag Feargus nách féidir dom mo bhriathar rígh do
bhriseadh agus nách gádh dhó ceangal ná cuíbhreach do chur orm chun mé choimeád. D'á bhrígh sin ní'l orm anso ach saor-choimeád agus tá uraim agus onóir agus cion agam d'á fhághail anso ó Fheargus, oiread agus d'fhéadfadh árdrígh a dh'fhághail ná d'éileamh ó árdrígh eile. Agus i dtaobh na n-Ultach so go bhfuil an díoghaltas go léir déanta agaibh-se ortha, tá oiread urama agus oiread onóra agus oiread ceana fághalta agam-sa uatha, ó cuireadh saor-choimeád orm, agus d'fhéadfadh Feargus féin a dh'fhághail uatha. "D'á éaghmais sin agus uile, is eól daoibh, mar gheall ar an ngabháil éagcórtha a dheineas-sa ar Eisirt, conus mar a cuireadh de gheasaibh orm teacht anso agus an fhírinne a dh'fheisgint le m'shúilibh féin, agus conus mar a cuireadh de phionós orm nár bh'fholáir dom bliain a thabhairt anso i gCúig' Uladh ag Feargus mac Léide, agus ansan, nuair a bhéinn ag imtheacht, rogha mo shéad d'fhágáilt aige. "D'á bhrígh sin, a thuatha, ná déinidh-se a thuille díobhála d'Ultaibh, ach téigidh agus leighisidh, gach díobháil d'á bhfuil déanta agaibh. Agus, ó 's ag leigheas díobhála daoibh é, déinidh, mar is gnáth libh nuair a dhéinean sibh tairbhe, an tairbhe dhéanamh go rathmhar. Tugaidh le rádh dos na h-Ultaibh seo gur mó bhúr dtairbhe 'ná bhur ndíobháil." D'iompuigh sé uatha agus tháinig sé isteach ag triall ar Fheargus. D'iompuighdar-san go
dúbhach agus go ciúin agus go ceann-íseal, gan liú gan lámh-ghreadadh, agus d'imthíghdar. Ar maidin amáireach a bhí chúghainn iseadh bhí an t-áthas agus an mhóráil agus an gáirdeachas ag óg agus aosda, ag bocht agus ag saidhbhir, ag fearaibh agus ag mnáibh, ar fuid Chúig' Uladh go léir. Go moch ar maidin, le neart tarta, tháinig bean agus árthach aici feuchaint a' bhfaghadh sí aon diúir ó'n mboin. Do thál an bhó uirthi go trom agus go tiugh. Níor bh'fhada go raibh an t-árthach lán. Do rith an bhean agus d'inis sí an sgéal. Do leath an focal ins gach aon bhall. Siúd chun na mbó na mná go léir agus na h-árthaí acu. Siúd na ba go léir ag tál go trom agus go tiugh. Ba ghearr go raibh cion na seachtmhaine de leamh- nacht acu ó aon chrúth amháin. D'fheuch na daoine ar na guirt chruithneachtan. Ní raibh aon dias gan a cheann airís air agus an ceann níos troime agus níos téagartha 'ná mar a bhí sé ar dtúis. D'feuchadar ar na h-athana agus ar na muiltibh. Bhí gach muilean agus gach ath chómh slán agus bhíodar riamh agus chómh h-ollamh chun oibre. Chuadar a d'iaraidh an uisge chun na dtoibreacha. Bhí gach tobar chómh glan agus bhí sé riamh, nó níos glaine, agus bhí an t-uisge níor foláine agus níos mísle agus níos sobháilcíghe 'ná mar a bhí sé roimis sin. Bhí áthas mór ar na daoine go léir, nídh nár bh'iongnadh, agus nuair a h-inn- seadh dóibh gur bh'é Iubhdán a chuir cosg leis an ndíobháil agus do chuir an tairbhe 'á dhéanamh, bhí
ana bhuidhchas acu air agus ana uraim acu dhó. Ach bhí iongnadh a gcroídhe ortha conus fhéad firín chómh beag leis maith chómh mór a dhéanamh. Má bhí uraim mhór agus onóir agus creidea- mhaint ag Iubhdán, i n-Eamhain agus ar fuid Chúig' Uladh roimis sin bhí a sheacht n-oiread urama agus onóra agus creideamhna aige as san amach. Ní raibh aon uair a crúidhtí bó agus go dtugadh an bhó bainne maith uaithi, ná cuimhnightí ar Iubhdán. Ní raibh aon uair a beirtí arbhar chun muilinn, agus go bhfeictí an muilean ag casadh agus ag obair go h-áluinn, ná cuimhnightí ar an bhfirín mbeag a bhí 'n-a chárbat ar chuislinn Fhearguis, agus ná go ndéintí iongnadh des na cómhachta móra a bhí ag firín chómh suarach. Ansan, nuair a thagadh an mhin abhaile agus nuair a blaistí an t-arán nó an leite agus nuair a gheibhtí an bhiadh chómh deigh-bhlasta, "Do loisgeadh na h-atha," adeirtí, "ac is fearr a chruaid siad an t-arbhar anois 'ná sar ar loisgeadh iad." "Iubhdán fé ndeár é sin," adeireadh duine eile. "D'órduigh sé dos na daoine beaga úd an mhaith a dhéanfaidís a bheith níos mó 'ná an díobháil a dheineadar." Níor bh'é sin féin, ach mórán neithe nár deineadh lot ná leigheas ortha mheasadh daoine go raibh feabhas éigin ortha ná raibh roimis sin, nó go raibh tairbhe éigin ionta nár mothuigheadh roimis sin ionta, agus do thug gach aoinne a bhuidhchas san go léir d'Iubhdán, i dtreó gur tugadh a
lán buidhchais dó ná raibh tuillte i n-aon chor aige. Isé rud a tháinig as san go léir d'Iubhdán nár mhothuigh sé puínn an chuid eile de'n bhliain ag imtheacht. D'imthigh an aimsir. ámhthach, agus tháinig an lá 'n-a raibh deire leis na geasaibh agus le braighdineas Iubhdáin agus 'n-a raibh neart dó imtheacht abhaile go Mágh Faithlinn chun a mhuin- tire, ach an coingíoll deirineach do chómhlíonadh. B'é coinghíoll é sin 'ná rogha a shéad d' fhágáilt ag Feargus. CAIBIDIOL A XII ROGHA NA SÉAD "Seadh, a Fhearguis, a bhráthair," arsa Iubhdán le Feargus, "tá an tréimhse caithte agus ní'l ar do chumas-sa mise choimeád anso níos sia. Ní'l ach aon nídh amháin agham le déanamh anois sar a n-imthíghead. Dúbhairt Eisirt, árd ollamh tuatha Luchra agus Luprachán, go gcaithfinn-se an tréimhse seo do chaitheamh anso agat-sa, agus go gcaithfinn rogha mo shéad d'fhágáilt agat anso nuair a bhéinn ag imtheacht. Áireóchad na séada dhuit, a Árdrígh, agus ansan féadfair do rogha dhíobh a choimeád." Do thóg Iubhdán a shleagh 'n-a láimh. "Feuch, a Fhearguis," ar seisean, "siní mo shleagh. Má 's maith leat í choimeád is ró mhaith
an tseóid í. Is líonmhar iad do namhaid-se, ach is cosaint duit an tsleagh so ar chéad namhaid. An rígh go mbeidh an tsleagh so 'n-a láimh aige agus é ag dul i gcath tiocfaidh sé saor ó rean- naibh a namhad." Nuair airigh Feargus an méid sin níor fhéad sé gan sgeartadh gáire chur as. Bhí sleagh Iubhdáin, mar a déarfá, chómh mór chómh fada leis an mbiorán cnutála a bhéadh ag mnaoi agus í ag cnutáil stoca. "Beir ad' láimh ar an sleagh so, a rígh," arsa Iubhdán. Do rug. Ní túisge a dhein 'ná mar a bhí an tsleagh chómh mór chómh fada chómh trom le n-a shleagh féin! "Beartuigh í," arsa Iubhdán. Do dhein. "Dheineas mo gháire ró luath, a Iubhdáin," arsa Feargus. "Níor bheartuigheas riamh i gcath ná i gcruadh-chómhrac sleagh dob' fhearr 'ná í seo." "Sidí mo sgiath, a Fhearguis," arsa Iubhdán. Thóg sé suas an sgiath. Bhí an sgiath mar a déarfá chómh mór chómh leathan le píosa coróin- neach. Níor gháir Feargus. "Beir ad' láimh ar an sgiath, a rígh, agus bear- tuigh í," arsa Iubhdán. "Ní féidir an tseóid is fearr do thoghadh mura dtrialair ad' láimh féin gach seóid acu." Do rug Feargus ar an sgéith. Ní túisge dhein
'ná mar a bhí sí chómh mór chómh leathan chómh trom le n-a sgiath féin. "Isé buadh na sgéithe sin, a Fhearguis," arsa Iubhdán, "an fear a bhéadh ar a sgáth nách féidir é bhualadh bíodh ná béadh ann ach garsún gan féasóg, nó bíodh go mbéadh sé 'n-a sheanduine liath. "Side mo chlaidheamh, a Fhearguis," arsa Iubhdán, agus do nocht sé an claidheamh. Bhí an claidheamh, mar a déarfá, chómh mór chómh fada le snáthaid reamhar a bhéadh ag mnaoi agus í ag cur cléithe i stoca. Ba dhóbair go ngáireadh Feargus airís nuair a chonaic sé an claidheamh agus nuair a chuimhnigh sé ar a chlaidheamh féin, ar an gCalacholg. "Is mór is fiú an claidheamh so," arsa Iubhdán. "Ní'l a leithéid eile de chlaidheamh catha i láimh rígh ná i láimh flatha, ná ní raibh riamh fós. Beir ad' láimh air, a rígh, agus beartuigh é." Do dhein. Chómh luath agus dhein do samhluigh- eadh dó gur bh'é a chlaidheamh féin, an Calacholg, a bhí 'n-a láimh aige, bhí an claidheamh chómh mór chómh trom chómh so-bheartuighthe sin. "Sidé mo bhrat, a Fhearguis," arsa Iubhdán. "Brat maith iseadh é. Má thógan tú é beidh sé nua agat go bráth. Beidh sé nua agat i gcaith- eamh do shaoghail féin agus beidh sé nua agat' mhac ad' dhiaig, i gcaitheamh a shaoghail, agus ag mac do mhic i gcaitheam a shaoghail. Feuch, a rígh, cuir umat é go dtrialair é."
D'fheuch Feargus ar an mbrat. Cheap sé dá leathadh sé a lámh go mbéadh an lámh níos leithe 'ná an brat. Ach dhein sé mar adúbhairt Iubhdán leis. Do rug sé ar an mbrat, agus ní túisge thug sé iaracht ar é leathadh ar a shlinneánaibh 'ná mar a chlúdaigh an brat é go h-áluinn, chómh maith díreach agus dá mba dhó féin a déanfaí ar dtúis é. "Sidí mo léine, a Fhearguis, má ba mhaith leat í ghlacadh mar rogha," arsa Iubhdán. "Is léine bhreagh í, mar a chíon tú. Isí bean athar mo sheanathar-sa do bein an léine sin, a Fhearguis, le n-a dhá láimh féin, agus isiad a dhá láimh féin do shnímh gach snáth d'á bhfuil sa léine sin, a Fhearguis." Ní dúbhairt Feargus aon rud leis an léine. "Feuch, a Fhearguis," arsa Iubhdán, "sidé mo chrios. Bíon airgead agus ór sa chrios so, a Fhearguis. An t-é go mbéadh an crios so fan cuím air, a rígh, ní thiocfadh galar cuirp ná croicinn air. Cuir umat é, a rígh, feuchaint a' dtaithnfeadh sé leat." Cheap Feargus gur beag ná go líonfadh a órdóg an crios. Nuair a chuir sé ainiar fan chuím air féin é bhí sé mór a dhóithin, chómh h-oir- eamhnach dó agus dá mba dhó féin a déanfaí é. "Sidé mo chathbhár, a Fhearguis," arsa Iubhdán. "Seóid uasal iseadh é agus tá buadh mór air." D'fheuch Feargus ar an gcathbhár. Bhí sé, mar a déarfá, mór a dhóithin chun dul ar bhara órdóige Fhearguis.
"Cad é an buadh mór atá ar rud chómh beag, a rígh?" arsa Feargus. "Tá do cheann-sa mór go maith, a Árdrígh," arsa Iubhdán, "ach má ghlacan tú an cathbhár so ní baoghal duit ná go raghaidh do chloigean ríoga isteach ann, agus an cloigean ar a mbeidh an cathbhár so ní thuitfidh an gruaig dé agus ní bheidh aithis maoile go bráth air. Triail ar do cheann é, a rígh." Do dhein. Chuaidh ceann Fhearguis isteach sa chathbhár chómh breagh chómh socair chómh compórdach agus do raghadh sé isteach 'n-a chathbhár féin. "Feuch, a Fhearguis," arsa Iubhdán, "sidé m'ionar. (Ionar a tugtí an uair sin ar bhall éadaigh a bhíodh fáisgithe ar chabhail dhuine, lastig de'n bhrat, i bhfuirm bheiste nó casóige cuirp.) Is éadach síodamhail socaie é." "Agus cad é an buadh atá ar an ionar so, a Iubhdáin, a bhráthair?" arsa Feargus, ag breith 'n-a láimh dó ar an ionar agus an t-ionar chómh beag san gur mheas Feargus ná dúnfadh sé ar a órdóig. "Tá a chorcur glan anois, a rígh," arsa Iubhdán. "Tá gan amhras," arsa Feargus. "Ní fhéadfadh sé bheith níos glaine." "Dá mbéadh duine 'á chaitheamh go ceann céad blian," arsa Iubhdán, "bhéadh a chorcur chómh glan an lá déanach de'n chéad blian agus tá sé anois." "Feuch, a Fhearguis," arsa Iubhdán, "sidé mo
choire," agus taisbeáin sé dhó rud i bhfuirm sgiléidín, ach ba chorcán ana mhór an sgiléidín i n-aice Iubhdáin. Bhí béal an chorcáinín suas, nach mór, go smeigín air. "Agus cad é an buadh atá ar an gcoire seo, a Iubhdáin?" arsa Feargus. "Tá so, a Fhearguis," arsa Iubhdán. "Dá mba ná curfaí ann ach clocha agus uisge agus é chur os cionn teine, do geabhfaí ann ar ball feóil áluinn ba bhiadh do rígh." "Níor dhóich liom," arsa Feargus, "dá mbéadh puinn ocrais ar an rígh, go gcuirfeadh a mbéadh d'fheóil sa choire sin aon mhasmas air." "Dáltha gach seóide eile d'á bhfuil agam-sa, a rígh," arsa Iubhdán, "an fhaid is liom-sa é tá sé beag mo dhóithin, ach má ghlacan tusa mar roghá é beith sé mór do dhóithin. Beidh tuille agus bhúr ndóithin feóla ann duit féin agus do t' theaghlach." "Is maith é sin, a rígh," arsa Feargus, "ach feiceam tuille de t' sheóidibh." "Feuch, a rígh," arsa Iubhdán, "sidé mo dhabhach fothraigthe." Bhí an dabhach fothraigthe leath-troigh ar faid agus mar a déarfá dhá órlach go leith ar leithead agus an méid céadna ar doimhneas. "Ná bac a luighead, a Fhearguis," arsa Iubhdán. "Má ghlacan tú é beidh sé mór do dhóithin feasda." "Agus cad é an buadh atá air?" arsa Feargus. "Tá, a rígh," arsa Iubhdán, "an t-é go mbeidh an dabhach so aige agus do dhéanfaidh é féin do
nighe ann casfaidh a óige trí h-uaire air. Gheabh- aidh sé cheithre saoighil duine sar a dtiocfaidh an bás air." "Is ana mhaith an tseóid an dabhach san, a Iubhdáin," arsa Feargus. "An bhfuil a thuille acu agat?" "Tá, a rígh," arsa Iubhdán. "Feuch," ar seisean, "siné mo chleith-ailpín," agus thóg sé suas 'n-a láimhín bheag rud ná feacathas eighre riamh ar tharainge crúdh ach é. Bhí an ceann caol de'n tarainge 'n-a láimh aige agus an ceann ramhar uaidh amach aige. Fé mar a chíodh Feargus gach seóid do thagadh fonn gáirí air, ach do dhéineadh sé staonadh ó gháirí le h-eagla go measfadh Iubhdán ná raibh an stuaim aige ba cheart a bheith ag rígh. Ach nuair a chonaic sé an chleith-ailpín, an tarainge crúdh, do bhris ar an stuaim aige, agus chuir sé sgeartadh gáire as a bhain a anál dé, nó geall leis. Do stad Iubhdán go breágh réidh stuama go dtáinig Feargus as an dtritheamh gáirí. Nuair a chonaic Feargus an firín beag chómh daingean chómh stuama chómh ríoga, agus an tarainge crúdh 'n-a láimh aige, sínte uaidh amach, ba dhóbair dó tritheamh eile theacht air, ach do staon sé, mar bhí náire air. "Agus cad é an buadh atá ar do chleith-ailpín, a Iubhdáin?" ar seisean. "Dá mbeidhthá i bhfriothghuin catha, a rígh," ar seisean, "agus an chleith seo bheith ad' láimh agat, do chosanóch' an chleith do cheann féin agus ceann
gach duine de'n naonbhúr ba ghiorra dhuit de d' mhuintir, ar gach taobh díot." "Is maith an chleith í, a Iubhdáin; ach cad é seo eile ad' láimh agat?" arsa Feargus. "Sidí mo shlat, a Fhearguis," arsa Iubhdán, "an tslat le n-a gcomáintear an t-each buidhe." "Agus cad é an buadh atá ar an slait sin, a Iubhdáin?" arsa Feargus. "Dá mbéadh duine ar muin capaill a bhéadh chómh ríghin le sean' asal do dhéanfadh aon bhuille amháin de'n tslait seo an capall ríghin sin níos luatha 'ná eachra an domhain." "Is maith an tslat í," arsa Feargus. "An bhfuil a thuille agat?" "Tá, a Fhearguis," arsa Iubhdán. "Feuch, a rígh. Siné mo thimpán, an timpán is fearr sa domhan chun ceóil. Ó bhruach na Mara Ruadh a tugadh ar dtúis é, agus tá ceól ann dóithin aon chuideachtan sa domhan pé eólus a bhéadh ar cheól acu, pé géire ná pé cruinneas a bhéadh 'n-a gcluasaibh acu. Agus tá buadha móra ar an dtimpán so, a Fhearguis." "Inis dúinn cuid des na buadhthaibh, a rígh," arsa Feargus. "'Neósfad, a rígh," arsa Iubhdán. "Fear nár rug riamh 'n-a láimh ar úirlis ceóil agus nár fhoghluim riamh conus ceól do sheinnt, níor ghádh dhó ach breith 'n-a láimh ar an dtimpán so agus bhainfeadh sé ceól as níos fearr agus níos binne agus níos síreachtaíghe 'ná mar a bhainfeadh an
ceólaidhe dob' oilte a' timpán eile. Mo thimpán áluinn, a Fhearguis, ní'l timpán eile ar bith chómh téad-bhinn, agus gheibhtear a cheól gan duagh." "Is maith an timpán é. Is iongantach a bhfuil de shéadaibh agat, a Iubhdáin," arsa Feargus. "An bhfuil tuille agat?" "Tá, a Fhearguis. Feuch, siné mo dheimheas." Thaisbeáin sé an deimheas. Ní raibh an dei- mheas san ach mar a déarfá trí ceathramhna d'órlach ar faid agus tímpal ceathramha d'órlach ar leithead, agus bhí sé déanta de chruaidh a bhí chómh geal le h-airgead, agus bhí faobhar ar a dhá bheann do gheárfadh "fiona i n-aghaidh srutha," mar adeirtear ins na seana sgéaltaibh. "Cad é an buadh atá ar an ndeimheas san, a Iubhdáin?" arsa Feargus. "Tá, a rígh," arsa Iubhdán, "an fear go mbéadh an deimheas so aige agus dhéanfadh úsáid dé ar a ghruaig agus ar a chuid féasóige bhéarfadh sé buadh ar fhearaibh Éirean i n-áilneacht agus i maiseamhlacht pearsan." "Is áluinn an tseóid é. Is 'mó fear gur mhaith leis a leithéid a bheith aige. Cé dhein an deimheas san, a rígh?" arsa Feargus. "An gabha is fearr le fághail, gabha Barráin," arsa Iubhdán. "Ní h-iongnadh é bheith go maith. An bhfuil aon deire le t'sheóidibh? Ní ró fhuiriste dhómh-sa an ceann ceart do thoghadh ar ball," arsa Fear- gus.
"Feuch, a Fhearguis," arsa Iubhdán, "siní mo shnáthad." D'fheuch Feargus ar an snáthaid. Is ar éigin fhéad sé í dh'fheisgint i n-aon chor bhí sí chómh beag san. "Cad é an buadh atá ar do shnáthaid, a Iubhdáin?" arsa Feargus. "Is deacair buadh mór a bheith ar rud chómh beag." "Tá buadh ana mhór, ana thairbheach, ar an snáthaid seo. An t-éadach is gairbhe agus is tútaíghe d'ár fígheadh riamh bhéadh sé chómh mín le síoda nó le sról ach go gcurfaí an tsnáthad so thríd." "Brostuigh ort, a rígh," arsa Feargus "Áirimh an chuid eile." "Má thógan tú dhá mhuic des na mucaibh atá agam ní bheidh do theaghlach gan muic-fheóil choídhche," arsa Iubhdán. "Conus san, a rígh?" arsa Feargus. "Cad é an fhaid le dul dhá mhuic ar mo theaghlach-sa? Go mór mór nuair is dócha ná faghadh fear de m' theaghlach aon lán béil amháin ins gach muic díobh, ní h-eadh, ach sa dá mhuic i n-aonfheacht." "Is mór é do theaghlach, a rígh," arsa Iubhdán, "agus is mór an goile atá ag gach duine d'á bhfuil ar do theaghlach, ach dá mbéadh oiread eile acu ann agus oiread eile slíghe ag gach duine acu do'n bhiadh gheobhaidís a ndóithin sa dá mhuic seo adeirim. Agus rud eile. Marbhuightear an dá mhuic agus ithtear iad asdoídhche, agus
gheobhfar beó iad ar maidin i dtreó go bhféadfar iad do mharbhadh agus d'ithe airís an tarna h-oídhche. Ar an gcuma san thabharfaidh an dá mhuic adeirim a ndóithin muic-fheóla do d'theaghlach, a Fhearguis, agus beid na muca féin agat i gcómhnuidhe." "Is iongantach na muca iad, a Iubhdáin," arsa Feargus. "Comáin leat." "Feuch, a rígh," arsa Iubhdán, "b'fhéidir go dtaithnfeadh m'aghastar leat." "Agus cad é an buadh atá ar an aghastar, a rígh?" arsa Feargus. "Dá mbéadh bó dhubh ag duine agus é 'ghá tabhairt leis thar triúchaibh agus dá mbéadh fear na bó ar a tóir ní bhéadh le déanamh aige ach an t-aghastar so do chur ar cheann na bó agus dhéanfadh bó bhán di agus ní aithneóch' an t-é a bhéadh ar a tóir í nuair a chífadh sé í." "Ní bhéadh aon ghnó agam-sa de'n aghastar san, a Iubhdáin," arsa Feargus. "Nuair a thugaim táin bó liom is le claidheamh a chosanaimh iad ar thóir." "Feuch, a Fhearguis," arsa Iubhdán. "Níor bh' fhearra dhuit rud a dhéanfá 'ná mo bhróga do ghlacadh mar rogha. Bróga deasa finndruinne iseadh iad." D'fheuch Feargus ar na bróga. Ansan d'fheuch sé ar a dhá throigh féin. Ní raghadh bara órdóige a choise isteach i n-aon cheann de bhrógaibh Iubhdáin. Do thuig Iubhdán cad a bhí i n'aigne.
"Seo, a rígh," ar seisean, "triail iad feuchaint conus a dh'oirfidís duit." Bhain Feargus dé a bhróga féin, chun Iubhdáin a shásamh. Do rug sé ar cheann des na bróga finndruinne agus chrom sé síos chun, mar 'dh eadh, órdóige a choise do chur isteach sa bhróig. Ní túisge chuir sé an ordóg chun béil na bróige 'ná mar a mhéaduigh an bhróg agus shleamhnuigh a chos isteach inti i dtreó go raibh sí uime go sásta. "Cuir umat an bhróg eile, a rígh," arsa Iubhdán. Do dhein. Do mhéaduigh an bhróg eile agus shleamhnuigh sí suas ar an gcois ar an gcuma gcéadna. Do shiúbhluigh Feargus raint ins na bróga. Do thaithneadar leis go mór. Bíodh gur bhróga finndruinne iad bhíodar ana bhog ar a chosaibh, ana chompórdach. "Cad é an buadh atá ar na brógaibh seo, a Iubhdáin?" arsa Feargus. "Tá buadh mór ar na brógaibh sin, a Fhearguis," arsa Iubhdán. "Molaim-se an rígh n-a mbeidh na bróga san idir a throighthe agus talamh." "Cad 'n-a thaobh, a rígh?" arsa Feargus. "Ní bheidh aon ghádh choídhche le bád ná le luing aige. Siúbhlóchaidh sé leis na brógaibh sin ar talamh nó ar uisge mar a chéile. Is cómhdheas dos na brógaibh sin muir agus tír." "Glacaim na bróga so mar rogha, a Iubhdáin," arsa Feargus. "Tá go maith, a rígh," arsa Iubhdán. "Táim-se saor anois ó-s na geasaibh a chuir Eisirt orm
mar gheall ar an ngabháil éagcórtha a dheineas air. Ní'l ar do chumas-sa, a Fhearguis, mé choimeád anso níos sia. Táim buidheach díot, a rígh, agus d'uaislibh Uladh, idir rígh agus ríghdhamhna agus ollamh agus file, idir ríogan agus baintighearna agus ingheanra ró uasal. Táim buidheach de dhaoinibh Uladh idir íseal agus uasal, mar do tugadh mór-chuid aoibhnis agus mór-chuid áthais agus mór-chuid suilt agus caith- eamh aimsire dhom ó'n lá a thánag anso 'n-a measg agus gur taraigeadh as an leitin me." "Beidh uaigneas mór ar an uile dhuine anso ad' dhiaigh, a rígh, agus orm-sa thar chách. Ach ná h-imthigh uainn go dtagaid Ultaigh na cúige seo ar aon láthair agus go bhfaghaid siad go léir aon radharc amháin eile ort sar a n-imthighir, agus go bhfágair slán agus beannacht acu, agus go leigid siad slán agus beannacht leat." Do thoiligh Iubhdán chuige sin. Do cuireadh sgéala amach ar fuid na cúige go raibh Iubhdán ag imtheacht. Tháinig na daoine go léir isteach as gach áird d'árdaibh na cúige, go bhfeicfidís Iubhdán aon uair amháin eile sar a n-imtheóch' sé. Bhí uaigneas mór ortha go léir. Ach dh'fhág Iubhdán slán agus beannacht acu, agus dúbhradar-san leis, "Go dtéir slán!" agus d'imthigh sé uatha, é féin agus a ríogan, Bébó, ar muin an eich bhuidhe. Bhí sé féin agus Bébó agus an t-each buidhe chómh beag san nách ró fhada fhéad na h-Ultaigh
radharc a choimeád air. Bhíodar go léir ag faire chómh géar agus dob' fhéidir leó é. "Ó, chím-se fós iad," adeireadh duine. "Canad?" adeireadh duine eile. "Ansúd mar a bhfuil an cnapóigín féir," adeireadh an chéad duine. Ba ghearr ná raibh le feisgint i n-aon bhall ach na cnapóigíní féir. CAIBIDIOL A XIII FÁILTE D'Á H-OLLAMUGHADH Nuair a tháinig seacht catha féinne Luchra agus Luprachán abhaile ó Éamhain agus gan an rígh acu bhí buairt agus brón agus uaigneas ar na daoine beaga go léir. D'inis an mhuíntir a tháinig abhaile ó Éamhain cad dúbhairt Iubhdán, go ndúbairt sé nár bh'fholáir dó féin bheith bliain i n-Éamhain agus ansan rogha a shéad d'fhágáilt ag Feargus. Shocaruigh na daoine go léir a n-aigne agus dúbhradar le n-a chéile go gcaith- fidís foidhne bheith acu, agus nár bhaoghal ná go dtiocfadh an rígh abhaile chómh luath agus bhéadh na coinghíollacha cómhlíonta agus na geasa ar neamhnídh. Bhí fhios acu gur dhein Iubhdán an éagcóir ar Eisirt. Bhí fhios acu gur mheasa go mór éagcóir ó ríg 'ná éagcóir ó aon tsaghas eile duine, agus gur dheacra sásamh a thabhairt sa
n-éagcóir sin 'ná sa n-éagcóir a dhéanfadh duine ba lúgha 'ná rígh. Ach bhíodar ag faire na h-aim- sire agus ag áireamh gach lae agus gach seacht- mhaine go dtí go raibh an bhliain istigh. Fé dheire bhí fhios ag Eisirt go raibh an aimsir nách mór istigh, agus go mbéadh ar chumas Fhear- guis, nuair a tabharfaí dhó rogha na séad, Iubhdán do leigint chun siúbhail gan feitheamh le deire na bliana ar fad. Do ghlaoidh Eisirt chuige ar mhaithibh tuatha Luchra agus Luprachán agus do labhair sé leó. "A mhaithe agus a mhór-uaisle," ar seisean, "tá ár rígh ag teacht chúghainn abhaile. Is ceart dúinn sinn féin do ghleusadh agus d'ollamhú' chun fáilte chur, mar is cóir agus mar is ceart, roimh Iubhdán agus roim Bhébó." Do ghluais an sgéal san mór-thímpal na tíre go léir, mór-thímpal Máighe Faithlinn, agus thusnuigh na daoine beaga ar theacht isteach ó'n uile thaobh de'n tír. Nuair a bhíodar cruinnighthe, na céadta mílte dhíobh, do labhair Eisirt airís leó. "A mhaithe agus a mhór-uaisle agus a dhaoine," ar seisean, "tá ár rígh agus ár ríogan, Iubhdán agus Bébó, ag teacht chúghainn abhaile ar an each mbuidhe. Is chuige chuireas teachtaireacht amach ag triall oraibh, chun go dtiocfadh sibh go léir anso agus go ndéanfadh sibh sibh féin do ghleusadh do réir úird agus uaisleachta, gach buidhean agaibh fé n-a dtaoiseach agus gach réim umá ríogra, agus go siúbhlóchaimís go léir amach, i
n-ár gcéadta mílte, ag cur fáilte roimis an rígh agus roimis an ríogain." Chuireadar go léir liú suas, díreach mar a chuireadar nuair a bhí na seacht catha dhíobh ar faithche na h-Eamhna nuair a tháinig Iubhdán chúcha amach agus gur mheasadar gur ag teacht leó abhaile a bhí sé. Bhí Aodh Éigeas ann, agus d'airigh sé an liú, agus dhein sé oiread iongnadh dhé díreach agus dhein na h-Ultaigh dé nuair airíghdar é ar faithche na h-Eamhna. Do ghleus na daoine beaga iad féin ansan, fé mar adúbhairt Eisirt leó a dhéanamh, agus ba mhór an radharc iad. Do leath a shúile ar Aodh Eigeas nuair a chonaic sé an suathantas acu a bhí ann agus iad chómh mion! "Cad a dhéanfad-sa, a rígh ollamh?" ar seisean le h-Eisirt. "Ba mhaith liom dul amach, chómh maith le cach, ag fáiltiú' roimis an rígh agus roimis an ríogain, ach má shiúbhluighim ameasg na ndaoine tá eagla mo chroidhe orm, d'á fheabhas aireachas a thabharfad dom' chosaibh ná féadfad gan cuid acu do ghortú', nó b'fhéidir do mharbhú'. Dá ráineóch' go dtabharfainn ciscéim anacair cá bh'fhios dom, nuair a chuirfinn mo chos fúm airís, ná go mbéadh mórsheisear fém' bróig agam, abhfad uainn an t-olc! Dá bhfaghainn barathuisle agus go leagfaí mé ní fios an 'mó duine bhéadh marbh fúm! Ní fheadar an domhan, a rígh ollamh, cad is maith dhom a dhéanamh." "Socaróchad-sa an nídh sin duit láithreach, a
rígh éigeas," arsa Eisirt. "Feuch, a rígh éigeas," ar seisean, "seasaimh-se ansan." Do sheasaimh Aodh ar lár an mhachaire sa n-áit 'n-a ndúbhairt Eisirt leis seasamh. Ansan do ghlaoidh Eisirt chuige ar dhuine des na taoiseach- aibh airm. "Feuch, a dhuin' uasail," ar seisean, "cuir trí naonbhúir des na fearaibh atá agat, guala le gualainn, ansan laistiar d'Aodh, agus fanaidís breis agus dachad órlach uaidh siar." Do dhein. "Cuir anois," arsa Eisirt, "trí naonbhúir anso ar a láimh dheis, i n-diaigh chéile." Do chuir. "Cuir anois," arsa Eisirt, "trí naonbhúir anso ar a láimh chlé, ar an gcuma gcéadna, i n-diaigh chéile agus iad breis agus dachad órlach uaidh amach." Do dhein. "Cuir anso anois, roimis amach, guala le gualainn, an ceathramhadh trí naonbhúir, agus iad breis agus dachad órlach roimis amach." Dhein an taoiseach mar adúbhradh leis. Nuair a bhí an méid sin déanta bhí Aodh 'n-a sheasamh istigh i lár na slígh a bhí folamh 'n-a thímpal, agus bhí na cheithre línte fear san 'n-a seasamh, líne acu lastiar dé, líne acu lasmuich dhé, agus líne acu ar gach taobh dé, agus gan aon fhear acu i ngoireacht dachad órlach dó. "Seadh, a rígh ollamh." arsa Eisirt "má
gheibhean tú barathuisle anois agus go mbainfear leagadh asat ní doich liom go dtuitfir ar aoinne. Tá breis agus t'aoírde féin de shlígh ar gach aon taobh díot. Ach nuair a thusnóchaidh an siúbhal, a rígh éigeas, dein-se siúbhal go h-ana réidh. I n-aghaidh gach ciscéim d'á dtabharfair-se caithfidh gach fear díobh so trí nó ceathair de chiscéimibh a thabhairt chun coimeád suas leat. "Cuimhnigh air sin, a rígh éigeas, agus ná bí ró dhian ortha. Agus tugaidh-se aire," ar seisean leis na fearaibh, "an tslígh chéadna choiméad i gcómhnuidhe idir sibh agus Aodh, agus ar bhur mbás gan aoinne do leigint tharaibh isteach sa tslígh osgailte seo atá lastigh daoibh." Bhí gach aon rud socair. Do tugadh do'n tsluagh an focal chun gluaiste. Do ghluais an tsluagh go léir ar aon chiscéim. An méid de'n tsluagh a bhí lastiar d'Aodh ní fhéadaidís gan bheith coitchianta ag feuchaint ar an bhfathach mór go raibh a cheann, dar leó, anáirde sa spéir agus a chosa ar an dtalamh ameasg a gcos féin, agus gach aon chiscéim fhada ríghin a thugadh sé gur dhóich le duine gur ag tuitim 'n-a chodla a bhíodh sé agus nár bh'fhios cad é an neómat a bainfí leagadh as. An méid de'n tsluagh a bhí lasmuich dhé ní leigeadh dlígh an tsiúbhail dóibh feuchaint siar, ach mheas- aidís go gcritheadh an talamh fé n-a gcosaibh i n-aghaidh gach ciscéim d'á dtugadh sé. An méid de'n tsluagh a bhí ar gach taobh dé ní fhéadaidís gan strac-fheuchaint a thabhairt, anois agus airís,
thar a nguailnibh air feuchaint an mór de'n dúthaigh a féadfaí a dh'fheisgint idir a dhá chois i n-aghaidh gach ciscéim d'á dtugadh sé. Ba chuma le h-Aodh an fhaid ná raibh aon bhaoghal go satalóch' sé ar aon chuid acu. Ach nuair fheuchadh sé 'n-a thímpal ar na mílte slógh go léir agus iad chómh beag, iad thíos ar fad uaidh ar an dtalamh, bhíodh sé a d'iaraidh cuimhneamh ar rud éigin a chuirfeadh sé i gcomparáid leó, i dtreó go bhféadfadh sé cúntas éigin cruinn a thabhairt ortha nuair a raghadh sé abhaile go h-Eamhain. Ní fhéadadh sé cuimhneamh ar aon chomparáid a thiocfadh isteach ar aon tslacht leis an bhfírinne. Ní fheacaidh sé riamh a leithéid de radharc. Na mílte daoine agus iad go léir chómh beag, agus sa n-am gcéadna iad go léir chómh cúmtha, chómh córach, chómh dathamhail, chómh glan, chómh deagh-bhéasach, chómh lán d'eólus agus de thuisgint agus d'inntleacht. Bhí an siúbhal d'á dhéanamh. Bhíodar ag cur na slíghe dhíobh. I lár a mhachtnaimh dó d'airigh Aodh an liú ag eiríghe amuich i dtusach na slógh. Do tógadh an liú, ó dhuine go duine, go dtí go raibh an tsluagh go léir ag liúirigh chómh h-árd, chómh cuthaigh agus bhí sé sa chliabh agus sa sgórnaigh acu. Chuir Aodh liú as, go mbéadh sé, dar leis, chómh maith leó. Má chuir do sgread na daoine beaga a bhí ar gach taobh dé agus do ritheadar uaidh amach. Do sgread na daoine beaga a bhí lastiar dé agus do ritheadar uaidh siar. Do sgread na daoine beaga a bhí lasmuich agus do
ritheadar uaidh amach. Shíl gach aoinne nuair a h-airigheadh an liú a chuir Aodh as gur b'amhlaidh a bhí an t-aer agus an talamh ag tuitim ar a chéile. Bhí gach aon chontabhairt go marbhóch' na daoine beaga a chéile ag brúth ar a chéile agus ag gabháil do chosaibh i n-a chéile, do chuir an liú a dhein Aodh a leithéid sin de sgeón ionta. Chonaic Eisirt an sgeón agus an chontabhairt. Chonaic Aodh an sgeón agus an chontabhairt. "Cas sgol amhráin dóibh, a rígh éigeas," arsa Eisirt. Do chas Aodh an sgol amhráin. Do chas sé é go h-árd agus go binn, agus ba mhaith chuige é. Do stad an brúth láithreach. D'eírigh na daoine beaga a bhí ar lár agus do ghlanadar an ceó d'á gcuid éadaigh. Ní raibh aoinne marbh ná aon chnámh briste. Ba ghearr go rabhadar go léir go ciúin ag éisteacht le h-amhrán Aodha. "Stad anois, a rígh éigeas," arsa Eisirt. Do stad. Tháinig lán a gcroídhe de náire ar an muíntir a ghlac an sgeón. Bhíodar ag filleadh, gach aoinne chun a áite féin sa tsiúbhal. CAIBIDIOL A XIV SA BHAILE SLÁN Do mothuigheadh go raibh tusach an tslóigh ag siúbhal ana ghéar. Níor bh'fhada gur mothuigheadh go rabhadar ag ruith. Níor bh'fhada go raibh an
tsluagh go léir ag ruith agus gan blúire suime acu i n-Aodh. Do ghluais an mhuíntir a bhí lastiar dé amach tímpal a chos agus eatartha. Bhí "Tháinig an rígh! Tháinig an rígh!" i mbéal gach aoinne agus gach aoinne ag ruith. Ansan iseadh bhí Aodh i gcruadh-chás. Níor dhein sé ach seasamh mar a raibh aige agus a dhá throigh a choimeád ar an dtalamh go daingean. Bhí na daoine beaga ag gluaiseacht thar na brógaibh agus thar na h-altaibh aige, díreach mar a ghluaiseóch' an t-uisge dá mbéad sé 'n-a sheasamh sa n-abhainn. Bhí sé tamall maith 'n-a sheasamh ar an gcuma san agus na daoine beaga ag gluaiseacht thairis amach, agus ná leigfead sgannra dhó aon chos leis a bhogadh de'n talamh. Bhíodar chómh fada san ag gabháil thairis amach gur bh'iongnadh leis cá bhfuaradh iad go léir. Bhí eagla a chroidhe air ná féadfadh sé a chosa choimeád daingean ar an dtalamh go mbéidís gabhtha thairis. Fé dheire ambasa do ghaibh an duine deirineach acu thairis amach. Ba mhór an fhuasgailt é! Ansan iseadh thuig sé go raibh Iubhdán tagaithe, agus gur bh'shiné fé ndear an liúireach ar dtúis agus ansan an ruith. Chaith sé é féin ar an dtalamh agus shín sé a chosa. "D'á luathacht a bhéad-sa sa bhaile i n-Éamhain," ar seisean i n'aigne féin, "iseadh is fearr é. Ní'l aon ghnó anso agam. Ní'lim-se oireamhnach do'n áit agus ní'l an áit oireamhnach dom. Táim ró mhór ar fad do'n a it seo. Níor bh'iongnadh liom go mbéadh doicheal ag teacht ortha. Ithim
agus ólaim oiread le deichniubhar agus dachad acu féin agus 'n-a dhiaigh san ní ithim leath mo dhóthana. Táim ag dul as. Ní h-aon chompórd bheith anso, pé onóir a tabharfaí do dhuine. Bhí an ceart ag Eisirt nuair adúbhairt sé ná déar- fadh sé liom teacht ná fanamhaint. Ní féidir dom milleán a chur ar aoinne ach orm féin. Is mí- chothromach an rud do duine bheith ró mhór, bheith 'n-a phiarda fathaigh ameasg na ndaoine. Cad é an canncar a bhíodh orm go minic i n-Eamhain mar gheall ar mé bheith chómh beag! Cad a dhéan- fainn anois dá mbéinn chómh mór le Feargus! Is amhlaidh mar atá an sgéal agam táim ró mhór - agus táim ró bheag. Táim ró mhór i Mágh Faithlinn agus táim ró bheag i n-Eamhain." An fhaid a bhí sé sa mhachtnamh san tháinig Eisirt chuige. "Cad í an ghruaim seo anois ort, a rígh éigeas?" arsa Eisirt. "B'fhearr liom go mbéinn sa bhaile!" arsa Aodh. "Ar dheineamair aon rud a chuir mí-shásamh ort, a rígh?" arsa Eisirt. "Níor dheineabhair, a rígh," arsa Aodh. "Mé féin atá ag cur mí-shásaimh orm féin." "Agus cad é an locht atá agat ort féin, a rígh?" arsa Eisirt. "Tá mé bheith ró mhór," arsa Aodh. "Is tu an chéad duine riamh a dh'airigheas-sa 'ghá lochtú' féin mar gheall ar bheith ró mhór. Is
ana mhinic, ámhthach, a d'airigheas duine 'gá lochtú féin mar gheall ar é bheith ró bheag," arsa Eisirt. "Is fíor dhuit sin," arsa Aodh. "Nuair a bhíos-sa bhaile i n-Eamhain ní raibh 'gham baint de'n tsaoghal, do ló ná d'oídhche, ach mé bheith chómh beag. Nuair fheuchainn ar Fheargus agus ar na fir mhóra eile bhíodh mo chróidhe d'á losgadh coit- chianta le formad. Ní fhéadadh duine feuchaint ghéar a thabhairt orm ná measainn gur a' déanamh iongnadh de m' luighead a bhíodh sé, agus bhínn ar buile. Anois, ní'l 'gham baint de'n tsaoghal ach mé bheith chómh mór. Má fheuchan duine de mhuíntir na h-áite seo géar orm buailtear isteach am' aigne láithreach gur ag déanamh iongnadh de m' mheíd a bhíon sé, agus tagan an bhuile chéadna orm. Is gasta a dheinis-se an gnó, a Eisirt, nuair a dúbhraís ná déarfá liom teacht anso ná fanamhaint sa bhaile. Dá n-abarthá liom teacht is dócha go mbéinn ag cur an mhilleáin go léir ort anois agus 'ghá rádh leat go raibh sé ceart agat mé fhágáilt sa bhaile. Ní dúbhraís liom teacht ná gan teacht. Ní féidir dom milleán an sgéil do chur ar aoinne ach orm féin." "Ná cuir milleán ort féin ná ar aoinne eile, a rígh éigeas," arsa Eisirt. "Ní tusa an t-aoinne amháin go bhfuil an dá nídh sin, luíghead agus méid, 'á bhaint de'n tsaoghal. Luíghead agus méid cuirp atá ag cur ort-sa. Is neamhnídh iad san seachas an dá nídh eile úd, luíghead agus
méid aigne. Nuair a bhís-se sa bhaile bhítheá buartha toisg gan tu bheith chómh mór ad' cholainn le Feargus. Tá buairt anso ort toisg gan tu bheith chómh beag liom-sa." "Gabhaim párdún agat, a Eisirt," arsa Aodh. "Ní dóich liom gur mhaith liom bheith chómh beag leat-sa!" "Siné shamhluigheas, a rígh," arsa Eisirt. "Ní h-uiriste teacht suas le duine go bhfuil fios a aigne féin i gceart aige. Ach ní chuige sin a bhíos. Chuige seo iseadh bhíos, a rígh. An bhuairt seo a bhíon ort-sa mar gheall ar do mhéid, nó ar do luíghead, is beag fear i gCúig' Uladh ná bíon an bhuairt chéadna air agus an formad céadna 'ghá bhaint de'n tsaoghal. Ní'l duine acu ná mothuighean é féin ró bheag nuair fheuchan sé ar na daoine atá níos uaisle 'ná é féin, agus bíon sé ar buile. Agus ní'l duine acu ná mothuigh- ean é féin ró mhór nuair fheuchan sé ar na daoine atá níos ísle 'ná é féin, agus bíon sé ar buile le h-uabhar, agus bíon fuath ag gach aoinne dhó. Bíon gach aoinne ag fanamhaint uaidh amach." "Ní dóich liom gur ceart an chaint sin a thagairt dómh-sa, a rígh," arsa Aodh. "Ní ceart, a rígh ollamh, agus ní duit atáim 'ghá tagairt. Ní h-amhlaidh a bhíon daoine ag fanamhaint uait-se amach. Is amhlaidh nách féidir iad a choimeád uait amach. Táim ag tagairt na cainte do dhaoine a mheasan go bhfuil aigne mhór acu, agus gan acu, le fírinne, ach aigne ana bheag.
Is dóich leó gur fathaigh iad, 'n-a n-aigne, ach chíon an uile dhuine ná fuil ionta ach abhaic." "Am' abhac nó am' fhathach dom, a Eisirt," arsa Aodh, "b'fhearr liom go mbéinn sa bhaile i gCúig' Uladh." "Téanam ort isteach má 'seadh, agus fág slán ag an rígh agus ag tuatha Luchra agus Lup- rachán, agus cuirfidh Iubhdán an t-each buidhe leat go Tráigh na dTréanfhear. Ní bheifeá abhfad ag dul abhaile go h-Eamhain dá mbeifeá ar Thráigh na dTréanfhear." Do phreab Aodh 'n-a shuidhe. Thóg sé Eisirt ar a bhais chuige. Thánadar go dtí an halla mór mar a raibh féasta d'á ollamhú chun fáilte chur roimh Iubhdán ar a theacht abhaile a' h-Éamhain. Bhí maithe agus mór-uaisle tuatha Luchra agus Lup- rachán cruinnighthe, agus bhí gach aoinne ag suidhe isteach i n'inead féin, do réir teidil agus onóra agus uaisleachta. Níor deineadh dearmhad de'n bhosca bheith socair ar dheis an rígh i dtreó go bhféadfadh Aodh suidhe air. Do shuigh an chuideachta agus do chaitheadar an biadh. Ansan do baineadh "na cinnbheaga as na dabhachaibh agus do dáileadh lionn sean suain somblasta" ar an gcuideachtain agus bhíodar go suairc agus go súgach agus go lán d'aoibhneas. Bhí an biadh go maith agus bhí an deoch go maith agus bhí an caitheamh aimsire go maith. Ach, maith dob' fhearr 'ná gach maith eile, bhí an rígh sa bhaile acu.
Ar ball d'eirigh Iubhdán agus dhein sé caint. Ní maoidheamh ná mustar ná bladhman a bhí sa chaint, ámhthach, ach tuairisg bhreagh chruinn léir sholusmhar, ar Fheargus agus ar Ultaibh agus ar Chúig' Uladh, ar na daoine móra a bhí ann agus ar a nósaibh agus ar a mbéasaibh. "Agus," ar seisean, ag críochnú' na cainte, "ní ceart do rígh choídhche bheith ag maoidheamh a' méid a chómhacht ná a' neart a shlógh, mar ní fheadair sé ná go mbéadh cómhacht le fághail ba mhó 'ná a chómhacht agus sluagh le fághail ba threise 'ná a shluagh." Nuair a bhí an oídhche caithte agus an chuideachta ag cuimhneamh ar sgaipe, tháinig Eisirt i n-aice an rígh agus d'inis sé dhó go raibh Aodh ag dul abhaile go h-Eamhain. "Tá go maith," arsan rígh. "Caithfear é chur abhaile le h-onóir. Isé ollamh Uladh é. Dein-se an t-each buidhe do ghleusadh, a Eisirt," ar seisean, "agus beir Aodh leat go Tráigh na dTréanfhear." Dhein Eisirt mar adúbhairt an rígh leis. Do ghleus sé an t-each buidhe agus chuaidh sé ar a mhuin agus chuir sé Aodh ar a chúlaibh. Do ghluais an t-each buidhe leó thar gach réidh, thar gach acharan, thar gach móin agus machaire, thar gach tír agus faraige, go dtí go rabhadar ar Thráigh na dTréan- fhear. Bhí uaigneas mór ar an mbeirt nuair a bhíodar ag sgaramhaint le chéile. Ach b'éigean dóibh
sgaramhaint. Chuaidh Aodh abhaile go h-Eamhain agus tháinig Eisirt thar n-ais go Mágh Faithlinn ar each buidhe Iubhdáin. Ní h-é mo thuairim go bhfeacadar a chéile ó shin. Críoch
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services