Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eisirt

Title
Eisirt
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Composition Date
1913
Publisher
Brún agus Ó Nualláin, Teor.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


EISIRT



An t-Athair Peadar Ua Laoghaire
Canónach, s.p.



CAIBIDIOL A I



CÚIS GHÁIRE AG EISIRT



Tamall mór roim aimsir Chúchulainn agus
Mhéibh agus Chonchúbhair rígh Uladh, bhí rígh eile ar
Ultaibh agus Feargus mac Léide b'ainim dó.
Seo mar adeir an Silva Gadelica 'n-a thaobh:
"Rí fírén forglide fírbrethach ro gabastair
flaithes ocus forlámas for clannaib rathmara
Rudraige .i. Fergus mac Léite mhic Rudraige."
Nó mar adéarfaí anois: "Rígh fíoraonta deimhin-
bhreitheach fíor-bhreitheach a ghaibh flaitheas agus
forlámhas ar chlannaibh rathmhara Rudhraighe, .i.
Feargus mac Léide mhic Rudhraighe."



Dhein an Feargus san fleadh mhór i n-Eamhain
Mhacha, agus bhí maithe agus mór-uaisle Uladh
cruinnighthe aige ag caitheamh na fleidhe sin.



Le linn na fleidhe sin a bheith i n-Eamhain Mhacha
bhí fleadh eile ag rígh eile sa n-áit ar a dtugtí
tuatha Luchra agus Luprachán. Daoine ana
bheaga b'eadh tuatha Luchra agus Luprachán. Ní
raibh na fir ba mhó ortha puínn thar leath-troigh ar
aoírde. Iubhdán mac Abhdáin ab ainim do'n rígh a
bhí ortha. Bhí Iubhdán leath-órlach go maith níos
aoírde 'ná aon fhear d'á shluagh, agus bhí sé cúmtha
córach d'á réir sin. Fear ana dhathamhail, ana


L. 2


ríoga, dob' eadh é. Bhíodar go léir ana dhathamhail,
ana dheagh-chúmtha, ach ní raibh aon bhreith ag aoinne
acu ar an rígh. Gruaig chas dhubh iseadh bhí ar an
rígh, agus gruaig bhreagh fhionn a bhí ar an uile
fhear eile d'á raibh sa tír sin. Mar ba chuibhe
agus mar ba chóir do rígh, bhí cathmhilí tréana ag
Iubhdán os cionn a shlóighte móra líonmhara.
Sidiad na prionsaí ba mhó agus dob' uaisle a bhí
ar na cathmhilíbh sin. Bhí seacht catha móra d'fhearaibh
tréana calma ag Iubhdán. Bhí Conán mac Ruichid
'n-a rígh féinne ar chath dhíobh san. Bhí Géarchú mac
Gairid 'n-a rígh féinne ar chath eile. Bhí Righbeg
mac Róbhig 'n-a rígh féinne ar chath eile. Bhí Glúnán
mac Gabairn 'n-a rígh féinne ar chath eile. Bhí
Luigín mac Luigid 'n-a rígh féinne ar chath eile.
Bhí Feabhal mac Feóirín 'n-a rígh féinne ar chath eile.
Bhí Bran mac Luain 'n-a rígh féinne ar chath eile.
Agus bhí a lán d'uaislibh cródha, mileata, cathbhua-
dhacha, 'n-a dtaoíseachaibh airm fútha san sa mhór-
shluagh líonmhar san Iubhdáin. Bhí aon fhear amháin
ann, tréan-fhear an rígh, agus níor bh'fhéidir aon
fhear d'fhághail an thuathaibh Luchra agus Luprachán
a bhí i n-aon ghaor do bheith chómh láidir leis.
Dheineadh sé gníomh nár bh'fhéidir d'aon fhear
eile a dhéanamh. Do leagadh sé feóchadán le
h-aon bhuille amháin d'á chlaidheamh! Do leathadh
a súile ar na fearaibh eile nuair a chídís an gníomh
san. Glómar mac Glais mic Glomraide b'ainim
do'n fhear san. Uaireanta, nuair a bhíodh gleac-
aidheacht ar siúbhal acu, tagadh na fir eile 'n-a


L. 3


thímpal a d'iaraidh é leagadh, ach ní leagtí é go dtí
go mbíodh an dáréag ba threise acu chuige. Nó
mar adeir an sgéal, "Bhíodh feidhm an dá fhear
déag acu-san ag trascairt an fhir sin."



Do líon na h-uaisle go léir, agus na ríghthe
féinne, agus na taoísigh airm, agus na maithe
móra, isteach sa rígh-theach i bhfochair an Árdrígh
Iubhdán. Do shuigh an t-Árdrígh 'n-a chathaoir
ríoga. Do shuigh an ríogan, Bébó, ar dheis an
Árdrígh. Do cuireadh Eisirt, b'é sin árd ollamh
Iubhdáin, ar a láimh chlé. Do cuireadh Beag mac
Big, b'é sin tainist an Árdrígh, ar aghaidh an
Árdrígh amach, ar an dtaobh thall de'n rígh-theach.
Agus do cuireadh an tréan-fhear, Glómar mac
Glais mic Glomraide, 'n-a shuidhe i n-aice an
doruis, i dtreó, dá dtagadh namhaid go dtí an
dorus nár bhaoghal go dtiocfadh sé thairis sin
isteach. Ansan do cuireadh an chuideachta go léir
'n-a suidhe, mór-thímpal an rígh-thíghe, do réir
onóra, agus teidil, agus uaisleachta. Ansan
do baineadh na cinnbheaga des na dabhachaibh leanna,
'sé sin le rádh, do baineadh na spiocóidí as na
bairillíbh leanna, agus do tháinig an lucht friothálmha
agus do rainneadar ar an gcuideachtain sin lionn
breagh blasda a bhí abhfad ins na bairillíbh agus
a bhí go borb agus go láidir agus go meisgeamhail.



Bhíodar go léir ag ól ar feadh tamaill.
Ansan do thusnuigh an deoch fóghanta san ar dhul
suas sa cheann acu agus ba ghearr go raibh an uile
dhuine acu súgach go maith agus fonn cainte ag


L. 4


teacht air. Ba ghearr ná raibh sa teaghlach ar fad
ach aon gheóin amháin cainte agus cur tré chéile.



Ansan d'eirigh an t-Árdrígh, Iubhdán, 'n-a
sheasamh, chun cainte dhéanamh leis an gcuideachtain.
Deir an sgéal ná raibh ar thuathaibh Luchra agus
Luprachán cainteóir ba mhísle, ba ghunta, ba bhinne,
ba cheólmhaire 'ná é. Bhí an corn breac 'n-a láimh
aige. Bhí a fhios ag an gcuideachtain go raibh rud
éigin fóghanta le teacht nuair a chonacadar an
corn breac i láimh an Árdrígh. D'eirigh Beag
mac Big, tainist an Árdrígh, thall 'n-a choinnibh.
B'é sin dualgas an tainiste, ag onórughadh an
Árdrígh. Do labhair an t-Árdrígh agus seo mar
adúbhairt sé:-



"A mhaithe agus a mhór-uaisle agus a ríghthe
tuatha Luchra agus Luprachán, is 'mó rígh uasal
árdchómhachtach a chonacabhair-se i n-Éirinn riamh.
Ba mhór é a ngradam. Ba mhór é a gcáil. Ba
mhór é a saidhbhreas. Ba líonmhar iad a slóighte.
Ba láidir agus ba chalma iad a gcuraí tréana chun
catha agus chun cruadh-chómhraic. Ba mhaith iad na
ríghthe sin, agus na h-árdríghthe sin, chun na h-Éirean
a chosnamh, chun smachta chur i bhfeidhm, chun óir agus
séada uaisle do bhronnadh ar lucht filidheachta
agus ar lucht ceóil agus ar lucht ealadhan, agus
ba mhaith iad a gcuraí tréana ag cabhrughadh leó
i ngach deagh-ghníomh agus i ngach deigh-reacht agus
i ngach obair mhór, chómhachtach, thairbheach d'á mbíodh
beartuighthe acu. Ach fiafruighim an méid seo
dhíbh, a mhaithe agus a mhór-uaisle agus a ríogra


L. 5


mileata. An bhfeacabhair riamh, ortha go léir,
rígh dob' fhearr 'ná mise?"



"Dar do shoillse, a Árdrígh uasail, ní fheac-
amair!" ar siad go léir d'aon ghuth.



"An bhfeacabhair riamh," ar seisean, "tréan-
fhear dob, fhearr 'ná mo thréan-fhear?"



"Ní fheacamair!" ar siad.



"An bhfeacabhair riamh," ar seisean, "curadh
ná cathmhilé dob' fhearr 'ná aoinne des na curaíbh
agus des na cathmhilíbh atá sa tigh seo anocht?"



"Dar ár mbriathar ní fheacamair!" ar siad.



"Dar mo bhriathar, agus tugaim briathar rígh
leis," ar seisean, "ná fuil an chómhacht san le
fághail d'fhéadfadh daoine ná ollmhaitheas a bhreith
as an dtigh seo anocht ar éigin, tré fheabhas na
gcathmhilí agus na dtréan-fhear atá againn, tré
iomad ár gcuraí calma agus ár ríghthe féinne
mear-bhorba, mear-láidre, mór-ghníomhacha!"



Bhí Eisirt, an t-ollamh, 'n-a shuídhe i n-aice an
Árdrígh. Nuair airigh sé an chaint mhaoidhmhteach
san níor fhéad sé gan sgeartadh gáire chur as.
D'airigh an chuideachta go léir an sgeartadh gáire
sin. Do stad an t-Árdrígh agus é d'á thachtadh le
feirg.



"Cad fé ndeara dhuit an gháire sin a dhéanamh,
a rígh-ollamh?" arsa'n rígh.



"Níor fhéadas gan gáire dhéanamh, a Árdrígh,"
arsa Eisirt, "mar is eól dómh-sa aon chúig' amháin
i n-Éirinn agus tá fir ann agus dá dtagadh fear
acu anso i n' aonar anocht do bhéarfadh sé leis,


L. 6


ar éigin, daoine agus ollmhaitheas, uait-se agus
ó na seacht cathaibh cródha so de thuathaibh Luchra
agus Luprachán atá ad' thímpal anso anois!"



"Gabhtar an t-ollamh láithreach," arsa Iubhdán,
"go ndéanfar díoghaltas air mar gheall ar an
gcaint mhí-chuíbhsach, easonóireach san atá déanta
aige!"



Do rugadh láithreach ar Eisirt agus do cean-
galadh é.



"Is olc an obair í seo atá déanta agat orm-sa
anocht, a Iubhdáin," arsa Eisirt, "agus is mór
na h-oilc atá le teacht as do ghníomh. De bhárr
na gabhála so atá déanta agat orm-sa anocht beidh
tusa féin bliain i láimh i n-Eamhain Mhacha agus
ní thiocfair as gan rogha do shéad agus do
mhaoine fhágáilt ad' dhiaigh ann. De bhárr na
gabhála so atá déanta agat orm-sa iseadh thuitfid
Cobhthach Cas, mac rígh Múmhan, agus Eochaidh mac
Néid, mac rígh Laighean. Tiocfidh mo chion de'n
olc orm-sa féin, mar beidh mé i dtigh Fhearguis
mhic Léide agus béad ag snámh sa chorn, mór-
thímpal, agus is beag ná go mbáthfar ann mé.
Ach tabhair cáirde trí lá agus trí oídhche dhom
anois agus raghad go h-Éamhain Mhacha, go tigh
Fhearguis mhic Léide, agus ansan mura dtugad
chúghat-sa anso cómhartha so-aithne a thaisbeánfaidh
duit gur labhras fírinne nuair a dúbhart an
chaint úd, féadfaidh sibh bhúr rogha cor a thabhairt
dom.



"Sgaoiligh dó," arsa'n rígh.


L. 7


Do sgaoileadh dé láithreach.



D'eirigh sé, agus d'ollamhuigh sé é féin chun
gluaiste. Chuir sé uime, istigh le n-a chroicean
gheal, léine de shról bhreagh bhog uasal. Chuir sé
uime, lasmuich de'n léine sin, ionar, 'sé sin bhest,
nó sórt casóige bige do luigheadh isteach, go deas
agus go h-oireamhnach, le n-a chabhail. Chuir sé uime,
lasmuich de'n ionar, brat, nó clóca n-a raibh
taithneamh corcra ann agus ciúmhais óir mór-
thímpal leis, agus an dath agus an déanamh air
dob' fhearr ab fhéidir dh'fhághail i dtír na bhFionn.
Ansan do chuir sé idir a throighthe agus talamh a
dhá bhróig dheasa, chóracha, a bhí déanta d'fhinn-
druinne, agus órnáidí óir ortha. Ansan do thóg
sé 'n-a láimh a fhleasg fhileata, sórd slaite a bhí
déanta d'fhinndruinne, agus nuair a crothtí an
tslat san dhéineadh sí fuaim breagh binn ceóil.
Ansan do ghluais sé agus níor bh'fhada an mhoill
air dul go h-Eamhain Mhacha.




CAIBIDIOL A II



EISIRT I N-EAMHAIN



Bhí an fhleadh ar siúbhal i n-Eamhain. Bhí maithe
agus mór-uaisle Uladh bailighthe i bhfochair Fhear-
guis mhic Léide, díreach fé mar a bhí maithe agus
mór-uaisle tuatha Luchra agus Luprachán bailighthe
i bhfochair Iubhdáin. Tháinig Eisirt go dorus an


L. 8


rígh-thíghe. Chroth sé a fhleasg fhileata. D'airigh
an dóirseóir an fuaim agus tháinig sé amach.
Do leath a bhéal agus a dhá shúil ar an ndóirseóir
nuair a chonaic sé an firín beag gleóite, deas,
fearamhail, uasal, luaimneach, súil-aibigh, agus
é chómh beag san go raibh an feur glas, bearrtha,
a bhí ar faithche na h-Eamhna, ag dul suas thar
glúinibh air, suas go "ramhar a shliasta," 'sé sin,
leath slígh suas ar ceathramhnaibh air.



Do rith an dóirseóir isteach.



"Ó, a dhaoine!" ar seisean, "an firín beag
is deise agus is lúgha a chonaic aoinne riamh tá sé
amuich ag an ndorus!"



Phreabadar go léir 'n-a suidhe.



"An bhfuil sé chómh beag le h-Aodh?" ar siad.



Abhac ab eadh Aodh, agus bhí sé ana léigheanta.
B'é ollamh Uladh é, agus bhí sé chómh beag san go
mbeireadh na fir ar a mbasaibh leó é.



"Ach!" arsa'n dóirseóir, "bhéarfadh Aodh ar a
bhais leis é!"



Siúd amach iad go léir go bhfeicidís an firín a
bhí chómh beag san go mbéarfadh Aodh ar a bhais
leis é.



Bhíodar 'n-a thimpal amuich agus a súile ar
leathadh agus iad ag feuchaint air. D'fheuch sé
suas ortha mór-thímpal. Níor bh'fhada gur chuir sé
sraodh as.



"Feuch," ar seisean, "a dhaoine móra, tá bhúr
n-anál ana bhréan! Táim nách mór múchta agaibh!
Druidigh uaim amach agus leigidh chúgham an fear


L. 9


beag úd thall. Fear beag iseadh é agaibh-se, ach
dob' fhear ana mhór é dá mbeadh sé sa tír as a
dtánag-sa."



Tháinig Aodh agus thóg sé Eisirt suas ar a bhais
agus do rug sé leis isteach é agus chuir sé 'n-a
sheasamh ar an mbórd é os cómhair Fhearguis.
Shuigh an chuideachta go léir airís agus ní baoghal
ná gur fheuchadar go maith ar an bhfear mbeag.



"Cé h-é thusa, a fhir bhig?" arsa Feargus, "nó
cár seóladh chúghainn tú?"



"Eisirt mac Big mic Buaidhgeine mise," ar
seisean, "ollamh agus file agus éigeas tuatha
Luchra agus Luprachán."



Bhí Eisirt 'n-a sheasamh ar an mbórd ar aghaidh an
Árdrígh amach agus iad ag feuchaint ins na súilibh
ar a chéile.



"An bhfuil an chuid eile de mhuíntir do thíre-se, a
rígh-ollamh, chómh beag leat-sa?" arsa'n t-Árdrígh.



"Tá cuid acu níos lúgha 'ná mé, a Árdrígh, agus
tá cuid acu níos mó 'ná mé. Is mó agus is
troime d'fhear 'ná mise, go mór, an t-Árdrígh
atá orainn. Nuair a sheasóchainn le n'ais ní
raghadh bathas mo chinn suas puínn thar cluais air,"
arsa Eisirt.



"Ó!" arsa Feargus," is iongantach an fear
le méid agus le troime é! Ach "is túisge deoch
'ná sgéal." Tugtar deoch do'n ollamh," ar
seisean, "agus tugtar suídhchán dó. Ní fhéadfadh
sé gan tuirse bheith air tar éis na slíghe atá curtha
dhé aige ag teacht anso ó n-a dhúthaigh féin."


L. 10


B' shiní an obair ansan. Cá bhfaighfí árthach a
bhéadh beag a dhóithin d'Eisirt chun díghe dh' ól as?
Bhí árthach ag duine agus árthach ag duine eile, ach
nuair a curtí na h-árthaí i n-aice Eisirt chídhtí go
mbídís ró annspianta ar fad le méid. Fé
dheire do chuir an bhanríoghan a lámh 'n-a póca agus
tharaing sí amach méaracán deas óir a bhí aici.



"Ó!" arsa gach aoinne, "siné díreach é!"



Ansan do thóg an bhanríoghan smut de chíste
agus shocaraigh sí go deas é le sgian agus chuir
sí lastiar d'Éisirt é chun go suídhfadh sé air.
Ghearr sí smut eile de'n chíste agus chuir sí an
méaracán 'n-a sheasamh air agus é lán d'fhíon, agus
chuir sí ar aghaidh Eisirt amach é.



Níor shuigh Eisirt, agus ní lúgha 'ná thóg sé an
méaracán. Cheap Feargus gur sgáth nó faitchíos
a bhí air.



"Suigh, a rígh-ollamh," arsa Feargus, "agus ól
deoch. Is mithid duit tart a bheith ort."



"Ní ólfad-sa bhúr bhfíon," arsa Eisirt, "agus
ní lúgha 'ná mar íosfad bhúr mbiadh, agus ní lúgha
aon taobh acu 'ná mar a shuighfad ar bhúr gcíste."
Agus d'fheuch sé go dána agus go seasamhach idir
an dá shúil ar Fheargus.



Do stad an chuideachta go léir. Bhain an chaint
sin geit asta. Ní raibh an fear eile sin beó do
labharfadh ar an gcuma san le Feargus mac
Léide. Ansan, nuair a chuireadar díobh an gheit
is amhlaidh a sgeartadar go léir ar gháirí. Do
sgeart Feargus ar gháirí leó. D'fheuch Eisirt


L. 11


'n-a thímpal ortha agus níor chuir sé gáire ná cuid
de gháire as. Ansan iseadh chuadar go léir
ins na trithíbh ar fad. Nuair a bhí a ndóithin
gáirí déanta acu, agus na deóra ag teacht go
bog ó n-a súilibh le neart an tsuilt, do stadadar.



"Dar fiadh, a fhir bhig," arsa Feargus, "ach is
fada nár sheasaimh ar m' aghaidh amach fear chómh
dána leat. Tá sé chómh maith agam tú ghlacadh
réidh nó b'fhéidir nár chuid ba lúgha 'ná a fhonn a
bhéadh ort cómhrac aonfhir d'fhógairt orm. Abhfad
uainn an t-olc, dá ndeintá san bhéadh an sgéal
go h-olc agam is dócha. Ba shuarach an taca an
Calacholg i gcoinnibh do chlaidhimh-se, dá mbéadh
sé agat."



Chuir san an chuideachta airís ins na trithíbh
gáirí. Níor labhair Eisirt focal.



"Ní ólfair ár bhfíon," arsa Feargus. "Ní
dóich liom gur bh'fhearr rud a déanfaí leat 'ná
tú chur isteach anso am' chorn féin. Ansan
bhéadh an fíon ad' thímpal agus d'á fheabhas a
chosnóchfá thú féin air b'fhéidir go raghadh streancán
ad' bheul dé agus go gcaithfeá é dh'ól."



Chómh luath agus d'airigh an fear friothálmha an
chaint sin níor dhein sé ach breith 'n-a dhorn ar
Eisirt agus é chaitheamh isteach sa chorn. Chuir an
fear bocht cúpla sraodh as nuair a tumadh é sa
bhfíon láidir, agus ansan chrom sé ar shnámh mór-
thímpal sa chorn, nó ar eocharshnámh, mar adeir-
tear sa sgéal. Nuair a chonaic an chuideachta
an méid sin ba dhóic le duine go dtuitfeadh an


L. 12


t-anam asta le neart gáirí agus suilt. Bhí an
fíon ana láidir agus níor bh'fhada gur mhothuigh
Eisirt dá bhfágtí puínn aimsire sa chorn é go
mbéadh deire leis. Do labhair sé. Chómh luath
agus d'airighdar ag caint é do stad an ualthairt
gháirí.



"A Árdrígh agus a uaisle Uladh," ar seisean,
"is olc an mhaise agaibh é mise dom' báthadh anso
os cómhair bhúr súl agus gur 'mó sgéalaidheacht
agus ealadhna dh'fhéadfinn-se thabhairt daoibh a
dhéanfadh mórán tairbhe dhaoibh agus mórán suilt."



"Tógtar amach é! Tógtar amach é!" arsa
gach aoinne.



Do tógadh amach as an gcorn láithreach é. Do
triomuigheadh é agus do glanadh é. Nuair a bhí sé
tirim glan do cuireadh ar an mbórd airís é, 'n-a
sheasamh ar aghaidh Fhearguis amach.



"Ar mhisde leat a innsint dom, a rígh ollamh,"
arsa Feargus, "cad é an chúis ná h-ólfá ár ndeoch
agus ná h-íosfá ár mbiadh?"



"B'fhéidir dá n-innsinn sin duit go mbéadh fearg
agat chugam. Ní h-é mo thuairim gur faid ar
shaoghal aoinne t'fhearg-sa theacht suas leis, a
Árdrígh."



"Tugaim-se mo bhriathar rígh dhuit," arsa
Feargus, "nách baoghal duit mé, pé rud a déar-
fair liom."



"Tá san go maith," arsa Eisirt, "ach b'fhéidir
go mbéadh an focal a déarfainn ró dhian, agus ná
fulaingeóch' Árdrigh Uladh é i láthair na n-uasal


L. 13


so go léir. Ní foláir do'n fhírinne féin labhairt
réidh i láthair an rígh."



"Ná bíodh ceisd ort, a rígh ollamh," arsa
Feargus. "Tá mo bhriathar rígh agat, agus is
treise briathar an rígh 'ná an rígh féin. Inis an
fhírinne dhom. Tá cúis éigin agat le diúltughadh
d'ár mbiadh agus d'ár ndeoch. Inis dom an
chúis."



"Ó tá do bhriathar rígh agam a'm chosaint ar
t' fheirg 'neósfad an chúis," arsa Eisirt. "Ní
féidir liom éafcóir d'fhulang. Is olc í an
éagcóir pé ball 'n-a ndeinntear í. Ach nuair
a dhéineann an rígh éagcóir tá bárr agus buadh ag
an éagcóir sin ar an uile shaghas oilc. Isé gnó
agus dualgas an rígh ceart do chur i bhfeidhm. Isé
gnó agus dualgas an rígh éagcóir do chosg. Is
uasal an dá dhualgas iad san. Nuair a dhéinean
an rígh éagcóir caillean sé ar an dá dhualgas
ríoga san i n-aonfheacht. Déinean sé dhá olc i
n-aon olc. Tá an dá olc san i n-aon olc agat-sa
d'á dhéanamh, a Árdrígh. Tá éagcóir agat d'á
dhéanamh ar do reachtaire. Is gnáth go dtagan
éagcóir ó éagcóir. Tá éagcóir agat-sa dh'á
dhéanamh ar do reachtaire agus tá éagcóir ag do
reachtaire dh'á dhéanamh ort-sa. Ní féidir dómh-sa
bhúr ndeoch d'ól ná bhúr mbiadh do chaitheamh an
fhaid atá a leithéid sin ar siúbhal eadraibh anso i
n-Eamhain Macha. Dá mbéadh aoinne eile ag
déanamh na h-éagcóra d'fhéadfainn glaodhach ar
an rígh chun na h-éagcóra do chosg agus chun an


L. 14


chirt do chur i bhfeidhm, ach nuair isé an rígh féin is
mó atá ciontach cá bhfuil leigheas le fághail ar
an olc!"



Do stad sé agus d'fheuch sé 'n-a thímpal, agus
má fheuch ní baoghal go bhfeacaidh sé aon fhonn
gáirí ar aoinne. Bhí na daoine móra go léir
agus a gcinn fútha acu agus gan duine acu gan
iompáil líthe ann. Bhí aghaidh bhán ar Fheargus
féin. Ní raibh aon choinne aige le n-a leithéid
sin de chaint ó'n bhfear mbeag. Ach bhí a bhriathar
rígh tabhartha aige agus b'éigean dó an chaint
d'fhulang. Dúbhairt sé leis féin ná raibh aon
rud dob' fhearra dhó 'ná an ceann a bhaint de'n
sgéal agus an fhírinne d'innsint. Bhí a fhios aige
go raibh sé féin ag déanamh na h-éagcóra ar an
reachtaire, ach ní raibh aon choinne aige go raibh an
reachtaire ag déanamh na h-éagcóra air. Bhí
iongnadh agus alltacht air conus a fuair Eisirt
amach an sgéal. Do labhair sé i gceann tamaill.



"Ambasa, a Eisirt," ar seisean, "d'á luigheadh
é thu ní leanbh tu! Ní foláir a admháil go bhfuil
an fhírinne agat, pé cuma 'n-a bhfuarais an t-eólus.
Tá an fhírinne agat chómh fada agus théidhean mo
thaobh-sa de'n éagcóir, agus is dóchaíde liom an
fhírinne bheith agat chómh fada agus théidhean an
taobh eile leis."



"Tá an buadh agat, a Árdrígh!" arsa Eisirt,
"agus caithfead-sa bhúr mbiadh feasda. Ní'l
olc is measa 'ná éagcóir ó rígh, ach ní'l maith is
fearr ó'n rígh 'ná an éagcóir a dhein sé d'admháil.


L. 15


Ní'l gníomh is ríoga 'ná an éagcóir d'admháil.
D'admhuighis-se an éagcóir. Tá go maith; ach ná
dein airís é."



Ansan do shuigh Eisirt ar an gcíste agus thóg
sé an méaracán suas 'dir a dhá láimh, - bhí muir-
ighean a dhá lámh ann, - agus d'ól sé deoch as. Ba
ghearr go raibh an chuideachta ag dul i ndánacht air
agus go raibh na ceisteana ag teacht go tiugh
chuige ó'n uile thaobh, i dtaobh tuatha Luchra agus
Luprachán, agus i dtaobh na ndaoine a bhí ann,
agus i dtaobh a nósa agus a ndlíghthe agus a
mbéasa agus gach nídh eile a bhain leó.



CAIBIDIOL A III



AN FIRÍN BEAG GASTA



Bhí Eisirt ag freagairt na gceisteana chómh
maith agus d'fhéad sé teacht ortha, agus isé bhí go
cruinn 'n-a chaint agus go cliste agus go h-aibigh,
i dtreó go ndúbairt Feargus, "Is uathbhásach an
obair," ar seisean, "ciall agus tuisgint agus
eólus chómh mór a bheith i rud chómh beag leis!"



Ba ghearr gur thuig an chuideachta go léir, as
na ceisteana agus as an gcuma 'n-a dtugadh
Eisirt freagra uaidh, go mbíodh a fhios aige cad
a bhíodh i n-aigne an t-é chuireadh an cheist.



"Conus a fuarais eólus go h-Eamhain, a rígh
ollamh?" arsa duine de'n chuideachtain leis.


L. 16


"Bhí eólus na slíghe agam go h-Eamhain sar ar
rugadh tusa," arsa Eisirt, "agus tá 'fhios
agam nách ró dhíreach an t-eólus a dheinis-se ar
an áit ag teacht duit."



Do liúigh an chuideachta, ag magadh fé 'n bhfear
a chuir an cheist, mar bhí asachán éigin le casadh
leis i dtaobh a shínsir. Níor labhair sé sin an
chuid eile de'n oídhche.



Bhí a lán de'n chuideachtain agus bhí ana dhúil
acu a fhios d'fhághail conus a fuair Eisirt amach
an éagcóir a bheith ag Feargus 'á dhéanamh ar an
reachtaire, ach ní leigfeadh eagla dhóibh ceist de'n
tsórd san a chur agus Feargus féin ag éisteacht
leó. Níor dhein Eisirt ach feuchaint 'n-a thímpal
ortha agus smuta gáire chur as.



"Cad 'tá ad' chur ag gáirí, a rígh ollamh?"
arsa Feargus.



"Cuid des na daoine móra so, a Árdrígh,"
arsa Eisirt, "atá i gcás 'dir dhá chómhairle. Ba
mhaith leó rud d'fhághail, ach ní maith leó é iaraidh.
Nuair a bhíon duine ar an gcuma san is fearr gan
aon tsuím a chur ann ach sgaoileadh leis go dtí
go socaruighidh sé a aigne ar thaobh éigin. Ach tá
aisge agam le h-iaraidh ort-sa, a Árdrígh," ar
seisean.



"Abair an aisge agus gheabhair í má's féidir
é," arsa Feargus.



"Tá a leath fághalta cheana agam," arsa Eisirt.



"Nár chóir gur bh'fhéidir an tarna leath a thabhairt
chómh maith agus a tugadh an chéad leath?"


L. 17


"Tá go maith," arsa Feargus. "Abair í agus
gheabhair í. Aon nídh a fuarais anso ó thánaís ní
fheicim cad 'tá chun tu chosg ar é fhághail airís. Ní
dócha gur b'amhlaidh ba mhaith leath go gcurfaí ag
snámh sa chorn airís tu!"



"Thugais do bhriathar rígh dhom anocht ná luigh-
feadh t'fhearg orm," arsa Eisirt.



"Thugas," arsa Feargus. "Ní baoghal duit."



"A chothrom san airís atá uaim," arsa Eisirt,
"ach ní dhom féin é."



"Cé dhó?" arsa Feargus.



"Do'n reachtaire úd, a Árdrígh," arsa Eisirt.



"Aililiú!" arsa Feargus. "Nách gasta an
firín tu! Ach bíodh agat. Tá buaidhte agat.
Ní baoghal duit-se agus ní baoghal do'n reachtaire.
Ach abair leis, mar a dúbhraís liom-sa, gan an
éagcóir a dhéanamh airís."



"'Sé mo thuairim, a Árdrígh," arsa Eisirt, "nách
beag leis dé. 'Sé mo thuairim nách beag libh
araon dé mar éagcóir. Is gnáth go ndéinean an
éagcóir a díoghaltas féin, luath nó mall, ar an
t-é dhéinean í. Níor tháinig aon díoghaltas
oraibh-se ach mise do sgéidh oraibh i láthair uaisle
Uladh anso."



"Eirigh as! Eirigh as! a fhir bhig," arsa Feargus
go garg. "Bíodh an aisge a iarais agat, ach ná
taraing chúghat a thuille é mar sgéal!"



Ní misde a rádh ná go raibh áthas ar an reachtaire,
pé cúinne de'n tigh 'n-a raibh sé, nuair airigh sé an
chaint sin. Tháinig sgannradh air nuair airigh sé an


L. 18


focal a dúbhairt Eisirt i dtusach i dtaobh na
h-éagcóra. Cheap sé go raibh a phort seinnte
agus nár bh'fhios cad a bhí le h-imtheacht air nuair
a thiocfadh Feargus ag socarú' cúntaisí leis. Sa
n-am gcéadna bhí díombádh a dhóithin air nuair a
thuig sé ná raibh blúire de bhárr a chuid éagcóra
aige mar go raibh éagcóir níos mó b'fhéidir 'á
dhéanamh air féin. Nuair airigh sé an chaint
dheirineach ó Eisirt agus ó Fheargus bhí 'fhios aige
nár bhaoghal dó na cúntaisí, agus bhí sé sásta i
n'aigne.



Thuig Eisirt, um an dtaca san, go raibh sórd
eagla ag teacht acu go léir roimis. Níor thaithn
san leis. Ní h-é a oir dó. Bhí sé beartuighthe
i n'aigne aige go meallfadh sé duine éigin acu
chun dul leis thar n-ais go tuatha Luchra agus
Luprachán i dtreó go bhfeicfeadh Iubhdán, le n-a
shúilibh féin, fírinne na cainte adúbhairt Eisirt
nuair a gabhadh é mar gheall ar a chaint. Isé rud
a dhein sé, d'á bhrígh sin, 'ná cromadh ar an uile
shaghas sgéalta d'innsint d'Fheargus agus d'á
chuideachtain, ar thuathaibh Luchra agus Luprachán,
agus ar a rígh, agus ar a dtréan-fhear, agus ar na
gníomharthaibh a dheineadh sé, agus ar bhéasaibh agus
ar nósaibh na tíre agus na ndaoine fé mar a
bhíodar. Ba ghearr go raibh an sgáth imthighthe agus
go rabhdar go léir, idir rígh agus uaisle, ag
éisteacht le h-Eisirt chómh ciúin chómh socair sin
gur dhóich le duine gur fé dhraoidheacht a bhíodar
aige. Gan amhras is dócha go raibh rud éigin d'á


L. 19


shórd déanta aige ortha, mar fear-sídhe ab
eadh é.



Nuair ba mhithid leis iompáil ó'n sgéalaidheacht
chun rud éigin eile dúbhairt sé le Feargus: "A
Árdrígh," ar seisean, "do dhéineas-sa dán mholta
do m' Árdrígh féin, d' Iubhdán, agus déarfainn
daoibh-se an dán dá mba mhian libh mé 'ghá rádh."



"Ní bhéadh aon nídh dob' fhearr liom-sa 'ná an
dán san do chlos uait anois, a rígh ollamh,"
arsa Feargus.



"Mise mar sin," arsa'n ríogan.



"Mise mar sin," arsa gach aoinne d'á raibh
láithreach.



Ansan dúbhairt Eisirt an dán, agus pé cómhacht
draoidheachta a bhí aige d'á imirt ortha sa sgéal-
aidheacht do mhéaduigh air leis an ndán.



CAIBIDIOL A IV



AN CÁIRDE CAITHTE



Shocaruigh Eisirt é féin 'n-a shuidhe ar an gcíste
agus bhain sé deoch maith as an méaracán. Ghlan
sé a bhéal agus do leig sé siar a cheann agus dhún
sé a shúile. Ba dhóich le duine go sgoiltfeadh ar
an gcuideachtain ag feuchaint air, mar do dhein
sé an méid sin ar chuma 'n-ar dóich le duine go
raibh sé troighthe ar aoirde ann i n-inead é bheith fé
bhun leath-troigh. Ansan do dhein sé crónán beag


L. 20


ar feadh tamaill, fé mar a bhéadh sé ag cruinniú'
a mheabhrach cinn. Ansan do thusnuigh sé ar an
ndán.



Bhí an chuideachta ag éisteacht leis. Bhí an dán
go breagh ceólmhar. Bhí an chaint go cruinn agus
go gunta agus go cómhngarach. Ba ghearr go
raibh an uile dhuine de'n chuideachtain chómh ciúin
agus dá mbéidís gan anam gan anál, ag
éisteacht le ruith na bhfocal, agus le h-aoibhneas
an ghutha, agus le brígh na cainte. Do mheas
Feargus nár moladh rígh i n-Éirinn riamh roimis
sin mar a mhol Eisirt rígh tuatha Luchra agus Lupra-
chán an uair sin. Bhí eagla ag teacht ar Aodh
Éigeas go mbéadh éad ar Fheargus toisg gan
Aodh a bheith ábalta ar é féin do mholadh fé mar a
mhol Eisirt Iubhdán. Ach nuair a thusnuigh Eisirt
ar ghníomharthaibh gaile agus gaisge Iubhdáin do
mholadh, agus gníomhartha na laochra a bhí fé n-a
smacht, agus ar an léirsgrios a dhéinidís ar a
namhaid i gcogadh agus i gcruadh-chómhrac do
mholadh, ar chuma 'n-ar dhóich le duine gur bh'
fhathaigh mhóra iad go léir, is amhlaidh a bhí Feargus
agus an chuideachta go léir i riocht dul i laige le
neart suilt agus gáirí. Nuair a bhíodh Eisirt 'ghá
innsint sa dán conus mar a déintí na cathana
móra do throid, do léimeadh sé 'n-a sheasamh agus
shiúbhladh sé anonn 's anall ar an mbórd, agus
faobhar ar a ghuth agus teine chreasa ag teacht as
a shúilibh, fé mar a bhéadh sé i lár catha éigin agus
namhaid cheódha aige d'á leagadh i n-aghaidh gach


L. 21


focail d'á labhradh sé. Tríd an sult go léir dóibh
ní maith a bhíodh a fhios ag an gcuideachtain cé 'cu
ba cheart dóibh sult a dhéanamh dé nó eagla bheith
acu roimis nuair a chídís an rabharta feirg sin ag
teacht air, agus an fuinneamh ag teacht 'n-a chaint
agus an spréacharnach ag teacht as a shúilibh.



Chríochnuigh sé an dán, agus má dhein do chrom an
chuideachta go léir ar an uile shaghas seóide uaisle
do bhronnadh air. Bhí fáinní óir agus clocha
loghmhara agus órnáidí ríoga acu d'á gcur ar an
mbórd i n'aice go dtí go raibh cruach acu ann a bhí
seacht n-uaire níos aoirde 'ná Eisirt féin. Chuir
Feargus ar an mbórd a chion féin de'n chruaich.



D'fheuch Eisirt ar an gcruaich agus d'fheuch sé
'n-a thímpal ar an gcuideachtain.



"A dhaoine móra," ar seisean, "is gníomh
deagh-dhaoine an gníomh san atá déanta agaibh.
Ach bhíodh gur b'eadh ní'l aon ghnó agam-sa de'n
saidhbhreas so. Ní dhéanfadh sé aon bhlúire tairbhe
dhom. Ní'l aon duine agam' thighearna-sa gan
a dhóithin mór saidhbhris agus ollmhaithis aige féin.
Ní'l easnamh ar bith ar aon duine sa tír as a
dtánag-sa. D'á bhrígh sin glacaigh an saidhbhreas
so chúghaibh airís agus mo bhuidhchas-sa mar aon leis,
go h-iomlán."



"Dar ár mbriathar," ar siad, "dá dtugaimís
duit a bhfuil an tsaoghal againn ní ghlacfaimís aon
pioc dé thar n-ais uait, agus ní lúgha 'ná mar a
ghlacfaimíd aon phioc de'n tsaidhbhreas so thar
n-ais uait."


L. 22


"Ó's mar sin atá an sgéal," arsa Eisirt,
"caithfead-sa féin an saidhbhreas so do raint."
Ansan d'fheuch sé ar Aodh Éigeas agus ar éigsibh
Uladh a bhí sa chuideachtain. "A ollamhna agus a
éigse Uladh," ar seisean, "déinigh trí treana
de'n saidhbhreas so. Coimeádaigh dhá dtrian dé
agaibh féin agus tugaidh an trian eile d'eachlachaibh
agus d'oblóraibh Uladh"; 'sé sin, do bhuachaillíbh
capall agus do lucht spóirt a dhéanamh.



Bhí Eisirt i n-Eamhain ar an gcuma san ar feadh
trí lá agus trí oídhche agus níor mhothuigh Feargus
ná an chuideachta go raibh sé leath na h-aimsire sin
acu.



"A mhaithe agus a mhór-uaisle Uladh," arsa
Eisirt, "tá mo thréimhse caithte agam-sa anso i
n-bhúr gcuideachtain agus ní foláir dom bheith ag
gluaiseacht thar n-ais feasda chun mo thíre féin."



"A rígh ollamh," arsa Feargus, "tá sé ró luath
agat imtheacht uainn fós. Beidh a leithéid sin
d'uaigneas orainn ad' dhiaigh gur baoghal go
ndéarfaimíd gur truagh mar a tháinís chúghainn
i n-aon chor. Ach má abraimíd san is baoghal go
mbréagnóchaimíd sinn féin láithreach 'n-a dhiaigh mar
go ndéarfaimíd linn féin ná raibh trí lá agus
trí oídhche riamh againn chómh sulthmhar leis an dtrí
lá agus trí oídhche seo atá caithte againn ó tháinís-
se chúghainn. B'fhéidir, a rígh ollamh, go bhféadfá
fanmhaint againn tamall beag eile."



"Is truagh ná fuil ar mo chumas san do dhéanamh,
a rígh," arsa Eisirt. "Ní'l agam ó Iubhdán ach


L. 23


cáirde trí lá agus trí oídhche chun cómhartha sofheicse
thabhairt dó-san agus do thuathaibh Luchra agus
Luprachán gur bh'fhíor dom an chaint a dúbhart. Tá
an cáirde caithte agus ní foláir dom filleadh."



"Ar mhisde leat mise dhul leat ar chuaird go
tuathaibh Luchra agus Luprachán, a rígh ollamh?"
arsa Aodh Éigeas.



Siné díreach an rud a theastuigh ó Eisirt, ach níor
leig sé air gur bh'é. Seo mar a thug sé freagra
ar Aodh.



"Is amhlaidh mar atá an sgéal, a Aoidh," ar
seisean, "ní déarfad-sa leat teacht ná gan
teacht, ach má 's maith leat féin teacht beidh míle
fáilte rómhat."



"Cad é an chúis, a Eisirt, a rígh ollamh," arsa
Feargus, "ná déarfá leis teacht ná gan teacht?
Má tá míle fáilte roimis nár chóir go n-iarfá air
dul leat?"



"Dá n-iarainn air teacht liom, rígh," arsa
Eisirt, "agus ansan dá mba ná taithnfadh leis
an chóir a curfí air b' fhéidir go mbéadh sé díom-
bádhach. Ach má thagan sé uaidh féin, agus míle
fáilte bheith roimis, beidh sé buidheach nuair a
dhéanfam ár ndícheal dó."



"Dar so 's súd," arsa Feargus, "is tu an
firín is géarchúisíghe d'ár bhuail riamh umam! Ní
h-é mo thuairim go mbeidh aon chúis ghearáin ar a
chóir ag Aodh má théidhean sé leat."



Ansan d'fhág Eisirt slán ag Feargus agus ag
uaislibh Uladh agus do ghluais sé féin agus Aodh


L. 24


Éigeas le cois a chéile fé dhéin tuatha Luchra agus
Luprachán.



Gan amhras ba neamh-choitchianta an bheirt iad
ag gluaiseacht, duine acu níos lúgha 'ná leath-
troigh ar aoirde agus an duine eile breis agus
dhá throigh ar aoirde. Is ar éigin a bhí ceann
Eisirt chómh h-árd le glúin Aodha. Nuair a bhíodh
Aodh ag siúbhal chaitheadh Eisirt bheith ag sodar,
agus leis an sodar féin ní fhéadadh sé coiméad
suas le h-Aodh. Bhíodh sé tamall siar go minic,
agus ansan chaitheadh sé ruith go géar ar feadh
tamaill eile, chun teacht suas.



CAIBIDIOL A V



AN T-ABHAC 'N-A FHATHACH



Bhí Eisirt agus Aodh ag cur na slíghe dhíobh.
Thugadh Aodh fé ndeara conus mar a bhíodh Eisirt
ag sodar, a d'iaraidh coimeád suas sa tsiúbhal.
Tháinig ana mhóráil ar Aodh mar gheall air sin.
B'shin rud nár thuit amach riamh roimis sin dó,
duine bheith ag siúbhal le n-a chois agus go gcaitheadh
sé bheith ag sodar a d'iaraidh coimeád suas leis.
D'árduigh sé a cheann agus shiúbhluigh sé go h-ana
rábach, i dtreó gur dhóich le duine gur bh'fhathach
é i n-inead é bheith 'n-a ruathaire bheag abhaic. Do
shuathadh sé a dhá chuislinn agus dhírígheadh sé a dhrom


L. 25


agus do shíneadh sé a chosa, i dtreó gur dhóich le
duine air go raibh sé buailte isteach i n' aigne go
raibh sé chómh mór, chómh h-árd, chómh calma le
Feargus mac Léide féin.



Uair d'á raibh Eisirt tamall maith siar uaidh
d'fheuch sé thar a ghualainn siar air agus bhain sé
crothadh as a cheann le mímheas.



"Ach!" ar seisean, "a rígh ollamh, ní maith an
cuisidhe thu!"



Do rith Eisirt go dtí go dtáinig sé suas leis
agus go raibh sé an fhaid chéadna roimis amach.



"Eatartha san atá an chóir, a rígh ollamh," arsa
Aodh.



"Is fíor," arsa Eisirt, "agus sin ar airigheas-sa
de'n chóir uaibh-se ó thanag go Cúig' Uladh. Dar
mo bhriathar ach gur dóich liom nár airigheas an
focal "cóir" amach a' beul aoinne i gCúig' Uladh
gur airigheas as do bheul-sa anois é. B' é bhúr
leas aithne níos fearr do chur ar an bhfocal agus
ar an nídh."



Ní deirtear sa sgéal gur thug Aodh aon fhreagra
ar an gcaint sin.



Chomáineadar leó go dtánadar go Tráigh na
dTréanfhear i gCúig' Uladh.



"Cad a dhéanfaimíd anois?" arsa Aodh.



"Cad a dhéanfaimís ach comáint linn ar uachtar
na faraige!" arsa Eisirt.



"Ambasa, a rígh ollamh," arsa Aodh, "má thig
leat-sa siúbhal ar uachtar an uisge ní thig liom-sa
é dhéanamh."


L. 26


"Is mór an iongnadh é sin, a rígh éigeas," arsa
Eisirt, "agus gur fearr an siúbhal atá agat-sa
'ná mar atá agam-sa. Ba chóir go bhféadfá-sa an
fharaige ghabháil sa n-áit 'n-a mbáthfaí mise. An
t-uisge ná raghadh puínn thar glúinibh ort-sa do
bháthfadh sé mise."



Le n-a linn sin chonaic Aodh rud a chuir sgannradh
air. Chonaic sé ainimhidhe éigin ag déanamh ortha
isteach tríd an bhfaraige.



"Ó!" arsa Aodh, "táimíd réidh!"



"Cad 'tá ort, a rígh éigeas?" arsa Eisirt.



"Ó, feuch," arsa Aodh, "an míol mongruadh!



Tá sé ag déanamh orainn. Táimíd réidh! Do
bhárthan ort féin, a dhroch ainimhidhe!" ar seisean
leis an ainimhidhe.



"Éist, a rígh éigeas," arsa Eisirt. "Ní
baoghal dúinn. Ní míol mongruadh ná míolmór
ná aon droch ainimhidhe eile é sin. Siné each
Iubhdáin atá tagaithe anso i n-ár gcoinnibh chun
sinn a bhreith thar faraige go crích tuatha Luchra agus
Luprachán. Ní'l againn ach dul ar a mhuin agus
béarfaidh sé slán sinn pé stoirm ná suathadh a
bheidh ar an bhfaraige."



Is amhlaidh a bhí an capall san agus dhá shúil
ghríbhdha, ghlana, sholusmhara, ghlórmhara, 'n-a cheann,
agus muing bhreagh, throm, áluinn, chorcra air,
agus cheithre cosa uaithne faoi, agus srian óir air.
Chuaidh Eisirt ar a mhuin láithreach.



"Tar anso ar mo chúlaibh, a Aoidh," arsa
Eisirt.


L. 27


"Ach, a rígh ollamh," arsa Aodh, "ní'l ach slígh
dhuit féin air."



"Ná bí ag cáineadh an chapaill, a rígh éigeas,"
arsa Eisirt, "ach tar anso ar mo chúlaibh, agus d'á
mhéid meaghchaint atá i n-a bhfuil d'eólus agus
d'eagna ionat-sa chídhfir go mbéarfaidh sé sinn
araon leis."



Ansan do chuaidh Aodh suas ar chúlaibh Eisirt,
agus do ghluais an capall leó tar thonnaibh móra
na faraige, agus do shroiseadar Mágh Faithlinn
gan brón gan báth. Bhí Iubhdán agus tuatha Luchra
agus Luprachán go léir cruinnighthe rómpa ar
Mágh Faithlinn i n-aonach.



"Sidé Eisirt chúghainn!" ar siad go léir.



Ach nuair a chonacadar an fear mór le cois
Eisirt tháinig crith chos agus lámh ortha agus ní
leigfeadh eagla d'aoinne acu teacht i n-aon ghaor
dó. Ní raibh ach Iubhdán féin go raibh sé de
mhisneach aige teacht 'n-a dtreó agus labhairt leó.



Tháinig sé agus chuir sé fáilte roimh Eisirt agus
thug sé trí póga dhó.



"Míle fáilte rómhat, a rígh ollamh," ar seisean.



"Ach cad chuige dhuit an fomarach so do thabhairt
leat chúghainn, nó an amhlaidh is maith leat go
marbhóch' sé sinn go léir?"



"Ní fomarach é seo, a Árdrígh," arsa Eisirt.



"Sidé rígh éigeas agus fear dána Chúig' Uladh,
agus cé gur mór fheuchan sé anso ní'l ann ach abhac
'n-a dhúthaigh féin. Táid fir mhóra Chúig' Uladh
chómh mór i gcomparáid leis sin agus 'tá sé sin i


L. 28


gcomparáid linne. Nuair a bhíon sé sin sa
bhaile is ar bhasaibh na bhfear mór a beirtear ó áit
go h-áit é. Is mór acu go léir é, mar tá léighean
agus eólus agus eagna agus filidheacht ann thar a
raibh d'éigsibh riamh i n-Éirinn. Ní foláir cúram
maith a dhéanamh dé an fhaid a bheidh sé againn anso,
agus cóir mhaith a chur air, i dtreó ná beidh aon
locht aige le fághail orainn nuair a raghaidh sé
abhaile ag triall ar Fheargus mhac Léide agus ar
uaislibh Uladh."



"Agus cad é an ainim atá ar an bhfear mór so, -
nó b'fhéidir gur ceart dom a rádh, ar an bhfear
mbeag so?" arsa Iubhdán.



"Aod Éigeas is ainim dó," arsa Eisirt. "Isé
abhac an rígh é, agus is mór ag Feargus é."



Bhí an chuid eile de'n tsluagh ag faire ar an
dtriúr an fhaid a bhí an chaint sin ar siúbhal, agus
ba mhór é a meas ar chródhacht Iubhdáin nuair a
chonacadar é, gan sgáth gan eagla air, ag dul
chómh cómhngarach do'n fhear mhór agus ag cur a
thuairisge ar Eisirt.



Ansan do labhair Iubhdán le h-Aodh féin agus
chuir sé na mílte fáilte roimis agus thug sé trí
póga dhó, ach b'éigean d'Aodh teacht ar a ghlúinibh
agus cromadh síos chun an tailimh chun na bpóg do
ghlacadh ó'n rígh, agus nuair a bhí sé ag glacadh na
bpóg do chonacthas go raibh a bheul chómh mór le
h-aghaidh an rígh ar fad.



Nuair a chonaic an tsluagh é ag teacht ar a
ghlúinibh agus ag cromadh chun an tailimh mheasadar


L. 29


gur ag úmhlughadh do'n rígh a bhí sé. D'imthigh an
sgárd díobh láithreach agus chuireadar liúgh suas
mór-thímpal Máighe Faithlinn, ag fáiltiughadh roimis
an bhfathach a thug Eisirt abhaile leis. Do líonadar
chuige isteach chun go bhfaighdís radharc maith air.



"Ó," a deiridís le h-Eisirt, "cá bhfuarais an
fathach mór? Conus a thugais leat é? Conus
fhéadais buadh fhághail air agus é thabhairt leat,
agus gan é gabhtha ná ceangailte agat?"



Bhíodar ag druidim isteach i ndiaigh ar ndiaigh
agus ag dul i ndánacht ar Aodh go dtí go rabhdar
tímpal ar a chosaibh ag iniúchadh agus ag méaruigh-
eacht ar na búclaí óir a bhí 'n-a bhrógaibh agus ag
déanamh an uile shaghas magaidh fútha. Ní raibh aon
mheas i n-aon chor acu ar an gceardaidhe a ghréas
na h-órnáidí.



"Ó," a deiridís, "na cosa móra! Na cosa
móra! Conus fhéadan an fathach bocht siúbhal i
n-aon chor leó! Agus na bróga, nách tútach an
lámh a bhí ag an ngréasaidhe a dhéin iad! Ní lámha
a bhí aige ach crúba! Agus dar ndó, ní cosa atá
ionta anois ach crúba."



"Eist," a déarfadh duine acu, "aireóchaidh
an fathach tu!"



"Ní aireóchaidh," a déarfadh an t-é a labhair,
"tá a cheann ró fhada suas sa spéir."



D'airigheadh Aodh go maith iad ach ní leigeadh sé
air go n-airigheadh. Níor bheag leis de shult bheith
ag éisteacht leó agus ag feuchaint uaidh síos ortha.



Ba ghearr go dtáinig na leinbh óga tímpal a chos


L. 30


chómh maith le cách, agus iad ag damhas agus ag
gáirí agus ag caint, ag déanamh suilt de gach nídh
d'á bhfeacadar. Bhí na fir agus na mná beag go
leór ach ní raibh ins na leinbh ach mar a bhéadh luchaigh.
Ansan iseadh bhí Aodh i dteannta. Bhíodar bail-
ighthe isteach tímpal a dhá bhróg agus ní leigfeadh
sgannradh dhó aon chos leis a bhogadh de'n talamh
sar a satalóch' sé ortha agus go marbhóch' sé leath-
dosaon acu b'fhéidir. Fé dheire ghlaoidh sé ar
Eisirt.



"Ar ghrádh th'oinig, a Eisirt, a rígh ollamh," ar
seisean, "abair leó so druidim amach óm'
brógaibh le h-eagla go satalóchainn ortha!"



Do labhair Eisirt leó agus dhruideadar amach.
Ansan iseadh thainig an alltacht ar fad ortha nuair
a chonacadar an fathach ag siúbhal.



"Aililiú!" ar siad, "conus fhéadan sé na
cosa móra san do thógaint chómh h-árd!"



Ansan bhíodh cuid d'á sgoláiríbh ag teacht 'n-a
dhiaigh ag breithniu' ar rian a chos agus 'ghá thómhas
le sraing, agus is 'mó argóint léigheanta a bhíodh
eatartha d'á bhárr, cuid acu 'ghá dhéanamh amach
gur chosa daona a bhí aige agus tuille acu 'ghá
dhéanamh amach nár bh'eadh, ach cosa draoidheachta.



Chuir Iubhdán fógra amach 'ghá rádh nár bh'fholáir
féasta mór a dhéanamh i n-onóir d'Aodh Éigeas,
do rígh ollamh Uladh. Gur mhaith leis féin síth agus
deagh-mhéinn agus caradas a cheangal idir é féin
agus Feargus mac Léide, Árdrígh Uladh, agus go
ndéanfaí an nídh sin mar ba chuibhe agus mar ba


L. 31


chóir nuair a tabharfaí uraim agus friothálamh
ríoga do'n uasal Ultach so a thárla ar a measg.
Do freagradh an fógra go h-ollamh agus go
fonnmhar. Do ceapadh lá an fhéasta. Do
h-ollamhuigheadh an biadh agus an deoch. Tháinig
na h-uaisle go léir chómh luath agus fuaradar
cuireadh. Tháinig seacht catha féinne tuatha Luchra
agus Luprachán fé n-a ríghthibh féinne agus fé n-a
dtaoiseachaibh airm, díreach mar a thánadar an
chéad lá úd nuair a dhéin Iubhdán an chaint úd a
bhain an gháire a' h-Eisirt.



Bhí Glómar mac Glais mic Glomraide ann,
tréan-fhear Iubhdáin, an fear a leagadh an feóchadán
le h-aon bhuille chlaidheamh agus go raibh feidhm
an dáréug 'n-a threasgairt. Chonaic sé Aodh.



"Dar lámh m'athar," ar seisean, "ach tá deire
le leagadh na bhfeóchadán! Ní feicfear mise ag
leagadh feóchadáin airís le h-aon bhuille chlaidh-
eamh. Ní'l ionainn ach meathalóirí seachas an fear
san!"



"Ach, a Ghlómair," arsa Eisirt, "abhac iseadh
an fear san seachas na fir mhóra atá 'n-a dhiaigh sa
bhaile. I n-uchtaibh na bhfear mór iseadh bhíon sé,
mar a bhéadh leanbh. Bhéarfadh fear acu súd Aodh
ar bhais leis díreach mar a bhéarfadh Aodh thusa ar
a bhais leis."



Níor labhair Glómar a thuille.



Do cuireadh rígh-theach Iubhdáin i gcóir chun an
fhéasta agus do cuireadh an chuideachta 'n-a suidhe
do réir a n-úird, agus do cuireadh Aodh ar dheis


L. 32


Iubhdáin. Sar ar chuaidh Aodh isteach sa rígh-
theach, ámhthach, b'éigean dorus mór d'osgailt i
gceann an tíghe dhó, mar, pé cor a thabharfadh sé
dhó féin ní fhéadfadh sé dul isteach dorus an tíghe.
Nuair a bhí sé istigh bhí an sgéal maith go leór
aige mar bhí an tigh ana árd agus d'fhéad sé
seasamh díreach gan a cheann do chur amach tré
bhuaic an tíghe. Ach conus a curfaí 'n-a shuidhe é?
B'shiní an cheisd. Cá bhfaighfí cathaoir a bhéadh mór
a dhóithin? Bhí gach aoinne ag cuimhneamh agus gach
aoinne ag cuardach feuchaint cá bhfaighfí an chathaoir.
Fé dheire dúbhairt an bhanríoghan, Bébó, le n-a
seirbhíseachaibh imtheacht agus córtha mór a bhí aici
'n-a seómra féin do thabhairt leó. Do tugadh
isteach an córtha. Bhí sé mór. Bhí sé troigh ar
leithead agus troigh ar faid agus naoí n-órlach
ar aoírde. Do socaruigheadh é ar dheis an rígh
agus do shuigh Aodh air agus bhí sé ar a shástacht.



CAIBIDIOL A VI



"DO LABHRAIS FÍOR!"



Nuair a bhí Aodh 'n-a shuidhe ar an gcórtha agus
a dhrom siar leis an bhfalla bhí sé ar a shástacht
maith go leór. Bhí sé ar dheis an Árdrígh, ach bhí
ceataíghe sa sgéal. Na h-uaisle a bhí ar dheis
Aodha ní raibh aon bhreith acu ar aon radharc


L. 33


fhághail ar an Árdrígh, ná ag an Árdrígh ar aon
radharc fhághail ortha-san. Nuair a bhí an t-Árd-
rígh 'n-a shuidhe 'n-a chathaoir ríoga, bíodh go raibh an
t-árdán fé'n gcathaoir, ní raibh ceann an Árdrígh
ach chómh h-árd leis an gcórtha. Bhí ceathramhadh
chlé Aodha suas ar fad os cionn chinn an Árdrígh,
agus bhí glúin chlé Aodha ana fhada suas agus ana
fhada amach, i dtreó ná raibh aon bhreith ag an
Árdrígh ar aon radharc i n-aon chor a dh'fhághail ar
a raibh de'n halla agus de'n chuideachtain ar an
dtaobh eile d'Aodh. Ní raibh radharc aige ach ar
na daoine a bhí ar a thaobh féin de'n halla agus
ar na daoine a bhí ar a aghaidh anonn.



Bhí Eisirt ar a aghaidh anonn, sa n-áit 'n-a raibh
sé an oídhche dhein sé an gháire úd a chuir an fhearg
ar an Árdrígh, ar Iubhdán. Bhí ana channcar anois
ar Iubhdán mar gheall ar an bhfeirg sin, ach ní
aithneóch' aoinne air go raibh aon channcar air. Bhí
fhios aige go raibh buaidhte ag Eisirt air, ach ní
aithneóch' aoinne air go raibh sé ag cuimhneamh i
n-aon chor ar Eisirt, ná ar an ngáire dhein sé, ná
ar an éagcóir a deineadh air. Bhí aigne Iubhdáin
ró ríoga agus an smacht ró mhaith aici uirthi féin.
Níor bh'fhéidir d'aoinne a thabhairt fé ndeara go
ngoillfeadh neithe de'n tsórd san uirthi. Bhí
Eisirt thall agus é ag faire go géar ar an Árdrígh
feuchaint an dtaisbeánfadh sé aon phioc de'n
channcar. Níor thaisbeáin. Bhí sé ag caint go
breagh séimh sultmhar, uaidh suas, le h-Aodh, ag
cur an uile shaghas tuairisgí air i dtaobh Chúige


L. 34


Uladh agus i dtaobh na ndaoine móra agus i
dtaobh Fhearguis mhic Léide, an t-Árdrígh a bhí ortha.
Bhí Aodh Éigeas ag tabhairt gach cúntais dó, ar na
daoine móra agus ar a nósa agus ar a ndlíghthe,
ar a sgéalaidheacht agus ar a seanachas agus ar a
gcuid léighinn agus eóluis. Bhí teinneas i muineál
Iubhdáin ó bheith ag casadh a cinn agus ag caint uaidh
suas, agus bhí teinneas i muineál Aodha ó bheith
ag casadh a chinn a d'iaraidh cromadh síos d'á
ghualainn chlé chun beirthe ar fhocal an Árdrígh fé
mar a labhradh sé an focal.



Sa chaint dóibh do thuig gach duine acu aon nídh
amháin. Do thuig Aodh, má ba bheag agus má ba
shuarach le rádh colann an Árdrígh gur mhór agus
gur bh' árd í a aigne. B'é féin árd ollamh Uladh,
ach do thuig sé ná raibh ann ach duine gan eólus
seachas Iubhdán. Bhí fhios aige gur thuig Iubhdán
an nídh sin leis, ach go raibh sé ró uasal, ró ríoga,
chun a leigint air gur thuig sé é. Do thuig Iubhdán
i n'aigne, pé téagar cuirp agus neart géag a bhí
ins na fearaibh móra i gCúig' Uladh, ná raibh puínn
le maoidheamh acu a' neart a n-aigne ná a' méid
a n-eóluis ná a' géire a n-inntleachta. Dar leis,
má b'é an t-Aodh seo an t-árd ollamh a bhí acu
agus an reult eóluis a bhí acu, bhí an donas ar
fad le dúire ar an gcuid eile acu, idir rígh agus
daoine.



Níor bh'é Iubhdán amháin go dtáinig an smuíneamh
san i n'aigne dhó an uair sin. Bhí na daoine beaga
go léir, mór-thímpal an tseómra mhóir, idir gach


L. 35


dá ghreim bídh a dh'ithidís, ag feuchaint anonn ar
an bhfathach a bhí thall ar dheis an rígh agus bhí sé
daingean 'n-a n-aigne go léir ná raibh ann ach leath-
amadán. Bhí a cheann agus a cheannacha agus a
bhalla beatha go léir ró mhór, ró annspianta chun
puínn cruinnis aigne bheith istigh ann. Do rug
an smuíneamh san greim níos daingine fós 'n-a
n-aigne nuair a chonacadar an t-ualach mór bídh
a dh'ith sé. Is amhlaidh a cuireadh clár mór ar a
ghlúinibh chuige agus do cuireadh an biadh ar an
gclár. Do cuireadh dóithin beirte chuige ar an
gclár. D'osgail sé a bhéal agus chuir sé an méid
sin isteach ann i n-aonfheacht. Is ar éigin fhéad
sé é thabhairt fé n'fhiacalaibh bhí sé chómh suarach san.
Bhí sé imthighthe siar gan tuairisg sar a' raibh fhios
aige, puínn, go raibh sé 'n-a bhéal. Ansan do
cuireadh dóithin trír chuige, - dóithin ceathrair,-
dóithin cúigir. Bhíodh an biadh ithte aige chómh tuigh
agus a curtí chuige é. Bhí iongnadh agus sgárd
ar an gcuideachtain nuair a chonacadar an biadh
go léir ag imtheacht. Níor leigeadar ortha,
ámhthach, go raibh blúire iongnadh ortha. Bhíodar
ró onóireach, ró bhéasach chuige sin. Do choigleadar
an iongnadh chómh maith san, le caint agus le sult
agus le magadh eatartha féin, nár thuig Aodh go
rabhthas ag déanamh aon iongnadh dhé. Um an am
'n-a raibh a ndóithin bídh ithte acu go léir bhí dóithin
deichniúbhair agus dachad acu-san de bhiadh ithte ag
Aodh.



Nuair a bhí an biadh caithte do tugadh an deoch


L. 36


tímpal. "Do baineadh na cinn beaga as na
dabhachaibh," mar a baineadh an chéad oídhche úd.
Ansan iseadh bhí an obair ag an lucht friothálmha.
Cá bhfaghfí árthach n-a bhféadfadh Aodh deoch a dh'ól
as? Bhéadh sé chómh maith aige bheith ag casadh le
deoch a dh'ól a' méaracán le bheith ag casadh le deoch
a dh'ól as aon cheann des na h-árthaíbh a bhí acu-san.
Chuimhnigh Eisirt ar sheift. Ghlaoidh sé chuige ar an
bhfear-tighis agus thug sé cogar dó.



"Bain an ceann uachtair le buille thuaigh as an
mbairille mór san thall," ar seisean, "agus
déanfaidh sé an gnó."



Do bhain. Do cuireadh an bairille agus a raibh
de dhígh ann ar an dtalamh chun Aodha. B'éigean
dó féin é thógaint agus é chur ar an gclár a bhí ar
a ghlúinibh. Ní fhéadfadh an lucht friothálmha an
bairille chur anáirde ar an gclár dá bhfaighdís
Éire air. Do rug Aodh air díreach mar a bhéarfadh
fear ar mhórnán agus chuir sé chuige ar an gclár é.
Ní ró fhada go raibh sé folamh aige. Dúbhradh leis
é chur ar an dtalamh agus do líonadh airís dó é.



Bhíodar go léir "ag ól agus ag aoibhneas" ar
feadh tamaill mhaith. Tháinig an t-am 'n-ar ceapadh
go n-eireóch' Iubhdán agus go ndéanfadh sé caint.
Níor eirigh sé. D'eirigh Eisirt agus d'iar sé ar
an Árdrígh cead cainte thabhairt dó. Do thug.
Ansan do labhair sé.



"An uair dhéanach a bhíomair anso i bhfochair a
chéile," ar seisean, "do labhair an t-Árdrígh linn
ar mhéid a chómhacht ar neart agus ar líonmhaire


L. 37


a mhór-shlógh, ar uaisleacht agus ar thréine a
thaoiseach agus a ríghthe féinne, agus dúbhairt sé
linn ná raibh an chómhacht san ar bith a bhéarfadh
daoine ná ollmhaitheas amach as an rígh-theaghlach so
ar éigin. Nuair airigheas féin an chaint sin níor
fhéadas gan gáire dhéanamh. Tháinig fearg ar an
Árdrígh. D'fhiafruigh sé dhíom, os bhúr gcómhair
go léir, a mhaithe agus a mhór-uaisle tuatha Luchra
agus Luprachán, cad fé ndeara dhom an gháire sin
do dhéanamh. Dúbhart-sa, 'á fhreagradh, gur bh'eól
dom cúige de chúigibh Éirean agus go raibh fir ann
go mbéarfadh aon fhear amháin acu daoine agus
ollmhaitheas amach as an dteaghlach so ar éigin, i
n-aimhdheóin Iubhdáin agus seacht catha féinne
tuatha Luchra agus Luprachán. Nuair airigh an
t-Árdrígh an focal san uaim tháinig fearg mhór air
agus d'órduigh sé mé ghabháil agus díoghaltas a
dhéanamh orm mar gheall ar an gcaint adúbhart.
D'iaras ar an Árdrígh agus ar an gcuideachtain a
bhí láithreach go mbogfaí dhíom agus go leigfí dhom
dul go dtí an áit 'n-a raibh na fir mhóra san agus
go dtabharfainn liom anso cómhartha sofheicse a
thaisbeánfadh gur labhras fírinne nuair adúbhart an
chaint. Fágaim anois fé'n Árdrígh féin agus
fúibh-se, a mhaithe agus a mhór-uaisle, ar labhras
fírinne nó ar labhras bréag."



"Do labhrais fíor! Do labhrais fíor!" ar
siad go léir agus iad ag feuchaint ar Aodh agus
ag cur na súl tríd, ó gach aon pháirt de'n tseómra.
Bhí Aodh ag feuchaint anuas ortha mór-thímpal


L. 38


agus a dhá shúil ar dian-leathadh le h-iongnadh
nuair a chonaic sé na daoine beaga miona go léir
agus iad chómh h-anamamhail, chómh h-aibigh, chómh
géar-chúiseach.



"Do labhras fíor, a Árdrígh, agus a mhaithe
móra," arsa Eisirt. "Do gabhadh mé gan chúis.
Do déineadh éagcóir orm. Do déineadh nídh orm
ba mheasa 'ná mé ghabháil gan chúis. Do labhras
fíor agus do cuireadh bréag am' leith. Isé
Iubhdán, Árdrígh tuatha Luchra agus Luprachán, a
chuir an bhréag san am' leith. D'á bhrígh sin cuirim-
se anois de gheasaibh ar Iubhdán dul go h-Éamhain
mar a gcómhnuighean Feargus mac Léide agus na
fir mhóra, agus gur b'é céad duine é do chífidh ar
maidin amáireach an leite coímhde atá i gcoire
mór na h-Éamhna, i dteaghlach Fhearguis. Ní foláir
duit dul ann, a Árdrígh, agus béidh tú bliain i
n-Éamhain sar a dtiocfaidh leat casadh thar n-ais
go Mágh Faithlinn."



Do shuigh Eisirt. Chrom na daoine a bhí i n'aice
ar é cheistiú' i dtaobh na n-iongnaí saoghail a
chonaic sé i gCúig' Uladh. Bhí sé 'ghá n-innsint
dóibh. Bhí gasra thall leis ag ceistiúchán ar Aodh
agus bhí Aodh ag tabhairt gach tuairisge dhóibh chómh
maith agus d'fhéad sé.



D'eirigh Iubhdán agus shleamhnuigh sé amach.
D'eirigh Bébó agus shleamhnuigh sí amach 'n-a
dhiaigh.


L. 39


CAIBIDIOL A VII



CORCÁN NA LEITEAN



"Is cruaidh an cás 'n-a bhfuilim anois, a Bhébó,"
arsa Iubhdán.



"Dheinis dearmhad mór, a rígh," ar sise. "Ní
raibh aon cheart agat an ghabháil úd do chur ar
Eisirt go dtí go mbéadh deimhne agat air go raibh
bréag aige dh'á innsint."



"Ní foláir dom imtheacht láithreach, a Bhébó,"
ar seisean. "An dtiocfair-se liom nó an
bhfanfair anso am' dhiaigh?"



"Raghad-sa leat, a rígh," arsa Bébó.



Ansan do tugadh chúcha an t-each buídhe agus
chuaidh Iubhdán ar an each, agus chuaidh Bébó ar
chúlaibh Iubhdáin.



Níor bh' fhada go rabhadar i n-aice Éamhna Macha.
Ba chómhdheas do'n each bhuídhe muir agus tír, cnuc
agus gleann, áit gharbh agus áit réidh, agus ba
luatha ar an slígh é 'ná an seabhac agus 'ná an
fiolar. Bhíodar i n-aice na h-Éamhna abhfad
roim eirighe lae. Shleamhnuighdar isteach sa chathair
a gan fhios d'aoinne.



"Cuardaigh an chathair, a Iubhdáin," arsa Bébó
"do'n leitin úd a dúbhairt Eisirt, go bhfeuchair
uirthi agus go n-imthígheam abhaile sar a mbeid na
daoine ag eirighe."



Sa chuardach dóibh chuadar isteach i bpálás an


L. 40


rígh. Fuaradar an coire mór, coire mór na
h-Eamhna, agus fuighleach na leitean ann a déineadh
do'n tsluagh aréir roimis sin. Bhí tuairim acu
go raibh cuid éigin de'n leitin sa choire, ach ní fhéad-
faidís feuchaint isteach sa chorcán. Bhí sé ró árd.
Tháinig Iubhdán i n-aice an chorcáin. Ní raibh ann
ach mar a bhéadh sicín circe i n' aice. Bhí sé ag
gabháil tímpal ar an gcorcán agus a dhá láimh
sínte anáirde, 'ghá gcimilt de thaobh an chorcáin,
feuchaint an bhfaghadh sé aon rud go bhféadfadh sé
greim a bhreith air. Ní bhfuair. Bhí taobh an chor-
cáin chómh sleamhain le glaine mór-thímpal. Bhí
sé i gcruadh-chás agus bhí an oídhche ag imtheacht.



"Eirigh anáirde ar an each, a rígh," arsa Bébó,
"agus b'fhéidir go mbeidhfá árd do dhóithin ansan
chun breith ar bhéal an chorcáin."



Chuaidh sé anáirde ar an each. Tháinig sé féin
agus an t-each isteach i n-aice an chorcáin. Sheasaimh
sé suas ar dhrom an eich agus shín sé anáirde a
lámh. Bhí baraí a mhéireana i ngioracht cúpla
órlach do'n fhúnsa airgid a bhí mór-thímpal ar
bhéal an chorcáin. Thug sé léim agus do rug sé
ar an bhfúnsa le n-a láimh dheis. Bhain sé casadh as
féin agus chuir sé an lámh chlé ar an bhfúnsa airgid.
Bhailigh sé suas é féin go dtí go raibh cos leis ar
fhabhra an chorcáin, ar an bhfúnsa airgid. Bhí sé
ag feuchaint síos sa chorcán, ach ní fhéadfadh sé an
leite dh'fheisgint mar bhí an doircheacht ann. Shín
sé síos lámh leis feuchaint an bhféadfadh sé a lámh
do chur ar an leitin. Ní fhéadfadh. Bhí an leite


L. 41


ró fhada síos. Díreach agus é ag tarac na láimhe
chuige do shleamhnuigh a chos d'fhabhra an chorcáin
agus thuit sé isteach! Bhí oiread leitean ar thóin
an chorcáin agus go ndeigh sé síos go dtí an dá
osgail inti. Ach ní raibh sí teith. Ba mhaith an
bhail air ná raibh. Bhí sí i ndeire a teas. Thug sé
iaracht ar é féin a tharac as an leitin. Is amhlaidh
a chuaidh a dhá láimh síos inti leis an únfhairt, agus
ansan ní fhéadfadh sé lámh ná cos do choruighe i
n-aon chor, bhí sé chómh daingean san sáidhte sa
leitin agus bhí an leite chómh ríghin sin.



"Is fada ataoí, a fhir dhuibh!" arsa Bébó amuich.



"Cad 'tá at' choimeád?" ar sise.



Gruaig dhubh chasta iseadh bhí ar Iubhdán, agus
bhí a chroicean chómh geal le sneachta agus a dhá
ghruadh chómh dearg le caor. Gruaig fhionnbhuidhe
iseadh bhí ar an gcuid eile de thuaith Luchra agus
Luprachán. Ní raibh gruaig dhubh ar aon duine
eile ann ach ar an righ féin. Siné cúis go ndeirtí,
"a fhir dhuibh" leis.



D'fhreagair sé Bébó as an gcorcán.



"Imthigh-se abhaile, a Bhébó," ar seisean.



"Táim-se ceangailte go daingean anso. Ní'l
aon bhreith agam ar an áit seo fhágaint go dtí go
dtógaid muintir an rígh-theaghlaigh as mé."



"Má's mar sin atá an sgéal agat, a fhir dhuibh,"
arsa Bébó, "is focal baoth an focal a dúbhraís
go minic thall sa bhaile nuair a deirthá ná féadfadh
neach fó ghréin cosg ná ceangal do chur ort i
gcoinnibh do thoile féin."


L. 42


"Focal baoth ab eadh é gan amhras, a Bhébó.
Beidh cosg agus coimeád anso orm go ceann
bliana, an uile lá de bhliain, agus ní bheidh aon
bhreith agam ar aon radharc fhághail ar thuathaibh
Luchra agus Luprachán go dtí go mbeidh iomláine
na bliana caithte. Ach imthigh-se abhaile, a Bhébó,
agus beir leat abhaile an capall san."



"Ná h-abair-se sin, a rígh," arsa Bébó. "Ní
imtheóchad-sa uait-se go bráth go bhfeicead cad
imtheóchaidh ort."



Bhí an lá tagaithe. Bhí muintir an rígh-theaghlaigh
ag eirighe. Ba ghearr go dtáinig cuid acu chun
na h-áite 'n-a raibh an coire mór. D'fheuchadar
sa choire. Chonacadar an firín beag gleóite agus
é istigh sa chorcán agus é ceangailte sa leitin mar
a bhéadh cuil ar mhéis meala. Do liúghadar agus
do sgeartadar ar gháirí. Bhíodar ag dul ó
thritheamh go tritheamh gáirí ar feadh tamaill, ag
feuchaint ar an gcuma 'n-a raibh sé agus ar an
gcor a bhí air. Fé dheire thógadar amach as an
gcorcán é agus ghlanadar an leite dhé agus do
rugadar leó é ag triall ar Fheargus.



"Mo chubus," arsa Feargus, "ach ní h-é sin
an fear beag a bhí anso arú 'ndé. Folt fionn
a bhí ar an bhfear mbeag úd agus casair dhubh atá
air seo. Cé h-é thusa, a fhir bhig?" ar seisean,
"nó cá tír as a dtánaís?"



"De thuathaibh Luchra agus Luprachán mé," arsa
Iubhdán, "agus is mé is rígh ar na tuathaibh sin,
agus Iubhdán m'ainim."


L. 43


"An leat-sa an fear beag fionn a bhí anso arú
ndé?" arsa Feargus.



"Is liom," arsa Iubhdán.



"Tháinig sé siúd anso ar dtúis agus thánaís-se
anso anois. Cad 'tá ag bhúr dtabhairt anso?
Cad 'n-a thaobh ná fanan sibh sa bhaile? Má taoí-
se chómh géar-chúiseach leis an bhfirín eile measaim
nách maith an bhail orainn sibh a bheith ag teacht anso
chúghainn. Tháinig an fear fionn ar dtúis ag
brath na tíre seo. Thánaís-se anois chun pé droch
bheart atá ar aigne agaibh do chur chun cinn. Cé
h-í seo?"



Bhí fearg ar Fheargus agus bhí feuchaint ana
choímhtheach aige nuair a bhíodh an fhearg air. Má
bhí, níor staon Iubhdán ó'n bhfeuchaint ná ó'n
bhfeirg. D'fheuch sé idir an dá shúil ar Fheargus
agus bhí an fheuchaint chómh dána, chómh seasamhach
san gur bheag ná gur staon Feargus.



"Is í sin mo bhean," arsa Iubhdán. "Isí is
baintighearna ar thuathaibh Luchra agus Luprachán,
agus Bébó is ainim di. Ní h-ag brath na tíre seo
ná ar tí díobhála dhéanamh duit-se ná do t'mhuin-
tir a thánamair anso. An fear a tháinig anso an
lá fé dheire Eisirt is ainim dó. Isé ollamh tuatha
Luchra agus Luprachán é. Dúbhairt sé go raibh
daoine ana mhóra anso i gCúig' Uladh. Níor
chreideamair a chaint. Do gabhadh é mar geall
ar an gcaint bhréagach do rádh, dar linn. D'iar
sé aisge agus cáirde trí lá agus trí oídhche chun
go dtiocfadh sé anso agus go mbéanfadh sé leis


L. 44


abhaile cómhartha sofheicse a thaisbeánfadh dúinn
go léir go ndúbhairt sé fíor nuair adúbhairt sé
go raibh na fir mhóra so i gCúig' Uladh. Tháinig sé.
Chonacabhair go léir é. Do rug sé leis abhaile ag
triall orainn Aodh Éigeas. Chómh luath agus
chonacamair Aodh Éigeas bhí fhios againn gur
fírinne do labhair Eisirt agus gur deineadh
éagcóir air. Ansan do chuir Eisirt de gheasaibh
orm-sa teacht anso go h-Eamhain agus gur mé
céad duine chídhfeadh an leite coímhde a déanfaí
anso ar maidin indiu. A d'iaraidh radhairc
fhághail ar an leitin sin a bhíos nuair a thuiteas
isteach sa choire. Siné fírinne an sgéil go léir
agat, a Fhearguis," arsa Iubhdán, "agus," ar
seisean, "ní dúbhart-sa bréag riamh."



"Tá go breagh!" arsa Feargus. "B'fhéidir
go bhfuilimíd beagán mothaolach, dar leat-sa, a
Árdrígh bhig. Ná meas at' aigne, ámhthach, go
gcreidfimís caint de'n tsórd san. Beirtear
amach an t-Árdrígh beag so agus curtar ameasg
an gharbh-theaghlaigh é agus coimeádtar go maith é.
Caithfear a dhéanamh amach cad é an gnó a thug
anso é, nó cad é an t-uisge-fé-thalamh atá bear-
tuighthe ag na daoine beaga so do dhéanamh
orainn."



Do rugadh Iubhdán amach agus do coimeádadh é
ameasg an gharbh-theaghlaigh, agus isé a bhí go
dochraideach ann. Níor mhisde, dar leis, garbh-
theaghlach a thabhairt ar an muintir a bhí 'n-a thímpal.
Bhíodar garbh ar gach aon tsaghas cuma; garbh 'n-a


L. 45


mbéasaibh garbh 'n-a gcaint; garbh ag ithe agus
ag ól; garbh 'n-a gcuideachtanas. Ní raibh aon
taithíghe riamh ag Iubhdán ar a leithéidí agus bhí an
sgéal go mí-chothromach aige eatartha.



CAIBIDIOL A VIII



ÉAD, AGUS A LEIGHEAS



Do rugadh isteach Bébó agus do cuireadh 'n-a
suidhe anáirde ar an mbórd í, ar láimh dheis
Fhearguis, díreach mar a cuireadh Eisirt nuair a
bhí sé ann. Bhíodh na mná uaisle go léir ag baint
cainte aisti agus ag baint suilt aisti, ach níor
thaithn sí leó leath chómh maith agus do thaithn sí le
Feargus agus le ríogra Uladh. Ba léir dóibh,
idir ríogra agus mná uaisle dhóibh, ná raibh aon
bhean láithreach a bhí leath chómh h-uasal léi, i ndeabh-
ramh ná i gcló, i gcrúth ná i bpearsain, i ndeilbh ná
i maiseamhlacht. Is amhlaidh a mhéaduigh a luighead
a h-áilneacht ar gach aon tsaghas cuma. Bhíodh na
fir ag feuchaint uirthi agus ansan ag feuchaint ar
a mnáibh féin agus 'á cur i gcomparáid leó, agus
go deimhin ní h-acu bhíodh an ceann ab fhearr de'n
chomparáid. Thuigeadar na mná féin go maith
nár bh'eadh, agus d'á bhrígh sin bhíodar lán d'éad
agus de mhioscais agus de channcar chúichi. Nuair
fheuchadh aoinne d'á bhfearaibh féin uirthi agus ansan


L. 46


nuair fheuchadh sé uaithi ar a bhean féin chídís an
díombádh 'n-a shúilibh. Bhídís cráidhte loisgithe
scólta, ach ní leigeadh uabhar dóibh a leigint ortha
go dtugaidís fé ndeara an díombádh. Bhí Bébó
ana ghéar-chúiseach. Thug sí fé ndeara an sgéal
go léir agus thuig sí go h-áluinn é, ach i n-inead
aon bhogadh dhéanamh ar adhbhar an éada dhóibh is
amhlaidh a dhein sí a dícheal chun é ghéarú', agus gan
aici 'á thabhairt dóibh i gcaitheamh na h-aimsire ach
gach focal ba shéimhe 'ná 'chéile agus gach geal-
gháire ba ghile 'ná 'chéile, agus ba ghrianaighe.



Bhí Feargus ag baint cainte aisti. Bhí gach aon
tsaghas eóluis uaidh ar Mhágh Faithlinn agus ar
thuathaibh Luchra agus Luprachán; ar a nósaibh agus
ar a slígh bheatha agus ar a mbéasaibh; ar a lucht
léighinn agus eóluis agus ealadhan; ar a n-aos
dán agus ar a n-aos ceóil agus ar a bhfilíbh. Isé
rud a tháinig as an gcaint sin d'Fheargus ná gur
buaileadh isteach i n'aigne gur inis Iubhdán an
fhírinne dhó agus ná raibh aon uisge-fé-thalamh aige
féin ná ag Eisirt 'á dhéanamh, agus ná raibh aon
ghnó acu go Cúig' Uladh ach an gnó a dúbhradar.



Chómh luath agus do thuig Feargus an méid sin
d'órduigh sé Iubhdán do thabhairt 'n-a láthair.



Do tugadh isteach é agus do cuireadh ar
shuidhchán anáirde ar an mbórd é, i n-aice Bhébó.



Do labhair Feargus leis.



"A Árdrígh tuatha Luchra agus Luprachán," ar
seisean, "is eagal liom gur dheineas éagcóir ort.
Mheasas go mb' fhéidir gur namhaid tu agus gur


L. 47


ag brath na tíre seo a thánaís. Ní'l sé ceart ag
rígh, má bhíon aon droich iontaoibh aige a' duine
iasachta a thagan chuige isteach a' tír iasachta,
gan an uile shaghas aireachais a thabhairt sar a
mbéarfadh an duine iasachta leis eólus éigin,
nó aithne éigin, a chuirfeadh ar chumas namhad
teacht a gan fhios agus díobháil a dhéanamh do'n
tír agus do mhuintir na tíre. Uime sin iseadh
chuireas-sa thusa sa gharbh-theaghlach agus coimeád
chómh daingean ort. Ó'n gcaint a thárla anso
anois, idir mé féin agus do bhaintíghearna, do
buaileadh isteach am' aigne nách chun aon díobhála
dhéanamh do Chúig' Uladh ná d'Ultachaibh a thánaís, ach
mar gheall ar na geasa a chuir do rígh-ollamh ort.
D'á bhrígh sin, a Árdrígh, gaibh mo leathsgéal agus
maith dhom an éagcóir a dhéineas ort."



"Tá go maith, a Fhearguis," arsa Iubhdán.



"Mura bhféadaid dhá árdrígh mar thusa agus mise
maitheamh d'á chéile agus caradas a thabhairt d'á
chéile, conus is féidir d'ár ndaoine ar gach taobh
caradas agus muíntearthas a thabhairt d'á chéile
mar is ceart? Dhein Árdrígh Uladh éagcóir ar
Árdrígh tuatha Luchra agus Luprachán. Tá an
éagcóir sin maithte. Ní dhéanfaidh aoinne de
thuathaibh Luchra agus Luprachán díogaltas choídhche
mar gheall ar an éagcóir sin. Ach tá so agam
le h-iaraidh ar Árdrígh Uladh, ná fágfar a thuille
sa gharbh-theaghlach mé. Tá anála na bhfear mór san
ró throm. Bím dom' thachtadh ag an mbaluith atá
ins gach aon bhall 'n-a mbíd na fir mhóra gharbha


L. 48


san. Ní maith an chóir ag Árdrígh d'á chur ar
Árdrígh eile é fhágáilt 'n-a measg."



"Is fíor san, a Árdrígh, ach b'fhéidir dá mba ná
béadh coimeád ort go n-imtheófá uainn."



"Bheirim mo bhriathar rígh dhuit, a Fhearguis,"
arsa Iubhdán, "pé coimeád a bheidh orm ná ná
beidh, ná h-imtheóchad uaibh go bráth go dtí gur
toil leat féin agus le h-Ultaibh mé dh'imtheacht."



"Dá mba dhóich liom gur bh'fhíor san," arsa
Feargus, "ní bheidhthá-sa idir an ngarbh-theaghlach."



"Níor bhriseas-sa mo bhriathar riamh," arsa
Iubhdán, "agus ní bhrisfead go deó."



"Tá go maith, a Árdrígh," arsa Feargus.



Ansan d' órduigh Feargus seómra áirighthe,
seómra deiridh, an seómra ba dheise agus ba ghile
agus ba ghrianaighe a bhí sa rígh-theaghlach, do cheartú'
agus do chórú' agus do chur i dtreó d' Iubhdán.
An fhaid a bhí san d'á dhéanamh do tugadh "nua
gacha bídh agus sean gacha díge" ag triall air féin
agus ar Bhébó, agus do tugadh an uile shaghas
onóra agus urama dhóibh, agus do dhein Feargus
agus an uile dhuine de'n chuideachtain an dícheal
ba mhó b'fhéidir chun áthais do chur ar an mbeirt
agus chun aoibhnis a thabhairt dóibh.



Bhíodh an díombádh agus an seirbhthean agus an
ceann-fé ar na fearaibh uaisle nuair fheuchaidís ar
Bhébó agus ansan nuair a chídís a mná féin, d'á
bhreághthacht iad agus d'á uaisleacht iad, chómh
garbh, chómh tútach, chómh mísgiamhach, i gcomparáid
léi, ach dheineadar a ndícheal chun gan a leigint


L. 49


ortha gur thugadar fé ndeara an deifrigheacht,
le h-eagla ná taithnfadh san le Bébó. Thug na
mná go léir fé ndeara an seirbhthean agus an
díombádh, ach níor leigeadar ortha gur thugadar,
le h-eagla ná taithnfadh san le n-a bhfearaibh. Do
thuig Bébó, agus do thuig Iubhdán, cad a bhí i
n-aigne na bhfear agus cad a bhí i n-aigne na mban,
ach níor leigeadar ortha gur thuigeadar blúire
dhé. Bhí a n-aigne féin ró uasal, agus ba lag leó
neithe de'n tsórd san a thabhairt fé ndeara i n-aon
chor. Chonaic Bébó gur ró bhaoghal go mbéadh
droch obair sa chuideachtain ar ball. Bhí sí ag
déanamh a díchil chun bheith séimh agus sultmhar agus
gealgháiriteach leis na fir, a d'iaraidh an tseirbhthin
a bhaint díobh. B'shin mar ba mhó, ámhthach, a thug
sí le feisgint dóibh an áilneacht agus an uaisleacht
agus an mhaiseamhlacht a bhí inti seachas a mná féin,
agus b'shin mar ba mhó a chonaic a mná féin an
díombádh agus an seirbhthean a bhí ortha. Bhí
priúnsa óg agus ríogan óg ar an gcuideachtain.
Óigbhean ana bhreagh, ana dhathamhail, ab eadh an
ríogan. Bhí uaisle óga Chúig' Uladh go léir, agus
uaisle abhfad lasmuich de Chúig' Uladh, ag cail-
leamhaint a meabhrach a d'iaraidh go bhfaighdís í le
pósadh, go dtí gur thárla geallamhaint phósta idir
í féin agus priúnsa Laighneach a bhí uasal, ríoga,
cródha, maith a dóithin dí ar gach aon tsaghas cuma.
Bhí an priúnsa Laighneach ag feuchaint ar Bhébó.
Bhí an ríogan óg ag feuchaint air-sean agus an
dá shúil mhóra, sholusmhara ar dian-leathadh aici le


L. 50


h-eagla, nuair fheuchfadh sé uirthi féin go bhfeicfeadh
sí an díombádh agus an seirbhthean 'n-a ghnúis. Ba
ghearr gur fheuch, agus do chonaic. Chonaic sí go
soiléir gur bheag ná go raibh gráin aige uirthi agus
ná raibh leigheas aige air. Bhí sí i riocht dul i laige
le buairt agus le h-anaithe. Bhí fáinne óir idir
a méireanaibh aici agus í 'ghá chasadh agus ag iniúchadh
na cloiche soluis a bhí ann, a d'iaraidh a leigint
uirthi ná raibh aon rud uirthi ná aon rud aici dh'á
thabhairt fé ndeara. Bhí creathán ins na méir-
eanaibh agus ar éigin bháis fhéadadh sí na deóracha
choimeád siar gan teacht as a súilibh. Le neart
an anaithe a bhí uirthí, agus mar gheall ar an
gcreathán, do shleamhnuigh an fáinne as a méireanaibh
agus do thuit sé ar an mbórd. Do ghluais sé
go breagh réidh, fan an bhúird anonn, go dtí gur
stad sé ag cosaibh Bhébó. Thóg Bébó suas an
fáinne. Bhí muirighean a dhá lámh ann go maith.
D'eirigh sí agus shiúbhluigh sí treasna an bhúird
agus an fáinne sa dá láimh aici agus chuir sí an
fáinne ar mhéir na ríogna, ar an méir n-ar cheart
fáinne pósta chur uirthi, agus thug sí súil-fheuchaint,
le n-a linn sin, anonn ar an bpriúnsa Laighneach.
Bhí an priúnsa ag feuchaint go dlúth, sa n-am
gcéadna, ar Bhébó agus ar an ríogain óg, agus
pé 'cu chuir Bébó draoidheacht éigin ar a shúilibh, nó
gur chuir sí draoidheacht éigin ar dheilbh na ríogna,
shamhluigh an priúnsa ná feacaidh sé riamh aoinne
d'fheuch chómh breagh agus d'fheuch an ríogan an uair
sin. D'fheuch sí níos áilne go mór 'ná mar fheuch


L. 51


Bébó féin. Do las an t-áthas 'n-a shúilibh agus
'n-a ghnúis nuair a chonaic sé an méid sin. Do
thárla gur fheuch an ríogan 'n-a threó an neómat
céadna agus go bhfeacaidh sí an t-áthas. Do las
áthas 'n-a gnúis féin ag freagairt an áthais sin.
Do mhéaduigh sin a h-áilneacht go mór.



Nuair a bhí Bébó ag siúbhal treasna an bhúird
agus an fáinne aici, agus í ar éigin ábalta ar an
ualach do bhreith léi, bhí Feargus agus an chuideachta
ins na trithíbh dúbha ag gáirí, agus gach aon liú acu
ag moladh a nirt. Nuair a bhí an fáinne beirthe
anonn aici agus an gnó déanta aici tháinig sí
anall thar n-ais agus shuigh sí mar a raibh sí ar
dtúis i n-aice Iubhdáin.



Pé 'cu chuir sí draoidheacht éigin eile ar an
gcuideachtain, nó gur b'amhlaidh a tháinig atharú'
aigne ortha féin nuair a chonacadar a shuaraíghe a
bhí sí 'n-a tuirt, pé rud a bhain dóibh d'imthigh an
seirbhthean agus an díombádh des na fearaibh agus
d'imthigh an t-éad des na mnáibh.



Bhí an aimsir go suairc agus go h-aoibhinn acu
as san amach. Bhí Feargus ag baint cainte a'
h-Iubhdán, 'ghá fhiafraighe dhé cad é an saghas dlighthe
a bhí aige i Mágh Faithlinn agus conus a curtí na
dlighthe i bhfeidhm; cad é an neart slógh a bhí aige
agus conus a déintí gnóthaí cogaidh a mhúineadh
dhóibh; cad iad na gníomhartha gaile agus gaisge
a dheineadh na fir láidre a bhí aige. Ní raibh aon
tseó ach an sult a gheibheadh an chuideachta ins na
tuairisgibh a thugadh Iubhdán uaidh ar na cathanaibh


L. 52


móra a throideadh tuatha Luchra agus Luprachán i
gcoinnibh a namhad, agus ar na gníomharthaibh
iongantacha a dheineadh na fir mhóra a bhí ortha.
D'inis sé dhóibh i dtaobh Ghlómair mhic Glais mhic
Glomraide agus conus mar a dheineadh sé an
feóchadán do leagadh le h-aon bhuille chlaidheamh,
rud ná féadfadh aon fhear eile ar thuathaibh Luchra
agus Luprachán a leithéid a dhéanamh.



"Tá sé nách mór seacht n-órlach ar aoirde,"
arsa Iubhdán, "agus téagartha d'á réir, agus é
cúmtha córach fuinneamhail, agus an dáréag eile
is treise againn do theacht chuige isé a ndícheal é
threasgairt."



Ba dhóich le duine go dtuitfeadh an t-anam tur
teith a' cuid des na fearaibh a bhí láithreach nuair
airighdar an gníomh mór, an feóchadán do leagadh
le h-aon bhuille chlaidheamh, agus neart uathbhásach
an fhir a bhí suas le seacht n-órlach ar aoirde.
Níor gháir Feargus i n-aon chor, ámhthach. Ghlac sé
caint an fhir bhig chómh mór dáiríribh agus dá mba
ag trácht a bhéad sé ar Ultach éigin a bhéadh suas le
seacht troighthe ar aoirde agus bhainfeadh an chos
de chapall le h-aon bhuille chlaidheamh. Chonaic
Iubhdán an chuid eile ag gáirí agus gan aon
gháire ag teacht a' Feargus. Do labhair sé.



"Ní ró mhaith an tuisgint atá ag cuid de t'
dhaoinibh-se, a Fhearguis, a bhráthair," ar seisean.



"Cad uime go n-abhran tú an chaint sin, a
Árdrígh?" arsa Feargus.



"Is cúrsaí gáirí leó fear láidir ar thuathaibh


L. 53


Luchra agus Luprachán a bheith suas le seacht
n-órlach ar aoirde. Dá mbéadh sé suas le seacht
troighthibh ar aoirde ní dhéanfaidís aon gháire uime.
Cá bh'fhios dóibh ná go bhfuil tír éigin ar uachtar
na cruinne agus go bhfaighfí fear láidir ann a
bhéadh suas le seacht slata ar aoirde. Dá dtagadh
fear ó thír de'n tsórd san anso go Cúig' Uladh
an dóich leat ar chúrsaí gáirí leó é?"



"Má tá a leithéid de thír ann, a Iubhdáin, a
bhráthair," arsa Feargus, "tá súil agam go
bhfanfaid na daoine sa bhaile ann, nó má fhágaid
siad an baile ná faghaid siad eólus na slíghe anso
mar a fuarais-se agus do bhaintighearna. Dá
bhfaighdís measaim nách gáirí a bhainfidís a'
h-uaislibh Uladh."



Do stad an gháirí laithreach. Tháinig náire ar
na h-uaislibh nuair a thuigeadar an droch mhúineadh
a bhí taisbeánta acu d'Iubhdán agus do Bhébó,
agus chromadar ar a ndícheal a dhéanamh chun urama
agus onóra thaisbeáint dóibh ar gach aon tsaghas
cuma. Ní raibh Aodh Éigeas ann. D'fhan sé i
Mágh Faithlinn i dteannta Eisirt. Ach bhí filí
agus éigse agus lucht ealadhan go tiugh acu i
n-éaghmais Aodha, agus chuireadar ar siúbhal iad
chun spóirt agus aoibhnis agus caitheamh aimsire
dhéanamh d'Iubhdán agus do Bhébó.


L. 54


CAIBIDIOL A IX



DHÁ ÁRDRÍGH



Nuair a bhí deire leis an bhféasta agus leis an
gcaitheamh aimsire do thóg Feargus Iubhdán ar a
bhais chuige, agus do thóg an ríogan óg úd Bébó
ar a bais. Bhí an t-aragul, an seómra deirigh,
curtha i dtreó dhóibh um an dtaca san, fé mar a
dh'órduigh Feargus. Do rug Feargus agus an
ríogan óg an bheirt leó go dtí an seómra san.
Do lean an priúnsa Laighneach agus tuille de'n
chuideachtain iad.



"Seo, a Árdrígh," arsa Feargus. "Bíodh an
t-aragul so agat-sa an fhaid a bheidh tú anso i gCúig'
Uladh."



"Is maith an t-aragul é seo, a Fhearguis, a
bhráthair," arsa Iubhdán, "ach tá aragul agam-sa
sa bhaile i Mágh Faithlinn atá níos fearr go mór
'ná é. D'ór dhearg atá an leath uachtarach de
m'aragul-sa déanta, agus tá an leath iachtarach
dé déanta d'airgead ghléigeal. Tá fárdorus
finndruinne os cionn a dhoruis agus is d'úmha
atá an táirseach déanta, agus isé díon atá air
'ná cleití na n-eun is áilne dath. Tá cainnleóir
áluinn ór-daithte i lár an araguil sin agus
cainneal ar lasadh sa chainnleóir sin agus tugan
an chainneal san solus dúinn, solus aoibhinn ná
tagan lagú' ná dorchú' choídhche air. Tá mór-
thímpal ar sholus na cainnle sin coróinn de


L. 55


chlochaibh luachmhara a bhíon coitchianta ag taithneamh
agus ag spréacharnaigh sa tsolus. - Ní'l gruaig
dhubh ar aoinne d'ár ndaoine. Folta buidhe
barachasa atá ortha go léir. Ní'l dubh ach mise
agus an t-Árdríogan anso. Agus feuch, a
Fhearguis, a bhráthair; ní thagan breóiteacht ná
easba sláinte ná aos ná fuirbhtheacht ná bás ar
aoinne sa tír as a dtánamair-ne. Bíon gach
aoinne i mbláth na h-óige ann choidhche. Agus
aoinne thagan ag triall orainn agus gur maith leis
fanmhaint, bíon míle fáilte againn roimis. Tá
ár ndóirse ar osgailt i gcómhnuidhe do gach aoinne
a thagan."



Do fágadh Iubhdán agus Bébó sa n-aragul san,
agus thagadh Feargus gach aon lá agus bheireadh sé
leis ar a bhais Iubhdán, ag taisbeáint na tíre dhó
agus ag taisbeáint na ndaoine dhó, agus bhíodh
sé ag faire ar gach aon fhocal a thagadh ó Iubhdán
mar thuigeadh sé go mbíodh ana bhrígh agus ana
dhoimhneas 'n-a chaint. Agus ní h-é Feargus
amháin a bhíodh ag faire ar a chaint ach an uile Ultach,
uasal agus íseal, a gheibheadh aon chaoi ar bheith
ag éisteacht leis.



Bhí fear ar theaghlach Fhearguis agus b'é a ghnó
teinteacha an teaghlaigh d' adú' agus aire thabhairt
dóibh i dtreó ná raighdís i n-éag. Fer dedh a
tugtí ar an bhfear go raibh an cúram san air.
Is ionan fear dedh agus giolla teine, agus giolla
teine a tugtí 'n-a dhiaigh san ar an seirbhíseach
san. Bhí an fear dedh lá ag adú' na teine agus


L. 56


bhí Iubhdán ag feuchaint air. Chuir an fear dedh
féithlean fó chrann ar an dteine díreach mar a
chuirfeadh sé aon adhmad eile. Do labhair
Iubhdán.



"A fhir seo a dheinean deatach mór ag adú' na
dteinte agus a loisgean mórán adhmaid, ná
loisg rígh na gcrann. Déin an teine do rígh
na bhfleadh, d'Fheargus uasal na slógh, ach ná cuir
sa teine sin rígh na coille. Ná loisg rígh na
bhfeadh do rígh na bhfleadh. Is fann é an féithlean.
Ní'l slóighte móra aige mar atá ag Árdrígh Uladh.
Ach tá a neart féin aige. Ní'l an crann san ag
fás a' talamh na h-Éirean ná fuil fé n-a smacht.
Cuirean sé a ghéaga caola fada tímpal ar an
gcrann is mó agus is treise, agus is seirbhíseach
an crann san dó feasta. Ná loisg é, a fhir an
deataigh. Is dual dó an uraim is dual do rígh.
Tabhair dó an uraim is dual dó, nó beidh a
chathughadh ort. Goinfidh faobhar thu nó báthfaidh
uisge thu.



"Ná loisg an crann-ubhall áluinn, crann
na ngéag bhfaon fé ualach mhilis, crann an chinn
bháin gur minic air lámh an duine.



"Ná loisg an draighean dubh. Ní loisgid saoir
é. Tugan sé díon do'n eun sa gheimhre.



"Ná loisg crann sailíghe, crann na bhfilí. Tá
mísleacht dán ann. Tá mil do bheachaibh ann. Is
aoibhinn bheith ag éisteacht le crónán na mbeach
agus iad ag deól na meala as a bhláthaibh. Ní
ceart é chur sa teine.


L. 57


"Loisg an cárthan, crann na ndraoidhthe, crann
caomh na gcaor ndearg, crann na bpiseóg agus
na deismireachta. Ach seachain an coll, coll na
ngeug bhfann agus na gcnó a thaithnean leis an
bhfiacail. Ná loisg an coll, a fhir an deataigh.



"An fhuinnseóg; dorcha a dath. Cuirean sí
luas i rothanaibh; slata i lámhaibh marcach; ruag
ar namhaid i gcath. Is mairg a loisgfeadh í.



"Loisg an dris, an rud ríghin deilgneach
a ghearan cos an duine agus do stracan a
chuid éadaigh. Loisg an dris idir chríon agus
glas.



"Adhmad teith dair úr. Ní gnáth aoinne
séimh uaidh. Cuirean a ghál teinneas cinn ar
dhaoine agus cuirean a ghríos teinneas 'n-a súilibh.
Ná cuir sa teine an t-adhmad a chuirfeadh meidh-
reán agus sile súl ar dhaoine.



"Ná staon ó'n gcrann-fearna do losgadh,
badhb teasaidhe na coille. Is fada ó fhuacht duit
teine fearna agus sgeithe gile.



"Cuileann, loisg a úr. Cuileann, loisg a
chríon. Chun teine ní'l crann le fághail is fearr
'ná cuileann.



"An trom, an droch adhmad, crann eachra na
slógh sídhe, loisg go mbeidh 'n-a ghual.



"Loisg an beithe nuair a gheabhair sínte ar an
dtalamh é. Agus loisg go mall agus go moch,
pé tráth is maith leat é, an crann úd go mbíon a
bhárr ar crith.



"Ach an t-iubhar, an t-adhmad is uaisle dhíobh


L. 58


go léir, crann na bhfleadh, mar is eól duit, dabhacha
donna is ceart a dhéanamh dé.



"Glac mo chómhairle, a fhir an deataigh. Cuirfidh
an chómhairle sin an rath ort i dtaobh anama agus
chuirp."



Thug an giolla aire mhaith do gach focal d'ár
labhair Iubhdán an uair sin agus do ghlac sé an
chómhairle agus do dhein sé beart d'á réir as
san amach.



Bhí Iubhdán ar an gcuma san i gCúig' Uladh agus
saor-chóimeád air agus níor bheag d'aiteas le
fearaibh Uladh agus le Feargus bheith i n'fhochair
ag feuchaint air agus ag éisteacht le n-a chaint.
An bhreis a bhí acu-san air-sean i méid cuirp bhí
sé aige-sean ortha-san i ngéar-chúis agus i n-éirim
agus i n-inntleacht aigne.



Dhein Feargus cathaoir bheag dheas, i bhfuirm
cárbait, agus do dhaingnigh sé an chathaoir ar a
chuislinn chlé, agus do chuireadh sé Iubhdán 'n-a
shuidhe sa chathaoir sin. Ansan do ghabhadh sé
amach ar fuid na h-áite agus cuid d'uaislibh Uladh
i n-aonfheacht leis, agus iad go léir, idir rígh
agus uaisle, ag faire ar gach aon chor a chuireadh
Iubhdán dé, agus ar gach aon fhocal a deireadh sé.



Thánadar mar sin, Feargus agus Iubhdán,
isteach sa n-áit 'n-a raibh cuid de bhantracht Uladh.
Bhí cuid des na ríognaibh óga agus iad ag cíoradh
a gcinn agus ag cur órnáidí ar a ngruaig, agus
mórán de dhuagh na h-oibre sin acu d'á fhághail.
Do stad Iubhdán ag feuchaint ortha ar feadh


L. 59


tamaill. Do stad na h-uaisle ag feuchaint ar
Iubhdán agus ag feitheamh leis an bhfocal a
déarfadh sé. Fé dheire do dhein Iubhdán gaire.



"Cad fé ndeara dhuit an gháire sin a dhéanamh,
a rígh?" arsa Feargus.



"Tá cúis gháire agam, a rígh," arsa Iubhdán.



"Nár dhóich le h-aoinne gur ar mhaithe leis an
gceann a deintear an cíoradh go léir agus an
sleamhnú' go léir, agus an fígheadh agus an casadh
go léir?"



"Agus ar ndó' iseadh leis," arsa Feargus.



"Ní h-eadh i n-aon chor, a rígh," arsa Iubhdán.



"Is díobháil a dheineann an obair sin do'n cheann."



"Agus cad chuige go ndeintear an obair, má
'seadh?" arsa Feargus.



"Deintear an obair go léir ar mhaithe
le d' shúilibh-se agus le m'shúilibh-se, a rígh," arsa
Iubhdán.



"Agus cad é an tairbhe dheinean an obair sin
d'ár súilibh-ne, a rígh?" arsa Feargus.



"Is cuma leis na ríognaibh óga san ach go
bhfeicfear áilneacht a bhfolt agus go ndéanfar
iongnadh de'n áilneacht," arsa Iubhdán.



"Agus cad é an tairbhe do'n áilneacht iongnadh
dhéanamh dé?" arsa Feargus.



"Nach shiné bhainean an gháire asam, a rígh!"
arsa Iubhdán.



Chuadar lá go tigh duin' uasail a bhí n-a cheann
airm ag Feargus. Bhí bróga nua fághalta ag an
nduin' uasal agus bhí sé 'ghá gcur uime. Thug sé


L. 60


fé ndeara go raibh na buinn ana thanaidhe fútha.
Dhírigh sé ar spídiúchán ar an ngréasaidhe agus ar
ghearán ná seasóch' na bróga aon fhaid, mar gheall
ar na buinn a bheith chómh tanaidhe futha, agus d'á
éaghmuis sin ná cosanóchaidís buinn a chos ar
chlochaibh an bhóthair nuair a bhéadh air dul ar
slógadh le Feargus.



Nuair a thánadar uaidh do chuir Iubhdán gáire as.



"Cad fé ndeara an gháire sin, a rígh?" arsa
Feargus.



"An fear úd a bhí ag cáineadh na mbróg," arsa
Iubhdán, "is beag an gádh atá aige le h-iad do
cháineadh. Táid na buinn tanaidhe. Má táid
féin mairfid buinn na mbróg níos sia 'ná mhairfid
buinn na gcos."



Ní rabhadar a bhfad imthighthe ó thigh an duin' uasail
sin nuair a tháinig sgéala chúcha go raibh an duin'-
uasal marbh. Go dtáinig ceann-airm eile chun an
tighe chéadna. Gur eirigh idir an mbeirt. Gur
throideadar, agus gur thuit an bheirt.



"Seadh!" arsa Iubhdán. "Bhí na buinn úd
láidir a ndóithin!"



Ar theaghlach Fhearguis a bhí an bheirt a mhairbh a
chéile. Do deineadh iad do thoramh. Bhí Feargus
agus Iubhdán ar an dtóramh. Chonaic Iubhdán
an dá chorp agus iad 'n-a luighe i n-aice 'chéile ar
an gclár. Bhí sé ag feuchaint ortha ar feadh
tamaill mhaith.



"Cad is dóich leat dóibh anois, a rígh?" arsa
Feargus.


L. 61


"Feuchaid siad ana mhuínteartha le chéile anois,
a rígh," arsa Iubhdán. "Tá síothcháin eatartha
anois," ar seisean, "síothcháin a bheidh buan."



Tar éis an tóraimh tháinig lá a n-adhlactha. Do
deineadh an dá uaigh i n-aice 'chéile, agus do
cuireadh órnáid mhór ar na h-uaghnaibh toisg gur
bhain na fir le teaghlach an rígh. Bhí cuid des na
daoine ag cogarnaigh.



"Is deise an uaigh seo," adeireadh duine.



"Ní deise," adeireadh duine eile. "Is deise
í seo."



"Beir i n-aice na n-uaghna mé, a rígh," arsa
Iubhdán, "go bhfeuichad síos ionta."



Do rug. Thug sé tamall ag feuchaint síos i
n-uaigh acu.



"Beir chun na h-uagha eile mé, a rígh," ar seisean.



Do rug. Thug sé tamall ag feuchaint síos inti
sin.



"Déanfaidh san an gnó, a rígh," ar seisean.



Dhruid Feargus siar ó-s na h-uaghnaibh. Bhí sé
féin agus a raibh láithreach ag faire agus cluas
ar gach aoinne feuchaint cad déarfadh Iubhdán.
Níor labhair Iubhdán. Fé dheire do labhair
Feargus.



"Cia 'cu uaigh is dóich leat is deise, a rígh?"
arsa Feargus.



"'Is deacair rogha bhaint a' dhá dhíg,' a Fhearguis,
a chara," arsa Iubhdán



Thug san ádhbhar machtnaimh d'á raibh láithreach.


L. 62


CAIBIDIOL A X



DÍOGHALTAS NA BHFEAR MBEAG



Bhí Iubhdán ar an gcuma san i n-Eamhain agus
ana chaitheamh aimsire ag Feargus agus ag uaislibh
Uladh 'á bhaint as. Ach bhí uaigneas mór ar
thuathaibh Luchra agus Luprachán i ndiaigh a rígh.
Tháinig na tighearnaí agus na h-uaisle agus na
maithe móra i gcómhairle, feuchaint cad ba mhaith
dhóibh a dhéanamh chun an rígh d'fhuasgailt agus do
thabhairt leó abhaile. Bhí ar an gcómhairle sin
Conán mac Ruichid, agus Géarchú mac Gairid,
agus Ríghbeg mac Róbhig, agus Luigín mac Luigid,
agus Glúnán mac Gabhairn, agus Feabhal mac
Feóirín, agus Cinnbeg mac Gnumáin, agus
Bríghbeg mac Buain, agus Bran mac Luain, agus
Mether mac Mintáin. Bhí ar an gcómhairle
chéadna Glómar mac Glais mic Glomraide, an
tréanfhear, an fear a dheineadh an feóchadán do
leagadh le h-aon bhuille chlaidheamh. Bhí ar an
gcómhairle sin, leis, Eisirt mac Big mic Buaidh-
geine, an t-árd-ollamh. Do deineadh a lán
cainte mar is gnáth a dhéanamh i gcómhairle d'á
sórd, agus bíodh gur chainteóirí beaga a bhí ag
déanamh na cainte, dheineadar oiread cainte
agus dá mbéadh gach fear díobh sé troighthe ar
aoirde i n-inead aon leath-troigh amháin.



Sa chaint dóibh níor fhéad na cainteóirí gan a
thabhairt le tuisgint go raibh milleán mór acu ar


L. 63


Eisirt mar gur bh'í an gháire úd a dhein Eisirt fé
ndear an rígh bheith i mbraighdineas i gCúig' Uladh
uatha. Níor leig eagla dhóibh labhairt ró shoiléir
sa méid sin de'n sgéal mar bhí Aodh Éigeas, an
fear mór, an fathach dar leó, ansúd 'n-a shuidhe ar
a bhosga agus ná raghadh ceann aon fhir acu thar
leath slíghe go glúinibh air, agus uraim an domhain
aige d'Eisirt. Thuigeadar 'n-a n-aigne dá
gcuiridís fearg air ná béadh aige ach eirighe agus
cromadh ar ghabháil do chosaibh ionta agus go
mbéidís go léir marbh aige gan puinn ríghnis.
Thuig Eisirt cad a bhí 'n-a n-aigne. D'eirigh sé
agus do labhair sé.



"A mhaithe agus a mhór-uaisle tuatha Luchra agus
Luprachán," ar seisean, "ní h-aon tairbhe
dhúinn anois bheith ag cásamh an uilc agus an
mhí-ádh atá tagaithe orainn, ná bheith a d'iaraidh a
dhéanamh amach cé fé ndear an t-olc ná cad fé
ndear é. Is ar cad a leighisfidh an t-olc is ceart
bheith ag cuimhneamh anois. Tá Iubhdán i gCúig
Uladh ag Feargus mac Léide. Tá sé ar saor-
choimeád aige ann. Tá uraim agus onóir aige
d'á fhághail ó Fheargus i gCúig' Uladh, agus ó n-a
bhfuil d'Ultaibh ann, oiread díreach agus d'fhéad-
fimís féin a thabhairt dó dá mbéadh sé anso sa
bhaile againn. Is cuimhin libh go léir an chaint úd
a bhain an gháire úd asam-sa an oídhche úd a
gabhadh mise le h-órdú' an rígh. Do labhair
Iubhdán an oídhche sin ar fheabhas na gcuraí agus na
gcathmhilí a bhí sa tigh seo an oídhche sin. Isiad na


L. 64


curaí céadna agus na cathmhilí céadna atá anso
anocht. Do labhair sé ar na tréanfhearaibh agus
ar na ríghdhamhnaibh mear-bhorba mear-láidire
mór-ghníomhacha a bhí anso an oídhche sin. Isiad na
tréinfhir chéadna agus na ríghdhamhnaí céadna atá
anso anocht.



"A mhaithe agus a mhór-uaisle, ní foláir dómh-sa
an méid seo do rádh anois. D'fhiafraigh Iubhdán
daoíbh-se an oídhche úd an bhfeacathas riamh cath-
mhilí dob' fhearr 'ná na cathmhilí a bhí aige féin.
Dúbhrabhair go léir d'aon ghuth ná feacathas.
Anois an t-am agaibh chun a thaisbeáint ciacu bhí
fírinne sa bhfreagra san nó ná raibh."



"Cad tá le déanamh againn chun san do thais-
beáint, a rígh ollamh?" arsa Conán mac Ruichid.



"Dá mbéadh fírinne sa bhfreagra úd, a
Chonáin," arsa Eisirt, "do raghadh seacht catha
féinne tuatha Luchra agus Luprachán, fé n-a
gcuraí agus fé n-a gcathmhilí agus fé n-a ríghdamh-
naibh, líon a slógh, go h-Éamhain, agus d'iarfaidís
ar Fheargus mhac Léide a rígh thabhairt dóibh le
fuasgailt, agus dhéanfaidís luach maith do thairis-
gint dó mar fhuasgailt."



"Ó," ar siad go léir, "siné díreach atá
againn le déanamh! Deinimís láithreach é. Is
truagh nár cuimhnigheadh air níos túisge!"



Do ghleus gach cathmhile agus gach cura agus
gach ríghdhamhna a neart slógh féin ar aon láthair
agus ghluaiseadar gan a thuille ríghnis. Ní
h-innstear conus a chuireadar an tslígh dhíobh


L. 65


ach gur shroiseadar faithche na h-Éamhna agus go
rabhdar ann sar ar eirigh grian ar maidin amáireach
a bhí chúghainn. D'eirigh lucht na catharach agus
d'fheuchadar amach. Chonacadar amuich ar an
bhfaithche na daoine beaga go léir, na céadta
mílte acu, agus iad riartha gleusta go h-áluinn,
i n-arm 's i n-éide agus i n-iodhnaibh catha, agus gan
an fear ba mhó acu thar leath-troigh ar aoirde.
Chuireadar teachtaireacht isteach 'ghá rádh gur
theastuigh uatha labhairt leis an Árdrígh. Tháinig
Feargus agus uaisle Uladh amach láithreach go
fonnmhar, ní h-amháin chun na teachtaireachta
d'fhreagairt ach chun go bhfeicfidís an radharc,
leis. Ní raibh Eisirt amuich. D'fhan sé féin
agus Aodh sa bhaile i ndiaigh na slógh ag tabhairt
aire do'n áit. Tháinig Conán mac Ruichid i
gcómhngar d'Fheargus agus d'úmhluigh sé dhó agus
do labhair.



"A Árdrígh Uladh," ar seisean, "tá Iubhdán,
Árdrígh tuatha Luchra agus Luprachán, Árdrígh
Muighe Faithlinn, anso i mbraighdineas agat-sa.
Sinne a mhuintir. Thánamair ag triall ort 'ghá
iaraidh ort ár rígh thabhairt dúinn le fuasgailt,
agus tabharfaimíd luach maith dhuit air."



"Cad é an luach a thabharfaidh sibh dom air?"
arsa Feargus.



"Is mór agus is fairsing an machaire é seo,"
ar siad, "an mágh so na h-Éamhna. Cuirfimíd
bara cruithneachtan ar an machaire seo gach bliain
duit, gan a bheith oraibh é threabhadh ná do leasú'


L. 66


ná aon phioc eile d'á dhuagh fhághail. Ní bheidh
oraibh fiú aon ghráinne síl do chur ann, ach fásfaidh
an chruithneacht uaithi féin chúghaibh 'n-a bróin
throm shaidhbhir."



"Ní thabharfad-sa Iubhdán daoíbh ar an bhfuas-
gailt sin," arsa Feargus.



"Má seadh," ar siad, "nuair ná tabharfá
dúinn é le fuasgailt déanfaimíd díoghaltas
ort."



"Agus cad é an díoghaltas a dhéanfaidh sibh
orm?" arsa Feargus.



"Imtheóchaimíd mór-thímpal tré Chúig' Uladh
agus sgaoilfimíd gamhna na Cúige chun a máith-
reacha agus deólfaid na gamhna na máithreacha
agus ní bheidh, ar maidin amáireach, oiread leamh-
nachta le fághail i gCuig' Uladh agus dhéanfadh
deoch d'aon bhunóic amháin."



"Bíodh agaibh," arsa Feargus, "ach ní bheidh
Iubhdán agaibh."



D'imthigheadar agus dheineadar an fhoghail sin,
mar adúbhradar. Tháinig an mhaidean. Chuaidh
mná na Cúige ag crúdh na mbó. Ní raibh diúir
bhainne le fághail ó aon bhoin i gCúig' Uladh. Shíl
gach bean-chrúidhte gur bh'iad a ba féin a bhí gan
bainne agus go bhféadfadh sí, nídh nár bh'iongnadh,
raint bhainne fhághail ar iasacht i gcóir an lae sin.
Bhuail na mná umá chéile agus iad ag dul a
d'iaraidh iasachta an bhainne ar a chéile.



"An bhféadfá raint bhainne thabhairt dom ar
iasacht go dtí amáireach?" adéarfadh bean le


L. 67


mnaoi eile. "Chuaidh na gamhna chun na mbó
aréir agus ní'l braon ag aon bhoin indiu."



"Aililiú!" adéarfadh an bhean eile, "d'imthigh
an rud céadna díreach ar mo bhuaibh-se agus is
amhlaidh a bhíos ag teacht ag triall ort-sa feuchaint
an bhfaghainn raint bhainne uait ar iasacht."



Le n-a linn sin thiocfadh an trímhadh bean suas
agus an focal céadna aici. Níor bh'fhada gur
tuigeadh ná raibh oiread agus diúir bhainne le
fághail ó aon bhoin i gCuig' Uladh. Cheap na mná
láithreach gur droch nídh éigin a bhí tagaithe ar bhuaibh
na Cúige agus go raibh an dúthaigh creachta. Ba
ghearr ná raibh ar fuid na Cúige, thoir thiar thall,
ach liúireach agus ologón agus bualadh bas. Bhí
mná na catharach chómh mór buairt agus lógóireacht
le mná na tuatha. Bhí sé buailte isteach 'n-a
n-aigne ná faighfí aon bhraon bainne choídhche airís ó
aon bhoin i gCúig' Uladh.



I lár an éirligh do chruinnigh tuatha Luchra agus
Luprachán airís ar faithche na h-Eamhna, i n-íodhnaibh
catha, díreach mar a bhíodar indé roimis sin.
Tháinig Feargus amach chun cainte leó.



"An dtabharfair ár rígh dhúinn, a Fhearguis?"
ar siad.



"Ní thabharfad," arsa Feargus. Agus do
theip air gan sgeartadh gáire chur as nuair a
chonaic sé na fir bheaga agus iad chómh feargach,
chómh fíochmhar, chómh cródha 'n-a bhfeuchaint, gur
dhóich le duine go marbhóchaidís an saoghal, agus
gan aon fhear acu thar sé h-órlach ar aoirde!


L. 68


"Mura dtugair dúinn ár rígh, a Fhearguis,"
ar siad, "déanfaimíd foghail eile anocht ort."



"Cad í an fhoghail a dhéanfaidh sibh anocht orm?"
arsa Feargus.



"Ní fhágfaimíd tobair i gCuig' Uladh gan sailiú
oraibh. Ansan ní bheidh deoch uisge ná deoch
bhainne agaibh. Ach má tugtar ár rígh dúinn leighis-
fimíd an fhoghail a dheineamair aréir agus ní
dhéanfaimíd a thuille foghla ort, agus beidh cion
dá lae de bhainne indiu ag bhúr mbuaibh."



"Ní bhfaighidh sibh Iubhdán air sin," arsa Feargus.



D'imthígheadar an oídhche sin agus dheineadar
mar a ghealladar. Tháinig na daoine ar maidin
a d'iaraidh an uisge. Tháinig bean chun an tobair
ba ghiora dhi.



"Óchón!" ar sise. "Cad d'imthigh ar an
dtobar!"



Siúd chun siúbhail í fé dhéin tobair eile.
Siúd ag teacht 'n-a coinnibh bean eile agus
an t-"Ochón" céadna aici. Siúd fé dhéin an
trímhadh tobair an bheirt. Siúd 'n-a gcoinnibh
an trímhadh bean agus an t-"Ochón" céadna aici-
sin leis. Ba ghearr go raibh aon phuilemoliú
amháin ar fuid na dútha acu. An mhaidean ag
gluaiseacht, gnó gan déanamh, biadh gan ollamhú',
agus gan aon bhraon uisge le fághail! Ba
ghearr go raibh sgannra ag teacht ar na daoine
go léir. Na ba i ndísg! Na toibreacha loitithe!
Cad é an chéad olc eile thiocfadh! Chaith gach bean
a h-árthach ar an dtalamh uaithi agus shuigh sí ar


L. 69


an gclaidh ag gol. Bhí na páistí ins na dóirsibh
ag béicigh. Bhí na fir anso 's ansúd 'n-a dtriúr
a's 'n-a gceathrar, ag feuchaint ar a chéile agus ná
feadradar cad ba mhaith dhóibh a rádh ná a dhéanamh,
nó cad é an sgéal nua thabharfadh an lá 'máireach
leis.



Ar ball tháinig na sluaighte móra de dhaoine
beaga ar faithche na h-Eamhna. Tháinig Feargus
chun cainte leó.



"Cuir chúghainn amach ár rígh," ar siad, "a
Fhearguis na mór ghníomh, agus leighisfimíd gach
foghail d'á bhfuil déanta againn ort agus déan-
faimíd breis agus a dhúbailt maitheasa dhuit."



"Ní dhéanfad," arsa Feargus.



"Má 'seadh, déanfaimíd foghail eile ort anocht,"
ar siad.



"Cad í an fhoghail a dhéanfaidh sibh anocht orm?"
arsa Feargus.



"Loisgfimíd bhúr muilte agus bhúr n-atha ins
gach páirt de'n chúige, i dtreó ná beidh aon ghráinne
mine le fághail agat' dhaoine, a Fhearguis," ar siad.



"Ní bhfaighidh sibh Iubhdán air sin," arsa
Feargus.



Do loisgeadar na muilte agus na h-atha an
oídhche sin. Ar maidin amáireach ní raibh muilean
ar siúbhal i n-aon pháirt de Chúig' Uladh.



"Táimíd réidh ar fad anois!" arsa gach aoinne.



"Gheabhmíd go léir bás do'n gorta!"



Ansan bhí na fir ag gol chómh maith leis na
mnáibh agus leis na páistí.


L. 70


Tháinig tuatha Luchra agus Luprachán go h-Eamhain.
Tháinig Feargus chun cainte leó.



"Tabhair dúinn ár rígh, a Fhearguis," ar siad,
"agus leighisfimíd an díobháil go léir ar a
dhúbailt duit féin agus do d' dhaoine."



"Ní thabharfad," arsa Feargus.



"Má 'seadh, déanfaimíd tuille díobhála dhuit,"
ar siad.



"Cad é an díobháil eile dhéanfaidh sibh?" ar
seisean.



"Gearfam a gcinn de dhiasaibh na cúige seo
anocht," ar siad. "Ansan ní bheidh uisge ná
leamhnacht agaibh; ní bheidh muilean ná rud le
meilt agaibh."



"Ní bhfaighidh sibh Iubhdán air sin," arsa Feargus.



D'imthigheadar an oídhche sin agus níor fhágadar
dias arbhair i gCúig' Uladh gan an ceann a ghearadh
dhé. D'eirigh na daoine ar maidin agus chonac-
adar an sgrios. Mhairbh an radharch san ar fad
iad. Níor bh'fhiú an chuid eile trácht air, dar leó,
seachas na cinn a bhaint des na diasaibh.



Tháinig na daoine beaga go h-Eamhain. Tháinig
Feargus chun cainte leó.



"Déin do leas, a Fhearguis," ar siad, "agus
leas do chúige, agus tabhair ár rígh dhúinn. Má
thugan tú dhúinn anois féin é beidh gach nídh go
maith, mar leighisfimíd a bhfuil d'olc déanta
againn ort-sa agus ar Ultaibh."



"Ní thabharfad-sa Iubhdán air sin daoibh," arsa
Feargus.


L. 71


"Tá olc againn le déanamh fós ort agus
cuirfidh an t-olc san fhiachaibh ort ár rígh a thabhairt
dúinn le breith linn abhaile go Mágh Faithlinn,"
ar siad.



"Cad é an t-olc eile é seo atá agaibh le
déanamh orm?" arsa Feargus.



"Bearrfaimíd an ghruaig anocht de gach ceann
duine d'á bhfuil i gCúig' Uladh, i dtreó ná beidh
le feisgint amáireach ar aoinne de d' dhaoine,
ar fhear ná ar mhnaoí, óg ná aosda, ach cloigean
a bheidh chóm maol le plaosg as an uaigh," ar siad.



"Dar lámh m'athar," arsa Feargus, "má dhéin-
ean sibh-se an gníomh san anocht bearrfad-sa idir
cheann agus folt d'Iubhdán amáireach!" Agus
d'imthigh sé uatha isteach agus árd fhearg air.



D'airigh Iubhdán an focal agus chonaic sé an fhearg.



"Go réidh, a Fhearguis, a bhráthair," ar seisean.



"Ní gádh ceann ná folt a bhaint d'aoinne. Leig-
tear mise amach chun mo thuath agus labharfad leó,
agus déarfad leó gach a bhfuil d'olc déanta
acu ar Chúig' Uladh do leigheas agus gan a thuille
uilc do dhéanamh, ach imtheacht abhaile go síothchánta."



"B'fhéidir," arsa Feargus, "dá leigtí amach
tu chúcha go mbéarfaidís leó thu."



"Tá mo bhriathar rígh agat-sa, a Fhearguis,"
arsa Iubhdán, "ná fágfad Cúig' Uladh go dtí
gur toil leat-sa féin leigint dom imtheacht."



"Is fíor," arsa Feargus. "Níor chuimhnigheas
air sin. Imthigh amach ag triall ortha agus abair
do rogha rud leó."


L. 72


CAIBIDIOL A XI



LEIGHEAS AR AN NDÍOBHÁIL



Do cuireadh Iubhdán 'n-a sheasamh anuas ar an
dtalamh, agus d'imthigh sé amach ag triall ar an
sluagh mór de dhaoine beaga a bhí amuich. Nuair
a chonacadar chúcha é do thógadar liú áthais agus
gháirdeachais nár h-airígheadh a leithéid riamh
roimis sin i n-Eamhain. Bhí liú gach fir acu caol
árd, ach ana cheólmhar. Nuair a chuir na mílte go
léir an liú i n-aonfheacht asta níor bh'fhéidir a
dhéanamh amach cad ba cheart do chur i gcom-
paráid leis an bhfuaim. Bhí sé níos treise go
mór 'ná an foghar a dhéanfadh satha beach. Ní
raibh sé chómh láidir ná chómh garbh leis an ngogalach
a dhéanfadh lán páirce de ghéanaibh. B'fhíor-
dheabhrathach é leis an gcrónán a dhéanfadh píb
mála, ach é bheith níos mísle agus níos binne 'ná
crónán an phíb.



"A mhaithe agus a mhór-uaisle mo thuatha féin,"
arsa Iubhdán, "is eagal liom go bhfuil dearmhad
oraibh. Ní chun dul libh abhaile a thánag chúghaibh
amach anso anois, ach chun a innsint daoibh ná fuil
ar mo chumas dul libh anois. Thugas mo bhria-
thar rígh d'Feargus mhac Léide, d' Árdrígh uasal
Uladh, ná fágfainn Cúig' Uladh go dtí go mba
thoil leis féin leigint dom imtheacht. Ní féidir
dómh-sa mo bhriathar rígh do bhriseadh. Tá 'fhios
ag Feargus nách féidir dom mo bhriathar rígh do


L. 73


bhriseadh agus nách gádh dhó ceangal ná cuíbhreach
do chur orm chun mé choimeád. D'á bhrígh sin ní'l
orm anso ach saor-choimeád agus tá uraim agus
onóir agus cion agam d'á fhághail anso ó Fheargus,
oiread agus d'fhéadfadh árdrígh a dh'fhághail ná
d'éileamh ó árdrígh eile. Agus i dtaobh na
n-Ultach so go bhfuil an díoghaltas go léir déanta
agaibh-se ortha, tá oiread urama agus oiread
onóra agus oiread ceana fághalta agam-sa
uatha, ó cuireadh saor-choimeád orm, agus
d'fhéadfadh Feargus féin a dh'fhághail uatha.



"D'á éaghmais sin agus uile, is eól daoibh, mar
gheall ar an ngabháil éagcórtha a dheineas-sa ar
Eisirt, conus mar a cuireadh de gheasaibh orm
teacht anso agus an fhírinne a dh'fheisgint le
m'shúilibh féin, agus conus mar a cuireadh de
phionós orm nár bh'fholáir dom bliain a thabhairt
anso i gCúig' Uladh ag Feargus mac Léide, agus
ansan, nuair a bhéinn ag imtheacht, rogha mo shéad
d'fhágáilt aige.



"D'á bhrígh sin, a thuatha, ná déinidh-se a thuille
díobhála d'Ultaibh, ach téigidh agus leighisidh, gach
díobháil d'á bhfuil déanta agaibh. Agus, ó 's ag
leigheas díobhála daoibh é, déinidh, mar is gnáth
libh nuair a dhéinean sibh tairbhe, an tairbhe
dhéanamh go rathmhar. Tugaidh le rádh dos na
h-Ultaibh seo gur mó bhúr dtairbhe 'ná bhur
ndíobháil."



D'iompuigh sé uatha agus tháinig sé isteach ag
triall ar Fheargus. D'iompuighdar-san go


L. 74


dúbhach agus go ciúin agus go ceann-íseal, gan
liú gan lámh-ghreadadh, agus d'imthíghdar.



Ar maidin amáireach a bhí chúghainn iseadh bhí an
t-áthas agus an mhóráil agus an gáirdeachas ag
óg agus aosda, ag bocht agus ag saidhbhir, ag
fearaibh agus ag mnáibh, ar fuid Chúig' Uladh go
léir. Go moch ar maidin, le neart tarta, tháinig
bean agus árthach aici feuchaint a' bhfaghadh sí aon
diúir ó'n mboin. Do thál an bhó uirthi go trom
agus go tiugh. Níor bh'fhada go raibh an t-árthach
lán. Do rith an bhean agus d'inis sí an sgéal.
Do leath an focal ins gach aon bhall. Siúd chun
na mbó na mná go léir agus na h-árthaí acu.
Siúd na ba go léir ag tál go trom agus go tiugh.
Ba ghearr go raibh cion na seachtmhaine de leamh-
nacht acu ó aon chrúth amháin. D'fheuch na daoine
ar na guirt chruithneachtan. Ní raibh aon dias
gan a cheann airís air agus an ceann níos troime
agus níos téagartha 'ná mar a bhí sé ar dtúis.
D'feuchadar ar na h-athana agus ar na muiltibh.
Bhí gach muilean agus gach ath chómh slán agus
bhíodar riamh agus chómh h-ollamh chun oibre.
Chuadar a d'iaraidh an uisge chun na dtoibreacha.
Bhí gach tobar chómh glan agus bhí sé riamh, nó
níos glaine, agus bhí an t-uisge níor foláine
agus níos mísle agus níos sobháilcíghe 'ná mar
a bhí sé roimis sin. Bhí áthas mór ar na daoine
go léir, nídh nár bh'iongnadh, agus nuair a h-inn-
seadh dóibh gur bh'é Iubhdán a chuir cosg leis an
ndíobháil agus do chuir an tairbhe 'á dhéanamh, bhí


L. 75


ana bhuidhchas acu air agus ana uraim acu dhó.
Ach bhí iongnadh a gcroídhe ortha conus fhéad firín
chómh beag leis maith chómh mór a dhéanamh.



Má bhí uraim mhór agus onóir agus creidea-
mhaint ag Iubhdán, i n-Eamhain agus ar fuid Chúig'
Uladh roimis sin bhí a sheacht n-oiread urama agus
onóra agus creideamhna aige as san amach. Ní
raibh aon uair a crúidhtí bó agus go dtugadh an
bhó bainne maith uaithi, ná cuimhnightí ar Iubhdán.
Ní raibh aon uair a beirtí arbhar chun muilinn,
agus go bhfeictí an muilean ag casadh agus ag
obair go h-áluinn, ná cuimhnightí ar an bhfirín
mbeag a bhí 'n-a chárbat ar chuislinn Fhearguis,
agus ná go ndéintí iongnadh des na cómhachta
móra a bhí ag firín chómh suarach. Ansan, nuair
a thagadh an mhin abhaile agus nuair a blaistí an
t-arán nó an leite agus nuair a gheibhtí an bhiadh
chómh deigh-bhlasta, "Do loisgeadh na h-atha,"
adeirtí, "ac is fearr a chruaid siad an t-arbhar
anois 'ná sar ar loisgeadh iad."



"Iubhdán fé ndeár é sin," adeireadh duine eile.



"D'órduigh sé dos na daoine beaga úd an
mhaith a dhéanfaidís a bheith níos mó 'ná an díobháil
a dheineadar."



Níor bh'é sin féin, ach mórán neithe nár deineadh
lot ná leigheas ortha mheasadh daoine go raibh
feabhas éigin ortha ná raibh roimis sin, nó go
raibh tairbhe éigin ionta nár mothuigheadh roimis
sin ionta, agus do thug gach aoinne a bhuidhchas
san go léir d'Iubhdán, i dtreó gur tugadh a


L. 76


lán buidhchais dó ná raibh tuillte i n-aon chor
aige.



Isé rud a tháinig as san go léir d'Iubhdán nár
mhothuigh sé puínn an chuid eile de'n bhliain ag
imtheacht. D'imthigh an aimsir. ámhthach, agus
tháinig an lá 'n-a raibh deire leis na geasaibh agus
le braighdineas Iubhdáin agus 'n-a raibh neart
dó imtheacht abhaile go Mágh Faithlinn chun a mhuin-
tire, ach an coingíoll deirineach do chómhlíonadh.
B'é coinghíoll é sin 'ná rogha a shéad d' fhágáilt
ag Feargus.



CAIBIDIOL A XII



ROGHA NA SÉAD



"Seadh, a Fhearguis, a bhráthair," arsa Iubhdán
le Feargus, "tá an tréimhse caithte agus ní'l ar
do chumas-sa mise choimeád anso níos sia. Ní'l
ach aon nídh amháin agham le déanamh anois sar a
n-imthíghead. Dúbhairt Eisirt, árd ollamh tuatha
Luchra agus Luprachán, go gcaithfinn-se an
tréimhse seo do chaitheamh anso agat-sa, agus
go gcaithfinn rogha mo shéad d'fhágáilt agat anso
nuair a bhéinn ag imtheacht. Áireóchad na séada
dhuit, a Árdrígh, agus ansan féadfair do rogha
dhíobh a choimeád."



Do thóg Iubhdán a shleagh 'n-a láimh.



"Feuch, a Fhearguis," ar seisean, "siní mo
shleagh. Má 's maith leat í choimeád is ró mhaith


L. 77


an tseóid í. Is líonmhar iad do namhaid-se, ach
is cosaint duit an tsleagh so ar chéad namhaid.
An rígh go mbeidh an tsleagh so 'n-a láimh aige
agus é ag dul i gcath tiocfaidh sé saor ó rean-
naibh a namhad."



Nuair airigh Feargus an méid sin níor fhéad
sé gan sgeartadh gáire chur as. Bhí sleagh
Iubhdáin, mar a déarfá, chómh mór chómh fada
leis an mbiorán cnutála a bhéadh ag mnaoi agus
í ag cnutáil stoca.



"Beir ad' láimh ar an sleagh so, a rígh," arsa
Iubhdán.



Do rug. Ní túisge a dhein 'ná mar a bhí an
tsleagh chómh mór chómh fada chómh trom le n-a
shleagh féin!



"Beartuigh í," arsa Iubhdán.



Do dhein.



"Dheineas mo gháire ró luath, a Iubhdáin,"
arsa Feargus. "Níor bheartuigheas riamh i gcath
ná i gcruadh-chómhrac sleagh dob' fhearr 'ná í
seo."



"Sidí mo sgiath, a Fhearguis," arsa Iubhdán.



Thóg sé suas an sgiath. Bhí an sgiath mar a
déarfá chómh mór chómh leathan le píosa coróin-
neach. Níor gháir Feargus.



"Beir ad' láimh ar an sgiath, a rígh, agus bear-
tuigh í," arsa Iubhdán. "Ní féidir an tseóid
is fearr do thoghadh mura dtrialair ad' láimh
féin gach seóid acu."



Do rug Feargus ar an sgéith. Ní túisge dhein


L. 78


'ná mar a bhí sí chómh mór chómh leathan chómh trom
le n-a sgiath féin.



"Isé buadh na sgéithe sin, a Fhearguis," arsa
Iubhdán, "an fear a bhéadh ar a sgáth nách féidir
é bhualadh bíodh ná béadh ann ach garsún gan
féasóg, nó bíodh go mbéadh sé 'n-a sheanduine
liath.



"Side mo chlaidheamh, a Fhearguis," arsa
Iubhdán, agus do nocht sé an claidheamh.



Bhí an claidheamh, mar a déarfá, chómh mór chómh
fada le snáthaid reamhar a bhéadh ag mnaoi agus
í ag cur cléithe i stoca. Ba dhóbair go ngáireadh
Feargus airís nuair a chonaic sé an claidheamh
agus nuair a chuimhnigh sé ar a chlaidheamh féin, ar
an gCalacholg.



"Is mór is fiú an claidheamh so," arsa Iubhdán.



"Ní'l a leithéid eile de chlaidheamh catha i láimh
rígh ná i láimh flatha, ná ní raibh riamh fós. Beir
ad' láimh air, a rígh, agus beartuigh é."



Do dhein. Chómh luath agus dhein do samhluigh-
eadh dó gur bh'é a chlaidheamh féin, an Calacholg,
a bhí 'n-a láimh aige, bhí an claidheamh chómh mór chómh
trom chómh so-bheartuighthe sin.



"Sidé mo bhrat, a Fhearguis," arsa Iubhdán.



"Brat maith iseadh é. Má thógan tú é beidh sé
nua agat go bráth. Beidh sé nua agat i gcaith-
eamh do shaoghail féin agus beidh sé nua agat'
mhac ad' dhiaig, i gcaitheamh a shaoghail, agus ag mac
do mhic i gcaitheam a shaoghail. Feuch, a rígh, cuir
umat é go dtrialair é."


L. 79


D'fheuch Feargus ar an mbrat. Cheap sé dá
leathadh sé a lámh go mbéadh an lámh níos leithe
'ná an brat. Ach dhein sé mar adúbhairt Iubhdán
leis. Do rug sé ar an mbrat, agus ní túisge
thug sé iaracht ar é leathadh ar a shlinneánaibh 'ná
mar a chlúdaigh an brat é go h-áluinn, chómh maith
díreach agus dá mba dhó féin a déanfaí ar dtúis é.



"Sidí mo léine, a Fhearguis, má ba mhaith leat
í ghlacadh mar rogha," arsa Iubhdán. "Is léine
bhreagh í, mar a chíon tú. Isí bean athar mo
sheanathar-sa do bein an léine sin, a Fhearguis,
le n-a dhá láimh féin, agus isiad a dhá láimh féin
do shnímh gach snáth d'á bhfuil sa léine sin, a
Fhearguis."



Ní dúbhairt Feargus aon rud leis an léine.



"Feuch, a Fhearguis," arsa Iubhdán, "sidé
mo chrios. Bíon airgead agus ór sa chrios so,
a Fhearguis. An t-é go mbéadh an crios so fan
cuím air, a rígh, ní thiocfadh galar cuirp ná
croicinn air. Cuir umat é, a rígh, feuchaint a'
dtaithnfeadh sé leat."



Cheap Feargus gur beag ná go líonfadh a
órdóg an crios. Nuair a chuir sé ainiar fan
chuím air féin é bhí sé mór a dhóithin, chómh h-oir-
eamhnach dó agus dá mba dhó féin a déanfaí é.



"Sidé mo chathbhár, a Fhearguis," arsa Iubhdán.



"Seóid uasal iseadh é agus tá buadh mór air."



D'fheuch Feargus ar an gcathbhár. Bhí sé, mar
a déarfá, mór a dhóithin chun dul ar bhara órdóige
Fhearguis.


L. 80


"Cad é an buadh mór atá ar rud chómh beag, a
rígh?" arsa Feargus.



"Tá do cheann-sa mór go maith, a Árdrígh,"
arsa Iubhdán, "ach má ghlacan tú an cathbhár so
ní baoghal duit ná go raghaidh do chloigean ríoga
isteach ann, agus an cloigean ar a mbeidh an
cathbhár so ní thuitfidh an gruaig dé agus ní bheidh
aithis maoile go bráth air. Triail ar do cheann
é, a rígh."



Do dhein. Chuaidh ceann Fhearguis isteach sa
chathbhár chómh breagh chómh socair chómh compórdach
agus do raghadh sé isteach 'n-a chathbhár féin.



"Feuch, a Fhearguis," arsa Iubhdán, "sidé
m'ionar. (Ionar a tugtí an uair sin ar bhall
éadaigh a bhíodh fáisgithe ar chabhail dhuine, lastig
de'n bhrat, i bhfuirm bheiste nó casóige cuirp.)
Is éadach síodamhail socaie é."



"Agus cad é an buadh atá ar an ionar so, a
Iubhdáin, a bhráthair?" arsa Feargus, ag breith
'n-a láimh dó ar an ionar agus an t-ionar chómh
beag san gur mheas Feargus ná dúnfadh sé ar
a órdóig.



"Tá a chorcur glan anois, a rígh," arsa
Iubhdán.



"Tá gan amhras," arsa Feargus. "Ní fhéadfadh
sé bheith níos glaine."



"Dá mbéadh duine 'á chaitheamh go ceann céad
blian," arsa Iubhdán, "bhéadh a chorcur chómh glan
an lá déanach de'n chéad blian agus tá sé anois."



"Feuch, a Fhearguis," arsa Iubhdán, "sidé mo


L. 81


choire," agus taisbeáin sé dhó rud i bhfuirm
sgiléidín, ach ba chorcán ana mhór an sgiléidín i
n-aice Iubhdáin. Bhí béal an chorcáinín suas,
nach mór, go smeigín air.



"Agus cad é an buadh atá ar an gcoire seo,
a Iubhdáin?" arsa Feargus.



"Tá so, a Fhearguis," arsa Iubhdán. "Dá
mba ná curfaí ann ach clocha agus uisge agus é
chur os cionn teine, do geabhfaí ann ar ball feóil
áluinn ba bhiadh do rígh."



"Níor dhóich liom," arsa Feargus, "dá mbéadh
puinn ocrais ar an rígh, go gcuirfeadh a mbéadh
d'fheóil sa choire sin aon mhasmas air."



"Dáltha gach seóide eile d'á bhfuil agam-sa,
a rígh," arsa Iubhdán, "an fhaid is liom-sa é tá
sé beag mo dhóithin, ach má ghlacan tusa mar
roghá é beith sé mór do dhóithin. Beidh tuille
agus bhúr ndóithin feóla ann duit féin agus do
t' theaghlach."



"Is maith é sin, a rígh," arsa Feargus, "ach
feiceam tuille de t' sheóidibh."



"Feuch, a rígh," arsa Iubhdán, "sidé mo dhabhach
fothraigthe." Bhí an dabhach fothraigthe leath-troigh
ar faid agus mar a déarfá dhá órlach go leith
ar leithead agus an méid céadna ar doimhneas.



"Ná bac a luighead, a Fhearguis," arsa Iubhdán.



"Má ghlacan tú é beidh sé mór do dhóithin feasda."



"Agus cad é an buadh atá air?" arsa Feargus.



"Tá, a rígh," arsa Iubhdán, "an t-é go mbeidh
an dabhach so aige agus do dhéanfaidh é féin do


L. 82


nighe ann casfaidh a óige trí h-uaire air. Gheabh-
aidh sé cheithre saoighil duine sar a dtiocfaidh
an bás air."



"Is ana mhaith an tseóid an dabhach san, a
Iubhdáin," arsa Feargus. "An bhfuil a thuille
acu agat?"



"Tá, a rígh," arsa Iubhdán. "Feuch," ar
seisean, "siné mo chleith-ailpín," agus thóg sé
suas 'n-a láimhín bheag rud ná feacathas eighre
riamh ar tharainge crúdh ach é. Bhí an ceann caol
de'n tarainge 'n-a láimh aige agus an ceann
ramhar uaidh amach aige. Fé mar a chíodh Feargus
gach seóid do thagadh fonn gáirí air, ach do dhéineadh
sé staonadh ó gháirí le h-eagla go measfadh
Iubhdán ná raibh an stuaim aige ba cheart a bheith
ag rígh. Ach nuair a chonaic sé an chleith-ailpín,
an tarainge crúdh, do bhris ar an stuaim aige,
agus chuir sé sgeartadh gáire as a bhain a anál
dé, nó geall leis. Do stad Iubhdán go
breágh réidh stuama go dtáinig Feargus as an
dtritheamh gáirí. Nuair a chonaic Feargus an
firín beag chómh daingean chómh stuama chómh
ríoga, agus an tarainge crúdh 'n-a láimh aige,
sínte uaidh amach, ba dhóbair dó tritheamh eile
theacht air, ach do staon sé, mar bhí náire air.



"Agus cad é an buadh atá ar do chleith-ailpín,
a Iubhdáin?" ar seisean.



"Dá mbeidhthá i bhfriothghuin catha, a rígh," ar
seisean, "agus an chleith seo bheith ad' láimh agat,
do chosanóch' an chleith do cheann féin agus ceann


L. 83


gach duine de'n naonbhúr ba ghiorra dhuit de
d' mhuintir, ar gach taobh díot."



"Is maith an chleith í, a Iubhdáin; ach cad é seo
eile ad' láimh agat?" arsa Feargus.



"Sidí mo shlat, a Fhearguis," arsa Iubhdán,
"an tslat le n-a gcomáintear an t-each buidhe."



"Agus cad é an buadh atá ar an slait sin, a
Iubhdáin?" arsa Feargus.



"Dá mbéadh duine ar muin capaill a bhéadh
chómh ríghin le sean' asal do dhéanfadh aon bhuille
amháin de'n tslait seo an capall ríghin sin níos
luatha 'ná eachra an domhain."



"Is maith an tslat í," arsa Feargus. "An
bhfuil a thuille agat?"



"Tá, a Fhearguis," arsa Iubhdán. "Feuch, a
rígh. Siné mo thimpán, an timpán is fearr sa
domhan chun ceóil. Ó bhruach na Mara Ruadh a
tugadh ar dtúis é, agus tá ceól ann dóithin aon
chuideachtan sa domhan pé eólus a bhéadh ar cheól
acu, pé géire ná pé cruinneas a bhéadh 'n-a
gcluasaibh acu. Agus tá buadha móra ar an
dtimpán so, a Fhearguis."



"Inis dúinn cuid des na buadhthaibh, a rígh,"
arsa Feargus.



"'Neósfad, a rígh," arsa Iubhdán. "Fear
nár rug riamh 'n-a láimh ar úirlis ceóil agus nár
fhoghluim riamh conus ceól do sheinnt, níor ghádh
dhó ach breith 'n-a láimh ar an dtimpán so agus
bhainfeadh sé ceól as níos fearr agus níos binne
agus níos síreachtaíghe 'ná mar a bhainfeadh an


L. 84


ceólaidhe dob' oilte a' timpán eile. Mo thimpán
áluinn, a Fhearguis, ní'l timpán eile ar bith chómh
téad-bhinn, agus gheibhtear a cheól gan duagh."



"Is maith an timpán é. Is iongantach a bhfuil
de shéadaibh agat, a Iubhdáin," arsa Feargus.



"An bhfuil tuille agat?"



"Tá, a Fhearguis. Feuch, siné mo dheimheas."



Thaisbeáin sé an deimheas. Ní raibh an dei-
mheas san ach mar a déarfá trí ceathramhna
d'órlach ar faid agus tímpal ceathramha d'órlach
ar leithead, agus bhí sé déanta de chruaidh a bhí
chómh geal le h-airgead, agus bhí faobhar ar a
dhá bheann do gheárfadh "fiona i n-aghaidh srutha,"
mar adeirtear ins na seana sgéaltaibh.



"Cad é an buadh atá ar an ndeimheas san, a
Iubhdáin?" arsa Feargus.



"Tá, a rígh," arsa Iubhdán, "an fear go
mbéadh an deimheas so aige agus dhéanfadh úsáid
dé ar a ghruaig agus ar a chuid féasóige bhéarfadh
sé buadh ar fhearaibh Éirean i n-áilneacht agus i
maiseamhlacht pearsan."



"Is áluinn an tseóid é. Is 'mó fear gur
mhaith leis a leithéid a bheith aige. Cé dhein an
deimheas san, a rígh?" arsa Feargus.



"An gabha is fearr le fághail, gabha Barráin,"
arsa Iubhdán.



"Ní h-iongnadh é bheith go maith. An bhfuil aon
deire le t'sheóidibh? Ní ró fhuiriste dhómh-sa an
ceann ceart do thoghadh ar ball," arsa Fear-
gus.


L. 85


"Feuch, a Fhearguis," arsa Iubhdán, "siní mo
shnáthad."



D'fheuch Feargus ar an snáthaid. Is ar éigin
fhéad sé í dh'fheisgint i n-aon chor bhí sí chómh beag
san.



"Cad é an buadh atá ar do shnáthaid, a Iubhdáin?"
arsa Feargus. "Is deacair buadh mór a
bheith ar rud chómh beag."



"Tá buadh ana mhór, ana thairbheach, ar an
snáthaid seo. An t-éadach is gairbhe agus is
tútaíghe d'ár fígheadh riamh bhéadh sé chómh mín le
síoda nó le sról ach go gcurfaí an tsnáthad so
thríd."



"Brostuigh ort, a rígh," arsa Feargus



"Áirimh an chuid eile."



"Má thógan tú dhá mhuic des na mucaibh atá
agam ní bheidh do theaghlach gan muic-fheóil choídhche,"
arsa Iubhdán.



"Conus san, a rígh?" arsa Feargus. "Cad
é an fhaid le dul dhá mhuic ar mo theaghlach-sa? Go
mór mór nuair is dócha ná faghadh fear de
m' theaghlach aon lán béil amháin ins gach muic díobh,
ní h-eadh, ach sa dá mhuic i n-aonfheacht."



"Is mór é do theaghlach, a rígh," arsa Iubhdán,
"agus is mór an goile atá ag gach duine d'á
bhfuil ar do theaghlach, ach dá mbéadh oiread eile
acu ann agus oiread eile slíghe ag gach duine
acu do'n bhiadh gheobhaidís a ndóithin sa dá mhuic
seo adeirim. Agus rud eile. Marbhuightear
an dá mhuic agus ithtear iad asdoídhche, agus


L. 86


gheobhfar beó iad ar maidin i dtreó go bhféadfar
iad do mharbhadh agus d'ithe airís an tarna h-oídhche.
Ar an gcuma san thabharfaidh an dá mhuic
adeirim a ndóithin muic-fheóla do d'theaghlach, a
Fhearguis, agus beid na muca féin agat i
gcómhnuidhe."



"Is iongantach na muca iad, a Iubhdáin," arsa
Feargus. "Comáin leat."



"Feuch, a rígh," arsa Iubhdán, "b'fhéidir go
dtaithnfeadh m'aghastar leat."



"Agus cad é an buadh atá ar an aghastar, a
rígh?" arsa Feargus.



"Dá mbéadh bó dhubh ag duine agus é 'ghá
tabhairt leis thar triúchaibh agus dá mbéadh fear
na bó ar a tóir ní bhéadh le déanamh aige ach an
t-aghastar so do chur ar cheann na bó agus dhéanfadh
bó bhán di agus ní aithneóch' an t-é a bhéadh ar a
tóir í nuair a chífadh sé í."



"Ní bhéadh aon ghnó agam-sa de'n aghastar san,
a Iubhdáin," arsa Feargus. "Nuair a thugaim
táin bó liom is le claidheamh a chosanaimh iad ar
thóir."



"Feuch, a Fhearguis," arsa Iubhdán. "Níor
bh' fhearra dhuit rud a dhéanfá 'ná mo bhróga do
ghlacadh mar rogha. Bróga deasa finndruinne
iseadh iad."



D'fheuch Feargus ar na bróga. Ansan d'fheuch
sé ar a dhá throigh féin. Ní raghadh bara órdóige
a choise isteach i n-aon cheann de bhrógaibh
Iubhdáin. Do thuig Iubhdán cad a bhí i n'aigne.


L. 87


"Seo, a rígh," ar seisean, "triail iad feuchaint
conus a dh'oirfidís duit."



Bhain Feargus dé a bhróga féin, chun Iubhdáin
a shásamh. Do rug sé ar cheann des na bróga
finndruinne agus chrom sé síos chun, mar 'dh eadh,
órdóige a choise do chur isteach sa bhróig. Ní
túisge chuir sé an ordóg chun béil na bróige 'ná
mar a mhéaduigh an bhróg agus shleamhnuigh a chos
isteach inti i dtreó go raibh sí uime go sásta.



"Cuir umat an bhróg eile, a rígh," arsa Iubhdán.



Do dhein. Do mhéaduigh an bhróg eile agus
shleamhnuigh sí suas ar an gcois ar an gcuma
gcéadna. Do shiúbhluigh Feargus raint ins na
bróga. Do thaithneadar leis go mór. Bíodh gur
bhróga finndruinne iad bhíodar ana bhog ar a
chosaibh, ana chompórdach.



"Cad é an buadh atá ar na brógaibh seo, a
Iubhdáin?" arsa Feargus.



"Tá buadh mór ar na brógaibh sin, a Fhearguis,"
arsa Iubhdán. "Molaim-se an rígh n-a mbeidh na
bróga san idir a throighthe agus talamh."



"Cad 'n-a thaobh, a rígh?" arsa Feargus.



"Ní bheidh aon ghádh choídhche le bád ná le luing
aige. Siúbhlóchaidh sé leis na brógaibh sin ar
talamh nó ar uisge mar a chéile. Is cómhdheas
dos na brógaibh sin muir agus tír."



"Glacaim na bróga so mar rogha, a Iubhdáin,"
arsa Feargus.



"Tá go maith, a rígh," arsa Iubhdán. "Táim-se
saor anois ó-s na geasaibh a chuir Eisirt orm


L. 88


mar gheall ar an ngabháil éagcórtha a dheineas
air. Ní'l ar do chumas-sa, a Fhearguis, mé
choimeád anso níos sia. Táim buidheach díot,
a rígh, agus d'uaislibh Uladh, idir rígh agus
ríghdhamhna agus ollamh agus file, idir ríogan
agus baintighearna agus ingheanra ró uasal.
Táim buidheach de dhaoinibh Uladh idir íseal agus
uasal, mar do tugadh mór-chuid aoibhnis agus
mór-chuid áthais agus mór-chuid suilt agus caith-
eamh aimsire dhom ó'n lá a thánag anso 'n-a measg
agus gur taraigeadh as an leitin me."



"Beidh uaigneas mór ar an uile dhuine anso
ad' dhiaigh, a rígh, agus orm-sa thar chách. Ach ná
h-imthigh uainn go dtagaid Ultaigh na cúige seo
ar aon láthair agus go bhfaghaid siad go léir aon
radharc amháin eile ort sar a n-imthighir, agus go
bhfágair slán agus beannacht acu, agus go leigid
siad slán agus beannacht leat."



Do thoiligh Iubhdán chuige sin.



Do cuireadh sgéala amach ar fuid na cúige go
raibh Iubhdán ag imtheacht. Tháinig na daoine
go léir isteach as gach áird d'árdaibh na cúige,
go bhfeicfidís Iubhdán aon uair amháin eile sar
a n-imtheóch' sé. Bhí uaigneas mór ortha go léir.
Ach dh'fhág Iubhdán slán agus beannacht acu, agus
dúbhradar-san leis, "Go dtéir slán!" agus
d'imthigh sé uatha, é féin agus a ríogan, Bébó,
ar muin an eich bhuidhe.



Bhí sé féin agus Bébó agus an t-each buidhe
chómh beag san nách ró fhada fhéad na h-Ultaigh


L. 89


radharc a choimeád air. Bhíodar go léir ag
faire chómh géar agus dob' fhéidir leó é.



"Ó, chím-se fós iad," adeireadh duine.



"Canad?" adeireadh duine eile.



"Ansúd mar a bhfuil an cnapóigín féir,"
adeireadh an chéad duine.



Ba ghearr ná raibh le feisgint i n-aon bhall ach
na cnapóigíní féir.



CAIBIDIOL A XIII



FÁILTE D'Á H-OLLAMUGHADH



Nuair a tháinig seacht catha féinne Luchra agus
Luprachán abhaile ó Éamhain agus gan an rígh acu
bhí buairt agus brón agus uaigneas ar na daoine
beaga go léir. D'inis an mhuíntir a tháinig
abhaile ó Éamhain cad dúbhairt Iubhdán, go
ndúbairt sé nár bh'fholáir dó féin bheith bliain
i n-Éamhain agus ansan rogha a shéad d'fhágáilt
ag Feargus. Shocaruigh na daoine go léir a
n-aigne agus dúbhradar le n-a chéile go gcaith-
fidís foidhne bheith acu, agus nár bhaoghal ná go
dtiocfadh an rígh abhaile chómh luath agus bhéadh
na coinghíollacha cómhlíonta agus na geasa ar
neamhnídh. Bhí fhios acu gur dhein Iubhdán an
éagcóir ar Eisirt. Bhí fhios acu gur mheasa go
mór éagcóir ó ríg 'ná éagcóir ó aon tsaghas eile
duine, agus gur dheacra sásamh a thabhairt sa


L. 90


n-éagcóir sin 'ná sa n-éagcóir a dhéanfadh duine
ba lúgha 'ná rígh. Ach bhíodar ag faire na h-aim-
sire agus ag áireamh gach lae agus gach seacht-
mhaine go dtí go raibh an bhliain istigh.



Fé dheire bhí fhios ag Eisirt go raibh an aimsir
nách mór istigh, agus go mbéadh ar chumas Fhear-
guis, nuair a tabharfaí dhó rogha na séad, Iubhdán
do leigint chun siúbhail gan feitheamh le deire
na bliana ar fad. Do ghlaoidh Eisirt chuige ar
mhaithibh tuatha Luchra agus Luprachán agus do
labhair sé leó.



"A mhaithe agus a mhór-uaisle," ar seisean,
"tá ár rígh ag teacht chúghainn abhaile. Is ceart
dúinn sinn féin do ghleusadh agus d'ollamhú'
chun fáilte chur, mar is cóir agus mar is ceart,
roimh Iubhdán agus roim Bhébó."



Do ghluais an sgéal san mór-thímpal na tíre
go léir, mór-thímpal Máighe Faithlinn, agus
thusnuigh na daoine beaga ar theacht isteach ó'n
uile thaobh de'n tír. Nuair a bhíodar cruinnighthe,
na céadta mílte dhíobh, do labhair Eisirt airís leó.



"A mhaithe agus a mhór-uaisle agus a dhaoine,"
ar seisean, "tá ár rígh agus ár ríogan, Iubhdán
agus Bébó, ag teacht chúghainn abhaile ar an each
mbuidhe. Is chuige chuireas teachtaireacht amach
ag triall oraibh, chun go dtiocfadh sibh go léir
anso agus go ndéanfadh sibh sibh féin do ghleusadh
do réir úird agus uaisleachta, gach buidhean
agaibh fé n-a dtaoiseach agus gach réim umá
ríogra, agus go siúbhlóchaimís go léir amach, i


L. 91


n-ár gcéadta mílte, ag cur fáilte roimis an rígh
agus roimis an ríogain."



Chuireadar go léir liú suas, díreach mar a
chuireadar nuair a bhí na seacht catha dhíobh ar
faithche na h-Eamhna nuair a tháinig Iubhdán chúcha
amach agus gur mheasadar gur ag teacht leó
abhaile a bhí sé. Bhí Aodh Éigeas ann, agus d'airigh
sé an liú, agus dhein sé oiread iongnadh dhé
díreach agus dhein na h-Ultaigh dé nuair airíghdar
é ar faithche na h-Eamhna.



Do ghleus na daoine beaga iad féin ansan,
fé mar adúbhairt Eisirt leó a dhéanamh, agus ba
mhór an radharc iad. Do leath a shúile ar Aodh
Eigeas nuair a chonaic sé an suathantas acu a bhí
ann agus iad chómh mion!



"Cad a dhéanfad-sa, a rígh ollamh?" ar
seisean le h-Eisirt. "Ba mhaith liom dul amach,
chómh maith le cach, ag fáiltiú' roimis an rígh agus
roimis an ríogain, ach má shiúbhluighim ameasg na
ndaoine tá eagla mo chroidhe orm, d'á fheabhas
aireachas a thabharfad dom' chosaibh ná féadfad
gan cuid acu do ghortú', nó b'fhéidir do mharbhú'.
Dá ráineóch' go dtabharfainn ciscéim anacair
cá bh'fhios dom, nuair a chuirfinn mo chos fúm
airís, ná go mbéadh mórsheisear fém' bróig agam,
abhfad uainn an t-olc! Dá bhfaghainn barathuisle
agus go leagfaí mé ní fios an 'mó duine bhéadh
marbh fúm! Ní fheadar an domhan, a rígh ollamh,
cad is maith dhom a dhéanamh."



"Socaróchad-sa an nídh sin duit láithreach, a


L. 92


rígh éigeas," arsa Eisirt. "Feuch, a rígh éigeas,"
ar seisean, "seasaimh-se ansan."



Do sheasaimh Aodh ar lár an mhachaire sa n-áit
'n-a ndúbhairt Eisirt leis seasamh. Ansan do
ghlaoidh Eisirt chuige ar dhuine des na taoiseach-
aibh airm.



"Feuch, a dhuin' uasail," ar seisean, "cuir trí
naonbhúir des na fearaibh atá agat, guala le
gualainn, ansan laistiar d'Aodh, agus fanaidís
breis agus dachad órlach uaidh siar."



Do dhein.



"Cuir anois," arsa Eisirt, "trí naonbhúir
anso ar a láimh dheis, i n-diaigh chéile."



Do chuir.



"Cuir anois," arsa Eisirt, "trí naonbhúir
anso ar a láimh chlé, ar an gcuma gcéadna, i
n-diaigh chéile agus iad breis agus dachad órlach
uaidh amach."



Do dhein.



"Cuir anso anois, roimis amach, guala le
gualainn, an ceathramhadh trí naonbhúir, agus iad
breis agus dachad órlach roimis amach."



Dhein an taoiseach mar adúbhradh leis.



Nuair a bhí an méid sin déanta bhí Aodh 'n-a
sheasamh istigh i lár na slígh a bhí folamh 'n-a thímpal,
agus bhí na cheithre línte fear san 'n-a seasamh,
líne acu lastiar dé, líne acu lasmuich dhé, agus
líne acu ar gach taobh dé, agus gan aon fhear acu
i ngoireacht dachad órlach dó.



"Seadh, a rígh ollamh." arsa Eisirt "má


L. 93


gheibhean tú barathuisle anois agus go mbainfear
leagadh asat ní doich liom go dtuitfir ar aoinne.
Tá breis agus t'aoírde féin de shlígh ar gach aon
taobh díot. Ach nuair a thusnóchaidh an siúbhal,
a rígh éigeas, dein-se siúbhal go h-ana réidh.
I n-aghaidh gach ciscéim d'á dtabharfair-se caithfidh
gach fear díobh so trí nó ceathair de chiscéimibh a
thabhairt chun coimeád suas leat. "Cuimhnigh air
sin, a rígh éigeas, agus ná bí ró dhian ortha. Agus
tugaidh-se aire," ar seisean leis na fearaibh, "an
tslígh chéadna choiméad i gcómhnuidhe idir sibh agus
Aodh, agus ar bhur mbás gan aoinne do leigint
tharaibh isteach sa tslígh osgailte seo atá lastigh
daoibh."



Bhí gach aon rud socair. Do tugadh do'n
tsluagh an focal chun gluaiste. Do ghluais an
tsluagh go léir ar aon chiscéim. An méid de'n
tsluagh a bhí lastiar d'Aodh ní fhéadaidís gan
bheith coitchianta ag feuchaint ar an bhfathach mór
go raibh a cheann, dar leó, anáirde sa spéir agus
a chosa ar an dtalamh ameasg a gcos féin, agus
gach aon chiscéim fhada ríghin a thugadh sé gur dhóich
le duine gur ag tuitim 'n-a chodla a bhíodh sé agus
nár bh'fhios cad é an neómat a bainfí leagadh as.
An méid de'n tsluagh a bhí lasmuich dhé ní leigeadh
dlígh an tsiúbhail dóibh feuchaint siar, ach mheas-
aidís go gcritheadh an talamh fé n-a gcosaibh i
n-aghaidh gach ciscéim d'á dtugadh sé. An méid
de'n tsluagh a bhí ar gach taobh dé ní fhéadaidís
gan strac-fheuchaint a thabhairt, anois agus airís,


L. 94


thar a nguailnibh air feuchaint an mór de'n
dúthaigh a féadfaí a dh'fheisgint idir a dhá chois i
n-aghaidh gach ciscéim d'á dtugadh sé. Ba chuma
le h-Aodh an fhaid ná raibh aon bhaoghal go satalóch'
sé ar aon chuid acu. Ach nuair fheuchadh sé 'n-a
thímpal ar na mílte slógh go léir agus iad chómh
beag, iad thíos ar fad uaidh ar an dtalamh, bhíodh
sé a d'iaraidh cuimhneamh ar rud éigin a chuirfeadh
sé i gcomparáid leó, i dtreó go bhféadfadh sé
cúntas éigin cruinn a thabhairt ortha nuair a
raghadh sé abhaile go h-Eamhain. Ní fhéadadh sé
cuimhneamh ar aon chomparáid a thiocfadh isteach
ar aon tslacht leis an bhfírinne. Ní fheacaidh sé
riamh a leithéid de radharc. Na mílte daoine
agus iad go léir chómh beag, agus sa n-am
gcéadna iad go léir chómh cúmtha, chómh córach,
chómh dathamhail, chómh glan, chómh deagh-bhéasach, chómh
lán d'eólus agus de thuisgint agus d'inntleacht.



Bhí an siúbhal d'á dhéanamh. Bhíodar ag cur
na slíghe dhíobh. I lár a mhachtnaimh dó d'airigh Aodh
an liú ag eiríghe amuich i dtusach na slógh. Do
tógadh an liú, ó dhuine go duine, go dtí go raibh
an tsluagh go léir ag liúirigh chómh h-árd, chómh
cuthaigh agus bhí sé sa chliabh agus sa sgórnaigh
acu. Chuir Aodh liú as, go mbéadh sé, dar leis,
chómh maith leó. Má chuir do sgread na daoine
beaga a bhí ar gach taobh dé agus do ritheadar
uaidh amach. Do sgread na daoine beaga a bhí
lastiar dé agus do ritheadar uaidh siar. Do
sgread na daoine beaga a bhí lasmuich agus do


L. 95


ritheadar uaidh amach. Shíl gach aoinne nuair a
h-airigheadh an liú a chuir Aodh as gur b'amhlaidh
a bhí an t-aer agus an talamh ag tuitim ar a chéile.
Bhí gach aon chontabhairt go marbhóch' na daoine
beaga a chéile ag brúth ar a chéile agus ag gabháil
do chosaibh i n-a chéile, do chuir an liú a dhein Aodh
a leithéid sin de sgeón ionta. Chonaic Eisirt
an sgeón agus an chontabhairt. Chonaic Aodh an
sgeón agus an chontabhairt.



"Cas sgol amhráin dóibh, a rígh éigeas," arsa
Eisirt.



Do chas Aodh an sgol amhráin. Do chas sé é
go h-árd agus go binn, agus ba mhaith chuige é.
Do stad an brúth láithreach. D'eírigh na daoine
beaga a bhí ar lár agus do ghlanadar an ceó d'á
gcuid éadaigh. Ní raibh aoinne marbh ná aon
chnámh briste. Ba ghearr go rabhadar go léir
go ciúin ag éisteacht le h-amhrán Aodha.



"Stad anois, a rígh éigeas," arsa Eisirt.



Do stad. Tháinig lán a gcroídhe de náire
ar an muíntir a ghlac an sgeón. Bhíodar ag
filleadh, gach aoinne chun a áite féin sa tsiúbhal.



CAIBIDIOL A XIV



SA BHAILE SLÁN



Do mothuigheadh go raibh tusach an tslóigh ag
siúbhal ana ghéar. Níor bh'fhada gur mothuigheadh
go rabhadar ag ruith. Níor bh'fhada go raibh an


L. 96


tsluagh go léir ag ruith agus gan blúire suime
acu i n-Aodh. Do ghluais an mhuíntir a bhí lastiar
dé amach tímpal a chos agus eatartha. Bhí
"Tháinig an rígh! Tháinig an rígh!" i mbéal gach
aoinne agus gach aoinne ag ruith. Ansan iseadh
bhí Aodh i gcruadh-chás. Níor dhein sé ach seasamh
mar a raibh aige agus a dhá throigh a choimeád ar
an dtalamh go daingean. Bhí na daoine beaga
ag gluaiseacht thar na brógaibh agus thar na
h-altaibh aige, díreach mar a ghluaiseóch' an t-uisge
dá mbéad sé 'n-a sheasamh sa n-abhainn. Bhí sé
tamall maith 'n-a sheasamh ar an gcuma san agus
na daoine beaga ag gluaiseacht thairis amach, agus
ná leigfead sgannra dhó aon chos leis a bhogadh
de'n talamh. Bhíodar chómh fada san ag gabháil
thairis amach gur bh'iongnadh leis cá bhfuaradh iad
go léir. Bhí eagla a chroidhe air ná féadfadh sé
a chosa choimeád daingean ar an dtalamh go
mbéidís gabhtha thairis. Fé dheire ambasa do
ghaibh an duine deirineach acu thairis amach. Ba
mhór an fhuasgailt é! Ansan iseadh thuig sé go
raibh Iubhdán tagaithe, agus gur bh'shiné fé ndear
an liúireach ar dtúis agus ansan an ruith. Chaith
sé é féin ar an dtalamh agus shín sé a chosa.



"D'á luathacht a bhéad-sa sa bhaile i n-Éamhain,"
ar seisean i n'aigne féin, "iseadh is fearr é.
Ní'l aon ghnó anso agam. Ní'lim-se oireamhnach
do'n áit agus ní'l an áit oireamhnach dom. Táim
ró mhór ar fad do'n a it seo. Níor bh'iongnadh
liom go mbéadh doicheal ag teacht ortha. Ithim


L. 97


agus ólaim oiread le deichniubhar agus dachad
acu féin agus 'n-a dhiaigh san ní ithim leath mo
dhóthana. Táim ag dul as. Ní h-aon chompórd
bheith anso, pé onóir a tabharfaí do dhuine. Bhí
an ceart ag Eisirt nuair adúbhairt sé ná déar-
fadh sé liom teacht ná fanamhaint. Ní féidir dom
milleán a chur ar aoinne ach orm féin. Is mí-
chothromach an rud do duine bheith ró mhór, bheith
'n-a phiarda fathaigh ameasg na ndaoine. Cad
é an canncar a bhíodh orm go minic i n-Eamhain
mar gheall ar mé bheith chómh beag! Cad a dhéan-
fainn anois dá mbéinn chómh mór le Feargus!
Is amhlaidh mar atá an sgéal agam táim ró mhór -
agus táim ró bheag. Táim ró mhór i Mágh Faithlinn
agus táim ró bheag i n-Eamhain."



An fhaid a bhí sé sa mhachtnamh san tháinig Eisirt
chuige.



"Cad í an ghruaim seo anois ort, a rígh éigeas?"
arsa Eisirt.



"B'fhearr liom go mbéinn sa bhaile!" arsa
Aodh.



"Ar dheineamair aon rud a chuir mí-shásamh
ort, a rígh?" arsa Eisirt.



"Níor dheineabhair, a rígh," arsa Aodh. "Mé
féin atá ag cur mí-shásaimh orm féin."



"Agus cad é an locht atá agat ort féin, a
rígh?" arsa Eisirt.



"Tá mé bheith ró mhór," arsa Aodh.



"Is tu an chéad duine riamh a dh'airigheas-sa
'ghá lochtú' féin mar gheall ar bheith ró mhór. Is


L. 98


ana mhinic, ámhthach, a d'airigheas duine 'gá
lochtú féin mar gheall ar é bheith ró bheag," arsa
Eisirt.



"Is fíor dhuit sin," arsa Aodh. "Nuair a
bhíos-sa bhaile i n-Eamhain ní raibh 'gham baint
de'n tsaoghal, do ló ná d'oídhche, ach mé bheith chómh
beag. Nuair fheuchainn ar Fheargus agus ar na
fir mhóra eile bhíodh mo chróidhe d'á losgadh coit-
chianta le formad. Ní fhéadadh duine feuchaint
ghéar a thabhairt orm ná measainn gur a' déanamh
iongnadh de m' luighead a bhíodh sé, agus bhínn ar
buile. Anois, ní'l 'gham baint de'n tsaoghal
ach mé bheith chómh mór. Má fheuchan duine de
mhuíntir na h-áite seo géar orm buailtear isteach
am' aigne láithreach gur ag déanamh iongnadh de
m' mheíd a bhíon sé, agus tagan an bhuile chéadna
orm. Is gasta a dheinis-se an gnó, a Eisirt,
nuair a dúbhraís ná déarfá liom teacht anso ná
fanamhaint sa bhaile. Dá n-abarthá liom teacht
is dócha go mbéinn ag cur an mhilleáin go léir
ort anois agus 'ghá rádh leat go raibh sé ceart
agat mé fhágáilt sa bhaile. Ní dúbhraís liom
teacht ná gan teacht. Ní féidir dom milleán
an sgéil do chur ar aoinne ach orm féin."



"Ná cuir milleán ort féin ná ar aoinne eile,
a rígh éigeas," arsa Eisirt. "Ní tusa an
t-aoinne amháin go bhfuil an dá nídh sin, luíghead
agus méid, 'á bhaint de'n tsaoghal. Luíghead
agus méid cuirp atá ag cur ort-sa. Is neamhnídh
iad san seachas an dá nídh eile úd, luíghead agus


L. 99


méid aigne. Nuair a bhís-se sa bhaile bhítheá
buartha toisg gan tu bheith chómh mór ad' cholainn
le Feargus. Tá buairt anso ort toisg gan
tu bheith chómh beag liom-sa."



"Gabhaim párdún agat, a Eisirt," arsa Aodh.



"Ní dóich liom gur mhaith liom bheith chómh beag
leat-sa!"



"Siné shamhluigheas, a rígh," arsa Eisirt. "Ní
h-uiriste teacht suas le duine go bhfuil fios a
aigne féin i gceart aige. Ach ní chuige sin a
bhíos. Chuige seo iseadh bhíos, a rígh. An bhuairt
seo a bhíon ort-sa mar gheall ar do mhéid, nó ar
do luíghead, is beag fear i gCúig' Uladh ná bíon
an bhuairt chéadna air agus an formad céadna
'ghá bhaint de'n tsaoghal. Ní'l duine acu ná
mothuighean é féin ró bheag nuair fheuchan sé ar
na daoine atá níos uaisle 'ná é féin, agus bíon
sé ar buile. Agus ní'l duine acu ná mothuigh-
ean é féin ró mhór nuair fheuchan sé ar na daoine
atá níos ísle 'ná é féin, agus bíon sé ar buile
le h-uabhar, agus bíon fuath ag gach aoinne dhó.
Bíon gach aoinne ag fanamhaint uaidh amach."



"Ní dóich liom gur ceart an chaint sin a
thagairt dómh-sa, a rígh," arsa Aodh.



"Ní ceart, a rígh ollamh, agus ní duit atáim
'ghá tagairt. Ní h-amhlaidh a bhíon daoine ag
fanamhaint uait-se amach. Is amhlaidh nách féidir
iad a choimeád uait amach. Táim ag tagairt na
cainte do dhaoine a mheasan go bhfuil aigne mhór
acu, agus gan acu, le fírinne, ach aigne ana bheag.


L. 100


Is dóich leó gur fathaigh iad, 'n-a n-aigne, ach chíon
an uile dhuine ná fuil ionta ach abhaic."



"Am' abhac nó am' fhathach dom, a Eisirt,"
arsa Aodh, "b'fhearr liom go mbéinn sa bhaile i
gCúig' Uladh."



"Téanam ort isteach má 'seadh, agus fág
slán ag an rígh agus ag tuatha Luchra agus Lup-
rachán, agus cuirfidh Iubhdán an t-each buidhe leat
go Tráigh na dTréanfhear. Ní bheifeá abhfad ag
dul abhaile go h-Eamhain dá mbeifeá ar Thráigh
na dTréanfhear."



Do phreab Aodh 'n-a shuidhe. Thóg sé Eisirt ar a
bhais chuige. Thánadar go dtí an halla mór mar
a raibh féasta d'á ollamhú chun fáilte chur roimh
Iubhdán ar a theacht abhaile a' h-Éamhain. Bhí
maithe agus mór-uaisle tuatha Luchra agus Lup-
rachán cruinnighthe, agus bhí gach aoinne ag suidhe
isteach i n'inead féin, do réir teidil agus onóra
agus uaisleachta. Níor deineadh dearmhad de'n
bhosca bheith socair ar dheis an rígh i dtreó go
bhféadfadh Aodh suidhe air.



Do shuigh an chuideachta agus do chaitheadar
an biadh. Ansan do baineadh "na cinnbheaga
as na dabhachaibh agus do dáileadh lionn sean
suain somblasta" ar an gcuideachtain agus
bhíodar go suairc agus go súgach agus go lán
d'aoibhneas. Bhí an biadh go maith agus bhí an
deoch go maith agus bhí an caitheamh aimsire go
maith. Ach, maith dob' fhearr 'ná gach maith eile,
bhí an rígh sa bhaile acu.


L. 101


Ar ball d'eirigh Iubhdán agus dhein sé caint.
Ní maoidheamh ná mustar ná bladhman a bhí sa
chaint, ámhthach, ach tuairisg bhreagh chruinn léir
sholusmhar, ar Fheargus agus ar Ultaibh agus
ar Chúig' Uladh, ar na daoine móra a bhí ann agus
ar a nósaibh agus ar a mbéasaibh.



"Agus," ar seisean, ag críochnú' na cainte,
"ní ceart do rígh choídhche bheith ag maoidheamh a'
méid a chómhacht ná a' neart a shlógh, mar ní
fheadair sé ná go mbéadh cómhacht le fághail ba
mhó 'ná a chómhacht agus sluagh le fághail ba threise
'ná a shluagh."



Nuair a bhí an oídhche caithte agus an chuideachta
ag cuimhneamh ar sgaipe, tháinig Eisirt i n-aice
an rígh agus d'inis sé dhó go raibh Aodh ag dul
abhaile go h-Eamhain.



"Tá go maith," arsan rígh. "Caithfear é chur
abhaile le h-onóir. Isé ollamh Uladh é. Dein-se
an t-each buidhe do ghleusadh, a Eisirt," ar
seisean, "agus beir Aodh leat go Tráigh na
dTréanfhear."



Dhein Eisirt mar adúbhairt an rígh leis. Do
ghleus sé an t-each buidhe agus chuaidh sé ar a
mhuin agus chuir sé Aodh ar a chúlaibh. Do ghluais
an t-each buidhe leó thar gach réidh, thar gach acharan,
thar gach móin agus machaire, thar gach tír agus
faraige, go dtí go rabhadar ar Thráigh na dTréan-
fhear.



Bhí uaigneas mór ar an mbeirt nuair a bhíodar
ag sgaramhaint le chéile. Ach b'éigean dóibh


L. 102


sgaramhaint. Chuaidh Aodh abhaile go h-Eamhain
agus tháinig Eisirt thar n-ais go Mágh Faithlinn
ar each buidhe Iubhdáin.



Ní h-é mo thuairim go bhfeacadar a chéile ó
shin.



Críoch



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services