Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bás Dhalláin
Title
Bás Dhalláin
Author(s)
O'Leary, Peter, Rev.,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Composition Date
1905
Publisher
Irish Book Company, The
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BÁS DHALLÁIN. Dráma aoin-ghnímh. AN CHÉAD RADHARC. Tig an óil i bpálás Aodh Fhínn, Rígh Breifne. Aodh Fionn, agus Dallán agus é ar láimh ag giolla. Aodh F. - Is mór an onóir agus an uraim agus an fabhar atá fághalta agat-sa uaimse, a Dhalláin. Dallán. - Ní h-iongna san, a rígh. Is mór m' onóir ó ríghthibh móra, ní h-i n-Éirinn amháin acht i ndúthaíbh íosachta. Tá onóir agus uraim dom i n-Albain. Tá onóir agus uraim dom i Sasana. Tá onóir agus uraim dom i mBreatain. Tá, agus sa bhFrainc. Tá olamh uasal am fhochair ó gach crích díobh san. Is onóir leó bheith am fhochair. Is clana righthe iad acht is mó an uaisleacht leó bheith am fhochair-se 'ná bheith 'na gclanaibh righthe. Aodh F. - 'Na choinnibh sin thall, tá buaidhte agamsa ortha go léir. Is mó a thugaimse dhuit 'ná thugan aon rígh ná aon rófhlaith eile dhuit. Nuair a theidhean tusa ar chuaird olamhnachta, abhfad ó bhaile, i gcríochaibh ciana coímhtheacha, bímse ad dhiaig anso agus bíon mo shúil i ndiaig do choda agus i ndiaig do mhaoíne. Nuair a chím bó i n-easnamh ar do chuid stuic cuirim bó uaim féin 'na h-inead, agus nuair a chím caora imighthe uait cuirim caora 'na h-inead, agus nuair a bhíon pingin i n-easnamh ort cuirim pingin 'na h-inead, ionus go bhfaighfá-sa, ar do theacht abhaile dhuit, do chuid agus do mhaoín agus do shaidhbhreas chómh h-iomlán agus d'fhágais iad ag imtheacht duit. Dallán. - Cad chuige an chaint sin, a rígh? Aodh F. - Chuige seo, a Dhalláin. Má tá rígh cúige eile a mheasan go bhfuil sé chómh maith dhuit agus atáimse, ba cheart dó déanamh mar a dheinimse agus gach nídh do iarfá air a thabhairt duit. Dallán. - Ní'l árdrígh ná rígh cúige i n-Éirinn ná tabharfadh dómhsa an nídh d'iarfainn air. Aodh F. - Ambriathar go bhfuil dearmhad ort, a rígh-olamh. Dallán. - Cia h-é an rígh ná tabharfadh? Aodh F. - Aodh mac Duach Duibh, rígh Oirgialla.
Dallán. - Ní'l nídh ar bith ag rígh Oirgialla, lasmuich dá fhlaitheas, ná tabharfadh sé dhómhsa dá n-iarainn air é. Acht tá a fhios agamsa, a rígh, go bhfuil formad agus imreasán idir thusa agus Aodh mac Duach. Aon nídh fóghanta dá ndéinean rígh agaibh ní foláir leis an rígh eile nídh is fearr 'ná é do dhéanamh. Aodh F. - Tá go maith. Cad 'na thaobh, má seadh, ná déinean Aodh mac Duach beart chómh maith dhuitse agus dheinimse dhuit? Dallán. - Cad í an bheart? Aodh F. - An nídh d'iarfá air é thabhairt duit. Dallán. - Cad tá aige ná tabharfadh sé dom? Aodh F. - Tá sgiath aige gurab ainim di Dubhghiolla agus tá buadha móra uirthi. Ní féidir do namhaid seasamh i gcath 'na h-aghaidh. Tuitean a lug ar a lag ag an namhaid a chíon í i gcath. Nuair a bhíon sí ar iomchur ag Aodh mac Duach féin, is cuma cad é líon a namhad, nuair a chíd siad ag teacht chúcha í iompuighid agus teithid. Is leis an sgéith sin a chosnan Aodh mac Duach críocha Oirgialla, agus dá n-iarthá-sa air í ní thabharfadh sé dhuit í. Dallán. - Ó, níor cheart d'aoinne an sgiath sin d'iaraidh. Acht dá n-iarainn-se í do gheabhainn í. Aodh F. - Thabharfinn-se do thuarasdal go maith dhuit acht dul agus an sgiath sin d'iaraidh ar Aodh mac Duach. Thabharfinn céad bó dhuit agus céad each agus céad caora agus céad muc. Dallán. - Tá go maith. Rachad-sa a d'iaraidh na sgéithe agus muna dtugtar dom í aorfad rígh Oirgialla. [Imthigheas Dallán.] Aodh F. - Seadh! Siné Eochaidh Éigeas agaibh! Siné Dallán Forgail agaibh! Siné an rígh olamh go bhfuil an onóir go léir dó i n-Albain agus i Sasana agus i mBreatain agus thall sa bhFrainc. As a admháil féin ní h-eachuinge fír-dhuine an sgiath d'iaraidh ar Aodh mac Duach, agus sin é imighthe a d'iaraidh na sgéithe é. O! cad é mar shaoghal! Is olc an gnó atá agam dhá dhéanamh 'ghá chothúghadh agus ag cothughadh an ghraithin atá le n-a sálaibh. Acht cad 'tá le déanamh agam? Tá a bhfuil san tsaoghal agam ithte ólta acu. Tá an Bhreifne creachta acu. Agus má abraim focal 'na gcoinnibh imtheóchaidh siad agus aorfidh siad mé i láthair rígh Oirgialla! Is truagh an sgéal é. [Imthigheas.] AN DARA RADHARC. Faiche ar aghaidh dúna rígh Oirgialla. Tig ó thaobh, Dallán agus a thrí naonbhúir. Ó'n dtaobh eile, Aodh mac Duach Duibh, rígh Oirgialla agus a mhuíntir. Aodh D. - Míle fáilte rómhat! a rígh olamh. (Ag tabhairt trí póga dhó.) Seó, a mhuintir. Tógaidh Dallán uasal ar bhur nguaillibh agus tugaidh libh isteach é, agus tugaidh isteach a trí naonbhúir, agus a mná agus a gcoin agus a ngiollaí. Curtar sa
n-inead is feárr sa dún iad. Curtar cóir bídh agus dígh ortha láithreach. Ná bíodh sé le rádh choídhche go raibh cóir níos feárr, ní h-eadh acht chómh maith, i mBreifne ortha agus a bheidh ortha anso. Is fearr Oirgialla 'ná an Bhreifne agus is fearr mise 'ná Aodh Fionn. Dallán. - Go réidh, a mhuíntir mhaith, go bhfeiceam an bhfaigham ár n-athchuinge. Muna bhfaigham ár n-athchuinge ní'l aon mhaith sa bhfáilte. Má tá an athchuinge le fághail againn isí an athchuinge féin an fháilte is feárr. Aodh D. - Cad í an athchuinge atá le h-iaraidh agat, a rígh olamh? Dallán. - Do sgiath-sa, a rígh uasail, an sgiath darab ainim Dubhghiolla. Aodh D. - Ní h-athchuinge fíor-éigis sin. Dallán. - Thugas duan chúgatsa 'ghá h-iaradh. Aodh D. - Is maith liomsa do dhuan d'éisteacht. Dallán. - Déarfad duit í. A earag, a Aodh, A dhaig dhána dhur, A mhaith mar mhuir mhór Coná cuirfe ar gcúl. Coná cuirfe ar gcúl, Aodh mac Duach Duibh. Is maith mór a mhaoín Gan aoír a's gan oil. An ghrian d'ailte reann Is athuathmhar leam A chlár fichill fionn, Contilfeam, a ear. Aodh D. - Is breágh go léir an dán é sin, dá dtuigfí é. Dallán. - Is fíor duitse sin. Agus an t-é do ghní an for- dheargadh file is dó is cóir é mhíniúghadh. Is mise do dhéin an duan agus is mise mhíneóchaidh é. “A earag, a Aodh,” a dúbhart leat. Isé sin le rádh, “Is tu earag gaisge agus éinghníomha Éirean.” “A dhaig dhána dhur,” a dúbhart leat. Neimh iseadh daig, agus is dána a theidhean do neimhse i gcath nó i gcómhlan. Isí do sgiath do neimh. Is eól dod' namhaid neimh na sgéithe sin. “A mhaith mar mhuir mhór.” Isé sin le rádh, dá mba leat maitheas na mara do bhronnfá é ar éigsibh agus ar lucht ealadhan. Aodh D. - Ceanóchadsa do dhuan, a rígh éigeas. Tabharfad ór agus airgead air, tabharfad céad bó agus céad each, trí chéad muc agus trí chéad caora dhuit dá chionn. Dallán. - Ní ghlacfainn a bhfuil de shaidhbhreas sa domhan muna bhfuil an sgiath le fághail agam. Aodh D. - Eírig as, a Dhalláin. Ní bhfaighir ar sgiath. Dallán. - Aoírfadsa thusa. Aodh D. - Ná déin aon dá chuid de d' dhíthchioll. Tá cómhachta Dé agus na naomh liom ad choinnibh, ó dhéin Colum Cille an tsíothcháin idir sibhse, aoís ealadhan Éirean, agus sinne, ríghthe Éirean. Dallán. - Ní bhéarfaidh Colum Cille thusa uaimse gan t'aoiradh, agus ní feara dhom uair a dhéanfad aoír ort 'ná anois os do chómhair.
Aodh mac Duach Duibh, Aruag air na raibh, A bhraghna cuach caoin, A labhra lua loin. Aodh D. - Cá bh' fhios dómhsa ciacu aoír nó moladh atá agat d'á dhéanamh? Dallán. - Ní h-iongna fear t' eóluis 'ghá radh san. Acht sidí ciall mo chainte. Tar éis na n-aor atá agam d'á ndéanamh ort anois ní bheidh cuímhne ag aoís ealadhan ar mhaith d'á ndeárnais riamh, acht oiread agus bíon ag peata cuaiche ar an oileamhaint a thug an cabhcán uirthi. Aodh D. - Imthig uaim, a Dhalláin. Imthig uaim. Dá luathacht a bheidh tú as mo radharc iseadh is feara dhuit é. Ní fios cad é an fhaid d'fhuillingeóchainn caint de'n tsórd san am fhiadhnuise. Is baoghal, muna bhfuil cúis chum m'aoirtha agat, go dtabharfainn an chúis duit. Ní h-iontaoíbh mé nuair a déintear eugcóir orm. Dallán. - Gabhtar m'eich dhom. [Imthíghid Dallán agus a mhuíntir.] Aodh D. - Féuch air sin mar éugcóir! Mo sgiath! Mo Dhubhghiolla do thabhairt dó! Conus chosnóchainn mé féin ansan ar Aodh Fionn! Aodh Fionn a chuir suas é chum na h-oibre seo. Tá go maith, a Dhalláin. Tá éugcóir déanta agat orm. Tá aoir nímhneach déanta agat orm. Cuirim Dia 'na dhiaig ort! [Imthíghis. Fanaid beirt ghiollaí, .i. Cas agus Donn.] Cas. - Cogar, a Dhuínn. Ar thuigis an dán úd Dhalláin? Donn. - Níor thuigeas, a Chais, an dán, agus níor thuigeas an míniúghadh acht chómh beag. Agus is lúgha a thuigeas an t-aoir 'ná mar thuigeas aon taobh acu. Is cuma liom ó tá Dallán agus a shloigisg imighthe. Bhíos deimhnightheach go mbéidís i gcóir na h-oidhche againn. Bheimís marbh acu. Isiad an aicme is measa iad a tháinig isteach i dtig riamh. Tá Dallán féin olc a dhóithin agus deacair do shásamh, acht is measa an tsluagh 'ná é. Is measa na mná 'ná na fir. Agus is measa na giollaí 'ná na mná. B'usa dhuit go mór rígh cúige do chuir chum suighte 'ná an giolla is meirgíghe acu. Acht is cuma liom ó táid siad imighthe. Cas. - Is dócha ná tiocfaidh siad go h-Oirgialla go bráth airís. Donn. - Mo chathúghadh é! a ndúbhairt Mathúin leis an sprid. Ar ghuth - “Dá fhaid abhí an bóthar ní dúbhairt sí liom suíghe, Ná bain díot do chlóca go n-ólam braon díghe. 'S isé dúbhairt na cómharsain nár bh' fhóghanta é mo shlígh, 'S gan leabaidh 'na luíghfinn go lá ann.” [Imthighid.]
AN TRÍMHADH RADHARC. Dallán agus a mhuíntir agus Seanchán Seanfhile ar slígh. Dallán. - Stadaig, a mhuíntir. Tá nídh ionghantach agam le rádh libh. Is minic airígheas d'á rádh ag lucht sgéaluígheachta, an t-é dhéanfadh aoír éugcórtha gur dhó ba mheasa. Ní dóich liom gur dhéin aoinne riamh aoírtha níos éugcórtha 'ná na h-aoírtha a dhéineas féin, agus i n-inead díoghbhála do theacht orm dá mbárr is amhlaidh atá maitheas mór tagaithe orm. Bhíos gan leus radhairce am shúilibh ag teacht ar an mbaile seo dhom agus tá dhá shúil ghlé ghlana anois agam. Seanchán. - A rígh olamh, is mór agus is maith an sgéal é sin, acht is deacair é chreideamhaint. Dallán. - Is fíor é, ámh. Seanchán. - Má's fíor inis dúinn ár n-eagar sa tslígh, rómhat agus ad dhiaig. Dallán (tar éis feuchaint 'na thímpal). - Táid dhá naonbhúr rómham agus a naoí am dhiaig. Cách. - Is fíor sin, a rígh olamh. Dallán. - Acht fan go fóil. B'fhéidir ná fuil an sgéal chómh maith agam agus cheapas. Do chuireas mé féin fé chomairce Choluim Cille, tá tamal mór ó sin, agus d'iaras air, nuair a bhéadh mo bhás ag druidim liom, cómhartha éagsamhlach éigin do thabhairt dom air. Conus fhéadfadh cómhartha bheith níos iongantaíghe 'ná an cómhartha atá fághalta anois agam, mé dall ag teacht anso agus radharc mo dhá shúl anois agam! Beirtar chum mo thíghe féin láithreach mé. [Imthighid.] AN CEATHRMHADH RADHARC Seomra mór agus cailín .i. Méibh, ann agus éudach 'n-a láimh aici agus í ag baint an cheoidh de'n triosgán agus port abhráin ar siúbhal aici. Méibh. - Ar a bhogadh 's ar a bhonn, Ar a bhogadh 's ar a bhonn, Ar a bhogadh 's ar a bhonn, Go Cíll Áirne. An maidirín ruadh 'N-a luíghe sa luachair A's bár' a dhá chluas Anáirde. [Tig cailín eile, .i. Brighid.] Brighid. - Cad é seo ar siúbhal anois agat, a Mhéibh? Méibh. - Dhe leig dom féin, a Bhrighid. Táim marbh glan. Beidh an tromdháimh anso láithreach agus marbhóchaidh Muirean mé má chíon sí aon bhlúire ceóidh ar an dtriosgán so. Ní fheacaís riamh acht an tsúil atá aici. Do chídhfadh sí ceó sa n-áit ná feic- fadh cat luch. Br. - Agus cad chuige go bhfuil an tromdháimh ag teacht anso anois?
Méibh. - Chum Dalláin do thóramh, a dhe! Br. - Chum Dalláin do thóramh! Dhe agus cad chuige é thóramh go dtí go bhfaghaidh sé bás? Méibh. - An amhlaidh nár airíghis é bheith marbh? Br. - Ambasa acht níor airigheas focal de. Beanacht Dé le n'anam! Airiú cad d'imthig air, a Mhéibh? Méibh. - Toil Dé! Br. - Toil -Dé! Dar ndóich is le toil Dé a gheibhean gach aoinne bás agus, mar sin féin, ní gnáth go dtagan an bás ar dhuine gan trúig éigin chuige. Méibh. - D' airígheas iad 'gha rádh gur bh' é rígh Oirgialla ba thrúig bháis dó. Br. - Cuir uait! Níor dhein Aodh mac Duach éugcóir ar éigeas riamh, ní áirímhim rígh ollamh. Méibh. - Munar dhéin Aodh mac Duach éugcóir ar Dhallán do dhéin Dallán éugcóir ar Aodh mac Duach. Siné a dúbhairt Dallán féin. Tá fios fáth an sgéil anois ag an dtromdháimh go léir. Deir siad gur iar Dallán an Dubhghiolla ar Aodh mac Duach agus gur eitig Aodh mac Duach é. Ansan gur dhéin Dallán aoír mheillteach ar Aodh agus gur imthig sé uaidh i bhfeirg. Ansan gur iar Aodh mac Duach ar Cholum Cille é chosaint ar aoiribh Dhalláin agus Dia do chur 'na ndiaidh air mar gheall ar an éugcóir. Ní fada a bhí Dallán imighthe ó Aodh nuair a tháinig a radharc dó. Br. - Éist do bhéul! Ná fuil Dallán na dhall an fhaid atá aithne againn air! Méibh. - Thug Colum Cille radharc a shúl dó nuair a bhí an bás ag teacht air. Acht isí an easgaine a tháinig air ó Aodh mac Duach ba thrúig bháis do. Dhéin sé an eugcóir ar Aodh agus chuir Aodh Dia 'na dhiaig air. Br. - Go saoraidh Dia sinn! Ba dhian an t-Éilteóir a chuir sé 'na dhiaig air. Méibh. - Chomh luath agus fuair sé go raibh radharc a shúl aige do thuig sé go raibh sé réidh. D' órduigh sé dhóibh é thabhairt anso abhaile agus níor mhair sé acht trí lá agus trí oídhche. Bhí Marbhán Naomhtha i n' fhochair i gcaitheamh na h-aimsire sin. Br. - Aililiú! Agus tá Dallán uasal marbh! Cheapas ar dtúis gur ag magadh abhís. Sin easnamh ar an dtromdháimh agus ar éigsibh Éirean! Duine uasal fóghanta dob eadh é. Is dócha, ó thug Dia radharc a shúl chorpartha dhó sul ar rug Sé as an saoghal é gur thug Sé radharc an anama leis dó, radharc na h-airthighe. Méibh. - Níor thug Marbhán aon fhailíghe ann. Br. - Gura' maith an mhaise dhó é, an duine uasal bocht. Is truagh nár sgaoíl sé thairis Aodh mac Duach. Méibh. - Beidh siad go léir anso láithreach. [Imthighid.]
AN CÚIGMHADH RADH Toramh Dhalláin. Muirean ní Chúáin, .i. bean Dalláin. Seanchán, agus an chliar uile. Ba cheart cómhra nó nídh éigin dá shórd, do bheith ar an árdán. Cách. - Cé cheapfar anois mar olamh againn i n-inead Dhalláin? Muirean. - An uair dhéanach a chuabhúir-se ar chuaird olamh- nachta i n-Albain, d'fhiafruigheas-sa de Dhallán, an uair a gheabhadh sé féin bás, cia dhé go ndéanfí olamh i n-inead. Dubhairt sé 'gam' fhreagra, má bhí fear sa domhan a chuirfadh rann i n-inead an raínn nó focal i n-inead an fhocail dó féin gur bh' é Seanchán Seanfhile an fear san. Cách. - Déintear olamh de Sheanchán againn má 'seadh. Is tú ár n-olamh, a Sheancháin, d'aon toil agus d'aon fhocal, agus d'aon ghníomh! Seanchán. - A bhuime na cléire agus a chliar uasal! Is mór an onóir í seó atá tabhartha agaibh dom, acht is trom an t-ualach atá curtha agaibh orm. Tá an t-ualach san anuas orm agus is deacair é dh'iomchur. Tá sé ag brúth orm ó gach taobh agus is deacair an brúth do sheasamh. An t-ualach a bhí éadtrom go leór ortsa, a rígh olamh, is ualach trom ormsa é. Ba mhó do neart 'ná neart ár dtrí gcaoghad. Ba mhó t'eólus 'ná eólus ár dtrí gcaoghad. Ba ghéire t'íntleacht 'ná íntleacht ár dtrí gcaoghad. Is duine de 'n trí chaoghad mise. Cá bhfaighead-sa neart agus eólus agus íntleacht chum do shaothairse do chur chum cínn! Ba chuma guth a bhéil nó buinne Easa Ruaidh. Bhí ciall a chainte mar an splanc, solusmhar. Do ghluais féith na filídheachta aige mar thuile cuain. Dá mhéid ár bhfoghluim ní raibh lá nár thug sé foghluim nua dhúinn. Dá mhéid ár n-eólus ní raibh lá nár chuir sé ár n-eólus i méid duinn. Is iomdha ceisd chruaidh a cuireadh chuige ó n-a thrí caoghad olamh. Níor leig sé ceisd díobh uaidh gan réidhteach. Agus is mó an t-eólus a thugadh sé uaidh sa réidh- teach 'ná mar a h-iartí air sa cheisd. Go sgaraidh solus le gréin, grian le spéir, agus spéir le rannaibh ní feicfar ar éigsibh Fáil rígh olamh mar an t-é atá ar lár anso againn anocht. Rígh na bhfeart go dtugaidh sólás síoraídhe dhó, tré ímpídhe Choluim Cille ar ar naisg sé a chomairc. Amen! Cách. - Amen! Amen a Thighearna! (Brat anuas.) CRÍOCH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services