Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bás Dhalláin

Title
Bás Dhalláin
Author(s)
O'Leary, Peter, Rev.,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Composition Date
1905
Publisher
Irish Book Company, The

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


BÁS DHALLÁIN.



Dráma aoin-ghnímh.



AN CHÉAD RADHARC.



Tig an óil i bpálás Aodh Fhínn, Rígh Breifne.
Aodh Fionn, agus Dallán agus é ar láimh ag giolla.



Aodh F. - Is mór an onóir agus an uraim agus an fabhar atá
fághalta agat-sa uaimse, a Dhalláin.



Dallán. - Ní h-iongna san, a rígh. Is mór m' onóir ó ríghthibh
móra, ní h-i n-Éirinn amháin acht i ndúthaíbh íosachta. Tá onóir
agus uraim dom i n-Albain. Tá onóir agus uraim dom i Sasana.
Tá onóir agus uraim dom i mBreatain. Tá, agus sa bhFrainc.
Tá olamh uasal am fhochair ó gach crích díobh san. Is onóir leó
bheith am fhochair. Is clana righthe iad acht is mó an uaisleacht leó
bheith am fhochair-se 'ná bheith 'na gclanaibh righthe.



Aodh F. - 'Na choinnibh sin thall, tá buaidhte agamsa ortha go
léir. Is mó a thugaimse dhuit 'ná thugan aon rígh ná aon rófhlaith
eile dhuit. Nuair a theidhean tusa ar chuaird olamhnachta, abhfad
ó bhaile, i gcríochaibh ciana coímhtheacha, bímse ad dhiaig anso agus
bíon mo shúil i ndiaig do choda agus i ndiaig do mhaoíne. Nuair
a chím bó i n-easnamh ar do chuid stuic cuirim bó uaim féin 'na
h-inead, agus nuair a chím caora imighthe uait cuirim caora 'na
h-inead, agus nuair a bhíon pingin i n-easnamh ort cuirim pingin
'na h-inead, ionus go bhfaighfá-sa, ar do theacht abhaile dhuit, do
chuid agus do mhaoín agus do shaidhbhreas chómh h-iomlán agus
d'fhágais iad ag imtheacht duit.



Dallán. - Cad chuige an chaint sin, a rígh?



Aodh F. - Chuige seo, a Dhalláin. Má tá rígh cúige eile a
mheasan go bhfuil sé chómh maith dhuit agus atáimse, ba cheart dó
déanamh mar a dheinimse agus gach nídh do iarfá air a thabhairt
duit.



Dallán. - Ní'l árdrígh ná rígh cúige i n-Éirinn ná tabharfadh
dómhsa an nídh d'iarfainn air.



Aodh F. - Ambriathar go bhfuil dearmhad ort, a rígh-olamh.



Dallán. - Cia h-é an rígh ná tabharfadh?



Aodh F. - Aodh mac Duach Duibh, rígh Oirgialla.


L. 2


Dallán. - Ní'l nídh ar bith ag rígh Oirgialla, lasmuich dá
fhlaitheas, ná tabharfadh sé dhómhsa dá n-iarainn air é. Acht tá a
fhios agamsa, a rígh, go bhfuil formad agus imreasán idir thusa
agus Aodh mac Duach. Aon nídh fóghanta dá ndéinean rígh agaibh
ní foláir leis an rígh eile nídh is fearr 'ná é do dhéanamh.



Aodh F. - Tá go maith. Cad 'na thaobh, má seadh, ná déinean
Aodh mac Duach beart chómh maith dhuitse agus dheinimse dhuit?



Dallán. - Cad í an bheart?



Aodh F. - An nídh d'iarfá air é thabhairt duit.



Dallán. - Cad tá aige ná tabharfadh sé dom?



Aodh F. - Tá sgiath aige gurab ainim di Dubhghiolla agus tá
buadha móra uirthi. Ní féidir do namhaid seasamh i gcath 'na
h-aghaidh. Tuitean a lug ar a lag ag an namhaid a chíon í i gcath.
Nuair a bhíon sí ar iomchur ag Aodh mac Duach féin, is cuma cad
é líon a namhad, nuair a chíd siad ag teacht chúcha í iompuighid
agus teithid. Is leis an sgéith sin a chosnan Aodh mac Duach
críocha Oirgialla, agus dá n-iarthá-sa air í ní thabharfadh sé dhuit í.



Dallán. - Ó, níor cheart d'aoinne an sgiath sin d'iaraidh. Acht
dá n-iarainn-se í do gheabhainn í.



Aodh F. - Thabharfinn-se do thuarasdal go maith dhuit acht
dul agus an sgiath sin d'iaraidh ar Aodh mac Duach. Thabharfinn
céad bó dhuit agus céad each agus céad caora agus céad muc.



Dallán. - Tá go maith. Rachad-sa a d'iaraidh na sgéithe agus
muna dtugtar dom í aorfad rígh Oirgialla.



[Imthigheas Dallán.]



Aodh F. - Seadh! Siné Eochaidh Éigeas agaibh! Siné Dallán
Forgail agaibh! Siné an rígh olamh go bhfuil an onóir go léir dó
i n-Albain agus i Sasana agus i mBreatain agus thall sa bhFrainc.
As a admháil féin ní h-eachuinge fír-dhuine an sgiath d'iaraidh ar
Aodh mac Duach, agus sin é imighthe a d'iaraidh na sgéithe é. O!
cad é mar shaoghal! Is olc an gnó atá agam dhá dhéanamh 'ghá
chothúghadh agus ag cothughadh an ghraithin atá le n-a sálaibh. Acht
cad 'tá le déanamh agam? Tá a bhfuil san tsaoghal agam ithte
ólta acu. Tá an Bhreifne creachta acu. Agus má abraim focal
'na gcoinnibh imtheóchaidh siad agus aorfidh siad mé i láthair rígh
Oirgialla! Is truagh an sgéal é.



[Imthigheas.]



AN DARA RADHARC.



Faiche ar aghaidh dúna rígh Oirgialla. Tig ó thaobh, Dallán agus a thrí
naonbhúir. Ó'n dtaobh eile, Aodh mac Duach Duibh,
rígh Oirgialla agus a mhuíntir.



Aodh D. - Míle fáilte rómhat! a rígh olamh. (Ag tabhairt trí
póga dhó.) Seó, a mhuintir. Tógaidh Dallán uasal ar bhur
nguaillibh agus tugaidh libh isteach é, agus tugaidh isteach a trí
naonbhúir, agus a mná agus a gcoin agus a ngiollaí. Curtar sa


L. 3


n-inead is feárr sa dún iad. Curtar cóir bídh agus dígh ortha
láithreach. Ná bíodh sé le rádh choídhche go raibh cóir níos feárr, ní
h-eadh acht chómh maith, i mBreifne ortha agus a bheidh ortha anso.
Is fearr Oirgialla 'ná an Bhreifne agus is fearr mise 'ná Aodh
Fionn.



Dallán. - Go réidh, a mhuíntir mhaith, go bhfeiceam an bhfaigham
ár n-athchuinge. Muna bhfaigham ár n-athchuinge ní'l aon mhaith sa
bhfáilte. Má tá an athchuinge le fághail againn isí an athchuinge
féin an fháilte is feárr.



Aodh D. - Cad í an athchuinge atá le h-iaraidh agat, a rígh
olamh?



Dallán. - Do sgiath-sa, a rígh uasail, an sgiath darab ainim
Dubhghiolla.



Aodh D. - Ní h-athchuinge fíor-éigis sin.



Dallán. - Thugas duan chúgatsa 'ghá h-iaradh.



Aodh D. - Is maith liomsa do dhuan d'éisteacht.



Dallán. - Déarfad duit í.



A earag, a Aodh,
A dhaig dhána dhur,
A mhaith mar mhuir mhór
Coná cuirfe ar gcúl.
Coná cuirfe ar gcúl,
Aodh mac Duach Duibh.



Is maith mór a mhaoín
Gan aoír a's gan oil.
An ghrian d'ailte reann
Is athuathmhar leam
A chlár fichill fionn,
Contilfeam, a ear.



Aodh D. - Is breágh go léir an dán é sin, dá dtuigfí é.



Dallán. - Is fíor duitse sin. Agus an t-é do ghní an for-
dheargadh file is dó is cóir é mhíniúghadh. Is mise do dhéin an
duan agus is mise mhíneóchaidh é. “A earag, a Aodh,” a dúbhart
leat. Isé sin le rádh, “Is tu earag gaisge agus éinghníomha
Éirean.” “A dhaig dhána dhur,” a dúbhart leat. Neimh iseadh daig,
agus is dána a theidhean do neimhse i gcath nó i gcómhlan. Isí do
sgiath do neimh. Is eól dod' namhaid neimh na sgéithe sin. “A
mhaith mar mhuir mhór.” Isé sin le rádh, dá mba leat maitheas na
mara do bhronnfá é ar éigsibh agus ar lucht ealadhan.



Aodh D. - Ceanóchadsa do dhuan, a rígh éigeas. Tabharfad ór
agus airgead air, tabharfad céad bó agus céad each, trí chéad
muc agus trí chéad caora dhuit dá chionn.



Dallán. - Ní ghlacfainn a bhfuil de shaidhbhreas sa domhan muna
bhfuil an sgiath le fághail agam.



Aodh D. - Eírig as, a Dhalláin. Ní bhfaighir ar sgiath.



Dallán. - Aoírfadsa thusa.



Aodh D. - Ná déin aon dá chuid de d' dhíthchioll. Tá cómhachta
Dé agus na naomh liom ad choinnibh, ó dhéin Colum Cille an
tsíothcháin idir sibhse, aoís ealadhan Éirean, agus sinne, ríghthe
Éirean.



Dallán. - Ní bhéarfaidh Colum Cille thusa uaimse gan t'aoiradh,
agus ní feara dhom uair a dhéanfad aoír ort 'ná anois os do
chómhair.


L. 4


Aodh mac Duach Duibh,
Aruag air na raibh,
A bhraghna cuach caoin,
A labhra lua loin.



Aodh D. - Cá bh' fhios dómhsa ciacu aoír nó moladh atá agat
d'á dhéanamh?



Dallán. - Ní h-iongna fear t' eóluis 'ghá radh san. Acht sidí
ciall mo chainte. Tar éis na n-aor atá agam d'á ndéanamh ort
anois ní bheidh cuímhne ag aoís ealadhan ar mhaith d'á ndeárnais
riamh, acht oiread agus bíon ag peata cuaiche ar an oileamhaint a
thug an cabhcán uirthi.



Aodh D. - Imthig uaim, a Dhalláin. Imthig uaim. Dá luathacht
a bheidh tú as mo radharc iseadh is feara dhuit é. Ní fios cad é an
fhaid d'fhuillingeóchainn caint de'n tsórd san am fhiadhnuise. Is
baoghal, muna bhfuil cúis chum m'aoirtha agat, go dtabharfainn an
chúis duit. Ní h-iontaoíbh mé nuair a déintear eugcóir orm.



Dallán. - Gabhtar m'eich dhom.



[Imthíghid Dallán agus a mhuíntir.]



Aodh D. - Féuch air sin mar éugcóir! Mo sgiath! Mo
Dhubhghiolla do thabhairt dó! Conus chosnóchainn mé féin ansan ar
Aodh Fionn! Aodh Fionn a chuir suas é chum na h-oibre seo. Tá
go maith, a Dhalláin. Tá éugcóir déanta agat orm. Tá aoir
nímhneach déanta agat orm. Cuirim Dia 'na dhiaig ort!



[Imthíghis. Fanaid beirt ghiollaí, .i. Cas agus Donn.]



Cas. - Cogar, a Dhuínn. Ar thuigis an dán úd Dhalláin?



Donn. - Níor thuigeas, a Chais, an dán, agus níor thuigeas an
míniúghadh acht chómh beag. Agus is lúgha a thuigeas an t-aoir 'ná
mar thuigeas aon taobh acu. Is cuma liom ó tá Dallán agus a
shloigisg imighthe. Bhíos deimhnightheach go mbéidís i gcóir na
h-oidhche againn. Bheimís marbh acu. Isiad an aicme is measa
iad a tháinig isteach i dtig riamh. Tá Dallán féin olc a dhóithin
agus deacair do shásamh, acht is measa an tsluagh 'ná é. Is
measa na mná 'ná na fir. Agus is measa na giollaí 'ná na mná.
B'usa dhuit go mór rígh cúige do chuir chum suighte 'ná an giolla
is meirgíghe acu. Acht is cuma liom ó táid siad imighthe.



Cas. - Is dócha ná tiocfaidh siad go h-Oirgialla go bráth
airís.



Donn. - Mo chathúghadh é! a ndúbhairt Mathúin leis an sprid.



Ar ghuth - “Dá fhaid abhí an bóthar ní dúbhairt sí liom suíghe,
Ná bain díot do chlóca go n-ólam braon díghe.
'S isé dúbhairt na cómharsain nár bh' fhóghanta é mo shlígh,
'S gan leabaidh 'na luíghfinn go lá ann.”



[Imthighid.]


L. 5


AN TRÍMHADH RADHARC.



Dallán agus a mhuíntir agus Seanchán Seanfhile ar slígh.



Dallán. - Stadaig, a mhuíntir. Tá nídh ionghantach agam le
rádh libh. Is minic airígheas d'á rádh ag lucht sgéaluígheachta, an
t-é dhéanfadh aoír éugcórtha gur dhó ba mheasa. Ní dóich liom
gur dhéin aoinne riamh aoírtha níos éugcórtha 'ná na h-aoírtha a
dhéineas féin, agus i n-inead díoghbhála do theacht orm dá mbárr
is amhlaidh atá maitheas mór tagaithe orm. Bhíos gan leus
radhairce am shúilibh ag teacht ar an mbaile seo dhom agus tá dhá
shúil ghlé ghlana anois agam.



Seanchán. - A rígh olamh, is mór agus is maith an sgéal é sin,
acht is deacair é chreideamhaint.



Dallán. - Is fíor é, ámh.



Seanchán. - Má's fíor inis dúinn ár n-eagar sa tslígh, rómhat
agus ad dhiaig.



Dallán (tar éis feuchaint 'na thímpal). - Táid dhá naonbhúr
rómham agus a naoí am dhiaig.



Cách. - Is fíor sin, a rígh olamh.



Dallán. - Acht fan go fóil. B'fhéidir ná fuil an sgéal chómh
maith agam agus cheapas. Do chuireas mé féin fé chomairce
Choluim Cille, tá tamal mór ó sin, agus d'iaras air, nuair a bhéadh
mo bhás ag druidim liom, cómhartha éagsamhlach éigin do thabhairt
dom air. Conus fhéadfadh cómhartha bheith níos iongantaíghe 'ná
an cómhartha atá fághalta anois agam, mé dall ag teacht anso
agus radharc mo dhá shúl anois agam! Beirtar chum mo thíghe
féin láithreach mé.



[Imthighid.]



AN CEATHRMHADH RADHARC
Seomra mór agus cailín .i. Méibh, ann agus éudach 'n-a láimh aici agus í ag
baint an cheoidh de'n triosgán agus port abhráin ar siúbhal aici.



Méibh. -



Ar a bhogadh 's ar a bhonn,
Ar a bhogadh 's ar a bhonn,
Ar a bhogadh 's ar a bhonn,
Go Cíll Áirne.



An maidirín ruadh
'N-a luíghe sa luachair
A's bár' a dhá chluas
Anáirde.



[Tig cailín eile, .i. Brighid.]



Brighid. - Cad é seo ar siúbhal anois agat, a Mhéibh?



Méibh. - Dhe leig dom féin, a Bhrighid. Táim marbh glan.
Beidh an tromdháimh anso láithreach agus marbhóchaidh Muirean mé
má chíon sí aon bhlúire ceóidh ar an dtriosgán so. Ní fheacaís
riamh acht an tsúil atá aici. Do chídhfadh sí ceó sa n-áit ná feic-
fadh cat luch.



Br. - Agus cad chuige go bhfuil an tromdháimh ag teacht anso
anois?


L. 6


Méibh. - Chum Dalláin do thóramh, a dhe!



Br. - Chum Dalláin do thóramh! Dhe agus cad chuige é thóramh
go dtí go bhfaghaidh sé bás?



Méibh. - An amhlaidh nár airíghis é bheith marbh?



Br. - Ambasa acht níor airigheas focal de. Beanacht Dé le
n'anam! Airiú cad d'imthig air, a Mhéibh?



Méibh. - Toil Dé!



Br. - Toil -Dé! Dar ndóich is le toil Dé a gheibhean gach
aoinne bás agus, mar sin féin, ní gnáth go dtagan an bás ar
dhuine gan trúig éigin chuige.



Méibh. - D' airígheas iad 'gha rádh gur bh' é rígh Oirgialla ba
thrúig bháis dó.



Br. - Cuir uait! Níor dhein Aodh mac Duach éugcóir ar
éigeas riamh, ní áirímhim rígh ollamh.



Méibh. - Munar dhéin Aodh mac Duach éugcóir ar Dhallán do
dhéin Dallán éugcóir ar Aodh mac Duach. Siné a dúbhairt Dallán
féin. Tá fios fáth an sgéil anois ag an dtromdháimh go léir.
Deir siad gur iar Dallán an Dubhghiolla ar Aodh mac Duach agus
gur eitig Aodh mac Duach é. Ansan gur dhéin Dallán aoír
mheillteach ar Aodh agus gur imthig sé uaidh i bhfeirg. Ansan gur
iar Aodh mac Duach ar Cholum Cille é chosaint ar aoiribh Dhalláin
agus Dia do chur 'na ndiaidh air mar gheall ar an éugcóir. Ní
fada a bhí Dallán imighthe ó Aodh nuair a tháinig a radharc dó.



Br. - Éist do bhéul! Ná fuil Dallán na dhall an fhaid atá
aithne againn air!



Méibh. - Thug Colum Cille radharc a shúl dó nuair a bhí an
bás ag teacht air. Acht isí an easgaine a tháinig air ó Aodh mac
Duach ba thrúig bháis do. Dhéin sé an eugcóir ar Aodh agus chuir
Aodh Dia 'na dhiaig air.



Br. - Go saoraidh Dia sinn! Ba dhian an t-Éilteóir a chuir
sé 'na dhiaig air.



Méibh. - Chomh luath agus fuair sé go raibh radharc a shúl aige
do thuig sé go raibh sé réidh. D' órduigh sé dhóibh é thabhairt anso
abhaile agus níor mhair sé acht trí lá agus trí oídhche. Bhí Marbhán
Naomhtha i n' fhochair i gcaitheamh na h-aimsire sin.



Br. - Aililiú! Agus tá Dallán uasal marbh! Cheapas ar
dtúis gur ag magadh abhís. Sin easnamh ar an dtromdháimh agus
ar éigsibh Éirean! Duine uasal fóghanta dob eadh é. Is dócha,
ó thug Dia radharc a shúl chorpartha dhó sul ar rug Sé as an
saoghal é gur thug Sé radharc an anama leis dó, radharc na
h-airthighe.



Méibh. - Níor thug Marbhán aon fhailíghe ann.



Br. - Gura' maith an mhaise dhó é, an duine uasal bocht. Is
truagh nár sgaoíl sé thairis Aodh mac Duach.



Méibh. - Beidh siad go léir anso láithreach.



[Imthighid.]


L. 7


AN CÚIGMHADH RADH



Toramh Dhalláin. Muirean ní Chúáin, .i. bean Dalláin. Seanchán, agus
an chliar uile.



Ba cheart cómhra nó nídh éigin dá shórd, do bheith ar an árdán.



Cách. - Cé cheapfar anois mar olamh againn i n-inead Dhalláin?



Muirean. - An uair dhéanach a chuabhúir-se ar chuaird olamh-
nachta i n-Albain, d'fhiafruigheas-sa de Dhallán, an uair a gheabhadh
sé féin bás, cia dhé go ndéanfí olamh i n-inead. Dubhairt sé
'gam' fhreagra, má bhí fear sa domhan a chuirfadh rann i n-inead
an raínn nó focal i n-inead an fhocail dó féin gur bh' é Seanchán
Seanfhile an fear san.



Cách. - Déintear olamh de Sheanchán againn má 'seadh. Is tú
ár n-olamh, a Sheancháin, d'aon toil agus d'aon fhocal, agus d'aon
ghníomh!



Seanchán. - A bhuime na cléire agus a chliar uasal! Is mór
an onóir í seó atá tabhartha agaibh dom, acht is trom an t-ualach
atá curtha agaibh orm. Tá an t-ualach san anuas orm agus is
deacair é dh'iomchur. Tá sé ag brúth orm ó gach taobh agus is
deacair an brúth do sheasamh. An t-ualach a bhí éadtrom go leór
ortsa, a rígh olamh, is ualach trom ormsa é. Ba mhó do neart
'ná neart ár dtrí gcaoghad. Ba mhó t'eólus 'ná eólus ár dtrí
gcaoghad. Ba ghéire t'íntleacht 'ná íntleacht ár dtrí gcaoghad.
Is duine de 'n trí chaoghad mise. Cá bhfaighead-sa neart agus
eólus agus íntleacht chum do shaothairse do chur chum cínn!



Ba chuma guth a bhéil nó buinne Easa Ruaidh. Bhí ciall a
chainte mar an splanc, solusmhar. Do ghluais féith na filídheachta
aige mar thuile cuain. Dá mhéid ár bhfoghluim ní raibh lá nár thug
sé foghluim nua dhúinn. Dá mhéid ár n-eólus ní raibh lá nár chuir
sé ár n-eólus i méid duinn. Is iomdha ceisd chruaidh a cuireadh
chuige ó n-a thrí caoghad olamh. Níor leig sé ceisd díobh uaidh
gan réidhteach. Agus is mó an t-eólus a thugadh sé uaidh sa réidh-
teach 'ná mar a h-iartí air sa cheisd. Go sgaraidh solus le
gréin, grian le spéir, agus spéir le rannaibh ní feicfar ar
éigsibh Fáil rígh olamh mar an t-é atá ar lár anso againn anocht.
Rígh na bhfeart go dtugaidh sólás síoraídhe dhó, tré ímpídhe Choluim
Cille ar ar naisg sé a chomairc. Amen!



Cách. - Amen! Amen a Thighearna!



(Brat anuas.)



CRÍOCH.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services