Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Sprid
Title
An Sprid
Author(s)
O'Leary, Peter, Rev.,
Compiler/Editor
Borthwick, Norma
Composition Date
1902
Publisher
Irish Book Company, The
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN SPRID DRÁMA AON GHNÍMH An Fhuirean Eóghan na gCaorach. Táiliúir na gCos (Conchúbhar a ainim). Siobhán (Bean Eóghain). Eamon (Mac Eóghain). Dómhnal Mór. Diarmuid an Leasa. Máire Ní Thuathaig. Nóra Bhán (Inghean do Dhiarmuid). Seághan Mháire Ní Thuathaig. Fir agus mná agus cailíní agus buachailí. AN CHÉAD RADHARC. Tig Eóghain na gCaorach. Eóghan agus a bhean agus a mhac 'na suighe ag bórd agus iad ag piocadh cnámh. Siobhán.- Ba dheas é an multachán! Ní raibh de locht air ach a luighead a bhí ann dé. Ní fheadar cad a dhéanfimíd anois. Tá sé piocaithe againn ó cheann go h-erbal. Eóghan.- Cad é sin agat d'á rádh, a bhean! Ní fhéadfadh sé bheith ithte fós. Ní'l chúig bhéile fághalta againn as. Siobhán.- Pé rud atá fághalta agat as tá sé ithte agat. Eóghan.- Má tá is amhlaidh d'ithis féin a leath a gan fhios dúinn! Ní choimeádfadh an dúthaig feóil duit! Is cuma leat Ní tu bhíon amuich sa n-oidhche ag soláthar na feóla agus ag dul i gcontabhairt na croiche mar gheall uirthi. Mheasas go mbeadh dóithin coicís eile sa mhultachán an chuid ba lugha dhé. Greadadh chúgat, a chaileach! Is ort a bhí an t-airc! Ní bhfuaras dhá bhéile mhaitha as, mar mhultachán, tar éis a bhfuaras d'á dhuagh agus tar éis mé 'ghá áiteamh ar Mháire Ní Thuathaig gur bh'í an sprid a mairbh é i gcúinne na roilge. Éamon (ag cur sgeartadh gáire as).- Hó, hó, hó! Airiú, a dhaid ní'l aon teóra leat! Airiú conus áitighís uirthi gur bh'í an sprid a mhairbh é? Eóghan.- He, he, he! Bhí sí ag ramharú' an mhultacháin di féin. Tá an dúil sa bhlúire feóla aici chómh maith díreach agus 'tá agat' mháthair ansan. Ach bhíos-sa ag faire uirthi féin agus ar an multachán, agus díreach nuair a bhí sí ag cuímhneamh ar an
multachán a mharbhúghadh dhi féin d'imthig an multachán. "A Eóghain, airiú," ar sisi liom cúpla lá 'na dhiagh san, "táim creachda!" "A Mháire, a chroidhe 'stig!" arsa mise, "is oth liom aon droch sgéal a bheith agat! Cad é an droch nídh atá tagaithe ort anois? "Mo mhultachán breágh beathaithe a guideadh uaim," ar sisi, "agus mé díreach ag cuímhneamh ar é mharbhú' dhom féin." Chonac ag cur na súl tríom í, agus bhí 'fhios agam go raibh an t-amhsas aici orm, ach d'fheuchas suas uirthi chómh símplídhe, chómh neamhthuairmeach san gur dhóich leat ná raibh cor am chroídhe. "Go deimhin, a Mháire," arsa mise léi, "cuirean san i gcuímhne dhom rúd greanamhar, ach is dócha ná creidfir uaim é nuair a 'neósfad duit é." "Inis dom é, a Eóghain," ar sisi. "Thugas fé ndeara," arsa mise, "le tamal go mbíodh an multachán go minic istig i gcúinne na roilge. Ba dhóich leat air ná sásóch' aon áit eile ar an mbaile é ach an cúinne sin. Chasainn amach é go minic ach ní túisge bhíodh mo dhrom leis 'ná bhíodh sé istig airís. Um thráthnóna Dérdaoín seo ghabh tharainn iseadh chonac go déanach istig ann é. Ní fheaca beó ná marbh ó shin é." D'fhéuch sí orm "Agus cad 'tá greanamhar sa mhéid sin?" ar sisi. "Ná fuil fhios agat," arsa mise, "an droch ainim a bheith ar an gcúinne sin?" "Ó seadh, an sprid," ar sisi. "Agus dar ndó ní h-amhlaidh a cheapfá gur mhairb an sprid mo mhultachán," ar sisi. "Agus dar ndó," arsa mise, agus fearg ag teacht orm, mar dh'eadh, "murar mhairbh an sprid é cad a mharbhóch' é!" Chuir sí an dá láimh ar a dhá cromán agus chuir sí sgearta gáire aisti i dtreó gur dhóich leat ná faghadh sí a h-anál. Nuair a bhí an gháire sin déanta aici dhéin sí gáire eile ba mhó 'ná é. "Imthig, a Eóghain," ar sisi fé dheire, "agus cas chúgham abha le na ba san thíos. Is mithid iad do chrúth. Siobhán.- D'oirfadh do'n sprid multachán eile mharbhú' dhúinn feasda. Eóghan.- Ní'l aon mhultachán eile ag Máire Ní Thuathaig. Siobhán.- Mura bhfuil tá caoíre maitha aici. Eóghan.- Dá mbeadh céad caora aici ní tógfar uaithi aon ceann eile acu, ní tógfar san, dá mbeidhthá-sa gan feóil a bhlaise ar feadh do saoghail airís! Bean mhaith iseadh í, agus baintreach iseadh í. Bhí a fhios aici go maith cad é an sprid a mhairbh an multachán uirthi agus níor dhéin sí ach spórt dé. Ní bainfar le h-aon rud is léi a thuile, pé ball 'na bhfaghmid blúire feóla dhuitse, a Shiobhán. Siobhán - "Duitse, a Shiobhán!" Maise gan geir ort! Is mó go mór an dúil atá agat féin sa bhlúire feóla 'ná mar atá ag Siobhán inti. Mura mbeadh san bheadh sé fuar ag Siobhán bheith ag mianfuíach! Éamon.- Ná fuil caoíre maitha ar an mbaile i n-éaghmuis caoíre Mháire Ní Thuathaig?
Siobhán.- Andaigh is díreach san go bhfuilid, agus multacháin leis. (Éistid ar feadh tamail.) Éamon.- Tá Táiliúir na gCos thiar ag an Lios ag déanamh éudaig do sheana Dhiarmuid. Siobhán.- Tá, agus bheidh seana Dhiarmuid ag ínsint sgéalta fianaigheachta, agus lán an tíghe bailighthe ann ag sguruígheacht, agus beid siad go léir chómh tógtha suas leis na sgéalta fian- aígheachta go bhféadfí an ceann thíos de'n tig a bhreith chun siúbhail a gan fhios dóibh. (Féuchaid ar a chéile.) Eóghan (ag éiríghe).- Imthig ort, a Éamoinn, agus chómh luath agus gheabhair greím ar aon rud fóghanta tabhair leat é go cúinne na roilge. Béad-sa ann rómhat. Ní baoghal go dtiocfidh aoinne ag cur isteach orainn sa chúinne sin. (Imthígheas Éamon.) Tóg leat na cnámha san, a Shiobhán, agus cuir i bhfolach iad. (Imthígheas.) AN TARNA RADHARC. Tig sheana Dhiarmuda. Táiliúir na gCos ar an mbórd ag obair. Diarmuid sa chúinne agus a chaipín breac air agus é ag ínsint sgéalta. Fir agus mná agus cailíní agus buachailí cruinnighthe ag éisteacht leis na sgéalta. Táiliúir na gCos.- Ní chreidfinn focal dé. Ní'l a leithéidí ann i n-aon chor, agus ní raibh riamh. Níor bhuail aoinne riamh fós umam d'fhéadfadh a rádh, lom díreach, go bhfeacaidh sé ceann acu. Dómhnal Mór.- Éist do bhéul, a dhuine. Is 'mó duine nár tháinig. Táiliúir n. gC.- An bhfeacaís féin sprid 'ná púca riamh, a Dhómhnail? Dómhnal Mór- Ní feaca, ach mura bhfeaca is minic a cuireadh eagla mo dhóithin orm. Bhíos oídhche ag teacht abhaile ó'n gceár- tain. Bhí sé is dócha ag déanamh amach ar buile chlog sa n-oídhche. Nuair a bhíos ag fágáilt na ceártan ní raibh blúire eagla orm ach oiread agus 'tá orm an neómat so. Chómh luath agus thánag treasna na h-abhan tháinig a leithéid sin d'eagla orm gur mheas as go dtuitfinn ar an mbóthar. Bhí soc an chéachta am láimh agam. Mheasas gur tháinig leath chéad meaghchaint sa tsoc! Do shéid an t-alus amach tríom i dtreó go rabhas chómh fliuch agus dá ndéintí mé thumadh sa n-abhainn. Do stríocálas liom go dtí go dtánag
go drochad. Chómh luath i n-Éirinn agus bhios ar an dtaobh abhus de'n drochad d'imthig an t-eagla dhiom glan, do phreib. Tháinig mo neart agus mo mhisneach chúgam. Tháinig a leithéid sin d'fhuinneamh am ballaibh beatha gur mheasas go ruithfinn le gadhar fiaig. Níor mhothuígheas de mheaghchaint sa tsoc ach mar bheadh sé déanta d'adhmad! Cad deirir leis sin! Tailiúir n. gC.- "Cad deirim leis sin!" Deirim gur beag orm caint gan chial. Dómhnal Mór.- Agus má seadh cad a chuir an t-eagla orm chómh h-oban, agus cad a bhain díom é chómh h-oban? Táiliúir n. gC.- "Cad a chuir an t-eagla ort chómh h-oban?" Andaigh, a Dhómhnail, chuiris ceist orm. Cá bh'fhios dómhsa cad a chuir an t-eagla ort! Ní fheacaís aon rud. Ba rud éigin do dhuine eagla theacht air dá bhfeicfadh sé aon droch nídh. Ach ní fheacais-se aon rud, olc 'ná maith, agus bhis i rachtaibh an anama chaileamhaint le sgannra. Nuair a thagan sgeón i gcapal deir- tear go bhfeicean an capal rud éigin a chuirean an sgeón ann. Ach thainig sgeón ionatsa gan aon rud d'fheisgint. Ba dheacair d'aoinne a ínsint cad a chuir an sgeóin ionat, a Dhómhnail. Dómhnal Mór.- Agus cad a bhain an t-eagla díom chómh luath agus thánag thar drochad? Táiliúir n. gC. (ag mion-gháirí).- Andaigh ní fheadarsa san, a Dhómhnail. Cad is dóich leat féin? Dómhnal Mór.- Tá fhios agam féin go maith cad fé ndeár an t-eagla theacht orm chómh luath agus a thánag thar abhainn agus é dh'imtheacht díom chómh luath agus a thánagh thar drochad. Chómh luath agus thánag thar abhainn bhíodar tímpal orm 'n-a sluaightibh, agus ansan nuair a thanag thar drochad bhíos ar an dtaobh eile dh'abhainn uatha airís agus b'éigion dóibh fanmhaint am dhiaig. Bhí an t-eagla orm an fhaid a bhíodar am thímpal agus chómh luath a's bhíos sgartha leó d'imthig an t-eagla. Táiliúir n. gC.- Agus cé r'bh'iad féin asdó? Dómhnal Mór.- "Cé r' bh'iad féin asdó?" Is beag d'á mhearathal ort cé r'bh'iad féin! (Tig Máire Ní Thuathaig isteach.) Máire Ní Th.- Bail ó Dhia anso 'steach! Diarmuid.- Ó! De bheathasa, a Mháire! Máire Ní Th.- Go mairirse, a Dhiarmuid! Diarmuid- Suig ainíos chun na teine, a Mháire. An bhfuil an tú go láidir, a Mháire? Máire Ní Th.- Tá an tsláinte againn, buidhchas le Dia! An fhaid a bheidh an tsláinte ag duine ní ceart dó beith ag gearán. Is amhlaidh a bhuaileas a leith, a Dhiarmuid, ó 'sé amárach lá an chíosa, go n-iarfinn ort mo chíos-sa bhreith leat agus é dhíol í dteanta do chíosa féin, i dtreó ná beadh orm imtheacht ó'n
mbaile. Ní théidhean bóithreóiracht ró mhaith dhom. Seo (ag síne an airgid chuige). Diarmuid.- Tá go maith, a Mháire. Tabharfad chúgat an admháil. Ar thugais aon sgéal nua chúgainn? Máire.- An deamhan faic. Ní airíghim aon rud choídhche. Dómhnal Mór.- An airíghean tú, a Mháire? An gcreidean tusa go bhfuil sprideana agus púcaí ann, agus go bhfeictar iad? Máire (ag cur gáire aisti).- Dhe, a ghamhain, cad 'na thaobh ná creidfinn é? Dar ndó tá 'fhios ag an saoghal go bhfuil a leithéidí ann. Dómhnal Mór.- 'Seadh anois, a tháiliúir, cad tá le rádh agat? Táiliúir n. gC.- Ag magadh atá sí, a Dhómhnail. Fiafraig dí an bhfeacaidh sí sprid ná púca riamh. Máire.- B'fhuiriste dhóibh bheith ann a gan fhios dom, a mhic ó. Ní mise 'ghá bhfeisgint a dhéanfadh iad a bheith ann ná as. Táiliúir n. gC.- Inis an méid séo dhom, a Mháire. An bhfeacaís féin sprid 'ná púca riamh? Máire.- Go deimhin ní fheaca, buídhchas le Dia! Táiliúir n. gC.- An bhfeacaís aon duine a dúbhairt leat go bhfeacaidh sé, le n-a shúilibh féin, sprid ná púca riamh? Máire.- Aililiú! 'Sé an ceisdiúchán é! An amhlaidh a chonacís féin sprid nú púca? Táiliúir n. gC.- Ní h-amhlaidh, a Mháire, mar ní fhéadfinn iad fheisgint, mar ní'l a leithéidí ann chuige. Tá Dómhnal Mór anso 'gá áiteamh orainn go léir go bhfuil a leithéidí ann, agus nuair a tháinis-se isteach cheap sé go dtógfása páirt leis agus go ndéarfá go bhfuil a leithéidí ann. Ach 'sé mo thuairim-se go bhfuil a mhalairt de chial agat. Máire.- Táim buidheach díot mar gheall ar do mheas ar mo chial. Ach is eól dom aon áit amháin agus tá sprid ann chómh siúbhrálta agus tá an tsnáthad san ad láimh agat! Táiliúir n. gC.- Cad é an áit é sin? Máire.- Thoir i gcúinne na roilge. Táiliúir n. gC.- Cé chonaic ann í? Máire.- Ní fheadar cé chonaic ann í ach tá fhios agam go bhfuil sí ann. Táiliúir n. gC.- Cad é an cómhartha atá agat ar í bheith ann? Máire.- An cómhartha is feár a chonaicís riamh, an díobháil a dhéin sí dhom. Táiliúir n. gC.- Airiú cad a dhéin sí ort? Máire- Mhairbh sí mo mhultachán breágh. Táiliúir n. gC.- Mhairbh sí do mhultachán! Dar fiadh, is 'mó díobháil airígheas riamh a bheith déanta ag sprid ach do bhuaidh san ortha go léir! An bhfeacais an multachán aici d'á mharbhúghadh? Máire.- Ní fheaca, ach do chonaic duine eile í 'ghá dhéanamh. Táiliúir n. gC.- Cé chonaic í 'ghá dhéanamh?
Máire.- Chonaic Eóghan na gCaorach í 'ghá dhéanamh. (Liúid go léir agus téidhid ins na trithíbh ag gaírí ach an Táiliúir. Féuchan an Táiliúir 'na thímpal agus ionghna air.) Dómhnal Mór.- Ní dócha go gcreidfadh an táiliúir go n-íosfadh sprid caoírfheóil. Táiliúir n. gC.- Chreidfinn go n-íosfadh sprid caoírfheóil chómh luath díreach agus chreidfinn an sprid a bheith ann i n-aon chor. Dómhnal Mór.- Bíodh geall ná raghfá soir isteach go cúinne na roilge anois. Táiliúir n. gC.- Do raghainn dá mbeadh na cosa agam chómh maith agus 'táid siad agatsa, Dia 'd bheanachadh! Dómhnal Mór.- An ndeirean tú liom go raghfá? Táiliúir n. gC.- Deirim gan amhras. Dómhnal Mór.- Dar fiadh béarfadsa soir ar mo mhuin tú agus fágfad thoir sa chúinne thú ad aonar ar feadh uair a' chloig agus ansan tabharfad anoir airís tú. Má dhéinean tú é sin déarfad ná fuil eagla roimh sprid ná púca ort! Diarmuid.- Bíodh cial agat, a Dhómhnail, agus leog do'n duine. Dómhnal Mór.- Is breágh bog a thagan caint chuige. Do raghad sé soir go cúinne na roilge, agus ní bheadh sgáth 'ná eagla air roimis an sprid, dá mbeadh lúth a chos aige. Is maith atá fhios aige dá mbeadh lúth a chos aige nách baoghal go ndéarfadh sé an chaint sin. Deir sé ná beadh aon eagla roimis an sprid air mar ná fuil a leithéid ann. Mura bhfuil sí ann cad é an díobháil fhéadfidh sí dhéanamh dó! Béarfadsa soir ar mo mhuin é agus ansan beidh fhios againn an bhfuil eagla air nú ná fuil. Máire Ní Thuathaig.- Cá bh'fhios duit, a Dhómhnail, nach ort féin a bhéarfadh an sprid an fhaid a bheadh an táiliúir ar do mhuin agat? Dá mbeinn ad chás ní bhacfinn é mar ghnó. Dómhnal Mór.- Má thaisbeánan sí í féin caithfad chúichí an táiliúir agus ruithfad. Táiliúir n. gC.- Ná déin a thuile cainte ach tóg leat soir mé. Dómhnal Mór.- Seo má 'seadh. Heidhb! (Tógas Dómhnal an Táiliúir chuige ar a mhuin agus an chuideachta ag cur an anama amach ag gáirí, agus siúd an dorus amach é.)
AN TRÍMHADH RADHARC. Cúinne na roilge. Eóghan na gCaorach 'na luíghe sa chúinne. Áiríghean sé ciscéim trom ag teacht ar an dtaobh amuich de'n fhala. Eóghan (ag eirighe agus ag féuchaint suas).- Mo ghradhn croídhe thu, a Éamoinn! Ba gheár an mhaíl ort an méid sin a dheanamh! (Tagan Dómhnal thuas agus greím fé'n dá oscail aige ar an dTáiliúir, 'ghá leogaint síos isteach de dhruim an fhala. Síneas Eóghan a dhá láimh suas agus beireas ar dhá chromán ar an dTáiliúir.) Ní rabhais abhfad. An multachán é? An bhfuil sé ramhar? (Sgaoíleas Dómhnal uaidh an táiliúir agus ruitheas. Tuiteas an Táiliúir 'na chnaipe i laige, idir dhá laimh Eóghain. Féuchan Eóghan air. As go brách le h-Eóghan.) Táiliúir n. gC. (ag teacht chuige féin).- Ó! Ó! Ó! Dia le m'anam! Is dócha go bhfuilim réidh! Tiocfid sí airís agus ní fios cad é an cor a tabharfar orm. Cad iad na crosa a bhí orm nár éisteas mo bhéul! Ní raibh blúire coinne agam go mbeadh sé de mhisneach i nDómhnal mé thabhairt leis anso. Measas go stadfadh sé agus go bhfillfadh sé sul a mbéimís leath na slíghe. B'fhéidir gur bh'fheár leis féin anois go ndéanfadh. Ní thiocfidh sé a'm iaraidh. Ó! cad a dhéanfad! Fágfar anso go lá mé! Dia linn! Dia linn! Dia linn! Cad a dhéanfad i n-aon chor! (Airighean sé ciscéim ag teacht agus cuirean sé cluas air féin.) Éist! Tá sé ag teacht ambasa. Ní leogfad aon nídh orm. Áiteóchad air ná raibh aon sprid i n-aon chor ann. (Tig Éamon thuas agus caora mharbh aige.) Éamon.- An bhfuilean tú ansan? Táiliúir n. gC.- Táim anso. Cad 'na thaobh ná beinn? Cad a choimeád chómh fada thú? Éamon.- 'Sdó ní fhéadfinn breith air. Táiliúir n. gC.- Ní fhéadfá breith air! Cad í an chaint sin ort mar sin! Táim anso ag feitheamh leat le trí h-uaire chloig. Cad chuige dhuit imtheacht uaim chómh tapaidh agus d'imthighis? Ba dhóich le duine gur b'amhlaidh a chonaicís an sprid. Cá bhfuil sí anois tar éis do chainte go léir? Éamon.- Mura mbeadh ná raibh aon bhraon dighe agat déar- finn gur ar meisge a taoín tú! Tar anso! Greadadh cugat, tar anso agus beir air seo uaim agus ná bí am bodhradh le d' chuid cainte! Táiliuír n. gC. (ag iniúchadh suas).- Airiú, a Dhómhnail, cad é sin agat! Nú cad tá ag eiríghe dhuit! Ná fuil fhios agat go maith ná féadfinnse é thógaint uait pé rud é. (Caithan Éamon uaidh síos an chaoíra agus as go brách leis.) A Dhómhnail! (i n-árd a chínn 's a ghutha). Ní fheadar an tsaoghal
cad 'tá ar Dhómhnal anois. Ambasa b'fhéidir mura bhfuaras-sa deoch go bhfuair seisean é. Cad é seo a thug sé leis? (ag lámh- cán chun na caorach agus 'ghá lámhsiáil). Caoíra! Aililiú! Caoíra mharbh! Tá Dómhnal as a mheabhair! Fan go fóil ámhthach. Chonaic sé nár chuireas-sa giócs 'ná míocs asam nuair a rugadh ar chrománaibh orm. Dar leis ní raibh blúire eagla orm. D'imthig sé ansan agus thug sé an chaoira mharbh so leis chun í chaitheamh anuas orm féuchaint an gcurfadh san eagal orm. Tuigim thú, a Dhómhnail, a mhic ó. Ach béad-sa suas leat. Ní fheadar an fada cheapan sé mé fhágáilt anso. B'fhéidir go bhfágfadh sé tamal maith anso mé, mar olc orm. Ach cuirfidh Diarmuid a'm iaraidh é, nú cuirfidh sé duine éigin a'm iaraidh. Tá an oídhche ag dul i nglaise. Ní'l sí seo fuar fós. Lúighfad isteach 'na h-aice. Is feár caoíra mharbh féin 'ná duine bheith i n'aonar ar fad. (Luíghean sé isteach i n-aice na caorach agus tuitean a chodla air). AN CEATHRAMHADH RADHARC. Tig sheana Dhiarmuda. An chuideachta go léir ann ach Dómhnal Mór agus Táiliúir na gCos. Diarmuid.- agus deirean tú liom, a Mháire, go ndúbhairt sé gur bh'í an sprid i gcúinne na roilge a mhairbh an multachán? Máire.- Dá bhfeicfá an dá shúil a tháinig dó agus é 'ghá rádh. "Murar mhairbh an sprid é," ar seisean, "cad a mhairbh é!" Diarmuid.- Andaigh b'fhíor dhó san. B'shiní an cheisd. Nóra Bhán.- Agus cad é an ghnó bheadh ag an sprid de'n mhultachán? Is minic airígheas díobháil déanta ag sprid ach níor airígheas riamh gur mhairbh sprid multachán! Diarmuid.- Is fíor dhuit é, a laogh. Ach is docha nách é gach aon mhultachán a bheadh chómh maith leis an multachán a bhí ag Máire Ní Thuathaig. Is 'mó greím breágh méith a bhí geallta agat duit féin as, a Mháire. Nách 'mó? Máire.- Fágaim le h-uacht go raibh sé socair am aigne ná faghadh aon Chríosdaídhe eile oiread agus blaise dhé, ach go gcoimeádfinn an uile bhlúire dhé dhom féin. Seághan (mac do Mháire).- B'fhéidir go dtiocfadh duine éigin lastiar díot, a mháthair, ar chnáimhín dé anois a's airís. Máire.- An multachán a mharbhuígheas dom féin anuirig, ní fheadar an tsaoghal cad fé ndear é, níor sheasaimh sé dhom leath na h-aimsire a mheasas a sheasóch' sé. Nóra Bhán.- B'fhéidir gur b'í an sprid a ghuid uait cuid dé, a Mháire, ó tá an dúil sa chaoírfheóil aici. Gheabhadh sí an baluith breágh nuair a bheadh an ghaoith adtuaig. Éist! Táid siad so ag teacht. (Airightear ciscéim amuich. Tig Dómhnal Mór agus Éamon isteach. Lámh
Éamoinn fé oscail Dhómhnail. Dath an bháis ar Dómhnal agus a dhá iosgad ag lúbadh fé.) Nóra Bhán.- Aililiú! a Dhómhnail, cad d'imthig ort! (Curtar 'na shuíghe i gcathaoir é.) Ambriathar gur dócha go bhfeacaidh sé an sprid. Ní fheadar cár fhág sé Táiliúir na gCos. Éamon.- Táiliúir na gCos! Cad a bhéarfadh Táiliúir na gCos i n-aonfheacht leis mura mbeadh sé ar a mhuin aige! Diarmuid.- Cá bhfuarais é, a Éamoinn? Éamon.- Cheapas go mbuailfinn a leith anso ag sgurúigheacht tamal de'n oídhche, agus nuair a thánag go dtí an sgairtín chonac an duine ag déanamh orm. Cé bheadh ann ach é seo agus é ag dul amú. Chómhluath agus d'aithnígheas é do labhras leis ach ní fheadfinn húm ná hám a bhaint as. Níor dheineas ach breith ar chuislinn air agus é thabhairt liom. Diarmuid.- A Dhómhnail! Dómhnal.- Úúm! Diarmuid.- Tabhair deoch uisge chuige. (Tugtar an deoch dó.) Croth suas tú féin, a dhuine! Cár fhágais an táiliúir? Dómhnal.- Ó! Dia le m'anam! Dia le m'anam! Ó! Ó! Ó! Diarmuid (ag baint crothadh as).- Croth suas tú féin, a dhuine! An amhlaidh ná h-aithníghean tú na daoine! Cár fhágais an táiliúir? Dómhnal.- Ó! An sprid! an sprid! Do rug sí air agus do strac sí amach as mo dhá láimh é! Ó! Dia le m'anam! Dia le m'anam! Ó, a Mhuire! a léithéid de radharc! Diarmuid.- Airiú greadadh chúghat, cruinnig do mheabhair agus inis dom cár fhágais an táiliúir. Dómhnal.- Ná deirim leat gur rug sí léi é! Do strac sí uaim é agus mé díreach 'ghá chur isteach sa chúinne de dhruím an fhala. (Caithan Diarmuid a chóta mór ar a shlinneánaibh agus beirean ar a bhata agus siúd amach é. Siúd amach iad go léir 'na dhiaig ach Dómhnal.) Dómhnal.- Féuch airiú! Marbhóchaid sí iad go léir! (Siúd. amach 'na ndiaig é.) AN CÚIGMHADH RADHARC. Cúinne na roilge. An Táiliúir 'na chodhla go sámh idir an chaoíra mharbh agus an fala. Solus na gealaíghe sa n-áit. Airíghtear, go breagh láidir, gach aon tsrann ó'n dTáiliúir. Tig Diarmuid isteach agus a chaipín breac air agus a bhata 'na láimh aige. Siúd chun an chúinne é. Tighid an chuid eile isteach 'na nduine a's 'na nduine. Diarmuid.- Cad é seo anso againn? Caoíra mharbh, dar fiadh! (ag breith ar an gcaoíra agus 'ghá tarac amach as an gcúinne). Mo chroídhe 'n sliabh ach go bhfuil dhá chaoíra ann! (Ag breith ar phlaitinn ar an dTáiliúir.)
Táiliúir n. gC.- Ó! táim réidh! Tá sí chúgam arís! Diarmuid.- Cé h-é thusa? Táiliúir n. gC.- Táiliúir bocht, a bheanuasal, atá gan lúth a chos ó'n lá a rugadh é! Ní fiú do t'onóir aon díobháil a dhéanamh. dómhsa. Ní h-uaim féin a thánag anso ag cur isteach ort! Ní h-eadh go deimhin. Mar is maith liom bheith am beathaig is amhlaidh a tugadh anso dom' aimhdheóin mé. Sgreadaim oraibh, a uaisle sídhe! Iaraig uirthi gan aon díobháil a dhéanamh dom! (Ag feuchaint 'na thímpal ortha go léir.) Tá donus mo dhóithin cheana orm, féuch! Labhraig léi, a uaisle! Cumaraíghe mh'anama oraibh! Cad a dhéanfad i n-aon chor má curtar a thuile máchail orm! (Sgeartaid go léir ar gháirí agus ar shult.) Ó! a uaisle, ní cursaí gáirí ná suilt é. Má leogtar as anois mé geallaim daoíbh ná tiocfad anso go brách airís, agus geall- fad go fírinneach ná labharfad focal i nbhúr gcoinnibh i gcaitheamh mo shaoghail, pé fada gairid é. Diarmuid.- Éist do bhéal, a bhrealláin! Speabhraoídí atá ort. Bhís ad chodla agus ní'lean tú ad dhúiseacht i gceart fós. Táiliúir n. gC. (ag feuchaint ortha ó dhuine go duine agus ag cur aithne ortha).- Mhaise sgeímhle oraibh, a phaca! Mura sibh a chuir an sgannra orm gan ghá gan ríachtanas! Ná féadfadh sibh sibh féin a chur i n-iúil dom mar a dhéanfad aon Chríosdaighthe! Tusa agus do chóta mór agus do chaipín breac! Tabharfinn an leabhar gur bh'í an sprid 'na steilibheathaig a bhí arís agam. Cad 'na thaobh nár thánaís-se a'm iaraidh mar a gheallais, a rascail! Do rithis leat féin agus d'fhágais anso mé agus ba chuma leat beó nó marbh mé! Diarmuid.- Ná bac é féin, a Chonchubhair, ach inis an méid seo dhom. Cé mhairbh an chaoíra so agus a thug anso í? Táiliúir. n. gC.- Siné ansan é. Dómhnal Mór a mhairbh í agus a thug anso í. Dómhnal.- Ó! Airiú thugais d'éitheach, a rascail! Cad a bhéarfadh go marbhóchainn-se í agus go dtabharfinn anso í! Táiliúir n. gC.- Is tusa mhairbh í agus is tú thug anso í. An é radharc mo shúl agus éisteacht mo chluas a mheasfá bhaint díom! Thugais anso ar do mhuin mé agus do leogais anuas sa chúinne seo mé, agus ansan nuair a chonaicís ná raibh aon eagla ag teacht orm d'imthíghis agus thugais leat an chaoíra so agus thugais iaracht ar í chaitheamh anuas orm, chun sgannra chur orm, dar leat. Nach cuímhin leat gur ghlaoídhis orm. "An bhfuilean tú ansan?" arsa tusa. "Táim," arsa mise, "cad a choimeád thú?" "Ní fhéadfinn breith air," arsa tusa. (Sleamhnuígheas Éamon amach a gan fhios.) Ansan d'fhéuchas suas go géar ort agus ghlaodhas as t'ainim ort. "A Dhómhnail," arsa mise, "cuir
uait na clis." Ní túisge airíghis t'ainim 'ná chaithis chúgam anuas an chaoíra agus chuiris an talamh díot. Dómhnal.- Ó! Ó! Do bhuais ar a bhfeaca riamh chun eithig a cheapadh. Ní h-eadh ach seo mar a thuit amach. Is cuímhin liom é. Is cuímhin liom anois é. Thugas ar mo mhuin tú go bara an fhala, ansan do rugas ar dhá osgail ort chun tú leogaint síos gan tú ghortúghadh. Le n-a línn sin d'eírig an sprid thíos agus do rug sí ar dhá chromán ort. "An multachán é?" ar sisi. "An bhfuil sé ramhar?" ar sisi. Do sgaoíleas uaim tú agus ní cuímhin liom a thuile go dtí gur rug Éamon abhaile mé, pé ball 'nar bhuail sé umam. Cá bhfuil sé anois? (Féuchaid go léir 'na dtímpal. Ní'l aon tuairisg ar Éamon.) Diarmuid (ag baint iompáil as an gcaoírigh).- Féuch airiú! Ceann de m'chaoíribh féin iseadh í! Ambasa ní h-aon spórt dómhsa an obair seo. Agus féuch; seo sgian. An aithneóch' aoinne agaibh í? Seághan Mháire Ní Thuathaig.- Taisbeáin í, a Dhiarmuid. Ambasa ní gá dhom féuchaint an tarna h-uair uirthi. Sgian Éamoinn! Táiliúir n. gC.- Achaidhe! Féuch air sin mar obair! Eóghan na gCaorach an sprid! Agus Éamon a thug an chaoíra mharbh leis! Airiú, a Dhómhnail, nách iad a dhein an t-amadán críoch- nuighthe dhíot! Dómhnal.- Gcloistí air asdó! Nách mó an t-amadán a dhein- eadar díot féin go mór! Seághan Mháire Ní Thuathaig.- Is cuma dhó an tsaoghal, a Dhómhnail, nuair nár dheinadar multachán de, agus an sgian so cur ann, mar a dheinadar le multachán mo máthar! Máire Ní Thuathaig.- Mhaise duig siar ionat, a dhailtín! Mura deisbhéalach ataoí! Diarmuid.- Ní cúrsaí gáirí 'ná suilt an obair seo. Caith- far deire chur le h-Eóghan na gCaorach agus - Seághan Mh. Ní Th.- Agus leis an multachán. Máire Ní Th.- Éist do bhéul a deirim leat! Diarmuid.- Caithfar cosg a chur leó araon. Tá an dúthaig creachta ag an mbeirt. Mháire Ní Th.- Agus cad a dhéanfir, a Dhiarmuid? Diarmuid.- Déanfad dul láithreach agus breith ortha agus iad a thabhairt a láthair an ghiúistís agus dearbhúghadh ortha agus iad a chur i n-áit ná guidfid siad caoíra 'ná multachán - go ceann tamail, pé 'n-Éirinn é. Máire Ní Th.- Fan go fóil, a Dhiarmuid. Bíodh foidhne agat. Má curtar prísún ar an seanduine sin ní thiocfidh sé amach go deó. Ba Mhaith liom pionós a chur air, mar tá sé tuílte aige. Ach níor mhaith liom a anam a bheith orm mar gheall ar chaoíra.
Seághan Mh. Ní Th.- Mar gheall ar mhultachán, abair, a mháthair. Ní caoíra a rug sé uaitse ach multachán. Diarmuid.- Téanam, a Dómhnail. Tá sé chómh maith agatsa teacht leis, a Sheághain, ó aithníghean tú an sgian san. Máire Ní Th.- Ní raghaidh aon chos de Sheágan leat, a Dhiar- muid. Téanam ort abhaile, a Sheághain. Seághan Mh. Ní Th. (ag ruith amach).- Comáin leat abhaile, a mháthair. Béadsa ad dhiaid. (imthíghid Diarmuid agus Seághan agus Dómhnal Mór.) Máire Ní Th. (leis an dTáiliúir).- Tusa agus do chuid spridí agus síofraí fé ndeár an obair seo! Táiliúir na gCos.- Agus cad 'na thaobh nár fágadh sa bhaile mé! (Tagan Seághan Mháire Ní Thuathaig isteach.) Seághan Mh. Ní Th.- Téanam, a Chonchúbhair. Béarfadsa abhaile thú. Ní baoghal duit go leogfad leis an sprid tú, mura b'ionan a's Dómhnal Mór. (Tógan sé an táiliúir ar a mhuin leis agus imthíghean sé.) Máire Ní Th.- Tá droch obair éigin ar siúbhal. Ní h-abhaile atá Seághan ag breith an táiliúra. Teanaíg! Ní'l aon ghnó anso againn. (Imthígh'd go léir.) AN SÉMHADH RADHARC. Tig an ghiúistís. An giúistís 'ná shuidhe ar chathaoír árd. Táiliúir na gCos ar a aghaidh amach i gcathaoír na bhfínnithe. Eóghan na gCaorach agus a mhac i leith taoíbh ann agus iad gabhtha, idir bheirt lucht airm. Cúighear nú seisear eile lucht airm ar fuid an tíghe. Diarmuid an leasa agus Seághan Mháire ní Thuathaig agus Dómhnal Mór láithreach, agus tuile. Diarmuid an Leasa.- Bitheamhnaig iseadh iad, a dhuinuasail. Ghuidadar caoíra uaimse aréir agus mharbhúighdar í, i gcúinne na roilge. Do rugas liom an bharántas cuardaig a thugais dom, a dhuinuasail, agus fuaramair sa tig acu cnámha an mhultacháin a ghuidadar ó Mháire Ní Thuathaig. Do ghabhmair iad agus thugamair linn anso os do chómhair-se iad, a dhuinuasail, go ndéanfá toradh na dlíghe thabhairt dóibh. Tá an dúthaig creachta acu. An Giúistís.- Tuigim. Cá bhfuil, where is your evidence? An fínay? Diarmuid.- Tá sé anso, a dhuinuasail. Siné sa chathaoír é. Ní'l lúth a ghéag ag an nduine mbocht.
An Giúistís.- Ó tuigim, tuigim! Diarmuid.- 'Sé, a dhuinuasail. An Giúistís (leis an dTáiliúir).- Cé h-é tusa? An Táiliúir.- Táiliúir na gCos a thugaid siad orm, a Athair - a dhuinuasail, ach Conchúbhar Bacach is ainim dom. An Giúistís.- Cá raibh tusa nuair - An Táiliúir.- Bhíos i gcúinne na roilge, a Athair, an cúinne go bhfuil an sprid ann. An Táiliúir.- Dómhnal Mór a mhairbh í, a Athair. (Léiman Dómhnal as a chorp agus siúd anonn chun an Táiliúra é.) Dómhnal.- Airiú greadadh chúgat, a bhitheamhnaig, cad é sin agat d'á rádh! Ná fuil a fhios agat gur b'é Éamon a mhairbh í agus do chaith chúghat isteach i gcúinne na roilge í! (Croman an Táiliúir bocht ar chríth). An Giúistís (go h-árd agus go feargach).- (Siúd chun Dómhnail na píléirí go leir. Ar leagadh na súl tá beirt acu ar lár aige le dhá buile dhorn. Ach dúnaid siad isteach air agus leagaid siad é agus ceangalaid siad é.) Diarmuid.- Gabhaim párdún agat, a dhuinuasail! Dá mb'é toil t'onóra leogaint dómhsa an sgéal dh'ínsint do thaisbeánfinn do t'onóir conus a thuit gach nídh amach. An Giúistís.- (Ag síne a mhéire chun Eóghain.) Diarmuid.- Ní bhfuaras, a dhuinuasail, ach do fuaramair cnámha an mhultacháin ann. An Giúistís (le duine de na píléirí).- ar ith siad an caoíra?
Diarmuid.- Níor itheadar, a dhuinuasail. Tá an chaoíra agam' thig-se. (Beirtear ar Dhiarmuid agus ceangaltar é.) Diarmuid.- Ceangailte nú sgaoílte, a dhuinuasail, 'neósfad an fhírinne do t'onóir. Bhí sórd caitheamh aimsire againn agam' tig-se agus d'eírig aighneas idir an dtáiliúir bocht so agus an fear mór san i dtaobh púcaí. An táiliúir 'ghá dhéanamh amach ná fuil a leithéidí i n-aon chor ann agus Dómhnal Mór 'ghá dhéanamh amach go bhfuil. B'é deire an áitimh dóibh go ndúbhairt an táiliúir dá mbeireadh Dómhnal go cúinne na roilge é agus é fhágáilt ann ar feadh sgathaimh aimsire i n'aonar ná beadh beann ar sprid 'ná ar phúca aige. D'árduig Dómhnal leis é, agus i gceann tamail tháinig Dómhnal chúghainn abhaile agus é i ndeire an anama le sgannra agus gan aon tuairisg ar an dtáiliúir aige ach gur rug an sprid léi é. Do ritheas féin amach láithreach agus thánag go cúinne na roilge feuchaint an bhfaghainn an táiliúir bocht beó nú marbh ann. Fuaras an táiliúir. Agus fuaras rud eile. Fuaras ceann de m'chaoíribh féin marbh ann agus an táiliúir le n-a h-ais 'na chodla go sámh. Fuaramair sgian i n-aice na caoírach. Tais- beáin an sgian san do'n ghiúistís, a Sheághain. (Sínean Seághan Mháire Ní Thuathaig suas an sgian.) Éamon.- Ó airiú, féuch mar a bhfuil mo sgian a guideadh uaim dhá lá ó shin! An Giúistís.- An í sin do skian? Éamon.- Isí, a dhuinuasail. D'iar Seághan Mháire Ní Thuathaig orm í, tá dhá lá ó shin ann, chun tobac a ghearadh. Tá sí 'na phóca aige ó sin, an bligárd, pé gnó a bhí aige 'ghá coimeád uaim. An Giúistís.- Ó tuigim. Cad deir tusa leis sin, a Seághan? Seághan Mh. Ní Th.- Deirim gur mór an truagh gan giúistís a dhéanamh d'Éamon. Ní fheaca riamh aon rud chómh deas, chómh tapaidh, leis an gcuma 'nar thug sé an bhréag san amach. Dá mbeadh sé 'na ghiúistís againn gheabhadh sé do chosaibh sa dlígh fé mar a ghabh sé do chosaibh sa bhfírinne anois, agus dhéanfadh sé bula dall díotsa féin sa n-obair sin, d'á fheabhas tú chuige. An Giúistís.- Cad deir sé? Seághan Mh. Ní Th.- Mhuise daig an diabhail ionat, a cheann cipín! An Giúistís.-
(Beirtear ar Sheághan agus ceangaltar é. Tagan tighearna airim isteach.) (Casóg dhearg air. Lord Rag a ainim.) (Téidhid i leith taoibh ag cogarnaig ar feadh cúpla neómat. Fillid.) (Imthíghid.) BRAT ANUAS.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services