Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Sprid

Title
An Sprid
Author(s)
O'Leary, Peter, Rev.,
Compiler/Editor
Borthwick, Norma
Composition Date
1902
Publisher
Irish Book Company, The

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SPRID



DRÁMA AON GHNÍMH



An Fhuirean



Eóghan na gCaorach.
Táiliúir na gCos (Conchúbhar a ainim).



Siobhán
(Bean Eóghain).



Eamon (Mac Eóghain).
Dómhnal Mór.



Diarmuid an Leasa.
Máire Ní Thuathaig.



Nóra Bhán (Inghean do Dhiarmuid).
Seághan Mháire Ní Thuathaig.



Fir agus mná agus cailíní agus buachailí.



AN CHÉAD RADHARC.
Tig Eóghain na gCaorach. Eóghan agus a bhean agus a mhac 'na suighe ag bórd
agus iad ag piocadh cnámh.



Siobhán.- Ba dheas é an multachán! Ní raibh de locht air ach
a luighead a bhí ann dé. Ní fheadar cad a dhéanfimíd anois. Tá
sé piocaithe againn ó cheann go h-erbal.



Eóghan.- Cad é sin agat d'á rádh, a bhean! Ní fhéadfadh sé
bheith ithte fós. Ní'l chúig bhéile fághalta againn as.



Siobhán.- Pé rud atá fághalta agat as tá sé ithte agat.



Eóghan.- Má tá is amhlaidh d'ithis féin a leath a gan fhios
dúinn! Ní choimeádfadh an dúthaig feóil duit! Is cuma leat
Ní tu bhíon amuich sa n-oidhche ag soláthar na feóla agus ag dul
i gcontabhairt na croiche mar gheall uirthi. Mheasas go mbeadh
dóithin coicís eile sa mhultachán an chuid ba lugha dhé. Greadadh
chúgat, a chaileach! Is ort a bhí an t-airc! Ní bhfuaras dhá bhéile
mhaitha as, mar mhultachán, tar éis a bhfuaras d'á dhuagh agus tar
éis mé 'ghá áiteamh ar Mháire Ní Thuathaig gur bh'í an sprid a mairbh
é i gcúinne na roilge.



Éamon (ag cur sgeartadh gáire as).- Hó, hó, hó! Airiú,
a dhaid ní'l aon teóra leat! Airiú conus áitighís uirthi gur bh'í
an sprid a mhairbh é?



Eóghan.- He, he, he! Bhí sí ag ramharú' an mhultacháin di
féin. Tá an dúil sa bhlúire feóla aici chómh maith díreach agus
'tá agat' mháthair ansan. Ach bhíos-sa ag faire uirthi féin agus
ar an multachán, agus díreach nuair a bhí sí ag cuímhneamh ar an


L. 3


multachán a mharbhúghadh dhi féin d'imthig an multachán. "A
Eóghain, airiú," ar sisi liom cúpla lá 'na dhiagh san, "táim
creachda!" "A Mháire, a chroidhe 'stig!" arsa mise, "is oth liom
aon droch sgéal a bheith agat! Cad é an droch nídh atá tagaithe
ort anois? "Mo mhultachán breágh beathaithe a guideadh uaim,"
ar sisi, "agus mé díreach ag cuímhneamh ar é mharbhú' dhom féin."
Chonac ag cur na súl tríom í, agus bhí 'fhios agam go raibh an
t-amhsas aici orm, ach d'fheuchas suas uirthi chómh símplídhe, chómh
neamhthuairmeach san gur dhóich leat ná raibh cor am chroídhe.
"Go deimhin, a Mháire," arsa mise léi, "cuirean san i gcuímhne
dhom rúd greanamhar, ach is dócha ná creidfir uaim é nuair a
'neósfad duit é." "Inis dom é, a Eóghain," ar sisi. "Thugas
fé ndeara," arsa mise, "le tamal go mbíodh an multachán go
minic istig i gcúinne na roilge. Ba dhóich leat air ná sásóch'
aon áit eile ar an mbaile é ach an cúinne sin. Chasainn amach é
go minic ach ní túisge bhíodh mo dhrom leis 'ná bhíodh sé istig airís.
Um thráthnóna Dérdaoín seo ghabh tharainn iseadh chonac go déanach
istig ann é. Ní fheaca beó ná marbh ó shin é." D'fhéuch sí orm
"Agus cad 'tá greanamhar sa mhéid sin?" ar sisi. "Ná fuil
fhios agat," arsa mise, "an droch ainim a bheith ar an gcúinne
sin?" "Ó seadh, an sprid," ar sisi. "Agus dar ndó ní h-amhlaidh
a cheapfá gur mhairb an sprid mo mhultachán," ar sisi. "Agus
dar ndó," arsa mise, agus fearg ag teacht orm, mar dh'eadh,
"murar mhairbh an sprid é cad a mharbhóch' é!" Chuir sí an dá
láimh ar a dhá cromán agus chuir sí sgearta gáire aisti i dtreó
gur dhóich leat ná faghadh sí a h-anál. Nuair a bhí an gháire sin
déanta aici dhéin sí gáire eile ba mhó 'ná é. "Imthig, a Eóghain,"
ar sisi fé dheire, "agus cas chúgham abha le na ba san thíos. Is
mithid iad do chrúth.



Siobhán.- D'oirfadh do'n sprid multachán eile mharbhú' dhúinn
feasda.



Eóghan.- Ní'l aon mhultachán eile ag Máire Ní Thuathaig.



Siobhán.- Mura bhfuil tá caoíre maitha aici.



Eóghan.- Dá mbeadh céad caora aici ní tógfar uaithi aon
ceann eile acu, ní tógfar san, dá mbeidhthá-sa gan feóil a bhlaise
ar feadh do saoghail airís! Bean mhaith iseadh í, agus baintreach
iseadh í. Bhí a fhios aici go maith cad é an sprid a mhairbh an
multachán uirthi agus níor dhéin sí ach spórt dé. Ní bainfar le
h-aon rud is léi a thuile, pé ball 'na bhfaghmid blúire feóla
dhuitse, a Shiobhán.



Siobhán - "Duitse, a Shiobhán!" Maise gan geir ort! Is
mó go mór an dúil atá agat féin sa bhlúire feóla 'ná mar atá
ag Siobhán inti. Mura mbeadh san bheadh sé fuar ag Siobhán bheith
ag mianfuíach!



Éamon.- Ná fuil caoíre maitha ar an mbaile i n-éaghmuis
caoíre Mháire Ní Thuathaig?


L. 4


Siobhán.- Andaigh is díreach san go bhfuilid, agus multacháin
leis.



(Éistid ar feadh tamail.)



Éamon.- Tá Táiliúir na gCos thiar ag an Lios ag déanamh
éudaig do sheana Dhiarmuid.



Siobhán.- Tá, agus bheidh seana Dhiarmuid ag ínsint sgéalta
fianaigheachta, agus lán an tíghe bailighthe ann ag sguruígheacht,
agus beid siad go léir chómh tógtha suas leis na sgéalta fian-
aígheachta go bhféadfí an ceann thíos de'n tig a bhreith chun siúbhail
a gan fhios dóibh.



(Féuchaid ar a chéile.)



Eóghan (ag éiríghe).- Imthig ort, a Éamoinn, agus chómh
luath agus gheabhair greím ar aon rud fóghanta tabhair leat
é go cúinne na roilge. Béad-sa ann rómhat. Ní baoghal
go dtiocfidh aoinne ag cur isteach orainn sa chúinne sin.



(Imthígheas Éamon.)



Tóg leat na cnámha san, a Shiobhán, agus cuir i bhfolach iad.



(Imthígheas.)



AN TARNA RADHARC.



Tig sheana Dhiarmuda. Táiliúir na gCos ar an mbórd ag obair. Diarmuid sa
chúinne agus a chaipín breac air agus é ag ínsint sgéalta. Fir agus mná
agus cailíní agus buachailí cruinnighthe ag éisteacht leis na sgéalta.



Táiliúir na gCos.- Ní chreidfinn focal dé. Ní'l a leithéidí
ann i n-aon chor, agus ní raibh riamh. Níor bhuail aoinne riamh fós
umam d'fhéadfadh a rádh, lom díreach, go bhfeacaidh sé ceann acu.



Dómhnal Mór.- Éist do bhéul, a dhuine. Is 'mó duine
nár tháinig.



Táiliúir n. gC.- An bhfeacaís féin sprid 'ná púca riamh, a
Dhómhnail?



Dómhnal Mór- Ní feaca, ach mura bhfeaca is minic a cuireadh
eagla mo dhóithin orm. Bhíos oídhche ag teacht abhaile ó'n gceár-
tain. Bhí sé is dócha ag déanamh amach ar buile chlog sa n-oídhche.
Nuair a bhíos ag fágáilt na ceártan ní raibh blúire eagla orm ach
oiread agus 'tá orm an neómat so. Chómh luath agus thánag
treasna na h-abhan tháinig a leithéid sin d'eagla orm gur mheas as
go dtuitfinn ar an mbóthar. Bhí soc an chéachta am láimh agam.
Mheasas gur tháinig leath chéad meaghchaint sa tsoc! Do shéid an
t-alus amach tríom i dtreó go rabhas chómh fliuch agus dá ndéintí
mé thumadh sa n-abhainn. Do stríocálas liom go dtí go dtánag


L. 5


go drochad. Chómh luath i n-Éirinn agus bhios ar an dtaobh abhus
de'n drochad d'imthig an t-eagla dhiom glan, do phreib. Tháinig
mo neart agus mo mhisneach chúgam. Tháinig a leithéid sin
d'fhuinneamh am ballaibh beatha gur mheasas go ruithfinn le gadhar
fiaig. Níor mhothuígheas de mheaghchaint sa tsoc ach mar bheadh sé
déanta d'adhmad! Cad deirir leis sin!



Tailiúir n. gC.- "Cad deirim leis sin!" Deirim gur beag
orm caint gan chial.



Dómhnal Mór.- Agus má seadh cad a chuir an t-eagla orm
chómh h-oban, agus cad a bhain díom é chómh h-oban?



Táiliúir n. gC.- "Cad a chuir an t-eagla ort chómh h-oban?"
Andaigh, a Dhómhnail, chuiris ceist orm. Cá bh'fhios dómhsa cad a
chuir an t-eagla ort! Ní fheacaís aon rud. Ba rud éigin do
dhuine eagla theacht air dá bhfeicfadh sé aon droch nídh. Ach ní
fheacais-se aon rud, olc 'ná maith, agus bhis i rachtaibh an anama
chaileamhaint le sgannra. Nuair a thagan sgeón i gcapal deir-
tear go bhfeicean an capal rud éigin a chuirean an sgeón ann.
Ach thainig sgeón ionatsa gan aon rud d'fheisgint. Ba dheacair
d'aoinne a ínsint cad a chuir an sgeóin ionat, a Dhómhnail.



Dómhnal Mór.- Agus cad a bhain an t-eagla díom chómh luath
agus thánag thar drochad?



Táiliúir n. gC. (ag mion-gháirí).- Andaigh ní fheadarsa san, a
Dhómhnail. Cad is dóich leat féin?



Dómhnal Mór.- Tá fhios agam féin go maith cad fé ndeár
an t-eagla theacht orm chómh luath agus a thánag thar abhainn agus
é dh'imtheacht díom chómh luath agus a thánagh thar drochad. Chómh
luath agus thánag thar abhainn bhíodar tímpal orm 'n-a sluaightibh,
agus ansan nuair a thanag thar drochad bhíos ar an dtaobh eile
dh'abhainn uatha airís agus b'éigion dóibh fanmhaint am dhiaig. Bhí
an t-eagla orm an fhaid a bhíodar am thímpal agus chómh luath a's
bhíos sgartha leó d'imthig an t-eagla.



Táiliúir n. gC.- Agus cé r'bh'iad féin asdó?



Dómhnal Mór.- "Cé r' bh'iad féin asdó?" Is beag d'á
mhearathal ort cé r'bh'iad féin!



(Tig Máire Ní Thuathaig isteach.)



Máire Ní Th.- Bail ó Dhia anso 'steach!



Diarmuid.- Ó! De bheathasa, a Mháire!



Máire Ní Th.- Go mairirse, a Dhiarmuid!



Diarmuid- Suig ainíos chun na teine, a Mháire. An bhfuil an
tú go láidir, a Mháire?



Máire Ní Th.- Tá an tsláinte againn, buidhchas le Dia! An
fhaid a bheidh an tsláinte ag duine ní ceart dó beith ag gearán.
Is amhlaidh a bhuaileas a leith, a Dhiarmuid, ó 'sé amárach lá an
chíosa, go n-iarfinn ort mo chíos-sa bhreith leat agus é dhíol í
dteanta do chíosa féin, i dtreó ná beadh orm imtheacht ó'n


L. 6


mbaile. Ní théidhean bóithreóiracht ró mhaith dhom. Seo (ag síne
an airgid chuige).



Diarmuid.- Tá go maith, a Mháire. Tabharfad chúgat an
admháil. Ar thugais aon sgéal nua chúgainn?



Máire.- An deamhan faic. Ní airíghim aon rud choídhche.



Dómhnal Mór.- An airíghean tú, a Mháire? An gcreidean
tusa go bhfuil sprideana agus púcaí ann, agus go bhfeictar iad?



Máire (ag cur gáire aisti).- Dhe, a ghamhain, cad 'na thaobh
ná creidfinn é? Dar ndó tá 'fhios ag an saoghal go bhfuil a
leithéidí ann.



Dómhnal Mór.- 'Seadh anois, a tháiliúir, cad tá le rádh agat?



Táiliúir n. gC.- Ag magadh atá sí, a Dhómhnail. Fiafraig dí
an bhfeacaidh sí sprid ná púca riamh.



Máire.- B'fhuiriste dhóibh bheith ann a gan fhios dom, a mhic ó.
Ní mise 'ghá bhfeisgint a dhéanfadh iad a bheith ann ná as.



Táiliúir n. gC.- Inis an méid séo dhom, a Mháire. An
bhfeacaís féin sprid 'ná púca riamh?



Máire.- Go deimhin ní fheaca, buídhchas le Dia!



Táiliúir n. gC.- An bhfeacaís aon duine a dúbhairt leat go
bhfeacaidh sé, le n-a shúilibh féin, sprid ná púca riamh?



Máire.- Aililiú! 'Sé an ceisdiúchán é! An amhlaidh a
chonacís féin sprid nú púca?



Táiliúir n. gC.- Ní h-amhlaidh, a Mháire, mar ní fhéadfinn iad
fheisgint, mar ní'l a leithéidí ann chuige. Tá Dómhnal Mór anso
'gá áiteamh orainn go léir go bhfuil a leithéidí ann, agus nuair
a tháinis-se isteach cheap sé go dtógfása páirt leis agus go
ndéarfá go bhfuil a leithéidí ann. Ach 'sé mo thuairim-se go bhfuil
a mhalairt de chial agat.



Máire.- Táim buidheach díot mar gheall ar do mheas ar mo
chial. Ach is eól dom aon áit amháin agus tá sprid ann chómh
siúbhrálta agus tá an tsnáthad san ad láimh agat!



Táiliúir n. gC.- Cad é an áit é sin?



Máire.- Thoir i gcúinne na roilge.



Táiliúir n. gC.- Cé chonaic ann í?



Máire.- Ní fheadar cé chonaic ann í ach tá fhios agam go
bhfuil sí ann.



Táiliúir n. gC.- Cad é an cómhartha atá agat ar í bheith ann?



Máire.- An cómhartha is feár a chonaicís riamh, an díobháil a
dhéin sí dhom.



Táiliúir n. gC.- Airiú cad a dhéin sí ort?



Máire- Mhairbh sí mo mhultachán breágh.



Táiliúir n. gC.- Mhairbh sí do mhultachán! Dar fiadh, is 'mó
díobháil airígheas riamh a bheith déanta ag sprid ach do bhuaidh san
ortha go léir! An bhfeacais an multachán aici d'á mharbhúghadh?



Máire.- Ní fheaca, ach do chonaic duine eile í 'ghá dhéanamh.



Táiliúir n. gC.- Cé chonaic í 'ghá dhéanamh?


L. 7


Máire.- Chonaic Eóghan na gCaorach í 'ghá dhéanamh.



(Liúid go léir agus téidhid ins na trithíbh ag gaírí ach an Táiliúir. Féuchan
an Táiliúir 'na thímpal agus ionghna air.)



Dómhnal Mór.- Ní dócha go gcreidfadh an táiliúir go
n-íosfadh sprid caoírfheóil.



Táiliúir n. gC.- Chreidfinn go n-íosfadh sprid caoírfheóil
chómh luath díreach agus chreidfinn an sprid a bheith ann i
n-aon chor.



Dómhnal Mór.- Bíodh geall ná raghfá soir isteach go cúinne
na roilge anois.



Táiliúir n. gC.- Do raghainn dá mbeadh na cosa agam chómh
maith agus 'táid siad agatsa, Dia 'd bheanachadh!



Dómhnal Mór.- An ndeirean tú liom go raghfá?



Táiliúir n. gC.- Deirim gan amhras.



Dómhnal Mór.- Dar fiadh béarfadsa soir ar mo mhuin tú
agus fágfad thoir sa chúinne thú ad aonar ar feadh uair a' chloig
agus ansan tabharfad anoir airís tú. Má dhéinean tú é sin
déarfad ná fuil eagla roimh sprid ná púca ort!



Diarmuid.- Bíodh cial agat, a Dhómhnail, agus leog do'n
duine.



Dómhnal Mór.- Is breágh bog a thagan caint chuige. Do
raghad sé soir go cúinne na roilge, agus ní bheadh sgáth 'ná eagla
air roimis an sprid, dá mbeadh lúth a chos aige. Is maith atá
fhios aige dá mbeadh lúth a chos aige nách baoghal go ndéarfadh sé
an chaint sin. Deir sé ná beadh aon eagla roimis an sprid air
mar ná fuil a leithéid ann. Mura bhfuil sí ann cad é an díobháil
fhéadfidh sí dhéanamh dó! Béarfadsa soir ar mo mhuin é agus
ansan beidh fhios againn an bhfuil eagla air nú ná fuil.



Máire Ní Thuathaig.- Cá bh'fhios duit, a Dhómhnail, nach ort
féin a bhéarfadh an sprid an fhaid a bheadh an táiliúir ar do mhuin
agat? Dá mbeinn ad chás ní bhacfinn é mar ghnó.



Dómhnal Mór.- Má thaisbeánan sí í féin caithfad chúichí an
táiliúir agus ruithfad.



Táiliúir n. gC.- Ná déin a thuile cainte ach tóg leat
soir mé.



Dómhnal Mór.- Seo má 'seadh. Heidhb!



(Tógas Dómhnal an Táiliúir chuige ar a mhuin agus an chuideachta ag cur an
anama amach ag gáirí, agus siúd an dorus amach é.)


L. 8


AN TRÍMHADH RADHARC.



Cúinne na roilge. Eóghan na gCaorach 'na luíghe sa chúinne. Áiríghean sé
ciscéim trom ag teacht ar an dtaobh amuich de'n fhala.



Eóghan (ag eirighe agus ag féuchaint suas).- Mo ghradhn croídhe
thu, a Éamoinn! Ba gheár an mhaíl ort an méid sin a dheanamh!

(Tagan Dómhnal thuas agus greím fé'n dá oscail aige ar an dTáiliúir, 'ghá
leogaint síos isteach de dhruim an fhala. Síneas Eóghan a dhá láimh suas agus
beireas ar dhá chromán ar an dTáiliúir.)



Ní rabhais abhfad. An multachán é? An bhfuil sé ramhar?



(Sgaoíleas Dómhnal uaidh an táiliúir agus ruitheas. Tuiteas an Táiliúir
'na chnaipe i laige, idir dhá laimh Eóghain. Féuchan Eóghan air. As go brách le
h-Eóghan.)



Táiliúir n. gC. (ag teacht chuige féin).- Ó! Ó! Ó! Dia le
m'anam! Is dócha go bhfuilim réidh! Tiocfid sí airís agus ní
fios cad é an cor a tabharfar orm. Cad iad na crosa a bhí orm
nár éisteas mo bhéul! Ní raibh blúire coinne agam go mbeadh
sé de mhisneach i nDómhnal mé thabhairt leis anso. Measas go
stadfadh sé agus go bhfillfadh sé sul a mbéimís leath na slíghe.
B'fhéidir gur bh'fheár leis féin anois go ndéanfadh. Ní thiocfidh sé
a'm iaraidh. Ó! cad a dhéanfad! Fágfar anso go lá mé! Dia
linn! Dia linn! Dia linn! Cad a dhéanfad i n-aon chor!



(Airighean sé ciscéim ag teacht agus cuirean sé cluas air féin.)



Éist! Tá sé ag teacht ambasa. Ní leogfad aon nídh orm.
Áiteóchad air ná raibh aon sprid i n-aon chor ann.



(Tig Éamon thuas agus caora mharbh aige.)



Éamon.- An bhfuilean tú ansan?



Táiliúir n. gC.- Táim anso. Cad 'na thaobh ná beinn? Cad
a choimeád chómh fada thú?



Éamon.- 'Sdó ní fhéadfinn breith air.



Táiliúir n. gC.- Ní fhéadfá breith air! Cad í an chaint sin
ort mar sin! Táim anso ag feitheamh leat le trí h-uaire chloig.
Cad chuige dhuit imtheacht uaim chómh tapaidh agus d'imthighis? Ba
dhóich le duine gur b'amhlaidh a chonaicís an sprid. Cá bhfuil sí
anois tar éis do chainte go léir?



Éamon.- Mura mbeadh ná raibh aon bhraon dighe agat déar-
finn gur ar meisge a taoín tú! Tar anso! Greadadh cugat,
tar anso agus beir air seo uaim agus ná bí am bodhradh le d'
chuid cainte!



Táiliuír n. gC. (ag iniúchadh suas).- Airiú, a Dhómhnail, cad
é sin agat! Nú cad tá ag eiríghe dhuit! Ná fuil fhios agat go
maith ná féadfinnse é thógaint uait pé rud é.



(Caithan Éamon uaidh síos an chaoíra agus as go brách leis.)



A Dhómhnail! (i n-árd a chínn 's a ghutha). Ní fheadar an tsaoghal


L. 9


cad 'tá ar Dhómhnal anois. Ambasa b'fhéidir mura bhfuaras-sa
deoch go bhfuair seisean é. Cad é seo a thug sé leis? (ag lámh-
cán chun na caorach agus 'ghá lámhsiáil). Caoíra! Aililiú!
Caoíra mharbh! Tá Dómhnal as a mheabhair! Fan go fóil ámhthach.
Chonaic sé nár chuireas-sa giócs 'ná míocs asam nuair a rugadh
ar chrománaibh orm. Dar leis ní raibh blúire eagla orm. D'imthig
sé ansan agus thug sé an chaoira mharbh so leis chun í chaitheamh
anuas orm féuchaint an gcurfadh san eagal orm. Tuigim thú, a
Dhómhnail, a mhic ó. Ach béad-sa suas leat. Ní fheadar an fada
cheapan sé mé fhágáilt anso. B'fhéidir go bhfágfadh sé tamal
maith anso mé, mar olc orm. Ach cuirfidh Diarmuid a'm iaraidh
é, nú cuirfidh sé duine éigin a'm iaraidh. Tá an oídhche ag dul i
nglaise. Ní'l sí seo fuar fós. Lúighfad isteach 'na h-aice. Is
feár caoíra mharbh féin 'ná duine bheith i n'aonar ar fad.



(Luíghean sé isteach i n-aice na caorach agus tuitean a chodla air).



AN CEATHRAMHADH RADHARC.



Tig sheana Dhiarmuda. An chuideachta go léir ann ach Dómhnal Mór
agus Táiliúir na gCos.



Diarmuid.- agus deirean tú liom, a Mháire, go ndúbhairt
sé gur bh'í an sprid i gcúinne na roilge a mhairbh an multachán?



Máire.- Dá bhfeicfá an dá shúil a tháinig dó agus é 'ghá rádh.
"Murar mhairbh an sprid é," ar seisean, "cad a mhairbh é!"



Diarmuid.- Andaigh b'fhíor dhó san. B'shiní an cheisd.



Nóra Bhán.- Agus cad é an ghnó bheadh ag an sprid de'n
mhultachán? Is minic airígheas díobháil déanta ag sprid ach níor
airígheas riamh gur mhairbh sprid multachán!



Diarmuid.- Is fíor dhuit é, a laogh. Ach is docha nách é gach
aon mhultachán a bheadh chómh maith leis an multachán a bhí ag Máire
Ní Thuathaig. Is 'mó greím breágh méith a bhí geallta agat duit
féin as, a Mháire. Nách 'mó?



Máire.- Fágaim le h-uacht go raibh sé socair am aigne ná
faghadh aon Chríosdaídhe eile oiread agus blaise dhé, ach go
gcoimeádfinn an uile bhlúire dhé dhom féin.



Seághan (mac do Mháire).- B'fhéidir go dtiocfadh duine
éigin lastiar díot, a mháthair, ar chnáimhín dé anois a's airís.



Máire.- An multachán a mharbhuígheas dom féin anuirig, ní
fheadar an tsaoghal cad fé ndear é, níor sheasaimh sé dhom leath
na h-aimsire a mheasas a sheasóch' sé.



Nóra Bhán.- B'fhéidir gur b'í an sprid a ghuid uait cuid dé,
a Mháire, ó tá an dúil sa chaoírfheóil aici. Gheabhadh sí an baluith
breágh nuair a bheadh an ghaoith adtuaig. Éist! Táid siad so
ag teacht.



(Airightear ciscéim amuich. Tig Dómhnal Mór agus Éamon isteach. Lámh


L. 10


Éamoinn fé oscail Dhómhnail. Dath an bháis ar Dómhnal agus a dhá iosgad ag
lúbadh fé.)



Nóra Bhán.- Aililiú! a Dhómhnail, cad d'imthig ort! (Curtar
'na shuíghe i gcathaoir é.) Ambriathar gur dócha go bhfeacaidh sé
an sprid. Ní fheadar cár fhág sé Táiliúir na gCos.



Éamon.- Táiliúir na gCos! Cad a bhéarfadh Táiliúir na
gCos i n-aonfheacht leis mura mbeadh sé ar a mhuin aige!



Diarmuid.- Cá bhfuarais é, a Éamoinn?



Éamon.- Cheapas go mbuailfinn a leith anso ag sgurúigheacht
tamal de'n oídhche, agus nuair a thánag go dtí an sgairtín chonac
an duine ag déanamh orm. Cé bheadh ann ach é seo agus é ag
dul amú. Chómhluath agus d'aithnígheas é do labhras leis ach ní
fheadfinn húm ná hám a bhaint as. Níor dheineas ach breith ar
chuislinn air agus é thabhairt liom.



Diarmuid.- A Dhómhnail!



Dómhnal.- Úúm!



Diarmuid.- Tabhair deoch uisge chuige. (Tugtar an deoch
dó.) Croth suas tú féin, a dhuine! Cár fhágais an táiliúir?



Dómhnal.- Ó! Dia le m'anam! Dia le m'anam! Ó! Ó! Ó!



Diarmuid (ag baint crothadh as).- Croth suas tú féin, a
dhuine! An amhlaidh ná h-aithníghean tú na daoine! Cár fhágais
an táiliúir?



Dómhnal.- Ó! An sprid! an sprid! Do rug sí air agus
do strac sí amach as mo dhá láimh é! Ó! Dia le m'anam! Dia
le m'anam! Ó, a Mhuire! a léithéid de radharc!



Diarmuid.- Airiú greadadh chúghat, cruinnig do mheabhair
agus inis dom cár fhágais an táiliúir.



Dómhnal.- Ná deirim leat gur rug sí léi é! Do strac sí
uaim é agus mé díreach 'ghá chur isteach sa chúinne de dhruím
an fhala.



(Caithan Diarmuid a chóta mór ar a shlinneánaibh agus beirean ar a bhata
agus siúd amach é. Siúd amach iad go léir 'na dhiaig ach Dómhnal.)



Dómhnal.- Féuch airiú! Marbhóchaid sí iad go léir! (Siúd.
amach 'na ndiaig é.)



AN CÚIGMHADH RADHARC.



Cúinne na roilge. An Táiliúir 'na chodhla go sámh idir an chaoíra mharbh agus an
fala. Solus na gealaíghe sa n-áit. Airíghtear, go breagh láidir, gach aon
tsrann ó'n dTáiliúir. Tig Diarmuid isteach agus a chaipín breac air agus
a bhata 'na láimh aige. Siúd chun an chúinne é. Tighid an chuid eile isteach
'na nduine a's 'na nduine.



Diarmuid.- Cad é seo anso againn? Caoíra mharbh, dar
fiadh! (ag breith ar an gcaoíra agus 'ghá tarac amach as an
gcúinne). Mo chroídhe 'n sliabh ach go bhfuil dhá chaoíra ann!



(Ag breith ar phlaitinn ar an dTáiliúir.)


L. 11


Táiliúir n. gC.- Ó! táim réidh! Tá sí chúgam arís!



Diarmuid.- Cé h-é thusa?



Táiliúir n. gC.- Táiliúir bocht, a bheanuasal, atá gan lúth a
chos ó'n lá a rugadh é! Ní fiú do t'onóir aon díobháil a dhéanamh.
dómhsa. Ní h-uaim féin a thánag anso ag cur isteach ort! Ní
h-eadh go deimhin. Mar is maith liom bheith am beathaig is amhlaidh
a tugadh anso dom' aimhdheóin mé. Sgreadaim oraibh, a uaisle
sídhe! Iaraig uirthi gan aon díobháil a dhéanamh dom!



(Ag feuchaint 'na thímpal ortha go léir.)



Tá donus mo dhóithin cheana orm, féuch! Labhraig léi, a uaisle!
Cumaraíghe mh'anama oraibh! Cad a dhéanfad i n-aon chor má
curtar a thuile máchail orm!



(Sgeartaid go léir ar gháirí agus ar shult.)



Ó! a uaisle, ní cursaí gáirí ná suilt é. Má leogtar as anois
mé geallaim daoíbh ná tiocfad anso go brách airís, agus geall-
fad go fírinneach ná labharfad focal i nbhúr gcoinnibh i gcaitheamh
mo shaoghail, pé fada gairid é.



Diarmuid.- Éist do bhéal, a bhrealláin! Speabhraoídí atá
ort. Bhís ad chodla agus ní'lean tú ad dhúiseacht i gceart fós.



Táiliúir n. gC. (ag feuchaint ortha ó dhuine go duine agus ag
cur aithne ortha).- Mhaise sgeímhle oraibh, a phaca! Mura sibh a
chuir an sgannra orm gan ghá gan ríachtanas! Ná féadfadh sibh
sibh féin a chur i n-iúil dom mar a dhéanfad aon Chríosdaighthe!
Tusa agus do chóta mór agus do chaipín breac! Tabharfinn an
leabhar gur bh'í an sprid 'na steilibheathaig a bhí arís agam. Cad
'na thaobh nár thánaís-se a'm iaraidh mar a gheallais, a rascail!
Do rithis leat féin agus d'fhágais anso mé agus ba chuma leat
beó nó marbh mé!



Diarmuid.- Ná bac é féin, a Chonchubhair, ach inis an méid
seo dhom. Cé mhairbh an chaoíra so agus a thug anso í?



Táiliúir. n. gC.- Siné ansan é. Dómhnal Mór a mhairbh í
agus a thug anso í.



Dómhnal.- Ó! Airiú thugais d'éitheach, a rascail! Cad a
bhéarfadh go marbhóchainn-se í agus go dtabharfinn anso í!



Táiliúir n. gC.- Is tusa mhairbh í agus is tú thug anso í.
An é radharc mo shúl agus éisteacht mo chluas a mheasfá bhaint
díom! Thugais anso ar do mhuin mé agus do leogais anuas sa
chúinne seo mé, agus ansan nuair a chonaicís ná raibh aon eagla
ag teacht orm d'imthíghis agus thugais leat an chaoíra so agus
thugais iaracht ar í chaitheamh anuas orm, chun sgannra chur orm,
dar leat. Nach cuímhin leat gur ghlaoídhis orm. "An bhfuilean
tú ansan?" arsa tusa. "Táim," arsa mise, "cad a choimeád
thú?" "Ní fhéadfinn breith air," arsa tusa. (Sleamhnuígheas
Éamon amach a gan fhios.) Ansan d'fhéuchas suas go géar ort
agus ghlaodhas as t'ainim ort. "A Dhómhnail," arsa mise, "cuir


L. 12


uait na clis." Ní túisge airíghis t'ainim 'ná chaithis chúgam anuas
an chaoíra agus chuiris an talamh díot.



Dómhnal.- Ó! Ó! Do bhuais ar a bhfeaca riamh chun eithig a
cheapadh. Ní h-eadh ach seo mar a thuit amach. Is cuímhin liom é.
Is cuímhin liom anois é. Thugas ar mo mhuin tú go bara an fhala,
ansan do rugas ar dhá osgail ort chun tú leogaint síos gan tú
ghortúghadh. Le n-a línn sin d'eírig an sprid thíos agus do rug
sí ar dhá chromán ort. "An multachán é?" ar sisi. "An bhfuil
sé ramhar?" ar sisi. Do sgaoíleas uaim tú agus ní cuímhin liom
a thuile go dtí gur rug Éamon abhaile mé, pé ball 'nar bhuail sé
umam. Cá bhfuil sé anois?



(Féuchaid go léir 'na dtímpal. Ní'l aon tuairisg ar Éamon.)



Diarmuid (ag baint iompáil as an gcaoírigh).- Féuch airiú!
Ceann de m'chaoíribh féin iseadh í! Ambasa ní h-aon spórt
dómhsa an obair seo. Agus féuch; seo sgian. An aithneóch'
aoinne agaibh í?



Seághan Mháire Ní Thuathaig.- Taisbeáin í, a Dhiarmuid.
Ambasa ní gá dhom féuchaint an tarna h-uair uirthi. Sgian
Éamoinn!



Táiliúir n. gC.- Achaidhe! Féuch air sin mar obair! Eóghan
na gCaorach an sprid! Agus Éamon a thug an chaoíra mharbh
leis! Airiú, a Dhómhnail, nách iad a dhein an t-amadán críoch-
nuighthe dhíot!



Dómhnal.- Gcloistí air asdó! Nách mó an t-amadán a dhein-
eadar díot féin go mór!



Seághan Mháire Ní Thuathaig.- Is cuma dhó an tsaoghal, a
Dhómhnail, nuair nár dheinadar multachán de, agus an sgian so
cur ann, mar a dheinadar le multachán mo máthar!



Máire Ní Thuathaig.- Mhaise duig siar ionat, a dhailtín!
Mura deisbhéalach ataoí!



Diarmuid.- Ní cúrsaí gáirí 'ná suilt an obair seo. Caith-
far deire chur le h-Eóghan na gCaorach agus -



Seághan Mh. Ní Th.- Agus leis an multachán.



Máire Ní Th.- Éist do bhéul a deirim leat!



Diarmuid.- Caithfar cosg a chur leó araon. Tá an dúthaig
creachta ag an mbeirt.



Mháire Ní Th.- Agus cad a dhéanfir, a Dhiarmuid?



Diarmuid.- Déanfad dul láithreach agus breith ortha agus
iad a thabhairt a láthair an ghiúistís agus dearbhúghadh ortha agus
iad a chur i n-áit ná guidfid siad caoíra 'ná multachán - go
ceann tamail, pé 'n-Éirinn é.



Máire Ní Th.- Fan go fóil, a Dhiarmuid. Bíodh foidhne agat.
Má curtar prísún ar an seanduine sin ní thiocfidh sé amach go
deó. Ba Mhaith liom pionós a chur air, mar tá sé tuílte aige. Ach
níor mhaith liom a anam a bheith orm mar gheall ar chaoíra.


L. 13


Seághan Mh. Ní Th.- Mar gheall ar mhultachán, abair, a mháthair.
Ní caoíra a rug sé uaitse ach multachán.



Diarmuid.- Téanam, a Dómhnail. Tá sé chómh maith agatsa
teacht leis, a Sheághain, ó aithníghean tú an sgian san.



Máire Ní Th.- Ní raghaidh aon chos de Sheágan leat, a Dhiar-
muid. Téanam ort abhaile, a Sheághain.



Seághan Mh. Ní Th. (ag ruith amach).- Comáin leat abhaile, a
mháthair. Béadsa ad dhiaid.



(imthíghid Diarmuid agus Seághan agus Dómhnal Mór.)



Máire Ní Th. (leis an dTáiliúir).- Tusa agus do chuid spridí
agus síofraí fé ndeár an obair seo!



Táiliúir na gCos.- Agus cad 'na thaobh nár fágadh sa
bhaile mé!



(Tagan Seághan Mháire Ní Thuathaig isteach.)



Seághan Mh. Ní Th.- Téanam, a Chonchúbhair. Béarfadsa
abhaile thú. Ní baoghal duit go leogfad leis an sprid tú, mura
b'ionan a's Dómhnal Mór.



(Tógan sé an táiliúir ar a mhuin leis agus imthíghean sé.)



Máire Ní Th.- Tá droch obair éigin ar siúbhal. Ní h-abhaile
atá Seághan ag breith an táiliúra. Teanaíg! Ní'l aon ghnó
anso againn.



(Imthígh'd go léir.)



AN SÉMHADH RADHARC.



Tig an ghiúistís. An giúistís 'ná shuidhe ar chathaoír árd. Táiliúir na gCos ar a
aghaidh amach i gcathaoír na bhfínnithe. Eóghan na gCaorach agus a mhac i leith
taoíbh ann agus iad gabhtha, idir bheirt lucht airm. Cúighear nú seisear eile
lucht airm ar fuid an tíghe. Diarmuid an leasa agus Seághan Mháire ní
Thuathaig agus Dómhnal Mór láithreach, agus tuile.



Diarmuid an Leasa.- Bitheamhnaig iseadh iad, a dhuinuasail.
Ghuidadar caoíra uaimse aréir agus mharbhúighdar í, i gcúinne na
roilge. Do rugas liom an bharántas cuardaig a thugais dom, a
dhuinuasail, agus fuaramair sa tig acu cnámha an mhultacháin a
ghuidadar ó Mháire Ní Thuathaig. Do ghabhmair iad agus thugamair
linn anso os do chómhair-se iad, a dhuinuasail, go ndéanfá toradh
na dlíghe thabhairt dóibh. Tá an dúthaig creachta acu.



An Giúistís.- Tuigim. Cá bhfuil, where is
your evidence? An fínay?



Diarmuid.- Tá sé anso, a dhuinuasail. Siné sa chathaoír é.
Ní'l lúth a ghéag ag an nduine mbocht.


L. 14


An Giúistís.- Ó tuigim, tuigim!



Diarmuid.- 'Sé, a dhuinuasail.



An Giúistís (leis an dTáiliúir).- Cé h-é tusa?



An Táiliúir.- Táiliúir na gCos a thugaid siad orm, a Athair
- a dhuinuasail, ach Conchúbhar Bacach is ainim dom.



An Giúistís.- Cá raibh tusa nuair -



An Táiliúir.- Bhíos i gcúinne na roilge, a Athair, an cúinne
go bhfuil an sprid ann.



An Táiliúir.- Dómhnal Mór a mhairbh í, a Athair.



(Léiman Dómhnal as a chorp agus siúd anonn chun an Táiliúra é.)



Dómhnal.- Airiú greadadh chúgat, a bhitheamhnaig, cad é sin
agat d'á rádh! Ná fuil a fhios agat gur b'é Éamon a mhairbh í
agus do chaith chúghat isteach i gcúinne na roilge í!



(Croman an Táiliúir bocht ar chríth).



An Giúistís (go h-árd agus go feargach).-



(Siúd chun Dómhnail na píléirí go leir. Ar leagadh na súl tá beirt
acu ar lár aige le dhá buile dhorn. Ach dúnaid siad isteach air
agus leagaid siad é agus ceangalaid siad é.)



Diarmuid.- Gabhaim párdún agat, a dhuinuasail! Dá mb'é
toil t'onóra leogaint dómhsa an sgéal dh'ínsint do thaisbeánfinn
do t'onóir conus a thuit gach nídh amach.



An Giúistís.-
(Ag síne a mhéire chun Eóghain.)



Diarmuid.- Ní bhfuaras, a dhuinuasail, ach do fuaramair
cnámha an mhultacháin ann.



An Giúistís (le duine de na píléirí).- ar ith siad an caoíra?


L. 15


Diarmuid.- Níor itheadar, a dhuinuasail. Tá an chaoíra
agam' thig-se.



(Beirtear ar Dhiarmuid agus ceangaltar é.)



Diarmuid.- Ceangailte nú sgaoílte, a dhuinuasail, 'neósfad
an fhírinne do t'onóir. Bhí sórd caitheamh aimsire againn agam'
tig-se agus d'eírig aighneas idir an dtáiliúir bocht so agus an
fear mór san i dtaobh púcaí. An táiliúir 'ghá dhéanamh amach ná
fuil a leithéidí i n-aon chor ann agus Dómhnal Mór 'ghá dhéanamh
amach go bhfuil. B'é deire an áitimh dóibh go ndúbhairt an táiliúir
dá mbeireadh Dómhnal go cúinne na roilge é agus é fhágáilt ann
ar feadh sgathaimh aimsire i n'aonar ná beadh beann ar sprid 'ná
ar phúca aige. D'árduig Dómhnal leis é, agus i gceann tamail
tháinig Dómhnal chúghainn abhaile agus é i ndeire an anama le
sgannra agus gan aon tuairisg ar an dtáiliúir aige ach gur rug
an sprid léi é. Do ritheas féin amach láithreach agus thánag go
cúinne na roilge feuchaint an bhfaghainn an táiliúir bocht beó nú
marbh ann. Fuaras an táiliúir. Agus fuaras rud eile. Fuaras
ceann de m'chaoíribh féin marbh ann agus an táiliúir le n-a h-ais
'na chodla go sámh. Fuaramair sgian i n-aice na caoírach. Tais-
beáin an sgian san do'n ghiúistís, a Sheághain.



(Sínean Seághan Mháire Ní Thuathaig suas an sgian.)



Éamon.- Ó airiú, féuch mar a bhfuil mo sgian a guideadh
uaim dhá lá ó shin!



An Giúistís.- An í sin do skian?



Éamon.- Isí, a dhuinuasail. D'iar Seághan Mháire Ní Thuathaig
orm í, tá dhá lá ó shin ann, chun tobac a ghearadh. Tá sí 'na phóca
aige ó sin, an bligárd, pé gnó a bhí aige 'ghá coimeád uaim.



An Giúistís.- Ó tuigim.
Cad deir tusa leis sin, a Seághan?



Seághan Mh. Ní Th.- Deirim gur mór an truagh gan giúistís
a dhéanamh d'Éamon. Ní fheaca riamh aon rud chómh deas, chómh
tapaidh, leis an gcuma 'nar thug sé an bhréag san amach. Dá
mbeadh sé 'na ghiúistís againn gheabhadh sé do chosaibh sa dlígh fé
mar a ghabh sé do chosaibh sa bhfírinne anois, agus dhéanfadh sé bula
dall díotsa féin sa n-obair sin, d'á fheabhas tú chuige.



An Giúistís.- Cad deir sé?



Seághan Mh. Ní Th.- Mhuise daig an diabhail ionat, a cheann
cipín!



An Giúistís.-


L. 16


(Beirtear ar Sheághan agus ceangaltar é. Tagan tighearna airim isteach.)
(Casóg dhearg air. Lord Rag a ainim.)



(Téidhid i leith taoibh ag cogarnaig ar feadh cúpla neómat. Fillid.)



(Imthíghid.)



BRAT ANUAS.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services