Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Muinntear na Tuatha
Title
Muinntear na Tuatha
Author(s)
Ó Dubhghaill, Séamus 1855-1929,
Pen Name
Beirt Fhear
Composition Date
1921
Publisher
Gill, M.H. & Son, Ltd
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MUINNTEAR NA TUATHA. AN FIADHACH. Nuair do bhíos-sa im' gharsún bhíodh gadhair fiadhaigh ag na Conallaigh, ag clainn Shéamuis 'ach Murchadha. Dear- bhráthair do Dhomhnall mór Ó Conaill a b'eadh Séamus, agus an fhaid is mhair an sean-fhear níor scar sé leis na gadhair, acht nuair a cailleadh é níor fhan na gadhair i bhfad 'n-a dhiaidh. Ba mhinic a thagaidís ag fiadhach 'sa gcomharsanacht so againn-ne, agus is rómpa do bhíodh an fháilte ag óg is críonna. Dá mbéadh giarrfhiadh i gCnoc na Grafaidhe nó ar thaoibh an Chnocáin Ruaidh níor bhaoghal d'éinne baint leis chun go dtagadh na fiadhaidhthe agus na gadhair fiadhaigh ar a thóir. Ní raibh sa pharóiste seo againn-ne an uair sin acht an t-aon scoil, scoil an Chuileannaigh. Tá chúig cinn aca anois ann. Bhí an scoil cúpla míle ó thig m'athar, is gan aon tigh eile i ngiorracht cúpla páirce d'ár dtig-na, acht mar sin féin is ró-annamh do bhinn-se gan chuideachta ag gabháil soir dhom ar maidin chun na scoile. Bhéadh Seaghán Thaidhgín ó cheann an bhóithrín, nó mac Shéamuis a' Charrthaigh ó'n Lios, lem' chois go minic; nó bhéadh Domhnall Óg Ó Bruighin ag feitheamh liom, is é ag faireadh ar bhradán i bPoll na Féithe nó i n-aice le Droichead na Geadaighe. Ba dhíomhaoin an mac é an Domhnall céadna. Maidean earraigh ag dul ar scoil dom, agus mé buille beag déidheanach thánga suas leis an gcuid eile, is iad bailighthe mór dtimcheall ar Thadhg Gabha, agus eisean ag cur iarainn ar rothaidhibh do Dháith Sheagháin i n-aice le súil an droichid. I gcionn tamaill do
bhailigheamair go léir linn, go mall righin, mar is gnáthach le scoláiribh scoile, agus ar an dtaobh thall de'n droichead cé bhéadh romhainn ar an mbóthar ná Siobhán a' Ghanndail. Leath-óinseach bhocht a b'eadh Siobhán is gan de shlighe-bheatha aici acht ag siubhal roimpi. B'ana- fhuirist eagla a chur uirthi. Dá mbéadh scata géanna agus ganndal ortha ar an mbóthar roímpi ní leigfeadh an t-eagla do Shiobhán gabháil tharsta. Do baisteadh Siobhán a' Ghanndail mar leas-ainm uirthi, agus go deimhin féin níor chuala-sa riamh aon ainm eile ar Shiobhán bhocht. Bhí sí ana-dhiadhaithe ar fad, agus tar éis an Aifrinn Dia Domhnaigh ní sháiseochadh aon áit Siobhán acht le h-ais tobán an uisce coisreacan, a paidrín 'na láimh aici, is í ag stealladh an uisce ar an bpobal ar dhul amach dóibh. Is baoghlach gur 'mdhó paidir ná raibh ró-fhóghanta do fuair Siobhán de bharr a saothair, go mór-mhór ó sna cailíníbh óga go mbíodh hataí péacacha agus ribíní deasa ortha; acht bhíodh eagla ortha focal a rádh, mar bhí fhios aca go maith dá mbéadh fearg uirthi nár mhaith an bhail ortha teanga Shiobhán an Ghanndail a tharrach ortha. "Go mbeannuighidh Dia dhuit, a Shiobhán," arsa duine againn. "Mhaise, go mbeannuighidh Dia is Muire is Pádraig dhaoibh, a bhuachaillí," arsa Siobhán, agus í ag cur dí fé dhéin an droichid, "Is dócha," ar sise, "ná feacabhair aon ghanndal ar an mbóthar." "Ó," ars' an Cárrthach óg, "tá scata géanna agus ganndal mór bán ortha, i n-aice le Cnoc Fhearainn Uí Fhloinn." "Agus," arsa Seaghán Thaidhgín, "a Shiobhán, má tá fonn ort an Pháirc Gharbh a bhaint amach, seachain tarbh Sheagháin Dhiarmada." Ar ndóighthir, ní raibh gé 'ná ganndal ar an mbóthar, agus bhí an tarbh úd ceangailte istigh i gcró. D'fhágamair
Siobhán 'na seasamh i lár an bhóthar ag ceann an droichid, agus bhuaileamair linn soir an bóthar, is gan puinn deabhaidh orainn. Níor bhfada go raibh sise ar sodar 'nár ndiaidh, is í ag cainnt 's ag cnáimhseáil. Ní rabh- amair acht díreach ag sean-teampall Chill Lócháin nuair do chonnacamair na fiadhaidhthe agus na gadhair fiadhaigh ag gabháil chughainn anoir ó Dhrom a' Lócháin. Siúd chun siubhail sinn ar stealladh, agus nuair do shroiseamair crois Cheathramha na hUmhan 'sé an áit 'na raibh siad-san ná ag tigh an tsagairt. D'fhanamair ag an gcrois chun go dtángadar. Bhí seisear nó mór-sheisear de dhaoinibh uaisle ann, agus aon bhean uasal amháin. Do stadadar tamall ag an gcrois, agus siúd an bóithrín siar leo, idir mharcaigh is gadhair. Ní túisce bhíodar-san imthighthe 'ná do chaith Seaghán Thaidhgín an fód móna bhí fén' oscaill aige, i n-áirde sa spéir. Dhéin an chuid eile go léir an cleas céadna acht amháin mé fhéin. Bhí fonn is faitcheas orm-sa. Ba mhaith liom an fiadhach a leanamhaint, acht bhí 'fhios agam go dian-mhaith dá mbéadh 'fhios ag m'athair ná rabhas-sa ar scoil tar éis é 'om chur ann, go ndíolfainn go daor as mo chuid spóirt. Bhí an chuid eile ag tathant orm dul leo, act ní raibh aon mhaitheas dóibh ann. Bhíos ag bogadh liom soir go mall, righin, troma-chroidheach. Chrom na buachaillí eile ar bheith ag magadh fúm. "Nach é an peata é," arsa duine aca, "agus an t-eagla a chuireann slat an mháighistir air." "Ná bac leis an leanbh bocht," adeir fear eile, "b'fhéidir go mbéadh mísleáin 'na chóir ag an máighistreás nuair a bheidh sé ag dul suas chuichi ar ball le teachtair- eacht ó'n máighistir, agus cá bhfios daoibh ná go bhfaghadh sé póg uaithi i dteannta na mísleán?" "Airiú! ní mísleáin 'ná a leithéidí atá uaidh," arsa Domhnall Ó Bruighin, "acht gearán a dhéanamh orrainn-ne leis an máighistir, d'fhonn is go mbéadh fiadhach aca 'nár
ndiaidh. Cuirfear an máighistir óg agus na gadhair fiadhaigh ar ár dtóir, agus an buachaill macánta so mar phíolóitidhe ortha. Beidh a chuid 's a chlú aige." Bhí an scéal go dian orm. Ní rabhas riamh im' ghear- ánaidhe. Níor mhaith liom anois 'ná riamh cúl-chainnt do dhéanamh ar éinne. Bhí 'fhios agam go maith dá dtéidhinn ar scoil im'aonar go mbéadh an máighistir ag cur tuairisg na coda eile orm. Níor mhaith liom sgéitheadh ortha, is níor mhaith liom bréag dh'innsint. "Cad a dhéanfad," arsa mise im' aigne féin. Do dheineas an rud ba mhaith liom a dhéanamh ó thús. Chaitheas uaim m'fhód móna, is do leanas an chuid eile. Do liúghadar-san go léir le h-áthas. Bhí bróga ar chuid againn; agus tá 'fhios ag an saoghal gur trom an t-ualach iad bróga ar gharsún la fiadhaigh Do bhaineamair dínn na bróga is do chuireamair iad féin agus ár gcuid leabhar i bhfolach i dtor mór aitinn ar chlaidhe an bhóithrín. Siúd siar sinn chun go dtángamar chomh fada le taobh na habhna. Bhí an Gheadach ró-árd dúinn an áth a ghabháil, acht le hádhmharaighe an domhain bhí mac Chathail na Bó ag cur gairbhéil amach ar an mbóthar, agus chuir seisean thar abhainn anonn sinn. 'Na dhiaidh sin níor bh'fada dhúinn chun gur rugamar ar an bhfiadhach. I gcionn tamaill d'eirigh gearrfhiadh as a ghnatóig. Preabaire téagartha láidir a b'eadh é. Siúd chun siubhail é, agus siúd na gadhair go dian ar a thóir, agus na marcaigh ar shálaibh na ngadhar. Bhí súil againn go mbuailfeadh sé siar ó thuaidh tré Chnoc-na-Grafaidhe, agus go mbéadh radharc breágh againn-ne ar an bhfiadhach ó'n gcnoc, acht do bhí a mhalairt d'fhuadar fé. Féaránach anuas ó sna cnuic a b'eadh an buachaill úd. Is ar na cnuic do thug sé aghaidh anois. Siúd ó dheas é. Cuir sé an abha anonn dé, agus isteach leis i lár phortaigh an Ghuirt- bhuidhe ag bun na gcnoc. Thug na gadhair iarracht ar an
ngearrfiadh a leanamhaint, acht ba bheag an mhaitheas dóibh é. Do shéid an adharc, agus an méid aca do chuaidh thar abhainn anonn d'fhilleadar anall 'na gceann agus 'na gceann, is ba dhóigh leat le féachaint ortha go raibh sórt náire ortha d'rádh is gur scaoileadar uatha an gearrfhiadh. Bíonn a chiall féin ag an ngadhar. Chuarduigheamair na h-oileáin cois na h-abhna. Bhuail Diarmuid Maor linn is a chleith aige. Níor bhac sé féin ná na maoir eile le maoirseacht na haibhne an la so. Níor bhac éinne le hobair la an fhiadhaigh. Do bhí Tadhg Gabha 'na sheasamh ar an ndroichead, a phíop 'na bhéal aige agus a dhá láim sáithte isteach fé'n aprún ghléigeal, aghaidh air chomh geal len' aprún, is dhá chnap shúil air ag faireadh ar na marcachaibh agus ar na gadharaibh ag cuardach na n-oileán. Má dhearg Tadhg a phíop aon uair amháin, do dhearg sé seacht n-uaire í. Tar éis tarrach nó dhó a bhaint aisti do stadfadh sé, acht mar sin féin ní bheadh sé sásta gan an tsean-dhúidín a bheith 'na bhéal aige. Bhí Dáith Sheagháin féin ann, a ucht buailte ar shlait an droichid, is é 'ghá chásamh an la do bheith caithte agus gan aon nídh déanta aige. Féach! Cé hé siúd thall ar Fhaill a' Droichid, agus sgiatháin air ag bagairt ar lucht an fhiadhaigh? Ní dócha go bhfuil fhios ag aoinne cad tá ar siubhal aige. Donnchadh Breac atá ann. Bí sé ag treabhadh i bpáirc na Cille, agus sinne ag dul ar scoil. D'fhág sé a sheisreach 'na seasamh i lár na páirce. Is dóigh le Donnchadh ná fuil 'fhios ag éinne acht aige féin cá mbéadh gearrfhiad le fagháil. 'Siad na geáitsí atá fé anois 'ná a d'iarraidh a chur i n-úil do sna fiadhaidhthibh go bhfuil gearrfhiadh i mball éigin i gan fhios do'n tsaoghal go léir, acht do Dhonnchadh Bhreac. Ní bheinn féin sásta gan bheith istigh i measc na ngadhar. Bhíos ag faireadh ar ghadhar mhór bhreac, is dhá chluais mhóra air. Bhí sé ag cur de agus a shrón ar an dtalamh. Do
thóg sé a cheann; do chuir sé glom as, agus d'imthigh air. Dhein ceann eile an cleas céadna. Siúd chun siubhail iad go léir agus ceol aca. Ní fheaca-sa aon ghearrfhiadh ná a rian, acht chuala na daoine ag liúghrigh agus iad n-a seasamh ar na clathachaibh. Thugas féin agus na buachaillí eile iarracht ar choimeád suas leis na fiadhaidhthibh, acht níor fhéadamair é. Bhí an tóir ró-dhian. Suas linn ar thaobh Chnoc-na-Grafaidhe, agus as san síos go Cnoc Fhearainn Uí Fhloinn. Bhí radharc áluinn againn anois ar ghadar is ar chapall. Síos leó cois na habhna ar steal- ladh, chun go dtángadar chomh fada le Glaise 'n Phortuigh. Do chasadar siar tré Ghort-na-Sceiche agus gan stad leo chun gur bhaineadar amach tigh na Scairte. Tá corrach Chill Ghobnatan i dteorainn na Scairte. Ní bhfuaireas féin aon radharc ar an ngearrfhiadh fós, acht siúd na gadhair isteach i lár an chorraigh is iad ag rith anonn 's anall. Siar linne an bóthar agus isteach tré láitreán an Rinnceadh is tré Pháirc an Ghalláin. An fhaid is bhí na gadhair istigh 'sa chorrach d'fhan na mar- caigh cois tighe na Scairte, féachaint cá ngeóbhadh an gearrfhiadh. Do bhuail cuid aca siar thar Ghlaise na bhFigheadóirí, agus thar teórainn isteach i dtalamh mhuinntir Chéilleachair, le hais an chorraigh. Do bhíodar ag cur díobh siar ó dheas ar imeall an chorraigh chun gur thángadar ar an nglaise arís i dteorainn na Sean- Chluanachar an dtaoibh theas de'n chorrach. Bhíomair-ne ag faireadh agus sinn 'n-ár seasamh ar mhullach claidhe. Níor bhfada go bhfeacamair chughainn aníos an gearr- fhiadh, an créatúirín bocht, agus í leath-bháithte traochta I gceann tamaill do tháinig na gadhair amach as an gcor- rach, iad lán de charta, agus suaidhte tuirseach go leór. Do leanadar an gearrfhiadh, is do leanamair-ne iad-san ar feadh tamaill bhig. Níor dheacair coimeád suas leo anois. Bhí na marcuigh ag gluaiseacht go tiugh. Seo
chughainn aniar triúr nó ceathrar aca ar cos-in-áirde, agus an bhean uasal ar tosach. Bhí bóithrín cumhang ann, geata ar thaobh de, agus beárna cloch ar an dtaobh eile. Bhí an geata dúnta. Ní fhéadfadh aon chapall dár mhair riamh an geata agus an bheárna a ghlanadh. Do bhí capall na mná-uaisle ag déanamh ar an ngeata. Bhí marcach eile na diaidh agus é a d'iarraidh teacht suas léi: act ní raibh aon mhaitheas dó ann. Bhí droch-fhuadar fé chapall na mná-uaisle. Ní raibh an geata seacht ramhaine uatha. Bhíos féin ar crith. Bhíomair go léir ar crith. "Marbhóchar í," arsa mise, is mo chroidhe im béal agam. Acht an fhaid is bheitheá ag cimilt do chluaise bhí Seaghán Thaidhgín anuas de'n chlaidhe ar an mbóithrín, an geata oscailte aige, agus an bhean uasal 's a capall thar bheár- nain isteach mar a bhéadh éan. Do lean na marcaigh eile í; acht geallaim-se dhuit gur bhain sise an teasbach dá capall nuair do fuair sí 'sa Pháirc-Mhóir é. Bhí sé mínighthe aici ag fágaint na páirce úd. Shaoileamair go raibh an gearrfhiadh agus na gadhair i bhfad uainn fé'n dtaca so; acht ní mar sin a bhí. Do bhí, is dócha, an créatúirín ag déanamh ar na hoileánaibh soir — mar is gnáthach le gearrfhiadh iarr- acht a thabairt ar filleadh abhaile. Bhí an tóir ró- dhian, amhthach. Do baineadh casadh aisti ag bóthar an Leasa. Siar léi ag déanamh ar Chrois na Sean- Chluanach. Ba thruagh leat bheith ag féachaint airthi. Ba gheall le caitín leath-bháidhte í. Ar éigin a raibh tuirt an cuitín féin innti, agus í ag suathadh anonn 's anall a d'iarraidh-bailiughadh léi. B' fhuirist aithint nárbh fada uaithi. Bhí sí ag cur di go mall tuirseach traochta, agus an gadhar mór breac ar a sálaibh. Bhí an gadhar ag cur go dian airthi. Do bhéic sí díreach mar a bhéicfeadh leanbh. Thug sí iarracht ar chasadh isteach i mbannrach Philib Thaidhg. Thug an gadhar mór breac fúithí. Do sgread
sí go truaighmhéileach. Do rug an gadhar airthi, agus thug fáscadh dhi a chuir deire léi. Ní raibh 'na dhiaidh san acht gearrfhiadh idir chonairt. Do bhí na marcuigh agus na daoine go léir cruinnighthe ar an mbóthar. Bhí na gadhair fiadhaigh ag balaitheoireacht mór-dtimcheall an bhannraigh. Bhí tart is ocras ortha. Do shéid fiadhaidhe na ngadhar an adharc, d'fhonn iad go léir a bhailiughadh. Bhí gach uile dhuine ag ullmhughadh chun bóthair. Bhí an bhean uasal ann — bean bhreagh dhathamhail ab' eadh í, is cúl gruaige breagh buidhe airthi. Bhíodar go léir ag cur cúrsaí an lae tré na chéile. I mBéarla bhí na marcaigh ag cainnt. Ní raibh an Ghaedhilig ag uaislibh óga na hÉireann fé'n am san. Ní raibh sí caillte ar fad ag cuid de sna sean-uaislibh. Ba dhian-mhaith an Ghaedhilig a bhí ag sean-Shéamus 'ach Murchadha féin, is gan focal dí ag duine dá chlainn, agus is mar a chéile an scéal é indiu ag sliocht a sleachta. Chuala-sa an bhean uasal 'á rádh le marcach óg a bhí i n-aice léi go mba mhaith léi a fhios a bheith aici cé'rbh é an buachaill d'oscail geata an bhóithrín ó chianaibh di. "A bhfeiceann tú annso é?" ar seisean. "Agus dá bhfeicinn féin, dar ndóich," ar sise, "ní aithneo'inn é; bhí a leithéid d'fhuadar fé mo chapall ná raibh am agam féachaint air, is mé ag dul treasna an bhóithrín. Féach a' bhfuil sé annso, má sé do thoil é." "A' bhfuil fhios ag éinne," ars an duine uasal go hós árd, "cé hé oscail geata an bhóithrín ó chianaibh do'n mhnaoi uasail seo?" D'fhéachas féin anonn ar Sheaghán Thaidhgín, acht ní raibh bogadh as. "Tá 'fhios agam-sa cé hé féin," ar sa mise. "A' bhfuil sé annso?" ars an marcach óg. "Tá," arsa mise. "Siúd é thall é, Seaghán Thaidhgín."
"Tar a leith annso chugham, a Sheagháin," ars' an duine uasal. Bhuail Seaghán i leith chucha, is ba dhóigh leat air gur chun a chrochta a bhítheas. Tháinig an bhean uasal anuas dá capall. "Anois, a bhuachaillín," ar sise, "is ceart domh-sa bheith go hana-bhuidheach ar fad díot. Do shábháilis m'anam indiu. Muna mbeadh gur osclais-se geata an bhóithrín romham-sa ó chianaibhín, is baoghlach nach annso do bheinn anois; acht moladh le Dia gan droch-scéal againn i ndeire an lae, agus is ort-sa amháin is ar Dhia na glóire is ceart a bhuidheachas san a bheith. Agus mo lámh is m'fhocal duit," ar sise, ag síneadh a láimhe chun Seagháin "nach baoghal domh-sa dearmhad a dhéanamh ar an la 'ndiu an dá la dhéag agus mhairfeadh." Bhí scáth ar Sheaghán ar dtús, acht bhí a mhisneach ag teacht chuige. "Is dócha go mbíonn tú ar scoil," ars an duine uasal óg. "Bím," arsa Seaghán. "Cá mbíonn tú ar scoil?" "Ar scoil an Chuileannaigh." "Ní rabhais ar scoil indiu, is dócha." "Ní rabhas." "Agus ca' na thaobh?" "Ní fheadar," arsa Seaghán go scáthamhail. "Ó, tuigim," ars' an marcach óg. "Mheall an fiadhach thú féin is na garsúin eile; acht is dócha go mbeir ar scoil imbáireach." "Béad, le congnamh Dé." "Agus is dócha go mbeidh an máighistir dian oraibh mar gheall ar obair an lae 'ndiu." "Is baoghlach go mbeidh, a dhuine uasail, acht níl leigheas air anois."
Mhaise, go deimhin, is fíor dhuit sin. Seo féirín duit," agus do shín sé leath-choróin chun Seagháin. "Go méaduighidh Dia thú, a dhuine uasail," arsa Seaghán. Bhí na marcaigh go léir imthighthe fé'n am so, acht é féin agus an bhean uasal. Nuair bhíodar-san ag imtheacht chuireamair go léir ár mbeannacht leo go dúthrachtach. D'árduigh an duine uasal a chaipín dá cheann; do leig an bhean uasal mion-gháire aisti ag féachaint siar orainne, agus siúd chun siubhal iad ar cos- in-áirde, II. TRÁTHNÓNA BUARDHARTHA. Bhí iachall orainn filleadh thar n-ais a d'iarraidh na leabhar agus na mbróg. Bhí ocras orainn, ní nach ion- ghnadh, acht ba mhaith an díol ar Sheaghán Thaidhgín é, leath choróin a bheith aige Do cheannuigh sé luach réil de bhuilíníbh i siopa an bhóthair. Is mdhó (iomdha) biadh milis do bhlaiseas ó an la úd go dtí an la 'ndiu, acht nior bhlaiseas riamh 'ná ó shoin aon bhiadh ba mhilse 'ná builín lae an fhiadhaigh. Is maith an t-annlann an t-ocras. Níor mhaith linn an bóthar a ghabháil. Níor bhfios cé casfaidhe orainn. Do b'fhearr linn ná feicfeadh scol- áirí na scoile féin sinn. Bhí an la ana-thirim ar fad, is bhí fhios againn go mbéadh an Gheadach i bhfad níos ísle ná mar a bhí sí ar maidin. Isteach linn i Móinfhéar Gharbh Shéamuis Uí Shéagha is tríd na hoileánaibh suas cois na h-abhna, agus thar áth anonn go bun na faille. Ní rabhamair i bhfad ag cur an bhóithrín soir dínn chun gur aimsigheamair an tor 'n ar fhágamair na bróga agus na leabhair. Mo chreach is mo chrádh ní raibh bróg 'ná leabhar 'sa tor. Deir an sean-fhocal gur cuma le fear na mbróg cá chuireann
sé a chos, acht anois dob' iad buachaillí na mbróg do bhí ag seinim na bport uaigneach Bhí an scéal dona go leor ag lucht na leabhar, acht do thuit an tubaiste ar fad ar fhear na mbróg. Do chrom cuid againn ar phusaigheal ghuil. "Cad é an mhaitheas daoibh bheith ag gol," ars an Cárrthach óg. "Ó, is bog a thagann cainnt chugat-sa," arsa duine eile, "níor chaillis-se acht do shean-leabhar, acht ní'l aon ghnó abhaile agam-sa anocht gan mo bhróga." "Acht dá mbeitheá ag olagón chun go dtuitfeadh na súile asat, cad a bhéadh dá bharra agat i ndeire na scríbe?" "Tá fhios agam-sa go fíor-mhaith cad a bheidh de bharr an lae agam-sa," arsa mise, "beidh greadadh ó m'athair agus scalladh teangan óm' mháthair. Acht, cogar, cá bh'fhios dúinn nach amhlaidh a thóg duine éigin na bróga agus na leabhair as an dtor so chun iad a chur i bhfolach i n-áit eile, d'fhonn is go mbainfeadh sé preab asainn? Cuarduighmís dhá chlaidhe an bhóithrín." Do chuarduighmair, acht sin a raibh dá bharra againn. Ní raibh leabhar ná bróg le fagháil i bpoll ná i bpóirse, thall ná i bhfus. "Cad is dóigh leath-sa, a Sheagháin," arsa Domhmall Ó Bruighin, le Seagháin Thaidhgín, "ar goideadh iad nó ar ith na ba iad?" "Níor ith na ba iad, mar dá n-íosfaidís bhéadh a rian i mball éigin. D'árduigh duine éigin leis iad, agus nár éirighidh a thuras leis, pé hé féin." "An dóigh leat a' raibh éinne ag féachaint orainn agus sinn ag cur na leabhar is na mbróg i bhfolach?" "Cá bhfios domh-sa ciaca raibh nó ná raibh, acht sé mo thuairim go raibh Siobhán a Ghanndail 'na seasamh ar an mbóthar is go bhfeaca sí sinn.
Bhíomar go léir go cráidhte, is gan fhios ag duine againn cad a b'fhearra dhúinn a dhéanamh, nuair do bhuail mac Chathail na Bó an bóithrín aniar chughainn, é féin agus a chapaillín, fuip casta thar a ghualainn, taoscán gairbhéil 'sa trucaill aige, é 'n-a shuidhe ar thóin cléibh istigh i lár na trucailleach, agus gan an saoghal ag cur puinn triob- lóide air. "Cad tá oraibh, a bhuachaillí, nó ar chailleabhair aon-ní?" "Do chailleamair go léir ár gcuid leabhar, agus do chaill cuid againn ár mbróga. Do chuireamair iad go léir i dtor ar maidin. Níl a dtuairisc ann anois. Do goideadh iad," arsa mise. "B'fhéidir gur ith na ba iad. Ná fuil fhios agaibh gur ith ceann aca eirball casóige Sheághain Dhiarmada tá seachtmhain ó shoin, is gur ith ceann eile aca bríste an asail ar Fhinghín a' Dúna." "Ní dóigh liom-sa," arsa Seaghán Thaidhgín, "go raibh aon bhaint ag buin ná ag gamhain leo. Do goideadh iad." "Cé ghoidfeadh dorn sean-bhróg agus beart sean- leabhar?" "Is dóigh le cuid againn gurab í Siobhán a' Ghanndail a ghoid iad. A bhfuil fhios agat cá bhfuil sí?" "Ní fheaca-sa ó mhaidin í; acht cuireann sí fúithi go minic i dtigh Fhinghín a' Dúna, is b'fhéidir go mbéadh sí ann anois." Bhí tigh Fhinghín ar thaobh an bhóthair idir an gcrois agus an droichead. Siar linn ar sodar. Níor labhair duine againn focal ag gabháil siar dúinn. 'Sé mo thuairim féin gur cheap gach duine againn ná béadh ann acht turas i n-aistear. Bhí bean Fhínghín ag an ndoras romhainn. "Tá mo shúile cam," ar sise, "ag féachaint siar an bhóthar ó ghaibh na fiadhaidhthe soir, le súil is go mbéadh sibh-se ag teacht aniar ó'n ndroichead. D'fhág mac Chathail na Bó dorn leabhar agus cúpla feidhre bróg
annso ó chiainib. Dubhairt sé gur libh-se iad, gur chuireabhair i bhfolach i dtor iad ar maidin, agus mara mbéadh eisean go mbéadh na bróga ithte ag na buaibh. Seo dhaoibh anois iad, is bailighidh libh abhaile. Tá an chuid eile 'sa bhaile i bhfad ó shoin; dúbhart-sa leó, ag gabháil siar dóibh, a rádh libh-se go raibh na bróga agus na leabhair i gcoimeád agam-sa." Níor fhanamar leis na bróga a chur orainn, acht bail- iughadh linn gan mhoill chun gur bhaineamair Droichead na Geadaighe amach. Chualamair príntíseach Thaidhg Gabha ag séideadh na mbuilg istigh 'sa cheárdchain, agus chonnac- amair an gabha féin, a chasúr na láimh aige, is é ag baint cheoil as an inneóin. Ba ghnáthach linn seasamh ag doras na ceárdhchan agus iarracht a thabhairt ar bhreith ar na spréachaibh a bhíodh ag imtheacht mar a bhéadh cioth as an iarrann dearg fé bhuillíbh chasúir Thaidhg. Acht anois ní raibh aon fhonn orainn fuireach. Bhí a mhalairt de chúram orainn i n-éagmuis bheith ag fair- eadh ar an ngabha is ar na spréachaibh. Do ghaibh cuid againn siar an bóthar díreach — buachaillí an Leasa agus buachaillí na Sean-Chluanach. Ní chuimhin liom i gceart anois cé hiad a bhí ann, acht chomh maith is tá cuimhneamh agam air, sé is dóigh liom go raibh triúr nó ceathrar ó an Lios ann agus duine nó beirt ó an Sean-Chluain. Nuair a bhíomair ag scaramhaint le chéile i dtaobh thiar de'n droichead, do dhearmhadamar, rud ab' annamh linn, scrath ná fód a chaitheamh le n-a chéile. Ní raibh ag gabháil le mo chois-se acht beirt, Seaghán Thaidhgín agus Domhnall óg Ó Bruighin. Bhí gach duine againn a d'iarraidh leath-scéil a chumadh, acht ba bheag ar mhaitheas dúinn é. Ba mhó d'eagla a bhí orm-sa ná ortha- san. Fear oibre a beadh athair Sheagháin. Bhí sé na bhaintreach le fada, is gan de choimeádaidhe tighe aige acht Léan, a inghean. Níor bhaoghal do Thaidhgín a bheith sa
bhaile, agus níor lugha ná san nár bhaoghal do Léan aon ghearán a dhéanamh le na h-athair i dtaobh a dearbhráthar. Bhí dhá fheirm talmhan ag athair Dhomhnaill Óig: ceann aca i n-aice linn-ne, agus ceann eile thiar imeasc na ngleann, agus is ann a bhíodh sé 'na chomhnuidhe. Ní raibh aon scoil aca ins na gleanntaibh acht scoil ana-fhada ó bhaile, agus d'fhonn is ná béadh a mhac gan scoluidheacht do chuir Domhnall Ó Bruighin é aniar annso fé chúram reacht- aire na feirme. Bhí a shaoghal ar a thoil féin ag Dómhnall Óg, gan athair ná máthair chun é smachtughadh, is gan beann aige ar chainnt 'ná ar chomhairle an reachtaire. D'fhágas féin an bheirt ag ceann an bhóithrín. Ba ghnáthach liom gabháil siar treasna na bpáirceanna, acht do leanas an bóithrín an bobhta so, le súil is ná feicfeadh éin-ne mé. Nuair do shroiseas an teiníl (teine aoil) cúpla páirch ó'n dtigh do chuireas orm mo bhróga. Bhí na ba i bPáirc na Teiníolach, is iad go léir n-a seasamh i mbéal na beárnan, ag faire ar dhul abhaile. Dob' é mo ghnó-sa na ba a thiomáint abhaile tráthnóna chun a gcrúidhte, is ba mhithid dóibh a bheith 'sa bhaile um an dtaca so, agus istigh 'sa chró. Do shocruigheas mo bheart leabhar fé m'oscaill, do dhírigheas mo chaipín ar mo cheann, is do chromas ar fheaduigheal — mar dheadh is ná raibh aon eagla orm, agus mo chroidhe ag preabarnaigh istigh i m' chliabh. Bhí fhios agam go dian-mhaith gur bheag an mhaitheas dom a bheith d'iarraidh m'athair a dhalladh, 'ná a mhealladh le leath- scéal bacach. Ní bhéadh ann agam acht a d'iarraidh púicín a chur ar shúilibh shean-chait. Ba cheart domh-sa bheith 'sa bhaile uair a chluig ó shoin; is do bhí clog againn-ne. Is beag duine anois gan a chlog aige, agus an té nach bhfuil a clog crochta ar thaobh an fhalla aige tá a phíosa miotallach 'na phóca aige. Níor mhar sin do mhuinntir na Tuatha seacht mbliadna déag ar fhichid ó shin. Bhí clog
i dtigh an tsagairt, is i dtigh an mháighistir scoile, agus b'fhéidir i dtigh nó dhó eile 'sa pharóiste. Ní raibh de chlog ag a bhfurmhór aca acht an coileach astoidhche agus an ghrian 'sa ló. Nuair do thángas-sa chomh fada le tigh na trucailleach do chonnaic ná raibh an trucaill ann. "B'fhéidir," arsa mise liom fhéin, "go bhfuil m'athair ó bhaile, acht cad é an mhaith é sin? Beidh mo mháthair istigh romham, agus gheobhad bearradh uaithi-si, agus gearán- faidh sí le m'athair mé." Do bhuaileas isteach, agus eagla mo dhóthain orm. Ní raibh istigh romham acht mo dheirbhshiúr, is í go gnóthach. "Taoi ana-dhéidheanach," ar sise liom go bog réidh, mar ba ghnáthach léi. "Tá eagla orm go bhfuilim," arsa mise. "Ca bhfuil m'athair 's mo mháthair?" "Chuadar anonn thar Leamhain tar éis dinnéir. Seo dhuit do chuid prátaí — is baoghlach go bhfuil siad fuar ort. Brostuigh ort anois, is tiomáin abhaile na ba. Ba mhaith liom iad a bheith crúidhte agam roimh tuitim na hoidhche. D'iarr mo mháthair ar Léan Thaidhgín teacht i leith agus congnamh a thabhairt dom. Tá sí ag an nglaise a d'iarraidh canna uisce." Ní rabhas i bhfad ag ithe mo chuid prátaí is bainne. Bhí na prátaí i scilléidín ar thaobh na teineadh, is má bhíodar fuar ní bhfuaireas aon locht ortha. "Cathoin a bheidh m'athair is mo mháthair 'sa bhaile?" "Ní fheadar; acht dubhairt m'athair ná beidís ró- dhéidheanach, is ba mhaith liom na ba a bheith crúidhte agam rómpa. Chím Seaghán Thaidhgín ag gabháil a leith chughainn — b'fhéidir go dtiubharfadh sé congnamh duit ag ull- mhughadh i gcóir na mbó." Is amhlaidh a tháinig Seaghán, féachaint canos mar dh'éirigh liom-sa. Do shocruigh m'athair leabaidh fé sna
buaibh; ní raibh againne le déanamh acht iad do cheangal isteach is féar a thabhairt dóibh. Ba gheairid an mhoill orainn an méid sin a chríochnughadh. Bhí na ba crúidhte is gach ní curtha i dtreó againn, istigh 's amuigh nuair a thainig m'athair is mo mháthair abhaile astoidhche. "Fágaim le huadhacht." arsa mise im' aigne féin, ag dul a chodladh dhom, "dá mb'iad Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna a bhéadh ann aon lá feasta, nách baoghal domh-sa an fiadhach a leanamhaint is mé ag dul ar scoil." Acht bí la eile romhainn fós. III. SCOIL AN CHUILEANNAIGH. Maidin lár na bháireach tar éis lae an fhiadhaigh, bhíos féin im shuidhe cuibheasach moch. Bhí mo cheachta le fogh- luim agam, mar ná raibh am agam ar iad d'fhoghluim astoidhche. Níor bheag dhom a bhéadh de dhonas anuas orm mar gheall ar an bhfiadhach agus mo cheachta gan a bheith agam mar bharr ar an aindeise. Is fad ó shoin anois é, acht is maith is cuimhin liom ceann aca — an ceann ba dheacra — bailtí móra na Frainnce d'áireamh. Táid agam indiu go cruinn gasta — i bhfad níos fearr agus níos cruinne 'ná mar atá fhios agam cad a thuit amach leath bhliadhain ó shin. Bhí ceann eile le foghluim agam. Is dóigh liom go raibh mar ainm air, "The First Rule of Spelling." Seo mar a thosnuigh sé: "As a general rule "y," when its place may be supplied by "i" is not to be written except at the end of a word." Sin a bhfuil agam anois de'n riaghail úd. Do chailleas an chuid eile. Is baoghlach ná raibh sí riamh agam acht go breallach, acht mara raibh ní hi gan fhios dom' bhaisíníbh
é. Ba mhinic baisíní teó agam mar gheall ar na riaghal- achaibh úd. Ba mhaith liom dá mbéadh aon leath-scéal agam chun gan dul ar scoil. Bhí 'fhios agam go dian-mhaith cad a bhéadh romhainn go léir, agus bhí 'fhios agam 'na theannta san go mba dhéine bhéadh an máighistir orm-sa 'ná ar éinne eile i dtaobh éalughadh ó scoil. Cheap sé go raibh níos mó céille agam-sa, agus níos mó measa agam orm féin ná mar a bhí ag an gcuid eile. B'fhéidir go raibh an ceart aige, agus b'fhéidir ná raibh. Pé scéal é, ní raibh aon fhonn orm-sa dul ar scoil, acht ní raibh teacht- aireacht go Cill Orglann 'ná aon leath-scéal eile chun mé choimeád 'sa bhaile, is do b'éigean dom bailiughadh liom go righin leisceamhail troma-chroidheach, Bhí Seaghán Thaidhgín ag feitheamh liom ag ceann an bhóithrín. "Is dócha," arsa mise leis, "go bhfuil do cheachta agat." "Níl ceann aca agam i gceart, acht is cuma liom, beidh greadadh i m' chóir, pé scéal é." "A bhfeacaís Domhnall Óg ó shoin?" "Chonnac ó chianaibh é. Níl sé ag dul ar scoil indiu. Is breagh an saoghal aige é, agus gan éin-ne chun cur isteach air." "Is fíor dhuit sin. Tá sé chomh maith againn bros- tughadh orainn, agus gan an iomad againn bheith i dteannta a chéile ag dul isteach. Nuair a bhíonn gasradh ag gabháil isteach chuige ar maidin, sé is dóigh liom féin go mbíonn amhras ag an máighistir ortha: agus eadrainn féin, is minic a bhíonn a chúis aige." "Ní fheadar; ní gádh dhó bheith chomh dian is bhíonn sé. Ba dhóigh leat air ná raibh sé n-a gharsún riamh, is gur chuala-sa sean-Dhiarmaid 'ghá rádh ná raibh a leithéid de chleasaidhe ag gabháil an bóthar, agus é ag dul ar scoil.
Ní leomhfadh cearc 'ná cat, gabhar 'ná gadhar a bheith anaice 'n bhóthair 'ná i ngiorracht urchair dó, nó dá mbéadh agus eisean ann, ba dhóibh ba mheasa. Bhí iarracht ana chruinn ar fad aige." "Agus tá indiu," arsa mise. "Chonnac féin ar an bpátrún é, agus do bhris sé a raibh de sna "Maggies" ann. Chomh luath is do bhéadh boidéal i n-áirde ag fear na "Maggies" bhí sé na smidiríníbh ag an máighistir. Níl acht cúpla oidhche ó shin ó bhí m'athair ag trácht ar an sean- aimsir, nuair do bhí sé féin agus an máighistir ar scoil an Phléimeannaigh. Bhíodar araon ag teacht abhaile ó 'n scoil la. Bhí corcáinín prátaí beirbhthe ag Peig na gCreach. Tá fhios agat go raibh tigh Pheig ar thaobh an bhóthair; níl a rian an anois. Bhí Peig ag scagadh na bprátaí dtaobh amuigh de'n dtáirsigh. D'árduigh sí léi isteach an bhuirdeóg agus na prátaí, acht d'fhág sí an corcáinín amuigh. Bhí méaróigín cloiche i láimh an bhuach- alla. Thug sé fé'n gcorcáinín, d'aimsigh go cruinn é, is do chuir sé an chloch amach tré thóin chorcáinín Pheig na gCreach. "A Dhé, mo léir-ghoin is mo chreach i n-éinfheacht! Do phreab Peig amach ar an ndoras, is níor fhág sí duine de sna seacht sinnsearaibh a tháinig roimis gan iad do chíoradh is do cháineadh; agus ba dhian-mhaith an sás chuige í Peig na gCreach. Níor labhair an garsún focal chun go raibh deire ráidhte ag Peig. Ar seisean:- "Tá ana-aithreachas ar fad orm, a Pheig, a rádh 's gur bhriseas do chorcáinín. Ní fheadar cad do bhain dom is é dhéanamh; acht feach, an chéad fhéirín a gheobhad ní baoghal dom gan luach do chorcáinín a thabhairt duit." Do cheap Peig ar dtúis gur ag magadh fúithi bhí sé, is bhí fonn uirthi sceimhle eile a thabhairt dó, de bharr a chod' magaidh; acht nuair do thuig sí gur dáiríribh a bhí sé, tháinig sórt náire uirthi. Do mhaoluigh ar a cuid feirge, agus
sé dubhairt sí: ""Mhaise, go deimhin féin is go dearbhtha, ní dhíolfair. Airiú, ní rabhas-sa acht ag magadh. Ba dhual do mhac t'athar bheith go fial. Beidh na tinncéaraí annso i ndeire na seachtmhaine seo chughainn is ní bheidh siad-san i bhfad ag deisiughadh an chorcáinín, agus mara mbeid féin, d'fhéadfadh Tadhg Gabha paiste chur ann, ó ná fuil acht poillín beag 'na thaobh."" "Nach é siúd clog na Bán-Chluanach ag bualadh?" "'Sé go díreach, agus béam-na deidheanach. Cad is fearra dhúinn a dhéanamh?" "Cad eile acht an comhangar a ghabhail," arsa Seaghán. "Béarfar orainn," arsa mise. "Ní baoghal dúinn. Níl ann acht an bheirt againn. Níl againn acht éalughadh linn cois an chlaidhe, is ní fheicfidh éinne sinn; agus dá bhfeicidís féinig, ní fhéadfadh "Finton" na "Réasún" breith orainn-ne." Bhíomar anois i n-aice le Caisleán a' Chorraigh, is gan eadrainn agus bóthar na scoile acht cúpla páirc. Chualamair an fead ar an dtaobh thiar dinn. Cé bhéadh ann acht an t-áilteoir buachalla ba mhó sa pharróiste, Diarmuid Óg, is é ar sodar aniar chughainn ó thigh an tsagairt. Do sheasóchadh Diarmuid ar bharr a chinn ar shlait an droichid, is dá mbéadh an máighistir ar a thóir níor dhóichighe an áit go mbéadh an cleasaidhe críochnuighthe seo 'ná thuas ar bharr an tsimné, agus a dhá chois i n-áirde. "Is iongantach an deabhadh atá oraibh," ar seisean. "Táim d'iarraidh breith oraibh ó dh'fhágas an cheárdcha. Is dócha go bhfuil sibh ag gabháil an comhngar." "Tá sé chomh maith againn," arsa mise, agus siúd linn an comhngar suas tré Dhrom a' Locháin, agus tré Cheapaigh an Fhín. Bhíomar a dtriúr ag cur dínn — mé fhéin agus Seaghán Thaidhgín agus Diarmuid Óg. Do leanamair orainn i
n-aice 'n chlaidhe, le súil is ná feicfidhe sinn. Bhíos féin 's Seaghán i dtosach agus Diarmuid Óg buille beag 'nár ndiaidh. Bhí imshníomh orainn-ne araon; ní dóigh liom go raibh puinn dé ar Dhiarmuid Óg, nó, má bhí féin, ní fhéadfadh sé gan a bheith ag cuardach nead ar thaobh an chlaidhe. "Brostuigh, a Dhiarmuid," arsa mise, "is ná bac leó. Tá sé ró-luath 'sa bhliadhain fós. Ní bheidh na héanlaithe ag déanamh nead go ceann mí eile." "'S dó is fearr a fhios agam-sa," ar seisean. "Fuair eas féin nead spiodóige tá seachtmhain ó shoin." "Bíodh geall gur sean-nead a bhí ann," arsa Seaghán Thaidhgín. Bhíomair ar bhruach an Locháin. Is beag den' lochán atá ann anois. Tá sé, nach mór, tirim. Tá díog mhór ag dul ó'n lochán síos go Glaise 'n Teampuill. Is beag rian de'n chorrach féin atá timcheall Chaisleáin a' Chorraigh. "Thá! thá! — á — á, a chladhairí! Tabharfad-sa réasún daoibh —." Níor fhanamar le na thuilleadh a chloisint, acht greadadh linn chun gur bhaineamair amach an bóthar. Chonnac- amair an sean-bhuachaill thíos i n-aice 'n locháin, is é ag bagairt a bhata orainn. "Is dócha," arsa Seaghán Thaidhgín, "go mbeidh sé n-ár ndiaidh." "Is cuma liom-sa," arsa Diarmuid Óg "Ní bheidh puinn sásaimh le fagháil aige. Ba dhóigh leat air agus an fuadar atá fé gur cruithneachta atá curtha aige ar an screathan ghorta úd ar thaobh an Locháin." "Ní cuma liom-sa," arsa mise, "agus ní hé eagla an mháighistir atá orm acht eagla go ngearánfadh "Réasún" le m'athair mé. Ceapaim go bhfuil sean-ghaol éigin idir é féin agus muinntir mo mháthar."
"Gaol i bhfad amach iseadh é, is dócha," arsa Seaghán Thaidhgín. "Is dócha gurab eadh; acht mar sin féin, "Is báidh- eamhail iad lucht éinchine," agus tá fhios agam go mbéadh m'athair go hana-mhíchéadtach dá mbeadh "Réasún" ag déanamh gearáin orm-sa; agus ní mar gheall ar aon damáiste a bhéadh déanta agam, mar ná fuil la 'sa mbliadhain gan daoine ag gabháil thar doras againn-ne, acht mar gheall air nach oireamhnach an rud é do dhaoinibh óga fearg a chur ar dhaoinibh aosta." "Seo, anois," arsa Diarmuid Óg, "cuir uait do chuid seanamóireacht, is bímís ag bogadh linn, maran maith leat bheith déidheannach agus an dá dhonas a bheith anuas ort i dteannta 'chéile." Bhíomar i n-am go leor ar scoil. Bhí an máighistir romhainn ag geata na scoile. Bhí a shlaitín righin taith- fhéilinn 'n-a láimh aige. Níor labhair sé focal linn, acht bhí a fhios againn go maith, agus an fuinneamh a bhí air ag casadh na slaite, nárbh aon deagh-fhuadar a bhí fé "Cad is dóigh libh-se," arsa mise i gcogar, agus an triúr againn 'nár suidhe istigh i suidheachán i n-aice 'n fhalla. "'Sé mo thuairim-se," arsa Diarmuid Óg, "go mbeidh spórt againn ar ball." Dob' fhíor do san. Nuair do tháinig an deich a chlog agus na scoláirí go léir bail- ighthe acht fo-dhuine, tháinig an máighistir isteach. Bhuail sé síos suas úrlár na scoile cúpla uair, agus dar linne, é ag cur na súl trinn. Ar seisean: "Na buachaillí do lean an fiadhach indé, tagaidís amach annso ar an úrlár; tá beagán agam le rádh leo i dtaobh lae an fhiadhaigh." D'éirigheas féin go mall, righin. D'éirigh an bheirt eile. Ní raibh bogadh as éin-ne eile fós. "Tá sé chomh maith agaibh teacht amach annso, mar is
maith atá 'fhios agam-sa cé h-iad a bhí ann," ars an máighistir. D'éirigh beirt nó triúr eile, is dob é deire 'n scéil é go raibh deichneabhar againn amuigh ar an úrlár i dteannta chéile. D'fhéach an máighistir orainn. "Is deas na buachaillí sibh, bail ó Dhia oraibh, agus is ró-mhaith é mo ghnó-sa annso ó cheann ceann na seachtmhaine a d'iarraidh sibh-se a mhúineadh agus bhar muinntir 'sa bhaile ag stracadh leis an saoghal chun sibh-se 'chur ar scoil. Ba chóir go mbéadh náire oraibh, acht chím ná fuil, ná a leithéid, agus ó's rud é gur buachaillí gan náire sibh, b'fhéidir go ndéanfadh eagla sibh a leigheas." Do chimil gach duine againn a theanga dá bhais. Do bhain an máighistir cúpla casadh go fuinneamhail nimh- neach as a shlaitín, agus do bhuail sé aníos chugham-sa, "Agus mé annsúd i dtosach gearrtha." Le na linn sin do bualadh cúphla cnag ar an ndoras, agus seo chughainn isteach "Réasún," a bhata na láimh aige agus faobhar ar a ghuth. "A mháighistir," ar seisean, nuair do tháinig a anál chuige "is ró-dheas ar fad an fhoghluim atá na buachaillí seo 'gha fhághail uaitse, is gan de ghnó 'ná d'obair aca ó Luan go Satharn acht ag briseadh thar chlathachaibh agus ag déanamh damáiste orm-sa agus ar na comharsanaibh. Níl an bóthar maith a ndóthain dóibh. Nílid sásta gan bheith ag posáilt mo chod' féir agus ag leagadh na mbeárnan; acht tabharfad-sa réasún dóibh gan gabháil ann aríst." "Tabharfad-sa réasún duit," arsa Diarmad Óg go pras. "Nár dheineamair pioc díoghbhála." Do phléasch a raibh sa scoil ar gháiridhe. Do phléasc an máighistir féin ar gháiridhe. D'fhéach "Réasún"
orainn. D'fhéach ar an máighistir, agus siúd chun an doruis ar buile é. D'iompuigh sé orainn agus é ag an ndoras, agus ar seisean: "Tabharfad-sa réasún daoibh" — Ní raibh am aige ar a thuilleadh a rádh nuair d'oscladh an doras, agus cé bhéadh ann ná fiadhaidhe óg an lae 'ndé agus bean uasal na gruaige breágh" buidhe le na chois. "Gabhaim párdún agat, a dhuine uasail — agus a bhean uasal," arsa "Réasún," mar ní fheaca sé ise ar dtúis, ag baint a hata dhe, rud ná raibh de bhéasa aige a dhéanamh ar a theacht isteach ó chiainibhín. Do bheannuigh an duine uasal do'n mháighistir agus do bheannuigh an máighistir dó, agus do'n mhnaoi uasail. Bhí sórt scáth air rómpa. 'Sé mo thuairim féin gur cheap sé gur cigire scoile a bhí aige nó duine mór anuas ó Bhaile Átha Cliath, ag féachaint na scoile. Do labhair an máighistir go hana-umhal omósach leis. Bhí 'fhios againne go maith cé bhí ann. Arsa Seaghán Thaidhgín i gcogar im' chluais-se: "Is giorra dhuine cabhair Dé ná an doras." "Féach cad dubhart-sa libh ó chiainibh 'ná go mbéadh spórt againn, agus beidh," arsa Diarmaid Óg. Fear deas cruinn deagh-chúmtha a beadh an t-ógánach uasal, gan a bheith ró-árd 'ná ró-íseal, acht mar a déar- fá idir a bheith eatortha, agus má is fíor an sean-fhocal "gur scáthán a bheart a cheannacha," dob' ionntaoibh leat é la na bruide. I dtaobh na mná óige: Chonnac féin mná ba dheise ná í, agus mná ba dhathamhla 'ná í, acht ní fheaca riamh ná ó shin bean, óg 'ná críonna, go raibh a h-aghaidh chomh grástamhail chomh geanamhail le h-aghaidh na maighdine úd. Bhí a súile mar a bhéadh súile an smólaigh, agus nuair do bhog sí a béal chun cainnte do las a leaca le luisne a chuirfeadh i n-úil d'éinne go mba geal é a croidhe istigh 'n-a cliabh.
"Is dócha, a mháighistir," ars an t-ógánach, "ná fuil tosnuighthe agaibh ar obair an lae fós." "Níl i gceart, a dhuine uasail," ars an máighistir. "Bhí beagán le rádh agam leis na buachaillibh seo i dtaobh gan iad a bheith ar scoil indé." "Is dóigh liom go n-aithnighim cuid aca; agus sin é díreach a thug annso sinn, mé fhéin agus an bhean uasal so, chun leith-scéil na mbuachaillí a ghabháil i dtaobh an lae 'ndé." "Níor mhaith liom tú dh'eiteach, a dhuine uasail," ars an máighistir — agus a mhisneach ag teacht chuige, "acht tá fhios agam-sa go maith, rud ná fuil fhios agat-sa, gur cruaidh an saoghal é ag muinntir na háite seo, agus gur deacair dóibh na haosánaigh a choimeád ar scoil, agus mar gheall ar seo, gur mór an náire é do bhuachaillíbh óga mar iad so, a bheith ag éalughadh ó scoil, ag caitheamh a gcod' aimsire go díomhaoin droch-ghnóthach, agus ag tabhairt droch-shampla do leanbhuíbh óga gan chiall a bhíonn n-a gcomhluadar." "Níor mhaith liom-sa cur isteach ar do chuid oibre, a mháighistir," arsa an bhean uasal, "acht ceapaim dá mbéadh fhios agat cad do dhein buachaill aca so indé ná beitheá chomh dian ortha agus taoi anois. Muna mbéadh an buachaill úd thall (Seaghán Thaidhgín) is baoghlach nach annso a bheinn-se indiu," agus d'innis sí an scéal dó tríd síos, mar ar shábháil Seaghán Thaidhgín a hanam nuair d'oscail sé geata an bhoithrín roímpi indé, agus gan innti féin an áit chontabharthach do sheachaint. "Agus anois, a mháighistir," ar sise, agus d'fhéach idir an dá shúil air, "scaoil leo an bobhta so." "Mhaise go deimhin féin, a bhean uasal," ar seisean agus critheán 'n-a ghuth, "ní fhéadfainn an t-eiteach a thabhairt duit-se, dá mbéadh an choir i bfad níos truime 'ná mar atá sí."
Chuireamair go léir liúgh fiadhaigh asainn. Ba dhóigh leat go mbrisfeadh sí fuinneóga na scoile. Dob' fhuirist dh'aithint go raibh ana-áthas ar fad ar an óig- mhnaoi uasail. Do labhair an duine uasal i gcogar leis an máighistir, agus dob' é deire an scéil é go bhfuireamair leath-la saoire i n-onóir lae an fhiadhaigh. IV. AG DÉANAMH COCAÍ. Ní raibh acht cúpla bliadhain d'aois ag Seaghán Thaidhgín orm-sa, acht d'fhanas-sa ar scoil i bhfad n-a dhiaidh. Ó bhí Seaghán dhá bhliadhain déag d'aois ba ró- annamh dó ar scoil, acht amhain rith an gheimhridh agus tamaillín i dtosach an earraigh. Nuair do thagadh an t-earrach i gceart bhíodh gáirdín beag a athar le cur aige, agus na prátaí do sháthadh ins an dtalamh scóir a bhíodh tógtha ag Taidhgín ó m'athair-se. Ba mhinic é Seaghán ag sáthadh na bprátaí dhúinne, agus nuair ná bíodh ann acht an bheirt againn, bhinn féin is é féin ag rith ar a chéile. Do bhíodh an tosach ag Seaghán i gcomhnuidhe. Is baoghlach go gcuirtí an síól beagáinín fánach, is gur minic a brúigtí sciolthán le cúl na ramhaine, acht ba chuma san; 'se an préachán bradach nó an caoch-ruadh a bhíodh síos leis muna dtagadh an gas suas ins an áit ba cheart do i dtosach an t-samhraidh. Buachaill ana-áiseamhail ar fad abeadh Seaghán. Ba dhian-mhaith an sás é chun capaill do ghiollaidheacht, agus ní raibh 'sa pharróiste garsún dob' fhearr d'fhéad- fadh barr a chur ar choca féir i móinfhéar nó ar choca- stóir i n-iothlainn, 'ná é féin. Nuair do bhímís ag sábháilt fhéir agus na cocaí posáilte le déanamh, bhíodh na fir oibre dom' chur féin is Seaghán Thaidhgín i gcomórtas le na chéile, féachaint
ciaca againn dob fheárr chun seasaimh ar bharr an choca, nuair do bhíodh an sop deireannach suas, is gan súgán ná méaróg ar an gcoca. Níor bhfearr Seaghán 'ná mise chun na gcocaí a chríochnughadh. Bhíodh mo choca-sa chomh maith le n-a choca-san, chomh teann 'n-a lár, agus chomh tirim 'n-a chliathán i ndeire an tsamhraidh, acht bhíodh buaidhte aige orm-sa i gcomhnuidhe 'sa chleas- aidheacht, mar ná rabhas ábalta ar sheasamh im' chosa- bacóid ar bharr an choca, is nách é amháin go raibh Seaghán ábalta ar an méid sin a dhéanamh, acht nuair a fáisctí aon t-súgán amháin ar an gcoca d'fhéadfadh sé sál a choise deise do phógadh agus é na sheasamh ar leath-chois. Lá, agus sinn ag gabháilt d'fhéar i nGort na Sceiche, bhíos féin is Cornaí, an buachaill aimsire, ag déanamh coca, agus Seaghán Thaidhgín agus Diarmaid na Móna ag déanamh coca eile. Bhí an lá go h-ana bhrothallach ar fad. Ní raibh leoithne gaoithe ann, agus bhí an féar 'n-a shnaois le tiormacht ar theacht an tráth nóna. Bhí m'athair, mar ba ghnátach leis, a d'iarraidh bheith thall 's i bhfus. Bhí beirt spealadóir ag obair aige i bpáirc eile, agus bhíodh súil aige i ndiaidh na mbó le h-eagla go mbrisfidís isteach i ndíoghbháil, is iad ag guidheal, rud nárbh annamh leó. "Beidh an tosac againn-ne ortha," arsa Cornaí i gcogar liom-sa, agus ár gcoca nách mór críochnuighthe againn. "Teastuigheann cúpla brat eile uaim, is dóigh liom," arsa mise. Dhein Cornaí brat, is do chuir suas chugham-sa é. Do chuireas-sa go cruinn fém' chois é. Do bhuail Cornaí buille de chúl an raca thall 's i bhfus air, agus do chimil sé an raca anuas de'n choca. "Déanfaidh braitín beag eile an gnó i gceart," ars' eisean, "acht é bheith go deas cruinn, agus teann'n-a lár."
Bhí an bheirt eile ag cur díobh go ciúin cionntach. Bhí an dá choca críochnuighthe againn, coca agam féin is Cornaí, agus coca ag Seaghán Thaidhgín agus Diarmaid na Móna. 'Sé an deabhadh bhí ar Chornaí ná coca eile bheith le déanamh: ní raibh ann acht adhbhar coca eile. Dá mbéadh tosach againn-ne, is againn-ne bhéadh déanamh an choca úd, is bhéadh iachaill ar Dhiar- maid baint uatha. Níor lúgha le Cornaí rádh leis dul agus na ba do chrúdh 'ná é chur ag baint ó choca féir. "Tar a leith, a Chornaí," arsa Diarmaid na Móna, "chun go gcuirfeam súgáin ar an gcoca so." "An ag magadh ataoi? Ar ndóithir níl sé leath phuínnteálta fós agaibh," arsa Cornaí go leath-chann- carach. "Tá amás," arsa Diarmaid go réidh síothchánta. "Níl asdó," arsa Cornaí, agus colg air, do rádh is go mbéadh tosach ag an mbeirt eile orainn-ne. "Mhaise is sean-fhocal é," arsa Diarmaid, "gur fearr cinn ná ceann. B'fhéidir an ceart a bheith agat. Ní h-aon díoghbháil dúinn soipín beag eile a chur air." Ní raibh ó Chornaí acht moill do chur ar an mbeirt eile, le súil is go mbeimís-ne ullamh rómpa, agus bhíomair. "Seo anois, a Dhiarmaid," arsa Cornaí go mustarach, "tar annso. Tá ár gcoca-sa ullamh." Do chuir an bheirt súgán ar an gcoca. D'fháisc- eadar é. "Seo anois," arsa Cornaí liom-sa, is mé im' sheasamh ar leath-chois, "feiceam a' bhféadfá greim a bhreith ar órdóig do choise." Thugas iarracht air. D'éirigh liom. Bhíos ag féachaint anonn ar Sheaghán agus ar a choca. "Féach i n-áirde 'sa spéir," arsa Seaghán. D'fhéachas.
"Seachain," arsa Diarmaid na Móna. Ní raibh an focal amach as a bhéal nuair do bhris an mhéaróg, nó do scaoil braighdeán Chornaí, ní fheadar ciaca, is do shleamhnuigheas anuas taobh an choca ar an dtalamh. "Tá an garsúin bascaighthe," arsa Diarmaid na Móna, acht ní raibh pioc orm. Dob' é toil Dé é go raibh cuid de'n fhéar thirim fúm ar an dtalamh. "Moladh le Dia is le Muire," ar seisean, nuair do chonnac sé mé im' sheasamh. Dob' fhiú dhuit bheith ag éisteacht le Cornaí, acht ní h-iad a phaidreacha a bhí ar siúbhal aige. Bhí leath-cheann ar an gcoca, agus mar bharr ar an aindeise, bhí m'athair ag gabhail chughainn i leith an póirsín, agus deabhadh air. "Molaim-se an bheirt agaibh chun coca a dhéanamh," ar seisean. "Níl locht air, arsa Cornaí, "ná feiceann tú gur i gcoinnibh an chnuic atá sé ag tuitim." Chím an méid sin comh maith leat-sa. Tá dronn air mar a bhéadh ar Mhicheál na bPréachán agus a mhála air. Acht níl aon mhaitheas bheith ag seanchas nuair a bhíonn an anachain déanta. B'fhéidir go bhféadfidhe é dhíriughadh beagáinín le fáscadh na méaróg, acht seachain agus tú ag baint uaidh gan a thuilleadh díoghbhála a dhéanamh." Bhí Cornaí ag cur alluis dé: bhí síol is brúscar an fhéir ag cur tochais ar chaol a dhroma, agus é ag baint ó sna cocaíbh. Ba dheacair é a bhearradh an trathnóna úd. Do chaitheas-sa na ba do sheóladh abhaile chun a gcrúidhte.
V. NA hASAIL. "Níl aon asal le fághail níos fearr ná m'asal-sa; Bíonn mo bhean is mo mháthair an-áirde sa tsrathair air, Agus an chuid eile de'n stán i málaíbh ag cnagarnaigh." — An Tinncéar. Chomh fada siar is tá cuimhneamh im' cheann bhíodh móinfhéar le díol thíos ar an mBán-Chluain. Bhíodh móin fhéar ag m'athair ann, is ag mórán nárbh é de mhuinntir an bhaile seo againn-ne, agus b'fhéidir a thuilleadh i nDrom a' Bhaile le hais Chill Orglan, nó ar Árd a' Rátha, buille beag lastuaidh de Chrois na Cúlach. I bPáirc an tSaghdair i n-aice gháirdín na Bán-Chluanach a bhí an móinfhéar againn i mbliadhna. Bhí leath na páirce againn-ne, agus an leath eile i gcómhar idir Thadhg na Stiall agus Donnchadh Bán. An Pháirc ba ghiorra dhúinn 'sé Domhnall na hEisce do cheannuigh í dó féin is dá dhearbhráthair céile ó Bhun an Chnuic. Bhí beirt spealadóir ag obair againn-ne i ndeire an tsamhraidh nó i dtosach an fhoghmhair, ní fheadar ciaca anois, acht go bhfuil fhios agam go maith go raibh an féar sábhálta againn roimh la Aonaigh a' Phuic; agus bíonn Aonach a' Phuic i gcomhnuidhe ar an aonmhadh la déag de mhí ná Lughnasa, sé sin mar a déarfá ar an gcéad la de réir an tsean-áirimh. Bhí saothar lae bainte ag na spealadóiríbh is bhíomair chun bheith ag sábh- áilt an fhéir ar an dtarna lá. D'éirigh an mhaidean go breágh tar éis oidhche drúchta, is dob' fhuirist dh'aithint ar an ngréin go mbéadh an la go háluinn chun féir; agus mar a deir an sean-fhocal, ná raibh éin-ne riamh ar a dhícheall an la breágh — bhí m'athair go dícheallach, bruideamhail.
Bhíos-sa chun dul le na mbricfeast ag triall ar na spealadóiríbh, acht ní raibh an t-asal le fagháil ar maidin in aon bhall. Bhí iachall orm-sa dul ar a lorg, is dob' éigean do Sheaghán Thaidhgín císte aráin agus bolmach bainne d'árdughadh leis síos an comhngar chúcha. Is éachtach a mbíonn de chlaidhreacht i n-asal. An t-asal so a bhí againn-ne, is i bhfochair na mbó do bhíodh sé i gcomhnuidhe, istigh 's amuigh. Acht féach! dá mbéadh lá móna ann nó aon lá eile, agus sinn go leath-lámhach, is gnó againn de "Bhill," níl aon áit go mba dhóithighe dhó a bheith ann ná thíos i n-íochtar Chill an Phludaigh nó thoir in Innse na gCoiníní, agus scata asal eile 'n-a chomhluadar. "Imthigh ort," arsa m'athair liom-sa ar maidin go moch, "is féach a bhfaightheá an t-asal: Ní fheicim leis na buaibh é. Níor chaill sé an sean-bhéas riamh, agus is baoghlach gur bhailimh sé leis aréir, mar is gnáthach leis a dhéanamh agus é ag teastabháil uainn. Buail siar ar dtúis go dtí Páircín na gCruach, b'fhéidir é bheith ann. Chonnac cúpla asal ann aréir go deireannach agus mé ag teacht a leith ó'n gCeapaigh. Mura bhfuil sé annsúd féach an mbéadh sé thíos ag Bun a Bhaile le cois asail an fhigheadóra. Níor mhiste dhuit greim aráin d'ithe ar dhul amach dhuit." Siar liom agus cannta aráin im' láimh agam. Ní raibh "Bill" i bPáircín na gCruach. Siad na hasail a bhí ann 'ná asal Thomáis 'ach Mhíchíl agus asal Thaidhg Bhríghde ó Chill a' Phludaigh, agus ceann eile anuas ó'n Sean-Baile. Chuireas a thuairisc ar bheirt nó triúr, acht ní fheaca éinne aca é 'Bé an scéal céadna a bhí agam tar éis dul síos go Bun a' Bhaile. Bhí asal Sheaghán Fhigheadóra ann agus asal mhangaire an éisc, agus cúpla ceann eile, acht ní raibh an t-asal so againn- ne ortha.
Bhíos cráidhte, agus an t-ocras ag cur orm. Ní fada théidheann greim beag aráin gan annlann ar ghoile gharsúin do shásám ar maidin. D'fhilleas abhaile le súil is go mbéadh "Bill" ann romhamh, acht sceimhle chuige, ní raibh, 'ná a thuairisc. Ní raibh 'sa bhaile romhamh acht mo mháthair is na cailíní: bhí an chuid eile tar éis imtheacht ag gabháilt do'n fhéar. Nuair do bhí greim bidh ithte agam do bhailigheas liom soir cois na Geadaighe, féachaint an mbéadh mo rógaire asail i n-Innse na gCoiníní nó i n-aon bhall cois na h-abhna, acht ní raibh 'ná aon asal eile acht chomh beag. Díreach agus mé ceapaithe ar fhilleadh abhaile do chonnac suas uaim i n-aice an droichid, garsún eile, is é a d'iarraidh breith ar asal. Suas liom chuige. Cé hé bhéadh ann 'ná mac Sheaghán an tSiopa. "Is dócha," arsa mise leis, "ná feacaidhis an t-asal so againn-ne i n-aon bhall ó mhaidin." "Do chonnac. Siúd é thuas é ar an dtaobh eile de'n droichead. Tar a leith annso, féachaint a' bhféadfaimís breith ar an mbioranách so. Bhí m'athair chun dul go Cill Áirne ar maidin leis. Theastuigh arán is tae uaidh, rolla tobac agus bosca píopaí i gcóir thorraimh Shighle na mBó. Bhí an t-asal againn ag cur móna amach ar réidh an Ghaorthaidh le cúpla lá. "Tá an t-ainmhidhe bocht tuirseach," arsa m'athair aréir, "ba thruagh é a cheangal isteach anocht. Tabhair cead a chos dó. Ní baoghal dó dul i bhfad ó bhaile as so go maidin i mbáireach." Agus féach anois air agus an teasbach atá air, ba dhóigh le duine gur ag caitheamh a thóna a bhí sé rith na seachtmhaine." "Ní fheadar ar thalamh an domhain cad é an donas a bhíonn anuas ar asalaibh ná bíonn siad sásta choidhche gan bheith ag bóithreóireacht astoidhche ar nós na gcat." "Aidhe, greadadh chúcha, níl aon chiall aca. Beir ar
cheann air seo dhom go fóill chun go bhfaighead dul ar marcaidheacht air — Go bhfágaidh Dia do shláinte agat. Geallaim-se dhuit-se go mbainfead-sa cuid de'n teasbach dé. Téanam ort anois, 'féachaint an bhfaigh mís greim ar t'asal-sa." Suas linn chuige. Bhí asal an ghabha agus asal eile le na chois fé shúil an droichid. Do dhruideas féin isteach chun breith ar "Bill." Níor dhein sé acht casadh mór-dtimcheall agus greadadh leis, ag caitheamh a thóna, chun gur bhain sé an bannrach amach 'sa bhaile. Do ghluaiseas féin abhaile agus faobhar orm. Bhí na ba 'sa Pháirc ar aghaidh an dorais amach, cuid aca ag inghníor, agus an chuid eile aca 'na luighe ag cogaint a gcíorach. Bhí "Bill" istigh i lár na páirce ag inghníor do féin. Chomh túisce is do chonnac sé mise ag teacht isteach thar claidhe, do thóg sé a cheann, is d'fhéach orm ar feadh tamaillín, thug crothadh dá earball agus d'imthigh air, ar bog-shodar ar scáth na mbó. Is dócha go ndubhairt sé leis féin go raibh droch-fhuadar fúm, is nárbh ionntaoibh leis mé. Bíonn a chiall féin ag an asal. Mar adubhart cheana ní raibh 'sa bhaile romham acht mo mháthair agus na cailíní, mo dheirbhshiúr féin agus léan, deirbhshiúr Sheagháin Thaidhgín, agus iad go gnóthach ag cur oibre na maidne dhíobh. Bhí cíléaraí le glanadh is le scóladh aca i gcóir bainne an tráthnóna, i n-éaghmuis bídh a thabhairt do mhucaibh agus bainne do ghamhnaibh. Bhí léan ar a dá glúin ar úrlár na cistineach, sop fraoigh 'na láimh aici is í ag glanadh cíléara; agus geallaim-se dhaoibh nár fhág sí aon tochas ar thóin an chíléara úd, agus má bhí aon chuid de bhlas an bhainne ghéir i n-achrann ins an adhmad ar maidin, níor bhaoghal dó bheith ann um tráthnóna.
Bhí corcán mór uisce crochta ar an dteinidh chun na gcíléar do scóladh, agus clár ar an gcorcán le heagladh go raghadh balaithe an deataigh fé'n uisce, nó go dtuitfeadh an súgha anuas ann. Bhí mo dheirbhshiúr ag tabhairt bainne do ghamhain óg, is mo mháthair agus slaitín aici, a d'iarraid na coda eile do choimeád amach uaidh chun go mbéadh a chomhthrom ólta aige. Bhí breis agus a dóthain le déanamh aici. Bhíodar go léir ag poc-léimrigh mór dtimcheall airthi agus ag déanamh isteach ar an mbainne. "Mhaise scríob ort is clog ó mhíol ort," ar sise le gamhain mór breac a tháinigh ar dtaob thiar dí agus a thug poc dí, "nách deacair tú a shásamh. Féach air anois, a bholg chomh lán le mála píobaire, is go mba dhóigh leat agus an fuadar atá fé, nár ól sé braon bainne le seachtmhain. Seo," ar sise liom-sa. "Ní fearra dhuith bheith díomhaoin, agus do lámha sáithte síos id' phócaíbh agat, 'ná na gamhna so a thiomáint síos go bun na Páirce Caoile, is nuair a bheidh an méid sin déanta agat, téir agus bain dorn prátaí i gcóir dínnéir; agus má tá ort bheith ar an mBán Chluain ar an dó a chlóg níor mhiste dhuit bheith ag fágaint na háite seo ar a h-aon acht go h-áirithe. Ná bí i bhfad anois. Tá a lán le déanamh againn-ne fós, is ní bheidh éin-ne eile annso ar ball chun aire thabhairt do sna buaibh acht sinne." Bhí na prátaí nuadha go fóghanta againn is ní rabhas i bhfad ag baint lán buirdeoige aca — cnuip bhreágha ramhra, agus gan criochán ortha. Bhí teas agus brothall an lae ag éirighe. Bhí na cuileanna ag griobhairt ar an buaibh. D'imthigh na beithidhigh seasca ag guidheal le teasbach, is gan stad leo chun gur bhaineadar amach geata an bhóthair, acht ó bhí an geata dúnta dob' éigean dóibh filleadh thar n-ais;
agus siar leo ar stealladh go log an Aifrinn i bPáirc na Glaise. Tháinig na ba bainne isteach 'sa bhannrach; tháinigh "Bill" isteach leo, acht má tháinig ní hiad na cuileanna a chuir aon chorrabhuais air. Bhí seithe righin mothallach air agus níor bhaoghal dó cuil 'ná creabhar. Tart a bhí air, agus dúil i n-uisce na bprátaí. Do léigheas i leabhar agus mé ar scoil ná hólann asal aon uisce acht fíor-uisce glan. Níor chreideas é, agus ní chreidim anois é acht chomh beag. 'B'fearr le "Bill" uisce na bprátaí ná fíor-uisce an chuiréil. 'Sé is dóigh liom fhéin go n-ólfadh sé uisce na gcos dá mbéadh sé i gcíléar nó i n-aon árthach eile lasmuigh de'n doras. Dob' fiú dhuit bheith ag féachaint air agus an t-uisce te. Níor chuir aon chairéaraidhe ó Chorcaigh riamh níos aicilighe chun bodhla ainirthe d'fhuaradh 'ná mar do dhéan fadh "Bill" le huisce na bprátaí agus gal teasa ag éirighe as. Nuair a bhí a dheoch ólta ag "Bill" do chuireas isteach 'sa chró é. Do chuireas an gléas air. Do cheanglas cliabh i dtrucaill an asail, agus sop féir i dtóin an chléibh. Bhí na prátaí beirbhthe is iad istigh i n-éadach cláir, agus na prátaí agus an t-éadach cláir istigh i mála. Bhí canna de bhainne na h-oidhche aréir ullamh aca agus meascán breágh ime ag snámh istigh ann. "Anois," arsa mise lem' mháthair, "ciaca bheidh i n-íochtar an chléibh, an bainne nó na prátaí?" "Ba chóir go mbéadh 'fhios agat gur ag éirghe a bhíonn an teas i gcomhnuidhe. Dá gcuirtheá na prátaí i n-íoch- tar an chléibh bhéadh an gal ag dul fé'n mbainne, agus bhéadh an t-ím leachta agat sar a mbeitheá leath na slighe. Cur an canna i n-íochtar, agus sop maith féir anuas air, is ní baoghal dó teas na bprátaí i mbarr an chléibh."
Do dheineas rud airthi, is bhí gach aon rud feistighthe ceangailte agam, mo chipín biorrach im' láim agam, agus mé ullamh chun bóthar díreach agus an clog ag bualadh a h-aon. Siúd chun siúbhal mé soir an bóithrín. Bhí teiníl ar thaobh an bhóithrín leithead cúpla páirce ó'n dtigh, agus geata ar an mbóithrín cois na teiníolach. Dob éigean domh-sa stad chun an gheata d'oscailt. Chuala an liugh ar dtaobh thiar díom. D'fhéachas siar, is cé bhéadh ann 'ná léan Thaidhgín agus saothar airthi, ag rith im' dhiaidh ar a croidhe dícheall. "Cad tá ort?" arsa mise nuair do chonnac í. "Is cuma leat-sa cad tá orm; mise ag rith id' dhiaidh, is ag glaodhach ort agus ná leogfá ort gur chualaidhis mé." "Mhaise go deimhin féin níor chuala; acht cad chuige an saothar agus an anaithe ar fad?" "Nách deas an teachtaire bídh thu-sa. B'é dearmhad an chléirigh ar a chlog agat é, agus na sceana d'fhág- aint id' dhiaidh." "Acht cogar, a léan," arsa mise, "nár chóir gur oraibh-se a bhéadh a mhillean-san, is nách orm-sa; acht is dócha gurab amhlaidh a bhíonn an scéal i gcomhnuidhe, 'pé duine ólann é, 'sé Domhnall a dhíolfaidh as." "Seo, cuir chughat na sceana is bhí ag bogadh leat. Dúbhairt do mhathair liom a rádh leat a bheith abhaile i n-am chun na mbó do sheóladh abhaile chun crúidhte." "Slán an scéalaidhe," arsa mise go searbh, is do chomáineas liom soir an póirsín. Níor bhfada chun go rabhas féin is m'asal ar an mbóthar. Thugas priocadh beag de'n chipín bhiorrach do "Bhíll" do chuir ar sodar é. Go díreach agus mé ag an bPáirc Gharbh cé bhéadh ag gabháil i leith an comhngar chugham ó thigh Mhicil a' Chnuic 'ná Domhnall Óg Ó Bruighin.
"Fan," ar seisean liom-sa; "nách ort atá an deabhadh — cá bhfuilir ag dul anois?" "Táim ag dul le dínnéar chun na bhfear oibre atá againn thíos ar an mBán-Chluain, ag sabháilt fhéir. Téanam ort síos, gheobhair marcaidheacht uaim-se." "B'fhéidir nár bhfearra dhom bheith annso. Níl seoid a' bharra le déanamh agam." "Seo, máiseadh suidh thall annsúd ar an leath-luighe eile, is bímís ag imtheacht. Beidh m'athair agus a shúil an áirde aige féachaint an bhfuilim-se ag teacht nuair a bhuailfidh clog na Bán-Chluanach an dó." "Cá bhfuil an móinfhéar agaibh?" "I bPáirc a' t' Saghdair." "Bhfuil aon choiníní ann?" "Ní dóigh liom go bhfuil, acht táid 'sa pháirc is giorra dhúinn." "B'fhéidir go bhfaighmís greim ar photachán ann. Do rug Pádraig Mhíchíl ar dhá cheann an lá fé dheire thoir i Rann an Ghabhair. Bhíodar i bpoillín leo féin. Do thug sé leis abhaile iad. Níor mhair ceann aca acht lá. Bhí an ceann eile ag déanamh go maith, é féin agus an piscín ag ól baine i gcuibhreann lé chéile." "Agus nár bhac an sean-chat leis?" "Fan go fóill. D'árduigh Pádraig leis an potachán amach 'sa gháirdín. Bhí an créatúirín ag ingníor do fhéin. Bhí an sean-chat ag faireadh air i gan fhios do Phádraig. D'éirigh sí de léim, agus sar a raibh 'fhios ag Pádraig cad a bhí déanta, bhí an potachán marbh ag an gcat as comhair a shúl amach." "Nárbh í an diablóir cait í agus a leithéid a dhéan amh; acht is dócha go mbriseann an dúthchas tré shúilibh an chait." "Cogar, a Dhomhnaill — ca' na thaobh na potacháin a bheith curtha i bhfolach mar a mbíd ag an sean-choinín?"
"Mar do mharbhóchadh an sean-choinín fireann iad, agus, le heagla go bhfaigheadh an sean-rógaire greim ortha, cuireann an mháthair i bpoillín leo féin iad, agus nuair a théidheann sí amach ag soláthar dí féin, clúd- uigheann sí béal an phoillín 'n-a diaidh le cré. Déin- eann an giorrfhiadh an cleas céadna." "Nách mí-nádúrtha an rud é sin anois; agus féach an ganndal agus an aire thughann sé do sna géannaibh óga. Is maith é mo chuimhne-se ar an ngreadadh do fuaireas-sa ó'n nganndal so againn-ne, agus gan orm acht cóitín beag. Do leag sé ar an gcarn-aoiligh mé ar aghaidh doruis tighe na mbó, agus do bhí sé ag gabh- áil dá sciathánaibh orm chun go rabhas leath-mharb aige. Mura mbéadh Cornaí do bheinn marbh ar fad aige. Acht do bhaineas-sa sásamh dé tamall n-a dhiaidh san. Do rith sé im' dhiaidh, agus do thug iarracht ar bhreith orm; do rugas ar scrogal air, is do thugas fola-thachtadh dhó, agus níl sé chomh dána ó shin is bhíodh sé." "Is dócha gur sean-mhóinféar an móinfhéar so agaibh- se." "Seadh gan amhras. Níl aon mhóinfhéar eile ar an mBán-Chluain acht sean-mhóinfhéar. Bhí beithidhigh seasca ar féarach againn-ne ann rith an ghéimhridh seo ghaibh tharainn." "Ba chóir go mbéadh cúsnóg le fagháil i ndiaidh na spealadóirí." "Dá mbéadh féin is baoghlach gur beag de'n mhil a bhéidh romhainn-ne. Beidh sí go léir ag Seaghán Tháidhgín. Bhéadh mo chuid féin agam-sa mura mbéadh an rógaire asail seo bheith ar strae ar maidin indiu uainn." Bhíomar ag déanamh ar Chrois na Cúlach. Do chas- amair soir bóthar an phortuigh. Bhí an t-asal ar sodar. Níor bhfada gur chualamair an fothrom ar dtaobh thiar dinn. Bhí cóiste Chill-Áirne — cóiste na leitreach — ag
teacht ar stealladh laistiar dinn. Chuir "Bill" cluasa ar féin ar feadh tamaill bhig, leath-chluas leis mar seo leath-chluas mar siúd. Do mhaoluigh sé an dá chluais, agus siúd chun reatha é mar a bhéadh capall rás. Thugas-sa iarracht ar é choimeád, acht ba bheag an mhaith dhom é. "Scaoil leis," arsa Domhnall. "Tá míle de bhóthar leathan réidh romhat, idir an áit seo agus geata na Bán-Chluanach. Ní bhíonn tréan buan, is bíodh geall go mbeidh "Bill" go mín cneasta sar a mbéam ag an ngeata. Ní baoghal do'n chliabh dá leanfadh sé ar cos- in-áirde as so go Cill Áirne." Dob fhíor do Dhomhnall é. Níor leig "Bill" air gur chualaidh sé fothrom an chóiste agus greadadh cos na gcapall ar an mbóthar agus iad ag gabháil amach tharainn ar cos-in-áirde, cúbhrán ar sile síos le maoth- ánaibh na gcapall, is iad ag séideadh le saothar is le déine na coisidheachta. VI. AN BHÁN CHLUAIN. Bhí an clog ag bualadh an dó agus sinn ag geata na Bán-Chluanach. Bhí tigh an gháirdneóra laistigh de'n gheata. Bhí muinntear an tighe mhóir as baile is fuair- eamair cead gabháil isteach an geata mór; agus rud ab fhearr linn-ne go mór ná an cead so, thug an gáird- neoir cuireadh dhúinn dul d'fheiscint a gháirdín ar ball. Áit ana-dheas ar fad a beadh an Bhán-Chluain agus mise im' gharsún. Ar bhruach na Leamhna iseadh atá an áit, díreach mar a thagann an Gheadhach isteach 'sa Leamhain. Ar an dtaobh thall de'n leamhain agus ar aghaidh na Bán-Cluanach anonn atá sean-chaisleán Bhéil Átha-Málais. Ba mhinic comhthalán i n-aice an chaisleáin
Bhídís cruinnighthe ann, cuid mhór de mhuinntir na Tuatha, is de mhuinntir Leasa Treighe, agus de mhuinntir Chill-Bhonáin. Bhíodh báire agus cleasaidh- eacht aca, ceol agus rinnce. Tá fhios ag an saoghal gur mór an slacht agus an deiseacht ar tír is ar tuaith crainn a bheith ag fás innti, seachas gan a bheith le feiscint acht clocha agus maol- chladhcháin. Bhí na crainn ag fás annso go tuigh ar dhá thaobh an bhóthair, cois na Geadaighe, agus ar dhá thaobh na Leamhna. Ní h-indiu ná indé a cuireadh na crainn úd. Is iomdha uisce ghaibh le fánaidh agus is iomdha cor a chuir an saoghal de ó cuireadh iad agus ó tógadh ar dtúis caisleán Bhéil Átha Málais ar bhruach na Leamhna. Níl Droichead Íochtrach na Geadaighe acht buille beag soir ó gheata na Bán-Chluanach. Ba mhinic a lán daoine cruinnighthe ar an droichead, is ar dhá thaob an droichid, tráthnóna Dé Domhnaigh. Is ana-áluinn ar fad an radharc atá ó'n ndroichead tráthnóna samhraidh agus an ghrian ag dul fé. Táid na Cruacha Dúbha ar an dtaobh theas, Corrán Tuathail agus Binn Chaereach, agus iad suas is anuas le chéile, féachaint cia aca is aoirde, an dá Ghulbain — Gulba Mhós is Gulba Bheag, ar scath na binne, Cúm Caillighe ag bun an chnuic, agus Fiacal na Caillighe ar a chliathán. Soir ó dheas, ar dtaobh thall de Bheárnain an Chuimín atá na Tóime agus an Mhangarta, agus ó'n Mangartain chomh fada soir le Bun a' dá Chích, mar a bhuaileann spéir is talamh le cheile, níl na cnuic as radharc. Cheapas féin, is mé im' leanbh, gur dhá choca stóir Bun a' dá Chích i bhfad uaim soir i dteórainn Chorcaighe. Féach siar uait ar luighe na gréine, is táid cnuic Ghleanna Charrthaigh agus cnuic Uíbh Ráthaigh "ag bagairt
a gcinn thar druim a chéile" aniar ort. Féach thar Chaisleán na Mainge an bóthar ó thuaidh cun Tráigh Lí 's an comhngar i dtuaidh thar chliathán Sleibhe Mis. Ó Shliabh Mis siar chítear na cnuic chun go mbuaileann siad an Fharrge Mhór laistiar de Dhaingean Uí Chúis agus de Bhaile 'n Fhirtéirigh. Ní raibh geata tighe mhóir ar thaobh an bhóthair ó Chathair Uibh Ráthaigh soir go Cill Áirne ní ba dheise 'ná geata mór na Bán-Chluanach. Ní dóigh liom go raibh geata i gCiarraighe ba dheise ná é. An bóthar a bhí ag dul suas ó'n ngeata go doras an tighe mhóir, bhí sé chomh chomhthrom, chomh mín leis an dTráigh-mBán thiar i Ros-Bheithe, agus chomh glan, chomh scuabtha is bhéadh úrlár cistineach maidean Domhnaigh. An féar a bhí ag fás ar dhá thaobh an bhóthair, bhí sé bearrtha lámh leis an gcré, acht má bhí féin bhí an fód fé d' chois chomh bog le cúnlach. Bhí leapthacha gearrtha amach ar an mbán, iad lán de bhláthanaibh, is gan dhá leabaidh aca d'aon dath na d'aon déanamh. Bhí cuid aca chomh cruinn le fáinne óir, cuid aca cúinneach, cuid aca mar a bhéadh adharc na gealaighe, agus fós, cuid eile aca mar a bhéadh piast mhór, agus í lúbtha ar a chéile, agus blath- anna deasa i bhfuirm réiltíní ag fás istigh i ngach lúib dí. Bhí imeallaibh na leapthacha gearrtha mar a bhéadh le sciain féir, is ba dhóigh leat gur táilliúir a bhearr dhá ghruaidh an bhóthair. Bhí sean-chrainn árda ag fás ar gach taobh, agus dob' aoibhinn leat bheith ag éisteacht le ceol na bpréachán imeasch na gcrann. Tá a mhalairt de chrot ar an áit úd anois. Chonnac- sa é tamall ó shin idir chromadh is liathadh dhom. An geata a bhíodh chomh geal le sneachta, bhí sé ruadh le meirg; bhí sean-bhoscaí éisc caithte ar mullach a chéile laistigh de'n gheata: Bhí fiadhaile is lutharnach ag
fás go méith borb i leapthachaibh na mbláth, agus, mar bharr ar an aindeise, bhí cráin agus a h-ál ag tomhach ar thaobh an bhóthair. Ní fhéadfainn gan cuimhneamh ar Chaoine Chille Chais:- "'Sé mo chreach fhada 's mo léan ghuirt, Do gheataí breág' néata ar lár, An avenue greannta faoi shaothar 'S gan fosg' ar aon taobh de'n walk." VII. AN MÓINFHÉAR. Bhí na fir ullamh i gcóir a ndínnéir, acht ba mhó de'n tart ná de'n ocras a bhí ortha. D'fhan bolmach bainne gan ól ar maidin. Chuir na spealadóirí Seaghán Thaidhgín a d'iarraidh fíor-uisce, is chuireadar an braon bainne bhí aca gan ól mar liathadh ar an uisce, agus chlúduigheadar an canna uisce léith leis an bhféar nglas. Do dhéanfadh an méid dighe a bhí aca an gnó cuibheasach go leor do bheirt nó do thriúr fear, acht nuair a bhí brothall an lae ag éirighe, agus seisear nó mór-sheisear ag déanamh air, níor bhfada go raibh an canna folamh. Dob' iad Domhnall Ruadh agus Tomás Crón a bhí mar spealadóiríbh. againn-ne ar an mBán-Chluain. Bhí Domhnall Ruadh n-a spealadóir ó bhí sé seacht mbliadhna déag d'aois. Chomh fada siar is tá cuimhneamh im' cheann bhíodh sé ag spealadóireacht againn-ne, is ba ró- mhaith an sás é chun speile do láimhseáil. Do bhí Tomás Crón 'n' fhear fhásta sul a raibh speal 'n-a láimh aige. Chaith sé cuid mhaith dhá shaoghal mar aodhaire bó thiar i nGleann-Charrthaigh. Dubhairt daoine go raibh féith filidheachta ann, is gur chúm sé amhrán ar an dtreo
'n-ar chuir sé chun spealadóireacht a dhéanamh ar dtúis. Seo é an chéad cheathramha de'n amhrán:- "Do thairringeas chughamh mo sheana-speal súghaidh, Is do thosnuigheas i gciúmhais a' tsléibhe ann; Is geairid a chuadhas nuair do casadh an t-uall, Gurbh é an spealadóir luath a' t-aodhaire." Is deabhrthach gurab amhlaidh a theastuigh beart easrach uaidh le cur i gcró, is gur chun na h-easrach a bhaint do láimhsigh Tomás Crón an speal an chéad lá. D'éirigh leis go maith, amhthach, mar adeir sé féin i gcheathramha eile dá amhrán:- "Do bhainfinn-se an tsrón De'n chloich a bhéadh romham, Is níor dhonaide an gnó 'ná an faobhar é; Nuair a thagadh an foghmhar Do thuillinn a seó, Is do stadainn ar nós gach aon-ne." Bhíodh daoine 'ghá rádh ná raibh aon bhaint ag Tomás le hAmhrán na Speile, is go mba fear eile de mhuinntir Chrón — Seaghán nó Séamus, ní fheadar ciaca, do chúm an t-amhrán; acht mar adeir an sean-fhocal "an té go dtéidheann sé amach air bheith na mhochóirighe mhaith, ní miste dhó codladh go headarshut." Agus pé 'ca thuill sé é nó nár thuill, bhí ainim file ar Thomás go lá a bháis. Níor chualas-sa riamh uaidh acht portaireacht mar a bhéadh ag aon fhear, agus fágaim le h-uadhacht gur bhinne liom-sa go mór guth Thaidhgín agus é ag casadh "Bean an Fhir Ruaidh," nó "Túirín a' Chéim," ag teacht chun oibre dhó go moch ar maidin, nó ar dul abhaile dhó tráthnóna, ná bheith ag éisteacht le h-aon phort a tháinig amach as bhéal Thomáis Chróin an lá dob' fhearr a bhí sé riamh.
Do b'aoirde is ba threise d'fhear é Domhnall Ruadh ná Tomás Crón, agus ba leithe a bhuille, acht ba luime eisean ar an dtalamh, agus ó is fearr órdlach de'n bhun 'ná leath-throigh de'n bharr, bhíodh árd-éileamh ar fad ar Thomás chun dul ag spealadóireacht ar mhóinfhéaraibh ceannuighthe do mhuinntir na Tuatha; agus ó dheire an tsamhraidh go tosach an fhoghmhair ba bheag lá sa tseacht- mhain ná bhíodh a choróin bhán n-a láimh aige mar phágh spealadóra. Do leagamair bórd ar scáth na gcrann ag ceann na páirce, mé fhéin agus Seaghán Thaidhgín. Bhí na prátaí go h-ana-mhaith ar fad, go deagh-bhlasta, plúrach, is gan práta gréineach 'ná práta piastach ortha. Ba dheas a bheith ag féachaint ortha agus iad leathta amach ar an éadach cláir. "Cá'r fhás na prátaí seo?" arsa Tomás Crón. Níor itheas a leithéidí fós i mbliadhna, bail ó Dhia ortha. "D'fhásadar" arsa m'athair, "i bPáirc an Gheata laistiar de'n chlaidhe. Bhí tuar na mbó ann roimh ré," is bhí teas na gréine ar an iomaire ó mhaidin go h-oidhche agus na prátaí ag teacht suas." "Tá a rian ortha" arsa Diarmaid na Móna. "Níl aon teóra leó le feabhas." "Is truagh nár chuir do mháthair camóg de bhainne reamhar nó de bhláthaigh 'sa bhainne seo; bhí fhios aici gur mhaith liom-sa blas an bhainne ghéir" arsa m'athair liom- sa. "Bhí eagla airthi go mbrisfeadh an bainne le suathadh na trucailleach." "B'fhéidir go raibh an ceart aici; acht tá an bainne seo ró-mhilis domh-sa." "Féach ar sin anois," arsa Domhnall Ruadh, "an rud a bheathuigheann duine, sé a marbhuigheann duine. Dá
n-ólfainn-se braon bláthaighe bhéadh loscadh-doighe orm 'n-a dhiaidh." "Deir na dochtúirí ná fuil deoch le fagháil níos foll- áine 'ná bláthach na cuigine," arsa Diarmaid na Móna. "Beatha dhuine a thoil," arsa Cornaí, "acht b'fhearr liom-sa an leamhnacht." "Tá béas nuadh ag teacht isteach anois," arsa Domh- nall Ruadh. "Ní bhíonn daoine áirithe sásta gan tae a bheith aca. Dá bhfaighinn féin prátaí deasa plúracha mar iad so, agus greim beag ime agus braon bainne, mar annlann leo, ba bheag é m'éileamh-sa ar tae na sean-bhan. Agus ní bhíonn cuid aca sásta le tae gan tobac a bheith aca. Nuair do bhíos-sa im' gharsún is beag de'n tae a bhíodh ag na mnáibh, agus i dtaobh an tobac, bhéadh náire ar aon mhnaoi dh'admháil go raibh píop aici. B'fhéidir go mbéadh boiscín snaoise ag Gobnait na nUb, is ag Máire 'n Fheasa — sin a mbíodh; agus ní le dúil i snaois do bhíodh an boiscín i n-úsaid aca-san, acht le paidreacha dh'fhághail ar son na marbh." "Ní réidhtigheann na sean-phrátaí 'ná na prataí nuadha leó," arsa m'athair i leamh-gháiridhe, mar do bhí tuairim aige cad a bhí ag teacht; "agus cloisim ó chuid aca go mbaineann gal tobac an t-uisce scólta ó na gcroidhe." "Aidhe greadadh chucha, tá cuid aca, is ní réidteóchadh na haingil fein leó," arsa Domhnall Ruadh. Bhí máthair a chéile ar lic an teinteáin ag Domhnall, agus níor réidhtigheadar ró-mhaith le n-a chéile. "Cogar," arsa m'athair liom-sa agus leath ithte againn, "ná raibh Domhnall Óg led' chois? Ca bhfuil sé anois? "D'fhan sé thoir i n-aice 'n gheata, ag imirt cnaipí, é féin is mac an gháirdneóra." "Féach ar sin anois, beidh an garsún bocht ag tuitim leis an ocras. Brostuigh ort anois, agus buail soir
chuige, is abair leis teacht anoir agus greim bidh a bheith aige. Bíonn a ghoile i gcomhnuidhe ag garsún, 's is ró olc an chuideachta an t-ocras." "Raghad-sa," arsa Seaghán Thaidhgín, ag preabadh 'n-a sheasam; agus siúd chun siubhail é ag rith. Ní raibh Seaghán acht díreach tar éis imtheacht, nuair cé bhéadh chughainn i leith 'ná Donncadh Bán. "Bíodh geall," arsa Cornaí gur iasacht phíce nó iasacht raca a theastuigheann ó Dhonnchadh. Tá sé féin is Tadhg na Stiall agus cailín aimsire Dhonnchadha, ag gabháilt d'fhéar le cúpla lá, agus níl aca eatortha acht sean-raca maol manntach, píce leath-bheannach agus dhá chleith. Dhob fhiú dhuit bheith ag féachaint ortha ag iompáil an fhéir. Do dhéanfadh fear obair an cheath- rair, is gan breis trioblóide do chur air féin." "Go mbeannuighidh Dia dhaoibh," arsa Donnchadh. "Go mbeannuighidh Dia 's Muire 's Pádraig dhuit, a Dhonnchadh," arsa m'athair. "Nách áluinn an lá é seo chun féir." "Is áluinn go deimhin, moladh le Dia. Tá árd- shaothar ar fad déanta agaibh-se ó mhaidin," arsa Donn- chadh." "Ní bhíonn éin-ne ar a dhíchéall an lá breágh, a Dhonncadh." "Thánga anall," ar seisean, "féachaint a' bhfaighinn píce 's raca ar iasacht uaibh go ceann tamaillín." "Cogar, a Dhonnchadh," arsa Córnaí; "b'fhéidir go dteastóch' píce uainn-ne ar ball. Is dócha go mbéadh ceann le fagháil uait-se." "Níl agam annso acht píce. Bhíos ag feitheamh ar dhul go h-Aonach a Phuic chun cúpla píce agus corrán a cheannach i gcóir an fhóghmhair." Fuair Donnchadh raca agus píce, is d'imthigh air i mbun a ghnótha.
"Féach," arsa Tomás Crón, "an bheirt aca, is ná leigfeadh an anacra dhóibh píce a cheannach, agus nách measa duine aca 'ná an duine eile." "Ó, dearbráthair do Thadhg Domhnall," arsa Domhnall Ruadh. "Ní fheacathas píce 'ná raca aca riamh go mb'fhiú píce 'ná raca a thabhairt mar ainim air." "Bíonn a rian san ortha i gcomhnuidhe, is aindeis a bhíonn an foghmhar aca," arsa m'athair. "An cuimhin lib," arsa Diarmaid na Móna, "nuair do tháinigh na pící nuadha amach ar dtúis, gur rug na cúnstáblaí leo iad ó Dhrom a' Bhaile? Bí an ráfla amuigh go raibh na Fínianaigh chúghainn agus píce i láimh gach duine aca. Chuir cleasaidhe éigin scéala go Cill Orglan go raibh lán mála de phícíbh i bhfolach istigh i scioból i nDrom a' Bhaile. Thainigh ceann na bpóilí agus scata póilí le n-a chois is d' árduigh- eadar leó na pící. Ní dócha. go bhfeaca duine aca píce catha riamh, is dá bfeicfidís féin ná haithneoch- aidís." "Is ró-mhaith, is cuimhin liom an bhliadhain chéadna," arsa m'athair. "I dtosach an earraigh iseadh d' éirigh buachaillí Uíbh Ráthaigh amach. Bí siúinéar ag obair 'sa bhaile againn-ne, ag déanamh trucailleach do'n asal, an chéad trucaill a cuireadh air. D'fhan an siúinéar, Diarmaid a' Mhachaigh, chun suipéir, is ar dhul abhaile dho astoidhche, bhuail na "buachaillí" leis thuas ar bhóthar an leasa, agus d' árduigheadar leó é soir, chomh fada le Beárnain an Chuimín, chun na slighe a theasbáint dóibh. Lar na bháireach, nuair do chualathas scéala an éirighe amach, do theich na huaisle leó soir go Cill Áirne. Ba mhór an greann a bheith ag féachaint ortha ag baint na gcos dá chéile ar an mbóthar. Do ghread lucht an tighe mhóir seo thíos leó i dteannta na coda eile, agus d'fhágadar an tigh fé chúram cúpla fear agus
sean-gunnaí aca, is go gcuirfheadh cailleach mhór liath go mbéadh gunna aici an rith ar an mbeirt úd. Do bhí Cill Áirne lán d'uaislibh Chiarraighe agus eagla an domhain ortha chun go dtáinigh an t-arm. Nuair a bhí an t-arm mar thaca aca, bhí gach spriosán aca, agus é ar bog-mheisce, ag maoidheamh as a ghaisce féin, mar a bhéadh tinncéar ar Aonach a' Phuic, nó táilliúir aereach ar Aonach an Oileáin. Is beag é mo mheas-sa ar uaislibh Chiarraighe ó shin. Ní rabhadar sásta gan dul ar thóir na bhFínianach mbocht, le h-eagla go mbéadh amhras. ag rígh Shasana ortha ná rabhadar-san dílis a ndóthain dó-san is do dhlighthibh na nGall; agus ba mheasa i bhfad na Gaedhil agus na sean-Ghaill 'ná sliocht Chrumaill féin. Ní fearr a bheith ag cainnt go deo is choidhche, acht ba náireach an scéal é do mhac Shéamuis 'ach Murchadha — mac dearbhráthar do Dhomhnall Mór, — bheith chomh géar le h-aon Ghall dár mhair riamh ar thóraidheacht clann a chomharsan." "Nách mór an truagh," arsa Tomás Crón, "ná raibh Eoghan Ruadh 'n-a bheathaidh chun iad a scalladh." "Dá mbéadh féin ní thuigfidís é acht cor-dhuine aca, is bhéadh an duine úd bodhar. Acht," arsa m'athair, agus faobhar ar a ghuth, "mura raibh Eoghan Ruadh againn chun na Seoiníní seo do ghearradh, do thug duine eile de mhuinntir Shúilleabháin* fútha i mBéarla, agus geallaim-se dhuit nár fhág sé gan bearradh iad. Ar seisean:- "And, oh! to see the proud J.P.'s, The poor man's hard and cruel masters, Now feeling weak about the knees And struck with fear of all disasters."
Agus ag tagairt do mhac Shéamuis 'ac Murchadha*: "And, oh! bright stars of heaven, How the bones in Glasnevin Must have stirred in their shroud When the sleuth-hounds least slack On the patriots' track Owned the name and the blood of O'Connell the proud." "Dar fiadh! thug sé dhóibh go géar é. Ba chóir go mbéadh náire ortha," arsa Diarmaid na Móna. "Náire is aithis chucha. Ní dóigh liom go raibh riamh uaisle ba mheaithte ná na huaisle seo againn-ne. Níl toradh na muc 'ná na madraidhe aca ar éin-ní a bhaineann le na ndúthaigh féin. Do chailleadar teanga a dtíre, acht cor-dhuine aca annso 's annsúd. Níl meas aca. ar nósaibh 'ná ar bhéasaibh a sinnsear. Má bhíonn a dhóthain airgid ag duine aca, i Sasana a chaitheann sé a shaoghal, agus an seóinín is boichte aca, tagann a pháipéar chuige anall ó Lonndain. Ní dhéan- fadh páipéar Bh'l'áth Cliath, ná ceann as Corcaigh an gnó i n-aon chor. Náire ar a leithéidíbh siúd! Ní headh, a mhic ó, acht mórdháil mhór i dtaobh aghaidh béil na ndaoine a bheith 'n-a gcoinnibh i bhfus, le súil is go bhfaghadh duine aca bheith 'n-a Shor (Sir), nó cead dul ag lanncán (lámhachán) isteach i láthair an ríogh, nó cuireadh chun búird d'fhághail ó na bhuachaill aimsire." D'fhéach na fir ar m'athair. D'fhéachadar ar a chéile. Do chrom seisean ar ithe, is ní raibh focal eile as chun go raibh deire ithte aige. Chomh túisce is bhí a ndínnéar ithte aca do thairng na fir oibre chucha a bpíopaí. "Féach, a gharsúin," arsa Tomás Crón liom-sa, "ó
is tú is óige 's is giorra go bpósfaidh — tá píop is blúirín tobac i bpóca mo chasóige thall annsúd ar an gcinn-fhearainn. Rith anonn agus tabhair chugham anall iad is go ndéinidh Dia fear mór maith dhíot." "Agus ná dearmhad an sméaróid teineadh atá i n-aice an chlaidhe," arsa Domhnall Ruadh. "D'fhóbair dhomh-sa dearmhad a dhéanamh ar chorráinín na speile. Do bhuail cloch liom ó chiainibh, is bhain sí mannt as béal mo speile. Caithfidh mé baint uaithi leis an gcorráinín. Ní dhéanfadh cláirín na speile an gnó i n-ao' chor." "Ca bhfuil do chorráinín, a Thomáis?" arsa mise, agus imshniomh orm. "I bpóca na casóige i dteannta 'n tobac," arsa Tomás. Níor bhfada dhom ag dul anonn treasna na páirce. Bhuail an bheirt eile a leith chugham, Seaghán Thaidhgín agus Domhnall óg Ó Bruighin. "Seo," arsa mise le Seaghán, "beir leat-sa an phíop agus an corráinín. Beidh an sméaróid agam-sa." D'éirigh beach ghabhair amach as an gclaidhe chughainn. Do theicheamair. Siúd linn treasna an mhóinfhéir, agus an bheach ghabhair ar ár dtóir. Cheapas féin go raibh saithe aca ann. leis an saothar a bhí orainn agus an féar fé n-ar gcosaibh, do thuiteas féin is Seaghán; d'imthigh an phíop uaidh agus do briseadh í. "Féach anois," arsa m'athair, go searbh. "'Sé moill ar thí an deabhaidh agaibh é. Dá mb'áil libh bhur suaimh- neas a cheapadh, is gan a bheith ag posáilt an fhéir níor bhaoghal do phíp Thomáis." "'S dó," arsa mise, is mo chroidhe im' béal agam, siad na beacha ghabhair do chuir ag rith sinn." "Mhaise, 'b'olc na saighdiúirí sibh d'rádh is gur chuir aon ghabhar amháin an rith oraibh," arsa Cornaí.
"Ní rabhais féin id' shaighdiúir ró-mhaith an lá úd agus tú ag tarrac mhóna abhaile do'n Phléimeannach, nuair do theichis le t'anam ó bheachaibh Bhrighde an Chúrsaigh An cuimhin leat an lá úd, a Chornaí?" arsa Seaghán. "Bhí satha (saithe) acha ann an lá úd, ámhthach, is do chuir ceann aca tealg im' pluic," arsa Cornaí. "Acht ba mheasa dhuit aon bheach ghabhair amháin 'na satha beach an Chúrsaigh. Féach, nách iongantach an scéal é ná cuireann ceann de sna beachaibh tealg i sean-Bhríghid is í istigh 'n-a measc. Is cuma léi iad nó na míolaí críonna," arsa Domhnall Ruadh, agus é ag gearradh a chodh' tobac. "Sin é díreach a dhallann mé. D'éirigheadar go léir chugham-sa agus mé lasmuigh de'n chlaidhe," arsa Cornaí. "Tá sean-aithne aca ar Bhrighid, acht ní maith leó balaithe an chapaill," arsa m'athair. "Is truagh liom, a Thomáis," arsa Seaghán Thaidhgín i gcogar, "gur bhriseas do phíop, acht ní raibh leigheas agam air." "Ac! ná bíodh ceist ort; ní raibh innti acht sean dhúidín gan mhaith. Gheobhad gal as phíp Dhomhnaill. Chím go bhfuil sí dearg aige." "Mhaise go deimhin gheobhair agus fáilte," arsa Domhnall is é ag tarrac ar a shuaimhneas "Agus beidh píop le fághail agat anocht ar thórramh Shighle na mBó," arsa Cornaí. "Is maith an áit go rabhais, a Chornaí," arsa m'athair. "Beannacht Dé le na hanam, is 'mdhó aistear oidhche do chuir sí dí i rith a saoghail. Beidh suaimhneas aici feasta." Bean chabartha a beadh Síghle na mBó.
VIII. GÁIRDÍN NA BÁN-CHLUANACH. Nuair a bhí a dhóthain ólta ag Domhnall Ruadh do bhain sé an phíop as a bhéal; do chimil sé cos na pípe ar mhuinirtle a léine, is do shín chun Tomáis í. Do bhí a ghal ag Tomás. "Seo dhuit do phíop, a Dhomhnaill," ar seisean, "agus beannacht Dé le t'anam is le hanaman do mharbh." "Bíodh seach eile agat aisti; tá sí nách mór lán fós." "Ní bheidh anois, a Dhomhnaill, gur a maith agat." "Seo anois," arsa m'athair, ag preabadh 'na sheasamh, "is mithid dúinn cromadh ar an obair. Tá an ghrian siar thar Bhinn Chaereach. Beidh teas na gréine ag laghdughadh feasta, is ní fada go mbeidh drúcht an tráthnóna ag tuitim." "Is breágh an rud suidhe acht do bhain síneadh an bharr dé," arsa Diarmaid na Móna, agus é sínte siar, bolg le grein, ar an gcinnfhearainn. "Cad is fearra dhúinn a dhéanamh anois? An fiú a thuille féir a leathadh amac?" arsa Cornaí. "Ní dóigh liom gur fiú," arsa m'athair. "'Sé is fearra dhúinn a dhéanamh 'ná iompáil eile a bhaint as a bhfuil leathta amach againn, is nuair a bheidh an méid sin déanta againn beidh sé i n-am againn tosnughadh ar é 'chruin- niughadh isteach." Ba mhór é m'átas-sa nuair do chuala ná rabhthas chun a thuille féir a leathadh amach. Mise agus Seaghán Thaidhgín a bhí ag leathadh an fhéir i ndiaidh na spealadóirí, agus do bhí súil againn go bhfaighmís cead dul ag féachaint gháirdín an tighe mhoir. Ar ádhmharaighe an t-saoghail cé bhuailfeadh a leith chughainn ná an gáirdneoir é féin, agus a mhac le na chois.
Fear ciallmhar tuisgeanach a b'eadh é, agus bhí árd mheas ag m'athair air. Chromadar, an bheirt, ar chainnt, is ar chúrsaíbh an t-saoghail do chur tré na cheile, acht níor chuireas féin puinn suime 'n-a gcomhrádh. "B'fhéidir," ars' an gáirdneoir, ag imtheacht dó, "gur mhaith leis na buachaillíbh seo radharc d'fagháil ar mo gháirdín." "Tá 'fhios agam go mba mhaith leó-san é dá mba mhaith leat-sa an gáirdín a theasbáint dóibh; acht cogar, ná leig dóibh fanamhaint ró-fhada; beidh iachall ar dhuine aca dul abhaile i gcionn tamaill chun na mbó a thiomáint abhaile chun crúidhte." Bhí áthas an domhain orainn nuair do fuaireamair cead dul le cois an gháirdneóra. Bhí neamh-fhoidhne orainn i dtaobh an fhaid is bhí m'athair agus é féin ag cainnt. `Chuala-sa go minic ó sna fearaibh oibre go mba ana-ghleoidhte ar fad an gáirdín é gáirdín na Bán-Chluanach. 'Sé dubhairt Domhnall Ruadh ná raibh a leithéid eile i gCiarraighe- agus chonnac seisean gáirdín Thighearna Chinn-Mara i gCill Áirne, agus gáirdín na Mainistreach i mBaile 'n Mhuilinn, agus gan trácht ar gháirdíníbh do chonnac sé agus é síos amach 'n-a spailpín. Níor bhfada dhúinn go rabhamar ag geata an gháirdín. Do leath ár súile orainn agus sinn laistigh de'n gheata. Bhí falla árd mór-dtimcheall an gháirdín. Bhí crainn ag fás le taobh an fhalla agus iad greamuighthe de'n fhalla mar a bhéadh eidhneán. Bhí, ar an gcuid is lugha de, cúpla acra talmhan 'sa gháirdín, agus tighthe gloine ann chomh tiugh is bhéadh cábáin i bPáirc an Aonaigh ar Phatrún Chill Ghobnatan. Bhí cuid aca beag is cuid aca mór, cuid aca buailte suas i gcoinnibh an fhalla, agus cuid eile aca istigh i lár an gháirdín, agus luibheanna agus bláthanna ba dheise 'ná a chéile ag fás istigh ins na tighthibh gloine sin.
Bhí bóithríní beaga deasa, déanta de ghainimh ghlan na Geadaighe, ag gabháil tríd an gháirdín ó thaobh go taobh, agus crainn ag fás ar dhá thaobh gach bóithrín de sna bóithríníbh sin. Ba mhinic domh-sa i n-abhall-ghort thíos ar an Mianus agus thall i mBéal Átha Málais, acht níor mhar a chéile iad crainn an abhall-ghoirt agus crainn an gháirdín. Mar adubhart cheana bhí cuid mhór aca greamuighthe de thaobh an fhalla, agus an chuid eile, bhí a ngéaga sínte amach ar dhá thaobh de chois an chrainn, iad ceangailte mar a bhéadh de gheata adhmaid, agus an geata sáithte 'sa talamh. Bhí cead againn dul pé áit ba mhaith linn. D'fhan Seaghán Thaidhgín le cois an gháirdneóra, agus an bheirt aca isteach 's amach ins na tighthibh gloine. Do bhuail eamair-ne i dtriúr síos suas an gháirdín. Thug an gáirdneoir cead dúinn éin-ní ba mhian linn a bhaint acht é bheith aibidh, mar go raibh mórán de thorthaibh an gháirdín is gan iad acht leath-aibidh fós. "Tá 'fhios agat-sa," ar seisean le n-a mhac, "cad tá aibidh agus cad ná fuil." Bhí cuid de sna h-úbhlaibh chomh mór le práta, acht bhíodar ana-ghlas fós. B'é an scéal céadna ag na plumaíbh é. Bhíodar-san chomh glas, chomh searbh leis na h-áirníbh ar lios an Árd-a-Rátha. Acht ní fheaca riamh 'ná ó shin a leithéid de radharc de spiúnánaibh agus do bhí ann. Bhí cuid aca go glas agus go searbh, go righin agus go féasógach. Bhí cuid aca buidhe is cuid aca dearg, agus iad go bog breágh milis. Agus na silíní! — bhainfeadh sé an t-uisce ó t'fhiaclaibh bheith ag féachaint ortha. Bhí an chuid ba mhó aca crón-dhearg, agus blas na meala ortha. Níorbh iongnadh linn na beacha bheith ag crónán mór-dtimcheall ortha, is do thuigeamair i gceart ca' na thaobh an sean-líon a bheith caithte anuas ortha chun
iad a chosaint ar na héanlaithibh. Ba dheacair iad a chosaint orainn-ne dá mbeimís i n-aice leo. "Seo anois," ars' an gáirdneóir nuar do bhí breis agus ár n-dótháin ithte againn, agus ár bpóchaí lán, "is mithid daoibh bheith ag imtheacht. Beifear ag feitheamh oraibh 'sa mhóinfhéar; agus rud eile, tá súil agam leis an stíobhard a bheith annso i gcionn tamaillín, is b'fhéidir nár mhaith leis sibhse bheith annso roimis. Tá sé chomh maith agat-sa dul leo," ar seisean le na mhac, "acht buail isteach chun do mháthar féachaint an mbéadh aon ghnó aici dhíot." Do bhogadar leó i dteannta a chéile, Domhnall Óg agus mac an gháirdneóra. D'fhanas féin is Seaghán buille beag i dtaobh thiar díobh i bhfochair an gháirdneóra. "Cheapas," arsa Seaghán, ná raibh aon chur isteach ag an stíobhard ort-sa, ná aon bhaint aige led' chuid oibre se." "Níl acht chomh beag; acht duine beag amhrasach úghdarásach iseadh é, agus ó is rud é go dtugann an mháighistreás cluas dá chuid cainnte, b'fhearr liom gan sibh-se bheith istigh annso roimis." Do bhailigheamair linn gan a thuille moille, mar do bhí 'fhios againn go maith nárbh aon dóichín é an stíobhard úd. Do chuir sé an dlighe ar gharsúinín óg mar gheall ar chloich a chaitheamh le sean-chlár a bhí laistig de'n bhóthar 'á fhógairt do'n phobal gan dul isteach 'sa choill nó go gcuirfidhe an dlighe ortha. "Ná dearmhad an luan so chughainn," ars' an gáird- neoir le Seaghán Thaidhgín, agus é ag dúnadh an gheata. "Ní baoghal dom," arsa Seaghán. "Cogar," arsa Seaghán Thaidhgín liom-sa, "táim chun dul ag obair 'sa gháirdín Dé luain seo chúghainn. Beidh coróin 'sa tseachtmhain mar phágh agam, is má bhíonn an gáirdneoir sásta liom beidh árdúghadh páighe agam i
gcionn ráithe. Dúbhairt sé liom go bhfuair sé árd- theistiméireacht ar fad orm ó t'athair, is mura mbéadh go bhfuair ná béadh aon dul agam-sa ar an áit d'fhághail, mar go raibh a lán ag cur isteach air." "Ó! tuigim anois," arsa mise, "cad a bhí eatortha ó chiainibh agus sinn ag fágaint an mhóinfhéir. Coróin 'sa tseachtmhain, a Sheaghán, agus ardúghadh páighe i gceann ráithe! Beidh seó airgid agat, a Sheagháin." "Beidh féirín agam i gcóir Aonaig a' Phuic," ar seisean. IX. ADHARCADH NA gCOCAÍ. Bhí an féar ar fad bailighthe isteach aca rómhainn, — Cornaí is Diarmaid na Móna agus pící aca; m'athair agus raca aige. Dob' éachtach an fear ar raca m'athair. Dob' fhearr é ná aon bheirt, is ní bhéadh sop ar an dtalamh 'na dhiaidh. "Is ro-mhaith an chabhair sibhse ar mhóinfhéar," arsa m'athair, 'ghá leigint air go raibh fearg air chughainn. "Buail anonn a Sheagháin chun móinfhéir Dhonnchadh Bháin, is abair leis an píce a fuair sé uainn a thabhairt duit. Teastuigheann an píce uainn anois chun na gcocaí a dhéanamh; agus," ar seisean liom-sa, "tá sé chómh maith agat-sa an t-asal a ghléas, agus bogadh leat abhaile chun aire thabhairt do sna buaibh. Níl 'sa bhaile acht do mháthair agus na cailíní. Gheóbham-na abhaile an comhngar ar ball." Ní raibh breis deabhaidh orm-sa. "Cogar" arsa Cornaí liom. "Tá dhá chúsnóig agam dhuit." "Cá bhfuil siad?" arsa mise.
"Fan go mbeidh an t-asal gléasta, is teasbáinfead duit iad." "Bhfuil puinn meala ionnta?" "Tá i gceann aca go h-áirithe." "A' bhfuair Seaghán Thaidhgín aon chuid de'n mhil?" "Ní bhfuair. Is mór a theastuigheann sí uaidh, agus ní fiú dhá chuid a dhéanamh dá bhfuil ann." "Ach! níor mhaith liom gan a chuid a thabhairt do Sheaghán, agus féach chughainn a leith é ar sodar," arsa mise. "Ní rabhais i bhfad a Sheagháin," arsa m'athair "'S dó' ní rabhas. Is amhlaidh a bhí an bheirt, — Tadhg na Stiall is Donnchadh Bán a d'iarraidh trí chocaí déag féir a roinnt eatorra. Bhí dhá thrian ag dul do Thadhg, agus trian do Dhonnchadh. Mura mbéadh aca acht an dá choca déag, 'b'fhuirist dóibh an roinnt a dhéanamh, acht ní fheadradar cad a dhéanfaidís leis an gcoca corraig- theach, leis an triomhadh coca déag. 'Sé is dóigh liom go bhfuilid ag teacht anall annso ag triall ortsa, féachaint a' bhféadfá-sa an roinnt a dhéanamh dóibh." "Mhaise nár eirighe a mbóthar leo, is nár a míle fáilte rómpa, na h-amadáin. Is beag an iongnadh an breall ortha, agus beidh sé ortha go deire na scríbe," arsa m'athair go searbh, is do thosnuig ar choca a dhéanamh. Fuaireas féin is Seaghán Thaidhgín an mhíl, agus do ghléasamair an t-asal i dteannta a chéile. Bhí súil agam go mbéadh seisean ag dul abhaile lem' chois, agus go mbéadh an tráthnóna fúinn féin againn ag aodhair- eacht na mbó. Arsa m'athair liom: "Beir leat abhaile an cliabh agus na rudaí eile, acht fág an bainne annso; b'fhéidir go mbéadh tart orainn ar ball. Féach a' bhfuil an clár ar an ngálún, is cuir gabhál de'n fhéar ghlas anuas air.
Fanfaidh Seaghán Thaidhgín annso chun na súgán a chasadh dhamh-sa. Brostuig ort anois, ir cuir na ba bainne isteach 'sa mhóinfhéar mhór ar feadh uair a chluig nó mar sin. Acht féach! seachain agus ná leig dóibh na cocaí dh'adharcadh. 'Sí Geadach an ceann is measa aca. Dá mbéadh an bitheamhnach úd istig 'sa mhóinfhéar, agus féar go súilibh airthi ní bhéadh sí sásta gan dul ag adharcadh na gcocaí. Beidh tart ar na buaibh, is le heagla go mbeidís ag lorg uisce agus a mbuilg lán de'n fhéar ghlas, tiomáin siar chun na h-abhna iad ar dtúis." Bhíos mí-shásta go leor ag dul abhaile agus gan Seaghán le m' chois. B'fhearr liom go mór a bheith i bhfocair na bhfear 'sa mhóinfhéar. Ba mhó de'n mhí- shástacht a bhéadh orm acht go raibh fhios agam gur ag casadh súgán a bhéadh Seaghán, agus níor lugha liom-sa aon obair ná cipín a bheith im' láimh ag casadh méaróg i móinfhéar lá samhraidh. Do bhuaileas abhaile mé fhéin agus an t-asal is gan a lán deabhaidh orainn. "Is mithid duit teacht," arsa mo mháthair liom, "táim féin agus na cailíní marbh ag na buaibh ó mhaidin." "Cá bhfuil siad anois, a mháthair," arsa mise. "Cá bhfios damh-sa cá bhfuil siad. Táimíd cráidhte aca ó bheith ag guidheal. Ba dhóigh leat gur ar buile atáid, agus tá an oiread de theasbach ar na sean- bhodógaibh is tá ar na ba seasca. Féach a' bhfuil siad thiar i bPáirc na Glaise. Is baoghlach ná beidh braon bainne aca ar theacht an tráthnóna. A' ndubhairt t-athair leat iad a chur isteach in aon áit ag ingníor. (inbhear)!" "Dubhairt sé liom na ba bainne a chur 'sa mhóinfhéar mhór ar feadh uair' a' chluig." "Buail siar, má seadh, is tíomáin aniar iad ó'n nglaise. Fág thiar na beithidhigh seasca, agus cuir
scairt 'sa bheárnain rómpa; acht fan go fóilín is raghad féinig led' chois, le heagla go mbéadh na beithidhigh dhod' leanamhaint aniar." Do chuireamair na ba bainne isteach 'sa mhóinfhéar mhór. Do luigheadar ar ingníor. Bhí an t-ath-fhéar go h-árd, agus go bog, agus go milis aca. Ba dhóigh leat ortha ná tiucfaidís ar a mbuilg a líonadh choidhche, bhí a leithéid sin de cheol aca ag bailiughadh chuca agus ag cogaint. Thuas i gceann na páirce a bhí na cocaí, agus dhá mhéaróig ar gach coca aca. Cheapas féin ná raibh aon bheann ag na buaibh ar na cocaíbh, acht mar sin féin bhí mo shúil i n-áirde le heagla an toirmisc. Do shuidheas fúm ag bun choca, mo dhrom leis an gcoca is mo h-ann- laidhe sínte. Bhí dórnán de gheaitiríbh im' láimh agam is do chromas ar chaipín chogaidh a dhéanamh díobh. Bhí tuirse orm tar éis na maidne. Do thuiteas im' chodhladh, agus is dócha go rabhas ag taidhbhreamh. Shaoileas go rabhas i n-áirde ar chrann úbhall i ngáirdín na Bán-Chluanach, is mo phócaí lán d'úbhlaibh agam. Díreach agus mé ag sleamhnughadh anuas de'n chrann do chonnac an stíobhard thíos ag bun an chrainn. "Tar anuas," ar seisean, agus faobhar ar a ghuth. "Tar anuas," ar seisean arís, "nó cuirfead-sa iachall ort teacht anuas gan mhoill," ag cromadh ar an gcrann a luascadh anonn 's anall. Do dhúisigh an luascadh mé, agus sé an chéad rud a chonnac 'ná mo mháthair n-a seasamh im' aice, greim aici ar mo ghualainn, is í dhom' chrothadh, a d'iarraidh mé a dhúiseacht. Do phreabas im' sheasamh agus an codladh im' shúilibh. Bhí na ba ag ingníor díreach mar a bhíodar nuair a shuidheas cois an choca. Cheapas féin ná raibh aon díoghbháil déanta; acht an chéad fhéachaint d'ár thugas ar na cocaíbh, bhí fhios agam go maith go raibh an donas ar fad déanta.
Níor fágadh coca gan adharcadh. Ní raibh méaróg gan brisead ar aon choca aca, acht ar mo choca féin. Bhí cúpla coca agus leath-cheann ortha, fuaireadar an oiread san de shuathadh ó sna buaibh. Bhíos féin cráidhte. Do chromas ar ghol. Bhí fhios agam go maith go mbéadh m'athair go dian orm mar gheall ar m'fhaillighe, agus an fógradh thug sé dhom ag fágaint an mhóinfhéir. "Seo! seo! stad anois, a laoigh," arsa mo mháthair liom is í chómh cráidhte liom fhéin, "acht cad a tháinigh ort agus tuitim id' chodladh agus a fhios agat go maith ná béadh an diablóir úd, Geadach, sásta dá mbeadh sí ag pléascadh le féar, gan a bheith ag adharcadh na gcocaí?" "Is amhlaidh do shuidheas annso ag déanamh caipín cogaidh, is do thuiteas im' chodladh i gan fhios dom fhéin." "Is ró-mhaith an scéal é mise a theacht amach, mura mbeadh gur thánga ní bhéadh coca gan leagadh aca. Is amhlaidh a bhíos chun glaodhach ort na ba a thiomáint abhaile chun crúidhte nuair do chonnac Geadach ag déanamh isteac ar choca, agus an chuid eile ar stealladh 'na diaidh. Do ghlaodhas ort-sa, acht ba bheag an mhaitheas dom bheith ag glaodhach ort: ní dhúiseóch' gártha na n-adharc thu." "Ní raibh leigheas agam air, a mháthair." "Is dócha ná raibh, is tú id' chodladh." "Marbhó'igh m'athair mé." "Is baoghlach go mbéidh fearg air, act níl maitheas bheith ag seanachas agus an anachain déanta. Tá sé chomh maith agat na ba a thiomáint abhaile anois. Is mithid iad a chrúdh." "Nách fearra dhúinn rud éigin a dhéanamh leis na cocaíbh chun iad a shocrughadh ar eagla na gaoithe?"
"Ná bac leo go fóill. Níl baoghal ortha, is b'fhéidir, ar ball, go bhféadfaimís na súgáin a shnaidhmeadh agus feistiughadh éigin a chur ortha i gcóir na h-oidhche." Do ghaibh mo mháthair an comhngar abhaile. Do thiomáineas-sa na ba abhaile is mé go cráidhte. 'B í Geadach an bhó deireannach ag dul amach ar an mbeár- nain. Bhí slat de chuileann righin im' láimh agam. Do rugas ar earball airthi is do bhíos dá greadadh chun go rabhas tuirseach traochta. Bhí an cailín ag gearán nár thug an Gheadach a cuid bainne ró-mhaith an tráthnóna úd, is go mb'éigean dí buarach a chur ar an mbuin, le heagla go ndoirtfeadh sí an bainne, bhí sí chomh crosta, corra-thónach san. Bhí a fhios agam-sa go maith cad a bhí airthi. Níor fhágas-sa aon tochas ar a cliathánaibh. Do crúdhadh na ba. Do sniugadh iad. Do chuireas-sa isteach 'sa tuar iad is do dhúnas an bheárna go maith ortha. Díreach is mé ag déanamh ar an dtigh ar filleadh abhaile dhom do chonnac Cornaí ag teacht aníos Páirc na hEórnan. "A Chornaí," arsa mise leis, "cár fhágais an chuid eile?" "Chuadar abhaile, is do bhuail t-athair suas chun tighe an Chnuic." "Ní fearr liom é a theacht abhaile," arsa mise. "Agus ca' na thaobh?" ar seisean. "Mar do dhein na ba an donas ar fad ar chocaíbh an mhóinfhéir mhóir." "Agus cá rabhais-se nár thugais aire dhóibh?" "Thuiteas im' chodladh agus mura mbéadh mo mháthair ní bhéadh coca aca 'na sheasamh anocht. Téanam ort siar is b'fhéidir go bhféadfaimís iad a shocrughadh agus a cheangal." Ní raibh an scéal chomh h-olc is do cheapas, acht mar
sin féin bhí eagla mo dhóthain orm-sa ná raghadh liom ró mhaith nuair a cheófadh m'athair na cocaí. Níor tháinig sé abhaile go dtí tar éis tuitim na h-oidhche. Ní fheaca sé na cocaí go dtí ar maidin lár na bháireach, agus is dócha gur bhog mo mháthair an scéal domh-sa. Pé scéal é, ní dubhairt sé liom-sa acht "seadh! bhfuil an caipín cogaidh úd déanta agat fós?" X. TÓRRAMH SIGHLE NA mBÓ. Thiar i lisín an Fhearainn do bhíodh Sighle na mBó 'na comhnuidhe, agus is ann a fuair sí bás. Bhí ana- thórramh ar fad aici. Chuala-sa gur tháinigh cailíní an bhaile chun mo mháthar, ar lorg coinnleoirí agus éadaighe geala i gcóir an tórraimh. Ní rabhas-sa riamh ar thórramh, is bhí ana-dhúil agam dul ar thórramh Shighle. "Cogar," arsa mo mháthair liomsa, is na ba i dtuar agam, "ba cheart duit dul agus tamaillín a chaitheamh ar thórramh Shighle na mBó. Bhí sí annso an oidhche a rugadh thú. B'fhéidir go mbéadh Seaghan Thaidhgín ag dul led' chois." Bhí 'fhios agam-sa go maith cad a bhí óm' mháthair. Fuair na cailíní dhá choinnleoir agus éadach cláir agus cúpla bairlíní geala ar iasacht uaithi, agus ba mhaith léi a fhios a bheith aici cá mbéadh an t-éadach cláir agus na bairlíní geala, le h-eagla go mbeidís in aon áit go dtuitfeadh smól ortha. Bhí 'fhios aici go maith nách ortha- san 'ná ar a leithéidíbh a bhéadh m'athair ag cuimhneamh dá mbéadh seisean ar an dtórramh. "Is dócha," arsa mise le Cornaí, "go mbeir-se ar thórramh shean-Shighle." "Béad gan amhras. Ca' na thaobh ná beinn. A' mbéadh aon t-seans go bhfuightheá-sa cead dul le m' chois?"
"Ó chiainibh beag iseadh dúbhairt mo mháthair liom go mba cheart dom dul ann, is gur dócha go mbéadh Seaghán Thaidhgín le m' chois. An dóigh leat, a Chornaí, an mbéidh seisean ann?" "Ca bhfhios domh-sa san acht tá fhios agam go maith dá mbéadh fhios aige tusa bheith ag dul ann ná fanfadh seisean 'sa bhaile. Féach! ní raibh gal agam ó dh'fhágas an móinfhéar. Do chailleas mo phíop. Ní fheadar an mbéadh píop i bhfolach agat" mháthair. Chonnac ceann ar an gcleibhí — an phíop a fuair t-athair ar thórramh an Phléimeannaigh." "Níl sí ann anois. Do thug mo mháthair an phíop úd do Dhiarmaid na Móna an lá fé dheire." "Bíodh geall ná béadh an oiread san ann i gan fhios dó, an piardálaidhe." Bhí tuitim na hoidhche ann agus sinn ag gabháil siar an comhngar, — mé fhéin agus Cornaí agus Seaghán Thaidhgín. Bhí tigh an tórraimh lán. Bhí Sean-Shighle sínte ar bhórd ar aghaidh an doruis isteach, aibíd uímpe, agus í a féach- aint i bhfad níos óige ná mar a bhí sí is í na beathaidh. Bhí éadach geal fé'n gcorp ar an mbórd, agus éadaighe geala os a cionn anáirde. Bhí coinnle ar lasadh ar choinnleoiríbh, — sé cinn aca is dóigh liom a bhí ann. Bhí dhá phláta ar an mbórd thíos ag cosaibh an chuirp — ní fheadar ná go raibh ceann aca anuas ar chosaibh an chuirp — snaois ar phláta aca agus tobac ar an bpláta eile. Do chaitheamair sinn féin ar ár nglúinibh is do chuir- eamair Paidir agus Abhe Máire le h-anam Shighle. Gach duine a tháinigh isteach, do síneadh píop chuige. Do fuaireas féin mo phíop chomh maith le fear. Bhí cúigear nó seisear ban ann, agus iad n-a suidhe ar dhá shuidheachán ar dhá thaobh an bhúird. Bhí Dáith Ua Bruighin anuas ó'n nGaortha ann, agus Sean-Sheaghán 'ach Suibhne ó Chrois a' tSean-Bhaile, ag
cainnt thuas cois na teineadh, agus triúr nó ceathrar eile ag éisteacht leo. Fear ana-dhiagaithe ar fad abeadh Dáith. 'Sé bhíodh ag rádh na coróineach gach maidean Domhnaigh ag séipéal na Tuatha. Bhí paiste beag talmhan aige ar réidh an Ghaorthaidh, de talamh bhocht anacrach, is cead aige caoire agus gabhair a chur ar féarach ar chliathán na Gulban, agus is ró-bheag a bhí le fághail aca ar an nGulbain acht fraoch is fionán is aiteann Gaedhealach. Cuipéar (fonnsóir) abeadh Seaghán 'ach Suibhne; acht an lá ab' fhearr a bhí sé riamh dob' fhearr leis bheith ag seanachaidheacht 'ná bheith ag déanamh feircíní ime ná cíléaraí bainne do mhnaibh na Tuatha. Theastuigh meadar is cúpla chíléar ó Mháire Philib. Chuir sí maide mór giumhaise ag triall ar Sheaghán um lá 'le Gobnatan, le súil is go mbéadh na hárthaighe aici i gcóir na Bealtaine, nuair a bhéadh na ba ag breith agus reidhse bainne aici. Nuair a tháinigh an Bhealtaine bhí sé mar leath-scéal ag Seaghán ná raibh an t-adhmad stóinsithe a dhóthain. Bhí leath-scéal bacach éicint eile aige nuair a tháinig lá Aonaig a' Phuic, is dob é deire 'n scéil é gur fágadh Máire gan mheadar gan chíléar go dtí lár an fhoghmhair. Bhí sean-Dhiarmaid na Cille ann agus Mícheál Ua Foghludha. Ba mhaith an fear bata do láimhseáil é sean- Dhiarmaid 'sa tsean-aimsir. Fear lúbach láidir a beadh é, nár chaith riamh acht bríste geairid agus casóg cuirp. Ceartlinn d'fhear téagartha tochraiste a beadh Mícheál Ua Foghludha, acht gan a bheith ró-árd. Deirthí gur leag sé oifigeach airm anuas dá chapall lá, ar phátrún Chill Ghobnatan, le buille mhaide. Bhí Tomás 'ac Muiris ann. 'Sé is mó a bhíodh ag cur trioblóide ar Thomás, ná gan Aifreann a bheith aca i gCill Ghobnatan.
Chomh fada siar is tá cuimhneamh im' cheann bhíodh ana- dhúil agam bheith i gcomhluadar sean-daoine, agus ag éisteacht leo ag cainnt 's ag comhrádh. Do dhruideas suas cois na teineadh. "Sé mo thuairim," arsa sean-Dhiarmaid, "gur mise an fear is sine annso anocht." "Mhaise, go deimhin, ní tú," arsa Mícheál Ua Foghludha. "Is sine mise ná thú. Is minic do chuala-sa Sighle féin ghá rádh ná raibh acht bliadhain aici orm-sa, is go raibh an dá bhliadhain aici ort-sa agus ar Mhuiris na Corann." "Tá eagla orm go raibh dearmhad airthi," arsa sean- Dhiarmaid. "Bhíos-sa agus Muiris na Corann ar aon- scoil thíos ar an Mianus. Is ró-mhaith is cuimhin liom an lá gur ghaibh Domhnall Ó Conaill an bóthar siar ag dul abhaile go Daire Fhionáin is é ag teacht ó Chorcaigh. Bhí na scoláirí go léir amuigh ar an mbóthar, agus a lán daoine eile ann chomh maith. Do b'éigean do'n mháighistir Muiris d'árdughadh ar a ghualainn chun go bhfeicfeadh sé an Conallach Mór." "Bhios féin ann an lá céadna," arsa Míchéal Ua Foghludha, "acht ní ag féachaint ar Dhomhnall Ó Conaill a bhíos-sa agus Micil a' Chnuic, acht amuigh in abhall-ghort an mháighistir ag bailiughadh chughainn. Cad is dóigh leat- sa, a Sheaghain, ciaca againn is sine?" "'S dó' ní fheadar i gceart chun go bhfeicinn mo leabhar," arsa Seaghán go righín, "act sé mo thuairim go bhfuil an ceart ag sean-Dhiarmaid. Bhíos ag féachaint isteach i m' leabhar an lá fé dheire: Chuala go raibh cleamhnas ar bun idir mhac Sheagháin Uí Shéagha agus ingín Shéamuis Óig, — féachaint an raibh aon ghaol aca le na chéile." "Cad a bhéarfadh gaol eatorra súd?" arsa Tomás 'ach Muiris.
"Tá gaol éigin eatorra," arsa Dáith Ua Bruighin, "acht is dóigh liom fhéin ná fuil ann acht gaol i bhfad amach." "Sin a bhfuil ann," arsa Seaghán. "Ní ró-fhuirist é a chóimhreamh — sé glúine ar thaobh an chailín óig agus seacht nglúine ar thaobh an ógánaigh." "Agus a' bpósfar iad?" arsa Tomás. "Cá na thaobh ná pósfaidhe iad; nár pósadh Donnchadh Réal agus Siobhán Thaidhg is iad a' trí 's a ceathair le chéile?" arsa Mícheál. "Acht má pósad," arsa Dáith, "bhí iachall ortha cead d'fhághail ó'n bPápa, agus chuala-sa Donnchadh an Chléirig féin 'ghá rádh go ndeachaidh sé dian go leor ortha an cead d'fhághail. Níor éirigh a bpósadh ró-mhaith leo. Ní 'á chasadh leó é, ní raibh leanbh aca gan máchail éigin air. Ní gan fáth a chuireann an eaglais cosc ar chleamhnas agus na cleamhnaidhthe ró-athchomair i ngaol. Bhfuil do "Thadhg Gaedhealach" agat a Sheagháin?" ar seisean le Seaghán 'ach Suibhne. "Tá mhaise, acht nuair a bhíonn an leabhar againn ní bhíonn an léigheann againn. D'fhágas mo spéaclaí 'sa bhaile im' dhiaidh, acht seo dhaoibh sean-dhán diagaithe. Ní fheadar arbh é Tadhg Gaedhealach a chúm é nó nárbh é. "An Moladh Beirte atá mar ainm air." Níor rugas-sa liom acht amháin an méid seo de'n Mholadh:- "Féach an ceann is gan ann Acht áit na súl, — Feach an dranndal manntach beárnach úd, Féach, cé reamhar, ce teann, Cé áluinn tú, Beidh do cheann gan amhras Lá mar siúd.
Féach an cloigeann ar an olaig, Agus an dranndal maol, — Féach a loigeal súd folamh Agus an tsúil n-a cré — Féach na cosa gan sodar Gan lúth gan léim, Agus déinimís moladh mar sholadh Gan cham gan chlaon." "Beannacht dílis Dé le t'anam is le h-anaman do mharbh," ar siad go léir d'aon-fhocal. "Amean," arsa Dáith. "Nách mithid dúinn an Choróin a rádh?" ar seisean, ag tarrac a phaidrín chuige as phóca a bhríste. Do shleamhnuigheas féin síos i dtreo an doruis, agus amach liom ar an mbóthar. Bhí Seaghán Thaidhgín amuigh rómham. Is éachtach a raibh de dhaoinibh ann. Bhí daoine ann aníos ó'n Mianus, agus anuas ó'n gCoill. Thang- adar ann aniar ó Shean-Dhoire agus anoir ó'n dTullaigh. Bhí muinntear an tSean-bhaile ann agus muinntear Chill Ghobnatan. Bhí Seaghán na Ceapaighe ann agus Conchubhar Liath agus Micil a' Chnuic. Bhí an oidhche chomh breágh san go mb'fhearr leat bheith lasmuigh 'ná laistigh. Bhí a lán daoine amuigh ag ceann an tighe, is mór-chuid i dtighthibh na gcomharsan. Bhíodar na dtriúraibh is na gceathraraibh ag gabháil síos suas an bóthar; iad ag cainnt 's ag comhrádh, is ag ól tobac. Do bhuail capall is trucaill aníos an bóthar chughainn. 'Sé bhí sa trucaill 'ná Donnchadh na mBóithre is é ar bog-mheisce. Fuairnéalach beag feirmeóra a beadh Donnchadh. Bhí feirm bheag talman aige thuas ar an gCoill ar bheagán cíosa; agus dá mb'áil leis aire a thabhairt dá ghnó, ní bhéadh droch-shaoghal aige, i gcomórtas le na chomhar-
sanaibh. Acht dáltha Dhonnchadh Ruaidh dob fhearr leis bheith ag bóithreoireacht 'ná bheith "ag grafadh 's ag treabhadh aon am de'n bhliadhain." Chaith sé trí bliadhna ag gáineáil le banbhuíbh. 'Sé is mó a bhí aige de bharr a gháineála 'ná dúil 'sa mbraon. D'fhág sé cúram na feirme fé na mhnaoi is fé na chlainn. Nuair a bhí sé tuirseach de'n gháineáil 'sé dhéin sé ná bóthar a chann- táil ar Mhuiris na Corann. Bhí Muiris ag fhághail réal a' péirse ar an mbóthar. Do chuir Donnchadh isteach ar an obair a dhéanamh ar theistiún is leath-phingne. Bhíodh airgead an bhothair le tarrac aige dhá uair 'sa mbliadhain. Is minic ná bíodh puinn airgid le fághail aige; acht bíodh an t-airgead beag nó mór, ba ró-bheag an chuid de bhíodh i bpóca Dhonnchadha ar a theacht abhaile ó Thráigh Lí. Ní raibh tigh tábhairne 'ná síbín ar thaobh an bhóthair ó Thráigh Lí go Cill Orglan, ná ó Chill Orglan go Crois an t-Sean-Bhaile ná go gcaitheadh Donnchadh tamall ann ag dul 's ag teacht dó. Bhíodh cáirde aige ag gábháil ó thuaidh agus airgead síos ar filleadh abhaile dhó. Do stad láirín Dhonnchadha ar aghaidh tighe an tórraimh amach. Do cheap sí, is docha, gur ag doras tighe ósta a bhí sí, agus a raibh de dhaoine ar an mbóthar. "G — go mbeannuighidh D — Dia dh — dhaoibh, a bhu — bhuachaillí," arsa Donnchadh. "Go mbeannuighidh Dia is Muire is Pádraig dhuit, a Dhonnchadh, is Dé do bheatha a bhaile ó Thraig Lí," ar siad-san. "C — cá bh — bhfuilim?" ar seisean. "Taoi ag doras tighe Shighle na mBó atá fé chlár anocht." "Mhaise b — beannacht D — Dé le na h — hanam, agus ca — cathoin a ca — cailleadh í?" "Astoidhche aréir a Dhonnchadh, slán mar a n-innstear é."
Bhí a chiall agus a chainnt ag teacht chuige. "Nách maith an scéal gur thánga i dtuaidh i n-am. Ba mhór an náire dhomh-sa dá gcuirfidhe Sighle bhocht i gan fhios dom." Do shleamhnuigh Donnchadh anuas de'n trucaill. D'fhán sé tamall 'n-a sheasamh le h-ais na trucailleach, is greim aige ar an leath-luighe. "Seadh! seadh!" ar seisean, "Sighle na mBó fé chlár anocht. Is 'mdhó aistear a chuir sí dí leis na bliadhan- taibh. Tá deire anois le na cuid siúbhlóide. Seo, a bhuachaillí, tá codladh grífín im' chosaibh ó bheith im' shuidhe 'sa trucaill. Ná fuil aon bheirt agaibh a thabhar- fadh lámh isteac dom?" Do leag Donnchadh lámh ar mo ghuallainn-se, is lámh eile ar ghuallainn Sheagháin Thaidhgín, agus isteach leis go tigh an tórraimh, agus mise is Seaghán Thaidhgín mar a bheadh dhá mhaide croise ar dhá thaobh dé. Bhí an cúigmhadh deichneabhar de'n Choróin ar siubhal aca istigh agus sinne-ne ag gabháil an doras isteach. Do chaith gach duine againn é féin ar a ghlúinibh. Tar éis rádh na Coróineach do Dháith, ba ghnáthach leis Liodán na Marbh a rádh; acht chomh túisce is bhí deire leis an gcúigmhadh deichneabhar d'éirigh Donnchadh 'n-a sheasamh, is do chrom ar olagón do chasadh os cíonn an chuirp. Nuair a thagann duine isteach go tigh tórraimh agus chromann ar ghol sé is ceart do dhuine de mhuinntir an tighe, nó do dhuine de ghaolaibh an té atá fé chlár, éirighe agus greas guil a dhéanamh i n-aonfheacht leis. Is beag má bhí éin-ne ag gol ar thórramh Shighle na mBó. Níor fhág sí aon chlann na diaidh chun í a chaoineadh. Pé clann a bhí aici do cailleadh iad agus iad óg. Do lean Donnchadh de'n ghol ar feadh tamaill, acht níor éirigh éin-ne chun guil leis. D'fhéach a raib istigh ar
Dhonnchadh. D'fhéachadar ar a chéile. Is iongantach nár phléascadar ar gháiridhe, acht is dócha go raibh náire ortha a leithéid a dhéanamh i dtigh an chuirp. Nuair do chonnac Donnchadh nár bhog éin-ne chun guil le n-a chois is gur fágadh an gol fé féin, do stad sé. Do bhog sé a cheann siar 's aniar. D'oscal sé is do dhún sé a shúile cúpla uair no trí, agus adúbhairt "Goilid na Crúibínigh úd le chéile; agus goilid na Púicínigh úd le chéile." D'fhéach a raibh istigh ar a cheile acht ní fonn gáiridhe a bhí ortha anois, acht a mhalairt. Níor labhair éin-ne. Ba dhóigh leat gur bualadh balbh iad. Bhí Peig na gCreach 'n-a suidhe ar shuidheachán i n-aice an chuirp. D'eirigh si-se 'n-a seasamh. Thug sí stathadh do'n bhrat a bhí airthi fan na gcluas aici, agus ar si-se "A phóitire bhig súghaigh smearthaigh, a dhiúgaire na ngloinní bhfolamh, nách ort atá an t-éirighe anáirde. Dá mbéadh duine annso go mb'fiú fear a thabhairt air, do bhainfeadh sé an teasbach plispíneach díot-sa. Do chuirfeadh biorán buidhe iachall orm fhéin tú a chur an doras amach leis an scuaib." Bhí gliocas an mhada ruaidh i nDonnchadh. Thuig sé go fíor-mhaith go raibh an botún déanta aige, is gur bhaoghlach ná béarfadh sé na cosa leis. 'Sé rud a dhein sé, ná casadh ar a sháil, agus an doras a bhaint amach. Díreach is é ag an ndoras d'iompaigh sé isteach agus adúbhairt: "Agus goilid na Scilitínigh úd le n-a chéile." Níor theastuig aon mhaide croise ó Dhonnchadh ag cur an bhannraigh amach dé; is d'imthigh air suas an bóthar, é féin 's a chapaillín ar bog-shodar. Leas-ainmneacha abeadh Púicínigh agus Crúibínigh a bhí ar mhuinntir Shíghle na mBó agus ar mhuinntir a fir, agus na Scilitínigh a bhí mar leas-ainm ar mhuinntir Dhonncadha féin.
XI. AN TEINE CHNÁMH. "A Sheagháin," arsa mise le Seaghán Thaidhgín, "is dóigh liom nár mhiste dhúinn-ne bheith ag dul abhaile. Dúbhairt mo mháthair liom-sa gan a bheith ró-dheireannach." "Fan go fóillín," ar seisean. "Ní fheicim an ghealach na suidhe fós; béidh an ré geal againn ar ball. Téanam ort síos go dtí scioból Mhíchíl Uí Shúileabháin. Is ann atáthar ag déanamh na comhrann, is bíodh geall go bhfuil Seaghán Mór na Ceapaighe ann, agus is iongantach an fear scéal fiannaidheachta é Seaghán Mór." Do bhuaileamair síos i dteannta a chéile. Bhí an scioból leath-lán; buachaillí óga an chuid ba mhó aca. Bhíodh sort scáth ortha a bpíopaí a dheargadh os comhair na sean-daoine, acht annso ní raibh scáth ná eagla roimh éin-ne ortha, agus an áit nách mór fútha féin. "Ca bhfuil do phíop?" arsa duine aca liomsa. "Nár dheargais fós í?" "Níor dheargas," arsa mise, "acht ní bhéidh sí i bhfad gan deargadh. Chím Cornaí annso, is bainfidh seisean deatach aisti." "Ó, mo náire é," arsa buachaill eile, "ná fuil' fhios agat nách ceart duit píop tórraimh a thabhairt d' éin-ne gan í dheargadh dhuit féin ar dtúis." Bhí eagla ormsa go mbeinn breoidhte ó'n dtobac; acht níorbh é eagla na breoidhteachta ba mhó a bhí 'om' choimeád ó bheith ag ól na pípe, acht eagla roimh m'athair; mar bhí' fhios agam go maith dá mbéadh 'fhios aige mise bheith ag ól tobac go mba sheacht measa dhom é 'ná adharcadh na gcocaí 'sa Mhóinfhéar Mhór.
"Féach air," arsa Diarmuid Óg, "nách é an bograchán é." Bí seisean ag ól tobac ó bhí sé deich mbliadhna d'aois. "Ba dhóigh leat gur cailín beag é," arsa dailtín eile, agus gob air ag tarrach a phípe féin. "An páiste bocht, is dócha go bhfuil ballaithe an tobac ró-láidir dá ghoile Las scolb dó, a Dhiarmaid Óig." "Is fearra dhuit í a dheargadh," arsa Seaghán Thaidhgín liom i gcogar. "Ní gádh dhuit acht cúpla tarrac a bhaint aisti, agus Paidir is Abhé Máire a chur le h-anam Shighle." Díreach agus mé chun na pípe a dheargad cé thiucfadh an doras isteach 'ná sean-Dhiarmaid na Cille, páipéar 'na láimh aige agus saothar air. "Seo," ar seisean liom-sa "ó is tú is fearr 's is géire radharc, léigh an páipéar so dhúinn. Ní fhéadfainn-se é a leighe acht le solus an lae. Bog as so," ar seisean le buachaill eile, "agus leog do'n gharsún so suidhe. Níl faic le déanamh agat, is ní fearra dhuit bheith i d' shuidhe 'ná i d'sheasamh." Dob' éachtach, an fear páipéar é sean-Dhiarmaid. Bhí beirt nó trúir dá chlainn thall in Ameiricá. Chuiridís páipéar anall chuige gach seachtmhain. Ba bheag duine 'sa chomharsanacht gan duine éigin a bhain leis thall. An fhaid is lean an cogadh thall is beag tráthnóna Domhnaigh a thagadh gan lán tighe de sna comharsanaibh i dtigh na Cille, ag éisteacht le fear a tighe is é ag leigheadh an Boston Pilot agus ag mínuighadh an scéil do'n mheid nár thuig an Béarla. 'Á chomhartha san féin is beag leitir a thagadh anall gan "Canos tá sean-Diarmaid na Cille" a bheith innte i dtús nó ndeire, pé scéal eile bhéadh innte.
Do bhailigh a lán daoine isteach ar shálaibh sean- Dhiarmada, féachaint an mbéadh aon scéal nuadh 'sa pháipéar, i dtreó is go raibh an scioból lán i gcionn tamaill bhig. Do chromas féin ar léigheadh. Ní raibh agam ar dtúis acht droch-sholus ó choinnlibh na siúinéirí, acht do chuir sean-Dhiarmaid iachall ar dhuine éigin coinneal eile a lasadh. D'éirigh liom go maith as san amach. Do léigheas:- "Is baoghlac go mbeidh cogadh idir an Fhrainnc agus an Alamáin. Tá Ímpire na bFranncach ag bagairt ar Rígh Phrússia." "B'fhéidir le Dia go bhfaghadh Sasana leadhb ó thaobh éigin," arsa duine 'sa chúinne. "Níl baoghal airthi" arsa duine eile. "Fanfaidh si- se mar iománaidhe ar an gclaidhe. Pé scéal é, tá súil agam go mbeidh an lá ag an bhFranncach. Nach truagh gan sean-Bhónaí aca anois. 'Sé a chuirfeadh smacht ar Phrússia. Bhfuil aon scéal eile ann?" Tá, gan amhras, acht fan go fóill, is bíodh foidhne agat," arsa sean-Dhiarmaid. "Tá an garsún ag dhéanamh a dhíchill is sibh go léir ag brughadh isteach air." Do thosnuigheas aríst:- "Deirthear go bhfuil gach aon deabhramh go mbeidh dlighe nuadh i bhfeidhm i ndeire na bliadhna so, agus ná beidh cead feasta ag tighearnaí na feirmeoirí a chaitheamh amach, 'ná seilbh a bhaint díobh gan sásamh éigin a thabhairt dóibh." "Má's maith é, is mithid é," arsa duine thíos i n-aice an doruis; "acht is baoghlach ná fuil ann acht mair a chapaill is gheobhair féar." "Tiomáin leat, a bhuachaill," arsa sean-Dhiarmaid. "Fuair Mac Giolla Choda Mór bás i mBaile Átha Cliath aréir. Bhí sé gan bheith ar foghnamh le tamall, acht ní raibh aon choinne le n-a bhás. Beidh a chuid talmhan
fé chúram na cúirte go ceann tamaill mhaith. Níl an t-oighre óg acht na chorránach fós." Do stadas. Ní dúbhairt éin-ne "Slán mar a n-inn- stear é." Ní dúbhairt éin-ne "Beannacht Dé le n-anam." Acht 'sé dubhairt sean-Dhiarmaid: "Marbh- uigheann Dia duine chun duine eile a thógaint. Bhítheas chun na Mangánaigh a chur as seilbh an tseachtmhain seo chughainn. Bhéadh an siriam ann chun iad a chaitheamh amach tá seachtmhain ó shin, acht fuair sé leath-scéal éigin chun na hoibre a chur ar ath-lá." "Agus cad a dhéanfar leó anois?" arsa Seaghán na Ceapaighe. "Fágfar mar a bhfuil siad iad," arsa sean-Dhiarmaid. "Féach," arsa buachaill lasmuigh de'n doras. "Féach an lasrach. Is baoghlach go bhfuil tigh éigin tré theinidh." Siúd amach a raibh istigh, is iad ag baint an doruis dá chéile. Bhíomair go léir amuigh ar an mbóthar, is gan a fhios ag éin-ne i gceart cá raibh an lasrach, acht gach duine agus a thuairim féin aige. Dúbhairt duine gurbh é tigh Dhiarmada Uí Chiosáin a bhí dá dhóghadh. "'S dó, ní hé," arsa duine eile acht tigh Thaidhg Uí Chlúmháin." "Nách dall atá sibh," ars' an tríomhadh dhuine, "ná feiceann sibh gur i dtreo tighe Dhonnchadha Uí Mhangáin atá an lasrach." "'Sé is dóigh liom-sa," arsa Seaghán Thaidhgín, "gur teine-chnámh atá ann." "Cad a bhéarfadh teine-chnámh a bheith ann an taca so bhliadhain?" arsa mise. "I mbaiste go bhfuil an ceart ag an ngarsún. Teine chnámh atá ann gan amhras. Is dócha gur chuala na Mangánaigh scéala an bháis, is gur dheineadar an teine chnámh a lasadh le h-áthas." Caithfimé dul suas, agus an scéal dh'innsint do Dháith Ua Bruighin" arsa sean-Dhiarmaid.
"Téanam ort suas," ar seisean liom-sa; agus suas linn go léir, acht an bheirt siúinéir a bhí ag déanamh na comhrann. "Raibh aon scéal nuadh sa pháipéar?" arsa Dáith. "Cad is dóigh leat?" arsa sean-Dhiarmaid. "S dó, ní fheadar," arsa Dáith. "Tá scéala ann gur cailleadh Mac Giolla Choda Mór thuas i mB'lá-Cliath aréir, is mar dheimhnuighadh ar an scéal tá teine-chnámh ar lasadh ag na Mangánaigh amuigh ar agaidh an tighe aca." "Féach ar sin anois, a Dhiarmaid; nách ait an scéal é; anois díreach a bhí na mná ghá rádh go bhfeacathas an cóiste gan cheann ag gabháil siar an bóthar íochtrach i n-am mharbh na hoidhche aréir. 'Sé deir siad 'ná go raibh táiliúirí Sheagháin Philib ag gluaiseacht leó abhaile tar éis bheith ag obair i dtigh Mhicil a' Chnuic. Tá mac do Mhicil ag dul go hAmeirica an tseachtmhain seo chughainn; is bhí na táiliuirí ag áirneán cun a chulaith éadaigh a dhéanamh i n-am. Deir na mná gur chualaidh na táiliuirí fothrom an chóiste ag gabháil siar ó'n ndroichead íochtrach. Bhíos-sa ag áiteamh i gcoinnibh na mban. Ní ghéillfinn dóibh in ao' chor, agus ní maith liom géilleadh do'n scéal anois, acht mar adúbhart cheana is greannmhar an scéal é." "Is 'mdhó rud atá 'sa t-saoghal so ná tuigeam i gceart a Dháith, is gan trácht ar an saoghal eile," arsa sean-Dhiarmaid. Bhí cúrsaidhe cainnte anois ag lucht an tórraimh. Níor bhfada go raibh an scéal i mbéal gach éinne; gach duine agus a shocrúghadh féin air, acht amháin an méid seo, nár mhar a chéile aon dá shocrughadh aca, is nár bhaoghal gur bhain éin-ne aca ó'n scéal murar chuireadar leis. Seo mar a chuala-sa iad ag cur an scéil tré na chéile, — dob fhearr i bhfad na mná chuige ná na fir:
"Chonnac Seaghán Philib an cóiste ar an dtaob thiar de'n droicead." — "Níorbh é acht an sean-phinsinéar a chonnaic é." — "Chonnac buachaill an mhinistir an cóiste i n-aice le Leaba-na-Bó" — "Mara mbéadh a thapaidhe agus d'fhag sean-Chearson an bóthar, is é ag teacht abhaile ó thigh na Croise, do scuabfaidhe de'n bhótar é." — "'Dhe, greadadh chuige, an sean-scaothaire, ní chreidfeadh éin-ne an fhirinne ghlan ó shean-Chearson. Braon a bhí ólta aige." — "Agus lasrach ag teacht amach as an gcóiste a chuirfeadh réiltíní id' shúilibh." — "Cad a bhéarfadh do'n chóiste bheith ag gabháil an bhóthair úd, is gur thuas i mB'lá' Cliath a fuair an sean-bhuachaill bás?" — "B'fhéidir gur iarr sé mar athchuinighe ar ghiolla an chóiste radharch d'fhághail ar an mbaile sular árduigh sé leis é." — "Ba mhór le rádh é tamall ó shin; níor dheacair é shásamh anois; ba mhaith leis malairt tighis a dhéanamh le sean-Shighle." — "Do chualathas caoineadh truaighmhéileach i n-aice an átha, tá seachtmhain ó shin." "Ní chreidfinn é. Níor lean an bhean-sidhe le muinntir Mhaic Gille Choda ó dh'iompuigheadar. Nuair do thréigeadar an sean-chreideamh, do tréig an bhean-sidhe iad-san." — "Cá bhfios duit nár iompuigh seisean is é ag fághail bháis? 'b'fhuirist dó sagart dh'fagháil thuas i mBh'l'á Cliath." — "B'fhéidir gurbh é an dóchtuir a bhí ann: chuala-sa go raibh duine éigin 'n-a luighe breoidhte thoir ar an dTullaigh" — "Níorbh é 'ná an sagart acht chomh beag; an dóigh leat ná h-aithneoch' na táiliúirí an dochtúir. 'Se an sean-ghiolla féin a bhí ann agus an sean-bhuachaill 'na chóiste aige." A leithéid de chlisiam níor chualathas riamh i dtigh tórraimh, agus ní fios cathoin a stadadar. Ní raibh aon lagughadh ar an gcainnt agus mise ag fágaint tighe an tórraimh. Bhí sé deireannach 'san oidhche agus mé fhéin is Seaghán
Thaidhgín agus Cornaí ag teacht abhaile ó'n dtórramh. Bhí an ghealach n-a suidhe, is gan sgamall 'sa spéir. Do ghluaiseamair an comhngar soir. Ní raibh fonn cainnte ar éin-ne againn; acht ní dóigh liom go raibh eagla 'ná uaigneas orainn. 'Sé is mó a bhí agam-sa á chur tré na chéile 'ná an Cóiste wan Cheann agus Mac Giolla Choda is cá mbeidís ag dul. D'fhágamair Páircín na bhFothrach ar dtaobh thiar dinn, is bhíomair ag déanamh ar Log-an-Aifrinn. Áit ana- uaigneach ar fad is eadh Log-an-Aifrinn. Níl áit níos uaignighe ná é 'sa pharóiste acht Glaise-'n-Teampuill agus Leaba-na-Bó. Deirthí go bhfeictí sprid ag Crois Leaba-na-Bó. Díreach agus sinn-ne ag déanamh ar Log- an-Aifrinn do chualamair an chiscéim ar an dtaobh eile de'n Log. Ní fheacamair éin-ne, beo ná marbh, acht bhí ciscéim an duine ann, gan amhras. Bhí iarracht bheag de cheo 'sa log os cionn na Glaise. Do stadamair. Níor labhair éin-ne againn. Bhíos féin ag cur fuar alluis díom. Pé rud a bhí ann, bhí sé ag teacht 'n ár dtreo. I gceann tamaill cheapas féin go bhfeaca samhail mhór ag teacht amach as an gceo. Dá bhfaghainn an domhan mór ní fhéadfainn corruighe, 'ná cos liom a bhogadh chun reatha. Ag dul i luighead a bhí an fathach is é ag teacht i n-aice linn. "Is deidheannach daoibh-se ag teacht abhaile," arsa m'athair, mar is é bhí ann, agus é ag dul ar an dtórramh, mar ba ghnáthach leis, i ndeireadh na h-oidhche. "Ní bhfuaireas a leithéid de sgannradh ó rugadh mé," arsa Cornaí, agus sinn ar a dtaobh eile de'n ghlaise. Bhí an coileach ag glaodhach agus sinne ag geata an tighe. "Seadh," arsa Seaghán Thaidhgín, "ní bheidh aon uaig neas orm-sa ag dul abhaile anois," agus d'imthig air abhaile ar sodar.
XII. AN tSOCHRÁID. "Is dócha," arsa m'athair le m' mháthair maidean lae na sochraide, "go mbeir ag dul ar an sochraid." "Béad go deimhin, le congnamh Dé. Ba mhór an náire dhomh-sa gan dul ar shochraid Shighle. Beidh an capall agat, is dócha." "Ó, beid, níor mhiste dhuit bheith i t-ullmhúghadh féin." "Geallaim-se dhuit ná béad-sa i bhfhad. Níl pioc le déanamh agam acht mo bhróga is mo chaidhp a chur orm agus mo chlóca a chaitheamh aniar orm." "Beidh an capall gléasta agam i gceann tamaillín," arsa m'athar, is do dhún sé an leath-dhoras na dhiaidh. "A Cháit! nó a Nóra! nó a Mháire! nó pé ainm atá ort," arsa mo mháthair. "Féach cá bhfuil mo chaidhp. Tá eagla orm go bhfuil sí na ceirt. Féach a bhfuil sí 'sa t-síonán. Cuir an t-iarann 'sa teinidh — agus, a Shéamuis, féach ca bhfuil an bior dearg — brostuigh ort, nách ort atá an leisce! Beidh t-athair ag glaodhach orm Chím go bhfuil an capall fe'n dtrucaill aige." "Buail amach," ar sise liom-sa" is abair leis teacht isteach, agus hata eile a chur air. Ba náire saoghalta dhó dul ar sochraid agus an cáibín úd air, acht is cuma leis cad a chaitheann sé." 'Sé is mó a bhí uaithi 'ná leath-scéal chun moille a chur air, i dtreo is go mbéadh a caidhp cóirighthe go deas aici, agus í ullamh chun bóthair. "Tá sé chomh maith agat-sa teacht linne," arsa m'athair liom-sa. "Ba mhaith liom-sa gabháil siar ag féachaint an fheir ar an mBán-Chluain."
D'fhanamair leis an socraid thuas ag geata an bhóthair i n-aice le Láithreán an Rinnceadh. Baintreach bhocht a beadh Sighle na mBó, acht bhí sochraid ana-mhór aici. Ba dhóigh liom féin gur mhó de sna mnáibh ná de sna fearaibh a bhí ann. Bhí ceathrar fear fé'n gcomrainn, beirt ar tosac agus beirt thiar. Nuair a bhíodh an bheirt thosaig tuirseach théidheadh beirt fhear eile isteach thiar, agus an bheirt thiar théidis chun tosaigh i n' ait na beirte eile. Shiubhal na mná i ndiaidh na bhfear a bhí ag iompar na comhrann, gach bean aca agus caipín a clóca aniar airthi ag clúdach a cinn. Dá mba duine óg a bhéadh 'á chur, nó athair nó máthair clainne bhéadh na mná ag gol, agus b'féidir cuid de sna fearaib, acht ní raibh éin-ne ag gol ar shochraid Shighle na mBó. "Ba mhaith liom-sa," arsa mo mháthair "tamaillin a shiubhal le cois an chuirp; 'se is lugha is gann dom a dhéanamh," agus d'imthigh airthi le cois na mban. "Bhí daoine i dtrucaillíbh ann agus daoine ag coisidheacht, agus gan de chúrsaidhibh cainnte aca acht bás Mhaic Giolla Choda. "Tá sé chomh maith agat suidhe suas," arsa m'athair le Tadhg Philib. "Ní fiú dom é anois," ars' an fear eile. "Comh-dhíol a raghaidh ort, agus ba mhór an ní dhuit do chos a beith de'n bhóthar agus an brothall atá ann." "B'fhéidir gur fíor dhuit sin. A' bhfuil fhios ag éin ne cad dubhairt Donnchadh Ua Mangáin nuair do chualaidh sé scéala an bháis?" "Ní fhéadar, acht 'sé déarfainn-se gur giorra' dhuine cabhair Dé 'ná an doras." "'Sé chloisim ná go bhfuil beirt saor ag deisiughadh an tuama 'n-a chóir, — le heagla go mbéadh aon bhraon anuas air."
"B'fhéidir nár mhiste leis an braon anuas air feasta." Nuair do shrois ceann na sochraide Bóithrín na Marbh do leagadh an chomhra ar chlaidhe an bhóthair, fé mar a leagtí gach comhra eile. 'Sé Teampall a' Chnocáin roilig na Tuatha, agus is ann do cuireadh Sighle na mBó. Tá fallaí an t-sean- theampuill 'n-a seasam fós istigh i lár na roilge, agus teampall eile ann leis, teampall Gallda i n-aice an tsean-fhothruigh. Tá bóthar socair réidh ag dul isteach ó'n mbóthar mór go dtí doras an teampuill úd; acht má tá ní hann ghabhann aon tsochraid acht sochraidí na nGall, agus is ró-bheag díobh-san 'sa pharróiste. Ní raighdís ann. Bíonn iachall ortha dul isteach thar claidhe an bhóthair, agus suas Bóithrín na Marbh, is gan geata ar aon cheann de'n bhóithrín úd Leagtar an chomhra ar chlaidhe an bhóthair. Téidheann na daoine isteach thar claidhe. Árduigheann siad leo an chomhra suas an sean-bhóithrín, isteach thar strapa na roilge. Tugann siad turas mór-dtíompall an t-sean-theampaill, agus leagann siad an corp ar thaobh na h-uagha 'na gcuirtear é. Bhí a lán daoine nár tháinigh isteach ó'n mbóthar; acht an méid a tháinig do scaipeadar ar fuaid na roilge, gach duine ar uaigh a dhuine féin. Chaith gach duine aca é féin ar a ghlúinibh, agus do chuir Paidir is Abhe Máire le h-anaman na marbh. Chrom cuid aca ar ghol — bean annso ag caoineadh a fir, bean eile ag caoineadh a clainne; leanbhuidhe óga i gcúinne eile ag gol go fuigheach ar uaigh a máthar; do sciob an fiabhrus uatha í tamall beag roimis sin. Is beag fear a bhí ag gol go h-árd, acht do chonnac duine nó beirt, is do bhainfeadh sé na deóra ó sna clochaibh glasa bheith ag éisteacht leo. Dó bhain sé na deora óm' shúilibh-se. Do chasas ar mo
sháil, agus do bhogas amach uatha, nó is amhlaidh a bheinn féin ag gol sara fada. Chuaidh mór-chuid daoine ag féachaint tuama Mhaic Giolla Choda. Tuama ana-mhór, ana-bhreágh a beadh an tuama úd. Bhí beirt saor á dheisiughadh. Bhí leac an doruis as áit agus an tuama oscailte. D'fhéachas féin isteach an doras. Ní raibh aon fhonn orm dul níos sia. Chonnach na comhrainn istigh sínte cois an fhalla, trí cinn aca os cionn a chéile ar thaobh, agus dhá cheann ar an dtaobh eile. An saor a bhí ag obair istigh, ní raibh a dhóthain soluis aige. Do las sé coinneal. Bhí an t-uisce ag púscadh isteach tré sna fallaíbh, iad clúd- uighthe le snas liath, agus púcaí peill ag fás as na clochaibh, mar a bhéadh cluasa ar chloigeann. Na comh rainn a bhí thuas, bhíodar leath-lobhtha, a n-órnáidí ruadh le meirg, agus clúmh liath ar an adhmad dreoidhte. Chonnac cloigeann mór istigh ann, agus, dar liom-sa, é ag cur na súl tríom. Bhí Molad Beirte na h-oidhche aréir im' cheann. Do bhí sé mar a bhéadh ceol im' chluasaibh:- Féach an CEANN is gan ANN Acht ÁIT na SÚL, Féach an DRANNdal MANNtach BEÁRnach ÚD — Féach, cé REAMHAR, cé TEANN, Cé Áluinn TÚ, Beidh do CHEANN gan AMhras LÁ mar SIÚD Is dócha go raibh iarracht de chodladh orm tar éis áirneáin na hoidhche aréir. Bhíos díreach mar a bheadh duine ag taidhbhreamh agus mé ag féachaint ar A loigeal súd follamh, Agus an tsúil 'n-a cré.
"Do b'fhearr liom-sa," arsa an duine ar an dtaobh thiar díom, "a bheith curtha síos 'sa chré ná mé a sháthadh isteach 'sa bhfothrach bhfuar úd." Do phreabas as mo thaidhbhreamh. D'fhéachas timcheall orm. Bhí an fód deireannach ar uaigh Shighle na mBó, daoine ar a nglúinibh mór-dtíompall na h-uagha, agus daoine ag bogadh chun siubhail abhaile. Do ghluaiseas orm i dteannta na coda eile. Bhí faire an teampuill an oidhche úd ar Shighle na mBó. XIII. RINNCE. Tráthnóna lae na sochraide, cé bhuailfeadh aleith chughainn an bóithrín acht Tomás 'ic Cearbhaill, an bheidhliodóir agus a bheidhlín fé n'oscail aige. Bhíodh fáilte ag gach éin-ne roimis: bhíodh fáilte ag na madraíbh féin roimis. Ba dhóigh leat agus an lútáil a bhíodh aca tímcheall air, gur de mhuinntir an tighe é. Ní fheadar a raibh fhios ag éin-ne é bheith ag teacht, acht is dócha go bhfeacathas é agus é ag déanamh ar thig na Scairte. Pé scéal é, níorbh fhada dhó istig chun gur bhuail duine de sna comharsanaibh isteach, agus duine eile, agus duine eile. I gceann uaire a chluig tar éis na gréine a dhul fé bhí an chistin leath-lán. Do thairng Tomás chuige a bheidhlin. Do chrom sé ar seinim go bog réidh ar dtúis; do lean ar an gceól san ar feadh tamaill bhig. Do sheinn sé "Cailín Deas Crúidhte na mBó," "An Londubh," agus "An Buachaillín Ruadh." "Scaoil chughainn "An Cailín Deas Donn,"" arsa duine éigin.
"Seo dhaoibh í," arsa Tomás go pras. Chuir "An Cailín Deas Donn" na cosa ag bogadh. Níorbh fhada go raibh ceathrar amuigh ar an úrlár; beirt fhear agus beirt bhan. Ba dheas gleoidhte na rinnceoirí iad. Ní fheaca-sa riamh ná ó shin rinnc- eoirí ab fhearr ná iad. Níor leigeadar buille de'n cheol dul thársta gan buille a bhualadh ar an úrlár, nó cor éigin eile oireamhnach a bhaint as cos leo; agus níorbh aon bhataráil 'ná poc-léimrigh a bhí aca, acht rinnce gleoidhte, galánta, cos-éadtrom. 'Sé déarfadh éin-ne a bheadh ag féachaint ortha, nách ag obair ar ramhain agus ar shluasaid a bhíodh na fir úd, bhíodar chomh cos-éadtrom san, agus nách ag stracadh le buaibh is le gamhnaibh, le mucaibh is le banbhuíbh a bhíodh na cailíní úd, is go mba dhóigh leat ortha ná raibh de ghnó aca ó mhaidin go hoidhche, 'ná ó Luan go Satharn acht ag rinnceadh. Nuair do bhí pas rinnceadh déanta ag gach éin-ne go raibh sé 'na chosaibh, "Seo anois a bhuachaillí 's a chailíní," arsa m' athair. "is mithid daoibh bheith ag dul abhaile in ainm Dé." "Beidh oidhche eile againn le congnamh Dé," arsa mo mháthair, agus do bhí áthas ortha go léir. "Cé tá le d' chois-se, a Cháit?" arsa m'athair le cailín aníos ó Pháirc Gharbh. "Tá Nóra Liath agus a dearbhráthair." "Tá go maith. Níor mhaith liom tú a bheith ag dul abhaile gan duine éigin le d' chois chun tú a chosaint ar an bpúca." "Ní baoghal dúinn sprid ná púca anocht," ars' an cailín. "Acht seachain an cóiste gan cheann," arsa Tadhg Breac. "Diuc agat féin is do chóiste gan cheann," arsa
Nóra Liath. "Nách ádhmharach ná féadfá gan é tharrach chughainn chun eagla a chur orainn." "Ní baoghal duit é anocht, a Nóra; tá tuirse ar an gcóisteoir i ndiaidh na marcuigheachta a thug sé do Mhac Ghiolla Choda an oidhche fé dheire," arsa duine eile. "Slán abhaile dhaoibh," arsa m'athair, is iad go léir ag glanadh leo go héadtrom, aereach, geal-gháiriteach. "Seo anois," ar seisean, agus an doras dúnta aige, "tá sé chomh maith againn an Choróin a rádh, is bheith ag dul a chodladh. Is baoghlach go mbeidh codladh ar chuid againn ar maidin." Bhí codladh ar chuid againn agus an Choróin dá rádh. Do tháinig míog ar Chornaí i lár a dheichneabhair, is nuair do tháinig mo dheichneabhar-sa: "An id' chodladh ataoi?" arsa m'athair liom. "Ó, ní headh," arsa mise. Go maithidh Dia dhom é. Dob fhíor do m'athair é nuair adubhairt sé go mbéadh codladh orainn ar maidin. Bhí codladh agus leisce orainn ag éirighe lár na bháireach. Chuala-sa mo mháthair ag cainnt idir chodladh is dhúiseacht dom. "Fág an garsún bocht 'n-a luighe go fóill: is dócha go bhfuil tuirse air," ar sise. Féach! as san amach ní fhéadfainn néal a chodladh. Dá mbeidhfidhe ag tathant orm bheith im' shuidhe bhéadh codladh agus leisce thar barr orm, acht nuair a bhí cead agam fuireach mar a rabhas, is go mba dhóigh le duine go mbeinn im' chnap codlatha ar a nóimeat, is amhlaidh a bhíos chomh haibidh le gealbhan. Dob éigean dom éirighe; bhíos tuirseach de'n leabaidh. Bhí an bheidhleadóir 'n-a shuidhe romham. An té bhíonn siubhaltach bíonn sé scéaltach, agus fear siubhaltach, scéaltach a beadh Tomás 'ic Cearbhaill; acht má b'eadh, níor bhaoghal go gcloisfidhe aon droch-scéal uaidh Níor chualathas é ag tromaidheacht 'ná ag cúl-chainnt
ar dhuine eile. Níor chualathas riamh focal borb amach as a bhéal. "Is dócha," arsa m'athair leis, "go bhfanfair annso againn anois go ceann cúpla lá." "'S dó do gheallas, tamaillín ó shin, oidhche a thabhairt dóibh thall ar an dTullaigh. Do casadh ceann de sna buachaillíbh orm is mé ag teacht annso indé, is b'éigean dom geallamhaint dó go mbuailfinn isteach chucha tráthnóna 'ndiu," arsa Tomás. "Is mór an truagh san," arsa m'athair. "Do chuireas-sa fios ar pháipéar ar maidin indiu, le súil is go mbéadh scéala ó'n gcogadh ann." "Níl leigheas air anois. Ní leomhfainn aghaidh a thabhairt ortha aríst mara mbeinn chomh maith le m' fhocal." "Acht fan go haimsir dínnéir, is bíodh greim bídh agat. Ní raibh a leithéid de phrátaí riamh againn agus tá i mbliadhna. Ceartlíní plúir iseadh iad." "Go méaduighidh Dia prátaí is plúr chughaibh. Acht cogar! sé thug annso mé 'ná féachaint an labharfá leis an sagart dom. Bhíos féin is Diarmaid Geanncach ag braith ar scoil rinnceadh a bheith againn thuas annso ag Crois na Sean-Chluanach. Níor mhaith linn tabhairt fé'n obair gan cead d'fhágháil ó'n sagart parróiste." "Téighir féin chuighe agus gheobhair an cead. Fuairis go minic cheana-féin é, agus ca' na thaobh ná faghfá anois é?" arsa m'athair. "Mura mbéadh go bhfuil eagla orm ná béadh an cead le fághail agam, ní bheinn dod' bhodhradh-sa, 'ghá iarraidh ort dul ag triall ar an Athair Séamus." "Agus ca' na thaobh go mbéadh eagla ort-sa? Níor chuala-sa gur dheinis éin-ní as an slighe ó bhís annso cheana." "Mura mbéadh éin-ne ann acht an sean-shagart ní bhéadh pioc d'eagla orm; acht cloisim go bhfuil an
sagart óg ana-dhian ar fad. Ní maith leis scoileanna rinnceadh, is ní maith leis na daoine óga bheith ag imirt bháire trathnóna Dé Domhnaigh. Anois, is ró-mhaith atá 'fhios agam-sa go bhfuil árd-mheas ag an Athair Séamus ortsa. Níl duine 'sa pharróiste gur mó leis é 'ná thú féin, agas táim lán deimhnitheach má tá an cead le fághail go bhfaghair-se é níos túisce na éin-ne eile." "B'fhéidir go bhfeicfinn an sagart i mbháireach nó amanathar, is má fheicim labharfad leis," arsa m'athair. "Go bhfágaidh Dia do shláinte agat," arsa Tomás go dúthrachtach. Nuair a tháinig aimsir dínnéir agus an ghrian siar thar Bhinn Chaereach, bhí corcán mór prátaí crochta ar an dteinidh agus an corcán ar friuchaidh. "Téighir amach," arsa mo mháthair liomsa, "is glaodh- aigh ar na fir." Do ghlaodhas ortha. D'fhreagadar mé. Do scagadh na prátaí amach ar bhuirdeoig. Do cuireadh uisce na bprátaí lasmuigh de'n doras, agus do fágadh na prátaí amuigh tamaillín chun leigint do'n uisce sillead asta. Do cuireadh an bhuirdeóg agus na prátaí thuas cois na teineadh is éadach glan anuas ortha. Nuair a thainig na fir oibre isteach do cuireadh éadach cláir ar an mbórd. Do rug na fir greim ar an éadach cláir, duine aca ar gach cúinne, le h-eagla go dtuitfeadh aon phráta ar an úrlár; agus do caitheadh na prátaí amach ar an mbórd. Bhí m'athair ag ceann an bhúird, agus an bheidhleadóir ar a láimh dheis. Do thairngh gach fear oibre a cathaoir súgáin chuige is do shuidh isteach chun búird. Bhí cárt bainne reamhar os comhair gach nduine, agus meascán ime idir gach aon bheirt aca. Bhíos féin is
Seaghán Thaidhgín 'nár suidhe ar stól agus goblach ime eadrainn araon. Chuir mo mháthair braon leamhnachta mar dhúthracht i mbainne m'athar agus i mbainne an bheidhleadóra. Ní dóigh liom go bhfeaca-sa riamh ná ó shin béile bídh chomh subháilceach leis an mbéile úd. Na daoine bhí 'n-a suidhe chun búird bhí ocras ortha. Bhí an biadh go flúirseach, is go folláin. Is minic ó shin do chonnach-sa lucht oibre ag ithe greim bidh, agus iad 'n-a suidhe ar shean-chorcán salach, nó ar charraig chloiche, nó ar chnapán mhór pice ar bholg na sráide, is gan aca acht greim aráin, tur, tirim, agus slisne d'fheoil righin fhuar- bheirbhthe. Ní raibh práta 'ná ím 'ná bainne aca, acht braon tae beirbhthe, a bhí chomh dubh leis an súgh, is chomh searbh leis an ndumblas. Nuair a bhí na fir tamaillín 'n-a suidhe agus an faobhar bainte de'n ocras aca, tháinig a gcainnt chucha. DOMHNALL RUADH. — "Cá mbeir anocht, a Thomáis?" AN BHEIDHLEADÓIR. — "B'fhéidir go mbeinn thall thar abhainn." DOMHNALL RUADH. — "Nách ort atá an deabhadh anonn. Ba chóir ná béadh aon locht agat ar an dtaobh so." AN BHEIDHLEADÓIR. — "Mhaise, fágaim le h-uadhacht go mb'fearr liom go mór bheith annso, acht níl leigheas agam air anois. Do gheallas dóibh oidhche a thabhairt dóibh thall, agus níor mhaith liom gan bheith chomh maith le m'fhocal." M'ATHAIR. — "Beidh súil againn leis anall an tseachtmhain seo chughainn chun greadadh eile a thabhairt do'n úrlár-so. Agus dáltha an scéil ó chiainibh, cloisim-se go bhfuil buachaillí na Sean-Chluanach, agus a mbróga caithte aca ag déanamh taithighe ar rinnce." DIARMAID NA MÓNA. — "Nár chualaís gur bhain Diarmaid Geanncach an croiceann de shean-ghadhar
Mhicil Uí Shéagha, chun feidhre bróg éadtrom a bheith aige? Tá an croiceann 'á leasughadh ag Tadhg na gCroiceann thíos i gCill Orglan. M'ATHAIR. — Ag magadh ataoi amás, a Dhiarmaid." DIARMAID — "Mo lámh is m' fhocal dhuit nách eadh. Fan go fóill go bhfeicir na bróga." Bhí ard-sceidimíní ar fad orm-fhéin agus ar Sheaghán Thaidhgín nuair do chualamair go mbéadh scoil rinnceadh ag an gCrois; acht ba mhó ná san na sceidimíní a bhí ar na cailíníbh, ar Léan Thaidhgín is ar mo dheirbhshír-se. Ní bhéadh seisean 'ná mise ar na scoláiribh; bhíomair ró- óg, acht bhéadh an oiread spóirt againn-ne is béadh aige sna scoláiríbh. Nuair a bhéadh na hógánaigh agus na cailíní óga ag rinnceadh bheimís-na ag déanamh aithris orta, is b'fhéidir ag magad fé chuid aca a bhéadh go mall ag teacht isteach ar an rinnce, toisg gan na cosa a bheith ró-éadtrom fútha. Nuair a bhí na cailíní ag crúdh na mbó an tráthnóna úd bhíomair féin is iad féin ag comhaireamh na scoláirí. Is baoghlach liom nár sniugadh na ba ró-mhaith, is go rabhadar buille beag righin ag tabhairt a gcod' bainne. Tá fhios ag an saoghal nách féidir le cailín bheith ag cainnt 's ag crúdh. D'fhéadfadh sí port a chasadh agus bó a chrúdh, is dob fhearrde an bhó an port; acht ní fhéadfadh sí cainnt is crúdh a dhéanamh. Ní raibh aon phort an tráthnóna úd, acht a lán cainnte. Fé an am go raibh na ba crúidhte, agus an t-áireamh déanta againn, sé a cheapamair ná go mbéadh deichneabhar is dachad scoláirí ar an scoil, is go mb'fhiú do mháighistir rinnceadh agus do cheoltóir teacht ann chun iad a mhúineadh. Do labhair m'athair leis an Athair Séamus. Ní dóigh liom go bhfuair sé puinn sásaimh. 'Sé dubhairt an sean-shagart leis go raibh sé féin ag dul i n-aois; nár
mhaith leis cosc a chur ar an rinnce 'sa pharróiste, acht ná tabharfadh sé cead d'éin-ne feasta, ba chuma cé'rbh é, scoil rinnceadh a bheith aige laistigh de'n pharróiste. An Domhnach a bhí chughainn, sé an sagart óg a thug an tarna hAifreann uaidh. Nuair do thug sé aghaidh ar an bpobal chun labhartha leó, dob' fhuirist dh'aithint go raibh faobhar air. Ar seisean: "Cloisim go bhfuil daoine díomhaoine ag teacht isteach 'sa pharróiste seo ag braith ar scoil rinnceadh a chur ar bun thiar annso ag Crois na Sean-Chluanach. Bhéadh sé chomh maith aca gan teacht; acht an té bhíonn díomhaoin caithfeann sé bheith droch-ghnóthach. Ná fuil éin ní eile le déanamh aca? Mura bhfuil sé aca-san, ba chóir go mbéadh a ndóthain le déanamh ag bochtánaibh na parróiste seo, a gcíos a dhíol, gan trácht ar éin-ní do'n tsagart, is gan a bheith ag caitheamh a gcod' airgid ar rinnceadh. Nách ortha atá an teasbach chun bheith ag poc-léimrig. Nár chóir go mbéadh tuirse ortha i ndeire an lae, agus a bhfuil le déanamh aca gach lá i rith na seachtmhaine; agus nár bhfearra dhóibh a bpaidreacha a rádh tráthnóna Dé Domhnaigh 'ná bheith ag rith anonn 's anall ag rinnceadh mar a bhéadh circín trágha. Deirim- se agus deirim aríst é, ná beidh aon scoil rinnceadh 'sa pharróiste seo an fhaid is táim-se ann, biodh fhios an méid sin agaibh." Ní nach iongnadh, bhí gach éinne ag chur an scéil tré na cheile ag teacht abhaile ó'n Aifreann, cuid aca ar thaobh an tsagairt agus cuid aca 'n-a choinnibh. "Tá a chúis féin ag an sagart," arsa Dáith Ua Bruighin. "Is dócha go bhfuil," arsa duine eile, "acht féach, níl bliadhain ó bhíos im' gharsún gan scoil rinnceadh is cóthalán againn i bparróiste na Tuatha. Ní fheaca-sa gur tháinig aon díoghbháil riamh asta."
"Mar adúbhart leat cheana, tá a chúis féin ag an sagart," arsa Dáith. "Sé is dóigh liom-sa, a Dháith," ars an fear eile, "gur chuma cad a dhéanfadh an sagart bheitheá-sa ar a thaobh. Dá marbhóchadh sé duine, sé déarfá-sa gurbh é an fear eile bhí 'san éagcóir." "Agus b'fhéidir go mbéadh an ceart agam. Is minic a marbhuigheadh duine, is gurbh é féin a bhí cionntach le n-a mharbughadh," arsa Dáith. "Anois, a Dháith, tá fhios againn gur duine diagaithe thusa; acht ná fuil fhios agat go maith nác féidir ceann críonna a chur ar cholainn óig. Na daoine óga atá ag eirighe suas 'sa pharróiste seo, nár bhfearra dhóibh go mór tráthnóna lae na seachtmaine agus cuid de'n Domhnach a chaitheamh ag bualadh báire 's ag rinnceadh 'ná bheith na scraistí cois clathacha ag imirt chártaí agus ag ól tobac. Nár bhfhearra dhóibh poc a bhualadh ar liathróid nó pas rinnceadh a déanamh tráthnóna Dé Domhnaigh 'ná bheith ag sleamhnughadh leó soir go Crois na dTáiliúirí, féachaint a' mbéadh aon phúncán ag gabháil an bhóthair a thabharfadh boidéal pórtair dóibh?" "Sin í an chainnt," arsa fear eile; "agus i dtaobh an tsagairt, bhí sagairt annso cheana againn, is ní rabhadar i gcoinnibh rinnceadh 'ná i gcoinnibh báire comórtuis tráthnóna Dé Domhnaigh. Nách maith is cuimhin libh go léir an sagart óg fionna-ruadh a bhíodh annso, agus a thagadh ag bualadh báire 'nár bhfochair, is ba dhian-mhaith an poc a bhí aige." Dob é crích an scéil é ná fuair Tomás 'ic Cearbhaill an cead. Ní dóigh liom go raibh scoil rinnceadh 'sa pharróiste ó shin. Ní fhéadfadh sé bheith ann anois. Níl na daoine óga ann chuige, agus is mór an truagh san.
XIV. NA TINNCÉARAÍ. Seo mar a bhíodh an bhliadhain gearrtha amach againne, is mise im' gharsún:- Ó Nodhlaig go h-aonach an Phátrúin; Ó'n bPátrún go Lá 'le Pádraig; Ó Lá 'le Pádraig go Domhnach Cásca; Ó Dhomhnach Cásca go Lá 'le 'n Seáin; Ó Lá 'le 'n Seáin go haonach a' Phuic; Ó aonach a' Phuic go Lá 'le Michíl; Ó Lá 'le Michíl go Samhain, Agus ó Shamhain go Nodhlaig. Bhíodh ana-shaoghal ar fad againn um Nodhlaig. Nuair a bhíodh an Nodhlaig caithte againn, is cathúghadh na dhiaidh orrainn, is ag cuímhneamh ar fhéirín i gcóir an Phátrúin a bhímís. Ar theacht Lae 'le Pádraig bhímís ag déanamh croisíní chun iad a chaitheamh ó Lá 'le Pádraig go lá 'le Muire. Bhíodh súil againn le huíbhibh Domhnach Cásca, is bhímís ag bailuighadh na n-ubh ó Dhomhnach na Failme go Satharn Cásca. Seachtmhain roimh Lá le 'n Seáin bhímís ag bailuighadh chughainn chun teine-chnámh a bheith againn. Ní fágtí scothán ar chlaidhe, ná scairt i mbeárnain, ná aon tsort sean-adhmaid, beag ná mór, gan tarrac linn chun iad a chaitheamh isteach 'sa teine chnámh. Cheapamair nárbh aon pheacadh dhúinn cliabh móna a ghoid as chruaich na comhar san, chun go mbéadh sé le rádh againn gur againne a bhí an teine-chnámh ba mhó is dob' fhearr ar an dtaobh so de'n Gheadaigh. Bhíodh súil ag gach éin-ne againn dul ar Aonach a'
Phuic, chun bheith ag féachaint ar na tinncéaraíbh; bhíodh súil le mil na mbeach againn ar theacht Lae 'le Michíl, agus le h-úbhla oidhche Shamhna; agus dob fhada linn na seacht seachtmhaine reamhra ó Shamhain go Nodhlaig. Níorbh fhada uainn anois Aonach a' Phuic. Thagadh na tinncéaraí ó's gac áird de Chúige Mumhan ar an aonach úd. Bhíodh an chuid ba mhó de Pháirc an Aonaigh fútha féin aca. Coicthigheas nó trí seachtmhaine roimh lá Aonaigh a' Phuic do chuir dream tinncéaraí fútha i bPáircín na gCruach Chill-Ghobnatan. Bhíodar ann, óg is críonna, agus gleó an domhain aca ag socrughadh fútha. Thugadar amach go mbéadh goradh aca an tseacht- mhain a bhí chughainn. Maidean lár na bháireach tar éis teacht dóibh d'árduigh gach tinncéar aca a mhealbhog ar a ghuallainn, is d'imthigh air ag deisiughadh na n-árthach stáin, agus ar lorg na gcorcán mbriste, agus ag bailiughadh sean-mhíotail, ar na bailtíbh mór d-tímcheall. Chomh fada is tá cuimhneamh ím' cheann, ní dóigh liom go mbíodh puinn fáilte rómpa in aon bhall. Bhíodh sé amuigh ortha go mba bheag leo gabhál féir a ghoid, nó b'féidir sicín nó cearc dá mbuailfeadh a leithéid úmpa. 'Sé is dóigh liom go mbíodh sórt eagla ar na daoine rómpa. Tá fhios agam go maith go mbíodh eagla orm fhéin. Do chaithidís seachtmhain mar seo ag deisiughadh is ag bailuighadh. Níor bhfearr na fir chuige 'ná na mná. Bhíodh na mná ag éileamh sean-bhalcaisí is ag bailiughadh sean-cheirteacha leis. Ba dhóigh leat ná raibh corcán 'ná oidhean, beag 'ná mór, sa pharróiste ná raibh aca 'n-a mbailiughadh. Bhí an corcán gan chos ann agus an corcán gan chluas, agus an corcán agus poll ann. Pé máchail a bhí ar chorcán, nó ar scilléad, nó ar oidhean, bhí sé annsúd, a bhéal fé agus a thón anáirde. Do thairng an tinncéar chuige corcán agus poll ann.
Bhí cnapán de chré bhuidhe 'n-a laimh aige a fuair sé thíos ag Bun a' Bhaile. Do chuir sé ceiridhe de chré bhuidhe lais- tigh de'n chorcán ag clúdach an phuill. Chuir sé ceiridhe eile lasmuigh, acht gan an dá cheiridhe a bheith buailte ar a chéile. D'fhág sé poillín beag 'sa cheiridhe a bhí amuigh. D'fhéadfá do lúidín a chur isteach 'sa phoillín. Do leag sé an corcán, béal fé ar an dtalamh arís. Dá mba cos a bhéadh i n-easnamh ar chorcán, an paiste cré bhuidhe do chuirfeadh an tinncéar amuigh air, bhíodh sé ar dhéanamh na coise, mar a bhéadh múnla, agus an poillín 'n-a bharr. An fhaid is bhí an sean-thinncéar ag ullmhughadh na gcorcán mbriste bhí an chuid eile ag tabhairt aire do'n ghoradh, duine aca ag séideadh na mbuilg, is duine eile agus súil aige i ndiaidh na teineadh, agus ag faireadh an mhiotail leachta. Nuair a cuirtí an miotal leachta isteach 'sa phoillín agus an teas uathbhásach a bhíodh 'sa mhiotal, do léimeadh cuid de i n-áirde chomh h-árd leis na crannaibh. Bhí na corcáin agus na hoidheanta ullamh ag an sean- thinncéar, agus an miotal leachta. Dúbhairt sé le na mhac arádh leis na h-aosánaigh druidim siar le h-eagla go dtuitfeadh aon chuid de'n mhiotal té anuas ortha. Do dhruideamair go léir siar acht an Broc. Buachaill droch-mhúinte mí-chuibheasach a beadh "an Broc," agus má bhí an mac droch-mhúinte, droch-labhartha ba sheacht measa ná san a athair agus a mháthair. Bhíodh eagla ar gach éin-ne rómpa. "Druid siar," ars an tinncéar óg. "Ní dhéanfad," ars an Broc go dána. "'B fhearra dhuit druidim siar, nó b'fhéidir go dtuitfeadh cuid de'n mhiotal leachta ort," ars an tinncéar óg, agus chuir sé a lámh ar ucht an Bhruic, chun a chur siar le cois na coda eile. 'Sé dhein an Broc 'ná seile a chaitheamh idir an dá shúil air. Acht má chaith
ba mhaith an díol ar an dtinncéar óg é, mar d'aimsigh seisean an Broc idir an dá shúil le buille 'dhorn. Bhí muineál reamhar is cloigeann mór ar an mBroc, is ba dheabhrthach le cuileann capaill an stuth gruaige a bhí ag fás ar a chloigeann. Chuir sé púic ar féin, agus dhéin sé isteach ar an dtinncéar óg chun breith air is é a leagadh. Acht bhí fios a chéirde ag an mbuachaill eile. Nuair a bhíodh an Broc ag déanamh isteach air, do dhruideadh seisean siar uaidh, nó i leath-taoibh, is do thugadh clobhta do'n Bhroc 'sa leath-cheann, nó leadóg ag bun na cluaise. Bhí athair "an Bhruic" ar na daoine bhí láithreac. Chonnac sé go mbéadh an chuid ba mheasa de'n scéal agá mhac. Do chuaid sé isteach chun é a chosaint. "Fág fútha féin é, nó is duit-se is measa," ars an sean-thinncéar. Fear cnámhach, féitheach, féiltheógach a beadh é. Thuig athair an Bhruic go mb'olc an dóithín é chun dul ag troid leis, is d'fhan sé mar a bhí aige. Bhí an Broc i gcomhnuidhe ag déanamh isteach chum breith ar an mbuachaill eile, agus eisean ag gabháil mór- dtimcheall an Bhruic 'ghá chosaint féin air, agus ag bualadh cnaga anois is arís ar inneoin-chinn an Bhruic. Bhí an Broc ar buille. Bhí fhios aige go maith ná raibh garsún ar an mbaile ná béadh ag magadh fé feasta, do rádh is go bhfuair an tinncéar óg an lámh uachtair air. Bhí sé féin agus an tinncéar óg cúpla ciscéim amach ó na chéile, is iad ag faireadh ar a chéile mar a bheadh dhá choileach ar charn-aoiligh. Thug an tinncéar óg ciscéim ar aghaidh; do bhuail an Broc 'sa tsróin, agus do scaoil na caisidhe leis. "Anois, a dhuine mhacánta," ars an sean-thinncéar le h-athair an Bhruic, "tóg leat do choileán. Ba dhóigh liom go bhfuil a dhóthain bainne cích' ólta aige an bobhta so."
Ó an lá san amach bhí a ndóthain féir le fághail ag capallaibh is ag asalaibh na dtinncéar i gCill-Ghob- natan. XV. AONACH A' PHUIC. Ar shean-lá Lughnasa bhíodh Aonach a' Phuic. An té ná raibh riamh ar an aonac úd níl aige acht Aonach Beárna- na-Gaoithe do léigheadh, is beidh cúntas cruinn aige ar Aonac a' Phuic. "Bhíodh ba, capaill, laoigh ann, Gabhair muca 's caoire." fiú amháin "An fear 's a bhacla Lán de chotleaiseana A chuirfeadh chun reatha staigíní." Bhí seisean ann agus na staigíní féin go h-iomadamhail ann; agus níor mheasa na staigíní ná na glaigíní a bhíodh ar marcuigheacht ortha. Bhí sean-chaisleán istigh i lár an bhaile. Cuirtí pocán gabhair i n-áirde ar chliathán an tsean-chaisleáin lá bailighthe an aonaigh, agus fágtí ann é go dtí lá an scaipithe. Tugtí a dhóthain le n-ithe dhó. Ba dhóig leat air agus a mheigeall á luascadh, is é ag cogaint a chíorach, nó ag criomadh an chroicinn de chraobh leamháin go raibh ana-mhórdháil air, go mór-mhór nuair a chuireadh an ghaoth ag rinnceadh na ribíní a bhí ar a adharcaibh. Bhíodh lá an aonaigh 'n-a lá saoire againn-ne nách mór Na daoine go mbíodh a lán le déanamh aca, go mbéadh féar le sábháil aca, nó arbhar le buaint, bheidís ag obair
leath an lae, acht is beag duine i bparróiste Chill Orglan 'ná ins na parróistíbh i n-aice leis a bheadh sásta gan dul ar an aonach, luath nó mall 'sa ló. Bhí Seaghán Thaidhgín trí seachtmhaine ag obair ar an mBán-Chluain agus a choróin 'sa tseachtmhain aige. Thug a athair trí réalacha dhó i gcóir an aonaigh. Ní raibh d'fhéirín agamsa acht réal is leath-phingne, acht bhí súil agam le na thuille ar an aonach, is do gheall mo mháthair pí dhom acht na dioscáin a bhailiughadh as an gcoinnleach. Na daoine a bhí ar an aonach, ag díol 's ag ceannach, bhí cuid aca ag teacht abhaile, agus sinne ag dul isteach ar an aonach. Bhí beirt fhear ar bheárnain an chustaim, agus breis agus a ndóthain le déanamh aca. Bhí cleith-ailpín righin fuinnseóige 'n-a láimh dheis ag gach fear aca, agus sean-leabhar salach giobalach 'n-a láimh chlé. Na daoine a bhí ag teacht amach ó an aonach, agus beithidhigh nó caoire, no gabhair aca, bhíodar a d'iarraidh iad do thiomáint amach, is fir an chustaim a d'iarraidh gan iad a leigint amach, chun go ndíolfidhe argead an chustaim, nó chun go ndéanfadh an té gur leis na beithidhigh, nó na caoire, nó na gabhair, dearbhughadh, agus a lámh ar an sean-leabhar salach, giobalach, nár díoladh is nár ceannuigheadh aon cheann aca ar an aonach. Ba dhóigh le duine go minic go mbéadh na bhruighin chaorthain eatorra, na daoine istigh agus bataí aca ag cur na mbeithidheach amach, agus an bheirt a bhí ar an mbeárnain agus a mbataí ar tarrac aca chun iad a choimeád istigh. Ní i bPáirc an Aonaigh a bhíodh Aonach an Phhuic acht ar bolg na sráide. Is ar éigin dh'fhéadfá do chos a tharrac ag gabháil suas Cnocán na gCeap. Bhí fear na mearacán ann agus fear na gcártaí, fear cipíní atinn agus fear an sparáinín, agus fear
casta an rotha, is iad go léir ag sgréachaidh i n-árd a ngutha. Níor bhacamair le h-éin-ne aca acht bualadh linn ar aghaidh tríd an aonach, féachaint cá raibh na tinncéaraí. Istigh i bpáirc an aonaigh a bhíodar-san. Bhí an pháirc ar fad nách mór fútha féin, agus gleó an domhain aca. Bhí cuid aca súgach, cuid aca ar bán-mheisce, agus cuid aca ar dearg-mheisce; iad ag aighneas is ag achrann. Níor bhac éin-ne leo. Níor bhac na póilí féin leo. Ba dhóigh leat ná raibh sean-ghroga capaill gan mhaith, 'ná sean-asal muthallach, 'ná sean-mhiuil chrostáltha i gCúige Múmhan ná raibh bailighthe aca ann. Acht níorbh é seo an chuid ba greannmhaire de'n scéal. An sean chapall go mbéadh na cnámha ag theacht amach tríd a chroiceann, chuirfidís ag caitheamh a thóna é: an t-asal ba righne dá bhfeacathas riamh, chuirfidis ag pocléimrigh é, agus an mhiúil go mb'éigean í a leagadh chun na cruidhte a chur fúithi, bhéadh sí chomh cneasta le h-uan aca. Bhíos féin agus mo shúil i n-áirde, féachaint a bhfeicfinn tinncéar óg Chill Ghobnatan. Bhí sórt eagla orm go bhfeicfinn é féin nó a athair ar meisce ar nós na coda eile. Bhíodar ann acht má bhíodar, ní rabhdar ag troid 'ná ar meisce, acht a d'iarraidh síothchána a dhéanamh, agus a d'iarraidh tinncéaraí eile a mhealladh leó amach as pháirc an aonaigh. Bhí an ghrian ag dul fé agus sinn-ne ag teacht abhaile ó'n aonach. Bhí aosánaigh an bhaile go léir bailighthe ar an mbóthar, téad aca treasna an bhóthair chun na ndaoine do shárughadh le súil is go bhfaighdís féirín uatha, agus gach aithid aca ag glaodhach amach i n-árd a ghutha:- "Féirín, féirín, lucht an aonaigh blúirín tobac, nó ruidín éigin." D'fhanamair i bhfochair na leanbhuidhe chun gur tháinigh
an doircheacht, is gur mhithid dúinn go léir a bheit ag gluaiseacht abhaile. Ar thosnughadh an ghrinn do bhí leanbh óg ann le Máire Ní Fhoghludha ná raibh acht dhá bhliadhain go leith d'aois. Tháinigh an leanbh so ann le cois leanbhuidhe eile ó bhéal an doruis aige. Ní fheaca éin-ne an leanbh le tamall, acht sé a shaoileamair go léir 'ná gurab amhlaidh do ghluais sé air abhaile i n-aonar; acht le heagla nách 'sa bhaile a bhí sé, chuir- eamair teachtaire chun tighe a mháthar, féachaint an raibh sé ann. Ní raibh. Ní fheaca a mháthair é ó bhí sí ag crúdh na mbó. Tháinigh máthair an leinbh anuas an bóithrín chughainn, is dob' fhuirist d'aithint airthí go raibh buadhairt airthí, ní nárbh iongnadh. Do chuarduigheamair tighthe na gcomharsan. Ní fheaca éin-ne aca an leanbh le tamall. "Cuirfead-sa geall," arsa duine éigin, "gur thíos i dtigh Neill Réil atá sé. Is minic a thugann an tsean bhean mísleáin dó." Síos leó ag rith, trúir nó ceathrar aca. Ní rabhadar i bhfad thíos; acht ní ag rith a bhíodar ag teacht thar n-ais. Ní raibh an leanbh i dtigh Neill Réil. Ní raibh sé ann le seachtmhain. "B'fhéidir gur lean an páiste na daoine ag teacht abhaile ó'n aonach. Buail an bóthar suas, féachaint an mbéadh sé ann." Ní raibh, ná a thuairisc. "Báidhte atá mo leanbh," ars an mháthair bhocht, agus í ag briseadh a croidhe ag gol. "Ó ní headh, a Mháire; acht d'fhonn thu a shásamh raghad is déanfad cuardach cois na habhann," arsa Seaghán Thaidhgín. Ní bhéadh an mhathair bhocht sásta gan dul le n-a chois. Ba mhór an truagh í, an bhean bhocht. D'fhéachadar isteach i bPoll na Féithe agus i bPoll an Droichid.
"Bheadh mo leanbh thíos i dtóin an phuill i gan fhios dúinn agus an doircheacht atá ann anois." "Ó ní dóigh liom go mbéadh," arsa Seaghán. "Mo chreach cráidthe é, a Sheagháin, níl ann acht dóil," ar sise go dúbhrónach, agus d'fhíll sí abhaile. Bhí sé buailte isteach orainn go léir anois gur imthigh droch-íde éigin ar an leanbh, do rádh is ná raibh táisc 'na tuairisc air ag éin-ne, óg ná críonna. Bhí an mháthair ag bualadh a bas ag caoineadh a leinbh. Dá bhfanfainn-se ag éisteacht léi i bhfad do phléascfainn féin ar ghol. Do bhogas liom siar an bóithrín abhaile. Chuireas an t-Athán díom. Díreach agus mé ag déanamh ar gheata na teiníollach do cheapas go bhfeaca rud éigin ag an ngeata, is é ag bogadh anonn 's anall. "Gabhar Sheagháin Uí Shéagha ata ann," arsa mise im' aigne féin. Níorbh eadh, acht an gadhar mór so againne, agus leanbh Mháire Ní Fhoghludha le na chois. "Bhí an gadhar a d'iarraidh an gheata dh'fhoscailt le na lapa chun an leinbh a scaoileadh thar geata isteach. D'fhágas an leanbh agus an gadhar mar a rabhadar. Bhí fhios agam ná raibh baoghal ar an leanbh an fhaid is bhí an gadhar mór is é féin le cois a chéile. Ní rabhas i bhfad ag baint tighe Mháire Ní Fhoghludha amach. "Tá an leanbh agam-sa," arsa mise. "Moladh le Dia is le Muire," ar sise, is do thuit i bhfanntais. Bhí an leanbh ar an úrlár agam agus ise ag teacht chúichi féin.
XVI. MÁIGHISTIR NUADH. Níor shéid aon ghaoth riamh i gcoill 'ná i gcorrach ná séidfeadh sí maith do dhuine éigin; acht ar an dtaobh eile: an ghaoth is fearr d'ár shéid riamh séideann sí olc do dhuine éigin. Mura mbéadh go bhfuair Mac Giolla Choda Mór bás bhéadh na Mangánaigh caithte amach ar thaobh an bhóthair, gan talamh gan treo. Níorbh aon iongnadh mar sin nár chuir a bhás buadhairt ortha, acht a mhalairt. Acht bhí daoine eile 'sa pharróiste is níorbh aon chúrsaidhe áthais dóibh a bhás, acht cúrsaidhe buadhartha agus tré na chéile. Bhí duine uasal 'n-a chomhnuidhe thoir ar Árd na Gainimhe i n-aice le Cill Áirne, agus is é bhí mar mháighistir ar Thaobh na Geadaighe, ar an nGaortha, ar Lios Caillighe, ar an bPáirc Gharbh, ar an gCnoc, agus ar Bhaile na Scairte. Bhí feirim mhór cois baile aige, fé n-a chúram féin, is a lán lucht oibre chun na feirme sin do shaothrughadh. Ba mhaith an ceann dá lucht oibre é, agus ba ró-mhaith an máighistir dá thionóntaíbh é. Bí tighthe deasa slachtmhara agá lucht oibre, is dá dtagadh droch bhliadháin ar dhuine bhocht, agus gan an cíos aige i gcóir lae Bealtaine, bhéadh cáirde le fagháil aige chun an airgid a sholáthar. Na talmhaintí a bhí aige ar thaobh na Geadaighe, is amhlaidh a bhíodar ar léas aige, an duine uasal so ag tabhairt cíosa do'n árd-thighearna, agus é féin ag fághail a chíosa ó mhuinntir an Ghaorthaidh, agus ó mhuinntir an Leasa, agus ó mhuinntir an Chnuic, agus ó mhuinntir an Pháirc Ghairbh, agus ó mhuinntir Bhaile na Scairte
Seo mar a ráinigh an talamh so bheith na sheilbh. Fear ana-léigheannta ab' eadh an té go mba leis an áit ó thús. Thuas i mBaile Átha Chliath a bhíodh sé na chomhnuidhe agus é 'sa bhaile; acht ba ró-annamh 'sa bhaile é. Ag siúbhal an domhain do chaith sé an chuid ba mhó d'á shaoghal. Fear ana-shaidhbhir a b'eadh é acht má b'eadh féin ba mhinic an t-airgead gann go leór air, agus é ar lorg eoluis. Lá agus é i n-áit iargcúlach iasachta i bhfad ó bhaile, is é ar bheagán airgid, do casadh ceannuidhe as Éirinn air. Is deabhrthach (deallritheach) gur chuir gach duine aca a ghnó féin, nó cuid dé, i n-úil do'n duine eile Bhí airgead a dhóthain ag an gceannuidhe agus an t-airgead ag teastáil go géar ó'n bhfear eile. Fuair sé an t-air- gead ar iasacht, agus thug seisean geallamhaint fé na láimh, an talamh so cois na Geadaighe a thabhairt ar bheagán chíosa do'n cheannuidhe an fhaid is bhéadh éin-ne de'n bheirt aca beó, agus tar éis a mbáis go mbéad an áit ag sliocht an cheannuidhe, acht amháin an méid seo: go mbéadh iachall air ainm duine uasail éigin a chur 'sa léas, ó am go ham, agus dhá chéad púnt a dhíol ar bhás gach "saoghail" a bhéadh ainmnithe 'sa léas. An té bhí anois 'n-a chómhnuidhe ar Árd-na-Gainimhe, mac do'n cheannuidhe a beadh é. Fuair seisean léas nuadh ar bhás a athar, agus sé Mac Giolla Choda Mór a bhí mar shaoghal 'sa léas aige. Ní raibh aon choinne ag eisean 'ná ag éan-ne eile le bás Mhaic Giolla Choda. Níor chuir a bhás aon imshníomh air, ámhthach. Cheap sé ná raibh le déanamh aige acht saoghal eile a chur 'sa léas, agus an dá chéadh púnt a dhíol, mar a dhéin a athair roimis, agus mar a dhéin sé féin ar bhás a athar, is go mbéadh gach aon ní mar a bhí sé cheanaféin. Acht ní mar a saoiltear a bhítear. Tháinigh duine eile laistig dé i gan fhios dó, agus bhéadh máighistir eile feasta ar Thaobh na Geadaighe, agus
ar an muinntir a bhí na gcomhnuidhe ann. Bhí scannradh ortha, is ba bheag an iongnadh san. Ní raibh de chúr- saidhe cainnte aca ar phobal na Tuatha Dé Domhnaigh a bhí chughainn acht an scéal so. Ní raibh a fhios ag éin-ne céarbh é an máighistir nuadh, 'ná cad as dó, acht gach éin-ne agus a thuairim féin aige. Dubhairt duine gur cheannuidhe ime ó Chorcaigh é. Dúbhairt duine eile narbh eadh acht atúrnae ó Thráigh Lí. 'Sé dubhairt Tadhg Gabha gur chualaidh seisean mar chúrsaidhe cainnte ar mhargadh Chill Áirne, gur ceannuidhe éisc a fuair an áit, is go gcuirfeadh sé amach na daoine ar fad, idir bhocht is nocht, le h-eagla go mbeidís ag marbhughadh na mbradán ins an nGeadaigh. Do ghaibh tinncéar mór an bóthar, agus sé dúbhairt seisean ná raibh ann acht cléireach a bhí i n-oifig an fhir mhóir, gur phós sé inghean tabhartha do'n árd-thighearna, is go bhfuair sé na talmhaintí seo mar spréidh léi acht í a phósadh. Níorbh fhada go raibh fhios aca go cruinn céarbh é an máighistir nuadh. Seachtmhain nó mar sin tar éis Aonaigh a' Phuic do tháinig sé ag féachaint na háite. Bhí sé go h-ana-dheas, go h-ana-phlámásach ar fad leó, is go mór mhór leis na sean-mhnáibh. "Is fuirist d'aithint air," arsa Neill Réal, "gur duine uasal é." "Ní h-aon amadán é acht go háirithe," arsa Dáith Ua Bruighin. "Abair é," arsa Seaghán Dhiarmada," "níor fhág sé poll 'ná póirse, tigh 'ná teóra, gan féachaint. Bain barra na cluaise díom-sa mura mbeidh cuid againn ag seinim na bport uaigneach ar ball. Do cheap an máighistir lá áirithe dhóibh chun dul go Cill Áirne chun socruighthe a dhéanamh leo. Do ghluais- eadhar soir an lá ceapaithe. Bhí an duine uasal istigh i n' oifig bhig, is iadsan
amuigh i seomra mhór. Chuir sé fios ar Dháith Ua Bruighin. Bhuail Dáith isteach. Do dúnadh an doras 'n-a dhiaidh. Ní raibh sé ibhfad istigh, agus ar theacht amach dó, is é bhí go mí-shásta, mí-chéadthach. "Is baoghlach, a Dháith," arsa Mícheál Thaidhg, "nách ró-chneasta an t-oide faoitsine an té atá istigh." "Ní beag dhuit a luaithe a chuirfidh tú aithne air, is a bheidh fhios agat an breitheamhnachas aithrighe a leagfar ort de bharr do dheag-oibreacha," arsa Dáith. Tháinig cléireach amach is dúbhairt sé le Seaghán Dhiarmada dul isteach. Fear críochnamhail gasta abeadh Seaghán Dhiarmada. Is beag má bhí duine eile 'sa pharróiste chomh dícheallach leis chun a ghnótha a chur chun cinn; agus níor bhfearr é féin 'ná a bhean. Bhí a rian san ortha. Bhí an tigh agus an áit a bhí aca go slachtmhar compórdach, is gach obair na bliadhna i dtreó aca i n-am agus i dtráth, murab ionann is daoine eile go mbéadh breall ortha dá mba soineann go Samhain. "A Mhic Uí Dhiarmada," ars' an Máighistir leis. "is deas an áit é sin agat i mBaile na Scairte." "Níl sé acht cuibheasach, a dhuine uasail." "Tá do chíos-sa ana-éadtrom ar fad." "Tá sé trom mo dhóthain domh-sa." "Is fiú i bhfad níos mó 'ná an cíos do thalamh-sa." "Acht má 's fiú, a dhuine uasail, is orm-sa is ceart a bhuidheachas san a bheith," arsa Seaghán. "Acht is liom-sa an talamh anois, pé feabhas atá air." "Is dócha gur leat, a dhuine uasail." "Táim-se ag cur chúig phúnt mar bhreis ar do chíos-sa. Is fiú i bhfad níos mó 'ná san an áit, acht níor mhaith liom éagcóir a dhéanamh ar éin-ne." "Is trom an t-ualach an méid sin ar dhuine bhocht,
tar éis ar chaith sé dá allas a d'iarraidh feabhasa a chur ar dhroch-thalamh." "Mar adubhart leat cheana is liom-sa an talamh anois; muran maith leat-sa an méid sin cíosa a dhíol, gheobhad-sa duine eile a dhíolfaidh é," ars an máighistir go tur, mór-chúiseach. "Déanfad mo dhícheall é 'dhíol," arsa Seaghán. "Sé is fearra dhuit a dhéanamh," ars an fear eile agus Seaghán ag gabháil amach. An fhaid is bhí Seaghán Dhiarmada istigh fuair an chuid eile fios scéil Dháith uaidh. Ní raibh de chíos air go dtí seo acht dhá phúnt. Bhéadh deich scillinge is dachad air feasta mar chíos ar a phaiste bheag talmhan, agus deich scillinge 'n-a theannta san ar fhéarach an chnuic. Ní raibh fonn magaidh ar éin-ne aca agus Seaghán Dhiarmada ag teacht amach chúcha. "An mór a chuir sé ort?" arsa triúr nó ceathrar aca d'aon-fhocal. "Chuir sé breis is mo dhá dhóthain orm. Chuir sé chúig phúnt orm, agus nuair adúbhart-sa go mba throm an t-ualach an oiread san de bhreis do chuir ar dhuine bhoct, agus muiríghean mhór ag braith air, 'sé dúbhairt sé liom go raibh mo rogha agam an cíos a dhíol nó go ndíolfadh duine eile é." "Agus cad a dheinis?" "Cad a dhéanfainn, agus mo lámh i mbéal an mhadra, acht í tharrac go réidh," arsa Seaghán Dhiarmada, is é ar buile le feirg. Tháinigh an cléireach 'sa doras, is dúbhairt sé le Mícheál Thaidhg dul isteach. "Agus," ar seisean, "dubhairt an máighistir liom a rádh libh-se a bhí istigh nách gádh dhaoibh fuireach; go mb'fearr leis 'ná fanfadh sibh, le h-eagla go mbéadh gnó éigin 'sa bhaile agaibh." "Abair leis an nduine uasal go bhfuileam
ana-bhuidheach dé, agus sinn a scaoileadh abhaile," arsa Dáith Ua Bruigin, is é féin agus Seághan Dhiarmada ag gabháil an doras amach. "Seadh! cad deireann tú leis sin, a Dháith," arsa Seaghán, agus iad lasmuigh de'n doras. "'Sé adeirim agus a ghuidhim go mbeiridh an lá orrainn ná beidh clocha ceangailte agus madraí scaoilte 'sa dúthaigh seo." "Mhaise, amean, a Thighearna," arsa Seaghán Dhiarmada. "A' bhfuil fhios agat, a Dháith," ar seisean, agus iad tamall amach ó'n ndoras, "nuair adúbairt sé liom go mb' fearra dhom an cíos a dhíol nó go ndéanfadh duine eile é a dhíol, agus an fhéachaint a thug sé orm, is iongantach liom anois, acht grásta Dé, nár rugas air agus casadh a thabhart dá phíopán." "Ar rud gan leigheas sí an fhoidhne is fearr, a Seagháin; is dá leagthá-sa barra do mhéire ar siúd, i bpriosún a bheitheá-sa anois, agus amuigh ar thaobh an bhóthair a bhéadh do bhean is do chlann laistigh de leath-bhliadhain." "Tá an ceart ar fad agat, a Dháith, acht is deacair dhom' foidhne a bheith agam, agus a bhfuil de m' allus, is de m' shaothar 'san áit úd, agus nach agam-sa acht aige-sean a bheidh toradh mo shaothair." "Nách ionann scéil dúinn é? Cad a bhí agam-sa ar chliathán an chnuic úd thuas acht fraoch agus carraigeacha nuair a chuireas fúm ann ar dtúis. Níl claidhe 'ná díog ann acht an claidhe do thógas agus an díog do rómharas. Nuair ná bíodh an féar tirim agam do sna buaibh 'sa gheimhreadh, do dheininn an t-aiteann a bhrúth dhóibh. Ní raibh bóthar ní ba ghiorra dhom 'ná Crois na Sean-Chluanach, is do chaithfinn an chloch-aoil d'iompar abhaile ar asal agus srathar-fhada. Féach orm anois in eirball mo shaoghail, cos ins an uaigh agam, agus an
chos eile ar a bruach, is caithfead bheith ag obair moch, deidheannach, chomh maith leis an bhfear is óige 's is tréise ar phobal na Thuatha." "Nách shin é chuireann ar buile mé, mise agus tusa agus daoine eile ag obair ó bhreacadh an lae go tuitim na h-oidhche, ó cheann ceann na bliadhna, agus gan dá bharr againn acht an donas agus tá do rogha agat an cíos a dhíol nó díolfaidh duine eile é. Ní bheadh Dia thuas, moladh go deo leis, mura ndíolfaidh siad as lá éigin," arsa Seaghán Dhiarmada. "Fágam fé Dhia iad, a Seagháin." "Iarrann Dia congnamh, a Dháith." Dob é dálta Sheagáin Dhiarmada is dálta Dháith Ui Bhruighin aca go léir é. An té go raibh púnt air cheana, bhéadh coróin is púnt air feasta, agus an té go mbíodh chúig scillinge déag ar fhichid le díol aige cheana, bhéadh coróin is dachad le díol aige feasta. XVI. "Seachain an droch-dhuine, ní baoghal duit an duine macánta." Do bhí Seaghán Thaidhgín sé seachtmhaine ag obair i ngáirdín na Bán-Chluanach, is é ag teacht isteach ar an obair a dhéanamh go deas is go cruinn ó lá go lá. Bhí an gáirdneóir ana-shásta leis agus bhí sé sásta i n' aigne féin. Thuig sé go fíor-mháith ó thús nár gheal leis an stíobhard an gáirdneoir. Bhíodh ana-dhoicheall ar an stíobhard éin-ne bheith ag teacht ag féachaint an gháirdín. Thug sé cúpla iarracht ar uisce fé thalamh a dhéanamh idir Sheaghán agus an gháirdneoir, acht níor éirigh ró mhaith leis, mar do bhíodar-san araon ar a seachaint air. "Is dócha," ar seisean lá le Seaghán, "go dtaithneann t'obair leat."
"Ó, taithneann go h-ana-mhaith," arsa Seaghán, "agus go mór-mhór anois, agus mé ag teacht isteach ar an ngnó." "As an obair a gheachtar an fhoghluim. Is dócha go bhfuil an gáirdneoir go hana-mhaith dhuit." "Tá go deimhin. Teasbáineann sé gach ní dhom, agus canos dul i mbun na hoibre i gceart." Bhí fhios ag Seaghán go maith cad a bhí uaidh — féachaint an bhfaghadh sé aon bhraon anuas ar an ngáirdneóir. "Is dócha go dtugann sé cead duit do dhóthain ubhall a bheith agat," ars' an stíobhard, i d'iarraidh teacht air ar thaobh eile. "Dúbhairt sé liom an chéad lá dá mbéadh tart orm, ubhall a bhaint chun an tarta a fhuaradh, acht go mb'fhearr leis dá mbeinn sásta leis na h-ubhlaibh a thuitfeadh de sna crannaibh." "Agus gan amhras bíonn ana-thart ort ag obair 'sa gháirdín, agus an brothall a bhíonn ann." "Mhaise ní bhíonn breis tarta orm anois. Bhíodh tart orm an chéad sheachtmhain, agus eagla orm ná féadfainn an obair a dhéanamh; acht anois is mé ag dul i dtaithighe na hoibre, ní bhíonn eagla ná tart orm." "Tuigim," ars' an stíobhard agus grabhas air le mí shástacht. "Seadh," arsa Seaghán i n'aigne féin, "bhí do thuras i n-aistear an bobhta so, a shúmaire." Lá eile, agus Seaghán ag bailiughadh na n-úbhall a thuit de sna crannaibh, tháinig an mháighistreás féin isteach 'sa gháirdín. Bhí lán buirdeoige d'ubhlaibh bailighthe aige. Cuid d'obair Sheagháin a beadh na prátaí luatha, agus na h-úbhla, agus gabáiste, agus gach rud eile a bhéadh uatha 'sa chistin, a bhreith isteach, is iad do thabhairt do'n chócaire, nó do chailín na cistineach.
"Is dócha, a Sheagháin," ars' an mháighistreás leis, "go bhfuil leanbhuidhe óga 'n-a gcomhnuidhe i n-aice leat-sa 'sa bhaile, is gur mhaith leó greim a bhaint as ubhall aibidh mhilis. "Tá go deimhin, a mháighistreás, agus is beag má bhí ubhall ag leanbh aca ó lá Aonaigh a' Phuic, agus na h-úbhla a tháinig ó'n aonach ní rabhdar ró-aibidh." "Dá dtabharfainn-se dorn ubhall duit, a' mbéarfá abhaile chúcha iad?" "Do bhéarfainn, is míle fáilte, a mháighistreás." Tráthnóna an lae úd, agus Seaghán ag cuímhneamh ar dhul a bhaile, chuir an mháighistreás fios air. "Seo anois," ar sise leis, "máilín beag ubhall le tabhairt do leanbhuidhibh an bhaile i gcóir Lae 'le Michíl; is b'fhéidir, ar theacht na Samhna, go mbéadh máilín eile agam dóibh." "Go méaduighidh Dia thu, a mháighistreás," arsa Seaghán, go lán-dúthrachtach. Ba mhaith le Seaghán Thaidhgín na h-ubhla a bheith aige le breith a bhaile leis, acht bhí sórt náire air an máilín a bheith ar iompar aige, agus i n-inead dul amach ar an ngeata mór, mar ba ghnáthach leis, is amhlaidh a ghluais sé suas ó'n ngáirdín le cois na coille, agus isteach i móinfhéar Sheagháin Fhada ar an dtaobh eile de'n bhóthar. Bhí trí cinn de chocaíbh móra féir laistigh de'n chlaidhe. Do leag Seaghán an máilín le h-ais coca aca. Do líon sé a phócaí de sna h-ubhlaibh, d'árduigh sé brat d'fhéar an choca, agus do sháith sé an máilín agus a raibh ann isteach fé'n mbrat. Do shocruigh sé an brat anuas mar a bhí sé cheana. Do thug fáscadh do shugán an choca, agus do ghluais air abhaile. Bhí an stíobhard istigh 'sa choill, agus nuair do chonnac sé Seaghán ag éalughadh leis ar thaobh na coille, is a mháilín ar a gualainn aige, cheap sé gurab amhlaidh a
thug an gáirdneoir na h-ubhla so do Shéaghán i gan fhios, nó gur ghoid Seaghán féin iad "Seo anois," ar seisean leis féin, agus é ag faireadh ar Sheaghán ag cur na n-ubhall i bhfolach, "tá beirtha ar dhuine aca fé dheire agam, mura bhfuil greim agam ar an mbeirt." D'fhan sé go raibh Seághan as radharc. Do shleamhnuigh sé isteach thar claidhe. Do chuarduigh sé an coca féir. Do fuair sé máilín na n-ubhall, is do ghluais air fé dhéin an tighe mhóir. Ba dhóigh leat air agus an fuadar a bhí fé, gur mála óir a fuair sé ag dul amudha. "Tá eagla orm-sa a mháighistreás," ar seisean, agus critheán n-a chainnt, "nách maith an ara cuid de 'n lucht oibre atá agat-sa annso." "Seadh, cad tá ort anois?" "A leithéid seo, a mháighistreás. Bhíos thuas 'sa choill ó chiainibh beag. Do bhraitheas an chiscéim lasmuigh de'n chlaidhe. D'fhéachas amach idir dhá chrann, agus cé bhéadh ann 'ná Seaghán Thaidhgín, mála ar a mhuin aige, is é ag éalughadh leis amach ar an mbóthar. Do leanas é i gan fhios do. Isteach leis i móinfhéar Sheághain Fhada. Do leag sé an máilín ar an dtalamh, is do chuir isteach i lár an choca é. Sin é agat an máilín, a mháighistreás." Do stad sé, feachaint cad déarfadh sise, acht níor labhair sí focal. "Anois, a mháighistreás, cá bhfuair sé na h-ubhla úd? Istigh i d' gáirdín-se gan amhras. Níl ag obair ann acht an bheirt. Do gháirdneoir is é féin. Eatorra atá sé." "Thugas féin na h-ubhla úd do Sheaghán Thaidhgín. Gheall sé iad a thabhairt do sna leanbhuidhibh atá cois baile aige, agus go deimhin duit is truagh liom, is ró thruagh liom, nách dóibh a thug sé iad, acht iad a chur i bhfolach do féin."
"Is maith an scéal, a mháighistreás," ar seisean ag tarrac siar, "nách amhlaidh a ghoid sé iad." "Ó! is maith," ar sise, "acht níl ann acht san." Ní raibh sí ró-bhuidheach de'n stíobhard. Dob' fhearr léi gan an scéal a chlos. Dob' fhearr léi ná béadh fhios aici gur chuir Seaghán na h-ubhla i bhfolach do féin. Níor mhaith léi an buachaill a dhaoradh, "acht cad ab áil leis na h-ubhla a chur i bhfolach 'sa choca muran amhlaidh a bhí sé ceapaithe ar iad a choimeád do féin," ar sise na haigne féin. Níor leig an mháighistreás airthi le Seaghán gur chual- aidh sí éin-ní, acht bhí sí ag faireadh air, féachaint cad a dhéanfadh sé agus gan an máilín aige le tabhairt thar n-ais chúichi. Lár na bháireach, agus Seaghán ag dul ag obair, do bhuail sé i dtreo an choca chun an mháilín a bhreith leis. D'fhéach sé timcheall air agus é i n-aice an choca, le h-eagla go mbéadh éin-ne ag féachaint air agus go ndéanfaidís na h-ubhla a ghoid. Chuir sé a lámh isteach 'sa choca. Ní raibh mála 'ná ubhall ann. Do dhruid sé amach ó'n gcoca, féachaint arbh é an coca ceart a bhí aige. Dob é. D'aithin sé an súgán gur thug sé an fáscadh dhó. Do chuarduigh sé na cocaí eile; acht dá mbéadh sé ag cuardach ó shin ní bhéadh an máilín 'ná na h-ubhla le fagháil aige. Má bhí náire air tráth nóna 'ndé, bhí náire agus buadhairt agus ceannfé air anois. "Cad a dhéanfad anois?" ar seisean leis féin. "Ba chuma liom cá ngeobhadh na h-ubhla dá mbéadh an mála agam, acht níl aon bhreith agam ar é dh'fhagháil. Ní fheadar ar thalamh a' domhain cad is fearra dhom a dhéanamh. Ní cuimhin liom, amhthach, go ndubhairt an mháighistreás liom an mála a bhreith abhaile chuichi. B'fhéidir gurabh amhlaidh nár theastuigh sé uaithi arís i
n-aon chor. Má theastuigheann sé uaithi, is má chuireann sí a thuairisc orm-sa, 'neósfad an scéal ar fad dí." Ní fheaca Seaghán an mháighistreás go ceann cúpla lá nó trí. Dob' fhearr leis gan í dh'fheiscint, le heagla go mbéadh sí ag cur tuairisc an mháilín air. An chéad uair a tháinig sí isteach chucha 'sa gháirdín, sé rud a rug isteach í 'ná chun a rádh leis an ngáirdneoir go mbéadh daoine uaisle anoir ó Chille Áirne 'sa tigh aici an tseachtmhain a bhí chughainn, is go mba mhaith léi an gáirdín a bheith go deas agus go slachtmhar, mar go raibh fhios aici ainm mhór a bheith ar gháirdín na Bán-Chluanach imeasc uasal Chill Áirne. "Anois," ar sise, "fágaim fúibh féin an obair a dhéanamh, acht má theastuigheann fear eile uait gheobhair é." "Níl aon ghádh leis, a mháighistreásh," ar seisean; "déanfad-sa agus Seaghán an obair. Ní bhéimís acht ag caitheamh aimsire le fear oibre a thiucfadh isteach anois, ag faireadh air, le heagla go ndéanfadh sé díoghbháil." "Tá go maith," ars' an mháighistreás. "Bhí Seaghán chomh gnóthach ar feadh na seachtmhaine úd gur imthigh cuimhne an mháilín as a cheann nách mór. Tháinig na h-uaisle ó Chill Áirne — bean uasal agus a h-inghean. Thángadar féin agus an mháighistreás lá ag féachaint an gháirdín. Dob fhuirist dh'aithint go raibh iongnadh ortha-san, agus áthas ar an mháighistreás. Cheap Seaghán gur aithin sé an bhean uasal óg, agus í ag teacht isteach ar an ngeata, acht ní raibh sé lán-deimhnitheach céarbh í féin chun gur labhair sí. Bhí fhios aige annsan gurbh í bean uasal na gruaige breá buidhe í. Ní fheaca sé in aon bhall í ó an lá a tháinig sí féin agus an t-ógánach uasal chun na scoile an lá úd tar éis lae an fhiadhaigh.
Is amhlaidh a tháinig sí anois ag fágaint slán ag muinntir an tighe mhóir. Bhí sí ag dul anonn go hAmeiricá, agus a máthair le na cois i gceann seacht- mhaine, chun Púncáin a phósadh. Fear ana-shaidhbhir abeadh an Púncán so. Dob' úd é scéala a fuair Seaghán ó chailíní an tighe; is tá fhios ag an saoghal mór gur aca san a bhíonn an fhírinne i gcomhnuidhe. I dtaobh na mná uaisle, ní raibh sí athruighthe puinn, acht go mba bhreághtha, is go mba dhathamhla, is go mba bhan- amhla í anois'ná an lá úd an fhiadhaigh. Ba dhóigh le Seaghán ná feaca sé riamh óigbhean ba bhreághtha, ba dhathamhla, ba bhanamhla na í. Bhí searbhus air do rádh is go bpósfadh sí Púncán. Ba bheag é meas Sheagháin ar na Púncán- aibh a thagadh anall ó Aimeiricá agus tuin ar a gcainnt, i dtreó is go mba dhóigh leat gurab amhlaidh a bhíodh cleite sáithte 'n-a sróin, mar a bhéadh i gcirc ghuir. Cheap sé dá bpósfadh sí éin-ne gurab é an marcach uasal a bhí chomh cúramach 'n-a taobh lá an fhiadhaigh, is a tháinigh le n-a cois go dtí scoil an Chuileannaigh an lá n-a dhiaidh, a bhéadh mar rogha aici thar fearaibh an domhain — acht Púncán meigeallach, caoch-shrónach a phosadh — preit!! "Shaoileas ná pósfadh sí a leithéid dá mbéadh saidh- bhreas an domhain aige," arsa Seaghán, is é ag aithris an scéil domh-sa.
XVIII. "Is mór taidhbhseach iad adharca na mbó thar lear." Do bhí Seaghán Thaidhgín isteach 's amach le trí bliadhna ag obair ar an mBán-Chluain, agus a dheich scillinge 'sa t-seachtmhain aige, fliuch is tirim, agus gan lá briste aige ó Shamhain go Bealtaine 'ná ó Bhealtaine go Samhain. Is 'mdhó cor a chuireann an saoghal de i dtrí mbliadhnaibh. Bhí na daoine óga ag imtheacht go h-Ameiricá. Thagadh scéala ó chuid aca, agus cuid aca ná tagadh aon scéala uatha. Na daoine go dtagadh scéala uatha thugaidís árd-mholadh do'n áit thall. Bhíodh págh mór aca, agus ana-shaoghal ar fad. Is beag duine go mbíodh aon scéala ag teacht uaidh ná cuireadh síntiús airgid abhaile um Nodhlaig, nó i gcóir cíos na Bealtaine, nó i gcóir cíos na Samhna. Na daoine bochta a bhí ag stracadh leis an saoghal i bhfus, ba mhaith leó bheith thall, i n-áit 'na mbéadh beatha duine uasail aca. Ó lár an earraigh go deire an t-samhraidh agus amach 's an bhfóghmhar, ba mhór an seó a mbíodh de dhaoinibh ag imtheacht ó Chill Áirne ar an gcéad dtraen ar maidin soir go Corcaigh, agus ó Chorcaigh amach go h-Ameiricá. D'imthigh a lán aca so a bhí ar scoil liom fhéin is le Seaghán Thaidhgín. Bhí Diarmaid Óg thall bliadhain go leith. Bhéadh mach Shéamuis a Chárrthaigh thall an bhliadhain slán ar theacht na Bealtaine. Bhí mac is ingean le Micil a' Chnuic thall le breis is dhá bhliadhain. Chuir an Cárrthach óg dhá phúnt chun a mháthar chun cíos na Samhna a dhíol. Dúbhairt sé go raibh súil aige fiacha an tae a chur chúichi i gcóir na Nodhlag mura mbéadh go raibh obair ana-ghann ortha thall rith an gheimhridh, acht le congnamh Dé, chuirfeadh sé ádhbhar éigin ag triall airthi ar theacht
na Bealtaine. Chuir mac Mhicil a' Chnuic fiacha an tobac chuige, agus fuair bean Mhicil ádhbhar gúna ó na h-ingín. Ní raibh aon scéala ó Dhiarmaid Óg, acht an méid a bhí i leitir ó Mhac Thaidhg Bhric, agus ba bheag dá thuairisc a bhí 'sa leitir úd, acht go raibh sé thall is go mb'fearr leis bheith 'sa bhaile. Thug Seaghán an méid seo fé ndeara. An té bhíodh thall, agus a chuirfeadh cúpla púnt nó trí abhaile i rith na bliadhna, bhíodh árd-mheas air; acht dá mba sa bhaile bhéad sé agus a phágh go léir, acht luach an tobac, a thabhairt dá athair nó dá mháthair ní bhéadh éin-ne dá mholadh na 'ghá radh gur mhaith an mac é. An dá phúnt úd a chuir an Cárrthach óg abhaile, bhí fhios ag an bparróiste é. Níor chaith Seaghán féin réal 'sa tseachtmhain dá pháigh, acht níor chualathas riamh a athair ag maoidheamh as. Bhí bean uasal na Bán-Chluanach ag dul chun comh- nuidhthe suas go Baile Átha Cliath, d'fhonn scoluidheacht oireamhnach a sholáthar dá clainn. Bhí an Bhán-Chluain tógtha ag duine uasal anall ó Shasana. Fear a beadh é a thagadh anall gach samhradh ag iascaireacht ar an Leamhain. Ní fheidir sé fós an mbéadh a gháirdneoir féin ag teacht anall leis. Bhí seisean sásta go leór ar theacht, acht bhí eagla ar a mhnaoi teacht go hÉirinn. Chualaidh sise go raibh muinntear na hÉireann ana- fhiadhain, ana-mhí-chuibheasach ar fad; go mbíodh na lean- bhaidhe ag siubhal na mbóithre gan bhróg gan stoca; go gcuirtí na prátaí ar an mbórd agus gan na croicinn a bhaint dhiob; ná raibh de ghnó ná d'obair aca gach lá Domhnaigh acht ag imirt bháire, agus ag rinncead; is nár bhfhearr leó gnó abhéadh aca astoidhche ná ag caitheamh piléar le Sasanaigh. Sul ar imthigh an Mháighistreás go Baile Átha Cliath, chuaidh Seaghán Thaidhgín chúichi ar lorg teistiméireachta.
"Gheobhair an teistiméireacht," ar sise. "Tá sí tuillte agat i dtaobh aire mhaith a thabhairt do d'ghnó, agus i dtaobh do chod' oibre a dhéanamh go slachtmhar cruinn. Ba mhaith liom, dá mb'fhéidir liom é, teistiméireacht ní b'fheárr a thabhairt duit." "Agus cad a dheineas ort, a mháighistreás, do rádh is ná féadfá a leithéid siúd de theisthiméireacht a thabhairt dom anois?" "Níor dheinis puinn acht na h-ubhla a thugas duit trí bliadhna ó shin a chur i bhfolach duit féin i n-inead iad a thabhairt do leanbhuidhibh an bhaile," ars' an mháighistreás. Do dhearg ar Sheaghán, acht ní le feirg. "Neósfaidh mé an scéal ar fad duit, a mháighistreás." D'innis sé an scéal tríd síos dí. "Táim lán t-sásta," ar sise. "Anois, a mháighistreás, an miste dhom an méid seo de dhánaidheacht a dhéanamh ort? Cé innis scéal na n-úbhall duit?" "An stíobhard." "Go maithidh Dia a pheacaidhe dho. Is air a bhí an galar Úna, cúram gan chion." "Bhí eagla air gurab amhlaidh do ghoidis na h-ubhla." "Sás a dhéanta a chuimhnigh air," arsa Seaghán. Fuair Seághan a theistiméireacht, agus ba ro-mhaith an teistiméireacht í. Bhí muinntear na Bán Chluanach 'n-a gcomhnuidhe i mBaile Atha Cliath. Níor tháinigh an duine uasal ó Shasana fós. Bhéadh an gáirdneoir ag dul soir go Muc Ros ar theacht na Bealtaine. Ní raibh aon obair do Sheagháin ar an mBán-Chluain. "Raghad go hAimeiricá," ar seisean oidhche le n-athair. "Níl aon obair le fághail agam annso. Gheobhad obair thall, le congnamh Dé."
"Is dócha ná fuil leigheas air, a Sheagháin, a laoigh, acht dob' fhearr liom 'sa bhaile thú chun mo shean-chnámha a shíneadh 'san uaigh," arsa Taidhgín. "Táimíd bodhar agat féin agus an uaigh, a athair," arsa Seaghán, mar dh'eadh is go raibh fearg air. "'S dó, a Sheagháin, táim-se ag tuitim i n-aois. Nílim chomh lúthmhar láidir is bhíos. Táid na dathacha im' chnámhaibh, agus nuair is toil le Dia an bás a chur ag triall orm ní bheidh aon doicheall orm roimis." "Is fada uait fós é, le congnamh Dé is Mhuire." "B'fhéidir sin, a Sheagháin, acht cuirim-se mo thoil le toil Dé." Bhí gach aon ní socair ag Seaghán Thaidhgín chun dul go hAimeiricá, is é ag feitheamh le scéala d'fhághail ó mhuinntir na luinge. Tháinig scéala chuige go mbéadh an long i gCóibh Chorcaighe i ndeire na seachtmhaine. Chaith Seaghán na laetheanta a bhí anois aige ag fágaint slán agá chomharsanaibh. Tháinig sé chughainne. Bhíomar go léir, óg is críonna, ana-cheanamhail air, is do bhí uaigneas ar gach éinne 'sa tigh 'n-a dhiaidh. Thug mo mháthair smut de choinneal choisreacan dó chun cur 'na bhosca, is d'fhuaigh sí smuitín eile laistigh dá bheist. "Dá mbéadh do mháthair féin beo," ar sise, "do dhéanfadh sí an méid seo dhuit, a Sheagháin." "Go bhfágaidh Dia do shláinte agat," ar seisean. Bhéadh Seaghán ag dul go Corcaigh ar maidin Diar- daoin. Bhailigh muinntear an bhaile ar fad i dtigh Thaidhgín astoidhche Dé Céadaoin'. Daoine óga ab' eadh an chuid ba mhó aca. Bhíos féin is mo dheirbhshiúr ann. Bhí m'athair ann, acht bhí sé deireannach 'san oidhche nuair a tháinig seisean. Bhí Léan Thaidhgín is mo dheirbhshiúr go gnóthach ag cur gach aon ní isteach i mbosca Sheagháin. Ní raibh de ghnó agam fhéin i dtosach na hoidhche acht ag dul ar lorg
cathaoireach i dtighthibh na gcomharsan i gcóir na ndaoine aosta. Chaith na garsúin agus na gearra-chaillí a bheith sásta le fód móna mar shuidheachán, nó suidhe ar an úrlár. Na cailíní óga agus na buachaillí óga, bhí cuid aca 'n-a suidhe, triúr nó ceathrar aca, ar chórtha, cuid aca agus cathaoir nó stóilín idir bheirt aca, agus mór-chuid aca 'n-a seasamh. Do bhí Peig na n-Ubh ann is í na suidhe ar shuídhistín 'sa chúinne, cois na teineadh, agus sean-Sheaghán Ua Séagha ar a h-aghaidh anonn ar an dtaobh eile. Bhí Taidhgín go cúramach ad iarraidh slighe d'fhagháil dóibh go léir, agus Seaghan féin ag dul ó dhuine go duine aca, agus "Cogar a leith, a Sheagháin," ag gach duine aca leis. Is beag má bhí éin-ne ann gan duine éigin leis thall. Ba chuma cá mbeidís thall do cheap na daoine 'sa mbaile ná raibh ag Seaghán le déanamh acht bualadh isteach chúcha agus seanchas a bheith aige leo, díreach mar a dhéanfadh sé i bhfus le muinntir an Leasa, is le muinntir an Chnuic, agus le muinntir an Scairte. Bhí mac le Peig na n-Ubh thall leis na bliadhantaibh, is gan scéala uaidh. Chuir sise Seaghán fé gheasaibh troma, scéala a chur chúichi i dtaobh a mic. Ní brón ná uaigneas a bhí ar na buachaillíbh óga, 'ná ar na cailíníbh óga, acht iad ag cur tré chéile cé bhéadh ag dul anonn i mbliadhna, cathoin a bheidís féin ag dul anonn, nó a' raibh éin-ne thall a chuirfeadh fios anall ortha. I gceann tamaill do tháinig lagughadh ar an siosma cainnte a bhí aca. Do thairng Domhnall Ua Bruighin trúmpa amach as a phóca. Do thairng sé chuige an tarna ceann, agus do chrom ar iad do sheinim. Níor bhfada go raibh ceathrar ar an úrlár ag rinnceadh. Nuair do bhíodar-san cortha do sheas ceathrar eile amach, agus mar sin dóibh chun go raibh tinneas i lúidínibh Dhomhnaill ó bheith ag bualadh an dá thrúmpa.
"B'fhéidir anois," arsa duine de sna rinnceoiríbh, "go mbéadh amhrán againn." Bhí fhios aca go maith go raibh guth ana-bhinn ag Taidhgín. Is minic do chualadar é ag casadh "Túirín a' Chéim," agus "Bean an Fhir Ruaidh." "Tabhair dhúinn "Bean an Fhir Ruaidh,"" arsa m'athair leis. Cheap m'athair, is dócha, go n-árdóchadh an t-amhrán cuid de'n bhrón dá chroidhe. Bhí Taidhgín 'n-a shuidhe ar chathaoir is é ag féachaint isteach 'sa teinidh. Ar thos- nughadh ar amhrán dó, bhí iarracht de chritheán 'n-a ghuth, acht nuair do chas sé — "Cad é an mhaitheas dom fhéin Dá ndéanfainn muileann ar sruth, Cad é an mhaitheas dom fhéin Dá ndéanfainn caisleán ar chnoc, Cad é an mhaitheas dom fhéin Dá dtaoscfainn an fhairrge suas, Is gur chailleas an féirín Do bhréagfadh bean an Fhir Ruaidh." is ró-bheag a chuirfeadh a raibh istig ag gol. Thuig gach éin-ne nách ar "Bhean an Fhir Ruaidh" 'ná ar éin-ne a bhain léi a bhí Taidhgín ag cuimhneamh, acht ar a mhac féin agus ar an bhfairrge a bhéadh eatorra i gcionn seacht mhaine. An capall agus an trucaill seo againne a bhéadh ag dul go Cilláirne le Seaghán ar maidin. Chuir m'athair mise abhaile chun greas codlata a bheith agam i gcóir na maidine. Bhíomar go léir 'n-ár suidhe ar an gcéad solas, agus an capall gléasta ag m'athair. Do ceangladh bosca Sheagháin istigh i lár na trucailleach. D'fhág sé slán ag muinntir an bhaile. Bhíodar go léir amuigh ag ceann an tighe, agus gach duine aca ag cur a bheannacht go
dúthrachtach le Seaghán. Díreach agus sinn ag bogadh chun siúbhail tháinig Peig na n-Ubh amach agus boidéal uisce coisreacan aici. Do chroith sí cuid de'n uisce coisreacan orrainn. "Go n-éirghe do thuras leat, a Sheagháin," ar sise, "agus ná dearmad scéala a chur chugham nuair a chasfar mo gharsún-sa ort." Do rugamair ar thrucaillíbh eile ag Leaba-na-Bó, agus ag Droichead na Leamhna, agus ag Binn Uisce, i dtreó is go raibh sochraid mhór againn ag déanamh ar Chill Áirne. Bhíomar tamall maith ag feitheamh ar an dtraen. Chualamair ag teacht í. Bhuail sí soir fé'n nDroichead mar a bhéadh sí ag dul uainn, ar dtúis. Do stad sí, agus d'fhill sí thar n-ais chughainne go réidh. Is amhlaidh a shleamhnuigh sí isteach le hais an árdáin. Ní dócha go raibh duine ar an árdán gan a chroidhe ag bualadh agus an traen ag éalughadh a leith chughainn tré shúil an droichid. "Ba dhóigh leat," arsa mise le Seaghán, "gur piast mhór í." "Agus cad eile í acht piast atá ag sloigeadh ár ndaoine uainn leis na bliadhantaibh," arsa sagart a bhí 'n-a sheasamh i n-aice liom. Do bhí gach éin-ne anois ag brúth isteach ar an dtraen, cuid aca ag gol, cuid aca ag tabhairt iarracht ar gháiridhe, is é teipithe glan ortha aon gháire a dhéanamh. Ba ghiorra dhóibh go mór an gol 'ná an gáire. Do bhuail giolla na traenach a chlog. Chrom na mná ar ghol. D'fhág Seaghán a shlán ag gach nduine againn. Bhí Léan ag gol go fuígheach. Bhí Taidhgín féin 'n-a sheasamh i n-aice na traenach agus an doras ar oscailt. Do leig an traen fead aisti. Do rug Taidhgín barróg ar a mhac. Ní fhéadfadh sé a rádh acht, "A Sheagháin! a Sheagháin!! a Sheagháin!!!" Do léim Seaghán isteach
'sa traen; agus mara mbéadh gur rug m'athair ar Thaidhgín do thuitfeadh sé. Ní miste a rádh ná go raibh uaigneas orrainn ag teacht abhaile. Agus nuair do chuireas-sa an t-uaigneas díom sé is mó a chuir ag macht- namh mé 'ná an rud adubhairt an sagart i dtaobh na traenach: "Cad eile í acht piast?" XIX. "S is fearr 'ná an tír seo Dith gach sléibhe ann — Bán-chnuic Eireann Ó." I gceann trí seachtmhaine tháinig scéala ó Sheaghán Thaidhgín. Dubhairt sé ná raibh aon bhreoidhteacht fairrge air ag dul anonn dó, go raibh sé go maith 'n-a shláinte, is go raibh súil aige le h-obair dh'fhághail i gceann cúpla lá. D'fhágas féin an baile i dtosach a tsamhraidh chun dul ar scoil i gCorcaigh, agus is beag de m' shaoghal a chaitheas 'sa bhaile, Cois Leamhna, ó shin. I ndeire an tsamhraidh fuaireas leitir ó Sheaghán:- "Ní cathair mar a tuairisc an áit seo. Bhíos seacht- mhain ar lorg oibre tar éis teacht annso. Ba dheacair mé a shásamh i dtosach na seachtmhaine, acht i ndeire na seachtmhaine bhíos sásta go leór mo scuab a láimhsiughadh agus dul ag glanadh na sráide. Táim anois le seacht seachtmhaine ag obair ar na bóithribh ar imeall na cathrach, is ní hobair go dtí san. Ní mar a chéile na bóithre annso agus na bóitre 'sa bhaile, is ní mar a chéile bheith ag obair annso is bheith ag obair 'sa bhaile. Lasmuigh de'n chathair is mar a chéile iad agus an bóthar atá ag dul isteach ar Phortach an Ghaorthaidh. Bíd 'n-a bpluda sa gheimhreadh agus na luaithreán 'sa tsamhradh. Obair
ana-throm iseadh an obair seo na mbóithre. Níl aon tsíneadh ar an gcinnfhearainn annso mar a bhíodh 'sa bhaile againn ag sábháilt an fhéir, acht do cheann fút ó mhaidin go hoidhche. Is beag má bhíonn cead agat labhairt leis an bhfear oibre is giorra dhuit, agus dá labharthá féin leis, b'fhéidir ná tuigfeadh sé thú. "Do b'fhearr liom 'ná rud maith dá mbeinn ar phort Pholl-na-Feithe anois. Ní bheinn i bhfad ag baint díom agus ag preabadh isteach. "Tá daoine annso as Éirinn, agus dob fhearr leo bheith sa bhaile, mara mbéadh de shlighe bheathadh aca acht ag bailiughadh na gceirteach. Tá cuid eile, agus do raghaidís abhaile i mbáireach dá leigfeadh an náire dhóib é. "Ba mhaith liom féin a bheith amuigh fé an dtuaith dá bhfaighinn obair ann, acht is leisc liom bogadh le heagla ná béadh agam acht turas in aistear. Ní hionann dul amach fe'n dtuaith 'sa dúthaigh seo agus gabháil an bóthar ó thuaidh chun Tráighlí, mar a dhéinid na spailpíní ag dul ag clúdach lastuaidh, i lár an earraigh. "Níor mhaith liom go mbéadh fhios ag m'athair 'ná ag Léan an méid seo. Ní fearra dhóibh fios a bheith aca. Tá fhios agam go bhfuil uaigneas ortha. Ní beag dóibh an t-uaigneas, agus gan buadhairt a bheith ortha i dteannta an uaignis." Seachtmhain roimh lá Aonaigh a' Phuic fuair Taidhgín dhá phúnt ó Sheaghán, agus leitir 'ghá rádh leis féirín a thabhairt do Léan i gcóir an aonaigh. Chuir so ana-áthas ar Thaidhgín. Níorbh é an t-airgead a bhí uaidh, acht go mbéadh sé le rádh aige, leis na comhar- sanaibh ag an aifreann Dé Domhnaigh, gur chuir a mhac airgead abhaile chuige. Um Shamhain agus mé i gCorcaigh fuaireas leitir eile ó Sheaghán. Ar seisean: "Táim-se anois ag obair istigh sa cathair. Táthar
ag déanamh díog mhóir tré lár na cathrach, agus meitheall mhór againn i mbun na h-oibre. Is minic mise, is mo cheann fúm, ag machtnamh ar an obair atá ar siubhal 'sa bhaile aca. "Tá fhios agam go bhfuilid anois ag baint na prátaí thuas i bPáirc a' Leasa. "Níor bhlaiseas práta fóghanta ó fhágas an baile. Bíonn blas na gréine ortha, nó blas na gaoithe, agus is cuma ciaca. "Dob fhearr liom ná págh seachtmhaine a bheith 'sa chistin seo agaibhse 'sa bhaile, agus na fir oibre ag suidhe chun dinnéir. 'Sé déarfadh do mháthair liom. "Suidh anall chun an bhúird, a Sheagháin." Geallaim-se dhuit ná h-iarrfainn-se puinn tathaint. Bhéadh cárnán de phrátaíbh plúracha, deagh-bhlasta ar m'aghaidh amach ar an mbord — agus an bainne! — Ní bhíonn a leithéid annso in aon chor. "Do casadh Diarmuid Óg orm an lá fé dheire. Tá sé mar ghiolla ar chapall is trucaill, ag bailiughadh salachar na sráide. Is maith atá fhios agat-sa gur ró bheag d'obair a thuit le Diarmuid 'sa bhaile. Tá sé ag obair annso, is nára maith aige. Fuaireas tuairisc mhic Pheig na n-Ubh. Bhí ag eirghe go maith leis ar dtúis tar éis teacht anall. I gceann tamaill do luigh sé ar ól. 'Sé an áit 'na bhfuil sé anois 'ná i dtigh na ngealt. Níl fhios agá mháthair cá bhfuil sé. Ní fearra dhí fios a bheith aici. "Dá mbéadh fhios aca annso i gceart cad as dó, do chuirfidís abhaile é, i slighe is ná béadh a chostas ortha ann so. Deirim-se leat ná fuil aon fhéith bhog sa Phuncán. Beidh a chuid féin aige, agus cuid an fhir thall má fhaghann sé greim air. "Tá an tsláinte go maith agam, moladh le Dia, acht ní maith liom an obair seo na sráide."
XX. Do chaith Seaghán deire an fhóghmhair agus cuid de'n gheimhreadh ag obair 'sa chathair, ag déanamh na díoga úd. Lá dá raibh sé ag obair le n-a phiocóid, do thuit cnapán cloiche anuas de thaobh na díoga ar a chois. Fuair a chos ana-dhroch-bhrughadh ar fad. Do leonadh a alt; do brughadh a chos istigh 'n-a bhróig, agus do scríobadh an fheoil anuas dá lurgain. Do cuireadh isteach in óispidéal é. Is ann a chaith sé an Nodlaig. Bhí eagla ar na dochtúiribh ar dtúis go gcaithfidís an chos a bhaint de Sheaghán, agus an droch ghortughadh a fuair sí, acht ní raibh braon fola i bhféith- eachaibh Sheagháin acht an braon folláin, agus do chneasaigh an chos i bhfad níos túisce 'ná mar a cheapadar. Bhí Seaghán bocht go troma-chroidheach ar feadh seacht mhaine, agus a chos ana-thinn ar fad. Ní raibh dhá uair a chluig codlata aige aon oidhche, acht é ag únfairt 'sa leabaidh, a chos tinn crochta i n-áirde leath-throigh os cionn na leapthan, agus gan neart aige í a chorruighe. Bhéadh an sgéal i bhfad ní ba mheasa aige mura mbéadh dochtúir óg a bhí ar dhochtúiribh an óispidéil. Corcuigh- each a b'eadh é, agus dá mba dearbhráthair dó Seaghán ní fhéadfadh sé a bheith níos cúramaighe 'n-a thaobh ná mar a bhí sé. I gceann mí fuair Seaghán cead suidhe ar chathaoir, agus a chos tinn aige ar shuidhistín; agus i gceann seachtmhaine eile thugadar maide croise dhó, i dtreó is go bhféadfadh sé beagán siubhlóide a dhéanamh, acht gan luighe ar an gcois bhacaigh. Lá, agus Seaghán 'n-a shuidhe 'sa chathaoir, tháinig an dochtúir óg isteach agus duine uasal le n-a chois.
Níor chuir Seaghan aon t-suím ionnta. Ba mhinic do thagadh daoine isteach ag féachaint an óispidéil, agus an dochtúir óg mar threóruidhe ortha. Ag féachaint amach ar an bhfuinneóig a bhí Seaghán, is é ag machtnamh ar cad a dhéanfadh sé agus a chos slán aige arís. "Canos tá an chos bhacach indiu?" ars an dochtúir óg le Seaghán. "Ó, tá sí ag dul i bhfeabhas go mór, a dhochtúir. Bogaim na méireanna anois, is ní ghortuigheann an bogadh mé," arsa Seaghán. "Nách shin é adubhart leat seachtmhain ó shoin. Seachain is ná cuir fút go fóill í." "Ní baoghal dom san a dhéanamh. Tá sí ró-lag." "Bíodh foidhne agat. Acht cogar, nách ó Chill Áirne thusa, a Sheagháin." "Níor bhfada uaidh mé, dá mbéinn 'sa bhaile, a dhochtúir." "An fada dhuit sa dúthaigh seo?" ar san duine uasal. "Nílim acht trí ráithe ann, a dhuine uasail." "Is dócha go mb'fhearr leat bheith sa bhaile." "Mhaise, go deimhin dob fhearr liom, a dhuine uasail." "Agus cad is ainm duit?" "Seaghán Ua Murthaile is ainm dom, acht sé Seaghán Thaidhgín a bhíodh mar ainm 'sa bhaile orm. Taidhgín is ainm do m'athair." "Seaghán Thaidhgín — Seaghán Thaidhgín!" ars an duine uasal. "Ní ó pharróiste na Tuatha thú?" "Seadh, mhaise. Is ann a rugamh agus a tógamh mé, agus is truagh mhór liom nách ann atáim anois," arsa Seaghán. "Rabhais riamh ar scoil an Chuileannaigh?" "Go deimhin do bhíos, acht is baoghalach ná raibh ionnam acht buachaill díomhaoin is mé ann."
"An cuimin leat lá fiadhaigh gur lean na scoláirí an fiadhach?" "Is ró-mhaith is cuimhin liom é, a dhuine uasail. Bhíos féin ar na scoláiríbh do lean an fiadhach" "Agus tusa d'oscail an geata do'n mhnaoi uasail gur imthigh a capall chun reatha léi?" "Is mé," arsa Seaghán. "Agus ná h-aithnigheann tú mise?" ars' an duine uasal, ag féachaint idir an dá shúil ar Sheaghán. "Go deimhin, ní aithnighim." "Nách cuimhin leat mé ag teacht go scoil an Chuilean- naigh an lá tar éis lae an fhiadhaigh?" "Is ró-mhaith is cuimhin liom ógánach uasal do theacht ag déanamh ár leith-scéil leis an máighistir mar gheall ar lá an fhiadhaigh. Agus an tusa an duine uasal úd?" "Is mé." "Ní aithneó'in pioc díot," arsa Seaghán. Annsan d'innis an fear eile do'n dochtúir cad a dhein Seaghán lá an fhiadhaigh, agus canos a shábháil sé anam na mná uaisle, agus a capall ag imtheacht ar buile i dtreó an gheata dúnta. "Cad tá ceapaithe agat ar a dhéanamh agus do chos slán agat?" ar seisean le Seaghán. "Ní fheadar, a dhuine uasail. Dá shuaraighe é an bothán atá ag m'athair 'sa bhaile, bhéadh slighe agam ann dá mbeinn i nÉirinn, acht annso ní fhéadfainn dánaidheacht a dhéanamh ar éin-ne." "Is fíor dhuit sin. Ní mar a chéile iad, Éire agus an dúthaigh seo" "A dhochtúir," ar seisean, "mbeidh sé i bhfad istigh annso?" "Caithfidh sé fuireach annso trí seachtmhaine eile, ar an gcuid is lugha dhe, agus 'n-a dhiaidh san níor cheart dó aon obair a dhéanamh go ceann mí nó sé seachtmhaine,
acht obair ana-éadtrom, obair ná luighfeadh ar an gcois aige," ars an dochtúir óg. "Nár bhfearra dhó gluaiseacht siar liom-sa anois?" "Sé an rud a d'oirfeadh dó, acht nár mhaith liom é scaoileadh amach go ceann tamaillín eile, le heagla é bheith ag luighe ar an gcois. B'fhéidir nách ró-fhuirist dochtúir d'fhagháil thiar annsúd agaibh-se," ars an doch- túir óg, ag cur smuta gáire as. "A' dtiucfair, a Sheagháin?" "Go deimhin tiucfad a dhuine uasail. Sé Dia féin a sheól isteach annso thú chugham," arsa Seaghán. An fhaid is bhí an t-óig-fhear ag aithris scéil lae an fhiadhaigh bhí súil aige Seaghán tuairisc éigin dh'fhághail ar an mnaoi uasail agus ar a pósadh. "B'fhéidir," ar seisean i n-aigne féin, "gur deirbhshiúr dó í nó gur clann clainne iad é féin is í féin, acht dá mbeadh ná cuirfeadh sé an méid sin i n-úil do'n dochtúir 'sa scéal." Bhí sé ar bharr theangan Sheagháin ceist a chur air, acht go raibh scáth air éin-ní a rádh i dtaobh na hóig-mhná os comhair an dochtúra. Tháinig bean-fhriteáilte isteach, is do labhair i gcogar leis an ndochtúir. "Fan annso go fóill," ar seisean. "Ní bhéad i bhfad," agus é ag dul amach ar an ndoras. Ní raibh acht tamall ó shin agus do shaoil Seaghán dá mbéadh sé féin agus an fear óg leó féin ná béadh aon cheist air labhairt leis i dtaobh na mná uaisle a bhí le na chois an lá úd tar éis lae an "fhiadhaigh; ach| anois, ní fheidir sé canos a thiucfadh sé ar an scéal, 'ná canos an ceann a bhaint de. 'Sa deire, ar seisean: "Chonnac an bhean uasal úd trí bliadhna ó shin." "Canad?" "Thíos ar an mBán Chluain. Chuala go raibh sí ag teacht anall annso?" J
"Agus cad chuige?" "Sé dubhairt cailíní na Bán-Chluanach go raibh sí ceapaithe ar Phuncán a phósadh." "B'fhéidir sin." "Cheapas féin," arsa Seaghán, agus a cheann fé, "da bpósadh sí éin-ne gur tusa a phósfadh sín" "Ní fuirist na mná a thomhas, a Sheagháin. Chím an dochtúir ag teacht, agus tá sé i n-am agam-sa bheith ag gluaiseacht. Cuir-se scéala chugham-sa," ar seisean, leis an ndochtúir, "nuair a bheidh cead a chos ag Seaghán." "Cuirfead," ars' an dochtúir. Bhí aithreachas ar Sheaghán gur labhair sé i n-aon chor. Bhí sé chomh dall is bhí sé riamh i dtaobh imtheachta na mná óige, agus cheap sé ná raibh an t-óg-fhear ró-bhuidheach dé. "Dob' fhearra dhom mo bhéal d'éisteacht; nách cuma dhomh-sa cé phósfadh sí nó ná pósfadh." Bhí sé mí-shásta, is ní fhéadfadh sé an mhí-shástacht a chur dé agus a dhícheall a dhéanamh. XXI. BAILE I bhFAD SIAR. Bhí cos Sheagháin ag dul i bhfeabhas i n-aghaidh an lae, agus i gcionn coigthighis chuir an dochtúir scéala siar go mbéadh Seaghán ag dul siar athrughadh mbáireach. Nuair do tháinig an lá ceapaithe dubhairt an dochtúir le Seaghán go mbéadh sé féin ag dul siar le n-a chois. Baile i bhFad Siar a thug sé ar an áit. Bhíodar tamall maith ar an dtraen, acht má bhíodar is beag de thuirse bhí ar Sheaghán. Ní bhéadh sé cortha go h-oidhche ag féachaint amach ar an ndúthaigh tar éis a bheith trí ráithe istigh sa chathair. Bhí an tráthnóna ann nuair do shroiseadar
Baile i bhFad Siar. Cé bhéadh ag an stad rómpa 'ná bean uasal na gruaige breagh' buidhe, agus capall is cóiste aici. Chuir sí na míle fáilte rómpa. Do leath a shúile ar Sheaghán le hiongnadh, acht nuair a thug sí póg agus dhá phóig do'n dochtúir bhí sé nách mór as a mheabhair ar fad Do chomáineadar leo abhaile. Bhíodar tamall maith ar an mbóthar. Droch-bhóthar abeadh é. Ba gheall le ciseach ag dul isteach ar Phortach Atháin cuid mhór dé. "Féach mo Phúncán ag an ngeata," ars an bhean uasal le Seaghán. 'Sé bhí ann 'ná marcach lae an fhiadhaigh. "Cad dubhart leat, a Sheagháin, acht nách fuirist na mná a thomhas?" ar seisean. "Tá eagla orm-sa," arsa Seaghán, "nách féidir liom sa an scéal so a thomhas ná a mheádhchaint ar aon chuma." "Is túisce deoch ná scéal," ars' an bhean uasal, "is ba cheart go mbéadh ocras orraibh." "Tá, ocras buile," ars an dochtúir. Mac do'n duine uasal a bhíodh mar mháighistir ar Thaobh na Geadaighe a beadh an t-ógánách. Fear ana-thuisgeanach ana-ghéarchúiseach a beadh a athair Cheap sé go mba cheart dá mhac eólas a bheith aige ar gach ní a bhain le curadóireacht, is le saothrughadh talmhan, i slighe go bhféadfadh sé comhairle mhaith a thabhairt do sna feirmeoiríbh a(bhéadh ag díol cíosa leis. Fuair an t-óg- ánach an t-eolas so. Nuair do tháinig fear eile laistigh dá athair ar sheilbh Thaobh na Geadaighe ní raibh fhios aige cad ab'fhearra dhó a dhéanamh. Do bheartuigh sé ar dhul go hAimeiricá. Cheannaigh sé reidhse mhaith talmhan, é féin is duine eile go raibh eolas maith ar an(áit aige. $D'éirigh go maith leo ó thús. Bhí sean-aithne aige féin agus an dochtúir ar a chéime ó bhíodar i gcolláiste thuas i mBaile Átha Cliath. Deirbhshiúr
do'n dochtúir a b/eadh an bhean uasal óg. Bhí geall- amhaint phósta idir í féin agus an marcach óg a bhí le n-a chois lá an fhiadhaigh. Nuair a thuig seisean tar éis bháis Mhaic Gille Choda, go mbéadh air dul ag tuilleamh do féin t'iarr sé airthi é scaoileadh ó n-a gheallamhaint, mar nár mhaith leis ise a bheith ceangailte i gcuing phósta le duine bocht gan talamh gan treó. "Má is cead do chinn agus do chos atá uait," ar sise, "bíodh sé agat, is déanfad-sa foidhne." "Níor mhaith liom aon cheangal a chur ort," ar seisean. "Ní gádh dhuit é," ar sise, "mar adúbhart leat cheana, déanfad-sa foidhne." Agus do dhein. I gcionn suim aimsire do chuir seisean scéala chúichi dul anonn chuige agus chomh maith do chuaidh, í féin agus q máthair, agus do phós sí Púncán, mar adubhairt cailíní na Bán Chluanach le Seaghán Thaidhgín. Níor bhfada go raibh Seaghán ar mhuin chapaill, agus as san amach bhí rith a ráis leis. An t-eolas a fuair sé i ngáirdín na Bán Chluanach, tháinig sé isteach go hana-áiseamhail anois dó féin is dá mháighistir. Ba ró-ghairid a bhí Seaghán ag teacht isteach ar canos tobac a chur is a shaothrughadh. Bhí an máighistir 'n fhear saidhbhir, agus é 'n-a shaoghal agus 'n-a shláinte. Acht dá mhéid saidhbhreas a bhéadh aige ba mhaith leis teacht abhaile go hÁrd-na-Gainimhe. Tháinig sé féin agus a bhean anall tar éis bháis a athar, agus Seaghán thall i mbun na háite. Bhíodh sé ag dul anonn 's anall, acht i ndeire na scríbe do dhíol sé an áit thall, is do tháinig abhaile go hÉireann agus Seaghán le na chois. 'Sé an scéal is déidheanaighe a chuala-sa uatha ná iad a bheith ag beartughadh chun tobach a chur i nÁrd-na-Gainimhe.
Ní raibh Seaghán acht na trí bliadhna thall nuair do fuair Taidhgín bás. Do cuireadh é thoir i dTeampall an Chnocáin. Do lean Léan Seaghán anonn go hAimeiricá, agus do phós sí thall. Is ann atá sí anois, acht go bhfuil súil aici i gcomhnuidhe teacht anall an bhliadhain seo chughainn. Níor tháinig an bhliadhain úd fós. Do leagadh tigh Thaidhgín, is do cuireadh clocha an tighe i gclaidhe an bhóithrín. Táid na ba ag ingníor anois ar láthair an tighe. Ba dhóigh leat ná raibh tigh ná teaghlach riamh ann, acht amháin go dtabharfá fé ndeara gur mísle is gur luime an féar ann ná i n-aon chuid eile de'n pháirc. A CHRÍOCH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services