Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Muinntear na Tuatha

Title
Muinntear na Tuatha
Author(s)
Ó Dubhghaill, Séamus 1855-1929,
Pen Name
Beirt Fhear
Composition Date
1921
Publisher
Gill, M.H. & Son, Ltd

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


MUINNTEAR NA TUATHA.



AN FIADHACH.



Nuair do bhíos-sa im' gharsún bhíodh gadhair fiadhaigh ag
na Conallaigh, ag clainn Shéamuis 'ach Murchadha. Dear-
bhráthair do Dhomhnall mór Ó Conaill a b'eadh Séamus,
agus an fhaid is mhair an sean-fhear níor scar sé leis na
gadhair, acht nuair a cailleadh é níor fhan na gadhair i
bhfad 'n-a dhiaidh. Ba mhinic a thagaidís ag fiadhach 'sa
gcomharsanacht so againn-ne, agus is rómpa do bhíodh
an fháilte ag óg is críonna. Dá mbéadh giarrfhiadh i
gCnoc na Grafaidhe nó ar thaoibh an Chnocáin Ruaidh níor
bhaoghal d'éinne baint leis chun go dtagadh na fiadhaidhthe
agus na gadhair fiadhaigh ar a thóir.



Ní raibh sa pharóiste seo againn-ne an uair sin acht an
t-aon scoil, scoil an Chuileannaigh. Tá chúig cinn aca
anois ann. Bhí an scoil cúpla míle ó thig m'athar, is gan
aon tigh eile i ngiorracht cúpla páirce d'ár dtig-na, acht
mar sin féin is ró-annamh do bhinn-se gan chuideachta ag
gabháil soir dhom ar maidin chun na scoile. Bhéadh
Seaghán Thaidhgín ó cheann an bhóithrín, nó mac Shéamuis a'
Charrthaigh ó'n Lios, lem' chois go minic; nó bhéadh
Domhnall Óg Ó Bruighin ag feitheamh liom, is é ag
faireadh ar bhradán i bPoll na Féithe nó i n-aice le
Droichead na Geadaighe. Ba dhíomhaoin an mac é an
Domhnall céadna.



Maidean earraigh ag dul ar scoil dom, agus mé
buille beag déidheanach thánga suas leis an gcuid eile,
is iad bailighthe mór dtimcheall ar Thadhg Gabha, agus
eisean ag cur iarainn ar rothaidhibh do Dháith Sheagháin
i n-aice le súil an droichid. I gcionn tamaill do


L. 2


bhailigheamair go léir linn, go mall righin, mar is gnáthach
le scoláiribh scoile, agus ar an dtaobh thall de'n
droichead cé bhéadh romhainn ar an mbóthar ná Siobhán a'
Ghanndail. Leath-óinseach bhocht a b'eadh Siobhán is gan
de shlighe-bheatha aici acht ag siubhal roimpi. B'ana-
fhuirist eagla a chur uirthi. Dá mbéadh scata géanna
agus ganndal ortha ar an mbóthar roímpi ní leigfeadh an
t-eagla do Shiobhán gabháil tharsta. Do baisteadh Siobhán
a' Ghanndail mar leas-ainm uirthi, agus go deimhin féin
níor chuala-sa riamh aon ainm eile ar Shiobhán bhocht. Bhí
sí ana-dhiadhaithe ar fad, agus tar éis an Aifrinn Dia
Domhnaigh ní sháiseochadh aon áit Siobhán acht le h-ais
tobán an uisce coisreacan, a paidrín 'na láimh aici, is í
ag stealladh an uisce ar an bpobal ar dhul amach dóibh.
Is baoghlach gur 'mdhó paidir ná raibh ró-fhóghanta do
fuair Siobhán de bharr a saothair, go mór-mhór ó sna
cailíníbh óga go mbíodh hataí péacacha agus ribíní deasa
ortha; acht bhíodh eagla ortha focal a rádh, mar bhí fhios
aca go maith dá mbéadh fearg uirthi nár mhaith an bhail
ortha teanga Shiobhán an Ghanndail a tharrach ortha.



"Go mbeannuighidh Dia dhuit, a Shiobhán," arsa duine
againn.



"Mhaise, go mbeannuighidh Dia is Muire is Pádraig
dhaoibh, a bhuachaillí," arsa Siobhán, agus í ag cur dí fé
dhéin an droichid, "Is dócha," ar sise, "ná feacabhair
aon ghanndal ar an mbóthar."



"Ó," ars' an Cárrthach óg, "tá scata géanna agus
ganndal mór bán ortha, i n-aice le Cnoc Fhearainn Uí
Fhloinn."



"Agus," arsa Seaghán Thaidhgín, "a Shiobhán, má tá fonn
ort an Pháirc Gharbh a bhaint amach, seachain tarbh Sheagháin
Dhiarmada."



Ar ndóighthir, ní raibh gé 'ná ganndal ar an mbóthar,
agus bhí an tarbh úd ceangailte istigh i gcró. D'fhágamair


L. 3


Siobhán 'na seasamh i lár an bhóthar ag ceann an droichid,
agus bhuaileamair linn soir an bóthar, is gan puinn
deabhaidh orainn. Níor bhfada go raibh sise ar sodar
'nár ndiaidh, is í ag cainnt 's ag cnáimhseáil. Ní rabh-
amair acht díreach ag sean-teampall Chill Lócháin nuair
do chonnacamair na fiadhaidhthe agus na gadhair fiadhaigh
ag gabháil chughainn anoir ó Dhrom a' Lócháin. Siúd chun
siubhail sinn ar stealladh, agus nuair do shroiseamair
crois Cheathramha na hUmhan 'sé an áit 'na raibh siad-san
ná ag tigh an tsagairt. D'fhanamair ag an gcrois chun
go dtángadar. Bhí seisear nó mór-sheisear de dhaoinibh
uaisle ann, agus aon bhean uasal amháin. Do stadadar
tamall ag an gcrois, agus siúd an bóithrín siar leo, idir
mharcaigh is gadhair. Ní túisce bhíodar-san imthighthe 'ná
do chaith Seaghán Thaidhgín an fód móna bhí fén' oscaill
aige, i n-áirde sa spéir. Dhéin an chuid eile go léir an
cleas céadna acht amháin mé fhéin. Bhí fonn is faitcheas
orm-sa. Ba mhaith liom an fiadhach a leanamhaint, acht bhí
'fhios agam go dian-mhaith dá mbéadh 'fhios ag m'athair ná
rabhas-sa ar scoil tar éis é 'om chur ann, go ndíolfainn
go daor as mo chuid spóirt. Bhí an chuid eile ag tathant
orm dul leo, act ní raibh aon mhaitheas dóibh ann. Bhíos
ag bogadh liom soir go mall, righin, troma-chroidheach.
Chrom na buachaillí eile ar bheith ag magadh fúm.



"Nach é an peata é," arsa duine aca, "agus an t-eagla
a chuireann slat an mháighistir air."



"Ná bac leis an leanbh bocht," adeir fear eile,
"b'fhéidir go mbéadh mísleáin 'na chóir ag an máighistreás
nuair a bheidh sé ag dul suas chuichi ar ball le teachtair-
eacht ó'n máighistir, agus cá bhfios daoibh ná go bhfaghadh
sé póg uaithi i dteannta na mísleán?"



"Airiú! ní mísleáin 'ná a leithéidí atá uaidh," arsa
Domhnall Ó Bruighin, "acht gearán a dhéanamh orrainn-ne
leis an máighistir, d'fhonn is go mbéadh fiadhach aca 'nár


L. 4


ndiaidh. Cuirfear an máighistir óg agus na gadhair
fiadhaigh ar ár dtóir, agus an buachaill macánta so
mar phíolóitidhe ortha. Beidh a chuid 's a chlú aige."



Bhí an scéal go dian orm. Ní rabhas riamh im' ghear-
ánaidhe. Níor mhaith liom anois 'ná riamh cúl-chainnt
do dhéanamh ar éinne. Bhí 'fhios agam go maith dá dtéidhinn
ar scoil im'aonar go mbéadh an máighistir ag cur tuairisg
na coda eile orm. Níor mhaith liom sgéitheadh ortha, is
níor mhaith liom bréag dh'innsint. "Cad a dhéanfad,"
arsa mise im' aigne féin. Do dheineas an rud ba mhaith
liom a dhéanamh ó thús. Chaitheas uaim m'fhód móna, is do
leanas an chuid eile. Do liúghadar-san go léir le
h-áthas.



Bhí bróga ar chuid againn; agus tá 'fhios ag an saoghal
gur trom an t-ualach iad bróga ar gharsún la fiadhaigh
Do bhaineamair dínn na bróga is do chuireamair iad féin
agus ár gcuid leabhar i bhfolach i dtor mór aitinn ar
chlaidhe an bhóithrín. Siúd siar sinn chun go dtángamar
chomh fada le taobh na habhna. Bhí an Gheadach ró-árd
dúinn an áth a ghabháil, acht le hádhmharaighe an domhain bhí
mac Chathail na Bó ag cur gairbhéil amach ar an mbóthar,
agus chuir seisean thar abhainn anonn sinn. 'Na dhiaidh
sin níor bh'fada dhúinn chun gur rugamar ar an bhfiadhach.
I gcionn tamaill d'eirigh gearrfhiadh as a ghnatóig.
Preabaire téagartha láidir a b'eadh é. Siúd chun siubhail
é, agus siúd na gadhair go dian ar a thóir, agus na
marcaigh ar shálaibh na ngadhar. Bhí súil againn go
mbuailfeadh sé siar ó thuaidh tré Chnoc-na-Grafaidhe,
agus go mbéadh radharc breágh againn-ne ar an bhfiadhach
ó'n gcnoc, acht do bhí a mhalairt d'fhuadar fé. Féaránach
anuas ó sna cnuic a b'eadh an buachaill úd. Is ar na
cnuic do thug sé aghaidh anois. Siúd ó dheas é. Cuir sé an
abha anonn dé, agus isteach leis i lár phortaigh an Ghuirt-
bhuidhe ag bun na gcnoc. Thug na gadhair iarracht ar an


L. 5


ngearrfiadh a leanamhaint, acht ba bheag an mhaitheas dóibh
é. Do shéid an adharc, agus an méid aca do chuaidh thar
abhainn anonn d'fhilleadar anall 'na gceann agus 'na
gceann, is ba dhóigh leat le féachaint ortha go raibh sórt
náire ortha d'rádh is gur scaoileadar uatha an gearrfhiadh.
Bíonn a chiall féin ag an ngadhar.



Chuarduigheamair na h-oileáin cois na h-abhna. Bhuail
Diarmuid Maor linn is a chleith aige. Níor bhac sé féin
ná na maoir eile le maoirseacht na haibhne an la so.
Níor bhac éinne le hobair la an fhiadhaigh. Do bhí Tadhg
Gabha 'na sheasamh ar an ndroichead, a phíop 'na bhéal aige
agus a dhá láim sáithte isteach fé'n aprún ghléigeal,
aghaidh air chomh geal len' aprún, is dhá chnap shúil air
ag faireadh ar na marcachaibh agus ar na gadharaibh ag
cuardach na n-oileán. Má dhearg Tadhg a phíop aon uair
amháin, do dhearg sé seacht n-uaire í. Tar éis tarrach
nó dhó a bhaint aisti do stadfadh sé, acht mar sin féin ní
bheadh sé sásta gan an tsean-dhúidín a bheith 'na bhéal aige.
Bhí Dáith Sheagháin féin ann, a ucht buailte ar shlait an
droichid, is é 'ghá chásamh an la do bheith caithte agus gan
aon nídh déanta aige. Féach! Cé hé siúd thall ar
Fhaill a' Droichid, agus sgiatháin air ag bagairt ar lucht
an fhiadhaigh? Ní dócha go bhfuil fhios ag aoinne cad tá
ar siubhal aige. Donnchadh Breac atá ann. Bí sé ag
treabhadh i bpáirc na Cille, agus sinne ag dul ar scoil.
D'fhág sé a sheisreach 'na seasamh i lár na páirce. Is
dóigh le Donnchadh ná fuil 'fhios ag éinne acht aige féin
cá mbéadh gearrfhiad le fagháil. 'Siad na geáitsí atá fé
anois 'ná a d'iarraidh a chur i n-úil do sna fiadhaidhthibh
go bhfuil gearrfhiadh i mball éigin i gan fhios do'n tsaoghal
go léir, acht do Dhonnchadh Bhreac.



Ní bheinn féin sásta gan bheith istigh i measc na ngadhar.
Bhíos ag faireadh ar ghadhar mhór bhreac, is dhá chluais mhóra
air. Bhí sé ag cur de agus a shrón ar an dtalamh. Do


L. 6


thóg sé a cheann; do chuir sé glom as, agus d'imthigh air.
Dhein ceann eile an cleas céadna. Siúd chun siubhail iad
go léir agus ceol aca. Ní fheaca-sa aon ghearrfhiadh ná
a rian, acht chuala na daoine ag liúghrigh agus iad n-a
seasamh ar na clathachaibh. Thugas féin agus na buachaillí
eile iarracht ar choimeád suas leis na fiadhaidhthibh, acht
níor fhéadamair é. Bhí an tóir ró-dhian. Suas linn ar
thaobh Chnoc-na-Grafaidhe, agus as san síos go Cnoc
Fhearainn Uí Fhloinn. Bhí radharc áluinn againn anois ar
ghadar is ar chapall. Síos leó cois na habhna ar steal-
ladh, chun go dtángadar chomh fada le Glaise 'n Phortuigh.
Do chasadar siar tré Ghort-na-Sceiche agus gan stad
leo chun gur bhaineadar amach tigh na Scairte.



Tá corrach Chill Ghobnatan i dteorainn na Scairte. Ní
bhfuaireas féin aon radharc ar an ngearrfhiadh fós,
acht siúd na gadhair isteach i lár an chorraigh is iad ag
rith anonn 's anall. Siar linne an bóthar agus isteach
tré láitreán an Rinnceadh is tré Pháirc an Ghalláin.



An fhaid is bhí na gadhair istigh 'sa chorrach d'fhan na mar-
caigh cois tighe na Scairte, féachaint cá ngeóbhadh an
gearrfhiadh. Do bhuail cuid aca siar thar Ghlaise na
bhFigheadóirí, agus thar teórainn isteach i dtalamh
mhuinntir Chéilleachair, le hais an chorraigh. Do bhíodar
ag cur díobh siar ó dheas ar imeall an chorraigh chun gur
thángadar ar an nglaise arís i dteorainn na Sean-
Chluanachar an dtaoibh theas de'n chorrach. Bhíomair-ne
ag faireadh agus sinn 'n-ár seasamh ar mhullach claidhe.



Níor bhfada go bhfeacamair chughainn aníos an gearr-
fhiadh, an créatúirín bocht, agus í leath-bháithte traochta
I gceann tamaill do tháinig na gadhair amach as an gcor-
rach, iad lán de charta, agus suaidhte tuirseach go leór.
Do leanadar an gearrfhiadh, is do leanamair-ne iad-san
ar feadh tamaill bhig. Níor dheacair coimeád suas leo
anois. Bhí na marcuigh ag gluaiseacht go tiugh. Seo


L. 7


chughainn aniar triúr nó ceathrar aca ar cos-in-áirde,
agus an bhean uasal ar tosach. Bhí bóithrín cumhang ann,
geata ar thaobh de, agus beárna cloch ar an dtaobh eile.
Bhí an geata dúnta. Ní fhéadfadh aon chapall dár mhair
riamh an geata agus an bheárna a ghlanadh. Do bhí capall
na mná-uaisle ag déanamh ar an ngeata. Bhí marcach
eile na diaidh agus é a d'iarraidh teacht suas léi:
act ní raibh aon mhaitheas dó ann. Bhí droch-fhuadar fé
chapall na mná-uaisle. Ní raibh an geata seacht ramhaine
uatha. Bhíos féin ar crith. Bhíomair go léir ar crith.
"Marbhóchar í," arsa mise, is mo chroidhe im béal agam.
Acht an fhaid is bheitheá ag cimilt do chluaise bhí Seaghán
Thaidhgín anuas de'n chlaidhe ar an mbóithrín, an geata
oscailte aige, agus an bhean uasal 's a capall thar bheár-
nain isteach mar a bhéadh éan. Do lean na marcaigh eile
í; acht geallaim-se dhuit gur bhain sise an teasbach dá
capall nuair do fuair sí 'sa Pháirc-Mhóir é. Bhí sé
mínighthe aici ag fágaint na páirce úd.



Shaoileamair go raibh an gearrfhiadh agus na gadhair
i bhfad uainn fé'n dtaca so; acht ní mar sin a bhí.
Do bhí, is dócha, an créatúirín ag déanamh ar na
hoileánaibh soir — mar is gnáthach le gearrfhiadh iarr-
acht a thabairt ar filleadh abhaile. Bhí an tóir ró-
dhian, amhthach. Do baineadh casadh aisti ag bóthar
an Leasa. Siar léi ag déanamh ar Chrois na Sean-
Chluanach. Ba thruagh leat bheith ag féachaint airthi. Ba
gheall le caitín leath-bháidhte í. Ar éigin a raibh tuirt
an cuitín féin innti, agus í ag suathadh anonn 's anall a
d'iarraidh-bailiughadh léi. B' fhuirist aithint nárbh fada
uaithi. Bhí sí ag cur di go mall tuirseach traochta, agus
an gadhar mór breac ar a sálaibh. Bhí an gadhar ag cur
go dian airthi. Do bhéic sí díreach mar a bhéicfeadh leanbh.
Thug sí iarracht ar chasadh isteach i mbannrach Philib
Thaidhg. Thug an gadhar mór breac fúithí. Do sgread


L. 8


sí go truaighmhéileach. Do rug an gadhar airthi, agus
thug fáscadh dhi a chuir deire léi. Ní raibh 'na dhiaidh san
acht gearrfhiadh idir chonairt.



Do bhí na marcuigh agus na daoine go léir cruinnighthe
ar an mbóthar. Bhí na gadhair fiadhaigh ag balaitheoireacht
mór-dtimcheall an bhannraigh. Bhí tart is ocras ortha.
Do shéid fiadhaidhe na ngadhar an adharc, d'fhonn iad go
léir a bhailiughadh. Bhí gach uile dhuine ag ullmhughadh chun
bóthair. Bhí an bhean uasal ann — bean bhreagh dhathamhail
ab' eadh í, is cúl gruaige breagh buidhe airthi. Bhíodar
go léir ag cur cúrsaí an lae tré na chéile. I mBéarla
bhí na marcaigh ag cainnt. Ní raibh an Ghaedhilig ag uaislibh
óga na hÉireann fé'n am san. Ní raibh sí caillte ar
fad ag cuid de sna sean-uaislibh. Ba dhian-mhaith an
Ghaedhilig a bhí ag sean-Shéamus 'ach Murchadha féin, is gan
focal dí ag duine dá chlainn, agus is mar a chéile an
scéal é indiu ag sliocht a sleachta.



Chuala-sa an bhean uasal 'á rádh le marcach óg a bhí i
n-aice léi go mba mhaith léi a fhios a bheith aici cé'rbh é an
buachaill d'oscail geata an bhóithrín ó chianaibh di.



"A bhfeiceann tú annso é?" ar seisean.



"Agus dá bhfeicinn féin, dar ndóich," ar sise, "ní
aithneo'inn é; bhí a leithéid d'fhuadar fé mo chapall ná
raibh am agam féachaint air, is mé ag dul treasna an
bhóithrín. Féach a' bhfuil sé annso, má sé do thoil é."



"A' bhfuil fhios ag éinne," ars an duine uasal go hós
árd, "cé hé oscail geata an bhóithrín ó chianaibh do'n
mhnaoi uasail seo?"



D'fhéachas féin anonn ar Sheaghán Thaidhgín, acht ní raibh
bogadh as.



"Tá 'fhios agam-sa cé hé féin," ar sa mise.



"A' bhfuil sé annso?" ars an marcach óg.



"Tá," arsa mise. "Siúd é thall é, Seaghán
Thaidhgín."


L. 9


"Tar a leith annso chugham, a Sheagháin," ars' an duine
uasal.



Bhuail Seaghán i leith chucha, is ba dhóigh leat air gur
chun a chrochta a bhítheas. Tháinig an bhean uasal anuas dá
capall.



"Anois, a bhuachaillín," ar sise, "is ceart domh-sa bheith
go hana-bhuidheach ar fad díot. Do shábháilis m'anam
indiu. Muna mbeadh gur osclais-se geata an bhóithrín
romham-sa ó chianaibhín, is baoghlach nach annso do bheinn
anois; acht moladh le Dia gan droch-scéal againn i
ndeire an lae, agus is ort-sa amháin is ar Dhia na glóire
is ceart a bhuidheachas san a bheith. Agus mo lámh is
m'fhocal duit," ar sise, ag síneadh a láimhe chun Seagháin
"nach baoghal domh-sa dearmhad a dhéanamh ar an la 'ndiu
an dá la dhéag agus mhairfeadh."



Bhí scáth ar Sheaghán ar dtús, acht bhí a mhisneach ag teacht
chuige.



"Is dócha go mbíonn tú ar scoil," ars an duine uasal
óg.



"Bím," arsa Seaghán.



"Cá mbíonn tú ar scoil?"



"Ar scoil an Chuileannaigh."



"Ní rabhais ar scoil indiu, is dócha."



"Ní rabhas."



"Agus ca' na thaobh?"



"Ní fheadar," arsa Seaghán go scáthamhail.



"Ó, tuigim," ars' an marcach óg. "Mheall an fiadhach
thú féin is na garsúin eile; acht is dócha go mbeir ar
scoil imbáireach."



"Béad, le congnamh Dé."



"Agus is dócha go mbeidh an máighistir dian oraibh
mar gheall ar obair an lae 'ndiu."



"Is baoghlach go mbeidh, a dhuine uasail, acht níl leigheas
air anois."


L. 10


Mhaise, go deimhin, is fíor dhuit sin. Seo féirín
duit," agus do shín sé leath-choróin chun Seagháin.



"Go méaduighidh Dia thú, a dhuine uasail," arsa
Seaghán. Bhí na marcaigh go léir imthighthe fé'n am so,
acht é féin agus an bhean uasal. Nuair bhíodar-san ag
imtheacht chuireamair go léir ár mbeannacht leo go
dúthrachtach. D'árduigh an duine uasal a chaipín dá
cheann; do leig an bhean uasal mion-gháire aisti ag
féachaint siar orainne, agus siúd chun siubhal iad ar cos-
in-áirde,



II.



TRÁTHNÓNA BUARDHARTHA.



Bhí iachall orainn filleadh thar n-ais a d'iarraidh na
leabhar agus na mbróg. Bhí ocras orainn, ní nach ion-
ghnadh, acht ba mhaith an díol ar Sheaghán Thaidhgín é, leath
choróin a bheith aige Do cheannuigh sé luach réil de
bhuilíníbh i siopa an bhóthair. Is mdhó (iomdha) biadh milis
do bhlaiseas ó an la úd go dtí an la 'ndiu, acht nior
bhlaiseas riamh 'ná ó shoin aon bhiadh ba mhilse 'ná builín
lae an fhiadhaigh. Is maith an t-annlann an t-ocras.



Níor mhaith linn an bóthar a ghabháil. Níor bhfios cé
casfaidhe orainn. Do b'fhearr linn ná feicfeadh scol-
áirí na scoile féin sinn. Bhí an la ana-thirim ar fad,
is bhí fhios againn go mbéadh an Gheadach i bhfad níos ísle
ná mar a bhí sí ar maidin.



Isteach linn i Móinfhéar Gharbh Shéamuis Uí Shéagha
is tríd na hoileánaibh suas cois na h-abhna, agus thar
áth anonn go bun na faille. Ní rabhamair i bhfad ag cur
an bhóithrín soir dínn chun gur aimsigheamair an tor
'n ar fhágamair na bróga agus na leabhair. Mo chreach
is mo chrádh ní raibh bróg 'ná leabhar 'sa tor. Deir
an sean-fhocal gur cuma le fear na mbróg cá chuireann


L. 11


sé a chos, acht anois dob' iad buachaillí na mbróg do
bhí ag seinim na bport uaigneach Bhí an scéal dona go
leor ag lucht na leabhar, acht do thuit an tubaiste ar
fad ar fhear na mbróg. Do chrom cuid againn ar
phusaigheal ghuil.



"Cad é an mhaitheas daoibh bheith ag gol," ars an
Cárrthach óg.



"Ó, is bog a thagann cainnt chugat-sa," arsa duine
eile, "níor chaillis-se acht do shean-leabhar, acht ní'l
aon ghnó abhaile agam-sa anocht gan mo bhróga."



"Acht dá mbeitheá ag olagón chun go dtuitfeadh na
súile asat, cad a bhéadh dá bharra agat i ndeire na
scríbe?"



"Tá fhios agam-sa go fíor-mhaith cad a bheidh de bharr
an lae agam-sa," arsa mise, "beidh greadadh ó m'athair
agus scalladh teangan óm' mháthair. Acht, cogar, cá
bh'fhios dúinn nach amhlaidh a thóg duine éigin na bróga
agus na leabhair as an dtor so chun iad a chur i bhfolach i
n-áit eile, d'fhonn is go mbainfeadh sé preab asainn?
Cuarduighmís dhá chlaidhe an bhóithrín."



Do chuarduighmair, acht sin a raibh dá bharra againn.
Ní raibh leabhar ná bróg le fagháil i bpoll ná i bpóirse,
thall ná i bhfus.



"Cad is dóigh leath-sa, a Sheagháin," arsa Domhmall
Ó Bruighin, le Seagháin Thaidhgín, "ar goideadh iad nó ar
ith na ba iad?"



"Níor ith na ba iad, mar dá n-íosfaidís bhéadh a rian
i mball éigin. D'árduigh duine éigin leis iad, agus
nár éirighidh a thuras leis, pé hé féin."



"An dóigh leat a' raibh éinne ag féachaint orainn agus
sinn ag cur na leabhar is na mbróg i bhfolach?"



"Cá bhfios domh-sa ciaca raibh nó ná raibh, acht sé mo
thuairim go raibh Siobhán a Ghanndail 'na seasamh ar an
mbóthar is go bhfeaca sí sinn.


L. 12


Bhíomar go léir go cráidhte, is gan fhios ag duine
againn cad a b'fhearra dhúinn a dhéanamh, nuair do bhuail
mac Chathail na Bó an bóithrín aniar chughainn, é féin agus
a chapaillín, fuip casta thar a ghualainn, taoscán gairbhéil
'sa trucaill aige, é 'n-a shuidhe ar thóin cléibh istigh i lár
na trucailleach, agus gan an saoghal ag cur puinn triob-
lóide air.



"Cad tá oraibh, a bhuachaillí, nó ar chailleabhair aon-ní?"



"Do chailleamair go léir ár gcuid leabhar, agus do
chaill cuid againn ár mbróga. Do chuireamair iad go
léir i dtor ar maidin. Níl a dtuairisc ann anois.
Do goideadh iad," arsa mise.



"B'fhéidir gur ith na ba iad. Ná fuil fhios agaibh gur
ith ceann aca eirball casóige Sheághain Dhiarmada tá
seachtmhain ó shoin, is gur ith ceann eile aca bríste an
asail ar Fhinghín a' Dúna."



"Ní dóigh liom-sa," arsa Seaghán Thaidhgín, "go raibh
aon bhaint ag buin ná ag gamhain leo. Do goideadh iad."



"Cé ghoidfeadh dorn sean-bhróg agus beart sean-
leabhar?"



"Is dóigh le cuid againn gurab í Siobhán a' Ghanndail
a ghoid iad. A bhfuil fhios agat cá bhfuil sí?"



"Ní fheaca-sa ó mhaidin í; acht cuireann sí fúithi go
minic i dtigh Fhinghín a' Dúna, is b'fhéidir go mbéadh sí ann
anois."



Bhí tigh Fhinghín ar thaobh an bhóthair idir an gcrois agus
an droichead. Siar linn ar sodar. Níor labhair duine
againn focal ag gabháil siar dúinn. 'Sé mo thuairim
féin gur cheap gach duine againn ná béadh ann acht turas
i n-aistear. Bhí bean Fhínghín ag an ndoras romhainn.



"Tá mo shúile cam," ar sise, "ag féachaint siar an
bhóthar ó ghaibh na fiadhaidhthe soir, le súil is go mbéadh
sibh-se ag teacht aniar ó'n ndroichead. D'fhág mac
Chathail na Bó dorn leabhar agus cúpla feidhre bróg


L. 13


annso ó chiainib. Dubhairt sé gur libh-se iad, gur
chuireabhair i bhfolach i dtor iad ar maidin, agus mara
mbéadh eisean go mbéadh na bróga ithte ag na buaibh.
Seo dhaoibh anois iad, is bailighidh libh abhaile. Tá an
chuid eile 'sa bhaile i bhfad ó shoin; dúbhart-sa leó,
ag gabháil siar dóibh, a rádh libh-se go raibh na bróga
agus na leabhair i gcoimeád agam-sa."



Níor fhanamar leis na bróga a chur orainn, acht bail-
iughadh linn gan mhoill chun gur bhaineamair Droichead na
Geadaighe amach. Chualamair príntíseach Thaidhg Gabha ag
séideadh na mbuilg istigh 'sa cheárdchain, agus chonnac-
amair an gabha féin, a chasúr na láimh aige, is é
ag baint cheoil as an inneóin. Ba ghnáthach linn
seasamh ag doras na ceárdhchan agus iarracht a
thabhairt ar bhreith ar na spréachaibh a bhíodh ag imtheacht
mar a bhéadh cioth as an iarrann dearg fé bhuillíbh chasúir
Thaidhg. Acht anois ní raibh aon fhonn orainn fuireach.
Bhí a mhalairt de chúram orainn i n-éagmuis bheith ag fair-
eadh ar an ngabha is ar na spréachaibh. Do ghaibh cuid
againn siar an bóthar díreach — buachaillí an Leasa agus
buachaillí na Sean-Chluanach. Ní chuimhin liom i gceart
anois cé hiad a bhí ann, acht chomh maith is tá cuimhneamh
agam air, sé is dóigh liom go raibh triúr nó ceathrar ó an
Lios ann agus duine nó beirt ó an Sean-Chluain.
Nuair a bhíomair ag scaramhaint le chéile i dtaobh thiar
de'n droichead, do dhearmhadamar, rud ab' annamh
linn, scrath ná fód a chaitheamh le n-a chéile.



Ní raibh ag gabháil le mo chois-se acht beirt, Seaghán
Thaidhgín agus Domhnall óg Ó Bruighin. Bhí gach duine
againn a d'iarraidh leath-scéil a chumadh, acht ba bheag ar
mhaitheas dúinn é. Ba mhó d'eagla a bhí orm-sa ná ortha-
san. Fear oibre a beadh athair Sheagháin. Bhí sé na
bhaintreach le fada, is gan de choimeádaidhe tighe aige acht
Léan, a inghean. Níor bhaoghal do Thaidhgín a bheith sa


L. 14


bhaile, agus níor lugha ná san nár bhaoghal do Léan aon
ghearán a dhéanamh le na h-athair i dtaobh a dearbhráthar.



Bhí dhá fheirm talmhan ag athair Dhomhnaill Óig: ceann
aca i n-aice linn-ne, agus ceann eile thiar imeasc na
ngleann, agus is ann a bhíodh sé 'na chomhnuidhe. Ní raibh
aon scoil aca ins na gleanntaibh acht scoil ana-fhada ó
bhaile, agus d'fhonn is ná béadh a mhac gan scoluidheacht do
chuir Domhnall Ó Bruighin é aniar annso fé chúram reacht-
aire na feirme. Bhí a shaoghal ar a thoil féin ag Dómhnall
Óg, gan athair ná máthair chun é smachtughadh, is gan
beann aige ar chainnt 'ná ar chomhairle an reachtaire.



D'fhágas féin an bheirt ag ceann an bhóithrín. Ba
ghnáthach liom gabháil siar treasna na bpáirceanna, acht
do leanas an bóithrín an bobhta so, le súil is ná
feicfeadh éin-ne mé. Nuair do shroiseas an teiníl
(teine aoil) cúpla páirch ó'n dtigh do chuireas orm
mo bhróga. Bhí na ba i bPáirc na Teiníolach, is iad go
léir n-a seasamh i mbéal na beárnan, ag faire ar dhul
abhaile. Dob' é mo ghnó-sa na ba a thiomáint abhaile
tráthnóna chun a gcrúidhte, is ba mhithid dóibh a bheith 'sa
bhaile um an dtaca so, agus istigh 'sa chró.



Do shocruigheas mo bheart leabhar fé m'oscaill, do
dhírigheas mo chaipín ar mo cheann, is do chromas ar
fheaduigheal — mar dheadh is ná raibh aon eagla orm, agus
mo chroidhe ag preabarnaigh istigh i m' chliabh. Bhí fhios
agam go dian-mhaith gur bheag an mhaitheas dom a bheith
d'iarraidh m'athair a dhalladh, 'ná a mhealladh le leath-
scéal bacach. Ní bhéadh ann agam acht a d'iarraidh
púicín a chur ar shúilibh shean-chait. Ba cheart domh-sa bheith
'sa bhaile uair a chluig ó shoin; is do bhí clog againn-ne.
Is beag duine anois gan a chlog aige, agus an té nach
bhfuil a clog crochta ar thaobh an fhalla aige tá a phíosa
miotallach 'na phóca aige. Níor mhar sin do mhuinntir na
Tuatha seacht mbliadna déag ar fhichid ó shin. Bhí clog


L. 15


i dtigh an tsagairt, is i dtigh an mháighistir scoile, agus
b'fhéidir i dtigh nó dhó eile 'sa pharóiste. Ní raibh de chlog
ag a bhfurmhór aca acht an coileach astoidhche agus an
ghrian 'sa ló.



Nuair do thángas-sa chomh fada le tigh na trucailleach
do chonnaic ná raibh an trucaill ann.



"B'fhéidir," arsa mise liom fhéin, "go bhfuil m'athair ó
bhaile, acht cad é an mhaith é sin? Beidh mo mháthair istigh
romham, agus gheobhad bearradh uaithi-si, agus gearán-
faidh sí le m'athair mé."



Do bhuaileas isteach, agus eagla mo dhóthain orm. Ní
raibh istigh romham acht mo dheirbhshiúr, is í go gnóthach.



"Taoi ana-dhéidheanach," ar sise liom go bog réidh,
mar ba ghnáthach léi.



"Tá eagla orm go bhfuilim," arsa mise. "Ca bhfuil
m'athair 's mo mháthair?"



"Chuadar anonn thar Leamhain tar éis dinnéir. Seo
dhuit do chuid prátaí — is baoghlach go bhfuil siad fuar
ort. Brostuigh ort anois, is tiomáin abhaile na ba. Ba
mhaith liom iad a bheith crúidhte agam roimh tuitim na
hoidhche. D'iarr mo mháthair ar Léan Thaidhgín teacht i
leith agus congnamh a thabhairt dom. Tá sí ag an nglaise
a d'iarraidh canna uisce."



Ní rabhas i bhfad ag ithe mo chuid prátaí is bainne. Bhí
na prátaí i scilléidín ar thaobh na teineadh, is má bhíodar
fuar ní bhfuaireas aon locht ortha.



"Cathoin a bheidh m'athair is mo mháthair 'sa bhaile?"



"Ní fheadar; acht dubhairt m'athair ná beidís ró-
dhéidheanach, is ba mhaith liom na ba a bheith crúidhte agam
rómpa. Chím Seaghán Thaidhgín ag gabháil a leith chughainn
— b'fhéidir go dtiubharfadh sé congnamh duit ag ull-
mhughadh i gcóir na mbó."



Is amhlaidh a tháinig Seaghán, féachaint canos mar
dh'éirigh liom-sa. Do shocruigh m'athair leabaidh fé sna


L. 16


buaibh; ní raibh againne le déanamh acht iad do cheangal
isteach is féar a thabhairt dóibh. Ba gheairid an mhoill
orainn an méid sin a chríochnughadh.



Bhí na ba crúidhte is gach ní curtha i dtreó againn, istigh
's amuigh nuair a thainig m'athair is mo mháthair abhaile
astoidhche.



"Fágaim le huadhacht." arsa mise im' aigne féin, ag
dul a chodladh dhom, "dá mb'iad Fionn Mac Cumhaill
agus na Fianna a bhéadh ann aon lá feasta, nách baoghal
domh-sa an fiadhach a leanamhaint is mé ag dul ar
scoil."



Acht bí la eile romhainn fós.



III.



SCOIL AN CHUILEANNAIGH.



Maidin lár na bháireach tar éis lae an fhiadhaigh, bhíos
féin im shuidhe cuibheasach moch. Bhí mo cheachta le fogh-
luim agam, mar ná raibh am agam ar iad d'fhoghluim
astoidhche. Níor bheag dhom a bhéadh de dhonas anuas orm
mar gheall ar an bhfiadhach agus mo cheachta gan a bheith
agam mar bharr ar an aindeise. Is fad ó shoin anois
é, acht is maith is cuimhin liom ceann aca — an ceann ba
dheacra — bailtí móra na Frainnce d'áireamh. Táid
agam indiu go cruinn gasta — i bhfad níos fearr agus
níos cruinne 'ná mar atá fhios agam cad a thuit amach
leath bhliadhain ó shin. Bhí ceann eile le foghluim agam.
Is dóigh liom go raibh mar ainm air, "The First Rule
of Spelling." Seo mar a thosnuigh sé: "As a general
rule "y," when its place may be supplied by "i" is not to
be written except at the end of a word."



Sin a bhfuil agam anois de'n riaghail úd. Do chailleas
an chuid eile. Is baoghlach ná raibh sí riamh agam acht go
breallach, acht mara raibh ní hi gan fhios dom' bhaisíníbh


L. 17


é. Ba mhinic baisíní teó agam mar gheall ar na riaghal-
achaibh úd.



Ba mhaith liom dá mbéadh aon leath-scéal agam chun
gan dul ar scoil. Bhí 'fhios agam go dian-mhaith cad a
bhéadh romhainn go léir, agus bhí 'fhios agam 'na theannta
san go mba dhéine bhéadh an máighistir orm-sa 'ná ar
éinne eile i dtaobh éalughadh ó scoil. Cheap sé go raibh
níos mó céille agam-sa, agus níos mó measa agam orm
féin ná mar a bhí ag an gcuid eile. B'fhéidir go raibh
an ceart aige, agus b'fhéidir ná raibh. Pé scéal é, ní
raibh aon fhonn orm-sa dul ar scoil, acht ní raibh teacht-
aireacht go Cill Orglann 'ná aon leath-scéal eile chun
mé choimeád 'sa bhaile, is do b'éigean dom bailiughadh
liom go righin leisceamhail troma-chroidheach,



Bhí Seaghán Thaidhgín ag feitheamh liom ag ceann an
bhóithrín.



"Is dócha," arsa mise leis, "go bhfuil do cheachta
agat."



"Níl ceann aca agam i gceart, acht is cuma liom,
beidh greadadh i m' chóir, pé scéal é."



"A bhfeacaís Domhnall Óg ó shoin?"



"Chonnac ó chianaibh é. Níl sé ag dul ar scoil indiu.
Is breagh an saoghal aige é, agus gan éin-ne chun cur
isteach air."



"Is fíor dhuit sin. Tá sé chomh maith againn bros-
tughadh orainn, agus gan an iomad againn bheith i
dteannta a chéile ag dul isteach. Nuair a bhíonn gasradh
ag gabháil isteach chuige ar maidin, sé is dóigh liom féin
go mbíonn amhras ag an máighistir ortha: agus eadrainn
féin, is minic a bhíonn a chúis aige."



"Ní fheadar; ní gádh dhó bheith chomh dian is bhíonn sé.
Ba dhóigh leat air ná raibh sé n-a gharsún riamh, is gur
chuala-sa sean-Dhiarmaid 'ghá rádh ná raibh a leithéid de
chleasaidhe ag gabháil an bóthar, agus é ag dul ar scoil.


L. 18


Ní leomhfadh cearc 'ná cat, gabhar 'ná gadhar a bheith
anaice 'n bhóthair 'ná i ngiorracht urchair dó, nó dá mbéadh
agus eisean ann, ba dhóibh ba mheasa. Bhí iarracht ana
chruinn ar fad aige."



"Agus tá indiu," arsa mise. "Chonnac féin ar
an bpátrún é, agus do bhris sé a raibh de sna "Maggies"
ann. Chomh luath is do bhéadh boidéal i n-áirde ag fear
na "Maggies" bhí sé na smidiríníbh ag an máighistir. Níl
acht cúpla oidhche ó shin ó bhí m'athair ag trácht ar an sean-
aimsir, nuair do bhí sé féin agus an máighistir ar scoil
an Phléimeannaigh. Bhíodar araon ag teacht abhaile ó
'n scoil la. Bhí corcáinín prátaí beirbhthe ag Peig na
gCreach. Tá fhios agat go raibh tigh Pheig ar thaobh an
bhóthair; níl a rian an anois. Bhí Peig ag scagadh na
bprátaí dtaobh amuigh de'n dtáirsigh. D'árduigh sí léi
isteach an bhuirdeóg agus na prátaí, acht d'fhág sí an
corcáinín amuigh. Bhí méaróigín cloiche i láimh an bhuach-
alla. Thug sé fé'n gcorcáinín, d'aimsigh go cruinn é,
is do chuir sé an chloch amach tré thóin chorcáinín Pheig na
gCreach.



"A Dhé, mo léir-ghoin is mo chreach i n-éinfheacht! Do
phreab Peig amach ar an ndoras, is níor fhág sí duine de
sna seacht sinnsearaibh a tháinig roimis gan iad do chíoradh
is do cháineadh; agus ba dhian-mhaith an sás chuige í Peig
na gCreach. Níor labhair an garsún focal chun go
raibh deire ráidhte ag Peig. Ar seisean:-



"Tá ana-aithreachas ar fad orm, a Pheig, a rádh 's gur
bhriseas do chorcáinín. Ní fheadar cad do bhain dom
is é dhéanamh; acht feach, an chéad fhéirín a gheobhad
ní baoghal dom gan luach do chorcáinín a thabhairt duit."



Do cheap Peig ar dtúis gur ag magadh fúithi bhí sé, is
bhí fonn uirthi sceimhle eile a thabhairt dó, de bharr a chod'
magaidh; acht nuair do thuig sí gur dáiríribh a bhí sé, tháinig
sórt náire uirthi. Do mhaoluigh ar a cuid feirge, agus


L. 19


sé dubhairt sí: ""Mhaise, go deimhin féin is go dearbhtha,
ní dhíolfair. Airiú, ní rabhas-sa acht ag magadh. Ba
dhual do mhac t'athar bheith go fial. Beidh na tinncéaraí
annso i ndeire na seachtmhaine seo chughainn is ní bheidh
siad-san i bhfad ag deisiughadh an chorcáinín, agus mara
mbeid féin, d'fhéadfadh Tadhg Gabha paiste chur ann, ó ná
fuil acht poillín beag 'na thaobh.""



"Nach é siúd clog na Bán-Chluanach ag bualadh?"



"'Sé go díreach, agus béam-na deidheanach. Cad is
fearra dhúinn a dhéanamh?"



"Cad eile acht an comhangar a ghabhail," arsa Seaghán.



"Béarfar orainn," arsa mise.



"Ní baoghal dúinn. Níl ann acht an bheirt againn.
Níl againn acht éalughadh linn cois an chlaidhe, is ní fheicfidh
éinne sinn; agus dá bhfeicidís féinig, ní fhéadfadh
"Finton" na "Réasún" breith orainn-ne."



Bhíomar anois i n-aice le Caisleán a' Chorraigh, is
gan eadrainn agus bóthar na scoile acht cúpla páirc.
Chualamair an fead ar an dtaobh thiar dinn. Cé bhéadh
ann acht an t-áilteoir buachalla ba mhó sa pharróiste,
Diarmuid Óg, is é ar sodar aniar chughainn ó thigh an
tsagairt. Do sheasóchadh Diarmuid ar bharr a chinn ar
shlait an droichid, is dá mbéadh an máighistir ar a thóir
níor dhóichighe an áit go mbéadh an cleasaidhe críochnuighthe
seo 'ná thuas ar bharr an tsimné, agus a dhá chois i
n-áirde.



"Is iongantach an deabhadh atá oraibh," ar seisean.
"Táim d'iarraidh breith oraibh ó dh'fhágas an cheárdcha.
Is dócha go bhfuil sibh ag gabháil an comhngar."



"Tá sé chomh maith againn," arsa mise, agus siúd linn
an comhngar suas tré Dhrom a' Locháin, agus tré Cheapaigh
an Fhín.



Bhíomar a dtriúr ag cur dínn — mé fhéin agus Seaghán
Thaidhgín agus Diarmuid Óg. Do leanamair orainn i


L. 20


n-aice 'n chlaidhe, le súil is ná feicfidhe sinn. Bhíos féin
's Seaghán i dtosach agus Diarmuid Óg buille beag
'nár ndiaidh. Bhí imshníomh orainn-ne araon; ní dóigh
liom go raibh puinn dé ar Dhiarmuid Óg, nó, má bhí
féin, ní fhéadfadh sé gan a bheith ag cuardach nead ar
thaobh an chlaidhe.



"Brostuigh, a Dhiarmuid," arsa mise, "is ná bac leó.
Tá sé ró-luath 'sa bhliadhain fós. Ní bheidh na héanlaithe
ag déanamh nead go ceann mí eile."



"'S dó is fearr a fhios agam-sa," ar seisean. "Fuair
eas féin nead spiodóige tá seachtmhain ó shoin."



"Bíodh geall gur sean-nead a bhí ann," arsa Seaghán
Thaidhgín.



Bhíomair ar bhruach an Locháin. Is beag den' lochán
atá ann anois. Tá sé, nach mór, tirim. Tá díog mhór
ag dul ó'n lochán síos go Glaise 'n Teampuill. Is
beag rian de'n chorrach féin atá timcheall Chaisleáin a'
Chorraigh.



"Thá! thá! — á — á, a chladhairí! Tabharfad-sa réasún
daoibh —."



Níor fhanamar le na thuilleadh a chloisint, acht greadadh
linn chun gur bhaineamair amach an bóthar. Chonnac-
amair an sean-bhuachaill thíos i n-aice 'n locháin, is é ag
bagairt a bhata orainn.



"Is dócha," arsa Seaghán Thaidhgín, "go mbeidh sé
n-ár ndiaidh."



"Is cuma liom-sa," arsa Diarmuid Óg "Ní bheidh
puinn sásaimh le fagháil aige. Ba dhóigh leat air agus an
fuadar atá fé gur cruithneachta atá curtha aige ar an
screathan ghorta úd ar thaobh an Locháin."



"Ní cuma liom-sa," arsa mise, "agus ní hé eagla an
mháighistir atá orm acht eagla go ngearánfadh "Réasún"
le m'athair mé. Ceapaim go bhfuil sean-ghaol éigin idir
é féin agus muinntir mo mháthar."


L. 21


"Gaol i bhfad amach iseadh é, is dócha," arsa Seaghán
Thaidhgín.



"Is dócha gurab eadh; acht mar sin féin, "Is báidh-
eamhail iad lucht éinchine," agus tá fhios agam go mbéadh
m'athair go hana-mhíchéadtach dá mbeadh "Réasún" ag
déanamh gearáin orm-sa; agus ní mar gheall ar aon
damáiste a bhéadh déanta agam, mar ná fuil la 'sa
mbliadhain gan daoine ag gabháil thar doras againn-ne,
acht mar gheall air nach oireamhnach an rud é do dhaoinibh
óga fearg a chur ar dhaoinibh aosta."



"Seo, anois," arsa Diarmuid Óg, "cuir uait do
chuid seanamóireacht, is bímís ag bogadh linn, maran
maith leat bheith déidheannach agus an dá dhonas a bheith
anuas ort i dteannta 'chéile."



Bhíomar i n-am go leor ar scoil. Bhí an máighistir
romhainn ag geata na scoile. Bhí a shlaitín righin taith-
fhéilinn 'n-a láimh aige. Níor labhair sé focal linn, acht
bhí a fhios againn go maith, agus an fuinneamh a bhí air ag
casadh na slaite, nárbh aon deagh-fhuadar a bhí fé



"Cad is dóigh libh-se," arsa mise i gcogar, agus an
triúr againn 'nár suidhe istigh i suidheachán i n-aice 'n
fhalla.



"'Sé mo thuairim-se," arsa Diarmuid Óg, "go mbeidh
spórt againn ar ball." Dob' fhíor do san. Nuair do
tháinig an deich a chlog agus na scoláirí go léir bail-
ighthe acht fo-dhuine, tháinig an máighistir isteach. Bhuail
sé síos suas úrlár na scoile cúpla uair, agus dar
linne, é ag cur na súl trinn. Ar seisean:



"Na buachaillí do lean an fiadhach indé, tagaidís
amach annso ar an úrlár; tá beagán agam le rádh leo
i dtaobh lae an fhiadhaigh."



D'éirigheas féin go mall, righin. D'éirigh an bheirt
eile. Ní raibh bogadh as éin-ne eile fós.



"Tá sé chomh maith agaibh teacht amach annso, mar is


L. 22


maith atá 'fhios agam-sa cé h-iad a bhí ann," ars an
máighistir.



D'éirigh beirt nó triúr eile, is dob é deire 'n scéil
é go raibh deichneabhar againn amuigh ar an úrlár i
dteannta chéile.



D'fhéach an máighistir orainn. "Is deas na buachaillí
sibh, bail ó Dhia oraibh, agus is ró-mhaith é mo ghnó-sa
annso ó cheann ceann na seachtmhaine a d'iarraidh sibh-se
a mhúineadh agus bhar muinntir 'sa bhaile ag stracadh
leis an saoghal chun sibh-se 'chur ar scoil. Ba chóir go
mbéadh náire oraibh, acht chím ná fuil, ná a leithéid,
agus ó's rud é gur buachaillí gan náire sibh, b'fhéidir
go ndéanfadh eagla sibh a leigheas."



Do chimil gach duine againn a theanga dá bhais. Do
bhain an máighistir cúpla casadh go fuinneamhail nimh-
neach as a shlaitín, agus do bhuail sé aníos chugham-sa,



"Agus mé annsúd i dtosach gearrtha."



Le na linn sin do bualadh cúphla cnag ar an ndoras,
agus seo chughainn isteach "Réasún," a bhata na láimh
aige agus faobhar ar a ghuth.



"A mháighistir," ar seisean, nuair do tháinig a anál
chuige "is ró-dheas ar fad an fhoghluim atá na buachaillí
seo 'gha fhághail uaitse, is gan de ghnó 'ná d'obair aca ó
Luan go Satharn acht ag briseadh thar chlathachaibh agus
ag déanamh damáiste orm-sa agus ar na comharsanaibh.
Níl an bóthar maith a ndóthain dóibh. Nílid sásta gan
bheith ag posáilt mo chod' féir agus ag leagadh na
mbeárnan; acht tabharfad-sa réasún dóibh gan gabháil
ann aríst."



"Tabharfad-sa réasún duit," arsa Diarmad Óg go
pras. "Nár dheineamair pioc díoghbhála."



Do phléasch a raibh sa scoil ar gháiridhe. Do phléasc
an máighistir féin ar gháiridhe. D'fhéach "Réasún"


L. 23


orainn. D'fhéach ar an máighistir, agus siúd chun an
doruis ar buile é. D'iompuigh sé orainn agus é ag an
ndoras, agus ar seisean: "Tabharfad-sa réasún
daoibh" —



Ní raibh am aige ar a thuilleadh a rádh nuair d'oscladh
an doras, agus cé bhéadh ann ná fiadhaidhe óg an lae 'ndé
agus bean uasal na gruaige breágh" buidhe le na chois.



"Gabhaim párdún agat, a dhuine uasail — agus a
bhean uasal," arsa "Réasún," mar ní fheaca sé ise ar
dtúis, ag baint a hata dhe, rud ná raibh de bhéasa aige
a dhéanamh ar a theacht isteach ó chiainibhín.



Do bheannuigh an duine uasal do'n mháighistir agus do
bheannuigh an máighistir dó, agus do'n mhnaoi uasail. Bhí
sórt scáth air rómpa. 'Sé mo thuairim féin gur cheap
sé gur cigire scoile a bhí aige nó duine mór anuas ó
Bhaile Átha Cliath, ag féachaint na scoile. Do labhair
an máighistir go hana-umhal omósach leis. Bhí 'fhios
againne go maith cé bhí ann.



Arsa Seaghán Thaidhgín i gcogar im' chluais-se: "Is
giorra dhuine cabhair Dé ná an doras."



"Féach cad dubhart-sa libh ó chiainibh 'ná go mbéadh
spórt againn, agus beidh," arsa Diarmaid Óg.



Fear deas cruinn deagh-chúmtha a beadh an t-ógánach
uasal, gan a bheith ró-árd 'ná ró-íseal, acht mar a déar-
fá idir a bheith eatortha, agus má is fíor an sean-fhocal
"gur scáthán a bheart a cheannacha," dob' ionntaoibh
leat é la na bruide. I dtaobh na mná óige: Chonnac
féin mná ba dheise ná í, agus mná ba dhathamhla 'ná í,
acht ní fheaca riamh ná ó shin bean, óg 'ná críonna, go
raibh a h-aghaidh chomh grástamhail chomh geanamhail le
h-aghaidh na maighdine úd. Bhí a súile mar a bhéadh súile
an smólaigh, agus nuair do bhog sí a béal chun cainnte
do las a leaca le luisne a chuirfeadh i n-úil d'éinne go
mba geal é a croidhe istigh 'n-a cliabh.


L. 24


"Is dócha, a mháighistir," ars an t-ógánach, "ná fuil
tosnuighthe agaibh ar obair an lae fós."



"Níl i gceart, a dhuine uasail," ars an máighistir.
"Bhí beagán le rádh agam leis na buachaillibh seo i
dtaobh gan iad a bheith ar scoil indé."



"Is dóigh liom go n-aithnighim cuid aca; agus sin é
díreach a thug annso sinn, mé fhéin agus an bhean uasal
so, chun leith-scéil na mbuachaillí a ghabháil i dtaobh an
lae 'ndé."



"Níor mhaith liom tú dh'eiteach, a dhuine uasail," ars
an máighistir — agus a mhisneach ag teacht chuige, "acht
tá fhios agam-sa go maith, rud ná fuil fhios agat-sa,
gur cruaidh an saoghal é ag muinntir na háite seo,
agus gur deacair dóibh na haosánaigh a choimeád ar
scoil, agus mar gheall ar seo, gur mór an náire é do
bhuachaillíbh óga mar iad so, a bheith ag éalughadh ó scoil,
ag caitheamh a gcod' aimsire go díomhaoin droch-ghnóthach,
agus ag tabhairt droch-shampla do leanbhuíbh óga gan
chiall a bhíonn n-a gcomhluadar."



"Níor mhaith liom-sa cur isteach ar do chuid oibre, a
mháighistir," arsa an bhean uasal, "acht ceapaim dá
mbéadh fhios agat cad do dhein buachaill aca so indé ná
beitheá chomh dian ortha agus taoi anois. Muna mbéadh
an buachaill úd thall (Seaghán Thaidhgín) is baoghlach nach
annso a bheinn-se indiu," agus d'innis sí an scéal dó
tríd síos, mar ar shábháil Seaghán Thaidhgín a hanam
nuair d'oscail sé geata an bhoithrín roímpi indé, agus
gan innti féin an áit chontabharthach do sheachaint.
"Agus anois, a mháighistir," ar sise, agus d'fhéach idir
an dá shúil air, "scaoil leo an bobhta so."



"Mhaise go deimhin féin, a bhean uasal," ar seisean
agus critheán 'n-a ghuth, "ní fhéadfainn an t-eiteach a
thabhairt duit-se, dá mbéadh an choir i bfad níos truime
'ná mar atá sí."


L. 25


Chuireamair go léir liúgh fiadhaigh asainn. Ba dhóigh
leat go mbrisfeadh sí fuinneóga na scoile. Dob'
fhuirist dh'aithint go raibh ana-áthas ar fad ar an óig-
mhnaoi uasail. Do labhair an duine uasal i gcogar
leis an máighistir, agus dob' é deire an scéil é go
bhfuireamair leath-la saoire i n-onóir lae an fhiadhaigh.



IV.



AG DÉANAMH COCAÍ.



Ní raibh acht cúpla bliadhain d'aois ag Seaghán
Thaidhgín orm-sa, acht d'fhanas-sa ar scoil i bhfad n-a
dhiaidh. Ó bhí Seaghán dhá bhliadhain déag d'aois ba ró-
annamh dó ar scoil, acht amhain rith an gheimhridh agus
tamaillín i dtosach an earraigh. Nuair do thagadh an
t-earrach i gceart bhíodh gáirdín beag a athar le cur
aige, agus na prátaí do sháthadh ins an dtalamh scóir a
bhíodh tógtha ag Taidhgín ó m'athair-se. Ba mhinic é
Seaghán ag sáthadh na bprátaí dhúinne, agus nuair ná
bíodh ann acht an bheirt againn, bhinn féin is é féin ag
rith ar a chéile. Do bhíodh an tosach ag Seaghán i
gcomhnuidhe. Is baoghlach go gcuirtí an síól beagáinín
fánach, is gur minic a brúigtí sciolthán le cúl na
ramhaine, acht ba chuma san; 'se an préachán bradach nó
an caoch-ruadh a bhíodh síos leis muna dtagadh an gas
suas ins an áit ba cheart do i dtosach an t-samhraidh.



Buachaill ana-áiseamhail ar fad abeadh Seaghán. Ba
dhian-mhaith an sás é chun capaill do ghiollaidheacht,
agus ní raibh 'sa pharróiste garsún dob' fhearr d'fhéad-
fadh barr a chur ar choca féir i móinfhéar nó ar choca-
stóir i n-iothlainn, 'ná é féin.



Nuair do bhímís ag sábháilt fhéir agus na cocaí
posáilte le déanamh, bhíodh na fir oibre dom' chur féin
is Seaghán Thaidhgín i gcomórtas le na chéile, féachaint


L. 26


ciaca againn dob fheárr chun seasaimh ar bharr an choca,
nuair do bhíodh an sop deireannach suas, is gan súgán
ná méaróg ar an gcoca. Níor bhfearr Seaghán 'ná
mise chun na gcocaí a chríochnughadh. Bhíodh mo choca-sa
chomh maith le n-a choca-san, chomh teann 'n-a lár, agus
chomh tirim 'n-a chliathán i ndeire an tsamhraidh, acht
bhíodh buaidhte aige orm-sa i gcomhnuidhe 'sa chleas-
aidheacht, mar ná rabhas ábalta ar sheasamh im' chosa-
bacóid ar bharr an choca, is nách é amháin go raibh
Seaghán ábalta ar an méid sin a dhéanamh, acht nuair
a fáisctí aon t-súgán amháin ar an gcoca d'fhéadfadh
sé sál a choise deise do phógadh agus é na sheasamh ar
leath-chois. Lá, agus sinn ag gabháilt d'fhéar i nGort
na Sceiche, bhíos féin is Cornaí, an buachaill aimsire, ag
déanamh coca, agus Seaghán Thaidhgín agus Diarmaid
na Móna ag déanamh coca eile. Bhí an lá go h-ana
bhrothallach ar fad. Ní raibh leoithne gaoithe ann, agus
bhí an féar 'n-a shnaois le tiormacht ar theacht an tráth
nóna. Bhí m'athair, mar ba ghnátach leis, a d'iarraidh
bheith thall 's i bhfus. Bhí beirt spealadóir ag obair
aige i bpáirc eile, agus bhíodh súil aige i ndiaidh na mbó
le h-eagla go mbrisfidís isteach i ndíoghbháil, is iad
ag guidheal, rud nárbh annamh leó.



"Beidh an tosac againn-ne ortha," arsa Cornaí i
gcogar liom-sa, agus ár gcoca nách mór críochnuighthe
againn.



"Teastuigheann cúpla brat eile uaim, is dóigh liom,"
arsa mise.



Dhein Cornaí brat, is do chuir suas chugham-sa é. Do
chuireas-sa go cruinn fém' chois é. Do bhuail Cornaí
buille de chúl an raca thall 's i bhfus air, agus do chimil
sé an raca anuas de'n choca.



"Déanfaidh braitín beag eile an gnó i gceart," ars'
eisean, "acht é bheith go deas cruinn, agus teann'n-a lár."


L. 27


Bhí an bheirt eile ag cur díobh go ciúin cionntach.



Bhí an dá choca críochnuighthe againn, coca agam
féin is Cornaí, agus coca ag Seaghán Thaidhgín agus
Diarmaid na Móna. 'Sé an deabhadh bhí ar Chornaí ná
coca eile bheith le déanamh: ní raibh ann acht adhbhar
coca eile. Dá mbéadh tosach againn-ne, is againn-ne
bhéadh déanamh an choca úd, is bhéadh iachaill ar Dhiar-
maid baint uatha. Níor lúgha le Cornaí rádh leis dul
agus na ba do chrúdh 'ná é chur ag baint ó choca féir.



"Tar a leith, a Chornaí," arsa Diarmaid na Móna,
"chun go gcuirfeam súgáin ar an gcoca so."



"An ag magadh ataoi? Ar ndóithir níl sé leath
phuínnteálta fós agaibh," arsa Cornaí go leath-chann-
carach.



"Tá amás," arsa Diarmaid go réidh síothchánta.



"Níl asdó," arsa Cornaí, agus colg air, do rádh is
go mbéadh tosach ag an mbeirt eile orainn-ne.



"Mhaise is sean-fhocal é," arsa Diarmaid, "gur fearr
cinn ná ceann. B'fhéidir an ceart a bheith agat. Ní
h-aon díoghbháil dúinn soipín beag eile a chur air."



Ní raibh ó Chornaí acht moill do chur ar an mbeirt
eile, le súil is go mbeimís-ne ullamh rómpa, agus
bhíomair.



"Seo anois, a Dhiarmaid," arsa Cornaí go mustarach,
"tar annso. Tá ár gcoca-sa ullamh."



Do chuir an bheirt súgán ar an gcoca. D'fháisc-
eadar é.



"Seo anois," arsa Cornaí liom-sa, is mé im' sheasamh
ar leath-chois, "feiceam a' bhféadfá greim a bhreith ar
órdóig do choise."



Thugas iarracht air. D'éirigh liom. Bhíos ag
féachaint anonn ar Sheaghán agus ar a choca.



"Féach i n-áirde 'sa spéir," arsa Seaghán.



D'fhéachas.


L. 28


"Seachain," arsa Diarmaid na Móna.



Ní raibh an focal amach as a bhéal nuair do bhris an
mhéaróg, nó do scaoil braighdeán Chornaí, ní fheadar
ciaca, is do shleamhnuigheas anuas taobh an choca ar an
dtalamh.



"Tá an garsúin bascaighthe," arsa Diarmaid na
Móna, acht ní raibh pioc orm. Dob' é toil Dé é go
raibh cuid de'n fhéar thirim fúm ar an dtalamh.



"Moladh le Dia is le Muire," ar seisean, nuair do
chonnac sé mé im' sheasamh.



Dob' fhiú dhuit bheith ag éisteacht le Cornaí, acht ní
h-iad a phaidreacha a bhí ar siúbhal aige. Bhí leath-cheann
ar an gcoca, agus mar bharr ar an aindeise, bhí m'athair
ag gabhail chughainn i leith an póirsín, agus deabhadh air.



"Molaim-se an bheirt agaibh chun coca a dhéanamh," ar
seisean.



"Níl locht air, arsa Cornaí, "ná feiceann tú gur i
gcoinnibh an chnuic atá sé ag tuitim."



Chím an méid sin comh maith leat-sa. Tá dronn
air mar a bhéadh ar Mhicheál na bPréachán agus a mhála
air. Acht níl aon mhaitheas bheith ag seanchas nuair a
bhíonn an anachain déanta. B'fhéidir go bhféadfidhe é
dhíriughadh beagáinín le fáscadh na méaróg, acht seachain
agus tú ag baint uaidh gan a thuilleadh díoghbhála a
dhéanamh."



Bhí Cornaí ag cur alluis dé: bhí síol is brúscar an
fhéir ag cur tochais ar chaol a dhroma, agus é ag baint ó
sna cocaíbh. Ba dheacair é a bhearradh an trathnóna úd.



Do chaitheas-sa na ba do sheóladh abhaile chun a
gcrúidhte.


L. 29


V.



NA hASAIL.



"Níl aon asal le fághail níos fearr ná m'asal-sa;
Bíonn mo bhean is mo mháthair an-áirde sa tsrathair air,
Agus an chuid eile de'n stán i málaíbh ag cnagarnaigh."



— An Tinncéar.



Chomh fada siar is tá cuimhneamh im' cheann bhíodh
móinfhéar le díol thíos ar an mBán-Chluain. Bhíodh móin
fhéar ag m'athair ann, is ag mórán nárbh é de mhuinntir
an bhaile seo againn-ne, agus b'fhéidir a thuilleadh i
nDrom a' Bhaile le hais Chill Orglan, nó ar Árd a'
Rátha, buille beag lastuaidh de Chrois na Cúlach. I
bPáirc an tSaghdair i n-aice gháirdín na Bán-Chluanach a
bhí an móinfhéar againn i mbliadhna. Bhí leath na páirce
againn-ne, agus an leath eile i gcómhar idir Thadhg na
Stiall agus Donnchadh Bán. An Pháirc ba ghiorra dhúinn
'sé Domhnall na hEisce do cheannuigh í dó féin is dá
dhearbhráthair céile ó Bhun an Chnuic.



Bhí beirt spealadóir ag obair againn-ne i ndeire an
tsamhraidh nó i dtosach an fhoghmhair, ní fheadar ciaca
anois, acht go bhfuil fhios agam go maith go raibh an
féar sábhálta againn roimh la Aonaigh a' Phuic; agus
bíonn Aonach a' Phuic i gcomhnuidhe ar an aonmhadh la
déag de mhí ná Lughnasa, sé sin mar a déarfá ar an
gcéad la de réir an tsean-áirimh. Bhí saothar lae
bainte ag na spealadóiríbh is bhíomair chun bheith ag sábh-
áilt an fhéir ar an dtarna lá. D'éirigh an mhaidean go
breágh tar éis oidhche drúchta, is dob' fhuirist dh'aithint
ar an ngréin go mbéadh an la go háluinn chun féir;
agus mar a deir an sean-fhocal, ná raibh éin-ne riamh
ar a dhícheall an la breágh — bhí m'athair go dícheallach,
bruideamhail.


L. 30


Bhíos-sa chun dul le na mbricfeast ag triall ar na
spealadóiríbh, acht ní raibh an t-asal le fagháil ar
maidin in aon bhall. Bhí iachall orm-sa dul ar a lorg,
is dob' éigean do Sheaghán Thaidhgín císte aráin agus
bolmach bainne d'árdughadh leis síos an comhngar chúcha.



Is éachtach a mbíonn de chlaidhreacht i n-asal. An
t-asal so a bhí againn-ne, is i bhfochair na mbó do bhíodh
sé i gcomhnuidhe, istigh 's amuigh. Acht féach! dá mbéadh
lá móna ann nó aon lá eile, agus sinn go leath-lámhach,
is gnó againn de "Bhill," níl aon áit go mba dhóithighe
dhó a bheith ann ná thíos i n-íochtar Chill an Phludaigh nó
thoir in Innse na gCoiníní, agus scata asal eile 'n-a
chomhluadar.



"Imthigh ort," arsa m'athair liom-sa ar maidin go
moch, "is féach a bhfaightheá an t-asal: Ní fheicim leis
na buaibh é. Níor chaill sé an sean-bhéas riamh, agus is
baoghlach gur bhailimh sé leis aréir, mar is gnáthach leis
a dhéanamh agus é ag teastabháil uainn. Buail siar ar
dtúis go dtí Páircín na gCruach, b'fhéidir é bheith ann.
Chonnac cúpla asal ann aréir go deireannach agus mé
ag teacht a leith ó'n gCeapaigh. Mura bhfuil sé annsúd
féach an mbéadh sé thíos ag Bun a Bhaile le cois asail
an fhigheadóra. Níor mhiste dhuit greim aráin d'ithe ar
dhul amach dhuit."



Siar liom agus cannta aráin im' láimh agam. Ní
raibh "Bill" i bPáircín na gCruach. Siad na hasail a
bhí ann 'ná asal Thomáis 'ach Mhíchíl agus asal Thaidhg
Bhríghde ó Chill a' Phludaigh, agus ceann eile anuas ó'n
Sean-Baile. Chuireas a thuairisc ar bheirt nó triúr,
acht ní fheaca éinne aca é 'Bé an scéal céadna a bhí
agam tar éis dul síos go Bun a' Bhaile. Bhí asal
Sheaghán Fhigheadóra ann agus asal mhangaire an éisc,
agus cúpla ceann eile, acht ní raibh an t-asal so againn-
ne ortha.


L. 31


Bhíos cráidhte, agus an t-ocras ag cur orm. Ní
fada théidheann greim beag aráin gan annlann ar
ghoile gharsúin do shásám ar maidin. D'fhilleas abhaile
le súil is go mbéadh "Bill" ann romhamh, acht sceimhle
chuige, ní raibh, 'ná a thuairisc. Ní raibh 'sa bhaile romhamh
acht mo mháthair is na cailíní: bhí an chuid eile tar éis
imtheacht ag gabháilt do'n fhéar.



Nuair do bhí greim bidh ithte agam do bhailigheas liom
soir cois na Geadaighe, féachaint an mbéadh mo
rógaire asail i n-Innse na gCoiníní nó i n-aon bhall
cois na h-abhna, acht ní raibh 'ná aon asal eile acht chomh
beag. Díreach agus mé ceapaithe ar fhilleadh abhaile
do chonnac suas uaim i n-aice an droichid, garsún eile,
is é a d'iarraidh breith ar asal. Suas liom chuige. Cé
hé bhéadh ann 'ná mac Sheaghán an tSiopa.



"Is dócha," arsa mise leis, "ná feacaidhis an t-asal
so againn-ne i n-aon bhall ó mhaidin."



"Do chonnac. Siúd é thuas é ar an dtaobh eile de'n
droichead. Tar a leith annso, féachaint a' bhféadfaimís
breith ar an mbioranách so. Bhí m'athair chun dul go
Cill Áirne ar maidin leis. Theastuigh arán is tae
uaidh, rolla tobac agus bosca píopaí i gcóir thorraimh
Shighle na mBó. Bhí an t-asal againn ag cur móna
amach ar réidh an Ghaorthaidh le cúpla lá. "Tá an
t-ainmhidhe bocht tuirseach," arsa m'athair aréir, "ba
thruagh é a cheangal isteach anocht. Tabhair cead a chos
dó. Ní baoghal dó dul i bhfad ó bhaile as so go
maidin i mbáireach." Agus féach anois air agus an
teasbach atá air, ba dhóigh le duine gur ag caitheamh a
thóna a bhí sé rith na seachtmhaine."



"Ní fheadar ar thalamh an domhain cad é an donas a
bhíonn anuas ar asalaibh ná bíonn siad sásta choidhche
gan bheith ag bóithreóireacht astoidhche ar nós na gcat."



"Aidhe, greadadh chúcha, níl aon chiall aca. Beir ar


L. 32


cheann air seo dhom go fóill chun go bhfaighead dul ar
marcaidheacht air — Go bhfágaidh Dia do shláinte agat.
Geallaim-se dhuit-se go mbainfead-sa cuid de'n
teasbach dé. Téanam ort anois, 'féachaint an bhfaigh
mís greim ar t'asal-sa."



Suas linn chuige. Bhí asal an ghabha agus asal eile
le na chois fé shúil an droichid. Do dhruideas féin
isteach chun breith ar "Bill." Níor dhein sé acht casadh
mór-dtimcheall agus greadadh leis, ag caitheamh a thóna,
chun gur bhain sé an bannrach amach 'sa bhaile.



Do ghluaiseas féin abhaile agus faobhar orm. Bhí na
ba 'sa Pháirc ar aghaidh an dorais amach, cuid aca ag
inghníor, agus an chuid eile aca 'na luighe ag cogaint
a gcíorach. Bhí "Bill" istigh i lár na páirce ag inghníor
do féin. Chomh túisce is do chonnac sé mise ag teacht
isteach thar claidhe, do thóg sé a cheann, is d'fhéach orm
ar feadh tamaillín, thug crothadh dá earball agus
d'imthigh air, ar bog-shodar ar scáth na mbó. Is dócha
go ndubhairt sé leis féin go raibh droch-fhuadar fúm, is
nárbh ionntaoibh leis mé.



Bíonn a chiall féin ag an asal.



Mar adubhart cheana ní raibh 'sa bhaile romham acht
mo mháthair agus na cailíní, mo dheirbhshiúr féin agus
léan, deirbhshiúr Sheagháin Thaidhgín, agus iad go gnóthach
ag cur oibre na maidne dhíobh. Bhí cíléaraí le glanadh
is le scóladh aca i gcóir bainne an tráthnóna, i
n-éaghmuis bídh a thabhairt do mhucaibh agus bainne do
ghamhnaibh.



Bhí léan ar a dá glúin ar úrlár na cistineach, sop
fraoigh 'na láimh aici is í ag glanadh cíléara; agus
geallaim-se dhaoibh nár fhág sí aon tochas ar thóin an
chíléara úd, agus má bhí aon chuid de bhlas an bhainne
ghéir i n-achrann ins an adhmad ar maidin, níor bhaoghal
dó bheith ann um tráthnóna.


L. 33


Bhí corcán mór uisce crochta ar an dteinidh chun na
gcíléar do scóladh, agus clár ar an gcorcán le
heagladh go raghadh balaithe an deataigh fé'n uisce, nó
go dtuitfeadh an súgha anuas ann. Bhí mo dheirbhshiúr
ag tabhairt bainne do ghamhain óg, is mo mháthair agus
slaitín aici, a d'iarraid na coda eile do choimeád
amach uaidh chun go mbéadh a chomhthrom ólta aige. Bhí
breis agus a dóthain le déanamh aici. Bhíodar go léir
ag poc-léimrigh mór dtimcheall airthi agus ag déanamh
isteach ar an mbainne.



"Mhaise scríob ort is clog ó mhíol ort," ar sise le
gamhain mór breac a tháinigh ar dtaob thiar dí agus a
thug poc dí, "nách deacair tú a shásamh. Féach air anois,
a bholg chomh lán le mála píobaire, is go mba dhóigh leat
agus an fuadar atá fé, nár ól sé braon bainne le
seachtmhain. Seo," ar sise liom-sa. "Ní fearra dhuith
bheith díomhaoin, agus do lámha sáithte síos id' phócaíbh
agat, 'ná na gamhna so a thiomáint síos go bun na
Páirce Caoile, is nuair a bheidh an méid sin déanta
agat, téir agus bain dorn prátaí i gcóir dínnéir;
agus má tá ort bheith ar an mBán Chluain ar an dó a
chlóg níor mhiste dhuit bheith ag fágaint na háite seo ar
a h-aon acht go h-áirithe. Ná bí i bhfad anois. Tá a
lán le déanamh againn-ne fós, is ní bheidh éin-ne eile
annso ar ball chun aire thabhairt do sna buaibh acht
sinne."



Bhí na prátaí nuadha go fóghanta againn is ní rabhas i
bhfad ag baint lán buirdeoige aca — cnuip bhreágha
ramhra, agus gan criochán ortha.



Bhí teas agus brothall an lae ag éirighe. Bhí na
cuileanna ag griobhairt ar an buaibh. D'imthigh na
beithidhigh seasca ag guidheal le teasbach, is gan stad
leo chun gur bhaineadar amach geata an bhóthair, acht ó
bhí an geata dúnta dob' éigean dóibh filleadh thar n-ais;


L. 34


agus siar leo ar stealladh go log an Aifrinn i bPáirc
na Glaise. Tháinig na ba bainne isteach 'sa bhannrach;
tháinigh "Bill" isteach leo, acht má tháinig ní hiad na
cuileanna a chuir aon chorrabhuais air. Bhí seithe righin
mothallach air agus níor bhaoghal dó cuil 'ná creabhar.
Tart a bhí air, agus dúil i n-uisce na bprátaí.



Do léigheas i leabhar agus mé ar scoil ná hólann
asal aon uisce acht fíor-uisce glan. Níor chreideas é,
agus ní chreidim anois é acht chomh beag. 'B'fearr le
"Bill" uisce na bprátaí ná fíor-uisce an chuiréil.
'Sé is dóigh liom fhéin go n-ólfadh sé uisce na gcos dá
mbéadh sé i gcíléar nó i n-aon árthach eile lasmuigh
de'n doras. Dob' fiú dhuit bheith ag féachaint air agus
an t-uisce te.



Níor chuir aon chairéaraidhe ó Chorcaigh riamh níos
aicilighe chun bodhla ainirthe d'fhuaradh 'ná mar do dhéan
fadh "Bill" le huisce na bprátaí agus gal teasa ag
éirighe as.



Nuair a bhí a dheoch ólta ag "Bill" do chuireas
isteach 'sa chró é. Do chuireas an gléas air. Do
cheanglas cliabh i dtrucaill an asail, agus sop féir i
dtóin an chléibh. Bhí na prátaí beirbhthe is iad istigh i
n-éadach cláir, agus na prátaí agus an t-éadach cláir
istigh i mála. Bhí canna de bhainne na h-oidhche aréir
ullamh aca agus meascán breágh ime ag snámh istigh ann.



"Anois," arsa mise lem' mháthair, "ciaca bheidh i
n-íochtar an chléibh, an bainne nó na prátaí?"



"Ba chóir go mbéadh 'fhios agat gur ag éirghe a bhíonn
an teas i gcomhnuidhe. Dá gcuirtheá na prátaí i n-íoch-
tar an chléibh bhéadh an gal ag dul fé'n mbainne, agus
bhéadh an t-ím leachta agat sar a mbeitheá leath na
slighe. Cur an canna i n-íochtar, agus sop maith féir
anuas air, is ní baoghal dó teas na bprátaí i mbarr an
chléibh."


L. 35


Do dheineas rud airthi, is bhí gach aon rud feistighthe
ceangailte agam, mo chipín biorrach im' láim agam,
agus mé ullamh chun bóthar díreach agus an clog ag
bualadh a h-aon.



Siúd chun siúbhal mé soir an bóithrín. Bhí teiníl ar
thaobh an bhóithrín leithead cúpla páirce ó'n dtigh, agus
geata ar an mbóithrín cois na teiníolach. Dob éigean
domh-sa stad chun an gheata d'oscailt. Chuala an liugh
ar dtaobh thiar díom. D'fhéachas siar, is cé bhéadh ann
'ná léan Thaidhgín agus saothar airthi, ag rith im' dhiaidh
ar a croidhe dícheall.



"Cad tá ort?" arsa mise nuair do chonnac í.



"Is cuma leat-sa cad tá orm; mise ag rith id'
dhiaidh, is ag glaodhach ort agus ná leogfá ort gur
chualaidhis mé."



"Mhaise go deimhin féin níor chuala; acht cad chuige
an saothar agus an anaithe ar fad?"



"Nách deas an teachtaire bídh thu-sa. B'é dearmhad
an chléirigh ar a chlog agat é, agus na sceana d'fhág-
aint id' dhiaidh."



"Acht cogar, a léan," arsa mise, "nár chóir gur
oraibh-se a bhéadh a mhillean-san, is nách orm-sa; acht is
dócha gurab amhlaidh a bhíonn an scéal i gcomhnuidhe, 'pé
duine ólann é, 'sé Domhnall a dhíolfaidh as."



"Seo, cuir chughat na sceana is bhí ag bogadh leat.
Dúbhairt do mhathair liom a rádh leat a bheith abhaile i
n-am chun na mbó do sheóladh abhaile chun crúidhte."



"Slán an scéalaidhe," arsa mise go searbh, is do
chomáineas liom soir an póirsín.



Níor bhfada chun go rabhas féin is m'asal ar an
mbóthar. Thugas priocadh beag de'n chipín bhiorrach do
"Bhíll" do chuir ar sodar é. Go díreach agus mé ag
an bPáirc Gharbh cé bhéadh ag gabháil i leith an comhngar
chugham ó thigh Mhicil a' Chnuic 'ná Domhnall Óg Ó Bruighin.


L. 36


"Fan," ar seisean liom-sa; "nách ort atá an
deabhadh — cá bhfuilir ag dul anois?"



"Táim ag dul le dínnéar chun na bhfear oibre atá
againn thíos ar an mBán-Chluain, ag sabháilt fhéir.
Téanam ort síos, gheobhair marcaidheacht uaim-se."



"B'fhéidir nár bhfearra dhom bheith annso. Níl seoid
a' bharra le déanamh agam."



"Seo, máiseadh suidh thall annsúd ar an leath-luighe
eile, is bímís ag imtheacht. Beidh m'athair agus a shúil
an áirde aige féachaint an bhfuilim-se ag teacht nuair a
bhuailfidh clog na Bán-Chluanach an dó."



"Cá bhfuil an móinfhéar agaibh?"



"I bPáirc a' t' Saghdair."



"Bhfuil aon choiníní ann?"



"Ní dóigh liom go bhfuil, acht táid 'sa pháirc is giorra
dhúinn."



"B'fhéidir go bhfaighmís greim ar photachán ann. Do
rug Pádraig Mhíchíl ar dhá cheann an lá fé dheire thoir i
Rann an Ghabhair. Bhíodar i bpoillín leo féin. Do
thug sé leis abhaile iad. Níor mhair ceann aca acht lá.
Bhí an ceann eile ag déanamh go maith, é féin agus an
piscín ag ól baine i gcuibhreann lé chéile."



"Agus nár bhac an sean-chat leis?"



"Fan go fóill. D'árduigh Pádraig leis an potachán
amach 'sa gháirdín. Bhí an créatúirín ag ingníor do
fhéin. Bhí an sean-chat ag faireadh air i gan fhios do
Phádraig. D'éirigh sí de léim, agus sar a raibh 'fhios
ag Pádraig cad a bhí déanta, bhí an potachán marbh ag
an gcat as comhair a shúl amach."



"Nárbh í an diablóir cait í agus a leithéid a dhéan
amh; acht is dócha go mbriseann an dúthchas tré shúilibh
an chait."



"Cogar, a Dhomhnaill — ca' na thaobh na potacháin a
bheith curtha i bhfolach mar a mbíd ag an sean-choinín?"


L. 37


"Mar do mharbhóchadh an sean-choinín fireann iad,
agus, le heagla go bhfaigheadh an sean-rógaire greim
ortha, cuireann an mháthair i bpoillín leo féin iad, agus
nuair a théidheann sí amach ag soláthar dí féin, clúd-
uigheann sí béal an phoillín 'n-a diaidh le cré. Déin-
eann an giorrfhiadh an cleas céadna."



"Nách mí-nádúrtha an rud é sin anois; agus féach an
ganndal agus an aire thughann sé do sna géannaibh
óga. Is maith é mo chuimhne-se ar an ngreadadh do
fuaireas-sa ó'n nganndal so againn-ne, agus gan orm
acht cóitín beag. Do leag sé ar an gcarn-aoiligh mé
ar aghaidh doruis tighe na mbó, agus do bhí sé ag gabh-
áil dá sciathánaibh orm chun go rabhas leath-mharb aige.
Mura mbéadh Cornaí do bheinn marbh ar fad aige. Acht
do bhaineas-sa sásamh dé tamall n-a dhiaidh san. Do
rith sé im' dhiaidh, agus do thug iarracht ar bhreith orm;
do rugas ar scrogal air, is do thugas fola-thachtadh dhó,
agus níl sé chomh dána ó shin is bhíodh sé."



"Is dócha gur sean-mhóinféar an móinfhéar so agaibh-
se."



"Seadh gan amhras. Níl aon mhóinfhéar eile ar an
mBán-Chluain acht sean-mhóinfhéar. Bhí beithidhigh seasca
ar féarach againn-ne ann rith an ghéimhridh seo ghaibh
tharainn."



"Ba chóir go mbéadh cúsnóg le fagháil i ndiaidh na
spealadóirí."



"Dá mbéadh féin is baoghlach gur beag de'n mhil a
bhéidh romhainn-ne. Beidh sí go léir ag Seaghán Tháidhgín.
Bhéadh mo chuid féin agam-sa mura mbéadh an rógaire
asail seo bheith ar strae ar maidin indiu uainn."



Bhíomar ag déanamh ar Chrois na Cúlach. Do chas-
amair soir bóthar an phortuigh. Bhí an t-asal ar sodar.
Níor bhfada gur chualamair an fothrom ar dtaobh thiar
dinn. Bhí cóiste Chill-Áirne — cóiste na leitreach — ag


L. 38


teacht ar stealladh laistiar dinn. Chuir "Bill" cluasa
ar féin ar feadh tamaill bhig, leath-chluas leis mar seo
leath-chluas mar siúd. Do mhaoluigh sé an dá
chluais, agus siúd chun reatha é mar a bhéadh capall rás.
Thugas-sa iarracht ar é choimeád, acht ba bheag an mhaith
dhom é.



"Scaoil leis," arsa Domhnall. "Tá míle de bhóthar
leathan réidh romhat, idir an áit seo agus geata na
Bán-Chluanach. Ní bhíonn tréan buan, is bíodh geall go
mbeidh "Bill" go mín cneasta sar a mbéam ag an
ngeata. Ní baoghal do'n chliabh dá leanfadh sé ar cos-
in-áirde as so go Cill Áirne."



Dob fhíor do Dhomhnall é. Níor leig "Bill" air
gur chualaidh sé fothrom an chóiste agus greadadh cos
na gcapall ar an mbóthar agus iad ag gabháil amach
tharainn ar cos-in-áirde, cúbhrán ar sile síos le maoth-
ánaibh na gcapall, is iad ag séideadh le saothar is le
déine na coisidheachta.



VI.



AN BHÁN CHLUAIN.



Bhí an clog ag bualadh an dó agus sinn ag geata na
Bán-Chluanach. Bhí tigh an gháirdneóra laistigh de'n
gheata. Bhí muinntear an tighe mhóir as baile is fuair-
eamair cead gabháil isteach an geata mór; agus rud
ab fhearr linn-ne go mór ná an cead so, thug an gáird-
neoir cuireadh dhúinn dul d'fheiscint a gháirdín ar ball.



Áit ana-dheas ar fad a beadh an Bhán-Chluain agus
mise im' gharsún. Ar bhruach na Leamhna iseadh atá an
áit, díreach mar a thagann an Gheadhach isteach 'sa
Leamhain. Ar an dtaobh thall de'n leamhain agus ar
aghaidh na Bán-Cluanach anonn atá sean-chaisleán Bhéil
Átha-Málais. Ba mhinic comhthalán i n-aice an chaisleáin


L. 39


Bhídís cruinnighthe ann, cuid mhór de mhuinntir na
Tuatha, is de mhuinntir Leasa Treighe, agus de
mhuinntir Chill-Bhonáin. Bhíodh báire agus cleasaidh-
eacht aca, ceol agus rinnce.



Tá fhios ag an saoghal gur mór an slacht agus an
deiseacht ar tír is ar tuaith crainn a bheith ag fás innti,
seachas gan a bheith le feiscint acht clocha agus maol-
chladhcháin. Bhí na crainn ag fás annso go tuigh ar dhá
thaobh an bhóthair, cois na Geadaighe, agus ar dhá thaobh na
Leamhna. Ní h-indiu ná indé a cuireadh na crainn úd.
Is iomdha uisce ghaibh le fánaidh agus is iomdha cor a
chuir an saoghal de ó cuireadh iad agus ó tógadh ar
dtúis caisleán Bhéil Átha Málais ar bhruach na
Leamhna.



Níl Droichead Íochtrach na Geadaighe acht buille beag
soir ó gheata na Bán-Chluanach. Ba mhinic a lán
daoine cruinnighthe ar an droichead, is ar dhá thaob an
droichid, tráthnóna Dé Domhnaigh. Is ana-áluinn ar
fad an radharc atá ó'n ndroichead tráthnóna samhraidh
agus an ghrian ag dul fé. Táid na Cruacha Dúbha ar
an dtaobh theas, Corrán Tuathail agus Binn Chaereach,
agus iad suas is anuas le chéile, féachaint cia aca is
aoirde, an dá Ghulbain — Gulba Mhós is Gulba Bheag,
ar scath na binne, Cúm Caillighe ag bun an chnuic, agus
Fiacal na Caillighe ar a chliathán.



Soir ó dheas, ar dtaobh thall de Bheárnain an
Chuimín atá na Tóime agus an Mhangarta, agus ó'n
Mangartain chomh fada soir le Bun a' dá Chích, mar a
bhuaileann spéir is talamh le cheile, níl na cnuic as
radharc. Cheapas féin, is mé im' leanbh, gur dhá choca
stóir Bun a' dá Chích i bhfad uaim soir i dteórainn
Chorcaighe.



Féach siar uait ar luighe na gréine, is táid cnuic
Ghleanna Charrthaigh agus cnuic Uíbh Ráthaigh "ag bagairt


L. 40


a gcinn thar druim a chéile" aniar ort. Féach thar
Chaisleán na Mainge an bóthar ó thuaidh cun Tráigh Lí 's
an comhngar i dtuaidh thar chliathán Sleibhe Mis. Ó
Shliabh Mis siar chítear na cnuic chun go mbuaileann
siad an Fharrge Mhór laistiar de Dhaingean Uí Chúis
agus de Bhaile 'n Fhirtéirigh.



Ní raibh geata tighe mhóir ar thaobh an bhóthair ó Chathair
Uibh Ráthaigh soir go Cill Áirne ní ba dheise 'ná
geata mór na Bán-Chluanach. Ní dóigh liom go raibh
geata i gCiarraighe ba dheise ná é. An bóthar a bhí
ag dul suas ó'n ngeata go doras an tighe mhóir, bhí sé
chomh chomhthrom, chomh mín leis an dTráigh-mBán thiar
i Ros-Bheithe, agus chomh glan, chomh scuabtha is bhéadh
úrlár cistineach maidean Domhnaigh. An féar a bhí
ag fás ar dhá thaobh an bhóthair, bhí sé bearrtha lámh leis
an gcré, acht má bhí féin bhí an fód fé d' chois chomh bog
le cúnlach. Bhí leapthacha gearrtha amach ar an mbán,
iad lán de bhláthanaibh, is gan dhá leabaidh aca d'aon
dath na d'aon déanamh. Bhí cuid aca chomh cruinn le
fáinne óir, cuid aca cúinneach, cuid aca mar a bhéadh
adharc na gealaighe, agus fós, cuid eile aca mar a
bhéadh piast mhór, agus í lúbtha ar a chéile, agus blath-
anna deasa i bhfuirm réiltíní ag fás istigh i ngach lúib
dí. Bhí imeallaibh na leapthacha gearrtha mar a bhéadh le
sciain féir, is ba dhóigh leat gur táilliúir a bhearr
dhá ghruaidh an bhóthair.



Bhí sean-chrainn árda ag fás ar gach taobh, agus dob'
aoibhinn leat bheith ag éisteacht le ceol na bpréachán
imeasch na gcrann.



Tá a mhalairt de chrot ar an áit úd anois. Chonnac-
sa é tamall ó shin idir chromadh is liathadh dhom. An
geata a bhíodh chomh geal le sneachta, bhí sé ruadh le
meirg; bhí sean-bhoscaí éisc caithte ar mullach a
chéile laistigh de'n gheata: Bhí fiadhaile is lutharnach ag


L. 41


fás go méith borb i leapthachaibh na mbláth, agus,
mar bharr ar an aindeise, bhí cráin agus a h-ál ag
tomhach ar thaobh an bhóthair.



Ní fhéadfainn gan cuimhneamh ar Chaoine Chille Chais:-



"'Sé mo chreach fhada 's mo léan ghuirt,
Do gheataí breág' néata ar lár,
An avenue greannta faoi shaothar
'S gan fosg' ar aon taobh de'n walk."



VII.



AN MÓINFHÉAR.



Bhí na fir ullamh i gcóir a ndínnéir, acht ba mhó de'n
tart ná de'n ocras a bhí ortha. D'fhan bolmach bainne
gan ól ar maidin. Chuir na spealadóirí Seaghán
Thaidhgín a d'iarraidh fíor-uisce, is chuireadar an braon
bainne bhí aca gan ól mar liathadh ar an uisce, agus
chlúduigheadar an canna uisce léith leis an bhféar nglas.
Do dhéanfadh an méid dighe a bhí aca an gnó cuibheasach
go leor do bheirt nó do thriúr fear, acht nuair a bhí
brothall an lae ag éirighe, agus seisear nó mór-sheisear
ag déanamh air, níor bhfada go raibh an canna folamh.



Dob' iad Domhnall Ruadh agus Tomás Crón a bhí mar
spealadóiríbh. againn-ne ar an mBán-Chluain. Bhí
Domhnall Ruadh n-a spealadóir ó bhí sé seacht mbliadhna
déag d'aois. Chomh fada siar is tá cuimhneamh im'
cheann bhíodh sé ag spealadóireacht againn-ne, is ba ró-
mhaith an sás é chun speile do láimhseáil. Do bhí Tomás
Crón 'n' fhear fhásta sul a raibh speal 'n-a láimh aige.
Chaith sé cuid mhaith dhá shaoghal mar aodhaire bó thiar
i nGleann-Charrthaigh. Dubhairt daoine go raibh féith
filidheachta ann, is gur chúm sé amhrán ar an dtreo


L. 42


'n-ar chuir sé chun spealadóireacht a dhéanamh ar dtúis.
Seo é an chéad cheathramha de'n amhrán:-



"Do thairringeas chughamh mo sheana-speal súghaidh,
Is do thosnuigheas i gciúmhais a' tsléibhe ann;
Is geairid a chuadhas nuair do casadh an t-uall,
Gurbh é an spealadóir luath a' t-aodhaire."



Is deabhrthach gurab amhlaidh a theastuigh beart easrach
uaidh le cur i gcró, is gur chun na h-easrach a bhaint do
láimhsigh Tomás Crón an speal an chéad lá. D'éirigh
leis go maith, amhthach, mar adeir sé féin i gcheathramha
eile dá amhrán:-



"Do bhainfinn-se an tsrón
De'n chloich a bhéadh romham,
Is níor dhonaide an gnó 'ná an faobhar é;
Nuair a thagadh an foghmhar
Do thuillinn a seó,
Is do stadainn ar nós gach aon-ne."



Bhíodh daoine 'ghá rádh ná raibh aon bhaint ag Tomás le
hAmhrán na Speile, is go mba fear eile de mhuinntir
Chrón — Seaghán nó Séamus, ní fheadar ciaca, do chúm an
t-amhrán; acht mar adeir an sean-fhocal "an té go
dtéidheann sé amach air bheith na mhochóirighe mhaith, ní
miste dhó codladh go headarshut." Agus pé 'ca thuill
sé é nó nár thuill, bhí ainim file ar Thomás go lá a bháis.



Níor chualas-sa riamh uaidh acht portaireacht mar a
bhéadh ag aon fhear, agus fágaim le h-uadhacht gur bhinne
liom-sa go mór guth Thaidhgín agus é ag casadh "Bean
an Fhir Ruaidh," nó "Túirín a' Chéim," ag teacht chun
oibre dhó go moch ar maidin, nó ar dul abhaile dhó
tráthnóna, ná bheith ag éisteacht le h-aon phort a tháinig
amach as bhéal Thomáis Chróin an lá dob' fhearr a bhí sé
riamh.


L. 43


Do b'aoirde is ba threise d'fhear é Domhnall Ruadh
ná Tomás Crón, agus ba leithe a bhuille, acht ba luime
eisean ar an dtalamh, agus ó is fearr órdlach de'n bhun
'ná leath-throigh de'n bharr, bhíodh árd-éileamh ar fad ar
Thomás chun dul ag spealadóireacht ar mhóinfhéaraibh
ceannuighthe do mhuinntir na Tuatha; agus ó dheire an
tsamhraidh go tosach an fhoghmhair ba bheag lá sa tseacht-
mhain ná bhíodh a choróin bhán n-a láimh aige mar phágh
spealadóra.



Do leagamair bórd ar scáth na gcrann ag ceann na
páirce, mé fhéin agus Seaghán Thaidhgín. Bhí na prátaí
go h-ana-mhaith ar fad, go deagh-bhlasta, plúrach, is gan
práta gréineach 'ná práta piastach ortha. Ba dheas
a bheith ag féachaint ortha agus iad leathta amach ar
an éadach cláir.



"Cá'r fhás na prátaí seo?" arsa Tomás Crón.
Níor itheas a leithéidí fós i mbliadhna, bail ó Dhia
ortha.



"D'fhásadar" arsa m'athair, "i bPáirc an Gheata
laistiar de'n chlaidhe. Bhí tuar na mbó ann roimh ré,"
is bhí teas na gréine ar an iomaire ó mhaidin go
h-oidhche agus na prátaí ag teacht suas."



"Tá a rian ortha" arsa Diarmaid na Móna. "Níl
aon teóra leó le feabhas."



"Is truagh nár chuir do mháthair camóg de bhainne
reamhar nó de bhláthaigh 'sa bhainne seo; bhí fhios aici gur
mhaith liom-sa blas an bhainne ghéir" arsa m'athair liom-
sa.



"Bhí eagla airthi go mbrisfeadh an bainne le suathadh
na trucailleach."



"B'fhéidir go raibh an ceart aici; acht tá an bainne
seo ró-mhilis domh-sa."



"Féach ar sin anois," arsa Domhnall Ruadh, "an rud
a bheathuigheann duine, sé a marbhuigheann duine. Dá


L. 44


n-ólfainn-se braon bláthaighe bhéadh loscadh-doighe orm
'n-a dhiaidh."



"Deir na dochtúirí ná fuil deoch le fagháil níos foll-
áine 'ná bláthach na cuigine," arsa Diarmaid na Móna.



"Beatha dhuine a thoil," arsa Cornaí, "acht b'fhearr
liom-sa an leamhnacht."



"Tá béas nuadh ag teacht isteach anois," arsa Domh-
nall Ruadh. "Ní bhíonn daoine áirithe sásta gan tae
a bheith aca. Dá bhfaighinn féin prátaí deasa plúracha
mar iad so, agus greim beag ime agus braon bainne,
mar annlann leo, ba bheag é m'éileamh-sa ar tae
na sean-bhan. Agus ní bhíonn cuid aca sásta le tae gan
tobac a bheith aca. Nuair do bhíos-sa im' gharsún is
beag de'n tae a bhíodh ag na mnáibh, agus i dtaobh an
tobac, bhéadh náire ar aon mhnaoi dh'admháil go raibh píop
aici. B'fhéidir go mbéadh boiscín snaoise ag Gobnait
na nUb, is ag Máire 'n Fheasa — sin a mbíodh; agus ní
le dúil i snaois do bhíodh an boiscín i n-úsaid aca-san,
acht le paidreacha dh'fhághail ar son na marbh."



"Ní réidhtigheann na sean-phrátaí 'ná na prataí nuadha
leó," arsa m'athair i leamh-gháiridhe, mar do bhí tuairim
aige cad a bhí ag teacht; "agus cloisim ó chuid aca go
mbaineann gal tobac an t-uisce scólta ó na gcroidhe."



"Aidhe greadadh chucha, tá cuid aca, is ní réidteóchadh
na haingil fein leó," arsa Domhnall Ruadh.



Bhí máthair a chéile ar lic an teinteáin ag Domhnall,
agus níor réidhtigheadar ró-mhaith le n-a chéile.



"Cogar," arsa m'athair liom-sa agus leath ithte
againn, "ná raibh Domhnall Óg led' chois? Ca bhfuil
sé anois?



"D'fhan sé thoir i n-aice 'n gheata, ag imirt cnaipí, é
féin is mac an gháirdneóra."



"Féach ar sin anois, beidh an garsún bocht ag tuitim
leis an ocras. Brostuigh ort anois, agus buail soir


L. 45


chuige, is abair leis teacht anoir agus greim bidh a bheith
aige. Bíonn a ghoile i gcomhnuidhe ag garsún, 's is ró
olc an chuideachta an t-ocras."



"Raghad-sa," arsa Seaghán Thaidhgín, ag preabadh 'n-a
sheasam; agus siúd chun siubhail é ag rith.



Ní raibh Seaghán acht díreach tar éis imtheacht, nuair
cé bhéadh chughainn i leith 'ná Donncadh Bán.



"Bíodh geall," arsa Cornaí gur iasacht phíce nó
iasacht raca a theastuigheann ó Dhonnchadh. Tá sé féin
is Tadhg na Stiall agus cailín aimsire Dhonnchadha, ag
gabháilt d'fhéar le cúpla lá, agus níl aca eatortha acht
sean-raca maol manntach, píce leath-bheannach agus dhá
chleith. Dhob fhiú dhuit bheith ag féachaint ortha ag
iompáil an fhéir. Do dhéanfadh fear obair an cheath-
rair, is gan breis trioblóide do chur air féin."



"Go mbeannuighidh Dia dhaoibh," arsa Donnchadh.



"Go mbeannuighidh Dia 's Muire 's Pádraig dhuit, a
Dhonnchadh," arsa m'athair. "Nách áluinn an lá é seo
chun féir."



"Is áluinn go deimhin, moladh le Dia. Tá árd-
shaothar ar fad déanta agaibh-se ó mhaidin," arsa Donn-
chadh."



"Ní bhíonn éin-ne ar a dhíchéall an lá breágh, a
Dhonncadh."



"Thánga anall," ar seisean, "féachaint a' bhfaighinn
píce 's raca ar iasacht uaibh go ceann tamaillín."



"Cogar, a Dhonnchadh," arsa Córnaí; "b'fhéidir go
dteastóch' píce uainn-ne ar ball. Is dócha go mbéadh
ceann le fagháil uait-se."



"Níl agam annso acht píce. Bhíos ag feitheamh ar
dhul go h-Aonach a Phuic chun cúpla píce agus corrán
a cheannach i gcóir an fhóghmhair."



Fuair Donnchadh raca agus píce, is d'imthigh air i
mbun a ghnótha.


L. 46


"Féach," arsa Tomás Crón, "an bheirt aca, is ná
leigfeadh an anacra dhóibh píce a cheannach, agus nách
measa duine aca 'ná an duine eile."



"Ó, dearbráthair do Thadhg Domhnall," arsa Domhnall
Ruadh. "Ní fheacathas píce 'ná raca aca riamh go
mb'fhiú píce 'ná raca a thabhairt mar ainim air."



"Bíonn a rian san ortha i gcomhnuidhe, is aindeis a
bhíonn an foghmhar aca," arsa m'athair.



"An cuimhin lib," arsa Diarmaid na Móna, "nuair
do tháinigh na pící nuadha amach ar dtúis, gur rug
na cúnstáblaí leo iad ó Dhrom a' Bhaile? Bí an
ráfla amuigh go raibh na Fínianaigh chúghainn agus píce i
láimh gach duine aca. Chuir cleasaidhe éigin scéala
go Cill Orglan go raibh lán mála de phícíbh i bhfolach
istigh i scioból i nDrom a' Bhaile. Thainigh ceann na
bpóilí agus scata póilí le n-a chois is d' árduigh-
eadar leó na pící. Ní dócha. go bhfeaca duine aca
píce catha riamh, is dá bfeicfidís féin ná haithneoch-
aidís."



"Is ró-mhaith, is cuimhin liom an bhliadhain chéadna,"
arsa m'athair. "I dtosach an earraigh iseadh d' éirigh
buachaillí Uíbh Ráthaigh amach. Bí siúinéar ag obair 'sa
bhaile againn-ne, ag déanamh trucailleach do'n asal, an
chéad trucaill a cuireadh air. D'fhan an siúinéar,
Diarmaid a' Mhachaigh, chun suipéir, is ar dhul abhaile dho
astoidhche, bhuail na "buachaillí" leis thuas ar bhóthar an
leasa, agus d' árduigheadar leó é soir, chomh fada
le Beárnain an Chuimín, chun na slighe a theasbáint dóibh.
Lar na bháireach, nuair do chualathas scéala an éirighe
amach, do theich na huaisle leó soir go Cill Áirne. Ba
mhór an greann a bheith ag féachaint ortha ag baint
na gcos dá chéile ar an mbóthar. Do ghread lucht
an tighe mhóir seo thíos leó i dteannta na coda eile,
agus d'fhágadar an tigh fé chúram cúpla fear agus


L. 47


sean-gunnaí aca, is go gcuirfheadh cailleach mhór liath go
mbéadh gunna aici an rith ar an mbeirt úd. Do bhí
Cill Áirne lán d'uaislibh Chiarraighe agus eagla an
domhain ortha chun go dtáinigh an t-arm. Nuair a bhí an
t-arm mar thaca aca, bhí gach spriosán aca, agus é
ar bog-mheisce, ag maoidheamh as a ghaisce féin, mar
a bhéadh tinncéar ar Aonach a' Phuic, nó táilliúir
aereach ar Aonach an Oileáin. Is beag é mo mheas-sa
ar uaislibh Chiarraighe ó shin. Ní rabhadar sásta gan
dul ar thóir na bhFínianach mbocht, le h-eagla go mbéadh
amhras. ag rígh Shasana ortha ná rabhadar-san dílis a
ndóthain dó-san is do dhlighthibh na nGall; agus ba
mheasa i bhfad na Gaedhil agus na sean-Ghaill 'ná sliocht
Chrumaill féin. Ní fearr a bheith ag cainnt go deo
is choidhche, acht ba náireach an scéal é do mhac Shéamuis
'ach Murchadha — mac dearbhráthar do Dhomhnall Mór, —
bheith chomh géar le h-aon Ghall dár mhair riamh ar
thóraidheacht clann a chomharsan."



"Nách mór an truagh," arsa Tomás Crón, "ná
raibh Eoghan Ruadh 'n-a bheathaidh chun iad a scalladh."



"Dá mbéadh féin ní thuigfidís é acht cor-dhuine aca,
is bhéadh an duine úd bodhar. Acht," arsa m'athair,
agus faobhar ar a ghuth, "mura raibh Eoghan Ruadh
againn chun na Seoiníní seo do ghearradh, do thug duine
eile de mhuinntir Shúilleabháin* fútha i mBéarla, agus
geallaim-se dhuit nár fhág sé gan bearradh iad. Ar
seisean:-



"And, oh! to see the proud J.P.'s,
The poor man's hard and cruel masters,
Now feeling weak about the knees
And struck with fear of all disasters."


L. 48


Agus ag tagairt do mhac Shéamuis 'ac Murchadha*:



"And, oh! bright stars of heaven,
How the bones in Glasnevin
Must have stirred in their shroud
When the sleuth-hounds least slack
On the patriots' track
Owned the name and the blood of O'Connell the
proud."



"Dar fiadh! thug sé dhóibh go géar é. Ba chóir go
mbéadh náire ortha," arsa Diarmaid na Móna.



"Náire is aithis chucha. Ní dóigh liom go raibh riamh
uaisle ba mheaithte ná na huaisle seo againn-ne. Níl
toradh na muc 'ná na madraidhe aca ar éin-ní a
bhaineann le na ndúthaigh féin. Do chailleadar teanga
a dtíre, acht cor-dhuine aca annso 's annsúd. Níl
meas aca. ar nósaibh 'ná ar bhéasaibh a sinnsear. Má
bhíonn a dhóthain airgid ag duine aca, i Sasana a
chaitheann sé a shaoghal, agus an seóinín is boichte aca,
tagann a pháipéar chuige anall ó Lonndain. Ní dhéan-
fadh páipéar Bh'l'áth Cliath, ná ceann as Corcaigh an gnó
i n-aon chor. Náire ar a leithéidíbh siúd! Ní headh, a
mhic ó, acht mórdháil mhór i dtaobh aghaidh béil na ndaoine
a bheith 'n-a gcoinnibh i bhfus, le súil is go bhfaghadh duine
aca bheith 'n-a Shor (Sir), nó cead dul ag lanncán
(lámhachán) isteach i láthair an ríogh, nó cuireadh chun
búird d'fhághail ó na bhuachaill aimsire."



D'fhéach na fir ar m'athair. D'fhéachadar ar a chéile.
Do chrom seisean ar ithe, is ní raibh focal eile as chun
go raibh deire ithte aige.



Chomh túisce is bhí a ndínnéar ithte aca do thairng na
fir oibre chucha a bpíopaí.



"Féach, a gharsúin," arsa Tomás Crón liom-sa, "ó


L. 49


is tú is óige 's is giorra go bpósfaidh — tá píop is
blúirín tobac i bpóca mo chasóige thall annsúd ar an
gcinn-fhearainn. Rith anonn agus tabhair chugham anall
iad is go ndéinidh Dia fear mór maith dhíot."



"Agus ná dearmhad an sméaróid teineadh atá i
n-aice an chlaidhe," arsa Domhnall Ruadh.



"D'fhóbair dhomh-sa dearmhad a dhéanamh ar chorráinín
na speile. Do bhuail cloch liom ó chiainibh, is bhain
sí mannt as béal mo speile. Caithfidh mé baint uaithi
leis an gcorráinín. Ní dhéanfadh cláirín na speile an
gnó i n-ao' chor."



"Ca bhfuil do chorráinín, a Thomáis?" arsa mise,
agus imshniomh orm.



"I bpóca na casóige i dteannta 'n tobac," arsa
Tomás.



Níor bhfada dhom ag dul anonn treasna na páirce.
Bhuail an bheirt eile a leith chugham, Seaghán Thaidhgín
agus Domhnall óg Ó Bruighin.



"Seo," arsa mise le Seaghán, "beir leat-sa an
phíop agus an corráinín. Beidh an sméaróid agam-sa."



D'éirigh beach ghabhair amach as an gclaidhe chughainn.
Do theicheamair. Siúd linn treasna an mhóinfhéir, agus
an bheach ghabhair ar ár dtóir. Cheapas féin go raibh
saithe aca ann. leis an saothar a bhí orainn agus an
féar fé n-ar gcosaibh, do thuiteas féin is Seaghán;
d'imthigh an phíop uaidh agus do briseadh í.



"Féach anois," arsa m'athair, go searbh. "'Sé moill
ar thí an deabhaidh agaibh é. Dá mb'áil libh bhur suaimh-
neas a cheapadh, is gan a bheith ag posáilt an fhéir níor
bhaoghal do phíp Thomáis."



"'S dó," arsa mise, is mo chroidhe im' béal agam,
siad na beacha ghabhair do chuir ag rith sinn."



"Mhaise, 'b'olc na saighdiúirí sibh d'rádh is gur chuir
aon ghabhar amháin an rith oraibh," arsa Cornaí.


L. 50


"Ní rabhais féin id' shaighdiúir ró-mhaith an lá úd
agus tú ag tarrac mhóna abhaile do'n Phléimeannach,
nuair do theichis le t'anam ó bheachaibh Bhrighde an Chúrsaigh
An cuimhin leat an lá úd, a Chornaí?" arsa Seaghán.



"Bhí satha (saithe) acha ann an lá úd, ámhthach, is do chuir
ceann aca tealg im' pluic," arsa Cornaí.



"Acht ba mheasa dhuit aon bheach ghabhair amháin 'na satha
beach an Chúrsaigh. Féach, nách iongantach an scéal é ná
cuireann ceann de sna beachaibh tealg i sean-Bhríghid is
í istigh 'n-a measc. Is cuma léi iad nó na míolaí
críonna," arsa Domhnall Ruadh, agus é ag gearradh a
chodh' tobac.



"Sin é díreach a dhallann mé. D'éirigheadar go léir
chugham-sa agus mé lasmuigh de'n chlaidhe," arsa Cornaí.



"Tá sean-aithne aca ar Bhrighid, acht ní maith leó
balaithe an chapaill," arsa m'athair.



"Is truagh liom, a Thomáis," arsa Seaghán Thaidhgín i
gcogar, "gur bhriseas do phíop, acht ní raibh leigheas
agam air."



"Ac! ná bíodh ceist ort; ní raibh innti acht sean
dhúidín gan mhaith. Gheobhad gal as phíp Dhomhnaill. Chím
go bhfuil sí dearg aige."



"Mhaise go deimhin gheobhair agus fáilte," arsa
Domhnall is é ag tarrac ar a shuaimhneas



"Agus beidh píop le fághail agat anocht ar thórramh
Shighle na mBó," arsa Cornaí.



"Is maith an áit go rabhais, a Chornaí," arsa m'athair.



"Beannacht Dé le na hanam, is 'mdhó aistear oidhche
do chuir sí dí i rith a saoghail. Beidh suaimhneas aici
feasta."



Bean chabartha a beadh Síghle na mBó.


L. 51


VIII.



GÁIRDÍN NA BÁN-CHLUANACH.



Nuair a bhí a dhóthain ólta ag Domhnall Ruadh do bhain
sé an phíop as a bhéal; do chimil sé cos na pípe ar
mhuinirtle a léine, is do shín chun Tomáis í. Do bhí a ghal
ag Tomás.



"Seo dhuit do phíop, a Dhomhnaill," ar seisean, "agus
beannacht Dé le t'anam is le hanaman do mharbh."



"Bíodh seach eile agat aisti; tá sí nách mór lán fós."



"Ní bheidh anois, a Dhomhnaill, gur a maith agat."



"Seo anois," arsa m'athair, ag preabadh 'na sheasamh,
"is mithid dúinn cromadh ar an obair. Tá an ghrian siar
thar Bhinn Chaereach. Beidh teas na gréine ag laghdughadh
feasta, is ní fada go mbeidh drúcht an tráthnóna ag
tuitim."



"Is breágh an rud suidhe acht do bhain síneadh an bharr
dé," arsa Diarmaid na Móna, agus é sínte siar, bolg
le grein, ar an gcinnfhearainn.



"Cad is fearra dhúinn a dhéanamh anois? An fiú a
thuille féir a leathadh amac?" arsa Cornaí.



"Ní dóigh liom gur fiú," arsa m'athair. "'Sé is fearra
dhúinn a dhéanamh 'ná iompáil eile a bhaint as a bhfuil
leathta amach againn, is nuair a bheidh an méid sin déanta
againn beidh sé i n-am againn tosnughadh ar é 'chruin-
niughadh isteach."



Ba mhór é m'átas-sa nuair do chuala ná rabhthas chun
a thuille féir a leathadh amach. Mise agus Seaghán
Thaidhgín a bhí ag leathadh an fhéir i ndiaidh na spealadóirí,
agus do bhí súil againn go bhfaighmís cead dul ag
féachaint gháirdín an tighe mhoir. Ar ádhmharaighe an
t-saoghail cé bhuailfeadh a leith chughainn ná an gáirdneoir
é féin, agus a mhac le na chois.


L. 52


Fear ciallmhar tuisgeanach a b'eadh é, agus bhí árd
mheas ag m'athair air. Chromadar, an bheirt, ar chainnt,
is ar chúrsaíbh an t-saoghail do chur tré na cheile, acht
níor chuireas féin puinn suime 'n-a gcomhrádh.



"B'fhéidir," ars' an gáirdneoir, ag imtheacht dó,
"gur mhaith leis na buachaillíbh seo radharc d'fagháil
ar mo gháirdín."



"Tá 'fhios agam go mba mhaith leó-san é dá mba
mhaith leat-sa an gáirdín a theasbáint dóibh; acht cogar,
ná leig dóibh fanamhaint ró-fhada; beidh iachall ar dhuine
aca dul abhaile i gcionn tamaill chun na mbó a thiomáint
abhaile chun crúidhte."



Bhí áthas an domhain orainn nuair do fuaireamair
cead dul le cois an gháirdneóra. Bhí neamh-fhoidhne
orainn i dtaobh an fhaid is bhí m'athair agus é féin
ag cainnt. `Chuala-sa go minic ó sna fearaibh oibre go
mba ana-ghleoidhte ar fad an gáirdín é gáirdín na
Bán-Chluanach. 'Sé dubhairt Domhnall Ruadh ná raibh a
leithéid eile i gCiarraighe- agus chonnac seisean gáirdín
Thighearna Chinn-Mara i gCill Áirne, agus gáirdín na
Mainistreach i mBaile 'n Mhuilinn, agus gan trácht ar
gháirdíníbh do chonnac sé agus é síos amach 'n-a spailpín.



Níor bhfada dhúinn go rabhamar ag geata an gháirdín.
Do leath ár súile orainn agus sinn laistigh de'n gheata.
Bhí falla árd mór-dtimcheall an gháirdín. Bhí crainn
ag fás le taobh an fhalla agus iad greamuighthe de'n
fhalla mar a bhéadh eidhneán. Bhí, ar an gcuid is lugha
de, cúpla acra talmhan 'sa gháirdín, agus tighthe gloine
ann chomh tiugh is bhéadh cábáin i bPáirc an Aonaigh
ar Phatrún Chill Ghobnatan. Bhí cuid aca beag is cuid
aca mór, cuid aca buailte suas i gcoinnibh an fhalla,
agus cuid eile aca istigh i lár an gháirdín, agus
luibheanna agus bláthanna ba dheise 'ná a chéile ag fás
istigh ins na tighthibh gloine sin.


L. 53


Bhí bóithríní beaga deasa, déanta de ghainimh ghlan na
Geadaighe, ag gabháil tríd an gháirdín ó thaobh go taobh,
agus crainn ag fás ar dhá thaobh gach bóithrín de sna
bóithríníbh sin.



Ba mhinic domh-sa i n-abhall-ghort thíos ar an Mianus
agus thall i mBéal Átha Málais, acht níor mhar a chéile
iad crainn an abhall-ghoirt agus crainn an gháirdín.
Mar adubhart cheana bhí cuid mhór aca greamuighthe
de thaobh an fhalla, agus an chuid eile, bhí a ngéaga sínte
amach ar dhá thaobh de chois an chrainn, iad ceangailte
mar a bhéadh de gheata adhmaid, agus an geata sáithte 'sa
talamh.



Bhí cead againn dul pé áit ba mhaith linn. D'fhan
Seaghán Thaidhgín le cois an gháirdneóra, agus an bheirt
aca isteach 's amach ins na tighthibh gloine. Do bhuail
eamair-ne i dtriúr síos suas an gháirdín. Thug an
gáirdneoir cead dúinn éin-ní ba mhian linn a bhaint acht
é bheith aibidh, mar go raibh mórán de thorthaibh an gháirdín
is gan iad acht leath-aibidh fós.



"Tá 'fhios agat-sa," ar seisean le n-a mhac, "cad tá
aibidh agus cad ná fuil."



Bhí cuid de sna h-úbhlaibh chomh mór le práta, acht
bhíodar ana-ghlas fós. B'é an scéal céadna ag na
plumaíbh é. Bhíodar-san chomh glas, chomh searbh leis na
h-áirníbh ar lios an Árd-a-Rátha. Acht ní fheaca riamh
'ná ó shin a leithéid de radharc de spiúnánaibh agus do
bhí ann. Bhí cuid aca go glas agus go searbh, go righin
agus go féasógach. Bhí cuid aca buidhe is cuid aca
dearg, agus iad go bog breágh milis. Agus na silíní!
— bhainfeadh sé an t-uisce ó t'fhiaclaibh bheith ag féachaint
ortha. Bhí an chuid ba mhó aca crón-dhearg, agus blas
na meala ortha. Níorbh iongnadh linn na beacha bheith ag
crónán mór-dtimcheall ortha, is do thuigeamair i gceart
ca' na thaobh an sean-líon a bheith caithte anuas ortha chun


L. 54


iad a chosaint ar na héanlaithibh. Ba dheacair iad a
chosaint orainn-ne dá mbeimís i n-aice leo.



"Seo anois," ars' an gáirdneóir nuar do bhí breis
agus ár n-dótháin ithte againn, agus ár bpóchaí lán, "is
mithid daoibh bheith ag imtheacht. Beifear ag feitheamh
oraibh 'sa mhóinfhéar; agus rud eile, tá súil agam leis
an stíobhard a bheith annso i gcionn tamaillín, is
b'fhéidir nár mhaith leis sibhse bheith annso roimis. Tá sé
chomh maith agat-sa dul leo," ar seisean le na mhac,
"acht buail isteach chun do mháthar féachaint an mbéadh
aon ghnó aici dhíot."



Do bhogadar leó i dteannta a chéile, Domhnall Óg
agus mac an gháirdneóra. D'fhanas féin is Seaghán
buille beag i dtaobh thiar díobh i bhfochair an gháirdneóra.



"Cheapas," arsa Seaghán, ná raibh aon chur isteach ag
an stíobhard ort-sa, ná aon bhaint aige led' chuid oibre
se."



"Níl acht chomh beag; acht duine beag amhrasach
úghdarásach iseadh é, agus ó is rud é go dtugann an
mháighistreás cluas dá chuid cainnte, b'fhearr liom gan
sibh-se bheith istigh annso roimis."



Do bhailigheamair linn gan a thuille moille, mar do
bhí 'fhios againn go maith nárbh aon dóichín é an stíobhard
úd. Do chuir sé an dlighe ar gharsúinín óg mar gheall
ar chloich a chaitheamh le sean-chlár a bhí laistig de'n
bhóthar 'á fhógairt do'n phobal gan dul isteach 'sa choill
nó go gcuirfidhe an dlighe ortha.



"Ná dearmhad an luan so chughainn," ars' an gáird-
neoir le Seaghán Thaidhgín, agus é ag dúnadh an gheata.



"Ní baoghal dom," arsa Seaghán.



"Cogar," arsa Seaghán Thaidhgín liom-sa, "táim chun
dul ag obair 'sa gháirdín Dé luain seo chúghainn. Beidh
coróin 'sa tseachtmhain mar phágh agam, is má bhíonn an
gáirdneoir sásta liom beidh árdúghadh páighe agam i


L. 55


gcionn ráithe. Dúbhairt sé liom go bhfuair sé árd-
theistiméireacht ar fad orm ó t'athair, is mura mbéadh
go bhfuair ná béadh aon dul agam-sa ar an áit d'fhághail,
mar go raibh a lán ag cur isteach air."



"Ó! tuigim anois," arsa mise, "cad a bhí eatortha ó
chiainibh agus sinn ag fágaint an mhóinfhéir. Coróin 'sa
tseachtmhain, a Sheaghán, agus ardúghadh páighe i gceann
ráithe! Beidh seó airgid agat, a Sheagháin."



"Beidh féirín agam i gcóir Aonaig a' Phuic," ar
seisean.



IX.



ADHARCADH NA gCOCAÍ.



Bhí an féar ar fad bailighthe isteach aca rómhainn, —
Cornaí is Diarmaid na Móna agus pící aca; m'athair
agus raca aige. Dob' éachtach an fear ar raca m'athair.
Dob' fhearr é ná aon bheirt, is ní bhéadh sop ar an
dtalamh 'na dhiaidh.



"Is ro-mhaith an chabhair sibhse ar mhóinfhéar," arsa
m'athair, 'ghá leigint air go raibh fearg air chughainn.
"Buail anonn a Sheagháin chun móinfhéir Dhonnchadh
Bháin, is abair leis an píce a fuair sé uainn a thabhairt
duit. Teastuigheann an píce uainn anois chun na
gcocaí a dhéanamh; agus," ar seisean liom-sa, "tá
sé chómh maith agat-sa an t-asal a ghléas, agus bogadh
leat abhaile chun aire thabhairt do sna buaibh. Níl 'sa
bhaile acht do mháthair agus na cailíní. Gheóbham-na
abhaile an comhngar ar ball."



Ní raibh breis deabhaidh orm-sa.



"Cogar" arsa Cornaí liom. "Tá dhá chúsnóig agam
dhuit."



"Cá bhfuil siad?" arsa mise.


L. 56


"Fan go mbeidh an t-asal gléasta, is teasbáinfead
duit iad."



"Bhfuil puinn meala ionnta?"



"Tá i gceann aca go h-áirithe."



"A' bhfuair Seaghán Thaidhgín aon chuid de'n mhil?"



"Ní bhfuair. Is mór a theastuigheann sí uaidh, agus ní
fiú dhá chuid a dhéanamh dá bhfuil ann."



"Ach! níor mhaith liom gan a chuid a thabhairt do
Sheaghán, agus féach chughainn a leith é ar sodar," arsa
mise.



"Ní rabhais i bhfad a Sheagháin," arsa m'athair



"'S dó' ní rabhas. Is amhlaidh a bhí an bheirt, — Tadhg
na Stiall is Donnchadh Bán a d'iarraidh trí chocaí déag
féir a roinnt eatorra. Bhí dhá thrian ag dul do Thadhg,
agus trian do Dhonnchadh. Mura mbéadh aca acht an dá
choca déag, 'b'fhuirist dóibh an roinnt a dhéanamh, acht ní
fheadradar cad a dhéanfaidís leis an gcoca corraig-
theach, leis an triomhadh coca déag. 'Sé is dóigh liom
go bhfuilid ag teacht anall annso ag triall ortsa,
féachaint a' bhféadfá-sa an roinnt a dhéanamh dóibh."



"Mhaise nár eirighe a mbóthar leo, is nár a míle
fáilte rómpa, na h-amadáin. Is beag an iongnadh an
breall ortha, agus beidh sé ortha go deire na scríbe,"
arsa m'athair go searbh, is do thosnuig ar choca a
dhéanamh.



Fuaireas féin is Seaghán Thaidhgín an mhíl, agus
do ghléasamair an t-asal i dteannta a chéile. Bhí súil
agam go mbéadh seisean ag dul abhaile lem' chois, agus
go mbéadh an tráthnóna fúinn féin againn ag aodhair-
eacht na mbó.



Arsa m'athair liom: "Beir leat abhaile an cliabh agus
na rudaí eile, acht fág an bainne annso; b'fhéidir
go mbéadh tart orainn ar ball. Féach a' bhfuil an clár
ar an ngálún, is cuir gabhál de'n fhéar ghlas anuas air.


L. 57


Fanfaidh Seaghán Thaidhgín annso chun na súgán a chasadh
dhamh-sa. Brostuig ort anois, ir cuir na ba bainne
isteach 'sa mhóinfhéar mhór ar feadh uair a chluig nó mar
sin. Acht féach! seachain agus ná leig dóibh na cocaí
dh'adharcadh. 'Sí Geadach an ceann is measa aca. Dá
mbéadh an bitheamhnach úd istig 'sa mhóinfhéar, agus féar
go súilibh airthi ní bhéadh sí sásta gan dul ag adharcadh
na gcocaí. Beidh tart ar na buaibh, is le heagla go
mbeidís ag lorg uisce agus a mbuilg lán de'n fhéar
ghlas, tiomáin siar chun na h-abhna iad ar dtúis."



Bhíos mí-shásta go leor ag dul abhaile agus gan
Seaghán le m' chois. B'fhearr liom go mór a bheith i
bhfocair na bhfear 'sa mhóinfhéar. Ba mhó de'n mhí-
shástacht a bhéadh orm acht go raibh fhios agam gur ag
casadh súgán a bhéadh Seaghán, agus níor lugha liom-sa
aon obair ná cipín a bheith im' láimh ag casadh méaróg i
móinfhéar lá samhraidh.



Do bhuaileas abhaile mé fhéin agus an t-asal is gan a
lán deabhaidh orainn.



"Is mithid duit teacht," arsa mo mháthair liom, "táim
féin agus na cailíní marbh ag na buaibh ó mhaidin."



"Cá bhfuil siad anois, a mháthair," arsa mise.



"Cá bhfios damh-sa cá bhfuil siad. Táimíd cráidhte
aca ó bheith ag guidheal. Ba dhóigh leat gur ar buile
atáid, agus tá an oiread de theasbach ar na sean-
bhodógaibh is tá ar na ba seasca. Féach a' bhfuil siad
thiar i bPáirc na Glaise. Is baoghlach ná beidh braon
bainne aca ar theacht an tráthnóna. A' ndubhairt t-athair
leat iad a chur isteach in aon áit ag ingníor.
(inbhear)!"



"Dubhairt sé liom na ba bainne a chur 'sa mhóinfhéar
mhór ar feadh uair' a' chluig."



"Buail siar, má seadh, is tíomáin aniar iad ó'n
nglaise. Fág thiar na beithidhigh seasca, agus cuir


L. 58


scairt 'sa bheárnain rómpa; acht fan go fóilín is
raghad féinig led' chois, le heagla go mbéadh na
beithidhigh dhod' leanamhaint aniar."



Do chuireamair na ba bainne isteach 'sa mhóinfhéar mhór.
Do luigheadar ar ingníor. Bhí an t-ath-fhéar go h-árd,
agus go bog, agus go milis aca. Ba dhóigh leat ortha ná
tiucfaidís ar a mbuilg a líonadh choidhche, bhí a leithéid
sin de cheol aca ag bailiughadh chuca agus ag cogaint.



Thuas i gceann na páirce a bhí na cocaí, agus dhá
mhéaróig ar gach coca aca. Cheapas féin ná raibh aon
bheann ag na buaibh ar na cocaíbh, acht mar sin féin bhí
mo shúil i n-áirde le heagla an toirmisc. Do shuidheas
fúm ag bun choca, mo dhrom leis an gcoca is mo h-ann-
laidhe sínte. Bhí dórnán de gheaitiríbh im' láimh agam is
do chromas ar chaipín chogaidh a dhéanamh díobh. Bhí
tuirse orm tar éis na maidne. Do thuiteas im'
chodhladh, agus is dócha go rabhas ag taidhbhreamh.
Shaoileas go rabhas i n-áirde ar chrann úbhall i ngáirdín
na Bán-Chluanach, is mo phócaí lán d'úbhlaibh agam.
Díreach agus mé ag sleamhnughadh anuas de'n chrann do
chonnac an stíobhard thíos ag bun an chrainn. "Tar
anuas," ar seisean, agus faobhar ar a ghuth. "Tar
anuas," ar seisean arís, "nó cuirfead-sa iachall ort
teacht anuas gan mhoill," ag cromadh ar an gcrann
a luascadh anonn 's anall. Do dhúisigh an luascadh mé,
agus sé an chéad rud a chonnac 'ná mo mháthair n-a
seasamh im' aice, greim aici ar mo ghualainn, is í dhom'
chrothadh, a d'iarraidh mé a dhúiseacht.



Do phreabas im' sheasamh agus an codladh im' shúilibh.
Bhí na ba ag ingníor díreach mar a bhíodar nuair a
shuidheas cois an choca. Cheapas féin ná raibh aon
díoghbháil déanta; acht an chéad fhéachaint d'ár thugas ar
na cocaíbh, bhí fhios agam go maith go raibh an donas ar
fad déanta.


L. 59


Níor fágadh coca gan adharcadh. Ní raibh méaróg gan
brisead ar aon choca aca, acht ar mo choca féin. Bhí
cúpla coca agus leath-cheann ortha, fuaireadar an
oiread san de shuathadh ó sna buaibh.



Bhíos féin cráidhte. Do chromas ar ghol. Bhí fhios
agam go maith go mbéadh m'athair go dian orm mar
gheall ar m'fhaillighe, agus an fógradh thug sé dhom ag
fágaint an mhóinfhéir.



"Seo! seo! stad anois, a laoigh," arsa mo mháthair
liom is í chómh cráidhte liom fhéin, "acht cad a tháinigh
ort agus tuitim id' chodladh agus a fhios agat go maith
ná béadh an diablóir úd, Geadach, sásta dá mbeadh sí
ag pléascadh le féar, gan a bheith ag adharcadh na
gcocaí?"



"Is amhlaidh do shuidheas annso ag déanamh caipín
cogaidh, is do thuiteas im' chodladh i gan fhios dom
fhéin."



"Is ró-mhaith an scéal é mise a theacht amach, mura
mbeadh gur thánga ní bhéadh coca gan leagadh aca. Is
amhlaidh a bhíos chun glaodhach ort na ba a thiomáint
abhaile chun crúidhte nuair do chonnac Geadach ag déanamh
isteac ar choca, agus an chuid eile ar stealladh 'na
diaidh. Do ghlaodhas ort-sa, acht ba bheag an mhaitheas
dom bheith ag glaodhach ort: ní dhúiseóch' gártha na
n-adharc thu."



"Ní raibh leigheas agam air, a mháthair."



"Is dócha ná raibh, is tú id' chodladh."



"Marbhó'igh m'athair mé."



"Is baoghlach go mbéidh fearg air, act níl maitheas bheith
ag seanachas agus an anachain déanta. Tá sé chomh
maith agat na ba a thiomáint abhaile anois. Is mithid iad
a chrúdh."



"Nách fearra dhúinn rud éigin a dhéanamh leis na
cocaíbh chun iad a shocrughadh ar eagla na gaoithe?"


L. 60


"Ná bac leo go fóill. Níl baoghal ortha, is b'fhéidir,
ar ball, go bhféadfaimís na súgáin a shnaidhmeadh agus
feistiughadh éigin a chur ortha i gcóir na h-oidhche."



Do ghaibh mo mháthair an comhngar abhaile. Do
thiomáineas-sa na ba abhaile is mé go cráidhte. 'B í
Geadach an bhó deireannach ag dul amach ar an mbeár-
nain. Bhí slat de chuileann righin im' láimh agam. Do
rugas ar earball airthi is do bhíos dá greadadh chun go
rabhas tuirseach traochta. Bhí an cailín ag gearán nár
thug an Gheadach a cuid bainne ró-mhaith an tráthnóna úd,
is go mb'éigean dí buarach a chur ar an mbuin, le
heagla go ndoirtfeadh sí an bainne, bhí sí chomh crosta,
corra-thónach san. Bhí a fhios agam-sa go maith cad a bhí
airthi. Níor fhágas-sa aon tochas ar a cliathánaibh.



Do crúdhadh na ba. Do sniugadh iad. Do chuireas-sa
isteach 'sa tuar iad is do dhúnas an bheárna go maith
ortha.



Díreach is mé ag déanamh ar an dtigh ar filleadh
abhaile dhom do chonnac Cornaí ag teacht aníos Páirc na
hEórnan.



"A Chornaí," arsa mise leis, "cár fhágais an chuid
eile?"



"Chuadar abhaile, is do bhuail t-athair suas chun tighe
an Chnuic."



"Ní fearr liom é a theacht abhaile," arsa mise.



"Agus ca' na thaobh?" ar seisean.



"Mar do dhein na ba an donas ar fad ar chocaíbh an
mhóinfhéir mhóir."



"Agus cá rabhais-se nár thugais aire dhóibh?"



"Thuiteas im' chodladh agus mura mbéadh mo mháthair
ní bhéadh coca aca 'na sheasamh anocht. Téanam ort siar
is b'fhéidir go bhféadfaimís iad a shocrughadh agus a
cheangal."



Ní raibh an scéal chomh h-olc is do cheapas, acht mar


L. 61


sin féin bhí eagla mo dhóthain orm-sa ná raghadh liom ró
mhaith nuair a cheófadh m'athair na cocaí.



Níor tháinig sé abhaile go dtí tar éis tuitim na
h-oidhche. Ní fheaca sé na cocaí go dtí ar maidin lár
na bháireach, agus is dócha gur bhog mo mháthair an scéal
domh-sa. Pé scéal é, ní dubhairt sé liom-sa acht
"seadh! bhfuil an caipín cogaidh úd déanta agat fós?"



X.



TÓRRAMH SIGHLE NA mBÓ.



Thiar i lisín an Fhearainn do bhíodh Sighle na mBó
'na comhnuidhe, agus is ann a fuair sí bás. Bhí ana-
thórramh ar fad aici. Chuala-sa gur tháinigh cailíní an
bhaile chun mo mháthar, ar lorg coinnleoirí agus éadaighe
geala i gcóir an tórraimh. Ní rabhas-sa riamh ar
thórramh, is bhí ana-dhúil agam dul ar thórramh Shighle.



"Cogar," arsa mo mháthair liomsa, is na ba i dtuar
agam, "ba cheart duit dul agus tamaillín a chaitheamh ar
thórramh Shighle na mBó. Bhí sí annso an oidhche a rugadh thú.
B'fhéidir go mbéadh Seaghan Thaidhgín ag dul led' chois."



Bhí 'fhios agam-sa go maith cad a bhí óm' mháthair.
Fuair na cailíní dhá choinnleoir agus éadach cláir agus
cúpla bairlíní geala ar iasacht uaithi, agus ba mhaith léi
a fhios a bheith aici cá mbéadh an t-éadach cláir agus na
bairlíní geala, le h-eagla go mbeidís in aon áit go
dtuitfeadh smól ortha. Bhí 'fhios aici go maith nách ortha-
san 'ná ar a leithéidíbh a bhéadh m'athair ag cuimhneamh dá
mbéadh seisean ar an dtórramh.



"Is dócha," arsa mise le Cornaí, "go mbeir-se
ar thórramh shean-Shighle."



"Béad gan amhras. Ca' na thaobh ná beinn. A' mbéadh
aon t-seans go bhfuightheá-sa cead dul le m' chois?"


L. 62


"Ó chiainibh beag iseadh dúbhairt mo mháthair liom go
mba cheart dom dul ann, is gur dócha go mbéadh
Seaghán Thaidhgín le m' chois. An dóigh leat, a Chornaí,
an mbéidh seisean ann?"



"Ca bhfhios domh-sa san acht tá fhios agam go maith dá
mbéadh fhios aige tusa bheith ag dul ann ná fanfadh
seisean 'sa bhaile. Féach! ní raibh gal agam ó dh'fhágas
an móinfhéar. Do chailleas mo phíop. Ní fheadar an
mbéadh píop i bhfolach agat" mháthair. Chonnac ceann ar
an gcleibhí — an phíop a fuair t-athair ar thórramh an
Phléimeannaigh."



"Níl sí ann anois. Do thug mo mháthair an phíop úd
do Dhiarmaid na Móna an lá fé dheire."



"Bíodh geall ná béadh an oiread san ann i gan fhios
dó, an piardálaidhe."



Bhí tuitim na hoidhche ann agus sinn ag gabháil siar an
comhngar, — mé fhéin agus Cornaí agus Seaghán Thaidhgín.
Bhí tigh an tórraimh lán. Bhí Sean-Shighle sínte ar bhórd
ar aghaidh an doruis isteach, aibíd uímpe, agus í a féach-
aint i bhfad níos óige ná mar a bhí sí is í na beathaidh.
Bhí éadach geal fé'n gcorp ar an mbórd, agus éadaighe
geala os a cionn anáirde. Bhí coinnle ar lasadh ar
choinnleoiríbh, — sé cinn aca is dóigh liom a bhí ann. Bhí
dhá phláta ar an mbórd thíos ag cosaibh an chuirp — ní
fheadar ná go raibh ceann aca anuas ar chosaibh an chuirp
— snaois ar phláta aca agus tobac ar an bpláta eile.



Do chaitheamair sinn féin ar ár nglúinibh is do chuir-
eamair Paidir agus Abhe Máire le h-anam Shighle.
Gach duine a tháinigh isteach, do síneadh píop chuige. Do
fuaireas féin mo phíop chomh maith le fear.



Bhí cúigear nó seisear ban ann, agus iad n-a suidhe
ar dhá shuidheachán ar dhá thaobh an bhúird.



Bhí Dáith Ua Bruighin anuas ó'n nGaortha ann, agus
Sean-Sheaghán 'ach Suibhne ó Chrois a' tSean-Bhaile, ag


L. 63


cainnt thuas cois na teineadh, agus triúr nó ceathrar
eile ag éisteacht leo. Fear ana-dhiagaithe ar fad
abeadh Dáith. 'Sé bhíodh ag rádh na coróineach gach
maidean Domhnaigh ag séipéal na Tuatha. Bhí paiste
beag talmhan aige ar réidh an Ghaorthaidh, de talamh
bhocht anacrach, is cead aige caoire agus gabhair a chur
ar féarach ar chliathán na Gulban, agus is ró-bheag a bhí
le fághail aca ar an nGulbain acht fraoch is fionán is
aiteann Gaedhealach.



Cuipéar (fonnsóir) abeadh Seaghán 'ach Suibhne; acht
an lá ab' fhearr a bhí sé riamh dob' fhearr leis bheith ag
seanachaidheacht 'ná bheith ag déanamh feircíní ime ná
cíléaraí bainne do mhnaibh na Tuatha. Theastuigh meadar
is cúpla chíléar ó Mháire Philib. Chuir sí maide mór
giumhaise ag triall ar Sheaghán um lá 'le Gobnatan, le
súil is go mbéadh na hárthaighe aici i gcóir na Bealtaine,
nuair a bhéadh na ba ag breith agus reidhse bainne aici.
Nuair a tháinigh an Bhealtaine bhí sé mar leath-scéal ag
Seaghán ná raibh an t-adhmad stóinsithe a dhóthain. Bhí
leath-scéal bacach éicint eile aige nuair a tháinig lá
Aonaig a' Phuic, is dob é deire 'n scéil é gur fágadh
Máire gan mheadar gan chíléar go dtí lár an fhoghmhair.



Bhí sean-Dhiarmaid na Cille ann agus Mícheál Ua
Foghludha. Ba mhaith an fear bata do láimhseáil é sean-
Dhiarmaid 'sa tsean-aimsir. Fear lúbach láidir a beadh
é, nár chaith riamh acht bríste geairid agus casóg
cuirp.



Ceartlinn d'fhear téagartha tochraiste a beadh Mícheál
Ua Foghludha, acht gan a bheith ró-árd. Deirthí gur leag
sé oifigeach airm anuas dá chapall lá, ar phátrún Chill
Ghobnatan, le buille mhaide.



Bhí Tomás 'ac Muiris ann. 'Sé is mó a bhíodh ag cur
trioblóide ar Thomás, ná gan Aifreann a bheith aca
i gCill Ghobnatan.


L. 64


Chomh fada siar is tá cuimhneamh im' cheann bhíodh ana-
dhúil agam bheith i gcomhluadar sean-daoine, agus ag
éisteacht leo ag cainnt 's ag comhrádh. Do dhruideas
suas cois na teineadh.



"Sé mo thuairim," arsa sean-Dhiarmaid, "gur mise
an fear is sine annso anocht."



"Mhaise, go deimhin, ní tú," arsa Mícheál Ua Foghludha.
"Is sine mise ná thú. Is minic do chuala-sa Sighle
féin ghá rádh ná raibh acht bliadhain aici orm-sa, is go
raibh an dá bhliadhain aici ort-sa agus ar Mhuiris na
Corann."



"Tá eagla orm go raibh dearmhad airthi," arsa sean-
Dhiarmaid. "Bhíos-sa agus Muiris na Corann ar aon-
scoil thíos ar an Mianus. Is ró-mhaith is cuimhin liom
an lá gur ghaibh Domhnall Ó Conaill an bóthar siar
ag dul abhaile go Daire Fhionáin is é ag teacht ó
Chorcaigh. Bhí na scoláirí go léir amuigh ar an mbóthar,
agus a lán daoine eile ann chomh maith. Do b'éigean
do'n mháighistir Muiris d'árdughadh ar a ghualainn chun
go bhfeicfeadh sé an Conallach Mór."



"Bhios féin ann an lá céadna," arsa Míchéal Ua
Foghludha, "acht ní ag féachaint ar Dhomhnall Ó Conaill
a bhíos-sa agus Micil a' Chnuic, acht amuigh in abhall-ghort
an mháighistir ag bailiughadh chughainn. Cad is dóigh leat-
sa, a Sheaghain, ciaca againn is sine?"



"'S dó' ní fheadar i gceart chun go bhfeicinn mo
leabhar," arsa Seaghán go righín, "act sé mo thuairim go
bhfuil an ceart ag sean-Dhiarmaid. Bhíos ag féachaint
isteach i m' leabhar an lá fé dheire: Chuala go raibh
cleamhnas ar bun idir mhac Sheagháin Uí Shéagha agus
ingín Shéamuis Óig, — féachaint an raibh aon ghaol aca le
na chéile."



"Cad a bhéarfadh gaol eatorra súd?" arsa Tomás
'ach Muiris.


L. 65


"Tá gaol éigin eatorra," arsa Dáith Ua Bruighin,
"acht is dóigh liom fhéin ná fuil ann acht gaol i bhfad
amach."



"Sin a bhfuil ann," arsa Seaghán. "Ní ró-fhuirist é a
chóimhreamh — sé glúine ar thaobh an chailín óig agus seacht
nglúine ar thaobh an ógánaigh."



"Agus a' bpósfar iad?" arsa Tomás.



"Cá na thaobh ná pósfaidhe iad; nár pósadh Donnchadh
Réal agus Siobhán Thaidhg is iad a' trí 's a ceathair
le chéile?" arsa Mícheál.



"Acht má pósad," arsa Dáith, "bhí iachall ortha cead
d'fhághail ó'n bPápa, agus chuala-sa Donnchadh an
Chléirig féin 'ghá rádh go ndeachaidh sé dian go leor
ortha an cead d'fhághail. Níor éirigh a bpósadh ró-mhaith
leo. Ní 'á chasadh leó é, ní raibh leanbh aca gan
máchail éigin air. Ní gan fáth a chuireann an eaglais
cosc ar chleamhnas agus na cleamhnaidhthe ró-athchomair
i ngaol. Bhfuil do "Thadhg Gaedhealach" agat a
Sheagháin?" ar seisean le Seaghán 'ach Suibhne.



"Tá mhaise, acht nuair a bhíonn an leabhar againn ní
bhíonn an léigheann againn. D'fhágas mo spéaclaí 'sa
bhaile im' dhiaidh, acht seo dhaoibh sean-dhán diagaithe. Ní
fheadar arbh é Tadhg Gaedhealach a chúm é nó nárbh é.



"An Moladh Beirte atá mar ainm air."



Níor rugas-sa liom acht amháin an méid seo de'n
Mholadh:-



"Féach an ceann is gan ann
Acht áit na súl, —
Feach an dranndal manntach beárnach úd,
Féach, cé reamhar, ce teann,
Cé áluinn tú,
Beidh do cheann gan amhras
Lá mar siúd.


L. 66


Féach an cloigeann ar an olaig,
Agus an dranndal maol, —
Féach a loigeal súd folamh
Agus an tsúil n-a cré —
Féach na cosa gan sodar
Gan lúth gan léim,
Agus déinimís moladh mar sholadh
Gan cham gan chlaon."



"Beannacht dílis Dé le t'anam is le h-anaman
do mharbh," ar siad go léir d'aon-fhocal.



"Amean," arsa Dáith. "Nách mithid dúinn an Choróin
a rádh?" ar seisean, ag tarrac a phaidrín chuige as
phóca a bhríste.



Do shleamhnuigheas féin síos i dtreo an doruis, agus
amach liom ar an mbóthar. Bhí Seaghán Thaidhgín amuigh
rómham. Is éachtach a raibh de dhaoinibh ann. Bhí daoine
ann aníos ó'n Mianus, agus anuas ó'n gCoill. Thang-
adar ann aniar ó Shean-Dhoire agus anoir ó'n dTullaigh.
Bhí muinntear an tSean-bhaile ann agus muinntear Chill
Ghobnatan. Bhí Seaghán na Ceapaighe ann agus Conchubhar
Liath agus Micil a' Chnuic.



Bhí an oidhche chomh breágh san go mb'fhearr leat bheith
lasmuigh 'ná laistigh. Bhí a lán daoine amuigh ag ceann
an tighe, is mór-chuid i dtighthibh na gcomharsan. Bhíodar
na dtriúraibh is na gceathraraibh ag gabháil síos suas an
bóthar; iad ag cainnt 's ag comhrádh, is ag ól tobac.



Do bhuail capall is trucaill aníos an bóthar chughainn.
'Sé bhí sa trucaill 'ná Donnchadh na mBóithre is é ar
bog-mheisce.



Fuairnéalach beag feirmeóra a beadh Donnchadh. Bhí
feirm bheag talman aige thuas ar an gCoill ar bheagán
cíosa; agus dá mb'áil leis aire a thabhairt dá ghnó, ní
bhéadh droch-shaoghal aige, i gcomórtas le na chomhar-


L. 67


sanaibh. Acht dáltha Dhonnchadh Ruaidh dob fhearr leis
bheith ag bóithreoireacht 'ná bheith "ag grafadh 's ag
treabhadh aon am de'n bhliadhain." Chaith sé trí bliadhna
ag gáineáil le banbhuíbh. 'Sé is mó a bhí aige de bharr a
gháineála 'ná dúil 'sa mbraon. D'fhág sé cúram na
feirme fé na mhnaoi is fé na chlainn. Nuair a bhí sé
tuirseach de'n gháineáil 'sé dhéin sé ná bóthar a chann-
táil ar Mhuiris na Corann. Bhí Muiris ag fhághail réal
a' péirse ar an mbóthar. Do chuir Donnchadh isteach ar
an obair a dhéanamh ar theistiún is leath-phingne.



Bhíodh airgead an bhothair le tarrac aige dhá uair 'sa
mbliadhain. Is minic ná bíodh puinn airgid le fághail
aige; acht bíodh an t-airgead beag nó mór, ba ró-bheag
an chuid de bhíodh i bpóca Dhonnchadha ar a theacht abhaile
ó Thráigh Lí. Ní raibh tigh tábhairne 'ná síbín ar thaobh an
bhóthair ó Thráigh Lí go Cill Orglan, ná ó Chill Orglan
go Crois an t-Sean-Bhaile ná go gcaitheadh Donnchadh
tamall ann ag dul 's ag teacht dó. Bhíodh cáirde aige
ag gábháil ó thuaidh agus airgead síos ar filleadh
abhaile dhó.



Do stad láirín Dhonnchadha ar aghaidh tighe an tórraimh
amach. Do cheap sí, is docha, gur ag doras tighe ósta a
bhí sí, agus a raibh de dhaoine ar an mbóthar.



"G — go mbeannuighidh D — Dia dh — dhaoibh, a bhu —
bhuachaillí," arsa Donnchadh.



"Go mbeannuighidh Dia is Muire is Pádraig dhuit, a
Dhonnchadh, is Dé do bheatha a bhaile ó Thraig Lí," ar
siad-san.



"C — cá bh — bhfuilim?" ar seisean.



"Taoi ag doras tighe Shighle na mBó atá fé chlár
anocht."



"Mhaise b — beannacht D — Dé le na h — hanam, agus
ca — cathoin a ca — cailleadh í?"



"Astoidhche aréir a Dhonnchadh, slán mar a n-innstear é."


L. 68


Bhí a chiall agus a chainnt ag teacht chuige.



"Nách maith an scéal gur thánga i dtuaidh i n-am. Ba
mhór an náire dhomh-sa dá gcuirfidhe Sighle bhocht i gan
fhios dom."



Do shleamhnuigh Donnchadh anuas de'n trucaill.
D'fhán sé tamall 'n-a sheasamh le h-ais na trucailleach,
is greim aige ar an leath-luighe.



"Seadh! seadh!" ar seisean, "Sighle na mBó fé chlár
anocht. Is 'mdhó aistear a chuir sí dí leis na bliadhan-
taibh. Tá deire anois le na cuid siúbhlóide. Seo, a
bhuachaillí, tá codladh grífín im' chosaibh ó bheith im'
shuidhe 'sa trucaill. Ná fuil aon bheirt agaibh a thabhar-
fadh lámh isteac dom?"



Do leag Donnchadh lámh ar mo ghuallainn-se, is lámh eile
ar ghuallainn Sheagháin Thaidhgín, agus isteach leis go tigh
an tórraimh, agus mise is Seaghán Thaidhgín mar a bheadh
dhá mhaide croise ar dhá thaobh dé.



Bhí an cúigmhadh deichneabhar de'n Choróin ar siubhal
aca istigh agus sinne-ne ag gabháil an doras isteach.
Do chaith gach duine againn é féin ar a ghlúinibh.



Tar éis rádh na Coróineach do Dháith, ba ghnáthach leis
Liodán na Marbh a rádh; acht chomh túisce is bhí deire leis
an gcúigmhadh deichneabhar d'éirigh Donnchadh 'n-a
sheasamh, is do chrom ar olagón do chasadh os cíonn an
chuirp.



Nuair a thagann duine isteach go tigh tórraimh agus
chromann ar ghol sé is ceart do dhuine de mhuinntir an
tighe, nó do dhuine de ghaolaibh an té atá fé chlár,
éirighe agus greas guil a dhéanamh i n-aonfheacht leis.
Is beag má bhí éin-ne ag gol ar thórramh Shighle na mBó.
Níor fhág sí aon chlann na diaidh chun í a chaoineadh. Pé
clann a bhí aici do cailleadh iad agus iad óg. Do lean
Donnchadh de'n ghol ar feadh tamaill, acht níor éirigh
éin-ne chun guil leis. D'fhéach a raib istigh ar


L. 69


Dhonnchadh. D'fhéachadar ar a chéile. Is iongantach nár
phléascadar ar gháiridhe, acht is dócha go raibh náire ortha
a leithéid a dhéanamh i dtigh an chuirp. Nuair do chonnac
Donnchadh nár bhog éin-ne chun guil le n-a chois is gur
fágadh an gol fé féin, do stad sé. Do bhog sé a
cheann siar 's aniar. D'oscal sé is do dhún sé a shúile
cúpla uair no trí, agus adúbhairt "Goilid na Crúibínigh
úd le chéile; agus goilid na Púicínigh úd le chéile."



D'fhéach a raibh istigh ar a cheile acht ní fonn gáiridhe a
bhí ortha anois, acht a mhalairt. Níor labhair éin-ne.
Ba dhóigh leat gur bualadh balbh iad.



Bhí Peig na gCreach 'n-a suidhe ar shuidheachán i n-aice
an chuirp. D'eirigh si-se 'n-a seasamh. Thug sí stathadh
do'n bhrat a bhí airthi fan na gcluas aici, agus ar si-se
"A phóitire bhig súghaigh smearthaigh, a dhiúgaire na ngloinní
bhfolamh, nách ort atá an t-éirighe anáirde. Dá mbéadh
duine annso go mb'fiú fear a thabhairt air, do bhainfeadh
sé an teasbach plispíneach díot-sa. Do chuirfeadh
biorán buidhe iachall orm fhéin tú a chur an doras amach
leis an scuaib."



Bhí gliocas an mhada ruaidh i nDonnchadh. Thuig sé go
fíor-mhaith go raibh an botún déanta aige, is gur
bhaoghlach ná béarfadh sé na cosa leis. 'Sé rud a dhein
sé, ná casadh ar a sháil, agus an doras a bhaint amach.
Díreach is é ag an ndoras d'iompaigh sé isteach agus
adúbhairt: "Agus goilid na Scilitínigh úd le n-a
chéile."



Níor theastuig aon mhaide croise ó Dhonnchadh ag cur
an bhannraigh amach dé; is d'imthigh air suas an bóthar, é
féin 's a chapaillín ar bog-shodar.



Leas-ainmneacha abeadh Púicínigh agus Crúibínigh a bhí
ar mhuinntir Shíghle na mBó agus ar mhuinntir a fir,
agus na Scilitínigh a bhí mar leas-ainm ar mhuinntir
Dhonncadha féin.


L. 70


XI.



AN TEINE CHNÁMH.



"A Sheagháin," arsa mise le Seaghán Thaidhgín, "is
dóigh liom nár mhiste dhúinn-ne bheith ag dul abhaile.
Dúbhairt mo mháthair liom-sa gan a bheith ró-dheireannach."



"Fan go fóillín," ar seisean. "Ní fheicim an
ghealach na suidhe fós; béidh an ré geal againn ar ball.
Téanam ort síos go dtí scioból Mhíchíl Uí Shúileabháin.
Is ann atáthar ag déanamh na comhrann, is bíodh geall
go bhfuil Seaghán Mór na Ceapaighe ann, agus is
iongantach an fear scéal fiannaidheachta é Seaghán
Mór."



Do bhuaileamair síos i dteannta a chéile. Bhí an
scioból leath-lán; buachaillí óga an chuid ba mhó aca.
Bhíodh sort scáth ortha a bpíopaí a dheargadh os comhair
na sean-daoine, acht annso ní raibh scáth ná eagla roimh
éin-ne ortha, agus an áit nách mór fútha féin.



"Ca bhfuil do phíop?" arsa duine aca liomsa. "Nár
dheargais fós í?"



"Níor dheargas," arsa mise, "acht ní bhéidh sí i bhfad
gan deargadh. Chím Cornaí annso, is bainfidh seisean
deatach aisti."



"Ó, mo náire é," arsa buachaill eile, "ná fuil' fhios
agat nách ceart duit píop tórraimh a thabhairt d' éin-ne
gan í dheargadh dhuit féin ar dtúis."



Bhí eagla ormsa go mbeinn breoidhte ó'n dtobac;
acht níorbh é eagla na breoidhteachta ba mhó a bhí 'om'
choimeád ó bheith ag ól na pípe, acht eagla roimh
m'athair; mar bhí' fhios agam go maith dá mbéadh 'fhios
aige mise bheith ag ól tobac go mba sheacht measa
dhom é 'ná adharcadh na gcocaí 'sa Mhóinfhéar Mhór.


L. 71


"Féach air," arsa Diarmuid Óg, "nách é an bograchán
é."



Bí seisean ag ól tobac ó bhí sé deich mbliadhna
d'aois.



"Ba dhóigh leat gur cailín beag é," arsa dailtín eile,
agus gob air ag tarrach a phípe féin.



"An páiste bocht, is dócha go bhfuil ballaithe an
tobac ró-láidir dá ghoile Las scolb dó, a Dhiarmaid
Óig."



"Is fearra dhuit í a dheargadh," arsa Seaghán Thaidhgín
liom i gcogar. "Ní gádh dhuit acht cúpla tarrac a
bhaint aisti, agus Paidir is Abhé Máire a chur le h-anam
Shighle."



Díreach agus mé chun na pípe a dheargad cé thiucfadh
an doras isteach 'ná sean-Dhiarmaid na Cille, páipéar
'na láimh aige agus saothar air.



"Seo," ar seisean liom-sa "ó is tú is fearr 's
is géire radharc, léigh an páipéar so dhúinn. Ní
fhéadfainn-se é a leighe acht le solus an lae. Bog as
so," ar seisean le buachaill eile, "agus leog do'n
gharsún so suidhe. Níl faic le déanamh agat, is ní
fearra dhuit bheith i d' shuidhe 'ná i d'sheasamh."



Dob' éachtach, an fear páipéar é sean-Dhiarmaid. Bhí
beirt nó trúir dá chlainn thall in Ameiricá. Chuiridís
páipéar anall chuige gach seachtmhain. Ba bheag duine
'sa chomharsanacht gan duine éigin a bhain leis thall. An
fhaid is lean an cogadh thall is beag tráthnóna Domhnaigh
a thagadh gan lán tighe de sna comharsanaibh i dtigh na
Cille, ag éisteacht le fear a tighe is é ag leigheadh
an Boston Pilot agus ag mínuighadh an scéil do'n mheid
nár thuig an Béarla. 'Á chomhartha san féin is beag
leitir a thagadh anall gan "Canos tá sean-Diarmaid na
Cille" a bheith innte i dtús nó ndeire, pé scéal eile
bhéadh innte.


L. 72


Do bhailigh a lán daoine isteach ar shálaibh sean-
Dhiarmada, féachaint an mbéadh aon scéal nuadh 'sa
pháipéar, i dtreó is go raibh an scioból lán i gcionn
tamaill bhig. Do chromas féin ar léigheadh. Ní raibh
agam ar dtúis acht droch-sholus ó choinnlibh na siúinéirí,
acht do chuir sean-Dhiarmaid iachall ar dhuine éigin
coinneal eile a lasadh. D'éirigh liom go maith as san
amach.



Do léigheas:- "Is baoghlac go mbeidh cogadh idir
an Fhrainnc agus an Alamáin. Tá Ímpire na bFranncach
ag bagairt ar Rígh Phrússia."



"B'fhéidir le Dia go bhfaghadh Sasana leadhb ó thaobh
éigin," arsa duine 'sa chúinne.



"Níl baoghal airthi" arsa duine eile. "Fanfaidh si-
se mar iománaidhe ar an gclaidhe. Pé scéal é, tá súil
agam go mbeidh an lá ag an bhFranncach. Nach truagh
gan sean-Bhónaí aca anois. 'Sé a chuirfeadh smacht ar
Phrússia. Bhfuil aon scéal eile ann?"



Tá, gan amhras, acht fan go fóill, is bíodh foidhne
agat," arsa sean-Dhiarmaid. "Tá an garsún ag
dhéanamh a dhíchill is sibh go léir ag brughadh isteach air."



Do thosnuigheas aríst:-



"Deirthear go bhfuil gach aon deabhramh go mbeidh dlighe
nuadh i bhfeidhm i ndeire na bliadhna so, agus ná beidh
cead feasta ag tighearnaí na feirmeoirí a chaitheamh
amach, 'ná seilbh a bhaint díobh gan sásamh éigin a
thabhairt dóibh."



"Má's maith é, is mithid é," arsa duine thíos i n-aice
an doruis; "acht is baoghlach ná fuil ann acht mair a
chapaill is gheobhair féar."



"Tiomáin leat, a bhuachaill," arsa sean-Dhiarmaid.



"Fuair Mac Giolla Choda Mór bás i mBaile Átha
Cliath aréir. Bhí sé gan bheith ar foghnamh le tamall, acht
ní raibh aon choinne le n-a bhás. Beidh a chuid talmhan


L. 73


fé chúram na cúirte go ceann tamaill mhaith. Níl an
t-oighre óg acht na chorránach fós."



Do stadas. Ní dúbhairt éin-ne "Slán mar a n-inn-
stear é." Ní dúbhairt éin-ne "Beannacht Dé le
n-anam." Acht 'sé dubhairt sean-Dhiarmaid: "Marbh-
uigheann Dia duine chun duine eile a thógaint. Bhítheas
chun na Mangánaigh a chur as seilbh an tseachtmhain seo
chughainn. Bhéadh an siriam ann chun iad a chaitheamh
amach tá seachtmhain ó shin, acht fuair sé leath-scéal
éigin chun na hoibre a chur ar ath-lá."



"Agus cad a dhéanfar leó anois?" arsa Seaghán na
Ceapaighe.



"Fágfar mar a bhfuil siad iad," arsa sean-Dhiarmaid.



"Féach," arsa buachaill lasmuigh de'n doras. "Féach
an lasrach. Is baoghlach go bhfuil tigh éigin tré theinidh."



Siúd amach a raibh istigh, is iad ag baint an doruis dá
chéile. Bhíomair go léir amuigh ar an mbóthar, is gan a
fhios ag éin-ne i gceart cá raibh an lasrach, acht gach
duine agus a thuairim féin aige. Dúbhairt duine gurbh
é tigh Dhiarmada Uí Chiosáin a bhí dá dhóghadh. "'S dó,
ní hé," arsa duine eile acht tigh Thaidhg Uí Chlúmháin."
"Nách dall atá sibh," ars' an tríomhadh dhuine, "ná
feiceann sibh gur i dtreo tighe Dhonnchadha Uí Mhangáin
atá an lasrach."



"'Sé is dóigh liom-sa," arsa Seaghán Thaidhgín, "gur
teine-chnámh atá ann."



"Cad a bhéarfadh teine-chnámh a bheith ann an taca so
bhliadhain?" arsa mise.



"I mbaiste go bhfuil an ceart ag an ngarsún. Teine
chnámh atá ann gan amhras. Is dócha gur chuala na
Mangánaigh scéala an bháis, is gur dheineadar an teine
chnámh a lasadh le h-áthas."



Caithfimé dul suas, agus an scéal dh'innsint do
Dháith Ua Bruighin" arsa sean-Dhiarmaid.


L. 74


"Téanam ort suas," ar seisean liom-sa; agus suas
linn go léir, acht an bheirt siúinéir a bhí ag déanamh na
comhrann.



"Raibh aon scéal nuadh sa pháipéar?" arsa Dáith.



"Cad is dóigh leat?" arsa sean-Dhiarmaid.



"S dó, ní fheadar," arsa Dáith.



"Tá scéala ann gur cailleadh Mac Giolla Choda
Mór thuas i mB'lá-Cliath aréir, is mar dheimhnuighadh ar
an scéal tá teine-chnámh ar lasadh ag na Mangánaigh
amuigh ar agaidh an tighe aca."



"Féach ar sin anois, a Dhiarmaid; nách ait an scéal é;
anois díreach a bhí na mná ghá rádh go bhfeacathas an
cóiste gan cheann ag gabháil siar an bóthar íochtrach i
n-am mharbh na hoidhche aréir. 'Sé deir siad 'ná go raibh
táiliúirí Sheagháin Philib ag gluaiseacht leó abhaile tar
éis bheith ag obair i dtigh Mhicil a' Chnuic. Tá mac do
Mhicil ag dul go hAmeirica an tseachtmhain seo chughainn;
is bhí na táiliuirí ag áirneán cun a chulaith éadaigh a
dhéanamh i n-am. Deir na mná gur chualaidh na táiliuirí
fothrom an chóiste ag gabháil siar ó'n ndroichead íochtrach.
Bhíos-sa ag áiteamh i gcoinnibh na mban. Ní ghéillfinn
dóibh in ao' chor, agus ní maith liom géilleadh do'n scéal
anois, acht mar adúbhart cheana is greannmhar an scéal é."



"Is 'mdhó rud atá 'sa t-saoghal so ná tuigeam i
gceart a Dháith, is gan trácht ar an saoghal eile," arsa
sean-Dhiarmaid.



Bhí cúrsaidhe cainnte anois ag lucht an tórraimh.
Níor bhfada go raibh an scéal i mbéal gach éinne;
gach duine agus a shocrúghadh féin air, acht amháin an
méid seo, nár mhar a chéile aon dá shocrughadh aca,
is nár bhaoghal gur bhain éin-ne aca ó'n scéal murar
chuireadar leis.



Seo mar a chuala-sa iad ag cur an scéil tré na
chéile, — dob fhearr i bhfad na mná chuige ná na fir:


L. 75


"Chonnac Seaghán Philib an cóiste ar an dtaob thiar
de'n droicead." — "Níorbh é acht an sean-phinsinéar a
chonnaic é." — "Chonnac buachaill an mhinistir an cóiste
i n-aice le Leaba-na-Bó" — "Mara mbéadh a thapaidhe
agus d'fhag sean-Chearson an bóthar, is é ag teacht
abhaile ó thigh na Croise, do scuabfaidhe de'n bhótar
é." — "'Dhe, greadadh chuige, an sean-scaothaire, ní
chreidfeadh éin-ne an fhirinne ghlan ó shean-Chearson.
Braon a bhí ólta aige." — "Agus lasrach ag teacht amach
as an gcóiste a chuirfeadh réiltíní id' shúilibh." — "Cad a
bhéarfadh do'n chóiste bheith ag gabháil an bhóthair úd,
is gur thuas i mB'lá' Cliath a fuair an sean-bhuachaill
bás?" — "B'fhéidir gur iarr sé mar athchuinighe ar ghiolla
an chóiste radharch d'fhághail ar an mbaile sular árduigh
sé leis é." — "Ba mhór le rádh é tamall ó shin; níor
dheacair é shásamh anois; ba mhaith leis malairt tighis
a dhéanamh le sean-Shighle." — "Do chualathas caoineadh
truaighmhéileach i n-aice an átha, tá seachtmhain ó shin."
"Ní chreidfinn é. Níor lean an bhean-sidhe le muinntir
Mhaic Gille Choda ó dh'iompuigheadar. Nuair do
thréigeadar an sean-chreideamh, do tréig an bhean-sidhe
iad-san." — "Cá bhfios duit nár iompuigh seisean is é ag
fághail bháis? 'b'fhuirist dó sagart dh'fagháil thuas i
mBh'l'á Cliath." — "B'fhéidir gurbh é an dóchtuir a bhí ann:
chuala-sa go raibh duine éigin 'n-a luighe breoidhte thoir
ar an dTullaigh" — "Níorbh é 'ná an sagart acht chomh
beag; an dóigh leat ná h-aithneoch' na táiliúirí an
dochtúir. 'Se an sean-ghiolla féin a bhí ann agus an
sean-bhuachaill 'na chóiste aige."



A leithéid de chlisiam níor chualathas riamh i dtigh
tórraimh, agus ní fios cathoin a stadadar. Ní raibh aon
lagughadh ar an gcainnt agus mise ag fágaint tighe an
tórraimh.



Bhí sé deireannach 'san oidhche agus mé fhéin is Seaghán


L. 76


Thaidhgín agus Cornaí ag teacht abhaile ó'n dtórramh. Bhí
an ghealach n-a suidhe, is gan sgamall 'sa spéir. Do
ghluaiseamair an comhngar soir. Ní raibh fonn cainnte
ar éin-ne againn; acht ní dóigh liom go raibh eagla 'ná
uaigneas orainn. 'Sé is mó a bhí agam-sa á chur tré
na chéile 'ná an Cóiste wan Cheann agus Mac Giolla
Choda is cá mbeidís ag dul.



D'fhágamair Páircín na bhFothrach ar dtaobh thiar dinn,
is bhíomair ag déanamh ar Log-an-Aifrinn. Áit ana-
uaigneach ar fad is eadh Log-an-Aifrinn. Níl áit níos
uaignighe ná é 'sa pharóiste acht Glaise-'n-Teampuill
agus Leaba-na-Bó. Deirthí go bhfeictí sprid ag Crois
Leaba-na-Bó. Díreach agus sinn-ne ag déanamh ar Log-
an-Aifrinn do chualamair an chiscéim ar an dtaobh eile
de'n Log. Ní fheacamair éin-ne, beo ná marbh, acht bhí
ciscéim an duine ann, gan amhras. Bhí iarracht bheag
de cheo 'sa log os cionn na Glaise. Do stadamair.
Níor labhair éin-ne againn. Bhíos féin ag cur fuar
alluis díom. Pé rud a bhí ann, bhí sé ag teacht 'n ár
dtreo. I gceann tamaill cheapas féin go bhfeaca
samhail mhór ag teacht amach as an gceo. Dá bhfaghainn
an domhan mór ní fhéadfainn corruighe, 'ná cos liom a
bhogadh chun reatha. Ag dul i luighead a bhí an fathach is
é ag teacht i n-aice linn.



"Is deidheannach daoibh-se ag teacht abhaile," arsa
m'athair, mar is é bhí ann, agus é ag dul ar an
dtórramh, mar ba ghnáthach leis, i ndeireadh na h-oidhche.



"Ní bhfuaireas a leithéid de sgannradh ó rugadh mé,"
arsa Cornaí, agus sinn ar a dtaobh eile de'n ghlaise.



Bhí an coileach ag glaodhach agus sinne ag geata an
tighe.



"Seadh," arsa Seaghán Thaidhgín, "ní bheidh aon uaig
neas orm-sa ag dul abhaile anois," agus d'imthig air
abhaile ar sodar.


L. 77


XII.



AN tSOCHRÁID.



"Is dócha," arsa m'athair le m' mháthair maidean lae
na sochraide, "go mbeir ag dul ar an sochraid."



"Béad go deimhin, le congnamh Dé. Ba mhór an náire
dhomh-sa gan dul ar shochraid Shighle. Beidh an capall
agat, is dócha."



"Ó, beid, níor mhiste dhuit bheith i t-ullmhúghadh
féin."



"Geallaim-se dhuit ná béad-sa i bhfhad. Níl pioc le
déanamh agam acht mo bhróga is mo chaidhp a chur orm
agus mo chlóca a chaitheamh aniar orm."



"Beidh an capall gléasta agam i gceann tamaillín,"
arsa m'athar, is do dhún sé an leath-dhoras na dhiaidh.



"A Cháit! nó a Nóra! nó a Mháire! nó pé ainm atá
ort," arsa mo mháthair. "Féach cá bhfuil mo chaidhp. Tá
eagla orm go bhfuil sí na ceirt. Féach a bhfuil sí 'sa
t-síonán. Cuir an t-iarann 'sa teinidh — agus, a
Shéamuis, féach ca bhfuil an bior dearg — brostuigh ort,
nách ort atá an leisce! Beidh t-athair ag glaodhach orm
Chím go bhfuil an capall fe'n dtrucaill aige."



"Buail amach," ar sise liom-sa" is abair leis teacht
isteach, agus hata eile a chur air. Ba náire saoghalta
dhó dul ar sochraid agus an cáibín úd air, acht is cuma
leis cad a chaitheann sé."



'Sé is mó a bhí uaithi 'ná leath-scéal chun moille a chur
air, i dtreo is go mbéadh a caidhp cóirighthe go deas
aici, agus í ullamh chun bóthair.



"Tá sé chomh maith agat-sa teacht linne," arsa m'athair
liom-sa. "Ba mhaith liom-sa gabháil siar ag féachaint
an fheir ar an mBán-Chluain."


L. 78


D'fhanamair leis an socraid thuas ag geata an bhóthair
i n-aice le Láithreán an Rinnceadh.



Baintreach bhocht a beadh Sighle na mBó, acht bhí sochraid
ana-mhór aici. Ba dhóigh liom féin gur mhó de sna mnáibh
ná de sna fearaibh a bhí ann. Bhí ceathrar fear fé'n
gcomrainn, beirt ar tosac agus beirt thiar. Nuair
a bhíodh an bheirt thosaig tuirseach théidheadh beirt fhear
eile isteach thiar, agus an bheirt thiar théidis chun tosaigh
i n' ait na beirte eile. Shiubhal na mná i ndiaidh na
bhfear a bhí ag iompar na comhrann, gach bean aca agus
caipín a clóca aniar airthi ag clúdach a cinn. Dá mba
duine óg a bhéadh 'á chur, nó athair nó máthair clainne
bhéadh na mná ag gol, agus b'féidir cuid de sna
fearaib, acht ní raibh éin-ne ag gol ar shochraid Shighle na
mBó.



"Ba mhaith liom-sa," arsa mo mháthair "tamaillin a
shiubhal le cois an chuirp; 'se is lugha is gann dom a
dhéanamh," agus d'imthigh airthi le cois na mban.



"Bhí daoine i dtrucaillíbh ann agus daoine ag
coisidheacht, agus gan de chúrsaidhibh cainnte aca acht
bás Mhaic Giolla Choda.



"Tá sé chomh maith agat suidhe suas," arsa m'athair le
Tadhg Philib.



"Ní fiú dom é anois," ars' an fear eile.



"Comh-dhíol a raghaidh ort, agus ba mhór an ní dhuit
do chos a beith de'n bhóthar agus an brothall atá ann."



"B'fhéidir gur fíor dhuit sin. A' bhfuil fhios ag éin
ne cad dubhairt Donnchadh Ua Mangáin nuair do
chualaidh sé scéala an bháis?"



"Ní fhéadar, acht 'sé déarfainn-se gur giorra' dhuine
cabhair Dé 'ná an doras."



"'Sé chloisim ná go bhfuil beirt saor ag deisiughadh
an tuama 'n-a chóir, — le heagla go mbéadh aon bhraon
anuas air."


L. 79


"B'fhéidir nár mhiste leis an braon anuas air
feasta."



Nuair do shrois ceann na sochraide Bóithrín na Marbh
do leagadh an chomhra ar chlaidhe an bhóthair, fé mar a
leagtí gach comhra eile.



'Sé Teampall a' Chnocáin roilig na Tuatha, agus is
ann do cuireadh Sighle na mBó. Tá fallaí an t-sean-
theampuill 'n-a seasam fós istigh i lár na roilge, agus
teampall eile ann leis, teampall Gallda i n-aice an
tsean-fhothruigh. Tá bóthar socair réidh ag dul isteach
ó'n mbóthar mór go dtí doras an teampuill úd; acht
má tá ní hann ghabhann aon tsochraid acht sochraidí na
nGall, agus is ró-bheag díobh-san 'sa pharróiste. Ní
raighdís ann. Bíonn iachall ortha dul isteach thar
claidhe an bhóthair, agus suas Bóithrín na Marbh, is gan
geata ar aon cheann de'n bhóithrín úd



Leagtar an chomhra ar chlaidhe an bhóthair. Téidheann
na daoine isteach thar claidhe. Árduigheann siad leo
an chomhra suas an sean-bhóithrín, isteach thar strapa na
roilge. Tugann siad turas mór-dtíompall an
t-sean-theampaill, agus leagann siad an corp ar thaobh
na h-uagha 'na gcuirtear é.



Bhí a lán daoine nár tháinigh isteach ó'n mbóthar; acht
an méid a tháinig do scaipeadar ar fuaid na roilge,
gach duine ar uaigh a dhuine féin. Chaith gach duine aca é
féin ar a ghlúinibh, agus do chuir Paidir is Abhe Máire
le h-anaman na marbh. Chrom cuid aca ar ghol — bean
annso ag caoineadh a fir, bean eile ag caoineadh a
clainne; leanbhuidhe óga i gcúinne eile ag gol go
fuigheach ar uaigh a máthar; do sciob an fiabhrus uatha í
tamall beag roimis sin. Is beag fear a bhí ag gol go
h-árd, acht do chonnac duine nó beirt, is do bhainfeadh
sé na deóra ó sna clochaibh glasa bheith ag éisteacht leo.
Dó bhain sé na deora óm' shúilibh-se. Do chasas ar mo


L. 80


sháil, agus do bhogas amach uatha, nó is amhlaidh a bheinn
féin ag gol sara fada.



Chuaidh mór-chuid daoine ag féachaint tuama Mhaic
Giolla Choda. Tuama ana-mhór, ana-bhreágh a beadh an
tuama úd. Bhí beirt saor á dheisiughadh. Bhí leac an
doruis as áit agus an tuama oscailte. D'fhéachas féin
isteach an doras. Ní raibh aon fhonn orm dul níos sia.
Chonnach na comhrainn istigh sínte cois an fhalla, trí cinn
aca os cionn a chéile ar thaobh, agus dhá cheann ar an
dtaobh eile. An saor a bhí ag obair istigh, ní raibh
a dhóthain soluis aige. Do las sé coinneal. Bhí an
t-uisce ag púscadh isteach tré sna fallaíbh, iad clúd-
uighthe le snas liath, agus púcaí peill ag fás as na
clochaibh, mar a bhéadh cluasa ar chloigeann. Na comh
rainn a bhí thuas, bhíodar leath-lobhtha, a n-órnáidí ruadh
le meirg, agus clúmh liath ar an adhmad dreoidhte.



Chonnac cloigeann mór istigh ann, agus, dar liom-sa,
é ag cur na súl tríom. Bhí Molad Beirte na h-oidhche
aréir im' cheann. Do bhí sé mar a bhéadh ceol im'
chluasaibh:-



Féach an CEANN is gan ANN
Acht ÁIT na SÚL,
Féach an DRANNdal MANNtach BEÁRnach ÚD —
Féach, cé REAMHAR, cé TEANN,
Cé Áluinn TÚ,
Beidh do CHEANN gan AMhras
LÁ mar SIÚD



Is dócha go raibh iarracht de chodladh orm tar éis
áirneáin na hoidhche aréir. Bhíos díreach mar a bheadh
duine ag taidhbhreamh agus mé ag féachaint ar



A loigeal súd follamh,
Agus an tsúil 'n-a cré.


L. 81


"Do b'fhearr liom-sa," arsa an duine ar an dtaobh
thiar díom, "a bheith curtha síos 'sa chré ná mé a sháthadh
isteach 'sa bhfothrach bhfuar úd."



Do phreabas as mo thaidhbhreamh. D'fhéachas timcheall
orm. Bhí an fód deireannach ar uaigh Shighle na mBó,
daoine ar a nglúinibh mór-dtíompall na h-uagha, agus
daoine ag bogadh chun siubhail abhaile. Do ghluaiseas
orm i dteannta na coda eile.



Bhí faire an teampuill an oidhche úd ar Shighle na
mBó.



XIII.



RINNCE.



Tráthnóna lae na sochraide, cé bhuailfeadh aleith
chughainn an bóithrín acht Tomás 'ic Cearbhaill, an
bheidhliodóir agus a bheidhlín fé n'oscail aige. Bhíodh
fáilte ag gach éin-ne roimis: bhíodh fáilte ag na madraíbh
féin roimis. Ba dhóigh leat agus an lútáil a bhíodh aca
tímcheall air, gur de mhuinntir an tighe é.



Ní fheadar a raibh fhios ag éin-ne é bheith ag teacht, acht
is dócha go bhfeacathas é agus é ag déanamh ar thig
na Scairte. Pé scéal é, níorbh fhada dhó istig chun gur
bhuail duine de sna comharsanaibh isteach, agus duine
eile, agus duine eile. I gceann uaire a chluig tar éis
na gréine a dhul fé bhí an chistin leath-lán.



Do thairng Tomás chuige a bheidhlin. Do chrom sé ar
seinim go bog réidh ar dtúis; do lean ar an gceól san
ar feadh tamaill bhig. Do sheinn sé "Cailín Deas
Crúidhte na mBó," "An Londubh," agus "An Buachaillín
Ruadh."



"Scaoil chughainn "An Cailín Deas Donn,"" arsa duine
éigin.


L. 82


"Seo dhaoibh í," arsa Tomás go pras.



Chuir "An Cailín Deas Donn" na cosa ag bogadh.
Níorbh fhada go raibh ceathrar amuigh ar an úrlár;
beirt fhear agus beirt bhan. Ba dheas gleoidhte
na rinnceoirí iad. Ní fheaca-sa riamh ná ó shin rinnc-
eoirí ab fhearr ná iad. Níor leigeadar buille de'n
cheol dul thársta gan buille a bhualadh ar an úrlár,
nó cor éigin eile oireamhnach a bhaint as cos leo;
agus níorbh aon bhataráil 'ná poc-léimrigh a bhí aca,
acht rinnce gleoidhte, galánta, cos-éadtrom. 'Sé
déarfadh éin-ne a bheadh ag féachaint ortha, nách ag
obair ar ramhain agus ar shluasaid a bhíodh na fir
úd, bhíodar chomh cos-éadtrom san, agus nách ag
stracadh le buaibh is le gamhnaibh, le mucaibh is le
banbhuíbh a bhíodh na cailíní úd, is go mba dhóigh leat
ortha ná raibh de ghnó aca ó mhaidin go hoidhche, 'ná
ó Luan go Satharn acht ag rinnceadh.



Nuair do bhí pas rinnceadh déanta ag gach éin-ne
go raibh sé 'na chosaibh, "Seo anois a bhuachaillí 's a
chailíní," arsa m' athair. "is mithid daoibh bheith ag dul
abhaile in ainm Dé."



"Beidh oidhche eile againn le congnamh Dé," arsa mo
mháthair, agus do bhí áthas ortha go léir.



"Cé tá le d' chois-se, a Cháit?" arsa m'athair le
cailín aníos ó Pháirc Gharbh.



"Tá Nóra Liath agus a dearbhráthair."



"Tá go maith. Níor mhaith liom tú a bheith ag dul
abhaile gan duine éigin le d' chois chun tú a chosaint ar
an bpúca."



"Ní baoghal dúinn sprid ná púca anocht," ars' an
cailín.



"Acht seachain an cóiste gan cheann," arsa Tadhg
Breac.



"Diuc agat féin is do chóiste gan cheann," arsa


L. 83


Nóra Liath. "Nách ádhmharach ná féadfá gan é tharrach
chughainn chun eagla a chur orainn."



"Ní baoghal duit é anocht, a Nóra; tá tuirse ar an
gcóisteoir i ndiaidh na marcuigheachta a thug sé do Mhac
Ghiolla Choda an oidhche fé dheire," arsa duine eile.



"Slán abhaile dhaoibh," arsa m'athair, is iad go léir ag
glanadh leo go héadtrom, aereach, geal-gháiriteach.



"Seo anois," ar seisean, agus an doras dúnta aige,
"tá sé chomh maith againn an Choróin a rádh, is bheith
ag dul a chodladh. Is baoghlach go mbeidh codladh ar
chuid againn ar maidin."



Bhí codladh ar chuid againn agus an Choróin dá rádh.
Do tháinig míog ar Chornaí i lár a dheichneabhair, is nuair
do tháinig mo dheichneabhar-sa: "An id' chodladh ataoi?"
arsa m'athair liom.



"Ó, ní headh," arsa mise. Go maithidh Dia dhom é.



Dob fhíor do m'athair é nuair adubhairt sé go mbéadh
codladh orainn ar maidin. Bhí codladh agus leisce
orainn ag éirighe lár na bháireach. Chuala-sa mo mháthair
ag cainnt idir chodladh is dhúiseacht dom.



"Fág an garsún bocht 'n-a luighe go fóill: is dócha
go bhfuil tuirse air," ar sise.



Féach! as san amach ní fhéadfainn néal a chodladh.
Dá mbeidhfidhe ag tathant orm bheith im' shuidhe bhéadh
codladh agus leisce thar barr orm, acht nuair a bhí cead
agam fuireach mar a rabhas, is go mba dhóigh le duine go
mbeinn im' chnap codlatha ar a nóimeat, is amhlaidh
a bhíos chomh haibidh le gealbhan. Dob éigean dom
éirighe; bhíos tuirseach de'n leabaidh.



Bhí an bheidhleadóir 'n-a shuidhe romham. An té bhíonn
siubhaltach bíonn sé scéaltach, agus fear siubhaltach,
scéaltach a beadh Tomás 'ic Cearbhaill; acht má b'eadh,
níor bhaoghal go gcloisfidhe aon droch-scéal uaidh
Níor chualathas é ag tromaidheacht 'ná ag cúl-chainnt


L. 84


ar dhuine eile. Níor chualathas riamh focal borb amach
as a bhéal.



"Is dócha," arsa m'athair leis, "go bhfanfair annso
againn anois go ceann cúpla lá."



"'S dó do gheallas, tamaillín ó shin, oidhche a thabhairt
dóibh thall ar an dTullaigh. Do casadh ceann de sna
buachaillíbh orm is mé ag teacht annso indé, is b'éigean
dom geallamhaint dó go mbuailfinn isteach chucha
tráthnóna 'ndiu," arsa Tomás.



"Is mór an truagh san," arsa m'athair. "Do
chuireas-sa fios ar pháipéar ar maidin indiu, le súil is
go mbéadh scéala ó'n gcogadh ann."



"Níl leigheas air anois. Ní leomhfainn aghaidh a
thabhairt ortha aríst mara mbeinn chomh maith le m' fhocal."



"Acht fan go haimsir dínnéir, is bíodh greim bídh
agat. Ní raibh a leithéid de phrátaí riamh againn agus
tá i mbliadhna. Ceartlíní plúir iseadh iad."



"Go méaduighidh Dia prátaí is plúr chughaibh. Acht
cogar! sé thug annso mé 'ná féachaint an labharfá leis
an sagart dom. Bhíos féin is Diarmaid Geanncach ag
braith ar scoil rinnceadh a bheith againn thuas annso ag
Crois na Sean-Chluanach. Níor mhaith linn tabhairt fé'n
obair gan cead d'fhágháil ó'n sagart parróiste."



"Téighir féin chuighe agus gheobhair an cead. Fuairis go
minic cheana-féin é, agus ca' na thaobh ná faghfá anois
é?" arsa m'athair.



"Mura mbéadh go bhfuil eagla orm ná béadh an cead
le fághail agam, ní bheinn dod' bhodhradh-sa, 'ghá iarraidh
ort dul ag triall ar an Athair Séamus."



"Agus ca' na thaobh go mbéadh eagla ort-sa? Níor
chuala-sa gur dheinis éin-ní as an slighe ó bhís annso
cheana."



"Mura mbéadh éin-ne ann acht an sean-shagart ní
bhéadh pioc d'eagla orm; acht cloisim go bhfuil an


L. 85


sagart óg ana-dhian ar fad. Ní maith leis scoileanna
rinnceadh, is ní maith leis na daoine óga bheith ag imirt
bháire trathnóna Dé Domhnaigh. Anois, is ró-mhaith atá
'fhios agam-sa go bhfuil árd-mheas ag an Athair
Séamus ortsa. Níl duine 'sa pharróiste gur mó leis
é 'ná thú féin, agas táim lán deimhnitheach má tá an
cead le fághail go bhfaghair-se é níos túisce na éin-ne
eile."



"B'fhéidir go bhfeicfinn an sagart i mbháireach nó
amanathar, is má fheicim labharfad leis," arsa m'athair.



"Go bhfágaidh Dia do shláinte agat," arsa Tomás go
dúthrachtach.



Nuair a tháinig aimsir dínnéir agus an ghrian siar
thar Bhinn Chaereach, bhí corcán mór prátaí crochta ar an
dteinidh agus an corcán ar friuchaidh.



"Téighir amach," arsa mo mháthair liomsa, "is glaodh-
aigh ar na fir."



Do ghlaodhas ortha. D'fhreagadar mé. Do scagadh
na prátaí amach ar bhuirdeoig. Do cuireadh uisce
na bprátaí lasmuigh de'n doras, agus do fágadh
na prátaí amuigh tamaillín chun leigint do'n uisce
sillead asta. Do cuireadh an bhuirdeóg agus na
prátaí thuas cois na teineadh is éadach glan anuas
ortha.



Nuair a thainig na fir oibre isteach do cuireadh
éadach cláir ar an mbórd. Do rug na fir greim ar
an éadach cláir, duine aca ar gach cúinne, le h-eagla
go dtuitfeadh aon phráta ar an úrlár; agus do caitheadh
na prátaí amach ar an mbórd.



Bhí m'athair ag ceann an bhúird, agus an bheidhleadóir
ar a láimh dheis. Do thairngh gach fear oibre a
cathaoir súgáin chuige is do shuidh isteach chun búird. Bhí
cárt bainne reamhar os comhair gach nduine, agus
meascán ime idir gach aon bheirt aca. Bhíos féin is


L. 86


Seaghán Thaidhgín 'nár suidhe ar stól agus goblach ime
eadrainn araon. Chuir mo mháthair braon leamhnachta
mar dhúthracht i mbainne m'athar agus i mbainne an
bheidhleadóra. Ní dóigh liom go bhfeaca-sa riamh ná ó
shin béile bídh chomh subháilceach leis an mbéile úd. Na
daoine bhí 'n-a suidhe chun búird bhí ocras ortha. Bhí an
biadh go flúirseach, is go folláin. Is minic ó shin do
chonnach-sa lucht oibre ag ithe greim bidh, agus iad 'n-a
suidhe ar shean-chorcán salach, nó ar charraig chloiche, nó
ar chnapán mhór pice ar bholg na sráide, is gan aca acht
greim aráin, tur, tirim, agus slisne d'fheoil righin fhuar-
bheirbhthe. Ní raibh práta 'ná ím 'ná bainne aca, acht
braon tae beirbhthe, a bhí chomh dubh leis an súgh, is chomh
searbh leis an ndumblas.



Nuair a bhí na fir tamaillín 'n-a suidhe agus an
faobhar bainte de'n ocras aca, tháinig a gcainnt chucha.



DOMHNALL RUADH. — "Cá mbeir anocht, a Thomáis?"



AN BHEIDHLEADÓIR. — "B'fhéidir go mbeinn thall
thar abhainn."



DOMHNALL RUADH. — "Nách ort atá an deabhadh
anonn. Ba chóir ná béadh aon locht agat ar an dtaobh
so."



AN BHEIDHLEADÓIR. — "Mhaise, fágaim le h-uadhacht
go mb'fearr liom go mór bheith annso, acht níl leigheas
agam air anois. Do gheallas dóibh oidhche a thabhairt
dóibh thall, agus níor mhaith liom gan bheith chomh maith
le m'fhocal."



M'ATHAIR. — "Beidh súil againn leis anall an
tseachtmhain seo chughainn chun greadadh eile a thabhairt
do'n úrlár-so. Agus dáltha an scéil ó chiainibh,
cloisim-se go bhfuil buachaillí na Sean-Chluanach, agus
a mbróga caithte aca ag déanamh taithighe ar rinnce."



DIARMAID NA MÓNA. — "Nár chualaís gur bhain
Diarmaid Geanncach an croiceann de shean-ghadhar


L. 87


Mhicil Uí Shéagha, chun feidhre bróg éadtrom a bheith aige?
Tá an croiceann 'á leasughadh ag Tadhg na gCroiceann
thíos i gCill Orglan.



M'ATHAIR. — Ag magadh ataoi amás, a Dhiarmaid."



DIARMAID — "Mo lámh is m' fhocal dhuit nách eadh.
Fan go fóill go bhfeicir na bróga."



Bhí ard-sceidimíní ar fad orm-fhéin agus ar Sheaghán
Thaidhgín nuair do chualamair go mbéadh scoil rinnceadh
ag an gCrois; acht ba mhó ná san na sceidimíní a bhí ar
na cailíníbh, ar Léan Thaidhgín is ar mo dheirbhshír-se.
Ní bhéadh seisean 'ná mise ar na scoláiribh; bhíomair ró-
óg, acht bhéadh an oiread spóirt againn-ne is béadh aige
sna scoláiríbh. Nuair a bhéadh na hógánaigh agus na
cailíní óga ag rinnceadh bheimís-na ag déanamh aithris
orta, is b'fhéidir ag magad fé chuid aca a bhéadh go mall
ag teacht isteach ar an rinnce, toisg gan na cosa a
bheith ró-éadtrom fútha.



Nuair a bhí na cailíní ag crúdh na mbó an tráthnóna úd
bhíomair féin is iad féin ag comhaireamh na scoláirí.
Is baoghlach liom nár sniugadh na ba ró-mhaith, is go
rabhadar buille beag righin ag tabhairt a gcod' bainne.
Tá fhios ag an saoghal nách féidir le cailín bheith ag
cainnt 's ag crúdh. D'fhéadfadh sí port a chasadh agus
bó a chrúdh, is dob fhearrde an bhó an port; acht ní
fhéadfadh sí cainnt is crúdh a dhéanamh. Ní raibh aon
phort an tráthnóna úd, acht a lán cainnte. Fé an am go
raibh na ba crúidhte, agus an t-áireamh déanta againn,
sé a cheapamair ná go mbéadh deichneabhar is dachad
scoláirí ar an scoil, is go mb'fhiú do mháighistir
rinnceadh agus do cheoltóir teacht ann chun iad a
mhúineadh.



Do labhair m'athair leis an Athair Séamus. Ní dóigh
liom go bhfuair sé puinn sásaimh. 'Sé dubhairt an
sean-shagart leis go raibh sé féin ag dul i n-aois; nár


L. 88


mhaith leis cosc a chur ar an rinnce 'sa pharróiste, acht
ná tabharfadh sé cead d'éin-ne feasta, ba chuma cé'rbh
é, scoil rinnceadh a bheith aige laistigh de'n pharróiste.



An Domhnach a bhí chughainn, sé an sagart óg a thug an
tarna hAifreann uaidh.



Nuair do thug sé aghaidh ar an bpobal chun labhartha
leó, dob' fhuirist dh'aithint go raibh faobhar air. Ar
seisean:



"Cloisim go bhfuil daoine díomhaoine ag teacht
isteach 'sa pharróiste seo ag braith ar scoil rinnceadh a
chur ar bun thiar annso ag Crois na Sean-Chluanach.
Bhéadh sé chomh maith aca gan teacht; acht an té bhíonn
díomhaoin caithfeann sé bheith droch-ghnóthach. Ná fuil éin
ní eile le déanamh aca? Mura bhfuil sé aca-san, ba
chóir go mbéadh a ndóthain le déanamh ag bochtánaibh na
parróiste seo, a gcíos a dhíol, gan trácht ar éin-ní
do'n tsagart, is gan a bheith ag caitheamh a gcod' airgid
ar rinnceadh. Nách ortha atá an teasbach chun bheith ag
poc-léimrig. Nár chóir go mbéadh tuirse ortha i ndeire
an lae, agus a bhfuil le déanamh aca gach lá i rith na
seachtmhaine; agus nár bhfearra dhóibh a bpaidreacha a
rádh tráthnóna Dé Domhnaigh 'ná bheith ag rith anonn 's
anall ag rinnceadh mar a bhéadh circín trágha. Deirim-
se agus deirim aríst é, ná beidh aon scoil rinnceadh 'sa
pharróiste seo an fhaid is táim-se ann, biodh fhios an
méid sin agaibh."



Ní nach iongnadh, bhí gach éinne ag chur an scéil tré na
cheile ag teacht abhaile ó'n Aifreann, cuid aca ar thaobh
an tsagairt agus cuid aca 'n-a choinnibh.



"Tá a chúis féin ag an sagart," arsa Dáith Ua Bruighin.



"Is dócha go bhfuil," arsa duine eile, "acht féach, níl
bliadhain ó bhíos im' gharsún gan scoil rinnceadh is
cóthalán againn i bparróiste na Tuatha. Ní fheaca-sa
gur tháinig aon díoghbháil riamh asta."


L. 89


"Mar adúbhart leat cheana, tá a chúis féin ag an
sagart," arsa Dáith.



"Sé is dóigh liom-sa, a Dháith," ars an fear eile, "gur
chuma cad a dhéanfadh an sagart bheitheá-sa ar a thaobh.
Dá marbhóchadh sé duine, sé déarfá-sa gurbh é an fear
eile bhí 'san éagcóir."



"Agus b'fhéidir go mbéadh an ceart agam. Is minic
a marbhuigheadh duine, is gurbh é féin a bhí cionntach le
n-a mharbughadh," arsa Dáith.



"Anois, a Dháith, tá fhios againn gur duine diagaithe
thusa; acht ná fuil fhios agat go maith nác féidir ceann
críonna a chur ar cholainn óig. Na daoine óga atá ag
eirighe suas 'sa pharróiste seo, nár bhfearra dhóibh go
mór tráthnóna lae na seachtmaine agus cuid de'n
Domhnach a chaitheamh ag bualadh báire 's ag rinnceadh 'ná
bheith na scraistí cois clathacha ag imirt chártaí agus ag
ól tobac. Nár bhfhearra dhóibh poc a bhualadh ar liathróid
nó pas rinnceadh a déanamh tráthnóna Dé Domhnaigh 'ná
bheith ag sleamhnughadh leó soir go Crois na dTáiliúirí,
féachaint a' mbéadh aon phúncán ag gabháil an bhóthair a
thabharfadh boidéal pórtair dóibh?"



"Sin í an chainnt," arsa fear eile; "agus i dtaobh an
tsagairt, bhí sagairt annso cheana againn, is ní rabhadar
i gcoinnibh rinnceadh 'ná i gcoinnibh báire comórtuis
tráthnóna Dé Domhnaigh. Nách maith is cuimhin libh go
léir an sagart óg fionna-ruadh a bhíodh annso, agus
a thagadh ag bualadh báire 'nár bhfochair, is ba dhian-mhaith
an poc a bhí aige."



Dob é crích an scéil é ná fuair Tomás 'ic Cearbhaill
an cead. Ní dóigh liom go raibh scoil rinnceadh 'sa
pharróiste ó shin. Ní fhéadfadh sé bheith ann anois. Níl
na daoine óga ann chuige, agus is mór an truagh san.


L. 90


XIV.



NA TINNCÉARAÍ.



Seo mar a bhíodh an bhliadhain gearrtha amach againne,
is mise im' gharsún:-



Ó Nodhlaig go h-aonach an Phátrúin;
Ó'n bPátrún go Lá 'le Pádraig;
Ó Lá 'le Pádraig go Domhnach Cásca;
Ó Dhomhnach Cásca go Lá 'le 'n Seáin;
Ó Lá 'le 'n Seáin go haonach a' Phuic;
Ó aonach a' Phuic go Lá 'le Michíl;
Ó Lá 'le Michíl go Samhain,
Agus ó Shamhain go Nodhlaig.



Bhíodh ana-shaoghal ar fad againn um Nodhlaig. Nuair
a bhíodh an Nodhlaig caithte againn, is cathúghadh na dhiaidh
orrainn, is ag cuímhneamh ar fhéirín i gcóir an Phátrúin a
bhímís. Ar theacht Lae 'le Pádraig bhímís ag déanamh
croisíní chun iad a chaitheamh ó Lá 'le Pádraig go lá 'le
Muire. Bhíodh súil againn le huíbhibh Domhnach Cásca, is
bhímís ag bailuighadh na n-ubh ó Dhomhnach na Failme go
Satharn Cásca.



Seachtmhain roimh Lá le 'n Seáin bhímís ag bailuighadh
chughainn chun teine-chnámh a bheith againn. Ní fágtí
scothán ar chlaidhe, ná scairt i mbeárnain, ná aon tsort
sean-adhmaid, beag ná mór, gan tarrac linn chun iad a
chaitheamh isteach 'sa teine chnámh. Cheapamair nárbh aon
pheacadh dhúinn cliabh móna a ghoid as chruaich na comhar
san, chun go mbéadh sé le rádh againn gur againne a bhí
an teine-chnámh ba mhó is dob' fhearr ar an dtaobh so
de'n Gheadaigh.



Bhíodh súil ag gach éin-ne againn dul ar Aonach a'


L. 91


Phuic, chun bheith ag féachaint ar na tinncéaraíbh; bhíodh
súil le mil na mbeach againn ar theacht Lae 'le Michíl,
agus le h-úbhla oidhche Shamhna; agus dob fhada linn na
seacht seachtmhaine reamhra ó Shamhain go Nodhlaig.



Níorbh fhada uainn anois Aonach a' Phuic. Thagadh na
tinncéaraí ó's gac áird de Chúige Mumhan ar an aonach
úd. Bhíodh an chuid ba mhó de Pháirc an Aonaigh fútha
féin aca. Coicthigheas nó trí seachtmhaine roimh lá
Aonaigh a' Phuic do chuir dream tinncéaraí fútha i
bPáircín na gCruach Chill-Ghobnatan. Bhíodar ann, óg
is críonna, agus gleó an domhain aca ag socrughadh
fútha. Thugadar amach go mbéadh goradh aca an tseacht-
mhain a bhí chughainn. Maidean lár na bháireach tar éis
teacht dóibh d'árduigh gach tinncéar aca a mhealbhog ar a
ghuallainn, is d'imthigh air ag deisiughadh na n-árthach stáin,
agus ar lorg na gcorcán mbriste, agus ag bailiughadh
sean-mhíotail, ar na bailtíbh mór d-tímcheall. Chomh
fada is tá cuimhneamh ím' cheann, ní dóigh liom go mbíodh
puinn fáilte rómpa in aon bhall. Bhíodh sé amuigh ortha
go mba bheag leo gabhál féir a ghoid, nó b'féidir sicín
nó cearc dá mbuailfeadh a leithéid úmpa. 'Sé is dóigh
liom go mbíodh sórt eagla ar na daoine rómpa. Tá
fhios agam go maith go mbíodh eagla orm fhéin.



Do chaithidís seachtmhain mar seo ag deisiughadh is ag
bailuighadh. Níor bhfearr na fir chuige 'ná na mná.
Bhíodh na mná ag éileamh sean-bhalcaisí is ag bailiughadh
sean-cheirteacha leis.



Ba dhóigh leat ná raibh corcán 'ná oidhean, beag 'ná
mór, sa pharróiste ná raibh aca 'n-a mbailiughadh. Bhí an
corcán gan chos ann agus an corcán gan chluas, agus
an corcán agus poll ann. Pé máchail a bhí ar chorcán,
nó ar scilléad, nó ar oidhean, bhí sé annsúd, a bhéal fé
agus a thón anáirde.



Do thairng an tinncéar chuige corcán agus poll ann.


L. 92


Bhí cnapán de chré bhuidhe 'n-a laimh aige a fuair sé thíos
ag Bun a' Bhaile. Do chuir sé ceiridhe de chré bhuidhe lais-
tigh de'n chorcán ag clúdach an phuill. Chuir sé ceiridhe
eile lasmuigh, acht gan an dá cheiridhe a bheith buailte ar a
chéile. D'fhág sé poillín beag 'sa cheiridhe a bhí amuigh.
D'fhéadfá do lúidín a chur isteach 'sa phoillín. Do leag
sé an corcán, béal fé ar an dtalamh arís. Dá mba
cos a bhéadh i n-easnamh ar chorcán, an paiste cré bhuidhe
do chuirfeadh an tinncéar amuigh air, bhíodh sé ar dhéanamh
na coise, mar a bhéadh múnla, agus an poillín 'n-a bharr.



An fhaid is bhí an sean-thinncéar ag ullmhughadh na
gcorcán mbriste bhí an chuid eile ag tabhairt aire do'n
ghoradh, duine aca ag séideadh na mbuilg, is duine eile
agus súil aige i ndiaidh na teineadh, agus ag faireadh an
mhiotail leachta.



Nuair a cuirtí an miotal leachta isteach 'sa phoillín
agus an teas uathbhásach a bhíodh 'sa mhiotal, do léimeadh
cuid de i n-áirde chomh h-árd leis na crannaibh.



Bhí na corcáin agus na hoidheanta ullamh ag an sean-
thinncéar, agus an miotal leachta. Dúbhairt sé le na
mhac arádh leis na h-aosánaigh druidim siar le h-eagla
go dtuitfeadh aon chuid de'n mhiotal té anuas ortha.



Do dhruideamair go léir siar acht an Broc. Buachaill
droch-mhúinte mí-chuibheasach a beadh "an Broc," agus má
bhí an mac droch-mhúinte, droch-labhartha ba sheacht measa
ná san a athair agus a mháthair. Bhíodh eagla ar gach
éin-ne rómpa.



"Druid siar," ars an tinncéar óg.



"Ní dhéanfad," ars an Broc go dána.



"'B fhearra dhuit druidim siar, nó b'fhéidir go
dtuitfeadh cuid de'n mhiotal leachta ort," ars an
tinncéar óg, agus chuir sé a lámh ar ucht an Bhruic, chun
a chur siar le cois na coda eile. 'Sé dhein an Broc
'ná seile a chaitheamh idir an dá shúil air. Acht má chaith


L. 93


ba mhaith an díol ar an dtinncéar óg é, mar d'aimsigh
seisean an Broc idir an dá shúil le buille 'dhorn.



Bhí muineál reamhar is cloigeann mór ar an mBroc,
is ba dheabhrthach le cuileann capaill an stuth gruaige a
bhí ag fás ar a chloigeann. Chuir sé púic ar féin, agus
dhéin sé isteach ar an dtinncéar óg chun breith air is é
a leagadh. Acht bhí fios a chéirde ag an mbuachaill eile.
Nuair a bhíodh an Broc ag déanamh isteach air, do
dhruideadh seisean siar uaidh, nó i leath-taoibh, is do
thugadh clobhta do'n Bhroc 'sa leath-cheann, nó leadóg
ag bun na cluaise.



Bhí athair "an Bhruic" ar na daoine bhí láithreac.
Chonnac sé go mbéadh an chuid ba mheasa de'n scéal agá
mhac. Do chuaid sé isteach chun é a chosaint.



"Fág fútha féin é, nó is duit-se is measa," ars an
sean-thinncéar. Fear cnámhach, féitheach, féiltheógach a
beadh é. Thuig athair an Bhruic go mb'olc an dóithín é
chun dul ag troid leis, is d'fhan sé mar a bhí aige.



Bhí an Broc i gcomhnuidhe ag déanamh isteach chum breith
ar an mbuachaill eile, agus eisean ag gabháil mór-
dtimcheall an Bhruic 'ghá chosaint féin air, agus ag
bualadh cnaga anois is arís ar inneoin-chinn an Bhruic.
Bhí an Broc ar buille. Bhí fhios aige go maith ná raibh
garsún ar an mbaile ná béadh ag magadh fé feasta, do
rádh is go bhfuair an tinncéar óg an lámh uachtair air.
Bhí sé féin agus an tinncéar óg cúpla ciscéim amach ó
na chéile, is iad ag faireadh ar a chéile mar a bheadh dhá
choileach ar charn-aoiligh. Thug an tinncéar óg ciscéim
ar aghaidh; do bhuail an Broc 'sa tsróin, agus do scaoil
na caisidhe leis.



"Anois, a dhuine mhacánta," ars an sean-thinncéar
le h-athair an Bhruic, "tóg leat do choileán. Ba dhóigh
liom go bhfuil a dhóthain bainne cích' ólta aige an bobhta
so."


L. 94


Ó an lá san amach bhí a ndóthain féir le fághail ag
capallaibh is ag asalaibh na dtinncéar i gCill-Ghob-
natan.



XV.



AONACH A' PHUIC.



Ar shean-lá Lughnasa bhíodh Aonach a' Phuic. An té ná
raibh riamh ar an aonac úd níl aige acht Aonach Beárna-
na-Gaoithe do léigheadh, is beidh cúntas cruinn aige ar
Aonac a' Phuic.



"Bhíodh ba, capaill, laoigh ann,
Gabhair muca 's caoire."



fiú amháin



"An fear 's a bhacla
Lán de chotleaiseana
A chuirfeadh chun reatha staigíní."



Bhí seisean ann agus na staigíní féin go h-iomadamhail
ann; agus níor mheasa na staigíní ná na glaigíní a bhíodh
ar marcuigheacht ortha.



Bhí sean-chaisleán istigh i lár an bhaile. Cuirtí pocán
gabhair i n-áirde ar chliathán an tsean-chaisleáin lá
bailighthe an aonaigh, agus fágtí ann é go dtí lá an
scaipithe. Tugtí a dhóthain le n-ithe dhó. Ba dhóig leat
air agus a mheigeall á luascadh, is é ag cogaint a
chíorach, nó ag criomadh an chroicinn de chraobh leamháin
go raibh ana-mhórdháil air, go mór-mhór nuair a chuireadh
an ghaoth ag rinnceadh na ribíní a bhí ar a adharcaibh.



Bhíodh lá an aonaigh 'n-a lá saoire againn-ne nách mór
Na daoine go mbíodh a lán le déanamh aca, go mbéadh
féar le sábháil aca, nó arbhar le buaint, bheidís ag obair


L. 95


leath an lae, acht is beag duine i bparróiste Chill
Orglan 'ná ins na parróistíbh i n-aice leis a bheadh sásta
gan dul ar an aonach, luath nó mall 'sa ló.



Bhí Seaghán Thaidhgín trí seachtmhaine ag obair ar an
mBán-Chluain agus a choróin 'sa tseachtmhain aige. Thug
a athair trí réalacha dhó i gcóir an aonaigh. Ní raibh
d'fhéirín agamsa acht réal is leath-phingne, acht bhí súil
agam le na thuille ar an aonach, is do gheall mo
mháthair pí dhom acht na dioscáin a bhailiughadh as an
gcoinnleach.



Na daoine a bhí ar an aonach, ag díol 's ag ceannach,
bhí cuid aca ag teacht abhaile, agus sinne ag dul
isteach ar an aonach. Bhí beirt fhear ar bheárnain an
chustaim, agus breis agus a ndóthain le déanamh aca.
Bhí cleith-ailpín righin fuinnseóige 'n-a láimh dheis ag
gach fear aca, agus sean-leabhar salach giobalach 'n-a
láimh chlé. Na daoine a bhí ag teacht amach ó an aonach,
agus beithidhigh nó caoire, no gabhair aca, bhíodar a
d'iarraidh iad do thiomáint amach, is fir an chustaim a
d'iarraidh gan iad a leigint amach, chun go ndíolfidhe
argead an chustaim, nó chun go ndéanfadh an té gur leis
na beithidhigh, nó na caoire, nó na gabhair, dearbhughadh,
agus a lámh ar an sean-leabhar salach, giobalach, nár
díoladh is nár ceannuigheadh aon cheann aca ar an aonach.
Ba dhóigh le duine go minic go mbéadh na bhruighin
chaorthain eatorra, na daoine istigh agus bataí aca ag
cur na mbeithidheach amach, agus an bheirt a bhí ar an
mbeárnain agus a mbataí ar tarrac aca chun iad a
choimeád istigh.



Ní i bPáirc an Aonaigh a bhíodh Aonach an Phhuic acht ar
bolg na sráide. Is ar éigin dh'fhéadfá do chos a
tharrac ag gabháil suas Cnocán na gCeap.



Bhí fear na mearacán ann agus fear na gcártaí,
fear cipíní atinn agus fear an sparáinín, agus fear


L. 96


casta an rotha, is iad go léir ag sgréachaidh i n-árd a
ngutha. Níor bhacamair le h-éin-ne aca acht bualadh
linn ar aghaidh tríd an aonach, féachaint cá raibh na
tinncéaraí.



Istigh i bpáirc an aonaigh a bhíodar-san. Bhí an pháirc
ar fad nách mór fútha féin, agus gleó an domhain aca.
Bhí cuid aca súgach, cuid aca ar bán-mheisce, agus cuid
aca ar dearg-mheisce; iad ag aighneas is ag achrann.
Níor bhac éin-ne leo. Níor bhac na póilí féin leo. Ba
dhóigh leat ná raibh sean-ghroga capaill gan mhaith, 'ná
sean-asal muthallach, 'ná sean-mhiuil chrostáltha i
gCúige Múmhan ná raibh bailighthe aca ann. Acht níorbh é
seo an chuid ba greannmhaire de'n scéal. An sean
chapall go mbéadh na cnámha ag theacht amach tríd a
chroiceann, chuirfidís ag caitheamh a thóna é: an t-asal
ba righne dá bhfeacathas riamh, chuirfidis ag pocléimrigh
é, agus an mhiúil go mb'éigean í a leagadh chun na
cruidhte a chur fúithi, bhéadh sí chomh cneasta le h-uan
aca. Bhíos féin agus mo shúil i n-áirde, féachaint a
bhfeicfinn tinncéar óg Chill Ghobnatan. Bhí sórt eagla
orm go bhfeicfinn é féin nó a athair ar meisce ar nós
na coda eile. Bhíodar ann acht má bhíodar, ní rabhdar
ag troid 'ná ar meisce, acht a d'iarraidh síothchána a
dhéanamh, agus a d'iarraidh tinncéaraí eile a mhealladh
leó amach as pháirc an aonaigh.



Bhí an ghrian ag dul fé agus sinn-ne ag teacht abhaile
ó'n aonach. Bhí aosánaigh an bhaile go léir bailighthe ar
an mbóthar, téad aca treasna an bhóthair chun na
ndaoine do shárughadh le súil is go bhfaighdís féirín
uatha, agus gach aithid aca ag glaodhach amach i n-árd a
ghutha:-



"Féirín, féirín, lucht an aonaigh blúirín tobac, nó
ruidín éigin."



D'fhanamair i bhfochair na leanbhuidhe chun gur tháinigh


L. 97


an doircheacht, is gur mhithid dúinn go léir a bheit ag
gluaiseacht abhaile. Ar thosnughadh an ghrinn do bhí
leanbh óg ann le Máire Ní Fhoghludha ná raibh acht dhá
bhliadhain go leith d'aois. Tháinigh an leanbh so ann le
cois leanbhuidhe eile ó bhéal an doruis aige. Ní fheaca
éin-ne an leanbh le tamall, acht sé a shaoileamair go
léir 'ná gurab amhlaidh do ghluais sé air abhaile i
n-aonar; acht le heagla nách 'sa bhaile a bhí sé, chuir-
eamair teachtaire chun tighe a mháthar, féachaint an raibh
sé ann. Ní raibh. Ní fheaca a mháthair é ó bhí sí ag crúdh
na mbó. Tháinigh máthair an leinbh anuas an bóithrín
chughainn, is dob' fhuirist d'aithint airthí go raibh buadhairt
airthí, ní nárbh iongnadh. Do chuarduigheamair tighthe na
gcomharsan. Ní fheaca éin-ne aca an leanbh le tamall.



"Cuirfead-sa geall," arsa duine éigin, "gur thíos i
dtigh Neill Réil atá sé. Is minic a thugann an tsean
bhean mísleáin dó."



Síos leó ag rith, trúir nó ceathrar aca. Ní rabhadar
i bhfad thíos; acht ní ag rith a bhíodar ag teacht thar n-ais.
Ní raibh an leanbh i dtigh Neill Réil. Ní raibh sé ann le
seachtmhain.



"B'fhéidir gur lean an páiste na daoine ag teacht
abhaile ó'n aonach. Buail an bóthar suas, féachaint an
mbéadh sé ann."



Ní raibh, ná a thuairisc.



"Báidhte atá mo leanbh," ars an mháthair bhocht, agus í
ag briseadh a croidhe ag gol.



"Ó ní headh, a Mháire; acht d'fhonn thu a shásamh raghad
is déanfad cuardach cois na habhann," arsa Seaghán
Thaidhgín.



Ní bhéadh an mhathair bhocht sásta gan dul le n-a chois.
Ba mhór an truagh í, an bhean bhocht.



D'fhéachadar isteach i bPoll na Féithe agus i bPoll an
Droichid.


L. 98


"Bheadh mo leanbh thíos i dtóin an phuill i gan fhios
dúinn agus an doircheacht atá ann anois."



"Ó ní dóigh liom go mbéadh," arsa Seaghán.



"Mo chreach cráidthe é, a Sheagháin, níl ann acht dóil,"
ar sise go dúbhrónach, agus d'fhíll sí abhaile.



Bhí sé buailte isteach orainn go léir anois gur imthigh
droch-íde éigin ar an leanbh, do rádh is ná raibh táisc 'na
tuairisc air ag éin-ne, óg ná críonna.



Bhí an mháthair ag bualadh a bas ag caoineadh a leinbh.
Dá bhfanfainn-se ag éisteacht léi i bhfad do phléascfainn
féin ar ghol. Do bhogas liom siar an bóithrín abhaile.
Chuireas an t-Athán díom. Díreach agus mé ag déanamh
ar gheata na teiníollach do cheapas go bhfeaca rud éigin
ag an ngeata, is é ag bogadh anonn 's anall.



"Gabhar Sheagháin Uí Shéagha ata ann," arsa mise im'
aigne féin.



Níorbh eadh, acht an gadhar mór so againne, agus
leanbh Mháire Ní Fhoghludha le na chois.



"Bhí an gadhar a d'iarraidh an gheata dh'fhoscailt le na
lapa chun an leinbh a scaoileadh thar geata isteach.



D'fhágas an leanbh agus an gadhar mar a rabhadar.
Bhí fhios agam ná raibh baoghal ar an leanbh an fhaid is bhí
an gadhar mór is é féin le cois a chéile.



Ní rabhas i bhfad ag baint tighe Mháire Ní Fhoghludha
amach.



"Tá an leanbh agam-sa," arsa mise.



"Moladh le Dia is le Muire," ar sise, is do thuit i
bhfanntais. Bhí an leanbh ar an úrlár agam agus ise ag
teacht chúichi féin.


L. 99


XVI.



MÁIGHISTIR NUADH.



Níor shéid aon ghaoth riamh i gcoill 'ná i gcorrach ná
séidfeadh sí maith do dhuine éigin; acht ar an dtaobh eile:
an ghaoth is fearr d'ár shéid riamh séideann sí olc
do dhuine éigin.



Mura mbéadh go bhfuair Mac Giolla Choda Mór bás
bhéadh na Mangánaigh caithte amach ar thaobh an bhóthair,
gan talamh gan treo. Níorbh aon iongnadh mar sin nár
chuir a bhás buadhairt ortha, acht a mhalairt. Acht bhí
daoine eile 'sa pharróiste is níorbh aon chúrsaidhe áthais
dóibh a bhás, acht cúrsaidhe buadhartha agus tré na
chéile.



Bhí duine uasal 'n-a chomhnuidhe thoir ar Árd na
Gainimhe i n-aice le Cill Áirne, agus is é bhí mar
mháighistir ar Thaobh na Geadaighe, ar an nGaortha, ar
Lios Caillighe, ar an bPáirc Gharbh, ar an gCnoc, agus
ar Bhaile na Scairte. Bhí feirim mhór cois baile aige,
fé n-a chúram féin, is a lán lucht oibre chun na feirme
sin do shaothrughadh. Ba mhaith an ceann dá lucht oibre
é, agus ba ró-mhaith an máighistir dá thionóntaíbh é. Bí
tighthe deasa slachtmhara agá lucht oibre, is dá dtagadh
droch bhliadháin ar dhuine bhocht, agus gan an cíos aige i
gcóir lae Bealtaine, bhéadh cáirde le fagháil aige chun an
airgid a sholáthar.



Na talmhaintí a bhí aige ar thaobh na Geadaighe, is
amhlaidh a bhíodar ar léas aige, an duine uasal so ag
tabhairt cíosa do'n árd-thighearna, agus é féin ag fághail
a chíosa ó mhuinntir an Ghaorthaidh, agus ó mhuinntir an
Leasa, agus ó mhuinntir an Chnuic, agus ó mhuinntir
an Pháirc Ghairbh, agus ó mhuinntir Bhaile na Scairte


L. 100


Seo mar a ráinigh an talamh so bheith na sheilbh. Fear
ana-léigheannta ab' eadh an té go mba leis an áit ó thús.
Thuas i mBaile Átha Chliath a bhíodh sé na chomhnuidhe
agus é 'sa bhaile; acht ba ró-annamh 'sa bhaile é. Ag
siúbhal an domhain do chaith sé an chuid ba mhó d'á shaoghal.
Fear ana-shaidhbhir a b'eadh é acht má b'eadh féin ba mhinic
an t-airgead gann go leór air, agus é ar lorg eoluis.



Lá agus é i n-áit iargcúlach iasachta i bhfad ó bhaile,
is é ar bheagán airgid, do casadh ceannuidhe as Éirinn
air. Is deabhrthach (deallritheach) gur chuir gach duine
aca a ghnó féin, nó cuid dé, i n-úil do'n duine eile Bhí
airgead a dhóthain ag an gceannuidhe agus an t-airgead
ag teastáil go géar ó'n bhfear eile. Fuair sé an t-air-
gead ar iasacht, agus thug seisean geallamhaint fé na
láimh, an talamh so cois na Geadaighe a thabhairt ar bheagán
chíosa do'n cheannuidhe an fhaid is bhéadh éin-ne de'n
bheirt aca beó, agus tar éis a mbáis go mbéad an áit
ag sliocht an cheannuidhe, acht amháin an méid seo: go
mbéadh iachall air ainm duine uasail éigin a chur 'sa
léas, ó am go ham, agus dhá chéad púnt a dhíol ar bhás
gach "saoghail" a bhéadh ainmnithe 'sa léas.



An té bhí anois 'n-a chómhnuidhe ar Árd-na-Gainimhe,
mac do'n cheannuidhe a beadh é. Fuair seisean léas
nuadh ar bhás a athar, agus sé Mac Giolla Choda Mór a
bhí mar shaoghal 'sa léas aige.



Ní raibh aon choinne ag eisean 'ná ag éan-ne eile le
bás Mhaic Giolla Choda. Níor chuir a bhás aon imshníomh
air, ámhthach. Cheap sé ná raibh le déanamh aige acht
saoghal eile a chur 'sa léas, agus an dá chéadh púnt a
dhíol, mar a dhéin a athair roimis, agus mar a dhéin sé
féin ar bhás a athar, is go mbéadh gach aon ní mar a bhí
sé cheanaféin. Acht ní mar a saoiltear a bhítear.
Tháinigh duine eile laistig dé i gan fhios dó, agus
bhéadh máighistir eile feasta ar Thaobh na Geadaighe, agus


L. 101


ar an muinntir a bhí na gcomhnuidhe ann. Bhí scannradh
ortha, is ba bheag an iongnadh san. Ní raibh de chúr-
saidhe cainnte aca ar phobal na Tuatha Dé Domhnaigh a
bhí chughainn acht an scéal so. Ní raibh a fhios ag éin-ne
céarbh é an máighistir nuadh, 'ná cad as dó, acht gach
éin-ne agus a thuairim féin aige. Dubhairt duine gur
cheannuidhe ime ó Chorcaigh é. Dúbhairt duine eile narbh
eadh acht atúrnae ó Thráigh Lí. 'Sé dubhairt Tadhg Gabha
gur chualaidh seisean mar chúrsaidhe cainnte ar mhargadh
Chill Áirne, gur ceannuidhe éisc a fuair an áit, is
go gcuirfeadh sé amach na daoine ar fad, idir bhocht is
nocht, le h-eagla go mbeidís ag marbhughadh na mbradán
ins an nGeadaigh. Do ghaibh tinncéar mór an bóthar,
agus sé dúbhairt seisean ná raibh ann acht cléireach a bhí
i n-oifig an fhir mhóir, gur phós sé inghean tabhartha do'n
árd-thighearna, is go bhfuair sé na talmhaintí seo mar
spréidh léi acht í a phósadh.



Níorbh fhada go raibh fhios aca go cruinn céarbh é an
máighistir nuadh. Seachtmhain nó mar sin tar éis Aonaigh
a' Phuic do tháinig sé ag féachaint na háite. Bhí sé go
h-ana-dheas, go h-ana-phlámásach ar fad leó, is go mór
mhór leis na sean-mhnáibh.



"Is fuirist d'aithint air," arsa Neill Réal, "gur
duine uasal é."



"Ní h-aon amadán é acht go háirithe," arsa Dáith
Ua Bruighin.



"Abair é," arsa Seaghán Dhiarmada," "níor fhág sé
poll 'ná póirse, tigh 'ná teóra, gan féachaint. Bain
barra na cluaise díom-sa mura mbeidh cuid againn ag
seinim na bport uaigneach ar ball.



Do cheap an máighistir lá áirithe dhóibh chun dul go
Cill Áirne chun socruighthe a dhéanamh leo. Do ghluais-
eadhar soir an lá ceapaithe.



Bhí an duine uasal istigh i n' oifig bhig, is iadsan


L. 102


amuigh i seomra mhór. Chuir sé fios ar Dháith Ua
Bruighin. Bhuail Dáith isteach. Do dúnadh an doras
'n-a dhiaidh. Ní raibh sé ibhfad istigh, agus ar theacht
amach dó, is é bhí go mí-shásta, mí-chéadthach.



"Is baoghlach, a Dháith," arsa Mícheál Thaidhg, "nách
ró-chneasta an t-oide faoitsine an té atá istigh."



"Ní beag dhuit a luaithe a chuirfidh tú aithne air, is a
bheidh fhios agat an breitheamhnachas aithrighe a leagfar
ort de bharr do dheag-oibreacha," arsa Dáith.



Tháinig cléireach amach is dúbhairt sé le Seaghán
Dhiarmada dul isteach.



Fear críochnamhail gasta abeadh Seaghán Dhiarmada.
Is beag má bhí duine eile 'sa pharróiste chomh dícheallach
leis chun a ghnótha a chur chun cinn; agus níor bhfearr é
féin 'ná a bhean. Bhí a rian san ortha. Bhí an tigh agus
an áit a bhí aca go slachtmhar compórdach, is gach obair
na bliadhna i dtreó aca i n-am agus i dtráth, murab
ionann is daoine eile go mbéadh breall ortha dá mba
soineann go Samhain.



"A Mhic Uí Dhiarmada," ars' an Máighistir leis.
"is deas an áit é sin agat i mBaile na Scairte."



"Níl sé acht cuibheasach, a dhuine uasail."



"Tá do chíos-sa ana-éadtrom ar fad."



"Tá sé trom mo dhóthain domh-sa."



"Is fiú i bhfad níos mó 'ná an cíos do thalamh-sa."



"Acht má 's fiú, a dhuine uasail, is orm-sa is ceart
a bhuidheachas san a bheith," arsa Seaghán.



"Acht is liom-sa an talamh anois, pé feabhas atá
air."



"Is dócha gur leat, a dhuine uasail."



"Táim-se ag cur chúig phúnt mar bhreis ar do chíos-sa.
Is fiú i bhfad níos mó 'ná san an áit, acht níor mhaith
liom éagcóir a dhéanamh ar éin-ne."



"Is trom an t-ualach an méid sin ar dhuine bhocht,


L. 103


tar éis ar chaith sé dá allas a d'iarraidh feabhasa a chur
ar dhroch-thalamh."



"Mar adubhart leat cheana is liom-sa an talamh
anois; muran maith leat-sa an méid sin cíosa a dhíol,
gheobhad-sa duine eile a dhíolfaidh é," ars an máighistir
go tur, mór-chúiseach.



"Déanfad mo dhícheall é 'dhíol," arsa Seaghán.



"Sé is fearra dhuit a dhéanamh," ars an fear eile
agus Seaghán ag gabháil amach.



An fhaid is bhí Seaghán Dhiarmada istigh fuair an chuid
eile fios scéil Dháith uaidh. Ní raibh de chíos air go dtí
seo acht dhá phúnt. Bhéadh deich scillinge is dachad air
feasta mar chíos ar a phaiste bheag talmhan, agus deich
scillinge 'n-a theannta san ar fhéarach an chnuic.



Ní raibh fonn magaidh ar éin-ne aca agus Seaghán
Dhiarmada ag teacht amach chúcha.



"An mór a chuir sé ort?" arsa triúr nó ceathrar
aca d'aon-fhocal.



"Chuir sé breis is mo dhá dhóthain orm. Chuir sé chúig
phúnt orm, agus nuair adúbhart-sa go mba throm an
t-ualach an oiread san de bhreis do chuir ar dhuine
bhoct, agus muiríghean mhór ag braith air, 'sé dúbhairt
sé liom go raibh mo rogha agam an cíos a dhíol nó go
ndíolfadh duine eile é."



"Agus cad a dheinis?"



"Cad a dhéanfainn, agus mo lámh i mbéal an mhadra,
acht í tharrac go réidh," arsa Seaghán Dhiarmada, is é ar
buile le feirg.



Tháinigh an cléireach 'sa doras, is dúbhairt sé le
Mícheál Thaidhg dul isteach. "Agus," ar seisean,
"dubhairt an máighistir liom a rádh libh-se a bhí istigh nách
gádh dhaoibh fuireach; go mb'fearr leis 'ná fanfadh sibh,
le h-eagla go mbéadh gnó éigin 'sa bhaile agaibh."



"Abair leis an nduine uasal go bhfuileam


L. 104


ana-bhuidheach dé, agus sinn a scaoileadh abhaile," arsa
Dáith Ua Bruigin, is é féin agus Seághan Dhiarmada ag
gabháil an doras amach.



"Seadh! cad deireann tú leis sin, a Dháith," arsa
Seaghán, agus iad lasmuigh de'n doras.



"'Sé adeirim agus a ghuidhim go mbeiridh an lá
orrainn ná beidh clocha ceangailte agus madraí scaoilte
'sa dúthaigh seo."



"Mhaise, amean, a Thighearna," arsa Seaghán Dhiarmada.



"A' bhfuil fhios agat, a Dháith," ar seisean, agus iad
tamall amach ó'n ndoras, "nuair adúbairt sé liom go
mb' fearra dhom an cíos a dhíol nó go ndéanfadh duine
eile é a dhíol, agus an fhéachaint a thug sé orm, is
iongantach liom anois, acht grásta Dé, nár rugas air
agus casadh a thabhart dá phíopán."



"Ar rud gan leigheas sí an fhoidhne is fearr, a
Seagháin; is dá leagthá-sa barra do mhéire ar siúd,
i bpriosún a bheitheá-sa anois, agus amuigh ar thaobh
an bhóthair a bhéadh do bhean is do chlann laistigh de
leath-bhliadhain."



"Tá an ceart ar fad agat, a Dháith, acht is deacair
dhom' foidhne a bheith agam, agus a bhfuil de m' allus, is
de m' shaothar 'san áit úd, agus nach agam-sa acht
aige-sean a bheidh toradh mo shaothair."



"Nách ionann scéil dúinn é? Cad a bhí agam-sa ar
chliathán an chnuic úd thuas acht fraoch agus carraigeacha
nuair a chuireas fúm ann ar dtúis. Níl claidhe 'ná
díog ann acht an claidhe do thógas agus an díog do
rómharas. Nuair ná bíodh an féar tirim agam do sna
buaibh 'sa gheimhreadh, do dheininn an t-aiteann a bhrúth
dhóibh. Ní raibh bóthar ní ba ghiorra dhom 'ná Crois na
Sean-Chluanach, is do chaithfinn an chloch-aoil d'iompar
abhaile ar asal agus srathar-fhada. Féach orm anois
in eirball mo shaoghail, cos ins an uaigh agam, agus an


L. 105


chos eile ar a bruach, is caithfead bheith ag obair moch,
deidheannach, chomh maith leis an bhfear is óige 's is tréise
ar phobal na Thuatha."



"Nách shin é chuireann ar buile mé, mise agus tusa
agus daoine eile ag obair ó bhreacadh an lae go tuitim
na h-oidhche, ó cheann ceann na bliadhna, agus gan dá
bharr againn acht an donas agus tá do rogha agat an
cíos a dhíol nó díolfaidh duine eile é. Ní bheadh Dia
thuas, moladh go deo leis, mura ndíolfaidh siad as lá
éigin," arsa Seaghán Dhiarmada.



"Fágam fé Dhia iad, a Seagháin."



"Iarrann Dia congnamh, a Dháith."



Dob é dálta Sheagáin Dhiarmada is dálta Dháith Ui
Bhruighin aca go léir é. An té go raibh púnt air
cheana, bhéadh coróin is púnt air feasta, agus an té go
mbíodh chúig scillinge déag ar fhichid le díol aige cheana,
bhéadh coróin is dachad le díol aige feasta.



XVI.



"Seachain an droch-dhuine, ní baoghal duit an duine macánta."



Do bhí Seaghán Thaidhgín sé seachtmhaine ag obair i
ngáirdín na Bán-Chluanach, is é ag teacht isteach ar an
obair a dhéanamh go deas is go cruinn ó lá go lá. Bhí
an gáirdneóir ana-shásta leis agus bhí sé sásta i n' aigne
féin. Thuig sé go fíor-mháith ó thús nár gheal leis an
stíobhard an gáirdneoir. Bhíodh ana-dhoicheall ar an
stíobhard éin-ne bheith ag teacht ag féachaint an gháirdín.
Thug sé cúpla iarracht ar uisce fé thalamh a dhéanamh
idir Sheaghán agus an gháirdneoir, acht níor éirigh ró
mhaith leis, mar do bhíodar-san araon ar a seachaint air.



"Is dócha," ar seisean lá le Seaghán, "go dtaithneann
t'obair leat."


L. 106


"Ó, taithneann go h-ana-mhaith," arsa Seaghán, "agus
go mór-mhór anois, agus mé ag teacht isteach ar an
ngnó."



"As an obair a gheachtar an fhoghluim. Is dócha go
bhfuil an gáirdneoir go hana-mhaith dhuit."



"Tá go deimhin. Teasbáineann sé gach ní dhom, agus
canos dul i mbun na hoibre i gceart."



Bhí fhios ag Seaghán go maith cad a bhí uaidh — féachaint
an bhfaghadh sé aon bhraon anuas ar an ngáirdneóir.



"Is dócha go dtugann sé cead duit do dhóthain
ubhall a bheith agat," ars' an stíobhard, i d'iarraidh
teacht air ar thaobh eile.



"Dúbhairt sé liom an chéad lá dá mbéadh tart orm,
ubhall a bhaint chun an tarta a fhuaradh, acht go mb'fhearr
leis dá mbeinn sásta leis na h-ubhlaibh a thuitfeadh de
sna crannaibh."



"Agus gan amhras bíonn ana-thart ort ag obair 'sa
gháirdín, agus an brothall a bhíonn ann."



"Mhaise ní bhíonn breis tarta orm anois. Bhíodh
tart orm an chéad sheachtmhain, agus eagla orm ná
féadfainn an obair a dhéanamh; acht anois is mé
ag dul i dtaithighe na hoibre, ní bhíonn eagla ná tart
orm."



"Tuigim," ars' an stíobhard agus grabhas air le mí
shástacht.



"Seadh," arsa Seaghán i n'aigne féin, "bhí do thuras
i n-aistear an bobhta so, a shúmaire."



Lá eile, agus Seaghán ag bailiughadh na n-úbhall a
thuit de sna crannaibh, tháinig an mháighistreás féin
isteach 'sa gháirdín. Bhí lán buirdeoige d'ubhlaibh
bailighthe aige. Cuid d'obair Sheagháin a beadh na prátaí
luatha, agus na h-úbhla, agus gabáiste, agus gach rud
eile a bhéadh uatha 'sa chistin, a bhreith isteach, is iad do
thabhairt do'n chócaire, nó do chailín na cistineach.


L. 107


"Is dócha, a Sheagháin," ars' an mháighistreás leis,
"go bhfuil leanbhuidhe óga 'n-a gcomhnuidhe i n-aice
leat-sa 'sa bhaile, is gur mhaith leó greim a bhaint as
ubhall aibidh mhilis.



"Tá go deimhin, a mháighistreás, agus is beag má bhí
ubhall ag leanbh aca ó lá Aonaigh a' Phuic, agus na
h-úbhla a tháinig ó'n aonach ní rabhdar ró-aibidh."



"Dá dtabharfainn-se dorn ubhall duit, a' mbéarfá
abhaile chúcha iad?"



"Do bhéarfainn, is míle fáilte, a mháighistreás."



Tráthnóna an lae úd, agus Seaghán ag cuímhneamh ar
dhul a bhaile, chuir an mháighistreás fios air.



"Seo anois," ar sise leis, "máilín beag ubhall le
tabhairt do leanbhuidhibh an bhaile i gcóir Lae 'le Michíl;
is b'fhéidir, ar theacht na Samhna, go mbéadh máilín eile
agam dóibh."



"Go méaduighidh Dia thu, a mháighistreás," arsa
Seaghán, go lán-dúthrachtach.



Ba mhaith le Seaghán Thaidhgín na h-ubhla a bheith aige le
breith a bhaile leis, acht bhí sórt náire air an máilín a
bheith ar iompar aige, agus i n-inead dul amach ar an
ngeata mór, mar ba ghnáthach leis, is amhlaidh a ghluais
sé suas ó'n ngáirdín le cois na coille, agus isteach i
móinfhéar Sheagháin Fhada ar an dtaobh eile de'n bhóthar.
Bhí trí cinn de chocaíbh móra féir laistigh de'n chlaidhe.
Do leag Seaghán an máilín le h-ais coca aca. Do
líon sé a phócaí de sna h-ubhlaibh, d'árduigh sé brat
d'fhéar an choca, agus do sháith sé an máilín agus a raibh
ann isteach fé'n mbrat. Do shocruigh sé an brat
anuas mar a bhí sé cheana. Do thug fáscadh do shugán
an choca, agus do ghluais air abhaile.



Bhí an stíobhard istigh 'sa choill, agus nuair do chonnac
sé Seaghán ag éalughadh leis ar thaobh na coille, is a
mháilín ar a gualainn aige, cheap sé gurab amhlaidh a


L. 108


thug an gáirdneoir na h-ubhla so do Shéaghán i gan fhios,
nó gur ghoid Seaghán féin iad



"Seo anois," ar seisean leis féin, agus é ag faireadh
ar Sheaghán ag cur na n-ubhall i bhfolach, "tá beirtha ar
dhuine aca fé dheire agam, mura bhfuil greim agam ar
an mbeirt."



D'fhan sé go raibh Seághan as radharc. Do shleamhnuigh
sé isteach thar claidhe. Do chuarduigh sé an coca féir.
Do fuair sé máilín na n-ubhall, is do ghluais air fé
dhéin an tighe mhóir. Ba dhóigh leat air agus an fuadar
a bhí fé, gur mála óir a fuair sé ag dul amudha.



"Tá eagla orm-sa a mháighistreás," ar seisean, agus
critheán n-a chainnt, "nách maith an ara cuid de 'n lucht
oibre atá agat-sa annso."



"Seadh, cad tá ort anois?"



"A leithéid seo, a mháighistreás. Bhíos thuas 'sa choill
ó chiainibh beag. Do bhraitheas an chiscéim lasmuigh de'n
chlaidhe. D'fhéachas amach idir dhá chrann, agus cé bhéadh
ann 'ná Seaghán Thaidhgín, mála ar a mhuin aige, is é ag
éalughadh leis amach ar an mbóthar. Do leanas é i gan
fhios do. Isteach leis i móinfhéar Sheághain Fhada. Do
leag sé an máilín ar an dtalamh, is do chuir isteach i
lár an choca é. Sin é agat an máilín, a mháighistreás."



Do stad sé, feachaint cad déarfadh sise, acht níor
labhair sí focal.



"Anois, a mháighistreás, cá bhfuair sé na h-ubhla úd?
Istigh i d' gáirdín-se gan amhras. Níl ag obair ann acht
an bheirt. Do gháirdneoir is é féin. Eatorra atá
sé."



"Thugas féin na h-ubhla úd do Sheaghán Thaidhgín.
Gheall sé iad a thabhairt do sna leanbhuidhibh atá cois
baile aige, agus go deimhin duit is truagh liom, is ró
thruagh liom, nách dóibh a thug sé iad, acht iad a chur i
bhfolach do féin."


L. 109


"Is maith an scéal, a mháighistreás," ar seisean ag
tarrac siar, "nách amhlaidh a ghoid sé iad."



"Ó! is maith," ar sise, "acht níl ann acht san."



Ní raibh sí ró-bhuidheach de'n stíobhard. Dob' fhearr
léi gan an scéal a chlos. Dob' fhearr léi ná béadh fhios
aici gur chuir Seaghán na h-ubhla i bhfolach do féin. Níor
mhaith léi an buachaill a dhaoradh, "acht cad ab áil leis
na h-ubhla a chur i bhfolach 'sa choca muran amhlaidh a bhí
sé ceapaithe ar iad a choimeád do féin," ar sise na
haigne féin.



Níor leig an mháighistreás airthi le Seaghán gur chual-
aidh sí éin-ní, acht bhí sí ag faireadh air, féachaint cad a
dhéanfadh sé agus gan an máilín aige le tabhairt thar
n-ais chúichi.



Lár na bháireach, agus Seaghán ag dul ag obair, do
bhuail sé i dtreo an choca chun an mháilín a bhreith leis.
D'fhéach sé timcheall air agus é i n-aice an choca, le
h-eagla go mbéadh éin-ne ag féachaint air agus go
ndéanfaidís na h-ubhla a ghoid. Chuir sé a lámh isteach
'sa choca. Ní raibh mála 'ná ubhall ann. Do dhruid sé
amach ó'n gcoca, féachaint arbh é an coca ceart a bhí
aige. Dob é. D'aithin sé an súgán gur thug sé an
fáscadh dhó. Do chuarduigh sé na cocaí eile; acht dá
mbéadh sé ag cuardach ó shin ní bhéadh an máilín
'ná na h-ubhla le fagháil aige. Má bhí náire air tráth
nóna 'ndé, bhí náire agus buadhairt agus ceannfé air
anois.



"Cad a dhéanfad anois?" ar seisean leis féin.
"Ba chuma liom cá ngeobhadh na h-ubhla dá mbéadh an
mála agam, acht níl aon bhreith agam ar é dh'fhagháil. Ní
fheadar ar thalamh a' domhain cad is fearra dhom a
dhéanamh. Ní cuimhin liom, amhthach, go ndubhairt an
mháighistreás liom an mála a bhreith abhaile chuichi.
B'fhéidir gurabh amhlaidh nár theastuigh sé uaithi arís i


L. 110


n-aon chor. Má theastuigheann sé uaithi, is má chuireann
sí a thuairisc orm-sa, 'neósfad an scéal ar fad dí."



Ní fheaca Seaghán an mháighistreás go ceann cúpla lá
nó trí. Dob' fhearr leis gan í dh'fheiscint, le heagla go
mbéadh sí ag cur tuairisc an mháilín air. An chéad uair
a tháinig sí isteach chucha 'sa gháirdín, sé rud a rug isteach
í 'ná chun a rádh leis an ngáirdneoir go mbéadh daoine
uaisle anoir ó Chille Áirne 'sa tigh aici an tseachtmhain
a bhí chughainn, is go mba mhaith léi an gáirdín a bheith go
deas agus go slachtmhar, mar go raibh fhios aici ainm
mhór a bheith ar gháirdín na Bán-Chluanach imeasc uasal
Chill Áirne.



"Anois," ar sise, "fágaim fúibh féin an obair a
dhéanamh, acht má theastuigheann fear eile uait gheobhair
é."



"Níl aon ghádh leis, a mháighistreásh," ar seisean;
"déanfad-sa agus Seaghán an obair. Ní bhéimís acht
ag caitheamh aimsire le fear oibre a thiucfadh isteach
anois, ag faireadh air, le heagla go ndéanfadh sé
díoghbháil."



"Tá go maith," ars' an mháighistreás.



"Bhí Seaghán chomh gnóthach ar feadh na seachtmhaine úd
gur imthigh cuimhne an mháilín as a cheann nách mór.



Tháinig na h-uaisle ó Chill Áirne — bean uasal agus a
h-inghean. Thángadar féin agus an mháighistreás lá ag
féachaint an gháirdín. Dob fhuirist dh'aithint go raibh
iongnadh ortha-san, agus áthas ar an mháighistreás. Cheap
Seaghán gur aithin sé an bhean uasal óg, agus í ag teacht
isteach ar an ngeata, acht ní raibh sé lán-deimhnitheach
céarbh í féin chun gur labhair sí. Bhí fhios aige annsan
gurbh í bean uasal na gruaige breá buidhe í. Ní fheaca
sé in aon bhall í ó an lá a tháinig sí féin agus an
t-ógánach uasal chun na scoile an lá úd tar éis lae an
fhiadhaigh.


L. 111


Is amhlaidh a tháinig sí anois ag fágaint slán ag
muinntir an tighe mhóir. Bhí sí ag dul anonn go
hAmeiricá, agus a máthair le na cois i gceann seacht-
mhaine, chun Púncáin a phósadh. Fear ana-shaidhbhir abeadh
an Púncán so. Dob' úd é scéala a fuair Seaghán ó
chailíní an tighe; is tá fhios ag an saoghal mór gur aca
san a bhíonn an fhírinne i gcomhnuidhe.



I dtaobh na mná uaisle, ní raibh sí athruighthe puinn,
acht go mba bhreághtha, is go mba dhathamhla, is go mba bhan-
amhla í anois'ná an lá úd an fhiadhaigh. Ba dhóigh le Seaghán
ná feaca sé riamh óigbhean ba bhreághtha, ba dhathamhla, ba
bhanamhla na í. Bhí searbhus air do rádh is go bpósfadh
sí Púncán. Ba bheag é meas Sheagháin ar na Púncán-
aibh a thagadh anall ó Aimeiricá agus tuin ar a gcainnt,
i dtreó is go mba dhóigh leat gurab amhlaidh a bhíodh
cleite sáithte 'n-a sróin, mar a bhéadh i gcirc ghuir.
Cheap sé dá bpósfadh sí éin-ne gurab é an marcach
uasal a bhí chomh cúramach 'n-a taobh lá an fhiadhaigh, is a
tháinigh le n-a cois go dtí scoil an Chuileannaigh an lá
n-a dhiaidh, a bhéadh mar rogha aici thar fearaibh an
domhain — acht Púncán meigeallach, caoch-shrónach a
phosadh — preit!!



"Shaoileas ná pósfadh sí a leithéid dá mbéadh saidh-
bhreas an domhain aige," arsa Seaghán, is é ag aithris an
scéil domh-sa.


L. 112


XVIII.



"Is mór taidhbhseach iad adharca na mbó thar lear."



Do bhí Seaghán Thaidhgín isteach 's amach le trí bliadhna
ag obair ar an mBán-Chluain, agus a dheich scillinge 'sa
t-seachtmhain aige, fliuch is tirim, agus gan lá briste
aige ó Shamhain go Bealtaine 'ná ó Bhealtaine go Samhain.
Is 'mdhó cor a chuireann an saoghal de i dtrí mbliadhnaibh.



Bhí na daoine óga ag imtheacht go h-Ameiricá. Thagadh
scéala ó chuid aca, agus cuid aca ná tagadh aon scéala
uatha. Na daoine go dtagadh scéala uatha thugaidís
árd-mholadh do'n áit thall. Bhíodh págh mór aca, agus
ana-shaoghal ar fad. Is beag duine go mbíodh aon
scéala ag teacht uaidh ná cuireadh síntiús airgid abhaile
um Nodhlaig, nó i gcóir cíos na Bealtaine, nó i gcóir
cíos na Samhna. Na daoine bochta a bhí ag stracadh
leis an saoghal i bhfus, ba mhaith leó bheith thall, i n-áit
'na mbéadh beatha duine uasail aca.



Ó lár an earraigh go deire an t-samhraidh agus amach
's an bhfóghmhar, ba mhór an seó a mbíodh de dhaoinibh ag
imtheacht ó Chill Áirne ar an gcéad dtraen ar maidin
soir go Corcaigh, agus ó Chorcaigh amach go h-Ameiricá.
D'imthigh a lán aca so a bhí ar scoil liom fhéin is le
Seaghán Thaidhgín. Bhí Diarmaid Óg thall bliadhain go
leith. Bhéadh mach Shéamuis a Chárrthaigh thall an bhliadhain
slán ar theacht na Bealtaine. Bhí mac is ingean le
Micil a' Chnuic thall le breis is dhá bhliadhain. Chuir an
Cárrthach óg dhá phúnt chun a mháthar chun cíos na Samhna
a dhíol. Dúbhairt sé go raibh súil aige fiacha an tae a
chur chúichi i gcóir na Nodhlag mura mbéadh go raibh obair
ana-ghann ortha thall rith an gheimhridh, acht le congnamh
Dé, chuirfeadh sé ádhbhar éigin ag triall airthi ar theacht


L. 113


na Bealtaine. Chuir mac Mhicil a' Chnuic fiacha an
tobac chuige, agus fuair bean Mhicil ádhbhar gúna ó na
h-ingín. Ní raibh aon scéala ó Dhiarmaid Óg, acht an
méid a bhí i leitir ó Mhac Thaidhg Bhric, agus ba bheag
dá thuairisc a bhí 'sa leitir úd, acht go raibh sé thall is
go mb'fearr leis bheith 'sa bhaile.



Thug Seaghán an méid seo fé ndeara. An té bhíodh
thall, agus a chuirfeadh cúpla púnt nó trí abhaile i rith
na bliadhna, bhíodh árd-mheas air; acht dá mba sa bhaile
bhéad sé agus a phágh go léir, acht luach an tobac, a
thabhairt dá athair nó dá mháthair ní bhéadh éin-ne dá
mholadh na 'ghá radh gur mhaith an mac é. An dá phúnt úd
a chuir an Cárrthach óg abhaile, bhí fhios ag an bparróiste
é. Níor chaith Seaghán féin réal 'sa tseachtmhain dá
pháigh, acht níor chualathas riamh a athair ag maoidheamh
as.



Bhí bean uasal na Bán-Chluanach ag dul chun comh-
nuidhthe suas go Baile Átha Cliath, d'fhonn scoluidheacht
oireamhnach a sholáthar dá clainn. Bhí an Bhán-Chluain
tógtha ag duine uasal anall ó Shasana. Fear a beadh é
a thagadh anall gach samhradh ag iascaireacht ar an
Leamhain. Ní fheidir sé fós an mbéadh a gháirdneoir
féin ag teacht anall leis. Bhí seisean sásta go leór
ar theacht, acht bhí eagla ar a mhnaoi teacht go hÉirinn.
Chualaidh sise go raibh muinntear na hÉireann ana-
fhiadhain, ana-mhí-chuibheasach ar fad; go mbíodh na lean-
bhaidhe ag siubhal na mbóithre gan bhróg gan stoca; go
gcuirtí na prátaí ar an mbórd agus gan na croicinn
a bhaint dhiob; ná raibh de ghnó ná d'obair aca gach lá
Domhnaigh acht ag imirt bháire, agus ag rinncead; is nár
bhfhearr leó gnó abhéadh aca astoidhche ná ag caitheamh
piléar le Sasanaigh.



Sul ar imthigh an Mháighistreás go Baile Átha Cliath,
chuaidh Seaghán Thaidhgín chúichi ar lorg teistiméireachta.


L. 114


"Gheobhair an teistiméireacht," ar sise. "Tá sí tuillte
agat i dtaobh aire mhaith a thabhairt do d'ghnó, agus i
dtaobh do chod' oibre a dhéanamh go slachtmhar cruinn.
Ba mhaith liom, dá mb'fhéidir liom é, teistiméireacht ní
b'fheárr a thabhairt duit."



"Agus cad a dheineas ort, a mháighistreás, do rádh is
ná féadfá a leithéid siúd de theisthiméireacht a thabhairt
dom anois?"



"Níor dheinis puinn acht na h-ubhla a thugas duit trí
bliadhna ó shin a chur i bhfolach duit féin i n-inead iad a
thabhairt do leanbhuidhibh an bhaile," ars' an mháighistreás.



Do dhearg ar Sheaghán, acht ní le feirg.



"Neósfaidh mé an scéal ar fad duit, a mháighistreás."



D'innis sé an scéal tríd síos dí.



"Táim lán t-sásta," ar sise.



"Anois, a mháighistreás, an miste dhom an méid seo
de dhánaidheacht a dhéanamh ort? Cé innis scéal na
n-úbhall duit?"



"An stíobhard."



"Go maithidh Dia a pheacaidhe dho. Is air a bhí an
galar Úna, cúram gan chion."



"Bhí eagla air gurab amhlaidh do ghoidis na h-ubhla."



"Sás a dhéanta a chuimhnigh air," arsa Seaghán.



Fuair Seághan a theistiméireacht, agus ba ro-mhaith an
teistiméireacht í.



Bhí muinntear na Bán Chluanach 'n-a gcomhnuidhe i
mBaile Atha Cliath.



Níor tháinigh an duine uasal ó Shasana fós. Bhéadh an
gáirdneoir ag dul soir go Muc Ros ar theacht na
Bealtaine. Ní raibh aon obair do Sheagháin ar an
mBán-Chluain.



"Raghad go hAimeiricá," ar seisean oidhche le
n-athair. "Níl aon obair le fághail agam annso.
Gheobhad obair thall, le congnamh Dé."


L. 115


"Is dócha ná fuil leigheas air, a Sheagháin, a laoigh,
acht dob' fhearr liom 'sa bhaile thú chun mo shean-chnámha
a shíneadh 'san uaigh," arsa Taidhgín.



"Táimíd bodhar agat féin agus an uaigh, a athair,"
arsa Seaghán, mar dh'eadh is go raibh fearg air.



"'S dó, a Sheagháin, táim-se ag tuitim i n-aois.
Nílim chomh lúthmhar láidir is bhíos. Táid na dathacha
im' chnámhaibh, agus nuair is toil le Dia an bás a chur ag
triall orm ní bheidh aon doicheall orm roimis."



"Is fada uait fós é, le congnamh Dé is Mhuire."



"B'fhéidir sin, a Sheagháin, acht cuirim-se mo thoil le
toil Dé."



Bhí gach aon ní socair ag Seaghán Thaidhgín chun dul
go hAimeiricá, is é ag feitheamh le scéala d'fhághail ó
mhuinntir na luinge. Tháinig scéala chuige go mbéadh
an long i gCóibh Chorcaighe i ndeire na seachtmhaine.
Chaith Seaghán na laetheanta a bhí anois aige ag fágaint
slán agá chomharsanaibh. Tháinig sé chughainne. Bhíomar
go léir, óg is críonna, ana-cheanamhail air, is do bhí
uaigneas ar gach éinne 'sa tigh 'n-a dhiaidh. Thug mo
mháthair smut de choinneal choisreacan dó chun cur 'na
bhosca, is d'fhuaigh sí smuitín eile laistigh dá bheist.



"Dá mbéadh do mháthair féin beo," ar sise, "do
dhéanfadh sí an méid seo dhuit, a Sheagháin."



"Go bhfágaidh Dia do shláinte agat," ar seisean.



Bhéadh Seaghán ag dul go Corcaigh ar maidin Diar-
daoin. Bhailigh muinntear an bhaile ar fad i dtigh
Thaidhgín astoidhche Dé Céadaoin'. Daoine óga ab' eadh
an chuid ba mhó aca. Bhíos féin is mo dheirbhshiúr ann.
Bhí m'athair ann, acht bhí sé deireannach 'san oidhche nuair
a tháinig seisean.



Bhí Léan Thaidhgín is mo dheirbhshiúr go gnóthach ag cur
gach aon ní isteach i mbosca Sheagháin. Ní raibh de ghnó
agam fhéin i dtosach na hoidhche acht ag dul ar lorg


L. 116


cathaoireach i dtighthibh na gcomharsan i gcóir na ndaoine
aosta. Chaith na garsúin agus na gearra-chaillí a bheith
sásta le fód móna mar shuidheachán, nó suidhe ar an
úrlár. Na cailíní óga agus na buachaillí óga, bhí
cuid aca 'n-a suidhe, triúr nó ceathrar aca, ar chórtha,
cuid aca agus cathaoir nó stóilín idir bheirt aca, agus
mór-chuid aca 'n-a seasamh.



Do bhí Peig na n-Ubh ann is í na suidhe ar shuídhistín
'sa chúinne, cois na teineadh, agus sean-Sheaghán Ua
Séagha ar a h-aghaidh anonn ar an dtaobh eile. Bhí
Taidhgín go cúramach ad iarraidh slighe d'fhagháil dóibh
go léir, agus Seaghan féin ag dul ó dhuine go duine aca,
agus "Cogar a leith, a Sheagháin," ag gach duine aca leis.



Is beag má bhí éin-ne ann gan duine éigin leis thall.
Ba chuma cá mbeidís thall do cheap na daoine 'sa mbaile
ná raibh ag Seaghán le déanamh acht bualadh isteach chúcha
agus seanchas a bheith aige leo, díreach mar a dhéanfadh
sé i bhfus le muinntir an Leasa, is le muinntir an Chnuic,
agus le muinntir an Scairte.



Bhí mac le Peig na n-Ubh thall leis na bliadhantaibh, is
gan scéala uaidh. Chuir sise Seaghán fé gheasaibh troma,
scéala a chur chúichi i dtaobh a mic. Ní brón ná uaigneas
a bhí ar na buachaillíbh óga, 'ná ar na cailíníbh óga, acht
iad ag cur tré chéile cé bhéadh ag dul anonn i mbliadhna,
cathoin a bheidís féin ag dul anonn, nó a' raibh éin-ne
thall a chuirfeadh fios anall ortha.



I gceann tamaill do tháinig lagughadh ar an siosma
cainnte a bhí aca. Do thairng Domhnall Ua Bruighin
trúmpa amach as a phóca. Do thairng sé chuige an tarna
ceann, agus do chrom ar iad do sheinim. Níor bhfada
go raibh ceathrar ar an úrlár ag rinnceadh. Nuair do
bhíodar-san cortha do sheas ceathrar eile amach, agus
mar sin dóibh chun go raibh tinneas i lúidínibh Dhomhnaill
ó bheith ag bualadh an dá thrúmpa.


L. 117


"B'fhéidir anois," arsa duine de sna rinnceoiríbh,
"go mbéadh amhrán againn."



Bhí fhios aca go maith go raibh guth ana-bhinn ag Taidhgín.
Is minic do chualadar é ag casadh "Túirín a' Chéim,"
agus "Bean an Fhir Ruaidh."



"Tabhair dhúinn "Bean an Fhir Ruaidh,"" arsa m'athair
leis. Cheap m'athair, is dócha, go n-árdóchadh an t-amhrán
cuid de'n bhrón dá chroidhe. Bhí Taidhgín 'n-a shuidhe ar
chathaoir is é ag féachaint isteach 'sa teinidh. Ar thos-
nughadh ar amhrán dó, bhí iarracht de chritheán 'n-a ghuth, acht
nuair do chas sé —



"Cad é an mhaitheas dom fhéin
Dá ndéanfainn muileann ar sruth,
Cad é an mhaitheas dom fhéin
Dá ndéanfainn caisleán ar chnoc,
Cad é an mhaitheas dom fhéin
Dá dtaoscfainn an fhairrge suas,
Is gur chailleas an féirín
Do bhréagfadh bean an Fhir Ruaidh."



is ró-bheag a chuirfeadh a raibh istig ag gol. Thuig gach
éin-ne nách ar "Bhean an Fhir Ruaidh" 'ná ar éin-ne a
bhain léi a bhí Taidhgín ag cuimhneamh, acht ar a mhac féin
agus ar an bhfairrge a bhéadh eatorra i gcionn seacht
mhaine.



An capall agus an trucaill seo againne a bhéadh ag
dul go Cilláirne le Seaghán ar maidin. Chuir m'athair
mise abhaile chun greas codlata a bheith agam i gcóir na
maidine.



Bhíomar go léir 'n-ár suidhe ar an gcéad solas, agus
an capall gléasta ag m'athair. Do ceangladh bosca
Sheagháin istigh i lár na trucailleach. D'fhág sé slán ag
muinntir an bhaile. Bhíodar go léir amuigh ag ceann
an tighe, agus gach duine aca ag cur a bheannacht go


L. 118


dúthrachtach le Seaghán. Díreach agus sinn ag bogadh
chun siúbhail tháinig Peig na n-Ubh amach agus boidéal
uisce coisreacan aici. Do chroith sí cuid de'n uisce
coisreacan orrainn.



"Go n-éirghe do thuras leat, a Sheagháin," ar sise, "agus
ná dearmad scéala a chur chugham nuair a chasfar mo
gharsún-sa ort."



Do rugamair ar thrucaillíbh eile ag Leaba-na-Bó,
agus ag Droichead na Leamhna, agus ag Binn Uisce, i
dtreó is go raibh sochraid mhór againn ag déanamh ar
Chill Áirne. Bhíomar tamall maith ag feitheamh ar an
dtraen. Chualamair ag teacht í. Bhuail sí soir fé'n
nDroichead mar a bhéadh sí ag dul uainn, ar dtúis. Do
stad sí, agus d'fhill sí thar n-ais chughainne go réidh. Is
amhlaidh a shleamhnuigh sí isteach le hais an árdáin.
Ní dócha go raibh duine ar an árdán gan a chroidhe ag
bualadh agus an traen ag éalughadh a leith chughainn tré
shúil an droichid.



"Ba dhóigh leat," arsa mise le Seaghán, "gur piast
mhór í."



"Agus cad eile í acht piast atá ag sloigeadh ár
ndaoine uainn leis na bliadhantaibh," arsa sagart a bhí
'n-a sheasamh i n-aice liom.



Do bhí gach éin-ne anois ag brúth isteach ar an dtraen,
cuid aca ag gol, cuid aca ag tabhairt iarracht ar gháiridhe,
is é teipithe glan ortha aon gháire a dhéanamh. Ba ghiorra
dhóibh go mór an gol 'ná an gáire.



Do bhuail giolla na traenach a chlog. Chrom na mná
ar ghol. D'fhág Seaghán a shlán ag gach nduine againn.
Bhí Léan ag gol go fuígheach. Bhí Taidhgín féin 'n-a
sheasamh i n-aice na traenach agus an doras ar oscailt.
Do leig an traen fead aisti. Do rug Taidhgín barróg
ar a mhac. Ní fhéadfadh sé a rádh acht, "A Sheagháin!
a Sheagháin!! a Sheagháin!!!" Do léim Seaghán isteach


L. 119


'sa traen; agus mara mbéadh gur rug m'athair ar
Thaidhgín do thuitfeadh sé. Ní miste a rádh ná go raibh
uaigneas orrainn ag teacht abhaile. Agus nuair do
chuireas-sa an t-uaigneas díom sé is mó a chuir ag macht-
namh mé 'ná an rud adubhairt an sagart i dtaobh na
traenach: "Cad eile í acht piast?"



XIX.



"S is fearr 'ná an tír seo
Dith gach sléibhe ann —
Bán-chnuic Eireann Ó."



I gceann trí seachtmhaine tháinig scéala ó Sheaghán
Thaidhgín. Dubhairt sé ná raibh aon bhreoidhteacht fairrge
air ag dul anonn dó, go raibh sé go maith 'n-a shláinte,
is go raibh súil aige le h-obair dh'fhághail i gceann cúpla
lá.



D'fhágas féin an baile i dtosach a tsamhraidh chun dul
ar scoil i gCorcaigh, agus is beag de m' shaoghal a chaitheas
'sa bhaile, Cois Leamhna, ó shin. I ndeire an tsamhraidh
fuaireas leitir ó Sheaghán:-



"Ní cathair mar a tuairisc an áit seo. Bhíos seacht-
mhain ar lorg oibre tar éis teacht annso. Ba dheacair
mé a shásamh i dtosach na seachtmhaine, acht i ndeire na
seachtmhaine bhíos sásta go leór mo scuab a láimhsiughadh
agus dul ag glanadh na sráide. Táim anois le seacht
seachtmhaine ag obair ar na bóithribh ar imeall na cathrach,
is ní hobair go dtí san. Ní mar a chéile na bóithre
annso agus na bóitre 'sa bhaile, is ní mar a chéile bheith
ag obair annso is bheith ag obair 'sa bhaile. Lasmuigh
de'n chathair is mar a chéile iad agus an bóthar atá ag
dul isteach ar Phortach an Ghaorthaidh. Bíd 'n-a bpluda
sa gheimhreadh agus na luaithreán 'sa tsamhradh. Obair


L. 120


ana-throm iseadh an obair seo na mbóithre. Níl aon
tsíneadh ar an gcinnfhearainn annso mar a bhíodh 'sa
bhaile againn ag sábháilt an fhéir, acht do cheann fút ó
mhaidin go hoidhche. Is beag má bhíonn cead agat
labhairt leis an bhfear oibre is giorra dhuit, agus dá
labharthá féin leis, b'fhéidir ná tuigfeadh sé thú.



"Do b'fhearr liom 'ná rud maith dá mbeinn ar phort
Pholl-na-Feithe anois. Ní bheinn i bhfad ag baint díom
agus ag preabadh isteach.



"Tá daoine annso as Éirinn, agus dob fhearr leo
bheith sa bhaile, mara mbéadh de shlighe bheathadh aca acht ag
bailiughadh na gceirteach. Tá cuid eile, agus do
raghaidís abhaile i mbáireach dá leigfeadh an náire dhóib é.



"Ba mhaith liom féin a bheith amuigh fé an dtuaith dá
bhfaighinn obair ann, acht is leisc liom bogadh le heagla ná
béadh agam acht turas in aistear. Ní hionann dul
amach fe'n dtuaith 'sa dúthaigh seo agus gabháil an bóthar
ó thuaidh chun Tráighlí, mar a dhéinid na spailpíní ag dul
ag clúdach lastuaidh, i lár an earraigh.



"Níor mhaith liom go mbéadh fhios ag m'athair 'ná ag
Léan an méid seo. Ní fearra dhóibh fios a bheith aca.
Tá fhios agam go bhfuil uaigneas ortha. Ní beag dóibh an
t-uaigneas, agus gan buadhairt a bheith ortha i dteannta
an uaignis."



Seachtmhain roimh lá Aonaigh a' Phuic fuair Taidhgín dhá
phúnt ó Sheaghán, agus leitir 'ghá rádh leis féirín a thabhairt
do Léan i gcóir an aonaigh.



Chuir so ana-áthas ar Thaidhgín. Níorbh é an t-airgead
a bhí uaidh, acht go mbéadh sé le rádh aige, leis na comhar-
sanaibh ag an aifreann Dé Domhnaigh, gur chuir a mhac
airgead abhaile chuige.



Um Shamhain agus mé i gCorcaigh fuaireas leitir eile
ó Sheaghán. Ar seisean:



"Táim-se anois ag obair istigh sa cathair. Táthar


L. 121


ag déanamh díog mhóir tré lár na cathrach, agus meitheall
mhór againn i mbun na h-oibre. Is minic mise, is
mo cheann fúm, ag machtnamh ar an obair atá ar siubhal
'sa bhaile aca.



"Tá fhios agam go bhfuilid anois ag baint na prátaí
thuas i bPáirc a' Leasa.



"Níor bhlaiseas práta fóghanta ó fhágas an baile.
Bíonn blas na gréine ortha, nó blas na gaoithe, agus is
cuma ciaca.



"Dob fhearr liom ná págh seachtmhaine a bheith 'sa
chistin seo agaibhse 'sa bhaile, agus na fir oibre ag suidhe
chun dinnéir. 'Sé déarfadh do mháthair liom. "Suidh
anall chun an bhúird, a Sheagháin." Geallaim-se dhuit ná
h-iarrfainn-se puinn tathaint. Bhéadh cárnán de
phrátaíbh plúracha, deagh-bhlasta ar m'aghaidh amach ar an
mbord — agus an bainne! — Ní bhíonn a leithéid annso
in aon chor.



"Do casadh Diarmuid Óg orm an lá fé dheire. Tá
sé mar ghiolla ar chapall is trucaill, ag bailiughadh
salachar na sráide. Is maith atá fhios agat-sa gur ró
bheag d'obair a thuit le Diarmuid 'sa bhaile. Tá sé ag
obair annso, is nára maith aige. Fuaireas tuairisc
mhic Pheig na n-Ubh. Bhí ag eirghe go maith leis ar dtúis
tar éis teacht anall. I gceann tamaill do luigh sé ar
ól. 'Sé an áit 'na bhfuil sé anois 'ná i dtigh na ngealt.
Níl fhios agá mháthair cá bhfuil sé. Ní fearra dhí fios a
bheith aici.



"Dá mbéadh fhios aca annso i gceart cad as dó, do
chuirfidís abhaile é, i slighe is ná béadh a chostas ortha ann
so. Deirim-se leat ná fuil aon fhéith bhog sa Phuncán.
Beidh a chuid féin aige, agus cuid an fhir thall má fhaghann
sé greim air.



"Tá an tsláinte go maith agam, moladh le Dia, acht
ní maith liom an obair seo na sráide."


L. 122


XX.



Do chaith Seaghán deire an fhóghmhair agus cuid de'n
gheimhreadh ag obair 'sa chathair, ag déanamh na díoga úd.
Lá dá raibh sé ag obair le n-a phiocóid, do thuit cnapán
cloiche anuas de thaobh na díoga ar a chois. Fuair a chos
ana-dhroch-bhrughadh ar fad. Do leonadh a alt; do
brughadh a chos istigh 'n-a bhróig, agus do scríobadh an
fheoil anuas dá lurgain.



Do cuireadh isteach in óispidéal é. Is ann a chaith sé
an Nodlaig. Bhí eagla ar na dochtúiribh ar dtúis go
gcaithfidís an chos a bhaint de Sheaghán, agus an droch
ghortughadh a fuair sí, acht ní raibh braon fola i bhféith-
eachaibh Sheagháin acht an braon folláin, agus do chneasaigh
an chos i bhfad níos túisce 'ná mar a cheapadar.



Bhí Seaghán bocht go troma-chroidheach ar feadh seacht
mhaine, agus a chos ana-thinn ar fad. Ní raibh dhá uair
a chluig codlata aige aon oidhche, acht é ag únfairt 'sa
leabaidh, a chos tinn crochta i n-áirde leath-throigh os
cionn na leapthan, agus gan neart aige í a chorruighe.
Bhéadh an sgéal i bhfad ní ba mheasa aige mura mbéadh
dochtúir óg a bhí ar dhochtúiribh an óispidéil. Corcuigh-
each a b'eadh é, agus dá mba dearbhráthair dó Seaghán
ní fhéadfadh sé a bheith níos cúramaighe 'n-a thaobh ná
mar a bhí sé.



I gceann mí fuair Seaghán cead suidhe ar chathaoir, agus
a chos tinn aige ar shuidhistín; agus i gceann seachtmhaine
eile thugadar maide croise dhó, i dtreó is go bhféadfadh
sé beagán siubhlóide a dhéanamh, acht gan luighe ar an
gcois bhacaigh.



Lá, agus Seaghán 'n-a shuidhe 'sa chathaoir, tháinig an
dochtúir óg isteach agus duine uasal le n-a chois.


L. 123


Níor chuir Seaghan aon t-suím ionnta. Ba mhinic
do thagadh daoine isteach ag féachaint an óispidéil, agus
an dochtúir óg mar threóruidhe ortha. Ag féachaint
amach ar an bhfuinneóig a bhí Seaghán, is é ag machtnamh ar
cad a dhéanfadh sé agus a chos slán aige arís.



"Canos tá an chos bhacach indiu?" ars an dochtúir
óg le Seaghán.



"Ó, tá sí ag dul i bhfeabhas go mór, a dhochtúir.
Bogaim na méireanna anois, is ní ghortuigheann an
bogadh mé," arsa Seaghán.



"Nách shin é adubhart leat seachtmhain ó shoin. Seachain
is ná cuir fút go fóill í."



"Ní baoghal dom san a dhéanamh. Tá sí ró-lag."



"Bíodh foidhne agat. Acht cogar, nách ó Chill Áirne
thusa, a Sheagháin."



"Níor bhfada uaidh mé, dá mbéinn 'sa bhaile, a
dhochtúir."



"An fada dhuit sa dúthaigh seo?" ar san duine
uasal.



"Nílim acht trí ráithe ann, a dhuine uasail."



"Is dócha go mb'fhearr leat bheith sa bhaile."



"Mhaise, go deimhin dob fhearr liom, a dhuine uasail."



"Agus cad is ainm duit?"



"Seaghán Ua Murthaile is ainm dom, acht sé Seaghán
Thaidhgín a bhíodh mar ainm 'sa bhaile orm. Taidhgín is
ainm do m'athair."



"Seaghán Thaidhgín — Seaghán Thaidhgín!" ars an duine
uasal. "Ní ó pharróiste na Tuatha thú?"



"Seadh, mhaise. Is ann a rugamh agus a tógamh
mé, agus is truagh mhór liom nách ann atáim anois,"
arsa Seaghán.



"Rabhais riamh ar scoil an Chuileannaigh?"



"Go deimhin do bhíos, acht is baoghalach ná raibh ionnam
acht buachaill díomhaoin is mé ann."


L. 124


"An cuimin leat lá fiadhaigh gur lean na scoláirí an
fiadhach?"



"Is ró-mhaith is cuimhin liom é, a dhuine uasail. Bhíos
féin ar na scoláiríbh do lean an fiadhach"



"Agus tusa d'oscail an geata do'n mhnaoi uasail gur
imthigh a capall chun reatha léi?"



"Is mé," arsa Seaghán.



"Agus ná h-aithnigheann tú mise?" ars' an duine
uasal, ag féachaint idir an dá shúil ar Sheaghán.



"Go deimhin, ní aithnighim."



"Nách cuimhin leat mé ag teacht go scoil an Chuilean-
naigh an lá tar éis lae an fhiadhaigh?"



"Is ró-mhaith is cuimhin liom ógánach uasal do theacht ag
déanamh ár leith-scéil leis an máighistir mar gheall ar
lá an fhiadhaigh. Agus an tusa an duine uasal úd?"



"Is mé."



"Ní aithneó'in pioc díot," arsa Seaghán.



Annsan d'innis an fear eile do'n dochtúir cad a dhein
Seaghán lá an fhiadhaigh, agus canos a shábháil sé anam
na mná uaisle, agus a capall ag imtheacht ar buile i
dtreó an gheata dúnta.



"Cad tá ceapaithe agat ar a dhéanamh agus do chos
slán agat?" ar seisean le Seaghán.



"Ní fheadar, a dhuine uasail. Dá shuaraighe é an
bothán atá ag m'athair 'sa bhaile, bhéadh slighe agam ann
dá mbeinn i nÉirinn, acht annso ní fhéadfainn
dánaidheacht a dhéanamh ar éin-ne."



"Is fíor dhuit sin. Ní mar a chéile iad, Éire agus an
dúthaigh seo"



"A dhochtúir," ar seisean, "mbeidh sé i bhfad istigh
annso?"



"Caithfidh sé fuireach annso trí seachtmhaine eile, ar
an gcuid is lugha dhe, agus 'n-a dhiaidh san níor cheart
dó aon obair a dhéanamh go ceann mí nó sé seachtmhaine,


L. 125


acht obair ana-éadtrom, obair ná luighfeadh ar an gcois
aige," ars an dochtúir óg.



"Nár bhfearra dhó gluaiseacht siar liom-sa anois?"



"Sé an rud a d'oirfeadh dó, acht nár mhaith liom é
scaoileadh amach go ceann tamaillín eile, le heagla
é bheith ag luighe ar an gcois. B'fhéidir nách ró-fhuirist
dochtúir d'fhagháil thiar annsúd agaibh-se," ars an doch-
túir óg, ag cur smuta gáire as.



"A' dtiucfair, a Sheagháin?"



"Go deimhin tiucfad a dhuine uasail. Sé Dia féin
a sheól isteach annso thú chugham," arsa Seaghán.



An fhaid is bhí an t-óig-fhear ag aithris scéil
lae an fhiadhaigh bhí súil aige Seaghán tuairisc éigin
dh'fhághail ar an mnaoi uasail agus ar a pósadh.



"B'fhéidir," ar seisean i n-aigne féin, "gur deirbhshiúr
dó í nó gur clann clainne iad é féin is í féin, acht dá
mbeadh ná cuirfeadh sé an méid sin i n-úil do'n dochtúir
'sa scéal."



Bhí sé ar bharr theangan Sheagháin ceist a chur air, acht
go raibh scáth air éin-ní a rádh i dtaobh na hóig-mhná os
comhair an dochtúra. Tháinig bean-fhriteáilte isteach, is
do labhair i gcogar leis an ndochtúir.



"Fan annso go fóill," ar seisean. "Ní bhéad i
bhfad," agus é ag dul amach ar an ndoras.



Ní raibh acht tamall ó shin agus do shaoil Seaghán dá
mbéadh sé féin agus an fear óg leó féin ná béadh aon
cheist air labhairt leis i dtaobh na mná uaisle a bhí le na
chois an lá úd tar éis lae an "fhiadhaigh; ach| anois,
ní fheidir sé canos a thiucfadh sé ar an scéal, 'ná canos
an ceann a bhaint de. 'Sa deire, ar seisean:



"Chonnac an bhean uasal úd trí bliadhna ó shin."



"Canad?"



"Thíos ar an mBán Chluain. Chuala go raibh sí ag
teacht anall annso?"
J


L. 126


"Agus cad chuige?"



"Sé dubhairt cailíní na Bán-Chluanach go raibh sí
ceapaithe ar Phuncán a phósadh."



"B'fhéidir sin."



"Cheapas féin," arsa Seaghán, agus a cheann fé,
"da bpósadh sí éin-ne gur tusa a phósfadh sín"



"Ní fuirist na mná a thomhas, a Sheagháin. Chím an
dochtúir ag teacht, agus tá sé i n-am agam-sa bheith ag
gluaiseacht. Cuir-se scéala chugham-sa," ar seisean,
leis an ndochtúir, "nuair a bheidh cead a chos ag Seaghán."



"Cuirfead," ars' an dochtúir.



Bhí aithreachas ar Sheaghán gur labhair sé i n-aon chor.
Bhí sé chomh dall is bhí sé riamh i dtaobh imtheachta na mná
óige, agus cheap sé ná raibh an t-óg-fhear ró-bhuidheach dé.



"Dob' fhearra dhom mo bhéal d'éisteacht; nách cuma
dhomh-sa cé phósfadh sí nó ná pósfadh."



Bhí sé mí-shásta, is ní fhéadfadh sé an mhí-shástacht a chur
dé agus a dhícheall a dhéanamh.



XXI.



BAILE I bhFAD SIAR.



Bhí cos Sheagháin ag dul i bhfeabhas i n-aghaidh an lae,
agus i gcionn coigthighis chuir an dochtúir scéala siar
go mbéadh Seaghán ag dul siar athrughadh mbáireach.
Nuair do tháinig an lá ceapaithe dubhairt an dochtúir le
Seaghán go mbéadh sé féin ag dul siar le n-a chois.



Baile i bhFad Siar a thug sé ar an áit. Bhíodar tamall
maith ar an dtraen, acht má bhíodar is beag de thuirse bhí
ar Sheaghán. Ní bhéadh sé cortha go h-oidhche ag féachaint
amach ar an ndúthaigh tar éis a bheith trí ráithe istigh sa
chathair. Bhí an tráthnóna ann nuair do shroiseadar


L. 127


Baile i bhFad Siar. Cé bhéadh ag an stad rómpa 'ná
bean uasal na gruaige breagh' buidhe, agus capall is
cóiste aici. Chuir sí na míle fáilte rómpa. Do leath
a shúile ar Sheaghán le hiongnadh, acht nuair a thug sí póg
agus dhá phóig do'n dochtúir bhí sé nách mór as a mheabhair
ar fad



Do chomáineadar leo abhaile. Bhíodar tamall maith
ar an mbóthar. Droch-bhóthar abeadh é. Ba gheall le
ciseach ag dul isteach ar Phortach Atháin cuid mhór dé.



"Féach mo Phúncán ag an ngeata," ars an bhean uasal
le Seaghán.



'Sé bhí ann 'ná marcach lae an fhiadhaigh.



"Cad dubhart leat, a Sheagháin, acht nách fuirist na
mná a thomhas?" ar seisean.



"Tá eagla orm-sa," arsa Seaghán, "nách féidir liom
sa an scéal so a thomhas ná a mheádhchaint ar aon chuma."



"Is túisce deoch ná scéal," ars' an bhean uasal, "is
ba cheart go mbéadh ocras orraibh."



"Tá, ocras buile," ars an dochtúir.



Mac do'n duine uasal a bhíodh mar mháighistir ar Thaobh
na Geadaighe a beadh an t-ógánách. Fear ana-thuisgeanach
ana-ghéarchúiseach a beadh a athair Cheap sé go mba
cheart dá mhac eólas a bheith aige ar gach ní a bhain le
curadóireacht, is le saothrughadh talmhan, i slighe go
bhféadfadh sé comhairle mhaith a thabhairt do sna
feirmeoiríbh a(bhéadh ag díol cíosa leis. Fuair an t-óg-
ánach an t-eolas so. Nuair do tháinig fear eile laistigh
dá athair ar sheilbh Thaobh na Geadaighe ní raibh fhios aige
cad ab'fhearra dhó a dhéanamh.



Do bheartuigh sé ar dhul go hAimeiricá. Cheannaigh sé
reidhse mhaith talmhan, é féin is duine eile go raibh eolas
maith ar an(áit aige. $D'éirigh go maith leo ó thús. Bhí
sean-aithne aige féin agus an dochtúir ar a chéime ó
bhíodar i gcolláiste thuas i mBaile Átha Cliath. Deirbhshiúr


L. 128


do'n dochtúir a b/eadh an bhean uasal óg. Bhí geall-
amhaint phósta idir í féin agus an marcach óg a bhí le n-a
chois lá an fhiadhaigh. Nuair a thuig seisean tar éis
bháis Mhaic Gille Choda, go mbéadh air dul ag tuilleamh
do féin t'iarr sé airthi é scaoileadh ó n-a gheallamhaint,
mar nár mhaith leis ise a bheith ceangailte i gcuing phósta
le duine bocht gan talamh gan treó.



"Má is cead do chinn agus do chos atá uait," ar sise,
"bíodh sé agat, is déanfad-sa foidhne."



"Níor mhaith liom aon cheangal a chur ort," ar
seisean.



"Ní gádh dhuit é," ar sise, "mar adúbhart leat cheana,
déanfad-sa foidhne."



Agus do dhein.



I gcionn suim aimsire do chuir seisean scéala chúichi
dul anonn chuige agus chomh maith do chuaidh, í féin agus
q máthair, agus do phós sí Púncán, mar adubhairt cailíní
na Bán Chluanach le Seaghán Thaidhgín.



Níor bhfada go raibh Seaghán ar mhuin chapaill, agus as
san amach bhí rith a ráis leis. An t-eolas a fuair sé
i ngáirdín na Bán Chluanach, tháinig sé isteach go
hana-áiseamhail anois dó féin is dá mháighistir. Ba
ró-ghairid a bhí Seaghán ag teacht isteach ar canos tobac
a chur is a shaothrughadh.



Bhí an máighistir 'n fhear saidhbhir, agus é 'n-a shaoghal
agus 'n-a shláinte. Acht dá mhéid saidhbhreas a bhéadh
aige ba mhaith leis teacht abhaile go hÁrd-na-Gainimhe.
Tháinig sé féin agus a bhean anall tar éis bháis a athar,
agus Seaghán thall i mbun na háite. Bhíodh sé ag dul
anonn 's anall, acht i ndeire na scríbe do dhíol sé an áit
thall, is do tháinig abhaile go hÉireann agus Seaghán
le na chois. 'Sé an scéal is déidheanaighe a chuala-sa
uatha ná iad a bheith ag beartughadh chun tobach a chur i
nÁrd-na-Gainimhe.


L. 129


Ní raibh Seaghán acht na trí bliadhna thall nuair do
fuair Taidhgín bás. Do cuireadh é thoir i dTeampall
an Chnocáin.



Do lean Léan Seaghán anonn go hAimeiricá, agus do
phós sí thall. Is ann atá sí anois, acht go bhfuil súil aici
i gcomhnuidhe teacht anall an bhliadhain seo chughainn.
Níor tháinig an bhliadhain úd fós.



Do leagadh tigh Thaidhgín, is do cuireadh clocha an tighe
i gclaidhe an bhóithrín. Táid na ba ag ingníor anois ar
láthair an tighe. Ba dhóigh leat ná raibh tigh ná teaghlach
riamh ann, acht amháin go dtabharfá fé ndeara gur mísle
is gur luime an féar ann ná i n-aon chuid eile de'n
pháirc.



A CHRÍOCH.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services