Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beirt Ghaedhilgeoirí 'na gcomhnaidhe 'sa chathair
Title
Beirt Ghaedhilgeoirí 'na gcomhnaidhe 'sa chathair
Author(s)
Ó Murchadha, Dómhnall,
Pen Name
Domhnall na Gréine
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh
Composition Date
1915
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BEIRT GHAEDHILGEOIRÍ 'NA GCOMHNAIDHE 'SA CHATHAIR “S. — Téanam ort anois i n-ainm Dé is, ó tá'n uain fé dhúinn, bórduighmís ceann des na carbadaíbh teinntrighe le hais an chúinne seo thall.” — L. 5.
BROLLACH. An aiste atá sa leabhar so, do sgríobhadh san bhliadhain 1910 í is an t-ughdar ag cur chum Comórtais a Cúig i n-Oireachtas na bliadhna soin. Sin é an fáth go bhfuil cuid de chúrsaíbh an tsaoghail, fá mar thráchtthar ortha innti, i ndiaidh lámh indiu. Tá ceist na hIolsgoile, .i. an Ghaedhilg a bheith éigeantach innti, socair ó shoin, agus tuigthear go maith indiu nár bh'fhéidir aon mhilleán do chur ar an gCraoibhín mar ghioll ar an gceist sin agus a fheabhas do stiúruigh sé ó bhun bárr í. Tá sadhas fáistine nó fáidheadóireachta ar l. a 31 agus do fíoruigheadh ar fad ó shoin í. Seo mar do sgríobh an t-ughdar: “D'réir na n-ollmhuighthe atá déanta ag náisiúnaibh fé láthair i gcóir cogaidh do dhísceoghaidís a chéile i ngearracht aimsire dá mbeadh sé de mhí-ádh go dtéighidís 'na bhun.” Fóríor dóighte! ní hé amháin go bhfuil na náisiúin ag dísgiughadh a chéile, acht tá mórán mór d'fhearaibh na hÉireann i bhfionntar an phúdair 'na measg is cuid mhaith aca so marbh cheana ó imirt na “bplaosgán” ortha. Ní fuláir nó tá canamhaint mhaith i “mBeirt Ghaedhil- geoirí” seo agus eolus maith ag an ughdar ar a bhfuair sé dhi ón tsean-aimsir. I n-Oileán Dairbhre 'seadh rugadh é mar a dtéidheann Faill Sheamraim go hárd os cionn na fairrge falcmhaire fíor-dhoimhne. Bhíos féin i nDairbhre fá dhó agus ní fhéadfainn gan feabhas na canamhna do thabhairt fá ndeara innti. Do chuir sé áthas mór orm uair an tráth fuaramar (bhí triúr againn ann ag cur ár n-eoluis air) an freagra so ó bhuachaill óg:
“Is giorra é seo mar bhóthar.” Tá 'fhios ag an saoghal leis gur ó Dhairbhre d'easgair “Sgeilg na Sgeol,” “Diarmuid Ó Duibhne” agus sgríbhneoirí eile nach iad. Dá bhrígh sin, canamhaint Dhairbhre (geall leis, í go léir) is mó atá san leabhar so. Caint na bhfíor-shean-ionn- dúirí is í í leis agus a raibh de thaithighe ag an ughdar ar an díne agus ar an druing sin den phobal. Acht ó thárla dhó bheith ag trácht ar chúrsaíbh an tsaoghail fá mar atáid sa domhan mór indiu, b'éigean dó, mar adeir sé féin, beagán beag focal do cheapadh, agus ciall nua do bhaint as foclaibh atá cheana ann, agus do ghabh sé fós le roinnt focal atá ag sgoláiríbh dá gceapadh le fíor-dhéidheanaighe. Thugas-sa fá eidirdhealughadh eat- orra so sa bhfoclóir, an méid ab' fhéidir liom é. Maidir leis an bhfoclóir féin, gheobhthar oiread is céad is da fhichead focal “nua,” .i. focail nár cuireadh i sgríbhinn cheana, ann, agus má's “nua” againne iad, is sean-ársa mórán aca san am chéadna, do réir mar mheasaim-se. Do chuireas chum iad so do réidhteach do réir bunadhais agus nuair a theip fréamhacha na Gaedhilge orm, dob' éigean dam cuimhniughadh ar fhoclaibh den tSean-Bhéarla (mar do thabharfadh Gaedhilgeoirí air) agus iad do tharrang chugam, ní hé gur mhaith liom a dhéanamh amach gur ón mBéarla tháinig aon fhocal díobh acht an fhiadhnaise bheith ró-láidir i gcoinnibh bun Gaedhilge bheith fútha. Na daoine nach taitneann an ghnó soin leo, maithidís dam í agus gurab í gnó is déidheanaighe den tsórt is féidir dam a dhéanamh do Chonnradh na Gaedhilge í. I dtaobh na cainte féin agus a brígh, ní baoghal nach dual athar agus máthar don ughdar í. Tá sí, má's ceart mo mheas-sa air, do réir mar do chloisinn féin sean-ionndúirí na Gaedhealtachta ag cur síos ar chúrsaíbh an tsaoghail, nuair a bhíodh caoi agus faill agam
ar bheith ag éisteacht leo, rudaí gearra, .i. sgéilíní deismireachta, agus seanfhocail fighte fuaidhte tríd an gcaint féin, &rl. An téx agus an leitriughadh atá sa leabhar, thugas iarracht ar iad do chur ar aon nós amháin tríd síos. Má theip sé orm é sin do dhéanamh annso is annsúd, is baoghlach gurab í an luasgánacht is gnáthach i gcanamhaint fá ndeara dham é. Is minic do-chífear díchneadh tosaigh do réir chanamhna agus glanadh (.i. ionnarbadh) eile nach é. Do leigeas don tarmoircheann (.i. don déidheanach) -aibh, -ibh 'na chomhartha ainmneadha agus áinseadha iolraidh agus a fhios againn ó aimsir Sheaáin Uí Dhonnabháin anuas go n-úsáidthear mar sin i gCiarraighe é. * Táid rudaí eile ann .i. fuinneog agus finneog, -álta agus -áltha, &rl.; dob' fheáirrde iad so aon nós amháin ortha, acht is fíor-bheag díobh atá ann. B'fhéidir leis nár cheart dam “mBreatain” do chur i n-ionad “mBreitin” ar l. a 34; ní'l do chosnamh agam ar mo bheart annso acht gur feárr a tuigfidhe as an gcéad cheann, agus, rud eile, mé gan an chanamhaint féin d'aireachtaint. Sin rud do ghoill orm tríd síos. Mairg nach cloiseann an chanamhaint sa chás so, adeirim-se. Truagh nach raibh caoi chainte agam leis an ughdar, mar do bhíodh agam le Mícheál Mhag Ruaidhrí. Dá mbeadh, bhí gach aon rud soiléir solusmhar agam. Caithfead buidheachas mór do ghabháil leis an ughdar i dtaobh a dtug sé de chungnamh dam ag míniughadh na bhfocal gcanamhna úd go dtabharfaidís sgoláirí
“Dairbhreachas ar leithligh” ortha. Go deimhin féin, maidir leis sin de, is é a obair féin atá ins an Tagra agus ins an bhFoclóir, cé gur mé féin a chuir i sgríbhinn iad. Tuigthear leis nár cuireadh “D. Ó. M.” le gach aon rud agus a dheacracht dam bheith dá shíor-sgríobhadh. Badh cheart dam a rádh sa deireadh thiar thall gur tugadh duais speisialta ón Oireachtas don aiste atá sa leabhar so. Tá súil agam, ag cur mo bheannachta léi, go ndéan- faidh sí gar agus maitheas do na léightheoiríbh gheobhas idir lámhaibh í. SEOSAMH LAOIDE.
BEIRT GHAEDHILGEOIRÍ 'NA GCOMH- NAIDHE 'SA CHATHAIR. Donnchadh (ag gabháil isteach go tigh Sheáin) — Dia 'steach 'sa teach so. Seán — Dia 's Muire 's Pádraig duit, a Dhonnchadh, is Dé do bheatha. Eachtruigh dúinn do scéal. D. — Is obann a theastuigheann scéalta uait. Ná tabharfá uain do dhuine a anál a tharrac sar a gcuirtheá a leithéid sin de cheist chuige. S. — Airiú, níor chuimhnigheas orm féin. Dar ndóigh, dá mbeadh aon tsop luachra le fagháil agam is amhlaidh badh cheart dam é chrothadh féd chosa, suidheachán a sholáthar duit is a bheith ag cuimilt bhaise dhíot nó go dtigtheá chughat féin! Mo ghraidhin thu, a dhuine bhoicht, badh cheart dam 'fhios a bheith agam go raibh giorra análaighe ort is gur bh' éigean duit tamall suaimhnis 'fhagháil sar a mbeadh na feadáin réidhtighthe agat! D. — B'fhéidir nár ghádh dhuit an magadh. Táim cómh sláinteamhail leat féin, moladh le Dia, acht, t'réis pas coisidheachta 'dhéanamh i n-aghaidh na gaoithe agus a bheith a d'iarraidh cúladh 'gus claonadh anonn 's anall ó thrucaillí 's ó charráistí do bhraitheas me féin beagán geócálta, rud a bhainfeadh duit-se cómh maith liom. S. — Ní'l aon amhras ná fuil an ceart agat, a chara, acht, nuair a bhíonn duine go tóstalach le hais na teine ní mheádhann sé in' aigne go mbíonn an uain cómh dona lasmuich. D. — Do cheapas ná raibh fear 'sa chathair nár bhraith agus ná braitheann na scalaí 'gus na cam'-fheochainí, na
ceathanna sneachtaidh agus flichshneachtaidh atá ag síor- thuitim. S. — A' ndeireann tú liom go bhfuil sé cómh dána san? Níor chuas ar a' dtaobh amuich den dorus indiu agus ní lugha ná 'innis aon'ne dham go raibh sé cómh fear- thannamhail. D. — Mara mbeadh go bhfuileann tú bodhar nó go raibh slaod chodlata ort, ní bheifeá ag braith ar aon'ne chun é innsint duit. S. — Admhuighim go bhfuil beagán a'llbhuidhre orm, acht i bpáirt an chodlata, táim im dhúiseacht ó dhearg-mhaidean, is níor shamhluigh sé dham go raibh a' lá as meón, mar adeireann tusa. D. — As meón! ná labhair air mara bhfuil dhá chúntas agat acht mar sin. Cá beag duit de thuairisc air go bhfuil sreanga na cathrach caithte ar muin mailc a chéile anonn 's anall soir agus siar is gan scéala le fagháil ó aon áird fé láthair acht ó bheagán de cheanntaraibh na hÉireann agus ó fhíor-bheagán is eadh é. S. — Má tá sé cómh dona san raghaidh sé dian ortha Toirdhealbhach a chur thiodhlacan indiu. Acht tá sé ráidhte gur “sona don anam a cuirtear 'sa bhfearthainn.” D. — An t-anam a cuirtear 'sa bhfearthainn! Is 'mó tuata chuala ag caint riamh, acht is sin aighneas nár chuala ag aon'ne acht ag breallsún gan tuisgint gan eolus gan tabhairt fé ndeara air féin. S. — Bog breágh. Tóg réidh a' scéal, dá dheisbhéalaighe 'taoi. Ná fuil 'fhios agat-sa cómh maith liom-sa nách féidir an t-anam a thiodhlacan? Agus anois, dá ndeirteá gur “sona don chorp a cuirtear 'sa bhfearthainn” cad a chiallóghadh sé? An amhlaidh adéarfá ná dreoghfadh an corp 'san uaigh? Dá n-abarthá déarfá dearg-éitheach, a bhuachaill. Gan amhras, tá oideasaí áirighthe chimeádann an corp gan dreoghadh, cuir i gcás corp Dhomhnaill Uí
Chonaill (beannacht na ngrást le n'anam, acht ní hamhlaidh ag corp Thoirdhealbhaigh bhoicht é (go ndeinidh Dia trócaire air). D. — 'Seadh, go ndeinidh Dia trócaire ar a chorp! Ná déarfá beannacht Dé le n'anam agus do thuigfinn tu? Ní déarfá, acht cama-bhóithríní 'gat ag paidreoireacht fé mar a bhíodh ag Bhailís ag léigheadh a leabhair úrnuighthe. S. — Cad iad na cama-bhóithre iad so thugadh Bhailís air ag léigheadh a chuid úrnuighthe? D. — Do bhí, nuair a thosnuightí ar an Aifreann do chaitheadh Bhailís é féin ar a ghlúine i lár a' tséipéil is d'oscaluigheadh a leabhar is le méid na geoine bhíodh aige n' fhéadfadh aon'ne i ngearracht seacht slata dho Paidir na Cré a rádh. S. — Caithimís uainn an casadh 's a' bearradh so is téighimís fé dhéin na sochraide fé mar a dhéanfadh Críos- taidhthe maithe. D. — Téanam ort i n-ainm Dé. S. — Ó, Dia lem anam! Dá fhaid dam im beathaidh n'fheaca a leithéid de shuathadh fachta ag polaí 's ag sreanga. Tá sé cúntabharthach do dhuine ná do bheithidheach a bheith amuich leithéid a' lae indiu. Tá'n tsochraid ag déanamh orainn 's is ádhbharach mar atá; adhbhar ní gádh dhúinn breis coisidheachta 'dhéanamh as so go dtí an roilig. Ó, 'riú, 'Dhonnchadh! Féach ceann de-s na capaill sínte! Dar Fiadh, tá sé sínte marbh! N'fheadar 'on tsaoghal cad imthigh air cómh tapaidh. D. — 'Neosfad-sa san duit. Ceann de shreanga na teinntrighe do thuitim anuas ar dhrom an chapaill is é 'mharbhadh ar a' láthair. Is cuma é nuair nár caitheadh an chómhra amach ar a' mbóthar agus nár marbhuigheadh an giolla cómh maith. S. — Abair gur thuit an tsreang ar dhrom an chapaill féin, nách uathbhásach mar marbhuigheadh gan aon ré haitrighe é?
D. — Nach baoth a' duine thu? Ná fuil 'fhios agat go bhfuil crúba ar a' gcapall is nuair a théigheann saighead na teinntrighe tríd ní féidir leis é 'fhágaint .i. cimeádann na crúba é is dá bhárr san ní'l dol as aige gan é 'mharbhadh. Badh mhaith cothuighthe an capall é siúd, is dá mbeadh sé i dtíorthaibh eile do bhainfidhe súghlach as a chnámha 'gus méithras as a chorp. Fé mar atá fé láthair is amhlaidh thionnlacófar fé dhéin na trágha é 's é 'chaitheamh le hais splínnce éigin nó taobh le cnocán grinn chun éisc sliogánaigh a chothughadh. S. — A' dtuigim uait go n-ithtear i dtíorthaibh eile na capallaibh? B'fhéidir gur dearmhad atá 'gam 'á dhéanamh nó gur thógas bun os cionn an scéal. Gan amhras badh mhaith an béile dhéanfadh sé do chonthairt; acht, má taoi 'd'iarraidh a chur ag luighe lom orm go n-úsáidfeadh aon Chríostaidhe é chun a chuirp féin a shásamh, caith uait a' scéal. Agus, dar go deimhin, ní mí-dheá'rataighe an duine 'á húsáid ná éisceanna, rogha 'ca béalaibh nó sliogánaibh a bheith ortha. D. — Nuair a leogann tú réim féd theangain ní fuiriste tu 'chosg. Acht cuirfidh an fhírinne béal dhaoine is deagh-labhartha ná tusa 'na gcomhnuidhe. Tá cuid d'fhearaibh oibre Shasana t'réis turuis a thabhairt 'sa Ghearmáin le déidheanaighe innisid do chách go bhfuil feoil na gcapall dá húsáid go fórleitheadamhail ann — ní hag madraíbh, bíodh 'fhios agat, acht ag daoine. Tá sí dhá húsáid 'sa bhFrainnc agus istigh 'n-ár dtír féin acht sinn a bheith cómh maol is ná fuil 'fhios againn. Níor cheart dam a rádh go bhfuilimíd go léir neamheolgaiseach ar a leithéid seo 'bheith amhlaidh. Tá lucht na Gaedhilge ag teagasc na tíre nó muintir' na tíre agus má dheinid siad a gcomhairle is ró-shuarach a gheobhaidh an coigcríochach dá gcuid tuilleata ar fheoil chapall ná bhulán. Lochtuigh- eann tú mise i dtaobh a bheith áithféiseamhail, mar 'dh eadh,
agus taoi féin t'réis a rádh ná híosfadh aon tsaghas éisc feoil chapaill. Ní gádh dham dol thar an eascoin. D'íosfadh an eascú 'dir chapall is shiorrach iad, 'dir bhoin is ghamhain agus tú féin 'na bhfochair (Dia 'dir sinn is an t-olc) dá bhfaghadh sí an éalag ort, rud gura' fada go bhfaghaidh. S. — Is áluinn iad do ghuidhthe, go raibh maith agat. Táimíd ag geata na roilige 'nois is stadaimís den aighneas go fóil. Tá sé ráidhte ná faghaidh aon'ne aon loghadh ná déarfaidh a chuid úrnuighthe sa roilig le hanam an mhairbh is ná brisimís-na an dlighe. Tá sé coisgithe mar a' gcéadna seile do chaitheamh amach ar aon uaigh. D. — Is olc a' sás mise chun paidreoireachta, acht go bhféadfainn Paidir, Cré 'gus Ábhé-Máire do rádh, do bheo nó do mharbh — is sin a bhfuil ann, is i bpáirt na seilí níor ghádhtar d'aon'ne gan mhuthar gan ghalar iad do chaitheamh amach acht gan a bheith ag dúdáil tobac fhaid a bheadh sé 'sa roilig. S. — Téanam ort anois i n-ainm Dé is, ó tá'n uain fé dhúinn, bórduighmís ceann des na carbadaíbh teinntrighe le hais an chúinne seo thall. D. — Bíodh sé amhlaidh. Is dócha ná deineann sé aon deifir ceoca ceann bárr-oscailte nó ceann clúduighthe thabharfaidh iomchar dúinn. Caithfimíd díol as gach ceann aca. S. — Go raibh maith agad bharamhail, a Dhonnchadh! Ná fuileann tú t'réis a rádh “nár ghádhtar d'aon'ne gan easláinte seilí do chaitheamh amach, mara mbeadh buirithí tobac a bheith aca 'á scaoileadh le gaoith.” Mara bhfuil dúil i dtobac agat-sa tá dúil na n-ae 'gam-sa ann, is go deimhin, ó's rogha dhúinn aon cheann is maith linn a thógáil, tógfaimíd an ceann bárr-oscailte. D. — Bíodh sé 'na mhargadh, a mhic-Ó. Brostuigh ort anois, a Sheáin. Badh chóir dhuit 'fhios a bheith agat ná
fanfadh cuid de-s na bioránaigh ghiollaí seo led mhithidí. Dhá thicéad annso, led thoil. Sidé an díol, is go raibh maith agat de bhárr do chúirtéise — clic is chun siubhail. S. — Do ghortuigheas cnámh mo lurgan ag teacht aníos an staighre; acht ón uair nár imthigh aon ní ba mheasa orm, ní ceart dam gearán. D. — Ná gearán; ní'l milleán le cur agat ar aon'ne acht ar do chuid aimilidheachta féin. Badh dhóil le haon'ne chíodhfadh ag drapadóireacht an staighre thu gur dhá chois adhmaid a bhí agat, sain nó go rabhais i dteideal “Tárlabh na Seann” 'fhagháil ón gcéad lá fuair éinne i nÉirinn é. Is dócha gur'b é an suathadh thug a' ghaoth ar maidin duit a laguigh do mheanmnaigheacht. Dar ndóigh, cad ab' áil liom ag caint? Taoi ag déanamh suas ar na trí fichid is beir ag fás síos gach lá feasta ar nós earball na bó. S. — Ní chuireann an t-éitheach clog ar do theangain, agus dá gcuireadh badh mhaith a' scéal é. Cé dubhairt leat-sa go rabhas ag déanamh suas ar na trí fichid? Is fada buidhe uaim é, agus dá mbeinn ar a' leabhar ar an neomat so dhearbhóghainn go bhfuileann tú féin i ngearr- acht bliadhna nó beagán suarach os a chionn dom aois. D. — Ní chuireann an scaothaireacht tart ort-sa, is dá gcuireadh badh mhaith a' scéal é. Nách um Lughnasa rugadh thusa — d'réir do theistiméireachta féin — sa bhliadhain ocht céad déag seacht déag is daichead, is fágann san i ngearracht seacht mbliadhna do-s na trí fichid tu. Anois cá bhfuil an t-éitheach? “Is dóil le fear na buile gur'b é féin fear na céille,” 's is dóil leat-sa má taoi féin 'dir chromadh is liathadh gur cheart don tsaoghal eile 'bheith ar an aiste gcéadna. Fiannaidheacht, a mhic-Ó! Glac i bpáirt mhaitheasa t'aos is ná bí 'á chur ag luighe lom orm- sa ná ar aon'ne eile cómh maith gur fear óg éadtrom an taice seo 'd shaoghal tu.
S. — Dá dtugainn gearr-aighneas duit do chimeádfá gan gal tobac go hoidhche me. Ní beag dam mo lurga ag cur orm is gan tusa 'bheith ag méadughadh ar mo phianta. T'r'om (.i. tabhair dham) lasán is caith uait an magadh. Sláinte chugat is cabhair is dealbh go deo ná rabhair. 'Seadh anois, cé déarfadh ná fuil subháilceas i ngal tobac? Má déarfadh, déarfadh sé bréag. D. — Éist liom-sa go fóil — S. — Ní hag teacht rómhat air sin é, éist go fóil go gcríochnuighead-sa mo scéal. D. — Lean ort, má's áil leat é, a scligeálaidhe. S. — Go raibh maith agat bharamhail! Acht chun leanmhaint ar mo scéal, cuireann an fhoidhne dheineas ar a' bpíb a dheargadh ar gcuimhne dham gabha bhí 'na chomhnuidhe i gConntae Chorcaighe: Do rith sé gearr i dtobac is dubhairt sé le fear a bhí ag feitheamh le beagán árduighthe f'reach mar a raibh aige nó go dtéigheadh sé go tigh gaimbíne bhí 'sa chomhursanacht a d'iarraidh blúire tobac. D'fhan a' fear mar a raibh aige is d'imthigh a' gabha ag soláthar a' tobac. Isteach leis is dubhairt le pé duine bhí 'stigh caisnín tobac a shíneadh 'mach chuige. Dubhairt an cimeádaidhe tighe leis ná raibh scraiteal fé iadhadh an tighe is as leis go tigh eile ná raibh ró-fhad' ó bhaile. Do tháinig gal-mhian air nuair a heitigheadh 'san gcéad tigh é is nuair a shroich sé an tarna tigh do bhí runnaí leis. Isteach leis go hiomshaotharamhail 's is ar éigin a bhí sé thar táirsigh nuair adubhairt sé go haithrinneach tobac a thabhairt do. Do fuair sé an freagra céadna annso do fuair sé sa chéad tigh. Badh cheart dam a rádh gur fhág sé an cheárdcha ceann- lomnochta, mar ní raibh an chéad tigh i bhfad uaidh, acht chun scéal gairid a dhéanamh de do lean sé air ó thigh go tigh gan an tobac 'fhagháil nó gur shroich sé cathair Chorcaighe. Isteach leis go tigh an chéad tobacadóra do casadh 'na
shlighe is scéan buile 'na radharc, a ghruaig 'na táithibh anonn 's anall is allus go flúirseach le n-a ghruadhnaibh. Do ráinig saighdiúir istigh roimis is d'fhiafhruigh sé dhe ar mhisde dho a chás 'ínnsint do. Dubhairt an gabha go raibh scéal ait aige le n'ínnsint is d'innis do fé mar inniseas-sa duit-se. Ar an am gcéadna do bhí an siopadóir ag gearradh an tobac is dubhairt leis a' ngabha, dá mhéid an coinnithe bhí air chuige, go gcuirfeadh sé púnt tobac i gcoinne 'fhiacha ná hólfadh sé lán na pípe dhe. Do chuirfeadh a' gabha an cheárdcha leis go ndéanfadh is do líon píop nuadh suas go barra is d'adhain í. Pé faill a fuair a' saighdiúir ar fhear a' tsiopa, do chogair chuige an gabha is dubhairt leis í 'dheargadh go breágh bog is cúpla pluc maith a bhaint aisti is í thógaint as a bhéal is a bheith ag comhchaint leis féin is leanamhaint di ar an nós san, 'á plucuigheal is 'á baint as a bhéal nó go dtarraigeadh an luaith aisti. “Nuair a bheidh san déanta 'gat,” ars' eisean, “buail ar chroidhe do dheárnann í is súigh suas id shróin an luaith, is beidh an geall buaidhte 'gat.” Do dhein an gabha mar ar chomhairligh an saighdiúir do: do bhuail ar a bhais an luaith is do shúigh suas 'na chuinncín í is le n-a linn sin do chuir cúpla sraoth áluinn as. “Donas duais ar t'oide múinte,” arsa fear a' tsiopa. “Níor casadh duine fós riamh orm a bhuail amach me acht tu. Is,” ars' eisean, “mara mbeadh an teagasc a fuairis-se, ní gheobhadh do leithéid de thuamánach an ceann ab' fheárr orm.” “Bog a' t-aighneas,” ars' an gabha, “is caith amach streannda den tobac san chugham.” Do gheárr sé an púnt tobac is do thug go tormaisteamhail do é is chun bóthair go troigh-éascaidh leis a' ngabha. D. — Beannacht Dé le hanmann scéil gan daith. Acht peoca fíor nó áithféiseach é níor ghádhtar duit-se ná don ghabha cúram a' tobac a tharrac oraibh mara mbeadh go
rabhabhair araon 'nbhur ndailtíníbh. Dá gcuireadh aithreacha 'gus máithreacha na ndaoine smacht ortha i dtosach a saoghail níor ghádhtar dá lán aca 'bheith fé ghlasaibh agus fé bholltaíbh. Inneosfad-sa dhuit-se, fé mar innisis-se dómh-sa, scéal dochraideach a bhain do gharsún áirithe. Do thug sé a bhaile spíonóg ghleoite chun a mháthar, is níor bh'ise an bhean ar an am sain chun é 'chruaidh-cheistiughadh, is nuair nár dhein do ghlac sé bog an scéal. Badh gheárr 'na dhiaidh san gur thug sé sluid ní ba luachmhaire leis is do scaoil an mháthair laistiar síos di é mar a dhein leis a' spíonóig. Do chuaidh sé ní ba dhoimhne is ní ba throime 'sa scéal nó gur beireadh 'sa bhfoghail air i ndeire na dála. Do daoradh 'na chortha é is d'iarr sé d'athchuinghe ar cheannaibh na dlighe fios a chur ar a mháthair do i dtreo 's go bhféadfadh sé beagán focal a rádh léi sar a scaraidís go deo le chéile. Do haontuigheadh le n'athchuinghe is tháinig an mháthair bhocht is í n-annrachtaibh. “Ó, 'riú 'mháthair na gcarad,” ars' eisean, “druid liom a leith is sáthuigh do theanga 'steach im béal; ní sháiseoghadh aon ní badh lugha me 's a' cion thar fóir atá 'gam ort.” Do dhein an mháthair bhocht mar órduigh sé dhi, acht do bhí malairt na ceana i n-aigne an mheic. Cómh luath is bhraith sé an teanga 'na bhéal do luigh sé uirthi is chaith an barra scun scan di. “Anois,” ars' eisean, “dá mb' áil leat-sa cíoradh 'thabhairt dómh-sa an lá sholáthruigheas an spíonóg chughat i n-inead me 'ghlacadh go macnaiseamhail, níor ghádhtar dam a bheith 'sa treo 'na bhfuilim.” Níor ghádh dhuit-se cúram a' tobac a tharrac ort leis mara mbeadh nár smachtuigheadh it óige thu. Is dócha go ndéarfair go raibh sé saor ar an am 'n-ar tharraigis de chéird chughat é, acht, mara mbeadh sé acht piginn a' cromadh, fé mar a bhí 'sa tseana-shaoghal, do bheadh sé ró-dhaor. Cad é an mhaith é? Ní'l sé riachtanach chun cothuighthe chuirp ná anaim? Ní'l sé riachtanach 'dir ló ná dh'oidhche?
Féach ar an achrann atá fé láthair mar gheall ar an árdughadh 'tá curtha air féin 's ar uisce beatha. Do cheap Llaoid-Sheoirse ná cuirfeadh an cháin seo puinn teannais 'na mhealbhóig nó do leog sé air go háirithe. Acht féach c'onnus mar atá an scéal. Deir daoine deagh-thabhartha suas go bhfuil dhá mhilleon de bhreis curtha ar Éire. Admhuighim go ndeir a thuille 'ca gur áithféis é seo, is ná sroisfidh an bhreis ceathramhadh cuid a ndeir lucht na háithféise. S. — (T'réis tiúrlacan dóibh) A' bhfeacaidhis an bheirt iúd do bhí 'na suidhe as ár gcoinne 'nonn? D. — Do thugas fé ndear iad ag cur cruite 's gothaidhe ortha féin. Is áirithe gur cuid de sheoiníní an Bhéarla iad. S. — Do chuireas an cheist chughat féachaint a' rabhais cómh géar-chúiseach is a leogann tú ort é, is chím go bhfuileann tú. Nach ait na daoine 'tá sa tír seo? Daoine lán de ghrádh 'gus de ghean do nósaibh a dtíre; daoine ghoilfeadh le gol is do gháirfeadh le gáire Chaitlín Ní hUallacháin; daoine eile boigéiseach ar a ceasnuighthe agus daoine eile fós nách lugha ortha an fhéith fhann ná éinne mholfadh a teanga, do mhaoidhfeadh a tréithe ná do chuirfeadh suim 'na hársacht. Do chualaidhis cad a dhein an leathóg nuair a ghaibh Naomh Pádraig thar an abhainn? D. — Níor chuala, mhuise. Cad a dhein sí? S. — Lá dá raibh Naomh Pádraig ag gabháil thar abhainn áirithe do ráinig le leathóig a bheith ag pileáil san uisce is cómh luath is chuaidh sé ar a' bport anonn do chuir an leathóg cor 'na béal is dubhairt “Siúd é sall Pádraig!” “Go bhfanaidh do bhéal mar atá sé!” arsa Pádraig is d'fhan ó shoin. Mara mbeadh ná fuilim-se tugtha d'eascainidhe do ghuidhfinn dóibh siúd ó chianaibh an dreach a bhí ortha d'fhan- amhaint ortha.
D. — Do ghuidhfeá! Dia linn, is mór a' mhuinighin atá 'gat asat féin! Aithnighim má fuair Naomh Pádraig a ghuidhe don leathóig nár mhór duit-se do ghuidhe 'fhagháil do-s na seoiníní. Do dheineadh Naomh Pádraig míorbhailtí is má dheineadh tá atharrughadh tagaithe ar a' saoghal ó n-a ré sain go dtí so. Ní'l míorbhailtí dá ndéanamh anois — follusach go háirithe — is dá mbeidís féin do bheadh do bhaitheas-sa cómh geal le sneachta Charráin Tuathail, rogha 'ge gruaig a bheith air nó dhe, sar a bhfaghthá guidhe dhuit féin ná d'aon'ne eile, bídís ceannsa nó mailíseach. S. — Mara mbeadh go bhfuil deabhadh a bhaile chun mo dhínnéir orm do thabharfainn freagra géar gonta ort go mb'fhéidir ná raghadh síos ró-mhaith leat. D. — Ní gádh dhuit dol a bhaile. Gabhaimís isteach go Proinnteach na nGlasaraí mar nuadhacht agus geobhaimíd ár sáith ann cómh maith le n-a mhalairt. S. — Fé mar adubhairt an siota le n-a mháthair: “Mara bhfuil isna flaithis acht aingil is ceolta, C'onnus a gheobhadh bolg bocht folamh aon spórt ann?” Má's gabáiste, cairéadaí, meacain, prátaí is mísleáin is mar sin dóibh atá le n'ithe 'gam-sa, éirighim dó' lom asta. Tugaidís a gcuid glasaraí do mhadraíbh is do mhucaibh na cathrach nó d'amadánaibh na cathrach, má's áil leó é, acht 'on deamhan piginn ruadh dhíolfad-sa leo asta. Dá mb' í Aoine an Chéasta nó Céadaoin a' Luaithrigh í déarfainn rud éigin leis a' scéal, acht ní hiad, is ní'l trosgadh ná tréidheanas ann, nó ar a' lá 'ndiu, badh cheart dam a rádh. Lá maith chughat. D. — Go n-éirighidh do bhóthar leat, a Sheáin. Tá aithreachas orm nár dheaghais im fhochair. Ná dearmhad glaodhach i mbáireach fém dhéin, ag teangmháil ar a chéile 'dir meádhon lae 's tráthnóna.
AN TARNA LÁ. Donnchadh. — Cad é do mheas ar chomhrádh an lae 'ndé? Seán. — Tá meas mí-chéadfach agam orm féin i dtaobh ruith do bhéil a scaoileadh leat. Badh dhóil le duine ort gur bh'iad lucht caithte an tobac is lucht ólta na biotáille bhí ag séadadh chiste Llaoid-Sheoirse. “Is sleamhain iad leacacha na ndaoine móra,” deirtear. Is sleamhain na lánaí 's na leirgí talmhan atá 'ca leis. Ná fuil cáin 'á chur ortha so? Ná fuil cáin le cur ar an udhacht a dhéanfaid siad? Tá, 'gus ar urradh 'gus ar bhanna cómh maith. Ní le dailtínteacht a thosnuigheas-sa ar thobac a chaitheamh, acht me bheith bog méith ionnam féin is le hórdughadh an dochtúra do chromas ar ghal a bhaint as a' bpíp. “As an obair fhachtar an fhoghluim,” adeirtear, 's is ón mbeagán a thánagh-sa 'steach ar an gceathramhadh phúint do chaitheamh 'sa tseachtmhain. D. — Ar bhraithis aon mhaitheas aige 'á dhéanamh duit? S. — Ná dubhart leat gur do dhaoine ramhra méithe tá sé órduighthe; is ó táim cómh slím leat-sa 'nois, ní fuláir nó dhein sé maitheas dam. Mara ndeineadh sé aon mhaith go deo dham, ní eiteoghainn píop ag sochraid ná ag tórramh. Tá tobac ceapuighthe ar thórraimhí a d'fhonn is go nguidhfeadh daoine le hanam an mhairbh imthigh ar shlighe na fírinne. Bíonn tórraimhí príobháideacha ann; glasaibh ar na dóirse 'gus comhlainí nó cláracha ar fhuinneogaibh. Ní bhíonn tobac ná snaois ortha so; ní bhíonn gol ná mairg 'na ndiaidh acht 'oiread is bheadh i ndiaidh an bheithidhigh aingciallta. Sidiad na daoine móra, slán mo chomhartha! — daoine Gaedhealacha do chaill nósaibh agus tréithibh uaisle a sean agus a sinnsearaibh a d'fhonn aithris a dhéanamh ar a' sumaltach Seán Buidhe. D. — Ní thuigim cad é 'n gnó 'tá ag daoine ag tabhairt tobac ná snaoise uatha ag tórramh ná ag sochraid, ní
lugha ná thuigim cad ba bhun leis an chéad lá riamh a ceapadh é. S. — Cion do dhearmaid agat. Ní mar sin dómh-sa, tá 'fhios agam cad ba bhun leis. Baintreabhach bhocht dhealbh gur tháinig fiabhras butach (slán mar a n-ínnstear é) ar a' t-aon mhac a bhí aici is dob' éigean di é 'chónnlach i mbotháinín shuarach istigh i bportach, mar aicíd thógálach iseadh an fiabhras so is do bheadh sé contabharthach indiu ná an lá san imeasc bhaile daoine. B'é críoch a' scéil gur cailleadh an mac ar a' mnaoi mboicht is go raibh sí go brónach aonarach ag faire na hoidhche air nuair a síneadh an ghéag isteach thar dorus is go ndubhairt an guth gur “bh'shin é luibh an uaignis.” Ar an am gcéadna do leogadh pláta tobac is píop in' fhochair ar a' mbórd. Do dhearg sí an phíop is do scaip a cuideachtanas mórán de n-a brón is de n-a haonaránacht. D. — Tá sé ráidhte gurab é an fiabhras “fuath na bhfíor-charad” 's is fíor é. Mo ghraidhin an bhaintreabhach bhocht, do fuair sí bog-scamhradh — má's fíor tusa. “Is mór ar a gcuimhnigheann an té bhíonn díomhaoin,” adeirtear, is go deimhin féin, nuair a leagann tusa cead raide led theangain, ní'l aon choinneamh le n-a gcuimhnigheann tú air. Deirthear go gcuimhnigheann daoine meisce ar a' rud ná raibh riamh amhlaidh, acht ní gádh dhuit-se meisce ná míchiall a bheith ort chun deimhne 'dhéanamh den scéal “adubhairt bean liom go ndubhairt bean léi.” Tá sé ag déanamh ar am dínnéir is raghaimíd go tigh ithteacháin ná beidh práta ná meaca ann, má's áil leat dol ann. S. — A d'fhonn is tu 'shásamh, téanam ort. D. — A d'fhonn is mise 'shásamh! Aithnighim ná fuil aon easba ná amhngar ort-sa a d'fhonn mise 'shásamh! Badh cheart duais a thabhairt duit i dtaobh an smaoinimh sin! Acht tá slighe eile chun a dhéanta. Díolfad féin as a' bproinn. (Ag bualadh isteach 's ag suidhe) Proinn do bheirt annso, a fhreastalaidhe?
An Freastalaidhe. — Cad is meon libh 'fhagháil, a dhaoine uaisle? D. — Ainbhruith girrfhiadh, coinín, cúpla naoscach, feadóg sléibhe, stiall de chábún Franncach, stráice de lubhán, sciobalach de laogh biadhta, téi 'gus 'rán mine coirce. An Freastalaidhe (ag tochas a chinn). — Is fada dham ag freastal ar dhaoine, acht a leithéid de mhíniughadh chun dínnéir níor chuala riamh! Soup, feadóg sléibhe, a whistling slough! S. — Tá sé curtha 'sac agat cómh mór is cuireadh riamh é. Féach a' ghrainc chráidhte 'tá air. Is dócha ná tuigeann sé leath ar ainmnighis do! An Freastalaidhe — Seo dhíbh iad is go ndeinid siad maitheas díbh, is ní hé mheasas a rádh libh. Seo 'rán bán; ní'l min choirce le fagháil. D. — Go ra' maith agat, a fhreastalaidhe. Go deimhin, tá sé ceadaighthe d'aon'ne a rogha biadh 'órdughadh, 'sé sin, má tá a phóca fé dho. S. — Tá, acht do dhallais le hainmneacha nár chualaidh sé riamh é. Go fírinneach, n'fhéadfainn-se iad d'athnasc. D. — Ní'lim-se 'á iarraidh ort. Ith do mheón is scaoil tharat iad. Mara mbeadh aithreacha 'gus máithreacha na ndaoine, níor ghádhtar dóibh gan fios maith a bheith aca ortha féin is ar ainmneacha 'tá imthighthe amugha uatha. Tá na céadta daoine i nÉirinn indiu ná raibh ailm ná beith ag á muintir. Cad a labhair na daoine sin? Do labhradar Gaedhlainn bhlasta, 'mhic-Ó. Tá mórán den teangain ag á gcloinn acht go bhfuil sé suidhte áitighthe ortha gur mí-chreideamhaint dóibh í 'labhairt. “Gach ailte mar oiltear,” adeirtear, “is an lacha ar an uisce.” Do hoileadh mí-nádúrtha iad so is tá a rian go daingean ortha. S. — Is deagh-bhlasta an téi é sin; is dócha gur ó chrích na Séineach a tháinig sé, cé go bhfaighfidhe i dtíorthaibh eile
adhbhar braoin mhaith. Badh ghéar-chúiseach an buachaill é Lí-Húng-Tseaing an lá 'chuaidh sé 'mach air dúil a bheith ag teacht ag an gcoitchionntacht ann. Is fada rómpa fhéachann a lán. D. — Taoi ag sclige annsan fa' na haimsire is ní thuigim leath a ndeireann tú. Ce hé an sadhas beithidhigh nó duine Lí-Húng-Tseaing nó cad a bhí 'ge le déanamh le téi? S. — Hú! sin a bhfuil dá chúntas agat d'réir deallraimh. Duine thar dhaoine le géarchúis ab' eadh é, a Dhonnchadh. Do bhí sé in' óige ar a' dtaobh istigh de chúntúirt 'na chléireach is, nuair a thug sé fé ndeara go raibh órduighthe an téi ag méadughadh ó ló go ló is ós gach áird den chruinne, do ghléas sé suas siopa beag ar a shon féin. Níor mhó ná socair ann é nuair a mhéaduigh na hórduighthe is nuair a hárduigheadh a fhiacha cómh maith. Ba gheárr go bhfuair sé toirt 'na phóca chun feirmeach a cheannach is ba gheárr eile gur cheannuigh sé long chun na hearra do bhreith thar lear. Fé cheann beagáin aimsire do bhí cabhlach loingeas agus leirgí talmhan 'na sheilbh. “Duine gan stór,” adeirtear, “a ghlór ní mheastar i gcéill,” is nuair a bhí an stór aige-sean do tháinig meas ar a ghlór is urraim dá chéill i dtreo gur toghadh 'na phríomh-chomhairleach ar impireacht na Séine é. Acht do bhí bainimpire i seilbh na coróineach ar an am gcéadna, is, peoca bhí ag dol dá meabhair nó ná raibh, do mheas sí gur bh'fheárr de chomhairleach do féin ná don tír é is níor thúisce sin ná an claidheamh díoghaltais bainte as a láimh is é curtha i bhfeidhil a ghnótha. Acht ba chuma dho, ní raibh beann ar rígh ná ar bhainríoghain aige, mar d'fhág sé naoi milleoin fhichead in' údhacht lá a bháis. D. — Tuigim. D'fhág sé cruacha airgid 'na dhiaidh, airgead a fuair sé le húghas agus le hallus fola 'bhaint as na sclábhaidhthe bochta. Tá a lán dá shaghas ar a' saoghal, cuirpthigh ná fuil meas ar Dhia ná ar dhuine 'ca, is má
thugaid beagán dá dteacht isteach dos na bochtaibh badh dhóil leat ar lucht páipéar gurab iad aithreacha na cine daonna iad. S. — Admhuighim go bhfuil an ceart agat i dtaobh lucht na bpáipéar. Ní'l páipéar i nÉirinn ná fuil dream áirithe 'á leanmhaint nó ag cuidiughadh leis. Ní fhaghaim locht ortha 'na thaobh san, acht 'sé an áit fhaghaim an locht ortha, cómh luath i nÉirinn is fhaghann an mhuintir gur leo é iad féin neartuighthe iompuighid ar a rogha slighe is ní thugaid toradh an truim ar an muintir a chuidigh is a chabhruigh leo 'na mbochtaineacht. Ní gádh dham aon cheann aca 'ainmniughadh, táid siad fórleitheadamhail. D. — Seo do dhíol duit, a fhreastalaidhe is, a — An Freastalaidhe. — Go ra' maith agat, a dhuine chóir. Go deimhin, is truagh ná castar do leithéid go minic orm, cé ná tuigim puinn den aighneas atá ar siubhal agat. D. — Ná bac an t-aighneas. Dá mbadh fhear géarchúiseach thu d'fhéadfá aithneamhaint ar mo cheannaighthe cadé 'n t-aighneas nó an teanga do labhraim. S. — Níor mhór do fios a bheith aige chun a dhéanamh amach cad í an teanga is dual duit a labhairt. D. — Éist do bhéal, a thuata. Dar ndóigh, ní dubhart- sa go n-aithneoghadh sé cad í an teanga badh dhual dam a labhairt. Dubhart, agus deirim arís, go n-aithneoghadh fear nó bean ghéar gurab í teanga na Gaedhilge is gnáthaighe liom a labhairt. S. — C'onnus, airiú? An ga x a bheith 'na phóca is a bheith de shíor ag féachaint tríd (fé mar atá réigheadóirí ag faire ar réilthín an earbaill fé láthair) a d'iarraidh a dhéanamh amach cad í an teanga is dual nó is gnáthach leat a labhairt! Níor chuala a leithéid d'aighneas riamh. D. — Dob' olc é do ghnó 'sna Cúnstáblaidhthe. Tá línidheacha i n-aghaidh gach n-aoin a labhrann Gaedhlainn ná fuil i n-aghaidh nó i gceannaighthibh na ndaoine ná labhrann
acht Béarla. 'Sé is bun leis sin, a d'fhonn is an Ghaedhlainn a labhairt 'na ceart caithfir do charbal a scríobadh ar uairibh; caithfir barr do theangan a bhrúghadh i gcoinne an tséanais i dtosach do bhéil ar uairibh eile; is arís, pus a chur ort féin mar a chuirfeadh uan a bheadh ag cnámhthairt. Tanuigheann so na pluic agus caoluigheann an smeigín i dtreo go dtagann línidheacha timcheall logalaibh na súl ná beidh go deo le tabhairt fé ndeara ar aighthibh fhuireach leanamhna Sheáin Bhuidhe. S. — Do thagras ó chiainibh do réilthín an earbaill. Badh mhaith ab' fhiú dhúinn tamall a chaitheamh ag smaoineamh ar a mhór-shiubhal. D. — Tá na réilthíní sin agus neithibh dá saghas ar a' dtaobh amuich dem thuiscint-se go léir. C'onnus is féidir le haon'ne 'mheas go raibh an ceann a tháinig i mí Eanáire naoi milleoin de mhíltibh ar faid, a ghluaiseacht tríd a' gcruinne milleon míle 'san uair a' chluig, is cheithre milleoin slighe 'dir é féin 's a' ghrian? Tá cúntas i nAnnálaibh Uladh (d'réir Thomáis Uí Nualláin) agus i leabharthaibh nách é, ná feacathas riamh ceann aca acht le droch-thuar éigin .i. crith ríoghachta nó bás áirdríogh. Ní'l rí — árd ná íseal — againne, fóríor! le cailleamhaint, acht tá tír againn is go deimhin féin ní'l lá ó fuarthas aithne uirthi ná fuil eascáirdeas 'dir a clainn is uisce fé thalamh aca 'á dhéanamh ar a chéile. Ní hé sin an áit go bhfuil donas a' scéil acht nuair a labhrann gach aicme 'ca gur dhóil leat ortha go silfidís an braon deireanach fola 'tá ionnta a d'fhonn í 'shaoradh ó bhruid. S. — Mar adubhairt Eoghan Ruadh leis a' sagart gur “duine bocht le Dia ab' eadh é.” Is dóil le lucht cáinte a chéile i nÉirinn gur daoine iad atá ceapaithe ag Dia (moladh go deo leis!) chun ré shonasmhar a thabhairt chun a dtíre, 'sé sin, má's dáríribh a bhíd siad 'á rádh.
D. — Ní headh ná dáríribh ná cuid de dháríribh. Is dóichighe 'bhfad gurab amhlaidh a bhíonn a dteanga 'na leath-phluc aca 'á rádh. C'onnus badh dhóil leat go mbeadh an fhírinne ag an té 'dubhairt fiche bliadhan ó shoin “go mbeadh déanamh ár ndlighthe féin againn cómh deimhnightheach is a bhí grian ar aer” roimh dheire na bliadhna? S. — Déarfainn ná raibh aon tsúil aige le n-a leithéid a thuitim amach. Déarfad ar an aiste gcéadna sar ar thosnuigh lucht na Gaedhlainne ar a bheith ag teagasc na ndaoine go gcreideadh furmhór Chlainne Fódla gur bh'í an fhírinne ghlan a bhíodh dá hinnsint aca. “Sinn féin amháin” an port is so-thuisceanta fén dtaice seo. D. — Is fuiriste é sin mar phort a thuiscint, acht is deocair déanamh dá dhréir. Abair go dtuigimíd-na go maith cad is bun leis, tá daoine eile 's is amhlaidh gháirfidís fút i dtaobh aon chluasa 'thabhairt do. Buail isteach i siopa is loirg ó dhíon go húrlár é, cad a gheobhair ann, an dóil leat? Gheobhair earraidhe iasachta, 'mhic-Ó. Fiafruigh d'fhear a tighe cad a bhaineann “linn féin.” Freagróghaidh sé gur cuma leis; go mairfidh sé 'nois mar a mhair sé riamh. Abair leis ná réidhtigheann san do cheist; go bhfuil daoine de gach creideamh is de gach cineál ag cur go dlúth le chéile chun a dtír 'fheabhasughadh; go bhfuil sí taosgaithe 'mach nach mór ó dhaoine, is é sin de bhárr gan eisean agus daoine dá shaghas a dhíol na n-earraidhe dheintear 'na dtír féin. Má labhrann tú i mBéarla leis tabharfaidh sé saghas éisteachta dhuit, acht mo thruagh mhór thu má labhrann tú i dteanga na tíre leis. Tá'n fhaill fachta 'ge ort; do dheinis peacadh marbhthach, is baileoghaidh Conall is Eoghan fé dhéin a' dorais is clab go cluasa ortha ag gáiridhe ag éisteacht leis a' gcóiriughadh thabharfaidh sé don Ghaedhilgeoir bhocht. S. — Níor mhóide go mb' fhéidir go labharfadh an Gaedhilgeoir ana-chneasta le fear a' tsiopa! Nó
b'fhéidir gurab amhlaidh chualaidh fear a' tsiopa ag labhairt Bhéarla le daoinibh eile é, is annsan iompáil ar a' nGaedhlainn chuige féin! Is minic a chuireann so searbhas ag daoine nach iad ar na Gaedhilgeoirí, mór- mhór Gaedhilgeoirí gurab é a ngnó a bheith ag taisteal na tíre. Abair go bhfuil foth-dhuine de shaghas an fhir atá ainmnighthe 'gat-sa, ní'lid siad go léir cómh dána san. Tá aithne 'gam-sa 'gus agat-sa ar fhearaibh a chuireann mórán duaidh ortha féin chun earraidhe na hÉireann a dhíol. Crochaid siad an t-éadach ar a' dtaobh amuich den doras, is má bhíonn aon mhion-rudaí ar a' dtaobh istigh a theastuigheann ó lucht a gceannaighthe is oll é chun a dtis'eánta is chun a ndíolta, má's féidir. D. — Buailimís amach ar a' sráid, a Sheáin. Táimíd níos theasbamhla 'nois ná bhí an “Gárlach Coileánach” t'réis a choda 'chaitheamh. S. — Is diabhail a' fear do sheana-naitheanna thu. Cad é'n droich-eiligear a fuair a' Gárlach Coileánach? Dearbhthuigheann sé nách ró-mhaith é d'réir na slighe 'na dtagrann tú dho. D. — Leas-mhac ab' eadh é is ní raibh puinn toraidh ag á leas-mháthair ar a' bhfear mbocht. Do bhíodh na leas- dearbhráithreacha 'á shíor-lochtughadh le n-a máthair, is nuair iarradh sí ortha aon ní 'dhéanamh do bhagraidís air a bheith amuich. Ní bhíodh cead teithte ná tormais aige acht dol is an gnó 'dhéanamh, is sar a dtéigheadh sé 'chodladh do chrothadh an leas-mháthair gráinne mine ar leic is do shíneadh chuige í i dtreo 's gur dhóil leis gur cannta 'ráin a bhíodh 'á shíneadh chuige. Do bhí an scéal ar an aiste sin ar feadh i bhfad, an t-athair deimhnightheach ná raibh aon easba air 's an garsún bocht ag déanamh an scéil ab' fheárr de. Tráthnóna de-s na tráthnóntaí do bhris ar a' bhfoidhne 'ge is dubhairt: “Dob' fhearr liom go mbeadh mo leicín lighthe, mo chosa nighte is mé im chodladh.”
Do dubhadh is do deargadh ag an leas-mháthair, is pé bogadh fuair sé roime sin, ní bhfuair sé a bheag ná a mhór de as san amach. Acht “ní órduigheann Dia an phian i gcomhnuidhe,” is dob' é a thoil gur tógadh 'dir cheairt chroiceann sa tsíorruidheacht í. An oidhche cailleadh í dubhairt an Gárlach: “Céad moladh le Rígh na Naomh, Is gearr ó 'réir go dtí 'nocht, Is 'fhir iúd a bhíodh ag bagairt na méire, Cuir féin isteach na géanna 'nocht.” S. — Aon ghaol amháin a bhí 'ca leis an athair, 's is dócha gur bh'éigean don bhuachaill tagartha a chuid den ghnó 'dhéanamh as san amach. Tá sé ráidhte “ná feadair leath na ndaoine c'onnus a mhaireann an leath eile,” 's is fíor é. Nuair a bhíonn bolg duine teann is fuiriste leis breaghaid a thabhairt fé leithéid a' Ghárlaigh. B'fhéidir go dtuitfeadh sé 'mach go mbeadh an Gárlach — nó a leithéid — cómh maith de mhac athar is máthar leis a' té thug a' bhreaghaid, acht ní dheineann sé an gnó, bhí so 'gus tá amhlaidh, 's is baoghalach gur fada bheidh. Gan amhras, ó 'tá talamh na hÉireann 'á cheannach is Gaedhlainn dá múineadh is na scoileanna, tighthe dhá ndéanamh do sclábhaidhthe is mar sin dóibh, bainfar na fachaillíní de shúilibh na seoiníní is caithfid na bodaigh daoine bochta 'scaoileadh thórsa “gan mhagadh gan mhóid.” Fiú 'mháin tá beagán de le tabhairt fé ndeara 'gam fé láthair. Tá daoine áirithe ag feiscint tréithe ionnainn (mar is iad na Gaedhilgeoirí go bhfachtaoi an locht ortha) nár thugadar fé ndeara ionnainn riamh roime seo. Is mór a' dol ar aghaidh atá déanta ag na Gaedhilgeoirí le
beagán de bhliadhantaibh gearra. Is beag a shaoileoghadh fiche bliadhain ó shoin go mbeadh Gaedhilgeoir — agus sclábhaidhe air sin — 'na chomhairleach conntae. Ní bheadh so amhlaidh mara mbeadh guth a thabhairt do-s na sclábhaidhthe, acht do thuilleadar é, adhbhar b'iad an dream ba thír- ghráidhthighe i nÉirinn iad. Ba bheag a' mhaitheas a bheith ag lorg Gaedhlainne san Iolscoil mara mbeadh é 'bheith de chomhachta 'ge-s na Comhairleoirí seo an sreangán a dhlúith- cheangal mór-dtimcheall na spaigíní is gan cíonóg ruadh 'thabhairt asta nó gur meon leis na Gall-Éireannaigh seo í (an Ghaedhilge) chur ar chómh-rian le teangthacha eile. Ní'l amhras ná gur cráidhte an scéal don muintir a bhí i n-uachtar riamh le n-ár gcuimhne éisteacht a thabhairt 'na ndearg-aindeoin do ghlór na nGaedheal. D. — Ná bí ag stealla-mhagadh fút féin. Ar léighis aon pháipéar le déidheanaighe, nó an dalladh púicíní 'tá 'gat 'á chur ort féin? S. — Tá rud éigin eile le déanamh agam i n-éaghmais a bheith ag léigheadh pháipéar. Is 'mó rud ná bíonn sa phaidir a bhíonn is na páipéaraibh 's is 'mó rud i n-éaghmais na fírinne a bhíonn ionnta in' fhochair. D. — Ní gádh dhuit-se fírinne 'dhéanamh as éitheach. Acht go bhfóiridh Dia orainn, tá breis den fhírinne fé láthair ionnta. Do bhí suidheachán aige-s na Seanadóirí — tar laetheanta an domhain — Déardaoin Deasgabhála chun riaghlacha tharrac suas ar cheisteanna na hIolscoile, is cad a deineadh, an dóil leat? Do deineadh, a mhic-Ó, cáirde trí mbliadhan a thabhairt do cheist na Gaedhlainne. Do tháinig ruithliocáin ar mo shúile nuair a chonnac é. Do bheinn sásta — fé ghruaim — dá mbuaidhtí ar na tír- ghrádhuightheoirí. Acht cad a thuit amach? Is deocair dam é 'innsint 's is deocair duit-se é 'chreideamhaint. An Craoibhín féin a thug ceist na cáirde fé n-a gcóir. Mo mháchaill is mo chumhadh ná tráighfhidh 's is fada dhúinn
féin is don scéal so i n-aitheantas a chéile! is dearbhthach le mar adeireadh fear an óil é: “Is leannán sídhe é 'tá riamh im choinnleacht Do chuir san oidhche ar strae me, Nár leog dam cuimhneamh ar bhean ná ar chloinn Ná ar anacraidhibh an tsaoghail seo.” S. — Téanam isteach go tigh ósta, a Dhonnchadh. D. — Is áin liom is ní háin liom é. Téanam ort. S. — T'r'om dhá bhuidéal beorach, a fhir óig. Go raibh maith agat. Sidé an díol. Go deimhin féin, a Dhonnchadh — do shláinte! — do mheasas teacht isteach fad ó acht go rabhas i gcás 'dir dhá chomhairle ceoca raghainn isteach go tigh tábhairne nó ná raghainn. Acht i ndiaidh an méid atá cloiste 'gam, ní'l aon tarna huigistéar air. Is mar seo 'chuaidh a lán nách sinn 'na leithéid seo d'áit. Is mór a' leigheas ar cheasnuighthe 'gus ar ghearánta dhaoine “siúd ort is diúg ort an braon so is beimíd go léir go maith fós” a bheith aca. A Thighearna, an féidir gur beart 'fhagháil san Iolscoil do mhínigh an Craoibhín? Is deocair liom a chreideamhaint gur'b eadh. Acht 'na dhiaidh san, nuair a chuimhnighim ar phléidhe an dá bhliadhan, n'fheadar cad is maith dham a rádh. Is deocair dúinn méirleachas a chur 'na leith, 's is deocair dúinn amhrán a' bhéil dúnta 'dhéanamh de. Tá aon tsásamh amháin agam, gur féidir le comhairleachaibh na gConntaethe eiteach is diúltadh thabhairt dóibh feasta. D. — Tá. Acht níor dhóichighe rud a dhéanfadh na comhairleoirí ná éirighe béal na gclár as an scéal. Ní dóil liom go bhfuil aon chomhachta ábalta ar é 'chur d'fhiachaibh ortha cáin a chur ortha féin. Ar mhaithe leis a' nGaedhlainn is le clann na ndaoine mbocht a bhí an phiginn fén bpúnt 'á chur aca ortha féin is ar dhaoine
eile. Nuair a chífid siad an Ghaedhlainn fé thóin cártaidhe san Iolscoil cad is dóichighe dhóibh a rádh ná “imthigheadh sí fé mar atá sí ag imtheacht le ciantaibh,” .i. síos go dtí an áit íochtair. Chun na fírinne 'innsint duit, a Sheáin, is é mo bharamhail féin go bhfuil sí tráighte fé láthair. Éist leo san thall. Cad 'tá ar siubhal aca? Gach aon ní deoranta, 'mhic-Ó. Teighre ar a' dtraen; teighre ar rian-charra; teighre fiú 'mháin go dtí s-na ceanntaraibh Gaedhealacha is ní chloisfidh tú acht fíor- bheagán de theangain na tíre seo. An méid a chloisfidh tú 'á labhairt di tá sí cómh truaillighthe le huisce abhann na Life. Déarfaidh tú go bhfuil múinteoirí 'gus timthirí ar a lán-dícheall a d'iarraidh í 'aithbheóchtaint, acht deirim- se leat-sa gur ag tuíngcéireacht léi atá a lán aca. Tá aithne 'gam féin ar chuid aca is tá Gaedhlainn bhlasta 'ca, acht tá a thuille aca 's is amhlaidh 'táid siad a d'iarraidh í 'fhoghluim ó sheandaoine go bhfuil “cos ar an uaigh is cos ar a bruach” aca. Cad é 'n mhaitheas a leithéidí sin chun Gaedhlainne do mhúineadh? Ní headh. Má ráinigheann leo cruinniughadh 'chur ar bun isé an Béarla is taithneamhaighe leó 'labhairt; isé is feárr a thuigfar, 's is air atá an glaodhach ag gach n-aon acht aige'n té gur cuma thall nó 'bhfus é. S. — Teas na beorach atá ag éirighe it inchinn. Níor chuala fós riamh ag cáineadh na teangan tu fé mar ataoi fé láthair. D. — Ca' ná cáinfinn í? Nár imirigheadh cleas cómh cam le cleas na lúb isna scoileannaibh anuiridh uirthi? Cé 'árduigh a ghlór i dtaobh an fheill a deineadh uirthi? Níor chuala gruaim ar athair ná mairg ar mháthair 'na thaobh. Níor caitheadh p'léar, níor réabadh falla is níor leonadh duine de bhárr na calaoise do deineadh ar na macaibh léighinn. Do chualaidis cad a deineadh i mBaile Mhistéala' aimsir pléidhte cheiste na talmhan. Dubharthas
le cúnstáblaithe gan a bheith ró-ghéilleamhail dá gcoin- siasaibh, acht púdar a dhóghadh ar fíge fíge. Cad é'n trúig a fuair an príomh-rúnaire 'gus a mháighistirí an bhliadhain sin? Do fuair: tionóntaidhthe bheith ag árdughadh a ngotha chun iad féin 'fhuascailt ó ama na daoirse. Abair gur marbhuigheadh duine nó beirt de bhárr na pléideála, ná fuil sé de shásamh aige-s na feirmeoirí cíosaibh a bheith laigheaduighthe 'gus a lán de-s na talmhaintí 'bheith ceannuighthe 'mach. Féach ar an mBirrellach, cara na hÉireann (?), agus ar an bhFear Inid an Tighearna Abardín (is beag a' t-adhbhar go nguidhfinn do gan maingil ná tornap ná Abardín a bheith aige). S. — Tá'n áit seo brothalach. Téanam amach go fóil. D. — Ní raghaimíd ná go fóil eile. Acht chun leana- mhaint ar mo scéal, do cheistigh Tomás Ua Domhnaill feisire an Birrellach i dTigh na Feise i dtaobh na Gaedhlainne isna scoileannaibh meádhonacha. Do thosnuigh an Birrellach ar gháiridhe is do thug focal bog i n-aghaidh an fhocail chruaidh do Thomás. Do chualaidhis teacht thar gháire an tSacsonaigh, is tá sé cómh fíor indiu is bhí sé aon lá riamh. Cé go bhféadfadh an Birrellach an Ghaedhlainn a chur ar chómh-rian le Gearmáinis nó le Frainncis níor dhein, agus aontuigheann an Fear Inid le gach a ndeineann sé, ar an aiste seo: “Sinne Seán Caimbéal.” — S. — Seán Cam-bhéil. An diabhal ainm riamh a fuair fear is oireamhnaighe ná í, mar gan aon amhras is plámás éithigh leath a n-abrann sé. Is fad ó riamh a gheall ár riagh- ladóirí dhúinn go riaghlóighfidhe sinn d'réir ár n-éirimí féin, is nuair éilighmíd ortha déanamh de réir na geallamhna is amhlaidh iompuighthear cluas bhodhar chughainn nó gáire leamh a leogaint fúinn an neomat iompuighmíd ár ndrom leo. Níor imthigh gearánta na bliadhna 'nuiridh
i dtaobh na Gaedhluinne gan an Fear Inid 'á gclos. Sidé an t-oideas atá fachta 'gainn d'ár ngearánta — “cuidighim le-s na riaghlacha roimhráidhte.” Cuidigheann gan amhras, mar níor dhóichighe sa domhan é ná gur bh'é féin a cheap iad is an milleán a riar. D. — Airiú, a dhuine, cad a bhainfadh go bhfaghaimís-na ionnainn féin cur isteach ar ghnóthaidhe an Fhir Inid? Ná fuil sé níos daonnachtamhla 'bhfad ná mar a thugaimíd creideamhaint do? Cad 'fhéadfadh an duine bocht a dhéanamh acht an Chúntaois mheacanta 'chur ar fuaid na tíre 'na saghas aingil coínnleachta chun sinn a chosaint ar aicídíbh tógálacha? Is uirthi sin is feárr a dhíol í 'scaoileadh amach. Is uirthi ná fuil tuitim focail nuair a theastuigheann uaithi sinn a sheoladh ar ár leas. Éist léi ag cur síos ar cad badh cheart dúinn a dhéanamh le n-ár mbothánaibh. Is cuma ceoca falla cloiche, falla stailce nó falla feidín atá dhá ndéanamh, órduigheann sí dhúinn iad a réabadh anuas is finneoga móra fairsioga gloine 'chur ionnta is iad san a choimeád ar dian-leathadh 'dir ló is d'oidhche. “Cothóghaidh an ghaoth sinn,” adeir sí, “i dtreo is go mbeimíd cómh righin le capall ráis is cómh ramhar le damh.” S. — A' dtugann an Fear Inid aon airgead do-s na daoine bochta chun na n-atharruighthe sin do chur ar a dtighthe? Is dócha nách gádh dham 'fhiafraighe go ndeineann. D. — Dá dtugadh do gheobhaidís gnó dhe, acht is beag a' baoghal go dtabharfaidh. Órduigheann an Chúntaois do dhaoine daonnachtamhla lámh chonganta 'thabhairt dóibh is go n-oilfidh sí féin i ngach a bhfuil riachtanach chun a caithte iad. Tá sé ínnsighthe de dhó is de thrí di féin is do dhaoine nách í go bhfuil suas le trí milleóin airgid 'á dhíol sa mbreis ag muintir na hÉireann gach bliadhain. Má innistear, 'sé an t-oideas a thugtar dúinn: “Is truagh liom bhur gcás, acht is ceanamhla bheidh sibh ar an
ndlighe beagán d'fhulag.” Abarthar an méid sin sar a mbíonn sé d'uain againn a rádh gur cheart aisioc a dhéanamh ar chuid de chun cuanta na tíre d'fheabhasughadh, chun tighthe sláinteamhla 'dhéanamh do lucht galair is breoidhteachta is chun bádaibh is líonta do cheannach do iascairí atá ag imtheacht 'na slaodaibh thar muir. S. — Is cuimhin liom go mbíodh leagha, dochtúirí agus daoine éifeachtamhla eile bliadhanta ó shoin, ó mhaidean go hoidhche 's ó fhíoghar lae go lá a d'iarraidh a dhéanamh amach cad ba bhun le haeibh teinne (galar na n-aebh), neamhmeabhair agus eagantacht. Do bhíodh a bharamhail féin ag gach n-aon aca 's is annamh a bhíodh aon bheirt aca ar an aigne gcéadna. Do thug duine den aicme go háirithe baramhail agus solaoid léi .i. go rabhadar daoine acmhuinneacha meanmnacha sláinteamhla na dúithche ag imtheacht thar sáile 'na scaothaibh fé mar a thagann na druide, is dá bhárr, go raibh gach dream dá raibh ag teacht 'na ndiaidh ag dol, ní hamháin “i mine 's i mbréaghaighe” acht i laigeacht 's i bhfainneacht i gcorp, i n-aigne, 's i n-éirim. Sin í an bharamhail go dtabharfainn- se an toradh uirthi. Árd-chíos, droch-thighthe 'gus droch- eiligear na hoideasaí bhí 'á dtabhairt don mhuintir a bhí ag meathlughadh ar a' gcuma san. Iongnadh 's allthacht atá ar a' bhFear Inid 's ar a' mBaintighearnain (mar 'dh eadh) cad 'imthigh i n-ao' chor ar mhuintir a fuair an ainm a fuaireadar aimsir na nGéanna Fiadhaine is go ceann a bhfad 'na dhiaidh. D. — Glacaidís bog feasda sinn. Tá fear ár leigheasta ar fagháil i ndeire na dála. Tá Liam Ua Briain feisire ag imtheacht ar fuaid na dúithche is bórd rotha an áidh ar a dhrom aige. Ní'l dath fén ngréin ná fuil ar a chlúdach is ní'l áit sa ríoghacht ná himireann sé cluiche air. Ní mar ba ghnáth leis na ragamálaidhthe eile a mbórd a shocrughadh a shocruigheann Liam a bhórd.
Ní headh go deimhin. 'Dir aer is talamh ar stáitse fhunascamhail a cheartuigheann sé é, is dá mbeadh sé ag casadh an bharraigh go Lá Philib a' Chleite do thagfadh a ghob ar theorainn éigin dá ioldathannaibh. “Is iongantaighe de bhórd go mór é seo,” adeir sé, “ná an lampa úd a bhí ag Aladdin, mar ní bhfaghadh aon'ne aon ní de bhárr an lampa acht an té go ráineoghadh sé 'na sheilbh. Ní mar sin do so, is me féin an draoidheadóir is ní'l agam acht sméid ar a' sluagh nuair a bhaileoghaid siad 'na thimcheall is nuair a gheobhaid siad leigheas ar a gceasnuighthe. Do chailleas a lán roime seo,” adeir sé, “de bhárr m'amadántamhlachta féin .i. ag cúinníbh sráideanna 's i bhfuinneogaibh tighthibh ósda do chuirinn 'na sheasamh é. Acht tagann ciall le haois is ciall cheannaighthe dómh- sa 'seadh í. Badh mhaith a' scéal d'Éire is d'fhearantas Fódla an lá 'rugadh mise, adhbhar do bheadh bochtánaibh na tíre uile gan radharc 'fhagháil go bráthach ar scéimh ainglidhe na huasal-mhná Abardín mara mbeadh an leagadh 'tá 'ci féin is ag uaislibh na tíre liom. “Féach,” adeir sí, “mar a ghoilim le gol is mar a gháirim le gáire na ndaoine mbocht.” “Féach,” adeir na tighearnaidhe talmhan, “mar a dhíolamair ár sealbhachaistí (geall leis ar amhrán) i gCorcaigh, mór-mhór le corp báidheamh- lachta don fhear áluinn iúd Liam Ua Briain. Chun na fírinne 'innsint,” adeirid siad, “níor cheapamair gur mar mhaithe linn a bhí sé, acht is soiléis do chách go raibh éagcóir againn 'á chur air, adhbhar ní'l focal a labhrann sé ná féachaint dá dtugann sé ná tabharfá fé ndeara gean dúinn ionnta. ‘B'fhéidir,’ adeir sé, ‘gur dhóil leis a' sluagh gur scaothaireacht nó ráiméis an t-aighneas so? Acht cá bhfaghaidís intleacht i bplaosc nó éifeacht i gcloigeann chun ceisteanna aimhréidhtighthe na ríoghachta so do tháthadh as a chéile 's an tsrathar a chur ar a' gcapall gcóir? Srathar na haindeise 'tá curtha,’”
'deir sé, ‘d'ualach ar na trí ríoghachtaibh le saor-chead Éireannach is le claontacht Sacsonach.’” S. — Tá rádh 'ca i n-aghaidh gach ceiste chuirtear ortha i bhFeis na Sacson fé láthair .i. “Fan le haimsir.” An aimsir a thabharfaidh scéala dhúinne leis ceoca 'sé Liam Ua Briain nó Seán 'ach Réamoinn atá ag innsint na fírinne i dtaobh na cánaigheachta atá 'á chur orainn anois. Deir Liam gur bh'fheárr an cháin a chur ar earraíbh iasachta is deir Seán gur bh'fheárr piginn a' ghloine 'chur ar uisce beatha, ar lionntaibh (dubh agus ruadh) 's ar shóghaltaisíbh eile. Ní áirigheann sé an tobac i n-ao' chor, mar is féidir leis na mór-mhaithibh seo dol san Iodáil nó go tír éigin iasachta eile is lón d'fhílltíníbh is de chaistíníbh a thabhairt leo ar bheagán díolaidheachta. Téanam a bhaile 'nois, a Dhonnchadh, is go n-éirighidh a bhóthar le gach n-aon. D. — Go bhfreagraidh Dia thu, a Sheáin ghrádhmhair. AN TRÍOMHADH LÁ. (Ag teangmháil ar a chéile 'mbáireach): D. — Dubhruighis indé gur theastuigh ón mBrianach Ciste Shacsona d'aithlíonadh le cáin ar earraíbh iasachta, 's an tír seo 'fhágaint ag díol na seana-cháine. 'Sé “buail sa tóin é is seachain sa cheann é.” Dá ndaoirseoghfidhe téi 'gus siúcaire cad a dhéanfadh na daoine bochta? Ní'l bainne ná bleachtas ag daoine bochta na gcathrach is dá bhárr caithfidh siad an téi do cheannach. Nár bh'fhusa go mór an cháin a chur ar shóghaltaisíbh na ndaoine saidhbhire ná ar an earra 'tá fíor-riachtanach? S. — Do b'fhusa go mór. Tá daoine go flúirseach ar a' saoghal nár ól gal tobac is nár dhiúg gloine fuisgí riamh ná ní lugha ná bhraithid siad a easnamh. Ní'l aon'ne
ar a' saoghal a mhairfidh gan téi nó bainne. Is don té ólann an fuisgí is fusa an téi 'cheannach is ní bhraitheann sé truime na cáine peoca ar téi nó ar bhiotáille a chuirfear í. D. — Go raibh maith aged' thuairim, a Sheáin! Cad é an scéal ag an sclábhaidhe oibrigheann ar lag-phádh? Má chaitheann sé coróin sa tseachtmhain ar thobac 's ar dhigh an mór é an fearrasbárr? Ní chlúdóghadh an fearrasbárr a bhaill bheatha 'bhfochair a chuirp a chothabháil. Má ráinigheann leis bean agus clann a bheith aige — rud gur minicí bhíonn ná ná bíonn — cad a dhéanfaidh sé? Déanfaidh sé bheith go haindeis. S. — 'Chonách san air féin is ar a leithéid eile chaitheann a gcuid airgid ar an iomad de! Is cuma ceoca saidhbhir nó daidhbhir iad ní dheineann an iomad de seirbhís — do chorp ná d'anam. Do b'é an rud badh chóra do gach n-aon aca 'dhéanamh ná, nuair a cuireadh an t-árdughadh ortha, éirighe béal na gclár as fhuisgí 's as thobac. Níor dheineadar, acht is amhlaidh 'mhéaduigh a ndúil ionnta nuair a daoirsigheadh ortha iad. Sidé seana-theist an Éireannaigh. Cuir i gcoinne aon ní 'thabhairt do is éireoghaidh eiteallach do; acht bí ag sínseamh aon ní air is ní thabharfaidh sé toradh an truím air. D. — Is maith a' comhairleach ar do bhéal thu. Mara n-óiltí fuisgí is mara ndóightí tobac cá bhfaighfidhe an t-airgead chun cabhlach de Dhúbhshlánuighthe do chur ar poll? Cá bhfaighfidhe airgead chun coróin ghléigeal sa tseachtmhain a thabhairt do shean-daoine na ríoghachta? Leogann an Gearmánach air féin a bheith “dásach dólásach go leor,” acht tá “súil le breith” aige ar nós an chearrthabhaigh. Cad air go bhfuil sé ag faire, an dóil leat? Tá, a bhuachaill, súil aige breith ag míogarnaigh nó 'na suan ar Shacsona. Ní dhéanfadh sé an gnó dho séiltheánaibh a ghearradh chun aithghiorra na mara dá loingeas
gan inneallaibh eiteallta 'dhéanamh i dtreo go mbeadh súil anuas aige orainn ar nós fhir na gealaighe. Ní chun báistighe ná chun teasa do sheadadh 'nuas chughainn atá sé ag cama-sheolthóireacht as ár gcionn. Ní headh go deimhin, ná chun a bheith ag faire ar mhór-réim na réalthaibh earballacha. Tá a mhalairt d'éirim go léir aige is 'sí éirim í ná cith de shliogánaibh pléasctha do scaoileadh anuas chughainn má chamaimíd an deatach air. Do mharbhuigheadh Cúchulainn na héanlaithe ba láidre 'gus ba mheanmnaighe le neart an urchair do chaitheadh sé as a chrann tsiubhail. Ní gádh dham a rádh go marbhuigheadh sé daoine leis an úirlis gcéadna, mar is fusa duine 'mharbhadh ná éan. N'fhéadfadh an crann tsiubhail a mharbhadh acht duine leis an t-aon urchar, acht do mharbhóchadh sliogán pléasctha sluagh daoine. Do dhéanfadh sé blodhtracha de chaisleánaibh is de phórtaibh dá dhaingne, cómh maith le daoine 'mharbhadh. Dá mbeadh aon mhí-ádh go bhfaghaidís an lámh uachtair ar Shacsona cad a dhéanfaimís-na? Do dhéanfaimís a bheith go haindeis, a mhic-Ó. Ar an adhbhar san níor cheart dúinn an beagán a dhíolaimíd a mhaoidheamh ar ár gcosantóir is ar ár gcara! S. — Tá roth déanta 'gat dem cheann ag éisteacht let chuid fiannaidheachta. Bolgán béic gurab ainm do Blatchford, Sacsonach tinntidhe, do thug an méid sin teagaisc duit. Is ionann Blatchford le bladarálaidhe is tá gaoth mhór go leor séidte aige-sean le trí nó ceathair de bhliadhantaibh. Nách baoth agus nach tréith atá na Sacsonaigh chun 'leogaint do-s na Gearmánachaibh éirighe 'n-áirde ortha? Ní'l focal d'ár labhair Blatchford ná líne d'ár scríbh sé ná fuil sáruighthe ag ceannaibh urraid Shacsona. Gan amhras tugaid siad árd-mholadh dho i dtaobh a thír-ghrádhthacht is a dhíograis, acht ar an am gcéadna deirid siad gur eagla gan adhbhar atá air.
Tá longaibh aeir is mara ag Sacsona cómh maith is tá ag an nGearmáin is daoine cómh toiltheanach ar iad a bhórdadh 's ar throid ionnta, adeirid siad. An dóil le haon'ne go gcuirfidís a gcluasa 'na gcodladh ar mhuintir Shacsona dá mbadh dhóil leo go mbeidís i gcontabhairt? Ní fada ó dubhairt Asquith go raibh a leithéid seo de chomhlucht i mbaois na hóige 's a leithéid siúd de chomhlucht ag fagháil a bhfiacal — díreach mar dá mbadh naoidheanáin iad — is iad uile go léir “i bhfuirim chun siubhail.” Acht airiú, cad é sin mar fhógairt ar an gclár san thall? Bás an ríogh! Indiu an Aoine, 's is minic a chuala gur bh'é “bás Aoine, tíodhlacan Sathairn, is guidhe Domhnaigh” an bás is feárr a fuair duine riamh. Do b'é an rí ba charadamhla d'Éire é d'ár shuidh ar a' gCoróin le-s na ciantaibh. D. — Tíodhlacan Sathairn is mar sin dóibh. Ní thíodhlacóghfar an rí go ceann coidhcís ó 'ndiu 's is corónta an scéal fé'n am go mbeidh sé 'á chur síos san uaigh go mbeidh réilthín an earbaill le feiscint ar a' spéir, má's creidithe dhúinn cad adeir réigheadóirí 'gus lucht páipéar. Dubhart an lá eile leat ná feacathas “réalt mongach,” mar a tugtí air, acht le droch-thuar éigin. Droch-thuar do Shacsona do b' eadh a dteacht an bhliadhain seo, mar ní'l aon ní is dearbhthaighe ná gur bh'iad ba bhun le bás an ríogh. Go deimhin féin, ní haon deise do'n domhan mhór a bhás. D'réir na n-ollmhuighthe atá déanta ag náisiúnaibh fé láthair i gcóir cogaidh do dhísceoghaidís a chéile i ngearracht aimsire dá mbeadh sé de mhí-ádh go dtéighidís 'na bhun. Níor theasduigh ár ná éirleach ón seachtmhadh hÉadhmonn, 's is 'na thaobh so is mó braithfar amuich é. Go dtugaidh Dia mór toradh a saothair do lucht síothchána an domhain.
AN CEATHRAMHADH COMHRÁDH. (Ag teangamháil ar a chéile i gceann a' choidhcís): S. — Is dócha, a Dhonnchadh, ná feacathas leithéid an chruinnighthe 'tá i Lúnndain ó thúis a' domhain. Tá rí gach náisiúin ann acht rí bheithearaibh na Rúise. Tá prionnsaidhe go flúirseach ann agus teachtairidhe ó náisiúnaibh gan sighthe. Onóir a thiosáint don rígh 'tá imthighthe ar shlighe na fírinne do spriuc gach duine 'ca teacht go Lúnndain chun na sochraide. Do thoileoghainn féin lem béal a chimeád ó'n bhfírinne ghlain a rádh fé láthair, acht ní thoileo- ghainn le teachtairidhe 'dhol ó Éirinn anonn chun na sochraide. Do b'an-fhuiriste dho focal maith a rádh nó geallamhaint a thabhairt d'Éireannachaibh — i gcogar nó i nguth árd — an lá bhí sé ag glacadh na coróineach go mbeadh sé 'na chara dhóibh nó go mbeadh báidh aige leo. In' inead san is amhlaidh 'dubhairt sé gur paca de phágánachaibh ab' eadh furmhór muintire an oileáin seo 'gus lucht a gcómhchreidimh. Acht níor bh'é féin a chúm an abairt is dá bhárr scaoilfead thorm é. D. — Ní haon mhaitheas duit-se ná dómh-sa cad adéar- faimíd 'na thaobh, ní'l slat sméirlice sa chathair nár ceannuigheadh mar chómhartha cómhbhróin. Níl giobal éadaigh dhuibh — pé áit a deineadh é — ná fuil ceannuighthe ar an aisde gcéadna. Acht ní haon mhaitheas do dhuine leanamhaint ar a' gceist seo, do gheobhaimís adhbhar cainte go ceann ráithe 'na thaobh agus ní bheadh sé críochnuighthe an uair sin leis. Tá aon ní 'mháin ana- shoiléis go háirithe, .i. ná beidh easbadh righte orainn. Féach an dúthracht le n-ar léigheadh fógarthaí oidhreachta an ríogh nuaidh. Dá nguidheadh na léightheoirí chómh dúthrachtach ar son a n-anama féin is ghuidheadar chun Dé (céad moladh leis) saoghal fada sonasmhar a thabhairt don chúigeamhadh Seoirse badh dhiaguidhthe na daoine iad.
“Ar mhaithe leis féin a dheineann an cat crónán” adeirtear. Ar mhaithe leo féin atáid siad so leis ag borradh le hómós is le díliseacht don rígh. Dá gcailltí ceann aca gach aon bhliadhain do bheadh an riocht céadna ortha ag umhlughadh go talamh don ríoghdhamhna. S. — N' fheacathas réilthín an earbaill mar a fógruigheadh dúinn. D'réir deamhraimh is amhlaidh chuir sé éicliops ar dhaoine is mór-mhór ar réigheadóirí. Acht is dócha gur'b amhlaidh leig na tóirneacha 'gus na splanncacha é, mar do thugadar lán-tseachtmhain ag soillsiughadh 's ag dár- lámhach ó Shionainn go Life. Nó b'fhéidir, fé mar “umhluigheadh an ghealach le grádh” do “bhean dubh a' ghleanna,” gur amhlaidh chúl sé chun deiridh mar onóir do rígh Seoirse! Dá ndeineadh, is go dtógadh sé na thuar maitheasa é, badh chóir go mbogfadh sé an t-ama de mhuintir na hÉireann. D. — “Is mór as a gcuimhnigheann an té bhíonn díomhaoin” adeirthear, 's is sin é an cuimhneamh is aite 'chuala 'á dhéanamh ag aon'ne le fada. Ní hÉ Rí na nDúl a chuir chun deiridh é? Ó, ní hÉ, acht le grádh do rígh Seoirse d'fholuigh sé é féin! Tá daoine ar fuaid na hIúróipe ná tabharfadh toradh an tsalachair atá ar bhonnaibh a mbróga ar aon rígh, is dá mbeadh sé de mhí-ádh ort go gcloisfeadh duine 'ca ag rádh na cainte sin thu do chaitheadh sé pléascán leat a chuirfeadh do chorp ag feaduigheal san aer is t'anam ar loirg an réilthín. Ní móide gur bh'fhearra dhuit rud 'imtheochadh ort mar dá bhfaghthá greim ar earball nó ar mhuing air, níor dhóichidhe sgéal de ná go dtógfadh sé ar neamh thu! S. — Labhrann daoine ar uairibh an fhírinne ghlan gan choinne leo féin. 'Sa treo 'na labhrann tusa ar mhéir- leachaibh na hIúróipe 's ar a ngníomhartha ní déarfainn ná go bhfuil leagadh mór agat leo. Tá súil agam-sa bás 'fhagháil ar mo leabaidh is m'aithrighe 'dhéanamh le Dia le toil A mhór-ghrástaibh.
D. — Admhuighim go ndeinid. Tá sí ráidhte 'gat féin, cé gur dócha ná hadmhóghair é. Dubhart an lá eile leat go rabhais ag tuitim go tiugh chun aoise, is féach mar 'tá an aithrighe ag déanamh buabail duit. Ná tiosáineann so go rabhais ag folach na fírinne orm. Ní horm amháin a bhís 'á folach is dá bhárr tá gádh le haithrighe 'gat. Do b'fhéarr liom an té 'bhuailfeadh trasna an bhéil me ná duine bréagach. Acht sar a dtéighmíd níosa shia is sar a gcaillimís cuimhne air, a' bhfeacaidhis leitir Thomáis Uí Dhomhnaill feisire i bpáipéar an lae 'ndé i dtaobh an Mheadhoin-oideachais? S. — Do chonnac, acht má chonnac féin cad tá le rádh againn? D. — Ní'l seoid, mar ní haon mhaitheas dúinn a bheith ag foillsiughadh ár ngearánta. Acht 'sé an áit go bhfuil an crádh croidhe go bhfuil daoine foghlumtha timcheall orainn a chuirfeadh méar it shúil dá ndéanfá go bhfuil aon chúis ghearáin againn. Tá lán cléibh d'airgead ag an mBreatain mBig is ag a deirbhshír mhóir is ag an Albain 'á fhagháil eatortha chun léighinn a thabhairt d'aosógaibh na tíre, fireann is boineann. Dia linn! nach mór an sciúirse ar thír é go gcaithfidh sí í féin 'fholmhughadh chun tíortha eile 'chothabháil is a theagasc! Nách áluinn an t-oideas a thabhairt d'athair dol is é féin a shéadadh le fuisgí chun a chlainne do theagasc? Nach gleoite an tslighe chun táille scoile do dhíol é? Is dá dtagadh daichead míle de dheoraidhthibh na hÉireann is de phúnn- cánaibh go tír a ndúthchais i mbliadhna is go riaraidís beagán de phúinsiúnaibh fuisgí ar fuaid na tíre — fé mar is gnáthach leo 'dhéanamh — nách ar ár gcomharsa Seán a bheadh an t-áthas? Do bheadh áthas air i n-éaghmuis an áthais a bhíonn orainne, ámhthach. “Á!” adéarfadh sé, “nách glic na buachaillí iad muintir na hÉireann? Féach an t-iomlán airgid a dhíolaid siad ar fhuisgí 's annsan
a leogaint ortha linne gur sinn atá 'á gcreachadh! Tá talmhaintí saora (ró-shaor) fachta 'ca trí n-ár ndlighthe-na is 'chonách orainne nár fhág mar a bhíodar iad! — ní bheidís ag damhas le teasbach mar atáid mara mbeadh ár n-amadántamhlacht-na. Féach an tiomáint atá ar bhulánaibh is ar chaoirigh 'ca is ár gcosantóirí na síothmhaoraibh bochta tnáithte marbh gan chodladh gan suan ag faire ar a ndroch-ghníomhartha. Féach cad a dheineadar le n-ár dteanntóir Tighearna Bhaile na hAise! Féach ar an ndreach atá ar Thighearna Chloinne Riocaird trí n-a bheith cimeádtha i n-uisce bheirbhthe 'ca ar feadh a shaoghail! Tá daith na liaithe-buidhe ar an nduine mbocht is é cromtha go talamh. N' fheacaidh sé a thionótaidhthe acht an t-aon uair riamh le corp scamhraidh dol 'na measc.” Féach nó fan ag éisteacht le Seán ar a' gcuma so is do thabharfá an leabhar ar do bhéal — mara mbeadh a mhalairt d'fhios agat — gur bh' í an fhírinne ghlan a bhí 'ge. S. — Do chuirfá teinneas cinn ar chomhnaidhtheoir dhílis a bheith ag éisteacht leat. Dá labhradh lucht féaránach na leirgí — a cheannuigheann 'dir bhulán is chaoira go daor iad — cad adéarfaidís i dtaobh ruaige an eallaigh? Ná déarfaidís go bhfuil fuireach leanamhnaighthe Mháire Nic Guidhir ag imtheacht coitcheann 'sa tír seo? Do dhéar- faidís, 's do bheadh iomlán a' cheirt aca. Ná fuil sé soiléis go leor, nuair a thiomáinfar 'trí nó 'ceathair de mhíltibh bulán a bhí 'na luighe go sásta ag cogaint a gcíorach, go gcaillfid siad feoil is geir? Féach a' fuirseadh 's a' réabadh bhíonn aca ag dol go haonach, acht ní'l annsan acht neamhní 'gcomórtas leis an umshaothar a bhíonn ortha nuair a bhíonn an tsail chneis 'á baint asta ag coll na méirleach. Ní haon deise — duit-se ná dómh-sa — a leithéid seo 'bheith amhlaidh. Dá mbeadh feoil iomadamhail 'sa chathair seo do gheobhaimís saor í, acht ní'l
sí iomadamhail de bhárr na hanaithe 'tá curtha ar ghráiséaraibh na hÉireann. Teighre go dtí an margadh is cad a chífir? Chífhir feoil reoidhte Americá ann. Chífir ar an nós gcéadna bagún úr-ílte ann. Acht cad é an saghas bagúin é, ámhthach? 'Neosfad-sa san duit: Bagún gur deá'rataighe le blunog é ná le feoil. Triail ruainne dhe 'ithe is cad é an blas a gheobhaidh tú air? Gheobhair blas na gallúnaighe 's is oireamhnaighe do ghadhar nó do chath é ná do dhaoine. Fiagaidhthe bhí 'sa tseana-shaoghal i nÉirinn. Gáirtheoirí do dhúiseoghadh “ba bodhra as choillte” 'tá i nÉirinn indiu. Droch- Éireannach péanach (mar 'dh eadh) iseadh an tÉireannach a lochtuigheann an obair seo, acht tá oiread cirt aige í 'lochtughadh is atá ag aon'ne eile í 'mholadh. Abair go raibh capall ráis ag an té lochtuigheann í, cad a dhéanfadh sé dá riartí 'mach na réimsí seo is sreanga briogadánacha do chur eatortha? Do dhéanfadh sé féin is daoine dá shaghas glanadh as Éire 'mach le seirbhthean. Theasdóghadh lá uait-se ag teasbánadh na gcapall. Theasdóghadh lá uaim-se ag rás na gcapall, acht cá mbeadh adhbhar an teasbánta dá riarfaidhe na leirgí? Dubhairt duine nách cuimhin liom “Thabharfainn m'anam ar chapall” mhaith, acht d'réir an fhuadair atá fé dhaoine an lae indiu, ní bheidh aon chapall fóghanta le fagháil acht seana- ghrogaí ná beidh tarrac a gcos ionnta ó bheith ag síor- iómpar ghainimhe is ghairbhéil chun leasuighthe. Ní theasdóghadh capall folamhail uatha don ghabháltas talmhan a bheadh 'na sealbhachas, ní lugha ná beadh aon chailleamhaint aca 'na dhiaidh. Ba is caoirigh 'tá i n-easnamh ortha is iad san a chimeád ar a' dtaobh istigh de theorainn le cuaillí 'na seasamh is sreanga deilgneacha 'á gcimeád 'na seasamh. Ní chuirfeadh sé aon charabhuaic ortha daoine eile a bheith ag imtheacht dearg-dhíomhaoin i gceal a bpáidh a thuilleamh — ar chlaidhe ná ar fhál.
D. — Do chuirfeadh do chuid aighnis-se salth ar chroidhe ar Éireannach. A' bhfeiceann tú gabáiste cómh daor le “dá ubh ar a' bpiginn” ar a' margadh gach lá? Chíonn tú uinniúin is ubhla iasachta go flúirseach ann. Chíonn tú, acht má chíonn tú, ní fhiafhruigheann tú díot féin ar bh'fhéidir a leithéidí 'fhás is na leirgí seo. Mar a ndeineadh fear claidhe ná féadfadh sé a phádh 'thuilleamh 'á gcur féin is tortha nách iad? Nách maith an maisd a dhéanfaidhe as na hubhla? Nách 'mó áis atá 'á bhaint as uinniúnaibh a thagann thar lear? Ní'l aon ní chun duine 'cosg ar ubhlóird a chur 'na chuid talmhan féin is spiúnánaibh is péiríníbh i bhfochair na n-uinniún. Nuair ná beadh ortha teacht i bhfad chun na chathrach so ní bheadh an costas so ró-throm is do dhíolfaidhe saor iad. Bíonn dúil ag páistí na tuatha, chloisim, is na tortha so. Má bhíonn, is seacht mó an dúil atá 'ge sna páistí chomhnuigheann 'sa Chathair ionnta, mar ní'l aon dol aca ar cheann aca 'fhagháil acht le díol asta. Cad as go bhfaghaidh páiste 'sa Chathair fiacha na n-ubhall? 'Neosfad-sa san duit: Déan- amh 'na n-éaghmais. Ní beag dá athair díol as é 'chothabháil is as é 'ghléas i n-éadach is gan a bheith ag caitheamh mion- phiginní chuige gach am a loirgfheoghadh sé iad. Ar a' dtaobh eile, gach ní is féidir 'fhás sa tír geobhaimíd oiread ar phiginn feasta is 'fhaghaimíd is fuaireamair roime seo ar réal. Do cheapamair go dtí le déidheanaighe nár bh'fhiú dhúinn labhairt ar fheirmeoir ná ar bheithidheach, acht, le beagán teagaisc, is follus go raibh dearmad orainn. Mara bhfeicimís caoira ná muc ná bulán 'á dtiomáint fé dhéin na cathrach, badh mhór é ár dteacht isteach 'sa mbliadhain mara sluighfeadh fiacha iasachta é. Acht c'onnus, arsa tusa, déarfá é sin, ná fuil feoil saor go leor ag teacht thar lear .i. cómh saor le feoil na hÉireann? “T'réis gach beart a thuigeathar,” adeirtear. T'réis na feola 'ithe leis a thuigimíd cad é 'n saghas í. Cad a
chuireann an daith mí-lítheach ar a lán dá bhfeiceann tú, an dóil leat? Cuireann mí-fholláineacht na feola 's a' phlúir agus nidhthe nách iad úsáidid siad. Má fhaghaid siad feoil i dtigh nó ar a' margadh leathphiginn 'sa phúnt níosa shaoire ná i n-áiteannaibh eile, is dóil leó go bhfuil a' t-ádh ortha, acht caillid siad le dochtúirí 's le máinliaigh a dhá oiread is cheannóghadh feoil is plúr folláin na hÉireann. Acht déarfaidh daoine ná fuil ann so acht éitheach is ná fuil ann arís acht cuid de chnáimhseáil na nÉireannach. Badh mhaith a' scéal dá mbeadh so fíor, acht tá 'fhios ag dochtúirí ná fuil sé fíor 's is fada dhóibh 'á innsint dúinn. Tá fios maith ag daoine 'tá ar lóistín 'sa chathair seo gur fírinne í. Is minic adubhradar liom go gceannuigheadh an mháighistreás gamba feola deigh- fheisceanta, mar 'dh eadh, agus fios maith aici í 'bheith go holc acht go saor. S. — Tá sé i n-am dol a bhaile 's is baoghal liom ná beidhfar ró-bhaodhach dhíom-sa t'réis a' lae. Táimíd cómh taithiceach ar a chéile is nách gádh dhom leitir ná teachtaire 'chur chun a' tighe 'thriall oraibh chun glaodhach ag triall orainn-na 'mbáireach. Beidh fáilte mhór aici féin rómhat féin is roim Nóra. I LÁR AN LAE DHÓIBH. — (AN CHÚIGEADH COMHRÁDH.) Donnchadh 's a bhean (Nóra) ag gabháil amach 'dir meadhon lae 's tráthnóna chun tighe Sheáin 's a mhná (Cáit). Donnchadh 's a bhean — Dia annso 'steach. Seán 's a bhean d'aon ghuth — Dia 's Muire 's Pádraig dhíbh is na trucaillí fáilthí rómhaibh. Can dúinn is ná déin gó, fé mar adeiridís is na seana-scéalta. Na mná i bhfód fé leith. Cáit — Ar chualaidhis, ariú
'Nóra, an scéal greannamhar atá leathta ar fuaid na cathrach ó mhaidean indiu? Nóra — Cad é 'n scéal 'na dtagrann tú dho? Cáit — Caithfidh mé é 'innsint i gcogar duit. Ceannaidhe an tobac go bhfuil cucól déanta ag á mhnaoi dhe, ní hag breith bhreithe uirthe é is tosach na breithe ag Dia. D'réir mar a chloisim tá sé ag dol chun na dlighe léi chun é féin a scur uaithe. Nóra — A' bhfuil aon chuir amach ar cé hé bhí 'sa treis léi? C. — Tá ráifleáil gur'b é an gobaire beag iasachta san a sholáthair a fear mar thaisdealaidhe 'tá gob le gob léi ó Luan go Satharn. N. — Dar ndó', n'fhéadfadh sé bheith 'na cuideachtain ó Luan go Satharn, mar is fada 's is geárr a bheireann a ghnó é. Níor dhóichidhe scéal de ná gur éitheach atá 'á chur ar á' mnaoi mboicht. Ar aon chuma ní fhéachann sí breis teasbaigh a bheith uirthe acht í 'bheith beagán aerach innte féin. C. — Ní ceart do dhuine gach a mbíonn 'fhios aige 'innsint, acht go deimhin féin duit, a Nóra, cé go bhféachann sí mí-lítheach it shúilibh-se 's im shúilibh-se n' fheacaidhis oidhre riamh ar a' gcat dóighte acht í .i. gur feárr í ná a deá'ramh. Tá aithne mhaith agam-sa uirthe ó bhí sí 'na gearrachaile, is gach lá go dtí an lá 'phós sí ní leomhfhadh aon ógánach teacht 'na gaor ná go raibh maig curtha 'na ceann 's an tsúil cnagtha air. Ní raibh ceann fé ná eagla uirthe roim athair ná máthair, cómhursa ná duine muinteartha, is ar an adhbhar san is ró-fhuiriste liom a chreideamhaint go bhfuil cúis ghearáin ag á fear. N. — Tá mórán de-s na fearaibh go strampálta 'gus go hasmuiltheach le n-a mnáibh pósta is gur dhóil leat ná leaghfhadh an t-im 'na mbéal nuair a chastar mná eile 'na dtreó. Duine den tsaghas san iseadh an ceannaidhe mara
bhfuil dearmhad orm-sa. Cá beag 'uit de thuairisc air go gcaitheann sé furmhór na n-oidhcheanta amuich go glaoidhtidhe na gcoileach is annsan teacht a-bhaile is “fut, fuaim is fothram” aige ar nós na n-athach. Dá dhréir sin, is beag an iongnadh dhi gan bheith deagh-shnódhach, 's is beag an iongnadh in' fhochair sin go dtrialfadh sí cuideachtanas éigin a mheilfeadh an aimsir di, rogha 'ca bheith óg nó aosta. C. — Bíonn an chéad scéal go maith nó go dtagann an tarna scéal. Dubhart leat ó chianibh go raibh aithne mhaith agam uirthe is b'fhíor 'am san. Dubhart leat ar an nós gcéadna nár mhaith liom gach a raibh 'fhios agam 'innsint. Acht ó 'taoi cómh mór 'na fabhar déarfaidh mé leat gur mó de scaipeathóir ná de chimeádaidhe tighe í. Ceol is rinnce 'tá ag baint a meabhrach di is ní hollmhúchán i gcóir a fir. An tráthnóna raghaidh sé 'bhaile ní bheidh biadh ná deoch ollamh roimis, is má labhrann sé athmhalta léi 'na thaobh bhrisfidh trichimhe guil amach uirthe. Cad a dhéanfadh aon fhear le hanam ná le preib ann acht dol mar a scaipfeadh sé a bhrón. Tá a rian air, do dhein is do dhein sé rud eile 'na theannta .i. gluaiseacht fé dhéin a' tighe nuair is lugha 'bhí coinne leis, ní haon uair amháin acht fé dhó is fé thrí. Pé ní thug sé fé ndeara cloisfimíd go léir é fé ghearracht aimsire, mar ní'l páipéar sa chathair ná leathfhaidh an scéal. N. — Ní haon mhaitheas dúinne 'bheith ag cur 's ag cúiteamh ar a chéile 'dtaobh a' scéil, acht, 'dir mise 'gus tusa, nách dóil leat go dtéigheann a lán de-s na fearaibh ag lorg dlighe an scuir gur seacht measa iad féin ná na mná bochta. Tá bitheamhnaigh eile 'ca do tharraigeann caradas 'dir na mnáibh is fearaibh eile d'aon ghnó 'mháin chun cúis 'fhagháil ar na mnáibh. Ní bhíonn na mná go léir cómh glic le n-a chéile is má tá sé de mhí-ádh ar a' gceann baoth í 'fhagháil i gcuideachtanas fir — coimhtheach nó muinteartha — tá éad ar a fear is dlighe is caibidil dá
meabhrughadh 'ge 'na cóir. Níor dhóichidhe rud a dhein an ceannaidhe ná fios a chur d'aon ghnó sall ar a' bhfear so 's annsan é 'ghráidheachtaint le n-a mhnaoi. Ní deirim is ní déarfad gur thuit aon ní bun os cionn amach eatortha, acht deirim má bhí a fear ag tuitim cortha dhi gur bh' 'id é an tslighe 'b' fhusa dho chun na cúise 'fhagháil uirthe. C. — Mara bhfuil sí cionntach ní chionntóghfar í, ar a shon gur féidir le lucht airgid daoine 'bhreabadh do leabhróghadh go raibh an oidhche i lár a' lae ann. N. — Daoine iad san a sholáthruigheann riaghaltas Shacsona chun dearbhuighthe 'gcoinne na nÉireannach. Ar a leithéid seo d'ócáid n'fhéadfaidh an ceannaidhe daoine 'bhreabadh — abair go mbeadh sé toiltheanach chun a dhéanta — mar beidh dligheadóirí i bhfabhar na mná a bhéarfadh an clúmh de luich le líomhthacht. Nuair a dhíoltar go maith atúrnaé nó connsiléar ní fhágann sé aon lúb ar lár 'sa dlighe gan táthadh as a chéile. Tá airgead go flúirseach aca súd is scaipfar ar gach taobh é. Cuireann san ar gcuimhne dham scéal a chuala 'dtaobh beirt fheirmeoirí i nAmericá. Do bhíodh foghail ag á gcuid stuic 'á dhéanamh ar gach taobh, acht dob' fheárr a chimeádadh duine 'ca suas claidhe na teorann ná an fear eile, is dá bhárr do bhíodh sé ag síor-lochtughadh an fhir eile i dtreo gur éirigh eascáirdeas eatortha. Nuair a thuiteann a leithéid sin amach is gnáthach gur'b í an dlighe shocruigheann é is do chuadar so leis ar a tóir. Do bhí atúrnaé sa chomhursanacht is do chuadh duine 'ca fé n-a dhéin chun a chúise 'phléidhe dho, acht do ráinig leis a' bhfear eile 'bheith in' fhochair roime sin. “N'fhéadfainn bhur gcúis araon a phléidhe,” ars' eisean, “acht tabharfad leitir duit chun duine muinteartha dham a chomhnuigheann 'na leithéid seo d'áit.” Do ghaibh an feirmeoir baodhachas leis is d'imthigh chun bóthair. Ag trácht na slighe dho do thóg sé an leitir as a
phóca is do léigh í, mar ní raibh sí séalta. Do leath a shúile air nuair a chonnaic sé cad a bhí innte, 's is mar seo bhí: “Dhá chaoirigh reamhra — beárr-se ceann aca is beárrfad-sa an ceann eile.” D'fhill an feirmeoir ar a chois is níor stad gur chuaidh sé go tigh an fhir eile, is d'innis a scéal do. Ní gádh 'rádh gur shocruigheadar a ndíos- póireachtaí le chéile is gur mhaireadar gan dlighe feasta. B'fheárr go mór do mhuintir dá saghas so féachaint rómpa, mar is í an chuid is lugha den dlighe is fearra, gan aithis an scéil a bhac. C. — Tá sé ráidhte “gur deocair fuil a bhaint as tornap.” Is deocair náire 'chur ar a' muintir ná bíonn sí ortha, is c'onnus a bheadh nuair atá cead saor tabhartha ag an ndlighe dhóibh duine 'ca ghabháil soir is duine eile siar? Má chuireann an ceannaidhe i bhfeidhil a gnótha a bhean geobhaidh sí uain go leor ar a cuacha 'chíoradh 's a scaoileadh le gaoith fé mar a dheineadh an bhrúch 'san am fad ó. Is féidir léi ar an aiste gcéadna stuif na mbuidéal a chuimilt timcheall a béil 's a smeigín chun bruth a' chaith a laigheadughadh 'tá a' cocuigheal le n-a chéile chun na máighistiridheachta. Ní dóil léi go dtugtar fé ndeara í, acht tugtar, is ní le déidheanaighe é acht cómh beag. N. — Tá 'fhios aige'n saoghal, a Cháit, is ní fearra dham rud adéarfad, go bhfuilim ag tabhairt bhan fé ndeara le déidheanaighe is féasóg ortha. C. — Taoi gan amhras. Caidhpeanna gléigeala do níghtí is do déintí suas 'sa bhaile do chaitheadh mná na sean- aimsire. Hataí péacacha chaithid siad 'sa tsaoghal so. Clandar is stuifeanna nách é 'tá á gcoimeád i bhfuirim is nuair a thagfaidh cith bháistighe ortha ruithfidh an súghlach síos le fánaidh is ó bheith á síor-dtiormughadh féin le ciarsúirí go bhfaghfá balaith uatha mar a gheobhadh gadhar fiadhaigh ó shionnach — tagann crorain bhéil is féasóg ortha. Mo ghraidhin mná na sean-aimsire. Dob' áluinn iad a
gclócaí is ba mhór í an bháisteach a leogfadh ceann aca 'steach. Ar an nós gcéadna do chaithidís gúnaí plainín is bun-chótaí den earra gcéadna. Ní rabhadar piúnálta ná manntach acht an oiread, mar d'ithidís biadh folláin is ní cheanglaidís i bhfúnnsaí tógtha iad féin. Do thugaidís bainne cíghe folláin dá gcloinn de bhárr an bhídh fholláin is do bhíodh an chlann folláin dá bhárr san arís. Buidéil is strupaí asta ar nós baighte an iascaire atá 'á dtabhairt do leanbhaí na haimsire seo. Fén am go mbeidh bainne na bó súighte ó íochtar a' bhuidéil go huachtar a' strupa is as san arís go goile an leinbh raghaidh sé trí 'oiread cúrsaí ó crúdhadh é is a théidheann lionn dubh Ghineas sar a n-ólann na fearaibh é. Is fada riamh atá sé meáidhte im aigne 'gam gur 'b 'in é is bun leis an ndroch-dhíol a thugann clann na haimsire seo dá muintir. Cloisim, má dheineann tú peata d'uan, .i. é 'bheathughadh le bainne na bó, gur'b iad na bath a leanfaidh sé. Má tá sé chómh bog san nádúir an uain 'atharrughadh, ná fuil an eile dheá'ramh go n-atharróghaidh nádúir an leinbh cómh maith, mór-mhór nuair nár bhlais sé braon de bhainne cíghe a mháthar riamh ó rugadh é. N. — I gcúntas a' tsaoghail, a Cháit, cloisfidh na fearaibh sin is déanfaid siad ríobal orainn “le méad ár ngleoidh.” C. — C'onnus adeireann tú “le méad ár ngleoidh” ar a' gcuma san? N. — Cuireann sé ar gcuimhne dham triúr fear a díbirigh- eadh ó n-a n-áitreabh is cuireadh de bhreitheamhnachas aithrighe ortha gan aon fhocal a labhairt acht uair is na seacht mbliadhna. “Cloisim guth gadhair,” arsa duine 'ca i gceann na seachtmhadh bliadhan. “Do ghéim bó,” ars' an tarna duine i gceann na ceathramhadh bliadhan déag
“Cuirfar as a' ngleann so sinn le méad ár ngleoidh,” ars' an tríomhadh fear i gceann na bliadhna 's fiche, is do cuireadh, mar chualaidh duine éigin ag rádh na cainte é. Sin í an chúis go ndeirim go mbeidh na fearaibh mí- chéadfhach linn i dtaobh a bheith ag árdughadh ár ngotha. C. — Árdóghad-sa mo ghuth cé ná fuilim ag lorg “gotha” fé mar atá mná droch-bhéasacha eile. Ní haon díoghbháil do mhnaoi labhairt le mnaoi eile i dtaobh ceist- eanna bhaineann go dlúth leo féin. Mná den aicme gcéadna go rabhas ag tagairt dóibh iseadh lucht éilighthe an ghotha. Ceanglaid siad so suas iad féin ar nós na Brighdeoige bhíonn ar a' dtuath aca is le heagla go gcuir- fidís aon mháinle den tsrathair a bhíonn ortha as inead siubhlaid siad cómh díreach le saighdiúir. Ní cheannuighid siad aon bhróg go deo oireamhnuigheann iad, is ní lugha ná thabharfaidís a dtuise do ghréasaidhe. Cad chuige go ndéanfaidís? Ná bheadh 'fhios ag an ngréasaidhe ná raibh na troightheacha cómh cúmtha ortha is leogadar ortha 'bheith, is b'fhéidir in' fhochair sin go dtabharfadh sé poillín nó dhó fé ndeara i bhaimpéisí na stocaí. Ar an adhbhar san cuirid siad fios go siopa ar bhrógaibh atá fuaighte ag meaisíníbh is nár deineadh i nÉirinn. Nuair a thosnuighid ar shiubhal ionnta so thabharfá fé ndeara leath-liost ortha — mar a bheadh ar bhád fé sheol — ar uairibh is ar uairibh eile ag géilleadh fé mar dá mbeidís ag siubhal ar shnáthadaíbh. Is gnáthach gur'b é thagann as ná pachaillí 'theacht ar na sperthacha 's ar thaobh na hórdóige 's na lúidíne is t'réis pas coisidheachta 'dhéanamh caithid siad suidhe go mion minic is deamhramh na brionglóide is na buadhartha ortha. Acht is cuma leo; tá'n an troigh go deigh-fheisceanta múnlálta sa bhróig is sin a dteasduigh- eann uatha. Nách é theasduigheann ó mhnáibh na Séineach is cá beag san?
N. — N' fheicim is ní lugha ná 'chloisim go bhfuil puinn de mhnáibh na hÉireann ag lorg “gota.” Is maith a' comhartha ortha é sin, adhbhar tiosáineann sé go bhfuil a bhfurmhór ag tabhairt aire dá ngnó féin. Mara mbeidís i bhfeidhil a ngnótha chaithidís caitheamh aimsire éigin a tharrac chughtha is cár bh'fhéidir leó aon tslighe 'tharrac ortha is feárr a thabharfaidh os comhair na poiblidheachta iad ná an phoilitidheacht? Agus i bpáirt na mbróg, táid siad ag cruinniughadh a meabhrach go tiugh chun na ndroch- nósaibh — adeireann tusa bhí 'ca — a chaitheamh uatha. Tá leathar 'á thnúis i nÉirinn ná fuil oireamhnach ar bhrógaibh a dhéanamh do mhnáibh uaisle. Tá sé ráidhte go minic ag Liam Field — Uachtarán Chumann a' Stuic — go bhfuil a fhurmhór lán d'fhárthainíbh — trí bhoichte na mbeithidheach — is go gcuireann san fé dhroich-mheas é. Nách gleoite an fhéachaint a thabharfá-sa ar ghréasaidhe dá n-órduighthá dho feidhre bróg a dhéanamh duit, is poll nó dhó 'theacht ionnta i gceann seachtmhaine? Níor bh' é do locht-sa é is níor bh' é locht a' ghréasaidhe é, is, 'na dhiaidh san, do bhíobhair araon mí-shásta. Má fhóighneann sé dhúinn tosach a thabhairt d'earraidhibh na hÉireann ní fhóighneann sé is ní oireamhnuigheann sé sin — i ngustal ná i dtír-ghráidhtheacht — óinseacha 'dhéanamh dínn féin. Má fhaghaim-se an earra chóir ceannóghadh í, acht mar a bhfaghaidh mé ní bheidh milleán ag Dia ná ag duine orm droch-earra 'eiteach. C. — Is maith a' sás tu chun do thaobh féin den scéal a chosaint, 'sé sin, dá mb' é do thaobh den scéal é, acht ní hé. Tuigim-se cómh maith leat-sa cad a bhaineann leis a' gcúrsa. Ní réidhtigheann fuacht ná teas le-s na mnáibh chaitheann na hearraidhibh iasachta. Táid siad lá ag fiosradh an drogadéaraidhe is lá eile ag fiosradh an dochtúra. Tabharfaidh duine 'ca ola do-s na cosa 's an tarna duine buidéal don chroidhe. Níor ghádh dhóibh ola ná buidéal 'úsáid mara mbeadh an tseoinínteacht a bheith daingnighthe
go smior ionnta. Dá gcaithidís bróga fairsioga do scéidhfeadh an fhuil go nádúrtha amach go barraíbh na lúidíní is dá bhárr do bheadh teasaidheacht 'sa cholainn go léir. Tá sé ráidhte gur'b iad na trí nidhthe is fuaire amuich “glúin fir, srón con, is cín (cíoch) mná.” Níor bheag dóibh an áit a bheith fuar gur dhual do bheith amhlaidh gan fuacht na gcos a bheith ag ruith go brollach fé mar a bheadh scéala teinntrighe ó thír go tír. Táid ar an nós gcéadna ceangailte 'stigh i ngléas na cabhlach fé mar a bheadh cos bhriste i gceiridhe Pháiris is nuair éirighid siad ar maidin táid siad ag mianfaidheach go breicfeast is teinneas is diachair i ngach ball dá mballaibh. Téighid annsan is bainid sclugóg as bhuidéal a' dochtúra is níor dhóichidhe dhóibh deoch bhíodhgamhlachta 'ól ná nimh. Beidh liúghtar éaghtar láithreach bonn is dochtúirí is máinliaigh soláthartha ar phrap na súl. Tá breithniughadh t'réis bháis ag dochtúirí ortha is coiste an dáréag ag cromhnairidhe. Aontóghaid uile go léir gur cailleadh an té sin trí nimh 'ól gan choinne, is cuirid a gcomhbhrón i gcéill dá cáirde gaoil. Do b'fhuiriste, a 'nghean ó, na dóláistí seo 'sheachaint le druim lámha 'thabhairt do ghalldachas is nósaibh is béasaibh ár sean is ár sinnsear a chleachtughadh. Go mbeidh so amhlaidh beidh gearánta nár dhual dóibh ag Clann Róisín Dhuibh. N. — D'fhéadfainn a lán a rádh i bhfabhar na mban, acht is gnáthach le cuairteoir furmhór an aighnis 'fhágaint fé mhnaoi an tighe. Éist ariú! tá duine éigin ag bualadh 'g an ndorus. C. — (Ag oscailt an doruis). — Dé 'bheatha-sa, a Bhrighid. B. — Go mairir it shláinte. 'Bhfuil m'athair is mo mháthair istigh? C. — Táid. Cad í an phrádhainn atá ort? B. — Donnchadh Óg atá go dian donaidhe ó 'fhágadar a' tigh. Abair leó, má's é do thoil é, go bhfuilim ag glaodhach ortha.
C. — Déanfad is fáilte. A dhaoine muinteartha, is oith liom a rádh libh go bhfuil Brighid ag glaodhach oraibh chun brostuighthe 'bhaile. D. 's a bhean le Brighid. — An amhlaidh 'chuaidh Donnchadh Óg i ndonacht ó 'fhágamair a' tigh? B. — Is eadh mhuise. Brostuighidh a bhaile. D. — is N — Go dtugaidh Dia lá maith dhíbh, a mhuintir a' tighe. S. is C. — Go n-éirighidh bhur mbóthar libh is scéala maith' ó Dhia chughaibh féin is chughainn féin. Máire, inghean Sh. is Ch. — Míle fáilte rómhat, a Bhrighide. B. — Go mairir-se 'bhfad, a Mháire. M. — Suidh aníos go fóil, a Bhrighide, is eachtruigh rud éigin dúinn. B. — Is fearra dham imtheacht a bhaile i ndiaidh m'athar is mo mháthar nó b'fhéidir ná beidís ró-bhaodhach díom le haghaidh an tráthnóna. M. — Aililiú! Níor chualamair riamh a mhalairt agat. Badh chóir nár bheag 'uit-se bheith id choimeádaidhe tighe fan a' lae. Tar a leith sa rúma so go fóil go dteas- bánfad mo ghúna nua dhuit. B. — Ná hiarr orm fanamhaint i bhfad, a Mháire. M. — Go deimhin féin, ní dhéanfad. Suidh annsan is “tóg” (fé mar adeirid siad) “do shúsa i n-inead do shaidhbhris.” Féach air sin mar ghúna, a Bhrighide. C'onnus a thaithneann sé leat? B. — Taithneann sé go dian-mhaith liom, a Mháire. M. — Is maith liom go dtaithneann, a Bhrighide. Sin adhbhar gúna ná faghfá “déanta i nÉirinn,” cé go bhfuil mo chluasa bodhar ó mhaidean 'ged mháthair 's aigem' mhathair féin ag cáinseoireacht ar earraidhe an domhain mhóir acht ar na leighcíní bróg is na giobail éadaigh a dheintear 'sa tír seo. Nách deas 'fhéachaimís i ngúna tútach
plainnín! Nár bh' áluinn a shiubhlóghaimís ar fhlaigí na cathrach le feidhre bróg a dhéanfadh gréasaidhe! B. — Ní'l aon ní le clos anois acht “earraidhe na hÉireann” pé áit go ngeobhair, mór-mhór ag daoine aosta go bhfuil ag dol dá meabhair 's ag Connradhthóirí na Gaedhilge. M. — Ní mar mhaithe le hÉirinn atá mórán aca so ag scaothaireacht, acht mar mhaithe le n-a bpócaí féin a dhingeadh le hairgead na n-amadán is na n-óinseach a chreideann iad. Thabharfainn creideamhaint don fhear a chaitheann a chulaith éadaigh de is a chasann clóca timcheall air féin — ar nós na nAspal — mar fuiligeann sé amhródh 'gus feannaid, acht n'fheadar 'on tsaoghal cad é an gnó bhíonn aige den chleite bhíonn 'na choilgsheasamh as chlúdach a bhaithis. B'fhéidir gur'b amhlaidh a mheasann sé a chur i n-umhail do chách a chíonn é gur ag aithris ar a' bpilibín míog a bhíonn sé is go bhfuil a cheann cómh folamh le ceann a' philibín, sin nó go dteastuigheann uaidh an saoghal Fódlach a chreideamhaint gur laoch chun coscartha é ar nós an Iar-Indiaigh Dheirg nuair a théigheann sé ar chasán an áir chun fuaithníní cinn a stealladh 'nuas le n-a thuaigh. Tá 'thuille 'ca 's ní labharfaidís chughat dá gcloisidís gur sheasuighis ar úrlár chun aon rinnce acht promsáil go dtugaid siad “Rinnce Gaedhealach” air. B. — Táim ag féachaint le beagán de bhliadhantaibh ar chuid de-s na Gaedhilgeoirí ag rinnce is do thabharfá an leabhar nuair a bhíd siad ag ruith anonn 's anall ag rinnce “coirn” gur daoine meisce iad. Is annamh a chífhidh tú i n-oscallaibh a chéile iad acht iad — 'dir fhear is mhnaoi — i reachtaibh an stáitse nó an úrláir a bhriseadh. Dá gcloisfeadh mo mháthair ag caint ar an aiste seo me ní bheadh sí ró-bhaodhach díom. Acht, is cuma liom, ní thréigfead-sa rinnce Shasana go raghadh i n-úir.
M. — Cad chuige go dtréigfá, mara mbeadh de chúis agat leis acht do pháirtidhe 'ot bhreith mór-dtimcheall 'na bhaclainn leis. Ná cuirfidh sé i n-umhail go soiléis duit nuair a chuirfidh sé d'iomard ar a chorp tu 'iomchar ar an nós san go bhfuil gean aige dhuit is b'fhéidir nídheachan den ghrádh measctha ar a fhuaid. Acht ná trácht liom thar rinncí na hÉireann ná thar an muintir a bhíonn ag rinnce acht cómh beag. Badh dhóil leat gur abhras garbh an chulaith a bhíonn ar na fearaibh is gur plaing- céadaidhe culaith na mban. Féach ar an rian-charbad ar an té labhrann Gaedhlainn 's ar an té ná deineann. Féach an mhánlacht a thabharfaidh tú fé ndeara 'sa Bhéarlóir seochas fear na dá theangan. Leogaid na fearaibh Gaedhealacha ortha gur'b iad féin saighdiúirí na hÉireann is leogaid na mná ortha ar an nós gcéadna gur'b iad féin na callairí do stóinseoghadh cneadhthacha na saigh- diúirí. Acht, féach ar a' saighdiúir gur saighdiúireacht a cheárd. Féach ar na géaráin sciomartha 'chífhidh tú ar na sálaibh ag cuid aca, is féach arís ar an seasamh do- chlaonta 'tá ag an iomlán aca. Dá mbeitheá 'na gcuideachtain ná cuirfeadh na géaráin i n-umhail duit go dtroidfidís ar do shon fé mar a chómhraiceann an coileach ar son na circe is go mbainfidís an tsail chneis le n-a gcánaíbh as a' té 'fhéachfadh cam ort. A' ndéanfadh Pádraig nó Seán nó Diarmaid é sin? Go deimhin ní dhéanfaidís. Má bheannuigheann tú i mBéarla dhóibh labharfaid siad Gaedhlainn chughat, is do b'fheárr leat go scaoilteá tharat iad. B. — Tá sé i n-am agam-sa bheith ar bóthar. Go dtugaidh Dia tráthnóna maith dhíbh. Seán is Cáit is Máire. — Go dtigir slán beo, a Bhrighide. Abair (arsa Cáit) let athair is let mháthair go raghad féin is Seán ag fiosradh Dhonncha' Óig ar maidin i mbáireach — le congnamh Dé sinn slán.
B. — Go deimhin, déanfad is fáilte, a mhaim. C. — Go raibh míle maith agat, a Bhrighide. Nách deas cainteach caradamhail an cailín í Brighide, a Sheáin? Samhluigheann sé dham go bhfuil ana-chosmhaileacht aici le Máire seo 'gainne acht gur tairice 'na ceannaighthe Máire ná í is gur sia í ná Brighide 'bhfad. S. — Is seanfhocal é “gur geal leis a' bhfiach dubh a gheárrcach féin.” Dá mb' inghean duit-se Brighide do mholfá í fé mar a mholann tú Máire fé láthair. Acht is mithid dúinn an Choróin Pháirteach a rádh is dol a chodladh 'n-ainm Dé is dol ag féachaint an leinbh iúd ar maidin fé mar a gheallais. C. — Taighídh ar bhur nglúinibh, a chlann Ó. Tar éis na Coróineach a chríochnughadh; “Má tá aon anam bocht ag imtheacht ar fán ná ar seachrán go n-iompuighidh Dia isteach go teampall Chríost é. I n-ainm an Athar, an Mheic 's an Sprid Naoimh. Amen, a Thighearna. AN CEATHRAMHADH LÁ. Ag glaodhach isteach ar maidin go dtigh Donnchadh. Seán 's a bhean — Móra dhíbh ar maidin. Donnchadh is Nóra — Mór is Muire dhíbh is Dé bhur mbeatha. S. 's a bhean — C'onnus 'tá Donnchadh beag t'réis na hoidhche? Nó cad é a ghearán? D. — ag freagairt — Do bhí sé go han-dona ar feadh na hoidhche acht tá biseach mór indiu aige. An bhruithtíneach atá air is tá sí curtha 'mach aige. S. — Tá sé ráidhte 's is fíor é “gur dhá dtrian galair an oidhche.” Acht caithfidh sibh aire mhaith a thabhairt do ar a' bhfuacht. Ní'l aon namhaid ag lucht bruithtínighe acht an fuacht. D. — Cad é an cuir amach atá 'gat-sa air sin?
S. — Tá cuir amach maith agam air, mar is minic a chonnac daoine go raibh pípíní ortha ar feadh a saoghail mar gheall ar fhuidheall bruithtínighe 'fhanamhaint aca. Ní réidhtigheadh fuacht ná teas leo, acht mór-mhór an fuacht. D. — Mo thruagh é an peacach bocht, is 'mó ní 'tá 'ndán do ó aois go bás. Níor chuireas leath oiread spéise 'sa bhruithtínigh go dtí go gcloisim tusa ag cur síos uirthi. Cad é an t-oideas is feárr di? Tá a hoideas féin do gach aicíd. S. — Tá gan amhras. Acht ní dochtúir mise chun a bheith 'á fhiafraighe dhíom. Cróch a tharrac ar nós a' téi is é 'tabhairt le n-ól dóibh an t-oideas a chuala-sa 'gcomhnaidhe riamh di. Téigheann cuid de-s na páistí dó' lom i gcoinne an chróich 'ól, cé nach fuil sé droch-bhlasta. An té dheineann é sin caithfar é 'fhagháil, ar ais nó ar éigin, chun a ólta. Mara bhfaghfar le bladar é chun a dhéanta caithfar an bás a bhagairt air nó a leogaint ort féin go bhfuileann tú le himtheacht i n-'inead. Acht an tslighe seo 'thriail leo geobhfar, gan bhuille gan bhasóig, iad chun a ólta. Nuair ólfaid siad an t-oideas clúduigh go maith iad 's is geárr go dtabharfair fé ndeara cóta grís amach trís an gcroiceann. Sidé an t-am 'fhaghaid siad a' fuacht mara bhféachtar chughtha. Acht is dócha nách gádh dham a bheith ag spreagadh ar an nós so dhuit-se, mar is ró- cháiréiseach ataoi 'gcomhnaidhe riamh ar do chloinn, bail ó Dhia ortha. Acht, fé mar adeirid siad, “Castar na daoine ar a chéile, is ní castar na cnocaibh ná na sléibhtibh.” B'fhéidir go gcasfaidhe daoine ort-sa 'gus orm-sa ná féadfadh díol as dochtúir a thabhairt ag fóirithint ar a gcloinn i n-am na géibhinne, is gur mhaith dhúinn an cúntas so do thabhairt dóibh nó bheith eolgaiseach ar a thabhairt dóibh dá mbeadh an riachtanas chun a dhéanta. D. — Dubhart cheana go raibh a hoideas féin do gach aicíd. Táid siad cómh hiomadamhail is gur dheocair do
dhuine gan mórán eolais a bheith tuisgionach ionnta go léir. Tá bolgach, deilgíneach, triuch, ruadh — acht cad ab' áil liom 'á n-áireamh? — ní chuimhneoghainn ortha. S. — 'Tá sé ráidhte go bhfuil cheithre haicídí fichead as cionn a' chapaill is go bhfuil cheithre haicídí fichead i n-aghaidh gach cinn aca as cionn a' pheacaigh. Nách deocair don Chríostaidhe bocht dol as gach ceann éigin aca dá bhualadh. Is fánach duine 'gheobhfar a bheith 'na bheatha-shláinte is, má bhíonn aon ghearán amháin air, beidh dhá ghearán air nó, b'fhéidir, níosa mhó, mar is annamh a thagaid na gearánta ar leithligh. Do bhí daoine sa chathair seo 'sa tseana- shaoghal a leigheasfadh gach aicíd dár áirmhighis le n-a n-oideasaidhe féin. Do chuiridís plúr scólta leis a' ruadh, a d'fhonn is é 'chimeád ó fhliuchán, is do scríobhaidís ainm is sloinneadh an té go mbíodh sé air — ar a' dtaobh amuich de — fé mar a scríbhtí ainm na ngaiscidheach i n-oghaim chraobh. Do chreidtí 'sa tsean-aimsir nár bh' fhéidir le haon ní an ruadh do chosc acht fuil chaith dhuibh, acht déanfaidh súghadh an tsimnéidh nó dubh na scríobhnóireachta an gnó cómh maith. Do thagadh — is tagann fós craos- galar ar leanbhaíbh is bíd siad go buadhartha 'gus go do-shásta dá bhárr. I n-inead oideasaidhe na haimsire seo is amhlaidh sholáthruightí ('na throscadh) leanbh nó duine aosta ná feacaidh 'athair riamh is trí putha dá n-anáil a shéideadh 'steach i mbéal a' leinbh ar feadh naoi maidean- acha, is do bhí an leigheas déanta. Marar bh'fhéidir an díth- leachtaidhe 'fhagháil do dhéanfadh gandal an gnó cómh maith. Is deocara an gandal a sholáthar 'sa chathair seo ná an díthleachtaidhe, rud is cathach le n'innsint. Tagann fiabhraistí — go hobann — go minic ar na daoine — óg is aosta — 's i n-inead ain'ruith nó pusóidí na haimsire seo 'thabhairt dóibh — a mharbhuigheann go minic iad — is amhlaidh 'dheintí meadhg dhá bhainne — cómh héadtrom is ab' fhéidir — is é 'thabhairt — go mion minic — malla-bhog le n'ól dóibh.
Bíonn rámhaill thinntidhe ar lucht fiabhrais is bíonn a dóthain le déanamh aige'n gcallaire go mbeidh na créachtaí bocht de dhruim an aidhthithe. Is gnáthach leo nuair a bhíd siad ar fainn-éirighe, go dtagann ocras buile ortha, is go n-íosfaidís nó go n-ólfaidís aon ní gur bh'fhéidir leo teacht air, is má tá sé de mhí-ádh ar a' gcallaire go bhfágfaidh sí biadh ná deoch — géar ná milis — 'na ngoire tagfaid siad air a gan fhios di dá dtugaidís an leabhar di ná déanfaidís. Tá sé ráidhte “gur measa an t-ath- iompáil ná an chéad fhiabhras” 's is fíor é, mar beidh furmhór do nirt sladaithe chun siubhail aige'n chéad bhabhta, is lag-sheans atá agat — nó ag an té go mbíonn sé air — é chur de. D. — 'S a Thighearna, cad a dhéanfaid siad? An ar a' ngaoith a mhairfid siad? An diabhal ruainne dhíot ná fuil cómh háithféiseach leis an mBaintighearnain Abardín! S. — “Fóil fóil, a mhic a' rí,” fé mar a deireadh an t-athach. Sin í an chúis chéadna go bhfuilim 'á innsint duit féin is do dhallacánaibh nách tu. Is féidir greim nó 'dhó 'thabhairt dóibh i gceann 'dó nó 'trí de laetheantaibh t'réis an aidhthithe. Is féidir é 'dhúbailt gach lá as san amach go ceann 'sé nó 'seacht de laetheantaibh is as san amach tá ruith a' ráis leo, mar is féidir leo a ndóthain de gach saghas bídh 'ithe. Moladh le Dia dá chionn, ní'l an bholgach ag teacht le déidheanaighe cómh gnáthamhail is a thigeadh sí bliadhanta ó shoin. D. — C'onnus a thagfadh? Ná fuil an seannach 'á ghearradh ar pháistíbh 's an dlighe le cur ar aon'ne go bhfaghfar gan gearradh air é? S. — Táid siad ag dol i gcoinnibh a' ghearrata i dtíorthaibh eile, pé bun atá 'ca le n-a dhéanamh, is go deimhin féin duit ní mór ná go ndéanfainn féin an cleas céadna. Acht is í an chúis atá 'gam-sa ná an seannach a thógaint as láimh leinbh is é chur i ngéig leinbh
eile. N'fheadar-sa ná beadh rud éigin tógálach ar do leanbh-sa is n'fheadraois-se ná beadh mo leanbh-sa ar an aiste gcéadna. Is minic a chonnac leanbh is reimhideas mhuinilte do chasóige 'na láimh t'réis droich-sheannaigh a fuarthas as ghéig leinbh eile. D. — Badh mhór a' truagh gan an dochtúir a dhéanfadh a leithéid sin a chur le muir is le mór-fhairrge. Acht dream iseadh do chtúirí go bhfuil “cead uilc is mhaitheasa” 'ca ar nós aingil an uabhair. Dá dtuittheá de mhullach a' tighe seo, anuas ar a' bpáil, ní bhainfeadh duine 'ca braon fola asat, cé ná fuil aon ní eile 'bhainfeadh a' t-ama det chroidhe cómh tapaidh leis. S.— Is mó an glaodhach a bhí ar a' gcuisleoir go dtí le déidheanaighe ná ar an ndochtúir. Ceárd innti féin ab' eadh an chuisleoireacht ó aimsir Bhriain Bóruimhe agus a bhfad roimis. Nár chualaidhis an t-amhrán a chúm file t'réis na fola 'bhaint as go ndubhairt sé: “Do tháinig dochtúir im láthair 's is fáilteach roimis a bhíos; Do bhain sé fuil as mo láimh dheis is d'fhág an t-ama mo chroidhe,” &c. D. — Do chuala an t-amhrán san agus amhráin nár bh' é, a Sheáin. Daoine tuisgionacha dob' eadh na hÉireannaigh faid a chimeádadar a dteanga 'gus a nósaibh féin. Do chailleadar iad san agus is mó d'fhearaibh bréige iad ná an cuisleoir go dtugann an dochtúir “potanálaidhe” air. Tá daoine 'sna hotharlannaibh 'sa chathair seo ná leigheasfaidh na dochtúirí go deo, 's gur geárr a' mhoill iad a leigheas 'sa tseana-shaoghal le ceiríneacha 'dheintí 'sa bhaile. D'imthigh súd is tháinig so is ní feáirrdide sinn an t-athrughadh. S. — Dá dhoimhneacht a raghaimís 'sa scéal so 'seadh is deocara 's is aite 'shamhlóghadh sé dhúinn. Féach ar a'
bhfear 'imthigh daichead bliadhan ó shoin go hAmericá is a rug teanga a shinsear sall leis. Féach air i mbliadhna nuair a thagfaidh sé 'bhaile go tír a dhúthchais, le congnamh Dé é féin is sinn-ne slán. Féach ar a' bhfear 'imthigh deich mbliadhna ó shoin is tabhair an deifearuidheacht fé ndeara. Ní'l an Ghaedhlainn aige 'n bhfear ndéidheanach so is ní thuigfidh sé cad is bríogh d'Fheis ná d'Oireachtas. Déarfaidh sé — i mBéarla — go bhfuil an gnó go léir ana-thaithneamhach, acht go bhfuil aithreachas air ná féadann sé an teanga 'thuisgint. Éist leis a' bhfear eile, nó tabhair a ghnúis fé ndeara, is tagfaidh oiread athruighthe air i gceann neomait is a thagfadh ar a' ngealaigh oidhche ghaoithe. An neomat a chloisfidh sé amhrán Gaedhlainne “éireoghaidh an fhuil uasal i n-uachtar an ochta 'ge” fé mar éirigheadh aige-s na sean-laochaibh fad ó, is cuirfidh sé liúgh mhaoidhte as nó caithfidh sé a hata san aer. Ca' 'na thaobh go ndeineann sé sin, fiafhruighim díot? Deineann, “mar tháinig sé 'bhaile ar a dhúthchas” fé mar a tháinig an (bhó) “gheadach (do bhíodh) dá crúdh ann-sa' ghleann.” Agus tá daoine i nÉirinn a leogann ortha ná fuil aon choinneamh le n-a bhfoghluim is le n-a dtuisgint, — 's i bpáirt na tír- ghráidhtheachta, 'thabharfaidís fiacal duit, dá lochtuightheá iad, a bhainfeadh an mheidhréis den duine seo. D. — Ní thuigim — olc ná maith — cad tá ar bun agat anois. C'onnus a bhainfeadh aon'ne i nÉirinn an mheidhréis d'fhear gur éirigh an saoghal leis mar éirigh leis a' bhfear so ainmnighthe agat? S. — N' fheadar an le heasba tuisgiona 'taoi ag fiafhraighe na ceiste sin nó nach eadh, acht réidhteoghad duit í. Easpogaibh, breitheamhnaibh is daoine foghlumtha eile do bhainfeadh an mheidhréis de, le gan teanga a dhúthaighe do dhéanamh riachtanach ar althóir i gcúirt 's ar úrlár na scoile. Is deocair dom labhairt ciúin ar a' gceist seo, adhbhar gach am a chloisim aon'ne — mór ná beag — ag
fagháil loicht ar ár dteangain, cuireann sé mo chuid fola ag friuchaidh fé mar dá mbeadh sí i ndaibhigh an bheirbhthe. Cómh deimhnightheach is gur'b í seo an bhliadhain naoi gcéad déag 's a deich, má leogaimíd d'ár ndúthchas is d'ár n-oidhreacht sileadh trí n-ár ladhracha nó as ár mbéalaibh, imtheoghaidh ár gcreideamh 'na fochair. “Is deocair capall ráis a dhéanamh d'asal” 's “is deocair girrfhiadh 'chur as an dtor 'ná bíonn sé.” Is deacair, mar a' gcéadna, cion an fhir a tharrac ar a' dteangain atá fé dhroich-mheas le sinsearacht. Ní raibh “toradh 'n mhadra ar 'athair” ag aon'ne go raibh an mhóruidheacht ann ar an té do labhair í. Ní raibh aon mheas ag muintir a labhartha ortha féin, mar níor chuir aon'ne riamh go raibh aon strus air i n-umhail dóibh go raibh oidhreacht luachmhar aca. Do chuala sagart — 'dó nó 'trí d'uairibh — ag cur síos ar mhór-chomhacht Naoimh Pádraig, is ní dhéanfadh sé an gnó dhó a rádh aon uair amháin gur Albanach ab' eadh é gan é 'athnasc seacht n-uaire 'dtreo ná beadh aon mhearathal ar a' bpobal cad as gur tháinig an creideamh chughtha. Acht féach — má 'seadh — cad a thuit amach i nÁrd Mhacha tá bliadhain ó shoin. D. — Ní cuimhin liom gur thuit aon ní suaitheantais amach ann i n-uiridh ná i mbliadhna acht an crioth talmhan do fógradh a bheith i n-áit éigin lastuaidh le déidheanaighe. Is dócha nách beag 'olcas, mar is scamhradhamhail an ní an talamh 'ot shlugadh nó an tigh a thuitim ort is tu 'dhóghadh (h)it dheigh-bheathaidh nó tu 'mharbhadh gan teasaracan. S. — Don bhliadhain i n-uiridh atáim-se ag tagairt, a Dhonnchadh, nuair a bhí díospóireacht na teangan san Iolscoil i n-aoirde a pléidhte. D'réir mo bharamhla-sa, do thug Naomh Pádraig soluíd mhaith an taice sin do gach dream aca .i. cith phludaigh a sheadadh 'nuas thar áiteanna an tsaoghail i nÁrd Mhacha. An dóil leat-sa ná le haon' eile ná gur cheann dá mhíorbhailtíbh trí ghrásta Dé an
chith sin? Dob' eadh, 'mhic-Ó, mar is minic atá sé cloiste 'gainn “go meilid muilte Dé go réidh socair acht go hana-mhion.” Do bhíos ag faire ar a' gClaidheamh Soluis is ar pháipéaraibh eile nár bh'é 'fhéachaint ar thug scríobh- nóir ná cainteoir fé ndeara gur mhíorbhailt a deineadh i bpáirt na teangan í seo, acht an riabhach duin' aca 'thagair beag ná mór do, cé nár bh'fhéidir le lucht cosanta na teangan aon úirlis eile 'sholáthar a bheadh leath cómh héifeachtamhail chun a cosanta. D. — Och! má's do san ataoi 'tagairt, ná fuil 'fhios agat go bhfuil daoine i nÉirinn go dtagfadh an bhreoidhteacht mhór ortha le racht gháiridhe dá gcloisfidís ag tagairt do mhíorbhailtíbh thu? Agus táid siad ann, bíodh 'fhios agat, de gach cine 'gus creideamh chómh maith. S. — Ní gádh dhuit sin 'innsint dam. Acht, ce hiad féin; má 'seadh? Na daoine c'rónta críochnuighthe 'tá ag dol i n-aghaidh a ndúthchais. Níor mhór dóibh seo tamall a chaitheamh i dtír éigin eile chun 'fhagháil amach cé'ra' díobh iad nó cad as iad. An té 'dheineann is 'fhaghann amach nách den tír 'na dtéigheann sé é, má ráinigheann leis teacht a-bhaile go deo, is mór a' t-athrughadh 'thabharfá fé ndeara air. D. — Ní mór é ar a bhfurmhór. Ná fuil an tír seo na hÉireann beag a dóthain dá clainn, adéarfá, acht féach an droich-mheas atá i gCaineáide 's i dtíorthaibh nách í ag cuid aca ar Éire — nó ar lucht a háitribh. Dá dtigeadh duine aca so a-bhaile — rud gur minic a tháinig — an 'á moladh 'bheadh sé? Ní headh, mhuise, acht “ag caitheamh uisce ar Fhranncach bháidhte.” Do chabhruigheadar féin — ar feadh a shaoghail — chun an Fhranncaigh a bháthadh nó geall leis do, 's annsan nuair ná fuil sé cómh meanmnach le n-a leithéid eile — i dtíorthaibh eile — níl aca acht droich-mheas a thabhairt do.
S. — Deiridís is na seana-scéalta nuair a bhídís ag cur an “cóiriughadh catha” ortha — “An té 'thagfadh ó íochtar a' domhain go huachtar a' domhain” is mar sin dóibh. Do bhíos ag caint an lá eile le fear a tháinig ó íochtar a' domhain (.i. Astráile) go huachtar a' domhain (.i. Éire) is dubhairt sé liom go raibh aithne phearsanta aige ar dhuine den treabhachas san 'na dtagrann tusa dhóibh, a chuadh go dtí cruinniughadh 'bhí ag feisire ó Éirinn ar dhroich-intinn, is nuair a chualaidh sé gearánta a thíre dá soillsiughadh go soiléis as cómhair a shúl do mhachtnaimh sé, 's isé tháinig as ná a rádh 'na dhiaidh sin ná ceadóghadh sé ar chéad púnt gan a bheith ar a' láthair. I ngearracht aimsire 'na dhiaidh sin do thug sé turus ar a thír 's ar a bhaile dúthchais. Do bhí dearbhráthair do 'sa bhaile is do chuaidh sé chun comhnaidhthe in' fhochair. Do thug sé peictiúir Rí Liam fé ndeara ar crochadh ar a' bhfalla is d'fhógair sé láithreach bonn d'inghean a dhearbhráthar é 'thógaint chun siubhail nó é 'raide 'mach a' dorus. Do tháinig crioth chos is lámh ar an inghin is do ruith sí fé dhéin a hathar ag pusuigheal ghuil is d'innis a scéal go brónach do. Dubhairt an t-athair léi a thoil a thabhairt do is go mb' fhéidir go dtabharfadh sé féin ar 'aradhnacha é. Acht níor thug, mar is amhlaidh 'atharruigh seisean an t-athair le n-a rádh leis dá siubhluigheadh sé is é féin a theagasc i n-éirimí glan-sprideamhlachta go gcaillfeadh sé cuimhne ar Rí Liam 's a ngabhann d'eascáirdeas leis. D. — Ní har cad a chloisimíd badh cheart dúinn toradh 'thabhairt. Dá dtigeadh mo dhearbhráthair-se a-bhaile 's a rádh liom peictiúir Dhomhnaill Uí Chonaill a chaitheamh 'sa teine nó amach a' dorus do chuirfinn i n-ainm phuillíní an Fhir Mhóir amach a' dorus é féin. Ar an adhbhar san, do bheadh sé cómh ceart aige'n bhfear thuaidh peictiúir Rí Uilliam a chrochadh ar fhalla a thighe féin is do bheadh sé agam-sa nó agat-sa peictiúir Dhomhnaill Uí Chonaill
nó an Phápa do bheith ar chliathán an fhalla 'gainn. Domhnall Ua Conaill 'fhuascail ó ama na daoirseachta sinn-ne 'gus Rí Liam a chuir ar a mbonnaibh aige'n mBóinn an mhuintir thuaidh, is, dá réir sin, do thoileoghainn le gach n-aon againn a thabhairt onóra d'ár laoch — acht gan dia beag a dhéanamh de. S. — Sin í an chaint. Gan dia beag a dhéanamh de gan amhras. Do thagrais don chrith talmhan a bhí thuaidh i gCúig' Uladh tá tamall ó shoin. Tá Cúig' Uladh i n-Éirinn is dá ndeineadh an crioth talmhan úd díoghbháil fhada dhóibh do mhachtnóghaidís beagán is níor dhóichidhe rud a thagfadh as an machtnamh ná é 'fhoillsiughadh dhóibh gur páirt d'Éirinn Cúig' Uladh is gur cheart dóibh san a bheith meabhruighthe 'ca na bliadhanta ó shoin. D. — Tá an ceacht foghlumtha le fada 'ca gur Éireannaigh iad a fuair réim is ceannas ó riaghaltas Shasana 's ca' 'na thaobh ná déanfaidís a ndícheall chun a chimeádtha? Ní bhíonn aon mheas ar dhaoine bochta, is cómh luath is 'chífid siad sinne 'dol i saidhbhireacht — rud atá 'ge-s na banncaibh 'á chur i n-umhail go bhfuilimíd — claonfaid siad anall chun ár dtaoibh is fé ghearracht aimsire ní bheidh pus cam ná meill ar aon'ne 'gainn, thuaidh ná theas, thoir ná thiar. S. — Cuireann san ar gcuimhne dham go mbeidh cruinniughadh mór i gceann seachtmhaine i Halla Cruinn an Bháisín ag Cumanntóirí an Bhaileachais Ghaedhealaigh. D. — ce hiad atá le labhairt ann? S. — Tá Mac Socair ó Bhéal Feirste 'gus Ó Sáimh ó thimcheall na Blárnan. D. — Is dócha go raghair ag éisteacht leo. S. — Mara gcimeádaidh aon ní gan choinne leis as me, go deimhin raghad. Amás, beir-se ann? D. — Beidh mé, le congnamh Dé. S. — Tá sé i n-am againne dol a-bhaile. Gura' feárr sibh ar ár dteacht arís, a mhuintir a' tighe, is go gcasaidh Dia an tsláinte ar Dhonnchadh.
D. — Gurab amhlaidh dhíbh, is go ra' míle maith agat, a Sheáin. Ó, nách álainn é ionnfhuar a' tráthnóna? Badh cheart dúinn a bheith amach annso le huair a' chluig. S. — N'fheadar cá bhfuil na daoine sin go léir ag dol, a Dhonnchadh? D. — Go dtí an Amharclainn, a Sheáin. S. — Ó, tá'n ceart agat go díreach. Bhí ollamh i gcomhair na hoidhche 'mbáireach go dtugam turus ar cheann aca. D. — Bíodh sé mar sin. Slán libh. TURUS AR AN AMHARCLAINN. Ag teangmháil ar a chéile tráthnóna an lae 'mbáirigh téighid go dtí an Amharclainn i bhfochair a chéile. Díoltar an t-airgead is tógaid a suidheacháin. Ní túisce 'na suidhe dhóibh ná gluaiseann bean aerach thar brághaid is hata uirthe 'bhfad níos leithe ná pearasól is suidheann cruinn díreach as a gcoinne 'mach. S. — Druid anonn as ár radharc, a bhean chóir, má 'sé do thoil é, a' gcloiseann tú leat mé? B'fhéidir gur a'll'uidhir atá uirthe, a Dhonnchadh. Druid as ár radharc, a mhám, má 'sé do thoil é. I n-ainm Dé dhuit — is ní hé 'mheasas a rádh leat! — fág ár solus! D. — Tá'n bhean bhocht bodhar scun scan, nó b'fhéidir gur le déidheanaighe 'cailleadh a fear is gur ag machtnamh atá sí. S. — Fág an áit sin nó caith dhíot an bodhrán san, má 'sé do thoil é. D. — Ní chloisfeadh an bhean bhocht gártha na n-adharc. Beir ar mhuinilte uirthe is tabhair stathadh beag éadtrom di is bagair anonn as a' solus uainn uirthe. S. — Féach a leith orm, a mhnaoi uasail! A' gcloiseann tú leat me, a mhám?
D. — Beir timcheall na cabhlach uirthe 'gus tarraig anall í nó caith sall as a' slighe í! S. — Táim 'á iarraidh in' athchuinghe ort an cathbhárr san a chaitheamh díot, má 'sé thoil é! D. — Na dubhart leat breith ar chrios a' chuma uirthe 'gus í 'tharrac anall chughat 's annsan tuigfidh sí go dteastuigheann uainn í 'fhágaint na slighe! S. — Béarfad a d'fhonn is tu 'shásamh. Caith dhíot an sciaith chosanta san, má 'sé do thoil é, nó glan as ár radharc mara ndeinir! D. — Á! Is fada dham 'á chlos nár chuaidh Áraistatail riamh amach ar intinn mná. Baintreabhach mheadhrach iseadh í is taithneann do scéimh léi 's is amhlaidh 'tá aiteas uirthe tu 'bheith 'á dingilt. Sin í an chúis ná leogfadh sí uirthe tu 'chlos. S. — Mara mbeadh go bhfuil 'fhios agam gur ag magadh 'taoi do thabharfainn freagra ort. Ná fuil sí cómh mór it sholus-sa is atá sí im sholus-sa is ca' 'na thaobh ná labhrann tú léi is do mhí-shásamh a chur i n-umhail di? D. — Déanfad, má's áil leat é. A uasail-mhnaoi, mara ndruidir as ár radharc nó an hata annspianta san — atá 'cur éiclips orainn — a chaitheamh díot, caithfimíd-na nó tusa an áit seo 'fhágaint! An Bhaintreabhach. — Badh cheart go mbeadh truagh 'g bhur leithéidíb-se dom leithéid-se. Do thánagh annso chun cuid den bhrón atá ar mo chroidhe do scaipeadh, ochón! is ní túisce fhaghaim me féin suidhte ann ná thosnuigheann sibh-se ar chnáimhseáil i dtaobh phéacaigheacht mo hata. C'onnus a gheobhadh aon'ne 'mach gur bhaintreabhach chráidhte 'b' eadh me mara gcaithinn an hata so? Níor bh'fhéidir leo 'dhéanamh 's is mór atá le freagairt aige'n té chuirfidh fearg ná mí-shásamh orm. S. — Nár dhíolamair airgead cómh maith leat-sa is ná teastuigheann uainn radharc 'fhagháil ar cad atá ar siubhal cómh maith leat?
An Bh. — Mara mbeadh gur dhíolabhair ní bheadh sibh annso, acht 'sé fhaid ar a ghearracht gurab amhlaidh theastuigheann uaibh me 'dhíbirt as nó me 'shuidhe ceann-lomnochta, rud ná déanfad díbh! S. — Badh chóra dhuit bailiughadh leat ná leath a bhfuil ag éisteacht leat a bheith ag sciotuigheal gháiridhe fút féin is fúinn-na! An Bh. — Pé leis gur cumhang fágadh. D. — Téanam ort, a Sheáin. Tá'n cluiche geall leis ar leathtaoibh is sinn cómh dall is thán'amair! S. — Mara mbeadh nach maith liom aon tsearbhas a tharrac 'sa tigh seo d'éileoghainn mo chuid airgid ar an mbainisteoir. D. — Scaoil thort an cúrsa so é is b'fhéidir go mbeadh athrughadh tagaithe sar a dtuitfeadh a leithéid amach arís. S. — 'Sa bhfuadar atá 'teacht fé mhnáibh na haimsire seo ní fios cá stadfaid siad ná cad a dhéanfaid siad. Bainfid siad radharc na hUlthóra dhínn cómh maith le radharc an stáitse. Go n-éirighidh an oidhche leat, a Dhonnchadh. AG DOL GO DTÍ AN CRUINNIUGHADH. Donnchadh. — N'fheadar cad tá ag moilliughadh Sheáin, a Nóra? Do gheall sé dham tá seachtmhain ó shoin dol go dtí an cruinniughadh im fhochair. Nóra — Cad é an cruinniughadh, a Dhonnchadh? D. — Cruinniughadh Chumanntóirí an Bhaileachais Ghaedhealaigh. Táid siad chun innsint do-s na mnáibh c'onnus stocaí 'gus lásaí do chniotáil agus do-s na fearaibh c'onnus rotharaibh do mharcaigheacht agus gluais- teánaibh a thiomáint!
N. — Ní dhéanfainn dobhat díobh! Gan amhras ní raibh na fearaibh eagantamhail a ndóthain roim ré, gan iad a theagasc níosa bhfeárr chun dol ar a n-aimhleas! Agus tá na mná le cimeád 'na suidhe ó Luan go Satharn ag cniotáil stocaí raghaidh suas thar na hioscada ar na fearaibh a bheith ag imtheacht fiadhain ar nós ghirrfhiadh an Mhárta! D. — Má dheinid siad stocaí — bídís leabhair nó sciotaighthe — ná díolfar asta iad? Is má dheintear níos mó de rotharaibh is de ghluaisteánaibh 'sa tír ná tairbheoghaidh lucht oibre 'gus lucht céirde dá bhárr? Ná himthigheann mnáibh cómh maith le-s na fearaibh ar rotharaibh 's i ngluaisteánaibh? N. — Mnáibh cothuighthe teasbamhla bhíonn ag imtheacht ar an nós san. Ní bhíonn cúram tighe ná áit ar a bhfurmhór acht ag imtheacht 's ag teacht ar nós na cuaiche. Ní lugha ná chuirid siad aon iomard ortha féin chun an ghárlaigh a bhíonn aca — mar ní bhíonn aca acht ceann ar nós na cuaiche — do chathughadh. Banarthla sholáthruightear chun an chréatúirín bhig a chimeád ón mbás, mar do dhearbhóghfá nár tháinig a ionbhaidh. D. — Caithfidh mé imtheacht im aonar go dtí an cruinniughadh, ón uair ná fuil Seán ag teacht. AN LÁ I NDIAIDH AN CHRUINNIGHTHE. Glaodhann Donnchadh isteach to dtí Seán i mbáireach. D. — Cad a bhí ort nár chuadhais go dtí an cruinniughadh? S. — Do bhí teinneas fiacaile orm is n'fhéadfainn dol ann. Cad 'dubhradar, a Dhonnchadh? D. — An amhla' mheasainn tú go dtabharfainn de ghlan- mheabhair liom gach a ndubhradar ó thosach deire?
S. — Ní hamhlaidh. Acht do cheapas go mb'fhéidir go dtabharfá bríogh a ndubhradar dam. D. — Ó, tuigim! Measann tú dham ceann a bheith orm go raghadh gach a gcloisinn i n-achrann de fé mar a théigheann an pilibín d'íochtar na luinge. S. — Nach maith a dheineadh Maitéas Boidichín cúntas a thabhairt don “tSaoirseach” ar cad adeirtí thall i dTigh na Feise nuair a scríobhadh sé go raibh sé “campálta ann (.i. an Tigh).” D. — Sin é an t-am adubhairt an “Neamhspleádhach” “go raibh dhá chois chlé h-air is droch-bhaluith uaidh,” is áirithe! Tír-ghráidhtheadóir thar bárr ab' eadh é an taice sin, is tá 'rian air, do deineadh breitheamh Gaedhealach de dá bhárr! S. — Is cuma liom cad a dhein sé, anois ná an uair sin, acht cúntas 'fhagháil uait ar rud éigin dá ndubharthas aige'n gcruinniughadh aréir. D. — Mac Socair a labhair ar dtúis is dubhairt sé (d'réir mo chuimhne):- “A chómh-Éireannachaibh, oileán mara é seo do cheap Dia 'mach dúinn-ne an chéad lá riamh. Ní thagann cam'- fheochainí ann — fé mar a thagann i dtíorthaibh eile, — do leagfadh na tighthe orainn, ní lugha ná thagann creatha talmhan ann. Ní'l nathair neimhe ná ainmhidhe fiadhain ann a shloigfeadh it dheigh-bheathaidh tu. Ní thagann breis tiormaigh ná breis teasaidheachta ann, is tigeann de sin go bhfásann furmhór a gcuirtear ann. Do bhí loingeas againn 'á dhéanamh i mBéal Feirste chun gach a bhfásadh ann roimhe seo do thógaint chun siubhail — i bhfochair na ndaoine. Acht tá áthas orm a rádh go bhfuil athrughadh ag teacht, mar táim annso anocht i bhfochair mo dhuine mhuinteartha Ó Sáimh chun sibh a spriucadh chun na n-earraidhe 'gus an bhídh a déintear is d'fhásann sa tír seo do chaitheamh is d'úsáid. Acht so 'dhéanamh, cuirfidh Dia Mór
an raith ar ár saothar, orainn féin is ar ár dtír.” (Gártha maoidhte.) D'éirigh Ó Sáimh is glionndar meidhréise 'na shúile, is dubhairt:- “A dhaoine muinteartha, 'dir fhearaibh is mhnáibh, óg is aosta, saidhbhir is daidhbhir, tá áthas orm sibh 'fheiscint cruinnighthe annso cómh líonmhar les na corra-mhíola” — Do chrom a raibh ar a' láthair ar gháiridhe nuair a cuireadh i gcomórtas le corra-mhíola iad. Budh gheárr gur labhair duine thall is duine eile 'bhfus is go ndubhairt gach duine 'ca ná druidfidís suas ó nádúr fhir na Blárnan an bladar a bheith aige. “Ní raibh aon tslios-bhualadh 'gam-sa leis a' gcloich,” ars' eisean, “níosa mhó ná culaith d'éadach na Blárnan a bheith dá chaitheamh agam. Má dheineann sibh-se an rud céadna is comhairle mo dhuine mhuinteartha Mac Socair a thógaint beidh malairt crotha ar scéimh ár dtíre 'gceann fiche bliadhan ó 'ndiu.” Dubhairt an sluagh go ndéanfaidís 's ar scaipeadh dhóibh do ghuidheadar go dúthrachtach Dia 'shaoradh na hÉireann. Amen, a Thighearna Dia, arsa “Domhnall na Gréine.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services