Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beirt Ghaedhilgeoirí 'na gcomhnaidhe 'sa chathair

Title
Beirt Ghaedhilgeoirí 'na gcomhnaidhe 'sa chathair
Author(s)
Ó Murchadha, Dómhnall,
Pen Name
Domhnall na Gréine
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh
Composition Date
1915
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


BEIRT GHAEDHILGEOIRÍ
'NA GCOMHNAIDHE 'SA CHATHAIR



“S. — Téanam ort anois i n-ainm Dé is, ó tá'n uain fé dhúinn,
bórduighmís ceann des na carbadaíbh teinntrighe le hais an
chúinne seo thall.” — L. 5.


L. v


BROLLACH.



An aiste atá sa leabhar so, do sgríobhadh san bhliadhain
1910 í is an t-ughdar ag cur chum Comórtais a Cúig i
n-Oireachtas na bliadhna soin. Sin é an fáth go bhfuil
cuid de chúrsaíbh an tsaoghail, fá mar thráchtthar ortha
innti, i ndiaidh lámh indiu. Tá ceist na hIolsgoile, .i.
an Ghaedhilg a bheith éigeantach innti, socair ó shoin, agus
tuigthear go maith indiu nár bh'fhéidir aon mhilleán do
chur ar an gCraoibhín mar ghioll ar an gceist sin agus
a fheabhas do stiúruigh sé ó bhun bárr í. Tá sadhas
fáistine nó fáidheadóireachta ar l. a 31 agus do
fíoruigheadh ar fad ó shoin í. Seo mar do sgríobh an
t-ughdar: “D'réir na n-ollmhuighthe atá déanta ag
náisiúnaibh fé láthair i gcóir cogaidh do dhísceoghaidís a
chéile i ngearracht aimsire dá mbeadh sé de mhí-ádh go
dtéighidís 'na bhun.” Fóríor dóighte! ní hé amháin go
bhfuil na náisiúin ag dísgiughadh a chéile, acht tá mórán
mór d'fhearaibh na hÉireann i bhfionntar an phúdair 'na
measg is cuid mhaith aca so marbh cheana ó imirt na
“bplaosgán” ortha.



Ní fuláir nó tá canamhaint mhaith i “mBeirt Ghaedhil-
geoirí” seo agus eolus maith ag an ughdar ar a bhfuair
sé dhi ón tsean-aimsir. I n-Oileán Dairbhre 'seadh
rugadh é mar a dtéidheann Faill Sheamraim go hárd
os cionn na fairrge falcmhaire fíor-dhoimhne. Bhíos féin
i nDairbhre fá dhó agus ní fhéadfainn gan feabhas na
canamhna do thabhairt fá ndeara innti. Do chuir sé áthas
mór orm uair an tráth fuaramar (bhí triúr againn ann
ag cur ár n-eoluis air) an freagra so ó bhuachaill óg:


L. vi


“Is giorra é seo mar bhóthar.” Tá 'fhios ag an saoghal
leis gur ó Dhairbhre d'easgair “Sgeilg na Sgeol,”
“Diarmuid Ó Duibhne” agus sgríbhneoirí eile nach iad.



Dá bhrígh sin, canamhaint Dhairbhre (geall leis, í go léir)
is mó atá san leabhar so. Caint na bhfíor-shean-ionn-
dúirí is í í leis agus a raibh de thaithighe ag an ughdar ar
an díne agus ar an druing sin den phobal. Acht ó
thárla dhó bheith ag trácht ar chúrsaíbh an tsaoghail fá mar
atáid sa domhan mór indiu, b'éigean dó, mar adeir sé
féin, beagán beag focal do cheapadh, agus ciall nua
do bhaint as foclaibh atá cheana ann, agus do ghabh sé
fós le roinnt focal atá ag sgoláiríbh dá gceapadh le
fíor-dhéidheanaighe. Thugas-sa fá eidirdhealughadh eat-
orra so sa bhfoclóir, an méid ab' fhéidir liom é.



Maidir leis an bhfoclóir féin, gheobhthar oiread is céad
is da fhichead focal “nua,” .i. focail nár cuireadh i
sgríbhinn cheana, ann, agus má's “nua” againne iad,
is sean-ársa mórán aca san am chéadna, do réir mar
mheasaim-se. Do chuireas chum iad so do réidhteach do
réir bunadhais agus nuair a theip fréamhacha na Gaedhilge
orm, dob' éigean dam cuimhniughadh ar fhoclaibh den
tSean-Bhéarla (mar do thabharfadh Gaedhilgeoirí air) agus
iad do tharrang chugam, ní hé gur mhaith liom a dhéanamh
amach gur ón mBéarla tháinig aon fhocal díobh acht an
fhiadhnaise bheith ró-láidir i gcoinnibh bun Gaedhilge
bheith fútha. Na daoine nach taitneann an ghnó soin leo,
maithidís dam í agus gurab í gnó is déidheanaighe den
tsórt is féidir dam a dhéanamh do Chonnradh na Gaedhilge í.



I dtaobh na cainte féin agus a brígh, ní baoghal nach
dual athar agus máthar don ughdar í. Tá sí, má's
ceart mo mheas-sa air, do réir mar do chloisinn féin
sean-ionndúirí na Gaedhealtachta ag cur síos ar
chúrsaíbh an tsaoghail, nuair a bhíodh caoi agus faill agam


L. vii


ar bheith ag éisteacht leo, rudaí gearra, .i. sgéilíní
deismireachta, agus seanfhocail fighte fuaidhte tríd an
gcaint féin, &rl.



An téx agus an leitriughadh atá sa leabhar, thugas
iarracht ar iad do chur ar aon nós amháin tríd síos. Má
theip sé orm é sin do dhéanamh annso is annsúd, is baoghlach
gurab í an luasgánacht is gnáthach i gcanamhaint fá
ndeara dham é. Is minic do-chífear díchneadh tosaigh
do réir chanamhna agus glanadh (.i. ionnarbadh) eile nach
é. Do leigeas don tarmoircheann (.i. don déidheanach)
-aibh, -ibh 'na chomhartha ainmneadha agus áinseadha iolraidh
agus a fhios againn ó aimsir Sheaáin Uí Dhonnabháin anuas
go n-úsáidthear mar sin i gCiarraighe é. * Táid rudaí
eile ann .i. fuinneog agus finneog, -álta agus -áltha,
&rl.; dob' fheáirrde iad so aon nós amháin ortha, acht
is fíor-bheag díobh atá ann. B'fhéidir leis nár cheart
dam “mBreatain” do chur i n-ionad “mBreitin”
ar l. a 34; ní'l do chosnamh agam ar mo bheart annso acht
gur feárr a tuigfidhe as an gcéad cheann, agus, rud
eile, mé gan an chanamhaint féin d'aireachtaint. Sin
rud do ghoill orm tríd síos. Mairg nach cloiseann an
chanamhaint sa chás so, adeirim-se. Truagh nach raibh caoi
chainte agam leis an ughdar, mar do bhíodh agam le
Mícheál Mhag Ruaidhrí. Dá mbeadh, bhí gach aon rud
soiléir solusmhar agam.



Caithfead buidheachas mór do ghabháil leis an ughdar
i dtaobh a dtug sé de chungnamh dam ag míniughadh na
bhfocal gcanamhna úd go dtabharfaidís sgoláirí


L. viii


“Dairbhreachas ar leithligh” ortha. Go deimhin féin,
maidir leis sin de, is é a obair féin atá ins an Tagra
agus ins an bhFoclóir, cé gur mé féin a chuir i sgríbhinn
iad. Tuigthear leis nár cuireadh “D. Ó. M.” le gach
aon rud agus a dheacracht dam bheith dá shíor-sgríobhadh.



Badh cheart dam a rádh sa deireadh thiar thall gur tugadh
duais speisialta ón Oireachtas don aiste atá sa leabhar
so. Tá súil agam, ag cur mo bheannachta léi, go ndéan-
faidh sí gar agus maitheas do na léightheoiríbh gheobhas idir
lámhaibh í.



SEOSAMH LAOIDE.


L. 1


BEIRT GHAEDHILGEOIRÍ 'NA GCOMH-
NAIDHE 'SA CHATHAIR.



Donnchadh (ag gabháil isteach go tigh Sheáin) — Dia 'steach
'sa teach so.



Seán — Dia 's Muire 's Pádraig duit, a Dhonnchadh, is
Dé do bheatha. Eachtruigh dúinn do scéal.



D. — Is obann a theastuigheann scéalta uait. Ná
tabharfá uain do dhuine a anál a tharrac sar a gcuirtheá
a leithéid sin de cheist chuige.



S. — Airiú, níor chuimhnigheas orm féin. Dar ndóigh,
dá mbeadh aon tsop luachra le fagháil agam is amhlaidh
badh cheart dam é chrothadh féd chosa, suidheachán a sholáthar
duit is a bheith ag cuimilt bhaise dhíot nó go dtigtheá
chughat féin! Mo ghraidhin thu, a dhuine bhoicht, badh cheart
dam 'fhios a bheith agam go raibh giorra análaighe ort is
gur bh' éigean duit tamall suaimhnis 'fhagháil sar a mbeadh
na feadáin réidhtighthe agat!



D. — B'fhéidir nár ghádh dhuit an magadh. Táim cómh
sláinteamhail leat féin, moladh le Dia, acht, t'réis pas
coisidheachta 'dhéanamh i n-aghaidh na gaoithe agus a bheith
a d'iarraidh cúladh 'gus claonadh anonn 's anall ó
thrucaillí 's ó charráistí do bhraitheas me féin beagán
geócálta, rud a bhainfeadh duit-se cómh maith liom.



S. — Ní'l aon amhras ná fuil an ceart agat, a chara,
acht, nuair a bhíonn duine go tóstalach le hais na teine
ní mheádhann sé in' aigne go mbíonn an uain cómh dona
lasmuich.



D. — Do cheapas ná raibh fear 'sa chathair nár bhraith agus
ná braitheann na scalaí 'gus na cam'-fheochainí, na


L. 2


ceathanna sneachtaidh agus flichshneachtaidh atá ag síor-
thuitim.



S. — A' ndeireann tú liom go bhfuil sé cómh dána san?
Níor chuas ar a' dtaobh amuich den dorus indiu agus
ní lugha ná 'innis aon'ne dham go raibh sé cómh fear-
thannamhail.



D. — Mara mbeadh go bhfuileann tú bodhar nó go raibh
slaod chodlata ort, ní bheifeá ag braith ar aon'ne chun
é innsint duit.



S. — Admhuighim go bhfuil beagán a'llbhuidhre orm, acht
i bpáirt an chodlata, táim im dhúiseacht ó dhearg-mhaidean,
is níor shamhluigh sé dham go raibh a' lá as meón, mar
adeireann tusa.



D. — As meón! ná labhair air mara bhfuil dhá chúntas
agat acht mar sin. Cá beag duit de thuairisc air go
bhfuil sreanga na cathrach caithte ar muin mailc a chéile
anonn 's anall soir agus siar is gan scéala le fagháil
ó aon áird fé láthair acht ó bheagán de cheanntaraibh na
hÉireann agus ó fhíor-bheagán is eadh é.



S. — Má tá sé cómh dona san raghaidh sé dian ortha
Toirdhealbhach a chur thiodhlacan indiu. Acht tá sé ráidhte
gur “sona don anam a cuirtear 'sa bhfearthainn.”



D. — An t-anam a cuirtear 'sa bhfearthainn! Is 'mó
tuata chuala ag caint riamh, acht is sin aighneas nár
chuala ag aon'ne acht ag breallsún gan tuisgint gan
eolus gan tabhairt fé ndeara air féin.



S. — Bog breágh. Tóg réidh a' scéal, dá dheisbhéalaighe
'taoi. Ná fuil 'fhios agat-sa cómh maith liom-sa nách
féidir an t-anam a thiodhlacan? Agus anois, dá ndeirteá
gur “sona don chorp a cuirtear 'sa bhfearthainn” cad
a chiallóghadh sé? An amhlaidh adéarfá ná dreoghfadh an
corp 'san uaigh? Dá n-abarthá déarfá dearg-éitheach,
a bhuachaill. Gan amhras, tá oideasaí áirighthe chimeádann
an corp gan dreoghadh, cuir i gcás corp Dhomhnaill Uí


L. 3


Chonaill (beannacht na ngrást le n'anam, acht ní
hamhlaidh ag corp Thoirdhealbhaigh bhoicht é (go ndeinidh
Dia trócaire air).



D. — 'Seadh, go ndeinidh Dia trócaire ar a chorp! Ná
déarfá beannacht Dé le n'anam agus do thuigfinn tu?
Ní déarfá, acht cama-bhóithríní 'gat ag paidreoireacht
fé mar a bhíodh ag Bhailís ag léigheadh a leabhair úrnuighthe.



S. — Cad iad na cama-bhóithre iad so thugadh Bhailís
air ag léigheadh a chuid úrnuighthe?



D. — Do bhí, nuair a thosnuightí ar an Aifreann do
chaitheadh Bhailís é féin ar a ghlúine i lár a' tséipéil is
d'oscaluigheadh a leabhar is le méid na geoine bhíodh aige
n' fhéadfadh aon'ne i ngearracht seacht slata dho Paidir
na Cré a rádh.



S. — Caithimís uainn an casadh 's a' bearradh so is
téighimís fé dhéin na sochraide fé mar a dhéanfadh Críos-
taidhthe maithe.



D. — Téanam ort i n-ainm Dé.



S. — Ó, Dia lem anam! Dá fhaid dam im beathaidh
n'fheaca a leithéid de shuathadh fachta ag polaí 's ag sreanga.
Tá sé cúntabharthach do dhuine ná do bheithidheach a bheith
amuich leithéid a' lae indiu. Tá'n tsochraid ag déanamh
orainn 's is ádhbharach mar atá; adhbhar ní gádh dhúinn
breis coisidheachta 'dhéanamh as so go dtí an roilig. Ó,
'riú, 'Dhonnchadh! Féach ceann de-s na capaill sínte!
Dar Fiadh, tá sé sínte marbh! N'fheadar 'on tsaoghal
cad imthigh air cómh tapaidh.



D. — 'Neosfad-sa san duit. Ceann de shreanga na
teinntrighe do thuitim anuas ar dhrom an chapaill is é
'mharbhadh ar a' láthair. Is cuma é nuair nár caitheadh
an chómhra amach ar a' mbóthar agus nár marbhuigheadh an
giolla cómh maith.



S. — Abair gur thuit an tsreang ar dhrom an chapaill
féin, nách uathbhásach mar marbhuigheadh gan aon ré haitrighe
é?


L. 4


D. — Nach baoth a' duine thu? Ná fuil 'fhios agat go
bhfuil crúba ar a' gcapall is nuair a théigheann saighead
na teinntrighe tríd ní féidir leis é 'fhágaint .i. cimeádann
na crúba é is dá bhárr san ní'l dol as aige gan é
'mharbhadh. Badh mhaith cothuighthe an capall é siúd, is dá
mbeadh sé i dtíorthaibh eile do bhainfidhe súghlach as a
chnámha 'gus méithras as a chorp. Fé mar atá fé láthair
is amhlaidh thionnlacófar fé dhéin na trágha é 's é 'chaitheamh
le hais splínnce éigin nó taobh le cnocán grinn chun
éisc sliogánaigh a chothughadh.



S. — A' dtuigim uait go n-ithtear i dtíorthaibh eile na
capallaibh? B'fhéidir gur dearmhad atá 'gam 'á dhéanamh
nó gur thógas bun os cionn an scéal. Gan amhras badh
mhaith an béile dhéanfadh sé do chonthairt; acht, má taoi
'd'iarraidh a chur ag luighe lom orm go n-úsáidfeadh aon
Chríostaidhe é chun a chuirp féin a shásamh, caith uait a'
scéal. Agus, dar go deimhin, ní mí-dheá'rataighe an duine
'á húsáid ná éisceanna, rogha 'ca béalaibh nó sliogánaibh
a bheith ortha.



D. — Nuair a leogann tú réim féd theangain ní
fuiriste tu 'chosg. Acht cuirfidh an fhírinne béal dhaoine
is deagh-labhartha ná tusa 'na gcomhnuidhe. Tá cuid
d'fhearaibh oibre Shasana t'réis turuis a thabhairt 'sa
Ghearmáin le déidheanaighe innisid do chách go bhfuil
feoil na gcapall dá húsáid go fórleitheadamhail ann —
ní hag madraíbh, bíodh 'fhios agat, acht ag daoine. Tá
sí dhá húsáid 'sa bhFrainnc agus istigh 'n-ár dtír féin
acht sinn a bheith cómh maol is ná fuil 'fhios againn. Níor
cheart dam a rádh go bhfuilimíd go léir neamheolgaiseach
ar a leithéid seo 'bheith amhlaidh. Tá lucht na Gaedhilge
ag teagasc na tíre nó muintir' na tíre agus má dheinid
siad a gcomhairle is ró-shuarach a gheobhaidh an coigcríochach
dá gcuid tuilleata ar fheoil chapall ná bhulán. Lochtuigh-
eann tú mise i dtaobh a bheith áithféiseamhail, mar 'dh eadh,


L. 5


agus taoi féin t'réis a rádh ná híosfadh aon tsaghas éisc
feoil chapaill. Ní gádh dham dol thar an eascoin.
D'íosfadh an eascú 'dir chapall is shiorrach iad, 'dir bhoin
is ghamhain agus tú féin 'na bhfochair (Dia 'dir sinn is
an t-olc) dá bhfaghadh sí an éalag ort, rud gura' fada
go bhfaghaidh.



S. — Is áluinn iad do ghuidhthe, go raibh maith agat.
Táimíd ag geata na roilige 'nois is stadaimís den
aighneas go fóil. Tá sé ráidhte ná faghaidh aon'ne aon
loghadh ná déarfaidh a chuid úrnuighthe sa roilig le hanam
an mhairbh is ná brisimís-na an dlighe. Tá sé coisgithe
mar a' gcéadna seile do chaitheamh amach ar aon uaigh.



D. — Is olc a' sás mise chun paidreoireachta, acht go
bhféadfainn Paidir, Cré 'gus Ábhé-Máire do rádh, do
bheo nó do mharbh — is sin a bhfuil ann, is i bpáirt na seilí
níor ghádhtar d'aon'ne gan mhuthar gan ghalar iad do
chaitheamh amach acht gan a bheith ag dúdáil tobac fhaid
a bheadh sé 'sa roilig.



S. — Téanam ort anois i n-ainm Dé is, ó tá'n uain fé
dhúinn, bórduighmís ceann des na carbadaíbh teinntrighe
le hais an chúinne seo thall.



D. — Bíodh sé amhlaidh. Is dócha ná deineann sé aon
deifir ceoca ceann bárr-oscailte nó ceann clúduighthe
thabharfaidh iomchar dúinn. Caithfimíd díol as gach ceann
aca.



S. — Go raibh maith agad bharamhail, a Dhonnchadh! Ná
fuileann tú t'réis a rádh “nár ghádhtar d'aon'ne gan
easláinte seilí do chaitheamh amach, mara mbeadh buirithí
tobac a bheith aca 'á scaoileadh le gaoith.” Mara bhfuil
dúil i dtobac agat-sa tá dúil na n-ae 'gam-sa ann, is
go deimhin, ó's rogha dhúinn aon cheann is maith linn a
thógáil, tógfaimíd an ceann bárr-oscailte.



D. — Bíodh sé 'na mhargadh, a mhic-Ó. Brostuigh ort
anois, a Sheáin. Badh chóir dhuit 'fhios a bheith agat ná


L. 6


fanfadh cuid de-s na bioránaigh ghiollaí seo led mhithidí.
Dhá thicéad annso, led thoil. Sidé an díol, is go raibh
maith agat de bhárr do chúirtéise — clic is chun siubhail.



S. — Do ghortuigheas cnámh mo lurgan ag teacht aníos
an staighre; acht ón uair nár imthigh aon ní ba mheasa
orm, ní ceart dam gearán.



D. — Ná gearán; ní'l milleán le cur agat ar aon'ne
acht ar do chuid aimilidheachta féin. Badh dhóil le haon'ne
chíodhfadh ag drapadóireacht an staighre thu gur dhá chois
adhmaid a bhí agat, sain nó go rabhais i dteideal “Tárlabh
na Seann” 'fhagháil ón gcéad lá fuair éinne i nÉirinn
é. Is dócha gur'b é an suathadh thug a' ghaoth ar maidin
duit a laguigh do mheanmnaigheacht. Dar ndóigh, cad ab'
áil liom ag caint? Taoi ag déanamh suas ar na trí
fichid is beir ag fás síos gach lá feasta ar nós earball
na bó.



S. — Ní chuireann an t-éitheach clog ar do theangain, agus
dá gcuireadh badh mhaith a' scéal é. Cé dubhairt leat-sa
go rabhas ag déanamh suas ar na trí fichid? Is fada
buidhe uaim é, agus dá mbeinn ar a' leabhar ar an
neomat so dhearbhóghainn go bhfuileann tú féin i ngearr-
acht bliadhna nó beagán suarach os a chionn dom aois.



D. — Ní chuireann an scaothaireacht tart ort-sa, is dá
gcuireadh badh mhaith a' scéal é. Nách um Lughnasa rugadh
thusa — d'réir do theistiméireachta féin — sa bhliadhain ocht
céad déag seacht déag is daichead, is fágann san i
ngearracht seacht mbliadhna do-s na trí fichid tu. Anois
cá bhfuil an t-éitheach? “Is dóil le fear na buile gur'b
é féin fear na céille,” 's is dóil leat-sa má taoi féin
'dir chromadh is liathadh gur cheart don tsaoghal eile 'bheith
ar an aiste gcéadna. Fiannaidheacht, a mhic-Ó! Glac
i bpáirt mhaitheasa t'aos is ná bí 'á chur ag luighe lom orm-
sa ná ar aon'ne eile cómh maith gur fear óg éadtrom an
taice seo 'd shaoghal tu.


L. 7


S. — Dá dtugainn gearr-aighneas duit do chimeádfá
gan gal tobac go hoidhche me. Ní beag dam mo lurga
ag cur orm is gan tusa 'bheith ag méadughadh ar mo phianta.
T'r'om (.i. tabhair dham) lasán is caith uait an magadh.
Sláinte chugat is cabhair is dealbh go deo ná rabhair.
'Seadh anois, cé déarfadh ná fuil subháilceas i ngal
tobac? Má déarfadh, déarfadh sé bréag.



D. — Éist liom-sa go fóil —



S. — Ní hag teacht rómhat air sin é, éist go fóil go
gcríochnuighead-sa mo scéal.



D. — Lean ort, má's áil leat é, a scligeálaidhe.



S. — Go raibh maith agat bharamhail! Acht chun leanmhaint
ar mo scéal, cuireann an fhoidhne dheineas ar a' bpíb a
dheargadh ar gcuimhne dham gabha bhí 'na chomhnuidhe i
gConntae Chorcaighe: Do rith sé gearr i dtobac is
dubhairt sé le fear a bhí ag feitheamh le beagán árduighthe
f'reach mar a raibh aige nó go dtéigheadh sé go tigh gaimbíne
bhí 'sa chomhursanacht a d'iarraidh blúire tobac. D'fhan
a' fear mar a raibh aige is d'imthigh a' gabha ag soláthar
a' tobac. Isteach leis is dubhairt le pé duine bhí 'stigh
caisnín tobac a shíneadh 'mach chuige. Dubhairt an
cimeádaidhe tighe leis ná raibh scraiteal fé iadhadh an
tighe is as leis go tigh eile ná raibh ró-fhad' ó bhaile. Do
tháinig gal-mhian air nuair a heitigheadh 'san gcéad tigh
é is nuair a shroich sé an tarna tigh do bhí runnaí leis.
Isteach leis go hiomshaotharamhail 's is ar éigin a bhí sé
thar táirsigh nuair adubhairt sé go haithrinneach tobac
a thabhairt do. Do fuair sé an freagra céadna annso
do fuair sé sa chéad tigh.



Badh cheart dam a rádh gur fhág sé an cheárdcha ceann-
lomnochta, mar ní raibh an chéad tigh i bhfad uaidh, acht chun
scéal gairid a dhéanamh de do lean sé air ó thigh go tigh
gan an tobac 'fhagháil nó gur shroich sé cathair Chorcaighe.
Isteach leis go tigh an chéad tobacadóra do casadh 'na


L. 8


shlighe is scéan buile 'na radharc, a ghruaig 'na táithibh
anonn 's anall is allus go flúirseach le n-a ghruadhnaibh.



Do ráinig saighdiúir istigh roimis is d'fhiafhruigh sé dhe
ar mhisde dho a chás 'ínnsint do. Dubhairt an gabha go
raibh scéal ait aige le n'ínnsint is d'innis do fé mar
inniseas-sa duit-se. Ar an am gcéadna do bhí an
siopadóir ag gearradh an tobac is dubhairt leis a'
ngabha, dá mhéid an coinnithe bhí air chuige, go gcuirfeadh
sé púnt tobac i gcoinne 'fhiacha ná hólfadh sé lán na
pípe dhe. Do chuirfeadh a' gabha an cheárdcha leis go
ndéanfadh is do líon píop nuadh suas go barra is d'adhain
í. Pé faill a fuair a' saighdiúir ar fhear a' tsiopa, do
chogair chuige an gabha is dubhairt leis í 'dheargadh go breágh
bog is cúpla pluc maith a bhaint aisti is í thógaint as a
bhéal is a bheith ag comhchaint leis féin is leanamhaint di
ar an nós san, 'á plucuigheal is 'á baint as a bhéal nó go
dtarraigeadh an luaith aisti. “Nuair a bheidh san déanta
'gat,” ars' eisean, “buail ar chroidhe do dheárnann í is
súigh suas id shróin an luaith, is beidh an geall buaidhte
'gat.”



Do dhein an gabha mar ar chomhairligh an saighdiúir do:
do bhuail ar a bhais an luaith is do shúigh suas 'na chuinncín
í is le n-a linn sin do chuir cúpla sraoth áluinn as.



“Donas duais ar t'oide múinte,” arsa fear a' tsiopa.
“Níor casadh duine fós riamh orm a bhuail amach me acht tu.
Is,” ars' eisean, “mara mbeadh an teagasc a fuairis-se,
ní gheobhadh do leithéid de thuamánach an ceann ab' fheárr
orm.” “Bog a' t-aighneas,” ars' an gabha, “is caith
amach streannda den tobac san chugham.” Do gheárr sé
an púnt tobac is do thug go tormaisteamhail do é is
chun bóthair go troigh-éascaidh leis a' ngabha.



D. — Beannacht Dé le hanmann scéil gan daith. Acht
peoca fíor nó áithféiseach é níor ghádhtar duit-se ná don
ghabha cúram a' tobac a tharrac oraibh mara mbeadh go


L. 9


rabhabhair araon 'nbhur ndailtíníbh. Dá gcuireadh
aithreacha 'gus máithreacha na ndaoine smacht ortha i dtosach
a saoghail níor ghádhtar dá lán aca 'bheith fé ghlasaibh agus
fé bholltaíbh. Inneosfad-sa dhuit-se, fé mar innisis-se
dómh-sa, scéal dochraideach a bhain do gharsún áirithe.
Do thug sé a bhaile spíonóg ghleoite chun a mháthar, is níor
bh'ise an bhean ar an am sain chun é 'chruaidh-cheistiughadh,
is nuair nár dhein do ghlac sé bog an scéal. Badh gheárr
'na dhiaidh san gur thug sé sluid ní ba luachmhaire leis is
do scaoil an mháthair laistiar síos di é mar a dhein leis
a' spíonóig. Do chuaidh sé ní ba dhoimhne is ní ba throime
'sa scéal nó gur beireadh 'sa bhfoghail air i ndeire na
dála. Do daoradh 'na chortha é is d'iarr sé d'athchuinghe
ar cheannaibh na dlighe fios a chur ar a mháthair do i dtreo
's go bhféadfadh sé beagán focal a rádh léi sar a scaraidís
go deo le chéile. Do haontuigheadh le n'athchuinghe is
tháinig an mháthair bhocht is í n-annrachtaibh. “Ó, 'riú
'mháthair na gcarad,” ars' eisean, “druid liom a leith
is sáthuigh do theanga 'steach im béal; ní sháiseoghadh aon
ní badh lugha me 's a' cion thar fóir atá 'gam ort.” Do
dhein an mháthair bhocht mar órduigh sé dhi, acht do bhí malairt
na ceana i n-aigne an mheic. Cómh luath is bhraith sé an
teanga 'na bhéal do luigh sé uirthi is chaith an barra scun
scan di. “Anois,” ars' eisean, “dá mb' áil leat-sa
cíoradh 'thabhairt dómh-sa an lá sholáthruigheas an spíonóg
chughat i n-inead me 'ghlacadh go macnaiseamhail, níor
ghádhtar dam a bheith 'sa treo 'na bhfuilim.”



Níor ghádh dhuit-se cúram a' tobac a tharrac ort leis
mara mbeadh nár smachtuigheadh it óige thu. Is dócha go
ndéarfair go raibh sé saor ar an am 'n-ar tharraigis de
chéird chughat é, acht, mara mbeadh sé acht piginn a' cromadh,
fé mar a bhí 'sa tseana-shaoghal, do bheadh sé ró-dhaor.
Cad é an mhaith é? Ní'l sé riachtanach chun cothuighthe
chuirp ná anaim? Ní'l sé riachtanach 'dir ló ná dh'oidhche?


L. 10


Féach ar an achrann atá fé láthair mar gheall ar an
árdughadh 'tá curtha air féin 's ar uisce beatha. Do
cheap Llaoid-Sheoirse ná cuirfeadh an cháin seo puinn
teannais 'na mhealbhóig nó do leog sé air go háirithe.
Acht féach c'onnus mar atá an scéal. Deir daoine
deagh-thabhartha suas go bhfuil dhá mhilleon de bhreis
curtha ar Éire. Admhuighim go ndeir a thuille 'ca gur
áithféis é seo, is ná sroisfidh an bhreis ceathramhadh cuid
a ndeir lucht na háithféise.



S. — (T'réis tiúrlacan dóibh) A' bhfeacaidhis an bheirt
iúd do bhí 'na suidhe as ár gcoinne 'nonn?



D. — Do thugas fé ndear iad ag cur cruite 's gothaidhe
ortha féin. Is áirithe gur cuid de sheoiníní an Bhéarla
iad.



S. — Do chuireas an cheist chughat féachaint a' rabhais
cómh géar-chúiseach is a leogann tú ort é, is chím go
bhfuileann tú. Nach ait na daoine 'tá sa tír seo?
Daoine lán de ghrádh 'gus de ghean do nósaibh a dtíre;
daoine ghoilfeadh le gol is do gháirfeadh le gáire
Chaitlín Ní hUallacháin; daoine eile boigéiseach ar a
ceasnuighthe agus daoine eile fós nách lugha ortha an fhéith
fhann ná éinne mholfadh a teanga, do mhaoidhfeadh a
tréithe ná do chuirfeadh suim 'na hársacht.



Do chualaidhis cad a dhein an leathóg nuair a ghaibh Naomh
Pádraig thar an abhainn?



D. — Níor chuala, mhuise. Cad a dhein sí?



S. — Lá dá raibh Naomh Pádraig ag gabháil thar abhainn
áirithe do ráinig le leathóig a bheith ag pileáil san uisce
is cómh luath is chuaidh sé ar a' bport anonn do chuir an
leathóg cor 'na béal is dubhairt “Siúd é sall Pádraig!”
“Go bhfanaidh do bhéal mar atá sé!” arsa Pádraig is
d'fhan ó shoin.



Mara mbeadh ná fuilim-se tugtha d'eascainidhe do
ghuidhfinn dóibh siúd ó chianaibh an dreach a bhí ortha d'fhan-
amhaint ortha.


L. 11


D. — Do ghuidhfeá! Dia linn, is mór a' mhuinighin atá
'gat asat féin! Aithnighim má fuair Naomh Pádraig
a ghuidhe don leathóig nár mhór duit-se do ghuidhe 'fhagháil
do-s na seoiníní. Do dheineadh Naomh Pádraig míorbhailtí
is má dheineadh tá atharrughadh tagaithe ar a' saoghal ó
n-a ré sain go dtí so. Ní'l míorbhailtí dá ndéanamh
anois — follusach go háirithe — is dá mbeidís féin do
bheadh do bhaitheas-sa cómh geal le sneachta Charráin
Tuathail, rogha 'ge gruaig a bheith air nó dhe, sar a
bhfaghthá guidhe dhuit féin ná d'aon'ne eile, bídís ceannsa
nó mailíseach.



S. — Mara mbeadh go bhfuil deabhadh a bhaile chun mo
dhínnéir orm do thabharfainn freagra géar gonta ort
go mb'fhéidir ná raghadh síos ró-mhaith leat.



D. — Ní gádh dhuit dol a bhaile. Gabhaimís isteach go
Proinnteach na nGlasaraí mar nuadhacht agus geobhaimíd
ár sáith ann cómh maith le n-a mhalairt.



S. — Fé mar adubhairt an siota le n-a mháthair:



“Mara bhfuil isna flaithis acht aingil is ceolta,
C'onnus a gheobhadh bolg bocht folamh aon spórt ann?”



Má's gabáiste, cairéadaí, meacain, prátaí is mísleáin
is mar sin dóibh atá le n'ithe 'gam-sa, éirighim dó' lom
asta. Tugaidís a gcuid glasaraí do mhadraíbh is do
mhucaibh na cathrach nó d'amadánaibh na cathrach, má's áil
leó é, acht 'on deamhan piginn ruadh dhíolfad-sa leo asta.
Dá mb' í Aoine an Chéasta nó Céadaoin a' Luaithrigh í
déarfainn rud éigin leis a' scéal, acht ní hiad, is ní'l
trosgadh ná tréidheanas ann, nó ar a' lá 'ndiu, badh cheart
dam a rádh. Lá maith chughat.



D. — Go n-éirighidh do bhóthar leat, a Sheáin. Tá
aithreachas orm nár dheaghais im fhochair. Ná dearmhad
glaodhach i mbáireach fém dhéin, ag teangmháil ar a chéile
'dir meádhon lae 's tráthnóna.


L. 12


AN TARNA LÁ.



Donnchadh. — Cad é do mheas ar chomhrádh an lae 'ndé?



Seán. — Tá meas mí-chéadfach agam orm féin i dtaobh
ruith do bhéil a scaoileadh leat. Badh dhóil le duine ort
gur bh'iad lucht caithte an tobac is lucht ólta na biotáille
bhí ag séadadh chiste Llaoid-Sheoirse. “Is sleamhain iad
leacacha na ndaoine móra,” deirtear. Is sleamhain na
lánaí 's na leirgí talmhan atá 'ca leis. Ná fuil cáin
'á chur ortha so? Ná fuil cáin le cur ar an udhacht a
dhéanfaid siad? Tá, 'gus ar urradh 'gus ar bhanna cómh
maith.



Ní le dailtínteacht a thosnuigheas-sa ar thobac a
chaitheamh, acht me bheith bog méith ionnam féin is le
hórdughadh an dochtúra do chromas ar ghal a bhaint as a'
bpíp. “As an obair fhachtar an fhoghluim,” adeirtear,
's is ón mbeagán a thánagh-sa 'steach ar an gceathramhadh
phúint do chaitheamh 'sa tseachtmhain.



D. — Ar bhraithis aon mhaitheas aige 'á dhéanamh duit?



S. — Ná dubhart leat gur do dhaoine ramhra méithe tá
sé órduighthe; is ó táim cómh slím leat-sa 'nois, ní
fuláir nó dhein sé maitheas dam. Mara ndeineadh sé
aon mhaith go deo dham, ní eiteoghainn píop ag sochraid
ná ag tórramh. Tá tobac ceapuighthe ar thórraimhí a
d'fhonn is go nguidhfeadh daoine le hanam an mhairbh
imthigh ar shlighe na fírinne. Bíonn tórraimhí príobháideacha
ann; glasaibh ar na dóirse 'gus comhlainí nó cláracha
ar fhuinneogaibh. Ní bhíonn tobac ná snaois ortha so;
ní bhíonn gol ná mairg 'na ndiaidh acht 'oiread is bheadh
i ndiaidh an bheithidhigh aingciallta. Sidiad na daoine
móra, slán mo chomhartha! — daoine Gaedhealacha do chaill
nósaibh agus tréithibh uaisle a sean agus a sinnsearaibh
a d'fhonn aithris a dhéanamh ar a' sumaltach Seán Buidhe.



D. — Ní thuigim cad é 'n gnó 'tá ag daoine ag tabhairt
tobac ná snaoise uatha ag tórramh ná ag sochraid, ní


L. 13


lugha ná thuigim cad ba bhun leis an chéad lá riamh a
ceapadh é.



S. — Cion do dhearmaid agat. Ní mar sin dómh-sa, tá
'fhios agam cad ba bhun leis. Baintreabhach bhocht dhealbh
gur tháinig fiabhras butach (slán mar a n-ínnstear é)
ar a' t-aon mhac a bhí aici is dob' éigean di é 'chónnlach
i mbotháinín shuarach istigh i bportach, mar aicíd thógálach
iseadh an fiabhras so is do bheadh sé contabharthach indiu
ná an lá san imeasc bhaile daoine. B'é críoch a' scéil
gur cailleadh an mac ar a' mnaoi mboicht is go raibh sí
go brónach aonarach ag faire na hoidhche air nuair a
síneadh an ghéag isteach thar dorus is go ndubhairt an guth
gur “bh'shin é luibh an uaignis.” Ar an am gcéadna do
leogadh pláta tobac is píop in' fhochair ar a' mbórd. Do
dhearg sí an phíop is do scaip a cuideachtanas mórán de
n-a brón is de n-a haonaránacht.



D. — Tá sé ráidhte gurab é an fiabhras “fuath na
bhfíor-charad” 's is fíor é. Mo ghraidhin an bhaintreabhach
bhocht, do fuair sí bog-scamhradh — má's fíor tusa. “Is
mór ar a gcuimhnigheann an té bhíonn díomhaoin,” adeirtear,
is go deimhin féin, nuair a leagann tusa cead raide led
theangain, ní'l aon choinneamh le n-a gcuimhnigheann tú
air. Deirthear go gcuimhnigheann daoine meisce ar a'
rud ná raibh riamh amhlaidh, acht ní gádh dhuit-se meisce ná
míchiall a bheith ort chun deimhne 'dhéanamh den scéal
“adubhairt bean liom go ndubhairt bean léi.” Tá sé
ag déanamh ar am dínnéir is raghaimíd go tigh ithteacháin
ná beidh práta ná meaca ann, má's áil leat dol ann.



S. — A d'fhonn is tu 'shásamh, téanam ort.



D. — A d'fhonn is mise 'shásamh! Aithnighim ná fuil
aon easba ná amhngar ort-sa a d'fhonn mise 'shásamh!
Badh cheart duais a thabhairt duit i dtaobh an smaoinimh
sin! Acht tá slighe eile chun a dhéanta. Díolfad féin
as a' bproinn. (Ag bualadh isteach 's ag suidhe) Proinn
do bheirt annso, a fhreastalaidhe?


L. 14


An Freastalaidhe. — Cad is meon libh 'fhagháil, a dhaoine
uaisle?



D. — Ainbhruith girrfhiadh, coinín, cúpla naoscach, feadóg
sléibhe, stiall de chábún Franncach, stráice de lubhán,
sciobalach de laogh biadhta, téi 'gus 'rán mine coirce.



An Freastalaidhe (ag tochas a chinn). — Is fada dham
ag freastal ar dhaoine, acht a leithéid de mhíniughadh chun
dínnéir níor chuala riamh! Soup, feadóg sléibhe, a
whistling slough!



S. — Tá sé curtha 'sac agat cómh mór is cuireadh riamh
é. Féach a' ghrainc chráidhte 'tá air. Is dócha ná
tuigeann sé leath ar ainmnighis do!



An Freastalaidhe — Seo dhíbh iad is go ndeinid siad
maitheas díbh, is ní hé mheasas a rádh libh. Seo 'rán bán;
ní'l min choirce le fagháil.



D. — Go ra' maith agat, a fhreastalaidhe. Go deimhin,
tá sé ceadaighthe d'aon'ne a rogha biadh 'órdughadh, 'sé sin,
má tá a phóca fé dho.



S. — Tá, acht do dhallais le hainmneacha nár chualaidh
sé riamh é. Go fírinneach, n'fhéadfainn-se iad d'athnasc.



D. — Ní'lim-se 'á iarraidh ort. Ith do mheón is scaoil
tharat iad. Mara mbeadh aithreacha 'gus máithreacha na
ndaoine, níor ghádhtar dóibh gan fios maith a bheith aca
ortha féin is ar ainmneacha 'tá imthighthe amugha uatha.
Tá na céadta daoine i nÉirinn indiu ná raibh ailm ná
beith ag á muintir. Cad a labhair na daoine sin? Do
labhradar Gaedhlainn bhlasta, 'mhic-Ó. Tá mórán den
teangain ag á gcloinn acht go bhfuil sé suidhte áitighthe
ortha gur mí-chreideamhaint dóibh í 'labhairt. “Gach ailte
mar oiltear,” adeirtear, “is an lacha ar an uisce.”
Do hoileadh mí-nádúrtha iad so is tá a rian go daingean
ortha.



S. — Is deagh-bhlasta an téi é sin; is dócha gur ó chrích
na Séineach a tháinig sé, cé go bhfaighfidhe i dtíorthaibh eile


L. 15


adhbhar braoin mhaith. Badh ghéar-chúiseach an buachaill é
Lí-Húng-Tseaing an lá 'chuaidh sé 'mach air dúil a bheith
ag teacht ag an gcoitchionntacht ann. Is fada rómpa
fhéachann a lán.



D. — Taoi ag sclige annsan fa' na haimsire is ní thuigim
leath a ndeireann tú. Ce hé an sadhas beithidhigh nó duine
Lí-Húng-Tseaing nó cad a bhí 'ge le déanamh le téi?



S. — Hú! sin a bhfuil dá chúntas agat d'réir deallraimh.
Duine thar dhaoine le géarchúis ab' eadh é, a Dhonnchadh.
Do bhí sé in' óige ar a' dtaobh istigh de chúntúirt 'na
chléireach is, nuair a thug sé fé ndeara go raibh órduighthe
an téi ag méadughadh ó ló go ló is ós gach áird den chruinne,
do ghléas sé suas siopa beag ar a shon féin. Níor mhó
ná socair ann é nuair a mhéaduigh na hórduighthe is nuair
a hárduigheadh a fhiacha cómh maith. Ba gheárr go bhfuair
sé toirt 'na phóca chun feirmeach a cheannach is ba gheárr
eile gur cheannuigh sé long chun na hearra do bhreith thar
lear. Fé cheann beagáin aimsire do bhí cabhlach loingeas
agus leirgí talmhan 'na sheilbh. “Duine gan stór,”
adeirtear, “a ghlór ní mheastar i gcéill,” is nuair a bhí
an stór aige-sean do tháinig meas ar a ghlór is urraim
dá chéill i dtreo gur toghadh 'na phríomh-chomhairleach ar
impireacht na Séine é. Acht do bhí bainimpire i seilbh
na coróineach ar an am gcéadna, is, peoca bhí ag dol
dá meabhair nó ná raibh, do mheas sí gur bh'fheárr de
chomhairleach do féin ná don tír é is níor thúisce sin ná
an claidheamh díoghaltais bainte as a láimh is é curtha i
bhfeidhil a ghnótha. Acht ba chuma dho, ní raibh beann ar
rígh ná ar bhainríoghain aige, mar d'fhág sé naoi milleoin
fhichead in' údhacht lá a bháis.



D. — Tuigim. D'fhág sé cruacha airgid 'na dhiaidh, airgead
a fuair sé le húghas agus le hallus fola 'bhaint as na
sclábhaidhthe bochta. Tá a lán dá shaghas ar a' saoghal,
cuirpthigh ná fuil meas ar Dhia ná ar dhuine 'ca, is má


L. 16


thugaid beagán dá dteacht isteach dos na bochtaibh badh
dhóil leat ar lucht páipéar gurab iad aithreacha na cine
daonna iad.



S. — Admhuighim go bhfuil an ceart agat i dtaobh lucht
na bpáipéar. Ní'l páipéar i nÉirinn ná fuil dream
áirithe 'á leanmhaint nó ag cuidiughadh leis. Ní fhaghaim
locht ortha 'na thaobh san, acht 'sé an áit fhaghaim an locht
ortha, cómh luath i nÉirinn is fhaghann an mhuintir gur leo
é iad féin neartuighthe iompuighid ar a rogha slighe is ní
thugaid toradh an truim ar an muintir a chuidigh is a chabhruigh
leo 'na mbochtaineacht. Ní gádh dham aon cheann aca
'ainmniughadh, táid siad fórleitheadamhail.



D. — Seo do dhíol duit, a fhreastalaidhe is, a —



An Freastalaidhe. — Go ra' maith agat, a dhuine chóir.
Go deimhin, is truagh ná castar do leithéid go minic orm,
cé ná tuigim puinn den aighneas atá ar siubhal agat.



D. — Ná bac an t-aighneas. Dá mbadh fhear géarchúiseach
thu d'fhéadfá aithneamhaint ar mo cheannaighthe cadé 'n
t-aighneas nó an teanga do labhraim.



S. — Níor mhór do fios a bheith aige chun a dhéanamh amach
cad í an teanga is dual duit a labhairt.



D. — Éist do bhéal, a thuata. Dar ndóigh, ní dubhart-
sa go n-aithneoghadh sé cad í an teanga badh dhual dam
a labhairt. Dubhart, agus deirim arís, go n-aithneoghadh
fear nó bean ghéar gurab í teanga na Gaedhilge is
gnáthaighe liom a labhairt.



S. — C'onnus, airiú? An ga x a bheith 'na phóca is a
bheith de shíor ag féachaint tríd (fé mar atá réigheadóirí
ag faire ar réilthín an earbaill fé láthair) a d'iarraidh
a dhéanamh amach cad í an teanga is dual nó is gnáthach
leat a labhairt! Níor chuala a leithéid d'aighneas riamh.



D. — Dob' olc é do ghnó 'sna Cúnstáblaidhthe. Tá
línidheacha i n-aghaidh gach n-aoin a labhrann Gaedhlainn ná
fuil i n-aghaidh nó i gceannaighthibh na ndaoine ná labhrann


L. 17


acht Béarla. 'Sé is bun leis sin, a d'fhonn is an Ghaedhlainn
a labhairt 'na ceart caithfir do charbal a scríobadh ar
uairibh; caithfir barr do theangan a bhrúghadh i gcoinne
an tséanais i dtosach do bhéil ar uairibh eile; is arís,
pus a chur ort féin mar a chuirfeadh uan a bheadh ag
cnámhthairt. Tanuigheann so na pluic agus caoluigheann
an smeigín i dtreo go dtagann línidheacha timcheall
logalaibh na súl ná beidh go deo le tabhairt fé ndeara
ar aighthibh fhuireach leanamhna Sheáin Bhuidhe.



S. — Do thagras ó chiainibh do réilthín an earbaill. Badh
mhaith ab' fhiú dhúinn tamall a chaitheamh ag smaoineamh ar a
mhór-shiubhal.



D. — Tá na réilthíní sin agus neithibh dá saghas ar a'
dtaobh amuich dem thuiscint-se go léir. C'onnus is féidir
le haon'ne 'mheas go raibh an ceann a tháinig i mí Eanáire
naoi milleoin de mhíltibh ar faid, a ghluaiseacht tríd a'
gcruinne milleon míle 'san uair a' chluig, is cheithre
milleoin slighe 'dir é féin 's a' ghrian? Tá cúntas i
nAnnálaibh Uladh (d'réir Thomáis Uí Nualláin) agus i
leabharthaibh nách é, ná feacathas riamh ceann aca acht le
droch-thuar éigin .i. crith ríoghachta nó bás áirdríogh. Ní'l
rí — árd ná íseal — againne, fóríor! le cailleamhaint,
acht tá tír againn is go deimhin féin ní'l lá ó fuarthas
aithne uirthi ná fuil eascáirdeas 'dir a clainn is uisce
fé thalamh aca 'á dhéanamh ar a chéile. Ní hé sin an áit go
bhfuil donas a' scéil acht nuair a labhrann gach aicme 'ca
gur dhóil leat ortha go silfidís an braon deireanach
fola 'tá ionnta a d'fhonn í 'shaoradh ó bhruid.



S. — Mar adubhairt Eoghan Ruadh leis a' sagart gur
“duine bocht le Dia ab' eadh é.” Is dóil le lucht cáinte
a chéile i nÉirinn gur daoine iad atá ceapaithe ag Dia
(moladh go deo leis!) chun ré shonasmhar a thabhairt chun a
dtíre, 'sé sin, má's dáríribh a bhíd siad 'á rádh.


L. 18


D. — Ní headh ná dáríribh ná cuid de dháríribh. Is dóichighe
'bhfad gurab amhlaidh a bhíonn a dteanga 'na leath-phluc
aca 'á rádh. C'onnus badh dhóil leat go mbeadh an fhírinne
ag an té 'dubhairt fiche bliadhan ó shoin “go mbeadh
déanamh ár ndlighthe féin againn cómh deimhnightheach is a
bhí grian ar aer” roimh dheire na bliadhna?



S. — Déarfainn ná raibh aon tsúil aige le n-a leithéid
a thuitim amach. Déarfad ar an aiste gcéadna sar ar
thosnuigh lucht na Gaedhlainne ar a bheith ag teagasc na
ndaoine go gcreideadh furmhór Chlainne Fódla gur bh'í
an fhírinne ghlan a bhíodh dá hinnsint aca. “Sinn féin
amháin” an port is so-thuisceanta fén dtaice seo.



D. — Is fuiriste é sin mar phort a thuiscint, acht is
deocair déanamh dá dhréir. Abair go dtuigimíd-na go
maith cad is bun leis, tá daoine eile 's is amhlaidh
gháirfidís fút i dtaobh aon chluasa 'thabhairt do. Buail
isteach i siopa is loirg ó dhíon go húrlár é, cad a gheobhair
ann, an dóil leat? Gheobhair earraidhe iasachta, 'mhic-Ó.
Fiafruigh d'fhear a tighe cad a bhaineann “linn féin.”
Freagróghaidh sé gur cuma leis; go mairfidh sé 'nois
mar a mhair sé riamh. Abair leis ná réidhtigheann san do
cheist; go bhfuil daoine de gach creideamh is de gach
cineál ag cur go dlúth le chéile chun a dtír 'fheabhasughadh;
go bhfuil sí taosgaithe 'mach nach mór ó dhaoine, is é sin
de bhárr gan eisean agus daoine dá shaghas a dhíol na
n-earraidhe dheintear 'na dtír féin. Má labhrann tú
i mBéarla leis tabharfaidh sé saghas éisteachta dhuit, acht
mo thruagh mhór thu má labhrann tú i dteanga na tíre
leis. Tá'n fhaill fachta 'ge ort; do dheinis peacadh
marbhthach, is baileoghaidh Conall is Eoghan fé dhéin a'
dorais is clab go cluasa ortha ag gáiridhe ag éisteacht
leis a' gcóiriughadh thabharfaidh sé don Ghaedhilgeoir bhocht.



S. — Níor mhóide go mb' fhéidir go labharfadh an
Gaedhilgeoir ana-chneasta le fear a' tsiopa! Nó


L. 19


b'fhéidir gurab amhlaidh chualaidh fear a' tsiopa ag labhairt
Bhéarla le daoinibh eile é, is annsan iompáil ar a'
nGaedhlainn chuige féin! Is minic a chuireann so
searbhas ag daoine nach iad ar na Gaedhilgeoirí, mór-
mhór Gaedhilgeoirí gurab é a ngnó a bheith ag taisteal
na tíre. Abair go bhfuil foth-dhuine de shaghas an fhir atá
ainmnighthe 'gat-sa, ní'lid siad go léir cómh dána san.
Tá aithne 'gam-sa 'gus agat-sa ar fhearaibh a chuireann
mórán duaidh ortha féin chun earraidhe na hÉireann a
dhíol. Crochaid siad an t-éadach ar a' dtaobh amuich den
doras, is má bhíonn aon mhion-rudaí ar a' dtaobh istigh a
theastuigheann ó lucht a gceannaighthe is oll é chun a
dtis'eánta is chun a ndíolta, má's féidir.



D. — Buailimís amach ar a' sráid, a Sheáin. Táimíd
níos theasbamhla 'nois ná bhí an “Gárlach Coileánach”
t'réis a choda 'chaitheamh.



S. — Is diabhail a' fear do sheana-naitheanna thu. Cad
é'n droich-eiligear a fuair a' Gárlach Coileánach?
Dearbhthuigheann sé nách ró-mhaith é d'réir na slighe 'na
dtagrann tú dho.



D. — Leas-mhac ab' eadh é is ní raibh puinn toraidh ag
á leas-mháthair ar a' bhfear mbocht. Do bhíodh na leas-
dearbhráithreacha 'á shíor-lochtughadh le n-a máthair, is
nuair iarradh sí ortha aon ní 'dhéanamh do bhagraidís air
a bheith amuich. Ní bhíodh cead teithte ná tormais aige
acht dol is an gnó 'dhéanamh, is sar a dtéigheadh sé 'chodladh
do chrothadh an leas-mháthair gráinne mine ar leic is do
shíneadh chuige í i dtreo 's gur dhóil leis gur cannta
'ráin a bhíodh 'á shíneadh chuige. Do bhí an scéal ar an
aiste sin ar feadh i bhfad, an t-athair deimhnightheach ná raibh
aon easba air 's an garsún bocht ag déanamh an scéil
ab' fheárr de. Tráthnóna de-s na tráthnóntaí do bhris
ar a' bhfoidhne 'ge is dubhairt: “Dob' fhearr liom go
mbeadh mo leicín lighthe, mo chosa nighte is mé im chodladh.”


L. 20


Do dubhadh is do deargadh ag an leas-mháthair, is pé
bogadh fuair sé roime sin, ní bhfuair sé a bheag ná a mhór
de as san amach. Acht “ní órduigheann Dia an phian i
gcomhnuidhe,” is dob' é a thoil gur tógadh 'dir cheairt
chroiceann sa tsíorruidheacht í. An oidhche cailleadh í
dubhairt an Gárlach:



“Céad moladh le Rígh na Naomh,
Is gearr ó 'réir go dtí 'nocht,
Is 'fhir iúd a bhíodh ag bagairt na méire,
Cuir féin isteach na géanna 'nocht.”



S. — Aon ghaol amháin a bhí 'ca leis an athair, 's is dócha
gur bh'éigean don bhuachaill tagartha a chuid den ghnó
'dhéanamh as san amach. Tá sé ráidhte “ná feadair leath
na ndaoine c'onnus a mhaireann an leath eile,” 's is
fíor é. Nuair a bhíonn bolg duine teann is fuiriste
leis breaghaid a thabhairt fé leithéid a' Ghárlaigh. B'fhéidir
go dtuitfeadh sé 'mach go mbeadh an Gárlach — nó a
leithéid — cómh maith de mhac athar is máthar leis a' té
thug a' bhreaghaid, acht ní dheineann sé an gnó, bhí so 'gus
tá amhlaidh, 's is baoghalach gur fada bheidh. Gan amhras,
ó 'tá talamh na hÉireann 'á cheannach is Gaedhlainn dá
múineadh is na scoileanna, tighthe dhá ndéanamh do
sclábhaidhthe is mar sin dóibh, bainfar na fachaillíní de
shúilibh na seoiníní is caithfid na bodaigh daoine bochta
'scaoileadh thórsa “gan mhagadh gan mhóid.” Fiú 'mháin
tá beagán de le tabhairt fé ndeara 'gam fé láthair.
Tá daoine áirithe ag feiscint tréithe ionnainn (mar is
iad na Gaedhilgeoirí go bhfachtaoi an locht ortha) nár
thugadar fé ndeara ionnainn riamh roime seo. Is mór
a' dol ar aghaidh atá déanta ag na Gaedhilgeoirí le


L. 21


beagán de bhliadhantaibh gearra. Is beag a shaoileoghadh
fiche bliadhain ó shoin go mbeadh Gaedhilgeoir — agus
sclábhaidhe air sin — 'na chomhairleach conntae. Ní bheadh
so amhlaidh mara mbeadh guth a thabhairt do-s na sclábhaidhthe,
acht do thuilleadar é, adhbhar b'iad an dream ba thír-
ghráidhthighe i nÉirinn iad. Ba bheag a' mhaitheas a bheith ag
lorg Gaedhlainne san Iolscoil mara mbeadh é 'bheith de
chomhachta 'ge-s na Comhairleoirí seo an sreangán a dhlúith-
cheangal mór-dtimcheall na spaigíní is gan cíonóg ruadh
'thabhairt asta nó gur meon leis na Gall-Éireannaigh seo
í (an Ghaedhilge) chur ar chómh-rian le teangthacha eile.
Ní'l amhras ná gur cráidhte an scéal don muintir a bhí
i n-uachtar riamh le n-ár gcuimhne éisteacht a thabhairt
'na ndearg-aindeoin do ghlór na nGaedheal.



D. — Ná bí ag stealla-mhagadh fút féin. Ar léighis
aon pháipéar le déidheanaighe, nó an dalladh púicíní 'tá
'gat 'á chur ort féin?



S. — Tá rud éigin eile le déanamh agam i n-éaghmais
a bheith ag léigheadh pháipéar. Is 'mó rud ná bíonn sa
phaidir a bhíonn is na páipéaraibh 's is 'mó rud i n-éaghmais
na fírinne a bhíonn ionnta in' fhochair.



D. — Ní gádh dhuit-se fírinne 'dhéanamh as éitheach. Acht
go bhfóiridh Dia orainn, tá breis den fhírinne fé láthair
ionnta. Do bhí suidheachán aige-s na Seanadóirí — tar
laetheanta an domhain — Déardaoin Deasgabhála chun
riaghlacha tharrac suas ar cheisteanna na hIolscoile,
is cad a deineadh, an dóil leat? Do deineadh, a mhic-Ó,
cáirde trí mbliadhan a thabhairt do cheist na Gaedhlainne.
Do tháinig ruithliocáin ar mo shúile nuair a chonnac é.
Do bheinn sásta — fé ghruaim — dá mbuaidhtí ar na tír-
ghrádhuightheoirí. Acht cad a thuit amach? Is deocair
dam é 'innsint 's is deocair duit-se é 'chreideamhaint.
An Craoibhín féin a thug ceist na cáirde fé n-a gcóir.
Mo mháchaill is mo chumhadh ná tráighfhidh 's is fada dhúinn


L. 22


féin is don scéal so i n-aitheantas a chéile! is dearbhthach
le mar adeireadh fear an óil é:



“Is leannán sídhe é 'tá riamh im choinnleacht
Do chuir san oidhche ar strae me,
Nár leog dam cuimhneamh ar bhean ná ar chloinn
Ná ar anacraidhibh an tsaoghail seo.”



S. — Téanam isteach go tigh ósta, a Dhonnchadh.



D. — Is áin liom is ní háin liom é. Téanam ort.



S. — T'r'om dhá bhuidéal beorach, a fhir óig. Go raibh
maith agat. Sidé an díol. Go deimhin féin, a Dhonnchadh
— do shláinte! — do mheasas teacht isteach fad ó acht go
rabhas i gcás 'dir dhá chomhairle ceoca raghainn isteach go
tigh tábhairne nó ná raghainn. Acht i ndiaidh an méid
atá cloiste 'gam, ní'l aon tarna huigistéar air. Is
mar seo 'chuaidh a lán nách sinn 'na leithéid seo d'áit. Is
mór a' leigheas ar cheasnuighthe 'gus ar ghearánta dhaoine
“siúd ort is diúg ort an braon so is beimíd go léir
go maith fós” a bheith aca. A Thighearna, an féidir gur
beart 'fhagháil san Iolscoil do mhínigh an Craoibhín? Is
deocair liom a chreideamhaint gur'b eadh. Acht 'na dhiaidh
san, nuair a chuimhnighim ar phléidhe an dá bhliadhan,
n'fheadar cad is maith dham a rádh. Is deocair dúinn
méirleachas a chur 'na leith, 's is deocair dúinn amhrán
a' bhéil dúnta 'dhéanamh de. Tá aon tsásamh amháin agam,
gur féidir le comhairleachaibh na gConntaethe eiteach is
diúltadh thabhairt dóibh feasta.



D. — Tá. Acht níor dhóichighe rud a dhéanfadh na
comhairleoirí ná éirighe béal na gclár as an scéal. Ní
dóil liom go bhfuil aon chomhachta ábalta ar é 'chur
d'fhiachaibh ortha cáin a chur ortha féin. Ar mhaithe leis a'
nGaedhlainn is le clann na ndaoine mbocht a bhí an
phiginn fén bpúnt 'á chur aca ortha féin is ar dhaoine


L. 23


eile. Nuair a chífid siad an Ghaedhlainn fé thóin cártaidhe
san Iolscoil cad is dóichighe dhóibh a rádh ná “imthigheadh
sí fé mar atá sí ag imtheacht le ciantaibh,” .i. síos go
dtí an áit íochtair. Chun na fírinne 'innsint duit, a
Sheáin, is é mo bharamhail féin go bhfuil sí tráighte fé
láthair. Éist leo san thall. Cad 'tá ar siubhal aca?
Gach aon ní deoranta, 'mhic-Ó. Teighre ar a' dtraen;
teighre ar rian-charra; teighre fiú 'mháin go dtí s-na
ceanntaraibh Gaedhealacha is ní chloisfidh tú acht fíor-
bheagán de theangain na tíre seo. An méid a chloisfidh tú
'á labhairt di tá sí cómh truaillighthe le huisce abhann na
Life. Déarfaidh tú go bhfuil múinteoirí 'gus timthirí ar
a lán-dícheall a d'iarraidh í 'aithbheóchtaint, acht deirim-
se leat-sa gur ag tuíngcéireacht léi atá a lán aca.
Tá aithne 'gam féin ar chuid aca is tá Gaedhlainn bhlasta
'ca, acht tá a thuille aca 's is amhlaidh 'táid siad a
d'iarraidh í 'fhoghluim ó sheandaoine go bhfuil “cos ar an
uaigh is cos ar a bruach” aca. Cad é 'n mhaitheas a
leithéidí sin chun Gaedhlainne do mhúineadh? Ní headh.
Má ráinigheann leo cruinniughadh 'chur ar bun isé an
Béarla is taithneamhaighe leó 'labhairt; isé is feárr
a thuigfar, 's is air atá an glaodhach ag gach n-aon acht
aige'n té gur cuma thall nó 'bhfus é.



S. — Teas na beorach atá ag éirighe it inchinn. Níor
chuala fós riamh ag cáineadh na teangan tu fé mar ataoi
fé láthair.



D. — Ca' ná cáinfinn í? Nár imirigheadh cleas cómh
cam le cleas na lúb isna scoileannaibh anuiridh uirthi?
Cé 'árduigh a ghlór i dtaobh an fheill a deineadh uirthi?
Níor chuala gruaim ar athair ná mairg ar mháthair 'na thaobh.
Níor caitheadh p'léar, níor réabadh falla is níor leonadh
duine de bhárr na calaoise do deineadh ar na macaibh
léighinn. Do chualaidis cad a deineadh i mBaile
Mhistéala' aimsir pléidhte cheiste na talmhan. Dubharthas


L. 24


le cúnstáblaithe gan a bheith ró-ghéilleamhail dá gcoin-
siasaibh, acht púdar a dhóghadh ar fíge fíge. Cad é'n
trúig a fuair an príomh-rúnaire 'gus a mháighistirí an
bhliadhain sin? Do fuair: tionóntaidhthe bheith ag
árdughadh a ngotha chun iad féin 'fhuascailt ó ama na
daoirse. Abair gur marbhuigheadh duine nó beirt de
bhárr na pléideála, ná fuil sé de shásamh aige-s na
feirmeoirí cíosaibh a bheith laigheaduighthe 'gus a lán de-s
na talmhaintí 'bheith ceannuighthe 'mach. Féach ar an
mBirrellach, cara na hÉireann (?), agus ar an bhFear
Inid an Tighearna Abardín (is beag a' t-adhbhar go
nguidhfinn do gan maingil ná tornap ná Abardín a
bheith aige).



S. — Tá'n áit seo brothalach. Téanam amach go fóil.



D. — Ní raghaimíd ná go fóil eile. Acht chun leana-
mhaint ar mo scéal, do cheistigh Tomás Ua Domhnaill
feisire an Birrellach i dTigh na Feise i dtaobh na
Gaedhlainne isna scoileannaibh meádhonacha. Do
thosnuigh an Birrellach ar gháiridhe is do thug focal bog
i n-aghaidh an fhocail chruaidh do Thomás. Do chualaidhis
teacht thar gháire an tSacsonaigh, is tá sé cómh fíor
indiu is bhí sé aon lá riamh. Cé go bhféadfadh an Birrellach
an Ghaedhlainn a chur ar chómh-rian le Gearmáinis nó le
Frainncis níor dhein, agus aontuigheann an Fear Inid
le gach a ndeineann sé, ar an aiste seo: “Sinne Seán
Caimbéal.” —



S. — Seán Cam-bhéil. An diabhal ainm riamh a fuair
fear is oireamhnaighe ná í, mar gan aon amhras is plámás
éithigh leath a n-abrann sé. Is fad ó riamh a gheall ár riagh-
ladóirí dhúinn go riaghlóighfidhe sinn d'réir ár n-éirimí
féin, is nuair éilighmíd ortha déanamh de réir na
geallamhna is amhlaidh iompuighthear cluas bhodhar chughainn
nó gáire leamh a leogaint fúinn an neomat iompuighmíd
ár ndrom leo. Níor imthigh gearánta na bliadhna 'nuiridh


L. 25


i dtaobh na Gaedhluinne gan an Fear Inid 'á gclos.
Sidé an t-oideas atá fachta 'gainn d'ár ngearánta —
“cuidighim le-s na riaghlacha roimhráidhte.” Cuidigheann
gan amhras, mar níor dhóichighe sa domhan é ná gur bh'é
féin a cheap iad is an milleán a riar.



D. — Airiú, a dhuine, cad a bhainfadh go bhfaghaimís-na
ionnainn féin cur isteach ar ghnóthaidhe an Fhir Inid?
Ná fuil sé níos daonnachtamhla 'bhfad ná mar a thugaimíd
creideamhaint do? Cad 'fhéadfadh an duine bocht a
dhéanamh acht an Chúntaois mheacanta 'chur ar fuaid na
tíre 'na saghas aingil coínnleachta chun sinn a chosaint
ar aicídíbh tógálacha? Is uirthi sin is feárr a dhíol í
'scaoileadh amach. Is uirthi ná fuil tuitim focail nuair
a theastuigheann uaithi sinn a sheoladh ar ár leas. Éist
léi ag cur síos ar cad badh cheart dúinn a dhéanamh le
n-ár mbothánaibh. Is cuma ceoca falla cloiche, falla
stailce nó falla feidín atá dhá ndéanamh, órduigheann
sí dhúinn iad a réabadh anuas is finneoga móra fairsioga
gloine 'chur ionnta is iad san a choimeád ar dian-leathadh
'dir ló is d'oidhche. “Cothóghaidh an ghaoth sinn,” adeir sí,
“i dtreo is go mbeimíd cómh righin le capall ráis is cómh
ramhar le damh.”



S. — A' dtugann an Fear Inid aon airgead do-s na
daoine bochta chun na n-atharruighthe sin do chur ar a
dtighthe? Is dócha nách gádh dham 'fhiafraighe go ndeineann.



D. — Dá dtugadh do gheobhaidís gnó dhe, acht is beag a'
baoghal go dtabharfaidh. Órduigheann an Chúntaois do
dhaoine daonnachtamhla lámh chonganta 'thabhairt dóibh
is go n-oilfidh sí féin i ngach a bhfuil riachtanach chun a
caithte iad. Tá sé ínnsighthe de dhó is de thrí di féin is
do dhaoine nách í go bhfuil suas le trí milleóin airgid
'á dhíol sa mbreis ag muintir na hÉireann gach bliadhain.
Má innistear, 'sé an t-oideas a thugtar dúinn: “Is
truagh liom bhur gcás, acht is ceanamhla bheidh sibh ar an


L. 26


ndlighe beagán d'fhulag.” Abarthar an méid sin sar
a mbíonn sé d'uain againn a rádh gur cheart aisioc a
dhéanamh ar chuid de chun cuanta na tíre d'fheabhasughadh,
chun tighthe sláinteamhla 'dhéanamh do lucht galair is
breoidhteachta is chun bádaibh is líonta do cheannach do
iascairí atá ag imtheacht 'na slaodaibh thar muir.



S. — Is cuimhin liom go mbíodh leagha, dochtúirí agus
daoine éifeachtamhla eile bliadhanta ó shoin, ó mhaidean
go hoidhche 's ó fhíoghar lae go lá a d'iarraidh a dhéanamh
amach cad ba bhun le haeibh teinne (galar na n-aebh),
neamhmeabhair agus eagantacht. Do bhíodh a bharamhail
féin ag gach n-aon aca 's is annamh a bhíodh aon bheirt
aca ar an aigne gcéadna. Do thug duine den aicme
go háirithe baramhail agus solaoid léi .i. go rabhadar
daoine acmhuinneacha meanmnacha sláinteamhla na dúithche
ag imtheacht thar sáile 'na scaothaibh fé mar a thagann na
druide, is dá bhárr, go raibh gach dream dá raibh ag
teacht 'na ndiaidh ag dol, ní hamháin “i mine 's i
mbréaghaighe” acht i laigeacht 's i bhfainneacht i gcorp,
i n-aigne, 's i n-éirim. Sin í an bharamhail go dtabharfainn-
se an toradh uirthi. Árd-chíos, droch-thighthe 'gus droch-
eiligear na hoideasaí bhí 'á dtabhairt don mhuintir a
bhí ag meathlughadh ar a' gcuma san. Iongnadh 's allthacht
atá ar a' bhFear Inid 's ar a' mBaintighearnain (mar
'dh eadh) cad 'imthigh i n-ao' chor ar mhuintir a fuair an
ainm a fuaireadar aimsir na nGéanna Fiadhaine is go
ceann a bhfad 'na dhiaidh.



D. — Glacaidís bog feasda sinn. Tá fear ár
leigheasta ar fagháil i ndeire na dála. Tá Liam Ua
Briain feisire ag imtheacht ar fuaid na dúithche is bórd
rotha an áidh ar a dhrom aige. Ní'l dath fén ngréin ná
fuil ar a chlúdach is ní'l áit sa ríoghacht ná himireann
sé cluiche air. Ní mar ba ghnáth leis na ragamálaidhthe
eile a mbórd a shocrughadh a shocruigheann Liam a bhórd.


L. 27


Ní headh go deimhin. 'Dir aer is talamh ar stáitse
fhunascamhail a cheartuigheann sé é, is dá mbeadh sé ag
casadh an bharraigh go Lá Philib a' Chleite do thagfadh a ghob
ar theorainn éigin dá ioldathannaibh. “Is iongantaighe
de bhórd go mór é seo,” adeir sé, “ná an lampa úd
a bhí ag Aladdin, mar ní bhfaghadh aon'ne aon ní de bhárr
an lampa acht an té go ráineoghadh sé 'na sheilbh. Ní mar
sin do so, is me féin an draoidheadóir is ní'l agam acht
sméid ar a' sluagh nuair a bhaileoghaid siad 'na thimcheall
is nuair a gheobhaid siad leigheas ar a gceasnuighthe. Do
chailleas a lán roime seo,” adeir sé, “de bhárr
m'amadántamhlachta féin .i. ag cúinníbh sráideanna
's i bhfuinneogaibh tighthibh ósda do chuirinn 'na sheasamh
é. Acht tagann ciall le haois is ciall cheannaighthe dómh-
sa 'seadh í. Badh mhaith a' scéal d'Éire is d'fhearantas
Fódla an lá 'rugadh mise, adhbhar do bheadh bochtánaibh
na tíre uile gan radharc 'fhagháil go bráthach ar scéimh
ainglidhe na huasal-mhná Abardín mara mbeadh an
leagadh 'tá 'ci féin is ag uaislibh na tíre liom. “Féach,”
adeir sí, “mar a ghoilim le gol is mar a gháirim le
gáire na ndaoine mbocht.” “Féach,” adeir na tighearnaidhe
talmhan, “mar a dhíolamair ár sealbhachaistí (geall
leis ar amhrán) i gCorcaigh, mór-mhór le corp báidheamh-
lachta don fhear áluinn iúd Liam Ua Briain. Chun na
fírinne 'innsint,” adeirid siad, “níor cheapamair gur
mar mhaithe linn a bhí sé, acht is soiléis do chách go raibh
éagcóir againn 'á chur air, adhbhar ní'l focal a labhrann
sé ná féachaint dá dtugann sé ná tabharfá fé ndeara
gean dúinn ionnta. ‘B'fhéidir,’ adeir sé, ‘gur
dhóil leis a' sluagh gur scaothaireacht nó ráiméis an
t-aighneas so? Acht cá bhfaghaidís intleacht i bplaosc
nó éifeacht i gcloigeann chun ceisteanna aimhréidhtighthe
na ríoghachta so do tháthadh as a chéile 's an tsrathar a chur
ar a' gcapall gcóir? Srathar na haindeise 'tá curtha,’”


L. 28


'deir sé, ‘d'ualach ar na trí ríoghachtaibh le saor-chead
Éireannach is le claontacht Sacsonach.’”



S. — Tá rádh 'ca i n-aghaidh gach ceiste chuirtear ortha
i bhFeis na Sacson fé láthair .i. “Fan le haimsir.” An
aimsir a thabharfaidh scéala dhúinne leis ceoca 'sé Liam
Ua Briain nó Seán 'ach Réamoinn atá ag innsint na
fírinne i dtaobh na cánaigheachta atá 'á chur orainn anois.
Deir Liam gur bh'fheárr an cháin a chur ar earraíbh iasachta
is deir Seán gur bh'fheárr piginn a' ghloine 'chur ar uisce
beatha, ar lionntaibh (dubh agus ruadh) 's ar shóghaltaisíbh
eile. Ní áirigheann sé an tobac i n-ao' chor, mar is
féidir leis na mór-mhaithibh seo dol san Iodáil nó go tír
éigin iasachta eile is lón d'fhílltíníbh is de chaistíníbh a
thabhairt leo ar bheagán díolaidheachta. Téanam a bhaile
'nois, a Dhonnchadh, is go n-éirighidh a bhóthar le gach n-aon.



D. — Go bhfreagraidh Dia thu, a Sheáin ghrádhmhair.



AN TRÍOMHADH LÁ.



(Ag teangmháil ar a chéile 'mbáireach):



D. — Dubhruighis indé gur theastuigh ón mBrianach Ciste
Shacsona d'aithlíonadh le cáin ar earraíbh iasachta, 's an
tír seo 'fhágaint ag díol na seana-cháine. 'Sé “buail
sa tóin é is seachain sa cheann é.” Dá ndaoirseoghfidhe
téi 'gus siúcaire cad a dhéanfadh na daoine bochta?
Ní'l bainne ná bleachtas ag daoine bochta na gcathrach
is dá bhárr caithfidh siad an téi do cheannach. Nár
bh'fhusa go mór an cháin a chur ar shóghaltaisíbh na
ndaoine saidhbhire ná ar an earra 'tá fíor-riachtanach?



S. — Do b'fhusa go mór. Tá daoine go flúirseach ar
a' saoghal nár ól gal tobac is nár dhiúg gloine fuisgí
riamh ná ní lugha ná bhraithid siad a easnamh. Ní'l aon'ne


L. 29


ar a' saoghal a mhairfidh gan téi nó bainne. Is don té
ólann an fuisgí is fusa an téi 'cheannach is ní bhraitheann
sé truime na cáine peoca ar téi nó ar bhiotáille a
chuirfear í.



D. — Go raibh maith aged' thuairim, a Sheáin! Cad é an
scéal ag an sclábhaidhe oibrigheann ar lag-phádh? Má
chaitheann sé coróin sa tseachtmhain ar thobac 's ar dhigh
an mór é an fearrasbárr? Ní chlúdóghadh an fearrasbárr
a bhaill bheatha 'bhfochair a chuirp a chothabháil. Má
ráinigheann leis bean agus clann a bheith aige — rud
gur minicí bhíonn ná ná bíonn — cad a dhéanfaidh sé?
Déanfaidh sé bheith go haindeis.



S. — 'Chonách san air féin is ar a leithéid eile chaitheann
a gcuid airgid ar an iomad de! Is cuma ceoca saidhbhir
nó daidhbhir iad ní dheineann an iomad de seirbhís — do
chorp ná d'anam. Do b'é an rud badh chóra do gach n-aon
aca 'dhéanamh ná, nuair a cuireadh an t-árdughadh ortha,
éirighe béal na gclár as fhuisgí 's as thobac. Níor
dheineadar, acht is amhlaidh 'mhéaduigh a ndúil ionnta
nuair a daoirsigheadh ortha iad. Sidé seana-theist an
Éireannaigh. Cuir i gcoinne aon ní 'thabhairt do is
éireoghaidh eiteallach do; acht bí ag sínseamh aon ní
air is ní thabharfaidh sé toradh an truím air.



D. — Is maith a' comhairleach ar do bhéal thu. Mara
n-óiltí fuisgí is mara ndóightí tobac cá bhfaighfidhe an
t-airgead chun cabhlach de Dhúbhshlánuighthe do chur ar
poll? Cá bhfaighfidhe airgead chun coróin ghléigeal sa
tseachtmhain a thabhairt do shean-daoine na ríoghachta?
Leogann an Gearmánach air féin a bheith “dásach
dólásach go leor,” acht tá “súil le breith” aige ar nós
an chearrthabhaigh. Cad air go bhfuil sé ag faire, an
dóil leat? Tá, a bhuachaill, súil aige breith ag míogarnaigh
nó 'na suan ar Shacsona. Ní dhéanfadh sé an gnó dho
séiltheánaibh a ghearradh chun aithghiorra na mara dá loingeas


L. 30


gan inneallaibh eiteallta 'dhéanamh i dtreo go mbeadh
súil anuas aige orainn ar nós fhir na gealaighe. Ní
chun báistighe ná chun teasa do sheadadh 'nuas chughainn
atá sé ag cama-sheolthóireacht as ár gcionn. Ní headh
go deimhin, ná chun a bheith ag faire ar mhór-réim na
réalthaibh earballacha. Tá a mhalairt d'éirim go léir
aige is 'sí éirim í ná cith de shliogánaibh pléasctha do
scaoileadh anuas chughainn má chamaimíd an deatach air.
Do mharbhuigheadh Cúchulainn na héanlaithe ba láidre
'gus ba mheanmnaighe le neart an urchair do chaitheadh
sé as a chrann tsiubhail. Ní gádh dham a rádh go marbhuigheadh
sé daoine leis an úirlis gcéadna, mar is fusa duine
'mharbhadh ná éan. N'fhéadfadh an crann tsiubhail a
mharbhadh acht duine leis an t-aon urchar, acht do mharbhóchadh
sliogán pléasctha sluagh daoine. Do dhéanfadh sé
blodhtracha de chaisleánaibh is de phórtaibh dá dhaingne,
cómh maith le daoine 'mharbhadh. Dá mbeadh aon mhí-ádh
go bhfaghaidís an lámh uachtair ar Shacsona cad a
dhéanfaimís-na? Do dhéanfaimís a bheith go haindeis,
a mhic-Ó. Ar an adhbhar san níor cheart dúinn an beagán
a dhíolaimíd a mhaoidheamh ar ár gcosantóir is ar ár
gcara!



S. — Tá roth déanta 'gat dem cheann ag éisteacht let
chuid fiannaidheachta. Bolgán béic gurab ainm do
Blatchford, Sacsonach tinntidhe, do thug an méid sin
teagaisc duit. Is ionann Blatchford le bladarálaidhe
is tá gaoth mhór go leor séidte aige-sean le trí nó
ceathair de bhliadhantaibh. Nách baoth agus nach tréith
atá na Sacsonaigh chun 'leogaint do-s na Gearmánachaibh
éirighe 'n-áirde ortha? Ní'l focal d'ár labhair Blatchford
ná líne d'ár scríbh sé ná fuil sáruighthe ag ceannaibh
urraid Shacsona. Gan amhras tugaid siad árd-mholadh
dho i dtaobh a thír-ghrádhthacht is a dhíograis, acht ar an am
gcéadna deirid siad gur eagla gan adhbhar atá air.


L. 31


Tá longaibh aeir is mara ag Sacsona cómh maith is tá ag
an nGearmáin is daoine cómh toiltheanach ar iad a
bhórdadh 's ar throid ionnta, adeirid siad. An dóil le
haon'ne go gcuirfidís a gcluasa 'na gcodladh ar
mhuintir Shacsona dá mbadh dhóil leo go mbeidís i
gcontabhairt? Ní fada ó dubhairt Asquith go raibh
a leithéid seo de chomhlucht i mbaois na hóige 's a
leithéid siúd de chomhlucht ag fagháil a bhfiacal — díreach
mar dá mbadh naoidheanáin iad — is iad uile go léir “i
bhfuirim chun siubhail.” Acht airiú, cad é sin mar
fhógairt ar an gclár san thall? Bás an ríogh! Indiu
an Aoine, 's is minic a chuala gur bh'é “bás Aoine,
tíodhlacan Sathairn, is guidhe Domhnaigh” an bás is feárr
a fuair duine riamh. Do b'é an rí ba charadamhla d'Éire
é d'ár shuidh ar a' gCoróin le-s na ciantaibh.



D. — Tíodhlacan Sathairn is mar sin dóibh. Ní
thíodhlacóghfar an rí go ceann coidhcís ó 'ndiu 's is
corónta an scéal fé'n am go mbeidh sé 'á chur síos san
uaigh go mbeidh réilthín an earbaill le feiscint ar a'
spéir, má's creidithe dhúinn cad adeir réigheadóirí 'gus
lucht páipéar. Dubhart an lá eile leat ná feacathas
“réalt mongach,” mar a tugtí air, acht le droch-thuar
éigin. Droch-thuar do Shacsona do b' eadh a dteacht an
bhliadhain seo, mar ní'l aon ní is dearbhthaighe ná gur bh'iad
ba bhun le bás an ríogh. Go deimhin féin, ní haon deise
do'n domhan mhór a bhás. D'réir na n-ollmhuighthe atá
déanta ag náisiúnaibh fé láthair i gcóir cogaidh do
dhísceoghaidís a chéile i ngearracht aimsire dá mbeadh
sé de mhí-ádh go dtéighidís 'na bhun. Níor theasduigh ár
ná éirleach ón seachtmhadh hÉadhmonn, 's is 'na thaobh so
is mó braithfar amuich é. Go dtugaidh Dia mór toradh
a saothair do lucht síothchána an domhain.


L. 32


AN CEATHRAMHADH COMHRÁDH.



(Ag teangamháil ar a chéile i gceann a' choidhcís):



S. — Is dócha, a Dhonnchadh, ná feacathas leithéid an
chruinnighthe 'tá i Lúnndain ó thúis a' domhain. Tá rí gach
náisiúin ann acht rí bheithearaibh na Rúise. Tá prionnsaidhe
go flúirseach ann agus teachtairidhe ó náisiúnaibh gan
sighthe. Onóir a thiosáint don rígh 'tá imthighthe ar shlighe
na fírinne do spriuc gach duine 'ca teacht go Lúnndain
chun na sochraide. Do thoileoghainn féin lem béal a
chimeád ó'n bhfírinne ghlain a rádh fé láthair, acht ní thoileo-
ghainn le teachtairidhe 'dhol ó Éirinn anonn chun na sochraide.
Do b'an-fhuiriste dho focal maith a rádh nó geallamhaint
a thabhairt d'Éireannachaibh — i gcogar nó i nguth árd
— an lá bhí sé ag glacadh na coróineach go mbeadh sé 'na
chara dhóibh nó go mbeadh báidh aige leo. In' inead san
is amhlaidh 'dubhairt sé gur paca de phágánachaibh ab' eadh
furmhór muintire an oileáin seo 'gus lucht a gcómhchreidimh.
Acht níor bh'é féin a chúm an abairt is dá bhárr scaoilfead
thorm é.



D. — Ní haon mhaitheas duit-se ná dómh-sa cad adéar-
faimíd 'na thaobh, ní'l slat sméirlice sa chathair nár
ceannuigheadh mar chómhartha cómhbhróin. Níl giobal
éadaigh dhuibh — pé áit a deineadh é — ná fuil ceannuighthe
ar an aisde gcéadna. Acht ní haon mhaitheas do dhuine
leanamhaint ar a' gceist seo, do gheobhaimís adhbhar
cainte go ceann ráithe 'na thaobh agus ní bheadh sé
críochnuighthe an uair sin leis. Tá aon ní 'mháin ana-
shoiléis go háirithe, .i. ná beidh easbadh righte orainn.
Féach an dúthracht le n-ar léigheadh fógarthaí oidhreachta
an ríogh nuaidh. Dá nguidheadh na léightheoirí chómh
dúthrachtach ar son a n-anama féin is ghuidheadar chun
Dé (céad moladh leis) saoghal fada sonasmhar a thabhairt
don chúigeamhadh Seoirse badh dhiaguidhthe na daoine iad.


L. 33


“Ar mhaithe leis féin a dheineann an cat crónán”
adeirtear. Ar mhaithe leo féin atáid siad so leis ag
borradh le hómós is le díliseacht don rígh. Dá gcailltí
ceann aca gach aon bhliadhain do bheadh an riocht céadna
ortha ag umhlughadh go talamh don ríoghdhamhna.



S. — N' fheacathas réilthín an earbaill mar a fógruigheadh
dúinn. D'réir deamhraimh is amhlaidh chuir sé éicliops
ar dhaoine is mór-mhór ar réigheadóirí. Acht is dócha gur'b
amhlaidh leig na tóirneacha 'gus na splanncacha é, mar
do thugadar lán-tseachtmhain ag soillsiughadh 's ag dár-
lámhach ó Shionainn go Life. Nó b'fhéidir, fé mar
“umhluigheadh an ghealach le grádh” do “bhean dubh a'
ghleanna,” gur amhlaidh chúl sé chun deiridh mar onóir do
rígh Seoirse! Dá ndeineadh, is go dtógadh sé na thuar
maitheasa é, badh chóir go mbogfadh sé an t-ama de
mhuintir na hÉireann.



D. — “Is mór as a gcuimhnigheann an té bhíonn díomhaoin”
adeirthear, 's is sin é an cuimhneamh is aite 'chuala 'á
dhéanamh ag aon'ne le fada. Ní hÉ Rí na nDúl a chuir
chun deiridh é? Ó, ní hÉ, acht le grádh do rígh Seoirse
d'fholuigh sé é féin! Tá daoine ar fuaid na hIúróipe
ná tabharfadh toradh an tsalachair atá ar bhonnaibh a mbróga
ar aon rígh, is dá mbeadh sé de mhí-ádh ort go gcloisfeadh
duine 'ca ag rádh na cainte sin thu do chaitheadh sé
pléascán leat a chuirfeadh do chorp ag feaduigheal san
aer is t'anam ar loirg an réilthín. Ní móide gur
bh'fhearra dhuit rud 'imtheochadh ort mar dá bhfaghthá greim
ar earball nó ar mhuing air, níor dhóichidhe sgéal de ná
go dtógfadh sé ar neamh thu!



S. — Labhrann daoine ar uairibh an fhírinne ghlan gan
choinne leo féin. 'Sa treo 'na labhrann tusa ar mhéir-
leachaibh na hIúróipe 's ar a ngníomhartha ní déarfainn
ná go bhfuil leagadh mór agat leo. Tá súil agam-sa
bás 'fhagháil ar mo leabaidh is m'aithrighe 'dhéanamh le Dia
le toil A mhór-ghrástaibh.


L. 34


D. — Admhuighim go ndeinid. Tá sí ráidhte 'gat féin, cé
gur dócha ná hadmhóghair é. Dubhart an lá eile leat go
rabhais ag tuitim go tiugh chun aoise, is féach mar 'tá an
aithrighe ag déanamh buabail duit. Ná tiosáineann so
go rabhais ag folach na fírinne orm. Ní horm amháin
a bhís 'á folach is dá bhárr tá gádh le haithrighe 'gat. Do
b'fhéarr liom an té 'bhuailfeadh trasna an bhéil me ná
duine bréagach. Acht sar a dtéighmíd níosa shia is sar a
gcaillimís cuimhne air, a' bhfeacaidhis leitir Thomáis Uí
Dhomhnaill feisire i bpáipéar an lae 'ndé i dtaobh an
Mheadhoin-oideachais?



S. — Do chonnac, acht má chonnac féin cad tá le rádh
againn?



D. — Ní'l seoid, mar ní haon mhaitheas dúinn a bheith
ag foillsiughadh ár ngearánta. Acht 'sé an áit go bhfuil
an crádh croidhe go bhfuil daoine foghlumtha timcheall
orainn a chuirfeadh méar it shúil dá ndéanfá go bhfuil
aon chúis ghearáin againn. Tá lán cléibh d'airgead ag an
mBreatain mBig is ag a deirbhshír mhóir is ag an Albain
'á fhagháil eatortha chun léighinn a thabhairt d'aosógaibh
na tíre, fireann is boineann. Dia linn! nach mór an
sciúirse ar thír é go gcaithfidh sí í féin 'fholmhughadh chun
tíortha eile 'chothabháil is a theagasc! Nách áluinn an
t-oideas a thabhairt d'athair dol is é féin a shéadadh le
fuisgí chun a chlainne do theagasc? Nach gleoite an
tslighe chun táille scoile do dhíol é? Is dá dtagadh
daichead míle de dheoraidhthibh na hÉireann is de phúnn-
cánaibh go tír a ndúthchais i mbliadhna is go riaraidís
beagán de phúinsiúnaibh fuisgí ar fuaid na tíre — fé
mar is gnáthach leo 'dhéanamh — nách ar ár gcomharsa Seán
a bheadh an t-áthas? Do bheadh áthas air i n-éaghmuis an
áthais a bhíonn orainne, ámhthach. “Á!” adéarfadh sé,
“nách glic na buachaillí iad muintir na hÉireann? Féach
an t-iomlán airgid a dhíolaid siad ar fhuisgí 's annsan


L. 35


a leogaint ortha linne gur sinn atá 'á gcreachadh! Tá
talmhaintí saora (ró-shaor) fachta 'ca trí n-ár ndlighthe-na
is 'chonách orainne nár fhág mar a bhíodar iad! — ní bheidís
ag damhas le teasbach mar atáid mara mbeadh ár
n-amadántamhlacht-na. Féach an tiomáint atá ar
bhulánaibh is ar chaoirigh 'ca is ár gcosantóirí na
síothmhaoraibh bochta tnáithte marbh gan chodladh gan suan
ag faire ar a ndroch-ghníomhartha. Féach cad a dheineadar
le n-ár dteanntóir Tighearna Bhaile na hAise! Féach
ar an ndreach atá ar Thighearna Chloinne Riocaird trí
n-a bheith cimeádtha i n-uisce bheirbhthe 'ca ar feadh a
shaoghail! Tá daith na liaithe-buidhe ar an nduine mbocht
is é cromtha go talamh. N' fheacaidh sé a thionótaidhthe
acht an t-aon uair riamh le corp scamhraidh dol 'na
measc.” Féach nó fan ag éisteacht le Seán ar a' gcuma
so is do thabharfá an leabhar ar do bhéal — mara mbeadh
a mhalairt d'fhios agat — gur bh' í an fhírinne ghlan a bhí
'ge.



S. — Do chuirfá teinneas cinn ar chomhnaidhtheoir dhílis
a bheith ag éisteacht leat. Dá labhradh lucht féaránach na
leirgí — a cheannuigheann 'dir bhulán is chaoira go daor
iad — cad adéarfaidís i dtaobh ruaige an eallaigh? Ná
déarfaidís go bhfuil fuireach leanamhnaighthe Mháire Nic
Guidhir ag imtheacht coitcheann 'sa tír seo? Do dhéar-
faidís, 's do bheadh iomlán a' cheirt aca. Ná fuil sé
soiléis go leor, nuair a thiomáinfar 'trí nó 'ceathair de
mhíltibh bulán a bhí 'na luighe go sásta ag cogaint a
gcíorach, go gcaillfid siad feoil is geir? Féach a'
fuirseadh 's a' réabadh bhíonn aca ag dol go haonach, acht
ní'l annsan acht neamhní 'gcomórtas leis an umshaothar
a bhíonn ortha nuair a bhíonn an tsail chneis 'á baint asta
ag coll na méirleach. Ní haon deise — duit-se ná
dómh-sa — a leithéid seo 'bheith amhlaidh. Dá mbeadh feoil
iomadamhail 'sa chathair seo do gheobhaimís saor í, acht ní'l


L. 36


sí iomadamhail de bhárr na hanaithe 'tá curtha ar
ghráiséaraibh na hÉireann. Teighre go dtí an margadh
is cad a chífir? Chífhir feoil reoidhte Americá ann.
Chífir ar an nós gcéadna bagún úr-ílte ann. Acht
cad é an saghas bagúin é, ámhthach? 'Neosfad-sa san duit:
Bagún gur deá'rataighe le blunog é ná le feoil.
Triail ruainne dhe 'ithe is cad é an blas a gheobhaidh tú
air? Gheobhair blas na gallúnaighe 's is oireamhnaighe do
ghadhar nó do chath é ná do dhaoine. Fiagaidhthe bhí 'sa
tseana-shaoghal i nÉirinn. Gáirtheoirí do dhúiseoghadh
“ba bodhra as choillte” 'tá i nÉirinn indiu. Droch-
Éireannach péanach (mar 'dh eadh) iseadh an tÉireannach
a lochtuigheann an obair seo, acht tá oiread cirt aige í
'lochtughadh is atá ag aon'ne eile í 'mholadh. Abair go
raibh capall ráis ag an té lochtuigheann í, cad a dhéanfadh
sé dá riartí 'mach na réimsí seo is sreanga briogadánacha
do chur eatortha? Do dhéanfadh sé féin is daoine dá
shaghas glanadh as Éire 'mach le seirbhthean. Theasdóghadh
lá uait-se ag teasbánadh na gcapall. Theasdóghadh
lá uaim-se ag rás na gcapall, acht cá mbeadh adhbhar
an teasbánta dá riarfaidhe na leirgí? Dubhairt
duine nách cuimhin liom “Thabharfainn m'anam ar chapall”
mhaith, acht d'réir an fhuadair atá fé dhaoine an lae indiu,
ní bheidh aon chapall fóghanta le fagháil acht seana-
ghrogaí ná beidh tarrac a gcos ionnta ó bheith ag síor-
iómpar ghainimhe is ghairbhéil chun leasuighthe. Ní theasdóghadh
capall folamhail uatha don ghabháltas talmhan a bheadh
'na sealbhachas, ní lugha ná beadh aon chailleamhaint aca
'na dhiaidh. Ba is caoirigh 'tá i n-easnamh ortha is iad san
a chimeád ar a' dtaobh istigh de theorainn le cuaillí 'na
seasamh is sreanga deilgneacha 'á gcimeád 'na seasamh.
Ní chuirfeadh sé aon charabhuaic ortha daoine eile a bheith
ag imtheacht dearg-dhíomhaoin i gceal a bpáidh a thuilleamh —
ar chlaidhe ná ar fhál.


L. 37


D. — Do chuirfeadh do chuid aighnis-se salth ar chroidhe
ar Éireannach. A' bhfeiceann tú gabáiste cómh daor le
“dá ubh ar a' bpiginn” ar a' margadh gach lá? Chíonn
tú uinniúin is ubhla iasachta go flúirseach ann. Chíonn
tú, acht má chíonn tú, ní fhiafhruigheann tú díot féin ar
bh'fhéidir a leithéidí 'fhás is na leirgí seo. Mar a
ndeineadh fear claidhe ná féadfadh sé a phádh 'thuilleamh
'á gcur féin is tortha nách iad? Nách maith an maisd a
dhéanfaidhe as na hubhla? Nách 'mó áis atá 'á bhaint as
uinniúnaibh a thagann thar lear? Ní'l aon ní chun duine
'cosg ar ubhlóird a chur 'na chuid talmhan féin is spiúnánaibh
is péiríníbh i bhfochair na n-uinniún. Nuair ná beadh
ortha teacht i bhfad chun na chathrach so ní bheadh an costas
so ró-throm is do dhíolfaidhe saor iad. Bíonn dúil ag
páistí na tuatha, chloisim, is na tortha so. Má bhíonn, is
seacht mó an dúil atá 'ge sna páistí chomhnuigheann 'sa
Chathair ionnta, mar ní'l aon dol aca ar cheann aca
'fhagháil acht le díol asta. Cad as go bhfaghaidh páiste 'sa
Chathair fiacha na n-ubhall? 'Neosfad-sa san duit: Déan-
amh 'na n-éaghmais. Ní beag dá athair díol as é 'chothabháil
is as é 'ghléas i n-éadach is gan a bheith ag caitheamh mion-
phiginní chuige gach am a loirgfheoghadh sé iad. Ar a' dtaobh
eile, gach ní is féidir 'fhás sa tír geobhaimíd oiread ar
phiginn feasta is 'fhaghaimíd is fuaireamair roime seo
ar réal. Do cheapamair go dtí le déidheanaighe nár
bh'fhiú dhúinn labhairt ar fheirmeoir ná ar bheithidheach, acht,
le beagán teagaisc, is follus go raibh dearmad orainn.
Mara bhfeicimís caoira ná muc ná bulán 'á dtiomáint
fé dhéin na cathrach, badh mhór é ár dteacht isteach 'sa
mbliadhain mara sluighfeadh fiacha iasachta é. Acht
c'onnus, arsa tusa, déarfá é sin, ná fuil feoil saor go
leor ag teacht thar lear .i. cómh saor le feoil na hÉireann?
“T'réis gach beart a thuigeathar,” adeirtear. T'réis
na feola 'ithe leis a thuigimíd cad é 'n saghas í. Cad a


L. 38


chuireann an daith mí-lítheach ar a lán dá bhfeiceann tú,
an dóil leat? Cuireann mí-fholláineacht na feola 's
a' phlúir agus nidhthe nách iad úsáidid siad. Má fhaghaid
siad feoil i dtigh nó ar a' margadh leathphiginn 'sa phúnt
níosa shaoire ná i n-áiteannaibh eile, is dóil leó go bhfuil
a' t-ádh ortha, acht caillid siad le dochtúirí 's le máinliaigh
a dhá oiread is cheannóghadh feoil is plúr folláin na
hÉireann. Acht déarfaidh daoine ná fuil ann so acht
éitheach is ná fuil ann arís acht cuid de chnáimhseáil na
nÉireannach. Badh mhaith a' scéal dá mbeadh so fíor, acht
tá 'fhios ag dochtúirí ná fuil sé fíor 's is fada dhóibh 'á
innsint dúinn. Tá fios maith ag daoine 'tá ar lóistín
'sa chathair seo gur fírinne í. Is minic adubhradar liom
go gceannuigheadh an mháighistreás gamba feola deigh-
fheisceanta, mar 'dh eadh, agus fios maith aici í 'bheith go
holc acht go saor.



S. — Tá sé i n-am dol a bhaile 's is baoghal liom ná
beidhfar ró-bhaodhach dhíom-sa t'réis a' lae. Táimíd cómh
taithiceach ar a chéile is nách gádh dhom leitir ná teachtaire
'chur chun a' tighe 'thriall oraibh chun glaodhach ag triall
orainn-na 'mbáireach. Beidh fáilte mhór aici féin rómhat
féin is roim Nóra.



I LÁR AN LAE DHÓIBH. — (AN CHÚIGEADH COMHRÁDH.)



Donnchadh 's a bhean (Nóra) ag gabháil amach 'dir meadhon
lae 's tráthnóna chun tighe Sheáin 's a mhná (Cáit).



Donnchadh 's a bhean — Dia annso 'steach.



Seán 's a bhean d'aon ghuth — Dia 's Muire 's Pádraig
dhíbh is na trucaillí fáilthí rómhaibh. Can dúinn is ná déin
gó, fé mar adeiridís is na seana-scéalta.



Na mná i bhfód fé leith. Cáit — Ar chualaidhis, ariú


L. 39


'Nóra, an scéal greannamhar atá leathta ar fuaid na
cathrach ó mhaidean indiu?



Nóra — Cad é 'n scéal 'na dtagrann tú dho?



Cáit — Caithfidh mé é 'innsint i gcogar duit. Ceannaidhe
an tobac go bhfuil cucól déanta ag á mhnaoi dhe, ní hag
breith bhreithe uirthe é is tosach na breithe ag Dia. D'réir
mar a chloisim tá sé ag dol chun na dlighe léi chun é féin
a scur uaithe.



Nóra — A' bhfuil aon chuir amach ar cé hé bhí 'sa treis
léi?



C. — Tá ráifleáil gur'b é an gobaire beag iasachta
san a sholáthair a fear mar thaisdealaidhe 'tá gob le gob
léi ó Luan go Satharn.



N. — Dar ndó', n'fhéadfadh sé bheith 'na cuideachtain
ó Luan go Satharn, mar is fada 's is geárr a bheireann
a ghnó é. Níor dhóichidhe scéal de ná gur éitheach atá 'á
chur ar á' mnaoi mboicht. Ar aon chuma ní fhéachann sí
breis teasbaigh a bheith uirthe acht í 'bheith beagán aerach
innte féin.



C. — Ní ceart do dhuine gach a mbíonn 'fhios aige
'innsint, acht go deimhin féin duit, a Nóra, cé go
bhféachann sí mí-lítheach it shúilibh-se 's im shúilibh-se n'
fheacaidhis oidhre riamh ar a' gcat dóighte acht í .i. gur
feárr í ná a deá'ramh. Tá aithne mhaith agam-sa uirthe ó
bhí sí 'na gearrachaile, is gach lá go dtí an lá 'phós sí ní
leomhfhadh aon ógánach teacht 'na gaor ná go raibh maig
curtha 'na ceann 's an tsúil cnagtha air. Ní raibh ceann
fé ná eagla uirthe roim athair ná máthair, cómhursa ná
duine muinteartha, is ar an adhbhar san is ró-fhuiriste liom
a chreideamhaint go bhfuil cúis ghearáin ag á fear.



N. — Tá mórán de-s na fearaibh go strampálta 'gus go
hasmuiltheach le n-a mnáibh pósta is gur dhóil leat ná
leaghfhadh an t-im 'na mbéal nuair a chastar mná eile 'na
dtreó. Duine den tsaghas san iseadh an ceannaidhe mara


L. 40


bhfuil dearmhad orm-sa. Cá beag 'uit de thuairisc air go
gcaitheann sé furmhór na n-oidhcheanta amuich go glaoidhtidhe
na gcoileach is annsan teacht a-bhaile is “fut, fuaim
is fothram” aige ar nós na n-athach. Dá dhréir sin, is
beag an iongnadh dhi gan bheith deagh-shnódhach, 's is beag
an iongnadh in' fhochair sin go dtrialfadh sí cuideachtanas
éigin a mheilfeadh an aimsir di, rogha 'ca bheith óg nó aosta.



C. — Bíonn an chéad scéal go maith nó go dtagann an
tarna scéal. Dubhart leat ó chianibh go raibh aithne
mhaith agam uirthe is b'fhíor 'am san. Dubhart leat ar
an nós gcéadna nár mhaith liom gach a raibh 'fhios agam
'innsint. Acht ó 'taoi cómh mór 'na fabhar déarfaidh mé
leat gur mó de scaipeathóir ná de chimeádaidhe tighe í.
Ceol is rinnce 'tá ag baint a meabhrach di is ní hollmhúchán
i gcóir a fir. An tráthnóna raghaidh sé 'bhaile ní bheidh
biadh ná deoch ollamh roimis, is má labhrann sé athmhalta
léi 'na thaobh bhrisfidh trichimhe guil amach uirthe. Cad a
dhéanfadh aon fhear le hanam ná le preib ann acht dol
mar a scaipfeadh sé a bhrón. Tá a rian air, do dhein is
do dhein sé rud eile 'na theannta .i. gluaiseacht fé dhéin
a' tighe nuair is lugha 'bhí coinne leis, ní haon uair amháin
acht fé dhó is fé thrí. Pé ní thug sé fé ndeara cloisfimíd
go léir é fé ghearracht aimsire, mar ní'l páipéar sa chathair
ná leathfhaidh an scéal.



N. — Ní haon mhaitheas dúinne 'bheith ag cur 's ag
cúiteamh ar a chéile 'dtaobh a' scéil, acht, 'dir mise 'gus
tusa, nách dóil leat go dtéigheann a lán de-s na fearaibh
ag lorg dlighe an scuir gur seacht measa iad féin ná
na mná bochta. Tá bitheamhnaigh eile 'ca do tharraigeann
caradas 'dir na mnáibh is fearaibh eile d'aon ghnó 'mháin
chun cúis 'fhagháil ar na mnáibh. Ní bhíonn na mná go léir
cómh glic le n-a chéile is má tá sé de mhí-ádh ar a' gceann
baoth í 'fhagháil i gcuideachtanas fir — coimhtheach nó
muinteartha — tá éad ar a fear is dlighe is caibidil dá


L. 41


meabhrughadh 'ge 'na cóir. Níor dhóichidhe rud a dhein an
ceannaidhe ná fios a chur d'aon ghnó sall ar a' bhfear so
's annsan é 'ghráidheachtaint le n-a mhnaoi. Ní deirim
is ní déarfad gur thuit aon ní bun os cionn amach
eatortha, acht deirim má bhí a fear ag tuitim cortha dhi
gur bh' 'id é an tslighe 'b' fhusa dho chun na cúise 'fhagháil
uirthe.



C. — Mara bhfuil sí cionntach ní chionntóghfar í, ar a
shon gur féidir le lucht airgid daoine 'bhreabadh do
leabhróghadh go raibh an oidhche i lár a' lae ann.



N. — Daoine iad san a sholáthruigheann riaghaltas
Shacsona chun dearbhuighthe 'gcoinne na nÉireannach. Ar
a leithéid seo d'ócáid n'fhéadfaidh an ceannaidhe daoine
'bhreabadh — abair go mbeadh sé toiltheanach chun a dhéanta
— mar beidh dligheadóirí i bhfabhar na mná a bhéarfadh
an clúmh de luich le líomhthacht. Nuair a dhíoltar go maith
atúrnaé nó connsiléar ní fhágann sé aon lúb ar lár 'sa
dlighe gan táthadh as a chéile. Tá airgead go flúirseach
aca súd is scaipfar ar gach taobh é. Cuireann san ar
gcuimhne dham scéal a chuala 'dtaobh beirt fheirmeoirí
i nAmericá. Do bhíodh foghail ag á gcuid stuic 'á dhéanamh
ar gach taobh, acht dob' fheárr a chimeádadh duine 'ca suas
claidhe na teorann ná an fear eile, is dá bhárr do bhíodh
sé ag síor-lochtughadh an fhir eile i dtreo gur éirigh
eascáirdeas eatortha. Nuair a thuiteann a leithéid sin
amach is gnáthach gur'b í an dlighe shocruigheann é is do
chuadar so leis ar a tóir. Do bhí atúrnaé sa chomhursanacht
is do chuadh duine 'ca fé n-a dhéin chun a chúise 'phléidhe
dho, acht do ráinig leis a' bhfear eile 'bheith in' fhochair
roime sin. “N'fhéadfainn bhur gcúis araon a phléidhe,”
ars' eisean, “acht tabharfad leitir duit chun duine
muinteartha dham a chomhnuigheann 'na leithéid seo d'áit.”
Do ghaibh an feirmeoir baodhachas leis is d'imthigh chun
bóthair. Ag trácht na slighe dho do thóg sé an leitir as a


L. 42


phóca is do léigh í, mar ní raibh sí séalta. Do leath a
shúile air nuair a chonnaic sé cad a bhí innte, 's is mar
seo bhí: “Dhá chaoirigh reamhra — beárr-se ceann aca is
beárrfad-sa an ceann eile.” D'fhill an feirmeoir ar a
chois is níor stad gur chuaidh sé go tigh an fhir eile, is d'innis
a scéal do. Ní gádh 'rádh gur shocruigheadar a ndíos-
póireachtaí le chéile is gur mhaireadar gan dlighe feasta.
B'fheárr go mór do mhuintir dá saghas so féachaint rómpa,
mar is í an chuid is lugha den dlighe is fearra, gan aithis
an scéil a bhac.



C. — Tá sé ráidhte “gur deocair fuil a bhaint as tornap.”
Is deocair náire 'chur ar a' muintir ná bíonn sí ortha,
is c'onnus a bheadh nuair atá cead saor tabhartha ag an
ndlighe dhóibh duine 'ca ghabháil soir is duine eile siar?
Má chuireann an ceannaidhe i bhfeidhil a gnótha a bhean
geobhaidh sí uain go leor ar a cuacha 'chíoradh 's a scaoileadh
le gaoith fé mar a dheineadh an bhrúch 'san am fad ó. Is
féidir léi ar an aiste gcéadna stuif na mbuidéal a
chuimilt timcheall a béil 's a smeigín chun bruth a' chaith
a laigheadughadh 'tá a' cocuigheal le n-a chéile chun na
máighistiridheachta. Ní dóil léi go dtugtar fé ndeara
í, acht tugtar, is ní le déidheanaighe é acht cómh beag.



N. — Tá 'fhios aige'n saoghal, a Cháit, is ní fearra dham
rud adéarfad, go bhfuilim ag tabhairt bhan fé ndeara
le déidheanaighe is féasóg ortha.



C. — Taoi gan amhras. Caidhpeanna gléigeala do níghtí
is do déintí suas 'sa bhaile do chaitheadh mná na sean-
aimsire. Hataí péacacha chaithid siad 'sa tsaoghal so.
Clandar is stuifeanna nách é 'tá á gcoimeád i bhfuirim
is nuair a thagfaidh cith bháistighe ortha ruithfidh an súghlach
síos le fánaidh is ó bheith á síor-dtiormughadh féin le
ciarsúirí go bhfaghfá balaith uatha mar a gheobhadh gadhar
fiadhaigh ó shionnach — tagann crorain bhéil is féasóg ortha.
Mo ghraidhin mná na sean-aimsire. Dob' áluinn iad a


L. 43


gclócaí is ba mhór í an bháisteach a leogfadh ceann aca
'steach. Ar an nós gcéadna do chaithidís gúnaí plainín
is bun-chótaí den earra gcéadna. Ní rabhadar piúnálta
ná manntach acht an oiread, mar d'ithidís biadh folláin
is ní cheanglaidís i bhfúnnsaí tógtha iad féin. Do
thugaidís bainne cíghe folláin dá gcloinn de bhárr an
bhídh fholláin is do bhíodh an chlann folláin dá bhárr san
arís. Buidéil is strupaí asta ar nós baighte an iascaire
atá 'á dtabhairt do leanbhaí na haimsire seo. Fén am
go mbeidh bainne na bó súighte ó íochtar a' bhuidéil go
huachtar a' strupa is as san arís go goile an leinbh
raghaidh sé trí 'oiread cúrsaí ó crúdhadh é is a théidheann
lionn dubh Ghineas sar a n-ólann na fearaibh é. Is
fada riamh atá sé meáidhte im aigne 'gam gur 'b 'in é is
bun leis an ndroch-dhíol a thugann clann na haimsire
seo dá muintir. Cloisim, má dheineann tú peata d'uan,
.i. é 'bheathughadh le bainne na bó, gur'b iad na bath a
leanfaidh sé. Má tá sé chómh bog san nádúir an uain
'atharrughadh, ná fuil an eile dheá'ramh go n-atharróghaidh
nádúir an leinbh cómh maith, mór-mhór nuair nár bhlais
sé braon de bhainne cíghe a mháthar riamh ó rugadh é.



N. — I gcúntas a' tsaoghail, a Cháit, cloisfidh na fearaibh
sin is déanfaid siad ríobal orainn “le méad ár
ngleoidh.”



C. — C'onnus adeireann tú “le méad ár ngleoidh”
ar a' gcuma san?



N. — Cuireann sé ar gcuimhne dham triúr fear a díbirigh-
eadh ó n-a n-áitreabh is cuireadh de bhreitheamhnachas aithrighe
ortha gan aon fhocal a labhairt acht uair is na seacht
mbliadhna. “Cloisim guth gadhair,” arsa duine 'ca i
gceann na seachtmhadh bliadhan. “Do ghéim bó,” ars' an
tarna duine i gceann na ceathramhadh bliadhan déag


L. 44


“Cuirfar as a' ngleann so sinn le méad ár ngleoidh,”
ars' an tríomhadh fear i gceann na bliadhna 's fiche, is do
cuireadh, mar chualaidh duine éigin ag rádh na cainte
é. Sin í an chúis go ndeirim go mbeidh na fearaibh mí-
chéadfhach linn i dtaobh a bheith ag árdughadh ár ngotha.



C. — Árdóghad-sa mo ghuth cé ná fuilim ag lorg
“gotha” fé mar atá mná droch-bhéasacha eile. Ní haon
díoghbháil do mhnaoi labhairt le mnaoi eile i dtaobh ceist-
eanna bhaineann go dlúth leo féin. Mná den aicme
gcéadna go rabhas ag tagairt dóibh iseadh lucht éilighthe
an ghotha. Ceanglaid siad so suas iad féin ar nós na
Brighdeoige bhíonn ar a' dtuath aca is le heagla go gcuir-
fidís aon mháinle den tsrathair a bhíonn ortha as inead
siubhlaid siad cómh díreach le saighdiúir. Ní cheannuighid
siad aon bhróg go deo oireamhnuigheann iad, is ní lugha
ná thabharfaidís a dtuise do ghréasaidhe. Cad chuige go
ndéanfaidís? Ná bheadh 'fhios ag an ngréasaidhe ná raibh
na troightheacha cómh cúmtha ortha is leogadar ortha 'bheith,
is b'fhéidir in' fhochair sin go dtabharfadh sé poillín nó
dhó fé ndeara i bhaimpéisí na stocaí. Ar an adhbhar san
cuirid siad fios go siopa ar bhrógaibh atá fuaighte ag
meaisíníbh is nár deineadh i nÉirinn. Nuair a thosnuighid
ar shiubhal ionnta so thabharfá fé ndeara leath-liost ortha
— mar a bheadh ar bhád fé sheol — ar uairibh is ar uairibh
eile ag géilleadh fé mar dá mbeidís ag siubhal ar
shnáthadaíbh. Is gnáthach gur'b é thagann as ná pachaillí
'theacht ar na sperthacha 's ar thaobh na hórdóige 's na
lúidíne is t'réis pas coisidheachta 'dhéanamh caithid siad
suidhe go mion minic is deamhramh na brionglóide is na
buadhartha ortha. Acht is cuma leo; tá'n an troigh go
deigh-fheisceanta múnlálta sa bhróig is sin a dteasduigh-
eann uatha. Nách é theasduigheann ó mhnáibh na Séineach
is cá beag san?


L. 45


N. — N' fheicim is ní lugha ná 'chloisim go bhfuil puinn
de mhnáibh na hÉireann ag lorg “gota.” Is maith a'
comhartha ortha é sin, adhbhar tiosáineann sé go bhfuil
a bhfurmhór ag tabhairt aire dá ngnó féin. Mara mbeidís
i bhfeidhil a ngnótha chaithidís caitheamh aimsire éigin a
tharrac chughtha is cár bh'fhéidir leó aon tslighe 'tharrac
ortha is feárr a thabharfaidh os comhair na poiblidheachta iad
ná an phoilitidheacht? Agus i bpáirt na mbróg, táid siad
ag cruinniughadh a meabhrach go tiugh chun na ndroch-
nósaibh — adeireann tusa bhí 'ca — a chaitheamh uatha. Tá
leathar 'á thnúis i nÉirinn ná fuil oireamhnach ar bhrógaibh
a dhéanamh do mhnáibh uaisle. Tá sé ráidhte go minic ag
Liam Field — Uachtarán Chumann a' Stuic — go bhfuil a
fhurmhór lán d'fhárthainíbh — trí bhoichte na mbeithidheach —
is go gcuireann san fé dhroich-mheas é. Nách gleoite an
fhéachaint a thabharfá-sa ar ghréasaidhe dá n-órduighthá dho
feidhre bróg a dhéanamh duit, is poll nó dhó 'theacht ionnta
i gceann seachtmhaine? Níor bh' é do locht-sa é is níor
bh' é locht a' ghréasaidhe é, is, 'na dhiaidh san, do bhíobhair
araon mí-shásta. Má fhóighneann sé dhúinn tosach a
thabhairt d'earraidhibh na hÉireann ní fhóighneann sé is ní
oireamhnuigheann sé sin — i ngustal ná i dtír-ghráidhtheacht
— óinseacha 'dhéanamh dínn féin. Má fhaghaim-se an earra
chóir ceannóghadh í, acht mar a bhfaghaidh mé ní bheidh milleán
ag Dia ná ag duine orm droch-earra 'eiteach.



C. — Is maith a' sás tu chun do thaobh féin den scéal a
chosaint, 'sé sin, dá mb' é do thaobh den scéal é, acht ní
hé. Tuigim-se cómh maith leat-sa cad a bhaineann leis
a' gcúrsa. Ní réidhtigheann fuacht ná teas le-s na mnáibh
chaitheann na hearraidhibh iasachta. Táid siad lá ag fiosradh
an drogadéaraidhe is lá eile ag fiosradh an dochtúra.
Tabharfaidh duine 'ca ola do-s na cosa 's an tarna duine
buidéal don chroidhe. Níor ghádh dhóibh ola ná buidéal
'úsáid mara mbeadh an tseoinínteacht a bheith daingnighthe


L. 46


go smior ionnta. Dá gcaithidís bróga fairsioga do
scéidhfeadh an fhuil go nádúrtha amach go barraíbh na
lúidíní is dá bhárr do bheadh teasaidheacht 'sa cholainn go
léir. Tá sé ráidhte gur'b iad na trí nidhthe is fuaire
amuich “glúin fir, srón con, is cín (cíoch) mná.” Níor
bheag dóibh an áit a bheith fuar gur dhual do bheith amhlaidh
gan fuacht na gcos a bheith ag ruith go brollach fé mar a
bheadh scéala teinntrighe ó thír go tír. Táid ar an nós
gcéadna ceangailte 'stigh i ngléas na cabhlach fé mar
a bheadh cos bhriste i gceiridhe Pháiris is nuair éirighid
siad ar maidin táid siad ag mianfaidheach go breicfeast
is teinneas is diachair i ngach ball dá mballaibh. Téighid
annsan is bainid sclugóg as bhuidéal a' dochtúra is níor
dhóichidhe dhóibh deoch bhíodhgamhlachta 'ól ná nimh. Beidh
liúghtar éaghtar láithreach bonn is dochtúirí is máinliaigh
soláthartha ar phrap na súl. Tá breithniughadh t'réis bháis
ag dochtúirí ortha is coiste an dáréag ag cromhnairidhe.
Aontóghaid uile go léir gur cailleadh an té sin trí nimh
'ól gan choinne, is cuirid a gcomhbhrón i gcéill dá cáirde
gaoil. Do b'fhuiriste, a 'nghean ó, na dóláistí seo
'sheachaint le druim lámha 'thabhairt do ghalldachas is nósaibh
is béasaibh ár sean is ár sinnsear a chleachtughadh. Go
mbeidh so amhlaidh beidh gearánta nár dhual dóibh ag Clann
Róisín Dhuibh.



N. — D'fhéadfainn a lán a rádh i bhfabhar na mban, acht
is gnáthach le cuairteoir furmhór an aighnis 'fhágaint fé
mhnaoi an tighe. Éist ariú! tá duine éigin ag bualadh
'g an ndorus.



C. — (Ag oscailt an doruis). — Dé 'bheatha-sa, a Bhrighid.



B. — Go mairir it shláinte. 'Bhfuil m'athair is mo mháthair
istigh?



C. — Táid. Cad í an phrádhainn atá ort?



B. — Donnchadh Óg atá go dian donaidhe ó 'fhágadar
a' tigh. Abair leó, má's é do thoil é, go bhfuilim ag
glaodhach ortha.


L. 47


C. — Déanfad is fáilte. A dhaoine muinteartha, is oith
liom a rádh libh go bhfuil Brighid ag glaodhach oraibh chun
brostuighthe 'bhaile.



D. 's a bhean le Brighid. — An amhlaidh 'chuaidh Donnchadh
Óg i ndonacht ó 'fhágamair a' tigh?



B. — Is eadh mhuise. Brostuighidh a bhaile.



D. — is N — Go dtugaidh Dia lá maith dhíbh, a mhuintir a'
tighe.



S. is C. — Go n-éirighidh bhur mbóthar libh is scéala maith'
ó Dhia chughaibh féin is chughainn féin.



Máire, inghean Sh. is Ch. — Míle fáilte rómhat, a
Bhrighide.



B. — Go mairir-se 'bhfad, a Mháire.



M. — Suidh aníos go fóil, a Bhrighide, is eachtruigh rud
éigin dúinn.



B. — Is fearra dham imtheacht a bhaile i ndiaidh m'athar is
mo mháthar nó b'fhéidir ná beidís ró-bhaodhach díom le
haghaidh an tráthnóna.



M. — Aililiú! Níor chualamair riamh a mhalairt agat.
Badh chóir nár bheag 'uit-se bheith id choimeádaidhe tighe
fan a' lae. Tar a leith sa rúma so go fóil go dteas-
bánfad mo ghúna nua dhuit.



B. — Ná hiarr orm fanamhaint i bhfad, a Mháire.



M. — Go deimhin féin, ní dhéanfad. Suidh annsan is
“tóg” (fé mar adeirid siad) “do shúsa i n-inead do
shaidhbhris.” Féach air sin mar ghúna, a Bhrighide. C'onnus
a thaithneann sé leat?



B. — Taithneann sé go dian-mhaith liom, a Mháire.



M. — Is maith liom go dtaithneann, a Bhrighide. Sin
adhbhar gúna ná faghfá “déanta i nÉirinn,” cé go bhfuil
mo chluasa bodhar ó mhaidean 'ged mháthair 's aigem'
mhathair féin ag cáinseoireacht ar earraidhe an domhain
mhóir acht ar na leighcíní bróg is na giobail éadaigh a
dheintear 'sa tír seo. Nách deas 'fhéachaimís i ngúna tútach


L. 48


plainnín! Nár bh' áluinn a shiubhlóghaimís ar fhlaigí na
cathrach le feidhre bróg a dhéanfadh gréasaidhe!



B. — Ní'l aon ní le clos anois acht “earraidhe na
hÉireann” pé áit go ngeobhair, mór-mhór ag daoine
aosta go bhfuil ag dol dá meabhair 's ag Connradhthóirí
na Gaedhilge.



M. — Ní mar mhaithe le hÉirinn atá mórán aca so ag
scaothaireacht, acht mar mhaithe le n-a bpócaí féin a dhingeadh
le hairgead na n-amadán is na n-óinseach a chreideann
iad. Thabharfainn creideamhaint don fhear a chaitheann
a chulaith éadaigh de is a chasann clóca timcheall air féin —
ar nós na nAspal — mar fuiligeann sé amhródh 'gus
feannaid, acht n'fheadar 'on tsaoghal cad é an gnó bhíonn
aige den chleite bhíonn 'na choilgsheasamh as chlúdach a
bhaithis. B'fhéidir gur'b amhlaidh a mheasann sé a chur i
n-umhail do chách a chíonn é gur ag aithris ar a' bpilibín
míog a bhíonn sé is go bhfuil a cheann cómh folamh le ceann
a' philibín, sin nó go dteastuigheann uaidh an saoghal
Fódlach a chreideamhaint gur laoch chun coscartha é ar
nós an Iar-Indiaigh Dheirg nuair a théigheann sé ar chasán
an áir chun fuaithníní cinn a stealladh 'nuas le n-a thuaigh.
Tá 'thuille 'ca 's ní labharfaidís chughat dá gcloisidís gur
sheasuighis ar úrlár chun aon rinnce acht promsáil go
dtugaid siad “Rinnce Gaedhealach” air.



B. — Táim ag féachaint le beagán de bhliadhantaibh ar
chuid de-s na Gaedhilgeoirí ag rinnce is do thabharfá an
leabhar nuair a bhíd siad ag ruith anonn 's anall ag rinnce
“coirn” gur daoine meisce iad. Is annamh a chífhidh tú
i n-oscallaibh a chéile iad acht iad — 'dir fhear is mhnaoi —
i reachtaibh an stáitse nó an úrláir a bhriseadh. Dá
gcloisfeadh mo mháthair ag caint ar an aiste seo me ní
bheadh sí ró-bhaodhach díom. Acht, is cuma liom, ní
thréigfead-sa rinnce Shasana go raghadh i n-úir.


L. 49


M. — Cad chuige go dtréigfá, mara mbeadh de chúis
agat leis acht do pháirtidhe 'ot bhreith mór-dtimcheall
'na bhaclainn leis. Ná cuirfidh sé i n-umhail go soiléis
duit nuair a chuirfidh sé d'iomard ar a chorp tu 'iomchar
ar an nós san go bhfuil gean aige dhuit is b'fhéidir
nídheachan den ghrádh measctha ar a fhuaid. Acht ná trácht
liom thar rinncí na hÉireann ná thar an muintir a bhíonn
ag rinnce acht cómh beag. Badh dhóil leat gur abhras
garbh an chulaith a bhíonn ar na fearaibh is gur plaing-
céadaidhe culaith na mban. Féach ar an rian-charbad ar an
té labhrann Gaedhlainn 's ar an té ná deineann. Féach
an mhánlacht a thabharfaidh tú fé ndeara 'sa Bhéarlóir
seochas fear na dá theangan. Leogaid na fearaibh
Gaedhealacha ortha gur'b iad féin saighdiúirí na hÉireann
is leogaid na mná ortha ar an nós gcéadna gur'b iad
féin na callairí do stóinseoghadh cneadhthacha na saigh-
diúirí. Acht, féach ar a' saighdiúir gur saighdiúireacht a
cheárd. Féach ar na géaráin sciomartha 'chífhidh tú ar na
sálaibh ag cuid aca, is féach arís ar an seasamh do-
chlaonta 'tá ag an iomlán aca. Dá mbeitheá 'na
gcuideachtain ná cuirfeadh na géaráin i n-umhail duit
go dtroidfidís ar do shon fé mar a chómhraiceann an
coileach ar son na circe is go mbainfidís an tsail chneis
le n-a gcánaíbh as a' té 'fhéachfadh cam ort. A' ndéanfadh
Pádraig nó Seán nó Diarmaid é sin? Go deimhin ní
dhéanfaidís. Má bheannuigheann tú i mBéarla dhóibh
labharfaid siad Gaedhlainn chughat, is do b'fheárr leat
go scaoilteá tharat iad.



B. — Tá sé i n-am agam-sa bheith ar bóthar. Go dtugaidh
Dia tráthnóna maith dhíbh.



Seán is Cáit is Máire. — Go dtigir slán beo, a Bhrighide.
Abair (arsa Cáit) let athair is let mháthair go raghad féin
is Seán ag fiosradh Dhonncha' Óig ar maidin i mbáireach —
le congnamh Dé sinn slán.


L. 50


B. — Go deimhin, déanfad is fáilte, a mhaim.



C. — Go raibh míle maith agat, a Bhrighide. Nách deas
cainteach caradamhail an cailín í Brighide, a Sheáin?
Samhluigheann sé dham go bhfuil ana-chosmhaileacht aici le
Máire seo 'gainne acht gur tairice 'na ceannaighthe
Máire ná í is gur sia í ná Brighide 'bhfad.



S. — Is seanfhocal é “gur geal leis a' bhfiach dubh a
gheárrcach féin.” Dá mb' inghean duit-se Brighide do
mholfá í fé mar a mholann tú Máire fé láthair. Acht is
mithid dúinn an Choróin Pháirteach a rádh is dol a chodladh
'n-ainm Dé is dol ag féachaint an leinbh iúd ar maidin
fé mar a gheallais.



C. — Taighídh ar bhur nglúinibh, a chlann Ó.



Tar éis na Coróineach a chríochnughadh; “Má tá aon
anam bocht ag imtheacht ar fán ná ar seachrán go
n-iompuighidh Dia isteach go teampall Chríost é. I n-ainm
an Athar, an Mheic 's an Sprid Naoimh. Amen, a Thighearna.



AN CEATHRAMHADH LÁ.



Ag glaodhach isteach ar maidin go dtigh Donnchadh.



Seán 's a bhean — Móra dhíbh ar maidin.



Donnchadh is Nóra — Mór is Muire dhíbh is Dé bhur mbeatha.



S. 's a bhean — C'onnus 'tá Donnchadh beag t'réis na
hoidhche? Nó cad é a ghearán?



D. — ag freagairt — Do bhí sé go han-dona ar feadh na
hoidhche acht tá biseach mór indiu aige. An bhruithtíneach
atá air is tá sí curtha 'mach aige.



S. — Tá sé ráidhte 's is fíor é “gur dhá dtrian galair
an oidhche.” Acht caithfidh sibh aire mhaith a thabhairt do ar a'
bhfuacht. Ní'l aon namhaid ag lucht bruithtínighe acht an
fuacht.



D. — Cad é an cuir amach atá 'gat-sa air sin?


L. 51


S. — Tá cuir amach maith agam air, mar is minic a chonnac
daoine go raibh pípíní ortha ar feadh a saoghail mar gheall
ar fhuidheall bruithtínighe 'fhanamhaint aca. Ní réidhtigheadh
fuacht ná teas leo, acht mór-mhór an fuacht.



D. — Mo thruagh é an peacach bocht, is 'mó ní 'tá 'ndán do
ó aois go bás. Níor chuireas leath oiread spéise 'sa
bhruithtínigh go dtí go gcloisim tusa ag cur síos uirthi.
Cad é an t-oideas is feárr di? Tá a hoideas féin do
gach aicíd.



S. — Tá gan amhras. Acht ní dochtúir mise chun a bheith
'á fhiafraighe dhíom. Cróch a tharrac ar nós a' téi is é
'tabhairt le n-ól dóibh an t-oideas a chuala-sa 'gcomhnaidhe
riamh di. Téigheann cuid de-s na páistí dó' lom i gcoinne
an chróich 'ól, cé nach fuil sé droch-bhlasta. An té
dheineann é sin caithfar é 'fhagháil, ar ais nó ar éigin, chun
a ólta. Mara bhfaghfar le bladar é chun a dhéanta
caithfar an bás a bhagairt air nó a leogaint ort féin go
bhfuileann tú le himtheacht i n-'inead. Acht an tslighe
seo 'thriail leo geobhfar, gan bhuille gan bhasóig, iad chun
a ólta. Nuair ólfaid siad an t-oideas clúduigh go maith
iad 's is geárr go dtabharfair fé ndeara cóta grís
amach trís an gcroiceann. Sidé an t-am 'fhaghaid siad
a' fuacht mara bhféachtar chughtha. Acht is dócha nách gádh
dham a bheith ag spreagadh ar an nós so dhuit-se, mar is ró-
cháiréiseach ataoi 'gcomhnaidhe riamh ar do chloinn, bail
ó Dhia ortha. Acht, fé mar adeirid siad, “Castar na daoine
ar a chéile, is ní castar na cnocaibh ná na sléibhtibh.”
B'fhéidir go gcasfaidhe daoine ort-sa 'gus orm-sa ná
féadfadh díol as dochtúir a thabhairt ag fóirithint ar a
gcloinn i n-am na géibhinne, is gur mhaith dhúinn an cúntas
so do thabhairt dóibh nó bheith eolgaiseach ar a thabhairt dóibh
dá mbeadh an riachtanas chun a dhéanta.



D. — Dubhart cheana go raibh a hoideas féin do gach
aicíd. Táid siad cómh hiomadamhail is gur dheocair do


L. 52


dhuine gan mórán eolais a bheith tuisgionach ionnta go léir.
Tá bolgach, deilgíneach, triuch, ruadh — acht cad ab' áil
liom 'á n-áireamh? — ní chuimhneoghainn ortha.



S. — 'Tá sé ráidhte go bhfuil cheithre haicídí fichead as
cionn a' chapaill is go bhfuil cheithre haicídí fichead i n-aghaidh
gach cinn aca as cionn a' pheacaigh. Nách deocair don
Chríostaidhe bocht dol as gach ceann éigin aca dá bhualadh.
Is fánach duine 'gheobhfar a bheith 'na bheatha-shláinte is, má
bhíonn aon ghearán amháin air, beidh dhá ghearán air nó,
b'fhéidir, níosa mhó, mar is annamh a thagaid na gearánta
ar leithligh. Do bhí daoine sa chathair seo 'sa tseana-
shaoghal a leigheasfadh gach aicíd dár áirmhighis le n-a
n-oideasaidhe féin. Do chuiridís plúr scólta leis a'
ruadh, a d'fhonn is é 'chimeád ó fhliuchán, is do scríobhaidís
ainm is sloinneadh an té go mbíodh sé air — ar a' dtaobh
amuich de — fé mar a scríbhtí ainm na ngaiscidheach i n-oghaim
chraobh. Do chreidtí 'sa tsean-aimsir nár bh' fhéidir le
haon ní an ruadh do chosc acht fuil chaith dhuibh, acht
déanfaidh súghadh an tsimnéidh nó dubh na scríobhnóireachta
an gnó cómh maith. Do thagadh — is tagann fós craos-
galar ar leanbhaíbh is bíd siad go buadhartha 'gus go
do-shásta dá bhárr. I n-inead oideasaidhe na haimsire
seo is amhlaidh sholáthruightí ('na throscadh) leanbh nó
duine aosta ná feacaidh 'athair riamh is trí putha dá n-anáil
a shéideadh 'steach i mbéal a' leinbh ar feadh naoi maidean-
acha, is do bhí an leigheas déanta. Marar bh'fhéidir an díth-
leachtaidhe 'fhagháil do dhéanfadh gandal an gnó cómh maith.
Is deocara an gandal a sholáthar 'sa chathair seo ná
an díthleachtaidhe, rud is cathach le n'innsint. Tagann
fiabhraistí — go hobann — go minic ar na daoine — óg is
aosta — 's i n-inead ain'ruith nó pusóidí na haimsire seo
'thabhairt dóibh — a mharbhuigheann go minic iad — is amhlaidh
'dheintí meadhg dhá bhainne — cómh héadtrom is ab' fhéidir
— is é 'thabhairt — go mion minic — malla-bhog le n'ól dóibh.


L. 53


Bíonn rámhaill thinntidhe ar lucht fiabhrais is bíonn a dóthain
le déanamh aige'n gcallaire go mbeidh na créachtaí bocht
de dhruim an aidhthithe. Is gnáthach leo nuair a bhíd siad
ar fainn-éirighe, go dtagann ocras buile ortha, is go
n-íosfaidís nó go n-ólfaidís aon ní gur bh'fhéidir leo
teacht air, is má tá sé de mhí-ádh ar a' gcallaire go
bhfágfaidh sí biadh ná deoch — géar ná milis — 'na ngoire
tagfaid siad air a gan fhios di dá dtugaidís an leabhar
di ná déanfaidís. Tá sé ráidhte “gur measa an t-ath-
iompáil ná an chéad fhiabhras” 's is fíor é, mar beidh
furmhór do nirt sladaithe chun siubhail aige'n chéad bhabhta,
is lag-sheans atá agat — nó ag an té go mbíonn sé air —
é chur de.



D. — 'S a Thighearna, cad a dhéanfaid siad? An ar a'
ngaoith a mhairfid siad? An diabhal ruainne dhíot ná
fuil cómh háithféiseach leis an mBaintighearnain Abardín!



S. — “Fóil fóil, a mhic a' rí,” fé mar a deireadh an
t-athach. Sin í an chúis chéadna go bhfuilim 'á innsint
duit féin is do dhallacánaibh nách tu. Is féidir greim
nó 'dhó 'thabhairt dóibh i gceann 'dó nó 'trí de laetheantaibh
t'réis an aidhthithe. Is féidir é 'dhúbailt gach lá as san
amach go ceann 'sé nó 'seacht de laetheantaibh is as san
amach tá ruith a' ráis leo, mar is féidir leo a ndóthain
de gach saghas bídh 'ithe. Moladh le Dia dá chionn, ní'l
an bholgach ag teacht le déidheanaighe cómh gnáthamhail is
a thigeadh sí bliadhanta ó shoin.



D. — C'onnus a thagfadh? Ná fuil an seannach 'á
ghearradh ar pháistíbh 's an dlighe le cur ar aon'ne go
bhfaghfar gan gearradh air é?



S. — Táid siad ag dol i gcoinnibh a' ghearrata i
dtíorthaibh eile, pé bun atá 'ca le n-a dhéanamh, is go
deimhin féin duit ní mór ná go ndéanfainn féin an
cleas céadna. Acht is í an chúis atá 'gam-sa ná an
seannach a thógaint as láimh leinbh is é chur i ngéig leinbh


L. 54


eile. N'fheadar-sa ná beadh rud éigin tógálach ar do
leanbh-sa is n'fheadraois-se ná beadh mo leanbh-sa ar an
aiste gcéadna. Is minic a chonnac leanbh is reimhideas
mhuinilte do chasóige 'na láimh t'réis droich-sheannaigh
a fuarthas as ghéig leinbh eile.



D. — Badh mhór a' truagh gan an dochtúir a dhéanfadh
a leithéid sin a chur le muir is le mór-fhairrge. Acht
dream iseadh do chtúirí go bhfuil “cead uilc is mhaitheasa”
'ca ar nós aingil an uabhair. Dá dtuittheá de mhullach
a' tighe seo, anuas ar a' bpáil, ní bhainfeadh duine 'ca
braon fola asat, cé ná fuil aon ní eile 'bhainfeadh a'
t-ama det chroidhe cómh tapaidh leis.



S.— Is mó an glaodhach a bhí ar a' gcuisleoir go dtí le
déidheanaighe ná ar an ndochtúir. Ceárd innti féin ab'
eadh an chuisleoireacht ó aimsir Bhriain Bóruimhe agus
a bhfad roimis. Nár chualaidhis an t-amhrán a chúm file
t'réis na fola 'bhaint as go ndubhairt sé:



“Do tháinig dochtúir im láthair 's is fáilteach roimis a
bhíos;
Do bhain sé fuil as mo láimh dheis is d'fhág an t-ama mo
chroidhe,” &c.



D. — Do chuala an t-amhrán san agus amhráin nár bh' é,
a Sheáin. Daoine tuisgionacha dob' eadh na hÉireannaigh
faid a chimeádadar a dteanga 'gus a nósaibh féin. Do
chailleadar iad san agus is mó d'fhearaibh bréige iad ná
an cuisleoir go dtugann an dochtúir “potanálaidhe”
air. Tá daoine 'sna hotharlannaibh 'sa chathair seo ná
leigheasfaidh na dochtúirí go deo, 's gur geárr a' mhoill
iad a leigheas 'sa tseana-shaoghal le ceiríneacha 'dheintí
'sa bhaile. D'imthigh súd is tháinig so is ní feáirrdide sinn
an t-athrughadh.



S. — Dá dhoimhneacht a raghaimís 'sa scéal so 'seadh is
deocara 's is aite 'shamhlóghadh sé dhúinn. Féach ar a'


L. 55


bhfear 'imthigh daichead bliadhan ó shoin go hAmericá is a
rug teanga a shinsear sall leis. Féach air i mbliadhna
nuair a thagfaidh sé 'bhaile go tír a dhúthchais, le congnamh
Dé é féin is sinn-ne slán. Féach ar a' bhfear 'imthigh deich
mbliadhna ó shoin is tabhair an deifearuidheacht fé ndeara.
Ní'l an Ghaedhlainn aige 'n bhfear ndéidheanach so is ní
thuigfidh sé cad is bríogh d'Fheis ná d'Oireachtas. Déarfaidh
sé — i mBéarla — go bhfuil an gnó go léir ana-thaithneamhach,
acht go bhfuil aithreachas air ná féadann sé an teanga
'thuisgint. Éist leis a' bhfear eile, nó tabhair a ghnúis
fé ndeara, is tagfaidh oiread athruighthe air i gceann
neomait is a thagfadh ar a' ngealaigh oidhche ghaoithe. An
neomat a chloisfidh sé amhrán Gaedhlainne “éireoghaidh an
fhuil uasal i n-uachtar an ochta 'ge” fé mar éirigheadh
aige-s na sean-laochaibh fad ó, is cuirfidh sé liúgh mhaoidhte
as nó caithfidh sé a hata san aer. Ca' 'na thaobh go
ndeineann sé sin, fiafhruighim díot? Deineann, “mar
tháinig sé 'bhaile ar a dhúthchas” fé mar a tháinig an (bhó)
“gheadach (do bhíodh) dá crúdh ann-sa' ghleann.” Agus
tá daoine i nÉirinn a leogann ortha ná fuil aon choinneamh
le n-a bhfoghluim is le n-a dtuisgint, — 's i bpáirt na tír-
ghráidhtheachta, 'thabharfaidís fiacal duit, dá lochtuightheá
iad, a bhainfeadh an mheidhréis den duine seo.



D. — Ní thuigim — olc ná maith — cad tá ar bun agat
anois. C'onnus a bhainfeadh aon'ne i nÉirinn an mheidhréis
d'fhear gur éirigh an saoghal leis mar éirigh leis a' bhfear
so ainmnighthe agat?



S. — N' fheadar an le heasba tuisgiona 'taoi ag
fiafhraighe na ceiste sin nó nach eadh, acht réidhteoghad
duit í. Easpogaibh, breitheamhnaibh is daoine foghlumtha eile
do bhainfeadh an mheidhréis de, le gan teanga a dhúthaighe
do dhéanamh riachtanach ar althóir i gcúirt 's ar úrlár
na scoile. Is deocair dom labhairt ciúin ar a' gceist
seo, adhbhar gach am a chloisim aon'ne — mór ná beag — ag


L. 56


fagháil loicht ar ár dteangain, cuireann sé mo chuid
fola ag friuchaidh fé mar dá mbeadh sí i ndaibhigh an
bheirbhthe. Cómh deimhnightheach is gur'b í seo an bhliadhain
naoi gcéad déag 's a deich, má leogaimíd d'ár ndúthchas
is d'ár n-oidhreacht sileadh trí n-ár ladhracha nó as ár
mbéalaibh, imtheoghaidh ár gcreideamh 'na fochair. “Is
deocair capall ráis a dhéanamh d'asal” 's “is deocair
girrfhiadh 'chur as an dtor 'ná bíonn sé.” Is deacair,
mar a' gcéadna, cion an fhir a tharrac ar a' dteangain
atá fé dhroich-mheas le sinsearacht. Ní raibh “toradh 'n
mhadra ar 'athair” ag aon'ne go raibh an mhóruidheacht
ann ar an té do labhair í. Ní raibh aon mheas ag muintir
a labhartha ortha féin, mar níor chuir aon'ne riamh go raibh
aon strus air i n-umhail dóibh go raibh oidhreacht luachmhar
aca. Do chuala sagart — 'dó nó 'trí d'uairibh — ag cur
síos ar mhór-chomhacht Naoimh Pádraig, is ní dhéanfadh sé
an gnó dhó a rádh aon uair amháin gur Albanach ab' eadh
é gan é 'athnasc seacht n-uaire 'dtreo ná beadh aon
mhearathal ar a' bpobal cad as gur tháinig an creideamh
chughtha. Acht féach — má 'seadh — cad a thuit amach i nÁrd
Mhacha tá bliadhain ó shoin.



D. — Ní cuimhin liom gur thuit aon ní suaitheantais
amach ann i n-uiridh ná i mbliadhna acht an crioth talmhan
do fógradh a bheith i n-áit éigin lastuaidh le déidheanaighe.
Is dócha nách beag 'olcas, mar is scamhradhamhail an ní
an talamh 'ot shlugadh nó an tigh a thuitim ort is tu 'dhóghadh
(h)it dheigh-bheathaidh nó tu 'mharbhadh gan teasaracan.



S. — Don bhliadhain i n-uiridh atáim-se ag tagairt, a
Dhonnchadh, nuair a bhí díospóireacht na teangan san Iolscoil
i n-aoirde a pléidhte. D'réir mo bharamhla-sa, do thug
Naomh Pádraig soluíd mhaith an taice sin do gach dream
aca .i. cith phludaigh a sheadadh 'nuas thar áiteanna an
tsaoghail i nÁrd Mhacha. An dóil leat-sa ná le haon'
eile ná gur cheann dá mhíorbhailtíbh trí ghrásta Dé an


L. 57


chith sin? Dob' eadh, 'mhic-Ó, mar is minic atá sé cloiste
'gainn “go meilid muilte Dé go réidh socair acht go
hana-mhion.” Do bhíos ag faire ar a' gClaidheamh Soluis
is ar pháipéaraibh eile nár bh'é 'fhéachaint ar thug scríobh-
nóir ná cainteoir fé ndeara gur mhíorbhailt a deineadh
i bpáirt na teangan í seo, acht an riabhach duin' aca 'thagair
beag ná mór do, cé nár bh'fhéidir le lucht cosanta na
teangan aon úirlis eile 'sholáthar a bheadh leath cómh
héifeachtamhail chun a cosanta.



D. — Och! má's do san ataoi 'tagairt, ná fuil 'fhios
agat go bhfuil daoine i nÉirinn go dtagfadh an
bhreoidhteacht mhór ortha le racht gháiridhe dá gcloisfidís ag
tagairt do mhíorbhailtíbh thu? Agus táid siad ann, bíodh
'fhios agat, de gach cine 'gus creideamh chómh maith.



S. — Ní gádh dhuit sin 'innsint dam. Acht, ce hiad féin;
má 'seadh? Na daoine c'rónta críochnuighthe 'tá ag dol
i n-aghaidh a ndúthchais. Níor mhór dóibh seo tamall a
chaitheamh i dtír éigin eile chun 'fhagháil amach cé'ra' díobh
iad nó cad as iad. An té 'dheineann is 'fhaghann amach
nách den tír 'na dtéigheann sé é, má ráinigheann leis teacht
a-bhaile go deo, is mór a' t-athrughadh 'thabharfá fé ndeara
air.



D. — Ní mór é ar a bhfurmhór. Ná fuil an tír seo na
hÉireann beag a dóthain dá clainn, adéarfá, acht féach
an droich-mheas atá i gCaineáide 's i dtíorthaibh nách í
ag cuid aca ar Éire — nó ar lucht a háitribh. Dá dtigeadh
duine aca so a-bhaile — rud gur minic a tháinig — an 'á
moladh 'bheadh sé? Ní headh, mhuise, acht “ag caitheamh
uisce ar Fhranncach bháidhte.” Do chabhruigheadar féin —
ar feadh a shaoghail — chun an Fhranncaigh a bháthadh nó geall
leis do, 's annsan nuair ná fuil sé cómh meanmnach
le n-a leithéid eile — i dtíorthaibh eile — níl aca acht
droich-mheas a thabhairt do.


L. 58


S. — Deiridís is na seana-scéalta nuair a bhídís ag
cur an “cóiriughadh catha” ortha — “An té 'thagfadh ó
íochtar a' domhain go huachtar a' domhain” is mar sin
dóibh. Do bhíos ag caint an lá eile le fear a tháinig ó
íochtar a' domhain (.i. Astráile) go huachtar a' domhain
(.i. Éire) is dubhairt sé liom go raibh aithne phearsanta
aige ar dhuine den treabhachas san 'na dtagrann tusa
dhóibh, a chuadh go dtí cruinniughadh 'bhí ag feisire ó Éirinn
ar dhroich-intinn, is nuair a chualaidh sé gearánta a thíre
dá soillsiughadh go soiléis as cómhair a shúl do mhachtnaimh
sé, 's isé tháinig as ná a rádh 'na dhiaidh sin ná ceadóghadh
sé ar chéad púnt gan a bheith ar a' láthair. I ngearracht
aimsire 'na dhiaidh sin do thug sé turus ar a thír 's ar a
bhaile dúthchais. Do bhí dearbhráthair do 'sa bhaile is do
chuaidh sé chun comhnaidhthe in' fhochair. Do thug sé
peictiúir Rí Liam fé ndeara ar crochadh ar a' bhfalla
is d'fhógair sé láithreach bonn d'inghean a dhearbhráthar
é 'thógaint chun siubhail nó é 'raide 'mach a' dorus. Do
tháinig crioth chos is lámh ar an inghin is do ruith sí fé dhéin
a hathar ag pusuigheal ghuil is d'innis a scéal go
brónach do. Dubhairt an t-athair léi a thoil a thabhairt
do is go mb' fhéidir go dtabharfadh sé féin ar 'aradhnacha
é. Acht níor thug, mar is amhlaidh 'atharruigh seisean an
t-athair le n-a rádh leis dá siubhluigheadh sé is é féin a
theagasc i n-éirimí glan-sprideamhlachta go gcaillfeadh
sé cuimhne ar Rí Liam 's a ngabhann d'eascáirdeas leis.



D. — Ní har cad a chloisimíd badh cheart dúinn toradh
'thabhairt. Dá dtigeadh mo dhearbhráthair-se a-bhaile 's
a rádh liom peictiúir Dhomhnaill Uí Chonaill a chaitheamh
'sa teine nó amach a' dorus do chuirfinn i n-ainm phuillíní
an Fhir Mhóir amach a' dorus é féin. Ar an adhbhar
san, do bheadh sé cómh ceart aige'n bhfear thuaidh peictiúir
Rí Uilliam a chrochadh ar fhalla a thighe féin is do bheadh
sé agam-sa nó agat-sa peictiúir Dhomhnaill Uí Chonaill


L. 59


nó an Phápa do bheith ar chliathán an fhalla 'gainn.
Domhnall Ua Conaill 'fhuascail ó ama na daoirseachta
sinn-ne 'gus Rí Liam a chuir ar a mbonnaibh aige'n
mBóinn an mhuintir thuaidh, is, dá réir sin, do thoileoghainn
le gach n-aon againn a thabhairt onóra d'ár laoch — acht
gan dia beag a dhéanamh de.



S. — Sin í an chaint. Gan dia beag a dhéanamh de gan
amhras. Do thagrais don chrith talmhan a bhí thuaidh i gCúig'
Uladh tá tamall ó shoin. Tá Cúig' Uladh i n-Éirinn is
dá ndeineadh an crioth talmhan úd díoghbháil fhada dhóibh
do mhachtnóghaidís beagán is níor dhóichidhe rud a thagfadh
as an machtnamh ná é 'fhoillsiughadh dhóibh gur páirt
d'Éirinn Cúig' Uladh is gur cheart dóibh san a bheith
meabhruighthe 'ca na bliadhanta ó shoin.



D. — Tá an ceacht foghlumtha le fada 'ca gur Éireannaigh
iad a fuair réim is ceannas ó riaghaltas Shasana 's ca'
'na thaobh ná déanfaidís a ndícheall chun a chimeádtha?
Ní bhíonn aon mheas ar dhaoine bochta, is cómh luath is 'chífid
siad sinne 'dol i saidhbhireacht — rud atá 'ge-s na banncaibh
'á chur i n-umhail go bhfuilimíd — claonfaid siad anall
chun ár dtaoibh is fé ghearracht aimsire ní bheidh pus cam
ná meill ar aon'ne 'gainn, thuaidh ná theas, thoir ná thiar.



S. — Cuireann san ar gcuimhne dham go mbeidh
cruinniughadh mór i gceann seachtmhaine i Halla Cruinn
an Bháisín ag Cumanntóirí an Bhaileachais Ghaedhealaigh.



D. — ce hiad atá le labhairt ann?



S. — Tá Mac Socair ó Bhéal Feirste 'gus Ó Sáimh ó
thimcheall na Blárnan.



D. — Is dócha go raghair ag éisteacht leo.



S. — Mara gcimeádaidh aon ní gan choinne leis as me,
go deimhin raghad. Amás, beir-se ann?



D. — Beidh mé, le congnamh Dé.



S. — Tá sé i n-am againne dol a-bhaile. Gura' feárr
sibh ar ár dteacht arís, a mhuintir a' tighe, is go gcasaidh
Dia an tsláinte ar Dhonnchadh.


L. 60


D. — Gurab amhlaidh dhíbh, is go ra' míle maith agat,
a Sheáin. Ó, nách álainn é ionnfhuar a' tráthnóna? Badh
cheart dúinn a bheith amach annso le huair a' chluig.



S. — N'fheadar cá bhfuil na daoine sin go léir ag dol,
a Dhonnchadh?



D. — Go dtí an Amharclainn, a Sheáin.



S. — Ó, tá'n ceart agat go díreach. Bhí ollamh i gcomhair
na hoidhche 'mbáireach go dtugam turus ar cheann aca.



D. — Bíodh sé mar sin. Slán libh.



TURUS AR AN AMHARCLAINN.



Ag teangmháil ar a chéile tráthnóna an lae 'mbáirigh
téighid go dtí an Amharclainn i bhfochair a chéile. Díoltar
an t-airgead is tógaid a suidheacháin. Ní túisce 'na
suidhe dhóibh ná gluaiseann bean aerach thar brághaid is
hata uirthe 'bhfad níos leithe ná pearasól is suidheann
cruinn díreach as a gcoinne 'mach.



S. — Druid anonn as ár radharc, a bhean chóir, má 'sé
do thoil é, a' gcloiseann tú leat mé? B'fhéidir gur
a'll'uidhir atá uirthe, a Dhonnchadh. Druid as ár radharc,
a mhám, má 'sé do thoil é. I n-ainm Dé dhuit — is ní hé
'mheasas a rádh leat! — fág ár solus!



D. — Tá'n bhean bhocht bodhar scun scan, nó b'fhéidir
gur le déidheanaighe 'cailleadh a fear is gur ag machtnamh
atá sí.



S. — Fág an áit sin nó caith dhíot an bodhrán san, má
'sé do thoil é.



D. — Ní chloisfeadh an bhean bhocht gártha na n-adharc.
Beir ar mhuinilte uirthe is tabhair stathadh beag éadtrom
di is bagair anonn as a' solus uainn uirthe.



S. — Féach a leith orm, a mhnaoi uasail! A' gcloiseann
tú leat me, a mhám?


L. 61


D. — Beir timcheall na cabhlach uirthe 'gus tarraig anall
í nó caith sall as a' slighe í!



S. — Táim 'á iarraidh in' athchuinghe ort an cathbhárr san
a chaitheamh díot, má 'sé thoil é!



D. — Na dubhart leat breith ar chrios a' chuma uirthe
'gus í 'tharrac anall chughat 's annsan tuigfidh sí go
dteastuigheann uainn í 'fhágaint na slighe!



S. — Béarfad a d'fhonn is tu 'shásamh. Caith dhíot an
sciaith chosanta san, má 'sé do thoil é, nó glan as ár
radharc mara ndeinir!



D. — Á! Is fada dham 'á chlos nár chuaidh Áraistatail
riamh amach ar intinn mná. Baintreabhach mheadhrach iseadh
í is taithneann do scéimh léi 's is amhlaidh 'tá aiteas uirthe
tu 'bheith 'á dingilt. Sin í an chúis ná leogfadh sí uirthe
tu 'chlos.



S. — Mara mbeadh go bhfuil 'fhios agam gur ag magadh
'taoi do thabharfainn freagra ort. Ná fuil sí cómh mór
it sholus-sa is atá sí im sholus-sa is ca' 'na thaobh ná
labhrann tú léi is do mhí-shásamh a chur i n-umhail di?



D. — Déanfad, má's áil leat é. A uasail-mhnaoi, mara
ndruidir as ár radharc nó an hata annspianta san —
atá 'cur éiclips orainn — a chaitheamh díot, caithfimíd-na
nó tusa an áit seo 'fhágaint!



An Bhaintreabhach. — Badh cheart go mbeadh truagh 'g
bhur leithéidíb-se dom leithéid-se. Do thánagh annso chun
cuid den bhrón atá ar mo chroidhe do scaipeadh, ochón!
is ní túisce fhaghaim me féin suidhte ann ná thosnuigheann
sibh-se ar chnáimhseáil i dtaobh phéacaigheacht mo hata.
C'onnus a gheobhadh aon'ne 'mach gur bhaintreabhach chráidhte
'b' eadh me mara gcaithinn an hata so? Níor bh'fhéidir
leo 'dhéanamh 's is mór atá le freagairt aige'n té
chuirfidh fearg ná mí-shásamh orm.



S. — Nár dhíolamair airgead cómh maith leat-sa is
ná teastuigheann uainn radharc 'fhagháil ar cad atá ar
siubhal cómh maith leat?


L. 62


An Bh. — Mara mbeadh gur dhíolabhair ní bheadh sibh annso,
acht 'sé fhaid ar a ghearracht gurab amhlaidh theastuigheann
uaibh me 'dhíbirt as nó me 'shuidhe ceann-lomnochta, rud
ná déanfad díbh!



S. — Badh chóra dhuit bailiughadh leat ná leath a bhfuil
ag éisteacht leat a bheith ag sciotuigheal gháiridhe fút
féin is fúinn-na!



An Bh. — Pé leis gur cumhang fágadh.



D. — Téanam ort, a Sheáin. Tá'n cluiche geall leis
ar leathtaoibh is sinn cómh dall is thán'amair!



S. — Mara mbeadh nach maith liom aon tsearbhas a
tharrac 'sa tigh seo d'éileoghainn mo chuid airgid ar an
mbainisteoir.



D. — Scaoil thort an cúrsa so é is b'fhéidir go mbeadh
athrughadh tagaithe sar a dtuitfeadh a leithéid amach arís.



S. — 'Sa bhfuadar atá 'teacht fé mhnáibh na haimsire seo
ní fios cá stadfaid siad ná cad a dhéanfaid siad.
Bainfid siad radharc na hUlthóra dhínn cómh maith le
radharc an stáitse. Go n-éirighidh an oidhche leat, a
Dhonnchadh.



AG DOL GO DTÍ AN CRUINNIUGHADH.



Donnchadh. — N'fheadar cad tá ag moilliughadh Sheáin, a
Nóra? Do gheall sé dham tá seachtmhain ó shoin dol go
dtí an cruinniughadh im fhochair.



Nóra — Cad é an cruinniughadh, a Dhonnchadh?



D. — Cruinniughadh Chumanntóirí an Bhaileachais
Ghaedhealaigh. Táid siad chun innsint do-s na mnáibh
c'onnus stocaí 'gus lásaí do chniotáil agus do-s na
fearaibh c'onnus rotharaibh do mharcaigheacht agus gluais-
teánaibh a thiomáint!


L. 63


N. — Ní dhéanfainn dobhat díobh! Gan amhras ní raibh
na fearaibh eagantamhail a ndóthain roim ré, gan iad
a theagasc níosa bhfeárr chun dol ar a n-aimhleas! Agus
tá na mná le cimeád 'na suidhe ó Luan go Satharn ag
cniotáil stocaí raghaidh suas thar na hioscada ar na
fearaibh a bheith ag imtheacht fiadhain ar nós ghirrfhiadh an
Mhárta!



D. — Má dheinid siad stocaí — bídís leabhair nó
sciotaighthe — ná díolfar asta iad? Is má dheintear
níos mó de rotharaibh is de ghluaisteánaibh 'sa tír ná
tairbheoghaidh lucht oibre 'gus lucht céirde dá bhárr?
Ná himthigheann mnáibh cómh maith le-s na fearaibh ar
rotharaibh 's i ngluaisteánaibh?



N. — Mnáibh cothuighthe teasbamhla bhíonn ag imtheacht
ar an nós san. Ní bhíonn cúram tighe ná áit ar a
bhfurmhór acht ag imtheacht 's ag teacht ar nós na cuaiche.
Ní lugha ná chuirid siad aon iomard ortha féin chun an
ghárlaigh a bhíonn aca — mar ní bhíonn aca acht ceann ar
nós na cuaiche — do chathughadh. Banarthla sholáthruightear
chun an chréatúirín bhig a chimeád ón mbás, mar do
dhearbhóghfá nár tháinig a ionbhaidh.



D. — Caithfidh mé imtheacht im aonar go dtí an
cruinniughadh, ón uair ná fuil Seán ag teacht.



AN LÁ I NDIAIDH AN CHRUINNIGHTHE.



Glaodhann Donnchadh isteach to dtí Seán i mbáireach.



D. — Cad a bhí ort nár chuadhais go dtí an cruinniughadh?



S. — Do bhí teinneas fiacaile orm is n'fhéadfainn dol
ann. Cad 'dubhradar, a Dhonnchadh?



D. — An amhla' mheasainn tú go dtabharfainn de ghlan-
mheabhair liom gach a ndubhradar ó thosach deire?


L. 64


S. — Ní hamhlaidh. Acht do cheapas go mb'fhéidir go
dtabharfá bríogh a ndubhradar dam.



D. — Ó, tuigim! Measann tú dham ceann a bheith orm go
raghadh gach a gcloisinn i n-achrann de fé mar a
théigheann an pilibín d'íochtar na luinge.



S. — Nach maith a dheineadh Maitéas Boidichín cúntas a
thabhairt don “tSaoirseach” ar cad adeirtí thall i dTigh
na Feise nuair a scríobhadh sé go raibh sé “campálta ann
(.i. an Tigh).”



D. — Sin é an t-am adubhairt an “Neamhspleádhach”
“go raibh dhá chois chlé h-air is droch-bhaluith uaidh,” is
áirithe! Tír-ghráidhtheadóir thar bárr ab' eadh é an taice
sin, is tá 'rian air, do deineadh breitheamh Gaedhealach
de dá bhárr!



S. — Is cuma liom cad a dhein sé, anois ná an uair sin,
acht cúntas 'fhagháil uait ar rud éigin dá ndubharthas aige'n
gcruinniughadh aréir.



D. — Mac Socair a labhair ar dtúis is dubhairt sé (d'réir
mo chuimhne):-



“A chómh-Éireannachaibh, oileán mara é seo do cheap
Dia 'mach dúinn-ne an chéad lá riamh. Ní thagann cam'-
fheochainí ann — fé mar a thagann i dtíorthaibh eile, — do
leagfadh na tighthe orainn, ní lugha ná thagann creatha
talmhan ann. Ní'l nathair neimhe ná ainmhidhe fiadhain ann
a shloigfeadh it dheigh-bheathaidh tu. Ní thagann breis
tiormaigh ná breis teasaidheachta ann, is tigeann de sin
go bhfásann furmhór a gcuirtear ann. Do bhí loingeas
againn 'á dhéanamh i mBéal Feirste chun gach a bhfásadh
ann roimhe seo do thógaint chun siubhail — i bhfochair na
ndaoine. Acht tá áthas orm a rádh go bhfuil athrughadh
ag teacht, mar táim annso anocht i bhfochair mo dhuine
mhuinteartha Ó Sáimh chun sibh a spriucadh chun na n-earraidhe
'gus an bhídh a déintear is d'fhásann sa tír seo do
chaitheamh is d'úsáid. Acht so 'dhéanamh, cuirfidh Dia Mór


L. 65


an raith ar ár saothar, orainn féin is ar ár dtír.” (Gártha
maoidhte.)



D'éirigh Ó Sáimh is glionndar meidhréise 'na shúile, is
dubhairt:-



“A dhaoine muinteartha, 'dir fhearaibh is mhnáibh, óg is
aosta, saidhbhir is daidhbhir, tá áthas orm sibh 'fheiscint
cruinnighthe annso cómh líonmhar les na corra-mhíola” —



Do chrom a raibh ar a' láthair ar gháiridhe nuair a cuireadh
i gcomórtas le corra-mhíola iad. Budh gheárr gur labhair
duine thall is duine eile 'bhfus is go ndubhairt gach duine
'ca ná druidfidís suas ó nádúr fhir na Blárnan an
bladar a bheith aige.



“Ní raibh aon tslios-bhualadh 'gam-sa leis a' gcloich,”
ars' eisean, “níosa mhó ná culaith d'éadach na Blárnan a
bheith dá chaitheamh agam. Má dheineann sibh-se an rud
céadna is comhairle mo dhuine mhuinteartha Mac Socair
a thógaint beidh malairt crotha ar scéimh ár dtíre 'gceann
fiche bliadhan ó 'ndiu.”



Dubhairt an sluagh go ndéanfaidís 's ar scaipeadh
dhóibh do ghuidheadar go dúthrachtach Dia 'shaoradh na
hÉireann.



Amen, a Thighearna Dia,
arsa
“Domhnall na Gréine.”




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services