Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ladhar den Lus Mhór
Title
Ladhar den Lus Mhór
Author(s)
Sheehan, M. Rev.,
Compiler/Editor
Ó Cadhla, Seán
Composition Date
1923
Publisher
Gill, M.H. & Son, Ltd
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LADHAR DEN LUS MÓR BAINTREABHACH AN DÁ FHICHID ACRA Oileán an Dá Fhichid Acra, oileán é seo atá ins an bhfairrge theas, chúig mhíle amach ón tír. É an-árd ins an mbóchna agus failltreacha dubha scéirdiumhla mór- thimcheall air, gan aon tráigh ann acht uisce doimhin; áit a bhfuil luighe gach aon ghaoth shéideann air, áit ná bíonn an tonn riamh in a chodladh ann. I gceart-lár an oileáin seo atá splinnc chaol árd de shliabh, cheithre cheud troigh ar aoirde. Amach ó bhun an tsléibhe sin, síos go dtí ciosa an oileáin, atá mar do bheadh rachtaí móra nó pniacha móra cairrge. Sé cinn atá ann díobh ag deunamh sé roinnt den oileán. Atá talamh breághdha nádúrtha idir gach aon dá rachta aca. Talamh breághdha freagarthach, adeir na daoine chaitheann a sláinte ag á shaothrughadh. Dá bhfuightheá dul in áirde ins an aer ar nós an éin, agus feuchaint síos uait ar an oileán sin, agus ar an sliabh agus na cosa amach uaidh, do chuirfeá deallradh le roth é do bheadh caithte amuigh ar an bpáirc. Is é an sliabh an mol agus na cosa na spóicí, agus an talamh maith an feur do bheadh ag fás eatorra. Dhá fhichid acra atá i ngach aon roinnt atá ann, agus sin é an chúis ar thugadh an ainm ar an oileán. Atá go leór tighthe ann agus iad sáidhte isteach i bpoillíníbh beaga bídeacha agus i gcúilíníbh cluthmhara cúlánta ag iarraidh bheith ins an bhfoithint ó ghaoth agus gála agus fiadhantas fairrge. Meireach (muna mbeadh)
na líonta agus na clocha troma atá ag coimheud an dín, do bheadh na tighthe in a bhfothrachaibh folamha agus in a gcalbharachaibh ceann-nochtaighthe ag garbh-shín an gheimhridh. I gceann de na tighthibh sin do chomhnuigh, deich mbliadhna fichead ó shin, Máire ní Chorbáin, nó Baintreabhach an Dá Fhichid Acra mar thugtaoi uirri. Thíos i ngleann beag do bhí an teach aici. Teach mór do ba eadh é, teach mór lochtmhar fada fairsing. Do bhí slighe ins an chistin do n-a raibh de dhaoinibh ar an oileán, agus an falla do bhí idir an gcistin agus an párlús, ní raibh ann acht mar do bheadh dhá dhoras mhóra i slighidh nár ghábhadh dhuit acht an dá dhoras do bhualadh isteach agus do bhí an chistin agus an párlús in aon seamra amháin agat. Ní raibh aon séipeul ar an oileán, agus is ins an seamra mór sin i dtigh Mháire ní Chorbáin do chonnluigheadh na daoine chum aifrinn d'éisteacht Dé Domhnaigh nó cibé am thiocfadh an sagart. Teach duine uasail do ba eadh é ins an tsean-aimsir. Fear do ba eadh é a raibh cúirt in iúl do rígh aige fiche míle isteach ins an tír. Acht le neart fallsaora ní bhfuigh- bheadh sé neul do chodladh ann agus thóg sé an teach so ar Oileán an Dá Fhichid Acra chum go gcuirfeadh fuaim na fairrge sámhán air ins an oidhche. Adeir siad go bhfuair sé a shláinte an fhaid a's d'fhan sé ann; go raibh sé chomh buidhe leis an mbuidhe-mór ag teacht agus go raibh luisne in a leacaibh ag imtheacht. Ní haon iongnadh gur chuir an t-iasc úr agus an t-arán greille brígh in a fhéitheachaibh; gur chuir an t-sáile lasadh in a shúilibh; agus gur chuir grágallach na n-eun agus torann na dtonn chum fáin cibé diabhal nó deamhan do bhíodh os cionn a leabthan ag díbirt suan-chodladh na hoidhche uaidh. Acht nuair d'imthigh an duine uasal so, do thuit an áit chum Mháire ní Chorbáin, agus sin é an
chuir a raibh an teach breághdha so aici. Baintreabhach do ba eadh í mar adubhairt mé. Do bhí mac agus inghean aici. D'imthigh an mac uaithe thimcheall trí bliadhna roimh an am a bhfuilmíd ag trácht air. Bua- chaill breághdha do ba eadh é do thógadh le scoil agus le léigheann, agus do bhí a shliocht air, mar do bhí tuilleachtain mhaith aige in an ait ar chuaidh sé. Acht do bhíodh uaigneas ar a mháthair i gcomhnuidhe in a dhiaidh, an bhinín bhocht, agus is minic do-chítí na deóra léi go mór-mhór nuair d'aireóchadh sí aoinneach de na buachail- líbh ag rádh aon cheann de na sean-abhránaibh do bhíodh aige. D'fhan an inghean ins an mbaile — Máire Óg an ainm thugtaoi uirri — agus ba mhór an congnamh agus an compórd dá máthair í. Acht an lá so, Lá Nodlag do ba é é, do bhí triall gach aoinneach ar thigh na baintreabhaighe, mar do bhí coinne aca leis an sagart chum aifreann do léigheamh dhóibh. Do b'olc an lá é le sneachta agus le gála. Gaoth anoir aneas do bhí ann, agus is í do bhí ann le trí seachtmhaine roimhe sin. Do chonnluig na daoine isteach i dtig Mháire acht ní raibh aon mhuinighin aca go dtiocfadh an sagart, mar ní mar mhagadh teacht i mbád seóil go dtí an oileán a leithéid sin do lá. "Nárbh' mhór an sceimhle bheith gan aifreann Lá Nodlag?" arsa sean-Phaid ó h-Aodha. "Agus sinn go léir ar cialacan." "Ó, bí siúráilte go dtiocfaidh an t-Athair Pádraig má dhéineann sé aon eatorra in aon chor," arsa an bhaintreabhach. Le n-a linn sin do rioth garsún beag isteach. Do bí sé tar éis teacht ón bhfaill. "'Dé an sceul atá agat, a Liaimín?" arsa an bhaintreabhach leis.
"Sceul gan mhaith," arsa sé, "ní fhaca mé aon teimheal de agus atá an síothog imthighthe asam ag an bhfuacht." "Ní fhaca sé fiadh ná feachaid, mar adubhairt an fear do bhí ins an reilig," arsa Siobháinín-cúl-an- hiarta, í sin do bhíodh ag séideadh na teineadh dho Mháire. "Séid. Séid, a Shiobháinín. — Leigidh isteach an garsún bocht so chum na teineadh. — Cad mar gheall ar do dhear- bhráthair, a Liaimín? nó an raibh sé i t' fhochair?" "Do bhí. Tháinig sé nuair do bhí mé chum imtheacht. Adubhairt sé go dtabharfadh sé tamall ag faire." "Ó'se, mo ghraidhin é!" arsa Máire. Do-chuaidh Paid ó h-Aodha go dtí an dorus. "Maite," arsa sé, "tiocfaidh sé. Atá sé ag eudtromughadh agus atá foithint ins an mbá aige." Do-chuaidh cuid de na daoinibh amach ins an macha, agus cuid aca síos d'iarracht ar an bhfaill. Ní rabhadar i bhfad imthighthe nuair do chasadar agus dear- bhráthair Liaimín in a bhfochair, le sceula go raibh an bád ag teacht. I gceann uair an chluig do bhí an sagart ag an dorus, saghas caipín ar a cheann agus cóta mór air do bhí fuilighthe le leac-oidhre agus le sneachta. "Go dtugaidh Dia 'Odlaig mhaith dhíbh go léir," arsa sé, ag bualadh an t-sneachta dá bhrógaibh agus ag teacht isteach. "Go mbadh amhlaidh dhuit, a Athair," arsa siad. "Cionnus atá tú, a Mháire?" arsa sé le bean an tighe. "An bhfuair tú aon sceula ón ngarsún?" "Ó'se, go deimhin duit, a Athair, ní bhfuaireas, acht badh fhéidir le Dia go bhfuighbhinn litir uaidh fé dheireadh na seachtmhaine. — Ó'se, a Athair, atá tú siocaighthe. Dia le m'anam! Feuchaigidh ar an gcasóig sin," arsa
rí, ag tógbháil na casóige ó'n sagart. "Atá sí in a clár." "Ó'se, go gcosnaidh Dia ar na cláracha sinn," arsa Siobháinín-cúl-an-hiarta, "acht is breághdha an síneadh dheunfaidh cuid againn an lá déidheanach." "Seo, a Shiobháinín," arsa Máire léi, "croch in áirde í seo, agus caith uait an chaint gan mhaith sin." Do bhí na daoine go léir ag gáire. Bean ait do ba eadh Siobháinín, agus níor bhain sí an píopa as a beul nuair tháinig an sagart isteach. "Ó'se, ní fhaca mé riamh tú acht taobh thiar de phíopa," arsa Paid léi. "Taobh thiar de phíopa," arsa sí, ag ath-narc air. "Dá mbeadh píopa ón Phápa, is fada bheadh sé gan gal, dá mbeadh sé ag braith ar do leithéid-se de mheilimíneach chum é shíneadh chuige." Ní raibh an sagart ag cur aon suim ionnta. Do bhí sé féin agus Liaimín agus Máire Óg ag socrughadh na h-altóra. Do chuireadar an bórd in áirde ar dhá chathaoir gairid don teineadh, mar is air sin do bhí an sagart chum an t-aifreann do léigheamh. Do bhí bean an tighe ag folamhughadh ciseán an aifrinn dhóibh, agus d'fhiafraigh sí den sagart cad dheunfadh sí le tromán mór do bhí sáidhte síos go doch ann. "Ná bac leis sin," arsa sé, "rud é sin thug mé liom i gcóir an tráthnóna, agus atá a thuilleadh agam thíos ins an mbád." Tháinig smiota gáire ar gach aoinneach, go mór-mhór na gearrchailí agus na garsúin, mar is maith do thuigeadar cad dó do bhí sé ag tagairt. Do bhí nós aca ar Oileán an Dá Fhichid Acra, na daoine go léir do chruinniughadh isteach i dtigh Mháire um thráthnóna chúm dinneur do chaitheamh ann Lá Nodlag. Nós bean-
nuighthe do ba eadh é tháinig anuas ón tsean-aimsir, mar is mar sin do bhíodh na Críostuidhthe go léir i dtosach na h-Eaglaise. Aoinneach arbh' acfuinn dó é, thabharfadh sé leis blúire feóla nó bulóg mhilis nó púnt té, acht is é an sagart thabharfadh an chuid is mó den chóisir dóibh. Nuair do bhí an éide ar an sagart, do chrom sé ag rádh paidreacha do na daoinibh chum iad do cur i gcóir don aifreann agus don chomaoin. Paidreacha breágh- dha Gaedhilge adubhairt sé. Ní raibh focal ann nár chuaidh go croidhe dhóibh. Sean-phaidreacha do ba eadh iad do cheap na naoimh do bhí in Éirinn ins an tsean-aimsir. Do scaoileadar amach ó n-a gcroidhe grádhmhar Gae- dhealach iad, le aibigheacht a n-intinne, le milseacht a mbeól, le trom-thuile toramhail na ngrás thug Rí na n-Aingeal dóibh. Ba bheag an t-iongnadh gur éist na daoine an lá sin leó ar an Oileán. Do bhíodar annsúd chomh socair leis na mairbh acht do bhí na deóra le n-a súilibh agus a gcroidhe ag preabadh agus ar lasadh le díograis. Do chrom an sagart ag léigheamh an aifrinn, agus le linn na sácrála do thóg Máire a dhá láimh agus adubhairt:- "Ceud míle fáilte romhat isteach sa tigh seo chughainn, a Thighearna, agus go gcasaidh tú mac mo chléibh orm aríst." Agus is iomdha paidir eile adubhradh an lá sin, gach aoinneach agus a chúram féin air, gach aoinneach agus a réidhteach féin uaidh. I ndeireadh an aifrinn thug an sagart soísceul uaidh. Ins an chaint dó, do-righne sé tagairt don sneachta agus don droch-aimsir, ag cur an chinidh daonda mar do bhí sé fé 'r tháinig Críost i gcompráid le lucht árthraigh do bheadh amuigh ar an bhfairrge, an chruaidh-sín ag á gcaochadh, gan aoinneach
dheunfadh eolas chum an chuain dóibh, agus gan aon fhaghbháil aca ar an bhfaill do fheicsin ná do sheachaint. Is iomdha osna d'airigheadh ann an lá sin, agus is iomdha feuchaint thugadh ar an bhfuinneóig mar do bhí an stoirm ag éirghe agus do bhí gach aon steall de'n sneachta nó de'n bhflich-shneachta isteach innti agus isteach fa an dorus. Do-chuaidh an sagart tré an soísceul ó alt go halt, gur chuir sé deireadh leis. Adubhairt sé na paidreacha atá le rádh i ndiaidh an aifrinn, agus d'éirigh sé dá ghlúnaibh. D'éirigh an pobul in a dhiaidh. Fothram cos agus cathaoireach ins an tigh. Do bhí na mná ag cruinniughadh a gceirte chum imtheachta, agus do-chuaidh na fir amach ins an macha, gach duine aca ag lorg an tsúgáin do bhí casta thimcheall ar a chosaibh ag teacht. D'imthigheadar go léir abhaile acht ceathrar ban do bhí chum congnamh do thabhairt do Mháire ag léiriughadh an tighe le haghaidh an dinnéir, agus d'fhan Paid ó h-Aodha cois na teineadh, é féin agus Siobháinín-cúl-an-hiarta ag tabhairt iarrachtaí fa n-a chéile. Do bhí Máire agus na mná eile, agus Máire Óg agus Liaimín agus buachaill an tsagairt, agus an sagart féin, nuair do bhí cupán té ólta aca, do bhíodar go léir ins an stealladh ag socrughadh an tighe. Do-righneadar dhá bhórd ar faid an tighe de phlanncaibh do bhí le haghaidh an ghnó so aca. Cathaoireacha agus formaí, sceana agus forcana, plátaí agus miasa, do chuireadh gach aon rud in a alt féin. Do bhí beiriúchán agus cócaireacht ag á dheunamh ag an teinidh mhór do bhí ins an chistin agus ag an teinidh bheag do bhí thíos ins an phárlús. Do bhí an párlús agus an chistin in aon seamra amháin mar adubhairt mé, agus an dá theinidh ar aghaidh a chéile amach. Do bhí na mná síos agus suas, ó theinidh go teinidh, chomh bríoghmhar le beacha,
ag obair agus ag caint, i slighidh gur dhóigh leat nárbh fhearr leó an caitheamh ioná an córughadh. I gceann cúpla uair an chluig do bhí gach aon rud i gcóir. Do bhí dhá bhácús ag an teinidh mhór, agus bácús eile ag an teinidh bheag, agus dhá thurcaí agus gé ionnta. Do bhíodh tar éis iad do thógbháil de'n teinidh, agus d'fhágadh ins an teas iad go dtí go dtiocfadh na daoine. Do bhí glasaraí aca, leis, cibé áit a bhfuaradar iad, agus caoir-fheoil agus mairt- fheoil go leór, bulóga milse agus fairsinge té agus siúcaire. Breis ar fheabhas chúcha, ní rabhadar chum aon ocras do leigint orra-féin an Nodlaig sin. Do bhí na daoine ag bailiughadh isteach ins an macha arís, agus gan aon rud ar domhan ag tabhairt chúraim dóibh acht an dinneur. Acht tháinig Liaimín agus saothar air: "Atá rud éigin amuigh," arsa sé, "árthrach trí gcrann, is dóigh liom." Do riothadar go léir, gach duine má luaithe, síos go dtí an fhaill. Níor fhan aoinneach ins an tigh. Níor fhan an sagart féin ann, ná Máire, ná na mná eile. Níor fhan aoinneach ann acht Siobháinín-cúl-an-hiarta. "Dá mbeadh árthrach ceud crann amuigh," arsa Siobháinín, "ní chorróchainn ón teinidh seo, agus biadh na Nodlag ag á ullmhughadh ann." Do bhí an ceart ag Liaimín. Árthrach trí gcrann do ba eadh í, ag túrnáil agus gach aon rud ins an mbaile uirri, agus í ag tabhairt an-thriail uaithe i gcoinne na gaoithe, acht do bhí an taoide ag á breith léi isteach, in áit-a-chéile, dh'iarracht ar na clochaibh. Do bhí muintir an oileáin ar bharr na faille agus a n-ucht ar an gclaidhe. ag feuchaint amach; na mná agus púicíní deunta dá seáil aca, agus na fir agus na búnaí iompaighthe suas
fa n-a gcluasaibh agus na caipíní tarraingthe anuas ar a súilibh. "Atá sé réidh! Atá sé réidh, an fear bocht," arsa Tomás Eudhmoinn, ceann de na hiascairíbh. "Atá," arsa athair Liaimín. "Do-chonnaic mé ar maidin í, le linn a's an sagart ag teacht, acht do shíl mé go ndeunfadh sí an gnó. Cadé an díoghbháil acht gan aon chuan annso d'aon árthrach." "Ná riothfadh sí isteach ins an Muinirtle?" arsa ceann de na mnáibh. "Adeirim-se Muinirtle leat," arsa Tomás Eudh- moinn. "Ca bhfios dó san a leithéid do bheith ann? An lámh is cliste orainn, is ar éigean thabharfadh sí isteach ins an Muinirtle í." An Muinirtle, ba é rud é sin acht saghas cuainín do bhí ins an oileán; slighe fhada chaol thimcheall ceud slat ar faid agus gan de leithéid ann acht mar do bheadh sé feádh. Do bhí cé bheag ann le haghaidh báid iascairí. "Ó, an lá so thar leatheanta na bliadhna!" arsa an bhaintreabhach. "Ó, go gcosnaidh an Leanbh Íosa ar na clochaibh í!" arsa bean eile. Do bhí an t-Athair Pádraig agus an stóil in a láimh aige chum an asbolód dhéidheanach do thabhairt do na máirneulachaibh bochta. Comh-dhona é féin agus an chuid eile, na deóra in a leac-oidhre ar a ghruadhaibh. "Ó feuch! feuch!" arsa Tomás Eudhmoinn. "Ó, atá sé as a chiall!" Agus is annsin d'éirigh an gheóin ar bharr na faille. Do iompuigh an t-árthrach i d' urchar. Do leagfadh na seólta, agus do rioth sí de réim díreach dh' iarracht ar an oileán.
"An Muinirtle! An Muinirtle!" arsa siad. Atá fear ón ait seo uirri." Do ba fhíor dóibh. Do rioth sí isteach chomh díreach le heun. Síos leis na hanncairí agus do bhí sí ó bhaoghal. Mac na baintreabhaighe go bhí ar an stiúir. I nómaint na huaire do bhí muintir an oileáin ar bórd uirri. Do rioth mac baintreabhaighe go dtí n-a mháthair. Is iongnadh nár bhádhaidh sí le deóra é. Is iongnadh nár thacht sí le póga é, agus níl aon teacht abhaile is fearr ioná an teacht i gan fhios. "Ó, a mháthair," arsa sé, "do shíl mé teachta abhaile i gan fhios chum na Nodlag do dheunamh i t' fhochair, agus nach maith mar thárlaig? Meireach mise do bheith ar an árthrach so, do bhí sí in a mion-bhrúscar agus na daoine bochta go léir báidhte." Do chaith a raibh aca iad féin ar an nglúnaibh agus do ghabhadar buidheachas le Dia. Do éirigheadar annsin agus do-chuadar go léir go dtí teach Mháire. Do bhí an chóisir i gcóir dóibh ag Siobháinín-cúl-an-hiarta. Do lasadar na coinnle agus do shuideadar chum búird. Do bhí nua gach bídh ann, agus sean gach dighe ann. Blas na meala ar gach aon ghreim agus gan aon ghreim tur. Do bhí ceól agus croidhe-léis aca, abhráin agus aoibhneas aca. Agus ní iarrann an sceulaidhe acht a leithéid cuedna, fairsinge agus fuighleach, do bheith ag gach aon duine bocht Lá Nodlag so, agus Lá an Chinn.
AN MADRA RUADH AGUS AN CAT FIADHAIN. Atá coill siar ó thuaidh ó Dhún Garbhán. Coill Inse an Drisligh thugtar uirri. Crainn giúise is mó atá innte. Atá reithineach agus sceacha go leór ag fás ag á tosach, agus is ann do-gheobhthá na fraocháin is blasda i nDúthaigh Déise. Atá an coinín ann, agus an cat fiadhain, agus an madra ruadh. Lá dá rabhas ins an choill seo, do shín mé ins an reithineach ag bun crainn, agus ní rabhas i bhfad ann nuair do thuit mo chodladh orm. Ní fheadar mé cadé an fhaid do bhíos ann, acht do dhúisigheas d'urchar, agus d'airigheas an bheirt ag caint taobh liom. Do shíl mé gur sean-duine agus sean-bhean do bhí ann, acht tháinig siolla beag gaoithe d'oscail an reithineach ón a chéile, agus cad do-chífinn acht sean-chaitín liath agus seibeanach mór de mhadra ruadh. "Dia dhuit, a Neillí," arsa an madra ruadh. "Dia is Muire dhuit is Pádraig, a Pheaid," arsa Neillí. "Nach breághdha na aimsir í, buidheachas le Dia?" "Masa, is eadh. Cionnas atá na pisíní agat?" "'Dhe mhuise, cuibheasach. Is é an crádh iad uaireanta. Do bhí ceann aca ag iarraidh beach do mharbhadh indé, agus do chuir sí cealg ann, agus níor stad sé ó shin acht ag béiceadh." "Ó mhuise, is mór an truagh thú aca; acht, níl agat le deunamh, acht brudhadh fút agus foidhne do bheith agat." "Mhuise, a mhic ó, is deacair dúinn foidhneamh le
gach aon rud. Atá an biadh gann againn an aimsir seo, agus is deacair do bhaintreabhach bhocht mar mise soláthar don muirear beag lag atá agam. Níl baoghal ort-sa. Bíonn na heallaigh fairsing an t-am so bhliadhain. Ba bhreághdha reamhar an ghé í siúd do sciob tú ó bhean Sheaáin Dhonnchadha aréir." "Masa, ní raibh baoghal ar domhan uirri. Do bhí feóil mhaith bhíodhgamhail uirri, idir truagh agus méith, cnámh agus fol-fionn." "Mhuise, Dia linn, nár bhreághdha bheith ag á hithe, seachas bheith ag braith ar na franncaigh agus ar na lucha mar bhím-se. Acht ná bíonn aon eagla ort, dul go dtí tighthe na bhfeirmeóirí fa dhein na n-eallach?" "Ó'se, adeirim-se eagla leat! Níl ann acht an chéird." "Agus cad mar gheall ar mhadraí an tighe? Cionnus théigheann tú uatha?" "Cuirim sceamh beag asam nuair bhím ag deunamh ar an tigh, agus mara gcuirfidh siad fáilte romham atá a fhios agam go bhfuilid in a gcodladh, agus nach baoghal dam." "Moladh is buidheachas le Dia! Nach mór an mheabhair thug Sé do dhaoinibh seachas do dhaoinibh eile? Ní chuimhneóchainn-se go deóidh ar a leithéid sin. Agus rud eile, níl aon sceamh ionam acht miaú. Acht is dócha ná fuil na madraí chomh fairsing is do bhídís mar gheall ar an leath-choróinn seo atá le díol asta. Is iomdha ceann aca scaoiltear leis an abhainn gach aon cheud lá d'Aibreán anois." "Ní fearr rud do bhainfeadh dóibh, mar is olc an eudáil cuid mhaith aca." "Nach minic bhíonn na gadhair ar do thóir-se? Cion- nus théigheann tú uatha?"
"'Dhe muise, a inghean ó, atáim-se bog beann orra. Inneósaidh mé sgeul duit in a dtaobh, bhainfidh gáire asat. Nuair do bhíos-sa im' choileáinín adubhairt na sean-mhadraí liom an bóthar ó thuaidh do thabhairt orm mar ná raibh slighe dham ar an taobh so de dhúthaigh. D'imthigheas liom, agus níor stad mé go raibh mé i gConntae na Bainríoghna. Ní raibh eólas na háite sin ró-mhaith agam, agus oidhche bhreághdha shamhraidh, agus mé ag gabháíl in áit in a mbíodh coiníní, do chuir mé mo cheann in inneall. Do chuimhnigh mé annsin ar chomhairle thug mo mháthair do scuain, má bhuailfeadh aon rud fa n-ár muineul gan corruighe, mar gur inneall do bheadh ann, agus go mbheimís i gcanntabhairt ár dtacht- aighthe. Ní righne mé acht luighe síos agus mo shuaimh- neas do cheapadh, go dtí go dtiocfadh fear na gcoiníní. Tháinig fear na gcoiníní ar maidin. D'fheuch sé orm, agus do bhí iongantas mór air, mar ná faca sé mo leithéid riamh roimhe sin. Do-chuaidh sé ag glaodhach ar cheann de na comharsainibh. Adubhairt sé sin leis gur madra ruadh do bhí aige. "Maith mar a thárla," arsa fear na gcoiníní. "Cuirfimíd fógra amach ar fúd na dúithche, go mbeidh fiadhach againn ar bharr an chnuic i mbárach agus gach aoinneach do thabhairt a mhadra féin leis." Do chuireadar i mála mé annsin, agus d'árduigheadar leó abhaile mé. Maidin lá ar n-a bhárach. thugadar leó ar an gcnoc mé. Do bhí an áit ar fad fa dhaoine agus fa mhadraí. Do bhí an spáin- néir ann agus an sípéir, an chú árd, lom, agus peata beag na binne, seibeanaigh agus pleibighigh, agus gach aon saghas madra dá dhonacht." "Go saoraidh Dia sinn!" arsa Neillí. "Ó ní misde dhuit é sin do rádh, a inghean ó, agus cadé an díoghbháil acht mé im choileáinín beag óg an
uair sin. Acht fan go inneósaidh mé dhuit. Nuair do leigeadh amach as an mála mé, do bhíodar annsúd os mo choinne amach, gach aoinneach aca agus greim aca ar a madraí féin, agus a gcraos dírighthe ar bhéul an mhala aca. Do bhaineas-sa de na bonnaibh uatha. Ní raibh mé ag an chlaidhe nuair d'éirigh an t-seilg agus an liughraigh eatorra. D'fheuch mé timcheall orm, agus cad do-chífinn, acht na madraí go léir in aon charn amháin, agus iad ag stracadh agus ag stolladh a chéile; agus ní mór níos fearr ioná iad do bhí na fir, mar do bhí gach aoinneach aca ag iarraidh dul i gcabhair ar a mhadra féin. "Ó 'sé, a chonách sin oraibh," arsa mise liom féin, "agus a thuilleadh den tiubhairt chughaibh." Do lean aon sípéir amháin mé, acht ní righne mé acht drannadh do chur orm féin chuige, agus do chas sé go maol-chluasach." "Maite, do scair tú go maith orra," arsa Neillí. "Nach iongantach an misneach do bhí agat agus teicheadh uatha mar do-righne tú. Dá mbeinn-se ann, thuitfeadh an t-anam asam le scannradh. Acht, cogar mé é seo leat. Ná bíonn aon scáth ort roimh na gadhair seo bhionn ag gabháil timcheall? Do bhíodar go minic ins an choill seo le déidheanaighe, agus nuair thagaidís, ní bhíodh le deunamh agam-sa acht dul sa chrann uatha." "Mo thruagh thú, a aingceiseóir bhoicht, mar an bhfuil agat acht an cleas sin!" "Go bhfeuchaidh Dia orm, níl." "Ní mar sin damh-sa, atá lán mála dhíobh agam. Acht inneósaidh mé dhuit cad do-righne mé leó lá dá rabhadar im' fhiadhach. Do bhí mé i mo chodhladh thíos annsin i bpreab reithnighe, agus thángadar an-obann orm. Thug mé m'aghaidh ar an gcnoc. Ag gabháil suas thar Pháirc an Chlampair dam cad do-chífinn acht í lán de
dhruideannaibh. "Maite, a Pheaid, arsa mise liom féin, "faightear gnó de gach aon rud, agus is annso atá cóir do shábhála an iarracht so," agus thar an gclaidhe liom agus tré na druideannaibh." "Agus cadé an mhaith do-righne sin duit?" arsa Neillí. "Atá, aon áit i luighfeadh druideanna, do bheadh an boladh go láidir in a ndiaidh ann, agus do chuirfeadh sin mo bholadh féin ó aithint ar na gadhair. Nuair do- chuaidh mé go dtí barr an chnuic, d'fheuch mé síos uaim, agus do bhí na gadhair annsúd ins an pháirc, ag rioth anonn is anall agus iad ar mearbhall. Thug mé tamall ag feuchaint orra, gur imthigh an saothar díom, agus annsin do bhuaileas abhaile dham féin ar mo shocaireacht, agus do bhí an caitheamh aimsire i mudha ar na fiagaidhthe an lá sin." "Dia linn, a Pheaid, nach breághdha dhuit é, an mheabhair atá agat. Ní chuimhneóchainn ar a leithéid go deóidh. Acht, mar sin féin, ba cheart duit aireachas maith thabhairt duit féin agus gan bheith ró-dhána orra." "'Dhe mhuise, a inghean ó, níl aon bhaoghal orm. Éist go inneósaidh mé dhuit cad do-righne mé leó indé. Do bhí mé sínte ins an reithineach gan cuimhne agam ar aon rud, acht mé idir bheith im' chodhladh agus im' dhúiseacht. Le haistriughadh na gaoithe d'airig mé fuaim na hadhairce agus geóin na gcon. "Nár éirighidh an t-ádh leis an méid atá istigh sa pharóiste dhíbh," arsa mise, ag cur díom síos fa dhéin na habhann. Do-chuaidh mé an- ghairid don abhainn agus annsin do righne mé bogha thimcheall go dtáinig mé go dtí an áit cheudhna arís. Thug mé léim amach ins an abhainn annsin, agus do shnámhaigh mé síos thimcheall ceathramha mhíle, agus do phreab mé amach arís, agus do bhuail mé abhaile dam
féin aníos tré Chill an Daingin agus do bhí na gadhair lá eile gan sugradh agam, agus dob' éigean dóibh casadh abhaile leis an sceul ceudhna do bhí ag teacht aca." "Acht cadé an chiall duit dul ins an abhainn?" arsa Neillí. "Ó, chum an boladh do chur i mudha orra. Ní raibh aon bholadh le faghbháil ins an uisge aca, agus is amhlaidh do bhíodar ag leanamhaint a chéile ins an mbogha do- righneas-sa, díreach mar bheadh scata páistidhe ag sugradh." "Ó tuigim anois thú. Is é an seó thú, an mheabhair atá agat. Acht sin an cleas ná taithneóchadh liom féin. Badh fhearr liom dul ins an chrann ioná ins an uisge. Acht, mar sin féin ba mhaith an chuimhne uait é, nuair do bhí teacht gairid ort. Ní h-iongnadh gan aon eagla bheith ort rompa." "Níl, a inghean ó, aon phioc. Atá an oiread cleas- anna agam, agus ná beadh inniste agam dhuit ar feadh seachtmhaine." Ní raibh an focal as a bheul nuair d'airigheadar fuaim na hadhairce agus uallfairt na gcon ag teacht tré an gcoill dh'iarracht orra. Do chuir Neillí cluais uirri féin, agus chomh luath agus do thuig sí cad do bhí ann, do-chuaidh sí ins an chrann den léim sin. Do chuir Peaid smiota gáire as, agus níor chorruigh cos de go rabhadar i ngiorracht fiche rámhan dhó; agus annsin do rioth sé anonn 's anall, soir agus siar, cúpla babhta chum mearbhall a bholadh do chur ar na gadhair. Do bhain sé de na boinn (bonnaibh) annsin, agus ba ghairid go raibh sé as mo radharc. Acht do bhí Neillí ins an chrann agus í ag feuchaint ar Pheaid ag cur de, agus na gadhair le n-a shálaibh. "Dia le m'anam," arsa sí "nach breághdha dhó é; feuch mar atá sé ag
breith uatha, agus gur dhóigh leat gur ag clith mhagadh fútha atá sé. — Éist, atá iompódh bainte as aca. Maite, atá siad ag á chur i dteanntaibh. — Deunfaidh sé an gnó orra anois; atá sé chum cleas an tsrutha d'imirt orra. — Ó! atá buaidhte air arís, atá fear ins an sruth roimhe. — Ó! Beuraidh siad air acht grásta Dé! — Ó cabhair Dé chughainn, atá sé gabhta aca! — Mo ghraidhin é, an t-aingceiseóir bocht! Ní fhágfaidh siad pioc le n-a chéile dhe. — Á! Is mairg bhíonn teann. Dá mhéid de na cleasaibh do bhí aige, do bhí ceann in easnamh air. Is fearr mo chleas beag féin ioná iad ar fad." Le n-a linn sin, do ghabh na fiagaidhthe tharm, agus ceann agus earball Pheaid ins an diallait aca. Agus muna mbeadh mise bheith i gCoill Inse na Drisligh an lá sin, ní bheadh a fhios go deóidh cadé an chaint do bhí idir Pheaid agus Neillí.
AN tAONACH An t-athair agus an mháthair, an mac agus an inghean, do-chuadar go dtí an aonach ag díol seafaide, agus do thuit amach gur ar lá saoire do bhí an t-aonach. Do- chuaidh an inghean ag ceannach rudaí beaga d'oir di féin, eudaighe agus go leór giúirléidí eile. Do bhí ráiseanna chum bheith ann an tseachtmhain do bhí in a ceann agus badh mhaith léi bheith chum feicsionnach le duine agus ba chuma léi cad dheunfadh aon rud eile. Ba chuma léi cad dheunfadh a máthair agus ní baoghal gur fhiafruigh sí dhi an raibh aon rud in easnamh uirri. Do bhí sí bog uirri. Masa, do bhí an mhaidin ag á caitheamh agus an tseafaid gan díol. Do bhuail fear an tslighe agus Nóra bhocht ag seasamh leis an tseafaid. Ceannuightheóir ba eadh an fear. Ní raibh tuairisc a fir le faghbháil aici, ná an mhic acht an oiread leis. Siúd ag rioth thall agus abhus ag lorg a fir í, gan greim thíos ná thuas aici ar a hanáil, agus an bhean bhocht ar cialacan. Ins an lorg di, cia theagmhóchadh uirri ná Donnchadh an gabha, é féin agus a bhean. "A Dhonnchadh, an bhfeaca tú Tadhg ó mhaidin?" arsa Nóra. Donnchadh. — Do-chonnaic mé ó chiana é. Nóra. — Cadé an áit? Donnchadh. — Thíos ag an chúinne, ag caint le Seaán Mór. Nóra. — An fadó é sin? Donnchadh. — Thimcheall leat uair a chluig ó shin.
Nóra. — Teacht an tseagail air! Nach bocht an cás dam é, agus mé ag fuireach leis ó mhaidin, agus mé im' stampa leis an bhfuacht gan greim den mbiadh saoghalta do bhlas ó d'fhág mé an tigh ar a dó a chlog. Teacht cheithre mhíle deug slighe agus níor leag mé mo dhá shúil air ón uair do chuir sé a chos ar an aonach. 'Dé an díoghbháil fear d'fhanfadh i mbun a ghnó, agus d'imtheóchadh scathamh agus thiocfadh arís, acht gan teacht im' ghoire ná im' ghaor, é féin ná an garsún, acht iad ag ól ar thuilleadar le ráithe. Nár éirighidh an t-ádh leis, mar ól! 'Sé a chuir na daoine le fuacht agus le fán agus do chuir a leath ar bhotháin dhealbha. Ní fheaca mé pinginn ruadh ón ngarsún sin le bliadhain. Nach beag an chuid an méid sin? Atá an gearrchaile chomh dona leis ar an tslighe cheudna acht atá sí sin ag cur snátha um-uimpe féin. Siobhán (.i. bean Dhonnchadha). = Cad badh ghábhadh dhi sin? Ná fuil a fhios aici cionnus atá an saoghal agat, agus gur iomdha rud ag glaodhach ort. Agus níor ghábhadh dhi an leath oiread eírighe in áirde bheith innte. Clann daoine bochta, cadé an mhaith dhóibh bheith ag dul i gcúdabhfad le clann na ndaoine móra, daoine arbh acfuinn dóibh an ghalántacht. Nóra. — Thug mé an tsraith le díol don bhfear sin atá dhá mhí ó shin, agus cad adeir tú leis nár dhíol sé ar aon chór í? Do bhuail stracaire éigin fé do bhí chomh dona leis féin agus do chaitheadar an púnt. Do bhí mé féin ag fuireach ar an teinteán agus mé ó am go ham ag coinne leis acht i masa ní raibh sé ag teacht. "Dia le m'anam," arsa mé, "ní fheadar cad atá ag á choimheud so?" Ní raibh sos ná suaimhneas orm, do bhí mé chomh tré-na-chéile sin, mé ag á fhiafruighe de gach aoinneach an bhfeacadar Tadhg, agus gan aon
chúntas aca dham. "Go gcuiridh Dia ar mo leas mé," arsa mé im' aigne féin, "ní fheadar an raghainn ag á lorg. Atá sé chomh mhaith dhúinn an capall do ghabháil, a Phádruig," arsa mé le Pádruig, "agus dul i gcoinne t'athar." "Dhera an as do chiall atá tú, a bhean," arsa Pádruig, "ag imtheacht an t-am so d'oidhche chum na daoine bheith ag feuchaint orainn." "B'fhéidir, a mhic ó," arsa mise. "gurab amhlaidh thuit sé leis an gcé, nó go bhfuil sé caithte i ndíg éigin," acht níor thug sé aon toradh orm. D'fhan mé ar an teinteán go maidin, agus i dteannta an eadarshuth is eadh do bhuail sé isteach agus é cortha, sáraighthe, lán de phluide. Níor labhair mé aon focal agus níor leig mé dada orm ar feadh tamaill. Ba ghairid gur labhair sé nuair ná raibh aoinneach ag cur aon suim ann. "Bhfuil aon chupán té agat?" arsa sé. "Níl," arsa mise. "Cuir síos dam é," arsa sé. Siobhán. — An donas braon thabharfainn dó! Nóra. — Fan leat. Níor thug mé féin aon fhreagra air. "Cuir síos cupán té dham," arsa sé arís liom. "An bhfeadair tú an bhfuil sé agam, nó cá bhfuighbhinn é, mar an raghainn ag á ghoid? Tabhair dham a luach," arsa mé. Do bhí a fhios agam ná raibh pinginn aige. "Ar dhíol tú an tsraith?" arsa mé leis. "Dhíol mé," arsa sé go háth-leasc. "Masa, is é mo thuairim nár dhíolas," arsa mise. "Dhíolas go deimhin," arsa sé. D'fhan an sceul mar sin go ceann seachtmhaine i n-a dhiaidh sin. Cia bhuailfeadh isteach chugham ná an pílear, agus do beannuigh sé dham. Adubhairt mé leis suidhe ar an gcathaoir. Do shuigh agus do chrom sé ar Bheurlóireacht acht níor thuig mé acht focal thall agus abhus. Do ghlaodh mé isteach ar Phádruig, agus i masa is é rud do bhí uaidh ná trí scillinge. Fíneáil
do cuireadh ar mo bhuachaill do dheascaibh óil, an oidhche do bhí sé amuigh uaim. Do chaith mé mo thrí scillinge do shíneadh amach chuige, agus coigthigheas in a dhiaidh sin cad do bhuailfeadh isteach chugham ná fear an phuirt agus litir aige. "Oscail an litir seo," arsa mé le Pádruig, "agus feuch cad atá innte. D'oscail agus cad do bheadh innte acht órdughadh an tsraith do dhíol agus costas dlighe in a fhocair. Do bhéic mé agus do bhuail mé mo dhá bhais, agus d'iarr mé cabhair agus congnamh ar an Tighearna agus ar an Maighdean Mhuire. "Ó, cad dheunfaidh mé," arsa mise. "Nach bocht an cás dam é, an fear gan áird atá agam." Lá ar n-a bhárach tháinig fear an phuist arís agus litir eile aige agus cheithre púint ón ngarsún atá in Sasna Nua, nár tháinig aon sceula uaidh le chúig bhliadhna deug roimhe sin. "Moladh 's buidheachas le Dia," arsa mé féin, "is díreach é gur giorra cabhair Dé ná an doras." Ba ghairid gur bhuail sé féin isteach. "Nár shíl mé nár dhíol tú an tsraith?" arsa mise. "Agus nár dhíolas?" arsa sé. "Dá ndíolfá ní thiocfadh litir annso indé ag á héileamh." "Do dhíol mé í, mhuise," arsa sé. "Cá bhfuil an spáineas fuair tú mar sin?" arsa mise. "Do chaill mé é," arsa sé. "Ó 'se, badh bheag an díoghbháil da gcaillfidhe tú féin, acht ná bainfeadh dada do t'anam. D'imthigh tú leat an lá san. D'árduigh tú leat an púnt, agus thug mé dhá scilling le caitheamh duit acht ní dheunfadh sin tú gan an phúnt do chaitheamh chomh maith leó. Níor tháinig tú abhaile an oidhche sin mar thiocfadh fear a mbeadh aon mheas aige air féin. Feuch mar thagann Pádraig Treó abhaile? Nach breághdha ná tógfá pátrún leis? Acht an rud atá uait-se, atá sé agat, ól. Níl aon rud eile uait acht ól agus cuideachta, agus ní baoghal go
seunfaidh an chuideachta thú an fhaid 's sheasóchaidh na pinginní leat. Ní hiad do phaidreacha adeurfá, ná dul go dtí an sagart duit féin, ná go dtí an aifreann. Is agat-sa do bheadh an bothán fuar dá mbadh ag braith ort do bheadh sé. Trí scillinge fíneála do dhíol thar do cheann agus an costas. Nach deas an obair í sin agus nach rathamhail? Badh mhór leat scilling do thabhairt don sagart, ná do aon rud eile a mbeadh aon rath air. Ní baoghal gurab é an paidrín do bheadh agat, acht "diabhal" is "deamhan" is gach aon rud eile níos measa 'ná a chéile, acht tiocfaidh lá fós ort-sa agus geallaim duit go mbeidh tu searbh go leór ded' chuid óil 's ragairne." Shin é adubhairt mé leis.
EACHTRA LÁMHAINNÍ SÍODA. Dá threibh daoine do bhí ann le linn na heórna gile do theacht ar an soaghal an cheud uair agus gan breith thíos na thuas aca ar a n-anáil le neart a scím chum díoghbháil do dheunamh do n-a chéile. Do bhíodh na tighthe tré theinidh aca agus an talamh díomhaoin agus fiadhailí agus feóchadáin thar na claidhtheachaibh ar fud na dúithche agus an t-arbhar ag dreóghadh istigh ins an eathala (iothlainn) cnámha daoine ar na bántaibh agus gan aoinneach ann chum cré bheannuighthe na reilige do chaitheamh orra. Sa deireadh nuair do bhí an-chuid daoine marbh agus leónta, adubhairt duine éigin ná feadair sé cadé an chúis an cogadh sin agus cad bhí dá bharr ag aon chuid aca. Adubhairt duine éigin eile an chaint cheudna agus do bhí gach aoinneach dá rádh ar ball agus is é an deireadh bhí air gur aontaigh Feargus Óg .i. an fear ba mhó éifeacht ar threibh aca, inghean fir ón treibh eile do phósadh agus gan a thuilleadh bruighne ná achrainn do bheith aca as sin amach. Do thógadh teach breághdha feirmeach dóibh ar teóra an dá dhúthaigh, agus do bhí táinte bó is na gleanntaibh aca agus treuda caorach ar na cnocaibh; do bhí lucht oibre aca do-ghníodh a ngnó go díreach macánta agus fuair a gceart bídh agus codlata; do bhí meas ag na comhar- sanaibh go léir orra agus is chucha do thiocfaidís d'iarraidh congnamh chum maireachtain nó comhairle a leasa; agus do chuirtí fáilte roimh lucht ceóil agus aoibhneasa agus gach duine ar mhaith leis teacht agus tamall den oidhche do chaitheamh ar an teinteán.
Tháinig draoidheadóir ar an áit i gcló duine uasail a dtugadh Lámhainní Síoda air. Cnaipí airgid ar a chasóig ag imtheacht aige agus buataisí móra ar a chosaibh a raibh leathar dearg agus leathar buidhe agus leathar dubh ionnta agus spuir órdha ar a shálaibh agus fuip dá réir, fáinní ar a mheuraibh agus in a chluasaibh agus cleite fada in a hata, agus de shíoda ba eadh a chuid eudaigh ar fad. Aoinneach chomh deallramhail leis ní fhacaigheadh ar an áit riamh roimh sin. D'fhan sé ar iosdas ag Feargus Óg, agus do bhí gach aoinneach an- shásta leis, do bhí sé chomh séibhialta sin. Do thais- beánadh sé a chuid eudaigh agus saidhbhris do na daoinibh. Adeireadh na sean-daoine gur bhfearr leó féin na fáinní agus na bioráin óir do bhí ag bean an tighe mar go rabhadar chomh bog, nádúrtha sin le feuchaint orra nár dhóigh leat nach fás do-righneadar agus ná fuaradar aon ghoradh ariamh sa teinidh agus nár bhain gabha ná saor leó riamh. Adeiridís leis ná raibh is na seódaibh ar fad do bhí ag Lámhainní Síoda acht obair mhí-mhais- eamhail agus go gcuirfidís i ndeallramh leó an drannadh gáire bhí aige féin. Adeireadh an dream óg gur mhinic dóibh cuimhneamh ar dhaoinibh ó áiteannaibh leath is amuigh agus nár rioth sé leó go raibh a leithéid ar an saoghal ar aon chor a bhreághthacht do bhí sé agus an chanamhain cainte do bhí aige. Agus is iad sin thug Lámhainní Síoda air agus do bhíodh an ainm ceudna ag an sean-dhream air acht amháin gur le searbhas adeur- aidís é. D'iarr Lámhainní Síoda ar Fheargus ionad tighe do thabhairt dó. Adubhairt sé go dtabharfadh agus fáilte agus gurbh bhreághdha leis a chuideachta. Do chuir Lámhainní ráil thimcheall na háite ar fad agus do chuir sé roinn tor ins an talamh chum gach seamra do bheadh
aige do thaisbeáint do na comharsanaibh, agus ní righne sé acht an méid ar feadh na huaire sin. Do bhí Feargus Óg ag obair sa pháirc lá, agus tháinig Lámhainní Síoda aníos an bóthar agus adubhairt le Feargus: "nach iongantach a luigheadh measa atá ag do bhean ort?" Adubhairt Feargus Óg gur chuma. Do-chuaidh Lámhainní Síoda annsin go dtí a bhean agus do chuir sé breug ar Fheargus dá rádh go ndubhairt sé gur chuma leis meas do bheith ag a bhean (mhnaoi) air féin nó gan bheith. Adubhairt an bhean go raibh an droch-chroidhe agus an droch-theanga riamh ag Feargus Óg. Nuair do bhí na comharsain bailighthe isteach an tráthnóna ceudna, d'éirigh an bhean ag an teinidh agus adubhairt nár bhain léi féin riamh acht daoine a raibh strus agus geall orra agus daoine macánta agus ná raibh ag a fear ná ag ar bhain leis acht an méid do ghoideadar, agus "an bhfaca aoinneach beó," arsa sí, "aon rud chomh canta, chomh deagh-shnoidhte leis na coind- leóiríbh práis thugas-sa liom ó thigh m'athar?" D'éiri- gheadar chum a chéile annsin agus adubhairt na daoine go mbeadh an cogadh ar bun aca arís, agus adubhairt firín do bhí muinteardha le Lámhainní Síoda gur bh'fhearr an t-achrann d'fhágbháil fa rádh beirte, acht gur dheacair beirt d'fhaghbháil, agus go mbadh fhéidir nárbh fhearr rud dheunfaidís ioná é d'fhágbháil fa dhuine éigin ó áit leath-is-amuigh. Adubhairt gach aoinneach annsin gur mhaith an cuimhneamh uaidh é, agus cá bhfuighbhidís fear ní badh dheallramhla ioná Lámhainní Síoda. Do leig sé sin air nár mhaith leis aon chur isteach do bheith aige ar ghnó daoine eile agus gurbh é sin an beus do bhí riamh aige; má seadh féin mar shásamh do gach aoinneach go ndeunfadh sé an rud d'iarradh air, acht go gcaithfeadh sé leabhra móra do léigheamh agus dul i gcostas trom.
Nuair do bhí na leabhra ar fad léighte aige do-righne sé a rádh eatorra, acht do chaitheadar na coindeóirí do thabhairt dó an cheud uair agus píosa maith talmhan in a bhfocair mar chostas dligheadh. 'Sé an rádh do- righne sé nach, má adubhairt bean an tighe an rud adubhairt sí féin go ndubhairt sí, go raibh an ceart aici, acht má adubhairt sí an rud adubhairt a fear go ndubhairt sí, ná raibh an ceart aici; agus má adubhairt fear an tighe an rud adubhairt sé féin go ndubhairt sé, go raibh an ceart aige, acht má adubhairt sé an rud adubhairt a bhean go ndubhairt sé, ná raibh an ceart aige. Annsin adubhairt an bhean go raibh an ceart aici féin agus d'éirigh an fear in a coinne agus adubhairt gur aige féin do bhí an ceart, agus má's olc do bhí an cheud achrainn do bhí aca ba mheasa go mór ioná sin féin an dara achrainn. D'fhóbair go mbuailfidís féin a chéile, acht adubhairt an firín gan é do dheunamh acht é d'fhagbháil arís fa rádh Lámhainní Síoda. Do chas Lámhainní Síoda ar na leabhraibh arís agus ba fhada an mhoill do bhí air go rabhadar ar fad léighte aige. 'Sé an rud adubhairt sé annsin go raibh an ceart ag an mbean (mnaoi) do réir an tsean-reacht agus go raibh an ceart ag an bhfear do réir an dligheadh nua agus nach eól do aoinneach cia aca dlighe ar cheart géilleadh dhó. Agus as an mbreath sin d'éirigh brui- ghean eile, agus mar sin do bhí. Ní raibh in aon bhreath thug sé acht adhbhar achrainn, agus do bhí na costaisí ag dul i méid sa tslighidh ná raibh páirc ná beathaidheach aca, agus ba éigean dóibh an tigh breághdha d'fhágbhail agus dul isteach i mbothán bocht. Ní raibh a gcuid ná a gclú aca. Aon lánamha bheó chomh dealbh leó ní fhaca aoinneach riamh agus ní fheicfidh go deóidh. Do bhí gach aon rud ag Lámhainní Síoda annsin agus
do thóg sé caisleán mór agus do bhí saidhbhreas agus arm aige. Do chuir sé d'fhiachaibh ar na daoinibh teacht go dtí a chúirt féin agus do bhí hallaí móra a raghaidís isteach ionnta chum a gcúis do phléidhe. Do chuir sé in a luighe orra gur mar sin deuntaí i ngach tír i raibh dlighthe, breitheamhnas, agus ceannacht. Do bhíodh gach aoinneach ag aithris na bhfocal sin agus cuid aca nár thuig iad. Adeireadh an sean-dhream gurbh fhearr leó an tslighe bhog, ghaedhealach do bhí aca sa tsean-aimsir agus go raibh an iomarcaidh réim fa an strannséir seo ná feadair aoinneach cad as é nó cia ar díobh é ar aon chor. Acht do bhí an sean-dhream ag dul i laighead gach bliadhain tháinig agus ní raibh aoinneach ar an mbaile sa deireadh a raibh an sean-nós aca. Fé bhfuair bean Fheargusa bás do bhí cúiplín aici. Do bhí Tadhg aici mar ainm ar leanbh aca agus Spuirín aici ar an leanbh eile. Níor airigh na comharsain riamh an ainm sin Spuirín agus b'ait leó é. Adubhairt an bhean go dtug sí an ainm sin air mar mhórtas don bhfear macánta sin, Lámhainní Síoda a raibh na spuir ar a shálaibh aige, agus go raibh buidheachas a croidhe aici air; meireach (muna mbeadh) é sin go mbeadh sí féin agus a fear ag achrann go deóidh, agus narbh mhór an ní go dtug Lámhainní cead maireachtana dhóibh ar aon chor? Do bhí an bheirt leanbh seo ag sugradh lá i macha na sean-fheirmeach agus aon bheirt garsún ba dheise snódh, ba láidre lámh, agus ba luaithe cos níor chuireadh riamh ar an saoghal. Do bhí Tadhg in a sheasamh ar bharr puirt agus sean-hata ar a leath- cheann aige agus do bhí Spuirín d'iarraidh é do chur dá chois. Do bhí taca ag Tadhg le n-a shálaibh sa phort. Do bhí sé dá lúbhadh féin agus dá bhogadh féin agus neart a ghualann aige i gcoinne Spuirín cibé'r domhan
taobh a dtabharfadh sé fogha féig. Agus iad an focail bhí aige ná: Mise an sean-rí 's ní bhogfar mo ghreim, 'S ní bhainfear anuas díom mo choróinín bheag bhinn. Do bhí Lámhainní Síoda ag gabháil an bóthar leath is amuigh agus d'fhan sé ag an ngeata ag éisteacht leó agus gach aon gháire aca. Do leath a shúile air le ionghantas agus le dóighteacht croidhe. "Dar an mbaiste," arsa sé, "is baoghal damh-sa na buachaillí úd. Atá meisneach agus meabhair aca. Deunfaidh droch-rud díobh sin fós, acht bainfead-sa siar asta." Do chas sé abhaile arís chomh mear 's do bhí aige. Do labhair sé le sean-draoi de sheirbhíseach bhí i bhfeidhil na gcaorach ar an móinfheur aige dá chur i dtuigsint dó cad do bhí uaidh. Do-righne an sean-draoi fiach dubh de féin agus d'éirigh in áirde ar an aer agus cnapán luaithe in a bheul aige. Níor bhfada go raibh sé ag luasgadh os cionn na ngarsún agus ag greadadh a sciathán. Do theich na garsúin ar a ndícheall. Do bhain barr-thuisle do Spuirín beag agus do thuit sé ar a bheul agus ar a aghaidh agus do thuit Tadhg anuas air. Do scaoil an fiach dubh anuas chucha an cnapán luaithe. Do bhris air agus é ag teacht anuas agus do- righne ceó dhe. Do leath an ceó sin ar feadh an eudain ar Thadhg agus ar feadh na gcos ar Spuirín. Tháinig neul codlata agus fantais orra annsin, agus níor dhúisigheadar as an gcodladh sin go ceann trí lá 's trí oidhche. Ní raibh a shiubhal ag Spuirín ná a radharc ag Tadhg. Tháinig mar do bheadh bróga iarainn ar Spuirín agus is ag lámhachas do bhíodh sé. Níor fhás sé pioc agus do bhí sé in a chreutúir beag suarach as sin amach. D'fhás Tadhg go hiongantach agus i gceann
chúig bhliadhna do bhí sé in a fhathaigheach mór, acht ní raibh aon leus radhairce aige. Nuair do bhí an méid sin deunta ag Lámhainní Síoda do-righne sé seacht ndígreacha leathana doimhne thim- cheall an chaisleáin mar chóir cosanta air agus do thóg sé seamra mór sa chúirt leath istigh agus thug sé cuireadh don tuaith teacht agus bheith ag caint ann agus aon rud do bheadh uatha do chur in iúl dó. Thánga- dar ann, agus ní bhfuaireadar réidhteach ró-mhaith le n-a chéile. Do bhí costaisí móra ag baint le gach aon rud agus ba éigean dóibh go léir bliadhain oibre do thabhairt in aiscidh do Lámhainní Síoda mar ná raibh an t-airgead aca. Do bhí toradh a sláinte aige agus é ag magadh fútha ar fad. Le linn na haimsire sin do bhí Spuirín in a shuidhe ar an gclaidhe lá. Do bhí búna síoda báin thimcheall ar a mhuineul. Ní fios cá bhfuair sé é. Do bhí an-thaidhbhse air as mar giobail ar fad ba eadh an t-eudach do bhí air. Cad do-chífeadh sé chuige ag teacht anuas le fánaidh an chnuic acht bean siubhail agus leanbh beag le n-a cois agus sceabha reatha fútha agus madraí Lámhainní Síoda asta. Do chaith sé é féin anuas den chlaidhe ar lár an bhóthair agus do-chuaidh sé ag lapadán agus ag lámhachas ag fóirint orra. Nuair do-chonnaic na gadhair ag teacht é, tháinig scannradh orra agus do chasadar ar an nómaint. Adubhairt an bhean siubhail: "Atá buidheachas agam ort, a Bhróga Iarainn. Atá casóg mo mhic annso stractha ag gadharaibh Lámhainní Síoda agus atá mo lámh gearrtha aca agus atá sí ag tabhairt fola. An bhfuil aon rud agat do chuirfinn thimcheall uirre?" Do bhain Spuirín de an búna breághdha geal síoda do bhí thimcheall ar a mhuineul agus thug sé di é. D'ionntaigh an bhean air annsin: "A
Bhróga Iarainn," arsa sí, "ní dual athar duit bheith mar atá tú. Téighir go dtí Sean-Chailleach na Scáthán síos in íochtar an ghleanna agus abair léi gurab iad an Mac agus a Mháthair do chuir chuiche thú fa dhéin comhairle do leasa agus cuimhnigh ar an lá so go lá do bháis." D'imthigheadar annsin agus ní thugadh síos cá'r ghabhadar. Ar theacht an tráthnóna do bhí Spuirín ag tairsinn doras Cailleach na Scáthán. "Bail Dé ar a bhfuil annso istigh," arsa sé. "Dia's Muire dhuit," arsa an chailleach. "Fios mo leasa ort, a Chailleach na Scáthán," arsa sé. "Cia adubhairt leat teacht?" arsa sí. "An Mac agus a Mháthair." Níor fhan focal ag an chailligh agus do shíl Spuirín ná labharfadh sí ar aon chor. Do-chuaidh sí go dtí an doras agus d'fheuch sí amach agus do chas sí arís. "Tusa Bróga Iarainn?" arsa sí. "Is mé," ar sé sin, "fios mo leasa ort?" "Ceart gan eagla, gan chath, ní raibh sé riamh le faghbháil ó fhear na hurcóide. Oidhche i ndiamhair coille agus coimthionól daoine ag glaodhach in áirde os bhur gcionn. Oidhche ar mhaoil an tsléibhe agus rian bhur gcolann ar an gcarraig luim agus gan oiread 's cúnach ag fás uirri, aiteann gan bláth agus crann giúise breac-críon agus tobar fíor-uisce i lár na habhann agus gach coiscéim siar ó thuaidh agus deunfaidh cosa gan siubhal eólas do shúilibh gan radharc." "A Chailleach na Scáthán," arsa Spuirín, agus é ag gabháil amach an doras, "cad is cor dom chosaibh féin?" Do bhí sé ag lapadán agus ag lámhachas leis i gcomhnuidhe agus d'fhóbair go gcaillfeadh sé na focail adubhairt sí: "brisfear claidheamh agus sleagh i gcomhrac agus ní fuláir díbh na cosa cruadha bheith ag duine agaibh."
Do-chuaidh Spuirín go dtí iothlann Lámhainní Síoda ar lorg a dhearbhráthar. Do bhíodh sé ag tarraingt ualach fa thrucail gach lá do Lámhainní Síoda dála aon bheathaidheach agus is san iothlainn do chodailigheadh sé ar feadh na hoidhche. "I do chodladh atá tú, a Thaidhg?" arsa Spuirín. "Ní headh, a dhearbhráthair." "Éirigh as sin. Cuir mise ar do ghuailnibh agus bhí ag cur díot. Deunfaidh cosa gan siubhail eólas do shúilibh gan radharc. Is agam-sa atá na súile, is agat-sa atá na cosa. Cuirfimíd a mhalairt de dheallramh ar an dúthaigh seo nuair chasfaimíd." D'imthigheadar leó annsin. Níor mhisde do Spuirín a rádh go raibh na súile aige: do-chífeadh sé na cuileóga ag teicheadh ó na fáinleogaibh lá samhraidh agus do mheabhróchadh sé agus do chomhaireó- chadh sé na ruibí do bhainfeadh na heunlaithe de dhrom asail le linn neadaireachta. Agus níor mhisde dó a rádh go raibh na cosa ag Tadhg: mar thabharfadh sé cnoc de léim agus gleann de thrioslóig agus ní chuirfeadh sé i bhfáth loch ná coill. Do bhíodar ag imtheacht leó riamh 's choidhche, agus nuair do bhí an déidheanaighe ag teacht an dara lá, rángadar an choill do bhí chomh tiugh ag bileógaibh crainn ná raibh caoi aca ar na réiltíní féin d'fheicsint ar an aer. Do bhí na preucháin ag screuchadh in áirde os a gcionn. ""Oidhche i ndiamhair coille,"" arsa Spuirín, ""agus coimhthionól daoine in áirde os bhur gcionn." A Chailleach na Scáthán," arsa sé, "atá cuid de do chuid cainte tar éis teacht chum críche. Siubhail leat go dtanóchaidh na crainn go bhfeicfidh mé iad." Níor bhfada go bhfaca sé na preucháin ar an aer. Do bhí trí scata mór ann díobh agus iad go léir ag grágallach sa tslighidh go ndubhairt Tadhg gurab iad na deamhain
aerach do bhí ann. Sa chodladh dhóibh an oidhche sin d'airigheadar duine ag caint, agus aon ghuth chomh binn níor airigheadar riamh roimh sin. Do bhí an duine sin ag á rádh leó gurbh mhór an meisneach do bhí aca, go raibh an-chuid oibre deunta aca acht gan dul ró-fhada ó bhaile. "A Spuirín," arsa Tadhg, "nár bhfearr dhúinn casadh." "Ní fearr," arsa Spuirín, "éirigh as sin, cuir mise ar do ghuailnibh agus beidh an meisneach agat arís." D'imthigheadar leó annsin. Ar theacht an tráthnóna arís do bhíodar ar sliabh an tsneachta, agus ar mhaoil an tsléibhe sin ar an gcarraig luim do chodailigheadar ar feadh na hoidhche. Ní haon chodladh sámh do-righneadar mar do bhí daoine ag labhairt leó tré n-a gcodladh agus dá rádh go raibh an domhan ag magadh fútha anois agus ná raibh oscar céille ná meabhrach aca. "A dhearbhráthair," arsa Tadhg, "ní fearr dhúinn bheith ar a thí." "Éirigh agus bí ag cur díot. Sé an lá indiu an lá déidheanach atá orainn." Agus d'fhágadar rian a gcolann ar an áit i gcodaili- gheadar i lár an tseaca. D'imthigheadar leó arís. Do-righneadar brúscar de na coilltibh agus poill criadh briste de na lochaibh. Cubhair na habhann ar na crannaibh agus iasg na habhann ar na portaibh. Agus le linn na gréine ag dul fé do-chonnaic Spuirín an t-aiteann tré theinidh fiche míle amach uaidh agus crann giúise le n-a ais do bhí breac- críon ag an teas. Tamall beag amach do bhí an abhainn, agus adubhairt Spuirín dul go dtí carraig dhubh do bhí in a lár. Do bhíodar ar an gcarraig ar an nómaint. Fuaradar an fíor-uisce sa tobar. Do nigh Tadhg a shúile agus do bhí an radharc agus an misneach aige. D'éirigh buile air annsin agus má's gairid do bhí sé ag teacht, ba ghiorra ioná sin do bhí sé ag casadh arís.
Do bhí an cogadh ar siubhal nuair do chasadar mar do bhí gach aoinneach corhtha de Lámhainní Síoda. Do bhí daoine ag teicheadh agus daoine eile ar a dtóir. Níor dhada le Tadhg na dígreacha do bhí thimcheall an chaisleáin, agus ar iompódh na baise do bhí sé ag an doras. Do leag sé uaidh Spuirín ar an bpáirc. Do bhí sleagh agus claidheamh aige. Do bhuail sé buille ar an gcuaille comhraic. "Cuirim ort, a Lámhainní Síoda," arsa sé. Léigim leat," arsa Lámhainní Síoda. An té raghadh ó iochtar an domhain go dtí uachtar an domhain ag feuchaint ar chath agus ar chruaidh- chomhrac, is orra féin badh chóir dul ag feuchaint. Do dheunfaidís ball bog den mball cruaidh, do tharraingeó- chaidís tobracha fíor-uisge tré chroidhe na gcloch nglas, le fóiréigean uilc agus urchóide chum a chéile go dtí go raibh an tsleagh agus an claidheamh do bhí ag Tadhg briste in a mblodhnaibh. Do bhí Spuirín thíos ag cosaibh a dhearbhráthar. Do phreab sé ar a ghlúnaibh "Adubhairt an chailleach," arsa sé, ""brisfear an claidheamh agus an tsleagh agus ní fuláir díbh cosa cruadha beith ag duine agaibh." Beir orm agus scaoil chuige mé." Rug sé air agus do chaith sé leis é. Do bhí Lámhainní Síoda ar linn an buille do tharraing chum an ceann do bhaint de Thadhg. Do bhuail an dá chois iarainn a sciath, agus do-chuadar isteach tríthe dá mbadh amhlaidh 's ná beadh ann acht braitín lín eudaig gur bhuail an dá shál sa dá shúil ar Lámhainní Síoda agus do thuit sé in a phleist den iarracht sin. Do bhí an caisleán agus na talmhaintí ag Tadhg agus ag Spuirín annsin. Do bhí feusta agus cóisir aca an oidhche sin agus do bhí na coindleóirí práis ar an mbórd aca. Lá ar n-a bhárach, do-chuadar go dtí teach Cailleach na Scáthán. Ní raibh aon teimheal le feicsint di féin
ná dá tigh acht do bhí bean óg álainn ar an áit, agus do bhí a Mháthair agus a Mhac ann in a fhochair. Do bhí gile na gréine ar an n-aghaidh agus ar a súilibh. "An bhfanfa sibh in ár bhfochair go deóidh?" arsa Tadhg. "Ní bheimíd i bhfad uaibh," arsa an Mháthair.
NA GEAITÍNÍ Do bhíos ag dul go dtí an baile mór an lá fa dheireadh. Theagmhaigh mé le sean-fhear ar mo ghabháil isteach dam agus do chuireas caint air feuchaint an raibh aon tuairim aige i dtaobh na haimsire. Adubhairt sé gur comhartha mór fearthanna na scamail dhubha do theacht amach os cionn na nGeaitíní. D'fhiafraigh mé de 'dé chúis an ainm sin, agus is é an freagra thug sé orm ná gur ró-fhada an sceul é, agus go raibh an capall do bhí aige óg agus geiteamhail, agus go mbadh fhearr dhó tiomáint leis féin abhaile ioná bheith ag seanchus dam ar an mbóthar. Do chuir mé mo bheannacht leis annsin agus do scaoileas abhaile é, acht ní righneas dearmad den sceul do bhí aige. Do bhuaileas isteach chuige i gceann mí in a dhiaidh sin, mé féin agus triúr eile. Do bhí sé féin agus a mhuintear go léir istigh. Do bhí dhá mhadra in a gcodladh cois na teineadh agus iad go sámh. Is amhlaidh do bhíodar acht na cosa tosaigh sínte amach uatha agus a gcaincíní eatorra aca. Do bhí bean an tighe ag deunamh líonta agus í go dícheallach ag á ndeunamh. Do bhí na gearrchailí ag cnotáil agus an sean-fhear ag caitheamh an phíopa. Atá mé ag cur an scéil síos annso díreach mar d'innis fear an tighe dúinn é. Ní scríobhfaidh mé aon rud adubhairt na daoine eile acht inneósaidh caint an tsean-duine gach aon rud adubhradar. ""Geaitíní Aifrinn" do bhí mar ainm ar an gcnoc
sin le linn m'óige acht "Geaitíní Ifrinn" thugaimíd air anois agus inneósad díbh 'dé chúis. Is fada de bhliadhantaibh ón uair do-chonnaic mé sagart ag léigheamh aifrinn ar na gcnoc sin sa droch-shaoghal, agus dá mbeinn i láthair an aifrinn dheireanaigh do bhí aca ann, ní bheinn annso anocht chum an sceul so 'nisint díbh. — Mhuise, 'sé do bheatha, a Niocláis! — Suidh síos annso, a mhic ó, is fada ná faca mé tú. 'Seadh, sceul atá mé a 'nisint. — Nach iongantach do chiúnaigh sé? — Is fuaire bhraithim anois é ná ó chianaibh. — Dún an doras sin, a gharsúin, in ainm Dé, nó beimíd leathta ag an bhfuacht, agus cuir fód eile ar an teinidh. — 'Seadh, deunfaidh sin. — Acht i gcúrsaí mo scéil, aon sagart a mbeurfaidhe air fadó ag rádh aifrinn ná ag dul le glaodhach ola ná ag deunamh obair sagairt in aon sórt slighe, atá a fhios agaibh go gcrochfaidhe é. Agus mara ndeunfaidhe acht iad do chrochadh ní bheadh baoghal ar an sceul, acht ní aon bhás amháin thugtaí dhóibh acht míle bás, dá ndeurfainn é, mar do chuirtí pionós ar gach aon pháirt dá gcolann. Do chuirtí an caipín teara orra sa deiridh thiar thall agus d'adhaintí é, agus dá mbeidís leath-mharbh féin agus gan aon mhothughadh ionnta, do dhúiseóchadh teas na teineadh a bpianta arís agus do chuirfeadh sé pianta eile sa mbreis orra, i slighidh 's go mbeadh a gcroidhe ar sceanna agus a n-inchinn ar fiuchadh istigh in a gceann. Acht 'dé an mhaith dham bheith ag seanchus mar seo dhíbh-se, daoine aníos ó chathair a bhfuil na leabhra ar fad agaibh. Is dócha gur fearr atá fios agaibh ná agam féin mar bíonn gach aon chúntas is na leabhraibh. — Tar aníos, a gharsúin, agus tabhair spréidh den teinidh don duine uasal san chum a phíopa do dheargadh. — Beir go daingean ar an tlú, a lapracháin, agus na
buail an píopa a bheul! Tabhair aireachas anois. — Ní fheadar mé 'dé an sórt scoláireacht do-gheibhtear is na scoileannaibh an aimsir seo. An dream óg so atá ag éirghe suas nílid in iúl chum dada do dheunamh acht a lámha a bheith ar liobarna leó. — 'Seadh, do bhíos ag trácht ar an droch-shaoghal agus an cruadhtan agus an martra ar ghabhadar tríd fadó, agus má bhí an saoghal cruaidh ar na sagairt, ní móide sin de nó do bhí sé cruaidh ar na daoine féin. — Atá deithneas abhaile ar na daoine uaisle! Atá fhios agam féin go bhfuil. Ná fuilim ag deunamh mo dhíchill chum gach aon rud do thógbháil gairid? — Go deimhin ba chruaidh an saoghal orra é, agus ní miste dhuit é sin do rádh. Daoine bochta agus na tighthe leagtha anuas os a gcionn, a gcuid den tsaoghal sciobtha chumh siubhail, iad féin ceangailte de fhothrach an tighe, agus na saighdiúirí ag á sciúrsáil agus gan de locht orra go minic b'fhéidir acht iosdas do thabhairt do dhuine éigin a raibh baint aige leis an gcreideamh. "'San am sin do bhíodh aifreann aca gach aon mhí nó mar sin ar mhul an tsléibhe, an ait sin a rabhas ag tagairt dó, "Geaitíní Ifrinn" nó cibé ainm do ghlaodhfá air. Do bhí sé ráidhte gurbh oireamhnaighe d'áit é 'ná aon áit eile ar an mbaile chum aifreann do rádh ann mar atá sórt seamra ar bharr an chnuic, agus atá halla cumhang ag dul isteach ann, agus sa halla sin atá mar do bheadh dhá áirse deunta as na cairrgeacha, ceann aca ag tosach an halla agus ceann eile ag á dheireadh. Adeireadh na sean-daoine fadó gurbh sórt daingin é agus go mbíodh geataí iarainn ar na háirsí, agus baineann sé le deallramh go raibh mar atá rian na mboltaí agus na staiceanna fós ar eudan na cairrge ar gach taobh. Dá mbeadh dream cosanta
leath istigh agus na geataí dúnta in a gceart agus cárne cloch i gcoinne na ngeataí níor mhisde dhuit a rádh gur fada do bheadh sluagh saighdiúirí ag á sciúr- sáil le piléir agus urchair fé gcuirfidhe isteach iad, dá mbadh amhlaidh 's ná deunfadh na fir do bheadh leath istigh dada acht a bheith ag éisteacht le cnagarnach agus scolthadh na gcloch. — Ag tarraint scéil tré sceul eile? Ní headh go deimhin. Díreach dála na mban i gcomhnuidhe. Ní stadann siad acht ag caint iad féin, an rud oireann agus an rud ná hoireann. Maidir le aoinneach eile dá mbeadh sé ag innsint scéil dóibh, ní shásóchadh dada iad gan brígh gach aon rud do bheith aca, 'dé chúis 's 'dé chiall é, fa do bheadh an sceul leath- innste agat. "'Seadh! atá an ceart agat, a dhuine uasail, "sceul gan dath 'sa leath gan innsint," muna dtabharfá gach aon chúntas ar an áit agus ar na daoinibh. — Acht níor chuireas i dtuigsint díbh 'dé an sórt áite an seamra sin leath istigh de na geataíbh. Atá sé leathan agus cruinn, agus an charraig féin mar fhalla thimcheall leis, agus í ag cumhangughadh isteach ag á bharr i slighe is go mbeadh foithint agat ann cibé aimsir do shéidfeadh. Atá cúnach ag fás ar an talamh agus é chomh tiugh agus chomh árd gur dheas leat fa do chosa é, agus atá clocha ar fuaid na háite do bhíodh mar shuidheacháin ag na daoinibh, agus atá carraig mhór ann do bhíodh mar altóir aca agus an chros gearrtha amach uirri le scian ar an áit in a mbíodh an chailís. Atá, agus rud eile uirri inneósa mé dhíbh ar ball. — 'Dé chúis ná téigheann sibh suas lá éigin chum an áit d'fheicsint? Chúig mhíle? Níl sé na cúig mhíle ar fad, mhuise; agus níl aon bhóthar ag dul ann acht an t-aon bhóthar amháin — am bhóthar thabharfaidh sibh go dtí na Geaitíní. Failltreacha
atá ar gach aon taobh eile. Nach cuimhin leat an lá sin do theagmhaigh tú orm ag iompódh an bhóthair? B'ait liom cad adubhairt tú. Adubhairt tú dá dtioc- fadh duine ó Bhaile Átha Cliath nó ó Lannduin go dtí an áit seo, gurbh fhearr leis bheith ag feuchaint ar bhláth an aitinn agus ar an bhfraoch dearg agus ar an reith- neach-Mhuire 'ná ar na pobhsatha gáirdín ba chumhra dá bhfaca tú ariamh. Do bhíos ag maranna ar an bhfocal sin ó shin, agus is é rud adubhras acht "an rud is annamh is iongantach," agus atá a mhalairt sin fíor leis. Atá gach aon rud ar láimh Dé, agus aon rud do chruthuigh Sé níor fhág Sé é gan rian A lámha do chur air. Obair gan mhaise ní righne Sé riamh, moladh 's buidheachas leis. Ní chuirfeadh aoinneach den mbaile seo aon suim ins an aiteann ná sa bhfraoch, ná in aon rud do- chífidís gach aon lá. Acht maidir lem' chuid-se dhe, bíodh 's ná raibh aon toradh agam ar na rudaí sin gur theagmhaigh tú liom, ní iarrfainn aon áilneacht riamh acht bheith ar bharr an chnuic sin ag feuchaint amach ar na tighthe agus ar na gleannta agus ar na coillte agus an fhairrge ar lasadh agus na seólta dubha uirri. — Moladh is buidheachas le Dia, atá deireadh aici féin leis na líonta an saosún so! Nárbh mhór an obair an méid sin do dheunamh in aon tseachtmhain amháin, aon bhean aosta mar í? Í sin an bhean is cliste ar fuaid na háite seo ar a leithéid sin de ghnó. Éist! 'dé chúis ná deurfainn é? Níl aon rud acht an fhírinne. Aon mhogal dearmhad amháin ní righne sí i mbliadhna, Dia ag á beannachadh, agus rath Pheadair go raibh ar obair a lámh. Acht caithfe mé deireadh do chur lem' sceul. — Do bhíodh aifreann ag an áit sin gach aon mhí nó gach lá chinn bliadhna. Deich mbliadna 's dá fhichid chum Lá na Marbh so chughainn tháinig an sagart ann
chum aifreann do rádh. Do bhí a fhios ag an dúthaigh go léir go raibh sé chum bheith ann agus do bhí barr an chnuic dubh le daoine dhá uair a chluig fa bhreá- cadh an lae. Do shuidh an sagart ar chloich agus do- chuadar go léir go dtí faoisdín, agus annsin do chuir sé an éide air agus do chrom sé ar an gcúnach. Do bhí an ré ar an aer agus na réilhíní ar sceanna os a gcionn, agus gileacht an tseaca ar an gcúnach. Ní raibh aon chuimhne go raibh na saighdiúirí gairid dóibh, mar do bhí sé mar sceula aca an lá roimh sin go rabhadar imthighthe go dtí ait atá fiche míle í bhaile. Leis sin de is dócha go rabhadar rud beag neamh-shuimeamhail agus na daoine do thoghadh chum faireacháin, níorbh iad na daoine ba ghéire radharc iad ná na daoine do bhí stuideurtha agus i dtaithighe na hoibre sin. Do ghlaca- dar go léir comaoin, agus ba é sin a lón déidheanach ag fágbháil an tsaothail seo. Tar éis na comaoineach thug an sagart soísceul dóibh. Labhair sé ar na mairbh, agus d'ainmnigh sé ar go leór daoine a raibh a ngaolta agus a ndaoine muinteardha i láthair ag éisteacht leis, agus d'innis sé cad d'fhuilingeadar ar son an chreidimh. Do réir mar do bhí sé ag caint agus ag tarraint anuas ainm gach aoinneach, do bhí na daoine ag brudhadh isteach níos giorra dhó chum ná raghadh aon fhocal i mudha orra. Na daoine do bhí ag faire ar bharr an chnuic d'airigheadar an chaint chomh maith leis an gcuid eile agus d'fhágadar an áit in a rabhadar ó dhuine go duine. Ní fheadair aoinneach 'dé an fhaid do bhíodar ag éisteacht leis. Níorbh aon rud leó an fuacht ná an cialacan, agus níor chuimhnigheadar ar aon rud acht ar na focail do bhí sé a rádh leó. Acht fa raibh an focal déideanach ráidhte aige do bhí an áit go léir ar aon liúgh amháin agus scannradh ar gach
aoinneach. Na saighdiúirí thainig i gan fhios orra. Do bhí an chonairt i measg na n-uan. Do sháitheadar iad agus do bhuaileadar iad agus do stracadar as a chéile iad. Do bhíodar cum breith ar an sagart chum é do chiapadh, acht níor éirigh leó mar do rioth sé idir saighdiúir agus bean a raibh leanbh óg ar a baclain aici, agus fuair sé an buille d'aimsigheadh ar an mbean. Do-chuaidh an bhean síos leis an bhfaill, í féin agus an leanbh, agus thángadar araon slán. Ba í deirbhshiúr m'athar í. — Acht níl deireadh agam fós leis an sceul. Do bhí cóisir agus feusta ag na saighdiúirí an oidhche sin i sean-fhothrach atá ar chliathán an tsléibhe. Agus nuair do bhí an t-ól deunta aca cad do-righne na bhitheamhnaigh acht dul arís go dtí na Geaitíní chum aif- reann bréige do rádh. Do bhaineadh an éide den sagart agus do chuir an taoiseach air féin é, agus gach aon gháire asta go léir agus iad lán de mhagadh agus na mairbh bhochta sínte ar gach taobh díobh. Do thosnuigh sé ag léigheamh leabhar an aifrinn mar dh'eadh. Rug sé ar an gcailís agus do bhí sé ag á tógbháil, mar dheunfadh an sagart féin. Acht má rug, do chrioth an talamh agus tháinig splannc tóirnighe anuas ó na flaitheasaibh, agus do leagh an chailís in a lámha díreach mar do leaghfadh blúirín céireach os comhair na teineadh, acht ní raibh aon teimheal le feicsint di acht aon bhraoinín amháin airgid do-chuaidh in achrann sa charraig. Fuaireadh an taoiseach ar maidin agus a chroiceann chomh dubh le daol agus cubhar le n-a bheul. Do bhí scoilt mhór gairid don altóir agus adeirtear gur shloigeadh síos ann cuid de na saighdiúirí do bhí in a fhochair. Cibé rud ba chor dóibh, d'imthigh cuid aca gan tásc gan tuairisc agus níor tháinig an chuid eile slán, mar do bhí a gcosa briste agus a n-inchinn ar
mearbhall as sin amach. Do-chonnaic mé féin, agus daoine eile chomh maith liom, do-chonnacamar an chaor teineadh ag éirghe agus ag plaoscadh os cionn an tsléibhe, agus na lasracha ag teacht amach as, agus adubhairt fear liom nár dhóigh leat nach fathaighigh do bheadh ann agus iad ag iomrascáil le aithreacha nimhe do bheadh ag iarraidh iad d'fhásgadh agus do thachtadh. — Scáth an eadh! Ó mhuise, ní raibh scáth ná eagla ar aoinneach againn acht a mhalairt. Is ar an dream eile do bhí an scáth. Feuch anois, níl leath an scéil inniste agam fós, acht is dócha go bhfuil deithneas abhaile oraibh agus go bhfuilim ag bhur gcomhad ró-fhada. II "Ó muna bhfuil, fanaigí mar ata agaibh agus inneósa mé dhíbh an chuid eile dhe. — Téigidh-se a chodladh, a leanbhaí. — Ná fuil sé ró-dhéidheanach, a bhean an tighe? — Atá go maith, fanaidís mar sin. Is dócha gur fearr annso iad ar a gcompórd le hais na teineadh na bheith ag éisteacht linn i gan fhios dúinn ag doras an lochta agus iad leath-nochtaighthe. — An bhfuil an píopa ag tarraint go bog agat, a dhuine uasail? — Bhfuil? — Éirigh as sin, a gharsúin, agus fagh brobh féir nó rud éigin dó, atá tóchtán in a phíopa. — Mhuise, fad saoghail chughat, a Shiobháin! Ní dheunfainn dabht de na mná! Shin é dheunfaidh go deas é, sean-bhíoran cnotála. Cuir na rútaíní sin ar an teinidh, a Shighle bheag. 'Seadh! Shin é é. Sáithidh an bior sa bhfód mór sin go raghaidh na lasracha thríd. Anois, a ghearrchaile, atá deallramh ort. "'Seadh, do bhíos á rádh ná raibh acht leath an scéil
inniste agam, agus ní raibh. Don áit cheudna bheidh mé ag tagairt i gcomhnuidhe. Adeireadh na sean- daoine "ná beartuigh ar aoinneach fa leith agus ní dheunfaidh tú aon achrann go deóidh," agus is deacair na san-ráidhte do shárughadh. Atá a fhios ag bean an tighe agus ag Pádraig annso cad dó atá mé ag tagairt. Ní ainmneóchaidh mé ar ainm ná ar shloinne aoinneach, acht sórt ainm bréige do thabhairt orra go léir mar atá clann a gcloinne ró-ghairid dúinn. — Mar sin, do bhí mé féin agus Gearóid ag aon scoil amháin i bhfochair a chéile, acht ba fhearr an mheabhair do bhí ag Gearóid ná ag aoinneach den dream óg do bhí ag éirghe suas le linn na huaire sin. Ní raibh breith ag aoinneach againn air. Níor ghábhadh dí acht gaoth an fhocail chum é go léir do bheith aige. Ní rabhas-sa féin ró-olc, mhuise. — Éist, a Shiobháin, led' gháire. Is measa tú ná aoinneach aca. — Agus b'ait an scoil do bhíodh againn, an scioból nó an chistin sa ngeimhreadh agus na páircreacha nó an choill sa samhradh. Nuair do bheadh an maighistir, Seaán ó Catháin ba ainm dó, nuair do bheadh sé ag deimhniughadh aon rud dúinn, tharraingeó- chadh sé sampla amach ar an bhfalla nó ar an mbórd le cailc, nó dheunfadh sé ar bhlúire páipéir é dá mbadh amuigh fa na crannaibh do bheimís, agus ba chliste do bhí a lámh ar a leithéid sin d'obair. Síos 's suas, anonn 's anall, le n-a lámh, agus ar nómaint na huaire do bheadh an pictiúir os do chomhair agus é chomh breághdha sin is gur dheas leat feuchaint air. Do thaisbeánadh sé dhúinn an deunamh do bhíodh ar na heudaighe sa tsean-aimsir agus an sórt claidhimh nó sleighe do bhíodh aca. Agus dá mbeadh sé ag seanchus dúinn ar chath, raghadh sé go dtí barr cnuic, nó aon áit eile do réir mar d'oirfeadh dó, chum gach aon rud do chur i
dtuigsint dúinn — an áit a raibh na saighdiúirí ar gach taobh agus 'dé mhéid do bhí ann díobh agus an tslighe cogaidh do bhí ag gach cuid aca i rioth an lae — agus níor dhóigh leat ná rabhais ag feuchaint orra. Thug sé go dtí na Geaitíní sinn go léir — na garsúin agus na gearrchailí — agus d'innis sé an sceul ar fad dúinn, agus do thaisbeáin sé dhúinn an braoinín airgid do thuit as an gcailís agus do-chuaidh in achrann i gcloich na haltóra, agus adubhairt sé go raibh baint éigin ag an áirseóir (áidhbheirseóir) leis an áit — i bhfad uainn an t-olc. Ba mhór an chreach don pharóiste é agus ba é an feall gur ghearradh thar a shaoghal é. Ní aireóchthá an aimsir ag imtheacht aige, agus do bhraithfeá ort féin go mbeitheá ag dul chum cinn sa léigheann. Do chaitheas-sa agus urmhór na ngarsún eile — agus urmhór na ngearrchailí chomh maith — do chaitheamar fuireach sa mbaile uaidh nuair do bhíomar thimcheall chúig bhliadhna deug d'aois agus dul ag obair dúinn fein. Is maith is cuimhin liom lá do bhíomar ag baint arbhair i bPáirc na Cloiche Báine, mé féin agus beirt eile. Do bhí sé istig i gcúinne na páirce ba ghiorra dhúinn agus cúigear garsún in a fhochair. Do bhí Gearóid ann, agus garsún do bhí ag dul in a shagart, agus triúr eile. Do chaitheamar scur agus éisteacht leó. Do bhí leabhra aca agus b'ait liom cadé an sórt litreacha do bhí ionnta. Ní Gaedhealg ná Beurla iad — feuch, ní chuimhnighim anois ar an ainm — acht cibé sórt iad, caint an-dheas do bhí sa leabhar. Gearóid do bhí ag cur Gaedhilge ar gach aon rud, agus níor dhóigh leat nárbh ghaiscidheach den tsean-aimsir do bhí ann, an fhuaim do bhí aige, agus an fuinneamh do bhí sé a chur leis féin. Sceul mar gheall ar bhean uasal do ghoideadh ó n-a fear ba eadh é, agus do bhí trácht ar shaighdúiríbh
agus ar rightibh do-chuaidh thar na fairrgí is na hárth- raighe dubha chum í do thabhairt tar n-ais agus an chathair a raibh sí i bhfolach ann do bhriseadh. Tar éis cogaidh fhada do dheunamh ní raibh ag éirghe le aon taobh aca agus ins an deireadh do shocraigheadh fear na mná uaisle agus an fear do-righne an eugcóir air, an bheirt sin do chur i gcoinne a chéile agus é do throid amach eatorra go dtuitfeadh duine aca, agus gan aoinneach eile do chur isteach orra acht bheith ag feuchaint orra. Do bhí an-chomhrac aca annsin acht ní raibh an droch- fhear in iúl don bhfear eile. Do-chuaidh sleagh an fhir mhaith tré eudach an droch-fhir acht níor ghearradh a chroiceann. Do bhuail an fear maith leis an gclaidheamh ar an gcathbharr é acht do bhris an claidheamh in a phíosaíbh miona. Thug sé léim as a chabhail annsin agus do strac sé an cathbharr anuas de cheann an fhir eile agus meireach gur bhris an slabhradh di bhí fa n-a ghiall do do bhí sé tachtaighthe. Do thóg an fear maith an tsleagh arís chum é do sháthadh acht tháinig deamhan nó siabhra ag fóirint ar an bhfear eile. "Do bhí an leabhar sin lán de sceulta agus gach aon rud ar áilneacht ann, agus do bhíodar go léir ag Gearóid, mar ba fhearr é ná aoinneach eile aca chum iad do léigheamh agus do thabhairt leis. Do-chuaidh sé go dtí Sasna Nua agus do bhí sé in a fhear-dlighe ann, acht ba ghairid do bhí gur tháinig sé abhaile arís. Thug sé an-chuid airgid abhaile leis. Adubhairt nárbh air- gead macánta é agus nárbh fhéidir le aoinneach an oiread 's do bhí aige do bhailiughadh gan eugcóir do dheunamh nó diablaidheacht d'imirt ar na daoinibh. Do cheannuigh sé feirm agus do thóg sé teach breághdha muintire agus áitreabh dá réir. Do bhí coréiste agus capaill aige mar do bheadh ag duine uasal, agus do
bhí aodhairí agus sclábhuidhthe aige agus táinte bó agus caorach. Do-righneadh cleamhnas idir é féin agus inghean feirmeóra. Cailín breághdha, slachtmhar, tuairimeach ba eadh í. Do bhí sí in iúl don duine uasal ba fhearr in Éirinn. Mé féin do-righne an cleamhnas. Do bhí athair an chailín sásta go maith. Adubhradh gurbh í an cailín sin thug Gearóid thar n-ais ó Shasna Nua. Má ba í ní aon mhargadh bog do-righne sé i dtaobh na spréidhe. Do bhraitheas ná raibh aon mhuinighin aige as an sean- duine agus do bhí an ceart aige. Do bhí gach aon rud go maith annsin acht an lá roimh an phósadh cad dheunfadh an sean-fhear acht deich gcinn de na buaibh do bhí geallta do Ghearóid do chur go dtí an baile mór i gan fhios agus iad do dhíol. So bhí Gearóid ró-léir dó, dar leis féin. Do mheabhraigh sé é. Ní shásóchadh dada annsin é acht an cleamhnas do bhriseadh. Acht sé críoch mo scéil duit é gur phós an cailín bocht feirmeóir eile an Inid cheudna sin. Nioclás ainm an fhir sin. Ba bheag an meas do bhí ag an chailín óg air agus b'fhearr léi go mór Gearóid 'ná é, acht ní raibh leigheas aici air. Do chaith sí comhairle a hathar do dheunamh. Dá léireacht é Gearóid do bhí an sean- duine níos léire 'ná é. Le mioscais thug sé a inghean don bhfear eile agus nuair do bhraith sé go raibh Gearóid ag á ghearradh féin agus ag meath as a chuid eudaigh is amhlaidh do bhíodh sé ag gáire agus ag magadh fé. "Do shíl gach aoinneach go n-imtheóchadh Gearóid tar n-ais arís go Sasna Nua, acht níor imthigh. Do bhí sé ag teacht ait ann féin. Ní labharadh sé le aoinneach agus adeirtí go gcaitheadh sé an oidhche go minic thuas ag na Geatíní. Do-chonnaic mac dearbhráthar m'athar ann é. Do bhíodh sé in a chomhnuidhe le hais na háite
agus do bhí sé ag faire bó ar an sliabh an oidhche do- chonnaic sé é. "Ní raibh an bhliadhain caithte fé bhfuair an sean- fhear bás. Is amhlaidh fuaireadh marbh é agus a shúile oscailte agus mar do bhead sceimhle ionnta. Adu- bhairt an dochtúir gur rud éigin do-chonnaic sé agus gur thuit an t-anam as le scannradh. Ní raibh fios fáth an scéil ag aoinneach an uair sin agus níl ó shin acht an oiread. Acht do bhíodh daoine ag á rádh go bhfuair Gearóid comhacht éigin ó na droch-spioraidean- naibh ag na Geaitíní — gur chuaidh sé ann Oidhche na Marbh, agus go rabhadar ann roimhe in a gclódh shaoghalta agus iad chum an t-aifreann bréige do léigheamh, agus gur chuaidh sé ar mhul a dhá ghlúin le linn an aifrinn, agus as sin amach gurbh gheall le droch-spioraid é féin mar gur thuig sé cionnus na hanamacha do mhealladh agus do mhilleadh. "Thar éis dúinn an sean-fhear do chur do bhraitheas go raibh Gearóid ag teacht i bhfeabhas, agus níorbh fhada go mbíodh sé ag caint agus ag gáire chomh maith le aoinneach, seadh agus níos feárr. Théigheadh sé isteach i dtigh an ósda agus thugadh sé deoch do gach aoinneach do bhuaileadh fé, agus d'inneósadh sé sceul duit agus ná bíodh eagla nach é do bhí go deas chuige. An dream do bhíodh ag éisteacht leis, badh dhóigh leat ná tarrain- geóchaidís a n-anáil le heagla go gcaillfidís aon fhocal den sceul. Do bhíodh Nioclás ann agus do bhí Gearóid agus é féin an-mhuinteardha. Dó bhí Nioclás in a fhear mhaith stuideurtha go dtí sin acht ní righne an teach ósda aon mhaith dhó. Ag dul in olcas do bhí sé gach aon lá agus ba é deireadh do bhí air acht go righne meisgeóir de agus fuair sé galar a bháis as an ól. Ní raibh an fear bocht acht bliadhain ins an uaigh
nuair d'iarr Gearóid ar an mbaintreabhaigh é do phósadh. Do bhí sí an-dhealbh agus triúr leanbh aici, acht má bhí féin ní phósfadh sí é. Adubhairt sí leis go mbadh fearr léi an déirc 'ná é do phósadh. Ba ghairid do mhair an bhean bhocht in a dhiaidh sin. "D'imthigh Gearóid as an dúthaigh ar fad annsin, acht tháinig sé thar n-ais arís i gceann bliadhna. Do bhíodh sé ag obair i bhfochair na bhfear, agus do bhíodh sé ag léigheamh agus ag scríobhadh, acht ní raibh aon tsult leis in aon rud acht an aimsir do chur de. Ní fheadar 'dé an fhaid d'fhan an sceul mar sin acht do bhí sé ag deunamh comhgair trasna na bpáircreacha lá agus d'airigh sé gearrchailí ag lógóireachth thíos ag an sruth agus do rioth sé d'iarracht orra. Ag teacht ón séipeul do bhíodar agus eudaighe bána orra agus bláthanna fighte ar a gceann. Tar éis an cheud chomaoin do ghlacadh do bhíodar. Do shleamhnuigh ceann aca de chlár do bhí mar dhroichead trasna an tsrutha agus do bhí sí ag á bádhadh. Do bhí an t-uisce doimhin acht do- chuaidh Gearóid de léim isteach ann agus do tharraing sé amach í agus thug sé go dtí n-a thig féin í. Ingean na baintreabhaighe do bhí ann. Nuair tháinig sí chúiche féin d'aithn' sí Gearóid agus labhair sí leis. "Nuair do bhí mo mháthair ag faghbháil bháis adubhairt sí liom bheith ag guidheachain duit-se," arsa sí. An focal sin do shábháil é. Do-chuaidh sé go dtí an sagart fa cheann seachtmhaine agus do-righne sé faoisdín a bheathadh. Do chuireadh mar bhreitheamhnas áithrighe air fuireach oidhche ag geata na reilige. Ní fheadar aoinneach cad ba chor dó ann. Adubhradh gur éirigh an bhaintreabhach bhocht chuige agus gur chuireadh pianta ifrinn isteach in a anam ar feadh nómaint. Cibé sceul é lá ar n-a bhárach do bhí sé in a shean-fhear agus a cheann liath.
Thug sé leis clann na baintreabhaighe go dtí n-a thigh féin agus do-righne sé áit athar agus máthar dóibh as sin amach. "Nach iongantach an rud é beatha an duine ó aois go bás? — Ní gábhadh dhíbh, ní hiongnadh dhíbh. — Atá deithneas abhaile oraibh is dócha. — Go n-éirighidh an t-ádh mór libh, agus go dtugaidh Dia slán abhaile sibh!"
"FRINNSÍ" Baintreabhach bhocht í seo do bhí ar an mbaile seo againn-ne ins an tsean-aimsir. Do bhí teach beag agus bothán aici, agus cúpla acra talmhan agus stoc dá réir. Siobhán do ba ainm di. Ní raibh ins an tigh acht í féin agus Sean-Cháit, a máthair, agus beirt chlainne, Diarmaid agus Neillí. An lá so, do bhuail na páistí isteach ón scoil agus iad ag rioth agus ag liúghraigh. "Dia le m'anam," arsa Siobhán, "an as bhúr gciall atá sibh?" "Ó, scoláirí na scoile," arsa Sean-Cháit, "agus d'íosaidís a gcosa le bolgam bláithighe." "Ní (dh') íosaidís," arsa Diarmaid, "ní aon ocras atá orainn, acht feuch cad atá in a buib ag Neillí." "Masa," arsa Sean-Cháit, "atá tromán éigin aici, 'pé aca olc nó máith é." "Atá rud gan mhaith, mhuise, bí siúráilte dhe," arsa Siobhán. "Tomhais cad atá aici," arsa Diarmaid. "Atá pisín," arsa Sean-Cháit. "Atá," arsa Neillí, ag taisbeáint dóibh an rud do bhí aici, "pisin gan aon chrónán aige acht sceamh. Coile- áinín deas thug Seaán an tSléibhe dhúinn." "Ó 'se, nár éirighidh acht an t-ádh leis féin 's a choileáin," arsa Siobhán. "Atá ceann ar oileamhaint in gach aon tigh aige. Agus 'dé an díoghbháil acht airc in gach aon cheann aca, d'íosadh an tobán ort agus an tóin as."
"Bíodh leis ar feadh scaithimh," arsa Sean-Cháit. "Cad é an ainm thabharfa tú air?" "Tabharfaimíd "Cúnach" air," arsa Neillí. "Atá an clúmh an-bhog air mar do bheadh cúnach." "Ná déin," arsa Sean-Cháit. "Tabhair fa ndeara na cosa atá fé, agus na frinnsí atá ar an taobh istig díobh. Tabhair "Frinnsí" mar ainm air." "Ó, "Frinnsí," is eadh a ainm!" arsa na páistí. "A Fhrinnsí! A Fhrinnsí! Tar i leith, a Fhrinnsí!" "Ó, Dia linn." arsa Siobhán, "atá a theanga amuigh aige cheana féin! An creutúirín bocht! Nach iomdha rud chuireann Dia ar an saoghal? Agus é ag iarraidh an scoithín beag d' earball do chorruighe!" Madra an-bhádhmhar ba eadh Frinnsí, agus do bhí an-thabhairt-fa-ndeara ann. D'fhógróchadh sé gach aoin- neach thiocfadh isteach ins an macha. D'fháilteóchadh sé roimh an duine macánta, acht dá leómhfadh tincéir nó tramp oiread 's feuchaint ar an ngeata, d'éireóchadh an colg air, agus do bheadh sé ins an sceamhghail go n-imtheóchaidís. Théigheadh sé go dtí an scoil gach aon mhaidin in aoinfheacht leis na páistíbh; do chasadh sé abhaile arís agus théigheadh sé in a gcoinne um thráthnóna. Dia Sathairn, nuair ná bíodh aon scoil aca, d'fhanadh sé thimcheall an tighe, agus nuair thiocfadh am dinnéir, muna mbeadh na páistí istig, ní dheurfadh Siobhán, nó Sean-Cháit, leis acht "Téigir amach agus glaodhaigh isteach ar na páistíbh," agus do phreabfadh sé ar an nómaint. Cibé áit in a mbeidís, d' aimseóchadh sé iad agus do bheurfadh sé ar racait ar Neillí agus thabharfadh sé leis isteach mar sin í. Do bhí an sceul go maith ag Frinnsí bocht go dtí ar theacht an Mhárta.
"Ó nach é an feall é," arsa Siobháin, "nach acfuinn dúinn Frinnsí bocht do choimheud?" "Masa," arsa Sean-Cháit, "is iomdha peata do chuir an leath-choróinn sin leis an bhfaill." "Bú-hú," arsa Neillí, agus d'ionntóchadh sí muileann le gach aon deór, "agus ní geall le madra ar aon chor é." "Ní geall, mhuise," arsa Siobhán. "Is geall le críostaidhe é, a fheabhas fhaireann sé an tigh agus chuireann sé na cearca ó dorus. Acht 'dé mhaith sin?" "Raghaidh mise in aimsir go dtí feirmeóir," arsa Diarmaid, "agus tuillfidh mé an leath-choróinn duit." "Thuillfeá, mhuise," arsa Siobhán, "do bheadh an tSean-riabhach caithte agus sean-chaithte fad ná beadh leath-choróinn tuillte agat-sa. Agus cadé an feir- meóir thógfadh do leithéid?" Do bhí Diarmaid chomh olc le Neillí acht ná raibh sé ag á leigint air. D'éirigh Frinnsí agus do chrom sé ag sceamhghail. Cia do bhuailfeadh isteach acht Seaán an tSléibhe. "Dia annso isteach," arsa sé; " — Ó, dar an bhfeóchadán fionn, atá rud éigin ar mhuintir an tighe seo! Cad atá ort, a Neillí? — Dhera ná bí ag golchás mar sin, a leinbh." "Bú-hú," arsa Neillí, "atáthar chum Frinnsí do marbhadh." "An mar gheall ar an leath-choróinn mhí-ádhmharach sin é?" arsa Seaán. "Is eadh go deimhin," arsa Siobhán, "agus is mór an feall é, an maidrín is bádhmhaire agus is macánta as so go hEóchaill."
"Do chromfainn ag á chaoineadh, mhuise," arsa Sean- Cháit. "— Masa, ba ghairid an mhoill orm é." "Dhe mhuise," arsa Seáan, "ná marbhaighidh an fear bocht. Árd-mhadra é sin. 'Neósa mé dhíbh cad dheun- faimíd. Fuair mé sceula ó dhuine uasal atá le m'ais a bhfuil de coiníníbh ar a chuid talmhan do mharbhadh, agus is mar gheall air tháinig mé, d'iarraidh tamall den madra so, mar is bríoghmhaire agus is gasta é ioná aon cheann atá suas an sliabh. Cuiridh an garsún suas chugham agus beimíd leath i bpáirt, agus cuirfe mise geall libh nach fada bheidh sibh gan an leath-choróinn." "Ó 'se, go bhfágaidh Dia an t-sláinte agat," arsa Siobhán. "Amen, mhuise." arsa Sean-Cháit. "Do mharbhóchadh na paistí sinn. Acht cadé an leigheas do bhí againn air?" "Suidh isteach, a Sheaáin, agus ith greim," arsa Siobhán. Do shuidh Seaán chum an bhúird, agus thug Neillí agus Diarmaid an oiread onóra dhó a's dá mbadh sí é. "Ó, is tú cabhair na mbocht indiu, a Sheaáin," arsa Siobhán. "Is é, mhuise," arsa Sean-Cháit, "agus cabhair na gcoileán chomh maith." "Abhuch, a Fhrinnsí," arsa Neillí, agus a dhá láimh thimcheall ar an madra, "atá tú ag iompódh amach i do bhúistéir 'sa deireadh, acht is measa liom tú féin ioná a bhfuil de choiníníbh i bparóisde geal na Rinne." Do imthigh Seaán agus Diarmaid agus Frinnsí, agus thugadar coigthigheas ag fiadhach na gcoiníní. Do bhí an madra ní ba fhearr ioná a thuairisc. An fhaid 's do bhíodh sé ag baile ag faire an tighe, do bhíodh na
sceadramáin go hinnealta aige, agus ní théigheadh lagadh air acht ag sceamhghail, acht ón cheud uair do chuireadh ag fiadhach é, badh dóigh leat air ná raibh an sceamhghail de chéird ar aon chor aige. D'eulóchadh sé isteach i bpáirc gan cniug as, agus dheunfadh sé d' iarracht ar an bpoll agus nuair do dhúiseóchadh Seaán agus Diarmaid an coinín as an tortóig do bheadh an madra idir é agus an poll. Acht is é rud is mó do chuir iongantas ar Sheaán acht go ndeunfadh Frinnsí aon rud dheurfadh an garsún leis. "Fan annsin, a Fhrinnsí," adeireadh sé leis, agus d'fhanfadh sé go mglaodhfaidhe air. I gcionn an choigthighis do bhí deireadh na gcoiníní marbh aca, agus tháinig Diarmuid abhaile, é féin agus Frinnsí, agus ní aon leath-choróinn amháin do bhí aca acht trí cinn, agus ná bíodh eagla ort nár chuireadh na tuara fáilte rompa. Níor chuir an leath- choróinn aon scáth orra as sin amach mar do bhí Frinnsí go maith in iúl chum a chostaisí féin do dheunamh. Thimcheall dhá bhliadhain in a dhiaidh sin, i dtosach mí na Nodlag, do-chuaidh an bheirt pháistí agus Frinnsí ag fiadhach coiníní. Ní rabhadar acht ceathramha míle ón tigh nuair do-chonnacadar madra ruadh, agus lacha ar a mhuin aige, ag imtheacht ar a bog-stróc leath-pháirce síos uatha. "Hus! Hus! Hula! Hula!! arsa na páistí. Síos le Frinnsí as a dhiaidh. D'ionntuigh an madra ruadh agus do nochtaigh sé a fhiacla. Isteach air le Frinnsí. D'imthigheadar in a mbulla báisín síos leis an bhfánaidh. Do chuir an madra ruadh screuch as agus do shíneadh maol marbh ag bun na páirce é. Do rioth na páistí d'iarracht air agus ní rabhadar acht leath slighe síos nuair do-chonnacadar an duine uasal ag teacht de léim thar an gclaidhe thíos agus gunna fa
n-a ascaill aige. Do scaoil sé urchar le Frinnsí agus do liúigh sé. Le neart deithnis agus tré-n-a-chéile níor dhírigh sé an gunna mar badh chóir, agus níor bhuail sé an madra. Do theich Frinnsí agus na páistí suas an pháirc, agus suas leis an duine uasal as a ndiaidh. Do bhí droch-amhras éigin ag Frinnsí as agus suas an sliabh leis agus i bhfad ó bhaile. Do rioth na páistí isteach in a dtigh féin agus do lean an duine uasal iad. "Ó go sábhalaidh Dia sinn." arsa Siobhán, "Atá an tighearna talmhan ag teacht." Do bhí an ceart aici, mar is é do bhí ann, an fear ba mhó chum fiadhaigh do bhí ins an dúthaigh. Aoinneach do mharbhóchadh madra ruadh, bá mhar a chéile é agus é féin do bhualadh, agus is é an bóthar amach do bhí le faghbháil ag á leithéid. Do theastaigh uaidh gan aon cheann aca do mharbhadh acht le gadhair agus le marcaigh. "Ó, cad atá ort, a thighearna?" arsa Siobhán leis. Atá mo dhaothain," arsa sé, "an maistín mí- ádhmharach sin agat atá tar éis madra ruadh do mharbhadh orm, — éist, éist, a bhean — ní'l do chuid cainte uaim — éist do bheul — is iad muintir an tighe seo atá cionntach ann, mar d'airigh mé na páistí ag á chur as." "Ó, ná dhéin aon rud linn, a thighearna," arsa Siobhán. "Ná daor mé féin agus mo channláinín chum báis, mar is é an bás atá i ndán dúinn má bhain- tear an tseilbh dínn. Cuirfimíd an madra dá chois chomh luath 's do-gheóbhaimíd greim air." Níor labhair sé focal eile acht ionntódh ar a sháil agus amach an dorus leis. "Ó, moladh a's buidheachas le Dia," arsa Sean- Cháit, "An chealltair do bhí air. Atáimíd réidh." Ní raibh sé chúig nómaintí imthighthe nuair do bhuail Seaán an tSléibhe isteach.
"Ó, a Sheaáin," arsa Siobhán leis, "beir ar an madra agus tabhair an fhaill dó. Atá sé thar éis madra ruadh do mharbhadh, agus atá an mhilleán ag an tighearna orainn. Ó, corruig ort! Rioth, rioth, ar eagla go gcasfadh sé." Do imthigh Seaán agus Diarmaid leó gan mhoill, agus do lean Frinnsí iad. Nuair do-chuadar go dtí an fhaill, do chaith Diarmaid é féin ar an talamh agus do chrom sé ag gol. "Éist, a gharsuin," arsa Seaán leis. "Éirigh agus caith uait do chuid béicídh. Ní hé atá uainn. Siubhail leat ó dheas mar seo." D'imthigheadar leó go dtí áit a raibh cosán. Rug Seaán ar an madra. "Gabh síos an cosán sin, agus nuair bheidh tú thíos, glaodhaigh ar an madra agus scaoilfe mise síos chughat é, agus nuair raghaidh sé síos abair leis dul isteach ins an chuais atá ag bun na faille. Raghaidh mise síos leath slighe annsin agus inneósa mé dhuit cad dheunfa tú." Do-righne Diarmaid mar adubhairt sé leis. "Is é rud dheunfa tú," arsa Seáan leis, "ná Frinnsí do thabhairt leat go dtí tigh m' anncail, agus abair leis fuireach ann agus gan tú do leanamhaint." Ar a dhul abhaile dhó, do ghabh sé thar tigh Shiobháin. "Ar dhein tú é sin, a Sheaáin?" arsa sí. "Ó, do scaoil mé leis an bhfaill é," arsa sé, "agus ní fhaca mé o shin é." "Ó 'se, beannacht na ngrás le hanmain do mharbh." arsa sí, "acht amháin ná ceadóchainn ar an saoghal é, dá mbeadh aon dul uaidh." D'imthigh Seaán leis. Do bhí Neillí i riocht a cail- leamhna as diaidh an mhadra, acht adubhairt Diarmaid rud éigin i gcogar léi do chuir ar a misneach arís í.
An oidhche do bhí in a cheann, d'airigh Diarmaid rud éigin ins an macha agus do-chuaidh sé amach, feuchaint cad do bhí ann. Is é Frinnsí macánta do bhí ann, acht níor iarr sé dul isteach ins an tigh. Do shocraigh Diarmaid sop fé ins an mbothán, agus adubhairt sé leis féin go n-éireóchadh sé go doth ar maidin chum an díbirt do chur air arís. Acht ar maidin i mbárach ní raibh aon phioc de le feicsint. A chiall féin d'innis dó gan bheith thimcheall an tighe i rioth an lae agus do bhí curtha dhe aige suas an sliabh go dtí anncail Sheaáin arís. Acht dhá lá roimh Nodlaig, cia do bhuailfeadh isteach chúcha ná an báille. "A Shiobháin," arsa sé, "droch-sceula atá agam duit. Do-chonnaic an maighistir madra ruadh eile marbh an lá sin do bhí sé annso, agus adeir sé go raibh sé gairid go leór dod' chuid-se agus go mbaineann sé le deall- radh gurbh' é do mhadra do mharbhaigh é. Adeir sé go mbadh fhéidir go maithfeadh sé ceann duit, acht ná maithfidh sé dhá cheann, agus atá órdughadh faighte anois agat bheith amuigh as an tigh seo Lá 'Le Stiopháin." Is annsin do bhí an bhuaidhirt ar mhuintir an tighe. Do bhailigh na comharsain isteach nuair d'airigheadar an t-ullagón, agus do bhí gach aoinneach ag deunamh truagh dhóibh. Oidhche Nodlag do bhí Siobhán agus Sean-Cháit ag an teinidh. Do bhíodar ag iarraidh an cathughadh do mharbhadh le foidhne agus bheith ag marana ar an Té tháinig ar an saoghal fad ó gan aon áit aige a luighfeadh sé ann acht in mainseur an asail. D'airigheadar bualadh éigin ag an dorus. D'éirigh Siobhán agus d'oscail sí é. Cad do bheadh ann acht Frinnsí. Do bhuail sí an dorus amach in a choinne agus d'óbair go dtuitfeadh sí i luigeachair. Do shíl sí gurbh é spioraid an mhadra do bhí ann, agus adeir siad ná fuil aon
spioraid is measa ioná an spioraid thiocfadh ins an chló sin. "Dhera, a bhean," arsa Sean-Cháit, "ná bí chomh simplidhe sin. Is é ár madra féin atá ann. Níor marbhaigheadh in aon chor é. Oscail an dorus agus léig isteach é. An madra bocht! Agus dhá throigh sneachta ar an talamh." D'airigh na páistí an fothram agus d'éirigheadar. Do chrom Frinnsí ag sceamhghail agus do rioth sé go dtí Neillí agus rug sé ar cheirtibh uirri d'iarraidh í thabhairt amach leis ins an sneachta. "Faigh an lantréir, a Dhiarmaid," arsa Siobhán, "atá rud éigin leath 's 'muigh." Thug an madra amach ins an macha iad, agus trasna an bhóithrín agus isteach thar an gclaidhe, agus cad do bheadh sínte ann acht duine uasal óg. Thugadar leó isteach é agus ba mhór an obair é. Mac an tighearna talmhan do bhí ann. Do bhí sé ag fobhailéireacht agus do leónadh a chos agus do thuit sé ins an áit a bhfuair an madra é. Lá Nodlag do chuir Siobhán sceula go dtí n-a athair, agus tháinig sé, é féin agus an mhaighis- treás. Do ghabhadar an-bhuidheachas le muintir an tighe. Thugadar té agus siúicre agus feóil agus gach aon rud eile dá fheabhas dóibh, agus rud níos fearr ioná sin, thugadar an fheirm bheag ar fad dóibh, gan cíos, cáin ná cathughadh do bheith orra as sin amach. Do bhí an tighearna ag briseadh a chroidhe ag gáire nuair d'airigh sé an cleas d'imir Seaán an tSléibhe leis an madra. "Nach iongantach an rógaire é?" arsa sé. "Is eadh, mhuise," arsa an mhaighistreás, "agus ba dhanaid dúinn mara b'eadh." Do bhí an saoghal ar a thoil ag Frinnsí as sin amach gur tháinig an bás air.
GLEANN CHUILLIGEÁIN. Is minic airighimíd trácht ar áilneacht agus ar aoibhneas Chill Áirne agus ar na sluaightibh daoine thagann ann gach aon bliadhain ó Shasana Nua agus ó thíorthaibh móra na hEórpa. Acht atá áiteanna eile in Éirinn ná fuil a oiread sin trácht orra 's atá ar Chill Áirne agus ní dheurfainn gur lugha a n-áilneacht agus a n-aoibhneas ioná é. Atá mé ag tagairt anois do Ghleann Chuilli- geáin. Atá Gleann Chuilligeáin thimcheall cheithre mhíle siar ó thuaidh ó Dhún Garbhán. Atá coillte ann agus atá abhainn ann. Is maith is cuimhin liom an lá déidheanach do bhíos ann. Go bhfeucha Dia orainn nach gairid bíonn na bliadhanta ag imtheacht uainn. Adeurfainn gur indé do bhíos ann, acht go deimhin ní headh. Is fuiris an t-am do chomhaireamh. Ní thagann an óige fa dhó choidhche acht tagann an brón fa dhó ins an oidhche. Nuair do-chuaidh mé ann an lá úd is é an cheud rud do-righne mé ná dul do léim thar an gclaidhe agus sórt ciseáinín do dheunamh den reithineach. Do chro- mas ag bailiughadh fraochán annsin agus níor stad lámh liom go raibh lán an chiseaínín agam. Do-chuas annsin agus do bhaineas lán mo ladhair den tsamha-bó. "Atá geur agus milis anois agam," arsa mé liom féin, "acht cadé an mhaith iad gan deoch?" Do- chuas annsin go dtí tobar atá ann, agus do bhí geur in aghaidh milis agam agus deoch in aghaidh geur agus milis. Ní raibh tart ná ocras orm annsin agus adubhairt mé liom féin go raghainn suas ar an árd
arís, mar is ins an ngleann do bhí an tobar. Do- chuas, agus do shuidheas síos ar thortóig bhreághdha féir. Do chuireas mo dhá bhais fa mo ghiall agus do bhí mé ag deunamh mo mharana. "Atá tú agam anois," arsa mise, "agus bainfidh mé lán mo dhá shúil asat. Nach minic do bhínn ag cuimhneamh ort agus me ag obair ins an chathair? Ní fheicinn acht tighthe agus simnéidhthe thart thimcheall orm in gach aon áit. Ní airighinn acht guth garbh na bhfear ag díol agus ag cean- nach. Do bhíodh boladh an tsughaidh agus na hola ins an áit i mbínn ag obair, agus nuair do chuimhnighinn ar Chuilligeáin thagadh osna i mo chroidhe, acht buidheachas le Dia gur mhair mé le teacht ann." D'fheuch mé annsin amach ar chuan Dhún Garbhán agus ar sean- bháid seólta na Rinne agus iad ag imtheacht anonn 's anall ar nós na bhfáinleóg lá samhraidh. Do bhí boladh breághdha cumhra ó na crannaibh giúise. Tháinig sórt meabhráin i mo cheann le háilneacht agus le haoibhneas na háite. Do bhí na cuileóga agus na beacha ag cró- nán ins an reithineach agus do-chuireadar sámhán orm mar do chuirfeadh a mháthair ar leanbh nuair do beadh sí ag bualadh seóthín dó. Do shíneas siar ins an bhfeur agus ní rabhas i bhfad ann gur thuit mo chodladh orm. Do shaoileas go rabhas tar éis bháis agus go rabhas ag fuireach ag geata na bhflaitheas go n-oscuileóchthaí dham é. Do labhair fear istigh agus adubhairt sé: "Cad atá uait, a fhir ó Chuilligeáin?" "Cead dul isteach is na flaitheas, má is é do thoil é, a dhuine uasail," arsa mise. "Téighir thar n-ais arís go Gleann Chuilli- geáin," arsa sé, "ó is rud é gur fearr leat é ioná na flaithis." "Ó mhuise, a dhuine uasail," arsa mise, "ní raghainn siar ar aon mholadh thugas riamh do Chuilli- geáin acht is é mo thuairim dá fheabhas d'áit é sin do
na beódhaibh gur fearr ioná sin na flaithis do na marbhaibh." Ní dubhairt sé seadh ná ní headh annsin agus ní raibh a fhios agam cad do b'fhearr dham a dheunamh. Cibé feuchaint thug mé ar mo dhorn cad do-chífinn ann ná eochair. Do shaitheas an eochair le fuinneamh isteach i bpoll an ghlais, agus do chromadar go léir ag gáire istigh. Do stad mé agus d'fheuch mé ar an eochair arís agus cad do bheadh ann, sáithte i bpoll an ghlais, acht an ciseáinín beag do-righneas den reithineach le haghaidh na bhfraocháin. Tháinig náire orm agus d'iompuigh mé chum imtheacht acht do ghlaodh sé orm. "Ná himthigh," arsa sé, "d'aon am do bhíomar. Atá glas na bhflaitheas gan mhaith agat féin agus ag do chuid canntarnaoil ó Chuilligeáin. Fan anois go gcuirfimíd fios ar an ngabha." Tháinig an gabha. Do bhuail sé buille den órd ar an ngeata, agus do chrioth gach aon phioc díom le scannradh. Do bhuail sé an tara buille, agus do shaoileas go raibh an talamh ag oscailt fa mo chosaibh. Do bhuail sé an tríomhadh buille agus do bhain sé a leithéid sin de gheit asam gur thuiteas anuas ó na flaitheasaibh ar fad. Do bhíos ag tuitim riamh agus choidhche, nó gur bhuail mé an talamh de phlab. D'oscail mé mo shúile agus do phreabas i mo shuidhe, agus cad do-chífinn i ngiorracht trí rámhainne dham acht madra mór feirmeóra agus é ag sceamhghail orm. Do-righne mé gáire nuair do- chonnaic mé é. "Donas duais ort mar mhadra," arsa mise, "do bhain tú radharc na bhflaitheas díom." Nuair do-chonnaic an madra ag gáire mé, tháinig sé chugham agus do-righne sé muinteardhas liom. Do leagas mo lámh ar a cheann agus d'fheuch mé idir an dá shúil air agus do labhair mé leis. "Ó mhuise, nach breághdha an saoghal duit é, a mhadra," arsa mise
"sínte chois na teineadh ar feadh na hoidhche agus dhó lapa ar a drúcht ins an ngleann so ar maidin. Badh fhearr liom ná rud ná deurfainn go bhfuighbhinn malairt do dheunamh leat agus gur tú do bheadh ag dul thar n-ais go dtí an chathair i mbárach im' ait-se. Acht is fánach duine do-gheibheann gach aon rud mar is maith leis ar ana saoghal so." Do-chuaidh mé abhaile annsin agus d'fhág mé an madra i mo dhiaidh.
NÍL AON MHAITH INS AN MAITH D'IMTHIGH. Do bhí fear ag gabháil thar choill. Fuair sé leómhan caithte fa chrann agus é in achrann. "Tóig díom é seo," arsa an leómhan. Atáim am' thachtadh." "Tógfad cheana," arsa an fear. Thóg. D'éirigh an leómhan ón chrann agus do chroth sé é féin. Do chrom sé é féin chum preabadh anuas ar an bhfear. "Íosad thu," arsa sé leis an bhfear agus a earball ag corruighe le neart sainte agus buile. Tháinig scáth ar an bhfear, agus cia thógfadh air é? "Ná déin, ná déin," arsa sé, "mise do-righne an mhaith ort." "Níl aon mhaith ins an maith d'imthigh," arsa an leómhan. "Atá," arsa an fear. "Níl," arsa an leómhan, acht ní bheadh dian ort. Do-gheobhair trí hiarrachtaí air. Siubhail leat." Is é an cheud rud do theagmhaigh orra ná cú. "An bhfuil aon mhaith ins an maith d'imthigh? arsa an fear léi. "Níl," arsa an chú. "Mise an chú do ba fhearr dá raibh riamh ag mo mhaighistir. Do ghabh mé oiread airgid dó is na fuightheá leath i do hata, acht do leónadh cois liom, agus d'airigh mé ag caint le fear eile lá é. "Cad dheunfad leis an sean-mhairtíneach so?" arsa sé. Cad dheunfá," arsa an fear, "acht i do bhualadh ins an cheann agus í do chur fa chrann ubhall." "Deunfadh i
mbárach é," arsa mo mhaighistir. "Maite," arsa mise liom féin, "is fada do ndeunfair. Ní fhanfad-sa le bualadh ins an cheann ná le haon bhualadh eile." D'euluigh mé liom an oidhche sin, agus atá mé ag imtheacht mar seo ar mo ádhbhar féin agus mé ar trí cosa ag lorg mo choda in umar na muc agus ag bacaightheóireacht agus ag falmaireacht ar fud na dúithche, agus nach bocht an cás dam é?" Do bhí an iarracht sin i gcoinne an fhir. Capall ráis do theagmhaigh annsin orra. "An bhfuil aon mhaith ins an maith d'imthigh?" arsa an fear leis. "Níl," arsa sé. "Mise an capall ráis do ba fhearr in Éirinn. An bhfeiceann shibh an teach úd thall? Badh ró-chumhang é do n-ar ghabh mé de airgead dom mhaighistir, acht tháinig rud éigin ar shúil agus ar chois liom agus d'airigh mé an maighistir ag á rádh go raibh sé chum mé do mharbhadh agus an seithe do bhaint díom. Do theich mé uaidh annsin agus níl agam anois acht maireachtain ar leath-shúil, ag piocachán ar thaobh na mbóithre." Do bhí an dara hiarracht i gcoinne an fhir. Madra ruadh do theagmhaigh orra annsin. "An bhfuil aon mhaith ins an maith d'imthigh?" arsa an fear leis. "Is beag den obair sin do-chonnaic mise riamh," arsa sé, "acht gach aoinneach d'iarraidh mé do chur dem chois." "Acht an is eadh féin, cad is dóigh leat dó?" arsa an fear leis. D'fheuch an madra ruadh ar an bhfear, agus d'fheuch sé ar an leómhan. "Ní fheadar," arsa sé go righin, "acht dá bhfeicfinn
cadé an mhaith do-righneadh, badh fhéidir go gcaithfinn mo thuairim air." "Siubhail leat," arsa an leómhan, "go dtaisbeán- faimíd duit é." Thugadar go dtí an crann é. "Do bhí mise in achrann fa an chrann sin," arsa an leómhan, "agus thóg sé seo díom é." "Dar ndó," arsa an madra ruadh, "ní bhfuightheá bheith in achrainn fa n-a leithéid sin. Ná fuightheá cruit do chur ort féin agus é do chaitheamh díot d'aon iarracht?" "Ní bhfuighbhinn," arsa an leómhan, "mar is anuas ar bhaic mo mhuiníl do bhí sé." "Atá sin ag dul os cionn meabhrach orm," arsa an madra ruadh. "Teighre isteach arís go bhfeicfimíd thú." Do-chuaidh an leómhan isteach fé agus do shocruigh an fear an crann anuas air, agus do bhí sé in achrann arís. Do chuir an madra ruadh drannadh air féin chuige. "Fan annsin i ngad an bhagúin, a chladhaire," arsa sé, "go dtiocfaidh amadán bocht eile leigfidh as tú." D'fhágadar annsin é. D'iompuigh an madra ruadh ar an bhfear agus iad ag cur an bhóthair díobh. "An bhfuil aon mhaith ins an maith d'imthigh?" arsa sé. "Atá an mí-ádh air muna bhfuil," arsa an fear, agus thug sé péire lachan don mhadra ruadh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services