Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ladhar den Lus Mhór

Title
Ladhar den Lus Mhór
Author(s)
Sheehan, M. Rev.,
Compiler/Editor
Ó Cadhla, Seán
Composition Date
1923
Publisher
Gill, M.H. & Son, Ltd

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


LADHAR DEN LUS MÓR



BAINTREABHACH AN DÁ FHICHID ACRA



Oileán an Dá Fhichid Acra, oileán é seo atá ins an
bhfairrge theas, chúig mhíle amach ón tír. É an-árd ins
an mbóchna agus failltreacha dubha scéirdiumhla mór-
thimcheall air, gan aon tráigh ann acht uisce doimhin;
áit a bhfuil luighe gach aon ghaoth shéideann air, áit ná
bíonn an tonn riamh in a chodladh ann. I gceart-lár
an oileáin seo atá splinnc chaol árd de shliabh, cheithre
cheud troigh ar aoirde. Amach ó bhun an tsléibhe sin,
síos go dtí ciosa an oileáin, atá mar do bheadh rachtaí
móra nó pniacha móra cairrge. Sé cinn atá ann
díobh ag deunamh sé roinnt den oileán. Atá talamh
breághdha nádúrtha idir gach aon dá rachta aca. Talamh
breághdha freagarthach, adeir na daoine chaitheann a
sláinte ag á shaothrughadh. Dá bhfuightheá dul in áirde
ins an aer ar nós an éin, agus feuchaint síos uait ar
an oileán sin, agus ar an sliabh agus na cosa amach
uaidh, do chuirfeá deallradh le roth é do bheadh caithte
amuigh ar an bpáirc. Is é an sliabh an mol agus na
cosa na spóicí, agus an talamh maith an feur do bheadh
ag fás eatorra. Dhá fhichid acra atá i ngach aon roinnt
atá ann, agus sin é an chúis ar thugadh an ainm ar an
oileán.



Atá go leór tighthe ann agus iad sáidhte isteach i
bpoillíníbh beaga bídeacha agus i gcúilíníbh cluthmhara
cúlánta ag iarraidh bheith ins an bhfoithint ó ghaoth agus
gála agus fiadhantas fairrge. Meireach (muna mbeadh)


L. 2


na líonta agus na clocha troma atá ag coimheud an
dín, do bheadh na tighthe in a bhfothrachaibh folamha agus in
a gcalbharachaibh ceann-nochtaighthe ag garbh-shín an
gheimhridh. I gceann de na tighthibh sin do chomhnuigh,
deich mbliadhna fichead ó shin, Máire ní Chorbáin, nó
Baintreabhach an Dá Fhichid Acra mar thugtaoi uirri.
Thíos i ngleann beag do bhí an teach aici. Teach mór
do ba eadh é, teach mór lochtmhar fada fairsing. Do
bhí slighe ins an chistin do n-a raibh de dhaoinibh ar an
oileán, agus an falla do bhí idir an gcistin agus an
párlús, ní raibh ann acht mar do bheadh dhá dhoras mhóra
i slighidh nár ghábhadh dhuit acht an dá dhoras do bhualadh
isteach agus do bhí an chistin agus an párlús in aon
seamra amháin agat. Ní raibh aon séipeul ar an oileán,
agus is ins an seamra mór sin i dtigh Mháire ní Chorbáin
do chonnluigheadh na daoine chum aifrinn d'éisteacht
Dé Domhnaigh nó cibé am thiocfadh an sagart. Teach
duine uasail do ba eadh é ins an tsean-aimsir. Fear
do ba eadh é a raibh cúirt in iúl do rígh aige fiche míle
isteach ins an tír. Acht le neart fallsaora ní bhfuigh-
bheadh sé neul do chodladh ann agus thóg sé an teach so
ar Oileán an Dá Fhichid Acra chum go gcuirfeadh fuaim
na fairrge sámhán air ins an oidhche. Adeir siad go
bhfuair sé a shláinte an fhaid a's d'fhan sé ann; go
raibh sé chomh buidhe leis an mbuidhe-mór ag teacht agus
go raibh luisne in a leacaibh ag imtheacht. Ní haon
iongnadh gur chuir an t-iasc úr agus an t-arán greille
brígh in a fhéitheachaibh; gur chuir an t-sáile lasadh in
a shúilibh; agus gur chuir grágallach na n-eun agus
torann na dtonn chum fáin cibé diabhal nó deamhan
do bhíodh os cionn a leabthan ag díbirt suan-chodladh na
hoidhche uaidh. Acht nuair d'imthigh an duine uasal so,
do thuit an áit chum Mháire ní Chorbáin, agus sin é an


L. 3


chuir a raibh an teach breághdha so aici. Baintreabhach
do ba eadh í mar adubhairt mé. Do bhí mac agus
inghean aici. D'imthigh an mac uaithe thimcheall trí
bliadhna roimh an am a bhfuilmíd ag trácht air. Bua-
chaill breághdha do ba eadh é do thógadh le scoil agus
le léigheann, agus do bhí a shliocht air, mar do bhí
tuilleachtain mhaith aige in an ait ar chuaidh sé. Acht
do bhíodh uaigneas ar a mháthair i gcomhnuidhe in a dhiaidh,
an bhinín bhocht, agus is minic do-chítí na deóra léi go
mór-mhór nuair d'aireóchadh sí aoinneach de na buachail-
líbh ag rádh aon cheann de na sean-abhránaibh do bhíodh
aige. D'fhan an inghean ins an mbaile — Máire Óg an
ainm thugtaoi uirri — agus ba mhór an congnamh agus
an compórd dá máthair í.



Acht an lá so, Lá Nodlag do ba é é, do bhí triall
gach aoinneach ar thigh na baintreabhaighe, mar do bhí
coinne aca leis an sagart chum aifreann do léigheamh
dhóibh. Do b'olc an lá é le sneachta agus le gála.
Gaoth anoir aneas do bhí ann, agus is í do bhí ann le
trí seachtmhaine roimhe sin. Do chonnluig na daoine
isteach i dtig Mháire acht ní raibh aon mhuinighin aca go
dtiocfadh an sagart, mar ní mar mhagadh teacht i mbád
seóil go dtí an oileán a leithéid sin do lá.



"Nárbh' mhór an sceimhle bheith gan aifreann Lá
Nodlag?" arsa sean-Phaid ó h-Aodha. "Agus sinn
go léir ar cialacan."



"Ó, bí siúráilte go dtiocfaidh an t-Athair Pádraig
má dhéineann sé aon eatorra in aon chor," arsa an
bhaintreabhach.



Le n-a linn sin do rioth garsún beag isteach. Do
bí sé tar éis teacht ón bhfaill.



"'Dé an sceul atá agat, a Liaimín?" arsa an
bhaintreabhach leis.


L. 4


"Sceul gan mhaith," arsa sé, "ní fhaca mé aon
teimheal de agus atá an síothog imthighthe asam ag an
bhfuacht."



"Ní fhaca sé fiadh ná feachaid, mar adubhairt an
fear do bhí ins an reilig," arsa Siobháinín-cúl-an-
hiarta, í sin do bhíodh ag séideadh na teineadh dho
Mháire.



"Séid. Séid, a Shiobháinín. — Leigidh isteach an garsún
bocht so chum na teineadh. — Cad mar gheall ar do dhear-
bhráthair, a Liaimín? nó an raibh sé i t' fhochair?"



"Do bhí. Tháinig sé nuair do bhí mé chum imtheacht.
Adubhairt sé go dtabharfadh sé tamall ag faire."



"Ó'se, mo ghraidhin é!" arsa Máire.



Do-chuaidh Paid ó h-Aodha go dtí an dorus.



"Maite," arsa sé, "tiocfaidh sé. Atá sé ag
eudtromughadh agus atá foithint ins an mbá aige."



Do-chuaidh cuid de na daoinibh amach ins an macha,
agus cuid aca síos d'iarracht ar an bhfaill. Ní
rabhadar i bhfad imthighthe nuair do chasadar agus dear-
bhráthair Liaimín in a bhfochair, le sceula go raibh an
bád ag teacht. I gceann uair an chluig do bhí an sagart
ag an dorus, saghas caipín ar a cheann agus cóta mór
air do bhí fuilighthe le leac-oidhre agus le sneachta.



"Go dtugaidh Dia 'Odlaig mhaith dhíbh go léir," arsa
sé, ag bualadh an t-sneachta dá bhrógaibh agus ag teacht
isteach.



"Go mbadh amhlaidh dhuit, a Athair," arsa siad.



"Cionnus atá tú, a Mháire?" arsa sé le bean an
tighe. "An bhfuair tú aon sceula ón ngarsún?"



"Ó'se, go deimhin duit, a Athair, ní bhfuaireas, acht
badh fhéidir le Dia go bhfuighbhinn litir uaidh fé dheireadh
na seachtmhaine. — Ó'se, a Athair, atá tú siocaighthe.
Dia le m'anam! Feuchaigidh ar an gcasóig sin," arsa


L. 5


rí, ag tógbháil na casóige ó'n sagart. "Atá sí in a
clár."



"Ó'se, go gcosnaidh Dia ar na cláracha sinn," arsa
Siobháinín-cúl-an-hiarta, "acht is breághdha an síneadh
dheunfaidh cuid againn an lá déidheanach."



"Seo, a Shiobháinín," arsa Máire léi, "croch in áirde
í seo, agus caith uait an chaint gan mhaith sin."
Do bhí na daoine go léir ag gáire. Bean ait do
ba eadh Siobháinín, agus níor bhain sí an píopa as a
beul nuair tháinig an sagart isteach.



"Ó'se, ní fhaca mé riamh tú acht taobh thiar de phíopa,"
arsa Paid léi.



"Taobh thiar de phíopa," arsa sí, ag ath-narc air.
"Dá mbeadh píopa ón Phápa, is fada bheadh sé gan gal,
dá mbeadh sé ag braith ar do leithéid-se de mheilimíneach
chum é shíneadh chuige."



Ní raibh an sagart ag cur aon suim ionnta. Do bhí
sé féin agus Liaimín agus Máire Óg ag socrughadh
na h-altóra. Do chuireadar an bórd in áirde ar dhá
chathaoir gairid don teineadh, mar is air sin do bhí an
sagart chum an t-aifreann do léigheamh. Do bhí bean
an tighe ag folamhughadh ciseán an aifrinn dhóibh, agus
d'fhiafraigh sí den sagart cad dheunfadh sí le tromán
mór do bhí sáidhte síos go doch ann.



"Ná bac leis sin," arsa sé, "rud é sin thug mé
liom i gcóir an tráthnóna, agus atá a thuilleadh agam
thíos ins an mbád."



Tháinig smiota gáire ar gach aoinneach, go mór-mhór
na gearrchailí agus na garsúin, mar is maith do
thuigeadar cad dó do bhí sé ag tagairt. Do bhí nós
aca ar Oileán an Dá Fhichid Acra, na daoine go léir
do chruinniughadh isteach i dtigh Mháire um thráthnóna
chúm dinneur do chaitheamh ann Lá Nodlag. Nós bean-


L. 6


nuighthe do ba eadh é tháinig anuas ón tsean-aimsir,
mar is mar sin do bhíodh na Críostuidhthe go léir i
dtosach na h-Eaglaise. Aoinneach arbh' acfuinn dó
é, thabharfadh sé leis blúire feóla nó bulóg mhilis nó
púnt té, acht is é an sagart thabharfadh an chuid is mó
den chóisir dóibh.



Nuair do bhí an éide ar an sagart, do chrom sé ag
rádh paidreacha do na daoinibh chum iad do cur i gcóir
don aifreann agus don chomaoin. Paidreacha breágh-
dha Gaedhilge adubhairt sé. Ní raibh focal ann nár
chuaidh go croidhe dhóibh. Sean-phaidreacha do ba eadh iad
do cheap na naoimh do bhí in Éirinn ins an tsean-aimsir.
Do scaoileadar amach ó n-a gcroidhe grádhmhar Gae-
dhealach iad, le aibigheacht a n-intinne, le milseacht
a mbeól, le trom-thuile toramhail na ngrás thug Rí
na n-Aingeal dóibh. Ba bheag an t-iongnadh gur éist
na daoine an lá sin leó ar an Oileán. Do bhíodar
annsúd chomh socair leis na mairbh acht do bhí na deóra
le n-a súilibh agus a gcroidhe ag preabadh agus ar
lasadh le díograis. Do chrom an sagart ag léigheamh
an aifrinn, agus le linn na sácrála do thóg Máire a
dhá láimh agus adubhairt:-



"Ceud míle fáilte romhat isteach sa tigh seo chughainn,
a Thighearna, agus go gcasaidh tú mac mo chléibh orm
aríst."



Agus is iomdha paidir eile adubhradh an lá sin, gach
aoinneach agus a chúram féin air, gach aoinneach agus a
réidhteach féin uaidh. I ndeireadh an aifrinn thug an
sagart soísceul uaidh. Ins an chaint dó, do-righne
sé tagairt don sneachta agus don droch-aimsir, ag
cur an chinidh daonda mar do bhí sé fé 'r tháinig Críost
i gcompráid le lucht árthraigh do bheadh amuigh ar an
bhfairrge, an chruaidh-sín ag á gcaochadh, gan aoinneach


L. 7


dheunfadh eolas chum an chuain dóibh, agus gan aon
fhaghbháil aca ar an bhfaill do fheicsin ná do sheachaint.
Is iomdha osna d'airigheadh ann an lá sin, agus is iomdha
feuchaint thugadh ar an bhfuinneóig mar do bhí an
stoirm ag éirghe agus do bhí gach aon steall de'n
sneachta nó de'n bhflich-shneachta isteach innti agus
isteach fa an dorus. Do-chuaidh an sagart tré an
soísceul ó alt go halt, gur chuir sé deireadh leis.
Adubhairt sé na paidreacha atá le rádh i ndiaidh an
aifrinn, agus d'éirigh sé dá ghlúnaibh. D'éirigh an
pobul in a dhiaidh. Fothram cos agus cathaoireach ins
an tigh. Do bhí na mná ag cruinniughadh a gceirte chum
imtheachta, agus do-chuaidh na fir amach ins an macha,
gach duine aca ag lorg an tsúgáin do bhí casta thimcheall
ar a chosaibh ag teacht. D'imthigheadar go léir abhaile
acht ceathrar ban do bhí chum congnamh do thabhairt do
Mháire ag léiriughadh an tighe le haghaidh an dinnéir,
agus d'fhan Paid ó h-Aodha cois na teineadh, é féin
agus Siobháinín-cúl-an-hiarta ag tabhairt iarrachtaí
fa n-a chéile. Do bhí Máire agus na mná eile, agus
Máire Óg agus Liaimín agus buachaill an tsagairt,
agus an sagart féin, nuair do bhí cupán té ólta aca,
do bhíodar go léir ins an stealladh ag socrughadh an
tighe. Do-righneadar dhá bhórd ar faid an tighe de
phlanncaibh do bhí le haghaidh an ghnó so aca. Cathaoireacha
agus formaí, sceana agus forcana, plátaí agus miasa,
do chuireadh gach aon rud in a alt féin. Do bhí beiriúchán
agus cócaireacht ag á dheunamh ag an teinidh mhór do
bhí ins an chistin agus ag an teinidh bheag do bhí thíos
ins an phárlús. Do bhí an párlús agus an chistin in
aon seamra amháin mar adubhairt mé, agus an dá
theinidh ar aghaidh a chéile amach. Do bhí na mná síos
agus suas, ó theinidh go teinidh, chomh bríoghmhar le beacha,


L. 8


ag obair agus ag caint, i slighidh gur dhóigh leat
nárbh fhearr leó an caitheamh ioná an córughadh.



I gceann cúpla uair an chluig do bhí gach aon rud
i gcóir. Do bhí dhá bhácús ag an teinidh mhór, agus
bácús eile ag an teinidh bheag, agus dhá thurcaí agus
gé ionnta. Do bhíodh tar éis iad do thógbháil de'n
teinidh, agus d'fhágadh ins an teas iad go dtí go
dtiocfadh na daoine. Do bhí glasaraí aca, leis, cibé
áit a bhfuaradar iad, agus caoir-fheoil agus mairt-
fheoil go leór, bulóga milse agus fairsinge té agus
siúcaire. Breis ar fheabhas chúcha, ní rabhadar chum
aon ocras do leigint orra-féin an Nodlaig sin.



Do bhí na daoine ag bailiughadh isteach ins an macha
arís, agus gan aon rud ar domhan ag tabhairt chúraim
dóibh acht an dinneur. Acht tháinig Liaimín agus
saothar air:



"Atá rud éigin amuigh," arsa sé, "árthrach trí
gcrann, is dóigh liom."



Do riothadar go léir, gach duine má luaithe, síos go
dtí an fhaill. Níor fhan aoinneach ins an tigh. Níor
fhan an sagart féin ann, ná Máire, ná na mná eile.
Níor fhan aoinneach ann acht Siobháinín-cúl-an-hiarta.



"Dá mbeadh árthrach ceud crann amuigh," arsa
Siobháinín, "ní chorróchainn ón teinidh seo, agus biadh
na Nodlag ag á ullmhughadh ann."



Do bhí an ceart ag Liaimín. Árthrach trí gcrann do
ba eadh í, ag túrnáil agus gach aon rud ins an mbaile
uirri, agus í ag tabhairt an-thriail uaithe i gcoinne na
gaoithe, acht do bhí an taoide ag á breith léi isteach,
in áit-a-chéile, dh'iarracht ar na clochaibh. Do bhí muintir
an oileáin ar bharr na faille agus a n-ucht ar an gclaidhe.
ag feuchaint amach; na mná agus púicíní deunta dá
seáil aca, agus na fir agus na búnaí iompaighthe suas


L. 9


fa n-a gcluasaibh agus na caipíní tarraingthe anuas
ar a súilibh.



"Atá sé réidh! Atá sé réidh, an fear bocht," arsa
Tomás Eudhmoinn, ceann de na hiascairíbh.



"Atá," arsa athair Liaimín. "Do-chonnaic mé ar
maidin í, le linn a's an sagart ag teacht, acht do shíl
mé go ndeunfadh sí an gnó. Cadé an díoghbháil acht
gan aon chuan annso d'aon árthrach."



"Ná riothfadh sí isteach ins an Muinirtle?" arsa
ceann de na mnáibh.



"Adeirim-se Muinirtle leat," arsa Tomás Eudh-
moinn. "Ca bhfios dó san a leithéid do bheith ann?
An lámh is cliste orainn, is ar éigean thabharfadh sí
isteach ins an Muinirtle í."



An Muinirtle, ba é rud é sin acht saghas cuainín
do bhí ins an oileán; slighe fhada chaol thimcheall ceud
slat ar faid agus gan de leithéid ann acht mar do
bheadh sé feádh. Do bhí cé bheag ann le haghaidh báid
iascairí.



"Ó, an lá so thar leatheanta na bliadhna!" arsa an
bhaintreabhach.



"Ó, go gcosnaidh an Leanbh Íosa ar na clochaibh
í!" arsa bean eile.



Do bhí an t-Athair Pádraig agus an stóil in a láimh
aige chum an asbolód dhéidheanach do thabhairt do na
máirneulachaibh bochta. Comh-dhona é féin agus an
chuid eile, na deóra in a leac-oidhre ar a ghruadhaibh.



"Ó feuch! feuch!" arsa Tomás Eudhmoinn. "Ó,
atá sé as a chiall!"



Agus is annsin d'éirigh an gheóin ar bharr na faille.
Do iompuigh an t-árthrach i d' urchar. Do leagfadh na
seólta, agus do rioth sí de réim díreach dh' iarracht
ar an oileán.


L. 10


"An Muinirtle! An Muinirtle!" arsa siad.
Atá fear ón ait seo uirri."



Do ba fhíor dóibh. Do rioth sí isteach chomh díreach
le heun. Síos leis na hanncairí agus do bhí sí ó
bhaoghal. Mac na baintreabhaighe go bhí ar an stiúir.
I nómaint na huaire do bhí muintir an oileáin ar
bórd uirri. Do rioth mac baintreabhaighe go dtí
n-a mháthair. Is iongnadh nár bhádhaidh sí le deóra é.
Is iongnadh nár thacht sí le póga é, agus níl aon teacht
abhaile is fearr ioná an teacht i gan fhios.



"Ó, a mháthair," arsa sé, "do shíl mé teachta abhaile
i gan fhios chum na Nodlag do dheunamh i t' fhochair,
agus nach maith mar thárlaig? Meireach mise do bheith
ar an árthrach so, do bhí sí in a mion-bhrúscar agus na
daoine bochta go léir báidhte."



Do chaith a raibh aca iad féin ar an nglúnaibh agus
do ghabhadar buidheachas le Dia. Do éirigheadar annsin
agus do-chuadar go léir go dtí teach Mháire. Do bhí
an chóisir i gcóir dóibh ag Siobháinín-cúl-an-hiarta. Do
lasadar na coinnle agus do shuideadar chum búird.
Do bhí nua gach bídh ann, agus sean gach dighe ann. Blas
na meala ar gach aon ghreim agus gan aon ghreim tur.
Do bhí ceól agus croidhe-léis aca, abhráin agus aoibhneas
aca. Agus ní iarrann an sceulaidhe acht a leithéid
cuedna, fairsinge agus fuighleach, do bheith ag gach
aon duine bocht Lá Nodlag so, agus Lá an Chinn.


L. 11


AN MADRA RUADH AGUS AN CAT FIADHAIN.



Atá coill siar ó thuaidh ó Dhún Garbhán. Coill
Inse an Drisligh thugtar uirri. Crainn giúise is mó
atá innte. Atá reithineach agus sceacha go leór ag
fás ag á tosach, agus is ann do-gheobhthá na fraocháin
is blasda i nDúthaigh Déise. Atá an coinín ann, agus
an cat fiadhain, agus an madra ruadh.



Lá dá rabhas ins an choill seo, do shín mé ins an
reithineach ag bun crainn, agus ní rabhas i bhfad ann
nuair do thuit mo chodladh orm. Ní fheadar mé cadé
an fhaid do bhíos ann, acht do dhúisigheas d'urchar, agus
d'airigheas an bheirt ag caint taobh liom. Do shíl mé
gur sean-duine agus sean-bhean do bhí ann, acht tháinig
siolla beag gaoithe d'oscail an reithineach ón a chéile,
agus cad do-chífinn acht sean-chaitín liath agus seibeanach
mór de mhadra ruadh.



"Dia dhuit, a Neillí," arsa an madra ruadh.



"Dia is Muire dhuit is Pádraig, a Pheaid," arsa
Neillí. "Nach breághdha na aimsir í, buidheachas le
Dia?"



"Masa, is eadh. Cionnas atá na pisíní agat?"



"'Dhe mhuise, cuibheasach. Is é an crádh iad uaireanta.
Do bhí ceann aca ag iarraidh beach do mharbhadh indé,
agus do chuir sí cealg ann, agus níor stad sé ó shin
acht ag béiceadh."



"Ó mhuise, is mór an truagh thú aca; acht, níl agat
le deunamh, acht brudhadh fút agus foidhne do bheith
agat."



"Mhuise, a mhic ó, is deacair dúinn foidhneamh le


L. 12


gach aon rud. Atá an biadh gann againn an aimsir
seo, agus is deacair do bhaintreabhach bhocht mar mise
soláthar don muirear beag lag atá agam. Níl baoghal
ort-sa. Bíonn na heallaigh fairsing an t-am so
bhliadhain. Ba bhreághdha reamhar an ghé í siúd do sciob
tú ó bhean Sheaáin Dhonnchadha aréir."



"Masa, ní raibh baoghal ar domhan uirri. Do bhí
feóil mhaith bhíodhgamhail uirri, idir truagh agus méith,
cnámh agus fol-fionn."



"Mhuise, Dia linn, nár bhreághdha bheith ag á hithe,
seachas bheith ag braith ar na franncaigh agus ar na
lucha mar bhím-se. Acht ná bíonn aon eagla ort, dul
go dtí tighthe na bhfeirmeóirí fa dhein na n-eallach?"



"Ó'se, adeirim-se eagla leat! Níl ann acht an
chéird."



"Agus cad mar gheall ar mhadraí an tighe? Cionnus
théigheann tú uatha?"



"Cuirim sceamh beag asam nuair bhím ag deunamh
ar an tigh, agus mara gcuirfidh siad fáilte romham atá
a fhios agam go bhfuilid in a gcodladh, agus nach
baoghal dam."



"Moladh is buidheachas le Dia! Nach mór an
mheabhair thug Sé do dhaoinibh seachas do dhaoinibh eile?
Ní chuimhneóchainn-se go deóidh ar a leithéid sin. Agus
rud eile, níl aon sceamh ionam acht miaú. Acht is
dócha ná fuil na madraí chomh fairsing is do bhídís
mar gheall ar an leath-choróinn seo atá le díol asta.
Is iomdha ceann aca scaoiltear leis an abhainn gach
aon cheud lá d'Aibreán anois."



"Ní fearr rud do bhainfeadh dóibh, mar is olc an
eudáil cuid mhaith aca."



"Nach minic bhíonn na gadhair ar do thóir-se? Cion-
nus théigheann tú uatha?"


L. 13


"'Dhe muise, a inghean ó, atáim-se bog beann orra.
Inneósaidh mé sgeul duit in a dtaobh, bhainfidh gáire
asat. Nuair do bhíos-sa im' choileáinín adubhairt na
sean-mhadraí liom an bóthar ó thuaidh do thabhairt orm
mar ná raibh slighe dham ar an taobh so de dhúthaigh.
D'imthigheas liom, agus níor stad mé go raibh mé i
gConntae na Bainríoghna. Ní raibh eólas na háite
sin ró-mhaith agam, agus oidhche bhreághdha shamhraidh,
agus mé ag gabháíl in áit in a mbíodh coiníní, do chuir
mé mo cheann in inneall. Do chuimhnigh mé annsin ar
chomhairle thug mo mháthair do scuain, má bhuailfeadh aon
rud fa n-ár muineul gan corruighe, mar gur inneall do
bheadh ann, agus go mbheimís i gcanntabhairt ár dtacht-
aighthe. Ní righne mé acht luighe síos agus mo shuaimh-
neas do cheapadh, go dtí go dtiocfadh fear na gcoiníní.
Tháinig fear na gcoiníní ar maidin. D'fheuch sé orm,
agus do bhí iongantas mór air, mar ná faca sé mo
leithéid riamh roimhe sin. Do-chuaidh sé ag glaodhach ar
cheann de na comharsainibh. Adubhairt sé sin leis gur
madra ruadh do bhí aige. "Maith mar a thárla," arsa
fear na gcoiníní. "Cuirfimíd fógra amach ar fúd
na dúithche, go mbeidh fiadhach againn ar bharr an chnuic
i mbárach agus gach aoinneach do thabhairt a mhadra
féin leis." Do chuireadar i mála mé annsin, agus
d'árduigheadar leó abhaile mé. Maidin lá ar n-a
bhárach. thugadar leó ar an gcnoc mé. Do bhí an áit
ar fad fa dhaoine agus fa mhadraí. Do bhí an spáin-
néir ann agus an sípéir, an chú árd, lom, agus peata
beag na binne, seibeanaigh agus pleibighigh, agus gach
aon saghas madra dá dhonacht."



"Go saoraidh Dia sinn!" arsa Neillí.



"Ó ní misde dhuit é sin do rádh, a inghean ó, agus
cadé an díoghbháil acht mé im choileáinín beag óg an


L. 14


uair sin. Acht fan go inneósaidh mé dhuit. Nuair do
leigeadh amach as an mála mé, do bhíodar annsúd os
mo choinne amach, gach aoinneach aca agus greim aca ar
a madraí féin, agus a gcraos dírighthe ar bhéul an mhala
aca. Do bhaineas-sa de na bonnaibh uatha. Ní raibh
mé ag an chlaidhe nuair d'éirigh an t-seilg agus an
liughraigh eatorra. D'fheuch mé timcheall orm, agus
cad do-chífinn, acht na madraí go léir in aon charn
amháin, agus iad ag stracadh agus ag stolladh a chéile;
agus ní mór níos fearr ioná iad do bhí na fir, mar
do bhí gach aoinneach aca ag iarraidh dul i gcabhair ar a
mhadra féin. "Ó 'sé, a chonách sin oraibh," arsa mise
liom féin, "agus a thuilleadh den tiubhairt chughaibh."
Do lean aon sípéir amháin mé, acht ní righne mé
acht drannadh do chur orm féin chuige, agus do chas
sé go maol-chluasach."



"Maite, do scair tú go maith orra," arsa Neillí.
"Nach iongantach an misneach do bhí agat agus teicheadh
uatha mar do-righne tú. Dá mbeinn-se ann, thuitfeadh
an t-anam asam le scannradh. Acht, cogar mé é seo
leat. Ná bíonn aon scáth ort roimh na gadhair seo
bhionn ag gabháil timcheall? Do bhíodar go minic ins
an choill seo le déidheanaighe, agus nuair thagaidís, ní
bhíodh le deunamh agam-sa acht dul sa chrann uatha."



"Mo thruagh thú, a aingceiseóir bhoicht, mar an bhfuil
agat acht an cleas sin!"



"Go bhfeuchaidh Dia orm, níl."



"Ní mar sin damh-sa, atá lán mála dhíobh agam. Acht
inneósaidh mé dhuit cad do-righne mé leó lá dá rabhadar
im' fhiadhach. Do bhí mé i mo chodhladh thíos annsin i
bpreab reithnighe, agus thángadar an-obann orm.
Thug mé m'aghaidh ar an gcnoc. Ag gabháil suas thar
Pháirc an Chlampair dam cad do-chífinn acht í lán de


L. 15


dhruideannaibh. "Maite, a Pheaid, arsa mise liom
féin, "faightear gnó de gach aon rud, agus is annso
atá cóir do shábhála an iarracht so," agus thar an gclaidhe
liom agus tré na druideannaibh."



"Agus cadé an mhaith do-righne sin duit?" arsa
Neillí.



"Atá, aon áit i luighfeadh druideanna, do bheadh an
boladh go láidir in a ndiaidh ann, agus do chuirfeadh
sin mo bholadh féin ó aithint ar na gadhair. Nuair do-
chuaidh mé go dtí barr an chnuic, d'fheuch mé síos uaim,
agus do bhí na gadhair annsúd ins an pháirc, ag rioth
anonn is anall agus iad ar mearbhall. Thug mé tamall
ag feuchaint orra, gur imthigh an saothar díom, agus
annsin do bhuaileas abhaile dham féin ar mo shocaireacht,
agus do bhí an caitheamh aimsire i mudha ar na fiagaidhthe
an lá sin."



"Dia linn, a Pheaid, nach breághdha dhuit é, an mheabhair
atá agat. Ní chuimhneóchainn ar a leithéid go deóidh.
Acht, mar sin féin, ba cheart duit aireachas maith thabhairt
duit féin agus gan bheith ró-dhána orra."



"'Dhe mhuise, a inghean ó, níl aon bhaoghal orm. Éist
go inneósaidh mé dhuit cad do-righne mé leó indé. Do
bhí mé sínte ins an reithineach gan cuimhne agam ar
aon rud, acht mé idir bheith im' chodhladh agus im' dhúiseacht.
Le haistriughadh na gaoithe d'airig mé fuaim na hadhairce
agus geóin na gcon. "Nár éirighidh an t-ádh leis an
méid atá istigh sa pharóiste dhíbh," arsa mise, ag cur
díom síos fa dhéin na habhann. Do-chuaidh mé an-
ghairid don abhainn agus annsin do righne mé bogha
thimcheall go dtáinig mé go dtí an áit cheudhna arís.
Thug mé léim amach ins an abhainn annsin, agus do
shnámhaigh mé síos thimcheall ceathramha mhíle, agus
do phreab mé amach arís, agus do bhuail mé abhaile dam


L. 16


féin aníos tré Chill an Daingin agus do bhí na gadhair
lá eile gan sugradh agam, agus dob' éigean dóibh casadh
abhaile leis an sceul ceudhna do bhí ag teacht aca."



"Acht cadé an chiall duit dul ins an abhainn?"
arsa Neillí.



"Ó, chum an boladh do chur i mudha orra. Ní raibh
aon bholadh le faghbháil ins an uisge aca, agus is amhlaidh
do bhíodar ag leanamhaint a chéile ins an mbogha do-
righneas-sa, díreach mar bheadh scata páistidhe ag
sugradh."



"Ó tuigim anois thú. Is é an seó thú, an mheabhair
atá agat. Acht sin an cleas ná taithneóchadh liom féin.
Badh fhearr liom dul ins an chrann ioná ins an uisge.
Acht, mar sin féin ba mhaith an chuimhne uait é, nuair
do bhí teacht gairid ort. Ní h-iongnadh gan aon eagla
bheith ort rompa."



"Níl, a inghean ó, aon phioc. Atá an oiread cleas-
anna agam, agus ná beadh inniste agam dhuit ar feadh
seachtmhaine."



Ní raibh an focal as a bheul nuair d'airigheadar fuaim
na hadhairce agus uallfairt na gcon ag teacht tré an
gcoill dh'iarracht orra. Do chuir Neillí cluais uirri
féin, agus chomh luath agus do thuig sí cad do bhí ann,
do-chuaidh sí ins an chrann den léim sin. Do chuir
Peaid smiota gáire as, agus níor chorruigh cos de
go rabhadar i ngiorracht fiche rámhan dhó; agus annsin
do rioth sé anonn 's anall, soir agus siar, cúpla
babhta chum mearbhall a bholadh do chur ar na gadhair.
Do bhain sé de na boinn (bonnaibh) annsin, agus ba
ghairid go raibh sé as mo radharc. Acht do bhí Neillí
ins an chrann agus í ag feuchaint ar Pheaid ag cur de,
agus na gadhair le n-a shálaibh. "Dia le m'anam,"
arsa sí "nach breághdha dhó é; feuch mar atá sé ag


L. 17


breith uatha, agus gur dhóigh leat gur ag clith mhagadh
fútha atá sé. — Éist, atá iompódh bainte as aca.
Maite, atá siad ag á chur i dteanntaibh. — Deunfaidh
sé an gnó orra anois; atá sé chum cleas an tsrutha
d'imirt orra. — Ó! atá buaidhte air arís, atá fear
ins an sruth roimhe. — Ó! Beuraidh siad air acht grásta
Dé! — Ó cabhair Dé chughainn, atá sé gabhta aca! — Mo
ghraidhin é, an t-aingceiseóir bocht! Ní fhágfaidh siad
pioc le n-a chéile dhe. — Á! Is mairg bhíonn teann.
Dá mhéid de na cleasaibh do bhí aige, do bhí ceann in
easnamh air. Is fearr mo chleas beag féin ioná iad
ar fad."



Le n-a linn sin, do ghabh na fiagaidhthe tharm, agus
ceann agus earball Pheaid ins an diallait aca. Agus
muna mbeadh mise bheith i gCoill Inse na Drisligh an
lá sin, ní bheadh a fhios go deóidh cadé an chaint do bhí
idir Pheaid agus Neillí.


L. 18


AN tAONACH



An t-athair agus an mháthair, an mac agus an inghean,
do-chuadar go dtí an aonach ag díol seafaide, agus
do thuit amach gur ar lá saoire do bhí an t-aonach. Do-
chuaidh an inghean ag ceannach rudaí beaga d'oir di
féin, eudaighe agus go leór giúirléidí eile. Do bhí
ráiseanna chum bheith ann an tseachtmhain do bhí in a
ceann agus badh mhaith léi bheith chum feicsionnach le
duine agus ba chuma léi cad dheunfadh aon rud eile.
Ba chuma léi cad dheunfadh a máthair agus ní baoghal
gur fhiafruigh sí dhi an raibh aon rud in easnamh uirri.
Do bhí sí bog uirri. Masa, do bhí an mhaidin ag á
caitheamh agus an tseafaid gan díol. Do bhuail fear
an tslighe agus Nóra bhocht ag seasamh leis an tseafaid.
Ceannuightheóir ba eadh an fear. Ní raibh tuairisc a
fir le faghbháil aici, ná an mhic acht an oiread leis.
Siúd ag rioth thall agus abhus ag lorg a fir í, gan
greim thíos ná thuas aici ar a hanáil, agus an bhean
bhocht ar cialacan. Ins an lorg di, cia theagmhóchadh
uirri ná Donnchadh an gabha, é féin agus a bhean.



"A Dhonnchadh, an bhfeaca tú Tadhg ó mhaidin?"
arsa Nóra.



Donnchadh. — Do-chonnaic mé ó chiana é.



Nóra. — Cadé an áit?



Donnchadh. — Thíos ag an chúinne, ag caint le Seaán
Mór.



Nóra. — An fadó é sin?



Donnchadh. — Thimcheall leat uair a chluig ó shin.


L. 19


Nóra. — Teacht an tseagail air! Nach bocht an cás
dam é, agus mé ag fuireach leis ó mhaidin, agus mé
im' stampa leis an bhfuacht gan greim den mbiadh
saoghalta do bhlas ó d'fhág mé an tigh ar a dó a chlog.
Teacht cheithre mhíle deug slighe agus níor leag mé mo
dhá shúil air ón uair do chuir sé a chos ar an aonach.
'Dé an díoghbháil fear d'fhanfadh i mbun a ghnó, agus
d'imtheóchadh scathamh agus thiocfadh arís, acht gan teacht
im' ghoire ná im' ghaor, é féin ná an garsún, acht iad
ag ól ar thuilleadar le ráithe. Nár éirighidh an t-ádh
leis, mar ól! 'Sé a chuir na daoine le fuacht agus le
fán agus do chuir a leath ar bhotháin dhealbha. Ní fheaca
mé pinginn ruadh ón ngarsún sin le bliadhain. Nach
beag an chuid an méid sin? Atá an gearrchaile chomh
dona leis ar an tslighe cheudna acht atá sí sin ag cur
snátha um-uimpe féin.



Siobhán (.i. bean Dhonnchadha). = Cad badh ghábhadh dhi
sin? Ná fuil a fhios aici cionnus atá an saoghal
agat, agus gur iomdha rud ag glaodhach ort. Agus
níor ghábhadh dhi an leath oiread eírighe in áirde bheith
innte. Clann daoine bochta, cadé an mhaith dhóibh bheith
ag dul i gcúdabhfad le clann na ndaoine móra,
daoine arbh acfuinn dóibh an ghalántacht.



Nóra. — Thug mé an tsraith le díol don bhfear sin
atá dhá mhí ó shin, agus cad adeir tú leis nár dhíol sé
ar aon chór í? Do bhuail stracaire éigin fé do bhí
chomh dona leis féin agus do chaitheadar an púnt. Do
bhí mé féin ag fuireach ar an teinteán agus mé ó
am go ham ag coinne leis acht i masa ní raibh sé ag
teacht. "Dia le m'anam," arsa mé, "ní fheadar
cad atá ag á choimheud so?" Ní raibh sos ná suaimhneas
orm, do bhí mé chomh tré-na-chéile sin, mé ag á fhiafruighe
de gach aoinneach an bhfeacadar Tadhg, agus gan aon


L. 20


chúntas aca dham. "Go gcuiridh Dia ar mo leas mé,"
arsa mé im' aigne féin, "ní fheadar an raghainn ag á
lorg. Atá sé chomh mhaith dhúinn an capall do ghabháil,
a Phádruig," arsa mé le Pádruig, "agus dul i gcoinne
t'athar." "Dhera an as do chiall atá tú, a bhean,"
arsa Pádruig, "ag imtheacht an t-am so d'oidhche chum
na daoine bheith ag feuchaint orainn." "B'fhéidir, a
mhic ó," arsa mise. "gurab amhlaidh thuit sé leis an
gcé, nó go bhfuil sé caithte i ndíg éigin," acht níor thug
sé aon toradh orm. D'fhan mé ar an teinteán go
maidin, agus i dteannta an eadarshuth is eadh do
bhuail sé isteach agus é cortha, sáraighthe, lán de phluide.
Níor labhair mé aon focal agus níor leig mé dada
orm ar feadh tamaill. Ba ghairid gur labhair sé nuair
ná raibh aoinneach ag cur aon suim ann. "Bhfuil aon
chupán té agat?" arsa sé. "Níl," arsa mise. "Cuir
síos dam é," arsa sé.



Siobhán. — An donas braon thabharfainn dó!



Nóra. — Fan leat. Níor thug mé féin aon fhreagra
air. "Cuir síos cupán té dham," arsa sé arís liom.
"An bhfeadair tú an bhfuil sé agam, nó cá bhfuighbhinn
é, mar an raghainn ag á ghoid? Tabhair dham a luach,"
arsa mé. Do bhí a fhios agam ná raibh pinginn aige.
"Ar dhíol tú an tsraith?" arsa mé leis. "Dhíol
mé," arsa sé go háth-leasc. "Masa, is é mo thuairim
nár dhíolas," arsa mise. "Dhíolas go deimhin," arsa
sé. D'fhan an sceul mar sin go ceann seachtmhaine i
n-a dhiaidh sin. Cia bhuailfeadh isteach chugham ná an
pílear, agus do beannuigh sé dham. Adubhairt mé
leis suidhe ar an gcathaoir. Do shuigh agus do chrom
sé ar Bheurlóireacht acht níor thuig mé acht focal thall
agus abhus. Do ghlaodh mé isteach ar Phádruig, agus i
masa is é rud do bhí uaidh ná trí scillinge. Fíneáil


L. 21


do cuireadh ar mo bhuachaill do dheascaibh óil, an oidhche
do bhí sé amuigh uaim. Do chaith mé mo thrí scillinge
do shíneadh amach chuige, agus coigthigheas in a dhiaidh
sin cad do bhuailfeadh isteach chugham ná fear an phuirt
agus litir aige. "Oscail an litir seo," arsa mé le
Pádruig, "agus feuch cad atá innte. D'oscail agus
cad do bheadh innte acht órdughadh an tsraith do dhíol
agus costas dlighe in a fhocair. Do bhéic mé agus do
bhuail mé mo dhá bhais, agus d'iarr mé cabhair agus
congnamh ar an Tighearna agus ar an Maighdean Mhuire.
"Ó, cad dheunfaidh mé," arsa mise. "Nach bocht an
cás dam é, an fear gan áird atá agam." Lá ar
n-a bhárach tháinig fear an phuist arís agus litir eile
aige agus cheithre púint ón ngarsún atá in Sasna Nua,
nár tháinig aon sceula uaidh le chúig bhliadhna deug
roimhe sin. "Moladh 's buidheachas le Dia," arsa mé
féin, "is díreach é gur giorra cabhair Dé ná an doras."
Ba ghairid gur bhuail sé féin isteach. "Nár shíl mé
nár dhíol tú an tsraith?" arsa mise. "Agus nár
dhíolas?" arsa sé. "Dá ndíolfá ní thiocfadh litir
annso indé ag á héileamh." "Do dhíol mé í, mhuise,"
arsa sé. "Cá bhfuil an spáineas fuair tú mar sin?"
arsa mise. "Do chaill mé é," arsa sé. "Ó 'se, badh
bheag an díoghbháil da gcaillfidhe tú féin, acht ná
bainfeadh dada do t'anam. D'imthigh tú leat an lá
san. D'árduigh tú leat an púnt, agus thug mé dhá
scilling le caitheamh duit acht ní dheunfadh sin tú gan
an phúnt do chaitheamh chomh maith leó. Níor tháinig tú
abhaile an oidhche sin mar thiocfadh fear a mbeadh aon
mheas aige air féin. Feuch mar thagann Pádraig Treó
abhaile? Nach breághdha ná tógfá pátrún leis? Acht
an rud atá uait-se, atá sé agat, ól. Níl aon rud
eile uait acht ól agus cuideachta, agus ní baoghal go


L. 22


seunfaidh an chuideachta thú an fhaid 's sheasóchaidh na
pinginní leat. Ní hiad do phaidreacha adeurfá, ná
dul go dtí an sagart duit féin, ná go dtí an aifreann.
Is agat-sa do bheadh an bothán fuar dá mbadh ag braith
ort do bheadh sé. Trí scillinge fíneála do dhíol thar
do cheann agus an costas. Nach deas an obair í sin
agus nach rathamhail? Badh mhór leat scilling do
thabhairt don sagart, ná do aon rud eile a mbeadh
aon rath air. Ní baoghal gurab é an paidrín do bheadh
agat, acht "diabhal" is "deamhan" is gach aon rud eile
níos measa 'ná a chéile, acht tiocfaidh lá fós ort-sa agus
geallaim duit go mbeidh tu searbh go leór ded' chuid
óil 's ragairne." Shin é adubhairt mé leis.


L. 23


EACHTRA LÁMHAINNÍ SÍODA.



Dá threibh daoine do bhí ann le linn na heórna gile
do theacht ar an soaghal an cheud uair agus gan breith
thíos na thuas aca ar a n-anáil le neart a scím chum
díoghbháil do dheunamh do n-a chéile. Do bhíodh na tighthe
tré theinidh aca agus an talamh díomhaoin agus fiadhailí
agus feóchadáin thar na claidhtheachaibh ar fud na dúithche
agus an t-arbhar ag dreóghadh istigh ins an eathala
(iothlainn) cnámha daoine ar na bántaibh agus gan
aoinneach ann chum cré bheannuighthe na reilige do
chaitheamh orra. Sa deireadh nuair do bhí an-chuid
daoine marbh agus leónta, adubhairt duine éigin ná
feadair sé cadé an chúis an cogadh sin agus cad bhí
dá bharr ag aon chuid aca. Adubhairt duine éigin eile
an chaint cheudna agus do bhí gach aoinneach dá rádh
ar ball agus is é an deireadh bhí air gur aontaigh
Feargus Óg .i. an fear ba mhó éifeacht ar threibh aca,
inghean fir ón treibh eile do phósadh agus gan a thuilleadh
bruighne ná achrainn do bheith aca as sin amach. Do
thógadh teach breághdha feirmeach dóibh ar teóra an dá
dhúthaigh, agus do bhí táinte bó is na gleanntaibh aca
agus treuda caorach ar na cnocaibh; do bhí lucht oibre
aca do-ghníodh a ngnó go díreach macánta agus fuair
a gceart bídh agus codlata; do bhí meas ag na comhar-
sanaibh go léir orra agus is chucha do thiocfaidís
d'iarraidh congnamh chum maireachtain nó comhairle a
leasa; agus do chuirtí fáilte roimh lucht ceóil agus
aoibhneasa agus gach duine ar mhaith leis teacht agus
tamall den oidhche do chaitheamh ar an teinteán.


L. 24


Tháinig draoidheadóir ar an áit i gcló duine uasail
a dtugadh Lámhainní Síoda air. Cnaipí airgid ar a
chasóig ag imtheacht aige agus buataisí móra ar a
chosaibh a raibh leathar dearg agus leathar buidhe agus
leathar dubh ionnta agus spuir órdha ar a shálaibh agus
fuip dá réir, fáinní ar a mheuraibh agus in a chluasaibh
agus cleite fada in a hata, agus de shíoda ba eadh a
chuid eudaigh ar fad. Aoinneach chomh deallramhail leis
ní fhacaigheadh ar an áit riamh roimh sin. D'fhan sé ar
iosdas ag Feargus Óg, agus do bhí gach aoinneach an-
shásta leis, do bhí sé chomh séibhialta sin. Do thais-
beánadh sé a chuid eudaigh agus saidhbhris do na daoinibh.
Adeireadh na sean-daoine gur bhfearr leó féin na
fáinní agus na bioráin óir do bhí ag bean an tighe mar
go rabhadar chomh bog, nádúrtha sin le feuchaint orra
nár dhóigh leat nach fás do-righneadar agus ná fuaradar
aon ghoradh ariamh sa teinidh agus nár bhain gabha ná
saor leó riamh. Adeiridís leis ná raibh is na seódaibh
ar fad do bhí ag Lámhainní Síoda acht obair mhí-mhais-
eamhail agus go gcuirfidís i ndeallramh leó an drannadh
gáire bhí aige féin. Adeireadh an dream óg gur
mhinic dóibh cuimhneamh ar dhaoinibh ó áiteannaibh leath is
amuigh agus nár rioth sé leó go raibh a leithéid ar an
saoghal ar aon chor a bhreághthacht do bhí sé agus an
chanamhain cainte do bhí aige. Agus is iad sin thug
Lámhainní Síoda air agus do bhíodh an ainm ceudna ag
an sean-dhream air acht amháin gur le searbhas adeur-
aidís é.



D'iarr Lámhainní Síoda ar Fheargus ionad tighe do
thabhairt dó. Adubhairt sé go dtabharfadh agus fáilte
agus gurbh bhreághdha leis a chuideachta. Do chuir
Lámhainní ráil thimcheall na háite ar fad agus do chuir
sé roinn tor ins an talamh chum gach seamra do bheadh


L. 25


aige do thaisbeáint do na comharsanaibh, agus ní righne
sé acht an méid ar feadh na huaire sin.



Do bhí Feargus Óg ag obair sa pháirc lá, agus tháinig
Lámhainní Síoda aníos an bóthar agus adubhairt le
Feargus: "nach iongantach a luigheadh measa atá ag
do bhean ort?" Adubhairt Feargus Óg gur chuma.
Do-chuaidh Lámhainní Síoda annsin go dtí a bhean agus
do chuir sé breug ar Fheargus dá rádh go ndubhairt
sé gur chuma leis meas do bheith ag a bhean (mhnaoi) air
féin nó gan bheith. Adubhairt an bhean go raibh an
droch-chroidhe agus an droch-theanga riamh ag Feargus
Óg. Nuair do bhí na comharsain bailighthe isteach an
tráthnóna ceudna, d'éirigh an bhean ag an teinidh agus
adubhairt nár bhain léi féin riamh acht daoine a raibh
strus agus geall orra agus daoine macánta agus
ná raibh ag a fear ná ag ar bhain leis acht an méid do
ghoideadar, agus "an bhfaca aoinneach beó," arsa sí,
"aon rud chomh canta, chomh deagh-shnoidhte leis na coind-
leóiríbh práis thugas-sa liom ó thigh m'athar?" D'éiri-
gheadar chum a chéile annsin agus adubhairt na daoine
go mbeadh an cogadh ar bun aca arís, agus adubhairt
firín do bhí muinteardha le Lámhainní Síoda gur bh'fhearr
an t-achrann d'fhágbháil fa rádh beirte, acht gur dheacair
beirt d'fhaghbháil, agus go mbadh fhéidir nárbh fhearr rud
dheunfaidís ioná é d'fhágbháil fa dhuine éigin ó áit
leath-is-amuigh. Adubhairt gach aoinneach annsin gur
mhaith an cuimhneamh uaidh é, agus cá bhfuighbhidís fear ní
badh dheallramhla ioná Lámhainní Síoda. Do leig sé
sin air nár mhaith leis aon chur isteach do bheith aige ar
ghnó daoine eile agus gurbh é sin an beus do bhí riamh
aige; má seadh féin mar shásamh do gach aoinneach go
ndeunfadh sé an rud d'iarradh air, acht go gcaithfeadh
sé leabhra móra do léigheamh agus dul i gcostas trom.


L. 26


Nuair do bhí na leabhra ar fad léighte aige do-righne
sé a rádh eatorra, acht do chaitheadar na coindeóirí
do thabhairt dó an cheud uair agus píosa maith talmhan
in a bhfocair mar chostas dligheadh. 'Sé an rádh do-
righne sé nach, má adubhairt bean an tighe an rud
adubhairt sí féin go ndubhairt sí, go raibh an ceart
aici, acht má adubhairt sí an rud adubhairt a fear go
ndubhairt sí, ná raibh an ceart aici; agus má adubhairt
fear an tighe an rud adubhairt sé féin go ndubhairt
sé, go raibh an ceart aige, acht má adubhairt sé an rud
adubhairt a bhean go ndubhairt sé, ná raibh an ceart aige.
Annsin adubhairt an bhean go raibh an ceart aici féin
agus d'éirigh an fear in a coinne agus adubhairt gur
aige féin do bhí an ceart, agus má's olc do bhí an
cheud achrainn do bhí aca ba mheasa go mór ioná sin
féin an dara achrainn. D'fhóbair go mbuailfidís féin
a chéile, acht adubhairt an firín gan é do dheunamh acht
é d'fhagbháil arís fa rádh Lámhainní Síoda. Do chas
Lámhainní Síoda ar na leabhraibh arís agus ba fhada
an mhoill do bhí air go rabhadar ar fad léighte aige.
'Sé an rud adubhairt sé annsin go raibh an ceart ag
an mbean (mnaoi) do réir an tsean-reacht agus go
raibh an ceart ag an bhfear do réir an dligheadh nua
agus nach eól do aoinneach cia aca dlighe ar cheart
géilleadh dhó. Agus as an mbreath sin d'éirigh brui-
ghean eile, agus mar sin do bhí. Ní raibh in aon
bhreath thug sé acht adhbhar achrainn, agus do bhí na
costaisí ag dul i méid sa tslighidh ná raibh páirc ná
beathaidheach aca, agus ba éigean dóibh an tigh breághdha
d'fhágbhail agus dul isteach i mbothán bocht. Ní raibh
a gcuid ná a gclú aca. Aon lánamha bheó chomh dealbh
leó ní fhaca aoinneach riamh agus ní fheicfidh go deóidh.
Do bhí gach aon rud ag Lámhainní Síoda annsin agus


L. 27


do thóg sé caisleán mór agus do bhí saidhbhreas agus
arm aige. Do chuir sé d'fhiachaibh ar na daoinibh teacht
go dtí a chúirt féin agus do bhí hallaí móra a raghaidís
isteach ionnta chum a gcúis do phléidhe. Do chuir sé
in a luighe orra gur mar sin deuntaí i ngach tír i raibh
dlighthe, breitheamhnas, agus ceannacht. Do bhíodh gach
aoinneach ag aithris na bhfocal sin agus cuid aca nár
thuig iad. Adeireadh an sean-dhream gurbh fhearr leó
an tslighe bhog, ghaedhealach do bhí aca sa tsean-aimsir
agus go raibh an iomarcaidh réim fa an strannséir
seo ná feadair aoinneach cad as é nó cia ar díobh é
ar aon chor. Acht do bhí an sean-dhream ag dul i
laighead gach bliadhain tháinig agus ní raibh aoinneach
ar an mbaile sa deireadh a raibh an sean-nós aca.



Fé bhfuair bean Fheargusa bás do bhí cúiplín aici.
Do bhí Tadhg aici mar ainm ar leanbh aca agus Spuirín
aici ar an leanbh eile. Níor airigh na comharsain riamh
an ainm sin Spuirín agus b'ait leó é. Adubhairt an
bhean go dtug sí an ainm sin air mar mhórtas don
bhfear macánta sin, Lámhainní Síoda a raibh na spuir
ar a shálaibh aige, agus go raibh buidheachas a croidhe
aici air; meireach (muna mbeadh) é sin go mbeadh sí
féin agus a fear ag achrann go deóidh, agus narbh mhór
an ní go dtug Lámhainní cead maireachtana dhóibh ar
aon chor? Do bhí an bheirt leanbh seo ag sugradh lá i
macha na sean-fheirmeach agus aon bheirt garsún ba
dheise snódh, ba láidre lámh, agus ba luaithe cos
níor chuireadh riamh ar an saoghal. Do bhí Tadhg in a
sheasamh ar bharr puirt agus sean-hata ar a leath-
cheann aige agus do bhí Spuirín d'iarraidh é do chur
dá chois. Do bhí taca ag Tadhg le n-a shálaibh sa phort.
Do bhí sé dá lúbhadh féin agus dá bhogadh féin agus
neart a ghualann aige i gcoinne Spuirín cibé'r domhan


L. 28


taobh a dtabharfadh sé fogha féig. Agus iad an focail
bhí aige ná:



Mise an sean-rí 's ní bhogfar mo ghreim,
'S ní bhainfear anuas díom mo choróinín bheag bhinn.



Do bhí Lámhainní Síoda ag gabháil an bóthar leath is
amuigh agus d'fhan sé ag an ngeata ag éisteacht leó
agus gach aon gháire aca. Do leath a shúile air le
ionghantas agus le dóighteacht croidhe. "Dar an
mbaiste," arsa sé, "is baoghal damh-sa na buachaillí
úd. Atá meisneach agus meabhair aca. Deunfaidh
droch-rud díobh sin fós, acht bainfead-sa siar asta."
Do chas sé abhaile arís chomh mear 's do bhí aige. Do
labhair sé le sean-draoi de sheirbhíseach bhí i bhfeidhil na
gcaorach ar an móinfheur aige dá chur i dtuigsint dó
cad do bhí uaidh. Do-righne an sean-draoi fiach dubh
de féin agus d'éirigh in áirde ar an aer agus cnapán
luaithe in a bheul aige. Níor bhfada go raibh sé ag
luasgadh os cionn na ngarsún agus ag greadadh a
sciathán. Do theich na garsúin ar a ndícheall. Do
bhain barr-thuisle do Spuirín beag agus do thuit sé
ar a bheul agus ar a aghaidh agus do thuit Tadhg anuas
air. Do scaoil an fiach dubh anuas chucha an cnapán
luaithe. Do bhris air agus é ag teacht anuas agus do-
righne ceó dhe. Do leath an ceó sin ar feadh an eudain
ar Thadhg agus ar feadh na gcos ar Spuirín. Tháinig
neul codlata agus fantais orra annsin, agus níor
dhúisigheadar as an gcodladh sin go ceann trí lá 's
trí oidhche. Ní raibh a shiubhal ag Spuirín ná a radharc
ag Tadhg. Tháinig mar do bheadh bróga iarainn ar
Spuirín agus is ag lámhachas do bhíodh sé. Níor fhás
sé pioc agus do bhí sé in a chreutúir beag suarach as
sin amach. D'fhás Tadhg go hiongantach agus i gceann


L. 29


chúig bhliadhna do bhí sé in a fhathaigheach mór, acht ní
raibh aon leus radhairce aige.



Nuair do bhí an méid sin deunta ag Lámhainní Síoda
do-righne sé seacht ndígreacha leathana doimhne thim-
cheall an chaisleáin mar chóir cosanta air agus do thóg
sé seamra mór sa chúirt leath istigh agus thug sé
cuireadh don tuaith teacht agus bheith ag caint ann
agus aon rud do bheadh uatha do chur in iúl dó. Thánga-
dar ann, agus ní bhfuaireadar réidhteach ró-mhaith le n-a
chéile. Do bhí costaisí móra ag baint le gach aon rud
agus ba éigean dóibh go léir bliadhain oibre do thabhairt
in aiscidh do Lámhainní Síoda mar ná raibh an t-airgead
aca. Do bhí toradh a sláinte aige agus é ag magadh
fútha ar fad.



Le linn na haimsire sin do bhí Spuirín in a shuidhe ar
an gclaidhe lá. Do bhí búna síoda báin thimcheall ar
a mhuineul. Ní fios cá bhfuair sé é. Do bhí an-thaidhbhse
air as mar giobail ar fad ba eadh an t-eudach do bhí
air. Cad do-chífeadh sé chuige ag teacht anuas le
fánaidh an chnuic acht bean siubhail agus leanbh beag le
n-a cois agus sceabha reatha fútha agus madraí Lámhainní
Síoda asta. Do chaith sé é féin anuas den chlaidhe ar
lár an bhóthair agus do-chuaidh sé ag lapadán agus ag
lámhachas ag fóirint orra. Nuair do-chonnaic na
gadhair ag teacht é, tháinig scannradh orra agus do
chasadar ar an nómaint. Adubhairt an bhean siubhail:
"Atá buidheachas agam ort, a Bhróga Iarainn. Atá
casóg mo mhic annso stractha ag gadharaibh Lámhainní
Síoda agus atá mo lámh gearrtha aca agus atá sí ag
tabhairt fola. An bhfuil aon rud agat do chuirfinn
thimcheall uirre?" Do bhain Spuirín de an búna
breághdha geal síoda do bhí thimcheall ar a mhuineul agus
thug sé di é. D'ionntaigh an bhean air annsin: "A


L. 30


Bhróga Iarainn," arsa sí, "ní dual athar duit bheith
mar atá tú. Téighir go dtí Sean-Chailleach na Scáthán
síos in íochtar an ghleanna agus abair léi gurab iad
an Mac agus a Mháthair do chuir chuiche thú fa dhéin
comhairle do leasa agus cuimhnigh ar an lá so go lá
do bháis." D'imthigheadar annsin agus ní thugadh síos
cá'r ghabhadar.



Ar theacht an tráthnóna do bhí Spuirín ag tairsinn
doras Cailleach na Scáthán. "Bail Dé ar a bhfuil
annso istigh," arsa sé. "Dia's Muire dhuit," arsa
an chailleach. "Fios mo leasa ort, a Chailleach na
Scáthán," arsa sé. "Cia adubhairt leat teacht?"
arsa sí. "An Mac agus a Mháthair." Níor fhan
focal ag an chailligh agus do shíl Spuirín ná labharfadh
sí ar aon chor. Do-chuaidh sí go dtí an doras agus
d'fheuch sí amach agus do chas sí arís. "Tusa Bróga
Iarainn?" arsa sí. "Is mé," ar sé sin, "fios mo
leasa ort?" "Ceart gan eagla, gan chath, ní raibh
sé riamh le faghbháil ó fhear na hurcóide. Oidhche i
ndiamhair coille agus coimthionól daoine ag glaodhach
in áirde os bhur gcionn. Oidhche ar mhaoil an tsléibhe
agus rian bhur gcolann ar an gcarraig luim agus gan
oiread 's cúnach ag fás uirri, aiteann gan bláth agus
crann giúise breac-críon agus tobar fíor-uisce i
lár na habhann agus gach coiscéim siar ó thuaidh agus
deunfaidh cosa gan siubhal eólas do shúilibh gan
radharc." "A Chailleach na Scáthán," arsa Spuirín,
agus é ag gabháil amach an doras, "cad is cor dom
chosaibh féin?" Do bhí sé ag lapadán agus ag lámhachas
leis i gcomhnuidhe agus d'fhóbair go gcaillfeadh sé na
focail adubhairt sí: "brisfear claidheamh agus sleagh
i gcomhrac agus ní fuláir díbh na cosa cruadha bheith
ag duine agaibh."


L. 31


Do-chuaidh Spuirín go dtí iothlann Lámhainní Síoda
ar lorg a dhearbhráthar. Do bhíodh sé ag tarraingt ualach
fa thrucail gach lá do Lámhainní Síoda dála aon
bheathaidheach agus is san iothlainn do chodailigheadh sé
ar feadh na hoidhche. "I do chodladh atá tú, a Thaidhg?"
arsa Spuirín. "Ní headh, a dhearbhráthair." "Éirigh
as sin. Cuir mise ar do ghuailnibh agus bhí ag cur
díot. Deunfaidh cosa gan siubhail eólas do shúilibh
gan radharc. Is agam-sa atá na súile, is agat-sa
atá na cosa. Cuirfimíd a mhalairt de dheallramh ar
an dúthaigh seo nuair chasfaimíd." D'imthigheadar leó
annsin.



Níor mhisde do Spuirín a rádh go raibh na súile aige:
do-chífeadh sé na cuileóga ag teicheadh ó na fáinleogaibh
lá samhraidh agus do mheabhróchadh sé agus do chomhaireó-
chadh sé na ruibí do bhainfeadh na heunlaithe de dhrom
asail le linn neadaireachta. Agus níor mhisde dó a
rádh go raibh na cosa ag Tadhg: mar thabharfadh sé cnoc
de léim agus gleann de thrioslóig agus ní chuirfeadh
sé i bhfáth loch ná coill.



Do bhíodar ag imtheacht leó riamh 's choidhche, agus
nuair do bhí an déidheanaighe ag teacht an dara lá,
rángadar an choill do bhí chomh tiugh ag bileógaibh crainn
ná raibh caoi aca ar na réiltíní féin d'fheicsint ar an
aer. Do bhí na preucháin ag screuchadh in áirde os a
gcionn. ""Oidhche i ndiamhair coille,"" arsa Spuirín,
""agus coimhthionól daoine in áirde os bhur gcionn."
A Chailleach na Scáthán," arsa sé, "atá cuid de do
chuid cainte tar éis teacht chum críche. Siubhail leat
go dtanóchaidh na crainn go bhfeicfidh mé iad." Níor
bhfada go bhfaca sé na preucháin ar an aer. Do bhí
trí scata mór ann díobh agus iad go léir ag grágallach
sa tslighidh go ndubhairt Tadhg gurab iad na deamhain


L. 32


aerach do bhí ann. Sa chodladh dhóibh an oidhche sin
d'airigheadar duine ag caint, agus aon ghuth chomh binn
níor airigheadar riamh roimh sin. Do bhí an duine sin
ag á rádh leó gurbh mhór an meisneach do bhí aca, go raibh
an-chuid oibre deunta aca acht gan dul ró-fhada ó
bhaile. "A Spuirín," arsa Tadhg, "nár bhfearr dhúinn
casadh." "Ní fearr," arsa Spuirín, "éirigh as sin,
cuir mise ar do ghuailnibh agus beidh an meisneach agat
arís." D'imthigheadar leó annsin.



Ar theacht an tráthnóna arís do bhíodar ar sliabh an
tsneachta, agus ar mhaoil an tsléibhe sin ar an gcarraig
luim do chodailigheadar ar feadh na hoidhche. Ní haon
chodladh sámh do-righneadar mar do bhí daoine ag labhairt
leó tré n-a gcodladh agus dá rádh go raibh an domhan
ag magadh fútha anois agus ná raibh oscar céille ná
meabhrach aca. "A dhearbhráthair," arsa Tadhg, "ní
fearr dhúinn bheith ar a thí." "Éirigh agus bí ag cur
díot. Sé an lá indiu an lá déidheanach atá orainn."
Agus d'fhágadar rian a gcolann ar an áit i gcodaili-
gheadar i lár an tseaca.



D'imthigheadar leó arís. Do-righneadar brúscar de
na coilltibh agus poill criadh briste de na lochaibh.
Cubhair na habhann ar na crannaibh agus iasg na habhann
ar na portaibh. Agus le linn na gréine ag dul fé
do-chonnaic Spuirín an t-aiteann tré theinidh fiche míle
amach uaidh agus crann giúise le n-a ais do bhí breac-
críon ag an teas. Tamall beag amach do bhí an abhainn,
agus adubhairt Spuirín dul go dtí carraig dhubh do
bhí in a lár. Do bhíodar ar an gcarraig ar an nómaint.
Fuaradar an fíor-uisce sa tobar. Do nigh Tadhg a
shúile agus do bhí an radharc agus an misneach aige.
D'éirigh buile air annsin agus má's gairid do bhí sé
ag teacht, ba ghiorra ioná sin do bhí sé ag casadh arís.


L. 33


Do bhí an cogadh ar siubhal nuair do chasadar mar do
bhí gach aoinneach corhtha de Lámhainní Síoda. Do bhí
daoine ag teicheadh agus daoine eile ar a dtóir.
Níor dhada le Tadhg na dígreacha do bhí thimcheall an
chaisleáin, agus ar iompódh na baise do bhí sé ag an
doras. Do leag sé uaidh Spuirín ar an bpáirc. Do
bhí sleagh agus claidheamh aige. Do bhuail sé buille ar
an gcuaille comhraic. "Cuirim ort, a Lámhainní
Síoda," arsa sé. Léigim leat," arsa Lámhainní
Síoda. An té raghadh ó iochtar an domhain go dtí
uachtar an domhain ag feuchaint ar chath agus ar chruaidh-
chomhrac, is orra féin badh chóir dul ag feuchaint. Do
dheunfaidís ball bog den mball cruaidh, do tharraingeó-
chaidís tobracha fíor-uisge tré chroidhe na gcloch nglas,
le fóiréigean uilc agus urchóide chum a chéile go dtí
go raibh an tsleagh agus an claidheamh do bhí ag Tadhg
briste in a mblodhnaibh. Do bhí Spuirín thíos ag cosaibh
a dhearbhráthar. Do phreab sé ar a ghlúnaibh "Adubhairt
an chailleach," arsa sé, ""brisfear an claidheamh agus
an tsleagh agus ní fuláir díbh cosa cruadha beith ag
duine agaibh." Beir orm agus scaoil chuige mé."
Rug sé air agus do chaith sé leis é. Do bhí Lámhainní
Síoda ar linn an buille do tharraing chum an ceann
do bhaint de Thadhg. Do bhuail an dá chois iarainn a
sciath, agus do-chuadar isteach tríthe dá mbadh amhlaidh
's ná beadh ann acht braitín lín eudaig gur bhuail an
dá shál sa dá shúil ar Lámhainní Síoda agus do thuit
sé in a phleist den iarracht sin.



Do bhí an caisleán agus na talmhaintí ag Tadhg agus
ag Spuirín annsin. Do bhí feusta agus cóisir aca an
oidhche sin agus do bhí na coindleóirí práis ar an mbórd
aca. Lá ar n-a bhárach, do-chuadar go dtí teach Cailleach
na Scáthán. Ní raibh aon teimheal le feicsint di féin


L. 34


ná dá tigh acht do bhí bean óg álainn ar an áit, agus do
bhí a Mháthair agus a Mhac ann in a fhochair. Do bhí
gile na gréine ar an n-aghaidh agus ar a súilibh. "An
bhfanfa sibh in ár bhfochair go deóidh?" arsa Tadhg.
"Ní bheimíd i bhfad uaibh," arsa an Mháthair.


L. 35


NA GEAITÍNÍ



Do bhíos ag dul go dtí an baile mór an lá fa dheireadh.
Theagmhaigh mé le sean-fhear ar mo ghabháil isteach dam
agus do chuireas caint air feuchaint an raibh aon tuairim
aige i dtaobh na haimsire. Adubhairt sé gur comhartha
mór fearthanna na scamail dhubha do theacht amach os
cionn na nGeaitíní. D'fhiafraigh mé de 'dé chúis an
ainm sin, agus is é an freagra thug sé orm ná gur
ró-fhada an sceul é, agus go raibh an capall do bhí
aige óg agus geiteamhail, agus go mbadh fhearr dhó
tiomáint leis féin abhaile ioná bheith ag seanchus dam
ar an mbóthar. Do chuir mé mo bheannacht leis annsin
agus do scaoileas abhaile é, acht ní righneas dearmad
den sceul do bhí aige.



Do bhuaileas isteach chuige i gceann mí in a dhiaidh
sin, mé féin agus triúr eile. Do bhí sé féin agus a
mhuintear go léir istigh. Do bhí dhá mhadra in a gcodladh
cois na teineadh agus iad go sámh. Is amhlaidh do
bhíodar acht na cosa tosaigh sínte amach uatha agus a
gcaincíní eatorra aca. Do bhí bean an tighe ag deunamh
líonta agus í go dícheallach ag á ndeunamh. Do bhí
na gearrchailí ag cnotáil agus an sean-fhear ag caitheamh
an phíopa.



Atá mé ag cur an scéil síos annso díreach mar
d'innis fear an tighe dúinn é. Ní scríobhfaidh mé aon
rud adubhairt na daoine eile acht inneósaidh caint an
tsean-duine gach aon rud adubhradar.



""Geaitíní Aifrinn" do bhí mar ainm ar an gcnoc


L. 36


sin le linn m'óige acht "Geaitíní Ifrinn" thugaimíd air
anois agus inneósad díbh 'dé chúis. Is fada de
bhliadhantaibh ón uair do-chonnaic mé sagart ag léigheamh
aifrinn ar na gcnoc sin sa droch-shaoghal, agus dá
mbeinn i láthair an aifrinn dheireanaigh do bhí aca ann,
ní bheinn annso anocht chum an sceul so 'nisint díbh. —
Mhuise, 'sé do bheatha, a Niocláis! — Suidh síos annso,
a mhic ó, is fada ná faca mé tú. 'Seadh, sceul atá
mé a 'nisint. — Nach iongantach do chiúnaigh sé? — Is
fuaire bhraithim anois é ná ó chianaibh. — Dún an doras
sin, a gharsúin, in ainm Dé, nó beimíd leathta ag an
bhfuacht, agus cuir fód eile ar an teinidh. — 'Seadh,
deunfaidh sin. — Acht i gcúrsaí mo scéil, aon sagart
a mbeurfaidhe air fadó ag rádh aifrinn ná ag dul le
glaodhach ola ná ag deunamh obair sagairt in aon
sórt slighe, atá a fhios agaibh go gcrochfaidhe é. Agus
mara ndeunfaidhe acht iad do chrochadh ní bheadh baoghal
ar an sceul, acht ní aon bhás amháin thugtaí dhóibh acht
míle bás, dá ndeurfainn é, mar do chuirtí pionós
ar gach aon pháirt dá gcolann. Do chuirtí an caipín
teara orra sa deiridh thiar thall agus d'adhaintí é,
agus dá mbeidís leath-mharbh féin agus gan aon
mhothughadh ionnta, do dhúiseóchadh teas na teineadh a
bpianta arís agus do chuirfeadh sé pianta eile sa
mbreis orra, i slighidh 's go mbeadh a gcroidhe ar
sceanna agus a n-inchinn ar fiuchadh istigh in a gceann.
Acht 'dé an mhaith dham bheith ag seanchus mar seo dhíbh-se,
daoine aníos ó chathair a bhfuil na leabhra ar fad
agaibh. Is dócha gur fearr atá fios agaibh ná agam
féin mar bíonn gach aon chúntas is na leabhraibh. — Tar
aníos, a gharsúin, agus tabhair spréidh den teinidh
don duine uasal san chum a phíopa do dheargadh. —
Beir go daingean ar an tlú, a lapracháin, agus na


L. 37


buail an píopa a bheul! Tabhair aireachas anois. —
Ní fheadar mé 'dé an sórt scoláireacht do-gheibhtear
is na scoileannaibh an aimsir seo. An dream óg so
atá ag éirghe suas nílid in iúl chum dada do dheunamh
acht a lámha a bheith ar liobarna leó. — 'Seadh, do bhíos
ag trácht ar an droch-shaoghal agus an cruadhtan agus
an martra ar ghabhadar tríd fadó, agus má bhí an
saoghal cruaidh ar na sagairt, ní móide sin de nó
do bhí sé cruaidh ar na daoine féin. — Atá deithneas
abhaile ar na daoine uaisle! Atá fhios agam féin go
bhfuil. Ná fuilim ag deunamh mo dhíchill chum gach
aon rud do thógbháil gairid? — Go deimhin ba chruaidh
an saoghal orra é, agus ní miste dhuit é sin do rádh.
Daoine bochta agus na tighthe leagtha anuas os a gcionn,
a gcuid den tsaoghal sciobtha chumh siubhail, iad féin
ceangailte de fhothrach an tighe, agus na saighdiúirí ag
á sciúrsáil agus gan de locht orra go minic b'fhéidir
acht iosdas do thabhairt do dhuine éigin a raibh baint
aige leis an gcreideamh.



"'San am sin do bhíodh aifreann aca gach aon mhí nó
mar sin ar mhul an tsléibhe, an ait sin a rabhas ag
tagairt dó, "Geaitíní Ifrinn" nó cibé ainm do ghlaodhfá
air. Do bhí sé ráidhte gurbh oireamhnaighe d'áit é 'ná
aon áit eile ar an mbaile chum aifreann do rádh ann
mar atá sórt seamra ar bharr an chnuic, agus atá
halla cumhang ag dul isteach ann, agus sa halla sin
atá mar do bheadh dhá áirse deunta as na cairrgeacha,
ceann aca ag tosach an halla agus ceann eile ag á
dheireadh. Adeireadh na sean-daoine fadó gurbh sórt
daingin é agus go mbíodh geataí iarainn ar na háirsí,
agus baineann sé le deallramh go raibh mar atá rian
na mboltaí agus na staiceanna fós ar eudan na
cairrge ar gach taobh. Dá mbeadh dream cosanta


L. 38


leath istigh agus na geataí dúnta in a gceart agus
cárne cloch i gcoinne na ngeataí níor mhisde dhuit a
rádh gur fada do bheadh sluagh saighdiúirí ag á sciúr-
sáil le piléir agus urchair fé gcuirfidhe isteach iad,
dá mbadh amhlaidh 's ná deunfadh na fir do bheadh leath
istigh dada acht a bheith ag éisteacht le cnagarnach agus
scolthadh na gcloch. — Ag tarraint scéil tré sceul
eile? Ní headh go deimhin. Díreach dála na mban i
gcomhnuidhe. Ní stadann siad acht ag caint iad féin,
an rud oireann agus an rud ná hoireann. Maidir
le aoinneach eile dá mbeadh sé ag innsint scéil dóibh,
ní shásóchadh dada iad gan brígh gach aon rud do bheith
aca, 'dé chúis 's 'dé chiall é, fa do bheadh an sceul leath-
innste agat.



"'Seadh! atá an ceart agat, a dhuine uasail, "sceul
gan dath 'sa leath gan innsint," muna dtabharfá gach
aon chúntas ar an áit agus ar na daoinibh. — Acht níor
chuireas i dtuigsint díbh 'dé an sórt áite an seamra
sin leath istigh de na geataíbh. Atá sé leathan agus
cruinn, agus an charraig féin mar fhalla thimcheall
leis, agus í ag cumhangughadh isteach ag á bharr i slighe is
go mbeadh foithint agat ann cibé aimsir do shéidfeadh.
Atá cúnach ag fás ar an talamh agus é chomh tiugh agus
chomh árd gur dheas leat fa do chosa é, agus atá clocha
ar fuaid na háite do bhíodh mar shuidheacháin ag na
daoinibh, agus atá carraig mhór ann do bhíodh mar
altóir aca agus an chros gearrtha amach uirri le scian
ar an áit in a mbíodh an chailís. Atá, agus rud eile
uirri inneósa mé dhíbh ar ball. — 'Dé chúis ná téigheann
sibh suas lá éigin chum an áit d'fheicsint? Chúig mhíle?
Níl sé na cúig mhíle ar fad, mhuise; agus níl aon
bhóthar ag dul ann acht an t-aon bhóthar amháin — am
bhóthar thabharfaidh sibh go dtí na Geaitíní. Failltreacha


L. 39


atá ar gach aon taobh eile. Nach cuimhin leat an lá
sin do theagmhaigh tú orm ag iompódh an bhóthair?
B'ait liom cad adubhairt tú. Adubhairt tú dá dtioc-
fadh duine ó Bhaile Átha Cliath nó ó Lannduin go dtí
an áit seo, gurbh fhearr leis bheith ag feuchaint ar bhláth
an aitinn agus ar an bhfraoch dearg agus ar an reith-
neach-Mhuire 'ná ar na pobhsatha gáirdín ba chumhra
dá bhfaca tú ariamh. Do bhíos ag maranna ar an
bhfocal sin ó shin, agus is é rud adubhras acht "an rud
is annamh is iongantach," agus atá a mhalairt sin fíor
leis. Atá gach aon rud ar láimh Dé, agus aon rud do
chruthuigh Sé níor fhág Sé é gan rian A lámha do chur air.
Obair gan mhaise ní righne Sé riamh, moladh 's buidheachas
leis. Ní chuirfeadh aoinneach den mbaile seo aon
suim ins an aiteann ná sa bhfraoch, ná in aon rud do-
chífidís gach aon lá. Acht maidir lem' chuid-se dhe,
bíodh 's ná raibh aon toradh agam ar na rudaí sin gur
theagmhaigh tú liom, ní iarrfainn aon áilneacht riamh
acht bheith ar bharr an chnuic sin ag feuchaint amach ar
na tighthe agus ar na gleannta agus ar na coillte agus
an fhairrge ar lasadh agus na seólta dubha uirri. —
Moladh is buidheachas le Dia, atá deireadh aici féin
leis na líonta an saosún so! Nárbh mhór an obair an
méid sin do dheunamh in aon tseachtmhain amháin, aon
bhean aosta mar í? Í sin an bhean is cliste ar fuaid
na háite seo ar a leithéid sin de ghnó. Éist! 'dé
chúis ná deurfainn é? Níl aon rud acht an fhírinne.
Aon mhogal dearmhad amháin ní righne sí i mbliadhna,
Dia ag á beannachadh, agus rath Pheadair go raibh ar
obair a lámh. Acht caithfe mé deireadh do chur lem'
sceul. — Do bhíodh aifreann ag an áit sin gach aon mhí
nó gach lá chinn bliadhna. Deich mbliadna 's dá fhichid
chum Lá na Marbh so chughainn tháinig an sagart ann


L. 40


chum aifreann do rádh. Do bhí a fhios ag an
dúthaigh go léir go raibh sé chum bheith ann agus do bhí
barr an chnuic dubh le daoine dhá uair a chluig fa bhreá-
cadh an lae. Do shuidh an sagart ar chloich agus do-
chuadar go léir go dtí faoisdín, agus annsin do
chuir sé an éide air agus do chrom sé ar an gcúnach.
Do bhí an ré ar an aer agus na réilhíní ar sceanna
os a gcionn, agus gileacht an tseaca ar an gcúnach.
Ní raibh aon chuimhne go raibh na saighdiúirí gairid dóibh,
mar do bhí sé mar sceula aca an lá roimh sin go rabhadar
imthighthe go dtí ait atá fiche míle í bhaile. Leis sin
de is dócha go rabhadar rud beag neamh-shuimeamhail
agus na daoine do thoghadh chum faireacháin, níorbh iad
na daoine ba ghéire radharc iad ná na daoine do bhí
stuideurtha agus i dtaithighe na hoibre sin. Do ghlaca-
dar go léir comaoin, agus ba é sin a lón déidheanach
ag fágbháil an tsaothail seo. Tar éis na comaoineach
thug an sagart soísceul dóibh. Labhair sé ar na mairbh,
agus d'ainmnigh sé ar go leór daoine a raibh a ngaolta
agus a ndaoine muinteardha i láthair ag éisteacht
leis, agus d'innis sé cad d'fhuilingeadar ar son an
chreidimh. Do réir mar do bhí sé ag caint agus ag
tarraint anuas ainm gach aoinneach, do bhí na daoine
ag brudhadh isteach níos giorra dhó chum ná raghadh aon
fhocal i mudha orra. Na daoine do bhí ag faire ar
bharr an chnuic d'airigheadar an chaint chomh maith leis
an gcuid eile agus d'fhágadar an áit in a rabhadar ó
dhuine go duine. Ní fheadair aoinneach 'dé an fhaid
do bhíodar ag éisteacht leis. Níorbh aon rud leó an
fuacht ná an cialacan, agus níor chuimhnigheadar ar
aon rud acht ar na focail do bhí sé a rádh leó. Acht
fa raibh an focal déideanach ráidhte aige do bhí an áit
go léir ar aon liúgh amháin agus scannradh ar gach


L. 41


aoinneach. Na saighdiúirí thainig i gan fhios orra. Do
bhí an chonairt i measg na n-uan. Do sháitheadar iad
agus do bhuaileadar iad agus do stracadar as a
chéile iad. Do bhíodar cum breith ar an sagart chum
é do chiapadh, acht níor éirigh leó mar do rioth sé idir
saighdiúir agus bean a raibh leanbh óg ar a baclain aici,
agus fuair sé an buille d'aimsigheadh ar an mbean.
Do-chuaidh an bhean síos leis an bhfaill, í féin agus an
leanbh, agus thángadar araon slán. Ba í deirbhshiúr
m'athar í. — Acht níl deireadh agam fós leis an sceul.
Do bhí cóisir agus feusta ag na saighdiúirí an oidhche
sin i sean-fhothrach atá ar chliathán an tsléibhe. Agus
nuair do bhí an t-ól deunta aca cad do-righne na
bhitheamhnaigh acht dul arís go dtí na Geaitíní chum aif-
reann bréige do rádh. Do bhaineadh an éide den
sagart agus do chuir an taoiseach air féin é, agus
gach aon gháire asta go léir agus iad lán de mhagadh
agus na mairbh bhochta sínte ar gach taobh díobh. Do
thosnuigh sé ag léigheamh leabhar an aifrinn mar dh'eadh.
Rug sé ar an gcailís agus do bhí sé ag á tógbháil,
mar dheunfadh an sagart féin. Acht má rug, do
chrioth an talamh agus tháinig splannc tóirnighe anuas ó
na flaitheasaibh, agus do leagh an chailís in a lámha
díreach mar do leaghfadh blúirín céireach os comhair
na teineadh, acht ní raibh aon teimheal le feicsint di
acht aon bhraoinín amháin airgid do-chuaidh in achrann
sa charraig. Fuaireadh an taoiseach ar maidin agus a
chroiceann chomh dubh le daol agus cubhar le n-a bheul.
Do bhí scoilt mhór gairid don altóir agus adeirtear
gur shloigeadh síos ann cuid de na saighdiúirí do bhí
in a fhochair. Cibé rud ba chor dóibh, d'imthigh cuid aca
gan tásc gan tuairisc agus níor tháinig an chuid eile
slán, mar do bhí a gcosa briste agus a n-inchinn ar


L. 42


mearbhall as sin amach. Do-chonnaic mé féin, agus
daoine eile chomh maith liom, do-chonnacamar an chaor
teineadh ag éirghe agus ag plaoscadh os cionn an
tsléibhe, agus na lasracha ag teacht amach as, agus
adubhairt fear liom nár dhóigh leat nach fathaighigh do
bheadh ann agus iad ag iomrascáil le aithreacha nimhe
do bheadh ag iarraidh iad d'fhásgadh agus do thachtadh. —
Scáth an eadh! Ó mhuise, ní raibh scáth ná eagla ar
aoinneach againn acht a mhalairt. Is ar an dream eile
do bhí an scáth. Feuch anois, níl leath an scéil inniste
agam fós, acht is dócha go bhfuil deithneas abhaile
oraibh agus go bhfuilim ag bhur gcomhad ró-fhada.



II



"Ó muna bhfuil, fanaigí mar ata agaibh agus inneósa
mé dhíbh an chuid eile dhe. — Téigidh-se a chodladh, a leanbhaí.
— Ná fuil sé ró-dhéidheanach, a bhean an tighe? — Atá
go maith, fanaidís mar sin. Is dócha gur fearr annso
iad ar a gcompórd le hais na teineadh na bheith ag
éisteacht linn i gan fhios dúinn ag doras an lochta
agus iad leath-nochtaighthe. — An bhfuil an píopa ag
tarraint go bog agat, a dhuine uasail? — Bhfuil? —
Éirigh as sin, a gharsúin, agus fagh brobh féir nó rud
éigin dó, atá tóchtán in a phíopa. — Mhuise, fad saoghail
chughat, a Shiobháin! Ní dheunfainn dabht de na mná!
Shin é dheunfaidh go deas é, sean-bhíoran cnotála.
Cuir na rútaíní sin ar an teinidh, a Shighle bheag. 'Seadh!
Shin é é. Sáithidh an bior sa bhfód mór sin go raghaidh
na lasracha thríd. Anois, a ghearrchaile, atá deallramh
ort.



"'Seadh, do bhíos á rádh ná raibh acht leath an scéil


L. 43


inniste agam, agus ní raibh. Don áit cheudna bheidh
mé ag tagairt i gcomhnuidhe. Adeireadh na sean-
daoine "ná beartuigh ar aoinneach fa leith agus ní
dheunfaidh tú aon achrann go deóidh," agus is deacair
na san-ráidhte do shárughadh. Atá a fhios ag bean an
tighe agus ag Pádraig annso cad dó atá mé ag
tagairt. Ní ainmneóchaidh mé ar ainm ná ar shloinne
aoinneach, acht sórt ainm bréige do thabhairt orra go
léir mar atá clann a gcloinne ró-ghairid dúinn. —
Mar sin, do bhí mé féin agus Gearóid ag aon scoil
amháin i bhfochair a chéile, acht ba fhearr an mheabhair do
bhí ag Gearóid ná ag aoinneach den dream óg do bhí ag
éirghe suas le linn na huaire sin. Ní raibh breith ag
aoinneach againn air. Níor ghábhadh dí acht gaoth an
fhocail chum é go léir do bheith aige. Ní rabhas-sa féin
ró-olc, mhuise. — Éist, a Shiobháin, led' gháire. Is measa
tú ná aoinneach aca. — Agus b'ait an scoil do bhíodh
againn, an scioból nó an chistin sa ngeimhreadh agus
na páircreacha nó an choill sa samhradh. Nuair do bheadh
an maighistir, Seaán ó Catháin ba ainm dó, nuair do
bheadh sé ag deimhniughadh aon rud dúinn, tharraingeó-
chadh sé sampla amach ar an bhfalla nó ar an mbórd
le cailc, nó dheunfadh sé ar bhlúire páipéir é dá mbadh
amuigh fa na crannaibh do bheimís, agus ba chliste do
bhí a lámh ar a leithéid sin d'obair. Síos 's suas,
anonn 's anall, le n-a lámh, agus ar nómaint na huaire
do bheadh an pictiúir os do chomhair agus é chomh breághdha
sin is gur dheas leat feuchaint air. Do thaisbeánadh
sé dhúinn an deunamh do bhíodh ar na heudaighe sa
tsean-aimsir agus an sórt claidhimh nó sleighe do
bhíodh aca. Agus dá mbeadh sé ag seanchus dúinn ar
chath, raghadh sé go dtí barr cnuic, nó aon áit eile do
réir mar d'oirfeadh dó, chum gach aon rud do chur i


L. 44


dtuigsint dúinn — an áit a raibh na saighdiúirí ar gach
taobh agus 'dé mhéid do bhí ann díobh agus an tslighe
cogaidh do bhí ag gach cuid aca i rioth an lae — agus
níor dhóigh leat ná rabhais ag feuchaint orra. Thug sé
go dtí na Geaitíní sinn go léir — na garsúin agus na
gearrchailí — agus d'innis sé an sceul ar fad dúinn,
agus do thaisbeáin sé dhúinn an braoinín airgid do
thuit as an gcailís agus do-chuaidh in achrann i gcloich
na haltóra, agus adubhairt sé go raibh baint éigin ag
an áirseóir (áidhbheirseóir) leis an áit — i bhfad uainn
an t-olc. Ba mhór an chreach don pharóiste é agus ba
é an feall gur ghearradh thar a shaoghal é. Ní aireóchthá
an aimsir ag imtheacht aige, agus do bhraithfeá ort
féin go mbeitheá ag dul chum cinn sa léigheann. Do
chaitheas-sa agus urmhór na ngarsún eile — agus urmhór
na ngearrchailí chomh maith — do chaitheamar fuireach sa
mbaile uaidh nuair do bhíomar thimcheall chúig bhliadhna
deug d'aois agus dul ag obair dúinn fein. Is maith
is cuimhin liom lá do bhíomar ag baint arbhair i bPáirc
na Cloiche Báine, mé féin agus beirt eile. Do bhí sé
istig i gcúinne na páirce ba ghiorra dhúinn agus cúigear
garsún in a fhochair. Do bhí Gearóid ann, agus garsún
do bhí ag dul in a shagart, agus triúr eile. Do
chaitheamar scur agus éisteacht leó. Do bhí leabhra
aca agus b'ait liom cadé an sórt litreacha do bhí
ionnta. Ní Gaedhealg ná Beurla iad — feuch, ní
chuimhnighim anois ar an ainm — acht cibé sórt iad,
caint an-dheas do bhí sa leabhar. Gearóid do bhí ag
cur Gaedhilge ar gach aon rud, agus níor dhóigh leat
nárbh ghaiscidheach den tsean-aimsir do bhí ann, an
fhuaim do bhí aige, agus an fuinneamh do bhí sé a chur
leis féin. Sceul mar gheall ar bhean uasal do ghoideadh
ó n-a fear ba eadh é, agus do bhí trácht ar shaighdúiríbh


L. 45


agus ar rightibh do-chuaidh thar na fairrgí is na hárth-
raighe dubha chum í do thabhairt tar n-ais agus an chathair
a raibh sí i bhfolach ann do bhriseadh. Tar éis cogaidh
fhada do dheunamh ní raibh ag éirghe le aon taobh aca
agus ins an deireadh do shocraigheadh fear na mná
uaisle agus an fear do-righne an eugcóir air, an bheirt
sin do chur i gcoinne a chéile agus é do throid amach
eatorra go dtuitfeadh duine aca, agus gan aoinneach
eile do chur isteach orra acht bheith ag feuchaint orra.
Do bhí an-chomhrac aca annsin acht ní raibh an droch-
fhear in iúl don bhfear eile. Do-chuaidh sleagh an fhir
mhaith tré eudach an droch-fhir acht níor ghearradh a
chroiceann. Do bhuail an fear maith leis an gclaidheamh
ar an gcathbharr é acht do bhris an claidheamh in a phíosaíbh
miona. Thug sé léim as a chabhail annsin agus do
strac sé an cathbharr anuas de cheann an fhir eile agus
meireach gur bhris an slabhradh di bhí fa n-a ghiall do
do bhí sé tachtaighthe. Do thóg an fear maith an tsleagh
arís chum é do sháthadh acht tháinig deamhan nó siabhra ag
fóirint ar an bhfear eile.



"Do bhí an leabhar sin lán de sceulta agus gach
aon rud ar áilneacht ann, agus do bhíodar go léir ag
Gearóid, mar ba fhearr é ná aoinneach eile aca chum
iad do léigheamh agus do thabhairt leis. Do-chuaidh sé
go dtí Sasna Nua agus do bhí sé in a fhear-dlighe ann,
acht ba ghairid do bhí gur tháinig sé abhaile arís. Thug
sé an-chuid airgid abhaile leis. Adubhairt nárbh air-
gead macánta é agus nárbh fhéidir le aoinneach an
oiread 's do bhí aige do bhailiughadh gan eugcóir do
dheunamh nó diablaidheacht d'imirt ar na daoinibh. Do
cheannuigh sé feirm agus do thóg sé teach breághdha
muintire agus áitreabh dá réir. Do bhí coréiste agus
capaill aige mar do bheadh ag duine uasal, agus do


L. 46


bhí aodhairí agus sclábhuidhthe aige agus táinte bó agus
caorach. Do-righneadh cleamhnas idir é féin agus inghean
feirmeóra. Cailín breághdha, slachtmhar, tuairimeach ba
eadh í. Do bhí sí in iúl don duine uasal ba fhearr in
Éirinn. Mé féin do-righne an cleamhnas. Do bhí
athair an chailín sásta go maith. Adubhradh gurbh í an
cailín sin thug Gearóid thar n-ais ó Shasna Nua. Má
ba í ní aon mhargadh bog do-righne sé i dtaobh na spréidhe.
Do bhraitheas ná raibh aon mhuinighin aige as an sean-
duine agus do bhí an ceart aige. Do bhí gach aon rud
go maith annsin acht an lá roimh an phósadh cad
dheunfadh an sean-fhear acht deich gcinn de na buaibh
do bhí geallta do Ghearóid do chur go dtí an baile
mór i gan fhios agus iad do dhíol. So bhí Gearóid
ró-léir dó, dar leis féin. Do mheabhraigh sé é.
Ní shásóchadh dada annsin é acht an cleamhnas do
bhriseadh. Acht sé críoch mo scéil duit é gur phós an
cailín bocht feirmeóir eile an Inid cheudna sin. Nioclás
ainm an fhir sin. Ba bheag an meas do bhí ag an chailín
óg air agus b'fhearr léi go mór Gearóid 'ná é, acht ní
raibh leigheas aici air. Do chaith sí comhairle a hathar
do dheunamh. Dá léireacht é Gearóid do bhí an sean-
duine níos léire 'ná é. Le mioscais thug sé a inghean
don bhfear eile agus nuair do bhraith sé go raibh
Gearóid ag á ghearradh féin agus ag meath as a
chuid eudaigh is amhlaidh do bhíodh sé ag gáire agus ag
magadh fé.



"Do shíl gach aoinneach go n-imtheóchadh Gearóid tar
n-ais arís go Sasna Nua, acht níor imthigh. Do bhí sé
ag teacht ait ann féin. Ní labharadh sé le aoinneach
agus adeirtí go gcaitheadh sé an oidhche go minic thuas
ag na Geatíní. Do-chonnaic mac dearbhráthar m'athar
ann é. Do bhíodh sé in a chomhnuidhe le hais na háite


L. 47


agus do bhí sé ag faire bó ar an sliabh an oidhche do-
chonnaic sé é.



"Ní raibh an bhliadhain caithte fé bhfuair an sean-
fhear bás. Is amhlaidh fuaireadh marbh é agus a shúile
oscailte agus mar do bhead sceimhle ionnta. Adu-
bhairt an dochtúir gur rud éigin do-chonnaic sé agus
gur thuit an t-anam as le scannradh. Ní raibh fios
fáth an scéil ag aoinneach an uair sin agus níl ó shin
acht an oiread. Acht do bhíodh daoine ag á rádh go
bhfuair Gearóid comhacht éigin ó na droch-spioraidean-
naibh ag na Geaitíní — gur chuaidh sé ann Oidhche na Marbh,
agus go rabhadar ann roimhe in a gclódh shaoghalta agus
iad chum an t-aifreann bréige do léigheamh, agus gur
chuaidh sé ar mhul a dhá ghlúin le linn an aifrinn, agus
as sin amach gurbh gheall le droch-spioraid é féin mar
gur thuig sé cionnus na hanamacha do mhealladh agus
do mhilleadh.



"Thar éis dúinn an sean-fhear do chur do bhraitheas
go raibh Gearóid ag teacht i bhfeabhas, agus níorbh fhada
go mbíodh sé ag caint agus ag gáire chomh maith le
aoinneach, seadh agus níos feárr. Théigheadh sé isteach i
dtigh an ósda agus thugadh sé deoch do gach aoinneach
do bhuaileadh fé, agus d'inneósadh sé sceul duit agus
ná bíodh eagla nach é do bhí go deas chuige. An dream
do bhíodh ag éisteacht leis, badh dhóigh leat ná tarrain-
geóchaidís a n-anáil le heagla go gcaillfidís aon
fhocal den sceul. Do bhíodh Nioclás ann agus do bhí
Gearóid agus é féin an-mhuinteardha. Dó bhí Nioclás
in a fhear mhaith stuideurtha go dtí sin acht ní righne
an teach ósda aon mhaith dhó. Ag dul in olcas do bhí
sé gach aon lá agus ba é deireadh do bhí air acht go
righne meisgeóir de agus fuair sé galar a bháis as an
ól. Ní raibh an fear bocht acht bliadhain ins an uaigh


L. 48


nuair d'iarr Gearóid ar an mbaintreabhaigh é do
phósadh. Do bhí sí an-dhealbh agus triúr leanbh aici,
acht má bhí féin ní phósfadh sí é. Adubhairt sí leis go
mbadh fearr léi an déirc 'ná é do phósadh. Ba ghairid
do mhair an bhean bhocht in a dhiaidh sin.



"D'imthigh Gearóid as an dúthaigh ar fad annsin,
acht tháinig sé thar n-ais arís i gceann bliadhna. Do
bhíodh sé ag obair i bhfochair na bhfear, agus do bhíodh
sé ag léigheamh agus ag scríobhadh, acht ní raibh aon tsult
leis in aon rud acht an aimsir do chur de. Ní fheadar
'dé an fhaid d'fhan an sceul mar sin acht do bhí sé ag
deunamh comhgair trasna na bpáircreacha lá agus
d'airigh sé gearrchailí ag lógóireachth thíos ag an sruth
agus do rioth sé d'iarracht orra. Ag teacht ón séipeul
do bhíodar agus eudaighe bána orra agus bláthanna
fighte ar a gceann. Tar éis an cheud chomaoin do
ghlacadh do bhíodar. Do shleamhnuigh ceann aca de
chlár do bhí mar dhroichead trasna an tsrutha agus do
bhí sí ag á bádhadh. Do bhí an t-uisce doimhin acht do-
chuaidh Gearóid de léim isteach ann agus do tharraing
sé amach í agus thug sé go dtí n-a thig féin í. Ingean
na baintreabhaighe do bhí ann. Nuair tháinig sí chúiche
féin d'aithn' sí Gearóid agus labhair sí leis. "Nuair
do bhí mo mháthair ag faghbháil bháis adubhairt sí liom
bheith ag guidheachain duit-se," arsa sí. An focal sin
do shábháil é. Do-chuaidh sé go dtí an sagart fa cheann
seachtmhaine agus do-righne sé faoisdín a bheathadh.
Do chuireadh mar bhreitheamhnas áithrighe air fuireach
oidhche ag geata na reilige. Ní fheadar aoinneach cad
ba chor dó ann. Adubhradh gur éirigh an bhaintreabhach
bhocht chuige agus gur chuireadh pianta ifrinn isteach in
a anam ar feadh nómaint. Cibé sceul é lá ar n-a
bhárach do bhí sé in a shean-fhear agus a cheann liath.


L. 49


Thug sé leis clann na baintreabhaighe go dtí n-a thigh
féin agus do-righne sé áit athar agus máthar dóibh as
sin amach.



"Nach iongantach an rud é beatha an duine ó aois
go bás? — Ní gábhadh dhíbh, ní hiongnadh dhíbh. — Atá
deithneas abhaile oraibh is dócha. — Go n-éirighidh an
t-ádh mór libh, agus go dtugaidh Dia slán abhaile sibh!"


L. 50


"FRINNSÍ"



Baintreabhach bhocht í seo do bhí ar an mbaile seo
againn-ne ins an tsean-aimsir. Do bhí teach beag
agus bothán aici, agus cúpla acra talmhan agus stoc
dá réir. Siobhán do ba ainm di. Ní raibh ins an tigh
acht í féin agus Sean-Cháit, a máthair, agus beirt chlainne,
Diarmaid agus Neillí. An lá so, do bhuail na páistí
isteach ón scoil agus iad ag rioth agus ag liúghraigh.



"Dia le m'anam," arsa Siobhán, "an as bhúr gciall
atá sibh?"



"Ó, scoláirí na scoile," arsa Sean-Cháit, "agus
d'íosaidís a gcosa le bolgam bláithighe."



"Ní (dh') íosaidís," arsa Diarmaid, "ní aon ocras
atá orainn, acht feuch cad atá in a buib ag Neillí."



"Masa," arsa Sean-Cháit, "atá tromán éigin aici,
'pé aca olc nó máith é."



"Atá rud gan mhaith, mhuise, bí siúráilte dhe," arsa
Siobhán.



"Tomhais cad atá aici," arsa Diarmaid.



"Atá pisín," arsa Sean-Cháit.



"Atá," arsa Neillí, ag taisbeáint dóibh an rud do
bhí aici, "pisin gan aon chrónán aige acht sceamh. Coile-
áinín deas thug Seaán an tSléibhe dhúinn."



"Ó 'se, nár éirighidh acht an t-ádh leis féin 's a
choileáin," arsa Siobhán. "Atá ceann ar oileamhaint
in gach aon tigh aige. Agus 'dé an díoghbháil acht airc
in gach aon cheann aca, d'íosadh an tobán ort agus an
tóin as."


L. 51


"Bíodh leis ar feadh scaithimh," arsa Sean-Cháit.
"Cad é an ainm thabharfa tú air?"



"Tabharfaimíd "Cúnach" air," arsa Neillí. "Atá
an clúmh an-bhog air mar do bheadh cúnach."



"Ná déin," arsa Sean-Cháit. "Tabhair fa ndeara
na cosa atá fé, agus na frinnsí atá ar an taobh istig
díobh. Tabhair "Frinnsí" mar ainm air."



"Ó, "Frinnsí," is eadh a ainm!" arsa na páistí.
"A Fhrinnsí! A Fhrinnsí! Tar i leith, a Fhrinnsí!"



"Ó, Dia linn." arsa Siobhán, "atá a theanga amuigh
aige cheana féin! An creutúirín bocht! Nach iomdha
rud chuireann Dia ar an saoghal? Agus é ag iarraidh
an scoithín beag d' earball do chorruighe!"



Madra an-bhádhmhar ba eadh Frinnsí, agus do bhí
an-thabhairt-fa-ndeara ann. D'fhógróchadh sé gach aoin-
neach thiocfadh isteach ins an macha. D'fháilteóchadh sé
roimh an duine macánta, acht dá leómhfadh tincéir nó
tramp oiread 's feuchaint ar an ngeata, d'éireóchadh
an colg air, agus do bheadh sé ins an sceamhghail go
n-imtheóchaidís. Théigheadh sé go dtí an scoil gach aon
mhaidin in aoinfheacht leis na páistíbh; do chasadh sé
abhaile arís agus théigheadh sé in a gcoinne um
thráthnóna. Dia Sathairn, nuair ná bíodh aon scoil
aca, d'fhanadh sé thimcheall an tighe, agus nuair
thiocfadh am dinnéir, muna mbeadh na páistí istig,
ní dheurfadh Siobhán, nó Sean-Cháit, leis acht "Téigir
amach agus glaodhaigh isteach ar na páistíbh," agus
do phreabfadh sé ar an nómaint. Cibé áit in a
mbeidís, d' aimseóchadh sé iad agus do bheurfadh sé
ar racait ar Neillí agus thabharfadh sé leis isteach mar
sin í.



Do bhí an sceul go maith ag Frinnsí bocht go dtí
ar theacht an Mhárta.


L. 52


"Ó nach é an feall é," arsa Siobháin, "nach acfuinn
dúinn Frinnsí bocht do choimheud?"



"Masa," arsa Sean-Cháit, "is iomdha peata do chuir
an leath-choróinn sin leis an bhfaill."



"Bú-hú," arsa Neillí, agus d'ionntóchadh sí muileann
le gach aon deór, "agus ní geall le madra ar aon
chor é."



"Ní geall, mhuise," arsa Siobhán. "Is geall le
críostaidhe é, a fheabhas fhaireann sé an tigh agus
chuireann sé na cearca ó dorus. Acht 'dé mhaith
sin?"



"Raghaidh mise in aimsir go dtí feirmeóir," arsa
Diarmaid, "agus tuillfidh mé an leath-choróinn
duit."



"Thuillfeá, mhuise," arsa Siobhán, "do bheadh an
tSean-riabhach caithte agus sean-chaithte fad ná beadh
leath-choróinn tuillte agat-sa. Agus cadé an feir-
meóir thógfadh do leithéid?"



Do bhí Diarmaid chomh olc le Neillí acht ná raibh sé
ag á leigint air. D'éirigh Frinnsí agus do chrom sé
ag sceamhghail. Cia do bhuailfeadh isteach acht Seaán
an tSléibhe.



"Dia annso isteach," arsa sé; " — Ó, dar an
bhfeóchadán fionn, atá rud éigin ar mhuintir an tighe
seo! Cad atá ort, a Neillí? — Dhera ná bí ag golchás
mar sin, a leinbh."



"Bú-hú," arsa Neillí, "atáthar chum Frinnsí do
marbhadh."



"An mar gheall ar an leath-choróinn mhí-ádhmharach sin
é?" arsa Seaán.



"Is eadh go deimhin," arsa Siobhán, "agus is mór
an feall é, an maidrín is bádhmhaire agus is macánta
as so go hEóchaill."


L. 53


"Do chromfainn ag á chaoineadh, mhuise," arsa Sean-
Cháit. "— Masa, ba ghairid an mhoill orm é."



"Dhe mhuise," arsa Seáan, "ná marbhaighidh an fear
bocht. Árd-mhadra é sin. 'Neósa mé dhíbh cad dheun-
faimíd. Fuair mé sceula ó dhuine uasal atá le m'ais
a bhfuil de coiníníbh ar a chuid talmhan do mharbhadh,
agus is mar gheall air tháinig mé, d'iarraidh tamall
den madra so, mar is bríoghmhaire agus is gasta é
ioná aon cheann atá suas an sliabh. Cuiridh an garsún
suas chugham agus beimíd leath i bpáirt, agus cuirfe
mise geall libh nach fada bheidh sibh gan an leath-choróinn."



"Ó 'se, go bhfágaidh Dia an t-sláinte agat," arsa
Siobhán.



"Amen, mhuise." arsa Sean-Cháit. "Do mharbhóchadh
na paistí sinn. Acht cadé an leigheas do bhí againn
air?"



"Suidh isteach, a Sheaáin, agus ith greim," arsa
Siobhán.



Do shuidh Seaán chum an bhúird, agus thug Neillí
agus Diarmaid an oiread onóra dhó a's dá mbadh
sí é.



"Ó, is tú cabhair na mbocht indiu, a Sheaáin," arsa
Siobhán.



"Is é, mhuise," arsa Sean-Cháit, "agus cabhair na
gcoileán chomh maith."



"Abhuch, a Fhrinnsí," arsa Neillí, agus a dhá láimh
thimcheall ar an madra, "atá tú ag iompódh amach i
do bhúistéir 'sa deireadh, acht is measa liom tú féin
ioná a bhfuil de choiníníbh i bparóisde geal na Rinne."



Do imthigh Seaán agus Diarmaid agus Frinnsí, agus
thugadar coigthigheas ag fiadhach na gcoiníní. Do bhí
an madra ní ba fhearr ioná a thuairisc. An fhaid 's
do bhíodh sé ag baile ag faire an tighe, do bhíodh na


L. 54


sceadramáin go hinnealta aige, agus ní théigheadh
lagadh air acht ag sceamhghail, acht ón cheud uair do
chuireadh ag fiadhach é, badh dóigh leat air ná raibh an
sceamhghail de chéird ar aon chor aige. D'eulóchadh sé
isteach i bpáirc gan cniug as, agus dheunfadh sé d'
iarracht ar an bpoll agus nuair do dhúiseóchadh Seaán
agus Diarmaid an coinín as an tortóig do bheadh an
madra idir é agus an poll. Acht is é rud is mó do
chuir iongantas ar Sheaán acht go ndeunfadh Frinnsí
aon rud dheurfadh an garsún leis. "Fan annsin, a
Fhrinnsí," adeireadh sé leis, agus d'fhanfadh sé go
mglaodhfaidhe air. I gcionn an choigthighis do bhí deireadh
na gcoiníní marbh aca, agus tháinig Diarmuid abhaile,
é féin agus Frinnsí, agus ní aon leath-choróinn amháin
do bhí aca acht trí cinn, agus ná bíodh eagla ort nár
chuireadh na tuara fáilte rompa. Níor chuir an leath-
choróinn aon scáth orra as sin amach mar do bhí Frinnsí
go maith in iúl chum a chostaisí féin do dheunamh.



Thimcheall dhá bhliadhain in a dhiaidh sin, i dtosach mí
na Nodlag, do-chuaidh an bheirt pháistí agus Frinnsí ag
fiadhach coiníní. Ní rabhadar acht ceathramha míle ón
tigh nuair do-chonnacadar madra ruadh, agus lacha ar
a mhuin aige, ag imtheacht ar a bog-stróc leath-pháirce
síos uatha.



"Hus! Hus! Hula! Hula!! arsa na páistí.



Síos le Frinnsí as a dhiaidh. D'ionntuigh an madra
ruadh agus do nochtaigh sé a fhiacla. Isteach air le
Frinnsí. D'imthigheadar in a mbulla báisín síos leis
an bhfánaidh. Do chuir an madra ruadh screuch as agus
do shíneadh maol marbh ag bun na páirce é. Do rioth
na páistí d'iarracht air agus ní rabhadar acht leath
slighe síos nuair do-chonnacadar an duine uasal ag
teacht de léim thar an gclaidhe thíos agus gunna fa


L. 55


n-a ascaill aige. Do scaoil sé urchar le Frinnsí agus
do liúigh sé. Le neart deithnis agus tré-n-a-chéile
níor dhírigh sé an gunna mar badh chóir, agus níor bhuail
sé an madra. Do theich Frinnsí agus na páistí suas
an pháirc, agus suas leis an duine uasal as a ndiaidh.
Do bhí droch-amhras éigin ag Frinnsí as agus suas an
sliabh leis agus i bhfad ó bhaile. Do rioth na páistí
isteach in a dtigh féin agus do lean an duine uasal iad.



"Ó go sábhalaidh Dia sinn." arsa Siobhán, "Atá an
tighearna talmhan ag teacht."



Do bhí an ceart aici, mar is é do bhí ann, an fear
ba mhó chum fiadhaigh do bhí ins an dúthaigh. Aoinneach
do mharbhóchadh madra ruadh, bá mhar a chéile é agus é
féin do bhualadh, agus is é an bóthar amach do bhí le
faghbháil ag á leithéid. Do theastaigh uaidh gan aon
cheann aca do mharbhadh acht le gadhair agus le marcaigh.



"Ó, cad atá ort, a thighearna?" arsa Siobhán leis.



Atá mo dhaothain," arsa sé, "an maistín mí-
ádhmharach sin agat atá tar éis madra ruadh do mharbhadh
orm, — éist, éist, a bhean — ní'l do chuid cainte uaim —
éist do bheul — is iad muintir an tighe seo atá cionntach
ann, mar d'airigh mé na páistí ag á chur as."



"Ó, ná dhéin aon rud linn, a thighearna," arsa
Siobhán. "Ná daor mé féin agus mo channláinín
chum báis, mar is é an bás atá i ndán dúinn má bhain-
tear an tseilbh dínn. Cuirfimíd an madra dá chois
chomh luath 's do-gheóbhaimíd greim air."



Níor labhair sé focal eile acht ionntódh ar a sháil
agus amach an dorus leis.



"Ó, moladh a's buidheachas le Dia," arsa Sean-
Cháit, "An chealltair do bhí air. Atáimíd réidh."



Ní raibh sé chúig nómaintí imthighthe nuair do bhuail
Seaán an tSléibhe isteach.


L. 56


"Ó, a Sheaáin," arsa Siobhán leis, "beir ar an madra
agus tabhair an fhaill dó. Atá sé thar éis madra ruadh
do mharbhadh, agus atá an mhilleán ag an tighearna orainn.
Ó, corruig ort! Rioth, rioth, ar eagla go gcasfadh sé."



Do imthigh Seaán agus Diarmaid leó gan mhoill,
agus do lean Frinnsí iad. Nuair do-chuadar go dtí
an fhaill, do chaith Diarmaid é féin ar an talamh agus
do chrom sé ag gol.



"Éist, a gharsuin," arsa Seaán leis. "Éirigh agus
caith uait do chuid béicídh. Ní hé atá uainn. Siubhail
leat ó dheas mar seo."



D'imthigheadar leó go dtí áit a raibh cosán. Rug
Seaán ar an madra.



"Gabh síos an cosán sin, agus nuair bheidh tú thíos,
glaodhaigh ar an madra agus scaoilfe mise síos chughat
é, agus nuair raghaidh sé síos abair leis dul isteach
ins an chuais atá ag bun na faille. Raghaidh mise síos
leath slighe annsin agus inneósa mé dhuit cad dheunfa
tú."



Do-righne Diarmaid mar adubhairt sé leis.



"Is é rud dheunfa tú," arsa Seáan leis, "ná
Frinnsí do thabhairt leat go dtí tigh m' anncail, agus
abair leis fuireach ann agus gan tú do leanamhaint."



Ar a dhul abhaile dhó, do ghabh sé thar tigh Shiobháin.



"Ar dhein tú é sin, a Sheaáin?" arsa sí.



"Ó, do scaoil mé leis an bhfaill é," arsa sé, "agus
ní fhaca mé o shin é."



"Ó 'se, beannacht na ngrás le hanmain do mharbh."
arsa sí, "acht amháin ná ceadóchainn ar an saoghal é,
dá mbeadh aon dul uaidh."



D'imthigh Seaán leis. Do bhí Neillí i riocht a cail-
leamhna as diaidh an mhadra, acht adubhairt Diarmaid
rud éigin i gcogar léi do chuir ar a misneach arís í.


L. 57


An oidhche do bhí in a cheann, d'airigh Diarmaid rud
éigin ins an macha agus do-chuaidh sé amach, feuchaint
cad do bhí ann. Is é Frinnsí macánta do bhí ann, acht
níor iarr sé dul isteach ins an tigh. Do shocraigh
Diarmaid sop fé ins an mbothán, agus adubhairt sé
leis féin go n-éireóchadh sé go doth ar maidin chum
an díbirt do chur air arís. Acht ar maidin i mbárach
ní raibh aon phioc de le feicsint. A chiall féin d'innis
dó gan bheith thimcheall an tighe i rioth an lae agus do
bhí curtha dhe aige suas an sliabh go dtí anncail Sheaáin
arís. Acht dhá lá roimh Nodlaig, cia do bhuailfeadh
isteach chúcha ná an báille.



"A Shiobháin," arsa sé, "droch-sceula atá agam duit.
Do-chonnaic an maighistir madra ruadh eile marbh an
lá sin do bhí sé annso, agus adeir sé go raibh sé gairid
go leór dod' chuid-se agus go mbaineann sé le deall-
radh gurbh' é do mhadra do mharbhaigh é. Adeir sé go
mbadh fhéidir go maithfeadh sé ceann duit, acht ná
maithfidh sé dhá cheann, agus atá órdughadh faighte anois
agat bheith amuigh as an tigh seo Lá 'Le Stiopháin."



Is annsin do bhí an bhuaidhirt ar mhuintir an tighe.
Do bhailigh na comharsain isteach nuair d'airigheadar an
t-ullagón, agus do bhí gach aoinneach ag deunamh truagh
dhóibh. Oidhche Nodlag do bhí Siobhán agus Sean-Cháit
ag an teinidh. Do bhíodar ag iarraidh an cathughadh do
mharbhadh le foidhne agus bheith ag marana ar an Té
tháinig ar an saoghal fad ó gan aon áit aige a luighfeadh
sé ann acht in mainseur an asail. D'airigheadar
bualadh éigin ag an dorus. D'éirigh Siobhán agus
d'oscail sí é. Cad do bheadh ann acht Frinnsí. Do
bhuail sí an dorus amach in a choinne agus d'óbair go
dtuitfeadh sí i luigeachair. Do shíl sí gurbh é spioraid
an mhadra do bhí ann, agus adeir siad ná fuil aon


L. 58


spioraid is measa ioná an spioraid thiocfadh ins
an chló sin.



"Dhera, a bhean," arsa Sean-Cháit, "ná bí chomh
simplidhe sin. Is é ár madra féin atá ann. Níor
marbhaigheadh in aon chor é. Oscail an dorus agus
léig isteach é. An madra bocht! Agus dhá throigh
sneachta ar an talamh."



D'airigh na páistí an fothram agus d'éirigheadar.
Do chrom Frinnsí ag sceamhghail agus do rioth sé go
dtí Neillí agus rug sé ar cheirtibh uirri d'iarraidh í
thabhairt amach leis ins an sneachta.



"Faigh an lantréir, a Dhiarmaid," arsa Siobhán,
"atá rud éigin leath 's 'muigh."



Thug an madra amach ins an macha iad, agus trasna
an bhóithrín agus isteach thar an gclaidhe, agus cad do
bheadh sínte ann acht duine uasal óg. Thugadar leó
isteach é agus ba mhór an obair é. Mac an tighearna
talmhan do bhí ann. Do bhí sé ag fobhailéireacht agus
do leónadh a chos agus do thuit sé ins an áit a bhfuair
an madra é. Lá Nodlag do chuir Siobhán sceula go
dtí n-a athair, agus tháinig sé, é féin agus an mhaighis-
treás. Do ghabhadar an-bhuidheachas le muintir an tighe.
Thugadar té agus siúicre agus feóil agus gach aon
rud eile dá fheabhas dóibh, agus rud níos fearr ioná
sin, thugadar an fheirm bheag ar fad dóibh, gan cíos,
cáin ná cathughadh do bheith orra as sin amach. Do bhí an
tighearna ag briseadh a chroidhe ag gáire nuair d'airigh
sé an cleas d'imir Seaán an tSléibhe leis an madra.



"Nach iongantach an rógaire é?" arsa sé.



"Is eadh, mhuise," arsa an mhaighistreás, "agus ba
dhanaid dúinn mara b'eadh."



Do bhí an saoghal ar a thoil ag Frinnsí as sin amach
gur tháinig an bás air.


L. 59


GLEANN CHUILLIGEÁIN.



Is minic airighimíd trácht ar áilneacht agus ar aoibhneas
Chill Áirne agus ar na sluaightibh daoine thagann ann
gach aon bliadhain ó Shasana Nua agus ó thíorthaibh móra
na hEórpa. Acht atá áiteanna eile in Éirinn ná fuil a
oiread sin trácht orra 's atá ar Chill Áirne agus ní
dheurfainn gur lugha a n-áilneacht agus a n-aoibhneas
ioná é. Atá mé ag tagairt anois do Ghleann Chuilli-
geáin.



Atá Gleann Chuilligeáin thimcheall cheithre mhíle siar
ó thuaidh ó Dhún Garbhán. Atá coillte ann agus atá
abhainn ann. Is maith is cuimhin liom an lá déidheanach
do bhíos ann. Go bhfeucha Dia orainn nach gairid
bíonn na bliadhanta ag imtheacht uainn. Adeurfainn
gur indé do bhíos ann, acht go deimhin ní headh. Is
fuiris an t-am do chomhaireamh. Ní thagann an óige
fa dhó choidhche acht tagann an brón fa dhó ins an oidhche.



Nuair do-chuaidh mé ann an lá úd is é an cheud rud
do-righne mé ná dul do léim thar an gclaidhe agus
sórt ciseáinín do dheunamh den reithineach. Do chro-
mas ag bailiughadh fraochán annsin agus níor stad
lámh liom go raibh lán an chiseaínín agam. Do-chuas
annsin agus do bhaineas lán mo ladhair den tsamha-bó.
"Atá geur agus milis anois agam," arsa mé liom
féin, "acht cadé an mhaith iad gan deoch?" Do-
chuas annsin go dtí tobar atá ann, agus do bhí
geur in aghaidh milis agam agus deoch in aghaidh geur
agus milis. Ní raibh tart ná ocras orm annsin agus
adubhairt mé liom féin go raghainn suas ar an árd


L. 60


arís, mar is ins an ngleann do bhí an tobar. Do-
chuas, agus do shuidheas síos ar thortóig bhreághdha
féir. Do chuireas mo dhá bhais fa mo ghiall agus do
bhí mé ag deunamh mo mharana. "Atá tú agam anois,"
arsa mise, "agus bainfidh mé lán mo dhá shúil asat.
Nach minic do bhínn ag cuimhneamh ort agus me ag
obair ins an chathair? Ní fheicinn acht tighthe agus
simnéidhthe thart thimcheall orm in gach aon áit. Ní
airighinn acht guth garbh na bhfear ag díol agus ag cean-
nach. Do bhíodh boladh an tsughaidh agus na hola ins
an áit i mbínn ag obair, agus nuair do chuimhnighinn
ar Chuilligeáin thagadh osna i mo chroidhe, acht buidheachas
le Dia gur mhair mé le teacht ann." D'fheuch mé
annsin amach ar chuan Dhún Garbhán agus ar sean-
bháid seólta na Rinne agus iad ag imtheacht anonn 's
anall ar nós na bhfáinleóg lá samhraidh. Do bhí boladh
breághdha cumhra ó na crannaibh giúise. Tháinig sórt
meabhráin i mo cheann le háilneacht agus le haoibhneas
na háite. Do bhí na cuileóga agus na beacha ag cró-
nán ins an reithineach agus do-chuireadar sámhán orm
mar do chuirfeadh a mháthair ar leanbh nuair do beadh sí
ag bualadh seóthín dó. Do shíneas siar ins an bhfeur
agus ní rabhas i bhfad ann gur thuit mo chodladh orm.



Do shaoileas go rabhas tar éis bháis agus go rabhas
ag fuireach ag geata na bhflaitheas go n-oscuileóchthaí
dham é. Do labhair fear istigh agus adubhairt sé:
"Cad atá uait, a fhir ó Chuilligeáin?" "Cead dul
isteach is na flaitheas, má is é do thoil é, a dhuine uasail,"
arsa mise. "Téighir thar n-ais arís go Gleann Chuilli-
geáin," arsa sé, "ó is rud é gur fearr leat é ioná
na flaithis." "Ó mhuise, a dhuine uasail," arsa mise,
"ní raghainn siar ar aon mholadh thugas riamh do Chuilli-
geáin acht is é mo thuairim dá fheabhas d'áit é sin do


L. 61


na beódhaibh gur fearr ioná sin na flaithis do na
marbhaibh." Ní dubhairt sé seadh ná ní headh annsin
agus ní raibh a fhios agam cad do b'fhearr dham a
dheunamh. Cibé feuchaint thug mé ar mo dhorn cad
do-chífinn ann ná eochair. Do shaitheas an eochair le
fuinneamh isteach i bpoll an ghlais, agus do chromadar
go léir ag gáire istigh. Do stad mé agus d'fheuch mé
ar an eochair arís agus cad do bheadh ann, sáithte i
bpoll an ghlais, acht an ciseáinín beag do-righneas
den reithineach le haghaidh na bhfraocháin. Tháinig náire
orm agus d'iompuigh mé chum imtheacht acht do ghlaodh
sé orm. "Ná himthigh," arsa sé, "d'aon am do
bhíomar. Atá glas na bhflaitheas gan mhaith agat féin
agus ag do chuid canntarnaoil ó Chuilligeáin. Fan
anois go gcuirfimíd fios ar an ngabha." Tháinig an
gabha. Do bhuail sé buille den órd ar an ngeata,
agus do chrioth gach aon phioc díom le scannradh. Do
bhuail sé an tara buille, agus do shaoileas go raibh
an talamh ag oscailt fa mo chosaibh. Do bhuail sé an
tríomhadh buille agus do bhain sé a leithéid sin de gheit
asam gur thuiteas anuas ó na flaitheasaibh ar fad. Do
bhíos ag tuitim riamh agus choidhche, nó gur bhuail mé
an talamh de phlab. D'oscail mé mo shúile agus do
phreabas i mo shuidhe, agus cad do-chífinn i ngiorracht
trí rámhainne dham acht madra mór feirmeóra agus é
ag sceamhghail orm. Do-righne mé gáire nuair do-
chonnaic mé é. "Donas duais ort mar mhadra,"
arsa mise, "do bhain tú radharc na bhflaitheas díom."



Nuair do-chonnaic an madra ag gáire mé, tháinig
sé chugham agus do-righne sé muinteardhas liom. Do
leagas mo lámh ar a cheann agus d'fheuch mé idir an
dá shúil air agus do labhair mé leis. "Ó mhuise, nach
breághdha an saoghal duit é, a mhadra," arsa mise


L. 62


"sínte chois na teineadh ar feadh na hoidhche agus dhó
lapa ar a drúcht ins an ngleann so ar maidin.
Badh fhearr liom ná rud ná deurfainn go bhfuighbhinn
malairt do dheunamh leat agus gur tú do bheadh ag
dul thar n-ais go dtí an chathair i mbárach im' ait-se.
Acht is fánach duine do-gheibheann gach aon rud mar is
maith leis ar ana saoghal so."



Do-chuaidh mé abhaile annsin agus d'fhág mé an
madra i mo dhiaidh.


L. 63


NÍL AON MHAITH INS AN MAITH D'IMTHIGH.



Do bhí fear ag gabháil thar choill. Fuair sé leómhan
caithte fa chrann agus é in achrann.



"Tóig díom é seo," arsa an leómhan. Atáim
am' thachtadh."



"Tógfad cheana," arsa an fear.



Thóg. D'éirigh an leómhan ón chrann agus do chroth
sé é féin. Do chrom sé é féin chum preabadh anuas
ar an bhfear.



"Íosad thu," arsa sé leis an bhfear agus a earball
ag corruighe le neart sainte agus buile. Tháinig
scáth ar an bhfear, agus cia thógfadh air é?



"Ná déin, ná déin," arsa sé, "mise do-righne an
mhaith ort."



"Níl aon mhaith ins an maith d'imthigh," arsa an leómhan.



"Atá," arsa an fear.



"Níl," arsa an leómhan, acht ní bheadh dian ort.
Do-gheobhair trí hiarrachtaí air. Siubhail leat."



Is é an cheud rud do theagmhaigh orra ná cú.



"An bhfuil aon mhaith ins an maith d'imthigh? arsa an
fear léi.



"Níl," arsa an chú. "Mise an chú do ba fhearr dá
raibh riamh ag mo mhaighistir. Do ghabh mé oiread airgid
dó is na fuightheá leath i do hata, acht do leónadh cois
liom, agus d'airigh mé ag caint le fear eile lá é.
"Cad dheunfad leis an sean-mhairtíneach so?" arsa sé.
Cad dheunfá," arsa an fear, "acht i do bhualadh ins an
cheann agus í do chur fa chrann ubhall." "Deunfadh i


L. 64


mbárach é," arsa mo mhaighistir. "Maite," arsa mise
liom féin, "is fada do ndeunfair. Ní fhanfad-sa
le bualadh ins an cheann ná le haon bhualadh eile."
D'euluigh mé liom an oidhche sin, agus atá mé ag
imtheacht mar seo ar mo ádhbhar féin agus mé ar trí
cosa ag lorg mo choda in umar na muc agus ag
bacaightheóireacht agus ag falmaireacht ar fud na
dúithche, agus nach bocht an cás dam é?"



Do bhí an iarracht sin i gcoinne an fhir. Capall ráis
do theagmhaigh annsin orra.



"An bhfuil aon mhaith ins an maith d'imthigh?" arsa
an fear leis.



"Níl," arsa sé. "Mise an capall ráis do ba
fhearr in Éirinn. An bhfeiceann shibh an teach úd thall?
Badh ró-chumhang é do n-ar ghabh mé de airgead dom
mhaighistir, acht tháinig rud éigin ar shúil agus ar chois
liom agus d'airigh mé an maighistir ag á rádh go raibh
sé chum mé do mharbhadh agus an seithe do bhaint díom.
Do theich mé uaidh annsin agus níl agam anois acht
maireachtain ar leath-shúil, ag piocachán ar thaobh na
mbóithre."



Do bhí an dara hiarracht i gcoinne an fhir.



Madra ruadh do theagmhaigh orra annsin.



"An bhfuil aon mhaith ins an maith d'imthigh?" arsa
an fear leis.



"Is beag den obair sin do-chonnaic mise riamh,"
arsa sé, "acht gach aoinneach d'iarraidh mé do chur
dem chois."



"Acht an is eadh féin, cad is dóigh leat dó?" arsa
an fear leis.



D'fheuch an madra ruadh ar an bhfear, agus d'fheuch
sé ar an leómhan.



"Ní fheadar," arsa sé go righin, "acht dá bhfeicfinn


L. 65


cadé an mhaith do-righneadh, badh fhéidir go gcaithfinn
mo thuairim air."



"Siubhail leat," arsa an leómhan, "go dtaisbeán-
faimíd duit é."



Thugadar go dtí an crann é.



"Do bhí mise in achrann fa an chrann sin," arsa an
leómhan, "agus thóg sé seo díom é."



"Dar ndó," arsa an madra ruadh, "ní bhfuightheá
bheith in achrainn fa n-a leithéid sin. Ná fuightheá cruit
do chur ort féin agus é do chaitheamh díot d'aon
iarracht?"



"Ní bhfuighbhinn," arsa an leómhan, "mar is anuas
ar bhaic mo mhuiníl do bhí sé."



"Atá sin ag dul os cionn meabhrach orm," arsa an
madra ruadh. "Teighre isteach arís go bhfeicfimíd
thú."



Do-chuaidh an leómhan isteach fé agus do shocruigh
an fear an crann anuas air, agus do bhí sé in achrann
arís. Do chuir an madra ruadh drannadh air féin
chuige.



"Fan annsin i ngad an bhagúin, a chladhaire," arsa
sé, "go dtiocfaidh amadán bocht eile leigfidh as tú."



D'fhágadar annsin é. D'iompuigh an madra ruadh
ar an bhfear agus iad ag cur an bhóthair díobh.



"An bhfuil aon mhaith ins an maith d'imthigh?" arsa sé.



"Atá an mí-ádh air muna bhfuil," arsa an fear,
agus thug sé péire lachan don mhadra ruadh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services