Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Léigheachta ar Stair na hÉireann 1
Title
Éire - Léigheachta ar Stair na hÉireann 1
Author(s)
Ó Séaghdha, Pádraig,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1924
Publisher
Clódhanna Teo.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ÉIRE. LÉIGHEACHTA DO LÉIGH CONÁN MAOL do GHAEDHEALAIBH LONNDAN, 1903-4. AN CHÉAD CHEANN. TEAMHAIR. Tabhairt suas mí-nádúrtha ar dtabhairt suas-na. Ní cosmhail é le tabhairt suas aon aicme eile ar druim an domhain. Múintear dos gach aicme eile a bheag nó a mhór de stair a dtíre. Ceileadh orainn-ne ar scoil go raibh tír againn i n-aon-chor, ná go raibh stairidheacht ag baint léi. Má thárluigh gur chuala- mar cogar amuich nó i mbaile ar imtheachtaibh ár sinn- sear is amhlaidh do chuir ár saghas léighinn ar scoil 'na luighe orainn nách raibh acht amháin cúis náire dhúinn i gcúrsaíbh na ndaoine fiadhaine tháinig romhainn, agus dá dheascaibh gur bh'é ár mbuaic gan cuimhneamh ortha níos mó. Tá a rian soin orainn. Ní fhuil dream daoine le fágháil is aineolaighe ar stair a dtíre 'ná na hÉireannaigh seo le n-ár linn, agus ní 'ghá chasadh leo é, mar ní hortha is cóir an milleán do bheith. Fiche bliadhain ó shoin do chuireas romham rud éigin do dhéanamh ar son staire na hÉireann, agus níor bhuail leabhar staire ná scríbhinn umam ó shoin nár léigheas.
Cheapas fá mar do cheapaim indiu nách raibh sceal na hÉireann curtha le chéile i gceart, mar, gidh go bhfuil adhbhar chum a dhéanta, nách bhfuil an t-adhbhar soin léirighthe ar chuma go dtuigfidhe é gan duadh. Dá réir sin chuireas romham smuitín de'n scéal soin d'innsint go réidh, agus gan fonn orm bheith binn- bhriathrach, acht fá mar d'inneosainn é do dhuine eile cois na teineadh nó ar cliathán cnuic lá gréine. Mheasas leis go bhfuil sé dleaghthach dhom mo smuainte féin do chur sa scéal, agus brígh liom féin do bhaint as. Ní dóich liom go bhfuilim fá chumaoine ag aon úghdar seachas a chéile. Ní túisce léigheas aon cheann aca 'ná gur chaitheas as mo cheann an chuid dá chainnt nár thaithnigh liom, agus d'fhan an chuid eile dhi im' aigne go dtí so. Má bhainim brígh as stair na hÉireann nár bhain daoine eile, má fhéachaim isteach sa stair sin ar mo chuma féin agus mo bharamhail féin do thabhairt uirthi, is i gcomhair stiúrughadh do dhéanamh ar chách é; mar do réir mo thuairim-se tá sé riachtanach ar gach duine do chuirfidh roimis stair na hÉireann do thuigsint tos- nughadh ar dtúis le TEAMHAIR, mar do b'í cathair na Teamhrach croidhe na hÉireann ins an tsean-aimsir. Ní raibh lá ná oidhche ar feadh na bliadhna ná go raibh daoine ag imtheacht uaithi nó ag gabháil chuici ar na chúig mbóithribh leathana cruadha glana do shín amach uaithi fá dhéin gach cúinne i nÉirinn. Bhí longphuirt ríoghamhala eile le n-a linn i nÉirinn mar atá Eamhain Mhacha is Grianán Aileach i nUltaibh, Cruachan Méidhbhe i gConnachtaibh, Dionn Ríogh is Nás i Laighnibh is Caiseal na Ríogh i gCúigeadh Mumhan, acht mar sin féin ní raibh aon cheann aca súd i mbéalaibh daoine chomh minic is bhí ainm Theamhair na Ríogh príomh-chathair na hÉireann ar feadh, mar áirighim, chúig chéad déag bliadhan, an chuid is lugha dhe.
Is deacair cunntas cruinn beacht do chur le chéile i dtaobh na cathrach úd. Tá nead an ghirrfhiaidh is na gráineoige 'na hionad indiu is an chág is an préachán ag priocadh a gcleití ar a múraibh briste. Ar a shon soin is eile, is í ceart-lár staire na hÉireann í, agus is í do scaip dlighe agus léigheann agus béasa ar fuaid na tíre, agus nuair do thuit sí fá ndeara easgaine mhillteach mharbhthach Ruadháin Lothra ler buaileadh buille sa chliabh ar Éirinn ná fuair sí sos riamh ó shoin uaidh. Fá mar do leanfam ar stair na hÉireann d'innsint buailfidh an scéal mí-ádhmharach soin linn arís. Is gnáthach le daoinibh a dtighthe do dhéanamh as an adhbhar is comhgairighe dhóibh. Chúmadh muinntear na Babilóine a dtighthe as brícíbh mar bhí cré comhgarach dhóibh, fá mar do shuidh muinntear Americá a dtighthe as adhmad mar do b'é sin an t-adhbhar tighe ba ghiorra dá láimh. Mar an gcéadna bhí an rígh-theach i dTeamhair agus na tighthe móra farsainge bhí comhgarach dó déanta as adhmad mar bhí coillte go flúirseach i nÉirinn an uair sin. Do lean na daoine ar fuaid Éireann an nós céadna, mar airighim go ndearnadar aithris ar Teamhair in gach uile nídh. Is furusta an méid sin do thuigsint as sgríbhneoireacht na sean, mar gibé áit go dtráchtaid siad ar Teamhair is soiléir as soin gur shíleadar gur thalamh beannuighthe é. Ní raibh sé dleaghthach duine do bhualadh ná fuil do dhortadh laistigh do mhúraibh na Teamhrach, agus pé duine bheadh cionntach leis sin do b'é coir a mhairbhthe é, agus ní raibh sé i gcumhacht Árd-Ríogh Éireann féin maitheamhnas do thabhairt do. Ní fhuil fhios againn cá chuin do cuireadh dlighe de'n tsaghas soin ar bun acht is é a leithéid sin do chuireann i n-iúl dúinn urraim ár sinnsear do Theamhair na Ríogh. Cloisimíd go rabhadar tugtha chum bruighne le chéile agus mí-riaghalta ar chumaíbh eile, agus ní gan fáth atá an teist sin, acht mar sin féin teasbántar go soiléir
dúinn as an Seanchus Mór go rabhadar dílis do'n dlighe mar ní raibh cabhair ná congnamh ag an mBreith- eamhain chum a bhreith do chur i bhfeidhm acht meas na ndaoine amháin; acht ar a shon soin is eile níor chualathas riamh acht aon uair amháin ar feadh dhá mhíle bliadhan gur dhiúltuigh éinne' géilleadh do bhreith an Bhreitheamhan. D'fhás urraim na ndaoine do'n dlighe as urraim na ndaoine do'n áit gur ceapadh an dlighe sin — sí sin Teamhair, mar bhí na hollamhain dlighe agus an scoil dlighe do b'fheárr do bhí i nÉirinn suidhte i dTeamhair le linn Chormaic Mhic Airt agus i bhfad roimis. Do réir mar thuigimíd bhí fiche míle áitreabhaidhe 'na gcomhnaidhe i dTeamhair i n-aimsir an Chormaic sin i n-éaghmais na sluaighte do thagadh ar cuaird ann ó am go ham, agus na mic léighinn do thagadh 'na gcéadtaibh ann go dtí na trí árd-scoil mar ar múineadh dlighe, liteardhacht agus stairidheacht. Bhí an gabha geal 'na cheárdchain ann agus caitheann fód glas na hÉireann aníos as a hucht chughainn anois is arís cuid de na cuachaibh is na bioránaibh óir, na buabhaill úmha is na crocáin práis do chúm na sean-cheárdaidhthe cliste annsúd agus i mballaibh eile, agus muna mbeadh na comharthaidhe sin ní chreidfeadh cách ná gur dhaoine fiadhaine ár sinnsir romhainn. I gcás go mbeadh fhios againn-ne nár bh'eadh tá sé riachtanach orainn gach uile fhocal do bhaineann le Teamhair do léigheadh agus brígh na bhfocal do bhaint asta go cúramach, mar casann stair na hÉireann mór- dtimcheall stair na Teamhrach agus do b'iad béasa agus nósa na Teamhrach bhí mar sholuidhe agus mar shómpla ag na Gaedhealaibh ins an tsean-aimsir. Fá mar do near- tuigheann an buinne an ciseán, mar an gcéadna do neartuigh Teamhair ríoghacht na hÉireann. Má thárluigh go raibh Ard-rí Éireann lag-bhríghtheach fuar-intinneach, bhí na ríghthe bhí fé agus na taoisigh do bhí fútha soin ag caitheamh a gcos is ag coimheasgar agus an tír ag tuitim as a chéile, acht má bhí an tÁrd-Rí foirtill foidhneach
breo-intinneach is annamh do chuir aon taoiseach ina aghaidh dá bhoirbtheacht cuid aca. I stair chomh seanda le stair na hÉireann i Réim Ríoghraidhe chomh fada is do riaghluigh Éire ó Chnoc na Teamhrach, ní móide ná go mbeadh atharrughadh ar bheatha na ndaoine agus atharrughadh ar an mbiadh do chaithidís. Mar sin féin, má bhí an t-atharrughadh soin, is go mall do tháinig sé. Ta cunntas againn ar fhleadh is ar fhéasta bhí ag Conchubhar Mac Neasa rí Uladh ins an gcéad aois d'ár dTighearna is ar an dtigh gur roinneadh an fhleadh soin, agus is cosmhail é leis an rud céadna i n-aimsir Bhriain Bhóirmhe míle bliadhain 'na dhiaidh súd. Bhíodh tighthe ár sinnsear chomhcruinn agus chúmtha as adhmad mar is beag tigh i nÉirinn do dhéantaoi de chlochaibh. Bhíodh na fallaí an-árd agus déanta de chleathachaibh scuibhte tiomáinte sa talamh taobh le taobh agus fuinte le chéile le slataibh miona. Bhí bárr an tighe nó na frathacha déanta ar nós cluigín agus poll 'na lár do'n deathach ó'n dteine suidhte istigh ar lár an urláir. Bhí díon ar an gceann-cluigín sin de thuighe nó luachair nó fraoch agus bhí taobh amuich an tighe sin smeartha le haol chomh geal le sneachta. Bhí an tigh sin fairsing glan cluthmhar compórdach. Do b'é sin an saghas tighthe bhí go coitcheann sa tír, acht bhí tighthe na dtaoiseach agus na ndaoine saidhbhre roinnte 'na seomraíbh agus bhí seomra ar leith-shlighidh ionnta chum bídh d'ullamhughadh. Bhí na dóirse i gcuid de na tighthibh déanta de dhair, agus an fárdoras, cnaistí na leapthacha, cosa an bhúird agus cuid de throsgán an tighe déanta as iubhar agus greanta le láimh ceárdaidhe mhaith. Bhí croicinn leasuighthe leathta ar an dtalamh agus an olann nó an clúmh ortha. Bhí na tighthe úd chomh maith le tighthibh aon treibhe eile lasmuich d'Éirinn an uair úd. Bhíodar suidhte i ngleanntaibh aereacha fuithineamhla mar a raibh foscadh ó'n ngaoith aca agus taithneamh ó'n ngréin.
Is annamh do bhíodh aon tigh suidhte i n-aonar. Ba ghnathach go gcuirthí i n-aon otrainn amháin cúig nó sé cinn aca. Do baintí clais dhoimhin lasmuich dhíobh, do líontaoi le huisce an chlais sin, agus do cuirtí stocáin sa talamh ar phort na claise i gcás ná beadh muinntear na dtighthe i gcontabhairt ó aon dream droch-iomchair do shiúbhlóchadh lasmuich istoidhche ar tí gadaidheacht ná bitheamhantais. Gidh nach raibh na sean-Eireannaigh tugtha chum droch- chleachta de'n tsaghas soin, mar sin féin do thárlóchadh go mbeadh robáluidhthe 'na measc agus do b'fhurusta dá leithéidíbh maireachtain d'fhágháil i n-aimdheoin na dlighe agus dul i bhfolach feadh an lae. BIADH AGUS BEATHA. Ba bheag cnoc ná raibh clúduighthe le dair is beithe is caorthainn, ba bheag réidh 'na mong, ná bogach ná go raibh an coll, an cuileann is an ruaim ag fás ann. I dteannta féachaint bhreágh aoibhinn do thabhairt d'aghaidh na tíorach bhí na coillte úd an-oireamhnach agus úsáideach dos na daoinibh, mar d'fhuighbheadh an bhó féarach is fuithin imeasc na dtor sa gheimhreadh, d'fhuighbheadh na muca toradh as ubhlaibh na daire ar na cnocánaibh, agus tá ainmneacha ar áiteannaibh sa tír indiu do chuireann i gcuimhne dhúinn gur ghnáthach leis na sean-Éireannachaibh baill áirithe do bheith aca chum ba is muca is caoire do chur chum báin, mar atá Doirín na Muclach is Buaile na nDamh, is mar sin dóibh. Do bhailigheadh na daoine duilleabhar na gcrann chum easrach is leasughadh do dhéanam as, is ar theacht an gheimhridh do bhainidís an choirt de ghéagaibh chuid des na crannaibh agus an duilleabhar de'n ruaim, agus asta so do ghnídís dath ná sguirfeadh as éadach faid do bheadh luid de'n éadach soin le chéile. Ní hé amháin go mbíodh teine mhaith aca as bhrosna is chríonlach na
gcoillte, acht ní raibh éan easba troscáin tighe ortha, inar bhí adhmad go flúirseach. Deir an tsean-stair gur bh'ionmholta an obair na machairí do réidhteach is na toir is na crainn do gearradh dhíobh i gcomhair síl do chur ionnta, agus go mbíodh na taoisigh is ríghthe na gcúigeadh dá ngríosacht ag an Árd-Rígh chum na hoibre seo do dhéanamh; acht ní léightear i n-aon bhall go raibh cead ag éinne na cnuic ná na hárdáin do sgúbhadh de chrannaibh, agus níor déineadh a leitéid sin de scrios faid do bhí Éire fá chúram is fá choimirc a dlighthe dúthchais féin. Dá dheascaibh sin bhí tír na hÉireann níos folláine do dhaoinibh is d'ainmhidhthibh 'ná mar atá sí indiu. Bhí sí níos teo, agus ní raibh sí chomh tais is tá sí indiu. An ceo is an ceobhrán d'eirigheann as aghaidh na fairrge is do scuabann thar mhaolaibh na gcnoc is do thuiteann 'na bháistigh ins na gleanntaibh, do tharraingeadh crainn na gcnoc anuas chucha an fliuchán soin, do shúghadh a gcuid duilleabhair isteach é, agus ba bheag braon de do thuiteadh i ngleann ná i gcúm mara dtiocfadh sé i riocht nó i bhfoirm drúchta san oidhche. Do réir dheallraimh bhíodh droch-uain ann uaireannta, síon is sneachta is báisteach is gaoth mhór fá mar a bhíonn indiu, bhíodh an geimhreadh níos fuaire is an séasúr níos teo, acht ní thagadh an droch-uain chomh minic is thagann sí indiu nuair atá na cnuic maola gan crann gan fuithin; agus is é mo thuairim agus tuairim a láin eile ná beidh Éire chomh tirm ná chomh folláin is bhí sí fad ó go mbeidh na cnuic is na sléibhte clúduighthe arís le toraibh is le crannaibh. Dála an bhídh do bhíodh ag muinntir na tuaithe, is é an biadh is flúirsighe bhí aca ná min-choirce, agus d'ithidís í amh (nó fuar mar adéarfá). Thógadh gach duine a chuid féin — sé sin líonadh sé mias adhmaid as mhála leathair lán de mhin-choirce bhíodh suidhte ar lár búird. Bhíodh liach nó spiún adhmaid aige, thógadh sé goballach as mhéis ime agus mheascadh sé leis an mhin-choirce é,
agus mar annlann bhíodh cadain bainne aige. Is annamh do beirbhthí an mhin-choirce sin acht do dhaoinibh óga agus do tugthaoi dhóibh sin í'na leitin, agus mar annlann lei d'fhaghaidís bainne nó im nó mil, mar bhíodh mórán meala aca sa tsean-aimsir toisc go raibh beacha míne agus beacha fiadhaine go flúirseach ann. Ar laetheanntaibh áirithe sa tseachtmhain bhíodh arán cruithneachta agus mil aca agus gruth agus cáisc, agus ba bhocht an teaghlach ná raibh i gcumas mart nó muc do bheith ar salann aca. Ní bhíodh feoil aca gach aon lá, ná ag cuid aca uair sa tseachtmhain, acht bhí na fir saidhbhre fial agus is an-annamh do bhíodh easba bídh ar an té ba bhoichte. Ní gábhadh dh'áireamh go raibh togha bídh is dighe i dtigthibh na dtaoiseach agus na ríghthe; bhíodh fíon is beoir ar bórd ann, agus i dteannta mairtfheola is muicfheola, laoigh- fheola is caoirfheola, bhíodh éanlaithe míne is fiadhaine, tuirc is bruic is girrfhiaidhthe aca, mar bhí dúil thar bárr ag taoiseachaibh Éireann i bhfiadhach. Toisc na dúile sin do bhí aca i sealgaireacht bhíodh formad aca le chéile féachaint cia aca go mbeadh na capaill is na coin do b'fheárr agus do réir mo thuairime do ba comórtas de'n tsaghas soin fé ndeara ná raibh aon chapaill ná aon ghadhair fiadhaigh le fágháil ar domhan ní b'fheárr ná bhí i nÉirinn. I n-aimsir bhainríoghna Eilíse bhronn Perrot — fear ionaid Shasana i nÉirinn — capall dhiallaite ar Mhac Uilliam. Cheannuigh sé an capall soin i gCúige Mumhan agus deir sé gur chosain sí míle punnt. Is cosmhail an méid sin le hocht míle punnt d'airgead an lae indiu. Bhí macsamhail an chapaill sin go flúirseach i nÉirinn an uair sin, agus capaill ba luachmhaire go mór ná í. Níor bh'fhiú trácht tháirsi i n-aon-chor acht mar sholuidhe ar luach capall na dtaoiseach i nÉirinn leis an linn úd, agus ní chuirfidhe i gcomórtas í i n-aon-chor leis an each mear cuthaigh do bhí fá Sheaghán an Díomais, go nglaodhtaidhe Mac an fhiolair uirthi. Tá trácht thar capallaibh i stair na
hÉireann ó'n "Liath Macha," each cogaidh Chonculainn, i leith trés na haoisibh. Tá cunntas ag Franncach ar each cogaidh ba leis an laoch úd nár buadhadh riamh air — Art Mac Murchadha, rí Laighean, agus deir an Franncach úd go bhfeachaidh sé Art ag déanamh ortha le fánaidh chliatháin cnuic ar mhuin an eich sin, agus nár luigh sé féin súil ar éan ná ainmhidhe eile ar feadh a shaoghail ag cur bóthair de chomh mear. Dá mhéid é teist na nÉireannach i dtaobh a gcapall ba mhó go mór é i dtaobh a ngadhar fiadhaigh. Bhí an míol-chú chomh láidir sin is go muirbheochadh aon cheann amháin aca mactíre. I n-aimsir Néill Naoi-Ghiallaigh rí Éireann, beireadh trí chinn aca go cathair na Róimhe, agus nuair do chonnaic na daoine annsúd ar an tsráid iad dhúnadar na doirse ortha féin le heagla, mar shíleadar gur bha beithidhigh allta na míol-choin sin as Éirinn. Ba chosamhail an faitchíos soin na Rómhánach leis an phreib do baineadh as rígh Dhelthi na nIndiacha Thoir dhá chéad déag bliadhain 'na dhiaidh súd nuair do bhronn ceannuightheoir ó Lonndain dhá mhíol-chú air, agus ba shuarach nár chuaidh cuallacht an ríogh soin i laige nuair do chonncadar na gadhair úd. Goideadh an chuid ba mó des na conaibh iongantacha úd as Éirinn i n-aimsir cogaidh is coimheascair, agus ní fhuil le fagháil indiu acht fó-cheann dá síol agus ní bhfuilid sin féin chomh mór ná chomh láidir leis na míol-chonaibh do bhí i nÉirinn fad ó. Ní bhfuil aon ghnó dhíobh leis mar do bhí an uair úd, mar bhíodh na mictíre go cíocrach lasmuich istoidhche, agus ba bheag an mhaitheas sleagh do chaitheamh leo toisc go rabhadar chomh tapaidh is chomh faireach soin nár bhféidir teacht i ngaor dóibh le sleigh. Ní raibh uirlisí lámhacha i nÉirinn sa tsean-aimsir ná i n-aon tír eile acht chomh beag, acht do shíolruigh na hÉireannaigh le togha eolais an míol-chú as conaibh eile agus is maith an teist agus an comhartha ar a ngéarchúiseacht
a leithéid de gadhar do shíolrughadh mar bhí sé féin i n-aonar i n-ann ar mhactíre do leagadh. Bhí a leithéid sin de chion ag na hÉireannachaibh ar an míol-choin, agus a leithéid sin de mheas aca ar a chródhacht agus a thréineacht, nár mhisde leo "cú" do thabhairt mar ainm ar thaoiseachaibh toirteamhla tréan- mhara mar atá Cúchonnacht ina ainm go coitcheann imeasc chlainne Maguidhir, agus Cú Uladh ina ainm chreid- eamhnach imeasc sloinnte uaisle eile i dtuaiscirt Éireann. Cuir i gcás gurab ionann i n-intinn na nÉireannach an focal "cú" agus "laoch," is inmheasta gur bh'ionmhain leo i gcomhnaidhe fear neamh-eaglach, agus tá an teist sin ortha ó'n gcéad uair do chloisimíd trácht ortha i stair na hEorpa. "Nách mórdhálach mór-chúiseach iad na Ceiltigh," arsa Alasdrom na nGréag, trí céad bliadhan is breis roimh ghein Chríost nuair do thug sé cuireadh dhá dtaoiseachaibh le haghaidh caradais do dhéanamh leo agus dubhradar leis go mac- ánta go raibh báidh aca leis, acht ná raibh éan eagla ortha roimh aon dream ar dhruim an domhain. Do ba d'aon treibh amháin an treibh neamh-eaglach soin do labhair le hAlasdrom agus an treibh do ghabh Éire na céadta bliadhan roimhe sin, mar bhí ríghthe go buannach ar Chnoc na Teamhrach i bhfad sul ar chualathas trácht sa tsaoghal ar Alasdrom na nGréag. Ní féidir a rádh go beacht cá chuin do shuidh an chéad rí ar Teamhair, acht is inmheasta gur de threibh Fhear mBolg é, agus do réir an áirimh is cruinne, do cualathas ordughadh an Áird-Ríogh i dTeamhair míle bliadhain roimh Chríost. Bhí daoine roimhe sin i nÉirinn, acht cia'r bh'iad nó cá'rbh as iad ní féidir linn a rádh anois. Fuightear anois is arís crocáin is soitheacha tighe déanta as cré fá thalamh cois fairrge is fá ghainimh ar chnocánaibh, is cnámha éisc is ainmhidhthe, is tuaghanna is ceap-óird déanta de chloich, is rianta eile do theasbánann dúinn go raibh daoine 'na gcomhnaidhe i nÉirinn mílte bliadhan sul a gcloisimíd trácht thar ríghthibh na Teamh-
rach, acht ní féidir linn leis an eolas atá againn anois aon tuairisc cheart do thabhairt ortha. Chímíd as chrom-leacht suidhte annso is annsúd ar mhullaighibh cnoc go raibh nós ag na Sean-Éireannachaibh a ndaoine móra uaisle d'adhlacadh ar árdánaibh aon- racha mar a mbíonn an ghaoth ag caoineadh timcheall a n-uaighe. Ní fhuil aon tuairisc i n-aon stair atá againn go ndóighidís cuirp a marbh, acht fuightear luaithre i soitheachaibh cré do theasbánann dúinn go soléir gur bh'é sin a nós le n-a mairbh do chur, i bhfad insna ciantaibh — níos sia siar ná thugann aon scríbhinn cunntas dúinn. Tugann na scríbhne sin mórán cunntais dúinn ar imtheachtaibh na Sean-Éireannach, agus gidh go bhfuil lúb ar lár i bhfus is thall sa chunntas soin, is mór an iongnadh go bhfuil sé chomh cruinn is chomh beacht is tá sé, cuir i gcás go raibh buaidhirt is achrann i nÉirinn leis na céadtaibh bliadhan is go mbíodh sé riachtanach ar an té 'mbadh leis na scríbhne is na leabhair staireamhla iad do chur i bhfolach i n-áit- eachaibh ná geobhadh an scriosadóir greim ortha agus go dtagadh an clúmh liath ortha annsoin agus go lobhaidís. Is le duadh do congbhuidheadh an méid aca atá againn agus dóigheadh is báthadh na mílte ceann aca, acht dá aindeoin sin ní fhuil aon tír eile go bhfuil tuairisc aici ar thosach a staire chomh cruinn is tá againne, ní fhuil tír le fágháil go bhfuil an oiread scríbhne cnuasuighthe aici ná a cuid lámh-scríbhne chomh húghdar- ásach. Ní fiú sean-scríbhne aon tíre eile do chur i gcomórtas leis an smut atá againn de'n Leabhar Laighneach, de Leabhar na hUidhre, agus de Leabhraibh Leacan, agus go mór-mhór le hAnnálaibh na hÉireann do bhailigh na Cheithre Mháighistir. Ní fhuil ionnta so mar sin féin acht cuid bheag de leabhraibh Éireann acht d'éis sin 's eile, is mór an ceann suas do thír a leithéidí de leabhraibh do bhaint léi. Ní mholaid an tuairisc atá ionnta tréithe na hÉireann acht pé áit go dtuilleadh na hÉireannaigh é, agus cáinid siad go
minic na daoine, mar teasbánaid a n-olc agus a maith — a mbruigheanta le chéile, a mailís dá chéile, a gcuid feill ar a chéile, acht 'na theannta soin a bhféileacht agus a bhfearamhlacht, a n-intinn agus a gcalmacht, a ndúil i léigheann agus i gceol, a n-urraim d'fhearaibh foghlumtha, a gcion ar a gcreid- eamh, a ndéirceamhlacht agus a dtruaighmhéil do'n easlán. Má shoillsigheann na scríbhne droch-chleachta chuid de na daoinibh ní le fonn loicht d'fhágháil ortha do ghnídhid siad é, mar ghnídh úghdair bhréagacha Shasana, acht chuireadar rómpa corp-lár na fírinne d'innsint, agus tuillid siad 'na thaobh soin urraim is cumann na nÉireannach go léir indiu. Níor bh'iad na hÉireannaigh amháin do bhí cionntach is droch-chleachtach sa tsean- aimsir, mar bhí a gcomharsain seacht n-uaire níos measa 'ná iad, acht ní raibh na báird ná na scríbhneoirí 'na measc le trácht thar a dtréithibh, agus is beag é ár dtuairisc ortha. Fá mar adeir úghdar Sasanach, bhíodh na Sasanaigh ag gráscar is ag feannadh a chéile, ag goid is ag fuadach, ag imirt fheill ar a chéile agus ag tabhairt nimhe dhá chéile, acht ba chosmhail é le coimheas- car priachán is cág mar ná raibh an bárd is an t-ollamh 'na measc do chuirfeadh le chéile an rann ghlórach is an rosc catha do léighfidhe go fonnmhar bliadhanta 'ndiaidh bháis an úghdair
AN CEATHRAMHAD CEANN SINN FÉIN. Ní fhuil aon tuairisc is cruinne ná is inchreidte ar Éirinn ná tuairisc na sean-úghdar Gaedhealacha. Nuair do scríobhadar a dtuairiscí ins an tsean- aimsir ní raibh coinne aca go dtiocfadh scuaine Gall 'na ndiaidh do thabharfadh easonóir dóibh féin is dá scríbhnibh is do bhréagnóchadh iad os comhair an tsaoghail. Mar sin féin, sin mar do thárluigh. Ní raibh Sasanach do scríobh ar Éirinn ó Ghearóit de Barra ins an dara haois déag go dtí Séamus Froude ins an naomhadh aois déag nár ghnídh iarracht ar a ingne salacha do thiomáint thré súilibh na hÉireann. Níor leigeadh leo é, ámh. Ní raibh an Druimfhionn Donn Dílis riamh gan cosantóir ó Sheathrún Céitinn i leith. Cionnas atá an bhruighean ag dul indiu? Tá go bhfuil an sgríbhneoir Gallda ag dul chum deiridh agus an scoláire Gaedhealach ag borradh. Tá congnamh aige-sean leis nách raibh aige roimhe seo, mar tá scoláirí na hEorpa ag tabhairt cabhartha dhó, agus meastar go raibh an ceart ag sean-úghdaraibh na hÉireann ó thúis agus go bhfuil croth na fírinne ar a scríbhnibh. Tá ceann aca súd do thráchtann thar chogaidhibh Bhriain Bhóirmhe leis na Lochlannachaibh, agus deir an scríbhinn sin gur fearadh cath Chluaintairbh feadh an lae ó lán taoide go taoide ar Aoine an Chéasta ins an mbliadhain deich gcéad is ceathair déag. Fan anois, cuirimís fá theist dearbhtha an cunntas soin, arsa scoláire le n-ár linn-ne dár bh'ainm Todd, agus ar impidhe an scoláire sin d'áirimh ealadhantóir dár bh'ainm Samuel Haughton uaire trágha is taoide ar feadh naoi gcéad bliadhan uainn siar. Seo mar adeir
an t-ealadhantóir cruinn sin — bhí an taoide lán ar maidin an lae úd ag coradh Chluaintairbh ar a sé a' chlog agus ar a ceathramhadh d'éis a sé um thráthnóna. Is iomdha deist eile atá tabhartha ar chruinneacht is fírinne na scríbhne staireamhla, acht ní beag linn an méid sin an cor so, mar sin é an saghas áirimh do theasbánann do'n ghiústa Gallda gur dó féin is measa má chuireann sé fé sean-stair na hÉireann do bhréagnughadh. Deir an stair sin linn go dtáinig Pártholán, Clann Neimhidh, na Fir Bholg, Tuatha De Danann, agus Clann Mhíleadh go hÉirinn roimh gein Chríost, agus gidh go dtárlóchadh go bhfuil lúb ar lár ins na dátaíbh fá mar atá i ndátaíbh stair an domhain ní chuireann soin ná go bhfuil corp na fírinne ins na scéaltaibh sin siúd is go bhfuil fáithchim finnscéalach i bhfus is thall ortha do chuireann blas breágh binn ortha. D'réir na n-úghdar is úghdarásaighe indiu bhí impireacht mhór chumhachtach ag na Ceilteachaibh ar mhór- thír na hEorpa. Bhí na Gearmánaigh fá smacht aca agus an iomad treabha eile, agus bhí a seal sa tsaoghal aca, a sonas is a ndonas, a suairceas is a nduairceas, fá mar do bhí ag na Gréagachaibh is na Rómhánachaibh cumhachtacha, fá mar do bhí ag impireacht na Spáinne le déidheannaighe, fá mar atá ag impireacht na Breataine indiu, fá mar do bheidh ag gach impireacht eile go deireadh an domhain — seal i saidhbhreas go dtigidh an daidhbhreas, tamall i n-ádh go dtigidh an mí-adh. Bhíodh fonn siubhlóide ar dhaoinibh fá mar tá indiu. Do thárluigh go raibh fonn siubhlóide ar chuid de sna Ceilteachaibh úd leis. Bhí cead a gcos aca sa bhaile, mar shín a dtír trasna na hEorpa ó imeall-bhordaibh na Spáinne thiar go dtí an Mhuir Dhubh thoir, acht mar sin féin ní raibh slighe a ndóthain ag cuid aca ann dar leo, agus níor bh'eol dóibh gan a mbáid do ghléasadh agus bualadh amach ar an aigéan mór ngorm nguirt laistiar. Do shroicheadar an Bhreatain, do shroich
cuid aca Éire, agus chuireadar fútha ann. Is deallrathach go raibh daoine rómpa i nÉirinn agus i mBreatain, agus go raibh cath eatortha féin agus na daoine deorata, acht do réir mar tuigthear an scéal do bhuaidh na daoine deorata ar na háiteoríbh mar bhí togha an eolais ag na Ceilteachaibh ar an gcomhrac. Chualathas imeasc na gCeilteach ar tír na hEorpa gur shroich cuid dá ndaoinibh oileán thiar thuaidh sa bhfairrge, agus go rabhadar 'na gcomhnaidhe ann, agus do cheap cuid aca dul fá n-a ndéin. Bhí níos mó de'n chéad dream suidhte i mBreatain 'ná mar do bhí i nÉirinn, agus ba bheag é a bhfáilte roimh aon chomhluadar eile as roinn na hEorpa, agus dá dheascaibh sin do b'éigean dos gach buidhean Cheilteach go mb'eol leo a mbaile dúthchais ar roinn na hEorpa d'fhágaint, a n-aghaidh do thabhairt ar Éirinn — an t-oileán coillteach cnómhar do shuidheann thiar ar bárr na tuinne mar a dtéidheann an ghrian fé. Do sheasaimh cumhacht agus saoirseacht na gCeilteach i nÉirinn dhá chéad déag bliadhain níos sia 'ná saoir- seacht na gCeilteach i mBreatain. Bhí deifir mhór eatortha so agus na Ceiltigh i nÉirinn, agus ní cheapaim gur cóir Ceiltigh do thabhairt ar mhuinntir na hÉireann i n-aon chor, acht Gaedhil. Is cosmhail na Ceiltigh seo leis na Fearaibh Bolg ar dhéanamh is ar chúntanós, agus gidh go dtángadar féin agus na Gaedhil as aon impireacht amháin agus as aon náisiún amháin, mar sin féin ní raibh aon deallramh aca le chéile, acht fá mar atá ag an nGearmáineach leis an Spáinneach. Bhí na Ceiltigh i mBreatain cruaidh fuinneamhail, acht ní rabhadar téagartha taiceach fá mar do bhí na Gaedhil. Níor chongbhuigheadar a saoirseacht i bhfad, mar bhris na Rómhánaigh ortha i n-aimsir Iúil Caesar agus níor éirgheadar ó shoin; agus ní túisce bhí na Rómhánaigh scartha leo 'ná gur scrios na Sacsain iad.
Tháinig na Lochlannaigh 'na dhiaidh sin agus chiseadar ar na Sacsanaibh is na Breathnaighibh, agus 'na dhiaidh sin fós do mheil na Normánaigh gach uile Bhreathnach, Lochlannach is Sacsan nár ghéill, acht ba bheag duine aca nár ghéill d'éis na céad bhruighne, mar ba ghnáthach le muinntir na tíorach soin, mar ní tháinig aon namhaid riamh ar tír i Sasana nach rug an buaidh gan mhoill. Ní cosmhail an stair sin i n-aon chor le stair na hÉireann, mar is deacair le muinntir na tíre sin é admháil go ngéillfidís d'aon dream eile. Is mar a chéile iad fein agus a sinnsir ar an gcuma soin. Do throid na Fir Bholg le Tuathaibh Dé Danann i bhfad, agus Tuatha Dé Danann le Clainn Mhíleadh, mar do b'éigin dos gach drong do fuair buannacht ar Éirinn troid le muinntir na tíre sin. Is mór an deallramh atá ag Tuathaibh Dé Danann leis na sean-Ghréagaibh. Bhí an teist amuich ortha go raibh eolas cruinn is ealadhnacht aca, nó draoidheacht mar adéarfaidhe, agus dar liom is ar theorannaibh na Gréige do chomhnuigheadar, agus is ós na Gréagaibh do fuaradar mórán dá n-eolas. Is le hiomad a n-eolais do chiseadar ar na Fearaibh mBolg i nÉirinn — le géireacht a n-arm is le cruinn- eacht a n-intinne, agus ceapaim gur bh'fheárr iad mar bhun-phréimh do shliocht na hÉireann 'ná Clann Mhíleadh do fuair an lámh uachtair ortha, mar gidh go raibh tréithe maithe ins an gClainn Mhíleadh soin bhíodar droch-aigeantach dá chéile agus éadmhar le chéile ó thosach a staire, agus tugtha chum imris. Bhíodar an-láidir i gcorp agus fionna-ruadh i bpearsain. Bhí, d'réir mar thuigim, Tuatha Dé Danann fionn agus caol-árd, agus aighthe fada ortha, agus bhí na Fir Bholg gearraid teann-chorpac, a ngruaig dubh, a gcúntanós ceatach. Is iad na haicmí sin sinnsir Gaedheal an lae indiu, gidh go bhfuil sreabh as fhuil Lochlannach, Nor-
mánach, Sasanac agus fíor-bheagán Spáinneach meascuighthe leo, acht is d'fhuil Chlainne Mhíleadh is Fear mBolg a bhfurmhór, mar ní raibh Tuatha Dé Danann riamh chomh líonmhar leis an dá threibh sin, agus toisc ná raibh mórán aca ann do b'é tuairim na nGaedheal gur atharruigh Tuatha Dé Danann iad féin le draoidheacht ina síoth- fraíbh, agus gur chomhnuigheadar feasta i bpálásaibh fá chnocaibh, d'éis Clann Mhíleadh do bhuadhadh ortha, acht ní fhuil sa méid sin acht finnscéalacht. Tháinig cuid des na buidheantaibh úd go hÉirinn tar éis comhnaidhthe dhóibh seal i mBreatain, agus tháinig a thuilleadh aca díreach ó mhór-thír na hEorpa. Ní fhuil aon ughdarás le n-a rádh nár sheol Clann Mhíleadh ó'n Spáinn fá mar adeir béal-oideas na nGaedheal agus a sean-scríbhne é. Bhí aithne mhaith ag na Cartágaighibh ar chaladh-phortaibh na hEireann sul ar tháinig Clann Mhíleadh ann, agus rug na Cartágaigh chéadna soin ar an Spáinn le fóir- éigean, acht bhris na Gaedhil ortha annsúd agus thiomáin- eadar amach as an Spáinn iad. Do thárluigh gur bh'é an taoiseach airm do bhí ar na Gaedhealaibh annsúd 'ná Míleadh do bhronn a ainm ar na buidheantaibh do tháinig uaidh. Ní mó 'ná gur fírinne na sean-scéalta d'innsithear ar an Míleadh soin agus ar a chogaidhibh insan Éigipt agus ar bhualadh do Ghaedheal Ghlas roimh Mhaoise agus na Giúdaighibh, agus gur ó'n nGaedhael Glas soin do shloinntear Clann na nGaedheal indiu. Chímíd uainn i bhfad siar ins na ciantaibh ár sinnsir, chomh fada uainn sin is go samhluighmíd gur scáileanna cuid aca, acht fá mar do scaipeann taithneamh na gréine an ceo de mhullaighibh na gcnoc scaipfidh lonnracht an léighinn Ghaedhealaigh na púicíní dubha as ár súilíbh, agus chífimíd arís ár n-athaireacha romhainn fá mar do bhíodar ar an saoghal so.
AN CÚIGEADH CEANN. DLIGHE IS NÓS. Fá mar do theasbántar ins an tSeanchus Mór agus i Leabhar Aicill, bhí dlighe is riaghail ag riarughadh bheatha na nGaedheal, agus is é feabhas na dlighe sin agus a hoireamh- nacht do bhéasaibh agus méin na nGaedheal an teist is soiléire agus is dearbhtha go raibh míneachas ag baint le n-ár sinnsear i bhfad de bhliadhantaibh sul ar geineadh Críost. Ní féidir d'éin-treibh a saoghal do chaitheamh i gcuid- eachta a chéile gan saghas éigin dlighe do thabharfadh cóir is ceart do'n bhfear lag, agus do réir mar airighim bhí dlighthe na nGaedheal ceapuighthe ó thúis i gcás go gcuirfidís 'fhiachaibh ar an bhfear saidhbhir sainnteach gan brughadh isteach ar an bhfear mbocht. Ní fhuil sé do réir nádúir gur bh'iad na daoine móra cumhachtacha imeasc na nGaedheal do chúm is do cheap na dlighthe sin, mar má scaoiltear a gceann le huaislibh ceapfaid siad dlighthe do bheidh buntáisteach dóibh féin. Dá réir sin measaim gur bh'iad muinntir na hÉireann go léir i gcoitchiantacht fá ndeara na ndlighthe atá curtha síos ins an tSeanchus Mór do chúmadh agus nách cóir iad do chur i leith na n-ollamhan ná na righthe ar leithshlighidh, siúd is go dtugadar soin congnamh chum snais is brígh do chur sa dlighe sin agus chum a déanta oireamhnach do réir tola na ndaoine go léir. Is dá dheascaibh sin, fá mar do thuigim, go mbíodh Feis ar Chnoc na Teamhrach i gcás
gach smut nó roinnt do chuirtí le dlighe na hÉireann do thabhairt fá mhachtnamh na n-ollamhan is fá úghdarás an Áird-Ríogh, mar bhí an dlighe seo na hÉireann ag fás leis na ciantaibh, blúire le blúire. Níor cúmadh dlighthe na hÉireann i mbliadhain ná i míle bliadhain mar d'fhás sí as nósaib fá mar d'fhás dlighe na Rómhánach, agus deirthear gur fhuinn agus gur fhuaghuigh Ollamh Fódla, rí Éireann, í i bhfad siar ins na haoisibh fá már d'fhuinn Iustiniánais dlighe na Rómhánach. Do b'é bun is barr na ndlighthe sin go raibh saor-chlanna na hÉireann saor dáríribh, gur bha leo an tír agus a raibh innti, agus ná raibh sé dleaghthach d'éinne, bíod sé 'na thaoiseach nó fós 'na rígh, cur ortha gan a dtoil féin. I gcás go mbeadh sochar as an oighreacht soin do geal- ladh dos gach duine aca ar a theacht ar an saoghal, ní raibh cor 'na mbeatha ó luaisceadh sa chliabhán iad gur cuireadh sa chomhrainn iad nách bhfuil dlighe léirighthe dhó ins an tSeanchus Mór. Tá cuid des na dlighthibh sin, dar linne indiu, chomh neamh-thairbheach is chomh suarach soin gur dóich linn go raibh ár sinnsir foluighthe le riaghlachaibh dlighe ó bhonn coise go bathas cinn, acht ní mar a tuigthear anois do tuigthí an uair sin. Bhí daor-chlanna i nÉirinn chomh mhaith le saor- chlannaibh, agus gidh go raibh saghas cirt do réir dlighe aca- san leis — do b'fhéidir dóibh a saoirseacht d'fhágháil ar choingheallaibh — mar sin féin bhí a mbeatha cruaidh agus a saoghal ar bheagán suaircis. Braighde do tógthaoi aimsir cogaidh i gcéin do b'eadh a bhfurmhór, agus ní raibh déanamh na dlighe aca-san fá mar do bhí ag na saor-chlannaibh, acht ní cuirtí chum báis ná chum braighdinis iad, ní bhíodh easba bídh ná dighe ortha, acht bhíodh sclábhaidheacht throm aca le déanamh — ag rómhar talmhan, ag gearradh adhmaid, ag meilt eorna is arbhair, ag déanamh tighthe, ag crúdhadh
bó, ag déanamh cuiginne, is gan puinn sochair aca as a gcuid oibre. Do ghnídheadh na saor-chlanna obair leis, cuid aca ag cur is ag baint, cuid aca le céird, cuid aca 'na maoraibh. Ní bhíodh an obair chomh cruaidh sin ar aon treibh do bhí saidhbhir a ndóthain chum daor-chlanna do bheathughadh. Mar sin féin, do bhíodh cruadhtain eile ortha seachas saothar chum bídh is éadaigh do sholáthar dóibh féin, mar gidh gur leis gach treibh i gcoitchiantacht an ceanntar ina gcomhnuighidís agus go raibh cead aca, do réir nóis, a dtaoiseach do thoghadh asta féin, ní fhágadh soin ná go mbíodh buidhean éigin eile 'na gcomharsanacht ag cur isteach ortha, agus ag sanntughadh a saidhbhris. Dá dheascaibh sin bhíodh achrann eatortha féin agus a gcomharsain go minic, agus do b'é deire an scéil é go gciseadh dream éigin aca ar an ndream eile. Do thárlóchadh leis ar an gcuma soin go mbeadh treibh seascair saidhbhir ar aon bhliadhain amháin, agus ar an mbliadhain do bhí chucha bheidís sgriosta ag buidhin éigin níos treise ná iad, agus fá bhuannacht aca-san. Do b'shin é an fáth go raibh sé riachtanach ar gach fear bheith i n-ann ar chomhrac le claidheamh is sleagh, agus ba cuid dá bhfoghluim an aicillidheacht soin le harmaibh catha. Badh dhóich le duine gur dheacair síothcháin do bheith sa tír toisc an méid fear n-arm do bhí innti. Níor mhar sin é, ámh. Is fíor go bhfuil cunntas ar bhruigh- eantaibh is achrann i sean-stair na hÉireann, acht mar sin féin ní bhíodh comhrac ann chomh minic agus is dóich le n-a lán; mar pé áit go raibh dhá threibh comh-láidir, comh-armtha. Bhíodh faitchíos ortha dul i n-aghaidh a chéile, agus bhíodh síothcháin eatortha. Bhí Éire leis roinnte 'na cúigíbh agus rí ar gach cúige aca, agus do b'é a thoil na taoisigh bhorba do bhí fé do chongbháil as céasaibh a chéile, mar do b'iad na taoisigh sin ceann na
treibhe agus bhí gach duine de'n treibh umhal dá thaoiseach féin — umhal go bás. Bhí na taoisigh umhal do'n rígh cúige, agus an rí cúige umhal do'n Áird- Rígh, agus ba bhreágh ciallmhar an nós é sin chum tíre do dhlúth-cheangal i gcaradas dá ngéillfidhe do'n nós. Acht ní ghéilltí acht go hannamh, mar pé uair go raibh rí neartamhail buadhthach borb ar chúige, do mhachtnóchadh sé leis féin gur chóir dó bheith 'na Áird- Rígh ar Chnoc na Teamhrach. Is iomdha braon fola do doirteadh i nÉirinn mar gheall ar a leithéid sin de mhachtnamh shainnteamhail, mar ní raibh céim sa tsaoghal do b'uaisle 'ná righe na Teamhrach, agus ní raibh ball ar druim domhain, dar leis na hÉireannaighibh, do b'onóraighe ná ba naomhtha 'ná Teamhair féin. Dá réir sin bhí súil gach ríogh cúige uirthi, agus gidh gur mhór é a urraim do'n Áird-Rígh ba mhó go mór a urraim do'n Teamhair agus a dhúil chum a bheith 'na cheann uirthi. Dá dheascaibh sin, ba an-shocair é saoghal ríghthe na Teamhrach, mar bhíodh taoiseach borb nó rí éigin ar tí gach cinn aca ó aois go haois, agus ba bheag duine aca fuair báis ar a leabaidh gidh go raibh saoghal fada 'gá lán aca. Do b'ionmhuin leis na daoinibh rí na Teamhrach, agus ba shoth leo dul 'na choinnibh, acht do b'é a nós leis na ciantaibh géilleadh dá dtaoiseachaibh féin, agus dá dtár- lóchadh go mbeadh a dtaoisigh féin amuich leis an Aird- Rígh bheadh sé riachtanach ortha féin bheith amuich leis mar an gcéadna. Ní heol dúinn gur éirigh na daoine riamh amach i gcoinnibh an Áird-Ríogh le n-a dtoil féin acht aon uair amháin. Ní ró-chruinn atá cunntas an éirghe amach soin amháin. Do thuit sé amach ins an gcéad aois ár dTighearna agus cuirtear i gcomórtas é le héirghe amach na nAttocoti sa Róimh. Deirthear gur bh'iad Tuathaigh
na hÉireann d'éirigh i n-aghaidh na n-uaisle, agus ní fhuil aon amhras ná go raibh cúis aca leis, mar is mór leis an Éireannach an duine uasal. Do bhí na huaisle ag cur ortha agus níor smachtuigh nó ní raibh sé i gcumas an Áird-Ríogh cosc do chur leis na huaislibh, agus do grigeadh na Tuathaigh gur cheapadar i gcomhairle fholuighthigh le chéile na huaisle úd do chur chum báis. Bhí intinn ghéar ag pé duine do stiúruigh iad, mar choimeádadar a rún go maith. "Ceann Cait" do tugadh mar leas- ainm ar a stiúrthóir, agus ní clos dúinn cia r díobh é, acht fear thar bárr do b'eadh é, mar gidh gur fear tuaithe do bhí ann, bhí an inntleacht aige do riar- uigheann daoine, agus do mhúineann agus do chuireann d'fhiachaibh ortha rud do dhéanamh air. Dá réir sin do bhailigh sé fleadh agus féasta le duadh is le costas, agus thug sé cuireadh dos na huaislibh go léir teacht 'na chuibhreann, agus Rí na Teamhrach ar a gceann. Bhíothas ag fágháil an fhéasta soin ullamh ar feadh bliadhna, agus níor chuir éinne cogar i gcluais na n-uaisle cad do bhí 'na gcomhair seachas bídh gur shuidh an math- shluagh áird-réimeach úd chum búird, agus i lár an aoibhnis do phreab Ceann Cait agus a fheara claidhimh ortha agus níor fhágadar aithid aca beo acht aon leanbh amháin do dearmadadh ar Teamhair. Rinneadh rí de Cheann Cait agus sciobadh le banaltrain éigin an leanbh ríoghamhail thar sáile. Deir Tacitus gur bhuail prionnsa óg ó Éirinn le hAgricola, taoiseach na Rómhánach, faid do bhí an Rómhánach soin go caithréimeach i nAlbain i ndeireadh an chéad aois ár dTighearna, agus gur iarr sé congnamh ar an Rómhánach chum ríoghacht na hÉireann do bhaint amach dó. Deir an sgríbhneoir sin Tacitus go raibh níos mó aithne ag an ndomhan an uair sin ar chaladh-phortaibh na hÉireann ná mar do bhí ar chaladh- phortaibh na Breataine, agus go ndubhairt an prionnsa Éireannach ná teastóchadh uaidh acht aon leigiún amháin
do shaighdiúiríbh Rómhánacha chum Éireann do chlaoidhe. Tuigthear as soin go raibh Éire lag an uair sin agus go raibh an prionnsa óg úd do bhí ar teicheadh aisti ar tí í dhíol leis na Rómhánachaibh, acht ní mar sin do bí i n-aon chor. Do b'é an prionnsa úd Tuathal Teacht- mhar do bhí 'na rígh chúmhachtach ghrádhmhar i dTeamhair 'na dhiaidh súd, agus nuair do bhí sé ag iarraidh conganta ar Agricola bhí fhios aige cad do bhí ag tuitim amach i nÉirinn, mar ní túisce fuair na Tuathaigh an buaidh 'ná gur ghabh aithreachas cuid aca agus chromadar ar uisce fá thalamh do dhéanamh i n-aghaidh Chinn Chait, agus ag guidhe go bhfillfeadh Tuathal chum a choda féin. Dubhradar ná raibh toradh ar crannaibh ná iasc ar líontaibh, go raibh na ba i ndísc is na caoirigh seasc, an láir gan searrach is an chráin gan ál, an bheach gan mil is an gas gan bláth, toisc go raibh an Ríogh-Dhamhna go huaigneach 'na dheoraidhe thar lear agus tuathach 'na bhuanna ar Theamhair na Ríogh. Fear láidir intinneamhail do b'eadh Ceann Cait. Do réir mar a mheasaim ba dheallramhach le Cruimil Shasana é. Do b'é a mhac, Módhrin Cóir, an breitheamh ba mhó cáil do bhí riamh i nÉirinn. Acht mar sin féin gidh go raibh an rí tuathach úd 'na fhear chumais bhí na daoine tuirseach de fá mar bhí na daoine i Sasana de Chruimil. Chualaidh Ceann Cait an siosmarnaigh, mhothuig sé an taoide ag éiriughadh 'na thimcheall, agus níor bh'é an saghas fir é do ghéillfeadh gan duadh. Bhain sé na cinn de mhórán aca so do labhair 'na choinnibh, acht níor leighis sin an scéal. Cuireadh chum báis fá dheireadh é agus bhí coimheascar i nÉirinn go ceann tamaill mhaith. Do riaghluigh dó nó trí rigthe i ndiaidh a chéile ar Teamhair, acht i gcionn tréimhse cuireadh fios ar Tuathal, an rí dlisteanach, agus tháinig sé.
FIGHEACHÁN RÍGHEACHTA. Fear géar-intinneach géar-chúiseach do b'eadh Tuathal Teachtmhar so do tugadh thar n-ais thar saile. Bhí ríghthe uaibhreacha ar Teamhair roimis, mar atá Conaire Mór agus a lán eile ná luaidhmíd annso. Mar sin féin, ní raibh aca mar fhearainn búird acht na triúcha céad do bhí cómhgarach do Theamhair, agus cé go raibh sé mar dhualgus ar na ríghthibh cuige cáin do thabhairt do'n Áird-Rígh do réir dlighe, agus roinnt fear gléasta chum na tíre do chosaint, ar a shon soin is eile dá dtárlóchadh go n-eiteochaidís é ní raibh sé ina chumas a chur fhiachaibh ortha rud do dhéanamh air. Lean an scéal mar so go dtí an bhliadhain 130 d'éis Chríost gur mhachtnuigh Tuathal gur chóir bheith neamh-spleádhach agus gan beann ar ríghthibh na gcúigí. Chuir sé ar bun buidhean armtha d'fhearaibh toghtha as gach áird i nÉirinn, agus do shloinnigh sé iad na Catha Féinne, agus as soin amach go dtí bás Chairbre Lifeachair i gcath dhearg Ghabhra, 297 D.C., céad is trí fichid bliadhain 'na dhiaidh súd, ní raibh aon chéim do b'uaisle le fear- tighe dá mhac 'na an mac soin do bheith 'na Fhéinnidh. Do leathnuigh Tuathal leis ceanntar na Teamhrach. Bhain sé gan bruighean ná achrann smut as cheithre cúige na hÉireann do bhuaileadh le chéile ag Aill na Miarann i nIar-Mhidhe, agus do shín cúige ríoghamhail na Midhe as soin amach go dtí teacht na Sasanach, ó'n tSionainn thiar go dtí an tsaile thoir. Bhí ar an gcuma soin buidheanta agus teallaighe do bhain leis féin amháin feasta ag rígh na Teamhrach gan brat aige ar
ríghthibh borba na gcúigí gur ghnáthach le ceann éigin ceann-dána aca ar uairibh gan rud do dhéanamh ar an Aird-Rígh acht le n-a thoil féin. Bhí urraim i gcomhnaidh do'n Áird-Rígh, agus bhí súil gach duine air féin is ar Theamhair, acht is minic leis na ciantaibh d'éirigh rí buannach borb cúige 'na choinnibh agus gur chuaidh sé de'n Áird-Rígh sin smacht do chur air Do thárluigh leis anois is arís go raibh dhá rígh láidir ar dhá chúige agus dúil ag ceann aca an ceann eile do chur fá chois, agus nách raibh sé i gcumas an Áird-Ríogh réidhtiughadh eatortha. Do b'é a leithéid sin de chonspóid d'éirigh idir an bhainrioghain árd-intinneach dána úd Méadhbh Chonnacht agus Conchubhar mac Neasa, rí Uladh, agus gur mhill an cogadh fuilteach do lean de thír na hÉireann ar feadh seacht mbliadhan gan sos. Ni raibh an rí óg calma do bhí ar Éirinn an uair sin — Cairbre Nia Fear nó Criomhthan Nia Náir, 74 D.C. — cumhachtach a dhóthain chum coisc do chur leis an gcogadh na gcarad úd. Chuir sé roimis Conchubhar mac Neasa do chur ar gcúl, acht níor éirigh leis mar thuit sé ins an ár ag Ros na Ríogh ag comhrac le Cúchulainn. Cloismíd Méadhbh na gcapall mbán agus na gcarbad ngeal, an bhean áluinn árd ruadh ghlas-shúileach gheal- chneasach, ag dúisiughadh Éireann thiar is theas i gcoinnibh Chonchubhair, ag gluaiseacht í féin ar cheann na slógh thré Ulaidh ag loscadh is ag cosgairt, ag cur Eamhna Macha, cathair ríóghamhail, fá theine agus ag bail- iughadh léi annsoin go buadhthach. Cloisimíd é seo agus mórán 'na theannta mar tá trácht go beacht ar chogadh na Tána 'nár sean-leabhraibh. Innistear go raibh mustar éigin idir Mheadhbh agus Aileall, a fear pósta, cois na teineadh ag ríogh-shuidhe Chruachna, agus gur mhaoidhimh sise go raibh sí níos saidhbhre 'ná a fear, mar ba léi a cuid spré fá mar ba leis
gach mnaoi eile a cuid saidhbhris féin i ndiaidh pósta dhi. Is mór an ceann suas do'n tSean-Ghaedheal go raibh na mná chomh neamh-spleádhach agus chomh sgurtha soin, mar bhí mná eile an domhain fá chuing 'gá bhfearaibh an aimsir sin. Acht bhí mná na Éireann ós na ciantaibh chomh-ionann le n-a bhfearaibh i gcéim agus i saoirseacht, agus muna mbeadh go raibh sé sin do réir dlighe, ní bheadh Meadhbh, siúd is gur bha bhainrioghain féin í, ag áireamh a cuid maoine agus 'gá cur i gcomórtas le maoin a fir. Acht d'éis an chomhairimh go léir, na seoide luachmhara, na bioráin is na deilgne óir, na falluingí síoda is olna ioldathacha, na troscáin tighe, na cuacha is na cuirn airgid, na heallaighe idir ba is capaill is caoirigh d'áirigheadh fá dheireadh go raibh aon tarbh amháin ag Aileall, an "Fionn-Bheannach" do glaodhtaoi air ná raibh a chosmhaileacht ag Meidhbh. "Tá aon tarbh amháin i nÉirinn do sháróchaidh an Fionn-Bheannach," ars' an bhean mhórdhálach, agus d'iarr sí ar iasacht ar Dháire, taoiseach Chuailgne i gCúige Uladh, an tarbh donn do bhí aige. Cloisimíd, dar linn-ne, i scéaltaibh na Tána an Donn Cuailgne úd ag búithrigh is ag géimrigh nuair do thóg Meadhbh agus a sluaighte leo é i n-aindeoin Dháire, már cé nar eitigh Dáire í ar dtúis innseadh dó go ndubhairt a teachtairí fá n-a nguth gur mhaise dhó gan Meadhbh d'eiteach mar go mbéarfadh sise léi an tarbh pé olc maith le Dáire é, agus dá dheascaibh sin thiomain an taoiseach go déaghair as a cheanntar na teachtairí sin nár chuir srian le n-a nguth. Buaileann Conchubhar mac Neasa a sciath agus bailigheann sé curaidh na Craoibhe Ruaidhe, an dream laoch ba thréine i nÉirinn, gidh go raibh curaidh tréana i gConnachtaibh chomh maith fá Chéad mac Mágaigh agus na Clanna Déaghtha, muinntir an ghaisgidhigh Chonraoi mac Dáire i gCúige Mumhan, agus na Laighnigh fá Mhéas- cáire chomh calma le haon aca.
Na scamaill sa spéir agus an mhúrabhán do bhí ag bailiughadh is ag dorchughadh le fada os cionn Chonchubhair mac Neasa i nEamhain Macha, do bhris sé 'na splanncachaibh fá dheireadh, agus cloisimíd glór na gclaidheamh is ceol na sleagh ar sciathaibh ar feadh seacht mbliadhan go raibh furmhór na dtaoiseach is na bhfear gcalma marbh. Tá Cúchulainn ann imeasc na Craoibhe Ruaidhe, an fear beag duairc dorcha go raibh a neart go léir, dar liom-sa, i lúthachaibh a bhall is a chroidhe, is nár hoileadh riamh i measc na nGaedheal laoch do gheobhadh air; tá Conall Ceárnach ann, an fear fionn mór-ghéagach leathan-ghuailneach go líonfadh mar deirthí a cheann buidhe-chrothánach sciathóg nó cis; tá Conchubhar mac Neasa féin ann, fear cruaidh caol-árd dathamhail ruadh; tá Laoghaire Buadhach ann, taiceach is garg, is Ceilteachar ná tabharfadh, fá mar dubhairt a namhaid an Bhainríoghain Meadhbh, a chúl ar fhearaibh Éireann go léir, iad-san ar aon taobh amháin agus eisean 'na aonar ar an taobh eile. Acht bhí fir Éireann 'na choinnibh agus i gcoinnibh Chonchubhair, ar feadh bliadhna go háirithe, mar i gcionn tamaill d'éirigh an chuid ba mhó de na Muimhneachaibh is cuid mhaith de na Laighnibh as an ngnó, mar ní raibh cúis ghearáin aca i gcoinnibh na Craoibhe Ruaidhe, acht amháin gur áitimh Meadhbh ortha cabhrughadh léi féin. Agus bhí cabhair aici leis nách raibh coinne aici leis, míle fear de'n Chraoibh Ruaidh féin fá stiúrughadh an chath-mhíleadh Feargus mac Róigh d'fhág Ulaidh mar gheall ar fheall Chonchubhair. Rugadh leanbh inghine ann gur fháistinigh na draoithe go ndoirtfidhe tuilthí fola 'na taobh dá bhfágfaidhe 'na beathaidh í, acht mar sin féin, i n-ionad an leinbh do chur chum báis fá mar do ceapadh, thóg Conchubhar chuige féin an leanbh soin, chuir sé ar leith-shlighidh í dá múineadh agus dá hoileadh i ngleann aoibhinn uaigneach le
haghaidh í phósadh nuair do bheadh sí 'na hainnir. Déirdre a hainm agus d'fhás sí 'na mnaoi ba bhreaghdha dá bhfeachaidh súil riamh. Dá chuthailighe do chongaibh Conchubhar í fuair sí radharc ar thaoiseach óg de'n Chraoibh Ruaidh dár bh'ainm Naoise, agus d'éaluigh sí leis go hAlbain. Thug Conchubhar maitheamhnas dóibh i gceann tamaill, chuir sé Fearghus mac Róigh mar urradh ag triall ortha, agus d'fhilleadar. Níor bha le toil na mná é acht ní chreidfeadh a fear ná go raibh coimirce Fhearghuis cumhachtach a dhóthain le hiad do chosaint ar gach guais, mar ní raibh fear le n-a linn ba ghlaine méin 'na an Fearghus úd. Tugad cuireadh ar an mbóthar d'Fhearghus chum féasta. Do ghoill sé air an cuireadh do ghlacadh, acht bhí sé fá gheasaibh gan cuireadh chum féasta d'eiteach agus bhí sé riachtanach air Déirdre agus a fear agus a gcomhluadar do scaoileadh roimis go hEamhain Macha mar ná raibh aon droch-ionntaoibh aige as Chonchubhar. Mar sin féin, ní túisce do shroicheadar Eamhain ná gur ghabh éad Conchubhar agus scaoil sé dream toghtha de'n Chraoibh Ruaidh fá Naoise agus a bheirt dearbhráthair agus beirt mhac Fhearghuis do bhí 'na gcuideachta. Do throid na leomhain i gcuibhreach go calma, bhaineadar na cinn de mórán de'n Chraoibh Ruaidh, acht marbhuigheadh an triúr deirbhráthair agus mac le Fearghus. Ba mhór an ceann fé agus an tubaiste do Chonchubhar Rí Uladh an choir sin, mar tháinig Fearghus go cúthach agus chrom sé féin agus an méid de'n Craoibh Ruaidh do lean a bhrat, ar Chonchubhar agus bhí buadhairt is caoi i nEamhain Macha 'na ndiaidh. Bhí gol ban ar feadh na seacht mbliadhan do fearadh cogadh na Tána agus caointe go leor acht ní fhuil caoineadh dhíobh go léir is dubrónaighe 'ná briseadh croidhe Dhéirdre os cionn cuirp chréachta a fir. Is iomdha baintreabhach eile do chaoin a fear leis an uair úd agus ó shoin chomh maith, acht mar sin féin ní
chuimhnighthear ar a mbrón chomh soiléir le nuall-dhubhadh Dhéirdre i ndiaidh clainne Uisnigh. Is cosmhail an lúigh uaigneach úd do ghabhann anuas chughainn as na ciantaibh le feaduigheal gaoithe ist oidhche thré chuasaibh dubha cois fairrge. Seo cuid de: "Fada an lá gan clann Uisnigh, Nír tuirseach bheith 'na gcuallacht, Mic ríogh le ndiltaigh deoraidhe, Trí leomhain chnuic na huamha. "Do chuaidh mo radharc uaimse Ag faicsin uaighe Naoise, Gerr go bfuigfe mé m'anam Ní mhaireann mo lucht caointe. "Ó's trímsa do fealladh ortha Bíadsa d'á dhruing go tuirseach; As truagh nach raibh mé i dtalmhain Sul do marbhadh meic Uisneach. "Truagh mo thurus le Ferghus Dom' chealgadh don chraebh ruaidh; Le briathra bláithe binne Do mealladh sinne an aen-uair, "As mé Déirdre gan aeibhnes Is mé a ndeireadh mo bhetha; A bheith 'na ndiagh ós miste Ní bhiadh mise go fada." Is cruaidh do theasduigh an trúir laoch úd ó Chonbhudhar Rí Uladh 'na dhiaidh súd mar laguigh Cogadh na Tána cumhacht Eamhna Macha chomh mór soin nách raibh sé riamh ó shoin mar do bhí sí roimh an gcogadh, agus bhí Éire go léir
lag agus scriosta go ceann i bhfad. Dá dtagadh na Rómhánáigh an uair sin nuair do bhí na cúigí ar céasaibh a chéile, fá mar do tháinig na Normánaigh 'na dhiaidh súd, níor b'fhéidir cosc do chur leo. Níor lean an scéal i bhfad nuair do bhailigh Rí na Teamhrach a chumhacht chuige. Ceapaim gur bh'é saothar an Áird-Ríogh chum na Teamhrach do dhéanamh neamh- spleádhach fá ndeara éirghe amach na dTuathach agus a gcur na n-uaisle chum báis go hobann, mar bhí na Tuathaigh sin créachta ó chogadh agus tuirseach de. Bhí na cúigí scriosta 'gá chéile agus na taoisigh lag. Do réir mar a thuigim an scéal do mhachtnuigh an tÁird-Rí gur bh'é sin an t-am dó le réim na Teamhrach do chur chum cinn agus ó'n lá do shuidh Tuathal Teachtmhar ar a chathaoir ríoghamhail bhí an Teamhair ag borradh. Bhí sí leis i n-ann smacht do chur ar na cúigíbh dá dtuillidís é. Bhí ceann feasta ar an dtír. Ba gheall le cogadh na mbarún i Sasana cogadh na Tána i nÉirinn. Bhí barúin Shasana ag raobadh a chéile ar feadh dá fhicheadh bliadhan gur mharbhuigheadar a chéile. Thug an méid sin cead a gcinn do ríghthibh Shasana mar nách raibh na barúin ann chum cur isteach ortha. Thóg ríghthe láidre mar na Túdir fútha féin riaghlughadh na tíre agus d'fhás cumhacht Shasana as an méid sin. Ba chosmhail é díreach le n-ar thuit amach i nÉirinn. Mhairbh taoisigh na Tána a chéile agus fuair an tÁird-Rí dá dheascaibh sin cead a chinn agus d'árduigh sé réim na Teamhrach, agus bhí aon fhuadar amháin fúithi ar feadh cheithre chéad bliadhan 'na dhiaidh súd gur cuireadh mallacht Naoimh Ruadháin uirthi — bhí sí ar tí Impireacht mhór Ghaedhealach do chur ar bun. Do b'shin é an fáth go raibh Teamhair ag gabháil dos na Rómhánachaibh i mBreatain ó'n lá do chuireadar fá smacht an tír sin gur ghlanadar a bhaile aisti chum cathair na Róimhe, lár a nImpireachta, do chosnamh.
RÉIM NA TEAMHRACH. Measaim gur buaileadh cogadh na Tána ins am mbl. 74 d'éis Chríost, agus tar éis bháis an Áird-Ríogh Criomhthan nó Cairbre go raibh éileamh ag Conchubhar Mac Neasa ar an áird-ríoghacht acht nár leigheadh dó a seilbh do ghabháil. 'Sé mó thuairim leis go raibh Éire gan Áird-Rígh ó bhás Chriomhthain gur cuireadh deireadh leis an gcogadh agus gur gheárr 'na dhiaidh súd gur éirigh na Tuathaigh amach agus mhilleadar na huaisle. Ní raibh Éire 'na suaimhneas gur fhill Tuathal Teachtmhar ins an mbl. 130 d'aois ár dTighearna. As soin i leith, ó aimsir Thuathail go dtí easgaine na Teamhrach — 'sé sin cheithre chéad agus dá fhichead bliadhain — bhí sé áird-ríghthe fichead ar Teamhair agus i measc an méid sin bhí ochtar ríogh nár riaghluigh a leithéidí Éire riamh ó shoin. Sid iad a n-ainmneacha:- Féidhlimidh Reachtmhar, Conn Céad-Chathach, Cormac Mac Airt, Cairbre Lifeachair, Criomhthan Mór, Niall Naoi-Ghiallach, Dáithi, agus Diarmaid Mac Cearbhaill. Ar feadh trí chéad bliadhan de'n aimsir sin bhí na
Rómhánaigh i mBreatain agus iad 'na gcumhacht ba threise dá bhfeacaidh an saoghal riamh. Bhí fios maith ag Áird- Ríghthibh na Teamhrach ar chumas is chumhacht na Rómhánach úd, acht mar sin féin ní áirighim go raibh aon eagla ortha rómpa mar ba mhinic do bhriseadar isteach ó Albain sa tuaisceart ar na Rómanach aibh sin. Bhí sé riachtanach ar na Rómhánachaibh sluaighte marcach is coisidhthe gléasta armtha do chongbháil i gcomhnaidhe ar theorainn na Breataine thuaidh, agus 'na theannta soin claidhe mór leathan do dhéanamh san áit chéadna i gcomhair coisc do chur leis na Sean Gaedhealaibh, acht dá aindeoin sin níor ghabh bliadhain geall leis tharsa 'ná gur thug na Gaedhil sin iarracht fútha agus is minic do scriosadar iad. Do stiuruightí na foghtha úd ó Theamhair agus dá dheascaibh sin bhí na Rómhánaigh gach re bliadhain ar tí tabhairt fá Éirinn agus í chur fá chois. Bhíodh sé mhíle fear suidhte i nOileán Mhóna ar aghaidh Bheinn Éadair anonn ó bhliadhain go bliadhain ag feitheamh le n-a thuilleadh cabhartha chum Éireann do ghabháil, acht bhí tír na Rómhánach ar fuaid an domhain ró-fhairsing le n-a cosaint agus ní raibh sé i gcumas na Rómhánach arm láidir a dhóthain do bhailiughadh le haghaidh Éireann do chur fá smacht. Bheadh faitchíos ortha tabhairt fúithi le harm beag. Thuig na Rómánaigh go maith cad iad an saghas fear cogaidh na sean-Ghaedhil úd. Fear as Éirinn, fá mar adeir na Rómhánaigh, do b'eadh an taoiseach úd go dtugaid siad Galgácus air do chomhraic i n-aghaidh Agricola san Albain. Deir Gibbon 'na stair gur bh'é Fionn mac Cumhaill é, acht is dóich liom-sa gur bh'é Conall Ceárnach é, mar ní rugadh Fionn go ceann breis is céad bliadhain 'na dhiaidh súd, agus áirígheann an tsean-stair go mbíodh Conall Ceárnach go minic thar lear ag troid. Cuireadh Fianna Éireann i n-eagar mar aithris ar
saighdiúiríbh na Rómánach. Coisidhthe do b'eadh iad, mar cuireadh i leath-taoibh na carbaid cogaidh ba ghnáthach i n-aimsir churaidhe na Craoibhe Ruaidhe. Ní chuireadh na Fianna leis ar bun dúin mhóra mar do bhíodh ag taoiseachaibh na Craoibhe Ruaidhe agus ní raibh díog ná claidhe mar chosaint ar aon longphort do bhí aca, mar bhí a ndóthain de dhaingean sa chlaidheamh. Ba chosmhail iad le Spartánachaibh cruadha na sean- Gréige. Tháinig fear ar cuairt aon uair amháin chum ríogh na Spartán agus bhí iongnadh a chroidhe air ná feacaidh sé daingin mhóra de bhrícíbh curtha suas sa tír sin, agus d'fhiafruigh sé de'n rígh cad 'na thaobh. Séid an rí, mar fhreagra, an barrabuadh ar maidin agus fá cheann uaire an chluig bhí na Spartánaigh 'na ndrongaibh gléasta i n-eagar catha ar an bhfaithche os comhair an ríogh. "Féach uait ortha," ars' an rí, "bríce nó cloch- dhaingin is eadh gach fear aca." Do thabharfadh rí na Teamhrach an freagra céadna uaidh, mar do b'iad an Fiann scoth phobail na hÉireann, an math-shluagh fear n-arm do b'fheárr do bhí riamh sa tír. Fir thoghtha do b'eadh iad agus ba ró-dheacair d'éin- fhear na coinghill do choimhlíonadh i gcleasaibh lúith agus i bhfoghluim do chuirtí air sul a bhfuighbheadh sé cead dul sa bhFéinn. Tá an iomad scéalta breághdha i dtaoibh na bhFiann, cuid aca go bhfuil cneas na fírinne ortha agus cuid nách bhfuil, cuid aca do ceapadh ins na sean-aoisibh agus cuid le déidheannaighe, acht ní lugha liom bladhraig asal 'ná glór ndaoine áirithe adeir gan úghdarás nách raibh Fionn ná a chuideachta ann i n-aon chor. Scríobh duine éigin scéal ar Charl Magnus agus dubhairt go raibh an rí sin deich troighthe fichead ar aoirde, scríobhadh scéalta nách bhfuil fíor ar Murchadh mac Bhriain is ar Alastar na nGréag, agus ní deir éinne nách raibh siad so ann, acht is comhartha foghlama é,
mar dh'eadh, a rádh go mb'fhéidir nách raid leithéid Fhinn mhic Chumaill ar an saoghal i n-aon chor. Tá teis- timéireacht úghdar Éireann ar Fhionn agus ní beag linn- ne an méid sin, mar tá sé fíor agus ní fhuil screatal úghdaráis acht a bhaoth-mhachtnamh féin ag aon sgríbhneoir do chuireann fé na húghdair úd do bhréagnughadh. Chuaidh na Fianna i líonmhaireacht fá gach rígh ó Thuathal Teachtmhar i leith go rabhadar ró-bhorb fá Fhionn mac Cumhaill, agus gur mheasadar fá mar do ghnídh an gárda Prétórach sa Róimh pé rí ba mhaith leo féin a bheith 'na Áird-Rígh ar an tír. D'éirigheadar i n-aghaidh an Áird-Ríogh Cairbre Lifeachair mac Chormaic mhic Airt ins an mbliadain 297, agus bhí an bhruighean ba mhó bhí riamh i nÉirinn aca leis an Áird-Rígh i nGabhra cois na Teamhrach. Chabhruigh Fianna Chonnacht fá Gholl mac Mórna leis an Áird-Rígh i gcoinnibh na bhFiann eile fá Oscar mac Oisín agus rí borb do bhí ar an Mumhain an uair sin. Ba chosmhail le chéile i dtréineacht agus i n-eolas cogaidh na Fianna úd do bhí i gcoinnibh i nGabhra. Ba mhaith do mhúin Fionn mac Cumhaill a ngnó dhóibh, agus bhí a rian air, ba bheag des na buidheantaibh d'fhág machaire an áir. Is soth linn go raibh Oscar lionn-bhéimeannach agus na Fianna foirtil faobhracha ó'n Mumhain is ó Chúige Laighean i gcoinnibh a nÁird-Ríogh, mar i dteannta Oscar do bheith 'na ghaisgidheach ba thréine dá raibh i nÉirinn le n-a linn ní raibh laoch ba ghile croidhe 'ná é, agus is geal leis an bhfile a bhuillí troma i gcath agus fuabairt a chlaidhimh thre pháirc a' bhualadh ag caitheamh fear dá sciath fá mar do chaithfeadh tonn mara cipíní dreoighte dá druim. Acht do thug Cairbre Lifeachair, an t Áird-Rí féin, aghaidh air, agus do chroitheadar an talamh glas ag comhrac le chéile ar nós dhá leomhan bhuile gur thuit Oscar nár leagadh riamh, agus do thuit
Cairbre tréan leis, mar thug fear malluighthe éigin buille fealltach dó d'éis a chomhraic chruaidh le hOscar. Agus is truagh iad na Fianna do chosain Éire ar na Rómhánachaibh, sínte 'gá chéile 'na srathaibh ar árdánaibh Ghabhra, corp a nÁird-Ríogh gan cheann 'na measc agus dath an bháis ar cheannaighthe áluinn Oscair agus an fíor- bheagán dá bhuidhin do mhair ag iarraidh an anama do chongbháil ann ar feadh na hoidhche. Goileann na Gaedhil i ndiaidh na Féinne fós, mar tá cuimhne ar éachtaibh Oscair is Oisín, tá cuimhne is trácht ar Fhionn mac Cumhaill is Caoilte mac Rónáin, tá cuimhne ar Dhiarmaid Donn, an laoch do b'uaisle ar an bhFéinn, agus cuimhne ar a lán eile aca ná luadhmuid annso. Dá fheabhas iad ba thairbhighe a mbeatha do'n tír dá mbeidís umhal i gcomhnaidhe dá n-Áird-Rígh mar do b'é rí na Teamhrach cloch chúinne na hÉireann.
TEAMHAIR NA RÍGHTHE COGAIDH. Bhí Éire chomh cumhachtach soin i n-aimsir Chormaic mhic Airt go raibh a loingeas amuich thar sáile ar feadh trí mbliadhan. Cabhlach mhór do b'eadh an loingeas úd Chormaic fá mar adeir Tighearnach, agus ní raibh aon ghnó eile aici amuich acht amháin chum cabhruighthe leis na Gaedhealaibh i nAlbain chum briseadh ó dheas go Breatain ag scrios Rómhánach fá mar do ghnídís ó theacht na Rómhánach soin gur fhágadar an Bhreatain. Badh mhaith liom trácht thar Chormac féin (254-277 D.C.), ar a phearsain gan oilbhéim, ar a mhórdhacht is ar a inntleacht, ar oll-mhaitheas na Teamhrach le n-a linn, acht amháin nách furusta cnuasach staire na hÉireann d'fhígheadh isteach i scéal gheárr. Is le linn Chormaic do mhair Fionn, agus ní raibh an Fhiann 'na dhiaidh sin chomh humhal do Chairbre Lifeachair mac Chormaic is do bhíodar do Chormac féin. Dá bhrígh sin do b'éigean do'n Áird-Rígh Cairbre an Fhiann do scaoileadh uaidh agus na buidheanta nách raibh umhal dó do scur as a arm. Do dhiúltuigheadar scaoileadh ná scaipeadh agus d'éirigheadar amach, agus buaileadh Cath Ghabhra (297 D.C.). Do laguigh an t-easaontas soin Teamhair ar feadh i bhfad agus Eire 'na teannta, mar bhí, fá mar adubhart cheana, stair na hÉireann fíghte le stair na Teamhrach, agus dá dtárlóchadh go lagóchthaidhe úghdarás
na Teamhrach agus urraim na ndaoine dhi, bhí Éire briste 'na codaibh. Acht níor bhaoghal do Theamhair fós, mar bhí urraim thar bárr ag Éirinn di. Má bhí cuid de na Fiannaibh i gcoinnibh an Áird-Ríogh níor bha le heasonóir do Theamhair é, acht amháin go mbeadh sé 'na gcumas Áird-Rí do chur sa chathaoir ríoghachta do thabharfadh cead a gcinn dóibh. Níor éirigh leo, agus bíodh a bhuidh- eachas ar Chonnachtaibh. Ní raibh aon chúige ins an tír sa tsean-shaoghal b'umhalaighe do rígh na Teamhrach 'ná Connachta, acht ní áirighim go raibh an iomad gráidh ag an Mumhain dó, gidh gur bh'e an fonn ba mhó bhí ar ríghthibh na cúige sin ó thúis 'ná suidheadh ar an gcathaoir ríoghachta i dTeamhair. Bhí an smuaineadh soin ag gach rígh bhí ar Chúige Mumhain ó Éibhear go dtí Briain Bóirmhe, agus ní thuigfear stair na Teamhrach ná na hÉireann acht chomh beag gan machtnamh air sin. Do roinneadh Éire idir Éibhear agus Éireamhón, beirt mhac Mhíleadh, agus bhí coinghill eatortha go mbeadh an leath thuaidh d'Éirinn ag Éireamhón agus an leath theas ag Éibh- ear, agus an rud céadna ag sliocht a sleachta. Acht d'éirigh éad agus iomarbháidh idir a mbeirt mban pósta agus bruighean as an imreas soin i n-ar marbhuigheadh Éibhear, agus thóg Éireamhón chuige féin an tír go léir. Céadta bliadhan 'na dhiaidh sin, chuir Eoghan Taidhleach aighneas ar Chonn Céad-Chathach, sean-athair Chormaic mhic Airt agus sin-sean-athair Chairbre Lifeachair do marbhuigheadh i gcath Ghabhra. Fear tar fhearaibh do b'eadh Eoghan Taidhleach úd, agus ghnídh sé féin agus leomhain na Teamhrach rí-rádh de'n tír ag comhrac le chéile. Do b'éigean do Chonn dhá leith do dhéanamh d'Éirinn — Leath Chuinn thuaidh dó féin agus Leath-Mhogha theas d'Eoghan, mar do b'é a ainm eile Mogha Nuadhat. Níor shásamh sin Conn i bhfad, mar do bhris sé isteach i gceann tamaill go
Cúige Mumhan, agus do chuir sé an rith as Éirinn ar Eoghan Taidhleach. Tá cloch sa Ruachta cois Neidín go ngairmthear an Chloch Bharrach uirthi, mar gur ghéaruigh Conn agus a bhuidheanta a sleagha uirthi ar nós mar do dhéanfaidís ar bharra. D'fhill Eoghan Taidhleach arís, agus sluaighte amhasanna agus eachtrannach leis. Do chogain Conn Céad-Chathach adharc-dhorn a chlaidhimh go dtí an chos iarainn, nuair do chonnaic sé na heachtrannaigh agus Eoghan suidhte ar Mhuigh Léana; agus, ins an mbruighin mhóir do thárluigh de, do thuit Eoghan Taidhleach calma fá chraoisigh Chuinn. Ní gan duadh do chongaibh sliocht Éireamhóin a ngreim ar Teamhair, agus ní túisce bhíodh suaimhneas ar fuaid Éireann 'ná go dtugthaoi aghaidh ar na Rómhánachaibh i mBreatain. Faid do bhí an Bhreatain i seilbh na Rómhánach chuaidh sé de Theamhair ceannus d'fhágháil innti, gidh gur chuireadar na hAird-Ríghthe chuige go minic. Do b'e an iarracht ba ghéire do ghnídheadar 'ná fá Chriomhthan Mór amach 's isteach leis an mbliadhain 377, D.C., nuair do ghluais an rí cuthaigh rin ó Theamhair, agus d'airg, do chreach, is do loisc sé an Bhreatain ó Mhóna go Lonndain. Cuireadh mac Impire na Róimhe, Theodósius óg, 'na choinnibh, agus is bladhmannach atá file Rómhánach ag maoidheamh gur cuireadh na hÉireannaigh ar gcúl. Má's fíor gur cuireadh, ní rabhadar i bhfad gan teacht ar ais arís, mar deir na Rómhánaigh go raibh an fhairrge 'na cubharán bán le hiomad maidí rámha na nÉireannach, agus do scriosadar na Rómhánaigh agus gach Breathnach do chabhruigh leo soin níos measa 'ná riamh. Do b'e Niall Naoi-Ghiallach do bhí mar rí is mar cheann feadhna ar na hÉireannachaibh an cor soin; agus, má's cóir a chreideamhaint ó'n bhfile Rómhánach úd, do chuir Stilicó ar gcúl Niall. Bhí an Bhandalach úd
Stilicó ar an bhfear cogaidh do b'fheárr le n-a linn, agus deir an file Rómhánach go raibh Éire ag caoi go fuidh- each i dtaobh an áir úd ar a cloinn. Is dócha gurab í an fhírinne í go raibh na Rómhánaigh teinn go leor i ndiaidh Néill Naoi-Ghiallaigh, agus Stilicó tuirseach de chomh maith, mar, do réir mar a thuigim, bhí bhuannacht ag na hÉireannachaibh ar an mBreatain as súd amach go ceann dhá chéad bliadhan, ó'n Móna thiar thuaidh go Muir n-locht theas. Níor shásamh an méid sin Niall Naoi-Ghiallach mar bhris sé isteach ar cheann a shluagh ar Impireacht na Rómhánach sa bhFrainnc, agus 'na ghluaiseacht bhuadhach ann- súd iseadh do chaith cuirptheach fealltach dá arm féin sleagh leis, agus do thuit an rí caithréimeach cumasach úd i bhfad ó n-a thír féin, Thug a bhuidheanta dísle leo corp a ríogh go hÉirinn. Tá oileáinín aoibhinn uaigneach i Loch Cuan i nUltaibh go nglaodhtar "Dún Uí Néill" air, agus deir bunaidhe na háite go bhfuil sé as béal-oideas aca gurab ann do cuireadh Niall Naoi-Ghiallach, Deir daoine eile nách ann do cuireadh é i n-aon-cor, acht amháin go raibh dún aige annsúd agus gurab annsoin do bhíod a ghialla ar óstaidheacht. Do b'é féin agus Cormac mac Airt an dá rí ba mhó cáil dár shuidh ar chathaoir ríoghamhail na Teamhrach riamh, agus do ba uaidh do tháinig an sliocht ba chumasaighe dár riaghluigh Éire — an mhuinntir Néill úd do thug sé ríghthe fichead dá dtír. Do b'é a athair, Eochaidh Muigh- mheadhon, Áird-Rí Éireann, agus innsithear go raibh an tÁird-Rí sin ag gabháil an bóthar lá agus go bhfeacaidh sé a chúigear mac istigh i gceárdchain ag cainnt leis na gaibhnibh. Níor bh'éan-cheann-fé dhóibh bheith ag cainnt le gabha, siúd is gur bha phrionnsaí féin iad, mar ba mhór le rádh gabha ins an tsean-aimsir i nÉirinn agus bhí meas ar gach ceárdaidhe eile chomh maith.
Dubhairt an tÁird-Rí tuigsineach leis féin go mbeadh 'fhios aige cia aca dá chloinn ba mhó misneach. Bhagair sé chuige ar cheann dá oifigeachaibh. "Cuir an cheárdcha soin fá theine i gan fhios," ar seisean, agus, nuair do bhladhm an cheárdcha, do liúighigh an tÁird-Rí ar a chúigear mac giúrléidí na ngaibhne d'fhuasgailt ó'n dteine. Rug gach aon de cheatrar aca ar úir- lisíbh éadtroma, agus ritheadar amach i leathtaobh leo; acht rug an fear do b'óige aca, Niall, ar an inneoin trom agus thóg sé leis í. D'fhill sé ar n-ais thré dheatach is cnámhlach, scuir sé na builg do bheadh throm mar ualach de thriúr fear, agus sciob sé leis thríd an dteine bhúithrigh iad. Sciob Dáithí leis 'na dhiaidh súd ollmhaitheas na Rómh- ánach dá n-aindeoin, agus bhain sé na cinn dá gcéadtaibh fear. Stiúruigh sé a chuid laoch thré chumhangarachaibh ba mheasa 'ná teine na ceárdchan — claidhmhthe Stilicó agus shaighdiúirí na hImpireachta ba mhó is ba threise dá bhfeacaidh an saoghal riamh. Chuireadar a chodladh Niall i mBrugh na Bóinne imeasc ríghthe Éireann, agus ní túisce bhí a chluiche caointe críochnuighthe 'ná gur glaodhadh ar Dáithí le n-a bheith 'na Áird-Rígh, agus do sheasamh seisean ar an Lia Fáil ar Chnoc na Teamhrach agus sluaighte Éireann 'na thimcheall. Níor mhiste dhóibh bheith muinighneach as mar lean sé i gcéimibh na nÁird-Ríghthe dtréan nác raibh beann aca ar na Rómhánachaibh. Faghmuid radharc air ag dul ar bórd luinge i mbéal cuain Locha Cháirlinn, agus a fheara cogaidh mar aon leis, ag dul ar lorg cíosa is cáin go Breatain is go hAlbain, agus níor eitigheadh é, mar ba chosmhail le caoir teinntigh an rí úd imeasc a namad. Agus, má ba chaor teinnteach é féin, is í an chaor do mharbh é, slán mar a n-innistear é. Tar éis a thrí bliadhan fichid dó 'na cheann ar Éirinn, do bhuail an
splannc é ar mhór-thír na hEorpa thall cois na nAlp. Níor fhág a shár-fhir 'na ndiaidh annsúd é. Thóg a mhac, Amhalghaidh, an t-arm fá n-a stiúrughadh féin, agus thóg- adar leo ar chróchar corp a nÁird-Ríogh. Bhí saigh- diúirí Rómhánacha timcheall ortha ag faireadh ortha, acht do chuir Dáithí a leithéid sin de scannradh ortha ar feadh a bheatha go raibh faitchíos ortha roimh a chorp. Beireadh é ar cheann a shluagh tarsna na Frainnce, fá mar do beadh sé 'na bheathaidh. Thug na Rómhánaigh fútha naoi nó deich uaire ar an dturas, acht ghabh Amhal- ghaidh agus a Éireannaigh de chosaibh ionnta fá mar do ghabh a athair roimis. Taisbeántar indiu uaigh Dháithí fá ghallán dhearg i gCruachain Chonnacht mar a bhfuil an bhainríoghain Meadhbh 'na codladh, agus ní innseann aon stair gur bhuail aon Áird-Rí Éireann i ndiaidh an Dáithí seo cath ar mhór-thír na hEorpa riamh ó shoin
PÁDRAIG. Ní raibh aon fhonn siubhlóide lasmuich dá thír féin ar Rígh Laoghaire, mac Néill Naoi-Ghiallaigh, do riaghluigh i ndiaidh Dháithí. Bhí gaol aige le Dáithí, agus bhí sé ró-óg chum rí 'dhéanamh de nuair do cailleadh a athair. Do b'shin é an fáth nár tugadh an choróin dó, mar theastuigh fear comhraic ós na hÉireannachaibh an uair sin, mar bhí fuadar fútha i gcomhair Impireacht Ghaedhealach do chur ar bun. Ní raibh an rí seo do réir mar shíligh na hÉireannaigh. Ní raibh aon easba misnigh air, ámh; acht bhí faitchíos air dul ar fairrge, mar dubhairt bean feasa leis go bhfuigheadh sé bás idir Éire is Alba, agus dá dheascaibh sin d'fhan sé cois baile. Is faid do bhí Laoghaire 'na rígh do tháinig Naomh Pádraig ag craobhscaoileadh an Chreidimh Chríostaidhe go hÉirinn. Is é Aspal na hÉireann Pádraig — an fear is mó cáil agus is uaisle dár tháinig riamh thar lear chugainn. Is geal leis gach fíor-Éireannach ar faid an domhain a ainm. Níor bh'é siúd a chéad thuras go hÉirinn, mar chaith sé seal innti nuair do bhí sé 'na aosánach. Do b'é Niall Naoi-Ghiallach i gceann dá chogaidhibh i gcéin do scuab Pádraig óg leis i leith ó n-a thír féin, agus a lán fear agus ban eile 'na theannta, go deorach duairc, mar do b'é gnás na haimsire úd gach duine do thóg- faidhe aimsir cogaidh a bheith as soin amach 'na sclábh- aidhe ag an mbuidhin do ghabhadh é.
Deir Pádraig féin gur bha ghiuistís Rómánach a athair, agus gur i mBannaven Taberniae do chomhnuigh- eadar nuair do ghabh na hÉireannaigh é féin. Atharr- uigheadh ainm an bhaill sin ó shoin, agus deir an chuid is mó des na hughdaraibh gurab é an áit é go nglaodhtar Cill Phádraig Dhúin Bhreatan i nAlbain air indiu. Deir ughdair eile, ámh, gur sa bhFrainnc atá an áit úd fa ainm éigin eile. 'Sé mo thuairim féin go bhfuil an ceart aca so, mar nuair d'éaluigh Pádraig leis a bhaile — d'éis sé mbliadhan do chaitheamh dó 'na aodhaire ar Shliabh Mis i nAontruim — is amhlaidh do thug sé a aghaidh ar an bhFrainnc. Do b'éigean dó dhá chéad míle do shiubhal sul a bhfuair sé long do bhéarfadh léi é, rud nar ghábhadh dhó a dhéanamh dá mb'áil leis dul go hAlbain, mar tá Sliabh Mis i ngearracht seacht nó hocht de mhíltibh do'n fhairrge agus do b'fhurusta do Pádraig nó d'aon eile curach d'fhágháil i gcuantaibh Aontroma an uair sin do thógfadh go hAlbain é. Ní cheapaim go raibh aon ghnó aige go hAlbain, mar nách raibh aon bhaint aige leis an dtír sin, acht gur bh'é bhí uaidh dul a bhaile go dtí an Fhrainnc, agus gur bh'é sin an fáth gur shiubhluigh sé dhá chéad míle ó deas go Port Láirge nó go Corcaigh le haghaidh luinge d'fhágháil. Chuaidh Pádraig ar scoil sa bhFrainnc ag Toirinis, agus bhí ann seal fá oideachas Naomh Máirtín. Nuair d'fhill sé go hÉirinn, bhí sé 'na shagart. Ba mhór é a urraim dos na hÉireannachaibh. Thuig sé a nósa agus a dteanga, agus d'oibrigh sé go cruaidh de ló agus d'oidhche ar a son ag scaipeadh an Chreidimh 'na measc. Bhí Críostaidhthe i nÉirinn roimis, agus naoimh leis, mar bhí baint ag na hÉireannachaibh leis an Róimh i bhfad sul a dtáinig Pádraig. Dubharthas gur bha Chríost- aidhe Cormac mac Airt féin agus go raibh fios an Chreid- imh ag Fionn mac Cumhaill chomh maith.
Do sheol an Pápa Celestín sagart anall go hÉirinn dár bh'ainm Palládius, acht ní áirighim go raibh eolas ar an nGaedhilg aige, agus chuireadar chum siubhail é láithreach. Níor mhar sin do Phádraig. Thuig sé iad agus thuigeadar é, agus bhí an rath ar a shaothar, acht níor bha gan duadh é. Do thaithnigh sé leis na hÉireannachaibh, mar, i dteannta é 'bheith ciallmhar tuigsionach éifeachtamhail, bhí misneach is caráiste an ghaisgidhigh aige. Thug sé a aghaidh fá dhéin an phágánaigh uasail, Rí Laoghaire féin, ag iarraidh Críostaidhe do dhéanamh dhe, agus, gidh gur bha Phágánach an rí sin agus nár atharruigh sé ar feadh a shaoghail, mar sin féin is comhartha é go raibh sé croidhtheach mar thug sé cead a chinn do Phádraig an Creideamh do craobhscaoileadh ar faid na tíre — cead ná tabharfadh aon rí págánach eile sa domhan uaidh chomh bog soin an uair ud. Muna mbeadh gur thug Rí Laoghaire an chead soin uaidh, bheadh cuairt Phádraig i n-aistear. Airighim gur doich le daoinibh indiu gur labhair Naomh Phádraig go hana-dhán leis an rig ar a chuairt go Teamhair. Níl sa méid sin acht cainnt gan áird. Fear eolach béasach do b'eadh Pádraig. Bí sé urramach do'n righ, mar ba chóir, acht níor cheil sé fáth a thurais. Ta finnsceala deasa i dtaobh an turais sin chum na Teamrach, agus ní fhuil aon locht ortha acht amháin nách bhfuil aon ughdarás leo. Ta aon-nídh amháin dearbhtha go leor, agus 'sé sin gur thug se seanmóin bhreágh éifeachtamhail uaidh do'n bhuidhin ríoghamhail ar Chnoc na Teamhrach d'atharruigh croidhe chuid aca. Bhí meas aige ar Teamhair, mar bhí fios a cumhachta aige, níor bh'áil leis fearg do chur ar einne innti gan gábhadh, agus gnid sé a dhícheall go
mánla agus go dáiríribh áiteamh ar gach duine ann an phágántacht do chaitheamh uatha agus díon an tSlánuightheora do ghlacadh chucha féin. Bhí díospóireacht focal aige leis na draoithibh i láthair an ríogh agus is dócha, mar is gnáthach, gur shíligh gach díospóiridhe aca gur aige féin do bhí an ceann is fearr. Bhí léigheann ag na draoithibh agus leabhair aca leis, gidh go raibh leabhair go tearc i nÉirinn an uair sin, acht ní gabhadh aon dearmad do bheith ar éinne 'ná go raibh leabhair lámhscríobhtha i nÉirinn i bhfad roimh theacht Phádraig. Bhí an tír go saidhbhir le haghaidh Phadraig agus measaim go raibh an oiread daoine innti is tá indiu. Is dóich le n-a lán gur iompuigh Pádraig iad súd go léir, acht dá fheabhas é le grása Dé, ní raibh sé 'na chumas a leath d'iompughadh, agus bhí págánaigh i nÉirinn go ceann i bhfad na dhiaidh. Toisc go raibh na daoine riaruighthe na ngrádaibh, gach treibh aca fá n-a dtaoiseach fein, dá dtárlóchadh go n-iompóchadh Padraig an taoiseach do b'annamh ná go ndéanfadh an treibh nó an chuid ba mhó aca aithris ar an dtaoiseach. Tuigfear as aon tsoluidhe amháin gur mór le radh na taoisigh úd, mar deir an tsean-dlighe nuair do pósfaidhe ceann dá n-ingheanaibh gur bh'e an diol ba cheart le tabhairt do'n easpog do phosfadh i le fear na unga óir nó culaidh-phósta na mná óige. Do chosnóchadh, dá réir sin, adhbhar na culaidhe-pósta úd cead punnt dár gcuid airgid-ne indiu, agus ceapaim dá dtógfadh an t-easpog úd an chulaidh-phósta sin na mná óige mar mhalairt ar an unga óir gur bh'é an gnó bhíodh aige dhi 'ná chum éide sagairt nó éadach altóra dhéanamh aisti. Má bhíodh éadach chomh daor soin ar inghin taoisigh measfar cad é luach éadaigh inghine ríogh cúige, nó fós inghine an Aird-Ríogh féin.
Do shníomhtaoi, do fíghtí agus do dhathuigti an t-éadach úd ag baile le cruinneacht méireanna is inntleacht cinn fear agus ban nÉireann, agus bhí an t-eolas soin aca le céadtaibh bliadhan sul ar tháinig an creideam Críostaidhe 'na measc. Sul a dtáinig an Chríostaidheacht bhí Rath na Seanaid ar Teamhair mar a suidheadh an fheis chun gnótha na tíorach do shocrughadh, bhí an Teach Miodhchuarta ann, suas le hocht gcéad troigh ar faid agus chúig troighthe is dáfhichead ar áirde mar a suidheadh sluaigte d'uaislibh Éireann chum togha an bídh ar ósdaidheacht an Áird Ríogh. Ní raibh na hÉireannaigh gan lochta is gan droch-chleachttha ar theacht Pádraig, acht mar sin féin, ní raibh aon daoine eile lasmuich de'n Roimh féin do b'feárr dlíghthe 'ná ba mhó míneachas agus eolas 'na iad. Bhí scoileanna is léigheann aca, bhí ceárdaidhthe aca le gach uile rud do dheánamh dóibh do bhí ag teastabháil uatha, bhí loingeas aca beag is mór ó'n gcurach go dtí an barc seoil, is díolacháin is ceannaidheacht leis gach tír sa duthaigh. Bhí ceannuigh- theoirí ó'n nGréig ar aonach mhór Thailteann an lá Lughnasa úd do sheanmóin Naomh Pádraig ann os comhair fear nÉireann. Is láidir an rud nós, má cheapann na daoine féin é. Do b'é nós na Sean-Ghaedheal géilleadh do dhlighe mar ghnídheadar féin í, agus do b'é nós na dlighe ná leomhfadh éinne bheith ag achrann ná ar meisce ar na haontaighibh úd. Dá réir sin bheadh náire go bráthach tabhartha d'éinne do dhoirtfeadh fuil ar aontaighibh Tailteann, Charmain, Eamhna, ná ar aon aonach eile ar fuaid na tíre. Siúd is go mbeadh cogadh ag taoiseach le taoiseach eile bheadh sé riachtanach ortha síothcháin do bheith eatortha aimsir an aonaigh fá mar do bhí sé riachtanach ar gach treibh ar fuaid Éireann bheith síoth-
chánta le n-a chéile faid do bhí Feis na Teamhrach ar siubhal. Tá cunntas ins na scríbhnibh ar an gcuma do chaithtí an aimsir ar na hAontaighibh úd. Do ghnídhtí cleamhnais ann, bhíodh pósaidhe ann, bhíodh cleasa-lúth is iomrascáil ann, comórtas capall is cluiche con, bhíodh filí ann is seanchaidhthe, duaiseanna dá roinnt, is dlighthe nua dá bhfógairt, ceol ann is amhráin, fear na méireacán is fear na gcleas is an chearrbhach go gnóthach ann.
NA DRAOITHE. Nuair do tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn, bhí cumann creidimh ann darbh' ainm dóibh na Draoithe, agus is iomdha scoláire ó shoin gur bh'áil leis eolas d'fhágh- áil ar an saghas creidimh do bhí aca súd. Págántacht do b'eadh an creideamh úd díreach mar bha Phágántacht do bhí i mballaibh eile ar fuaid an domhain acht amháin i n-áiteannaibh ina raibh an creideamh nua Críostaidhe ag dul chum cinn. Bhí mórán saghasanna Págántacht ar fuaid an tsaogh- ail fá mar atá indiu, agus do réir nósa gach aicme, chuir gach tír a gcuma agus a bhfoirm féin ar an gcreideamh soin. Chuir na sean-Éireannaigh a gcuma féin ar a gcreideamh mar an gcéadna, agus ní heol dom aon chreideamh eile an uair sin ar Roinn na hEorpa ba chosmhail leis. I mBreatain agus i nGallia nó an Fhrainnc do ba shagart an draoi, mar d'ofráladh sé íodhbairt chum déithe; acht níor mhar sin do'n draoi i nÉirinn. Níor bha shagart é sin i n-aon chor. Ní raibh ann acht fear foghlumta, agus do b'é a shlighe bheatha 'ná múineadh. Céim léighinn do b'eadh oifig an draoi i nÉirinn, agus bhí cuid de na breitheamhnaibh agus fó-cheann de ríghthibh Éireann 'na ndraoithibh i dteannta a slighe mbeatha féin sa tsaoghal. Níor mhar a chéile éadach an draoi agus éadach daoine eile. Do b'é nós na tíre seacht ndath do bheith ar éadach an ríogh, agus as soin síos go dtí an sclábhaidhe do
chaitheadh bheith sásta le haon dath amháin, buidhe nó odhar, ar a bhalcaisíbh; acht do b'é dath éadaigh an draoi 'ná geal, agus ba ghnáthach leis clóca de línéadach fhíneálta bheith air. Ní raibh draoithe na hÉireann leis chomh doicheallach fá n-a gcuid léighinn agus fá rúnaibh a gcreidimh is bhí na draoithe thar lear, mar ba ghnás dár ndraoithibh-ne a gcuid creidimh agus a n-eolas do chraobhscaoileadh tré leabhraibh, agus deir ughdar do thrácht thar dhraoithibh na Breataine agus Ghallia go dtugaidís sin a n-eolas dá chéile ó bhéal go béal i gcás an eolais sin do bheith foluighthe ó sna daoinibh. Ní raibh aon fhonn de'n tsaghas soin ar dhraoithibh Éireann, agus molaim iad dá dheascaibh sin. Bhí urraim ag na draoithibh dá leabhraibh, acht mar sin féin ní raibh na leabhair i bhfolach aca, agus bhí cead ag gach scoláire iad do léigheadh. Is soth linn nach bhfuil aon leabhar aca súd slán indiu, agus, toisc na fuil, ní fhuil againn acht buille fá thuairim i dtaobh an tsaghais creidimh agus na saghas paidreacha bhíodh ag an ndraoi. Chonnaic Naomh Pádraig na leabhair sin, agus tá an teist amuich air gur stoll sé iad i gcás ná beidís ag mealladh na gCríostaidhthe; acht is deallrathaighe gur tháinig an clúmh liath ar na leabhraibh úd, agus gur lobhadar le faillighe mar nách raibh aon ghnó ag na Críostaidhthibh díobh. Do ba annsa leo an Bíobla 'ná leabhar riaghlacha an draoi, agus ba ádhmharach an rud do Phádraig an argóint do bhí aige le Lúchet Mael, príomh-dhraoi na hÉireann, i láthair Ríogh Laoghaire, mar do thaisbeánadh do chách go raibh cumhacht Pádraig níos mó 'ná cumhacht an draoi. D'iarr an rí ortha a leabhair do chaitheadh isteach i n-uisce, agus an té go snámhfadh a leabhar gurab aige-sean do bhí an creid- eamh ceart. Bhí Pádraig toiltheannach, acht d'eitigh Lúchet Mael. Bhí eagla air go mbeannóchadh Pádraig
an t-uisce, agus go rachadh a leabhar féin ar tóin puill. Chualaidh an draoi úd trácht thar an mbaiste i n-a mbeannuighthear an t-uisce, agus, gidh nár ghéill sé do'n chreideamh Críostaidhe, mar sin féin ní raibh puinn muinighne aige as a chreideamh féin; agus muna gcreididh an múinteoir 'na chreideamh féin, is deacair dó a chur fhiachaibh ar aon eile géilleadh do'n chreideamh soin. Chreid Pádraig, agus bhí sé dáiríribh. Sean-chreideamh do b'eadh an Phágántacht, do bhí ag dul ar gcúl; agus bhí intinn na ndraoithe géar agus amhras- ach go raibh rud éigin i n-easba air. Chuaidh an Phágán- tacht ar gcúl ar an gcuma gcéadna ar mhóir-thír na hEorpa. Bhí cuid de na Gréagachaibh agus na Rómhánachaibh 'na bhfearaibh ba mhó inntleacht dá bhfeacaidh an saoghal riamh. Tá a gcuid leabhar ag dul i dtairbheacht do gach fear eolais ar druim an domhain indiu, agus do ba Págánaigh iad go léir. Mar sin féin, d'éirigh muinn- tir na dtíorach úd tuirseach de'n Phágántacht; agus, gidh go rabhadar mall chum an chreidimh Chríostaidhe do ghlacadh 'na ionad, d'imthigh an bhrígh as an bPágántacht fá dheireadh. Bhailigh na draoithe i nÉirinn aith-neart timcheall aimsire bháis Phádraig, agus chuadar i dtreiseacht go ceann tamaill; acht ní raibh teas an chreidimh ins an iarracht, agus, gidh go raibh draoithe i nÉirinn go ceann dhá chéad bliadhan 'na dhiaidh súd, mar sin féin, ní raibh sa Phágántacht acht críonlach ag feothadh ó bhliadhain go bliadhain. Do ghlac mórán de na draoithibh féin an creideamh Críostaidhe, agus do chrom a thuilleadh aca ar ealadhnacha eile do mhúineadh — do mhúin ceann aca a chuid léighinn shaoghalta do'n naomh lonnrach soin Colum Cille — acht beag ar bheag d'imthigheadar fá dheireadh. Tá an méid seo le rádh ar a son, ámh, nách raibh Éire riamh ó shoin
chomh cumhachtach is bhí sí le n-a linn. Éireannaigh mhaithe do b'eadh iad; bhí grádh aca dá dtír; agus gidh go raibh piseoga meascuighthe le n-a gcuid creidimh, ní hortha bhí an locht, mar bhí Págantacht imeasc na gcinidheacha agus na bhfear ba mhó cáil ar fuaid an domhain an uair sin. Is as ár sean-leabhraibh féin atá pé eolas atá againn ar na draoithibh agus ar chreideamh na sean- Ghaedheal. Thug Iúl Caesar agus Rómhánaigh eile, chomh maith le hughdaraibh Gréagacha, tuairisc ar imtheachtaibh draoithe na Breataine agus Ghallia, agus se deabhadh gan smuaineadh do scríobh cúigear nó seisear scríbhneoirí i nÉirinn leabhair ins an aois seo ghabh tharainn dá dhearbhadh gur mar a chéile creideamh draoithe Éireann leis an gcreideamh do bhí 'ghá fhoillsiughadh ins an mBreatain ar an am gcéadna. Ní ghéilleann ár scoláirí eolacha Ó Comhraidhe agus Ó Donnabháin leis sin i n-aon chor; agus gidh go raibh cosmhaileacht idir an dá chreideamh, bhí deithfir mhór eatortha mar sin féin. D'ofrálaidís draoithe Bhreatan is Ghallia fuil daonda dá ndéithibh, agus ní fhuil aon ughdarás i n-aon chor ag cúig nó sé de scoláiríbh i nÉirinn adubhairt ins an aois seo ghabh tharainn go raibh an choir uathbhásach soin ag baint le sean-chreideamh na nGaedheal. Dá mbeadh a leithéid de ghnás dhéistineach imeasc na nGaedheal, d'inneosadh Pádraig nó ceann éigin eile de naomhaibh na hÉireann dúinn é, nó Cormac naomhtha Mac Cuileannáin, na Ceithre Mháighistir, Céitinn, nó bárd nó ollamh éigin eile. Fuair U. K. Ó Súilleabháin rotha seama éigin 'na taobh i scríbhinn. Fuair Cormac Ó Conchubair líne bheag eile, agus d'aontuigh Árd-Easbog Ó hÉaluighthe leo i leabhar mhaith do scríobh sé ar shean- scoilibh is shean-scoláiríbh na hÉireann. Bhí eolas Uí Chomhraidhe agus Uí Dhonnabháin seacht n-uaire níos mó 'ná a n-eolas súd, agus go mór-mhór do léigheadar gach
scríbhinn do bhain leis an scéal, agus 'sé a dtuairim nách bhfuil pioc ughdaráis le rádh gur ofráil na sean- Ghaedhil fuil dhaonda dá rígh-íodhal, Crom Cruach. Go dearbhtha ní deacair an cheist do réidhtiughadh. Tá cúpla líne ins an Dinnseanchus, cúpla focal i Leabhar Bhaile-an-Mhóta, agus dhá líne ghearr sa Leabhar Laighneach, agus badh bheag é mo mheas ar aon scoláire adéarfadh gur thaisbeánadar súd gur ofráil na sean-Gaedhil fuil a gclainne ná fuil aon duine eile acht chomh beag do Chrom Cruach. Is é an focal beag soin "soth" do chuir amudha is ar mearbhall na scoláirí seo, mar tá dhá bhrígh leis an bhfocal soin — 'sé sin "clann" agus "ál." Ní dócha go gcreideann éinne go dtugadh na Gaedhil mar íodhbairt do Chrom Cruach fuil a gcéad mhic, agus dá réir sin ní gábhadh dhom a thuilleadh do rádh 'na thaobh. Do b'é Crom Cruach áird-íodhal na hÉireann. Bhí ainmneacha eile air, acht is é Crom Cruach nó Crom Dubh is gnáthaighe tugthar air. Bhí sé 'na shuidhe ar Mhuigh Sleachta ó aimsir an ríogh Tighearnmhas go teacht Phádraig, 'sé sin cheithre céad déag bliadhan; agus do thagadh na hÉireannaigh ann, agus shléachtaidís iad féin do'n íodhal úd, agus d'iarraidís air rath na bliadhna do chur ortha. D'iarraidís air, fá mar adeir an Leabhar Laighneach, "blicht isith" — 'sé sin bainne is arbhar, nó an rath ar a mbuaibh is ar a ngortaibh go ceann na bliadhna. Ní dóich liom gur bha deilbh duine Crom Cruach, agus creidim nách raibh ann acht gallán 'na sheasamh ar lár machaire i gCondae an Chabháin. Bhí a mhullach nó a cheann clúduighthe le hór. Tháinig Pádraig agus bhuail sé leis an mBachall Íosa é, agus deir- thear gur chuir an buille sin sa talamh Crom Cruach, acht briseadh é go háirithe. Bhí déithe eile ag na Gaedhealaibh leis — Dianchécht, an dia chum leighis, agus a thuilleadh. Bhí tuairim aca go mairfeadh an t-anam
d'éis scaramhaint leis an gcorp dó; agus is é an com- artha agus an teist is soiléire ar intinn is ar smuaintibh na sean-Ghaedheal go raibh, dar leo, an saoghal eile 'na thír choilltigh, shruthánaigh, bhláthmhair, ceol is aoibhneas ann, canntaireacht éan ann, is glór na gcon sa bhfiadhach imeasc na ngleann.
BÓRAMHA LAIGHEAN. Fuair Rí Laoghaire bás ar thuras cogaidh dó go Laighin, d'éis Éireann do riaghlughadh go maith ar feadh chúig bhliadhna déag ar fhichid, agus cuireadh é 'na éideadh catha i múr na Teamhrach, a chorp 'na sheasamh, a chlaidh- eamh 'na ghlaic, a chathbhárr ar a cheann, agus a aghaidh ó dheas ar na Laignibh. Págánach borb do b'eadh é, do chaithfeadh a chothrom cirt d'fhágháil agus nár bh'ionntaoibh cur 'na choinnibh. Ní raibh sé i n-aghaidh an Chreidimh Chríostaidhe, mar ceap- aim gur chuma leis cad é an saghas creidimh do bheadh 'ghá chraobhscaoileadh acht ná cuirfidhe isteach ar riagh- altas na tíre. Fear intinneach do b'eadh é, go raibh dúil sa cheart aige. Ghlaodhaigh sé chuige ar Naomh Pádraig, ar dhá easpog eile, agus trí breitheamhain mar aon leo, agus é féin mar cheann ortha. Do léigh an t-árd-ollamh dhóibh leabhair na dlighe agus gibé áit go raibh an dlighe ró-chruaidh ar chách do mhachtnuigheadar ar chóir í 'atharrughadh. Coir a mhairbhthe do b'eadh do dhuine, duine eile do mharbhu- ghadh, 'sé sin anam ar anam nó súil ar shúil, acht i n-ionad soin is eadh do cheap an chuallacht léighinn úd fá chúram Ríogh Laoghaire éiric mar dhíoghaltas ar choir agus do b'shin é nós na tíre riamh ó shoin gur leath dlighe Shasana i nÉirinn dhá chéad déag bliadhain 'na dhiaidh súd Ba bheag atharrughadh eile cuireadh ar an ndlighe
mar nár theastuigh sé uaithi. Bhí rí-chíos da thabhairt ag gach rígh cúige do'n Áird-Rígh agus fágadh mar sin é. I dteannta an mhéid sin bhí cáin eile ar Chúige Laighean do b'éigean do'n chúige sin a dhíol gach aon tarna bliadhain, agus ba bheag an mhaitheas do Phádraig 'iarraidh ar an rígh í 'mhaitheamh. Ba mhór an chúis imris i nÉirinn an droch-cháin sin. Glaodhtar Bóramha Laighean uirthi agus do b'annamh do dhíol Cúige Laighean í gan bruighin, acht bhí ríghthe na Teamhrach chomh láidir sin agus chomh ceann-dána nár mhaitheadar riamh do'n chúige mhí-ádhbharaigh an cháin ghránda soin. Is dá héileamh do bhí Rí Laoghaire ag dul nuair do bhuail an bás obann é (463, DC.). Chuir sé roimis an bhóramha úd do thógáil dhá bhliadhain roimhe siúd acht do tógadh é féin 'na hionad mar bhuaidh na Laighnigh chalma air i gcath. Scaoileadar uatha an tÁird-Rí, ámh ar choingheallaibh ná bainfeadh sé leo go bráthach arís, agus do geall sé dhóibh dar ghréin is ghaoith, do réir mhionn na bPágánach, ná cuirfeadh sé isteach ortha a thuilleadh. Mar sin féin, badh lag leis an Aird-Rígh borb mór- dhálach géilleadh dhóibh. Cheap sé leis féin gur baineadh na coinghil de dá aindeoin. Ní raibh dul as aige, adubhairt sé, is do b'éigean dó an gheallamhaint do thabhairt uaidh, mar nuair do cuirtear an coileach chun treabhadh caitheann sé a dhéanamh. Teasbánann bás obann Laoghaire gur mhór leis na hÉireannachaibh a ngeallamhaint, mar deir scríbhinn, mar cheann fé Rígh Laoghaire, gur mhairbh grian is gaoth é toisc gur bhris sé a fhocal. Acht d'áitimh an tÁird- Rí air féin gur bh'é a cheart an bhóramha do thógbháil fá mar do bhailigh na hÁrd-Ríghthe roimis is 'na dhiaidh é. Sin é an chuma go bhfásann droch-nós go mbíonn sé chomh daingean le dlighe. Níor thuill na Laighnigh an droch-úsáid do fuaradar ó aois go haois i dtaobh na bóramha milltighe úd: acht
tá aon cheacht amháin le foghluim go soileir as, agus 'sé sin gur mhór leis na hÉireannachaibh banamhlacht a mban, agus ná raibh aon choir ba ghráinde leo 'ná náire do thabhairt do mhnaoi. Trí chéad bliadhain roimh am Ríogh Laoghaire do thug Tuathal Teachtmhar a inghean ba shine mar mhnaoi do Rígh Laighean. Do luigh an rí sin a shúil ar an inghin do b'óige, agus ba ise do bhí uaidh; acht, fá mar atá an nós indiu, níor ghnáthach leis an inghin do b'óige pósadh roimh an inghin ba shine. D'éirigh i gcionn tamaill go raibh Rí Laighean tuir- seach dá chéile-leaptha, inghean an Áird-Ríogh. Bhuail sé fá ghlas í 'na rígh-theach i Nás, agus seo chum siubhail é go Teamhair, 'ghá rádh go bhfuair sí bás D'éis tréimhse, fuair sé an dara hinghean mar mhnaoi, agus thóg leis í. Ag siubhal di seo thré sheomraíbh a pháláis bhreagh i Nás, cé chasfadh uirthi go hobann acht a deirbhshiúr féin. Bhuail aithis is náire an bheirt deirbhshéar ar bhualadh le n-a chéile, agus thuit an t-anam asta araon! Fá cheann seachtmhaine bhí claidhmhte Ríogh na Teamhrach ag cosc- airt thré Chúige Laighean. Do b'olc an scéal do Laighnibh coir bhréan a ríogh nách raibh leigheas aca air, agus do b'olc an scéal d'Éirinn leis é, mar ná raibh Laighin umhal 'na dhiaidh súd d'aon Áird-Rígh le n-a toil féin. Ghéillidís na Laighnigh nuair do b'éigin dóibh é, acht throididís chomh luath is bhíodh rí buadhthach ortha mar Bhran Dubh do mhairbh an tÁird-Rí Aodh mac Ainmire i nDún Bolg. Chabhruigheadar leis na Lochlannachaibh bliadhanta 'na dhiaidh súd, mar chuir Brian an bhóramha mar chíos ortha, agus do b'é a rí, Maolmhuire, fá ndeara Cath Chluain Tairbh i n-ar cailleadh Brian. Sin é toradh droch-nóis, agus díolann gach tír chomh maith le gach duine as a ndroch-bheartaibh, luath nó mall.
Dá olcas é toradh na Bóramha, mar sin féin faid do bhí an Teamhair 'na ceann ar Éirinn ba bheag an bhárthainn do ghnídh easumhlacht Laighean do'n rígheacht, mar chaith na Laighnigh géilleadh pé olc maith leo é. Chuaidh Éire chum cinn, agus bhí léigheann ag dul ar aghaidh. Tháinig Oilioll Molt mac Dháithí le bheith 'na Áird-Rígh ar feadh fiche bliadhan; riaghluigh Lughaidh mac Laoghaire naoi mbliadhna fichead 'na dhiaidh sin, agus i gcionn an dá bhliadhain déag ar fhichid as soin i leith bhí dhá rí eile — Muircheartach mac Earca, agus, 'na dhiaidh sin, Tuathal Maolgarbh — 'na gceannaibh ar Éirinn. Págánaigh ar nós Ríogh Laoghaire do b'eadh na ríghthe seo, acht níor chuir aon aca isteach ar an gCreideamh gCríostaidhe.
MILLEADH NA hÉIREANN. Óráit do Dhiarmaid Mac Cearbhaill. Ins an mbliadhain 544 do déineadh Áird-Rí dhe agus do b'eisean an chéad Chríostaidhe do riaghluigh Éire. Do taidhbhreadh do'n Áird-Rígh sin ar a leabaidh i dTeamhair go bhfeacaidh sé crann mór géagach i gcoill. D'fhéach sé le hiongantas ar aoirde is ar reimhreacht an chrainn, acht faid do bhí sé ag féachaint air do tháinig scata fear le tuaghannaibh, do bhuaileadar bun an bhile, do ghearradar é, agus do thuit sé le fuaim do chroth an domhan. Do b'é an bile úd Teamhair agus do b'iad fir na dtuagh Naomh Ruadhán Lothra agus a mhanaigh. Ní fhuil aon tubaiste ó thúis go deireadh i stair na hÉireann is measa 'ná mallacht Naoimh Ruadháin ar Teamhair. Níor chuir an tÁird-Rí Diarmaid isteach i n-aon chor ar na manachaibh. Bhí sé go fial agus go muinnteardha leo. Fear láidir aigeantamhail do b'eadh é go raibh fonn riaghalta air. Le seal roimhe sin bhí na ríghthe cúige agus na taoisigh mhóra ag éirghe chomh neamhspleádhach soin gur gheárr muna mbeadh cuid aca 'gá gcur féin suas is anuas leis an Áird- Rígh féin. Chromadar ar dhúnta daingeana do chur suas ar fuaid na tíre gan buidheachas d'éinne. Chuir an tÁird-Rí gairm scoile amach go gcaithfidhe aoirde is leithead shleighe an ríogh bheith i ngach doras dúin is tighe mhóir — 'sé sin le rádh go mbeadh sé riachtanach ar gach uasal cead do thabhairt do theachtaire an ríogh gabháil isteach 's amach i ngach dún i nÉirinn. Chuir
sé bollsaire ar siubhal leis an bhfógra soin. Géilleadh do'n bhollsaire go dtáinig sé go dun Ghuaire, Rí Chonnacht, agus géilleadh dó annsúd leis, mar bhí Guaire le n-a mhnaoi nua-phósta as baile. D'fhill Guaire faid do bhí an bollsaire fá dhíon tighe agus i n-ionad rud do dhéanamh ar taoiseach uasal a Áird-Ríogh is eadh do ghnídh sé 'ná sleagh do ropadh thríd. Mar an ionmhuin leat mo mhadra ní hionmhuin leat mé féin, agus do ba dhála soin do Ghuaire. Bhí an liúgh fhiadhaigh thríd an dtír láithreach, agus an tuairisc ag dul ó bhéal go béal gur marbhuigheadh teachtaire an ríogh. Do theich Rí Chonnacht len' anam, mar ba gheall leis an rí do bhualadh a theachtaire do bhualadh. Sceinn sé go dtí Lothra i dTiobraid Árann, agus d'iarr coimirce ar Naomh Ruadhán. Bhí an tóir 'na dhiaidh ró-dhian agus do tháinig faitchíos ar Ruadhán agus do sheol sé Guaire go dtí rí na Breataine. Chuir Diarmaid scéala chum Ríogh na Breataine Rí Chonnacht do chur a bhaile láithreach nó gur dhó féin ba mheasa, agus tháinig scannradh ar Rígh na Breataine agus thiomáin sé ar n-ais Guaire. Thóg Ruadhán arís fá n-a scáth é agus chuir i bhfolach é. Bhí nós ag na Giúdaighthibh go raibh bailtí áirithe aca go nglaodhaidís cathracha dídin ortha, agus pé cuirptheach nó méirleach nó marbhthóir do bheadh ag teicheadh ó'n ndlighe, dá dtárlóchadh go sroichfeadh sé slán an chathair dídin ní leomhfadh an dlighe méar do bhualadh air. Ghnidh na manaigh i nÉirinn riaghail dhóibh féin ar an gcuma gcéadna. Glaodhadh mar ainm ar an dtalamh do bhí mór-dtimcheall a gcille an "Neimheadh" — 'sé sin talamh naomhtha. Nós nua do b'eadh a leithéid sin i nÉirinn agus níor thaithnigh sé leis na nÉireannachaibh i n-aon-chor gidh gur leigeadar dó, mar bhí cumhacht spioradálta ag na manachaibh. Mheas
Naomh Ruadhán an nós so do chur i bhfeidhm. Do ba de shliocht ríogamhail Éibhir an naomh so leis agus bhí éad ag an sliocht soin le ríghthibh na Teamhrach, mar do ba de shliocht Eireamhóin na hÁird-Ríghthe sin. D'eitigh Ruadhán Rí Chonnacht do thabhairt suas do'n dlighe, acht tháinig an tÁird-Rí féin agus a ghárda go Lothra le haghaidh a ghabhála. "Cá bhfuil an marbhthóir Guaire atá fád' choimirc?" ars' an tÁird-Rí, mar bhí 'fhios aige ná 'neosfadh an naomh bréag. "Ní fheadar-sa shoin muna bhfuil sé fád' chosaibh," arsa Ruadhán, agus do sásaimh an freagra an Rí, mar ní raibh fá n-a chosaibh dar leis acht an talamh cruaidh. Ar imtheacht dó, mar sin féin, do mhachtnuigh sé go mb'fhéidir go raibh an naomh 'gha mhealladh. D'fhill sé ar n-ais agus fuair sé Guaire i bhfolach i n-uaimh fá'n áit gur sheasaimh sé féin air. Ní raibh maith i n-impidhe ná i mbagairt Naoimh Ruadháin. Acht bhí a dhíoghaltas aige mar sin féin. Is dubhach an scéal é, acht is í beatha an star- aidhe fírinne. Bhailigh Naomh Ruadhán manaigh na Mumhan, trí chéad aca, leanadar an tÁird-Rí, ghluaiseadar mór dtimcheall na Teamhrach ag bualadh a gcloigíní 'na coinnibh, agus chuireadar an mhallacht ar an gcathair ríoghamhail agus ar gach duine innti. Sleagh thré chroidhe na hÉireann do b'eadh an mhallacht úd, an bheart do b'amadánta agus ba thruaghmhéilighe dár thuit amach riamh sa tír. D'fhill na manaigh slán, mar bhí eagla ar na daoinibh rómpa agus bhí Éire briste 'na codaibh. Riaghluigh Diarmaid Mac Cearbhaill Éire ar feadh fiche bliadhan agus gidh gur bha rí láidir buan-seasmach misneamhail é, ní raibh sé 'na chumas Éire do chneas- ughadh, mar bhí gach cuirptheach is fear uallach ag éirghe 'na aghaidh 'gá rádh gur threise Ruadhán agus na manaigh 'ná eisean! Nuair do leomhthaoi a leithéid sin de chainnt i nÉirinn, gan aon amhras bhí cumhacht na
Teamhrach briste, agus briseadh Éire le n-a cois. Nuair do tháinig na Lochlannaigh dhá chéad bliadhain 'na dhiaidh súd dhóigheadar na mainistreacha, is mharbhuigheadar na manaigh, loisceadar is chreachadar Éire, mharbhuigheadar na mná is na leinbh. Cá raibh claidheamh ríogh na Teamhrach an uair sin? — an claidheamh do chrothadh go dán i n-aghaidh na Romhánach ar feadh cheithre chéad bliadhan? Bhí a easnamh an uair seo chum na hÉireann agus na hEaglaise do chosnamh ar an namhaid. Tá toradh na mallachtan úd do bhris Teamhair ag goilleamhaint ar Éirinn ó shoin. Tháinig an Lochlannach 'gá claoidhe is an Normánach is an Sasanach 'gá scrios; fuair an sagart is an bráthair bás obann; fuair an t-óg is an críonna an chroch, mar briseadh an buinne do chongaibh an tír le chéile. Is é Naomh Ruadhán do chaith an saighead mhillteach úd do laguigh cumhacht a Áird-Ríogh féin is do scaoil Éire 'na codaibh, gach cuid di ag achrann leis an gcuid eile go dtáinig an namhaid 'na measc. Ní raibh 'fhios ag an naomh cad iad na tubaistí do thiocfadh as a shaothar. Mheas sé tuisleadh do bhaint as an rígh mar shíligh sé gur thuill sé é, agus b'uathbhásach an toisc d'Éirinn é. Níor thug Diarmaid Mac Cearbhaill a chúl ar Teamhair gidh go raibh eascaine an naoimh uirthi. I n-ionad congnaimh do thabhairt dó mar ba chóir, is eadh do dheighil a thaoisigh uaidh ceann ar ceann agus do thuit sé fá dheireadh le sleigh taoisigh i Muighlinne Tuaidh i nUltaibh ag iarraidh a thíre — d'fhuineadh agus do shnadhmadh i n-aon treibh dhaingin dhluith amháin. Dá n-éirigheadh leis is deárthach go mbeadh Éire 'na ceann ar an mBreatain. Chaill sí an fhaill sin agus ní bhfuair sí riamh ó shoin í.
TAR ÉIS AN MHILLTE. Má bhí fuadar cogaidh is buannachta fá Éirinn ar feadh chúig chéad bliadhan roimh aimsir an Ríogh Diar- maid, ghabh machtnamh eile a chlann as súd amach, agus do b'é an machtnamh é nách bhfuil sa tsaoghal so acht neamh-nídh. Ghabh an smuaineadh soin ó chroidhe go croidhe is ó bhéal go béal, gur las sé intinn is aigne mhór-chuid de sna hÉireannachaibh le n-a leithéid sin de dhiadhaidhtheacht is de theas-ghrádh creidimh gur chosmhail a lán de naomhaibh Éireann leis an dá apstal déag. Ní raibh Éire, dar leo, fairsing a dóthain dóibh. Bhí an domhan mór lasmuich ag feitheamh leis an dteagasc, agus do b'annamh d'fhágadh long seoil cuanta na hÉir- eann gan ualach sagart ag brostughadh thar na huiscíbh. Chuireadar fútha an creideamh Críostaidhe do scaipeadh ar fuaid na hEorpa agus i bhfad níos sia ó bhaile, agus ní dóich liom go raibh aon tír eile dá hoireadh ar domhan ba dhuthrachtaighe i mbun ghnótha Dé ar feadh dhá chéad bliadhan 'na dhiaidh súd 'ná Éire. Do mhothuigh an Bhreatain is tíortha na hEorpa buillí troma ríghthe cogaidh na Teamhrach, agus bhí claidhmhthe na hÉireann ag coscairt láimh leis na hAlpaibh. Do mheil is do bhris Niall Naoi-nGhiallach na Rómhánaigh féin ar thír na hEorpa, agus deirthear gur ar a thuras go cathair na Róimhe bhí Dáithí nuair do mhairbh an chaor é. Ní fonn de'n tsaghas soin do bhí ar na hÉireann- achaidh eile seo an chreidimh nua. Chaitheadar so uatha an claidheamh agus láimhsigheadar an chrois. Thrialladar
leo imeasc chinidheacha fiadháine, gan biadh gan deoch, ar lorg anam do Fhlaitheamhnas. Níor chuir síon ná sneachta cosc leo, níor mhoilligh aibhne ná cnuic ná coillte iad, i n-ocras agus i n-anró do chraobhscaoil- eadar céasadh an tSlánuightheora. Níor éirigh a dturas chomh socair leo is d'éireochadh i nÉirinn. Ni raibh ríghthe na hEorpa chomh réidh is chomh deagh mhéinneach leo is bhíodh ríghthe na Teamhrach nár chuir riamh cosc leis an gcreideamh. Chuir ríghthe is taoisigh fhiadháine na hEorpa chum báis a n-iomad de shagartaibh ó Éirinn agus do thiomáineadar a lán eile aca ar siubhal thar a dteorannaibh. Is le duadh is le cuid fola mhórán aca do cuireadh síol an chreidimh ins na tíorthaibh allta úd, acht is leis an Eaglais do bhaineann stair a mbeatha, agus gidh gur mór an ceann suas d'Éirinn iad, mar sin féin is beag an bhaint atá ag stair na hÉireann le n-a n-imtheachtaibh i dtíorthaibh coigcríocha. Thugadar súd a gcuid saothair ar son na dtíortha eile sin, mhúineadar lasmuich an t-eolas do fuaradar i nÉirinn, agus ní bhfuair Éire aon chúiteamh as. Bhí Éire go foirtil i bhfearaibh léighinn ó'n gcúigeadh go dtí an t-ochtmhadh aois, agus muna mbeadh iad do bheadh léigheann is eolas curtha i n-éag ar thír mhóir na hEorpa an uair sin, mar thuit Impireacht na Rómh ánach as a chéile le n-a droch-chleachtaibh féin, agus ní raibh sé i n-ann í féin do chosaint feasta ar thuargain chinidheacha fiadháine an tuaiscirt do bhris isteach uirthi is do scrios í. Bhí ríoghacht na hÉireann briste leis an uair sin; acht níor bha le neart namhad deorata do briseadh í, acht le hóinseamhlacht a clainne féin do laguigh úghdarás a nÁird-Ríogh. Níor chomhnuigh aon Áird-Rí eile i rígh-theach na Teamhrach ó bhás an ríogh uasail thír-
ghrádhaigh úd, Diarmaid mac Cearbhaill, mar bhí an mhallacht ar Teamhair. Bhí a leithéid sin de spior spear déanta de chumhacht an Áird-Ríogh nách raibh ann feasta acht fá mar do bheadh bréag-rí. Ní túisge bhí an rí Diarmaid marbh 'ná gur deineadh láithreach dhá Áird-Rí 'na ionad, Domhnall agus Feargus, beirt mhac Mhuircheartaigh mhic Earca, agus do riaghluigheadar an bheirt sin ar feadh bliadhna agus deineadh beirt eile 'na n-ionad annsoin, Baothán agus Eochaidh, agus riaghluigh an bheirt sin trí bliadhna eile. Ar feadh céad bliadhan 'na dhiaidh sin bhí fiche Áird-Rí ar Éirinn, agus cúig nó sé uaire bhí dhá Áird-Rí i n-éinfheacht ar an tír. Ní bhfuil sé do réir nádúir go réidhteochadh dhá Áird-Rí ar aon chathaoir ríoghachta amháin le chéile agus ní mó 'ná réidhtigheadar súd. Ní dheachaidh aon tír riamh chum cinn agus ní rachaidh go deo gan riaghlóir; agus, ó aim- sir Dhiarmada go teacht na Lochlannach, níor mhachtnuigh muinntir na hÉireann gur theastuigh riaghlóir láidir uatha do chuirfeadh smacht ar gach duine, bíodh sé íseal nó uasal, do chuirfeadh i gcoinnibh dlighthe na tíre. Roimhe sin ní raibh éin-fhear sa tír le cur i gcomór- tas leis an Áird-Rígh; acht tháinig atharrughadh méine ar dhaoinibh, agus cheapadar gur mhó easpog 'ná rí. Tá an cheist seo sa tSeanchus Mhór, agus, do réir mar thuig im, cuireadh ar mhacaibh léighinn í le haghaidh bheith 'na mbreitheamhnaibh dóibh. "Cia'ca," adeir an leabhar dlighe sin, "is mó, easpog nó rí?" Agus is é an freagra atá leis: "Is mó an t-easpog, mar is leis sean ríoghacht spioradálta, acht ní fhuil ag an rígh acht ríoghacht shaoghalta." Tuigfear ó'n bhfreagra soin go raibh urraim d' easpog i nÉirinn níos mó 'ná bhí i n-aon tír eile. Do réir mar thuigim, thuill sé an urraim sin. Bhíodh sé i gcomhnaidhe ar thaobh na síothchána, agus ba dhuthrachtach
é chum léighinn is creidimh do chur chum cinn. Mar sin féin, ceapaim gur mhío-ádhmharach an rud do'n eaglais agus do'n tír easpog do chur suas is anuas le rígh, mar bhí a lán daoine 'na thaobh soin ag cúl-chainnt ar an eaglais agus 'ghá rádh go raibh breis éirghe 'n-áirde uirthi. Bhí éad ag na draoithibh léi leis, agus bhí mórán aca ar fuaid na tire fos i n-aindeoin saothair na sagart. Bhí scoileanna maithe ag na draoithibh sin, mar a múinidís léigheann dúthchais agus ceárdaidheacht. Bhí múinteoirí eile seachas draoithe ag múineadh i n-éin- fheacht leo, agus bhí an t-oideachas chomh maith soin ionnta gur bh'iomdha naomh do fuair a chuid léighinn ionnta sul ar cuireadh ar scoil na heaglaise é chum riaghlacha creidimh d'fhoghluim. Bhí teist mhór ar scoileannaibh na heaglaise leis, agus do múintí teangacha eile seachas Gaedhilg ionnta, mar atá Laidean is Gréigis is Eabhrais. Dá chomhartha soin, ní raibh aon scoláirí eile le fágháil ó'n gcúigeadh aois dár dTighearna go teacht na Lochlannach ins an ochtmhadh aois le cur i gcomór- tas le Columbánus is le mórán eile nách é de shean scoláiríbh na hÉireann.
SAOIRSEACHT NA hALBAN. Ní raibh Éire riamh gan filí faid do bhí a teanga féin aici. Bhíodh scrúdughadh dian i gcomhair dhuine sul d'fhéadfadh sé bheith 'na fhile, mar siúd is go mbeadh an intinn féin aige bhí sé riachtanach air riaghlacha filidh- eachta d'fhoghluim do réir mar ceapthaoi ins na scoileannaibh. Dar liom is amhlaidh do ghnidheadh na riaglacha 'ná intinn an fhile do chur i ndísc. Acht go háirithe i n-aindeoin na riaghlacha úd do bhris tuile filidheachta amach i n-aigne na ndaoine ins an séamhadh aois agus dá bhárr soin chuaidh grád na bhfilí i méid. Bhí sean-nós ag baint le grád soin an fhile ná leomhfaidhe é 'eiteach pé bronntanas d'iarrfadh sé ar chách. Thárluigh go raibh filí chomh flúirseach soin le linn an Áird-Ríogh Aodh Ainmireach (572-598) gur chrom na daoine ar ghearán go rabhadar créachta ó shainnt na bhfilí sin. Do b'é an scéal céadna ag an Áird-Rígh féin é, agus do gheall sé do sna daoinibh go gcomhair- leochadh sé do Dháil mhóir do bhí le cur ar bun gur chóir grád na bhfilí do scaoileadh agus iad féin do thiomáint as an dtír. Ba thruagh mhór dá scaipfidhe na filí, siúd is go raibh cuid aca an cor soin bun os cionn le sainnt, mar do b'iad amhráin an fhile do neartuigh misneach na ndaoine ó aois go haois is do mhúscail grádh tíre ina n-aigne. Mar sin féin, rí go raibh fonn riaghalta air do b'eadh Aodh Ainmireach, agus do bhailigh sé uaisle na
hÉireann chum dála móire i nDruimceat i gCúige Uladh láimh le Grianán Ailigh mar ar chomhnuigh sé féin. Do b'é easaontas na hAlban an gnó ba mhó bhí ag cur ar an Áird-Rígh, acht ar a shon soin do gheall sé go gcaithfidhe smacht do chur ar na filíbh leis. Chualaidh Columcille thall i nOileán Í cois Alban an tóir do bhí i ndiaidh na bhfilí, agus do bheartuigh sé chum siubhail i gcomhair cabhruighthe leo. File do b'eadh é féin agus an deoraidhe ba bhrón-chroidhighe dár fhág Éire riamh. Tá sé curtha 'na leith, ámh, gur éirigh sé go tuathalach nuair do bhí sé óg is uallach i gcoinnibh an Áird-Ríogh Diarmaid. Ar a shon soin is eile is é Columcille an polla is gléire agus is mór is fiú imeasc na nGaedheal, agus is binn é a ghuth ar nós bualadh cloigín i nDáil Dhruimceat ag athchuinghidhe ar an Áird-Rígh gan na báird do dhíbirt. Fuair sé a ghuidhe agus chuir an Dáil úd riaghlacha ar bun ag léiriughadh na bhfilí feasta agus 'gá chur 'fhiach- aibh ortha múineadh i scoileannaibh. Fuair Columcille guidhe eile leis ag an nDáil úd nár bha shochar d'Éirinn í — d'áitimh sé ar an Áird-Rígh gur bh'fhearr dó saoirseacht do thabhairt d'Albain mar d'eitigh Gaedhil na hAlban as súd amach aon cháin do thabhairt d'Áird-Ríghthibh Éireann. Céadta bliadhan roimhe sin do sheol dream de Ghaedhealaibh as Ultaibh go hAlbain agus chuireadar fútha ann. Ghabhadar ar na Pictighibh annsúd le cabhair ríogh na Teamhrach agus dhíoladar cáin leis gach bliadhain. Bhí na Pictigh ag cur ortha arís gur tháinig buidhean mhór as an Mumhain chum conganta leo agus cuireadh smacht dáiríribh ar na Pictighibh. Do mhéaduigheadar súd is do bhorradar fá chúram ríghthe na Teamhrach, agus ba bheag-
nách raibh an Albain go léir ag díol cíoscáin le Teamhair ar feadh chúig chéad bliadhan. Ní túisce bhris mallacht na Teamhrach ríoghacht na hÉireann 'ná gur dhiúltuigh Albain an cíoscáin do dhíol níos mó. Chuir Aodh Ainmireach roimis a chur 'fhiachaibh ar Albain an cháin do dhíol agus chruinnigh sé Dáil Dhruimceat le haghaidh an ghnótha. Bhí 'fhios ag Aodhán, rí na nGaedheal i nAlbain, nách raibh cumhacht an Áird-Ríogh mar do bhíodh agus labhair sé go dán leis, mar dearbhráthair d'Aodhán do b'eadh Bran Dubh, rí Laighean, agus bhí na Laighnigh i gcoinnibh an Áird-Ríogh i dtaobh na Bóramha. D'iarr Columcille mar athchuinge ar an Áird-Rígh gan dul chum cogaidh i dtaobh na cána agus do ghnídh an tÁrd-Rí cráidhte rud air. As súd amach bhí Éire gan buannacht ar Albain. Fuair sí a saoirseacht gan fuil thré impidhe Choluimcille. Níor bh'iontaoibh d'éinne comhairle 'thabhairt do shean-ríghthibh pagánacha na Teamhrach Albain do scaoileadh uatha chomh bog soin. Níor mhair Aodh Ainmireach i bhfad 'na dhiaidh súd. Marbhuigheadh é i nDúnbolg (598 D.C.) ag comhrac le Bran Dubh ag iarraidh Bóramha Laighean do thógáil. Rí aigeantamhail fuinneamhail do b'eadh Aodh Ainmireach, acht is é a mhí-ádh gur bha ar feadh a ríghe do shleamhnuigh Albain as comhaltas na hÉireann Níor bh'é ba chionntach leis, ámh, acht tubaiste na Teamhrach do bhris an rígheacht, agus do dheighil na cúigí ó n-a chéile. 'Na theannta soin bhí an Bhóramha ag déanamh buadhartha do'n tír agus dá gcuirfeadh an tÁird Rí roimis dul chum catha le Aodhán, rí na hAlban, bheadh Bran Dubh i ndiaidh a chúil air, rud ná beadh sé de mhisneach ar an rígh chúige sin do dhéanamh muna mbeadh gur laguigheadh cumhacht an Áird-Ríogh.
Ceapaim go raibh fios mioscaise Bhrain Duibh ag an Áird-Rígh agus nár bh'í an Bhóramha is mó do theastuigh uaidh an uair úd áirithe acht amháin chum smacht do chur ar Bhran Dubh. Ghluais sé ó dheas go Laighin ar tí a dhéanta, acht níor éirigh leis, mar bhí Bran Dubh chomh glic le De Bhet — thiomáin sé scata capall i lár na hoidhche fá dhéin longphuirt an Áird-Ríogh, srathar ar gach capall is dhá chiseán lán de bhiadh fá mar síleadh, acht ní túisce bhí na capaill ualaigh i lár an longphuirt 'ná gur phreab claidhmheach as gach ciseán agus gur chrom adar ar éirleach. Níor fhéad an tÁird-Rí a chuid saighdiúirí do chur i n-eagar sa dorchacht agus marbhuigheadh é féin sa chomrac. Ins an dorchacht do fuair sé bás, acht bhí sé ag comhrac, agus níor bha leis an oidhche amháin do bhí a chomhrac acht le dallacht na hÉireann do bhí 'ghá briseadh féin 'na codaibh i n-ionad bheith 'gá fuineadh féin 'na ríoghacht dhaingin. Is é an iongnadh is mó leis nár thuig na daoine eolacha bhí sa tír — agus bhí foghluim mhaith ar a lán aca go raibh Áird-Rí ag teastabháil uatha bheadh 'na cheann dáríribh ar an tír. Ní hamhlaidh do bhí acht rinneadh dhá Áird-Rí i n-éinfheacht, Aodh Sláinghe agus Colmán ceann aca as shliocht Néill na Midhe theas agus an ceann eile as shliocht Néill Uladh thuaidh. Is dóich liom gur deineadh é sin i gcás ná beadh aon éad ag an dá threibh de mhuinntir Néill le chéile. Ní rabhadar so ar chathaoir an Áird-Ríogh acht chúig bhliadhna agus i gcionn na cheithre bhliadhna ficheadh 'na dhiaidh sin bhí trí Áird-Rí eile i ndiaidh a chéile ag iarraidh na ríoghachta do riaghlughadh.
BLADHM NA bPÁGÁNACH. Do b'é Domhnall mac Aodha Ainmirigh an rí ba mhó acfuinn dár riaghluigh Éire ó briseadh an Teamhair fá'n rígh Diarmaid. Nuair do déineadh rí dhe ins an mbliadhain 627 d'éis Chríost do thárluigh go raibh taoisigh annso is annsúd ar fuaid na tíre ag machtnamh go raibh an rígheacht ag tuitim as a chéile agus ná raibh rath ná séan uirri ó briseadh an Teamhair. Dubhairt a lán aca gur bh'í an eaglais ba chionntach leis sin agus go gcaithfidhe an phágántacht do thabhairt ar n-ais arís. Is ag Congal Claon, gar-mhac do'n Áird-Rígh Domhnall, do bhí an tsiosmarnach ba mhó agus i bhfleadh i dtigh mhór cois na Bóinne do cheap sé gur thug an tÁird-Rí easonóir dó. Ghluais sé tré chúige Uladh, do bhailigh sé buidhean tsluaigh agus d'éirigh amach láithreach i gcoinnibh an Áird Ríogh. Ba dhíomhaoin é a ghnó mar ba chosmhail le sean righthibh na Teamhrach an Domhnall so agus ba ghearr an mhoill air Congal Claon agus a fheara congnaimh do scaipeadh agus do thiomáint as an dtír amach. Ní raibh Congal sásta, ámh. An fear ba bhoirbe agus ba thréine le n-a linn do b'eadh é. Shiubhluigh an Bhreatain is an Albain ar lorg cabhartha is do bhailigh sé 'na chuaird sluaighte fear comhraic. Gheall sé dhóibh saidh- bhreas na hÉireann acht an rí Domhnall agus a chléir is a easbuig do ruagadh. Níor bh'fheárr le sluaightibh Sacsan gnó bheadh aca agus
do thrialladar le cois Chongail. Thriall mar an gcéadna scata fear chosgarthach cíocrach as Albain fa bheirt mhac chalma ríogh na hAlban, agus do sheoladar isteach cuan Bhun-Abhann-Duine i nAontruim 'na míltibh, Congal Claon mar cheann ortha agus mórán de thaoiseachaibh Uladh mar chongnamh aige. Ní raibh an tÁird-Rí Domhnall ag míogarnaigh faid do bhí an buaidhreadh úd ag druidim leis. Do dhéin sé fá dhéin na n-eachtrannach agus chasadar ar a chéile thuaidh ar Mhuigh Ráth 'na ndrongaibh is na gcipíbh ag briseadh thré n-a chéile ar nós tonntacha fraochdha fairrge. Tá leabhar scríbhte ar an gcath, acht do réir mo thuairime ní fhuil puinn bríghe ann. Badh dhóich liom go raibh cunntas níos seanda agus níos feárr 'ná an leabar soin ar an gcath mar bhí foghluim go fairsing le linn an chatha úd; acht aon nídh amháin do b'é siúd an gearradh cnámh ba mhó bhí riamh i nÉirinn munab é comhrac na bhFiann i nGabhra leis an Áird-Rígh Cairbre, nó cath Chluaintairbh fá Bhrian Bóroimhe. Níor staon, fá mar adeirthear linn, an comhrac ar feadh sé lá na seachtmhaine, acht is é do thuigim as soin go dtairgeadh claidhmheach as gach taobh comhrac éin-fhir dá chéile agus go mbíodh na sluaighte ag faireadh an chomhraic gan baint leis an dá chlaidhmheach soin, do réir gnás fhearamhail na sean-aimsire. Fá dheireadh do bhris as an bhfoidhne aca go léir agus bhí Magh Ráth 'na lochánaibh fola sul ar thuit an prionnsa uasal Congal Claon. Níor fhág aithid do tháinig thar lear leis páirc an bhuailte. Marbhuigheadh ann claidhmheach iongantach dár bh'ainm Domhnall Breac, mac ríogh na hAlban, agus bí a leacht ar an machaire le n-ár linn-ne gur phléasg bodach na clocha bhí 'gá clúdach, chum claidhe 'dhéanamh leo. Bhailigh an t-Áird-Rí Domhnall chuige go buadhthach
fuighleach a shluaighte laoch tar éis an chatha chruaidh agus do ghluais sé air go dubhach, mar do b'iomdha triath is taoiseach tréan dá mhuinntir féin bhí sínte ar Muigh Ráth. Níor thóg na Págánaigh bhochta a gceann riamh ó shoin agus bhí suaimhneas ag an eaglais go ceann tamaill mhaith 'na dhiaidh súd. Ní dóich liom go bhfuil aon tréimhse de stair na hÉireann gur deacra a thuigsint 'ná an aimsir úd ó bhriseadh na Teamhrach go teacht na Lochlannach, agus ní fhuil aon bhlúire de sin féin is deacraighe 'ná deireadh na séimheadh aoise. Bhí a leithéid sin d'urraim ag na daoinibh do'n Teamhair go nglaodhaidís Rí na Teamhrach ar an Áird-Rígh siúd is nár chomhnuigh aon rí sa Teamhair ó aimsir na heascaine. Is mórdhálaighe bhítheas as Dhomhnall na Teamhrach d'éis chatha Mhuighe Ráth 'ná bhítheas as aon rígh eile le seal fada roimhe sin. Ba mhór leis na hÉireannaighibh rí láidir calma, agus seo rí dán cuthaigh tapaidh misneamhail, do bhí ullamh do shluaightibh dheorata ó Albain is ó'n mBreatain do tháinig ar tí Éire agus a hÁird-Rí do chur fá chois. Mar sin féin is é do thuigim gur tháinig faitchíos ar na righthibh cúige roimh an Áird-Rígh Domhnall agus go raibh manaigh gur mhór leo na ríghthe cúige sin ar an intinn gcéadna. Bhí an teist amuich ar an Áird-Rígh go raibh fonn air sean ómós is cumhacht na Teamhrach d'aithbheodhughadh. Ní raibh uain aige air, ámh, mar thóg an bás leis é trí bliadhna 'ndiaidh chatha Muighe Ráth agus do b'olc an mhaise d'Éirinn é mar is é leithéid an chéad Domhnaill úd do stiúruigheann tíortha ar a leas, is do fhuaghann treabha le chéile. Do theastuigh leithéid Dhomhnaill na Teamhrach ó Éirinn an uair úd, agus trí nó ceathair de ríghthibh eile dá shaghas i ndiaidh a chéile, mar ní bhíonn an rath acht
mar a mbíonn an smacht. Ní mar sin do thuit an scéal amach, ámh, acht déineadh láithreach i ndiaidh bháis Dhomhnaill na Teamhrach dhá Áird-Rí, Ceallach agus Conall Cáil, as mhuinntir Néill thuaidh, agus níor bh'fhada do réidhtigheadar soin le n-a chéile, nídh nár bh'iongnadh. Déineadh beirt eile annsoin, Bláthmhac agus Diarmaid, 'na nÁird-Rígh i n-éinfheacht as Mhuinntir Néill theas, acht ba bheag an mhaitheas é. Dá mbadh aingil dhá Áird-Rí ar aon chathaoir rígheachta amháin badh dheacair leo gan bheith ag cur isteach ar a chéile. Droch- thaithighe do b'eadh é do cuireadh ar bun nuair do briseadh Teamhair agus i n-ionad sochar do thabhairt do'n tír ná suaimhneas do thabhairt di is amhlaidh do bhí sé ar nós aicíde ag itheadh na n-inneach aisti.
NA MANAIGH. Ba mhór é cáil na manach ins an tsean-aimsir i nÉirinn, agus do ba mar gheall ar a charthannacht leis na daoinibh bhí an urraim sin do'n mhanach. Tá 'fhios ag an saoghal go raibh na manaigh sin dúthrachtach chum an chreidimh do chraobhscaoileadh. Ní dóich liom, ámh, go raibh aon tuigsint aca i n-aon chor ar an gcuma do b'fheárr chum tír do riaghlughadh. Ba chuma leo acht ná beadh bruighean ná achrann idir na daoinibh. Ba mhór é a gcion ar na daoinibh agus bhíodar mar mhaithe leis an dtír leis. Is mór an iongnadh liom dá bhrígh sin nár mhúineadar do sna daoinibh go raibh sé riachtanach ortha cabhrughadh leis an Áird-Rígh, mar ceapaim gur bh'fhurusta na daoine do dhéanamh umhal do'n Áird-Rígh, dá dteasbánfaidhe dhóibh gur bh'é leas na tíre na ríghthe cúige agus na taoisigh 'bheith umhal dáiríribh dó. Bhí sé i gcumas na manach an méid sin do dhéanamh, acht is dóich liom nár chás ortha cé bheadh 'na Áird-Rígh acht go mbeadh suaimhneas is síothcháin ann. Measaim, dá réir sin, go mbídís toiltheannach le dhá Áird-Rí 'bheith i n-éinfheacht ar an dtír. Dá dtárlóchadh go mbeadh dhá phrionnsa de'n fhuil uasail i gcomórtas le chéile 'féachaint cia'ca bheadh 'na Áird-Rígh, fá mar do bhí go minic, is é do chomhair
leochadh na manaigh, 'ná an bheirt aca do dhéanamh. Siúd is gur bh'amadánta an bheart é, mar sin féin, ní cóir a mhilleán do chur ar na manachaibh. Níor thuigeadar an gnó, mar níor bha riaghlughadh tíre bhí ceapuighthe dhóibh mar ghnó. Shíleadar go mbeadh síoth- cháin i gcomhnaidhe sa tír agus nár theastuigh Áird-Rí intinneamhail géar-chúiseach tír-ghrádhach ó Éirinn, do bhaileochadh na taoisigh bhorba ar aon láthair amháin agus adéarfadh leo, "Is i dteannta a chéile is treise sinn. Is mise an tÁird-Rí, caithfear rud do dhéanamh orm." Ní raibh sé i gcumas aon Áird-Ríogh ó'n gcéad Domhnall go dtí Brian Bóirmhe an méid sin do rádh gidh go raibh chúig rí fichead ar an dtír ar feadh na dtrí gcéad bliadhan úd. Bhí na ríghthe sin go léir 'na bhfearaibh calma ciall- mhara, acht ní bhíodh na huaisle chomh dílis dóibh is bhítí do ríghthibh na Teamhrach ins an tsean-aimsir. Fuair an tír is a raibh innti a thoradh soin. Nuair do tháinig an Lochlannach do b'olc an scéal d'Éirinn é. Ar feadh an dá chéad bliadhan roimh theacht na Lochlannach amach is isteach leis an mbliadhain 795 (seacht gcéad, cheithre fichid agus chúig bhliadhna déag) bhí, mar dubhramair cheana, teas an chreidimh ag dul chum cinn i nÉirinn agus do las sé suas 'na bhladhm d'éis Catha Mhuighe Ráth. Do cuireadh ar bun scoileanna, do chaith uaisle uatha an chulaidh shíoda agus do chuireadar umpa léine ruainnigh is brat garbh. Do bhailigheadar 'na gcuideachta uaisle eile, agus ísle chomh mhaith, agus do chuir- eadar fútha i mbothaibh cois aibhne agus cois sruthán i ngleanntaibh iargcúlacha; do chromadar ar an dtalamh do rómhar is do leasughadh, ar chur is ar bhaint, an t-uasal chomh saotharach leis an íseal, mar ba cheann dá riaghlachaibh gur bheannuighthe an bheart allus do chur díobh le hobair.
Do ghnídheadar talamh mín de'n mhachaire fhiadhain, d'fhás an seagal, an eorna, an chruithneacht, agus an meacan buidhe mar a mbíodh an feothanán, an raithneach, an chupóg agus an cas-shearbhán. Tá rian na manach úd fós ar fhód na hÉireann, mar pé áit gur chuireadar fútha ann tá an talamh soin mín go dtí indiu. D'aindeoin a dtuirse d'éis a gcuid oibre bhíodar fá choingheallaibh an iomad soin paidreacha do rádh, agus troscadh chomh dian soin do dhéanamh, go raibh a riaghail ró-chruaidh d'éin-dream daoine eile acht d'Éireannaighibh amháin. Dá réir sin nuair do chuir eadar mainistrí ar bun ar Roinn na hEorpa níor bh'fhéidir do mhanachaibh na dtíortha soin na coinghill do chomhlíonadh agus do b'éigean riaghail na mBenedictíní do thabhairt dóibh nó rachadh na mainistrí i n-éag ar fad. Fuair manaigh na hÉireann a riaghail ó mhanachaibh na díthreibhe i nÉigipt agus chuireadar féin riaghlacha diana eile leo. Chuireadh cuid aca mar phionós ortha féin bualadh isteach i linn nó i sruth, oidhche chuisnigh agus céad psailm do rádh ann mar smacht ar an gcolainn. Le linn na manach do b'é tuairim uaisle na hÉireann go mba scoirn d'aon aca a lámha do shail- iughadh le ráinn ná le sluasaid mar do b'é sin gnó an sclábhaidhe. Ní bhídís díomhaoin, ámhthach, mar ní bheadh meas ar aon aca ná beadh foghluim air, ná beadh cliste chum claidheamh is sleagh do láimhseáil, ná beadh rith is léim aige, taithighe ar mharcaidheacht aige, is fonn chum fiadhaigh. 'Sé an teist is fearr ar mhúineadh an mhanaigh gur theasbáin sé nár bh'éin-cheann fé d'éinne bheith aicillidhe chum rómhair is grafaidh, cum buille féir do bhaint le speil, coirce do leagadh le corrán, is an t-arbhar do
mheilt le bróin. Ba han-mhinic gur mhac duine uasail é féin agus tabhairt suas maith air sul ar chuir sé uimis culaidh gharbh an mhanaigh, acht chaith sé uaidh an claidheamh agus rug sé ar an bpiocóid nó ar an ráinn agus theasbáin sé dá dheascaibh sin gur measamhail an rud obair. Bhí an manach foghlumanta leis. Bhí mórán aca ar na scoláiríbh do b'feárr ar domhan an uair sin. Bhí Laidin is Gréigis is Gaedhilg aca agus gach saghas ealadhanta eile bhí le fágháil an uair sin. Tháinig scoláirí as gach áird sa tsaoghal ag foghluim uatha. Bhí trí mhíle mac léighinn i n-éinfheacht ar Árd-Scoil Chluana Mhic Nóis agus suas leis an oiread gcéadna ar scoileannaibh eile ar fuaid na tíre. Do mhúintí as Gaedhilg is as Laidin iad siúd go léir, agus bhíodh math-shluagh dheorata 'na measc d'fhuighbheadh a gcuid bídh is léighinn i n-aisce — nós gan chéill ná molfainn i n-aon-chor mar ba mhór an costas ar Éirinn é scata de dhaoinibh iasachta do chothughadh agus do mhúineadh gan éin-nídh, agus is olc an cúiteamh do fuair Éire as 'na dhiaidh siúd. Ní féidir linn acht súil-fhéachaint do thabhairt ar na haoisibh úd go raibh léigheann is saidhbhreas is síothcháin i nÉirinn. Chuaidh na daoine i líonmhaireacht agus i ndiadhaidheacht, do mhúin is do léigh na manaigh, do ghnídheadar macsamhla de leabhraibh luachmhara na hÉireann, agus de leabhraibh naomhtha an Chreidimh. Do ceapadh ins na mainistríbh úd cuma scríbhneoir eachta le peann nár sáruigheadh riamh ó shoin agus ná sáróchar go deo arís. Do dheineadar féin a gcuid duibh agus dathanna agus bhí a n-eolas ar dhathannaibh chomh cruinn sin go seasuigheann na dathanna soin fós ar bhileogaibh na leabhar d'éis míle bliadhain do ghabháil tharsa. Saoir cloch is adhmaid, saoir phráis is umha is iarainn do b'eadh na manaigh úd, agus bhí cuid aca 'na
gceárdaidhthibh chomh cliste le haon cheárdaidhe tuathach gidh go raibh teist mhór ar cheárdaidhthibh Éireann i gcomhnaidhe, ó'n nGobán Saor i leith agus leis na ciantaibh roimh aimsir an Ghobáin tSaoir, ins an seachtmhadh aois dár dTighearna. Cé go raibh aimsir chompórdach sa tír, mar sin féin, ní rabhthas gan brón is trioblóid uaireannta. Léightear ins na sean-leabhraibh gur leath taom éagcruais nó pláighe thríd an dtír, dá ngairmthear an Bhuidhe Chonaill, agus gur shlad sé leath mhuinntir na hÉireann leis idir chléir is tuathaigh. Bhíodh droch- earrach is droch-fhoghmhar aca do mheathadh an síol agus do lobhadh an féar fá mar do bhíodh i dtíorthaibh eile, agus do thárlóchadh dá dheascaibh sin go mbeadh biadh an duine agus cothughadh an bheithidhigh gann ar feadh tamaill. Ar a shon soin is eile ní áirighim go raibh aon ghorta sa tír ná go bhfuair daoine bás leis an ocras i nÉirinn faid do bhí sí fá n-a riaghail féin. Bhíodar na hÉireannaigh fial le n-a gcomharsanaibh lasmuich leis, mar tá sé curtha síos gur thugadar fóirithin ar Shasana nuair do bhí an gábhatar go dian sa tír sin, agus gur líonadar builg scuaithní ocracha na Sasana soin do sceinn chum na hÉireann ag iarraidh déirce nuair do bhí an anacra ag cur ortha. Bhí na manaigh chomh fial leis na daoinibh eile, acht ní thugaidís uatha a gcuid i gcomhair go mbeadh cách 'gá moladh. Bheathuighdís an duine bocht is an dílleachtaidhe ar son an tSlánuightheora agus bhainidís adhbhar a dhéanta as an dtalamh le saothar a lámh. Ní raibh aon ghábhadh le "tigh na mbocht" le n-a linn siúd, mar bhíodh fáilte aca roimh an easlán is an truaghán agus cé gur mhinic gur mhac ríogh nó taoisigh uasail an bráthair friothálaimh 'na chulaidh ghairbh, is beag an cheist do bhíodh air an duine bocht do chíoradh, do níghe, agus biadh d'ullmhughadh dhó. Fuair an manach a lógh, acht ní ar an saoghal so é.
NA LOCHLANNAIGH. Lá dá raibh Carl Magnus, impire na hAlmáine, ar imeall-bhórdaibh na Frainnce chonnaic sé uaidh amach ar fairrge long fá sheol dhubh. D'aithin sé gur bha leis na Lochlannachaibh long an tseoil dhuibh agus dubharthas gur ghoil sé ag machtnamh dó ar an gcruadhtan do dhéanfadh na Lochlannaigh úd do'n Chreideamh Chríostaidhe. Tá deallramh na fírinne ar an scéal. Do b'é Carl Magnus an fear do b'intinneamhla le n-a linn féin, agus bhí tuairim aige cad do b'iad an saghas daoine na Lochlannaigh. Noruéigh, Suainigh is Danair, do b'eadh iad, agus Págántacht a gcreideamh. Bhí a ndéithe féin aca, Tor is Odin is Fréa, agus a thuilleadh. Do b'iad na máirnéalaigh do b'fheárr le fágháil iad. Chomhnuighdís 'na mbuidheantaibh cois na fairrge ar an dtaobh thoir thuaidh de mhór-thír na hEorpa, ó Thír- Fó-Thuinn as soin ó thuaidh go dtí Iath na Lic-oighre. Toisc go raibh a slighe mbeatha gann-chruaidh ar mhuir is tír, d'fhaghadh na leanbhaí laga boga bás agus ní mhaireadh aca acht an fireannach is an baineannach láidir folláin. Dá réir sin fir chalma do bhí ins na Lochlannachaibh, cnámha garbha aca, féasóg is gruaig fhada ortha, an chuid ba mhó aca fionn glas-shúileach, agus a n-aighthe crón ó sháile is síon. Gidh go raibh cruth garg ortha, is
féachaint fhiadháin ionnta, mar sin féin bhí eolas leo féin aca, agus bhí saoir-luinge is saoir-seoil ortha nár sáruigheadh chum bád iascaigh nó barc cogaidh do dhéanamh is do ghléasadh. Bhí gaibhne cruinne aca leis do ghnídheadh an lúireach is an claidheamh cruaidh faobhrach sa cheardchain, agus gidh gur bheag é a gcuid léighinn ná a n-eolas ar cheol, ar a shon soin bhí sean-dánta aca, is scéalta breághdha ar ghaiscidheachaibh do tháinig rómpa, is ar dhéithibh fá dhraoidheacht i gcuasaíbh mara agus i measc cheoigh is shneachtaidh sa tuaisceart. Ní bhíodh aon rí ar Lochlannachaibh, acht bhíodh gach buidhean aca fá Cheann Cuain, agus do b'eisean do réidhtigheadh eatortha. Do thárluigh ins an ochtmhadh aois dár dTighearna gur cheap na Cinn Chuain cáin do chur ar iasc is adhmad, is iarann, agus d'éirigh iomarbháidh is achrann idir Lochlann- achaibh 'na thaobh soin. D'fhéach cuid aca amach fá'n bhfairrge. "Tá an mhuir fairsing," ar siad-san. "Ní dhíolfam cáin acht baileocham í, mar tá saidhbhreas ins na tíorthaibh laisteas dínn, agus téidhmís dhá iarraidh." "Is maith é," arsa cách, agus níor shéid aon leoithne gaoithe i dtuaidh 'na dhiaidh súd nár thiomáin barcanna na Lochlannach fá bholg-sheolaibh ag treabhadh ó dheas ar lorg saidhbhris. Bhuaileadar an Fhrainnc is an Spáinn is sciobadar leo gach nídh luachmhar do chas ortha, agus thugadar a n-aghaidh a bhaile. Gabh sainnt na Cinn Chuain chomh maith nuair do chonnacadar na tabharthasaí do thug an chuid eile leo. "Rachamuid-ne ar an dturas gcéadna leis," do ráidh na Cinn Chuain agus as soin amach ar feadh dhá chéad bliadhan níor éirigh aon namhaid leis na ciantaibh ba fhíochmhaire 'ná an Lochlannach. Bhuail sé Sasana, thiar, thuaidh is theas, agus i gcionn tamaill chuir
sé fá chois an tír sin, agus thug trí rí dhi i ndiaidh a céile, rud nach raibh sé 'na chumas a dhéanamh le hÉirinn gidh gur chuir sé chuige go dian is go dán. Do chomhraic na Sasanaigh go maith leis an Loch- lannach, acht ba bheag an mhaith dhóibh é. Do b'é an rí ba chalma dhíobh 'ná rí dár bh'ainm Alfred, acht chaith seisean an leath thuaidh de Shasana do thabhairt do sna Lochlannachaibh úd, agus 'na theannta soin do b'éigean dó breab mhór do thabhairt dóibh acht an taobh theas de Shasana d'fhágaint fá n-a riaghlughadh féin ar feadh a bheatha. D'éis a bháis, ámh, bhí an tír go léir aca. Cuireann stairidhthe Béarlóra na hÉireann i gcom- órtas le Brian Bóirmhe an rí suarach soin Alfred, agus, an gcreidfeá é? is dóich leo gur ceann suas do Bhrian é! Ní gábhadh dhóibh sin. Ní raibh ins an Alfred sin i gcomórtas le Brian acht fá mar do chuirfeá gadhairín teallaighe suas is anuas le míol-chú. Thug na Lochlannaigh fogha fá Charl Magnus féin, acht thug an leomhan-fhear soin alp ortha. Ní rabhadar láidir a ndóthain le linn Carl acht d'éis a bháis chuireadar fútha i Normania sa bhFrainnc agus dob' uatha do shíolruigh na Normánaigh chosgarthacha. Ní raibh aon bhaile cuain ar fuaid na ndúithchí nár bhaineadar na Lochlannaigh greim as, agus chuireadar scannradh ar mhuinntir gach baill láimh le fairrge ar tír na hEorpa. Chaitheadar súil fá oileán aoibhinn thiar amuich, agus ní raibh coinne ag muinntir na hÉireann go rabhthas chucha. Bhí saidhbhreas is síothcháin i nÉirinn an uair sin, na daoine go suairc is go gasta, mainistrí is scoileanna go flúirseach ann, is rath Dé ar an tír. Do leanfadh an rathamhnas díobh dá leigfidhe dhóibh is dá mbeadh daoine chomh macánta leo féin ar fuaid an tsaoghail; díreach fá mar nár ghábhadh dhúinn iadhadh 'ná glas do
chur ar ar ndóirsibh muna mbeadh bitheamhnach nó gadaidhe lasmuich ar tí ár gcoda do shladadh leis. Bhí dóirse na hÉireann ar dearg-leathadh agus gan bac ar éinne gabháil isteach. Ní raibh Diarmaid na Teamhrach mar cheann uirthi anois. Bhí Áird-Rí ann fá mar do bhí i gcomhnaidhe agus urraim ag gach duine dhó. Thugadh na ríghthe cúige a dhualgas do'n Áird-Rígh sin agus bhronnadh sé ortha dualgas ar n-ais fá mar do ghnídhtí ó thúis, mar ba shean-nós é. Mar sin féin, gidh go raibh an méid sin do réir dlighe is nóis dá n-aibeoraidhe go raibh sé riachtanach ar aon taoiseach rud do dhéanamh ar an Áird-Rígh sin do b'é a bhfreagra 'ná — táim-se chomh neamh-spleádhach leis an Áird- Rígh féin agus ní leigfead dó-san 'ná d'aon eile cur isteach orm. Dá chuma soin bhí Éire roinnte 'na ceanntaraibh, taoiseach éigin 'na cheann ar gach ceanntar di, saghas buannachta ag an rígh cúige air agus gan beann aige-sean ar éinne eile. D'fhás sé ón' óige ar an intinn sin agus a athair roimis ar an intinn gcéadna. Bhí a fhios aige go raibh ríghthe borba ar Teamhair i bhfad roimhe sin, agus chualaidh sé gur chuireadar rómpa bheith 'na gceannaibh dáiríribh ar an dtír, acht níor thaithnigh an sean-shaoghal soin leis i n-aon-chor. Do b'fhearr an nós é fá mar do bhítheas láithreach. Ní dhéanfadh sé malairt ar an am fad ó. Cad é ba ghábhadh an uair seo foslongphort do bheith ar Bheinn Éadair, fir leathan-ghuailneacha ar faireadh ann, tuaghanna géara ara gcuislinn aca fá mar do bhítí i n-aimsir Chormaic Mhic Airt is i bhfad roimis is 'na dhiaidh. Ní fhuil aon ghábhadh le n-a leithéidíbh sin indiu, mar — cad é sin? Uaill amuich i gcuan Bhaile Átha Cliath tráthnóna aoibhinn samhraidh, an mhainistir dheas ar Reachrainn fá theine, a manaigh bhochta dhiadhaidhthe — an fear óg is an sean-duine séimh — 'na gcuid fola, na
coinnleoirí airgid is cuacha óir, na cailíse, brait luachmhara na haltórach, cluigíní práis is leabhair fá n-a gcumhdach greannta, sciobtha chum siubhail ag foghlaidhthibh mara ó'n dtuaisceart. Ba bheag an bhrígh do mhnáibh bheith ag bualadh bas, ná d'fhearaibh ar tráigh bheith ag crothadh claidheamh is ag cur droch-ghuidhe leis an Lochlannach le súil go sluigfeadh an tonn é. D'fhill an Lochlannach arís um Shamhain agus níor fhág sé ceall i gcomhgar do'n fhairrge ó Chiarraidhe go Bóinn nár fhág sé ar lasadh. Comhrádh naoi lá do b'eadh a thuras agus níor ghabh sé i dtreo na hÉireann arís go ceann cúpla bliadhan. Tháinig sé, ámh, annsoin ar nós ceatha lae foghmhair, d'éaluigh a bháid shlíme dubha isteach béal na n-aibhne gan coinne leo, phreab cuid de sna hÉireannachaibh annso is annsúd 'na choinnibh agus doirteadh fuil ar gach taobh. Sceinn an Lochlannach leis, acht níor bh'fholamh a chuaird mar do b'fhear dán glic é. Ceapaim nár ghabh sé an tslighe go ceann naoi nó deich de bhliadhanaibh 'na dhiaidh súd gur dhearmhaid muinntir na tuatha go raibh a leithéid ann. Chuir sé é féin i n-umhail mar ba ghnáthach leis — d'éirigh sé go hobann ar nós péiste as an bhfairrge agus shíligh na daoine go raibh Éire lán le Lochlannaibh, mar leath an scéal gur marbhuigheadh fir i gCiarraidhe, i bPort Láirge, agus i gCill Mhanntáin, acht faid do bhí an ruagadh ar siubhal bhí dream Lochlannach go gnóthach ag déanamh dúin i mBaile Átha Cliath, aghaidh an dúin ar Éirinn agus a chúl ar fairrge. Madra uisge is eadh an Gall so; tá pluais cois fairrge aige, tagadh sé amach chughainn agus comhraiceocham é, arsa na fir. Níor bhac an Lochlannach a gcuid cainnte acht sleagh do radadh leo dá dtagaidís i gcomhgar dá dhún. Ba gheárr gur tháinig fuireann eile thar sáile agus chuireadar fútha sa dún agus níor mothuigheadh pioc go raibh dún eile ar bun i Luimneach agus báid na Lochlannach ar luascadh sa tSionainn.
ÉIRE I gCOGADH. Baineadh preab as Éirinn nuair do tháinig na Loch lannaigh uirthi, agus ba bheag é a suaimhneas 'na dhiaidh sin. Is ar éigin do chreidfidhe indiu go raibh tabhairt suas chomh maith soin ar a daoinibh uaisle, agus ar chuid mhaith de sna tuathaigh leis, is gur fhéachadar ar an Lochlannach fá mar d'fhéacfá ar dhuine fhiadhain — 'sé sin duine allta ná tuigfeá cad a bheadh ag gabháil thren' aigne. Bhí na scoileanna do b'fheárr sa dúthaigh i nÉirinn an uair sin. Bhí ainm a scoláirí i n-áirde, agus ceapaim go rabhadar an-mhórdhálach 'na thaobh soin, agus gur shíl- eadar, fá mar shíligh na sean-Ghréagaigh i dtaobh a bhfoghluime féin, gur dhuine gan míneachas éinne ná raibh tabhairt suas Ghaedhealach air. Dá réir sin, d'éirigh gráin 'na gcroidhe do'n fhear dheorata bharb- ardha so nár chuir suim i léigheann ná i n-ealadhain. Ní raibh aon cheist air coinnleoir greannta airgid do sciobadh leis agus é 'leaghadh i dteine ar son an mhiotail do bhí ann. Do stollfadh sé leabhar luachmhar ar son an chlúdaigh airgid do thógaint leis. Ní raibh aon urraim aige do bhéasaibh dúthchais na hÉireann. Fear barbardha tuaisceartach do b'eadh é. D'ólfadh sé gan
chradhscal beoir as cornaibh beannuighthe na haltóra, agus do bhuailfeadh sé speach ar an gcailís, agus chuirfeadh sé bior a chlaidhimh sa tsagart. Do b'shin é an fáth, dar liom, gur éirigh déistin i gcroidhe an Éireannaigh do'n Lochlannach agus gur cheap sé leis féin gur chóir é 'mharbhughadh fá mar do mhairbheothá madra uilc. Dá chomhartha soin is beag an cáirde d'fhuighbheadh an Lochlannach nuair do beirtí air. Níor ghnáthach leis na hÉireannaighibh cime cogaidh do chur chum báis, agus ní raibh sé mar theist ortha go rabhadar neamh-thruaghmhéileach. Mar sin féin léightear sa stair gur bhuail dream Lochlannach annso le taoiseach áirithe agus dream eile annsúd agus gur marbhuigheadh gach mac máthar de sna Lochlannaibh sin — rud ná déanfaidhe i n-aon chor leis na cimigh ná leis na fearaibh créachta muna mbeadh go raibh gráin thar bárr ortha. Tuigfear as an méid sin gur gharg an cogadh bhí idir na Gaedhil is na Gaill, is go raibh bruighean is brón is fuil i gcomhair na hÉireann ar theacht an Lochlannaigh mar bhí seisean láidir misneamhail fíochmhar. Is mór an ceann suas d'Éirinn é nach raibh sé i gcumas an namhad úd í 'cheangal, agus cé nach méin liom an cor so acht mion-tuairisg do thabhairt uaim ar a cogadh le Lochlannaibh, mar sin féin tá a leithéid sin de cheacht is de chéill le foghluim as an gcogadh úd gur fiú dhúinn machtnamh air. Ghnídh na Lochlannaigh náisiún d'Éirinn dá n-aindeóin féin. Sin é an ceacht. Mhachtnuigh na fir ba ghéar-chúisighe sa tír sul a raibh an cogadh i bhfad ar siubhal go raibh fear cúil ag teastabháil uatha. Sin í an chéill. Muna dtuigthear an méid sin, ní fhuil aon bhrígh bheith ag trácht thar chogadh Gaedheal le Gall. Ní fhuil sa chogadh úd ar
aon chuma eile acht comhrac is fuil, agus chífear a leithéid sin idir dhá ghadhar ag ithe a chéile nó dhá choileach ag cíoradh a chéile. Dubhramair cheana go raibh Éire briste. Caithfear an ríoghacht do dheisiughadh nó beidh an buadh leis an Lochlannach. Bhíodh na taoisigh ag feannadh a chéile, adeir an stairidhe; nár chóra dhóibh, adeir sé, cabhrughadh le n-a chéile agus an Lochlannach do ruagadh? Cainnt gan áird is eadh a leithéid sin. Níor fuineadh ríoghacht riamh gan an fear ba threise do theacht i n-uachtair, agus má bhí aon easba ba mhó 'ná a chéile ar Éirinn aimsir na Lochlannach do b'é easba fir láidir é. Bhí sé riachtanach leis ar an bhfear láidir sin Éire féin do smachtughadh sul a mbeadh sé 'na chumas an namhaid do chlaoidhe. Is gnáthach linn cuimhneamh ar Bhrian nuair do chuimh- nighmíd ar Lochlannaibh, acht, fá mar adeir an sean fhocal, bhí fir mhaithe roimh Agamemnon. Bhí súil leis an bhfear láidir i bhfad sul ar tháinig Brian, agus is iomdha fear eolgach do ghlaodhaidh air, mar bhí an Loch- lannach ag crádh na hÉireann thiar is thuaidh is theas, é suidhte i mBaile Átha Cliath, i bPort Láirge, i Luim- neach, agus i nÁrd Mhacha, agus a loingeas ó bhéal na Sionn- ainne go hÁth Luain. Bhí sé ag luighe isteach chum na hoibre, mar tháinig an fear ba mhó cáil i Lochlainn mar cheann air, fear teinnteach dár bh'ainm Torgaill, agus do bhailigh seisean gach Lochlannach i nÉirinn fá n-a sciath. Ní raibh aon cheannfeadhna ag Éirinn le cur i gcomórtas le Torgaill ar feadh dhá bhliadhain déag, agus chreach sé leath na tíre, loisc sé na mainistrí, mhairbh sé sagairt is bráithre, chuir sé a bhean i n-áirde ar altóir i gCluain Mhic Nóis mar mhagadh fé sna hÉireannaighibh agus chrom sise ar aithris ar an Maighdin
Muire. Fá dheire d'éirigh Maelsheachlainn 'na choinnibh agus chasadar ar a chéile láimh le hUisneach i nIarmhidhe agus ghnídh Maelsheachlainn agus a Éireannaigh brúscar de Lochlannaibh annsúd. Tógadh Torgaill. Cad do dhéanfam leis, adubharthas, agus teasbánann a bhás an ghráin uathbhásach a bhí ar Lochlannaibh. Do b'árd é a gháire fá'n mbaisteadh, adubhradar, ghéabhaidh sé an baisteadh fá mar a thuill sé é, agus chuireadar téadán is cloch fá n-a mhuineál, stealladar isteach i Loch Uair é agus d'éirigh súilíní is cúbhrán ar bárr uisce os cionn an bhaill go raibh Torgaill fíochmhar ag lúbarnaigh ar bun puill. Déineadh Áird-Rí de'n chéad Maelsheachlainn seo agus riaghluigh sé Éire ar feadh seacht mbliadhna déag (846-863). Do choisc sé na Lochlannaigh, acht ní raibh sé 'na chumas iad do thiomáint as an dtír mar dhaingnigheadar iad féin 'na ndúntaibh cois fairrge, agus nuair do bhíodh faill aca scaoilidís fá'n dtír go minic ag coscairt. Do bhrisfidhe ríoghacht chomh luath is bhrisfidhe bád acht ní chuirfidhe le chéile gan duadh í, agus bhí gach Áird-Rí do riaghluigh Éire ó'n gcéad Maelsheachlainn ag iarraidh na tíre d'fhuineadh agus ag comhrac le Lochlannaibh san am gcéadna, mar bhí na heachtrannaigh ag teacht thar sáile go tiugh agus ag dul i neart. Má tá an fear láidir ag teacht is mall ar a thuras é, adubhairt fear na smuainte. Theas i gCaiseal Mumhan do bhí Áird-Easbog agus déineadh rí ar Mhumhain de, mar ríoghdhamhna do b'eadh leis é. Do b'é an rí seo Cormac naomhtha mac Cuileannáin. Ní raibh ar Ghaedhealaibh riamh scoláire ba mhó léigheann 'ná é. Féachaidh go cruinn ar an bhfear so, tá eolas is intinn is léigheann thar bárr aige. Fear cóireach
carthannach is eadh é. Is ionmhuin leis Éire. Ní maith leis troid. Déineadh rí dhe. 'Sé gnó an ríogh riaghlughadh. Do riaghluigh sé an Mhumha go maith. Dá n-aibeoradh an tÁird-Rí leis: tá sé riachtanach ort-sa géilleadh dhomh-sa mar is mise an tÁird-Rí; muna ndéanfair, buaidhfidh na Lochlannaigh orainn. Is mar so d'fhreagrochadh Cormac é, mar bhí eolas cruinn ar stair na hÉireann aige: tá an ceart agat-sa, a Áird-Rí, acht is deacair ár nós an lae indiu do bhriseadh, agus dá ngéillfinn-se duit fá mar adeirir bhainfeadh na taoisigh mo ríghe féin díom agus chuirfidís rí eile im' ionad. Gheabhair an cháin uainn do gheallann an dlighe dhuit. Caithfir na cúigí do smachtughadh sul a mbeir id' cheann dáiríribh ar Éirinn. Ní smachto- chaidh comhairle acht neart cuisleann iad. Óráit do Dhiarmaid mac Cearbhaill. Thuig Cormac cad do bhí ag teastabháil ó Éirinn agus chuir sé buaidhirt air. Chuir Ab Inse Cathaigh cogar 'na chluais. Is tusa bheidh mar rí ar Leath Mhogha agus níor bh'iongnadh liom go mbeitheá id' Áird-Rí chomh maith, mar teastuigheann do leithéid ó Éirinn indiu. D'éist Cormac leis gidh gur bh'fheárr leis bheith i n-aice a chuid leabhar. Ní raibh aon fhonn comhraic ar Chormac mar cé gur bh'fhear misneamhail é do ghoill cath is fuil air. Mar sin féin, tharraing an t-ab leis é mar shíligh sé gur bh'é Cormac an fear do b'fheárr do riaghlochadh Éire. Cad é an fuadar so fá'n Mumhain? An measann sí bheith 'na ceann ar Leath Mhogha fá mar do bhí sí fad. ó i n-aimsir Eoghain Táidhligh is Chuinn Chéadchathaigh? arsa rí calma Laighean an uair sin. Is ait agus is truaghmhéileach é gluaiseacht na Muimhneach chum cogaidh fá Chormac. Ní raibh aon mhuinighin ag na Muimhnighibh as Cormac chum catha do chur, agus níor theastuigh cath uaidh féin acht chomh beag. Shíligh sé, ámh,
go raibh sé i ndán do'n Mhumhain Éire d'fhuascailt, agus is mar sin do thárluigh, acht níor bha fá stiúrughadh Chormaic é. Bhí cion leinbh ag na Mhuimhnighibh air agus do leanfaidís go bás é, fá mar do leanadar. Bhí urraim ag Éirinn go léir dó leis i dtaobh a chuid léighinn agus a mhór-cháile. Caithfimíd dul ar aghaidh, is dócha, arsa Cormac. Bhuail na Laighnigh thréana leo go cóirighthe i mBealach Mughna agus buadhadh ar na Muimhnighibh. Bhí Cormac ar druim eich ar pháirc an bhuailte acht níor bhuail sé buille, mar níor bh'fhonn leis fuil do dhortadh. Tháinig sgeon ar a chapall ó'n fhuil agus do shleamhnuigh sí. Bhuail fear claidhimh ar lár é agus baineadh an ceann de. Tógadh an ceann i láthair ríogh Laighean acht i n-ionad lúthgháire is amhlaidh do bhuail an rí sin a dhá bhais is ghoil go hárd i ndiaidh Chormaic agus chuir chum báis láithreach fear an chlaidhimh. Ar gcúl libh anois, a Mhuimhneacha, tá bhur lá-sa ag teacht. A-bhaile libh, tá buaidhte oraibh sa bhruighin bhráithre seo do fearadh le súil Éireann do chur ar a bonnaibh ar an gcuma do thuig Muimhnigh is Laighnigh an lae chruaidh dheoraigh i mBealach Mughna. Le hais teallaighe i gCúige Mumhan leis do sileadh deoir go brónach buidheach, nuair do cualathas gur ghoil rí buadhthach Laighean os cionn Chormaic. Is as deoraibh is fuil do ghnídhthear tíortha.
GREIM AN LOCHLANNAIGH. Ní bhfuaras im' shiubhaltaibh aon chunntus beacht ar an uair 'na ndeárnadh Críostaighthe de chuid des na Lochlannaibh i nÉirinn. Bhí a leithéid sin do ghráin aca ar an gCreideamh nár bh'iontaoibh d'aon tsagart teacht 'na ngoire, acht mar sin féin fuair na sagairt faill ar labhairt le cuid aca agus bhí fo-cheann aca 'na gCríostaighthibh i gan fhios roimh an mbliadhain 860. Ba gheárr 'na dhiaidh súd go bhfuair na Lochlannaigh eile amach go raibh Críostaighthe ortha féin agus bhí bruighean eatortha 'na thaobh soin i bhFine Gall, cois Bhaile Átha Cliath, mar chrom cuid aca ar mhilleán do chur ar a chéile toisg nár cuireadh chum báis na sagairt do chas ortha. Chualaidh na hÉireannaigh tuairisg ar an imreas do bhí idir na Danair agus níor ghoill sin ortha gur chualadar gur mar gheall ar an gCreideamh é. Tháinig truagh aca annsoin láithreach do'n Chríostaighe ghallda, siúd is gur Lochlannach féin é. Bhí na hÉireannaigh bog, maithmheach riamh agus do b'fhurusta síothcháin do dhéanamh leó — tréith do chuir chum deiridh go minic iad. Is amhlaidh do ghnídh a sochmaidheacht an cor so dochar is
diachair do'n tír, mar chrom taoiseach annso is ann- súd ar cháirdeas is caidreamh do dhéanamh leis an Lochlannach, agus ba ghairid gur ghnídheadar cleamhnas le chéile. Ghnídh a leithéid sin de chaidreamh imreas is achrann idir na hÉireannaigh féin, rud do chabhruigh leis an Lochlannach chum a ghreama d'fhásgadh ortha. Thosnuigh sé ar bhailtí dhéanamh cois fairrge agus níor bh'fhada go raibh sé láidir a dhóthain le ceanntair ar theórannaibh na mbailtí sin do chosaint is do chur fá chíos. 'Na theannta soin chrom sé ar dhíol is ar cheannach le tíorthaibh thar sáile agus bhí seisean ag dul i saidhbhreas agus Éire ag dul i mbochtaineacht as son i leith. Bhí easba oidis ag cur ar na daoinibh leis mar dóghadh na mainistreacha agus scoileanna an áird-léighinn i nÁrd Macha, i gCluain Ioraird, i mBeannchar, is i gCluain Mhic Nóis, is do scaipeadh na mic léighinn do gnáthuigheadh na scoileanna áilne úd. Dá fheabhas an léigheann is an cothughadh i n-aisce do thug na hÉireannaigh do mhacaibh léighinn as tíorthaibh iasachta ins na scoileannaibh úd ba bheag an congnamh do fuair Éire bhocht ós na tíorthaibh deorata soin i n-am so an ghábhaidh. Tháinig faitchíos ar an áird-rígh Flann Sionna (879- 916) agus ceap sé gur mhaith an rud do'n tír dá ndéan- faidhe síothcháin leis an Lochlannach, acht ní síothcháin do bhí ó'n bhfear gcoimhightheach acht ceannas is buaidh. Déanadh áird-rí de Niall Glún-Dubh ins an mbliadhain 916, agus connacathas dó go raibh an Lochlannach ag borradh gach lá. Dá mbuailfidhe buille trom ortha ins an neid sin i mBaile Átha Cliath, ar seisean, bheadh a ndrom briste, agus ní túisce bhí an rí óg, tréanmhar so ullamh 'ná gur ghluais sé ó dheas le buidheantaibh cruadha as Ultaibh, agus bhí súil Éireann i n-áirde. Léim na Lochlannaigh amach air cois Bhaile Átha Cliath ar nós
scata leómhan-sáile, agus ins an gcath chruaidh do bhí eatortha marbhuigheadh Niall Glún-Dubh agus mórán de mhaithibh Uladh mar aon leis. Bhí caoi is deóir nuair d'fhilleadar fuighleach a bhuidheanta a-bhaile gan fiú cuirp a n-áird-ríogh, mar chuaidh an lá chomh dian soin ortha go mb'éigean dóibh Niall Glún-Dubh do chur i sean-leacht atá ar éadan Tiobraid ag féachaint anonn ar pháirc an bhuailte. Do mhaoidhimh na Lochlannaigh ar fuaid Éireann as bhás áird-ríogh agus do bhagaradar ar chách go dtabharfaidhe an íde chéadna ortha. D'fhág an t-áird-rí sin 'na dhiaidh sa bhaile leanbh mic agus do b'é an leanbh úd 'na dhiaidh súd an fear ba thréine bhí i nÉirinn le n-a linn. Muircheartach na gCochall gCroicinn do tugthaoi air, agus i dteannta a chalmacht bhí intinn ghéar aige. Síleadh gur bh'é an fear láidir do bhí le teacht é agus i dteannta a ghráidh d'á thír dhúthchais bhí díoghaltas fola aige le baint as an namhaid. De Mhuinntir Néill Thír Eóghain do b'eadh Muircheartach. Nuair cailleadh a athair déanadh áird- rí de Dhonnchadh, prionnsa de Mhuinntir Néill na Midhe. Chrom Muircheartach ar ullmhughadh go cúramach i gcomhair an chatha bhí roimis. Ní bhuailfear an Loch- lannach borb gan duadh, adubhairt sé leis féin, agus caithfidh Éire bheith umhal dom' bhráthair an tÁird-rí sula dtosnócham ar obair dáiríribh. D'á réir sin cheap sé gur chóir dos na righthibh cúige urraidhe do thabhairt do'n áird-rígh go gcabhróchaidís leis níos feárr 'ná mar ba ghnáthach. Má ghnídhtear gan troid an méid sin is é is feárr linn, do ráidh sé leis féin, agus do ghléas sé sluagh fear toghtha i lár an gheimhridh, bhuail sé umpa brait nó cochaill de chroiceannaibh caorach, agus bhuail sé ó dheas go Cúige Mumhan mar do b'é rí na cúige sin — Ceallachán Chaisil — an fear ba bhoirbe i nÉirinn. Ní bheidh coinne
ag Ceallachán linn sa gheimhreadh agus ní bheidh sé ullamh le cur 'nár n-aghaidh, adeir Muircheartach, mar bhíonn an ghaoth garbh is na bóithre salach an t-am so bhliadhain, is tuile i n-aibhnibh is na móinfhéir fliuch chum codlata ionnta, bíonn sean-chlúmh ar chapaillibh marcaidheachta, buarach ar bhuaibh, is bainne gann, agus is deacair arm do chur i n-eagar sa gheimhreadh. Gluaisidh, a laochraidhe, mar tá gialla ó'n áird-rígh. Bhí iongnadh an tsaoghail ar Cheallachán cad do bhí ó Mhuircheartach nuair do thánagthas go hobann air. Tusa féin amháin atá uaim, arsa Muircheartach, agus do b'éigean do Cheallachán gluaiseacht leis. Géilleadh i ngach ball i nÉirinn dó ar an gcuma gcéadna, agus thug sé leis go Dún na Sciath go dtí an tÁird-rí a chuid gialla. Ní fhuil aon teóra le Muircheartach, adubharthas, agus bhí a ainm i mbéal gach éinne. Gheall na gialla do'n áird-rígh ar son a mbuidheanta go dtabharfaidhe gach congnamh dó mar ba chóir. Bhí éad ar an áird-rí leis an laoch so agus faitchíos air roimis. Ní dóich liom gur ghábhadh dhó soin. Ní áirighim go raibh aon bhrath ar chumhacht dhó féin ag Muircheartach acht gur bh'é bhí uaidh na Lochlannaigh do chlaoidhe — beart do bhí thar chumas an áird-ríogh úd. Dá n-éirigheadh le Muircheartach 'sé mheasaim ná beadh na hÉireannaigh sásta le haon-fhear eile bheith ós a gcionn acht é. Is cosmhail a bheatha le réaltan uaigneach i spéir smúitmhear go múchfaidhe a sholus go hobann fá scamallaibh dubha dorcha na hoidhche. Marbhuigheadh Muircheartach óg cumasach ag cómhrac le dream Lochlannach cois Átha Fhirdia agus ba mhór an tubaiste ar Éirinn é mar chaill sí an t-éin-fhear amháin do scaoilfeadh as a ceangalaibh í. Nuair do thuit Muircheartach ní raibh aon fhear ar Ultaibh le cur in' ionad agus ba bheag é a gcongnamh
d'Éirinn as soin i leith i gcogadh Gaedheal le Gall Ní raibh aon fhonn géilleadh do Lochlannaibh ortha, ámh, agus ní mó 'ná bhí ar aon chúige eile acht chomh beag. Ar a shon soin is eile ní raibh aon cheann-urraidh ar Ghaedhealaibh do choingbheochadh i dteannta 'chéile iad, agus d'á dheascaibh sin ba chosmhail Éire an aimsir úd le luing gan stiúir lá gaoithe móire i measg tonn tuile. Bhí a rian air; mheas a lán de sna taoiseachaibh nár bh'fhéidir buadh ar an Lochlannach agus ghnídh cuid aca cáirdeas cogaidh leis i n-aghaidh taoiseacha eile bhí chomh dán soin ná géillfidís go bráthach. Má's dóich leat go bhfuil do namhaid ró-láidir duit ní bhuaidhfir go deo air agus brisfear do mhisneach sa deireadh. Ba gheall leis d'Éirinn sular tháinig fóirithin chúichi, acht fá mar a thagann an ghrian i ndiaidh na fearthainne fuair sí an bhuaidh fá mar do ghéabhaidh sí arís is ar ball é mara gcaillid a clann a muinighin 's a misneach. Níor chaill na sean-Éireannaigh a muinighin gidh go raibh an saoghal go dona ortha agus an namhaid ag dul i dtreise. Ceapaim go raibh an saoghal níos aindeise i gCúige Mumhan i meádhon na naomhadh aoise agus ar feadh fiche bliadhan 'na dhiaidh sin 'ná mar do bhítheas i n-aon chúige eile i nÉirinn. Bhí caidreamh idir chuid de thaoiseachaibh na cúige sin agus Lochlannaigh Luimnigh, agus scriosaidís muinntir na tuaithe mór-dtimcheall de bhuaibh is do chapaillibh. Bhí Ceallachán foirtill faobhrach Chaisil marbh, agus do b'éigean do'n rígh mhisneamhail sin Mathghamhain Ó Cinnéide, dearbhráthair Bhriain, síothcháin do dhéanamh sa deireadh le Loch- lannaibh agus a leigean dóibh daor-chíos do chur ar chuid de'n Mhumhain. Léightear go raibh cáin mhillteach dhá héileamh ag an Lochlannach soin tar cheann na síothchána agus caoi-ghoileann na filí go mbíodh unga óir ar gach
sróin sa Mumhain d'á bhaint amach ag an namhaid dubh chroidheach. 'Na theannta soin do b'iomdha óig-bhean dhathamhail ghlas-shúileach d'fhuaduigh sé thar sáile leis. Theas i nInis Fáithleann i Loch Léin bhí aosánach de shliocht Chormaic Chais ar scoil ag foghluim stair a thíre is ag éisteacht le trácht ar ghaisce a shinnsear: thuaidh i nDún na Sciath i gCúige na Midhe bhí buinneán de shliocht Néill Naoi-Ghiallaigh 'ghá oileamhaint san am gcéadna. Tar slán, a Bhriain áigh, agus thusa, a Mhaeilsheachlainn ghlé ghaisceamhail, mar tá Éire ag feitheamh libh!
MAELSHEACHLAINN IS BRIAN. Fá mar adubhramair cheana do mhéaduigh Tuathal Teachtmhar an Mhidhe le roinnt talmhan do chur léi as gach ceanntar ar a teorannaibh thuaidh is theas, agus ghnídh sé cúige dhi. Dhein sé ceann dá rígh-thighthibh ar Chnoc Uisneach agus bhíodh dáil mhór is greann is báire is cleasa ar an gcnoc aoibhinn aithnid sin ar feadh na gcéadta bliadhan as soin i leith. Shín an chúige ríoghamhail ó'n Sionainn go fairrge thoir, agus ó'n Life i gCill Dara theas go dtí Sliabh Fuaid i nÁrd Macha thuaidh. Bhíodh sí mar fhearainn búird ag áird-ríghthibh na hÉireann gur briseadh Teamhair, acht 'na dhiaidh sin bhíodh rí ar leithslighidh ar an Midhe ar nós aon chúige eile. Ba mhór le rádh í ins an tsean aimsir. Roinn na Sasanaigh 'na dá chondae cuid di ins an séamhadh haois déag agus chuireadar le hUltaibh is le Laighnibh an chuid eile dhi. Ba dhroch-mhúinte an lámh- láidir a leithéid agus is mór an truagh go bhfulaingeoch- amuis a leithéid gus indiu, mar cuimileadh leis an mbeart mhioscaiseach soin amach as stair na hÉireann cúige uaibhreach mhódhmharach. Briseadh gan tairbhe le sean-nós, agus ní mar mhaithe le hÉirinn é. Do
b'ionann é agus dá dtógfaidhe an t-ainm urramach soin "Ulaidh" de'n chúige thuaidh agus í 'thabhairt ar smiot de chondaethibh Aontroma agus Dhoire. Siúd is gur bh'éigean géilleadh an uair sin do'n fhóirneart úd, tá sé i gcumas na ndaoine indiu má's maith leo é, Cúige na Midhe do ath-bhaisteadh fá mar do bhí sí ar feadh chúig chéad déag bliadhan. Maireann sí fós i n-aigne an stairidhe gidh gur dheighil an namhaid dá haindeoin as "Cúig Cúigíbh na hÉireann" í. I gcogadh Gaedheal le Gall ní raibh aon chúige eile ba thréine i gcomhrac 'ná an Mhidhe. As shliocht Néill Naoi-Ghiallaigh do shíolruigh a ríghthe agus ba mhinic ceann aca 'na Áird-Rígh ar Éirinn. Is mó é a cáil 'ná cáil Uladh i gcomhrac le Lochlannaibh. Níor throid na hUltaigh leis an namhaid sin i n-aon chor chomh calma is throideadar 'na dhiaidh súd i gcoinnibh Sasanach. Ba bheag é suaimhneas na Midhe, mar bhí sí comhgarach do Bhaile Átha Cliath mar ar chuir na Lochlannaigh fútha go daingean ó thosach, agus mar sin féin níor staon sí ó throid leo ó thángadar sa tír gur cuireadh fá chois iad. Fear tuigseanach glic do b'eadh é an Lochlannach, agus bhí a shúil i gcomhnaidhe ar an Midhe, agus do b'áil leis rí Lochlannach Átha Cliath 'bheith i gceannas uirthi. Ghnídh sé iarracht eile ins an mbliadhain 968 acht do theip air. Ba gheárr 'na dhiaidh sin gur deineadh rí do'n dara Maelsheachlainn. Badh dhóich leat gur chuir an ainm sin ar dearg-bhuile Lochlannaigh Átha Cliath agus gur chuimhnigheadar ar an gcéad Mhaelsheachlainn do thug an buille ba throime dhóibh dá bhfuaradar i nÉirinn. Badh mhaith leo an dara Maelsheachlainn seo do stracadh as a chéile, acht tháinig scéala chucha ó Íomhar, rí Luimnigh, a suaimhneas do ghlacadh go fóill toisc go
raibh Cúige Mumhan go han-shocair thré droch-bheartaibh bhuachalla bháin darab ainm Brian, dearbhráthair Mhathghamhna, rí Thuadh-Mhumhan. Chuirfeadh sé fáth gáire ar dhuine an chomhairle do thug Íomhar do Mhathghamhain. Is mar a chéile é agus cuid de'n chainnt do chloisimíd indiu. Ghnídh an bheirt seo síothcháin le chéile d'éis a dtroid le fada roimhe sin. "Nách mór an náire dhuit-se ná cuireann cosc leis an ndearbhráthair sin agat," adeir Íomhar "Tá sé ag cur na cúige thré n-a chéile gan ghábhadh. Nách córa dhúinn maireachtain go síothchánta i dteannta 'chéile. Tá na daoine go réidh is go macánta, dá leigfidhe dhóibh, is gan smuainte 'chur 'na gceann gan bheith umhal. 'Sé leithéid Bhriain do chuireann ar a n-aimh- leas iad. Abair leis cur uaidh nó gur dó is measa." Bhí Mathghamhain go cangcarach, acht níor leig sé air é. Ghnídh sé síothcháin le Lochlannaibh mar mhaithe le n-a threibh, mar shíligh sé gur bh'é a leas é. Níor mhar sin do Bhrian bhorb. Ghléas seisean trí chéad fear de'n treibh, chóirigh sé 'na ndeichneabharaibh iad, agus d'imthigh- eadar ar a gcoimeád fé sna coilltibh. Má éiligheadh an Lochlannach cáin i n-aon bhall i gCúige Mumhan agus go dtugthaidhe an t-eiteach dhó, is amhlaidh do chromadh sé ar dhranntán; míneochad sibh, adeireadh sé, agus thagadh sé ortha go hobann agus thógadh leis an chreach. Do b'annamh do théidheadh sé slán gan buillí mar chasadh Brian air i mbeárnain éigin, agus bhíodh fuil eatortha. Do b'ionmhuin le Mathghamhain Brian. Chuarduigh sé coillte iargcúlacha dhó. "A Bhriain, caithfeam síothcháin do dhéanamh leis an namhaid go ceann tamaill. Tá ár mbuidhean ag dul i laighead is ár maoin ag sleamhnughadh uainn." "A Mhathghamhain mo chroidhe istigh, dá mhéid é do chion orm, ní dhéanfad rud ort."
"Cá bfuil do shluagh?" Chuir Brian fead as, is d'éirigh trí deichneabhar fear as an dtalamh. "Cá bhfuil an chuid eile?" adeir Mathghamhain. "Fá chré na Mumhan, mar a mbead-sa is mar is cóir dhuit-se bheith sul a ngéillfeam do'n ghadaidhe choimhightheach." D'árduigh Mathghamhain a guth agus ghoil sé. "Leig dómh-sa labhairt leis an dtreibh," adeir Brian; agus cuireadh fógra amach. Sheasaimh Brian ar aghaidh Dál gCais amach agus chuir- eadar na súla thríd. "A bhuideanta mo chléibh, is mór againne ár rí Mathghamhain agus is mór aige sinn. Tá a fhios agaibh go bhfuil an namhaid chíocrac mhalluighthe ag cur air, agus go ndeárnadh síothcháin ar son go mbeadh suaimhneas agaibh-se. Támuid-ne láidir fós acht tiocfaid an lá go mbeimíd lag. "Féach ar an dtarbh tána," arsa Brian," tá seisean láidir, is adharca geala géara air is géim aige do clois- fidhe thar mhaoileann na gcnoc. Do b'eol dom a leithéid lá dem' shaoghal is é ag gabháil thré mhachaire. Chuir fear scata gadhar leis acht d'iompuigh an tarbh, steall sé san aer ceann, chuir sé adharc go feirc i gceann, agus sceinn an chuid eile leo ag ualfhartaigh. Chrom an tarbh a shrón sa bhféarach, líon sé a bholg, agus luigh sé siar fá thaithneamh gréine i gcodladh trom. D'éaluigh an fear 'na threo, ghríosuigh an chonairt leis, dúisigheadh go hobann an tarbh mór agus léim sé chum siubhail le géim uamhnaigh, acht bhí sé caoch le scannradh, bhí na gadhair i n-achrann dá shróin, dá scórnaigh is dá bhléin, agus thuit sé i gceann a chos, a chroidhe 'na bhéal, anaithe air, 's cubhrán bán air, gal as, is fuil 'na sruthaibh leis. "Shuidh an gadaidhe ar stuam-ghualainn an tairbh is
gháir sé go sásta is labhair sé go suairc: Íosfam gan ghruaim thu, a thairbh mhóir bheathuighthe, is nach beag an bhrígh neart gan céill 'na theannta." "A Dhál gCais, an sínfeam siar fá lapaidhe mhadraidhe Gallda? Is agaibh-se tá a rogha. Ní hagam-sa 'ná ag Mathghamhain. Ciaca bheidh agaibh? An troid nó an tsíothcháin?" Le haon liúgh amháin do chas an Dál gCais a gclaidhmhthe agus chualathas mar fhreagra, ar nós géimrigh na mílte damh, "Comhrac! Comhrac! Comhrac!" D'fhéach Brian ortha is faobhar 'na radharc; d'fhéach sé ar Mhathghamhain. Fear óg árd lom i n-aois a shé bliadhan fichead do b'eadh Brian an uair sin. Ní heol dom aon chúnntas cruinn ar a chruth, acht is é mo thuairim go raibh a chuid gruaige dubh agus féasóg fhada fhionna-ruadh air. Leath an scéal go luath go bhfeacathas Mathghamhain 's a shluagh ar gabháil thar Sionainn le luighe gréine. "Is mar sin is feárr é, ní rachaidh aithid aca thar n-ais go deo," arsa Íomhar, agus bhailigh sé chuige na Lochlannaigh gan mhoill. Lean sé ar lorg Mhathghamhna. Chuir an Dál gCais fútha ar imeall coille i Sulchóid i dTiobraid Árann agus chualadar istoidhche mar a bheadh feadghail éin fairrge agus bhí a fhios aca go raibh na Lochlannaigh 'na gcomhgar ag déanamh comharthaidhe chum a chéile. Ar bhreacadh an lae thángadar le fuaim ar tí Mathghamhain do mhúchadh láithreach acht chuir seisean fáilte rómpa le claidheamh is sleagh. Dhruideadar i ndiaidh a gcúil agus bhrúchtadar ar aghaidh arís ar nós na tuinne. Ní túisce bhí an t-éirleach ar siubhal dáiríribh 'ná gur phreab chúig céad fear is Brian ar a gceann amach as an gcoill ar chliathán na Lochlannach agus chromadar ar raobadh go fonnmhar. Thug na Lochlannaigh aghaidh ar Bhrian go
fíochmhar mar ba ghnáthach leo, acht ghnídh seisean bóithre corp is cnámh thríotha agus thug Mathghamhain dearg- ruathar fá dhéin Bhriain. Ba threise is ba dhána na Lochlannaigh seo 'ná an Sasanach riamh, acht mar sin féin bhriseadar um mheadhón lae. Siúd is go raibh na céadta Éireannach ar lár lean Brian ar rian an namhad, lean sé air go dian as soin go Luimneach fiche míle ó bhaile, agus bhí cinn is cosa is casán fola feadh an bhóthair. Bhí sé ar a sálaibh ar theacht dóibh ar tháirsigh Luimnigh agus bhí a chlaidheamh ag gearradh thríotha sul a raibh uain aca ar ath-anál do thógaint. Sceinn cuid aca go dtí Ab Inse Cathaigh agus chaitheadar iad féin ar a choimirc. Ní leomhthar méar do bhualadh ortha anois, ars' an tAb macánta. Druid siar, a shagairt shéimh, arsa Brian: chomh luath is bheadh mo chúl leis na bioránaigh seo gheárrfaidís do scórnach. Isteach libh, a bhuachaillí is árduighidh amach na heachtrannaigh; agus ghnídh fir na gclaidhmhthe rud ar Bhrian go héascaidh. Thug bruighean Shulchóide ath-mhisneach do Mhuimh- neachaibh mar do b'í siúd an briseadh ba mhó fuair Lochlannaigh le linn éinne. Bhailigh Íomhar sluagh tréanmhar arís, acht bhuaidh Mathghamhain air iseacht gcathaibh ar feadh na bliadhna bhí chughainn. Ghéill Íomhar fá dheiread agus thug cuireadh cum féasta is cómhdháil do Mhathghamhain, acht i n-ionad féasta is eadh fuair Mathghamhain láidir deagh- chroidhtheach feall, mar bhuail Íomhar is dhá thaoiseach Ghaedhealacha ar a thuras go dtí an féasta leis is ropadar sleagha thré n-a chroidhe i mbeárnain ar ghualainn Chnuic Fírinne cois Chruim i gceanntar Luimnigh — rud nár ghnáthach le Lochlannaibh a dhéanamh, mar ní chuirtear feall 'na leith. Is dubhac deorach do bhí Brian i ndiaidh Mhathghamhna,
agus gheall sé go mbainfeadh a chlaidheamh díoghal as na marbhthóiríbh — geall do chomhlíon sé go hiomlán, mar lean sé iad go rug sé ortha cois Mhágh Chromtha i gCorcaigh, mar a raibh sluagh láidir bailighthe aca. Bhris sé isteach ortha le fothrom gaoithe móire thré choill, bhrúthaigh i raon madhma isteach go coiréalaibh iad, agus scoilt sé le n-a chlaidheamh féin plaoisc an dá thaois- each Ghaedhealach úd agus Íomhar 'na dteannta diaidh ar ndiaidh. Fáilte is fiche gach fír-fhir ó Chaiseal go Daingean romhat, a Rí óig na Mumhan, agus tá d'ainm as so suas i mbéal gach Lochlannaigh i ndún fairrge thuaidh is theas. Níor bh'é an Lochlannach, ámh, an fear do ghéillfeadh gan cath cruaidh. Cheap sé go raibh Éire go dtí sin fá n-a bhuannacht. Thuig sé go luath cad é an saghas fear cogaidh é Brian, agus dhírigh sé a neart go léir air. Thángadar as gach áird; thugadar suaimhneas do sna cúigíbh eile, agus ní dóich liom go bhfuil aon tréimhse eile i stair na hÉireann is tábhachtaighe 'ná comhrac na Muimhneach 'na n-aonar le Lochlannaibh ar feadh an dá bhliadhain déag úd (968-979). Bhuail Brian fiche cath ortha, agus is fiú gach ceann aca tuairisg fhírinneach do thabhairt ortha. Níor bh'amhlaidh amháin ná fuair Cúige Mumhan aon cabhair, acht, nídh ba mheasa 'ná soin, chabhruigh cuid mhaith de thaoiseachaibh Laighean le Lochlannaibh, mar bhí cleamhnas eatortha is báidh aca le chéile, agus bhí an bháidh chéadna ag ceathair nó cúig de thaoiseachaibh na Mumhan féin leis an namhaid gur sciob claidheamh Bhriain na cinn díobh. Bhagair sé an íde chéadna ar Rígh Laighean; acht ba bheag é toradh an ríogh sin air gur bhris sé isteach 'na chúige gan chead gan choinne, agus chas sé ar Lochlannaibh is ar Laighnibh suidhte cois Rois Mhic Treoin. Ghabh sé thríotha, is scaip sé iad, agus, mar ba
ghnáthach leis i gcath, lean sé go dian ar an bhfuighleach. "Scaoil uait na Laighnigh, acht scaoil ar na Lochlann- aigh," adeir sé le ceann dá thaoiseachaibh airm sa ruaig, agus ceapaim as soin gur ghoill sé air Gaedheal as aon chúige do mharbhadh. Ní raibh Brian in' aonar i bhfad 'na dhiaidh súd mar d'éirigh an fear ba ghrádhmhaire le n-a linn mar chabhair dó — Maelsheachlainn óg na Midhe. Munar féidir linn an beithidheach allta so na Mumhan do chur fá chois beidh an Mhidhe againn go háirithe, adeir Lochlannaigh Átha Cliath, acht chuir Maelsheachlainn an rith ortha. Thriall an Lochlannach dán ar aghaidh arís, ámh, níos treise 'na riamh. Dhruid Maelsheachlainn uaidh ar gcúl: dhruid leis go cliathán Chnuic na Teamhrach agus d'fhan annsúd leo. A Chlann na Midhe, adeir sé, cuimhnighidh ar bhur sinnsear romhaibh; ná tréigidh an cath, acht ceapaidh go bhfuil na céadta rí do shuidh ar Teamhair ag féachaint oraibh indiu! Phreab na Midhigh áilne bhinne ar chéasaibh na Lochlan- nach, raobadar is bhriseadar a ndíorma dlútha, lean- adar ortha dá ngearradh go dún Bhaile Átha Cliath, is isteach leo agus scaoileadar dhá mhíle Éireannach bhí fá ghéibheann annsúd agus d'fhilleadar féin is Maelsheachlainn buadhthach go Dún na Sciath. Deineadh Áird-Rí de Mhaelsheachlainn an bhliadhain do bhí chughainn (980), agus do ghearán Brian leis láithreach go mbíodh na Lochlannaigh 'ghá n-ollmhughadh féin i gCúige Laighean gan bac ó éinne, agus 'na dhiaidh sin go mbrisidís isteach 'na chúige féin. D'iarr sé ar an Aird-Rígh an cúige sin do thabhairt dó féin i gcás smacht do chur ar Lochlannaibh: Eitigheadh é agus níor thaithnigh an t-eiteach leis. Mhachtnuigh sé gur de shliocht Éibhir é féin, gur shíolruigh sé ó Chormac Cas is ó Eoghan Taidhleach, is go raibh Laighin is an Mhumha fá'n
Eoghan soin i n-aimsir Chuinn Chéad-Chathaigh. Bhí seanchus go cruinn ag na hÉireannaighibh an uair ud. Chrom Brian ar chur isteach ar an Áird-Rígh agus d'éirigh imreas agus argóint eatortha. Bhuail a dtaoisigh a chéile cois Áth Luain agus cuireadh taoisigh Bhriain ar gcúl. Ní áirighim gur nocht Brian féin a chlaidheamh i gcoinnibh an Aird-Ríogh, acht níor chuir sé cosc le n-a thaoiseachaibh borba, agus thaithnigh an t-imreas go maith le Lochlannaibh mar bhíodar féin brúighte go leor. Ba riaghlóir gasta Brian, agus bhí sé ag cur gach nídh i n-eagar. Nuair do bhíodh suaimhneas aige ó chogadh ar feadh tamaill, agus is annamh do bhíodh, ghnídheadh sé dúin is tighthe is bóithre, agus nuair do bhíodh caoi aige air chromadh sé ar scoileanna do chur ar bun ar an láthair gur dóigheadh iad le Lochlannaibh; ar mhainistrí do dhéanamh, ar dhíol is ar cheannaidheacht do chur ar siubhal, is ar breitheamhnaibh dlighe do shuidheadh in gach ceanntar. Ar an gcuma soin bhí Cúige Mumhan ag dul i neart fá chosnamh an chlaidhimh mhóir agus cheap an t Áird-Rí ciallmhar gur chóir dó réidhtiughadh le Brian. Agus go mór-mhór ní chabhróchadh Cúige Uladh leis an Aird-Rígh, agus dá dheascaibh sin do shnaidhm sé cáirdeas cogaidh le Brian agus thug Cúige Laighean dó. Chuir Maolmordha, Rí Laighean, búithreadh as, is thug na mionna ná géillfeadh sé féin go bráthach do Bhrian. Gluaisidh, a Dhál gCais! arsa fear an chlaidhimh, agus do bhuaileadar thré Bhealach Mughna mar ar marbhuigheadh Cormac Naomhtha mac Cuileannáin. D'fhéach Dál gCais ar Bhrian agus fá cheann lae is oidhche d'fhéach seisean siar ortha nuair do chonnaic sé na Laighnigh suidhte i nGleann Máma agus ceann ar cheann de Lochlannaibh go fuadrach le n-a gcois. Chuir Brian is Maelsheachlainn fútha ar a n-aghaidh anonn.
"Ná leigimís leo go maidin, tá an bheirt úd glic," adeir an Rí Lochlannach. "Bí aireach, a Mhaelsheachlainn, chím corruidhe sa champa úd. Buailfid roimh lá sinn," adeir Brian, agus d'atharruigh sé a phuible féin san oidhche i gcás go raibh slighe fhairsing idir é féin is Maelsheachlainn. I dtosach an tsamhraidh do b'eadh é, ins an mbliadh- ain 999, agus bhí duilleabhar go tiugh ar chrannaibh, agus na héin ag dul chum codlata ionnta. Cuireadh na fir faire amach. "Luighmís leis na héanaibh is éirighmís leis na huanaibh," adeir Brian; agus ní túisce dhúisig na héin 'ná gur dhúisigh na Lochlannaigh na Gaedhil. Bhrúchtadar le liúgh isteach ar Mhaelsheachlainn, dar leo, acht do b'é Brian do bhuail umpa go hullamh cóirighthe. Tháinig Maelsheachlainn aniar 'dtuaidh ortha san am gcéadna, agus bhris 'n-a dhá gcuid iad. Aralt mac Amhlaoibh Chuaráin, Rí Átha Cliath, bhí mar cheann ar Lochlannaibh an mhaidin úd, agus do theich sé treasna muinge bhí ann i gcomhair a chuid fear do chur i n-eagar. Chualaidh sé an fothram 'n-a dhiaidh. "Chughaibh Brian!" arsa Aralt, agus do chas na Lochlannaigh chomh cíocrach chum fola le scata faolchon. "Ionnsuidhigh! Ionnsuidhigh!" arsa glór-ghuth Bhriain, agus ghabh na Muimhnigh thríotha mar a gheobhadh scaoth fiolar i measc fiadhtha. Bhíodar ag tuitim fá mar a thuiteann buille féir fá'n speil; acht, mar sin féin, chuir Aralt tréan na fir shlána arís is arís i n-eagar agus chuaidh sé féin fé sa deireadh agus cruacha corp 'n-a thimcheall. Cailleadh annsúd chúig mhíle Lochlannach. Chonnaic na Laighnigh chródha an íde bhí ag Brian dhá thabhairt ar Lochlannaibh agus i n-ionad eagla 'theacht ortha is amhlaidh do chuir sé mire ortha, agus thugadar ruthag ar Mhaelsheachlainn. Chaith an laoch soin dhe iad le duadh agus tháinig Brian 's a Mhuimhnigh 'n-a chabhair,
amach as ár na Lochlannach, a gclaidhmhthe crón is fliuch. Briseadh ar Laighnibh agus fuair Murchadh mac Bhriain, d'éis na tóra, Maolmórdha i bhfolach i measc duill- eabhair crainn iubhair. "Gread leat a bhaile as soin," arsa Brian leis. Do b'fheárr d'Éirinn dá muirbheoch- aidhe Maolmórdha an lá úd.
BRIAN IMPERATOR SCOTORUM. Is sean-fhocal é gur feárr an mhaith atá 'ná an mhaith a bhí, agus mar a chéile sin is measa an t-olc atá 'ná an t-olc a bhí. Is feárr é cuimhneamh na nGaedheal ar fhóirneart is ar ghéarleanmhain an tSasanaigh 'ná ar dhroch-úsáid an Lochlannaigh, agus dá réir sin is deacair dúinne a mheas indiu cad é an t-áthas is an t-atal do bí ar ár n-aithreachaibh nuair do cuireadh an Lochlannach borb úd fá chois. Ní raibh gíog as d'éis chatha Ghleann Máma agus ní raibh uaidh acht síothcháin do dhéanamh le Brian agus rud do dhéanamh air. Bhí sé i gcumas Bhriain é 'chaitheamh ar mhullach cinn isteach sa bhfairrge, acht níor mhar sin do cheap sé, mar theastuigh an Lochlannach uaidh. Bhí an Lochlannach úd aicillidhe chum bailte puirt do dhéanamh cois fairrge, is ar dhíol is ar cheannach le tíorthaibh iasachta, agus d'oir an sochar soin go mór d'Éirinn mar bhí sé tar éis dhá chéad bliadhan cogaidh is coscairt do chur di. Thuig Brian go maith gur theastuigh an suaimhneas soin ó'n dtír mar ba riaghlóir é chomh maith le fear cogaidh. Bhí sé 'na mhachtnamh aige leis bheith 'na Aird- Rígh ar Éirinn. Bhí urraim aige do Mhaelsheachlainn agus
cion aca ar a chéile, acht bhí Éire ró-bheag dóibh araon. Gheall Maolmórdha, rí Laighean, agus na Lochlannaigh go mbeidís umhal dó go deo arís, agus mhaith sé dhóibh ar an gcoingeall soin, agus mar dheimhniughadh ar an tsíothcháin phós sé mar tharna bean deirbhshiúr Mhaoil- mórdha, máthair Shitric, rí Lochlannach Átha Cliath, agus thug a inghean féin mar mhnaoi do Shitric sin. Fear do b'eadh Brian dá ngéillfidhe dhó dáiríribh go maithfeadh sé do dhuine go tapaidh, acht dá gcuirfeá 'na choinnibh do mheilfeadh sé thu ar nós brón mhuilinn. Bhí tuairim ag Maelsheachlainn i bhfad roimhe seo go mbainfeadh Brian an ríoghacht dhe luath nó mall, agus dá aindeoin sin bhí cion aca ar a chéile — rud do theasbánann gnás na haimsire úd dúinn. Ba chosmhail Brian leis gach fear fíor-láidir eile do mhair riamh — bíonn machtnamh éigin 'na n-aigne 'ghá gcorruighe, ná sáisighthear go mbíd siad i n-uachtar. 'Sé nós an tsaoghail é. Tá an tréith sin ins an ainmhidhe leis fá mar atá sa duine. Féach ar fhiadh- phoc na coille, ní bhíonn seisean sásta go mbíonn mar cheann ar an dtréad. B'fheárr liom bheith ar an bhfear is mó tábhacht sa bhaile bheag is suaraighe 'ná sa tarna réim i gcathair na Róimhe, arsa Caesar uaibhreach fad ó. Tabhair dom-sa an Áird-Righe agus tóg féin righe na Midhe, arsa Brian ar cheann a airm suidhte ar theorainn na Midhe. Tabhair cáirde dhom 'féachaint an gcabhróchaidh Ultaigh liom id' choinnibh, adeir Maelsheachlainn glé. Fuair sé an cháirde, acht ní bhfuair sé an chabhair mar dubhairt muinntear Néill leis dá dtéidhidís chum troda ná rachadh Dál gCais ar gcúl agus nách mó ná rachaidís féin ar gcúl leis. Ní fhuil aon mhaitheas bheith libh, adeir an tÁird-Rí buadhartha, agus fá mar adeir an sean-chunntas, bhuail sé
isteach go teach Bhriain, 'sé sin ghéill sé dhó. Throid- feadh na Midhigh chalma go bás ar a shon acht ní leig- feadh sé dhóibh é. Níor thóg sé leis acht gárda capall ar a ghabháil anonn gan aon choingheall i láthair Bhriain, mar bhí 'fhios aige ná déanfaidhe feall air. A Bhriain, dá mbeadh mo dhóthain fear agam, do throidfinn leat, adeir sé go macánta. Do bhronn Brian eachraidhe air do réir nóis an Áird-Ríogh le rígh cúige. Ba lag le Maelsheachlainn a theasbáint go mbeadh sé chomh humhal soin, agus do bhronn sé ar Mhurchadh, ríoghdhamhna Bhriain, na capaill agus fágadh mar sin é, mar ní raibh aon fhonn ar éinne ceann fé do chur ar Mhaelsheachlainn. Ní raibh sé 'na chumas ríoghacht dhaingean do dhéanamh d'Éirinn. Bhí an bheart soin ró-chruaidh do Chúige na Midhe agus ní chabhróchadh Ulaidh leis chuige. Do b'é Brian amháin an fear fáil, agus mar dhearbhadh air, thug sé turas timcheall na hÉireann ins an mbliadhain 1002. Gairmthear "Saor-chuairt Bhriain Bhóirmhe," ar an dturas úd. Bhuail sé ó thuaidh thré Chonnachtaibh, a lámh chlé le fairrge, agus cuireadh fíor- fháilte roimis mar ba mhór ag na Connachtaighibh é, agus chabhruigheadar leis go tréan ó thúis. Soir ó thuaidh leis thré Chúige Uladh gur fhéach sé uaidh ar Albain thar Sruth na Maoile. Chuir sé fé go ceann seachtmhaine ar Druimbó cois Bhéil Feirste, áit gur fearadh cath carad tamaillín roimhe sin mar gheall air féin idir Mhuinntir Thír Eoghain agus Chlanna Aodha Bhuidhe, mar dubhairt aicme aca nár chóir dóibh géilleadh do Bhrian agus dubhairt an dream eile gur chóir. Bhailigh seisean chuige iad ar a theacht 'na gceanntaraibh agus dubhairt leo go réidh go raibh breis is a ndóthain fola doirtighthe ag Gaedhealaib cheana féin, agus gur mhithid suaimhneas do bheith sa tír. Níor iarr sé biadh ná deoch dá shlógh i
n-aisce. Dhíol sé as gach nídh le, hór agus bhí na hUltaigh go muinnteardha leis. Thug sé cuairt ar Árd Macha, sheasaimh sé cois altórach a prímh-theampaill, leig sé dualgas óir mar thabharthas ar an altóir sin, agus d'órduigh sé cairt is córa d'ullmhughadh mar chomhartha ceannais do'n eaglais sin os cionn teampall eile na hÉireann. Leanann an chéim sin do thug Brian di gus indiu í. D'órduigh sé "Leabhar Árda Macha," do thabhairt 'na láthair, agus ar billeoig de'n leabhar scríobh sé féin, nó a rúnaidhe léigheanta, os a chomhair, na focail seo ar cheann na léigheachta so, agus mínigheann siad "Brian Príomh-Taoiseach na Scot" — 'sé sin ceann stiúruighthe Gaedheal na hÉireann is na hAlban. Badh mhaith liom, ar seisean, gur annso do bheadh m'eiséirghe, agus is mar sin a bhéas, mar is ann do cuireadh é dhá bhliadháin déag 'na dhiaidh súd, é féin agus a laoch- mhac Murchadh, agus cuireadh 'gá chosaibh mar an gcéadna Brian Ó Néill, rí Ailigh, do marbhuigheadh i gcath an Dúin ag comhrac le Sasanaighibh ins an mbliadhain 1260. "Teampall Gallda" is eadh an teampall úd indiu, agus i mball éigin sa chúinne thoir theas de atá Brian curtha i gcomhrainn chloiche. Ní fhuil leacht 'na comhartha cuimhne le n-a cheann, acht in' ionad soin is amhlaidh do chonnac os cionn a luaithridh ceirteacha beaga feochta bhíodh ar ceann shaighdiúirí Shasana 'na dtroid i n-aghaidh Rúiseánach is Franncach. Ar bhfilleadh do Bhrian Bóirmhe go Ceann Coradh ní raibh aon Áird-Rí ar Éirinn leis na ciantaibh ba mhó cumhacht 'ná é. Bí a ainm i n-áirde amuigh is i mbaile. Chrom sé go duthrachtach ar Éire do chneasughadh. Chuir sé fios thar lear ar scoláiríbh d'fhág an tír thré fhóiréigean Lochlannach. Bhailig sé leabhair i ngach ball, chuir sé muilinn ar siubhal, ghríosuigh sé gaibhne
geala is gaibhne dubha, an ceárdaidhe is an ceannaidhe. Bhí a bharcanna seoil ar muir, is díol is ceannach i gcalaidhthibh cuan. Bhí gáir sa tír i n-ionad goil mar d'éirigh an ghruaim dhubh dhuairc de chroidhthibh daoine. Chaith garsúin léim táilliúra ar bhántaibh gan faitcheas go mbainfidhe geit asta le "Chughaibh an Lochlannach!" Géim an loilgheach sa bhféarach 's a gamhain le n-a cois aici — "Ní baoghal duit an Lochlannach, a dhruimfhionn óg," arsa bean an tighe, "tá faobhar ar chlaidhmhthibh Bhriain." Do sheol Brian buidhean láidir de Mhuimhneachaibh go dtí Oileán Mhanann mar a mbíodh na Lochlannaigh 'gá n-ullmhughadh féin roimhe sin. Chuir na Muimhnigh fútha annsúd agus tá a sloinnte agus rian a gcainnte ar dhaoinibh ann go dtí indiu. Ghnídh sé caradas le Gaedhealaibh Alban agus ba mhór aca é as soin suas. Badh dhóigh leat ortha go rabhadar ar tí cána do thabhairt dó fá mar do ghnídhtí sa tsean- aimsir. Bhronnadar tabhartasaidhe air, acht ní dóigh liom gur cóir cáin do ghlaodhach ar an mbronntanas úd. Geall sé cabhair dóibh i gcruadh-chás. D'admhuigh- eadar gur bh'é Priomh-Thaoiseach na Scot é dáiríribh agus ghealladar cabhair dó — geallamhaint do chóimhlíonadar lá Chluain Tairbh. Tráchtar ar a fhéile is ar mhéid an mhathshluaigh do shuidheadh chum búird i gCeann Coradh, agus ar na hualaighibh bídh is dighe do caithtí ann, agus dar leat do chreachfadh costas an oinigh sin Brian, siúd is gur bha Áird-Rí féin é, muna mbeadh go gcuireadh na taoisigh mhóra shaidhbhre níos mó tabhartasaidhe fá dhéin an ríghthighe 'ná d'éilíghthí ortha, mar do b'ionmhuin leo an tÁird-Rí. Bíodh agaibh, arsa rí Thír Chonaill, má's maith libh-se bheith go fial le Brian is cuma liom-sa soin; ní
bhfaghaidh sé aon cháin uaim-se; ní fhuil aon bheann agam air i n-aon chor agus ní mó ná ghéillfead dó acht chomh beag! Cad é sin? agus sul a raibh uain ag éinne 'fhiafruighe cad do bhí ar siubhal bhí Brian ag gluaiseacht thré Bheárnas Mór ar cheann chúig mhíle fear. Chuir sé crúca i rígh Thír Chonaill, bhuail sé slabhradh air fá mar a bhuailfeá ar tharbh agus thóg leis é go Ceann Coradh. Nách mór an náire dhuit-se bheith ag cur i gcoinnibh an Aird-Ríogh, adeir sé. Is mór, is dócha, adeir rí Thír Chonaill, agus bhronn Brian air níos mó 'ná an cháin. D'fhág sé slán ag Brian agus ní raibh aon chúis ghearáin eatortha ní ba mhó. Ní bhíonn an rath acht mar a mbíonn an smacht, adubhairt fear ciallmhar éigin fad ó. Thagadh taoisigh na Lochlannach go Ceann Coradh leis. Ba bheag ortha Brian, acht ní leigidís ortha é. Thagadh Maolmórdha, Rí Laighean, ann go minic, agus i gceann dá chuairtibh d'éirigh iomarbháidh idir é féin agus Murchadh os cionn cláir fithchille. Is feárr do léirighis an fhoireann fithchille sin 'ná mar léirighis na Lochlannaigh i nGleann Máma, adubhairt Murchadh. B'fhéidir go léireochainn níos feárr an chéad uair eile iad, adeir Maolmórdha, agus d'fhág sé an rígh-theach lá'r n-a bhárach gan slán 'fhágaint ag éinne. Chuir Brian teachtaire 'na dhiaidh. Chas Maolmórdha ar an dteachtaire sin agus thug buille mairbhtheach sa cheann dó. Ghluais sé air thré Laighnibh 'gá leathadh go bhfuair sé easonóir i gCeann Coradh, agus d'éirigh na Laighnigh leis agus chabhruigh Lochlannaigh Átha Cliath leo go héascaidh. Chromadar láithreach ar an Midhe do chreachadh. Chosain Maelsheachlainn é féin ortha go tréan. Bhíodar ró-líonmhar dhó, ámh, agus d'iarr sé cabhair an Aird-Ríogh fá dheireadh. Ba shearbh le Brian an t-eirghe amach so Laighneach 's Lochlannach, mar níor theastuigh troid uaidh níos mó.
Shíligh sé nach raibh ann acht bladhm do rachadh i n-éag i gcionn tamaill, acht mar sin féin nuair iarr an rí cúige a chabhair bhí sé riachtanach air í 'thabhairt dó. Cuirfeam díng treasna a gcasáin, ar seisean, agus ghluais sé soir ó thuaidh ar tí teacht idir iad is Bhaile Átha Cliath. Ní heol dom aon ghluaiseacht eile luaidhte 'nár stair chomh tiugh léi siúd munab í gluaiseacht Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill ar a thuras go Ceann tSáile ins an mbliadhain 1602. Chuaidh Brian 's a shluagh ó Cheann Coradh go teorainn Átha Cliath fá dhá lá, thré bhóithribh boga sa gheimhreadh, le súil go mbéarfaidhe ar an mbealach ar Mhaolmórdha is ar Lochlannaibh. Scuireadar soin as Mhaelsheach- lainn i n-am tráth, agus sceinneadar ar gcúl. Bhí a gceann gluaiste thairis slán acht ghnídh sé brus dá sluaightibh deiridh, agus lean sé ar an arm tosaigh go hÁth Cliath. Ní raibh uain ar an ndún soin do thógáil sul ar tháinig síon is fliuchán na Nodlag, agus d'fhill Brian go Ceann Coradh ar lorg lóin. Ní túisce bheidh nóiníní an earraigh ag cur a gcluas thríd an mbán 'ná go mbeidh an chú chraosach úd ar an dtáirsigh againn arís, arsa Maolmórdha. Do b'fhíor dhó soin. Cuireadh gairm scoile amach ar faid Éireann, 'ghá fhógairt go raibh éirghe amach sa tír agus go raibh sé riachtanach ar gach duine cabhrughadh leis an Áird-Rígh. D'fhreagair na Connachtaigh mar ba ghnáthach riamh leo nuair do bhí cabhair ó Áird-Rígh Éireann. Níor chorruigh taoisigh Uladh cos, agus ní raibh aon chlaidheamh amháin as an gCúige sin i gCluain Tairbh. Bhí Brian go carthannach leo i gcomhnaidhe, acht níor bha dhá dtreibh féin é, agus bhíodh éad ortha le haon Áird-Rígh eile acht ceann dá muinntir féin. Ar a shon soin is eile, is mór é cáil is ceannas Chúige Uladh i stair na
hÉireann. Ba mhor é a n-easnamh i gCluain Tairbh, agus bhí Muimhnigh is Connachtaigh droch-aigeantach dóibh 'na thaobh soin go ceann i bhfad 'na dhiaidh súd — rud do ghnídh máchaill mhór do'n tír ar feadh na mbliadhanta bhí chughainn. Má bhí Brian ag ullmhughadh ar feadh an gheimhridh úd, ní raibh a namhaid díomhaoin. Chuireadar fios ar fhearaibh cogaidh go Sasana, go Frainnc is go hAlmáin. Bhí na Lochlannaigh chomh láidir sin ar mhór-thír na hEorpa fá'n am so gur thiomáin Sbhégin, rí Danar, cabhlach mór go dtí Sasana le díoghal do bhaint amach i dtaobh beart feill d'imir Sasanaigh ar Lochlannachaibh, agus do scrios sé an tír sin le faobhar claidhimh is dóighteán ó'n dtaobh thuaidh go dtí an taobh theas, agus chuir Cnút, a mhac féin, mar rí ar an dtír go léir. Stiúruigh Cnút seo na mílte Lochlannach is Sasanach fá dhéin Átha Cliath, agus Siugradh is Amhlaoibh is Bruadar mar cheannaibh ortha. Thréig na Lochlannaigh seo an Chríostaidheacht agus d'iompuigheadar 'na bPágánachaibh. Chualaidh Brian Bóirmhe an tóir do bhí chuige agus i n-ionad eagla 'theacht air is amhlaidh d'éirigh a bhruth is a mhisneach. Ní raibh aige acht Connachtaigh is Muimhnigh is Midhigh, agus dream de Ghaedhealaibh calma Alban do tháinig chum cabhartha na hÉireann lá an ghábhaidh. An méid do bhí aige, ámh, níor bh'fhurusta iad do shárughadh. Do b'fhiú eisean iad agus do b'fhiú iad-san eisean. Féach ar fhuighleach Dáil gCais ar a dturas a bhaile thré Chill Dara d'éis éirligh Chluain Tairbh, iad go tuirseach ag iomhcar a bhfear gcréachta, nuair d'éirigh a namhaid Mac Giolla Pádraig, ar an mbealach rómpa. Gheobham thar a gcorpaibh, adeir Donnchadh mac Bhriain, acht beirtear ar dtúis na fir chréachta ar gcúl i dtaisce agus cuirtear gárda fear claidheamh 'ghá gcosnamh. Ar mh'anam nach mar sin do bheidh, adeir
gach gaiscidheach de'n dream gcréachta, acht cuirtear cúnach fuar fliuch le n-ár gcneadhaibh teo, tugthar claidhmhthe dhúinn, buailtear staiceacha sa talamh agus ceangaltar 'nár seasamh leo sinn-ne. Is mar sin do chomhraiceocham, agus is feáirrde misneach ár mbráithre ár gcongnamh! Ní fhuil a leithéid sin de bhárr-ghaisce luaidhte i stair an tsaoghail, agus níor bh'iongnadh nuair do chonnaic na Laighnigh an radharc soin gur obadar an cath. Is iad a leithéidí sin d'fhearaibh do bhí ag meath, agus do bheadh mar sclábhaidhthe ag Lochlannaibh muna mbeadh gur éirigh an ceann-feadhna do dhlúthuigh le chéile iad, mar ní raibh ortha acht ceall stiúrthóra. Mhachtnuigheas im' aigne ar Bhrian Bóirmhe agus ar cionnus do sheasuigheann sé i gcomórtas leis na fearaibh meanman is mó tábhacht i stair an domhain. Ní dóigh liom go sáruigheann aon aca eisean. Thosnuigh sé gan puinn cumhachta: bhí namhaid 'na choinnibh do bhuaidh ar gach tír eile gur chuir sé chuige, agus bhí an namhaid sin níos treise aimsir Bhriain ná fá mar a bhí sé riamh roimhe sin. 'Na theannta soin bhí taoisigh is ríghthe Éireann i gcoinnibh Bhriain go ceann i bhfad, is éad ortha leis. Mar sin féin, gan coir fola ná feill, gan beart mhío- náireach i n-aghaidh carad ná namhad, d'éirigh sé féin agus tharraing sé leis Éire go dtí go raibh a hainm uasal agus a ainm féin fá mheas i ngach rígh-theach ó'n nGréig go Frainnc. Deirthear nár chóir dó an ríoghacht do bhaint de Mhaelsheachlainn, agus gur thug an bheart soin droch- thaithighe do thaoiseachaibh eile i ndiaidh a bháis. Ní móide 'ná go bhfuil beagán de'n fhírinne sa méid sin, acht ní airighim go raibh aon chuma eile do réir na haimsire úd ar ríoghacht dhaingean do dhéanamh d'Éirinn. Do ghnídh Brian ríoghacht iomlán di, agus dá
maireadh a mhac, Murchadh, is é is dóichíghe go mbeadh sliocht a shleachta mar ríghthibh ar Éirinn indiu. Do loit éirghe amach mhí-ádhmharach Maolmórdha Laighean an gnó gur chaith Brian a shaoghal chum a dhéanta. Dhíol an fealltóir sin as a dhroch-bheart len' anam i gCluain Tairbh. Beidh cuimhne an chatha soin go bráthach i nÉirinn, acht ní thabharfam-na acht súil-fhéachaint air fá mar is gnáthach linn le cath. Chruinnigh na Muimhnigh is na Connachtaigh i dtosach earraigh ins an mbl. 1014 ag Ceann Coradh. Ní raibh bruighean i nÉirinn le chúig bhliadhnaibh déag roimhe sin. Bhí trácht ar chathaibh i mbéal gach éinne agus bhailigh sean-daoine is mná is leinbh ar bhóithribh ó Cheann Coradh go Baile Átha Cliath ag feitheamh go bhfeicfidís gluaiseacht Bhriain. Cualathas siotraigh capall, cual- athas coiscéim coisidhthe, connacathas soillse is tril- seáin ar áthaibh na Life istoidhche agus scáil na bhfear is na gcapall ar uiscíbh na habhann ar nós samhaileacha ó'n saoghal eile. Nuair do cualathas stoc airm Bhriain go moch ar faithche Átha Cliath bhí a fhios ag Lochlannaibh go rabhthas chucha. Do réir an áirimh is cruinne do b'é líon airm Bhriain is Maeilsheachlainn deich míle fichead fear, agus fá mar thuigim bhí breis is dá fhichid míle fear 'na gconinibh. Chuir Brian an ceanntar ó Pháirc an Fhinn-Uisce go Binn Éadair fá theine, agus chuir an méid sin ar dearg- bhuile na Lochlannaigh suidhte timcheall Dhúin Átha Cliath — an ball céadna mar a bhfuil an caisleán gallda indiu. Bhris na Lochlannaigh amach fá n-a dhéin 'na dtrí ronnaibh. Bhí arm na hÉireann 'na dtrí ronnaibh mar
an gcéadna, a nÁird-Rí agus a dtaoisigh cogaidh ar a gceann. Nuair do ghluaiseadar le héirghe an lae ó fhaithche Átha Cliath ba gheall le coill ag druidim leat iad, agus bhíodar chomh comhthromach cóirighthe sin go ndeir sean-úghdar go dtiomáinfidhe carbad cogaidh ar a gceannaibh. Choisc Brian iad i ngearracht urchair sleagha do Lochlannaibh, agus labhair do ghuth árd ó mhuin capaill, agus ba gheall le congnamh mílte fear dóibh an ghuth soin. D'árduigh sé os a gcomhair an chrois, dubhairt leo gur bh'é an lá so Aoine an Chéasta, an lá fuair a Slánuightheoir bás ar a son. Chuir sé i gcuimhne dhóibh gur bhuaidh a n-aithreacha ar a ghualainn féin i Sul- cóid sé bliadhna is dá fhichid roimhe sin, agus nár thug na Gaedhil riamh ó shoin cúl ar Lochlannaibh. Dhírigh sé a chlaidheamh chum na gcéadta barcanna dubha do líon cuan Bhaile Átha Cliath, agus d'iarr sé geall ar a laochaibh ná leigfidís aithid de'n dream do tháinig anall ar na barcannaibh dubha slán ar n-ais. D'fhreagair na Gaedhil é le trí gáir catha do cualathas i bhFine Gall. Stiúróchad-sa sibh indiu fá mar do stiúruigheas riamh sibh, adeir sé go dán. D'iarr Murchadh air, fá mar iarr go minic le seachtmhain roimhe sin, ar athchuinge Dé leigean dó féin an t-arm do sheoladh sa cath, agus bhailigh a ghaolta 'na thimcheall ar an athchuinge chéadna. Ghéill sé dóibh go dúr fá dheireadh. Gidh go raibh sé trí bliadhna déag is trí fichid bhí sé láidir cuthaigh fós, acht mar sin féin bhí faitchíos ar a ghaoltaibh go muirbheochaidhe sa chath é, agus go mbeadh Éire scriosta go deo dá n-imtheochadh aon nídh air. Dhírigh sé a chlaidheamh fá dhéin na námhad agus labhair sé arís:- Sin é an Lochlannach os bhur gcomhair; sin é meirge na hÉireann os bhur gcionn; sin é Murchadh
ar bhur gceann. Ar aghaidh! ar aghaidh, i n-ainm Dé is Mhuire! Léim Dál gCais ar aghaidh le liúgh; chrith an bán fútha; bhuaileadar le fuaim i gcoinnibh bhuidhne laoch lúirighthe Lochlannach do bailigheadh thar lear ar son a ngaisce — dhá mhíle fear toghtha a líon so, agus Siugradh is Bruadar ar a gceann. Chrom Brian ar mhuing a chapaill, d'fhéach sé i ndiaidh na bhfear, is bhuail a chroidhe is dubhairt an croidhe nách truagh gan mé ar a gceann! D'fhair sé iad, is d'éist sé le fóbairt tuaghanna faobhracha Dáil gCais ag cantain ar lúir- eachaibh Gall mar a bheadh gliadar órd na gcéadta gabha ag bualadh barraí iarainn. Chonnaic sé beárna briste thríd an mbuidhin ghlais eachtrannach, chonnaic sé Murchadh ag brúchtadh thríd an mbeárnain úd is ag casadh ar n-ais arís le fothram ar nós gála gaoithe thré choilltibh tiugha. Bhailigh a ghárda timcheall ar an Áird-Rígh is thóg- adar leo ar gcúl é. Socruigheadh peiliúr fá n-a ghlúnaibh 'na chábán, agus chrom sé ar shailmeacha do rádh, mar ní raibh an paidrín mar ghnás ann go ceann cúpla céad bliadhan 'na dhiaidh súd. Bhí an tÁird-Rí ag paidreoireacht ar feadh trí huair an chluig gan staonadh agus ar feadh na haimsire bhí Murchadh ag comhrac, agus a leithéid de chomhrac le déin- eacht ní dócha gur fearadh riamh i nÉirinn. Gaiscidhigh do b'eadh iad an Bhuidhean Ghlas do bhí i gcoinnibh Dáil gCais, agus is é teist na Lochlannach féin sa chunntas do thugaid ar an gcath ná feacathas leithéid Mhurchadha riamh. 'Sé mo thuairim féin ná raibh aon fhear i nÉirinn mar é ó cailleadh Oscar. Bhí claidheamh i ngach láimh leis, mar bhí sé comh-dheas is comh-chlé, agus bhí a bhuillí chomh trom soin go mbainfidís greim as aon lúireach do buaileadh ar inneoin. Níor thug sé an tarna buille d'éin-fhear is
ghabh sé thríotha is tharsa sé huaire diaidh ar ndiaidh. D'éis an sémhadh ruthaig ba bheag de'n Bhuidhin Ghlais do bhí 'na seasamh, agus is é mo thuairim gur thuiteadar go léir timcheall an bhaill mar a bhfuil oifig Chonnartha na Gaedhilge suidhte i Sráid Uí Chonaill. Do b'as soin ó thuaidh go coraidh Chluain Tairbh bhí an t-éirleach ar fad. Ghabh na Connachtaigh fá Ó Ceallaigh is Ó hEidhin thré Lochlannaibh Átha Cliath. Bhí Ó Faoláin na nDéise is Cárrthaigh Dheas-Mhumhan ag gabháil do sna Danaraibh do tháinig thar lear, agus bhí Eoghanacht Locha Léin fá Ó Donnchadha an Ghleanna, is treabha Chiarraighe fá Chian Ó Shéagha Uibh Ráthaigh, is Ó Failbhe Fionn Chorca Dhuibhne, ag gabháil do Maolmórdha Laighean. D'éirigh an tÁird-Rí dhá ghlúnaibh i meadhon lae, ghlaodhuigh sé chuige ar a ghiolla cuirp is chuir sé tuairisc air cionnus do bhí an cath ag dul. "Tá gal as na fearaibh is smúit os a gcionn," adeir sé, "agus is cosmhail an fothram le glór meithleacha fear ag leagadh crann le tuaghannaibh; tá meirge Mhurchadha ar leathadh is brait Dáil gCais 'na thimcheall." Ba mhar a chéile an meirge úd Mhurchadha is meirge ríghthe na Teamhrach, agus ceapaim gur de shíoda dhearg do bhí an meirge sin déanta agus deilbh leomhain bhuidhe fighte thré n-a lár. Bhíodh an brat uaithne ann leis ag ríghthibh cúige. D'athruigh is chóirigh an giolla cuirp peiliúr an Áird- Ríogh is chrom seisean ar shailmeacht arís go dúthrachtach. Bhí an cath ag fearadh gan sos ná staonadh, gleo is uaill is liúghraigh is fuaim claidheamh, fir anois is arís ag rith i leath-thaoibh, go dtí glaise cois Choille Thomhair, ag slogadh braoin uisce is ag tumadh a lámha allasach atuighthe san uisce ag iarraidh fuaráin d'fhágháil, is ag rit ar n-ais isteach sa bhruighin. Do b'iomdha iad a ngníomhartha gaisce. Um mheadhon lae raob Siugradh isteach ar Dhál gCais
is chrom ar iad do ghearradh mar ghearrfadh buainteoir an choirce, mar bhí lúireach chruaidh uimis ná bainfeadh aon chlaidheamh dá ghéire greim aisti. Laoch do b'eadh é leis nár buadhadh riamh air. Chonnaic Murchadh uaidh é dá n-éirleach is ghearr sé bealach fá n-a dhéin, agus b'uathbhásach é fothram na beirte ag baint teine chreasa as lúireachaibh a chéile. Deir cunntas na Lochlannach gur phléasg buille de chlaidheamh dheis Mhurchadha búclaí iarainn chinn clogaid Shiugraidh, is le claidheamh na láimhe clé gur scoilt sé go crománaibh é. Lean an bhruighean gharg ar feadh an lae. Ní raibh aon fhonn teichte ar aon taobh, agus do chífeá fá mar do chonnaic Maelsheachlainn do bhí 'na chúl báire ar árdán ar imeall an chatha dlaoithe gruaige agus spreacha fola dá mbreith leis an ngaoith. Amach sa lá bhí na Gaedhil ag buachtain le duadh, agus bhris cuid de sna cipíbh gallda, acht níor bh'fhéidir bris- eadh ortha ar fad, mar bhí dreama díscireacha dhíobh thall 's i bhfus, agus a dtaoisigh dána ar a gceann. Ba chosmhail páirc an bhuailte le coill mhóir go mbeadh bearnaí gearrtha thríthi agus a leath leagtha, mar bhí taois- each i bhfuirm bile annso agus ceann eile annsúd, agus claidhmhthigh i bhfuirm crann 'na dtimcheall. "Tá meirge Mhurchadha ag druidim soir is siar sa chath, agus na fir measctha um a chéile," arsa giolla cuirp an Áird-Ríogh. "Ag cur misnigh ar an arm atá an laoch soin. Is ionmhuin le fearaibh Éireann meirge Mhurchadha, agus troid- fid le fuinneamh 'na chomhgar," adeir an tÁird-Rí, agus chrom ar a urnaighthibh arís. Tháinig Murchadh ar cheann de sna dreamaibh gall- da. Phreab Anrúd foirtil amach air. Bhí cuisleanna láidre Murchadha ar sileadh leis le tuirse ó bheith ag marbhughadh fear feadh an lae, agus is beag nách raibh an
luadháil imthighthe asta. Mar sin féin, d'éirigh a bhruth nuair do chonnaic sé an taoiseach Lochlannach, agus léim sé isteach air fá do léimfeadh leomhan, chas sé ar a chéile é, bhuail sé fé é, strac sé an lúireach amach thar mhullach cinn dhe, agus thiomáin sé claidheamh an Lochlannaigh féin trí huaire thré n-a chorp síos go talamh. Bhí an Lochlannach ag meabhlaigh is ag scréachaigh mar a bheadh cat fiadhaigh, agus, ar nós an chait fhiadhaigh, chuir sé gatha uaidh amach, mar rop sé scian dhubh suas thré shliasaid Mhurchadha. Mhair Murchadh go lá, agus fuair sé an sagart. Bhí sé mar shásamh aige na Lochlannaigh go léir d'fheicsint ag briseadh ar gach taobh de, agus ag teicheadh go dún Átha Cliath. Chonnaic sé Maelsheachlainn ag briseadh thríotha agus ag bualadh cipe dlúith idir iad agus droichead na Life, agus chualaidh sé liúgh bhuadhthach na nÉireannach ar an dtóir ag déanamh mion-rabh díobh ar an mbóthar. San am gcéadna d'éirigh an tÁird-Rí dhá ghlúnaibh go hobann fá mar do chorróchadh smaoineamh éigin é. "Féach amach, a Laidhin, cloisim glór an chatha." "Tá na Gaill go léir ag rith le n-a n-anamanaibh agus na Gaedhil ar a dtóir. Tá meirge Mhurchadha ar lár!" Phreab Brian 'na sheasamh. "Dubhach é an scéal do chloisim! Murchadh ar lár! Ní fheicfidh fir nÉireann go deo arís a leithéid de ghaiscidheach: duairc é an saoghal gan Murchadh! beag í brígh mo bheathadh gan Murchadh! Cá bhfuil mo ghárda? Glaodhuigh chugham iad." Acht bhris ar an bhfoidhne ag an ngárda, agus phreabadar ar thóir na Lochlannach. Bhuail an tÁird-Rí é féin ar a ghlúnaibh arís, agus chrom sé ar ghuidhe le hanmannaibh na marbh do fuair bás ar son na hÉireann. "Teichimís fá dhéin phuible an airm, a Áird-Rí, tá dreamanna Lochlannach ag gabháil thorainn ag teicheadh ó'n gcath," adeir an giolla cuirp.
"Ní heol do rígh teicheadh. Níor chás orm ná fág- fainn an láthair seo beo: tá Murchadh is Dál gCais ar lár:" agus chrom sé ar shailmeacht arís. "Tá dorn fear ag gabháil i leith chughainn," adeir an giolla cuirp. "Cad iad an saghas fear iad?" "Fir ghlasa, is iad lomnochta." "Lochlannaigh lúirighthe," arsa Brian, is phreab sé 'na shuidhe, is nocht a chlaidheamh. "Sagart," arsa Bruadar fiadháin fuinneamhail ag féachaint isteach sa chábán ríoghamhail, is ag tarraing leis, mar bhí sé ag teicheadh d'éis an chatha — rud ba dheacair leis a dhéanamh mar do b'é an fear árd dubh so na féasóige is na gruaige fada do shíneadh chum a chaoil, an taoiseach ba dhíscire ar Lochlannaibh. D'fhéach fear eile isteach: "sagart," ar seisean leis. "Ní headh! ní headh!" ar Lochlannach eile, "is é an tÁird-Rí é!" Rith Bruadar ar n-ais is léim sé isteach i láthair Bhriain, bior 'na radharc, is tuagh dhá-fhaobhar ar tarraing aige. Phreab Brian i leath-taoibh ó'n iarracht, chas sé a chlaidheamh is sciob sé an dá chois ó ghlúin de Bhruadar, acht nuair do bhí seisean ag tuitim siar thug sé urchar de'n tuaigh agus, mo mhíle truagh, bhuail a béal i gclár an éadain Brian, agus thuit sé ar mhullach an Lochlannaigh. Ar an nóimit gcéadna d'fhill an gárda ó thóir na Lochlannach mar tháinig faitchíos éigin ortha bheith chomh fada amuigh. Ró-dhéidheanach, a ghárda mhí-fhoidhnigh fhaillighthigh, tá bhur nAird-Rí marbh, acht tá an Lochlannach fé thíos fá mar do bhí riamh. Agus do b'é creach theinn dhóighte na hÉireann na trí glúine de'n tsliocht ríoghamhail — Brian is Murchadh is Toirdhealbhach, mac Mhurchadha, an t-aosánach gaisceamhail na gcúig mbliadhan déag do chomhraic feadh an lae chruaidh ar ghualainn a athar is
do fuarthas báidhte i ndiaidh an chatha cois choradh Chluain Tairbh ar marcaidheacht mar ba dhual dó ar Lochlannach is a dhá láimh i n-achrann 'na úrla dubh. Agus ba dhaor an lá buaidh é! Tá seacht míle Éireannach is dhá mhíle dhéag Lochlannach sínte 'na gcuid fola ar mhachaire an áir, na taoisigh go léir nách beag 'na gcodladh le n-a gcois, agus 'na dteannta leis céadta créachta d'fhearaibh tréana. D'éirigh boladh trom úr as an mbán ar aer an tráth- nóna úd, is d'eiteall scaoth cág is fiach dubh o'n dtuaith i leith, is scaoth faoileán o'n bhfairrge aníos is bolg-shúil ortha, is throideadar is screadadar, is bhuail an taoide le hochón ar an dtráigh, is d'éaluigh an oidhche fhuar dhubh anuas ar Chluain Tairbh. Leath tuairisc an chatha ar faid na dúithchí. Thuaidh i gcríochaibh Lochlann agus i n-oileánaibh i dtuaiscirt Alban, dubhairt Págánaigh na haimsire úd go bhfeacadar samhaileacha san aer lá Chluain Tairbh — éin ar chruth ban- déithe ag eiteallaigh andeas ó Éirinn ag scréachaigh, agus comhairthaí eile ná luaidhmíd annso. Tháinig spéaraoidí ar dhaoinibh eile leis seachas na Págánachaibh, is chonnaic is labhair taoiseach Gaedh- ealach le bean-sidhe agus mheas sí é 'chongbháil as an gcath. B'fhéidir go bhfeacaidh duine éigin bean gheal-dubh 'na seasamh cois cróchair i gCluain Tairbh, gruadh uaibhreach uirthi is claidheamh Bhriain 'na láimh aici: chualadar cogarnaigh leis — "Scaoilis an chuing dem' bhrághaidh, a Bhriain, beir buaidh id' bhás: tá sé i ndán dom tréin-fhir d'oileamhain is do chailleamhain, acht ní raibh agam agus ní bheidh go deo acht aon Bhrian amháin." Agus d'fhreagair mac-alla os cionn an chróchair — b'fhéidir gur bh'í an taoide í, b'fhéidir gur bh'í an ghaoth í — "Tioc- faidh leithéid Bhriain i gcionn míle bliadhan."
File.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services