Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire - Léigheachta ar Stair na hÉireann 1

Title
Éire - Léigheachta ar Stair na hÉireann 1
Author(s)
Ó Séaghdha, Pádraig,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1924
Publisher
Clódhanna Teo.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


ÉIRE.



LÉIGHEACHTA DO LÉIGH CONÁN MAOL
do
GHAEDHEALAIBH LONNDAN, 1903-4.



AN CHÉAD CHEANN.



TEAMHAIR.



Tabhairt suas mí-nádúrtha ar dtabhairt suas-na.
Ní cosmhail é le tabhairt suas aon aicme eile ar
druim an domhain. Múintear dos gach aicme eile a
bheag nó a mhór de stair a dtíre. Ceileadh orainn-ne
ar scoil go raibh tír againn i n-aon-chor, ná go raibh
stairidheacht ag baint léi. Má thárluigh gur chuala-
mar cogar amuich nó i mbaile ar imtheachtaibh ár sinn-
sear is amhlaidh do chuir ár saghas léighinn ar scoil 'na
luighe orainn nách raibh acht amháin cúis náire dhúinn i
gcúrsaíbh na ndaoine fiadhaine tháinig romhainn, agus dá
dheascaibh gur bh'é ár mbuaic gan cuimhneamh ortha níos
mó.



Tá a rian soin orainn. Ní fhuil dream daoine le
fágháil is aineolaighe ar stair a dtíre 'ná na
hÉireannaigh seo le n-ár linn, agus ní 'ghá chasadh leo é,
mar ní hortha is cóir an milleán do bheith.



Fiche bliadhain ó shoin do chuireas romham rud éigin
do dhéanamh ar son staire na hÉireann, agus níor bhuail
leabhar staire ná scríbhinn umam ó shoin nár léigheas.


L. 2


Cheapas fá mar do cheapaim indiu nách raibh sceal na
hÉireann curtha le chéile i gceart, mar, gidh go
bhfuil adhbhar chum a dhéanta, nách bhfuil an t-adhbhar
soin léirighthe ar chuma go dtuigfidhe é gan duadh.
Dá réir sin chuireas romham smuitín de'n scéal soin
d'innsint go réidh, agus gan fonn orm bheith binn-
bhriathrach, acht fá mar d'inneosainn é do dhuine eile
cois na teineadh nó ar cliathán cnuic lá gréine.
Mheasas leis go bhfuil sé dleaghthach dhom mo smuainte
féin do chur sa scéal, agus brígh liom féin do bhaint as.
Ní dóich liom go bhfuilim fá chumaoine ag aon úghdar
seachas a chéile. Ní túisce léigheas aon cheann aca 'ná
gur chaitheas as mo cheann an chuid dá chainnt nár
thaithnigh liom, agus d'fhan an chuid eile dhi im' aigne go
dtí so.



Má bhainim brígh as stair na hÉireann nár bhain
daoine eile, má fhéachaim isteach sa stair sin ar mo
chuma féin agus mo bharamhail féin do thabhairt uirthi, is i
gcomhair stiúrughadh do dhéanamh ar chách é; mar do
réir mo thuairim-se tá sé riachtanach ar gach duine do
chuirfidh roimis stair na hÉireann do thuigsint tos-
nughadh ar dtúis le



TEAMHAIR,



mar do b'í cathair na Teamhrach croidhe na
hÉireann ins an tsean-aimsir. Ní raibh lá ná
oidhche ar feadh na bliadhna ná go raibh daoine
ag imtheacht uaithi nó ag gabháil chuici ar na
chúig mbóithribh leathana cruadha glana do shín amach
uaithi fá dhéin gach cúinne i nÉirinn. Bhí longphuirt
ríoghamhala eile le n-a linn i nÉirinn mar atá Eamhain
Mhacha is Grianán Aileach i nUltaibh, Cruachan Méidhbhe
i gConnachtaibh, Dionn Ríogh is Nás i Laighnibh is Caiseal
na Ríogh i gCúigeadh Mumhan, acht mar sin féin ní raibh
aon cheann aca súd i mbéalaibh daoine chomh minic is
bhí ainm Theamhair na Ríogh príomh-chathair na hÉireann
ar feadh, mar áirighim, chúig chéad déag bliadhan, an
chuid is lugha dhe.


L. 3


Is deacair cunntas cruinn beacht do chur le chéile
i dtaobh na cathrach úd. Tá nead an ghirrfhiaidh is na
gráineoige 'na hionad indiu is an chág is an préachán
ag priocadh a gcleití ar a múraibh briste. Ar a shon
soin is eile, is í ceart-lár staire na hÉireann í, agus is
í do scaip dlighe agus léigheann agus béasa ar fuaid na
tíre, agus nuair do thuit sí fá ndeara easgaine mhillteach
mharbhthach Ruadháin Lothra ler buaileadh buille sa chliabh
ar Éirinn ná fuair sí sos riamh ó shoin uaidh.



Fá mar do leanfam ar stair na hÉireann d'innsint
buailfidh an scéal mí-ádhmharach soin linn arís.



Is gnáthach le daoinibh a dtighthe do dhéanamh as an
adhbhar is comhgairighe dhóibh.



Chúmadh muinntear na Babilóine a dtighthe as brícíbh
mar bhí cré comhgarach dhóibh, fá mar do shuidh muinntear
Americá a dtighthe as adhmad mar do b'é sin an
t-adhbhar tighe ba ghiorra dá láimh. Mar an gcéadna
bhí an rígh-theach i dTeamhair agus na tighthe móra farsainge
bhí comhgarach dó déanta as adhmad mar bhí coillte go
flúirseach i nÉirinn an uair sin. Do lean na daoine
ar fuaid Éireann an nós céadna, mar airighim go
ndearnadar aithris ar Teamhair in gach uile nídh. Is
furusta an méid sin do thuigsint as sgríbhneoireacht
na sean, mar gibé áit go dtráchtaid siad ar Teamhair
is soiléir as soin gur shíleadar gur thalamh beannuighthe
é. Ní raibh sé dleaghthach duine do bhualadh ná fuil
do dhortadh laistigh do mhúraibh na Teamhrach, agus pé
duine bheadh cionntach leis sin do b'é coir a mhairbhthe
é, agus ní raibh sé i gcumhacht Árd-Ríogh Éireann
féin maitheamhnas do thabhairt do. Ní fhuil fhios
againn cá chuin do cuireadh dlighe de'n tsaghas soin
ar bun acht is é a leithéid sin do chuireann i n-iúl
dúinn urraim ár sinnsear do Theamhair na Ríogh.
Cloisimíd go rabhadar tugtha chum bruighne le chéile agus
mí-riaghalta ar chumaíbh eile, agus ní gan fáth atá an
teist sin, acht mar sin féin teasbántar go soiléir


L. 4


dúinn as an Seanchus Mór go rabhadar dílis do'n
dlighe mar ní raibh cabhair ná congnamh ag an mBreith-
eamhain chum a bhreith do chur i bhfeidhm acht meas na
ndaoine amháin; acht ar a shon soin is eile níor
chualathas riamh acht aon uair amháin ar feadh dhá mhíle
bliadhan gur dhiúltuigh éinne' géilleadh do bhreith an
Bhreitheamhan.



D'fhás urraim na ndaoine do'n dlighe as urraim na
ndaoine do'n áit gur ceapadh an dlighe sin — sí sin
Teamhair, mar bhí na hollamhain dlighe agus an scoil
dlighe do b'fheárr do bhí i nÉirinn suidhte i dTeamhair
le linn Chormaic Mhic Airt agus i bhfad roimis. Do réir
mar thuigimíd bhí fiche míle áitreabhaidhe 'na gcomhnaidhe
i dTeamhair i n-aimsir an Chormaic sin i n-éaghmais na
sluaighte do thagadh ar cuaird ann ó am go ham, agus na
mic léighinn do thagadh 'na gcéadtaibh ann go dtí na
trí árd-scoil mar ar múineadh dlighe, liteardhacht agus
stairidheacht. Bhí an gabha geal 'na cheárdchain ann agus
caitheann fód glas na hÉireann aníos as a hucht
chughainn anois is arís cuid de na cuachaibh is na
bioránaibh óir, na buabhaill úmha is na crocáin práis do
chúm na sean-cheárdaidhthe cliste annsúd agus i mballaibh
eile, agus muna mbeadh na comharthaidhe sin ní chreidfeadh
cách ná gur dhaoine fiadhaine ár sinnsir romhainn. I
gcás go mbeadh fhios againn-ne nár bh'eadh tá sé
riachtanach orainn gach uile fhocal do bhaineann le
Teamhair do léigheadh agus brígh na bhfocal do bhaint asta
go cúramach, mar casann stair na hÉireann mór-
dtimcheall stair na Teamhrach agus do b'iad béasa agus nósa
na Teamhrach bhí mar sholuidhe agus mar shómpla ag na
Gaedhealaibh ins an tsean-aimsir. Fá mar do near-
tuigheann an buinne an ciseán, mar an gcéadna do
neartuigh Teamhair ríoghacht na hÉireann. Má thárluigh
go raibh Ard-rí Éireann lag-bhríghtheach fuar-intinneach,
bhí na ríghthe bhí fé agus na taoisigh do bhí fútha soin ag
caitheamh a gcos is ag coimheasgar agus an tír ag tuitim
as a chéile, acht má bhí an tÁrd-Rí foirtill foidhneach


L. 5


breo-intinneach is annamh do chuir aon taoiseach ina
aghaidh dá bhoirbtheacht cuid aca.



I stair chomh seanda le stair na hÉireann i Réim
Ríoghraidhe chomh fada is do riaghluigh Éire ó Chnoc na
Teamhrach, ní móide ná go mbeadh atharrughadh ar bheatha
na ndaoine agus atharrughadh ar an mbiadh do chaithidís.
Mar sin féin, má bhí an t-atharrughadh soin, is go mall
do tháinig sé.



Ta cunntas againn ar fhleadh is ar fhéasta bhí ag
Conchubhar Mac Neasa rí Uladh ins an gcéad aois d'ár
dTighearna is ar an dtigh gur roinneadh an fhleadh
soin, agus is cosmhail é leis an rud céadna
i n-aimsir Bhriain Bhóirmhe míle bliadhain 'na dhiaidh
súd. Bhíodh tighthe ár sinnsear chomhcruinn agus chúmtha
as adhmad mar is beag tigh i nÉirinn do
dhéantaoi de chlochaibh. Bhíodh na fallaí an-árd agus
déanta de chleathachaibh scuibhte tiomáinte sa talamh
taobh le taobh agus fuinte le chéile le slataibh miona.
Bhí bárr an tighe nó na frathacha déanta ar nós cluigín
agus poll 'na lár do'n deathach ó'n dteine suidhte istigh
ar lár an urláir. Bhí díon ar an gceann-cluigín sin
de thuighe nó luachair nó fraoch agus bhí taobh amuich an
tighe sin smeartha le haol chomh geal le sneachta. Bhí
an tigh sin fairsing glan cluthmhar compórdach. Do
b'é sin an saghas tighthe bhí go coitcheann sa tír, acht bhí
tighthe na dtaoiseach agus na ndaoine saidhbhre roinnte
'na seomraíbh agus bhí seomra ar leith-shlighidh ionnta chum
bídh d'ullamhughadh.



Bhí na dóirse i gcuid de na tighthibh déanta de
dhair, agus an fárdoras, cnaistí na leapthacha, cosa an
bhúird agus cuid de throsgán an tighe déanta as iubhar agus
greanta le láimh ceárdaidhe mhaith. Bhí croicinn
leasuighthe leathta ar an dtalamh agus an olann nó an
clúmh ortha. Bhí na tighthe úd chomh maith le tighthibh aon
treibhe eile lasmuich d'Éirinn an uair úd. Bhíodar
suidhte i ngleanntaibh aereacha fuithineamhla mar a raibh
foscadh ó'n ngaoith aca agus taithneamh ó'n ngréin.


L. 6


Is annamh do bhíodh aon tigh suidhte i n-aonar. Ba
ghnathach go gcuirthí i n-aon otrainn amháin cúig nó
sé cinn aca. Do baintí clais dhoimhin lasmuich dhíobh,
do líontaoi le huisce an chlais sin, agus do cuirtí
stocáin sa talamh ar phort na claise i gcás ná beadh
muinntear na dtighthe i gcontabhairt ó aon dream
droch-iomchair do shiúbhlóchadh lasmuich istoidhche ar tí
gadaidheacht ná bitheamhantais.



Gidh nach raibh na sean-Eireannaigh tugtha chum droch-
chleachta de'n tsaghas soin, mar sin féin do thárlóchadh
go mbeadh robáluidhthe 'na measc agus do b'fhurusta dá
leithéidíbh maireachtain d'fhágháil i n-aimdheoin na dlighe
agus dul i bhfolach feadh an lae.



BIADH AGUS BEATHA.



Ba bheag cnoc ná raibh clúduighthe le dair is beithe
is caorthainn, ba bheag réidh 'na mong, ná bogach ná
go raibh an coll, an cuileann is an ruaim ag fás ann.



I dteannta féachaint bhreágh aoibhinn do thabhairt
d'aghaidh na tíorach bhí na coillte úd an-oireamhnach agus
úsáideach dos na daoinibh, mar d'fhuighbheadh an bhó
féarach is fuithin imeasc na dtor sa gheimhreadh,
d'fhuighbheadh na muca toradh as ubhlaibh na daire ar na
cnocánaibh, agus tá ainmneacha ar áiteannaibh sa tír indiu
do chuireann i gcuimhne dhúinn gur ghnáthach leis na
sean-Éireannachaibh baill áirithe do bheith aca chum ba
is muca is caoire do chur chum báin, mar atá Doirín
na Muclach is Buaile na nDamh, is mar sin dóibh.



Do bhailigheadh na daoine duilleabhar na gcrann chum
easrach is leasughadh do dhéanam as, is ar theacht an
gheimhridh do bhainidís an choirt de ghéagaibh chuid des
na crannaibh agus an duilleabhar de'n ruaim, agus asta so
do ghnídís dath ná sguirfeadh as éadach faid do bheadh
luid de'n éadach soin le chéile. Ní hé amháin go
mbíodh teine mhaith aca as bhrosna is chríonlach na


L. 7


gcoillte, acht ní raibh éan easba troscáin tighe ortha,
inar bhí adhmad go flúirseach.



Deir an tsean-stair gur bh'ionmholta an obair na
machairí do réidhteach is na toir is na crainn do
gearradh dhíobh i gcomhair síl do chur ionnta, agus go
mbíodh na taoisigh is ríghthe na gcúigeadh dá ngríosacht
ag an Árd-Rígh chum na hoibre seo do dhéanamh; acht
ní léightear i n-aon bhall go raibh cead ag éinne na
cnuic ná na hárdáin do sgúbhadh de chrannaibh, agus níor
déineadh a leitéid sin de scrios faid do bhí Éire fá
chúram is fá choimirc a dlighthe dúthchais féin.



Dá dheascaibh sin bhí tír na hÉireann níos folláine
do dhaoinibh is d'ainmhidhthibh 'ná mar atá sí indiu. Bhí
sí níos teo, agus ní raibh sí chomh tais is tá sí indiu. An
ceo is an ceobhrán d'eirigheann as aghaidh na fairrge
is do scuabann thar mhaolaibh na gcnoc is do thuiteann
'na bháistigh ins na gleanntaibh, do tharraingeadh crainn
na gcnoc anuas chucha an fliuchán soin, do shúghadh a
gcuid duilleabhair isteach é, agus ba bheag braon de do
thuiteadh i ngleann ná i gcúm mara dtiocfadh sé i
riocht nó i bhfoirm drúchta san oidhche.



Do réir dheallraimh bhíodh droch-uain ann uaireannta,
síon is sneachta is báisteach is gaoth mhór fá mar a
bhíonn indiu, bhíodh an geimhreadh níos fuaire is an
séasúr níos teo, acht ní thagadh an droch-uain chomh
minic is thagann sí indiu nuair atá na cnuic maola
gan crann gan fuithin; agus is é mo thuairim agus tuairim a
láin eile ná beidh Éire chomh tirm ná chomh folláin is bhí
sí fad ó go mbeidh na cnuic is na sléibhte clúduighthe
arís le toraibh is le crannaibh.



Dála an bhídh do bhíodh ag muinntir na tuaithe, is é
an biadh is flúirsighe bhí aca ná min-choirce, agus d'ithidís í
amh (nó fuar mar adéarfá). Thógadh gach duine a
chuid féin — sé sin líonadh sé mias adhmaid as mhála
leathair lán de mhin-choirce bhíodh suidhte ar lár búird.
Bhíodh liach nó spiún adhmaid aige, thógadh sé goballach
as mhéis ime agus mheascadh sé leis an mhin-choirce é,


L. 8


agus mar annlann bhíodh cadain bainne aige. Is annamh
do beirbhthí an mhin-choirce sin acht do dhaoinibh óga agus
do tugthaoi dhóibh sin í'na leitin, agus mar annlann lei
d'fhaghaidís bainne nó im nó mil, mar bhíodh mórán
meala aca sa tsean-aimsir toisc go raibh beacha míne agus
beacha fiadhaine go flúirseach ann.



Ar laetheanntaibh áirithe sa tseachtmhain bhíodh arán
cruithneachta agus mil aca agus gruth agus cáisc, agus ba bhocht an
teaghlach ná raibh i gcumas mart nó muc do bheith ar
salann aca. Ní bhíodh feoil aca gach aon lá, ná ag
cuid aca uair sa tseachtmhain, acht bhí na fir saidhbhre
fial agus is an-annamh do bhíodh easba bídh ar an té ba
bhoichte.



Ní gábhadh dh'áireamh go raibh togha bídh is dighe i dtigthibh
na dtaoiseach agus na ríghthe; bhíodh fíon is beoir ar bórd
ann, agus i dteannta mairtfheola is muicfheola, laoigh-
fheola is caoirfheola, bhíodh éanlaithe míne is fiadhaine,
tuirc is bruic is girrfhiaidhthe aca, mar bhí dúil thar
bárr ag taoiseachaibh Éireann i bhfiadhach. Toisc
na dúile sin do bhí aca i sealgaireacht bhíodh formad
aca le chéile féachaint cia aca go mbeadh na capaill
is na coin do b'fheárr agus do réir mo thuairime do ba
comórtas de'n tsaghas soin fé ndeara ná raibh aon
chapaill ná aon ghadhair fiadhaigh le fágháil ar domhan
ní b'fheárr ná bhí i nÉirinn. I n-aimsir bhainríoghna
Eilíse bhronn Perrot — fear ionaid Shasana i nÉirinn —
capall dhiallaite ar Mhac Uilliam. Cheannuigh sé an
capall soin i gCúige Mumhan agus deir sé gur chosain sí
míle punnt. Is cosmhail an méid sin le hocht míle
punnt d'airgead an lae indiu. Bhí macsamhail an
chapaill sin go flúirseach i nÉirinn an uair sin, agus
capaill ba luachmhaire go mór ná í. Níor bh'fhiú trácht
tháirsi i n-aon-chor acht mar sholuidhe ar luach capall
na dtaoiseach i nÉirinn leis an linn úd, agus ní chuirfidhe
i gcomórtas í i n-aon-chor leis an each mear cuthaigh
do bhí fá Sheaghán an Díomais, go nglaodhtaidhe Mac
an fhiolair uirthi. Tá trácht thar capallaibh i stair na


L. 9


hÉireann ó'n "Liath Macha," each cogaidh Chonculainn, i
leith trés na haoisibh. Tá cunntas ag Franncach ar
each cogaidh ba leis an laoch úd nár buadhadh riamh
air — Art Mac Murchadha, rí Laighean, agus deir an
Franncach úd go bhfeachaidh sé Art ag déanamh ortha
le fánaidh chliatháin cnuic ar mhuin an eich sin, agus nár
luigh sé féin súil ar éan ná ainmhidhe eile ar feadh a
shaoghail ag cur bóthair de chomh mear.



Dá mhéid é teist na nÉireannach i dtaobh a gcapall
ba mhó go mór é i dtaobh a ngadhar fiadhaigh. Bhí an
míol-chú chomh láidir sin is go muirbheochadh aon cheann
amháin aca mactíre.



I n-aimsir Néill Naoi-Ghiallaigh rí Éireann,
beireadh trí chinn aca go cathair na Róimhe, agus nuair do
chonnaic na daoine annsúd ar an tsráid iad dhúnadar
na doirse ortha féin le heagla, mar shíleadar gur bha
beithidhigh allta na míol-choin sin as Éirinn.



Ba chosamhail an faitchíos soin na Rómhánach leis an
phreib do baineadh as rígh Dhelthi na nIndiacha Thoir dhá
chéad déag bliadhain 'na dhiaidh súd nuair do bhronn
ceannuightheoir ó Lonndain dhá mhíol-chú air, agus ba
shuarach nár chuaidh cuallacht an ríogh soin i laige nuair
do chonncadar na gadhair úd.



Goideadh an chuid ba mó des na conaibh iongantacha
úd as Éirinn i n-aimsir cogaidh is coimheascair, agus ní
fhuil le fagháil indiu acht fó-cheann dá síol agus ní bhfuilid
sin féin chomh mór ná chomh láidir leis na míol-chonaibh
do bhí i nÉirinn fad ó. Ní bhfuil aon ghnó dhíobh leis
mar do bhí an uair úd, mar bhíodh na mictíre go
cíocrach lasmuich istoidhche, agus ba bheag an mhaitheas
sleagh do chaitheamh leo toisc go rabhadar chomh tapaidh
is chomh faireach soin nár bhféidir teacht i ngaor dóibh
le sleigh.



Ní raibh uirlisí lámhacha i nÉirinn sa tsean-aimsir
ná i n-aon tír eile acht chomh beag, acht do shíolruigh na
hÉireannaigh le togha eolais an míol-chú as conaibh eile
agus is maith an teist agus an comhartha ar a ngéarchúiseacht


L. 10


a leithéid de gadhar do shíolrughadh mar bhí sé féin i
n-aonar i n-ann ar mhactíre do leagadh.



Bhí a leithéid sin de chion ag na hÉireannachaibh ar
an míol-choin, agus a leithéid sin de mheas aca ar a
chródhacht agus a thréineacht, nár mhisde leo "cú" do
thabhairt mar ainm ar thaoiseachaibh toirteamhla tréan-
mhara mar atá Cúchonnacht ina ainm go coitcheann
imeasc chlainne Maguidhir, agus Cú Uladh ina ainm chreid-
eamhnach imeasc sloinnte uaisle eile i dtuaiscirt
Éireann. Cuir i gcás gurab ionann i n-intinn na
nÉireannach an focal "cú" agus "laoch," is inmheasta
gur bh'ionmhain leo i gcomhnaidhe fear neamh-eaglach, agus
tá an teist sin ortha ó'n gcéad uair do chloisimíd
trácht ortha i stair na hEorpa. "Nách mórdhálach
mór-chúiseach iad na Ceiltigh," arsa Alasdrom na
nGréag, trí céad bliadhan is breis roimh ghein Chríost
nuair do thug sé cuireadh dhá dtaoiseachaibh le haghaidh
caradais do dhéanamh leo agus dubhradar leis go mac-
ánta go raibh báidh aca leis, acht ná raibh éan eagla
ortha roimh aon dream ar dhruim an domhain. Do ba
d'aon treibh amháin an treibh neamh-eaglach soin do
labhair le hAlasdrom agus an treibh do ghabh Éire na
céadta bliadhan roimhe sin, mar bhí ríghthe go buannach
ar Chnoc na Teamhrach i bhfad sul ar chualathas trácht
sa tsaoghal ar Alasdrom na nGréag. Ní féidir a
rádh go beacht cá chuin do shuidh an chéad rí ar Teamhair,
acht is inmheasta gur de threibh Fhear mBolg é, agus do
réir an áirimh is cruinne, do cualathas ordughadh an
Áird-Ríogh i dTeamhair míle bliadhain roimh Chríost.
Bhí daoine roimhe sin i nÉirinn, acht cia'r bh'iad nó
cá'rbh as iad ní féidir linn a rádh anois. Fuightear
anois is arís crocáin is soitheacha tighe déanta as cré
fá thalamh cois fairrge is fá ghainimh ar chnocánaibh, is
cnámha éisc is ainmhidhthe, is tuaghanna is ceap-óird
déanta de chloich, is rianta eile do theasbánann dúinn
go raibh daoine 'na gcomhnaidhe i nÉirinn mílte
bliadhan sul a gcloisimíd trácht thar ríghthibh na Teamh-


L. 11


rach, acht ní féidir linn leis an eolas atá againn anois
aon tuairisc cheart do thabhairt ortha.



Chímíd as chrom-leacht suidhte annso is annsúd ar
mhullaighibh cnoc go raibh nós ag na Sean-Éireannachaibh
a ndaoine móra uaisle d'adhlacadh ar árdánaibh aon-
racha mar a mbíonn an ghaoth ag caoineadh timcheall
a n-uaighe. Ní fhuil aon tuairisc i n-aon stair atá
againn go ndóighidís cuirp a marbh, acht fuightear
luaithre i soitheachaibh cré do theasbánann dúinn go
soléir gur bh'é sin a nós le n-a mairbh do chur, i bhfad
insna ciantaibh — níos sia siar ná thugann aon scríbhinn
cunntas dúinn. Tugann na scríbhne sin mórán
cunntais dúinn ar imtheachtaibh na Sean-Éireannach, agus
gidh go bhfuil lúb ar lár i bhfus is thall sa chunntas
soin, is mór an iongnadh go bhfuil sé chomh cruinn is
chomh beacht is tá sé, cuir i gcás go raibh buaidhirt is
achrann i nÉirinn leis na céadtaibh bliadhan is go
mbíodh sé riachtanach ar an té 'mbadh leis na scríbhne
is na leabhair staireamhla iad do chur i bhfolach i n-áit-
eachaibh ná geobhadh an scriosadóir greim ortha agus go
dtagadh an clúmh liath ortha annsoin agus go lobhaidís.
Is le duadh do congbhuidheadh an méid aca atá againn
agus dóigheadh is báthadh na mílte ceann aca, acht dá
aindeoin sin ní fhuil aon tír eile go bhfuil tuairisc
aici ar thosach a staire chomh cruinn is tá againne, ní
fhuil tír le fágháil go bhfuil an oiread scríbhne
cnuasuighthe aici ná a cuid lámh-scríbhne chomh húghdar-
ásach. Ní fiú sean-scríbhne aon tíre eile do chur i
gcomórtas leis an smut atá againn de'n Leabhar
Laighneach, de Leabhar na hUidhre, agus de Leabhraibh
Leacan, agus go mór-mhór le hAnnálaibh na hÉireann do
bhailigh na Cheithre Mháighistir. Ní fhuil ionnta so mar
sin féin acht cuid bheag de leabhraibh Éireann acht
d'éis sin 's eile, is mór an ceann suas do thír a
leithéidí de leabhraibh do bhaint léi. Ní mholaid an
tuairisc atá ionnta tréithe na hÉireann acht pé áit
go dtuilleadh na hÉireannaigh é, agus cáinid siad go


L. 12


minic na daoine, mar teasbánaid a n-olc agus a
maith — a mbruigheanta le chéile, a mailís dá
chéile, a gcuid feill ar a chéile, acht 'na theannta
soin a bhféileacht agus a bhfearamhlacht, a n-intinn agus
a gcalmacht, a ndúil i léigheann agus i gceol, a
n-urraim d'fhearaibh foghlumtha, a gcion ar a gcreid-
eamh, a ndéirceamhlacht agus a dtruaighmhéil do'n
easlán. Má shoillsigheann na scríbhne droch-chleachta
chuid de na daoinibh ní le fonn loicht d'fhágháil ortha
do ghnídhid siad é, mar ghnídh úghdair bhréagacha Shasana,
acht chuireadar rómpa corp-lár na fírinne d'innsint,
agus tuillid siad 'na thaobh soin urraim is cumann na
nÉireannach go léir indiu. Níor bh'iad na hÉireannaigh
amháin do bhí cionntach is droch-chleachtach sa tsean-
aimsir, mar bhí a gcomharsain seacht n-uaire níos
measa 'ná iad, acht ní raibh na báird ná na scríbhneoirí
'na measc le trácht thar a dtréithibh, agus is beag é
ár dtuairisc ortha. Fá mar adeir úghdar Sasanach,
bhíodh na Sasanaigh ag gráscar is ag feannadh a chéile,
ag goid is ag fuadach, ag imirt fheill ar a chéile agus ag
tabhairt nimhe dhá chéile, acht ba chosmhail é le coimheas-
car priachán is cág mar ná raibh an bárd is an t-ollamh
'na measc do chuirfeadh le chéile an rann ghlórach is an
rosc catha do léighfidhe go fonnmhar bliadhanta 'ndiaidh
bháis an úghdair


L. 13


AN CEATHRAMHAD CEANN



SINN FÉIN.



Ní fhuil aon tuairisc is cruinne ná is inchreidte ar
Éirinn ná tuairisc na sean-úghdar Gaedhealacha.
Nuair do scríobhadar a dtuairiscí ins an tsean-
aimsir ní raibh coinne aca go dtiocfadh scuaine Gall
'na ndiaidh do thabharfadh easonóir dóibh féin is dá
scríbhnibh is do bhréagnóchadh iad os comhair an tsaoghail.
Mar sin féin, sin mar do thárluigh. Ní raibh Sasanach
do scríobh ar Éirinn ó Ghearóit de Barra ins an dara
haois déag go dtí Séamus Froude ins an naomhadh
aois déag nár ghnídh iarracht ar a ingne salacha do
thiomáint thré súilibh na hÉireann. Níor leigeadh leo
é, ámh. Ní raibh an Druimfhionn Donn Dílis riamh gan
cosantóir ó Sheathrún Céitinn i leith. Cionnas atá an
bhruighean ag dul indiu? Tá go bhfuil an sgríbhneoir
Gallda ag dul chum deiridh agus an scoláire Gaedhealach
ag borradh. Tá congnamh aige-sean leis nách raibh
aige roimhe seo, mar tá scoláirí na hEorpa ag
tabhairt cabhartha dhó, agus meastar go raibh an ceart ag
sean-úghdaraibh na hÉireann ó thúis agus go bhfuil croth na
fírinne ar a scríbhnibh.



Tá ceann aca súd do thráchtann thar chogaidhibh
Bhriain Bhóirmhe leis na Lochlannachaibh, agus deir an scríbhinn
sin gur fearadh cath Chluaintairbh feadh an lae ó lán
taoide go taoide ar Aoine an Chéasta ins an
mbliadhain deich gcéad is ceathair déag. Fan anois,
cuirimís fá theist dearbhtha an cunntas soin, arsa
scoláire le n-ár linn-ne dár bh'ainm Todd, agus ar
impidhe an scoláire sin d'áirimh ealadhantóir dár
bh'ainm Samuel Haughton uaire trágha is taoide ar
feadh naoi gcéad bliadhan uainn siar. Seo mar adeir


L. 14


an t-ealadhantóir cruinn sin — bhí an taoide lán ar
maidin an lae úd ag coradh Chluaintairbh ar a sé a'
chlog agus ar a ceathramhadh d'éis a sé um thráthnóna.



Is iomdha deist eile atá tabhartha ar chruinneacht is
fírinne na scríbhne staireamhla, acht ní beag linn an
méid sin an cor so, mar sin é an saghas áirimh do
theasbánann do'n ghiústa Gallda gur dó féin is
measa má chuireann sé fé sean-stair na hÉireann do
bhréagnughadh. Deir an stair sin linn go dtáinig
Pártholán, Clann Neimhidh, na Fir Bholg, Tuatha
De Danann, agus Clann Mhíleadh go hÉirinn roimh gein
Chríost, agus gidh go dtárlóchadh go bhfuil lúb ar lár ins
na dátaíbh fá mar atá i ndátaíbh stair an domhain ní
chuireann soin ná go bhfuil corp na fírinne ins na
scéaltaibh sin siúd is go bhfuil fáithchim finnscéalach i
bhfus is thall ortha do chuireann blas breágh binn ortha.



D'réir na n-úghdar is úghdarásaighe indiu bhí
impireacht mhór chumhachtach ag na Ceilteachaibh ar mhór-
thír na hEorpa. Bhí na Gearmánaigh fá smacht aca agus an
iomad treabha eile, agus bhí a seal sa tsaoghal aca, a sonas
is a ndonas, a suairceas is a nduairceas, fá mar do bhí
ag na Gréagachaibh is na Rómhánachaibh cumhachtacha, fá
mar do bhí ag impireacht na Spáinne le déidheannaighe,
fá mar atá ag impireacht na Breataine indiu, fá mar
do bheidh ag gach impireacht eile go deireadh an
domhain — seal i saidhbhreas go dtigidh an daidhbhreas,
tamall i n-ádh go dtigidh an mí-adh.



Bhíodh fonn siubhlóide ar dhaoinibh fá mar tá indiu.
Do thárluigh go raibh fonn siubhlóide ar chuid de sna
Ceilteachaibh úd leis. Bhí cead a gcos aca sa bhaile,
mar shín a dtír trasna na hEorpa ó imeall-bhordaibh
na Spáinne thiar go dtí an Mhuir Dhubh thoir, acht mar
sin féin ní raibh slighe a ndóthain ag cuid aca ann dar
leo, agus níor bh'eol dóibh gan a mbáid do ghléasadh agus
bualadh amach ar an aigéan mór ngorm nguirt
laistiar. Do shroicheadar an Bhreatain, do shroich


L. 15


cuid aca Éire, agus chuireadar fútha ann. Is deallrathach
go raibh daoine rómpa i nÉirinn agus i mBreatain, agus go
raibh cath eatortha féin agus na daoine deorata, acht do
réir mar tuigthear an scéal do bhuaidh na daoine
deorata ar na háiteoríbh mar bhí togha an eolais ag
na Ceilteachaibh ar an gcomhrac.



Chualathas imeasc na gCeilteach ar tír na hEorpa
gur shroich cuid dá ndaoinibh oileán thiar thuaidh sa
bhfairrge, agus go rabhadar 'na gcomhnaidhe ann, agus do
cheap cuid aca dul fá n-a ndéin. Bhí níos mó de'n
chéad dream suidhte i mBreatain 'ná mar do bhí i
nÉirinn, agus ba bheag é a bhfáilte roimh aon chomhluadar
eile as roinn na hEorpa, agus dá dheascaibh sin do
b'éigean dos gach buidhean Cheilteach go mb'eol leo
a mbaile dúthchais ar roinn na hEorpa d'fhágaint, a
n-aghaidh do thabhairt ar Éirinn — an t-oileán coillteach
cnómhar do shuidheann thiar ar bárr na tuinne mar a
dtéidheann an ghrian fé.



Do sheasaimh cumhacht agus saoirseacht na gCeilteach i
nÉirinn dhá chéad déag bliadhain níos sia 'ná saoir-
seacht na gCeilteach i mBreatain. Bhí deifir mhór
eatortha so agus na Ceiltigh i nÉirinn, agus ní cheapaim gur
cóir Ceiltigh do thabhairt ar mhuinntir na hÉireann i
n-aon chor, acht Gaedhil. Is cosmhail na Ceiltigh seo
leis na Fearaibh Bolg ar dhéanamh is ar chúntanós, agus
gidh go dtángadar féin agus na Gaedhil as aon impireacht
amháin agus as aon náisiún amháin, mar sin féin ní raibh
aon deallramh aca le chéile, acht fá mar atá ag an
nGearmáineach leis an Spáinneach. Bhí na Ceiltigh i
mBreatain cruaidh fuinneamhail, acht ní rabhadar
téagartha taiceach fá mar do bhí na Gaedhil. Níor
chongbhuigheadar a saoirseacht i bhfad, mar bhris na
Rómhánaigh ortha i n-aimsir Iúil Caesar agus níor
éirgheadar ó shoin; agus ní túisce bhí na Rómhánaigh
scartha leo 'ná gur scrios na Sacsain iad.


L. 16


Tháinig na Lochlannaigh 'na dhiaidh sin agus chiseadar ar
na Sacsanaibh is na Breathnaighibh, agus 'na dhiaidh sin fós
do mheil na Normánaigh gach uile Bhreathnach, Lochlannach
is Sacsan nár ghéill, acht ba bheag duine aca nár
ghéill d'éis na céad bhruighne, mar ba ghnáthach le
muinntir na tíorach soin, mar ní tháinig aon namhaid
riamh ar tír i Sasana nach rug an buaidh gan mhoill.
Ní cosmhail an stair sin i n-aon chor le stair na
hÉireann, mar is deacair le muinntir na tíre sin é
admháil go ngéillfidís d'aon dream eile. Is mar a
chéile iad fein agus a sinnsir ar an gcuma soin. Do
throid na Fir Bholg le Tuathaibh Dé Danann i bhfad, agus
Tuatha Dé Danann le Clainn Mhíleadh, mar do
b'éigin dos gach drong do fuair buannacht ar Éirinn
troid le muinntir na tíre sin.



Is mór an deallramh atá ag Tuathaibh Dé Danann
leis na sean-Ghréagaibh. Bhí an teist amuich ortha go
raibh eolas cruinn is ealadhnacht aca, nó draoidheacht
mar adéarfaidhe, agus dar liom is ar theorannaibh na
Gréige do chomhnuigheadar, agus is ós na Gréagaibh do
fuaradar mórán dá n-eolas.



Is le hiomad a n-eolais do chiseadar ar na Fearaibh
mBolg i nÉirinn — le géireacht a n-arm is le cruinn-
eacht a n-intinne, agus ceapaim gur bh'fheárr iad mar
bhun-phréimh do shliocht na hÉireann 'ná Clann Mhíleadh
do fuair an lámh uachtair ortha, mar gidh go raibh
tréithe maithe ins an gClainn Mhíleadh soin bhíodar
droch-aigeantach dá chéile agus éadmhar le chéile ó thosach
a staire, agus tugtha chum imris. Bhíodar an-láidir i
gcorp agus fionna-ruadh i bpearsain. Bhí, d'réir mar
thuigim, Tuatha Dé Danann fionn agus caol-árd, agus aighthe
fada ortha, agus bhí na Fir Bholg gearraid teann-chorpac,
a ngruaig dubh, a gcúntanós ceatach.



Is iad na haicmí sin sinnsir Gaedheal an lae
indiu, gidh go bhfuil sreabh as fhuil Lochlannach, Nor-


L. 17


mánach, Sasanac agus fíor-bheagán Spáinneach meascuighthe
leo, acht is d'fhuil Chlainne Mhíleadh is Fear mBolg a
bhfurmhór, mar ní raibh Tuatha Dé Danann riamh chomh
líonmhar leis an dá threibh sin, agus toisc ná raibh mórán
aca ann do b'é tuairim na nGaedheal gur atharruigh
Tuatha Dé Danann iad féin le draoidheacht ina síoth-
fraíbh, agus gur chomhnuigheadar feasta i bpálásaibh fá
chnocaibh, d'éis Clann Mhíleadh do bhuadhadh ortha, acht
ní fhuil sa méid sin acht finnscéalacht.



Tháinig cuid des na buidheantaibh úd go hÉirinn tar
éis comhnaidhthe dhóibh seal i mBreatain, agus tháinig a
thuilleadh aca díreach ó mhór-thír na hEorpa. Ní fhuil
aon ughdarás le n-a rádh nár sheol Clann Mhíleadh ó'n
Spáinn fá mar adeir béal-oideas na nGaedheal agus a
sean-scríbhne é.



Bhí aithne mhaith ag na Cartágaighibh ar chaladh-phortaibh
na hEireann sul ar tháinig Clann Mhíleadh ann, agus rug
na Cartágaigh chéadna soin ar an Spáinn le fóir-
éigean, acht bhris na Gaedhil ortha annsúd agus thiomáin-
eadar amach as an Spáinn iad. Do thárluigh gur bh'é
an taoiseach airm do bhí ar na Gaedhealaibh annsúd 'ná
Míleadh do bhronn a ainm ar na buidheantaibh do
tháinig uaidh. Ní mó 'ná gur fírinne na sean-scéalta
d'innsithear ar an Míleadh soin agus ar a chogaidhibh insan
Éigipt agus ar bhualadh do Ghaedheal Ghlas roimh Mhaoise agus
na Giúdaighibh, agus gur ó'n nGaedhael Glas soin do
shloinntear Clann na nGaedheal indiu. Chímíd uainn
i bhfad siar ins na ciantaibh ár sinnsir, chomh fada
uainn sin is go samhluighmíd gur scáileanna cuid aca,
acht fá mar do scaipeann taithneamh na gréine an ceo
de mhullaighibh na gcnoc scaipfidh lonnracht an léighinn
Ghaedhealaigh na púicíní dubha as ár súilíbh, agus chífimíd
arís ár n-athaireacha romhainn fá mar do bhíodar ar an
saoghal so.


L. 18


AN CÚIGEADH CEANN.



DLIGHE IS NÓS.



Fá mar do theasbántar ins an tSeanchus Mór agus i
Leabhar Aicill, bhí dlighe is riaghail ag riarughadh bheatha
na nGaedheal, agus is é feabhas na dlighe sin agus a hoireamh-
nacht do bhéasaibh agus méin na nGaedheal an teist is
soiléire agus is dearbhtha go raibh míneachas ag baint le
n-ár sinnsear i bhfad de bhliadhantaibh sul ar geineadh
Críost.



Ní féidir d'éin-treibh a saoghal do chaitheamh i gcuid-
eachta a chéile gan saghas éigin dlighe do thabharfadh
cóir is ceart do'n bhfear lag, agus do réir mar airighim
bhí dlighthe na nGaedheal ceapuighthe ó thúis i gcás go
gcuirfidís 'fhiachaibh ar an bhfear saidhbhir sainnteach gan
brughadh isteach ar an bhfear mbocht.



Ní fhuil sé do réir nádúir gur bh'iad na daoine
móra cumhachtacha imeasc na nGaedheal do chúm is do
cheap na dlighthe sin, mar má scaoiltear a gceann le
huaislibh ceapfaid siad dlighthe do bheidh buntáisteach
dóibh féin. Dá réir sin measaim gur bh'iad muinntir
na hÉireann go léir i gcoitchiantacht fá ndeara na
ndlighthe atá curtha síos ins an tSeanchus Mór do
chúmadh agus nách cóir iad do chur i leith na n-ollamhan ná
na righthe ar leithshlighidh, siúd is go dtugadar soin
congnamh chum snais is brígh do chur sa dlighe
sin agus chum a déanta oireamhnach do réir tola na
ndaoine go léir. Is dá dheascaibh sin, fá mar do
thuigim, go mbíodh Feis ar Chnoc na Teamhrach i gcás


L. 19


gach smut nó roinnt do chuirtí le dlighe na hÉireann
do thabhairt fá mhachtnamh na n-ollamhan is fá úghdarás
an Áird-Ríogh, mar bhí an dlighe seo na hÉireann ag
fás leis na ciantaibh, blúire le blúire. Níor cúmadh
dlighthe na hÉireann i mbliadhain ná i míle bliadhain
mar d'fhás sí as nósaib fá mar d'fhás dlighe na
Rómhánach, agus deirthear gur fhuinn agus gur fhuaghuigh Ollamh
Fódla, rí Éireann, í i bhfad siar ins na haoisibh fá már
d'fhuinn Iustiniánais dlighe na Rómhánach. Do b'é bun
is barr na ndlighthe sin go raibh saor-chlanna na
hÉireann saor dáríribh, gur bha leo an tír agus a raibh
innti, agus ná raibh sé dleaghthach d'éinne, bíod sé 'na
thaoiseach nó fós 'na rígh, cur ortha gan a dtoil féin.
I gcás go mbeadh sochar as an oighreacht soin do geal-
ladh dos gach duine aca ar a theacht ar an saoghal, ní
raibh cor 'na mbeatha ó luaisceadh sa chliabhán iad gur
cuireadh sa chomhrainn iad nách bhfuil dlighe léirighthe dhó
ins an tSeanchus Mór. Tá cuid des na dlighthibh sin,
dar linne indiu, chomh neamh-thairbheach is chomh suarach
soin gur dóich linn go raibh ár sinnsir foluighthe le
riaghlachaibh dlighe ó bhonn coise go bathas cinn, acht ní
mar a tuigthear anois do tuigthí an uair sin.



Bhí daor-chlanna i nÉirinn chomh mhaith le saor-
chlannaibh, agus gidh go raibh saghas cirt do réir dlighe aca-
san leis — do b'fhéidir dóibh a saoirseacht d'fhágháil ar
choingheallaibh — mar sin féin bhí a mbeatha cruaidh agus a
saoghal ar bheagán suaircis.



Braighde do tógthaoi aimsir cogaidh i gcéin do
b'eadh a bhfurmhór, agus ní raibh déanamh na dlighe aca-san
fá mar do bhí ag na saor-chlannaibh, acht ní cuirtí chum
báis ná chum braighdinis iad, ní bhíodh easba bídh ná
dighe ortha, acht bhíodh sclábhaidheacht throm aca le
déanamh — ag rómhar talmhan, ag gearradh adhmaid, ag
meilt eorna is arbhair, ag déanamh tighthe, ag crúdhadh


L. 20


bó, ag déanamh cuiginne, is gan puinn sochair aca as
a gcuid oibre.



Do ghnídheadh na saor-chlanna obair leis, cuid aca
ag cur is ag baint, cuid aca le céird, cuid aca 'na
maoraibh. Ní bhíodh an obair chomh cruaidh sin ar aon
treibh do bhí saidhbhir a ndóthain chum daor-chlanna do
bheathughadh.



Mar sin féin, do bhíodh cruadhtain eile ortha seachas
saothar chum bídh is éadaigh do sholáthar dóibh féin, mar
gidh gur leis gach treibh i gcoitchiantacht an ceanntar
ina gcomhnuighidís agus go raibh cead aca, do réir nóis, a
dtaoiseach do thoghadh asta féin, ní fhágadh soin ná
go mbíodh buidhean éigin eile 'na gcomharsanacht ag
cur isteach ortha, agus ag sanntughadh a saidhbhris. Dá
dheascaibh sin bhíodh achrann eatortha féin agus a
gcomharsain go minic, agus do b'é deire an scéil é go gciseadh
dream éigin aca ar an ndream eile. Do thárlóchadh
leis ar an gcuma soin go mbeadh treibh seascair
saidhbhir ar aon bhliadhain amháin, agus ar an mbliadhain do
bhí chucha bheidís sgriosta ag buidhin éigin níos treise
ná iad, agus fá bhuannacht aca-san. Do b'shin é an fáth
go raibh sé riachtanach ar gach fear bheith i n-ann ar
chomhrac le claidheamh is sleagh, agus ba cuid dá bhfoghluim
an aicillidheacht soin le harmaibh catha.



Badh dhóich le duine gur dheacair síothcháin do bheith
sa tír toisc an méid fear n-arm do bhí innti. Níor
mhar sin é, ámh. Is fíor go bhfuil cunntas ar bhruigh-
eantaibh is achrann i sean-stair na hÉireann, acht mar
sin féin ní bhíodh comhrac ann chomh minic agus is dóich le
n-a lán; mar pé áit go raibh dhá threibh comh-láidir,
comh-armtha. Bhíodh faitchíos ortha dul i n-aghaidh a
chéile, agus bhíodh síothcháin eatortha. Bhí Éire leis roinnte
'na cúigíbh agus rí ar gach cúige aca, agus do b'é a thoil na
taoisigh bhorba do bhí fé do chongbháil as céasaibh a
chéile, mar do b'iad na taoisigh sin ceann na


L. 21


treibhe agus bhí gach duine de'n treibh umhal dá
thaoiseach féin — umhal go bás. Bhí na taoisigh umhal
do'n rígh cúige, agus an rí cúige umhal do'n Áird-
Rígh, agus ba bhreágh ciallmhar an nós é sin chum
tíre do dhlúth-cheangal i gcaradas dá ngéillfidhe do'n
nós. Acht ní ghéilltí acht go hannamh, mar pé uair go
raibh rí neartamhail buadhthach borb ar chúige, do
mhachtnóchadh sé leis féin gur chóir dó bheith 'na Áird-
Rígh ar Chnoc na Teamhrach. Is iomdha braon fola do
doirteadh i nÉirinn mar gheall ar a leithéid sin de
mhachtnamh shainnteamhail, mar ní raibh céim sa tsaoghal
do b'uaisle 'ná righe na Teamhrach, agus ní raibh ball ar
druim domhain, dar leis na hÉireannaighibh, do
b'onóraighe ná ba naomhtha 'ná Teamhair féin. Dá
réir sin bhí súil gach ríogh cúige uirthi, agus gidh gur mhór é
a urraim do'n Áird-Rígh ba mhó go mór a urraim do'n
Teamhair agus a dhúil chum a bheith 'na cheann uirthi. Dá
dheascaibh sin, ba an-shocair é saoghal ríghthe na
Teamhrach, mar bhíodh taoiseach borb nó rí éigin ar tí
gach cinn aca ó aois go haois, agus ba bheag duine aca
fuair báis ar a leabaidh gidh go raibh saoghal fada 'gá
lán aca.



Do b'ionmhuin leis na daoinibh rí na Teamhrach, agus ba
shoth leo dul 'na choinnibh, acht do b'é a nós leis na
ciantaibh géilleadh dá dtaoiseachaibh féin, agus dá dtár-
lóchadh go mbeadh a dtaoisigh féin amuich leis an Aird-
Rígh bheadh sé riachtanach ortha féin bheith amuich leis
mar an gcéadna.



Ní heol dúinn gur éirigh na daoine riamh amach i
gcoinnibh an Áird-Ríogh le n-a dtoil féin acht aon uair
amháin. Ní ró-chruinn atá cunntas an éirghe amach
soin amháin. Do thuit sé amach ins an gcéad aois ár
dTighearna agus cuirtear i gcomórtas é le héirghe amach
na nAttocoti sa Róimh. Deirthear gur bh'iad Tuathaigh


L. 22


na hÉireann d'éirigh i n-aghaidh na n-uaisle, agus ní fhuil
aon amhras ná go raibh cúis aca leis, mar is mór leis
an Éireannach an duine uasal. Do bhí na huaisle ag
cur ortha agus níor smachtuigh nó ní raibh sé i gcumas an
Áird-Ríogh cosc do chur leis na huaislibh, agus do grigeadh
na Tuathaigh gur cheapadar i gcomhairle fholuighthigh le
chéile na huaisle úd do chur chum báis. Bhí intinn
ghéar ag pé duine do stiúruigh iad, mar choimeádadar
a rún go maith. "Ceann Cait" do tugadh mar leas-
ainm ar a stiúrthóir, agus ní clos dúinn cia r díobh é,
acht fear thar bárr do b'eadh é, mar gidh gur fear
tuaithe do bhí ann, bhí an inntleacht aige do riar-
uigheann daoine, agus do mhúineann agus do chuireann
d'fhiachaibh ortha rud do dhéanamh air. Dá réir sin do
bhailigh sé fleadh agus féasta le duadh is le costas, agus
thug sé cuireadh dos na huaislibh go léir teacht 'na
chuibhreann, agus Rí na Teamhrach ar a gceann.



Bhíothas ag fágháil an fhéasta soin ullamh ar feadh
bliadhna, agus níor chuir éinne cogar i gcluais na n-uaisle
cad do bhí 'na gcomhair seachas bídh gur shuidh an math-
shluagh áird-réimeach úd chum búird, agus i lár an aoibhnis
do phreab Ceann Cait agus a fheara claidhimh ortha agus níor
fhágadar aithid aca beo acht aon leanbh amháin do
dearmadadh ar Teamhair. Rinneadh rí de Cheann Cait
agus sciobadh le banaltrain éigin an leanbh ríoghamhail
thar sáile. Deir Tacitus gur bhuail prionnsa óg ó
Éirinn le hAgricola, taoiseach na Rómhánach, faid do
bhí an Rómhánach soin go caithréimeach i nAlbain i
ndeireadh an chéad aois ár dTighearna, agus gur iarr sé
congnamh ar an Rómhánach chum ríoghacht na hÉireann
do bhaint amach dó. Deir an sgríbhneoir sin Tacitus
go raibh níos mó aithne ag an ndomhan an uair sin ar
chaladh-phortaibh na hÉireann ná mar do bhí ar chaladh-
phortaibh na Breataine, agus go ndubhairt an prionnsa
Éireannach ná teastóchadh uaidh acht aon leigiún amháin


L. 23


do shaighdiúiríbh Rómhánacha chum Éireann do chlaoidhe.
Tuigthear as soin go raibh Éire lag an uair sin agus go
raibh an prionnsa óg úd do bhí ar teicheadh aisti ar tí
í dhíol leis na Rómhánachaibh, acht ní mar sin do bí i
n-aon chor. Do b'é an prionnsa úd Tuathal Teacht-
mhar do bhí 'na rígh chúmhachtach ghrádhmhar i dTeamhair
'na dhiaidh súd, agus nuair do bhí sé ag iarraidh conganta
ar Agricola bhí fhios aige cad do bhí ag tuitim amach i
nÉirinn, mar ní túisce fuair na Tuathaigh an buaidh 'ná
gur ghabh aithreachas cuid aca agus chromadar ar uisce fá
thalamh do dhéanamh i n-aghaidh Chinn Chait, agus ag guidhe
go bhfillfeadh Tuathal chum a choda féin. Dubhradar
ná raibh toradh ar crannaibh ná iasc ar líontaibh, go
raibh na ba i ndísc is na caoirigh seasc, an láir gan
searrach is an chráin gan ál, an bheach gan mil is an gas
gan bláth, toisc go raibh an Ríogh-Dhamhna go huaigneach
'na dheoraidhe thar lear agus tuathach 'na bhuanna ar
Theamhair na Ríogh.



Fear láidir intinneamhail do b'eadh Ceann Cait.
Do réir mar a mheasaim ba dheallramhach le Cruimil
Shasana é. Do b'é a mhac, Módhrin Cóir, an breitheamh
ba mhó cáil do bhí riamh i nÉirinn. Acht mar sin féin
gidh go raibh an rí tuathach úd 'na fhear chumais bhí na
daoine tuirseach de fá mar bhí na daoine i Sasana
de Chruimil. Chualaidh Ceann Cait an siosmarnaigh,
mhothuig sé an taoide ag éiriughadh 'na thimcheall,
agus níor bh'é an saghas fir é do ghéillfeadh gan duadh.
Bhain sé na cinn de mhórán aca so do labhair
'na choinnibh, acht níor leighis sin an scéal. Cuireadh
chum báis fá dheireadh é agus bhí coimheascar i nÉirinn go
ceann tamaill mhaith.



Do riaghluigh dó nó trí rigthe i ndiaidh a chéile ar
Teamhair, acht i gcionn tréimhse cuireadh fios ar
Tuathal, an rí dlisteanach, agus tháinig sé.


L. 24


FIGHEACHÁN RÍGHEACHTA.



Fear géar-intinneach géar-chúiseach do b'eadh
Tuathal Teachtmhar so do tugadh thar n-ais thar saile.
Bhí ríghthe uaibhreacha ar Teamhair roimis, mar atá
Conaire Mór agus a lán eile ná luaidhmíd annso. Mar
sin féin, ní raibh aca mar fhearainn búird acht na
triúcha céad do bhí cómhgarach do Theamhair, agus cé go
raibh sé mar dhualgus ar na ríghthibh cuige cáin do
thabhairt do'n Áird-Rígh do réir dlighe, agus roinnt fear
gléasta chum na tíre do chosaint, ar a shon soin is
eile dá dtárlóchadh go n-eiteochaidís é ní raibh sé ina
chumas a chur fhiachaibh ortha rud do dhéanamh air. Lean
an scéal mar so go dtí an bhliadhain 130 d'éis Chríost
gur mhachtnuigh Tuathal gur chóir bheith neamh-spleádhach
agus gan beann ar ríghthibh na gcúigí. Chuir sé ar bun
buidhean armtha d'fhearaibh toghtha as gach áird i
nÉirinn, agus do shloinnigh sé iad na Catha Féinne, agus as
soin amach go dtí bás Chairbre Lifeachair i gcath
dhearg Ghabhra, 297 D.C., céad is trí fichid bliadhain
'na dhiaidh súd, ní raibh aon chéim do b'uaisle le fear-
tighe dá mhac 'na an mac soin do bheith 'na Fhéinnidh.



Do leathnuigh Tuathal leis ceanntar na Teamhrach.
Bhain sé gan bruighean ná achrann smut as cheithre
cúige na hÉireann do bhuaileadh le chéile ag Aill na
Miarann i nIar-Mhidhe, agus do shín cúige ríoghamhail na
Midhe as soin amach go dtí teacht na Sasanach, ó'n
tSionainn thiar go dtí an tsaile thoir. Bhí ar an
gcuma soin buidheanta agus teallaighe do bhain leis féin
amháin feasta ag rígh na Teamhrach gan brat aige ar


L. 25


ríghthibh borba na gcúigí gur ghnáthach le ceann éigin
ceann-dána aca ar uairibh gan rud do dhéanamh ar an
Aird-Rígh acht le n-a thoil féin.



Bhí urraim i gcomhnaidh do'n Áird-Rígh, agus bhí súil
gach duine air féin is ar Theamhair, acht is minic leis
na ciantaibh d'éirigh rí buannach borb cúige 'na choinnibh
agus gur chuaidh sé de'n Áird-Rígh sin smacht do chur air
Do thárluigh leis anois is arís go raibh dhá rígh láidir
ar dhá chúige agus dúil ag ceann aca an ceann eile do
chur fá chois, agus nách raibh sé i gcumas an Áird-Ríogh
réidhtiughadh eatortha.



Do b'é a leithéid sin de chonspóid d'éirigh idir an
bhainrioghain árd-intinneach dána úd Méadhbh Chonnacht agus
Conchubhar mac Neasa, rí Uladh, agus gur mhill an cogadh
fuilteach do lean de thír na hÉireann ar feadh seacht
mbliadhan gan sos. Ni raibh an rí óg calma do bhí ar
Éirinn an uair sin — Cairbre Nia Fear nó Criomhthan
Nia Náir, 74 D.C. — cumhachtach a dhóthain chum coisc do
chur leis an gcogadh na gcarad úd. Chuir sé roimis
Conchubhar mac Neasa do chur ar gcúl, acht níor éirigh
leis mar thuit sé ins an ár ag Ros na Ríogh ag
comhrac le Cúchulainn.



Cloismíd Méadhbh na gcapall mbán agus na gcarbad
ngeal, an bhean áluinn árd ruadh ghlas-shúileach gheal-
chneasach, ag dúisiughadh Éireann thiar is theas i
gcoinnibh Chonchubhair, ag gluaiseacht í féin ar cheann na
slógh thré Ulaidh ag loscadh is ag cosgairt, ag cur
Eamhna Macha, cathair ríóghamhail, fá theine agus ag bail-
iughadh léi annsoin go buadhthach.



Cloisimíd é seo agus mórán 'na theannta mar tá
trácht go beacht ar chogadh na Tána 'nár sean-leabhraibh.



Innistear go raibh mustar éigin idir Mheadhbh agus
Aileall, a fear pósta, cois na teineadh ag ríogh-shuidhe
Chruachna, agus gur mhaoidhimh sise go raibh sí níos saidhbhre
'ná a fear, mar ba léi a cuid spré fá mar ba leis


L. 26


gach mnaoi eile a cuid saidhbhris féin i ndiaidh pósta
dhi. Is mór an ceann suas do'n tSean-Ghaedheal go
raibh na mná chomh neamh-spleádhach agus chomh sgurtha soin,
mar bhí mná eile an domhain fá chuing 'gá bhfearaibh an
aimsir sin. Acht bhí mná na Éireann ós na ciantaibh
chomh-ionann le n-a bhfearaibh i gcéim agus i saoirseacht, agus
muna mbeadh go raibh sé sin do réir dlighe, ní bheadh
Meadhbh, siúd is gur bha bhainrioghain féin í, ag áireamh
a cuid maoine agus 'gá cur i gcomórtas le maoin a fir.
Acht d'éis an chomhairimh go léir, na seoide luachmhara, na
bioráin is na deilgne óir, na falluingí síoda is olna
ioldathacha, na troscáin tighe, na cuacha is na cuirn
airgid, na heallaighe idir ba is capaill is caoirigh
d'áirigheadh fá dheireadh go raibh aon tarbh amháin ag
Aileall, an "Fionn-Bheannach" do glaodhtaoi air
ná raibh a chosmhaileacht ag Meidhbh. "Tá aon tarbh
amháin i nÉirinn do sháróchaidh an Fionn-Bheannach,"
ars' an bhean mhórdhálach, agus d'iarr sí ar iasacht ar
Dháire, taoiseach Chuailgne i gCúige Uladh, an tarbh
donn do bhí aige. Cloisimíd, dar linn-ne, i scéaltaibh
na Tána an Donn Cuailgne úd ag búithrigh is ag
géimrigh nuair do thóg Meadhbh agus a sluaighte leo é i
n-aindeoin Dháire, már cé nar eitigh Dáire í ar dtúis
innseadh dó go ndubhairt a teachtairí fá n-a nguth gur
mhaise dhó gan Meadhbh d'eiteach mar go mbéarfadh
sise léi an tarbh pé olc maith le Dáire é, agus dá
dheascaibh sin thiomain an taoiseach go déaghair as a
cheanntar na teachtairí sin nár chuir srian le n-a nguth.
Buaileann Conchubhar mac Neasa a sciath agus bailigheann
sé curaidh na Craoibhe Ruaidhe, an dream laoch ba
thréine i nÉirinn, gidh go raibh curaidh tréana i
gConnachtaibh chomh maith fá Chéad mac Mágaigh agus na
Clanna Déaghtha, muinntir an ghaisgidhigh Chonraoi
mac Dáire i gCúige Mumhan, agus na Laighnigh fá Mhéas-
cáire chomh calma le haon aca.


L. 27


Na scamaill sa spéir agus an mhúrabhán do bhí ag
bailiughadh is ag dorchughadh le fada os cionn
Chonchubhair mac Neasa i nEamhain Macha, do bhris sé
'na splanncachaibh fá dheireadh, agus cloisimíd glór na
gclaidheamh is ceol na sleagh ar sciathaibh ar feadh
seacht mbliadhan go raibh furmhór na dtaoiseach
is na bhfear gcalma marbh. Tá Cúchulainn ann
imeasc na Craoibhe Ruaidhe, an fear beag duairc dorcha
go raibh a neart go léir, dar liom-sa, i lúthachaibh a bhall
is a chroidhe, is nár hoileadh riamh i measc na nGaedheal
laoch do gheobhadh air; tá Conall Ceárnach ann, an
fear fionn mór-ghéagach leathan-ghuailneach go líonfadh
mar deirthí a cheann buidhe-chrothánach sciathóg nó
cis; tá Conchubhar mac Neasa féin ann, fear cruaidh
caol-árd dathamhail ruadh; tá Laoghaire Buadhach ann,
taiceach is garg, is Ceilteachar ná tabharfadh, fá mar
dubhairt a namhaid an Bhainríoghain Meadhbh, a chúl ar
fhearaibh Éireann go léir, iad-san ar aon taobh
amháin agus eisean 'na aonar ar an taobh eile. Acht bhí
fir Éireann 'na choinnibh agus i gcoinnibh Chonchubhair, ar
feadh bliadhna go háirithe, mar i gcionn tamaill
d'éirigh an chuid ba mhó de na Muimhneachaibh is cuid
mhaith de na Laighnibh as an ngnó, mar ní raibh cúis
ghearáin aca i gcoinnibh na Craoibhe Ruaidhe, acht
amháin gur áitimh Meadhbh ortha cabhrughadh léi féin.



Agus bhí cabhair aici leis nách raibh coinne aici leis,
míle fear de'n Chraoibh Ruaidh féin fá stiúrughadh an
chath-mhíleadh Feargus mac Róigh d'fhág Ulaidh mar
gheall ar fheall Chonchubhair.



Rugadh leanbh inghine ann gur fháistinigh na draoithe
go ndoirtfidhe tuilthí fola 'na taobh dá bhfágfaidhe 'na
beathaidh í, acht mar sin féin, i n-ionad an leinbh do
chur chum báis fá mar do ceapadh, thóg Conchubhar
chuige féin an leanbh soin, chuir sé ar leith-shlighidh í dá
múineadh agus dá hoileadh i ngleann aoibhinn uaigneach le


L. 28


haghaidh í phósadh nuair do bheadh sí 'na hainnir. Déirdre
a hainm agus d'fhás sí 'na mnaoi ba bhreaghdha dá bhfeachaidh
súil riamh. Dá chuthailighe do chongaibh Conchubhar í
fuair sí radharc ar thaoiseach óg de'n Chraoibh Ruaidh
dár bh'ainm Naoise, agus d'éaluigh sí leis go hAlbain.



Thug Conchubhar maitheamhnas dóibh i gceann tamaill,
chuir sé Fearghus mac Róigh mar urradh ag triall
ortha, agus d'fhilleadar. Níor bha le toil na mná é acht
ní chreidfeadh a fear ná go raibh coimirce Fhearghuis
cumhachtach a dhóthain le hiad do chosaint ar gach guais,
mar ní raibh fear le n-a linn ba ghlaine méin 'na an
Fearghus úd.



Tugad cuireadh ar an mbóthar d'Fhearghus chum
féasta. Do ghoill sé air an cuireadh do ghlacadh,
acht bhí sé fá gheasaibh gan cuireadh chum féasta
d'eiteach agus bhí sé riachtanach air Déirdre agus a fear agus a
gcomhluadar do scaoileadh roimis go hEamhain Macha
mar ná raibh aon droch-ionntaoibh aige as Chonchubhar.
Mar sin féin, ní túisce do shroicheadar Eamhain ná
gur ghabh éad Conchubhar agus scaoil sé dream toghtha de'n
Chraoibh Ruaidh fá Naoise agus a bheirt dearbhráthair agus
beirt mhac Fhearghuis do bhí 'na gcuideachta. Do throid
na leomhain i gcuibhreach go calma, bhaineadar na cinn
de mórán de'n Chraoibh Ruaidh, acht marbhuigheadh an
triúr deirbhráthair agus mac le Fearghus. Ba mhór an
ceann fé agus an tubaiste do Chonchubhar Rí Uladh an choir
sin, mar tháinig Fearghus go cúthach agus chrom sé féin agus
an méid de'n Craoibh Ruaidh do lean a bhrat, ar
Chonchubhar agus bhí buadhairt is caoi i nEamhain Macha 'na
ndiaidh. Bhí gol ban ar feadh na seacht mbliadhan do
fearadh cogadh na Tána agus caointe go leor acht ní fhuil
caoineadh dhíobh go léir is dubrónaighe 'ná briseadh
croidhe Dhéirdre os cionn cuirp chréachta a fir. Is
iomdha baintreabhach eile do chaoin a fear leis an
uair úd agus ó shoin chomh maith, acht mar sin féin ní


L. 29


chuimhnighthear ar a mbrón chomh soiléir le nuall-dhubhadh
Dhéirdre i ndiaidh clainne Uisnigh. Is cosmhail an lúigh
uaigneach úd do ghabhann anuas chughainn as na ciantaibh
le feaduigheal gaoithe ist oidhche thré chuasaibh dubha
cois fairrge. Seo cuid de:



"Fada an lá gan clann Uisnigh,
Nír tuirseach bheith 'na gcuallacht,
Mic ríogh le ndiltaigh deoraidhe,
Trí leomhain chnuic na huamha.



"Do chuaidh mo radharc uaimse
Ag faicsin uaighe Naoise,
Gerr go bfuigfe mé m'anam
Ní mhaireann mo lucht caointe.



"Ó's trímsa do fealladh ortha
Bíadsa d'á dhruing go tuirseach;
As truagh nach raibh mé i dtalmhain
Sul do marbhadh meic Uisneach.



"Truagh mo thurus le Ferghus
Dom' chealgadh don chraebh ruaidh;
Le briathra bláithe binne
Do mealladh sinne an aen-uair,



"As mé Déirdre gan aeibhnes
Is mé a ndeireadh mo bhetha;
A bheith 'na ndiagh ós miste
Ní bhiadh mise go fada."



Is cruaidh do theasduigh an trúir laoch úd ó Chonbhudhar
Rí Uladh 'na dhiaidh súd mar laguigh Cogadh na Tána
cumhacht Eamhna Macha chomh mór soin nách raibh sé riamh ó
shoin mar do bhí sí roimh an gcogadh, agus bhí Éire go léir


L. 30


lag agus scriosta go ceann i bhfad. Dá dtagadh na
Rómhánáigh an uair sin nuair do bhí na cúigí ar céasaibh
a chéile, fá mar do tháinig na Normánaigh 'na dhiaidh
súd, níor b'fhéidir cosc do chur leo.



Níor lean an scéal i bhfad nuair do bhailigh Rí na
Teamhrach a chumhacht chuige. Ceapaim gur bh'é saothar
an Áird-Ríogh chum na Teamhrach do dhéanamh neamh-
spleádhach fá ndeara éirghe amach na dTuathach agus a gcur
na n-uaisle chum báis go hobann, mar bhí na Tuathaigh
sin créachta ó chogadh agus tuirseach de. Bhí na cúigí
scriosta 'gá chéile agus na taoisigh lag.



Do réir mar a thuigim an scéal do mhachtnuigh an
tÁird-Rí gur bh'é sin an t-am dó le réim na Teamhrach
do chur chum cinn agus ó'n lá do shuidh Tuathal Teachtmhar
ar a chathaoir ríoghamhail bhí an Teamhair ag borradh.
Bhí sí leis i n-ann smacht do chur ar na cúigíbh dá
dtuillidís é. Bhí ceann feasta ar an dtír. Ba gheall
le cogadh na mbarún i Sasana cogadh na Tána i nÉirinn.



Bhí barúin Shasana ag raobadh a chéile ar feadh dá
fhicheadh bliadhan gur mharbhuigheadar a chéile. Thug an
méid sin cead a gcinn do ríghthibh Shasana mar nách
raibh na barúin ann chum cur isteach ortha. Thóg
ríghthe láidre mar na Túdir fútha féin riaghlughadh na
tíre agus d'fhás cumhacht Shasana as an méid sin. Ba
chosmhail é díreach le n-ar thuit amach i nÉirinn. Mhairbh
taoisigh na Tána a chéile agus fuair an tÁird-Rí dá
dheascaibh sin cead a chinn agus d'árduigh sé réim na
Teamhrach, agus bhí aon fhuadar amháin fúithi ar feadh cheithre
chéad bliadhan 'na dhiaidh súd gur cuireadh mallacht
Naoimh Ruadháin uirthi — bhí sí ar tí Impireacht mhór
Ghaedhealach do chur ar bun.



Do b'shin é an fáth go raibh Teamhair ag gabháil
dos na Rómhánachaibh i mBreatain ó'n lá do chuireadar
fá smacht an tír sin gur ghlanadar a bhaile aisti chum
cathair na Róimhe, lár a nImpireachta, do chosnamh.


L. 31


RÉIM NA TEAMHRACH.



Measaim gur buaileadh cogadh na Tána ins am
mbl. 74 d'éis Chríost, agus tar éis bháis an Áird-Ríogh
Criomhthan nó Cairbre go raibh éileamh ag Conchubhar
Mac Neasa ar an áird-ríoghacht acht nár leigheadh dó
a seilbh do ghabháil.



'Sé mó thuairim leis go raibh Éire gan Áird-Rígh ó
bhás Chriomhthain gur cuireadh deireadh leis an gcogadh
agus gur gheárr 'na dhiaidh súd gur éirigh na Tuathaigh
amach agus mhilleadar na huaisle. Ní raibh Éire 'na
suaimhneas gur fhill Tuathal Teachtmhar ins an mbl.
130 d'aois ár dTighearna.



As soin i leith, ó aimsir Thuathail go dtí easgaine na
Teamhrach — 'sé sin cheithre chéad agus dá fhichead bliadhain
— bhí sé áird-ríghthe fichead ar Teamhair agus i measc an
méid sin bhí ochtar ríogh nár riaghluigh a leithéidí Éire
riamh ó shoin. Sid iad a n-ainmneacha:-



Féidhlimidh Reachtmhar,
Conn Céad-Chathach,
Cormac Mac Airt,
Cairbre Lifeachair,
Criomhthan Mór,
Niall Naoi-Ghiallach,
Dáithi,
agus
Diarmaid Mac Cearbhaill.



Ar feadh trí chéad bliadhan de'n aimsir sin bhí na


L. 32


Rómhánaigh i mBreatain agus iad 'na gcumhacht ba threise
dá bhfeacaidh an saoghal riamh. Bhí fios maith ag Áird-
Ríghthibh na Teamhrach ar chumas is chumhacht na Rómhánach
úd, acht mar sin féin ní áirighim go raibh aon eagla
ortha rómpa mar ba mhinic do bhriseadar isteach ó
Albain sa tuaisceart ar na Rómanach aibh sin.



Bhí sé riachtanach ar na Rómhánachaibh sluaighte
marcach is coisidhthe gléasta armtha do chongbháil i
gcomhnaidhe ar theorainn na Breataine thuaidh, agus 'na
theannta soin claidhe mór leathan do dhéanamh san
áit chéadna i gcomhair coisc do chur leis na Sean
Gaedhealaibh, acht dá aindeoin sin níor ghabh bliadhain
geall leis tharsa 'ná gur thug na Gaedhil sin iarracht
fútha agus is minic do scriosadar iad.



Do stiuruightí na foghtha úd ó Theamhair agus dá
dheascaibh sin bhí na Rómhánaigh gach re bliadhain ar tí
tabhairt fá Éirinn agus í chur fá chois. Bhíodh sé mhíle
fear suidhte i nOileán Mhóna ar aghaidh Bheinn Éadair
anonn ó bhliadhain go bliadhain ag feitheamh le n-a
thuilleadh cabhartha chum Éireann do ghabháil, acht bhí tír
na Rómhánach ar fuaid an domhain ró-fhairsing le n-a
cosaint agus ní raibh sé i gcumas na Rómhánach arm láidir
a dhóthain do bhailiughadh le haghaidh Éireann do chur fá
smacht. Bheadh faitchíos ortha tabhairt fúithi le harm
beag. Thuig na Rómánaigh go maith cad iad an saghas
fear cogaidh na sean-Ghaedhil úd. Fear as Éirinn, fá
mar adeir na Rómhánaigh, do b'eadh an taoiseach úd
go dtugaid siad Galgácus air do chomhraic i n-aghaidh
Agricola san Albain. Deir Gibbon 'na stair gur bh'é
Fionn mac Cumhaill é, acht is dóich liom-sa gur bh'é
Conall Ceárnach é, mar ní rugadh Fionn go ceann
breis is céad bliadhain 'na dhiaidh súd, agus áirígheann an
tsean-stair go mbíodh Conall Ceárnach go minic thar
lear ag troid.



Cuireadh Fianna Éireann i n-eagar mar aithris ar


L. 33


saighdiúiríbh na Rómánach. Coisidhthe do b'eadh iad,
mar cuireadh i leath-taoibh na carbaid cogaidh ba
ghnáthach i n-aimsir churaidhe na Craoibhe Ruaidhe. Ní
chuireadh na Fianna leis ar bun dúin mhóra mar do
bhíodh ag taoiseachaibh na Craoibhe Ruaidhe agus ní raibh
díog ná claidhe mar chosaint ar aon longphort do bhí
aca, mar bhí a ndóthain de dhaingean sa chlaidheamh.
Ba chosmhail iad le Spartánachaibh cruadha na sean-
Gréige. Tháinig fear ar cuairt aon uair amháin chum
ríogh na Spartán agus bhí iongnadh a chroidhe air ná feacaidh
sé daingin mhóra de bhrícíbh curtha suas sa tír sin,
agus d'fhiafruigh sé de'n rígh cad 'na thaobh. Séid an rí,
mar fhreagra, an barrabuadh ar maidin agus fá cheann
uaire an chluig bhí na Spartánaigh 'na ndrongaibh
gléasta i n-eagar catha ar an bhfaithche os comhair an
ríogh. "Féach uait ortha," ars' an rí, "bríce nó cloch-
dhaingin is eadh gach fear aca."



Do thabharfadh rí na Teamhrach an freagra céadna
uaidh, mar do b'iad an Fiann scoth phobail na hÉireann,
an math-shluagh fear n-arm do b'fheárr do bhí riamh sa
tír. Fir thoghtha do b'eadh iad agus ba ró-dheacair d'éin-
fhear na coinghill do choimhlíonadh i gcleasaibh lúith agus i
bhfoghluim do chuirtí air sul a bhfuighbheadh sé cead dul
sa bhFéinn.



Tá an iomad scéalta breághdha i dtaoibh na bhFiann,
cuid aca go bhfuil cneas na fírinne ortha agus cuid nách
bhfuil, cuid aca do ceapadh ins na sean-aoisibh agus cuid
le déidheannaighe, acht ní lugha liom bladhraig asal 'ná
glór ndaoine áirithe adeir gan úghdarás nách raibh
Fionn ná a chuideachta ann i n-aon chor.



Scríobh duine éigin scéal ar Charl Magnus agus
dubhairt go raibh an rí sin deich troighthe fichead ar
aoirde, scríobhadh scéalta nách bhfuil fíor ar Murchadh
mac Bhriain is ar Alastar na nGréag, agus ní deir éinne
nách raibh siad so ann, acht is comhartha foghlama é,


L. 34


mar dh'eadh, a rádh go mb'fhéidir nách raid leithéid Fhinn
mhic Chumaill ar an saoghal i n-aon chor. Tá teis-
timéireacht úghdar Éireann ar Fhionn agus ní beag linn-
ne an méid sin, mar tá sé fíor agus ní fhuil screatal
úghdaráis acht a bhaoth-mhachtnamh féin ag aon sgríbhneoir
do chuireann fé na húghdair úd do bhréagnughadh.



Chuaidh na Fianna i líonmhaireacht fá gach rígh ó
Thuathal Teachtmhar i leith go rabhadar ró-bhorb fá Fhionn
mac Cumhaill, agus gur mheasadar fá mar do ghnídh an
gárda Prétórach sa Róimh pé rí ba mhaith leo féin a
bheith 'na Áird-Rígh ar an tír. D'éirigheadar i n-aghaidh
an Áird-Ríogh Cairbre Lifeachair mac Chormaic mhic
Airt ins an mbliadain 297, agus bhí an bhruighean ba mhó
bhí riamh i nÉirinn aca leis an Áird-Rígh i nGabhra cois
na Teamhrach.



Chabhruigh Fianna Chonnacht fá Gholl mac Mórna leis
an Áird-Rígh i gcoinnibh na bhFiann eile fá Oscar
mac Oisín agus rí borb do bhí ar an Mumhain an uair sin.



Ba chosmhail le chéile i dtréineacht agus i n-eolas
cogaidh na Fianna úd do bhí i gcoinnibh i nGabhra. Ba
mhaith do mhúin Fionn mac Cumhaill a ngnó dhóibh, agus bhí a
rian air, ba bheag des na buidheantaibh d'fhág machaire
an áir.



Is soth linn go raibh Oscar lionn-bhéimeannach agus na
Fianna foirtil faobhracha ó'n Mumhain is ó Chúige
Laighean i gcoinnibh a nÁird-Ríogh, mar i dteannta
Oscar do bheith 'na ghaisgidheach ba thréine dá raibh i
nÉirinn le n-a linn ní raibh laoch ba ghile croidhe 'ná é,
agus is geal leis an bhfile a bhuillí troma i gcath agus
fuabairt a chlaidhimh thre pháirc a' bhualadh ag caitheamh
fear dá sciath fá mar do chaithfeadh tonn mara cipíní
dreoighte dá druim. Acht do thug Cairbre Lifeachair,
an t Áird-Rí féin, aghaidh air, agus do chroitheadar an
talamh glas ag comhrac le chéile ar nós dhá leomhan
bhuile gur thuit Oscar nár leagadh riamh, agus do thuit


L. 35


Cairbre tréan leis, mar thug fear malluighthe éigin
buille fealltach dó d'éis a chomhraic chruaidh le hOscar.



Agus is truagh iad na Fianna do chosain Éire ar na
Rómhánachaibh, sínte 'gá chéile 'na srathaibh ar árdánaibh
Ghabhra, corp a nÁird-Ríogh gan cheann 'na measc agus
dath an bháis ar cheannaighthe áluinn Oscair agus an fíor-
bheagán dá bhuidhin do mhair ag iarraidh an anama do
chongbháil ann ar feadh na hoidhche.



Goileann na Gaedhil i ndiaidh na Féinne fós,
mar tá cuimhne ar éachtaibh Oscair is Oisín, tá
cuimhne is trácht ar Fhionn mac Cumhaill is Caoilte
mac Rónáin, tá cuimhne ar Dhiarmaid Donn, an laoch
do b'uaisle ar an bhFéinn, agus cuimhne ar a lán eile aca
ná luadhmuid annso. Dá fheabhas iad ba thairbhighe a
mbeatha do'n tír dá mbeidís umhal i gcomhnaidhe dá
n-Áird-Rígh mar do b'é rí na Teamhrach cloch chúinne
na hÉireann.


L. 36


TEAMHAIR NA RÍGHTHE COGAIDH.



Bhí Éire chomh cumhachtach soin i n-aimsir Chormaic
mhic Airt go raibh a loingeas amuich thar sáile ar feadh
trí mbliadhan. Cabhlach mhór do b'eadh an loingeas
úd Chormaic fá mar adeir Tighearnach, agus ní raibh aon
ghnó eile aici amuich acht amháin chum cabhruighthe leis
na Gaedhealaibh i nAlbain chum briseadh ó dheas go
Breatain ag scrios Rómhánach fá mar do ghnídís ó
theacht na Rómhánach soin gur fhágadar an Bhreatain.



Badh mhaith liom trácht thar Chormac féin (254-277
D.C.), ar a phearsain gan oilbhéim, ar a mhórdhacht is
ar a inntleacht, ar oll-mhaitheas na Teamhrach le n-a
linn, acht amháin nách furusta cnuasach staire na
hÉireann d'fhígheadh isteach i scéal gheárr.



Is le linn Chormaic do mhair Fionn, agus ní raibh an
Fhiann 'na dhiaidh sin chomh humhal do Chairbre Lifeachair
mac Chormaic is do bhíodar do Chormac féin. Dá
bhrígh sin do b'éigean do'n Áird-Rígh Cairbre an Fhiann
do scaoileadh uaidh agus na buidheanta nách raibh umhal dó
do scur as a arm. Do dhiúltuigheadar scaoileadh
ná scaipeadh agus d'éirigheadar amach, agus buaileadh Cath
Ghabhra (297 D.C.).



Do laguigh an t-easaontas soin Teamhair ar
feadh i bhfad agus Eire 'na teannta, mar bhí, fá mar
adubhart cheana, stair na hÉireann fíghte le stair na
Teamhrach, agus dá dtárlóchadh go lagóchthaidhe úghdarás


L. 37


na Teamhrach agus urraim na ndaoine dhi, bhí Éire briste
'na codaibh.



Acht níor bhaoghal do Theamhair fós, mar bhí urraim
thar bárr ag Éirinn di. Má bhí cuid de na Fiannaibh i
gcoinnibh an Áird-Ríogh níor bha le heasonóir do
Theamhair é, acht amháin go mbeadh sé 'na gcumas
Áird-Rí do chur sa chathaoir ríoghachta do thabharfadh
cead a gcinn dóibh. Níor éirigh leo, agus bíodh a bhuidh-
eachas ar Chonnachtaibh.



Ní raibh aon chúige ins an tír sa tsean-shaoghal
b'umhalaighe do rígh na Teamhrach 'ná Connachta, acht ní
áirighim go raibh an iomad gráidh ag an Mumhain dó,
gidh gur bh'e an fonn ba mhó bhí ar ríghthibh na cúige sin
ó thúis 'ná suidheadh ar an gcathaoir ríoghachta i
dTeamhair. Bhí an smuaineadh soin ag gach rígh bhí ar
Chúige Mumhain ó Éibhear go dtí Briain Bóirmhe, agus ní
thuigfear stair na Teamhrach ná na hÉireann acht chomh
beag gan machtnamh air sin.



Do roinneadh Éire idir Éibhear agus Éireamhón, beirt
mhac Mhíleadh, agus bhí coinghill eatortha go mbeadh an leath
thuaidh d'Éirinn ag Éireamhón agus an leath theas ag Éibh-
ear, agus an rud céadna ag sliocht a sleachta. Acht
d'éirigh éad agus iomarbháidh idir a mbeirt mban pósta agus
bruighean as an imreas soin i n-ar marbhuigheadh Éibhear,
agus thóg Éireamhón chuige féin an tír go léir. Céadta
bliadhan 'na dhiaidh sin, chuir Eoghan Taidhleach aighneas
ar Chonn Céad-Chathach, sean-athair Chormaic mhic Airt agus
sin-sean-athair Chairbre Lifeachair do marbhuigheadh i
gcath Ghabhra. Fear tar fhearaibh do b'eadh Eoghan
Taidhleach úd, agus ghnídh sé féin agus leomhain na Teamhrach
rí-rádh de'n tír ag comhrac le chéile. Do b'éigean do
Chonn dhá leith do dhéanamh d'Éirinn — Leath Chuinn
thuaidh dó féin agus Leath-Mhogha theas d'Eoghan, mar do
b'é a ainm eile Mogha Nuadhat. Níor shásamh sin Conn
i bhfad, mar do bhris sé isteach i gceann tamaill go


L. 38


Cúige Mumhan, agus do chuir sé an rith as Éirinn ar
Eoghan Taidhleach. Tá cloch sa Ruachta cois Neidín go
ngairmthear an Chloch Bharrach uirthi, mar gur ghéaruigh
Conn agus a bhuidheanta a sleagha uirthi ar nós mar do
dhéanfaidís ar bharra. D'fhill Eoghan Taidhleach arís,
agus sluaighte amhasanna agus eachtrannach leis. Do chogain
Conn Céad-Chathach adharc-dhorn a chlaidhimh go dtí an
chos iarainn, nuair do chonnaic sé na heachtrannaigh agus
Eoghan suidhte ar Mhuigh Léana; agus, ins an mbruighin
mhóir do thárluigh de, do thuit Eoghan Taidhleach calma
fá chraoisigh Chuinn. Ní gan duadh do chongaibh sliocht
Éireamhóin a ngreim ar Teamhair, agus ní túisce bhíodh
suaimhneas ar fuaid Éireann 'ná go dtugthaoi aghaidh
ar na Rómhánachaibh i mBreatain.



Faid do bhí an Bhreatain i seilbh na Rómhánach chuaidh
sé de Theamhair ceannus d'fhágháil innti, gidh gur
chuireadar na hAird-Ríghthe chuige go minic. Do b'e
an iarracht ba ghéire do ghnídheadar 'ná fá Chriomhthan
Mór amach 's isteach leis an mbliadhain 377, D.C.,
nuair do ghluais an rí cuthaigh rin ó Theamhair, agus
d'airg, do chreach, is do loisc sé an Bhreatain ó
Mhóna go Lonndain. Cuireadh mac Impire na Róimhe,
Theodósius óg, 'na choinnibh, agus is bladhmannach atá file
Rómhánach ag maoidheamh gur cuireadh na hÉireannaigh
ar gcúl. Má's fíor gur cuireadh, ní rabhadar i bhfad
gan teacht ar ais arís, mar deir na Rómhánaigh go
raibh an fhairrge 'na cubharán bán le hiomad maidí
rámha na nÉireannach, agus do scriosadar na Rómhánaigh
agus gach Breathnach do chabhruigh leo soin níos measa 'ná
riamh. Do b'e Niall Naoi-Ghiallach do bhí mar rí is
mar cheann feadhna ar na hÉireannachaibh an cor soin;
agus, má's cóir a chreideamhaint ó'n bhfile Rómhánach úd,
do chuir Stilicó ar gcúl Niall. Bhí an Bhandalach úd


L. 39


Stilicó ar an bhfear cogaidh do b'fheárr le n-a linn, agus
deir an file Rómhánach go raibh Éire ag caoi go fuidh-
each i dtaobh an áir úd ar a cloinn. Is dócha gurab í
an fhírinne í go raibh na Rómhánaigh teinn go leor i
ndiaidh Néill Naoi-Ghiallaigh, agus Stilicó tuirseach de
chomh maith, mar, do réir mar a thuigim, bhí bhuannacht
ag na hÉireannachaibh ar an mBreatain as súd amach
go ceann dhá chéad bliadhan, ó'n Móna thiar thuaidh go
Muir n-locht theas.



Níor shásamh an méid sin Niall Naoi-Ghiallach mar
bhris sé isteach ar cheann a shluagh ar Impireacht na
Rómhánach sa bhFrainnc, agus 'na ghluaiseacht bhuadhach ann-
súd iseadh do chaith cuirptheach fealltach dá arm féin
sleagh leis, agus do thuit an rí caithréimeach cumasach úd
i bhfad ó n-a thír féin, Thug a bhuidheanta dísle leo
corp a ríogh go hÉirinn.



Tá oileáinín aoibhinn uaigneach i Loch Cuan i nUltaibh
go nglaodhtar "Dún Uí Néill" air, agus deir bunaidhe
na háite go bhfuil sé as béal-oideas aca gurab ann
do cuireadh Niall Naoi-Ghiallach, Deir daoine eile
nách ann do cuireadh é i n-aon-cor, acht amháin go raibh
dún aige annsúd agus gurab annsoin do bhíod a ghialla
ar óstaidheacht.



Do b'é féin agus Cormac mac Airt an dá rí ba mhó
cáil dár shuidh ar chathaoir ríoghamhail na Teamhrach
riamh, agus do ba uaidh do tháinig an sliocht ba chumasaighe
dár riaghluigh Éire — an mhuinntir Néill úd do thug sé
ríghthe fichead dá dtír. Do b'é a athair, Eochaidh Muigh-
mheadhon, Áird-Rí Éireann, agus innsithear go raibh an
tÁird-Rí sin ag gabháil an bóthar lá agus go bhfeacaidh sé
a chúigear mac istigh i gceárdchain ag cainnt leis na
gaibhnibh. Níor bh'éan-cheann-fé dhóibh bheith ag cainnt
le gabha, siúd is gur bha phrionnsaí féin iad, mar ba
mhór le rádh gabha ins an tsean-aimsir i nÉirinn agus bhí
meas ar gach ceárdaidhe eile chomh maith.


L. 40


Dubhairt an tÁird-Rí tuigsineach leis féin go
mbeadh 'fhios aige cia aca dá chloinn ba mhó misneach.
Bhagair sé chuige ar cheann dá oifigeachaibh. "Cuir an
cheárdcha soin fá theine i gan fhios," ar seisean, agus,
nuair do bhladhm an cheárdcha, do liúighigh an tÁird-Rí
ar a chúigear mac giúrléidí na ngaibhne d'fhuasgailt
ó'n dteine. Rug gach aon de cheatrar aca ar úir-
lisíbh éadtroma, agus ritheadar amach i leathtaobh leo;
acht rug an fear do b'óige aca, Niall, ar an inneoin
trom agus thóg sé leis í. D'fhill sé ar n-ais thré dheatach
is cnámhlach, scuir sé na builg do bheadh throm mar
ualach de thriúr fear, agus sciob sé leis thríd an dteine
bhúithrigh iad.



Sciob Dáithí leis 'na dhiaidh súd ollmhaitheas na Rómh-
ánach dá n-aindeoin, agus bhain sé na cinn dá gcéadtaibh
fear. Stiúruigh sé a chuid laoch thré chumhangarachaibh
ba mheasa 'ná teine na ceárdchan — claidhmhthe Stilicó
agus shaighdiúirí na hImpireachta ba mhó is ba threise dá
bhfeacaidh an saoghal riamh.



Chuireadar a chodladh Niall i mBrugh na Bóinne
imeasc ríghthe Éireann, agus ní túisce bhí a chluiche caointe
críochnuighthe 'ná gur glaodhadh ar Dáithí le n-a bheith
'na Áird-Rígh, agus do sheasamh seisean ar an Lia Fáil ar
Chnoc na Teamhrach agus sluaighte Éireann 'na thimcheall.
Níor mhiste dhóibh bheith muinighneach as mar lean sé i
gcéimibh na nÁird-Ríghthe dtréan nác raibh beann aca
ar na Rómhánachaibh.



Faghmuid radharc air ag dul ar bórd luinge i
mbéal cuain Locha Cháirlinn, agus a fheara cogaidh mar
aon leis, ag dul ar lorg cíosa is cáin go Breatain
is go hAlbain, agus níor eitigheadh é, mar ba chosmhail le
caoir teinntigh an rí úd imeasc a namad.



Agus, má ba chaor teinnteach é féin, is í an chaor
do mharbh é, slán mar a n-innistear é. Tar éis a thrí
bliadhan fichid dó 'na cheann ar Éirinn, do bhuail an


L. 41


splannc é ar mhór-thír na hEorpa thall cois na nAlp.
Níor fhág a shár-fhir 'na ndiaidh annsúd é. Thóg a mhac,
Amhalghaidh, an t-arm fá n-a stiúrughadh féin, agus thóg-
adar leo ar chróchar corp a nÁird-Ríogh. Bhí saigh-
diúirí Rómhánacha timcheall ortha ag faireadh ortha, acht
do chuir Dáithí a leithéid sin de scannradh ortha ar
feadh a bheatha go raibh faitchíos ortha roimh a chorp.
Beireadh é ar cheann a shluagh tarsna na Frainnce, fá
mar do beadh sé 'na bheathaidh. Thug na Rómhánaigh fútha
naoi nó deich uaire ar an dturas, acht ghabh Amhal-
ghaidh agus a Éireannaigh de chosaibh ionnta fá mar do ghabh
a athair roimis.



Taisbeántar indiu uaigh Dháithí fá ghallán dhearg i
gCruachain Chonnacht mar a bhfuil an bhainríoghain
Meadhbh 'na codladh, agus ní innseann aon stair gur bhuail
aon Áird-Rí Éireann i ndiaidh an Dáithí seo cath ar
mhór-thír na hEorpa riamh ó shoin


L. 42


PÁDRAIG.



Ní raibh aon fhonn siubhlóide lasmuich dá thír féin ar
Rígh Laoghaire, mac Néill Naoi-Ghiallaigh, do riaghluigh
i ndiaidh Dháithí. Bhí gaol aige le Dáithí, agus bhí sé ró-óg
chum rí 'dhéanamh de nuair do cailleadh a athair. Do
b'shin é an fáth nár tugadh an choróin dó, mar theastuigh
fear comhraic ós na hÉireannachaibh an uair sin, mar
bhí fuadar fútha i gcomhair Impireacht Ghaedhealach do
chur ar bun. Ní raibh an rí seo do réir mar shíligh na
hÉireannaigh. Ní raibh aon easba misnigh air, ámh; acht
bhí faitchíos air dul ar fairrge, mar dubhairt bean
feasa leis go bhfuigheadh sé bás idir Éire is Alba,
agus dá dheascaibh sin d'fhan sé cois baile.



Is faid do bhí Laoghaire 'na rígh do tháinig Naomh
Pádraig ag craobhscaoileadh an Chreidimh Chríostaidhe
go hÉirinn.



Is é Aspal na hÉireann Pádraig — an fear is mó
cáil agus is uaisle dár tháinig riamh thar lear chugainn. Is
geal leis gach fíor-Éireannach ar faid an domhain a
ainm.



Níor bh'é siúd a chéad thuras go hÉirinn, mar chaith
sé seal innti nuair do bhí sé 'na aosánach. Do b'é
Niall Naoi-Ghiallach i gceann dá chogaidhibh i gcéin
do scuab Pádraig óg leis i leith ó n-a thír féin, agus a
lán fear agus ban eile 'na theannta, go deorach duairc,
mar do b'é gnás na haimsire úd gach duine do thóg-
faidhe aimsir cogaidh a bheith as soin amach 'na sclábh-
aidhe ag an mbuidhin do ghabhadh é.


L. 43


Deir Pádraig féin gur bha ghiuistís Rómánach a
athair, agus gur i mBannaven Taberniae do chomhnuigh-
eadar nuair do ghabh na hÉireannaigh é féin. Atharr-
uigheadh ainm an bhaill sin ó shoin, agus deir an chuid is
mó des na hughdaraibh gurab é an áit é go nglaodhtar
Cill Phádraig Dhúin Bhreatan i nAlbain air indiu.
Deir ughdair eile, ámh, gur sa bhFrainnc atá an áit úd
fa ainm éigin eile. 'Sé mo thuairim féin go bhfuil an
ceart aca so, mar nuair d'éaluigh Pádraig leis a
bhaile — d'éis sé mbliadhan do chaitheamh dó 'na aodhaire
ar Shliabh Mis i nAontruim — is amhlaidh do thug sé a
aghaidh ar an bhFrainnc. Do b'éigean dó dhá chéad míle
do shiubhal sul a bhfuair sé long do bhéarfadh léi é,
rud nar ghábhadh dhó a dhéanamh dá mb'áil leis dul go
hAlbain, mar tá Sliabh Mis i ngearracht seacht nó
hocht de mhíltibh do'n fhairrge agus do b'fhurusta do
Pádraig nó d'aon eile curach d'fhágháil i gcuantaibh
Aontroma an uair sin do thógfadh go hAlbain é. Ní
cheapaim go raibh aon ghnó aige go hAlbain, mar nách
raibh aon bhaint aige leis an dtír sin, acht gur bh'é bhí
uaidh dul a bhaile go dtí an Fhrainnc, agus gur bh'é sin an
fáth gur shiubhluigh sé dhá chéad míle ó deas go Port
Láirge nó go Corcaigh le haghaidh luinge d'fhágháil.



Chuaidh Pádraig ar scoil sa bhFrainnc ag Toirinis, agus
bhí ann seal fá oideachas Naomh Máirtín.



Nuair d'fhill sé go hÉirinn, bhí sé 'na shagart. Ba
mhór é a urraim dos na hÉireannachaibh. Thuig sé a
nósa agus a dteanga, agus d'oibrigh sé go cruaidh de ló agus
d'oidhche ar a son ag scaipeadh an Chreidimh 'na measc.



Bhí Críostaidhthe i nÉirinn roimis, agus naoimh leis, mar
bhí baint ag na hÉireannachaibh leis an Róimh i bhfad
sul a dtáinig Pádraig. Dubharthas gur bha Chríost-
aidhe Cormac mac Airt féin agus go raibh fios an Chreid-
imh ag Fionn mac Cumhaill chomh maith.


L. 44


Do sheol an Pápa Celestín sagart anall go
hÉirinn dár bh'ainm Palládius, acht ní áirighim go raibh
eolas ar an nGaedhilg aige, agus chuireadar chum siubhail
é láithreach. Níor mhar sin do Phádraig. Thuig sé iad
agus thuigeadar é, agus bhí an rath ar a shaothar, acht níor
bha gan duadh é.



Do thaithnigh sé leis na hÉireannachaibh, mar, i
dteannta é 'bheith ciallmhar tuigsionach éifeachtamhail,
bhí misneach is caráiste an ghaisgidhigh aige.



Thug sé a aghaidh fá dhéin an phágánaigh uasail, Rí
Laoghaire féin, ag iarraidh Críostaidhe do dhéanamh dhe,
agus, gidh gur bha Phágánach an rí sin agus nár atharruigh sé
ar feadh a shaoghail, mar sin féin is comhartha é go raibh
sé croidhtheach mar thug sé cead a chinn do Phádraig
an Creideamh do craobhscaoileadh ar faid na tíre —
cead ná tabharfadh aon rí págánach eile sa domhan
uaidh chomh bog soin an uair ud. Muna mbeadh gur
thug Rí Laoghaire an chead soin uaidh, bheadh cuairt
Phádraig i n-aistear.



Airighim gur doich le daoinibh indiu gur labhair
Naomh Phádraig go hana-dhán leis an rig ar a chuairt
go Teamhair. Níl sa méid sin acht cainnt gan
áird. Fear eolach béasach do b'eadh Pádraig. Bí sé
urramach do'n righ, mar ba chóir, acht níor cheil sé fáth
a thurais.



Ta finnsceala deasa i dtaobh an turais sin chum na
Teamrach, agus ní fhuil aon locht ortha acht amháin nách
bhfuil aon ughdarás leo.



Ta aon-nídh amháin dearbhtha go leor, agus 'sé sin gur
thug se seanmóin bhreágh éifeachtamhail uaidh do'n
bhuidhin ríoghamhail ar Chnoc na Teamhrach d'atharruigh
croidhe chuid aca. Bhí meas aige ar Teamhair, mar
bhí fios a cumhachta aige, níor bh'áil leis fearg do chur
ar einne innti gan gábhadh, agus gnid sé a dhícheall go


L. 45


mánla agus go dáiríribh áiteamh ar gach duine ann an
phágántacht do chaitheamh uatha agus díon an tSlánuightheora
do ghlacadh chucha féin.



Bhí díospóireacht focal aige leis na draoithibh i
láthair an ríogh agus is dócha, mar is gnáthach, gur shíligh gach
díospóiridhe aca gur aige féin do bhí an ceann is fearr.



Bhí léigheann ag na draoithibh agus leabhair aca leis, gidh
go raibh leabhair go tearc i nÉirinn an uair sin, acht ní
gabhadh aon dearmad do bheith ar éinne 'ná go raibh
leabhair lámhscríobhtha i nÉirinn i bhfad roimh theacht
Phádraig.



Bhí an tír go saidhbhir le haghaidh Phadraig agus measaim
go raibh an oiread daoine innti is tá indiu. Is dóich
le n-a lán gur iompuigh Pádraig iad súd go léir, acht
dá fheabhas é le grása Dé, ní raibh sé 'na chumas a
leath d'iompughadh, agus bhí págánaigh i nÉirinn go ceann
i bhfad na dhiaidh. Toisc go raibh na daoine riaruighthe
na ngrádaibh, gach treibh aca fá n-a dtaoiseach fein,
dá dtárlóchadh go n-iompóchadh Padraig an taoiseach
do b'annamh ná go ndéanfadh an treibh
nó an chuid ba mhó aca aithris ar an dtaoiseach.
Tuigfear as aon tsoluidhe amháin gur mór le radh
na taoisigh úd, mar deir an tsean-dlighe nuair do
pósfaidhe ceann dá n-ingheanaibh gur bh'e an diol ba
cheart le tabhairt do'n easpog do phosfadh i le fear na
unga óir nó culaidh-phósta na mná óige. Do chosnóchadh,
dá réir sin, adhbhar na culaidhe-pósta úd cead punnt
dár gcuid airgid-ne indiu, agus ceapaim dá dtógfadh an
t-easpog úd an chulaidh-phósta sin na mná óige mar
mhalairt ar an unga óir gur bh'é an gnó bhíodh aige dhi 'ná
chum éide sagairt nó éadach altóra dhéanamh aisti.



Má bhíodh éadach chomh daor soin ar inghin taoisigh
measfar cad é luach éadaigh inghine ríogh cúige, nó fós
inghine an Aird-Ríogh féin.


L. 46


Do shníomhtaoi, do fíghtí agus do dhathuigti an t-éadach
úd ag baile le cruinneacht méireanna is inntleacht
cinn fear agus ban nÉireann, agus bhí an t-eolas soin aca
le céadtaibh bliadhan sul ar tháinig an creideam
Críostaidhe 'na measc.



Sul a dtáinig an Chríostaidheacht bhí Rath na Seanaid
ar Teamhair mar a suidheadh an fheis chun gnótha na
tíorach do shocrughadh, bhí an Teach Miodhchuarta ann,
suas le hocht gcéad troigh ar faid agus chúig troighthe is
dáfhichead ar áirde mar a suidheadh sluaigte d'uaislibh
Éireann chum togha an bídh ar ósdaidheacht an Áird
Ríogh. Ní raibh na hÉireannaigh gan lochta is gan
droch-chleachttha ar theacht Pádraig, acht mar sin féin,
ní raibh aon daoine eile lasmuich de'n Roimh féin do
b'feárr dlíghthe 'ná ba mhó míneachas agus eolas 'na
iad. Bhí scoileanna is léigheann aca, bhí ceárdaidhthe
aca le gach uile rud do dheánamh dóibh do bhí ag
teastabháil uatha, bhí loingeas aca beag is mór
ó'n gcurach go dtí an barc seoil, is díolacháin is
ceannaidheacht leis gach tír sa duthaigh. Bhí ceannuigh-
theoirí ó'n nGréig ar aonach mhór Thailteann an lá
Lughnasa úd do sheanmóin Naomh Pádraig ann os
comhair fear nÉireann.



Is láidir an rud nós, má cheapann na daoine féin é.
Do b'é nós na Sean-Ghaedheal géilleadh do dhlighe mar
ghnídheadar féin í, agus do b'é nós na dlighe ná leomhfadh
éinne bheith ag achrann ná ar meisce ar na haontaighibh
úd. Dá réir sin bheadh náire go bráthach tabhartha
d'éinne do dhoirtfeadh fuil ar aontaighibh Tailteann,
Charmain, Eamhna, ná ar aon aonach eile ar fuaid na
tíre. Siúd is go mbeadh cogadh ag taoiseach le
taoiseach eile bheadh sé riachtanach ortha síothcháin do
bheith eatortha aimsir an aonaigh fá mar do bhí sé
riachtanach ar gach treibh ar fuaid Éireann bheith síoth-


L. 47


chánta le n-a chéile faid do bhí Feis na Teamhrach ar
siubhal. Tá cunntas ins na scríbhnibh ar an gcuma do
chaithtí an aimsir ar na hAontaighibh úd. Do ghnídhtí
cleamhnais ann, bhíodh pósaidhe ann, bhíodh cleasa-lúth
is iomrascáil ann, comórtas capall is cluiche con,
bhíodh filí ann is seanchaidhthe, duaiseanna dá roinnt,
is dlighthe nua dá bhfógairt, ceol ann is amhráin, fear
na méireacán is fear na gcleas is an chearrbhach go
gnóthach ann.


L. 48


NA DRAOITHE.



Nuair do tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn, bhí
cumann creidimh ann darbh' ainm dóibh na Draoithe, agus
is iomdha scoláire ó shoin gur bh'áil leis eolas d'fhágh-
áil ar an saghas creidimh do bhí aca súd. Págántacht
do b'eadh an creideamh úd díreach mar bha Phágántacht
do bhí i mballaibh eile ar fuaid an domhain acht amháin
i n-áiteannaibh ina raibh an creideamh nua Críostaidhe
ag dul chum cinn.



Bhí mórán saghasanna Págántacht ar fuaid an tsaogh-
ail fá mar atá indiu, agus do réir nósa gach aicme, chuir
gach tír a gcuma agus a bhfoirm féin ar an gcreideamh
soin. Chuir na sean-Éireannaigh a gcuma féin ar a
gcreideamh mar an gcéadna, agus ní heol dom aon
chreideamh eile an uair sin ar Roinn na hEorpa ba
chosmhail leis.



I mBreatain agus i nGallia nó an Fhrainnc do ba
shagart an draoi, mar d'ofráladh sé íodhbairt chum
déithe; acht níor mhar sin do'n draoi i nÉirinn. Níor
bha shagart é sin i n-aon chor. Ní raibh ann acht fear
foghlumta, agus do b'é a shlighe bheatha 'ná múineadh.
Céim léighinn do b'eadh oifig an draoi i nÉirinn, agus
bhí cuid de na breitheamhnaibh agus fó-cheann de ríghthibh
Éireann 'na ndraoithibh i dteannta a slighe mbeatha
féin sa tsaoghal.



Níor mhar a chéile éadach an draoi agus éadach daoine
eile. Do b'é nós na tíre seacht ndath do bheith ar
éadach an ríogh, agus as soin síos go dtí an sclábhaidhe do


L. 49


chaitheadh bheith sásta le haon dath amháin, buidhe nó
odhar, ar a bhalcaisíbh; acht do b'é dath éadaigh an
draoi 'ná geal, agus ba ghnáthach leis clóca de línéadach
fhíneálta bheith air.



Ní raibh draoithe na hÉireann leis chomh doicheallach
fá n-a gcuid léighinn agus fá rúnaibh a gcreidimh is bhí na
draoithe thar lear, mar ba ghnás dár ndraoithibh-ne a
gcuid creidimh agus a n-eolas do chraobhscaoileadh tré
leabhraibh, agus deir ughdar do thrácht thar dhraoithibh na
Breataine agus Ghallia go dtugaidís sin a n-eolas dá
chéile ó bhéal go béal i gcás an eolais sin do bheith
foluighthe ó sna daoinibh. Ní raibh aon fhonn de'n tsaghas
soin ar dhraoithibh Éireann, agus molaim iad dá dheascaibh
sin.



Bhí urraim ag na draoithibh dá leabhraibh, acht mar
sin féin ní raibh na leabhair i bhfolach aca, agus bhí cead ag
gach scoláire iad do léigheadh. Is soth linn nach bhfuil
aon leabhar aca súd slán indiu, agus, toisc na fuil,
ní fhuil againn acht buille fá thuairim i dtaobh an
tsaghais creidimh agus na saghas paidreacha bhíodh ag an
ndraoi. Chonnaic Naomh Pádraig na leabhair sin, agus tá
an teist amuich air gur stoll sé iad i gcás ná beidís
ag mealladh na gCríostaidhthe; acht is deallrathaighe
gur tháinig an clúmh liath ar na leabhraibh úd, agus gur
lobhadar le faillighe mar nách raibh aon ghnó ag na
Críostaidhthibh díobh. Do ba annsa leo an Bíobla 'ná
leabhar riaghlacha an draoi, agus ba ádhmharach an rud do
Phádraig an argóint do bhí aige le Lúchet Mael,
príomh-dhraoi na hÉireann, i láthair Ríogh Laoghaire,
mar do thaisbeánadh do chách go raibh cumhacht Pádraig
níos mó 'ná cumhacht an draoi. D'iarr an rí ortha a
leabhair do chaitheadh isteach i n-uisce, agus an té go
snámhfadh a leabhar gurab aige-sean do bhí an creid-
eamh ceart. Bhí Pádraig toiltheannach, acht d'eitigh
Lúchet Mael. Bhí eagla air go mbeannóchadh Pádraig


L. 50


an t-uisce, agus go rachadh a leabhar féin ar tóin puill.
Chualaidh an draoi úd trácht thar an mbaiste i n-a
mbeannuighthear an t-uisce, agus, gidh nár ghéill sé do'n
chreideamh Críostaidhe, mar sin féin ní raibh puinn
muinighne aige as a chreideamh féin; agus muna gcreididh
an múinteoir 'na chreideamh féin, is deacair dó a chur
fhiachaibh ar aon eile géilleadh do'n chreideamh soin.
Chreid Pádraig, agus bhí sé dáiríribh.



Sean-chreideamh do b'eadh an Phágántacht, do bhí ag
dul ar gcúl; agus bhí intinn na ndraoithe géar agus amhras-
ach go raibh rud éigin i n-easba air. Chuaidh an Phágán-
tacht ar gcúl ar an gcuma gcéadna ar mhóir-thír na
hEorpa.



Bhí cuid de na Gréagachaibh agus na Rómhánachaibh 'na
bhfearaibh ba mhó inntleacht dá bhfeacaidh an saoghal
riamh. Tá a gcuid leabhar ag dul i dtairbheacht do
gach fear eolais ar druim an domhain indiu, agus do ba
Págánaigh iad go léir. Mar sin féin, d'éirigh muinn-
tir na dtíorach úd tuirseach de'n Phágántacht; agus, gidh
go rabhadar mall chum an chreidimh Chríostaidhe do
ghlacadh 'na ionad, d'imthigh an bhrígh as an bPágántacht
fá dheireadh.



Bhailigh na draoithe i nÉirinn aith-neart timcheall
aimsire bháis Phádraig, agus chuadar i dtreiseacht go
ceann tamaill; acht ní raibh teas an chreidimh ins an
iarracht, agus, gidh go raibh draoithe i nÉirinn go ceann
dhá chéad bliadhan 'na dhiaidh súd, mar sin féin, ní raibh
sa Phágántacht acht críonlach ag feothadh ó bhliadhain go
bliadhain.



Do ghlac mórán de na draoithibh féin an creideamh
Críostaidhe, agus do chrom a thuilleadh aca ar ealadhnacha
eile do mhúineadh — do mhúin ceann aca a chuid léighinn
shaoghalta do'n naomh lonnrach soin Colum Cille — acht
beag ar bheag d'imthigheadar fá dheireadh. Tá an méid
seo le rádh ar a son, ámh, nách raibh Éire riamh ó shoin


L. 51


chomh cumhachtach is bhí sí le n-a linn. Éireannaigh mhaithe
do b'eadh iad; bhí grádh aca dá dtír; agus gidh go raibh
piseoga meascuighthe le n-a gcuid creidimh, ní hortha
bhí an locht, mar bhí Págantacht imeasc na gcinidheacha
agus na bhfear ba mhó cáil ar fuaid an domhain an uair
sin.



Is as ár sean-leabhraibh féin atá pé eolas atá
againn ar na draoithibh agus ar chreideamh na sean-
Ghaedheal. Thug Iúl Caesar agus Rómhánaigh eile, chomh
maith le hughdaraibh Gréagacha, tuairisc ar imtheachtaibh
draoithe na Breataine agus Ghallia, agus se deabhadh gan
smuaineadh do scríobh cúigear nó seisear scríbhneoirí
i nÉirinn leabhair ins an aois seo ghabh tharainn dá
dhearbhadh gur mar a chéile creideamh draoithe Éireann
leis an gcreideamh do bhí 'ghá fhoillsiughadh ins an
mBreatain ar an am gcéadna. Ní ghéilleann ár
scoláirí eolacha Ó Comhraidhe agus Ó Donnabháin leis sin
i n-aon chor; agus gidh go raibh cosmhaileacht idir an dá
chreideamh, bhí deithfir mhór eatortha mar sin féin.
D'ofrálaidís draoithe Bhreatan is Ghallia fuil
daonda dá ndéithibh, agus ní fhuil aon ughdarás i n-aon
chor ag cúig nó sé de scoláiríbh i nÉirinn adubhairt
ins an aois seo ghabh tharainn go raibh an choir uathbhásach
soin ag baint le sean-chreideamh na nGaedheal. Dá
mbeadh a leithéid de ghnás dhéistineach imeasc na
nGaedheal, d'inneosadh Pádraig nó ceann éigin eile
de naomhaibh na hÉireann dúinn é, nó Cormac naomhtha
Mac Cuileannáin, na Ceithre Mháighistir, Céitinn, nó
bárd nó ollamh éigin eile. Fuair U. K. Ó Súilleabháin
rotha seama éigin 'na taobh i scríbhinn. Fuair Cormac
Ó Conchubair líne bheag eile, agus d'aontuigh Árd-Easbog
Ó hÉaluighthe leo i leabhar mhaith do scríobh sé ar shean-
scoilibh is shean-scoláiríbh na hÉireann. Bhí eolas Uí
Chomhraidhe agus Uí Dhonnabháin seacht n-uaire níos mó 'ná
a n-eolas súd, agus go mór-mhór do léigheadar gach


L. 52


scríbhinn do bhain leis an scéal, agus 'sé a dtuairim nách
bhfuil pioc ughdaráis le rádh gur ofráil na sean-
Ghaedhil fuil dhaonda dá rígh-íodhal, Crom Cruach. Go
dearbhtha ní deacair an cheist do réidhtiughadh. Tá
cúpla líne ins an Dinnseanchus, cúpla focal i Leabhar
Bhaile-an-Mhóta, agus dhá líne ghearr sa Leabhar Laighneach,
agus badh bheag é mo mheas ar aon scoláire adéarfadh
gur thaisbeánadar súd gur ofráil na sean-Gaedhil
fuil a gclainne ná fuil aon duine eile acht chomh beag
do Chrom Cruach. Is é an focal beag soin "soth" do
chuir amudha is ar mearbhall na scoláirí seo, mar tá
dhá bhrígh leis an bhfocal soin — 'sé sin "clann" agus
"ál." Ní dócha go gcreideann éinne go dtugadh na
Gaedhil mar íodhbairt do Chrom Cruach fuil a gcéad
mhic, agus dá réir sin ní gábhadh dhom a thuilleadh do rádh
'na thaobh.



Do b'é Crom Cruach áird-íodhal na hÉireann. Bhí
ainmneacha eile air, acht is é Crom Cruach nó Crom
Dubh is gnáthaighe tugthar air. Bhí sé 'na shuidhe ar
Mhuigh Sleachta ó aimsir an ríogh Tighearnmhas go
teacht Phádraig, 'sé sin cheithre céad déag bliadhan; agus
do thagadh na hÉireannaigh ann, agus shléachtaidís iad
féin do'n íodhal úd, agus d'iarraidís air rath na bliadhna
do chur ortha. D'iarraidís air, fá mar adeir an
Leabhar Laighneach, "blicht isith" — 'sé sin bainne is
arbhar, nó an rath ar a mbuaibh is ar a ngortaibh go
ceann na bliadhna. Ní dóich liom gur bha deilbh duine
Crom Cruach, agus creidim nách raibh ann acht gallán 'na
sheasamh ar lár machaire i gCondae an Chabháin. Bhí a
mhullach nó a cheann clúduighthe le hór. Tháinig
Pádraig agus bhuail sé leis an mBachall Íosa é, agus deir-
thear gur chuir an buille sin sa talamh Crom Cruach,
acht briseadh é go háirithe. Bhí déithe eile ag na
Gaedhealaibh leis — Dianchécht, an dia chum leighis, agus a
thuilleadh. Bhí tuairim aca go mairfeadh an t-anam


L. 53


d'éis scaramhaint leis an gcorp dó; agus is é an com-
artha agus an teist is soiléire ar intinn is ar smuaintibh
na sean-Ghaedheal go raibh, dar leo, an saoghal eile 'na
thír choilltigh, shruthánaigh, bhláthmhair, ceol is aoibhneas
ann, canntaireacht éan ann, is glór na gcon sa
bhfiadhach imeasc na ngleann.


L. 54


BÓRAMHA LAIGHEAN.



Fuair Rí Laoghaire bás ar thuras cogaidh dó go
Laighin, d'éis Éireann do riaghlughadh go maith ar feadh
chúig bhliadhna déag ar fhichid, agus cuireadh é 'na éideadh
catha i múr na Teamhrach, a chorp 'na sheasamh, a chlaidh-
eamh 'na ghlaic, a chathbhárr ar a cheann, agus a aghaidh ó
dheas ar na Laignibh.



Págánach borb do b'eadh é, do chaithfeadh a chothrom
cirt d'fhágháil agus nár bh'ionntaoibh cur 'na choinnibh. Ní
raibh sé i n-aghaidh an Chreidimh Chríostaidhe, mar ceap-
aim gur chuma leis cad é an saghas creidimh do bheadh
'ghá chraobhscaoileadh acht ná cuirfidhe isteach ar riagh-
altas na tíre. Fear intinneach do b'eadh é, go raibh
dúil sa cheart aige. Ghlaodhaigh sé chuige ar Naomh
Pádraig, ar dhá easpog eile, agus trí breitheamhain mar
aon leo, agus é féin mar cheann ortha.



Do léigh an t-árd-ollamh dhóibh leabhair na dlighe agus
gibé áit go raibh an dlighe ró-chruaidh ar chách do
mhachtnuigheadar ar chóir í 'atharrughadh. Coir a
mhairbhthe do b'eadh do dhuine, duine eile do mharbhu-
ghadh, 'sé sin anam ar anam nó súil ar shúil, acht
i n-ionad soin is eadh do cheap an chuallacht léighinn
úd fá chúram Ríogh Laoghaire éiric mar dhíoghaltas ar
choir agus do b'shin é nós na tíre riamh ó shoin gur leath
dlighe Shasana i nÉirinn dhá chéad déag bliadhain 'na
dhiaidh súd



Ba bheag atharrughadh eile cuireadh ar an ndlighe


L. 55


mar nár theastuigh sé uaithi. Bhí rí-chíos da thabhairt ag
gach rígh cúige do'n Áird-Rígh agus fágadh mar sin é. I
dteannta an mhéid sin bhí cáin eile ar Chúige Laighean
do b'éigean do'n chúige sin a dhíol gach aon tarna
bliadhain, agus ba bheag an mhaitheas do Phádraig 'iarraidh
ar an rígh í 'mhaitheamh. Ba mhór an chúis imris i
nÉirinn an droch-cháin sin. Glaodhtar Bóramha Laighean
uirthi agus do b'annamh do dhíol Cúige Laighean í gan
bruighin, acht bhí ríghthe na Teamhrach chomh láidir sin agus
chomh ceann-dána nár mhaitheadar riamh do'n chúige
mhí-ádhbharaigh an cháin ghránda soin.



Is dá héileamh do bhí Rí Laoghaire ag dul nuair do
bhuail an bás obann é (463, DC.). Chuir sé roimis an
bhóramha úd do thógáil dhá bhliadhain roimhe siúd acht do
tógadh é féin 'na hionad mar bhuaidh na Laighnigh chalma
air i gcath. Scaoileadar uatha an tÁird-Rí, ámh ar
choingheallaibh ná bainfeadh sé leo go bráthach arís, agus do
geall sé dhóibh dar ghréin is ghaoith, do réir mhionn na
bPágánach, ná cuirfeadh sé isteach ortha a thuilleadh.



Mar sin féin, badh lag leis an Aird-Rígh borb mór-
dhálach géilleadh dhóibh. Cheap sé leis féin gur baineadh
na coinghil de dá aindeoin. Ní raibh dul as aige,
adubhairt sé, is do b'éigean dó an gheallamhaint do
thabhairt uaidh, mar nuair do cuirtear an coileach chun
treabhadh caitheann sé a dhéanamh.



Teasbánann bás obann Laoghaire gur mhór leis
na hÉireannachaibh a ngeallamhaint, mar deir scríbhinn,
mar cheann fé Rígh Laoghaire, gur mhairbh grian is gaoth
é toisc gur bhris sé a fhocal. Acht d'áitimh an tÁird-
Rí air féin gur bh'é a cheart an bhóramha do thógbháil fá
mar do bhailigh na hÁrd-Ríghthe roimis is 'na dhiaidh é.



Sin é an chuma go bhfásann droch-nós go mbíonn sé
chomh daingean le dlighe.



Níor thuill na Laighnigh an droch-úsáid do fuaradar
ó aois go haois i dtaobh na bóramha milltighe úd: acht


L. 56


tá aon cheacht amháin le foghluim go soileir as, agus 'sé
sin gur mhór leis na hÉireannachaibh banamhlacht a
mban, agus ná raibh aon choir ba ghráinde leo 'ná náire
do thabhairt do mhnaoi.



Trí chéad bliadhain roimh am Ríogh Laoghaire do thug
Tuathal Teachtmhar a inghean ba shine mar mhnaoi do
Rígh Laighean. Do luigh an rí sin a shúil ar an inghin do
b'óige, agus ba ise do bhí uaidh; acht, fá mar atá an nós
indiu, níor ghnáthach leis an inghin do b'óige pósadh
roimh an inghin ba shine.



D'éirigh i gcionn tamaill go raibh Rí Laighean tuir-
seach dá chéile-leaptha, inghean an Áird-Ríogh. Bhuail
sé fá ghlas í 'na rígh-theach i Nás, agus seo chum siubhail é go
Teamhair, 'ghá rádh go bhfuair sí bás D'éis tréimhse,
fuair sé an dara hinghean mar mhnaoi, agus thóg leis í.
Ag siubhal di seo thré sheomraíbh a pháláis bhreagh i Nás,
cé chasfadh uirthi go hobann acht a deirbhshiúr féin.
Bhuail aithis is náire an bheirt deirbhshéar ar bhualadh le
n-a chéile, agus thuit an t-anam asta araon! Fá cheann
seachtmhaine bhí claidhmhte Ríogh na Teamhrach ag cosc-
airt thré Chúige Laighean.



Do b'olc an scéal do Laighnibh coir bhréan a ríogh
nách raibh leigheas aca air, agus do b'olc an scéal
d'Éirinn leis é, mar ná raibh Laighin umhal 'na dhiaidh
súd d'aon Áird-Rígh le n-a toil féin. Ghéillidís na
Laighnigh nuair do b'éigin dóibh é, acht throididís chomh
luath is bhíodh rí buadhthach ortha mar Bhran Dubh do
mhairbh an tÁird-Rí Aodh mac Ainmire i nDún Bolg.
Chabhruigheadar leis na Lochlannachaibh bliadhanta 'na
dhiaidh súd, mar chuir Brian an bhóramha mar chíos
ortha, agus do b'é a rí, Maolmhuire, fá ndeara Cath
Chluain Tairbh i n-ar cailleadh Brian.



Sin é toradh droch-nóis, agus díolann gach tír chomh
maith le gach duine as a ndroch-bheartaibh, luath nó
mall.


L. 57


Dá olcas é toradh na Bóramha, mar sin féin faid
do bhí an Teamhair 'na ceann ar Éirinn ba bheag an
bhárthainn do ghnídh easumhlacht Laighean do'n rígheacht,
mar chaith na Laighnigh géilleadh pé olc maith leo é.
Chuaidh Éire chum cinn, agus bhí léigheann ag dul ar aghaidh.
Tháinig Oilioll Molt mac Dháithí le bheith 'na Áird-Rígh
ar feadh fiche bliadhan; riaghluigh Lughaidh mac Laoghaire
naoi mbliadhna fichead 'na dhiaidh sin, agus i gcionn an dá
bhliadhain déag ar fhichid as soin i leith bhí dhá rí eile —
Muircheartach mac Earca, agus, 'na dhiaidh sin, Tuathal
Maolgarbh — 'na gceannaibh ar Éirinn. Págánaigh ar
nós Ríogh Laoghaire do b'eadh na ríghthe seo, acht níor
chuir aon aca isteach ar an gCreideamh gCríostaidhe.


L. 58


MILLEADH NA hÉIREANN.



Óráit do Dhiarmaid Mac Cearbhaill. Ins an
mbliadhain 544 do déineadh Áird-Rí dhe agus do b'eisean
an chéad Chríostaidhe do riaghluigh Éire.



Do taidhbhreadh do'n Áird-Rígh sin ar a leabaidh i
dTeamhair go bhfeacaidh sé crann mór géagach i gcoill.
D'fhéach sé le hiongantas ar aoirde is ar reimhreacht
an chrainn, acht faid do bhí sé ag féachaint air do
tháinig scata fear le tuaghannaibh, do bhuaileadar bun
an bhile, do ghearradar é, agus do thuit sé le fuaim do
chroth an domhan. Do b'é an bile úd Teamhair agus do
b'iad fir na dtuagh Naomh Ruadhán Lothra agus a mhanaigh.



Ní fhuil aon tubaiste ó thúis go deireadh i stair na
hÉireann is measa 'ná mallacht Naoimh Ruadháin ar
Teamhair. Níor chuir an tÁird-Rí Diarmaid isteach
i n-aon chor ar na manachaibh. Bhí sé go fial agus
go muinnteardha leo. Fear láidir aigeantamhail
do b'eadh é go raibh fonn riaghalta air. Le seal
roimhe sin bhí na ríghthe cúige agus na taoisigh mhóra ag
éirghe chomh neamhspleádhach soin gur gheárr muna mbeadh
cuid aca 'gá gcur féin suas is anuas leis an Áird-
Rígh féin. Chromadar ar dhúnta daingeana do chur
suas ar fuaid na tíre gan buidheachas d'éinne. Chuir
an tÁird-Rí gairm scoile amach go gcaithfidhe aoirde
is leithead shleighe an ríogh bheith i ngach doras dúin is
tighe mhóir — 'sé sin le rádh go mbeadh sé riachtanach ar
gach uasal cead do thabhairt do theachtaire an ríogh
gabháil isteach 's amach i ngach dún i nÉirinn. Chuir


L. 59


sé bollsaire ar siubhal leis an bhfógra soin. Géilleadh
do'n bhollsaire go dtáinig sé go dun Ghuaire, Rí
Chonnacht, agus géilleadh dó annsúd leis, mar bhí Guaire
le n-a mhnaoi nua-phósta as baile. D'fhill Guaire
faid do bhí an bollsaire fá dhíon tighe agus i n-ionad rud
do dhéanamh ar taoiseach uasal a Áird-Ríogh is eadh do
ghnídh sé 'ná sleagh do ropadh thríd. Mar an ionmhuin
leat mo mhadra ní hionmhuin leat mé féin, agus do ba
dhála soin do Ghuaire.



Bhí an liúgh fhiadhaigh thríd an dtír láithreach, agus an
tuairisc ag dul ó bhéal go béal gur marbhuigheadh
teachtaire an ríogh. Do theich Rí Chonnacht len' anam,
mar ba gheall leis an rí do bhualadh a theachtaire do
bhualadh. Sceinn sé go dtí Lothra i dTiobraid
Árann, agus d'iarr coimirce ar Naomh Ruadhán. Bhí an
tóir 'na dhiaidh ró-dhian agus do tháinig faitchíos ar
Ruadhán agus do sheol sé Guaire go dtí rí na Breataine.
Chuir Diarmaid scéala chum Ríogh na Breataine Rí
Chonnacht do chur a bhaile láithreach nó gur dhó féin ba
mheasa, agus tháinig scannradh ar Rígh na Breataine agus
thiomáin sé ar n-ais Guaire. Thóg Ruadhán arís fá n-a
scáth é agus chuir i bhfolach é.



Bhí nós ag na Giúdaighthibh go raibh bailtí áirithe aca
go nglaodhaidís cathracha dídin ortha, agus pé cuirptheach nó
méirleach nó marbhthóir do bheadh ag teicheadh ó'n
ndlighe, dá dtárlóchadh go sroichfeadh sé slán an
chathair dídin ní leomhfadh an dlighe méar do bhualadh
air. Ghnidh na manaigh i nÉirinn riaghail dhóibh féin ar
an gcuma gcéadna. Glaodhadh mar ainm ar an
dtalamh do bhí mór-dtimcheall a gcille an "Neimheadh"
— 'sé sin talamh naomhtha. Nós nua do b'eadh a
leithéid sin i nÉirinn agus níor thaithnigh sé leis na
nÉireannachaibh i n-aon-chor gidh gur leigeadar dó,
mar bhí cumhacht spioradálta ag na manachaibh. Mheas


L. 60


Naomh Ruadhán an nós so do chur i bhfeidhm. Do ba
de shliocht ríogamhail Éibhir an naomh so leis agus bhí éad ag
an sliocht soin le ríghthibh na Teamhrach, mar do ba de
shliocht Eireamhóin na hÁird-Ríghthe sin. D'eitigh
Ruadhán Rí Chonnacht do thabhairt suas do'n dlighe,
acht tháinig an tÁird-Rí féin agus a ghárda go Lothra le
haghaidh a ghabhála. "Cá bhfuil an marbhthóir Guaire
atá fád' choimirc?" ars' an tÁird-Rí, mar bhí 'fhios
aige ná 'neosfadh an naomh bréag. "Ní fheadar-sa
shoin muna bhfuil sé fád' chosaibh," arsa Ruadhán, agus do
sásaimh an freagra an Rí, mar ní raibh fá n-a chosaibh
dar leis acht an talamh cruaidh. Ar imtheacht dó,
mar sin féin, do mhachtnuigh sé go mb'fhéidir go raibh
an naomh 'gha mhealladh. D'fhill sé ar n-ais agus fuair sé
Guaire i bhfolach i n-uaimh fá'n áit gur sheasaimh sé
féin air. Ní raibh maith i n-impidhe ná i mbagairt
Naoimh Ruadháin. Acht bhí a dhíoghaltas aige mar sin
féin. Is dubhach an scéal é, acht is í beatha an star-
aidhe fírinne. Bhailigh Naomh Ruadhán manaigh na Mumhan,
trí chéad aca, leanadar an tÁird-Rí, ghluaiseadar
mór dtimcheall na Teamhrach ag bualadh a gcloigíní
'na coinnibh, agus chuireadar an mhallacht ar an gcathair
ríoghamhail agus ar gach duine innti. Sleagh thré chroidhe
na hÉireann do b'eadh an mhallacht úd, an bheart do
b'amadánta agus ba thruaghmhéilighe dár thuit amach riamh
sa tír. D'fhill na manaigh slán, mar bhí eagla ar na
daoinibh rómpa agus bhí Éire briste 'na codaibh.



Riaghluigh Diarmaid Mac Cearbhaill Éire ar feadh
fiche bliadhan agus gidh gur bha rí láidir buan-seasmach
misneamhail é, ní raibh sé 'na chumas Éire do chneas-
ughadh, mar bhí gach cuirptheach is fear uallach ag
éirghe 'na aghaidh 'gá rádh gur threise Ruadhán agus na
manaigh 'ná eisean! Nuair do leomhthaoi a leithéid
sin de chainnt i nÉirinn, gan aon amhras bhí cumhacht na


L. 61


Teamhrach briste, agus briseadh Éire le n-a cois. Nuair
do tháinig na Lochlannaigh dhá chéad bliadhain 'na dhiaidh
súd dhóigheadar na mainistreacha, is mharbhuigheadar na
manaigh, loisceadar is chreachadar Éire, mharbhuigheadar
na mná is na leinbh. Cá raibh claidheamh ríogh na
Teamhrach an uair sin? — an claidheamh do chrothadh go
dán i n-aghaidh na Romhánach ar feadh cheithre chéad
bliadhan? Bhí a easnamh an uair seo chum na hÉireann
agus na hEaglaise do chosnamh ar an namhaid.



Tá toradh na mallachtan úd do bhris Teamhair ag
goilleamhaint ar Éirinn ó shoin. Tháinig an Lochlannach
'gá claoidhe is an Normánach is an Sasanach 'gá
scrios; fuair an sagart is an bráthair bás obann;
fuair an t-óg is an críonna an chroch, mar briseadh an
buinne do chongaibh an tír le chéile. Is é Naomh
Ruadhán do chaith an saighead mhillteach úd do laguigh
cumhacht a Áird-Ríogh féin is do scaoil Éire 'na
codaibh, gach cuid di ag achrann leis an gcuid eile go
dtáinig an namhaid 'na measc. Ní raibh 'fhios ag an
naomh cad iad na tubaistí do thiocfadh as a shaothar.
Mheas sé tuisleadh do bhaint as an rígh mar shíligh sé
gur thuill sé é, agus b'uathbhásach an toisc d'Éirinn é.



Níor thug Diarmaid Mac Cearbhaill a chúl ar
Teamhair gidh go raibh eascaine an naoimh uirthi.
I n-ionad congnaimh do thabhairt dó mar ba chóir, is
eadh do dheighil a thaoisigh uaidh ceann ar ceann agus do
thuit sé fá dheireadh le sleigh taoisigh i Muighlinne
Tuaidh i nUltaibh ag iarraidh a thíre — d'fhuineadh agus do
shnadhmadh i n-aon treibh dhaingin dhluith amháin. Dá
n-éirigheadh leis is deárthach go mbeadh Éire 'na
ceann ar an mBreatain. Chaill sí an fhaill sin agus ní
bhfuair sí riamh ó shoin í.


L. 62


TAR ÉIS AN MHILLTE.



Má bhí fuadar cogaidh is buannachta fá Éirinn ar
feadh chúig chéad bliadhan roimh aimsir an Ríogh Diar-
maid, ghabh machtnamh eile a chlann as súd amach, agus do
b'é an machtnamh é nách bhfuil sa tsaoghal so acht
neamh-nídh. Ghabh an smuaineadh soin ó chroidhe go
croidhe is ó bhéal go béal, gur las sé intinn is aigne
mhór-chuid de sna hÉireannachaibh le n-a leithéid sin de
dhiadhaidhtheacht is de theas-ghrádh creidimh gur chosmhail
a lán de naomhaibh Éireann leis an dá apstal déag.
Ní raibh Éire, dar leo, fairsing a dóthain dóibh. Bhí an
domhan mór lasmuich ag feitheamh leis an dteagasc,
agus do b'annamh d'fhágadh long seoil cuanta na hÉir-
eann gan ualach sagart ag brostughadh thar na
huiscíbh. Chuireadar fútha an creideamh Críostaidhe
do scaipeadh ar fuaid na hEorpa agus i bhfad níos sia ó
bhaile, agus ní dóich liom go raibh aon tír eile dá hoireadh
ar domhan ba dhuthrachtaighe i mbun ghnótha Dé ar feadh
dhá chéad bliadhan 'na dhiaidh súd 'ná Éire.



Do mhothuigh an Bhreatain is tíortha na hEorpa buillí
troma ríghthe cogaidh na Teamhrach, agus bhí claidhmhthe na
hÉireann ag coscairt láimh leis na hAlpaibh. Do
mheil is do bhris Niall Naoi-nGhiallach na Rómhánaigh
féin ar thír na hEorpa, agus deirthear gur ar a thuras go
cathair na Róimhe bhí Dáithí nuair do mhairbh an chaor é.



Ní fonn de'n tsaghas soin do bhí ar na hÉireann-
achaidh eile seo an chreidimh nua. Chaitheadar so uatha
an claidheamh agus láimhsigheadar an chrois. Thrialladar


L. 63


leo imeasc chinidheacha fiadháine, gan biadh gan deoch,
ar lorg anam do Fhlaitheamhnas. Níor chuir síon ná
sneachta cosc leo, níor mhoilligh aibhne ná cnuic ná
coillte iad, i n-ocras agus i n-anró do chraobhscaoil-
eadar céasadh an tSlánuightheora. Níor éirigh a
dturas chomh socair leo is d'éireochadh i nÉirinn. Ni
raibh ríghthe na hEorpa chomh réidh is chomh deagh
mhéinneach leo is bhíodh ríghthe na Teamhrach nár chuir
riamh cosc leis an gcreideamh.



Chuir ríghthe is taoisigh fhiadháine na hEorpa chum báis
a n-iomad de shagartaibh ó Éirinn agus do thiomáineadar
a lán eile aca ar siubhal thar a dteorannaibh. Is le
duadh is le cuid fola mhórán aca do cuireadh síol an
chreidimh ins na tíorthaibh allta úd, acht is leis an
Eaglais do bhaineann stair a mbeatha, agus gidh gur mór
an ceann suas d'Éirinn iad, mar sin féin is beag an
bhaint atá ag stair na hÉireann le n-a n-imtheachtaibh
i dtíorthaibh coigcríocha.



Thugadar súd a gcuid saothair ar son na dtíortha
eile sin, mhúineadar lasmuich an t-eolas do fuaradar
i nÉirinn, agus ní bhfuair Éire aon chúiteamh as.



Bhí Éire go foirtil i bhfearaibh léighinn ó'n gcúigeadh
go dtí an t-ochtmhadh aois, agus muna mbeadh iad do
bheadh léigheann is eolas curtha i n-éag ar thír mhóir na
hEorpa an uair sin, mar thuit Impireacht na Rómh
ánach as a chéile le n-a droch-chleachtaibh féin, agus ní raibh
sé i n-ann í féin do chosaint feasta ar thuargain
chinidheacha fiadháine an tuaiscirt do bhris isteach uirthi
is do scrios í.



Bhí ríoghacht na hÉireann briste leis an uair sin;
acht níor bha le neart namhad deorata do briseadh í,
acht le hóinseamhlacht a clainne féin do laguigh
úghdarás a nÁird-Ríogh. Níor chomhnuigh aon Áird-Rí
eile i rígh-theach na Teamhrach ó bhás an ríogh uasail thír-


L. 64


ghrádhaigh úd, Diarmaid mac Cearbhaill, mar bhí an
mhallacht ar Teamhair. Bhí a leithéid sin de spior
spear déanta de chumhacht an Áird-Ríogh nách raibh ann
feasta acht fá mar do bheadh bréag-rí. Ní túisge bhí
an rí Diarmaid marbh 'ná gur deineadh láithreach dhá
Áird-Rí 'na ionad, Domhnall agus Feargus, beirt mhac
Mhuircheartaigh mhic Earca, agus do riaghluigheadar an
bheirt sin ar feadh bliadhna agus deineadh beirt eile 'na
n-ionad annsoin, Baothán agus Eochaidh, agus riaghluigh an
bheirt sin trí bliadhna eile. Ar feadh céad bliadhan
'na dhiaidh sin bhí fiche Áird-Rí ar Éirinn, agus cúig nó sé
uaire bhí dhá Áird-Rí i n-éinfheacht ar an tír.



Ní bhfuil sé do réir nádúir go réidhteochadh dhá
Áird-Rí ar aon chathaoir ríoghachta amháin le chéile agus ní
mó 'ná réidhtigheadar súd. Ní dheachaidh aon tír riamh
chum cinn agus ní rachaidh go deo gan riaghlóir; agus, ó aim-
sir Dhiarmada go teacht na Lochlannach, níor mhachtnuigh
muinntir na hÉireann gur theastuigh riaghlóir láidir
uatha do chuirfeadh smacht ar gach duine, bíodh sé íseal
nó uasal, do chuirfeadh i gcoinnibh dlighthe na tíre.
Roimhe sin ní raibh éin-fhear sa tír le cur i gcomór-
tas leis an Áird-Rígh; acht tháinig atharrughadh méine
ar dhaoinibh, agus cheapadar gur mhó easpog 'ná rí. Tá
an cheist seo sa tSeanchus Mhór, agus, do réir mar thuig
im, cuireadh ar mhacaibh léighinn í le haghaidh bheith 'na
mbreitheamhnaibh dóibh. "Cia'ca," adeir an leabhar
dlighe sin, "is mó, easpog nó rí?" Agus is é an
freagra atá leis: "Is mó an t-easpog, mar is leis
sean ríoghacht spioradálta, acht ní fhuil ag an rígh acht
ríoghacht shaoghalta." Tuigfear ó'n bhfreagra soin go
raibh urraim d' easpog i nÉirinn níos mó 'ná bhí i
n-aon tír eile.



Do réir mar thuigim, thuill sé an urraim sin. Bhíodh
sé i gcomhnaidhe ar thaobh na síothchána, agus ba dhuthrachtach


L. 65


é chum léighinn is creidimh do chur chum cinn. Mar sin
féin, ceapaim gur mhío-ádhmharach an rud do'n eaglais
agus do'n tír easpog do chur suas is anuas le rígh, mar
bhí a lán daoine 'na thaobh soin ag cúl-chainnt ar an
eaglais agus 'ghá rádh go raibh breis éirghe 'n-áirde uirthi.



Bhí éad ag na draoithibh léi leis, agus bhí mórán aca ar
fuaid na tire fos i n-aindeoin saothair na sagart.



Bhí scoileanna maithe ag na draoithibh sin, mar a
múinidís léigheann dúthchais agus ceárdaidheacht. Bhí
múinteoirí eile seachas draoithe ag múineadh i n-éin-
fheacht leo, agus bhí an t-oideachas chomh maith soin ionnta
gur bh'iomdha naomh do fuair a chuid léighinn ionnta
sul ar cuireadh ar scoil na heaglaise é chum riaghlacha
creidimh d'fhoghluim.



Bhí teist mhór ar scoileannaibh na heaglaise leis, agus
do múintí teangacha eile seachas Gaedhilg ionnta,
mar atá Laidean is Gréigis is Eabhrais.



Dá chomhartha soin, ní raibh aon scoláirí eile le
fágháil ó'n gcúigeadh aois dár dTighearna go teacht
na Lochlannach ins an ochtmhadh aois le cur i gcomór-
tas le Columbánus is le mórán eile nách é de shean
scoláiríbh na hÉireann.


L. 66


SAOIRSEACHT NA hALBAN.



Ní raibh Éire riamh gan filí faid do bhí a teanga
féin aici. Bhíodh scrúdughadh dian i gcomhair dhuine sul
d'fhéadfadh sé bheith 'na fhile, mar siúd is go mbeadh
an intinn féin aige bhí sé riachtanach air riaghlacha filidh-
eachta d'fhoghluim do réir mar ceapthaoi ins na
scoileannaibh. Dar liom is amhlaidh do ghnidheadh na
riaglacha 'ná intinn an fhile do chur i ndísc. Acht go
háirithe i n-aindeoin na riaghlacha úd do bhris tuile
filidheachta amach i n-aigne na ndaoine ins an séamhadh
aois agus dá bhárr soin chuaidh grád na bhfilí i méid.



Bhí sean-nós ag baint le grád soin an fhile ná
leomhfaidhe é 'eiteach pé bronntanas d'iarrfadh sé ar
chách.



Thárluigh go raibh filí chomh flúirseach soin le linn an
Áird-Ríogh Aodh Ainmireach (572-598) gur chrom na
daoine ar ghearán go rabhadar créachta ó shainnt na
bhfilí sin. Do b'é an scéal céadna ag an Áird-Rígh
féin é, agus do gheall sé do sna daoinibh go gcomhair-
leochadh sé do Dháil mhóir do bhí le cur ar bun gur
chóir grád na bhfilí do scaoileadh agus iad féin do
thiomáint as an dtír.



Ba thruagh mhór dá scaipfidhe na filí, siúd is go
raibh cuid aca an cor soin bun os cionn le sainnt,
mar do b'iad amhráin an fhile do neartuigh misneach na
ndaoine ó aois go haois is do mhúscail grádh tíre ina
n-aigne. Mar sin féin, rí go raibh fonn riaghalta air
do b'eadh Aodh Ainmireach, agus do bhailigh sé uaisle na


L. 67


hÉireann chum dála móire i nDruimceat i gCúige
Uladh láimh le Grianán Ailigh mar ar chomhnuigh sé
féin.



Do b'é easaontas na hAlban an gnó ba mhó bhí ag
cur ar an Áird-Rígh, acht ar a shon soin do gheall sé
go gcaithfidhe smacht do chur ar na filíbh leis. Chualaidh
Columcille thall i nOileán Í cois Alban an tóir do bhí
i ndiaidh na bhfilí, agus do bheartuigh sé chum siubhail i
gcomhair cabhruighthe leo. File do b'eadh é féin agus an
deoraidhe ba bhrón-chroidhighe dár fhág Éire riamh. Tá
sé curtha 'na leith, ámh, gur éirigh sé go tuathalach
nuair do bhí sé óg is uallach i gcoinnibh an Áird-Ríogh
Diarmaid.



Ar a shon soin is eile is é Columcille an polla is
gléire agus is mór is fiú imeasc na nGaedheal, agus is binn
é a ghuth ar nós bualadh cloigín i nDáil Dhruimceat
ag athchuinghidhe ar an Áird-Rígh gan na báird do
dhíbirt. Fuair sé a ghuidhe agus chuir an Dáil úd riaghlacha
ar bun ag léiriughadh na bhfilí feasta agus 'gá chur 'fhiach-
aibh ortha múineadh i scoileannaibh.



Fuair Columcille guidhe eile leis ag an nDáil úd
nár bha shochar d'Éirinn í — d'áitimh sé ar an Áird-Rígh
gur bh'fhearr dó saoirseacht do thabhairt d'Albain mar
d'eitigh Gaedhil na hAlban as súd amach aon cháin do
thabhairt d'Áird-Ríghthibh Éireann.



Céadta bliadhan roimhe sin do sheol dream de
Ghaedhealaibh as Ultaibh go hAlbain agus chuireadar fútha
ann. Ghabhadar ar na Pictighibh annsúd le cabhair ríogh
na Teamhrach agus dhíoladar cáin leis gach bliadhain. Bhí
na Pictigh ag cur ortha arís gur tháinig buidhean mhór
as an Mumhain chum conganta leo agus cuireadh smacht
dáiríribh ar na Pictighibh. Do mhéaduigheadar súd is
do bhorradar fá chúram ríghthe na Teamhrach, agus ba bheag-


L. 68


nách raibh an Albain go léir ag díol cíoscáin le
Teamhair ar feadh chúig chéad bliadhan.



Ní túisce bhris mallacht na Teamhrach ríoghacht na
hÉireann 'ná gur dhiúltuigh Albain an cíoscáin do
dhíol níos mó. Chuir Aodh Ainmireach roimis a chur
'fhiachaibh ar Albain an cháin do dhíol agus chruinnigh sé
Dáil Dhruimceat le haghaidh an ghnótha. Bhí 'fhios ag
Aodhán, rí na nGaedheal i nAlbain, nách raibh cumhacht
an Áird-Ríogh mar do bhíodh agus labhair sé go dán leis,
mar dearbhráthair d'Aodhán do b'eadh Bran Dubh, rí
Laighean, agus bhí na Laighnigh i gcoinnibh an Áird-Ríogh i
dtaobh na Bóramha.



D'iarr Columcille mar athchuinge ar an Áird-Rígh
gan dul chum cogaidh i dtaobh na cána agus do ghnídh an
tÁrd-Rí cráidhte rud air. As súd amach bhí Éire gan
buannacht ar Albain. Fuair sí a saoirseacht gan
fuil thré impidhe Choluimcille.



Níor bh'iontaoibh d'éinne comhairle 'thabhairt do
shean-ríghthibh pagánacha na Teamhrach Albain do
scaoileadh uatha chomh bog soin. Níor mhair Aodh
Ainmireach i bhfad 'na dhiaidh súd. Marbhuigheadh é i
nDúnbolg (598 D.C.) ag comhrac le Bran Dubh ag
iarraidh Bóramha Laighean do thógáil.



Rí aigeantamhail fuinneamhail do b'eadh Aodh
Ainmireach, acht is é a mhí-ádh gur bha ar feadh a ríghe
do shleamhnuigh Albain as comhaltas na hÉireann
Níor bh'é ba chionntach leis, ámh, acht tubaiste na
Teamhrach do bhris an rígheacht, agus do dheighil na cúigí ó
n-a chéile. 'Na theannta soin bhí an Bhóramha ag
déanamh buadhartha do'n tír agus dá gcuirfeadh an tÁird
Rí roimis dul chum catha le Aodhán, rí na hAlban,
bheadh Bran Dubh i ndiaidh a chúil air, rud ná beadh sé
de mhisneach ar an rígh chúige sin do dhéanamh muna
mbeadh gur laguigheadh cumhacht an Áird-Ríogh.


L. 69


Ceapaim go raibh fios mioscaise Bhrain Duibh ag an
Áird-Rígh agus nár bh'í an Bhóramha is mó do theastuigh uaidh
an uair úd áirithe acht amháin chum smacht do chur ar
Bhran Dubh. Ghluais sé ó dheas go Laighin ar tí a
dhéanta, acht níor éirigh leis, mar bhí Bran Dubh chomh
glic le De Bhet — thiomáin sé scata capall i lár na
hoidhche fá dhéin longphuirt an Áird-Ríogh, srathar ar
gach capall is dhá chiseán lán de bhiadh fá mar síleadh,
acht ní túisce bhí na capaill ualaigh i lár an longphuirt
'ná gur phreab claidhmheach as gach ciseán agus gur chrom
adar ar éirleach. Níor fhéad an tÁird-Rí a chuid
saighdiúirí do chur i n-eagar sa dorchacht agus marbhuigheadh
é féin sa chomrac. Ins an dorchacht do fuair sé bás,
acht bhí sé ag comhrac, agus níor bha leis an oidhche amháin
do bhí a chomhrac acht le dallacht na hÉireann do bhí
'ghá briseadh féin 'na codaibh i n-ionad bheith 'gá
fuineadh féin 'na ríoghacht dhaingin.



Is é an iongnadh is mó leis nár thuig na daoine
eolacha bhí sa tír — agus bhí foghluim mhaith ar a lán aca
go raibh Áird-Rí ag teastabháil uatha bheadh 'na cheann
dáríribh ar an tír. Ní hamhlaidh do bhí acht rinneadh
dhá Áird-Rí i n-éinfheacht, Aodh Sláinghe agus Colmán
ceann aca as shliocht Néill na Midhe theas agus an ceann
eile as shliocht Néill Uladh thuaidh. Is dóich liom gur
deineadh é sin i gcás ná beadh aon éad ag an dá
threibh de mhuinntir Néill le chéile. Ní rabhadar so ar
chathaoir an Áird-Ríogh acht chúig bhliadhna agus i gcionn na
cheithre bhliadhna ficheadh 'na dhiaidh sin bhí trí Áird-Rí
eile i ndiaidh a chéile ag iarraidh na ríoghachta do
riaghlughadh.


L. 70


BLADHM NA bPÁGÁNACH.



Do b'é Domhnall mac Aodha Ainmirigh an rí ba mhó
acfuinn dár riaghluigh Éire ó briseadh an Teamhair
fá'n rígh Diarmaid. Nuair do déineadh rí dhe ins an
mbliadhain 627 d'éis Chríost do thárluigh go raibh
taoisigh annso is annsúd ar fuaid na tíre ag machtnamh
go raibh an rígheacht ag tuitim as a chéile agus ná raibh rath
ná séan uirri ó briseadh an Teamhair. Dubhairt a lán
aca gur bh'í an eaglais ba chionntach leis sin agus go
gcaithfidhe an phágántacht do thabhairt ar n-ais arís. Is
ag Congal Claon, gar-mhac do'n Áird-Rígh Domhnall, do
bhí an tsiosmarnach ba mhó agus i bhfleadh i dtigh mhór cois
na Bóinne do cheap sé gur thug an tÁird-Rí easonóir
dó. Ghluais sé tré chúige Uladh, do bhailigh sé buidhean
tsluaigh agus d'éirigh amach láithreach i gcoinnibh an Áird
Ríogh. Ba dhíomhaoin é a ghnó mar ba chosmhail le sean
righthibh na Teamhrach an Domhnall so agus ba ghearr an
mhoill air Congal Claon agus a fheara congnaimh do
scaipeadh agus do thiomáint as an dtír amach.



Ní raibh Congal sásta, ámh. An fear ba bhoirbe agus ba
thréine le n-a linn do b'eadh é. Shiubhluigh an Bhreatain
is an Albain ar lorg cabhartha is do bhailigh sé 'na
chuaird sluaighte fear comhraic. Gheall sé dhóibh saidh-
bhreas na hÉireann acht an rí Domhnall agus a chléir is a
easbuig do ruagadh.



Níor bh'fheárr le sluaightibh Sacsan gnó bheadh aca agus


L. 71


do thrialladar le cois Chongail. Thriall mar an
gcéadna scata fear chosgarthach cíocrach as Albain fa
bheirt mhac chalma ríogh na hAlban, agus do sheoladar
isteach cuan Bhun-Abhann-Duine i nAontruim 'na
míltibh, Congal Claon mar cheann ortha agus mórán de
thaoiseachaibh Uladh mar chongnamh aige.



Ní raibh an tÁird-Rí Domhnall ag míogarnaigh faid
do bhí an buaidhreadh úd ag druidim leis. Do dhéin sé
fá dhéin na n-eachtrannach agus chasadar ar a chéile thuaidh
ar Mhuigh Ráth 'na ndrongaibh is na gcipíbh ag briseadh
thré n-a chéile ar nós tonntacha fraochdha fairrge. Tá
leabhar scríbhte ar an gcath, acht do réir mo thuairime
ní fhuil puinn bríghe ann. Badh dhóich liom go raibh
cunntas níos seanda agus níos feárr 'ná an leabar soin
ar an gcath mar bhí foghluim go fairsing le linn an
chatha úd; acht aon nídh amháin do b'é siúd an gearradh
cnámh ba mhó bhí riamh i nÉirinn munab é comhrac na
bhFiann i nGabhra leis an Áird-Rígh Cairbre, nó cath
Chluaintairbh fá Bhrian Bóroimhe.



Níor staon, fá mar adeirthear linn, an comhrac ar
feadh sé lá na seachtmhaine, acht is é do thuigim as
soin go dtairgeadh claidhmheach as gach taobh comhrac
éin-fhir dá chéile agus go mbíodh na sluaighte ag faireadh
an chomhraic gan baint leis an dá chlaidhmheach soin, do
réir gnás fhearamhail na sean-aimsire. Fá dheireadh
do bhris as an bhfoidhne aca go léir agus bhí Magh Ráth 'na
lochánaibh fola sul ar thuit an prionnsa uasal Congal
Claon. Níor fhág aithid do tháinig thar lear leis
páirc an bhuailte. Marbhuigheadh ann claidhmheach
iongantach dár bh'ainm Domhnall Breac, mac ríogh na
hAlban, agus bí a leacht ar an machaire le n-ár linn-ne
gur phléasg bodach na clocha bhí 'gá clúdach, chum
claidhe 'dhéanamh leo.



Bhailigh an t-Áird-Rí Domhnall chuige go buadhthach


L. 72


fuighleach a shluaighte laoch tar éis an chatha chruaidh agus
do ghluais sé air go dubhach, mar do b'iomdha triath is
taoiseach tréan dá mhuinntir féin bhí sínte ar Muigh
Ráth. Níor thóg na Págánaigh bhochta a gceann riamh ó
shoin agus bhí suaimhneas ag an eaglais go ceann tamaill
mhaith 'na dhiaidh súd.



Ní dóich liom go bhfuil aon tréimhse de stair na
hÉireann gur deacra a thuigsint 'ná an aimsir úd ó
bhriseadh na Teamhrach go teacht na Lochlannach, agus ní fhuil
aon bhlúire de sin féin is deacraighe 'ná deireadh na
séimheadh aoise. Bhí a leithéid sin d'urraim ag na
daoinibh do'n Teamhair go nglaodhaidís Rí na Teamhrach
ar an Áird-Rígh siúd is nár chomhnuigh aon rí sa
Teamhair ó aimsir na heascaine.



Is mórdhálaighe bhítheas as Dhomhnall na Teamhrach
d'éis chatha Mhuighe Ráth 'ná bhítheas as aon rígh eile le
seal fada roimhe sin. Ba mhór leis na hÉireannaighibh
rí láidir calma, agus seo rí dán cuthaigh tapaidh
misneamhail, do bhí ullamh do shluaightibh dheorata ó
Albain is ó'n mBreatain do tháinig ar tí Éire agus a
hÁird-Rí do chur fá chois. Mar sin féin is é do
thuigim gur tháinig faitchíos ar na righthibh cúige roimh
an Áird-Rígh Domhnall agus go raibh manaigh gur mhór leo
na ríghthe cúige sin ar an intinn gcéadna. Bhí an
teist amuich ar an Áird-Rígh go raibh fonn air sean
ómós is cumhacht na Teamhrach d'aithbheodhughadh. Ní
raibh uain aige air, ámh, mar thóg an bás leis é trí
bliadhna 'ndiaidh chatha Muighe Ráth agus do b'olc an mhaise
d'Éirinn é mar is é leithéid an chéad Domhnaill úd do
stiúruigheann tíortha ar a leas, is do fhuaghann treabha
le chéile.



Do theastuigh leithéid Dhomhnaill na Teamhrach ó
Éirinn an uair úd, agus trí nó ceathair de ríghthibh eile
dá shaghas i ndiaidh a chéile, mar ní bhíonn an rath acht


L. 73


mar a mbíonn an smacht. Ní mar sin do thuit an
scéal amach, ámh, acht déineadh láithreach i ndiaidh bháis
Dhomhnaill na Teamhrach dhá Áird-Rí, Ceallach agus Conall
Cáil, as mhuinntir Néill thuaidh, agus níor bh'fhada do
réidhtigheadar soin le n-a chéile, nídh nár bh'iongnadh.
Déineadh beirt eile annsoin, Bláthmhac agus Diarmaid,
'na nÁird-Rígh i n-éinfheacht as Mhuinntir Néill theas,
acht ba bheag an mhaitheas é. Dá mbadh aingil dhá
Áird-Rí ar aon chathaoir rígheachta amháin badh dheacair
leo gan bheith ag cur isteach ar a chéile. Droch-
thaithighe do b'eadh é do cuireadh ar bun nuair do
briseadh Teamhair agus i n-ionad sochar do thabhairt
do'n tír ná suaimhneas do thabhairt di is amhlaidh do bhí
sé ar nós aicíde ag itheadh na n-inneach aisti.


L. 74


NA MANAIGH.



Ba mhór é cáil na manach ins an tsean-aimsir i
nÉirinn, agus do ba mar gheall ar a charthannacht leis
na daoinibh bhí an urraim sin do'n mhanach. Tá 'fhios
ag an saoghal go raibh na manaigh sin dúthrachtach chum
an chreidimh do chraobhscaoileadh.



Ní dóich liom, ámh, go raibh aon tuigsint aca i n-aon
chor ar an gcuma do b'fheárr chum tír do riaghlughadh.
Ba chuma leo acht ná beadh bruighean ná achrann idir
na daoinibh. Ba mhór é a gcion ar na daoinibh agus
bhíodar mar mhaithe leis an dtír leis. Is mór an
iongnadh liom dá bhrígh sin nár mhúineadar do sna
daoinibh go raibh sé riachtanach ortha cabhrughadh leis an
Áird-Rígh, mar ceapaim gur bh'fhurusta na daoine do
dhéanamh umhal do'n Áird-Rígh, dá dteasbánfaidhe dhóibh
gur bh'é leas na tíre na ríghthe cúige agus na taoisigh
'bheith umhal dáiríribh dó.



Bhí sé i gcumas na manach an méid sin do dhéanamh,
acht is dóich liom nár chás ortha cé bheadh 'na Áird-Rígh
acht go mbeadh suaimhneas is síothcháin ann.



Measaim, dá réir sin, go mbídís toiltheannach le
dhá Áird-Rí 'bheith i n-éinfheacht ar an dtír.



Dá dtárlóchadh go mbeadh dhá phrionnsa de'n fhuil
uasail i gcomórtas le chéile 'féachaint cia'ca bheadh
'na Áird-Rígh, fá mar do bhí go minic, is é do chomhair


L. 75


leochadh na manaigh, 'ná an bheirt aca do dhéanamh.
Siúd is gur bh'amadánta an bheart é, mar sin féin,
ní cóir a mhilleán do chur ar na manachaibh. Níor
thuigeadar an gnó, mar níor bha riaghlughadh tíre bhí
ceapuighthe dhóibh mar ghnó. Shíleadar go mbeadh síoth-
cháin i gcomhnaidhe sa tír agus nár theastuigh Áird-Rí
intinneamhail géar-chúiseach tír-ghrádhach ó Éirinn, do
bhaileochadh na taoisigh bhorba ar aon láthair amháin
agus adéarfadh leo, "Is i dteannta a chéile is treise
sinn. Is mise an tÁird-Rí, caithfear rud do dhéanamh
orm." Ní raibh sé i gcumas aon Áird-Ríogh ó'n gcéad
Domhnall go dtí Brian Bóirmhe an méid sin do rádh
gidh go raibh chúig rí fichead ar an dtír ar feadh na
dtrí gcéad bliadhan úd.



Bhí na ríghthe sin go léir 'na bhfearaibh calma ciall-
mhara, acht ní bhíodh na huaisle chomh dílis dóibh is bhítí
do ríghthibh na Teamhrach ins an tsean-aimsir. Fuair
an tír is a raibh innti a thoradh soin. Nuair do tháinig
an Lochlannach do b'olc an scéal d'Éirinn é.



Ar feadh an dá chéad bliadhan roimh theacht na
Lochlannach amach is isteach leis an mbliadhain 795
(seacht gcéad, cheithre fichid agus chúig bhliadhna déag) bhí,
mar dubhramair cheana, teas an chreidimh ag dul chum
cinn i nÉirinn agus do las sé suas 'na bhladhm d'éis Catha
Mhuighe Ráth. Do cuireadh ar bun scoileanna, do chaith
uaisle uatha an chulaidh shíoda agus do chuireadar umpa
léine ruainnigh is brat garbh. Do bhailigheadar 'na
gcuideachta uaisle eile, agus ísle chomh mhaith, agus do chuir-
eadar fútha i mbothaibh cois aibhne agus cois sruthán
i ngleanntaibh iargcúlacha; do chromadar ar an
dtalamh do rómhar is do leasughadh, ar chur is ar bhaint,
an t-uasal chomh saotharach leis an íseal, mar ba cheann
dá riaghlachaibh gur bheannuighthe an bheart allus do
chur díobh le hobair.


L. 76


Do ghnídheadar talamh mín de'n mhachaire fhiadhain,
d'fhás an seagal, an eorna, an chruithneacht, agus an
meacan buidhe mar a mbíodh an feothanán, an
raithneach, an chupóg agus an cas-shearbhán. Tá rian na
manach úd fós ar fhód na hÉireann, mar pé áit gur
chuireadar fútha ann tá an talamh soin mín go dtí
indiu.



D'aindeoin a dtuirse d'éis a gcuid oibre bhíodar
fá choingheallaibh an iomad soin paidreacha do rádh,
agus troscadh chomh dian soin do dhéanamh, go raibh a
riaghail ró-chruaidh d'éin-dream daoine eile acht
d'Éireannaighibh amháin. Dá réir sin nuair do chuir
eadar mainistrí ar bun ar Roinn na hEorpa níor
bh'fhéidir do mhanachaibh na dtíortha soin na coinghill do
chomhlíonadh agus do b'éigean riaghail na mBenedictíní
do thabhairt dóibh nó rachadh na mainistrí i n-éag ar
fad.



Fuair manaigh na hÉireann a riaghail ó mhanachaibh
na díthreibhe i nÉigipt agus chuireadar féin riaghlacha
diana eile leo. Chuireadh cuid aca mar phionós ortha
féin bualadh isteach i linn nó i sruth, oidhche chuisnigh agus
céad psailm do rádh ann mar smacht ar an gcolainn.



Le linn na manach do b'é tuairim uaisle na
hÉireann go mba scoirn d'aon aca a lámha do shail-
iughadh le ráinn ná le sluasaid mar do b'é sin gnó an
sclábhaidhe. Ní bhídís díomhaoin, ámhthach, mar ní bheadh
meas ar aon aca ná beadh foghluim air, ná beadh cliste
chum claidheamh is sleagh do láimhseáil, ná beadh rith is
léim aige, taithighe ar mharcaidheacht aige, is fonn chum
fiadhaigh.



'Sé an teist is fearr ar mhúineadh an mhanaigh gur
theasbáin sé nár bh'éin-cheann fé d'éinne bheith aicillidhe
chum rómhair is grafaidh, cum buille féir do bhaint le
speil, coirce do leagadh le corrán, is an t-arbhar do


L. 77


mheilt le bróin. Ba han-mhinic gur mhac duine uasail
é féin agus tabhairt suas maith air sul ar chuir sé uimis
culaidh gharbh an mhanaigh, acht chaith sé uaidh an claidheamh
agus rug sé ar an bpiocóid nó ar an ráinn agus theasbáin sé
dá dheascaibh sin gur measamhail an rud obair. Bhí an
manach foghlumanta leis. Bhí mórán aca ar na
scoláiríbh do b'feárr ar domhan an uair sin. Bhí
Laidin is Gréigis is Gaedhilg aca agus gach saghas
ealadhanta eile bhí le fágháil an uair sin. Tháinig
scoláirí as gach áird sa tsaoghal ag foghluim uatha.



Bhí trí mhíle mac léighinn i n-éinfheacht ar Árd-Scoil
Chluana Mhic Nóis agus suas leis an oiread gcéadna ar
scoileannaibh eile ar fuaid na tíre.



Do mhúintí as Gaedhilg is as Laidin iad siúd go
léir, agus bhíodh math-shluagh dheorata 'na measc d'fhuighbheadh
a gcuid bídh is léighinn i n-aisce — nós gan chéill ná
molfainn i n-aon-chor mar ba mhór an costas ar
Éirinn é scata de dhaoinibh iasachta do chothughadh agus do
mhúineadh gan éin-nídh, agus is olc an cúiteamh do fuair
Éire as 'na dhiaidh siúd.



Ní féidir linn acht súil-fhéachaint do thabhairt ar na
haoisibh úd go raibh léigheann is saidhbhreas is síothcháin
i nÉirinn. Chuaidh na daoine i líonmhaireacht agus i
ndiadhaidheacht, do mhúin is do léigh na manaigh, do
ghnídheadar macsamhla de leabhraibh luachmhara na
hÉireann, agus de leabhraibh naomhtha an Chreidimh.



Do ceapadh ins na mainistríbh úd cuma scríbhneoir
eachta le peann nár sáruigheadh riamh ó shoin agus ná
sáróchar go deo arís. Do dheineadar féin a gcuid
duibh agus dathanna agus bhí a n-eolas ar dhathannaibh chomh
cruinn sin go seasuigheann na dathanna soin fós ar
bhileogaibh na leabhar d'éis míle bliadhain do ghabháil
tharsa. Saoir cloch is adhmaid, saoir phráis is umha is
iarainn do b'eadh na manaigh úd, agus bhí cuid aca 'na


L. 78


gceárdaidhthibh chomh cliste le haon cheárdaidhe tuathach
gidh go raibh teist mhór ar cheárdaidhthibh Éireann i
gcomhnaidhe, ó'n nGobán Saor i leith agus leis na ciantaibh
roimh aimsir an Ghobáin tSaoir, ins an seachtmhadh aois
dár dTighearna.



Cé go raibh aimsir chompórdach sa tír, mar sin féin,
ní rabhthas gan brón is trioblóid uaireannta.



Léightear ins na sean-leabhraibh gur leath taom
éagcruais nó pláighe thríd an dtír, dá ngairmthear an
Bhuidhe Chonaill, agus gur shlad sé leath mhuinntir na
hÉireann leis idir chléir is tuathaigh. Bhíodh droch-
earrach is droch-fhoghmhar aca do mheathadh an síol agus do
lobhadh an féar fá mar do bhíodh i dtíorthaibh eile, agus do
thárlóchadh dá dheascaibh sin go mbeadh biadh an duine agus
cothughadh an bheithidhigh gann ar feadh tamaill. Ar a
shon soin is eile ní áirighim go raibh aon ghorta sa tír
ná go bhfuair daoine bás leis an ocras i nÉirinn faid
do bhí sí fá n-a riaghail féin. Bhíodar na hÉireannaigh
fial le n-a gcomharsanaibh lasmuich leis, mar tá sé
curtha síos gur thugadar fóirithin ar Shasana nuair do
bhí an gábhatar go dian sa tír sin, agus gur líonadar
builg scuaithní ocracha na Sasana soin do sceinn chum
na hÉireann ag iarraidh déirce nuair do bhí an anacra
ag cur ortha.



Bhí na manaigh chomh fial leis na daoinibh eile, acht ní
thugaidís uatha a gcuid i gcomhair go mbeadh cách 'gá
moladh. Bheathuighdís an duine bocht is an dílleachtaidhe
ar son an tSlánuightheora agus bhainidís adhbhar a dhéanta
as an dtalamh le saothar a lámh. Ní raibh aon ghábhadh
le "tigh na mbocht" le n-a linn siúd, mar bhíodh fáilte
aca roimh an easlán is an truaghán agus cé gur mhinic gur
mhac ríogh nó taoisigh uasail an bráthair friothálaimh 'na
chulaidh ghairbh, is beag an cheist do bhíodh air an
duine bocht do chíoradh, do níghe, agus biadh d'ullmhughadh
dhó. Fuair an manach a lógh, acht ní ar an saoghal so é.


L. 79


NA LOCHLANNAIGH.



Lá dá raibh Carl Magnus, impire na hAlmáine, ar
imeall-bhórdaibh na Frainnce chonnaic sé uaidh amach ar
fairrge long fá sheol dhubh. D'aithin sé gur bha leis na
Lochlannachaibh long an tseoil dhuibh agus dubharthas gur
ghoil sé ag machtnamh dó ar an gcruadhtan do dhéanfadh
na Lochlannaigh úd do'n Chreideamh Chríostaidhe. Tá
deallramh na fírinne ar an scéal. Do b'é Carl
Magnus an fear do b'intinneamhla le n-a linn féin,
agus bhí tuairim aige cad do b'iad an saghas daoine na
Lochlannaigh. Noruéigh, Suainigh is Danair, do b'eadh
iad, agus Págántacht a gcreideamh. Bhí a ndéithe féin
aca, Tor is Odin is Fréa, agus a thuilleadh. Do b'iad na
máirnéalaigh do b'fheárr le fágháil iad.



Chomhnuighdís 'na mbuidheantaibh cois na fairrge ar
an dtaobh thoir thuaidh de mhór-thír na hEorpa, ó Thír-
Fó-Thuinn as soin ó thuaidh go dtí Iath na Lic-oighre.



Toisc go raibh a slighe mbeatha gann-chruaidh ar mhuir
is tír, d'fhaghadh na leanbhaí laga boga bás agus ní
mhaireadh aca acht an fireannach is an baineannach
láidir folláin.



Dá réir sin fir chalma do bhí ins na Lochlannachaibh,
cnámha garbha aca, féasóg is gruaig fhada ortha, an
chuid ba mhó aca fionn glas-shúileach, agus a n-aighthe crón
ó sháile is síon. Gidh go raibh cruth garg ortha, is


L. 80


féachaint fhiadháin ionnta, mar sin féin bhí eolas leo
féin aca, agus bhí saoir-luinge is saoir-seoil ortha nár
sáruigheadh chum bád iascaigh nó barc cogaidh do
dhéanamh is do ghléasadh.



Bhí gaibhne cruinne aca leis do ghnídheadh an lúireach
is an claidheamh cruaidh faobhrach sa cheardchain, agus gidh
gur bheag é a gcuid léighinn ná a n-eolas ar cheol, ar
a shon soin bhí sean-dánta aca, is scéalta breághdha ar
ghaiscidheachaibh do tháinig rómpa, is ar dhéithibh fá
dhraoidheacht i gcuasaíbh mara agus i measc cheoigh is
shneachtaidh sa tuaisceart.



Ní bhíodh aon rí ar Lochlannachaibh, acht bhíodh gach
buidhean aca fá Cheann Cuain, agus do b'eisean do
réidhtigheadh eatortha.



Do thárluigh ins an ochtmhadh aois dár dTighearna gur
cheap na Cinn Chuain cáin do chur ar iasc is adhmad, is
iarann, agus d'éirigh iomarbháidh is achrann idir Lochlann-
achaibh 'na thaobh soin. D'fhéach cuid aca amach fá'n
bhfairrge. "Tá an mhuir fairsing," ar siad-san. "Ní
dhíolfam cáin acht baileocham í, mar tá saidhbhreas ins
na tíorthaibh laisteas dínn, agus téidhmís dhá iarraidh."
"Is maith é," arsa cách, agus níor shéid aon leoithne gaoithe
i dtuaidh 'na dhiaidh súd nár thiomáin barcanna na
Lochlannach fá bholg-sheolaibh ag treabhadh ó dheas ar
lorg saidhbhris.



Bhuaileadar an Fhrainnc is an Spáinn is sciobadar
leo gach nídh luachmhar do chas ortha, agus thugadar a
n-aghaidh a bhaile. Gabh sainnt na Cinn Chuain chomh
maith nuair do chonnacadar na tabharthasaí do thug an
chuid eile leo. "Rachamuid-ne ar an dturas gcéadna
leis," do ráidh na Cinn Chuain agus as soin amach ar feadh
dhá chéad bliadhan níor éirigh aon namhaid leis na
ciantaibh ba fhíochmhaire 'ná an Lochlannach. Bhuail sé
Sasana, thiar, thuaidh is theas, agus i gcionn tamaill chuir


L. 81


sé fá chois an tír sin, agus thug trí rí dhi i ndiaidh a céile,
rud nach raibh sé 'na chumas a dhéanamh le hÉirinn gidh
gur chuir sé chuige go dian is go dán.



Do chomhraic na Sasanaigh go maith leis an Loch-
lannach, acht ba bheag an mhaith dhóibh é. Do b'é an rí
ba chalma dhíobh 'ná rí dár bh'ainm Alfred, acht chaith
seisean an leath thuaidh de Shasana do thabhairt do sna
Lochlannachaibh úd, agus 'na theannta soin do b'éigean dó
breab mhór do thabhairt dóibh acht an taobh theas de
Shasana d'fhágaint fá n-a riaghlughadh féin ar feadh a
bheatha. D'éis a bháis, ámh, bhí an tír go léir aca.



Cuireann stairidhthe Béarlóra na hÉireann i gcom-
órtas le Brian Bóirmhe an rí suarach soin Alfred, agus,
an gcreidfeá é? is dóich leo gur ceann suas do
Bhrian é! Ní gábhadh dhóibh sin. Ní raibh ins an Alfred
sin i gcomórtas le Brian acht fá mar do chuirfeá
gadhairín teallaighe suas is anuas le míol-chú.



Thug na Lochlannaigh fogha fá Charl Magnus féin, acht
thug an leomhan-fhear soin alp ortha. Ní rabhadar láidir
a ndóthain le linn Carl acht d'éis a bháis chuireadar
fútha i Normania sa bhFrainnc agus dob' uatha do shíolruigh
na Normánaigh chosgarthacha.



Ní raibh aon bhaile cuain ar fuaid na ndúithchí nár
bhaineadar na Lochlannaigh greim as, agus chuireadar
scannradh ar mhuinntir gach baill láimh le fairrge ar
tír na hEorpa. Chaitheadar súil fá oileán aoibhinn
thiar amuich, agus ní raibh coinne ag muinntir na hÉireann
go rabhthas chucha.



Bhí saidhbhreas is síothcháin i nÉirinn an uair sin, na
daoine go suairc is go gasta, mainistrí is scoileanna
go flúirseach ann, is rath Dé ar an tír. Do leanfadh
an rathamhnas díobh dá leigfidhe dhóibh is dá mbeadh
daoine chomh macánta leo féin ar fuaid an tsaoghail;
díreach fá mar nár ghábhadh dhúinn iadhadh 'ná glas do


L. 82


chur ar ar ndóirsibh muna mbeadh bitheamhnach nó
gadaidhe lasmuich ar tí ár gcoda do shladadh leis.
Bhí dóirse na hÉireann ar dearg-leathadh agus gan bac ar
éinne gabháil isteach. Ní raibh Diarmaid na Teamhrach
mar cheann uirthi anois. Bhí Áird-Rí ann fá mar do
bhí i gcomhnaidhe agus urraim ag gach duine dhó. Thugadh
na ríghthe cúige a dhualgas do'n Áird-Rígh sin agus
bhronnadh sé ortha dualgas ar n-ais fá mar do
ghnídhtí ó thúis, mar ba shean-nós é. Mar sin féin,
gidh go raibh an méid sin do réir dlighe is nóis dá
n-aibeoraidhe go raibh sé riachtanach ar aon taoiseach
rud do dhéanamh ar an Áird-Rígh sin do b'é a bhfreagra
'ná — táim-se chomh neamh-spleádhach leis an Áird-
Rígh féin agus ní leigfead dó-san 'ná d'aon eile cur
isteach orm. Dá chuma soin bhí Éire roinnte 'na
ceanntaraibh, taoiseach éigin 'na cheann ar gach
ceanntar di, saghas buannachta ag an rígh cúige
air agus gan beann aige-sean ar éinne eile. D'fhás sé
ón' óige ar an intinn sin agus a athair roimis ar an
intinn gcéadna. Bhí a fhios aige go raibh ríghthe borba
ar Teamhair i bhfad roimhe sin, agus chualaidh sé gur
chuireadar rómpa bheith 'na gceannaibh dáiríribh ar an
dtír, acht níor thaithnigh an sean-shaoghal soin leis i
n-aon-chor. Do b'fhearr an nós é fá mar do bhítheas
láithreach. Ní dhéanfadh sé malairt ar an am fad ó.
Cad é ba ghábhadh an uair seo foslongphort do bheith ar
Bheinn Éadair, fir leathan-ghuailneacha ar faireadh ann,
tuaghanna géara ara gcuislinn aca fá mar do bhítí i
n-aimsir Chormaic Mhic Airt is i bhfad roimis is 'na
dhiaidh. Ní fhuil aon ghábhadh le n-a leithéidíbh sin indiu,
mar — cad é sin? Uaill amuich i gcuan Bhaile Átha
Cliath tráthnóna aoibhinn samhraidh, an mhainistir dheas
ar Reachrainn fá theine, a manaigh bhochta dhiadhaidhthe —
an fear óg is an sean-duine séimh — 'na gcuid fola, na


L. 83


coinnleoirí airgid is cuacha óir, na cailíse, brait
luachmhara na haltórach, cluigíní práis is leabhair fá
n-a gcumhdach greannta, sciobtha chum siubhail ag
foghlaidhthibh mara ó'n dtuaisceart. Ba bheag an bhrígh do
mhnáibh bheith ag bualadh bas, ná d'fhearaibh ar tráigh
bheith ag crothadh claidheamh is ag cur droch-ghuidhe leis
an Lochlannach le súil go sluigfeadh an tonn é.



D'fhill an Lochlannach arís um Shamhain agus níor fhág sé
ceall i gcomhgar do'n fhairrge ó Chiarraidhe go Bóinn
nár fhág sé ar lasadh. Comhrádh naoi lá do b'eadh a
thuras agus níor ghabh sé i dtreo na hÉireann arís go
ceann cúpla bliadhan. Tháinig sé, ámh, annsoin ar
nós ceatha lae foghmhair, d'éaluigh a bháid shlíme dubha
isteach béal na n-aibhne gan coinne leo, phreab cuid
de sna hÉireannachaibh annso is annsúd 'na choinnibh agus
doirteadh fuil ar gach taobh. Sceinn an Lochlannach
leis, acht níor bh'fholamh a chuaird mar do b'fhear dán
glic é. Ceapaim nár ghabh sé an tslighe go ceann
naoi nó deich de bhliadhanaibh 'na dhiaidh súd gur
dhearmhaid muinntir na tuatha go raibh a leithéid ann.



Chuir sé é féin i n-umhail mar ba ghnáthach leis —
d'éirigh sé go hobann ar nós péiste as an bhfairrge agus
shíligh na daoine go raibh Éire lán le Lochlannaibh, mar
leath an scéal gur marbhuigheadh fir i gCiarraidhe, i
bPort Láirge, agus i gCill Mhanntáin, acht faid do bhí an
ruagadh ar siubhal bhí dream Lochlannach go gnóthach ag
déanamh dúin i mBaile Átha Cliath, aghaidh an dúin ar
Éirinn agus a chúl ar fairrge.



Madra uisge is eadh an Gall so; tá pluais cois
fairrge aige, tagadh sé amach chughainn agus comhraiceocham
é, arsa na fir. Níor bhac an Lochlannach a gcuid
cainnte acht sleagh do radadh leo dá dtagaidís i
gcomhgar dá dhún. Ba gheárr gur tháinig fuireann
eile thar sáile agus chuireadar fútha sa dún agus níor
mothuigheadh pioc go raibh dún eile ar bun i Luimneach
agus báid na Lochlannach ar luascadh sa tSionainn.


L. 84


ÉIRE I gCOGADH.



Baineadh preab as Éirinn nuair do tháinig na Loch
lannaigh uirthi, agus ba bheag é a suaimhneas 'na dhiaidh sin.



Is ar éigin do chreidfidhe indiu go raibh tabhairt
suas chomh maith soin ar a daoinibh uaisle, agus ar chuid
mhaith de sna tuathaigh leis, is gur fhéachadar ar an
Lochlannach fá mar d'fhéacfá ar dhuine fhiadhain — 'sé
sin duine allta ná tuigfeá cad a bheadh ag gabháil
thren' aigne.



Bhí na scoileanna do b'fheárr sa dúthaigh i nÉirinn
an uair sin. Bhí ainm a scoláirí i n-áirde, agus ceapaim
go rabhadar an-mhórdhálach 'na thaobh soin, agus gur shíl-
eadar, fá mar shíligh na sean-Ghréagaigh i dtaobh a
bhfoghluime féin, gur dhuine gan míneachas éinne ná
raibh tabhairt suas Ghaedhealach air. Dá réir sin,
d'éirigh gráin 'na gcroidhe do'n fhear dheorata bharb-
ardha so nár chuir suim i léigheann ná i n-ealadhain.
Ní raibh aon cheist air coinnleoir greannta airgid do
sciobadh leis agus é 'leaghadh i dteine ar son an mhiotail
do bhí ann. Do stollfadh sé leabhar luachmhar ar son
an chlúdaigh airgid do thógaint leis. Ní raibh aon
urraim aige do bhéasaibh dúthchais na hÉireann. Fear
barbardha tuaisceartach do b'eadh é. D'ólfadh sé gan


L. 85


chradhscal beoir as cornaibh beannuighthe na haltóra, agus
do bhuailfeadh sé speach ar an gcailís, agus chuirfeadh sé
bior a chlaidhimh sa tsagart.



Do b'shin é an fáth, dar liom, gur éirigh déistin i
gcroidhe an Éireannaigh do'n Lochlannach agus gur cheap
sé leis féin gur chóir é 'mharbhughadh fá mar do
mhairbheothá madra uilc. Dá chomhartha soin is beag
an cáirde d'fhuighbheadh an Lochlannach nuair do beirtí
air. Níor ghnáthach leis na hÉireannaighibh cime cogaidh
do chur chum báis, agus ní raibh sé mar theist ortha go
rabhadar neamh-thruaghmhéileach. Mar sin féin léightear
sa stair gur bhuail dream Lochlannach annso le
taoiseach áirithe agus dream eile annsúd agus gur
marbhuigheadh gach mac máthar de sna Lochlannaibh sin —
rud ná déanfaidhe i n-aon chor leis na cimigh
ná leis na fearaibh créachta muna mbeadh go raibh
gráin thar bárr ortha.



Tuigfear as an méid sin gur gharg an cogadh bhí
idir na Gaedhil is na Gaill, is go raibh bruighean is
brón is fuil i gcomhair na hÉireann ar theacht an
Lochlannaigh mar bhí seisean láidir misneamhail
fíochmhar.



Is mór an ceann suas d'Éirinn é nach raibh sé i
gcumas an namhad úd í 'cheangal, agus cé nach méin liom
an cor so acht mion-tuairisg do thabhairt uaim ar a
cogadh le Lochlannaibh, mar sin féin tá a leithéid sin
de cheacht is de chéill le foghluim as an gcogadh úd
gur fiú dhúinn machtnamh air. Ghnídh na Lochlannaigh
náisiún d'Éirinn dá n-aindeóin féin. Sin é an ceacht.
Mhachtnuigh na fir ba ghéar-chúisighe sa tír sul a raibh
an cogadh i bhfad ar siubhal go raibh fear cúil ag
teastabháil uatha. Sin í an chéill. Muna dtuigthear
an méid sin, ní fhuil aon bhrígh bheith ag trácht thar
chogadh Gaedheal le Gall. Ní fhuil sa chogadh úd ar


L. 86


aon chuma eile acht comhrac is fuil, agus chífear a leithéid
sin idir dhá ghadhar ag ithe a chéile nó dhá choileach ag
cíoradh a chéile.



Dubhramair cheana go raibh Éire briste. Caithfear
an ríoghacht do dheisiughadh nó beidh an buadh leis an
Lochlannach. Bhíodh na taoisigh ag feannadh a chéile,
adeir an stairidhe; nár chóra dhóibh, adeir sé,
cabhrughadh le n-a chéile agus an Lochlannach do ruagadh?
Cainnt gan áird is eadh a leithéid sin.



Níor fuineadh ríoghacht riamh gan an fear ba threise
do theacht i n-uachtair, agus má bhí aon easba ba mhó 'ná a
chéile ar Éirinn aimsir na Lochlannach do b'é easba
fir láidir é. Bhí sé riachtanach leis ar an bhfear
láidir sin Éire féin do smachtughadh sul a mbeadh sé
'na chumas an namhaid do chlaoidhe.



Is gnáthach linn cuimhneamh ar Bhrian nuair do chuimh-
nighmíd ar Lochlannaibh, acht, fá mar adeir an sean
fhocal, bhí fir mhaithe roimh Agamemnon. Bhí súil leis
an bhfear láidir i bhfad sul ar tháinig Brian, agus is
iomdha fear eolgach do ghlaodhaidh air, mar bhí an Loch-
lannach ag crádh na hÉireann thiar is thuaidh is theas, é
suidhte i mBaile Átha Cliath, i bPort Láirge, i Luim-
neach, agus i nÁrd Mhacha, agus a loingeas ó bhéal na Sionn-
ainne go hÁth Luain. Bhí sé ag luighe isteach chum na
hoibre, mar tháinig an fear ba mhó cáil i Lochlainn
mar cheann air, fear teinnteach dár bh'ainm Torgaill,
agus do bhailigh seisean gach Lochlannach i nÉirinn fá n-a
sciath.



Ní raibh aon cheannfeadhna ag Éirinn le cur i
gcomórtas le Torgaill ar feadh dhá bhliadhain déag,
agus chreach sé leath na tíre, loisc sé na mainistrí, mhairbh
sé sagairt is bráithre, chuir sé a bhean i n-áirde ar
altóir i gCluain Mhic Nóis mar mhagadh fé sna
hÉireannaighibh agus chrom sise ar aithris ar an Maighdin


L. 87


Muire. Fá dheire d'éirigh Maelsheachlainn 'na choinnibh
agus chasadar ar a chéile láimh le hUisneach i nIarmhidhe agus
ghnídh Maelsheachlainn agus a Éireannaigh brúscar de
Lochlannaibh annsúd. Tógadh Torgaill. Cad do
dhéanfam leis, adubharthas, agus teasbánann a bhás an
ghráin uathbhásach a bhí ar Lochlannaibh. Do b'árd é a
gháire fá'n mbaisteadh, adubhradar, ghéabhaidh sé an
baisteadh fá mar a thuill sé é, agus chuireadar téadán
is cloch fá n-a mhuineál, stealladar isteach i Loch Uair
é agus d'éirigh súilíní is cúbhrán ar bárr uisce os cionn
an bhaill go raibh Torgaill fíochmhar ag lúbarnaigh ar
bun puill.



Déineadh Áird-Rí de'n chéad Maelsheachlainn seo agus
riaghluigh sé Éire ar feadh seacht mbliadhna déag
(846-863). Do choisc sé na Lochlannaigh, acht ní raibh
sé 'na chumas iad do thiomáint as an dtír mar
dhaingnigheadar iad féin 'na ndúntaibh cois fairrge,
agus nuair do bhíodh faill aca scaoilidís fá'n dtír go
minic ag coscairt.



Do bhrisfidhe ríoghacht chomh luath is bhrisfidhe bád acht
ní chuirfidhe le chéile gan duadh í, agus bhí gach Áird-Rí do
riaghluigh Éire ó'n gcéad Maelsheachlainn ag iarraidh
na tíre d'fhuineadh agus ag comhrac le Lochlannaibh san
am gcéadna, mar bhí na heachtrannaigh ag teacht thar
sáile go tiugh agus ag dul i neart. Má tá an fear
láidir ag teacht is mall ar a thuras é, adubhairt fear
na smuainte.



Theas i gCaiseal Mumhan do bhí Áird-Easbog agus
déineadh rí ar Mhumhain de, mar ríoghdhamhna do b'eadh
leis é. Do b'é an rí seo Cormac naomhtha mac
Cuileannáin. Ní raibh ar Ghaedhealaibh riamh scoláire
ba mhó léigheann 'ná é.



Féachaidh go cruinn ar an bhfear so, tá eolas is
intinn is léigheann thar bárr aige. Fear cóireach


L. 88


carthannach is eadh é. Is ionmhuin leis Éire. Ní maith
leis troid. Déineadh rí dhe. 'Sé gnó an ríogh
riaghlughadh. Do riaghluigh sé an Mhumha go maith. Dá
n-aibeoradh an tÁird-Rí leis: tá sé riachtanach ort-sa
géilleadh dhomh-sa mar is mise an tÁird-Rí; muna
ndéanfair, buaidhfidh na Lochlannaigh orainn. Is mar
so d'fhreagrochadh Cormac é, mar bhí eolas cruinn ar
stair na hÉireann aige: tá an ceart agat-sa, a
Áird-Rí, acht is deacair ár nós an lae indiu do
bhriseadh, agus dá ngéillfinn-se duit fá mar adeirir
bhainfeadh na taoisigh mo ríghe féin díom agus chuirfidís rí
eile im' ionad. Gheabhair an cháin uainn do gheallann
an dlighe dhuit. Caithfir na cúigí do smachtughadh sul
a mbeir id' cheann dáiríribh ar Éirinn. Ní smachto-
chaidh comhairle acht neart cuisleann iad. Óráit do
Dhiarmaid mac Cearbhaill.



Thuig Cormac cad do bhí ag teastabháil ó Éirinn agus
chuir sé buaidhirt air. Chuir Ab Inse Cathaigh cogar
'na chluais. Is tusa bheidh mar rí ar Leath Mhogha agus níor
bh'iongnadh liom go mbeitheá id' Áird-Rí chomh maith,
mar teastuigheann do leithéid ó Éirinn indiu. D'éist
Cormac leis gidh gur bh'fheárr leis bheith i n-aice a chuid
leabhar. Ní raibh aon fhonn comhraic ar Chormac mar
cé gur bh'fhear misneamhail é do ghoill cath is fuil air.
Mar sin féin, tharraing an t-ab leis é mar shíligh sé
gur bh'é Cormac an fear do b'fheárr do riaghlochadh Éire.



Cad é an fuadar so fá'n Mumhain? An measann
sí bheith 'na ceann ar Leath Mhogha fá mar do bhí sí fad.
ó i n-aimsir Eoghain Táidhligh is Chuinn Chéadchathaigh?
arsa rí calma Laighean an uair sin.



Is ait agus is truaghmhéileach é gluaiseacht na Muimhneach
chum cogaidh fá Chormac. Ní raibh aon mhuinighin ag na
Muimhnighibh as Cormac chum catha do chur, agus níor
theastuigh cath uaidh féin acht chomh beag. Shíligh sé, ámh,


L. 89


go raibh sé i ndán do'n Mhumhain Éire d'fhuascailt,
agus is mar sin do thárluigh, acht níor bha fá stiúrughadh
Chormaic é. Bhí cion leinbh ag na Mhuimhnighibh air agus do
leanfaidís go bás é, fá mar do leanadar. Bhí
urraim ag Éirinn go léir dó leis i dtaobh a chuid
léighinn agus a mhór-cháile.



Caithfimíd dul ar aghaidh, is dócha, arsa Cormac.
Bhuail na Laighnigh thréana leo go cóirighthe i mBealach
Mughna agus buadhadh ar na Muimhnighibh. Bhí Cormac ar
druim eich ar pháirc an bhuailte acht níor bhuail sé
buille, mar níor bh'fhonn leis fuil do dhortadh. Tháinig
sgeon ar a chapall ó'n fhuil agus do shleamhnuigh sí. Bhuail
fear claidhimh ar lár é agus baineadh an ceann de. Tógadh
an ceann i láthair ríogh Laighean acht i n-ionad lúthgháire
is amhlaidh do bhuail an rí sin a dhá bhais is ghoil go
hárd i ndiaidh Chormaic agus chuir chum báis láithreach fear
an chlaidhimh. Ar gcúl libh anois, a Mhuimhneacha, tá
bhur lá-sa ag teacht. A-bhaile libh, tá buaidhte oraibh
sa bhruighin bhráithre seo do fearadh le súil Éireann do
chur ar a bonnaibh ar an gcuma do thuig Muimhnigh
is Laighnigh an lae chruaidh dheoraigh i mBealach Mughna.
Le hais teallaighe i gCúige Mumhan leis do sileadh
deoir go brónach buidheach, nuair do cualathas gur
ghoil rí buadhthach Laighean os cionn Chormaic. Is as
deoraibh is fuil do ghnídhthear tíortha.


L. 90


GREIM AN LOCHLANNAIGH.



Ní bhfuaras im' shiubhaltaibh aon chunntus beacht ar
an uair 'na ndeárnadh Críostaighthe de chuid des na
Lochlannaibh i nÉirinn. Bhí a leithéid sin do ghráin aca
ar an gCreideamh nár bh'iontaoibh d'aon tsagart
teacht 'na ngoire, acht mar sin féin fuair na sagairt
faill ar labhairt le cuid aca agus bhí fo-cheann aca 'na
gCríostaighthibh i gan fhios roimh an mbliadhain 860.



Ba gheárr 'na dhiaidh súd go bhfuair na Lochlannaigh
eile amach go raibh Críostaighthe ortha féin agus bhí
bruighean eatortha 'na thaobh soin i bhFine Gall, cois
Bhaile Átha Cliath, mar chrom cuid aca ar mhilleán do
chur ar a chéile toisg nár cuireadh chum báis na
sagairt do chas ortha.



Chualaidh na hÉireannaigh tuairisg ar an imreas do
bhí idir na Danair agus níor ghoill sin ortha gur chualadar
gur mar gheall ar an gCreideamh é. Tháinig truagh
aca annsoin láithreach do'n Chríostaighe ghallda, siúd
is gur Lochlannach féin é. Bhí na hÉireannaigh bog,
maithmheach riamh agus do b'fhurusta síothcháin do dhéanamh
leó — tréith do chuir chum deiridh go minic iad. Is
amhlaidh do ghnídh a sochmaidheacht an cor so dochar is


L. 91


diachair do'n tír, mar chrom taoiseach annso is ann-
súd ar cháirdeas is caidreamh do dhéanamh leis an
Lochlannach, agus ba ghairid gur ghnídheadar cleamhnas le
chéile. Ghnídh a leithéid sin de chaidreamh imreas is
achrann idir na hÉireannaigh féin, rud do chabhruigh
leis an Lochlannach chum a ghreama d'fhásgadh ortha.
Thosnuigh sé ar bhailtí dhéanamh cois fairrge agus níor
bh'fhada go raibh sé láidir a dhóthain le ceanntair ar
theórannaibh na mbailtí sin do chosaint is do chur fá
chíos. 'Na theannta soin chrom sé ar dhíol is ar
cheannach le tíorthaibh thar sáile agus bhí seisean ag dul i
saidhbhreas agus Éire ag dul i mbochtaineacht as son i
leith. Bhí easba oidis ag cur ar na daoinibh leis mar
dóghadh na mainistreacha agus scoileanna an áird-léighinn
i nÁrd Macha, i gCluain Ioraird, i mBeannchar, is i
gCluain Mhic Nóis, is do scaipeadh na mic léighinn do
gnáthuigheadh na scoileanna áilne úd.



Dá fheabhas an léigheann is an cothughadh i n-aisce
do thug na hÉireannaigh do mhacaibh léighinn as tíorthaibh
iasachta ins na scoileannaibh úd ba bheag an congnamh
do fuair Éire bhocht ós na tíorthaibh deorata soin i
n-am so an ghábhaidh.



Tháinig faitchíos ar an áird-rígh Flann Sionna (879-
916) agus ceap sé gur mhaith an rud do'n tír dá ndéan-
faidhe síothcháin leis an Lochlannach, acht ní síothcháin do
bhí ó'n bhfear gcoimhightheach acht ceannas is buaidh.



Déanadh áird-rí de Niall Glún-Dubh ins an mbliadhain
916, agus connacathas dó go raibh an Lochlannach ag
borradh gach lá. Dá mbuailfidhe buille trom ortha
ins an neid sin i mBaile Átha Cliath, ar seisean, bheadh
a ndrom briste, agus ní túisce bhí an rí óg, tréanmhar so
ullamh 'ná gur ghluais sé ó dheas le buidheantaibh
cruadha as Ultaibh, agus bhí súil Éireann i n-áirde. Léim
na Lochlannaigh amach air cois Bhaile Átha Cliath ar nós


L. 92


scata leómhan-sáile, agus ins an gcath chruaidh do bhí
eatortha marbhuigheadh Niall Glún-Dubh agus mórán de
mhaithibh Uladh mar aon leis. Bhí caoi is deóir nuair
d'fhilleadar fuighleach a bhuidheanta a-bhaile gan fiú
cuirp a n-áird-ríogh, mar chuaidh an lá chomh dian soin
ortha go mb'éigean dóibh Niall Glún-Dubh do chur i
sean-leacht atá ar éadan Tiobraid ag féachaint anonn
ar pháirc an bhuailte. Do mhaoidhimh na Lochlannaigh ar
fuaid Éireann as bhás áird-ríogh agus do bhagaradar ar
chách go dtabharfaidhe an íde chéadna ortha.



D'fhág an t-áird-rí sin 'na dhiaidh sa bhaile leanbh
mic agus do b'é an leanbh úd 'na dhiaidh súd an fear ba
thréine bhí i nÉirinn le n-a linn. Muircheartach na
gCochall gCroicinn do tugthaoi air, agus i dteannta a
chalmacht bhí intinn ghéar aige. Síleadh gur bh'é an fear
láidir do bhí le teacht é agus i dteannta a ghráidh d'á thír
dhúthchais bhí díoghaltas fola aige le baint as an
namhaid. De Mhuinntir Néill Thír Eóghain do b'eadh
Muircheartach. Nuair cailleadh a athair déanadh áird-
rí de Dhonnchadh, prionnsa de Mhuinntir Néill na Midhe.



Chrom Muircheartach ar ullmhughadh go cúramach i
gcomhair an chatha bhí roimis. Ní bhuailfear an Loch-
lannach borb gan duadh, adubhairt sé leis féin, agus
caithfidh Éire bheith umhal dom' bhráthair an tÁird-rí
sula dtosnócham ar obair dáiríribh. D'á réir sin
cheap sé gur chóir dos na righthibh cúige urraidhe do
thabhairt do'n áird-rígh go gcabhróchaidís leis níos
feárr 'ná mar ba ghnáthach. Má ghnídhtear gan troid
an méid sin is é is feárr linn, do ráidh sé leis
féin, agus do ghléas sé sluagh fear toghtha i lár an
gheimhridh, bhuail sé umpa brait nó cochaill de
chroiceannaibh caorach, agus bhuail sé ó dheas go Cúige
Mumhan mar do b'é rí na cúige sin — Ceallachán
Chaisil — an fear ba bhoirbe i nÉirinn. Ní bheidh coinne


L. 93


ag Ceallachán linn sa gheimhreadh agus ní bheidh sé ullamh
le cur 'nár n-aghaidh, adeir Muircheartach, mar bhíonn
an ghaoth garbh is na bóithre salach an t-am so bhliadhain,
is tuile i n-aibhnibh is na móinfhéir fliuch chum codlata
ionnta, bíonn sean-chlúmh ar chapaillibh marcaidheachta,
buarach ar bhuaibh, is bainne gann, agus is deacair arm do
chur i n-eagar sa gheimhreadh. Gluaisidh, a laochraidhe,
mar tá gialla ó'n áird-rígh.



Bhí iongnadh an tsaoghail ar Cheallachán cad do bhí ó
Mhuircheartach nuair do thánagthas go hobann air.
Tusa féin amháin atá uaim, arsa Muircheartach, agus do
b'éigean do Cheallachán gluaiseacht leis. Géilleadh
i ngach ball i nÉirinn dó ar an gcuma gcéadna, agus
thug sé leis go Dún na Sciath go dtí an tÁird-rí
a chuid gialla. Ní fhuil aon teóra le Muircheartach,
adubharthas, agus bhí a ainm i mbéal gach éinne. Gheall
na gialla do'n áird-rígh ar son a mbuidheanta go
dtabharfaidhe gach congnamh dó mar ba chóir.



Bhí éad ar an áird-rí leis an laoch so agus faitchíos air
roimis. Ní dóich liom gur ghábhadh dhó soin. Ní
áirighim go raibh aon bhrath ar chumhacht dhó féin ag
Muircheartach acht gur bh'é bhí uaidh na Lochlannaigh do
chlaoidhe — beart do bhí thar chumas an áird-ríogh úd.



Dá n-éirigheadh le Muircheartach 'sé mheasaim ná
beadh na hÉireannaigh sásta le haon-fhear eile bheith
ós a gcionn acht é. Is cosmhail a bheatha le réaltan
uaigneach i spéir smúitmhear go múchfaidhe a sholus go
hobann fá scamallaibh dubha dorcha na hoidhche.
Marbhuigheadh Muircheartach óg cumasach ag cómhrac
le dream Lochlannach cois Átha Fhirdia agus ba mhór an
tubaiste ar Éirinn é mar chaill sí an t-éin-fhear amháin
do scaoilfeadh as a ceangalaibh í.



Nuair do thuit Muircheartach ní raibh aon fhear ar
Ultaibh le cur in' ionad agus ba bheag é a gcongnamh


L. 94


d'Éirinn as soin i leith i gcogadh Gaedheal le Gall
Ní raibh aon fhonn géilleadh do Lochlannaibh ortha, ámh, agus
ní mó 'ná bhí ar aon chúige eile acht chomh beag. Ar a
shon soin is eile ní raibh aon cheann-urraidh ar
Ghaedhealaibh do choingbheochadh i dteannta 'chéile iad, agus
d'á dheascaibh sin ba chosmhail Éire an aimsir úd le
luing gan stiúir lá gaoithe móire i measg tonn tuile.
Bhí a rian air; mheas a lán de sna taoiseachaibh nár
bh'fhéidir buadh ar an Lochlannach agus ghnídh cuid aca
cáirdeas cogaidh leis i n-aghaidh taoiseacha eile bhí
chomh dán soin ná géillfidís go bráthach.



Má's dóich leat go bhfuil do namhaid ró-láidir duit
ní bhuaidhfir go deo air agus brisfear do mhisneach sa
deireadh. Ba gheall leis d'Éirinn sular tháinig
fóirithin chúichi, acht fá mar a thagann an ghrian
i ndiaidh na fearthainne fuair sí an bhuaidh fá mar do
ghéabhaidh sí arís is ar ball é mara gcaillid a clann
a muinighin 's a misneach.



Níor chaill na sean-Éireannaigh a muinighin gidh go
raibh an saoghal go dona ortha agus an namhaid ag dul
i dtreise. Ceapaim go raibh an saoghal níos aindeise
i gCúige Mumhan i meádhon na naomhadh aoise agus ar
feadh fiche bliadhan 'na dhiaidh sin 'ná mar do bhítheas
i n-aon chúige eile i nÉirinn. Bhí caidreamh idir chuid
de thaoiseachaibh na cúige sin agus Lochlannaigh Luimnigh,
agus scriosaidís muinntir na tuaithe mór-dtimcheall
de bhuaibh is do chapaillibh. Bhí Ceallachán foirtill
faobhrach Chaisil marbh, agus do b'éigean do'n rígh
mhisneamhail sin Mathghamhain Ó Cinnéide, dearbhráthair
Bhriain, síothcháin do dhéanamh sa deireadh le Loch-
lannaibh agus a leigean dóibh daor-chíos do chur ar chuid
de'n Mhumhain. Léightear go raibh cáin mhillteach dhá
héileamh ag an Lochlannach soin tar cheann na síothchána
agus caoi-ghoileann na filí go mbíodh unga óir ar gach


L. 95


sróin sa Mumhain d'á bhaint amach ag an namhaid dubh
chroidheach. 'Na theannta soin do b'iomdha óig-bhean
dhathamhail ghlas-shúileach d'fhuaduigh sé thar sáile leis.



Theas i nInis Fáithleann i Loch Léin bhí aosánach de
shliocht Chormaic Chais ar scoil ag foghluim stair a
thíre is ag éisteacht le trácht ar ghaisce a shinnsear:
thuaidh i nDún na Sciath i gCúige na Midhe bhí buinneán
de shliocht Néill Naoi-Ghiallaigh 'ghá oileamhaint san
am gcéadna.



Tar slán, a Bhriain áigh, agus thusa, a Mhaeilsheachlainn
ghlé ghaisceamhail, mar tá Éire ag feitheamh libh!


L. 96


MAELSHEACHLAINN IS BRIAN.



Fá mar adubhramair cheana do mhéaduigh Tuathal
Teachtmhar an Mhidhe le roinnt talmhan do chur léi as
gach ceanntar ar a teorannaibh thuaidh is theas, agus ghnídh sé
cúige dhi. Dhein sé ceann dá rígh-thighthibh ar Chnoc
Uisneach agus bhíodh dáil mhór is greann is báire is cleasa
ar an gcnoc aoibhinn aithnid sin ar feadh na gcéadta
bliadhan as soin i leith.



Shín an chúige ríoghamhail ó'n Sionainn go fairrge
thoir, agus ó'n Life i gCill Dara theas go dtí Sliabh Fuaid
i nÁrd Macha thuaidh. Bhíodh sí mar fhearainn búird ag
áird-ríghthibh na hÉireann gur briseadh Teamhair,
acht 'na dhiaidh sin bhíodh rí ar leithslighidh ar an Midhe ar
nós aon chúige eile. Ba mhór le rádh í ins an tsean
aimsir. Roinn na Sasanaigh 'na dá chondae cuid di
ins an séamhadh haois déag agus chuireadar le hUltaibh is
le Laighnibh an chuid eile dhi. Ba dhroch-mhúinte an lámh-
láidir a leithéid agus is mór an truagh go bhfulaingeoch-
amuis a leithéid gus indiu, mar cuimileadh leis an
mbeart mhioscaiseach soin amach as stair na hÉireann
cúige uaibhreach mhódhmharach. Briseadh gan tairbhe le
sean-nós, agus ní mar mhaithe le hÉirinn é. Do


L. 97


b'ionann é agus dá dtógfaidhe an t-ainm urramach
soin "Ulaidh" de'n chúige thuaidh agus í 'thabhairt
ar smiot de chondaethibh Aontroma agus Dhoire.
Siúd is gur bh'éigean géilleadh an uair sin
do'n fhóirneart úd, tá sé i gcumas na ndaoine indiu
má's maith leo é, Cúige na Midhe do ath-bhaisteadh fá
mar do bhí sí ar feadh chúig chéad déag bliadhan.
Maireann sí fós i n-aigne an stairidhe gidh gur dheighil
an namhaid dá haindeoin as "Cúig Cúigíbh na
hÉireann" í.



I gcogadh Gaedheal le Gall ní raibh aon chúige eile
ba thréine i gcomhrac 'ná an Mhidhe. As shliocht Néill
Naoi-Ghiallaigh do shíolruigh a ríghthe agus ba mhinic ceann
aca 'na Áird-Rígh ar Éirinn. Is mó é a cáil 'ná cáil
Uladh i gcomhrac le Lochlannaibh. Níor throid na
hUltaigh leis an namhaid sin i n-aon chor chomh calma
is throideadar 'na dhiaidh súd i gcoinnibh Sasanach.
Ba bheag é suaimhneas na Midhe, mar bhí sí comhgarach
do Bhaile Átha Cliath mar ar chuir na Lochlannaigh fútha
go daingean ó thosach, agus mar sin féin níor staon sí ó
throid leo ó thángadar sa tír gur cuireadh fá chois
iad.



Fear tuigseanach glic do b'eadh é an Lochlannach, agus
bhí a shúil i gcomhnaidhe ar an Midhe, agus do b'áil leis rí
Lochlannach Átha Cliath 'bheith i gceannas uirthi. Ghnídh
sé iarracht eile ins an mbliadhain 968 acht do theip air.
Ba gheárr 'na dhiaidh sin gur deineadh rí do'n dara
Maelsheachlainn. Badh dhóich leat gur chuir an ainm
sin ar dearg-bhuile Lochlannaigh Átha Cliath agus gur
chuimhnigheadar ar an gcéad Mhaelsheachlainn do thug
an buille ba throime dhóibh dá bhfuaradar i nÉirinn.
Badh mhaith leo an dara Maelsheachlainn seo do
stracadh as a chéile, acht tháinig scéala chucha ó Íomhar,
rí Luimnigh, a suaimhneas do ghlacadh go fóill toisc go


L. 98


raibh Cúige Mumhan go han-shocair thré droch-bheartaibh
bhuachalla bháin darab ainm Brian, dearbhráthair
Mhathghamhna, rí Thuadh-Mhumhan.



Chuirfeadh sé fáth gáire ar dhuine an chomhairle do
thug Íomhar do Mhathghamhain. Is mar a chéile é agus cuid
de'n chainnt do chloisimíd indiu. Ghnídh an bheirt seo
síothcháin le chéile d'éis a dtroid le fada roimhe sin.



"Nách mór an náire dhuit-se ná cuireann cosc leis
an ndearbhráthair sin agat," adeir Íomhar "Tá sé ag
cur na cúige thré n-a chéile gan ghábhadh. Nách córa
dhúinn maireachtain go síothchánta i dteannta 'chéile.
Tá na daoine go réidh is go macánta, dá leigfidhe
dhóibh, is gan smuainte 'chur 'na gceann gan bheith
umhal. 'Sé leithéid Bhriain do chuireann ar a n-aimh-
leas iad. Abair leis cur uaidh nó gur dó is
measa."



Bhí Mathghamhain go cangcarach, acht níor leig sé air
é. Ghnídh sé síothcháin le Lochlannaibh mar mhaithe le n-a
threibh, mar shíligh sé gur bh'é a leas é. Níor mhar sin
do Bhrian bhorb. Ghléas seisean trí chéad fear de'n
treibh, chóirigh sé 'na ndeichneabharaibh iad, agus d'imthigh-
eadar ar a gcoimeád fé sna coilltibh. Má éiligheadh
an Lochlannach cáin i n-aon bhall i gCúige Mumhan agus go
dtugthaidhe an t-eiteach dhó, is amhlaidh do chromadh sé
ar dhranntán; míneochad sibh, adeireadh sé, agus thagadh
sé ortha go hobann agus thógadh leis an chreach. Do
b'annamh do théidheadh sé slán gan buillí mar chasadh
Brian air i mbeárnain éigin, agus bhíodh fuil eatortha.



Do b'ionmhuin le Mathghamhain Brian. Chuarduigh sé
coillte iargcúlacha dhó.



"A Bhriain, caithfeam síothcháin do dhéanamh leis an
namhaid go ceann tamaill. Tá ár mbuidhean ag dul
i laighead is ár maoin ag sleamhnughadh uainn."



"A Mhathghamhain mo chroidhe istigh, dá mhéid é do
chion orm, ní dhéanfad rud ort."


L. 99


"Cá bfuil do shluagh?"



Chuir Brian fead as, is d'éirigh trí deichneabhar fear
as an dtalamh.



"Cá bhfuil an chuid eile?" adeir Mathghamhain.



"Fá chré na Mumhan, mar a mbead-sa is mar is
cóir dhuit-se bheith sul a ngéillfeam do'n ghadaidhe
choimhightheach."



D'árduigh Mathghamhain a guth agus ghoil sé.



"Leig dómh-sa labhairt leis an dtreibh," adeir
Brian; agus cuireadh fógra amach.



Sheasaimh Brian ar aghaidh Dál gCais amach agus chuir-
eadar na súla thríd.



"A bhuideanta mo chléibh, is mór againne ár rí
Mathghamhain agus is mór aige sinn. Tá a fhios agaibh go
bhfuil an namhaid chíocrac mhalluighthe ag cur air, agus go
ndeárnadh síothcháin ar son go mbeadh suaimhneas
agaibh-se. Támuid-ne láidir fós acht tiocfaid an lá
go mbeimíd lag.



"Féach ar an dtarbh tána," arsa Brian," tá seisean
láidir, is adharca geala géara air is géim aige do clois-
fidhe thar mhaoileann na gcnoc. Do b'eol dom a leithéid
lá dem' shaoghal is é ag gabháil thré mhachaire. Chuir
fear scata gadhar leis acht d'iompuigh an tarbh, steall
sé san aer ceann, chuir sé adharc go feirc i gceann, agus
sceinn an chuid eile leo ag ualfhartaigh. Chrom an
tarbh a shrón sa bhféarach, líon sé a bholg, agus luigh sé
siar fá thaithneamh gréine i gcodladh trom. D'éaluigh
an fear 'na threo, ghríosuigh an chonairt leis, dúisigheadh
go hobann an tarbh mór agus léim sé chum siubhail le
géim uamhnaigh, acht bhí sé caoch le scannradh, bhí na
gadhair i n-achrann dá shróin, dá scórnaigh is dá bhléin,
agus thuit sé i gceann a chos, a chroidhe 'na bhéal, anaithe
air, 's cubhrán bán air, gal as, is fuil 'na sruthaibh leis.



"Shuidh an gadaidhe ar stuam-ghualainn an tairbh is


L. 100


gháir sé go sásta is labhair sé go suairc: Íosfam gan
ghruaim thu, a thairbh mhóir bheathuighthe, is nach beag an
bhrígh neart gan céill 'na theannta."



"A Dhál gCais, an sínfeam siar fá lapaidhe mhadraidhe
Gallda? Is agaibh-se tá a rogha. Ní hagam-sa 'ná
ag Mathghamhain. Ciaca bheidh agaibh? An troid nó
an tsíothcháin?"



Le haon liúgh amháin do chas an Dál gCais a
gclaidhmhthe agus chualathas mar fhreagra, ar nós géimrigh
na mílte damh, "Comhrac! Comhrac! Comhrac!"
D'fhéach Brian ortha is faobhar 'na radharc; d'fhéach sé
ar Mhathghamhain.



Fear óg árd lom i n-aois a shé bliadhan fichead do
b'eadh Brian an uair sin. Ní heol dom aon chúnntas
cruinn ar a chruth, acht is é mo thuairim go raibh a chuid
gruaige dubh agus féasóg fhada fhionna-ruadh air.



Leath an scéal go luath go bhfeacathas Mathghamhain
's a shluagh ar gabháil thar Sionainn le luighe gréine.
"Is mar sin is feárr é, ní rachaidh aithid aca thar n-ais
go deo," arsa Íomhar, agus bhailigh sé chuige na Lochlannaigh
gan mhoill. Lean sé ar lorg Mhathghamhna.



Chuir an Dál gCais fútha ar imeall coille i
Sulchóid i dTiobraid Árann agus chualadar istoidhche
mar a bheadh feadghail éin fairrge agus bhí a fhios aca go
raibh na Lochlannaigh 'na gcomhgar ag déanamh
comharthaidhe chum a chéile. Ar bhreacadh an lae
thángadar le fuaim ar tí Mathghamhain do mhúchadh
láithreach acht chuir seisean fáilte rómpa le claidheamh
is sleagh. Dhruideadar i ndiaidh a gcúil agus bhrúchtadar
ar aghaidh arís ar nós na tuinne. Ní túisce bhí an
t-éirleach ar siubhal dáiríribh 'ná gur phreab chúig céad
fear is Brian ar a gceann amach as an gcoill ar
chliathán na Lochlannach agus chromadar ar raobadh go
fonnmhar. Thug na Lochlannaigh aghaidh ar Bhrian go


L. 101


fíochmhar mar ba ghnáthach leo, acht ghnídh seisean
bóithre corp is cnámh thríotha agus thug Mathghamhain dearg-
ruathar fá dhéin Bhriain.



Ba threise is ba dhána na Lochlannaigh seo 'ná an
Sasanach riamh, acht mar sin féin bhriseadar um
mheadhón lae. Siúd is go raibh na céadta Éireannach
ar lár lean Brian ar rian an namhad, lean sé air go
dian as soin go Luimneach fiche míle ó bhaile, agus bhí cinn
is cosa is casán fola feadh an bhóthair. Bhí sé ar a
sálaibh ar theacht dóibh ar tháirsigh Luimnigh agus bhí a
chlaidheamh ag gearradh thríotha sul a raibh uain aca ar
ath-anál do thógaint. Sceinn cuid aca go dtí Ab
Inse Cathaigh agus chaitheadar iad féin ar a choimirc. Ní
leomhthar méar do bhualadh ortha anois, ars' an tAb
macánta. Druid siar, a shagairt shéimh, arsa Brian:
chomh luath is bheadh mo chúl leis na bioránaigh seo
gheárrfaidís do scórnach. Isteach libh, a bhuachaillí is
árduighidh amach na heachtrannaigh; agus ghnídh fir na
gclaidhmhthe rud ar Bhrian go héascaidh.



Thug bruighean Shulchóide ath-mhisneach do Mhuimh-
neachaibh mar do b'í siúd an briseadh ba mhó fuair
Lochlannaigh le linn éinne.



Bhailigh Íomhar sluagh tréanmhar arís, acht bhuaidh
Mathghamhain air iseacht gcathaibh ar feadh na bliadhna bhí
chughainn. Ghéill Íomhar fá dheiread agus thug cuireadh cum
féasta is cómhdháil do Mhathghamhain, acht i n-ionad
féasta is eadh fuair Mathghamhain láidir deagh-
chroidhtheach feall, mar bhuail Íomhar is dhá thaoiseach
Ghaedhealacha ar a thuras go dtí an féasta leis is
ropadar sleagha thré n-a chroidhe i mbeárnain ar
ghualainn Chnuic Fírinne cois Chruim i gceanntar
Luimnigh — rud nár ghnáthach le Lochlannaibh a dhéanamh,
mar ní chuirtear feall 'na leith.



Is dubhac deorach do bhí Brian i ndiaidh Mhathghamhna,


L. 102


agus gheall sé go mbainfeadh a chlaidheamh díoghal as na
marbhthóiríbh — geall do chomhlíon sé go hiomlán, mar
lean sé iad go rug sé ortha cois Mhágh Chromtha i
gCorcaigh, mar a raibh sluagh láidir bailighthe aca. Bhris
sé isteach ortha le fothrom gaoithe móire thré choill,
bhrúthaigh i raon madhma isteach go coiréalaibh iad, agus
scoilt sé le n-a chlaidheamh féin plaoisc an dá thaois-
each Ghaedhealach úd agus Íomhar 'na dteannta diaidh ar
ndiaidh.



Fáilte is fiche gach fír-fhir ó Chaiseal go Daingean
romhat, a Rí óig na Mumhan, agus tá d'ainm as so suas i
mbéal gach Lochlannaigh i ndún fairrge thuaidh is theas.



Níor bh'é an Lochlannach, ámh, an fear do ghéillfeadh
gan cath cruaidh. Cheap sé go raibh Éire go dtí sin
fá n-a bhuannacht. Thuig sé go luath cad é an saghas
fear cogaidh é Brian, agus dhírigh sé a neart go léir air.
Thángadar as gach áird; thugadar suaimhneas do sna
cúigíbh eile, agus ní dóich liom go bhfuil aon tréimhse eile
i stair na hÉireann is tábhachtaighe 'ná comhrac na
Muimhneach 'na n-aonar le Lochlannaibh ar feadh an dá
bhliadhain déag úd (968-979). Bhuail Brian fiche cath
ortha, agus is fiú gach ceann aca tuairisg fhírinneach do
thabhairt ortha.



Níor bh'amhlaidh amháin ná fuair Cúige Mumhan aon
cabhair, acht, nídh ba mheasa 'ná soin, chabhruigh cuid
mhaith de thaoiseachaibh Laighean le Lochlannaibh, mar bhí
cleamhnas eatortha is báidh aca le chéile, agus bhí an bháidh
chéadna ag ceathair nó cúig de thaoiseachaibh na
Mumhan féin leis an namhaid gur sciob claidheamh
Bhriain na cinn díobh. Bhagair sé an íde chéadna ar
Rígh Laighean; acht ba bheag é toradh an ríogh sin air gur
bhris sé isteach 'na chúige gan chead gan choinne, agus chas
sé ar Lochlannaibh is ar Laighnibh suidhte cois Rois Mhic
Treoin. Ghabh sé thríotha, is scaip sé iad, agus, mar ba


L. 103


ghnáthach leis i gcath, lean sé go dian ar an bhfuighleach.
"Scaoil uait na Laighnigh, acht scaoil ar na Lochlann-
aigh," adeir sé le ceann dá thaoiseachaibh airm sa
ruaig, agus ceapaim as soin gur ghoill sé air Gaedheal
as aon chúige do mharbhadh.



Ní raibh Brian in' aonar i bhfad 'na dhiaidh súd mar
d'éirigh an fear ba ghrádhmhaire le n-a linn mar chabhair
dó — Maelsheachlainn óg na Midhe.



Munar féidir linn an beithidheach allta so na
Mumhan do chur fá chois beidh an Mhidhe againn go
háirithe, adeir Lochlannaigh Átha Cliath, acht chuir
Maelsheachlainn an rith ortha. Thriall an Lochlannach
dán ar aghaidh arís, ámh, níos treise 'na riamh. Dhruid
Maelsheachlainn uaidh ar gcúl: dhruid leis go cliathán
Chnuic na Teamhrach agus d'fhan annsúd leo. A Chlann na
Midhe, adeir sé, cuimhnighidh ar bhur sinnsear romhaibh;
ná tréigidh an cath, acht ceapaidh go bhfuil na céadta
rí do shuidh ar Teamhair ag féachaint oraibh indiu!
Phreab na Midhigh áilne bhinne ar chéasaibh na Lochlan-
nach, raobadar is bhriseadar a ndíorma dlútha, lean-
adar ortha dá ngearradh go dún Bhaile Átha Cliath, is
isteach leo agus scaoileadar dhá mhíle Éireannach bhí fá
ghéibheann annsúd agus d'fhilleadar féin is Maelsheachlainn
buadhthach go Dún na Sciath.



Deineadh Áird-Rí de Mhaelsheachlainn an bhliadhain
do bhí chughainn (980), agus do ghearán Brian leis láithreach
go mbíodh na Lochlannaigh 'ghá n-ollmhughadh féin i
gCúige Laighean gan bac ó éinne, agus 'na dhiaidh sin go
mbrisidís isteach 'na chúige féin. D'iarr sé ar an
Aird-Rígh an cúige sin do thabhairt dó féin i gcás
smacht do chur ar Lochlannaibh: Eitigheadh é agus níor
thaithnigh an t-eiteach leis. Mhachtnuigh sé gur de
shliocht Éibhir é féin, gur shíolruigh sé ó Chormac Cas is
ó Eoghan Taidhleach, is go raibh Laighin is an Mhumha fá'n


L. 104


Eoghan soin i n-aimsir Chuinn Chéad-Chathaigh. Bhí
seanchus go cruinn ag na hÉireannaighibh an uair
ud.



Chrom Brian ar chur isteach ar an Áird-Rígh agus
d'éirigh imreas agus argóint eatortha. Bhuail a dtaoisigh
a chéile cois Áth Luain agus cuireadh taoisigh Bhriain ar
gcúl. Ní áirighim gur nocht Brian féin a chlaidheamh i
gcoinnibh an Aird-Ríogh, acht níor chuir sé cosc le n-a
thaoiseachaibh borba, agus thaithnigh an t-imreas go maith le
Lochlannaibh mar bhíodar féin brúighte go leor.



Ba riaghlóir gasta Brian, agus bhí sé ag cur gach nídh i
n-eagar. Nuair do bhíodh suaimhneas aige ó chogadh
ar feadh tamaill, agus is annamh do bhíodh, ghnídheadh sé
dúin is tighthe is bóithre, agus nuair do bhíodh caoi aige air
chromadh sé ar scoileanna do chur ar bun ar an láthair
gur dóigheadh iad le Lochlannaibh; ar mhainistrí do
dhéanamh, ar dhíol is ar cheannaidheacht do chur ar
siubhal, is ar breitheamhnaibh dlighe do shuidheadh in gach
ceanntar. Ar an gcuma soin bhí Cúige Mumhan ag
dul i neart fá chosnamh an chlaidhimh mhóir agus cheap an
t Áird-Rí ciallmhar gur chóir dó réidhtiughadh le Brian.
Agus go mór-mhór ní chabhróchadh Cúige Uladh leis an
Aird-Rígh, agus dá dheascaibh sin do shnaidhm sé cáirdeas
cogaidh le Brian agus thug Cúige Laighean dó.



Chuir Maolmordha, Rí Laighean, búithreadh as, is thug
na mionna ná géillfeadh sé féin go bráthach do Bhrian.
Gluaisidh, a Dhál gCais! arsa fear an chlaidhimh, agus do
bhuaileadar thré Bhealach Mughna mar ar marbhuigheadh
Cormac Naomhtha mac Cuileannáin. D'fhéach Dál
gCais ar Bhrian agus fá cheann lae is oidhche d'fhéach
seisean siar ortha nuair do chonnaic sé na Laighnigh
suidhte i nGleann Máma agus ceann ar cheann de
Lochlannaibh go fuadrach le n-a gcois. Chuir Brian is
Maelsheachlainn fútha ar a n-aghaidh anonn.


L. 105


"Ná leigimís leo go maidin, tá an bheirt úd glic,"
adeir an Rí Lochlannach.



"Bí aireach, a Mhaelsheachlainn, chím corruidhe sa
champa úd. Buailfid roimh lá sinn," adeir Brian, agus
d'atharruigh sé a phuible féin san oidhche i gcás go raibh
slighe fhairsing idir é féin is Maelsheachlainn.



I dtosach an tsamhraidh do b'eadh é, ins an mbliadh-
ain 999, agus bhí duilleabhar go tiugh ar chrannaibh, agus na
héin ag dul chum codlata ionnta. Cuireadh na fir
faire amach. "Luighmís leis na héanaibh is éirighmís
leis na huanaibh," adeir Brian; agus ní túisce dhúisig na
héin 'ná gur dhúisigh na Lochlannaigh na Gaedhil.
Bhrúchtadar le liúgh isteach ar Mhaelsheachlainn, dar
leo, acht do b'é Brian do bhuail umpa go hullamh
cóirighthe. Tháinig Maelsheachlainn aniar 'dtuaidh ortha
san am gcéadna, agus bhris 'n-a dhá gcuid iad. Aralt
mac Amhlaoibh Chuaráin, Rí Átha Cliath, bhí mar cheann
ar Lochlannaibh an mhaidin úd, agus do theich sé treasna
muinge bhí ann i gcomhair a chuid fear do chur i n-eagar.
Chualaidh sé an fothram 'n-a dhiaidh. "Chughaibh Brian!"
arsa Aralt, agus do chas na Lochlannaigh chomh cíocrach
chum fola le scata faolchon.



"Ionnsuidhigh! Ionnsuidhigh!" arsa glór-ghuth Bhriain,
agus ghabh na Muimhnigh thríotha mar a gheobhadh scaoth
fiolar i measc fiadhtha. Bhíodar ag tuitim fá mar a
thuiteann buille féir fá'n speil; acht, mar sin féin,
chuir Aralt tréan na fir shlána arís is arís i
n-eagar agus chuaidh sé féin fé sa deireadh agus cruacha corp
'n-a thimcheall. Cailleadh annsúd chúig mhíle Lochlannach.



Chonnaic na Laighnigh chródha an íde bhí ag Brian dhá
thabhairt ar Lochlannaibh agus i n-ionad eagla 'theacht ortha
is amhlaidh do chuir sé mire ortha, agus thugadar ruthag ar
Mhaelsheachlainn. Chaith an laoch soin dhe iad le
duadh agus tháinig Brian 's a Mhuimhnigh 'n-a chabhair,


L. 106


amach as ár na Lochlannach, a gclaidhmhthe crón is fliuch.



Briseadh ar Laighnibh agus fuair Murchadh mac Bhriain,
d'éis na tóra, Maolmórdha i bhfolach i measc duill-
eabhair crainn iubhair. "Gread leat a bhaile as soin,"
arsa Brian leis. Do b'fheárr d'Éirinn dá muirbheoch-
aidhe Maolmórdha an lá úd.


L. 107


BRIAN IMPERATOR SCOTORUM.



Is sean-fhocal é gur feárr an mhaith atá 'ná an
mhaith a bhí, agus mar a chéile sin is measa an t-olc atá
'ná an t-olc a bhí. Is feárr é cuimhneamh na nGaedheal
ar fhóirneart is ar ghéarleanmhain an tSasanaigh 'ná
ar dhroch-úsáid an Lochlannaigh, agus dá réir sin is
deacair dúinne a mheas indiu cad é an t-áthas is an
t-atal do bí ar ár n-aithreachaibh nuair do cuireadh an
Lochlannach borb úd fá chois. Ní raibh gíog as d'éis
chatha Ghleann Máma agus ní raibh uaidh acht síothcháin do
dhéanamh le Brian agus rud do dhéanamh air.



Bhí sé i gcumas Bhriain é 'chaitheamh ar mhullach cinn
isteach sa bhfairrge, acht níor mhar sin do cheap
sé, mar theastuigh an Lochlannach uaidh. Bhí an
Lochlannach úd aicillidhe chum bailte puirt do dhéanamh
cois fairrge, is ar dhíol is ar cheannach le tíorthaibh
iasachta, agus d'oir an sochar soin go mór d'Éirinn mar
bhí sé tar éis dhá chéad bliadhan cogaidh is coscairt do
chur di.



Thuig Brian go maith gur theastuigh an suaimhneas
soin ó'n dtír mar ba riaghlóir é chomh maith le fear
cogaidh. Bhí sé 'na mhachtnamh aige leis bheith 'na Aird-
Rígh ar Éirinn. Bhí urraim aige do Mhaelsheachlainn agus


L. 108


cion aca ar a chéile, acht bhí Éire ró-bheag dóibh araon.



Gheall Maolmórdha, rí Laighean, agus na Lochlannaigh
go mbeidís umhal dó go deo arís, agus mhaith sé dhóibh ar
an gcoingeall soin, agus mar dheimhniughadh ar an
tsíothcháin phós sé mar tharna bean deirbhshiúr Mhaoil-
mórdha, máthair Shitric, rí Lochlannach Átha Cliath, agus thug
a inghean féin mar mhnaoi do Shitric sin.



Fear do b'eadh Brian dá ngéillfidhe dhó dáiríribh go
maithfeadh sé do dhuine go tapaidh, acht dá gcuirfeá
'na choinnibh do mheilfeadh sé thu ar nós brón mhuilinn.



Bhí tuairim ag Maelsheachlainn i bhfad roimhe seo go
mbainfeadh Brian an ríoghacht dhe luath nó mall, agus dá
aindeoin sin bhí cion aca ar a chéile — rud do
theasbánann gnás na haimsire úd dúinn.



Ba chosmhail Brian leis gach fear fíor-láidir eile do
mhair riamh — bíonn machtnamh éigin 'na n-aigne 'ghá
gcorruighe, ná sáisighthear go mbíd siad i n-uachtar.
'Sé nós an tsaoghail é. Tá an tréith sin ins an
ainmhidhe leis fá mar atá sa duine. Féach ar fhiadh-
phoc na coille, ní bhíonn seisean sásta go mbíonn mar
cheann ar an dtréad.



B'fheárr liom bheith ar an bhfear is mó tábhacht sa
bhaile bheag is suaraighe 'ná sa tarna réim i gcathair
na Róimhe, arsa Caesar uaibhreach fad ó. Tabhair
dom-sa an Áird-Righe agus tóg féin righe na Midhe, arsa
Brian ar cheann a airm suidhte ar theorainn na Midhe.
Tabhair cáirde dhom 'féachaint an gcabhróchaidh Ultaigh
liom id' choinnibh, adeir Maelsheachlainn glé. Fuair sé
an cháirde, acht ní bhfuair sé an chabhair mar dubhairt
muinntear Néill leis dá dtéidhidís chum troda ná
rachadh Dál gCais ar gcúl agus nách mó ná rachaidís féin
ar gcúl leis.



Ní fhuil aon mhaitheas bheith libh, adeir an tÁird-Rí
buadhartha, agus fá mar adeir an sean-chunntas, bhuail sé


L. 109


isteach go teach Bhriain, 'sé sin ghéill sé dhó. Throid-
feadh na Midhigh chalma go bás ar a shon acht ní leig-
feadh sé dhóibh é. Níor thóg sé leis acht gárda capall
ar a ghabháil anonn gan aon choingheall i láthair Bhriain,
mar bhí 'fhios aige ná déanfaidhe feall air. A Bhriain,
dá mbeadh mo dhóthain fear agam, do throidfinn leat,
adeir sé go macánta. Do bhronn Brian eachraidhe air
do réir nóis an Áird-Ríogh le rígh cúige. Ba lag le
Maelsheachlainn a theasbáint go mbeadh sé chomh humhal
soin, agus do bhronn sé ar Mhurchadh, ríoghdhamhna Bhriain,
na capaill agus fágadh mar sin é, mar ní raibh aon fhonn
ar éinne ceann fé do chur ar Mhaelsheachlainn. Ní
raibh sé 'na chumas ríoghacht dhaingean do dhéanamh
d'Éirinn. Bhí an bheart soin ró-chruaidh do Chúige na
Midhe agus ní chabhróchadh Ulaidh leis chuige.



Do b'é Brian amháin an fear fáil, agus mar dhearbhadh
air, thug sé turas timcheall na hÉireann ins an
mbliadhain 1002. Gairmthear "Saor-chuairt Bhriain
Bhóirmhe," ar an dturas úd. Bhuail sé ó thuaidh thré
Chonnachtaibh, a lámh chlé le fairrge, agus cuireadh fíor-
fháilte roimis mar ba mhór ag na Connachtaighibh é, agus
chabhruigheadar leis go tréan ó thúis. Soir ó thuaidh
leis thré Chúige Uladh gur fhéach sé uaidh ar Albain thar
Sruth na Maoile. Chuir sé fé go ceann seachtmhaine
ar Druimbó cois Bhéil Feirste, áit gur fearadh
cath carad tamaillín roimhe sin mar gheall air
féin idir Mhuinntir Thír Eoghain agus Chlanna Aodha
Bhuidhe, mar dubhairt aicme aca nár chóir dóibh
géilleadh do Bhrian agus dubhairt an dream eile
gur chóir. Bhailigh seisean chuige iad ar a theacht
'na gceanntaraibh agus dubhairt leo go réidh go
raibh breis is a ndóthain fola doirtighthe ag
Gaedhealaib cheana féin, agus gur mhithid suaimhneas do
bheith sa tír. Níor iarr sé biadh ná deoch dá shlógh i


L. 110


n-aisce. Dhíol sé as gach nídh le, hór agus bhí na hUltaigh
go muinnteardha leis.



Thug sé cuairt ar Árd Macha, sheasaimh sé cois
altórach a prímh-theampaill, leig sé dualgas óir mar
thabharthas ar an altóir sin, agus d'órduigh sé cairt is
córa d'ullmhughadh mar chomhartha ceannais do'n eaglais
sin os cionn teampall eile na hÉireann. Leanann an
chéim sin do thug Brian di gus indiu í.



D'órduigh sé "Leabhar Árda Macha," do thabhairt 'na
láthair, agus ar billeoig de'n leabhar scríobh sé féin, nó a
rúnaidhe léigheanta, os a chomhair, na focail seo ar
cheann na léigheachta so, agus mínigheann siad "Brian
Príomh-Taoiseach na Scot" — 'sé sin ceann stiúruighthe
Gaedheal na hÉireann is na hAlban.



Badh mhaith liom, ar seisean, gur annso do bheadh
m'eiséirghe, agus is mar sin a bhéas, mar is ann do cuireadh
é dhá bhliadháin déag 'na dhiaidh súd, é féin agus a laoch-
mhac Murchadh, agus cuireadh 'gá chosaibh mar an gcéadna
Brian Ó Néill, rí Ailigh, do marbhuigheadh i gcath an Dúin
ag comhrac le Sasanaighibh ins an mbliadhain 1260.



"Teampall Gallda" is eadh an teampall úd indiu,
agus i mball éigin sa chúinne thoir theas de atá Brian
curtha i gcomhrainn chloiche. Ní fhuil leacht 'na comhartha
cuimhne le n-a cheann, acht in' ionad soin is amhlaidh do
chonnac os cionn a luaithridh ceirteacha beaga feochta
bhíodh ar ceann shaighdiúirí Shasana 'na dtroid i n-aghaidh
Rúiseánach is Franncach.



Ar bhfilleadh do Bhrian Bóirmhe go Ceann Coradh ní
raibh aon Áird-Rí ar Éirinn leis na ciantaibh ba mhó
cumhacht 'ná é. Bí a ainm i n-áirde amuigh is i mbaile.



Chrom sé go duthrachtach ar Éire do chneasughadh.
Chuir sé fios thar lear ar scoláiríbh d'fhág an tír thré
fhóiréigean Lochlannach. Bhailig sé leabhair i ngach
ball, chuir sé muilinn ar siubhal, ghríosuigh sé gaibhne


L. 111


geala is gaibhne dubha, an ceárdaidhe is an ceannaidhe.
Bhí a bharcanna seoil ar muir, is díol is ceannach i
gcalaidhthibh cuan. Bhí gáir sa tír i n-ionad goil mar
d'éirigh an ghruaim dhubh dhuairc de chroidhthibh daoine.
Chaith garsúin léim táilliúra ar bhántaibh gan faitcheas
go mbainfidhe geit asta le "Chughaibh an Lochlannach!"
Géim an loilgheach sa bhféarach 's a gamhain le n-a cois
aici — "Ní baoghal duit an Lochlannach, a dhruimfhionn
óg," arsa bean an tighe, "tá faobhar ar chlaidhmhthibh
Bhriain."



Do sheol Brian buidhean láidir de Mhuimhneachaibh go
dtí Oileán Mhanann mar a mbíodh na Lochlannaigh 'gá
n-ullmhughadh féin roimhe sin. Chuir na Muimhnigh fútha
annsúd agus tá a sloinnte agus rian a gcainnte ar dhaoinibh
ann go dtí indiu.



Ghnídh sé caradas le Gaedhealaibh Alban agus ba mhór
aca é as soin suas. Badh dhóigh leat ortha go rabhadar
ar tí cána do thabhairt dó fá mar do ghnídhtí sa tsean-
aimsir. Bhronnadar tabhartasaidhe air, acht ní dóigh
liom gur cóir cáin do ghlaodhach ar an mbronntanas
úd. Geall sé cabhair dóibh i gcruadh-chás. D'admhuigh-
eadar gur bh'é Priomh-Thaoiseach na Scot é dáiríribh agus
ghealladar cabhair dó — geallamhaint do chóimhlíonadar
lá Chluain Tairbh.



Tráchtar ar a fhéile is ar mhéid an mhathshluaigh do
shuidheadh chum búird i gCeann Coradh, agus ar na
hualaighibh bídh is dighe do caithtí ann, agus dar leat do
chreachfadh costas an oinigh sin Brian, siúd is gur bha
Áird-Rí féin é, muna mbeadh go gcuireadh na taoisigh
mhóra shaidhbhre níos mó tabhartasaidhe fá dhéin an ríghthighe
'ná d'éilíghthí ortha, mar do b'ionmhuin leo an tÁird-Rí.



Bíodh agaibh, arsa rí Thír Chonaill, má's maith libh-se
bheith go fial le Brian is cuma liom-sa soin; ní


L. 112


bhfaghaidh sé aon cháin uaim-se; ní fhuil aon bheann agam
air i n-aon chor agus ní mó ná ghéillfead dó acht chomh beag!



Cad é sin? agus sul a raibh uain ag éinne 'fhiafruighe
cad do bhí ar siubhal bhí Brian ag gluaiseacht thré
Bheárnas Mór ar cheann chúig mhíle fear. Chuir sé
crúca i rígh Thír Chonaill, bhuail sé slabhradh air fá mar
a bhuailfeá ar tharbh agus thóg leis é go Ceann Coradh.



Nách mór an náire dhuit-se bheith ag cur i gcoinnibh
an Aird-Ríogh, adeir sé. Is mór, is dócha, adeir rí
Thír Chonaill, agus bhronn Brian air níos mó 'ná an cháin.
D'fhág sé slán ag Brian agus ní raibh aon chúis ghearáin
eatortha ní ba mhó. Ní bhíonn an rath acht mar a
mbíonn an smacht, adubhairt fear ciallmhar éigin fad ó.



Thagadh taoisigh na Lochlannach go Ceann Coradh leis.
Ba bheag ortha Brian, acht ní leigidís ortha é. Thagadh
Maolmórdha, Rí Laighean, ann go minic, agus i gceann dá
chuairtibh d'éirigh iomarbháidh idir é féin agus Murchadh os
cionn cláir fithchille. Is feárr do léirighis an fhoireann
fithchille sin 'ná mar léirighis na Lochlannaigh i nGleann
Máma, adubhairt Murchadh. B'fhéidir go léireochainn
níos feárr an chéad uair eile iad, adeir Maolmórdha,
agus d'fhág sé an rígh-theach lá'r n-a bhárach gan slán
'fhágaint ag éinne. Chuir Brian teachtaire 'na dhiaidh.
Chas Maolmórdha ar an dteachtaire sin agus thug buille
mairbhtheach sa cheann dó.



Ghluais sé air thré Laighnibh 'gá leathadh go bhfuair sé
easonóir i gCeann Coradh, agus d'éirigh na Laighnigh leis agus
chabhruigh Lochlannaigh Átha Cliath leo go héascaidh.



Chromadar láithreach ar an Midhe do chreachadh.
Chosain Maelsheachlainn é féin ortha go tréan.
Bhíodar ró-líonmhar dhó, ámh, agus d'iarr sé cabhair an
Aird-Ríogh fá dheireadh.



Ba shearbh le Brian an t-eirghe amach so Laighneach
's Lochlannach, mar níor theastuigh troid uaidh níos mó.


L. 113


Shíligh sé nach raibh ann acht bladhm do rachadh i n-éag i
gcionn tamaill, acht mar sin féin nuair iarr an rí
cúige a chabhair bhí sé riachtanach air í 'thabhairt dó.
Cuirfeam díng treasna a gcasáin, ar seisean, agus
ghluais sé soir ó thuaidh ar tí teacht idir iad is Bhaile
Átha Cliath. Ní heol dom aon ghluaiseacht eile
luaidhte 'nár stair chomh tiugh léi siúd munab í
gluaiseacht Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill ar a thuras go
Ceann tSáile ins an mbliadhain 1602.



Chuaidh Brian 's a shluagh ó Cheann Coradh go teorainn
Átha Cliath fá dhá lá, thré bhóithribh boga sa gheimhreadh,
le súil go mbéarfaidhe ar an mbealach ar Mhaolmórdha
is ar Lochlannaibh. Scuireadar soin as Mhaelsheach-
lainn i n-am tráth, agus sceinneadar ar gcúl. Bhí a
gceann gluaiste thairis slán acht ghnídh sé brus dá
sluaightibh deiridh, agus lean sé ar an arm tosaigh go hÁth
Cliath. Ní raibh uain ar an ndún soin do thógáil sul
ar tháinig síon is fliuchán na Nodlag, agus d'fhill Brian
go Ceann Coradh ar lorg lóin.



Ní túisce bheidh nóiníní an earraigh ag cur a gcluas
thríd an mbán 'ná go mbeidh an chú chraosach úd ar an
dtáirsigh againn arís, arsa Maolmórdha. Do b'fhíor
dhó soin.



Cuireadh gairm scoile amach ar faid Éireann, 'ghá
fhógairt go raibh éirghe amach sa tír agus go raibh sé
riachtanach ar gach duine cabhrughadh leis an Áird-Rígh.
D'fhreagair na Connachtaigh mar ba ghnáthach riamh leo
nuair do bhí cabhair ó Áird-Rígh Éireann. Níor
chorruigh taoisigh Uladh cos, agus ní raibh aon chlaidheamh
amháin as an gCúige sin i gCluain Tairbh. Bhí Brian go
carthannach leo i gcomhnaidhe, acht níor bha dhá dtreibh
féin é, agus bhíodh éad ortha le haon Áird-Rígh eile acht
ceann dá muinntir féin. Ar a shon soin is eile, is
mór é cáil is ceannas Chúige Uladh i stair na


L. 114


hÉireann. Ba mhor é a n-easnamh i gCluain Tairbh, agus
bhí Muimhnigh is Connachtaigh droch-aigeantach dóibh 'na
thaobh soin go ceann i bhfad 'na dhiaidh súd — rud do
ghnídh máchaill mhór do'n tír ar feadh na mbliadhanta
bhí chughainn.



Má bhí Brian ag ullmhughadh ar feadh an gheimhridh úd,
ní raibh a namhaid díomhaoin. Chuireadar fios ar
fhearaibh cogaidh go Sasana, go Frainnc is go hAlmáin.
Bhí na Lochlannaigh chomh láidir sin ar mhór-thír na
hEorpa fá'n am so gur thiomáin Sbhégin, rí Danar,
cabhlach mór go dtí Sasana le díoghal do bhaint amach
i dtaobh beart feill d'imir Sasanaigh ar Lochlannachaibh,
agus do scrios sé an tír sin le faobhar claidhimh is
dóighteán ó'n dtaobh thuaidh go dtí an taobh theas, agus
chuir Cnút, a mhac féin, mar rí ar an dtír go léir.
Stiúruigh Cnút seo na mílte Lochlannach is Sasanach
fá dhéin Átha Cliath, agus Siugradh is Amhlaoibh is Bruadar
mar cheannaibh ortha. Thréig na Lochlannaigh seo an
Chríostaidheacht agus d'iompuigheadar 'na bPágánachaibh.



Chualaidh Brian Bóirmhe an tóir do bhí chuige agus i
n-ionad eagla 'theacht air is amhlaidh d'éirigh a bhruth is
a mhisneach. Ní raibh aige acht Connachtaigh is Muimhnigh
is Midhigh, agus dream de Ghaedhealaibh calma Alban do
tháinig chum cabhartha na hÉireann lá an ghábhaidh. An
méid do bhí aige, ámh, níor bh'fhurusta iad do shárughadh.
Do b'fhiú eisean iad agus do b'fhiú iad-san eisean. Féach
ar fhuighleach Dáil gCais ar a dturas a bhaile thré Chill
Dara d'éis éirligh Chluain Tairbh, iad go tuirseach ag
iomhcar a bhfear gcréachta, nuair d'éirigh a namhaid
Mac Giolla Pádraig, ar an mbealach rómpa.
Gheobham thar a gcorpaibh, adeir Donnchadh mac Bhriain,
acht beirtear ar dtúis na fir chréachta ar gcúl i
dtaisce agus cuirtear gárda fear claidheamh 'ghá
gcosnamh. Ar mh'anam nach mar sin do bheidh, adeir


L. 115


gach gaiscidheach de'n dream gcréachta, acht cuirtear
cúnach fuar fliuch le n-ár gcneadhaibh teo, tugthar
claidhmhthe dhúinn, buailtear staiceacha sa talamh
agus ceangaltar 'nár seasamh leo sinn-ne. Is mar
sin do chomhraiceocham, agus is feáirrde misneach
ár mbráithre ár gcongnamh! Ní fhuil a leithéid sin de
bhárr-ghaisce luaidhte i stair an tsaoghail, agus níor
bh'iongnadh nuair do chonnaic na Laighnigh an radharc
soin gur obadar an cath.



Is iad a leithéidí sin d'fhearaibh do bhí ag meath, agus
do bheadh mar sclábhaidhthe ag Lochlannaibh muna mbeadh
gur éirigh an ceann-feadhna do dhlúthuigh le chéile iad,
mar ní raibh ortha acht ceall stiúrthóra.



Mhachtnuigheas im' aigne ar Bhrian Bóirmhe agus ar
cionnus do sheasuigheann sé i gcomórtas leis na
fearaibh meanman is mó tábhacht i stair an domhain.
Ní dóigh liom go sáruigheann aon aca eisean. Thosnuigh
sé gan puinn cumhachta: bhí namhaid 'na choinnibh do
bhuaidh ar gach tír eile gur chuir sé chuige,
agus bhí an namhaid sin níos treise aimsir
Bhriain ná fá mar a bhí sé riamh roimhe sin.
'Na theannta soin bhí taoisigh is ríghthe Éireann i
gcoinnibh Bhriain go ceann i bhfad, is éad ortha leis.
Mar sin féin, gan coir fola ná feill, gan beart mhío-
náireach i n-aghaidh carad ná namhad, d'éirigh sé féin agus
tharraing sé leis Éire go dtí go raibh a hainm uasal agus
a ainm féin fá mheas i ngach rígh-theach ó'n nGréig go
Frainnc. Deirthear nár chóir dó an ríoghacht do bhaint
de Mhaelsheachlainn, agus gur thug an bheart soin droch-
thaithighe do thaoiseachaibh eile i ndiaidh a bháis. Ní
móide 'ná go bhfuil beagán de'n fhírinne sa méid sin,
acht ní airighim go raibh aon chuma eile do réir na
haimsire úd ar ríoghacht dhaingean do dhéanamh
d'Éirinn. Do ghnídh Brian ríoghacht iomlán di, agus dá


L. 116


maireadh a mhac, Murchadh, is é is dóichíghe go mbeadh
sliocht a shleachta mar ríghthibh ar Éirinn indiu.



Do loit éirghe amach mhí-ádhmharach Maolmórdha
Laighean an gnó gur chaith Brian a shaoghal chum a
dhéanta. Dhíol an fealltóir sin as a dhroch-bheart
len' anam i gCluain Tairbh.



Beidh cuimhne an chatha soin go bráthach i nÉirinn,
acht ní thabharfam-na acht súil-fhéachaint air fá mar is
gnáthach linn le cath.



Chruinnigh na Muimhnigh is na Connachtaigh i dtosach
earraigh ins an mbl. 1014 ag Ceann Coradh.



Ní raibh bruighean i nÉirinn le chúig bhliadhnaibh déag
roimhe sin. Bhí trácht ar chathaibh i mbéal gach éinne agus
bhailigh sean-daoine is mná is leinbh ar bhóithribh ó Cheann
Coradh go Baile Átha Cliath ag feitheamh go bhfeicfidís
gluaiseacht Bhriain. Cualathas siotraigh capall, cual-
athas coiscéim coisidhthe, connacathas soillse is tril-
seáin ar áthaibh na Life istoidhche agus scáil na bhfear is
na gcapall ar uiscíbh na habhann ar nós samhaileacha
ó'n saoghal eile.



Nuair do cualathas stoc airm Bhriain go moch ar
faithche Átha Cliath bhí a fhios ag Lochlannaibh go rabhthas
chucha.



Do réir an áirimh is cruinne do b'é líon airm
Bhriain is Maeilsheachlainn deich míle fichead fear, agus
fá mar thuigim bhí breis is dá fhichid míle fear 'na
gconinibh.



Chuir Brian an ceanntar ó Pháirc an Fhinn-Uisce go
Binn Éadair fá theine, agus chuir an méid sin ar dearg-
bhuile na Lochlannaigh suidhte timcheall Dhúin Átha
Cliath — an ball céadna mar a bhfuil an caisleán
gallda indiu.



Bhris na Lochlannaigh amach fá n-a dhéin 'na dtrí
ronnaibh. Bhí arm na hÉireann 'na dtrí ronnaibh mar


L. 117


an gcéadna, a nÁird-Rí agus a dtaoisigh cogaidh ar a
gceann. Nuair do ghluaiseadar le héirghe an lae ó
fhaithche Átha Cliath ba gheall le coill ag druidim leat
iad, agus bhíodar chomh comhthromach cóirighthe sin go ndeir
sean-úghdar go dtiomáinfidhe carbad cogaidh ar a
gceannaibh. Choisc Brian iad i ngearracht urchair
sleagha do Lochlannaibh, agus labhair do ghuth árd ó mhuin
capaill, agus ba gheall le congnamh mílte fear dóibh an
ghuth soin.



D'árduigh sé os a gcomhair an chrois, dubhairt leo
gur bh'é an lá so Aoine an Chéasta, an lá fuair a
Slánuightheoir bás ar a son. Chuir sé i gcuimhne dhóibh
gur bhuaidh a n-aithreacha ar a ghualainn féin i Sul-
cóid sé bliadhna is dá fhichid roimhe sin, agus nár thug
na Gaedhil riamh ó shoin cúl ar Lochlannaibh. Dhírigh sé
a chlaidheamh chum na gcéadta barcanna dubha do líon
cuan Bhaile Átha Cliath, agus d'iarr sé geall ar a laochaibh
ná leigfidís aithid de'n dream do tháinig anall ar na
barcannaibh dubha slán ar n-ais. D'fhreagair na
Gaedhil é le trí gáir catha do cualathas i bhFine
Gall.



Stiúróchad-sa sibh indiu fá mar do stiúruigheas
riamh sibh, adeir sé go dán. D'iarr Murchadh air,
fá mar iarr go minic le seachtmhain roimhe sin, ar
athchuinge Dé leigean dó féin an t-arm do sheoladh
sa cath, agus bhailigh a ghaolta 'na thimcheall ar an
athchuinge chéadna. Ghéill sé dóibh go dúr fá dheireadh.



Gidh go raibh sé trí bliadhna déag is trí fichid bhí sé
láidir cuthaigh fós, acht mar sin féin bhí faitchíos ar a
ghaoltaibh go muirbheochaidhe sa chath é, agus go mbeadh
Éire scriosta go deo dá n-imtheochadh aon nídh air.



Dhírigh sé a chlaidheamh fá dhéin na námhad agus labhair
sé arís:- Sin é an Lochlannach os bhur gcomhair; sin é
meirge na hÉireann os bhur gcionn; sin é Murchadh


L. 118


ar bhur gceann. Ar aghaidh! ar aghaidh, i n-ainm Dé is
Mhuire!



Léim Dál gCais ar aghaidh le liúgh; chrith an bán
fútha; bhuaileadar le fuaim i gcoinnibh bhuidhne laoch
lúirighthe Lochlannach do bailigheadh thar lear ar son a
ngaisce — dhá mhíle fear toghtha a líon so, agus Siugradh is
Bruadar ar a gceann. Chrom Brian ar mhuing a
chapaill, d'fhéach sé i ndiaidh na bhfear, is bhuail a
chroidhe is dubhairt an croidhe nách truagh gan mé ar
a gceann! D'fhair sé iad, is d'éist sé le fóbairt
tuaghanna faobhracha Dáil gCais ag cantain ar lúir-
eachaibh Gall mar a bheadh gliadar órd na gcéadta
gabha ag bualadh barraí iarainn. Chonnaic sé beárna
briste thríd an mbuidhin ghlais eachtrannach, chonnaic
sé Murchadh ag brúchtadh thríd an mbeárnain úd is ag
casadh ar n-ais arís le fothram ar nós gála gaoithe
thré choilltibh tiugha.



Bhailigh a ghárda timcheall ar an Áird-Rígh is thóg-
adar leo ar gcúl é. Socruigheadh peiliúr fá n-a
ghlúnaibh 'na chábán, agus chrom sé ar shailmeacha do rádh,
mar ní raibh an paidrín mar ghnás ann go ceann cúpla
céad bliadhan 'na dhiaidh súd.



Bhí an tÁird-Rí ag paidreoireacht ar feadh trí huair
an chluig gan staonadh agus ar feadh na haimsire bhí
Murchadh ag comhrac, agus a leithéid de chomhrac le déin-
eacht ní dócha gur fearadh riamh i nÉirinn. Gaiscidhigh do
b'eadh iad an Bhuidhean Ghlas do bhí i gcoinnibh Dáil
gCais, agus is é teist na Lochlannach féin sa chunntas do
thugaid ar an gcath ná feacathas leithéid Mhurchadha riamh.
'Sé mo thuairim féin ná raibh aon fhear i nÉirinn mar é
ó cailleadh Oscar. Bhí claidheamh i ngach láimh leis, mar
bhí sé comh-dheas is comh-chlé, agus bhí a bhuillí chomh trom soin
go mbainfidís greim as aon lúireach do buaileadh ar
inneoin. Níor thug sé an tarna buille d'éin-fhear is


L. 119


ghabh sé thríotha is tharsa sé huaire diaidh ar ndiaidh.
D'éis an sémhadh ruthaig ba bheag de'n Bhuidhin Ghlais do
bhí 'na seasamh, agus is é mo thuairim gur thuiteadar go
léir timcheall an bhaill mar a bhfuil oifig Chonnartha na
Gaedhilge suidhte i Sráid Uí Chonaill. Do b'as soin ó
thuaidh go coraidh Chluain Tairbh bhí an t-éirleach ar fad.



Ghabh na Connachtaigh fá Ó Ceallaigh is Ó hEidhin thré
Lochlannaibh Átha Cliath. Bhí Ó Faoláin na nDéise is
Cárrthaigh Dheas-Mhumhan ag gabháil do sna Danaraibh
do tháinig thar lear, agus bhí Eoghanacht Locha Léin fá Ó
Donnchadha an Ghleanna, is treabha Chiarraighe fá Chian
Ó Shéagha Uibh Ráthaigh, is Ó Failbhe Fionn Chorca
Dhuibhne, ag gabháil do Maolmórdha Laighean.



D'éirigh an tÁird-Rí dhá ghlúnaibh i meadhon lae,
ghlaodhuigh sé chuige ar a ghiolla cuirp is chuir sé
tuairisc air cionnus do bhí an cath ag dul. "Tá gal
as na fearaibh is smúit os a gcionn," adeir sé, "agus is
cosmhail an fothram le glór meithleacha fear ag
leagadh crann le tuaghannaibh; tá meirge Mhurchadha
ar leathadh is brait Dáil gCais 'na thimcheall."



Ba mhar a chéile an meirge úd Mhurchadha is meirge
ríghthe na Teamhrach, agus ceapaim gur de shíoda dhearg do bhí
an meirge sin déanta agus deilbh leomhain bhuidhe fighte thré
n-a lár. Bhíodh an brat uaithne ann leis ag ríghthibh cúige.



D'athruigh is chóirigh an giolla cuirp peiliúr an Áird-
Ríogh is chrom seisean ar shailmeacht arís go dúthrachtach.
Bhí an cath ag fearadh gan sos ná staonadh, gleo is uaill
is liúghraigh is fuaim claidheamh, fir anois is arís ag rith
i leath-thaoibh, go dtí glaise cois Choille Thomhair, ag
slogadh braoin uisce is ag tumadh a lámha allasach
atuighthe san uisce ag iarraidh fuaráin d'fhágháil, is ag
rit ar n-ais isteach sa bhruighin. Do b'iomdha iad a
ngníomhartha gaisce.



Um mheadhon lae raob Siugradh isteach ar Dhál gCais


L. 120


is chrom ar iad do ghearradh mar ghearrfadh buainteoir
an choirce, mar bhí lúireach chruaidh uimis ná bainfeadh
aon chlaidheamh dá ghéire greim aisti. Laoch do b'eadh
é leis nár buadhadh riamh air. Chonnaic Murchadh uaidh
é dá n-éirleach is ghearr sé bealach fá n-a dhéin, agus
b'uathbhásach é fothram na beirte ag baint teine chreasa
as lúireachaibh a chéile. Deir cunntas na Lochlannach
gur phléasg buille de chlaidheamh dheis Mhurchadha
búclaí iarainn chinn clogaid Shiugraidh, is le claidheamh
na láimhe clé gur scoilt sé go crománaibh é.



Lean an bhruighean gharg ar feadh an lae. Ní raibh
aon fhonn teichte ar aon taobh, agus do chífeá fá mar do
chonnaic Maelsheachlainn do bhí 'na chúl báire ar árdán
ar imeall an chatha dlaoithe gruaige agus spreacha fola
dá mbreith leis an ngaoith.



Amach sa lá bhí na Gaedhil ag buachtain le duadh, agus
bhris cuid de sna cipíbh gallda, acht níor bh'fhéidir bris-
eadh ortha ar fad, mar bhí dreama díscireacha dhíobh
thall 's i bhfus, agus a dtaoisigh dána ar a gceann. Ba
chosmhail páirc an bhuailte le coill mhóir go mbeadh
bearnaí gearrtha thríthi agus a leath leagtha, mar bhí taois-
each i bhfuirm bile annso agus ceann eile annsúd, agus
claidhmhthigh i bhfuirm crann 'na dtimcheall.



"Tá meirge Mhurchadha ag druidim soir is siar sa
chath, agus na fir measctha um a chéile," arsa giolla cuirp
an Áird-Ríogh.



"Ag cur misnigh ar an arm atá an laoch soin. Is
ionmhuin le fearaibh Éireann meirge Mhurchadha, agus troid-
fid le fuinneamh 'na chomhgar," adeir an tÁird-Rí, agus
chrom ar a urnaighthibh arís.



Tháinig Murchadh ar cheann de sna dreamaibh gall-
da. Phreab Anrúd foirtil amach air. Bhí cuisleanna
láidre Murchadha ar sileadh leis le tuirse ó bheith ag
marbhughadh fear feadh an lae, agus is beag nách raibh an


L. 121


luadháil imthighthe asta. Mar sin féin, d'éirigh a bhruth
nuair do chonnaic sé an taoiseach Lochlannach, agus léim sé
isteach air fá do léimfeadh leomhan, chas sé ar a chéile é,
bhuail sé fé é, strac sé an lúireach amach thar mhullach
cinn dhe, agus thiomáin sé claidheamh an Lochlannaigh féin trí
huaire thré n-a chorp síos go talamh. Bhí an Lochlannach
ag meabhlaigh is ag scréachaigh mar a bheadh cat fiadhaigh,
agus, ar nós an chait fhiadhaigh, chuir sé gatha uaidh amach,
mar rop sé scian dhubh suas thré shliasaid Mhurchadha.



Mhair Murchadh go lá, agus fuair sé an sagart. Bhí sé
mar shásamh aige na Lochlannaigh go léir d'fheicsint
ag briseadh ar gach taobh de, agus ag teicheadh go dún Átha
Cliath. Chonnaic sé Maelsheachlainn ag briseadh thríotha
agus ag bualadh cipe dlúith idir iad agus droichead na Life,
agus chualaidh sé liúgh bhuadhthach na nÉireannach ar an
dtóir ag déanamh mion-rabh díobh ar an mbóthar.



San am gcéadna d'éirigh an tÁird-Rí dhá ghlúnaibh
go hobann fá mar do chorróchadh smaoineamh éigin é.
"Féach amach, a Laidhin, cloisim glór an chatha."



"Tá na Gaill go léir ag rith le n-a n-anamanaibh agus
na Gaedhil ar a dtóir. Tá meirge Mhurchadha ar lár!"



Phreab Brian 'na sheasamh. "Dubhach é an scéal do
chloisim! Murchadh ar lár! Ní fheicfidh fir nÉireann
go deo arís a leithéid de ghaiscidheach: duairc é an
saoghal gan Murchadh! beag í brígh mo bheathadh gan
Murchadh! Cá bhfuil mo ghárda? Glaodhuigh chugham
iad." Acht bhris ar an bhfoidhne ag an ngárda, agus
phreabadar ar thóir na Lochlannach.



Bhuail an tÁird-Rí é féin ar a ghlúnaibh arís, agus chrom
sé ar ghuidhe le hanmannaibh na marbh do fuair bás ar
son na hÉireann.



"Teichimís fá dhéin phuible an airm, a Áird-Rí, tá
dreamanna Lochlannach ag gabháil thorainn ag teicheadh
ó'n gcath," adeir an giolla cuirp.


L. 122


"Ní heol do rígh teicheadh. Níor chás orm ná fág-
fainn an láthair seo beo: tá Murchadh is Dál gCais
ar lár:" agus chrom sé ar shailmeacht arís.



"Tá dorn fear ag gabháil i leith chughainn," adeir an
giolla cuirp.



"Cad iad an saghas fear iad?"



"Fir ghlasa, is iad lomnochta."



"Lochlannaigh lúirighthe," arsa Brian, is phreab sé
'na shuidhe, is nocht a chlaidheamh.



"Sagart," arsa Bruadar fiadháin fuinneamhail ag
féachaint isteach sa chábán ríoghamhail, is ag tarraing
leis, mar bhí sé ag teicheadh d'éis an chatha — rud ba
dheacair leis a dhéanamh mar do b'é an fear árd dubh
so na féasóige is na gruaige fada do shíneadh chum a
chaoil, an taoiseach ba dhíscire ar Lochlannaibh. D'fhéach
fear eile isteach: "sagart," ar seisean leis. "Ní
headh! ní headh!" ar Lochlannach eile, "is é an
tÁird-Rí é!" Rith Bruadar ar n-ais is léim sé isteach
i láthair Bhriain, bior 'na radharc, is tuagh dhá-fhaobhar ar
tarraing aige. Phreab Brian i leath-taoibh ó'n iarracht,
chas sé a chlaidheamh is sciob sé an dá chois ó ghlúin de
Bhruadar, acht nuair do bhí seisean ag tuitim siar thug
sé urchar de'n tuaigh agus, mo mhíle truagh, bhuail a béal i
gclár an éadain Brian, agus thuit sé ar mhullach an
Lochlannaigh. Ar an nóimit gcéadna d'fhill an gárda
ó thóir na Lochlannach mar tháinig faitchíos éigin ortha
bheith chomh fada amuigh.



Ró-dhéidheanach, a ghárda mhí-fhoidhnigh fhaillighthigh,
tá bhur nAird-Rí marbh, acht tá an Lochlannach fé thíos
fá mar do bhí riamh. Agus do b'é creach theinn dhóighte
na hÉireann na trí glúine de'n tsliocht ríoghamhail —
Brian is Murchadh is Toirdhealbhach, mac Mhurchadha, an
t-aosánach gaisceamhail na gcúig mbliadhan déag do
chomhraic feadh an lae chruaidh ar ghualainn a athar is


L. 123


do fuarthas báidhte i ndiaidh an chatha cois choradh
Chluain Tairbh ar marcaidheacht mar ba dhual dó ar
Lochlannach is a dhá láimh i n-achrann 'na úrla dubh.



Agus ba dhaor an lá buaidh é! Tá seacht míle
Éireannach is dhá mhíle dhéag Lochlannach sínte 'na
gcuid fola ar mhachaire an áir, na taoisigh go léir nách
beag 'na gcodladh le n-a gcois, agus 'na dteannta leis
céadta créachta d'fhearaibh tréana.



D'éirigh boladh trom úr as an mbán ar aer an tráth-
nóna úd, is d'eiteall scaoth cág is fiach dubh o'n
dtuaith i leith, is scaoth faoileán o'n bhfairrge aníos
is bolg-shúil ortha, is throideadar is screadadar, is
bhuail an taoide le hochón ar an dtráigh, is d'éaluigh
an oidhche fhuar dhubh anuas ar Chluain Tairbh.



Leath tuairisc an chatha ar faid na dúithchí. Thuaidh i
gcríochaibh Lochlann agus i n-oileánaibh i dtuaiscirt Alban,
dubhairt Págánaigh na haimsire úd go bhfeacadar
samhaileacha san aer lá Chluain Tairbh — éin ar chruth ban-
déithe ag eiteallaigh andeas ó Éirinn ag scréachaigh,
agus comhairthaí eile ná luaidhmíd annso.



Tháinig spéaraoidí ar dhaoinibh eile leis seachas na
Págánachaibh, is chonnaic is labhair taoiseach Gaedh-
ealach le bean-sidhe agus mheas sí é 'chongbháil as an gcath.
B'fhéidir go bhfeacaidh duine éigin bean gheal-dubh 'na
seasamh cois cróchair i gCluain Tairbh, gruadh uaibhreach
uirthi is claidheamh Bhriain 'na láimh aici: chualadar
cogarnaigh leis — "Scaoilis an chuing dem' bhrághaidh,
a Bhriain, beir buaidh id' bhás: tá sé i ndán dom
tréin-fhir d'oileamhain is do chailleamhain, acht ní raibh
agam agus ní bheidh go deo acht aon Bhrian amháin." Agus
d'fhreagair mac-alla os cionn an chróchair — b'fhéidir
gur bh'í an taoide í, b'fhéidir gur bh'í an ghaoth í — "Tioc-
faidh leithéid Bhriain i gcionn míle bliadhan."


L. 38


File.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services