Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanmóin agus Trí Fichid I
Title
Seanmóin agus Trí Fichid I
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Composition Date
1909
Publisher
Brún & Ó Nóláin, Teor.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEANMÓIN AGUS TRÍ FICHID. I. AN CHÉAD DOMHNACH DE'N ADBHENT. Léightear an Soisgéal. (Lúcás 21.) A phobul Dé, Isé brígh atá leis an bhfocal san, Adbhent, 'ná rud éigin, nó duine éigin, a bheith ag teacht, agus tugtar an ainim, Adbhent, ar an suim aimsire i n-a mbíon súil ag daoine leis an rud a bhíon ag teacht, nó leis an nduine a bhíon ag teacht. Do cheap an Eaglais an raint bheag aimsire seo ar a dtugtar an t-Adbhent chun teacht na Nodlag a chur i gcuimhne dos na Críos- daidhthe. Teacht na Nodlag, 'sé sin teacht an lae shaoire is mó sa mbliadhain agus is naomhtha sa mbliadhain, teacht an lae ar ar tháinig Slánuightheóir an domhain ar an saoghal chun na cine daona do shaoradh ó ifrean agus ó chómhachtaibh an diabhail. Isé cúis gur cheap an Eaglais an méid seo aimsire roimh theacht na Nodlag 'ná i dtreó go ndéanfadh na Críosdaidhthe iad féin d'ollamhughadh go maith chun saoire na Nodlag do chaitheamh mar is cóir, ag tabhairt onóra do Dhia, ag breith bhuidheachais leis an Slánuightheóir glórmhar mar gheall ar theacht d'ár saorad, agus ag
cur ár gcroídhe agus ár n-aigne féin ar deagh-staid, i dtreó gur mhóide an toradh, agus an tairbhe, agus an leas anama, gheabhaimís tré theacht ár Slánuightheóra. An t-é dhéanfaidh an t-ollamhughadh go maith i gcaitheamh an Adbhent beidh a chroídhe agus a aigne oireamhnach chun tabharthaisí móra ó ghrástaibh Dé do ghlacadh nuair a thiocfaidh an lá beannuighthe, agus gheabhaidh sé na tabharthaisí go líonmhar. An t-é ná ceapfaidh a aigne chun aon ollamhughadh dhéanamh, ach an aimsir bheannuighthe seo do chaitheamh fé mar a chaith sé an chuid eile de'n bhliadhain, gan cuimhneamh choídhche le h-aon dúrthact ar Dhia ná ar leas a anama féin, tiocfaidh lá naomhtha na Nodlag air agus beidh Dia na glóire ag bronnadh na ngrást ar na Críosdaidhthibh, ach ní fhanfaidh puinn de ghrásta Dé i gcroídhe an duine sin, mar ní bheidh aon tslígh 'n-a chroídhe chuige. Ní fhágan an Eaglais sinn ag brath orainn féin chun na h-aimsire seo do chaitheamh mar is cóir. Taisbeánan sí dhúinn go soiléir an obair is ceart dúinn a dhéanamh. Ní h-é amháin go dtaisbeánan sí an obair dúinn, ach tá dlígh dhaingean déanta aici chun a chur fheuchaint orainn an obair a dhéanamh, chun a chur fheuchaint orainn ár leas a dhéanamh. Seo aithne d'aitheantaibh na h-Eaglaise. Trosgadh agus tréadhnas a dhéanamh ar na laethantaibh órduighthe. Tá ceangailte ar Chríos- daidhthibh an trosgadh san do dhéanamh dhá lá sa tseacht- mhain i gcaitheamh na h-aimsire beannuighthe seo. Ní'l aon nídh is mó chruadhan croídhe an duine agus a dheighlean amach é ó ghrásta Dé 'ná craos; 'sé sin é féin a thabhairt suas d'ainmhian na colna. Ar an gcuma gcéadna ní'l nídh ar bith is fearr chun croídhe an duine do tharang chun Dé'ná an cholann do smachtughadh le trosgadh agus le tréadhnas agus le h-úmhluigheacht.
Siné cúis gur cheap an Eaglais an trosgadh dhúinn i gcaitheamh an Adbhent, mar isé an trosgadh is fearr d'ollamhóchaidh sinn i gcóir na Nodlag. Sa n-am gcéadna, ámhtach, is beag an mhaith trosgadh ó bhiadh mura ndeinimíd trosgadh eile 'n-a theannta, 'sé sin trosgadh ó'n bpeacadh. Is beag an tairbhe dhúinn craos a chur uainn mura gcuirimíd uainn na peacaí eile chómh maith leis; mura gcuirimíd uainn uabhar agus saint, agus drúis, agus fearg, agus formad. Is beag an tairbhe do dhuine bheith ana dhian air féin sar a' mbrisfeadh sé an trosgadh le biadh chaitheamh, má dhéinean sé craos le meisge. Má's maith linn an aimsir a chaitheamh sa cheart ní foláir dúinn, ní amháin dlígh na h-Eaglaise do chomhlíonadh, ach intinn na h-Eaglaise, leis, do chómhlíonadh, agus cómhairle na h-Eaglaise do ghlacadh, agus beart a dhéanamh do réir na cómhairle sin. Isé intinn agus aigne na n-Eaglaise, agus isé brígh agus bunús gach dlighe dá gcuirean sí orainn, agus brígh agus bunús gach cómhairle d'á dtugan sí dhúinn, go ndéanfaimís leas ár n-anama; go gcoimeádfaimís sinn féin glan ó'n bpeacadh, nó má tá peacaí orainn go ndéanfaimís sinn féin do ghlanadh uatha láithreach le faoisdin mhaith agus le h-aithrighe, le congnamh ó ghrásta Dé. Isí cómhairle na h-Eaglaise dhúinn, an fhaoisdin mhaith agus an aithrighe dhéanamh go minic i gcaitheamh na bliadhna, agus má 'sí sin a cómhairle dhúinn i gcaitheamh na bliadhna, is dá mhó a chuirean sí an chómhairle sin 'n-a luighe orainn i gcaitheamh na h-aimsire beannuighthe seo. Dá bhfiafróchadh duine dhíom, d'á bhrígh sin, conus is fearr fhéadfadh sé an aimsir bheannuighthe seo
chaitheamh chun é féin d'ollamhúghadh i gcóir na Nodlag, déarfainn leis láithreach: Dein dlígh na h-Eaglaise, dlígh an trosgaidh, do chómhlíonadh, go macánta agus go dleaghthach, chómh fada agus a leigfidh do shláinte dhuit é. Abair do phaidreacha ar maidin agus um thráthnóna, le breis dúrthachta agus aireachais. Tóg do chroídhe suas chun Dé go minic i gcaitheamh an lae, agus go minic i gcaitheamh na h-oídhche má bhíon tú ad' dhúiseacht. Bris, agus cuir uait, pé droch bhéasa atá agat. Bí ag faire ar do bheul sar a' ndéarfá droch fhocal. Bí ag faire ar t'aigne sar a' gcoimeádfá droch smuíneamh ann. Bí coitchianta 'ghá iaraidh ar Dhia, tré impidhe na Maighdine Muire, Máthair Dé, cabhair agus congnamh a thabhairt duit chuige sin. Eirigh chun faoisdine go minic agus glac Corp Naomhtha an Tighearna. Má dhéinean tú mar sin beidh an aimsir bheannuighthe seo caithte go maith agat nuair a thiocfaidh an Nodlaig. Beidh tú ollamh chun cion Críosdaidhe de ghrásta Dé fhághail an lá san. Má chaithean tú gach Adbhent d'á bhfágfar ar an saoghal so thú ar an gcuma gcéadna beidh tú ollamh go maith, le congnamh Dé, i gcóir an lae dhéanaigh. Ansan, nuair a bhéid na cómharthaí úd sa ghréin, agus an fharaige d'á suathadh, agus na daoine d'á bhfeóchadh le sgannradh, agus an Slánuightheóir, Íosa Críosd, ag teacht 'n-a mhór chómhacht agus 'n-a ghradam chun breitheamhantais a thabhairt ar an ndomhan go léir, féadfair-se do cheann a thógáilt agus feuchaint suas, mar beidh fuasgailt buailte leat, beidh sólás agus aoibhneas síoruidhe na bhflathas i n'áirighthe agat. Go dtugaidh an Slánuightheóir gléigeal daoibh-se agus domh-sa an áirighthe sin, a phobul Dé. Amen.
II. AN TARNA DOMHNACH DE'N ADBHENT. Léightear an Soisgéal. (Maitiú II.) A phobul Dé, Bhí mírbhuiltí móra ag ár Slánuightheóir 'á dhéanamh agus bhí gach aoinne ag trácht ortha. Bhí na tuairisgí iongantacha ag imtheacht ó bhéal go béal ameasg na ndaoine. D'airigh Eóin Baiste, agus é istigh sa phríosún, na tuairisgí uathbhásacha. Dúbhairt sé le beirt d'á dheisgiobulaibh féin dul agus labhairt leis an t-é a bhí ag déanamh na mírbhuiltí sin, agus a fhiafraighe dhé ar bh'é an Slánuightheóir é. B'fhéidir go bhfiafróchadh duine dhíom-sa anois cad ba ghádh do Naomh Eóin Baiste an cheist sin do chur i n-aon chor. Nár chóir go raibh fhios ag Naomh Eóin Baiste gur bh'é an Slánuightheóir a bhí ag déanamh na n-oibreacha san? Gan amhras do bhí a fhios ag Naomh Eóin Baiste go raibh an Slánuightheóir le teacht an uair sin, mar bhí sé tar éis mórán oibre dhéanamh ag ollamhughadh na ndaoine dhó. Ach ní raibh a fhios aige gur bh'é an Slánuightheóir féin a bhí ag déanamh na mírbhuiltí sin ar a raibh na daoine go léir ag caint. Bhí sé istigh sa phríosún agus ní raibh aon chaoi aige ar a fhios a bheith aige cé bhí ag déanamh na mírbhuiltí. Do fágadh gan an t-eólus san é mar bhí cúis leis. Ní raibh aon chuma eile aige chun teacht ar an eólus a bhí uaidh ach na teachtairí chur uaidh ag triall ar an t-é
a bhí ag déanamh na mírbhuiltí. Dheabhróchadh an sgéal gur thuig sé i n'aigne, murar bh'é an Slánuightheóir a bhí ag déanamh na mírbhuiltí sin, nár bh'fholáir nó gur chómhacht éigin fhóghanta a bhí'ghá ndéanamh, óir ná tabharfadh Dia an neart san d'aon droch chómhacht. D'á bhrígh sin do thuig Naomh Eóin nár bhaoghal go 'neósfaí bréag dó. Anois, a phobul, tugaidh fé ndeara go cruinn cad a thuit amach nuair a chuir na teachtairí an cheist chun ár Slánuightheóra. An ndúbhairt sé leó: "Téighidh thar n-ais ag triall ar Eóin agus abraidh leis gur mise an Slánuightheóir agus ná fuil oraibh feitheamh le duine eile"? Ní dúbhairt. Dúbhairt sé focal leó ná raibh blúire coinne acu leis. "Téighidh," ar seisean, "agus innsidh d'Eóin na neithe a chonacabhair le nbhúr súilibh; radharc 'á thabhairt do dhallaibh, siúbhal dos na bacaigh, na lobhair d'á nglanadh, éisteacht 'á thabhairt do dhaoine a bhí bodhar, teagasg 'á thabhairt dos na daoine bochta. Agus is beannuighthe an t-é ná glacfaidh sgannal umam-sa." Cad 'n-a thaobh nár thug ár Slánuightheóir uaidh an freagra díreach ar an gceist a cuireadh chuige? Níor thug Mar do theastuigh uaidh rud áirighthe do mhúineadh an uair sin dos na teachtairíbh úd, agus dos na daoine a bhí láithreach, ag éisteacht leis, agus do theastuigh uaidh an rud céadna do mhúineadh d'á raibh de Chríosdaidhthibh le teacht ar an saoghal riamh ó shin, agus é mhúineadh dhúinne indiu. Cad é an rud é sin, a phobul? Sidé é. Nách gádh d'aon Chríosdaidhe aon cheist a chur ar aoinne beó i dtaobh fírinne an chreidimh, mar go dtais- beánaid na mírbhuiltí féin gur b'é Mac Dé a dhein iad. Níor bh'fhéidir d'aon chómhacht ach do chómhacht Dé na mírbhuiltí sin a dhéanamh. D'á bhrígh sin bhí cómhacht Dé ag an t-é a dhein iad, d'á bhrígh sin, nuair a 'neósfaí na mírbhuiltí do Naomh Eóin Baiste do bhéadh a fhios aige
gur bh'é Slánuightheóir an domhain a bhí 'ghá ndéanamh. Ar an gcuma gcéadna, gach aon Chríosdaidhe ó shin anuas go 'neósfaí na mírbhuiltí sin dó, do bhéadh fhios aige gurbh é Slánuightheóir an domhain a dhein iad, mar ná féadfadh aon chómhacht iad a dhéanamh ach cómhacht Dé, agus ná raibh cómhacht Dé ag aoinne ach ag Mac Dé. Dhein na naoimh mírbhuiltí, ach má 'seadh is le cómhacht Mhic Dé a dheineadar iad. D'ainimnigh ár Slánuightheóir chúig saighseana mírbhuiltí dos na teachtairíbh, agus tá níos mó 'ná aon bhrígh amháin i ngach saghas acu. Thug ár Slánuightheóir radharc súl corpartha do dhallaibh. d'admhuigh duine des na dallaibh sin gur 'n-a dhall a rugadh é, agus d'á bhrígh sin nár bh'fhéidir an radharc a thabhairt dó ach le cómhacht Dé. Ach d'oibrigh an Slánuightheóir ar an gcine daona cómhacht dob' aoirde agus ba dhoimhne agus ba mhó go mór 'ná an chómhacht san. Níor dhein an chómhacht san ach radharc súl corpartha thabhairt do bheagán daoine. Thug an chómhacht eile radharc spioraideálta, ó ghrásta Dé, dos na Críosdaidhthe go léir. Do tugadh lúth a gcos do bheagán daoine a bhí an uair sin 'n-a ghátar. Soluíd ab eadh é sin ar an gcuma 'n-ar chuir an Slánuightheóir, moladh go deó leis, ar chumas na gCríosdaidhthe go léir, má's maith leó é, siúbhal do réir aitheanta Dé agus na h-Eaglaise, go sroisid siad aoibhneas na bhflathas. Do glanadh na lobhair. Níor bh'fhéidir an glanadh san a dhéanamh ach le cómhacht Dé. Galar iseadh lobhra atá teipithe riamh ar dhochtúiribh. Do leighis ár Slánuightheóir an galar san, agus thaisbeáin sé cómhacht Dé a bheith aige. Ach soluíd ab eadh an leigheas san ar an gcuma 'n-a bhfuil na Críosdaidhthe d'á leigheas riamh ó shin, le cómhacht an tSlánuightheóra, ó lobhra an pheacaidh.
Do thóg ár Slánuightheóir raint daoine ó'n mbás. Thóg sé ó'n mbás duine a bhí cheithre lá sa n-uaigh. Do thuig gach aoinne ná raibh aon bhreith i n-aon chor ag aon chómhacht ar bith ach ag cómhacht Dé ar an ngníomh san a dhéanamh. Ach ní raibh sa ghníomh san, d'á uathbhásaighe é, ach soluíd ar an gcuma 'n-a dtógtar na Críosdaidhthe, coitchianta, riamh ó shin, ins gach aon pháirt de'n domhan, ó bhás an pheacaidh mhairbh chun beatha na ngrást, nuair a dheinid siad faoisdin mhaith agus a gheibhid siad an asbolóid. Mírbhuilt uathbhásach iseadh an t-anam a chur thar n-ais i gcorpán mharbh. Ach is neamhnídh é mar chómhacht seachas anam an duine do thógaint ó pheacadh mharbh agus é chur ar staid na ngrást. Thug ár Slánuightheóir, moladh go deó leis, an freagra úd dos na teachtairíbh le breith leó ag triall ar Eóin, agus thug sé an freagra céadna, agus an brígh doimhinn eile sin leis, do'n Eaglais, chun go mbéarfadh an Eaglais léi é, agus chun go gcuirfeadh sí isteach ansan i Soisgéal an Domhnaigh seo é, agus go múinfí dos na Críosdaidhthibh é ins gach aon pháirt de'n domhan an fhaid a bhéadh Críosdaidhe beó ar an saoghal so. Gan amhras do bhí fhios ag ár Slánuightheóir go mbéadh daoine do ghlacfadh an múineadh agus go mbéadh daoine ná glacfadh. Bhí fhios aige go raibh ag éisteacht leis an uair sin daoine do chreidfeadh go raibh cómhacht Dé aige an fhaid a chífidís é ag tógaint na marbh ó'n mbás, agus bhí fhios aige go séanfadh na daoine céadna san ar ball é nuair a chífidís é féin ag fághail bháis ar chrann na croise. Siné cúis n-a ndúbhairt sé: "Is beannuighthe an t-é ná glacfaidh sgannal umam-sa." Dúbhairt sé é leis na daoine a bhí ag éisteacht leis an uair sin, agus tá sé 'ghá rádh riamh ó shin leis na Críosdaidhthibh go léir gach aon uair a léightear an Soisgéal so dhóibh. Is
beannuighthe an t-é na glacfaidh sgannal mar gheall ar theagasg an tSlánuightheóra. 'Sé sin le rádh, is beann- uighthe an t-é a ghlacfaidh toil Dé, agus a bheidh sásta le toil Dé, agus a dhéanfaidh toil Dé, bíodh ná beidh d'á bhárr aige ar an saoghal so ach dealbhas agus anró agus cruadhtan, mar beidh d'á bhárr ar an saoghal eile aige an t-aoibhneas síoruidhe a cheannuigh an Slán- uightheóir dúinn nuair a dh'fhuiling sé na pianta úd, agus an bás úd ar chrann na croise, na pianta agus an bás ó n-ar ghlac na Iúdaigh an sgannal go léir. Is ceart dúinn, a Chríosdaidhthe, machtnamh go dlúth agus go doimhinn ar an méid sin teagaisg ata curtha rómhainn ansan i Soisgéal an lae seo, agus murar dheineamair beart d'á réir sa n-aimsir atá caithte agaiiin, iompáil anois agus a mhalairt sin de sgéal a bheith againn feasta; ár gcreideamh a choimeád láidir, seasamhach i n-ár gcroídhe, mar gur b'é Íosa Críosd, Mac Dé, do chuir an creideamh san ar bun; súile ár n-aigne do choimeád coitchianta ag feuchaint ar an ollmhaitheas a bhainean leis an saoghal eile agus gan suim do chur i saidhbhreas an tsaoghail seo; ár n-anam do choimeád coitchianta glan, i láthair Dé, ó lobhra grána an pheacaidh ; cluasa ár n-aigne do choimeád do shíor ag faire ar gach cogar a thiocfaidh chúghainn ó ghrásta Dé chun sinn a sheóladh ar leas ár n-anama; an peacadh marbhuightheach, an t-aon rud amháin a thugan bás síoruidhe do'n anam, do sheachaint níos géire 'ná mar a sheachnóch- aimís aon droch nídh eile a dh'féadfadh teacht orainn ar an saoghal so; bheith coitchianta 'ghá iaraidh ar Dhia, tré im- pidhe na Maighdine Muire, Máthair an tSlánuightheóra, a ghrásta thabhairt go líonmhar dúinn chun gach deagh-oibre dhíobh san do dhéanamh ar an gcuma is fearr a thabhar- faidh sásamh d'aigne an tSlánuightheóra. Ansan,
imtheóchaidh an saoghal so uainn agus ní bheidh aon chaitheamh 'n-a dhiaigh againn, agus nuair isé toil Dé glaodhach orainn osgalóchaidh aoibhneas síoruidhe na bhflathas rómhainn. Ansan iseadh thuigfimíd i gceart an focal úd a dúbhairt ár Slánuightheóir le teachtairíbh Eóin: "Is beannuighthe an t-é ná glacfaidh sgannal umam-sa." Go dtugaidh Dia, d'á ghrástaibh, daoibh-se agus dómh-sa, an chómhairle sin do ghlacadh agus beart a dhéanamh d'á réir, agus teacht chun an aoibhnis atá geallta dhi. Amen. III. AN TRÍMHADH DOMHNACH DE'N ADBHENT. Léightear an Soisgéal. (Eóin I.) I Soisgéal an Domhnaigh seo a ghaibh tharainn, a phobul Dé, do chonacamair cad é an teistiméireacht a thug ár Slánuightheóir féin ar Naomh Eóin Baiste. Chuir sé os cionn na bhfáidh go léir é. "Ach deirim-se libh, ar seisean, "gur duine é is mó 'ná fáidh, mar is air atá sgríobhtha, 'Tá m'aingeal agam 'á chur rómhat amach chun na slíghe d'ollamhughadh dhuit '." Bhí na Iúdaigh ag ruith, 'n-a slóightibh, amach ó chathair Ierúsaleim agus ó chatharachaibh eile na tíre, chun go bhfeicfidís an duine iongantach agus go n-éistfidís leis an gcaint uathbhásach a thugadh sé uaidh. Fé dheire do tuigeadh sa chathair nár dhuine shaoghalta i n-aon chor é; gur dhuine des na fáidhíbh é; nó go mb'fhéidir gurbh' é an Slánuightheóir féin é, a bhí geallta do'n chine daona ó thusach aimsire, agus dos na Iúdaigh
fé leith ó aimsir Ábrahaim. Chómh luath agus do tuigeadh an méid sin sa chathair do comáineadh amach teachtairí chun a fhiafraighe dhé cé'r bh'é féin. Dheabh- róchadh an sgéal gur b'é céad rud a dhein na teacht- airí 'ná a fhiafraighe ar bh'é Críosd é, mar deir an Soisgéal san a léigheas daoibh gur admhuigh sé, agus nár shéan sé, agus gur admhuigh sé: "Ní mise Críosd." Ansan d'fhiafraigheadar dé ar bh'é Elias é, agus dúbhairt sé nár bh'é. Ansan d'fhiafraigheadar dé arbh' fháidh é, agus dúbhairt sé nár bh'eadh. Feuchaimís isteach sa nídh sin, a phobul, agus cuirimís ceist chúghainn féin. Cad 'n-a thaobh go luighean an Soisgéal chómh trom ar an méid sin cainte a deineadh idir na teachtairí sin agus Naomh Eóin Baiste? Do fiafraigheadh de Naomh Eóin Baiste ar bh'é féin an Slánuightheóir. D'fhreagair sé láithreach nár bh'é. Conus fhéadfadh an chreideamhaint go léir a bheith ag dul dó mar gheall ar an bhfreagra san. Ar neóin ní h-amhlaidh a déarfadh sé gur bh' é. Cad 'n-a thaobh go moltar chómh mór é mar gheall ar an admhmháil sin? Conus fhéadfadh sé a mhalairt d'fhreagra thabhairt uaidh mura mbéadh sé ar buile? Ach fan go fóil. Tháinig mórán daoine roimis agus 'n-a dhiaigh agus ní raibh aoinne acu ná déarfadh go tapaidh gur bh' é féin an Críosd a bhí geallta, dá bhfaghadh sé an chaoi air mar a fuair Naomh Eóin. Dhein a lán acu é agus gan aon phioc acu de'n aoirde ná de'n uaisleacht ná de'n mhórdhacht a bhí i Naomh Eóin Baiste. Mura raibh aoirde agus uaisleacht agus mórdhacht ionta bhí uabhar a ndóithin ionta, agus isé an t-uabhar a chuir fheuchaint ortha an t-éitheach a dh'innsint, agus a chur 'n-a luighe ar an gcoitchiantacht go raibh cómhachta acu ná raibh acu. Dheineadar an t-éitheach
san, agus an feall san ar dhaoine, bíodh ná raibh buile ná easba meabhrach ortha. Le h-uabhar iseadh dheineadar é. Ní cúrsaí meabhrach ná easba meabhrach é. Uabhar nó úmhluigheacht iseadh an sgéal ar fad. Ní mar gheall ar a mheabhair ná ar a chiall ná ar a thuisgint a tugadh an moladh san do Naomh Eóin Baiste, ach mar gheall ar an úmhluigheacht uathbhásach a bhí ann. Do taisbeánadh an úmhluigheacht san go soiléir sa chuid eile de'n chaint. Dúbhairt sé, le neart úmhluigheachta, nár bh' é Críosd é. Dúbhairt sé láithreach 'n-a dhiaigh san, nár bh' é Elias é. Ansan dúbhairt sé nár bh' fháidh i n-aon chor é. Ansan, chun bárr ar fad a thabhairt do'n úmhluigheacht a bhí 'n-a chroídhe, dúbhairt sé nár bh' aoinne i n-aon chor é, ná raibh ann ach guth, guth ag glaodhach sa bhfásach. Dhein sé neamhnídh dhé féin le neart úmhluigh- eachta. Níor thuig na teachtairí an úmhluigheacht san. Conus fhéadfadh duine go raibh a ainim i mbéalaibh daoine ar fuid na tíre sin go léir bheith chómh h-íseal 'n-a mhéinn, chómh beag suim 'n-a mhór chlú, chómh beag beann ar mholadh na ndaoine, agus go ndéarfadh sé nár bh' aoinne i n-aon chor é! "Cad 'n-a thaobh," ar siad, "go ndéinean tú baisteadh má's duine chómh suarach tú?" Thug sé freagra ortha agus bhí an úmhluigheacht sa bhfreagra san, leis. "Deinim-se baisteadh i n-uisge," ar seisean, "Ach tá i nbhúr measg, anois féin, duine nách aithin daoibh. Isé sin an t-é atá le teacht am' dhiaigh-se agus nách fiú mé go ndéanfainn iall a bhróige do sgaoileadh." Siné, a phobul, bun agus éifeacht an tSoisgéil sin ar fad, an úmhluigheacht a bhí i Naomh Eóin Baiste do thaisbeáint dúinne. Tá focal an tSlánuightheóra féin
againn leis go raibh sé os cionn na bhfáidh go léir, abhfad os a gcionn, ná raibh aon bhreith ag aoinne acu air i n-aoirde ná i naomhthacht ná i mbeannuightheacht, agus fós cuirean sé féin 'n-a luighe ar na teachtairíbh gur duine ana shuarach é, nár bh' fhiú trácht i n-aon chor air, ná raibh ann ach guth, agus nár labhair an guth féin ach amuich i n-uaigneas an fhásaigh. Agus cad chuige an úmhluigheacht uathbhásach san do thaisbeáint dúinne, a phobul? Tá chun a chur 'n-a luighe orainn gur ceart dúinn beagáinín de'n úmhluigheacht san a dh'fhoghluim agus gur ró mhaith an bhail orainn dá ndéanfaimís beagán dí dh'fhoghluim. Ní'l aon chuma is fearr 'n-a bhféadfaimíd maitheas na h-úmhluigheachta dh'fheisgint 'ná má chuirimíd os cómhair ár súl olcas an uabhair. As an uabhar iseadh fhásan an uile shaghas uilc. An t-uabhar isé chuirean duine ag formad le n-a chómharsain. As an bhformad san tagan fuath do'n chómharsain, agus fearg, agus mioscais, agus cúlchaint, agus tromaidheacht ; agus ansan, dlígh agus clampar agus fuil. As an uabhar a dh'fhásan an tsaint. Ní bhéadh leath beann ar an airgead ag fear na sainte mura mbéadh go dtuigean sé i n'aigne go gcuirfidh an t-airgead ar a chumas bheith níos aoirde 'ná duine eile, agus níos uaisle, dar leis féin. Ar ball, nuair a théighean an tsaint i n-achran i gceart 'n-a chroídhe, ní chuimhnighean sé ar uaisleacht ná ar ísleacht ach ar an airgead féin. Ach isé an t-uabhar a thosnuigh an t-olc. Mar sin do gach sórd aimhleasa d'á ndeinean an duine, ar an saoghal. Isé an t-uabhar a chuirean an chéad droch lámh sa duine. Isé bun-phréamh gach uilc é i gcroídhe an duine. Is leasughadh saidhbhir é do gach droch intinn agus do gach droch mhian agus do gach droch bhéas. Is
nimh marbhuightheach é do gach sobháilce diadha, do gach intinn mhaith, do gach deagh-bhéas, do gach deagh-shampla, do gach deagh-chómhairle, do gach cogar fóghanta d'á labhran grásta Dé istigh i gcroídhe an duine. Ar an dtaobh eile dhé, isí an úmhluigheacht a mhúchan agus a mhillean agus a mharbhuighean an t-uabhar. Isí an úmhluigheacht bun-phréamh gach maitheasa i gcroídhe an duine. Neartuighean sí creideamh agus dóchas agus carthanacht. Tugan sí cead cinn do gach intinn mhaith, breis ghreama do gach deagh-bhéas, breis toradh do gach deagh-shampla, feidhm níos treise do gach deagh-chómhairle, agus deinean sí guth árd de'n chogar a labhran grásta Dé i gcroídhe an duine. Is amhlaidh mar atá an sgéal, a phobul, ní féidir do Dhia na glóire féin, ná do ghrásta Dé, aon cheart a bhaint de'n duine an fhaid a bheidh an t-uabhar istigh i gcroídhe an duine. D'fhéadfadh Dia, láithreach, an mac mallachtain do thiomáint síos go h-ifrean agus é choimeád thíos ann, agus gan leigint dó baint i n-aon chor leis an nduine. D'fhéadfadh Dia namhaid an chreidimh ar an saoghal so do chlaoidh láithreach agus do chur fé chois. D'fhéadfadh Dia an uile shólás saoghalta thabhairt dos na Críosdaidhthibh ar an saoghal so, agus gan teinneas ná trioblóid do leigint 'n-a ngoire choídhche. Ach cad é an tairbhe bhéadh ag Dia as san go léir an fhaid a bhéadh an t-uabhar, namhaid Dé, istigh i n-ár gcroídhe againne! D'á bhrígh sin, sar ar féidir do Dhia na glóire aon mhaitheas a dh'fhághail as an gCríosdaidhe, ní foláir, ar dtúis, an t-uabhar do dhíbirt amach a' croídhe an Chríosd- aidhe sin, agus an croídhe do líonadh go bara le fíor úmhluigheacht, i n-inead an uabhair. Chuige sin iseadh chuirean an Eaglais anso os ár gcómhair indiú, sa tSoisgéal so a léigheas daoibh, an
umhluigheacht uathbhásach san a bhí istigh 'n-a chroídhe ag Naomh Eóin Baiste. Dúbhairt an Slánuightheóir ná raibh duine beó riamh dob' aoirde i láthair Dé 'ná Naomh Eóin Baiste, agus dúbhairt Naomh Eóin Baiste féin ná raibh ann ach guth, ná raibh duine beó ba shuaraighe 'ná é. Má bhí Naomh Eóin Baiste chómh h-árd san i láthair Dé agus chómh h-umhal san i n' aigne féin, conus is féidir dúinne, atá íseal, suarach go leór, i láthair Dé, bheith árd i n-ár n-aigne féin? Cad é mar obair dúinne uabhar a bheith orainn, agus mór-is-fiú, agus eiríghe- anáirde, agus droch mheas a bheith againn ar ár gcómhar- sain? Obair gan chiall, gan mheabhair, gan tuisgint iseadh é, a Chríosdaidhthe. Ach galar iseadh an t-uabhar gur deacair leigheas a dhéanamh air. Cuid de'n leigheas iseadh an teagasg so a tugtar dúinn i Soisgéal an lae indiu. Má bhí aon duine beó riamh nár mhisde dhó raint mór-is-fiú bheith air b' é Naomh Eóin Baiste an duine sin. Má bhí sé sin gan uabhar cad é mar obair dúinne uabhar a bheith orainn? Má bhí sé sin úmhal nách é is lúgha is gann dúinne bheith úmhal? Iaraimís anois ar Dhia, a Chríosdaidhthe, an úmhluigheacht san do bhronnadh orainn, go flúirseach agus go saidhbhir, tré impidhe na Maighdine Muire Máthair Dé, agus tré impidhe Naoimh Eóin Baiste, i dtreó go mbeidh ár slígh chun Dé go maith an fhaid a fágfar ar an saoghal so sinn, agus ansan, nuair a thógfaidh Dia as an saoghal sinn, go dtabharfaidh sé aoibhneas na bhflathas dúinn ar feadh na síoruidheachta, i bhfochair na naomh agus na n-aingeal agus i bhfochair Naoimh Eóin Baiste féin. Amen, a Thighearna!
AN CEATHRAMHADH DOMHNACH DE'N ADBHENT. Léightear an Soisgéal. (Lúcás 3.) A phobul Dé, is ar Naomh Eóin Baiste atá trácht sa tSoisgéal indiu airís againn, fé mar a bhí Dé Domhnaigh seo ghaibh tharainn agus an Domhnach roimis. Dé Domhnaigh seo a ghaibh tharainn do cuireadh os ár gcómhair an úmhluigheacht thar bárr a bhí i Naomh Eóin Baiste, agus do deineadh san i dtreó go spriocfaí sinn féin chun úmhluigheachta. Tháinig Naomh Eóin Baiste chun na slíghe d'ollamhughadh do'n tSlánuightheóir. Cad í an tslígh a bhí aige le h-ollamhughadh do'n tSlánuightheóir? Cad í an tslígh í ach an tslígh isteach i gcroídhe na ndaoine? Chun dul isteach i gcroídhe na ndaoine agus seilbh a ghlacadh ann, agus fanamhaint ann, iseadh bhí an Slánuightheóir ag teacht. Siné an bóthar isteach a bhí ag Naomh Eóin Baiste le h-ollamhughadh agus le réidhteach agus le díriughadh, i dtreó go líonfaí suas gach clais agus go leagfaí ar lár gach cnoc agus gach sliabh, agus go mbéadh gach cam 'n-a dhíreach agus gach garbh 'n-a réidh, agus ansan ná béadh aon rud chun grásta an tSlánuightheóra do chosg ar dhul isteach agus fanamhaint istigh. Labharthar ar chnocaibh agus ar shléibhtibh a bhí le leagadh ar lár. B'é an t-uabhar a bhí i gcroídhe na ndaoine an cnoc dob' aoirde dhíobh san. Do tugadh do Naomh Eóin Baiste, chun an chnuic sin do leagadh, an úmhmhluigheacht úd ar ar thráchtamair Dé Domhnaigh seo
ghaibh tharainn. Ach bhí an tslígh go léir lán de chnocaibh agus de shléibhtibh, cnuic a shíolraidh ó'n gcnoc mór san, agus níor bh'fholáir iad go léir do leagadh agus do leibhéaladh sar ar bh'fhéidir do ghrásta an tSlánuightheóra dul isteach. Bhí cnoc an uabhair ar dtúis, os a gcionn go léir, agus leathta fútha go léir thíos. Ansan bhí na cnuic agus na sléibhte fiadhaine eile, saint agus drúis agus craos agus fearg agus formad agus leisge, agus sluagh de chnocánaibh grána achranacha mór-thímpal ag bun gach cnuic díobh san. Bhí aigne na ndaoine múchta, calcaithe, le gach sórd peacadh d'á olcas agus d'á ghráinneamhlacht. Ní raibh aon aithne d'aitheantaibh Dé ná raibh briste brúighte acu ar gach aon tsaghas cuma, agus ní raibh suim acu i nDia ná i n-aithrighe, i neamh ná i n-ifrean. Bhí an sgéal ar an gcuma san, ní h-amháin ag págánachaibh na Gréige agus na Rómha, ach ag sliocht Ábrahaim féin, ag pobul Isráeil, an pobul a thogh Dia dhó féin, an tsliocht a fuair na h-aitheanta, agus gur b' ortha do gealladh an Slánuigh- theóir do theacht i gcolainn daona. Bhíodar imthighthe amú' ó fhírinne agus ó ghrásta Dé i dtreó go rabhadar níosa mheasa, dá mb'fhéidir é, 'ná na págánaigh a bhí 'n-a dtímpal ar fuid an domhain. Ní raibh aon droch bhéas gráinneamhail ag na págánaigh ná raibh acu, agus bhí droch nídh acu ná raibh ag na págánaigh. Níor dhein na págánaigh ceilt ná séanadh ar a ndroch bheartaibh. Ní mar sin dos na Iúdaigh. Do chlúduigheadar a ndroch bhearta fé sgáil na beannuightheachta. Do leigeadar ortha, os cómhair an tsaoghail, go rabhadar ana naomhtha, ana bheannuighthe, ana dhiadha, agus laistigh, fé'n samhlughadh san, thugadar iad féin suas, gan srian gan chosg, do'n uile shaghas peacadh d'á olcas agus d'á ghráinneamhlacht, i dtreó gur chuir ár Slánuightheóir i
gcomparáid iad leis na tuamaibh aolta, iad geal lasmuich agus gan istigh ionta ach an bréantas. Bhí an sgéal ar an gcuma san nuair a tháinig an t-am, an cúigmhadh bliadhain déag d'ímpireacht Thibérias Chésair, mar a deir an Soisgéal, agus do tháinig briathar Dé ar Eóin, mac Sacarí, sa bhfásach, agus do ghluais Eóin ar fuaid na dtíortha ar bruach abhann Iórdain, agus d'fhógair sé baisteadh chun aithrighe agus chun maitheamh- nachais peacaí. Do labhair an guth sa bhfásach, díreach fé mar a gheall Isáias Fáidh abhfad roimhe sin: "Deinidh slígh an Tighearna d'ollamhughadh; deinidh na bóithre do dhíriughadh dhó; líonfar gach gleann agus isleófar gach sliabh agus gach cnoc, agus beidh gach cam 'n-a dhíreach agus gach slígh gharbh 'n-a shlígh réidh; agus chífidh gach feóil an slánughadh a dhéanfaidh Dia." Sin mar a thargair Isáias, a phobul, teacht Naomh Eóin Baiste, agus sin mar a tháinig sé. Do ghlaoidh sé ar na Iúdaigh agus dúbhairt sé leó an aithrighe dhéanamh, an tslígh d'ollamhughadh agus do chur i dtreó do theacht an Tighearna. Do thóg an Eaglais an chaint sin adúbhairt Isáias agus chuir sí anso isteach i Soisgéal an lae indiu í, i dtreó go labharfaí indiu í le Críosdaidhthibh an domhain agus go n-iarfaí ortha an aithrighe dhéanamh fé mar a h-iaradh an uair sin ar na Iúdaigh an aithrighe dhéanamh. Bhí gádh go cruaidh ag na Iúdaigh le h-aithrighe dhéanamh. Is dána an t-éadan nár bh'fholáir a bheith ar aoinne againne a déarfadh ná fuil gádh aige féin le h-aithrighe. D'á bhrígh sin, a phobul, labhran an Eaglais linne go léir indiu i bhfocalaibh Isáias. Glaodhan sí orainn, díreach mar a ghlaoidh Naomh Eóin Baiste ar na Iúdaigh, agus deir sí linn an tslígh d'ollamhughadh do'n
Tighearna. Deir sí linn na cnuic agus na sléibhte móra do leagadh ar lár, 'sé sin, uabhar agus saint agus mioscais, agus gach sórd eile ainmhian, do chur as ár gcroídhe amach, mar gur cuma iad nó cnuic atá sa tslígh ar ghrásta Dé agus ná leigfeadh dó teacht isteach i n-ár n-anam. Deir sí linn na gleannta do líonadh suas, 'sé sin, na clasa doimhne folamha atá i n-ár n-aigne, clasa ná fuil ag fás ionta ach smuínte díomhaoine, smuínte gan tairbhe, smuínte baoithe, smuínte peacamhla, iad do líonadh suas, i dtreó ná beidh slígh ag aon droch nídh chun fáis a thuille ionta, agus go bhféadfaidh grásta Dé siúbhal agus seasamh ortha, agus iad a choimeád cúmhrtha, glan, foláin. Déir sí linn gach cam a dhéanamh díreach. Ní féidir do ghrásta Dé teacht isteach i n-anam an duine tré bhóithribh cama. Bóthar cam iseadh faoisdin ná raibh fírinneach, faoisdin a dheinean duine uaireanta nuair a choimeádan sé droch nídh éigin gan innsint, nó nuair a chuirean sé milleán na bpeacaí ar dhuine éigin eile, nó ar bheithigheach éigin, ar an mboin nó ar an gcapall. Tá an cam san i n-aigne an duine riamh. Bhí sé i n-aigne ár gcéad athar Adam nuair a dúbhairt sé gur bh' í an bhean a thug Dia dhó fé ndeara dhó an peacadh dhéanamh. Tá an cam san i n-aigne gach Críosdaidhe a bhíon ag dul ar a chosaint féin i n-aghaidh Dé sa bhfaoisdin, chómh maith agus ná béadh radharc ag Dia ar an smuíneamh is sia isteach 'n-a chroídhe. Iaran an Eaglais ar gach Críosdaidhe feuchaint chuige féin go géar, agus gach cam d'á bhruil istigh 'n-a chroídhe, ag teacht idir é agus grásta an tSlánuightheóra, é dhíriughadh amach i láthair Dé, milleán a pheacaí go léir d'fhágáilt air féin, é féin a thabhairt ciontach go h-iomlán agus gan bheith ag dul ar a chosaint féin, ach
a iaraidh go h-úmhal agus go h-aithrigheach ar Dhia na glóire na peacaí a mhaitheamh dó. Iaran an Eaglais orainn, mar a dúbhairt Isáias ar dtúis, agus mar a deir an Soisgéal indiú i dtaobh Eóin Baiste, "gach slígh gharbh a dhéanamh réidh." Bóthar garbh iseadh bóthar atá lán de chlochaibh agus de charaig- reachaibh agus de gach aon tsaghas mí-chothraim agus acharainn. Siné díreach an saghas bóthair a bhíon le gabháil ar an saoghal so ag an nduine n-a mbíon a chroídhe greamuighthe ar mhaoin agus ar shaidhbhreas an tsaoghail seo. Ní gádh do dhuine aon fhághaltas mór de mhaoin ná de shaidhbhreas an tsaoghail seo bheith aige chun a chroídhe bheith greamuighthe mar sin air. Ní h-eadh, ach d'fhéadfadh an duine is dealbha d'ár mhair riamh a chroídhe a bheith chómh greamuighthe ar an saoghal so aige agus dá mba leis an saoghal go léir. An t-é n-a mbeidh a chroídhe greamuighthe mar sin ar an saoghal aige, is cuma é nó duine a bhéadh ag gabháil tré bhóthar gharbh a bhéadh lán de chlochaibh agus de charaigreachaibh. An uile phéirse de'n tslígh d'á gcuirean sé dhe ní bhíon sé ach ag bualadh a chos i gcoinnibh na gcloch agus ag gearradh a ghlún ar na caraigreachaibh. Trioblóidí an tsaoghail na clocha agus na caraigreacha. Ní gheibhean sé neómat suaimhnis de ló ná d'oidhche uatha. Ní leigid siad dó cuimhneamh ar phaidir ná ar Chréidh, ar Dhia ná ar Mhuire, ar fhaoisdin ná ar Chomaoine, ar leas a anama ná ar an síoruidheacht. Iaran an Eaglais indiu ar an nduine sin, "an bóthar garbh do dhéanamh réidh." Conus is féidir dó an bóthar garbh a dhéanamh réidh? Conus is féidir dó na clocha agus na caraig- reacha do thógaint de'n bhóthar? Ní'l aige le déanamh ach a chroídhe do dheighilt ó'n saoghal so agus é ghreamughadh ar an saoghal eile. An té ná cuirfidh aon tsuim i
ngnóthaíbh an tsaoghail seo ní bhéarfaid trioblóidí an tsaoghail aon ghreim ar chroídhe air; beidh sé sásta le toil Dé i gcómhnuighe. Má théighean rud 'n-a choinnibh tógfaidh sé a chroídhe suas chun Dé agus déarfaidh sé, ó chroídhe, "Go ndéintear do thoil ar an dtalamh mar a déintear ar neamh!" Bainean san an cruadas as na clochaibh. Ní ghortuighid siad a chosa. Bíon suaimhneas istigh 'n-a chroídhe, pé caismirt a bhíon 'n-a thímpal. Ní chuirean aon rud puinn buartha air, nó má chuirean, is buairt í ná deinean ach é thógáilt suas níos aoirde chun Dé agus neamhshuim níos mó thabhairt dó sa tsaoghal so agus ins gach nídh a bhainean leis an saoghal so. Bíon caoi go h-áluinn ag grásta an tSlánuightheóra ar theacht isteach 'n-a chroídhe agus ar oibriughadh go torthamhail istigh ann, mar, le congnamh Dé, tá "bóthar réidh" déanta aige de'n "bhóthar gharbh." An Críosdaidhe a ghlacfaidh teagasg na h-Eaglaise, i Soisgéal an lae indiu, ar an gcuma san, aireóchaidh sé an guth ag labhairt sa bhfásach, i bhfásach an tsaoghail seo, ollamhóchaidh sé a chroídhe do'n tSlánuightheóir, cuirfidh sé gach cam as a chroídhe le faoisdin ghlan, cuirfidh sé clocha agus caraigreacha agus trioblóidí an tsaoghail i leith-taoibh uaidh féin le foidhne agus le mainíghin as Dia. Ansan, nuair a bheidh an bóthar curtha dhe aige agus a chúrsa tabhartha, fíorfar 'n-a thaobh an focal deirineach de'n tSoisgéal: "Chífidh gach feóil an slánughadh a dhéanfaidh Dia." Go dtugaidh Dia san dúinne, a phobul, tré impidhe na Maighdine Muire agus tré impidhe Naoimh Eóin Baiste. Amen.
V. LÁ NODLAG. Léightear an Soisgéal. (Lúcás 2. c.) A phobul, Gan amhras do mheas an t-Ímpire árd-chómhachtach san a bhí an uair sin ' n-a cheann ar Ímpireacht na Rómha gur ag déanamh a thoile féin a bhí sé nuair a chuir sé amach an t-órdughadh san, ach níor bh' eadh. Toil Dé a bhí aige 'á dhéanamh. Leamhnughadh Dé a bhí aige d'á chur chun cinn, bíodh ná raibh aon phioc d'á fhios aige. Nuair a chaill ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair ceart na cine daona chun rígheachta na bhflathas, do gheall Dia dhóibh go dtiocfadh duine ar shíol na mná agus go saothróchadh sé an ceart san dóibh airís. D'fhan an gheallamhaint sin i n-aigne na ndaoine. Do labhair na fáidhe agus na h-aithreacha naomhtha ar an ngeallamhaint sin, ó am go h-am, 'ghá innsint, fé mar a dh'fhoillsigh Dia dhóibh é, cathain agus canad a cómhlíonfaí í. Dúbhradar gur sa n-áit d'ar bh'ainim Betlehem a cómhlíonfaí í, agus do thuig sgoláirí na n-Iúdach go raibh an t-am ann tímpal na h-aimsire 'n-ar cuireadh an reacht so amach. B'é toil an Ímpire an reacht san a chur amach an uair sin i dtreó go bhfaghadh sé amach cad é an mhéid daoine a bhí sa tír. Ach b' é toil Dé go gcurfaí an reacht san amach an uair sin i dtreó go dtabharfaí gach cine de chlainn Isráeil chun a mbaile dúchais féin agus go dtabharfaí Naomh
Ióseph agus an Mhaighdean Mhuire go Betlehem, go cathair Dáibhid, a mbaile dúchais, agus gur b'ann a thiocfadh an Slánuightheóir ar an saoghal, fé mar a gealladh. Mar sin do cómhlíonfaí go cruinn na targaireachtaí go léir; agus 'n-a theannta san do thiocfadh rud eile as. Do bhéadh os cómhair a súl ag lucht seanachuis go deó cúntas cruinn, soiléir, so- thuisgionta ar cathain agus canad a rugadh ár Slán- uightheóir. Níor bh'fhéidir choídhche aon dul amú' bheith sa sgéal. Bhí fios aimsire an reachta ag an saoghal mór agus a chúntas ins na leabhraibh, agus bhí an t-áireamh ins na leabhraibh le feisgint, agus ar an áireamh san bhí an dá ainim, Muire agus Ióseph, agus ní do Nasaret, a n-áit cómhnuighthe, a bhí an dá ainim sin curtha síos, ach do Bhetlehem, a gcathair dúchais, an áit a bhí ceapaithe do'n tSlánuightheóir chun teacht ar an saoghal. Ansan, fé mar a deir an Soisgéal, tháinig an t-am agus do rug an Mhaighdean a mac, a céad-ghein, agus d'fhill sí i n-éadaighibh é agus chuir sí 'n-a luighe i mainseur é, mar ní raibh aon tslígh dhóibh i n-aon cheann des na tighthibh ósda a bhí sa chathair. Is mór an t-adhbhar machtnaimh do Chríosdaidhthibh atá sa méid sin cainte, a phobul Dé. An Slánuightheóir a bhí geallta do'n chine daona ó thosach aimsire, an Fuasgalóir ar a raibh na fáidhe go léir ag déanamh tar- gaireachta ar feadh cheithre mhíle bliadhan, an Rígh go raibh a chómhacht agus a réim gan teóra le luighe go h-iomlán agus go fórleathan ar chómhachtaibh an tsaoghail seo agus an tsaoghail eile, é ag teacht ar an saoghal so gan gradam gan saidhbhreas, gan leabaidh n-a luighfeadh sé ann, gan díon os cionn a chinn! Sin mistéir, a phobul. Sin rún diamhar. Ní féidir dúinn é thuisgint go h-iomlán, ach is ceart dúinn machtnamh go dlúth air agus
an brígh atá leis do thuisgint chómh fada agus is féidir dúinn é. Déarfadh ciall agus tuisgint an tsaoghail seo, má theastuigh ó'n Slánuightheóir na daoine do chómhairliughadh agus iad do chur ar a leas, gur mhaith an rud dó teacht ar an saoghal i gcruth éigin 'n-a mbéadh uraim ag an saoghal dó, i gcruth éigin a bhéadh uasal, creideamhnach, onóireach. Ní mar sin a tháinig sé, ach díreach sa chruth is mó a gheibhean, i gcómhnuighe, ó'n saoghal so agus ó cháirdibh an tsaoghail seo, easonóir agus droch mheas agus tarcuisne. Ní'l aon rud is mó gheibhean droch mheas ó'n saoghal so 'ná dealbhas. Tháinig an Slánuightheóir go fíor dhealbh. I n-inead na h-uaisleachta do thogh sé an ísleacht. I n-inead pháláis an rígh do thogh sé pluais na caraige. I n-inead an chliabháin óir do thogh sé mainseur an asail. Cad é an múineadh a thugan san dúinne, a phobul? Múinean sé dhúinn nách fíor-uaisleacht i láthair Dé uaisleacht an tsaoghail seo. Gur uaisleacht bhréagach uaisleacht an tsaoghail seo. Gur saidhbhreas bréagach saidhbhreas an tsaoghail seo. Gur b' é an t-é a bhíon íseal ar an saoghal so an t-é is dóichíghde bheith uasal i láthair Dé, agus gur b' é an t-é a thugan a chroídhe agus a aigne ar fad do shaidhbhreas agus do chreideamhaint agus d'onóir an tsaoghail seo, is dóichíghde bheith suarach go maith i láthair Dé. Gan amhras d'fhéadfadh duine a dhá dhóithin de shaidh- bhreas agus de chreideamhaint agus d'onóir an tsaoghail seo a bheith aige gan díobháil anama dhó féin. Ach isé saghas duine é sin 'ná an fear ná leigfidh do'n tsaidhbhreas ná do'n chreideamhaint ná do'n onóir aon ghreim a bhreith ar chroídhe air; an fear a thuigfidh i n-a aigne, coitchianta, ná fuil ins na neithibh sin ach neithe a
thug Dia dhó ar iasacht go ceann tamaill bhig agus nách foláir sgaramhaint leó nuair a bheidh an tamall beag caithte. Déanfaidh an duine sin úsáid mhaith de'n tsaidhbhreas an fhaid is toil le Dia é fhágáilt 'n-a chúram air, agus má's toil le Dia é thógáilt uaidh ní bheidh sé ag briseadh a chroídhe 'n-a dhiaigh. Ní thiocfaidh an saidhbhreas idir é agus Dia an fhaid a bheidh sé ar an saoghal so, agus ní bheidh aon nídh le freagairt aige ann nuair a raghaidh sé i láthair Dé ar an saoghal eile. Ach ní h-é gach aoinne a dh'fhéadfadh saidhbhreas agus creideamhaint agus maitheasaí eile an tsaoghail seo do láimhseáil ar an gcuma san. Is amhlaidh mar atá an sgéal ag ár bhformhór, is neamhchontabhartaighe go mór dúinn bheith i n-éaghmuis an tsaidhbhris 'ná é bheith againn. Siné an rud ba thoil le n-ár Slánuightheóir a chur 'n-a luighe orainn nuair a thogh sé an ísleacht i n-inead na h-uaisleachta, an stábla i n-inead pháláis an rígh, mainseur an asail i n-inead an chliabháin óir. Ach mura raibh uaisleacht an tsaoghail seo 'n-a thímpal an uair sin bhí uaisleacht nár bh'í sin 'n-a thímpal. Tháinig mór-shluagh aingeal as na flathais ag tabhairt onóra dhó, mar gur bh'é Righ na bhflathas é. Ach cár thánadar? Ar thánadar go dtí rígh na tíre, nó ag triall ar uaislibh na tíre? Níor thánadar. Bhí aodhairí i gcómhgar na h-áite agus bhíodar ag faire na h-oídhche ag tabhairt aire d'á dtreudaibh, agus tháinig an t-aingeal agus sheasaimh sé i n-aice leo, agus do las solus Dé 'n-a dtímpal, agus, nídh nár bh'iongnadh, tháinig sgannradh ortha. Ansan dúbhairt an t-aingeal leo: "Ná bíodh eagla oraibh," ar seisean. "Do thánag le sgéala maithe chúghaibh. Tá an Slán- uightheóir tagaithe ar an saoghal chúghaibh, i gCathair Dáibhid, indiu, 'sé sin Críosd an Tighearna. Agus seo
cómhartha dhaoibh," ar seisean. "Gheobhaidh sibh an Leanbh agus é fillte i n-éadach 'n-a luighe i mainseur." Feuch isteach sa chaint sin, a Chríosdaidhe. Sgéala móra maithe. Slánuightheóir an domhain tagaithe ar an saoghal. É tagaithe sa n-áit 'n-ar gealladh É theacht, i gCathair Dáibhid, sa cathair 'n-a raibh fhios ag an uile dhuine de chlainn Isráeil go raibh sé le teacht. "Agus," ars an t-aingeal, "seo cómhartha dhaoibh"- Nár dhóich le h-aoinne go ndéarfadh sé, "Gheobhaidh sibh an Leanbh i bpálás ríogdha, 'n-a luighe i gcliabhán óir"? Ní dúbhairt, ach dúbhairt sé, "Gheobhaidh sibh an Leanbh n-a luighe i mainseur." Cómhartha, a phobul, ar Shlánuightheóir an domhain dob' eadh É bheith 'n-a luighe i mainseur asail! Dúbhairt an t-aingeal gur bh' eadh. Tuigimíd-ne an cómhartha anois. Táimíd ag éisteacht riamh leis. Ach cé fhéadfadh é thuisgint ná é chreideamhaint an uair sin mura mbéadh go ndúbhairt an t-aingeal é? Cómhartha, an uair sin, ar Shlán- uightheóir an domhain, ab eadh É bheith fíor-dhealbh ar an saoghal so. Dob' eadh, a Chríosdaidhthe, agus cómhartha cruinn iseadh riamh ó shin, agus anois, ar cháirdibh an tSlánuightheóra, iad a bheith dealbh, iad a bheith gan puinn de strus ná de shaidhbhreas an tsaoghail seo. Sin nídh agus ba cheart go gcuirfeadh sé sólás mór ar dhaoine bochta. Is iad daoine muinteartha an tSlánuightheóra iad. Má táid siad dealbh, bhí sé féin dealbh rómpa. Má tá ortha cruadhtan agus anródh dh'fhulang, d'fhuiling sé féin rómpa cruadhtan agus anródh a bhí ní ba chruadha. Má curtar le fuacht agus le fán iad, do cuireadh an Slánuightheóir le fuacht agus le fán chómh maith leó. Ní'l ortha na trioblóidí agus na pionóisí a dh'fhulang 'n-a n-aonar. Tá an duine muinteartha is fearr a bhí ag aoinne riamh, an
Slánuightheóir gléigeal, tá sé ag fulang gach trioblóide agus gach pionóis i n-aonfheacht leó. Is áluinn agus is uasal an cuideachtanas atá acu agus iad ag gabháil tré thrioblóidíbh an tsaoghail seo, agus ar neóin is áluinn agus is uasal an cuideachtanas atá i n-áirighthe dhóibh ar an saoghal eile, nuair a bheidh aoibhneas na bhflathas acu ar feadh na síoruidheachta i bhfochair an tSlán- uightheóra, agus i bhfochair na Maighdine Muire, agus i bhfochair gach fíoraoin eile a bhí dealbh ar an saoghal so agus atá anois saidhbhir go deó i bhflathas na ngrást. Go dtugaidh Dia dhúinn go léir caradas agus muin- tearthas agus cuideachtanas an tSlánuightheóra ar an saoghal so agus ar an saoghal eile. Amen, a Thighearna. VI. DOMHNACH NA NODLAG. Léightear an Soisgéal. (Lucás 2.) Innstear dúinn sa tSoisgéal san, a phobul, go raibh Ióseph agus Muire máthair Íosa ag déanamh iongnadh des na neithibh a dúbhradh 'n-a thaobh. B'fhéidir go bhfiafróchadh duine éigin cad 'n-a thaobh go rabhadar ag déanamh iongnadh d'aon nídh a déarfaí 'n-a thaobh? Ná raibh fhios acu gur bh' é Mac Dé é? Gan amhras bhí fhios acu go dian mhaith gur bh' é Mac Dé é, ach ar ndó, sin mar ba mhó ba cheart go ndéanfaidís iongnadh de gach nídh a déarfaí 'n-a thaobh. Is dócha go raibh daoine eile, i n-éaghmuis Ióseph agus Mhuire Mháthair, agus gur
airigheadar cuid des na neithibh a dúbhradh 'n-a thaobh, agus nár dheineadar aon iongnadh des na neithibh sin mar nár chreideadar iad. Níor chreideadar go raibh ann ach leanbh mar aon leanbh eile. Ní mar sin do Naomh Ióseph agus do'n Mhaighdin Mhuire. Bhí fhios acu gur bh' é Mac Dé é; bhí fhios acu gur leanbh iongantach é, gur tháinig sé ar an saoghal ar chuma nár tháinig aon leanbh eile riamh ar an saoghal, go raibh tréithe ann ná feacathas i n-aon leanbh eile riamh, go raibh cómhachta aige ná raibh ag aon leanbh eile riamh, gur leanbh iongantach é, ar gach aon tsaghas cuma, thar aon leanbh eile d'ár tháinig riamh ar an saoghal. D'á bhrígh sin bhíodar ag faire ar gach focal d'á labhradh sé agus ar gach focal d'á labharthí 'n-a thaobh, agus ag déanamh iongnadh dhíobh. Níor bh' fhéidir dóibh gan a bheith, ó bhí fhios acu gur bh' é Mac Dé é. Duine gan mheabhair a chuirfeadh ceist de'n tsórd úd. Bhí fear eile agus bean eile an uair sin agus chreideadar gur bh' é Mac Dé é. Simeón ab ainim do'n fhear agus Anna ab ainim do'n mhnaoi. Bhí Simeón aosda. Bhí saoghal fada tabhartha ag Dia dhó. Tuigtear, ó fhocalaibh an tSoisgéil, go raibh geallta ag Dia dhó ná tiocfadh an bás air go dtí go bhfeicfeadh sé an Slánuightheóir. Do tugadh an Leanbh chun an teampaill go ndéanfaí dlígh Mhaoise do chómhlíonadh 'n-a thaobh agus an tímpal-ghearradh chur air. Nuair a tugadh isteach sa teampall é do chonaic Simeón é agus d'aithin sé láithreach é. Bhí fhios aige gur bh' é sin an Slánuightheóir a bhí geallta do'n chine daona ó thusach, agus go raibh geallta dhó féin go bhfeicfeadh sé é sar a bhfaghadh sé bás. Chómh luath agus chonaic sé an Leanbh do rith sé chuige agus ghlac sé chuige i n'ucht é, agus dúbhairt sé leis an Maighdin Muire, mar atá thíos sa tSoisgéal,
"Feuch, tá an leanbh so ceapaithe chun díthe agus chun eiseirighthe d'á lán i n-Isráel, agus chun bheith 'n-a chómhartha a gheobhaidh diúltadh; agus raghaidh claidheamh tré t'anam-sa féin, ionus go nochtfaí smuínte as mórán croídhthe." 'Sé sin le rádh, adhbhar beatha síoruidhe ab eadh é, agus iseadh fós, an Slánuightheóir, do lucht creidimh, agus adhbhar báis síoruidhe ab eadh é, agus iseadh fós é, do lucht díth creidimh. Gan amhras, claidheamh tré chroídhe na Maighdine Muire ab eadh an radharc a chonaic sí ar an gcnoc an lá a chonaic sí a h-Aon-Mhac, Aon-Mhach Dé, ag dul chun báis ar chrann na croise. Ní'l aon Chríosdaidhe ná tuigean an méid sin go maith. Ach cad é an brígh atá leis an bhfocailín eile úd a leanan an méid sin, "ionus go nochtfaí smuínte a' mórán croídhthe"? Cad iad na smuínte a bhí le nochtadh? Cad iad na croídhthe as a rabhadar le nochtadh? Cad a bhí chun iad do nochtadh? Seo mar a thugaid saoithe na h-Eaglaise réidhteach ar na ceisteanaibh sin. Ó aimsir Mhaoise anuas bhí pobul Isráeil ag dul i mbréagaighe agus ag dul i n-olcas. Choimeádadar an dlígh maith go leór chómh fada agus a dh'fhéadfadh súil duine iad d'fheisgint. Istigh 'n-a gcroídhe, ámhthach, do sgaoileadar a srian féin le n-a ndroch mhiantaibh. D'áitigheadar ortha féin go raibh gach aon rud sa cheart acu an fhaid do chómhlíon- faidís dlígh Mhaoise do réir chruinnis focail na dlíghe, agus lasmuich dhe sin ná raibh bac ortha a rogha rud do dhéanamh. Chómhlíonadar an dlígh do réir an fhocail, ach níor chómhlíonadar i n-aon chor spioraid na dlíghe. Bhí gach aon rud d'a fheabhas le feisgint 'n-a ngníomhar- thaibh lasmuich, ach ní raibh aon rud istigh 'n-a gcroídhe
ach gach aon rud d'á olcas. Bhí fhios acu go raibh an Slánuightheóir geallta dhóibh, agus bhíodar deimhnightheach go raibh sé le teacht. Ach d'áitigheadar ortha féin gur bh' é cuma 'n-a dtiocfadh sé 'ná 'n-a rígh chómhachtach agus armáil mhór aige, agus go n-árdóchadh sé suas Clann Isráeil, agus go gcuirfeadh sé an saoghal so go léir fé n-a gcosaibh. Ach ní rabhadar go léir go h-olc. Bhí foth-dhuine ortha anso agus ansúd a bhí gan locht i láthair Dé, mar a bhí an seanóir úd Simeón naomhtha. Do ghlacadar san an Slánuightheóir láithreach, agus thugadar iad féin suas dó. Do dhiúltuigh an chuid eile dhó. Chonacadar go raibh sé ag déanamh mírbhultí ná féadfadh aoinne a dhéanamh gan cómhacht Dé bheith aige. Bhí fhios acu go raibh sé coitchianta 'ghá rádh gur bh' é féin an Slánuightheóir a bhí geallta, agus go raibh sé ag tabhairt na mírbhuiltí mar urúdhas ar fhírinne a chainte. Ach bhí fhios acu leis nách uabhar, ná buadh armála, ná gradam saoghalta, ná saidhbhreas, ná smacht ar náisiúnaibh eile, a bhí aige le tabhairt dóibh, ach úmhluigheacht agus pionós agus dealbhas agus fuacht agus fán agus ocras agus tart, agus pé maitheasaí a bhí aige á gheallamhaint, nách leis an saoghal so a bhaineadar, ach leis an saoghal eile. Níor oir san dóibh i n-aon chor. Ní raibh aon lorg acu ar úmhluigheacht ná ar phionós ná ar dhealbhas. Thaisbeánadar láithreach cad a bhí istigh 'n-a gcroídhe. Sin mar a "nochtadh smuínte a' mórán croídhthe." Siné an brígh a bhí leis an bhfocal a dúbhairt Simeón naomhtha. Choimeád na droch dhaoine a n-aigne gan nochtadh go dtí gur h-iaradh ortha iad féin d'úmhlughadh agus pionós a dh'fhulang. Dhiúltuigheadar dó san. Leis an ndiúltughadh san do thaisbeánadar an droch mhianach a bhí istigh ionta. "Do nochtadh smuínte a' mórán croídhthe."
Agus an bhean úd ar a dtráchtan an Soisgéal, Anna, inghean Phanúeil, naomh mhór ab eadh í sin leis. Bhí sí cheithre bliadhna agus cheithre fichid nuair a tugadh an Leanbh, Íosa, isteach sa teampall an uair úd, agus baintreach ab eadh í, agus istigh sa teampall a chaitheadh sí a h-aimsir go léir, ag déanamh úrnuighthe agus trosgaidh i n-onóir do Dhia. D'aithin sisi, leis, an Leanbh chómh luath agus do chonaic sí é, agus dúbhairt sí le gach aoinne gur bh' é an Slánuightheóir é. B'shin beirt fhínnithe a bhí ansan istigh sa teampall, le leamhnughadh Dé, chun an Leinbh a dh'aithint nuair a tabharfaí ann é, agus chun a dh'innsint os cómhair na ndaoine go léir gur bh'é an Slánuightheóir é; i dtreó nár fágadh aon leath-sgéal ag na Iúdaigh chun a rádh nár tugadh cómharthaí a ndóithin dóibh ar cé 'r bh' é. Agus anois, a phobul, conus a bhainean an obair seo go léir linne? Bainean sé linn ar an gcuma so. An rud a thuit amach dos na Iúdaigh an t-aon uair amháin úd, agus do "nochtadh na smuínte a' mórán croídhthe" acu, tá sé ag tuitim amach do Chríosdaidhthibh an domhain gach aon lá ó shin anuas. B'fhéidir ná fuil sé ag tuitim amach chómh h-olc ná chómh tiubaisteach agus thuit sé amach dos na Iúdaigh, ach tá sé ar siúbhal, ag déanamh a bheag nó a mhór de dhíobháil coitchianta, coitchianta. Ní'l ag aon Chríosdaidhe ach feuchaint isteach 'n-a chroídhe féin agus chífidh sé ar siúbhal istigh ann an chaismirt chéadna a bhí ar siúbhal i gcroídhe na n-Iúdach nuair a h-iaradh ortha iad féin d'úmhlughadh, agus a dtoil do smachtughadh, agus uabhar do shéanadh, agus druim Lámha thabhairt le baois an tsaoghail seo. Chuir na Iúdaigh cos i dtalamh láithreach agus do shéanadar an Slánuightheóir níos túisge 'ná shéanfaidís iad féin. Ní dheinean an Críosdaidhe chómh dubh san ar fad é,
b'fhéidir. Is amhlaidh a bhíon sé go minic i gcás 'dir dhá chómhairle. Ní maith leis an Slánuightheóir do shéanadh, agus sa n-am gcéadna tá an dúil thar bárr aige i saidhbhreas agus i gcompórd an tsaoghail seo. Ansan fíorthar 'n-a thaobh focal Shimeóin, "Nochtthar smuínte a' mórán croídhthe." Sa chaismirt dó, má dhruidean sé i dtreó an tSlánuightheóra chítear go bhfuil an smuíneamh fóghanta 'n-a chroídhe. Má bhíon gach aon iaracht aige 'á thabhairt chun druidim i dtreó an tsaoghail agus é féin do bhogadh amach ó bhóthar chruaidh chúmhang an chreidimh, nochtthar na smuínte airís. Chítear go soiléir ná fuil ach ainim an Chríosdaidhe air, gur ar an saoghal so atá a chroídhe greamuighthe. Cad is ceart do dhuine a dhéanamh nuair a mhothuighean sé caismirt de'n tsórd san ar siúbhal istigh 'n-a chroídhe féin, gnóthaí an tsaoghail seo, agus cúram an tsaoghail seo, agus dúil i saidhbhreas an tsaoghail seo, 'ghá tharang agus 'ghá mhealladh ar aimhleas a anama, agus an creideamh atá istigh 'n-a chroídhe 'ghá tharang chun Dé? Ní gádh dhómh-sa a dh'innsint daoibh-se, ná a dh'innsint d'aon Chríosdaidhe n-a bhfuil fios aitheanta a chreidimh aige mar atá agaibh-se, cad is ceart do'n duine sin a dhéanamh. Tá fhios agaibh féin go maith cad is ceart dó a dhéanamh. Gur ceart dó iompáil láithreach agus a chroídhe agus a aigne thabhairt suas do Dhia agus gan a thuille suime chur i ngnóthaíbh an tsaoghail, ach amháin seo, pé cúram saoghalta atá curtha air ag Dia, an cúram san do chómhlíonadh go macánta agus go dleaghthach do réir toile Dé. An Críosdaidhe a dhéanfaidh a ghnó ar an gcuma san tiocfaidh an bás air mar a thiocfaidh sé ar gach aoinne, ach ní gádh dhó, le congnamh an tSlánuightheóra, aon eagla bheith aige roimis an mbás, mar fíorfar 'n-a thaobh an
tarna cuid de chaint Shimeóin Naomhtha agus ní bheidh aon bhaint aige Leis an gcéad chuid. "Tá an Leanbh so ceapaithe," arsa Simeón, "chun díthe agus chun eiseirighthe d'á lán i n-Isráel." Bás síoruidhe iseadh an díth sin, agus aoibhneas síoruidhe ins na flathais iseadh an eiseirighe sin. Siné cuma 'n-a mbainean Soisgéal an lae indiu linne, a phobul, agus is chuige sin a chuirean an Eaglais an Soisgéal síos ansan i leabhar an Aifrinn dúinn, i dtreó go léighfí do'n phobul é agus go ndéanfadh an uile dhuine de'n phobul machtnamh go dlúth air, agus ansan go ndéanfadh na daoine beart d'á réir. Go séanfidís, le lán dúrthacht, aimhleas a n-anama agus go ndéanfaidís, leis an lán-dúrthacht céadna, leas a n-anama. Go dtugaidh Dia, d'á ghrástaibh, dúinn go léir, an chómhairle sin do ghlacadh ar an saoghal so, agus toradh na cómhairle sin a dh'fhághail ó'n Slánuightheóir ar an saoghal eile. Amen. VII. LÁ COILLE. Léightear an Soisgéal. (Lúcás 2.) A phobul Dé, Bhí Ábraham a' dul sa chéadmhadh bliadhain d'á aois agus bhí a bhean, Sarai, deich mbliadhna agus cheithre fichid. Nuair a bhíodar araon sa n-aois sin do labhair Dia le h-Ábhraham agus d'órduigh sé dhó tímpal- ghearradh do dhéanamh air féin agus ar gach duine firean
a bhí ar a theaghlach; agus san do bheith mar dhlígh agá shliocht go deó, 'sé sin go gcaithfí tímpal-ghearradh do dhéanamh ar gach leanbh firean a thiocfadh ar an saoghal ar shliocht Ábrahaim. Ansan do thug Dia le tuisgint dó go raibh margadh aige 'á dhéanamh leis féin agus le n-a shliocht, agus gur bh' é an tímpal-ghearradh cómhartha, nó séala, an mhargaidh sin. B' é nádúr an mhargaidh sin go gcaithfeadh sliocht Ábrahaim bheith gearrtha amach ó dhroch chleachtaibh an tsaoghail, ó-s na peacaí troma a bhí ag na Geintibh 'á dhéanamh, agus ansan gur ar an sliocht san a thiocfadh Slánuightheóir an domhain ar an saoghal. Dhein Ábraham láithreach an rud a dh'órduigh Dia dhó. Dhein sé an tímpal-ghearradh, an lá céadna, air féin agus ar gach duine firean a bhí ar a theaghlach. Do lean an dlígh sin as san anuas, agus nuair a tháinig ár Slánuightheóir, moladh go deó leis, b'é a thoil naomhtha dul fé'n ndlígh sin, díreach mar a bhí ceangailte ar gach duine firean de'n phobul Eabhra ó aimsir Ábrahaim anuas. Ní raibh, nídh nách iongnadh, aon ghádh ag an Slán- uightheóir leis an dtímpal-ghearradh, ach taisbéanaid na h-aithreacha naomhtha gur 'mó cúis a bhí aige le luighe fé'n ndlígh. Dhein sé é chun urama do thaisbeáint do'n dlígh. Dhein sé é chun a thaisbeáint dúinne nách foláir dúinn úmhlughadh do dhlígh Dé agus do dhlígh na h-Eaglaise. Dhein sé é i dtreó nár bh'fhéidir dos na Iúdaigh a chasadh i n-asachán leis 'n-a dhiaigh san, mar ba ghnáth leó a chasadh leis na Geinteachaibh, gur dhuine gan tímpal-ghearradh é. Níor bh'fhéidir, dar leó, tarcaisne ba mhó a thabhairt do dhuine 'ná a rádh gur dhuine gan tímpal-ghearradh é. Nuair a bhí na Iúdaigh ag diúltughadh do'n tSlánuightheóir 'n-a dhiaigh san, agus ag tabhairt an uile shórd masladh dhó, is tapaidh a
thabharfaidis an méid sin masladh dhó, leis, dá bhfágtí ar a gcumas é. 'Na dhiaigh san, nuair a bhí an Slánuightheóir tar éis dul suas ar neamh, ar deas-láimh Dé, d'eirigh pléidh idir na Iúdaigh a bhí tar éis an chreidimh a ghlacadh agus na Geinteacha a bhí ag glacadh an chreidimh. Na Iúdaigh 'ghá rádh gur cheart tímpal-ghearradh do dhéanamh ar na Geinteachaibh sin agus na Geinteacha ag cur 'n-a choinnibh. Chuaidh na h-Aspoil agus na h-easboig agus na seanóirí i gcómhairle agus do socaruigheadh ná raibh ceangailte ar na Geinteachaibh an tímpal-ghearradh do ghlacadh. As san amach do chuaidh an tímpal-ghearradh as taithighe. Ach feuch, a phobul. Tá tímpal-ghearradh agus tímpal-ghearradh ann, tímpal-ghearradh a bhain leis an gcolainn agus tímpal-ghearradh a bhainean leis an aigne. Sin é ball díreach 'n-ar dhein na Iúdaigh an dearmhad mór. Ní raibh aon bhrígh i n-aon chor leis an dtímpal-ghearradh a bhain leis an gcolainn ach sa mhéid 'n-ar chialluigh sé an tímpal-ghearradh a bhainean leis an aigne. Bhí na Iúdaigh ana aireach, ana chruinn, ana choinsiasach, dar leó, i dtaobh na dlíghe, agus ar aon tsaghas cleas ná résún ní lámhálfaidís faillíghe sa tímpal-ghearradh a bhain leis an gcolainn, ach i dtaobh na h-aigne, níor dheineadar aon tímpal-ghearradh ar an aigne. Níor dheineadar aon ghearradh amach ortha féin ó-s na peacaí. Ní h-eadh, ach do thugadar iad féin do gach aon tsaghas peacadh agus do gach aon tsaghas droch iompair níos léire agus níos fonnmhaire 'ná mar a dhein na Geinte féin. Do chómhlíonadar leitir na dlíghe ach do ghabhadar do chosaibh i mbrígh agus i spioraid na dlíghe. Rud gan tairbhe ab eadh an focal nuair a bhí an brígh agus an substaint imthighthe as. Ach tuigimís an méid seo, a phobul. Bíodh gur
leig na Iúdaigh uatha an brígh agus nár choimeádadar ach an focal, bíodh gur leigeadar uatha an substaint agus nár choimeádadar ach an colg, ní fhágan san gur chuaidh an brígh ná an substaint amú'. Tá sé chómh ceangailte anois agus bhí sé riamh, ar an nduine, ar an uile dhuine gur thug Dia ciall agus résún dó, gach fonn peacamhail do ghearradh amach ó n'aigne agus ó n-a chroídhe, agus iad do choimeád gearrtha amach. Ní'l ceangailte ar aoinne tímpal-ghearradh do dhéanamh ar a cholainn, ach tá ceangailte ar gach aoinne an tímpal-ghearradh eile úd a dheanamh air féin, 'sé sin tímpal-ghearradh na h-aigne. Chuige sin iseadh chuirean an Eaglais an Soisgéal so os cómhair Chríosdaidhthe an domhain indiu. Chuige sin iseadh is mian leis an Eaglais go dtabharfadh Críosdaidhthe an domhain onóir indiu do'n ghníomh a dhein an Slánuightheóir nuair a ghlac sé an tímpal-ghearradh ar a cholainn, agus go ndéanfaidís brígh agus éifeacht agus substaint do chur sa n-onóir sin le tímpal- ghearradh dáiríribh a dhéanamh ar a gcroídhe agus ar a n-aigne féin, 'ghá ngearradh féin amach, glan, ó dhroch smuíntibh agus ó dhroch ghníomharthaibh, agus ó dhroch chómhrádh; ó gach aon tsaghas ruda a chuirfeadh fearg ar Dhia. Cuirean an Eaglais os ár gcómhair, leis, an rud a dhein na h-aodhairí bochta nuair a labhair an t-aingeal leó. "Gheóbhaidh sibh," ars an t-aingeal, "an Leanbh agus é fillte i n-éadach,'n-a luighe i mainseur." Ní dúbhradar na h-aodhairí mar a déarfadh cuid againne, b'fhéidir, dá mbeimís 'n-a n-áit: "Cad é mar shaghas áite do Shlánuightheóir an domhain bheith 'n-a luighe i mainseur! Ní dheabhruighean an chaint sin go bhfuil ciall léi." Ní dúbhradar; ach dúbhradar láithreach: "Téanam go Betlehem go bhfeiceam an rud so do thárla agus gur
fhoillsigh an Tighearna dhúinn é." Chómh luath agus a tugadh an tuairisg dóibh d'éisteadar leis. Chómh luath agus do h-innseadh dóibh cá bhfaighidís an Slánuightheóir do ghluaiseadar chun na h-áite. Daoine bochta b'eadh iad. Ní raibh puinn de shaidhbhreas an tsaoghail seo chun teacht idir iad agus Dia. Dá mbéadh ní h-ag triall ortha thiocfadh an t-aingeal. Bhí a gcroídhe agus a n-aigne gearrtha amach ó shaidhbhreas an tsaoghail agus ó gach aimhleas anama do leanan saidhbhreas an tsaoghail. Do ghluaiseadar chómh luath agus do fuaradar an focal. Thánadar go Betlehem. Chonacadar an stábla, an phluais i gcliathán na caraige. Ba shuarach an radharc le feisgint é, agus ba chraidhsgalach, agus ba dhealbh. Níor iompuigheadar le seirbhthean ó'n radharc. Do chreideadar an focal a dúbhairt an t-aingeal leó. D'aithnigheadar an cómhartha a tugadh dóibh agus do ghlacadar é. D'úmhluigheadar iad féin do Shlánuightheóir an domhain agus d'adhradar é. Bhí fhios acu agus do chreideadar gur bh'é Mac Dé an Leanbh san, d'á laige agus d'á dhreóile a dh'fheuch sé an uair sin, agus d'á shuaraighe le rádh an córughadh a bhí air féin agus ar a raibh 'n-a thímpal. Ansan d'innseadar do'n Mhaighdin Mhuire agus do Naomh Ióseph an radharc a taisbeánadh dóibh féin, conus mar a tháinig na h-aingil agus cad dúbhradar, agus conus mar a bhí rómpa ansan i mBetlehem gach nídh díreach mar adúbhradh leó. Ansan, a phobul, tagan focal eile orainn sa tSoisgéal san, agus measaim ná fuil aon Chríosdaidhe a thabhar- faidh fé ndeara é ná curfar ag machtnamh. Seo mar adéir an Soisgéal: "Do choimeád Muire na neithe sin go léir agus í 'ghá mbreithniughadh 'n-a croídhe." Cad 'n-a thaobh gur cuireadh síos an chaint sin dúinn? Cad é an brígh atá leis an gcaint sin? Cad é an
breithniughadh a bhí ag an Maighdin Muire le déanamh ar na neithibh sin? Ná raibh fhios aici cheana cad é an brígh a bhí leis na neithibh go léir, agus cad ba ghádh dhi a thuille breithniughadh a dhéanamh ortha? Gan amhras do thuig an Mhaighdean Mhuire, go soiléir agus go solusmhar agus go cruinn, an gnó a bhí ag an Slánuightheóir le déanamh ar an saoghal. Do thuig sí an léir-sgrios a dhein peacadh an tsínsir ar an gcine daona. Do thuig sí an díolfiach uathbhásach nár bh'fholáir a dhéanamh, thar cheann na cine daona, mar gheall ar an bpeacadh san. Do thuig sí gur bh' é an Leanbh san a bhí ansúd sa mhainseur aici do dhéanfadh an díolfiach uathbhásach san thar cheann na cine daona. Chun san a chur i dtuisgint di ní raibh aon ghádh le caint na n-aodhairí, ná le h-aon tuairisg ar an radharc aingeal a taisbeánadh dóibh, ná ar na cómharthaí a tugadh dóibh. Do thuig sí féin an sgéal go léir níos fearr go mór 'ná mar a thuigeadar.san é tar éis an radhairc a tugadh dóibh. Cad é an gádh a bhí aici, mar sin, le bheith ag breithniughadh an sgéil? Breithnighimís féin an sgéal ar dtúis, a phobul, agus ansan b'fhéidir go dtuigfimís níos fearr é. Nách minic a thuitean amach dúinn féin, an rud is fearr a thuigimíd gur b' air is déine agus is géire a dheinimíd machtnamh? Do thuig an Mhaighdean Mhuire gach nídh d'ár thuit amach an oídhche sin, níos fearr go mór 'ná mar a thuig aon duine eile iad, an uair sin ná riamh ó shin. Siné díreach an chúis gur choimeád sí 'n-a croídhe iad agus gur dhein sí breithniughadh ortha nár fhéad aon duine eile beó a dhéanamh ortha, an oídhche sin 'ná riamh ó shin. Chuir Dia na glóire i n-aigne na Maighdine Muire, i dtaobh na h-oibre a bhí ag an Slánuightheóir le déanamh i bhfuasgailt na cine daona, solus agus
tuisgint nár cuireadh riamh a leithéid i n-aigne aon daonaidhe eile. Chonaic sí, i dtaobh an stábla, agus i dtaobh an anróidh, agus i dtaobh an radhairc a tais- beánadh dos na h-aodhairíbh, doimhneas bríghe ná feacaidh aon duine eile an uair sin, lasmuich de'n tSlánuightheóir, ach í féin. Siné cúis, a phobul, gur choimeád sí 'n-a croídhe iad agus go raibh sí 'ghá mbreithniughadh. Agus i dtreó go mbéadh fios an méid sin againne iseadh dh'innsean an Eaglais dúinn sa tSoisgéal san conus mar a choimeád sí 'n-a croídhe iad agus í ag breithniughadh ortha. Ach tá bun eile, mar an gcéadna, ag an Eaglais le h-é dh'innsint dúinn sa tSoisgéal. Is maith leis an Eaglais a chur ar ár súilibh dúinne gur ceart dúinn, chómh fada agus is féidir é, aithris a dhéanamh ar an Maighdin Muire sa bhreithniughadh. Choimeád sí na neithe sin go léir agus bhí sí 'ghá mbreithniughadh 'n-a croídhe. Is maith leis an Eaglais go ndéanfaimís-ne na neithe sin go léir do choimeád i n-ár n-aigne agus bheith 'ghá mbreithniughadh i n-ár gcroídhe. Ní h-aon iomad mór cainte atá sa tSoisgéal san, ach tá oiread adhbhair machtnaimh ann agus choimeádfadh duine ag breithniughadh ar feadh mórán aimsire agus gan deire bheith leis an mbreithniughadh. D'fhéadfadh duine cuimhneamh ar dtúis ar anacra agus ar fhuacht agus ar neamhchompórd na pluaise sin, ar laige an Leinbh agus ar dhealbhas a mhuintire, ar an gcruadhtan a bhí aige le fulang chómh luath agus tháinig sé ar an saoghal. Ansan d'fhéadfadh duine cuimhneamh ar cé 'r bh' é an Leanbh san; gur bh' é Mac Dé féin é; go raibh cómhacht Dé go h-iomlán aige; ná raibh ach neamhnídh i n-a raibh de chómhachtaibh saoghalta riamh ag ríghthibh agus ag ímpiríbh an domhain seachas cómhacht an LEINBH sin agus é 'n-a luighe sa mhainseur
san fillte sa n-éadach san. Ansan d'fhéadfadh duine a dh'fhiafraighe dhe féin cad é an brígh, nó cad é an bun, a bhí ag ár Slánuightheóir le teacht ar an saoghal so chómh dealbh, chomh suarach cóir, chómh gearrtha amach ó'n saidh- bhreas saoghalta so n-a mbíon oiread san dúil ag daoine ann. Cad é an brígh ná an bun fhéadfadh a bheith aige leis ach, ar dtúis, gur mian leis tosnughadh láithreach ar na pianta dh'fhulang chun sinne dh'fhuasgailt, agus ansan, gur mian leis a chur 'n-a luighe go daingean ar ár n-aigne gur saidhbhreas bréagach saidhbhreas an tsaoghail seo, gur cómhachta bréagacha cómhachta an tsaoghail seo, gur Críosdaidhe gan chiall an Críosdaidhe do leigfeadh do shaidhbhreas an tsaoghail seo ná do shólás an tsaoghail seo, ná do chómhacht ná do chreideamhaint an tsaoghail seo teacht idir é agus Dia. Chun go ndéanfaimís machtnamh de'n tsórd san, a Chríosdaidhthe, ar theacht ár Slánuightheóra ar an saoghal so, agus ar an gcuma 'n-ar tháinig sé, agus ar na neithe do thuit amach le linn é theacht, iseadh chuirean an Eaglais os ár gcómhair an Soisgéal san atá léighte agam daoibh. Mura ndeinimíd an machtnam san, do réir intinne na h- Eaglaise, is baoghal ná beidh toradh na h-oibre againn a dhein ár Slánuightheóir. Is bocht an sgéal é, a Chríosdaidhthe, má théighean obair ár Slanuightheóra n-aistear uainn. Gan amhras sin aon nídh amháin des na neithibh ar a raibh an Mhaighdean Mhuire ag cuimhneamh an chéad oídhche Nodlag úd. Bhí sí 'ghá chuimhneamh, tar éis an anacra agus na bpionós agus na bpianta go léir a bhí ag an Slánuightheóir le fulang, go mbéadh an fulang i n-aistear d'á lán daonie. Iaraimís indiu ar an Maighdin Muire a guidhe do chur chun a h-Aon-Mhic ar ár son, agus é chur go cómhachtach chuige, i dtreó ná béadh sé de mhí-ádh orainn an oidhreacht a cheannuigh sé
chómh daor dúinn do chailleamhaint tré n-ár neamhshuim féin. Go saoraidh Dia na glóire sinn ar a leithéid sin de mhí-fhortiún. Amen, a Tighearna. VIII. LÁ NODLAG BEAG. Léightear an Soisgéal. (Maitiú 2.) Níor bh'fhéidir, a phobul Dé, aon mhíniughadh dhéanamh ar chaint an tSoisgéil sin a dhéanfadh brígh na cainte níos soiléire, níos so-thuisgionta, 'ná mar atá sé cheana. Taisbeántar dúinn anso airís, fé mar a taisbeánadh dúinn i Soisgéal Lae Coille, conus mar a tugtar d'á chéile, i bpearsain an tSlánuightheóra, an uaisleacht is aoirde agus an ísleacht is ísle, uaisleacht na bhflathas agus ísleacht Bhetleheim, soillse na n-aingeal dos na h-aodhairíbh bochta agus doircheacht an stábla agus an mhainséir. Bhí triúr draoithe, triúr ríghthe a tugtar ortha, leis, bhíodar 'n-a gcómhnuíghe i n-áit éigin ana fhada soir ó thír Iúdéa. Bhíodar ana shaidhbhir agus taisbeánan an sgéal go léir gur dhaoine ana naomhtha iad. Do tais- beánadh an réiltín iongantach dóibh. Do foillsigheadh d'á n-aigne cad é an brígh a bhí leis an réiltín. Thuigeadar n-a n-aigne gur chialluigh an réiltín sin rígh uasal a bheith tagaithe ar an saoghal. Thuigeadar, mar do tugadh le tuisgint dóibh é, gur bh'é Rígh na cruinne an Rígh sin, gur bh'e Rígh na bhflathas é, gur bh'é Dia na glóire é i gcolainn duine, agus d'á bhrígh sin
go raibh ceangailte ortha féin dul chun na h-áite 'n-a raibh sé tagaithe ar an saoghal agus é dh'adhradh mar ba cheart Dia d'adhradh. Do tugadh le tuisgint dóibh, leis, gur chun eóluis a dhéanamh dóibh, agus chun na slíghe a thaisbeáint dóibh, a tháinig an réiltín iongantach chúcha. D'eirigheadar láithreach agus d'ollamhuigheadar iad féin chun bóthair, agus do ghluaiseadar fé dhéin an réiltín. Ní raibh an réiltín ró árd ó'n dtalamh. Nuair a ghluaiseadar fé n-a dhéin do ghluais sé rómpa agus do leanadar é. Bhí sé ag gluaiseacht rómpa agus iad 'ghá leanamhaint do dtí go dtánadar isteach i gcathair Ierúsaleim. Nuair a chuadar isteach sa chathair ní raibh an réiltín le feisgint acu a thuille. Thuigeadar as san go rabhadar tagaithe chun na h-áite 'n-a raibh an Rígh le fághail, agus ná raibh acu ach a thuairisg do chur ar mhuintir na catharach. Daoine uaisle ab eadh iad féin agus d'á bhrígh sin thugadar aghaidh ar an nduine dob' uaisle sa chathair, b'é sin an rígh Heród. Tabhair fé ndeara anois an cheist a chuireadar. "Cá bhfuil an Rígh seo na n-Iúdach," ar siad, "atá tagaithe ar an saoghal? Chonacamair a réiltín sa domhan tsoir agus thánamair chun é dh'adhradh." "An Rígh seo na n-Iúdach," ar siad. Taisbeánan san go raibh fhios acu gur ar phobul na n-Iúdach a bhí sé tagaithe agus gur bh'é an Slánuightheóir é a bhí geallta dhóibh ó thosach. Do thuig Heród an sgéal ar an gcuma gcéadna, mar, cad a dhein sé? Chuir sé fios láithreach ar uachtaránaibh na catharach, ar na sgoláiríbh dob' eólguisighe agus ba léigheanta a bhí ann, agus cad a dh'fhiafraigh sé dhíobh? D'fhiafraigh sé dhíobh cá raibh an Slánuightheóir le teacht ar an saoghal, agus cathain. Bhí fhios aige ná raibh nídh ar bith ba mhó agus ba dhéine a bhíodh d'á sgrúdadh coitchianta ag sgoláiríbh na n-Iúdach
'ná an dá cheist sin, cathain a thiocfadh Críosd agus canad. D'innseadar dó go raibh an t-am ann chun é theacht, do réir thargaireachtaí na bhfáidh, agus gur i mBetlehem a bhí sé le teacht. Ansan do tháinig an smuíneamh malluighthe i gcroídhe Heróid agus thug sé toil do'n smuíneamh. Do buaileadh isteach i n' aigne go raibh an Slánuightheóir tagaithe. Conus eile dh'fhéadfadh an triúr so teacht ó'n ndomhan tsoir ar a lorg agus solus mírbhuilteach 'ghá stiúrughadh? "Tá sé tagaithe gan amhras," ar seisean i n' aigne féin, "agus cuirfidh sé mise agus mo shliocht as an rígheacht má leigtear leis. Ach ní leigfear. Caithfead é chur as mo shlígh láithreach nó cuirfidh seisean mise as a shlígh." Ghlaoidh sé chuige an triúr uaisle. "Deir na targaireachtaí go léir," ar seisean, "gur i mBetlehem atá geallta é theacht ar an saoghal. Téighidh go dtí Betlehem agus deinidh é chuardach go maith, agus nuair a gheobhaidh sibh é tagaidh thar n-ais agus innsidh dómh-sa cá bhfuil sé, i dtreó go bhféadfad dul agus é dh'adhradh mar an gcéadna." An ropaire! An Leanbh do mharbhughadh iseadh theastuigh uaidh. Ach feuch, a Chríosdaidhthe. Taisbeánan an sgéal go léir nár fágadh aon leath-sgéal ag an bpobul Eabhra chun gan an Slánuightheóir do ghlacadh. Do tugadh dóibh gach aon deimhne ba ghádh dhóibh fhághail, gur bh' é an Leanbh san é. Do chreid Heród go daingean gur bh'é é. Mura mbéadh gur chreid cad é an t-eagla bhéadh aige roimis? Cad ba ghádh dhó bheith a d'iaraidh é chur chun báis mura mbéadh go raibh fhios aige cé'r bh' é? Is ceart dúinn an sgéal san do bhreithniughadh go cruinn, a Chríosdaidhthe. B'fhéidir gur dhóich linn ná h-oirean an chaint sin dúinn féin. Má bhreithnighimíd
i gceart í chífimíd go n-oirean. Cad é siúd a dhein Heród? Níor dhein sé, tar éis an tsaoghail, ach rud atá ag mórán de Chríosdaidhthibh an domhain 'á dhéanamh riamh ó shin. Dhein sé feall ar a bhreitheamhantas féin agus ar a choinsias féin. Do thaisbeáin a bhreitheamhantas dó go raibh an Slánuightheóir tagaithe. Dúbhairt a choinsias leis go raibh ceangailte air, i láthair Dé, dul agus úmhlughadh do'n tSlánuightheóir. Do bhréagnuigh sé a bhreitheamhantas agus do ghaibh sé do chosaibh n-a choinsias le h-eagla go gcaillfeadh sé rígheacht shaoghalta. Siné díreach an rud a dheinean an Críosdaidhe nuair a dheinean sé an peacadh. Innsean a bhreitheamhantas dó nách ceart dó an gníomh san a dhéanamh. Sgreadan a choinsias air, istigh 'n-a chroídhe, gan an gníomh san a dhéanamh mar gur peacadh é. Ach is maith leis droch mhian éigin do shásamh, nó saidhbhreas éigin saoghalta do choimeád. Chun an tsaidhbhris sin do choimeád, cuid a chómharsan b'fhéidir, nó chun an droch mhiana do shásamh, cuirean sé púicín ar a bhreitheamhantas díreach mar a dhein Heród. Tachtan sé an sgread a chuirean a choinsias as, díreach mar a thacht Heród é. Labhran grásta Dé leis, mar a labhran sé i gcómhnuighe leis an t-é a bhíon chun an pheacaidh dhéanamh, ach ní leigean sé air leis féin go n-airighean sé aon chogar ó ghrásta Dé. Deinean sé feall air féin, feall ar a bhreitheamhantas, feall ar a choinsias, díreach mar a dhein Heród. Coimeádan sé an greim diúid ar chuid a chómharsan. Deinean sé an peacadh. Tugan sé cead cinn do gach droch mhian, do'n tsaint, do chraos, do mheisge, do dhrúis, dos na peacaíbh go léir. Fé dheire bíon gach aon pheacadh 'n-a dhroch bhéas aige. Gheibhid na droch bhéasa an lámh uachtar ar fad ar an mbreitheamhantas agus ar an gcoinsias i n-aonfheacht. Bíon an breitheamhantas
dall agus bíon an coinsias 'n-a chodladh, nó b'fhéidir go mbíd siad araon marbh aige, curtha chun báis aige, díreach mar a mheas Heród an Slánuightheóir do chur chun báis. Geallaim dhuit, a Chríosdaidhe, nách gan chúis a chuirean an Eaglais os do chómhair anso indiu an obair sin a dhein an droch rígh sin Heród naoi gcéad déag bliadhan ó shin, thoir i gcathair Ierúsaleim. Feuch chúghat féin, d'á bhrígh sin. Bain an púicín de d' bhreitheamhantas. Leig do d' choinsias labhairt agus éist le n-a ghlór. Má tá grásta Dé ag cogarnaigh istigh ad' chroídhe,'ghá rádh leat an droch bhéas so, nó an droch bhéas úd, nó an droch bhéas eile úd, do bhriseadh agus do chaitheamh uait, éist leis an gcogar agus dein beart d'á réir gan ríghneas, le h-eagla go mb'fhéidir gur b'é an cogar deirineach é agus ná labharfaí leat airís, agus ansan go nglaodhfaí chun an chúntais tú agus gan an cúntas socair agat. Ach feuch airís, a phobul. Tá taobh eile, leis, ar an sgéal. Oirean caint an tSoisgéil dúinn ar chuma eile chómh maith agus a dh'oirean sí dhúinn ar an gcuma san atá ráidhte agam. Tugan caint an tSoisgéil, sa méid atá ráidhte agam i dtaobh Heróid, soluíd dúinn, soluíd le seachaint. Ach tá soluíd eile againn sa tSoisgéal, agus ní solúid le seachaint í ach soluíd le leanamhaint. Gan amhras, daoine go raibh gnó agus obair acu le déanamh thoir sa bhaile, agus mórán cúraim ortha, dob' eadh an triúr daoine uaisle úd a tháinig ó'n ndomhan tsoir, ach chómh luath agus chonacadar an réiltín iongantach úd d'fhágadar an gnó agus an cúram, an baile agus a raibh ann, 'n-a ndiaigh, agus do leanadar an solus. Do leanadar an solus mar bhí fhios acu gur bh'é solus an tSlánuightheóra é. Bhí fhios acu, bíodh gur bh'é Rígh na n-Iúdach an Slánuightheóir, go raibh oiread
coda acu féin dé agus bhí ag na Iúdaigh dé, mar gur bh' é Slánuightheóir an domhain é. Do Leanadar an solus láithreach. Ní h-amhlaidh a chromadar ar chásamh agus ar cheisneamh agus ar a rádh le n-a chéile, "Conus is féidir dúinn imtheacht ó n-ár dtír féin agus bóthar fada contabharthach a thabhairt orainn agus dul isteach i ndúthaigh iasachta, gan aithne againn ar aoinne ann, ná ag aoinne orain." Ní dúbhradar aon rud d'á shórd, bíodh gur bh'fhíor dóibh é d'á n-abraidís é. Pé con- tabhairt a bhí rómpa sa tslígh, pé anródh a bhí acu le fulang, pé faillígh a tabharfaí 'n-a ngnó féin sa bhaile, ba chuma leó é ach go bhfaighidís radharc ar an Slánuightheóir. Dúbhart gur baoghal go bhfuil Críosdaidhthe le fághail agus go bhfuil a n-intinn agus a n-aigne cosmhail go maith, ar shlígh, leis an intinn agus leis an aigne a bhí ag Heród. Is é mo bhreitheamhantas láidir, ámhthach, go bhfuil Críosdaidhthe le fághail, agus nách cuid bheag é, agus go bhfuil a mhalairt sin ar fad le rádh 'n-a dtaobh, daoine a dhéinean coitchianta, chómh luath agus ghlaodhan a gcoinsias ortha chun a dhéanta, an rud is ceart dóibh a dhéanamh i dtaobh Dé nó i dtaobh a gcómharsan. Tá daoine, cuir i gcás, agus chuirfidís aon tsaghas trioblóide ortha féin níos túisge 'ná mar a dh'fhanfaidís istigh ó'n Aifrean lá Domhnaigh nó lá saoire. Tá daoine ann agus ba dhóic leó go mbéadh náire shaoghalta fághalta go deó acu dá bhfeictí ar meisge iad. Tá daoine ann ná féadfadh an oídhche do chodladh ar aon tsuaimhneas dá mba dhóich leó go mbéadh cuid na cómharsan acu go h-aindleaghthach. Agus mar sin do gach aon tsaghas cuma 'n-a bhfuil ceangailte ar an nduine a choinsias do choimeád glan i láthair Dé, tá daoine, agus ní cuid bheag acu é, ná tuitean aon chodladh
choídhche ar an gcoinsias acu ach iad coitchianta ag faire, ag cuimhneamh ar Dhia, ag cuimhneamh ar an Slánuightheóir, ag chuimhneamh ar an síoruidheacht, ar neamhnídh an tsaoghail seo, ar bhréagaighe a mhaitheasa, ar shuaraighe a thairbhe, ar dhíth céille an duine do leigfeadh d'aon tsólás saoghalta teacht idir é agus sólás síoruidhe na bhflathas. Tá an dá shaghas Críosdaidhthe sin ann, a phobul. Tá Soisgéal an lae indiu ceapaithe ag an Eaglais do'n dá shaghas; do'n chéad shaghas, feuchaint an spriocfadh an Soisgéal iad agus an ndúiseóchadh sé as a gcodladh iad; do'n tarna saghas, chun misnigh a thabhairt dóibh agus chun spionadh do chur ionta, agus chun a chur n-a luighe go láidir ar a n-aigne go bhfuil lámh Dé agus grásta Dé ag cabhrughadh leó coitchianta, do ló agus d'oídhche, agus nách baoghal dóibh, ach leanamhaint go dílis ar an slígh atá acu, ná go seólfaidh grásta Dé iad isteach go rígheacht na bhflathas, díreach fé mar a sheól an solus mírbhuilteach úd na trí ríghthe chun na h-áite n-a raibh an Slánuightheóir ag feitheamh leó. Go seólaidh solus na ngrást sinn go léir, saor sábhálta, tré chontabhairt agus tré thrioblóidíbh agus tré chruadhtan an tsaoghail seo, suas go h-aoibhneas na bhflathas, mar a bhfuil Muire Mháthair agus Naomh Ióseph agus an Slánuightheóir gleigeal ag feitheamh linn anois. Amen, a Thighearna.
IX. Domhnach an epiphaní. Léightear an Soisgéal. (Lúcás 2.) A phobul Dé, is iongantach an teilgean atá i bhfocalaibh agus i gcaint an tSoisgéil. D'á fhaid agus d'á dhoimhne a dhéanfadh duine machtnamh ortha, agus d'á fhaid a bhéadh sé ag léiriughadh agus ag nochtadh a mhachtnaimh, ní bhéadh iomláine a mbríghe tabhartha leis aige. Is fearr, d'á bhrígh sin, greamughadh ar aon nídh amháin sa tSoisgéal, nó ar aon abairt amháin, nó ar aon fhocal amháin, agus taíghde air sin chómh fada agus is féidir é, 'ná bheith ag gluaiseacht tríd an Soisgéal go léir agus gan bheith ábalta ar dhul ró dhoimhinn i n-aon bhall ann. D'á bhrígh sin, a phobul, iarfad oraibh anois feuchaint isteach sa bhfocal san adúbhairt ár Slánuightheóir leis an Maighdin Muire agus le Naomh Ioseph nuair a fuaradar sa teampall é tar éis iad a bheith trí lá ar a lorg ar fuid na catharach agus ar an mbóthar chun Nasaret. "A mhic," arsa'n Mhaighdean, "cad é seo atá déanta agat orainn? Bhí t'athair agus mise go buartha ar do lorg." "Cad chuige go rabhabhair ar mo lorg?" ar seisean. "Ná raibh a fhios agaibh nách foláir mé bheith ins na neithibh a bhainean le m'Athair?" Breithnigh an méid sin cainte, a Chríosdaidhe, agus feuch isteach inti agus meághaigh í, agus d'á ghéire a dhéanfair feuchaint isteach inti agus í bhreithniughadh agus
í mheághchaint iseadh is mó a chífir doimhneas agus brígh agus bunús inti. "Cad chuige go rabhabhair ar mo lorg?" ar seisean. Ná déarfadh duine gur chruaidh an cheist í sin? Cad n-a thaobh ná beidís ar a lorg? Bhí sé acu ar feadh dhá bhliadhain déag. Ba mhó acu é 'ná an saoghal eile go léir. Neamhnídh ab eadh an saoghal go léir gan é. An fhaid a bhí sé acu bhí sólás agus saidhbhreas an tsaoghail seo agus an tsaoghail eile acu. Nuair a fuaradar ná raibh sé acu do mhothuigheadar 'n-a gcroídhe agus 'n-a n-aigne go raibh sólás agus saidhbhreas an tsaoghail seo agus an tsaoghail eile i n-easnamh ortha. An raibh aon nídh eile ar a bhféadfaidís cuimhneamh ach dul ar a lorg? Agus an raibh aon bhreith acu ar gan bheith go buartha agus go brónach an fhaid a bhíodar ar a lorg agus gan iad 'á fhághail? Bhí na mílte daoine an uair sin ag dul abhaile chun a dtíortha féin, soir, siar, ó dheas, ó thuaidh, ó chathair Ierusaleim. Ní raibh ar na míltibh sin go léir beirt eile chómh naomhtha, chómh taithneamhach i láthair Dé, leis an mbeirt sin, Naomh Ióseph agus an Mhaighdean Mhuire. Agus feuch. Ní raibh ar na míltibh sin go léir beirt eile, is cuma liom cad a bhí le fulang acu, gur cuireadh a leithéid de phionós ortha agus do cuireadh, i gcaitheamh na dtrí lá san, ar an Maighdin Muire agus ar Naomh Ióseph. Agus rud eile. Do thuig an Slánuightheóir, moladh go deó leis, an t-É go rabhadar ar a lorg, do thuig sé méid na buartha a bhí ortha agus géire an phionóis a bhí acu d'á fhulang, níos fearr go mór 'ná mar a thuigeadar féin é. Agus rud eile fós. Do ghoill an bhuairt sin agus an pionós san ar a Chroídhe Naomhtha féin níos troime 'ná mar a ghoilleadar ortha-san. Bhí fhios aige go rabhadar ar a lorg chómh maith agus bhí fhios acu féin é. Chonaic sé
a mbuairt agus a mbrón agus a ndólás, agus do chuir san buairt agus brón agus dólás ar a chroídhe féin' ach' tríd agus tríd, do lean sé ar an obair a bhi ar siúbhal aige, ag ceistiughadh na n-ollamh agus ag freagairt a gceisteana dhóibh. Taisbeánan san dúinn, a phobul, gur mhó go mór le rádh, i láthair Dé, an obair a bhí ag an Slánuightheóir d'á dhéanamh an uair sin sa teampall, ameasg na n-ollamh, 'ná aon rud a bhain le dólás ná le sólás, le buairt ná le h-áthas, le pionós ná le h-aoibhneas. Bhí gnó á dhéanamh sa cheistiúchán san agus gnó ana mhór ab eadh é. Bhí an t-am tagaithe ar na lúdaigh 'n-a raibh ortha leas nó aimhleas a dhéanamh dóibh féin i gcóir na síoruidheachta. Bhí an Slánuightheóir geallta dhóibh ó aimsir Ábrahaim. Bhí na fáidhe go léir tar éis a léiriughadh go cruinn ins na leabhraibh beannuighthe conus a thiocfadh sé, agus cathain, agus cad é an áit. Ach bhí na Iúdaigh féin tar éis a lán de bhrígh na dtar- gaireachtaí do chur amú' ortha féin. Bhí an Slánuightheóir, agus gan é ach dhá bhliadhain déag, istigh sa teampall ameasg na n-ollamh, ag ceistiúchán ortha agus ag freagairt ceisteana dhóibh, a d'iaraidh a chur fheuchaint ortha an brígh bréagach a bhí acu d'á bhaint as an sgriptiúir do chur uatha agus an brígh dílis do ghlacadh. Dá ndeinidís an nídh sin, iad féin d'úmhlughadh agus brígh dílis na dtargaireachtaí do ghlacadh, do thuigfidís an fhírinne; d'aithneóchaidís an Slánuightheóir, agus é ansud ag caint leó; d'admhóchaidís é agus do ghlac- faidís é, agus do raghaidís saor ó'n léirsgrios uathbhásach a tháinig ortha 'n-a dhiaigh san mar gheall ar an uabhar agus ar an stuacacht agus ar an mí-résúntacht a bhí daingean istigh 'n-a gcroídhe, agus ná leigfeadh dóibh iad féin d'úmhlughadh ná a leas a dhéanamh. Ní féidir
d'aoinne a mheas ná a thuisgint cad iad na grásta a thug an Slánuightheóir dóibh an uair sin nuair a bhí sé ag míniughadh na dtargaireachtaí dhóibh. Ach do chuireadar cos i dtalamh i gcoinnibh gach grásta. Do dhúnadar a súile i gcoinnibh gach soluis. Do dhúnadar a n-aigne i gcoinnibh gach cómhairle leasa. Bhí an Slánuightheóir ag déanamh gnótha a Athar, mar a dúbhairt sé féin. Ar son na n-Iúdach a bhí an gnó aige 'á dhéanamh. Ach ba ghnó i n-aistear é. Bhí an croídhe ró chalcaithe ag na Iúdaigh. Bhí an aigne ró stuacach acu. Do theip ar ghrásta an tSlánuightheóra, d'á mhéid a tugadh dóibh Dé, iad a bhogadh ná iad a dh'iompáil ar leas a n-anama. Ansan do tháinig Muire Mháthair agus Naomh Ioseph agus dúbhairt an Mhaighdean an focal; "A Mhic, cad é seo atá déanta agat orainn? Bhí t'athair agus mise go buartha ar do lorg." Agus dúbhairt an Slánuigh- theóir: "Cad chuige go rabhabhair ar mo lorg? Ná raibh fhios agaibh nár bh'fholáir dom bheith i ngnó m'Athar?" Agus deir an Soisgéal: "Níor thuigeadar an focal san." Gan amhras do thuigeadar gur bh'é Mac Dé é, gur bh'é Slánuightheóir an domhain é. Ach níor thuigeadar-san ná níor thuig aon duine eile, i gceart, an uair sin ná riamh ó shin, agus ní lúgha 'ná thuigimíd-ne anois, cad é an gnó fé leith a bhí ag an Slánuightheóir 'á dhéanamh do'n Athair Síoruidhe sa teampall an lá san, nuair a bhí an t-aighneas úd ar siúbhal idir é agus na fir léigheanta úd. Ní féidir dúinn, agus ár ndícheal a dhéanamh, ach tuairim a thabhairt féi. Is féidir dúinn, ámhthach, an méid seo do thuisgint go h-áluinn. Má bhí i n-obair an lae sin, agus sa chaint a dúbhairt ár Slánuightheóir le n-a Mháthair Naomhtha, rún diamhar nár fhéad sisi ná
Naomh Ioseph a thuisgint, is deacair a rádh go mbéadh aon bhreith againne ar é thuisgint. "Níor thuigeadar an chaint a dúbhairt sé leó." Bhí san fíor an uair a dúbhairt an Slánuightheóir an chaint. Ní'l aon lá ó shin ná fuil rud éigin d'á shórd ag tuitim amach do chuid des na Críosdaidhthibh. Fé mar a tháinig buairt an lae úd ar Mhuire Mháthair agus ar Naomh Ióseph, tagan coitchianta, ó Láimh Dé, buairt agus trioblóid ar Chríosdaidhthibh fóghanta, agus is minic gur bh'ar na Críosdaidhthibh is fearr a thagaid na triob- lóidí is troime. Is minic go dtagaid na triob- lóidí chómh trom san, chómh h-iomarcach san, chómh marbhuigh- theach san, go mbíon iongnadh ar an gCríosdaidhe n-a dtagaid siad air, agus nách féidir leis gan a rádh, i n' aigne féin, i láthair Dé: "Cad a dheineas riamh ar Dhia na glóire agus a rádh go gcuirfeadh sé a leithéid seo de phionós orm!" Gan amhras tá daoine neamhfhoidhneacha le fághail a déarfadh caint de'n tsórd san agus gan puinn cúise acu leis. Ach tá Críosdaidhthe a gheibhean cúis a ndóithin chuige uaireanta. Daoine d'fhuilingeóchadh, gan labhairt, na pianta is géire, na trioblóidí is cruadha, an bhuairt is troime. Glacaid siad gach trioblóid, fé mar a thagan sé, ó láimh Dé, agus ní bhíon d'fhocal acu choídhche ach, "Toil Dé go ndeintear!" Ach fé dheire tagan rud éigin crosta ortha agus bainean sé a leithéid d'fhásgadh as an gcroídhe acu nách féidir leó é dh'fhulang ná é sheasamh i n-aon chor, agus ná féadaid siad gan labhairt agus a rádh: "Ó, cad a dheineas riamh ar an Slánuightheóir gléigeal go gcuirfeadh sé an mí-ádh so orm!" Ba mhaith an rud do Chríosdaidhe de'n tsórd san cuimneamh ar an bhfocal a dúbhairt an Mhaighdean nuair
a fuair sí a h-Aon-Mhac sa teampall tar éis na dtrí lá chaitheamh ar a lorg, agus ansan a fhiafraighe dhe féin: "An bhfuil do chúis ghearáin níos troime 'ná an chúis ghearáin a bhí ag an Maighdin an uair úd?" B'fhéidir gur dhóich leat féin go bhfuil, ach deirim-se leat ná fuil. Cuimhnigh ansan ar an bhfocal a dúbhairt an Slánuightheóir léi féin agus le Naomh Ióseph: "Cad 'n-a thaobh go rabhabhair ar mo lorg? Ná raibh fhios agaibh gur i ngnó m'Athar ba cheart dom a bheith?" Oirean an focal san go cruinn, a Chríosdaidhthe, dúinne féin ins gach aon tsaghas trioblóide is tóil leis an Slánuightheóir a thabhairt dúinn le fulang. Má 's é toil an tSlánuightheóra umárd a chur ar do shláinte, an t-umárd san do chur ar do shláinte-se seachas ar shláinte aon duine eile ar t'aithne, díreach an uair is agat-sa is mó atá gádh le sláinte seachas aon duine ar t'aithne, cuimhnigh gur leat-sa adeir sé an focal úd: "Ná fuil fhios agat gur b' é gnó an Athar Síoruidhe atá agam 'á dhéanamh?" Má 's máthair clainne thú agus an chlann óg, agus go ndéarfaidh an Slánuightheóir leat nách foláir athair na clainne sin do thógaint uait agus baintreach a dhéanamh díot, ná h-abair i láthair Dé, "Cad a dheineas riamh ar an Slánuightheóir go ndéanfadh sé a leithéid orm!" Ach cuimhnigh go ndeir sé leat mar a dúbhairt sé le n-a Mháthair Naomhtha féin: "Ná fuil fhios agat gur b' é gnó m'Athar Síoruidhe atá agam 'á dhéanamh?" Ní thuigean tusa an gnó san anois, ach tuigfir ar ball é. Pé 'cu thuigfir choídhche ar an saoghal so é, nó ná tuigfir, tuig an méid seo, agus coimeád ad aigne é coitchianta, agus ná dein dearmhad go deó dhe. Nuair a bhíd na daoine ag cur síl sa n-earrach is ar an bhfóghmhar
a bhíd siad ag cuimhneamh. Mura mbéadh an tsúil a bheith leis an bhfóghmhar cé chuirfeadh síol sa n-earrach? Ag an gCríosdaidhe isé an saoghal so an t-earrach agus isé an saoghal eile an fóghmhar. Tá cruadhtan agus trioblóid agus anródh an earraigh againn le fulang ar an saoghal so, agus ní foláir dúinn sgaramhaint le n-a lán neithe, díreach mar a chaithid daoine sgaramhaint leis an síol a curtar sa talamh sa n-earrach. Ach siné an sgaramhaint a dheinean an fóghmhar a bheith torthamhail ar ball. Ar an gcuma gcéadna, nuair a chuirean an Slánuightheóir fheuchaint orainn sgaramhaint ar an saoghal so le neithibh gur fonn báis linn sgaramhaint leó, is amhlaidh a chuirean sé fheuchaint orainn an síol do chur sa talamh i dtreó go mbéadh fóghmhar na bhflathas againn ar ball go saidhbhir agus go rathmhar. Is amhlaidh atá gnó an Athar Síoruidhe aige 'á dhéanamh, mar is chun "séin síoruidhe shealbhughadh 'n-a dhiaigh so ar neamh" do chruthuigh Dia sinn agus do chuir sé ar an saoghal so sinn. D'á bhrígh sin, a Chríosdaidhthe, nuair a bheidh an saoghal so ag gabháil 'n-ár gcoinnibh, trioblóidí an tsaoghail ag brúth orainn, ag teacht chúghainn ar shálaibh a chéile 'ár gcrádh agus 'ár gcéasadh agus 'ár gciapadh, ag baint ár meabhrach asainn, go dtí gur bh' fhonn linn a rádh linn féin, nách mór, go bhfuil an Slánuightheóir ró chruaidh orainn, cuimhmghmís ar an bhfocal a dúbhairt an Slán- uightheóir leis an Maighdin Muire agus le Naomh Ióseph, gur b' é gnó an Athar Síoruidhe atá aige 'á dhéanamh agus gur ar mhaithe linn atá sé ag déanamh an ghnótha san, mar gur mó go mór a bhainimíd-ne leis an saoghal eile 'ná leis an saoghal so. Ansan d'fhéadfaimís iompáil ar an Maighdin Muire féin agus ar Naomh Ióseph, agus a iaraidh ortha, as ucht
an dóláis agus an uaignis a dh'fhuilingeadar i gcaitheamh na dtrí lá úd nuair a bhí an Slánuightheóir i n-easnamh ortha, a nguidhe do chur chuige anois go dúrthachtach 'á iaraidh air a ghrásta thabhairt dúinn go líonmhar agus go cómhachtach, i dtreó go bhfuilingeóchaimís trioblóidí na beatha so le foidhne, agus ansan go bhfaighimís toradh gnótha an tSlánuightheóra, aoibhneas na bhflathas ar feadh na síoruidheachta. Amen. X. AN t-OCHTMHADH LÁ DE'N EPIPHANÍ. Léightear an Soisgéal. (Eóin I.) Ag labhairt ar an Soisgéal so dhó, a phobul, deir Naomh Aguistín mar seo:- "Sar a dtáinig an Tighearna chun go ndéanfadh Eóin é bhaisteadh sa lórdan, d'aithin Eóin é agus dúbhairt sé leis: Tusa ag teacht chúgham-sa chun go mbaistfinn thu! Is duit-se is ceart mise bhaisteadh. Ach feuch, d'aithin sé an Tighearna mar d'aithin sé Mac Dé. Sar a dtáinig an Slánuightheóir chun na h-abhann bhí a lán daoine ag teacht ag triall ar Eóin chun go mbaistfí iad, agus dúbhairt Eóin leo: - "'Táim-se ag bhúr mbaisteadh i n-uisge; ach an t-é atá ag teacht am' dhiaigh is mó é 'ná mise. Ní fiú mé go ndéanfainn iall a bhróige do sgaoileadh dhó. Baistfidh sé sin sibh sa Spioraid Naomh agus i dteine." Bhí fios an méid sin aige. Má's eadh, cad chuige go ndúbhairt sé nár aithin sé é?"
Tugan Naomh Aguistín freagra ar a cheist féin. Deir sé gur aithin Eóin an Slánuightheóir, mar go ndubhairt sé, nuair a chonaic sé ag teacht é: "Feuch Uan Dé, a thógan peacaí an domhain!" agus nuair a dúbhairt sé: "Is duit-se is ceart mise bhaisteadh!" Ach nuair a bhí baisteadh an tSlánuightheóra déanta aige, agus a chonaic sé an Spioraid Naomh ag túirliocan air i bhfuirm colúir agus ag fanamhaint air, agus nuair a dh'airigh sé an guth as na flathais: "Sidé mo Mhac Dílis ar a bhfuil mo ghreann," gur tugadh dó eólus i dtaobh an tSlánuightheóra agus i dtaobh sácraimínt an bhaistí, ná raibh aige roimis sin, agus d'á bhrígh sin gur bh' fhíor dó an focal a dúbhairt sé. Bhí aithne aige air nuair a chonaic sé ag teacht é, ach níor bh' aithne i n-aon chor an aithne sin seachas an aithne a tugadh dó 'n-a dhiaigh san air, agus ar an gcuma 'n-a raibh sácraimínt an bhaistí aige 'á chur ar bun. An baisteadh a bhí ag Eóin 'á dhéanamh níor bh' é sácraimínt an bhaistí i n-aon chor é. Níor dhein sé ach daoine do spriocadh chun aithrighe. Ní raibh ann, mar a dúbhairt Eóin féin, ach baisteadh le h-uisge. Ach an baisteadh a bhí ag an Slánuightheóir le déanamh, agus le cur ar bun sa n- Eaglais do'n chine daona go léir, ó'n uair sin go dtí deire an tsaoghail, baisteadh le teine ab eadh é, agus leis an Spioraid Naomh. Bhí feabhas agus tairbhe an bhaiste a bhí ag Eóin 'á dhéanamh, bhí sé gan amhras do réir fheabhasa an duine a bhéadh ag déanamh na h-aithrighe. Ní mar sin do'n bhaisteadh a chuir ár Slánuightheóir ar bun, ní'l sé ag brath ar fheabhas ná ar olcas aon duine. An baisteadh a dheinean an fear nó an bhean tuatha, i n-am riachtanais, má deintear sa cheart é, tá sé chómh h-iomlán, chómh beacht, chómh maith de bhaisteadh agus dá mb'é an Pápa dhéanfadh
é. An baisteadh a dhéanfadh duine bhéadh ar staid an pheacaidh, ach go ndéanfadh sé sa cheart é, tá sé chómh maith díreach agus dá mb' é an naomh is mó sa n-Eaglais a dhéanfadh é. Isé cúis n-a bhfuil san mar sin, mar, pé duine a bhaistean, isé Críosd féin a dheinean an baisteadh. Pé duine a bhaistean, is tré neart Pháise ár Slánuightheóra a tógtar d'anam an duine peacadh an tsínsir agus pé peacaí eile a bhíon air. Is tré neart Pháise ár Slánuightheóra a gheibhid na daoine, nuair a baistthear iad, an grásta naomhuighthe a dheinean Críos- daidhthe agus clann Dé dhíobh. Is tré neart Pháise ár Slánuightheóra a gheibhid siad thar n-ais an teidiol chun na bhflathas a chailleadar tríd an bpeacadh a dhein ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair. Níor fhág an Slánuightheóir an gnó san ag brath ar fheabhas ná ar olcas aon duine a dhéanfadh an baisteadh. Deintear an gnó go h-iomlán pé saghas an duine a dheinean é, ach gur duine saoghalta é agus go ndéanfaidh sé sa cheart é agus do réir intinne na h- Eaglaise. Siní, a phobul, an fhírinne is toil leis an Eaglais a chur os ár gcómhair i Soisgéal an lae seo. Tá fiadhnaise Naoimh Eóin Baiste féin againn leis an bhfírinne sin. Deir sé, i bhfocalaibh an tSoisgéil, '"An t-é a chuir mise chun baiste dhéanamh i n-uisge dúbhairt sé liom: "An t-É n-a bhfeicfir an Spioraid Naomh ag túirling air agus ag fanamhaint air, siné an t-É a dhéanfaidh an baisteadh sa Spioraid Naomh.' Agus do chonac-sa san, agus tá fiadhnaise agam 'á thabhairt gur b' é seo Mac Dé." Cuirean an Eaglais an fhírinne sin os ár gcómhair, a phobul, agus cuirean sí os ár gcómhair deimhne ar an bhfírinne, ó bhéal Naoimh Eóin Baiste féin. Cad is ceart dúinne dhéanamh? An bhfuil aon nídh againn le déanamh ach éisteacht leis an bhfírinne agus a dh'admháil
gur fírinne í, agus í fhágáilt ansan? Ar cuireadh Eóin Baiste amach sa bhfásach chun na ndaoine spriocadh chun aithrighe, chun na slíghe d'ollamhughadh do theacht an tSlánuightheóra, chun fiadhnaise dhéanamh ar theacht an tSlánuightheóra agus ar an mbaisteadh a dhéanfadh sé sa Spioraid Naomh, ar deineadh an obair sin go léir gan aon ghnó eile ach i dtreó go ndéanfaimís-ne an fhírinne dh'admháil agus í fhágáilt ansan? Níor deineadh, go deimhin. Do deineadh an gnó go léir i dtreó go ndéanfaimís-ne an fhírinne dh'admháil agus ansan go ndéanfaimís beart do réir na fírinne. Mura ndeinimíd-ne beart do réir na fírinne, obair n-aistear ab eadh an obair go léir dúinne. Do fuaramair, gan amhras, sácraimínt an bhaistí, an baisteadh chuir ár Slánuightheóir ar bun, baisteadh sa Spioraid Naomh, fuaramair é nuair a thánamair ar an saoghal. Bhí an Eaglais ollamh dúinn nuair a thánamair agus thug sí dhúinn an baisteadh sin. Dhein sí Críos- daidhthe agus clann Dé dhínn. Ghlan sí sinn ó pheacadh an tsínsir. Thug sí dhúinn tar n-ais an teidiol chun na bhflathas, an teidiol a chaill ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair orainn. Dhein an Eaglais an méid sin go léir dúinn, ach cad é an tairbhe dhúinne é? Chómh luath agus thánamair i mbliadhantaibh na tuisgiona do loiteamair féin an obair go léir airís. Níor fhéad- amair peacadh an tsínsir a thabhairt thar n-ais ar ár n-anam, ach, murar fhéadamair d'fhéadamair peacaí gnímh a chur i n' inead, go tiugh agus go trom agus go leunmhar; agus do dheineamair é sin. Do leighiseadh dúinn an t-olc a bhí déanta orainn ag ár gcéad athair agus ag ár gcéad mháthair. Ba bheag an tairbhe dhúinn an leigheas san. Do loiteamair féin airís é. Cuirean an Eaglais indiu os ár gcómhair, sa tSoisgéal san
a léigheas daoibh, an obair uathbhásach, mhírbhuilteach, ab éigean a dhéanamh chun an leighis sin do dhul i sochar dúinn. Tugan an Soisgéal dúinn Eóin Baiste féin mar fhínné ar fhírinne na h-oibre sin. Ach cad é an tairbhe dhúinne an obair, pé fírinne atá inti, agus cad é an tairbhe dhúinn an leigheas, pé cómhacht a dh'imir sé ar dtúis orainn, má táimíd ar staid an pheacaidh anois? Má táimíd anois ar staid an pheacaidh, agus má fhanaimíd ar staid an pheacaidh, cad é an tairbhe dhúinne an obair go léir? Má táimíd ar staid an pheacaidh, agus má fhanaimíd ar staid an pheacaidh, is cuma dhúinne an tsaoghal cad a dheinean baisteadh le h-uisge, ná baisteadh le teine, ná baisteadh leis an Spioraid Naomh, ná aon nídh eile a bhainean le h-Eaglais ná le creideamh ná le sácraimíntíbh. Ní'l aon phioc d'á sochar againn. Ní'l aon phioc d'á dtairbhe againn. Táimíd chómh gearrtha amach ó obair an tSlánuightheóra, moladh go deó leis, agus dá mba ná tiocfadh sé riamh. Tá dóirse na bhflathas chómh dúnta i n-ár gcoinnibh agus bheidís dá mbéadh an Slánuightheóir gan teacht i n-aon chor fós. An duine go bhfuil droch bhéas peacamhail aige, béas éigin drúiseamhail cuir i gcás, agus go bhfuil a leithéid sin de ghreim ag an ndroch bhéas san air go leanan sé ag déanamh an pheacaidh chómh minic díreach agus is mian leis an áirseóir, Fíoghar na Croise 'dir sinn a's é! an droch smuíneamh a chur 'n-a chroídhe, tá an duine sin ar staid an pheacaidh mhairbh i gcómhnuighe. Tá sé gearrtha amach coitchianta ó charadas Dé. Tá sé 'n-a namhaid ag Dia na glóire, mar ní maith leis an droch bhéas do chaitheamh uaidh, agus is namhaid do Dhia an droch bhéas. Mar sin do gach droch bhéas eile chómh maith. An fear a bhíon coitchianta sáidhte i dtigh an óil agus nách túisge bhíon aon mheisge amháin 'á chur Dé aige ná mar a bhíon
meisge eile aige 'á chur suas, tá an fear san ag caitheamh a shaoghail ar staid an pheacaidh mhairbh. Ní h-eadh, ach ní fios an 'mó peacadh marbh atá air. Thug Dia ciall daona dhó. Tá an tabharthas san aige d'á lot coit- chianta. Chuir Dia, b'fhéidir, cúram tíghe agus clainne air. Tá corp faillíghthe aige 'á thabhairt sa chúram san. Tá cúram an tíghe ag imtheacht i n-aimhréidh toisg gan aoinne bheith ag feuchaint 'n-a dhiaigh. Tá an chlann ag imtheacht ar a dtoil féin, ag imtheacht fiadhain, gan smacht gan chómhairle gan stiúrughadh, ag foghluim na ndroch bhéas do lean a n-athair rómpa. Imtheóchaid siad ar ball, agus ní fada go dtí é, ó dhlighthibh Dé agus na h-Eaglaise. Beid siad chómh gearrtha amach ó shochar oibre an tSlánuightheóra agus atá an meisgeóir athar atá acu, agus beidh an t-athair freagarthach i láthair Dé ins gach sórd aimhleasa anama d'á ndéanfaidh an chlann san dóibh féin. Chun go gcuimhneóchaimís, a phobul, ar na peacaí gnímh a dheinimíd féin agus ar an gcuma 'n-a ngearraid siad amach sinn ó ghrásta an tSlánuightheóra a tugadh dúinn sa bhaisteadh, iseadh chuirean an Eaglais obair an tSlánuightheóra os ár gcómhair i Soisgéal an lae indiu. Feuchaimís chúghainn féin d'á bhrígh sin. Breithnighimís ár slígh chun Dé. Má tá aon droch pheacadh, agus go mór mór aon droch bhéas, ag teacht idir sinn agus ár Slánuightheóir, stadaimís láithreach agus socaruighimís ár n-aigne ar an ndroch bhéas san do sheachaint, ar an ndroch bhéas san do bhriseadh, ar sinn féin a dh'fhuasgailt ó'n ndroch bhéas san, ar an ngreim atá ag an ndroch bhéas san orainn do bhogadh agus do chrothadh dhínn i n-ainim Dé agus Mhuire! An t-é dhéanfaidh a dhícheal chuige sin tabharfaidh an Slánuightheóir féin gach aon chongnamh dó. Ní féidir
do'n duine an lámh uachtair a dh'fhágail ar chathanaibh an áirseóra gan congnamh an tSlánuightheóra, gan congnamh ó ghrásta Dé. Ach tá an congnamh san le fághail i gcómhnuighe, ag an t-é gur maith leis é dh'fhághail. Tabharfaidh an congnamh san saor an Críosdaidhe ó gach céim d'á chruadha, ó gach greim d'á ghéire, ó gach cath d'á dhéine. Tabharfaidh an congnam san an buadh dhó ar a namhaid go léir, ar an ndiabhal, ar an saoghal, agus ar an gcolainn. Tabharfaidh an buadh san dó an suaimh- neas aigne a gheibhean an Críosdaidhe fóghanta ar an saoghal so, agus an t-aoibhneas síoruidhe atá i gcóir an Chríosdaidhe fhóghanta ar an saoghal eile. XI. AN TARNA DOMHNACH TAR ÉIS AN EPIPHANÍ. Léightear an Soisgéal. (Eóin 2.) A phobul Dé, sar a n-abrad aon fhocal eile libh ní mór dhom a dh'innsint daoibh go bhfuil daoine le fághail, daoine ná tabharfadh aon onóir do'n Mhaighdin Mhuire agus ná leigfeadh d'aoinne eile onóir a thabhairt di ach chómh beag, dá bhféadaidís é, agus go nglaodhaid siad ar an bhfocal san a dúbhairt ár Slánuightheóir léi sa tSoisgéal san, chun a thaisbeáint nár thug sé aon onóir di ach mar a thabharfadh sé d'aon mhnaoi fhóghanta eile. Tá dhá nídh ag imirt i gcómhnuighe riamh ar dhaoine de'n tsórd san. Isiad dá nídh iad san 'ná díth céille agus droch aigne. Mura mbéadh an donas ar fad le díth céille bheith ortha níor ghádh dhóibh ach an tarna feuchaint do
thabhairt ar an Soisgéal, agus do chífidís láithreach gur thug an Slánuightheóir, moladh 's buidheachas leis, onóir uathbhásach do'n Mhaighdin Mhuire an oídhche sin. Dúbhairt sé léi ná raibh an aimsir tagaithe fós dó féin chun mírbhuiltí de'n tsórd san a dhéanamh, agus fós do dhein sé an mhírbhuilt a dh'iar sí air a dhéanamh! Ní h-eadh, ach do dhein sé an mhírbhuilt ba mhaith léi a dhéanfadh sé. Níor fhan sé le h-í 'ghá iaraidh air an mhírbhuilt do dhéanamh. Níor dhein sí ach a rádh, "Ní'l aon fhíon acu." Níor ghádh dhi a thuille do rádh. Bhí fhios aici féin nár ghádh. Thug sí cogar dos na seirbhísigh. "Pé rud a déarfaidh sé libh a dhéanamh," ar sisi, "deinidh é." Nách uathbhásach an daille intinne nách foláir a bheith ar an nduine a dhéanfadh amach as an méid sin gnótha nár thug ár Slánuightheóir onóir do'n Mhaighdean Mhuire an uair sin! Agus nách uathbhásach an droch aigne nách foláir a bheith istigh i gcroídhe an duine do mheasfadh a rádh, Dia 'dir sinn agus diamhasladh, go raibh tarcaisne sa bhfocal a dúbhairt sé léi! Ní'l aon teóra le díth céille an duine nuair is maith leis leath-sgéal a dh'fhághail chun easonóra thabhairt do phuinte éigin creidimh ná taithnean leis. Agus ní'l aon teóra le n-a dhroch aigne nuair a gheibhean sé an leath-sgéal a shásuighean é. I dtaobh an fhocail sin, "a bhean," do labhair an Slán- uightheóir leis an Maighdin an uair sin, ar ndó' tá fhios ag gach aoinne atá ag labhairt Gaeluinne, agus a thuigean Gaeluinn, gur focal urama agus onóra agus ceana an focal san. Focal urama agus ceana iseadh é sa Ghréigis leis. Agus focal urama agus ceana ab eadh é sa teangain a bhí d'á labhairt i nGaililí an uair sin. Ní raibh aon bhlúire d'aon bhrígh tharcaisneamhail riamh sa chaint go dtí gur tugadh amach sa
Bhéarla í, "Woman, what is that to me or to thee?" Isé an Béarla do chuir an tarcaisne sa chaint. Uraim agus onóir agus cion atá sa chaint ins gach aon teangain eiie. Is ait mar a dh'fhágan san an sgéal ag muintir an Bhéarla. An easonóir agus an dúire agus an tarcaisne do shíolraidh agus do tháinig as a gcaint féin, iad 'á chur i leith an tSlánuightheóra, moladh go deó leis, a d'iaraidh a dhéanamh amach nár thug sé onóir d'á Mháthair Bheannuighthe, i dtreó go bhféadfaidís a dh'áiteamh ortha féin nách gádh dhóibh onóir a thabhairt di. Ach bíodh acu. Ní bhainean a ngnó linne. Tá ár ngnó féin againn le déanamh. Tá ár gcúntaisí féin againne le socarughadh i láthair Dé, agus is chúcha is ceart dúinn feuchaint. Tá ár dteagasg féin againne le baint as an Soisgéal, an teagasg a mhúinean an Eaglais dúinn as. Tá an ceathramhadh aithne d'aitheantaibh Dé againn. Deir an aithne sin linn: "Tabhair do t'athair agus do d' mháthair onóir." Tá deagh-shampla an tSlánuightheóra féin anso againn ar an gcuma 'n-ar ceart dúinn an aithne sin do choimeád. B' é Slánuightheóir an domhain é. Bhí am áirighthe aige chun na h-oibre sin do thosnughadh. I n-onóir d'á Mháthair Bheannuighthe, gan aon chúis eile ach chun go dtabharfadh sé sásamh aigne dhi, do leig sé dhi a chur fhiachaibh air an t-am san do shárughadh, a chur fhiachaibh air an mhírbhuilt mhór san a dhéanamh sar a dtáinig an t-am. Sin mar is ceart do'n Chríosdaidhe an ceathramhadh aithne sin d'aitheantaibh Dé do choimeád ; onóir a thabhairt d'á athair agus d'á mháthair. Is ceart dó an rud a bhéadh beartuighthe aige i n' aigne féin do leigint uaidh chun sásaimh aigne thabhairt d'á athair nó d'á mháthair, nó, rud is gátaraighe, b'fhéidir, 'ná sásamh aigne thabhairt dóibh, iad do choimeád suas do réir a ghustail.
Ach tá machtnamh mór eile againn le déanamh, a Chríosdaidhthe, ar ghnó na h-oídhche úd. Cad 'n-a thaobh gur thug an Mhaighdean Mhuire an cogar úd i n-aon chor d'á h-Aon-Mhac? Is ró fhuiriste dhúinn a thuisgint cad 'n-a thaobh. Daoine galánta creideamhnacha ab eadh na daoine go raibh an bhainfheis úd ar siúbhal acu. Bhí cuideachta mhór ann, cuideachta chreideamhnach. Bhí, do réir nóis na tíre is dócha, stíbhard iasachta ag tabhairt bídh agus díghe amach ann. B'fhéidir gur thug sé an fíon amach níos tiúgha agus níos rabairnighe "ná mar ba ghádh dhó. B'fhéidir go raibh dearmhad éigin ar chuma éigin eile mar gheall ar an bhfíon. Pé cuma 'n-ar thuit an sgéal amach bhí an fíon go léir imthighthe, agus bhí an stíbhard ag lorg tuille fíona agus an chuid- eachta ag feitheamh. Conus fhéadfadh muintir an tíghe a rádh, "Ní'l a thuille fíona ann!" Bhéadh náire agus aithis fághalta acu deó. Do thuig an Mhaighdean Mhuire conus a bhí an sgéal acu. Tháinig truagh aici dhóibh. Ní raibh aon chuma eile 'n-a bhféadfadh sí iad do thabhairt as an bpúnc 'n-a rabhadar ach an rud a dhein sí a dhéanamh. Dhein sí é. Dhein a h-Aon-Mhac an rud a theastuigh uaithi, bíodh ná raibh an t-am tagaithe chuige fós. Do tugadh muintir an tíghe saor ó'n náire a bhí ag teacht ortha agus is amhlaidh a fuaradar breis creideamhna. I n-inead iad a bheith gan aon bhraon fíona agus an tigh lán de dhaoine, is amhlaidh a bhí tuille agus a ndóithin mór fíona acu de'n fhíon ba bhreaghtha d'ár bhlais aoinne de'n chuideachtain sin riamh roimis sin. Má bhí an chuideachta tamall ag feitheamh, b'fhéadfadh an stíbhard a rádh leó gur bh'fhiú an fíon san tamaillín a thabhairt ag feitheamh leis. Ach tá daoine ann, a phobul, agus déarfaidís leat gur bh'ait an sgéal é, a rádh gur h-oibrigheadh an
mhírbhuilt uathbhásach san chun tuille fíona thabhairt do dhaoine agus iad ar meisge cheana féin. Fiafraigh des na daoine sin cé dúbhairt go rabhadar ar meisge cheana féin. Déarfaid siad leat go ndubhairt an stíbhard é. Am briathar ná dúbhairt. Ní dúbhairt an stíbhard aon nídh dh'á shórd. Dúbhairt sé gur ghnáth an droch fhíon do choimeád go dtí go mbéadh an chuideachta ar bog-mheisge. Ní mar a chéile é sin agus a rádh go raibh an chuideachta san ar meisge an uair sin. Ní h-eadh, ach an aigne bheith chómh h-olc, chómh mailíseach san agá lán daoine nách féidir leó choídhche brígh fóghanta do bhaint a' caint an fhaid is féidir leó casadh éigin a chur inti agus droch bhrígh bhaint aisti. Ach ní gádh dhúinn bheith a d'iaraidh an tSlánuightheóra do chosaint ar bhéalaibh lucht cúlchainte. Bhí fhios aige féin, moladh go deó leis, cad a bhí aige 'á dhéanamh an oídhche sin. Ní'l againne ach an sgéal do ghlacadh mar a chuirean an Eaglais os ár gcómhair é sa tSoisgéal, agus sinn féin d'úmhlughadh agus glóire thabhairt do Dhia. Sin a bhfuil againn le déanamh chómh fada agus théighean gnó an tSoisgéil. Ach tá rud againn le déanamh, a phobul, chómh fada agus théighean ár ngnó féin. Isé ár ngnó féin an gnó ba mhaith leis an Eaglais a dhéanfaimís i dtaobh an tSoisgéil, agus is chuige sin, thar gach nídh eile, do chuirean sí an Soisgéal d'á léigheadh dhúinn. Fiafraighmís dínn féin, d'á bhrígh sin, conus a bhainean an Soisgeal san linne, linne féin. Feuch, a phobul. Ní'l aon fhocal cúntais sgríobhtha síos ar ghníomharthaibh ná ar labharthaibh an tSlánuightheóra nach chun teagaisg éigin a thabhairt dúinne atáid siad sgríobhtha. Agus is minic gur mó go mór le rádh an teagasg san atá ag an sgríbhinn le tabhairt dos na
Críosdaidhthibh, ar fuid an domhain, ó shliocht go sliocht, 'ná pé tairbhe a dhein na gníomhartha féin nuair a deineadh iad, nó na labhartha nuair a labhradh iad. Dhein an mhírbhuilt sin an fhíona, cuir i gcás, mórán tairbhe an oídhche a deineadh í. Do shábháil sí lín tíghe chreid- eamhnach ó náire agus ó aithis. Do neartuigh sí creideamh i ndeisgiobulaibh an tSlánuightheóra. Dhein sí, is dócha, mórán tairbhe ná fuil fhios againn, dos na daoine a bhí láithreach nuair a deineadh í. Is dócha, nídh nách iongnadh, aoinne do bhlais aon bhraon de'n fhíon san gur dhein sé tairbhe sláinte dhó an chuid eile dh'á shaoghal, agus tairbhe anama leis. Ach ba shuarach le rádh na tairbhí sin go léir seachas tairbhe áirighthe atá dh'á dhéanamh riamh ó sin do'n chine daona, agus ná raibh sa mhírbhuilt mhór san an fhíona ach soluíd air. Tré impidhe na Maighdine Muire iseadh dhein ár Slánuightheóir an mhírbhuilt sin an fhíona an oídhche sin. Tré impidhe na Maighdine Muire céadna atá an tairbhe eile seo a deirim 'á dhéanamh ag an Slánuightheóir riamh ó shin do gach Críosd- aidhe atá 'n-a ghátar agus a dh'iaran é. Bhí an lín tighe úd i bpúnc chruaidh an oídhche úd. Do saoradh as an bpúnc san iad tré impidhe na Maighoine Muire. Do tugadh dóibh an fíon a bhí i n-easnamh ortha. Ní'l lá ná oídhche, a phobul, ná fuil Críosdaidhthe ar fuid an domhan i bpúnc chruaidh, namhaid a n-anama ag cur ortha go dian, an diabhal, agus an saoghal, agus an cholann ag cur ortha, iad i gcontabhairt tuitim sa pheacadh, an fíon, fíon ghrásta Dé, i n-easnamh ortha go cruaidh, náire agus aithis an pheacaidh le teacht ortha, agus gan aon dul as acu mura bhfaighid siad an fíon. Tuigean an Mhaighoean an cruadh-chás. Tugan sí an cogar d'á h-Aon-Mhac. "Tá an fíon i n-easnamh ortha." Géillean an t-Aon-Mhac do chogar a Mháthar Bheannuighthe
Tugtar an fíon, fíon uasal ghrásta Dé, do'n Chríosd- aidhe atá 'n-a ghátar chómh cruaidh. Cuirean an fíon uasal san neart agus fuinneamh agus misneach spioraideálta i gcroidhe agus i n-aigne an Chríosdaidhe sin. Úmhluighean sé é féin i láthair Dé. Iompuighean sé ó'n bpeacadh. Gheibhean sé buadh ar a namhaid. Téighean sé saor, os cómhair Dé agus daoine, ó'n náire agus ó'n aithis, náire agus aithis an pheacaidh, a bhí i riocht tuitim anuas air. Ní h-innstear dúinn, a phobul, gur labhair aoinne de mhuintir an tíghe leis an Maighdin Muire nuair a bhíodar sa chruadh-chás, ná gur h-iaradh uirthi an rud a dhein sí do dhéanamh dóibh. B'fhéidir gur h-iaradh. B'fhéidir gur dhein sí uaithi féin é nuair a chonaic sí an cás 'n-a rabhadar. Pé 'cu san de, tá aon nídh amháin deimhnightheach. Ní ceart do'n Chríosdaidhe, nuair a bheidh sé sa chruadh-chas, bheith ag feitheamh chun go gcuimh- neóchadh an Mhaighdean féin ar a rádh le n-a h-Aon-Mac, "Tá an Críosdaidhe seo i n-easnamh an fhíona." Is ceart do'n Chríosdaidhe féin labhairt léi, ní h-eadh, ach glaodhach go h-árd uirthi, agus a dh'iaraidh uirthi an chabhair a dh'fhághail ó'n Slánuightheóir dó. Tá fhios againn go maith ná h-eiteóchaidh an Slánuightheóir í. Níor eitigh sé an oídhche úd í, bíodh ná raibh an t-am tagaithe i n-aon chor chun mírbhuiltí de'n tsórd san a dhéanamh. Níor eitigh, mar do theastuigh uaidh a chur i n-iúil dúinne go léir ná h-eiteóchaidh sé anois í ach chómh beag agus a dh'eitigh sé an uair sin í. Dein-se do mhachtnamh ar an méid sin, a Chríosdaidhe. Dein do mhachtnamh air go doimhinn agus go daingean agus go dlúth. Coimeád ad' aigne é do shíor, amuich agus i mbaile, do ló agus d'oídhche. Preabadh an macht- namh san suas ad'chroídhe agus chun do bhéil i gcomhnuighe
chómh luath agus a thiocfaidh aon chéim chruaidh ó'n namhaid ort. Chómh luath agus a mhothóchair an namhaid ag teacht glaoidh ar an Maighdin, glaoidh ar Mhuire Máthair. Nuair a bheidh an droch smuíneamh a'd dhalladh, ag teacht idir thu agus cuimhneamh ar dhlígh Dé ná ar mharbhuightheacht an pheacaidh, cuimhnigh ar Mhuire Mháthair agus glaoidh uirthi, agus iar uirthi cabhair a dh'fhághail ó'n Slánuightheóir duit, chun an droch smuínimh sin a chur as do chroídhe. Nuair a dhéanfaidh an chómharsa olc éigin ort, agus nuair a bheidh do chroídhe d'á losgadh le feirg mar gheall ar an olc san, mar gheall ar an éagcóir sin a deineadh ort gan chúis gan adhbhar, i dtreó nách féidir leat a rádh ó chroídhe, "Maith dhúinn ár gcionta mar a mhaithimíd do chách," cuimhnigh ar Mhuire Mháthair agus glaoidh go h-árd uirthi, agus iar go cruaidh uirthi "grásta na foidhne i n-aghaidh na h-éagcóra" do dh'fhághail ó'n Slánuightheóir duit, le h-eagla go mbéadh sé de thiubaist ort, pé éagcóir a dhein do chómharsa ort, ná pé díobháil a dhéin sé dhuit, díobháil is míle measa 'ná é dhéanamh dhuit féin i láthair Dé. Mar sin, a Chríosdaidhe, do gach aon tsaghas cruadh- tain n-a mbeidh tú ann, i láthair Dé nó duine, cuimhnigh i gcómhnuighe ar Mhuire Mháthair, agus bí coitchianta 'ghá iaraidh uirthi tú dh'fhuasgailt as an gcruadhtan, a h-impidhe do chur chun a h-Aon-Mhic ar do shon, i dtreó go gcaithfeá do théarma ar an saoghal so ad' Chríosdaidhe dhílis, fhíoraonta, agus ansan go dtabharfaí dhuit ar an saoghal eile aoibhneas síoruidhe na bhflathas i láthair na Maighdine Muire, agus a h-Aon-Mhic, ár dTighearna Íosa Críosd. Go dtugaidh Dia na glóire an t-aoibhneas san dúinn go léir. Amen.
XII. AN TRÍMHAD DOMHNACH TAR ÉIS AN EPIPHANÍ Léightear an Soisgéal. (Maitiú 8.) A phobul Dé, tá a lán neithe sa tSoisgéal san agus d'fhéadfaí seanmóin mhór fhada dhéanamh ar gach nídh dhíobh. D'fhéadfaí mórán cainte dhéanamh ar leigheas an lobhair agus ar conus mar a dúbhradh leis dul agus é féin a thaisbeáint dos na sagairt, do réir dhlíghe Mhaoise. Soluíd roimh ré ab eadh an mhírbhuilt sin ar shácraimínt na h-aithrighe a bhí ag an Slánuigh- theóir le cur ar bun. B'é an lobhradh an peacadh marbh, agus b'é an leigheas an maitheamhnachas a tugtar do'n duine nuair a gheibhean sé an asbolóid. Ní féidir labhairt libh indiu ar na neithibh go léir atá sa tSoisgéal san, agus d'á bhrígh sin ní foláir nídh acu do thoghadh agus labhairt libh air. Iarfad oraibh, d'á bhrígh sin, bhúr n-aigne thabhairt do'n chaint adúbhairt an taoiseach i dtaobh a mhic. "A Thighearna," ar seisean: "Tá mo mhac 'n-a luighe sa bhaile agus tá droch bhreóiteacht air, agus tá pianta móra air." "Tiocfad-sa agus leighisfead é," arsa n Slánuightheóir. Ba dhóic le h-aoinne gur cheart go mbéadh áthas mór ar an nduin' uasal agus go ndéarfadh sé leis an Slánuightheóir teacht. Ní dúbhairt. Dúbhairt sé a mhalairt. "A Thighearna," ar seisean, "ní fiú mise go dtiocfá-sa isteach am' thigh. Ní gádh an trioblóid sin do chur ort. Ní'l agat ach an focal do rádh agus beidh mo mhac slán." Tugaidh fé ndeara anois, a
phobul, an chuid eile de chaint an duin' uasail sin. Tais- beánan a chaint gur bh' oificeach airm é. "Is duine mise atá fé smacht, agus go bhfuil saighdiúirí fúm, agus nuair a deirim le fear acu imtheacht, imthighean sé; nó nuair a deirim le fear teacht, tagan sé; nó nuair a deirim le m' sheirbhíseach rud a dhéanamh, deinean sé é." Cad é an bhaint a bhí ag an gcaint sin leis an mhbreóiteacht a bhí ar an mbuachaill? Nó cad é an bhaint a bhí ag an gcaint sin leis an bhfocal eile a bhí ráidhte ag an nduin' uasal, "Abair an focal agus beidh mo mhac slán?" Seo mar a bhain an dá chaint le chéile. Thaisbeáin an duin' uasal gur chreid sé an uile shaghas breóiteachta bheith fé smacht an tSlánuigh- theóra, díreach mar a bhí a shaighdiúirí agus a sheirbhísigh fé n-a smacht féin. Ní raibh aige féin ach an focal do rádh leis an saighdiúir nó leis an seirbhíseach, agus láithreach bonn, gan smiug a rádh 'n-a choinnibh, do déanfaí rud air. Ar an gcuma gcéadna, dar leis, bhí an bhreóiteacht fé smacht an tSlánuightheóra agus ní raibh ag an Slánuightheóir ach an focal a rádh agus dhéanfadh an bhreóiteacht rud air. Dá n-abradh sé léi i mtheacht, d'imtheóchadh sí laithreach. "Ní'l agat ach an focal a rádh," ar seisean, "agus beidh mo mhac slán." Ní h-iongnadh gur mhol an Slánuightheóir creideamh an duine. "Go deimhin, a deirim libh," arsa 'n Slánuigh- theóir leis an muintir a bhí láithreach, "ní bhfuaras a leithéid sin de chreideamh i n-Isráel." Duine iasachta ab eadh an duin' uasal san. Bhí sé daingean i gcómhnuighe i n-aigne na n-Iúdach gur acu féin a bhí gach aon rud i bhfuirim creidimh agus ná féadfadh aon rud i bhfuirm creidimh a bheith ag na Geintibh bochta iasachta. Bhíodar lán d'uabhar, agus de
mhór-is-fiú, agus d'eirighe-anáirde mar gheall air sin. Thug an Slánuightheóir asachán trom dóibh nuair a dúbhairt sé leó go bhfuair sé sa duine iasachta san creideamh ná fuair sé i n-aoinne acu féin, tar éis ar dheineadar riamh de mhaoidheamh as gur bh' iad sliocht Ábrahaim iad. Ansan dúbhairt sé leó focal ba ghéire go mór 'ná an t-asachán. "Tiocfaidh," ar seisean, "a lán, ó'n ndomhan tsiar agus ó'n ndomhan tsoir, agus luighfid siad i n-ucht Ábrahaim agus i n-ucht Isaac agus i n-ucht Iácoib, i rígheacht na bhflathas, agus caithfear clann na rígheachta amach sa dorchadas mar a mbeidh gol agus díosgán fiacal." Cheap na Iúdaigh, ó b'iad sliocht Ábrahaim iad, ná raibh aon bhaoghal ortha; go raibh deimhne acu ar dhul go flathas Dé ar ball pé cuma 'n-a gcaithfidís a saoghal anso. Cheapadar, leis, ná raibh aon bhreith ag na Geintibh ar dhul go flathas Dé i n-aon chor, toisg gan fuil Ábrahaim a bheith ionta. Bhí ár Slánuightheóir coitchianta 'ghá innsint dóibh go raibh dearmhad sa méid sin ortha; nár bh' aon tairbhe dhóibh i láthair Dé fuil Ábrahaim a bheith ionta gan creideamh Ábrahaim a bheith acu; ná raibh creideamh Ábrahaim acu, mar dá mbéadh go nglacfaidís an Slánuightheóir; dá leanaidís do réir an fhuadair a bhí fútha go gcaillfidís rígheacht na bhflathas, agus go dtiocfadh na Geinte laistigh díobh i n-oidhreacht Ábrahaim agus Isaac agus Iácoib; nár bh' iad na daoine n-a raibh fuil Ábrahaim ionta do raghadh go flathas Dé, ach na daoine bhéadh dílis do Dhia, mar a bhí Ábraham, agus do choimeádfadh aitheanta Dé; gur chuma cad í an treibh dhaona as a dtiocfaidis sin, agus go mbeidís 'n-a gclainn ag Ábraham chómh maith díreach agus dá mba ar a shliocht do shíoltóchaidís. Níor thaithin caint de'n tsórd san leis na Iúdaigh.
Bhí an chaint sin bun os cionn ar fad leis an aigne a bhí acu féin i dtaobh flathais Dé, agus i dtaobh na ndaoine a bhí le dul ann agus i dtaobh na ndaoine ná raibh le dul ann. I n-inead éisteacht leis an bhfírinne agus iad féin d'úmhlughadh i láthair an tSlánuightheóra, is amhlaidh a tháinig fearg ortha agus chuireadar stailc suas, agus fé dheire do chuireadar an Slánuightheóir chun báis. Ansan do fíoradh dóibh an focal a dúbhairt an Slánuightheóir leó, tháinig na Geinte iasachta isteach ó gach aon pháirt de'n domhan, agus do deineadh clann Dé dhíobh, águs do tugadh an teidiol dóibh chun na h-oidhreachta, an teidiol chun rígheachta na bhflathas; agus an tsliocht go raibh an rígheacht san geallta dhóibh ó thusach do caitheadh amach iad mar gheall ar a n-easúmhluigheacht féin. Ná mheasadh aoinne gur deineadh aon nídh i bhfuirmh éagcóra ortha. Airís agus airís eile d'iar an Slánuightheóir féin ortha, moladh go deó leis, a súile dh'osgailt agus feuchaint chúcha féin. "Mura maith libh," ar seisean leó, "mo chaint do chreideamhaint, creididh na mírbhuiltí atá agam 'á dhéanamh os cómhair bhúr súl!" Níor tháinig an sgéal a gan fhios ortha i n-aon chor. Chonacadar mírbhuiltí nár bh'fhéidir d'aon duine dhéanamh gan cómhacht Dé bheith aige. Chonacadar an duine a bhí cheithre lá sínte sa n-uaigh, chonacadar d'á thógaint as an uaigh é, beó bríoghmhar, le h-aon fhocal amháin ó'n Slánuightheóir. Chonacadar an dá mhírbhuilt seo atá áirighthe i Soisgéal an lae indiu againn. Chonacadar gur ar éigin a chuir ár Slánuightheóir cor dé gan mhírbhuilt éigin uathbhásach a dhéanamh, i gcaitheamh na dtrí mbliadhan a thug sé ag cur an chreidimh ar bun, i dtreó go ndúbhairt an Soisgéalaidhe, 'n-a dhiaigh san, dá sgríbhtí i leabhraibh na mírbhuiltí go léir, ná faghadh na leabhair slígh sa domhan! Chonacadar gach aon
rud dob' fhéidir a thaisbeáint dóibh chun iad do chur ar a leas, ach ní raibh aon mhaith ann. Bhí fhios acu dá n-admhuighidís an Slánuightheoir nár bh'fholáir dóibh iad féin d'úmhlughadh, agus druim lámha thabhairt leis an saoghal so, agus le saidhbhreas an tsaoghail seo agus le pléisiúr an tsaoghail seo. Ní raibh aon phioc d'á fhonn ortha rud de'n tsórd san a dhéanamh. Déarfadh duine, pé neamhfhonn a bhéadh ortha rud de'n tsórd san a dhéanamh, gur chóir go ndéanfaidís é nuair a chonacadar cómhacht Dé ag oibriughadh ar a n-aghaidh amach ins na mírbhuiltí móra. Níor dheineadar. Is uathbhásach an cumas atá ag an nduine ar a dhá shúil a dhúnadh i n-aghaidh na fírinne nuair ná taithnean an fhírinne leis. Ní gádh dhúinn dul chómh fada siar le h-aimsir na n-Iúdach chun soluíde dh'fhághail ar an méid sin. Tá ár ndóithin soluídí againn le feisgint air anois i n-ár n-aimsir féin. An duine go bhfuil droch bhéas éigin aige, agus nách maith leis an droch bhéas a chaitheamh uaidh, tabharfar cómhairle dhó. 'Neósfar an fhírinne dhó. 'Neósfar dó go bhfuil teine ifrinn ar dearg-lasadh fé n-a chosaibh agus ná feadair sé cad é an neómat a thuitfeadh sé isteach. Déarfar leis gur fearra dhó an droch bhéas a chaitheamh uaidh sar a mbeidh sé ró dhéanach. Éistfidh sé leis an gcómhairle. Crom- faidh sé a cheann. Ní'l sa chómhairle dhó ach "sgéal 'á innsint do chapall agus an capall 'n-a chodladh." B'fhéidir gur droch bhéas meisge atá aige. Déarfar leis an t-ól a chaitheamh uaidh. Ní dhéanfaidh sé ach a cheann a chromadh agus an focal do sgaoileadh thairis. B'fhearr leis go mór ná tráchtfaí i n-aon chor ar an sgéal, go leigfí dhó a bhraon díghe dh'ól ar a shuaimhneas agus a mheisge chur Dé ar a shuaimhneas, agus gan bheith 'ghá bhodhradh le neamh ná le h-ifrean ná le h-aon rud a
bhainean leó. Tá fhios aige go dian mhaith cad 'tá 'n-a chóir thall, chómh maith díreach agus tá fhios ag an gcómhairleach é, ach b'fhearr leis gan cuimhneamh i n-aon chor air. Tá fhios aige, má chuimhnighean sé puinn air, go n-eireóchaidh a choinsias 'n-a choinnibh agus go gcaithfidh sé an droch bhéas a chur uaidh. B'fhearr leis go mór a shúile choimeád dúnta agus a choinsias fhágáilt 'n-a chodladh, agus comáint leis ar an ndroch bhéas. Tá go maith. Comáineadh sé leis. Dúiseóchaidh an bás a choinsias mura ndúisigh aon rud eile é. Ansan tá rud 'n-a chóir. Cad 'tá 'n-a chóir ansan? Do chuir an Slánuightheóir féin ainim ar an rud atá i gcóir an duine sin. "Caithfear clann na rígheachta amach sa dorchadas mar a mbeidh gol agus díosgán fiacal." Isé an Slánuightheóir féin a dúbhairt an focal. "Gol agus díosgán fiacal," ar seisean. Is grána an osgailt súl é tar éis codlata! Beidh an codladh go léir imthighthe ansan, imthighthe glan. Ní thiocfaidh aon néall eile codlata ar an nduine sin ar feadh na síoruidheachta. Ansan iseadh chífear an fhírinne go soiléir; gur pleisiúr gan ghus pléisiúr na beatha so, pé saghas é, pé 'cu ól é, nó ithe, nó uabhar, nó saint, no drúis, nó pé ainmhian eile é n-a leigfidh an duine dhó an lámh uachtair a dh'fhághail air. Ansan iseadh chífear an fhírinne, ach beidh sé ró dhéanach an uair sin. Tá againn, a phobul, sa tSoisgéal san a léigheas daoibh, trí neithe ó'n Slánuightheóir, dhá mhírbhuilt agus foláramh. Do leighis sé an lobhar chómh luath agus d.iar an lobhar air é. Do leighis sé mac an taoisigh céad. Ansan do thug sé an foláramh uaidh. Dhein an lobhar gníomh creidimh sar ar leighiseadh é. "A Thighearna," ar seisean, "má 's toil leat é is féidir duit mé ghlanadh." Dhein an taoiseach céad gníomh
creidimh sar ar leighiseadh a mhac. "Abair an focal," ar seisean, "agus beidh mo mhac slán." D'admhuigh gach duine de'n bheirt go raibh cómhacht Dé ag an Slánuightheóir, gur bh' é Mac Dé é, gur bh' é Slánuightheóir an domhain é. Thaisbeáin an dá leigheas go raibh an fhírinne ag an mbeirt. Ansan do thug an Slánuightheóir an foláramh úd uaidh i dtaobh clainne na rígheachta, go gcaithfí amach iad sa dorchadas mar a mbéadh an gol agus an díosgán fiacal, nuair ná h-admhóchaidís an Slánuightheóir agus iompáil ó n-a ndroch bhéasaibh agus ó phléisiúr na beatha so. An foláramh céadna, a phobul, a thug Críosd dos na Iúdaigh an lá úd, tugan Eaglais Chríosd dúinne indiu é sa tSoisgéal san a léigheas daoibh. Oirean an foláramh dúinne chómh maith díreach agus d'oir sé dos na Iúdaigh. Tá an díth céille céadna ar a lán againn a bhí ar na Iúdaigh. Tá an dúil chéadna agá lán againn i bpléisiúr na beatha so, agus an leisge chéadna orainn roimh aon tsaghas pionóis a chur orainn féin ná aon smachtughadh dhéanamh ar ár ndroch mhianaibh ná ar ár ndroch bhéasaibh. Tá an ollbhodhaire chéadna orainn a bhí ar na Iúdaigh. Airighimíd foláramh an tSlán- uightheóra, sa tSoisgéal, 'ghá rádh linn go h-árd, mar a dúbhairt sé leis na Iúdaigh, má leanaimíd mar atá againn ná fuil aon bhreith againn ar sholus na bhflathas a dh'feisgint go deó. A Chríosdaidhthe! Isé Mac Dé a thugan an foláramh san dúinn. Is É féin a cheannuigh dúinn solus na bhflathas, agus deir sé linn, amach as a bhéal naomhtha féin, go mbeidh an ceannach i n-aistear má leanaimíd pléisiúr na beatha so. Tógaimís, d'á bhrígh sin, ár gcroídhe agus ár n-aigne suas chun Dé. Ceapaimís go daingean i n-ár n-aigne, pé rud a dhéanfaidh ár
mbeatha ar an saoghal so, ná loitfimíd orainn féin an oidhreacht a cheannuigh an Slánuightheóir dúinn nuair a dhoirt sé a chuid fola ró naomhtha ar chrann na croise ar ár son. Iaraimís go h-úmhal ar Dhia a ghrásta do bhronnadh go líonmhar orainn i dtreó go bhféadfaimís an aigne sin do chur i ngníomh. Anois atá againn a shocarughadh cé 'cu de dhá nídh a bheidh againn ar ball, ar feadh na síoruidheachta, an solus nó an dorchadas, áthas agus aoibhneas na bhflathas nó gol agus díosgán fiacal i dteine ifrinn. Go dtugaidh Dia dhúinn an solus, agus go saoraidh Dia sinn ar an ndorchadas. Amen. XIII. AN CEATHRAMHADH DOMHNACH Ó'N EPIPHANÍ. Léightear an Soisgéal. (Maitiú 8.) A phobul: Ní ró mhór an chaint atá sa tSoisgéal san, ach d'á luighead í an chaint is mór é an brígh. Bhí an Slánuightheóir tar éis teacht anuas ó'n gcnoc, tar éis na seanmóna thabhairt d'á dhéisgiobuil, agus bhí an tsluagh mhór 'ghá leanamhaint. Thug sé teagasg d'á dheisgiobuil leis an seanmóin, ar an gcnoc, ach níor bh'fholáir rud éigin i n-éaghmuis cainte do thabhairt do'n tsluagh mhór. Do labharfadh an chaint leis an gcluais, ach níor bh'fholáir labhairt leis na súilibh acu, i dtreó gur mhóide agus gur bh' fhearr-de a thuigfidís caint na gcluas. Níor bh' fholáir a thaisbeáint dóibh go raibh cómhacht Dé laistiar de'n chaint. Tháinig an lobhar agus d'úmhluigh sé é féin. Do chaith
sé é féin ar an dtalamh os cómhair an tSlánuightheóra agus d'adhar sé é mar is ceart Dia d'adhradh. Ansan d'admhuigh sé cómhacht Dé nuair a dúbhairt sé: "A Thighearna, má's toil leat é is féidir duit mé ghlanadh," agus do thaisbeáin an Slánuightheóir cómhacht Dé nuair adúbhairt sé: "Is toil. Glantar thu," agus do glanadh an duine. Thaisbeáin an Slánuightheóir an chómhacht chéadna, cómhacht Dé, cómhacht gan teóra, an chómhacht adúbhairt an taoiseach céad a bhí aige ar an uile shaghas breóiteachta, nuair adúbhairt sé leis an dtaoiseach céad imtheacht, go raibh a ghuidhe fághalta aige. Cómhachta ar ghalaraibh ab eadh na cómhachta san. Cómhachta ab eadh iad, gan amhras, ná fuil, agus ná féadfadh a bheith, ag aoinne ach ag Dia. Ach mar sin féin, b'fhéidir nár chómhachta iad a dh'fheuch ró éagsamhlach i súilibh daoine. B'fhéidir ná cuirfeadh daoine oiread suime ionta agus ba cheart a chur, toisg gan neart uathbhásach a bheith le feisgint ionta. B'é toil an tSlánuightheóra, moladh go deó leis, nuair a bhí na leighseana san déanta aige, mírbhuilt a dhéanamh do sháróchadh ar aon tsaghas nirt d'á bhfeacathas riamh i n-aon duine. Mar a deir an Soisgéal, do chuaidh Íosa ar bórd luinge agus do lean a dheisgiobuil é. Nuair a bhí an long amuich ar an bhfaraige d'eirigh stoirm. Do neartuigh ar an stoirm go dtí go raibh na tonnthacha ag eirighe suas go h-árd agus go trom, agus go raibh adhmad na luinge ag lúbadh agus ag díosgán le neart agus le meaghchaint na dtonn, agus go raibh na mairnéal- aigh agus na daoine eile a bhí ar an luing 'ghá cheapadh, gach aon neómat, go raibh an long i riocht tuitim as a chéile. I gcaitheamh an éirligh go léir bhí an Slánuightheóir i n-a chodladh. Nuair a bhí an long,
mar a mheasadar, geall le bheith briste 'n-a slisneachaibh, tháinig na deisgiobuil agus dhúisigheadar é. "A Thighearna," ar siad, "saor sinn! Tá an bás againn!" D'eirigh sé. Do chas sé leó luighead a gcreidimh. Ansan do labhair sé leis an ngaoith agus leis an uisge, agus dúbhairt sé leó fanamhaint socair. D'fhanadar socair láithreach agus tháinig ciúnas mór. Ní dócha go raibh aon iongnadh ar na deisgiobuil mar gheall air sin. Bhi fhios acu cé'r bh' é agus cad iad na cómhachta a bhí aige. Níor mhar sin, ámhthach, dos na mairnéalaigh agus dos na daoine eile a bhí ar bórd na luinge sin. D'fheuchadar ar an Slánuightheóir agus d'fheuchadar ar a chéile. "Ó!" ar siad, "cad é mar shaghas duine é seo go bhfuil gaoth agus faraige úmhal dó!" Ag trácht ar neart; deinid daoine iongnadh, uaireanta, de neart fir éigin a bhíon ana láidir. Tógan sé ualach éigin ná féadfadh aon fhear eile a choruighe de'n talamh. Taraingean sé 'n-a dhiaigh ualach éigin do theip ar chapall a tharang. Tagan cúigear nó seisear namhad ar an mbóthar roimis chun a mharbhtha. Bainean sé an t-arm de dhuine acu agus gabhan sé ortha go léir go bhfágan sé ar an mbóthar leath-mharbh iad. Ní'l de sgéal uathbhásach i mbéalaibh na ndaoine ach neart an fhir sin. Ach feuch ar an bhfaraige nuair a bhíon fearg i gceart uirthi. Feuch ar na tonnthachaibh móra troma agus iad ag gluaiseacht. Cad é 'bhrígh neart fir, neart an fhir is treise d'ár mhair riamh, i gcomparáid Le tuinn acu san! Cá bhfuil an fear a dh'fhéadfadh tonn acu do stop le neart a ghualann! Caith an fear is treise amach ar thuinn acu san, agus ní'l ann ach mar a bhéadh sop tuighe. Do thuig muintir na luinge úd an méid sin go dian mhaith. Bhí aithne mhaith acu ar an bhfaraige. Bhí taithighe mhaith acu ar a neart.
Thuigeadar go h-áluinn cad é an neamhnídh neart duine i gcoinnibh an nirt sin. Agus chonacadar, os cómhair a súl ansúd, duine, duine, dar leó, mar aon duine acu féin, ag smachtughadh an nirt sin le neart a thoile. Dúbhairt sé leis an ngaoith agus leis an uisge fana- mhaint socair. Ní túisge do labhair sé leó 'ná mar a dheineadar rud air. Do chuadar chun suaimhnis láithreach agus tháinig ciúnas mór. Chonaic na mairnéalaigh agus na daoine a bhí ar bórd na luinge sin an iongnadh ba mhó d'á bhfeacadar riamh, DUINE - go raibh gaoth agus faraige úmhal dó. Thaisbeáin an Slánuightheóir go raibh cómhacht Dé aige, ní h-amháin ar ghalaraibh, ach ar neart gaoithe agus faraige chómh maith; go raibh gach neart d'ár chruthuigh Dia fé smacht a thoile. Na daoine a chonaic an mhírbhuilt uathbhásach san, toil duine ag smachtughadh na gaoithe agus na faraige, is iongnadh linne anois nár iompuigheadar láithreach agus an Slánuightheóir a dh'admháil. Ní chuirean an mhírbhuilt sin aon iongnadh orainne. Cad é an iongnadh, an toil a chruthuigh gaoth agus faraige a rádh go bhféadfadh sí gaoth agus faraige do smachtughadh? Ba mhór go léir an iongnadh dá mba ná féadfadh. Tuigimíd gur b' é an Slánuightheóir Mac Dé. Ní fhéadfadh aon mhírbhuiltí an fhírinne sin a dhéanamh níos daingne i n-ár n-aigne 'ná mar atá sí. Má 'seadh cad 'n-a thaobh ná h-iompuighmíd féin agus an Slánuightheóir a dh'admháil? "Agus ar neóin admhuighmíd!" a déarfaidh duine, b'fhéidir. Admhuighean tú le d' bhéal é, agus séanan tú le d' ghníomh é. Cad é an saghas admhála an admháil sin! Isé an gníomh a dh'innsean an fhírinne. Ní'l maith ná tairbhe i n-admháil an bhéil má thugan an gníomh an
t-éitheach do'n bhéal. Admhuighean tú na deich n-aitheanta. Admhuighean tú go bhfuil ceangailte ort Dia do ghrádhughadh os cionn gach uile nídh, agus gur ceart é. Ach is measa leat tú féin 'ná Dia. Leanan tú an rud a thugan pléisiúr duit féin bíodh go bhfuil fhios agat é bheith coisgithe ag Dia ort. Tugan do ghníomh an t-éitheach do d' bhéal sa méid sin. Admhuighean tú gur peacadh dhuit an tsaoire do bhriseadh; easonóir a thabhairt do t'athair nó do t' mháthair; droch aigne bheith agat do d' chómharsain; tú féin a chur ar meisge; droch smuíneamh a choimeád ad' chroídhe go toiltheanach; gníomhartha ná cainteana drúiseamhla dhéanamh; cúlchaint a dhéanamh ar do chómharsain; cuid do chómarsan a choimeád go h-aindleaghthach. Admhuighean tú gur peacaí na neithe sin go léir; go dtugaid siad easúmh- luigheacht do'n t-É go bhfuil gaoth agus faraige úmhal dó. Agus fós bíon tú 'ghá ndéanamh. Admhuighean do bhéal an Slánuightheóir, agus séanan do ghníomh é. Ó, a Chríosdaidhe, seachain an obair sin. Iompuigh láithreach ar an Slánuightheóir. An admháil a dheinean do bhéal, cuir fhiachaibh ar do ghníomh é dhéanamh leis. Glaoidh ar an Slánuightheóir agus iar air a ghrásta thabhairt duit chuige. Tá gaoth agus faraige úmhal dó, ach is minic gur bh' usa dh'á mhór-chómhacht an ghaoth agus an fharaige do smachtughadh, d'á mhéid é a neart, 'ná an feall atá istigh i gcroídhe an duine do chur amach as agus solus na fírinne do chur isteach ann i n-inead an fheill. Ach tá a mhór-chómhacht gan teóra i n-obair na ngrást chómh maith agus 'tá a mhór-chómhacht gan teóra ins gach obair eile. Úmhluigh thú féin, d'á bhrígh sin, 'n-a láthair. Tá sé chómh ceart agat-sa bheith úmhal dó agus 'tá sé ag gaoth nó ag faraige bheith úmhal dó. Is É do chruthuigh thusa agus iad-san. Úmhluigh thú féin 'n-a
láthair agus iar air a ghrásta thabhairt duit, an solus do leigint isteach ad' chroídhe i dtreó go bhfeicfeadh do chroídhe an fhírinne agus go bhféadfá feasda, le congnamh Dé, beart a dhéanamh do réir na fírinne. Soluíd, a phobul, iseadh an long úd ar an gcuma 'n-a mbíon an Críosdaidhe go minic d'á chluiche agus d'á chrádh agus d'á chiapadh i lár a namhad ar an saoghal so. An mac mallachtain 'ghá dhalladh le gach sórd droch smuínimh, le gach sórd droch spriocadh; ag séideadh féin ar gach aon tsaghas cuma a chuirfeadh ar aimhleas a anama é. An saoghal 'ghá dhalladh le baois, agus le h-uabhar, agus le formad chun daoine a mheasan sé bheith níos neamh-spleadhchaighe 'ná é féin. A cholann féin 'ghá dhalladh le h-ainmhiantaibh, le dúil i n-ól agus i mbiadh shaidhbhir, agus i n-éadach mhín, agus ins gach aon phléisiúr a bhainean leis an gcolainn. Idir an dtriúr namhad san tá sé díreach sa chás 'n-a raibh an long úd. Má's Críosdaidhe fóghanta é ní ghéillean sé d'aon namhaid de'n triúr. Tá an Slánuightheóir ar bórd na loinge, ach b'fhéidir go bhfuil an Slánuightheóir 'n-a chodladh. Má tá, ní foláir é dhúiseacht. Agus ní foláir é dhúiseacht i n-am. Mura ndúisighthear i n-am é b'fhéidir go bhfaghadh an triúr namhad an buadh agus go mbáthfaí an long; go mbáthfaí an long sa n-uisge - go mbáthfaí an t-anam sa pheacadh mharbh. Má tá an Slánuightheóir 'n-a chodladh conus a dúiseóchar é? An focal a dúbhairt na deisgiobuil leis, siné an focal a dhúiseóchaidh é. "A Thighearna, saor sinn!" ar siad. "Tá an bás buailte linn." Sin mar is ceart dúinne, a Chríosdaidhthe, glaodhach ar an Slánuightheóir nuair a gheibhimíd sinn féin i gcon- tabhairt tuitim sa pheacadh. "A Thighearna, saor sinn ó'n bpeacadh so! A Thighearna, saor sinn ó bhás an
pheacaidh! A Thighearna, ná leig do'n namhaid sinn a bhreith uait!" Ní foláir dúinn, sa n-am gcéadna, ana mhainíghin a bheith againn as an Slánuightheóir. Gan an t-asachán a bheith aige le casadh linn a chas sé leis na deisgiobuil a dhúisigh sa luing é, nuair a thug sé "daoine gan puinn creidimh" ortha. Sin mar is ceart dúinn, a phobul, focail agus brígh an tSoisgéil a thagairt dúinn féin. Chuige sin iseadh chuirean an Eaglais an Soisgéal os ár gcómhair mar seo, as Leabhar an Aifrinn, gach aon Domhnach. Ní chun éisteacht leis agus iongnadh dhéanamh Dé, mar a dhéanfaimís de neithibh a thuit amach suas le dhá mhíle bliadhan ó shin agus ná bainean anois le h-aoinne beó, ach chun éisteacht leis agus a thuisgint i n-ár n-aigne ná fuil focal ann ach focal a dh'oirean dúinne i láthair na h-uaire seo chómh maith díreach agus dá mba linne féin a labharfaí na focail. Isé an Slánuightheóir céadna atá againne anois a bhí ar an luing úd an uair úd. An chómhacht a thug an long úd saor ó ghaoith agus ó uisge, isí a thabharfaidh sinne saor ó namhaid ár n-anama. Ní'l aon chómhacht eile chun sinn a thabhairt saor. Ach ní foláir dúinn an chómhacht do dhúiseacht. Ní foláir dúinn bheith coitchianta ag glaodhach ar an Slán- uightheóir 'ghá iaraidh air gan leigint do namhaid ár n-anama buachtaint orainn. Is ceart do'n Chríos- daidhe an ghlaodh sin do chur suas chun an tSlánuightheóra ar maidin, chómh luath agus dh'osgalóchaidh sé a shúile ó chodladh na h-oídhche. Is ceart dó í chur suas chuige go minic i gcaitheam an lae, go mór mór má mhothuighean sé é féin i gcontabhairt tuitim i n-aon pheacadh. Is ceart dó an ghlaodh sin do chur suas chun an tSlán- uightheóra nuair a shínfidh sé ar a leabaidh asdoídhche,
'ghá iaraidh ar an Slánuightheóir é thabhairt saor ó gach droch nídh a bhainean leis an oídhche. An Críosdaidhe a thabharfaidh mar bhéas dó féin bheith ag glaodhach ar an Slánuightheóir ar an gcuma san, ní misde dhó mainíghin a bheith aige as an Slánuightheóir, mar bhéarfaidh an Slánuightheóir saor é, saor go ciúnas agus go suaimh- neas agus go h-aoibhneas síoruidhe na bhflathas. XIV. AN CÚIGMHADH DOMHNACH Ó'N EPIPHANÍ. Léightear an SoisgéaL. (Maitiú 13.) Is cuimhin linn go léir, a phobul, an cheist úd a curtí chúghainn fadó sa Teagasg Críosdaidhe: - "Cad a thuigean tú leis an Eaglais?" Agus is cuimhin linn an freagra: - "Cómhchruinniughadh na bhfíor-chreideamhach uile." Ansan do curtí an cheist eile seo: - "Cad iad na cómharthaí so-fheicse atá ar an Eaglais?" Agus do thagadh an freagra: - "Aondacht, Naomhthacht, Caitiliceacht, Aspolaitheacht." Ansan do mínightí dhúinn conus mar a chialluighean aondacht na h-Eaglaise aondacht creidimh agus aondacht cinn, 'sé sin le rádh, an t-aon chreideamh amháin a bheith ag na daoine go léir a bhainean leis an Eaglais, agus iad go léir a bheith fé aon cheann amháin agus fé aon smacht amháin. Do mínightí dhúinn go gcialluighean naomhthacht na h-Eaglaise gur bh' Úghdar naomhtha do chuir ar bun í, gur naomhtha é a teagasg, gur naomhtha iad a sácraimíntí, agus go bhfuil daoine naomhtha le fághail inti riamh, agus go mbéidh go deó. Do mínightí
dhúinn go bhfuil neart inti a bheidh 'ghá leathadh amach go dtí go mbeidh sí leathta ar fuid an domhain go léir; agus do mínightí dhúinn gur b' í an Eaglais seo atá anois ann an Eaglais chéadna do chraobhsgaoileadar na h-Aspoil, suas le dhá mhíle bliadhan ó shin. D'á bhrígh sin, a phobul Dé, nuair a dh'airighmíd-ne trácht ar an Eaglais tuigimíd láithreach an nídh ar a mbíon an trácht. Ní mar sin dos na daoine a bhí ag éisteacht leis an Slánuightheóir nuair a thug sé dhóibh an tsoluíd sin atá curtha síos i Soisgéal an lae indiu. Theastuigh uaidh labhairt leó i dtaobh na h-oibre a bhí le déanamh ar an saoghal so aige. Theastuigh uaidh a dh'innsint dóibh go raibh sé chun na h-Eaglaise do chur ar bun, agus theastuigh uaidh eólus éigin a thabhairt dóibh ar cad é an saghas cur-ar-bun a bhéadh inti, agus cad é an saghas oibre bhéadh aici le déanamh. Níor bh' fhéidir dó labhairt leó súd ar an Eaglais mar a labhran an Teagasg Críosdaidhe linne anois uirthi. Ní thuigfidís aon fhocal de'n chaint. Ní bhéadh aon phioc d'á fhios acu cad a bhéadh ar siúbhal aige. Ní fhéadfadh sé labhairt leó ar chómharthaibh so-fheicse na h-Eaglaise, mar ní raibh an Eaglais ann, agus níor bh'fhéidir cómharthaí so-fheicse bheith ar rud ná raibh ann i n-aon chor fós. B'éigean dó a theagasg a dhéanamh le soluídíbh; an nídh a bhí aige le cur ar bun do chur i gcomparáid le neithibh éigin ar a raibh eólus ag na daoine a bhí ag éisteacht leis. Bhí eólus maith acu go léir ar cad a bhain le síol fóghanta chur i dtalamh. An obair a bhí ag an Slán- uightheóir le déanamh ar an saoghal, obair ab eadh í do thabharfadh aithne dos na daoine ar Dhia. Dhéanfadh an aithne na daoine úmhal do Dhia. D'á bhrígh sin isé ainim a thug an Slánuightheóir ar an obair, 'sé sin,
ar an Eaglais a bhí le teacht, ná rígheacht Dé, nó rígheacht na bhflathas. "Is cosmhail," ar seisean, "rígheacht na bhflathas le duine a chuir síol fóghanta n-a chuid tailimh." Ní gádh dhúinn aon mhearbhall a bheith orainn i dtaobh bríghe na cainte. Nuair a bhí an pobul imthighthe tháinig na deisgiobuil agus d'iaradar ar an Slán- uighteóir brígh na cainte do nochtadh dhóibh. Seo mar a nocht sé an brígh dhóibh. "Isé Mac an Duine", ar seisean, "an curadóir a chuirean an síol fóghanta. Isé an domhan an talamh. Is iad clann na rígheachta an síol fóghanta. Agus is iad clann an uilc an cogal. Isé an diabhal an namhaid a tháinig agus do chuir an cogal sa talamh ameasg na cruithneachtan. Agus isé deire an tsaoghail an fóghmhar, agus is iad na h-aingil na buanaidhthe. Agus, fé mar is gnáth an cogal do bhailiughadh agus do chur sa teine, sin mar a bheidh i ndeire an tsaoghail. Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach agus baileóchaid siad as a rígheacht gach sgannal, agus lucht an uilc a dhéanamh, agus cuirfid siad isteach sa teine iad, mar a mbeidh gol agus díosgán fiacal." Siné an míniughadh, a Chríosdaidhthe, a thug an Slán- uightheóir ar a sholuíd féin, nuair a dh'iar a dheisgiobuil air an tsoluíd a mhíniughadh dhóibh. Is cruaidh agus is crith-eaglach an míniughadh é! Ní'l dul ó'n míniughadh san, mar isé an Slánuightheóir féin a thug uaidh é. D'á bhrígh sin, fiafraigheadh lucht sgannail a thabhairt uatha, fiafraíghdís díobh féin cad tá rómpa. Lucht sgannail a thabhairt uatha, sin iad na daoine a dhéinean, le droch chómhairle nó le droch shampla nó ar aon tsaghas droch shlíghe eile, daoine chur suas chun peacaidh dhéanamh. Is iad san an cogal dáiríribh. Is iad clann
an uilc iad agus isé an t-olc an toradh a thugaid siad uatha. Nuair a bhíon duine acu san ameasg cuid- eachtan ní stadan a bhéal ach ag saothrughadh an uilc. Ní'l focal le teacht as a bhéal ach focal a chuirfidh droch smuíneamh éigin, nó droch mhachtnamh éigin, isteach i gcroídhe gach duine a bhíon ag éisteacht leis. Má bhíon Críosdaidhthe maithe diadha ag éisteacht leis ní mór dóibh coitchianta, 'n-a n-aigne féin, bheith 'á dtabhairt féin suas do Dhia agus 'á iaraidh ar Dhia a n-anam a thabhairt saor ó nimh an diabhail atá ag sgéidh amach a' béal an duine sin ó mhaidin go h-oídhche. "Ach!" a déarfaidh duine, b'fhéidir, "duine bocht ana ghreannmhar ann féin iseadh é. Ní bhíon sé ach ag déanamh suilt, ag cur daoine ag gáirídhe." Seadh go díreach! Agus ní féidir leis aon chúrsaí eile suilt ná caitheamh aimsire do tharang chuige ach cainteana barbaratha, ach cómhrádh mí-bhanamhail, cómhrádh sgannalach! Isé gnó an diabhail bheith ag cur droch smuínte i n-aigne an duine. An duine do labhran an focal mí-bhanamhail i láthair cuideachtan, tá gnó an diabhail aige 'á dhéanamh. Isé namhaid an tSlán- uightheóra é. Isé an cogal ameasg na cruithneachtan é. Sgaoilfear leis go ceann tamaill, b'fhéidir, ach cad tá 'n-a chóir ansan? Tiocfaidh an bás air. Tiocfaidh deire a shaoghail air. Tiocfaid na h-aingil, na buanaidhthe, le h-órdughadh an tSlánuightheóra. Tógfaid siad leó an cogal agus cuirfid siad isteach sa teine é, mar a mbeidh gol agus díosgán fiacal. Is í caint an tSlánuightheóra féin í sin : an teine agus an gol agus an díosgán fiacal. Siné an deire a bheidh ar an sult sgannalach, teine agus gol agus díosgán fiacal, agus ní h-ar feadh lae é, ná ar feadh bliadhna, ach ar feadh na síoruidheachta. Cuimhnigh i n-am air, a dhuine gan chiall. Dún do bhéal agus coimeád dúnta
go deó é níos túisge 'ná chuirfeá thú féin, agus b'fhéidir daoine eile, i gcontabhairt na teine sin atá ansúd ar lasadh ag feitheamh leat má leanan tú de d'dhroch bhéas. Ach tá daoine nách tusa go bhfuil an teine úd ag feitheamh leó. Tá sí ag feitheamh le clann an uilc, pé gairm beatha 'n-a bhfuilid siad ar an saoghal so, agus gheobhaidh sí greim ortha sa deire pé fada gairid a ruithfidh leó, má leanaid siad ag déanamh an uilc. Is foidhneach, trócaireach, fadaradhnach an focal é siúd a dúbhairt an máighistir nuair a h-innseadh dó i dtaobh an chogail. "An toil leat sinn a dhul agus an cogal a bhaint?" ar siad. "Ní toil," ar seisean, "le h-eagla go stathfadh sibh an chruithneacht i dteannta an chogail. Leigtear dóibh fás i n-aonfheacht go dtagaidh an fóghmhar." D'á bhrígh sin, a phobul, iseadh do chímíd uaireanta rud a chuirean iongnadh ar chuid againn. Chímíd droch dhaoine ag dul ar aghaidh agus an saoghal ag eirighe leó agus saoghal breagh fada acu d'á fhághail, agus chímíd daoine macánta, daoine Críosdamhla, daoine diadha, agus ná bíon aon mhí-fhortiún amháin curtha dhíobh acu nuair a thagan mí-fhortiún eile is troime 'ná é anuas i mullach an chinn ortha. Nuair a chítear rud de'n tsórd san tá daoine ann agus bíon fonn ortha a gceann a chrothadh agus a rádh, "Duine Críosdamhail macánta díreach iseadh é, agus is beag atá d'á bhárr aige!" Ní mar sin is ceart an nídh sin do bhreithniughadh. B'fhéidir ná fuil puinn de bhárr a mhacántachta ag an nduine sin ar an saoghal so, ach ní h-ar an saoghal so a thugan Dia an chuid is fearr de thuarasdal na macántachta uaidh. Gan amhras tugan sé cuid Dé uaidh ar an saoghal so uaireanta. Do
gheall sé féin tuarasdal maith ar an saoghal so do'n chlainn a thugan an onóir cheart d'á n-athair agus d'á máthair. Ach ar an saoghal eile iseadh atá a thuarasdal le fághail i gceart ag an nduine a bheidh dílis do Dhia ar an saoghal so. Ní dóich liom go bhfuil ar chaint ár Slánuightheóra, mar atá sí againn sa Sgriptiúir, focal atá puinn níos cruadha 'ná an focal a deireadh sé uaireanta i dtaobh na n-Iúdach. "Go deimhin, deimhin, a deirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu cheana." 'Sé sin le rádh, an tuarasdal a bhí uatha as a ndeagh ghníomharthaibh, fé mar a bhíodar, do fuaradar ar an saoghal so é. Pé deagh-ghníomhartha a dheineadar is chun moladh na ndaoine dh'fhághail a dheineadar iad. Do tugadh an moladh san dóibh. Siné a bhí uatha. D'fhág san iad gan aon tuarasdal eile bheith tuillte acu, agus dúbhairt an Slánuightheóir, agus ní foláir a dh'admháil gur fíor é, ná fuil tuarasdal ar bith le fághail ar an saoghal eile ag daoine de'n tsórd san. Is bocht an sgéal é, a phobul, ag an gCríosdaidhe má dheinean sé deagh-oibreacha gan aon intinn eile ach i dtreó go bhfaghadh sé creideamhaint agus moladh ó dhaoine mar gheall ortha. Má gheibhean sé an moladh san agus an chreideamhaint sin, agus mura raibh uaidh ach iad, tá an rud a bhí uaidh fághalta aige agus ní'l aon cheart aige chun a thuille. Tá a thuarasdal fághalta abhus aige agus ní'l aon rud le fághail thall aige. Ach má's duine é do dhein deagh-oibreacha agus ná fuair aon nídh d'á mbárr ar an saoghal so, tá éileamh daingean, láidir aige ar an Slánuightheóir i gcóir an tsaoghail eile, agus ní baoghal gur gádh dhó aon eagla bheith air ná go ndéanfaidh an Slánuightheóir díoluigheacht go fial. Gheobhaidh an duine sin aoibhneas na bhflathas
ar feadh na síoruidheachta mar thuarasdal. D'á luighead a gheobhaidh an Críosdaidhe de bhárr a mhacántachta agus de bhárr a dhílse ar an saoghal so iseadh is mó an deimhne a bheidh aige ar thuarasdal shaidhbhir a dh'fhághail ar an saoghal eile. D'á bhrígh sin, a Chríosdaidhe, seachain do bhéal agus tabhair aire do d' chaint. Is beag má tháinig riamh amach a' béal duine caint is lúgha ciall 'ná an chaint úd, "Duine macánta iseadh é agus is beag atá d'á bhárr aige!" Ach i dtaobh an duine eile úd, an fear ná fuil macánta ná díreach agus fós go bhfuil an saoghal ar a thoil aige, an fear ná féadan gan drana-gháire chur as nuair a chíon sé bráca an donais anuas sa drom, gach aon lá 'n tseachtmhain, ar na daoine atá macánta díreach, agus gan donas ná diachair air féin. Cad 'tá le rádh i dtaobh an fhir sin? Tá daoine ná deinean machtnamh i gceart ar an sgéal agus go mbéadh a fhonn ortha a rádh, "Is greannmhar an sgéal é! Dia na glóire, moladh go deó leis, ag tabhairt an tsaoghail ar a thoil do'n rógaire agus ag cur an uile shaghas trioblóide ar an nduine macánta!" Stad, a Chríosdaidhe. Ná labhair ar an gcuma san. Ní'l sa ghnó san go léir ach an focal úd sa tSoisgéal. "An toil leat a Thighearna, go stathfaimís an cogal?" "Ní toil," ar seisean, "Leigidh dóibh araon fás go dtagaidh an fóghmhar agus ansan - " Á! ansan a socarófar na cúntaisí. Feuch, a Chríosdaidhthe, truagh agus trócaire agus foidhne ó Dhia atá sa sgéal go léir. An rógaire is caime atá 'n-a sheasamh anois ar thalamh an domhain seo, is le Dia é. Isé Dia chruthuigh é. Tá inead ins na flathais ag Dia dhó. Do doirteadh fuil an tSlánuightheóra, céad glóire leis, chun caoi a thabhairt
do'n duine sin ar dhul isteach uair éigin, luath nó mall, sa n-inead atá ceapaithe ins na flathais dó. Tá Dia ag feitheamh go foidhneach feuchaint a' ndéanfadh an duine sin an aithrighe. B'fhéidir go ndéanfadh. Má dhéinean beidh áthas ar na h-aingealaibh. Mura ndéinidh is dócha nách beag leis an Slánuightheóir a luathacht a curfar an cogal sa teine. Tá teine ifrinn i gcóir an droch dhuine sin ar an saoghal eile. Is mairg a mhaoidhfeadh air pé sólás ná pé compórd is dóich leis féin atá ar an saoghal so aige. Pé trioblóidí ná pé pionóisí atá ag an nduine macánta le fulang ar an saoghal so, ní dhéanfadh sé malairt amáireach leis an rógaire, pé saidhbhreas atá aige ná pé rath atá sa tsaoghal so air. D'á bhrígh sin go léir, a Chríosdaidhthe, ná tugaimís choídhce mar bhéas dúinn féin bheith ag breithniughadh ná ag lochtughadh ná ag ceisneamh ar an gcuma 'n-a ndeinean Dia a ghnó idir É féin agus aon duine eile. Is rud é ná fuil aon bhaint againn leis. Is rud é ná fuil aon bhlúire eóluis againn air. Má dheinimíd ár ngnó féin i láthair Dé, agus é dhéanamh sa cheart, ní beag dúinn mar chúram é. I dtaobh daoine eile, ní bheimíd freagarthach 'n-a ngnó an fhaid ná tabharfaimíd sgannal ná droch shampla dhóibh agus ná déanfaimíd éagcóir ortha ar aon tsaghas cuma. Ansan ní'l againn ach bheith coitchianta 'ghá iaraidh ar Dhia sinn féin agus an uile dhuine atá beó do sheóladh ar leas ár n-anama. Amen.
XV. AN SÉMHADH DOMHNACH TAR ÉIS AN EPIPHANÍ. Léightear an Soisgéal. (Maitiú 13.) A phobul Dé, ní'lid lucht sgrúduighthe an Sgriptiúra ró shocair ar fad eatortha féin ar cad é an síol é seo ar ar labhair an Slánuightheóir sa tsoluíd seo an tsíl mustáird. Ach ní dheinean san aon deifrigheacht dúinne. Ní beag dúinne a fhios a bheith againn gur shíol ana bheag é agus gur fhás toradh ana mhór uaidh, agus mar sin go raibh an chomparáid cruinn idir é agus an Soisgéal a chraobhsgaoil an Slánuightheóir. B'é an Soisgéal an síol as ar fhás an Eaglais, agus tá fhios againne anois conus mar a bhí an síol ana bheag, ana shuarach, agus conus mar a leath an fás 'n-a dhiaigh san, ar fuid an domhain go léir ; conus mar a leath an Eaglais a géaga ar fuid an domhain go léir, go dtí go bhfuair an chine daona uile, an uile shaghas daoine, foithin agus díon ameasg na ngéag. B'fhéidir, ámhthach, bíodh go dtuigimíd méid an fháis agus leathadh na ngéag agus feabhas na fothana agus an dín, ná tuigimíd chómh soiléir sin, ar an gcéad amharc, go raibh an síol ana bheag. Dar linne, is dócha, nídh ana mhór ab eadh an Soisgéal. Cad 'n-a thaobh, d'á bhrígh sin, go gcuirean an Slánuightheóir féin i gcom- paráid é le síol ana bheag? Sidé an chúis. Nídh ana mhór ab eadh an Soisgéal, ar shlígh. Nídh ana bheag ab eadh é ar shlígh eile. Nuair a tháinig an Slánuightheóir ar an saoghal is chun na cine
daona do shaoradh a tháinig sé. Nídh ana mhór ab eadh é sin. Ach ní 'n-a mhac rígh a tháinig sé, ná 'n-a mhac banríoghna. Ní h-i bpálás uasal do rugadh é. Ní h-i gcliabhán óir a luaisgeadh é. B'é Mac Dé é, ach tháinig sé ar an saoghal i riocht mic siúinéara. Riocht ana shuarach ab eadh an riocht san. Riocht ab eadh é ba shuaraighe go mór, i gcomparáid leis an obair a bhí le déanamh agus a deineadh 'n-a dhiaigh san, 'ná an síol beag úd i gcomparáid leis an bhfás mór a tháinig as. Do ceapadh an Soisgéal chun an domhain do mhúineadh, chun eóluis a thabhairt dos na daoine, eólus a bhéadh níos tairbhighe go mór dóibh 'ná aon eólus d'á bhfuaradar riamh roimis sin ó sgoláirí móra na Gréige ná na Rómha. Ceapadh ana mhór ab eadh an ceapadh san. Ach chun an cheapadh san do chur i ngníomh cad a deineadh? Ar soláthruigheadh a' cheithre h-árdaibh an domhain sgoláirí a bhéadh níos léigheanta, níos eólguisighe, níos tuisgion- aighe, níos deagh-labhartha, níos géire intleacht, 'ná sgoláirí móra na Gréige agus na Rómha? Níor deineadh aon nídh d'á shórd. Do glaodhadh, chun na h-oibre sin a dhéanamh, chun an domhain do mhúineadh, ar iasgairíbh bochta ná déigh isteach i n-aon sgoil riamh. Ba shuarach an chabhair iad san, a déarfadh duine, chun léighinn agus eóluis agus sgoluigheachta an domhain a dh'iompáil taobh síos suas. Ach, mar is eól dúinne anois, do dheineadar é. B'iad san an gráinne beag síl. Isí an Eaglais an crann mór. Ba shuarach é an síol, ach is mór é an crann. Agus do thaisbeáin an síol beag, agus an crann mór, a tháinig as an síol suarach, go raibh breall ar sgoláiríbh móra na Gréige agus na Rómha. Tá an breall céadna, a phobul, ar sgoláiríbh móra na h-aimsire seo, 'sé sin, ar an gcuid acu atá ag gabháil i gcoinnibh na h-Eaglaise. Ní thaithnean
teagasg na h-Eaglaise leó. Is dóich leó, le neart a n-éirime aigne féin, agus le méid agus le fairsinge a n-eóluis, go múinfid siad an chine daona níos fearr 'ná mar is féidir do'n Eaglais iad a mhúineadh, agus go gcuirfid siad an Eaglais fé chois. Ach tá breall ortha. Agus tá breall ar a n-intleacht agus ar a n-éirim aigne. Chuir an obair a bhain an Slánuightheóir as na h-iasgairíbh bochta, chuir sí ar neamhnídh éirim ba mhó, intleacht ba ghéire, 'ná mar atá ag aon aicme sgoláirí saoghalta a bhainean leis an aimsir seo. Cuirfidh an obair chéadna ar neamhnídh sgoláirí na h-aimsire seo. Tá fuath acu do'n Eaglais, fuath fíochmhar, mar a bhí agá leithéidí riamh. Ach buaidhfidh an Eaglais ortha mar a bhuaidh sí ar a leithéidí riamh. Ní gádh dhúinn aon iongnadh dhéanamh dé sin. Isé geallamhaint an tSlánuightheóra féin é, moladh go deó leis! Ach do réir mar a labhraid aithreacha naomhtha na h-Eaglaise, a phobul, tá brígh eile leis an ngráinne beag síl úd. Mar adeir an Slánuightheóir, "Do thóg duine é le cur 'n-a gharaidhe." Dar le cuid des na h-aithreachaibh naomhtha, isé an Criósdaidhe an duine sin a thóg an síol beag, agus isé an t-eólus a thugan an Soisgéal do dhuine, siné an síol beag féin. Isé a chroídhe féin an garaidhe 'n-a gcuirean an duine an síol. Síol ana bheag iseadh é. Ní thugan sé aon nídh mór do dhuine ar an saoghal so. Ní gheallan sé saidh- bhreas do dhuine, ná gradam saoghalta, ná onóir, ná mórdhacht. Taisbeánan sé do'n duine a shuaraighe féin. Múinean san úmhluigheacht do'n duine. Ansan fásan an síol i gcroídhe an duine sin. Méaduighean a chreideamh. Méaduighean a mhainíghin as Dia ar gach aon tsaghas cuma. Méaduighean a ghrádh do Dhia agus d'á chómharsain. Méaduighean a chroídhe i láthair Dé go
dtí ná bíon slígh agá chroídhe i n-aon chor ar an saoghal so. Ins na flathais iseadh is mó a chaithean a chroidhe an aimsir. Is cuma carthanacht an duine sin an uair sin nó an crann úd do leath a ghéaga agus go dtáinig éanlaithe an aéir chun cómhnuighthe ionta. Tá slígh agus díon i gcarthanacht an duine sin, do'n uile dhaonaidhe d'ár chuir Dia na glóire ar an saoghal riamh agus d'á gcuirfidh go deó. Ní baoghal ná go dtuigean an duine sin, i gceart, cad é an brígh atá leis an oibliogáid a chuirean an chéad aithne d'aitheantaibh Dé orainn: "Dia do ghrádhughadh os cionn gach uile nídh agus ár gcómharsa mar sinn féin ar son Dé." Tuigean sé gach oibliogáid d'á gcuirid na h-aitheanta eile orainn, leis, agus cómhlíonan sé gach oibliogáid acu go dúrthachtach agus go h-iomlán. Tá grásta Dé 'n-a chómhnuighe i gcroídhe an duine sin ar an saoghal so agus beidh an duine sin 'n-a chómhnuighe i bhflathas na ngrást ar feadh na síoruidheachta ar an saoghal eile. Dhein an Slánuightheóir comparáid eile sa tSoisgéal san a léigheas daoibh, a phobul. "Is cosmhail rígheacht na bhflathas," ar seisean, "leis an ngiost." Nuair a cuirtear an giost isteach sa phlúr chun an aráin a dhéanamh, leathan an giost agus glacan an plúr go léir é. Do réir aigne na n-atharach naomhtha isé an Soisgéal an giost agus isí an Eaglais an bhean a chuir an giost sa n-arán. Tá an Eaglais ag múineadh an domhain anois le naoi gcéad déag bliadhan. Isé an múineadh sin an t-arán atá ag an Eaglais 'á thabhairt do'n chine daona, agus tá giost an tSoisgéil ag gabháil tríd an arán go léir aici, i gcaitheamh na h-aimsire go léir. Is maith an rud dúinne, a phobul, fírinní an tSoisgéil do bhreithniughadh ar an gcuma san; a fhios
a bheith againn cad é an brígh a bhí ag ár Slánuightheóir leis an síol a bhí chómh beag, agus leis an gcrann ana mhór úd a dh'fhás as an síol beag, agus leis an bhfoithin a fuair éanlaithe an aéir i ngéagaibh an chrainn mhóir; a fhios a bheith againn gur bh'í an Eaglais, a chuir an Slánuightheóir ar bun, an bhean a chuir giost an tSoisgéil isteach sa n-arán, isteach sa teagasg a bhí uirthi a thabhairt do'n chine daona, ó'n lá a cuireadh ar bun í go deire an tsaoghail. Is maith an rud dúinne breith- niughadh ar na neithibh sin go léir. Ach cad chuige iad go léir? Cad chuige an síol agus cad chuige an crann, agus cad chuige an t-arán agus an giost? Tá fhios againn go maith cad chuige an gnó go léir. Tá fhios againn go maith gur déineadh an gnó go léir chun caoi a thabhairt dúinne ar ár mbeatha do chaitheamh ar an saoghal so ar an gcuma is fearr a chuirfidh i n-áirighthe dhúinn aoibhneas na bhflathas ar an saoghal eile. Má dheinimíd beart d'á réir sin, má ghlacaimíd an chaoi atá tabhartha dhúinn, beidh toradh, chómh fada agus a théighean ár gcuid-ne dhé, ar obair an tSlánuightheóra agus ar obair na h-Eaglaise. Béidh beatha Chríosd- amhail caithte againn ar an saoghal so, agus an t-aoibhneas síoruidhe a cheannuigh an Slánuightheóir dúinn, béidh sé againn ar an saoghal eile. Sin mar ba cheart a bheith. An mar sin a bhíon? Foraoir géar, is ró mhinic nách eadh. Tiocfaidh an meisgeóir. Éistfidh sé leis an Soisgéal. Molfaidh sé fírinne na cainte. Tuigfidh sé i dtaobh an tsíl bhig agus i dtaobh an fháis mhóir, agus i dtaobh an ghiost agus an aráin, agus i dtaobh teagaisg na h-Eaglaise, agus admhóchaidh sé i n'aigne gur b'áluinn na soluídí iad agus gur bh' áluinn an brígh atá leó. Ansan buailfidh sé amach agus tabharfaidh sé aghaidh ar thigh an tabhairne
agus cuirfidh sé é féin ar meisge. Cad é an tairbhe do'n duine sin obair an tSlánuightheóra ná obair na h-Eaglaise? Cad é an tairbhe dhó san an síol beag ná an fás mór, ná an t-arán, ná an giost, ná aon ghnó eile d'ár deineadh ar mhaithe leis an nduine chun na beatha síoruidhe do chur ar a chumas? D'áirimh Naomh Pól raint daoine agus dúbhairt sé ná feicfidís solus na bhflathas go deó. D'áirimh sé ortha lucht peacaí gráinneamhla drúise dhéanamh. Níor bh'iongnadh é 'ghá rádh ná feicfidís sin solus na bhflathas. Ach d'áirimh sé meisgeóirí ortha. Dúbhairt sé le daoine gan aon dearmhad a dhéanamh de'n sgéal, ná feicfeadh lucht meisge solus na bhflathas go deó. Má bhreithnighimíd an sgéal i gceart chífimíd nách aon iongnadh é 'ghá rádh. Deinean an meisgeóir craos nuair chuirean sé é féin ar meisge. Ceann des na seacht cinn-pheacaí marbha iseadh craos. Ach deinean an meisgeóir rud eile. Ní fhágan sé ar a chumas féin aon phioc eile de dhlígh Dé do chómhlíonadh. Ní féidir dó paidir ná créidh do rádh asdoídhche ná ar maidin. Ní féidir dó Aifrean a dh'éisteacht lá Domhnaigh ná lá saoire. Ní féidir dó aire thabhairt do thigh ná do chlainn ná d'aon tsaghas cúraim d'ár chuir Dia air. Ní féidir dó dul go dtí faoisdin Nodlag ná Cásga. Má tá airgead aige 'á thuilleamh, nó 'á dhéanamh ar aon tslígh eile, is 'ghá ól isteach 'n-a chorp atá sé i n-inead é thabhairt d'á mhnaoi le caitheamh ar a thigh agus ar a chlainn, agus b'fhéidir gádh go cruaidh leis. Is fíor do Naomh Pól é. Ní féidir do'n duine sin solus na bhflathas a dh'fheisgint go deó, mura ndeinidh sé atharughadh, agus aithrighe. Má dhéinean, ní meisgeóir é feasta, agus ní bhainean caint Naoimh Póil leis sa méid sin. Mar sin do gach aon tsaghas duine eile atá ag
caitheamh a shaoghail ar staid an pheacaidh. Is neamhnídh dhó san obair an tSlánuightheóra. Is neamhnídh dhó gnó na h-Eaglaise. Is neamhnídh dhó baiste ná creideamh, Aifrean ná órd, sagart ná sácraimíntí. Is neamhnídh dhó flathas ná aingil ná aoibhneas. Ach tá aon nídh amháin nách neamhnídh dhó. Ní neamhnídh dhó ifrean. Tá ifrean daingean go leór i n-áirighthe dhó. Ní'l aon dul uaidh sin aige. B'fhéidir go bhfaghadh sé saoghal breagh fada anso mar go mbéadh Dia na glóire ag déanamh na foidhne leis, ag feitheamh feuchaint an dtiocfadh ciall dó luath nó mall. Ach dá dtugadh Dia ré aithrighe dhó ar feadh céad bliadhan, cad é an tairbhe dhó é nuair a bheidh an ré aithrighe caithte agus gan an aithrighe déanta? Is bocht an sgéal é, a Chríosdaidhe! Dia na glóire ag feitheamh leat go foidhneach, do ló agus d'oídhche, feuchaint an ndeanfá an aithrighe agus go bhféadfadh sé aoibhneas na bhflathas a thabhairt duit, agus tusa go dúr agus go neamhshuimeamhail, agus gan aon aidhm ar aithrighe ná ar leór-ghníomh agat, ag caitheamh do shaoghail ad' spairt meisgeóra nó ad' chnubalach drúiseóra, nó ad' dhiabhal sgannail agus droch shampla ameasg daoine. Dia na glóire ag feitheamh leat go foidhneach feuchaint an ndéanfá an aithrighe, agus ná béadh air tú chur síos go teine ifrinn tar éis ar fhuiling an Slánuightheóir ar do shon, agus tusa go seasamhach ag cur i gcoinnibh na foidhne sin, na peacaí atá déanta agat tú 'ghá gcoimeád ansan, mar a bhéadh cnoc mór dubh, idir thú agus Dia, agus an aimsir atá ag Dia 'á thabhairt duit chun na h-aithrighe dhéanamh, tú ag úsáid na h-aimsire sin chun an chnuic a mhéadughadh. Tú lán cheapaithe, ba dhóich le duine, ar dhul síos go h-ifrean i n-aimhdheóin Dé na glóire féin! Is bocht an sgéal é, agus is truagh an sgéal é! An ceannach mór déanta ag an Slánuightheóir duit.
Geataí na bhflathas ar osgailt duit. An Eaglais ag tabhairt aire dhuit. Sácraimíntí na h-Eaglaise d'á gcárnadh ort. Grásta Dé d'á chruachadh ort. Gach aon rud d'á dhéanamh duit chun tú thabhairt saor ó ifrean agus tú bhreith suas go h-aoibhneas na bhflathas, agus tú féin ag déanamh do chroídhe díchil chun gan dul suas. Iompuigh, a Chríosdaidhe, iompuigh ó'n bhfuadar atá fút. Cas ar do sháil. Cas an fhaid atá ar do chumas casadh. Cas sar a' mbéidh sé ró dhéanach. Ní fheadaraís ná go dtiocfadh an bás ort sar a dtagaidh an oídhche ort. Má thagan ní bheidh aon fhághail ar chasadh agat. Ná h-abair leat féin, "Ní féidir dom casadh anois. Táim imthighthe ró fhada ar bhóthar an uilc. Ní'l ar mo chumas anois dul thar n-ais. "Ná labhair leat féin ar an gcuma san. Má 's maith leat casadh ní bhéidh ort bóthar fada do shiúbhal thar n-ais. Chómh luath agus a shocaróchair t' aigne ar chasadh nuair a spriocfaidh Dia chuige thú, béarfaidh Dia féin ar láimh ort agus tabharfaidh sé thar n-ais tú gan aon ríghneas. Tá Dia 'ghat' spriocadh anois féin. Ná cuir 'n-a choinnibh a thuille. Leig dó do lámh a thógaint. Leig dó thú bhreith leis chun faoisdine agus chun aithrighe agus chun Cuirp Naomhtha an Tighearna. Ansan má thagan an bás ort béidh aoibhneas na bhflathas agat. Go dtugaidh Dia an t-aoibhneas san dúinn go léir. Amen.
XVI AN DOMHNACH I SEPTUAGESIMA. Léightear an Soisgéal. (Maitiú 20.) Deir aithreacha naomhtha na h-Eaglaise, a phobul, gur labhair ár Slánuightheóir sa tSoisgéal san ar an dá chreideamh agus ar an dá reacht, an creideamh agus an reacht a bhí ag na Iúdaigh ar dtúis, agus ansan an creideamh a chuir an Slánuightheóir ar bun. B'é Dia an fear-tíghe. B'é an saoghal an fíonghort mar a raibh an obair le déanamh. An lucht oibre do glaodhadh go moch ar maidin b'shiniad Abel agus Noé agus Ábraham agus Maois agus Iácob, agus na daoine naomhtha eile do glaodhadh i dtusach aimsire chun gnó Dé do dhéanamh ameasg daoine, ar an saoghal, agus chun aithne choiméad ag daoine ar Dhia. Na daoine a glaodhadh isteach sa n-obair ar an sémhadh h-uair agus ar an naomhadh h-uair, b'shiniad na fáidhe agus na ríghthe agus na daoine naomhtha eile do glaodhadh agus do ceapadh chun gnó Dé dhéanamh ameasg daoine sa tsean-reacht, ó aimsir Mhaoise go h-aimsir Chríosd. Ansan, an mhuintir a fuaradh 'n-a seasamh díomhaoin ag áit an mhargaidh tímpal an t-aon uair dhéag, b'shiniad na h-Aspoil agus mór-shluagh na nGeinte do ghlaoidh an Slánuightheóir féin isteach sa n-obair nuair a tháinig sé. Ansan, i dtaobh an pháigh a bhí ag an lucht oibre le fághail. Ba ró dheacair a chur 'n-a luighe ar aigne na n-Iúdach ná béadh éagcóir mhór déanta dá dtugtí dos na Geintibh, nuair a thiocfadh an Slánuightheóir, an
teidiol céadna chun aoibhnis na bhflathas a tabharfaí do shliocht Ábrahaim, do'n chine naomhtha a bhí toghtha ag Dia ó thusach aimsire. Chun a thaisbeáint ná béadh aon éagcóir i n-aon chor sa nídh sin iseadh do thug an Slánuightheóir an tsoluíd seo d'á dheisgiobulaibh. Thaisbeáin sé dhóibh go soiléir nár déineadh éagcóir ar an lucht oibre a tháinig isteach sa n-obair i dtusach an lae, mar go bhfuair gach fear díobh an págh ar ar socar- uigheadh leis, agus i n-inead éagcóra dhéanamh ar aoinne gur b'amhlaidh a dhein an máighistir gníomh fial nuair a thug sé iomláine an pháigh lae do'n mhuintir nár dhéin ach uair a' chloig oibre. Is dócha gur ceart a rádh anso ná raibh an págh lae chómh suarach i n-aon chor agus a mheasfadh duine ó'n bpingin. Is mó brígh atá leis an bhfocal "pingin" i n-éagmuis an phíosa bhig airgid ruaidh is eól dúinn go léir anois. Is gnáth linn féin, dá n-airighmís céad, nó trí nó ceathair de chéadaibh púnt a bheith ag duine, a rádh go mbéadh "pigin mhaith airgid" ag an nduine sin. Dá mb' í an phingin ruadh féin í, ní mar a chéile an luach a bhíon inti i gcómhnuighe. An t-é go mbéadh tistiún 'n-a phóca aige sa dúthaigh seo trí chéad bliadhan ó shin is mó an t-airgead a bhéadh aige 'ná mar a bhéadh anois ag an t-é go mbéadh púnt 'n-a phóca aige. Do cheannóchadh duine caora mhaith an uair sin ar thistiún. Níor ró olc an págh lae d'fhear oibre pingin de'n tistiún san. I dtaobh na pingine ar ar labhair an Slán- uightheóir sa tSoisgéal, tuigid lucht eóluis gur bh' fhiú dhá thistiún í. Pé rud ab fhiú í, b'í págh lae an fhir oibre í an uair sin, agus do ghlac an Slánuightheóir sa chéill sin í, agus do thuig na deisgiobuil sa chéill sin í. Nuair a thug fear an fhíonghuirt an págh lae sa n-iomláine do'n mhuintir nár dhein ach aon uair a' chloig
amháin d'obair an lae, níor dhein sé éagcóir ar an muintir a bhí ag obair ó thusach an lae. Ní lúgha 'ná mar a bhí éagcóir ag an Slánuightheóir 'á dhéanamh ar chine na n-Iúdach nuair a bhí an t-aoibhneas síoruidhe céadna, a bhí le fághail acu-san, aige 'á thabhairt dos na h-Aspoil agus dos na Críosdaidhthe fé 'n nDlígh nua. Ach is iongantach an claonadh chun an uilc atá i n-aigne an duine. Chómh luath agus chonaic an mhuintir a bhí ag obair ó mhaidin an mhuintir eile ag fághail na pingine, mheasadar láithreach go bhfaighidís féin breis do réir breise na h-oibre a bhí déanta acu. Ansan, ag breith- niughadh ó n-a dtaobh féin de'n sgéal, thuigeadar 'n-a n-aigne gur bh' é a gceart an bhreis sin a dh'fhághail. Ní bhfuaradar an bhreis. Do tugadh dóibh an díoluigheacht ar ar socaruigheadh leó. Tháinig fearg ortha, agus formad. Ní ghlacfaidís an phingin. Dúbhradar leis an máighistir go raibh éagcóir aige 'á dhéanamh ortha. Bhí fearg ortha chuige. Ní bhéadh aon fhearg ortha, bhéidís lán tsásta, dá mba ná tabharfaí do'n mhuintir a dhein an uair a' chloig oibre ach cothrom na h-aimsire sin de phágh. Ansan ní bhéadh éad ná fearg ná formad ortha, ná ní bhfaighidís aon locht ar an máighistir. Do dhein an máighistir gníomh fial nuair a thug sé an págh lae do'n mhuintir a tháinig déanach sa n-obair. Moladh a bhí tuillte aige mar gheall air sin. Ní moladh a fuair sé ó-s na fir úd ach cáineadh. Chuireadar éagcóir 'n-a leith agus an gníomh fial déanta aige. Chuireadar éagcóir 'n-a leith, bíodh gur tharaig sé a cheart go macánta do gach fear díobh. Is ró mhaith atá fios bríghe an sgéil sin againn go léir, a phobul. Ní h-aon sgéal nua dhúinn é. Is maith atá fhios againn ná fuil aon atharughadh sa sgéal san ó aimsir an tSlánuightheóra, d'á fhaid siar é. Isé an
sgéal céadna díreach anois é. Daoine ag eirighe i gcoinnibh Dé agus a gcroídhe lán d'fheirg agus d'fhormad agus de mhiosgais agus de mhailís agus de dhroch aigne má's dóich leó gur chuir Dia rath éigin nó séan éigin nó comaoine éigin ar a gcómharsain nár chuir sé ortha féin. Siné an t-éad céadna a tháinig i gcroídhe Chéin agus do chuir fhiachaibh air a dhriotháir do mharbhughadh. Bhí ídhbirt ag gach duine acu dh'á dhéanamh chun Dé. Bhí an croidhe go h-olc ag Céin, agus níor ghlac Dia an ídhbirt uaidh. Bhí croidhe Abel taithneamhach i láthair Dé, agus do glacadh an ídhbirt uaidh. Nuair a chonaic Céin an méid sin d'eirigh éad agus formad 'n-a chroídhe, agus mhairbh sé a dhriotháir. Rud iseadh formad ná deinean daoine puinn suime dhé uaireanta, b'fhéidir. Ba cheart suim a dhéanamh Dé, ámhthach. Deinean an Eaglais suim Dé. Áirighean sí é ar cheann des na seacht cinn-pheacaí marbha. Ní misde é dh'áireamh ortha, mar is préamh é ó n-a bhfásan mórán uilc. Díbirean sé amach as croídhe an duine an grádh ba cheart a bheith aige d'á chómharsain, agus cuirean sé fuath i n-inead an ghrádha. Ní féidir grádh do Dhia bheith sa chroídhe nuair a bhíon fuath do'n chómharsain ann. Nuair a bhíon grádh Dé agus grádh do'n chómharsain imthighthe as an gcroídhe cad a bhíon istigh ann 'n-a ndiaigh? Bíon an uile shaghas uilc. As fuath do'n chómharsain is ró fhuiriste díobháil do'n chómharsain a theacht. Tiocfaidh as an bhfuath, go tiugh, cúlchaint, agus tromaidheacht agus gearrachán, agus éitheach i riocht na fírinne, agus beagáinín fírinne agus mórán éithigh measgaithe air, i dtreó go ndéanfadh an beagán fírinne an t-éitheach do chur i bhfeidhm níos daingine. Ní'l aon teóra le malluightheacht na teangan nuair a bhíon an croídhe folamh ó ghrádh Dé agus na cómharsan,
agus gan istigh ann 'n-a n-inead ach an formad. Ní mharbhuighean duine dhe'n tsórd san an chómharsa, mar a mhairbh Céin a dhriotháir, ach deinean sé marbhughadh chómh h-olc leis, marbhuighean sé clú a chómharsan. Agus ní h-aon mharbhughadh amháin a dhéinean sé. Marbhuighean sé clú an uile dhuine n-ar féidir le n-a theangain teacht suas leis. Ní h-é sin féin, ach na daoine go mbíon sé ag cogarnaigh leó, cuirean sé isteach 'n-a gcroídhe an nimh atá istigh 'n-a chroídhe féin. Bíon sé 'ghá mealladh chun an uilc chéadna agus ag múineadh an uilc chéadna dhóibh go dtí go mbíd siad, ar ball, chómh h-olc leis féin. Ní h-aon iongnadh i n-aon chor go ndeir an Eaglais gur ceann des na cinn-pheacaí marbha an formad. Agus feuch mar a chuir sí an dá cheann-pheacadh san ar leithligh, formad agus fearg. Ba dhóich le duine gur bheag ná gur aon nídh amháin iad, agus feuch nách eadh. Dá mb' eadh ní thabharfadh an Eaglais inead fé leith do gach peacadh dhíobh. Bhéadh fearg ar dhuine, agus fearg mhór, agus ní dhéanfadh sé cúlchaint. Peacadh iseadh fearg, ach ní mar a chéile é agus formad. Má déintear olc ar dhuine beidh fearg air, b'fhéidir, agus déanfaidh sé olc i n-aghaidh an uilc. Ach fear an fhormaid, déanfaidh sé olc marbhuightheach ar dhuine nár dhéin aon olc riamh air. Is minic ná h-aithneóchá ar fhear an fhormaid go mbéadh aon droch nídh i n-aon chor istigh aige. Ghearrfadh sé do sgórnach agus é ag gáiridhe leat. Bíon an ghnúis geal aige agus a chroídhe chómh dubh le gual. Is minic, a Chríosdaidhthe, go mbíon a lán de'n fhormad san istigh i gcroídhe dhuine agus ná tugan an duine féin fé ndeara é. Rud iseadh formad a dh'éaluighean ar dhuine uaireanta. Nuair a chífir rud
éigin fóghanta ag Dia 'á thabhairt do dhuine eile, an saoghal ag eirighe leis an nduine sin níos fearr 'ná mar atá sé ag eirighe leat féin, agus ansan nuair a thiocfaidh an spriocadh, "Is fearr atá tógáilt cinn de'n tsórd san tuillte agam-sa 'ná aige sin," seachain an formad. Nuair a déarfaidh duine eile leat, duine ná feadair conus a bhéal a dh'éisteacht, "Ba chirte an tógáilt cinn sin a thabhairt duit-se 'ná é thabhairt dó san! Ba mhór an éagcóir é thabhairt dó san agus tusa dh'fhágáilt i n'éaghmuis," seachain an formad. Nuair a thiocfaidh béal-gan-sgoth chun cainte leat, agus dithineas air i dtreó go mbéadh tusach an sgéil aige, agus a déarfaidh sé, "Ó, airiú feuch! an rud úd a bhí geallta dhuit-se agus é tuillte go cruaidh agat, do tugadh do'n duine eile úd é nár thuill i n-aon chor é!" seachain an formad. Is ró dheacair é sheachaint, go minic, mar fhormad. Ach ní foláir é sheachaint. Ceann des na cinn-pheacaí marbha iseadh é. Ní foláir é sheachaint agus is fiú do'n Chríosdaidhe é sheachaint. An Críosdaidhe a sheachnóchaidh é seachnóchaidh sé na h-uilc úd go léir a dh'fhásan as, agus 'n-a theannta san beidh suaimhneas aigne air féin. Deinean fear an fhormaid mórán díobhála do'n uile dhuine a thagan crosta air, ach d'á mhéid díobháil a dheinean sé do dhaoinibh eile deinean sé díobháil is mó 'ná é dhó féin. Dá mba ar an saoghal so féin é ní fhágan sé aige féin ó mhaidin go h-oídhche ná ó Luan go Satharan ach croídhe cráidhte, croídhe cráidhte, croídhe cráidhte! An Críosdaidhe a sheach- nóchaidh an formad beidh síothcháin Dé 'n-a chroídhe ar an saoghal so, beidh grádh Dé agus grádh a chómharsan 'n-a chroídhe ar an saoghal so; is dóichígh-de san dó go mbeidh grásta Dé go flúirseach aige chun gach dualgais eile
do chómhlíonadh mar is cóir ar an saoghal so, agus chun aoibhnis na bhflathas a thuilleamh dó féin ar an saoghal eile. Go dtugaidh Dia san dúinn go léir ! Amen. XVII. AN DOMHNACH I SECSAGESIMA. Léightear an Soisgéal. (Lúcás 8) I dtaobh an tSoisgéil sin, a phobul, deir an Pápa naomhtha Gregóir, agus is fíor dó é, gur maith an rud dúinne mar a dhein an Slánuightheóir féin, moladh go deó leis, brígh na soluíde do nochtadh d'á dheisgiobulaibh. "Mura mbéadh gur dhein sé an nochtadh san," adeir Gregóir naomhtha, "cé chreidfeadh mo chaint-se dá n-abrainn gur bh' é saidhbhreas an tsaoghail seo na sgeacha? Tugan saidhbhreas an tsaoghail seo pléisiúr agus compórd do dhaoine. Ní'l aon chomparáid sa nídh sin le sgeachaibh ná le deilgnibh." Sin mar a labhran an naomh san ar an saidhbhreas agus ar na sgeachaibh. Agus bíodh ná feicfeadh duine ar an gcéad amharc fírinne na cosamhlachta, ní gádh dhó puinn machtnaimh a dhéanamh air nuair a chífidh sé glan go leór é. "An chuid a thuit ameasg na sgeach," arsa'n Slánuightheóir, "siniad an mhuintir a dh'airigh an focal, ach ag dul dóibh i ndiaigh cúraim agus i ndiaigh saidhbhris agus i ndiaigh pléisiúir an tsaoghail, múchtar iad agus ní thugaid siad aon toradh." 'Seo rud agus is dócha ná fuil duine óg ná aosta
sa phobul so nár airigh é go minic. Ruithean sgéal nua lá éigin ar fuid na dútha go bhfuair a leithéid seo nó a leithéid siúd na mílte púnt airgid agus gan aon choinne aige leis. Tar éis raint laethanta gheibhtear amach gur sgéal fíor é. Cad 'deir gach aoinne láithreach? "Ó," adeir gach aoinne, "déanfaidh an t-airgead san an donas air! Cuirfidh an t-airgead san ar a aimhleas é. Ní fhágfaidh an t-airgead san rath ná séan air. B'fhearra dhó ná feicfeadh sé aon leathphinge riamh de'n airgead san." Sin mar a labhran gach aoinne chómh luath agus a chíd siad gur sgéal fíor é. Ní'l ach aon duine amháin ná labhrann ar an gcuma san. Isé sin an t-é a gheibhean an t-airgead. Ní baoghal go measfaidh sé sin go ndéanfaidh an t-airgead díobhail dó. Agus rud greannmhar; an t-é is soiléire a chíon go ndéanfaidh an t-airgead díobháil do'n t-é a fuair é, ní chuirfeadh an saoghal 'n-a luighe air go ndéanfadh a'n t-airgead céadna blúire díobhála dhó féin dá mb' é a gheóbhadh é! Is ait an rud aigne an duine agus is iongantach mar a dhallan saidhbhreas aigne an duine. "Múchan sé iad agus ní thugaid siad aon toradh." Ba dheas an cheist í seo do dhuine le cur chuige féin. An dóich leat an raibh aon duine saidhbhir riamh ar an saoghal so do thuig i n' aigne go raibh a dhóithin aige? Ní dóich liom-sa go raibh. Agus rud is greannmhaire 'ná san féin, isé an t-é is mó a gheibhean an t-é is sia, i gcómhnuighe, ó n-a dhóithin a bheith aige. An t-é gur ráinig dó púnt a bheith aige bhéadh an sgéal go maith dá mbéadh an dá phunt ann. An t-é go bhruil céad púnt aige siúd amuich é, moch déanach, agus ní airighean sé fuacht ná fliuchra ná anródh ná tuirse ach é ag obair go fonnmhar feuchaint an bhféadfadh sé an dá chéad a chur le chéile. An fear go bhfuil míle púnt aige, sin
sguibh ar a bhéal agus faobhar ar a shúilibh, agus é ag gluaiseacht ó chathair go cathair agus ó bhanc go banc feuchaint an bhféadfadh sé bob a bhualadh ar dhuine éigin, nó cleas deighleála dh'imirt ar dhuine éigin, agus dá mhíle dhéanamh de'n mhíle púnt. Cad é an tairbhe Soisgéal do léigheadh ná seanmóin a thabhairt do dhaoinibh de'n tsórd san! Ní'l ann, mar a dúbhairt an Slánuightheóir, ach ag caitheamh an tsíl ameasg na sgeach. Sgeacha dáiríribh iseadh an saidhbhreas, agus sgeacha iseadh pé sólás nó pléisiúr saoghalta a gheibhtear as an saidhbhreas. Priocaid siad agus gearraid siad agus stracaid siad agus múchaid siad aigne an duine. Loitid siad aigne an duine i dtreó ná bíon sí choídhche ach go teinn agus go buartha agus go duairc. Agus fé mar a mhéaduighean an saidhbhreas méaduighean an teinneas aigne agus an bhuairt agus an duairceas. Measan an t-é a bhíon ag ruith i ndiaigh an tsaidhbhris go mbeidh áthas air nuair a gheobhaidh sé an rud atá uaidh. Tá dearmhad air. Gheóbhaidh sé áthar, ach is áthas é a chuirfidh teinneas croídhe air. Gheobhaidh sé pléisiúr, b'fhéidir, ach ní fada go dtuigfidh sé gur pléisiúr bréagach an pléisiúr, gur pleisiúr é go bhfuil eirball air, agus go bhfuil cealg nimhe sa n-eirball. Imtheóchaidh an pléisiúr agus fanfaidh an nimh. Beidh aigne an duine bhoicht sin ar buile leis an dteinneas a thagan ó'n nimh sin, ach ní dhéanfaidh an bhuile theinnis ach é chomáint sa n-anachain ag lorg tuille saidhbhris agus tuille pléisiúir agus tuille de'n nimh. Fé dheire tiocfaidh an bás air. Conus fhéadfaidh an duine sin aghaibh a thabhairt ar Dhia na glóire! Ach caithfidh sé aghaidh a thabhairt air. Ní'l aon dul uaidh aige. Caithfidh sé freagairt. Cad 'tá le rádh aige? Do múineadh fios
aitheanta a chreidimh dó go cruinn i dtusach a shaoghail. Do cuireadh ar a shúilibh dó go daingean nár cuireadh ar an saoghal so é chun aon tsaghas eile gnótha dhéanamh ach an gnó n-a mbéadh air freagairt ann nuair a ghlaodhfadh Dia as an saoghal é. Do thuig sé an méid sin go h-áluinn agus dhein sé beart do réir a thuisgiona ar feadh tamaill. Ansan tháinig an dúil sa tsaidhbhreas, nó an dúil sa phléisiúr, agus d'iompuigh sé i leith- taoibh. Ní baoghal gur a gan fhios dó féin a dh'iompuigh sé i leith-taoibh. Níor leig Dia riamh fós d'aon duine dul i leith-taoibh mar sin a gan fhios dó. Le linn é thabhairt an chéad choiscéim i leith-taoibh is cuimhin leis go maith conus mar a bhí greim diúid agá choinsias air istigh 'n-a chroídhe, a d'iaraidh é choimeád gan dul i leith- taoibh, a d'iaraidh é choimeád ar an slígh chóir, a d'iaraidh a chur fhiachaint air a leas a dhéanamh. Agus is cuimhin leis go h-áluinn conus mar a chuir sé lámh ar bhéal an choinsiasa chun a chur fhiachaint air éisteacht. Níor bh'fhuiriste a chur fhiachaint air éisteacht. D'éis- teadh sé ar feadh tamaill, b'fhéidir, an fhaid a bhíodh an fiadhach ar siúbhal i ndiaigh an tsaidhbhris agus i ndiaigh phléisiúir an tsaoghail. Nuair a bhíodh an gleó imthighthe agus an ciúnas agus an t-uaigneas tagaithe i n'inead, thosnuigheadh an coinsias ar chogarnach a dhéanamh. B'shin í an chogarnach ghéar, an chogarnach ghunta, an chogarnach dob' aoirde 'ná tóirthneach. Níor fhéad an duine an chogarnach san a sheasamh. Níor bh' fholáir dó géilleadh do'n chogarnach agus a leas a dhéanamh, nó stop a chur leis an gcogarnaigh. Níor theastuigh uaidh a leas a dhéanamh. Dúbhairt sé leis an gcogarnaigh gan bheith 'ghá bhodhradh! Ní raibh aon mhaith dhó ann. Do lean an chogarnach. Grásta ó Dhia ab eadh an chogarnach. D'á mhéid a mheas sé cosg a chur
léi iseadh is mó do labhair sí. Fé dheire chuir sé lámh ar a sgórnaigh agus thacht sé í. Do thacht sé a choinsias. Ansan bhí cead a chinn agus a chos aige. Siúd ar aghaidh ansan é i ndiaigh an tsaidhbhris agus i ndiaigh gach pléisiúir a bhí i gcoinnibh dlíghe Dé. Siúd ar aghaidh ansan é, gan chosg gan stad gan staonadh, go dtí go dtáinig deire an chúrsa air abhfad sar a raibh aon choinne aige leis. Ó, is cuimhin leis an gnó go léir go h-áluinn. Caithfidh sé seasamh anois i láthair Dé na glóire agus freagairt. Cad é an fhreagairt atá aige se déanamh? Is cruaidh an cheist í, a phobul, agus is cruaidh an cás n-a bhfuil an duine sin ann, tar éis a shaoghail riamh, tar éis an ráis go léir i ndiaigh an tsaidhbhris bhréagaigh, i ndiaigh an phléisiúir bhréagaigh. B'fhéidir, tré mhór- thrócaire an tSlánuightheóra, go bhfaghadh sé sagart agus ola agus aithrighe sar a nglaodhfaí chun siúbhail é. Ach b'fhéidir eile ná faghadh. Ní fheadair aoine. Sin rud nách féidir d'aoinne aon bhreitheamhantas do leagadh air. Ach pé deire bheidh ar an sgéal dó, ní baoghal ná go dtuigfidh sé an uair sin ná fuil i saidh- bhreas agus i sólás agus i n-aeraigheacht an tsaoghail seo ach sgeacha agus deilgne agus nimh. B'fhearr é thuisgint i n-am 'ná bheith 'ghá thuisgint i n-antráth. An duine a dhiúltóchaidh d'é thuisgint i n-am ní'l aon dul aige ó é thuisgint i n-antráth. An t-é thuigfidh i n-am é coimeádfaidh sé é féin, le grásta an tSlánuightheóra, amach as na sgeachaibh agus as na deilgnibh i gcaitheamh an téarma bhig seo atá le caitheamh ag an t-é is sia a mhairfidh, ar an saoghal so, agus beidh saidhbhreas nách bréagach, sólás gan buairt i bhfolach ann, pléisiúr gan dríodar nimhe ann, aige ins na flathais ar feadh na síoruidheachta. An t-é ná tuigfidh i n-a-m é tuigfidh sé go h-áluinn i n-antráth é. Chífidh sé go soiléir ná fuil
aige i gcóir na síoruidheachta, tar éis a shaoghail riamh, ach luaithreach an tsaidhbhris, an bhuairt a bhí i bhfolach sa n-áthas go léir, dríodar nimhe an phléisiúir agus na h-aeraigheachta, agus rud is measa agus is géire 'ná iad san go léir, an bhuairt mharbhuightheach a thioc- faidh air nuair a chífidh sé cad 'tá caillte aige. Go saoraidh Rígh na glóire sinn, a Chríosdaidhthe, ó n-a leithéid sin de chrích agus ó n-a leithéid sin de bhuairt! 'Seo rud, a phobul, a dheinean trócaire Dé do Críos- daidhthibh uaireanta, chun iad a choimeád ó'n ndroch chrích sin. Is eól dúinn go léir gur minic le feisgint Críosdaidhthe fóghanta, daoine macánta, diadha, agus iad ag obair ó dhubh go dubh agus ó Luan go Satharn, agus pé cor a thabharfaidís dóibh féin ná féadfaidís aon rud i bhfuirm saidhbhris do chnuasach ná chur le chéile. Chómh luath i n-Éirinn agus a ráinighean dóibh aon fhághaltas beag a bheith i dteannta 'chéile acu siúd chúcha tionóisg éigin, nó umárd éigin, nó glaodhach éigin ná raibh coinne leis, agus a bhéarfaidh chun siúbhail é. Tosnóchaid siad airís agus déanfaid siad cruinniughadh beag eile. Déanfaid siad é go macánta agus go dleaghthach, le h-allus a ngruadh féin agus le n-a gcríochnamhlacht féin, gan baint i n-aon chor le cuid aon chómharsan. Isé an sgéal céadna é. Ní túisge bhíon an cruinniughadh beag eile déanta 'ná mar a thagan rud éigin eile, le leamhnughadh Dé, chun é bhreith chun siúbhail. Agus feuch. Isé saghas ruda a thagan go minic chun an fhághaltais bhig a bhreith chun siúbhail 'ná gnó éigin, nó diúité éigin, nách foláir a dhéanamh má's maith leis an gCríosdaidhe an ceart a dhéanamh i dtaobh Dé. Is cuma an sgéal uaireanta agus dá n-abradh an Slánuightheóir leis an gCríosdaidhe: "Tá an méid sin cruinnighthe agat. Tabhair dómh-sa anois é. Tá gádh agam leis." Is deacair
sgaramhaint leis. Ach tugan an Críosdaidhe uaidh é, agus cromhan sé a cheann airís chun na h-oibre, agus chun fághaltais bhig eile chruinniughadh le congnamh Dé. Sin mar a chaithid mórán des na Críosdaidhthe a saoghal ar an dtaobh so de'n bhás. Agus cad é an brígh atá leis? Sidé an brígh atá leis, a phobul. An Slánuightheóir féin atá ansúd ag faire ortha, do ló agus d'oídhche, 'ghá gcoimeád amach as na sgeachaibh agus as na deilgnibh, as an saidhbhreas bréagach agus as na mílte mí-adh agus mí-fhortiún agus aimhleas a leanan é ar an saoghal so, agus as an mí-ádh thar gach mí-ádh a thugan sé ar an anam i gcóir na síoruidheachta, ar an saoghal eile. Tá Críosdaidhthe, a phobul, atá ag caitheamh a dtréimhse ar an saoghal go Críosdamhail agus go diadha, gan puinn de shaidhbhreas an tsaoghail acu, agus go bhfeicean Dia, ó is É a chíon gach uile nídh, ná féadfadh grásta Dé aon ghreim a choimheád ortha, gan mírbhuilt éigin ó Dhia, dá mbéadh tarang acu ar shaidhbhreas. Ní dhéinean an Slánuightheóir an mhírbhuilt chun iad a chosaint ar olc an tsaidhbhris, ach coimeádan sé an saidhbhreas uatha. Sin adhbhar machtnaimh do Chríosdaidhthibh nuair a bheidh an saoghal ag gabháil 'n-a gcoinnibh. Cuimhnighdís 'n-a n-aigne gur b' é an Slánuightheóir féin, moladh go deó leis ! atá 'ghá gcosaint ar na sgeachaibh agus ar na deilgnibh, ar an saidhbhreas bréagach agus ar gach aimh- leas atá 'ghá leanmhaint, i dtreó ná béadh aon rud le teacht idir iad agus an fíor-shaidhbhreas, an saidhbhreas ná caillfidh ar aoinne, saidhbhreas na bhflathas, an saidhbhreas gur fhuiling an Slanuightheóir bás ar chrann na croise chun é cheannach agus do chur i n-áirighthe dhúinn go léir. Go gcuiridh an Slánuightheóir gléigeal, tré impidhe na Maighdine Muire, an saidhbhreas uasal san i n-áirighthe dhaoibh-se agus dómh-sa. Amen.
XVIII. An Domhnach i gCuincuagesima. Léightear an Soisgéal. (Lúcás 18.) Tá aon nídh amháin sa tSoisgéal san, a phobul, agus is dócha go ndéanfadh sibh-se iongnadh dhé. Bhí an t-am ag teacht do'n tSlánuightheóir, moladh go deó leis, chun na h-oibre dhéanamh a thug ar an saoghal so é, chun na cine daona do shaoradh le n-a bhás ar chrann na croise. Do thóg sé leis i leith-taoibh an dáréag agus d'inis sé dhóibh conus a bhí an obair sin le déanamh. D'inis sé dhóibh nár bh'fholáir dó féin an pháis a dh'fhulang; go dtabharfaí suas dos na céastóiríbh é; go ngeóbhfaí de sgiúirsíbh air ; go dtabharfaí an uile shaghas masladh agus tarcaisne dhó ; ansan go gcurfaí chun báis é; agus ansan airís, go n-eireóchadh sé ó'n mbás an trímhadh lá. Bhí an dáréag ag éisteacht leis. Deir an Soisgéal, ámhthach, focal a chuirean iongnadh orainne. Deir an Soisgéal nár thuigeadar an chaint. "Agus níor thuigeadar-san aon nídh des na neithibh sin, agus bhí an chaint sin folaighthe uatha, agus níor thuigeadar na neithe a dúbhradh." Siné an tuairisg a thugan an Soisgéal ar an dáréag nuair a dúbhairt an Slánuightheóir an chaint sin leó, nuair a dh'inis sé dhóibh roimh ré, ar an gcuma san, conus mar a bhí sé chun na páise dh'fhulang agus chun báis a dh'fhulang; agus go n-eireóchadh sé airís ó'n mbás. Déarfadh duine gur bh' uathbhásach an sgéal a rádh nár thuigeadar an méid sin, tar éis a raibh de theagasg tabhartha aige dhóibh i
gcaitheamh na h-aimsire a bhí caithte acu ag éisteacht leis. Is dóich liom, ámhthach, má dheinimíd raint machtnaimh ar an sgéal, go n-imtheóchaidh an iongnadh dhínn. Nídh ab eadh páis agus bás agus aiseirighe ár Slánuightheóra ná feacathas a leithéid riamh roimis sin ar an saoghal, i n-aon pháirt de'n domhan. Nídh ab eadh é nár tháinig machtnamh i gceart ar a leithéid isteach i n-aigne aon duine riamh roimis sin. Bhí, gan amhras, targaireachtaí ins na fáidhíbh 'ghá innsint go dtiocfadh an Slánuightheóir agus go bhfuilingeóchadh sé pianta uathbhásacha. Ach is ró bheag de'n phobul Eabhra do dhein breithniughadh ceart ar thargaireachtaíbh na bhfáidh, ná ar an gcaint a bhí ionta, ná ar bhrígh na cainte. An saoghal so, aer an tsaoghail seo, baois an tsaoghail seo, uabhar an tsaoghail seo, saidhbhreas an tsaoghail seo, pléisiúr an tsaoghail seo, siniad na neithe a bhí ag déanamh buartha do'n chuid ba mhó de'n phobul Eabhra, i gcaitheamh a n-aimsire go léir nách mór; agus ní targaireacht, ná fáidh, ná Slánuightheóir le teacht, ná an chuma 'na ndéanfaí an slánughadh. Má bhí na daoine go raibh tabhairt suas ortha agus go raibh eólus ar leabhraibh agus ar léighean acu, má bhíodar chómh beag san tuisgint, chómh beag san suim i dteacht an tSlánuightheóra agus sa n-obair a bhí le déanamh aige, agus i nádúr na h-oibre sin, conus fhéadfadh aon tuisgint i dtaobh oibre an tSlánuightheóra a bheith i n-aigne na coitchiantachta, i n-aigne na ndaoine ná raibh leabhar ná léighean acu, ná aon tabhairt suas ortha? Ach pé daoine n-a mbéadh an tuisgint acu ná ná béadh, ní baoghal go bhféadfadh puinn dé a bheith ag na h-iasgairíbh bochta ná raibh aithne ná eólus acu ar aon rud ach ar a ngnó beag féin. D'á bhrígh sin, nuair a labhair an Slánuightheóir an chaint úd
leó, ní h-aon iongnadh gur b' amhlaidh a leath a meabhair ortha agus nár thuigeadar cad dó go raibh sé ag tagairt. Mírbhuiltí iseadh chonacadar uaidh go dtí san. Cómhacht Dé d'á cur i ngníomh coitchianta os cómhair a súl. Conus a dh'fhéadfadh san teacht isteach le sgiúrsáil agus le tarcaisne agus le cur chun báis! Gan amhras, d'á dtugtí solus ó Dhia dhóibh chun an ghnótha san a thuisgint do thuigfidís é. Ach níor tugadh, an uair sin. "Bhí an chaint sin folaighthe uatha." Bhí a n-aigne dall, gan radharc, agus níor bh'fholáir mírbhuilt a dhéanamh dóibh chun an radhairc aigne a bhí i n-easnamh ortha do thabhairt dóibh. Do tugadh dóibh an radharc san 'n-a dhiaigh san nuair a thúirling an Spioraid Naomh ortha. Anois tabhair fé ndeara cad a thuit amach láithreach i ndiaigh na cainte sin a dúbhairt ár Slánuightheóir agus nár thuig an dáréag. "Bhíodar ag teacht i gcómhgar do'n chathair sin Iericó agus bhí dall i n-aice an bhothair." D'airigh an dall na daoine go léir agus iad ag siúbhal. D'airigh sé an choisigheacht. D'fhiafraigh sé cad fé ndear an ghluaiseacht go léir. Do h-innseadh dó gur bh' é Íosa Nasaret a bhí ag gabháil an treó san. Bhí fhios aige láithreach gur bh' shiné an duine a bhí ag tabhairt radhairc dos na dallaibh go léir. Do liúigh sé amach láithreach, "A Íosa, a Mhic Dáibhid, dein trócaire orm!" Níor bh'fhéidir é chosg ar an liúireach go dtí gur tugadh i láthair an tSlánuightheóra é agus gur thug an Slán- uightheóir cómhachtach, moladh go deó leis, a radharc dó. Measaim, a phobul, nách gan adhbhar a dhein an Slánuightheóir an mhírbhuilt sin ar an ndall láithreach, nó go luath, i ndiaigh na cainte a dhein sé leis an dáréag. Do dhein sé an chaint leis an dáréag agus níor thuigeadar brígh ná bunús na cainte.
Bhíodar ag éisteacht le fuaim na bhfocal. Thuigeadar na focail. Bhí fhios acu go maith cad é an brígh a bhí le sgiúrsáil agus le caitheamh seilí agus le fonamhaid agus le tarcaisne agus le tárnáil ar chrois. Ach níor thuigeadar, an uair sin, mar a thuigeadar 'n-a dhiaigh san é, cad é an toradh do'n chine daona go léir a bhéadh ar na neithibh sin nuair a dh'fhuilingeóchadh an Slánuightheóir iad, ná cad é an brígh a bhí le h-é 'ghá bhfulang i n-aon chor. Bhí a n-aigne dall air sin, díreach fé mar a bhí súile an daill dall ar na neithibh a bhí 'n-a thímpal. Measaim gur dhein an Slánuightheóir an mhírbhuilt sin ar an ndall chóm h-achmair do'n chaint a dhein sé leis an dáréag, an chaint go raibh a n-aigne dall uirthi, chun a chur i n-iúil do'n chine daona go bhfuil aigne an duine, mura dtugtar solas na ngrást dó, chómh dall ar chuid des na neithibh a bhainean le creideamh, agus a bhí súile an daill úd ar na neithe a bhí 'n-a thímpal, go dtí gur deineadh an mhírbhuilt a thug a radharc dó. D'airigh an dáréag an chaint. Ní fheacaidh a n-aigne sa chaint sin aon phioc de'n bhrígh a chíon gach aon Chríos- daidhe inti ó'n lá a thúirling an Spioraid Naomh, an chéad Domhnach Cíncíse. Tabharthas ó Dhia ab eadh an Spioraid Naomh, agus tabharthas ó Dhia iseadh an creideamh. Fé mar a thug an mhírbhuilt a dhein an Slánuightheóir air, radharc a shúl do'n dall úd, do thug teacht an Spioraid Naoimh solus aigne dos na h-Aspoil agus dos na deisgiobuil i dtreó go raibh cumas creidimh acu ná raibh acu roimis sin. Dhein an Slán- uightheóir an mhírbhuilt chun radhairc a shúl a thabhairt do'n dall. Níor dhein sé aon mhírbhuilt chun radhairc na h-aigne, an radharc a bhainean le creideamh, a thabhairt do'n dáréag. B'éigean dóibh fanamhaint le teacht an Spioraid Naoimh. Taisbeánan san gur mó
go mór le rádh radharc na h-aigne 'ná radharc na súl. Ní bhainean radharc na súl ach leis an saoghal so. Bainean radharc an chreidimh leis an saoghal eile. Is féidir do dhochtúir go minic radharc súl a thabhairt do dhuine. Ní féidir d'aon chómhacht shaoghalta creideamh a thabhairt do dhuine. Ar deineadh riamh de mhúineadh; ar tugadh riamh de theagasg; ar léigheadh riamh de leabhraibh; ar cruinnigheadh riamh d'eólus; ní thabhar- faidís creideamh do dhuine gan solus ó ghrásta Dé, solus ó'n Spioraid Naomh, do theacht laistigh de'n mhúineadh, laistigh de'n teagasg, laistigh de'n eólus. Siné cúis n-a dtugtar sobháilcí diadha ar na trí sobháilcíbh sin, creideamh agus dóchas agus carthanacht. Ach bíodh gur mó go mór le rádh an radharc creidimh sa n-aigne 'ná an radharc corpartha ins na súilibh, tá cosamhlacht mhór eatortha ar aon chuma amháin pé 'n- Éirinn é. An dall úd gur thug an Slánuightheóir a radharc dó le mírbhuilt, d'fhéadfadh sé an radharc san a chailleamhaint airís. D'fhéadfadh sé é chailleamhaint le galar. D'fhéadfadh sé é chailleamhaint le h-éagcóir a dhéanamh ar a shúilibh. D'fhéadfadh sé é chailleamhaint ar fiche slígh. Agus d'fhéadfadh duine an creideamh a dh'fhághail le solus ó'n Spioraid Naomh, agus é bheith aige go fírinneach ar feadh abhfad, agus é chailleamhaint n-a dhiaigh san. Nuair a dheinean duine peacadh deinean sé éagcóir ar a chreideamh. Deinean sé gortughadh ar shúilibh a chreidimh. Tugan sé an t-éitheach d'á chreideamh. Deir a bhéal, "Creidim i nDia," agus deir a ghníomh, "Ní chreidim." Má dheinean sé an peacadh an tarna h-uair tá an gortughadh níor troime agus níos géire. Má leanan sé de'n pheacadh, i n-aimhdheóin a choinsiasa, ní fada go dtí ná beidh an "Creidimh i nDia" ach 'n-a
bhéal aige, agus ná beidh 'n-a chroídhe ar fad ach "Ní. chreidim." Beidh solus na ngrást ag lagughadh agus ag dorchughadh istigh 'n-a chroídhe go dtí, fé dheire, ná beidh aon leus radhairc i n-aon chor istigh, ach an doir- cheacht ar fad. Deirim, a phobul, gur féidir do dhuine an creideamh a chailleamhaint ar an gcuma san, agus gur crith-eaglach an obair d'aon Chríosdaidhe leigint do sholus a chreidimh sleamhnughadh uaidh mar sin. Tá sé ag imtheacht ameasg na gcómharsan, agus ní'l aon phioc d'á fhios ag aoinne ach ag Dia na glóire gur duine gan creideamh é. Téidhean sé go h-Aifrean an Domhnaigh, b'fhéidir, agus éistean sé le seanmóin. Ní bheirean an tseanmóin aon ghreim ar chroídhe ná ar aigne air, mar ní'l aon tsolus istigh. Tá brígh na cainte folaighthe uaidh. Ní'l aon bhuairt aigne air, mar ní fheicean sé aon rud a dhéanfadh aon bhuairt dó. Ní fheicean sé aon rud a chuirfeadh buairt ná eagal air ach chómh beag agus do chífeadh an dall an poll a bhéadh ar a aghaidh amach, go dtí go dtuitfeadh sé ar mhullach a chinn isteach ann. Tá an poll ar aghaidh an duine sin amach, an poll agus é ar leathadh. Ní'l aon dul ó'n bpoll san aige. B'fhéidir go bhfuil sé tamaillín uaidh. B'fhéidir go bhfuil sé buailte leis. Bíodh sé fada nó gairid uaidh ní'l aon teip ná go raghaidh sé isteach ann. Ansan iseadh a dh'osgalóchar a shúile. Ansan iseadh chífidh sé fírinne an chreidimh, ach ní creideamh ansan dó é ach radharc a shúl féin. Ní creideamh d'aoinne radharc a shúl féin a dh'admháil. Cad é an buidheachas is cóir a bheith ar aoinne mar gheall ar radharc a shúl féin a dh'admháil? " Deimhne ar na neithe ná feictear," a thugan Naomh Pól ar chreideamh. Sin é an creideamh a gheobhaidh tuaras- dal ó Dhia. Nuair a dh'imtheóchaidh duine as an saoghal so agus sheasóchaidh sé i láthair Dé, ní'l ar a chumas a
thuille "Ní chreidim" do rádh. Déarfaidh sé "Creidim i nDia" ansan agus nára' maith aige. Ní h-aon tairbhe dhó ansan é. Chífidh sé ansan go soiléir go raibh sé ceart aige "Creidim i nDia" do rádh i gcaitheamh a shaoghail anso, agus an focal a bheith istigh 'n-a chroídhe aige chómh maith agus bhí sé 'n-a bhéal aige, agus beart a dhéanamh do réir an fhocail i gcaitheamh a bheatha. Chífidh sé nídh eile go soiléir, leis. Chífidh sé go bhfuil aoibhneas síoruidhe caillte aige mar gheall ar a chreideamh a chailleamhaint, agus gur b' é féin fé ndear an dá chailleamhaint, mar gur le 'n-a thoil mhacánta féin a mhúch sé solus an chreidimh istigh 'n-a chroídhe féin. Dá n-abradh duine an uair sin leis, "Cad é an leigheas a bhí agat-sa ar na peacaíbh a dheinis nuair a bhí solus an chreidimh imthighthe uait?" Is tapaidh a thabharfadh sé féin an freagra, "Is mé féin a mhúch an solus. Nuair a bhíos 'ghá mhúchadh bhí fhios agam cad a thiocfadh as. Ba chuma liom cé 'cu an uair sin. Ní féidir dom an milleán a chur ar aoinne anois ach orm féin. Ní'l aon lá ó thosnuigheas ar an solus a chur i n-éag ná raibh ar mo chumas leigint dó lasadh suas dá mba mhaith liom é. Nuair a bhí sé i n-éag ar fad do lasfaí airís dom é dá leiginn é lasadh. Níor leigeas. Ní raibh aon lorg ar sholus agam. B'é an doircheacht ab fhearr liom. B'é ba shuaimhneasaighe an uair sin, dar liom. Mé féin fé ndear an t-olc go léir agus an chailleamhaint go léir. Aoibhneas na bhflathas caillte agam! Dia na glóire 'n-a namhaid agam! Teínte ifrinn le fághail agam! Pianta síoruidhe! Pianta síoruidhe! Pian is géire 'ná gach pian, mé féin fé ndear an t-olc go léir!" Ní staraidheacht cainte í sin, a phobul. Fírinne iseadh
í. Chun sinne do shaoradh ó-s na pianta síoruidhe sin iseadh dh'fhuiling ár Slánuightheóir pianta na páise. Mura mbéadh na pianta síoruidhe a bheith chómh dian, chómh daor, chómh h-olc, cad ba ghádh an ceannach mór ar fad? Nách uathbhásach an bhuile díthcéille nách foláir a bheith ar an gCríosdaidhe do dhúnfaidh a shúile, súile a chreidimh, agus do ghluaiseóchaidh ceann ar aghaidh, sa tslígh a sheólan chun ifrinn, tar éis ar dhein an Slán- uightheóir chun é shaoradh ó ifrean! Iompuigh, a Chríosdaidhe, iompuigh i n-ainim Dé agus Mhuire. Osgail súile do chreidimh agus iar ar Dhia solus a chur ionta, fé mar a dh'iar an dall úd i n-aice Ierichó ar an Slánuightheóir solus a chur 'n-a shúilibh chorpartha. Cómhairleóchaidh an saoghal so dhuit éisteacht, gan bheith ag déanamh toirmisg, díreach mar a chómhairligh an tsluagh, an uair úd, do'n dall éisteacht agus gan bheith ag déanamh toirmisg. Ach ná cuir-se suim i nglór an tsaoghail seo. Liúigh ar an Slán- uightheóir agus iar air solus an chreidimh do chur ar lasadh airís ad' chroídhe. Déanfaidh an Slánuightheóir duit-se é chómh maith agus a dhein sé do'n dall radharc a shúl a thabhairt dó. Feuchfair ad' thímpal ar gach aon rud, le radharc creidimh, agus taisbeánfaidh grásta Dé dhuit cad is ceart duit a dhéanamh chun dul ó phiantaibh síoruidhe ifrinn agus chun aoibhnis shíoruidhe na bhflathas, an t-aoibhneas a cheannuigh an Slánuightheóir duit, do chur i n-áirighthe dhuit féin. Go dtugaidh Dia dhúinn go léir, tré impidhe na Maighdine Muire, an t-aoibhneas síoruidhe sin do chur i n-áirighthe dhúinn féin. Amen.
XIX. CÉADAOIN AN LUAITHRIGH. Léightear an Soisgéal. (Maitiú 6.) Ní dócha, a phobul, go bhfuil aon nídh le fághail fé bhun Dé ar an dtalamh so is mó gur ceart gráin a bheith air agus fuath a bheith dhó 'ná naomhthacht bhréagach. Rud grána d'aon duine iseadh bheith 'ghá leigint air go bhfuil tréithe maithe ann agus gan iad ann, agus a fhios aige ná fuilid. Bréag 'n-a beathaidh iseadh beatha an duine sin. Ach nuair a luighean duine amach ar a chur i n-iúil dúinn go léir gur duine ana naomhtha é, agus a fhios aige istigh 'n-a chroídhe ná fuil sé ach 'ghá leigint air, is ró dheacair ainim a dh'fhághail a bheidh olc a dhóithin do'n ghníomh feill atá ag an nduine sin 'á dhéanamh. Tá sé olc a dhóithin ag duine bheith 'n-a dhroch pheacach i láthair Dé, ach bheith 'ghá leigint air, sa n-am gcéadna, i láthair daoine, gur naomh é! Is ró dheacair do Dhia na glóire, moladh go deó leis, foidhneamh leis an nduine sin. Ar dhaoine de'n tsórd san iseadh do labhair an Slánuightheóir an chaint seo atá i Soisgéal an lae seo againn. "Deinid siad," ar seisean, "a gceannacha mí-lítheach i dtreó gur dhóich le daoine iad a bheith ag déanamh trosgaidh." Ansan deir sé focal eile agus is cóir dúinn machtnamh a dhéanamh air go dlúth. "Deirim libh, go deimhin," ar seisean, "go bhfuil a ndíoluigheacht féin fághalta acu." Cad é an díoluigheacht é sin a bhí fághalta acu agus
do ghearr amach iad ó aon díoluigheacht eile dh'fhághail? "A ndíoluigheacht féin" a thugan an Slánuightheóir air. Cad é an díoluigheacht é, a phobul? Sidé é. Isé nádúr na ndaoine riamh go mbíon uraim ana mhór acu do naomhthacht beatha nuair a chíd siad é. Má's naomhthacht fhírinneach é is ceart an uraim sin a thabhairt dó. Nuair a chíd na daoine cómharthaí so- fheicse naomhthachta tuigid siad 'n-a n-aigne go bhfuil an naomhthacht sa n-áit 'n-a bhfeicid siad na cómharthaí. Nuair a chíd siad an aghaidh bhán, mhí-lítheach agus an ghnúis ghruama, dhorcha, gan sult gan gáire ann, "Ó," adeirid siad leó féin," is ana naomhtha an duine é sin! Is uathbhásach a ndéinean sé de throsgadh agus de thréadhnas agus de chlaoidh ar a cholainn ar gach aon tsaghas cuma, nó ní bhéadh an driuch san air." Ansan tagan árd uraim acu do'n duine sin. Tá daoine ann, a phobul ; bhíodar ann an uair sin, pé 'n-Éirinn é, agus bhí ana dhúil acu sa n-uraim sin ó'n bpoibilidh- eacht, ach ní raibh aon dúil i n-aon chor i dtrosgadh ná i dtréadhnas acu, ná i n-aon nídh eile do ghoillfeadh ar an gcolainn ná do chuirfeadh aon tsrian le h-ainmhiantaibh na colna. Cheapadar an uraim a dh'fhághail ó'n bpoibilidheacht agus gan aon trosgadh dhéanamh chun na h-urama thuilleamh. Ansan do thánadar ar a n-aghaidh agus dheineadar rud éigin leis a chuir an dath mí-lítheach air i dtreó gur dhóich leis na daoine go raibh an trosgadh acu 'á dhéanamh. Bhuail- eadar bob ar na daoine ar an gcuma san agus fuaradar an uraim a bhí uatha. B'shin cuid d'á ndíoluigheacht féin. Má dhein cuid acu trosgadh dáiríribh, agus gur chun na h-urama san a dh'fhághail ó'n bpoibilidheacht a dhein- eadar é, agus go bhfuaradar an uraim sin a bhí uatha,
bhí a ndíoluigheacht fághalta acu, an díoluigheacht a bhí uatha, agus ní raibh aon teidiol acu chun aon tsaghas eile díoluigheachta. Ní raibh aon teidiol acu chun aon díoluigheachta dh'fhághail ó Dhia na glóire mar gheall ar an dtrosgadh a dheineadar má ba throsgadh dáiríribh féin é. Bhí an sgéal go h-ait acu. Uraim agus creideamhaint acu ó dhaoine mar 'dh eadh go rabhadar ana naomhtha, ana uasal i láthair Dé, agus gan blúire bríghe leis an gcreideamhaint ná leis an naomhthacht ná leis an uaisleacht, i láthair Dé. Ainim naomhthachta ortha agus gan acu ach an ainim. An trosgadh agus an tréadhnas déanta acu, b'fhéidir, agus gan pioc d'á bhárr acu ach an rud san gan ghus gan tairbhe, moladh ó bhéalaibh daoine, moladh baoth, moladh bréagach, moladh ná creidid na daoine a thugan é, go minic. Is suarach an tuarasdal é, ach isé an tuarasdal a bhí uatha é, agus ní'l aon teidiol acu chun aon tuarasdail eile. Bhí daoine de'n tsórd san ar an saoghal le linn ár Slánuightheóra. Tá daoine de'n tsórd san ar an saoghal fós. Is mairg a dhéanfadh aithris ortha. Do chómh- airligh ár Slánuightheóir d'á dheisgiobulaibh gan aithris a dhéanamh ortha. "Ach tusa," ar seisean, "nuair a dhéanfair trosgadh, cuir oíle ar do cheann agus nigh t' aghaidh, i dtreó ná h-aithneóchaid daoine tú bheith ag déanamh trosgaidh, ach go n-aithneóchaidh t' Athair é atá fé cheilt, agus go dtabharfaidh t' Athair, a chíon fé cheilt, do dhíoluigheacht duit." Tá Críosdaidhthe ann, buidheachas le Dia, agus ní cuid bheag acu é, agus deinid siad an chómhairle sin do ghnáth. Pé gníomhartha maithe, diadha, a dheinid siad, a gan fhios do'n tsaoghal iseadh dheinid siad iad. Coimeád- aid siad an sgéal go léir idir iad féin agus Dia na
glóire. Chíon Dia iad a gan fhios do'n tsaoghal, agus tabharfaidh Dia dhóibh, a gan fhios do'n tsaoghal, tuarasdal agus díoluigheacht ná féadfadh an saoghal a thabhairt dóibh. Is ar Chríosdaidhthibh de'n tsórd san is ceart dúinn aithris a dhéanamh agus ní h-ar dhaoinibh baoithe, ar dhaoinibh leanabaidhe, ná féadfadh an gníomh fóghanta is lúgha a dhéanamh mura molfaí iad. Tá an sgéal olc go leór, a phobul, ag na daoine a dheinean na deagh-oibreacha agus do loitean iad leis an ndúil bhaoth a bhíon acu go molfaí iad. Ach cad 'tá againn le rádh leis an nduine a bheidh 'n-a dhiabhal ó ifrean a gan fhios do'n tsaoghal, agus a bheidh 'ghá leigint air os cómhair na poibilidheachta gur naomh é! Ní'l aon dabht ar domhan air ná go raibh daoine de'n tsórd san ameasg na n-Iúdach i n-aimsir ár Slán- uightheóra. Siniad na daoine a chuir sé féin, moladh go deó leis, i gcomparáid leis na tuamaíbh a bhí aolta, geal, glan, lasmuich, agus gan istigh ionta ach an bréantas, gan istigh ionta ach na cuirp a bhí ag dreóghadh agus ag lobhadh agus ag tuitim as a chéile, agus go marbhóchadh aon phuth amháin d'á mbréantas an fear is treise ar an gcnoc! Ba chruaidh an chomparáid í, a phobul, ach isé Béal na Fírinne do dhein an chomparáid. Ní baoghal go ndeighidh sé thar an bhfírinne sa chomparáid. Agus feuch. Na daoine ar ar dhein sé an chomparáid chruaidh sin, daoine galánta, creideamhnacha ab eadh iad ; daoine a bhí uasal ameasg a gcómharsan; daoine go raibh ainim agus cáil agus clú naomhthachta ortha; daoine, ba dhóich leat, do shéidfeadh fuil-shrón dá mbéadh sé de sgairt ag aoinne peacadh chur 'n-a leith! Agus do chuir an Slánuightheóir i gcomparáid iad leis an dtuama a bhí aolta, geal, glan, lasmuich, agus gan istigh ann ach an bréantas.
Dúbhairt an Slánuightheóir, leis, an focal eile úd leó. "Tá," ar seisean, "a dtuarasdal féin fághalta acu." Bhí a dtuarasdal fághalta ag an muintir a dhein na fíor dheagh-oibreacha, ach do dheiniad chun go molfaí iad. Bhí a dtuarasdal fághalta acu san. Fuaradar an moladh, ó bhéalaibh daoine. Ba neamh- ghusamhail an tuarasdal é. Ach isé a bhí uatha, agus do fuaradar é. Ach cad mar gheall ar an bhfear nár dhein na deagh-oibreacha i n-aon chor? An fear nár dhein trosgadh ná tréadhnas ná aon smachtughadh eile ar a cholainn, ach do shásaimh an uile dhroch mhian d'á raibh 'n-a chroídhe, agus ansan do chuir an dath ar a chean- nachaibh i dtreó gur dhóich le cách go raibh sé 'ghá mharbh- ughadh féin le trosgadh agus le dian-smacht ar a cholainn? Cad é an tuarasdal a bhí fághalta aige sin? Bhí, an tuarasdal a bhí uaidh, moladh ó bhéalaibh daoine agus sásamh a chroídhe féin ar na h-ainmhiantaibh, agus rud eile, saidhbhreas saoghalta. Chonaic na daoine an droch dhriuch air agus mheasadar gur dhuine ana naomhtha é, agus do bhronnadar a stór féin air go fial. Thugadh sé déirc uaidh dos na daoine bochta, agus nuair a bhíodh sé ag tabhairt na déarca uaidh bhíodh fear cloig roimis amach agus é ag gabháil tríd an sráid agus an fear ag bualadh an chloig. Chíodh na daoine an fear naomhtha agus é ag tabhairt na déarca uaidh agus an clog d'á bhualadh, agus bhíodh a mbasa anáirde acu agus iad ag déanamh iongnadh de'n duine naomhtha a bhí ag tabhairt a choda go léir dos na daoine bochta. Ansan, nídh nár bh'iongnadh, thugaidís, go fial, cuid d'á saidhbhreas féin do'n duine naomhtha i dtreó go mbéadh flúirse aige le tabhairt dos na daoine bochta. Ba mhó go mór a gheibheadh sé 'ná mar a thugadh sé uaidh. Ní raibh sa déirc, tar éis na gclog agus uile, ach báite
beag chun beirthe ar an iasg mór. Fuair sé an moladh, agus fuair sé an t-iasg mór ar an mbáite mbeag. B'shin é an tuarasdal a bhí uaidh. Fuair sé an tuarasdal san. Ní cóir é mhaoidheamh air. Ba shuarach le rádh é ar ball. D'ith na leóin é agus d'ith an mheirg é, agus tháinig na bitheamhnaigh agus thóchadar é agus ghoideadar é. Mheas sé go mbéadh sólás agus pléisiúr aige as an saidhbhreas, ach ní raibh sa tsaidhbhreas ar ball aige ach luaithreach. Nuair a bhí a shaoghal imthighthe ní raibh aon mhaith sa tsaidhbhreas. D'imthigh tairbhe an tsaidhbhris le h-imtheacht na h-aimsire, agus d'imthigh sé a gan fhios dó. Do ghoid an aimsir tairbhe an tsaidhbhris uaidh. Déinimís machtnamh ar an mbeirt sin, a phobul. An baothaire buile do dhein na deagh-oibreacha go léir, an trosgadh agus an tréadhnas agus an smachtughadh ar a cholainn agus an déirc, agus ansan do loit iad go léir air féin le n-a bhaothaireacht, leis an ndúil ann- spianta a bhí aige i moladh na ndaoine dh'fhághail. Agus an feallaire éithigh, an cladhaire ná raibh 'n-a bheatha ar fad ach bréag, an sgéiméir a bhí 'n-a naomh lasmuich agus 'n-a dhiabhal ó ifrean laistigh; an fear a leig air bheith ag déanamh na ndeagh-oibreacha go léir agus ná raibh 'ghá ndéanamh i n-aon chor; an fear a bhí 'ghá leigint air go raibh sé ag déanamh an trosgaidh, agus gur bh'é rud a bhí aige "á dhéanamh 'ná craos; an fear a bhí 'ghá leigint air go raibh sé geanmnaidhe agus a chroídhe lobhtha le drúis a gan fhios do'n tsaoghal; an fear a bhí 'ghá leigint air go raibh déirc aige 'á dhéanamh, agus gan aige 'á dhéanamh ach cleasaidheacht chun daoine dhalladh agus saidhbhreas a mhealladh uatha agus an tsaint a bhí 'n-a chroídhe do shásamh. Déinimís machtnamh ar an mbeirt. Cad a fuair
aoinne acu de bhárr a shaoghail agus de bhárr a shaothair? An tuarasdal a thuilleadar siné an tuar- asdal a fuaradar, tuarasdal a rug na leóin agus na bitheamhnaigh uatha ar an saoghal so agus nár fhág acu, i gcóir an tsaoghail eile, ach ifrean agus pianta síoruidhe. Bhí an dá shaghas daoine sin ar an saoghal, a phobul, le linn ár Slánuightheóra. Siné cúis n-ar labhair sé le n-a dheisgiobulaibh 'n-a dtaobh. Tá an dá shaghas ar an saoghal fós. Siné cúis go gcuirean an Eaglais, le h-órdughadh an tSlánuightheóra, an Soisgéal san d'á léigheadh amach a' Leabhar an Aifrinn indiu do phobulaibh an domhain. Tá an baothaire againn anois chómh maith agus a bhí an uair sin. Déanfaidh sé gníomhartha fóghanta, gníomhartha do chuirfeadh isteach go flathas Dé é, do chosaibh tiorma, dá mb'áil leis gan iad do lot le n-a chuid baothaireachta, ach gníomhartha ná fuil aon rud d'á mbárr aige ach an moladh a gheibhean sé, mar is chuige sin a dhéinean sé iad. Tá an fear eile úd again, leis, an fear is measa go mór 'ná an baothaire d'á olcas é, an fear atá 'n-a naomh lasmuich agus n-a dhiabhal laistigh, an tuama aolta. Tá a thuarasdal gearrtha amach dó san leis, agus gheobhaidh sé é. Is olc an tuarasdal é, ach tá sé tuillte go maith aige. Bréag ab eadh a bheatha go léir ar an saoghal so. Cá bhféadfadh sé dul ar an saoghal eile ach síos go h-ifrean, ag triall ar athair na mbréag? Síos a raghaid siad araon. Isé athair na mbréag athair an uabhair. Is le h-athair an uabhair an baothaire. Is ar an uabhar a mhair sé i gcaitheamh a shaoghail. Éileóchaidh an mac mallachtain an bheirt agus gheobhaidh sé an bheirt.
Aoinne de'n dá shaghas daoine sin atá ar an saoghal so fós tá aon dul as amháin acu. Má fheuchaid siad isteach 'n-a gcroídhe féin agus má iompuighid siad ar an Slánuightheóir agus má dheinid siad an aithrighe, tá ar a gcumhas fós an t-olc go léir do leigheas. Má thugaid siad a cheart féin do ghrásta Dé, a bhíon coit- chianta ag labhairt leis an bpeacach, 'ghá iaraidh air iompáil ar Dhia, agus ansan má dheinid siad an ghlaodh sin d'fhreagairt, go dílis agus go dúrthachtach, tabhar- faidh an Slánuightheóir grásta na h-aithrighe dhóibh, agus déanfaid siad an aithrighe. Ansan béid siad oireamhnach ar éisteacht leis an gcómhairle a thug an Slánuightheóir d'á dheisgiobulaibh i ndeire an tSoisgéil sin a Léigheas daoibh: "Ná cruinnighidh stór daoibh féin ar an dtalamh so, mar a n-ithean an león agus an mheirg é, agus mar a ndeinid na bitheamhnaigh é thóch agus do ghoid. Ach cruinnighidh stór daoibh féin ins na flathais, áit ná loitean an león ná an mheirg é agus ná deinid na bitheamhnaigh é thóch agus é ghoid. Óir, an áit 'n-a bhfuil do chuid stóir is ann atá do chroídhe." Go dtugaidh Dia dhúinn go léir, tré impidhe na Maighdine Muire, an chómhairle sin do ghlacadh agus beart a dhéanamh d'á réir. Amen.
XX. AN CHÉAD DOMHNACH DE'N CHARAIGHEAS. Léightear an Soisgéal. (Maitiú 4.) Tá deifrigheacht aigne, a phobul, idir na h-aithreachaibh naomhtha i dtaobh bríghe an chéad fhocail atá sa tSoisgéal san. Cuid acu 'ghá rádh gur bh'é an Spioraid Naomh do sheól an Slánuightheóir amach sa bhfásach, agus cuid acu 'ghá rádh gur bh' é an annsprid a sheól é. Ach ní cóir puinn suime chur sa deifrigheacht aigne sin. Má bhéadh sé bun os cionn leigint do'n annsprid é sheóladh amach sa bhfásach, ba chóir go mbéadh sé bun os cionn leigint do'n annsprid cath a chur air nuair a bhí sé amuich. Ach do leigeadh do'n annsprid an cath do chur air. Ar aon chuma ní gádh puinn cainte dhéanamh ar an sgéal anois, mar tá, is dóich liom, lucht eóluis, nó a bhformhór, ar aon aigne 'n-a thaobh. Dar leó isé an Spioraid Naomh do sheól amach sa bhfásach é chun go gcuirfeadh an annsprid cath air. Is ceart dúinn, a phobul, an uile fhocal de'n tSoisgéal so do bhreithniughadh ana ghéar, ana chruinn. Do seóladh an Slánuightheóir amach sa bhfásach. Cad é an brígh atá leis an seóladh san? Ní raibh aon ghádh le seóladh aige; d'fhéadfadh sé dul amach ann uaidh féin ; ach chun a chur i n-iúil dúinne gur ceart dúinn ár dtoil a chur le toil Dé dhein sé trosgadh, trosgadh ana dhian, ar feadh dachad lá. Ní raibh aon ghádh leis an dtrosgadh san aige. Ní raibh aon pheacadh air. Ní fhéadfadh a bheith. D'fhuiling sé pian
an trosgaidh, fé mar a dh'fhuiling sé gach aon phian eile do bhain le n-a pháis agus le slánughadh an domhain. Nuair a bhí an trosgadh déanta tháinig an annsprid ag triall air, chun an chatha do chur air. Cad chuige gur ceaduigheadh do'n annsprid a leithéid sin de bheart a dhéanamh? Níor deineadh aon ghníomh i dtaobh an tSlánuightheóra gan brígh doimhinn, diamhar leis an ngníomh, agus níor labhradh aon fhocal 'n-a thaobh gan brígh doimhinn, diamhar leis an bhfocal. Do seóladh an Slánuightheóir amach sa bhfásach. Níor chuaidh sé amach as bithinn a thoile féin. Taisbeánan san dúinne nách fé stiúrughadh ár dtoile féinis ceart dúinn aon ghníomh a dhéanamh, bíodh gur gníomh fóghanta é, ach gur ceart dúinn é dhéanamh ag freagairt do thoil Dé. Ansan do dhein an Slánuightheóir an trosgadh, trosgadh dian, ar feadh dachad lá agus dachad oídhche. Trosgadh mírbhuilteach ab eadh an trosgadh san, ach níor bhain an mhírbhuilteacht an déine as. Choimeád cómhacht Dé an Duine ó bhás a dh'fhághail tré dhéine an trosgaidh, ach níor choimeád cómhacht Dé an Duine gan an pian a dh'fhulang a tháinig ó dhéine an trosgaidh. Bhí an pian géar do réir fhaid na h-aimsire agus bhí an fulang géar do réir ghéire na péine. Do bheannuigh an Slán- uightheóir trosgadh an Charaighis leis an dtrosgadh san, agus do ghlac an Eaglais an trosgadh agus dhein sí dlígh 'n-a thaobh agus cheangail sí ar gach duine a bhainean leis an Eaglais, agus atá sa n-aois agus sa tsláinte chuige, an trosgadh san an Charaighis a dhéanamh, do réir mar is féidir dóibh. Dhein an Eaglais an nídh sin ar an intinn gcéadna díreach ar ar dhein an Slánuightheóir an trosgadh, chun a thaisbeáint do Chríosdaidhthibh go bhfuil ortha pionós a dh'fhulang mar gheall ar a bpeacaíbh.
Is ceart do gach aon Chríosdaidhe, d'á bhrígh sin, dlígh na h- Eaglaise do ghlacadh ar an nídh sin agus beart a dhéanamh d'á réir, an trosgadh dhéanamh fé mar a dh'órduighean an Eaglais é, lasmuich de dhíobháil sláinte dhéanamh dó féin. Ní'l aon bhaoghal go n-iar- faidh an Eaglais ar aoinne díobháil sláinte dhéanamh dó féin. Is minic, ámhthach, go measfadh duine go ndéanfadh trosgadh díobháil sláinte dhó agus go mb'fhéidir, i n'inead san, gur tairbhe sláinte dhéanfadh sé dhó. Is ró mhinic gur mó go mór an díobháil sláinte a dheinean caitheamh bídh 'ná mar a dhéanfadh staonadh ó bhiadh. Tá a lán daoine a dh'ithean an iomhad bhídh agus is dóich leó féin ná h-ithid siad ach a ndóithin. Pé sgéal é, ní'l aon dabht air ná gur fearr-de sláinte aon duine lá anois agus airís do chaitheamh gan puinn bídh a dh'ithe. Sin a n-iaran an Eaglais ar Chríosdaidhthibh a dhéanamh sa n-aimsir seo, lá anois agus airís a chaitheamh gan puinn bídh a dh'ithe. Ach iaran an Eaglais i gcómhnuighe ar gach aon Chríosdaidhe staonadh ó'n bpeacadh. Siné an trosgadh nách féidir d'aoinne bheith saor uaidh. Tá an trosgadh san ceangailte ar gach aoinne. Cabhruighean trosgadh ó'n mbiadh leis an nduine chun staonadh ó'n bpeacadh, chun ainmhianta na colna do chlaoidh agus do smachtughadh. Chuige sin iseadh do chuir an Slánuightheóir a bheannacht ar an dtrosgadh nuair a thug sé an dachad lá agus an dachad oídhche gan biadh ná deoch sa bhfásach. An Críosdaidhe atá tar éis ainmhianta a cholna do chlaoidh go maith le trosgadh agus le tréadhnas, nuair a thiocfaidh an annsprid ag triall air, ag cur catha air,'ghá spriocadh chun an pheacaidh, is dóichíghde dhó, le congnamh ó ghrásta Dé, an buadh dh'fhághail ar an annsprid. Ní raibh aon ghádh ag an Slánuightheóir, moladh
go deó leis, le trosgadh ná le tréadhnas chun buadh dh'fhághail ar an annsprid. Ní mar sin dúinne. Agus na gníomhartha a dhein ár Slánuightheóir tá teagasg dúinne ionta, chómh maith agus atá ins na focalaibh a labhair sé. Tar éis an trosgaidh iseadh do ceaduigheadh do'n annsprid teacht chun an chatha do chur air. Innsean san dúine go soiléir gur ceart dúinn ár gclaonta agus ár n-ainmhianta bheith fé smacht againn i gcómh- nuighe, i dtreó nuair a thiocfaidh an namhaid ná tiocfaidh sé a gan fhios orainn agus ná beidh ár gclaonta féin ag cabhrughadh leis i n-ár gcoinnibh. An fear ná smachtuighean a cholann choídhche, an fear ná fuil de chuimhneamh i n' aigne, ó mhaidin go h-oídhche ná ó Luan go Satharn, ach conus is fearr a thiocfaidh sé ar é féin a chothughadh, conus is féidir dó san an cath do sheasamh nuair a thiocfaidh an namhaid? Tá fhios againn go léir go dian mhaith cad a dhéanfaidh sé. Na h-ainmhianta nár smachtuigh sé riamh ní baoghal go smachtóchaidh sé an uair siniad. Táid siad láidir, cothuighthe, annrianta aige. Tabharfaidh sé cead a gcinn dóibh. Sgaoilfidh sé a srian féin leó. Tabhar- faidh sé é féin suas ar fad dóibh. Imtheochaidh sé leó agus tabharfaidh sé druim lámha le Dia na glóire. Ná fuil san fíor, a phobul? An bhfuil aon tsárughadh ar an bhfírinne ann? Mura bhfuil, nách mór an t-amadán an t-é do chothuighean an namhaid atá istigh i dtreó go mbeidh sé ollamh chun cabhruighthe leis an namhaid amuich? Ach an t-é do smachtóchaidh an namhaid atá istigh agus choimeádfaidh fé chois é, ní baoghal dó an namhaid atá amuich, mar ní bheidh an namhaid istigh ábalta ar an ndorus a dh'osgailt dó agus caithfidh sé fanamhaint amuich. Fé mar atá teagasg dúinn, a phobul, sa trosgadh
a dhein ár Slánuightheóir, tá teagasg dúinn, leis, sa chuma 'n-ar cuireadh cath air, agus sa chumha n-ar fhreagair sé gach cath d'ár cuireadh air. Do cuireadh trí cathana air. Ní raibh fhios ag an annsprid cé bhí aige Bhí fhios aige go raibh an Slánuightheóir geallta agus go raibh sé le teacht. Bhí fhios aige, leis, go raibh an duine seo 'ghá rádh gur bh' é féin an Slánuightheóir sin a bhí geallta do'n chine daona ó thusach. Bhí fhios aige go raibh an duine tar éis an trosgaidh mhóir a dhéanamh. Cheap sé tástáil a bhaint as. Ghreamuigh sé an tástáil ar dhá nídh, ar uabhar agus ar dhúil i mbiadh. Bhí fhios -aige an aigne dhaona bheith claon chun an uabhair, agus bhí fhios aige an gádh bheith leis an mbiadh tar éis an trosgaidh mhóir. "Má's tú Mac Dé," ar seisean, "órduigh arán a dhéanamh des na clochaibh sin." B'é sin le rádh, má's tú Mac Dé, anois an t-am agat chun é thaisbeáint. Dein arán des na clochaibh sin. Taisbeáin do chómhacht. Ní féidir d'aoinne a rádh ná go bhfuil gádh leis an gcómhacht anois tar éis an trosgaidh go léir. Mura dtaisbeánair an chómhacht anois ní chreidfidh aoinne go deó go bhfuil an chómhacht agat, ná gur tú Mac Dé. Cheap an annsprid go gcuirfeadh an t-uabhar fhiachaibh air tabhairt fé an mírbhuilt a dhéanamh, agus mura raibh ann ach duine go dteipfeadh air an mhírbhuilt a dhéanamh mar gheall ar é ghéilleadh do'n uabhar. Fuair sé, as an sgríbhinn diadha féin, freagra ná raibh coinne aige leis, agus nár thug aon bhlúire eóluis dó ar cé bhí ag caint leis. Sidé an freagra: "Tá sgríobhtha: Ní h-ar arán amháin a mhairean an duine, ach ar an uile fhocal d'á dtagan ó bhéal Dé." B'é sin le rádh: "Ní'l aon ghádh le h-arán a dhéanamh des na clochaibh seo chun mé choimeád beó, agus dá
mbéadh eólus ceart agat-sa ar an sgríbhinn diadha do thuigfeá ná fuil. Do thuigfeá gur féidir do Dhia duine choimheád beó gan aon chongnamh ó arán, má 'sé a thoil naomhtha é dhéanamh." Bhí fírinne ana dhoimhinn sa bhfreagra san agus fós ní bhfuair an namhaid ann ach freagra a dh'fhéadfadh aon duine tuisgionach a thabhairt uaidh. Do fágadh an namhaid gan eólus. Bhí teipithe ar an dtástáil sa méid sin. Dhéin an namhaid tástáil eile. Do thóg sé an Slán- uightheóir leis agus chuir sé 'n-a sheasamh ar spuaic an teampaill é, agus dúbhairt sé leis: "Má's tú Mac Dé caith thú féin le fánaidh. Óir tá sgríobhtha: mar go dtug sé órdughadh d'á aingealaibh ad' thaobh, agus glacfaid siad 'n-a lámhaibh thú sar a mbuailfeá do chos i gcoinnibh cloiche." B'é sin le rádh: "Tá súd sgríobhtha i dtaobh Mhic Dé, nuair a thiocfaidh sé. Deir daoine gur tusa É. Má's tú, anois an t-am agat chun a thaisbeáint gur tú. Má's tú É ní misde dhuit thú féin a chaitheamh le fánaidh, mar fíorfar an sgríbhinn ad' thaobh agus ansan beidh fhios ag an uile dhuine gur tú Mac Dé. Mura gcaithir thú féin le fánaidh anois déarfaidh gach aoinne nách tú Mac Dé i n-aon chor, mar dá mba thú ná béadh aon eagal ort thú féin a chaitheamh le fánaidh." "Tá rud eile sgríobhtha, leis," arsa'n Slánuightheóir: "Ná dein fromadh ar do Thighearna Dia." B'é sin le rádh: "Is peacadh mór do dhuine é féin a chur isteach i gcontabhairt, gan ghádh gan riachtanas, ach le h-ionchas go dtabharfadh Dia saor é. Pé 'cu is mé Mac Dé nó nách mé ní'l aon ghádh agam le mé féin a chaitheamh le fánaidh síos ansan. Agus an t-é dhéanfadh é gan ghátar dhéanfadh sé peacadh i n-aghaidh Dé, ag déanamh fromhtha ar Dhia".
D'fhág an freagra san an namhaid gan eólus díreach mar a dh'fhág an chéad fhreagra gan eólus é. Níor bh' fhéidir leis a dhéanamh amach cé 'cu Dia nó duine a thug an freagra air. Bhí an dá iaracht teipithe. Ansan do dhein an namhaid tástáil eile. Ní foláir dúinn a choimeád os cómhair ár n-aigne ná raibh fhios ag an namhaid cé bhí aige. Dá mbéadh fhios aige cé bhí ann ní baoghal, nídh nách iongnadh, go dtiocfadh sé i n-aon chor ag cur isteach ná amach air. Cheap sé gur duine a bhí ann. Ach do mheas sé, leis, go mb'fhéidir gur bh'é Mac Dé é. Ansan do cheap sé an trímhadh triail a bhaint as, triail, dar leis, ná teipfeadh má bhí aigne dhaona i n-aon chor sa duine. Thóg sé leis é go barra cnuic a bhí ana árd agus thaisbeáin sé dhó rígheachta an domhain go léir. Tá daoine agus, le neart uabhair, ní chuirfidís suim i saidhbhreas. Tá daoine agus, le neart uabhair, dhéan- faidís trosgadh go bás ó bhiadh. Ach tá aon nídh amháin agus thabharfadh aoinne de'n dá aicme daoine sin an saoghal so agus an saoghal eile i n-aonfheacht air. Isé nídh é sin 'ná cómhacht. Do thuig an annsprid an méid sin go maith. Thaisbeáin sé rígheachta an domhain go léir do'n tSlánuightheóir. "Tabharfad iad san go léir duit," ar seisean, "ach go ndéanfair sléachtadh dhomh agus mé dh'adhradh." "Imthigh, a Shátain," ar san Slánuightheóir, "óir tá sgríobhtha : Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus beidh tú umhal dó san amháin." Taisbeánan an freagra san nár thuig an annsprid fós cé 'bhí aige. Freagra ab eadh é a thabharfadh aon duine, n-a mbéadh eólus aige ar an gcéad aithne d'aitheantaibh Dé, ar dhuine eile a dh'iarfadh air an aithne sin do bhriseadh. D'imthigh an namhaid chómh luath agus fuair sé an
freagra san. Ansan tháinig na h-aingil agus dhein- eadar friothálamh ar an Slánuightheóir. Anois, a phobul, conus a bhainean an gnó san go léir linne? Baiean sé lin ar an gcuma so. Chun teagaisg a thabhairt do'n chine daona iseadh dh'fhuiling an Slánuightheóir an trosgadh ar dtúis, agus ansan na trí cathana úd ó'n áirseóir. Cuirean an trosgadh naomhtha san i n-iúil dúinn gur le trosgadh agus le tréadhnas agus le smacht a chur ar ár n-ainmhiantaibh a gheobhaimíd an neart a thabharfaidh buadh dhúinn ar namhaid ár n-anama. Ansan tugan an Slánuightheóir, moladh go deó leis, an freagra dhúinn is ceart dúinn a thabhairt, i gcómhnuighe, ar an namhaid nuair a chuirfidh sé an cath orainn. Má spriocan an namhaid sinn chun dúil a chur ins na neithib fóghanta a bhainean le cóir mhaith bídh agus díghe, agus chun dlíghe Dé do bhriseadh chun teacht ar na neithibh sin, is ceart dúinn freagra an tSlánuightheóra do choimeád do shíor i n-ár gcroídhe agus i n-ár mbéal: "Ní h-ar arán amháin a mhairean an duine ach ar an uile fhocal d'á dtagan ó bhéal Dé." Má spriocan an namhaid sinn chun dul isteach i gcon- tabhairt an pheacaidh, isteach sa droch chómhluadar, isteach sa n-áit 'n-a mbeidh nimh an pheacaidh tímpal orainn sa n-aer, anál an pheacaidh ag dul fúinn go marbh- uightheach, agus má deir an namhaid linn: "Ní'l baoghal ort. Tabharfaidh Dia aire dhuit. Tá sé sgríobhtha gur órduigh sé d'á aingealaibh tú ghlacadh chúcha 'n-a lámhaibh sar a mbuailfeá do chos i gcoinnibh cloiche," abair leis an namhaid, fé mar a dúbhairt an Slánuightheóir, gur peacadh do dhuine é féin a chur sa chontabhairt, gan ghádh gan riachtanas, le h-ionchas go dtabharfadh Dia as é. Siné an brígh atá le fromadh dhéanamh ar Dhia. Má spriocan an namhaid thú chun na h-onóra atá ag
dul do Dhia féin uait a thabhairt d'aon nídh eile ar bith, abair leis an namhaid glanadh as do radharc, mar adúbhairt an Slánuightheóir leis. Chífear, má breithnightear air, gur ar shlíghe éigin des na trí slíghtibh sin is mó a dheinean an namhaid cath a chur ar an nduine. D'fhuiling an Slánuightheóir an cath ar na trí slíghtibh sin i dtreó go dtabharfadh sé soluíd dúinne ar conus is ceart dúinn an cath do sheasamh agus do throid. Go dtugaidh an Slánuightheóir gléigeal, tré impidhe na Maighdine Glórmhaire Muire, a ghrásta dhúinn go láidir agus go líonmhar, chun an chatha san do sheasamh agus do throid ar an saoghal so, agus chun a thoradh bheith againn go buan ar an saoghal eile. Amen. XXI. AN TARNA DOMHNACH DE'N CHARAIGHEAS. Léightear an Soisgéal. (Maitiú 17.) Bhí an t-am ag teacht, a phobul,'n-a raibh an Slán- uightheóir chun na páise dh'fhulang chun an domhain do shaoradh. Bhí gach aon chontabhairt, nuair a chífeadh na deisgiobuil ag fulang na páise é go dteipfeadh ar an iontaoibh a bhí acu as; go raghadh 'n-a luighe ar a n-aigne ná raibh ann ach duine mar aon duine eile. Gan amhras bhíodar tar éis na mírbhuiltí móra dh'fheisgint uaidh. Chonacadar conus mar a thug sé an biadh sa bhfásach amuich, dhá uair, dos na míltibh agus gan ach dóithin cúigir aige chuige. Chonacadar an radharc aige
'á thabhairt dos na dallaibh, coisigheacht aige 'á thabhairt dos na bacaigh, leigheas aige 'á dhéanamh ar ghalaraibh a bhí do-leighiste ach le mírbhuilt, deamhain aige 'á dhíbirt amach a' daoine i n-a raibh seilbh acu. Chonacadar na daoine a bhí marbh tógtha ó'n mbás aige os cómhair a súl. Ní h-é sin amháin, ach bhíodar féin tar éis mírbhuiltí móra dhéanamh i n' ainim, mar do thug sé cómhacht dóibh chuige agus d'oibrigheadar an chómhacht. Déarfadh duine gur chóir, tar éis an méid sin go léir de dheimhne a bheith acu ar a dhiadhacht, nár bhaoghal dóibh aon lag- spioraidighe theacht ortha pé rud a chífidís ag imtheacht ar a dhaonacht. Ach,'n-a dhiaigh san a's uile, bhí an lagachar aigne ionta, agus do chonaic an Slánuightheóir ná fanfadh puinn cuimhne acu ar na mírbhuiltíbh móra nuair a chífidís i lámhaibh a namhad é agus gan ar a chumas, dar leó, é féin a chosaint ortha; nuair a chífidís gabhtha é agus gan ar a chumas, dar leó, na ceangalacha do bhriseadh; nuair a chífidís tárnálta ar an gcrois é agus an namhaid ag déanamh magaidh faoi agus 'ghá rádh leis, má b' é Mac Dé é, teacht anuas de'n chrois, agus gan ar a chumas, dar leó, teacht anuas ; nuair a chífidís marbh é, sínte sa n-uaigh ar nós aon duine mhairbh eile. Chonaic an Slánuightheóir, moladh go deó leis, go mbéadh sé dian ortha pé creideamh a bhí acu do choimeád nuair a chífidís na neithe sin go léir. D'á bhrígh sin, do rug sé leis suas ar an gcnoc, mar adeir an Soisgéal, an triúr, agus thug sé dhóibh an radharc, fé mar a léightear sa tSoisgéal. Níor tugadh dóibh radharc ar a dhiadhacht. Ní féidir an radharc san a thabhairt d'aon duine ar an saoghal so. Níor bh'fhéidir do dhuine fanamhaint ar an saoghal so a thuille dá dtugadh Dia na glóire aon leus amháin de'n radharc san dó. Do bhéarfadh neart an aoibhnis atá sa radharc san anam an duine amach as a
cholainn laithreach agus suas isteach is na flathais. Níor tugadh radharc do'n triúr ar dhiadhacht an tSlánuigh- theóra, ach do tugadh dóibh radharc a thaisbeáin dóibh go raibh an diadhacht ann. Ní fheacadar an diadhacht, ach do chonacadar mar a bhéadh sgáil na diadhachta. Agus bhí oiread san aoibhnis sa sgáil féin nár fhéad Peadar gan labhairt. "A Thighearna," ar seisean, "is maith an bhail orainne bheith anso!" Bhí gnúis an tSlánuightheóra ag taithneamh ar nós na gréine, agus bhí a chuid éadaigh chómh geal le sneachta. Tuigimís an méid seo, ámhthach, a phobul. Ní h-é an solus grianmhar ná an dath geal sneachtaidh a bhain an focal úd a' Peadar. Chonaic sé solus na gréine go minic agus níor bhain an solus a leithéid siúd d'fhocal as. Chonaic sé dath an tsneachtaidh go minic roimis sin gan labhairt mar siúd. Ní h-eadh, ach b'é toil an tSlánuightheóra, moladh go deó leis, fé mar a leig sé do sgáil soluis na diadhachta dul fé shúilibh an trír, gur cheaduigh sé, ar chuma éigin nách féidir dúinne a thuisgint, do mhothughadh éigin d'aoibhneas na diadhachta dul fé n-a gcroídhe agus fé n-a n-aigne. Nuair a mhothuigh Peadar an séideadh aoibhnis sin ag dul fé n-a chroídhe iseadh do liúigh sé amach, "A Thighearna, is maith an bhail orainne bheith anso!" Taisbeánan an focal adúbhairt sé cad a mhothuigh sé istigh 'n-a chroídhe. Is ceart dúinne machtnamh air agus breithniughadh dhéanamh air. Tá an Slánuightheóir céadna againne anso a bhí ar an gcnoc an lá úd i bhfochair an trír. Tá an diadhacht chéadna ann anois a bhí ann an lá úd. Tá an solus creidimh a thaisbeánan dúinne anso a dhiadhacht agus a dhaonacht, a chuid fola agus feóla, a anam agus a dhiadhacht, fé ghné an aráin agus an fhíona, níos treise go mór 'ná an solus mar sholus gréine a chonaic an triúr 'n-a
ghnúis an lá úd. Tá an séideadh aoibhnis a bhíon ag dul fé chroídhe agus fé aigne an Chríosdaidhe nuair a ghlacan sé Corp Naomhtha an Tighearna mar is cóir, le creideamh agus le dóchas agus le grádh, níos treise go mór agus níos bríoghmhaire 'ná an séideadh aoibhnis a chuaidh fé chroídhe Pheadair an lá úd. Ní raibh ag Peadar an lá úd ach an sgáil. Tá an nídh féin againne. D'á bhrígh sin, a phobul, má b'fhíor do Pheadar an focal úd, "A Thighearna, is maith an bhail orainne bheith anso!" is seacht mó 'ná san is fíor dúinne, má deirimíd é, "A Thighearna, is maith an bhail orainn bheith anso!" Tá eagal orm go bhfuil a lán ná cuirean puinn suime sa sgéal. Má tá, ní maith an bhail ortha é. Mura bhfuil daoine sa tír seo ná cuirean puin suime ann, tá a lán acu le fághail i dtíorthaibh eile. Ar aon chuma, tá an méid seo fíor. An Críosdaidhe is fearr a dheinean a ghnó ní'l aon bhaoghal go bhfuil sé ghá dhéanamh ró mhaith. Ba cheart do gach aon Chríosdaidhe a dhícheal a dhéanamh ar Chorp Naomhtha an Tighearna do ghlacadh go minic, le creideamh, le dóchas agus le grádh dhó, agus ansan, bheith i gcómhnuighe ag breith a bhuidheachais le Dia, agus an focal úd Pheadair a bheith 'n-a chroídhe agus 'n-a bhéal aige: "A Thighearna, is maith an bhail orainn bheith anso!" Ach do chonaic an triúr tuille. Chonacadar Maois agus Elias agus iad ag caint leis an Slánuightheóir. Cad é an brígh a bhí leis sin, a phobul? Deir na h-aithreacha naomhtha gur b' é seo brígh a bhí leis. Is do Mhaois a tugadh an dlígh, na deich n-aitheanta, ar chnoc Sináí, agus tháinig Maois ansúd an lá úd chun úmhlughadh d'Íosa Críosd agus chun a dh'admháil gur bh'é Mac Dé é, agus gur bh' é máighistir na dlíghe go léir é. Tháinig Elias ann chun a dh'admháil gur bh' é Íosa Críosd Mac
Dé agus go raibh targaireachtaí na bhfáidh go léir cómhlíonta ó tháinig Íosa Críosd. Bhí an dlígh agus na fáidhí ag déanamh a ngnótha i gcaitheamh na h-aimsire go léir roimh theacht an tSlánuightheóra. Nuair a bhí an Slánuightheóir tagaithe bhí deire le ré na dlíghe agus le ré na bhfáidh, agus tháinig Maois, uachtarán na dlíghe, agus Elias, uachtarán na bhfáidh, chun an ghnótha go léir a thabhairt suas d'Íosa Críosd, do Rígh na dlíghe agus na bhfáidh. Siné an brígh a bhí le Maois agus Elias do theacht ansúd ag caint leis an Slánuightheóir an uair úd. Agus bhí an triúr Aspol ann chun a chur i dtuisgint go raibh an dlígh nua agus an Eaglais le teacht i réim, tré órdughadh an tSlánuightheóra, i n-inead dlíghe Mhaoise agus na bhfáidh. Déinidh machtnamh air sin, a phobul. Is doimhinn an t-adhbhar machtnaimh é. Ní gan fáth a chuir an Eaglais síos anso sa tSoisgéal dúinn é. Dúbhairt an t-Aspol Peadar focal eile agus tabharfaidh sé congnamh dúinn chun an mhachtnaimh a dhéanamh do réir intinne na h-Eaglaise. "Má's áil leat," arsa Peadar, "deinimís anso trí pubail, pubal duit-se agus pubal do Mhaois agus pubal d' Elias." Saghas tíghe iseadh pubal, both iseadh é a deintear de chleathachaibh agus d'éadach, agus a dheinean díon do shaighdiúiríbh nuair a bhíd siad amuich i gcogadh. Amuich i gcogadh iseadh atáimíd go léir an fhaid is toil le Dia sinn a dh'fhágáilt ar an saoghal so. Ní féidir cogadh dhéanamh gan neart slógh, agus ní mór do'n tsluagh díon a bheith acu. Nuair a dúbhairt Peadar an focal i dtaobh na dtrí mboth tháinig sgamall soillseach agus chlúdaigh sé iad, agus ansan tháinig guth as an sgamall agus dúbhairt an guth : "Sidé mo Mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann. Éistidh leis."
Seo mar a thuigid na h-aithreacha naomhtha caint Pheadair agus an sgamall soillseach agus an guth. Gur chuir an t-Athair Síoruidhe i n-iúil do Pheadar gur bh' é an t-Athair Síoruidhe féin an díon. Gur dheimhnigh an guth gur bh' é Íosa Críosd Mac Dé. Agus gur órduigh an guth, guth an Athar Síoruidhe, do'n chine daona go léir bheith úmhal d'Íosa Críosd, do Mhac Dé. Chómh luath agus d'airigh an triúr Aspol an guth tháinig sgannradh ortha agus thuiteadar ar an dtalamh ar a mbéal a's ar a n-aghaidh. Ansan tháinig Íosa agus chuir sé a lámh ortha agus chuir sé misneach ortha, agus nuair fheuchadar suas bhí sé i n'aonar. Thánadar anuas ó'n gcnoc agus dúbhairt Íosa leó: "Ná h-innsidh d'aoinne an radharc so a chonacabhair go n-eirighidh Mac an Duine ó-s na mairbh." Is dócha, a phobul, go ndéarfadh aoinne gur chóir, pé duine do chaillfeadh ar an Slánuightheóir 'n-a dhiaigh san, i n-am a pháise agus a bháis, nár bhaoghal go gcaillfeadh aoinne de'n triúr san air. Ach tá 'fhios again cad a thuit amach. Nuair a bhí sé i lámhaibh a namhad, gabhtha, agus é ag fulang na páise, chun na cine daona do shaoradh, do chaill na deisgiobuil go léir air. Do theitheadar go léir le n-a n-anam. Do lean Peadar é chun go bhfeicfeadh sé cad é an deire bhéadh ar an ngnó. B'fhearra dhó go dteithfeadh sé mar a dhein an chuid eile. Nuair a tháinig an sgéal dian air do shéan sé an Slánuightheóir. Tar éis an radhairc sin a chonaic sé ar an gcnoc, agus tar éis na caite a dúbhairt sé féin, agus tar éis an ghutha ó'n Athair Síoruidhe, do shéan sé an Slánuightheóir céadna n-a bhfeacaidh sé an t-atharughadh cló uathbhásach air. Is mór an iongnadh linne anois a rádh go bhféadfadh Peadar
agus na deisgiobuil eile a leithéid sin de thréigean a dhéanamh. Ach feuchaimís chun an taoibh eile de'n sgéal Feuchaimís ar ár dtaobh féin de'n sgéal. An nídh mírbhuilteach san a thárla ar an gcnoc an lá úd, tá sé chómh fíor anois agus bhí sé an lá a thuit sé amach. Tá sé chómh mírbhuilteach anois agus bhí sé an lá thuit sé amach. Tá fios an sgéil go léir againne anois chómh maith díreach agus a bhí ag an dtriúr a bhí ag feuchaint air. Tá buntáiste againne ná raibh ag an dtriúr úd. Roimh eiseirighe an tSlánuightheóra iseadh do fuaradar san an radharc uathbhásach. Tar éis eiseirighe ár Slán- uightheóra iseadh atá an t-eólus uathbhásach againne. Is iongnadh linne a rádh gur shéan Peadar an Slán- uightheóir tar éis an radhairc, agus ní h-aon iongnadh linn sinn féin a bheith ag séanadh an tSlánuightheóra chéadna, gach aon ré sholuis, agus an t-eólus go léir againn ! Do shéan Peadar an Slánuightheóir nuair a cuireadh sgannradh an bháis air. Gach aon uair a dheinimíd-ne an peacadh séanaimíd an Slánuightheóir céadna agus ní bhíon aoinne ag cur sgannradh báis orainn. Do shéan Peadar an Slánuightheóir nuair a chonaic sé, dar leis, lag, leóinte é, i láimh a namhad. Gach aon uair a dheinimíd-ne an peacadh séanaimíd an Slánuightheóir céadna agus a fhios againn go bhfuil sé 'n-a shuide ar deas-láimh an Athar Síoruidhe ins na flathais. Nuair fheuch an Slánuightheóir ar Pheadar, agus nuair a chuimhnigh Peadar ar cad a bhí déanta aige, d'i mthigh sé amach, d'imthigh sé as an ndroch chómh- luadar, d'fhág sé an cómhluadar a bhí 'n-a thrúig peacaidh dhó, d'imthigh sé amach agus tháinig a leithéid sin de bhuairt agus de bhrón air, mar gheall ar an bpeacadh a bhí déanta aige, gur ghluais na deóra anuas ó n-a
shúilibh 'n-a sruth. Do lean an bhuairt sin agus an brón san ar a chroídhe an chuid eile dh'á shaoghal, agus do shil sé oiread san deór gur chuireadar a rian go doimhinn 'n-a dhá leacain, agus go raibh an rian le feisgint ag daoine go dtí an lá a tárnáladh é ar chrois a chéasda. Sinne ag caint! Sinne ag déanamh iongnadh des na eisgiobuil agus de Pheadar mar gheall ar an Slánuightheóir do thréigean agus do shéanadh! Agus sinn féin 'ghá thréigean agus 'ghá shéanadh gach aon lá a dh'eirighean orainn nuair a dheinimíd an peacadh! Dhein Peadar an aithrighe. Tar éis na h-aithrighe dhéanamh dó níor shéan sé an Slánuightheóir airís. Deinimíd-ne aithrighe, agus tar éis na h-aithrighe dhéanamh dúinn indiu deinimíd an peacadh céadna airís amáireach! Sinne ag caint! Sinne ag déanamh iongnadh de Pheadar agus des na deisgiobuil! Cuirimís uainn an obair sin, a Chríosdaidhthe. Má's maith linn iongnadh dhéanamh d'aoinne déinimís iongnadh dhínn féin. Gheóbhmíd ár ndóithin ionainn féin chun iongnadh dhéanamh Dé, agus má tá ciall againn ní mór an t-áthas a chuirfidh an iongnadh orainn. Is mór an iongnadh fios aitheanta ár gcreidimh a bheith againn mar atá, agus sa n-am gcéadna, sinn a bheith ag déanamh na bpeacaí coitchianta mar atáimíd. Is mór an iongnadh sinn a bheith ag déanamh na bpeacaí coitchianta mar atáimíd agus sa n-am gcéadna, sinn a bheith ag brath air go dtabharfaidh Dia an bheatha shíoruidhe dhúinn gan na peacaí chur uainn. Is mór an iongnadh a rádh go bhfuil fhios againn go dian mhaith, an treó 'na bhfuil an crann ag claonadh gur sa treó san a thuitfidh sé, mura dtagaidh neart éigin a dh'iompóchaidh i dtreó eile é; agus má chaithean an duine a bheatha ag déanamh na bpeacaí gur ins na peacaíbh a gheóbhaidh sé bás, mura
ndeinidh Dia na glóire mírbhuilt éigin dó nuair a bheidh an bás ag teacht air. Agus, a Chríosdaidhthe, is mó d'iongnadh 'ná na h-iongnaí eile go léir a rádh go gcaithfeadh duine a shaoghal ag déanamh na bpeacaí, ag cur na feirge ar Dhia, agus ag méadughadh na feirge i n-aghaidh an lae, go gcaithfeadh duine a shaoghal go léir ag gabháil do chosaibh i ngrásta Dé, agus ansan, ag brath air go ndéanfaidh Dia mírbhuilt dó le linn a bháis! Machtnuighmís ar na neithibh sin, a phobul, agus iompuíghmís i n-am ar Dhia. Dheineamair an peacadh, an séanadh ar an Slánuightheóir, mar a dhein Peadar. Deinimís an aithrighe mar a dhein Peadar. Coimeádai- mís ó'n bpeacadh dhéanamh airís mar a choimeád Peadar. Tá fhios againn go maith, ní féidir é shéanadh, go bhfuil ár n-aigne lag, guagach, neamhsheasamhach; an peacadh n-a mbeimís indiu lán cheapaithe ar gan é dhéanamh airís, go mb'fhéidir, tré laige ár n-aigne, go ndéanfaimís airís é sar a mbéadh mórán aimsire curtha dhínn againn. Ach tá fhios againn, leis, go bhfuil grásta Dé le fághail againn i gcómhnuighe chun sinn a choimeád ó chontabhairt an pheacaidh, nó chun sinn a neartughadh 'n-a choinnibh. Iaraimís ar an Slánuightheóir gléigeal, tré impidhe na Maighdine Muire agus tré impidhe Naoimh Peadair, grásta na h-aithrighe thabhairt dúinn ionus go maithfí dhúinn na peacaí atá déanta againn, agus grásta nirt a thabhairt dúinn ionus ná tuitfimís ins na peacaíbh céadna airís, ná i n-aon pheacadh eile. Amen.
XXII. AN TRÍMHADH DOMHNACH DE'N CHARAIGHEAS. Seanmóin a h-Aon. Léightear an Soisgéal. (Lúcás II.) Tá a lán neithe sa tSoisgéal san, a phobul, agus cuirean caint an tSoisgéil os ár gcómhair iad go h-ana shoiléir. Chímíd ann cómhacht an tSlánuightheóra ag díbirt an deamhain as an nduine, agus ansan a chaint ag teacht do'n duine. Tá fhios againn go bhfuil ceangailte ar gach Críosdaidhe úsáid a dhéanamh d'á chaint chun onóra thabhairt do Dhia; chun a chreidimh a chur i n-iúil; chun cosg a chur le cainteana peacamhla nuair a labharthar 'n-a láthair iad. Agus tá fhios againn, leis, gur 'mó Críosdaidhe a choimeádan a bhéal dúnta, le sgáth roimh dhaoine, nuair ba cheart dó labhairt. Is cuma daoine de'n tsórd san agus an fear úd go raibh an deamhan balbh istigh ann. Níor fhéad sé labhairt go dtí gur dhíbir an Slánuightheóir, moladh 's buidheachas leis, an deamhan amach as. Ansan do tháinig a chaint dó. Ach má tá nídh is soiléire 'ná a chéile le feisgint sa tSoisgéal san, isé nídh é 'ná an mhailís agus an droch aigne thar na beartaibh a bhí ins na Iúdaigh, agus a chneas- dacht a ghlac an Slánuightheóir iad. Bhí na mírbhuiltí chómh h-uathbhásach san níor bh'fhéidir dóibh gan a dh'admháil go raibh cómhacht éigin nár chómhacht shaoghalta ag an t-É a bhí 'ghá ndéanamh. Ní leigfeadh an mhailís agus an droch
aigne dhóibh a dh'admháil go raibh cómhacht Dé aige. Ansan ní raibh acu le rádh ach gur le cómhacht ó ifrean a bhí sé ag déanamh na mírbhuiltí. B'uathbhásach an tarcaisne é sin le tabhairt do'n tSlánuightheóir. Ní chuirfeadh sé aon iongnadh orainn dá sloigeadh an talamh iad chómh luath agus a dúbhradar an focal. Ach ba cheart dúinn a chuimhneamh gur chun trócaire dhéanamh a tháinig an Slánuightheóir agus nách chun díoghaltais a dhéanamh. Do dheónuigh sé freagra thabhairt ortha agus an cás do phléidh leó. Má's le cómhacht Bhílsebub, ar seisean, a chuirim- se na deamhain amach, nách shin cómhacht deamhain i gcoinnibh deamhain? Nách shiniad cómhachta ifrinn iompuighthe i gcoinnibh a chéile? Agus conus is féidir do chómhachtaibh ifrinn gan dul ar neamhnídh má oibrighid siad i gcoinnibh a chéile ar an gcuma san? Caint gan chiall iseadh an chaint a déarfadh gur le cómhacht deamhain a smachtuighim-se deamhan. Ní féidir cómhacht do smachtughadh ach le cómhacht is treise 'ná í. Ní féidir cómhacht ifrinn do smachtughadh ach le cómhacht Dé. Ní'l dul ó fhírinne an sgéil sin. Tá cuid d'bhúr gclainn féin agus tá deamhain acu 'á chur amach leis an gcómhacht a thugas-sa dhóibh. An cómhacht ó Bhílsebub an chómhacht san? Ní'l aon dul agaibh ó n-a dh'admháil gur le cómhacht Dé a chuirim amach na deamhain. Ná taisbeánan san go soiléir go bhfuil rígheacht Dé tagaithe i nbhúr measg? Ach níor bh'aon mhaith bheith leó. Níor dheineadar ansan ach iompáil agus a rádh, "Tabhair cómhartha éigin dúinn ó neamh go bhfuil cómhacht ó Dhia agat." Agus é tar éis an deamhain a dhíbirt amach as an nduine os cómhair a súl! Ba mhór an iongnadh an mhailís agus an droch mhiotal a bhí istigh 'n-a gcroídhe. Ach ba mhó go mór
d'iongnadh 'ná san féin an fhoidhne a dhein an Slán- uightheóir leó, moladh go deó le n-a ghrásta gan teóra! Ansan dúbhairt an Slánuightheóir focal agus is ceart dúinne machtnamh a dhéanamh air. "An t-é ná fuil liom," ar seisean, "tá sé am' choinnibh, agus an t-é ná deinean cnuasach mar aon liom deinean sé sgaipeadh." Is dócha go raibh daoine an uair sin ag éisteacht leis an Slánuightheóir agus go rabhadar, fé mar a bhíon a leithéidí anois agus fé mar atá a leithéidí riamh ó shin, a d'iaraidh dhá thaobh an sgéil a bhreith leó. Bhí fhios acu an fuath a bheith ag uachtaránaibh na n-Iúdach do'n tSlán- uightheóir agus bhíodar a d'iaraidh gan fearg a chur ar na h-uachtaránaibh sin. Bhí fhios acu, leis, an Slán- uightheóir a bheith ag déanamh maitheasa agus tairbhe ins gach aon bhall agus níor mhaith leó gabháil 'n-a choinnibh. Bhíodar i gcruadh-chás. Ach do shocaruigh an Slánuightheóir an sgéal dóibh go tapaidh. "An t-é ná fuil liom tá sé am' choinnibh, agus an t-é ná deinean cnuasach mar aon liom deinean sé sgaipeadh." Bhí an focal san fíor i dtaobh na ndaoine gur labhradh leó é. Oirean an focal dúinne chómh cruinn díreach agus d'oir sé dhóibh siúd. Ní féidir do dhuine dhá shraing a bheith ar a bhogha aige i ngnó Dé. Tá daoine agus ba mhaith leó Dia do shásamh agus sa n-am gcéadna ba mhaith leó an saoghal do shásamh, leis. Is cuma iad nó an fear siopa úd a ghlaoidh ar a chléireach. "A Sheághainín!" ar seisean. "Teacht, a mháighistir," arsa Seághainín. "Ar chuiris an t-uisge ar an dtobac?" ar seisean. "Do chuireas, a mháighistir," arsa Seághainín. "Ar chuiris an ghainimh sa tsiúicre?" ar seisean. "Do chuirseas, a mháighistir," arsa Seághainín.
"Ar chuiris an t-uisge sa bhainne a díolfar ar maidin?" ar seisean. "Do chuireas, a mháighistir," arsa Seághainín. "Seo, má 'seadh," ar seisean, "tar anso agus abair do phaidreacha go dtéighir a chodladh." Cúrsaí gáirí iseadh Seághainín agus a mháighistir. Ach cad 'déarfar leis an bhfear a bhéarfaidh chun an aonaigh an droch bhó agus a déarfaidh gur bó mhaith í, agus do dhíolfaidh í, agus do thógfaidh airgead maith uirthi, agus a fhios aige nách ceart í dhíol ach le búistéir éigin, agus ansan do thiocfaidh a bhaile agus 'déarfaidh a phaidreacha go diadha sar a dtéighidh sé a chodladh? Is 'mó cuma, a phobul, i n-éaghmuis aon bheart mhí- mhacánta mar sin a dhéanamh,'n-ar féidir do'n Chríos- daidhe é féin do mhealladh agus do chur amú', ag casadh leis an dá shásamh a dhéanamh, ag casadh le Dia do shásamh, agus sa n-am gcéadna a dhúil féin 'sa tsaoghal so do shásamh. Is dócha ná fuil aon dúil saoghalta gur deacra locht fhághail air 'ná an dúil a bhíon ag an athair nó ag an máthair sa ghnó a chuirfeadh ar a gcumas rud éigin fóghanta dhéanamh d'á gclainn. Ach measaim gur minic, nuair a tugtar an iomad sriain do'n dúil sin, gur beag má tá aon dúil is mó a thagan idir dhuine agus Dia 'ná é. Conus a bheidh an sgéal ar ball ag an nduine atá ag briseadh a chroídhe ó mhaidin go h-oídhche agiis ó Luan go Satharn, a d'iaraidh teacht ar raint éigin de shaidhbhreas an tsaoghail seo chun a chlainne chur i gcrích i gcóir a saoghal anso, agus ná tugan uain choídhche dhó féin ar aon rud a dhéanamh dóibh a chuirfeadh sólás síoruidhe na bhflathas i n-áirighthe dhóibh? Feuch ar an bhfocal a dúbhairt an Slánuightheóir: "An t-é ná fuil liom," ar seisean, "tá sé am' choinnibh." Cé h-iad na daoine atá leis? Na daoine, d'réir dheabhraimh,
a bhíon i n-aon obair leis. Na daoine atá ag déanamh na h-oibre 'n-a theannta. An mhuintir atá ag tabhairt conganta dhó chun daoine bhreith saor go flathas Dé. Tá a lán daoine gur fhág sé ar a gcumas an congnamh san a thabhairt dó. Tá, ar dtúis, an Eaglais. An Pápa agus na h-easboig agus na sagairt. An mhuintir a cheap sé féin chun an chreidimh a mhúineadh do'n chine daona agus iad a choimeád ar bhealach a leasa le teagasg agus le cómhairle agus le dlíghthibh tairbheacha. Tá, ansan, na Críosdaidhthe fóghanta, ar fuid an domhain, a chaithean a mbeatha go maith agus go cráibhtheach agus go diadha, agus a thugan, le feabhas a mbeatha féin, deagh-shampla do gach aoine a bhíon ag feuchaint ortha. Deinid na Críosdaidhthe fóghanta san tairbhe ná féadfadh sagart ná easbog a dhéanamh, go minic. Tá daoine sa tsaoghal agus níor bheag dhuit deag-chómhairle thabhairt dóibh chun a chur fhiachaibh ortha gan an chómhairle do ghlacadh; níor bheag dhuit a rádh leó a leas a dhéanamh chun a chur fhiachaibh ortha a n-aimhleas a dhéanamh. Ní h-aon mhaith caint a dhéanamh le n-a leithéidí. Ach nuair a chíd siad an deagh-shampla, nuair a chíd siad duine eile ag déanamh an ghnímh fhóghanta agus gan é ag cuimhneamh i n-aon chor ortha féin, dar leó, is minic go ndeinid siad aithris air. Deinid siad, tríd an ndeagh-shampla, an gníomh fóghanta ná déanfaidís choídhche de bhárr cómhairle. Ar an gcuma san, is 'mó sórd daoine atá ag cabh- rughadh leis an Slánuightheóir sa n-obair go dtáinig sé ar an saoghal so chun a dhéanta. Ach measaim féin ná fuil aon aicme daoine, agus an Eaglais féin do chur leis, is mó atá sáithte isteach sa n-obair, agus ag déanamh na h-oibre i dteannta an tSlánuightheóra, moladh go deó leis, 'ná an t-athair agus an mháthair atá ag tógáilt a gclainne dhó.
Glacan an Eaglais an chlann nuair a baistthear iad. Ní fheicean an Eaglais arís iad go dtéid siad ag foghluim Teagasg Críosdaidhe. Ansan cuirean an Eaglais fé láimh Easboig iad. As san amach ní fheicean an Eaglais iad ach nuair a thagaid siad chun faoisdine dhéanamh agus chun Comaoine ghlacadh. I gcaitheamh na h-aimsire sin go léir tá an chlann san fé shúil agus fé láimh a n-athar agus a máthar. Má théighean an chlann san ar strae, má dhéinid siad a n-aimhleas, má imthighid siad ar fán ó'n Slánuightheóir a cheannuigh le n-a chuid fola ró naomhtha iad, cé h-é is mó a chaithfidh freagairt ionta? Cé air go dtiocfaidh an Slánuightheóir 'ghá n-éileamh níos déine 'ná mar a dh'éileóchaidh sé ar aoinne eile iad? Gan amhras, éileóchaidh sé go dian iad ar an uile dhuine go raibh aon lámh aige ionta, chun a leasa ná chun a n-aimhleasa. Éileóchaidh sé ar an sagart iad, ach b'fhéidir go bhféadfadh an sagart a rádh: "Dheineas mo dhícheal dóibh, a Thighearna, ach níor thug an t-athair ná an mháthair aon chongnamh dom." Is lúgha an cumas a bhí ag an easbog ortha 'ná mar a bhí ag an sagart féin. Éileóchaidh an Slánuightheóir iad, go dian, ar an uile dhuine a thug droch radharc ná droch chómhairle ná droch shampla dhóibh, ar an uile dhuine do shéid droch smuíneamh fútha le focal mí-gheanmnaidhe nó le feuchaint mhí-gheanmnaidhe nó le teangabháil mhí-gheanmnaidhe. Cad é an freagra bheidh ag an nduine sin le tabhairt an uair sin ar an Slánuightheóir? Ansan iseadh thuigfidh an duine sin brígh na cainte a dúbhairt an Slánuightheóir nuair a dúbhairt sé, an t-é a thabharfadh droch shampla do leanbh gur bh'fhearra dhó, sar a dtug sé an droch shampla san uaidh, go gcurfaí cloch ar a mhuineál agus é chaitheamh sa bhfaraige. Ba chruaidh
an focal é, ach tuigfear an uair sin nár mhisde dhó bheith ní ba chruadha. Ach ní fiú trácht ar aon éileamh, pé déine a bheidh ann, a dhéanfaidh an Slánuightheóir ar na daoine ba chiontach leis an gcailleamhaint, seachas an t-éileamh a dhéanfaidh sé ar an athair agus ar an máthair. "Dheineas mo dhícheal dóibh," a déarfaidh an t-athair, b'fhéidir. "Níor thugas suaimhneas lae ná oídhche dhom féin ach ag obair dóibh. Do shaothruigheas saidhbhreas, dóibh. Chuireas i gcrích iad go neamhspleadhach. "Dheinis," a déarfaidh an Slánuightheóir, b'fhéidir, "ach ní h-é sin a bhí agam-sa 'á iaraidh ort a dhéanamh dóibh. D'fhéadfainn féin an saidhbhreas san a thabhairt, dóibh, agus duit-se, dá mb' é mo thoil é, nó dá mb' é b'fhearr chun iad do chur ar leas a n-anama. Tá an saidhbhreas acu anois. B'fhearra dhóibh go mór gur dealbh ó shaidhbhreas saoghalta a dh'fhágfá iad ach saidhbhreas a gcreidimh a thabhairt dóibh agus d'fhágáilt acu. D'fhágais saidhbhreas saoghalta acu. Dheinis daoine uaisle dhíobh, dar leat, agus thugais faillighe i ngnó t'anama féin chun daoine uaisle dhéanamh díobh. Feuch cad 'tá dh'á bhárr acu. Ní creideamh ná cráibhtheacht, Aifrean ná órd, paidir ná créidh, ná aon nídh eile a bhainean lem' ghnó-sa, atá ag déanamh buartha dhóibh, ach uabhar agus uaisleacht shaoghalta agus eirighe-anáirde. Ní'l aon aidhm ná aon chuimhneamh acu ar staonadh ó aon pheacadh, agus tá an saidhbhreas acu, ad' dhiaidh-se, chun na ndroch mhian do shásamh. Dá ndéantá-sa an gnó a cuireadh 'n-a chúram ort mar a bhí ceart agat é dhéanamh bhéadh a mhalairt de sgéal anois acu, agus agat-sa, agus agam-sa. Dá gcurthá rómhat fios aitheanta a gcreidimh a mhúineadh dhóibh, fé mar a tháinig ciall agus tuisgint dóibh; dá gcurthá 'n-a luighe ar a n-aigne,
ó thusach, nách i gcóir an tsaoghail seo do cruthuigheadh iad ach i gcóir aoibhnis na bhflathas, go rabhas-sa tar éis an aoibhnis sin a cheannach dóibh go daor, nár cheart dóibh blúire suime chur sa tsaoghal so ach sa mhéid go ndéanfadh sé iad a dh'ollamhughadh i gcóir an aoibhnis ar an saoghal eile; ansan, dá gcurthá cómhairle de'n tsórd san i bhfeidhm ortha le smacht, leis an smacht a cuireadh ar do chumas os a gcionn, agus é dhéanamh go breagh, réidh, stuama, daigean, bheidís ar do thoil féin agus ar mo thoil-se agat sar ar "chruaidh an tslat"; bheidís anois 'n-a gCríosdaidhthe úmhala, cráibh- theacha, diadha againn, i n-inead bheith mar atáid siad, 'n-a maistíní ceanndána gan beann ar Dhia ná ar dhuine acu. Tá an sgéal go h-olc anois acu agus tusa fé ndear é. Tá aimhleas déanta agat dóibh-sin agus duit féin, agus gearrfaidh an t-aimhleas san amach tusa agus iad-san ó aoibhneas na bhflathas ar feadh na síoruidheachta." Is maith an bhail, a phobul, ar an athair nó ar an máthair a bheidh sa chás san má's féidir dóibh a rádh an uair sin leis an Slánuightheóir, "A Thighearna, feuch siar ar mo bheatha. Chíon tú féin gur dheineas mo dhícheal, ó'n lá a chuir Dia chúgham gach duine acu, chun iad a chur ar an slígh gcóir chúghat-sa. Mhúineas an creideamh dóibh. Mhúineas a bpaidreacha dhóibh. Bhínn gach aon ré sholuis ag guidhe chun Dé ortha 'ghá iaraidh ar Dhia iad a chur ar a leas. Níor airigh aoinne acu riamh amach as mo bhéal focal a thabharfadh droch shampla dhóibh. Ach i n-aimhdheóin mo dhíchil, chómh luath agus do neartuigheadar d'imthigheadar uaim ar aimhleas a n-anama. A Thighearna, ná bíodh milleán agat orm. Dheineas mo dhícheal!" Is maith an bhail ar an t-é d'fhéadfaidh freagra de'n
tsórd san a thabhairt nuair a thiocfaidh an t- Éiltheóir. Anois an t-am ag aithreachaibh agus ag máithreachaibh chun machtnaimh a dhéanamh ar an sgéal. Dein do dhícheal chun Críosdaidhthe maithe dhéanamh de d'chlainn. Fág an chuid eile fé Dhia. Ní'l aoinne ar bith chun Críosdaidhthe maithe dhéanamh díobh ach tusa agus Dia. Is uathbhásach an phribhiléid a thug Dia na glóire dhuit nuair a thug sé daoine dhuit ar an gcuma san chun go ndéanfá Críosdaidhthe maithe dhíobh! Déan- faidh sé féin an obair ad' theannta. Ná bíodh sé le rádh ar ball aige go mbéadh an rath ar an obair mura mbéadh tusa 'ghá lot. Ná bíodh sé le casadh leat ag an Slánuightheóir Naomhtha go raibh sé féin ag cnuasach agus go rabhais-se ag sgaipeadh. Go dtugaidh Dia a ghrásta do gach aoinne go bhfuil cúram clainne air, chun na clainne thógaint mar is cóir i ngrádh agus i n-eagla an Tighearna. Amen. XXII. AN TRÍMHADH DOMHNACH DE'N CHARAIGHEAS. Seanmóin a Dó. Léightear an Soisgéal. (Lúcás II.) "Agus is measa staid deirineach an duine sin 'ná a chéad staid." Deir na h-aithreacha naomhtha, a phobul, gur ar náisiún na n-Iúdach, ar chlainn Isráeil, a bhí ár Slánuightheóir ag trácht nuair a labhair sé an chaint sin. Gur bh'iad Clann Isráeil an "duine" gur cuireadh
an deamhan amach as ar dtúis, agus nár thug an aire cheart dó féin, agus gur tháinig an deamhan san isteach airís ann, agus nách i n'aonar a tháinig sé an tarna h-uair, ach gur thug sé leis isteach seacht ndeamhain eile ba mheasa 'ná é féin. Míníghid na h-aithreacha brígh na cainte ar an gcuma so. Nuair a bhí Clann Isráeil sa n-Éigipt bhíodar fé smacht na n-Éigipteach, agus bhí béasa agus nósa peacamhla na n-Éigipteach glacaithe acu agus iad ag maireachtaint d'á réir. Ansan do chuir Dia Maois chúcha agus thug sé amach as an Éigipt iad, agus thug sé na deich n-aitheanta dhóibh agus an tsean-dlígh go léir, agus b'éigean dóibh droch nósa agus droch bhéasa na n-Éigipteach a chur uatha agus maireachtaint do réir na dlíghe a thug Dia dhóibh tré láimh Mhaoise. Bhí an annsprid truaillighthe díbeartha amach asta ansan, agus bhí Dia ag faire ortha i gcómhnuighe, agus nuair a dheinidís an peacadh chuireadh sé pionós ortha a chuireadh fhiachaibh ortha iompáil ar Dhia agus aithrighe dhéanamh. Pionós díobh san ab eadh leigint do rígh Bhabulóin teacht le n-a shlóighte agus buachtaint ortha agus a dtír do sgrios, agus an méid nár cuireadh chun báis díobh do bhreith leis, i n-aon tréad amháin, i mbraighdeanas, soir go cathair Bhabulóin. Nuair a bhí an pionós san fuilingthe acu agus aithrighe déanta acu sa bhraighdeanas, b'é toil Dé gur leigeadh siar abhaile airís iad, agus bhíodar diadha go leór ar feadh tamaill. Ach do chromadar ar dhul i n-olcas airís agus do cuireadh pionós airís ortha, go dtí, fé dheire, gur iompuigheadar amach chómh h-olc san nár dhein aon tsaghas pionóis aon tairbhe dhóibh. Bhí an chéad deamhan a cuireadh amach, bhí sé tagaithe isteach airís agus na seacht ndeamhain eile ba mheasa 'ná é féin tabhartha leis isteach aige agus
bhí seilbh istigh acu go daingean. Ansan iseadh bhí an sgéal go h-olc ag sliocht Isráeil. Ansan do tháinig an Slánuightheóir ag triall ortha, fé mar a bhí geallta dhóibh ó thusach, agus ní leigfeadh corp aimhleasa agus droch aigne dhóibh iad féin d'úmhlughadh roimis agus é ghlacadh. Dhiúltuigheadar dó agus thugadar easonóir dó agus chuireadar chun báis é. Tamall 'n-a dhiaigh san tháinig na Rómhánaigh agus dheineadar ar shliocht Isráeil agus ar chathair Ierúsaleim léir-sgrios fola agus teine agus gorta agus báis ná fuil cúntas ar a leithéid eile i leabhraibh an domhain. Deir na h-aithreacha naomhtha céadna go bhfuil brígh eile, leis, le caint an tSlánuightheóra sa n-áit sin. Gur b' é an Críosdaidhe a théighean agus a dheinean faoisdin mhaith an duine go gcurtar an annsprid truaillighthe amach as. Ansan bíon anam an Chríos- daidhe sin glan, mar a bhéadh tigh a bhéadh sguabtha, sgiomartha, ceartuighthe, curtha i dtreó. Ach ní thugan an Críosdaidhe sin aireachas ceart d'á thigh. Fágan sé na dóirse go léir ar leathadh. Tá a shúile ar dian-leathadh chun gach droch radhairc a dh' fheisgint. Tá a chluasa ar leathadh chun gach droch fhocail a dh'aireachtaint agus do ghlacadh. Tá a aigne ar osgailt chun an droch smuínimh a ghlacadh agus chun machtnaimh a dhéanamh air, i n-inead é dhíbirt chun siúbhail láithreach. Tá a thoil ar bogadh agus ar guagadh, gan stuaim, gan daingean, ollamh ar ghabháil le gach aon tsaghas pléisiúir a casfar 'n-a threó, gan a fhiafraighe dhé féin an olc é nó an maith é, an dleaghthach é nó an aindleaghthach é. Ansan fillean an annsprid. Chíon sé an chuma 'n-a bhfuil an duine sin. Chíon sé go bhfuil slígh a ndóithin d'á thuille sa tigh sin 'n-a theannta féin. Imthighean sé agus tugan sé leis na seacht ndeamhain eile agus téighid siad isteach.
Cé h-é an Críosdaidhe sin, a phobul? Go bhfóiridh Dia orainn, tá fhios againn go léir cé h-é féin. Aon Chríosdaidhe a théighean agus a dheinean faoisdin mhaith agus a gheibhean asbolóid agus go maithtear na peacaí troma dhó, agus ansan d'imthighean agus d'fhillean ar na peacaíbh céadna airís, fé mar fhillean an madra ar a aisioc, siné an Críosdaidhe ar ar labhair an Slán- uightheóir an uair úd. Siné an tigh gur cuireadh an ann- sprid amach as le cómhacht an Tighearna, an tigh a sguabadh agus do glanadh le grásta Dé, agus nár tugadh aireachas ceart dó 'n-a dhiaigh san. Ní gádh dhom iad a dh'áireamh, a phobul. Is díobh an fear a tháinig agus d'admhuigh go raibh sé ar meisge an oiread san uaireanta, agus do gheall, sar a bhfuair sé an asbolóid, ná cuirfeadh sé é féin ar meisge airís, agus nár bh'fhada 'n-a dhiaigh go bhfeacathas caoch ar meisge é. Is díobh an fear a tháinig agus d'admhuigh go mbíodh sé ag briseadh na saoire, ag fanamhaint ó Aifrean an Domhnaigh nó an lae shaoire, le corp leisge; agus do gheall go cruaidh, sar a bhfuair sé an asbolóid, go mbéadh an t-Aifrean aige feasta, gach Domhnach agus lá saoire, an fhaid ba thoil le Dia a shláinte agus a choisidheacht d'fhágáilt aige; agus 'n-a dhiaigh san nár ró fhada go bhfuaradh istigh sa bhaile airís é, lá breagh Domhnaigh, 'ghá shearradh féin le díomhaointeas, agus an t-Aifrean ar siúbhal. Is díobh an fear a tháinig agus d'admhuigh gur bhéas aige bheith ag cúlchaint ar a chómhar- sain, agus do gheall go prínsiobálta, sar a bhfuair sé an asbolóid, go gcoimeádfadh sé a bhéal dúnta feasta nuair a bhéadh aon rud 'ghá spriocadh chun an droch fhocail a rádh i gcoinnibh a chómharsan ; agus nár ró fhada 'n-a dhiaigh san gur h-airigheadh an gearrachán céadna ar siúbhal aige ar gach aon chómharsain nár thaithn leis.
Is díobh an fear a tháinig agus d'admhuigh i láthair Dé gur bhéas leis bheith ag labhairt go mí-bhanamhail, ag labhairt cainteana barbaraithe, os cómhair óg agus aosta, agus do gheall ó chroídhe ná labharfadh sé airís iad, mar níor bh'fhéidir aon asbolóid a thabhairt dó mura ngealladh ; agus nár bh'fhada 'n-a dhiaigh san go bhfeacathas é agus a chlaibín shalach ar siúbhal aige agus é ag miongháirí, agus go gcuirfeadh sé náire ar dhiabhal ó ifrean féin bheith ag éisteacht le n-a chaint! Mar sin dóibh, a phobul. Siniad na daoine go gcurtar deamhan amach asta le cómhacht an tSlánuightheóra nuair a dheinid siad faoisdin mhaith agus go dtagan an deamhan céadna agus seacht ndeamhain eile is measa 'ná é isteach ionta airís, i dtreó gur seacht measa a bhíon an sgéal acu sa deire 'ná mar a bhí i dtusach bára. Ach ní h-alaidh dhúinn, a phobul, gan an sgéal do thuisgint i gceart. Ná measadh aoinne go bhfuilim 'ghá rádh go bhfuil ar chumas aon Chríosdaidhe, as a ghustal agus as a neart féin, a gheallamhaint ná tuitfeadh sé sa pheacadh airís agus ansan an gheallamhaint sin do sheasamh. Duine gan chiall iseadh an duine do cheapfadh i n'aigne go bhféadfadh sé é féin a choimeád gan tuitim i bpeacadh agus an coimeád san a dhéanamh a' neart a thoile agus a thuisgiona féin. An Críosdaidhe n-a mbéadh sé de dhíth céille air beartughadh de'n tsórd san a dhéanamh i n' aigne, ní fada a ruithfeadh leis nuair a múinfí ciall dó, agus is ciall cheannaigh a múifí dhó. Gheóbhadh sé é féin ar lár sa pheacadh sar an mbéadh fhios i gceart aige cad a bhí imthighthe air. Má 'seadh, a déarfaidh duine, b'fhéidir, conus is cóir
milleán a bheith ar dhuine mar gheall ar rud ná fuil leigheas aige air? Ní cóir milleán a bheith air má's fíor ná fuil aon leigheas aige air, ach ní fíor. Tá leigheas aige air má tá neart lasmuich d'á neart féin agus gan aon bhac air an neart eile sin do tharang chuige. Tá neart grásta Dé aige, lasmuich d'á neart féin, agus ní'l bac air an neart san do tharang chuige coitchianta. Tá cogar ó'n Spioraid Naomh istigh 'n-a chroídhe 'ghá rádh leis, nuair a chuirean an namhaid cath air, glaodhach ar Dhia agus neart grásta Dé a dh'iaraidh i gcoinnibh an namhad. Má chuirean sé neamhshuim sa chogar san, agus ansan má gheibhean an namhaid an lámh uachtair air, conus is féidir dó a rádh ná raibh leigheas aige air? Nách le n-a thoil mhacánta a chuir sé neamhshuim sa chogar a bhí ag an Spioraid Naomh 'á thabhairt dó? Nách le n-a thoil mhacánta a dh'fhág sé gan tarang chuige an neart a bhí le fághail aige dá mba mhaith leis é dh'iaraidh? Ansan do bhuaidh an namhaid air. Cé eile gur ceart an milleán a bheith air ach ar an nduine sin féin? Ní h-eadh, ach is amhlaidh mar a bhí an sgéal aige, agus má feuchtar cruinn isteach sa ghnó chífear é, níor dhein sé troid dáiríribh i n-aghaidh an namhad. Níor bh' fhearr leis rud a dh'imtheóchadh air 'ná an namhaid a dh'fhághail an lámh uachtair air. Bhí an claonadh chun an pheacaidh istigh 'n-a chroídhe féin agus, bíodh go raibh sé 'ghá leigint air troid a dhéanamh, níor bh' fhearr leis rud a dh'imtheóchadh air 'ná an namhaid 'ghá chomaint isteach sa pheacadh. Rud ana cham, ana chlaon, ana neamhfhírinneach, iseadh aigne an duine uaireanta. Is minic ná bíon sa troid a deintear i n-aghaidh an pheacaidh ach "Tóg uaim é agus gan uaim ach é!" Ní troid dáiríribh a deintear. Is fearra dhúinn feuchaint, lom díreach, idir an dá
shúil, ar an sgéal, le h-eagla ná béimís ach 'ghár mealladh féin, 'ghá leigint orainn linn féin go bhfuil troid dáiríribh againn d'á dhéanamh i gcoinnibh ár namhad agus go mb' fhéidir go bhfeicean Dia ná fuil aon fhírinne i n-ár dtroid. Sidé an cómhartha a thaisbeánfaidh cé 'cu troid dílis atá againn 'á dhéanamh nó nách eadh. An t-é atá coitchianta 'ghá iaraidh ar Dhia neart a ghrásta thabhairt dó chun cur i n-aghaidh a namhad, tá troid dílis ag an nduine sin 'á dhéanamh, mar tá úsáid dílis aige 'á dhéanamh de'n aon neart amháin a thabharfaidh buadh dhó ar a namhaid. An t-é atá ag troid i n-aghaidh an peacaidh, dar leis, agus ná h-iaran aon chongnamh ó ghrásta Dé sa troid, ní'l aon troid ag an nduine sin 'á dhéanamh i n-aghaidh an pheacaidh ach troid mar 'dh eadh. Sin é an duine go gcurtar an deamhan amach as, agus ansan go dtagan an deamhan san isteach airís ann, agus seacht ndeamhain eile is measa 'ná é, mar ní'l aon rud chun iad a choimeád amach. Ach cad é an deire a bheidh ar an obair sin? Innsean an Slánuightheóir féin cad é an deire bheidh ar an obair sin, agus is láidir an sgairt nách foláir a bheith ag an gCríosdaidhe ná cuirfidh an focal san ó'n Slánuightheóir crith-eagla air. "Tá staid deirineach an duine sin níos measa 'ná a chéad staid. "Cad é staid deirineach an duine? Gan amhras is é staid deirineach an duine an staid 'n-a mbeidh sé le linn an tsaoghail seo fhágaint dó. 'Sé sin le rádh, beidh seilbh ag na h-ocht ndeamhain sa duine sin ar feadh na síoruidheachta! Sin adhbhar machtnaimh do'n Chríosdaidhe atá ag caitheamh a shaoghail ag ruith chun faoisdine indiu agus ansan ag ruith thar n-ais chun an pheacaidh amáireach. Deineadh sé an machtnamh an fhaid atá an uain aige ar é dhéanamh. Ní'l bac air an sgéal go léir do leigheas aon lá i n-aon
chor is maith leis é. Ní'l bac air na seacht ndeamhain, ní h-eadh, ach seacht gcéad deamhan, do thiomáint amach as an dtigh aon lá is maith leis é. Ní'l aige ach iompáil dáiríribh ar Dhia agus stad de bheith a d'iaraidh dhá thaobh an sgéil a thabhairt leis. Ní'l aige ach breithniughadh go géar ar an bhfocal a dúbhairt an Slánuightheóir nuair a bhí an chaint ráidhte aige i dtaobh na seacht ndeamhan. Bhí bean sa tsluagh agus d'airigh sí an chaint. Níor fhéad sí gan labhairt. Do labhair sí amach go h-árd. "Is beannuighthe an bhroinn a dh'iompair thú," ar sisi, "agus is beannuighthe iad na cíocha a dheólais." Feuch ar an bhfreagra a thug an Slánuightheóir uirthi. Is ar a Mháthair Bheannuighthe do labhair sí; ar an Maighdin Muire; ar an Maighdin a gabhadh, i mbroinn a máthar féin, saor ó pheacadh an tsínsir; an Mhaighdean go ndúbhairt an t-Árdaingeal léi, "Is beannuighthe idir mhnáibh thu." Ach feuch cad dúbhairt an Slánuightheóir leis an mnaoi do labhair sa tsluagh. "Bíodh gur fíor do chaint, a bhean," ar seisean, "ní h-í sin caint atá le rádh anso anois, ach, is beannuighthe an mhuintir a chloisean briathar Dé agus a choimeádan é." Feuch air sin! B'fhearr leis an Slánuightheóir trácht an uair sin ar an aoibhneas a bhí le fághail ag na daoine a ghlacfadh briathar Dé agus choimeádfadh é,'ná trácht ar aon nídh eile; 'ná trácht ar bheannuightheacht na Maighdine Muire, d'á aoirde í. Agus cé h-é an duine go raibh sé ag caint 'n-a thaobh an neómat roimis sin? An fear gur cuireadh an deamhan amach as agus ansan nár thug aire cheart dó féin agus go dtáinig an deamhan san agus na seacht ndeamhain eile isteach ann thar n-ais. D'á bhrígh sin, is ag tagairt do'n duine sin a bhí sé nuair a dúbhairt sé, "Is beannuighthe an t-é ghlacfaidh briathar
Dé agus choimeádfaidh é." Ní dhéanfadh sé an gnó an briathar a ghlacadh. Caithfear an briathar a choimeád. Ní dhéanfaidh sé an gnó do dhuine dul chun faoisdine agus faoisdin mhaith a dhéanamh agus maitheamhnachas fhághail ins na peacaíbh. Caithfidh sé grásta Dé choimeád. Caithfidh sé gan na peacaí sin, ná aon pheacadh eile, dhéanamh airís. Ní féidir dó an bheart san a dhéanamh gan cabhair agus congnamh láidir, cómhachtach, a bheith aige coitchianta ó ghrásta Dé. Tá an chabhair agus an congnamh san aige le fághail coitchianta má's maith leis é. Leis an gcabhair sin agus leis an gcongnamh san glacfaidh sé briathar Dé agus coimeádfaidh sé é. Caithfidh sé beatha naomhtha ar an saoghal so, agus nuair a bheidh a théarma ar an saoghal so caithte gheobhaidh sé an t-aoibhneas a gheall an Slánuightheóir, an lá úd, do'n mhuintir a ghlacfadh briathar Dé agus do choimeádfadh é. Go dtugaidh Dia dhúinn, tré impidhe na Maighdine Muire, grásta an tSlánuightheóra d'fhághail, chun go ndéanfaimís briathar Dé do ghlacadh agus do choimeád, agus aoibhneas na bhflathas a dh'fhághail mar luacht saothair d'á bhárr. Amen. XXIII. AN CEATHRAMHADH DOMHNACH DE'N CHARAIGHEAS. Léightear an Soisgéal. (Eóin 6.) A phobul: Sar a dtáinig an Slánuightheóir treasna na faraige sin Ghaililí an uair sin bhí sé tar éis mírbhuilt mhór a dhéanamh i gcathair Ierúsaleim. Bhí sé tar éis lúth a chos a thabhairt do dhuine. Ach dhein sé
an mhírbhuilt sin lá na Sabbóide. Chonaic na Iúdaigh an mhírbhuilt déanta aige agus d'eirigheadar ar buile chuige mar gheall ar é bheith ag briseadh na saoire. Ba mhó acu, mar 'dh eadh, an tsaoire choimeád gan briseadh ná lúth a chos a thabhairt do'n duine. Bhí fhios ag an Slánuightheóir, ámhthach, ná raibh sa bhfeirg i dtaobh briseadh na saoire ach éitheach, ná raibh ann ach púicín, an púicín is gnáth leis an bhfeallaire do chur ar shúilibh na poibilidheachta nuair a leigean sé air bheith ana dhiadha i dtaobh cuid des na h-aitheanta, i dtreó gur chaothamhla-de a dh'fhéadfadh sé an chuid eile acu bhriseadh a gan fhios do'n tsaoghal. Do nocht an Slánuightheóir cuid dá gcleasaidheacht. Do thaisbeáin sé cuid d'á raibh laistiar de'n phúicín. Ansan tháinig a leithéid de bhuile ortha chuige gur mheasadar é chur chun báis. Ach d'imthigh sé uatha agus chuaidh sé treasna faraige Ghaililí. Do lean sluagh mhór de'n phoibilidheacht é. Ní raibh aon fhearg ag na daoine bochta chuige. Ar na h-uaislibh iseadh bhí an fhearg. Ar na Fairisínigh, agus ar sgoláiribh na dlíghe, agus ar na sgríbhneóiribh poibilidhe. Ar an muintir a bhí 'ghá leigint ortha an uraim go léir a bheith acu do dhlígh Mhaoise agus gan blúire urama acu do'n dlígh sin ná d'aon dlígh eile, ach iad ag déanamh úsáide dhi chun an phúicín do chur ar an bpoibilidheacht agus a ndroch bhearta féin do choimeád i bhfolach. Chonaic na daoine bochta na mírbhuiltí móra a bhí aige 'á dhéanamh ar na daoine a bhí gan sláinte, an tsláinte aige 'á thabhairt dóibh ar gach aon tsaghas cumha. Chonac- adar an tairbhe aige 'á dhéanamh, agus do leanadar é. Ansan, fé mar a deir an Soisgéal, d'imthigh sé uatha suas cnoc a bhí ann, é féin agus a dheisgiobuil agus d'fhanadar-san thíos ag bun an chnuic. Ar ball, d'fheuch sé síos ar an mór-shluagh daoine
a bhí tar éis é leanamhaint. Bhí fhios aige ná raibh aon rud le n-ithe ag an sluagh daoine sin. Ansan b'é a thoil naomhtha mírbhuilt uathbhásach a dhéanamh, mírbhuilt a bhí uathbhásach go leór inti féin, ach mírbhuilt go raibh brígh léi dob' uathbhásaighe go mór 'ná í féin. Bhí chúig bhulóga aráin aige agus dá iasg, fé mar a léigheadh daoibh. Do mhéaduigh sé an méid sin bídh i dtreó gur tugadh, as na chúig bulógaibh agus as an dá iasg, a ndóithin mór le n-ithe do'n tsluagh go léir, agus bhí tímpal chúig mhíle duine ann. Dob' uathbhásach an mhírbhuilt í sin, a phobul, ach, mar a dúbhart, bhí brígh léi dob' uathbhásaighe go mór 'ná í féin. Soluíd, nó sampla, ab eadh an mhírbhuilt sin ar an obair mhór, dhoimhinn, ghlórmhar, dho-thuisgionta do'n aigne dhaona, a dhein Slánuightheóir an domhain nuair a chuir sé Sácraimínt Chorp Críosd ar bun. Do mhéaduigh sé na chúig bhulóga i dtreó go raibh dóithin chúig mhíle duine ionta. Ach tar éis iad a mhéadughadh ní raibh ionta fós ach arán órnan. Ní raibh sa mhéadughadh, d'á uathbhásaighe é, ach an rud a dheinean Dia dhúinn go léir gach aon uair a chuirimíd síol agus a bhainimíd fóghmhar. Méaduighthear an biadh dhúinn nuair a curtar beagán síl sa talamh agus nuair a dh'fhásan an síol, agus nuair a gheibhtear ar ball, tar éis an fhóghmhair a bhaint, an toradh breagh, flúirseach, saidhbhir, buacach, ar an mbeagán síl. Deinean Dia an méadughadh san. Tá fhios againn go léir go bhféadfadh Dia na glóire an méadughadh san a dhéanamh i n-aon neómat amháin chómh maith díreach agus is féidir dó é dhéanamh i leath-bhliadhain. Deinean Dia i gcómh- nuighe é i gcaitheamh na leath-bhliadhna. Dhein an Slán- uightheóir an uair úd é i n-aon neómat amháin. D'fhás an t-arán an fhaid a bhítheas 'ghá raint.
Ach nuair a chuir an Slánuightheóir Sácraimínt Chorp Críosd ar bun thug sé dos na Críosdaidhthibh biadh ná bainean i n-aon chor leis an saoghal so, biadh ná bainean le síol ná le fás, le h-earrach ná le fóghmhar, biadh a bhainean leis an anam, biadh a thugan neart do'n anam fé mar a thugan an t-arán corpartha neart do'n cholainn, ach go bhfuil an dá shaghas bídh chómh neamh- chosmhail le n-a chéile agus atá an t-anam agus an corp neamhchosmhail le n-a chéile. Le truagh dos na daoine do lean é, amach sa bhfásach, agus ná raibh aon nídh le n-ithe acu, iseadh dhein an Slán- uightheóir an méadughadh mírbhuilteach san ar an arán an lá san. Soluíd ab eadh an mhírbhuilt sin ar an nídh a dhein sé le truagh do'n chine daona nuair a chuir sé Sácraimínt Chorp Críosd ar bun. Thug méadughadh an aráin agus an éisg biadh an t-aon uair amháin sin do'n chúig mhíle duine. Thug Sácraimínt Chorp Críosd biadh spioraideálta dos na mílte milliún Críosdaidhthe do tháinig ar an saoghal, agus d'fhág an saoghal, riamh ó shin, agus ní h-aon uair amháin a tugadh an biadh spioraideálta san dóibh, ach gach aon uair ba mhaith leó iad féin d'ollamhughadh chuige agus teacht chun é ghlacadh. Thug méadughadh an aráin agus an éisg an lá úd cothughadh corpartha, do shásaimh an uair sin iad, do'n chúig mhíle duine sin. Bhí an biadh foláin, deigh-bhlasta, buacach. Chuir sé spionadh agus neart ins na daoine i gcóir an bhóthair abhaile. Ach nuair a thánadar abhaile bhí ocras airís ortha, agus b'éigean dóibh tuille bídh d'ollamhughadh dóibh féin agus é chaitheamh. Ní raibh an biadh mírbhuilteach a fuaradar sa bhfásach le fághail airís sa bhaile acu. Nuair a chuir an Slánuightheóir Sácraimínt Chorp Críosd ar bun thug sé do'u chine daona biadh spioraideálta a bhí le fághail i gcómhnuighe acu, amuich agus i mbaile,
gach aon tráth dh'á saoghal, ó theacht dóibh i mbliadhantaibh na tuisgiona go dtí an lá 'n-ar thoil le Dia glaodhach ortha as an saoghal. Agus bhí sé le fághail acu an lá san thar gach lá eile, i dtreó go dtabharfadh sé neart agus misneach anama dhóibh, i n-aghaidh an namhad chealgaigh a chuirean cath cruaidh ar anam an duine an lá san thar gach lá eile. Nuair a chonaic na daoine cad a bhí déanta bhí iongnadh agus uathbhás ortha. Bhí fhios acu go léir ná raibh aon bhlúire bídh sa n-áit ach na chúig bhulóga a bhí ag an mbuachaill, agus an dá iasg. Gan amhras bhíodar go léir ag faire feuchaint cad 'déanfaí. Chonacadar an Slánuightheóir ag tógaint na mbulóg agus ag breith bhuidheachais. Dúbhradh leó suidhe síos Shuidheadar. Do ghluais an Slánuightheóir eatortha, ag briseadh an aráin agus an éisg agus 'ghá raint ortha. Bhíodar ag faire go géar feuchaint cad é an fhaid a raghadh an t-arán. Gan amhras bhí daoine ann a cheap gur ró ghearr go mbéadh sé ídighthe. Is dócha go raibh cuid acu do cheap nár bhaoghal ná go mbéadh "an fear deirineach díobhálach." Measaim, ámhthach, gur b'é cuma 'n-a raibh a n-aigne agá bhformhór 'ná ollamh d'aon tsaghas ruda a thuitfeadh amach, pé mírbhuilt a bhéadh ann, bhí oiread san mírbhuiltí feicithe cheana acu uaidh. Ach do ghluais an briseadh agus an raint agus níor h-idigheadh an biadh. Bhí gach aoinne ag ithe go dtí go raibh a dhóithin ithte aige, agus ní raibh an biadh ídighthe. Ansan, nuair a bhí gach aoine sásta, do fuaradh gur fágadh breis agus dá uair déag níos mó fuíghligh 'ná a raibh de bhiadh ar fad ann nuair a thusnuigh an raint. Chonaic na daoine go léir an obair go léir. Dheineadar iongnadh de'n mírbhuilt. Is minic a dheinid daoine iongnad de mhírbhuilt agus go stadaid siad ar an áit
sin. Ba dhóich le duine ortha go measaid siad ná deinean Dia mírbhuiltí chun aon ghnótha eile ach chun go ndéanfaí iongnadh dhíobh. Ní mar sin a dhein an chúig mhíle duine úd a fuair an biadh mírbhuilteach úd ó'n Slánuightheóir. Bhíodar ag caint eatartha féin i dtaobh na mírbhuilte. Sa chaint dóibh dheineadar admháil. "Gan amhras," ar siad, "is fáidh atá ag teacht sa domhan an fear so." Bhí taithighe ag sliocht Isráeil ar na fáidhíbh a bheith ag teacht ó Dhia, ó am go h-am, chun teagaisg éigin speisialta thabhairt dos na daoine, nó chuniad a dh'fhuasgailt ó namhaid éigin, nó chun iad do spriocadh chun aithrighe dhéanamh 'n-a ndroch bheartaibh sar a dtiocfadh díbhfeirg Dé ortha. Cheap na daoine úd a fuair an biadh mírbhuilteach gur bh' fháidh éigin de'n tsórd san an Slánuightheóir, agus d'admhuigheadar an nídh sin. Ach níor stadadar ansan ach chómh beag. Cheapadar gur cheart dóibh an onóir ab aoirde a thabhairt dó. Shocaruigheadar 'n-a n-aigne go ndéanfaidís rígh dhé. Nuair a bhí socair ar an méid sin acu d'imthigh sé uatha airís suas an cnoc. Mheasadar rígh dhéanamh dé, ach ní raibh fhios acu nár bh'fhéidir dóibh aon chómhacht ná aon onóir de'n tsord san a thabhairt dó ná raibh aige cheana. An rud ná raibh fhios acu súd, ámhthach, tá fhios againne é. Tá fhios againn gur b' é Mac Dé é, agus gur ghlac sé colann daona chun na cine daona d'fhuasgailt agus do shábháil, agus gur dhein sé an fhuasgailt sin le n-a bhás ar chrann na croise. Tá fhios againn gur chuir sé ar bun, tré mhór-luacht a bháis, na Sácraimintí go léir; an Baisteadh, chun sinn a ghlanadh ó pheacadh an tsínsir, Dul-fé-láimh-Easbuig chun sinn do neartughadh sa chreideamh, Sácraimínt na h-Aithrighe chun ár bpeacaí féin a mhaitheamh dúinn, agus an tSácraimínt
ghlórmhar ar fad, Sácraimínt Chorp Críosd, chun biadh na beatha síoruidhe a thabhairt d'ár n-anam. Cheapadar súd rígh dhéanamh Dé. Chuadar chómh fada le n-a n-eólus. Cheapadar rígh saoghalta dhéanamh dé. Ní raibh a mhalairt d'eólus acu. Bhí brígh mór leis an mírbhuilt a dhein an Slánuightheóir dóibh siúd. Solúid ab eadh an mhírbhuilt sin ar an rud atá déanta aige dhúinne. Tá brígh mór, mar an gcéadna, leis an rud a cheapadar súd a dhéanamh do'n tSlánuightheóir. Soluíd iseadh é ar an rud is ceart dúinne dhéanamh dó. Mheasadar súd rígh saoghalta dhéanamh Dé. Is ceart dúinne leis a shocarughadh i n-ár n-aigne go ndéanfaimíd rígh dhé. Ach ní rígh saoghalta is ceart dúinn a dhéanamh Dé. An rud nár ghlac sé uatha súd ní ghlacfaidh sé uainne é. Ní'l aon ghádh aige leis. Isé rígh an tsaoghail agus an domhain go léir é gan chongnamh uatha súd ná uainne. Ach tá rígheacht is féidir dúinn a thabhairt dó nó a choimeád uaidh, rígheacht ar ár gcroídhe agus ar ár n-aigne féin. Siné an rígheacht a ghlacfaidh sé uainn go fonnmhar má thugaimíd dó é. Thug sé dhúinn an biadh spioraideálta, fé mar a thug sé an biadh corpartha dóibh siúd. Dhéanfaidís siúd rígh saoghalta dhé, ach d'imthigh sé uatha an cnoc suas. Má thugaimíd-ne an rígheacht atá uaidh dó ní imtheóchaidh sé uainn an cnoc suas. Glacfaidh sé an rígheacht, agus fanfaidh sé againn, agus stiúróchaidh sé ár gcroídhe agus ár n-aigne agus ár mbeatha ar an saoghal so, agus ansan tabharfaidh sé rígheacht na bhflathas dúinn ar an saoghal eile. An ndéanfaimíd an nídh sin, a phobul? Nách é ár leas é dhéanamh? Nách é is ceart dúinn a dhéanamh ar gach aon tsaghas cúise? D'fhág an Slánuightheóir ar ár gcumas an rígheacht san, rígheacht ár gcroídhe agus ár n-aigne, do thabhairt dó nó do choimeád uaidh. D'fhág
sé ar ár gcumas an rígheacht san do bhronnadh air, má's maith linn é, nó an t-eiteachas a thabhairt dó 'n-a thaobh. Cé 'cu a dhéanfaimíd? Is dócha ná fuil aon Chríosd- aidhe ná déarfaidh láithreach gur ceart dúinn, nídh nách iongnadh, an rígheacht do bhronnadh ar an Slánuightheóir le lán toil. An Slánuightheóir do ghlacadh chúghainn 'n-a rígh ar ár gcroídhe agus ar ár n-aigne, ar ár n-intinn agus ar ár dtoil, orainn féin go léir idir chorp agus anam. Tá go maith. Siné an ceart. Ansan tagan nídh eile isteach. Caithfear bheith dílis do'n Rígh. Caithfear toil an Rígh do dhéanamh i gcómhnuighe. Caithfear onóir an Rígh do chosnamh i gcómhnuighe. Caithfear namhaid an Righ do throid i gcómhnuighe, agus iad a throid go cródha, agus gan páirt a ghabháil leó choídhche ar aon tsaghas cuma ná ar aon tsaghas cúise. Is iad na peacaí namhaid an Rígh. Má's maith linn bheith dílis do'n Rígh ní foláir dúinn bheith i n-ár namhdaibh fíochmhara dos na peacaíbh; gan aon tsaghas síothchána dhéanamh choídhche leó; gan aon tsaghas caradais a dhéanamh leó. Pé mealladh ná bréagadh a dhéanfaid na peacaí orainn ná pé muintearthas a cheapaid siad a thaisbeáint dúinn, má's maith linn bheith dílis do'n Rígh ní foláir dúinn cur 'n-a gcoinnibh láithreach agus gan a lámháil dóibh aon chimilt a bheith acu linn. An fhaid a bhéimíd dílis mar sin do'n Rígh ní gádh dhúinn aon bhlúire eagla beith againn roimis an namhaid. Tá an Rígh láidir agus tá Máthair mhaith aige, agus is dian mhaith atá fhios ag an namhaid go bhfuil san mar sin. Ní'l againn ach an troid a dhéanamh agus cuirfidh an Rígh an buadh i n-áirighthe dhúinn i n-aimdheóin ár namhad. Go dtugaidh Rígh na ngrást an buadh san dúinn go leir tré impidhe na Maighdine Muire agus na naomh. Amen.
XXIV. DOMHNACH NA PÁISE. Léightear an Soisgéal. (Eóin 8.) A phobul: Nuair a léightear aighneas de'n tsórd san idir an Slánuightheóir, moladh go deó leis, agus na Iúdaigh, cuirean an chaint sgárd ar dhuine. Bhíodar ag feuchaint ar na mírbhuiltíbh a bhí aige 'á dhéanamh os cómhair a súl, agus fós ní raibh eagal ortha labhairt leis ar an gcuma san! D'fhéadfadh an Slánuightheóir, dá mba thoil leis é, a chur fhiachaibh ar an dtalamh iad do shlogadh, fé mar a shloig an talamh, na céadta bliadhan roimis sin, na daoine a bhí ag eirighe i gcoinnibh Mhaoise agus 'ghá rádh go raibh sé chómh ceart acu féin bheith i gceannus Clainne Isráeil agus a bhí sé aige-sean. B' é toil Dé gur osgail an talamh fé n-a gcosaibh, agus gur bhris lasair teine aníos tríd an osgailt, agus gur sloigeadh síos isteach sa teine na cuirpthigh agus iad ag sgreadaigh. Do dhún an talamh os a gcionn, agus is fada dh'fhan sgannradh an lae sin i gcroídhe na ndaoine a chonaic an radharc. Ní dúbhairt an Slánuightheóir leis an dtalamh osgailt fé chosaib na n-Iúdach úd agus iad do shlogadh siós nuair a thugadar masladh dhó ba mheasa go mór 'ná pé masladh a tugadh do Mhaois. An masladh a tugadh do Mhaois is do dhuine a tugadh é. An masladh a tugadh do'n tSlánuightheóir do tugadh do Dhia é. Ach níor dhein an Slánuightheóir ach a iaraidh ortha, má bhí aon choir acu le cur 'n-a leith, labhairt, i dtreó
go ndéanfadh sé é féin do chosaint. Do dheónaidh sé a thriail do sheasamh 'n-a láthair! "Cé 'cu agaibh a chuirfidh peacadh am' leith?" ar seisean leo. Do labhair sé chómh réidh sin leó feuchaint an ndéanfadh aon rud i n-aon chor iad do bhogadh agus a chur fhiachaibh ortha a leas a dhéanamh. "Má tá an fhírinne agam dh'á innsint," ar seisean, "cad 'n-a thaobh ná creidean sibh mé?" Chuaidh an focal san i bhfeidhm ortha. Bhí fhios acu go maith go raibh an fhírinne aige dh'á innsint. Bhí fearg ortha nuair a chonacadar go raibh fios a n-aigne aige, nuair a chonacadar gur thuig sé gur le corp droch aigne ná h-admhóchaidís an fhírinne uaidh. Ansan dúbhairt sé focal eile a thaisbeáin níos soiléire dhóibh go raibh sé ag feuchaint ar na smuínte a bhí 'n-a gcroídhe. Bhí fhios acu féin go rabhadar ag cur i gcoinnibh na fírinne a bhí ag teacht uaidh 'n-a chaint. Bhí seana thaithighe acu ar bheith ag cur i gcoinnibh na fírinne pé uair ná taithneadh an fhírinne leó, ach dheinidís an nídh sin ar chuma ná tuigtí cad a bhíodh ar siúbhal acu. Chuiridís an púicín ar an bpoibilidheacht. Nídh nách iongnadh, bhí radharc ag an Slánuightheóir ar an aigne a bhí laistigh de'n phúicín acu. "An t-é atá ó Dhia," ar seisean, "éistean sé le bréithribh Dé." Nuair a dh'airigheadar an focal san bhí fhios acu go raibh sé ag feuchaint ar an dtaobh istigh d'á n-aigne agus go bhfeacaidh sé, chómh maith agus chonacadar féin é, gur mailís agus droch aigne a bhí istigh acu, agus ná féadfadh mailís agus droch aigne bheith ó Dhia. Ansan do tháinig an focal eile ortha uaidh. "Isé cúis ná h-éistean sibh-se le bréithribh Dé mar ní h-ó Dhia sibh." Bhí an iomad de'n fhírinne sa bhfocal san. Níor fhéadadar an focal san do sheasamh. Duine 'ghá innsint
dóibh, suas le n-a mbéal, cad a bhí istigh 'n-a gcroídhe! Iad a d'iaraidh a leigint ortha gur dúil i n-onóir do Dhia fé ndeara dhóibh bheith ag diúltughadh d'á chaint. Eisean ag feuchaint isteach 'n-a gcroídhe ar an mailís agus ar an ndroch aigne a bhí istigh acu, agus ansan 'ghá innsint dóibh, suas le n-a mbéal, os cómhair an phobuil a bhí láithreach, nách onóir do Dhia a bhí ag déanamh buartha dhóibh ach fuath dhó-san agus dúil 'n-a bhás, mar gheall ar an sgéidh a bhí aige 'á dhéanamh ar an bhfeall a bhí ionta. Bhíodar i gcruadh-chás. Níor bh' aon mhaith dhóibh bheith ag argóint leis, dar leó. D'á mhéid a déarfaidís sa n-argóint iseadh ba mheasa thiocfaidís as. Shocaruigh- eadar ar an rud a dhéanamh a dheinean an fear i gcómhnuighe n-a mbíon an éagcóir aige agus gur cuma leis ach an éagcóir a chur i bhfeidhm le corp éithigh agus le droch chaint agus le bladhman. Bhí fhios acu go raibh cómhacht éigin, nó solus éigin aige, nár sholus saoghalta, do chuir ar a chumas feuchaint isteach 'n-a n-aigne agus na smuínte a bhí acu do dh'fheisgint mar a dhein sé. Ní leigfeadh a ndroch aigne dhóibh a dh'admháil go mb'fhéidir gur bh' é solus Dé agus cómhacht Dé a bhí ann. Ansan níor dheineadar ach srian a thabhairt do'n droch aigne, agus an focal ba mheasa dh'fhéadfadh teacht chun a mbéil do sgaoileadh amach. "Á!" ar siad, "nách maith a dúbhramair-ne é, gur Samaritánach tú agus go bhfuil deamhan ionat!" Dob' uathbhásach an chaint í. Dob' uathbhásach an masladh é 'á thabhairt do Mhac Dé, do Shlánuightheóir an domhain, do'n tSlánuightheóir a bhí geallta ag Dia na glóire dhóibh agus do tháinig ag triall ortha, thar náisiúnaibh an domhain, chun tusach a thabhairt dóibh ar an bhfuasgailt a bhí aige le déanamh ar an gcine daona go léir. Ba mhailíseach an chaint í, agus ba dhiablaidhe
agus ba pheacamhail. Ach cad a dhein an Slánuightheóir trócaireach? Ar órduigh sé an talamh 'á slogadh? Níor dhein sé aon nídh dh'á shórd. Níor dhein sé ach a rádh leó, rud a bhí fhios acu féin, go raibh an éagcóir acu. "Ní'l deamhan ionam-sa," ar seisean, "ach táim ag tabhairt onóra dom' Athair: agus tá easonóir tabhartha agaibh-se dhómh-sa. -Táim ag tabhairt onóra do'n Athair Síoruidhe nuair atáim ag tabhairt cómhairle bhúr leasa dhaoibh-se agus ag cur suas le gach masladh agus le gach tarcaisne uaibh, feuchaint, luath nó mall, a n-iompóchadh sibh ar Dhia agus aithrighe dhéanamh. Ní h-é toil an Athar Síoruidhe sibh a chur go h-ifrean mar gheall ar bhúr bpeacaí, ach 'sé a thoil sibh a mhealladh chun na h-aithrighe má's féidir é, agus aoibhneas na bhflathas a thabhairt daoibh. Tá onóir agam-sa 'á thabhairt do'n Athair Síoruidhe, mar táim a d'iaraidh a thoile chur chun cinn i nbhúr dtaobh-sa. Tá easonóir mhór, ámhthach, tabhartha agaibh-se dhómh-sa anois. Ach ní dhéanfad-sa aon díoghaltas oraibh mar gheall ar an easonóir sin. Isé cúis ná déanfad díoghaltas oraibh mar gheall ar an easonóir sin mar ní loirgim mo ghlóire féin. Dá mb'orm a bhéadh mo ghlóire féin do chosaint níor bh'fholáir dom díoghaltas a dhéanamh oraibh mar gheall ar an easonóir sin a thugabhair dom anois. Ach tá rómhaibh. Cosanóchaidh an t-Athair Síoruidhe mo ghlóire-se agus tabharfaidh sé breith." Nuair a bhí innste dhóibh aige ná raghadh an easonóir saor leó, ach go dtabharfadh an t-Athair Síoruidhe breith damanta ortha mar gheall uirthi, do chrom sé airís ar iad do mhealladh chun na h-aithrighe agus ar a dh'innsint dóibh conus mar a bhí an bheatha shíoruidhe le fághail acu dá nglacaidís a theagasg. "Go deimhin, go deimhin, adeirim libh," ar seisean,
"an t-é a chómhlíonfaidh mo chaint-se ní fheicfidh sé bás go deó." B'fhéidir go ndéarfadh duine éigin nár thuigeadar é nuair a dúbhairt sé an chaint sin; gur mheasadar gur ar bhás agus ar bheatha chorpartha a bhí sé ag trácht. Ní raibh aon phioc d'á mhearbhall ortha gur ar bhás shíoruidhe agus ar bheatha shíoruidhe a bhí sé ag caint. Do leigeadar ortha gur mheasadar gur ar bhás chorpartha agus ar bheatha chorpartha bhí sé ag caint feuchaint an bhféad- faidís a chur 'n-a luighe ar aigne na poibilidheachta ná raibh aon éifeacht le n-a chaint. Do labhradar féin láithreach ar bhás chorpartha. "Tá fhios againn anois," ar siad, "go bhfuil deamhan ionat. Tá Ábraham tar éis bháis, agus na fáidhe, agus deirir-se 'má chómhlíonan duine mo chaint-se ní bhfaghaidh sé bás go deó!'" Tugaidh fé ndeara, a phobul, mailís na cainte sin. Bhí an phoibilidheacht ag éisteacht leis an ndiospóireacht. Bhí uraim thar bárr ag an bpoibilidheacht d'Ábraham agus dos na fáidhibh. Feuch chómh gasta agus a mheas na Iúdaigh, na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh, a chur 'n-a luighe ar an bpoibilidheacht go raibh an fear so 'ghá chur féin os cionn Ábrahaim agus os cionn na bhfáidh. Bhí 'fhios acu an phoibilidheacht a bheith ag leanamhaint an tSlánuightheóra, agus cheapadar go raibh ana iaracht acu 'á dhéanamh ar an bpoibilidheacht do mhealladh uaidh. Níor thug an Slánuightheóir aon mhíniughadh ar an sgéal. Ní dúbhairt sé, "Ní h-ar bhás chorpartha ná ar bheatha chorpartha atáim ag caint, ach ar bhás shíoruidhe agus ar bheatha shíoruidhe." Ní dúbhairt, mar níor ghádh dhó é. Do thuig an mhuintir a bhí ag caint gur ar bhás shíoruidhe agus ar bheatha shíoruidhe a bhí sé ag trácht. Agus do thuig an phoibilidheacht leis é go h-áluinn. Agus do
thuigeadar cleasaidheacht na bhFairisíneach, chómh maith díreach agus do thuig na Fairisínigh féin, é. Níor dhein an Slánuightheóir ach leanamhaint ar a theagasg, leanamhaint ar a chur 'n-a luighe ar na Fairisínigh agus ar na daoine, ná raibh sé ag lorg a ghlóire féin, ná raibh sé ach ag cur toile an Athar Síoruidhe chun cinn agus ag fágaint a ghlóire féin fé'n, Athair Síoruidhe. Ansan do labhair sé ar Ábraham. "Go deimhin, go deimhin adeirim libh," ar seisean, "táim-se ann, ó roimh Ábraham a bheith ann." Ansan do thógadar na clocha chun, iad do chaitheamh leis. Ach do cheil sé a chló ortha agus d'imthigh sé amach as an dteampall. Tugaidh fé ndeara go cruinn an focal deirineach san, a phobul. "Do cheil sé a chló ortha agus d'imthigh sé amach as an dteampall." Do lean sé ortha, ag caint leó, ag cur suas le n-a ndroch chaint agus le n-a ndroch mhúineadh agus leis an dtarcaisne a bhí acu 'á thabhairt dó, 'ghá gcómhairliughadh, 'ghá innsint dóibh conus mar a bhí fearg an Athar Síoruidhe acu 'á thuilleamh dóibh féin leis an easonóir a bhí acu 'á thabhairt do'n Aon-Mhac. Do lean, sé ortha an fhaid a leanadar ag caint, bíodh ná raibh 'n-a gcaint ach easúmh- luigheacht. Ní féidir dúinne a thuisgint cad iad na grásta a bhí aige 'á thabhairt dóibh an uair sin, ná cad é an solus a bhí ag Dia 'á thabhairt d'á n-aigne a gan fhios do'n tsaoghal. Bhí gach aon fhocal a bhí ag an Slán- uightheóir 'á rádh leó ag cabhrughadh leis an solus a bhí ag Dia 'á thabhairt dóibh laistigh. Ach d'á mhéid solus a tugadh dóibh iseadh ba mhó a chuireadar i gcoinnibh an tsoluis, agus d'á fheabhas cómhairle a tugadh dóibh iseadh ba mhó a chuireadar i gcoinnibh na cómhairle, go dtí, fé dheire, gur dhiúltuigheadar d'éisteacht le n-a thuille
cainte agus gur rugadar ar na clocha. Nuair a rugadar ar na clocha ní raibh a thuille tairbhe i gcaint. Ansan do cheil an Slánuightheóir a chló ortha. Chromadar ag tógaint na gcloch agus nuair eirigheadar ní fheacadar a thuille é. D'imthigh sé uatha amach as an dteampall. D'iaras oraibh, a phobul, an nídh sin go léir do thabhairt fé ndeara. Cad 'n-a thaobh gur cuireadh síos mar sin, i Leabhar an Aifrinn, dúinne agus do phobulaibh an domhain, an méid sin sgéil? Sidé cúis n-ar cuireadh síos dúinn go léir é, agus go léightear amach é do phobulaibh an domhain. An chaismirt chéadna san, an t-aighneas céadna san, an cómhrac céadna san idir an Slánuightheóir, moladh go deó leis, agus na Iúdaigh mhalluighthe úd gan chiall, idir an solus agus an doircheacht, idir ghrásta Dé agus droch aigne an duine, tá sé ar síubhal ins gach aon pháirt de'n domhan riamh ó sin. Nuair a bhíon an duine ag déanamh aimhleasa a anama, nuair a bhíon an dúil sa pheacadh aige, agus gur fearr leis leanamhaint ar an bpeacadh 'ná iompáil ar Dhia agus ar aithrighe dhéanamh, bíon an chaismirt chéadna san ar siúbhal istigh 'n-a chroídhe, istigh 'n-a choinsias, idir é féin agus an Slán- uightheóir, idir é féin agus grásta Dé. Grásta Dé ag innsint na fírinne dhó díreach fé mar a bhí an Slán- uightheóir ag innsint na fírinne dhóibh siúd. An duine ag casadh agus ag camadh agus ag lúbarnaigh, a d'iaraidh cur i n-aghaidh na fírinne, díreach mar a bhíodar súd. A choinsias 'ghá innsint do'n duine, 'ghá innsint dó go soiléir, ná fuil aon dul aige ó bhreitheamh- antas Dé, ó bhreith damanta, mura gcuiridh sé uaidh an peacadh. Cad a dheinean an Críosdaidhe sa deire? Buidheachas leis an mór-chómhacht atá i ngrásta an tSlánuightheóra, iompuighean a lán acu ar Dhia. Deinid
siad an aithrighe. Deinid siad an fhaoisdin mhaith. Téighean páis agus bás an tSlánuightheóra chun sochair d'á n-anam sa n-asbolóid. Glacaid siad an Slánuightheóir féin i Sácraimínt Chorp Críosd. Ansan bíon suaimhneas aigne acu. Bíon deire leis an gcaismirt. Ach an fear go bhfuil an croídhe cruaidh aige, an croídhe calcaithe, agus an droch mheón, cuirean sé a cheann go dána agus go daingean i gcoinnibh an tSlánuightheóra. Labhran a choinsias leis, fé mar a labhran sé le gach aon Chríosdaidhe. Ní thugan sé aon toradh ar an gcoinsias. Ní chuirean san aon tsuaimhneas ar an gcoinsias. Leanan an coinsias ag labhairt, díreach fé mar a lean an Slánuightheóir ag labhairt leis na Iúdaigh go dtí gur thógadar na clocha. Leanan an coinsias ag labhairt leis an nduine go dtí go dtugan an duine cead a chinn do'n olc atá istigh ann agus go marbhuighean sé an coinsias. Ansan, "Ceilean an Slánuightheoir a chló air agus imthighean sé amach as an dteampall." Go sábhálaidh Dia na glóire sinn, a Chríosdaidhthe, ar a leithéid sin de chrích 'ghár mbreith! Anois an t-am againn chun machtnaimh a dhéanamh air. Tá an tsoluíd os cómhair ár súl againn sa tSoisgéal. Imtheóchaidh an Slánuightheóir uainne, mar a dh'imthigh sé uatha súd, má chuirimíd chuige é. Go dtugaidh Dia dhúinn ná cuirfimíd. Amen.
XXV. DOMHNACH NA FAILIME. An Pháis. (Maitiú 26 agus 27.) Is cuimhin linn go léir, a phobul, an cheist úd a curtí chúghainn fadó nuair a bhíomair ag foghluim an Teagasg Críosdaidhe: - "Cé h-é Íosa Críosd?" "Mac Dé, an tarna Pearsa de'n Tríonóid ró Naomhtha, do ghlac colann daona." Ansan do tháinig an cheist eile seo agus a freagra: - "Cad chuige gur ghlac Mac Dé colann daona?" "Chun sinn a dh'fhuasgailt agus do shábháil." Ní ceisteana cruadha iad. Ní deacair cuimhne choimeád ortha. Is dóich liom gur beag aoinne a dh'fhoghluim an Teagasg Críosdaidhe i nGaeluinn nár choimeád an dá cheist sin agus an dá fhreagra san go cruinn i n' aigne i gcaitheamh a shaoghail. Ba dhóich le duine ar an gcéad amharc ná féadfadh aon chaint bheith níos réidhe, níos glaine brígh, níos soiléire ciall,'ná an chaint atá sa dá cheist sin agus sa dá fhreagra san, ach má deintear beagáinín machtnaimh ar an gcaint chífear gur ró dheacair caint a dh'fhághail is doimhne 'ná í, is diamhaire brígh 'ná í. Feuchaimís ar dtúis ar bhrígh gach focail fé leith d'fhocalaibh na cainte sin. Tá againn sa chéad cheist
an focal "Íosa." Innstear dúinn, nuair a tháinig aingeal an Tighearna le sgéala chun Muire, 'ghá innsint di go mbéadh Mac aici agus í 'n-a maighdin, dúbhairt sé léi gur bh' é órdughadh Dé dhi Íosa thabhairt mar ainim ar an Mac. Agus isé cúis gur tugadh an t-órdughadh san di i dtaobh an Mhic mar go gcialluighean an focal "Íosa" Slánuightheóir, agus gur b'é an Mac san a bhí chun na cine daona do shlánughadh. Ba ghnáth riamh, nuair a deintí rígh de dhuine, nuair a tugtí cómhacht rígh dhó os cionn daoine eile, go gcuirtí oíle bheannuighthe ar a cheann. Isé ár Slánuightheóir, moladh 's buidheachas leis, rígh na cine daona go léir, nídh nách iongnadh, agus isí oíle do cuireadh air 'ná an diadhacht Do ghlac Mac Dé colann daona. Siné brígh atá leis an bhfocal "Críosd." Ansan, cialluighid an dá fhocal i n-aonfheacht, an Slánuightheóir, an Rígh atá 'n-a Dhia agus 'n a Dhuine; Mac Dé, an tarna Pearsa de'n Tríonóid ró Naomhtha, do ghlac colann daona chun na cine daona dh'fhuasgailt agus do shábháil. Anois, cad uaidh go raibh an chine daona le fuasgailt? Tá sean aithne againn ar an bhfreagra. Bhí an chine daona le fuasgailt ó ifrean agus ó chómhachtaibh an diabhail. Agus cad a chuir an chine daona fé chómhachtaibh an diabhail? Do chuir an peacadh a dhein ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair, peacadh an tsínsir. Do chruthuigh Dia ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair saor ó pheacadh. Do chruthuigh sé ar staid na ngrást iad. Thug sé ciall agus meabhair agus tuisgint dóibh, saor ó-s na claontaibh, agus ó-s na droch mhiantaibh, agus ó'n ndoircheacht aigne, agus ó'n lagachar intinne, agus ó'n easba meanmna, a chom- áinean sinne go minic chun aimhleasa anama agus chun an pheacaidh. Thug sé saor thoil dóibh, toil a bhí go
h-iomlán ar chumas a dtuisgiona, gan spleadhchas ar bith d'aon nídh ach do sholus na tuisgiona. Ansan, mar is eól dúinn go léir, thug sé dhóibh aon aithne amháin le coimeád. Do thuigeadar 'n-a n-aigne, dá gcoim- eádaidís an t-aon aithne amháin sin go mbéidís féin agus a sliocht i n-aoibhneas go deó, agus dá mbrisidís an aithne sin go gcuirfidís iad féin agus a sliocht as an aoibhneas san a bhí an uair sin acu féin agus a bhí geallta ag Dia na glóire dóibh féin agus d'á sliocht. Do bhriseadar an aithne. Dheineadar an peacadh, peacadh an tsínsir. Do dhíbir an peacadh san iad amach as an áit aoibhinn, amach a' Gáirdín Paraithis. Do bhain an peacadh san díobh an fhíoraontacht a bhí acu ar dtúis ó Dhia; do dhoirchigh sé a n-aigne; do laguigh sé a dtoil; do neartuigh sé ainmhianta acu; do chlaonuigh sé chun uilc iad; agus do dhún sé dóirse na bhflathas 'n-a gcoinnibh, agus i gcoinnibh a sleachta, go deó. Bhí ar chumas ár gcéad athar agus ár gcéad mháthar an t-olc san a dhéanamh dóibh féin agus d'á sliocht, ach ní raibh ar a gcumas an t-olc do leigheas dóibh féin ná d'á sliocht. Ansan iseadh do dhein mór-thrócaire, agus mór-eagna, agus mór-mhaitheas Dé an obair iongantach. Do chuir Dia ar chumas Duine an nídh ná raibh ar chumas duine. Do chuir Dia ar chumas Duine leór-ghníomh a dhéanamh chun Dé as an olc a bhí déanta ag an nduine i n-aghaidh Dé. Le linn ár gcéad athar agus ár gcéad mháthar do dhíbirt, mar gheall ar an bpeacadh, amach a' h-áit an aoibhnis, do thug Dia geallamhaint dóibh. Do gheall sé dhóibh go dtiocfadh Gein ar shliocht na mná agus go mbrúghfadh an Ghein sin ceann na péiste. Nuair a tháinig an aimsir do tháinig an Ghein. Do ghlac Mac Dé colann daona agus do chómhnuigh sé i n-ár measg.
Nuair a deintear coir i n-aghaidh rígh, d'á aoirde é an rígh iseadh is measa an choir. Mórdhacht gan teóra iseadh mórdhacht Dé. D'á bhrígh sin, olc gan teóra iseadh an t-olc atá sa pheacadh a deintear i n-aghaidh Dé. Ansan, má's trácht ar leór-ghníomh é, d'á aoirde agus d'á uaisleacht é an t-é go ndeintear coir 'n-a choinnibh iseadh is aoirde agus is uaisle nách foláir an leór-ghníomh a bheith, nó ní leór-ghníomh i n-aon chor é. Ní foláir an leór-ghníomh a bheith i gcomórtas le h-uaisleacht an t-é go bhfuil an leór-ghníomh le déanamh leis. Ach is mar a chéile an uaisleacht atá sa leór-ghníomh agus an uais- leacht atá sa t-é a dheinean an leór-ghníomh. D'á bhrígh sin ní foláir an t-é a dheinean an leór-ghníomh do bheith ar aon dul i n-uaisleacht leis an t-é go ndeintear an leór-ghníomh leis. Ní féidir ach do dhuine uasal leór-ghníomh a dhéanamh le duine uasal. Ní féidir do dhuine, mura rígh é féin, leór-ghníomh a dhéanamh le rígh. Ar an gcuma san díreach, ní féidir do dhuine leór- ghníomh a dhéanamh le Dia mura Dia é féin. Ach is Dia ár Slánuightheóir, agus d'á bhrígh sin tá an leór-ghníomh a dhein sé, thar cheann an duine, uasal a dhóithin chun cirt Dé do shásamh as an gcoir a dhein an duine. Ansan, ar an dtaobh eile de'n sgéal, ní féidir sásamh a thabhairt a' coir ach le fulang péine. Breith bháis ab eadh an pian a thug ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair ortha féin agus ar a sliocht nuair a dheineadar peacadh an tsínsir. D'á bhrígh sin, an t-é a thabharfadh sásamh do cheart Dé as an bpeacadh san níor bh'fholáir dó an bhreith bháis a dh'fhulang. Ach cá raibh le fághail an t-é a dh'fhéadfadh leór-ghníomh a dhéanamh nár bh'fhéidir d'aoinne dhéanamh ach do Dhia, agus a dh'fhéadfadh, sa n-am gcéadna, bás a dh'fhulang 'n-a dhuine? Do fuaradh an t-É sin nuair a ghlac Mac Dé colann daona. Bhí sé 'n-a Dhia,
agus do dhéin Dia leór-ghníomh le Dia mar gheall ar an bpeacadh a deineadh i n-aghaidh Dé. Bhí sé 'n-a Dhuine, agus d'fhuiling an Duine sin an bhreith bháis a thug an chéad duine ar an gcine daona le peacadh an tsínsir. 'N-a Dhia agus 'n-a Dhuine dhó, b' é an tarna Pearsa de'n Tríonóid ró Naomhtha é. Chuir san 'n-a bhás mór- luacht a bhí ábalta ar cheart Dé do shásamh go h-iomlán a' peacaíbh an domhain míle uair dá mba ghádh é. Mór- luacht gan teóra iseadh mór-luacht bháis ár Slán- uightheóra Íosa Críosd. Ach feuch, a phobul. Fé mar a bhí ar chumas ár gcéad athar agus ár gcéad mháthar mór-mhaitheas Dé do chur ar neamhnídh, go tiubaisteach, dóibh féin agus dúinne, tá anois ar chumas gach duie againne mór-luacht bháis an tSlánuightheóra do chur ar neamhnídh dhó féin. Tá saor thoil againne mar a bhí acu súd, bíodh ná fuil an toil chómh láidir againn agus bhí sí acu súd. Tá aitheanta Dé againn le coimeád. Tá ar ár gcumas iad do bhriseadh. Tá ar ár gcumas iompáil i gcoinnibh Dé agus ár dtoil féin do leanamhaint. Tá a lán againn a dheinean é. Ní h-aon mhaith bheith siar ná aniar air. Ní foláir é dh'admháil. An Críosdaidhe atá ag caitheamh a shaoghail ar an gcuma san, ag briseadh aitheanta Dé agus gan suim aige 'á chur sa n-olc atá aige 'á dheanamh, cad é an tairbhe dhó san mór-luacht bháis an tSlánuightheóra? Cad é an tairbhe dhó san an obair iongantach a deineadh nuair a ghlac Mac Dé colann daona agus nuair a chómhnuigh sé i n-ár measg? Easba machtnaimh fé ndear é. Dá ndeineadh an Críosdaidhe machtnamh i gceart ar bhrígh agus ar bhunús a chreidimh, do sgarfadh sé leis an saoghal go léir níos túisge 'ná mar a sgarfadh sé le h-aon phioc de'n tsaidhbhreas spioraideálta do cheannuigh an Slánuightheóir
dó le n-a bhás. Thuigfeadh sé i n'aigne gur dhein an Slánuightheóir an ceannach san ar son gach Críosdaidhe fé leith. Go bhfuil le fághail ag gach Críosdaidhe fé leith, chómh maith díreach agus dá mba ná béadh ann ach é féin, toradh na h-oibre do dhein an Slánuightheóir, toradh na bpianta go léir a dh'fhuiling sé, toradh a bheatha naomhtha agus a pháise, toradh an bháis a dh'fhuiling sé ar chrann na croise. Agus cad 'n-a thaobh gur dhein an Slánuightheóir an fulang san go léir ar son gach Críosdaidhe fé leith? Do dhéin sé é le grádh do'n Chríosdaidhe. Déarfadh duine gur b' olc is fiú a lán againn a leithéid sin d'obair a dhéanamh ar ár son. Má's olc is fiú sinn é, nách shin mar is mó is iongantach an grádh do chuir fhiachaibh ar an Slánuightheóir ró ghrádhmhar a leithéid sin d'obair a dhéanamh ar ár son? Má's olc is fiú sinn é nár chóir go múinfeadh san féin dúinn conus bheith úmhal. Ní'l aon rud is mó a dheinean an duine mí-thaithneamhach i láthair Dé 'ná uabhar. Agus má's olc is fiú aoinne go ndéanfadh an Slánuightheóir páis agus bás a dh'fhulang ar a shon, ní'l aoinne is lúgha is fiú é 'ná fear an uabhair. Is bocht an sgéal é, a Chríosdaidhe! Uabhar agus mór-is-fiú agus eirighe- anáirde ar pheacach bhocht mhí-fhortiúnach ná fuil blúire maitheasa le fághail ann i láthair Dé ach pé maitheas a fuair sé tré ghrásta an tSlánuightheóra! Isé céad rud, d'á bhrígh sin, is ceart do'n Chríosdaidhe a dhéanamh, ag machtnamh dó ar Pháis an tSlánuightheóra, 'ná é féin d'úmhlughadh. A thuisgint i n' aigne go fírinneach pé rud a dhéin ár Slánuightheóir dúinn gur bh' olc ab fhiú sinn é, agus gur b' olc is fiú a lán againn fós féin é. Nuair a dh'úmhlóchaimíd sinn féin ar an gcuma san i láthair Dé, beidh ar ár gcumas, b'fhéidir, le congnamh ó ghrásta Dé, machtnamh tairbheach a dhéanamh ar pháis
agus ar bhás an tSlánuightheóra. Dallan uabhar aigne an duine. Tugan an úmhluigheacht, má's fíor-úmhluigheacht í, solus d'aigne an duine. An t-é a dhéanfaidh, le fíor- úmhluigheacht, dlúth-mhachtnamh ar pháis agus ar bhás an tSlánuightheóra, tabharfaidh grásta Dé solus d'á aigne agus d'á chroídhe chun mór-luacht páise agus báis an tSlánuightheóra do bhreithniughadh agus do thuisgint, chómh fada agus is féidir do'n duine a leithéid do dhéanamh. Cuimhneóchaidh an duine sin ar an rún diamhar uathbhásach, conus mar a ghlac Mac Dé colann daona chun sinne dh'fhuasgailt agus do shábháil. Déarfaidh sé i n'aigne: "Le grádh dhómh-sa a deineadh an nídh sin. Níor bh'fiú mé é! Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd!" Breithneóchaidh an duine sin teacht an tSlánuightheóra ar an saoghal; 'n-a Mhac ag an Maighdin Muire; oídhche Nodlag; i lár an gheimhridh; sa stábla fhuar; i ndealbhas agus i n-anródh; agus déarfaidh sé i n' aigne: "Le grádh dhómh-sa a deineadh san. Níor bh'fhiú mé é! Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd!" Breithneóchaidh an duine sin beatha an tSlánuightheóra; ísleacht agus cruadhtan agus dealbhas na beatha san i gcaitheamh na ndeich mbliadhan bhfichid. Déarfaidh sé i n' aigne: "Le grádh dhómh-sa iseadh d'fhuiling an Slánuightheóir an bheatha san. Níor bh'fhiú mé é! Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd!" Breithneóchaidh an duine sin na trí bliadhna do chaith an Slánuightheóir ag teagasg na ndaoine, ag teagasg a dheisgiobul, ag cur suas leis an easonóir a bhí aige d'á fhághail ar gach aon tsaghas cuma ó-s na Iúdaigh. Déarfaidh sé i n'aigne: "Le grádh dhómh-sa iseadh d'fhuiling an Slánuightheóir na neithe sin. Níor bh'fhiú mé é! Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd!"
Breithneóchaidh an duine sin an feall uathbhásach a deineadh nuair a dhíol duine dh'á dheisgiobulaibh féin an Slánuightheóir, nuair a thug Iúdás suas do'n namhaid é. Déarfaidh sé i n'aigne féin: "Le grádh dhómh-sa iseadh d'fhuiling an Slánuightheóir an feall san. Níor bh'fhiú mé é! Do dheineas féin feall mar é gach aon uair a dheineas peacadh. Go ndeinidh an Slánuightheóir é mhaitheamh dom! Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd!" Breithneóchaidh an duine sin an brón uathbhásach a tháinig ar an Slánuightheóir nuair a bhí sé sa gháirdín ag cur a ghuidhe suas chun an Athar Síoruidhe, agus nuair a chomáin déine agus neart an dóláis a bhí ar a Chroídhe an t-allus fola amach tré n-a bhallaibh beatha i dtreó go raibh an fhuil ag tuitim 'n-a sruthaibh anuas ar an dtalamh. Déarfaidh sé i n'aigne: "Peacaí an domhain, agus mo pheacaí-se, fé ndear an dólás a chomáin an fhuil sin amach ar an gcuma san. Le grádh dhómh-sa do fuilingeadh an dólás éagsamhlach san! Níor bh' fhiú mé é. Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd!" Breithneóchaidh an duine sin an chuma 'n-ar tugadh na fínnithe bréige i gcoinnibh an tSlánuightheóra chun éithigh do dhearbhughadh air agus é dhaoradh chun báis. Breithneóchaidh sé conus mar a dh'éist an Slánuightheóir leis an éagcóir agus leis an éitheach go léir gan oiread agus focal do labhairt. Tuigfidh sé i n'aigne gur bh' é toil an tSlánuightheóra, moladh go deó leis, an éagcóir sin a dh'fhulang ár son na cine daona go léir agus ar son gach duine fé leith de'n chine daona, agus déarfaidh sé leis féin: "Le grádh dhómh-sa do fuilingeadh an éagcóir sin agus an bhreith bháis sin. Níor bh' fhiú mé é! Siní an bhreith bháis do shaor mise ó bhreith dhamanta! Mo grádh mo Thighearna Íosa Críosd!"
Breithneóchaidh an duine sin conus mar a tugadh an Slánuightheóir Naomhtha os cómhair phobuil na n-Iúdach; agus é go brúighte, basgaithe, gearrtha, teinn; agus conus mar a fiafraigheadh díobh cé 'cu Íosa, an Slán- uightheóir, nó Barabbas, an bitheamhnach, a tabharfaí saor dóibh, agus conus mar a dh'iaradar an bitheamhnach a thabhairt saor dóibh agus an Slánuightheóir Íosa Críosd do chéasadh. Ba mheasa iad 'ná an Págánach, d'á olcas é. Do nigh an Págánach a dhá láimh os a gcómhair agus dúbhairt sé, "Táim-se saor," ar seisean, "ar fhuil an fhíoraoin seo. Bíodh a chuid fola oraibh-se." Agus do liúghadar-san, "Bíodh a chuid fola orainne agus ar ár sliocht." Ní misde dhúinne a rádh, ach is ar a mhalairt de chuma é: "Bíodh a chuid fola orainne! Bíodh a chuid fola ró naomhtha orainn chun sinn a ghlanadh ó gach smól peacaidh agus chun sinn a bhreith saor go flathas na ngrást! Bíodh a chuid fola orainn go léir agus ar gach duine againn fé leith!" Agus abradh gach duine againn fé leith: "A Thighearna, ní fiú mé é! Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd!" Breithneóchaidh an duine sin na pianta géara d'fhuiling an Slánuightheóir nuair a tugadh suas é dos na saigh- diúiribh Rómhánacha agus nuair a sgiúrsáladar é. Bhíodar 'ghá sgiúrsáil go dtí go rabhadar cortha. Ansan do chuireadar brat corcra uime, mar 'dh eadh gur rígh é, agus chuireadar an choróinn ar a cheann naomhtha, ach ba choróinn dheilgneach í, agus chuireadar cleith i n-a láimh, a shlat rígh, mar 'dh eadh, agus do leigidís iad féin ar leath-ghlúin agus deiridís, "Go mbeannuighthear duit, a rígh na n-Iúdach!" Ansan do thógaidís an chleith as a láimh agus bhuailidís buille dhi sa cheann air. Breithneóchaidh an duine na neithe sin go léir agus
déarfaidh sé go h-úmhal : "Peacaí an domhain agus mo pheacaí-se iseadh a dhein an droch obair sin go léir! Le grádh dhómh-sa iseadh dh'fhuiling an Slánuightheóir na pianta san agus an easonóir sin. Níor bh'fhiú mé é! Ach conus a bhéadh an sgéal agam mura mbéadh é! Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd!" Leanfaidh an duine sin, i n'aigne, cos ar chois, siúbhal an tSlánuightheóra ó'n gcathair suas amach go cnoc Chalbharí. Breithneóchaidh sé an chros adhmaid, agus na taraingí móra ramhara, agus an casúr chun na dtaraingí chomáint, agus na céastóirí, na fir gan truagh, gan taise, gan daonacht. Chífidh sé, le súilibh a aigne, an Slánuightheóir d'á shíneadh ar an adhmad; an lámh a leighis na mílte d'á síneadh amach chun na h-áite 'n-a bhfuil an poll sa n-adhmad. Chífidh sé an tarainge 'á chur ar chroídhe na dearnan. Chífidh sé an casúr 'á thógaint. Aireóchaidh sé an buille. Chífidh sé an fhuil, fuil an tSlánuightheóra, ag sgeinnt amach as an láimh. Breithneóchaidh sé an pian. Déarfaidh sé i n'aigne, "Do cheannuigh an pian san an chine daona! Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd!" Fanfaidh an Críosda dhe sin 'n-a sheasamh, i n-aice na Maighdine, ag bun na croise, i gcaitheamh na dtrí h-uaire 'chloig, agus é ag feuchaint suas i ngnúis an tSlánuigh- theóra, agus é ag machtnamh, agus déarfaidh sé ó am go h-am, as a mhachtnamh: "Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd!" Chífidh sé, ar ball, an spéir ag atharughadh, an solus ag imtheacht as an ngréin, an talamh fé n-a chosaibh ag crith agus ag luasgadh. Ansan aireóchaidh sé an guth árd ó bhéal an tSlánuightheóra díreach sar ar thug sé a anam uaidh. Ansan dearfaidh an Críos- daidhe sin, i n' aigne : "Tá an obair déanta! Táid na fiacha móra díolta. Tá an chine daona ceannuighthe.
Tá dóirse na bhflathas osgailte. Tá ceann na péiste brúighte. Tá san go léir déanta do'n chine daona go léir agus do gach duine fé leith, agus dómh-sa féin chómh maith le duine. Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd!" Go dtugaidh Dia d'á ghrástaibh dúinn go léir, a phobul, gan aon rud a dhéanamh a chuirfeadh an ceannach san ar neamhnídh uainn. Amen, a Thighearna Íosa Críost! XXVI. DOMHNACH CÁSGA. Léightear an Soisgéal. (Marcus 16.) Fadó, nuair a thusnuigheamair ar an dTeagasg Críosdaidhe dh'fhoghluim, a phobul, is cuimhin linn go léir gur múineadh dúinn ar dtúis na chúig Cinn-rúin diamhara, Aondacht Dé, Tríonóid Dé, Incholna an tSlánuightheóra, Bás an tSlánuightheóra, agus Aiseirighe an tSlánuightheóra. Do múineadh dúinn, leis, an uair sin, aon Chríosdaidhe atá tagaithe i mbliadhantaibh tuisgiona, nách foláir dó eólus a bheith aige ar na chúig mistéiribh sin agus iad a chreideamhaint go h-osgailte. D'á bhrígh sin ní gádh dul chun aon triobloíde chun a chur 'n-a luighe ar aigne aoinne againn gur eirigh ár Slán- uightheóir ó-s na mairbh. Is fírinne d'fhírinnibh ár gcreidimh é, agus an t-é ná creidfeadh é ní Críosdaidhe ceart i n-aon chor é. Ach tá a lán daoine lasmuich de'n chreideamh, lasmuich de chreideamh Chríosd, agus do chonaic an Slánuightheóir ó thusach go séanfaidís an Aiseirighe mura gcurtí
gach aon rud os a gcómhair chómh soiléir le solus na gréine. Chonaic sé go séanfadh na Iúdaigh láithreach an Aiseirighe, agus gan amhras go ndéanfadh na págánaigh magadh dhé. D'á bhrígh sin b'é a thoil naomhtha neithe do shocarughadh i dtreó nár bh'fhéidir d'aoinne an fhírinne sin do shéanadh gan a chiall féin agus a résún féin do shéanadh. B'é céad nidh a dhein an Slánuightheóir chuige sin 'ná a dh'innsint roimh ré d'á dheisgiobulaibh, airís agus airís eile, go n-eireóchadh sé ó-s na mairbh. D'inis sé an méid sin roimh ré, chómh soiléir sin agus chómh minic sin, go raibh an sgéal ag na Iúdaigh chómh maith agus bhí sé ag na deisgiobuil. Bhí fios an sgéil chómh maith san acu go dtánadar ag triall ar an nGobhernóir agus go ndúbhradar leis, um thráthnóna Aoine an Chéasda, "Dúbhairt sé siúd," ar siad leis an nGobhernóir, "go n-eiréochadh sé ó'n mbás. B'fhéidir go dtiocfadh a dheisgiobuil agus go ngoidfidís an corp, agus go ndéarfaidís leis an bpoibilidheacht gur eirigh sé ó'n mbás, fé mar a gheall sé. Iaraimíd ort-sa, d'á bhrígh sin, lucht faire do chur ar an dtuama i dtreó ná féadfar an corp a ghoid." "Tá go maith," arsa'n Gobhernóir, "beiridh libh saighdiúirí agus cuiridh ag déanamh na faire iad." Dheineadar. Do cuireadh na saighdiúirí ag déanamh na faire. Bhí an sgéal go maith ag na saighdiúiribh go dtáinig deire na h-oídhche ortha, agus an lá ag teacht, ar maidin Domhnaigh Chásga. Ansan do chonacadar an Aiseirighe. Agus tháinig a leithéid sin de sgannradh ortha gur ritheadar as an áit agus gur thánadar ag triall ar an muintir a chuir ann iad. D'innseadar cad a chonacadar. "Eistidh! eistidh!" arsa'n mhuintir eile. "Seo
breab mhaith dhaoibh agus abraidh gur thuit bhúr gcodladh oraibh, agus gur tháinig na deisgiobuil agus gur ghoideadar an corp." Do ghlac na saighdiúirí an t-airgead. Ghlacadar é mar thuarasdal. Ní baoghal go ndúbhradar le n-a n-uachtaránaibh féin gur thuit aon chodladh ortha. Coir bháis ab eadh an uair úd do shaighdiúir Rómhánach codladh thuitim air agus é ag déanamh faire. Thógadar an t-airgead agus d'imthigheadar a mbóthar. Grásta mór ó'n Slánuightheóir, dos na Iúdaigh, ab eadh an nídh sin. Dá mb' fhéidir d'aon rud a súile dh'osgailt ba chóir go n-osgalóchadh an méid sin iad. Ach ba ghrásta i n-aistear é. Is uathbhásach an cuirptheach a dheinean an duine dhé féin nuair a shocaruighean sé a aigne ar ghabháil i gcoinnibh ghrásta Dé. Grásta mór do'n chine daona go léir ab eadh é, leis. Chuir an nidh sin fhiachaibh ar na saighdiúirídh sin, agus ar na Iúdaigh féin, bheith 'n-a bhfínnithibh go deó, do'n domhan go léir, ar fhírinne na h-Aiseirighe. Ní raibh na saighdiúirí ach imthighthe as an áit nuair a tháinig na mná, mar a deir an Soisgéal. Taisbeánan caint na mban, agus iad ag teacht chun na h-uagha, ná raibh aon choinne acu go raibh na saighdiúirí ann i n-aon chor. Dhein na Iúdaigh a ngnó go disgréideach. Níor leigeadar ortha le h-aoinne, ach leis an lucht faire féin, go raibh an faire d'á dhéanamh. Isé rud a bhí uatha 'ná dá ráineóchadh go dtiocfadh aoinne des na deis- giobuil chun na h-uagha go mbéarfaí air, agus go ndéarfaidís gur chun an chuirp a ghoid a bhí sé. Ní raibh aon choinne ag na mnáibh go raibh an lucht faire sa n-áit, ná gur cuireadh aon sgannradh ortha. Isé rud a bhí ag déanamh buartha dhóibh, agus iad ag teacht chun an tuama, 'ná conus a dh iompóchaidís siar an
leac mhór throm a bhí ar dhorus an tuama, i dtreó go bhféadfaidís dul isteach agus an oíle dhaor a thugadar leó do chur ar an gCorp, chun onóra do'n tSlánuightheóir. Bean uasal ana shaidhbhir ab eadh Máire Maghdelén agus ba mhaith léi úsáid a dhéanamh de chuid d'á saidhbhreas chun onóra thabhairt do Chorp an Tighearna. Nós ab eadh sa n-áit sin oíle dhaor de'n tsórd san do chur ar chorpaibh na marbh, dá mbéadh sé de ghustal agá ndaoine muinteartha é dhéanamh, agus onóir mhór dos na mairbh ab eadh é. Nuair a tháinig na mná chun na h-uagha fuaradar an leac iompuighthe siar agus an uaigh ar osgailt. Bhí iongnadh ana mhór ortha. Níor chuimhnigheadar i n-aon chor ar ghoid ná ar fhuadach ná ar aiseirighe. Dheabh- róchadh an sgéal gur mhó a bhí na Iúdaigh ag cuimhneamh ar an ngeallamhaint a thug an Slánuightheóir uaidh i dtaobh na h-Aiseirighe 'ná mar a bhí a mhuintir féin ag cuimhneamh ar an ngeallamhaint. Gan amhras do chuimhnigh na mná gur dhócha go raibh daoine éigin eile tagaithe rómpa chun an ghnótha chéadna do dhéanamh. Ach, dar leó, ba mhór an iongnadh nár dhúnadar an uaigh 'n-a ndiaigh. Chuaidh na mná isteach sa n-uaigh. Ansan iseadh do cuireadh sgannradh ortha. Chonacadar an fear 'n-a shuidhe istigh, i leith na láimhe deise. Fear óg. Thuigeadar láithreach nár dhuine saoghalta é. Siné chuir an sgannradh ortha. Do labhair sé leó. D'inis sé dhóibh cé bhí uatha. "Ní'l sé anso," ar seisean. "Feuch an áit 'n-ar chuireadar é. Ach imthighidh agus innsidh d'á dheisgiobulaibh agus do Pheadar go bhfuil sé imthighthe rómhaibh go Gaililí. Chífidh sibh sa n-áit sin é, mar adúbhairt sé libh." Ní'l aon tsaghas fiadhnaise is fearr chun na fírinne
chur i bhfeidhm uaireanta 'ná an fhiadhnaise a thugan an fínné uaidh a gan fhios dó féin. Tá anso againn, le leamhnughadh Dé, trí h-aicmeacha fínnithe de'n tsórd san. Tá againn, ar dtúis, na Iúdaigh féin. Bhí fhios acu gur gheall an Slánuightheóir go n-eireóchadh sé ó'n mbás. Coimeádadar an gheallamhaint sin 'n-a gcuimhne, níos cruinne 'ná mar a choimeád na mná, d'á mhéid a ngrádh do'n tSlánuightheóir. Ansan do chuireadar an lucht faire ar an uaigh. Cheapadar go raibh rud acu 'á dheanamh a chuirfeadh a' cumas aoinne, go deó, a rádh gur eirigh sé ó'n mbás. Cad a bhí déanta acu ar ball, ámhthach, ach a chur a' cumas aoinne, go deó, a shéanadh gur eirigh sé ó'n mbás! Dheineadar, a gan fhios dóibh féin, an fhiadhnaise ba threise b'fhéidir a dhéanamh ar fhírinne na h-Aiseirighe. Tá againn, ansan, an lucht faire féin, saighdiúirí iasachta, págánaigh ainiar ó chathair na Rómha, daoine ná déanfadh ach stealla-mhagadh dá dtráchtadh aoinne leó ar aiseirighe ó bhás. Do cuireadh ag faire na h-uagha iad. Ní raibh aon chuimhneamh i n-aon chor acu ar aon nídh ach go mb'fhéidir go dtiocfadh daoine éigin chun an chuirp a ghoid. Fir ab eadh iad nár bh'fhuiriste sgáth ná eagla chur ortha. Fir ná raibh blúire binne acu ar charaid ná ar namhaid, ná puinn urama acu do'n mhuintir a chuir ag déanamh na faire iad. Ach pé 'r domhan é dob' olc an dóich iad d'aon bhitheamhnach a thiocfadh ag goid an chuirp uatha. Ach do chonacadar an radharc uathbhásach. Chonacadar an Aiseirighe. Do ritheadar, agus iad i ndeire an anama le sgannradh, ag triall ar an muintir a chuir ann iad. Fir ab eadh iad nár chuir bás ná beatha riamh aon sgannradh ortha. D'innseadar go raibh an duine marbh eirighthe ó'n mbás! Mura mbéadh gur innseadar é sin cad ba
ghádh do'n mhuintir eile an bhreab a thabhairt dóibh ach a rádh gur goideadh an corp uatha? Mura mbéadh go raibh sé eirighthe ó'n mbás, agus go raibh fhios ag an dá thaobh, ag an lucht faire agus ag na Iúdaigh, go raibh sé eirighthe, ar ndó' bhéadh an corp ann le taisbeáint. Ní raibh an corp ann le taisbeáint. Bhí fhios acu nár goideadh é. Cá raibh sé? Má cheapadar gur goideadh é cad chuige an bhreab? Má cheapadar go raibh an corp goidithe cad 'n-a thaobh nár cuireadh cuardach ar bun? Cad 'n-a thaobh nár rith na Iúdaigh láithreach ag triall ar an nGobhernóir chun gearáin a chur isteach ar an lucht faire? Is maith a bhí ar a gcumas a rádh, "D'iaramair ort lucht faire do chur ar uaigh an fhir úd le h-eagla go ngoidfí an corp agus go ndéarfadh a dheisgiobuil gur eirigh sé ó'n mbás. Níor dhein an lucht faire an gnó mar ba cheart. Thuiteadar 'n-a gcodladh. Tá an díobháil go léir déanta. Tá an corp imthighthe. Déarfaidh a dheisgiobuil anois gur eirigh sé ó'n mbás fé mar a gheall sé, agus ní fios cad é an deire bheidh ar an sgéal. Creidfidh an saoghal mór gur eirigh sé ó'n mbás. Tá do chómhacht-sa féin i gcontabhairt mura bhféadfar an corp a dh'fhághail agus é thaisbeáint do'n phoibilidheacht agus leigint dóibh an fhírinne dh'fheisgint le n-a súilibh féin. Ar mhaithe le d' chómhacht féin sa tír seo, cuir lucht cuardaigh amach láithreach agus faightear an corp, pé áit 'n-ar cuireadh i bhfolach é." Dá gcreididís gur goidithe a bhí an corp siné dhéanfaidís láithreach. Níor dheineadar aon nídh dh'á shórd. Níor dheineadar aon bhlúire cuardaigh. Níor dheineadar, mar bhí fhios acu go maith gur inis na saighdiúirí an fhírinne dhóibh. Bhí fhios acu go maith go raibh sé eirighthe ó'n mbás. Sin mar a dhein na
saighdiúirí bochta págánacha úd fiadhnaise láidir, sholusmhar, ar fhírinne na h-Aiseirighe, agus gan aon leus 'n-a n-aigne féin, an uair sin, de sholus na fírinne sin. Isiad na mná a tháinig chun na h-uagha ar maidin, nuair a bhí an lucht faire imthighthe, an trímhadh h-aicme fínnithe a thugan fiadhnaise, a gan fhios dóibh féin, ar fhirinne na h-Aiseirighe. Ní raibh aon choinne acu ná go raibh an leac mhór ar bhéal na h-uagha. Ní raibh aon coinne acu ná go raibh an Corp sínte istigh sa n-uaigh, sa n-áit n-a bhfeacadar d'á chur é um thráthnóna Dé h-Aoine roimis sin. Chonacadar an leac mhór iompuighthe siar ó bhéal na h-uagha, agus bhí iongnadh ortha. Sin cuid de'n fhiadhnaise. Chuadar isteach. Chonacadar an t-aingeal 'n-a shuidhe istigh. D'inis sé dhóibh cé bhí uatha. D'inis sé dhóibh ná raibh sé le fághail acu sa n-áit sin mar go raibh sé eirighthe ó'n mbás. Chuir sé i gcuimhne dhóibh, rud a bhí dearmhadta acu féin an uair sin mar gheall ar mhéid a mbuartha, conus mar a bhí geallta ag an Slánuightheóir go n-eireóchadh sé ó'n mbás. "Chífidh sibh sa Ghaililí é," ar seisean, "mar adúbhairt se." Ní fhéadfadh fiadhnaise bheith níos treise 'ná an fhiadhnaise atá againn ar Aiseirighe ár Slánuightheóra. Ní féidir d'aoinne diúltughadh do'n fhiadhnaise sin, ach do dhuine ná creidfeadh radharc a shúl féin. Ach, a phobul, mar adúbhart ar dtúis, ní'l aon ghádh againne le fiadhnaise ná le fínnithe chun a chur 'n-a luighe orainn gur eirigh ár Slánuightheóir ó-s na mairbh. Siné ár gcreideamh. Tá an creideamh san chómh daingean istigh i n-ár n-aigne agus atá go bhfuilimíd féin beó, buidheachas mór le Dia a thug an creideamh san dúinn! Tá fhios againn gur ghlac Mac Dé colann daona chun
sinn d'fhuasgailt agus do shábháil; gur fhuiling sé bás ar chrann na croise ar ár son; gur eirigh sé an treas lá ó mharbhaibh; go mdéighidh sé suas ar neamh; go bhfuil sé 'n-a shuidhe ar deas-láimh Dé. Tá fhios againn go dtiocfaidh sé chun breitheamhantais a thabhairt ar bheóibh agus ar mharbhaibh. Tá fhios againn go n-eireóchaimídh féin, leis, ó'n mbás agus go gcaith- fimíd aghaidh a thabhairt ar an mbreitheamhantas san. An bhfuilimíd ag caitheamh ár mbeatha ar an saoghal so anois ar an gcuma is fearr a dh'ollamhóchaidh sinn i gcóir an bhreitheamhantais sin? Siné an sgéal go léir. Má táimíd 'á dhéanamh san, le congnamh ó ghrásta Dé, is cuma dhúinn cad a dhéanfaid lucht aighnis, agus argóinte, agus diospóireachta i dtaobh creidimh. Má táimíd 'ghá dhéanamh san, le congnamh ó ghrásta Dé, beimíd ar dheis an tSlánuightheóra an lá san, agus tá fhios againn go dtabharfaidh an Slánuightheóir, an lá san, an bheatha shíoruidhe mar luacht saothair dos na deagh-dhaoine agus pianta síoruidhe i dteine ifrinn dos na droch dhaoine. Go dtugaidh Dia dhúinn, tré impidhe na Maighdine Muire, Máthair an tSlán- uightheóra, bheith ar dheis an tSlánuightheóra, an lá san. Amen. XXVII. MION-CHÁISG. Léightear an Soisgéal. (Eóin 20.) Chímíd ansan, a phobul, an rud ba dhóich le h-aoinne a thuitfeadh amach nuair a bhí na Iúdaigh tar éis an tSlánuightheóra chur chun báis, 'sé sin, na deisgiobuil
cruinnighthe agus iad i bhfolach istigh i seómra agus na dóirse dúnta, agus sgannradh ortha le h-eagla go dtiocfadh na Iúdaigh agus go gcuirfidís iad féin chun báis fé mar a chuireadar an Tighearna chun báis. Ní raibh eagla an bháis imthighthe des na deisgiobuil an uair sin. Bhí an sgannradh ortha fós. Nuair a tháinig Domhnach Cíncíse agus nuair a thúirling an Spioraid Naomh ortha, siné uair a dh'imthigh an sgannradh dhíobh i gceart. Bhí na mná a tháinig chun na h-uagha ar maidin Domhnaigh Chásga tar éis a dh' innsint dos na deis- giobuil, fé mar a dh'órduigh an t-aingeal dóibh, go raibh an Slánuightheóir eirighthe ó'n mbás. Ach ba ró dheacair a chur 'n-a luighe ar na deisgiobuil go raibh aon éifeacht leis an gcaint. Ní chreidfidís ná gur bh' amhlaidh a tháinig sgannradh éigin gan chúis, nó speabh- raídí éigin, ar na mnáibh. Ní ghéillfidís go raibh aon bhrígh sa sgéal. Ba chuimhin leó, nuair a tugadh chun a gcuimhne é, gur gheall an Slánuightheóir féin dóibh, go minic, go n-eireóchadh sé ó'n mbás. Ach níor chuir san fhiachaibh ortha caint na mban a chreideamhaint ná suim a chur sa sgéal a dh'innseadar. Dúbhradar leó féin, gan amhras, dá mbéadh sé beó, eirighthe ó'n mbás, go dtiocfadh sé ag triall ortha agus go bhfeicfidís go léir é, le n-a súilibh féin, gan bheith ag brath ar sgéal- taibh ná ar speabhraídíbh ban. Le n-a linn sin bhí sé ansúd 'n-a sheasamh 'n-a measg! Chonacadar go léir é, an méid a bhí ann díobh. Chonacadar é le n-a súilibh féin. Bhí sé 'n-a sheasamh 'n-a measg agus na dóirse dúnta. Ní deirtear gur osgail sé aon dorus chun teacht isteach sa tseómra. Ní deirtear ach: "Tháinig Íosa agus sheasaimh sé 'n-a láthair." Do labhair sé leó. "Síothcháin daoibh," ar seisean.
Bhí brígh ana mhór, ana dhoimhinn, leis an bhfocal san an uair sin. Bhí bás an tSlánuightheóra ar chrann na croise tar éis na síothchána dhéanamh idir Dhia agus an chine daona, an tsíothcháin a milleadh nuair a dhein ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair an peacadh. Do cheannuigh an Slánuightheóir an tsíothcháin sin le n-a bhás. Tháinig sé ag triall ar a dheisgiobulaibh nuair a bhí an ceannach déanta. Thaisbeáin sé dhóibh a dhá láimh agus a thaobh. Thaisbeáin sé dhóibh fiacha na síothchána. Bhí an admháil ansúd go doimhinn agus go daingean, 'n-a dhá dhearnain agus 'n-a thaobh, mar ar cuireadh an tsleagh treasna tré n-a chroídhe naomhtha, agus mar ar cuireadh na spící ramhra tré n-a dhá láimh. Thaisbeáin sé dhóibh cad a chosain an tsíothcháin a bhí ceannuighthe aige dhóibh, agus ansan thug sé dhóibh an tsíothcháin. "Síothcháin daoibh," ar seisean. Ansan deir an Soisgéal focal eile, agus is focal é gur ceart go gcuirfeadh sé iongnadh orainn. Sgáth agus eagla iseadh a bhí ag coimeád na ndeisgiobul cruinnighthe ansúd sa tseómra úd. Ní leigfeadh eagla d'aoinne acu a cheann a chur lasmuich de'n dorus go dtí go dtiocfadh doircheacht na h-oídhche. Bhíodar i gcás 'n-a gcuirfeadh aon nídh neamhchoitchianta ag crith le tuille eagla iad. Agus ansan, an duine a dh'fhágadar sínte marbh sa n-uaigh raint laethanta roimis sin, b' shiné ansúd é 'n-a sheasamh os a gcómhair ag caint leó! Cuirimís sinn féin 'n-a gcás agus feuch conus a bhéadh an sgéal againn. Dá bhfágadh duine againn a dhuine muinteartha sa roilig indiu, agus an duine muinteartha san do theacht agus é féin a thaisbeáint amáireach dó, conus a bhéadh an sgéal aige? Tá gach aon deabhramh go gcuirfeadh an sgannradh a thiocfadh air luigheachán trom air. Ach feuch cad 'deir an Soisgéal i dtaobh na
ndeisgiobul. "Bhí áthas ar na deisgiobuil d'á bhrígh sin, mar go bhfeacadar an Slánuightheóir." I n-inead sgannradh theacht ortha nuair a chonacadar duine a bhí tar éis bháis, is amhlaidh a bhí áthas ortha. Deirim-se gur mhírbhuilt ó'n Slánuightheóir féin an t-áthas san. Nuair adúbhairt sé, "Síothcháin daoibh," thug sé dhóibh an tsíothcháin, agus cuid de'n tsíothcháin sin ab eadh gan aon sgannradh theacht ortha roimis, ach an t-áthas a theacht ortha. Ansan do labhair sé an focal céadna leó an tarna h-uair. "Síothcháin daoibh," ar seisean. "Fé mar a chuir an t-Athair mise uaidh cuirim-se sibh-se uaim." Chuir an t-Athair Síoruidhe an Slánuightheóir uaidh chun na cine daona do shaoradh. Do dhein an Slánuightheóir an saoradh san le n-a bhás ar chrann na croise. Ansan do chuir an Slánuightheóir na h-Aspoil agus na deis- giobuil uaidh chun go ndéanfaidís obair áirighthe, agus chun go raghadh, de bhárr na h-oibre sin, toradh a pháise féin agus a bháis chun sochair d'anamnachaibh na ndaoine. Níor bh'fhéidir, ámhthach, do thoradh na páise dul chun sochair d'anamnachaibh na ndaoine gan na peacaí mhaitheamh dos na daoine. B'shiné an chéad chuid de'n toradh a bhí ag na daoine le fághail, agus níor bh'fholáir dos na h-Aspoil agus dos na deisgiobuil an chuid sin de'n obair a dhéanamh ar dtúis. Níor bh'fholáir dóibh cómhacht a bheith acu chun peacaí do mhaitheamh. Dúbhairt sé go raibh sé 'ghá gcur uaidh chun na h-oibre dhéanamh díreach fé mar a chuir an t-Athair Síoruidhe é féin uaidh chun na h-oibre dhéanamh. Bhí ortha obair an tSlánuightheóra dhéanamh. D'á bhrígh sin níor bh'fholáir dóibh cómhacht a dh'fhághail ó'n Slánuightheóir chun na h-oibre dhéanamh. Níor fhág an Slánuightheóir, moladh go deó leis, aon lúb ar lár sa sgéal. Thug
sé dhóibh an chómhacht. Chuir sé a anál fútha. "Glacaidh an Spioraid Naomh," ar seisean leó. "Na daoine go maithfidh sibh a bpeacaí dhóibh, táid siad maithte dhóibh; agus na daoine go gcoimeádfaidh sibh a bpeacaí gan maitheamh dóibh, táid siad gan maitheamh dóibh." Ní fhéadfadh caint bheith níos soiléire 'ná an chaint sin. Ní'l aon dul lastiar di. Ní'l aon dul uaithi. Do ghlac na h-Aspoil agus na deisgiobuil a bhí ag éisteacht léi í díreach mar a labhair an Slánuightheoir í. Tá sí d'á glacadh ag an Eaglais riamh ó shin, agus d'á cur i ngníomh, díreach mar a labhradh í. Is dócha go bhfuil cuid againn a dhéanfadh argóint mhór fhada ag cosaint fírinne na cainte sin. Ní gádh dhúinn é. Níor fhág an Slánuightheóir aon ghádh le h-argóint ná le h-aighneas ná le diospóireacht sa sgéal. D'fhág sé rud againn le déanamh, amhthach, is tairbhighe 'ná argóint agus 'ná aighneas agus 'ná dios- póireacht. D'fhág sé go daingean orainn, i n' oibliogáid, ár slígh féin chun Dé do riaradh agus do shocarughadh do réir fírinne na cainte sin. Ní dóich liom go bhfuil fé bhun Dé ar an dtalamh so radharc is leimhe le feisgint 'ná fear agus cochal air agus faobhar ar a chaint, agus é ag aighneas agus ag diospóireacht agus ag argóint, 'ghá dheimhniughadh gur thug an Slánuightheóir cómhacht dos na h-Aspoil agus dos na deisgiobuil chun peacaí mhaitheamh, agus ná h-iaran an fear san choídhche ar aon tsagart a pheacaí féin a mhaitheamh dó. Is cómhartha maith é sin ná creidean sé féin an nídh atá aige 'á dheimhniughadh. Má chreidean, isé rud is ceart dó dhéanamh 'ná a bhéal a dh'éisteacht agus imtheacht chun faoisdine agus toradh na fírinne chur i n-áirighthe dhó féin, pé rud a dhéanfaidh aoinne eile. An t-é go bhfuil grádh do Dhia agus d'á chómharsain
'n-a chroídhe, isé a ghnó féin agus a shlígh féin chun Dé a bhíon ag déanamh buartha dhó, agus ní h-aighneas ná argóint. Nuair a thaisbeáin an Slánuightheóir é féin ar an gcuma san dos na h-Aspoil agus dos na deisgiobuil do thárla go raibh duine de'n dáréag ná raibh ann. Tomás ab ainim dó agus do tugtí Didimus air. Nuair a tháinig sé d'inis an chuid eile dhó gur thaisbeáin an Tighearna é féin dóibh agus go bhfeacadar é. Ní chreidfeadh sé focal Dé uatha. Bhíodar 'ghá áiteamh air. Ní raibh aon mhaith dhóibh ann. "Ní chreidfead é," ar seisean, "go dtí go bhfeicfead na poill a dhein na spící 'n-a dhá dhearnain agus go gcuirfead mo lámh isteach 'n-a thaobh!" D'fhan an sgéal mar sin ar feadh ocht lá. Tar éis na n-ocht lá bhíodar istigh sa tseómra airís, agus bhí Tomás 'n-a dteannta ann. Tháinig an Slánuightheóir, agus na dóirse dúnta, agus sheasaimh sé 'n-a láthair, agus dúbhairt sé, mar a dúbhairt sé an chéad uair, "Síothcháin daoibh." Ansan chuir sé fhiachaibh ar Thomás a mhéar do chur isteach is na pollaibh a bhí 'n-a dhear- nachaibh i ndiaigh na dtaraingí, agus a lámh a chur isteach 'n-a thaobh mar ar cuireadh an tsleagh. Ansan do dhein Tomás a ghníomh creidimh. "Is tú mo Thighearna agus mo Dhia," ar seisean. Is ceart dúinn machtnamh ar an bhfreagra a thug an Slánuightheóir air. "Do chreidis, a Thomáis," ar seisean, "mar do chonaicís. Is beannuighthe an mhuintir a chreid agus ná feacaidh." Sin adhbhar machtnaimh againn. Tá freagra ansan ar a lán des na ceisteanaibh a phreaban suas uaireanta i n-aigne an duine nuair nách féidir leis, dar leis féin, a thuisgint conus fhéadfadh an puinte creidimh seo a bheith mar seo nó an puinte creidimh eile úd a bheith
mar siúd. Sin mar a bhí an sgéal ag Tomás. Ní chreidfeadh sé. Ansan do tugadh le feisgint dó, le n-a shúilibh féin, gur bh' fhírinne an nídh nár chreid sé. Ansan do chreid sé. Do tugadh le tuisgint dó láithreach, ámhthach, nár chóir aon bhuidheachas a bheith air mar gheall air sin, mar gur bh'é radharc a shúl a chreid sé. Siné atá ag cur an tsaoghail ar a mhleas riamh. Dia 'ghá rádh leis an nduine nách foláir do'n duine a thuis- gint d'úmhlughadh i láthair Dé, agus an rud ná tuigean sé do chreideamhaint nuair a deir Dia gur fíor é. An duine 'ghá rádh le Dia na glóire, "Conus is féidir dom rud a chreideamhaint nuair ná tuigim é!" Ní'l ach an t-aon fhreagra amháin le tabhairt ar an saghas san cainte. "Is beannuighthe an mhuintir a chreid agus ná feacaidh." Deir na h-aithreacha naomhtha gur le leamhnughadh Dé ná raibh Tomás láithreach nuair a tháinig an Slán- uightheóir an chéad uair, mar gur bh'é féin díreach an fear ná creidfeadh focal de'n sgéal nuair a 'neósfaí dhó é. Ansan, nuair a tháinig an Slánuightheóir an tarna h-uair, agus nuair ab éigean do Thomás féin géilleadh, nuair a chuir sé a mhéar isteach is na poill a dh'fhág na taraigí agus a lámh isteach sa n-áit 'n-ar chuaidh an tsleagh, fé mar a dh'iar sé, ná fágfadh san aon mhearbhall choídhche ar aon Chríosdaidhe i dtaobh fírinne an sgéil. Ach cad is cóir dúinn féin a dhéanamh, a phobul, i láthair na neithe mírbhuilteacha san go léir? Do cheannuigh ár Slánuightheóir aoibhneas síoruidhe na bhflathas dúine fé mar a cheannuigh sé do gach aoinne eile de'n chine daona é. D'fhuiling sé na spící 'n-a dhearnachaibh agus an tsleagh 'n-a thaobh dúinne fé mar
a dh'fhuiling sé do'n chine daona go léir iad. Do cheap sé Aspoil agus easboig agus sagairt agus Sácrai- mintí dhúinne fé mar a cheap sé do'n chine daona go léir iad. Cad tá againne le déanamh? An ndéanfaidh sé an gnó dhúinn suidhe síos díomhaoin an fhaid is toil le Dia sinn fhágáilt ar an saoghal so? Nó an ndéan- faidh sé an gnó dhúinn an obair atá orainn i dtaobh an tsaoghail seo do dhéanamh go dian agus gnó ár n-anama do chur ar ath-lá, faillighe a thabhairt i ngnó ár n-anama go dtí go gcurfar fios ar an sagart dúinn chun ola bháis a chur orainn? Am briathar ná déanfaidh. Do cheannuigh ár Slánuightheóir aoibhneas na beatha síoruidhe dhúinn. Do cheannuigh sé go daor dúinn é. Is le mór-luacht a bháis do dhul chun sochair d'ár n-anam atá an t-aoibhneas síoruidhe sin le fághail againn. Ní raghaidh an mór-luacht san chun sochair d'ár n-anam mura ndéinimíd na neithe atá órduighthe chuige. Tá órduighthe dhúinn an creideamh a choimeád beó i n-ár gcroídhe, le congnamh ó ghrásta Dé. "Is beannuighthe an mhuintir a chreid agus ná feacaidh." Tá órduighthe dhúinn úsáid a dhéanamh de'n chómhacht a thug an Slánuightheóir dos na h-Aspoil agus dos na deisgiobuil nuair a chuir sé a anál fútha agus nuair a dubhairt sé leó, "Glacaidh an Spioraid Naomh. An mhuintir go maithfidh sibh a bpeacaí dhóibh, táid siad maithte dhóibh." Tá fhios againn go maith ná féadfadh Dia féin, moladh go deó leis, peacaí mhaitheamh do dhuine ná h-iompóchadh ó'n bpeacadh agus ná béadh dólás croídhe air mar gheall ar an bpeacadh. Tá órduighthe dhúinn, d'á bhrígh sin, iompáil ó'n bpeacadh ar Dhia agus an aithrighe dhéanamh, i dtreó go bhféadfadh an Eaglais an asbolóid a thabhairt dúinn. Tá órduighthe dhúinn gach aon rud a dhéanamh, chómh maith
agus is féidir linn é, i gcaitheamh ár dtréimhse ar an saoghal so, chun sinn féin do chur ar an slígh is fearr chun Dé, agus chun sinn féin do choimeád ar an slígh sin. Chuige sin, ba mhaith an rud dúinn déanamh mar a dhein na h-Aspoil agus na deisgiobuil nuair a bhí an t-eagla roimis na Iúdaigh ortha, dóirse ár n-aigne dhúnadh agus do dhainginiughadh, agus sinn féin a choimeád i bhfolach ó uabhar an tsaoghail, agus ó bhaois an tsaoghail, agus ó dhroch shampla an tsaoghail, agus ó dhroch fhuadar an tsaoghail, agus ó anál mharbhuightheach an tsaoghail, an anál a dheinean grásta Dé do mhilleadh agus do mhúchadh agus do mharbhughadh i n-anam an duine nuair a leigtear isteach í. Má dhúnaimíd ár n-aigne agus ár gcroídhe ar an gcuma san, mar a dhein na deis- giobuil, tiocfaidh an Slánuightheóir ag triall orainn agus taisbeánfaidh sé é féin do shúilibh ár n-aigne, do shúilibh ár gcreidimh, a gan fhios do'n tsaoghal, agus déarfaidh sé linn an focal úd a dúbhairt sé leó-san, "Síothcháin daoibh." Cuirfidh an focal san áthas i n-ár gcroídhe agus i n-ár n-aigne. Díbireóchaidh an t-áthas san amach as ár gcroídhe buairt agus crádh agus losgadh agus brise-croídhe an tsaoghail seo. An t-é go mbeidh an t-áthas san istigh 'n-a chroídhe ní bhéarfaidh trioblóidí an tsaoghail aon ghreim ar chroídhe air. Fuilingeóchaidh sé na trioblóidí go breagh cneasda, réidh, fé mar is toil le Dia iad a thabhairt dó le fulang. Béarfaidh an tsíothcháin agus an t-áthas, a gheobhaidh sé ó'n Slánuightheóir, saor sábhálta é, tré chrosaibh agus tré chruadhtan na beatha so, isteach i n-aoibhneas na bhflathas, an t-aoibhneas ná feacaidh súil duine a leithéid, agus nár airigh cluas duine a leithéid, agus nár fhéad aigne aon duine riamh fós cuimhneamh i gceart air.
Go gcuiridh Dia na glóire, tré impidhe na Maighdine Muire, an t-aoibhneas san i n-áirighthe dhúinn go léir. Amen. XXVIII. AN TARNA DOMHNACH TAR ÉIS NA CÁSGA. Léightear an Soisgéal. (Eóin 10.) Ag léigheadh an tSoisgéil sin dúinn, a phobul, ní féidir dúinn gan a thabhairt fé ndeara conus mar a dheinean an Slánuightheóir leanamhaint siar ar an gcomparáid idir an dá aodhaire, an t-aodhaire fóghanta agus an fear tuarasdail. Leis na Fairisínigh a bhí sé ag caint. Aicme daoine ab eadh na Fairisínigh a bhí ana dhian, dar leó féin, ana dhíchealach, chun an uile fhocail de dhlígh Mhaoise do choimeád. Do choimeádaidís focal na dlíghe ach ní chuiridís puinn spéise i spioraid na dlíghe. Ní shuidhfidís chun bídh gan a lámha do nígheadh, toisg é bheith órduighthe sa dlígh, pé' cu bhéadh na lámha salach nó glan. Ansan ní bhíodh aon cheist ortha peacaí troma dhéanamh a gan fhios do'n tsaoghal. Ba chuma iad nó "seirbhíseach na súl." Bhídís ana mhaith chómh fada agus a dh'fhéadadh súile na poibilidheachta bheith ortha, ach ní dheinidís aon tsuim de shúil Dé bheith ortha. Mheas an phoibilidheacht go rabhadar ana naomhtha, ana dhiadha, ana mhaith ar gach aon tsaghas cuma. D'á bhrígh sin do fágtí ar a lámhaibh na gnóthaí poibilidhe a bhain le saidhbhreas an náisiúin, i dtreó go raibh láimhseáil airgid acu agus tuitim airgid isteach chúcha, agus creideamhaint ana mhór acu agus iontaoibh ana mhór
ag an bpoibilidheacht asta. D'fhág san an phoibilidheacht a bheith ag feuchaint suas chúcha ins gach aon rud a bhain le dlígh Dé agus le creideamh agus le macántacht beatha. B'iad stiúrthóirí na ndaoine iad agus do thuig na daoine gur bh' iad. Ach do chonaic an Slánuightheóir, moladh go deó leis, ná raibh an mhacántacht ach lasmuich acu; ná raibh sa mhacántacht ach púicín acu, chun onóra agus urama agus chreideamhna dh'fhághail, agus ansan chun an tsaidhbhris a tharang 'n-a dtreó agus do choimeád dóibh féin. Chonaic sé, má bhí aon stiúrughadh acu á dhéanamh ar na daoine, gur ar mhaithe leó féin a bhíodar 'á dhéanamh agus nách ar mhaithe leis na daoine. Gur chuma iad nó lucht tuarasdail a thuilleamh. Má bhíodar ag aodhaireacht na gcaorach nách ar son na gcaorach a bhíodar 'á dhéanamh ach ar son an tuarasdail. Gur chuma leó cad a dhein an tréad an fhaid a gheóbhaidís féin an tuarasdal, an chreideamhaint, an onóir, an saidhbhreas. Do labhair sé leó 'n-a thaobh agus, nídh nár ghnáth leis nuair a labhradh sé le daoine peacamhla, níor dhein sé aon bhogadh ar an bhfírinne dhóibh. Nuair a labhradh sé le daoinibh eile peacamhla, ba ghnáth leis focal réidh, cneasta, trócaireach a thabhairt dóibh, ach nuair a labhradh sé leis an aicme úd na bhFairisíneach do thugadh sé le tuisgint dóibh go soiléir i gcómhnuighe ná raibh a maith ach lasmuich, agus ná raibh istigh acu ach an t-olc. Bhí fhios acu féin go raibh an fhírinne aige. Bhí fhios acu, leis, go raibh an uile fhocal de'n fhírinne sin a bhí aige dh'á innsint ortha ar an gcuma san ag baint ó'n gcreideamhaint a bhí acu. Siné chuir fhiachaibh ortha an fuath go léir a bheith acu dhó. Is ró mhaith a thuigeadar cad dó go raibh sé ag tagairt nuair adúbhairt sé: "Tugan an t-aodhaire
fóghanta a anam ar son a chaorach. Ach teithean an fear tuarasdail nuair a chíon sé an machtíre ag teacht. Fágan sé na caoire ag an machtíre, agus deinean an machtíre foghail ar na caoire agus sgaipean sé iad." Chun anamnacha na ndaoine choimeád ó'n bpeacadh iseadh do cuireadh dlígh Mhaoise, na deich n-aitheanta, ar bun. Ag cabhrughadh leis an gcoimeád san iseadh do cuireadh ar bun na mion-dlighthe agus na mion- riaghalta go léir a bhí ag gabháil leis na deich n-aitheanta. Bhí brígh leis na mion-dlighthibh agus leis na mion- riaghalta a choimeádfadh os cómhair aigne na ndaoine, dá múintí dhóibh an brígh mar ba cheart é mhúineadh dhóibh, conus mar a bhí ceangailte ortha iad féin a choimeád ó pheacadh i neithibh beaga. Chuirfeadh, cuir i gcás, nígheadh na lámh roim bhiadh chaitheamh i gcuimhne dhóibh gur ceart an t-anam a choimeád glan ó pheacadh i láthair Dé a thug dóibh an biadh le caitheamh. Mar sin do gach mion-dlígh eile d'á raibh acu le coimeád. Soluíd ab eadh é ar choimeád éigin a bhí ceangailte ortha dhéanamh ortha féin ó pheacadh éigin, nó ar onóir éigin a bhí ceangailte ortha thabhairt do Dhia. Ar na Fairisínigh a bhí ceangailte an brígh sin a mhúineadh dos na daoine. Níor dheineadar é. D'á bhrígh sin, bíodh gur choimeád na daoine na mion-dlighthe agus na mion-riaghalta, níor dhein an coimeád san aon chosaint ar na daoine ó'n bpeacadh. Do dhein sé a mhalairt. Chuir sé 'n-a luighe ar aigne na ndaoine go raibh a ngnó chun Dé déanta acu nuair a bhí na mion-dlighthe agus na mion- riaghalta cómhlíonta acu, agus nár mhisde dhóibh a dtoil féin a dhéanamh, fé mar a thaithnfadh leó, as san amach. Ar an gcuma san do tugadh srian do dhroch mhianaibh, agus cead cinn do dhroch bhéasaibh, agus saor-chead do dhroch bheartaibh ar gach aon tsaghas cuma. Na mion-
dlighthe agus na mion-riaghalta a ceapadh chun peacaí na ndaoine do chosg, is amhlaidh a dheineadar cabhrughadh le gach aon droch intinn a bhí ag mealladh na ndaoine ó eagla Dé agus isteach ins na peacaíbh. Na Fairisínigh fé ndear an t-aimhréidh agus an dul amú' go léir. B'é an Fairisíneach an t-aodhaire, ach níor bh'aodhaire ceart é. Fear tuarasdail ab eadh é. Ar maithe leis féin a dhein sé an aodhaireacht. Tháinig an namhaid, an peacadh, an mac mallachtain, an diabhal. Chuaidh an t-aodhaire i leith a chuid saidhbhris. Do theith sé o'n ngnó a bhí ceangailte air a dhéanamh chun an machtíre choimeád uaidh féin agus ó'n dtréad. B'é gnó é sin ná leas anama na ndaoine do chur os cionn gach tairbhe saoghalta. Dhein sé a mhalairt sin. Chuir sé a thairbhe shaoghalta féin os cionn leasa anama na ndaoine agus os cionn leasa a anama féin. Ansan do tháinig an namhaid agus do loit sé leis an bpeacadh idir thréad agus aodhaire. Do thuig na Fairisínigh, agus iad ag éisteacht leis an Slánuightheóir, an uile fhocal d'á ndúbhairt sé, chómh fada agus d'oir an chaint dóibh féin. Ach ní foláir dúinne a thuisgint agus a choimeád i n-ár n-aigne, go bhfuil faid agus leithead, aoirde agus doimhneas, i gcaint an tSlánuightheóra, sa tSoisgéal san, a théighean níos sia go mór, ins gach aon treó baill,'ná mar a théighean gnó na bhFairisíneach ná gnó na ndaoine a bhí ag brath ortha chun eóluis a dh'fhághail ar leas a n-anama. "Is mise an t-aodhaire fóghanta," adeir an Slán- uightheóir, " agus táim ag tabhairt mh' anama uaim ar son mo thréada." Ba mhór an dearmhad, a phobul, a mheas go raibh deire leis an bhFairisíneach nuair a fuair Fairisíneach
na n-Iúdach bás. Tá an Fairisíneach sa tsaoghal fós, chómh beó chómh bríoghmhar agus bhí sé le linn ár Slán- uightheóra, agus tá an cheard chéadna díreach ar siúbhal aige a bhí ar siúbhal aige an uair sin, agus oirean caint an tSlánuightheóra dhó anois chómh cruinn díreach agus d'oir sí dhó an uair sin. Tá sé sa tsaoghal anois agus tá sé sa tsaoghal riamh ó shin. Is cuma é nó an duine úd ar a dtugtar an Iúdach Fáin, ach go bhfuil sé le feisgint i gcómhnuighe. Deirtear ná feictear an Iúdach Fáin ach uair ins gach aon chéad bliadhan. Chómh luath agus thusnuigh an Eaglais ar an obair a dhéanamh a thug an Slánuightheóir le déanamh di, do thusnuigh an Fairisíneach ar a cheard féin d' oibriughadh i gcoinnibh na h-Eaglaise. Chaith sé uaidh mion-dlighthe agus mion-riaghalta na sean-dlíghe. Ní raibh aon chreidea- mhaint aige le fághail asta san feasta. Ach, i n-aghaidh an uile phuinte creidimh d'ár mhúin an Eaglais dos na daoine chun iad do choimeád ar a leas, do tharaing an Fairisíneach, an t-eiriceadaidhe, puinte éigin éithigh chuige, agus mhúin sé an t-éitheach dos na daoine, i gcoinnibh na fírinne, i gcoinnibh an chreidimh a bhí ag an Eaglais 'á mhúineadh. Chuir sé, go minic, an dubh 'n-a gheal ar dhaoine. Níor ró dheacair dó san a dhéanamh. Thug sé toghadh an aireachais gur chuir sé, i gcómhnuighe, 'n-a gheal ar dhaoine dubh éigin a thaithn- fadh leó. D'eirigh leis go minic. Do glacadh an dubh, 'n-a gheal. Fuair an Fairisíneach an rud a bhí uaidh, creideamhaint agus cómhacht agus saidhbhreas saoghalta. Fuair an machtíre, leis, an rud a bhí uaidh, aimhleas anama na ndaoine. Tá an cleas ar siúbhal ó thusach. Tá sé ar siúbhal fós. Beidh sé ar siúbhal, is dócha, go deire an domhain. Do chonaic an Slánuightheóir ó thusac go mbéadh an
cleas ar siúbhal mar atá, agus thug sé an foláramh uaidh, do 'n chine daona go léir, i bhfocalaibh an tSoisgéil sin a léigheas daoibh, a phobul. "Is mise an t-Aodhaire Fóghanta," ar seisean. Agus ansan thug sé na cómharthaí uaidh. Gan amras isé an t-Aodhaire Fóghanta an t-Aodhaire do thug a anam ar son a thréada. Siné an cómhartha cruinn. Nuair a tómhaistear na h-aodhairí eile leis an gcómhartha san gheibhtear láithreach, i n-inead a n-anama do thabhairt ar son an tréada, gur b' amhlaidh a sgaoileadar an tréad leis an namhaid i dtreó go bhfaighidís féin creideamhaint shaoghalta agus saidh- bhreas saoghalta. Ach feuch, a phobul, tá Fairisíneach eile le fághail sa tsaoghal i n-éaghmuis an eiriceadaidhe, a bhíon ag cur an duibh 'n-a gheal ar dhaoinibh. 'Sé sin an Fairi- síneach mí-fhortiúnach a bhíon coitchianta a d'iaraidh an duibh a chur 'n-a gheal air féin. Is ceart dúinn machtnamh go cruinn ar an méid sin, mar is dócha, Dia linn! ná fuil aoinne againn gan iaracht éigin de'n Fhairisíneach san istigh ann. Ní féidir dúinn é shéanadh. Tá rud éigin istigh i n-ár gcroídhe, agus ní rud fóghanta é, a bhíon i gcómhnuighe 'ghár spriocadh, nuair a mheasaimíd go mbíon gníomh éigin fóghanta déanta againn, chun bheit ag lorg creideamhna ó dhaoinibh eile mar gheall ar an ngníomh san. Má ghéillimíd do'n spriocadh san ní fada go dtiocfaidh spriocadh eile 'ghár gcur suas chun an ghnímh fhóghanta do dhéanamh le h-ionchas go bhfaighmís an chreideamhaint. Ansan, b'fhéidir, i n-aice na creideamhna, gur maith linn cuid de shaidhbhreas an tsaoghail seo dh'fhághail toisg sinn a bheith i n-ár gCríosdaidhthibh maithe, dar linn. Ar ball, mura bhfeuchaimíd rómhainn, is amhlaidh mar a bheidh an sgéal againn, ní h-ar mhaithe le n-ár n-anam,
ná ar son creidimh, ná i n-onóir do Dhia, a bheidh aon tsaghas deagh-ghnímh againn 'á dhéanamh, ach tré uabhar nó tré bhaois nó le saint chun saidhbhris, nó ar intinn éigin a bhainean ar fad leis an saoghal so agus ná bainean i n-aon chor le Dia, ná leis an saoghal eile, ná le leas ár n-anama. B'fhéidir nár chuir Dia de thréad 'n-a churam orainn ach an t-aon anam amháin, ár n-anam féin. B'fhéidir gur b'é aodhaireacht an fir tuarasdail atá déanta againn, tar éis ár saoghail agus tar éis ár saothair, ar an anam san. B'fhéidir gur dhóich le daoine eile go bhfuil mórán deagh-oibreacha déanta againn a gcaitheamh ár saoghail agus go bhfeicean Dia gur deagh-oibreacha gan ghus iad, mar gur le baois nó le h-uabhar nó le saint a dheineamair iad. Tá an chontabhairt ann. Is fearr feuchaint chuige. Tá an cómhartha againn airís i gcaint an tSlánuightheóra leis na Fairisínigh. "Tugan an t-Aodhaire Fóghanta a anam ar son a chaorach." Tugan. Agus fuilingeóchaidh an Críosdaidhe fóghanta bás níos túisge 'ná mar a leigfidh sé do'n pheacadh, do'n mhachtíre, greim a dh'fhághail ar a anam, bás a thabhairt i láthair Dé do'n anam a chuir Dia 'n-a chúram air. "Ach teithean an fear tuarasdail." Teithean. Agus teithean an droch Chríosdaidhe ó n-a dhiúité nuair is ceart dó a anam, an t-anam a chuir Dia 'n-a chúram air, do cosaint ar an bpeacadh. Tagan an droch smuíneamh agus fágan sé an droch smuíneamh gan díbirt. Tagan an droch mhian agus fágan sé an droch mhian gan smachtughadh. Tagan an droch chómhluadar air agus ní imthighean sé ó'n ndroch chómhluadar. Tagan an machtíre, ar gach aon tsaghas cuma, ar tí an anama a chuir Dia 'n-á chúram air, agus ní'l sé de mhisneach aige an t-anam san do chosaint ar an machtíre. Agus
cad é an chúis ná deinean sé an chosaint? Tá an freagra againn go gléineach i gcaint an tSlánuightheóra leó súd. "Mar is fear tuarasdail é, agus ní'l speóis aige ins na caoire." Creide mhaint os cómhair an tsaoghail seo iseadh atá uaidh mar thuarasdal as a dheagh-oibreachaibh. An fhaid a gheóbhaidh sé an chreidea- mhaint sin ní'l aon speóis aige i n-aon rud eile. B'fhéidir gur dóich leis gur fearrde a gheóbhaidh sé an chreideamhaint sin le gan bheith ró dhian ar an machtíre. Ach tiocfaidh an bás air. Ansan caithfidh sé seasamh i láthair an tSlánuightheóra agus cúntas a thabhairt do'n tSlánuightheóir sa chuma 'n-ar chómhlíon sé an cúram a cuireadh air, i gcaitheamh a thréimhse ar an saoghal so. Is beag an tairbhe dhó, an uair sin, an chreideamhaint a fuair sé ar an saoghal so mura mbeidh aon tsaghas eile creideamhna le taisbeáint aige. Anois an t-am againn, a Chríosdaidhthe, chun cuimh- neamh ar an lá san. Ní lá fada anonn é. Táid na cómharsain go léir ag imtheacht coitchianta, os cómhair ár súl, gura maith an mhaise dhóibh é! ag tabhairt aghaidh ar an lá san. Ní fheadramair cad é an neómat a thiocfadh an ghlaodh chúghainn féin agus go gcaithfimís gluaiseacht. Is fearr iompáil láithreach agus aghaidh a thabhairt ar ghnó an lae sin, agus an gnó do dhéanamh; aghaidh a thabhairt ar an Aodhaire Fóghanta agus a iaraidh air gan sinn do leigint uaidh; a iaraidh air, má imthigheamair uaidh, sinn a thabhairt thar n-ais chuige féin agus gan sinn do leigint uaidh airís go deó. Amen.
XXIX. AN TRÍMHADH DOMHNACH TAR ÉIS NA CÁSGA. Léightear an Soisgéal. (Eóin 16.) I dtaobh na bhfocal san, a phobul, a dúbhairt an Slánuightheóir le n-a dheisgiobulaibh an uair sin, ní mar a chéile a dheinid na h-aithreacha naomhtha a mbrígh do nochtadh dhúinn. Deir cuid des na h-aithreachaibh gur ar a bhás a bhí an Slánuightheóir ag labhairt an uair sin. Gur chialluigh an chéad tamall beag an aimsir ghairid a bhí an uair sin idir é agus a bhás ar chrann na croise. Agus gur chialluigh an tarna tamall beag an aimsir a chaithfeadh sé sa n-uaigh, ó thráthnóna Dé h-Aoine go maidin Domhnaigh Chásga. Deir tuille des na h-aithreachaibh gur chialluigh an chéad tamall beag an aimsir a bhí ó'n uair sin a bhí sé ag caint leó go dtí lá a dheasgabhála, nuair a dh'imtheóchadh sé uatha suas ar neamh, ag triall ar an Athair Síoruidhe; agus gur chialluigh an tarna tamall beag an méid aimsire do chaithfeadh na h-Aspoil agus na deisgiobuil féin ar an saoghal so i ndiaigh an tSlánuightheóra, ag craobhsgaoileadh an chreidimh agus ag fulang péine agus tarcuisne ó dhaoinibh, go dtí, fé dheire, go gcurfaí chun báis iad ar son an chreidimh. Ansan go bhfeicfidís an Slánuightheóir airís ar neamh, agus mar sin go n-iompófaí a mbuairt agus a mbrón chun áthais agus chun aoibhnis na bhflathas. Deir tuille, airís, des na h-aithreachaibh gur chialluigh an chéad tamall beag, mar a dúbhradh, an aimsir a bhí
ó'n uair sin go dtí lá a dheasgabhála, agus gur chialluigh an tarna tamall beag an aimsir ó lá na deasgabhála go dtí lá an bhreitheamhantais. Do réir an bhríghe sin ní h-ar na deisgiobulaibh amháin, ach ar na Críosdaidhthibh go léir, go deire an domhain, do labhair sé nuair a dúbhairt sé; "Go deimhin, deimhin adeirim libh, beidh áthas ar an saoghal agus sibh-se buartha; ach iompóchar bhúr mbrón chun áthais." Nídh nách anamh iseadh é, i dtaobh cainte an tSlán- uightheóra, go mbíon níos mó 'ná aon bhrigh amháin le n-a chaint, agus uaireanta níos mó 'ná dhá bhrígh, agus gach aon bhrígh acu iomlán, fíor, críochnuighthe ann féin, chómh maith díreach agus dá mba ná béadh aon bhrígh eile ag an gcaint le tabhairt léi ach an t-aon bhrígh sin. Is féidir dúinn a rádh anso gur bh' é toil an tSlánuightheóra a thabhairt le tuisgint d'á dheisg- iobulaibh an uair sin go raibh an t-am nách mór tagaithe 'n-a gcaithfeadh sé féin imtheacht as a radharc, le bás a dh'fhághail, ach go bhfeicfidís airís é nuair a dh'eireóchadh sé ó'n mbás. Níor mhisde a rádh ná go mbéadh, agus ná go raibh, buairt agus brón ortha, chómh trom agus a dh'fhéadfadh a bheith, nuair a chonacadar marbh é, sínte sa n-uaigh. Níor mhisde a rádh, leis, ná gur h-iompuigheadh a mbrón chun áthais, má iompuigheadh brón chun áthais riamh, nuair a chonacadar eirighthe ó'n mbás é. Tugan caint an tSlánuightheóra an chiall san léi go h-iomlán agus go cruinn agus go beacht. Is féidir dúinn a rádh, leis, gur bh' é toil an tSlán- uightheóra, leis an gcaint chéadna san, a thabhairt le tuisgint dos na h-Aspoil agus dos na deisgiobuil nár bhfada go dtiocfadh lá a dheasgabhála, agus ó'n lá san amach ná feicfidís airís ar an saoghal so é. Go mbéadh ortha buairt agus trioblóid a
dh'fhulang, agus an saoghal 'n-a dtímpal fé áthas. Ach go n-iompófaí a mbrón chun áthais nuair a bhéadh a ngnó ar an saoghal so déanta acu agus nuair a ghlaodh- fadh Dia chuige féin ortha chun a dtuarasdail a thabhairt dóibh, i radharc an tSlánuightheóra, ar feadh na síoruidheachta. Is féidir dúinn a rádh, sa trímhadh h-áit, gur bh' é toil an tSlánuightheóra, leis an gcaint sin, a chur i dtuisgint dos na deisgiobuil, agus dos na fíoraonaibh go léir chómh maith, ó'n uair sin go deire an domhain, nár bh'fholáir do gach fíoraon acu a thamall beag saoghail do chaitheamh anso, ag fulang péine agus trioblóide agus anróidh, agus nuair a bhéadh an tamall beag san caithte aige go n-iompófaí a bhrón go léir chun áthais, agus ansan, nuair a bhéadh aoibhneas síoruidhe na bhflathas aige, ná béadh de chuimhne aige ar thrioblóidibh an tsaoghail seo ach mar a bhíon ag an mnaoi ar na pianta a dh'fhuiling sí, nuair a bhíd na pianta imthighthe agus a mac 'n-a h-ucht aici, nuair a bhíon duine tabhartha ar an saoghal aici. Is féidir dúinn na trí bríghthe sin a dh'fhághail sa chaint, gach brígh acu go h-iomlán agus go fíor agus go beacht, agus ansan, nuair a mhachtnuighmíd ar an sgéal, is féidir dúinn a thuisgint go bhfuil, ins na trí bríghthibh, aon bhun-bhrígh amháin,'sé sin, nách foláir do'n Chríosdaidhe buairt agus brón agus trioblóidí agus pianta d'fhulang ar an saoghal so chun go bhfaghadh sé aoibhneas agus áthar agus sólás na bhflathas ar an saoghal eile. Ní'l an fulang le déanamh ach tamall beag. Mairfidh an t-aoibhneas go deó. Ní'l i saoghal an duine, dá maireadh sé céad, ach tamall beag. Ní'l i saoghal an domhain, pé faid a leanfaidh sé, ach tamall beag, i gcomparáid leis an síoruidheacht. Má chaithimíd ár
dtamall beag saoghail anso mar is cóir do Chríos- daidhthibh a saoghal do chaitheamh, ag fulang le foidhne, le pé trioblóidí is toil le Dia do chur orainn, ag coimeád ár súl ar dhlígh Dé agus ar an aoibhneas atá le teacht, cómhlíonfaidh an Slánuightheóir dúinn an focal: "Tá buairt oraibh-se anois; ach chífead-sa airís sibh, agus beidh áthas ar bhúr gcroídhe, agus ní bhainfidh aoinne bhúr n-áthas díbh." Is léir go raibh na bríghthe úd go léir ag an Slan- uightheóir leis na focalaibh beaga san: "Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé: agus tamall beag airís agus chífidh sibh mé; mar táim ag dul ag triall ar an Athair," agus go raibh na bríghthe ana dhoimhinn aige leó. Mura mbéadh go raibh na bríghthe, nó an bun-bhrígh, ana dhoimhinn cad é an measgán mearaidhe a bhéadh ar na h-Aspoil agus ar na deisgiobuil chun a rádh ná tuigfidís an chaint? D'admhuigheadar nár thuigeadar an chaint. "Cad é an tamall beag so adeir sé?" ar siad. B'é toil an tSlánuightheóra iad do chur na ceiste sin chuige i dtreó go dtabharfadh sé ar an gceist an freagra a thug sé uirthi, agus go 'neósfadh an freagra san dúinne, agus dos na Críosdaidhthibh go deó, an bun- bhrígh a bhí aige leis an "tamall beag." Sidé an freagra: "Beidh áthas ar an saoghal agus beidh sibh-se buartha; ach iompóchar bhúr mbrón chun áthais." Siné, d'á bhrígh sin, a phobul, an puinte sa tSoisgéal ar ar ceart dúinne ár n-aigne do dhainginiughadh ar fad. Siné an puinte do chuirfidh ar ár gcumas breithniughadh do réir fírinne dhéanamh ar a lán neithe sa tsaoghal so ná breithnighthear, do ghnáth, ach ar tuathal. Chítear sa tsaoghal an dealbh agus an saidhbhir, an lag agus an láidir, an duine gan sláinte agus an duine deagh- shláinteach, an duine go mbíon a dhá dhóithin an tsaoghal
i gcómhnuighe aige agus an duine ná bíon aige choídhche ach an dealbhas. Nó,'ghá chur i n-aon fhocal amháin, an t-ádh agus, dar leis an saoghal, an mí-ádh. Ansan, moltar an t-ádh agus cáintear an mí-ádh. Bíon uraim do'n ádh agus bíon droch mheas ar an mí-ádh. Bíon gach aoinne geal-gháiriteach leis an ádh. Ní bhíon le fághail ag an mí-ádh ach an doithigheas. Bíon gach aoinne a d'iaraidh cimilt leis an ádh. Bíon gach aoinne a d'iaraidh druidim amach ó'n mí-ádh. Ach feuchaimís siar. Tá uraim ana mhór, le naoi gcéad déag bliadhan, do Pheadar agus do Phól agus dos na h-Aspoil eile. Cé 'cu fé ádh nó fé mhí-ádh a chaitheadar a n-aimsir ar an saoghal so? Ó'n lá a ghlaoidh an Slánuightheóir ortha níor bhlaiseadar sólás an tsaoghail seo. An fhaid a bhíodar ag craobh- sgaoileadh an chreidimh ní bhfuaradar, ar an saoghal so, ach tarcaisne agus trioblóid agus droch-úsáid, agus níor fhágadar an saoghal ach le h-anbhás. Do tárnáladh Peadar ar chrois. Do baineadh an ceann de Phól. Do cuireadh Aindrias ar chrois, agus do mhair sé dhá lá agus dhá oídhche ar an gcrois sin agus é ag teagasg na ndaoine go dtí gur tharaing sé an anál. Mar sin dóibh go léir. Níor bh' fhéidir saoghal puinn ní ba mheasa thabhairt do dhuine 'ná an saghas saoghail a tugadh dhóibh an fhaid a fágadh beó iad. Agus ansan, níor bh'fhéidir bás puinn: ní ba mheasa thabhairt do'n chuirp- theach ba mhalluighthe, 'ná an bás a tugadh dóibh nuair a cuireadh as an saoghal iad. Tráchtadh an saoghal ar mhí-ádh; ach an raibh aon mhí-ádh riamh leath chómh mí-fhortiúnach leis an mí-ádh d'fhuiling na h-Aspoil agus na deis- giobuil? Agus ag dul i n-olcas a bhí sé ortha go dtí gur críochnuigheadh é leis an anbhás. Agus feuch. B'iad san cáirde an tSlánuightheóra, ríghthe na h-Eaglaise, priúnsaí na cine daona. Is lán béil ar fuid an
domhain ainim gach fir acu riamh ó shin. Agus feuch airís. Ná daoine go raibh an t-ádh go léir ortha an uair sin, na daoine go raibh cómacht agus saidhbhreas saoghalta acu, agus go raibh uraim agus onóir dóibh ó uasal agus ó íseal, cá bhfuil aon tuairisg anois ortha? Má tá aon tuairisg anois ortha is droch thuairisg é. Níor innseadh a ndroch bhearta an fhaid a mhaireadar. Nuair a bhíodar imthighthe do h-innseadh na droch bhearta ortha tapaidh go leór. Má's lán béil ainim aoinne acu anois is lán béil de dhomblas é. Isé bun agus bárr an sgéil go léir, a phobul, gur b' iad na Críosdaidhthe is fearr na daoine is mó a gheibhean de phionós le fulang ar an saoghal so. Is iongantach an sgéal é sin gan amhras. Ní h-é a bhíon i n-ár n-aigne, go minic, nuair a chímíd daoine agus an saoghal ag eirighe leó ar gach aon chuma, agus daoine eile agus an saoghal ag gabháil 'n-a gcoinnibh ar gach aon tsaghas cuma. Nuair a chímíd rud de'n tsórd san isé céad rud ar a gcuimhnighmíd 'ná gur b'amhlaidh a bhíon Dia buidheach de'n mhuintir go dtugan sé an saoghal chun a dtoile dhóibh, agus gur b'amhlaidh a bhíon rud éigin déanta as an slígh ag an muintir go mbíon an saoghal ag gabháil 'n-a gcoinnibh. Ach nuair a chuimhnighmíd air sin cuimhnighmíd ar an rud nách fíor. Dá mbéadh an cuimhneamh san fíor is ag na h-Aspoil agus ag na deisgiobuil a bhéadh saidhbhreas agus sólás an domhain. Bhí Dia buidheach díobh agus bhí an Slán- uightheóir buidheach díobh. Bhí grádh ag an Slánuightheóir dóibh agus dúbhairt sé leó go raibh grádh ag an Athair Síoruidhe dhóibh. Agus fós, dúbhairt sé leó go mbéadh áthas ar an saoghal agus go mbéadh dólás ortha-san. Ní'l aon dul ó fhírinne an sgéil. Isiad na Críos- daidhthe is fearr na daoine is mó a gheibhean de phionós
le fulang ar an saoghal so. Tá an taobh eile de'n sgéal chómh fíor leis an dtaobh san. An t-É adúbhairt, "Beidh áthas ar an saoghal agus sibh-se buartha," dúbhairt sé láithreach 'n-a dhiaigh san: - "Iompóchar bhúr mbrón chun áthais." Sin dá fhocal agus ba cheart do gach aon Chríosdaidhe cuimhneamh ortha nuair a bheid trioblóidí na beatha so ag teacht go trom agus go tiugh air agus 'ghá bhrúghadh. Ba cheart dó a rádh leis féin nách fearr de Chríosdaidhe é féin 'ná na h-Aspoil agus na deisgiobuil, agus gur gheall an Slánuightheóir gol agus caoi agus buairt dóibh ar an saoghal so. Má gheall sé gol agus caoi agus buairt dóibh siúd, conus is féidir duit-se bheith ag gearán? Ansan, feuch ar an bhfocal eile adúbhairt sé leó. "Iompóchar," ar seisean, "bhúr mbrón chun áthais." Cuimhnigheadh an Críosdaidhe air sin. Agus cuimhnigheadh an Críosdaidhe ar an bhfocal atá i ndeire an tSoisgéil sin a léigheas daoibh. "Chífead-sa airís sibh, agus beidh áthas ar bhúr gcroídhe, agus ní bhainfidh aoinne bhúr n-áthas díbh." Pé áthas a bhíon ar an saoghal so ag an nduine, bíon aon nídh amháin ag baint uaidh i gcómhnuighe. Ní fheadair sé cad é an neómat a bainfí dhe é. Bainean san an mhaith as gach áthas saoghalta. Is áthas sláinte mhaith. Ach do loitfeadh taom breóiteachta i n-aon lá amháin í. Dar le n-a lán is áthas saidhbhreas. Ach is uiriste saidhbhreas do sgaipeadh. Is áthas creideamhaint. Ach nuair a dh'imthighean an saidhbhreas imthighean an chreideamhaint. Is áthas do dhuine a chlann a dh'fheisgint ag eirighe suas 'n-a thímpal. Ach iompuighid siad amach go h-olc, uaireanta, agus gabhaid siad 'n-a choinnibh; nó b'fhéidir go sguaban an bás chun siúbhail iad díreach nuair a bhíd siad tógtha aige
agus nuair a bheidis n-a gcongnam aige. Tá an saoghal lán de bhrón agus de bhuairt agus de thrioblóid, agus cuid mhór de'n bhrón agus de'n bhuairt agus de'n triob- lóid iseadh áthas saoghalta bheith ag imtheacht ó dhaoine chómh tiugh agus gheibhid siad é. Ach an t-áthas a gheall an Slánuightheóir dos na deisgiobuil, agus do Chríos- daidhthibh fóghanta riamh ó sin agus go deire an domhain, do gheall sé ná bainfeadh aoinne dhíobh é go deó. Is maith an chiall, d'á bhrígh sin, dos na Críosdaidhthibh gan dúil do chur sa n-áthas bréagach, sa n-áthas a chaillfidh ortha an uair is mó bheidh a seasamh air; ach dúil a chur sa n-áthas fírinneach, sa n-áthas a gheall an Slánuightheóir do tabharfaí dhóibh agus ná bainfí dhíobh. Anois, a phobul, i dtaobh na dtrioblóidí saoghalta agus i dtaobh an áthais shíoruidhe, tá aon nídh amháin agus ní foláir dúinn é choimeád i n-ár n-aigne. Mar gheall ar an Slánuightheóir a bheith ag imtheacht uatha iseadh bhí an bhuairt ar na deisgiobuil. B'shiní an bhuairt a dúbhairt an Slánuightheóir féin do h-aistiseófaí chun áthais dóibh. Ar an gcuma gcéadna san ní foláir an Slánuightheóir do theacht isteach ins na trioblóidibh a dh'fhuilingeóchaidh an Críosdaidhe ar an saoghal so, nó ní féidir geallamhaint an tSlánuightheóra do theacht chuige. D'fhéadfadh, cuir i gcás, duine gan creideamh trioblóidí an tsaoghail seo d'fhulang go foidhneach, agus gan blúire tairbhe a bheith aige d'á mbárr i láthair Dé. Cad é an tairbhe fhéadfadh sé a bheith aige d'á mbárr i láthair Dé nuair nách ar son Dé ná ar son an tSlán- uightheóra d'fhuiling sé iad? Agus d'fhéadfadh duine trioblóidí an tsaoghail seo d'fhulang go neamhfhoidhneach agus gan blúire tairbhe bheith aige d'á mbárr i láthair Dé, pé creideamh a bhéadh aige. Cad é an tairbhe fhéadfadh sé bheith aige i láthair Dé mar gheall ar rud a dhein sé
d'á aimhdheóin agus i gcoinnibh a thoile, gan a thoil féin do chur choídhche le toil Dé, ach é coitchianta ag cur a thoile féin, go malluighthe, i gcoinnibh toile Dé? I dtreó go mbéadh luacht saothair le fághail againn as na trioblóidíbh saoghalta a chuirfidh Dia chúghainn a dh'fhulang, ní foláir dúinn iad a dh'fhulang ar son an tSlánuightheóra, le grádh do'n tSlánuightheóir, mar aon leis na pianta d'fhuiling an Slánuightheóir ar ár son-na. Siné an rud a chuirfidh an tairbhe anama dhúinnins na trioblóidíbh. Is chuige sin a chuirean Dia chúghainn iad. Siné an rud a dh'iomhpóchaidh chun áthais dúinn iad, chun an áthais ná bainfear dínn go deó. Go dtugaidh Dia, tré imhpidhe na Maighdine Muire, an t-áthas san dúinn go léir. Amen. XXX. AN CEATHRAMHADH DOMHNACH TAR ÉIS NA CÁSGA. Léightear an Soisgéal. (Eóin 16.) Tá sa tSoisgéal san againn, a phobul, fé mhar a bhí i Soisgéal an Domhnaigh seo a ghaibh tharainn againn, cuid de'n chaint do labhair an Slánuightheóir le n-a dheisgiobulaibh an oídhche dheirineach a bhí sé 'n-a bhfochair, nuair a bhí a shuipéar déanach aige 'á chaitheamh 'n-a dteannta. Bhí sé 'ghá chur 'n-a luighe ar a n-aigne, chómh maith agus dob' fhéidir san do dhéanamh an uair sin le caint, nár bh'fholáir dó imhtheacht uatha, agus gur bh' é a leas é dh'imhtheacht uatha, mhar nár bh'fhéidir an tairbhe a bhí aige le déanamh, dóibh-sin agus do'n chine
daona go léir, do dhéanamh gan é dh'imhtheacht uatha. Bhí a n-aigne ana dhúr, ana dhall, an uair sin. Ní raibh grásta agus solus an Spioraid Naoimh tagaithe isteach 'n-a n-aigne fós. Do thuigeadar caint an tSlánuigh- theóra, ar shlígh. Do thuigeadar na focail sa tslígh 'n-ar ghnáth leó féin úsáid a dhéanamh des na focail. Nuair a dúbhairt sé go raibh sé ag imtheacht uatha níor chuimhnigheadar ar aon bhrígh bheith leis an gcaint ach go raibh sé ag sgaramhaint leó agus ná feicfidís go deó airís é. Ní raibh aon phioc machtnaimh 'n-a n-aigne ar cad a dhéanfadh an sgaramhaint, gur bh' amhlaidh a dhéanfadh an sgaramhaint sin an Slánuightheóir agus iad féin do thabhairt d'á chéile níos achmaire go mór 'ná mar a bhíodar an fhaid a bhí sé beó ar an saoghal so acu. Theastuigh ó'n Slánuightheóir an mhachtnamh san do thabhairt chun a n-aigne le n-a chaint. D'fhéadfadh sé láithreach an mhachtnamh san a thabhairt chun a n-aigne le mírbhuilt, ach níor bh' é sin a thoil naomhtha an uair sin. Do déanfaí é sin nuair a thiocfadh an t-am chuige, nuair a thiocfadh Domhnach Cíncíse, nuair a thúirlingeóchadh an Spioraid Naomh ortha. Go dtí san níor bh'fholáir úsáid a dhéanamh d'á gcaint nádúrtha féin, agus d'á n-aigne agus d'á résún féin, chun an eóluis a thabhairt dóibh a theastuigh ó'n Slánuightheóir a thabhairt dóibh. Is mhinic gur b'usaide eólus a thabhairt do dhuine nuair a loirgean sé an t-eólus, nuair a chuirean sé ceist éigin i dtaobh an eóluis. Ba mhaith leis an Slán- uightheóir go gceisteóchaidís é i dtreó go bhféadfadh sé an t-eólus a thabhairt dóibh sa bhfreagairt, agus go nglacfaidís sa bhfreagairt é ní ba chruinne 'ná mar a ghlacfaidís é dá dtugtí dhóibh gan fiafriaghe é. Do sprioc sé chun na ceiste iad. "Táim," ar seisean, "ag dul ag triall ar an t-É a chuir uaidh mé, agus ní'l
aoinne agaibh 'ghá fhiafraighe dhíom cá bhfuilim ag dul." Bhí Peadar tar éis na ceiste sin do chur chuige tamall beag roimis sin, ach ní h-é an brígh a theastuigh ó'n Slánuightheóir a bheith leis an gceist a bhí ag Peadar léi nuair a chuir sé í. Níor bhain ceist Pheadair leis an eólus a theastuigh ó'n Slánuightheóir a thabhairt uaidh. Do bhain ceist Pheadair leis an ndólás a bhí air féin agus ar an gcuid eile acu nuair a mheasadar go raibh an Slánuightheóir ag imtheacht uatha ar fad. Theastuigh ó'n Slánuightheóir a chur 'n-a luighe ar a n-aigne nár chúrsaí dóláis dóibh é bheith ag imtheacht ag triall ar an Athair Síoruidhe, ach cúrsaí áthais agus cúrsaí sóláis, mar go gcuirfeadh sé an Spioraid Naomh ag triall ortha. "Isé bhúr leas," ar seisean, "mé dh'imtheacht; óir mura n-imthighead ní thiocfaidh an Spioraid Naomh chúghaibh." Sin adhbhar machtnaimh do Chríosdaidhthibh. "An rud ba mheasa le duine 'ná a bhás ní fheadair sé ná gur b' lár a leasa é." Is sean-fhocal é. Is fíor é ins gach aon tsaghas gnótha. Ach, thar gach saghas eile gnótha, is fíor é i ngnó ár n-anama. Is minic ná tugan Dia dhúinn ar an saoghal so an nídh a bhíon uainn, mar go bhfeicean Dia, ó is É a chíon gach uile nídh, go ndéanfadh an nídh sin aimhleas anama dhúinn. Nuair a chíon an leanbh an solus breagh sa choinneal is maith leis an solus a dh'fhághail isteach 'n-a láimh. Ach cá bhfuil an mháthair a thabharfadh an lasair isteach n-a láimh do'n leanbh? Ar an gcuma san, is cuma Dia na glóire nó máthair mhaith. Coimeádan sé ó'n nduine an rud a dhéanfadh aimhleas anama do'n duine. D'á bhrígh sin, nuair a bhíon, dar linn féin, gádh go cruaidh againn le rud éigin, agus nuair a bhímíd 'ghá iaraidh go cruaidh ar Dhia na glóire an rud san a thabhairt
dúinn, ba cheart dúinn i gcómhnuighe an coinghíoll do chur isteach, "Má 's é toil Dé é agus leas ár n-anama." Ar ndo' dá mbéadh an chiall cheart againn, pé dúil a bhéadh againn i rud, d'iarfaimís ar Dhia gan an rud san a thabhairt dúinn i n-aon chor dá mbéadh aon bhaoghal go ndéanfadh sé aimhleas anama dhúinn. Agus tuig an mhéid seo. Ní gádh rud a bheith 'n-a dhroch rud chun aimhleasa anama dhéanamh do dhuine. Dhéanfadh rud fóghanta díobháil anama do dhuine, uaireanta, chómh maith le droch rud, níos fearr, b' fhéidir. Chíon Dia, i gcómhnuighe, cad is maith dhúinn agus cad is olc dúinn, agus ba cheart dúinn, i gcómhnuighe, bheith sásta le n-a thoil naomhtha; a rádh, coitchianta, fé mar a dúbhairt an Slánuightheóir linn a rádh, "Go ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh." Isé toil Dé, gan amhras, sinn a dhul saor, sábhálta go h-aoibhneas na bhflathas. D'á bhrígh sin, má leigimhíd dó a thoil féin do dhéanamh i n-ár dtaobh, béarfaidh sé saor sinn go h-aoibhneas na bhflathas. Tá fhios againn go dian mhaith ná fuil aon nídh is deimhnighthighe 'ná an méid sin. Ba chóir go ndéanfaimís beart d'á réir. "Táim ag innsint na fírinne dhaoibh," arsa'n Slánuightheóir leis na deisgiobulaibh; "isé bhúr leas mé dh'imtheacht." Cá bhfuil an rud a dh'fhéadfadh Dia a thógaint ó dhuine againne ar an saoghal so ba mhó de chailleamhaint 'ná an Slánuightheóir a dh'imhtheacht ó-s na deisgiobulaibh an uair sin? Agus fós dúbhairt an Slánuightheóir féin leó gur bh' é a leas é dh'imhtheacht. Má b' é leas na ndeisgiobul an Slánuightheóir a dh'imhtheacht uatha cad 'tá ag aoinne eile le rádh go deó i dtaobh aon nídh is toil le Dia a thógaint uaidh? Mura mbéadh gur bh' é leas na ndeisgiobul an Slánuightheóir a dh'imhtheacht uatha an uair sin ní déarfadh an Slánuightheóir féin gur bh' é
a leas é, agus ní neartóchadh sé an rádh leis an bhfocal a chuir sé roimhis an rádh. "Táim ag innsint na fírinne dhaoibh," ar seisean; "isé bhúr leas mé dh' imtheacht." Cuimhnigh air sin, a Chríosdaidhe n-a bhfuil an creideamh agat. Cuimhnigh air nuair a bheidh rud éigin ag Dia na glóire 'á thógaint uait agus gur ró mhaith leat féin an rud san a choimheád. Má's maith leat é, iar ar Dhia gan an rud san a thógaint uait, ach cuir coinghíoll sa n-iaraidh. Iar ar Dhia, má's é a thoil naomhtha é, agus má's é leas t'anama é, gan é thógaint uait. Ansan má's é toil Dé é thógaint uait, bí-se deimhnightheach gur b' é do leas é dh'imhtheacht. Má's máthair leinbh tu, nó má's athair leinbh tu, agus go dtuigean tu ad'aigne go bhfuil Dia na glóire chun an leinbh sin a thógaint uait, iar ar Dhia, iar chómh cruaidh agus is maith leat air, gan an leanbh san do thógaint uait, ach cuir an coingíoll isteach sa n-iaraidh, má's é toil Dé é agus leas t'anama, agus leas anama an leinbh. Má's maith leat é, iar ar dhaoinibh eile, ar do chómh-Chríosdaidhthe go bhfuil an creideamh acu, an iaraidh chéadna, an guidhe céadna, do chur suas chun Dé mar aon leat, 'ghá iaraidh ar Dhia gan an leanbh san do bhreith uait; ach abair leó an coinghíoll céadna do cur isteach san iaraidh, má's é toil Dé é agus leas t'anama féin agus anama an leinbh. Má's maith leat dul níos géire fós ar an sgéal, labhair le sagart éigin agus iar air Naomh-Ídhbirt an Aifrinn a dhéanamh chun Dé ar do shon 'ghá iaraidh ar Dhia gan an leanbh san a bhreith uait, ach cuir isteach an coinghíoll céadna, má's é toil Dé é agus leas t' anama féin agus anama an leinbh. Nuair a bheidh an méid sin go léir déanta agat tabharfaidh Dia do ghuidhe dhuit. Ní'l aon mhearbhall ná go dtabharfaidh
Dia do ghuidhe dhuit ansan, mura rud é go bhfeicean Dia féin, ó 's É a chíon gach uile nídh, go dtiocfaidh an lá, agus má fhágan sé an leanbh san agat anois, go ndéarfair-se féin, ó chroídhe, "Ó! Nách truagh chráidhte nár rug Dia uaim an uair úd é!" Ansan iseadh thuigfir raint éigin de bhrígh an fhocail úd adúbhairt an Slánuightheóir leis na deisgiobuil nuair a bhí an bhuairt go léir ortha mar gheall ar é bheith ag imtheacht uatha. "Táim ag innsint na fírinne dhaoibh, ar seisean; "isé bhúr leas mé dh'imtheacht." Mar sin do gach aon nídh atá againn ar an saoghal so agus nách maith linn sgaramhaint leis. Tagan rud éigin, b'fhéidir, a thaisbeánan dúinn go bhfuil Dia na glóire chun é bhreith uainn, nó gur baoghal go bhfuil. B'fhéidir gur bó é, nó capall. B'fhéidir gur b' é ár sláinte é, nó radharc ár súl. Pé rud é, ní'l aon bhac orainn ár ndicheal a dhéanamh ar gach aon tsaghas cuma 'ghá iaraidh ar Dhia gan é bhreith uainn, ach an coinghíoll úd do chur isteach, má's é toil Dé agus leas ár n-anama é dh'fhanamhaint againn. An fhaid a choimeád- faimíd an coinghíoll san ní misde dhúinn dul chómh dian agus is maith linn dul ar Dhia na glóire, 'ghá iaraidh air gan an nídh sin a bhreith uainn; ní misde dhúinn guidhe ár gcarad a dh'iaraidh chuige, agus Naomh- Ídhbirt an Aifrinn do chur 'á dhéanamh chuige, agus déirc a dhéanamh chuige, agus aon nídh eile a dhéanamh chuige, aon rud is dóich linn a dhéanfadh toil Dé do tharang i bhfabhar dúinn. D'á dhéine a bheidh ár nguidhe iseadh is fearr é, an fhaid a bheidh an coingíoll úd ann, an fhaid a bheidh an fabhar againn 'á iaraidh má 's é toil Dé agus leas ár n-anama é dh'fhághail. Ach i dtaobh ár nguidhe chun Dé, tá nídh eile nách ceart
dúinn a dhearmhad. Ní ceart dúinn a dhearmhad gur mó le rádh na tairbhí agus na maitheasaí agus na buntáistí a bhainean leis an mbeatha síoruidhe 'ná aon mhaitheasaí a bhainean leis an saoghal so. Dúbhart, agus is fíor é, nách misde do'n Chríosdaidhe dul chómh dian agus a dh'fhéadfaidh sé dul, ar Dhia na glóire, chun maitheasaí saoghalta do dh'fhághail nó do choimeád, an fhaid a chuirfidh sé isteach an coinghíoll, má's é toil Dé é agus leas a anama féin. Ach pé déine a bheidh 'n-a ghuidhe nuair a bheidh sé ag lorg maitheasaí saoghalta ar Dhia, is ceart dó a ghuidhe a bheith níos déine go mór nuair a bheidh na maitheasaí a bhainean leis an saoghal eile aige 'á lorg ar Dhia. Loirgeadh sé sláinte an chuirp ar Dhia chómh dian agus is maith leis é, má's é toil Dé é agus leas a anama féin. Ach loirgeadh sé sláinte an anama níos déine, 'sé sin, grásta Dé. Iaradh sé ar Dhia, chómh dian agus is maith leis é, má 's é a thoil naomhtha é, agus leas a anama féin, a cholann a choimeád ó bhreóiteacht. Ach iaradh sé níos déine go mór ar Dhia a anam do choimeád ó'n bpeacadh. Cuireadh sé, má's maith leis é, Naomh-Ídhbirt an Aifrinn d'á dhéanamh 'ghá iaraidh ar Dhia, má's é a thoil naomhtha é agus leas a anama féin, an rath do chur ar a chuid, i dtreó go bhféadfadh sé a ghlaoidhte d'fhreagairt. Ach téigheadh sé ansan agus cuireadh sé Naomh-Ídhbirt an Aifrinn d'á dhéanamh 'ghá iaraidh ar Dhia saidhbhreas na ngrást a thabhairt dó, i dtreó go bhféadfadh sé dlígh Dé do chómhlíonadh ar an saoghal so agus saidhbhreas na beatha síoruidhe do bheith aige ar an saoghal eile. Ná cuireadh sé an saoghal so roimis an saoghal eile. Ní'l aige le caitheamh ar an saoghal so ach tamall beag. Tá an tsíoruidheacht go léir aige le caitheamh ar an saoghal eile. Má ghabhan an saoghal so 'n-a choinnibh, ní fhéadfaidh sé,
agus a dhícheal a dhéanamh, bheith ag gabháil n-a choinnibh ach tamall beag. Má bhíon an t-ádh leis i gcóir an tsaoghail eile, beidh an t-ádh leis ar feadh na síoruidheachta go léir. Má bhíon sé de mhí-fhortiún air an saoghal eile do ghabháil 'n-a choinnibh cad é an tairbhe dhó an saoghal so? "Cad é an tairbhe do dhuine an saoghal go léir do bhuachtaint má chaillean sé a anam féin?" Agus ar an dtaobh eile de'n sgéal; cad é an díobháil do dhuine an saoghal so go léir do chailleamhaint má bhíon aoibhneas na bhflathas ar feadh na síoruidheachta aige ar an saoghal eile? Anois an t-am againn, a Chríosd- aidhthe, chun machtnaimh a dhéanamh ar an dá cheist sin. Go gcuiridh Dia ar ár leas sinn sa mhachtnamh. Amen. XXXI. AN CÚIGMHADH DOMHNACH TAR ÉIS NA CÁSGA. Léightear an Soisgéal. (Eóin 16.) Is dóich liom, a phobul, gur beag má tá aon fhocal d'ár labhair an Slánuightheóir le n-a dheisgiobulaibh is mó a bheirean de shólás leis 'ná an chéad fhocal de'n tSoisgéal san. "Má iaran sibh," ar seisean, "aon nídh ar an Athair am' ainim-se tabharfar daoibh é." Agus le h-eagla go mbéadh aon mhearbhall ar a n-aigne 'n-a thaobh, do dheimhnigh sé dhóibh é. "Go deimhin, deimhin adeirim libh." "Iaraidh," ar seisean, "agus gheóbhaidh sibh." Agus feuch ar an gcúis a thug sé leis. Níor thug sé aon chúis ar domhan leis ach, i dtreó go mbéadh a n-áthas iomlán.
Tugan an chaint sin os cómhair ár n-aigne nídh ná machtnuighmíd go ró mhinic air. Isé nídh é sin 'ná mór- mhaitheas Dé. Cuimhnighmíd go minic ar mhór-chómhacht Dé, mar gur chruthuigh sé an domhan. Is cuimhin linn an cheist sa Teagasg Críosdaidhe: "An féidir le Dia gach uile nídh dhéanamh? "Is féidir." Cuimhnighmíd ar eagna Dé: "An bhfuil fios gach uile nídh ag Dia?" "Tá." "An bhfeicean Dia gach uile nídh?" "Chíon." Cuimhnighmíd, leis, ar mhór-mhaitheas Dé, ar shlígh. Tá fhios againn go bhfuil a mhór-mhaitheas gan teóra, fé mar atá a chómacht gan teóra, agus a eagna gan teóra. Ach ní minic a chuimhnighmíd ar a mhaitheas sa chuma 'n-ar labhair an Slánuightheóir air leis na deis- giobuil an uair úd. Do labhair sé ar an Athair díreach mar a labharfadh sé ar dhuine mhuinteartha a bhéadh acu, agus do bhéadh ollamh ar gach aon tsaghas maitheasa agus tairbhe do bhronnadh ortha ach go n-iarfaí air é. Bhéadh duine muinteartha ann a bhéadh ollamh ar gach aon tsaghas tairbhe do bhronnadh ort chómh fada agus do raghadh a chumas agus a chómhacht; agus go deimhin ní baoghal ná go ndéarfadh gach aoinne gur mhaith an duine muinteartha é. Ach do labhair an Slánuightheóir an uair sin leis na deisgiobuil ar Dhuine Mhuinteartha a bhí ollamh ar gach aon tsaghas tairbhe do bhronnadh ortha, chómh fada agus do raghadh a chumas agus a chómhacht, agus go raibh a chumas agus a chómhacht gan teóra. Dá mbronnadh duine muinteartha rud ort, gan aon chúis eile ach chun áthais do chur ort, déarfadh duine gur mhaith a bhéadh grádh agus cion tuillte ag an nduine
muinteartha san uait. Ach ní fhéadfadh an duine muin- teartha san a dhéanamh ach a dhícheal chun an áthais a chur ort. B'fhéidir, tar éis a dhíchil, go mbéadh easnamh ar an áthas agus ná béadh leigheas aige air. Ach feuch cad 'deir an Slánuightheóir i dtaobh an Athar Síoruidhe. "Iaraidh agus gheóbhaidh sibh, ionus go mbéadh bhúr n-áthas iomlán." Ní féidir áthas iomlán a dh'fhághail ó aoinne ach ó'n Athair Síoruidhe. Agus ní féidir an t-áthas iomlán san a dh'fhághail ar an saoghal so, ach sa mhéid go seólan sé an duine chun an áthais atá le fághail ar an saoghal eile, chun an áthais atá síoruidhe. Bíon áthas ar dhuine nuair a mhothuighean sé neart agus fuinneamh na sláinte 'n-a bhallaibh beatha. Ní h-áthas iomlán an t-áthas san. D'fhéadfadh droch ghaoth, nó coiscéim anacair, nó lán béil de bhiadh ná béadh foláin, an t-áthas san do lot ar iompáil na baise. Is fada ó áthas iomlán an t-áthas is féidir a chur chun siúbhail chómh h-uiriste sin. Bíon áthas ar dhuine, b'fhéidir, nuair a bhíon saidhbhreas saoghalta aige, agus creideamhaint ameasg a chómharsan. Bíon fiche rud ag baint ó'n áthas san. Ní h-iad lucht an tsaidhbhris mhóir is sáimhe chodlan an oídhche. Leanan cúram agus buairt aigne an saidhbhreas. Ní bhíon an fear saidhbhir choídhche gan lán a chroídhe d'eagla air go mb'fhéidir go dtiocfadh sóinseáil éigin sa tsaoghal, agus go sgaipfí an saidhbhreas, agus go mbéadh sé beó bocht. Ní h-áthas iomlán, ní h-eadh, ach ní h-áthas i n-aon chor, rud a chuirean, agus do choimeádan, buairt agus céimaighrádh aigne de'n tsórd san ar dhuine. Is áthas iomlán, ámhthach, ar an saoghal so féin, an t-áthas a bhíon ar chroídhe agus ar aigne an duine nuair a bhíon, cuir i gcás, faoisdin mhaith déanta aige agus síothcháin ar a choinsias, agus nuair is féidir dó feuchaint
suas agus a rádh, i láthair Dé, "Má s é toil Dé glaodhach orm tá súil le Dia agam go bhfuilim ollamh." Tá an t-áthas san iomlán, chómh fada agus is féidir d'aon áthas bheith iomlán ar an saoghal so, mar is áthas é atá ag seóladh an duine sin chun an áthais agus chun an aoibhnis atá síoruidhe. "Go dtí so," arsa'n Slánuightheóir, nior iarabhair aon nídh am' ainim." Tá brígh ana dhoimhinn leis an bhfocal san. Tá daoine sa tsaoghal agus nuair a thagan buairt nó trioblóid mhór ortha, is amhlaidh a léimean a gcroídhe agus a n-aigne suas láithreach chun Dé. Sgreadan a gcroídhe láithreach ar Dhia, 'ghá iaraidh air an trioblóid sin do thógaint díobh má 's é a thoil naomhtha é agus leas a n-anama, nó, murab é a thoil naomhtha é thógaint díobh, 'ghá iaraidh air é bhogadh dhóibh, agus a ghrásta thabhairt dóibh chun é dh'fhulang mar is cóir do Chríosdaidhe buairt agus trioblóid a dh'fhulang. Freagran Dia Críosdaidhe de'n tsórd san. Tugan sé a ghrásta do'n duine sin. Bainean grásta Dé an nimh as an dteinneas, nó cuirean sé neart i gcroídhe an duine i dtreó ná géillean sé do'n trioblóid, go bhfuilingean sé gach aon rud do réir thoile Dé. Cuirid Críosdaidhthe de'n tsórd san buairt agus trioblóid díobh, agus nuair a bhíon an bhuairt nó an trioblóid imthighthe ní fhanan blúire cuimhne acu air. Ansan tagan trioblóid eile, trioblóid, b'fhéidir, is truime 'ná an chéad trioblóid. Ach is lúgha a ghoillean sé ortha 'ná an chéad trioblóid, mar bíon breis nirt fághalta acu as an gcéad fhulang, agus bíon breis grásta acu d'á fhághail ó Dhia. Ansan tagan dhá thrioblóid, trí trioblóidí; tagaid siad ag brúth ar a chéile, ag baint tusach slíghe dh'á chéile, ag satailt ar shálaibh a chéile, go dtí gur dhóich le h-aoinne gur cheart
do'n duine sin bheith as a mheabhair, glan, acu. Ach ní bhíon sé as a mheabhair ná as a chéill. Bíon a shúil agus a intinn agus a aigne socair go daingean ar thoil Dé. Is amhlaidh a dhainginighid na trioblóidí go léir a chroídhe ar Dhia, i dtreó gur ag dul i ndaingineacht a bhíon sé le gach trioblóid d'á gcuirean sé dhé, agus i n-aghaidh gach catha d'á gcuirean sé dhé. I lár na buartha agus na dtrioblóidí agus na gcathana tagan an t-am, fé mar a tháinig an t-am do Pheadar go dtárnálfaí ar an gcrois é, nó fé mar a tháinig an t-am do Phól go gcuirfeadh sé a cheann ar an mbloc, tagan an t-am do'n Chríosdaidhe go nglaodhan Dia as an saoghal é, suas chuige féin. Tagan am a bháis. Ní bhíon, tré ghrásta Dé, sgáth ná eagla aige roimis an mbás. Tugan Dia an neart san dó le linn a bháis fé mar a thug sé gach neart eile dhó i gcaitheamh a shaoghail. Téighean sé suas i láthair Dé, agus tugan Dia na glóire a thuarasdal dó. Thug an duine sin a shaoghal go léir 'ghá iaraidh ar Dhia, i gcómhnuighe, i n-ainim an tSlán- uightheóra, gach aon ghrásta ba mhó a bhí i n-easnamh air do thabhairt dó. Do tugadh dó iad. Tá a thoradh san anois aige. Tá áthas air, agus tá an t-áthas iomlán. Isé an t-áthas é a thugan aoibhneas síoruidhe na bhflathas do dhuine. Tá daoine eile sa tsaoghal agus nuair a thagan buairt mhór, nó trioblóid mhór, nó umárd mór ortha, is amhlaidh a thagan dúire, nó doircheacht aigne, ortha, i dtreó ná cuimhnighid siad i n-aon chor ar Dhia. Tagan mairbhitighe ar a gcroídhe, lag-spioraidighe éigin, agus is amhlaidh a luighid siad ar an dtalamh fé'n ualach. Bíon a gcroídhe briste brúighte, agus ní fhanan preab ná spionadh ionta. Cromaid siad a gceann agus sgaoilid siad a srian féin leis an mbuairt. Ní chuimhnighid siad i n-aon
chor ar Dhia ná ar ghuidhe chun Dé ná ar aon rud a dh'iaraidh ar Dhia. Bíd siad díreach sa chás 'n-a raibh na deisgiobuil nuair a chas an Slánuightheóir leó ná raibh aon nídh acu 'á iaraidh ar an Athair Síoruidhe i n'ainim féin. Mura ndeinid Críosdaidhthe de'n sórd san cuimhneamh ar Dhia is baoghalach go ndeinid siad rud nách é. Is baoghalach go gcuimhnighid siad ar shlígh eile chun an teinnis aigne do mhaolughadh. Cuimhnighid siad ar an mbraon díghe. Luighid siad ar ól. Cuirid siad iad féin ar meisge. An fhaid a leanan an mheisge ortha ní chuimhnighid siad ar an mbuairt. Nuair a bhíon an mheisge sin imthighthe bíon an sgéal dhá uair níos measa acu. Músglan nimh na buartha níos géire 'ná riamh, agus cuirean dólás an mheisge atá curtha dhíobh acu tuille faobhair ar a mbuairt, tuille meaghchaint sa bhrón atá ar a gcroídhe. Má ba dheacair an bhuairt a dh'fhulang ar dtúis, is dá dheacra an bhuairt agus an brón a dh'fhulang anois. Siúd chun an óil airís iad. Siúd chun an óil iad airís agus airís eile. I ndiaigh ar ndiaigh beirean béas an óil greim ortha, greim ar chroídhe agus ar aigne agus ar intinn ortha. As san amach is cuma leó cad a dheinean buairt ná trioblóid, gnó ná cúram, Dia ná duine, ansaoghal so ná an saoghal eile, aoibhneas na bhflathas ná teinte ifrinn. Ní mhothuighid siad aon rud. Cuirid siad an chuid eile d'á saoghal díobh idir bheith 'n-a gcodladh agus 'n-a ndúiseacht. Ní ró fhada a théighean leó. Loisgean an t-ól préamh na beatha agus na sláinte istigh ionta. Tagan an bás ortha abhfad sar a mbíon a saoghal nádúrtha caithte acu. Ní féidir dóibh fanamhaint a thuille ar an saoghal so. Caithfid siad, pé olc maith leó é, aghaidh a thabhairt ar an síoruidheacht. An suas a raghaid siad? Conus is féidir dóibh dul suas? Ó, a Chríosdaidhthe, is cruaidh
an cás é! Ní féidir dóibh dul suas. Do dhúnadar féin an uile dhorus ortha féin. Ní h-é Dia do dhún na dóirse ná na bóithre suas ortha. Iad féin a dhún iad. Ní h-é Dia do chuir a saoghal i ngioracht. Thabharfadh Dia a saoghal nádúrtha dhóibh dá leigidís dó é. Cá bh'fhios dúinne ná d'aoinne eile cad iad na grásta a thug Dia dhóibh i gcaitheamh a saoghal, a d'iaraidh iad a dh'iompáil ar a leas, agus ná déanfaidís rud air! Tá fhios againn go maith nár leig Dia uaidh iad gan a ghrásta thabhairt dóibh go flúirseach chun iad a choimeád. D'imthigheadar uaidh, ach is i n-aimhdheóin na ngrást a dh'imthigheadar uaidh. Ní raibh aoinne chun iad do bhreith suas go h-aoibhneas na bhflathas ach Dia. Bhéarfadh Dia leis suas iad dá mba mhaith leó dul leis. Ní raghaidís leis. Conus is féidir dóibh dul suas anois? Ní féidir dóibh dul suas anois. Síos a chaithfid siad dul. Síos, i gcóir na síoruidheachta! Cuimhnigh air, a Chríosdaidhe. Cuimhnigh i n-am air. "Go dtí so níor iarabhair aon nídh ar an Athair am ainim-se. Iaraidh agus gheobhaidh sibh, ionus go mbéadh bhúr n-áthas iomlán." Ansan dúbhairt sé focal eile atá níos doimhne 'ná an focal san féin. "Ní'lim 'ghá rádh," ar seisean, "go nguidhfead an t-Athair ar bhúr son; mar tá grádh ag an Athair daoibh-se toisg grádh bheith agaibh-se dhómh-sa, agus gur chreideabhair gur ó Dhia do ghluaiseas." Thug an Slánuightheóir le tuisgint dóibh, sa chaint sin, go raibh an grádh a bhí ag Dia dhóibh chómh mór san nár ghádh dhó féin bheith ag guidhe chun Dé ortha. Ní féidir do'n duine an grádh atá ag Dia na glóire dhúinn do thómhas le tuisgint daona. Tá an grádh atá ag Dia dhúinn os cionn ár dtuisgiona. Ach, bíodh nách féidir dúinn é thómhas le n-ár dtuisgint, ná aon ghrádh eile
do chur i gcomparáid leis ná do thabhairt mar sholuíd air, tugan focal an tSlánuightheóra machtnamh éigin duinn ar mhéid an ghrádha san. Deir an Slánuightheóir linn, an grádh atá ag an Athair Síoruidhe dhúinn, go bhfuil sé chómh mór san nách gádh do'n tSlanuightheóir féin a ghuidhe do chur chun an Athar ar ár son. Ní féidir duinndul a thuille ar an sgéal. Taisbeánan an méid sin méid na fírinne atá sa bhfocal adúbhart ó chianaibh nách baoghal go leigfidh Dia na glóire uaidh sinn mura gcuirimíd féin fhiachaibh air sgaramhaint linn. Thug sé saor thoil dúinn. Chuir sé ar ár gcumas teacht chuige nó imtheacht uaidh. Tá a ghrásta aige 'á thabhairt dúinn coitchianta chun sinn a mhealladh chuige. Géillimís dos na grásta san agus ní'l baoghal orainn. Thug an Slánuightheóir cúis leis an bhfocal a dúbhairt sé. Tá an grádh san ag an Athair Síoruidhe dhaoibh-se, ar seisean, toisg grádh bheith agaibh-se dhómh-sa agus go gcreidean sibh gur ó Dhia do ghluaiseas amach. Sin dá chúis atá le grádh an Athar Síoruidhe dhúinn, grádh bheith againne do'n tSlánuightheóir, agus sinn 'ghá chreideamhaint gur b' é Mac Dé é. Seadh, a phobul, sin cuid des na neithibh a chuirean an Soisgéal san ar ár súilibh dúinn. Is ceart dúinn bheith coitchianta ag cur ár nguidhe suas chun Dé. Is ceart dúinn ár dtoil do chur le toil Dé, agus trioblóidí na beatha so d'fhulang le grádh do Dhia, i n-inead bheith ag cur n-a gcoinnibh agus ag stalcuigheal i gcoinnibh toile Dé mar gheall ortha. Ansan, ó tá an grádh mór go léir sin ag an Athair Síoruidhe dhúinne, ba cheart dúinn bheith coitchianta 'ghá iaraidh air ár gcroídhe do spriocadh le n-a ghrásta, i dtreó go dtabharfaimís grádh dhó ag freagairt d'á ghrádh dhúinn, agus i dtreó go mbéadh an creideamh beó bríoghmhar istigh i n-ár
gcroídhe do shíor; i dtreó go mbéadh grádh mar is cóir againn do'n Aon Mhac, ár Slánuightheóir Íosa Críosd, agus grádh againn d'ár gcómharsain mar sinn féin; agus ansan, go dtabharfadh Dia bás naomhtha dhúinn agus saor-bhreitheamhantas, agus go mbéadh ár n-áthas iomlán. Go dtugaidh an t-Athair Síoruidhe, tré impidhe na Maighdine Muire, máthair Dé, an t-áthas iomlán san dúinn. Amen. XXXII. DARDAOIN DEASGABHÁLA. Léightear an Soisgéal. (Marcus 16.) Chímíd ó'n Soisgéal san, a phobul, gur dhein an Slánuightheóir raint neithe áirighthe i dtaobh a dheis- giobul an uair dhéanach a thaisbeáin sé é féin dóibh, díreach sar ar imthigh sé uatha suas ar neamh, díreach sar ar gabhadh é ar deas-láimh an Athar Síoruidhe. Isé céad rud a dhein sé 'ná a n-easba creidimh do chasadh i n'asachán leis an gcuid acu ná creidfeadh go raibh sé eirighthe ó'n mbás go dtí go bhfeacadar féin é. Taisbeánan an t-asachán san dúinn go raibh sé ana dheacair a chur fhiachaibh ar a lán acu an sgéal do ghlacadh gan radharc a súl féin a bheith mar urúdhas leis an bhfírinne. Taisbeánan sé dhúinn, leis, ná fuil brígh ná éifeacht le caint lucht díthchreidimh, i ndúthaíbh eile. Déarfaidís leat ná creidfidís an nídh seo nó an nídh úd, sa chreideamh, mura bhfeicfidís le n-a súilibh cinn féin é. Agus ansan do chreidfidís fiche
rud a bhéadh níos iongantaighe go mór 'ná aon nídh sa chreideamh, agus gan aoine 'ghá iaraidh ortha, agus gan radharc a súl ná éisteacht a gcluas acu mar urúdhas ar fhírinne ná ar éitheach ann. Ní h-i n-Éirinn atá puinn de'n tsórd san daoine le fághail. Nó má táid siad le fághail i n- Éirinn anois, is le déanaighe atáid siad le fághail ann. Chonaic na Iúdaigh agus na deisgiobuil, i n-aonfheacht, na mírbhuiltí a bhí ag an Slánuightheóir 'á dhéanamh. Chonacadar go soiléir nár bh'fhéidir d'aon duine na mírbhuiltí sin a dhéanamh mura mbéadh cómhacht Dé aige. D'airigheadar é féin, airís agus airís eile, 'ghá rádh go raibh cómhacht Dé aige, agus ag tabhairt na mírbuiltí dhóibh mar chómartha air go raibh. Nuair adúbhairt sé leis an bhfear a bhí gan lúth, "Táid do pheacaí maithte dhuit," do léimeadar na Iúdaigh agus dúbhradar, "Cad í seo mar chaint! Cé fhéadfadh peachaí mhaitheamh ach Dia!" D'fhreagair sé iad, "Cé 'cu is usa a rádh, "Táid do pheacaí maithte dhuit," nó a rádh leis an bhfear san eirighe as san agus siúbhal? Anois, chun a thaisbeáint daoibh go bhfuil chómacht agam chun peacaí mhaitheamh: Eirigh-se as san, (ar seisean leis an bhfear) agus siúbhluigh." Agus d'eirigh an duine láithreach agus shiúbhluigh sé. Chonacadar na mírbhuiltí móra a bhí aige 'á dhéanamh coitchianta ar an gcuma san i gcaitheamh na dtrí mbliadhan ó thusnuigh sé ar a obair phoibilidhe. Bhí fhios acu go maith go raibh cómhacht Dé aige. B'olc uatha, d'á bhrígh sin, gan a chreideamhaint láithreach go raibh sé eirighthe ó'n mbás, chómh luath agus do h-innseadh dóibh é. Ba mhó go mór d'iongnadh é dh'fhághail bháis i n-aon chor, agus cómhacht Dé aige mar a bhí,'ná é dh'eirighe ó'n mbás. Mura mbéadh corp agus anam a bheith aige, mar atá againne, níor bh'fhéidir dó bás a dh'fhághail i n-aon chor. Do thóg sé an corp agus
an t-anam, mar atá againne, i dtreó go bhféadfadh sé bás a dh'fhulang agus an chine daona do shaoradh le n-a bhás ó pheacadh an tsínsir. Nuair a bhí sé ag dul chun báis ar chrann na croise do leig sé d'á chorp agus d'á anam sgaramhaint le n-a chéile, fé mar a sgaran corp agus anam aon duine le n-a chéile nuair a gheibhean an duine bás. Cad é an bac a bhí ar Mhac Dé a chorp féin agus a anam féin a thabhairt d'á chéile airís aon tráth 'n-ar mhaith leis é? Thug sé chun a chéile airís iad ar maidin Domhnaigh Chásga agus d'eirigh sé as an uaigh. Ansan, nuair a tháinig lá na Deasgabhála do rug sé a Chorp agus a Anam leis suas ar neamh agus do shuidh sé ar deas-láimh an Athar Síoruidhe, agus tá a chuid fola agus feóla, a anam agus a dhiadhacht, aige 'á thabhairt dos na Críosdaidhthibh riamh ó shin, i Naomh- Shácraimint na h-Altórach. Sgéal réidh, rianta, soiléir, iseadh an sgéal ó thúis go deire. Ní h-aon iongnadh i n-aon chor gur chas an Slánuightheóir i n'asachán é leis an muintir nár chreid, chómh luath agus do h-innseadh dóibh é, go raibh sé eirighthe ó'n mbás. Tá an t-asachán céadna le casadh, riamh ó shin, leis an gcuid de'n chine daona ná creidfeadh i n-Aiseirighe ár Slánuightheóra, tar éis ar deineadh de chraobhsgaoileadh air le naoi gcéad déag bliadhan, le teagasg, agus le mírbhuiltíbh, agus le bás na bhfíoraon a dh'fhuiling bás ní ba thúisge 'ná mar a shéanfaidís é. Casfar an t-asachán san leó go dian nuair a sheasóchaid siad i láthair an tSlán- uightheóra, i láthair an Bhreithimh, a thiocfaidh chun breitheamhan- tais a thabhairt ar bheóibh agus ar mharbhaibh. "An t-é a chreidfidh agus a bheidh baistithe, saorfar é. An t-é ná creidfidh, daorfar é." Siné an focal a dúbhairt an Slánuightheóir leis na deisgiobuil nuair a chas sé an t-asachán leó. Fíorfar an focal san i dtaobh na
cine daona go léir, agus casfar an t-asachán céadna leis an muintir ná creidfidh. D'fhéadfadh breitheamh daona duine dhaoradh sa n-éagcóir, agus duine chrochadh gan an duine beith ciontach. Ní féidir do'n tSlánuightheóir, moladh go deó leis, éagcóir de'n tsórd san a dhéanamh. D'á bhrígh sin, sar a ndúbhairt sé an focal i dtaobh daoradh agus saoradh agus i dtaobh an chreidimh, dúbhairt sé leis na deisgiobuil imtheacht ar fuid an domhain agus fírinní an chreidimh do chraobhsgaoileadh do'n uile shaghas daoine. Ansan, i dtreó ná béadh aon leath- sgéal ag aoinne, do gheall sé buadhtha móra do'n mhuintir a chreidfeadh; go láimhseálfaidís aithreacha nimhe gan dochar dóibh féin; go n-ólfaidís nimh agus ná déanfadh sé aon díobháil dóibh; go gcuirfidís a lámha ar dhaoine breóite agus go gcasfadh a sláinte ortha. Ansan do tógadh suas as a radharc é agus tá sé 'n-a shuidhe ar deas-láimh Dé. Anois, a phobul, cad 'tá againne le rádh, i n-ár dtaobh féin, chómh fada agus a théighean bunús agus brígh na cainte atá sa tSoisgéal san? "An t-é a chreidfidh agus a baistfear, saorfar é. An t-é, ámhthach, ná creidfidh, daorfar é." Ní gádh dhúinn trácht ar an mbaisteadh. Do dhein an Eaglais an méid sin dúinn chómh luath agus thánamair ar an saoghal. Dhein an Eaglais, leis, dúinn an craobh- sgaoileadh a dh'órduigh an Slánuightheóir a dhéanamh. Do chuir sí fhiachaibh orainn teacht anso chun tíghe Dé chun an Teagasg Críosdaidhe a dh'fhógluim, agus do múineadh dúinn é. Do tugadh fios aitheanta ár gcreidimh dúinn go cruinn agus go h-iomlán agus go fóirlíonta. Níor fágadh aon easnamh ar ár n-eólus. Ní raibh aon ghádh ag aon duine againn le Soisgéal an
lae seo d'aireachtaint anois chun a fhios a bheith aige gur eirigh ár Slánuightheóir an treas lá ó mharbhaibh, agus gur chuaidh sé suas ar neamh, agus go bhfuil sé 'n-a shuidhe ar deas-láimh Dé, agus go dtiocfaidh sé as san chun breitheamhantais a thabhairt ar bheóibh agus ar mharbhaibh. Tá an t-eólus san go léir againn de ghlan mheabhair ó thusach ár n-óige. B'fhéidir gur b' amhlaidh atá an t-eólus ró ghlan againn agus an iomad taithighe againn air, i dtreó ná cuirimíd oiread suime ann agus ba cheart dúinn a chur ann. Ansan, cad mar gheall ar an bhfocailín eile úd, "An t-é ná creidfidh daorfar é"? "Ó," a déarfaidh duine, b'fhéidir, "tá an puinte sin socair go leór. Creidim gach aon rud a mhúinean an Eaglais. Pé rud a bheidh agam le freagairt, ní bheidh aon nídh agam le freagairt sa méid sin." Seachain! B'fhéidir go mb'fhearra dhuit gan codladh ar an gcluais sin. An t-é a chreidean rud, deinean sé beart do réir mar a chreidean sé. An fear a chreidean go bhfuil namhaid ag faire air chun a mhar- bhuighthe, beidh sé coitchianta ag faire ar an namhaid sin a d'iaraidh é sheachaint. Má chím an fear san, agus gan aon arm cosanta aige, ag dul sa n-áit 'n-a bhfuil an namhaid sin, cad 'tá le rádh agam? Tá fhios ag an saoghal go bhfuil an fear as a mheabhair, nó, murab é sin é, ná creidean sé go bhfuil an namhaid i n-aon cor ann. Isé an namhaid an peacadh. Do múineadh dúinn fadó cad é an nídh peacadh: "Aon smuíneamh toil- theamhail, briathar, nó gníomh, a déintear i n-aghaidh dlíghe Dé." Chreideamair é sin an uair sin. Creidimíd anois é. Conus is féidir dúinn a rádh go gcreidimíd anois é má chomáinimíd linn ag déanamh an pheacaidh gan blúire suime chur i ndlígh Dé? Ar ndó', tá fhios ag
an saoghal gur b'é cúis go gcomáinimíd linn ar an gcuma san ag déanamh an pheacaidh mar ná creidimíd i gceart i ndlígh Dé. Agus siné focal an tSlán- uightheóra againn leis: "An t-é ná creidfidh, daorfar é." An gcreidimíd an focal san? "Ó," a déarfaidh duine, b'fhéidir, "creidimíd, ar nóin! Cad 'n-a thaobh ná creidfimís é? An focal a dúbhairt an Slán- uightheóir féin! An t-é ná creidfeadh an focal san ní chreidfeadh sé aon rud." Go díreach! An t-é ná creidfeadh an focal san ní chreidfeadh sé aon rud. Ní dóich liom-sa, ámhthach, go gcreidimíd-ne an focal san. Agus cad é an chúis gur dóich liom ná creidimíd é? Mar ba dhóich liom dá gcreidimís é go gcuirfeadh sé eagal orainn. Comáinean duine leis i gcaitheamh a shaoghail ag déanamh na bpeacaí, 'ghá ndéanamh le smuíneamh, le briathar, le gníomh agus le faillighe. Agus ní'l aon bhlúire eagla air! Conus is féidir a rádh go gcreidean an fear san go bhfuil Dia ag feuchaint air? Go gcaithfidh sé cúntas a thabhairt ins gach smuíneamh; ins gach briathar; ins gach gníomh; ins gach faillighe? Go dtabharfaidh an Slánuightheóir breitheamhantas air? Agus go ndúbhairt an Slán- uightheóir an focal, "An t-é ná creidfidh, daorfar é"? B'fhéidir go bhfuil, a phobul, an creideamh istigh i n-ár gcroídhe, ar chuma éigin, ach is baoghalach gur 'n-a chodladh a bhíon sé go minic. Ní foláir a dh'admháil, ámhthach, go bhfuil Críosdaidhthe i n-ár measg agus ná bíon codladh ná suan ná míogarnach ar a gcreideamh choídhche. D'á chómhartha san féin, ní feictear choídhche iad ach ag faire ortha féin, i láthair Dé, le h-eagla go ndéan- faidís aon nídh do chuirfeadh fearg ar Dhia. Má chuirean an namhaid droch smuíneamh 'n-a n-aigne, is tapaidh a thógfaid siad a gcroídhe suas chun Dé agus
a dh'iarfaid siad ar Dhia, tré impidhe na Maighdine Muire, an smuíneamh san a dhíbirt. Má airighid siad an droch fhocal ar siúbhal, beidh focal láithreach idir iad féin agus Dia, cogar acu d'á dhéanamh le Dia a gan fhios do'n tsaoghal. Siné an cogar a thaithnean le Dia, agus ní baoghal ná go bhfreagaróchaidh sé an cogar, go ceannsa agus go cneasta agus go grádhmhar. Má spriocan an namhaid iad chun aon droch ghnímh a dhéanamh, nó má ráinighean, tré nádúr chlaon an duine, go sleamhnóchaidís beagán ó'n mbóthar ndíreach, is tapaidh a bheid siad ag cathaoir na faoisdine, go h-úmhal agus go h-aithrigheach; 'ghá iaraidh ar Dhia, tríd an gcómhacht a thug an Slánuightheóir d'á Eaglais, toradh páise an tSlánuightheóra do dhul chun sochair dóibh sa n-asbolóid. Tá neart an chreidimh ar lasadh ins gach aon chor d'á gcuirean Críosdaidhthe de'n tsórd san díobh ó mhaidin go h-oídhche, ó Luan go Satharn, ó thusach saoghail dóibh go dtí go dtagan an bás ortha. Ní misde dhóibh sin aghaidh a thabhairt ar an mBreitheamh, atá 'n-a shuidhe ar deas- láimh Dé, agus do thiocfaidh chun breitheamhantais a thabhairt ar bheóibh agus ar mharbhaibh. Ní gádh dhóibh sin aon eagla bheith acu roimis an mBreitheamh; bíodh gur mó an t-eagla a bhíon ortha, uaireanta, 'ná mar a bhíon ar an muintir gur ceart dóibh eagla bheith ortha. Tá, buidheachas mór le Dia, a lán de'n tsórd san i n-ár measg. Agus is minic a chuirean Dia na glóire an rath ar an bpobul n-a mbíon Críosdaidhthe maithe de'n tsórd san ann. Bíon daoine sa phobul ná cuimhnighean i n-aon chor ar Dhia, b'fhéidir, nó ná cuimhnighean ach go h-anamh air, agus is beag d'á fhios a bhíon acu cad iad na tionóisgí a chuirean Dia i leith- taoibh uatha, nó cad iad na taomana breóiteachta a choimeádan sé uatha, nó cad é an rathamhnachas saoghalta
a bhronnan sé ortha go minic, gan aon chúis ach mar gheall ar iad a bheith i n-aon phobul le Críosdaidhthibh fóghanta, mar a dúbhart. Nuair a bhí cathair Soduim le losgadh mar gheall ar na droch pheacaí a bhíodh ag na daoine 'á dhéanamh ann, do chrom Ábraham ar an gcás do phléidh i láthair Dé ar son na catharach. Dúbhairt sé gur mhór an truagh an chathair do losgadh agus na daoine fóghanta do mharbhughadh i dteannta na ndroch dhaoine. Dúbhairt Dia leis ná loisgfí an chathair dá mbéadh daoine fóghanta le fághail inti. Ansan d'úmhluigh Ábraham é féin agus d'iar sé ar Dhia gan an chathair do losgadh dá mbéadh aon chaoghad amháin de dhaoinibh fóghanta le fághail inti. Dúbhairt Dia leis ná loisgfí an chathair dá mbéadh an caoghad inti. Ansan d'iar Ábraham gan an chathair do losgadh dá mbéadh cúigear agus dachad de dhaoinibh fóghanta le fághail inti. Dúbhradh leis ná loisgfí. Do lean sé ag guidhe ar son na catharach go dtí go ndúbhairt Dia leis ná loisgfí an chathair dá mbéadh aon deichniúbhar amháin de dhaoinibh fóghanta le fághail inti. Ní raibh an deichniúbhar le fághail, agus do loisgeadh an chathair. Is beag d'á chuimhneamh a bhí ag muintir na catharach san an lá san go raibh Ábraham ag guidhe chómh cruaidh sin chun Dé ar a son. Ba chuma leo cé 'cu. Ach pé'cu ba chuma leó é nó nár chuma do raghaidís saor dá mbéadh an deichniúbhar fóghanta le fághail sa chathair. Má bhí san fíor i dtaobh na catharach úd a bhí chómh damanta le droch ghníomhartha, nách léir d'aoinne go bhfuil sé fíor i dtaobh pobuil ná bíon puinn daoine ann a bhíon ró ólc ar fad, agus go mbíon a lán daoine ann a bhíon go h-ana mhaith agus go h-ana Chríosdamhail? Ní dóich liom gur gádh d'aoinne aon phioc d'á mhear- bhall a bheith air ná go dtagan mórán maitheasa chúghainn go léir, i dtaobh anama agus chuirp, ó cheann ceann
de'n bhliadhain, mar gheall ar Chríosdaidhthe fóghanta bheith i n-aon phobul linn. Bronnan Dia mórán tabhar- thaistí ar dhaoine, i n-a lán slíghte, ach dhéanfainn dánaidheacht ar an méid seo do rádh. Nár bhronn Dia riamh ar Chríosdaidhe tabharthas ab fhearr 'ná é chur i gcómhluadar le Críosdaidhthibh fóghanta, le Críosdaidhthibh go bhfuil creideamh agus dóchas agus grádh do Dhia istigh 'n-a gcroídhe, agus do thugan le feisgint coit- chianta 'n-a mbeatha agus 'n-a mbéasaibh go bhfuil. Ní'l aon phobul i n-Éirinn ná go bhfuil Críosdaidhthe de'n tsórd san le fághail ann. Is ceart do'n phobul n-a bhfuil a leithéidí le feisgint buidheachas a ghabháil le Dia do chuir ann iad, uraim a thaisbeáint dóibh i gcómhnuighe, agus an deagh-shampla a thugaid siad uatha do ghlacadh go fonnmhar. Deinean an mac mallachtain úsáid de dhroch dhaoinibh chun na gCríosdaidhthe chur ar aimhleas a n-anama le droch shampla. Deinean Dia úsáid de dhaoinibh fóghanta chun na gCríosdaidhthe do chur ar leas a n-anama. Chuige sin iseadh chuirean sé daoine fóghanta, anso agus ansúd, ameasg gach pobuil. Is ceart dúinn an droch shampla do sheachaint agus an deagh-shampla do leanamhaint. Neart an chreidimh, istigh 'n-a gcroídhe, iseadh chuirean fhiachaibh ar na daoine fóghanta, diadha, an deagh-shampla san a thabhairt dúinn. Má ghlacaimíd an deagh-shampla, agus má dheinimíd aithris air agus beart d'á réir, dúiseóchaidh sé an creideamh atá 'n-a chodladh, b'fhéidir, istigh i n-ár gcroídhe féin. Ansan, ní h-é ainim an chreidimh amháin a bheidh orainn, ach beidh oibreacha an chreidimh, leis, le taisbeáint againn, agus, le congnamh Dé, ní baoghal dúinn an focal sgannramhail úd, "An t-é ná creidfidh, daorfar é." Go saoraidh Dia agus Muire Mháthair sinn ar an bhfocal sgannramhail sin. Amen. Críoch ar leabhar a h-aon.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services