Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanmóin agus Trí Fichid I

Title
Seanmóin agus Trí Fichid I
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Composition Date
1909
Publisher
Brún & Ó Nóláin, Teor.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


SEANMÓIN AGUS TRÍ FICHID.



I.



AN CHÉAD DOMHNACH DE'N ADBHENT.



Léightear an Soisgéal. (Lúcás 21.)



A phobul Dé,



Isé brígh atá leis an bhfocal san, Adbhent, 'ná rud
éigin, nó duine éigin, a bheith ag teacht, agus tugtar
an ainim, Adbhent, ar an suim aimsire i n-a mbíon
súil ag daoine leis an rud a bhíon ag teacht, nó leis
an nduine a bhíon ag teacht. Do cheap an Eaglais an
raint bheag aimsire seo ar a dtugtar an t-Adbhent
chun teacht na Nodlag a chur i gcuimhne dos na Críos-
daidhthe. Teacht na Nodlag, 'sé sin teacht an lae
shaoire is mó sa mbliadhain agus is naomhtha sa mbliadhain,
teacht an lae ar ar tháinig Slánuightheóir an domhain
ar an saoghal chun na cine daona do shaoradh ó ifrean
agus ó chómhachtaibh an diabhail.



Isé cúis gur cheap an Eaglais an méid seo aimsire
roimh theacht na Nodlag 'ná i dtreó go ndéanfadh na
Críosdaidhthe iad féin d'ollamhughadh go maith chun saoire
na Nodlag do chaitheamh mar is cóir, ag tabhairt onóra
do Dhia, ag breith bhuidheachais leis an Slánuightheóir
glórmhar mar gheall ar theacht d'ár saorad, agus ag


L. 2


cur ár gcroídhe agus ár n-aigne féin ar deagh-staid,
i dtreó gur mhóide an toradh, agus an tairbhe, agus an
leas anama, gheabhaimís tré theacht ár Slánuightheóra. An
t-é dhéanfaidh an t-ollamhughadh go maith i gcaitheamh
an Adbhent beidh a chroídhe agus a aigne oireamhnach chun
tabharthaisí móra ó ghrástaibh Dé do ghlacadh nuair a
thiocfaidh an lá beannuighthe, agus gheabhaidh sé na
tabharthaisí go líonmhar. An t-é ná ceapfaidh a aigne
chun aon ollamhughadh dhéanamh, ach an aimsir bheannuighthe
seo do chaitheamh fé mar a chaith sé an chuid eile de'n
bhliadhain, gan cuimhneamh choídhche le h-aon dúrthact ar Dhia
ná ar leas a anama féin, tiocfaidh lá naomhtha na Nodlag
air agus beidh Dia na glóire ag bronnadh na ngrást
ar na Críosdaidhthibh, ach ní fhanfaidh puinn de ghrásta
Dé i gcroídhe an duine sin, mar ní bheidh aon tslígh
'n-a chroídhe chuige.



Ní fhágan an Eaglais sinn ag brath orainn féin chun
na h-aimsire seo do chaitheamh mar is cóir. Taisbeánan
sí dhúinn go soiléir an obair is ceart dúinn a dhéanamh.
Ní h-é amháin go dtaisbeánan sí an obair dúinn, ach
tá dlígh dhaingean déanta aici chun a chur fheuchaint
orainn an obair a dhéanamh, chun a chur fheuchaint orainn
ár leas a dhéanamh. Seo aithne d'aitheantaibh na
h-Eaglaise. Trosgadh agus tréadhnas a dhéanamh ar
na laethantaibh órduighthe. Tá ceangailte ar Chríos-
daidhthibh an trosgadh san do dhéanamh dhá lá sa tseacht-
mhain i gcaitheamh na h-aimsire beannuighthe seo.



Ní'l aon nídh is mó chruadhan croídhe an duine agus
a dheighlean amach é ó ghrásta Dé 'ná craos; 'sé sin
é féin a thabhairt suas d'ainmhian na colna. Ar an
gcuma gcéadna ní'l nídh ar bith is fearr chun croídhe
an duine do tharang chun Dé'ná an cholann do smachtughadh
le trosgadh agus le tréadhnas agus le h-úmhluigheacht.


L. 3


Siné cúis gur cheap an Eaglais an trosgadh dhúinn i
gcaitheamh an Adbhent, mar isé an trosgadh is fearr
d'ollamhóchaidh sinn i gcóir na Nodlag.



Sa n-am gcéadna, ámhtach, is beag an mhaith trosgadh
ó bhiadh mura ndeinimíd trosgadh eile 'n-a theannta,
'sé sin trosgadh ó'n bpeacadh. Is beag an tairbhe dhúinn
craos a chur uainn mura gcuirimíd uainn na peacaí
eile chómh maith leis; mura gcuirimíd uainn uabhar
agus saint, agus drúis, agus fearg, agus formad.
Is beag an tairbhe do dhuine bheith ana dhian air féin
sar a' mbrisfeadh sé an trosgadh le biadh chaitheamh,
má dhéinean sé craos le meisge. Má's maith linn
an aimsir a chaitheamh sa cheart ní foláir dúinn, ní
amháin dlígh na h-Eaglaise do chomhlíonadh, ach intinn
na h-Eaglaise, leis, do chómhlíonadh, agus cómhairle
na h-Eaglaise do ghlacadh, agus beart a dhéanamh do
réir na cómhairle sin.



Isé intinn agus aigne na n-Eaglaise, agus isé
brígh agus bunús gach dlighe dá gcuirean sí orainn,
agus brígh agus bunús gach cómhairle d'á dtugan sí
dhúinn, go ndéanfaimís leas ár n-anama; go
gcoimeádfaimís sinn féin glan ó'n bpeacadh, nó má
tá peacaí orainn go ndéanfaimís sinn féin do ghlanadh
uatha láithreach le faoisdin mhaith agus le h-aithrighe, le
congnamh ó ghrásta Dé.



Isí cómhairle na h-Eaglaise dhúinn, an fhaoisdin
mhaith agus an aithrighe dhéanamh go minic i gcaitheamh
na bliadhna, agus má 'sí sin a cómhairle dhúinn i
gcaitheamh na bliadhna, is dá mhó a chuirean sí an chómhairle
sin 'n-a luighe orainn i gcaitheamh na h-aimsire
beannuighthe seo.



Dá bhfiafróchadh duine dhíom, d'á bhrígh sin, conus
is fearr fhéadfadh sé an aimsir bheannuighthe seo


L. 4


chaitheamh chun é féin d'ollamhúghadh i gcóir na Nodlag,
déarfainn leis láithreach: Dein dlígh na h-Eaglaise,
dlígh an trosgaidh, do chómhlíonadh, go macánta agus
go dleaghthach, chómh fada agus a leigfidh do shláinte dhuit
é. Abair do phaidreacha ar maidin agus um thráthnóna, le
breis dúrthachta agus aireachais. Tóg do chroídhe
suas chun Dé go minic i gcaitheamh an lae, agus go
minic i gcaitheamh na h-oídhche má bhíon tú ad' dhúiseacht.
Bris, agus cuir uait, pé droch bhéasa atá agat. Bí
ag faire ar do bheul sar a' ndéarfá droch fhocal. Bí
ag faire ar t'aigne sar a' gcoimeádfá droch smuíneamh
ann. Bí coitchianta 'ghá iaraidh ar Dhia, tré impidhe
na Maighdine Muire, Máthair Dé, cabhair agus congnamh
a thabhairt duit chuige sin. Eirigh chun faoisdine go
minic agus glac Corp Naomhtha an Tighearna.



Má dhéinean tú mar sin beidh an aimsir bheannuighthe
seo caithte go maith agat nuair a thiocfaidh an Nodlaig.
Beidh tú ollamh chun cion Críosdaidhe de ghrásta Dé
fhághail an lá san. Má chaithean tú gach Adbhent d'á
bhfágfar ar an saoghal so thú ar an gcuma gcéadna
beidh tú ollamh go maith, le congnamh Dé, i gcóir an lae
dhéanaigh. Ansan, nuair a bhéid na cómharthaí úd sa
ghréin, agus an fharaige d'á suathadh, agus na daoine
d'á bhfeóchadh le sgannradh, agus an Slánuightheóir,
Íosa Críosd, ag teacht 'n-a mhór chómhacht agus 'n-a
ghradam chun breitheamhantais a thabhairt ar an ndomhan
go léir, féadfair-se do cheann a thógáilt agus feuchaint
suas, mar beidh fuasgailt buailte leat, beidh sólás
agus aoibhneas síoruidhe na bhflathas i n'áirighthe agat.



Go dtugaidh an Slánuightheóir gléigeal daoibh-se agus
domh-sa an áirighthe sin, a phobul Dé. Amen.


L. 5


II.



AN TARNA DOMHNACH DE'N ADBHENT.



Léightear an Soisgéal. (Maitiú II.)



A phobul Dé,



Bhí mírbhuiltí móra ag ár Slánuightheóir 'á dhéanamh
agus bhí gach aoinne ag trácht ortha. Bhí na tuairisgí
iongantacha ag imtheacht ó bhéal go béal ameasg na
ndaoine. D'airigh Eóin Baiste, agus é istigh sa phríosún,
na tuairisgí uathbhásacha. Dúbhairt sé le beirt d'á
dheisgiobulaibh féin dul agus labhairt leis an t-é a
bhí ag déanamh na mírbhuiltí sin, agus a fhiafraighe dhé
ar bh'é an Slánuightheóir é.



B'fhéidir go bhfiafróchadh duine dhíom-sa anois cad
ba ghádh do Naomh Eóin Baiste an cheist sin do chur i
n-aon chor. Nár chóir go raibh fhios ag Naomh Eóin
Baiste gur bh'é an Slánuightheóir a bhí ag déanamh na
n-oibreacha san?



Gan amhras do bhí a fhios ag Naomh Eóin Baiste go raibh
an Slánuightheóir le teacht an uair sin, mar bhí sé tar
éis mórán oibre dhéanamh ag ollamhughadh na ndaoine dhó.
Ach ní raibh a fhios aige gur bh'é an Slánuightheóir féin a
bhí ag déanamh na mírbhuiltí sin ar a raibh na daoine go
léir ag caint. Bhí sé istigh sa phríosún agus ní raibh
aon chaoi aige ar a fhios a bheith aige cé bhí ag déanamh
na mírbhuiltí. Do fágadh gan an t-eólus san é mar
bhí cúis leis.



Ní raibh aon chuma eile aige chun teacht ar an eólus
a bhí uaidh ach na teachtairí chur uaidh ag triall ar an t-é


L. 6


a bhí ag déanamh na mírbhuiltí. Dheabhróchadh an sgéal
gur thuig sé i n'aigne, murar bh'é an Slánuightheóir a bhí
ag déanamh na mírbhuiltí sin, nár bh'fholáir nó gur
chómhacht éigin fhóghanta a bhí'ghá ndéanamh, óir ná tabharfadh
Dia an neart san d'aon droch chómhacht. D'á bhrígh sin
do thuig Naomh Eóin nár bhaoghal go 'neósfaí bréag dó.



Anois, a phobul, tugaidh fé ndeara go cruinn cad a
thuit amach nuair a chuir na teachtairí an cheist chun ár
Slánuightheóra. An ndúbhairt sé leó: "Téighidh thar
n-ais ag triall ar Eóin agus abraidh leis gur mise an
Slánuightheóir agus ná fuil oraibh feitheamh le duine eile"?
Ní dúbhairt. Dúbhairt sé focal leó ná raibh blúire coinne
acu leis. "Téighidh," ar seisean, "agus innsidh d'Eóin
na neithe a chonacabhair le nbhúr súilibh; radharc 'á
thabhairt do dhallaibh, siúbhal dos na bacaigh, na lobhair
d'á nglanadh, éisteacht 'á thabhairt do dhaoine a bhí bodhar,
teagasg 'á thabhairt dos na daoine bochta. Agus is
beannuighthe an t-é ná glacfaidh sgannal umam-sa."



Cad 'n-a thaobh nár thug ár Slánuightheóir uaidh an
freagra díreach ar an gceist a cuireadh chuige? Níor
thug Mar do theastuigh uaidh rud áirighthe do mhúineadh an
uair sin dos na teachtairíbh úd, agus dos na daoine a
bhí láithreach, ag éisteacht leis, agus do theastuigh uaidh
an rud céadna do mhúineadh d'á raibh de Chríosdaidhthibh
le teacht ar an saoghal riamh ó shin, agus é mhúineadh
dhúinne indiu. Cad é an rud é sin, a phobul? Sidé
é. Nách gádh d'aon Chríosdaidhe aon cheist a chur ar
aoinne beó i dtaobh fírinne an chreidimh, mar go dtais-
beánaid na mírbhuiltí féin gur b'é Mac Dé a dhein iad.
Níor bh'fhéidir d'aon chómhacht ach do chómhacht Dé na
mírbhuiltí sin a dhéanamh. D'á bhrígh sin bhí cómhacht Dé
ag an t-é a dhein iad, d'á bhrígh sin, nuair a 'neósfaí na
mírbhuiltí do Naomh Eóin Baiste do bhéadh a fhios aige


L. 7


gur bh'é Slánuightheóir an domhain a bhí 'ghá ndéanamh. Ar
an gcuma gcéadna, gach aon Chríosdaidhe ó shin anuas
go 'neósfaí na mírbhuiltí sin dó, do bhéadh fhios aige gurbh
é Slánuightheóir an domhain a dhein iad, mar ná féadfadh
aon chómhacht iad a dhéanamh ach cómhacht Dé, agus ná raibh
cómhacht Dé ag aoinne ach ag Mac Dé. Dhein na naoimh
mírbhuiltí, ach má 'seadh is le cómhacht Mhic Dé a dheineadar
iad.



D'ainimnigh ár Slánuightheóir chúig saighseana mírbhuiltí
dos na teachtairíbh, agus tá níos mó 'ná aon bhrígh amháin
i ngach saghas acu. Thug ár Slánuightheóir radharc súl
corpartha do dhallaibh. d'admhuigh duine des na dallaibh
sin gur 'n-a dhall a rugadh é, agus d'á bhrígh sin nár
bh'fhéidir an radharc a thabhairt dó ach le cómhacht Dé.
Ach d'oibrigh an Slánuightheóir ar an gcine daona cómhacht
dob' aoirde agus ba dhoimhne agus ba mhó go mór 'ná
an chómhacht san. Níor dhein an chómhacht san ach radharc
súl corpartha thabhairt do bheagán daoine. Thug an
chómhacht eile radharc spioraideálta, ó ghrásta Dé, dos
na Críosdaidhthe go léir. Do tugadh lúth a gcos do
bheagán daoine a bhí an uair sin 'n-a ghátar. Soluíd ab
eadh é sin ar an gcuma 'n-ar chuir an Slánuightheóir,
moladh go deó leis, ar chumas na gCríosdaidhthe go léir,
má's maith leó é, siúbhal do réir aitheanta Dé agus
na h-Eaglaise, go sroisid siad aoibhneas na bhflathas.
Do glanadh na lobhair. Níor bh'fhéidir an glanadh san
a dhéanamh ach le cómhacht Dé. Galar iseadh lobhra atá
teipithe riamh ar dhochtúiribh. Do leighis ár Slánuightheóir
an galar san, agus thaisbeáin sé cómhacht Dé a bheith
aige. Ach soluíd ab eadh an leigheas san ar an
gcuma 'n-a bhfuil na Críosdaidhthe d'á leigheas riamh
ó shin, le cómhacht an tSlánuightheóra, ó lobhra an
pheacaidh.


L. 8


Do thóg ár Slánuightheóir raint daoine ó'n mbás.
Thóg sé ó'n mbás duine a bhí cheithre lá sa n-uaigh. Do
thuig gach aoinne ná raibh aon bhreith i n-aon chor ag aon
chómhacht ar bith ach ag cómhacht Dé ar an ngníomh san
a dhéanamh. Ach ní raibh sa ghníomh san, d'á uathbhásaighe é,
ach soluíd ar an gcuma 'n-a dtógtar na Críosdaidhthe,
coitchianta, riamh ó shin, ins gach aon pháirt de'n domhan,
ó bhás an pheacaidh mhairbh chun beatha na ngrást, nuair a
dheinid siad faoisdin mhaith agus a gheibhid siad an
asbolóid. Mírbhuilt uathbhásach iseadh an t-anam a
chur thar n-ais i gcorpán mharbh. Ach is neamhnídh é mar
chómhacht seachas anam an duine do thógaint ó pheacadh
mharbh agus é chur ar staid na ngrást.



Thug ár Slánuightheóir, moladh go deó leis, an freagra
úd dos na teachtairíbh le breith leó ag triall ar Eóin,
agus thug sé an freagra céadna, agus an brígh
doimhinn eile sin leis, do'n Eaglais, chun go mbéarfadh
an Eaglais léi é, agus chun go gcuirfeadh sí isteach
ansan i Soisgéal an Domhnaigh seo é, agus go múinfí
dos na Críosdaidhthibh é ins gach aon pháirt de'n domhan
an fhaid a bhéadh Críosdaidhe beó ar an saoghal so.



Gan amhras do bhí fhios ag ár Slánuightheóir go mbéadh
daoine do ghlacfadh an múineadh agus go mbéadh daoine
ná glacfadh. Bhí fhios aige go raibh ag éisteacht leis an
uair sin daoine do chreidfeadh go raibh cómhacht Dé aige
an fhaid a chífidís é ag tógaint na marbh ó'n mbás, agus
bhí fhios aige go séanfadh na daoine céadna san ar ball
é nuair a chífidís é féin ag fághail bháis ar chrann na
croise. Siné cúis n-a ndúbhairt sé: "Is beannuighthe
an t-é ná glacfaidh sgannal umam-sa." Dúbhairt sé
é leis na daoine a bhí ag éisteacht leis an uair sin, agus
tá sé 'ghá rádh riamh ó shin leis na Críosdaidhthibh go léir
gach aon uair a léightear an Soisgéal so dhóibh. Is


L. 9


beannuighthe an t-é na glacfaidh sgannal mar gheall ar
theagasg an tSlánuightheóra. 'Sé sin le rádh, is beann-
uighthe an t-é a ghlacfaidh toil Dé, agus a bheidh sásta
le toil Dé, agus a dhéanfaidh toil Dé, bíodh ná beidh
d'á bhárr aige ar an saoghal so ach dealbhas agus anró
agus cruadhtan, mar beidh d'á bhárr ar an saoghal eile
aige an t-aoibhneas síoruidhe a cheannuigh an Slán-
uightheóir dúinn nuair a dh'fhuiling sé na pianta úd,
agus an bás úd ar chrann na croise, na pianta agus an
bás ó n-ar ghlac na Iúdaigh an sgannal go léir.



Is ceart dúinn, a Chríosdaidhthe, machtnamh go dlúth
agus go doimhinn ar an méid sin teagaisg ata curtha
rómhainn ansan i Soisgéal an lae seo, agus murar
dheineamair beart d'á réir sa n-aimsir atá caithte
agaiiin, iompáil anois agus a mhalairt sin de sgéal
a bheith againn feasta; ár gcreideamh a choimeád láidir,
seasamhach i n-ár gcroídhe, mar gur b'é Íosa Críosd,
Mac Dé, do chuir an creideamh san ar bun; súile ár
n-aigne do choimeád coitchianta ag feuchaint ar an
ollmhaitheas a bhainean leis an saoghal eile agus gan
suim do chur i saidhbhreas an tsaoghail seo; ár n-anam
do choimeád coitchianta glan, i láthair Dé, ó lobhra
grána an pheacaidh ; cluasa ár n-aigne do choimeád do
shíor ag faire ar gach cogar a thiocfaidh chúghainn ó ghrásta
Dé chun sinn a sheóladh ar leas ár n-anama; an peacadh
marbhuightheach, an t-aon rud amháin a thugan bás síoruidhe
do'n anam, do sheachaint níos géire 'ná mar a sheachnóch-
aimís aon droch nídh eile a dh'féadfadh teacht orainn ar an
saoghal so; bheith coitchianta 'ghá iaraidh ar Dhia, tré im-
pidhe na Maighdine Muire, Máthair an tSlánuightheóra, a
ghrásta thabhairt go líonmhar dúinn chun gach deagh-oibre
dhíobh san do dhéanamh ar an gcuma is fearr a thabhar-
faidh sásamh d'aigne an tSlánuightheóra. Ansan,


L. 10


imtheóchaidh an saoghal so uainn agus ní bheidh aon chaitheamh
'n-a dhiaigh againn, agus nuair isé toil Dé glaodhach
orainn osgalóchaidh aoibhneas síoruidhe na bhflathas
rómhainn. Ansan iseadh thuigfimíd i gceart an focal
úd a dúbhairt ár Slánuightheóir le teachtairíbh Eóin:



"Is beannuighthe an t-é ná glacfaidh sgannal umam-sa."



Go dtugaidh Dia, d'á ghrástaibh, daoibh-se agus
dómh-sa, an chómhairle sin do ghlacadh agus beart a
dhéanamh d'á réir, agus teacht chun an aoibhnis atá
geallta dhi. Amen.



III.



AN TRÍMHADH DOMHNACH DE'N ADBHENT.



Léightear an Soisgéal. (Eóin I.)



I Soisgéal an Domhnaigh seo a ghaibh tharainn, a phobul
Dé, do chonacamair cad é an teistiméireacht a thug ár
Slánuightheóir féin ar Naomh Eóin Baiste. Chuir sé
os cionn na bhfáidh go léir é. "Ach deirim-se libh,
ar seisean, "gur duine é is mó 'ná fáidh, mar is air
atá sgríobhtha, 'Tá m'aingeal agam 'á chur rómhat
amach chun na slíghe d'ollamhughadh dhuit '."



Bhí na Iúdaigh ag ruith, 'n-a slóightibh, amach ó chathair
Ierúsaleim agus ó chatharachaibh eile na tíre, chun go
bhfeicfidís an duine iongantach agus go n-éistfidís
leis an gcaint uathbhásach a thugadh sé uaidh. Fé dheire
do tuigeadh sa chathair nár dhuine shaoghalta i n-aon
chor é; gur dhuine des na fáidhíbh é; nó go mb'fhéidir
gurbh' é an Slánuightheóir féin é, a bhí geallta do'n
chine daona ó thusach aimsire, agus dos na Iúdaigh


L. 11


fé leith ó aimsir Ábrahaim. Chómh luath agus do
tuigeadh an méid sin sa chathair do comáineadh amach
teachtairí chun a fhiafraighe dhé cé'r bh'é féin. Dheabh-
róchadh an sgéal gur b'é céad rud a dhein na teacht-
airí 'ná a fhiafraighe ar bh'é Críosd é, mar deir an
Soisgéal san a léigheas daoibh gur admhuigh sé, agus
nár shéan sé, agus gur admhuigh sé: "Ní mise Críosd."
Ansan d'fhiafraigheadar dé ar bh'é Elias é, agus dúbhairt
sé nár bh'é. Ansan d'fhiafraigheadar dé arbh' fháidh
é, agus dúbhairt sé nár bh'eadh.



Feuchaimís isteach sa nídh sin, a phobul, agus cuirimís
ceist chúghainn féin. Cad 'n-a thaobh go luighean an
Soisgéal chómh trom ar an méid sin cainte a deineadh
idir na teachtairí sin agus Naomh Eóin Baiste? Do
fiafraigheadh de Naomh Eóin Baiste ar bh'é féin an
Slánuightheóir. D'fhreagair sé láithreach nár bh'é.
Conus fhéadfadh an chreideamhaint go léir a bheith ag
dul dó mar gheall ar an bhfreagra san. Ar neóin
ní h-amhlaidh a déarfadh sé gur bh' é. Cad 'n-a thaobh
go moltar chómh mór é mar gheall ar an admhmháil sin?
Conus fhéadfadh sé a mhalairt d'fhreagra thabhairt uaidh
mura mbéadh sé ar buile?



Ach fan go fóil. Tháinig mórán daoine roimis
agus 'n-a dhiaigh agus ní raibh aoinne acu ná déarfadh
go tapaidh gur bh' é féin an Críosd a bhí geallta,
dá bhfaghadh sé an chaoi air mar a fuair Naomh Eóin.
Dhein a lán acu é agus gan aon phioc acu de'n aoirde
ná de'n uaisleacht ná de'n mhórdhacht a bhí i Naomh Eóin
Baiste. Mura raibh aoirde agus uaisleacht agus
mórdhacht ionta bhí uabhar a ndóithin ionta, agus isé an
t-uabhar a chuir fheuchaint ortha an t-éitheach a dh'innsint,
agus a chur 'n-a luighe ar an gcoitchiantacht go raibh
cómhachta acu ná raibh acu. Dheineadar an t-éitheach


L. 12


san, agus an feall san ar dhaoine, bíodh ná raibh buile
ná easba meabhrach ortha. Le h-uabhar iseadh dheineadar
é. Ní cúrsaí meabhrach ná easba meabhrach é. Uabhar
nó úmhluigheacht iseadh an sgéal ar fad. Ní mar
gheall ar a mheabhair ná ar a chiall ná ar a thuisgint
a tugadh an moladh san do Naomh Eóin Baiste, ach
mar gheall ar an úmhluigheacht uathbhásach a bhí ann. Do
taisbeánadh an úmhluigheacht san go soiléir sa chuid
eile de'n chaint. Dúbhairt sé, le neart úmhluigheachta,
nár bh' é Críosd é. Dúbhairt sé láithreach 'n-a dhiaigh
san, nár bh' é Elias é. Ansan dúbhairt sé nár bh' fháidh
i n-aon chor é. Ansan, chun bárr ar fad a thabhairt do'n
úmhluigheacht a bhí 'n-a chroídhe, dúbhairt sé nár bh' aoinne
i n-aon chor é, ná raibh ann ach guth, guth ag glaodhach sa
bhfásach. Dhein sé neamhnídh dhé féin le neart úmhluigh-
eachta.



Níor thuig na teachtairí an úmhluigheacht san. Conus
fhéadfadh duine go raibh a ainim i mbéalaibh daoine
ar fuid na tíre sin go léir bheith chómh h-íseal 'n-a mhéinn,
chómh beag suim 'n-a mhór chlú, chómh beag beann ar mholadh
na ndaoine, agus go ndéarfadh sé nár bh' aoinne i
n-aon chor é!



"Cad 'n-a thaobh," ar siad, "go ndéinean tú baisteadh
má's duine chómh suarach tú?" Thug sé freagra
ortha agus bhí an úmhluigheacht sa bhfreagra san, leis.



"Deinim-se baisteadh i n-uisge," ar seisean,



"Ach tá i nbhúr measg, anois féin, duine nách aithin
daoibh. Isé sin an t-é atá le teacht am' dhiaigh-se agus
nách fiú mé go ndéanfainn iall a bhróige do
sgaoileadh."



Siné, a phobul, bun agus éifeacht an tSoisgéil sin
ar fad, an úmhluigheacht a bhí i Naomh Eóin Baiste do
thaisbeáint dúinne. Tá focal an tSlánuightheóra féin


L. 13


againn leis go raibh sé os cionn na bhfáidh go léir, abhfad
os a gcionn, ná raibh aon bhreith ag aoinne acu air i
n-aoirde ná i naomhthacht ná i mbeannuightheacht, agus
fós cuirean sé féin 'n-a luighe ar na teachtairíbh gur
duine ana shuarach é, nár bh' fhiú trácht i n-aon chor air,
ná raibh ann ach guth, agus nár labhair an guth féin ach
amuich i n-uaigneas an fhásaigh.



Agus cad chuige an úmhluigheacht uathbhásach san do
thaisbeáint dúinne, a phobul? Tá chun a chur 'n-a
luighe orainn gur ceart dúinn beagáinín de'n úmhluigheacht
san a dh'fhoghluim agus gur ró mhaith an bhail orainn dá
ndéanfaimís beagán dí dh'fhoghluim.



Ní'l aon chuma is fearr 'n-a bhféadfaimíd maitheas
na h-úmhluigheachta dh'fheisgint 'ná má chuirimíd os cómhair
ár súl olcas an uabhair. As an uabhar iseadh fhásan
an uile shaghas uilc. An t-uabhar isé chuirean duine ag
formad le n-a chómharsain. As an bhformad san tagan
fuath do'n chómharsain, agus fearg, agus mioscais,
agus cúlchaint, agus tromaidheacht ; agus ansan, dlígh
agus clampar agus fuil. As an uabhar a dh'fhásan an
tsaint. Ní bhéadh leath beann ar an airgead ag fear
na sainte mura mbéadh go dtuigean sé i n'aigne go
gcuirfidh an t-airgead ar a chumas bheith níos aoirde 'ná
duine eile, agus níos uaisle, dar leis féin. Ar ball,
nuair a théighean an tsaint i n-achran i gceart 'n-a
chroídhe, ní chuimhnighean sé ar uaisleacht ná ar ísleacht
ach ar an airgead féin. Ach isé an t-uabhar a thosnuigh
an t-olc.



Mar sin do gach sórd aimhleasa d'á ndeinean an duine,
ar an saoghal. Isé an t-uabhar a chuirean an chéad droch
lámh sa duine. Isé bun-phréamh gach uilc é i gcroídhe
an duine. Is leasughadh saidhbhir é do gach droch intinn
agus do gach droch mhian agus do gach droch bhéas. Is


L. 14


nimh marbhuightheach é do gach sobháilce diadha, do gach
intinn mhaith, do gach deagh-bhéas, do gach deagh-shampla,
do gach deagh-chómhairle, do gach cogar fóghanta d'á
labhran grásta Dé istigh i gcroídhe an duine.



Ar an dtaobh eile dhé, isí an úmhluigheacht a mhúchan agus
a mhillean agus a mharbhuighean an t-uabhar. Isí an
úmhluigheacht bun-phréamh gach maitheasa i gcroídhe an duine.
Neartuighean sí creideamh agus dóchas agus carthanacht.
Tugan sí cead cinn do gach intinn mhaith, breis ghreama
do gach deagh-bhéas, breis toradh do gach deagh-shampla,
feidhm níos treise do gach deagh-chómhairle, agus deinean
sí guth árd de'n chogar a labhran grásta Dé i gcroídhe
an duine. Is amhlaidh mar atá an sgéal, a phobul, ní
féidir do Dhia na glóire féin, ná do ghrásta Dé, aon
cheart a bhaint de'n duine an fhaid a bheidh an t-uabhar
istigh i gcroídhe an duine. D'fhéadfadh Dia, láithreach,
an mac mallachtain do thiomáint síos go h-ifrean agus
é choimeád thíos ann, agus gan leigint dó baint i
n-aon chor leis an nduine. D'fhéadfadh Dia namhaid an
chreidimh ar an saoghal so do chlaoidh láithreach agus do
chur fé chois. D'fhéadfadh Dia an uile shólás saoghalta
thabhairt dos na Críosdaidhthibh ar an saoghal so, agus
gan teinneas ná trioblóid do leigint 'n-a ngoire
choídhche. Ach cad é an tairbhe bhéadh ag Dia as san go
léir an fhaid a bhéadh an t-uabhar, namhaid Dé, istigh
i n-ár gcroídhe againne!



D'á bhrígh sin, sar ar féidir do Dhia na glóire aon
mhaitheas a dh'fhághail as an gCríosdaidhe, ní foláir, ar
dtúis, an t-uabhar do dhíbirt amach a' croídhe an Chríosd-
aidhe sin, agus an croídhe do líonadh go bara le fíor
úmhluigheacht, i n-inead an uabhair.



Chuige sin iseadh chuirean an Eaglais anso os ár
gcómhair indiú, sa tSoisgéal so a léigheas daoibh, an


L. 15


umhluigheacht uathbhásach san a bhí istigh 'n-a chroídhe ag
Naomh Eóin Baiste. Dúbhairt an Slánuightheóir ná
raibh duine beó riamh dob' aoirde i láthair Dé 'ná Naomh
Eóin Baiste, agus dúbhairt Naomh Eóin Baiste féin ná
raibh ann ach guth, ná raibh duine beó ba shuaraighe 'ná é.



Má bhí Naomh Eóin Baiste chómh h-árd san i láthair Dé
agus chómh h-umhal san i n' aigne féin, conus is féidir
dúinne, atá íseal, suarach go leór, i láthair Dé, bheith
árd i n-ár n-aigne féin? Cad é mar obair dúinne
uabhar a bheith orainn, agus mór-is-fiú, agus eiríghe-
anáirde, agus droch mheas a bheith againn ar ár gcómhar-
sain? Obair gan chiall, gan mheabhair, gan tuisgint
iseadh é, a Chríosdaidhthe. Ach galar iseadh an t-uabhar
gur deacair leigheas a dhéanamh air. Cuid de'n leigheas
iseadh an teagasg so a tugtar dúinn i Soisgéal an
lae indiu. Má bhí aon duine beó riamh nár mhisde dhó
raint mór-is-fiú bheith air b' é Naomh Eóin Baiste an
duine sin. Má bhí sé sin gan uabhar cad é mar obair
dúinne uabhar a bheith orainn? Má bhí sé sin úmhal
nách é is lúgha is gann dúinne bheith úmhal?



Iaraimís anois ar Dhia, a Chríosdaidhthe, an úmhluigheacht
san do bhronnadh orainn, go flúirseach agus go saidhbhir,
tré impidhe na Maighdine Muire Máthair Dé, agus
tré impidhe Naoimh Eóin Baiste, i dtreó go mbeidh ár
slígh chun Dé go maith an fhaid a fágfar ar an saoghal
so sinn, agus ansan, nuair a thógfaidh Dia as an saoghal
sinn, go dtabharfaidh sé aoibhneas na bhflathas dúinn
ar feadh na síoruidheachta, i bhfochair na naomh agus
na n-aingeal agus i bhfochair Naoimh Eóin Baiste féin.
Amen, a Thighearna!


L. 16


AN CEATHRAMHADH DOMHNACH DE'N ADBHENT.



Léightear an Soisgéal. (Lúcás 3.)



A phobul Dé, is ar Naomh Eóin Baiste atá trácht sa
tSoisgéal indiu airís againn, fé mar a bhí Dé Domhnaigh
seo ghaibh tharainn agus an Domhnach roimis. Dé
Domhnaigh seo a ghaibh tharainn do cuireadh os ár gcómhair
an úmhluigheacht thar bárr a bhí i Naomh Eóin Baiste, agus
do deineadh san i dtreó go spriocfaí sinn féin chun
úmhluigheachta. Tháinig Naomh Eóin Baiste chun na
slíghe d'ollamhughadh do'n tSlánuightheóir. Cad í an
tslígh a bhí aige le h-ollamhughadh do'n tSlánuightheóir?
Cad í an tslígh í ach an tslígh isteach i gcroídhe na
ndaoine? Chun dul isteach i gcroídhe na ndaoine
agus seilbh a ghlacadh ann, agus fanamhaint ann, iseadh
bhí an Slánuightheóir ag teacht. Siné an bóthar isteach
a bhí ag Naomh Eóin Baiste le h-ollamhughadh agus le
réidhteach agus le díriughadh, i dtreó go líonfaí suas
gach clais agus go leagfaí ar lár gach cnoc agus gach
sliabh, agus go mbéadh gach cam 'n-a dhíreach agus gach
garbh 'n-a réidh, agus ansan ná béadh aon rud chun
grásta an tSlánuightheóra do chosg ar dhul isteach agus
fanamhaint istigh.



Labharthar ar chnocaibh agus ar shléibhtibh a bhí le
leagadh ar lár. B'é an t-uabhar a bhí i gcroídhe na
ndaoine an cnoc dob' aoirde dhíobh san. Do tugadh
do Naomh Eóin Baiste, chun an chnuic sin do leagadh, an
úmhmhluigheacht úd ar ar thráchtamair Dé Domhnaigh seo


L. 17


ghaibh tharainn. Ach bhí an tslígh go léir lán de chnocaibh
agus de shléibhtibh, cnuic a shíolraidh ó'n gcnoc mór san,
agus níor bh'fholáir iad go léir do leagadh agus do
leibhéaladh sar ar bh'fhéidir do ghrásta an tSlánuightheóra
dul isteach. Bhí cnoc an uabhair ar dtúis, os a gcionn
go léir, agus leathta fútha go léir thíos. Ansan bhí
na cnuic agus na sléibhte fiadhaine eile, saint agus drúis
agus craos agus fearg agus formad agus leisge,
agus sluagh de chnocánaibh grána achranacha mór-thímpal
ag bun gach cnuic díobh san. Bhí aigne na ndaoine
múchta, calcaithe, le gach sórd peacadh d'á olcas agus
d'á ghráinneamhlacht. Ní raibh aon aithne d'aitheantaibh
Dé ná raibh briste brúighte acu ar gach aon tsaghas
cuma, agus ní raibh suim acu i nDia ná i n-aithrighe,
i neamh ná i n-ifrean. Bhí an sgéal ar an gcuma san,
ní h-amháin ag págánachaibh na Gréige agus na Rómha,
ach ag sliocht Ábrahaim féin, ag pobul Isráeil, an
pobul a thogh Dia dhó féin, an tsliocht a fuair na
h-aitheanta, agus gur b' ortha do gealladh an Slánuigh-
theóir do theacht i gcolainn daona. Bhíodar imthighthe
amú' ó fhírinne agus ó ghrásta Dé i dtreó go rabhadar
níosa mheasa, dá mb'fhéidir é, 'ná na págánaigh a bhí
'n-a dtímpal ar fuid an domhain. Ní raibh aon droch
bhéas gráinneamhail ag na págánaigh ná raibh acu, agus
bhí droch nídh acu ná raibh ag na págánaigh. Níor dhein
na págánaigh ceilt ná séanadh ar a ndroch bheartaibh.
Ní mar sin dos na Iúdaigh. Do chlúduigheadar a ndroch
bhearta fé sgáil na beannuightheachta. Do leigeadar
ortha, os cómhair an tsaoghail, go rabhadar ana naomhtha,
ana bheannuighthe, ana dhiadha, agus laistigh, fé'n
samhlughadh san, thugadar iad féin suas, gan srian gan
chosg, do'n uile shaghas peacadh d'á olcas agus d'á
ghráinneamhlacht, i dtreó gur chuir ár Slánuightheóir i


L. 18


gcomparáid iad leis na tuamaibh aolta, iad geal
lasmuich agus gan istigh ionta ach an bréantas.



Bhí an sgéal ar an gcuma san nuair a tháinig an t-am,
an cúigmhadh bliadhain déag d'ímpireacht Thibérias Chésair,
mar a deir an Soisgéal, agus do tháinig briathar Dé
ar Eóin, mac Sacarí, sa bhfásach, agus do ghluais Eóin
ar fuaid na dtíortha ar bruach abhann Iórdain, agus
d'fhógair sé baisteadh chun aithrighe agus chun maitheamh-
nachais peacaí. Do labhair an guth sa bhfásach, díreach
fé mar a gheall Isáias Fáidh abhfad roimhe sin:



"Deinidh slígh an Tighearna d'ollamhughadh; deinidh na
bóithre do dhíriughadh dhó; líonfar gach gleann agus
isleófar gach sliabh agus gach cnoc, agus beidh gach
cam 'n-a dhíreach agus gach slígh gharbh 'n-a shlígh
réidh; agus chífidh gach feóil an slánughadh a dhéanfaidh
Dia."



Sin mar a thargair Isáias, a phobul, teacht Naomh
Eóin Baiste, agus sin mar a tháinig sé. Do ghlaoidh
sé ar na Iúdaigh agus dúbhairt sé leó an aithrighe
dhéanamh, an tslígh d'ollamhughadh agus do chur i dtreó
do theacht an Tighearna.



Do thóg an Eaglais an chaint sin adúbhairt Isáias
agus chuir sí anso isteach i Soisgéal an lae indiu í, i
dtreó go labharfaí indiu í le Críosdaidhthibh an domhain
agus go n-iarfaí ortha an aithrighe dhéanamh fé mar a
h-iaradh an uair sin ar na Iúdaigh an aithrighe dhéanamh.
Bhí gádh go cruaidh ag na Iúdaigh le h-aithrighe dhéanamh.
Is dána an t-éadan nár bh'fholáir a bheith ar aoinne
againne a déarfadh ná fuil gádh aige féin le h-aithrighe.



D'á bhrígh sin, a phobul, labhran an Eaglais linne go
léir indiu i bhfocalaibh Isáias. Glaodhan sí orainn,
díreach mar a ghlaoidh Naomh Eóin Baiste ar na
Iúdaigh, agus deir sí linn an tslígh d'ollamhughadh do'n


L. 19


Tighearna. Deir sí linn na cnuic agus na sléibhte
móra do leagadh ar lár, 'sé sin, uabhar agus saint agus
mioscais, agus gach sórd eile ainmhian, do chur as ár
gcroídhe amach, mar gur cuma iad nó cnuic atá sa
tslígh ar ghrásta Dé agus ná leigfeadh dó teacht isteach
i n-ár n-anam. Deir sí linn na gleannta do líonadh
suas, 'sé sin, na clasa doimhne folamha atá i n-ár
n-aigne, clasa ná fuil ag fás ionta ach smuínte
díomhaoine, smuínte gan tairbhe, smuínte baoithe,
smuínte peacamhla, iad do líonadh suas, i dtreó ná
beidh slígh ag aon droch nídh chun fáis a thuille ionta,
agus go bhféadfaidh grásta Dé siúbhal agus seasamh
ortha, agus iad a choimeád cúmhrtha, glan, foláin. Déir
sí linn gach cam a dhéanamh díreach. Ní féidir do
ghrásta Dé teacht isteach i n-anam an duine tré
bhóithribh cama. Bóthar cam iseadh faoisdin ná raibh
fírinneach, faoisdin a dheinean duine uaireanta nuair
a choimeádan sé droch nídh éigin gan innsint, nó nuair
a chuirean sé milleán na bpeacaí ar dhuine éigin eile,
nó ar bheithigheach éigin, ar an mboin nó ar an gcapall.
Tá an cam san i n-aigne an duine riamh. Bhí sé i
n-aigne ár gcéad athar Adam nuair a dúbhairt sé
gur bh' í an bhean a thug Dia dhó fé ndeara dhó an peacadh
dhéanamh. Tá an cam san i n-aigne gach Críosdaidhe a
bhíon ag dul ar a chosaint féin i n-aghaidh Dé sa bhfaoisdin,
chómh maith agus ná béadh radharc ag Dia ar an
smuíneamh is sia isteach 'n-a chroídhe. Iaran an
Eaglais ar gach Críosdaidhe feuchaint chuige féin go
géar, agus gach cam d'á bhruil istigh 'n-a chroídhe, ag
teacht idir é agus grásta an tSlánuightheóra, é
dhíriughadh amach i láthair Dé, milleán a pheacaí go
léir d'fhágáilt air féin, é féin a thabhairt ciontach go
h-iomlán agus gan bheith ag dul ar a chosaint féin, ach


L. 20


a iaraidh go h-úmhal agus go h-aithrigheach ar Dhia na
glóire na peacaí a mhaitheamh dó.



Iaran an Eaglais orainn, mar a dúbhairt Isáias ar
dtúis, agus mar a deir an Soisgéal indiú i dtaobh
Eóin Baiste, "gach slígh gharbh a dhéanamh réidh." Bóthar
garbh iseadh bóthar atá lán de chlochaibh agus de charaig-
reachaibh agus de gach aon tsaghas mí-chothraim agus
acharainn. Siné díreach an saghas bóthair a bhíon le
gabháil ar an saoghal so ag an nduine n-a mbíon a
chroídhe greamuighthe ar mhaoin agus ar shaidhbhreas an
tsaoghail seo. Ní gádh do dhuine aon fhághaltas mór
de mhaoin ná de shaidhbhreas an tsaoghail seo bheith aige
chun a chroídhe bheith greamuighthe mar sin air. Ní h-eadh,
ach d'fhéadfadh an duine is dealbha d'ár mhair riamh a
chroídhe a bheith chómh greamuighthe ar an saoghal so aige
agus dá mba leis an saoghal go léir. An t-é n-a
mbeidh a chroídhe greamuighthe mar sin ar an saoghal
aige, is cuma é nó duine a bhéadh ag gabháil tré bhóthar
gharbh a bhéadh lán de chlochaibh agus de charaigreachaibh.
An uile phéirse de'n tslígh d'á gcuirean sé dhe ní bhíon
sé ach ag bualadh a chos i gcoinnibh na gcloch agus ag
gearradh a ghlún ar na caraigreachaibh. Trioblóidí an
tsaoghail na clocha agus na caraigreacha. Ní gheibhean
sé neómat suaimhnis de ló ná d'oidhche uatha. Ní leigid
siad dó cuimhneamh ar phaidir ná ar Chréidh, ar Dhia ná
ar Mhuire, ar fhaoisdin ná ar Chomaoine, ar leas a
anama ná ar an síoruidheacht. Iaran an Eaglais
indiu ar an nduine sin, "an bóthar garbh do dhéanamh
réidh." Conus is féidir dó an bóthar garbh a dhéanamh
réidh? Conus is féidir dó na clocha agus na caraig-
reacha do thógaint de'n bhóthar? Ní'l aige le déanamh
ach a chroídhe do dheighilt ó'n saoghal so agus é ghreamughadh
ar an saoghal eile. An té ná cuirfidh aon tsuim i


L. 21


ngnóthaíbh an tsaoghail seo ní bhéarfaid trioblóidí an
tsaoghail aon ghreim ar chroídhe air; beidh sé sásta le
toil Dé i gcómhnuighe. Má théighean rud 'n-a choinnibh
tógfaidh sé a chroídhe suas chun Dé agus déarfaidh sé, ó
chroídhe, "Go ndéintear do thoil ar an dtalamh mar a
déintear ar neamh!" Bainean san an cruadas as
na clochaibh. Ní ghortuighid siad a chosa. Bíon
suaimhneas istigh 'n-a chroídhe, pé caismirt a bhíon 'n-a
thímpal. Ní chuirean aon rud puinn buartha air, nó
má chuirean, is buairt í ná deinean ach é thógáilt suas
níos aoirde chun Dé agus neamhshuim níos mó thabhairt
dó sa tsaoghal so agus ins gach nídh a bhainean leis an
saoghal so. Bíon caoi go h-áluinn ag grásta an
tSlánuightheóra ar theacht isteach 'n-a chroídhe agus ar
oibriughadh go torthamhail istigh ann, mar, le congnamh
Dé, tá "bóthar réidh" déanta aige de'n "bhóthar gharbh."



An Críosdaidhe a ghlacfaidh teagasg na h-Eaglaise,
i Soisgéal an lae indiu, ar an gcuma san, aireóchaidh
sé an guth ag labhairt sa bhfásach, i bhfásach an tsaoghail
seo, ollamhóchaidh sé a chroídhe do'n tSlánuightheóir,
cuirfidh sé gach cam as a chroídhe le faoisdin ghlan,
cuirfidh sé clocha agus caraigreacha agus trioblóidí
an tsaoghail i leith-taoibh uaidh féin le foidhne agus le
mainíghin as Dia. Ansan, nuair a bheidh an bóthar
curtha dhe aige agus a chúrsa tabhartha, fíorfar 'n-a
thaobh an focal deirineach de'n tSoisgéal: "Chífidh gach
feóil an slánughadh a dhéanfaidh Dia." Go dtugaidh
Dia san dúinne, a phobul, tré impidhe na Maighdine
Muire agus tré impidhe Naoimh Eóin Baiste. Amen.


L. 22


V.



LÁ NODLAG.



Léightear an Soisgéal. (Lúcás 2. c.)



A phobul,



Gan amhras do mheas an t-Ímpire árd-chómhachtach
san a bhí an uair sin ' n-a cheann ar Ímpireacht na
Rómha gur ag déanamh a thoile féin a bhí sé nuair a
chuir sé amach an t-órdughadh san, ach níor bh' eadh. Toil
Dé a bhí aige 'á dhéanamh. Leamhnughadh Dé a bhí aige
d'á chur chun cinn, bíodh ná raibh aon phioc d'á fhios
aige.



Nuair a chaill ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair
ceart na cine daona chun rígheachta na bhflathas, do
gheall Dia dhóibh go dtiocfadh duine ar shíol na mná agus
go saothróchadh sé an ceart san dóibh airís. D'fhan
an gheallamhaint sin i n-aigne na ndaoine. Do labhair
na fáidhe agus na h-aithreacha naomhtha ar an ngeallamhaint
sin, ó am go h-am, 'ghá innsint, fé mar a dh'fhoillsigh
Dia dhóibh é, cathain agus canad a cómhlíonfaí í.
Dúbhradar gur sa n-áit d'ar bh'ainim Betlehem
a cómhlíonfaí í, agus do thuig sgoláirí na n-Iúdach
go raibh an t-am ann tímpal na h-aimsire 'n-ar
cuireadh an reacht so amach. B'é toil an Ímpire
an reacht san a chur amach an uair sin i dtreó go
bhfaghadh sé amach cad é an mhéid daoine a bhí sa tír.
Ach b' é toil Dé go gcurfaí an reacht san amach an uair
sin i dtreó go dtabharfaí gach cine de chlainn Isráeil
chun a mbaile dúchais féin agus go dtabharfaí Naomh


L. 23


Ióseph agus an Mhaighdean Mhuire go Betlehem, go
cathair Dáibhid, a mbaile dúchais, agus gur b'ann a
thiocfadh an Slánuightheóir ar an saoghal, fé mar a
gealladh. Mar sin do cómhlíonfaí go cruinn na
targaireachtaí go léir; agus 'n-a theannta san do
thiocfadh rud eile as. Do bhéadh os cómhair a súl ag
lucht seanachuis go deó cúntas cruinn, soiléir, so-
thuisgionta ar cathain agus canad a rugadh ár Slán-
uightheóir. Níor bh'fhéidir choídhche aon dul amú' bheith sa
sgéal. Bhí fios aimsire an reachta ag an saoghal mór
agus a chúntas ins na leabhraibh, agus bhí an t-áireamh
ins na leabhraibh le feisgint, agus ar an áireamh san
bhí an dá ainim, Muire agus Ióseph, agus ní do Nasaret,
a n-áit cómhnuighthe, a bhí an dá ainim sin curtha síos,
ach do Bhetlehem, a gcathair dúchais, an áit a bhí ceapaithe
do'n tSlánuightheóir chun teacht ar an saoghal.



Ansan, fé mar a deir an Soisgéal, tháinig an t-am
agus do rug an Mhaighdean a mac, a céad-ghein, agus
d'fhill sí i n-éadaighibh é agus chuir sí 'n-a luighe i
mainseur é, mar ní raibh aon tslígh dhóibh i n-aon cheann
des na tighthibh ósda a bhí sa chathair.



Is mór an t-adhbhar machtnaimh do Chríosdaidhthibh atá
sa méid sin cainte, a phobul Dé. An Slánuightheóir a
bhí geallta do'n chine daona ó thosach aimsire, an
Fuasgalóir ar a raibh na fáidhe go léir ag déanamh tar-
gaireachta ar feadh cheithre mhíle bliadhan, an Rígh go raibh
a chómhacht agus a réim gan teóra le luighe go h-iomlán
agus go fórleathan ar chómhachtaibh an tsaoghail seo agus
an tsaoghail eile, é ag teacht ar an saoghal so gan
gradam gan saidhbhreas, gan leabaidh n-a luighfeadh sé
ann, gan díon os cionn a chinn! Sin mistéir, a phobul.
Sin rún diamhar. Ní féidir dúinn é thuisgint go
h-iomlán, ach is ceart dúinn machtnamh go dlúth air agus


L. 24


an brígh atá leis do thuisgint chómh fada agus is féidir
dúinn é.



Déarfadh ciall agus tuisgint an tsaoghail seo, má
theastuigh ó'n Slánuightheóir na daoine do chómhairliughadh
agus iad do chur ar a leas, gur mhaith an rud dó teacht
ar an saoghal i gcruth éigin 'n-a mbéadh uraim ag an
saoghal dó, i gcruth éigin a bhéadh uasal, creideamhnach,
onóireach. Ní mar sin a tháinig sé, ach díreach sa
chruth is mó a gheibhean, i gcómhnuighe, ó'n saoghal so
agus ó cháirdibh an tsaoghail seo, easonóir agus droch
mheas agus tarcuisne. Ní'l aon rud is mó gheibhean
droch mheas ó'n saoghal so 'ná dealbhas. Tháinig an
Slánuightheóir go fíor dhealbh. I n-inead na h-uaisleachta
do thogh sé an ísleacht. I n-inead pháláis an rígh do
thogh sé pluais na caraige. I n-inead an chliabháin óir
do thogh sé mainseur an asail. Cad é an múineadh
a thugan san dúinne, a phobul? Múinean sé dhúinn
nách fíor-uaisleacht i láthair Dé uaisleacht an tsaoghail
seo. Gur uaisleacht bhréagach uaisleacht an tsaoghail
seo. Gur saidhbhreas bréagach saidhbhreas an tsaoghail
seo. Gur b' é an t-é a bhíon íseal ar an saoghal so an
t-é is dóichíghde bheith uasal i láthair Dé, agus gur b'
é an t-é a thugan a chroídhe agus a aigne ar fad do
shaidhbhreas agus do chreideamhaint agus d'onóir an
tsaoghail seo, is dóichíghde bheith suarach go maith i láthair
Dé.



Gan amhras d'fhéadfadh duine a dhá dhóithin de shaidh-
bhreas agus de chreideamhaint agus d'onóir an tsaoghail
seo a bheith aige gan díobháil anama dhó féin. Ach
isé saghas duine é sin 'ná an fear ná leigfidh do'n
tsaidhbhreas ná do'n chreideamhaint ná do'n onóir aon
ghreim a bhreith ar chroídhe air; an fear a thuigfidh i n-a
aigne, coitchianta, ná fuil ins na neithibh sin ach neithe a


L. 25


thug Dia dhó ar iasacht go ceann tamaill bhig agus
nách foláir sgaramhaint leó nuair a bheidh an tamall
beag caithte. Déanfaidh an duine sin úsáid mhaith
de'n tsaidhbhreas an fhaid is toil le Dia é fhágáilt 'n-a
chúram air, agus má's toil le Dia é thógáilt uaidh ní
bheidh sé ag briseadh a chroídhe 'n-a dhiaigh. Ní thiocfaidh
an saidhbhreas idir é agus Dia an fhaid a bheidh sé ar
an saoghal so, agus ní bheidh aon nídh le freagairt aige
ann nuair a raghaidh sé i láthair Dé ar an saoghal eile.



Ach ní h-é gach aoinne a dh'fhéadfadh saidhbhreas agus
creideamhaint agus maitheasaí eile an tsaoghail seo
do láimhseáil ar an gcuma san. Is amhlaidh mar atá
an sgéal ag ár bhformhór, is neamhchontabhartaighe go
mór dúinn bheith i n-éaghmuis an tsaidhbhris 'ná é bheith
againn. Siné an rud ba thoil le n-ár Slánuightheóir
a chur 'n-a luighe orainn nuair a thogh sé an ísleacht i
n-inead na h-uaisleachta, an stábla i n-inead pháláis
an rígh, mainseur an asail i n-inead an chliabháin óir.



Ach mura raibh uaisleacht an tsaoghail seo 'n-a thímpal
an uair sin bhí uaisleacht nár bh'í sin 'n-a thímpal.
Tháinig mór-shluagh aingeal as na flathais ag tabhairt
onóra dhó, mar gur bh'é Righ na bhflathas é. Ach cár
thánadar? Ar thánadar go dtí rígh na tíre, nó ag
triall ar uaislibh na tíre? Níor thánadar. Bhí
aodhairí i gcómhgar na h-áite agus bhíodar ag faire
na h-oídhche ag tabhairt aire d'á dtreudaibh, agus
tháinig an t-aingeal agus sheasaimh sé i n-aice leo, agus
do las solus Dé 'n-a dtímpal, agus, nídh nár
bh'iongnadh, tháinig sgannradh ortha. Ansan dúbhairt
an t-aingeal leo: "Ná bíodh eagla oraibh," ar seisean.
"Do thánag le sgéala maithe chúghaibh. Tá an Slán-
uightheóir tagaithe ar an saoghal chúghaibh, i gCathair
Dáibhid, indiu, 'sé sin Críosd an Tighearna. Agus seo


L. 26


cómhartha dhaoibh," ar seisean. "Gheobhaidh sibh an Leanbh
agus é fillte i n-éadach 'n-a luighe i mainseur."



Feuch isteach sa chaint sin, a Chríosdaidhe. Sgéala
móra maithe. Slánuightheóir an domhain tagaithe ar
an saoghal. É tagaithe sa n-áit 'n-ar gealladh É
theacht, i gCathair Dáibhid, sa cathair 'n-a raibh fhios ag
an uile dhuine de chlainn Isráeil go raibh sé le teacht.
"Agus," ars an t-aingeal, "seo cómhartha dhaoibh"-
Nár dhóich le h-aoinne go ndéarfadh sé, "Gheobhaidh sibh
an Leanbh i bpálás ríogdha, 'n-a luighe i gcliabhán óir"?
Ní dúbhairt, ach dúbhairt sé, "Gheobhaidh sibh an Leanbh
n-a luighe i mainseur." Cómhartha, a phobul, ar
Shlánuightheóir an domhain dob' eadh É bheith 'n-a luighe
i mainseur asail! Dúbhairt an t-aingeal gur bh'
eadh. Tuigimíd-ne an cómhartha anois. Táimíd ag
éisteacht riamh leis. Ach cé fhéadfadh é thuisgint ná é
chreideamhaint an uair sin mura mbéadh go ndúbhairt
an t-aingeal é? Cómhartha, an uair sin, ar Shlán-
uightheóir an domhain, ab eadh É bheith fíor-dhealbh ar an
saoghal so. Dob' eadh, a Chríosdaidhthe, agus cómhartha
cruinn iseadh riamh ó shin, agus anois, ar cháirdibh an
tSlánuightheóra, iad a bheith dealbh, iad a bheith gan
puinn de strus ná de shaidhbhreas an tsaoghail seo.
Sin nídh agus ba cheart go gcuirfeadh sé sólás mór
ar dhaoine bochta. Is iad daoine muinteartha an
tSlánuightheóra iad. Má táid siad dealbh, bhí sé féin
dealbh rómpa. Má tá ortha cruadhtan agus anródh
dh'fhulang, d'fhuiling sé féin rómpa cruadhtan agus
anródh a bhí ní ba chruadha. Má curtar le fuacht agus
le fán iad, do cuireadh an Slánuightheóir le fuacht agus
le fán chómh maith leó. Ní'l ortha na trioblóidí agus
na pionóisí a dh'fhulang 'n-a n-aonar. Tá an duine
muinteartha is fearr a bhí ag aoinne riamh, an


L. 27


Slánuightheóir gléigeal, tá sé ag fulang gach trioblóide
agus gach pionóis i n-aonfheacht leó. Is áluinn agus
is uasal an cuideachtanas atá acu agus iad ag gabháil tré
thrioblóidíbh an tsaoghail seo, agus ar neóin is áluinn
agus is uasal an cuideachtanas atá i n-áirighthe dhóibh
ar an saoghal eile, nuair a bheidh aoibhneas na bhflathas
acu ar feadh na síoruidheachta i bhfochair an tSlán-
uightheóra, agus i bhfochair na Maighdine Muire, agus
i bhfochair gach fíoraoin eile a bhí dealbh ar an saoghal
so agus atá anois saidhbhir go deó i bhflathas na
ngrást.



Go dtugaidh Dia dhúinn go léir caradas agus muin-
tearthas agus cuideachtanas an tSlánuightheóra ar an
saoghal so agus ar an saoghal eile. Amen, a Thighearna.



VI.



DOMHNACH NA NODLAG.



Léightear an Soisgéal. (Lucás 2.)



Innstear dúinn sa tSoisgéal san, a phobul, go
raibh Ióseph agus Muire máthair Íosa ag déanamh
iongnadh des na neithibh a dúbhradh 'n-a thaobh. B'fhéidir
go bhfiafróchadh duine éigin cad 'n-a thaobh go rabhadar ag
déanamh iongnadh d'aon nídh a déarfaí 'n-a thaobh? Ná
raibh fhios acu gur bh' é Mac Dé é? Gan amhras bhí fhios
acu go dian mhaith gur bh' é Mac Dé é, ach ar ndó, sin
mar ba mhó ba cheart go ndéanfaidís iongnadh de gach
nídh a déarfaí 'n-a thaobh. Is dócha go raibh daoine eile,
i n-éaghmuis Ióseph agus Mhuire Mháthair, agus gur


L. 28


airigheadar cuid des na neithibh a dúbhradh 'n-a thaobh,
agus nár dheineadar aon iongnadh des na neithibh sin
mar nár chreideadar iad. Níor chreideadar go raibh
ann ach leanbh mar aon leanbh eile. Ní mar sin do
Naomh Ióseph agus do'n Mhaighdin Mhuire. Bhí fhios acu
gur bh' é Mac Dé é; bhí fhios acu gur leanbh iongantach
é, gur tháinig sé ar an saoghal ar chuma nár tháinig
aon leanbh eile riamh ar an saoghal, go raibh tréithe ann
ná feacathas i n-aon leanbh eile riamh, go raibh cómhachta
aige ná raibh ag aon leanbh eile riamh, gur leanbh
iongantach é, ar gach aon tsaghas cuma, thar aon leanbh
eile d'ár tháinig riamh ar an saoghal. D'á bhrígh sin
bhíodar ag faire ar gach focal d'á labhradh sé agus ar
gach focal d'á labharthí 'n-a thaobh, agus ag déanamh
iongnadh dhíobh. Níor bh' fhéidir dóibh gan a bheith, ó
bhí fhios acu gur bh' é Mac Dé é. Duine gan mheabhair
a chuirfeadh ceist de'n tsórd úd.



Bhí fear eile agus bean eile an uair sin agus
chreideadar gur bh' é Mac Dé é. Simeón ab ainim
do'n fhear agus Anna ab ainim do'n mhnaoi. Bhí
Simeón aosda. Bhí saoghal fada tabhartha ag Dia dhó.
Tuigtear, ó fhocalaibh an tSoisgéil, go raibh geallta ag
Dia dhó ná tiocfadh an bás air go dtí go bhfeicfeadh sé
an Slánuightheóir. Do tugadh an Leanbh chun an teampaill
go ndéanfaí dlígh Mhaoise do chómhlíonadh 'n-a thaobh agus
an tímpal-ghearradh chur air. Nuair a tugadh isteach
sa teampall é do chonaic Simeón é agus d'aithin sé
láithreach é. Bhí fhios aige gur bh' é sin an Slánuightheóir
a bhí geallta do'n chine daona ó thusach, agus go raibh
geallta dhó féin go bhfeicfeadh sé é sar a bhfaghadh sé
bás. Chómh luath agus chonaic sé an Leanbh do rith sé
chuige agus ghlac sé chuige i n'ucht é, agus dúbhairt sé
leis an Maighdin Muire, mar atá thíos sa tSoisgéal,


L. 29


"Feuch, tá an leanbh so ceapaithe chun díthe agus chun
eiseirighthe d'á lán i n-Isráel, agus chun bheith 'n-a
chómhartha a gheobhaidh diúltadh; agus raghaidh claidheamh
tré t'anam-sa féin, ionus go nochtfaí smuínte as
mórán croídhthe."



'Sé sin le rádh, adhbhar beatha síoruidhe ab eadh é, agus
iseadh fós, an Slánuightheóir, do lucht creidimh, agus
adhbhar báis síoruidhe ab eadh é, agus iseadh fós é, do
lucht díth creidimh.



Gan amhras, claidheamh tré chroídhe na Maighdine
Muire ab eadh an radharc a chonaic sí ar an gcnoc an
lá a chonaic sí a h-Aon-Mhac, Aon-Mhach Dé, ag dul
chun báis ar chrann na croise. Ní'l aon Chríosdaidhe
ná tuigean an méid sin go maith.



Ach cad é an brígh atá leis an bhfocailín eile úd a
leanan an méid sin, "ionus go nochtfaí smuínte a'
mórán croídhthe"? Cad iad na smuínte a bhí le nochtadh?
Cad iad na croídhthe as a rabhadar le nochtadh? Cad
a bhí chun iad do nochtadh?



Seo mar a thugaid saoithe na h-Eaglaise réidhteach
ar na ceisteanaibh sin. Ó aimsir Mhaoise anuas bhí
pobul Isráeil ag dul i mbréagaighe agus ag dul i
n-olcas. Choimeádadar an dlígh maith go leór chómh fada
agus a dh'fhéadfadh súil duine iad d'fheisgint. Istigh
'n-a gcroídhe, ámhthach, do sgaoileadar a srian féin
le n-a ndroch mhiantaibh. D'áitigheadar ortha féin go
raibh gach aon rud sa cheart acu an fhaid do chómhlíon-
faidís dlígh Mhaoise do réir chruinnis focail na dlíghe,
agus lasmuich dhe sin ná raibh bac ortha a rogha rud do
dhéanamh. Chómhlíonadar an dlígh do réir an fhocail,
ach níor chómhlíonadar i n-aon chor spioraid na dlíghe.
Bhí gach aon rud d'a fheabhas le feisgint 'n-a ngníomhar-
thaibh lasmuich, ach ní raibh aon rud istigh 'n-a gcroídhe


L. 30


ach gach aon rud d'á olcas. Bhí fhios acu go raibh an
Slánuightheóir geallta dhóibh, agus bhíodar deimhnightheach
go raibh sé le teacht. Ach d'áitigheadar ortha féin gur
bh' é cuma 'n-a dtiocfadh sé 'ná 'n-a rígh chómhachtach agus
armáil mhór aige, agus go n-árdóchadh sé suas Clann
Isráeil, agus go gcuirfeadh sé an saoghal so go léir
fé n-a gcosaibh.



Ach ní rabhadar go léir go h-olc. Bhí foth-dhuine
ortha anso agus ansúd a bhí gan locht i láthair Dé, mar
a bhí an seanóir úd Simeón naomhtha. Do ghlacadar
san an Slánuightheóir láithreach, agus thugadar iad féin
suas dó. Do dhiúltuigh an chuid eile dhó. Chonacadar
go raibh sé ag déanamh mírbhultí ná féadfadh aoinne a
dhéanamh gan cómhacht Dé bheith aige. Bhí fhios acu go
raibh sé coitchianta 'ghá rádh gur bh' é féin an Slánuightheóir
a bhí geallta, agus go raibh sé ag tabhairt na mírbhuiltí
mar urúdhas ar fhírinne a chainte. Ach bhí fhios acu
leis nách uabhar, ná buadh armála, ná gradam saoghalta,
ná saidhbhreas, ná smacht ar náisiúnaibh eile, a bhí aige
le tabhairt dóibh, ach úmhluigheacht agus pionós agus
dealbhas agus fuacht agus fán agus ocras agus
tart, agus pé maitheasaí a bhí aige á gheallamhaint,
nách leis an saoghal so a bhaineadar, ach leis an saoghal
eile. Níor oir san dóibh i n-aon chor. Ní raibh aon
lorg acu ar úmhluigheacht ná ar phionós ná ar dhealbhas.
Thaisbeánadar láithreach cad a bhí istigh 'n-a gcroídhe.
Sin mar a "nochtadh smuínte a' mórán croídhthe."
Siné an brígh a bhí leis an bhfocal a dúbhairt Simeón
naomhtha. Choimeád na droch dhaoine a n-aigne gan
nochtadh go dtí gur h-iaradh ortha iad féin d'úmhlughadh
agus pionós a dh'fhulang. Dhiúltuigheadar dó san. Leis
an ndiúltughadh san do thaisbeánadar an droch mhianach a
bhí istigh ionta. "Do nochtadh smuínte a' mórán croídhthe."


L. 31


Agus an bhean úd ar a dtráchtan an Soisgéal, Anna,
inghean Phanúeil, naomh mhór ab eadh í sin leis. Bhí sí
cheithre bliadhna agus cheithre fichid nuair a tugadh an
Leanbh, Íosa, isteach sa teampall an uair úd, agus
baintreach ab eadh í, agus istigh sa teampall a chaitheadh
sí a h-aimsir go léir, ag déanamh úrnuighthe agus
trosgaidh i n-onóir do Dhia. D'aithin sisi, leis, an Leanbh
chómh luath agus do chonaic sí é, agus dúbhairt sí le gach
aoinne gur bh' é an Slánuightheóir é.



B'shin beirt fhínnithe a bhí ansan istigh sa teampall,
le leamhnughadh Dé, chun an Leinbh a dh'aithint nuair
a tabharfaí ann é, agus chun a dh'innsint os cómhair
na ndaoine go léir gur bh'é an Slánuightheóir é; i
dtreó nár fágadh aon leath-sgéal ag na Iúdaigh chun a
rádh nár tugadh cómharthaí a ndóithin dóibh ar cé 'r bh' é.



Agus anois, a phobul, conus a bhainean an obair seo
go léir linne? Bainean sé linn ar an gcuma so.
An rud a thuit amach dos na Iúdaigh an t-aon uair
amháin úd, agus do "nochtadh na smuínte a' mórán
croídhthe" acu, tá sé ag tuitim amach do Chríosdaidhthibh
an domhain gach aon lá ó shin anuas. B'fhéidir ná fuil
sé ag tuitim amach chómh h-olc ná chómh tiubaisteach
agus thuit sé amach dos na Iúdaigh, ach tá sé ar siúbhal,
ag déanamh a bheag nó a mhór de dhíobháil coitchianta,
coitchianta. Ní'l ag aon Chríosdaidhe ach feuchaint
isteach 'n-a chroídhe féin agus chífidh sé ar siúbhal istigh
ann an chaismirt chéadna a bhí ar siúbhal i gcroídhe na
n-Iúdach nuair a h-iaradh ortha iad féin d'úmhlughadh, agus
a dtoil do smachtughadh, agus uabhar do shéanadh, agus
druim Lámha thabhairt le baois an tsaoghail seo. Chuir
na Iúdaigh cos i dtalamh láithreach agus do shéanadar
an Slánuightheóir níos túisge 'ná shéanfaidís iad féin.
Ní dheinean an Críosdaidhe chómh dubh san ar fad é,


L. 32


b'fhéidir. Is amhlaidh a bhíon sé go minic i gcás 'dir
dhá chómhairle. Ní maith leis an Slánuightheóir do
shéanadh, agus sa n-am gcéadna tá an dúil thar bárr
aige i saidhbhreas agus i gcompórd an tsaoghail seo.
Ansan fíorthar 'n-a thaobh focal Shimeóin, "Nochtthar
smuínte a' mórán croídhthe." Sa chaismirt dó, má
dhruidean sé i dtreó an tSlánuightheóra chítear go bhfuil
an smuíneamh fóghanta 'n-a chroídhe. Má bhíon gach
aon iaracht aige 'á thabhairt chun druidim i dtreó an
tsaoghail agus é féin do bhogadh amach ó bhóthar chruaidh
chúmhang an chreidimh, nochtthar na smuínte airís.
Chítear go soiléir ná fuil ach ainim an Chríosdaidhe air,
gur ar an saoghal so atá a chroídhe greamuighthe.
Cad is ceart do dhuine a dhéanamh nuair a mhothuighean
sé caismirt de'n tsórd san ar siúbhal istigh 'n-a chroídhe
féin, gnóthaí an tsaoghail seo, agus cúram an tsaoghail
seo, agus dúil i saidhbhreas an tsaoghail seo, 'ghá tharang
agus 'ghá mhealladh ar aimhleas a anama, agus an
creideamh atá istigh 'n-a chroídhe 'ghá tharang chun Dé?
Ní gádh dhómh-sa a dh'innsint daoibh-se, ná a dh'innsint
d'aon Chríosdaidhe n-a bhfuil fios aitheanta a chreidimh
aige mar atá agaibh-se, cad is ceart do'n duine sin a
dhéanamh. Tá fhios agaibh féin go maith cad is ceart
dó a dhéanamh. Gur ceart dó iompáil láithreach agus
a chroídhe agus a aigne thabhairt suas do Dhia agus gan
a thuille suime chur i ngnóthaíbh an tsaoghail, ach amháin
seo, pé cúram saoghalta atá curtha air ag Dia, an
cúram san do chómhlíonadh go macánta agus go dleaghthach
do réir toile Dé.



An Críosdaidhe a dhéanfaidh a ghnó ar an gcuma san
tiocfaidh an bás air mar a thiocfaidh sé ar gach aoinne,
ach ní gádh dhó, le congnamh an tSlánuightheóra, aon eagla
bheith aige roimis an mbás, mar fíorfar 'n-a thaobh an


L. 33


tarna cuid de chaint Shimeóin Naomhtha agus ní bheidh
aon bhaint aige Leis an gcéad chuid. "Tá an Leanbh
so ceapaithe," arsa Simeón, "chun díthe agus chun
eiseirighthe d'á lán i n-Isráel." Bás síoruidhe iseadh
an díth sin, agus aoibhneas síoruidhe ins na flathais
iseadh an eiseirighe sin.



Siné cuma 'n-a mbainean Soisgéal an lae indiu
linne, a phobul, agus is chuige sin a chuirean an Eaglais
an Soisgéal síos ansan i leabhar an Aifrinn dúinn,
i dtreó go léighfí do'n phobul é agus go ndéanfadh an
uile dhuine de'n phobul machtnamh go dlúth air, agus
ansan go ndéanfadh na daoine beart d'á réir. Go
séanfidís, le lán dúrthacht, aimhleas a n-anama agus go
ndéanfaidís, leis an lán-dúrthacht céadna, leas a
n-anama.



Go dtugaidh Dia, d'á ghrástaibh, dúinn go léir, an
chómhairle sin do ghlacadh ar an saoghal so, agus toradh
na cómhairle sin a dh'fhághail ó'n Slánuightheóir ar an
saoghal eile. Amen.



VII.



LÁ COILLE.



Léightear an Soisgéal. (Lúcás 2.)



A phobul Dé,



Bhí Ábraham a' dul sa chéadmhadh bliadhain d'á aois
agus bhí a bhean, Sarai, deich mbliadhna agus cheithre
fichid. Nuair a bhíodar araon sa n-aois sin do labhair
Dia le h-Ábhraham agus d'órduigh sé dhó tímpal-
ghearradh do dhéanamh air féin agus ar gach duine firean


L. 34


a bhí ar a theaghlach; agus san do bheith mar dhlígh agá
shliocht go deó, 'sé sin go gcaithfí tímpal-ghearradh do
dhéanamh ar gach leanbh firean a thiocfadh ar an saoghal
ar shliocht Ábrahaim. Ansan do thug Dia le tuisgint
dó go raibh margadh aige 'á dhéanamh leis féin agus le
n-a shliocht, agus gur bh' é an tímpal-ghearradh cómhartha,
nó séala, an mhargaidh sin. B' é nádúr an mhargaidh
sin go gcaithfeadh sliocht Ábrahaim bheith gearrtha amach
ó dhroch chleachtaibh an tsaoghail, ó-s na peacaí troma a
bhí ag na Geintibh 'á dhéanamh, agus ansan gur ar an
sliocht san a thiocfadh Slánuightheóir an domhain ar an
saoghal. Dhein Ábraham láithreach an rud a dh'órduigh
Dia dhó. Dhein sé an tímpal-ghearradh, an lá céadna,
air féin agus ar gach duine firean a bhí ar a theaghlach.
Do lean an dlígh sin as san anuas, agus nuair a
tháinig ár Slánuightheóir, moladh go deó leis, b'é a thoil
naomhtha dul fé'n ndlígh sin, díreach mar a bhí ceangailte
ar gach duine firean de'n phobul Eabhra ó aimsir
Ábrahaim anuas.



Ní raibh, nídh nách iongnadh, aon ghádh ag an Slán-
uightheóir leis an dtímpal-ghearradh, ach taisbéanaid
na h-aithreacha naomhtha gur 'mó cúis a bhí aige le luighe
fé'n ndlígh. Dhein sé é chun urama do thaisbeáint
do'n dlígh. Dhein sé é chun a thaisbeáint dúinne nách
foláir dúinn úmhlughadh do dhlígh Dé agus do dhlígh na
h-Eaglaise. Dhein sé é i dtreó nár bh'fhéidir dos na
Iúdaigh a chasadh i n-asachán leis 'n-a dhiaigh san, mar
ba ghnáth leó a chasadh leis na Geinteachaibh, gur dhuine
gan tímpal-ghearradh é. Níor bh'fhéidir, dar leó,
tarcaisne ba mhó a thabhairt do dhuine 'ná a rádh gur
dhuine gan tímpal-ghearradh é. Nuair a bhí na Iúdaigh
ag diúltughadh do'n tSlánuightheóir 'n-a dhiaigh san, agus
ag tabhairt an uile shórd masladh dhó, is tapaidh a


L. 35


thabharfaidis an méid sin masladh dhó, leis, dá bhfágtí
ar a gcumas é.



'Na dhiaigh san, nuair a bhí an Slánuightheóir tar éis
dul suas ar neamh, ar deas-láimh Dé, d'eirigh pléidh
idir na Iúdaigh a bhí tar éis an chreidimh a ghlacadh agus
na Geinteacha a bhí ag glacadh an chreidimh. Na Iúdaigh
'ghá rádh gur cheart tímpal-ghearradh do dhéanamh ar na
Geinteachaibh sin agus na Geinteacha ag cur 'n-a choinnibh.
Chuaidh na h-Aspoil agus na h-easboig agus na seanóirí
i gcómhairle agus do socaruigheadh ná raibh ceangailte
ar na Geinteachaibh an tímpal-ghearradh do ghlacadh.
As san amach do chuaidh an tímpal-ghearradh as taithighe.



Ach feuch, a phobul. Tá tímpal-ghearradh agus
tímpal-ghearradh ann, tímpal-ghearradh a bhain leis
an gcolainn agus tímpal-ghearradh a bhainean leis an
aigne. Sin é ball díreach 'n-ar dhein na Iúdaigh an
dearmhad mór. Ní raibh aon bhrígh i n-aon chor leis an
dtímpal-ghearradh a bhain leis an gcolainn ach sa mhéid
'n-ar chialluigh sé an tímpal-ghearradh a bhainean leis
an aigne. Bhí na Iúdaigh ana aireach, ana chruinn,
ana choinsiasach, dar leó, i dtaobh na dlíghe, agus ar
aon tsaghas cleas ná résún ní lámhálfaidís faillíghe sa
tímpal-ghearradh a bhain leis an gcolainn, ach i dtaobh
na h-aigne, níor dheineadar aon tímpal-ghearradh ar
an aigne. Níor dheineadar aon ghearradh amach ortha
féin ó-s na peacaí. Ní h-eadh, ach do thugadar iad féin
do gach aon tsaghas peacadh agus do gach aon tsaghas
droch iompair níos léire agus níos fonnmhaire 'ná mar
a dhein na Geinte féin. Do chómhlíonadar leitir na
dlíghe ach do ghabhadar do chosaibh i mbrígh agus i spioraid
na dlíghe. Rud gan tairbhe ab eadh an focal nuair a
bhí an brígh agus an substaint imthighthe as.



Ach tuigimís an méid seo, a phobul. Bíodh gur


L. 36


leig na Iúdaigh uatha an brígh agus nár choimeádadar ach
an focal, bíodh gur leigeadar uatha an substaint agus
nár choimeádadar ach an colg, ní fhágan san gur chuaidh
an brígh ná an substaint amú'. Tá sé chómh ceangailte
anois agus bhí sé riamh, ar an nduine, ar an uile dhuine
gur thug Dia ciall agus résún dó, gach fonn peacamhail
do ghearradh amach ó n'aigne agus ó n-a chroídhe, agus iad
do choimeád gearrtha amach. Ní'l ceangailte ar
aoinne tímpal-ghearradh do dhéanamh ar a cholainn, ach
tá ceangailte ar gach aoinne an tímpal-ghearradh eile
úd a dheanamh air féin, 'sé sin tímpal-ghearradh na
h-aigne. Chuige sin iseadh chuirean an Eaglais an
Soisgéal so os cómhair Chríosdaidhthe an domhain indiu.
Chuige sin iseadh is mian leis an Eaglais go dtabharfadh
Críosdaidhthe an domhain onóir indiu do'n ghníomh a dhein
an Slánuightheóir nuair a ghlac sé an tímpal-ghearradh
ar a cholainn, agus go ndéanfaidís brígh agus éifeacht
agus substaint do chur sa n-onóir sin le tímpal-
ghearradh dáiríribh a dhéanamh ar a gcroídhe agus ar a
n-aigne féin, 'ghá ngearradh féin amach, glan, ó dhroch
smuíntibh agus ó dhroch ghníomharthaibh, agus ó dhroch
chómhrádh; ó gach aon tsaghas ruda a chuirfeadh fearg ar
Dhia.



Cuirean an Eaglais os ár gcómhair, leis, an rud a
dhein na h-aodhairí bochta nuair a labhair an t-aingeal
leó. "Gheóbhaidh sibh," ars an t-aingeal, "an Leanbh
agus é fillte i n-éadach,'n-a luighe i mainseur." Ní
dúbhradar na h-aodhairí mar a déarfadh cuid againne,
b'fhéidir, dá mbeimís 'n-a n-áit: "Cad é mar shaghas áite
do Shlánuightheóir an domhain bheith 'n-a luighe i mainseur!
Ní dheabhruighean an chaint sin go bhfuil ciall léi." Ní
dúbhradar; ach dúbhradar láithreach: "Téanam go
Betlehem go bhfeiceam an rud so do thárla agus gur


L. 37


fhoillsigh an Tighearna dhúinn é." Chómh luath agus a
tugadh an tuairisg dóibh d'éisteadar leis. Chómh luath
agus do h-innseadh dóibh cá bhfaighidís an Slánuightheóir do
ghluaiseadar chun na h-áite. Daoine bochta b'eadh iad.
Ní raibh puinn de shaidhbhreas an tsaoghail seo chun teacht
idir iad agus Dia. Dá mbéadh ní h-ag triall ortha
thiocfadh an t-aingeal. Bhí a gcroídhe agus a n-aigne
gearrtha amach ó shaidhbhreas an tsaoghail agus ó gach
aimhleas anama do leanan saidhbhreas an tsaoghail. Do
ghluaiseadar chómh luath agus do fuaradar an focal.
Thánadar go Betlehem. Chonacadar an stábla, an
phluais i gcliathán na caraige. Ba shuarach an radharc
le feisgint é, agus ba chraidhsgalach, agus ba dhealbh.
Níor iompuigheadar le seirbhthean ó'n radharc. Do
chreideadar an focal a dúbhairt an t-aingeal leó.
D'aithnigheadar an cómhartha a tugadh dóibh agus do
ghlacadar é. D'úmhluigheadar iad féin do Shlánuightheóir
an domhain agus d'adhradar é. Bhí fhios acu agus do
chreideadar gur bh'é Mac Dé an Leanbh san, d'á laige
agus d'á dhreóile a dh'fheuch sé an uair sin, agus d'á
shuaraighe le rádh an córughadh a bhí air féin agus ar a
raibh 'n-a thímpal. Ansan d'innseadar do'n Mhaighdin
Mhuire agus do Naomh Ióseph an radharc a taisbeánadh
dóibh féin, conus mar a tháinig na h-aingil agus cad
dúbhradar, agus conus mar a bhí rómpa ansan i
mBetlehem gach nídh díreach mar adúbhradh leó.



Ansan, a phobul, tagan focal eile orainn sa tSoisgéal
san, agus measaim ná fuil aon Chríosdaidhe a thabhar-
faidh fé ndeara é ná curfar ag machtnamh. Seo mar
adéir an Soisgéal: "Do choimeád Muire na neithe
sin go léir agus í 'ghá mbreithniughadh 'n-a croídhe."
Cad 'n-a thaobh gur cuireadh síos an chaint sin dúinn?
Cad é an brígh atá leis an gcaint sin? Cad é an


L. 38


breithniughadh a bhí ag an Maighdin Muire le
déanamh ar na neithibh sin? Ná raibh fhios aici cheana
cad é an brígh a bhí leis na neithibh go léir, agus cad ba
ghádh dhi a thuille breithniughadh a dhéanamh ortha?



Gan amhras do thuig an Mhaighdean Mhuire, go soiléir
agus go solusmhar agus go cruinn, an gnó a bhí ag an
Slánuightheóir le déanamh ar an saoghal. Do thuig sí
an léir-sgrios a dhein peacadh an tsínsir ar an gcine
daona. Do thuig sí an díolfiach uathbhásach nár bh'fholáir
a dhéanamh, thar cheann na cine daona, mar gheall ar an
bpeacadh san. Do thuig sí gur bh' é an Leanbh san a bhí
ansúd sa mhainseur aici do dhéanfadh an díolfiach
uathbhásach san thar cheann na cine daona. Chun san
a chur i dtuisgint di ní raibh aon ghádh le caint na
n-aodhairí, ná le h-aon tuairisg ar an radharc aingeal
a taisbeánadh dóibh, ná ar na cómharthaí a tugadh dóibh.
Do thuig sí féin an sgéal go léir níos fearr go mór
'ná mar a thuigeadar.san é tar éis an radhairc a tugadh
dóibh. Cad é an gádh a bhí aici, mar sin, le bheith ag
breithniughadh an sgéil?



Breithnighimís féin an sgéal ar dtúis, a phobul, agus
ansan b'fhéidir go dtuigfimís níos fearr é. Nách
minic a thuitean amach dúinn féin, an rud is fearr a
thuigimíd gur b' air is déine agus is géire a dheinimíd
machtnamh? Do thuig an Mhaighdean Mhuire gach nídh
d'ár thuit amach an oídhche sin, níos fearr go mór 'ná
mar a thuig aon duine eile iad, an uair sin ná riamh
ó shin. Siné díreach an chúis gur choimeád sí 'n-a croídhe
iad agus gur dhein sí breithniughadh ortha nár fhéad aon
duine eile beó a dhéanamh ortha, an oídhche sin 'ná riamh
ó shin. Chuir Dia na glóire i n-aigne na Maighdine
Muire, i dtaobh na h-oibre a bhí ag an Slánuightheóir le
déanamh i bhfuasgailt na cine daona, solus agus


L. 39


tuisgint nár cuireadh riamh a leithéid i n-aigne aon
daonaidhe eile. Chonaic sí, i dtaobh an stábla, agus
i dtaobh an anróidh, agus i dtaobh an radhairc a tais-
beánadh dos na h-aodhairíbh, doimhneas bríghe ná feacaidh
aon duine eile an uair sin, lasmuich de'n tSlánuightheóir,
ach í féin. Siné cúis, a phobul, gur choimeád sí 'n-a
croídhe iad agus go raibh sí 'ghá mbreithniughadh. Agus
i dtreó go mbéadh fios an méid sin againne iseadh
dh'innsean an Eaglais dúinn sa tSoisgéal san conus
mar a choimeád sí 'n-a croídhe iad agus í ag breithniughadh
ortha.



Ach tá bun eile, mar an gcéadna, ag an Eaglais le
h-é dh'innsint dúinn sa tSoisgéal. Is maith leis an
Eaglais a chur ar ár súilibh dúinne gur ceart dúinn,
chómh fada agus is féidir é, aithris a dhéanamh ar an
Maighdin Muire sa bhreithniughadh. Choimeád sí na neithe
sin go léir agus bhí sí 'ghá mbreithniughadh 'n-a croídhe.
Is maith leis an Eaglais go ndéanfaimís-ne na neithe
sin go léir do choimeád i n-ár n-aigne agus bheith 'ghá
mbreithniughadh i n-ár gcroídhe. Ní h-aon iomad mór
cainte atá sa tSoisgéal san, ach tá oiread adhbhair
machtnaimh ann agus choimeádfadh duine ag breithniughadh
ar feadh mórán aimsire agus gan deire bheith leis an
mbreithniughadh. D'fhéadfadh duine cuimhneamh ar dtúis
ar anacra agus ar fhuacht agus ar neamhchompórd na
pluaise sin, ar laige an Leinbh agus ar dhealbhas a
mhuintire, ar an gcruadhtan a bhí aige le fulang chómh
luath agus tháinig sé ar an saoghal. Ansan d'fhéadfadh
duine cuimhneamh ar cé 'r bh' é an Leanbh san; gur bh' é
Mac Dé féin é; go raibh cómhacht Dé go h-iomlán aige;
ná raibh ach neamhnídh i n-a raibh de chómhachtaibh saoghalta
riamh ag ríghthibh agus ag ímpiríbh an domhain seachas
cómhacht an LEINBH sin agus é 'n-a luighe sa mhainseur


L. 40


san fillte sa n-éadach san. Ansan d'fhéadfadh duine
a dh'fhiafraighe dhe féin cad é an brígh, nó cad é an bun,
a bhí ag ár Slánuightheóir le teacht ar an saoghal so chómh
dealbh, chomh suarach cóir, chómh gearrtha amach ó'n saidh-
bhreas saoghalta so n-a mbíon oiread san dúil ag
daoine ann. Cad é an brígh ná an bun fhéadfadh a bheith
aige leis ach, ar dtúis, gur mian leis tosnughadh láithreach
ar na pianta dh'fhulang chun sinne dh'fhuasgailt, agus
ansan, gur mian leis a chur 'n-a luighe go daingean
ar ár n-aigne gur saidhbhreas bréagach saidhbhreas an
tsaoghail seo, gur cómhachta bréagacha cómhachta an
tsaoghail seo, gur Críosdaidhe gan chiall an Críosdaidhe
do leigfeadh do shaidhbhreas an tsaoghail seo ná do shólás
an tsaoghail seo, ná do chómhacht ná do chreideamhaint
an tsaoghail seo teacht idir é agus Dia.



Chun go ndéanfaimís machtnamh de'n tsórd san,
a Chríosdaidhthe, ar theacht ár Slánuightheóra ar an saoghal
so, agus ar an gcuma 'n-ar tháinig sé, agus ar na neithe
do thuit amach le linn é theacht, iseadh chuirean an Eaglais
os ár gcómhair an Soisgéal san atá léighte agam daoibh.
Mura ndeinimíd an machtnam san, do réir intinne
na h- Eaglaise, is baoghal ná beidh toradh na h-oibre
againn a dhein ár Slánuightheóir. Is bocht an sgéal é,
a Chríosdaidhthe, má théighean obair ár Slanuightheóra
n-aistear uainn. Gan amhras sin aon nídh amháin des
na neithibh ar a raibh an Mhaighdean Mhuire ag cuimhneamh an
chéad oídhche Nodlag úd. Bhí sí 'ghá chuimhneamh, tar éis
an anacra agus na bpionós agus na bpianta go léir
a bhí ag an Slánuightheóir le fulang, go mbéadh an fulang
i n-aistear d'á lán daonie. Iaraimís indiu ar an
Maighdin Muire a guidhe do chur chun a h-Aon-Mhic ar
ár son, agus é chur go cómhachtach chuige, i dtreó ná
béadh sé de mhí-ádh orainn an oidhreacht a cheannuigh sé


L. 41


chómh daor dúinn do chailleamhaint tré n-ár neamhshuim
féin. Go saoraidh Dia na glóire sinn ar a leithéid
sin de mhí-fhortiún. Amen, a Tighearna.



VIII.



LÁ NODLAG BEAG.



Léightear an Soisgéal. (Maitiú 2.)



Níor bh'fhéidir, a phobul Dé, aon mhíniughadh dhéanamh
ar chaint an tSoisgéil sin a dhéanfadh brígh na cainte
níos soiléire, níos so-thuisgionta, 'ná mar atá sé
cheana. Taisbeántar dúinn anso airís, fé mar a
taisbeánadh dúinn i Soisgéal Lae Coille, conus mar
a tugtar d'á chéile, i bpearsain an tSlánuightheóra,
an uaisleacht is aoirde agus an ísleacht is ísle, uaisleacht
na bhflathas agus ísleacht Bhetleheim, soillse na n-aingeal
dos na h-aodhairíbh bochta agus doircheacht an stábla
agus an mhainséir.



Bhí triúr draoithe, triúr ríghthe a tugtar ortha, leis,
bhíodar 'n-a gcómhnuíghe i n-áit éigin ana fhada soir ó
thír Iúdéa. Bhíodar ana shaidhbhir agus taisbeánan an
sgéal go léir gur dhaoine ana naomhtha iad. Do tais-
beánadh an réiltín iongantach dóibh. Do foillsigheadh d'á
n-aigne cad é an brígh a bhí leis an réiltín. Thuigeadar
n-a n-aigne gur chialluigh an réiltín sin rígh uasal a
bheith tagaithe ar an saoghal. Thuigeadar, mar do tugadh
le tuisgint dóibh é, gur bh'é Rígh na cruinne an
Rígh sin, gur bh'e Rígh na bhflathas é, gur bh'é
Dia na glóire é i gcolainn duine, agus d'á bhrígh sin


L. 42


go raibh ceangailte ortha féin dul chun na h-áite 'n-a
raibh sé tagaithe ar an saoghal agus é dh'adhradh mar
ba cheart Dia d'adhradh. Do tugadh le tuisgint dóibh,
leis, gur chun eóluis a dhéanamh dóibh, agus chun na slíghe
a thaisbeáint dóibh, a tháinig an réiltín iongantach chúcha.
D'eirigheadar láithreach agus d'ollamhuigheadar iad féin
chun bóthair, agus do ghluaiseadar fé dhéin an réiltín.
Ní raibh an réiltín ró árd ó'n dtalamh. Nuair a
ghluaiseadar fé n-a dhéin do ghluais sé rómpa agus
do leanadar é. Bhí sé ag gluaiseacht rómpa agus iad
'ghá leanamhaint do dtí go dtánadar isteach i gcathair
Ierúsaleim. Nuair a chuadar isteach sa chathair ní
raibh an réiltín le feisgint acu a thuille. Thuigeadar
as san go rabhadar tagaithe chun na h-áite 'n-a raibh an
Rígh le fághail, agus ná raibh acu ach a thuairisg do chur
ar mhuintir na catharach. Daoine uaisle ab eadh iad
féin agus d'á bhrígh sin thugadar aghaidh ar an nduine
dob' uaisle sa chathair, b'é sin an rígh Heród.



Tabhair fé ndeara anois an cheist a chuireadar.
"Cá bhfuil an Rígh seo na n-Iúdach," ar siad, "atá
tagaithe ar an saoghal? Chonacamair a réiltín sa
domhan tsoir agus thánamair chun é dh'adhradh."



"An Rígh seo na n-Iúdach," ar siad. Taisbeánan
san go raibh fhios acu gur ar phobul na n-Iúdach a bhí
sé tagaithe agus gur bh'é an Slánuightheóir é a bhí geallta
dhóibh ó thosach. Do thuig Heród an sgéal ar an gcuma
gcéadna, mar, cad a dhein sé? Chuir sé fios láithreach
ar uachtaránaibh na catharach, ar na sgoláiríbh dob'
eólguisighe agus ba léigheanta a bhí ann, agus cad a
dh'fhiafraigh sé dhíobh? D'fhiafraigh sé dhíobh cá raibh
an Slánuightheóir le teacht ar an saoghal, agus cathain.
Bhí fhios aige ná raibh nídh ar bith ba mhó agus ba dhéine a
bhíodh d'á sgrúdadh coitchianta ag sgoláiríbh na n-Iúdach


L. 43


'ná an dá cheist sin, cathain a thiocfadh Críosd agus
canad. D'innseadar dó go raibh an t-am ann chun é
theacht, do réir thargaireachtaí na bhfáidh, agus gur i
mBetlehem a bhí sé le teacht.



Ansan do tháinig an smuíneamh malluighthe i gcroídhe
Heróid agus thug sé toil do'n smuíneamh. Do buaileadh
isteach i n' aigne go raibh an Slánuightheóir tagaithe.
Conus eile dh'fhéadfadh an triúr so teacht ó'n ndomhan
tsoir ar a lorg agus solus mírbhuilteach 'ghá stiúrughadh?
"Tá sé tagaithe gan amhras," ar seisean i n' aigne
féin, "agus cuirfidh sé mise agus mo shliocht as an
rígheacht má leigtear leis. Ach ní leigfear. Caithfead
é chur as mo shlígh láithreach nó cuirfidh seisean mise as a
shlígh."



Ghlaoidh sé chuige an triúr uaisle. "Deir na
targaireachtaí go léir," ar seisean, "gur i mBetlehem
atá geallta é theacht ar an saoghal. Téighidh go dtí
Betlehem agus deinidh é chuardach go maith, agus nuair
a gheobhaidh sibh é tagaidh thar n-ais agus innsidh dómh-sa
cá bhfuil sé, i dtreó go bhféadfad dul agus é dh'adhradh
mar an gcéadna." An ropaire! An Leanbh do
mharbhughadh iseadh theastuigh uaidh.



Ach feuch, a Chríosdaidhthe. Taisbeánan an sgéal go
léir nár fágadh aon leath-sgéal ag an bpobul Eabhra chun
gan an Slánuightheóir do ghlacadh. Do tugadh dóibh
gach aon deimhne ba ghádh dhóibh fhághail, gur bh' é an Leanbh
san é. Do chreid Heród go daingean gur bh'é é. Mura
mbéadh gur chreid cad é an t-eagla bhéadh aige roimis?
Cad ba ghádh dhó bheith a d'iaraidh é chur chun báis mura
mbéadh go raibh fhios aige cé'r bh' é?



Is ceart dúinn an sgéal san do bhreithniughadh go
cruinn, a Chríosdaidhthe. B'fhéidir gur dhóich linn ná
h-oirean an chaint sin dúinn féin. Má bhreithnighimíd


L. 44


i gceart í chífimíd go n-oirean. Cad é siúd a dhein
Heród? Níor dhein sé, tar éis an tsaoghail, ach rud
atá ag mórán de Chríosdaidhthibh an domhain 'á dhéanamh
riamh ó shin. Dhein sé feall ar a bhreitheamhantas féin
agus ar a choinsias féin. Do thaisbeáin a bhreitheamhantas
dó go raibh an Slánuightheóir tagaithe. Dúbhairt a
choinsias leis go raibh ceangailte air, i láthair Dé, dul
agus úmhlughadh do'n tSlánuightheóir. Do bhréagnuigh sé
a bhreitheamhantas agus do ghaibh sé do chosaibh n-a
choinsias le h-eagla go gcaillfeadh sé rígheacht shaoghalta.
Siné díreach an rud a dheinean an Críosdaidhe nuair a
dheinean sé an peacadh. Innsean a bhreitheamhantas dó
nách ceart dó an gníomh san a dhéanamh. Sgreadan a
choinsias air, istigh 'n-a chroídhe, gan an gníomh san a
dhéanamh mar gur peacadh é. Ach is maith leis droch mhian
éigin do shásamh, nó saidhbhreas éigin saoghalta do
choimeád. Chun an tsaidhbhris sin do choimeád, cuid a
chómharsan b'fhéidir, nó chun an droch mhiana do shásamh,
cuirean sé púicín ar a bhreitheamhantas díreach mar
a dhein Heród. Tachtan sé an sgread a chuirean a
choinsias as, díreach mar a thacht Heród é. Labhran
grásta Dé leis, mar a labhran sé i gcómhnuighe leis an
t-é a bhíon chun an pheacaidh dhéanamh, ach ní leigean sé air
leis féin go n-airighean sé aon chogar ó ghrásta Dé.
Deinean sé feall air féin, feall ar a bhreitheamhantas,
feall ar a choinsias, díreach mar a dhein Heród.
Coimeádan sé an greim diúid ar chuid a chómharsan.
Deinean sé an peacadh. Tugan sé cead cinn do gach
droch mhian, do'n tsaint, do chraos, do mheisge, do dhrúis,
dos na peacaíbh go léir. Fé dheire bíon gach aon
pheacadh 'n-a dhroch bhéas aige. Gheibhid na droch bhéasa
an lámh uachtar ar fad ar an mbreitheamhantas agus
ar an gcoinsias i n-aonfheacht. Bíon an breitheamhantas


L. 45


dall agus bíon an coinsias 'n-a chodladh, nó b'fhéidir go
mbíd siad araon marbh aige, curtha chun báis aige,
díreach mar a mheas Heród an Slánuightheóir do chur
chun báis. Geallaim dhuit, a Chríosdaidhe, nách gan
chúis a chuirean an Eaglais os do chómhair anso indiu
an obair sin a dhein an droch rígh sin Heród naoi gcéad
déag bliadhan ó shin, thoir i gcathair Ierúsaleim. Feuch
chúghat féin, d'á bhrígh sin. Bain an púicín de
d' bhreitheamhantas. Leig do d' choinsias labhairt agus éist
le n-a ghlór. Má tá grásta Dé ag cogarnaigh istigh
ad' chroídhe,'ghá rádh leat an droch bhéas so, nó an droch
bhéas úd, nó an droch bhéas eile úd, do bhriseadh agus
do chaitheamh uait, éist leis an gcogar agus dein beart
d'á réir gan ríghneas, le h-eagla go mb'fhéidir gur b'é
an cogar deirineach é agus ná labharfaí leat airís,
agus ansan go nglaodhfaí chun an chúntais tú agus
gan an cúntas socair agat.



Ach feuch airís, a phobul. Tá taobh eile, leis, ar an
sgéal. Oirean caint an tSoisgéil dúinn ar chuma
eile chómh maith agus a dh'oirean sí dhúinn ar an gcuma
san atá ráidhte agam. Tugan caint an tSoisgéil, sa
méid atá ráidhte agam i dtaobh Heróid, soluíd dúinn,
soluíd le seachaint. Ach tá soluíd eile againn sa
tSoisgéal, agus ní solúid le seachaint í ach soluíd le
leanamhaint. Gan amhras, daoine go raibh gnó agus
obair acu le déanamh thoir sa bhaile, agus mórán cúraim
ortha, dob' eadh an triúr daoine uaisle úd a tháinig ó'n
ndomhan tsoir, ach chómh luath agus chonacadar an réiltín
iongantach úd d'fhágadar an gnó agus an cúram, an
baile agus a raibh ann, 'n-a ndiaigh, agus do leanadar
an solus. Do leanadar an solus mar bhí fhios acu
gur bh'é solus an tSlánuightheóra é. Bhí fhios acu, bíodh
gur bh'é Rígh na n-Iúdach an Slánuightheóir, go raibh oiread


L. 46


coda acu féin dé agus bhí ag na Iúdaigh dé, mar gur bh' é
Slánuightheóir an domhain é. Do Leanadar an solus
láithreach. Ní h-amhlaidh a chromadar ar chásamh agus
ar cheisneamh agus ar a rádh le n-a chéile, "Conus is
féidir dúinn imtheacht ó n-ár dtír féin agus bóthar
fada contabharthach a thabhairt orainn agus dul isteach
i ndúthaigh iasachta, gan aithne againn ar aoinne ann, ná
ag aoinne orain." Ní dúbhradar aon rud d'á shórd,
bíodh gur bh'fhíor dóibh é d'á n-abraidís é. Pé con-
tabhairt a bhí rómpa sa tslígh, pé anródh a bhí acu le
fulang, pé faillígh a tabharfaí 'n-a ngnó féin sa
bhaile, ba chuma leó é ach go bhfaighidís radharc ar an
Slánuightheóir.



Dúbhart gur baoghal go bhfuil Críosdaidhthe le fághail
agus go bhfuil a n-intinn agus a n-aigne cosmhail
go maith, ar shlígh, leis an intinn agus leis an aigne
a bhí ag Heród. Is é mo bhreitheamhantas láidir,
ámhthach, go bhfuil Críosdaidhthe le fághail, agus nách
cuid bheag é, agus go bhfuil a mhalairt sin ar fad le
rádh 'n-a dtaobh, daoine a dhéinean coitchianta, chómh
luath agus ghlaodhan a gcoinsias ortha chun a dhéanta,
an rud is ceart dóibh a dhéanamh i dtaobh Dé nó i dtaobh
a gcómharsan. Tá daoine, cuir i gcás, agus chuirfidís
aon tsaghas trioblóide ortha féin níos túisge 'ná mar
a dh'fhanfaidís istigh ó'n Aifrean lá Domhnaigh nó lá
saoire. Tá daoine ann agus ba dhóic leó go mbéadh
náire shaoghalta fághalta go deó acu dá bhfeictí ar meisge
iad. Tá daoine ann ná féadfadh an oídhche do chodladh
ar aon tsuaimhneas dá mba dhóich leó go mbéadh cuid
na cómharsan acu go h-aindleaghthach. Agus mar sin
do gach aon tsaghas cuma 'n-a bhfuil ceangailte ar an
nduine a choinsias do choimeád glan i láthair Dé, tá
daoine, agus ní cuid bheag acu é, ná tuitean aon chodladh


L. 47


choídhche ar an gcoinsias acu ach iad coitchianta ag
faire, ag cuimhneamh ar Dhia, ag cuimhneamh ar an
Slánuightheóir, ag chuimhneamh ar an síoruidheacht, ar
neamhnídh an tsaoghail seo, ar bhréagaighe a mhaitheasa,
ar shuaraighe a thairbhe, ar dhíth céille an duine do
leigfeadh d'aon tsólás saoghalta teacht idir é agus
sólás síoruidhe na bhflathas.



Tá an dá shaghas Críosdaidhthe sin ann, a phobul. Tá
Soisgéal an lae indiu ceapaithe ag an Eaglais do'n
dá shaghas; do'n chéad shaghas, feuchaint an spriocfadh
an Soisgéal iad agus an ndúiseóchadh sé as a gcodladh
iad; do'n tarna saghas, chun misnigh a thabhairt dóibh
agus chun spionadh do chur ionta, agus chun a chur n-a
luighe go láidir ar a n-aigne go bhfuil lámh Dé agus
grásta Dé ag cabhrughadh leó coitchianta, do ló agus
d'oídhche, agus nách baoghal dóibh, ach leanamhaint go
dílis ar an slígh atá acu, ná go seólfaidh grásta Dé iad
isteach go rígheacht na bhflathas, díreach fé mar a sheól
an solus mírbhuilteach úd na trí ríghthe chun na h-áite n-a
raibh an Slánuightheóir ag feitheamh leó.



Go seólaidh solus na ngrást sinn go léir, saor
sábhálta, tré chontabhairt agus tré thrioblóidíbh agus
tré chruadhtan an tsaoghail seo, suas go h-aoibhneas na
bhflathas, mar a bhfuil Muire Mháthair agus Naomh Ióseph
agus an Slánuightheóir gleigeal ag feitheamh linn anois.
Amen, a Thighearna.


L. 48



IX.



Domhnach an epiphaní.



Léightear an Soisgéal. (Lúcás 2.)



A phobul Dé, is iongantach an teilgean atá i
bhfocalaibh agus i gcaint an tSoisgéil. D'á fhaid agus
d'á dhoimhne a dhéanfadh duine machtnamh ortha, agus
d'á fhaid a bhéadh sé ag léiriughadh agus ag nochtadh
a mhachtnaimh, ní bhéadh iomláine a mbríghe tabhartha leis
aige. Is fearr, d'á bhrígh sin, greamughadh ar aon nídh
amháin sa tSoisgéal, nó ar aon abairt amháin, nó ar aon
fhocal amháin, agus taíghde air sin chómh fada agus is
féidir é, 'ná bheith ag gluaiseacht tríd an Soisgéal
go léir agus gan bheith ábalta ar dhul ró dhoimhinn i n-aon
bhall ann.



D'á bhrígh sin, a phobul, iarfad oraibh anois feuchaint
isteach sa bhfocal san adúbhairt ár Slánuightheóir leis an
Maighdin Muire agus le Naomh Ioseph nuair a fuaradar
sa teampall é tar éis iad a bheith trí lá ar a lorg
ar fuid na catharach agus ar an mbóthar chun Nasaret.
"A mhic," arsa'n Mhaighdean, "cad é seo atá déanta
agat orainn? Bhí t'athair agus mise go buartha ar do
lorg."



"Cad chuige go rabhabhair ar mo lorg?" ar seisean.



"Ná raibh a fhios agaibh nách foláir mé bheith ins na
neithibh a bhainean le m'Athair?"



Breithnigh an méid sin cainte, a Chríosdaidhe, agus
feuch isteach inti agus meághaigh í, agus d'á ghéire a
dhéanfair feuchaint isteach inti agus í bhreithniughadh agus


L. 49


í mheághchaint iseadh is mó a chífir doimhneas agus brígh
agus bunús inti.



"Cad chuige go rabhabhair ar mo lorg?" ar seisean.
Ná déarfadh duine gur chruaidh an cheist í sin? Cad
n-a thaobh ná beidís ar a lorg? Bhí sé acu ar feadh
dhá bhliadhain déag. Ba mhó acu é 'ná an saoghal eile
go léir. Neamhnídh ab eadh an saoghal go léir gan é.
An fhaid a bhí sé acu bhí sólás agus saidhbhreas an
tsaoghail seo agus an tsaoghail eile acu. Nuair a
fuaradar ná raibh sé acu do mhothuigheadar 'n-a gcroídhe
agus 'n-a n-aigne go raibh sólás agus saidhbhreas an
tsaoghail seo agus an tsaoghail eile i n-easnamh ortha.
An raibh aon nídh eile ar a bhféadfaidís cuimhneamh ach
dul ar a lorg? Agus an raibh aon bhreith acu ar gan
bheith go buartha agus go brónach an fhaid a bhíodar ar a
lorg agus gan iad 'á fhághail? Bhí na mílte daoine an
uair sin ag dul abhaile chun a dtíortha féin, soir, siar,
ó dheas, ó thuaidh, ó chathair Ierusaleim. Ní raibh ar na
míltibh sin go léir beirt eile chómh naomhtha, chómh
taithneamhach i láthair Dé, leis an mbeirt sin, Naomh
Ióseph agus an Mhaighdean Mhuire. Agus feuch. Ní raibh ar
na míltibh sin go léir beirt eile, is cuma liom cad a bhí
le fulang acu, gur cuireadh a leithéid de phionós ortha
agus do cuireadh, i gcaitheamh na dtrí lá san, ar an
Maighdin Muire agus ar Naomh Ióseph. Agus rud eile.
Do thuig an Slánuightheóir, moladh go deó leis, an t-É
go rabhadar ar a lorg, do thuig sé méid na buartha
a bhí ortha agus géire an phionóis a bhí acu d'á fhulang,
níos fearr go mór 'ná mar a thuigeadar féin é. Agus
rud eile fós. Do ghoill an bhuairt sin agus an pionós
san ar a Chroídhe Naomhtha féin níos troime 'ná mar
a ghoilleadar ortha-san. Bhí fhios aige go rabhadar ar
a lorg chómh maith agus bhí fhios acu féin é. Chonaic sé


L. 50


a mbuairt agus a mbrón agus a ndólás, agus do
chuir san buairt agus brón agus dólás ar a chroídhe
féin' ach' tríd agus tríd, do lean sé ar an obair a
bhi ar siúbhal aige, ag ceistiughadh na n-ollamh agus ag
freagairt a gceisteana dhóibh.



Taisbeánan san dúinn, a phobul, gur mhó go mór
le rádh, i láthair Dé, an obair a bhí ag an Slánuightheóir
d'á dhéanamh an uair sin sa teampall, ameasg na
n-ollamh, 'ná aon rud a bhain le dólás ná le sólás,
le buairt ná le h-áthas, le pionós ná le h-aoibhneas.
Bhí gnó á dhéanamh sa cheistiúchán san agus gnó ana
mhór ab eadh é. Bhí an t-am tagaithe ar na lúdaigh 'n-a
raibh ortha leas nó aimhleas a dhéanamh dóibh féin i gcóir
na síoruidheachta. Bhí an Slánuightheóir geallta dhóibh ó
aimsir Ábrahaim. Bhí na fáidhe go léir tar éis a
léiriughadh go cruinn ins na leabhraibh beannuighthe conus
a thiocfadh sé, agus cathain, agus cad é an áit. Ach
bhí na Iúdaigh féin tar éis a lán de bhrígh na dtar-
gaireachtaí do chur amú' ortha féin. Bhí an Slánuightheóir,
agus gan é ach dhá bhliadhain déag, istigh sa teampall
ameasg na n-ollamh, ag ceistiúchán ortha agus ag
freagairt ceisteana dhóibh, a d'iaraidh a chur fheuchaint
ortha an brígh bréagach a bhí acu d'á bhaint as an
sgriptiúir do chur uatha agus an brígh dílis do ghlacadh.
Dá ndeinidís an nídh sin, iad féin d'úmhlughadh agus
brígh dílis na dtargaireachtaí do ghlacadh, do thuigfidís
an fhírinne; d'aithneóchaidís an Slánuightheóir, agus é
ansud ag caint leó; d'admhóchaidís é agus do ghlac-
faidís é, agus do raghaidís saor ó'n léirsgrios uathbhásach
a tháinig ortha 'n-a dhiaigh san mar gheall ar an uabhar
agus ar an stuacacht agus ar an mí-résúntacht a bhí
daingean istigh 'n-a gcroídhe, agus ná leigfeadh dóibh
iad féin d'úmhlughadh ná a leas a dhéanamh. Ní féidir


L. 51


d'aoinne a mheas ná a thuisgint cad iad na grásta a
thug an Slánuightheóir dóibh an uair sin nuair a bhí sé
ag míniughadh na dtargaireachtaí dhóibh. Ach do
chuireadar cos i dtalamh i gcoinnibh gach grásta. Do
dhúnadar a súile i gcoinnibh gach soluis. Do dhúnadar a
n-aigne i gcoinnibh gach cómhairle leasa. Bhí an
Slánuightheóir ag déanamh gnótha a Athar, mar a dúbhairt
sé féin. Ar son na n-Iúdach a bhí an gnó aige 'á
dhéanamh. Ach ba ghnó i n-aistear é. Bhí an croídhe
ró chalcaithe ag na Iúdaigh. Bhí an aigne ró stuacach acu.
Do theip ar ghrásta an tSlánuightheóra, d'á mhéid a tugadh
dóibh Dé, iad a bhogadh ná iad a dh'iompáil ar leas a
n-anama.



Ansan do tháinig Muire Mháthair agus Naomh Ioseph
agus dúbhairt an Mhaighdean an focal; "A Mhic, cad
é seo atá déanta agat orainn? Bhí t'athair agus mise
go buartha ar do lorg." Agus dúbhairt an Slánuigh-
theóir: "Cad chuige go rabhabhair ar mo lorg? Ná
raibh fhios agaibh nár bh'fholáir dom bheith i ngnó m'Athar?"
Agus deir an Soisgéal: "Níor thuigeadar an focal
san."



Gan amhras do thuigeadar gur bh'é Mac Dé é, gur bh'é
Slánuightheóir an domhain é. Ach níor thuigeadar-san
ná níor thuig aon duine eile, i gceart, an uair sin ná
riamh ó shin, agus ní lúgha 'ná thuigimíd-ne anois, cad é
an gnó fé leith a bhí ag an Slánuightheóir 'á dhéanamh do'n
Athair Síoruidhe sa teampall an lá san, nuair a bhí an
t-aighneas úd ar siúbhal idir é agus na fir léigheanta úd.
Ní féidir dúinn, agus ár ndícheal a dhéanamh, ach
tuairim a thabhairt féi. Is féidir dúinn, ámhthach, an
méid seo do thuisgint go h-áluinn. Má bhí i n-obair
an lae sin, agus sa chaint a dúbhairt ár Slánuightheóir
le n-a Mháthair Naomhtha, rún diamhar nár fhéad sisi ná


L. 52


Naomh Ioseph a thuisgint, is deacair a rádh go mbéadh aon
bhreith againne ar é thuisgint.



"Níor thuigeadar an chaint a dúbhairt sé leó."



Bhí san fíor an uair a dúbhairt an Slánuightheóir an
chaint. Ní'l aon lá ó shin ná fuil rud éigin d'á shórd
ag tuitim amach do chuid des na Críosdaidhthibh. Fé mar
a tháinig buairt an lae úd ar Mhuire Mháthair agus ar
Naomh Ióseph, tagan coitchianta, ó Láimh Dé, buairt
agus trioblóid ar Chríosdaidhthibh fóghanta, agus is
minic gur bh'ar na Críosdaidhthibh is fearr a thagaid na triob-
lóidí is troime. Is minic go dtagaid na triob-
lóidí chómh trom san, chómh h-iomarcach san, chómh marbhuigh-
theach san, go mbíon iongnadh ar an gCríosdaidhe n-a
dtagaid siad air, agus nách féidir leis gan a rádh, i
n' aigne féin, i láthair Dé: "Cad a dheineas riamh ar
Dhia na glóire agus a rádh go gcuirfeadh sé a leithéid
seo de phionós orm!"



Gan amhras tá daoine neamhfhoidhneacha le fághail a
déarfadh caint de'n tsórd san agus gan puinn cúise
acu leis. Ach tá Críosdaidhthe a gheibhean cúis a
ndóithin chuige uaireanta. Daoine d'fhuilingeóchadh,
gan labhairt, na pianta is géire, na trioblóidí is cruadha,
an bhuairt is troime. Glacaid siad gach trioblóid,
fé mar a thagan sé, ó láimh Dé, agus ní bhíon d'fhocal
acu choídhche ach, "Toil Dé go ndeintear!" Ach fé dheire
tagan rud éigin crosta ortha agus bainean sé a leithéid
d'fhásgadh as an gcroídhe acu nách féidir leó é dh'fhulang
ná é sheasamh i n-aon chor, agus ná féadaid siad gan
labhairt agus a rádh: "Ó, cad a dheineas riamh ar an
Slánuightheóir gléigeal go gcuirfeadh sé an mí-ádh so
orm!"



Ba mhaith an rud do Chríosdaidhe de'n tsórd san
cuimneamh ar an bhfocal a dúbhairt an Mhaighdean nuair


L. 53


a fuair sí a h-Aon-Mhac sa teampall tar éis na dtrí
lá chaitheamh ar a lorg, agus ansan a fhiafraighe
dhe féin: "An bhfuil do chúis ghearáin níos troime
'ná an chúis ghearáin a bhí ag an Maighdin an uair
úd?" B'fhéidir gur dhóich leat féin go bhfuil, ach
deirim-se leat ná fuil. Cuimhnigh ansan ar an bhfocal
a dúbhairt an Slánuightheóir léi féin agus le Naomh
Ióseph: "Cad 'n-a thaobh go rabhabhair ar mo lorg? Ná
raibh fhios agaibh gur i ngnó m'Athar ba cheart dom a
bheith?"



Oirean an focal san go cruinn, a Chríosdaidhthe, dúinne
féin ins gach aon tsaghas trioblóide is tóil leis an
Slánuightheóir a thabhairt dúinn le fulang. Má 's é
toil an tSlánuightheóra umárd a chur ar do shláinte, an
t-umárd san do chur ar do shláinte-se seachas ar
shláinte aon duine eile ar t'aithne, díreach an uair is
agat-sa is mó atá gádh le sláinte seachas aon duine ar
t'aithne, cuimhnigh gur leat-sa adeir sé an focal úd:
"Ná fuil fhios agat gur b' é gnó an Athar Síoruidhe atá
agam 'á dhéanamh?" Má 's máthair clainne thú agus
an chlann óg, agus go ndéarfaidh an Slánuightheóir leat
nách foláir athair na clainne sin do thógaint uait agus
baintreach a dhéanamh díot, ná h-abair i láthair Dé,
"Cad a dheineas riamh ar an Slánuightheóir go ndéanfadh
sé a leithéid orm!" Ach cuimhnigh go ndeir sé leat
mar a dúbhairt sé le n-a Mháthair Naomhtha féin: "Ná
fuil fhios agat gur b' é gnó m'Athar Síoruidhe atá
agam 'á dhéanamh?" Ní thuigean tusa an gnó san
anois, ach tuigfir ar ball é.



Pé 'cu thuigfir choídhche ar an saoghal so é, nó ná
tuigfir, tuig an méid seo, agus coimeád ad aigne
é coitchianta, agus ná dein dearmhad go deó dhe. Nuair
a bhíd na daoine ag cur síl sa n-earrach is ar an bhfóghmhar


L. 54


a bhíd siad ag cuimhneamh. Mura mbéadh an tsúil a
bheith leis an bhfóghmhar cé chuirfeadh síol sa n-earrach?
Ag an gCríosdaidhe isé an saoghal so an t-earrach agus
isé an saoghal eile an fóghmhar. Tá cruadhtan agus
trioblóid agus anródh an earraigh againn le fulang ar
an saoghal so, agus ní foláir dúinn sgaramhaint le n-a
lán neithe, díreach mar a chaithid daoine sgaramhaint leis
an síol a curtar sa talamh sa n-earrach. Ach siné an
sgaramhaint a dheinean an fóghmhar a bheith torthamhail
ar ball. Ar an gcuma gcéadna, nuair a chuirean
an Slánuightheóir fheuchaint orainn sgaramhaint ar an
saoghal so le neithibh gur fonn báis linn sgaramhaint leó,
is amhlaidh a chuirean sé fheuchaint orainn an síol do
chur sa talamh i dtreó go mbéadh fóghmhar na bhflathas
againn ar ball go saidhbhir agus go rathmhar. Is amhlaidh
atá gnó an Athar Síoruidhe aige 'á dhéanamh, mar is chun
"séin síoruidhe shealbhughadh 'n-a dhiaigh so ar neamh"
do chruthuigh Dia sinn agus do chuir sé ar an saoghal so
sinn.



D'á bhrígh sin, a Chríosdaidhthe, nuair a bheidh an saoghal
so ag gabháil 'n-ár gcoinnibh, trioblóidí an tsaoghail
ag brúth orainn, ag teacht chúghainn ar shálaibh a chéile 'ár
gcrádh agus 'ár gcéasadh agus 'ár gciapadh, ag baint ár
meabhrach asainn, go dtí gur bh' fhonn linn a rádh linn
féin, nách mór, go bhfuil an Slánuightheóir ró chruaidh
orainn, cuimhmghmís ar an bhfocal a dúbhairt an Slán-
uightheóir leis an Maighdin Muire agus le Naomh Ióseph,
gur b' é gnó an Athar Síoruidhe atá aige 'á dhéanamh
agus gur ar mhaithe linn atá sé ag déanamh an ghnótha
san, mar gur mó go mór a bhainimíd-ne leis an
saoghal eile 'ná leis an saoghal so.



Ansan d'fhéadfaimís iompáil ar an Maighdin Muire
féin agus ar Naomh Ióseph, agus a iaraidh ortha, as ucht


L. 55


an dóláis agus an uaignis a dh'fhuilingeadar i gcaitheamh
na dtrí lá úd nuair a bhí an Slánuightheóir i n-easnamh
ortha, a nguidhe do chur chuige anois go dúrthachtach 'á
iaraidh air a ghrásta thabhairt dúinn go líonmhar agus go
cómhachtach, i dtreó go bhfuilingeóchaimís trioblóidí
na beatha so le foidhne, agus ansan go bhfaighimís toradh
gnótha an tSlánuightheóra, aoibhneas na bhflathas ar feadh
na síoruidheachta. Amen.



X.



AN t-OCHTMHADH LÁ DE'N EPIPHANÍ.



Léightear an Soisgéal. (Eóin I.)



Ag labhairt ar an Soisgéal so dhó, a phobul, deir
Naomh Aguistín mar seo:-



"Sar a dtáinig an Tighearna chun go ndéanfadh Eóin
é bhaisteadh sa lórdan, d'aithin Eóin é agus dúbhairt
sé leis: Tusa ag teacht chúgham-sa chun go mbaistfinn
thu! Is duit-se is ceart mise bhaisteadh. Ach feuch,
d'aithin sé an Tighearna mar d'aithin sé Mac Dé. Sar
a dtáinig an Slánuightheóir chun na h-abhann bhí a lán
daoine ag teacht ag triall ar Eóin chun go mbaistfí
iad, agus dúbhairt Eóin leo: -



"'Táim-se ag bhúr mbaisteadh i n-uisge; ach an t-é
atá ag teacht am' dhiaigh is mó é 'ná mise. Ní fiú mé
go ndéanfainn iall a bhróige do sgaoileadh dhó.
Baistfidh sé sin sibh sa Spioraid Naomh agus i dteine."
Bhí fios an méid sin aige. Má's eadh, cad chuige go
ndúbhairt sé nár aithin sé é?"


L. 56


Tugan Naomh Aguistín freagra ar a cheist féin.
Deir sé gur aithin Eóin an Slánuightheóir, mar go
ndubhairt sé, nuair a chonaic sé ag teacht é: "Feuch
Uan Dé, a thógan peacaí an domhain!" agus
nuair a dúbhairt sé: "Is duit-se is ceart mise
bhaisteadh!" Ach nuair a bhí baisteadh an tSlánuightheóra
déanta aige, agus a chonaic sé an Spioraid Naomh ag
túirliocan air i bhfuirm colúir agus ag fanamhaint
air, agus nuair a dh'airigh sé an guth as na flathais:
"Sidé mo Mhac Dílis ar a bhfuil mo ghreann," gur
tugadh dó eólus i dtaobh an tSlánuightheóra agus i
dtaobh sácraimínt an bhaistí, ná raibh aige roimis sin,
agus d'á bhrígh sin gur bh' fhíor dó an focal a dúbhairt
sé. Bhí aithne aige air nuair a chonaic sé ag teacht é,
ach níor bh' aithne i n-aon chor an aithne sin seachas an
aithne a tugadh dó 'n-a dhiaigh san air, agus ar an gcuma
'n-a raibh sácraimínt an bhaistí aige 'á chur ar bun.



An baisteadh a bhí ag Eóin 'á dhéanamh níor bh' é
sácraimínt an bhaistí i n-aon chor é. Níor dhein sé ach
daoine do spriocadh chun aithrighe. Ní raibh ann, mar
a dúbhairt Eóin féin, ach baisteadh le h-uisge. Ach
an baisteadh a bhí ag an Slánuightheóir le déanamh, agus
le cur ar bun sa n- Eaglais do'n chine daona go léir,
ó'n uair sin go dtí deire an tsaoghail, baisteadh le
teine ab eadh é, agus leis an Spioraid Naomh. Bhí
feabhas agus tairbhe an bhaiste a bhí ag Eóin 'á
dhéanamh, bhí sé gan amhras do réir fheabhasa an duine a
bhéadh ag déanamh na h-aithrighe. Ní mar sin do'n
bhaisteadh a chuir ár Slánuightheóir ar bun, ní'l sé ag
brath ar fheabhas ná ar olcas aon duine. An baisteadh a
dheinean an fear nó an bhean tuatha, i n-am riachtanais, má
deintear sa cheart é, tá sé chómh h-iomlán, chómh beacht,
chómh maith de bhaisteadh agus dá mb'é an Pápa dhéanfadh


L. 57


é. An baisteadh a dhéanfadh duine bhéadh ar staid an
pheacaidh, ach go ndéanfadh sé sa cheart é, tá sé chómh maith
díreach agus dá mb' é an naomh is mó sa n-Eaglais
a dhéanfadh é. Isé cúis n-a bhfuil san mar sin, mar,
pé duine a bhaistean, isé Críosd féin a dheinean an
baisteadh. Pé duine a bhaistean, is tré neart Pháise
ár Slánuightheóra a tógtar d'anam an duine peacadh an
tsínsir agus pé peacaí eile a bhíon air. Is tré neart
Pháise ár Slánuightheóra a gheibhid na daoine, nuair a
baistthear iad, an grásta naomhuighthe a dheinean Críos-
daidhthe agus clann Dé dhíobh. Is tré neart Pháise ár
Slánuightheóra a gheibhid siad thar n-ais an teidiol chun
na bhflathas a chailleadar tríd an bpeacadh a dhein ár
gcéad athair agus ár gcéad mháthair. Níor fhág an
Slánuightheóir an gnó san ag brath ar fheabhas ná ar
olcas aon duine a dhéanfadh an baisteadh. Deintear
an gnó go h-iomlán pé saghas an duine a dheinean é,
ach gur duine saoghalta é agus go ndéanfaidh sé sa
cheart é agus do réir intinne na h- Eaglaise.



Siní, a phobul, an fhírinne is toil leis an Eaglais a chur
os ár gcómhair i Soisgéal an lae seo. Tá fiadhnaise
Naoimh Eóin Baiste féin againn leis an bhfírinne sin.
Deir sé, i bhfocalaibh an tSoisgéil, '"An t-é a chuir mise
chun baiste dhéanamh i n-uisge dúbhairt sé liom: "An
t-É n-a bhfeicfir an Spioraid Naomh ag túirling air agus
ag fanamhaint air, siné an t-É a dhéanfaidh an baisteadh sa
Spioraid Naomh.' Agus do chonac-sa san, agus tá
fiadhnaise agam 'á thabhairt gur b' é seo Mac Dé."



Cuirean an Eaglais an fhírinne sin os ár gcómhair,
a phobul, agus cuirean sí os ár gcómhair deimhne ar
an bhfírinne, ó bhéal Naoimh Eóin Baiste féin. Cad
is ceart dúinne dhéanamh? An bhfuil aon nídh againn
le déanamh ach éisteacht leis an bhfírinne agus a dh'admháil


L. 58


gur fírinne í, agus í fhágáilt ansan? Ar cuireadh Eóin
Baiste amach sa bhfásach chun na ndaoine spriocadh chun
aithrighe, chun na slíghe d'ollamhughadh do theacht an
tSlánuightheóra, chun fiadhnaise dhéanamh ar theacht an
tSlánuightheóra agus ar an mbaisteadh a dhéanfadh sé
sa Spioraid Naomh, ar deineadh an obair sin go léir
gan aon ghnó eile ach i dtreó go ndéanfaimís-ne an
fhírinne dh'admháil agus í fhágáilt ansan? Níor
deineadh, go deimhin. Do deineadh an gnó go léir i
dtreó go ndéanfaimís-ne an fhírinne dh'admháil agus
ansan go ndéanfaimís beart do réir na fírinne.
Mura ndeinimíd-ne beart do réir na fírinne, obair
n-aistear ab eadh an obair go léir dúinne. Do
fuaramair, gan amhras, sácraimínt an bhaistí, an
baisteadh chuir ár Slánuightheóir ar bun, baisteadh sa
Spioraid Naomh, fuaramair é nuair a thánamair ar an
saoghal. Bhí an Eaglais ollamh dúinn nuair a thánamair
agus thug sí dhúinn an baisteadh sin. Dhein sí Críos-
daidhthe agus clann Dé dhínn. Ghlan sí sinn ó pheacadh
an tsínsir. Thug sí dhúinn tar n-ais an teidiol chun
na bhflathas, an teidiol a chaill ár gcéad athair agus
ár gcéad mháthair orainn. Dhein an Eaglais an méid
sin go léir dúinn, ach cad é an tairbhe dhúinne é? Chómh
luath agus thánamair i mbliadhantaibh na tuisgiona do
loiteamair féin an obair go léir airís. Níor fhéad-
amair peacadh an tsínsir a thabhairt thar n-ais ar ár
n-anam, ach, murar fhéadamair d'fhéadamair peacaí gnímh
a chur i n' inead, go tiugh agus go trom agus go
leunmhar; agus do dheineamair é sin. Do leighiseadh
dúinn an t-olc a bhí déanta orainn ag ár gcéad athair
agus ag ár gcéad mháthair. Ba bheag an tairbhe dhúinn
an leigheas san. Do loiteamair féin airís é. Cuirean
an Eaglais indiu os ár gcómhair, sa tSoisgéal san


L. 59


a léigheas daoibh, an obair uathbhásach, mhírbhuilteach, ab
éigean a dhéanamh chun an leighis sin do dhul i sochar dúinn.
Tugan an Soisgéal dúinn Eóin Baiste féin mar fhínné
ar fhírinne na h-oibre sin. Ach cad é an tairbhe dhúinne
an obair, pé fírinne atá inti, agus cad é an tairbhe
dhúinn an leigheas, pé cómhacht a dh'imir sé ar dtúis
orainn, má táimíd ar staid an pheacaidh anois? Má
táimíd anois ar staid an pheacaidh, agus má fhanaimíd
ar staid an pheacaidh, cad é an tairbhe dhúinne an obair
go léir? Má táimíd ar staid an pheacaidh, agus má
fhanaimíd ar staid an pheacaidh, is cuma dhúinne an
tsaoghal cad a dheinean baisteadh le h-uisge, ná
baisteadh le teine, ná baisteadh leis an Spioraid Naomh,
ná aon nídh eile a bhainean le h-Eaglais ná le creideamh
ná le sácraimíntíbh. Ní'l aon phioc d'á sochar againn.
Ní'l aon phioc d'á dtairbhe againn. Táimíd chómh
gearrtha amach ó obair an tSlánuightheóra, moladh go
deó leis, agus dá mba ná tiocfadh sé riamh. Tá dóirse
na bhflathas chómh dúnta i n-ár gcoinnibh agus bheidís dá
mbéadh an Slánuightheóir gan teacht i n-aon chor fós.



An duine go bhfuil droch bhéas peacamhail aige, béas
éigin drúiseamhail cuir i gcás, agus go bhfuil a leithéid
sin de ghreim ag an ndroch bhéas san air go leanan sé
ag déanamh an pheacaidh chómh minic díreach agus is mian
leis an áirseóir, Fíoghar na Croise 'dir sinn a's é! an
droch smuíneamh a chur 'n-a chroídhe, tá an duine sin ar
staid an pheacaidh mhairbh i gcómhnuighe. Tá sé gearrtha
amach coitchianta ó charadas Dé. Tá sé 'n-a namhaid
ag Dia na glóire, mar ní maith leis an droch bhéas do
chaitheamh uaidh, agus is namhaid do Dhia an droch bhéas.
Mar sin do gach droch bhéas eile chómh maith. An fear a
bhíon coitchianta sáidhte i dtigh an óil agus nách túisge
bhíon aon mheisge amháin 'á chur Dé aige ná mar a bhíon


L. 60


meisge eile aige 'á chur suas, tá an fear san ag caitheamh
a shaoghail ar staid an pheacaidh mhairbh. Ní h-eadh, ach
ní fios an 'mó peacadh marbh atá air. Thug Dia ciall
daona dhó. Tá an tabharthas san aige d'á lot coit-
chianta. Chuir Dia, b'fhéidir, cúram tíghe agus clainne
air. Tá corp faillíghthe aige 'á thabhairt sa chúram san.
Tá cúram an tíghe ag imtheacht i n-aimhréidh toisg gan
aoinne bheith ag feuchaint 'n-a dhiaigh. Tá an chlann ag
imtheacht ar a dtoil féin, ag imtheacht fiadhain, gan smacht
gan chómhairle gan stiúrughadh, ag foghluim na ndroch
bhéas do lean a n-athair rómpa. Imtheóchaid siad ar
ball, agus ní fada go dtí é, ó dhlighthibh Dé agus na
h-Eaglaise. Beid siad chómh gearrtha amach ó shochar
oibre an tSlánuightheóra agus atá an meisgeóir athar
atá acu, agus beidh an t-athair freagarthach i láthair Dé
ins gach sórd aimhleasa anama d'á ndéanfaidh an chlann
san dóibh féin.



Chun go gcuimhneóchaimís, a phobul, ar na peacaí gnímh
a dheinimíd féin agus ar an gcuma 'n-a ngearraid siad
amach sinn ó ghrásta an tSlánuightheóra a tugadh dúinn
sa bhaisteadh, iseadh chuirean an Eaglais obair an
tSlánuightheóra os ár gcómhair i Soisgéal an lae indiu.
Feuchaimís chúghainn féin d'á bhrígh sin. Breithnighimís
ár slígh chun Dé. Má tá aon droch pheacadh, agus go
mór mór aon droch bhéas, ag teacht idir sinn agus ár
Slánuightheóir, stadaimís láithreach agus socaruighimís
ár n-aigne ar an ndroch bhéas san do sheachaint, ar an
ndroch bhéas san do bhriseadh, ar sinn féin a
dh'fhuasgailt ó'n ndroch bhéas san, ar an ngreim atá ag
an ndroch bhéas san orainn do bhogadh agus do chrothadh
dhínn i n-ainim Dé agus Mhuire!



An t-é dhéanfaidh a dhícheal chuige sin tabharfaidh an
Slánuightheóir féin gach aon chongnamh dó. Ní féidir


L. 61


do'n duine an lámh uachtair a dh'fhágail ar chathanaibh an
áirseóra gan congnamh an tSlánuightheóra, gan congnamh
ó ghrásta Dé. Ach tá an congnamh san le fághail i
gcómhnuighe, ag an t-é gur maith leis é dh'fhághail.
Tabharfaidh an congnamh san saor an Críosdaidhe ó gach
céim d'á chruadha, ó gach greim d'á ghéire, ó gach cath d'á
dhéine. Tabharfaidh an congnam san an buadh dhó ar
a namhaid go léir, ar an ndiabhal, ar an saoghal, agus
ar an gcolainn. Tabharfaidh an buadh san dó an suaimh-
neas aigne a gheibhean an Críosdaidhe fóghanta ar an
saoghal so, agus an t-aoibhneas síoruidhe atá i gcóir an
Chríosdaidhe fhóghanta ar an saoghal eile.



XI.



AN TARNA DOMHNACH TAR ÉIS AN EPIPHANÍ.



Léightear an Soisgéal. (Eóin 2.)



A phobul Dé, sar a n-abrad aon fhocal eile libh ní
mór dhom a dh'innsint daoibh go bhfuil daoine le fághail,
daoine ná tabharfadh aon onóir do'n Mhaighdin Mhuire
agus ná leigfeadh d'aoinne eile onóir a thabhairt di ach
chómh beag, dá bhféadaidís é, agus go nglaodhaid siad
ar an bhfocal san a dúbhairt ár Slánuightheóir léi sa
tSoisgéal san, chun a thaisbeáint nár thug sé aon onóir
di ach mar a thabharfadh sé d'aon mhnaoi fhóghanta eile.
Tá dhá nídh ag imirt i gcómhnuighe riamh ar dhaoine de'n
tsórd san. Isiad dá nídh iad san 'ná díth céille agus
droch aigne. Mura mbéadh an donas ar fad le díth céille
bheith ortha níor ghádh dhóibh ach an tarna feuchaint do


L. 62


thabhairt ar an Soisgéal, agus do chífidís láithreach gur
thug an Slánuightheóir, moladh 's buidheachas leis, onóir
uathbhásach do'n Mhaighdin Mhuire an oídhche sin. Dúbhairt
sé léi ná raibh an aimsir tagaithe fós dó féin chun
mírbhuiltí de'n tsórd san a dhéanamh, agus fós do
dhein sé an mhírbhuilt a dh'iar sí air a dhéanamh! Ní
h-eadh, ach do dhein sé an mhírbhuilt ba mhaith léi a
dhéanfadh sé. Níor fhan sé le h-í 'ghá iaraidh air an
mhírbhuilt do dhéanamh. Níor dhein sí ach a rádh, "Ní'l
aon fhíon acu." Níor ghádh dhi a thuille do rádh. Bhí
fhios aici féin nár ghádh. Thug sí cogar dos na seirbhísigh.
"Pé rud a déarfaidh sé libh a dhéanamh," ar sisi,
"deinidh é."



Nách uathbhásach an daille intinne nách foláir a bheith
ar an nduine a dhéanfadh amach as an méid sin gnótha
nár thug ár Slánuightheóir onóir do'n Mhaighdean Mhuire
an uair sin! Agus nách uathbhásach an droch aigne nách
foláir a bheith istigh i gcroídhe an duine do mheasfadh a
rádh, Dia 'dir sinn agus diamhasladh, go raibh tarcaisne
sa bhfocal a dúbhairt sé léi! Ní'l aon teóra le díth
céille an duine nuair is maith leis leath-sgéal a dh'fhághail
chun easonóra thabhairt do phuinte éigin creidimh ná
taithnean leis. Agus ní'l aon teóra le n-a dhroch aigne
nuair a gheibhean sé an leath-sgéal a shásuighean é.



I dtaobh an fhocail sin, "a bhean," do labhair an Slán-
uightheóir leis an Maighdin an uair sin, ar ndó' tá fhios
ag gach aoinne atá ag labhairt Gaeluinne, agus a
thuigean Gaeluinn, gur focal urama agus onóra
agus ceana an focal san. Focal urama agus ceana
iseadh é sa Ghréigis leis. Agus focal urama agus
ceana ab eadh é sa teangain a bhí d'á labhairt i nGaililí
an uair sin. Ní raibh aon bhlúire d'aon bhrígh
tharcaisneamhail riamh sa chaint go dtí gur tugadh amach sa


L. 63


Bhéarla í, "Woman, what is that to me or to thee?"
Isé an Béarla do chuir an tarcaisne sa chaint. Uraim
agus onóir agus cion atá sa chaint ins gach aon teangain
eiie. Is ait mar a dh'fhágan san an sgéal ag muintir
an Bhéarla. An easonóir agus an dúire agus an
tarcaisne do shíolraidh agus do tháinig as a gcaint
féin, iad 'á chur i leith an tSlánuightheóra, moladh go
deó leis, a d'iaraidh a dhéanamh amach nár thug sé onóir
d'á Mháthair Bheannuighthe, i dtreó go bhféadfaidís a
dh'áiteamh ortha féin nách gádh dhóibh onóir a thabhairt di.



Ach bíodh acu. Ní bhainean a ngnó linne. Tá ár
ngnó féin againn le déanamh. Tá ár gcúntaisí féin
againne le socarughadh i láthair Dé, agus is chúcha is
ceart dúinn feuchaint. Tá ár dteagasg féin againne
le baint as an Soisgéal, an teagasg a mhúinean an
Eaglais dúinn as. Tá an ceathramhadh aithne
d'aitheantaibh Dé againn. Deir an aithne sin linn:
"Tabhair do t'athair agus do d' mháthair onóir." Tá
deagh-shampla an tSlánuightheóra féin anso againn ar an
gcuma 'n-ar ceart dúinn an aithne sin do choimeád.
B' é Slánuightheóir an domhain é. Bhí am áirighthe aige
chun na h-oibre sin do thosnughadh. I n-onóir d'á
Mháthair Bheannuighthe, gan aon chúis eile ach chun go
dtabharfadh sé sásamh aigne dhi, do leig sé dhi a chur
fhiachaibh air an t-am san do shárughadh, a chur fhiachaibh air
an mhírbhuilt mhór san a dhéanamh sar a dtáinig an t-am.
Sin mar is ceart do'n Chríosdaidhe an ceathramhadh aithne
sin d'aitheantaibh Dé do choimeád ; onóir a thabhairt d'á
athair agus d'á mháthair. Is ceart dó an rud a bhéadh
beartuighthe aige i n' aigne féin do leigint uaidh chun
sásaimh aigne thabhairt d'á athair nó d'á mháthair, nó, rud
is gátaraighe, b'fhéidir, 'ná sásamh aigne thabhairt dóibh,
iad do choimeád suas do réir a ghustail.


L. 64


Ach tá machtnamh mór eile againn le déanamh, a
Chríosdaidhthe, ar ghnó na h-oídhche úd. Cad 'n-a thaobh
gur thug an Mhaighdean Mhuire an cogar úd i n-aon chor
d'á h-Aon-Mhac? Is ró fhuiriste dhúinn a thuisgint
cad 'n-a thaobh. Daoine galánta creideamhnacha ab
eadh na daoine go raibh an bhainfheis úd ar siúbhal acu.
Bhí cuideachta mhór ann, cuideachta chreideamhnach. Bhí,
do réir nóis na tíre is dócha, stíbhard iasachta ag
tabhairt bídh agus díghe amach ann. B'fhéidir gur thug
sé an fíon amach níos tiúgha agus níos rabairnighe
"ná mar ba ghádh dhó. B'fhéidir go raibh dearmhad éigin
ar chuma éigin eile mar gheall ar an bhfíon. Pé cuma
'n-ar thuit an sgéal amach bhí an fíon go léir imthighthe,
agus bhí an stíbhard ag lorg tuille fíona agus an chuid-
eachta ag feitheamh. Conus fhéadfadh muintir an
tíghe a rádh, "Ní'l a thuille fíona ann!" Bhéadh náire
agus aithis fághalta acu deó. Do thuig an Mhaighdean
Mhuire conus a bhí an sgéal acu. Tháinig truagh
aici dhóibh. Ní raibh aon chuma eile 'n-a bhféadfadh sí
iad do thabhairt as an bpúnc 'n-a rabhadar ach an rud
a dhein sí a dhéanamh. Dhein sí é. Dhein a h-Aon-Mhac
an rud a theastuigh uaithi, bíodh ná raibh an t-am tagaithe
chuige fós. Do tugadh muintir an tíghe saor ó'n
náire a bhí ag teacht ortha agus is amhlaidh a fuaradar
breis creideamhna. I n-inead iad a bheith gan aon
bhraon fíona agus an tigh lán de dhaoine, is amhlaidh a bhí
tuille agus a ndóithin mór fíona acu de'n fhíon ba
bhreaghtha d'ár bhlais aoinne de'n chuideachtain sin riamh
roimis sin. Má bhí an chuideachta tamall ag feitheamh,
b'fhéadfadh an stíbhard a rádh leó gur bh'fhiú an fíon
san tamaillín a thabhairt ag feitheamh leis.



Ach tá daoine ann, a phobul, agus déarfaidís leat
gur bh'ait an sgéal é, a rádh gur h-oibrigheadh an


L. 65


mhírbhuilt uathbhásach san chun tuille fíona thabhairt do
dhaoine agus iad ar meisge cheana féin. Fiafraigh des
na daoine sin cé dúbhairt go rabhadar ar meisge cheana
féin. Déarfaid siad leat go ndubhairt an stíbhard é.
Am briathar ná dúbhairt. Ní dúbhairt an stíbhard aon
nídh dh'á shórd. Dúbhairt sé gur ghnáth an droch fhíon do
choimeád go dtí go mbéadh an chuideachta ar bog-mheisge.
Ní mar a chéile é sin agus a rádh go raibh an chuideachta
san ar meisge an uair sin. Ní h-eadh, ach an aigne
bheith chómh h-olc, chómh mailíseach san agá lán daoine nách
féidir leó choídhche brígh fóghanta do bhaint a' caint an
fhaid is féidir leó casadh éigin a chur inti agus droch
bhrígh bhaint aisti.



Ach ní gádh dhúinn bheith a d'iaraidh an tSlánuightheóra
do chosaint ar bhéalaibh lucht cúlchainte. Bhí fhios aige
féin, moladh go deó leis, cad a bhí aige 'á dhéanamh an
oídhche sin. Ní'l againne ach an sgéal do ghlacadh mar
a chuirean an Eaglais os ár gcómhair é sa tSoisgéal,
agus sinn féin d'úmhlughadh agus glóire thabhairt do
Dhia.



Sin a bhfuil againn le déanamh chómh fada agus
théighean gnó an tSoisgéil. Ach tá rud againn le
déanamh, a phobul, chómh fada agus théighean ár ngnó
féin. Isé ár ngnó féin an gnó ba mhaith leis an Eaglais
a dhéanfaimís i dtaobh an tSoisgéil, agus is chuige sin,
thar gach nídh eile, do chuirean sí an Soisgéal d'á léigheadh
dhúinn. Fiafraighmís dínn féin, d'á bhrígh sin, conus
a bhainean an Soisgeal san linne, linne féin.



Feuch, a phobul. Ní'l aon fhocal cúntais sgríobhtha
síos ar ghníomharthaibh ná ar labharthaibh an tSlánuightheóra
nach chun teagaisg éigin a thabhairt dúinne atáid siad
sgríobhtha. Agus is minic gur mó go mór le rádh an
teagasg san atá ag an sgríbhinn le tabhairt dos na


L. 66


Críosdaidhthibh, ar fuid an domhain, ó shliocht go sliocht,
'ná pé tairbhe a dhein na gníomhartha féin nuair a
deineadh iad, nó na labhartha nuair a labhradh iad. Dhein
an mhírbhuilt sin an fhíona, cuir i gcás, mórán tairbhe
an oídhche a deineadh í. Do shábháil sí lín tíghe chreid-
eamhnach ó náire agus ó aithis. Do neartuigh sí creideamh
i ndeisgiobulaibh an tSlánuightheóra. Dhein sí, is
dócha, mórán tairbhe ná fuil fhios againn, dos na daoine
a bhí láithreach nuair a deineadh í. Is dócha, nídh nách
iongnadh, aoinne do bhlais aon bhraon de'n fhíon san gur
dhein sé tairbhe sláinte dhó an chuid eile dh'á shaoghal, agus
tairbhe anama leis. Ach ba shuarach le rádh na tairbhí
sin go léir seachas tairbhe áirighthe atá dh'á dhéanamh riamh
ó sin do'n chine daona, agus ná raibh sa mhírbhuilt mhór
san an fhíona ach soluíd air. Tré impidhe na Maighdine
Muire iseadh dhein ár Slánuightheóir an mhírbhuilt sin
an fhíona an oídhche sin. Tré impidhe na Maighdine
Muire céadna atá an tairbhe eile seo a deirim 'á
dhéanamh ag an Slánuightheóir riamh ó shin do gach Críosd-
aidhe atá 'n-a ghátar agus a dh'iaran é. Bhí an lín
tighe úd i bpúnc chruaidh an oídhche úd. Do saoradh
as an bpúnc san iad tré impidhe na Maighoine Muire.
Do tugadh dóibh an fíon a bhí i n-easnamh ortha. Ní'l
lá ná oídhche, a phobul, ná fuil Críosdaidhthe ar fuid an
domhan i bpúnc chruaidh, namhaid a n-anama ag cur ortha
go dian, an diabhal, agus an saoghal, agus an cholann
ag cur ortha, iad i gcontabhairt tuitim sa pheacadh, an
fíon, fíon ghrásta Dé, i n-easnamh ortha go cruaidh, náire
agus aithis an pheacaidh le teacht ortha, agus gan aon
dul as acu mura bhfaighid siad an fíon. Tuigean an
Mhaighoean an cruadh-chás. Tugan sí an cogar d'á
h-Aon-Mhac. "Tá an fíon i n-easnamh ortha." Géillean
an t-Aon-Mhac do chogar a Mháthar Bheannuighthe


L. 67


Tugtar an fíon, fíon uasal ghrásta Dé, do'n Chríosd-
aidhe atá 'n-a ghátar chómh cruaidh. Cuirean an fíon
uasal san neart agus fuinneamh agus misneach
spioraideálta i gcroidhe agus i n-aigne an Chríosdaidhe
sin. Úmhluighean sé é féin i láthair Dé. Iompuighean
sé ó'n bpeacadh. Gheibhean sé buadh ar a namhaid.
Téighean sé saor, os cómhair Dé agus daoine, ó'n náire
agus ó'n aithis, náire agus aithis an pheacaidh, a bhí i riocht
tuitim anuas air.



Ní h-innstear dúinn, a phobul, gur labhair aoinne
de mhuintir an tíghe leis an Maighdin Muire nuair a
bhíodar sa chruadh-chás, ná gur h-iaradh uirthi an rud a
dhein sí do dhéanamh dóibh. B'fhéidir gur h-iaradh.
B'fhéidir gur dhein sí uaithi féin é nuair a chonaic sí an
cás 'n-a rabhadar. Pé 'cu san de, tá aon nídh amháin
deimhnightheach. Ní ceart do'n Chríosdaidhe, nuair a
bheidh sé sa chruadh-chas, bheith ag feitheamh chun go gcuimh-
neóchadh an Mhaighdean féin ar a rádh le n-a h-Aon-Mac,
"Tá an Críosdaidhe seo i n-easnamh an fhíona." Is
ceart do'n Chríosdaidhe féin labhairt léi, ní h-eadh, ach
glaodhach go h-árd uirthi, agus a dh'iaraidh uirthi an chabhair
a dh'fhághail ó'n Slánuightheóir dó. Tá fhios againn go
maith ná h-eiteóchaidh an Slánuightheóir í. Níor eitigh
sé an oídhche úd í, bíodh ná raibh an t-am tagaithe i n-aon
chor chun mírbhuiltí de'n tsórd san a dhéanamh. Níor
eitigh, mar do theastuigh uaidh a chur i n-iúil dúinne go
léir ná h-eiteóchaidh sé anois í ach chómh beag agus a
dh'eitigh sé an uair sin í.



Dein-se do mhachtnamh ar an méid sin, a Chríosdaidhe.
Dein do mhachtnamh air go doimhinn agus go daingean
agus go dlúth. Coimeád ad' aigne é do shíor, amuich
agus i mbaile, do ló agus d'oídhche. Preabadh an macht-
namh san suas ad'chroídhe agus chun do bhéil i gcomhnuighe


L. 68


chómh luath agus a thiocfaidh aon chéim chruaidh ó'n namhaid
ort. Chómh luath agus a mhothóchair an namhaid ag teacht
glaoidh ar an Maighdin, glaoidh ar Mhuire Máthair.
Nuair a bheidh an droch smuíneamh a'd dhalladh, ag teacht
idir thu agus cuimhneamh ar dhlígh Dé ná ar mharbhuightheacht
an pheacaidh, cuimhnigh ar Mhuire Mháthair agus glaoidh
uirthi, agus iar uirthi cabhair a dh'fhághail ó'n Slánuightheóir
duit, chun an droch smuínimh sin a chur as do chroídhe.
Nuair a dhéanfaidh an chómharsa olc éigin ort, agus
nuair a bheidh do chroídhe d'á losgadh le feirg mar gheall
ar an olc san, mar gheall ar an éagcóir sin a deineadh
ort gan chúis gan adhbhar, i dtreó nách féidir leat a rádh
ó chroídhe, "Maith dhúinn ár gcionta mar a mhaithimíd
do chách," cuimhnigh ar Mhuire Mháthair agus glaoidh go
h-árd uirthi, agus iar go cruaidh uirthi "grásta na
foidhne i n-aghaidh na h-éagcóra" do dh'fhághail ó'n
Slánuightheóir duit, le h-eagla go mbéadh sé de thiubaist
ort, pé éagcóir a dhein do chómharsa ort, ná pé díobháil
a dhéin sé dhuit, díobháil is míle measa 'ná é dhéanamh
dhuit féin i láthair Dé.



Mar sin, a Chríosdaidhe, do gach aon tsaghas cruadh-
tain n-a mbeidh tú ann, i láthair Dé nó duine, cuimhnigh
i gcómhnuighe ar Mhuire Mháthair, agus bí coitchianta 'ghá
iaraidh uirthi tú dh'fhuasgailt as an gcruadhtan, a
h-impidhe do chur chun a h-Aon-Mhic ar do shon, i
dtreó go gcaithfeá do théarma ar an saoghal so ad'
Chríosdaidhe dhílis, fhíoraonta, agus ansan go dtabharfaí
dhuit ar an saoghal eile aoibhneas síoruidhe na bhflathas
i láthair na Maighdine Muire, agus a h-Aon-Mhic, ár
dTighearna Íosa Críosd. Go dtugaidh Dia na glóire
an t-aoibhneas san dúinn go léir. Amen.


L. 69



XII.



AN TRÍMHAD DOMHNACH TAR ÉIS AN EPIPHANÍ



Léightear an Soisgéal. (Maitiú 8.)



A phobul Dé, tá a lán neithe sa tSoisgéal san agus
d'fhéadfaí seanmóin mhór fhada dhéanamh ar gach nídh
dhíobh. D'fhéadfaí mórán cainte dhéanamh ar leigheas
an lobhair agus ar conus mar a dúbhradh leis dul
agus é féin a thaisbeáint dos na sagairt, do réir
dhlíghe Mhaoise. Soluíd roimh ré ab eadh an mhírbhuilt
sin ar shácraimínt na h-aithrighe a bhí ag an Slánuigh-
theóir le cur ar bun. B'é an lobhradh an peacadh marbh,
agus b'é an leigheas an maitheamhnachas a tugtar do'n
duine nuair a gheibhean sé an asbolóid. Ní féidir
labhairt libh indiu ar na neithibh go léir atá sa tSoisgéal
san, agus d'á bhrígh sin ní foláir nídh acu do thoghadh
agus labhairt libh air.



Iarfad oraibh, d'á bhrígh sin, bhúr n-aigne thabhairt do'n
chaint adúbhairt an taoiseach i dtaobh a mhic. "A
Thighearna," ar seisean: "Tá mo mhac 'n-a luighe
sa bhaile agus tá droch bhreóiteacht air, agus tá pianta
móra air." "Tiocfad-sa agus leighisfead é," arsa n
Slánuightheóir. Ba dhóic le h-aoinne gur cheart go
mbéadh áthas mór ar an nduin' uasal agus go ndéarfadh
sé leis an Slánuightheóir teacht. Ní dúbhairt. Dúbhairt
sé a mhalairt. "A Thighearna," ar seisean, "ní fiú
mise go dtiocfá-sa isteach am' thigh. Ní gádh an trioblóid
sin do chur ort. Ní'l agat ach an focal do rádh agus
beidh mo mhac slán." Tugaidh fé ndeara anois, a


L. 70


phobul, an chuid eile de chaint an duin' uasail sin. Tais-
beánan a chaint gur bh' oificeach airm é. "Is duine
mise atá fé smacht, agus go bhfuil saighdiúirí fúm,
agus nuair a deirim le fear acu imtheacht, imthighean
sé; nó nuair a deirim le fear teacht, tagan sé; nó
nuair a deirim le m' sheirbhíseach rud a dhéanamh,
deinean sé é."



Cad é an bhaint a bhí ag an gcaint sin leis an
mhbreóiteacht a bhí ar an mbuachaill? Nó cad é an
bhaint a bhí ag an gcaint sin leis an bhfocal eile a bhí
ráidhte ag an nduin' uasal, "Abair an focal agus
beidh mo mhac slán?" Seo mar a bhain an dá chaint
le chéile. Thaisbeáin an duin' uasal gur chreid sé an
uile shaghas breóiteachta bheith fé smacht an tSlánuigh-
theóra, díreach mar a bhí a shaighdiúirí agus a sheirbhísigh
fé n-a smacht féin. Ní raibh aige féin ach an focal
do rádh leis an saighdiúir nó leis an seirbhíseach, agus
láithreach bonn, gan smiug a rádh 'n-a choinnibh, do
déanfaí rud air. Ar an gcuma gcéadna, dar leis,
bhí an bhreóiteacht fé smacht an tSlánuightheóra agus ní
raibh ag an Slánuightheóir ach an focal a rádh agus
dhéanfadh an bhreóiteacht rud air. Dá n-abradh sé léi
i mtheacht, d'imtheóchadh sí laithreach. "Ní'l agat ach an
focal a rádh," ar seisean, "agus beidh mo mhac slán."
Ní h-iongnadh gur mhol an Slánuightheóir creideamh an
duine. "Go deimhin, a deirim libh," arsa 'n Slánuigh-
theóir leis an muintir a bhí láithreach, "ní bhfuaras
a leithéid sin de chreideamh i n-Isráel."



Duine iasachta ab eadh an duin' uasal san. Bhí sé
daingean i gcómhnuighe i n-aigne na n-Iúdach gur acu
féin a bhí gach aon rud i bhfuirim creidimh agus ná
féadfadh aon rud i bhfuirm creidimh a bheith ag na
Geintibh bochta iasachta. Bhíodar lán d'uabhar, agus de


L. 71


mhór-is-fiú, agus d'eirighe-anáirde mar gheall air sin.
Thug an Slánuightheóir asachán trom dóibh nuair a
dúbhairt sé leó go bhfuair sé sa duine iasachta san
creideamh ná fuair sé i n-aoinne acu féin, tar éis ar
dheineadar riamh de mhaoidheamh as gur bh' iad sliocht
Ábrahaim iad. Ansan dúbhairt sé leó focal ba ghéire
go mór 'ná an t-asachán. "Tiocfaidh," ar seisean,
"a lán, ó'n ndomhan tsiar agus ó'n ndomhan tsoir,
agus luighfid siad i n-ucht Ábrahaim agus i n-ucht
Isaac agus i n-ucht Iácoib, i rígheacht na bhflathas, agus
caithfear clann na rígheachta amach sa dorchadas mar
a mbeidh gol agus díosgán fiacal."



Cheap na Iúdaigh, ó b'iad sliocht Ábrahaim iad, ná
raibh aon bhaoghal ortha; go raibh deimhne acu ar dhul
go flathas Dé ar ball pé cuma 'n-a gcaithfidís a
saoghal anso. Cheapadar, leis, ná raibh aon bhreith ag
na Geintibh ar dhul go flathas Dé i n-aon chor, toisg
gan fuil Ábrahaim a bheith ionta. Bhí ár Slánuightheóir
coitchianta 'ghá innsint dóibh go raibh dearmhad sa méid
sin ortha; nár bh' aon tairbhe dhóibh i láthair Dé fuil
Ábrahaim a bheith ionta gan creideamh Ábrahaim a
bheith acu; ná raibh creideamh Ábrahaim acu, mar dá
mbéadh go nglacfaidís an Slánuightheóir; dá leanaidís
do réir an fhuadair a bhí fútha go gcaillfidís rígheacht
na bhflathas, agus go dtiocfadh na Geinte laistigh díobh
i n-oidhreacht Ábrahaim agus Isaac agus Iácoib; nár
bh' iad na daoine n-a raibh fuil Ábrahaim ionta do
raghadh go flathas Dé, ach na daoine bhéadh dílis do
Dhia, mar a bhí Ábraham, agus do choimeádfadh aitheanta
Dé; gur chuma cad í an treibh dhaona as a dtiocfaidis
sin, agus go mbeidís 'n-a gclainn ag Ábraham chómh
maith díreach agus dá mba ar a shliocht do shíoltóchaidís.
Níor thaithin caint de'n tsórd san leis na Iúdaigh.


L. 72


Bhí an chaint sin bun os cionn ar fad leis an aigne a bhí
acu féin i dtaobh flathais Dé, agus i dtaobh na ndaoine
a bhí le dul ann agus i dtaobh na ndaoine ná raibh le dul
ann. I n-inead éisteacht leis an bhfírinne agus iad
féin d'úmhlughadh i láthair an tSlánuightheóra, is amhlaidh
a tháinig fearg ortha agus chuireadar stailc suas,
agus fé dheire do chuireadar an Slánuightheóir chun
báis. Ansan do fíoradh dóibh an focal a dúbhairt an
Slánuightheóir leó, tháinig na Geinte iasachta isteach ó
gach aon pháirt de'n domhan, agus do deineadh clann Dé
dhíobh, águs do tugadh an teidiol dóibh chun na h-oidhreachta,
an teidiol chun rígheachta na bhflathas; agus an tsliocht
go raibh an rígheacht san geallta dhóibh ó thusach do
caitheadh amach iad mar gheall ar a n-easúmhluigheacht
féin. Ná mheasadh aoinne gur deineadh aon nídh i
bhfuirmh éagcóra ortha. Airís agus airís eile d'iar an
Slánuightheóir féin ortha, moladh go deó leis, a súile
dh'osgailt agus feuchaint chúcha féin. "Mura maith
libh," ar seisean leó, "mo chaint do chreideamhaint,
creididh na mírbhuiltí atá agam 'á dhéanamh os cómhair
bhúr súl!" Níor tháinig an sgéal a gan fhios ortha i
n-aon chor. Chonacadar mírbhuiltí nár bh'fhéidir d'aon
duine dhéanamh gan cómhacht Dé bheith aige. Chonacadar
an duine a bhí cheithre lá sínte sa n-uaigh, chonacadar d'á
thógaint as an uaigh é, beó bríoghmhar, le h-aon fhocal
amháin ó'n Slánuightheóir. Chonacadar an dá mhírbhuilt
seo atá áirighthe i Soisgéal an lae indiu againn.
Chonacadar gur ar éigin a chuir ár Slánuightheóir cor
dé gan mhírbhuilt éigin uathbhásach a dhéanamh, i gcaitheamh
na dtrí mbliadhan a thug sé ag cur an chreidimh ar bun,
i dtreó go ndúbhairt an Soisgéalaidhe, 'n-a dhiaigh san,
dá sgríbhtí i leabhraibh na mírbhuiltí go léir, ná faghadh
na leabhair slígh sa domhan! Chonacadar gach aon


L. 73


rud dob' fhéidir a thaisbeáint dóibh chun iad do chur ar
a leas, ach ní raibh aon mhaith ann. Bhí fhios acu dá
n-admhuighidís an Slánuightheoir nár bh'fholáir dóibh iad
féin d'úmhlughadh, agus druim lámha thabhairt leis an
saoghal so, agus le saidhbhreas an tsaoghail seo agus
le pléisiúr an tsaoghail seo. Ní raibh aon phioc d'á
fhonn ortha rud de'n tsórd san a dhéanamh. Déarfadh
duine, pé neamhfhonn a bhéadh ortha rud de'n tsórd san
a dhéanamh, gur chóir go ndéanfaidís é nuair a
chonacadar cómhacht Dé ag oibriughadh ar a n-aghaidh
amach ins na mírbhuiltí móra. Níor dheineadar. Is
uathbhásach an cumas atá ag an nduine ar a dhá shúil
a dhúnadh i n-aghaidh na fírinne nuair ná taithnean an
fhírinne leis. Ní gádh dhúinn dul chómh fada siar le
h-aimsir na n-Iúdach chun soluíde dh'fhághail ar an méid
sin. Tá ár ndóithin soluídí againn le feisgint air
anois i n-ár n-aimsir féin. An duine go bhfuil droch
bhéas éigin aige, agus nách maith leis an droch bhéas a
chaitheamh uaidh, tabharfar cómhairle dhó. 'Neósfar an
fhírinne dhó. 'Neósfar dó go bhfuil teine ifrinn ar
dearg-lasadh fé n-a chosaibh agus ná feadair sé cad é
an neómat a thuitfeadh sé isteach. Déarfar leis gur
fearra dhó an droch bhéas a chaitheamh uaidh sar a mbeidh
sé ró dhéanach. Éistfidh sé leis an gcómhairle. Crom-
faidh sé a cheann. Ní'l sa chómhairle dhó ach "sgéal
'á innsint do chapall agus an capall 'n-a chodladh."
B'fhéidir gur droch bhéas meisge atá aige. Déarfar
leis an t-ól a chaitheamh uaidh. Ní dhéanfaidh sé ach
a cheann a chromadh agus an focal do sgaoileadh thairis.
B'fhearr leis go mór ná tráchtfaí i n-aon chor ar an
sgéal, go leigfí dhó a bhraon díghe dh'ól ar a shuaimhneas
agus a mheisge chur Dé ar a shuaimhneas, agus gan bheith
'ghá bhodhradh le neamh ná le h-ifrean ná le h-aon rud a


L. 74


bhainean leó. Tá fhios aige go dian mhaith cad 'tá 'n-a
chóir thall, chómh maith díreach agus tá fhios ag an
gcómhairleach é, ach b'fhearr leis gan cuimhneamh
i n-aon chor air. Tá fhios aige, má chuimhnighean
sé puinn air, go n-eireóchaidh a choinsias 'n-a choinnibh
agus go gcaithfidh sé an droch bhéas a chur uaidh.
B'fhearr leis go mór a shúile choimeád dúnta agus
a choinsias fhágáilt 'n-a chodladh, agus comáint leis
ar an ndroch bhéas. Tá go maith. Comáineadh sé leis.
Dúiseóchaidh an bás a choinsias mura ndúisigh aon rud
eile é. Ansan tá rud 'n-a chóir. Cad 'tá 'n-a chóir
ansan? Do chuir an Slánuightheóir féin ainim ar an
rud atá i gcóir an duine sin. "Caithfear clann na
rígheachta amach sa dorchadas mar a mbeidh gol agus
díosgán fiacal." Isé an Slánuightheóir féin a dúbhairt
an focal. "Gol agus díosgán fiacal," ar seisean.
Is grána an osgailt súl é tar éis codlata! Beidh an
codladh go léir imthighthe ansan, imthighthe glan. Ní
thiocfaidh aon néall eile codlata ar an nduine sin ar
feadh na síoruidheachta. Ansan iseadh chífear an fhírinne
go soiléir; gur pleisiúr gan ghus pléisiúr na beatha so,
pé saghas é, pé 'cu ól é, nó ithe, nó uabhar, nó saint, no
drúis, nó pé ainmhian eile é n-a leigfidh an duine dhó
an lámh uachtair a dh'fhághail air. Ansan iseadh chífear
an fhírinne, ach beidh sé ró dhéanach an uair sin.



Tá againn, a phobul, sa tSoisgéal san a léigheas
daoibh, trí neithe ó'n Slánuightheóir, dhá mhírbhuilt agus
foláramh. Do leighis sé an lobhar chómh luath agus
d.iar an lobhar air é. Do leighis sé mac an taoisigh
céad. Ansan do thug sé an foláramh uaidh. Dhein
an lobhar gníomh creidimh sar ar leighiseadh é. "A
Thighearna," ar seisean, "má 's toil leat é is féidir
duit mé ghlanadh." Dhein an taoiseach céad gníomh


L. 75


creidimh sar ar leighiseadh a mhac. "Abair an focal,"
ar seisean, "agus beidh mo mhac slán." D'admhuigh
gach duine de'n bheirt go raibh cómhacht Dé ag an
Slánuightheóir, gur bh' é Mac Dé é, gur bh' é Slánuightheóir
an domhain é. Thaisbeáin an dá leigheas go raibh an
fhírinne ag an mbeirt. Ansan do thug an Slánuightheóir
an foláramh úd uaidh i dtaobh clainne na rígheachta, go
gcaithfí amach iad sa dorchadas mar a mbéadh an
gol agus an díosgán fiacal, nuair ná h-admhóchaidís
an Slánuightheóir agus iompáil ó n-a ndroch bhéasaibh
agus ó phléisiúr na beatha so.



An foláramh céadna, a phobul, a thug Críosd dos na
Iúdaigh an lá úd, tugan Eaglais Chríosd dúinne indiu
é sa tSoisgéal san a léigheas daoibh. Oirean an
foláramh dúinne chómh maith díreach agus d'oir sé dos
na Iúdaigh. Tá an díth céille céadna ar a lán againn
a bhí ar na Iúdaigh. Tá an dúil chéadna agá lán
againn i bpléisiúr na beatha so, agus an leisge chéadna
orainn roimh aon tsaghas pionóis a chur orainn féin
ná aon smachtughadh dhéanamh ar ár ndroch mhianaibh ná
ar ár ndroch bhéasaibh. Tá an ollbhodhaire chéadna orainn
a bhí ar na Iúdaigh. Airighimíd foláramh an tSlán-
uightheóra, sa tSoisgéal, 'ghá rádh linn go h-árd, mar
a dúbhairt sé leis na Iúdaigh, má leanaimíd mar atá
againn ná fuil aon bhreith againn ar sholus na bhflathas
a dh'feisgint go deó.



A Chríosdaidhthe! Isé Mac Dé a thugan an foláramh
san dúinn. Is É féin a cheannuigh dúinn solus na
bhflathas, agus deir sé linn, amach as a bhéal naomhtha
féin, go mbeidh an ceannach i n-aistear má leanaimíd
pléisiúr na beatha so. Tógaimís, d'á bhrígh sin, ár
gcroídhe agus ár n-aigne suas chun Dé. Ceapaimís
go daingean i n-ár n-aigne, pé rud a dhéanfaidh ár


L. 76


mbeatha ar an saoghal so, ná loitfimíd orainn féin
an oidhreacht a cheannuigh an Slánuightheóir dúinn nuair
a dhoirt sé a chuid fola ró naomhtha ar chrann na croise
ar ár son. Iaraimís go h-úmhal ar Dhia a ghrásta do
bhronnadh go líonmhar orainn i dtreó go bhféadfaimís
an aigne sin do chur i ngníomh. Anois atá againn a
shocarughadh cé 'cu de dhá nídh a bheidh againn ar ball, ar
feadh na síoruidheachta, an solus nó an dorchadas, áthas
agus aoibhneas na bhflathas nó gol agus díosgán fiacal
i dteine ifrinn. Go dtugaidh Dia dhúinn an solus,
agus go saoraidh Dia sinn ar an ndorchadas. Amen.



XIII.



AN CEATHRAMHADH DOMHNACH Ó'N EPIPHANÍ.



Léightear an Soisgéal. (Maitiú 8.)



A phobul: Ní ró mhór an chaint atá sa tSoisgéal san,
ach d'á luighead í an chaint is mór é an brígh. Bhí an
Slánuightheóir tar éis teacht anuas ó'n gcnoc, tar éis
na seanmóna thabhairt d'á dhéisgiobuil, agus bhí an
tsluagh mhór 'ghá leanamhaint. Thug sé teagasg d'á
dheisgiobuil leis an seanmóin, ar an gcnoc, ach níor
bh'fholáir rud éigin i n-éaghmuis cainte do thabhairt do'n
tsluagh mhór. Do labharfadh an chaint leis an gcluais,
ach níor bh'fholáir labhairt leis na súilibh acu, i dtreó
gur mhóide agus gur bh' fhearr-de a thuigfidís caint
na gcluas. Níor bh' fholáir a thaisbeáint dóibh go raibh
cómhacht Dé laistiar de'n chaint.



Tháinig an lobhar agus d'úmhluigh sé é féin. Do chaith


L. 77


sé é féin ar an dtalamh os cómhair an tSlánuightheóra
agus d'adhar sé é mar is ceart Dia d'adhradh. Ansan
d'admhuigh sé cómhacht Dé nuair a dúbhairt sé: "A
Thighearna, má's toil leat é is féidir duit mé ghlanadh,"
agus do thaisbeáin an Slánuightheóir cómhacht Dé nuair
adúbhairt sé: "Is toil. Glantar thu," agus do glanadh
an duine. Thaisbeáin an Slánuightheóir an chómhacht
chéadna, cómhacht Dé, cómhacht gan teóra, an chómhacht
adúbhairt an taoiseach céad a bhí aige ar an uile shaghas
breóiteachta, nuair adúbhairt sé leis an dtaoiseach
céad imtheacht, go raibh a ghuidhe fághalta aige.



Cómhachta ar ghalaraibh ab eadh na cómhachta san.
Cómhachta ab eadh iad, gan amhras, ná fuil, agus ná
féadfadh a bheith, ag aoinne ach ag Dia. Ach mar sin
féin, b'fhéidir nár chómhachta iad a dh'fheuch ró éagsamhlach
i súilibh daoine. B'fhéidir ná cuirfeadh daoine oiread
suime ionta agus ba cheart a chur, toisg gan neart
uathbhásach a bheith le feisgint ionta. B'é toil an
tSlánuightheóra, moladh go deó leis, nuair a bhí na
leighseana san déanta aige, mírbhuilt a dhéanamh do
sháróchadh ar aon tsaghas nirt d'á bhfeacathas riamh i n-aon
duine.



Mar a deir an Soisgéal, do chuaidh Íosa ar bórd
luinge agus do lean a dheisgiobuil é. Nuair a bhí an
long amuich ar an bhfaraige d'eirigh stoirm. Do
neartuigh ar an stoirm go dtí go raibh na tonnthacha
ag eirighe suas go h-árd agus go trom, agus go raibh
adhmad na luinge ag lúbadh agus ag díosgán le neart
agus le meaghchaint na dtonn, agus go raibh na mairnéal-
aigh agus na daoine eile a bhí ar an luing 'ghá
cheapadh, gach aon neómat, go raibh an long i riocht
tuitim as a chéile. I gcaitheamh an éirligh go léir
bhí an Slánuightheóir i n-a chodladh. Nuair a bhí an long,


L. 78


mar a mheasadar, geall le bheith briste 'n-a slisneachaibh,
tháinig na deisgiobuil agus dhúisigheadar é. "A
Thighearna," ar siad, "saor sinn! Tá an bás againn!"
D'eirigh sé. Do chas sé leó luighead a gcreidimh. Ansan
do labhair sé leis an ngaoith agus leis an uisge, agus
dúbhairt sé leó fanamhaint socair. D'fhanadar socair
láithreach agus tháinig ciúnas mór. Ní dócha go raibh
aon iongnadh ar na deisgiobuil mar gheall air sin. Bhi
fhios acu cé'r bh' é agus cad iad na cómhachta a bhí aige.
Níor mhar sin, ámhthach, dos na mairnéalaigh agus dos
na daoine eile a bhí ar bórd na luinge sin. D'fheuchadar
ar an Slánuightheóir agus d'fheuchadar ar a chéile.
"Ó!" ar siad, "cad é mar shaghas duine é seo go bhfuil
gaoth agus faraige úmhal dó!"



Ag trácht ar neart; deinid daoine iongnadh,
uaireanta, de neart fir éigin a bhíon ana láidir. Tógan
sé ualach éigin ná féadfadh aon fhear eile a choruighe de'n
talamh. Taraingean sé 'n-a dhiaigh ualach éigin do theip
ar chapall a tharang. Tagan cúigear nó seisear
namhad ar an mbóthar roimis chun a mharbhtha. Bainean
sé an t-arm de dhuine acu agus gabhan sé ortha go léir
go bhfágan sé ar an mbóthar leath-mharbh iad. Ní'l de
sgéal uathbhásach i mbéalaibh na ndaoine ach neart an
fhir sin. Ach feuch ar an bhfaraige nuair a bhíon fearg i
gceart uirthi. Feuch ar na tonnthachaibh móra troma
agus iad ag gluaiseacht. Cad é 'bhrígh neart fir,
neart an fhir is treise d'ár mhair riamh, i gcomparáid
Le tuinn acu san! Cá bhfuil an fear a dh'fhéadfadh
tonn acu do stop le neart a ghualann! Caith an fear
is treise amach ar thuinn acu san, agus ní'l ann ach
mar a bhéadh sop tuighe. Do thuig muintir na luinge
úd an méid sin go dian mhaith. Bhí aithne mhaith acu ar
an bhfaraige. Bhí taithighe mhaith acu ar a neart.


L. 79


Thuigeadar go h-áluinn cad é an neamhnídh neart duine
i gcoinnibh an nirt sin. Agus chonacadar, os cómhair
a súl ansúd, duine, duine, dar leó, mar aon duine
acu féin, ag smachtughadh an nirt sin le neart a thoile.
Dúbhairt sé leis an ngaoith agus leis an uisge fana-
mhaint socair. Ní túisge do labhair sé leó 'ná mar
a dheineadar rud air. Do chuadar chun suaimhnis
láithreach agus tháinig ciúnas mór. Chonaic na
mairnéalaigh agus na daoine a bhí ar bórd na luinge
sin an iongnadh ba mhó d'á bhfeacadar riamh, DUINE -
go raibh gaoth agus faraige úmhal dó. Thaisbeáin an
Slánuightheóir go raibh cómhacht Dé aige, ní h-amháin ar
ghalaraibh, ach ar neart gaoithe agus faraige chómh maith;
go raibh gach neart d'ár chruthuigh Dia fé smacht a
thoile.



Na daoine a chonaic an mhírbhuilt uathbhásach san,
toil duine ag smachtughadh na gaoithe agus na faraige,
is iongnadh linne anois nár iompuigheadar láithreach
agus an Slánuightheóir a dh'admháil. Ní chuirean an
mhírbhuilt sin aon iongnadh orainne. Cad é an iongnadh, an
toil a chruthuigh gaoth agus faraige a rádh go bhféadfadh
sí gaoth agus faraige do smachtughadh? Ba mhór go léir
an iongnadh dá mba ná féadfadh. Tuigimíd gur b' é
an Slánuightheóir Mac Dé. Ní fhéadfadh aon mhírbhuiltí
an fhírinne sin a dhéanamh níos daingne i n-ár n-aigne
'ná mar atá sí. Má 'seadh cad 'n-a thaobh ná
h-iompuighmíd féin agus an Slánuightheóir a dh'admháil?
"Agus ar neóin admhuighmíd!" a déarfaidh duine,
b'fhéidir.



Admhuighean tú le d' bhéal é, agus séanan tú le
d' ghníomh é. Cad é an saghas admhála an admháil sin!
Isé an gníomh a dh'innsean an fhírinne. Ní'l maith ná
tairbhe i n-admháil an bhéil má thugan an gníomh an


L. 80


t-éitheach do'n bhéal. Admhuighean tú na deich n-aitheanta.
Admhuighean tú go bhfuil ceangailte ort Dia do
ghrádhughadh os cionn gach uile nídh, agus gur ceart é.
Ach is measa leat tú féin 'ná Dia. Leanan tú an rud
a thugan pléisiúr duit féin bíodh go bhfuil fhios agat
é bheith coisgithe ag Dia ort. Tugan do ghníomh an
t-éitheach do d' bhéal sa méid sin. Admhuighean tú gur
peacadh dhuit an tsaoire do bhriseadh; easonóir a thabhairt
do t'athair nó do t' mháthair; droch aigne bheith agat
do d' chómharsain; tú féin a chur ar meisge; droch
smuíneamh a choimeád ad' chroídhe go toiltheanach;
gníomhartha ná cainteana drúiseamhla dhéanamh; cúlchaint
a dhéanamh ar do chómharsain; cuid do chómarsan a
choimeád go h-aindleaghthach. Admhuighean tú gur
peacaí na neithe sin go léir; go dtugaid siad easúmh-
luigheacht do'n t-É go bhfuil gaoth agus faraige úmhal
dó. Agus fós bíon tú 'ghá ndéanamh. Admhuighean
do bhéal an Slánuightheóir, agus séanan do ghníomh é.
Ó, a Chríosdaidhe, seachain an obair sin. Iompuigh
láithreach ar an Slánuightheóir. An admháil a dheinean
do bhéal, cuir fhiachaibh ar do ghníomh é dhéanamh leis.
Glaoidh ar an Slánuightheóir agus iar air a ghrásta
thabhairt duit chuige. Tá gaoth agus faraige úmhal
dó, ach is minic gur bh' usa dh'á mhór-chómhacht an ghaoth
agus an fharaige do smachtughadh, d'á mhéid é a neart,
'ná an feall atá istigh i gcroídhe an duine do chur amach
as agus solus na fírinne do chur isteach ann i n-inead
an fheill. Ach tá a mhór-chómhacht gan teóra i n-obair
na ngrást chómh maith agus 'tá a mhór-chómhacht gan teóra
ins gach obair eile. Úmhluigh thú féin, d'á bhrígh sin, 'n-a
láthair. Tá sé chómh ceart agat-sa bheith úmhal dó agus
'tá sé ag gaoth nó ag faraige bheith úmhal dó. Is É
do chruthuigh thusa agus iad-san. Úmhluigh thú féin 'n-a


L. 81


láthair agus iar air a ghrásta thabhairt duit, an solus
do leigint isteach ad' chroídhe i dtreó go bhfeicfeadh do
chroídhe an fhírinne agus go bhféadfá feasda, le congnamh
Dé, beart a dhéanamh do réir na fírinne.



Soluíd, a phobul, iseadh an long úd ar an gcuma 'n-a
mbíon an Críosdaidhe go minic d'á chluiche agus d'á
chrádh agus d'á chiapadh i lár a namhad ar an saoghal so.
An mac mallachtain 'ghá dhalladh le gach sórd droch
smuínimh, le gach sórd droch spriocadh; ag séideadh féin
ar gach aon tsaghas cuma a chuirfeadh ar aimhleas a
anama é. An saoghal 'ghá dhalladh le baois, agus le
h-uabhar, agus le formad chun daoine a mheasan sé
bheith níos neamh-spleadhchaighe 'ná é féin. A cholann féin
'ghá dhalladh le h-ainmhiantaibh, le dúil i n-ól agus i
mbiadh shaidhbhir, agus i n-éadach mhín, agus ins gach aon
phléisiúr a bhainean leis an gcolainn. Idir an dtriúr
namhad san tá sé díreach sa chás 'n-a raibh an long úd.
Má's Críosdaidhe fóghanta é ní ghéillean sé d'aon
namhaid de'n triúr. Tá an Slánuightheóir ar bórd na
loinge, ach b'fhéidir go bhfuil an Slánuightheóir 'n-a
chodladh. Má tá, ní foláir é dhúiseacht. Agus ní
foláir é dhúiseacht i n-am. Mura ndúisighthear i n-am
é b'fhéidir go bhfaghadh an triúr namhad an buadh agus go
mbáthfaí an long; go mbáthfaí an long sa n-uisge -
go mbáthfaí an t-anam sa pheacadh mharbh.



Má tá an Slánuightheóir 'n-a chodladh conus a
dúiseóchar é? An focal a dúbhairt na deisgiobuil
leis, siné an focal a dhúiseóchaidh é. "A Thighearna, saor
sinn!" ar siad. "Tá an bás buailte linn."



Sin mar is ceart dúinne, a Chríosdaidhthe, glaodhach
ar an Slánuightheóir nuair a gheibhimíd sinn féin i gcon-
tabhairt tuitim sa pheacadh. "A Thighearna, saor sinn
ó'n bpeacadh so! A Thighearna, saor sinn ó bhás an


L. 82


pheacaidh! A Thighearna, ná leig do'n namhaid sinn a
bhreith uait!"



Ní foláir dúinn, sa n-am gcéadna, ana mhainíghin
a bheith againn as an Slánuightheóir. Gan an t-asachán
a bheith aige le casadh linn a chas sé leis na deisgiobuil
a dhúisigh sa luing é, nuair a thug sé "daoine gan
puinn creidimh" ortha.



Sin mar is ceart dúinn, a phobul, focail agus brígh
an tSoisgéil a thagairt dúinn féin. Chuige sin
iseadh chuirean an Eaglais an Soisgéal os ár gcómhair
mar seo, as Leabhar an Aifrinn, gach aon Domhnach.
Ní chun éisteacht leis agus iongnadh dhéanamh Dé, mar
a dhéanfaimís de neithibh a thuit amach suas le dhá mhíle
bliadhan ó shin agus ná bainean anois le h-aoinne
beó, ach chun éisteacht leis agus a thuisgint i n-ár n-aigne
ná fuil focal ann ach focal a dh'oirean dúinne i láthair
na h-uaire seo chómh maith díreach agus dá mba linne
féin a labharfaí na focail. Isé an Slánuightheóir
céadna atá againne anois a bhí ar an luing úd an uair
úd. An chómhacht a thug an long úd saor ó ghaoith agus ó
uisge, isí a thabharfaidh sinne saor ó namhaid ár n-anama.
Ní'l aon chómhacht eile chun sinn a thabhairt saor. Ach
ní foláir dúinn an chómhacht do dhúiseacht. Ní foláir
dúinn bheith coitchianta ag glaodhach ar an Slán-
uightheóir 'ghá iaraidh air gan leigint do namhaid ár
n-anama buachtaint orainn. Is ceart do'n Chríos-
daidhe an ghlaodh sin do chur suas chun an tSlánuightheóra
ar maidin, chómh luath agus dh'osgalóchaidh sé a shúile ó
chodladh na h-oídhche. Is ceart dó í chur suas chuige
go minic i gcaitheam an lae, go mór mór má mhothuighean
sé é féin i gcontabhairt tuitim i n-aon pheacadh. Is
ceart dó an ghlaodh sin do chur suas chun an tSlán-
uightheóra nuair a shínfidh sé ar a leabaidh asdoídhche,


L. 83


'ghá iaraidh ar an Slánuightheóir é thabhairt saor ó gach
droch nídh a bhainean leis an oídhche. An Críosdaidhe a
thabharfaidh mar bhéas dó féin bheith ag glaodhach ar an
Slánuightheóir ar an gcuma san, ní misde dhó mainíghin
a bheith aige as an Slánuightheóir, mar bhéarfaidh an
Slánuightheóir saor é, saor go ciúnas agus go suaimh-
neas agus go h-aoibhneas síoruidhe na bhflathas.



XIV.



AN CÚIGMHADH DOMHNACH Ó'N EPIPHANÍ.



Léightear an SoisgéaL. (Maitiú 13.)



Is cuimhin linn go léir, a phobul, an cheist úd a curtí
chúghainn fadó sa Teagasg Críosdaidhe: -



"Cad a thuigean tú leis an Eaglais?"



Agus is cuimhin linn an freagra: -



"Cómhchruinniughadh na bhfíor-chreideamhach uile."



Ansan do curtí an cheist eile seo: -



"Cad iad na cómharthaí so-fheicse atá ar an Eaglais?"



Agus do thagadh an freagra: - "Aondacht, Naomhthacht,
Caitiliceacht, Aspolaitheacht."



Ansan do mínightí dhúinn conus mar a chialluighean
aondacht na h-Eaglaise aondacht creidimh agus aondacht
cinn, 'sé sin le rádh, an t-aon chreideamh amháin a bheith
ag na daoine go léir a bhainean leis an Eaglais, agus
iad go léir a bheith fé aon cheann amháin agus fé aon
smacht amháin. Do mínightí dhúinn go gcialluighean
naomhthacht na h-Eaglaise gur bh' Úghdar naomhtha do
chuir ar bun í, gur naomhtha é a teagasg, gur naomhtha
iad a sácraimíntí, agus go bhfuil daoine naomhtha le
fághail inti riamh, agus go mbéidh go deó. Do mínightí


L. 84


dhúinn go bhfuil neart inti a bheidh 'ghá leathadh amach go
dtí go mbeidh sí leathta ar fuid an domhain go léir;
agus do mínightí dhúinn gur b' í an Eaglais seo atá
anois ann an Eaglais chéadna do chraobhsgaoileadar
na h-Aspoil, suas le dhá mhíle bliadhan ó shin.



D'á bhrígh sin, a phobul Dé, nuair a dh'airighmíd-ne
trácht ar an Eaglais tuigimíd láithreach an nídh ar
a mbíon an trácht. Ní mar sin dos na daoine
a bhí ag éisteacht leis an Slánuightheóir nuair a thug sé
dhóibh an tsoluíd sin atá curtha síos i Soisgéal an lae
indiu. Theastuigh uaidh labhairt leó i dtaobh na h-oibre
a bhí le déanamh ar an saoghal so aige. Theastuigh uaidh
a dh'innsint dóibh go raibh sé chun na h-Eaglaise do
chur ar bun, agus theastuigh uaidh eólus éigin a thabhairt
dóibh ar cad é an saghas cur-ar-bun a bhéadh inti, agus
cad é an saghas oibre bhéadh aici le déanamh. Níor
bh' fhéidir dó labhairt leó súd ar an Eaglais mar a
labhran an Teagasg Críosdaidhe linne anois uirthi.
Ní thuigfidís aon fhocal de'n chaint. Ní bhéadh aon
phioc d'á fhios acu cad a bhéadh ar siúbhal aige. Ní
fhéadfadh sé labhairt leó ar chómharthaibh so-fheicse
na h-Eaglaise, mar ní raibh an Eaglais ann,
agus níor bh'fhéidir cómharthaí so-fheicse bheith ar
rud ná raibh ann i n-aon chor fós. B'éigean dó a
theagasg a dhéanamh le soluídíbh; an nídh a bhí aige le
cur ar bun do chur i gcomparáid le neithibh éigin ar
a raibh eólus ag na daoine a bhí ag éisteacht leis.
Bhí eólus maith acu go léir ar cad a bhain le síol
fóghanta chur i dtalamh. An obair a bhí ag an Slán-
uightheóir le déanamh ar an saoghal, obair ab eadh í do
thabharfadh aithne dos na daoine ar Dhia. Dhéanfadh
an aithne na daoine úmhal do Dhia. D'á bhrígh sin isé
ainim a thug an Slánuightheóir ar an obair, 'sé sin,


L. 85


ar an Eaglais a bhí le teacht, ná rígheacht Dé, nó
rígheacht na bhflathas. "Is cosmhail," ar seisean,
"rígheacht na bhflathas le duine a chuir síol fóghanta n-a
chuid tailimh."



Ní gádh dhúinn aon mhearbhall a bheith orainn i dtaobh
bríghe na cainte. Nuair a bhí an pobul imthighthe
tháinig na deisgiobuil agus d'iaradar ar an Slán-
uighteóir brígh na cainte do nochtadh dhóibh. Seo mar
a nocht sé an brígh dhóibh. "Isé Mac an Duine", ar
seisean, "an curadóir a chuirean an síol fóghanta.
Isé an domhan an talamh. Is iad clann na rígheachta
an síol fóghanta. Agus is iad clann an uilc an cogal.
Isé an diabhal an namhaid a tháinig agus do chuir an
cogal sa talamh ameasg na cruithneachtan. Agus
isé deire an tsaoghail an fóghmhar, agus is iad na
h-aingil na buanaidhthe. Agus, fé mar is gnáth an
cogal do bhailiughadh agus do chur sa teine, sin mar
a bheidh i ndeire an tsaoghail. Cuirfidh Mac an Duine
a aingil amach agus baileóchaid siad as a rígheacht gach
sgannal, agus lucht an uilc a dhéanamh, agus cuirfid
siad isteach sa teine iad, mar a mbeidh gol agus
díosgán fiacal."



Siné an míniughadh, a Chríosdaidhthe, a thug an Slán-
uightheóir ar a sholuíd féin, nuair a dh'iar a dheisgiobuil
air an tsoluíd a mhíniughadh dhóibh. Is cruaidh agus
is crith-eaglach an míniughadh é! Ní'l dul ó'n míniughadh
san, mar isé an Slánuightheóir féin a thug uaidh é.
D'á bhrígh sin, fiafraigheadh lucht sgannail a thabhairt
uatha, fiafraíghdís díobh féin cad tá rómpa. Lucht
sgannail a thabhairt uatha, sin iad na daoine a dhéinean,
le droch chómhairle nó le droch shampla nó ar aon tsaghas
droch shlíghe eile, daoine chur suas chun peacaidh
dhéanamh. Is iad san an cogal dáiríribh. Is iad clann


L. 86


an uilc iad agus isé an t-olc an toradh a thugaid siad
uatha. Nuair a bhíon duine acu san ameasg cuid-
eachtan ní stadan a bhéal ach ag saothrughadh an uilc.
Ní'l focal le teacht as a bhéal ach focal a chuirfidh droch
smuíneamh éigin, nó droch mhachtnamh éigin, isteach i
gcroídhe gach duine a bhíon ag éisteacht leis. Má bhíon
Críosdaidhthe maithe diadha ag éisteacht leis ní mór
dóibh coitchianta, 'n-a n-aigne féin, bheith 'á dtabhairt
féin suas do Dhia agus 'á iaraidh ar Dhia a n-anam
a thabhairt saor ó nimh an diabhail atá ag sgéidh amach a'
béal an duine sin ó mhaidin go h-oídhche. "Ach!" a
déarfaidh duine, b'fhéidir, "duine bocht ana ghreannmhar
ann féin iseadh é. Ní bhíon sé ach ag déanamh suilt, ag cur
daoine ag gáirídhe." Seadh go díreach! Agus ní féidir leis
aon chúrsaí eile suilt ná caitheamh aimsire do tharang
chuige ach cainteana barbaratha, ach cómhrádh mí-bhanamhail,
cómhrádh sgannalach! Isé gnó an diabhail bheith ag cur
droch smuínte i n-aigne an duine. An duine do labhran
an focal mí-bhanamhail i láthair cuideachtan, tá gnó
an diabhail aige 'á dhéanamh. Isé namhaid an tSlán-
uightheóra é. Isé an cogal ameasg na cruithneachtan
é. Sgaoilfear leis go ceann tamaill, b'fhéidir, ach
cad tá 'n-a chóir ansan? Tiocfaidh an bás air.
Tiocfaidh deire a shaoghail air. Tiocfaid na h-aingil,
na buanaidhthe, le h-órdughadh an tSlánuightheóra. Tógfaid
siad leó an cogal agus cuirfid siad isteach sa
teine é, mar a mbeidh gol agus díosgán fiacal. Is í
caint an tSlánuightheóra féin í sin : an teine agus
an gol agus an díosgán fiacal. Siné an deire a bheidh
ar an sult sgannalach, teine agus gol agus díosgán
fiacal, agus ní h-ar feadh lae é, ná ar feadh bliadhna,
ach ar feadh na síoruidheachta. Cuimhnigh i n-am air,
a dhuine gan chiall. Dún do bhéal agus coimeád dúnta


L. 87


go deó é níos túisge 'ná chuirfeá thú féin, agus
b'fhéidir daoine eile, i gcontabhairt na teine sin atá
ansúd ar lasadh ag feitheamh leat má leanan tú de
d'dhroch bhéas.



Ach tá daoine nách tusa go bhfuil an teine úd ag
feitheamh leó. Tá sí ag feitheamh le clann an uilc, pé
gairm beatha 'n-a bhfuilid siad ar an saoghal so,
agus gheobhaidh sí greim ortha sa deire pé fada gairid
a ruithfidh leó, má leanaid siad ag déanamh an uilc.



Is foidhneach, trócaireach, fadaradhnach an focal é
siúd a dúbhairt an máighistir nuair a h-innseadh dó
i dtaobh an chogail. "An toil leat sinn a dhul agus an
cogal a bhaint?" ar siad. "Ní toil," ar seisean,
"le h-eagla go stathfadh sibh an chruithneacht i dteannta
an chogail. Leigtear dóibh fás i n-aonfheacht go
dtagaidh an fóghmhar."



D'á bhrígh sin, a phobul, iseadh do chímíd uaireanta
rud a chuirean iongnadh ar chuid againn. Chímíd
droch dhaoine ag dul ar aghaidh agus an saoghal ag
eirighe leó agus saoghal breagh fada acu d'á fhághail,
agus chímíd daoine macánta, daoine Críosdamhla,
daoine diadha, agus ná bíon aon mhí-fhortiún amháin
curtha dhíobh acu nuair a thagan mí-fhortiún eile
is troime 'ná é anuas i mullach an chinn ortha. Nuair
a chítear rud de'n tsórd san tá daoine ann agus bíon
fonn ortha a gceann a chrothadh agus a rádh, "Duine
Críosdamhail macánta díreach iseadh é, agus is beag
atá d'á bhárr aige!" Ní mar sin is ceart an nídh
sin do bhreithniughadh. B'fhéidir ná fuil puinn de
bhárr a mhacántachta ag an nduine sin ar an saoghal so,
ach ní h-ar an saoghal so a thugan Dia an chuid is fearr
de thuarasdal na macántachta uaidh. Gan amhras
tugan sé cuid Dé uaidh ar an saoghal so uaireanta. Do


L. 88


gheall sé féin tuarasdal maith ar an saoghal so do'n
chlainn a thugan an onóir cheart d'á n-athair agus d'á
máthair. Ach ar an saoghal eile iseadh atá a thuarasdal
le fághail i gceart ag an nduine a bheidh dílis do Dhia
ar an saoghal so. Ní dóich liom go bhfuil ar chaint ár
Slánuightheóra, mar atá sí againn sa Sgriptiúir, focal
atá puinn níos cruadha 'ná an focal a deireadh sé
uaireanta i dtaobh na n-Iúdach. "Go deimhin, deimhin,
a deirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu cheana."
'Sé sin le rádh, an tuarasdal a bhí uatha as a ndeagh
ghníomharthaibh, fé mar a bhíodar, do fuaradar ar an
saoghal so é. Pé deagh-ghníomhartha a dheineadar is chun
moladh na ndaoine dh'fhághail a dheineadar iad. Do
tugadh an moladh san dóibh. Siné a bhí uatha. D'fhág
san iad gan aon tuarasdal eile bheith tuillte acu, agus
dúbhairt an Slánuightheóir, agus ní foláir a dh'admháil
gur fíor é, ná fuil tuarasdal ar bith le fághail ar
an saoghal eile ag daoine de'n tsórd san.



Is bocht an sgéal é, a phobul, ag an gCríosdaidhe má
dheinean sé deagh-oibreacha gan aon intinn eile ach i
dtreó go bhfaghadh sé creideamhaint agus moladh ó
dhaoine mar gheall ortha. Má gheibhean sé an moladh
san agus an chreideamhaint sin, agus mura raibh uaidh
ach iad, tá an rud a bhí uaidh fághalta aige agus ní'l
aon cheart aige chun a thuille. Tá a thuarasdal
fághalta abhus aige agus ní'l aon rud le fághail thall
aige.



Ach má's duine é do dhein deagh-oibreacha agus ná
fuair aon nídh d'á mbárr ar an saoghal so, tá éileamh
daingean, láidir aige ar an Slánuightheóir i gcóir an
tsaoghail eile, agus ní baoghal gur gádh dhó aon eagla
bheith air ná go ndéanfaidh an Slánuightheóir díoluigheacht
go fial. Gheobhaidh an duine sin aoibhneas na bhflathas


L. 89


ar feadh na síoruidheachta mar thuarasdal. D'á luighead
a gheobhaidh an Críosdaidhe de bhárr a mhacántachta agus
de bhárr a dhílse ar an saoghal so iseadh is mó an
deimhne a bheidh aige ar thuarasdal shaidhbhir a dh'fhághail
ar an saoghal eile.



D'á bhrígh sin, a Chríosdaidhe, seachain do bhéal agus
tabhair aire do d' chaint. Is beag má tháinig riamh amach
a' béal duine caint is lúgha ciall 'ná an chaint úd,
"Duine macánta iseadh é agus is beag atá d'á
bhárr aige!"



Ach i dtaobh an duine eile úd, an fear ná fuil
macánta ná díreach agus fós go bhfuil an saoghal ar a
thoil aige, an fear ná féadan gan drana-gháire chur
as nuair a chíon sé bráca an donais anuas sa drom,
gach aon lá 'n tseachtmhain, ar na daoine atá macánta
díreach, agus gan donas ná diachair air féin. Cad 'tá
le rádh i dtaobh an fhir sin? Tá daoine ná deinean
machtnamh i gceart ar an sgéal agus go mbéadh a
fhonn ortha a rádh, "Is greannmhar an sgéal é! Dia
na glóire, moladh go deó leis, ag tabhairt an tsaoghail
ar a thoil do'n rógaire agus ag cur an uile shaghas
trioblóide ar an nduine macánta!"



Stad, a Chríosdaidhe. Ná labhair ar an gcuma san.
Ní'l sa ghnó san go léir ach an focal úd sa tSoisgéal.



"An toil leat a Thighearna, go stathfaimís an cogal?"



"Ní toil," ar seisean, "Leigidh dóibh araon fás go
dtagaidh an fóghmhar agus ansan - " Á! ansan a
socarófar na cúntaisí. Feuch, a Chríosdaidhthe, truagh
agus trócaire agus foidhne ó Dhia atá sa sgéal go léir.
An rógaire is caime atá 'n-a sheasamh anois ar thalamh an
domhain seo, is le Dia é. Isé Dia chruthuigh é. Tá inead
ins na flathais ag Dia dhó. Do doirteadh fuil an
tSlánuightheóra, céad glóire leis, chun caoi a thabhairt


L. 90


do'n duine sin ar dhul isteach uair éigin, luath nó mall,
sa n-inead atá ceapaithe ins na flathais dó. Tá Dia
ag feitheamh go foidhneach feuchaint a' ndéanfadh an
duine sin an aithrighe. B'fhéidir go ndéanfadh. Má
dhéinean beidh áthas ar na h-aingealaibh. Mura ndéinidh
is dócha nách beag leis an Slánuightheóir a luathacht a
curfar an cogal sa teine. Tá teine ifrinn i gcóir an
droch dhuine sin ar an saoghal eile. Is mairg a
mhaoidhfeadh air pé sólás ná pé compórd is dóich leis
féin atá ar an saoghal so aige. Pé trioblóidí ná pé
pionóisí atá ag an nduine macánta le fulang ar an
saoghal so, ní dhéanfadh sé malairt amáireach leis an
rógaire, pé saidhbhreas atá aige ná pé rath atá sa
tsaoghal so air.



D'á bhrígh sin go léir, a Chríosdaidhthe, ná tugaimís
choídhce mar bhéas dúinn féin bheith ag breithniughadh
ná ag lochtughadh ná ag ceisneamh ar an gcuma 'n-a
ndeinean Dia a ghnó idir É féin agus aon duine eile.
Is rud é ná fuil aon bhaint againn leis. Is rud é ná
fuil aon bhlúire eóluis againn air. Má dheinimíd ár
ngnó féin i láthair Dé, agus é dhéanamh sa cheart, ní
beag dúinn mar chúram é. I dtaobh daoine eile, ní
bheimíd freagarthach 'n-a ngnó an fhaid ná tabharfaimíd
sgannal ná droch shampla dhóibh agus ná déanfaimíd
éagcóir ortha ar aon tsaghas cuma. Ansan ní'l againn
ach bheith coitchianta 'ghá iaraidh ar Dhia sinn féin agus
an uile dhuine atá beó do sheóladh ar leas ár n-anama.
Amen.


L. 91


XV.



AN SÉMHADH DOMHNACH TAR ÉIS AN EPIPHANÍ.



Léightear an Soisgéal. (Maitiú 13.)



A phobul Dé, ní'lid lucht sgrúduighthe an Sgriptiúra
ró shocair ar fad eatortha féin ar cad é an síol é seo
ar ar labhair an Slánuightheóir sa tsoluíd seo an tsíl
mustáird. Ach ní dheinean san aon deifrigheacht dúinne.
Ní beag dúinne a fhios a bheith againn gur shíol ana
bheag é agus gur fhás toradh ana mhór uaidh, agus mar
sin go raibh an chomparáid cruinn idir é agus an
Soisgéal a chraobhsgaoil an Slánuightheóir. B'é an
Soisgéal an síol as ar fhás an Eaglais, agus tá fhios
againne anois conus mar a bhí an síol ana bheag, ana
shuarach, agus conus mar a leath an fás 'n-a dhiaigh san,
ar fuid an domhain go léir ; conus mar a leath an
Eaglais a géaga ar fuid an domhain go léir, go dtí
go bhfuair an chine daona uile, an uile shaghas daoine,
foithin agus díon ameasg na ngéag.



B'fhéidir, ámhthach, bíodh go dtuigimíd méid an fháis
agus leathadh na ngéag agus feabhas na fothana agus
an dín, ná tuigimíd chómh soiléir sin, ar an gcéad
amharc, go raibh an síol ana bheag. Dar linne, is dócha,
nídh ana mhór ab eadh an Soisgéal. Cad 'n-a thaobh, d'á
bhrígh sin, go gcuirean an Slánuightheóir féin i gcom-
paráid é le síol ana bheag?



Sidé an chúis. Nídh ana mhór ab eadh an Soisgéal, ar
shlígh. Nídh ana bheag ab eadh é ar shlígh eile. Nuair
a tháinig an Slánuightheóir ar an saoghal is chun na cine


L. 92


daona do shaoradh a tháinig sé. Nídh ana mhór ab eadh
é sin. Ach ní 'n-a mhac rígh a tháinig sé, ná 'n-a mhac
banríoghna. Ní h-i bpálás uasal do rugadh é. Ní h-i
gcliabhán óir a luaisgeadh é. B'é Mac Dé é, ach tháinig sé
ar an saoghal i riocht mic siúinéara. Riocht ana shuarach
ab eadh an riocht san. Riocht ab eadh é ba shuaraighe
go mór, i gcomparáid leis an obair a bhí le déanamh
agus a deineadh 'n-a dhiaigh san, 'ná an síol beag úd
i gcomparáid leis an bhfás mór a tháinig as.



Do ceapadh an Soisgéal chun an domhain do mhúineadh,
chun eóluis a thabhairt dos na daoine, eólus a bhéadh
níos tairbhighe go mór dóibh 'ná aon eólus d'á bhfuaradar
riamh roimis sin ó sgoláirí móra na Gréige ná na
Rómha. Ceapadh ana mhór ab eadh an ceapadh san. Ach chun
an cheapadh san do chur i ngníomh cad a deineadh? Ar
soláthruigheadh a' cheithre h-árdaibh an domhain sgoláirí a
bhéadh níos léigheanta, níos eólguisighe, níos tuisgion-
aighe, níos deagh-labhartha, níos géire intleacht, 'ná
sgoláirí móra na Gréige agus na Rómha? Níor
deineadh aon nídh d'á shórd. Do glaodhadh, chun na
h-oibre sin a dhéanamh, chun an domhain do mhúineadh,
ar iasgairíbh bochta ná déigh isteach i n-aon sgoil riamh.
Ba shuarach an chabhair iad san, a déarfadh duine, chun
léighinn agus eóluis agus sgoluigheachta an domhain a
dh'iompáil taobh síos suas. Ach, mar is eól dúinne
anois, do dheineadar é. B'iad san an gráinne beag
síl. Isí an Eaglais an crann mór. Ba shuarach é an
síol, ach is mór é an crann. Agus do thaisbeáin an síol
beag, agus an crann mór, a tháinig as an síol suarach,
go raibh breall ar sgoláiríbh móra na Gréige agus na
Rómha. Tá an breall céadna, a phobul, ar sgoláiríbh
móra na h-aimsire seo, 'sé sin, ar an gcuid acu atá
ag gabháil i gcoinnibh na h-Eaglaise. Ní thaithnean


L. 93


teagasg na h-Eaglaise leó. Is dóich leó, le neart
a n-éirime aigne féin, agus le méid agus le fairsinge
a n-eóluis, go múinfid siad an chine daona níos fearr
'ná mar is féidir do'n Eaglais iad a mhúineadh, agus go
gcuirfid siad an Eaglais fé chois. Ach tá breall ortha.
Agus tá breall ar a n-intleacht agus ar a n-éirim
aigne. Chuir an obair a bhain an Slánuightheóir as na
h-iasgairíbh bochta, chuir sí ar neamhnídh éirim ba mhó,
intleacht ba ghéire, 'ná mar atá ag aon aicme sgoláirí
saoghalta a bhainean leis an aimsir seo. Cuirfidh an
obair chéadna ar neamhnídh sgoláirí na h-aimsire seo.
Tá fuath acu do'n Eaglais, fuath fíochmhar, mar a bhí agá
leithéidí riamh. Ach buaidhfidh an Eaglais ortha mar a
bhuaidh sí ar a leithéidí riamh. Ní gádh dhúinn aon iongnadh
dhéanamh dé sin. Isé geallamhaint an tSlánuightheóra
féin é, moladh go deó leis!



Ach do réir mar a labhraid aithreacha naomhtha na
h-Eaglaise, a phobul, tá brígh eile leis an ngráinne
beag síl úd. Mar adeir an Slánuightheóir, "Do thóg
duine é le cur 'n-a gharaidhe." Dar le cuid des na
h-aithreachaibh naomhtha, isé an Criósdaidhe an duine sin
a thóg an síol beag, agus isé an t-eólus a thugan an
Soisgéal do dhuine, siné an síol beag féin. Isé a
chroídhe féin an garaidhe 'n-a gcuirean an duine an
síol. Síol ana bheag iseadh é. Ní thugan sé aon nídh
mór do dhuine ar an saoghal so. Ní gheallan sé saidh-
bhreas do dhuine, ná gradam saoghalta, ná onóir, ná
mórdhacht. Taisbeánan sé do'n duine a shuaraighe féin.
Múinean san úmhluigheacht do'n duine. Ansan fásan
an síol i gcroídhe an duine sin. Méaduighean a
chreideamh. Méaduighean a mhainíghin as Dia ar gach aon
tsaghas cuma. Méaduighean a ghrádh do Dhia agus
d'á chómharsain. Méaduighean a chroídhe i láthair Dé go


L. 94


dtí ná bíon slígh agá chroídhe i n-aon chor ar an saoghal
so. Ins na flathais iseadh is mó a chaithean a chroidhe
an aimsir. Is cuma carthanacht an duine sin an uair
sin nó an crann úd do leath a ghéaga agus go dtáinig
éanlaithe an aéir chun cómhnuighthe ionta. Tá slígh agus
díon i gcarthanacht an duine sin, do'n uile dhaonaidhe
d'ár chuir Dia na glóire ar an saoghal riamh agus d'á
gcuirfidh go deó. Ní baoghal ná go dtuigean an
duine sin, i gceart, cad é an brígh atá leis an oibliogáid
a chuirean an chéad aithne d'aitheantaibh Dé orainn:
"Dia do ghrádhughadh os cionn gach uile nídh agus ár
gcómharsa mar sinn féin ar son Dé." Tuigean sé gach
oibliogáid d'á gcuirid na h-aitheanta eile orainn, leis,
agus cómhlíonan sé gach oibliogáid acu go dúrthachtach
agus go h-iomlán. Tá grásta Dé 'n-a chómhnuighe i
gcroídhe an duine sin ar an saoghal so agus beidh an
duine sin 'n-a chómhnuighe i bhflathas na ngrást ar feadh
na síoruidheachta ar an saoghal eile.



Dhein an Slánuightheóir comparáid eile sa tSoisgéal
san a léigheas daoibh, a phobul. "Is cosmhail rígheacht
na bhflathas," ar seisean, "leis an ngiost." Nuair a
cuirtear an giost isteach sa phlúr chun an aráin a
dhéanamh, leathan an giost agus glacan an plúr go léir
é.



Do réir aigne na n-atharach naomhtha isé an Soisgéal
an giost agus isí an Eaglais an bhean a chuir an giost
sa n-arán. Tá an Eaglais ag múineadh an domhain
anois le naoi gcéad déag bliadhan. Isé an múineadh
sin an t-arán atá ag an Eaglais 'á thabhairt do'n chine
daona, agus tá giost an tSoisgéil ag gabháil tríd
an arán go léir aici, i gcaitheamh na h-aimsire go léir.



Is maith an rud dúinne, a phobul, fírinní an
tSoisgéil do bhreithniughadh ar an gcuma san; a fhios


L. 95


a bheith againn cad é an brígh a bhí ag ár Slánuightheóir
leis an síol a bhí chómh beag, agus leis an gcrann ana
mhór úd a dh'fhás as an síol beag, agus leis an bhfoithin
a fuair éanlaithe an aéir i ngéagaibh an chrainn mhóir;
a fhios a bheith againn gur bh'í an Eaglais, a chuir an
Slánuightheóir ar bun, an bhean a chuir giost an tSoisgéil
isteach sa n-arán, isteach sa teagasg a bhí uirthi a
thabhairt do'n chine daona, ó'n lá a cuireadh ar bun í go
deire an tsaoghail. Is maith an rud dúinne breith-
niughadh ar na neithibh sin go léir. Ach cad chuige iad
go léir? Cad chuige an síol agus cad chuige an crann,
agus cad chuige an t-arán agus an giost? Tá fhios
againn go maith cad chuige an gnó go léir. Tá fhios
againn go maith gur déineadh an gnó go léir chun caoi
a thabhairt dúinne ar ár mbeatha do chaitheamh ar an
saoghal so ar an gcuma is fearr a chuirfidh i n-áirighthe
dhúinn aoibhneas na bhflathas ar an saoghal eile. Má
dheinimíd beart d'á réir sin, má ghlacaimíd an chaoi
atá tabhartha dhúinn, beidh toradh, chómh fada agus a
théighean ár gcuid-ne dhé, ar obair an tSlánuightheóra
agus ar obair na h-Eaglaise. Béidh beatha Chríosd-
amhail caithte againn ar an saoghal so, agus an t-aoibhneas
síoruidhe a cheannuigh an Slánuightheóir dúinn, béidh sé
againn ar an saoghal eile.



Sin mar ba cheart a bheith. An mar sin a bhíon?
Foraoir géar, is ró mhinic nách eadh. Tiocfaidh an
meisgeóir. Éistfidh sé leis an Soisgéal. Molfaidh
sé fírinne na cainte. Tuigfidh sé i dtaobh an tsíl
bhig agus i dtaobh an fháis mhóir, agus i dtaobh an ghiost
agus an aráin, agus i dtaobh teagaisg na h-Eaglaise,
agus admhóchaidh sé i n'aigne gur b'áluinn na soluídí iad
agus gur bh' áluinn an brígh atá leó. Ansan buailfidh
sé amach agus tabharfaidh sé aghaidh ar thigh an tabhairne


L. 96


agus cuirfidh sé é féin ar meisge. Cad é an tairbhe
do'n duine sin obair an tSlánuightheóra ná obair na
h-Eaglaise? Cad é an tairbhe dhó san an síol beag ná
an fás mór, ná an t-arán, ná an giost, ná aon ghnó
eile d'ár deineadh ar mhaithe leis an nduine chun na
beatha síoruidhe do chur ar a chumas? D'áirimh Naomh
Pól raint daoine agus dúbhairt sé ná feicfidís solus
na bhflathas go deó. D'áirimh sé ortha lucht peacaí
gráinneamhla drúise dhéanamh. Níor bh'iongnadh é 'ghá
rádh ná feicfidís sin solus na bhflathas. Ach d'áirimh
sé meisgeóirí ortha. Dúbhairt sé le daoine gan aon
dearmhad a dhéanamh de'n sgéal, ná feicfeadh lucht
meisge solus na bhflathas go deó. Má bhreithnighimíd an
sgéal i gceart chífimíd nách aon iongnadh é 'ghá rádh.
Deinean an meisgeóir craos nuair chuirean sé é féin ar
meisge. Ceann des na seacht cinn-pheacaí marbha iseadh
craos. Ach deinean an meisgeóir rud eile. Ní fhágan sé
ar a chumas féin aon phioc eile de dhlígh Dé do chómhlíonadh.
Ní féidir dó paidir ná créidh do rádh asdoídhche ná
ar maidin. Ní féidir dó Aifrean a dh'éisteacht lá
Domhnaigh ná lá saoire. Ní féidir dó aire thabhairt do
thigh ná do chlainn ná d'aon tsaghas cúraim d'ár chuir
Dia air. Ní féidir dó dul go dtí faoisdin Nodlag ná
Cásga. Má tá airgead aige 'á thuilleamh, nó 'á
dhéanamh ar aon tslígh eile, is 'ghá ól isteach 'n-a chorp
atá sé i n-inead é thabhairt d'á mhnaoi le caitheamh ar a
thigh agus ar a chlainn, agus b'fhéidir gádh go cruaidh leis.
Is fíor do Naomh Pól é. Ní féidir do'n duine sin solus
na bhflathas a dh'fheisgint go deó, mura ndeinidh sé
atharughadh, agus aithrighe. Má dhéinean, ní meisgeóir é
feasta, agus ní bhainean caint Naoimh Póil leis sa
méid sin.



Mar sin do gach aon tsaghas duine eile atá ag


L. 97


caitheamh a shaoghail ar staid an pheacaidh. Is neamhnídh
dhó san obair an tSlánuightheóra. Is neamhnídh dhó gnó
na h-Eaglaise. Is neamhnídh dhó baiste ná creideamh,
Aifrean ná órd, sagart ná sácraimíntí. Is neamhnídh
dhó flathas ná aingil ná aoibhneas. Ach tá aon nídh
amháin nách neamhnídh dhó. Ní neamhnídh dhó ifrean. Tá
ifrean daingean go leór i n-áirighthe dhó. Ní'l aon dul
uaidh sin aige. B'fhéidir go bhfaghadh sé saoghal breagh
fada anso mar go mbéadh Dia na glóire ag déanamh
na foidhne leis, ag feitheamh feuchaint an dtiocfadh ciall
dó luath nó mall. Ach dá dtugadh Dia ré aithrighe dhó
ar feadh céad bliadhan, cad é an tairbhe dhó é nuair a
bheidh an ré aithrighe caithte agus gan an aithrighe déanta?
Is bocht an sgéal é, a Chríosdaidhe! Dia na glóire ag
feitheamh leat go foidhneach, do ló agus d'oídhche, feuchaint
an ndeanfá an aithrighe agus go bhféadfadh sé aoibhneas
na bhflathas a thabhairt duit, agus tusa go dúr agus
go neamhshuimeamhail, agus gan aon aidhm ar aithrighe ná
ar leór-ghníomh agat, ag caitheamh do shaoghail ad' spairt
meisgeóra nó ad' chnubalach drúiseóra, nó ad' dhiabhal
sgannail agus droch shampla ameasg daoine. Dia na
glóire ag feitheamh leat go foidhneach feuchaint an
ndéanfá an aithrighe, agus ná béadh air tú chur síos go
teine ifrinn tar éis ar fhuiling an Slánuightheóir ar do
shon, agus tusa go seasamhach ag cur i gcoinnibh na
foidhne sin, na peacaí atá déanta agat tú 'ghá gcoimeád
ansan, mar a bhéadh cnoc mór dubh, idir thú agus Dia, agus
an aimsir atá ag Dia 'á thabhairt duit chun na h-aithrighe
dhéanamh, tú ag úsáid na h-aimsire sin chun an chnuic a
mhéadughadh. Tú lán cheapaithe, ba dhóich le duine, ar dhul
síos go h-ifrean i n-aimhdheóin Dé na glóire féin!
Is bocht an sgéal é, agus is truagh an sgéal é! An
ceannach mór déanta ag an Slánuightheóir duit.


L. 98


Geataí na bhflathas ar osgailt duit. An Eaglais ag
tabhairt aire dhuit. Sácraimíntí na h-Eaglaise d'á
gcárnadh ort. Grásta Dé d'á chruachadh ort. Gach
aon rud d'á dhéanamh duit chun tú thabhairt saor ó ifrean
agus tú bhreith suas go h-aoibhneas na bhflathas, agus tú
féin ag déanamh do chroídhe díchil chun gan dul suas.



Iompuigh, a Chríosdaidhe, iompuigh ó'n bhfuadar atá
fút. Cas ar do sháil. Cas an fhaid atá ar do chumas
casadh. Cas sar a' mbéidh sé ró dhéanach. Ní fheadaraís
ná go dtiocfadh an bás ort sar a dtagaidh an oídhche
ort. Má thagan ní bheidh aon fhághail ar chasadh agat.
Ná h-abair leat féin, "Ní féidir dom casadh anois.
Táim imthighthe ró fhada ar bhóthar an uilc. Ní'l ar mo
chumas anois dul thar n-ais. "Ná labhair leat féin ar
an gcuma san. Má 's maith leat casadh ní bhéidh ort
bóthar fada do shiúbhal thar n-ais. Chómh luath agus a
shocaróchair t' aigne ar chasadh nuair a spriocfaidh Dia
chuige thú, béarfaidh Dia féin ar láimh ort agus tabharfaidh
sé thar n-ais tú gan aon ríghneas. Tá Dia 'ghat' spriocadh
anois féin. Ná cuir 'n-a choinnibh a thuille. Leig
dó do lámh a thógaint. Leig dó thú bhreith leis chun
faoisdine agus chun aithrighe agus chun Cuirp Naomhtha
an Tighearna. Ansan má thagan an bás ort béidh
aoibhneas na bhflathas agat. Go dtugaidh Dia an
t-aoibhneas san dúinn go léir. Amen.


L. 99


XVI



AN DOMHNACH I SEPTUAGESIMA.



Léightear an Soisgéal. (Maitiú 20.)



Deir aithreacha naomhtha na h-Eaglaise, a phobul, gur
labhair ár Slánuightheóir sa tSoisgéal san ar an dá
chreideamh agus ar an dá reacht, an creideamh agus an
reacht a bhí ag na Iúdaigh ar dtúis, agus ansan an
creideamh a chuir an Slánuightheóir ar bun. B'é Dia
an fear-tíghe. B'é an saoghal an fíonghort mar a raibh
an obair le déanamh. An lucht oibre do glaodhadh go
moch ar maidin b'shiniad Abel agus Noé agus
Ábraham agus Maois agus Iácob, agus na daoine
naomhtha eile do glaodhadh i dtusach aimsire chun gnó
Dé do dhéanamh ameasg daoine, ar an saoghal, agus
chun aithne choiméad ag daoine ar Dhia. Na daoine a
glaodhadh isteach sa n-obair ar an sémhadh h-uair agus
ar an naomhadh h-uair, b'shiniad na fáidhe agus na ríghthe
agus na daoine naomhtha eile do glaodhadh agus do ceapadh
chun gnó Dé dhéanamh ameasg daoine sa tsean-reacht, ó
aimsir Mhaoise go h-aimsir Chríosd. Ansan, an
mhuintir a fuaradh 'n-a seasamh díomhaoin ag áit an
mhargaidh tímpal an t-aon uair dhéag, b'shiniad na
h-Aspoil agus mór-shluagh na nGeinte do ghlaoidh an
Slánuightheóir féin isteach sa n-obair nuair a tháinig sé.



Ansan, i dtaobh an pháigh a bhí ag an lucht oibre le
fághail. Ba ró dheacair a chur 'n-a luighe ar aigne na
n-Iúdach ná béadh éagcóir mhór déanta dá dtugtí dos
na Geintibh, nuair a thiocfadh an Slánuightheóir, an


L. 100


teidiol céadna chun aoibhnis na bhflathas a tabharfaí
do shliocht Ábrahaim, do'n chine naomhtha a bhí toghtha ag
Dia ó thusach aimsire. Chun a thaisbeáint ná béadh aon
éagcóir i n-aon chor sa nídh sin iseadh do thug an
Slánuightheóir an tsoluíd seo d'á dheisgiobulaibh.
Thaisbeáin sé dhóibh go soiléir nár déineadh éagcóir ar
an lucht oibre a tháinig isteach sa n-obair i dtusach an
lae, mar go bhfuair gach fear díobh an págh ar ar socar-
uigheadh leis, agus i n-inead éagcóra dhéanamh ar aoinne
gur b'amhlaidh a dhein an máighistir gníomh fial nuair
a thug sé iomláine an pháigh lae do'n mhuintir nár dhéin
ach uair a' chloig oibre.



Is dócha gur ceart a rádh anso ná raibh an págh lae
chómh suarach i n-aon chor agus a mheasfadh duine ó'n
bpingin. Is mó brígh atá leis an bhfocal "pingin"
i n-éagmuis an phíosa bhig airgid ruaidh is eól dúinn go
léir anois. Is gnáth linn féin, dá n-airighmís céad,
nó trí nó ceathair de chéadaibh púnt a bheith ag duine,
a rádh go mbéadh "pigin mhaith airgid" ag an nduine
sin. Dá mb' í an phingin ruadh féin í, ní mar a chéile
an luach a bhíon inti i gcómhnuighe. An t-é go mbéadh
tistiún 'n-a phóca aige sa dúthaigh seo trí chéad bliadhan
ó shin is mó an t-airgead a bhéadh aige 'ná mar a bhéadh
anois ag an t-é go mbéadh púnt 'n-a phóca aige. Do
cheannóchadh duine caora mhaith an uair sin ar thistiún.
Níor ró olc an págh lae d'fhear oibre pingin de'n
tistiún san. I dtaobh na pingine ar ar labhair an Slán-
uightheóir sa tSoisgéal, tuigid lucht eóluis gur bh' fhiú
dhá thistiún í. Pé rud ab fhiú í, b'í págh lae an fhir oibre
í an uair sin, agus do ghlac an Slánuightheóir sa chéill sin
í, agus do thuig na deisgiobuil sa chéill sin í.



Nuair a thug fear an fhíonghuirt an págh lae sa
n-iomláine do'n mhuintir nár dhein ach aon uair a' chloig


L. 101


amháin d'obair an lae, níor dhein sé éagcóir ar an
muintir a bhí ag obair ó thusach an lae. Ní lúgha 'ná
mar a bhí éagcóir ag an Slánuightheóir 'á dhéanamh ar
chine na n-Iúdach nuair a bhí an t-aoibhneas síoruidhe
céadna, a bhí le fághail acu-san, aige 'á thabhairt dos
na h-Aspoil agus dos na Críosdaidhthe fé 'n nDlígh nua.
Ach is iongantach an claonadh chun an uilc atá i n-aigne
an duine. Chómh luath agus chonaic an mhuintir a bhí ag
obair ó mhaidin an mhuintir eile ag fághail na pingine,
mheasadar láithreach go bhfaighidís féin breis do réir
breise na h-oibre a bhí déanta acu. Ansan, ag breith-
niughadh ó n-a dtaobh féin de'n sgéal, thuigeadar 'n-a
n-aigne gur bh' é a gceart an bhreis sin a dh'fhághail. Ní
bhfuaradar an bhreis. Do tugadh dóibh an díoluigheacht
ar ar socaruigheadh leó. Tháinig fearg ortha, agus
formad. Ní ghlacfaidís an phingin. Dúbhradar
leis an máighistir go raibh éagcóir aige 'á dhéanamh
ortha. Bhí fearg ortha chuige. Ní bhéadh aon fhearg ortha,
bhéidís lán tsásta, dá mba ná tabharfaí do'n mhuintir
a dhein an uair a' chloig oibre ach cothrom na h-aimsire
sin de phágh. Ansan ní bhéadh éad ná fearg ná formad
ortha, ná ní bhfaighidís aon locht ar an máighistir. Do
dhein an máighistir gníomh fial nuair a thug sé an págh
lae do'n mhuintir a tháinig déanach sa n-obair. Moladh
a bhí tuillte aige mar gheall air sin. Ní moladh a fuair
sé ó-s na fir úd ach cáineadh. Chuireadar éagcóir 'n-a
leith agus an gníomh fial déanta aige. Chuireadar
éagcóir 'n-a leith, bíodh gur tharaig sé a cheart go
macánta do gach fear díobh.



Is ró mhaith atá fios bríghe an sgéil sin againn go léir,
a phobul. Ní h-aon sgéal nua dhúinn é. Is maith atá
fhios againn ná fuil aon atharughadh sa sgéal san ó
aimsir an tSlánuightheóra, d'á fhaid siar é. Isé an


L. 102


sgéal céadna díreach anois é. Daoine ag eirighe i
gcoinnibh Dé agus a gcroídhe lán d'fheirg agus d'fhormad
agus de mhiosgais agus de mhailís agus de dhroch aigne
má's dóich leó gur chuir Dia rath éigin nó séan éigin nó
comaoine éigin ar a gcómharsain nár chuir sé ortha féin.
Siné an t-éad céadna a tháinig i gcroídhe Chéin agus do
chuir fhiachaibh air a dhriotháir do mharbhughadh. Bhí ídhbirt
ag gach duine acu dh'á dhéanamh chun Dé. Bhí an croidhe
go h-olc ag Céin, agus níor ghlac Dia an ídhbirt uaidh.
Bhí croidhe Abel taithneamhach i láthair Dé, agus do glacadh
an ídhbirt uaidh. Nuair a chonaic Céin an méid sin
d'eirigh éad agus formad 'n-a chroídhe, agus mhairbh
sé a dhriotháir.



Rud iseadh formad ná deinean daoine puinn suime
dhé uaireanta, b'fhéidir. Ba cheart suim a dhéanamh Dé,
ámhthach. Deinean an Eaglais suim Dé. Áirighean sí
é ar cheann des na seacht cinn-pheacaí marbha. Ní
misde é dh'áireamh ortha, mar is préamh é ó n-a bhfásan
mórán uilc. Díbirean sé amach as croídhe an duine
an grádh ba cheart a bheith aige d'á chómharsain, agus
cuirean sé fuath i n-inead an ghrádha. Ní féidir grádh
do Dhia bheith sa chroídhe nuair a bhíon fuath do'n
chómharsain ann. Nuair a bhíon grádh Dé agus grádh
do'n chómharsain imthighthe as an gcroídhe cad a bhíon istigh
ann 'n-a ndiaigh? Bíon an uile shaghas uilc. As fuath
do'n chómharsain is ró fhuiriste díobháil do'n chómharsain
a theacht. Tiocfaidh as an bhfuath, go tiugh, cúlchaint,
agus tromaidheacht agus gearrachán, agus éitheach i
riocht na fírinne, agus beagáinín fírinne agus mórán
éithigh measgaithe air, i dtreó go ndéanfadh an beagán
fírinne an t-éitheach do chur i bhfeidhm níos daingine.
Ní'l aon teóra le malluightheacht na teangan nuair
a bhíon an croídhe folamh ó ghrádh Dé agus na cómharsan,


L. 103


agus gan istigh ann 'n-a n-inead ach an formad. Ní
mharbhuighean duine dhe'n tsórd san an chómharsa, mar
a mhairbh Céin a dhriotháir, ach deinean sé marbhughadh
chómh h-olc leis, marbhuighean sé clú a chómharsan. Agus
ní h-aon mharbhughadh amháin a dhéinean sé. Marbhuighean
sé clú an uile dhuine n-ar féidir le n-a theangain teacht
suas leis. Ní h-é sin féin, ach na daoine go mbíon
sé ag cogarnaigh leó, cuirean sé isteach 'n-a gcroídhe
an nimh atá istigh 'n-a chroídhe féin. Bíon sé 'ghá
mealladh chun an uilc chéadna agus ag múineadh an uilc
chéadna dhóibh go dtí go mbíd siad, ar ball, chómh h-olc
leis féin. Ní h-aon iongnadh i n-aon chor go ndeir
an Eaglais gur ceann des na cinn-pheacaí marbha an
formad.



Agus feuch mar a chuir sí an dá cheann-pheacadh san
ar leithligh, formad agus fearg. Ba dhóich le duine gur
bheag ná gur aon nídh amháin iad, agus feuch nách eadh.
Dá mb' eadh ní thabharfadh an Eaglais inead fé leith do
gach peacadh dhíobh. Bhéadh fearg ar dhuine, agus fearg
mhór, agus ní dhéanfadh sé cúlchaint. Peacadh iseadh
fearg, ach ní mar a chéile é agus formad. Má
déintear olc ar dhuine beidh fearg air, b'fhéidir, agus
déanfaidh sé olc i n-aghaidh an uilc. Ach fear an fhormaid,
déanfaidh sé olc marbhuightheach ar dhuine nár dhéin aon
olc riamh air. Is minic ná h-aithneóchá ar fhear an
fhormaid go mbéadh aon droch nídh i n-aon chor istigh
aige. Ghearrfadh sé do sgórnach agus é ag gáiridhe
leat. Bíon an ghnúis geal aige agus a chroídhe chómh
dubh le gual.



Is minic, a Chríosdaidhthe, go mbíon a lán de'n
fhormad san istigh i gcroídhe dhuine agus ná tugan
an duine féin fé ndeara é. Rud iseadh formad a
dh'éaluighean ar dhuine uaireanta. Nuair a chífir rud


L. 104


éigin fóghanta ag Dia 'á thabhairt do dhuine eile, an
saoghal ag eirighe leis an nduine sin níos fearr 'ná
mar atá sé ag eirighe leat féin, agus ansan nuair a
thiocfaidh an spriocadh, "Is fearr atá tógáilt cinn
de'n tsórd san tuillte agam-sa 'ná aige sin," seachain
an formad. Nuair a déarfaidh duine eile leat, duine
ná feadair conus a bhéal a dh'éisteacht, "Ba chirte
an tógáilt cinn sin a thabhairt duit-se 'ná é thabhairt
dó san! Ba mhór an éagcóir é thabhairt dó san agus
tusa dh'fhágáilt i n'éaghmuis," seachain an formad.
Nuair a thiocfaidh béal-gan-sgoth chun cainte leat,
agus dithineas air i dtreó go mbéadh tusach an sgéil aige,
agus a déarfaidh sé, "Ó, airiú feuch! an rud úd a bhí
geallta dhuit-se agus é tuillte go cruaidh agat, do
tugadh do'n duine eile úd é nár thuill i n-aon chor é!"
seachain an formad.



Is ró dheacair é sheachaint, go minic, mar fhormad.
Ach ní foláir é sheachaint. Ceann des na cinn-pheacaí
marbha iseadh é. Ní foláir é sheachaint agus is fiú
do'n Chríosdaidhe é sheachaint. An Críosdaidhe a
sheachnóchaidh é seachnóchaidh sé na h-uilc úd go léir a
dh'fhásan as, agus 'n-a theannta san beidh suaimhneas
aigne air féin. Deinean fear an fhormaid mórán
díobhála do'n uile dhuine a thagan crosta air, ach d'á
mhéid díobháil a dheinean sé do dhaoinibh eile deinean sé
díobháil is mó 'ná é dhó féin. Dá mba ar an saoghal
so féin é ní fhágan sé aige féin ó mhaidin go h-oídhche
ná ó Luan go Satharan ach croídhe cráidhte, croídhe
cráidhte, croídhe cráidhte! An Críosdaidhe a sheach-
nóchaidh an formad beidh síothcháin Dé 'n-a chroídhe ar an
saoghal so, beidh grádh Dé agus grádh a chómharsan 'n-a
chroídhe ar an saoghal so; is dóichígh-de san dó go mbeidh
grásta Dé go flúirseach aige chun gach dualgais eile


L. 105


do chómhlíonadh mar is cóir ar an saoghal so, agus
chun aoibhnis na bhflathas a thuilleamh dó féin ar an
saoghal eile. Go dtugaidh Dia san dúinn go léir !
Amen.



XVII.



AN DOMHNACH I SECSAGESIMA.



Léightear an Soisgéal. (Lúcás 8)



I dtaobh an tSoisgéil sin, a phobul, deir an Pápa
naomhtha Gregóir, agus is fíor dó é, gur maith an rud
dúinne mar a dhein an Slánuightheóir féin, moladh go
deó leis, brígh na soluíde do nochtadh d'á dheisgiobulaibh.
"Mura mbéadh gur dhein sé an nochtadh san," adeir
Gregóir naomhtha, "cé chreidfeadh mo chaint-se dá
n-abrainn gur bh' é saidhbhreas an tsaoghail seo na
sgeacha? Tugan saidhbhreas an tsaoghail seo pléisiúr
agus compórd do dhaoine. Ní'l aon chomparáid sa
nídh sin le sgeachaibh ná le deilgnibh."



Sin mar a labhran an naomh san ar an saidhbhreas
agus ar na sgeachaibh. Agus bíodh ná feicfeadh duine
ar an gcéad amharc fírinne na cosamhlachta, ní gádh dhó
puinn machtnaimh a dhéanamh air nuair a chífidh sé glan
go leór é.



"An chuid a thuit ameasg na sgeach," arsa'n
Slánuightheóir, "siniad an mhuintir a dh'airigh an focal,
ach ag dul dóibh i ndiaigh cúraim agus i ndiaigh saidhbhris
agus i ndiaigh pléisiúir an tsaoghail, múchtar iad agus
ní thugaid siad aon toradh."



'Seo rud agus is dócha ná fuil duine óg ná aosta


L. 106


sa phobul so nár airigh é go minic. Ruithean sgéal nua
lá éigin ar fuid na dútha go bhfuair a leithéid seo nó
a leithéid siúd na mílte púnt airgid agus gan aon
choinne aige leis. Tar éis raint laethanta gheibhtear
amach gur sgéal fíor é. Cad 'deir gach aoinne
láithreach? "Ó," adeir gach aoinne, "déanfaidh an
t-airgead san an donas air! Cuirfidh an t-airgead
san ar a aimhleas é. Ní fhágfaidh an t-airgead san
rath ná séan air. B'fhearra dhó ná feicfeadh sé aon
leathphinge riamh de'n airgead san." Sin mar a labhran
gach aoinne chómh luath agus a chíd siad gur sgéal fíor
é. Ní'l ach aon duine amháin ná labhrann ar an gcuma
san. Isé sin an t-é a gheibhean an t-airgead. Ní baoghal
go measfaidh sé sin go ndéanfaidh an t-airgead díobhail
dó. Agus rud greannmhar; an t-é is soiléire a chíon
go ndéanfaidh an t-airgead díobháil do'n t-é a fuair
é, ní chuirfeadh an saoghal 'n-a luighe air go ndéanfadh
a'n t-airgead céadna blúire díobhála dhó féin dá mb'
é a gheóbhadh é! Is ait an rud aigne an duine agus
is iongantach mar a dhallan saidhbhreas aigne an duine.
"Múchan sé iad agus ní thugaid siad aon toradh."



Ba dheas an cheist í seo do dhuine le cur chuige féin.
An dóich leat an raibh aon duine saidhbhir riamh ar an
saoghal so do thuig i n' aigne go raibh a dhóithin aige?
Ní dóich liom-sa go raibh. Agus rud is greannmhaire
'ná san féin, isé an t-é is mó a gheibhean an t-é is
sia, i gcómhnuighe, ó n-a dhóithin a bheith aige. An t-é
gur ráinig dó púnt a bheith aige bhéadh an sgéal go maith
dá mbéadh an dá phunt ann. An t-é go bhruil céad
púnt aige siúd amuich é, moch déanach, agus ní airighean
sé fuacht ná fliuchra ná anródh ná tuirse ach é ag obair
go fonnmhar feuchaint an bhféadfadh sé an dá chéad a
chur le chéile. An fear go bhfuil míle púnt aige, sin


L. 107


sguibh ar a bhéal agus faobhar ar a shúilibh, agus é ag
gluaiseacht ó chathair go cathair agus ó bhanc go banc
feuchaint an bhféadfadh sé bob a bhualadh ar dhuine
éigin, nó cleas deighleála dh'imirt ar dhuine éigin, agus
dá mhíle dhéanamh de'n mhíle púnt.



Cad é an tairbhe Soisgéal do léigheadh ná seanmóin
a thabhairt do dhaoinibh de'n tsórd san! Ní'l
ann, mar a dúbhairt an Slánuightheóir, ach ag caitheamh
an tsíl ameasg na sgeach. Sgeacha dáiríribh iseadh
an saidhbhreas, agus sgeacha iseadh pé sólás nó
pléisiúr saoghalta a gheibhtear as an saidhbhreas.
Priocaid siad agus gearraid siad agus stracaid siad
agus múchaid siad aigne an duine. Loitid siad
aigne an duine i dtreó ná bíon sí choídhche ach go teinn
agus go buartha agus go duairc. Agus fé mar a
mhéaduighean an saidhbhreas méaduighean an teinneas
aigne agus an bhuairt agus an duairceas. Measan
an t-é a bhíon ag ruith i ndiaigh an tsaidhbhris go mbeidh
áthas air nuair a gheobhaidh sé an rud atá uaidh. Tá
dearmhad air. Gheóbhaidh sé áthar, ach is áthas é a chuirfidh
teinneas croídhe air. Gheobhaidh sé pléisiúr, b'fhéidir,
ach ní fada go dtuigfidh sé gur pléisiúr bréagach an
pléisiúr, gur pleisiúr é go bhfuil eirball air, agus
go bhfuil cealg nimhe sa n-eirball. Imtheóchaidh an
pléisiúr agus fanfaidh an nimh. Beidh aigne an duine
bhoicht sin ar buile leis an dteinneas a thagan ó'n nimh
sin, ach ní dhéanfaidh an bhuile theinnis ach é chomáint
sa n-anachain ag lorg tuille saidhbhris agus tuille
pléisiúir agus tuille de'n nimh. Fé dheire tiocfaidh
an bás air. Conus fhéadfaidh an duine sin aghaibh a
thabhairt ar Dhia na glóire! Ach caithfidh sé aghaidh
a thabhairt air. Ní'l aon dul uaidh aige. Caithfidh sé
freagairt. Cad 'tá le rádh aige? Do múineadh fios


L. 108


aitheanta a chreidimh dó go cruinn i dtusach a shaoghail.
Do cuireadh ar a shúilibh dó go daingean nár cuireadh
ar an saoghal so é chun aon tsaghas eile gnótha dhéanamh
ach an gnó n-a mbéadh air freagairt ann nuair a
ghlaodhfadh Dia as an saoghal é. Do thuig sé an méid
sin go h-áluinn agus dhein sé beart do réir a thuisgiona
ar feadh tamaill. Ansan tháinig an dúil sa tsaidhbhreas,
nó an dúil sa phléisiúr, agus d'iompuigh sé i leith-
taoibh. Ní baoghal gur a gan fhios dó féin a dh'iompuigh
sé i leith-taoibh. Níor leig Dia riamh fós d'aon duine
dul i leith-taoibh mar sin a gan fhios dó. Le linn é
thabhairt an chéad choiscéim i leith-taoibh is cuimhin leis
go maith conus mar a bhí greim diúid agá choinsias air
istigh 'n-a chroídhe, a d'iaraidh é choimeád gan dul i leith-
taoibh, a d'iaraidh é choimeád ar an slígh chóir, a d'iaraidh
a chur fhiachaint air a leas a dhéanamh. Agus is cuimhin
leis go h-áluinn conus mar a chuir sé lámh ar bhéal
an choinsiasa chun a chur fhiachaint air éisteacht. Níor
bh'fhuiriste a chur fhiachaint air éisteacht. D'éis-
teadh sé ar feadh tamaill, b'fhéidir, an fhaid a bhíodh
an fiadhach ar siúbhal i ndiaigh an tsaidhbhris agus i
ndiaigh phléisiúir an tsaoghail. Nuair a bhíodh an gleó
imthighthe agus an ciúnas agus an t-uaigneas tagaithe
i n'inead, thosnuigheadh an coinsias ar chogarnach a
dhéanamh. B'shin í an chogarnach ghéar, an chogarnach
ghunta, an chogarnach dob' aoirde 'ná tóirthneach. Níor
fhéad an duine an chogarnach san a sheasamh. Níor bh'
fholáir dó géilleadh do'n chogarnach agus a leas a
dhéanamh, nó stop a chur leis an gcogarnaigh. Níor
theastuigh uaidh a leas a dhéanamh. Dúbhairt sé leis
an gcogarnaigh gan bheith 'ghá bhodhradh! Ní raibh aon
mhaith dhó ann. Do lean an chogarnach. Grásta ó Dhia
ab eadh an chogarnach. D'á mhéid a mheas sé cosg a chur


L. 109


léi iseadh is mó do labhair sí. Fé dheire chuir sé lámh
ar a sgórnaigh agus thacht sé í. Do thacht sé a choinsias.
Ansan bhí cead a chinn agus a chos aige. Siúd ar aghaidh
ansan é i ndiaigh an tsaidhbhris agus i ndiaigh gach pléisiúir
a bhí i gcoinnibh dlíghe Dé. Siúd ar aghaidh ansan é,
gan chosg gan stad gan staonadh, go dtí go dtáinig
deire an chúrsa air abhfad sar a raibh aon choinne aige
leis. Ó, is cuimhin leis an gnó go léir go h-áluinn.
Caithfidh sé seasamh anois i láthair Dé na glóire agus
freagairt. Cad é an fhreagairt atá aige se déanamh?



Is cruaidh an cheist í, a phobul, agus is cruaidh an
cás n-a bhfuil an duine sin ann, tar éis a shaoghail riamh,
tar éis an ráis go léir i ndiaigh an tsaidhbhris bhréagaigh,
i ndiaigh an phléisiúir bhréagaigh. B'fhéidir, tré mhór-
thrócaire an tSlánuightheóra, go bhfaghadh sé sagart
agus ola agus aithrighe sar a nglaodhfaí chun siúbhail
é. Ach b'fhéidir eile ná faghadh. Ní fheadair aoine.
Sin rud nách féidir d'aoinne aon bhreitheamhantas do
leagadh air. Ach pé deire bheidh ar an sgéal dó, ní
baoghal ná go dtuigfidh sé an uair sin ná fuil i saidh-
bhreas agus i sólás agus i n-aeraigheacht an tsaoghail
seo ach sgeacha agus deilgne agus nimh. B'fhearr é
thuisgint i n-am 'ná bheith 'ghá thuisgint i n-antráth. An
duine a dhiúltóchaidh d'é thuisgint i n-am ní'l aon dul
aige ó é thuisgint i n-antráth. An t-é thuigfidh i n-am
é coimeádfaidh sé é féin, le grásta an tSlánuightheóra,
amach as na sgeachaibh agus as na deilgnibh i gcaitheamh
an téarma bhig seo atá le caitheamh ag an t-é is sia a
mhairfidh, ar an saoghal so, agus beidh saidhbhreas nách
bréagach, sólás gan buairt i bhfolach ann, pléisiúr gan
dríodar nimhe ann, aige ins na flathais ar feadh na
síoruidheachta. An t-é ná tuigfidh i n-a-m é tuigfidh sé
go h-áluinn i n-antráth é. Chífidh sé go soiléir ná fuil


L. 110


aige i gcóir na síoruidheachta, tar éis a shaoghail riamh,
ach luaithreach an tsaidhbhris, an bhuairt a bhí i bhfolach
sa n-áthas go léir, dríodar nimhe an phléisiúir agus
na h-aeraigheachta, agus rud is measa agus is géire
'ná iad san go léir, an bhuairt mharbhuightheach a thioc-
faidh air nuair a chífidh sé cad 'tá caillte aige.



Go saoraidh Rígh na glóire sinn, a Chríosdaidhthe, ó
n-a leithéid sin de chrích agus ó n-a leithéid sin de bhuairt!



'Seo rud, a phobul, a dheinean trócaire Dé do Críos-
daidhthibh uaireanta, chun iad a choimeád ó'n ndroch
chrích sin. Is eól dúinn go léir gur minic le feisgint
Críosdaidhthe fóghanta, daoine macánta, diadha, agus
iad ag obair ó dhubh go dubh agus ó Luan go Satharn,
agus pé cor a thabharfaidís dóibh féin ná féadfaidís
aon rud i bhfuirm saidhbhris do chnuasach ná chur le chéile.
Chómh luath i n-Éirinn agus a ráinighean dóibh aon fhághaltas
beag a bheith i dteannta 'chéile acu siúd chúcha tionóisg
éigin, nó umárd éigin, nó glaodhach éigin ná raibh coinne
leis, agus a bhéarfaidh chun siúbhail é. Tosnóchaid siad
airís agus déanfaid siad cruinniughadh beag eile.
Déanfaid siad é go macánta agus go dleaghthach, le
h-allus a ngruadh féin agus le n-a gcríochnamhlacht
féin, gan baint i n-aon chor le cuid aon chómharsan.
Isé an sgéal céadna é. Ní túisge bhíon an cruinniughadh
beag eile déanta 'ná mar a thagan rud éigin eile, le
leamhnughadh Dé, chun é bhreith chun siúbhail. Agus feuch.
Isé saghas ruda a thagan go minic chun an fhághaltais
bhig a bhreith chun siúbhail 'ná gnó éigin, nó diúité éigin,
nách foláir a dhéanamh má's maith leis an gCríosdaidhe
an ceart a dhéanamh i dtaobh Dé. Is cuma an sgéal
uaireanta agus dá n-abradh an Slánuightheóir leis an
gCríosdaidhe: "Tá an méid sin cruinnighthe agat.
Tabhair dómh-sa anois é. Tá gádh agam leis." Is deacair


L. 111


sgaramhaint leis. Ach tugan an Críosdaidhe uaidh é,
agus cromhan sé a cheann airís chun na h-oibre, agus chun
fághaltais bhig eile chruinniughadh le congnamh Dé.



Sin mar a chaithid mórán des na Críosdaidhthe a
saoghal ar an dtaobh so de'n bhás. Agus cad é an brígh atá
leis? Sidé an brígh atá leis, a phobul. An Slánuightheóir
féin atá ansúd ag faire ortha, do ló agus d'oídhche,
'ghá gcoimeád amach as na sgeachaibh agus as na deilgnibh,
as an saidhbhreas bréagach agus as na mílte mí-adh agus
mí-fhortiún agus aimhleas a leanan é ar an saoghal so,
agus as an mí-ádh thar gach mí-ádh a thugan sé ar an anam
i gcóir na síoruidheachta, ar an saoghal eile. Tá
Críosdaidhthe, a phobul, atá ag caitheamh a dtréimhse ar
an saoghal go Críosdamhail agus go diadha, gan puinn
de shaidhbhreas an tsaoghail acu, agus go bhfeicean Dia,
ó is É a chíon gach uile nídh, ná féadfadh grásta Dé aon
ghreim a choimheád ortha, gan mírbhuilt éigin ó Dhia,
dá mbéadh tarang acu ar shaidhbhreas. Ní dhéinean an
Slánuightheóir an mhírbhuilt chun iad a chosaint ar olc
an tsaidhbhris, ach coimeádan sé an saidhbhreas uatha.
Sin adhbhar machtnaimh do Chríosdaidhthibh nuair a bheidh
an saoghal ag gabháil 'n-a gcoinnibh. Cuimhnighdís 'n-a
n-aigne gur b' é an Slánuightheóir féin, moladh go
deó leis ! atá 'ghá gcosaint ar na sgeachaibh agus ar na
deilgnibh, ar an saidhbhreas bréagach agus ar gach aimh-
leas atá 'ghá leanmhaint, i dtreó ná béadh aon rud le
teacht idir iad agus an fíor-shaidhbhreas, an saidhbhreas
ná caillfidh ar aoinne, saidhbhreas na bhflathas, an
saidhbhreas gur fhuiling an Slanuightheóir bás ar chrann
na croise chun é cheannach agus do chur i n-áirighthe
dhúinn go léir. Go gcuiridh an Slánuightheóir gléigeal,
tré impidhe na Maighdine Muire, an saidhbhreas uasal
san i n-áirighthe dhaoibh-se agus dómh-sa. Amen.


L. 112


XVIII.



An Domhnach i gCuincuagesima.



Léightear an Soisgéal. (Lúcás 18.)



Tá aon nídh amháin sa tSoisgéal san, a phobul, agus
is dócha go ndéanfadh sibh-se iongnadh dhé. Bhí an t-am
ag teacht do'n tSlánuightheóir, moladh go deó leis,
chun na h-oibre dhéanamh a thug ar an saoghal so é, chun
na cine daona do shaoradh le n-a bhás ar chrann na
croise. Do thóg sé leis i leith-taoibh an dáréag agus
d'inis sé dhóibh conus a bhí an obair sin le déanamh.
D'inis sé dhóibh nár bh'fholáir dó féin an pháis a
dh'fhulang; go dtabharfaí suas dos na céastóiríbh é;
go ngeóbhfaí de sgiúirsíbh air ; go dtabharfaí an uile
shaghas masladh agus tarcaisne dhó ; ansan go gcurfaí
chun báis é; agus ansan airís, go n-eireóchadh sé ó'n
mbás an trímhadh lá. Bhí an dáréag ag éisteacht leis.
Deir an Soisgéal, ámhthach, focal a chuirean iongnadh
orainne. Deir an Soisgéal nár thuigeadar an chaint.
"Agus níor thuigeadar-san aon nídh des na neithibh
sin, agus bhí an chaint sin folaighthe uatha, agus níor
thuigeadar na neithe a dúbhradh." Siné an tuairisg a
thugan an Soisgéal ar an dáréag nuair a dúbhairt an
Slánuightheóir an chaint sin leó, nuair a dh'inis sé dhóibh
roimh ré, ar an gcuma san, conus mar a bhí sé chun na
páise dh'fhulang agus chun báis a dh'fhulang; agus go
n-eireóchadh sé airís ó'n mbás. Déarfadh duine gur
bh' uathbhásach an sgéal a rádh nár thuigeadar an méid
sin, tar éis a raibh de theagasg tabhartha aige dhóibh i


L. 113


gcaitheamh na h-aimsire a bhí caithte acu ag éisteacht
leis.



Is dóich liom, ámhthach, má dheinimíd raint machtnaimh
ar an sgéal, go n-imtheóchaidh an iongnadh dhínn. Nídh
ab eadh páis agus bás agus aiseirighe ár Slánuightheóra
ná feacathas a leithéid riamh roimis sin ar an saoghal,
i n-aon pháirt de'n domhan. Nídh ab eadh é nár tháinig
machtnamh i gceart ar a leithéid isteach i n-aigne aon
duine riamh roimis sin. Bhí, gan amhras, targaireachtaí
ins na fáidhíbh 'ghá innsint go dtiocfadh an Slánuightheóir
agus go bhfuilingeóchadh sé pianta uathbhásacha. Ach
is ró bheag de'n phobul Eabhra do dhein breithniughadh
ceart ar thargaireachtaíbh na bhfáidh, ná ar an gcaint
a bhí ionta, ná ar bhrígh na cainte. An saoghal so, aer
an tsaoghail seo, baois an tsaoghail seo, uabhar an
tsaoghail seo, saidhbhreas an tsaoghail seo, pléisiúr
an tsaoghail seo, siniad na neithe a bhí ag déanamh
buartha do'n chuid ba mhó de'n phobul Eabhra, i
gcaitheamh a n-aimsire go léir nách mór; agus ní
targaireacht, ná fáidh, ná Slánuightheóir le teacht, ná an
chuma 'na ndéanfaí an slánughadh. Má bhí na daoine
go raibh tabhairt suas ortha agus go raibh eólus ar
leabhraibh agus ar léighean acu, má bhíodar chómh beag san
tuisgint, chómh beag san suim i dteacht an tSlánuightheóra
agus sa n-obair a bhí le déanamh aige, agus i nádúr na
h-oibre sin, conus fhéadfadh aon tuisgint i dtaobh oibre
an tSlánuightheóra a bheith i n-aigne na coitchiantachta, i
n-aigne na ndaoine ná raibh leabhar ná léighean acu,
ná aon tabhairt suas ortha? Ach pé daoine n-a mbéadh
an tuisgint acu ná ná béadh, ní baoghal go bhféadfadh
puinn dé a bheith ag na h-iasgairíbh bochta ná raibh aithne
ná eólus acu ar aon rud ach ar a ngnó beag féin. D'á
bhrígh sin, nuair a labhair an Slánuightheóir an chaint úd


L. 114


leó, ní h-aon iongnadh gur b' amhlaidh a leath a meabhair
ortha agus nár thuigeadar cad dó go raibh sé ag tagairt.
Mírbhuiltí iseadh chonacadar uaidh go dtí san. Cómhacht
Dé d'á cur i ngníomh coitchianta os cómhair a súl.
Conus a dh'fhéadfadh san teacht isteach le sgiúrsáil agus
le tarcaisne agus le cur chun báis! Gan amhras, d'á
dtugtí solus ó Dhia dhóibh chun an ghnótha san a thuisgint
do thuigfidís é. Ach níor tugadh, an uair sin. "Bhí
an chaint sin folaighthe uatha." Bhí a n-aigne dall, gan
radharc, agus níor bh'fholáir mírbhuilt a dhéanamh dóibh
chun an radhairc aigne a bhí i n-easnamh ortha do thabhairt
dóibh. Do tugadh dóibh an radharc san 'n-a dhiaigh
san nuair a thúirling an Spioraid Naomh ortha.



Anois tabhair fé ndeara cad a thuit amach láithreach
i ndiaigh na cainte sin a dúbhairt ár Slánuightheóir agus
nár thuig an dáréag.



"Bhíodar ag teacht i gcómhgar do'n chathair sin Iericó
agus bhí dall i n-aice an bhothair." D'airigh an dall
na daoine go léir agus iad ag siúbhal. D'airigh sé
an choisigheacht. D'fhiafraigh sé cad fé ndear an
ghluaiseacht go léir. Do h-innseadh dó gur bh' é Íosa
Nasaret a bhí ag gabháil an treó san. Bhí fhios aige
láithreach gur bh' shiné an duine a bhí ag tabhairt radhairc
dos na dallaibh go léir. Do liúigh sé amach láithreach,
"A Íosa, a Mhic Dáibhid, dein trócaire orm!" Níor
bh'fhéidir é chosg ar an liúireach go dtí gur tugadh
i láthair an tSlánuightheóra é agus gur thug an Slán-
uightheóir cómhachtach, moladh go deó leis, a radharc dó.



Measaim, a phobul, nách gan adhbhar a dhein an
Slánuightheóir an mhírbhuilt sin ar an ndall láithreach,
nó go luath, i ndiaigh na cainte a dhein sé leis an
dáréag. Do dhein sé an chaint leis an dáréag
agus níor thuigeadar brígh ná bunús na cainte.


L. 115


Bhíodar ag éisteacht le fuaim na bhfocal. Thuigeadar
na focail. Bhí fhios acu go maith cad é an brígh a bhí le
sgiúrsáil agus le caitheamh seilí agus le fonamhaid agus
le tarcaisne agus le tárnáil ar chrois. Ach níor
thuigeadar, an uair sin, mar a thuigeadar 'n-a dhiaigh
san é, cad é an toradh do'n chine daona go léir a bhéadh
ar na neithibh sin nuair a dh'fhuilingeóchadh an Slánuightheóir
iad, ná cad é an brígh a bhí le h-é 'ghá bhfulang i n-aon
chor. Bhí a n-aigne dall air sin, díreach fé mar a bhí
súile an daill dall ar na neithibh a bhí 'n-a thímpal.
Measaim gur dhein an Slánuightheóir an mhírbhuilt sin
ar an ndall chóm h-achmair do'n chaint a dhein sé leis an
dáréag, an chaint go raibh a n-aigne dall uirthi, chun
a chur i n-iúil do'n chine daona go bhfuil aigne an
duine, mura dtugtar solas na ngrást dó, chómh dall
ar chuid des na neithibh a bhainean le creideamh, agus
a bhí súile an daill úd ar na neithe a bhí 'n-a thímpal,
go dtí gur deineadh an mhírbhuilt a thug a radharc dó.
D'airigh an dáréag an chaint. Ní fheacaidh a n-aigne sa
chaint sin aon phioc de'n bhrígh a chíon gach aon Chríos-
daidhe inti ó'n lá a thúirling an Spioraid Naomh, an
chéad Domhnach Cíncíse. Tabharthas ó Dhia ab eadh an
Spioraid Naomh, agus tabharthas ó Dhia iseadh an
creideamh. Fé mar a thug an mhírbhuilt a dhein an
Slánuightheóir air, radharc a shúl do'n dall úd, do thug
teacht an Spioraid Naoimh solus aigne dos na h-Aspoil
agus dos na deisgiobuil i dtreó go raibh cumas
creidimh acu ná raibh acu roimis sin. Dhein an Slán-
uightheóir an mhírbhuilt chun radhairc a shúl a thabhairt
do'n dall. Níor dhein sé aon mhírbhuilt chun
radhairc na h-aigne, an radharc a bhainean le creideamh,
a thabhairt do'n dáréag. B'éigean dóibh fanamhaint le
teacht an Spioraid Naoimh. Taisbeánan san gur mó


L. 116


go mór le rádh radharc na h-aigne 'ná radharc na súl.
Ní bhainean radharc na súl ach leis an saoghal so.
Bainean radharc an chreidimh leis an saoghal eile. Is
féidir do dhochtúir go minic radharc súl a thabhairt do
dhuine. Ní féidir d'aon chómhacht shaoghalta creideamh
a thabhairt do dhuine. Ar deineadh riamh de mhúineadh;
ar tugadh riamh de theagasg; ar léigheadh riamh de
leabhraibh; ar cruinnigheadh riamh d'eólus; ní thabhar-
faidís creideamh do dhuine gan solus ó ghrásta Dé,
solus ó'n Spioraid Naomh, do theacht laistigh de'n
mhúineadh, laistigh de'n teagasg, laistigh de'n eólus.
Siné cúis n-a dtugtar sobháilcí diadha ar na trí
sobháilcíbh sin, creideamh agus dóchas agus carthanacht.



Ach bíodh gur mó go mór le rádh an radharc creidimh
sa n-aigne 'ná an radharc corpartha ins na súilibh, tá
cosamhlacht mhór eatortha ar aon chuma amháin pé
'n- Éirinn é. An dall úd gur thug an Slánuightheóir a
radharc dó le mírbhuilt, d'fhéadfadh sé an radharc san
a chailleamhaint airís. D'fhéadfadh sé é chailleamhaint
le galar. D'fhéadfadh sé é chailleamhaint le h-éagcóir
a dhéanamh ar a shúilibh. D'fhéadfadh sé é chailleamhaint
ar fiche slígh. Agus d'fhéadfadh duine an creideamh a
dh'fhághail le solus ó'n Spioraid Naomh, agus é bheith aige
go fírinneach ar feadh abhfad, agus é chailleamhaint n-a
dhiaigh san.



Nuair a dheinean duine peacadh deinean sé éagcóir
ar a chreideamh. Deinean sé gortughadh ar shúilibh a
chreidimh. Tugan sé an t-éitheach d'á chreideamh. Deir
a bhéal, "Creidim i nDia," agus deir a ghníomh, "Ní
chreidim." Má dheinean sé an peacadh an tarna h-uair
tá an gortughadh níor troime agus níos géire. Má
leanan sé de'n pheacadh, i n-aimhdheóin a choinsiasa, ní
fada go dtí ná beidh an "Creidimh i nDia" ach 'n-a


L. 117


bhéal aige, agus ná beidh 'n-a chroídhe ar fad ach "Ní.
chreidim." Beidh solus na ngrást ag lagughadh agus
ag dorchughadh istigh 'n-a chroídhe go dtí, fé dheire, ná
beidh aon leus radhairc i n-aon chor istigh, ach an doir-
cheacht ar fad. Deirim, a phobul, gur féidir do dhuine
an creideamh a chailleamhaint ar an gcuma san, agus
gur crith-eaglach an obair d'aon Chríosdaidhe leigint
do sholus a chreidimh sleamhnughadh uaidh mar sin. Tá
sé ag imtheacht ameasg na gcómharsan, agus ní'l aon
phioc d'á fhios ag aoinne ach ag Dia na glóire gur duine
gan creideamh é. Téidhean sé go h-Aifrean an Domhnaigh,
b'fhéidir, agus éistean sé le seanmóin. Ní bheirean an
tseanmóin aon ghreim ar chroídhe ná ar aigne air, mar
ní'l aon tsolus istigh. Tá brígh na cainte folaighthe
uaidh. Ní'l aon bhuairt aigne air, mar ní fheicean sé
aon rud a dhéanfadh aon bhuairt dó. Ní fheicean sé aon
rud a chuirfeadh buairt ná eagal air ach chómh beag agus
do chífeadh an dall an poll a bhéadh ar a aghaidh amach,
go dtí go dtuitfeadh sé ar mhullach a chinn isteach ann.



Tá an poll ar aghaidh an duine sin amach, an poll agus
é ar leathadh. Ní'l aon dul ó'n bpoll san aige.
B'fhéidir go bhfuil sé tamaillín uaidh. B'fhéidir go
bhfuil sé buailte leis. Bíodh sé fada nó gairid uaidh
ní'l aon teip ná go raghaidh sé isteach ann. Ansan iseadh
a dh'osgalóchar a shúile. Ansan iseadh chífidh sé fírinne
an chreidimh, ach ní creideamh ansan dó é ach radharc a
shúl féin. Ní creideamh d'aoinne radharc a shúl féin
a dh'admháil. Cad é an buidheachas is cóir a bheith ar
aoinne mar gheall ar radharc a shúl féin a dh'admháil?
" Deimhne ar na neithe ná feictear," a thugan Naomh
Pól ar chreideamh. Sin é an creideamh a gheobhaidh tuaras-
dal ó Dhia. Nuair a dh'imtheóchaidh duine as an saoghal
so agus sheasóchaidh sé i láthair Dé, ní'l ar a chumas a


L. 118


thuille "Ní chreidim" do rádh. Déarfaidh sé
"Creidim i nDia" ansan agus nára' maith aige. Ní
h-aon tairbhe dhó ansan é. Chífidh sé ansan go soiléir
go raibh sé ceart aige "Creidim i nDia" do rádh
i gcaitheamh a shaoghail anso, agus an focal a bheith istigh
'n-a chroídhe aige chómh maith agus bhí sé 'n-a bhéal aige,
agus beart a dhéanamh do réir an fhocail i gcaitheamh
a bheatha.



Chífidh sé nídh eile go soiléir, leis. Chífidh sé go bhfuil
aoibhneas síoruidhe caillte aige mar gheall ar a
chreideamh a chailleamhaint, agus gur b' é féin fé ndear
an dá chailleamhaint, mar gur le 'n-a thoil mhacánta
féin a mhúch sé solus an chreidimh istigh 'n-a chroídhe féin.
Dá n-abradh duine an uair sin leis, "Cad é an leigheas
a bhí agat-sa ar na peacaíbh a dheinis nuair a bhí solus
an chreidimh imthighthe uait?" Is tapaidh a thabharfadh
sé féin an freagra, "Is mé féin a mhúch an solus.
Nuair a bhíos 'ghá mhúchadh bhí fhios agam cad a thiocfadh
as. Ba chuma liom cé 'cu an uair sin. Ní féidir
dom an milleán a chur ar aoinne anois ach orm féin.
Ní'l aon lá ó thosnuigheas ar an solus a chur i n-éag
ná raibh ar mo chumas leigint dó lasadh suas dá mba
mhaith liom é. Nuair a bhí sé i n-éag ar fad do lasfaí
airís dom é dá leiginn é lasadh. Níor leigeas. Ní
raibh aon lorg ar sholus agam. B'é an doircheacht
ab fhearr liom. B'é ba shuaimhneasaighe an uair sin,
dar liom. Mé féin fé ndear an t-olc go léir agus
an chailleamhaint go léir. Aoibhneas na bhflathas caillte
agam! Dia na glóire 'n-a namhaid agam! Teínte
ifrinn le fághail agam! Pianta síoruidhe! Pianta
síoruidhe! Pian is géire 'ná gach pian, mé féin fé
ndear an t-olc go léir!"



Ní staraidheacht cainte í sin, a phobul. Fírinne iseadh


L. 119


í. Chun sinne do shaoradh ó-s na pianta síoruidhe sin
iseadh dh'fhuiling ár Slánuightheóir pianta na páise.
Mura mbéadh na pianta síoruidhe a bheith chómh dian,
chómh daor, chómh h-olc, cad ba ghádh an ceannach mór ar
fad? Nách uathbhásach an bhuile díthcéille nách foláir
a bheith ar an gCríosdaidhe do dhúnfaidh a shúile, súile
a chreidimh, agus do ghluaiseóchaidh ceann ar aghaidh, sa
tslígh a sheólan chun ifrinn, tar éis ar dhein an Slán-
uightheóir chun é shaoradh ó ifrean!



Iompuigh, a Chríosdaidhe, iompuigh i n-ainim Dé agus
Mhuire. Osgail súile do chreidimh agus iar ar Dhia
solus a chur ionta, fé mar a dh'iar an dall úd i n-aice
Ierichó ar an Slánuightheóir solus a chur 'n-a shúilibh
chorpartha. Cómhairleóchaidh an saoghal so dhuit éisteacht,
gan bheith ag déanamh toirmisg, díreach mar a
chómhairligh an tsluagh, an uair úd, do'n dall éisteacht
agus gan bheith ag déanamh toirmisg. Ach ná cuir-se
suim i nglór an tsaoghail seo. Liúigh ar an Slán-
uightheóir agus iar air solus an chreidimh do chur ar lasadh
airís ad' chroídhe. Déanfaidh an Slánuightheóir duit-se
é chómh maith agus a dhein sé do'n dall radharc a shúl a
thabhairt dó. Feuchfair ad' thímpal ar gach aon
rud, le radharc creidimh, agus taisbeánfaidh grásta
Dé dhuit cad is ceart duit a dhéanamh chun dul ó phiantaibh
síoruidhe ifrinn agus chun aoibhnis shíoruidhe na bhflathas,
an t-aoibhneas a cheannuigh an Slánuightheóir duit, do
chur i n-áirighthe dhuit féin.



Go dtugaidh Dia dhúinn go léir, tré impidhe na
Maighdine Muire, an t-aoibhneas síoruidhe sin do chur
i n-áirighthe dhúinn féin. Amen.


L. 20


XIX.



CÉADAOIN AN LUAITHRIGH.



Léightear an Soisgéal. (Maitiú 6.)



Ní dócha, a phobul, go bhfuil aon nídh le fághail fé
bhun Dé ar an dtalamh so is mó gur ceart gráin a bheith
air agus fuath a bheith dhó 'ná naomhthacht bhréagach.
Rud grána d'aon duine iseadh bheith 'ghá leigint air
go bhfuil tréithe maithe ann agus gan iad ann, agus
a fhios aige ná fuilid. Bréag 'n-a beathaidh iseadh
beatha an duine sin. Ach nuair a luighean duine amach
ar a chur i n-iúil dúinn go léir gur duine ana naomhtha
é, agus a fhios aige istigh 'n-a chroídhe ná fuil sé ach 'ghá
leigint air, is ró dheacair ainim a dh'fhághail a bheidh olc
a dhóithin do'n ghníomh feill atá ag an nduine sin 'á
dhéanamh. Tá sé olc a dhóithin ag duine bheith 'n-a dhroch
pheacach i láthair Dé, ach bheith 'ghá leigint air, sa n-am
gcéadna, i láthair daoine, gur naomh é! Is ró dheacair
do Dhia na glóire, moladh go deó leis, foidhneamh leis
an nduine sin.



Ar dhaoine de'n tsórd san iseadh do labhair an
Slánuightheóir an chaint seo atá i Soisgéal an lae seo
againn. "Deinid siad," ar seisean, "a gceannacha
mí-lítheach i dtreó gur dhóich le daoine iad a bheith ag
déanamh trosgaidh." Ansan deir sé focal eile agus
is cóir dúinn machtnamh a dhéanamh air go dlúth.
"Deirim libh, go deimhin," ar seisean, "go bhfuil a
ndíoluigheacht féin fághalta acu."



Cad é an díoluigheacht é sin a bhí fághalta acu agus


L. 121


do ghearr amach iad ó aon díoluigheacht eile dh'fhághail?
"A ndíoluigheacht féin" a thugan an Slánuightheóir air.
Cad é an díoluigheacht é, a phobul? Sidé é.



Isé nádúr na ndaoine riamh go mbíon uraim ana
mhór acu do naomhthacht beatha nuair a chíd siad é.
Má's naomhthacht fhírinneach é is ceart an uraim sin
a thabhairt dó. Nuair a chíd na daoine cómharthaí so-
fheicse naomhthachta tuigid siad 'n-a n-aigne go bhfuil
an naomhthacht sa n-áit 'n-a bhfeicid siad na cómharthaí.
Nuair a chíd siad an aghaidh bhán, mhí-lítheach agus an
ghnúis ghruama, dhorcha, gan sult gan gáire ann, "Ó,"
adeirid siad leó féin," is ana naomhtha an duine é sin!
Is uathbhásach a ndéinean sé de throsgadh agus de
thréadhnas agus de chlaoidh ar a cholainn ar gach aon
tsaghas cuma, nó ní bhéadh an driuch san air." Ansan
tagan árd uraim acu do'n duine sin. Tá daoine
ann, a phobul ; bhíodar ann an uair sin, pé 'n-Éirinn é,
agus bhí ana dhúil acu sa n-uraim sin ó'n bpoibilidh-
eacht, ach ní raibh aon dúil i n-aon chor i dtrosgadh ná
i dtréadhnas acu, ná i n-aon nídh eile do ghoillfeadh
ar an gcolainn ná do chuirfeadh aon tsrian le
h-ainmhiantaibh na colna. Cheapadar an uraim a
dh'fhághail ó'n bpoibilidheacht agus gan aon trosgadh
dhéanamh chun na h-urama thuilleamh. Ansan do
thánadar ar a n-aghaidh agus dheineadar rud éigin leis
a chuir an dath mí-lítheach air i dtreó gur dhóich leis
na daoine go raibh an trosgadh acu 'á dhéanamh. Bhuail-
eadar bob ar na daoine ar an gcuma san agus fuaradar
an uraim a bhí uatha. B'shin cuid d'á ndíoluigheacht
féin.



Má dhein cuid acu trosgadh dáiríribh, agus gur chun
na h-urama san a dh'fhághail ó'n bpoibilidheacht a dhein-
eadar é, agus go bhfuaradar an uraim sin a bhí uatha,


L. 122


bhí a ndíoluigheacht fághalta acu, an díoluigheacht a bhí
uatha, agus ní raibh aon teidiol acu chun aon tsaghas
eile díoluigheachta. Ní raibh aon teidiol acu chun aon
díoluigheachta dh'fhághail ó Dhia na glóire mar gheall ar
an dtrosgadh a dheineadar má ba throsgadh dáiríribh
féin é. Bhí an sgéal go h-ait acu. Uraim agus
creideamhaint acu ó dhaoine mar 'dh eadh go rabhadar
ana naomhtha, ana uasal i láthair Dé, agus gan blúire
bríghe leis an gcreideamhaint ná leis an naomhthacht
ná leis an uaisleacht, i láthair Dé. Ainim naomhthachta
ortha agus gan acu ach an ainim. An trosgadh agus
an tréadhnas déanta acu, b'fhéidir, agus gan pioc d'á
bhárr acu ach an rud san gan ghus gan tairbhe, moladh
ó bhéalaibh daoine, moladh baoth, moladh bréagach, moladh
ná creidid na daoine a thugan é, go minic. Is
suarach an tuarasdal é, ach isé an tuarasdal a bhí
uatha é, agus ní'l aon teidiol acu chun aon tuarasdail
eile.



Bhí daoine de'n tsórd san ar an saoghal le linn ár
Slánuightheóra. Tá daoine de'n tsórd san ar an saoghal
fós. Is mairg a dhéanfadh aithris ortha. Do chómh-
airligh ár Slánuightheóir d'á dheisgiobulaibh gan aithris
a dhéanamh ortha. "Ach tusa," ar seisean, "nuair a
dhéanfair trosgadh, cuir oíle ar do cheann agus nigh
t' aghaidh, i dtreó ná h-aithneóchaid daoine tú bheith ag
déanamh trosgaidh, ach go n-aithneóchaidh t' Athair é atá
fé cheilt, agus go dtabharfaidh t' Athair, a chíon fé cheilt,
do dhíoluigheacht duit."



Tá Críosdaidhthe ann, buidheachas le Dia, agus ní
cuid bheag acu é, agus deinid siad an chómhairle sin
do ghnáth. Pé gníomhartha maithe, diadha, a dheinid siad,
a gan fhios do'n tsaoghal iseadh dheinid siad iad. Coimeád-
aid siad an sgéal go léir idir iad féin agus Dia na


L. 123


glóire. Chíon Dia iad a gan fhios do'n tsaoghal, agus
tabharfaidh Dia dhóibh, a gan fhios do'n tsaoghal, tuarasdal
agus díoluigheacht ná féadfadh an saoghal a thabhairt
dóibh. Is ar Chríosdaidhthibh de'n tsórd san is ceart
dúinn aithris a dhéanamh agus ní h-ar dhaoinibh baoithe,
ar dhaoinibh leanabaidhe, ná féadfadh an gníomh fóghanta
is lúgha a dhéanamh mura molfaí iad.



Tá an sgéal olc go leór, a phobul, ag na daoine a
dheinean na deagh-oibreacha agus do loitean iad leis
an ndúil bhaoth a bhíon acu go molfaí iad. Ach cad
'tá againn le rádh leis an nduine a bheidh 'n-a dhiabhal
ó ifrean a gan fhios do'n tsaoghal, agus a bheidh 'ghá
leigint air os cómhair na poibilidheachta gur naomh é!
Ní'l aon dabht ar domhan air ná go raibh daoine de'n
tsórd san ameasg na n-Iúdach i n-aimsir ár Slán-
uightheóra. Siniad na daoine a chuir sé féin, moladh
go deó leis, i gcomparáid leis na tuamaíbh a bhí aolta,
geal, glan, lasmuich, agus gan istigh ionta ach an
bréantas, gan istigh ionta ach na cuirp a bhí ag dreóghadh
agus ag lobhadh agus ag tuitim as a chéile, agus go
marbhóchadh aon phuth amháin d'á mbréantas an fear is
treise ar an gcnoc! Ba chruaidh an chomparáid í, a
phobul, ach isé Béal na Fírinne do dhein an chomparáid.
Ní baoghal go ndeighidh sé thar an bhfírinne sa chomparáid.
Agus feuch. Na daoine ar ar dhein sé an chomparáid
chruaidh sin, daoine galánta, creideamhnacha ab eadh
iad ; daoine a bhí uasal ameasg a gcómharsan; daoine
go raibh ainim agus cáil agus clú naomhthachta ortha;
daoine, ba dhóich leat, do shéidfeadh fuil-shrón dá
mbéadh sé de sgairt ag aoinne peacadh chur 'n-a leith!
Agus do chuir an Slánuightheóir i gcomparáid iad leis
an dtuama a bhí aolta, geal, glan, lasmuich, agus gan
istigh ann ach an bréantas.


L. 124


Dúbhairt an Slánuightheóir, leis, an focal eile úd
leó. "Tá," ar seisean, "a dtuarasdal féin fághalta
acu." Bhí a dtuarasdal fághalta ag an muintir a
dhein na fíor dheagh-oibreacha, ach do dheiniad chun go
molfaí iad. Bhí a dtuarasdal fághalta acu san.
Fuaradar an moladh, ó bhéalaibh daoine. Ba neamh-
ghusamhail an tuarasdal é. Ach isé a bhí uatha, agus do
fuaradar é. Ach cad mar gheall ar an bhfear nár
dhein na deagh-oibreacha i n-aon chor? An fear nár
dhein trosgadh ná tréadhnas ná aon smachtughadh eile ar
a cholainn, ach do shásaimh an uile dhroch mhian d'á raibh
'n-a chroídhe, agus ansan do chuir an dath ar a chean-
nachaibh i dtreó gur dhóich le cách go raibh sé 'ghá mharbh-
ughadh féin le trosgadh agus le dian-smacht ar a
cholainn? Cad é an tuarasdal a bhí fághalta aige
sin? Bhí, an tuarasdal a bhí uaidh, moladh ó bhéalaibh
daoine agus sásamh a chroídhe féin ar na h-ainmhiantaibh,
agus rud eile, saidhbhreas saoghalta. Chonaic na daoine
an droch dhriuch air agus mheasadar gur dhuine ana
naomhtha é, agus do bhronnadar a stór féin air go
fial. Thugadh sé déirc uaidh dos na daoine bochta,
agus nuair a bhíodh sé ag tabhairt na déarca uaidh bhíodh
fear cloig roimis amach agus é ag gabháil tríd an sráid
agus an fear ag bualadh an chloig. Chíodh na daoine
an fear naomhtha agus é ag tabhairt na déarca uaidh
agus an clog d'á bhualadh, agus bhíodh a mbasa anáirde
acu agus iad ag déanamh iongnadh de'n duine naomhtha
a bhí ag tabhairt a choda go léir dos na daoine bochta.
Ansan, nídh nár bh'iongnadh, thugaidís, go fial, cuid
d'á saidhbhreas féin do'n duine naomhtha i dtreó go
mbéadh flúirse aige le tabhairt dos na daoine bochta.
Ba mhó go mór a gheibheadh sé 'ná mar a thugadh sé uaidh.
Ní raibh sa déirc, tar éis na gclog agus uile, ach báite


L. 125


beag chun beirthe ar an iasg mór. Fuair sé an moladh,
agus fuair sé an t-iasg mór ar an mbáite mbeag.
B'shin é an tuarasdal a bhí uaidh. Fuair sé an tuarasdal
san. Ní cóir é mhaoidheamh air. Ba shuarach le rádh é
ar ball. D'ith na leóin é agus d'ith an mheirg é, agus
tháinig na bitheamhnaigh agus thóchadar é agus ghoideadar
é. Mheas sé go mbéadh sólás agus pléisiúr aige as
an saidhbhreas, ach ní raibh sa tsaidhbhreas ar ball aige
ach luaithreach. Nuair a bhí a shaoghal imthighthe ní raibh
aon mhaith sa tsaidhbhreas. D'imthigh tairbhe an tsaidhbhris
le h-imtheacht na h-aimsire, agus d'imthigh sé a gan
fhios dó. Do ghoid an aimsir tairbhe an tsaidhbhris
uaidh.



Déinimís machtnamh ar an mbeirt sin, a phobul.
An baothaire buile do dhein na deagh-oibreacha go léir,
an trosgadh agus an tréadhnas agus an smachtughadh ar
a cholainn agus an déirc, agus ansan do loit iad go
léir air féin le n-a bhaothaireacht, leis an ndúil ann-
spianta a bhí aige i moladh na ndaoine dh'fhághail. Agus
an feallaire éithigh, an cladhaire ná raibh 'n-a bheatha ar
fad ach bréag, an sgéiméir a bhí 'n-a naomh lasmuich
agus 'n-a dhiabhal ó ifrean laistigh; an fear a leig
air bheith ag déanamh na ndeagh-oibreacha go léir agus
ná raibh 'ghá ndéanamh i n-aon chor; an fear a bhí 'ghá
leigint air go raibh sé ag déanamh an trosgaidh, agus
gur bh'é rud a bhí aige "á dhéanamh 'ná craos; an fear a
bhí 'ghá leigint air go raibh sé geanmnaidhe agus a
chroídhe lobhtha le drúis a gan fhios do'n tsaoghal; an
fear a bhí 'ghá leigint air go raibh déirc aige 'á dhéanamh,
agus gan aige 'á dhéanamh ach cleasaidheacht chun daoine
dhalladh agus saidhbhreas a mhealladh uatha agus an
tsaint a bhí 'n-a chroídhe do shásamh.



Déinimís machtnamh ar an mbeirt. Cad a fuair


L. 126


aoinne acu de bhárr a shaoghail agus de bhárr a
shaothair? An tuarasdal a thuilleadar siné an tuar-
asdal a fuaradar, tuarasdal a rug na leóin agus
na bitheamhnaigh uatha ar an saoghal so agus nár fhág
acu, i gcóir an tsaoghail eile, ach ifrean agus pianta
síoruidhe.



Bhí an dá shaghas daoine sin ar an saoghal, a phobul,
le linn ár Slánuightheóra. Siné cúis n-ar labhair sé
le n-a dheisgiobulaibh 'n-a dtaobh. Tá an dá shaghas
ar an saoghal fós. Siné cúis go gcuirean an Eaglais,
le h-órdughadh an tSlánuightheóra, an Soisgéal san d'á
léigheadh amach a' Leabhar an Aifrinn indiu do phobulaibh
an domhain.



Tá an baothaire againn anois chómh maith agus a bhí
an uair sin. Déanfaidh sé gníomhartha fóghanta,
gníomhartha do chuirfeadh isteach go flathas Dé é, do
chosaibh tiorma, dá mb'áil leis gan iad do lot le n-a
chuid baothaireachta, ach gníomhartha ná fuil aon rud
d'á mbárr aige ach an moladh a gheibhean sé, mar is
chuige sin a dhéinean sé iad.



Tá an fear eile úd again, leis, an fear is measa
go mór 'ná an baothaire d'á olcas é, an fear atá 'n-a
naomh lasmuich agus n-a dhiabhal laistigh, an tuama aolta.
Tá a thuarasdal gearrtha amach dó san leis, agus
gheobhaidh sé é. Is olc an tuarasdal é, ach tá sé tuillte
go maith aige. Bréag ab eadh a bheatha go léir ar an
saoghal so. Cá bhféadfadh sé dul ar an saoghal eile
ach síos go h-ifrean, ag triall ar athair na mbréag?
Síos a raghaid siad araon. Isé athair na mbréag athair
an uabhair. Is le h-athair an uabhair an baothaire. Is
ar an uabhar a mhair sé i gcaitheamh a shaoghail. Éileóchaidh
an mac mallachtain an bheirt agus gheobhaidh sé an
bheirt.


L. 127


Aoinne de'n dá shaghas daoine sin atá ar an saoghal
so fós tá aon dul as amháin acu. Má fheuchaid siad
isteach 'n-a gcroídhe féin agus má iompuighid siad ar
an Slánuightheóir agus má dheinid siad an aithrighe, tá
ar a gcumhas fós an t-olc go léir do leigheas. Má
thugaid siad a cheart féin do ghrásta Dé, a bhíon coit-
chianta ag labhairt leis an bpeacach, 'ghá iaraidh air
iompáil ar Dhia, agus ansan má dheinid siad an ghlaodh
sin d'fhreagairt, go dílis agus go dúrthachtach, tabhar-
faidh an Slánuightheóir grásta na h-aithrighe dhóibh, agus
déanfaid siad an aithrighe.



Ansan béid siad oireamhnach ar éisteacht leis an
gcómhairle a thug an Slánuightheóir d'á dheisgiobulaibh
i ndeire an tSoisgéil sin a Léigheas daoibh: "Ná
cruinnighidh stór daoibh féin ar an dtalamh so, mar a
n-ithean an león agus an mheirg é, agus mar a ndeinid
na bitheamhnaigh é thóch agus do ghoid. Ach cruinnighidh
stór daoibh féin ins na flathais, áit ná loitean an león
ná an mheirg é agus ná deinid na bitheamhnaigh é thóch
agus é ghoid. Óir, an áit 'n-a bhfuil do chuid stóir
is ann atá do chroídhe."



Go dtugaidh Dia dhúinn go léir, tré impidhe na
Maighdine Muire, an chómhairle sin do ghlacadh agus
beart a dhéanamh d'á réir. Amen.


L. 128


XX.



AN CHÉAD DOMHNACH DE'N CHARAIGHEAS.



Léightear an Soisgéal. (Maitiú 4.)



Tá deifrigheacht aigne, a phobul, idir na h-aithreachaibh
naomhtha i dtaobh bríghe an chéad fhocail atá sa tSoisgéal
san. Cuid acu 'ghá rádh gur bh'é an Spioraid Naomh
do sheól an Slánuightheóir amach sa bhfásach, agus cuid
acu 'ghá rádh gur bh' é an annsprid a sheól é. Ach ní
cóir puinn suime chur sa deifrigheacht aigne sin. Má
bhéadh sé bun os cionn leigint do'n annsprid é sheóladh
amach sa bhfásach, ba chóir go mbéadh sé bun os cionn
leigint do'n annsprid cath a chur air nuair a bhí sé
amuich. Ach do leigeadh do'n annsprid an cath do chur
air. Ar aon chuma ní gádh puinn cainte dhéanamh ar
an sgéal anois, mar tá, is dóich liom, lucht eóluis,
nó a bhformhór, ar aon aigne 'n-a thaobh. Dar leó isé
an Spioraid Naomh do sheól amach sa bhfásach é chun go
gcuirfeadh an annsprid cath air.



Is ceart dúinn, a phobul, an uile fhocal de'n
tSoisgéal so do bhreithniughadh ana ghéar, ana chruinn.
Do seóladh an Slánuightheóir amach sa bhfásach. Cad
é an brígh atá leis an seóladh san? Ní raibh aon ghádh
le seóladh aige; d'fhéadfadh sé dul amach ann uaidh
féin ; ach chun a chur i n-iúil dúinne gur ceart dúinn
ár dtoil a chur le toil Dé dhein sé trosgadh,
trosgadh ana dhian, ar feadh dachad lá. Ní raibh
aon ghádh leis an dtrosgadh san aige. Ní raibh aon
pheacadh air. Ní fhéadfadh a bheith. D'fhuiling sé pian


L. 129


an trosgaidh, fé mar a dh'fhuiling sé gach aon phian
eile do bhain le n-a pháis agus le slánughadh an
domhain. Nuair a bhí an trosgadh déanta tháinig an
annsprid ag triall air, chun an chatha do chur air. Cad
chuige gur ceaduigheadh do'n annsprid a leithéid sin
de bheart a dhéanamh? Níor deineadh aon ghníomh i
dtaobh an tSlánuightheóra gan brígh doimhinn, diamhar
leis an ngníomh, agus níor labhradh aon fhocal 'n-a
thaobh gan brígh doimhinn, diamhar leis an bhfocal.



Do seóladh an Slánuightheóir amach sa bhfásach. Níor
chuaidh sé amach as bithinn a thoile féin. Taisbeánan
san dúinne nách fé stiúrughadh ár dtoile féinis ceart
dúinn aon ghníomh a dhéanamh, bíodh gur gníomh fóghanta é,
ach gur ceart dúinn é dhéanamh ag freagairt do thoil Dé.



Ansan do dhein an Slánuightheóir an trosgadh, trosgadh
dian, ar feadh dachad lá agus dachad oídhche. Trosgadh
mírbhuilteach ab eadh an trosgadh san, ach níor bhain
an mhírbhuilteacht an déine as. Choimeád cómhacht
Dé an Duine ó bhás a dh'fhághail tré dhéine an trosgaidh,
ach níor choimeád cómhacht Dé an Duine gan an pian a
dh'fhulang a tháinig ó dhéine an trosgaidh. Bhí an pian
géar do réir fhaid na h-aimsire agus bhí an fulang
géar do réir ghéire na péine. Do bheannuigh an Slán-
uightheóir trosgadh an Charaighis leis an dtrosgadh san,
agus do ghlac an Eaglais an trosgadh agus dhein sí
dlígh 'n-a thaobh agus cheangail sí ar gach duine a
bhainean leis an Eaglais, agus atá sa n-aois agus
sa tsláinte chuige, an trosgadh san an Charaighis a
dhéanamh, do réir mar is féidir dóibh. Dhein an Eaglais
an nídh sin ar an intinn gcéadna díreach ar ar dhein
an Slánuightheóir an trosgadh, chun a thaisbeáint do
Chríosdaidhthibh go bhfuil ortha pionós a dh'fhulang mar
gheall ar a bpeacaíbh.


L. 130


Is ceart do gach aon Chríosdaidhe, d'á bhrígh sin, dlígh
na h- Eaglaise do ghlacadh ar an nídh sin agus beart a
dhéanamh d'á réir, an trosgadh dhéanamh fé mar a
dh'órduighean an Eaglais é, lasmuich de dhíobháil
sláinte dhéanamh dó féin. Ní'l aon bhaoghal go n-iar-
faidh an Eaglais ar aoinne díobháil sláinte dhéanamh
dó féin. Is minic, ámhthach, go measfadh duine
go ndéanfadh trosgadh díobháil sláinte dhó agus go
mb'fhéidir, i n'inead san, gur tairbhe sláinte dhéanfadh
sé dhó. Is ró mhinic gur mó go mór an díobháil sláinte
a dheinean caitheamh bídh 'ná mar a dhéanfadh staonadh
ó bhiadh. Tá a lán daoine a dh'ithean an iomhad bhídh agus
is dóich leó féin ná h-ithid siad ach a ndóithin. Pé
sgéal é, ní'l aon dabht air ná gur fearr-de sláinte
aon duine lá anois agus airís do chaitheamh gan puinn
bídh a dh'ithe. Sin a n-iaran an Eaglais ar Chríosdaidhthibh
a dhéanamh sa n-aimsir seo, lá anois agus airís a
chaitheamh gan puinn bídh a dh'ithe.



Ach iaran an Eaglais i gcómhnuighe ar gach aon
Chríosdaidhe staonadh ó'n bpeacadh. Siné an trosgadh
nách féidir d'aoinne bheith saor uaidh. Tá an trosgadh
san ceangailte ar gach aoinne. Cabhruighean trosgadh
ó'n mbiadh leis an nduine chun staonadh ó'n bpeacadh,
chun ainmhianta na colna do chlaoidh agus do smachtughadh.
Chuige sin iseadh do chuir an Slánuightheóir a bheannacht
ar an dtrosgadh nuair a thug sé an dachad lá agus an
dachad oídhche gan biadh ná deoch sa bhfásach.



An Críosdaidhe atá tar éis ainmhianta a cholna do
chlaoidh go maith le trosgadh agus le tréadhnas, nuair
a thiocfaidh an annsprid ag triall air, ag cur catha
air,'ghá spriocadh chun an pheacaidh, is dóichíghde dhó,
le congnamh ó ghrásta Dé, an buadh dh'fhághail ar an
annsprid. Ní raibh aon ghádh ag an Slánuightheóir, moladh


L. 131


go deó leis, le trosgadh ná le tréadhnas chun buadh
dh'fhághail ar an annsprid. Ní mar sin dúinne. Agus
na gníomhartha a dhein ár Slánuightheóir tá teagasg
dúinne ionta, chómh maith agus atá ins na focalaibh a
labhair sé. Tar éis an trosgaidh iseadh do ceaduigheadh
do'n annsprid teacht chun an chatha do chur air. Innsean
san dúine go soiléir gur ceart dúinn ár gclaonta
agus ár n-ainmhianta bheith fé smacht againn i gcómh-
nuighe, i dtreó nuair a thiocfaidh an namhaid ná tiocfaidh
sé a gan fhios orainn agus ná beidh ár gclaonta féin
ag cabhrughadh leis i n-ár gcoinnibh. An fear ná
smachtuighean a cholann choídhche, an fear ná fuil de
chuimhneamh i n' aigne, ó mhaidin go h-oídhche ná ó Luan
go Satharn, ach conus is fearr a thiocfaidh sé ar é féin
a chothughadh, conus is féidir dó san an cath do sheasamh
nuair a thiocfaidh an namhaid? Tá fhios againn go
léir go dian mhaith cad a dhéanfaidh sé. Na
h-ainmhianta nár smachtuigh sé riamh ní baoghal go
smachtóchaidh sé an uair siniad. Táid siad láidir,
cothuighthe, annrianta aige. Tabharfaidh sé cead a
gcinn dóibh. Sgaoilfidh sé a srian féin leó. Tabhar-
faidh sé é féin suas ar fad dóibh. Imtheochaidh sé leó
agus tabharfaidh sé druim lámha le Dia na glóire.
Ná fuil san fíor, a phobul? An bhfuil aon tsárughadh
ar an bhfírinne ann? Mura bhfuil, nách mór an
t-amadán an t-é do chothuighean an namhaid atá istigh
i dtreó go mbeidh sé ollamh chun cabhruighthe leis an
namhaid amuich? Ach an t-é do smachtóchaidh an namhaid
atá istigh agus choimeádfaidh fé chois é, ní baoghal dó
an namhaid atá amuich, mar ní bheidh an namhaid istigh
ábalta ar an ndorus a dh'osgailt dó agus caithfidh
sé fanamhaint amuich.



Fé mar atá teagasg dúinn, a phobul, sa trosgadh


L. 132


a dhein ár Slánuightheóir, tá teagasg dúinn, leis, sa
chuma 'n-ar cuireadh cath air, agus sa chumha n-ar
fhreagair sé gach cath d'ár cuireadh air. Do cuireadh trí
cathana air. Ní raibh fhios ag an annsprid cé bhí aige
Bhí fhios aige go raibh an Slánuightheóir geallta agus go
raibh sé le teacht. Bhí fhios aige, leis, go raibh an duine
seo 'ghá rádh gur bh' é féin an Slánuightheóir sin a bhí
geallta do'n chine daona ó thusach. Bhí fhios aige go
raibh an duine tar éis an trosgaidh mhóir a dhéanamh.
Cheap sé tástáil a bhaint as. Ghreamuigh sé an tástáil
ar dhá nídh, ar uabhar agus ar dhúil i mbiadh. Bhí fhios
-aige an aigne dhaona bheith claon chun an uabhair, agus
bhí fhios aige an gádh bheith leis an mbiadh tar éis
an trosgaidh mhóir. "Má's tú Mac Dé," ar
seisean, "órduigh arán a dhéanamh des na clochaibh
sin." B'é sin le rádh, má's tú Mac Dé, anois an
t-am agat chun é thaisbeáint. Dein arán des na
clochaibh sin. Taisbeáin do chómhacht. Ní féidir d'aoinne
a rádh ná go bhfuil gádh leis an gcómhacht anois tar éis
an trosgaidh go léir. Mura dtaisbeánair an chómhacht
anois ní chreidfidh aoinne go deó go bhfuil an chómhacht
agat, ná gur tú Mac Dé. Cheap an annsprid go
gcuirfeadh an t-uabhar fhiachaibh air tabhairt fé an
mírbhuilt a dhéanamh, agus mura raibh ann ach duine
go dteipfeadh air an mhírbhuilt a dhéanamh mar gheall
ar é ghéilleadh do'n uabhar. Fuair sé, as an sgríbhinn
diadha féin, freagra ná raibh coinne aige leis, agus
nár thug aon bhlúire eóluis dó ar cé bhí ag caint leis.
Sidé an freagra: "Tá sgríobhtha: Ní h-ar arán
amháin a mhairean an duine, ach ar an uile fhocal d'á
dtagan ó bhéal Dé."



B'é sin le rádh: "Ní'l aon ghádh le h-arán a dhéanamh
des na clochaibh seo chun mé choimeád beó, agus dá


L. 133


mbéadh eólus ceart agat-sa ar an sgríbhinn diadha
do thuigfeá ná fuil. Do thuigfeá gur féidir do Dhia
duine choimheád beó gan aon chongnamh ó arán, má 'sé
a thoil naomhtha é dhéanamh."



Bhí fírinne ana dhoimhinn sa bhfreagra san agus fós ní
bhfuair an namhaid ann ach freagra a dh'fhéadfadh aon duine
tuisgionach a thabhairt uaidh. Do fágadh an namhaid gan
eólus. Bhí teipithe ar an dtástáil sa méid sin.



Dhéin an namhaid tástáil eile. Do thóg sé an Slán-
uightheóir leis agus chuir sé 'n-a sheasamh ar spuaic an
teampaill é, agus dúbhairt sé leis: "Má's tú Mac
Dé caith thú féin le fánaidh. Óir tá sgríobhtha: mar
go dtug sé órdughadh d'á aingealaibh ad' thaobh, agus
glacfaid siad 'n-a lámhaibh thú sar a mbuailfeá do chos
i gcoinnibh cloiche."



B'é sin le rádh: "Tá súd sgríobhtha i dtaobh Mhic
Dé, nuair a thiocfaidh sé. Deir daoine gur tusa É.
Má's tú, anois an t-am agat chun a thaisbeáint gur
tú. Má's tú É ní misde dhuit thú féin a chaitheamh
le fánaidh, mar fíorfar an sgríbhinn ad' thaobh agus
ansan beidh fhios ag an uile dhuine gur tú Mac Dé.
Mura gcaithir thú féin le fánaidh anois déarfaidh gach
aoinne nách tú Mac Dé i n-aon chor, mar dá mba thú
ná béadh aon eagal ort thú féin a chaitheamh le fánaidh."



"Tá rud eile sgríobhtha, leis," arsa'n Slánuightheóir:



"Ná dein fromadh ar do Thighearna Dia." B'é sin le
rádh: "Is peacadh mór do dhuine é féin a chur isteach
i gcontabhairt, gan ghádh gan riachtanas, ach le h-ionchas
go dtabharfadh Dia saor é. Pé 'cu is mé Mac Dé nó
nách mé ní'l aon ghádh agam le mé féin a chaitheamh le
fánaidh síos ansan. Agus an t-é dhéanfadh é gan ghátar
dhéanfadh sé peacadh i n-aghaidh Dé, ag déanamh fromhtha
ar Dhia".


L. 134


D'fhág an freagra san an namhaid gan eólus díreach
mar a dh'fhág an chéad fhreagra gan eólus é. Níor bh'
fhéidir leis a dhéanamh amach cé 'cu Dia nó duine a
thug an freagra air.



Bhí an dá iaracht teipithe. Ansan do dhein an namhaid
tástáil eile. Ní foláir dúinn a choimeád os cómhair ár
n-aigne ná raibh fhios ag an namhaid cé bhí aige. Dá
mbéadh fhios aige cé bhí ann ní baoghal, nídh nách iongnadh,
go dtiocfadh sé i n-aon chor ag cur isteach ná amach air.
Cheap sé gur duine a bhí ann. Ach do mheas sé, leis,
go mb'fhéidir gur bh'é Mac Dé é. Ansan do cheap sé an
trímhadh triail a bhaint as, triail, dar leis, ná teipfeadh
má bhí aigne dhaona i n-aon chor sa duine. Thóg sé leis
é go barra cnuic a bhí ana árd agus thaisbeáin sé dhó
rígheachta an domhain go léir.



Tá daoine agus, le neart uabhair, ní chuirfidís suim
i saidhbhreas. Tá daoine agus, le neart uabhair, dhéan-
faidís trosgadh go bás ó bhiadh. Ach tá aon nídh amháin
agus thabharfadh aoinne de'n dá aicme daoine sin an
saoghal so agus an saoghal eile i n-aonfheacht air. Isé
nídh é sin 'ná cómhacht. Do thuig an annsprid an méid
sin go maith. Thaisbeáin sé rígheachta an domhain go léir
do'n tSlánuightheóir. "Tabharfad iad san go léir duit,"
ar seisean, "ach go ndéanfair sléachtadh dhomh agus
mé dh'adhradh."



"Imthigh, a Shátain," ar san Slánuightheóir, "óir tá
sgríobhtha : Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus beidh
tú umhal dó san amháin." Taisbeánan an freagra san
nár thuig an annsprid fós cé 'bhí aige. Freagra ab
eadh é a thabharfadh aon duine, n-a mbéadh eólus aige ar
an gcéad aithne d'aitheantaibh Dé, ar dhuine eile a
dh'iarfadh air an aithne sin do bhriseadh.



D'imthigh an namhaid chómh luath agus fuair sé an


L. 135


freagra san. Ansan tháinig na h-aingil agus dhein-
eadar friothálamh ar an Slánuightheóir.



Anois, a phobul, conus a bhainean an gnó san go léir
linne? Baiean sé lin ar an gcuma so. Chun
teagaisg a thabhairt do'n chine daona iseadh dh'fhuiling
an Slánuightheóir an trosgadh ar dtúis, agus ansan na
trí cathana úd ó'n áirseóir. Cuirean an trosgadh
naomhtha san i n-iúil dúinn gur le trosgadh agus le
tréadhnas agus le smacht a chur ar ár n-ainmhiantaibh
a gheobhaimíd an neart a thabharfaidh buadh dhúinn ar
namhaid ár n-anama. Ansan tugan an Slánuightheóir,
moladh go deó leis, an freagra dhúinn is ceart dúinn
a thabhairt, i gcómhnuighe, ar an namhaid nuair a chuirfidh
sé an cath orainn. Má spriocan an namhaid sinn chun
dúil a chur ins na neithib fóghanta a bhainean le cóir
mhaith bídh agus díghe, agus chun dlíghe Dé do bhriseadh
chun teacht ar na neithibh sin, is ceart dúinn freagra
an tSlánuightheóra do choimeád do shíor i n-ár gcroídhe
agus i n-ár mbéal: "Ní h-ar arán amháin a mhairean
an duine ach ar an uile fhocal d'á dtagan ó bhéal Dé."



Má spriocan an namhaid sinn chun dul isteach i gcon-
tabhairt an pheacaidh, isteach sa droch chómhluadar, isteach
sa n-áit 'n-a mbeidh nimh an pheacaidh tímpal orainn
sa n-aer, anál an pheacaidh ag dul fúinn go marbh-
uightheach, agus má deir an namhaid linn: "Ní'l baoghal
ort. Tabharfaidh Dia aire dhuit. Tá sé sgríobhtha gur
órduigh sé d'á aingealaibh tú ghlacadh chúcha 'n-a lámhaibh
sar a mbuailfeá do chos i gcoinnibh cloiche," abair leis
an namhaid, fé mar a dúbhairt an Slánuightheóir, gur
peacadh do dhuine é féin a chur sa chontabhairt, gan
ghádh gan riachtanas, le h-ionchas go dtabharfadh Dia as
é. Siné an brígh atá le fromadh dhéanamh ar Dhia.



Má spriocan an namhaid thú chun na h-onóra atá ag


L. 136


dul do Dhia féin uait a thabhairt d'aon nídh eile ar bith,
abair leis an namhaid glanadh as do radharc, mar
adúbhairt an Slánuightheóir leis.



Chífear, má breithnightear air, gur ar shlíghe éigin des
na trí slíghtibh sin is mó a dheinean an namhaid cath
a chur ar an nduine. D'fhuiling an Slánuightheóir an
cath ar na trí slíghtibh sin i dtreó go dtabharfadh sé soluíd
dúinne ar conus is ceart dúinn an cath do sheasamh agus
do throid.



Go dtugaidh an Slánuightheóir gléigeal, tré impidhe
na Maighdine Glórmhaire Muire, a ghrásta dhúinn go
láidir agus go líonmhar, chun an chatha san do sheasamh
agus do throid ar an saoghal so, agus chun a thoradh bheith
againn go buan ar an saoghal eile. Amen.



XXI.



AN TARNA DOMHNACH DE'N CHARAIGHEAS.



Léightear an Soisgéal. (Maitiú 17.)



Bhí an t-am ag teacht, a phobul,'n-a raibh an Slán-
uightheóir chun na páise dh'fhulang chun an domhain do
shaoradh. Bhí gach aon chontabhairt, nuair a chífeadh na
deisgiobuil ag fulang na páise é go dteipfeadh ar an
iontaoibh a bhí acu as; go raghadh 'n-a luighe ar a
n-aigne ná raibh ann ach duine mar aon duine eile. Gan
amhras bhíodar tar éis na mírbhuiltí móra dh'fheisgint
uaidh. Chonacadar conus mar a thug sé an biadh sa
bhfásach amuich, dhá uair, dos na míltibh agus gan ach
dóithin cúigir aige chuige. Chonacadar an radharc aige


L. 137


'á thabhairt dos na dallaibh, coisigheacht aige 'á thabhairt
dos na bacaigh, leigheas aige 'á dhéanamh ar ghalaraibh a
bhí do-leighiste ach le mírbhuilt, deamhain aige 'á dhíbirt
amach a' daoine i n-a raibh seilbh acu. Chonacadar na
daoine a bhí marbh tógtha ó'n mbás aige os cómhair a súl.
Ní h-é sin amháin, ach bhíodar féin tar éis mírbhuiltí
móra dhéanamh i n' ainim, mar do thug sé cómhacht dóibh
chuige agus d'oibrigheadar an chómhacht. Déarfadh duine
gur chóir, tar éis an méid sin go léir de dheimhne a
bheith acu ar a dhiadhacht, nár bhaoghal dóibh aon lag-
spioraidighe theacht ortha pé rud a chífidís ag imtheacht ar
a dhaonacht. Ach,'n-a dhiaigh san a's uile, bhí an lagachar
aigne ionta, agus do chonaic an Slánuightheóir ná fanfadh
puinn cuimhne acu ar na mírbhuiltíbh móra nuair a
chífidís i lámhaibh a namhad é agus gan ar a chumas, dar
leó, é féin a chosaint ortha; nuair a chífidís gabhtha é agus
gan ar a chumas, dar leó, na ceangalacha do bhriseadh;
nuair a chífidís tárnálta ar an gcrois é agus an namhaid
ag déanamh magaidh faoi agus 'ghá rádh leis, má b' é
Mac Dé é, teacht anuas de'n chrois, agus gan ar a chumas,
dar leó, teacht anuas ; nuair a chífidís marbh é, sínte
sa n-uaigh ar nós aon duine mhairbh eile. Chonaic an
Slánuightheóir, moladh go deó leis, go mbéadh sé dian
ortha pé creideamh a bhí acu do choimeád nuair a chífidís
na neithe sin go léir. D'á bhrígh sin, do rug sé leis
suas ar an gcnoc, mar adeir an Soisgéal, an triúr,
agus thug sé dhóibh an radharc, fé mar a léightear sa
tSoisgéal. Níor tugadh dóibh radharc ar a dhiadhacht.
Ní féidir an radharc san a thabhairt d'aon duine ar an
saoghal so. Níor bh'fhéidir do dhuine fanamhaint ar an
saoghal so a thuille dá dtugadh Dia na glóire aon leus
amháin de'n radharc san dó. Do bhéarfadh neart an
aoibhnis atá sa radharc san anam an duine amach as a


L. 138


cholainn laithreach agus suas isteach is na flathais.
Níor tugadh radharc do'n triúr ar dhiadhacht an tSlánuigh-
theóra, ach do tugadh dóibh radharc a thaisbeáin dóibh go
raibh an diadhacht ann. Ní fheacadar an diadhacht, ach do
chonacadar mar a bhéadh sgáil na diadhachta. Agus bhí
oiread san aoibhnis sa sgáil féin nár fhéad Peadar gan
labhairt. "A Thighearna," ar seisean, "is maith an
bhail orainne bheith anso!" Bhí gnúis an tSlánuightheóra
ag taithneamh ar nós na gréine, agus bhí a chuid éadaigh
chómh geal le sneachta.



Tuigimís an méid seo, ámhthach, a phobul. Ní h-é an
solus grianmhar ná an dath geal sneachtaidh a bhain an
focal úd a' Peadar. Chonaic sé solus na gréine go
minic agus níor bhain an solus a leithéid siúd d'fhocal
as. Chonaic sé dath an tsneachtaidh go minic roimis sin
gan labhairt mar siúd. Ní h-eadh, ach b'é toil an
tSlánuightheóra, moladh go deó leis, fé mar a leig sé
do sgáil soluis na diadhachta dul fé shúilibh an trír, gur
cheaduigh sé, ar chuma éigin nách féidir dúinne a thuisgint,
do mhothughadh éigin d'aoibhneas na diadhachta dul fé n-a
gcroídhe agus fé n-a n-aigne. Nuair a mhothuigh
Peadar an séideadh aoibhnis sin ag dul fé n-a chroídhe
iseadh do liúigh sé amach, "A Thighearna, is maith an bhail
orainne bheith anso!" Taisbeánan an focal adúbhairt
sé cad a mhothuigh sé istigh 'n-a chroídhe. Is ceart dúinne
machtnamh air agus breithniughadh dhéanamh air. Tá an
Slánuightheóir céadna againne anso a bhí ar an gcnoc
an lá úd i bhfochair an trír. Tá an diadhacht chéadna ann
anois a bhí ann an lá úd. Tá an solus creidimh a
thaisbeánan dúinne anso a dhiadhacht agus a dhaonacht,
a chuid fola agus feóla, a anam agus a dhiadhacht, fé
ghné an aráin agus an fhíona, níos treise go mór 'ná
an solus mar sholus gréine a chonaic an triúr 'n-a


L. 139


ghnúis an lá úd. Tá an séideadh aoibhnis a bhíon ag dul
fé chroídhe agus fé aigne an Chríosdaidhe nuair a ghlacan
sé Corp Naomhtha an Tighearna mar is cóir, le creideamh
agus le dóchas agus le grádh, níos treise go mór agus
níos bríoghmhaire 'ná an séideadh aoibhnis a chuaidh fé
chroídhe Pheadair an lá úd. Ní raibh ag Peadar an lá
úd ach an sgáil. Tá an nídh féin againne. D'á bhrígh
sin, a phobul, má b'fhíor do Pheadar an focal úd, "A
Thighearna, is maith an bhail orainne bheith anso!" is
seacht mó 'ná san is fíor dúinne, má deirimíd é, "A
Thighearna, is maith an bhail orainn bheith anso!"



Tá eagal orm go bhfuil a lán ná cuirean puinn
suime sa sgéal. Má tá, ní maith an bhail ortha é.
Mura bhfuil daoine sa tír seo ná cuirean puin suime
ann, tá a lán acu le fághail i dtíorthaibh eile. Ar
aon chuma, tá an méid seo fíor. An Críosdaidhe is
fearr a dheinean a ghnó ní'l aon bhaoghal go bhfuil sé
ghá dhéanamh ró mhaith. Ba cheart do gach aon Chríosdaidhe
a dhícheal a dhéanamh ar Chorp Naomhtha an Tighearna do
ghlacadh go minic, le creideamh, le dóchas agus le grádh
dhó, agus ansan, bheith i gcómhnuighe ag breith a bhuidheachais
le Dia, agus an focal úd Pheadair a bheith 'n-a chroídhe
agus 'n-a bhéal aige: "A Thighearna, is maith an bhail
orainn bheith anso!"



Ach do chonaic an triúr tuille. Chonacadar Maois agus
Elias agus iad ag caint leis an Slánuightheóir. Cad
é an brígh a bhí leis sin, a phobul? Deir na h-aithreacha
naomhtha gur b' é seo brígh a bhí leis. Is do Mhaois a
tugadh an dlígh, na deich n-aitheanta, ar chnoc Sináí,
agus tháinig Maois ansúd an lá úd chun úmhlughadh
d'Íosa Críosd agus chun a dh'admháil gur bh'é Mac Dé
é, agus gur bh' é máighistir na dlíghe go léir é. Tháinig
Elias ann chun a dh'admháil gur bh' é Íosa Críosd Mac


L. 140


Dé agus go raibh targaireachtaí na bhfáidh go léir
cómhlíonta ó tháinig Íosa Críosd. Bhí an dlígh agus
na fáidhí ag déanamh a ngnótha i gcaitheamh na h-aimsire
go léir roimh theacht an tSlánuightheóra. Nuair a bhí an
Slánuightheóir tagaithe bhí deire le ré na dlíghe agus
le ré na bhfáidh, agus tháinig Maois, uachtarán na dlíghe,
agus Elias, uachtarán na bhfáidh, chun an ghnótha go
léir a thabhairt suas d'Íosa Críosd, do Rígh na dlíghe agus
na bhfáidh. Siné an brígh a bhí le Maois agus Elias do
theacht ansúd ag caint leis an Slánuightheóir an uair
úd. Agus bhí an triúr Aspol ann chun a chur i dtuisgint
go raibh an dlígh nua agus an Eaglais le teacht i réim,
tré órdughadh an tSlánuightheóra, i n-inead dlíghe Mhaoise
agus na bhfáidh.



Déinidh machtnamh air sin, a phobul. Is doimhinn an
t-adhbhar machtnaimh é. Ní gan fáth a chuir an Eaglais
síos anso sa tSoisgéal dúinn é. Dúbhairt an t-Aspol
Peadar focal eile agus tabharfaidh sé congnamh dúinn
chun an mhachtnaimh a dhéanamh do réir intinne na
h-Eaglaise. "Má's áil leat," arsa Peadar, "deinimís
anso trí pubail, pubal duit-se agus pubal do Mhaois
agus pubal d' Elias." Saghas tíghe iseadh pubal, both
iseadh é a deintear de chleathachaibh agus d'éadach, agus
a dheinean díon do shaighdiúiríbh nuair a bhíd siad amuich
i gcogadh. Amuich i gcogadh iseadh atáimíd go léir
an fhaid is toil le Dia sinn a dh'fhágáilt ar an saoghal
so. Ní féidir cogadh dhéanamh gan neart slógh, agus
ní mór do'n tsluagh díon a bheith acu. Nuair a dúbhairt
Peadar an focal i dtaobh na dtrí mboth tháinig
sgamall soillseach agus chlúdaigh sé iad, agus ansan
tháinig guth as an sgamall agus dúbhairt an guth :
"Sidé mo Mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann. Éistidh
leis."


L. 141


Seo mar a thuigid na h-aithreacha naomhtha caint
Pheadair agus an sgamall soillseach agus an guth.
Gur chuir an t-Athair Síoruidhe i n-iúil do Pheadar gur
bh' é an t-Athair Síoruidhe féin an díon. Gur dheimhnigh
an guth gur bh' é Íosa Críosd Mac Dé. Agus gur
órduigh an guth, guth an Athar Síoruidhe, do'n chine
daona go léir bheith úmhal d'Íosa Críosd, do Mhac
Dé.



Chómh luath agus d'airigh an triúr Aspol an guth
tháinig sgannradh ortha agus thuiteadar ar an dtalamh
ar a mbéal a's ar a n-aghaidh. Ansan tháinig
Íosa agus chuir sé a lámh ortha agus chuir sé misneach
ortha, agus nuair fheuchadar suas bhí sé i n'aonar.
Thánadar anuas ó'n gcnoc agus dúbhairt Íosa leó:
"Ná h-innsidh d'aoinne an radharc so a chonacabhair
go n-eirighidh Mac an Duine ó-s na mairbh."



Is dócha, a phobul, go ndéarfadh aoinne gur chóir,
pé duine do chaillfeadh ar an Slánuightheóir 'n-a dhiaigh
san, i n-am a pháise agus a bháis, nár bhaoghal go
gcaillfeadh aoinne de'n triúr san air. Ach tá 'fhios
again cad a thuit amach. Nuair a bhí sé i lámhaibh a
namhad, gabhtha, agus é ag fulang na páise, chun na
cine daona do shaoradh, do chaill na deisgiobuil go léir
air. Do theitheadar go léir le n-a n-anam. Do lean
Peadar é chun go bhfeicfeadh sé cad é an deire bhéadh
ar an ngnó. B'fhearra dhó go dteithfeadh sé mar a dhein
an chuid eile. Nuair a tháinig an sgéal dian air do
shéan sé an Slánuightheóir. Tar éis an radhairc sin
a chonaic sé ar an gcnoc, agus tar éis na caite a
dúbhairt sé féin, agus tar éis an ghutha ó'n Athair
Síoruidhe, do shéan sé an Slánuightheóir céadna n-a
bhfeacaidh sé an t-atharughadh cló uathbhásach air. Is
mór an iongnadh linne anois a rádh go bhféadfadh Peadar


L. 142


agus na deisgiobuil eile a leithéid sin de thréigean
a dhéanamh.



Ach feuchaimís chun an taoibh eile de'n sgéal
Feuchaimís ar ár dtaobh féin de'n sgéal. An nídh
mírbhuilteach san a thárla ar an gcnoc an lá úd, tá sé
chómh fíor anois agus bhí sé an lá a thuit sé amach. Tá
sé chómh mírbhuilteach anois agus bhí sé an lá thuit sé
amach. Tá fios an sgéil go léir againne anois chómh
maith díreach agus a bhí ag an dtriúr a bhí ag feuchaint
air. Tá buntáiste againne ná raibh ag an dtriúr úd.
Roimh eiseirighe an tSlánuightheóra iseadh do fuaradar
san an radharc uathbhásach. Tar éis eiseirighe ár Slán-
uightheóra iseadh atá an t-eólus uathbhásach againne.
Is iongnadh linne a rádh gur shéan Peadar an Slán-
uightheóir tar éis an radhairc, agus ní h-aon iongnadh
linn sinn féin a bheith ag séanadh an tSlánuightheóra
chéadna, gach aon ré sholuis, agus an t-eólus go léir
againn ! Do shéan Peadar an Slánuightheóir nuair
a cuireadh sgannradh an bháis air. Gach aon uair a
dheinimíd-ne an peacadh séanaimíd an Slánuightheóir
céadna agus ní bhíon aoinne ag cur sgannradh báis
orainn. Do shéan Peadar an Slánuightheóir nuair a
chonaic sé, dar leis, lag, leóinte é, i láimh a namhad.
Gach aon uair a dheinimíd-ne an peacadh séanaimíd an
Slánuightheóir céadna agus a fhios againn go bhfuil sé
'n-a shuide ar deas-láimh an Athar Síoruidhe ins na
flathais. Nuair fheuch an Slánuightheóir ar Pheadar,
agus nuair a chuimhnigh Peadar ar cad a bhí déanta
aige, d'i mthigh sé amach, d'imthigh sé as an ndroch chómh-
luadar, d'fhág sé an cómhluadar a bhí 'n-a thrúig peacaidh
dhó, d'imthigh sé amach agus tháinig a leithéid sin de
bhuairt agus de bhrón air, mar gheall ar an bpeacadh
a bhí déanta aige, gur ghluais na deóra anuas ó n-a


L. 143


shúilibh 'n-a sruth. Do lean an bhuairt sin agus an
brón san ar a chroídhe an chuid eile dh'á shaoghal, agus
do shil sé oiread san deór gur chuireadar a rian go
doimhinn 'n-a dhá leacain, agus go raibh an rian le
feisgint ag daoine go dtí an lá a tárnáladh é ar chrois
a chéasda. Sinne ag caint! Sinne ag déanamh
iongnadh des na eisgiobuil agus de Pheadar mar gheall
ar an Slánuightheóir do thréigean agus do shéanadh!
Agus sinn féin 'ghá thréigean agus 'ghá shéanadh gach
aon lá a dh'eirighean orainn nuair a dheinimíd an peacadh!
Dhein Peadar an aithrighe. Tar éis na h-aithrighe dhéanamh
dó níor shéan sé an Slánuightheóir airís. Deinimíd-ne
aithrighe, agus tar éis na h-aithrighe dhéanamh dúinn indiu
deinimíd an peacadh céadna airís amáireach! Sinne
ag caint! Sinne ag déanamh iongnadh de Pheadar agus
des na deisgiobuil!



Cuirimís uainn an obair sin, a Chríosdaidhthe. Má's
maith linn iongnadh dhéanamh d'aoinne déinimís iongnadh
dhínn féin. Gheóbhmíd ár ndóithin ionainn féin chun
iongnadh dhéanamh Dé, agus má tá ciall againn ní mór
an t-áthas a chuirfidh an iongnadh orainn. Is mór an
iongnadh fios aitheanta ár gcreidimh a bheith againn
mar atá, agus sa n-am gcéadna, sinn a bheith ag déanamh
na bpeacaí coitchianta mar atáimíd. Is mór an
iongnadh sinn a bheith ag déanamh na bpeacaí coitchianta
mar atáimíd agus sa n-am gcéadna, sinn a bheith ag
brath air go dtabharfaidh Dia an bheatha shíoruidhe dhúinn
gan na peacaí chur uainn. Is mór an iongnadh a rádh
go bhfuil fhios againn go dian mhaith, an treó 'na bhfuil
an crann ag claonadh gur sa treó san a thuitfidh sé,
mura dtagaidh neart éigin a dh'iompóchaidh i dtreó eile
é; agus má chaithean an duine a bheatha ag déanamh na
bpeacaí gur ins na peacaíbh a gheóbhaidh sé bás, mura


L. 144


ndeinidh Dia na glóire mírbhuilt éigin dó nuair a bheidh
an bás ag teacht air. Agus, a Chríosdaidhthe, is mó
d'iongnadh 'ná na h-iongnaí eile go léir a rádh go
gcaithfeadh duine a shaoghal ag déanamh na bpeacaí,
ag cur na feirge ar Dhia, agus ag méadughadh na feirge
i n-aghaidh an lae, go gcaithfeadh duine a shaoghal go léir
ag gabháil do chosaibh i ngrásta Dé, agus ansan, ag
brath air go ndéanfaidh Dia mírbhuilt dó le linn a
bháis! Machtnuighmís ar na neithibh sin, a phobul, agus
iompuíghmís i n-am ar Dhia. Dheineamair an peacadh,
an séanadh ar an Slánuightheóir, mar a dhein Peadar.
Deinimís an aithrighe mar a dhein Peadar. Coimeádai-
mís ó'n bpeacadh dhéanamh airís mar a choimeád Peadar.
Tá fhios againn go maith, ní féidir é shéanadh, go bhfuil
ár n-aigne lag, guagach, neamhsheasamhach; an peacadh
n-a mbeimís indiu lán cheapaithe ar gan é dhéanamh airís,
go mb'fhéidir, tré laige ár n-aigne, go ndéanfaimís
airís é sar a mbéadh mórán aimsire curtha dhínn againn.
Ach tá fhios againn, leis, go bhfuil grásta Dé le fághail
againn i gcómhnuighe chun sinn a choimeád ó chontabhairt
an pheacaidh, nó chun sinn a neartughadh 'n-a choinnibh.



Iaraimís ar an Slánuightheóir gléigeal, tré impidhe
na Maighdine Muire agus tré impidhe Naoimh Peadair,
grásta na h-aithrighe thabhairt dúinn ionus go maithfí
dhúinn na peacaí atá déanta againn, agus grásta
nirt a thabhairt dúinn ionus ná tuitfimís ins na
peacaíbh céadna airís, ná i n-aon pheacadh eile. Amen.


L. 145


XXII.



AN TRÍMHADH DOMHNACH DE'N CHARAIGHEAS.



Seanmóin a h-Aon.



Léightear an Soisgéal. (Lúcás II.)



Tá a lán neithe sa tSoisgéal san, a phobul, agus
cuirean caint an tSoisgéil os ár gcómhair iad go h-ana
shoiléir. Chímíd ann cómhacht an tSlánuightheóra ag
díbirt an deamhain as an nduine, agus ansan a chaint
ag teacht do'n duine. Tá fhios againn go bhfuil
ceangailte ar gach Críosdaidhe úsáid a dhéanamh d'á
chaint chun onóra thabhairt do Dhia; chun a chreidimh a
chur i n-iúil; chun cosg a chur le cainteana peacamhla
nuair a labharthar 'n-a láthair iad. Agus tá fhios againn,
leis, gur 'mó Críosdaidhe a choimeádan a bhéal dúnta,
le sgáth roimh dhaoine, nuair ba cheart dó labhairt. Is
cuma daoine de'n tsórd san agus an fear úd go raibh
an deamhan balbh istigh ann. Níor fhéad sé labhairt
go dtí gur dhíbir an Slánuightheóir, moladh 's buidheachas
leis, an deamhan amach as. Ansan do tháinig a chaint
dó.



Ach má tá nídh is soiléire 'ná a chéile le feisgint
sa tSoisgéal san, isé nídh é 'ná an mhailís agus an droch
aigne thar na beartaibh a bhí ins na Iúdaigh, agus a chneas-
dacht a ghlac an Slánuightheóir iad. Bhí na mírbhuiltí
chómh h-uathbhásach san níor bh'fhéidir dóibh gan a dh'admháil
go raibh cómhacht éigin nár chómhacht shaoghalta ag an t-É
a bhí 'ghá ndéanamh. Ní leigfeadh an mhailís agus an droch


L. 146


aigne dhóibh a dh'admháil go raibh cómhacht Dé aige. Ansan
ní raibh acu le rádh ach gur le cómhacht ó ifrean a bhí sé
ag déanamh na mírbhuiltí. B'uathbhásach an tarcaisne
é sin le tabhairt do'n tSlánuightheóir. Ní chuirfeadh
sé aon iongnadh orainn dá sloigeadh an talamh iad chómh
luath agus a dúbhradar an focal. Ach ba cheart dúinn
a chuimhneamh gur chun trócaire dhéanamh a tháinig an
Slánuightheóir agus nách chun díoghaltais a dhéanamh.
Do dheónuigh sé freagra thabhairt ortha agus an cás do
phléidh leó.



Má's le cómhacht Bhílsebub, ar seisean, a chuirim-
se na deamhain amach, nách shin cómhacht deamhain i
gcoinnibh deamhain? Nách shiniad cómhachta ifrinn
iompuighthe i gcoinnibh a chéile? Agus conus is féidir
do chómhachtaibh ifrinn gan dul ar neamhnídh má oibrighid
siad i gcoinnibh a chéile ar an gcuma san? Caint gan
chiall iseadh an chaint a déarfadh gur le cómhacht deamhain
a smachtuighim-se deamhan. Ní féidir cómhacht do
smachtughadh ach le cómhacht is treise 'ná í. Ní féidir
cómhacht ifrinn do smachtughadh ach le cómhacht Dé. Ní'l
dul ó fhírinne an sgéil sin. Tá cuid d'bhúr gclainn
féin agus tá deamhain acu 'á chur amach leis an
gcómhacht a thugas-sa dhóibh. An cómhacht ó Bhílsebub an
chómhacht san? Ní'l aon dul agaibh ó n-a dh'admháil
gur le cómhacht Dé a chuirim amach na deamhain. Ná
taisbeánan san go soiléir go bhfuil rígheacht Dé
tagaithe i nbhúr measg?



Ach níor bh'aon mhaith bheith leó. Níor dheineadar ansan
ach iompáil agus a rádh, "Tabhair cómhartha éigin dúinn
ó neamh go bhfuil cómhacht ó Dhia agat." Agus é tar
éis an deamhain a dhíbirt amach as an nduine os cómhair
a súl! Ba mhór an iongnadh an mhailís agus an droch
mhiotal a bhí istigh 'n-a gcroídhe. Ach ba mhó go mór


L. 147


d'iongnadh 'ná san féin an fhoidhne a dhein an Slán-
uightheóir leó, moladh go deó le n-a ghrásta gan teóra!



Ansan dúbhairt an Slánuightheóir focal agus is ceart
dúinne machtnamh a dhéanamh air. "An t-é ná fuil
liom," ar seisean, "tá sé am' choinnibh, agus an t-é
ná deinean cnuasach mar aon liom deinean sé
sgaipeadh."



Is dócha go raibh daoine an uair sin ag éisteacht leis
an Slánuightheóir agus go rabhadar, fé mar a bhíon a
leithéidí anois agus fé mar atá a leithéidí riamh ó shin,
a d'iaraidh dhá thaobh an sgéil a bhreith leó. Bhí fhios acu
an fuath a bheith ag uachtaránaibh na n-Iúdach do'n tSlán-
uightheóir agus bhíodar a d'iaraidh gan fearg a chur ar
na h-uachtaránaibh sin. Bhí fhios acu, leis, an Slán-
uightheóir a bheith ag déanamh maitheasa agus tairbhe ins
gach aon bhall agus níor mhaith leó gabháil 'n-a choinnibh.
Bhíodar i gcruadh-chás. Ach do shocaruigh an Slánuightheóir
an sgéal dóibh go tapaidh. "An t-é ná fuil liom tá
sé am' choinnibh, agus an t-é ná deinean cnuasach mar
aon liom deinean sé sgaipeadh."



Bhí an focal san fíor i dtaobh na ndaoine gur labhradh
leó é. Oirean an focal dúinne chómh cruinn díreach
agus d'oir sé dhóibh siúd. Ní féidir do dhuine dhá
shraing a bheith ar a bhogha aige i ngnó Dé. Tá daoine
agus ba mhaith leó Dia do shásamh agus sa n-am gcéadna
ba mhaith leó an saoghal do shásamh, leis. Is cuma iad
nó an fear siopa úd a ghlaoidh ar a chléireach. "A
Sheághainín!" ar seisean. "Teacht, a mháighistir,"
arsa Seághainín.



"Ar chuiris an t-uisge ar an dtobac?" ar seisean.



"Do chuireas, a mháighistir," arsa Seághainín.



"Ar chuiris an ghainimh sa tsiúicre?" ar seisean.



"Do chuirseas, a mháighistir," arsa Seághainín.


L. 148


"Ar chuiris an t-uisge sa bhainne a díolfar ar
maidin?" ar seisean.



"Do chuireas, a mháighistir," arsa Seághainín.



"Seo, má 'seadh," ar seisean, "tar anso agus abair
do phaidreacha go dtéighir a chodladh."



Cúrsaí gáirí iseadh Seághainín agus a mháighistir. Ach
cad 'déarfar leis an bhfear a bhéarfaidh chun an aonaigh
an droch bhó agus a déarfaidh gur bó mhaith í, agus do
dhíolfaidh í, agus do thógfaidh airgead maith uirthi, agus
a fhios aige nách ceart í dhíol ach le búistéir éigin, agus
ansan do thiocfaidh a bhaile agus 'déarfaidh a phaidreacha
go diadha sar a dtéighidh sé a chodladh?



Is 'mó cuma, a phobul, i n-éaghmuis aon bheart mhí-
mhacánta mar sin a dhéanamh,'n-ar féidir do'n Chríos-
daidhe é féin do mhealladh agus do chur amú', ag casadh
leis an dá shásamh a dhéanamh, ag casadh le Dia do shásamh,
agus sa n-am gcéadna a dhúil féin 'sa tsaoghal so
do shásamh. Is dócha ná fuil aon dúil saoghalta gur
deacra locht fhághail air 'ná an dúil a bhíon ag an athair
nó ag an máthair sa ghnó a chuirfeadh ar a gcumas rud
éigin fóghanta dhéanamh d'á gclainn. Ach measaim gur
minic, nuair a tugtar an iomad sriain do'n dúil sin,
gur beag má tá aon dúil is mó a thagan idir dhuine
agus Dia 'ná é. Conus a bheidh an sgéal ar ball ag an
nduine atá ag briseadh a chroídhe ó mhaidin go h-oídhche
agiis ó Luan go Satharn, a d'iaraidh teacht ar raint
éigin de shaidhbhreas an tsaoghail seo chun a chlainne
chur i gcrích i gcóir a saoghal anso, agus ná tugan uain
choídhche dhó féin ar aon rud a dhéanamh dóibh a chuirfeadh
sólás síoruidhe na bhflathas i n-áirighthe dhóibh? Feuch
ar an bhfocal a dúbhairt an Slánuightheóir: "An t-é ná
fuil liom," ar seisean, "tá sé am' choinnibh." Cé h-iad
na daoine atá leis? Na daoine, d'réir dheabhraimh,


L. 149


a bhíon i n-aon obair leis. Na daoine atá ag déanamh
na h-oibre 'n-a theannta. An mhuintir atá ag tabhairt
conganta dhó chun daoine bhreith saor go flathas Dé.
Tá a lán daoine gur fhág sé ar a gcumas an congnamh
san a thabhairt dó. Tá, ar dtúis, an Eaglais. An
Pápa agus na h-easboig agus na sagairt. An mhuintir
a cheap sé féin chun an chreidimh a mhúineadh do'n chine
daona agus iad a choimeád ar bhealach a leasa le
teagasg agus le cómhairle agus le dlíghthibh tairbheacha.
Tá, ansan, na Críosdaidhthe fóghanta, ar fuid an domhain,
a chaithean a mbeatha go maith agus go cráibhtheach agus
go diadha, agus a thugan, le feabhas a mbeatha féin,
deagh-shampla do gach aoine a bhíon ag feuchaint ortha.
Deinid na Críosdaidhthe fóghanta san tairbhe ná féadfadh
sagart ná easbog a dhéanamh, go minic. Tá daoine sa
tsaoghal agus níor bheag dhuit deag-chómhairle thabhairt
dóibh chun a chur fhiachaibh ortha gan an chómhairle do
ghlacadh; níor bheag dhuit a rádh leó a leas a dhéanamh
chun a chur fhiachaibh ortha a n-aimhleas a dhéanamh. Ní
h-aon mhaith caint a dhéanamh le n-a leithéidí. Ach nuair
a chíd siad an deagh-shampla, nuair a chíd siad duine eile
ag déanamh an ghnímh fhóghanta agus gan é ag cuimhneamh
i n-aon chor ortha féin, dar leó, is minic go ndeinid siad
aithris air. Deinid siad, tríd an ndeagh-shampla, an
gníomh fóghanta ná déanfaidís choídhche de bhárr cómhairle.



Ar an gcuma san, is 'mó sórd daoine atá ag cabh-
rughadh leis an Slánuightheóir sa n-obair go dtáinig sé
ar an saoghal so chun a dhéanta. Ach measaim féin
ná fuil aon aicme daoine, agus an Eaglais féin do chur
leis, is mó atá sáithte isteach sa n-obair, agus ag
déanamh na h-oibre i dteannta an tSlánuightheóra,
moladh go deó leis, 'ná an t-athair agus an mháthair atá
ag tógáilt a gclainne dhó.


L. 150


Glacan an Eaglais an chlann nuair a baistthear
iad. Ní fheicean an Eaglais arís iad go dtéid siad
ag foghluim Teagasg Críosdaidhe. Ansan cuirean
an Eaglais fé láimh Easboig iad. As san amach ní
fheicean an Eaglais iad ach nuair a thagaid siad chun
faoisdine dhéanamh agus chun Comaoine ghlacadh. I
gcaitheamh na h-aimsire sin go léir tá an chlann san
fé shúil agus fé láimh a n-athar agus a máthar. Má
théighean an chlann san ar strae, má dhéinid siad a
n-aimhleas, má imthighid siad ar fán ó'n Slánuightheóir
a cheannuigh le n-a chuid fola ró naomhtha iad, cé h-é is
mó a chaithfidh freagairt ionta? Cé air go dtiocfaidh
an Slánuightheóir 'ghá n-éileamh níos déine 'ná mar a
dh'éileóchaidh sé ar aoinne eile iad? Gan amhras,
éileóchaidh sé go dian iad ar an uile dhuine go raibh aon
lámh aige ionta, chun a leasa ná chun a n-aimhleasa.
Éileóchaidh sé ar an sagart iad, ach b'fhéidir go bhféadfadh
an sagart a rádh: "Dheineas mo dhícheal dóibh, a
Thighearna, ach níor thug an t-athair ná an mháthair aon
chongnamh dom." Is lúgha an cumas a bhí ag an easbog
ortha 'ná mar a bhí ag an sagart féin. Éileóchaidh an
Slánuightheóir iad, go dian, ar an uile dhuine a thug droch
radharc ná droch chómhairle ná droch shampla dhóibh, ar
an uile dhuine do shéid droch smuíneamh fútha le focal
mí-gheanmnaidhe nó le feuchaint mhí-gheanmnaidhe nó
le teangabháil mhí-gheanmnaidhe. Cad é an freagra
bheidh ag an nduine sin le tabhairt an uair sin
ar an Slánuightheóir? Ansan iseadh thuigfidh an
duine sin brígh na cainte a dúbhairt an Slánuightheóir
nuair a dúbhairt sé, an t-é a thabharfadh droch shampla
do leanbh gur bh'fhearra dhó, sar a dtug sé an
droch shampla san uaidh, go gcurfaí cloch ar a
mhuineál agus é chaitheamh sa bhfaraige. Ba chruaidh


L. 151


an focal é, ach tuigfear an uair sin nár mhisde dhó bheith
ní ba chruadha.



Ach ní fiú trácht ar aon éileamh, pé déine a bheidh ann,
a dhéanfaidh an Slánuightheóir ar na daoine ba chiontach
leis an gcailleamhaint, seachas an t-éileamh a dhéanfaidh
sé ar an athair agus ar an máthair.



"Dheineas mo dhícheal dóibh," a déarfaidh an t-athair,
b'fhéidir. "Níor thugas suaimhneas lae ná oídhche dhom
féin ach ag obair dóibh. Do shaothruigheas saidhbhreas,
dóibh. Chuireas i gcrích iad go neamhspleadhach.
"Dheinis," a déarfaidh an Slánuightheóir, b'fhéidir, "ach
ní h-é sin a bhí agam-sa 'á iaraidh ort a dhéanamh dóibh.
D'fhéadfainn féin an saidhbhreas san a thabhairt, dóibh,
agus duit-se, dá mb' é mo thoil é, nó dá mb' é b'fhearr
chun iad do chur ar leas a n-anama. Tá an saidhbhreas
acu anois. B'fhearra dhóibh go mór gur dealbh ó
shaidhbhreas saoghalta a dh'fhágfá iad ach saidhbhreas a
gcreidimh a thabhairt dóibh agus d'fhágáilt acu. D'fhágais
saidhbhreas saoghalta acu. Dheinis daoine uaisle dhíobh,
dar leat, agus thugais faillighe i ngnó t'anama féin
chun daoine uaisle dhéanamh díobh. Feuch cad 'tá dh'á
bhárr acu. Ní creideamh ná cráibhtheacht, Aifrean ná
órd, paidir ná créidh, ná aon nídh eile a bhainean lem'
ghnó-sa, atá ag déanamh buartha dhóibh, ach uabhar agus
uaisleacht shaoghalta agus eirighe-anáirde. Ní'l aon
aidhm ná aon chuimhneamh acu ar staonadh ó aon pheacadh,
agus tá an saidhbhreas acu, ad' dhiaidh-se, chun na ndroch
mhian do shásamh. Dá ndéantá-sa an gnó a cuireadh
'n-a chúram ort mar a bhí ceart agat é dhéanamh
bhéadh a mhalairt de sgéal anois acu, agus agat-sa,
agus agam-sa. Dá gcurthá rómhat fios aitheanta a
gcreidimh a mhúineadh dhóibh, fé mar a tháinig ciall agus
tuisgint dóibh; dá gcurthá 'n-a luighe ar a n-aigne,


L. 152


ó thusach, nách i gcóir an tsaoghail seo do cruthuigheadh
iad ach i gcóir aoibhnis na bhflathas, go rabhas-sa tar éis
an aoibhnis sin a cheannach dóibh go daor, nár cheart
dóibh blúire suime chur sa tsaoghal so ach sa mhéid go
ndéanfadh sé iad a dh'ollamhughadh i gcóir an aoibhnis
ar an saoghal eile; ansan, dá gcurthá cómhairle de'n
tsórd san i bhfeidhm ortha le smacht, leis an smacht
a cuireadh ar do chumas os a gcionn, agus é dhéanamh
go breagh, réidh, stuama, daigean, bheidís ar do thoil
féin agus ar mo thoil-se agat sar ar "chruaidh an
tslat"; bheidís anois 'n-a gCríosdaidhthe úmhala, cráibh-
theacha, diadha againn, i n-inead bheith mar atáid siad, 'n-a
maistíní ceanndána gan beann ar Dhia ná ar dhuine
acu. Tá an sgéal go h-olc anois acu agus tusa fé
ndear é. Tá aimhleas déanta agat dóibh-sin agus duit
féin, agus gearrfaidh an t-aimhleas san amach tusa
agus iad-san ó aoibhneas na bhflathas ar feadh na
síoruidheachta."



Is maith an bhail, a phobul, ar an athair nó ar an
máthair a bheidh sa chás san má's féidir dóibh a rádh
an uair sin leis an Slánuightheóir, "A Thighearna,
feuch siar ar mo bheatha. Chíon tú féin gur dheineas mo
dhícheal, ó'n lá a chuir Dia chúgham gach duine acu, chun
iad a chur ar an slígh gcóir chúghat-sa. Mhúineas an
creideamh dóibh. Mhúineas a bpaidreacha dhóibh. Bhínn
gach aon ré sholuis ag guidhe chun Dé ortha 'ghá iaraidh
ar Dhia iad a chur ar a leas. Níor airigh aoinne acu
riamh amach as mo bhéal focal a thabharfadh droch shampla
dhóibh. Ach i n-aimhdheóin mo dhíchil, chómh luath agus do
neartuigheadar d'imthigheadar uaim ar aimhleas a
n-anama. A Thighearna, ná bíodh milleán agat orm.
Dheineas mo dhícheal!"



Is maith an bhail ar an t-é d'fhéadfaidh freagra de'n


L. 153


tsórd san a thabhairt nuair a thiocfaidh an t- Éiltheóir.
Anois an t-am ag aithreachaibh agus ag máithreachaibh
chun machtnaimh a dhéanamh ar an sgéal.



Dein do dhícheal chun Críosdaidhthe maithe dhéanamh
de d'chlainn. Fág an chuid eile fé Dhia. Ní'l aoinne
ar bith chun Críosdaidhthe maithe dhéanamh díobh ach tusa
agus Dia. Is uathbhásach an phribhiléid a thug Dia na
glóire dhuit nuair a thug sé daoine dhuit ar an gcuma
san chun go ndéanfá Críosdaidhthe maithe dhíobh! Déan-
faidh sé féin an obair ad' theannta. Ná bíodh sé le
rádh ar ball aige go mbéadh an rath ar an obair mura
mbéadh tusa 'ghá lot. Ná bíodh sé le casadh leat ag an
Slánuightheóir Naomhtha go raibh sé féin ag cnuasach
agus go rabhais-se ag sgaipeadh.



Go dtugaidh Dia a ghrásta do gach aoinne go bhfuil
cúram clainne air, chun na clainne thógaint mar is
cóir i ngrádh agus i n-eagla an Tighearna. Amen.



XXII.



AN TRÍMHADH DOMHNACH DE'N CHARAIGHEAS.



Seanmóin a Dó.



Léightear an Soisgéal. (Lúcás II.)



"Agus is measa staid deirineach an duine sin 'ná
a chéad staid."



Deir na h-aithreacha naomhtha, a phobul, gur ar
náisiún na n-Iúdach, ar chlainn Isráeil, a bhí ár
Slánuightheóir ag trácht nuair a labhair sé an chaint sin.
Gur bh'iad Clann Isráeil an "duine" gur cuireadh


L. 154


an deamhan amach as ar dtúis, agus nár thug an aire
cheart dó féin, agus gur tháinig an deamhan san isteach
airís ann, agus nách i n'aonar a tháinig sé an tarna
h-uair, ach gur thug sé leis isteach seacht ndeamhain eile
ba mheasa 'ná é féin. Míníghid na h-aithreacha brígh
na cainte ar an gcuma so.



Nuair a bhí Clann Isráeil sa n-Éigipt bhíodar fé
smacht na n-Éigipteach, agus bhí béasa agus nósa
peacamhla na n-Éigipteach glacaithe acu agus iad ag
maireachtaint d'á réir. Ansan do chuir Dia Maois
chúcha agus thug sé amach as an Éigipt iad, agus thug sé
na deich n-aitheanta dhóibh agus an tsean-dlígh go léir,
agus b'éigean dóibh droch nósa agus droch bhéasa na
n-Éigipteach a chur uatha agus maireachtaint do réir
na dlíghe a thug Dia dhóibh tré láimh Mhaoise. Bhí an
annsprid truaillighthe díbeartha amach asta ansan, agus
bhí Dia ag faire ortha i gcómhnuighe, agus nuair a dheinidís
an peacadh chuireadh sé pionós ortha a chuireadh fhiachaibh
ortha iompáil ar Dhia agus aithrighe dhéanamh. Pionós
díobh san ab eadh leigint do rígh Bhabulóin teacht le n-a
shlóighte agus buachtaint ortha agus a dtír do sgrios,
agus an méid nár cuireadh chun báis díobh do bhreith
leis, i n-aon tréad amháin, i mbraighdeanas, soir go
cathair Bhabulóin. Nuair a bhí an pionós san fuilingthe
acu agus aithrighe déanta acu sa bhraighdeanas, b'é
toil Dé gur leigeadh siar abhaile airís iad, agus bhíodar
diadha go leór ar feadh tamaill. Ach do chromadar
ar dhul i n-olcas airís agus do cuireadh pionós airís
ortha, go dtí, fé dheire, gur iompuigheadar amach chómh
h-olc san nár dhein aon tsaghas pionóis aon tairbhe
dhóibh. Bhí an chéad deamhan a cuireadh amach, bhí sé
tagaithe isteach airís agus na seacht ndeamhain eile
ba mheasa 'ná é féin tabhartha leis isteach aige agus


L. 155


bhí seilbh istigh acu go daingean. Ansan iseadh bhí an
sgéal go h-olc ag sliocht Isráeil. Ansan do tháinig
an Slánuightheóir ag triall ortha, fé mar a bhí geallta
dhóibh ó thusach, agus ní leigfeadh corp aimhleasa agus
droch aigne dhóibh iad féin d'úmhlughadh roimis agus é
ghlacadh. Dhiúltuigheadar dó agus thugadar easonóir
dó agus chuireadar chun báis é. Tamall 'n-a dhiaigh san
tháinig na Rómhánaigh agus dheineadar ar shliocht Isráeil
agus ar chathair Ierúsaleim léir-sgrios fola agus teine
agus gorta agus báis ná fuil cúntas ar a leithéid eile
i leabhraibh an domhain.



Deir na h-aithreacha naomhtha céadna go bhfuil brígh
eile, leis, le caint an tSlánuightheóra sa n-áit sin.
Gur b' é an Críosdaidhe a théighean agus a dheinean
faoisdin mhaith an duine go gcurtar an annsprid
truaillighthe amach as. Ansan bíon anam an Chríos-
daidhe sin glan, mar a bhéadh tigh a bhéadh sguabtha,
sgiomartha, ceartuighthe, curtha i dtreó. Ach ní thugan
an Críosdaidhe sin aireachas ceart d'á thigh. Fágan sé
na dóirse go léir ar leathadh. Tá a shúile ar dian-leathadh
chun gach droch radhairc a dh' fheisgint. Tá a chluasa ar
leathadh chun gach droch fhocail a dh'aireachtaint agus do
ghlacadh. Tá a aigne ar osgailt chun an droch smuínimh
a ghlacadh agus chun machtnaimh a dhéanamh air, i n-inead
é dhíbirt chun siúbhail láithreach. Tá a thoil ar bogadh
agus ar guagadh, gan stuaim, gan daingean, ollamh
ar ghabháil le gach aon tsaghas pléisiúir a casfar 'n-a
threó, gan a fhiafraighe dhé féin an olc é nó an maith
é, an dleaghthach é nó an aindleaghthach é. Ansan fillean
an annsprid. Chíon sé an chuma 'n-a bhfuil an duine
sin. Chíon sé go bhfuil slígh a ndóithin d'á thuille sa
tigh sin 'n-a theannta féin. Imthighean sé agus tugan
sé leis na seacht ndeamhain eile agus téighid siad isteach.


L. 156


Cé h-é an Críosdaidhe sin, a phobul? Go bhfóiridh
Dia orainn, tá fhios againn go léir cé h-é féin. Aon
Chríosdaidhe a théighean agus a dheinean faoisdin mhaith
agus a gheibhean asbolóid agus go maithtear na peacaí
troma dhó, agus ansan d'imthighean agus d'fhillean ar
na peacaíbh céadna airís, fé mar fhillean an madra
ar a aisioc, siné an Críosdaidhe ar ar labhair an Slán-
uightheóir an uair úd. Siné an tigh gur cuireadh an ann-
sprid amach as le cómhacht an Tighearna, an tigh a
sguabadh agus do glanadh le grásta Dé, agus nár
tugadh aireachas ceart dó 'n-a dhiaigh san. Ní gádh dhom
iad a dh'áireamh, a phobul. Is díobh an fear a tháinig
agus d'admhuigh go raibh sé ar meisge an oiread san
uaireanta, agus do gheall, sar a bhfuair sé an asbolóid,
ná cuirfeadh sé é féin ar meisge airís, agus nár
bh'fhada 'n-a dhiaigh go bhfeacathas caoch ar meisge é. Is
díobh an fear a tháinig agus d'admhuigh go mbíodh sé ag
briseadh na saoire, ag fanamhaint ó Aifrean an
Domhnaigh nó an lae shaoire, le corp leisge; agus do
gheall go cruaidh, sar a bhfuair sé an asbolóid, go
mbéadh an t-Aifrean aige feasta, gach Domhnach agus
lá saoire, an fhaid ba thoil le Dia a shláinte agus a
choisidheacht d'fhágáilt aige; agus 'n-a dhiaigh san nár
ró fhada go bhfuaradh istigh sa bhaile airís é, lá breagh
Domhnaigh, 'ghá shearradh féin le díomhaointeas, agus an
t-Aifrean ar siúbhal. Is díobh an fear a tháinig agus
d'admhuigh gur bhéas aige bheith ag cúlchaint ar a chómhar-
sain, agus do gheall go prínsiobálta, sar a bhfuair sé
an asbolóid, go gcoimeádfadh sé a bhéal dúnta feasta
nuair a bhéadh aon rud 'ghá spriocadh chun an droch fhocail
a rádh i gcoinnibh a chómharsan ; agus nár ró fhada 'n-a
dhiaigh san gur h-airigheadh an gearrachán céadna ar
siúbhal aige ar gach aon chómharsain nár thaithn leis.


L. 157


Is díobh an fear a tháinig agus d'admhuigh i láthair
Dé gur bhéas leis bheith ag labhairt go mí-bhanamhail, ag
labhairt cainteana barbaraithe, os cómhair óg agus
aosta, agus do gheall ó chroídhe ná labharfadh sé airís
iad, mar níor bh'fhéidir aon asbolóid a thabhairt dó
mura ngealladh ; agus nár bh'fhada 'n-a dhiaigh san go
bhfeacathas é agus a chlaibín shalach ar siúbhal aige agus
é ag miongháirí, agus go gcuirfeadh sé náire ar
dhiabhal ó ifrean féin bheith ag éisteacht le n-a
chaint!



Mar sin dóibh, a phobul. Siniad na daoine go
gcurtar deamhan amach asta le cómhacht an
tSlánuightheóra nuair a dheinid siad faoisdin mhaith agus go
dtagan an deamhan céadna agus seacht ndeamhain eile
is measa 'ná é isteach ionta airís, i dtreó gur seacht
measa a bhíon an sgéal acu sa deire 'ná mar a bhí i
dtusach bára.



Ach ní h-alaidh dhúinn, a phobul, gan an sgéal do
thuisgint i gceart. Ná measadh aoinne go bhfuilim 'ghá
rádh go bhfuil ar chumas aon Chríosdaidhe, as a ghustal
agus as a neart féin, a gheallamhaint ná tuitfeadh sé
sa pheacadh airís agus ansan an gheallamhaint
sin do sheasamh. Duine gan chiall iseadh an duine
do cheapfadh i n'aigne go bhféadfadh sé é féin
a choimeád gan tuitim i bpeacadh agus an coimeád
san a dhéanamh a' neart a thoile agus a thuisgiona
féin. An Críosdaidhe n-a mbéadh sé de dhíth céille air
beartughadh de'n tsórd san a dhéanamh i n' aigne, ní
fada a ruithfeadh leis nuair a múinfí ciall dó, agus
is ciall cheannaigh a múifí dhó. Gheóbhadh sé é féin ar
lár sa pheacadh sar an mbéadh fhios i gceart aige cad
a bhí imthighthe air.



Má 'seadh, a déarfaidh duine, b'fhéidir, conus is cóir


L. 158


milleán a bheith ar dhuine mar gheall ar rud ná fuil
leigheas aige air?



Ní cóir milleán a bheith air má's fíor ná fuil aon
leigheas aige air, ach ní fíor. Tá leigheas aige air má
tá neart lasmuich d'á neart féin agus gan aon bhac
air an neart eile sin do tharang chuige. Tá neart
grásta Dé aige, lasmuich d'á neart féin, agus ní'l
bac air an neart san do tharang chuige coitchianta. Tá
cogar ó'n Spioraid Naomh istigh 'n-a chroídhe 'ghá rádh leis,
nuair a chuirean an namhaid cath air, glaodhach ar Dhia
agus neart grásta Dé a dh'iaraidh i gcoinnibh an namhad.
Má chuirean sé neamhshuim sa chogar san, agus ansan
má gheibhean an namhaid an lámh uachtair air, conus is
féidir dó a rádh ná raibh leigheas aige air? Nách le
n-a thoil mhacánta a chuir sé neamhshuim sa chogar a
bhí ag an Spioraid Naomh 'á thabhairt dó? Nách le n-a
thoil mhacánta a dh'fhág sé gan tarang chuige an neart
a bhí le fághail aige dá mba mhaith leis é dh'iaraidh? Ansan
do bhuaidh an namhaid air. Cé eile gur ceart an milleán
a bheith air ach ar an nduine sin féin? Ní h-eadh, ach is
amhlaidh mar a bhí an sgéal aige, agus má feuchtar
cruinn isteach sa ghnó chífear é, níor dhein sé troid
dáiríribh i n-aghaidh an namhad. Níor bh' fhearr leis rud
a dh'imtheóchadh air 'ná an namhaid a dh'fhághail an lámh
uachtair air. Bhí an claonadh chun an pheacaidh istigh
'n-a chroídhe féin agus, bíodh go raibh sé 'ghá leigint air
troid a dhéanamh, níor bh' fhearr leis rud a dh'imtheóchadh
air 'ná an namhaid 'ghá chomaint isteach sa pheacadh. Rud
ana cham, ana chlaon, ana neamhfhírinneach, iseadh aigne
an duine uaireanta. Is minic ná bíon sa troid a
deintear i n-aghaidh an pheacaidh ach "Tóg uaim é agus
gan uaim ach é!" Ní troid dáiríribh a deintear.



Is fearra dhúinn feuchaint, lom díreach, idir an dá


L. 159


shúil, ar an sgéal, le h-eagla ná béimís ach 'ghár mealladh
féin, 'ghá leigint orainn linn féin go bhfuil troid
dáiríribh againn d'á dhéanamh i gcoinnibh ár namhad agus
go mb' fhéidir go bhfeicean Dia ná fuil aon fhírinne
i n-ár dtroid. Sidé an cómhartha a thaisbeánfaidh cé
'cu troid dílis atá againn 'á dhéanamh nó nách eadh. An
t-é atá coitchianta 'ghá iaraidh ar Dhia neart a ghrásta
thabhairt dó chun cur i n-aghaidh a namhad, tá troid dílis
ag an nduine sin 'á dhéanamh, mar tá úsáid dílis aige
'á dhéanamh de'n aon neart amháin a thabharfaidh buadh
dhó ar a namhaid. An t-é atá ag troid i n-aghaidh an
peacaidh, dar leis, agus ná h-iaran aon chongnamh ó
ghrásta Dé sa troid, ní'l aon troid ag an nduine sin
'á dhéanamh i n-aghaidh an pheacaidh ach troid mar 'dh eadh.
Sin é an duine go gcurtar an deamhan amach as, agus
ansan go dtagan an deamhan san isteach airís ann,
agus seacht ndeamhain eile is measa 'ná é, mar ní'l
aon rud chun iad a choimeád amach.



Ach cad é an deire a bheidh ar an obair sin? Innsean
an Slánuightheóir féin cad é an deire bheidh ar an obair
sin, agus is láidir an sgairt nách foláir a bheith ag an
gCríosdaidhe ná cuirfidh an focal san ó'n Slánuightheóir
crith-eagla air. "Tá staid deirineach an duine sin
níos measa 'ná a chéad staid. "Cad é staid deirineach
an duine? Gan amhras is é staid deirineach an duine
an staid 'n-a mbeidh sé le linn an tsaoghail seo fhágaint
dó. 'Sé sin le rádh, beidh seilbh ag na h-ocht ndeamhain
sa duine sin ar feadh na síoruidheachta!



Sin adhbhar machtnaimh do'n Chríosdaidhe atá ag caitheamh
a shaoghail ag ruith chun faoisdine indiu agus ansan
ag ruith thar n-ais chun an pheacaidh amáireach. Deineadh
sé an machtnamh an fhaid atá an uain aige ar é dhéanamh.
Ní'l bac air an sgéal go léir do leigheas aon lá i n-aon


L. 160


chor is maith leis é. Ní'l bac air na seacht ndeamhain,
ní h-eadh, ach seacht gcéad deamhan, do thiomáint amach
as an dtigh aon lá is maith leis é. Ní'l aige ach iompáil
dáiríribh ar Dhia agus stad de bheith a d'iaraidh dhá thaobh
an sgéil a thabhairt leis. Ní'l aige ach breithniughadh
go géar ar an bhfocal a dúbhairt an Slánuightheóir nuair
a bhí an chaint ráidhte aige i dtaobh na seacht ndeamhan.
Bhí bean sa tsluagh agus d'airigh sí an chaint. Níor
fhéad sí gan labhairt. Do labhair sí amach go h-árd.
"Is beannuighthe an bhroinn a dh'iompair thú," ar sisi,
"agus is beannuighthe iad na cíocha a dheólais." Feuch
ar an bhfreagra a thug an Slánuightheóir uirthi. Is ar
a Mháthair Bheannuighthe do labhair sí; ar an Maighdin
Muire; ar an Maighdin a gabhadh, i mbroinn a máthar
féin, saor ó pheacadh an tsínsir; an Mhaighdean go
ndúbhairt an t-Árdaingeal léi, "Is beannuighthe idir
mhnáibh thu."



Ach feuch cad dúbhairt an Slánuightheóir leis an mnaoi
do labhair sa tsluagh. "Bíodh gur fíor do chaint, a
bhean," ar seisean, "ní h-í sin caint atá le rádh anso
anois, ach, is beannuighthe an mhuintir a chloisean briathar
Dé agus a choimeádan é."



Feuch air sin! B'fhearr leis an Slánuightheóir trácht
an uair sin ar an aoibhneas a bhí le fághail ag na daoine
a ghlacfadh briathar Dé agus choimeádfadh é,'ná trácht
ar aon nídh eile; 'ná trácht ar bheannuightheacht na
Maighdine Muire, d'á aoirde í. Agus cé h-é an duine
go raibh sé ag caint 'n-a thaobh an neómat roimis sin?
An fear gur cuireadh an deamhan amach as agus ansan
nár thug aire cheart dó féin agus go dtáinig an deamhan
san agus na seacht ndeamhain eile isteach ann thar n-ais.
D'á bhrígh sin, is ag tagairt do'n duine sin a bhí sé nuair
a dúbhairt sé, "Is beannuighthe an t-é ghlacfaidh briathar


L. 161


Dé agus choimeádfaidh é." Ní dhéanfadh sé an gnó
an briathar a ghlacadh. Caithfear an briathar a choimeád.
Ní dhéanfaidh sé an gnó do dhuine dul chun faoisdine
agus faoisdin mhaith a dhéanamh agus maitheamhnachas
fhághail ins na peacaíbh. Caithfidh sé grásta Dé choimeád.
Caithfidh sé gan na peacaí sin, ná aon pheacadh eile,
dhéanamh airís. Ní féidir dó an bheart san a dhéanamh
gan cabhair agus congnamh láidir, cómhachtach, a bheith
aige coitchianta ó ghrásta Dé. Tá an chabhair agus an
congnamh san aige le fághail coitchianta má's maith
leis é. Leis an gcabhair sin agus leis an gcongnamh
san glacfaidh sé briathar Dé agus coimeádfaidh sé
é. Caithfidh sé beatha naomhtha ar an saoghal so, agus
nuair a bheidh a théarma ar an saoghal so caithte
gheobhaidh sé an t-aoibhneas a gheall an Slánuightheóir, an
lá úd, do'n mhuintir a ghlacfadh briathar Dé agus do
choimeádfadh é.



Go dtugaidh Dia dhúinn, tré impidhe na Maighdine
Muire, grásta an tSlánuightheóra d'fhághail, chun go
ndéanfaimís briathar Dé do ghlacadh agus do choimeád,
agus aoibhneas na bhflathas a dh'fhághail mar luacht saothair
d'á bhárr. Amen.



XXIII.
AN CEATHRAMHADH DOMHNACH DE'N CHARAIGHEAS.



Léightear an Soisgéal. (Eóin 6.)



A phobul: Sar a dtáinig an Slánuightheóir treasna
na faraige sin Ghaililí an uair sin bhí sé tar éis
mírbhuilt mhór a dhéanamh i gcathair Ierúsaleim. Bhí sé
tar éis lúth a chos a thabhairt do dhuine. Ach dhein sé


L. 162


an mhírbhuilt sin lá na Sabbóide. Chonaic na Iúdaigh
an mhírbhuilt déanta aige agus d'eirigheadar ar buile
chuige mar gheall ar é bheith ag briseadh na saoire. Ba
mhó acu, mar 'dh eadh, an tsaoire choimeád gan briseadh
ná lúth a chos a thabhairt do'n duine. Bhí fhios ag an
Slánuightheóir, ámhthach, ná raibh sa bhfeirg i dtaobh briseadh
na saoire ach éitheach, ná raibh ann ach púicín, an púicín
is gnáth leis an bhfeallaire do chur ar shúilibh na
poibilidheachta nuair a leigean sé air bheith ana dhiadha
i dtaobh cuid des na h-aitheanta, i dtreó gur
chaothamhla-de a dh'fhéadfadh sé an chuid eile acu bhriseadh
a gan fhios do'n tsaoghal. Do nocht an Slánuightheóir
cuid dá gcleasaidheacht. Do thaisbeáin sé cuid d'á
raibh laistiar de'n phúicín. Ansan tháinig a leithéid de
bhuile ortha chuige gur mheasadar é chur chun báis. Ach
d'imthigh sé uatha agus chuaidh sé treasna faraige Ghaililí.



Do lean sluagh mhór de'n phoibilidheacht é. Ní raibh
aon fhearg ag na daoine bochta chuige. Ar na h-uaislibh
iseadh bhí an fhearg. Ar na Fairisínigh, agus ar sgoláiribh
na dlíghe, agus ar na sgríbhneóiribh poibilidhe. Ar an
muintir a bhí 'ghá leigint ortha an uraim go léir a bheith
acu do dhlígh Mhaoise agus gan blúire urama acu do'n
dlígh sin ná d'aon dlígh eile, ach iad ag déanamh úsáide
dhi chun an phúicín do chur ar an bpoibilidheacht agus
a ndroch bhearta féin do choimeád i bhfolach. Chonaic
na daoine bochta na mírbhuiltí móra a bhí aige 'á
dhéanamh ar na daoine a bhí gan sláinte, an tsláinte
aige 'á thabhairt dóibh ar gach aon tsaghas cumha. Chonac-
adar an tairbhe aige 'á dhéanamh, agus do leanadar é.
Ansan, fé mar a deir an Soisgéal, d'imthigh sé uatha
suas cnoc a bhí ann, é féin agus a dheisgiobuil agus
d'fhanadar-san thíos ag bun an chnuic.



Ar ball, d'fheuch sé síos ar an mór-shluagh daoine


L. 163


a bhí tar éis é leanamhaint. Bhí fhios aige ná raibh aon
rud le n-ithe ag an sluagh daoine sin. Ansan b'é a
thoil naomhtha mírbhuilt uathbhásach a dhéanamh, mírbhuilt
a bhí uathbhásach go leór inti féin, ach mírbhuilt go raibh
brígh léi dob' uathbhásaighe go mór 'ná í féin. Bhí chúig
bhulóga aráin aige agus dá iasg, fé mar a léigheadh
daoibh. Do mhéaduigh sé an méid sin bídh i dtreó gur
tugadh, as na chúig bulógaibh agus as an dá iasg,
a ndóithin mór le n-ithe do'n tsluagh go léir, agus
bhí tímpal chúig mhíle duine ann.



Dob' uathbhásach an mhírbhuilt í sin, a phobul, ach, mar
a dúbhart, bhí brígh léi dob' uathbhásaighe go mór 'ná
í féin. Soluíd, nó sampla, ab eadh an mhírbhuilt sin
ar an obair mhór, dhoimhinn, ghlórmhar, dho-thuisgionta
do'n aigne dhaona, a dhein Slánuightheóir an domhain nuair
a chuir sé Sácraimínt Chorp Críosd ar bun. Do
mhéaduigh sé na chúig bhulóga i dtreó go raibh
dóithin chúig mhíle duine ionta. Ach tar éis iad
a mhéadughadh ní raibh ionta fós ach arán órnan. Ní
raibh sa mhéadughadh, d'á uathbhásaighe é, ach an rud a
dheinean Dia dhúinn go léir gach aon uair a chuirimíd
síol agus a bhainimíd fóghmhar. Méaduighthear an biadh
dhúinn nuair a curtar beagán síl sa talamh agus nuair
a dh'fhásan an síol, agus nuair a gheibhtear ar ball,
tar éis an fhóghmhair a bhaint, an toradh breagh, flúirseach,
saidhbhir, buacach, ar an mbeagán síl. Deinean Dia
an méadughadh san. Tá fhios againn go léir go
bhféadfadh Dia na glóire an méadughadh san a dhéanamh
i n-aon neómat amháin chómh maith díreach agus is féidir
dó é dhéanamh i leath-bhliadhain. Deinean Dia i gcómh-
nuighe é i gcaitheamh na leath-bhliadhna. Dhein an Slán-
uightheóir an uair úd é i n-aon neómat amháin. D'fhás
an t-arán an fhaid a bhítheas 'ghá raint.


L. 164


Ach nuair a chuir an Slánuightheóir Sácraimínt Chorp
Críosd ar bun thug sé dos na Críosdaidhthibh biadh ná
bainean i n-aon chor leis an saoghal so, biadh ná
bainean le síol ná le fás, le h-earrach ná le fóghmhar,
biadh a bhainean leis an anam, biadh a thugan neart
do'n anam fé mar a thugan an t-arán corpartha neart
do'n cholainn, ach go bhfuil an dá shaghas bídh chómh neamh-
chosmhail le n-a chéile agus atá an t-anam agus an
corp neamhchosmhail le n-a chéile.



Le truagh dos na daoine do lean é, amach sa bhfásach,
agus ná raibh aon nídh le n-ithe acu, iseadh dhein an Slán-
uightheóir an méadughadh mírbhuilteach san ar an arán
an lá san. Soluíd ab eadh an mhírbhuilt sin ar an nídh
a dhein sé le truagh do'n chine daona nuair a chuir sé
Sácraimínt Chorp Críosd ar bun. Thug méadughadh an
aráin agus an éisg biadh an t-aon uair amháin sin do'n
chúig mhíle duine. Thug Sácraimínt Chorp Críosd biadh
spioraideálta dos na mílte milliún Críosdaidhthe
do tháinig ar an saoghal, agus d'fhág an saoghal, riamh
ó shin, agus ní h-aon uair amháin a tugadh an biadh
spioraideálta san dóibh, ach gach aon uair ba mhaith leó
iad féin d'ollamhughadh chuige agus teacht chun é ghlacadh.
Thug méadughadh an aráin agus an éisg an lá úd cothughadh
corpartha, do shásaimh an uair sin iad, do'n chúig mhíle
duine sin. Bhí an biadh foláin, deigh-bhlasta, buacach.
Chuir sé spionadh agus neart ins na daoine i gcóir an
bhóthair abhaile. Ach nuair a thánadar abhaile bhí ocras
airís ortha, agus b'éigean dóibh tuille bídh d'ollamhughadh
dóibh féin agus é chaitheamh. Ní raibh an biadh mírbhuilteach
a fuaradar sa bhfásach le fághail airís sa bhaile acu.
Nuair a chuir an Slánuightheóir Sácraimínt Chorp Críosd
ar bun thug sé do'u chine daona biadh spioraideálta
a bhí le fághail i gcómhnuighe acu, amuich agus i mbaile,


L. 165


gach aon tráth dh'á saoghal, ó theacht dóibh i mbliadhantaibh
na tuisgiona go dtí an lá 'n-ar thoil le Dia glaodhach
ortha as an saoghal. Agus bhí sé le fághail acu an lá
san thar gach lá eile, i dtreó go dtabharfadh sé neart
agus misneach anama dhóibh, i n-aghaidh an namhad
chealgaigh a chuirean cath cruaidh ar anam an duine an
lá san thar gach lá eile.



Nuair a chonaic na daoine cad a bhí déanta bhí
iongnadh agus uathbhás ortha. Bhí fhios acu go léir ná
raibh aon bhlúire bídh sa n-áit ach na chúig bhulóga a bhí
ag an mbuachaill, agus an dá iasg. Gan amhras
bhíodar go léir ag faire feuchaint cad 'déanfaí.
Chonacadar an Slánuightheóir ag tógaint na mbulóg
agus ag breith bhuidheachais. Dúbhradh leó suidhe síos
Shuidheadar. Do ghluais an Slánuightheóir eatortha, ag
briseadh an aráin agus an éisg agus 'ghá raint ortha.
Bhíodar ag faire go géar feuchaint cad é an fhaid a
raghadh an t-arán. Gan amhras bhí daoine ann a cheap
gur ró ghearr go mbéadh sé ídighthe. Is dócha go raibh
cuid acu do cheap nár bhaoghal ná go mbéadh "an fear
deirineach díobhálach." Measaim, ámhthach, gur b'é
cuma 'n-a raibh a n-aigne agá bhformhór 'ná ollamh d'aon
tsaghas ruda a thuitfeadh amach, pé mírbhuilt a bhéadh
ann, bhí oiread san mírbhuiltí feicithe cheana acu uaidh.
Ach do ghluais an briseadh agus an raint agus níor
h-idigheadh an biadh. Bhí gach aoinne ag ithe go dtí go
raibh a dhóithin ithte aige, agus ní raibh an biadh ídighthe.
Ansan, nuair a bhí gach aoine sásta, do fuaradh gur
fágadh breis agus dá uair déag níos mó fuíghligh 'ná
a raibh de bhiadh ar fad ann nuair a thusnuigh an raint.
Chonaic na daoine go léir an obair go léir. Dheineadar
iongnadh de'n mírbhuilt. Is minic a dheinid daoine
iongnad de mhírbhuilt agus go stadaid siad ar an áit


L. 166


sin. Ba dhóich le duine ortha go measaid siad ná
deinean Dia mírbhuiltí chun aon ghnótha eile
ach chun go ndéanfaí iongnadh dhíobh. Ní mar sin a dhein
an chúig mhíle duine úd a fuair an biadh mírbhuilteach úd
ó'n Slánuightheóir. Bhíodar ag caint eatartha féin i
dtaobh na mírbhuilte. Sa chaint dóibh dheineadar admháil.
"Gan amhras," ar siad, "is fáidh atá ag teacht sa
domhan an fear so." Bhí taithighe ag sliocht Isráeil ar
na fáidhíbh a bheith ag teacht ó Dhia, ó am go h-am, chun
teagaisg éigin speisialta thabhairt dos na daoine, nó
chuniad a dh'fhuasgailt ó namhaid éigin, nó chun iad
do spriocadh chun aithrighe dhéanamh 'n-a ndroch bheartaibh
sar a dtiocfadh díbhfeirg Dé ortha. Cheap na daoine
úd a fuair an biadh mírbhuilteach gur bh' fháidh éigin de'n
tsórd san an Slánuightheóir, agus d'admhuigheadar an
nídh sin. Ach níor stadadar ansan ach chómh beag.
Cheapadar gur cheart dóibh an onóir ab aoirde a thabhairt
dó. Shocaruigheadar 'n-a n-aigne go ndéanfaidís rígh
dhé. Nuair a bhí socair ar an méid sin acu d'imthigh
sé uatha airís suas an cnoc. Mheasadar rígh dhéanamh
dé, ach ní raibh fhios acu nár bh'fhéidir dóibh aon chómhacht
ná aon onóir de'n tsord san a thabhairt dó ná raibh
aige cheana.



An rud ná raibh fhios acu súd, ámhthach, tá fhios againne
é. Tá fhios againn gur b' é Mac Dé é, agus gur ghlac
sé colann daona chun na cine daona d'fhuasgailt agus
do shábháil, agus gur dhein sé an fhuasgailt sin le n-a
bhás ar chrann na croise. Tá fhios againn gur chuir sé
ar bun, tré mhór-luacht a bháis, na Sácraimintí go léir;
an Baisteadh, chun sinn a ghlanadh ó pheacadh an tsínsir,
Dul-fé-láimh-Easbuig chun sinn do neartughadh sa
chreideamh, Sácraimínt na h-Aithrighe chun ár
bpeacaí féin a mhaitheamh dúinn, agus an tSácraimínt


L. 167


ghlórmhar ar fad, Sácraimínt Chorp Críosd, chun biadh
na beatha síoruidhe a thabhairt d'ár n-anam.



Cheapadar súd rígh dhéanamh Dé. Chuadar chómh fada
le n-a n-eólus. Cheapadar rígh saoghalta dhéanamh
dé. Ní raibh a mhalairt d'eólus acu. Bhí brígh mór
leis an mírbhuilt a dhein an Slánuightheóir dóibh siúd.
Solúid ab eadh an mhírbhuilt sin ar an rud atá déanta
aige dhúinne. Tá brígh mór, mar an gcéadna, leis an
rud a cheapadar súd a dhéanamh do'n tSlánuightheóir.
Soluíd iseadh é ar an rud is ceart dúinne dhéanamh dó.
Mheasadar súd rígh saoghalta dhéanamh Dé. Is ceart
dúinne leis a shocarughadh i n-ár n-aigne go
ndéanfaimíd rígh dhé. Ach ní rígh saoghalta is ceart
dúinn a dhéanamh Dé. An rud nár ghlac sé uatha súd
ní ghlacfaidh sé uainne é. Ní'l aon ghádh aige leis. Isé
rígh an tsaoghail agus an domhain go léir é gan chongnamh
uatha súd ná uainne. Ach tá rígheacht is féidir dúinn
a thabhairt dó nó a choimeád uaidh, rígheacht ar ár gcroídhe
agus ar ár n-aigne féin. Siné an rígheacht a ghlacfaidh
sé uainn go fonnmhar má thugaimíd dó é. Thug sé
dhúinn an biadh spioraideálta, fé mar a thug sé an biadh
corpartha dóibh siúd. Dhéanfaidís siúd rígh saoghalta
dhé, ach d'imthigh sé uatha an cnoc suas. Má thugaimíd-ne
an rígheacht atá uaidh dó ní imtheóchaidh sé uainn an cnoc
suas. Glacfaidh sé an rígheacht, agus fanfaidh sé againn,
agus stiúróchaidh sé ár gcroídhe agus ár n-aigne agus
ár mbeatha ar an saoghal so, agus ansan tabharfaidh sé
rígheacht na bhflathas dúinn ar an saoghal eile.



An ndéanfaimíd an nídh sin, a phobul? Nách é ár
leas é dhéanamh? Nách é is ceart dúinn a dhéanamh ar
gach aon tsaghas cúise? D'fhág an Slánuightheóir ar
ár gcumas an rígheacht san, rígheacht ár gcroídhe agus
ár n-aigne, do thabhairt dó nó do choimeád uaidh. D'fhág


L. 168


sé ar ár gcumas an rígheacht san do bhronnadh air, má's
maith linn é, nó an t-eiteachas a thabhairt dó 'n-a thaobh.
Cé 'cu a dhéanfaimíd? Is dócha ná fuil aon Chríosd-
aidhe ná déarfaidh láithreach gur ceart dúinn, nídh nách
iongnadh, an rígheacht do bhronnadh ar an Slánuightheóir
le lán toil. An Slánuightheóir do ghlacadh chúghainn 'n-a
rígh ar ár gcroídhe agus ar ár n-aigne, ar ár n-intinn
agus ar ár dtoil, orainn féin go léir idir chorp agus
anam.



Tá go maith. Siné an ceart. Ansan tagan nídh eile
isteach. Caithfear bheith dílis do'n Rígh. Caithfear toil
an Rígh do dhéanamh i gcómhnuighe. Caithfear onóir an
Rígh do chosnamh i gcómhnuighe. Caithfear namhaid an
Righ do throid i gcómhnuighe, agus iad a throid go cródha,
agus gan páirt a ghabháil leó choídhche ar aon tsaghas
cuma ná ar aon tsaghas cúise. Is iad na peacaí namhaid
an Rígh. Má's maith linn bheith dílis do'n Rígh ní foláir
dúinn bheith i n-ár namhdaibh fíochmhara dos na peacaíbh;
gan aon tsaghas síothchána dhéanamh choídhche leó; gan
aon tsaghas caradais a dhéanamh leó. Pé mealladh
ná bréagadh a dhéanfaid na peacaí orainn ná pé
muintearthas a cheapaid siad a thaisbeáint dúinn, má's maith
linn bheith dílis do'n Rígh ní foláir dúinn cur 'n-a
gcoinnibh láithreach agus gan a lámháil dóibh aon chimilt
a bheith acu linn.



An fhaid a bhéimíd dílis mar sin do'n Rígh ní gádh
dhúinn aon bhlúire eagla beith againn roimis an namhaid.
Tá an Rígh láidir agus tá Máthair mhaith aige, agus is
dian mhaith atá fhios ag an namhaid go bhfuil san mar
sin. Ní'l againn ach an troid a dhéanamh agus cuirfidh an
Rígh an buadh i n-áirighthe dhúinn i n-aimdheóin ár namhad.



Go dtugaidh Rígh na ngrást an buadh san dúinn go leir
tré impidhe na Maighdine Muire agus na naomh. Amen.


L. 169


XXIV.



DOMHNACH NA PÁISE.



Léightear an Soisgéal. (Eóin 8.)



A phobul: Nuair a léightear aighneas de'n tsórd san
idir an Slánuightheóir, moladh go deó leis, agus na
Iúdaigh, cuirean an chaint sgárd ar dhuine. Bhíodar
ag feuchaint ar na mírbhuiltíbh a bhí aige 'á dhéanamh os
cómhair a súl, agus fós ní raibh eagal ortha labhairt leis
ar an gcuma san! D'fhéadfadh an Slánuightheóir, dá
mba thoil leis é, a chur fhiachaibh ar an dtalamh iad do
shlogadh, fé mar a shloig an talamh, na céadta bliadhan
roimis sin, na daoine a bhí ag eirighe i gcoinnibh Mhaoise
agus 'ghá rádh go raibh sé chómh ceart acu féin bheith i
gceannus Clainne Isráeil agus a bhí sé aige-sean.
B' é toil Dé gur osgail an talamh fé n-a gcosaibh, agus
gur bhris lasair teine aníos tríd an osgailt, agus gur
sloigeadh síos isteach sa teine na cuirpthigh agus iad ag
sgreadaigh. Do dhún an talamh os a gcionn, agus is
fada dh'fhan sgannradh an lae sin i gcroídhe na ndaoine
a chonaic an radharc. Ní dúbhairt an Slánuightheóir
leis an dtalamh osgailt fé chosaib na n-Iúdach úd agus
iad do shlogadh siós nuair a thugadar masladh dhó ba
mheasa go mór 'ná pé masladh a tugadh do Mhaois. An
masladh a tugadh do Mhaois is do dhuine a tugadh é. An
masladh a tugadh do'n tSlánuightheóir do tugadh do
Dhia é. Ach níor dhein an Slánuightheóir ach a iaraidh ortha,
má bhí aon choir acu le cur 'n-a leith, labhairt, i dtreó


L. 170


go ndéanfadh sé é féin do chosaint. Do dheónaidh sé
a thriail do sheasamh 'n-a láthair! "Cé 'cu agaibh a
chuirfidh peacadh am' leith?" ar seisean leo. Do labhair
sé chómh réidh sin leó feuchaint an ndéanfadh aon rud
i n-aon chor iad do bhogadh agus a chur fhiachaibh ortha
a leas a dhéanamh. "Má tá an fhírinne agam dh'á
innsint," ar seisean, "cad 'n-a thaobh ná creidean
sibh mé?" Chuaidh an focal san i bhfeidhm ortha. Bhí
fhios acu go maith go raibh an fhírinne aige dh'á innsint.
Bhí fearg ortha nuair a chonacadar go raibh fios a n-aigne
aige, nuair a chonacadar gur thuig sé gur le corp droch
aigne ná h-admhóchaidís an fhírinne uaidh. Ansan
dúbhairt sé focal eile a thaisbeáin níos soiléire dhóibh
go raibh sé ag feuchaint ar na smuínte a bhí 'n-a gcroídhe.
Bhí fhios acu féin go rabhadar ag cur i gcoinnibh na
fírinne a bhí ag teacht uaidh 'n-a chaint. Bhí seana
thaithighe acu ar bheith ag cur i gcoinnibh na fírinne pé
uair ná taithneadh an fhírinne leó, ach dheinidís an nídh
sin ar chuma ná tuigtí cad a bhíodh ar siúbhal acu.
Chuiridís an púicín ar an bpoibilidheacht. Nídh nách
iongnadh, bhí radharc ag an Slánuightheóir ar an aigne
a bhí laistigh de'n phúicín acu.



"An t-é atá ó Dhia," ar seisean, "éistean sé le
bréithribh Dé."



Nuair a dh'airigheadar an focal san bhí fhios acu go
raibh sé ag feuchaint ar an dtaobh istigh d'á n-aigne agus
go bhfeacaidh sé, chómh maith agus chonacadar féin é,
gur mailís agus droch aigne a bhí istigh acu, agus ná
féadfadh mailís agus droch aigne bheith ó Dhia. Ansan
do tháinig an focal eile ortha uaidh. "Isé cúis ná
h-éistean sibh-se le bréithribh Dé mar ní h-ó Dhia sibh."



Bhí an iomad de'n fhírinne sa bhfocal san. Níor
fhéadadar an focal san do sheasamh. Duine 'ghá innsint


L. 171


dóibh, suas le n-a mbéal, cad a bhí istigh 'n-a gcroídhe!
Iad a d'iaraidh a leigint ortha gur dúil i n-onóir do
Dhia fé ndeara dhóibh bheith ag diúltughadh d'á chaint.
Eisean ag feuchaint isteach 'n-a gcroídhe ar an mailís
agus ar an ndroch aigne a bhí istigh acu, agus ansan 'ghá
innsint dóibh, suas le n-a mbéal, os cómhair an phobuil
a bhí láithreach, nách onóir do Dhia a bhí ag déanamh buartha
dhóibh ach fuath dhó-san agus dúil 'n-a bhás, mar gheall
ar an sgéidh a bhí aige 'á dhéanamh ar an bhfeall a bhí ionta.
Bhíodar i gcruadh-chás. Níor bh' aon mhaith dhóibh bheith
ag argóint leis, dar leó. D'á mhéid a déarfaidís sa
n-argóint iseadh ba mheasa thiocfaidís as. Shocaruigh-
eadar ar an rud a dhéanamh a dheinean an fear i
gcómhnuighe n-a mbíon an éagcóir aige agus gur cuma
leis ach an éagcóir a chur i bhfeidhm le corp éithigh agus
le droch chaint agus le bladhman. Bhí fhios acu go raibh
cómhacht éigin, nó solus éigin aige, nár sholus saoghalta,
do chuir ar a chumas feuchaint isteach 'n-a n-aigne agus
na smuínte a bhí acu do dh'fheisgint mar a dhein sé.
Ní leigfeadh a ndroch aigne dhóibh a dh'admháil go
mb'fhéidir gur bh' é solus Dé agus cómhacht Dé a bhí
ann. Ansan níor dheineadar ach srian a thabhairt do'n
droch aigne, agus an focal ba mheasa dh'fhéadfadh teacht
chun a mbéil do sgaoileadh amach. "Á!" ar siad,
"nách maith a dúbhramair-ne é, gur Samaritánach tú
agus go bhfuil deamhan ionat!"



Dob' uathbhásach an chaint í. Dob' uathbhásach an
masladh é 'á thabhairt do Mhac Dé, do Shlánuightheóir an
domhain, do'n tSlánuightheóir a bhí geallta ag Dia na
glóire dhóibh agus do tháinig ag triall ortha, thar
náisiúnaibh an domhain, chun tusach a thabhairt dóibh ar
an bhfuasgailt a bhí aige le déanamh ar an gcine daona
go léir. Ba mhailíseach an chaint í, agus ba dhiablaidhe


L. 172


agus ba pheacamhail. Ach cad a dhein an Slánuightheóir
trócaireach? Ar órduigh sé an talamh 'á slogadh?
Níor dhein sé aon nídh dh'á shórd. Níor dhein sé ach a rádh
leó, rud a bhí fhios acu féin, go raibh an éagcóir acu.



"Ní'l deamhan ionam-sa," ar seisean, "ach táim
ag tabhairt onóra dom' Athair: agus tá easonóir
tabhartha agaibh-se dhómh-sa. -Táim ag tabhairt onóra
do'n Athair Síoruidhe nuair atáim ag tabhairt cómhairle
bhúr leasa dhaoibh-se agus ag cur suas le gach masladh
agus le gach tarcaisne uaibh, feuchaint, luath nó mall,
a n-iompóchadh sibh ar Dhia agus aithrighe dhéanamh. Ní
h-é toil an Athar Síoruidhe sibh a chur go h-ifrean mar
gheall ar bhúr bpeacaí, ach 'sé a thoil sibh a mhealladh chun
na h-aithrighe má's féidir é, agus aoibhneas na bhflathas
a thabhairt daoibh. Tá onóir agam-sa 'á thabhairt do'n
Athair Síoruidhe, mar táim a d'iaraidh a thoile chur chun
cinn i nbhúr dtaobh-sa. Tá easonóir mhór, ámhthach,
tabhartha agaibh-se dhómh-sa anois. Ach ní dhéanfad-sa
aon díoghaltas oraibh mar gheall ar an easonóir sin.
Isé cúis ná déanfad díoghaltas oraibh mar gheall ar an
easonóir sin mar ní loirgim mo ghlóire féin. Dá
mb'orm a bhéadh mo ghlóire féin do chosaint níor
bh'fholáir dom díoghaltas a dhéanamh oraibh mar gheall ar
an easonóir sin a thugabhair dom anois. Ach tá rómhaibh.
Cosanóchaidh an t-Athair Síoruidhe mo ghlóire-se agus
tabharfaidh sé breith."



Nuair a bhí innste dhóibh aige ná raghadh an easonóir
saor leó, ach go dtabharfadh an t-Athair Síoruidhe breith
damanta ortha mar gheall uirthi, do chrom sé airís ar
iad do mhealladh chun na h-aithrighe agus ar a dh'innsint
dóibh conus mar a bhí an bheatha shíoruidhe le fághail acu
dá nglacaidís a theagasg.



"Go deimhin, go deimhin, adeirim libh," ar seisean,


L. 173


"an t-é a chómhlíonfaidh mo chaint-se ní fheicfidh sé bás
go deó."



B'fhéidir go ndéarfadh duine éigin nár thuigeadar é
nuair a dúbhairt sé an chaint sin; gur mheasadar gur
ar bhás agus ar bheatha chorpartha a bhí sé ag trácht. Ní
raibh aon phioc d'á mhearbhall ortha gur ar bhás shíoruidhe
agus ar bheatha shíoruidhe a bhí sé ag caint. Do leigeadar
ortha gur mheasadar gur ar bhás chorpartha agus ar
bheatha chorpartha bhí sé ag caint feuchaint an bhféad-
faidís a chur 'n-a luighe ar aigne na poibilidheachta
ná raibh aon éifeacht le n-a chaint. Do labhradar féin
láithreach ar bhás chorpartha. "Tá fhios againn anois,"
ar siad, "go bhfuil deamhan ionat. Tá Ábraham tar
éis bháis, agus na fáidhe, agus deirir-se 'má chómhlíonan
duine mo chaint-se ní bhfaghaidh sé bás go deó!'"



Tugaidh fé ndeara, a phobul, mailís na cainte sin.
Bhí an phoibilidheacht ag éisteacht leis an ndiospóireacht.
Bhí uraim thar bárr ag an bpoibilidheacht d'Ábraham
agus dos na fáidhibh. Feuch chómh gasta agus a mheas
na Iúdaigh, na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh, a chur
'n-a luighe ar an bpoibilidheacht go raibh an fear so 'ghá
chur féin os cionn Ábrahaim agus os cionn na bhfáidh.
Bhí 'fhios acu an phoibilidheacht a bheith ag leanamhaint
an tSlánuightheóra, agus cheapadar go raibh ana
iaracht acu 'á dhéanamh ar an bpoibilidheacht do mhealladh
uaidh.



Níor thug an Slánuightheóir aon mhíniughadh ar an sgéal.
Ní dúbhairt sé, "Ní h-ar bhás chorpartha ná ar bheatha
chorpartha atáim ag caint, ach ar bhás shíoruidhe agus ar
bheatha shíoruidhe." Ní dúbhairt, mar níor ghádh dhó é. Do
thuig an mhuintir a bhí ag caint gur ar bhás shíoruidhe
agus ar bheatha shíoruidhe a bhí sé ag trácht. Agus do
thuig an phoibilidheacht leis é go h-áluinn. Agus do


L. 174


thuigeadar cleasaidheacht na bhFairisíneach, chómh maith
díreach agus do thuig na Fairisínigh féin, é.



Níor dhein an Slánuightheóir ach leanamhaint ar a
theagasg, leanamhaint ar a chur 'n-a luighe ar na
Fairisínigh agus ar na daoine, ná raibh sé ag lorg a
ghlóire féin, ná raibh sé ach ag cur toile an Athar
Síoruidhe chun cinn agus ag fágaint a ghlóire féin fé'n,
Athair Síoruidhe. Ansan do labhair sé ar Ábraham.



"Go deimhin, go deimhin adeirim libh," ar seisean,
"táim-se ann, ó roimh Ábraham a bheith ann."



Ansan do thógadar na clocha chun, iad do chaitheamh
leis. Ach do cheil sé a chló ortha agus d'imthigh sé amach
as an dteampall.



Tugaidh fé ndeara go cruinn an focal deirineach san,
a phobul. "Do cheil sé a chló ortha agus d'imthigh sé
amach as an dteampall."



Do lean sé ortha, ag caint leó, ag cur suas le n-a
ndroch chaint agus le n-a ndroch mhúineadh agus leis an
dtarcaisne a bhí acu 'á thabhairt dó, 'ghá gcómhairliughadh,
'ghá innsint dóibh conus mar a bhí fearg an Athar Síoruidhe
acu 'á thuilleamh dóibh féin leis an easonóir a bhí acu 'á
thabhairt do'n Aon-Mhac. Do lean, sé ortha an fhaid a
leanadar ag caint, bíodh ná raibh 'n-a gcaint ach easúmh-
luigheacht. Ní féidir dúinne a thuisgint cad iad na
grásta a bhí aige 'á thabhairt dóibh an uair sin, ná cad
é an solus a bhí ag Dia 'á thabhairt d'á n-aigne a gan
fhios do'n tsaoghal. Bhí gach aon fhocal a bhí ag an Slán-
uightheóir 'á rádh leó ag cabhrughadh leis an solus a bhí ag
Dia 'á thabhairt dóibh laistigh. Ach d'á mhéid solus a
tugadh dóibh iseadh ba mhó a chuireadar i gcoinnibh an
tsoluis, agus d'á fheabhas cómhairle a tugadh dóibh iseadh
ba mhó a chuireadar i gcoinnibh na cómhairle, go dtí,
fé dheire, gur dhiúltuigheadar d'éisteacht le n-a thuille


L. 175


cainte agus gur rugadar ar na clocha. Nuair a
rugadar ar na clocha ní raibh a thuille tairbhe i gcaint.
Ansan do cheil an Slánuightheóir a chló ortha. Chromadar
ag tógaint na gcloch agus nuair eirigheadar ní fheacadar
a thuille é. D'imthigh sé uatha amach as an dteampall.



D'iaras oraibh, a phobul, an nídh sin go léir do thabhairt
fé ndeara. Cad 'n-a thaobh gur cuireadh síos mar sin,
i Leabhar an Aifrinn, dúinne agus do phobulaibh an
domhain, an méid sin sgéil?



Sidé cúis n-ar cuireadh síos dúinn go léir é, agus
go léightear amach é do phobulaibh an domhain. An
chaismirt chéadna san, an t-aighneas céadna san, an
cómhrac céadna san idir an Slánuightheóir, moladh go
deó leis, agus na Iúdaigh mhalluighthe úd gan chiall,
idir an solus agus an doircheacht, idir ghrásta Dé agus
droch aigne an duine, tá sé ar síubhal ins gach aon pháirt
de'n domhan riamh ó sin. Nuair a bhíon an duine ag
déanamh aimhleasa a anama, nuair a bhíon an dúil sa
pheacadh aige, agus gur fearr leis leanamhaint ar an
bpeacadh 'ná iompáil ar Dhia agus ar aithrighe dhéanamh,
bíon an chaismirt chéadna san ar siúbhal istigh 'n-a
chroídhe, istigh 'n-a choinsias, idir é féin agus an Slán-
uightheóir, idir é féin agus grásta Dé. Grásta Dé ag
innsint na fírinne dhó díreach fé mar a bhí an Slán-
uightheóir ag innsint na fírinne dhóibh siúd. An
duine ag casadh agus ag camadh agus ag lúbarnaigh,
a d'iaraidh cur i n-aghaidh na fírinne, díreach mar a bhíodar
súd. A choinsias 'ghá innsint do'n duine, 'ghá
innsint dó go soiléir, ná fuil aon dul aige ó bhreitheamh-
antas Dé, ó bhreith damanta, mura gcuiridh sé uaidh
an peacadh. Cad a dheinean an Críosdaidhe sa deire?
Buidheachas leis an mór-chómhacht atá i ngrásta an
tSlánuightheóra, iompuighean a lán acu ar Dhia. Deinid


L. 176


siad an aithrighe. Deinid siad an fhaoisdin mhaith.
Téighean páis agus bás an tSlánuightheóra chun sochair
d'á n-anam sa n-asbolóid. Glacaid siad an
Slánuightheóir féin i Sácraimínt Chorp Críosd. Ansan
bíon suaimhneas aigne acu. Bíon deire leis an
gcaismirt. Ach an fear go bhfuil an croídhe cruaidh aige,
an croídhe calcaithe, agus an droch mheón, cuirean sé
a cheann go dána agus go daingean i gcoinnibh an
tSlánuightheóra. Labhran a choinsias leis, fé mar a
labhran sé le gach aon Chríosdaidhe. Ní thugan sé aon
toradh ar an gcoinsias. Ní chuirean san aon tsuaimhneas
ar an gcoinsias. Leanan an coinsias ag labhairt,
díreach fé mar a lean an Slánuightheóir ag labhairt leis
na Iúdaigh go dtí gur thógadar na clocha. Leanan an
coinsias ag labhairt leis an nduine go dtí go dtugan
an duine cead a chinn do'n olc atá istigh ann agus go
marbhuighean sé an coinsias. Ansan, "Ceilean an
Slánuightheoir a chló air agus imthighean sé amach as an
dteampall."



Go sábhálaidh Dia na glóire sinn, a Chríosdaidhthe, ar
a leithéid sin de chrích 'ghár mbreith! Anois an t-am
againn chun machtnaimh a dhéanamh air. Tá an tsoluíd os
cómhair ár súl againn sa tSoisgéal. Imtheóchaidh an
Slánuightheóir uainne, mar a dh'imthigh sé uatha súd, má
chuirimíd chuige é. Go dtugaidh Dia dhúinn ná cuirfimíd.
Amen.


L. 177


XXV.



DOMHNACH NA FAILIME.



An Pháis.



(Maitiú 26 agus 27.)



Is cuimhin linn go léir, a phobul, an cheist úd a curtí
chúghainn fadó nuair a bhíomair ag foghluim an Teagasg
Críosdaidhe: -



"Cé h-é Íosa Críosd?"



"Mac Dé, an tarna Pearsa de'n Tríonóid ró
Naomhtha, do ghlac colann daona."



Ansan do tháinig an cheist eile seo agus a freagra: -



"Cad chuige gur ghlac Mac Dé colann daona?"



"Chun sinn a dh'fhuasgailt agus do shábháil."



Ní ceisteana cruadha iad. Ní deacair cuimhne
choimeád ortha. Is dóich liom gur beag aoinne a
dh'fhoghluim an Teagasg Críosdaidhe i nGaeluinn nár
choimeád an dá cheist sin agus an dá fhreagra san go
cruinn i n' aigne i gcaitheamh a shaoghail. Ba dhóich le
duine ar an gcéad amharc ná féadfadh aon chaint bheith
níos réidhe, níos glaine brígh, níos soiléire ciall,'ná
an chaint atá sa dá cheist sin agus sa dá fhreagra san,
ach má deintear beagáinín machtnaimh ar an gcaint
chífear gur ró dheacair caint a dh'fhághail is doimhne 'ná
í, is diamhaire brígh 'ná í.



Feuchaimís ar dtúis ar bhrígh gach focail fé leith
d'fhocalaibh na cainte sin. Tá againn sa chéad cheist


L. 178


an focal "Íosa." Innstear dúinn, nuair a tháinig
aingeal an Tighearna le sgéala chun Muire, 'ghá innsint
di go mbéadh Mac aici agus í 'n-a maighdin, dúbhairt
sé léi gur bh' é órdughadh Dé dhi Íosa thabhairt mar
ainim ar an Mac. Agus isé cúis gur tugadh an
t-órdughadh san di i dtaobh an Mhic mar go gcialluighean
an focal "Íosa" Slánuightheóir, agus gur b'é an
Mac san a bhí chun na cine daona do shlánughadh. Ba
ghnáth riamh, nuair a deintí rígh de dhuine, nuair a tugtí
cómhacht rígh dhó os cionn daoine eile, go gcuirtí oíle
bheannuighthe ar a cheann. Isé ár Slánuightheóir, moladh
's buidheachas leis, rígh na cine daona go léir, nídh nách
iongnadh, agus isí oíle do cuireadh air 'ná an diadhacht
Do ghlac Mac Dé colann daona. Siné brígh atá leis an
bhfocal "Críosd." Ansan, cialluighid an dá fhocal
i n-aonfheacht, an Slánuightheóir, an Rígh atá 'n-a Dhia
agus 'n a Dhuine; Mac Dé, an tarna Pearsa de'n
Tríonóid ró Naomhtha, do ghlac colann daona chun na
cine daona dh'fhuasgailt agus do shábháil.



Anois, cad uaidh go raibh an chine daona le fuasgailt?
Tá sean aithne againn ar an bhfreagra. Bhí an chine
daona le fuasgailt ó ifrean agus ó chómhachtaibh an
diabhail. Agus cad a chuir an chine daona fé chómhachtaibh
an diabhail? Do chuir an peacadh a dhein ár gcéad athair
agus ár gcéad mháthair, peacadh an tsínsir.



Do chruthuigh Dia ár gcéad athair agus ár gcéad
mháthair saor ó pheacadh. Do chruthuigh sé ar staid na
ngrást iad. Thug sé ciall agus meabhair agus
tuisgint dóibh, saor ó-s na claontaibh, agus ó-s na
droch mhiantaibh, agus ó'n ndoircheacht aigne, agus ó'n
lagachar intinne, agus ó'n easba meanmna, a chom-
áinean sinne go minic chun aimhleasa anama agus chun
an pheacaidh. Thug sé saor thoil dóibh, toil a bhí go


L. 179


h-iomlán ar chumas a dtuisgiona, gan spleadhchas ar
bith d'aon nídh ach do sholus na tuisgiona. Ansan, mar
is eól dúinn go léir, thug sé dhóibh aon aithne amháin le
coimeád. Do thuigeadar 'n-a n-aigne, dá gcoim-
eádaidís an t-aon aithne amháin sin go mbéidís féin
agus a sliocht i n-aoibhneas go deó, agus dá mbrisidís
an aithne sin go gcuirfidís iad féin agus a sliocht as
an aoibhneas san a bhí an uair sin acu féin agus a bhí
geallta ag Dia na glóire dóibh féin agus d'á sliocht.



Do bhriseadar an aithne. Dheineadar an peacadh,
peacadh an tsínsir. Do dhíbir an peacadh san iad amach
as an áit aoibhinn, amach a' Gáirdín Paraithis. Do
bhain an peacadh san díobh an fhíoraontacht a bhí acu ar
dtúis ó Dhia; do dhoirchigh sé a n-aigne; do laguigh sé
a dtoil; do neartuigh sé ainmhianta acu; do chlaonuigh
sé chun uilc iad; agus do dhún sé dóirse na bhflathas
'n-a gcoinnibh, agus i gcoinnibh a sleachta, go deó.



Bhí ar chumas ár gcéad athar agus ár gcéad mháthar
an t-olc san a dhéanamh dóibh féin agus d'á sliocht,
ach ní raibh ar a gcumas an t-olc do leigheas dóibh féin
ná d'á sliocht. Ansan iseadh do dhein mór-thrócaire,
agus mór-eagna, agus mór-mhaitheas Dé an obair
iongantach. Do chuir Dia ar chumas Duine an nídh ná
raibh ar chumas duine. Do chuir Dia ar chumas Duine
leór-ghníomh a dhéanamh chun Dé as an olc a bhí déanta ag
an nduine i n-aghaidh Dé. Le linn ár gcéad athar agus
ár gcéad mháthar do dhíbirt, mar gheall ar an bpeacadh,
amach a' h-áit an aoibhnis, do thug Dia geallamhaint
dóibh. Do gheall sé dhóibh go dtiocfadh Gein ar shliocht na
mná agus go mbrúghfadh an Ghein sin ceann na péiste.



Nuair a tháinig an aimsir do tháinig an Ghein. Do
ghlac Mac Dé colann daona agus do chómhnuigh sé
i n-ár measg.


L. 180


Nuair a deintear coir i n-aghaidh rígh, d'á aoirde é
an rígh iseadh is measa an choir. Mórdhacht gan teóra
iseadh mórdhacht Dé. D'á bhrígh sin, olc gan teóra iseadh
an t-olc atá sa pheacadh a deintear i n-aghaidh Dé. Ansan,
má's trácht ar leór-ghníomh é, d'á aoirde agus d'á
uaisleacht é an t-é go ndeintear coir 'n-a choinnibh iseadh
is aoirde agus is uaisle nách foláir an leór-ghníomh a
bheith, nó ní leór-ghníomh i n-aon chor é. Ní foláir an
leór-ghníomh a bheith i gcomórtas le h-uaisleacht an t-é
go bhfuil an leór-ghníomh le déanamh leis. Ach is mar
a chéile an uaisleacht atá sa leór-ghníomh agus an uais-
leacht atá sa t-é a dheinean an leór-ghníomh. D'á bhrígh
sin ní foláir an t-é a dheinean an leór-ghníomh do bheith
ar aon dul i n-uaisleacht leis an t-é go ndeintear
an leór-ghníomh leis. Ní féidir ach do dhuine uasal
leór-ghníomh a dhéanamh le duine uasal. Ní féidir do
dhuine, mura rígh é féin, leór-ghníomh a dhéanamh le rígh.
Ar an gcuma san díreach, ní féidir do dhuine leór-
ghníomh a dhéanamh le Dia mura Dia é féin. Ach is Dia
ár Slánuightheóir, agus d'á bhrígh sin tá an leór-ghníomh
a dhein sé, thar cheann an duine, uasal a dhóithin chun
cirt Dé do shásamh as an gcoir a dhein an duine.



Ansan, ar an dtaobh eile de'n sgéal, ní féidir sásamh
a thabhairt a' coir ach le fulang péine. Breith bháis ab
eadh an pian a thug ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair
ortha féin agus ar a sliocht nuair a dheineadar peacadh
an tsínsir. D'á bhrígh sin, an t-é a thabharfadh sásamh
do cheart Dé as an bpeacadh san níor bh'fholáir dó an
bhreith bháis a dh'fhulang. Ach cá raibh le fághail an t-é
a dh'fhéadfadh leór-ghníomh a dhéanamh nár bh'fhéidir d'aoinne
dhéanamh ach do Dhia, agus a dh'fhéadfadh, sa n-am gcéadna,
bás a dh'fhulang 'n-a dhuine? Do fuaradh an t-É sin
nuair a ghlac Mac Dé colann daona. Bhí sé 'n-a Dhia,


L. 181


agus do dhéin Dia leór-ghníomh le Dia mar gheall ar an
bpeacadh a deineadh i n-aghaidh Dé. Bhí sé 'n-a Dhuine,
agus d'fhuiling an Duine sin an bhreith bháis a thug an
chéad duine ar an gcine daona le peacadh an tsínsir.
'N-a Dhia agus 'n-a Dhuine dhó, b' é an tarna Pearsa
de'n Tríonóid ró Naomhtha é. Chuir san 'n-a bhás mór-
luacht a bhí ábalta ar cheart Dé do shásamh go h-iomlán
a' peacaíbh an domhain míle uair dá mba ghádh é. Mór-
luacht gan teóra iseadh mór-luacht bháis ár Slán-
uightheóra Íosa Críosd.



Ach feuch, a phobul. Fé mar a bhí ar chumas ár gcéad
athar agus ár gcéad mháthar mór-mhaitheas Dé do chur ar
neamhnídh, go tiubaisteach, dóibh féin agus dúinne, tá
anois ar chumas gach duie againne mór-luacht bháis
an tSlánuightheóra do chur ar neamhnídh dhó féin. Tá saor
thoil againne mar a bhí acu súd, bíodh ná fuil an toil chómh
láidir againn agus bhí sí acu súd. Tá aitheanta Dé
againn le coimeád. Tá ar ár gcumas iad do bhriseadh.
Tá ar ár gcumas iompáil i gcoinnibh Dé agus ár dtoil
féin do leanamhaint. Tá a lán againn a dheinean é.
Ní h-aon mhaith bheith siar ná aniar air. Ní foláir é
dh'admháil. An Críosdaidhe atá ag caitheamh a shaoghail
ar an gcuma san, ag briseadh aitheanta Dé agus gan
suim aige 'á chur sa n-olc atá aige 'á dheanamh, cad
é an tairbhe dhó san mór-luacht bháis an tSlánuightheóra?
Cad é an tairbhe dhó san an obair iongantach a deineadh
nuair a ghlac Mac Dé colann daona agus nuair a
chómhnuigh sé i n-ár measg?



Easba machtnaimh fé ndear é. Dá ndeineadh an
Críosdaidhe machtnamh i gceart ar bhrígh agus ar bhunús
a chreidimh, do sgarfadh sé leis an saoghal go léir níos
túisge 'ná mar a sgarfadh sé le h-aon phioc de'n
tsaidhbhreas spioraideálta do cheannuigh an Slánuightheóir


L. 182


dó le n-a bhás. Thuigfeadh sé i n'aigne gur dhein an
Slánuightheóir an ceannach san ar son gach Críosdaidhe
fé leith. Go bhfuil le fághail ag gach Críosdaidhe fé
leith, chómh maith díreach agus dá mba ná béadh ann ach
é féin, toradh na h-oibre do dhein an Slánuightheóir,
toradh na bpianta go léir a dh'fhuiling sé, toradh a
bheatha naomhtha agus a pháise, toradh an bháis a dh'fhuiling
sé ar chrann na croise. Agus cad 'n-a thaobh gur
dhein an Slánuightheóir an fulang san go léir ar son
gach Críosdaidhe fé leith? Do dhéin sé é le grádh do'n
Chríosdaidhe. Déarfadh duine gur b' olc is fiú a lán
againn a leithéid sin d'obair a dhéanamh ar ár son. Má's
olc is fiú sinn é, nách shin mar is mó is iongantach an
grádh do chuir fhiachaibh ar an Slánuightheóir ró ghrádhmhar
a leithéid sin d'obair a dhéanamh ar ár son? Má's
olc is fiú sinn é nár chóir go múinfeadh san féin dúinn
conus bheith úmhal. Ní'l aon rud is mó a dheinean an
duine mí-thaithneamhach i láthair Dé 'ná uabhar. Agus
má's olc is fiú aoinne go ndéanfadh an Slánuightheóir
páis agus bás a dh'fhulang ar a shon, ní'l aoinne is lúgha
is fiú é 'ná fear an uabhair. Is bocht an sgéal é, a
Chríosdaidhe! Uabhar agus mór-is-fiú agus eirighe-
anáirde ar pheacach bhocht mhí-fhortiúnach ná fuil blúire
maitheasa le fághail ann i láthair Dé ach pé maitheas a
fuair sé tré ghrásta an tSlánuightheóra! Isé céad
rud, d'á bhrígh sin, is ceart do'n Chríosdaidhe a dhéanamh,
ag machtnamh dó ar Pháis an tSlánuightheóra, 'ná é féin
d'úmhlughadh. A thuisgint i n' aigne go fírinneach pé
rud a dhéin ár Slánuightheóir dúinn gur bh' olc ab fhiú
sinn é, agus gur b' olc is fiú a lán againn fós féin é.



Nuair a dh'úmhlóchaimíd sinn féin ar an gcuma san
i láthair Dé, beidh ar ár gcumas, b'fhéidir, le congnamh
ó ghrásta Dé, machtnamh tairbheach a dhéanamh ar pháis


L. 183


agus ar bhás an tSlánuightheóra. Dallan uabhar aigne
an duine. Tugan an úmhluigheacht, má's fíor-úmhluigheacht
í, solus d'aigne an duine. An t-é a dhéanfaidh, le fíor-
úmhluigheacht, dlúth-mhachtnamh ar pháis agus ar bhás an
tSlánuightheóra, tabharfaidh grásta Dé solus d'á aigne
agus d'á chroídhe chun mór-luacht páise agus báis an
tSlánuightheóra do bhreithniughadh agus do thuisgint,
chómh fada agus is féidir do'n duine a leithéid do
dhéanamh.



Cuimhneóchaidh an duine sin ar an rún diamhar uathbhásach,
conus mar a ghlac Mac Dé colann daona chun sinne
dh'fhuasgailt agus do shábháil. Déarfaidh sé i n'aigne:
"Le grádh dhómh-sa a deineadh an nídh sin. Níor bh'fiú
mé é! Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd!"



Breithneóchaidh an duine sin teacht an tSlánuightheóra
ar an saoghal; 'n-a Mhac ag an Maighdin Muire; oídhche
Nodlag; i lár an gheimhridh; sa stábla fhuar; i ndealbhas
agus i n-anródh; agus déarfaidh sé i n' aigne: "Le
grádh dhómh-sa a deineadh san. Níor bh'fhiú mé é!
Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd!"



Breithneóchaidh an duine sin beatha an tSlánuightheóra;
ísleacht agus cruadhtan agus dealbhas na beatha san i
gcaitheamh na ndeich mbliadhan bhfichid. Déarfaidh sé
i n' aigne: "Le grádh dhómh-sa iseadh d'fhuiling an
Slánuightheóir an bheatha san. Níor bh'fhiú mé é! Mo
ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd!"



Breithneóchaidh an duine sin na trí bliadhna do chaith
an Slánuightheóir ag teagasg na ndaoine, ag teagasg
a dheisgiobul, ag cur suas leis an easonóir a bhí aige
d'á fhághail ar gach aon tsaghas cuma ó-s na Iúdaigh.



Déarfaidh sé i n'aigne: "Le grádh dhómh-sa iseadh
d'fhuiling an Slánuightheóir na neithe sin. Níor bh'fhiú
mé é! Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd!"


L. 184


Breithneóchaidh an duine sin an feall uathbhásach a
deineadh nuair a dhíol duine dh'á dheisgiobulaibh féin
an Slánuightheóir, nuair a thug Iúdás suas do'n namhaid
é. Déarfaidh sé i n'aigne féin: "Le grádh dhómh-sa
iseadh d'fhuiling an Slánuightheóir an feall san. Níor
bh'fhiú mé é! Do dheineas féin feall mar é gach aon
uair a dheineas peacadh. Go ndeinidh an Slánuightheóir
é mhaitheamh dom! Mo ghrádh mo Thighearna Íosa
Críosd!"



Breithneóchaidh an duine sin an brón uathbhásach a
tháinig ar an Slánuightheóir nuair a bhí sé sa gháirdín
ag cur a ghuidhe suas chun an Athar Síoruidhe, agus nuair
a chomáin déine agus neart an dóláis a bhí ar a Chroídhe
an t-allus fola amach tré n-a bhallaibh beatha i dtreó
go raibh an fhuil ag tuitim 'n-a sruthaibh anuas ar an
dtalamh. Déarfaidh sé i n'aigne: "Peacaí an domhain,
agus mo pheacaí-se, fé ndear an dólás a chomáin an fhuil
sin amach ar an gcuma san. Le grádh dhómh-sa do
fuilingeadh an dólás éagsamhlach san! Níor bh' fhiú
mé é. Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd!"



Breithneóchaidh an duine sin an chuma 'n-ar tugadh
na fínnithe bréige i gcoinnibh an tSlánuightheóra chun
éithigh do dhearbhughadh air agus é dhaoradh chun báis.
Breithneóchaidh sé conus mar a dh'éist an Slánuightheóir
leis an éagcóir agus leis an éitheach go léir gan oiread
agus focal do labhairt. Tuigfidh sé i n'aigne gur bh'
é toil an tSlánuightheóra, moladh go deó leis, an
éagcóir sin a dh'fhulang ár son na cine daona go léir
agus ar son gach duine fé leith de'n chine daona, agus
déarfaidh sé leis féin: "Le grádh dhómh-sa do fuilingeadh
an éagcóir sin agus an bhreith bháis sin. Níor bh' fhiú
mé é! Siní an bhreith bháis do shaor mise ó bhreith
dhamanta! Mo grádh mo Thighearna Íosa Críosd!"


L. 185


Breithneóchaidh an duine sin conus mar a tugadh an
Slánuightheóir Naomhtha os cómhair phobuil na n-Iúdach;
agus é go brúighte, basgaithe, gearrtha, teinn; agus
conus mar a fiafraigheadh díobh cé 'cu Íosa, an Slán-
uightheóir, nó Barabbas, an bitheamhnach, a tabharfaí saor
dóibh, agus conus mar a dh'iaradar an bitheamhnach a
thabhairt saor dóibh agus an Slánuightheóir Íosa Críosd
do chéasadh. Ba mheasa iad 'ná an Págánach, d'á olcas
é. Do nigh an Págánach a dhá láimh os a gcómhair agus
dúbhairt sé, "Táim-se saor," ar seisean, "ar fhuil
an fhíoraoin seo. Bíodh a chuid fola oraibh-se." Agus
do liúghadar-san, "Bíodh a chuid fola orainne agus
ar ár sliocht."



Ní misde dhúinne a rádh, ach is ar a mhalairt de
chuma é: "Bíodh a chuid fola orainne! Bíodh a chuid
fola ró naomhtha orainn chun sinn a ghlanadh ó gach smól
peacaidh agus chun sinn a bhreith saor go flathas na
ngrást! Bíodh a chuid fola orainn go léir agus ar gach
duine againn fé leith!" Agus abradh gach duine againn
fé leith: "A Thighearna, ní fiú mé é! Mo ghrádh mo
Thighearna Íosa Críosd!"



Breithneóchaidh an duine sin na pianta géara d'fhuiling
an Slánuightheóir nuair a tugadh suas é dos na saigh-
diúiribh Rómhánacha agus nuair a sgiúrsáladar é.
Bhíodar 'ghá sgiúrsáil go dtí go rabhadar cortha. Ansan
do chuireadar brat corcra uime, mar 'dh eadh gur rígh
é, agus chuireadar an choróinn ar a cheann naomhtha,
ach ba choróinn dheilgneach í, agus chuireadar cleith i n-a
láimh, a shlat rígh, mar 'dh eadh, agus do leigidís iad féin
ar leath-ghlúin agus deiridís, "Go mbeannuighthear
duit, a rígh na n-Iúdach!" Ansan do thógaidís an
chleith as a láimh agus bhuailidís buille dhi sa cheann air.
Breithneóchaidh an duine na neithe sin go léir agus


L. 186


déarfaidh sé go h-úmhal : "Peacaí an domhain agus
mo pheacaí-se iseadh a dhein an droch obair sin go léir!
Le grádh dhómh-sa iseadh dh'fhuiling an Slánuightheóir na
pianta san agus an easonóir sin. Níor bh'fhiú mé é!
Ach conus a bhéadh an sgéal agam mura mbéadh é!
Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd!"



Leanfaidh an duine sin, i n'aigne, cos ar chois, siúbhal
an tSlánuightheóra ó'n gcathair suas amach go cnoc
Chalbharí. Breithneóchaidh sé an chros adhmaid, agus
na taraingí móra ramhara, agus an casúr chun na
dtaraingí chomáint, agus na céastóirí, na fir gan
truagh, gan taise, gan daonacht. Chífidh sé, le súilibh
a aigne, an Slánuightheóir d'á shíneadh ar an adhmad;
an lámh a leighis na mílte d'á síneadh amach chun na
h-áite 'n-a bhfuil an poll sa n-adhmad. Chífidh sé an
tarainge 'á chur ar chroídhe na dearnan. Chífidh sé an
casúr 'á thógaint. Aireóchaidh sé an buille. Chífidh sé
an fhuil, fuil an tSlánuightheóra, ag sgeinnt amach as
an láimh. Breithneóchaidh sé an pian. Déarfaidh sé i
n'aigne, "Do cheannuigh an pian san an chine daona!
Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd!"



Fanfaidh an Críosda dhe sin 'n-a sheasamh, i n-aice na
Maighdine, ag bun na croise, i gcaitheamh na dtrí h-uaire
'chloig, agus é ag feuchaint suas i ngnúis an tSlánuigh-
theóra, agus é ag machtnamh, agus déarfaidh sé ó am
go h-am, as a mhachtnamh: "Mo ghrádh mo Thighearna
Íosa Críosd!" Chífidh sé, ar ball, an spéir ag atharughadh,
an solus ag imtheacht as an ngréin, an talamh fé n-a
chosaibh ag crith agus ag luasgadh. Ansan aireóchaidh
sé an guth árd ó bhéal an tSlánuightheóra díreach sar
ar thug sé a anam uaidh. Ansan dearfaidh an Críos-
daidhe sin, i n' aigne : "Tá an obair déanta! Táid
na fiacha móra díolta. Tá an chine daona ceannuighthe.


L. 187


Tá dóirse na bhflathas osgailte. Tá ceann na péiste
brúighte. Tá san go léir déanta do'n chine daona go
léir agus do gach duine fé leith, agus dómh-sa féin chómh
maith le duine. Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd!"
Go dtugaidh Dia d'á ghrástaibh dúinn go léir, a phobul,
gan aon rud a dhéanamh a chuirfeadh an ceannach san
ar neamhnídh uainn. Amen, a Thighearna Íosa Críost!



XXVI.



DOMHNACH CÁSGA.



Léightear an Soisgéal. (Marcus 16.)



Fadó, nuair a thusnuigheamair ar an dTeagasg
Críosdaidhe dh'fhoghluim, a phobul, is cuimhin linn go
léir gur múineadh dúinn ar dtúis na chúig Cinn-rúin
diamhara, Aondacht Dé, Tríonóid Dé, Incholna an
tSlánuightheóra, Bás an tSlánuightheóra, agus Aiseirighe
an tSlánuightheóra. Do múineadh dúinn, leis, an uair
sin, aon Chríosdaidhe atá tagaithe i mbliadhantaibh
tuisgiona, nách foláir dó eólus a bheith aige ar na chúig
mistéiribh sin agus iad a chreideamhaint go h-osgailte.
D'á bhrígh sin ní gádh dul chun aon triobloíde chun a chur
'n-a luighe ar aigne aoinne againn gur eirigh ár Slán-
uightheóir ó-s na mairbh. Is fírinne d'fhírinnibh ár
gcreidimh é, agus an t-é ná creidfeadh é ní Críosdaidhe
ceart i n-aon chor é.



Ach tá a lán daoine lasmuich de'n chreideamh, lasmuich
de chreideamh Chríosd, agus do chonaic an Slánuightheóir
ó thusach go séanfaidís an Aiseirighe mura gcurtí


L. 188


gach aon rud os a gcómhair chómh soiléir le solus na
gréine. Chonaic sé go séanfadh na Iúdaigh láithreach
an Aiseirighe, agus gan amhras go ndéanfadh na
págánaigh magadh dhé. D'á bhrígh sin b'é a thoil naomhtha
neithe do shocarughadh i dtreó nár bh'fhéidir d'aoinne
an fhírinne sin do shéanadh gan a chiall féin agus a
résún féin do shéanadh.



B'é céad nidh a dhein an Slánuightheóir chuige sin 'ná
a dh'innsint roimh ré d'á dheisgiobulaibh, airís agus airís
eile, go n-eireóchadh sé ó-s na mairbh. D'inis sé an
méid sin roimh ré, chómh soiléir sin agus chómh minic
sin, go raibh an sgéal ag na Iúdaigh chómh maith agus
bhí sé ag na deisgiobuil. Bhí fios an sgéil chómh maith
san acu go dtánadar ag triall ar an nGobhernóir agus
go ndúbhradar leis, um thráthnóna Aoine an Chéasda,
"Dúbhairt sé siúd," ar siad leis an nGobhernóir, "go
n-eiréochadh sé ó'n mbás. B'fhéidir go dtiocfadh a
dheisgiobuil agus go ngoidfidís an corp, agus go
ndéarfaidís leis an bpoibilidheacht gur eirigh sé ó'n
mbás, fé mar a gheall sé. Iaraimíd ort-sa, d'á bhrígh
sin, lucht faire do chur ar an dtuama i dtreó ná
féadfar an corp a ghoid." "Tá go maith," arsa'n
Gobhernóir, "beiridh libh saighdiúirí agus cuiridh ag
déanamh na faire iad."



Dheineadar. Do cuireadh na saighdiúirí ag déanamh na
faire. Bhí an sgéal go maith ag na saighdiúiribh go
dtáinig deire na h-oídhche ortha, agus an lá ag teacht,
ar maidin Domhnaigh Chásga. Ansan do chonacadar
an Aiseirighe. Agus tháinig a leithéid sin de sgannradh
ortha gur ritheadar as an áit agus gur thánadar ag
triall ar an muintir a chuir ann iad. D'innseadar
cad a chonacadar.



"Eistidh! eistidh!" arsa'n mhuintir eile. "Seo


L. 189


breab mhaith dhaoibh agus abraidh gur thuit bhúr gcodladh
oraibh, agus gur tháinig na deisgiobuil agus gur
ghoideadar an corp."



Do ghlac na saighdiúirí an t-airgead. Ghlacadar é
mar thuarasdal. Ní baoghal go ndúbhradar le n-a
n-uachtaránaibh féin gur thuit aon chodladh ortha. Coir
bháis ab eadh an uair úd do shaighdiúir Rómhánach codladh
thuitim air agus é ag déanamh faire. Thógadar an
t-airgead agus d'imthigheadar a mbóthar. Grásta
mór ó'n Slánuightheóir, dos na Iúdaigh, ab eadh an nídh
sin. Dá mb' fhéidir d'aon rud a súile dh'osgailt ba
chóir go n-osgalóchadh an méid sin iad. Ach ba ghrásta
i n-aistear é. Is uathbhásach an cuirptheach a dheinean
an duine dhé féin nuair a shocaruighean sé a aigne ar
ghabháil i gcoinnibh ghrásta Dé. Grásta mór do'n chine
daona go léir ab eadh é, leis. Chuir an nidh sin fhiachaibh
ar na saighdiúirídh sin, agus ar na Iúdaigh féin, bheith
'n-a bhfínnithibh go deó, do'n domhan go léir, ar fhírinne
na h-Aiseirighe.



Ní raibh na saighdiúirí ach imthighthe as an áit nuair
a tháinig na mná, mar a deir an Soisgéal. Taisbeánan
caint na mban, agus iad ag teacht chun na h-uagha, ná
raibh aon choinne acu go raibh na saighdiúirí ann i n-aon
chor. Dhein na Iúdaigh a ngnó go disgréideach. Níor
leigeadar ortha le h-aoinne, ach leis an lucht faire
féin, go raibh an faire d'á dhéanamh. Isé rud a bhí uatha
'ná dá ráineóchadh go dtiocfadh aoinne des na deis-
giobuil chun na h-uagha go mbéarfaí air, agus go
ndéarfaidís gur chun an chuirp a ghoid a bhí sé. Ní
raibh aon choinne ag na mnáibh go raibh an lucht faire
sa n-áit, ná gur cuireadh aon sgannradh ortha. Isé
rud a bhí ag déanamh buartha dhóibh, agus iad ag teacht
chun an tuama, 'ná conus a dh iompóchaidís siar an


L. 190


leac mhór throm a bhí ar dhorus an tuama, i dtreó go
bhféadfaidís dul isteach agus an oíle dhaor a thugadar
leó do chur ar an gCorp, chun onóra do'n tSlánuightheóir.
Bean uasal ana shaidhbhir ab eadh Máire Maghdelén agus
ba mhaith léi úsáid a dhéanamh de chuid d'á saidhbhreas
chun onóra thabhairt do Chorp an Tighearna. Nós ab
eadh sa n-áit sin oíle dhaor de'n tsórd san do chur ar
chorpaibh na marbh, dá mbéadh sé de ghustal agá
ndaoine muinteartha é dhéanamh, agus onóir mhór dos
na mairbh ab eadh é.



Nuair a tháinig na mná chun na h-uagha fuaradar
an leac iompuighthe siar agus an uaigh ar osgailt.
Bhí iongnadh ana mhór ortha. Níor chuimhnigheadar i n-aon
chor ar ghoid ná ar fhuadach ná ar aiseirighe. Dheabh-
róchadh an sgéal gur mhó a bhí na Iúdaigh ag cuimhneamh
ar an ngeallamhaint a thug an Slánuightheóir uaidh i
dtaobh na h-Aiseirighe 'ná mar a bhí a mhuintir féin
ag cuimhneamh ar an ngeallamhaint. Gan amhras do
chuimhnigh na mná gur dhócha go raibh daoine éigin eile
tagaithe rómpa chun an ghnótha chéadna do dhéanamh.
Ach, dar leó, ba mhór an iongnadh nár dhúnadar an uaigh
'n-a ndiaigh.



Chuaidh na mná isteach sa n-uaigh. Ansan iseadh do
cuireadh sgannradh ortha. Chonacadar an fear 'n-a
shuidhe istigh, i leith na láimhe deise. Fear óg. Thuigeadar
láithreach nár dhuine saoghalta é. Siné chuir an
sgannradh ortha. Do labhair sé leó. D'inis sé dhóibh
cé bhí uatha. "Ní'l sé anso," ar seisean. "Feuch an
áit 'n-ar chuireadar é. Ach imthighidh agus innsidh d'á
dheisgiobulaibh agus do Pheadar go bhfuil sé imthighthe
rómhaibh go Gaililí. Chífidh sibh sa n-áit sin é, mar
adúbhairt sé libh."



Ní'l aon tsaghas fiadhnaise is fearr chun na fírinne


L. 191


chur i bhfeidhm uaireanta 'ná an fhiadhnaise a thugan
an fínné uaidh a gan fhios dó féin. Tá anso againn, le
leamhnughadh Dé, trí h-aicmeacha fínnithe de'n tsórd
san. Tá againn, ar dtúis, na Iúdaigh féin. Bhí fhios
acu gur gheall an Slánuightheóir go n-eireóchadh sé ó'n
mbás. Coimeádadar an gheallamhaint sin 'n-a gcuimhne,
níos cruinne 'ná mar a choimeád na mná, d'á mhéid
a ngrádh do'n tSlánuightheóir. Ansan do chuireadar
an lucht faire ar an uaigh. Cheapadar go raibh rud acu
'á dheanamh a chuirfeadh a' cumas aoinne, go deó, a rádh
gur eirigh sé ó'n mbás. Cad a bhí déanta acu ar ball,
ámhthach, ach a chur a' cumas aoinne, go deó, a shéanadh
gur eirigh sé ó'n mbás! Dheineadar, a gan fhios dóibh
féin, an fhiadhnaise ba threise b'fhéidir a dhéanamh ar
fhírinne na h-Aiseirighe.



Tá againn, ansan, an lucht faire féin, saighdiúirí
iasachta, págánaigh ainiar ó chathair na Rómha, daoine
ná déanfadh ach stealla-mhagadh dá dtráchtadh aoinne
leó ar aiseirighe ó bhás. Do cuireadh ag faire na
h-uagha iad. Ní raibh aon chuimhneamh i n-aon chor acu
ar aon nídh ach go mb'fhéidir go dtiocfadh daoine éigin
chun an chuirp a ghoid. Fir ab eadh iad nár bh'fhuiriste
sgáth ná eagla chur ortha. Fir ná raibh blúire binne
acu ar charaid ná ar namhaid, ná puinn urama acu
do'n mhuintir a chuir ag déanamh na faire iad. Ach
pé 'r domhan é dob' olc an dóich iad d'aon bhitheamhnach
a thiocfadh ag goid an chuirp uatha. Ach do chonacadar
an radharc uathbhásach. Chonacadar an Aiseirighe. Do
ritheadar, agus iad i ndeire an anama le sgannradh,
ag triall ar an muintir a chuir ann iad. Fir ab eadh
iad nár chuir bás ná beatha riamh aon sgannradh ortha.
D'innseadar go raibh an duine marbh eirighthe ó'n
mbás! Mura mbéadh gur innseadar é sin cad ba


L. 192


ghádh do'n mhuintir eile an bhreab a thabhairt dóibh ach
a rádh gur goideadh an corp uatha? Mura mbéadh
go raibh sé eirighthe ó'n mbás, agus go raibh fhios ag an
dá thaobh, ag an lucht faire agus ag na Iúdaigh, go raibh
sé eirighthe, ar ndó' bhéadh an corp ann le taisbeáint.
Ní raibh an corp ann le taisbeáint. Bhí fhios acu nár
goideadh é. Cá raibh sé? Má cheapadar gur goideadh
é cad chuige an bhreab? Má cheapadar go raibh an
corp goidithe cad 'n-a thaobh nár cuireadh cuardach ar
bun? Cad 'n-a thaobh nár rith na Iúdaigh láithreach ag
triall ar an nGobhernóir chun gearáin a chur isteach
ar an lucht faire? Is maith a bhí ar a gcumas a rádh,
"D'iaramair ort lucht faire do chur ar uaigh an fhir
úd le h-eagla go ngoidfí an corp agus go ndéarfadh
a dheisgiobuil gur eirigh sé ó'n mbás. Níor dhein an
lucht faire an gnó mar ba cheart. Thuiteadar 'n-a
gcodladh. Tá an díobháil go léir déanta. Tá an
corp imthighthe. Déarfaidh a dheisgiobuil anois gur
eirigh sé ó'n mbás fé mar a gheall sé, agus ní fios cad
é an deire bheidh ar an sgéal. Creidfidh an saoghal
mór gur eirigh sé ó'n mbás. Tá do chómhacht-sa féin
i gcontabhairt mura bhféadfar an corp a dh'fhághail
agus é thaisbeáint do'n phoibilidheacht agus leigint
dóibh an fhírinne dh'fheisgint le n-a súilibh féin. Ar
mhaithe le d' chómhacht féin sa tír seo, cuir lucht cuardaigh
amach láithreach agus faightear an corp, pé áit 'n-ar
cuireadh i bhfolach é."



Dá gcreididís gur goidithe a bhí an corp siné
dhéanfaidís láithreach. Níor dheineadar aon nídh dh'á
shórd. Níor dheineadar aon bhlúire cuardaigh. Níor
dheineadar, mar bhí fhios acu go maith gur inis na
saighdiúirí an fhírinne dhóibh. Bhí fhios acu go maith go
raibh sé eirighthe ó'n mbás. Sin mar a dhein na


L. 193


saighdiúirí bochta págánacha úd fiadhnaise láidir,
sholusmhar, ar fhírinne na h-Aiseirighe, agus gan aon
leus 'n-a n-aigne féin, an uair sin, de sholus na fírinne
sin.



Isiad na mná a tháinig chun na h-uagha ar maidin,
nuair a bhí an lucht faire imthighthe, an trímhadh h-aicme
fínnithe a thugan fiadhnaise, a gan fhios dóibh féin, ar
fhirinne na h-Aiseirighe. Ní raibh aon choinne acu ná
go raibh an leac mhór ar bhéal na h-uagha. Ní raibh aon
coinne acu ná go raibh an Corp sínte istigh sa n-uaigh,
sa n-áit n-a bhfeacadar d'á chur é um thráthnóna Dé
h-Aoine roimis sin. Chonacadar an leac mhór iompuighthe
siar ó bhéal na h-uagha, agus bhí iongnadh ortha. Sin
cuid de'n fhiadhnaise. Chuadar isteach. Chonacadar
an t-aingeal 'n-a shuidhe istigh. D'inis sé dhóibh cé bhí
uatha. D'inis sé dhóibh ná raibh sé le fághail acu sa n-áit
sin mar go raibh sé eirighthe ó'n mbás. Chuir sé i
gcuimhne dhóibh, rud a bhí dearmhadta acu féin an uair
sin mar gheall ar mhéid a mbuartha, conus mar a bhí
geallta ag an Slánuightheóir go n-eireóchadh sé ó'n
mbás. "Chífidh sibh sa Ghaililí é," ar seisean, "mar
adúbhairt se."



Ní fhéadfadh fiadhnaise bheith níos treise 'ná an
fhiadhnaise atá againn ar Aiseirighe ár Slánuightheóra.
Ní féidir d'aoinne diúltughadh do'n fhiadhnaise sin, ach
do dhuine ná creidfeadh radharc a shúl féin.



Ach, a phobul, mar adúbhart ar dtúis, ní'l aon ghádh
againne le fiadhnaise ná le fínnithe chun a chur 'n-a
luighe orainn gur eirigh ár Slánuightheóir ó-s na mairbh.
Siné ár gcreideamh. Tá an creideamh san chómh daingean
istigh i n-ár n-aigne agus atá go bhfuilimíd féin beó,
buidheachas mór le Dia a thug an creideamh san dúinn!
Tá fhios againn gur ghlac Mac Dé colann daona chun


L. 194


sinn d'fhuasgailt agus do shábháil; gur fhuiling sé
bás ar chrann na croise ar ár son; gur eirigh sé an
treas lá ó mharbhaibh; go mdéighidh sé suas ar neamh;
go bhfuil sé 'n-a shuidhe ar deas-láimh Dé. Tá fhios
againn go dtiocfaidh sé chun breitheamhantais a thabhairt
ar bheóibh agus ar mharbhaibh. Tá fhios againn go
n-eireóchaimídh féin, leis, ó'n mbás agus go gcaith-
fimíd aghaidh a thabhairt ar an mbreitheamhantas san.
An bhfuilimíd ag caitheamh ár mbeatha ar an saoghal
so anois ar an gcuma is fearr a dh'ollamhóchaidh sinn
i gcóir an bhreitheamhantais sin? Siné an sgéal go
léir. Má táimíd 'á dhéanamh san, le congnamh ó
ghrásta Dé, is cuma dhúinn cad a dhéanfaid lucht
aighnis, agus argóinte, agus diospóireachta i dtaobh
creidimh. Má táimíd 'ghá dhéanamh san, le congnamh ó
ghrásta Dé, beimíd ar dheis an tSlánuightheóra an lá san,
agus tá fhios againn go dtabharfaidh an Slánuightheóir,
an lá san, an bheatha shíoruidhe mar luacht saothair dos
na deagh-dhaoine agus pianta síoruidhe i dteine ifrinn
dos na droch dhaoine. Go dtugaidh Dia dhúinn, tré
impidhe na Maighdine Muire, Máthair an tSlán-
uightheóra, bheith ar dheis an tSlánuightheóra, an lá san.
Amen.



XXVII.



MION-CHÁISG.



Léightear an Soisgéal. (Eóin 20.)



Chímíd ansan, a phobul, an rud ba dhóich le h-aoinne
a thuitfeadh amach nuair a bhí na Iúdaigh tar éis an
tSlánuightheóra chur chun báis, 'sé sin, na deisgiobuil


L. 195


cruinnighthe agus iad i bhfolach istigh i seómra agus na
dóirse dúnta, agus sgannradh ortha le h-eagla go
dtiocfadh na Iúdaigh agus go gcuirfidís iad féin chun
báis fé mar a chuireadar an Tighearna chun báis. Ní
raibh eagla an bháis imthighthe des na deisgiobuil an
uair sin. Bhí an sgannradh ortha fós. Nuair a tháinig
Domhnach Cíncíse agus nuair a thúirling an Spioraid
Naomh ortha, siné uair a dh'imthigh an sgannradh dhíobh i
gceart.



Bhí na mná a tháinig chun na h-uagha ar maidin
Domhnaigh Chásga tar éis a dh' innsint dos na deis-
giobuil, fé mar a dh'órduigh an t-aingeal dóibh, go
raibh an Slánuightheóir eirighthe ó'n mbás. Ach ba ró
dheacair a chur 'n-a luighe ar na deisgiobuil go raibh
aon éifeacht leis an gcaint. Ní chreidfidís ná gur
bh' amhlaidh a tháinig sgannradh éigin gan chúis, nó speabh-
raídí éigin, ar na mnáibh. Ní ghéillfidís go raibh aon
bhrígh sa sgéal. Ba chuimhin leó, nuair a tugadh chun a
gcuimhne é, gur gheall an Slánuightheóir féin dóibh, go
minic, go n-eireóchadh sé ó'n mbás. Ach níor chuir san
fhiachaibh ortha caint na mban a chreideamhaint ná suim
a chur sa sgéal a dh'innseadar. Dúbhradar leó féin,
gan amhras, dá mbéadh sé beó, eirighthe ó'n mbás, go
dtiocfadh sé ag triall ortha agus go bhfeicfidís go
léir é, le n-a súilibh féin, gan bheith ag brath ar sgéal-
taibh ná ar speabhraídíbh ban.



Le n-a linn sin bhí sé ansúd 'n-a sheasamh 'n-a measg!
Chonacadar go léir é, an méid a bhí ann díobh. Chonacadar
é le n-a súilibh féin. Bhí sé 'n-a sheasamh 'n-a measg
agus na dóirse dúnta. Ní deirtear gur osgail sé
aon dorus chun teacht isteach sa tseómra. Ní deirtear
ach: "Tháinig Íosa agus sheasaimh sé 'n-a láthair."
Do labhair sé leó. "Síothcháin daoibh," ar seisean.


L. 196


Bhí brígh ana mhór, ana dhoimhinn, leis an bhfocal san
an uair sin. Bhí bás an tSlánuightheóra ar chrann na
croise tar éis na síothchána dhéanamh idir Dhia agus
an chine daona, an tsíothcháin a milleadh nuair a dhein
ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair an peacadh.
Do cheannuigh an Slánuightheóir an tsíothcháin sin le
n-a bhás. Tháinig sé ag triall ar a dheisgiobulaibh
nuair a bhí an ceannach déanta. Thaisbeáin sé dhóibh
a dhá láimh agus a thaobh. Thaisbeáin sé dhóibh fiacha na
síothchána. Bhí an admháil ansúd go doimhinn agus go
daingean, 'n-a dhá dhearnain agus 'n-a thaobh, mar ar
cuireadh an tsleagh treasna tré n-a chroídhe naomhtha,
agus mar ar cuireadh na spící ramhra tré n-a dhá láimh.
Thaisbeáin sé dhóibh cad a chosain an tsíothcháin a bhí
ceannuighthe aige dhóibh, agus ansan thug sé dhóibh an
tsíothcháin. "Síothcháin daoibh," ar seisean.



Ansan deir an Soisgéal focal eile, agus is focal
é gur ceart go gcuirfeadh sé iongnadh orainn. Sgáth
agus eagla iseadh a bhí ag coimeád na ndeisgiobul
cruinnighthe ansúd sa tseómra úd. Ní leigfeadh eagla
d'aoinne acu a cheann a chur lasmuich de'n dorus go
dtí go dtiocfadh doircheacht na h-oídhche. Bhíodar i gcás
'n-a gcuirfeadh aon nídh neamhchoitchianta ag crith le
tuille eagla iad. Agus ansan, an duine a dh'fhágadar
sínte marbh sa n-uaigh raint laethanta roimis sin, b'
shiné ansúd é 'n-a sheasamh os a gcómhair ag caint leó!
Cuirimís sinn féin 'n-a gcás agus feuch conus a bhéadh
an sgéal againn. Dá bhfágadh duine againn a dhuine
muinteartha sa roilig indiu, agus an duine muinteartha
san do theacht agus é féin a thaisbeáint amáireach dó,
conus a bhéadh an sgéal aige? Tá gach aon deabhramh
go gcuirfeadh an sgannradh a thiocfadh air luigheachán
trom air. Ach feuch cad 'deir an Soisgéal i dtaobh na


L. 197


ndeisgiobul. "Bhí áthas ar na deisgiobuil d'á bhrígh
sin, mar go bhfeacadar an Slánuightheóir." I n-inead
sgannradh theacht ortha nuair a chonacadar duine a bhí
tar éis bháis, is amhlaidh a bhí áthas ortha. Deirim-se
gur mhírbhuilt ó'n Slánuightheóir féin an t-áthas san.
Nuair adúbhairt sé, "Síothcháin daoibh," thug sé dhóibh
an tsíothcháin, agus cuid de'n tsíothcháin sin ab eadh gan
aon sgannradh theacht ortha roimis, ach an t-áthas a
theacht ortha.



Ansan do labhair sé an focal céadna leó an tarna
h-uair. "Síothcháin daoibh," ar seisean. "Fé mar a
chuir an t-Athair mise uaidh cuirim-se sibh-se uaim."
Chuir an t-Athair Síoruidhe an Slánuightheóir uaidh chun
na cine daona do shaoradh. Do dhein an Slánuightheóir
an saoradh san le n-a bhás ar chrann na croise. Ansan
do chuir an Slánuightheóir na h-Aspoil agus na deis-
giobuil uaidh chun go ndéanfaidís obair áirighthe,
agus chun go raghadh, de bhárr na h-oibre sin, toradh a
pháise féin agus a bháis chun sochair d'anamnachaibh na
ndaoine. Níor bh'fhéidir, ámhthach, do thoradh na páise
dul chun sochair d'anamnachaibh na ndaoine gan na
peacaí mhaitheamh dos na daoine. B'shiné an chéad chuid
de'n toradh a bhí ag na daoine le fághail, agus níor
bh'fholáir dos na h-Aspoil agus dos na deisgiobuil
an chuid sin de'n obair a dhéanamh ar dtúis. Níor
bh'fholáir dóibh cómhacht a bheith acu chun peacaí do
mhaitheamh. Dúbhairt sé go raibh sé 'ghá gcur uaidh chun
na h-oibre dhéanamh díreach fé mar a chuir an t-Athair
Síoruidhe é féin uaidh chun na h-oibre dhéanamh. Bhí
ortha obair an tSlánuightheóra dhéanamh. D'á bhrígh sin
níor bh'fholáir dóibh cómhacht a dh'fhághail ó'n Slánuightheóir
chun na h-oibre dhéanamh. Níor fhág an Slánuightheóir,
moladh go deó leis, aon lúb ar lár sa sgéal. Thug


L. 198


sé dhóibh an chómhacht. Chuir sé a anál fútha. "Glacaidh
an Spioraid Naomh," ar seisean leó. "Na daoine go
maithfidh sibh a bpeacaí dhóibh, táid siad maithte dhóibh;
agus na daoine go gcoimeádfaidh sibh a bpeacaí gan
maitheamh dóibh, táid siad gan maitheamh dóibh."



Ní fhéadfadh caint bheith níos soiléire 'ná an chaint
sin. Ní'l aon dul lastiar di. Ní'l aon dul uaithi.
Do ghlac na h-Aspoil agus na deisgiobuil a bhí ag
éisteacht léi í díreach mar a labhair an Slánuightheoir í.
Tá sí d'á glacadh ag an Eaglais riamh ó shin, agus d'á
cur i ngníomh, díreach mar a labhradh í.



Is dócha go bhfuil cuid againn a dhéanfadh argóint
mhór fhada ag cosaint fírinne na cainte sin. Ní gádh
dhúinn é. Níor fhág an Slánuightheóir aon ghádh le
h-argóint ná le h-aighneas ná le diospóireacht sa
sgéal. D'fhág sé rud againn le déanamh, amhthach, is
tairbhighe 'ná argóint agus 'ná aighneas agus 'ná dios-
póireacht. D'fhág sé go daingean orainn, i n' oibliogáid,
ár slígh féin chun Dé do riaradh agus do shocarughadh
do réir fírinne na cainte sin. Ní dóich liom go bhfuil
fé bhun Dé ar an dtalamh so radharc is leimhe le
feisgint 'ná fear agus cochal air agus faobhar ar a
chaint, agus é ag aighneas agus ag diospóireacht agus
ag argóint, 'ghá dheimhniughadh gur thug an Slánuightheóir
cómhacht dos na h-Aspoil agus dos na deisgiobuil
chun peacaí mhaitheamh, agus ná h-iaran an fear san
choídhche ar aon tsagart a pheacaí féin a mhaitheamh dó.
Is cómhartha maith é sin ná creidean sé féin an nídh
atá aige 'á dheimhniughadh. Má chreidean, isé rud is
ceart dó dhéanamh 'ná a bhéal a dh'éisteacht agus
imtheacht chun faoisdine agus toradh na fírinne chur i
n-áirighthe dhó féin, pé rud a dhéanfaidh aoinne eile.
An t-é go bhfuil grádh do Dhia agus d'á chómharsain


L. 199


'n-a chroídhe, isé a ghnó féin agus a shlígh féin chun Dé
a bhíon ag déanamh buartha dhó, agus ní h-aighneas ná
argóint.



Nuair a thaisbeáin an Slánuightheóir é féin ar an
gcuma san dos na h-Aspoil agus dos na deisgiobuil
do thárla go raibh duine de'n dáréag ná raibh ann.
Tomás ab ainim dó agus do tugtí Didimus air.
Nuair a tháinig sé d'inis an chuid eile dhó gur thaisbeáin
an Tighearna é féin dóibh agus go bhfeacadar é. Ní
chreidfeadh sé focal Dé uatha. Bhíodar 'ghá áiteamh
air. Ní raibh aon mhaith dhóibh ann. "Ní chreidfead é,"
ar seisean, "go dtí go bhfeicfead na poill a dhein na
spící 'n-a dhá dhearnain agus go gcuirfead mo lámh
isteach 'n-a thaobh!"



D'fhan an sgéal mar sin ar feadh ocht lá. Tar éis
na n-ocht lá bhíodar istigh sa tseómra airís, agus
bhí Tomás 'n-a dteannta ann. Tháinig an Slánuightheóir,
agus na dóirse dúnta, agus sheasaimh sé 'n-a láthair,
agus dúbhairt sé, mar a dúbhairt sé an chéad uair,
"Síothcháin daoibh." Ansan chuir sé fhiachaibh ar Thomás
a mhéar do chur isteach is na pollaibh a bhí 'n-a dhear-
nachaibh i ndiaigh na dtaraingí, agus a lámh a chur isteach
'n-a thaobh mar ar cuireadh an tsleagh. Ansan do
dhein Tomás a ghníomh creidimh. "Is tú mo Thighearna
agus mo Dhia," ar seisean. Is ceart dúinn machtnamh
ar an bhfreagra a thug an Slánuightheóir air. "Do
chreidis, a Thomáis," ar seisean, "mar do chonaicís.
Is beannuighthe an mhuintir a chreid agus ná feacaidh."
Sin adhbhar machtnaimh againn. Tá freagra ansan
ar a lán des na ceisteanaibh a phreaban suas uaireanta
i n-aigne an duine nuair nách féidir leis, dar leis
féin, a thuisgint conus fhéadfadh an puinte creidimh seo
a bheith mar seo nó an puinte creidimh eile úd a bheith


L. 200


mar siúd. Sin mar a bhí an sgéal ag Tomás. Ní
chreidfeadh sé. Ansan do tugadh le feisgint dó, le
n-a shúilibh féin, gur bh' fhírinne an nídh nár chreid sé.
Ansan do chreid sé. Do tugadh le tuisgint dó
láithreach, ámhthach, nár chóir aon bhuidheachas a bheith air
mar gheall air sin, mar gur bh'é radharc a shúl a
chreid sé.



Siné atá ag cur an tsaoghail ar a mhleas riamh. Dia
'ghá rádh leis an nduine nách foláir do'n duine a thuis-
gint d'úmhlughadh i láthair Dé, agus an rud ná tuigean
sé do chreideamhaint nuair a deir Dia gur fíor é.
An duine 'ghá rádh le Dia na glóire, "Conus is féidir
dom rud a chreideamhaint nuair ná tuigim é!" Ní'l
ach an t-aon fhreagra amháin le tabhairt ar an saghas san
cainte. "Is beannuighthe an mhuintir a chreid agus ná
feacaidh."



Deir na h-aithreacha naomhtha gur le leamhnughadh
Dé ná raibh Tomás láithreach nuair a tháinig an Slán-
uightheóir an chéad uair, mar gur bh'é féin díreach an
fear ná creidfeadh focal de'n sgéal nuair a 'neósfaí
dhó é. Ansan, nuair a tháinig an Slánuightheóir an
tarna h-uair, agus nuair ab éigean do Thomás
féin géilleadh, nuair a chuir sé a mhéar isteach is na
poill a dh'fhág na taraigí agus a lámh isteach sa n-áit
'n-ar chuaidh an tsleagh, fé mar a dh'iar sé, ná fágfadh
san aon mhearbhall choídhche ar aon Chríosdaidhe i dtaobh
fírinne an sgéil.



Ach cad is cóir dúinn féin a dhéanamh, a phobul, i
láthair na neithe mírbhuilteacha san go léir? Do
cheannuigh ár Slánuightheóir aoibhneas síoruidhe na
bhflathas dúine fé mar a cheannuigh sé do gach aoinne
eile de'n chine daona é. D'fhuiling sé na spící 'n-a
dhearnachaibh agus an tsleagh 'n-a thaobh dúinne fé mar


L. 201


a dh'fhuiling sé do'n chine daona go léir iad. Do cheap
sé Aspoil agus easboig agus sagairt agus Sácrai-
mintí dhúinne fé mar a cheap sé do'n chine daona go
léir iad. Cad tá againne le déanamh? An ndéanfaidh
sé an gnó dhúinn suidhe síos díomhaoin an fhaid is toil
le Dia sinn fhágáilt ar an saoghal so? Nó an ndéan-
faidh sé an gnó dhúinn an obair atá orainn i dtaobh
an tsaoghail seo do dhéanamh go dian agus gnó ár
n-anama do chur ar ath-lá, faillighe a thabhairt i ngnó
ár n-anama go dtí go gcurfar fios ar an sagart
dúinn chun ola bháis a chur orainn? Am briathar ná
déanfaidh. Do cheannuigh ár Slánuightheóir aoibhneas
na beatha síoruidhe dhúinn. Do cheannuigh sé go daor
dúinn é. Is le mór-luacht a bháis do dhul chun sochair
d'ár n-anam atá an t-aoibhneas síoruidhe sin le
fághail againn. Ní raghaidh an mór-luacht san chun
sochair d'ár n-anam mura ndéinimíd na neithe atá
órduighthe chuige. Tá órduighthe dhúinn an creideamh a
choimeád beó i n-ár gcroídhe, le congnamh ó ghrásta
Dé. "Is beannuighthe an mhuintir a chreid agus ná
feacaidh." Tá órduighthe dhúinn úsáid a dhéanamh de'n
chómhacht a thug an Slánuightheóir dos na h-Aspoil agus
dos na deisgiobuil nuair a chuir sé a anál fútha agus
nuair a dubhairt sé leó, "Glacaidh an Spioraid
Naomh. An mhuintir go maithfidh sibh a bpeacaí dhóibh,
táid siad maithte dhóibh." Tá fhios againn go maith
ná féadfadh Dia féin, moladh go deó leis, peacaí
mhaitheamh do dhuine ná h-iompóchadh ó'n bpeacadh agus
ná béadh dólás croídhe air mar gheall ar an bpeacadh.
Tá órduighthe dhúinn, d'á bhrígh sin, iompáil ó'n bpeacadh
ar Dhia agus an aithrighe dhéanamh, i dtreó go bhféadfadh
an Eaglais an asbolóid a thabhairt dúinn. Tá
órduighthe dhúinn gach aon rud a dhéanamh, chómh maith


L. 202


agus is féidir linn é, i gcaitheamh ár dtréimhse ar an
saoghal so, chun sinn féin do chur ar an slígh is fearr
chun Dé, agus chun sinn féin do choimeád ar an slígh
sin. Chuige sin, ba mhaith an rud dúinn déanamh mar
a dhein na h-Aspoil agus na deisgiobuil nuair a bhí
an t-eagla roimis na Iúdaigh ortha, dóirse ár n-aigne
dhúnadh agus do dhainginiughadh, agus sinn féin a choimeád
i bhfolach ó uabhar an tsaoghail, agus ó bhaois an tsaoghail,
agus ó dhroch shampla an tsaoghail, agus ó dhroch fhuadar
an tsaoghail, agus ó anál mharbhuightheach an tsaoghail,
an anál a dheinean grásta Dé do mhilleadh agus do
mhúchadh agus do mharbhughadh i n-anam an duine nuair
a leigtear isteach í. Má dhúnaimíd ár n-aigne agus
ár gcroídhe ar an gcuma san, mar a dhein na deis-
giobuil, tiocfaidh an Slánuightheóir ag triall orainn
agus taisbeánfaidh sé é féin do shúilibh ár n-aigne,
do shúilibh ár gcreidimh, a gan fhios do'n tsaoghal, agus
déarfaidh sé linn an focal úd a dúbhairt sé leó-san,
"Síothcháin daoibh." Cuirfidh an focal san áthas i n-ár
gcroídhe agus i n-ár n-aigne. Díbireóchaidh an t-áthas
san amach as ár gcroídhe buairt agus crádh agus
losgadh agus brise-croídhe an tsaoghail seo. An t-é
go mbeidh an t-áthas san istigh 'n-a chroídhe ní bhéarfaidh
trioblóidí an tsaoghail aon ghreim ar chroídhe air.
Fuilingeóchaidh sé na trioblóidí go breagh cneasda,
réidh, fé mar is toil le Dia iad a thabhairt dó le fulang.
Béarfaidh an tsíothcháin agus an t-áthas, a gheobhaidh
sé ó'n Slánuightheóir, saor sábhálta é, tré chrosaibh
agus tré chruadhtan na beatha so, isteach i n-aoibhneas
na bhflathas, an t-aoibhneas ná feacaidh súil duine a
leithéid, agus nár airigh cluas duine a leithéid, agus
nár fhéad aigne aon duine riamh fós cuimhneamh i
gceart air.


L. 203


Go gcuiridh Dia na glóire, tré impidhe na Maighdine
Muire, an t-aoibhneas san i n-áirighthe dhúinn go léir.
Amen.



XXVIII.



AN TARNA DOMHNACH TAR ÉIS NA CÁSGA.



Léightear an Soisgéal. (Eóin 10.)



Ag léigheadh an tSoisgéil sin dúinn, a phobul, ní
féidir dúinn gan a thabhairt fé ndeara conus mar a
dheinean an Slánuightheóir leanamhaint siar ar an
gcomparáid idir an dá aodhaire, an t-aodhaire fóghanta
agus an fear tuarasdail. Leis na Fairisínigh a bhí
sé ag caint. Aicme daoine ab eadh na Fairisínigh a
bhí ana dhian, dar leó féin, ana dhíchealach, chun an uile
fhocail de dhlígh Mhaoise do choimeád. Do choimeádaidís
focal na dlíghe ach ní chuiridís puinn spéise i spioraid
na dlíghe. Ní shuidhfidís chun bídh gan a lámha do nígheadh,
toisg é bheith órduighthe sa dlígh, pé' cu bhéadh na lámha
salach nó glan. Ansan ní bhíodh aon cheist ortha peacaí
troma dhéanamh a gan fhios do'n tsaoghal. Ba chuma
iad nó "seirbhíseach na súl." Bhídís ana mhaith chómh
fada agus a dh'fhéadadh súile na poibilidheachta bheith
ortha, ach ní dheinidís aon tsuim de shúil Dé bheith ortha.
Mheas an phoibilidheacht go rabhadar ana naomhtha, ana
dhiadha, ana mhaith ar gach aon tsaghas cuma. D'á bhrígh
sin do fágtí ar a lámhaibh na gnóthaí poibilidhe a bhain
le saidhbhreas an náisiúin, i dtreó go raibh láimhseáil
airgid acu agus tuitim airgid isteach chúcha, agus
creideamhaint ana mhór acu agus iontaoibh ana mhór


L. 204


ag an bpoibilidheacht asta. D'fhág san an phoibilidheacht
a bheith ag feuchaint suas chúcha ins gach aon rud a bhain
le dlígh Dé agus le creideamh agus le macántacht beatha.
B'iad stiúrthóirí na ndaoine iad agus do thuig na
daoine gur bh' iad. Ach do chonaic an Slánuightheóir,
moladh go deó leis, ná raibh an mhacántacht ach lasmuich
acu; ná raibh sa mhacántacht ach púicín acu, chun
onóra agus urama agus chreideamhna dh'fhághail, agus
ansan chun an tsaidhbhris a tharang 'n-a dtreó agus
do choimeád dóibh féin. Chonaic sé, má bhí aon stiúrughadh
acu á dhéanamh ar na daoine, gur ar mhaithe leó féin a
bhíodar 'á dhéanamh agus nách ar mhaithe leis na daoine.
Gur chuma iad nó lucht tuarasdail a thuilleamh. Má
bhíodar ag aodhaireacht na gcaorach nách ar son na
gcaorach a bhíodar 'á dhéanamh ach ar son an
tuarasdail. Gur chuma leó cad a dhein an tréad
an fhaid a gheóbhaidís féin an tuarasdal, an
chreideamhaint, an onóir, an saidhbhreas. Do labhair
sé leó 'n-a thaobh agus, nídh nár ghnáth leis nuair a
labhradh sé le daoine peacamhla, níor dhein sé aon
bhogadh ar an bhfírinne dhóibh. Nuair a labhradh sé le
daoinibh eile peacamhla, ba ghnáth leis focal réidh, cneasta,
trócaireach a thabhairt dóibh, ach nuair a labhradh sé leis
an aicme úd na bhFairisíneach do thugadh sé le tuisgint
dóibh go soiléir i gcómhnuighe ná raibh a maith ach lasmuich,
agus ná raibh istigh acu ach an t-olc. Bhí fhios acu féin
go raibh an fhírinne aige. Bhí fhios acu, leis, go raibh an
uile fhocal de'n fhírinne sin a bhí aige dh'á innsint
ortha ar an gcuma san ag baint ó'n gcreideamhaint
a bhí acu. Siné chuir fhiachaibh ortha an fuath go léir a
bheith acu dhó.



Is ró mhaith a thuigeadar cad dó go raibh sé ag
tagairt nuair adúbhairt sé: "Tugan an t-aodhaire


L. 205


fóghanta a anam ar son a chaorach. Ach teithean an fear
tuarasdail nuair a chíon sé an machtíre ag teacht.
Fágan sé na caoire ag an machtíre, agus deinean an
machtíre foghail ar na caoire agus sgaipean sé iad."



Chun anamnacha na ndaoine choimeád ó'n bpeacadh
iseadh do cuireadh dlígh Mhaoise, na deich n-aitheanta,
ar bun. Ag cabhrughadh leis an gcoimeád san iseadh
do cuireadh ar bun na mion-dlighthe agus na mion-
riaghalta go léir a bhí ag gabháil leis na deich n-aitheanta.
Bhí brígh leis na mion-dlighthibh agus leis na mion-
riaghalta a choimeádfadh os cómhair aigne na ndaoine,
dá múintí dhóibh an brígh mar ba cheart é mhúineadh dhóibh,
conus mar a bhí ceangailte ortha iad féin a choimeád
ó pheacadh i neithibh beaga. Chuirfeadh, cuir i gcás,
nígheadh na lámh roim bhiadh chaitheamh i gcuimhne dhóibh gur
ceart an t-anam a choimeád glan ó pheacadh i láthair
Dé a thug dóibh an biadh le caitheamh. Mar sin do gach
mion-dlígh eile d'á raibh acu le coimeád. Soluíd ab
eadh é ar choimeád éigin a bhí ceangailte ortha dhéanamh
ortha féin ó pheacadh éigin, nó ar onóir éigin a bhí
ceangailte ortha thabhairt do Dhia. Ar na Fairisínigh
a bhí ceangailte an brígh sin a mhúineadh dos na daoine.
Níor dheineadar é. D'á bhrígh sin, bíodh gur choimeád
na daoine na mion-dlighthe agus na mion-riaghalta,
níor dhein an coimeád san aon chosaint ar na daoine
ó'n bpeacadh. Do dhein sé a mhalairt. Chuir sé 'n-a
luighe ar aigne na ndaoine go raibh a ngnó chun Dé
déanta acu nuair a bhí na mion-dlighthe agus na mion-
riaghalta cómhlíonta acu, agus nár mhisde dhóibh a dtoil
féin a dhéanamh, fé mar a thaithnfadh leó, as san amach.
Ar an gcuma san do tugadh srian do dhroch mhianaibh,
agus cead cinn do dhroch bhéasaibh, agus saor-chead do
dhroch bheartaibh ar gach aon tsaghas cuma. Na mion-


L. 206


dlighthe agus na mion-riaghalta a ceapadh chun peacaí
na ndaoine do chosg, is amhlaidh a dheineadar cabhrughadh
le gach aon droch intinn a bhí ag mealladh na ndaoine
ó eagla Dé agus isteach ins na peacaíbh. Na Fairisínigh
fé ndear an t-aimhréidh agus an dul amú' go léir.
B'é an Fairisíneach an t-aodhaire, ach níor bh'aodhaire
ceart é. Fear tuarasdail ab eadh é. Ar maithe leis
féin a dhein sé an aodhaireacht. Tháinig an namhaid,
an peacadh, an mac mallachtain, an diabhal. Chuaidh
an t-aodhaire i leith a chuid saidhbhris. Do theith sé o'n
ngnó a bhí ceangailte air a dhéanamh chun an machtíre
choimeád uaidh féin agus ó'n dtréad. B'é gnó é sin
ná leas anama na ndaoine do chur os cionn gach
tairbhe saoghalta. Dhein sé a mhalairt sin. Chuir sé
a thairbhe shaoghalta féin os cionn leasa anama na
ndaoine agus os cionn leasa a anama féin. Ansan
do tháinig an namhaid agus do loit sé leis an bpeacadh
idir thréad agus aodhaire.



Do thuig na Fairisínigh, agus iad ag éisteacht leis
an Slánuightheóir, an uile fhocal d'á ndúbhairt sé,
chómh fada agus d'oir an chaint dóibh féin. Ach ní foláir
dúinne a thuisgint agus a choimeád i n-ár n-aigne,
go bhfuil faid agus leithead, aoirde agus doimhneas,
i gcaint an tSlánuightheóra, sa tSoisgéal san, a
théighean níos sia go mór, ins gach aon treó baill,'ná
mar a théighean gnó na bhFairisíneach ná gnó na ndaoine
a bhí ag brath ortha chun eóluis a dh'fhághail ar leas a
n-anama.



"Is mise an t-aodhaire fóghanta," adeir an Slán-
uightheóir, " agus táim ag tabhairt mh' anama uaim
ar son mo thréada."



Ba mhór an dearmhad, a phobul, a mheas go raibh
deire leis an bhFairisíneach nuair a fuair Fairisíneach


L. 207


na n-Iúdach bás. Tá an Fairisíneach sa tsaoghal fós,
chómh beó chómh bríoghmhar agus bhí sé le linn ár Slán-
uightheóra, agus tá an cheard chéadna díreach ar siúbhal
aige a bhí ar siúbhal aige an uair sin, agus oirean
caint an tSlánuightheóra dhó anois chómh cruinn díreach
agus d'oir sí dhó an uair sin. Tá sé sa tsaoghal anois
agus tá sé sa tsaoghal riamh ó shin. Is cuma é nó an
duine úd ar a dtugtar an Iúdach Fáin, ach go bhfuil sé
le feisgint i gcómhnuighe. Deirtear ná feictear an
Iúdach Fáin ach uair ins gach aon chéad bliadhan. Chómh
luath agus thusnuigh an Eaglais ar an obair a dhéanamh
a thug an Slánuightheóir le déanamh di, do thusnuigh an
Fairisíneach ar a cheard féin d' oibriughadh i gcoinnibh
na h-Eaglaise. Chaith sé uaidh mion-dlighthe agus
mion-riaghalta na sean-dlíghe. Ní raibh aon chreidea-
mhaint aige le fághail asta san feasta. Ach, i n-aghaidh
an uile phuinte creidimh d'ár mhúin an Eaglais dos
na daoine chun iad do choimeád ar a leas, do tharaing
an Fairisíneach, an t-eiriceadaidhe, puinte éigin éithigh
chuige, agus mhúin sé an t-éitheach dos na daoine, i
gcoinnibh na fírinne, i gcoinnibh an chreidimh a bhí ag
an Eaglais 'á mhúineadh. Chuir sé, go minic, an dubh
'n-a gheal ar dhaoine. Níor ró dheacair dó san a
dhéanamh. Thug sé toghadh an aireachais gur chuir sé, i
gcómhnuighe, 'n-a gheal ar dhaoine dubh éigin a thaithn-
fadh leó. D'eirigh leis go minic. Do glacadh an dubh,
'n-a gheal. Fuair an Fairisíneach an rud a bhí uaidh,
creideamhaint agus cómhacht agus saidhbhreas saoghalta.
Fuair an machtíre, leis, an rud a bhí uaidh, aimhleas
anama na ndaoine.



Tá an cleas ar siúbhal ó thusach. Tá sé ar siúbhal
fós. Beidh sé ar siúbhal, is dócha, go deire an domhain.
Do chonaic an Slánuightheóir ó thusac go mbéadh an


L. 208


cleas ar siúbhal mar atá, agus thug sé an foláramh
uaidh, do 'n chine daona go léir, i bhfocalaibh an tSoisgéil
sin a léigheas daoibh, a phobul. "Is mise an t-Aodhaire
Fóghanta," ar seisean. Agus ansan thug sé na
cómharthaí uaidh. Gan amras isé an t-Aodhaire Fóghanta
an t-Aodhaire do thug a anam ar son a thréada. Siné
an cómhartha cruinn. Nuair a tómhaistear na h-aodhairí
eile leis an gcómhartha san gheibhtear láithreach, i n-inead
a n-anama do thabhairt ar son an tréada, gur b' amhlaidh
a sgaoileadar an tréad leis an namhaid i dtreó go
bhfaighidís féin creideamhaint shaoghalta agus saidh-
bhreas saoghalta.



Ach feuch, a phobul, tá Fairisíneach eile le fághail
sa tsaoghal i n-éaghmuis an eiriceadaidhe, a bhíon ag
cur an duibh 'n-a gheal ar dhaoinibh. 'Sé sin an Fairi-
síneach mí-fhortiúnach a bhíon coitchianta a d'iaraidh
an duibh a chur 'n-a gheal air féin. Is ceart dúinn
machtnamh go cruinn ar an méid sin, mar is dócha,
Dia linn! ná fuil aoinne againn gan iaracht éigin
de'n Fhairisíneach san istigh ann. Ní féidir dúinn é
shéanadh. Tá rud éigin istigh i n-ár gcroídhe, agus ní
rud fóghanta é, a bhíon i gcómhnuighe 'ghár spriocadh,
nuair a mheasaimíd go mbíon gníomh éigin fóghanta
déanta againn, chun bheit ag lorg creideamhna ó
dhaoinibh eile mar gheall ar an ngníomh san. Má
ghéillimíd do'n spriocadh san ní fada go dtiocfaidh
spriocadh eile 'ghár gcur suas chun an ghnímh fhóghanta
do dhéanamh le h-ionchas go bhfaighmís an chreideamhaint.
Ansan, b'fhéidir, i n-aice na creideamhna, gur maith linn
cuid de shaidhbhreas an tsaoghail seo dh'fhághail toisg
sinn a bheith i n-ár gCríosdaidhthibh maithe, dar linn. Ar
ball, mura bhfeuchaimíd rómhainn, is amhlaidh mar a
bheidh an sgéal againn, ní h-ar mhaithe le n-ár n-anam,


L. 209


ná ar son creidimh, ná i n-onóir do Dhia, a bheidh aon
tsaghas deagh-ghnímh againn 'á dhéanamh, ach tré uabhar
nó tré bhaois nó le saint chun saidhbhris, nó ar intinn
éigin a bhainean ar fad leis an saoghal so agus ná
bainean i n-aon chor le Dia, ná leis an saoghal eile,
ná le leas ár n-anama. B'fhéidir nár chuir Dia de
thréad 'n-a churam orainn ach an t-aon anam amháin, ár
n-anam féin. B'fhéidir gur b'é aodhaireacht an fir
tuarasdail atá déanta againn, tar éis ár saoghail
agus tar éis ár saothair, ar an anam san. B'fhéidir
gur dhóich le daoine eile go bhfuil mórán deagh-oibreacha
déanta againn a gcaitheamh ár saoghail agus go
bhfeicean Dia gur deagh-oibreacha gan ghus iad, mar
gur le baois nó le h-uabhar nó le saint a dheineamair
iad. Tá an chontabhairt ann. Is fearr feuchaint
chuige. Tá an cómhartha againn airís i gcaint an
tSlánuightheóra leis na Fairisínigh. "Tugan an
t-Aodhaire Fóghanta a anam ar son a chaorach." Tugan.
Agus fuilingeóchaidh an Críosdaidhe fóghanta bás
níos túisge 'ná mar a leigfidh sé do'n pheacadh, do'n
mhachtíre, greim a dh'fhághail ar a anam, bás a thabhairt
i láthair Dé do'n anam a chuir Dia 'n-a chúram air.
"Ach teithean an fear tuarasdail." Teithean. Agus
teithean an droch Chríosdaidhe ó n-a dhiúité nuair is
ceart dó a anam, an t-anam a chuir Dia 'n-a chúram
air, do cosaint ar an bpeacadh. Tagan an droch
smuíneamh agus fágan sé an droch smuíneamh gan
díbirt. Tagan an droch mhian agus fágan sé an droch
mhian gan smachtughadh. Tagan an droch chómhluadar
air agus ní imthighean sé ó'n ndroch chómhluadar. Tagan
an machtíre, ar gach aon tsaghas cuma, ar tí an anama
a chuir Dia 'n-á chúram air, agus ní'l sé de mhisneach
aige an t-anam san do chosaint ar an machtíre. Agus


L. 210


cad é an chúis ná deinean sé an chosaint? Tá an
freagra againn go gléineach i gcaint an tSlánuightheóra
leó súd. "Mar is fear tuarasdail é, agus ní'l
speóis aige ins na caoire." Creide mhaint os cómhair
an tsaoghail seo iseadh atá uaidh mar thuarasdal as a
dheagh-oibreachaibh. An fhaid a gheóbhaidh sé an chreidea-
mhaint sin ní'l aon speóis aige i n-aon rud eile.
B'fhéidir gur dóich leis gur fearrde a gheóbhaidh sé an
chreideamhaint sin le gan bheith ró dhian ar an machtíre.



Ach tiocfaidh an bás air. Ansan caithfidh sé seasamh
i láthair an tSlánuightheóra agus cúntas a thabhairt
do'n tSlánuightheóir sa chuma 'n-ar chómhlíon sé an
cúram a cuireadh air, i gcaitheamh a thréimhse ar an
saoghal so. Is beag an tairbhe dhó, an uair sin, an
chreideamhaint a fuair sé ar an saoghal so mura
mbeidh aon tsaghas eile creideamhna le taisbeáint aige.



Anois an t-am againn, a Chríosdaidhthe, chun cuimh-
neamh ar an lá san. Ní lá fada anonn é. Táid na
cómharsain go léir ag imtheacht coitchianta, os cómhair
ár súl, gura maith an mhaise dhóibh é! ag tabhairt
aghaidh ar an lá san. Ní fheadramair cad é an neómat
a thiocfadh an ghlaodh chúghainn féin agus go gcaithfimís
gluaiseacht. Is fearr iompáil láithreach agus aghaidh
a thabhairt ar ghnó an lae sin, agus an gnó do dhéanamh;
aghaidh a thabhairt ar an Aodhaire Fóghanta agus a iaraidh
air gan sinn do leigint uaidh; a iaraidh air, má
imthigheamair uaidh, sinn a thabhairt thar n-ais chuige
féin agus gan sinn do leigint uaidh airís go deó.
Amen.


L. 211


XXIX.



AN TRÍMHADH DOMHNACH TAR ÉIS NA CÁSGA.



Léightear an Soisgéal. (Eóin 16.)



I dtaobh na bhfocal san, a phobul, a dúbhairt an
Slánuightheóir le n-a dheisgiobulaibh an uair sin, ní
mar a chéile a dheinid na h-aithreacha naomhtha a mbrígh
do nochtadh dhúinn. Deir cuid des na h-aithreachaibh
gur ar a bhás a bhí an Slánuightheóir ag labhairt an uair
sin. Gur chialluigh an chéad tamall beag an aimsir
ghairid a bhí an uair sin idir é agus a bhás ar chrann na
croise. Agus gur chialluigh an tarna tamall beag
an aimsir a chaithfeadh sé sa n-uaigh, ó thráthnóna Dé
h-Aoine go maidin Domhnaigh Chásga.



Deir tuille des na h-aithreachaibh gur chialluigh an
chéad tamall beag an aimsir a bhí ó'n uair sin a bhí sé
ag caint leó go dtí lá a dheasgabhála, nuair a dh'imtheóchadh
sé uatha suas ar neamh, ag triall ar an Athair Síoruidhe;
agus gur chialluigh an tarna tamall beag an méid
aimsire do chaithfeadh na h-Aspoil agus na deisgiobuil
féin ar an saoghal so i ndiaigh an tSlánuightheóra, ag
craobhsgaoileadh an chreidimh agus ag fulang péine agus
tarcuisne ó dhaoinibh, go dtí, fé dheire, go gcurfaí
chun báis iad ar son an chreidimh. Ansan go
bhfeicfidís an Slánuightheóir airís ar neamh, agus
mar sin go n-iompófaí a mbuairt agus a mbrón
chun áthais agus chun aoibhnis na bhflathas. Deir
tuille, airís, des na h-aithreachaibh gur chialluigh an
chéad tamall beag, mar a dúbhradh, an aimsir a bhí


L. 212


ó'n uair sin go dtí lá a dheasgabhála, agus gur chialluigh
an tarna tamall beag an aimsir ó lá na deasgabhála
go dtí lá an bhreitheamhantais. Do réir an bhríghe sin
ní h-ar na deisgiobulaibh amháin, ach ar na Críosdaidhthibh
go léir, go deire an domhain, do labhair sé nuair a
dúbhairt sé; "Go deimhin, deimhin adeirim libh, beidh
áthas ar an saoghal agus sibh-se buartha; ach iompóchar
bhúr mbrón chun áthais."



Nídh nách anamh iseadh é, i dtaobh cainte an tSlán-
uightheóra, go mbíon níos mó 'ná aon bhrigh amháin le
n-a chaint, agus uaireanta níos mó 'ná dhá bhrígh, agus
gach aon bhrígh acu iomlán, fíor, críochnuighthe ann féin,
chómh maith díreach agus dá mba ná béadh aon bhrígh
eile ag an gcaint le tabhairt léi ach an t-aon bhrígh
sin. Is féidir dúinn a rádh anso gur bh' é toil an
tSlánuightheóra a thabhairt le tuisgint d'á dheisg-
iobulaibh an uair sin go raibh an t-am nách mór tagaithe
'n-a gcaithfeadh sé féin imtheacht as a radharc, le bás
a dh'fhághail, ach go bhfeicfidís airís é nuair a dh'eireóchadh
sé ó'n mbás. Níor mhisde a rádh ná go mbéadh, agus
ná go raibh, buairt agus brón ortha, chómh trom agus
a dh'fhéadfadh a bheith, nuair a chonacadar marbh é, sínte
sa n-uaigh. Níor mhisde a rádh, leis, ná gur h-iompuigheadh
a mbrón chun áthais, má iompuigheadh brón chun áthais
riamh, nuair a chonacadar eirighthe ó'n mbás é. Tugan
caint an tSlánuightheóra an chiall san léi go h-iomlán
agus go cruinn agus go beacht.



Is féidir dúinn a rádh, leis, gur bh' é toil an tSlán-
uightheóra, leis an gcaint chéadna san, a thabhairt le
tuisgint dos na h-Aspoil agus dos na deisgiobuil
nár bhfada go dtiocfadh lá a dheasgabhála, agus
ó'n lá san amach ná feicfidís airís ar an saoghal
so é. Go mbéadh ortha buairt agus trioblóid a


L. 213


dh'fhulang, agus an saoghal 'n-a dtímpal fé áthas.
Ach go n-iompófaí a mbrón chun áthais nuair a bhéadh
a ngnó ar an saoghal so déanta acu agus nuair a ghlaodh-
fadh Dia chuige féin ortha chun a dtuarasdail a thabhairt
dóibh, i radharc an tSlánuightheóra, ar feadh na
síoruidheachta.



Is féidir dúinn a rádh, sa trímhadh h-áit, gur bh' é
toil an tSlánuightheóra, leis an gcaint sin, a chur i
dtuisgint dos na deisgiobuil, agus dos na fíoraonaibh
go léir chómh maith, ó'n uair sin go deire an domhain,
nár bh'fholáir do gach fíoraon acu a thamall beag saoghail
do chaitheamh anso, ag fulang péine agus trioblóide
agus anróidh, agus nuair a bhéadh an tamall beag san
caithte aige go n-iompófaí a bhrón go léir chun áthais,
agus ansan, nuair a bhéadh aoibhneas síoruidhe na
bhflathas aige, ná béadh de chuimhne aige ar thrioblóidibh an
tsaoghail seo ach mar a bhíon ag an mnaoi ar na pianta
a dh'fhuiling sí, nuair a bhíd na pianta imthighthe agus
a mac 'n-a h-ucht aici, nuair a bhíon duine tabhartha
ar an saoghal aici.



Is féidir dúinn na trí bríghthe sin a dh'fhághail sa
chaint, gach brígh acu go h-iomlán agus go fíor agus
go beacht, agus ansan, nuair a mhachtnuighmíd ar an
sgéal, is féidir dúinn a thuisgint go bhfuil, ins na
trí bríghthibh, aon bhun-bhrígh amháin,'sé sin, nách foláir
do'n Chríosdaidhe buairt agus brón agus trioblóidí agus
pianta d'fhulang ar an saoghal so chun go bhfaghadh sé
aoibhneas agus áthar agus sólás na bhflathas ar an saoghal
eile. Ní'l an fulang le déanamh ach tamall beag.
Mairfidh an t-aoibhneas go deó. Ní'l i saoghal an duine,
dá maireadh sé céad, ach tamall beag. Ní'l i saoghal
an domhain, pé faid a leanfaidh sé, ach tamall beag, i
gcomparáid leis an síoruidheacht. Má chaithimíd ár


L. 214


dtamall beag saoghail anso mar is cóir do Chríos-
daidhthibh a saoghal do chaitheamh, ag fulang le foidhne,
le pé trioblóidí is toil le Dia do chur orainn, ag
coimeád ár súl ar dhlígh Dé agus ar an aoibhneas atá le
teacht, cómhlíonfaidh an Slánuightheóir dúinn an focal:
"Tá buairt oraibh-se anois; ach chífead-sa airís sibh,
agus beidh áthas ar bhúr gcroídhe, agus ní bhainfidh aoinne
bhúr n-áthas díbh."



Is léir go raibh na bríghthe úd go léir ag an Slan-
uightheóir leis na focalaibh beaga san: "Tamall beag
agus ní fheicfidh sibh mé: agus tamall beag airís agus
chífidh sibh mé; mar táim ag dul ag triall ar an
Athair," agus go raibh na bríghthe ana dhoimhinn aige leó.
Mura mbéadh go raibh na bríghthe, nó an bun-bhrígh, ana
dhoimhinn cad é an measgán mearaidhe a bhéadh ar na
h-Aspoil agus ar na deisgiobuil chun a rádh ná tuigfidís
an chaint? D'admhuigheadar nár thuigeadar an chaint.
"Cad é an tamall beag so adeir sé?" ar siad. B'é
toil an tSlánuightheóra iad do chur na ceiste sin chuige
i dtreó go dtabharfadh sé ar an gceist an freagra
a thug sé uirthi, agus go 'neósfadh an freagra san
dúinne, agus dos na Críosdaidhthibh go deó, an bun-
bhrígh a bhí aige leis an "tamall beag." Sidé an
freagra: "Beidh áthas ar an saoghal agus beidh sibh-se
buartha; ach iompóchar bhúr mbrón chun áthais."



Siné, d'á bhrígh sin, a phobul, an puinte sa tSoisgéal
ar ar ceart dúinne ár n-aigne do dhainginiughadh ar fad.
Siné an puinte do chuirfidh ar ár gcumas breithniughadh
do réir fírinne dhéanamh ar a lán neithe sa tsaoghal so
ná breithnighthear, do ghnáth, ach ar tuathal. Chítear sa
tsaoghal an dealbh agus an saidhbhir, an lag agus an
láidir, an duine gan sláinte agus an duine deagh-
shláinteach, an duine go mbíon a dhá dhóithin an tsaoghal


L. 215


i gcómhnuighe aige agus an duine ná bíon aige choídhche
ach an dealbhas. Nó,'ghá chur i n-aon fhocal amháin, an
t-ádh agus, dar leis an saoghal, an mí-ádh. Ansan,
moltar an t-ádh agus cáintear an mí-ádh. Bíon uraim
do'n ádh agus bíon droch mheas ar an mí-ádh. Bíon gach
aoinne geal-gháiriteach leis an ádh. Ní bhíon le fághail
ag an mí-ádh ach an doithigheas. Bíon gach aoinne a d'iaraidh
cimilt leis an ádh. Bíon gach aoinne a d'iaraidh druidim
amach ó'n mí-ádh. Ach feuchaimís siar. Tá uraim ana
mhór, le naoi gcéad déag bliadhan, do Pheadar agus
do Phól agus dos na h-Aspoil eile. Cé 'cu fé ádh nó
fé mhí-ádh a chaitheadar a n-aimsir ar an saoghal so?
Ó'n lá a ghlaoidh an Slánuightheóir ortha níor bhlaiseadar
sólás an tsaoghail seo. An fhaid a bhíodar ag craobh-
sgaoileadh an chreidimh ní bhfuaradar, ar an saoghal so,
ach tarcaisne agus trioblóid agus droch-úsáid, agus
níor fhágadar an saoghal ach le h-anbhás. Do tárnáladh
Peadar ar chrois. Do baineadh an ceann de Phól. Do
cuireadh Aindrias ar chrois, agus do mhair sé dhá lá
agus dhá oídhche ar an gcrois sin agus é ag teagasg na
ndaoine go dtí gur tharaing sé an anál. Mar sin
dóibh go léir. Níor bh' fhéidir saoghal puinn ní ba
mheasa thabhairt do dhuine 'ná an saghas saoghail a tugadh
dhóibh an fhaid a fágadh beó iad. Agus ansan, níor
bh'fhéidir bás puinn: ní ba mheasa thabhairt do'n chuirp-
theach ba mhalluighthe, 'ná an bás a tugadh dóibh nuair a
cuireadh as an saoghal iad. Tráchtadh an saoghal ar
mhí-ádh; ach an raibh aon mhí-ádh riamh leath chómh mí-fhortiúnach
leis an mí-ádh d'fhuiling na h-Aspoil agus na deis-
giobuil? Agus ag dul i n-olcas a bhí sé ortha go dtí
gur críochnuigheadh é leis an anbhás. Agus feuch. B'iad
san cáirde an tSlánuightheóra, ríghthe na h-Eaglaise,
priúnsaí na cine daona. Is lán béil ar fuid an


L. 216


domhain ainim gach fir acu riamh ó shin. Agus feuch
airís. Ná daoine go raibh an t-ádh go léir ortha an
uair sin, na daoine go raibh cómacht agus saidhbhreas
saoghalta acu, agus go raibh uraim agus onóir dóibh ó
uasal agus ó íseal, cá bhfuil aon tuairisg anois ortha?
Má tá aon tuairisg anois ortha is droch thuairisg é.
Níor innseadh a ndroch bhearta an fhaid a mhaireadar.
Nuair a bhíodar imthighthe do h-innseadh na droch
bhearta ortha tapaidh go leór. Má's lán béil ainim
aoinne acu anois is lán béil de dhomblas é.



Isé bun agus bárr an sgéil go léir, a phobul, gur
b' iad na Críosdaidhthe is fearr na daoine is mó a
gheibhean de phionós le fulang ar an saoghal so. Is
iongantach an sgéal é sin gan amhras. Ní h-é a bhíon
i n-ár n-aigne, go minic, nuair a chímíd daoine agus
an saoghal ag eirighe leó ar gach aon chuma, agus daoine
eile agus an saoghal ag gabháil 'n-a gcoinnibh ar gach
aon tsaghas cuma. Nuair a chímíd rud de'n tsórd san
isé céad rud ar a gcuimhnighmíd 'ná gur b'amhlaidh
a bhíon Dia buidheach de'n mhuintir go dtugan sé an
saoghal chun a dtoile dhóibh, agus gur b'amhlaidh a bhíon
rud éigin déanta as an slígh ag an muintir go mbíon
an saoghal ag gabháil 'n-a gcoinnibh. Ach nuair a
chuimhnighmíd air sin cuimhnighmíd ar an rud nách fíor.
Dá mbéadh an cuimhneamh san fíor is ag na h-Aspoil
agus ag na deisgiobuil a bhéadh saidhbhreas agus sólás
an domhain. Bhí Dia buidheach díobh agus bhí an Slán-
uightheóir buidheach díobh. Bhí grádh ag an Slánuightheóir
dóibh agus dúbhairt sé leó go raibh grádh ag an Athair
Síoruidhe dhóibh. Agus fós, dúbhairt sé leó go mbéadh
áthas ar an saoghal agus go mbéadh dólás ortha-san.



Ní'l aon dul ó fhírinne an sgéil. Isiad na Críos-
daidhthe is fearr na daoine is mó a gheibhean de phionós


L. 217


le fulang ar an saoghal so. Tá an taobh eile de'n sgéal
chómh fíor leis an dtaobh san. An t-É adúbhairt,
"Beidh áthas ar an saoghal agus sibh-se buartha," dúbhairt
sé láithreach 'n-a dhiaigh san: -



"Iompóchar bhúr mbrón chun áthais."



Sin dá fhocal agus ba cheart do gach aon Chríosdaidhe
cuimhneamh ortha nuair a bheid trioblóidí na beatha so
ag teacht go trom agus go tiugh air agus 'ghá bhrúghadh.
Ba cheart dó a rádh leis féin nách fearr de Chríosdaidhe
é féin 'ná na h-Aspoil agus na deisgiobuil, agus
gur gheall an Slánuightheóir gol agus caoi agus buairt
dóibh ar an saoghal so. Má gheall sé gol agus caoi
agus buairt dóibh siúd, conus is féidir duit-se bheith
ag gearán? Ansan, feuch ar an bhfocal eile adúbhairt
sé leó. "Iompóchar," ar seisean, "bhúr mbrón chun
áthais." Cuimhnigheadh an Críosdaidhe air sin. Agus
cuimhnigheadh an Críosdaidhe ar an bhfocal atá i ndeire
an tSoisgéil sin a léigheas daoibh. "Chífead-sa airís
sibh, agus beidh áthas ar bhúr gcroídhe, agus ní bhainfidh
aoinne bhúr n-áthas díbh."



Pé áthas a bhíon ar an saoghal so ag an nduine, bíon
aon nídh amháin ag baint uaidh i gcómhnuighe. Ní fheadair
sé cad é an neómat a bainfí dhe é. Bainean san an
mhaith as gach áthas saoghalta. Is áthas sláinte mhaith.
Ach do loitfeadh taom breóiteachta i n-aon lá amháin í.
Dar le n-a lán is áthas saidhbhreas. Ach is uiriste
saidhbhreas do sgaipeadh. Is áthas creideamhaint. Ach
nuair a dh'imthighean an saidhbhreas imthighean an
chreideamhaint. Is áthas do dhuine a chlann a dh'fheisgint
ag eirighe suas 'n-a thímpal. Ach iompuighid siad
amach go h-olc, uaireanta, agus gabhaid siad 'n-a
choinnibh; nó b'fhéidir go sguaban an bás chun
siúbhail iad díreach nuair a bhíd siad tógtha aige


L. 218


agus nuair a bheidis n-a gcongnam aige. Tá an saoghal
lán de bhrón agus de bhuairt agus de thrioblóid, agus
cuid mhór de'n bhrón agus de'n bhuairt agus de'n triob-
lóid iseadh áthas saoghalta bheith ag imtheacht ó dhaoine
chómh tiugh agus gheibhid siad é. Ach an t-áthas a gheall
an Slánuightheóir dos na deisgiobuil, agus do Chríos-
daidhthibh fóghanta riamh ó sin agus go deire an domhain,
do gheall sé ná bainfeadh aoinne dhíobh é go deó. Is
maith an chiall, d'á bhrígh sin, dos na Críosdaidhthibh gan
dúil do chur sa n-áthas bréagach, sa n-áthas a chaillfidh
ortha an uair is mó bheidh a seasamh air; ach dúil a chur
sa n-áthas fírinneach, sa n-áthas a gheall an Slánuightheóir
do tabharfaí dhóibh agus ná bainfí dhíobh.



Anois, a phobul, i dtaobh na dtrioblóidí saoghalta
agus i dtaobh an áthais shíoruidhe, tá aon nídh amháin agus
ní foláir dúinn é choimeád i n-ár n-aigne. Mar gheall
ar an Slánuightheóir a bheith ag imtheacht uatha iseadh bhí
an bhuairt ar na deisgiobuil. B'shiní an bhuairt a
dúbhairt an Slánuightheóir féin do h-aistiseófaí chun
áthais dóibh. Ar an gcuma gcéadna san ní foláir an
Slánuightheóir do theacht isteach ins na trioblóidibh a
dh'fhuilingeóchaidh an Críosdaidhe ar an saoghal so, nó
ní féidir geallamhaint an tSlánuightheóra do theacht
chuige. D'fhéadfadh, cuir i gcás, duine gan creideamh
trioblóidí an tsaoghail seo d'fhulang go foidhneach,
agus gan blúire tairbhe a bheith aige d'á mbárr i láthair
Dé. Cad é an tairbhe fhéadfadh sé a bheith aige d'á mbárr
i láthair Dé nuair nách ar son Dé ná ar son an tSlán-
uightheóra d'fhuiling sé iad? Agus d'fhéadfadh duine
trioblóidí an tsaoghail seo d'fhulang go neamhfhoidhneach
agus gan blúire tairbhe bheith aige d'á mbárr i láthair
Dé, pé creideamh a bhéadh aige. Cad é an tairbhe fhéadfadh
sé bheith aige i láthair Dé mar gheall ar rud a dhein sé


L. 219


d'á aimhdheóin agus i gcoinnibh a thoile, gan a thoil féin
do chur choídhche le toil Dé, ach é coitchianta ag cur a
thoile féin, go malluighthe, i gcoinnibh toile Dé?



I dtreó go mbéadh luacht saothair le fághail againn
as na trioblóidíbh saoghalta a chuirfidh Dia chúghainn a
dh'fhulang, ní foláir dúinn iad a dh'fhulang ar son an
tSlánuightheóra, le grádh do'n tSlánuightheóir, mar
aon leis na pianta d'fhuiling an Slánuightheóir ar ár
son-na. Siné an rud a chuirfidh an tairbhe anama
dhúinnins na trioblóidíbh. Is chuige sin a chuirean
Dia chúghainn iad. Siné an rud a dh'iomhpóchaidh chun
áthais dúinn iad, chun an áthais ná bainfear dínn go
deó. Go dtugaidh Dia, tré imhpidhe na Maighdine Muire,
an t-áthas san dúinn go léir. Amen.



XXX.



AN CEATHRAMHADH DOMHNACH TAR ÉIS NA CÁSGA.



Léightear an Soisgéal. (Eóin 16.)



Tá sa tSoisgéal san againn, a phobul, fé mhar a bhí
i Soisgéal an Domhnaigh seo a ghaibh tharainn againn,
cuid de'n chaint do labhair an Slánuightheóir le n-a
dheisgiobulaibh an oídhche dheirineach a bhí sé 'n-a bhfochair,
nuair a bhí a shuipéar déanach aige 'á chaitheamh 'n-a
dteannta. Bhí sé 'ghá chur 'n-a luighe ar a n-aigne,
chómh maith agus dob' fhéidir san do dhéanamh an uair
sin le caint, nár bh'fholáir dó imhtheacht uatha, agus gur
bh' é a leas é dh'imhtheacht uatha, mhar nár bh'fhéidir an
tairbhe a bhí aige le déanamh, dóibh-sin agus do'n chine


L. 220


daona go léir, do dhéanamh gan é dh'imhtheacht uatha. Bhí
a n-aigne ana dhúr, ana dhall, an uair sin. Ní raibh
grásta agus solus an Spioraid Naoimh tagaithe isteach
'n-a n-aigne fós. Do thuigeadar caint an tSlánuigh-
theóra, ar shlígh. Do thuigeadar na focail sa tslígh 'n-ar
ghnáth leó féin úsáid a dhéanamh des na focail. Nuair
a dúbhairt sé go raibh sé ag imtheacht uatha níor
chuimhnigheadar ar aon bhrígh bheith leis an gcaint ach go
raibh sé ag sgaramhaint leó agus ná feicfidís go deó
airís é. Ní raibh aon phioc machtnaimh 'n-a n-aigne ar
cad a dhéanfadh an sgaramhaint, gur bh' amhlaidh a dhéanfadh
an sgaramhaint sin an Slánuightheóir agus iad féin do
thabhairt d'á chéile níos achmaire go mór 'ná mar a bhíodar
an fhaid a bhí sé beó ar an saoghal so acu. Theastuigh
ó'n Slánuightheóir an mhachtnamh san do thabhairt chun a
n-aigne le n-a chaint. D'fhéadfadh sé láithreach an
mhachtnamh san a thabhairt chun a n-aigne le mírbhuilt,
ach níor bh' é sin a thoil naomhtha an uair sin. Do
déanfaí é sin nuair a thiocfadh an t-am chuige, nuair
a thiocfadh Domhnach Cíncíse, nuair a thúirlingeóchadh
an Spioraid Naomh ortha. Go dtí san níor bh'fholáir
úsáid a dhéanamh d'á gcaint nádúrtha féin, agus d'á
n-aigne agus d'á résún féin, chun an eóluis a thabhairt
dóibh a theastuigh ó'n Slánuightheóir a thabhairt dóibh.
Is mhinic gur b'usaide eólus a thabhairt do dhuine nuair
a loirgean sé an t-eólus, nuair a chuirean sé ceist
éigin i dtaobh an eóluis. Ba mhaith leis an Slán-
uightheóir go gceisteóchaidís é i dtreó go bhféadfadh
sé an t-eólus a thabhairt dóibh sa bhfreagairt, agus
go nglacfaidís sa bhfreagairt é ní ba chruinne 'ná mar
a ghlacfaidís é dá dtugtí dhóibh gan fiafriaghe é. Do
sprioc sé chun na ceiste iad. "Táim," ar seisean, "ag
dul ag triall ar an t-É a chuir uaidh mé, agus ní'l


L. 221


aoinne agaibh 'ghá fhiafraighe dhíom cá bhfuilim ag dul."
Bhí Peadar tar éis na ceiste sin do chur chuige tamall
beag roimis sin, ach ní h-é an brígh a theastuigh ó'n
Slánuightheóir a bheith leis an gceist a bhí ag Peadar
léi nuair a chuir sé í. Níor bhain ceist Pheadair leis
an eólus a theastuigh ó'n Slánuightheóir a thabhairt uaidh.
Do bhain ceist Pheadair leis an ndólás a bhí air féin
agus ar an gcuid eile acu nuair a mheasadar go raibh
an Slánuightheóir ag imtheacht uatha ar fad. Theastuigh
ó'n Slánuightheóir a chur 'n-a luighe ar a n-aigne nár
chúrsaí dóláis dóibh é bheith ag imtheacht ag triall ar an
Athair Síoruidhe, ach cúrsaí áthais agus cúrsaí sóláis,
mar go gcuirfeadh sé an Spioraid Naomh ag triall
ortha. "Isé bhúr leas," ar seisean, "mé dh'imtheacht;
óir mura n-imthighead ní thiocfaidh an Spioraid Naomh
chúghaibh."



Sin adhbhar machtnaimh do Chríosdaidhthibh. "An rud
ba mheasa le duine 'ná a bhás ní fheadair sé ná gur b'
lár a leasa é." Is sean-fhocal é. Is fíor é ins gach
aon tsaghas gnótha. Ach, thar gach saghas eile gnótha,
is fíor é i ngnó ár n-anama. Is minic ná tugan
Dia dhúinn ar an saoghal so an nídh a bhíon uainn,
mar go bhfeicean Dia, ó is É a chíon gach uile
nídh, go ndéanfadh an nídh sin aimhleas anama dhúinn.
Nuair a chíon an leanbh an solus breagh sa choinneal
is maith leis an solus a dh'fhághail isteach 'n-a láimh.
Ach cá bhfuil an mháthair a thabharfadh an lasair isteach
n-a láimh do'n leanbh? Ar an gcuma san, is cuma
Dia na glóire nó máthair mhaith. Coimeádan sé ó'n
nduine an rud a dhéanfadh aimhleas anama do'n duine.
D'á bhrígh sin, nuair a bhíon, dar linn féin, gádh go cruaidh
againn le rud éigin, agus nuair a bhímíd 'ghá iaraidh
go cruaidh ar Dhia na glóire an rud san a thabhairt


L. 222


dúinn, ba cheart dúinn i gcómhnuighe an coinghíoll do
chur isteach, "Má 's é toil Dé é agus leas ár n-anama."
Ar ndo' dá mbéadh an chiall cheart againn, pé dúil a
bhéadh againn i rud, d'iarfaimís ar Dhia gan an rud
san a thabhairt dúinn i n-aon chor dá mbéadh aon bhaoghal
go ndéanfadh sé aimhleas anama dhúinn. Agus tuig
an mhéid seo. Ní gádh rud a bheith 'n-a dhroch rud chun
aimhleasa anama dhéanamh do dhuine. Dhéanfadh rud
fóghanta díobháil anama do dhuine, uaireanta, chómh
maith le droch rud, níos fearr, b' fhéidir. Chíon Dia, i
gcómhnuighe, cad is maith dhúinn agus cad is olc dúinn,
agus ba cheart dúinn, i gcómhnuighe, bheith sásta le n-a
thoil naomhtha; a rádh, coitchianta, fé mar a dúbhairt
an Slánuightheóir linn a rádh, "Go ndeintear do thoil
ar an dtalamh mar a deintear ar neamh." Isé toil
Dé, gan amhras, sinn a dhul saor, sábhálta go h-aoibhneas
na bhflathas. D'á bhrígh sin, má leigimhíd dó a thoil féin
do dhéanamh i n-ár dtaobh, béarfaidh sé saor sinn go
h-aoibhneas na bhflathas. Tá fhios againn go dian
mhaith ná fuil aon nídh is deimhnighthighe 'ná an méid sin.
Ba chóir go ndéanfaimís beart d'á réir. "Táim ag
innsint na fírinne dhaoibh," arsa'n Slánuightheóir leis na
deisgiobulaibh; "isé bhúr leas mé dh'imtheacht." Cá
bhfuil an rud a dh'fhéadfadh Dia a thógaint ó dhuine
againne ar an saoghal so ba mhó de chailleamhaint 'ná
an Slánuightheóir a dh'imhtheacht ó-s na deisgiobulaibh
an uair sin? Agus fós dúbhairt an Slánuightheóir féin
leó gur bh' é a leas é dh'imhtheacht. Má b' é leas na
ndeisgiobul an Slánuightheóir a dh'imhtheacht uatha cad
'tá ag aoinne eile le rádh go deó i dtaobh aon nídh is
toil le Dia a thógaint uaidh? Mura mbéadh gur bh' é
leas na ndeisgiobul an Slánuightheóir a dh'imhtheacht uatha
an uair sin ní déarfadh an Slánuightheóir féin gur bh' é


L. 223


a leas é, agus ní neartóchadh sé an rádh leis an bhfocal
a chuir sé roimhis an rádh. "Táim ag innsint na
fírinne dhaoibh," ar seisean; "isé bhúr leas mé dh'
imtheacht."



Cuimhnigh air sin, a Chríosdaidhe n-a bhfuil an creideamh
agat. Cuimhnigh air nuair a bheidh rud éigin ag Dia na
glóire 'á thógaint uait agus gur ró mhaith leat féin an
rud san a choimheád. Má's maith leat é, iar ar Dhia
gan an rud san a thógaint uait, ach cuir coinghíoll sa
n-iaraidh. Iar ar Dhia, má's é a thoil naomhtha é, agus
má's é leas t'anama é, gan é thógaint uait. Ansan
má's é toil Dé é thógaint uait, bí-se deimhnightheach gur
b' é do leas é dh'imhtheacht.



Má's máthair leinbh tu, nó má's athair leinbh tu, agus
go dtuigean tu ad'aigne go bhfuil Dia na glóire chun
an leinbh sin a thógaint uait, iar ar Dhia, iar chómh cruaidh
agus is maith leat air, gan an leanbh san do thógaint
uait, ach cuir an coingíoll isteach sa n-iaraidh, má's é
toil Dé é agus leas t'anama, agus leas anama an
leinbh. Má's maith leat é, iar ar dhaoinibh eile, ar do
chómh-Chríosdaidhthe go bhfuil an creideamh acu, an iaraidh
chéadna, an guidhe céadna, do chur suas chun Dé mar
aon leat, 'ghá iaraidh ar Dhia gan an leanbh san do bhreith
uait; ach abair leó an coinghíoll céadna do cur isteach
san iaraidh, má's é toil Dé é agus leas t'anama féin
agus anama an leinbh. Má's maith leat dul níos géire
fós ar an sgéal, labhair le sagart éigin agus iar air
Naomh-Ídhbirt an Aifrinn a dhéanamh chun Dé ar do shon
'ghá iaraidh ar Dhia gan an leanbh san a bhreith uait, ach
cuir isteach an coinghíoll céadna, má's é toil Dé é agus
leas t' anama féin agus anama an leinbh. Nuair a
bheidh an méid sin go léir déanta agat tabharfaidh Dia
do ghuidhe dhuit. Ní'l aon mhearbhall ná go dtabharfaidh


L. 224


Dia do ghuidhe dhuit ansan, mura rud é go bhfeicean
Dia féin, ó 's É a chíon gach uile nídh, go dtiocfaidh an
lá, agus má fhágan sé an leanbh san agat anois, go
ndéarfair-se féin, ó chroídhe, "Ó! Nách truagh chráidhte
nár rug Dia uaim an uair úd é!" Ansan iseadh
thuigfir raint éigin de bhrígh an fhocail úd adúbhairt
an Slánuightheóir leis na deisgiobuil nuair a bhí an
bhuairt go léir ortha mar gheall ar é bheith ag imtheacht
uatha.



"Táim ag innsint na fírinne dhaoibh, ar seisean;
"isé bhúr leas mé dh'imtheacht."



Mar sin do gach aon nídh atá againn ar an saoghal
so agus nách maith linn sgaramhaint leis. Tagan rud
éigin, b'fhéidir, a thaisbeánan dúinn go bhfuil Dia na
glóire chun é bhreith uainn, nó gur baoghal go bhfuil.
B'fhéidir gur bó é, nó capall. B'fhéidir gur b' é ár
sláinte é, nó radharc ár súl. Pé rud é, ní'l aon bhac
orainn ár ndicheal a dhéanamh ar gach aon tsaghas cuma
'ghá iaraidh ar Dhia gan é bhreith uainn, ach an coinghíoll
úd do chur isteach, má's é toil Dé agus leas ár
n-anama é dh'fhanamhaint againn. An fhaid a choimeád-
faimíd an coinghíoll san ní misde dhúinn dul chómh
dian agus is maith linn dul ar Dhia na glóire,
'ghá iaraidh air gan an nídh sin a bhreith uainn; ní misde
dhúinn guidhe ár gcarad a dh'iaraidh chuige, agus Naomh-
Ídhbirt an Aifrinn do chur 'á dhéanamh chuige, agus
déirc a dhéanamh chuige, agus aon nídh eile a dhéanamh
chuige, aon rud is dóich linn a dhéanfadh toil Dé do
tharang i bhfabhar dúinn. D'á dhéine a bheidh ár nguidhe
iseadh is fearr é, an fhaid a bheidh an coingíoll úd ann,
an fhaid a bheidh an fabhar againn 'á iaraidh má 's é toil
Dé agus leas ár n-anama é dh'fhághail.



Ach i dtaobh ár nguidhe chun Dé, tá nídh eile nách ceart


L. 225


dúinn a dhearmhad. Ní ceart dúinn a dhearmhad gur
mó le rádh na tairbhí agus na maitheasaí agus na
buntáistí a bhainean leis an mbeatha síoruidhe 'ná aon
mhaitheasaí a bhainean leis an saoghal so. Dúbhart, agus
is fíor é, nách misde do'n Chríosdaidhe dul chómh dian
agus a dh'fhéadfaidh sé dul, ar Dhia na glóire, chun
maitheasaí saoghalta do dh'fhághail nó do choimeád, an
fhaid a chuirfidh sé isteach an coinghíoll, má's é toil
Dé é agus leas a anama féin. Ach pé déine a bheidh
'n-a ghuidhe nuair a bheidh sé ag lorg maitheasaí saoghalta
ar Dhia, is ceart dó a ghuidhe a bheith níos déine go mór
nuair a bheidh na maitheasaí a bhainean leis an saoghal
eile aige 'á lorg ar Dhia. Loirgeadh sé sláinte an
chuirp ar Dhia chómh dian agus is maith leis é, má's é
toil Dé é agus leas a anama féin. Ach loirgeadh sé
sláinte an anama níos déine, 'sé sin, grásta Dé.
Iaradh sé ar Dhia, chómh dian agus is maith leis é, má 's
é a thoil naomhtha é, agus leas a anama féin, a cholann
a choimeád ó bhreóiteacht. Ach iaradh sé níos déine go
mór ar Dhia a anam do choimeád ó'n bpeacadh. Cuireadh
sé, má's maith leis é, Naomh-Ídhbirt an Aifrinn d'á
dhéanamh 'ghá iaraidh ar Dhia, má's é a thoil naomhtha é agus
leas a anama féin, an rath do chur ar a chuid, i dtreó
go bhféadfadh sé a ghlaoidhte d'fhreagairt. Ach téigheadh
sé ansan agus cuireadh sé Naomh-Ídhbirt an Aifrinn
d'á dhéanamh 'ghá iaraidh ar Dhia saidhbhreas na ngrást
a thabhairt dó, i dtreó go bhféadfadh sé dlígh Dé do
chómhlíonadh ar an saoghal so agus saidhbhreas na beatha
síoruidhe do bheith aige ar an saoghal eile. Ná cuireadh
sé an saoghal so roimis an saoghal eile. Ní'l aige
le caitheamh ar an saoghal so ach tamall beag. Tá an
tsíoruidheacht go léir aige le caitheamh ar an saoghal eile.
Má ghabhan an saoghal so 'n-a choinnibh, ní fhéadfaidh sé,


L. 226


agus a dhícheal a dhéanamh, bheith ag gabháil n-a choinnibh
ach tamall beag. Má bhíon an t-ádh leis i gcóir an
tsaoghail eile, beidh an t-ádh leis ar feadh na síoruidheachta
go léir. Má bhíon sé de mhí-fhortiún air an saoghal eile
do ghabháil 'n-a choinnibh cad é an tairbhe dhó an saoghal
so? "Cad é an tairbhe do dhuine an saoghal go léir
do bhuachtaint má chaillean sé a anam féin?" Agus
ar an dtaobh eile de'n sgéal; cad é an díobháil do
dhuine an saoghal so go léir do chailleamhaint má bhíon
aoibhneas na bhflathas ar feadh na síoruidheachta aige ar
an saoghal eile? Anois an t-am againn, a Chríosd-
aidhthe, chun machtnaimh a dhéanamh ar an dá cheist sin.
Go gcuiridh Dia ar ár leas sinn sa mhachtnamh. Amen.



XXXI.



AN CÚIGMHADH DOMHNACH TAR ÉIS NA CÁSGA.



Léightear an Soisgéal. (Eóin 16.)



Is dóich liom, a phobul, gur beag má tá aon fhocal
d'ár labhair an Slánuightheóir le n-a dheisgiobulaibh is
mó a bheirean de shólás leis 'ná an chéad fhocal de'n
tSoisgéal san. "Má iaran sibh," ar seisean, "aon
nídh ar an Athair am' ainim-se tabharfar daoibh é."
Agus le h-eagla go mbéadh aon mhearbhall ar a n-aigne
'n-a thaobh, do dheimhnigh sé dhóibh é. "Go deimhin, deimhin
adeirim libh." "Iaraidh," ar seisean, "agus gheóbhaidh
sibh." Agus feuch ar an gcúis a thug sé leis. Níor thug
sé aon chúis ar domhan leis ach, i dtreó go mbéadh a
n-áthas iomlán.


L. 227


Tugan an chaint sin os cómhair ár n-aigne nídh ná
machtnuighmíd go ró mhinic air. Isé nídh é sin 'ná mór-
mhaitheas Dé. Cuimhnighmíd go minic ar mhór-chómhacht
Dé, mar gur chruthuigh sé an domhan. Is cuimhin linn
an cheist sa Teagasg Críosdaidhe:



"An féidir le Dia gach uile nídh dhéanamh?



"Is féidir."



Cuimhnighmíd ar eagna Dé:



"An bhfuil fios gach uile nídh ag Dia?"



"Tá."



"An bhfeicean Dia gach uile nídh?"



"Chíon."



Cuimhnighmíd, leis, ar mhór-mhaitheas Dé, ar shlígh.
Tá fhios againn go bhfuil a mhór-mhaitheas gan teóra,
fé mar atá a chómacht gan teóra, agus a eagna gan
teóra. Ach ní minic a chuimhnighmíd ar a mhaitheas sa
chuma 'n-ar labhair an Slánuightheóir air leis na deis-
giobuil an uair úd. Do labhair sé ar an Athair díreach
mar a labharfadh sé ar dhuine mhuinteartha a bhéadh acu,
agus do bhéadh ollamh ar gach aon tsaghas maitheasa
agus tairbhe do bhronnadh ortha ach go n-iarfaí air é.
Bhéadh duine muinteartha ann a bhéadh ollamh ar gach
aon tsaghas tairbhe do bhronnadh ort chómh fada agus do
raghadh a chumas agus a chómhacht; agus go deimhin ní
baoghal ná go ndéarfadh gach aoinne gur mhaith an duine
muinteartha é. Ach do labhair an Slánuightheóir an
uair sin leis na deisgiobuil ar Dhuine Mhuinteartha
a bhí ollamh ar gach aon tsaghas tairbhe do bhronnadh ortha,
chómh fada agus do raghadh a chumas agus a chómhacht,
agus go raibh a chumas agus a chómhacht gan teóra.



Dá mbronnadh duine muinteartha rud ort, gan aon
chúis eile ach chun áthais do chur ort, déarfadh duine
gur mhaith a bhéadh grádh agus cion tuillte ag an nduine


L. 228


muinteartha san uait. Ach ní fhéadfadh an duine muin-
teartha san a dhéanamh ach a dhícheal chun an áthais a chur
ort. B'fhéidir, tar éis a dhíchil, go mbéadh easnamh ar
an áthas agus ná béadh leigheas aige air. Ach feuch cad
'deir an Slánuightheóir i dtaobh an Athar Síoruidhe.
"Iaraidh agus gheóbhaidh sibh, ionus go mbéadh bhúr n-áthas
iomlán."



Ní féidir áthas iomlán a dh'fhághail ó aoinne ach ó'n
Athair Síoruidhe. Agus ní féidir an t-áthas iomlán san
a dh'fhághail ar an saoghal so, ach sa mhéid go seólan sé
an duine chun an áthais atá le fághail ar an saoghal eile,
chun an áthais atá síoruidhe. Bíon áthas ar dhuine nuair
a mhothuighean sé neart agus fuinneamh na sláinte 'n-a
bhallaibh beatha. Ní h-áthas iomlán an t-áthas san.
D'fhéadfadh droch ghaoth, nó coiscéim anacair, nó lán
béil de bhiadh ná béadh foláin, an t-áthas san do lot ar
iompáil na baise. Is fada ó áthas iomlán an t-áthas
is féidir a chur chun siúbhail chómh h-uiriste sin.



Bíon áthas ar dhuine, b'fhéidir, nuair a bhíon saidhbhreas
saoghalta aige, agus creideamhaint ameasg a chómharsan.
Bíon fiche rud ag baint ó'n áthas san. Ní h-iad lucht
an tsaidhbhris mhóir is sáimhe chodlan an oídhche. Leanan
cúram agus buairt aigne an saidhbhreas. Ní bhíon an
fear saidhbhir choídhche gan lán a chroídhe d'eagla air go
mb'fhéidir go dtiocfadh sóinseáil éigin sa tsaoghal,
agus go sgaipfí an saidhbhreas, agus go mbéadh sé beó
bocht. Ní h-áthas iomlán, ní h-eadh, ach ní h-áthas i n-aon
chor, rud a chuirean, agus do choimeádan, buairt agus
céimaighrádh aigne de'n tsórd san ar dhuine.



Is áthas iomlán, ámhthach, ar an saoghal so féin, an
t-áthas a bhíon ar chroídhe agus ar aigne an duine nuair
a bhíon, cuir i gcás, faoisdin mhaith déanta aige agus
síothcháin ar a choinsias, agus nuair is féidir dó feuchaint


L. 229


suas agus a rádh, i láthair Dé, "Má s é toil Dé
glaodhach orm tá súil le Dia agam go bhfuilim ollamh."
Tá an t-áthas san iomlán, chómh fada agus is féidir
d'aon áthas bheith iomlán ar an saoghal so, mar is áthas
é atá ag seóladh an duine sin chun an áthais agus chun
an aoibhnis atá síoruidhe.



"Go dtí so," arsa'n Slánuightheóir, nior iarabhair
aon nídh am' ainim."



Tá brígh ana dhoimhinn leis an bhfocal san. Tá daoine
sa tsaoghal agus nuair a thagan buairt nó trioblóid
mhór ortha, is amhlaidh a léimean a gcroídhe agus a n-aigne
suas láithreach chun Dé. Sgreadan a gcroídhe láithreach
ar Dhia, 'ghá iaraidh air an trioblóid sin do thógaint díobh
má 's é a thoil naomhtha é agus leas a n-anama, nó,
murab é a thoil naomhtha é thógaint díobh, 'ghá iaraidh
air é bhogadh dhóibh, agus a ghrásta thabhairt dóibh chun
é dh'fhulang mar is cóir do Chríosdaidhe buairt agus
trioblóid a dh'fhulang. Freagran Dia Críosdaidhe
de'n tsórd san. Tugan sé a ghrásta do'n duine sin.
Bainean grásta Dé an nimh as an dteinneas, nó cuirean
sé neart i gcroídhe an duine i dtreó ná géillean sé
do'n trioblóid, go bhfuilingean sé gach aon rud do
réir thoile Dé. Cuirid Críosdaidhthe de'n tsórd san
buairt agus trioblóid díobh, agus nuair a bhíon an
bhuairt nó an trioblóid imthighthe ní fhanan blúire cuimhne
acu air. Ansan tagan trioblóid eile, trioblóid,
b'fhéidir, is truime 'ná an chéad trioblóid. Ach is lúgha
a ghoillean sé ortha 'ná an chéad trioblóid, mar bíon
breis nirt fághalta acu as an gcéad fhulang, agus bíon
breis grásta acu d'á fhághail ó Dhia. Ansan tagan
dhá thrioblóid, trí trioblóidí; tagaid siad ag brúth ar
a chéile, ag baint tusach slíghe dh'á chéile, ag satailt ar
shálaibh a chéile, go dtí gur dhóich le h-aoinne gur cheart


L. 230


do'n duine sin bheith as a mheabhair, glan, acu. Ach ní
bhíon sé as a mheabhair ná as a chéill. Bíon a shúil agus
a intinn agus a aigne socair go daingean ar thoil Dé.
Is amhlaidh a dhainginighid na trioblóidí go léir a chroídhe
ar Dhia, i dtreó gur ag dul i ndaingineacht a bhíon sé
le gach trioblóid d'á gcuirean sé dhé, agus i n-aghaidh
gach catha d'á gcuirean sé dhé. I lár na buartha agus
na dtrioblóidí agus na gcathana tagan an t-am, fé
mar a tháinig an t-am do Pheadar go dtárnálfaí ar
an gcrois é, nó fé mar a tháinig an t-am do Phól go
gcuirfeadh sé a cheann ar an mbloc, tagan an t-am
do'n Chríosdaidhe go nglaodhan Dia as an saoghal é, suas
chuige féin. Tagan am a bháis. Ní bhíon, tré ghrásta
Dé, sgáth ná eagla aige roimis an mbás. Tugan
Dia an neart san dó le linn a bháis fé mar a thug sé
gach neart eile dhó i gcaitheamh a shaoghail. Téighean sé
suas i láthair Dé, agus tugan Dia na glóire a
thuarasdal dó. Thug an duine sin a shaoghal go léir
'ghá iaraidh ar Dhia, i gcómhnuighe, i n-ainim an tSlán-
uightheóra, gach aon ghrásta ba mhó a bhí i n-easnamh air
do thabhairt dó. Do tugadh dó iad. Tá a thoradh san
anois aige. Tá áthas air, agus tá an t-áthas iomlán.
Isé an t-áthas é a thugan aoibhneas síoruidhe na bhflathas
do dhuine.



Tá daoine eile sa tsaoghal agus nuair a thagan buairt
mhór, nó trioblóid mhór, nó umárd mór ortha, is amhlaidh
a thagan dúire, nó doircheacht aigne, ortha, i dtreó ná
cuimhnighid siad i n-aon chor ar Dhia. Tagan mairbhitighe
ar a gcroídhe, lag-spioraidighe éigin, agus is amhlaidh
a luighid siad ar an dtalamh fé'n ualach. Bíon a gcroídhe
briste brúighte, agus ní fhanan preab ná spionadh ionta.
Cromaid siad a gceann agus sgaoilid siad a srian
féin leis an mbuairt. Ní chuimhnighid siad i n-aon


L. 231


chor ar Dhia ná ar ghuidhe chun Dé ná ar aon rud a
dh'iaraidh ar Dhia. Bíd siad díreach sa chás 'n-a raibh
na deisgiobuil nuair a chas an Slánuightheóir leó ná
raibh aon nídh acu 'á iaraidh ar an Athair Síoruidhe i n'ainim
féin. Mura ndeinid Críosdaidhthe de'n sórd san
cuimhneamh ar Dhia is baoghalach go ndeinid siad rud
nách é. Is baoghalach go gcuimhnighid siad ar shlígh eile
chun an teinnis aigne do mhaolughadh. Cuimhnighid siad
ar an mbraon díghe. Luighid siad ar ól. Cuirid siad
iad féin ar meisge. An fhaid a leanan an mheisge
ortha ní chuimhnighid siad ar an mbuairt. Nuair a bhíon
an mheisge sin imthighthe bíon an sgéal dhá uair níos
measa acu. Músglan nimh na buartha níos géire 'ná
riamh, agus cuirean dólás an mheisge atá curtha dhíobh acu
tuille faobhair ar a mbuairt, tuille meaghchaint sa
bhrón atá ar a gcroídhe. Má ba dheacair an bhuairt a
dh'fhulang ar dtúis, is dá dheacra an bhuairt agus an brón
a dh'fhulang anois. Siúd chun an óil airís iad. Siúd
chun an óil iad airís agus airís eile. I ndiaigh ar
ndiaigh beirean béas an óil greim ortha, greim
ar chroídhe agus ar aigne agus ar intinn ortha. As san
amach is cuma leó cad a dheinean buairt ná trioblóid,
gnó ná cúram, Dia ná duine, ansaoghal so ná an saoghal
eile, aoibhneas na bhflathas ná teinte ifrinn. Ní mhothuighid
siad aon rud. Cuirid siad an chuid eile d'á saoghal
díobh idir bheith 'n-a gcodladh agus 'n-a ndúiseacht. Ní
ró fhada a théighean leó. Loisgean an t-ól préamh na
beatha agus na sláinte istigh ionta. Tagan an bás
ortha abhfad sar a mbíon a saoghal nádúrtha caithte
acu. Ní féidir dóibh fanamhaint a thuille ar an saoghal
so. Caithfid siad, pé olc maith leó é, aghaidh a thabhairt
ar an síoruidheacht. An suas a raghaid siad? Conus
is féidir dóibh dul suas? Ó, a Chríosdaidhthe, is cruaidh


L. 232


an cás é! Ní féidir dóibh dul suas. Do dhúnadar
féin an uile dhorus ortha féin. Ní h-é Dia do dhún na
dóirse ná na bóithre suas ortha. Iad féin a dhún iad.
Ní h-é Dia do chuir a saoghal i ngioracht. Thabharfadh
Dia a saoghal nádúrtha dhóibh dá leigidís dó é. Cá
bh'fhios dúinne ná d'aoinne eile cad iad na grásta a
thug Dia dhóibh i gcaitheamh a saoghal, a d'iaraidh iad a
dh'iompáil ar a leas, agus ná déanfaidís rud air!
Tá fhios againn go maith nár leig Dia uaidh iad gan a
ghrásta thabhairt dóibh go flúirseach chun iad a choimeád.
D'imthigheadar uaidh, ach is i n-aimhdheóin na ngrást a
dh'imthigheadar uaidh. Ní raibh aoinne chun iad do bhreith
suas go h-aoibhneas na bhflathas ach Dia. Bhéarfadh Dia
leis suas iad dá mba mhaith leó dul leis. Ní raghaidís
leis. Conus is féidir dóibh dul suas anois? Ní féidir
dóibh dul suas anois. Síos a chaithfid siad dul. Síos,
i gcóir na síoruidheachta!



Cuimhnigh air, a Chríosdaidhe. Cuimhnigh i n-am air.



"Go dtí so níor iarabhair aon nídh ar an Athair am
ainim-se. Iaraidh agus gheobhaidh sibh, ionus go mbéadh
bhúr n-áthas iomlán."



Ansan dúbhairt sé focal eile atá níos doimhne 'ná
an focal san féin. "Ní'lim 'ghá rádh," ar seisean, "go
nguidhfead an t-Athair ar bhúr son; mar tá grádh ag
an Athair daoibh-se toisg grádh bheith agaibh-se dhómh-sa,
agus gur chreideabhair gur ó Dhia do ghluaiseas."



Thug an Slánuightheóir le tuisgint dóibh, sa chaint
sin, go raibh an grádh a bhí ag Dia dhóibh chómh mór san
nár ghádh dhó féin bheith ag guidhe chun Dé ortha. Ní féidir
do'n duine an grádh atá ag Dia na glóire dhúinn do
thómhas le tuisgint daona. Tá an grádh atá ag Dia
dhúinn os cionn ár dtuisgiona. Ach, bíodh nách féidir
dúinn é thómhas le n-ár dtuisgint, ná aon ghrádh eile


L. 233


do chur i gcomparáid leis ná do thabhairt mar sholuíd
air, tugan focal an tSlánuightheóra machtnamh éigin
duinn ar mhéid an ghrádha san. Deir an Slánuightheóir
linn, an grádh atá ag an Athair Síoruidhe dhúinn, go
bhfuil sé chómh mór san nách gádh do'n tSlanuightheóir
féin a ghuidhe do chur chun an Athar ar ár son. Ní féidir
duinndul a thuille ar an sgéal. Taisbeánan an méid
sin méid na fírinne atá sa bhfocal adúbhart ó chianaibh
nách baoghal go leigfidh Dia na glóire uaidh sinn mura
gcuirimíd féin fhiachaibh air sgaramhaint linn. Thug
sé saor thoil dúinn. Chuir sé ar ár gcumas teacht chuige
nó imtheacht uaidh. Tá a ghrásta aige 'á thabhairt dúinn
coitchianta chun sinn a mhealladh chuige. Géillimís dos
na grásta san agus ní'l baoghal orainn.



Thug an Slánuightheóir cúis leis an bhfocal a dúbhairt
sé. Tá an grádh san ag an Athair Síoruidhe dhaoibh-se,
ar seisean, toisg grádh bheith agaibh-se dhómh-sa agus
go gcreidean sibh gur ó Dhia do ghluaiseas amach.



Sin dá chúis atá le grádh an Athar Síoruidhe dhúinn,
grádh bheith againne do'n tSlánuightheóir, agus sinn
'ghá chreideamhaint gur b' é Mac Dé é.



Seadh, a phobul, sin cuid des na neithibh a chuirean an
Soisgéal san ar ár súilibh dúinn. Is ceart dúinn bheith
coitchianta ag cur ár nguidhe suas chun Dé. Is ceart
dúinn ár dtoil do chur le toil Dé, agus trioblóidí
na beatha so d'fhulang le grádh do Dhia, i n-inead bheith
ag cur n-a gcoinnibh agus ag stalcuigheal i gcoinnibh
toile Dé mar gheall ortha. Ansan, ó tá an grádh mór
go léir sin ag an Athair Síoruidhe dhúinne, ba cheart
dúinn bheith coitchianta 'ghá iaraidh air ár gcroídhe do
spriocadh le n-a ghrásta, i dtreó go dtabharfaimís
grádh dhó ag freagairt d'á ghrádh dhúinn, agus i dtreó
go mbéadh an creideamh beó bríoghmhar istigh i n-ár


L. 234


gcroídhe do shíor; i dtreó go mbéadh grádh mar is cóir
againn do'n Aon Mhac, ár Slánuightheóir Íosa Críosd,
agus grádh againn d'ár gcómharsain mar sinn féin;
agus ansan, go dtabharfadh Dia bás naomhtha dhúinn agus
saor-bhreitheamhantas, agus go mbéadh ár n-áthas
iomlán.



Go dtugaidh an t-Athair Síoruidhe, tré impidhe na
Maighdine Muire, máthair Dé, an t-áthas iomlán san
dúinn. Amen.



XXXII.



DARDAOIN DEASGABHÁLA.



Léightear an Soisgéal. (Marcus 16.)



Chímíd ó'n Soisgéal san, a phobul, gur dhein an
Slánuightheóir raint neithe áirighthe i dtaobh a dheis-
giobul an uair dhéanach a thaisbeáin sé é féin dóibh,
díreach sar ar imthigh sé uatha suas ar neamh, díreach
sar ar gabhadh é ar deas-láimh an Athar Síoruidhe.



Isé céad rud a dhein sé 'ná a n-easba creidimh do
chasadh i n'asachán leis an gcuid acu ná creidfeadh go
raibh sé eirighthe ó'n mbás go dtí go bhfeacadar féin é.
Taisbeánan an t-asachán san dúinn go raibh sé ana
dheacair a chur fhiachaibh ar a lán acu an sgéal do
ghlacadh gan radharc a súl féin a bheith mar urúdhas leis
an bhfírinne. Taisbeánan sé dhúinn, leis, ná fuil
brígh ná éifeacht le caint lucht díthchreidimh, i ndúthaíbh
eile. Déarfaidís leat ná creidfidís an nídh seo nó
an nídh úd, sa chreideamh, mura bhfeicfidís le n-a
súilibh cinn féin é. Agus ansan do chreidfidís fiche


L. 235


rud a bhéadh níos iongantaighe go mór 'ná aon nídh sa
chreideamh, agus gan aoine 'ghá iaraidh ortha, agus gan
radharc a súl ná éisteacht a gcluas acu mar urúdhas
ar fhírinne ná ar éitheach ann. Ní h-i n-Éirinn atá puinn
de'n tsórd san daoine le fághail. Nó má táid siad
le fághail i n- Éirinn anois, is le déanaighe atáid siad
le fághail ann. Chonaic na Iúdaigh agus na deisgiobuil,
i n-aonfheacht, na mírbhuiltí a bhí ag an Slánuightheóir
'á dhéanamh. Chonacadar go soiléir nár bh'fhéidir d'aon
duine na mírbhuiltí sin a dhéanamh mura mbéadh
cómhacht Dé aige. D'airigheadar é féin, airís agus airís
eile, 'ghá rádh go raibh cómhacht Dé aige, agus ag tabhairt
na mírbuiltí dhóibh mar chómartha air go raibh. Nuair
adúbhairt sé leis an bhfear a bhí gan lúth, "Táid do
pheacaí maithte dhuit," do léimeadar na Iúdaigh agus
dúbhradar, "Cad í seo mar chaint! Cé fhéadfadh
peachaí mhaitheamh ach Dia!" D'fhreagair sé iad, "Cé 'cu
is usa a rádh, "Táid do pheacaí maithte dhuit," nó a rádh
leis an bhfear san eirighe as san agus siúbhal? Anois,
chun a thaisbeáint daoibh go bhfuil chómacht agam chun
peacaí mhaitheamh: Eirigh-se as san, (ar seisean leis an
bhfear) agus siúbhluigh." Agus d'eirigh an duine láithreach
agus shiúbhluigh sé. Chonacadar na mírbhuiltí móra
a bhí aige 'á dhéanamh coitchianta ar an gcuma san i
gcaitheamh na dtrí mbliadhan ó thusnuigh sé ar a obair
phoibilidhe. Bhí fhios acu go maith go raibh cómhacht Dé
aige. B'olc uatha, d'á bhrígh sin, gan a chreideamhaint
láithreach go raibh sé eirighthe ó'n mbás, chómh luath agus
do h-innseadh dóibh é. Ba mhó go mór d'iongnadh é
dh'fhághail bháis i n-aon chor, agus cómhacht Dé aige mar
a bhí,'ná é dh'eirighe ó'n mbás. Mura mbéadh corp agus
anam a bheith aige, mar atá againne, níor bh'fhéidir dó
bás a dh'fhághail i n-aon chor. Do thóg sé an corp agus


L. 236


an t-anam, mar atá againne, i dtreó go bhféadfadh sé
bás a dh'fhulang agus an chine daona do shaoradh le n-a
bhás ó pheacadh an tsínsir. Nuair a bhí sé ag dul chun
báis ar chrann na croise do leig sé d'á chorp agus d'á
anam sgaramhaint le n-a chéile, fé mar a sgaran
corp agus anam aon duine le n-a chéile nuair a gheibhean
an duine bás. Cad é an bac a bhí ar Mhac Dé a chorp
féin agus a anam féin a thabhairt d'á chéile airís aon
tráth 'n-ar mhaith leis é? Thug sé chun a chéile airís iad
ar maidin Domhnaigh Chásga agus d'eirigh sé as an
uaigh. Ansan, nuair a tháinig lá na Deasgabhála do rug
sé a Chorp agus a Anam leis suas ar neamh agus do
shuidh sé ar deas-láimh an Athar Síoruidhe, agus tá a
chuid fola agus feóla, a anam agus a dhiadhacht, aige
'á thabhairt dos na Críosdaidhthibh riamh ó shin, i Naomh-
Shácraimint na h-Altórach. Sgéal réidh, rianta, soiléir,
iseadh an sgéal ó thúis go deire. Ní h-aon iongnadh i
n-aon chor gur chas an Slánuightheóir i n'asachán é leis
an muintir nár chreid, chómh luath agus do h-innseadh
dóibh é, go raibh sé eirighthe ó'n mbás. Tá an t-asachán
céadna le casadh, riamh ó shin, leis an gcuid de'n chine
daona ná creidfeadh i n-Aiseirighe ár Slánuightheóra,
tar éis ar deineadh de chraobhsgaoileadh air le naoi
gcéad déag bliadhan, le teagasg, agus le mírbhuiltíbh,
agus le bás na bhfíoraon a dh'fhuiling bás ní ba thúisge
'ná mar a shéanfaidís é. Casfar an t-asachán san
leó go dian nuair a sheasóchaid siad i láthair an tSlán-
uightheóra, i láthair an Bhreithimh, a thiocfaidh chun breitheamhan-
tais a thabhairt ar bheóibh agus ar mharbhaibh. "An t-é
a chreidfidh agus a bheidh baistithe, saorfar é. An t-é
ná creidfidh, daorfar é." Siné an focal a dúbhairt
an Slánuightheóir leis na deisgiobuil nuair a chas sé
an t-asachán leó. Fíorfar an focal san i dtaobh na


L. 237


cine daona go léir, agus casfar an t-asachán céadna
leis an muintir ná creidfidh.



D'fhéadfadh breitheamh daona duine dhaoradh sa
n-éagcóir, agus duine chrochadh gan an duine beith
ciontach. Ní féidir do'n tSlánuightheóir, moladh go
deó leis, éagcóir de'n tsórd san a dhéanamh. D'á
bhrígh sin, sar a ndúbhairt sé an focal i dtaobh daoradh
agus saoradh agus i dtaobh an chreidimh, dúbhairt sé
leis na deisgiobuil imtheacht ar fuid an domhain agus
fírinní an chreidimh do chraobhsgaoileadh do'n uile
shaghas daoine. Ansan, i dtreó ná béadh aon leath-
sgéal ag aoinne, do gheall sé buadhtha móra do'n mhuintir
a chreidfeadh; go láimhseálfaidís aithreacha nimhe gan
dochar dóibh féin; go n-ólfaidís nimh agus ná déanfadh
sé aon díobháil dóibh; go gcuirfidís a lámha ar dhaoine
breóite agus go gcasfadh a sláinte ortha. Ansan do
tógadh suas as a radharc é agus tá sé 'n-a shuidhe ar
deas-láimh Dé.



Anois, a phobul, cad 'tá againne le rádh, i n-ár dtaobh
féin, chómh fada agus a théighean bunús agus brígh na
cainte atá sa tSoisgéal san? "An t-é a chreidfidh
agus a baistfear, saorfar é. An t-é, ámhthach, ná
creidfidh, daorfar é."



Ní gádh dhúinn trácht ar an mbaisteadh. Do dhein an
Eaglais an méid sin dúinn chómh luath agus thánamair
ar an saoghal. Dhein an Eaglais, leis, dúinn an craobh-
sgaoileadh a dh'órduigh an Slánuightheóir a dhéanamh.
Do chuir sí fhiachaibh orainn teacht anso chun tíghe Dé
chun an Teagasg Críosdaidhe a dh'fhógluim, agus do
múineadh dúinn é. Do tugadh fios aitheanta ár
gcreidimh dúinn go cruinn agus go h-iomlán agus go
fóirlíonta. Níor fágadh aon easnamh ar ár n-eólus.
Ní raibh aon ghádh ag aon duine againn le Soisgéal an


L. 238


lae seo d'aireachtaint anois chun a fhios a bheith aige
gur eirigh ár Slánuightheóir an treas lá ó mharbhaibh,
agus gur chuaidh sé suas ar neamh, agus go bhfuil sé
'n-a shuidhe ar deas-láimh Dé, agus go dtiocfaidh sé as
san chun breitheamhantais a thabhairt ar bheóibh agus ar
mharbhaibh. Tá an t-eólus san go léir againn de ghlan
mheabhair ó thusach ár n-óige. B'fhéidir gur b' amhlaidh
atá an t-eólus ró ghlan againn agus an iomad taithighe
againn air, i dtreó ná cuirimíd oiread suime ann
agus ba cheart dúinn a chur ann. Ansan, cad mar
gheall ar an bhfocailín eile úd, "An t-é ná creidfidh
daorfar é"?



"Ó," a déarfaidh duine, b'fhéidir, "tá an puinte
sin socair go leór. Creidim gach aon rud a mhúinean
an Eaglais. Pé rud a bheidh agam le freagairt, ní bheidh
aon nídh agam le freagairt sa méid sin."



Seachain! B'fhéidir go mb'fhearra dhuit gan codladh
ar an gcluais sin. An t-é a chreidean rud, deinean
sé beart do réir mar a chreidean sé. An fear a
chreidean go bhfuil namhaid ag faire air chun a mhar-
bhuighthe, beidh sé coitchianta ag faire ar an namhaid sin
a d'iaraidh é sheachaint. Má chím an fear san, agus gan
aon arm cosanta aige, ag dul sa n-áit 'n-a bhfuil an
namhaid sin, cad 'tá le rádh agam? Tá fhios ag an
saoghal go bhfuil an fear as a mheabhair, nó, murab é
sin é, ná creidean sé go bhfuil an namhaid i n-aon cor
ann. Isé an namhaid an peacadh. Do múineadh dúinn
fadó cad é an nídh peacadh: "Aon smuíneamh toil-
theamhail, briathar, nó gníomh, a déintear i n-aghaidh dlíghe
Dé." Chreideamair é sin an uair sin. Creidimíd anois é.
Conus is féidir dúinn a rádh go gcreidimíd anois é
má chomáinimíd linn ag déanamh an pheacaidh gan
blúire suime chur i ndlígh Dé? Ar ndó', tá fhios ag


L. 239


an saoghal gur b'é cúis go gcomáinimíd linn ar an
gcuma san ag déanamh an pheacaidh mar ná creidimíd
i gceart i ndlígh Dé. Agus siné focal an tSlán-
uightheóra againn leis: "An t-é ná creidfidh, daorfar
é." An gcreidimíd an focal san? "Ó," a déarfaidh
duine, b'fhéidir, "creidimíd, ar nóin! Cad 'n-a thaobh
ná creidfimís é? An focal a dúbhairt an Slán-
uightheóir féin! An t-é ná creidfeadh an focal san ní
chreidfeadh sé aon rud." Go díreach! An t-é ná
creidfeadh an focal san ní chreidfeadh sé aon rud. Ní
dóich liom-sa, ámhthach, go gcreidimíd-ne an focal san.
Agus cad é an chúis gur dóich liom ná creidimíd é?
Mar ba dhóich liom dá gcreidimís é go gcuirfeadh sé
eagal orainn. Comáinean duine leis i gcaitheamh a
shaoghail ag déanamh na bpeacaí, 'ghá ndéanamh le
smuíneamh, le briathar, le gníomh agus le faillighe.
Agus ní'l aon bhlúire eagla air! Conus is féidir a
rádh go gcreidean an fear san go bhfuil Dia ag feuchaint
air? Go gcaithfidh sé cúntas a thabhairt ins gach
smuíneamh; ins gach briathar; ins gach gníomh; ins
gach faillighe? Go dtabharfaidh an Slánuightheóir
breitheamhantas air? Agus go ndúbhairt an Slán-
uightheóir an focal, "An t-é ná creidfidh, daorfar é"?



B'fhéidir go bhfuil, a phobul, an creideamh istigh i
n-ár gcroídhe, ar chuma éigin, ach is baoghalach gur 'n-a
chodladh a bhíon sé go minic. Ní foláir a dh'admháil,
ámhthach, go bhfuil Críosdaidhthe i n-ár measg agus ná
bíon codladh ná suan ná míogarnach ar a gcreideamh
choídhche. D'á chómhartha san féin, ní feictear choídhche iad
ach ag faire ortha féin, i láthair Dé, le h-eagla go ndéan-
faidís aon nídh do chuirfeadh fearg ar Dhia. Má
chuirean an namhaid droch smuíneamh 'n-a n-aigne, is
tapaidh a thógfaid siad a gcroídhe suas chun Dé agus


L. 240


a dh'iarfaid siad ar Dhia, tré impidhe na Maighdine
Muire, an smuíneamh san a dhíbirt. Má airighid siad
an droch fhocal ar siúbhal, beidh focal láithreach idir iad
féin agus Dia, cogar acu d'á dhéanamh le Dia a gan
fhios do'n tsaoghal. Siné an cogar a thaithnean le Dia,
agus ní baoghal ná go bhfreagaróchaidh sé an cogar,
go ceannsa agus go cneasta agus go grádhmhar. Má
spriocan an namhaid iad chun aon droch ghnímh a dhéanamh,
nó má ráinighean, tré nádúr chlaon an duine, go
sleamhnóchaidís beagán ó'n mbóthar ndíreach, is tapaidh
a bheid siad ag cathaoir na faoisdine, go h-úmhal agus
go h-aithrigheach; 'ghá iaraidh ar Dhia, tríd an gcómhacht
a thug an Slánuightheóir d'á Eaglais, toradh páise an
tSlánuightheóra do dhul chun sochair dóibh sa n-asbolóid.
Tá neart an chreidimh ar lasadh ins gach aon chor d'á
gcuirean Críosdaidhthe de'n tsórd san díobh ó mhaidin
go h-oídhche, ó Luan go Satharn, ó thusach saoghail dóibh
go dtí go dtagan an bás ortha. Ní misde dhóibh sin aghaidh
a thabhairt ar an mBreitheamh, atá 'n-a shuidhe ar deas-
láimh Dé, agus do thiocfaidh chun breitheamhantais a
thabhairt ar bheóibh agus ar mharbhaibh. Ní gádh dhóibh sin
aon eagla bheith acu roimis an mBreitheamh; bíodh gur
mó an t-eagla a bhíon ortha, uaireanta, 'ná mar a bhíon
ar an muintir gur ceart dóibh eagla bheith ortha.



Tá, buidheachas mór le Dia, a lán de'n tsórd san
i n-ár measg. Agus is minic a chuirean Dia na glóire
an rath ar an bpobul n-a mbíon Críosdaidhthe maithe
de'n tsórd san ann. Bíon daoine sa phobul ná
cuimhnighean i n-aon chor ar Dhia, b'fhéidir, nó ná
cuimhnighean ach go h-anamh air, agus is beag d'á fhios
a bhíon acu cad iad na tionóisgí a chuirean Dia i leith-
taoibh uatha, nó cad iad na taomana breóiteachta a
choimeádan sé uatha, nó cad é an rathamhnachas saoghalta


L. 241


a bhronnan sé ortha go minic, gan aon chúis ach mar
gheall ar iad a bheith i n-aon phobul le Críosdaidhthibh
fóghanta, mar a dúbhart. Nuair a bhí cathair Soduim
le losgadh mar gheall ar na droch pheacaí a bhíodh ag na
daoine 'á dhéanamh ann, do chrom Ábraham ar an gcás
do phléidh i láthair Dé ar son na catharach. Dúbhairt sé
gur mhór an truagh an chathair do losgadh agus na
daoine fóghanta do mharbhughadh i dteannta na ndroch
dhaoine. Dúbhairt Dia leis ná loisgfí an chathair dá
mbéadh daoine fóghanta le fághail inti. Ansan d'úmhluigh
Ábraham é féin agus d'iar sé ar Dhia gan an chathair
do losgadh dá mbéadh aon chaoghad amháin de dhaoinibh
fóghanta le fághail inti. Dúbhairt Dia leis ná loisgfí
an chathair dá mbéadh an caoghad inti. Ansan d'iar
Ábraham gan an chathair do losgadh dá mbéadh cúigear
agus dachad de dhaoinibh fóghanta le fághail inti.
Dúbhradh leis ná loisgfí. Do lean sé ag guidhe ar son
na catharach go dtí go ndúbhairt Dia leis ná loisgfí an
chathair dá mbéadh aon deichniúbhar amháin de dhaoinibh
fóghanta le fághail inti. Ní raibh an deichniúbhar le
fághail, agus do loisgeadh an chathair.



Is beag d'á chuimhneamh a bhí ag muintir na catharach
san an lá san go raibh Ábraham ag guidhe chómh cruaidh
sin chun Dé ar a son. Ba chuma leo cé 'cu. Ach pé'cu
ba chuma leó é nó nár chuma do raghaidís saor dá
mbéadh an deichniúbhar fóghanta le fághail sa chathair.
Má bhí san fíor i dtaobh na catharach úd a bhí chómh
damanta le droch ghníomhartha, nách léir d'aoinne go
bhfuil sé fíor i dtaobh pobuil ná bíon puinn daoine ann
a bhíon ró ólc ar fad, agus go mbíon a lán daoine ann
a bhíon go h-ana mhaith agus go h-ana Chríosdamhail?



Ní dóich liom gur gádh d'aoinne aon phioc d'á mhear-
bhall a bheith air ná go dtagan mórán maitheasa chúghainn
go léir, i dtaobh anama agus chuirp, ó cheann ceann


L. 242


de'n bhliadhain, mar gheall ar Chríosdaidhthe fóghanta
bheith i n-aon phobul linn. Bronnan Dia mórán tabhar-
thaistí ar dhaoine, i n-a lán slíghte, ach dhéanfainn
dánaidheacht ar an méid seo do rádh. Nár bhronn Dia
riamh ar Chríosdaidhe tabharthas ab fhearr 'ná é chur i
gcómhluadar le Críosdaidhthibh fóghanta, le Críosdaidhthibh
go bhfuil creideamh agus dóchas agus grádh do Dhia
istigh 'n-a gcroídhe, agus do thugan le feisgint coit-
chianta 'n-a mbeatha agus 'n-a mbéasaibh go bhfuil.



Ní'l aon phobul i n-Éirinn ná go bhfuil Críosdaidhthe
de'n tsórd san le fághail ann. Is ceart do'n phobul
n-a bhfuil a leithéidí le feisgint buidheachas a ghabháil
le Dia do chuir ann iad, uraim a thaisbeáint dóibh i
gcómhnuighe, agus an deagh-shampla a thugaid siad uatha
do ghlacadh go fonnmhar. Deinean an mac mallachtain
úsáid de dhroch dhaoinibh chun na gCríosdaidhthe chur ar
aimhleas a n-anama le droch shampla. Deinean Dia
úsáid de dhaoinibh fóghanta chun na gCríosdaidhthe do
chur ar leas a n-anama. Chuige sin iseadh chuirean sé
daoine fóghanta, anso agus ansúd, ameasg gach pobuil.
Is ceart dúinn an droch shampla do sheachaint agus an
deagh-shampla do leanamhaint. Neart an chreidimh,
istigh 'n-a gcroídhe, iseadh chuirean fhiachaibh ar na daoine
fóghanta, diadha, an deagh-shampla san a thabhairt dúinn.
Má ghlacaimíd an deagh-shampla, agus má dheinimíd
aithris air agus beart d'á réir, dúiseóchaidh sé an
creideamh atá 'n-a chodladh, b'fhéidir, istigh i n-ár
gcroídhe féin. Ansan, ní h-é ainim an chreidimh amháin
a bheidh orainn, ach beidh oibreacha an chreidimh, leis, le
taisbeáint againn, agus, le congnamh Dé, ní baoghal
dúinn an focal sgannramhail úd, "An t-é ná creidfidh,
daorfar é."



Go saoraidh Dia agus Muire Mháthair sinn ar an
bhfocal sgannramhail sin. Amen.



Críoch ar leabhar a h-aon.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services