Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha 1,3,4,5,6,7
Title
Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha 1,3,4,5,6,7
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Composition Date
1922
Publisher
Brún & Ó Nóláin, Teor.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SGÉALAIDHEACHTA AS AN MBÍOBLA NAOMHTHA. I. CRUTHNÚ AN DUINE. “Cé dhein an domhan?” “Dia.” Dhein Dia an domhan as neamhnídh. Le neart uile-chomhachtach a thoile do dhein Dia gach nídh as neamhnídh. Níor bh'fhéidir d'aon neart ach do neart gan teóra nídh do dhéanamh as neamhnídh. Do dhein Dia neamh agus talamh as neamhnídh, agus do raghadh neamh agus talamh ar neamhnídh airís mara mbeadh toil Dé bheith 'ghá gcimeád gan dul ar neamhnídh. Do chruthnuigh Dia an duine, agus thug sé do'n duine nídh nár thug sé d'aon nídh eile d'ár chruthnuigh sé ar an saoghal so. Thug Dia saor thoil do'n duine, agus níor thug sé saor thoil d'aon nídh eile d'ár chruthnuigh sé ar an saoghal so. Ansan d'órduigh sé do'n duine bheith umhal dó le saor thoil. Thug Dia do'n duine aithne áirithe le cimeád. Dubhairt sé leis go raibh cead aige torthaí na gcrann go léir a bhí sa gháirdín a dh'ithe ach amháin toradh aon chrainn amháin, agus go raibh Dia 'ghá cheangal air staonadh ó thoradh an chrainn sin. Agus thug Dia le tuisgint dó, dá mbriseadh sé an aithne sin go gcaithfadh sé bás d'fhághail. Ar an gcuma san do fágadh ar chumas toile an duine gabháil i gcoinnibh toile Dé. Níor fágadh ar chumas aon ruda eile ar an saoghal so gabháil i gcoinnibh toile Dé ach amháin ar chumas toile an duine. Nuair a dhein Dia nídh as neamhnídh, do dhein sé obair ná féadfadh aon chómhacht a dhéanamh ach cómhacht gan teóra.
Ansan, nuair a dhein sé beó as neambeó do dhein sé obair a bhí gan teóra, i gcéill níb' aoirde 'ná mar a bhí an céad obair. Ach nuair a chruthnuigh Dia an duine dhein sé obair a bhí gan teóra i gcéill níbh' aoirde 'na mar a bhí na h-oibreacha eile go léir. Thug sé do'n duine tuisgint agus saor thoil, agus ansan bhí an duine cosmhail le Dia féin. Dia eile, ar shlighe, ab eadh an duine nuair a bhí tuisgint agus saor thoil aige. Bhí ar a chumas a thoil do chur le toil Dé nú a thoil do chur i gcoinnibh toile Dé, fé mar ba rogha leis féin. Ansan do tugadh dó an aithne. Bhí an fear agus an bhean i n-aoibhneas agus dá gcimeádaidís an aithne a thug Dia dhóibh le cimeád bheidís féin agus a sliocht sa n-aoibh- neas san an fhaid a fágfí ar an saoghal so iad, agus nuair a thiocfadh an t-am do tógfí suas iad gan bás d'fhulag, ó'n aoibhneas a bhí acu ar an saoghal so go h-aoibhneas síoruidhe na bhflathas. Ach d'innis Dia dhóibh dá mbrisfidís an aithne go dtiocfadh bás ortha. Thug Dia a rogha dhóibh, an aithne do chimeád agus aoibhneas a bheith acu féin agus ag á sliocht, ar an saoghal so agus ar an saoghal eile, nú an aithne do bhrise, le n-a saor thoil féin, agus bás do theacht ortha féin agus ar a sliocht. Tháinig an namhaid, an annsprid, namhaid Dé agus namhaid an duine. Do mheall sé an bheirt. Do mheall sé an bhean ar dtúis, agus ansan do mheall sé an fear tré bhíthinn na mná. Ach bíodh gur mheall sé iad, níor bhain sé dhíobh an tuisgint agus an saor thoil a bhí tabhartha ag Dia dhóibh. Do bhriseadar an aithne. D'itheadar “ubhall na h-aithne,” toradh an chrainn go ndubhairt Dia leó gan é dh'ithe, agus an lá a dh'íosfaidís é go bhfaighdís bás go deimhnightheach. Dheineadar an gníomh le n-a saor thoil féin. Bhí a rogha acu, a dtoil do chur le toil Dé nú a dtoil do chur i gcoinnibh toile Dé. Ghlacadar mar rogha gabháil i gcoinnibh toile Dé agus rud a dhéanamh ar an namhaid.
Siné díreach an rud a dheinean gach duine d'á sliocht riamh ó shin nuair a dheinean sé an peaca. Cuirean sé a thoil i gcoinnibh toile Dé agus aontuighean sé leis an namhaid, agus tarraigean sé anuas air féin an bás, bás an anama, .i. an peaca. II. GÁIRDÍN PARATHAIS. Nuair a bhí ár gcéad athair agus ár gcéad mháthar i nGáirdín Parathais agus an t-aoibhneas acu, sar ar dheineadar an peaca, do thagadh Dia chun cainnte leó. Bhíodh fáilte acu roimis agus bhíodh áthas ortha nuair a thagadh sé ag triall ortha. Nuair a bhí an peaca déanta acu tháinig Dia ag triall ortha, ach ní raibh aon fháilte acu roimis. Bhí eagla acu roimis, agus chuadar i bhfolach. Riamh ó shin, nuair a dheinean duine dh'á sliocht peaca, deinean sé an rud céadna. Tugan sé iaracht ar dhul i bhfolach. Imthighean sé, chómh tapaidh agus is féidir é, agus sádhan sé é féin isteach i n-obair éigin nú i gcómh- luadar éigin a chimeádfidh é ó chuimhneamh ar Dhia. Do ghlaoidh Dia ar Adam agus b'éigean dó freagairt. Dubhairt sé gur bh'é cúis n-a ndeigh sé i bhfolach mar go raibh eagal air, toisg é bheith nochtaithe. Gan amhras do bhí sé nochtaithe i gceart an uair sin, mar bhí grásta Dé imthighthe uaidh. Grásta Dé, an clúdach is breághtha agus is órnáidighe a dh'fhéadfadh bheith ar an nduine, bhí sé bainte dhe. Níor bh'iongna gur mhothuigh sé é féin nochtaithe agus go raibh náire air agus eagla. D'admhuigh sé gur dhein sé an peaca, ach dhein sé beart ana lag. Chuir sé an milleán ar an mnaoi. “An bhean a thugais-se dhom,” ar seisean, “thug sí dhom cuid de thoradh an chrainn, agus d'itheas é.” Chuir sé an milleán ar an mnaoi, go spriúnlaithe, agus thug sé, go malluighthe, iaracht ar an milleán do
chur ar Dhia féin, moladh go deó leis! Ba bheag 'ná go ndubhairt sé: “Is tú féin fé ndear é, mar is tú féin a thug dom an bhean.” Is minic ó shin a dhein cuid d'á shliocht an rud céadna, nú rud de'n tsaghas chéadna. Sgaoilean duine srian le feirg. Tugan sé droch chainnt uaidh. Tugan sé masla. Tagan an easgaine agus an diamhasla as a bhéal go tiugh. Bíon sé ag cáthadh mhiona mór agus ag cáthadh dhiairmíní go dtí go gcrithean a gcuid fola ag an muinntir a bhíon ag éisteacht leis. Ansan má deir aoinne, “Faire fút! Is olc an béas atá agat! “Ní'l le rádh aige ach: “Cad é mo leigheas air! Nach shiné an meón a thug Dia dhom!” Díreach mar adubhairt an chéad duine úd, “An bhean a thugais féin dom isí fé ndear é!” Níor bh'aon mhaith a thuille cainnte dhéanamh leis. D'iompuigh Dia chun na mná. “Cad 'n-a thaobh duit é dhéanamh?” ar seisean. “Do mheall an phiast mé,” ar sisi. D'innis sí an fhírinne. Ní raibh 'n-a cainnt, ámhthach, ach cuid de'n fhírinne. Bhí ciall agus tuisgint aici. Ní raibh aon sgamal ar a h-aigne. Nuair adubhairt an namhaid an bhréag léi ní raibh aon cheart aici an bhréag do chreideamhaint uaidh. Bhí focal Dé aici i gcoinnibh na bréige. D'éist sí leis an mbréig i gcoinnibh focail Dé, agus dhein sí an bheart a bhí ceangailte uirthi i láthair Dé gan a dhéanamh. Dhein sí an peaca ar a dtugtar peaca an tsínsir. Do chuir sí fhiachaint ar a fear an peaca céadna dhéanamh. Siné an tobar as ar eirigh gach olc d'á dtáinig riamh ar an gcine daona. Tabharthas uathbhásach ó Dhia do'n duine ab eadh saor thoil an duine. Olc uathbhásach ag an nduine dh'á dhéanamh ar Dhia ab eadh an tsaor thoil sin d'iompáil i gcoinnibh Dé. As an olc uathbhásach san iseadh d'fhás na h-uilc go léir atá tagaithe ar an nduine riamh ó shin. Dá bhfanadh toil an duine do réir toile Dé ní bheadh olc sa tsaoghal i n-aon
chor. Ní bheadh teinneas ná diachair, ocras ná tart, breóiteacht ná bás sa tsaoghal. Ní bheidís ar an nduine, agus ní bheidís ar aon rud eile beó ach chómh beag. Is do'n duine, mar thabharthas, a dhein Dia gach nídh eile d'ár dhein sé, idir bheó agus neambeó. Dhein Dia iad go léir ar mhaithe leis an nduine. Dhein Dia gan locht iad. D'fhanfidís gan locht dá bhfanadh an duine gan pheaca. Dhein an duine an t-olc mór nuair a dhein sé an peaca. Do leath toradh an uilc mhóir sin ar gach nídh d'ár chruthnuigh Dia do'n duine, agus do leath an t-olc mór féin ar an sliocht a bhí le teacht ó'n nduine, .i. ar an gcine daona go léir. Siné peaca an tsínsir. III. AN MHALLACHT AGUS AN GHEALLAMHAINT. Ba mhór é an t-olc san a dhein an duine, le n-a shaor thoil féin, nuair a dhein sé peaca an tsínsir. Ach dá mhéid é, bhí nídh le fághail a bhí níba mhó 'ná é. Do bhuaidh an t-olc san ar gach maith d'á raibh sa duine, ach níor fhéad sé buachtaint ar mhór-mhaitheas Dé. Do cheap an namhaid go raibh an gnó go léir, saothar na sé lá, loitithe aige nuair a bhí plúr na h-oibre, saor thoil an duine, loitithe aige. Níor bh'fhada, ámhthach, go bhfeacaidh an namhaid gur bh'air féin a bhí an t-olc déanta aige, agus gur bh'ar a chómhacht féin a bhí lot déanta aige. Do cuireadh ar an nduine an pionós a bhí tuillte aige. Do díbireadh a' Gáirdín Parathais an bheirt. Dubhradh leis an bhfear go gcaithfadh sé a bheatha do dhéanamh as allus a ghruadh; go raibh easgaine an droch ghnímh a bhí déanta aige tuitithe ar an dtalamh, agus gur deilgne agus sgeacha a gheóbhadh sé as an dtalamh mar thoradh ar an gcuid ba mhó d'á shaothar; agus go gcaithfadh sé, sa deire, bás d'fhághail, agus go ndéanfadh cré airís de, an chré as ar deineadh é.
Dubhradh leis an mnaoi go gcaithfadh sí bheith umhal d'á fear, agus go gcaithfadh sí mórán pionóis a dh'fhulag ag iompar clainne agus 'ghá dtabhairt ar an saoghal agus 'ghá dtógaint. Ansan dubhairt Dia an focal a thaisbeáin do'n namhaid gur bh'air féin a bhí an t-olc déanta aige, agus nách ar Dhia ná ar an nduine. Dubhairt Dia leis an bpéist: “Toisg gur dheinis-se an gníomh so tá mallacht ort thar gach nídh d'á bhfuil beó. Beidh tú ag gluaiseacht ar do bholg agus ag ithe an tsalachair go deó. Cuirfad-sa namhadas idir thú agus an bhean, agus idir do shliocht agus a sliocht. Brisfidh sisi do cheann-sa agus beidh tusa ag faire ar a sáil.” Salachar iseadh an peaca. Tháinig an annsprid “ag ithe an tsalachair” nuair a tháinig sé ag spriocadh na mná chun an pheaca dhéanamh. Chun an tsalachair sin a dh'ithe do chuaidh sé i riocht na péiste, ag gluaiseacht ar a bholg. Do dhaingnigh an mhallacht an dá nídh air, ithe an tsalachair agus riocht na péiste. Tá sé ag ithe an tsalachair riamh ó shin ag spriocadh na ndaoine chun an pheaca. Is salach agus is spriúnlaithe an gnó é, gnó a thagan isteach go maith le riocht na péiste. Nuair airigh sé an focal i dtaobh sleachta na mná, agus go dtiocfadh ar an sliocht san aon do bhrisfadh a chómhacht féin, bhí fhios aige gur bh'air féin a bhí an t-olc déanta aige, an t-olc a mheas sé a bhí déanta aige ar Dhia, agus ar an nduine do chruthnuigh Dia. Bhí eólus níb' fhearr aige ar an nídh sin nuair a tháinig an chéad Domhnach Cásga agus d'eirigh an Slánuightheóir ó'n mbás. Bhí bás tuillte ag Adam agus ag Ébha ach níor leogadh do'n bhás teacht ortha láithreach. Do tugadh ré aithrighe dhóibh. Do tugadh dóibh an ré aithrighe sin de bhíthinn an tSlánuightheóra a gealladh dóibh, agus a bhí le teacht. D'airighdar an gheallamhaint agus do thuigeadar í go maith. Do cuireadh amach as an aoibhneas iad, agus
b'éigean dóibh tosnú ar chruadhtan na beatha so d'fhulag. Chuireadar a dtoil le toil Dé, agus do ghabhadar le n-ais an cruadhtan agus d'fhuiligeadar é, mar bhí 'fhios acu go maithfí dhóibh an peaca a bhí déanta acu, mar go ndéanfadh an Slánuightheóir ceart Dé do shásamh ann, nídh ná raibh aon bhreith acu féin ar a dhéanamh. Chrom Adam ar an dtalamh do shaothrú agus ar a mbeatha do bhaint as, chómh maith agus dob' fhéidir é tar éis na h-easgaine a bhí tagaithe air. Tháinig an chlann. Do rugadh Cain. Ansan do rugadh Abel. Do lean Cain ar shaothrú an tailimh agus bhí Abel i n'aodhaire ar thréad caereach. Do thug an t-athair agus an mháthair eólus maith do'n bheirt ar Dhia, agus ar an aoibhneas a bhí acu féin ar dtúis; agus ansan, ar an gcuma 'n-ar chailleadar an t-aoibhneas, agus ar an ngeallamhaint a bhí tabhartha ag Dia dhóibh go dtiocfadh an Slánuightheóir. Do ghlacadar an t-eólus, ach ní mar a chéile do ghlacadar é, agus ní mar a chéile an toradh do bhaineadar as. IV. ABEL A'S CAIN. Do ghlac Abel an t-eólus go h-umhal agus do chimeád sé é féin ó pheaca agus bhí sé naomhtha, taithneamhach i láthair Dé. Do ghlac Cain an t-eólus ach is ar a mhalairt de chuma a ghlac sé é. Do ghlac sé é go dúr agus go stuacach agus go droch chroidheach, agus ní raibh sé taithneamhach i láthair Dé. Dheineadh gach fear acu ídhbirt chun Dé. Tá ceist sa Teagasg Críostaidhe againn. Sidí í: “Cad é an nídh ídhbirt?” Sidé an freagra atá ar an gceist sin: “Gníomh Dia d'adhradh, le n-a n-admhálaimíd cómhacht Dé go h-iomlán os ár gcionn agus ár spleádhchas féin go fórlíonta leis.”
Do mhúin Adam do'n bheirt, ó thosach, conus an gníomh san do dhéanamh agus do lean an bheirt 'ghá dhéanamh. Do ghluais an aimsir. Do thárla, lá, tar éis mórán aimsire, an bheirt a bheith ag déanamh na h-oibre sin. Bhí an ídhbirt ag Cain 'á dhéanamh, mar ba ghnáth leis .i. cuid de thoradh an tailimh aige dh'á ídhbirt chun Dé. Bhí Abel, leis, ag déanamh na h-ídhbirte. Bhí cuid de chéad gheinibh a threud aige dhá ídhbirt chun Dé. Thug Dia le tuisgint dóibh go raibh an ídhbirt a bhí ag Abel 'á dhéanamh taithneamhach 'n-a láthair agus go raibh ídhbirt Chain míthaithneamhach 'n-a láthair. Tháinig eud ar Chain. Bhí an mac mallachtain ag séide féi. Do labhair Dia leis mar seo: “Cad chuige dhuit fearg a bheith ort? Má dheinean tú an mhaith ná beidh a thoradh agat? Agus má 'sé an t-olc is maith leat a dhéanamh nách shiné an peaca sa dorus agat láithreach? Ach beidh a dhúil fé d' smacht, agus beidh cumas agat air.” Ní féidir do dhuine peaca dhéanamh ach le saor thoil. Pé séide dhéanfidh an annsprid fé dhuine, ná pé tathant a dhéanfidh a dhroch mhian féin air, ní féidir dó peaca dhéanamh ach le saor thoil. Má dheinid an annsprid agus an droch mhian aigne an duine do dhalladh i dtreó nách le saor thoil a dhéanfidh sé an gníomh, ní peaca an gníomh san i n-aon chor. An focal a labhair Dia le Cain do thaisbeáin sé dhó, pé buile euda a bhí air agus pé droch aigne a bhí istigh 'n-a chroidhe, nár bhaineadar ó shaoirse a thoile. Ba mhar a chéile an chainnt agus a rádh, “Cad chuige an fhearg? Ná tuigean do choinsias féin, má dheinean tú an mhaith go mbeir chómh taithneamhach am' láthair-se le h-Abel? Má thagan an droch smaoineamh at' aigne nách shin smacht agat air má's maith leat an smacht a dh'oibiriú? Agus más maith leat géille do'n droch smaoineamh nách shiné an peaca agat dhá dhéanamh láith- reach?”
Do thuig Cain an sgéal go léir. Bhí eud air agus bhí fearg air ach ní raibh aon sgamal ar a thuisgint. Do chuimhnigh sé ar an ndroch ghníomh agus do shocaruigh sé a aigne ar an ndroch ghníomh a dhéanamh i n-aimhdheoin na cainnte do labhair Dia leis. Do labhair sé le h-Abel. “Téidhmís amach,” ar seisean. D'imthighdar amach le cois a chéile. Nuair a bhíodar amuich sa pháirc d'iompuigh Cain ar a dhritháir agus do mhairbh sé é. Ansan do labhair Dia airís leis. Labhran a choinsias leis an bpeacach sar a ndeinean sé an peaca. Nuair a bhíon an peaca déanta labhran an coinsias airís. “Ca bhfuil do dhritháir?” arsa Dia le Cain. “Ní fheadar-sa san,” arsa Cain, “an cimeádaidhe ar mo dhritháir mise?” ar seisean. “Cad é seo atá déanta agat!” arsa Dia leis. “Tá fuil do dhrithár ag glaodhach as an gcré orm-sa. D'á bhrígh sin beidh tú fé mhallacht ar an dtalamh, mar gur osgail an talamh a bhéal agus gur ghlac sé fuil do dhrithár ód' láimh. Nuair a shaothróchair an talamh ní thabharfidh sé a thoradh dhuit. Beidh tú ad'fhánaidhe agus ruag ort ar an dtalamh.” V. NAOI. Níor dhein Cain aithrighe sa choir a bhí déanta aige. Níor iarr sé ar Dhia an gníomh a mhaitheamh dó. Is amhlaidh a dubhairt sé go raibh an peaca ró mhór agus nár bh'fhéidir é mhaitheamh. Ní raibh sa chainnt sin ach uabhar. Níor thoil leis é féin d'umhlú i láthair Dé agus an aithrighe dhéanamh. Bhí 'fhios aige go maith go bhféadfadh Dia an peaca do mhaitheamh dó, agus nár bh'é méid an pheaca a bhí ag cosg Dé ar é mhaitheamh ach uabhar agus droch aigne an peacaigh féin. Ní raibh aon chathú ná aon
dólás croidhe air mar gheall ar an ngníomh. Dhéanfadh sé an gníomh airís dá mbeadh Abel beó airís. Gan amhras níor bh'fhéidir an peaca do mhaitheamh an fhaid a bhí croidhe agus aigne an pheacaigh ar an staid sin. Chuir Dia cómhartha an mharbhuightheóra ar a éadan agus b'éigean dó féin agus dá shliocht imtheacht ó'n gcuid eile de shliocht Adaim agus comhnuighe dhéanamh sa dúthaigh a bhí soir ó'n áit n-a raibh Gáirdín Parathais. Do ghluais an aimsir. Do flúirsigheadh an dá shliocht go tiugh. Thug Dia d'Adam mac d'ár bh'ainim Set. Duine naomhtha ab eadh an mac san agus bhí a shliocht naomhtha. Nuair a mheuduigh an dá shliocht do tugtí clann Dé ar shliocht Set agus do tugtaí clann daoine ar shliocht Chain. Do mhair Adam naoi gcéad agus tríochad blian. Ansan do fuair sé bás. Do tugadh dó ré aithrighe a bhí fada go leór. Dhein sé úsáid mhaith de'n ré aithrighe, ach b'éigean dó, sa deire, bás a dh'fhulag mar gheall ar a pheaca. Do mhaireadh na daoine an uair sin ar feadh mórán céadta blian. Do mhaireadh cuid acu i ngiorreacht do mhíle blian. Toisg saoghal an duine bheith chómh fada agus na daoine do theacht ar an saoghal ana thiugh, bhí dhá phobul mhóra daoine ar an saoghal abhfad sar a bhfuair Adam bás. Chimeád an dá shliocht ó chéile ar feadh rainnt aimsire, sliocht Chain agus an tsliocht eile, clann an duine agus clann Dé, mar a tugtí ortha. Ansan, fé mar adeir an Bíobla, chonaic na fir a bhí ar chlainn Dé na mná óga a bhí ar an sliocht eile, go rabhadar ana bhreágh, agus do ghlacadar chucha, asta go léir, mná pósta dhóibh féin, do réir a dtoile. Ansan iseadh do ghluais an t-olc. Ansan do sgaoil na daoine go léir srian le n-a ndroch mhiantaibh go dtí gur “thruailligh gach feóil a slighe ar an saoghal” agus ná raibh aidhm ná cuimhneamh ag aoinne ar Dhia ná ar aithrighe, ach gach aoinne, óg agus aosta, ag tnúth agus
ag machtnamh ar conus a chuirfidís méid ar a n-olcas agus ar a malluightheacht, ar conus a thiocfidís ar gach gníomh ba mheasa 'ná a chéile do dhéanamh i gcoinnibh dlighe Dé, go dtí gur eirigh fearg Dé chómh h-árd san 'n-a gcoinnibh nár bh'fholáir iad do dhísgiú i n-aonfheacht le h-uisge na dílean. Bhí aon duine amháin ar an saoghal, ámhthach, agus bhí sé dílis do Dhia agus chimeád sé é féin glan ó'n salachar agus ó'n malluightheacht a bhí 'n-a thímpal sa tsaoghal. B'é duine é sin 'ná Naoi. Do labhair Dia leis an nduine sin agus dubhairt sé leis long a dhéanamh a chimeádfadh é féin agus a mhuinntir slán ó uisge na dílean, mar go raibh an díle le teacht ar an ndomhan mar gheall ar pheacaíbh na ndaoine. Níor bh'fholáir an long san a bheith mór a dóithin, ní h-amháin chun Naoi agus a mhuinntir do thabhairt slán, ach chun a lán des na h-ainmhidhthibh, leis, do thabhairt slán, i dtreó go bhféad- fadh a síolrach leathadh airís ar thalamh an domhain nuair a bheadh uisge na dílean imthighthe. An Airc a tugadh ar an loing sin. D'innis Dia do Naoi conus a dhéanfadh sé í, agus cad é an fhaid agus an leithead agus an aoirde bheadh inti. Bhí sí chómh mór san go raibh Naoi céad blian 'ghá déanamh. Chonaic na daoine an obair ar siubhal. Do h-innseadh dóibh cad chuige an obair; go raibh fearg Dé eirighthe chómh h-árd san mar gheall ar pheacaíbh na ndaoine nár bh'fholáir an domhan do bháth', agus go dtiocfadh an t-uisge nuair a bheadh an long déanta. VI. AN AIRC. Bhí na daoine ag feuchaint ar an obair agus bhí an obair ag dul ar aghaidh go mear. Chonacadar an long uathbhásach agus gan aon uisge 'n-a cómhgar. Bhí fhios
acu nár bh'fhéidir í bhreith ó'n áit n-a raibh sí ag triall ar aon fharaige, agus bhí fhios acu nár bh'fholáir an fharaige bheith doimhinn go maith nú ná féadfadh sí a leithéid de loing a dh'iompar i n-aon chor. Conus a béarfí chun na faraige í choidhche? Agus dá mbeadh sí i n-aice na faraige conus a béarfí fada amach a dóithin í chun na faraige bheith ábalta ar í dh'iompar? Níor bh'fhéidir d'árthach chómh mór snámh ach ar uisge bheadh ana dhoimhinn. Nuair a bhíodar cortha ó bheith ag cainnt ar an gcuma san do shocaruighdar 'n-a n-aigne gur bh' as a mheabhair a bhí Naoi. Ach chonacadar gur dhuine naomhtha é; gur staon sé go seasamhach ós na droch bheartaibh a bhí acu féin 'á dhéanamh gan sgáth gan náire gan sos. Níor bh'fhéidir leó a thuisgint cad 'n-a thaobh dó bheith ag brise a chroidhe ar a leithéid de chuma ag déanamh na loinge sin agus gan aon bhreith aige, dar leó, ar aon tairbhthe bhaint aiste choidhche. Bhí seisean coitchianta 'ghá innsint dóibh gur bh'é Dia a dh'órduigh dó an long a dhéanamh i dtreó ná báthfí é féin agus a mhuinntir nuair a thiocfadh an díle ar an ndomhan; mar go mbáthfí an domhan mar gheall ar pheacaíbh na ndaoine. Níor dheineadar d'á chainnt ach magadh. Ní gnáth le n-a leithéidí choidhche a dhéanamh de chainnt d'á sórd ach magadh. Foláramh uathbhásach dóibh ab eadh an chainnt, agus déanamh na loinge sin, ach níor chuireadar suim sa bhfoláramh. Bhí an obair, agus an chainnt, ar siubhal ar feadh céad blian. 'Sé sin le rádh, bhí an foláramh ar siubhal ar feadh céad blian. Dob' fhada an foláramh é. Níor fágadh ar a gcumas a rádh go dtánathas a gan fhios ortha. Do tugadh céad blian dóibh chun aithrighe. Níor dheineadar an aithrighe. B'fhearr leó bheith ag magadh fé'n obair agus fé'n bhfear a bhí ag déanamh na h-oibre, agus a bhí ag déanamh na cainnte, 'ghá innsint dóibh cad é an brígh a bhí leis an obair. Dar leó ba chirte dhó ciall a bheith aige agus pléisiúr an tsaoghail seo bheith aige an fhaid a bheadh sé ar an saoghal.
Do ghluais an aimsir. Bhí an bhliain deirineach de'n chéad blian geall le bheith caithte agus bhí an long mhór críochnuighthe. Iongna shaoghail ab eadh an long san le méid. Le leamhnú Dé do thosnuigh na h-ainmhidhthe ar theacht agus ar dhul isteach sa loing 'n-a gcúplaíbh, firean agus bainean, idir bheithidheachaibh agus éanlaithe. Grásta mór ó Dhia ab eadh an radharc san, leis, chun eagla do chur ar na daoine agus iad do spriocadh chun aithrighe dá mb' fhéidir é. Ach ní deirtear gur chuireadar suim sa radharc ná gur dheineadar aithrighe. B'fhéidir go raibh cuid acu do chuir, agus do dhein. Ní féidir d'aoinne a rádh ce'cu a bhí nú ná raibh. Níl a fhios san ach ag Dia amháin. Marar dheineadar aon aithrighe tá aon nídh amhain soiléir go leór. Ní féidir dóibh a rádh nár thug Dia na Glóire gach aon chaoi dhóibh ar aithrighe dhéanamh. Thug sé céad blian dóibh, agus an t-ullmhúchán go léir os cómhair a súl an uile lá de'n aimsir. VII. AN DÍLE. Nuair a bhí na h-ainmhidhthe istigh sa loing do chuaidh Naoi féin agus a mhuinntir isteach inti, agus do dhún Dia í ó'n dtaobh amuich. Ansan do thosnuigh an fhear- thainn. Do thuit an t-uisge anuas as an spéir 'n-a thuiltíbh uathbhásacha agus do bhris an t-uisge aníos as an dtalamh 'n-a thoibreachaibh móra garbha glasa. Do lean an brise aníos as an dtalamh agus an tuitim as an aer ar feadh dachad lá agus dachad oidhche. Ansan bhí an t-uisge eirighthe suas go h-árd os cionn na gcnoc ab aoirde, agus ní raibh aon rud beó ar druim na talmhan, duine ná beithidheach ná éan. Bhíodar go léir báithte. Ní raibh beó ar an saoghal ach Naoi agus a muinntir agus na h-ainmhidhthe a bhí 'n-a theannta
istigh sa n-airc. D'eirigh an airc fé mar a dh'eirigh an t-uisge agus do shnáimh sí ar barr uisge. Do lean an t-uisge ar an ndomhan ar feadh céad agus deich lá agus dachad. Tar éis na h-aimsire sin b'é toil Dé gur thráigh an t-uisge agus gur thriomuigh an talamh. Chómh luath agus bhí an talamh tirim a dhóithin tháinig Naoi agus a mhuinntir amach as an airc agus do leogadh amach na h-ainmhidhthe. Chuir Dia a bheannacht ortha go léir fé mar a dhein sé nuair a chruthnuigh sé an domhan, .i. rath agus iomadú. Chuir Dia rath agus beannacht, leis, ar Naoi agus ar a chlainn, agus thosnuig daoine agus beithidhigh ar theacht agus ar dhul i líonmhaire ar an saoghal. Tá daoine ann a bhíon ag fághail locht ar an uile rud a chíd siad. Bíd siad ag fághail locht ar an rud a dheinean Dia féin, moladh go deó leis. Déarfadh na daoine sin gur bh'ana chruaidh an gníomh ar a raibh de dhaoine ar an saoghal an uair sin iad do dhísgiú i n-aon- fheacht ar an gcuma san le h-uisge na dílean. Tá daoine eile a déarfadh gur thrócaire ana mhór ó Dhia an díle do chur ar an ndomhan an uair sin; gur chimeád an obair a bhí ar siubhal agus an chainnt a bhí 'á dhéanamh i gcaitheamh an chéad blian, na daoine ag cuimhneamh ar an gcontabhairt 'n-a rabhadar, agus ansan, nuair a tháinig an t-éirleach agus an sgannra, go bhfuil gach aon chosmhalacht go mb' fhéidir gur dhein a lán acu aithrighe sar ar bádhadh iad, aithrighe ná déanfaidís go deó dá mba ná tiocfadh an sgannra san ortha. Tá fhios againn go léir conus mar a bhíon daoine ann a déarfadh go dána, an fhaid a bhíon an saoghal ar a dtoil acu, ná fuil aon Dia i n-aon chor ann agus ná beadh aoinne dob aoirde bheadh ag sgreadaigh ar Dhia 'ná iad dá bhfeicidís an talamh ag luasgadh fé n-a gcosaibh agus na tighthe ag tuitim n-a dtímpal. Deir Naomh Peadar gur saoradh daoine. Tá cuid des na naoimh a déarfadh gur chuir an díle fhiachaint ar a lán des na droch dhaoinibh
úd aithrighe dhéanamh sar ar bádhadh iad, agus gur dheine- adar an aithrighe, agus gur saoradh iad tré bhíthinn an tSlánuightheóra a bhí le teacht. Agus déarfadh na naoimh chéadna, go raibh, d'á bhrígh sin, i n-uisge na dílean, samhaltas roimh ré, do'n bhaiste a chuir ár Slánuightheóir ar bun; gur shaor uisge na dílean cuid des na daoine a bádhadh, fé mar a shaoran uisge an bhaiste na daoine a ghlacan an tsácramínt sin. Pé rud is ceart a rádh sa chéill sin i dtaobh uisge na dílean nár tháinig ach an t-aon uair amháin, nú i dtaobh an sgannra do leanan luasgadh talmhan, ná tagan ach go h-anamh, is deimhin go ndeinean buairt agus trioblóid agus eagla báis aigne an duine d'iompáil ar Dhia agus ar aithrighe agus ar leas anama. D'á bhrígh sin is ceart dúinn a thuisgint nách díobháil, ach gur tairbhthe mór, a dheinean Dia dhúinn nuair isé a thoil naomhtha a chur fhiachaint orainn trioblóidí dh'fhulag ar an saoghal so. Ní ceart dúinn a rádh gur droch nídh aon rud a thugan Dia dhúinn le fulag, pé bog cruaidh a mheasaimíd féin é bheith. Isé toil Dé é agus is ceart dúinn bheith sásta le toil Dé. VIII. TÚR BHABEL. Déarfadh duine gur chóir, óir nár fágadh beó ar an saoghal ach an t-aon fhear amháin agus a chlann, agus gur dhuine fóghanta é, go dtiocfadh cine fhóghanta uatha, agus ná beadh na daoine ag cur na feirge ar Dhia a thuille. Ní mar sin a bhí, ámhthach. Bhí an triúr mac ag Naoi, mar a chítear sa Scriptiúir, Sem agus Cam agus Iaphet. Is ar éigin a bhí an ceathrar socair ar thalamh an domhain, agus an talamh go léir fútha féin, nuair a dhein duine des na macaibh gníomh a bhí ana olc. Cam a dhein an
gníomh. Thug sé d'á athair easonóir ghrána, agus do thug an easonóir sin mallacht an athar anuas air féin agus ar a shliocht. Ach do thug Sem agus Iaphet onóir d'á n-athair agus bhí an onóir sin i gcoinnibh na h-easonóra thug Cam dó. Chuir an t-athair beannacht ar an mbeirt sin. Chuir sé rath agus beannacht ó Dhia ar Shem agus ar Iaphet agus ar a sliocht, agus dubhairt sé go mbeadh sliocht Cham 'n-a ndaoraibh ag daoraibh an dá shleachta eile. Tháinig na daoine ar an saoghal go tiugh airís. Bhíodar n-a gcómhnuighe sa tír áluinn a bhí ar leathadh amach ó bhun an chnuic ar ar luigh an airc nuair a thráigh uisge na dílean. Lastoir de'n abhainn mhóir ar a dtugtar an Euphrátés atá an talamh san. Nuair a chuaidh na daoine i líonmhaireacht níor bh'fhada gur tuigeadh gur ghearr ná beadh slighe acu sa tír sin, gur ghearr go gcaithfadh cuid acu dul thar abhainn siar agus iad féin do leathadh amach ar an dtalamh a bhí laistiar de'n abhainn. Thuig- eadar go mbeadh an méid díobh a raghadh thar abhainn siar go mbeidís gearrtha amach ó'n gcuid eile a bheadh 'n-a ndiaidh, agus ó bhí an méadú ag dul ortha chómh tiugh nár bhfada go mbeadh tuille acu ag imtheacht, agus go ndéanfadh san sgaramhaint eile. Bhí ag dul 'n-a luighe ar a n-aigne nár bh'fholáir do chlainn Naoi, feasta, bheith ag cuimhneamh ar iad féin do leathadh ar thíorthaibh an domhain. Nuair a bhí an machtnamh san tar éis dul 'n-a luighe i gceart ar a n-aigne tháinig machtnamh eile chucha. Dubhradar le n-a chéile gur mhaith an rud dóibh cathair a dhéanamh agus túr mór do chur 'n-a sheasamh i lár na catharach san, i dtreó nuair a bheidís sgaipithe ar fuid an domhain, go gcimeádfadh an túr san cuimhne ortha i n-aigne na ndaoine a thiocfadh 'n-a ndiaidh ó shliocht go sliocht. Deirtear go raibh rud eile, leis, ar aigne acu i ndéanamh an túir sin; gur theastuigh uatha é bheith chómh mór, chómh h-árd san go bhféadfadh na daoine
dul suas ann ó'n uisge dá dtagadh díle eile ar an ndomhan. Ní raibh clocha sa n-áit, ach bhí márla breágh ríghin saidhbhir tathaiceach ann go flúirseach. Dheineadar bríceana de'n mhárla agus do loisgeadar na bríceana le teine agus ansan bhíodar chómh cruaidh le h-aon chloich. Bhí bitúmen sa n-áit agus dheineadar mairtaol maith de'n bhitúmen. Ansan bhí an t-adhbhar acu chun na h-oibre, agus thosnuighdar ar an obair. Dheineadar na fallaí des na bríceanaibh agus de'n bhitúmen, agus níor bh'fhada go raibh fallaí na catharach ag eirighe. Chríoch- nuighdar fallaí na catharach. Ansan níor bh'fada go raibh an túr ag eirighe suas go h-árd. Dheineadar a bhun go breágh leathan téagartha láidir, i dtreó go bhféadfí, dar leó, é chur suas chómh h-árd leis an spéir. Deirtear gur bh'é cúis go rabhadar ar aigne é chur suas chómh h-árd leis an spéir 'ná i dtreó, dá dtagadh an díle airís go bhféadfadh daoine dul suas sa túr ó'n uisge. Ní'l an méid sin curtha síos sa Bhíobla, ámh. Ní deir an Bíobla ach gur le baois agus le h-uabhar a bhíodar ag déanamh na h-oibre, agus gur chuir an t-uabhar agus an bhaois sin fearg ar Dhia. Deir an Sgríbhinn Diadha go ndubhairt Dia na focail seo: “Feuch, is aon chine amháin iad agus ní'l acu ach an t-aon urlabhra amháin. Tá an nídh seo curtha rómpa acu, agus leanfid siad de go gcríochnuighid siad é. Téighmís síos agus cuirimís a n-urlabhra tré n-a chéile.” IX. MEASGADH URLABHRA. Bhíodar go léir ag obair ar a ndítheal agus fuadar árd fútha, agus fé mar a bhí an túr ag dul i n-aoirde bhí an fuadar ag dul i ndéine agus an fonn chun na h-oibre
ag dul i neartmhaire, agus tuille daoine ag luighe isteach sa n-obair i n-aghaidh an lae. I n-inead aon tuirse theacht ortha is amhlaidh a bhí flosg agus dásacht ag meudú ortha agus an obair féin ag cur misnigh ortha agus iad ag cur misnigh ar a chéile. Fé dheire, i lár an fhuadair agus an mhisnigh, do thuit nídh mírbhúilteach amach dóibh. Tháinig rud éigin ar a gcainnt i dtreó ná tuigeadh duine acu cad 'deireadh duine eile acu! Do labhradar airís agus airís eile le n-a chéile. Ní raibh aon mhaith ann. Nuair iarradh an saor rud ní fheidir an fear friothalmha cad a bhíodh uaidh. Nuair a thugadh an fear friothálmha freagra ní thuigeadh an saor an freagra. Do stadadar ag feuchaint ar a chéile ar feadh tamail. Dheineadar iaracht airís ar chainnt le n-a chéile. Bhí an tarna h-iaract níba dhona 'ná an chéad iaract má b'fhéidir é. Is amhlaidh a bhí an measgán mearaidhe ag dul i n-olcas eatartha. B'éigean dóibh eirighe as an obair. “Bhí,” mar adeir an file, Seán Ua Conail, “teanga fé leith i mbéal gach aoinne.” Bhíodar 'n-a mbuidhnibh fé leith. Do thuigeadh muinntir gach buidhne a chéile, ach ní thuigeadh lucht buidhne acu aon fhocal ó lucht buidhne eile. B'éigin do sna buidhnibh imtheacht ó n-a chéile. Do ghaibh gach duine leis an mbuidhin n-ar thuig sé a gcainnt. Níor fhéad aon bhuidhean acu cómhluadar ná cómh-obair a dhéanamh le h-aon bhuidhin eile. Thug buidhean acu aghaidh soir agus buidhean aghaidh siar, buidhean aghaidh óthuaidh agus buidhean aghaidh ódheas agus ar an gcuma san do sgaipeadh iad fé cheithre h-árdaibh an domhain, agus d'fhan an obair mar a fágadh í. Babel a tugadh mar ainm ar an dtúr. Cialluighean “Babel” measgán mearaidhe, nú cur thré chéile. Ní gan fáth a tugadh an ainm. Do chur an measgadh urlabhra úd measgán mearaidhe agus cur thré chéile i gceart ar an muinntir a bhí ag déanamh an túir, agus níor bhréag túr Bhabel a thabhairt air.
Mírbhúilt mhór ó Dhia ab eadh an measgadh urlabhra san. Dhá mhíle blian 'n-a dhiaidh san, nú mar sin, do dhein Dia mírbhúilt mhór eile urlabhra. Tá deifrigheacht idir an dá mhírbhúilt. Do chuir an chéad mhírbhúilt daoine do thuig cainnt a chéile ó chainnt a chéile do thuisgint. Do chuir an tarna mírbhúilt ar chumas na n-Asbol agus na ndeisgiobul cainnt do labhairt agus do thuisgint nár thuigeadar agus nár labhradar riamh roimis sin. Do chuir an chéad mhírbhúilt sgaipe agus fán ar dhaoine a bhí ag cur a dtoile féin i gcoinnibh toile Dé agus ag déanamh oibre nár thoil le Dia a déanfí. Do chuir an tarna mírbhúilt ar chumas na n-Asbol agus na ndeisgiobul, na geinte bhí sgaipithe ar fán ó Dhia do thabhairt chun Dé, glaodhach ortha as a gcainnt féin, as an gcainnt ab fhearr a thuigfidís, agus iad do bhailiú isteach sa n-Eaglais, isteach sa túr a chuir Críost suas chun na cine daona do thabhairt slán ó dhíle an pheaca. Do chuir an chéad mhírbhúilt cosg le túr Bhabel, an túr ná féadfadh choidhche dul chómh h-árd leis an spéir, pé saothar a déanfí air ná pé ealadha do h-imiriófí air. Do chabhruigh an tarna mírbhúilt le túr Chríost, túr na h-Eagailse, do chur suas, an túr a deineadh chómh h-árd, ní h-amháin leis an spéir ach le rígheacht na bhflathas féin, an túr atá 'n-a dhíon agus 'na chosnamh do'n chine daona agus ná féadfidh díle an pheaca é leagadh go deó, marab ionan agus an túr úd Bhabel go leagfadh díle uisge é, nú luasgadh talmhan, pé neart ná pé téagar a bheadh ann. Isé túr Bhabel túr an éithigh, túr an uabhair, túr na h-easumhluigheachta, an túr n-a bhfuil sé de chrann agus de mhí-ádh air nách féidir d'á mhuinntir aigne a chéile do thuisgint. Nuair a labhran duine acu ní h-í an chiall a bhíon i n'aigne do chíthear 'n-a chainnt ach ciall a bhíon bun os cionn ar fad léi. Isé túr Chríost túr na fírinne, agus tuigid a mhuinntir aigne a chéile mar tuigid siad cainnt a chéile.
X. ABRAHAM. Do fágadh an túr gan críochnú agus d'imthigh na daoine ó n-a chéile 'n-a mbuidhnibh fé leith. Ag sgaipe dhóibh do ghluais gach buidhean go dtí go bhfuaradar talamh a thaithn leó agus do chuireadar fútha ar an dtalamh san. Do mheuduighdar airís agus do leathadar. Fé mar a mheuduighdar agus do leathadar do chuadar i n-olcas. Bhíodar tugtha do'n pheaca mar gheall ar an ndíobháil a bhí déanta ag peaca an tsínsir d'á n-aigne. Thugadar cúl le toil Dé agus do leanadar a dtoil féin, i dtreó nár ró fhada go rabhadar múchta i bpeacaíbh agus gan aon chuimhneamh acu ar Dhia ná ar an ndíbhfeirg a tháinig ar an ndomhan le linn aimsire Naoi. Bhí an díle agus an sgrios a dhein sí imthighthe as a gceann. Thugadar a gcúl ar Dhia agus dheineadar déithe bréige dhóibh féin agus d'adhradar iad agus do ghluaiseadar ó aimhleas go h-aimhleas agus ó olcas go h-olcas go dtí go raibh díle eile tuillte acu le n-a bpeacaíbh dá mb' é toil Dé í chur ortha. Do thárla, ámhthach, ar aon tsliocht amháin díobh, ar shliocht Heber, fear a bhí dílis do Dhia agus do chimeád é féin glan ó'n olc uathbhásach a bhí n-a thímpal. Abraham ab ainm do'n fhear san. B'é an naomhadh glúin é ó Naoi anuas. Bhí sé n-a chómhnuighe i bhfochair a athar sa chathair d'ár bh'ainm Úr na gCaldéach. Do labhair Dia leis sin agus dubhairt sé leis: “Imthigh amach as do thír féin agus ó d' ghaoltaibh féin agus a' teaghlach t'athar, agus tar isteach sa tír a thaisbeán- fad-sa dhuit, agus déanfad cine mhór díot agus cuirfad mo bheannacht ort agus mórfad t'ainm agus beidh tú beannuighthe. Beidh mo bheannacht-sa ar an muinntir
a chuirfidh a mbeannacht ort agus beidh mo mhallacht ar an muinntir a chuirfidh a mallacht ort, agus is ionat-sa a beannófar cineacha an domhain go léir.” Do dhein Abraham an rud a dubhairt Dia leis a dhéanamh. Do bhailigh sé a chuid agus d'imthigh sé as an ndúthaigh sin. Do rug sé leis mac a dhrithár. Lot ab ainm do'n mhac drithár san. D'fhanadar tamal i n-áit d'ár bh'ainim Haran. Ansan do ghluaiseadar airís agus thánadar isteach i dtír Chanaain. Sa n-áit sin a bhíodar nuair a labhair Dia airís le h-Abraham agus adubhairt sé leis: “Tabharfad an tír seo dod' sliocht-sa.” Agus do chuir Abraham altóir suas sa n-áit sin, i n-onóir do Dhia agus dhein sé Dia d'adhradh ann. Na Canaanaigh isiad a bhí i seilbh na tíre sin an uair sin. Chuir Dia an rath ar Abraham agus ar Lot agus d'eirigh an saoghal leo agus bhíodar ana shaidhbhir. Bhí mórán beithidheach acu agus treudta móra caereach agus ór agus airgead agus ollmhaitheas. Agus aon bhuidhean amháin ab eadh an dá mhuinntir. Do réir nóis na h-aimsire sin, sa n-áit sin ní h-amhlaidh a bhíodh seilbh fé leith ag aoinne i n-aon chuid de thalamh na tíre ach a chuid stuic agus a threudta féin a bheith ag gach duine, nú ag gach ceann muinntire, agus ansan neart a bheith ag gach duine ar a bheithidheacha nú a threudta do chomáint chun fosaidheachta isteach sa n-áit ab fhearr n-ar dhóich leis a bheadh an fhosaidheacht le fághail. D'fhágadh san, uaireanta, go mbíodh aighneas idir dhá mhuinntir feuchaint cé aige n-a mbeadh an fhosaidheacht fhóghanta. D'eirigh aighneas de'n tsórd san idir na h-aodhairíbh a bhí ag Lot agus na h-aodhairí a bhí ag Abraham. Bhí gach buidhean des na h-aodhairíbh a d'iarraidh a gcuid stuic féin do chur isteach sa bhfosaidheacht ab fhearr agus a d'iarraidh na buidhne eile agus a gcuid stuic do chimeád amach as an bhfosaidheacht san.
XI. LOT. Nuair a chuaidh an t-aighneas i ngéire idir na h-aodhairíbh do labhair Abraham le Lot. “Ná bíodh,” ar seisean, “aighneas idir t'aodhairíbh-se, agus m'aodhairíbh-se óir is bráithre sinn. Siné an dúthaigh os do chómhair. Má's maith leat-sa dul i leith na láimhe deise raghad-sa i leith na láimhe clé, nú ma's maith leat-sa dul i leith na láimhe clé raghad-sa i leith na láimhe deise.” Is sean fhocal é, “tabhair rogha do'n bhodach agus tógfidh sé díg.” Bhí an tsainnt ar Lot. Chonaic sé an talamh breágh saidhbhir feurmhar ar bruach abhan Iórdain agus chuaidh sé chun cómhnuighthe i gcathair Shodoim i dtreó go mbeadh cothrom aige ar a threudtaibh do chur sa bhfosaidheacht bhreágh a bhí mórthímphal na catharach san. Cheap sé go raibh rogha aige dhá thógaint, ach dá mbeadh fhios aige cad é an saghas na daoine a bhí sa chathair sin an uair sin bheadh 'fhios aige gur díg a thóg sé agus dul i n-aon chor 'n-a measg, pé saidhbhreas saoghalta bheadh d'á bharr aige. Níor bh'fhada gur thuit neithe amach a chuir i n-iúil dó gur bh'fhearra dhó bheith i n-áit éigin eile. Do chuir cuid des na righthibh a bhí sa chómharsanacht cogadh ar rí Shodoim. Bhí ceathrar righthe acu ann. Chruinnighdar pé neart slógh a bhí acu agus chromadar ar an dtír a bhí mórthímpal ar chathair Shodoim do sgrios. Do chruinnigh rí Shodoim a cháirde, cheithre righthe eile agus pé neart slógh a bhí acu, agus thug sé aghaidh ar a namhaid. Do troideadh cath fíochmhar. Do buadhadh ar rí Shodoim. Ansan do tógadh an chathair agus a raibh inti d'ollmhaitheas agus de dhaoinibh. Do rug an namhaid leó, i dteannta na cod' eile, Lot agus a mhuinntir agus a chuid. Do h-innseadh d'Abraham cad a bhí imthighthe ar Lot. Do chruinnigh Abraham pé neart fear a bí aige agus do lean sé an namhaid.
Ní raibh aige ach trí chéad fear agus ocht feara déag. Ní raibh aon choinne ag an namhaid go raibh aoinne 'ghá leanmhaint ná go raibh aoinne ann chun iad do leanmhaint. Shocaruighdar iad féin i n-áit áirighthe i gcóir na h-oidhche. Tháinig Abraham chun na h-áite sa n-oidhche. Dhein sé trí coda d'á bhuidhin bheag fear. D'ionsuigh sé longphort an namhad go h-oban ó thrí taobh. Do ghlac sgeón an namhaid. Do ritheadar chun taoibh de'n longphort. Bhí namhaid ann rómpa agus do leagadh cuid mhaith acu. Thugadar aghaidh ar thaobh eile chun teiche. Bhí namhaid ansan rómpa leis. Bhí namhaid rómpa ins gach aon bhall, dar leó, toisg an sgeón a bheith ionta. Do marbhuigheadh a bhformhór agus do theich an méid nár marbhuigheadh díobh agus bhí an longphort ag Abraham. Thug sé saor leis Lot agus a mhuinntir agus a chuid, agus rí Shodoim agus a mhuinntir agus a gcuid, agus thug sé leis pé ollmhaitheas a bhí sa longphort. Do móradh ainim Abrahaim thar na beartaibh mar gheall ar an ngníomh san. Tháinig rí Shodoim chuige agus dubhairt sé leis: “Mara mbeadh tusa bhíomair go léir réidh. Is leat-sa anois sinn féin agus a bhfuil againn. Tabhair dómhsa mo dhaoine agus bíodh an saidhbhreas go léir agat-sa. Is tú is fearr ceart chuige. Mara mbeadh tú ní bheadh sé ag aoinne againn. Má thugan tú mo dhaoine dhom is bronntanas orm iad uait.” XIII. CUAIRD NA N-AINGEAL. “Tabhair dómhsa mo dhaoine,” arsa rí Shodoim le h-Abraham, “agus bíodh an saidhbhreas agus an t-ollmhaitheas go léir agat féin.” “Bíodh do dhaoine agus do chuid saidhbhris agat, a rí,” arsa Abraham leis. “Oiread agus iall bróige de d' chuid ní chimeádfad-sa. Ní bheidh sé le rádh agat
choidhche gur dheinis fear saidhbhir d'Abraham. Ach iad so do chuaidh i n-aonfheacht liom amach, .i. Aner agus Escol agus Mambre, tugtar a gcion féin dóibh sin. Bhí fear sa tír sin an uair sin agus rí ab eadh é agus duine ana naomhtha ab eadh é. Meilcísedec ab ainim dó agus bhí sé 'n-a rí ar an gcathair d'ár bh'ainim Salem, agus sagart ab eadh é, sagart chun Dia na Glóire. Tháinig an sagart san agus dhein sé ídhbirt aráin agus fíona chun Dé agus chuir sé beannacht ar Abraham agus dubhairt sé “Is beannuighthe Abraham chun Dé Aoird a chruthnuigh neamh agus talamh; agus moladh do Dhia na Glóire do chuir do namhaid ad' láimh chughat!” Agus do dhíol Abraham deichmhadh leis. Bhí Abraham ag dul i n-aois agus bhí a bhean phosta, Sarai, ag dul i n-aois agus ní raibh aon chlann acu. Nuair a bhí Abraham naoi mbliana déag agus cheithre fichid do labhair Dia leis i dtaobh na geallamhna a bhí tabhartha aige dhó, agus dubhairt sé leis: “Mise Dia n-uile chómhacht. Siubhluigh am' láthair agus bí gan locht agus déanfad connradh idir mé féin agus tú agus déanfad do shliocht iomadamhail thar barr. “Bhí Abraham 'ghá fhiafrighe dhe féin i n'aigne conus ab fhéidir clann do bheith aige agus é chómh h-aosta, agus a bhean naoi mbliana agus cheithre fichid. Ach dubhairt Dia leis go mbeadh mac ag Sarai, agus gan Sarai do thabhairt uirthi a thuille ach Sara, agus Isaac do thabhairt mar ainm ar an mac nuair a thiocfadh sé. Tamal 'n-a dhiaidh san bhí Abraham 'n-a sheasamh i ndorus a thighe i lár an lae, agus bhí brothal ann. Chonaic sé an triúr fear 'n-a seasamh lasmuich os a chómhair. D'imthigh sé amach ag triall ortha agus d'iarr sé ortha stad agus a dtuirse chur díobh. Thoilighdar. D'imthigh Abraham agus ghlaoidh sé ar Shara agus d'ullmhuighdar bia agus thug Abraham leis an bia agus chuir sé os cómhair an trír é agus d'fhan sé 'n-a sheasamh 'n-a n-aice ag friothálamh ortha.
Nuair a bhí an bia caithte acu dubhradar: “Ca bhfuil Sara, do bhean?” “Siní istigh í,” ar seisean. Dubhairt an duine de'n triúr do labhair, “Tiocfad-sa anso ag triall ort um an dtaca so an bhliain seo chughainn, agus sinn slán, agus beidh mac ag Sara.” D'airigh Sara an focal agus í laistigh de'n dorus agus do gháir sí os íseal, mar gur bh'iongantach an nídh dar léi, a rádh go mbeadh clann le bheith aici agus í féin agus a fear chómh h-aosta. Ach dubhairt an Tighearna le h-Abraham: “Cad uime gur gháir Sara? An amhlaidh nách féidir le Dia gach nídh do dhéanamh?” Nuair airigh Sara an focal san tháinig sgannra uirthi, toisg gur tuigeadh gur dhein sí an gháire agus a fhios aici féin nár dhein sí an gháire ach os íseal. “Níor ghaireas i n-aon chor!” ar sisi. Ní dubhairt sí bréag sa méid sin, ámhthach, mar dob fhíor di nár dhein sí gáire os árd. “Ní'l san mar sin,” arsan Tighearna. “Do dheinis an gháire.” Do thuig sí ansan nár dhuine saogalta an t-é a bhí ag cainnt léi. XIII. IMPIDHE ABRAHAIM. Nuair a bhí uain ag an dtriúr ar a dtuirse bheith curtha dhíobh acu d'eirighdar agus chuireadar chun gluaiste. Do thuig Abraham um an dtaca san nár dhaoine saoghalta iad ach gur theachtairí ó Dhia iad. Nuair a bhíodar ag imtheacht do ghluais Abraham i n-aonfheacht leó chun iad do thionlacan tamal de'n tslighe, chun urama do thaisbeáint dóibh. I dtreó catharach Shodoim a thugadar aghaidh. Do ghéaruigh beirt acu sa tsiubhal agus d'fhan an trímhadh duine ag siubhal le cois Abrahaim. B'shiné an duine acu ar ar thug Abraham “Tighearna.”
Dubhairt sé le h-Abraham, agus iad ag siubhal le cois a chéile:— “Ní féidir a chimeád ó Abraham cad 'tá beartuighthe agam a dhéanamh. Tá peaca Shodoim agus Ghomorrha meuduighthe go ró mhór. Táim ag dul síos ag triall ortha.” Do thuig Abraham i n'aigne go rabhthas chun na gcath- arach san do dhíthiú. Do sheasaimh sé os cómhair an Tighearna agus do labhair sé. “A Thighearna,” ar seisean, “is truagh an duine macánta do dhíthiú mar aon leis an ndroch dhuine! An millfir an neamhchionntach mar aon leis an gcionntach? Má tá deich nduine a's dachad sa chathair agus iad macánta an gcurfar chun báis iad i n-aonfheacht leis na droch dhaoinibh? Ná leogfir do'n chathair dul saor ar son an deichniúbhar a's dachad, má táid siad ann?” Do lean sé ag guidhe go cruaidh 'ghá iarraidh go leogfí do'n chathair dul saor ar son an deichniúbhar agus dachad. Fé dheire do fuair sé an ghuidhe sin. Ansan do chrom sé ar a iarraidh ná millfí an chathair má bhí cúigear agus dachad ann a bhí macánta. Tar éis pléidh go cruaidh ar feadh abhfad dubhairt an Tighearna leis go leogfí saor an chathair má bhí cúigear agus dachad daoine macánta inti. Nuair a bhí a ghuidhe fághalta ag Abraham sa méid sin do labhair sé airís. “A Thighearna,” ar seisean; “ní'l ionam-sa ach luaithreach. Ná bí i bhfeirg liom má labhraim airís le m' Thighearna a thugan breith ar neamh agus ar talamh. Má gheibhtear dachad duine fíoraonta sa chathair cad a dhéanfir?” “Má gheibhtear dachad duine fíoraonta sa chathair,” arsan Tighearna, “leogfar do'n chathair dul saor ar a son.” “Iarraim ort, a Thighearna,” arsa Abraham, “ná bí i bhfeirg liom, ach cad a déanfar má tá deich nduine fhichid fíoraonta sa n-áit?”
“Má tá deich nduine fhichid le fághail fíoraonta sa chathair,” arsan Tighearna, “ní millfar an chathair.” “A Thighearna,” arsa Abraham, “ó dheineas mo chainnt i n-aon chor déarfad focal eile le m' Thighearna. Conus a bheidh an sgéal ma gheibhtear fiche duine fíor- aonta sa n-áit?” “Má tá fiche duine fíoraonta sa chathair,” arsan Tighearna, “leogfar saor an chathair ar a son.” “Ná bí i bhfeirg liom, a Thighearna,” arsa Abraham, “má labhraim aon focal amháin eile. B'fhéidir go bhfuil deichniúbhar fíoraonta ann.” “Má tá deichniúbhar fíoraon ann,” arsan Tighearna, “ní millfar an chathair.” Ansan d'imthigh an Tighearna agus tháinig Abraham abhaile chun a thighe féin. Is beag d'á chuimhneamh a bhí ag muinntir na catharach úd an uair sin go raibh Abraham ag guidhe chómh cruaidh chun Dé a d'iarraidh iad do shábháil! XIV. DROCH IOMPAR MUINNTIR SHODOIM. Bhí sé n-a thrátnóna um an dtaca 'n-ar sgar Abraham leis an nduine de'n triúr a dh'fhan ag cainnt leis. Do thárla, le linn na h-aimsire céadna san, go raibh Lot 'n-a shuidhe ag geata catharach Shodoim. Chonaic sé beirt fhear ag teacht 'n-a threó ó'n dtuath. Daoine iasachta ab eadh iad dar leis. Níor dhaoine a bhain leis an gcathair iad. Bhí 'fhios aige dá mb'eadh go n-aithneochadh sé iad, agus níor aithin. Thuig sé láithreach i n'aigne nár cheart leogaint dóibh imtheacht ar fuaid na catharach san ag lorg aoidheachta. D'eirigh sé agus chuaidh sé 'n-a dtreó. Bhí deabhramh uasal ortha. Bheannuigh sé dhóibh agus d'umhluigh sé dhóibh go h-uramamhail agus go fáilteach:
“A uaisle,” ar seisean, “cuirfidh sibh comaoine mhór orm-sa má 'sé toil bhúr n-onóra teacht anso isteach am' thigh agus fanmhaint ann agam i gcóir na h-oidhche. Nighidh bhúr gcosa agus caithidh bia agus cuiridh bhúr dtuirse dhíbh, agus ansan nuair a thiocfidh an mhaidean beidh sibh neamh-thuirseach agus féadfidh sibh dul chun bóthair airís pé treó 'n-a bhfuil bhúr dtriall.” “Ach!” ar siad-san, “ní fiú dhúinn, ó tá an oidhche chómh breágh, an cheataighe sin a dhéanamh duit-se. Táimíd ana bhuidheach díot, a dhuinuasail fhóghanta, ach ní'l aon deacaracht ann dúinn fanmhaint anso ar thaobh na sráide go maidin.” Ní eireóchadh sé dhíobh, ámhthach, agus b'éigean dóibh dul leis isteach 'n-a thigh i gcóir na h-oidhche. Dhein sé cúram mór díobh. Chuir sé gach aon chóir ortha, cóir bhídh agus cóir dighe agus cóir chodlata. Sar a ndeighdar a chodla, ámh, do chruinnigh fir na catharach, a lán díobh pé'r domhan é, agus bhíodar ag brise an doruis isteach chun teacht ar na fearaibh iasachta. B'shin seana bhéas acu. Nuair a thagadh aon fhear iasachta chun a gcatharach níor bh'fholáir leó é dhéanamh chómh h-olc leó féin. Nuair airigh Lot an fothram bhí 'fhios aige cad a bhí uatha agus ba dhoilig leis go mór an droch fhuadar a bhí fútha. Chuaidh sé amach agus do labhair sé leó go réidh agus go cneasta, 'ghá iarraidh ortha leogaint dos na fearaibh iasachta, mar go rabhadar ar a chomairce féin. Is amhlaidh a dh'eirighdar chuige i dtreó go raibh sé féin i gcontabhairt uatha. “Níl ionat-sa féin ach duine iasachta sa chathair seo,” ar siad. “Cuir chughainn amach annso iad láithreach nú tabharfimíd an droch úsáid chéadna dhuit féin!” Do rugadar air agus bhíodar 'ghá stracadh leó. Nuair a bhíodar ag dul dian air do phreab an bheirt iasachta amach laistiar de agus rugadar air agus
tharraigeadar chucha isteach é agus dhúnadar an dorus agus le n-a linn sin do baineadh radharc a súl d'á raibh amuich, idir óg agus aosta. Níor fágadh aon leus radhairc acu. Do stad an fothram agus an chollóid. Is amhlaidh a bhíodar go léir ag síne a lámh agus ag útamáil agus gan iad ábalta ar a dhéanamh amach cá raibh an dorus a dúnadh 'n-a gcoinnibh, ná an tigh, ná aon dorus eile, ná aon tigh eile. Nuair a chuireadh duine acu lámh ar dhuine eile mheasadh sé go mbíodh giolla aige chun é stiúrú abhaile, ach gheibheadh sé amach tapaidh go leór go mbíodh an giolla chómh mór i ngádh le giolla agus bhíodh sé féin. Thugadar an chuid eile de'n oidhche go h-aindeis. Bhí an teasbach bainte dhíobh glan. Bhí san tuillte acu. Bhíodar chómh damanta san go múinidís droch iompar d'á gclainn sar a dtagadh ciall i n-aon chor dóibh! XV. ÍDE AR SHODOM. An muinntir n-ar baineadh a radharc díobh d'imthighdar ag dul amú ar fuid na catharach. Ansan do labhair an bheirt fhear le Lot. “Imthigh,” ar siad, “agus má tá gaolta agat sa chathair seo labhair leó agus abair leó imtheacht i n-aonfheacht leat amach as an gcathair mar táthar chun na catharach do dhíthiú. Táid peacaí na catharach ró mhillteach i láthair Dé agus do chuir Dia anso sinne chun díbhfeirge do dhéanamh ar an áit agus ar na daoine mar táid siad ró olc.” D'imthigh Lot agus do labhair sé leis an mbeirt fhear a bhí chun a bheirt inghean do phósadh. Nuair a dh'innis sé a sgéal dóibh is amhlaidh a chromadar ar gháirí. Dubhradar leis gan bheith ag déanamh magaidh faoi féin agus fútha-san. Tháinig sé thar n-ais.
“Imthigh féin agus do bhean agus do bheirt inghean amach as an gcathair seo,” arsan fear leis, “agus tugaidh aghaidh ar an gcnoc agus ná féachaidh i nbhúr ndiaidh pé rud a dh'aireóchaidh sibh. Brostuigh ort! Tá sé n-a lá feasta! Do chuir Dia anso mise chun na catharach so agus a bhfuil de dhaoine inti do ídiú agus ní féidir dom an nídh sin do dhéanamh go dtí go mbeidh tusa agus do mhuinntir ar láimh shábhála. Brostuigh! Is mar gheall ar Abraham a dh'órduigh Dia tusa do chimeád saor ó'n íde.” Ní raibh aon fhonn imthighthe ar Lot. Ní raibh sé ag imtheacht ach go ríghin. Fé dheire do rug an t-aingeal ar láimh air, agus ar a mhnaoi agus ar gach duine de'n bheirt inghean agus do tharraig sé n-a dhiaidh amach as an gcathair iad. Beirt aingeal ab eadh an bheirt fhear. Chómh luath agus bhí an ceathrar lasmuich de'n chathair agus ó bhaoghal, do bhí an ghrian eirighthe. Díreach tar éis eirighe gréine iseadh thosnuigh an teine ar thuitim as an spéir. Do thuit an teine 'n-a cith mar a thuitfadh fearthainn agus dhein sí lasair de gach aon rud n-ar theangbhuigh sí leis. D'airigh an ceathrar an fhuaim lasrach laistiar díobh. Níor fheuch aoinne acu siar ach bean Loit. Chómh luath agus d'fheuch sí siar dhein pola salainn di. Thug an t-aingeal an foláramh di agus ní raibh aon cheart aici feuchaint siar. Do thuit an cith teine ar chathair Shodoim agus ar chathair Ghomorrha agus ar na catharachaibh eile mórthímpal. Ba ghearr ná raibh sa n-áit ar fad ach lasair, agus ansan luaith- reach agus an deatach ag eirighe as an luaithrigh, agus ar ball, nuair a shéid an ghaoth an deatach agus an luaithreach chun siubhail ní raibh aon rian des na cathar- achaibh le feiscint sa n-áit, ná aon rud beó, ná crann, ná aon rud glas, ach an dúthaigh go léir 'n-a mhachaire ruadh-dhóighte. D'eirigh Abraham ar maidin agus tháinig sé chun na h-áite n-ar sgar sé an tráthnóna roim ré leis an
dtrímhadh duine de'n triúr. Bhí radharc ó'n áit sin ar na catharachaibh. D'fheuch sé n-a dtreó. Ní fheacaidh sé tigh ná treabh ann. Ní fheacaidh sé ach an machaire ruadh- dhóighte agus an ceó ag eirighe as, gan rud glas ná rud beó le feisgint air. Tá an dúthaigh go léir riamh ó shin 'n-a ghrean thirim agus tá i lár an mhacaire, mar a rabhadar na catharacha malluighthe úd, an loch ar a dtugtar an Muir Marbh. XVI. FROMADH AR CHREIDEAMH ABRAHAIM. Fé mar ghealladar an triúr aingeal tháinig an t-am agus bhí an mac ag Sara, ag mnaoi Abrahaim. Do tugadh Isaac mar ainm ar an mac fé mar a bhí órd- uighthe. B'shiné an mac a bhí geallta d' Abraham abhfad roimis sin, an mac ó n-a raibh sliocht Abrahaim le teacht, an tsliocht ar a raibh Slánuightheóir an domhain le teacht i gcolan daona chun na cine daona do shaoradh ó pheaca an tsínsir, do réir na geallamhna úd a thug Dia d'ár gcéad athair agus d'ár gcéad mháthair. Le leamhnú Dé do leogadh mórán aimsire dh'imtheacht ó'n lá a gealladh clann d'Abraham agus do Shara sar a dtáinig an chlann. Bhí an bheirt ag dul i n-aois go mór i dtreó nár bh'fhéidir dóibh do réir nádúra aon tsúil a bheith aca le sliocht a bheith ortha. I n-aimh- dheóin an aois, ámhthach, agus i n-aimhdheóin na h-aimsire fada níor tháinig aon lagachar creidimh ar Abraham i dtaobh na geallamhna. Fuair sé tuarastal an chreidimh sin nuair a tháinig an mac le mírbhúilt ó Dhia chuige agus é féin suas le céad blian d'aois agus Sara deich mbliana agus cheithre fichid. Ní foláir dúinn, ámhthach, a choimeád i n-ár n-aigne, leis, nár bh'ionan céad blian i n-aois duine an uair sin agus céad blian anois. Do mhairidís na daoine
an uair sin níba shia 'ná mar a mhairid siad anois. An t-é a bheadh deich mbliana agus trí fichid anois bheadh sé chómh críona agus bheadh duine a bheadh céad blian an uair sin. Ach mar sin féin, dá mbeadh fear deich mbliana agus trí fichid anois agus a bhean trí fichid blian ba mhírbhúilt mhór é clann a bheith acu. Fromadh ó Dhia ar chreideamh Abrahaim ab eadh an gheallamhaint d'fhágaint chómh fada gan cómhlíonadh. Nuair a bhí an mac eirighthe suas do dhein Dia fromadh eile ar chreideamh Abrahaim. Bhí, gan amhras, grádh ana mhór ag Abraham do'n mhac san, an mac a gheall Dia dhó agus a bhí chómh fada gan teacht. An mac n-a raibh oiread san ag brath air. An mac a bhí chun sleachta Abrahaim do dhéanamh chómh líonmhar. An mac n-a raibh le teacht uaidh lá éigin an t-Aon a bhí chun na cine daona go léir do shaoradh ó'n easgaine do chuir peaca an tsínsir ortha. Níor bh'iongna gur mhór agá athair agus agá mháthair é agus go raibh cion acu air agus grádh acu dhó thar mar is féidir d'aoinne lasmuich díobh féin a thuisgint i gceart. Ach do labhair Dia le h-Abraham agus dubhairt sé an chainnt seo:— “A Abrahaim! A Abrahaim!” “Táim anso, a Thighearna,” arsa Abraham. “An t-aon mhac san agat n-a bhfuil an grádh agat dó,” adubhairt Dia leis, “tóg leat é agus dein é do ídhbirt chugham-sa i n'ídhbirt loisgithe, ar chnoc a thais- beánfad duit.” Ba chruaidh an t-órdú é. Dob ait an críochnú é, a déarfadh duine, ar an ngeallamhaint a tugadh le h-oiread san deimhne agus do fágadh chómh fada gan cómhlíonadh. Ba chruaidh an cás é, a iarraidh ar an athair an mac san do chur chun báis le n-a láimh féin agus ansan a chuid feóla agus a chnámha do losgadh n-a luaithrigh ar altóir! Agus ansan dul thar n-ais abhaile agus a dh'innsint do'n mháthair cad a bhí déanta! Do thuig Abraham cruadhtan an sgéil, ach do thuig
sé gur bh'é órdú Dé é. Ní dubhairt sé, “Is cruaidh é,” ná “Is deacair é.” Thuig sé gur bh'é Dia a thug dó an mac san agus go bhféadfadh Dia é thógaint uaidh aon tráth ba thoil leis é, agus go raibh ar chumas Dé an gheallamhaint do chómhlíonadh pé rud d'imtheóchadh ar an mac. Thuig sé i n'aigne ná raibh aige féin le déanamh ach imtheacht agus an t-órdú a bhí fághalta aige do chómhlíonadh. D'eirigh sé sa n-oidhche agus ghaibh sé asal agus ghlaoidh sé chuige beirt bhuachaillí agus a mhac Isaac. XVIII. ÍDHBIRT AG ABRAHAM. Do gearradh an t-adhmad agus do socaruigheadh é ar muin an asail. Do ghluais an ceathrar, an t-athair agus an mac agus an bheirt bhuachaillí, agus an t-adhmad ar muin an asail acu, fé dhéin na h-áite n-a raibh an ídhbirt le déanamh. Bhíodar trí lá agus trí oidhche ar an slighe. Ba chruaidh an trí lá agus trí oidhche iad ar Abraham. An mac san, a bhí ag dul amach sa chúig- mhadh bliain fichid d'á aois an uair sin, agus go rabhthas tar éis oiread san aimsire chaitheamh ag feitheamh le n-a theacht ar an saoghal, agus go raibh croidhe a athar chómh greamuighthe ann; agus é féin chómh séimh chómh grástamhail, chómh soilbhir, chómh lán d'uraim d'á athair agus d'á mháthair, chómh lán de ghrádh dhóibh; conus fhéadfadh an t-athair sin an mac san do chur chun báis le n-a láimh féin agus ansan a chorp do losgadh le teine, anáirde ar altóir i ndúthaigh iasachta, abhfad ó bhaile, ar mhullach cnuic éigin, i lár uaignis agus fiantais! Ba chruaidh an gníomh lé déanamh é. Ba chruaidh an rud é, a iarraidh ar athair an mhic sin a leithéid do dhéanamh. Nuair a bhí trí lá agus trí oidhche caithte acu ag cur na slighe dhíobh do chonaic Abraham uaidh an cnoc.
Ansan dubhairt sé leis an mbeirt bhuachaillí fanmhaint mar a rabhadar “agus” ar seisean, “cimeádaidh-se an t-asal anso agus raghad-sa agus mo mhac chun na h-áite úd agus déanfimíd an ídhbirt.” Ansan do thóg sé adhmad na b-ídhbirte agus thug sé d'Isaac é le h-iompar, agus do thóg sé féin leis an teine agus claidheamh. Chomáineadar leó ar an gcuma san ar feadh tamail. Ar ball labhair an mac. “Feuch, a athair,” ar seisean, “tá an t-adhmad againn agus tá an teine againn, ach ca bhfuil an nídh le h-ídhbirt?” Sgian tré chroidhe an athar ab eadh an focal san. Ní raibh ann ach an bheirt. Is beag d'á chuimhneamh a bhí ag an mac cad í an ghéire a bhí sa cheist a bhí curtha aige. Is beag d'á chuimhneamh a bhí aige gur bh'é féin a bhí le h-ídhbirt chómh luath agus a shroisfidís mullach an chnuic. Chuaidh an cheist tré chroidhe an athar. Níor labhair sé ar feadh tamail. Dubhairt sé ar ball:— “Tabharfidh Dia féin dúinn an nídh le h-ídhbirt, a mhic,” ar seisean. Thánadar chun na h-áite. Dhein Abraham an altóir. Shocaruigh sé an t-adhmad mar ba cheart chun na h-ídhbirte. Ansan do cheangail sé a mhac Isaac agus chuir sé ar an altóir é, anuas ar an adhmad. Gan amhras d'innis sé d'Isaac ar dtúis i dtaobh an órduighthe a bhí fághalta aige ó Dhia, agus gan amhras, leis, do thoiligh Isaac chun na h-ídhbirte nuair a thuig sé gur le h-órdú Dé a bhí an ídhbirt le déanamh. Nuair a bhí Isaac ar an altóir agus é ceangailte do thóg Abraham an claidheamh 'n-a láimh agus d'árduigh sé a lámh chun an bhuille do bhualadh. Sar a' raibh uain aige ar an mbuille do bhualadh do labhair an t-aingeal leis as na flathais do ghuth árd. “A Abrahaim! A Abrahaim!” arsan t-aingeal. “Táim anso, a Thighearna!” arsa Abraham.
“Na bain leis an mac!” arsan t-aingeal. “Ná dein aon nídh leis! Chím anois go bhfuil eagla Dé ort agus nár chimeádais uaim t-aon mhac féin!” Le n-a linn sin d'fheuch Abraham thar a ghualainn. Chonaic sé reithe i n-achran i sgeachaibh, greim ag na sgeachaibh ar adharcaibh air. Do sgaoil sé na ceangalacha de'n mhac agus do rug sé ar an reithe agus cheangal sé é agus chuir sé ar an altóir é agus d'ídhbir sé é i n-inead an mhic. An cnoc san n-ar dhein Abraham an méid sin thuas ar a bhara, Mora an ainim a bhí air, an uair sin. Bhí ainim eile n-a dhiaidh san air. Chnoc Chalbharaí a bhí mar ainim 'n-a dhiaidh san air. B'é an cnoc céadna é ar ar fhuilig ár Slánuightheóir bás abhfad 'n-a dhiaidh san chun na cine daona do shaoradh ó ifrean agus ó chómhachtaibh an áirseóra. D'iompair an Slánuightheóir an chruis chéasta go barr an chnuic sin, abhfad 'n-a dhiaidh san, díreach mar a dh'iompair Isaac an t-adhmad an uair sin, i gcóir na h-ídhbirte. Chuaidh Isaac saor ó'n ídhbirt an uair sin mar do thug Dia d'á athair nídh thar a cheann le h-ídhbirt. Thug an Slánuightheóir, moladh go deó leis, é féin i n-ídhbirt d'á Athair Síoruidhe, thar cheann na cine daona, agus chuaidh an chine daona saor ó'n easgaine a bhí ortha tré pheaca an tsínsir. XVIII. AR LORG MNÁ D'ISAAC. Do ghluais an aimsir. D'imthigh chúig bhliana déag eile. Bhí Abraham ag dul i gcríonacht go mór. Bhí Isaac suas le dachad blian. Is fíor nár mhar a chéile dachad blian an uair sin, i n-aois duine, agus dachad blian anois. An fear a bheadh dachad blian an uair sin bheadh sé chómh h-óg, nú níb' óige, 'ná fear a bheadh deich
mbliana fichid anois. Mar sin féin bhí an t-am tagaithe n-ar cheart d'Isaac pósadh. Ba ró fhuiriste dhó bean a dh'fhághail sa n-áit n-a raibh sé féin agus a athair n-a gcómhnuighe. Ní bheadh a athair, ná ní bheadh sé féin ach chómh beag, sásta le h-aon mhnaoi des na mnáibh a bhí le fághail sa tír sin. Ní bheadh Abraham sásta le h-aon mhnaoi, mar chéile d'á mhac, ach le mnaoi éigin anoir ó n-a dhúthaigh féin, an dúthaigh as a mb'éigean dó imtheacht i dtusach a shaoghail le h-órdú Dé. An nídh a bhí daingean i n-aigne Abrahaim is leis a bhí aigne an mhic sásta agus ní raibh aon aidhm aige ar aon nídh eile. Bhí Abraham ana-shaidhbhir an uair sin agus bhí reacht- aire aige ag tabhairt aireachais d'á chuid saidhbhris agus ollmhathais. Eliésar ab ainim do'n reachtaire. Duin'uasal ana chreideamhanach ab eadh é agus bhí ion- taoibh ana mhór ag Abraham as. Do ghlaoidh Abraham chuige é lá agus do labhair sé leis. “A leithéid seo, a Eliésair,” arsa Abraham, “Ullmhuigh thu féin chun bóthair agus imthigh leat soir go Mesopotámia mar a gcómhnuighidh mo ghaolta agus tabhair leat anoir ó'n dtír sin cailín éigin de m' threabhchas féin go dtabharfar mar mhnaoi phósta í dom' mhac Isaac.” “Déanfad, a thighearna,” arsa Eliésar. “Tá iontaoibh mhór agam asat, a Eliésair,” arsa Abraham, “ach gnó ró mhór le rádh iseadh an gnó so atá agam 'á thabhairt le déanamh anois duit agus ní foláir dom deimhne bheith agam air go ndéanfir an gnó sa cheart. Táid mná óga saidhbhire, creideamhnacha, uaisle, le fághail sa tír seo agus ins gach áit as so soir go tír mo dhúthchais féin. Ní foláir dom deimhne bheith agam air na tabharfir chugham aon duine des na mnáibh óga san, pé saidhbhreas atá acu ná pé creideamhaint atá acu ná pé sgéimh áilneachta atá ortha, ach go
dtabharfir chugham óigbhean dem' mhuinntir féin, mar mhnaoi phósta dom' mhac.” “Geallaim agus deimhnighim duit, a thighearna,” arsa Eliésar, “go ndéanfad san, díreach do réir do thoile.” “Níl aon droch iontaoibh agam, a Eliésair,” arsa Abraham, “as do gheallamhaint ná as do dheimhniú, ach ní dhéanfidh geallamhaint ná deimhniú an gnó an turus so. “Agus cad tá le déanamh agam, a thighearna,” arsa Eliésar, “chun t'aigne shásamh i dtaobh an sgéil.” “Caithfir a dhearbhú i láthair Dé go ndéanfir an gnó díreach mar adeirim,” arsa Abraham. “Agus cuir i gcás, a thighearna,” arsa Eliésar, “go ndiúltóchaidh an bhean agus go ndéarfidh sí ná tiocfidh sí liom cad a bheidh le déanamh agam? An amhlaidh a bhéarfad mo thíghearna Isaac féin liom soir i dtreó go bhfeicfar é? Ba dhóic liom, a thighearna, dá bhfeicfí lastoir é ná beadh puinn deacarachta sa ghnó so atá le déanamh agam.” “Ná dein a leithéid, a Eliésair!” arsa Abraham. “Ná beir mo mhac soir sa tír sin leat! Ná bain le n-a leithéid a dhéanamh. Eirigh féin soir agus beidh aingeal ó Dhia at' fhochair, stiúróchaidh an t-aingeal tú sa tslighe agus sa ghnó. Dein an dearbhú dhom mar adeirim leat. Ansan má dhiúltuighean an bhean do theacht leat beir-se saor ó'n ndearbhú mar beidh do dhítheal féin déanta agat.” Ansan do dhein Eliésar an dearbhú. Chuir sé a lámh fé cheathramhain Abrahaim agus do cheangail sé é féin i láthair Dé chun na h-oibre dhéanamh do réir toile Abrahaim. Do réir nóis na h-aimsire sin an uair sin ba mhar a chéile lámh do chur fé'n gceathramhain ar an gcuma san agus an leabhar do thabhairt anois.
XIX. ELIÉSAR AG AN DTOBAR. D'ullmhuigh an reachtaire Eliésar é féin chun bóthair. Thóg sé deich gcinn de chamalaibh a' treud a thighearna. Do ghaibh sé iad agus chuir sé ualaí ortha. Chuir sé mórán saidhbhris agus ollmhathais chuige ins na h-ualaíbh sin. Ansan do ghluais sé soir go Mesopotámia, go cathair Nachoir. Ní h-innstear an mó lá a bhí an reachtaire ar an slighe ach innstear go raibh an tráthnóna ann nuair a shrois sé tobar áirithe a bhí i gcómhgar do chathair Nachoir. Do stad sé i n-aice an tobair agus chuir sé na camail 'n-a luighe mar bhí an tuirse ortha agus gádh le suaineas acu. Bhí a chúis féin aige le stad i n-aice an tobair sin. Bhí 'fhios aige go raibh sé sa n-áit n-a raibh gaolta Abrahaim 'n-a gcómhnuighe. Bhí 'fhios aige, leis, gur dhócha go mbeadh mná óga an bhaile ag teacht, ó bhí an tráthnóna ann, chun uisge do bhreith leó ó'n dtobar i gcóir na h-oidhche, agus go mb' fhéidir go dtiocfadh an bhean a bhí uaidh ar a measg. Chuimhnigh sé ar an bhfocal adubhairt Abraham leis, .i. go mbeadh aingeal ó Dhia i n' fhocair 'ghá stiúrú. Chrom sé ar a ghuidhe do chur suas chun Dé ar an gcuma so:— “A Thighearna,” ar seisean, “A Dhia mo thighearna Abraham, tar le cabhair chugham indiu! Stiúruigh me sa ghnó so atá 'n-a chúram indiu orm! Táim am' sheasamh anso anois ag bruach an tobair seo. Tiocfidh mná óga an bhaile seo amach anso a d'iarraidh uisge anois. An cailín acu n-a ndéarfad-sa léi, ‘leog anuas do chrúsga go n-ólad deoch,’ agus go ndéarfidh sisi, “Ól, a dhuin'uasail, agus tabharfad uisge do d' chamalaibh, leis, deónuigh, a Thighearna Dia, gurab í
sin an cailín atá ceapaithe agat-sa mar chéile do d'sheirbhíseach Isaac, agus mar sin dein trócaire ar mo thighearna Abraham!” Is ar éigin a bhí an ghuidhe sin curtha suas chun Dé aige, ar an gcuma san, nuair a chonaic sé chuige cailín áluinn óg agus í ag déanamh ar an dtobar. Chuir a h-áilneacht iongna air. Ba léir dó, leis, gur chailín uasal í. Bhí crúsga ar a gualainn aici. Chuaidh sí síos chun an tobair agus do líon sí an crúsga. Bhí an crúsga ar a gualainn aici agus í chun aghaidh a thabhairt abhaile nuair a labhair an reachtaire léi. “Leog anuas do chrúsga, a 'ghnín ó, má sé do thoil é, agus leog dom deoch a dh'ól as,” ar seisean. Do leog sí an crúsga anuas ar a cuislinn láithreach, “Seo, a dhuin'uasail,” ar sisi, “ól do dheoch, agus tabharfad uisge do d'chamalaibh, leis.” D'ól sé a dheoch. Ansan do chaith sisi an méid uisge a bhí sa chrúsga isteach sa n-iomar a bhí i n-aice an tobair agus bhí sí ag tarrach an uisge as an dtobar agus 'ghá chur sa n-iomar go dtí go raibh a ndóithin ólta ag na beithidheachaibh. Bhí seisean ag feuchaint uirthi an fhaid a bhí sí ag déanamh na h-oibre sin, agus é 'ghá fhiafraighe dhe féin i n'aigne ar bh'í sin an cailín a bhí ceapaithe ag Dia mar chéile do mhac Abrahaim. Nuair a bhí an t-uisge tabhartha dos na beithidhigh aici agus an crúsga aici dh'á thógaint chun imtheacht abhaile tháinig sé 'n-a h-aice agus thug sé dhi dhá fháinne cluas a bhí déanta d'ór agus a bhí ana dhaor, agus do labhair sé airís léi. “Ar bh'é do thoil, a 'ghnín ó,” ar seisean “a dh'innsint dom cé h-é t'athair? nú an bhfuil slighe 'n-a thigh n-a bhféadfainn stad ann i gcóir na h-oidhche?” “Batuel is ainim do m'athair, a dhuin'uasail, ar sisi. “Mac do Mhelca iseadh é. Tá slighe do dhóithin agat le fághail 'n-a thigh,” ar sisi, “agus cóir bhídh agus
chodlata dhuit féin agus d'á bhfuil agat. Imtheóchad láithreach agus 'neósfad dóibh go bhfuilir ag teacht.” D'imthigh sí. Ansan do shléacht Eliésar i láthair Dé, go h-umhal agus go díograsach, agus do ghaibh sé a bhuidheachas ó chroidhe le Dia na Glóire toisg gur bh'é toil Dé é sheóladh chómh cruinn chómh díreach i dtreó na h-oibre a bhí le déanamh aige agus go raibh eirighthe leis sa n-obair chómh luath agus chómh maith. Bhí gaol gairid ag Batuel le h-Abraham. Rebecca ab ainim do'n chailín agus do thuig Eliésar nár bh'fhéidir cailín ab fhearr 'ná í ná ba mhaiseamhla 'ná í do sholáthar mar mhnaoi do mhac Abrahaim. Bhí sé lán tsásta i n'aigne. XX. TIGH MUINNTIRE REBECCA. Chuaidh an cailín abhaile go mear. Thaisbeáin sí d'á máthair an dá sheóid bhreághtha a bhí fághalta aici agus d'innis sí an chainnt adubhairt an duin'uasal léi agus gur theastuigh uaidh teacht chucha i gcóir na h-oidhche. Bhí dritháir aici agus Laban ab ainim dó. Do rith sé sin amach agus tháinig sé chun an tobair. Fuair sé ann an fear agus é 'n-a sheasamh i n-aice na gcamal. “Tar liom-sa láithreach chun ár dtighe-na, a dhuin' uasail,” ar seisean. Ná fan ad' sheasamh anso. Tá an tigh ullamh duit féin agus d'á bhfuil agat. Tá slighe agus breis againn duit féin agus do d' chamalaibh. Téanam ort, a dhuin'uasail.” Do rug sé leis chun an tighe é. Do cuireadh gach aon chóir air féin agus ar na fearaibh a bhí aige agus do tugadh cró agus asair dos na camalaibh. Ar ball do cuireadh bia agus deoch os a chómhair. Do stad sé. “Sar a n-ithead bia,” ar seisean, “a dhaoine muinn- teardha, ní mór dom an gnó do thug mé a dh'innsint.”
“Mar is toil leat, a dhuin'uasail,” ar siad-san. “Is ó Abraham a thánag-sa ar an gcuaird seo,” ar seisean. “Fear ana shaidhbhir iseadh é agus tá lámh Dé leis. Tá aon mhac amháin aige. Isaac is ainim do'n mhac. Tá a bhean-máthair an mhic sin-tar éis bháis. Is mian leis bean do sholáthar d'á mhac. Ní h-áil leis go bpósfadh a mhac aon bhean des na mnáibh atá sa tír 'n-a bhfuil sé 'n a chómhnuighe ansúd thiar. Do chuir sé mise uaidh anso go tír a dhúthchais, mar a bhfuilid a ghaolta agus d'órduigh sé dhom cailín d'á mhuinntir féin do bhreith chuige siar ó'n áit seo ag triall ar a mhac, chun í bheith mar mhnaoi phósta aige. B'éigean dom a gheallamhaint dó go ndéanfinn an nídh sin dó do réir a thoile, agus b'éigean dom an gheallamhaint a dhéanamh daingean fé dhearbhú i láthair Dé. Thugas aghaidh ar an mbaile seo ar dtúis. Chuimhnigheas go mbeadh mná óga an bhaile seo ag dul amach chun an tobair sin a d'iarraidh uisge. D'iarras ar Dhia an óig-bhean a bhí ceapaithe ag Dia do mhac mo thighearna Abraham do sheóladh am' threó, agus d'iarras ar Dhia cómhartha thabhairt dom uirthi i dtreó go n-aithneóchainn í nuair a thiocfadh sí chugham. Sidé an cómhartha a dh'iarras agus seo mar a dh'iarras é. Chuireas mo guidhe suas chun Dé ar an gcuma so:— “A Thighearna Dia,” arsa mise, am' aigne, ‘an cailín a tiocfidh chun an tobair seo anois, a d'iarraidh uisge, agus go ndéarfad-sa léi deoch do thabhairt dom, agus go ndéarfidh sisi, “Tabharfad deoch duit, agus tabharfad uisge do d'chamalaibh, leis.” Deónuigh, a Thighearna Dia, gurab í sin an bhean atá ceapaithe agat-sa mar mhnaoi phósta do mhac mo thighearna Abraham.’ “Is ar éigin a bhí an ghuidhe sin déanta agam nuair a chonac an cailín seo, Rebecca, ag teacht am' dháil agus crúsga ar a gualainn aici. Chuaidh sí síos chun an tobair agus do líon sí an crúsga agus bhí sí ag teacht
ó'n dtobar agus an crúsga lán ar a gualainn aici. Dhruideas 'n-a coinnibh, ‘Leog anuas do crúsga, a 'ghnín ó,’ arsa mise léi, ‘go n-ólad deoch as.’ ‘Leogfad cheana, a dhuin'uasail,’ ar sisi, ‘Ól do dheoch’ ar sisi, ‘agus tabharfad uisge do d' chamalaibh, leis.’ Do leog sí an crúsga anuas ar a cuislinn agus d'ólas mo dheoch as. Ansan d'imthigh sí agus bhí sí ag tarrac an uisge as an dtobar agus 'ghá thabhairt dos na camalaibh go dtí go raibh a ndóithin ólta acu. “Thuigeas ansan go raibh freagra fághalta agam ar mo ghuidhe; an cómhartha a dh'iarras ar Dhia go raibh sé fághalta agam, agus gur bh'í Rebecca an cailín a bhí ceapaithe ag Dia na Glóire chun í bheith 'n-a mnaoi phósta ag Isaac, ag mac mo thighearna Abraham. Ansan d'fhiafruigheas di cé'r bh'í féin agus d'innis sí dhom. Nuair innis sí dhom cé'r bh'í féin do deimhnigheadh am' aigne dhom níba dhaingne, gur bh'í an bhean cheart í. Bhí an cómhartha cruinn, fé mar a bhí iarrtha ar Dhia agam é thabhairt dom, agus ansan bhí toil mo thighearna Abraham cómhlíonta. Gaol gairid dó féin ab eadh an cailín. XXI. PÓSADH ISAAC. “Nuair a bhí mo thighearna Abraham ag cur na geallamhna chómh dian orm d'fhiafraigheas de cad a bheadh le déanamh agam dá mba rud é nár thoil leis an mnaoi teacht liom. Dubhairt sé liom dá ráineóchadh san ná beadh easgaine an dearbhuighthe orm. “Ní'l agam le déanamh anois, a cháirde, ach a fhiafraighe an dtiocfidh Rebecca liom nú an gcaithfad aghaidh a thabhairt i dtreó éigin eile.”
“Is léir,” ar siad san, “gur ab é briathar Dé atá sa sgéal agus ní féidir dúinne cur 'n-a choinnibh. Sin í Rebecca féin os do chómhair. Tóg leat í agus imthigh agus bíodh sí 'n-a mnaoi phósta ag mac do thighearna, fé mar atá labhartha ag Dia féin leat.” Nuair airigh Eliésar an chainnt sin ag teacht uatha go léir, d'aon ghuth, do shléacht sé go talamh ag gabháil a bhuidheachais le Dia. Nuair a bhí san déanta aige do thug sé leis, as na h-ualaíbh, arthaí óir agus airgid agus éadaí uaisle daora agus do bhronn sé iad ar Rebecca, agus thug sé tabhartaistí, leis, d'á máthair agus d'á drithárachaibh. Ansan do deineadh féasta agus do suidheadh ag ithe agus ag ól. D'eirigh an reachtaire go moch ar maidin amáireach a bhí chughainn agus do labhair sé. “Leogtar mise chun siubhail anois,” ar seisean, “go dtéidhead ag triall ar mo mháighistir. Tá mo ghnó déanta agam buidheachas mór lé Dia dh'á chionn, agus isé is fada liom go mbead thiar i n' fhochair agus mo sgéal innste agam dó.” “Dubhairt an mháthair, ámhthach, agus na drítháracha, “Ní h-eadh ach fanadh an cailín anso againn aon deich lá amháin agus ansan imthigheadh sí leat.” “Ná deinidh sin,” ar seisean, “agus ná cuiridh ríghneas orm, óir isé Dia do stiúruigh mé ar mo chuaird agus do chuir mo ghnó chun cinn chómh maith. Ní ceart aon ríghneas do chur orm sa ghnó óir isé gnó Dé é.” “Glaodhtar ar an inghín,” ar siad san, “agus fiafraightear di cad is toil léi.” Do glaodhadh uirthi agus do cuireadh an cheist chúichi, “An toil leat imtheacht leis an nduine seo?” “Is toil,” ar sisi. Ansan do leogadh chun siubhail í féin agus a buime i n-aonfheacht le reachtaire Abrahaim agus le n-a chualacht, agus le linn imthighthe dhi bhí a muinntir go léir ag guidhe chun Dé ar a son, 'ghá iarraidh ar Dhia
rath agus séan do chur uirthi, agus sliocht go líonmhar, agus buadh do thabhairt d'á sliocht ar a namhaid i gcómhnuighe. Thug an reachtaire aghaidh ar an mbaile gan ríghneas. Tháinig sé an bóthar a dh'imthigh sé. Nuair a tháinig sé i radharc an bhaile chonaic sé féin agus a chualacht Isaac ag siubhal i dtreó tobair a bhí sa n-áit. D'fhiafraigh Rebecca dhe cé'r bh'é an fear san. D'innis sé dhi. Do chonaic Isaac, leis, iad san ag teacht. Do ghluais sé n-a dtreó. Chómh luath agus chonaic Rebecca Isaac tháinig sí anuas de'n chamal agus chuir sí a clóca uímpi agus chlúduigh sí a ceann leis an gclóca. Thug an reachtaire tuairisg chruinn d'Isaac agus d'Abraham ar a chuaird agus ar conus a dh'eirigh a chuaird leis. D'innis sé dhóibh conus mar a stiúruigh Dia na glóire é sa ghnó go léir; conus mar a stad sé ag an dtobar agus conus mar a chuir sé a ghuidhe suas chun Dé 'ghá iarraidh ar Dhia an cómhartha do thabhairt dó, agus conus mar a tugadh an cómhartha dhó, agus, d'á chómhartha san féin, ná tabharfadh Rebecca an deoch uaithe chómh tapaidh, as an gcrúsga, agus ná h-umhalóchadh sí í féin chómh fonnmhar chun an uisge thabhairt dos na camalaibh, mara mbeadh í bheith fial, deagh-chroidheach, uasal-aigeanta, mar a bhí sí agus mara mbeadh í bheith maith a dóithin i bhfeabhas a h-aigne chun bheith na céile ag Isaac. Chonacadar go léir go raibh áilneacht a pearsan chómh neamhchoitchianta le feabhas a h-aigne. Do thuig Isaac feabhas a h-aigne agus chonaic sé áilneacht a pearsan agus do ghaibh sé buidheachas ó chroidhe le Dia a chuir chuige í. Do phós sé í agus thug sé grádh ana mhór di mar dob fhiú í é. Do mhaoluigh an grádh san a bhí aige do'n mhnaoi sin an bhuairt a bhí air an uair sin i ndiaidh a mháthar a bhí tar éis bháis d'fhághail beagán aimsire roimis sin.
XXII. BEIRT MHAC ISAAC. Do mhair Abraham go dtí go raibh sé céad agus chúig bhliana déag agus trí fichid, agus fuair sé bás. D'fhág se a chuid go léir agá mhac Isaac agus d'fhág san Isaac saidhbhir go maith. Bhí aon nídh amháin, ámhthach, a bhí ag déanamh buartha aigne d'Isaac. Níor bh'é toil Dé clann do theacht idir é féin agus a bhean. Do chuir sé a thoil le toil Dé, ach bhíodh sé do shíor ag guidhe chun Dé 'ghá iarraidh ar Dhia clann do thabhairt dóibh. Tar éis mórán aimsire do thárla go raibh Rebecca ag iompar clainne. Nuair a bhí cuid mhaith d'á h-aimsir caithte aici do mhothuigh sí nídh iongantach, nídh a chuir sgannra uirthi. Mhothuig sí fé mar a bheadh beirt chlainne ar iompar aici agus únfairt éigin ar siubhal acu, fé mar a bheidís ag gleic istigh 'n-a broinn. Tháinig sgannra uirthi, mar cheap sí gur dhócha go dtiocfadh an bás uirthi d'á ndruim. B'é toil Dé aingeal do chur, ag triall uirthi chun an sgannra bhaint di agus a dh'innsint di cad é an brígh a bhí leis an únfairt agus leis an ngleic. “Tá beirt mhac ar iompar agat,” arsan t-aingeal léi, agus beidh coimhsgar eatartha um uachtaránacht. Tiocfidh dhá shliocht mhóra líonmhara ó'n mbeirt sin agus beidh an t-uachtaránacht ag an sósar os cionn an tsínsir agus ag sliocht an tsósair os cionn sleachta an tsínsir; agus siné brígh atá leis an nídh sin a chuir an sgannra ort.” Tháinig an t-am agus do rugadh an bheirt mhac. Tháinig duine acu ar dtúis, ach má tháinig bhí greim daingean ar throigh leis ag láimh an tarna duine acu agus é ag teacht ar an saoghal 'n-a dhiaidh. An chéad duine acu a tháinig bhí fiona ruadh-dhearg ar a chroicean agus bhí
croicean an leinbh eile glan ó fiona. Do tugadh Esau mar ainim ar an gcéad leanbh a rugadh, agus do tugadh Iacob mar ainim ar an leanbh eile. Cialluigheann “Iacob” sárú, mar do tuigeadh gur bh'é an sósar é agus go raibh sé a d'iarraidh an tsínsir do shárú. Bhí Isaac trí fichid blian nuair a rugadh an bheirt sin. D'fhás an bheirt agus bhí deifrigheacht meóin agus aigne eatartha fé mar a bhí an deifrigheacht croicin eatartha. Dhein fear tréan láidir cuthaigh de'n fhear chlúmhach. Amuich ar na cnocaibh ag fiadhach ba mhaith leis bheith. Ní chuireadh na droch bheithidhigh sgáth ná eagla air ach do chuireadh seisean an t-eagla ortha-san, tré mhéid a nirt agus a chródhachta. Thugadh sé leis abhaile toradh an fhiadhaigh agus ba mhinic ag teacht abhaile é agus seilg mhór mhéith aige. Do thaithneadh an bia sin go maith leis an muinntir a bhíodh sa bhaile agus do thaithneadh sé le h-Isaac níb' fhearr 'ná mar a thaithneadh aon tsaghas eile bídh leis. D'fhás Iacob ar a mhalairt sin de chuma ar fad. Ní raibh aon dúil i bhfiadhach aige ná i gcoimhsgar le beith- idheachaibh allta. Duine réidh ciúin cneasta suaineasach ab eadh é. Ag tabhairt aire do thréadaibh caereach a bhíodh sé agus d'á n-uanaibh. Ní raibh an lúth ná an neart ann a bhí sa bhfear eile i n-aon chor. Ní raibh aon lorg aige ar bheith suas a's anuas le beithidheachaibh allta, go mór mór dá mba beithidhigh chontabharthacha iad. Níor mhór do bheithidheach acu bheith ana láidir, ana chontabharthach chun aon eagla chur ar Esau. Bhí cion mór ag an athair agus ag an máthair ortha araon, ach dob é Esau an fear díobh ab annsa leis an athair, agus ba mheasa leis an máthair an t-aodhaire a bhí mín, cneasta suaineasach 'ná an fiagaidhe fiain. Bíodh Iacob sa bhaile aici i gcómhnuighe agus isé is dóichighe go mbíodh sé níba chneasta agus níb' uramamhla dhi 'ná an fear eile.
XXIII. CLEAS REBECCA. Do thuig gach aoinne gur bh'é Esau an sínsear agus d'á bhrígh sin gur bh'é bheadh 'n-a cheann ar an dteaghlach nuair a gheóbhadh Isaac bás. Do tuigeadh, leis, go raibh beannacht éigin ag leanmhaint an cheannais sin agus go dtabharfadh Isaac an bheannacht san d'Esau nuair a bheadh sé féin ag fágaint an tsaoghail. Ní dheabhruighean an sgéal go raibh aon tsuim ró mhór ag Esau sa cheannas ná sa bheannacht. Tháinig sé isteach lá ó bheith ag fiadhach agus é traochta le tuirse agus le tart agus le h-ocras. Bhí Iacob istigh roimis agus saghas éigin praisge, nú leitean, beirbhthe aige. “Ó, a dhritháir,” arsa Esau, “tabhair dhom chuid de'n phraisigh sin. Táim i ndeire anama leis an ocras!” “Tabharfad cheana,” arsa Iacob, “ach an phraiseach do cheannach uaim. Díol-se liom-sa anois ceart do shínsireachta agus tabharfad duit an phraiseach.” “Bíodh sé agat!” arsa Esau. “Cad é an tairbhthe dhómhsa é mar cheart sínsireachta má gheibhim bás leis an ocras anois?” “Dearbhuigh go dtabharfir dom é,” arsa Iacob. Dhein Esau an dearbhú. Ansan do thug Iacob a dhóithin le n-ithe dhó agus bhí sé sásta. D'imthigh sé agus níor chuimhnigh sé a thuille ar an sgéal. Do ghluais an aimsir. Do phós Esau bean de mhnáibh na tíre sin. Níor dhein sé mar a dhein a athair, toil a athar féin do shásamh agus bean do thabhairt leis anoir ó dhúthaigh a shínsear. Tamal 'n-a dhiaidh san do phós sé bean eile de mhnáibh na h-áite. Ní raibh sé bun os cionn an uair sin níba mhó 'ná aon bhean amháin a bheith ag fear.
I n-éaghmais iad a bheith de'n fhuil iasachta níor mhná fóghanta an bheirt. Ní rabhadar umhal d'Isaac ná do Rebecca. Bhíodar stuacach, droch mhúinte mínáireach leó agus chuiridís buairt aigne go minic ortha. Ach bhí Isaac ag dul i gcríonacht go mór agus ag tuitim leis an aois. Bhí ag dul d'á radharc agus dá éisteacht. Do ghlaoidh sé chuige Esau. Tháinig Esau ag triall air. “An bhfuilir ansan a mhic,” arsa Isaac. “Táim, a athair,” arsa Esau. “Chíon tú, a mhic,” ar seisean, “go bhfuilim ag dul i gcríonacht agus nách fios cad é an lá a thiocfidh an bás orm. Eirigh agus tóg leat t'airm fiadhaigh agus imthigh amach agus chómh luath agus gheóbhair seilg tabhair leat é agus dein é dh'ullmhú n-a bhia dhom fé mar is eól duit a thaith- nean liom, agus tabhair chugham é go n-ithead é agus go gcuiread an bheannact ort roimh fhághail bháis dom.” D'airigh Rebecca an focal. Chómh luath agus bhí Esau imthighthe amach do ghlaoidh sí ar Iacob. “Feuch, a mhic,” ar sisi, “d'airigheas t-athair anois ag cainnt le d' dhritháir Esau; ‘Imthigh amach,’ ar seisean leis, ‘agus tabhair leat chugham nídh de thoradh do sheilge agus ullmhuigh bia dhom go n-ithead é agus go gcuireadh an bheannacht i láthair Dé ort sar a' bhfaghad bás.’ “Agus anois, a mhic,” ar sisi, “dein-se mo chómairle- se. Imthigh chun do threuda agus tabhair chugham dhá mhionán ana mhaithe agus déanfad díobh an bia sin a thaithnean le t'athair agus béarfir-se an bia ag triall air isteach agus íosfidh sé an bia agus is ort-sa a chuir- fidh sé an bheannacht sar a' bhfaghaidh sé bás.” “Seachain, a mháthair!” arsa Iacob. “Is eól duit gur fear clúmhach mo dhritháir agus go bhfuil mo chroicean-sa sleamhain, glan. Má chuirean m'athair lámh orm agus go n-aithneóchaidh sé óm' chroicean mé is eagal liom go measfidh sé mé bheith ag déanamh
magaidh faoi, agus go mb'fhéidir gur easgaine thabhar- finn orm féin uaidh agus nách beannacht.” “Bíodh an easgaine sin orm-sa, a mhic,” ars an máthair. “Imthigh-se,” ar sisi, “agus dein mar adeirim leat agus fág fúm-sa an chuid eile de'n ghnó.” D'imthigh Iacob agus dhein sé mar adubhairt sí leis. Thug sé chúichi an dá mhionán. Do mhairbh sí iad agus bhain sí an croicean díobh, agus bhí an bia ullamh aici abhfad sar a dtáinig an fiagaidhe suas le h-aon tseilg amuich ar an gcnoc. XXIV. AN DUBH N-A GHEAL. D'ullmhuigh sí an bia mar ab eól di a thaithn leis an athair. Ansan do tháinig sí ar dhá láimh agus ar mhuineál Iacob agus do chlúdaigh sí iad le croicean na mionán ag fágáilt taoibh an fhiona de'n croicean lasmuich, agus do chuir sí uime culaith éadaigh le h-Esau, a bhí aici i gcimeád. Ansan thug sí dhó an bia le breith isteach ag triall ar a athair. “A athair,” ar seisean, nuair a tháinig sé i láthair a athar. “Airighim thu,” arsan t-athair. “Cé h-é thusa, a mhic?” ar seisean. “Do mhac críona mise, a athair,” arsa Iacob. “An nídh a dubhraís liom a dhéanamh tá sé déanta agam. Suidh, a athair agus ith de thoradh mo sheilge agus cuir do bheannacht orm ód' chroidhe.” “Conus fhéadais an tseilg a dh'fhághail chómh luath, a mhic?” arsan t-athair. “B'é toil Dé,” arsa Iacob. “go dtáinig am' threó go luath an nídh a bhí uaim.”
“Tar anso am' aice, a mhic,” arsa Isaac. “Go gcuiread mo lámh ort agus go mbeidh fhios agam an é mo mhac Esau atá agam nú nách é.” Tháinig seisean i n-aice. Chuir an t-athair a lámh ar a dhá láimh-sean agus ar a mhuineál. Fuair sé an fiona. “Isiad lámha Esau na lámha,” ar seisean, “ach isé glór Iacoib an glór,” agus níor aithin sé é, toisg é bheith gan radharc gan éisteacht ach go lag, agus gur chuir an fiona n-a luighe air gur bh'é Esau a bhí aige. An tusa mo mhac críona Esau?” ar seisean nuair a bhí sé chun na beannachtan do chur air. “Is mé, a athair,” arsa Iacob. “Tabhair dhom nídh de'n bhia seo de thorad do sheilge a mhic,” ar seisean, “go gcuiread an bheannacht ó m'anam ort.” Thug Iacob an bia dhó agus chaith sé é. Ansan do thug sé deoch fíona dhó agus d'ól sé an deoch. “Tar agus tabhair póg dom, a mhic,” ar seisean. Tháinig seisean agus thug sé póg dó. Le linn na póige dh'fhagháil dó do mhothuigh Isaac an baluith breágh cúmhrtha a bhí ó'n éadach a chuir Rebecca ar Iacob, agus do labhair sé. “Feuch,” ar seisean, “is ionan an baluith seo atá óm' mhac agus an baluith a bheadh ó thalamh rathmhar n-ar chuir Dia a bheannacht air! Drúcht ó'n spéir agus méithreas talmhan go dtugaidh Dia dhuit! Flúirse arbhair agus fíona dhuit! Smacht ar thuathaibh agus onóir ó chineachaibh dhuit! Go mba rí thu ar chlainn do mháthar agus ar do ghaoltaibh go léir. Umhaluigheacht uatha uile dhuit! Mallacht ar an t-é a chuirfidh a mhallacht ort, agus beannacht go líonmhar ar an t-é a chuirfidh a bheannacht ort!” Ar éigin a bhí an chainnt sin ráidhte agus Iacob imthighthe amach nuair a tháinig Esau. Bhí an bia ullamh aige, cuid de thoradh na seilge, fé mar a dh'órduigh Isaac dó. Chuir sé an bia os cómhair a athar.
“Seo, a athair,” ar seisean, “eirigh agus ith nídh de thorad seilge do mhic agus cuir do bheannacht ó chroidhe orm.” “Agus cé h-é thusa?” arsa Isaac. “Esau, do mhac críona, mise, a athair,” arsa Esau. Tháinig uathbhás thar barr ar Isaac nuair airigh sé an chainnt sin. Tháinig iongna agus alltacht air thar na beartaibh. “Agus,” ar seisean, “cé h-é an fear úd a tháinig anso ó chiainibh agus a thug dómhsa toradh seilge le n-ithe agus gur itheas nídh de go léir sar ar tháinighis-se? Do chuireas an bheannacht air sin agus is air a dh'fhanfidh an bheannacht.” Nuair airigh Esau an chainnt sin do ghoil sé go h-árd. Do bhúirth sé agus do bhéic sé. Nuair a bhí an bheannacht imthighthe uaidh iseadh do thuig sé a tairbhthe. Do chaith sé uaidh í roimis sin ar bhéile bhídh. Nuair a bhí sí imthighthe uaidh dáiríribh iseadh do thuig sé i gceart cad a bhí imthighthe uaidh. “Ó, a athair,” ar seisean, “cuir do bheannacht orm-sa, leis!” “Tháinig do dhritháir,” arsa Isaac, “agus do rug sé uait an bheannacht le ceilg agus tá sí air,” arsan t-athair. “Ní miste ‘Iacob’ a thabhairt mar ainim air,” arsa Esau. “Ach nár chimeádais aon bheannacht dómhsa, a athair?” ar seisean. Cuir beannacht orm-sa leis, a athair,” ar seisean, agus é ag gol go h-árd agus ag liúirigh. “An amhlaidh ná fuil agat, a athair,” ar seisean, “ach an t-aon bheannacht amháin?” XXV. AN DÁ BHEANNACHT. “Fuair do dhritháir, a gan fhios duit, an bheannacht a bhain leat-sa agus tá sí air,” arsa Isaac.
“Ó, ní miste Iacob a thabhairt mar ainm air. Do mheall sé mé ar dtúis a' ceart mo shínsireachta agus siní an bheannacht beirtha uaim anois aige. Ó, a athair,” ar seisean, “ar thugais í go léir dó! Ar chimeádais aon phioc di dhómhsa!” “Dheineas tighearna dhe os do chionn, a mhic,” arsa Isaac, “agus chuireas a ghaolta go léir fé n-a smacht. Dheineas rí dhe os bhúr gcionn. Thugas toradh an tailimh dó, neart arbhair agus fíona. Cad fhágan san agam le tabhairt duit-se, a mhic?” “Ná fuil agat, a athair,” arsa Esau, “ach aon bheannacht amháin? Ó, a athair, cuir beannacht éigin orm-sa!” “Cuirim,” arsa Isaac, “saidhbhreas tailimh duit agus drúcht ó'n spéir anuas. Le claidheam a mhairfir. Beidh tú fé smacht do dhrithár. Ach tiocfidh tráth agus cuirfir díot an smacht san agus beidh tú saor uaidh.” Bhí fuath léanmhar fíochmar, as san amach, ag Esau do Iacob, agus do shocaruigh sé i n-aigne go marbhóchadh sé Iacob chómh luath agus bheadh a athair tar éis bháis. Do h-innseadh an nídh sin do Rebecca. Do labhair sí le Iacob. “Feuch, a mhic,” ar sisi, “tá Esau ceapaithe ar thu mharbhú chómh luath agus gheóbhaidh t'athair bás. B'fhéidir ná fanfadh sé go dtí san féin. Is fearr imtheacht as an gcontabhairt. Glac mo chómhairle agus imthigh soir go Mesopotámia ag triall ar mo dhritháir Laban agus fan ann ar feadh tamail go maoluighidh fearg Esau. Ansan cuirfad-sa fios ort agus tabharfad thar n-ais abhaile anso thu.” Ansan do labhair sí le n-a fear, le h-Isaac. “Táim cráidhte, ciapaithe, cortha de m' shaoghal,” ar sisi, “ó mhnáibh na tíre seo. Má dheinean Iacob mar a dhein Esau agus bean de mhnáibh na tíre seo do phósadh ní bhéad-sa a bhfad beó!” Do ghlaoidh Isaac ar Iacob agus do labhair sé leis. “Feuch, a mic,” ar seisean, “táim 'ghá chur de cheangal
agus d'oibliogáid ort gan aon bhean de mhnáibh na tíre seo do phósadh. Imthigh soir go Mesopotámia go tigh Bhatuel, athair do mháthar, agus pós duine d'inghíneachaib Labain, dritháir do mháthar. Agus go gcuiridh Dia 'n uile chómhacht a bheannacht ort, agus a rath, agus sliocht líonmhar, agus go gcuiridh sé ort féin agus ar do sliocht beannacht Abrahaim, agus go dtugaidh sé dhuit seilbh na tíre iasachta so fé mar a gheall sé do d'shean athair! “Ansan d'imthigh Iacob soir go Mesopotámia ag triall ar Laban, dritháir a mháthar agus d'fhan sé ann. B'fhéidir nár mhiste a fhiafraighe anso conus a glactar an bheart san a dhein Rebecca i dtaobh na beannachtan úd. Ar dhein sí peaca fill? Ar innis Iacob bréag ghrána d'á athair nuair a dh'fhiafraigh a athair de; “An tusa mo mhac críona Esau?” Agus nuair a dubhairt sé go seasamhach; “Is mé”? Níor dhein Rebecca feall. Agus níor innis Iacobh bréag. B'é toil Dé an bheannacht do thabhairt do Iacob agus gan í thabhairt d'Esau. Nuair a dubhairt Iacob, “Is mise Esau” dubhairt sé an fhírinne. Dubhairt sé an fhírinne a bhí socair ag Dia féin an uair sin, .i., gur bh'é Iacob Esau, .i., gur bh'ar Iacob a bhí socair ag Dia chun na sínsireachta agus chun na beann- achtan. Ba le Dia an tsínsireacht agus an bheannacht. Ó b'é toil Dé an tsínsireacht do thabhairt do Iacob, ba le Iacob í do réir chirt agus do réir fírinne. Dá bhrígh sin ní dubhairt Iacob bréag nuair a dubhairt sé gur bh'é féin an sínsear. Ar an adhbhar gcéadna níor dhein Rebecca feall. Níor dhein sí ach cabhrú le toil Dé sa ghnó go léir. Siné chuir an iongna go léir agus an alltacht agus an t-uathbhás ar Isaac nuair a fuair sé conus a bhí an obair iompuighthe amach agus cé air go raibh an bheannacht curtha aige. Bhí fhios aige gur bh'ar shliocht an t-é gheóbhadh an bheannacht san a thiocfadh an Slánuightheóir,
agus gur bh'ar shliocht Iacoib a bhí an Slánuightheóir le teacht, agus d'á bhrígh sin go raibh toil Dé déanta aige, a gan fhios dó féin. Siné chuir an t-uathbhás air. XXVI. AN ÓIGBHEAN RACHEL. Nuair a dh'imthig Iacob ó thír a athar agus a mháthar thug sé a aghaidh soir i dtreó Mhesopotámia. Bhí sé ag dul i dtreó na tíre ar a dtugti Háran. Bhí tuitim na h-oidhche ann nuair a shrois sé áit áirithe. D'aimsigh sé ceann de chlochaibh an bháin agus do shocruigh sé í mar adhart dó féin agus do shín sé é féin chun codlata agus a cheann ar an gcloich. Thuit a chodladh air agus an fhaid a bhí sé n-a chodladh do taisbeanadh aisling dó. Chonaic sé an dréimire 'n-a sheasamh sa n-áit agus bara an dréimire chómh h-árd leis na flathais agus aingil ó Dhia ag teacht anuas agus ag dul suas an dréimire, agus an Tighearna thuas ag bara an dréimire agus é ag feuchaint anuas air. Agus do labhair an Tighearna an chainnt seo leis:— “Dia t-athar mise, Dia Abrahaim agus Isaac. An talamh san ar a bhfuilir ad chodladh anois tabharfad duit féin é agus do d' shliocht. Beidh do shliocht chomh líonmhar le gainimh na talmhan. Leathfid siad soir agus siar agus óthuaidh agus ódheas, agus tiocfidh uait agus ód' shliocht beannacht ar chineachaibh an domhain. Déanfad cosnamh ort ins gach áit n-a ngeóbhair, agus ní sgarfad leat, ach cómhlíonfad duit gach nídh d'á bhfuil ráidhte agam.” Nuair a dhúisigh Iacob as a chodladh agus nuair a chuimhnigh sé ar an aisling sin tháinig creathán agus sgannra air. “Is fíor,” ar seisean, “go bhfuil an
Tighearna sa n-áit seo agus ní raibh a fhios agam! Áit uathbhásach iseadh an áit seo!” ar seisean. “Gan amhras is sa n-áit seo atá tigh Dé agus geata na bhflathas!” Ansan, nuair eirigh sé ar maidin thóg sé an chloch san a bhí fé n-a cheann aige agus chuir sé n-a seasamh í mar chómhartha, agus do dhoirt sé oíle anuas uirthi, agus thug sé Betel mar ainm ar an áit. Ansan do thug sé móid, nú geallamhaint, do Dia. “Má bhíon Dia liom,” ar seisean. “Am chosaint sa tslighe n-a bhfuilim ag dul, agus go dtabharfidh sé dhom bia le n-ithe agus éadach le caitheamh, agus, go dtiocfad thar n-ais fé mhaise go tigh m'athar, beidh an Tighearna 'n-a Dhia agam, agus an chloch so atá curtha suas mar chómh- artha agam tabharfar tigh Dé mar ainim uirthi.” Ansan do chomáin Iacob leis soir go dtáinig sé go tír Mhesopotámia. Tháinig sé go tobar a bhí sa n-áit. Bí trí treuda caereach 'n-a luighe i n-aice an tobair agus rainnt aodhairí ag tabhairt aire dhóibh. As an dtobar iseadh a tugtí uisge dos na caoiribh agus bhí leac mhór throm anuas ar bhéal an tobair. Do labhair Iacob leis na h-aodhairíbh. “Cad as daoibh-se, a bhráithre?” ar seisean. “Ó Háran,” ar siad san. “Tá fear n-ar ab ainim dó Laban 'n-a chómhnuighe sa n-áit sin,” arsa Iacob, “an bhfuil aithne agaibh air?” “Tá aithne mhaith againn air,” ar siad san. “An bhfuil sé go maith?” ar seisean. “Tá sé go h-ana mhaith,” ar siad san. “Seo chughainn duine d'á bheirt inghean agus a treud aici 'a thabhairt léi chun an uisge.” Rachel isí a bhí ag teacht. D'innis Iacob di laithreach cé'r bh'é féin agus thug sé póg di agus thóg sé an leac de bhéal an tobair agus thug sé uisge d'á treud. Do shil sé deóra go bog nuair a bhí sé ghá innsint di cé 'r' bh'é féin, mar bhí áthas ana mhór air ag bualadh dhó uime n-a ghaoltaibh. D'imthigh sisi abhaile agus d'innis sí
d'á h-athair go raibh mac a dhrifeur, mac Rebecca, ag an dtobar. Tháinig Laban agus chuir sé na mílte fáilte roimh Iacob agus do rug sé leis abhaile é. D'innis Iacob dó a sgéal go léir agus cad a thug é. “Tá go maith, a mhic ó, arsa Laban. “Fan anso am fhochair-se. Is liom féin tú, a mhic mo dhrifeur, mo chnámha agus mo chuid feóla féin.” Nuair a bhí mí caithte aige sa n-áit agus é ag obair go dúthrachtach, do labhair Laban leis. “Bíodh gur bráthair dom thú, a mhic ó,” arsa Laban, “ní ceart tú bheith ag obair dom gan tuarastal. Tá an rath ar an obair a dheinean tú. Cad é an tuar- astal a bheadh uait?” An lá a chonaic Iacob Rachel ag an dtobar agus n-ar thuig sé cad é an gaol a bhí aige léi tháinig grádh ana mhór aige dhi. Do chuimhnigh sé, leis, ar an focal adubhairt a athair leis, .i. duine d'ingheanachaibh Labain do phósadh. XXVII. PÓSADH IACOIB. Bhí beirt inghean, ámhthach, ag Laban. Lia ainim na h-inghíne ba shine acu agus Rachel an inghean ab óige. Bhí locht ar Lia. Cailín breágh ab' eadh í ach í bheith brach- shúileach. Ní raibh aon bhreith aici i mbreághthacht, ámhthach, ar Rachel. “Cad é an tuarastal a bheadh agat d'á iarraidh orm?” arsa Laban le Iacob. “Déanfad fóghnamh duit ar feadh seacht mblian,” arsa Iacob, ach go “bhfaghad Rachel uait le pósadh.” “Tá go maith,” arsa Laban. “Is fearr liom agat-sa í 'ná ag aon fhear eile.” Do socaruigheadh an sgéal ar an gcuma san. Do dhein Iacob an fóghnamh ar feadh na seacht mblian agus deir an Sgríbhinn Diadha nár
mhothuigh sé an aimsir ag imtheacht mar gheall ar mhéid an ghrádha a bhí aige do Rachel. Do críochnuigheadh an aimsir. “Is mithid duit mo bhean a thabhairt dómhsa,” arsa Iacob le Laban. “Tá go maith,” arsa Laban. Do cruinnigheadh na gaolta agus na daoine muinn- teartha agus do deineadh cóisre mhór bhrothalach fhairsing. Do deineadh an pósadh ach do dhein Laban feall ar Iacob. Thug sé Lia dhó, a gan fhios dó, i n-inead Rachel. Nuair eirigh Iacob ar maidin agus fuair sé cér' bh'í an bhean a bhí aige do labhair sé go feargach le Laban. “Cad é seo atá déanta agat orm?” ar seisean. “Nách mar cheannach ar Rachel a dheineas seacht mbliana fóghnaimh duit? Cad chuige dhuit an feall so do dhéanamh orm?” “Is amhlaidh mar atá an sgéal, a mhic,” arsa Laban leis, “ní dleaghthach sa tír seo an sósar do phósadh ar bhéalaibh an tsínsir. Ná h-abair aon rud ach críoch- nuighmís seachtmhain na cóisreach agus tabharfad duit an inghean eile, leis. Féadfir í phósadh anois agus ansan seacht mbliana eile fóghnaimh a dhéanamh dom mar cheannach uirthi.” Do socaruigheadh an sgéal ar an gcuma san. Do críochnuigheadh an tseachtmhain agus do fuair Iacob Rachel le pósadh, agus ansan d'fhan sé seacht mbliana eile ag obair do Laban. Bhí mórán clainne ag Iacob um an dtaca n-a raibh na seacht mbliana san curtha dhe aige, agus mórán saidhbhris, agus ba mhithid leis imtheacht as an dtír sin agus teacht abhaile chun a thíre dúthchais féin. Do labhair sé le Laban agus dubhairt sé gur mhaith leis imtheacht. “Is olc é sin,” arsa Laban, “Tá rath ó Dhia ar gach nídh n-a gcuirean tú lámh ann. Fan agam tamal eile agus bíodh ceapadh do thuarastail fút féin.” “Má seadh,” arsa Iacob, “cuir-se i leith taoibh anois duit féin na beithidhigh bhreaca agus ná fág annso
ach na beithidhigh atá ar aon dath, agus ansan, pé beithidhigh bhreaca do thiocfidh ós na beithidhigh seo atá ar aon dath anois bídís agam-sa mar thuarastal.” “Táim sásta,” arsa Laban. Do bhí na blianta ag gluaiseacht agus i gcaitheamh na mblian san ba líon- mhaire go mór a tháinig na beithidhigh bhreaca 'ná mar a tháinig na beithidhigh ar aon dath agus ba mhó agus ba chumasaighe, i dtreó go raibh Iacob ag dul i n-acmhuinnighe i n-aghaidh an lae. Nuair a chonaic Laban an méid sin bhí eud agus gruaim agus dothigheas ag méadú air i n-aghaidh an lae. Fé dheire dubhairt sé le Iacob go raibh níba mhó 'ná a cheart aige d'á fhághail mar thuarastal. “Bíodh na beithidhigh gheala agat feasta,” ar seisean. “Tá go maith,” arsa Iacob, “ach as san amach an chuid ba líonmhaire agus dob fhearr de'n treud agus de'n stoc is geal a rugadh iad. Ansan do dhein Laban atharú éigin eile, ach b'é an sgéal céadna é. Is i bhfabhar do Iacob a dh'iompuigh an t-atharú amach agus i gcoinnibh Labain. Ansan do bhí clann Labain ag gearán agus ag ceisneamh agus ag gluaireán chómh maith le n-a athair. “Ó,” adeiridís, “táimíd creachta ag an bhfear so! Tá ár gcuid an tsaoghal aige 'á bhreith leis. Tháinig sé chughainn anso gan aon nídh i n-aon chor aige agus feuch anois air. Isé an fear is saidhbhre sa dúthaigh é. Cá dtáinig an saidhbhreas chuige? Nách a' saidhbhreas ár n-athar a dh'fás sé go léir? D'á bhrígh sin nách é cuid ár n-athar é? Táimíd creachta ag Iacob so!” XXVIII. TÓIR I NDIAIDH IACOIB. Nuair a chonaic Iacob an t-eud agus an ghruaim agus an dothigheas agus an droch aigne go léir chuimhnigh sé
go mb'fhéidir gur bh'fhearr teiche as an áit i n-am. Do labhair an Tighearna airís leis agus dubhairt sé leis: “Imthigh abhaile thar n-ais go dúthaigh do shínsear, agus bead-sa ag cabhrú leat.” Bhí sé amuich ar an machaire agus é ag aodhaireacht na dtreud. Chuir sé fios isteach ar a bheirt bhan, Rachel agus Lia. Thánadar chuige. Do labhair sé leó. “Feuch,” ar seisean leó, “Ní'l bhúr n-athair geal dom mar a bhíodh sé roimis seo. Bhí lámh Dé liom agus is eól daoibh-se araon gur dheineas gnó bhúr n-athar go macánta agus go dúthrachtach i gcómhnuighe, chómh fada agus a chuaidh iomláine mo dhíthil. Ach tá sé coit- chianta ag déanamh na h-eugcóra orm. Tá sé tar éis mo thuarastail a dh'atharú deich n-uaire, ach níor leog Dia dhó díobháil a dhéanamh dom. Nuair adubhairt sé; ‘Bíodh na beithidhigh bhreaca mar thuarastal agat,’ is breac a rugadh na beithidhigh óga; agus nuair adubhairt sé; ‘Bíodh na beithidhigh bhána agat, is bán a rughadh na beithidhigh óga. Isé Dia a thug dómhsa saidhbhreas bhúr n-athar-sa, agus tá labhartha ag an dTighearna liom anois agus seo mar atá ráidhte aige liom: ‘Eirigh anois agus imthigh as an dúthaigh seo agus imthigh thar n-ais go dtí an dúthaigh i n-ar rugadh thu.’” Ansan do labhair an bheirt bhan d'aon ghuth agus dubhradar: “Cad é an fághaltas nú cad í an oighreacht atá le fághail againne i dteaghlach ár n-athar? Nár dhíol sé sinn mar a díolfí daoine iasachta? Do dhíol; agus d'ith sé a fuair sé orainn. Ach do thóg Dia saidhbhreas ár n-athar agus thug sé dhúinne é, agus d'ar gclainn. Dá bhrígh sin, dein-se an rud atá órduighthe ag Dia dhuit a dhéanamh.” Do thárla sa n-am gcéadna san go raibh Laban imthighthe as baile. Bhí sé i n-áit éigin amuich ag bearradh chaereach. D'eirigh Iacob agus chuir sé a mhná agus a chlann
ar chamalaibh agus do bhailigh sé a chuid go léir agus a threuda go léir, gach aon nídh dá raibh aige i Mesopo- támia, agus thug sé aghaidh siar abhaile ar thír Chanaain mar a raibh a athair Isaac. Chomáin sé leis siar go dtí gur chuaidh sé thar an abhainn a bhí idir é agus Galaad. Cnoc iseadh Galaad. Bhí sé chómh fada siar leis an gcnoc san sar ar h-innseadh do Laban go raibh sé imthighthe. Bhí déithe beaga, nú íomhághtha beaga éigin, ag Laban agus do rug Rachel léi iad nuair a bhí sí ag imtheacht. Bhí fhios aici gur pheaca dhó iad a bheith aige agus é bheith ag tabhairt onóra dhóibh agus ba mhaith léi cosg do chur leis an ndroch obair. Ní raibh 'fhios ag Iacob, ámhthach, go raibh sí 'ghá mbreith léi. Nuair a h-innseadh do Laban go raibh Iacob imthighthe do chruinnigh sé pé congnamh fear a bhí aige agus do lean sé é. Tháinig sé suas leis i n-aice an chnuic sin Ghalaad. Do labhair Dia leis, ámhthach, i n-aisling agus dubhairt sé leis: “Tabhair aire dhuit féin agus ná labhair oiread agus focal feargach i gcoinnibh Iacoib.” Chuir san eagal air agus nuair a tháinig sé mar a raibh Iacobh ní dubhairt sé ach:— “Faire a Iacoib a mhic, is olc a dheinis orm é agus imtheacht mar imthighis a gan fhios dom! Cad n-a thaobh nár innsis dom go rabhais ag imtheacht i dtreó go bhféadfinn tu thionlacan uaim le h-onóir, le ceól timpán agus le ceól na gcrot agus le gáirdeachas. Níor thugais fiú caoi dhom ar mo chlainn ná clann mo chlainne do phógadh sar a' sgarfinn leó. Dheinis do ghnó go botúnach. D'fhéadfinn-se díoltas dian a dhéanamh ort anois mar gheall ar an mbotún san, ach do labhair Dia t'athar liom indé agus dubhairt sé liom gan oiread agus focal feargach do labhairt leat. Ach má ba mhian leat dul ag triall ar do mhuinntir agus go raibh caitheamh 'n-a ndiaidh agat, cad chuige dhuit mo dhéithe do ghoid?”
“D'imthigheas a gan fhios duit,” arsa Iacob, “mar bhí eagla agam rómhat, go mb' fhéidir go gcimeádfá do bheirt inghean uaim. Ach i dtaobh na gadaidheachta so atá agat dh'á chur am'leith, cuardaigh do dhéithe agus má gheibhtear ag aoinne anso iad curtar an duine sin chun báis láithreach os ár gcómhair go léir.” Is beag d'á choinne a bhí ag Iacob an uair sin go raibh na déithe beaga san i bhfolach ag Rachel! Dá mbéadh ní baoghal go labharfadh sé chómh teann. XXIX. AG FÁGAINT SLÁN. Do ghluais Laban agus a mhuinntir ag piardáil agus ag cuardach ar fuaid na h-áite, ag osgailt bhoscaí agus ag feuchaint isteach i gcúinníbh beaga agus i bpórsíbh caola ag sgríobadh agus ag sguabadh i main- seuraibh asal agus camul agus fé bhrághaidibh beithidheach, ach do theip ortha na h-íomhághtha dh'fhághail i n-aon chúinne. Fé dheire do tháinig Laban féin isteach i gcábán Rachel. Bhí Rachel 'n-a suidhe ar bhirtín asarach. Nuair a chonaic sí a h-athair ag teacht isteach sa chábán do chuir sí fáilte roimis go séimh agus do ghaibh sí a leathsgéal leis toisg nár eirigh sí n-a seasamh nuair a tháinig sé isteach. Dubhairt sí leis go raibh gearán, nú breóiteacht éigin uirthi do bhain léi féin agus ná leogfadh di eirighe. Do chuardaigh sé an cábán. Má dhein ní bhfuair sé na déithe. D'imthigh sé amach nuair a theip air iad d'fhághail. Bhíodar ansúd i bhfolach ag Rachel fé'n mbirtín asarach 'n-a raibh sí 'n-a suidhe anuas air! Má thug a h-athair onóir dóibh do thug sisi a chóthrom d'easonóir dóibh. Ansan do las Iacob le feirg agus do labhair sé:— “Cad tá déanta as an slighe agam ort gur leanais mé go fíochmhar ar an gcuma so? Cad 'tá fághalta
agat tar éis do chuardaigh ag piardáil agus ag sgar- táil ameasg mo thriosgáin agus mo ghréas? An bhfuarais aon rud a bhain leat? Má fuarais cuir amach anso é i láthair ár muinntire, ar gach taobh, agus tugaidís breith eadrainn. An chuige seo do thugas m'fhichid blian ag obair duit? Ní raibh caoire seasga ar do threudaibh an fhaid a bhíos 'ghá n-aodhaireacht duit. Níor itheas feóil aon reithe leat. Nuair a bheireadh droch bheithidheach caoira nú uan leis ní innsinn duit é ach caoira nú uan liom féin do chur i n'áit chughat. An rud a bheireadh an bitheamhnach leis d'éilightheá orm-sa é. D'fhuiligeas brothal an tsamhraigh agus fuacht an gheimhrigh ag déanamh do ghnótha agus ag tabhairt aire do d'chuid, agus ba mhinic mé oidhche ar bheagán suain ná codlata. Sin mar atá m'fhichid blian caithte ag fóghnamh duit, cheithre bhliana déag acu ag ceannach do bheirt inghean uait agus sé bliana acu ag tuilleamh na dtreud so uait. D'atha- ruighis mo thuarastal deich n-uaire, nuair ba mhór leat a mbíodh agam 'á thuilleamh uait. Mara mbeadh Dia m'athar Abraham do theacht le cabhair chugham agus an sgannra úd do chur ort indé is dócha gur beó bocht a bheifá 'am' chur chun siubhail uait indiu. Ach d'fheuch Dia ar mo chruadhtan agus ar mo chruadh- obair agus chuir sé an t-eagla ort indé. Mara mbeadh san bheadh an sgéal go h-olc agam.” “Feuch,” arsa Laban, “Is liom-sa na mná so agus an chlann so agus na beithidhigh seo go léir. Is liom tusa agus gach a fuil an tsaoghal agat. Conus fhéadfinn-se aon díobháil a dhéanamh dom' dhaoine féin ná d'á gcuid! Deinimís margadh le n-a chéile anso. Deinimís connradh sa n-áit seo agus cuirimís suas carn ar an áit mar chómhartha agus mar chuimhneamh ar an gconnradh san, agus ansan bíodh socair eadrainn gan mise do dhul thairis seo siar choidhche ag cur isteach ort-sa, agus gan tusa do theacht thairis
seo ainiar choidhche chun aon chur isteach a dhéanamh orm-sa.” Do socaruigheadh air sin. Do cuireadh suas carn mór cloch agus do dhoirt Iacob oíle ar an gcarn agus do deineadh ídhbirt ar an gcnoc chun Dé. Siné uair a tugadh Galaad mar ainm ar an gcnoc san, mar cialluighean an focal Galaad, carn na fiadhnaise. Bhí an carn 'n-a seasamh mar fhiadhnaise ar an margadh a deineadh an uair sin idir Laban agus Iacob. Nuair a bhí an socarú déanta agus gach taobh sásta do deineadh féasta mór. Do h-ullmhuigheadh an féasta ar mhullach an charainn agus is ann do caitheadh an bia. Bhí an dá chuideachta i gcuibhrean a chéile ag caitheamh an bhídh sin agus iad go sóghach agus go sultmhar agus go soilbhir agus go síothchánta agus go muinnteartha, mar ba cheart do ghaoltaibh chómh gairid a bheith. I lár na h-oidhche, nuair a bhí a ndóithin ithte agus ólta acu go léir, d'eirigh Laban agus a chualacht agus d'fhágadar slán agus fiche ag Iacob agus agá chualacht agus thug- adar aghaidh soir abhaile airís chun a dtíre féin. Chuir san deire leis an gcruadhtan san do Iacob, ach níor bh'fada gur chaith sé aghaidh a thabhairt ar chruadhtan eile ba ghéire go mór 'ná é. XXX. BRONNTANAS D'ESAU. Bhí contabhairt curtha dhe ag Iacob ach bhí contabhairt eile, contabhairt ba mheasa go mór 'ná an chontabhairt sin, roimis amach. Bhí sé ag dul siar abhaile chun a thíre féin agus bhí ansúd roimis ar an slighe, sa tír ar a dtugtí Seir, an fear n-ar fhág sé a thír féin fiche bliain roimis sin ag teiche le n'anam uaidh, .i. a dhritháir Esau. Ach chonaic sé na slóighte aingeal ar an slighe roimis amach agus chuir san misneach air. Chuir sé
teachtairí uaidh go Seir, ag triall ar Esau, 'ghá innsint go raibh sé ag teacht. Tháinig na teachtairí thar n-ais chuige agus d'innseadar dó go raibh Esau ag teacht go géar agus cheithre chéad fear aige. Nuair airigh Iacob an méid sin tháinig sgrannra ana mhór air. Dhein sé dhá chuid d'á raibh de mhuinntir agus de threudaibh aige agus chuir sé an dá chamtha a' radharc a chéile, i dtreó an t-é do chífadh camtha dhíobh gur dhóigh leis ná raibh ag Iacob ar fad ach an camtha san. “Anois,” ar seisean, “má bhuailean Esau sluagh acu, raghaidh an tsluagh eile saor.” Ansan do chuir sé a ghuidhe suas chun Dé. “A Dhia m'athar Abraham,” ar seisean, “agus a Dhia m'athar Isaac, dubhraís féin liom an chainnt seo: ‘Tar thar n-ais chun do thíre féin agus chun na h-áite n-ar rugadh tu agus cabhróchad-sa leat’; ní fiú mé an trocaire atá déanta cheana agat orm, ná na fírinní atá cómhlíonta agat am' thaobh. Nuair a chuas thar Iórdan soir ní raibh agam ach mo chleith agus sin iad an dá chamtha mhóra so agam anois ag casadh thar n-ais dom. Cosain anois mé ar láimh mo dhrithár Esau, mar is mór é m'eagla roimis; go mb'fhéidir go dtiocfadh sé orainn agus go marbhóchadh sé an mháthair agus an chlann i n-aonfheacht. Ach do gheallais- se dhómhsa a Thighearna, go gcurfá an rath orm agus go meudófá mo shliocht mar ghainimh na trágha nách féidir a dh'áireamh mar gheall ar a líonmhaireacht.” Ansan do thoibh sé amach as a threudaibh go léir bronn- tanas le cur ag triall ar a dhritháir Esau. Do thoibh sé amach dhá chéad gabhar agus fiche pocán; dhá chéad caoira agus fiche reithe; deich gcinn fhichid de chamalaibh baineana agus a siorach féin le cois gach camail díobh; dachad loiligheach agus fiche tarbh; fiche láir asail agus deich gcinn d'á siorachaibh leo. Dhein sé treuda fé leith díobh san go léir agus chuir sé aodhairí fé leith i mbun gach treuda dhíobh. Chuir sé an chéad treud chun siubhail agus dubhairt sé leis na h-aodhairíbh, “Nuair a thiocfidh
sibh i láthair mo dhrithár Esau agus a fiafrófar díbh i dtaobh na dtreud so abraidh: “Bronntanas beag iad so do chur ár máighistir Iacob chughat-sa a rí, agus tá sé féin ag teacht 'n-ár ndiaidh.” Nuair a bhí an chéad treud imthighthe a' radharc do chuir sé an tarna treud chun siubhail agus d'órduigh sé dos na h-aodhairíbh a bhí 'n-a bun an chainnt chéadna díreach do rádh nuair a ceisteofí iad. Nuair a bhíodar san a' radharc do chuir sé an trímhadh treud chun bóthair, agus mar sin dóibh go dtí go raibh an treud deirineach curtha chun bóthair. Tháinig an chéad treud chun na h-áite n-a raibh Esau agus a cheithre chéad fear. Do tugadh i láthair Esau na h-aodhairí. “Cé h-iad sibh-se?” arsa Esau. “Aodhairí le Iacob sinne, a rí, ar siad. “Cé leis an cródh stuic sin agaibh?” arsa Esau. “Bronntanas beag iad san a chur ár máighistir Iacob chughat-sa a rí,” ar siad san, “agus tá sé féin ag teacht 'n-ár ndiaidh.” Chonaic Esau agus na fir an bronntanas agus, dar leó, bronntanas fial ab eadh é. Níor chuimhnighdar i n-aon chor ar a thuille bheith ag teacht. Níor bh'fhada go bhfeacadar chucha an tarna rainnt. Do tugadh na h-aodhairí sin, leis, i láthair Esau. “Cé h-iad sibh-se?” arsa Esau. “Aodhairí le Iacob sinne, a rí,” ar siad. “Agus cé leis an treud san agaibh?” arsa Esau. “Bronntanas beag iad san a chuir ár máighistir Iacob chughat-sa a rí,” ar siad. Bhí an tarna bronn- tanas níb' fhearr 'ná an chéad bhronntanas. Bhí iongna ag teacht ar Esau agus ar na fearaibh. Ba ghearr go bhfeacadar an trímhadh treud. Cheapadar gur bh'é Iacob féin a bhí ag teacht an uair sin toisg na h-aodhairí 'ghá rádh, i gcomhnuighe, go raibh Iacob féin ag teacht 'n-a ndiaidh. Tháinig an trímadh treud suas. Dob' fhearr
iad 'ná aon cheann de'n dá threud eile. Ní raibh Iacob ann, ámhthach. “Cé h-iad sibh-se?” arsa Esau. “Aodhairí le Iacob sinne a rí,” ar siad san. “Agus cé leis an treud?” arsa Esau. “Bronntanas beag a chuir Iacob chughat-sa, a rí, agus tá sé féin ag teacht,” ar siad san. XXXI. IACOB AG IOMRASGÁIL LEIS AN AINGEAL. Ar bruach abhan Iórdain iseadh bhí Iacob nuair airigh sé go raibh Esau ag teacht chuige agus nuair a chuir sé uaidh ag triall air na bronntanaisí móra san. Lastoir de'n abhainn a bhí sé, ag an áth ar a dtugtí Iacob. Nuair a bhí deire na dtabharthaistí curtha uaidh aige chuir sé an chuid eile d'á threudaibh, agus a mhná agus a chlann agus a sheirbhísigh treasna na h-abhan siar tríd an áth. Do chaith sé féin oidhche lastoir 'n-a ndiaigh i n'aonar. I gcaitheamh na h-oidhche sin, go maidin, bhí fear, nú aingeal i riocht fir, ag iomrasgáil leis agus bíodh go raibh an iomrasgáil cruaidh níor fhéad an t-aingeal aon leagadh bhaint a' Iacob. Fé dheire bhí solus an lae ag teacht. “Bog díom!” arsan t-aingeal, “tá sé n-a lá.” “Ní bhogfad díot,” arsa Iacob, “go dtí go gcuirfir do bheannacht orm.” “Cad is ainim duit?” arsan t-aingeal. “Iacob,” ar seisean. “Ní Iacob a bheidh mar ainim ort feasta,” arsan t-aingeal, “ach Israél, óir má's mór é do neart ad' ghleic le Dia nách mó 'ná san a bheidh do neart i n-aghaidh daoine.” “Agus cad is ainm duit-se?” arsa Iacob. “Cad ab áil leat de m' ainim-se?” arsan t-aingeal.
Ansan do chuir sé a bheannacht air agus le n-a linn sin do chuir sé a mheur ar fhéith áirithe i gceatramhain Iacoib agus do chrap an féith agus bhí ciscéim bacaighe i Iacob as san amach an fhaid a mhair sé. Deir lucht eóluis gur chialluigh an iomrasgáil sin, agus an neart a thaisbeáin Iacob, gur chialluighdar neart guidhe chun Dé agus neart foidhne agus gur leis an dá neart san do rug Iacob buadh ar fheirg a dhrithár. Nuair a gheal an lá do lean sé na mná agus an chlann siar thar an áth agus do ghluais sé féin agus a mhuinntir agus a threuda siar i dtreó a dhútha féin. Ba ghearr go bhfeacaidh sé chuige Esau agus a cheithre chéad fear. D'umhluigh sé go h-íseal d'Esau. Níor thug Esau puinn aimsire chun umhluigheachta dhó. Do rith sé chuige agus do rug sé idir a dhá láimh air agus bhí sé 'gha fhásgadh agus gha phógadh ar feadh abhfad agus bhí sé ag sile na ndeór go fuigheach. Bhí an tsíothcháin déanta. D'fheuch Esau ar na mnáibh agus ar an gclainn. “Cé h-iad so?” ar seisean, “nú an leat-sa iad, a dhritháir?” “Na mná agus an chlann a thug Dia dhom iad san, a rí, chun do sheirbhíse,” arsa Iacob. Ansan tháinig na mná agus an chlann agus d'umhluighdar d'Esau. “Agus cad iad na treuda iad súd a bhuail umam agus mé ag teacht?” arsa Esau. “Níl ionta san, a rí,” arsa Iacob, “ach neithe beaga a chuireas chughat-sa, a dhritháir, le h-ionachas go bhfaghainn deagh-mhéinn agus ceannsacht uait nuair a thiocfimís i bhfochair a chéile ar an gcuma so.” “Ach, a dhritháir,” arsa Esau, “tá mo dhóithin mór agam-sa cheana. Cimeád-se do chuid féin.” “Faire, a dhritháir, ná h-abair é sin,” arsa Iacob. “Má's ionmhuin leat mé glac an bronntanas beag san uaim. Tá radharc fághalta agam ar do ghnúis mar a gheobhainn radharc ar ghnúis Dé. Bí báidheamhail liom agus glac an bheannacht so atá tabhartha agam
ag triall ort an bheannacht a thug Dia dhom duit ó 'sé a thugan gach aon rud dúinn.” Le mórán tathaint iseadh do ghlac Esau na treuda a bronnadh air, ach do ghlac sé iad. “Agus anois,” ar seisean, “siubhluighmís le cois a chéile. Déanfad-sa tú thionlacan.” “Ach a rí,” arsa Iacob, “tá an chlann so bog óg agus na beithidhigh seo ag tórmach agus má gluaistear ró ghéar leó marbhófar iad. Imthig-se rómhainn, a rí, agus leanfimíd tu ar ár suaineas go breágh réidh.” “Má 'seadh leog dom chuid des na fearaibh seo d'fhágáilt agat mar chongnamh,” arsa Esau. “Ní'l aon ghádh leis, a rí,” arsa Iacob, “ó tá do dheaghmhéinn agam táim sásta. Sin a raibh uaim.” Ansan do chuaidh Esau abhaile go Seir agus chuaidh Iacob agus chuir sé faoi i n-áit ar ar thug sé Sochot mar ainim. XXXII. DÍNA. Ní raibh an áit n-ar shocaruigh Iacob é féin chun cómh- nuighthe, ní raibh sé abhfad ó chathair Shalem, cathair na Sicimach. Tháinig Iacob ag triall ar na daoinibh sin agus cheannuigh sé rainnt de thalamh na h-áite uatha agus chuir sé suas altóir sa n-áit i n-onóir do Dhia mhór-chómhachtach Israéil. Bhí aon inghean amháin ag Iacob. Inghean do Lia ab eadh í agus bhí sí áluinn thar na beartaibh. Chuir sí aithne ar chuid de mhnáibh uaisle na b-áite agus bhíodh sí ag dul 'ghá bhfeuchaint. Hemor ab ainim do'n rí a bhí ar an ndúthaigh sin. Bhí mac ag an rí sin agus Sicem ab ainim dó. Dína ab ainim d'inghín Iacoib. Ar chuaird éigin d'á dtug sí amach ag feuchaint na mban eile sin do fuair Sicem radharc uirthi. Thuit sé i ngrádh léi láithreach. Nuair ná géillfadh sí, do dhein
sé éigean uirthi. Ansan d'iarr sé ar a athair, ar an rí, dul agus a iarraidh ar a h-athair, ar Iacob, í thabhairt le pósadh dhó mar go raibh grádh chómh mór san aige dhi ná féadfadh sé bheith beó mara bhfaghadh sé le pósadh í. Tháinig an rí Hemor, chun cainnte le Iacob. Bhí clann mhac Iacoib as baile le linn na h-uaire céadna. Bhíodar ag fosaidheacht a dtreud tamal ó bhaile agus níor mhaith le Iacob aon rud do rádh go dtí go bhfeicfadh sé iad. Níor bh'fhada go dtánadar. Do h-innseadh dóibh cad a bhí tuitithe amach. Bhíodar ar dearg bhuile. Do labhair Hemor leó. “Tá grádh thar barr agam' mhac Sicem do'n inghín seo agaibh-se. Tugaidh dó í mar mhnaoi. Bíodh cómhgas cleamhnais eadrainn. Tugaidh-se bhúr mná óga le pósadh dhúinne agus tabharfímíd-ne ár mná óga le pósadh dhaoibh-se agus deinidh cómhnuighe againn annso. Bíodh ceart na talmhan agaibh. Deinidh saothrú agus ceannaidheacht. Is libh féin an áit.” Ansan do labhair Sicem le Iacob agus le n-a chlainn. “Ná tugaidh eiteachas dom,” ar seisean. “Tabharfad aon níd i n-aon chor is maith libh uaim ach go bhfaghad an cailín sin uaibh. Iarraidh aon nídh is maith libh agus tá sé le fághail agaibh.” “Bheadh sé bun os cionn againne,” ar siad san, “agus i gcoinnibh creidimh dúinn agus peacamhail go trom dúinn i láthair Dé socarú de'n tsórd san a dhéanamh le daoinibh ná fuil tímpalghearradh ortha. Ní féidir é dhéanamh. Ach,” ar siad, “dá ndéanfadh sibh-se tímpal- ghearradh oraibh féin, ar gach duine firean d'á bhfuil oraibh, idir óg agus críona, d'fhéadfí an socarú san a dhéanamh. Ansan d'fhéadfimís ár mná óga thabhairt daoibh le pósadh agus bhúr mná óga do ghlacadh agus do phósadh agus aon phobul amháin a dhéanamh de'n dá phobul.” “Táim-se lán tsásta leis sin!” arsa Sicem. “Táim-se sásta chómh maith!” arsan rí.
D'imthig an bheirt agus chruinnighdar muinntir na catharach agus d'innseadar dóibh an socarú a bhí déanta. Mhínighdar dóibh cad é an tairbhthe thiocfadh chun na catharach agus cad é an méadú nirt agus an méadú saidhbhris a thiocfadh as an socarú do gach taobh. Do thoiligh na daoine go léir. Do dheineadar go léir an tímpalghearradh ortha féin, idir rí agus mac rí agus daoine. Nuair a tháinig an trímhadh lá 'n-a dhiaidh san, nuair a bhí an chneadh chómh teinn sin ar gach fear ná raibh sé ábalta ar aon ghníomh a dhéanamh, do thóg clann lia, drítháracha an chailín, a gclaidhmhte nochtaithe 'n-a lámhaibh agus do ritheadar isteach sa chathair agus mharbhuighdar an rí agus mac an rí agus fir na catharach fé mar fhéadadar teacht ortha. Do lean an chuid eile de chlainn agus de sheirbhíseachaibh Iacoib iad agus níor fhágadar fear beó sa chathair. Ansan do sgartáladar an áit agus do rugadar leó an saidhbhreas agus na príos- únaigh, na mná agus na leanbhaí. XXXIII. BÁS ISAAC. Bhí buairt agus fearg agus brise croidhe ar Iacob nuair a fuair sé cad a bhí déanta ag á chlainn. “Ó,” ar seisean leó go fíochmhar, “tá buairt curtha agaibh orm, agus tá gráin na ndaoine seo go léir atá sa tír seo tarraigthe agaibh orm. Táid siad san líonmhar agus níl puinn againne ann. Eireócaid siad chugham agus dísgeóchaid siad mé féin agus mo theaghlach!” Níor thugadar d'fhreagra air ach, “An amhlaidh ba chuibhe dhóibh a leithéid de ghníomh a dhéanamh ar ár ndeirbhshír!” Gan amhras do dhein Sicem go h-olc é. Ach do dhein clann Iacoib an feall go h-ana ghrána. Dheineadar
feall ar sgáth creidimh. Do thug san masla do'n chreideamh agus do Dia a thug dóibh an creideamh. D'á éaghmuis sin do dheineadar an marbú agus do mharbhuighdar an neamhchionntach i n-aonfheacht leis an gcionntach. Mara mbeadh gur thug Dia saor iad, ar son a h-athar, do dhíolfidís as. Do chruinneóchadh muinntir na dútha san chucha agus ní fágfí duine acu beó. Deir an Sgríbhinn Diadha gur chuir Dia sgannra ar na comharsanachtaibh go léir sa tímpal rómpa agus nár leog an sgannra dhóibh eirighe chucha ná aon iaracht a dhéanamh ar a ndroch ghníomh d'agairt ortha. Do labhair Dia, ámhthach, le Iacob, agus dubhairt sé leis eirighe agus imtheacht as an áit sin agus dul chun chómh- nuighthe i mBetel agus altóir a dhéanamh ann i n-onóir do Dhia a thaisbeáin é féin dó nuair a bhí sé ar teiche le n-anam ó n-a dhritháir Esau. Ansan do chruinnigh Iacob muinntir a theaghlaigh go léir agus do labhair sé leó. “Tugaidh chugham anso,” ar seisean leó, “na déithe iasachta atá agaibh, agus glanaidh sibh féin agus athar- uighidh bhúr n-éadach. Agus ansan eirighidh agus téidhmís suas go Betel agus cuirimís suas ann altóir chun Dé, óir isé Dia a dh'fhóir mé i ló mo chruadhtain agus do bhí i n-aonfheacht liom ar mo shlighe.” Thugadar dó na déithe iasachta go léir a bhí acu agus na h-órnáidí óir a bhí n-a gcluasaibh acu. Do dhein seisean poll talmhan ag bun crainn terebinte agus chuir sé síos ann iad. Ansan do ghluais sé féin agus a theaghlach agus níor deineadh aon iaracht ó mhuinntir na tíre ar iad do leanmhaint ná aon dochar a dhéanamh dóibh, bhí a leithéid sin d'eagla i gcroidhe na ndaoine go léir rómpa. Mírbhúilt ó Dhia ab eadh an sgannra san chun Iacob do chosaint ortha. Mara mbeadh an mhírbhúilt sin is deimhin go mbaileóchadh muinntir na h-áite 'n-a dtímpal agus go gcuirfidís chun báis an uile dhuine riamh acu mar gheall ar an bhfeall
agus ar an léirsgrios a dheineadar ar Hemor agus ar a mhac agus ar chathair Shalem. Tháinig Iacob agus a theaghlach go léir go Betel, i dtír Chanaain, agus chuir sé suas altóir ann agus thug sé Tigh Dé mar ainm ar an áit. Ansan do labhair Dia airís leis agus chuir sé a bheannacht air agus dubhairt sé leis an tarna h-uair, “Ní Iacob a bheidh mar ainm ort feasta ach Israél. Dia n-uile chómhacht mise, dein-se meudú agus iomadú; tiocfid uait pobuil agus treabhchasaí, agus tiocfid righthe ar do shliocht, agus an talamh a thugas d'Abraham agus d'Isaac tabharfad duit-se agus do d' shliocht é.” Ansan do chuir Iacob suas airís mar chómhartha an chloch agus dhoirt sé deoch uirthi agus chuir sé oíle uirthi, agus thug Betel mar ainm ar an áit. Chaith sé rainnt aimsire tímpal na h-áite sin, agus fuair Rachel bás ann de dhruim clainne nuair a rug sí a mac Beniamin, agus Betlehem ainim na h-áite 'n-ar h-adhlacadh í. Tháinig Iacob 'n-a dhiaidh san chun na h-áite 'n-a raibh a athair Isaac agus bhí Isaac aosta agus fuair sé bás nuair a bhí sé céad agus ocht mbliana déag. Bhí a bheirt mhac, Esau agus Iacob, os cionn a bháis agus d'adhlacadar é imeasg a dhaoine féin. Ní tugtar a thuille tuairisge ar Dhína ach gur tugadh abhaile í nuair a sgartáladh an chathair úd, Salem. XXXIV. DO TAISBEÁNADH AISLING DO IÓSEPH. Bhí Iacob 'n-a chómhnuighe i dtír Chanaain, mar a raibh a athair 'n-a chómhnuighe. Bhí Ióseph an mac ba shine de bheirt mhac Rachel ag aodhaireacht na dtreud i n-aon- fheacht le cuid de'n chlainn eile. Bhíodar-san eirighthe suas ach ní raibh Ióseph ach cheithre bhliana déag. Chonaic Ióseph rud éigin a bhí go h-ana olc acu 'á dhéanamh agus
do ghearán sé le n'athair iad. Bhí fearg acu chuige mar gheall air sin. Bhí cion ag an athair ar Ioseph níba mhó 'ná mar a bhí aige ar aoinne de'n chuid eile agus bhí éad agus fearg ar an gcuid eile mar gheall air sin. Do chuir Iacob brat áluinn ioldathach ar Ióseph tré mhéid an cheana a bhí aige air. Níor thaithn san leis an gcuid eile. Fé dheire tháinig oiread san droch aigne acu dhó gur bh'ar éigin fhéadaidís focal cneasta do labhairt i n-aon chor leis. Do thárla gur taisbeánadh aisling dó. “Eistidh liom,” ar seisean, “go n-innsead daoibh an aisling a taisbeánadh dom. Do samhluigheadh dom go rabhamair go léir sa ghort ag ceangal na bpunan agus gur eirigh mo phunan-sa suas n-a seasamh agus go raibh bhur bpunana-sa 'n-a seasamh 'n-a tímpal agus iad 'ghá h-adhradh.” Dubhradar san 'ghá fhreagradh: “An amhlaidh a bheir ad' rí os ár gcionn agus sinne fé smacht agat?” Agus ní maolú a dhein san ar an bhfeirg. Do taisbeánadh aisling eile dhó agus d'innis sé dhóibh í. “Do samhluigheadh dom am' thaibhreamh,” ar seisean, “go bhfeaca an ghrian agus an ghealach agus dhá réiltin déag agus iad 'am' adhradh.” Nuair a h-innseadh an méid sin do'n athair: “Cuir uait an saghas san cainnte a mhic!” ar seisean. “An amhlaidh a mheasfá go mbead-sa agus do mháthair agus do dhritháracha ag umhlú dhuit agus ag tabhairt onóra dhuit!” Do mheuduigh an méid sin, leis, fuath na ndrithár dó, ach do chimeád Iacob an sgéal i n-aigne agus bhíodh sé ag machtnamh air. Bhí fhios aige go raibh, leis an dá aisling sin, brígh éigin nár thuig sé an uair sin. Tháinig lá n-a dhiaidh san agus do thuig sé an brígh a bhí leó. I dtaobh na ndrithár níor leog, an fhearg agus an t-eud agus an droch aigne dhóibh aon nídh do thuisgint 'n-a cheart. Bhí fhios acu go maith nár innis sé bréaga dhóibh
nuair innis sé na h-aislingí sin dóibh. Bhí fhios acu, leis, go raibh sé naomhtha, fíoraonta, glan ó pheaca i láthair Dé. Bhí fhios acu go dian mhaith gur bh'fhearr a shlighe chun Dé 'ná a slighe féin. Déarfadh duine gur chóir gur mhóide an grádh agus an uraim a bheadh acu dó fios an méid sin a bheith acu. Ach níor bh'eadh. Is amhlaidh a mheuduigh an naomhthacht a chonacadar ann an fuath a bhí acu dhó. B'fhéidir gur chuir na h-aislingí úd eagal ortha go dtiocfadh an lá 'n-a mbeidís fé smacht aige. Má tháinig an t-eagla san ortha, agus iad chómh droch aigeanta agus bhíodar, ní deacair a thuisgint conus a mheuduigh an fuath acu. Ní'l aon nídh fé bhun Dé ar an dtalamh so is lugha ar dhroch dhuine 'ná bheith, fé smacht ag duine fóghanta. Mórán céadta blian n-a dhiaidh san do thárla go raibh sliocht na bhfear san sa chás chéadna díreach 'n-a rabhadar-san an uair sin. Tháinig DUINE fóghanta chucha. Bhí fhios acu go raibh a leithéid geallta dhóibh. Bhí fhios acu go mbeadh ortha luighe fé n-a smacht nuair a thiocfadh sé. Nuair a tháinig sé dhiúltuighdar dó. Níor luighdar fé n-a smacht. Bhí sé ró fhíoraonta dhóibh. Dá luighidís fé n-a smacht do chuirfadh sé a fhíoraontacht féin, feidhm ortha. Níor oir san dóibh. Níor theastuigh san uatha. Grádh ba cheart dóibh a thabhairt do, ach do thugadar fuath dhó. Do chuiradar chun báis é. Soluíd roimh ré ar an obair sin go léir ab eadh an méid sin toirmisg a dh'eirigh an uair sin idir Ióseph agus a dhritháracha. Cuir na h-ais- lingí sgannra ortha le h-eagla go mbeadh aon bhaoghal go dtuitfidís fé smacht an fhir fhóghanta. Is beag d'á chuimhneamh a bhí an uair sin acu go raibh an lá ag teacht a chífadh go h-umhal agus go h-íseal iad, agus go creath- ánach, fé smacht an fhir sin, agus gur bh'iad féin a dhéanfadh an gníomh a thabharfadh an smacht san anuas ortha go daingean! Do dhein a sliocht, leis, an gníomh a thug an smacht anuas ortha go daingean.
XXXV. DÍOLTAR IÓSEPH. Lá áirithe, nuair a bhí clann Iacoib ag tabhairt aire d'á dtreudaibh i n-áit ar a dtugtí Sicem agus an t-athair abhfad gan aon sgéala dh'fhághail uatha, do ghlaoidh sé chuige Ióseph. Tháinig Ióseph. “Táid do bhráithre ag fosaidheacht a dtreud i Sicem, a mhic,” arsa Israél, “agus ní mór dhom tu chur ag triall ortha feuchaint conus atá gach nídh acu.” “Táim ullamh, a athair,” arsan mac. “Tá go maith,” arsan t-athair. “Imthigh agus feuch an bhfuil gach nídh go maith agat' bhráithribh agus ag na treudaibh agus tar chugham thar n-ais leis an dtuairisg.” Do ghluais seisean agus tháinig sé go Sicem. Ní bhfuair sé ann a bhráithre ná na treudta. Bhí sé ag siubhal na h-áite ar a lorg. Do casadh fear air sa mhachaire. D'fhiafraigh an fear de cad a bhí uaidh. “Mo bhráithre atá uaim,” ar seisean “Do mheasas go rabhadar sa n-áit seo ag fosaidheacht a dtreud. B'fhéidir go bhféadfá-sa a dh'innsint dom ca bhfuilid siad.” “D'fhágadar an áit seo,” arsan fear, “ach d'airigheas iad 'ghá rádh go raighdís go Dótáin. D'imthigh Ióseph go Dótáin agus fuair sé sa n-áit sin iad. Nuair a chonacadar uatha é, agus é ag teacht, do mhachtnuighdar 'n-a n-aigne go marbhóchaidís é. “Seo chughainn fear na n-aislingí!” ar siad, le n-a chéile, “Tá sé chómh maith againn é mharbhú agus é chai- theamh síos i seana pholl uisge éigin, agus féadfimíd a rádh gur ith droch bheithidheach éigin é.” Nuair airigh Rúben an chainnt sin agus nuair a chonaic sé an droch fhuadar a bhí fútha, bhí sé a d'iarraidh iad do chosg ar an ndroch ghníomh agus Ióseph do thabhairt saor uatha.
“Ná deinimís a leithéid sin” ar seisean. “Ná marbhuightear é. Ná doirtidh a chuid fola. Caithidh isteach sa pholl so é, atá anso sa n-uaigneas, agus ná bíodh a chuid fola ar ár lámhaibh.” Dubhairt Rúben an méid sin le h-ionachas go bhfaghadh sé caoi ar é bhreith saor uatha. Ní raibh aon uisge sa pholl. Seana thobar ab eadh é agus bhí sé i ndísg. Le linn na cainnte bheith críochnuighthe acu do shrois Ióseph an áit 'n-a rabhadar. Do rugadar láithreach air agus bhaineadar de an chasóg ioldathach agus do cheangaladar é agus chuireadar síos ansa pholl é. Bhí sé ag gol agus ag éigheamh agus 'ghá iarraidh ortha truagh bheith acu dhó agus ní raibh aon mhaith dhó ann. Níor thaisbeánadar truagh ná taise dhó. D'fhágadar ansan thíos sa pholl san é agus do shuidhdar féin chun bídh. Ba chruaidh an gníomh é! Dob olc an gníomh é! Ach a leithéid de ghníomh a dhéanamh agus ansan suidhe síos chun bídh a chaitheamh agus goile bheith acu chun an bhídh, agus iad ag éisteach leis an mbuachaill ag gol thíos sa pholl! Ní fearr bheith ag cainnt ortha. An fhaid a bhíodar ag ithe do bhuail chucha anoir ceannaidhthe a bhí ag dul síos sa n-Éigipt ag díol spíosra agus earraí de'n tsórd san. De shliocht Ismaéil ab eadh na ceannaidhthe. Bhí ualaí acu ar a gcamalaibh. Nuair a chonaic Iúdás, duine des na bráithribh, na ceannaidhthe, do labhair sé: “Feuch, a bhráithre,” ar seisean, “ní maith an rud dúinne fuil an bhuachalla so do bheith ar ár lámhaibh pé ceilt a dhéanfimíd ar an ngníomh. Is fearra dhúinn é dhíol leis na ceannuidhthibh seo agus gan ár lámha do shailiú. Isé ár ndritháir é, ár gcuid fola féin.” Do thoiligh an chuid eile chuige sin. Do thógadar aníos as an bpoll é agus do dhíoladar é leis na h-Ismaelítigh ar fiche píosa airgid, agus do rug na h-Ismaelítigh leó síos é sa n-Éigipt chun é dhíol n-a dhaor.
Ní raibh Ruben láithreach nuair a deineadh an gnó san. Tháinig sé nuair a bhí an obair déanta. Siúd chun an phuill é. Bhí an poll folamh. Ní raibh Ióseph ann. Do ghread Rúben a dhá láimh agus chrom sé ar ghol agus ar a chuid éadaigh do stracadh. “Ó!” ar seisean, “ní'l an buachaill le fághail agus cá dtabharfad- sa aghaidh feasta!” Ní fheidir sé cad é an leath-sgéal a thabharfadh sé dá athair. Shocaruigh an chuid eile leath-sgéal dó. Mharbhuighdar mionán gabhair agus chuireadar fuil an mhionáin ar chasóig Ióseph agus chuireadar teachtaire uatha abhaile leis an gcasóig agus an fhuil uirthi, agus dubhradar, leis an dteachtaire a rádh le n-a athair: “Do fuara- mair an chasóg so. Feuch an í casóg do mhic í nú nách í. XXXVI. IÓSEPH SA PHRÍOSÚN. Nuair a tháinig an teachtaire agus thaisbeáin sé an chasóg ioldathach do Iacob iseadh do tuigeadh cad é an cion a bhí aige ar Ióseph. Bhí an bhuairt chómh mór san air go raibh eagal ar a chlainn go bhfaghadh sé bás. Bhailighdar go léir n-a thímpal agus bhíodar a d'iarraidh sóláis éigin do chur air. Ní raibh aon mhaith dhóibh ann. Ní raibh d'fhreagra aige dhóibh ach go mbéarfadh an bhuairt as an saoghal é ag triall ar Ióseph. Bhí sé deimhnightheach gur bh'amhlaidh a mhairbh droch bheithidheach éigin an mac agus is dócha go raibh milleán mór aige air féin mar gheall ar an mbuachaill do leogaint uaidh i n'aonar ar chuaird chómh fada tré dhúthaigh chómh h-uaigneach. Bhí Ióseph, sa n-am gcéadna san, beirtha síos sa n-Éigipt ag na ceannaidhthibh úd agus é díolta acu n-a dhaor le duin'uasal Éigipteach dá'r bh'ainim Putiphar, ceann airm rí na h-Éigipte. Bhí Ióseph 'n-a dhaor ag Putiphar agus a athair ag brise
a chroidhe sa bhaile ag gol 'n-a dhiaidh, 'ghá mheas go raibh sé marbh, ithte ag droch bheithidheach allta éigin, agus go raibh a chnámha ag feóchadh fé'n ngréin ar an ngainimh thirm amuich sa n-uaigneas. Níor bh'fhada gur thug Putiphar fé ndeara go raibh daor ana thairbhtheach fághalta aige, ní h-eadh ach nár dhaor a bhí fághalta aige ach seir- bhíseach a bhí dílis tuisgionach imghníomhach deagh-ghnóthach, nár mhiste iontaoibh a bheith as, agus go raibh rath ó Dhia ar an uile shaghas gnótha n-a raibh aon lámh aige ann. Níor bh'fhada go raibh cúram an teaghlaigh go léir fágtha ar Ióseph agus gan aon fheuchaint i ndiaidh aon ruda ag Putiphar. Do chuir Dia an rath ar an dteaghlach agus ar gach nídh d'á raibh ann, ar son Ióseph. Do mheuduigh saidhbhreas an duin'uasail thar na beartaibh, a gan fhios dó, agus gan aon eólus aige ach ar an mbia a dh'itheadh sé. Bhí san go maith ar feadh tamail. Óig-fhear ana- dhathamhail ab eadh Ióseph. Tháinig grádh peacamhail ag mnaoi an duin'uasail dó. Bhí sí abhfad a d'iarraidh é mhealladh chun peaca a dhéanamh léi. Ní dhéanfadh. Dubhairt sé léi ná déanfadh sé peaca chómh mór i n- aghaidh Dé, ná feall chómh mór ar an nduin'uasal fhóghanta n-a raibh a leithéid d'iontaoibh aige as. Níor chuir san cosg léi. Do lean sí ar an dtathant i dtreó go raibh sé ciapaithe aici. Fé dheire do thárla go raibh gnó éigin aige le déanamh i bpáirt éigin de'n tigh n-a raibh sé i n'aonar ann. Tháinig sí chuige agus do rug sí air agus d'iarr sí air an peaca do dhéanamh léi. Thug sé iaracht ar é féin do stracadh uaithi. Bhí greim dain- gean aici ar chasóig air. Do sgaoil sé léi an chasóg agus do rith sé as an áit. D'eirigh buile feirge uirthi. Do rith sí amach n-a dhiaidh agus an chasóg 'n-a láimh aici agus gach aon sgread agus gach aon liú aici. “Feuch,” ar sisi, “an cor atá orainn aige!” Bhí na seirbhísigh eile ag cruinniú. “An fear iasachta so, an t-Eabhrach so a tugadh chughainn níor bh'fholáir leis éigean a dhéanamh
orainn dá bhféadadh sé é!'' Agus do thaisbeáin sí an chasóg mar dheimhniú ar an sgéal. Bhí Putiphar as baile an uair chéadna. Nuair a tháinig sé abhaile thug sí aghaidh air mar gheall ar an bhfear iasachta do thabhairt isteach sa n-áit chun easonóra thabhairt di. “Do liúghas go h-árd,” ar sisi, “agus do rith sé leis féin ach do chímeádas a chasóg. Feuch, sin í í.” Do rugadh ar Ióseph agus do cuireadh isteach fé ghlas go daingean é i bpríosún an rí. Déarfadh duine go raibh an sgéal go h-olc ag Ióseph ansan. Déarfadh duine b'fhéidir gur mhór an iongna a rádh go leogfadh Dia na Glóire do chuirptheach mná a leithéid de dhroch iaracht do thabhairt, ar dtúis, fé dhuine macánta, agus ansan a leithéid de bhréig mhalluighthe do chur air. Ach feuch cad a thuit amach. Níor bh'fhada gur thug máighistir an phríosúin Ióseph fé ndeara agus gur thuig sé cad é an saghas é. Do thuig sé nár mhiste dhó iontaoibh a bheith aige as. Do thuig sé, leis, gur dhuine Ióseph n-a ndéanfadh a chainnt agus a chómhluadar tairbhte dos na príosúnachaibh eile, ag tabhairt foidhne dhóibh agus ag cur sóláis ortha le n-a chneastacht agus le n-a chiall. Níor bh'fhada gur fágadh idir phríosún agus príosún- aigh fé smacht agus fé órdú agus fé stiúrú Ióseph ar fad! Sin mar a bhain Dia na Glóire an nimh dhó as an eugcóir a deineadh air. XXXVII. AISLINGÍ Á MÍNIÚ. An fhaid a bhí Ióseph sa phríosún do thárla go raibh beirt seirbhíseach ag Pharó agus gur dhein gach fear acu rud éigin a chuir fearg ar an rí. Do cuireadh isteach iad sa phríosún chéadna n-a raibh Ióseph ann. Do thug máighistir an phríosúin suas do Ióseph iad le cimeád. Thug Ióseph aire dhóibh agus bhí sé cneasta
leó. Suim aimsire tar éis iad do theacht ann do tais- beánadh aisling do gach fear acu. Tháinig Ióseph chucha ar maidin, tar éis na h-oidhche n-ar taisbeánadh na h-ais- lingí dhóibh. Chonaic sé go raibh buairt éigin aigne ortha, buairt mhór éigin. Do labhair sé leó go cneasta:— “Cad é seo oraibh indiu,” ar seisean leó, “seachas aon mhaidean eile d'á dtánag ag triall oraibh? Tá trioblóid éigin oraibh ná raibh oraibh cheana. Innsidh dom cad é an rud é, feuchaint an bhféadfinn aon tairbhthe dhéanamh daoibh.” “Do deineadh dhá thaibhreamh dúinn,” ar siad. “Do taisbeánadh aisling do gach duine againn agus níl aoinne againn chun na n-aislingí do mhíniú dhúinn.” “Nách ag Dia atá aislingí do mhíniú?” arsa Ióseph leó. “Innsidh dómhsa,” ar seisean, “na neithe a tais- beánadh daoibh.” D'innis an chéad fhear an aisling a taisbeánadh dó féin. B'é a ghnó, sar ar cuireadh isteach é, bheith ag dáil fíona ar an rí. “Do samhluigheadh dom,” ar seisean, “go bhfeaca ar m'aghaidh amach fineamhain agus trí géaga uirthi agus chonac an duilleabhar ag teacht ar na géagaibh, i n-áit a chéile, agus ansan na bláthana, agus annsan na caora, agus iad aibidh, agus bhí cupán an rí am' láimh agam, agus d'fháisgeas an fíon as na caoraibh isteach sa chupán agus thugas do'n rí é, do Pharó.” “Sidé brígh na h-aislinge sin,” arsa Ióseph: “Trí lá iseadh na trí géaga a chonaicís. I gcionn trí lá cuimhneóchaidh Pharó ort-sa agus béarfar thar n-ais as so thu agus curfar ag déanamh na h-oibre céadna airís tu, ag dáil an fhíona ar an rí. Agus anois,” arsa Ioseph, “nuair a bheidh tú ar do shásacht airís ná dear- maid mise. Abair leis an rí gur deineadh eugcóir mhór orm, gur b'amhlaidh a fuadaigheadh mé ó m' dhúthaigh féin, ó dhúthaigh na n-Eabhrach, agus nách mar gheall ar aon rud a dheineas féin as an slighe ach le h-éitheach
trom a chur orm, do cuireadh isteach sa charcair seo mé. Agus iarr ar Pharó mé thógaint amach as.” Fuineadóir ab eadh an seirbhíseach eile. Nuair a chonaic sé conus mar a foillsigheadh brígh na céad aislinge d'innis sé an aisling a taisbeánadh dó féin. “Do samhluigheadh dom,” ar seisean, “go raibh trí ciseán ar mo cheann agam; agus go raibh an ciseán uachtarach acu lán de gach saghas bídh dá ndeintear de mhin; agus go dtáinig na h-éanlaithe agus gur itheadar an bia as an gciseán uachtarach.” “An trí lá so atá le teacht na trí ciseáin sin,” arsa Ióseph. “Tar éis na dtrí lá béarfar as so tú, le h-órdu an rí, agus bainfar an ceann díot agus curfar do chorp ar chroich agus íosfid na h-éanlaithe do chuid feóla.” An trímhadh lá n-a dhiaidh san b'é lá geineamhna an rí é agus do chuimhnigh an rí ar fhear an fhíona dháil air agus chuir sé fios air agus chuir sé i n-áit féin airís é. Do cuireadh fios ar an bhfuineadóir leis, agus do baineadh an ceann de agus do crochadh an chorp, fé mar a mhínigh Ióseph an aisling. Déarfadh aoinne gur chóir go gcuimhneóchadh fear an fhíona do dháil, go gcuimhneóchadh sé ar an bpríosúnach a mhínigh an aisling dó. Níor chuimhnigh. Chómh luath agus bhí sé thar n-ais i dteaghlach an rí ag déanamh a ghnótha féin agus deaghmhéinn an rí airís aige agus comhluadar na n-uasal agus umhluigheacht ós na seir- bhísigh eile a bhí fé n-a láimh aige i dteaghlach Pharó, níor chuimhnigh sé a thuille ar Ióseph ná ar an bpríosún ná ar an eugcóir a deineadh, agus a bhí á déanamh fós ar Ióseph. Thug Ióseph dhá bhliain eile sa charcair. Ansan do thuit rud amach a chuir fhiachaint ar fhear an fhíona cuimh- neamh air. Do taisbeánadh aisling iongantach do'n rí féin, do Pharó. Ní h-aon aisling amháin a tais-
beánadh dó, ach dhá aisling; agus chuireadar a leithéid sin de sgannra air nár fhéad sé a thuille de'n oidhche sin a chodladh. XXXVIII. AISLINGÍ. Dhá bhliain tar éis na h-aimsire n-ar taisbeánadh na h-aislingí do'n bheirt seirbhíseach sa phríosún do taisbeánadh aisling do'n rí, do Pharó féin. Do samhluigheadh dó go raibh sé n-a seasamh ar bruach na h-abhan. Chonaic sé seacht cinn de bhuaibh breághtha ramhara ag teacht as an uisge aníos agus chromadar ar inníor ar an bport. Bhíodar tamal mar sin ag inníor ar a suaineas agus ansan tháinig seacht cinn eile de bhuaibh a bhí go grána agus go caol agus go h-ocrach aníos as an uisge agus d'itheadar na seacht mba ramhara. Le n-a linn sin do dhúisigh Pharó as a chodladh. Bhí sé ag cuimhneamh ar an aisling, ar na ba caola agus ar na ba ramhara agus ar conus mar a dh'ith na ba caola na ba ramhara agus do thuit a chodladh airís air. Ansan do taisbeánadh aisling eile dhó. Do samhluigheadh dó go bhfeacaidh sé seacht ndiasa arbhair ar aon chois amháin agus iad go breágh agus go lán agus go téagartha. Bhí sé ag feuchaint ortha agus ag déanamh iongna dhíobh. Le n-a linn sin tháinig seacht ndiasa eile agus iad go caol agus go grána agus go meathluighthe, agus d'itheadar na diasa ramhara. Do dhúisigh Pharó agus nuair a chuimhnigh sé ar an dá aisling sin a tháinig chómh gléineach san chuige i ndiaidh a chéile do thuig sé go raibh brígh éigin uathbhásach leó agus tháinig buairt aigne air agus sgannra agus creathán. Chómh luath agus tháinig an lá chuir sé fios mórthímpal na h-Éigipte ar an lucht eóluis ab fhearr
a bhí le fághail chun brígh aislingí do nochtadh. Thánadar. D'innis sé an dá aisling dóibh. Níor thuigeadar iad. Do theip ortha go léir a dhéanamh amach cad é an brígh a bhí leó agus d'admhuighdar gur theip. Ansan iseadh chuimhnigh fear an fhíona ar Ióseph. “Ó,” ar seisean, “admhuighim mo pheaca! Tá dearmhad mór déanta agam. Bhí fearg ar an rí chugham-sa agus chun fir cinn na fuineadóireachta agus d'órduigh sé sinn a chur isteach i gcarcair an rí. An fhaid a bhíomair istigh ann do taisbeánadh dúinn araon dhá aisling, aisling do gach duine againn. Bhí 'fhios againn go raibh brígh fáistineach le gach aisling díobh ach ní raibh fhios againn cad é an brígh é. Bhí ógánach Eabhrach sa charcair an uair chéadna, seirbhíseach do'n cheann airm. D'innsea- mair na h-aislingí dhó agus do nocht sé a mbrígh agus tháinig gach nídh fé mar adubhairt sé a thiocfadh; óir do cuireadh mise thar n-ais anso ag déanamh mo ghnótha féin agus do crochadh an fear eile, díreach mar adubhairt an t-ógánach Eabhrach a thuitfadh amach.” Do comáineadh teachtaireacht chun siubhail láithreach agus, le h-órdú an rí do tógadh Ióseph amach as an gcarcair agus do bearradh é agus do nigheadh agus do glanadh é agus do cuireadh éadach nua uime agus do tugadh i lathair an rí é, agus d'innis an rí a sgéal dó. “Do chonac aislingí,” arsan rí, “agus ní féidir le h-aoinne an brígh atá leó do nochtadh dhom. Airighim go bhfuil árd thuisgint agat-sa i neithibh de'n tsórd san.” “Am' éaghmuis-se,” arsa Ióseph, “tabharfidh Dia freagra rathmhar do Pharó.” Ansan d'innis Pharo na neithe a chonaic sé. “Do samhluigheadh dom,” ar seisean, “go rabhas am seasamh ar bruach na h-abhan agus go dtáinig aníos as an abhainn seacht mba breághtha beathuighthe agus go rabhadar ag inníor ar an glasara a bhí ar bruach
na h-abhan. Agus ansan do tháinig aníos as an abhainn, 'n-a ndiaidh sin seacht mba eile agus iad chómh caol chómh grána, chomh h-ocrach san ná feaca riamh sa n-Éigipt a leithéidí le gráinneacht. D'iompuighdar ar na buaibh breághtha ramhara agus d'itheadar iad, ach má itheadar níor chuir san aon fheabhas ortha féin. D'fhanadar chómh caol, chómh h-ocrach agus bhíodar sar ar itheadar na ba fóghanta. Ansan do dhúisigheas as mo chodladh agus i gceann tamail do thuit mo chodladh airís orm. Sa tarna codladh do taisbeánadh aisling eile dhom. Do chonac seacht ndiasa agus iad ar aon chois amháin agus iad go breágh agus go téagartha agus go saidhbhir. Ansan d'eirigh seacht cinn eile agus meathalú ortha agus iad ag feuchaint go mí-rathmhar agus go caol, agus d'itheadar na diasa fóghanta. Táim tar éis na n-aislingí a dh'innsint dom' lucht eóluis agus ní féidir le h-aoinne acu a mbrígh do nochtadh dhom.” “Aon bhrígh amháin,” arsa Ióseph, “atá le dhá aisling an rí. Seacht mbliana flúirse atá le teacht ar an Éigipt iseadh na seacht mba ramhara breághtha agus na seacht ndiasa fóghanta, agus seacht mbliana gorta atá le teacht 'n-a ndiaidh sin iseadh na seacht mba ocracha agus na seacht ndiasa caola meathluighthe. XXXIX. IÓSEPH I GCOMHACHT. “Tá le teacht anois, a rí, ar an Éigipt go léir seacht mbliana rathmhara, flúirseacha, agus beidh toradh na talmhan níos iomadamhla go mór 'ná mar a bheidh gádh ag daoine leis, i gcaitheamh na seacht mblian san. Ansan tiocfidh seacht mbliana gorta agus ganachúise agus beidh an t-easnamh chómh dian san ná beidh aon chuimhneamh ar an bhflúirse. Íosfid na droch bhlianta an flúirse go léir fé mar a dh'ith na ba ocracha na ba ramhara nú
fé mar a dh'ith na diasa caola na diasa fóghanta. Agus so, a rí. Isé cuis n-ar taisbeánadh do'n rí an dá aisling agus an t-aon bhrígh amháin leó 'ná chun deimhne agus déine an sgéil do chur i n-iúil; chun a chur i n-iúil go bhfuil brígh na n-aislingí le cómhlíonadh láithreach, gan aon ríghneas aimsire. Agus anois, a rí, ó táid na seacht mbliana rathmhara le teacht láithreach, do chómhairle- óchainn-se do'n rí fear eólguiseach ciallmhar tuis- gionach do thoghadh agus é chur ós cionn na h-Éigipte, agus leogaint dó san maoir do cheapadh agus iad do chur os cionn na gcríoch go léir, agus a thabhairt mar ghnó dhóibh le déanamh an cúigmhadh cuid d'arbhar na tíre do thógaint gach aon bhliain agus é chur isteach i sgiobólaibh, fé chumas an rí, ins na catharachaibh ar fuid na tíre, agus é chimeád i gcóir na seacht mblian gorta atá le teacht 'n-a dhiaidh san. Ansan nuair a thiocfidh an gorta beidh an t-arbhar san ann agus cimeádfar na daoine gan bás d'fhághail leis an ocras.” Do thaithn an chómhairle sin go mór le Pharó agus le lucht a theaghlaigh, agus dubhairt sé leó: “An féidir dúinn fear eile de'n tsórd san d'fhághail, agus é lán de sprid Dé? Agus anois,” ar seisean le Ióseph, “ó thaisbeáin Dia dhuit-se na neithe sin go léir atá innste agat, an féidir dom fear is eagnaighe 'ná thu dh'fhághail chun na h-oibre sin a deirir a dhéanamh? Ní féidir. Dá bhrígh sin cuirim thusa anois os cionn mo theaghlaigh agus cuirim do smacht os cionn na ndaoine go léir. Ní bheidh os do chionn-sa ach an t-aoinne amháin, .i. mise féin.” Agus dubhairt sé airís le Ióseph, “Feuch, táir curtha agam anois os cionn tíre na h-Éigipte go léir.” Agus thóg sé fáinne a bhí ar a láimh féin agus chuir sé ar a láimh-sean é agus chuir sé brat sróil uime agus chuir sé slabhra óir fé n-a mhuineál. Annsan chuir sé fhiachaint air suidhe isteach sa tarna carbad a bhí aige féin agus gluais- eacht amach ar fuid na h-áite agus fear fógartha
roimis 'ghá rádh leis na daoine go léir glúin do chromadh dhó agus a fhios a bheith acu go raibh sé i n'uach- tarán os cionn na h-Éigipte go léir. Agus dubhairt an rí leis 'n-a theannta san, “Mise Pharó agus ní leómhfidh duine cor a chur de chois leis ná de láimh leis i dtalamh na h-Éigipte, ach do réir do thoile-se.” Ansan d'atharuigh sé ainim Ióseph agus thug sé mar ainm air “Slánuightheóir an domhain,” sa teangain Éigipteach. Siné brígh atá leis an bhfocal Éigipteach a thug sé mar ainim air. Ansan thug sé bean le pósadh dó, Asenet a h-ainim, agus inghean ab eadh í do Phutiphar, do shagart i Heliopolis. Is dóich le daoinibh áirithe gur bh'é an Putiphar céadna úd é a bhí 'n-a chaptaen ar arm an rí. Measaid daoine eile nár bh'é. Bhí Ióseph deich mbliana fichid an lá do cuireadh os cionn na h-Éigipte é. Do ghluais sé amach láithreach agus thug sé cuaird mórthímpal na h-Éigipte ag cur i dtreó i gcóir an fhlúirse a bhí le teacht. Tháinig an flúirse. Bhí an chruithneacht chómh flúirseach san gur cuireadh i gcomparáid í le gainimh na trágha. Nuair a bhí ar theastuigh ós na daoine dhi ídighthe, bhí oiread san fágtha dhi nár dhóich le duine gur h-ídigheadh aon chuid di. Do cruinnigheadh isteach ins na sgiobólaibh í, fé stiurú Ióseph agus fé chumas an rí. 'Sé sin le rádh ba le Pharó an chruithneacht a cuireadh ins na sgiobólaibh. Ní raibh aon chál ag aoinne eile chúichi feasta. Do leanadh ag cruinniú an arbhair ar an gcuma san i gcaitheamh na seacht mblian, i dtreo nár bh'fhios cad é an méid arbhair a bhí i sgiobólaibh na h-Éigipte um an dtaca 'n-a raibh na seacht mbliana caithte. Ansan do thosnuigh na droch bhlianta ar theacht. Tháinig meathlú ar gach aon rud a bhí ag fás aníos as an dtalamh. Is dócha go raibh rainnt arbhair ag na daoine féin i gcimeád tar éis na h-aimsire fóghanta. Má bhí ba ghairid le dul é nuair a stad an fás. Níor bh'fhada go rabhadar ag teacht ag triall
ar an rí ghá iarraidh air bia thabhairt dóibh. Dubhairt an rí leó dul ag triall ar Ióseph. Thug Ióseph a ndóithin arbhair dóibh, ach is le ceannach a thug sé dhóibh é. Do ceannaigheadh uatha-san é nuair a bhíthas 'ghá thabhairt isteach. XL. AN GORTA. Tháinig an meathlú arbhair agus an ghanachúise bídh ins gach tír eile mórthímpal chómh maith leis an Éigipt, ach ní raibh an t-ullmhú déanta ins na h-áiteannaibh eile mar a bhí déanta sa n-Éigipt. Do h-airigheadh ins na h-áiteannaibh eile go raibh arbhar dh'á dhíol sa n-Éigipt agus thosnuigh daoine ar theacht as gach áird chun an arbhair do cheannach. Thosnuigh saidhbhreas ar theacht isteach an uair sin go tiugh chun rí na h-Éigipte. Ansan iseadh do thuig sé i gceart feabhas na cómhairle a thug Ióseph dó nuair a chómhairligh sé dhó an t-arbhar do chur i gcimeád ins na sgiobólaibh. Ní raibh aon bhaoghal go dtiocfadh aon dreó air an fhaid a bheadh sé istigh mar do fágadh an gráinne gan deighilt ó'n dtuighe, agus an fhaid a fágfí mar sin é do sheasóchadh sé foláin sa sgioból ar feadh deich mblian agus dachad, dá mba ghádh é, ach an ghaoth do chimeád uaidh. Is dócha gur deineadh na sgiobóil i dtreó nár bh'fhéidir luch ná francach do dhul isteach ionta. Bhí an t-ocras dian sa tír n-a raibh athair Ióseph agus a dhritháracha 'n-a gcómhnuighe ann. Do labhair Iacob le n-a chlainn mhac: “Airighim,” ar seisean, “go bhfuil cruithneacht dhá díol thíos sa n-Éigipt. Imthighidh síos agus ceannaighidh cuid di dhúinn nú gheóbhmíd bas do'n ghorta.” Do ghluais deichniúbhar acu. Ní leogfadh Iacob dóibh Beniamin do bhreith leó le h-eagla go n-imtheóchadh
aon droch nídh air. Chuadar isteach i dtír na h-Éigipte, iad féin agus a lán eile a chuaidh síos ar an ngnó gcéadna. Bhí an gátar go cruaidh i dtír Chanaain go léir agus bhí gach aoinne n-a raibh an gustal aige chuige ag dul síos sa n-Éigipt chun an arbhair do cheannach agus do thabhairt abhaile. Bhí Ióseph 'n-a phriúnsa ar an Éigipt go léir. Má ba mhór a chómhacht an fhaid a bhí an flúirse ann agus an fhaid a bhí an t-arbhar aige 'á chur isteach ins na sgiobólaibh ba mhó 'ná san, má b'fhéidir é, a chómhacht nuair a bhí an t-arbhar 'á dhíol agus an t-airgead ag teacht isteach, 'n-a charnaibh chun an rí. Tháinig an deichniúbhar, i dteannta na ndaoine iasachta eile ó'n dtír chéadna agus d'umhluighdar do phriúnsa na h-Éigipte fé mar a dh'umhluigh cách dó. D'aithin seisean iad-san láithreach ach níor aithnighdar-san eisean i n-aon chor. Ní raibh aon choinne ar domhan acu ná gur phriúnsa Éigipteach a bhí os a gcómhair agus iad ag umhlú dhó. Níor leog sé air gur aithin sé iad. Marar dhein, do leog sé rud eile air. Do leog sé air go raibh droch amhras éigin ortha; gur thuig sé gur lucht brath iad a bhí tagaithe ó thír éigin namhdamhail chun a dh'fheisgint cad é an neart armála a bhí i dtír na h-Éigipte agus cad é an treó chosanta a bhí uirthi. D'fheuch sé ortha go feargach agus go dubh. Ansan do labhair sé leó go géar. “Cad as daoibh-se?” ar seisean. “Ó thír Chanaain, a rí,” ar siad, go h-umhal. Thána- mair ag ceannach arbhair chun bídh dúinn féin, agus d'ár muinntir.” Nuair a chonaic sé ag umhlú dhó iad agus gan aithne acu air do chuimhnigh sé ar na h-aislingíbh úd a taisbeánadh dó nuair a bhí sé óg agus iad go léir sa bhaile. “Tuigim-se sibh go maith,” ar seisean, “lucht brath iseadh sibh. Thánbhúir anso ag ceannach arbhair mar
dh'eadh. Ní chuige sin a thánbhúir ach chun eóluis d'fhághail ar an dtír seo, ar a neart agus ar a laige, agus an t-eólus do bhreith libh ag triall ar namhaid!” “Ní h-eadh! Ní h-eadh i n-aon chor, a rí!” ar siad san, “Clann aon fhir amháin iseadh sinn, chun do seirbhíse, a rí uasail. I síothcháin iseadh do thánamair anso chun bídh do cheannach. Ní'l aon droch nídh ar aigne againn, a rí, chun do seirbhíse.” “Ní fíor bhúr gcainnt!” ar seisean leó, “is deimhin liom gur lucht brath sibh.” Ní h-eadh, a rí onóraigh,” ar siad, “dáréag drithár sinn, chun do sheirbhíse, a rí, clann aon fhir amháin i dtír Chanaain. Tá an dritháir is óige againn sa bhaile ag ár n-áthair. Do cailleadh an dritháir eile, agus tá deichniúbhar againn anso.” “Is fíor an rud adeirim,” ar seisean, “lucht brath agus spiaireachta iseadh sibh. Ach déanfad-sa deimhniú anois air gur lucht brath sibh. Dár sláinte Pharó, ní fágfidh sibh-se an áit seo go dtagaidh an dritháir óg so adeirthí go bhfeicead é. Imthigheadh duine agaibh soir abhaile agus tugadh sé chugham anso an dritháir óg san. Cimeádfar sibh-se i bpríosún anso go dtagaidh sé agus go mbeidh 'fhios agam an fírinne nú éitheach atá agaibh 'á innsint dom. Dar sláinte an rí ach mara nglanaidh sibh sibh féin ar an gcuma san is deimhin gur lucht brath sibh.” Agus thug sé do lucht cimeádta iad le cur sa phríosún. XLI. SIMEÓN SA PHRÍOSÚN. Do fágadh sa phríosún iad ar feadh trí lá agus trí oidhche. Ansan do tugadh amach iad agus do tugadh i láthair an phriúnsa airís iad:— “Deinidh an rud
adubhart libh,” ar seisean leó, “agus leogfar bhúr n-anam libh. Ní duine gan eagla Dé air mise. Níor mhaith liom eugcóir a dhéanamh oraibh. Má's daoine macánta sibh, fágaidh aoinne amháin agaibh anso agus imthigheadh an chuid eile abhaile agus beiridís leó an t-arbhar atá ceannaighthe agaibh. Ansan tugaidís chugham anso an dritháir óg atá agaibh i dtreó go bhféad- fad fírinne bhúr gcainnte do theastáil, agus ná beidh orm sibh do chur chun báis.” Dheineadar mar adubhairt sé leó. Ansan bhíodar ag cainnt eatartha féin. “Ní'l aon nídh tagaithe orainn sa ghnó so go léir,” ar siad, “ach an rud atá tuillte againn mar gheall ar an ndroch bheart a dheine- amair ar ár ndritháir! Chonacamair an ghuais 'n-a raibh sé agus é 'ghá iarraidh orainn gan a leithéid do dhéanamh air agus níor thugamair aon toradh air. Mar gheall air sin iseadh atá an cruadhtan so tagaithe orainn.” “Ná dubhart-sa libh gan an droch bheart a dhéanamh ar an mbuachaill,” arsa Rúben, “agus ní dhéanfadh sibh rud orm! Tá a chuid fola d'á h-éileamh anois orainn!” Bhí Ióseph ag éisteacht leo. Measadar nár thuig sé iad ach do thuig sé an uile fhocal uatha. As an Eabhrais iseadh do labhradar eatartha féin. Bhí fear teangan ag cur a gcainnte sa teangain Éigipteach an fhaid a bhí Ióseph ag cainnt leó, mar níor leog sé air gur thuig sé a gcainnt. Do thuig. Agus nuair airigh sé ag cainnt eatartha féin iad agus iad ag admháil na h-eugcóra a dheineadar air, tháinig tocht aigne agus croidhe air agus d'imthigh sé i leith taoibh as a radharc agus bhí sé ag gol go bog ar feadh tamail. Nuair a bhí an tocht san curtha dhe aige tháinig sé thar n-ais chucha. Ansan do chuir sé, os a gcómhair, na ceangalacha ar Shimeón, agus dubhairt sé leis na seirbhísigh na málaí do líonadh dhóibh de chruithneachtain agus an t-airgead a dhíoladar do chur thar n-ais chun
gach fir acu, i mbéal a mhála, agus n-a theannta san bia i gcóir an bhóthair a thabhairt dóibh. Do deineadh san. Chomáineadar leó agus an t-arbhar acu. Do stad- adar ag tigh ósta. D'osgail duine acu an mála a bhí aige chun bídh a thabhairt d'á asal. Fuair sé an t-airgead i mbéal an mhála! Tháinig sgannra air. Ghlaoidh sé ar an gcuid eile. “Feuch,” ar seisean, “do tugadh an t-airgead thar n-ais domh-sa. Feuch anso é i mbéal an mhála agam.” Tháinig sgannra agus eagla ortha agus sgeit 'n-a gcroidhe. “Ó,” ar siad le n-a chéile: “Cad é an nídh é seo atá déanta ag Dia orainn!” Thánadar abhaile ag triall ar Iacob agus d'inn- seadar a gcúrsaí dhó. “Do labhair tighearna na h-Éigipte go h-ana chruaidh linn. Dubhairt sé gur lucht brath sinn agus gur ó namhaid éigin a thánamair, ag spiaireacht ar an dtír. Dubhramair leis gur dhaoine síothchánta sinn agus ná raibh aon nídh i bhfuirm fill 'á bheartú againn. Gur dháréag drithár sinn, clann aon fhir amháin; go raibh duine de'n dáréag tar éis bháis agus go raibh duine eile, an t-é ab óige, sa bhaile i dteannta a athar i dtír Chanaain. Dubhairt sé linn láithreach; “Beidh fhios agam anois ce' cu fírinne nú éitheach atá agaibh á innsint dom agus ce' cu lucht brath sibh nú daoine macánta. Cimeádfad duine agaibh anso 'n-a phríosúnach agus imthigheadh an chuid eile agaibh abhaile, agus beiridh libh an t-arbhar so atá ceannaighthe agaibh, agus ansan tugaidh chugham anso an dritháir óg so atá agaibh, i dtreó go mbeidh 'fios agam nách lucht brath sibh agus go bhféadfad an príosúnach so do thabhairt daoibh, agus neart a bheith agaibh as san amach ar theacht agus bhúr ngnó dhéanamh mar aon daoine eile!” Nuair a bhí an méid sin innste acu d'á n-athair d'osgaladar na málaí cruithneachtan agus cad a
bheadh ach an t-airgead a dhíol gach fear acu as a raibh sa mhála aige, é ansúd go cruinn fillte socair i mbéal an mhála airís aige! Ansan iseadh thuit a lug ar a lag ar fad acu go léir. “Ó,” arsa Iacob, “táim fágtha gan chlainn agaibh. Tá Ióseph tar éis bháis. Tá Simeón 'n-a phríosúnach thíos sa n-Éigipt anois ní foláir libh Beniamin do bhreith uaim!” “Tá beirt mhac agam-sa,” arsa Rúben. “Bídís i ngeall agat agus dein iad do chur chún báis mara dtugad-sa Beniamin thar n-ais chughat. Tabhair suas dómhsa é agus tabharfad-sa thar n-ais chughat é.” “Ní thabharfad,” arsa Iacob. “Ní raghaidh mo leanbh libh síos. Tá a dhritháir marbh, agus ní'l agam anois ach é féin.” XLII. BENIAMIN I LÁTHAIR IÓSEPH. Bí Iacob lán cheapaithe ar gan Beniamin do leo- gaint uaidh síos sa n-Éigipt. Bí an méid cruithneachtan a tugadh aníos, amhthach, bhí sé nách mór ídighthe agus níor bhfoláir dul síos agus tuille thabhairt aníos nú bás d'fhághail, mar bhí an gorta agus an t-uireasba go h-uathbhásach sa tír. “Imthighidh síos sa n-Éigipt,” arsa Iacob, le n-a mhacaibh, “agus ceannaighidh bia dhúinn agus tugaidh chughainn é le n-ithe.” “Níl aon ghnó síos againn gan Beniamin a bheith i n-aonfheacht linn,” arsa Iúdás. “Dubhairt an fear úd linn, agus thug sé dearbhú dian ann, ná faighmís aon radharc ar a ghnúis mara mbéarfimís síos ár ndritháir i n-aonfheacht linn. Má's maith leat-sa é leogaint linn raighmíd síos agus ceannóchaimíd an
bia. Mara leogair linn é ní raighmíd. Dubhairt sé siúd an chainnt ró chruaidh.” Gan amhras bhí eagal ortha go mb'fhéidir dá dtéidís síos gan Beniamin i n-aonfheacht leó go ndéarfí gur lucht brath dáiríribh iad agus go gcuirfí chun báis iad nú go ndíolfí 'n-a ndaoraibh iad. “Dheinbhúir go cruaidh orm-sa é,” arsa Iacob, “agus a dh'innsint dó go raibh aon dritháir sa bhaile i nbúr ndiaidh. Cad ba ghádh dhíbh trácht i n-aon chor ar Bheniamin!” “Do cheistigh sé sinn i ndiaidh a chéile do réir ár sín- sireachta, an méid a bhí ann againn. D'fhiafraigh sé dhínn an raibh ár n-athair beó, agus an raibh aon drith- áracha eile againn. Thugamair freagra do réir fírinne ar gach ceist fé mar a cuireadh chughainn í. Conus fheadfimís-ne a chuimhneamh go ndéarfadh sé linn ár ndritháir a bhreith síos ag triall air! Cuir-se Beniamin ar mo láimh-se,” arsa Iúdás, “agus mara dtugad slán chughat tar n-ais é bíodh san de peaca orm ad' láthair go deó. Dá leogthá linn é nuair a dh'iarramair ort é leogaint linn bheadh an chuaird tabhartha againn fadó agus bheadh an bia againn agus ní bheimís i riocht dul chun báis leis an ocras mar atáimíd, sinn féin agus ár mná agus ár gclann.” B'éigean do Iacob aontú. “Tá go maith,” ar seisean, “imthighidh oraibh agus téidheadh an buachaill libh. Caithfimíd bia dh'fhaghail pé rúd atá le h-imtheacht orainn. Ach beiridh libh tabharthaistí daora, tairbh- theacha, agus tugaidh do'n phriúnsa san iad, feuchaint an mbogfidís é. Beiridh libh, mar an gcéadna, an t-airgead úd a cuireadh ins na málaíbh chughaibh an turas deirineach agus tugaidh uaibh é mar ní libh é, agus beiridh libh, n-a theannta an t-airgead a cheannó- chaidh an chruithneacht a thabharfidh sibh abhaile an turas so. Agus go ndeinidh Dia n-uile chomhacht croidhe cruaidh an fhir sin do bhogadh dhíbh agus é dhéanamh
cneasta libh i dtreó go dtabharfidh sibh chugham abhaile an fear atá 'n-a phríosúnach aige agus mo mhac Beniamin. Bead-sa anso i nbúr ndiaidh sa bhaile gan chlann, tar éis mo chlainne go léir.” Do sholáthruighdar cuid mhór des na neithibh daora ná raibh le fághail sa n-Éigipt, a lán saighseana spíosra, neithe ana luachmhara, rudaí n-a raibh ana dhúil ag uaisle na h-Éigipte ionta. Chuireadar chucha leis, dúbailt airgid. Ansan do ghluaiseadar féin agus Beniamin agus chomáineadar leó síos. Do shroiseadar an áit thíos. Do tugadh i láthair Ióseph iad. Chonaic sé iad agus chonaic sé Beniamin, an mac eile a bhí agá mháthair féin, ag Rachel. Thug sé órdú d'á stíbhard dínnéar d'ullmhú dhóibh 'n-a thigh féin mar go gcaithfidís bia chaitheamh 'n-a chuibhrean féin an lá san nuair a thiocfadh meadhan an lae. Do dhein an stíbhard mar a dubhradh leis. XLIII. CÓIR MHAITH. Tháinig an stíbhard ag triall ar mhacaibh Iacoib agus dubhairt sé leó teacht isteach i dtigh an phriúnsa agus gur i bhfochair an phriúnsa do chaithfidís a ndínnéar a dh'ithe an lá san nuair a bheadh meadhan an lae ann. Tháinig sgannra agus uathbhás thar na beartaibh ortha nuair airighdar an chainnt sin. Thugadar aghaidh ar dhorus tighe an phriúnsa chun dul isteach fé mar a dubhradh leó. Do labhradar eatartha féin agus iad ag déanamh ar an ndorus. “Á!” ar siad le n-a chéile, “an t-airgead a cuireadh ins na málaíbh chughainn fé ndear an obair seo! Is amhlaidh atáthar chun a chur i n-ár leith gur chimeádamair an t-airgead agus nár dhíolamair as a bhfuaramair
an uair sin. Táthar chun sinn do dhaoradh ann anois agus sinn féin agus ár n-asail do dhíol nú do chimeád i ndaoirse.” Nuair a bhíodar sa dorus do labhradar leis an stíbhard. “A leithéid seo, a dhuin'uasail,” ar siad, go h-umhal. “Thánamair-ne anso cheana ag ceannach arbhair agus do dhíolamair as an arbhar a tugadh dúinn an uair sin. Nuair a chuamair abhaile ámhthach, agus nuair a dh'osgalamair na málaí do fuaramair an t-airgead ins na málaíbh i dteannta an arbhair. Thugamair linn an t-airgead san anois ag triall ort. Sidé é, feuch, i n-iomláine. Glac uainn anois é. Ní'l aon eólus againn ar cé chuir chughainn ins na málaíbh é. Thugamair linn airgead nách é chun díol as an arbhar atá le ceannach anois againn.” Chonaic sé an sgannra a bhí ortha agus do labhair sé go cneasta léo. “Ná bíodh ceist oraibh,” ar seisean, “an t-airgead a dhíolbhúir as an arbhar an uair dhéanach tá sé thíos agam-sa go cruinn i leabhar an chúntais. Ní'l aon cheart agam chun an airgid sin a fuarbhúir ins na málaíbh. Is libh féin é. Isé Dia bhúr n-athar a thug díbh é. Bíodh a bhuidheachas san ar Dhia bhúr n-athar agus cimeádaidh é.” Ansan do thug sé Simeón amach chucha agus do rug sé isteach sa tigh iad agus thug sé uisge dhóibh chun a gcos do nighe agus chuir sé cóir bhídh agus stáblaidheachta ar na h-asalaibh. Bhíodar san ag cur na mbronntanas i dtreó chun iad do thabhairt do'n phriúnsa nuair a thiocfadh sé chun dínnéir i meadhan an lae, fé mar a h-innseadh dóibh. Tháinig meadhan an lae. Tháinig an priúnsa isteach. Do chaitheadar iad féin ar an dtalamh os a chómhair agus na tabhartaisí 'n-a lámhaibh acu. Dubhairt sé leó eirighe agus do bheannuigh sé dhóibh go séimh agus go cneasta, “Conus 'tá an seanduine a dubharbhúir liom, bhúr n-athair? An mairean sé fós?”
“Tá ár n-athair go maith 'n-a saoghal agus n-a sláinte, a rí,” ar siad, agus do chromadar síos go h-íseal ag úmhlú dho; le na linn sin do chonaic Ióseph a dhritháir Beniamin. “An é sin an dritháir óg úd a dubharbhúir a bhí agaibh?” ar seisean. “Go gcuiridh Dia a bheannacht ort, a mhic!” ar seisean. Ach b'éigean dó imtheacht láithreach mar do choruigh a chuid fola nuair a chonaic sé an dritháir agus bhí na deóracha i riocht pléasgadh as a shúilibh bhí a chroidhe chómh lán san. Chuaidh sé isteach 'n-a sheómra codlata agus do ghoil sé a dhóithin ann agus chuir sé dhe an tocht guil sin. Ansan do nigh sé a aghaidh agus bhain sé rian an ghuil de féin agus tháinig sé thar n-ais chucha, agus a aigne fé smacht aige. “Dáiltear an bia,” ar seisean. Do deineadh. Bhí Ióseph 'n-a suidhe i n-áit fé leith agus a bhráithre i n-áit fé leith, agus na h-uaisle Éigipteacha a bhí ag an ndín- néar iad-san, leis, i n-áit fé leith. Níor chuibhe an uair sin do dhuine Éigipteach suidhe chun bídh i n-aon- fheacht le h-Eabhrach. Ba mhasla creidimh do'n Éigipteach é dar leis. Do cuireadh clann Iacoib 'n-a suidhe do réir a sínsireachta, an sínsear i n-áit an tsínsir agus an sósar i n-áit an tsósair. Do dáileadh an bia ansan ortha, 'n-a chodaibh, ó bhórd Ióseph féin, agus do conacthas go raibh an chuid a cuireadh ag triall ar Bheniamin níba mhó 'ná aon cheann des na codaibh eile. Do dáileadh fíon a ndóithin ortha, fíon fóghanta, agus bhíodar 'ghá ól go rabhadar súgach. XLIV. GOIDUIGHEACHT MAR DH'EADH. Do labhair Ióseph leis an stíbhard. “Líon na málaí de'n arbhar dos na fearaibh sin,” ar seisean, “chómh lán agus is féidir é, agus annsan cuir airgead gach
fir isteach i mbéal a mhála féin, agus cuir an cupa airgid seo, i dteannta an airgid a dhíol sé as an arbhar, isteach i mála an t-é is óige acu,” Do deineadh san. Nuair a tháinig an mhaidean do sgaoileadh chun siubhail iad féin agus a n-asail. Nuair a bhí uain acu ar bheith glan as an gcathair agus tamal beag uaithi amach do ghlaoidh Ióseph chuige an stíbhard. “Tóg leat rainnt lucht airm,” ar seisean, “agus lean na fir úd agus nuair a thiocfir suas leó dein príosúnaigh díobh agus abair leó mar seo: “Cad chuige dhíbh an t-olc a dhéanamh i n-aghaidh na maitheasa! An corn san a ghoidbhúir ise corn feasa mo thighearna é. Leis an gcorn san a gheibhean sé fios. Is dian olc an gníomh é seo atá déanta agaibh!” Do lean an stíbhard iad. Níos bh'fhada go dtáinig sé suas leó. “Stadaidh!” ar seisean. Do stadadar. “Is olc an gníomh é seo atá déanta agaibh ar mo thighearna,” ar seisean, “tar éis ar thaisbeáin sé de dheaghmhéinn agus d'onóir díbh.” “Cad é an droch ghníomh atá déanta againn?” ar siad san. “Corn airgid,” ar seisean, “corn feasa a bhí agam' thighearna do ghoid uaidh. Siné an droch ghníomh atá déanta agaibh,” ar seisean. “Níor dheineamair a leithéid!” ar siad san, “agus is olc uait-se, a dhuin'uasail,” ar siad, “a leithéid do chur i n-ár leith. An t-airgead úd a fuaramair an turus deirineach i mbéalaibh na málaí againn do thuga- mair anso thar n-ais é go macánta, agus daoine a dhein san cad a bhéarfadh go ngoidfidís ór ná airgead a' tig do thighearna!” “Ní deacair an sgéal do socarú,” ars an stíbhard. “Cuarduightear sibh agus marar ghoidbhúir an corn ní bhfaghfar agaibh é.” “Tá go maith!” ar siad san, “Cuarduightear sinn
láithreach agus an t-é n-a bhfaghfar an corn aige curtar chun báis é agus fanadh an chuid eile againn i n-ár ndaoraibh anso agat' thighearna.” Do leagadh na málaí anuas ar an dtalamh agus do thosnuigh an cuardach. Do thosnuigh an stíbhard ag an bhfear ba sine acu. Ní bhfuair sé an corn aige sin. Ní bhfuair ná ag an tarna fear. Bhí an cuardach geall le bheith críochnuighthe agus iad go léir ag dul i ndánacht agus ag tosnú ar labhairt go teann nuair a tharraig an stíbhard an cosn, os cómhair a súl gó léir, amach a' mála Bheniamin! Dá dtuiteadh an spéir uachtarach anuas ortha ní cuirfí iongna níba mhó ortha 'ná mar a chuir an corn airgid sin ortha nuair a chonacadar ag teacht amach é, i láimh an stíbhaird, a' mála Bheniamin. D'fheuchadar ar an gcorn, agus d'fheuchadar ar a chéile. Níor fhan focal ionta. “Dá dtugainn breith bhúr mbéal féin oraibh,” arsan stíbhard, “do bhéarfinn liom thar n-ais i nbúr bprío- súnachaibh sibh go léir. Chím, ámhthach, ná raibh aon bhlúire d'á fhios ag an gcuid eile agaibh go raibh an corn i mála an bhuachalla so. D'á bhrígh sin leogfad díbh-se dul abhaile agus cimeádfad an buachaill seo 'n-a dhaor.” “Raighmíd go léir leat thar n-ais chun na catharach, a dhuin'uasail,” ar siad san. Chuireadar na málaí ar na h-asalaibh agus d'iom- puighdar thar n-ais chun na catharach. Chuadar isteach i láthair Ióseph. Bhí sé gan imtheacht as an áit fós. Chaitheadar iad féin anuas ar an dtalamh 'n-a láthair ar a mbéal agus ar a n-aghaidh. Do labhair sé leó go feargach. “Cad chuige dhíbh a leithéid do dhéanamh?” ar seisean. “An amhlaidh ná raibh fhios agaibh gur mise an fear is fearr dá bhfuil beó chun feasa dh'fhághail agus nár bh'fhéidir an corn san do ghoid uaim gan a fhios a bheith agam cé goid é?”
XLV. I GCRUADHCHÁS. Do labhair Iúdás: “Cad is féidir dúinn a rádh, a rí!” ar seisean, “nú cad í an chosaint atá againn le déanamh orainn féin? Tá tagaithe suas ag Dia le n-ár ndroch ghníomh. Tugaimíd sinn féin suas i n-ár ndaoraibh duit, a rí, sinn go léir; an t-é n-a bhfuaradh an corn aige agus an chuid eile againn chómh maith.” “Nar leogaidh Dia go ndéanfinn-se a leithéid sin!” arsa Ióseph, “an t-é a ghoid an corn fanadh sé 'n-a dhaor agam, agus téidheadh an chuid eile agaibh abhaile saor ag triall ar bhúr n-athair.” Ansan d'eirigh Iúdás agus do dhruid sé i gcómgar do Ióseph chun labartha níba soiléire leis. “Aithchim ort, a rí,” ar seisean, “leogaint dom focal do labhairt ad' chluais, agus gan fearg do ghlacadh chugham, óir tar éis Pharó féin is tú mo thighearna, a rí. Is cuimhin leat, a rí gur fhiafraighis dínn ar dtúis, an raibh athair nú dritháir againn, agus go ndubhramair le t'onóir go raibh athair againn a bhí 'n-a seanduine agus go raibh mac óg aige, mac a rugadh dó agus é aosta, agus go raibh ag an mac san dritháir aon bhronnach a bhí tar éis bháis, agus go raibh árd chion ag ár n-áthair ar an mac óg san a bhí sa bhaile aige i n-ár ndiaidh. Ansan dubhairt t-onóir linn, a rí onóraigh, an mac óg san do thabhairt anso chughat. Ansan dubhramair le t'onóir, a rí, nár bh'fhéidir an mac óg san do thabhairt ó n' athair mar go mbrisfadh sé croidhe an athar sgaramhaint leis an mac. Dubhairt t'onóir linn ansan, a rí, mara dtagadh an mac óg san ag triall ort i n-aonfheacht linn ná beadh aon bhreith againn ar do ghnúis a dh'fheiscint airís.
Chuamair abhaile, a rí, ag triall ar ár n-athair agus d'innseamair ár sgéal dó. Ansan, a rí onóraigh, nuair a tháinig an t-am dúinn chun teacht ag ceannach tuille arbhair dubhairt ar n-athair linn teacht agus bia do soláthar. Dubhramair leis ná raibh aon bhreith againn ar theacht. Dá dtagadh ár ndritháir óg linn go dtiocfimís, ach gan é theacht linn ná leogfadh sgannra dhúinn aghaidh do thabhairt ort-sa, a rí. Ansan, a rí, dubhairt ár n-athair linn: “Is eól díbh gur rug mo bhean, Rachel, beirt mhac dom. Tá duine acu tar éis bháis. D'imthigh sé amach uaim agus ní fheaca 'na dhiaidh san é beó ná marbh. Dubhrúir-se gur ith droch bheithidheach éigin é. Má thógan sibh uaim é seo eile agus go n-imtheóchaidh aon droch nídh air, cuirfidh sibh mo cheann liath fé'n bhfód le neart buartha.” “D'á bhrígh sin, a rí, má théim-se abhaile anois ag triall ar m'athair, agus gan an buachaill seo agam, tuitfidh an t-anam as m'athair. Fíorfar an focal adubhairt sé. Raghaidh a cheann liath fé'n gcré le neart buartha agus is mise a bheidh cionntach 'n-a bhás. D'iarras air an mac do chur ar mo láimh agus mara dtugainn chuige thar n-ais é slán go mbeadh san 'n-a pheaca orm i láthair m'athar go deó. Dá bhrígh sin, bí athtruaghach. Leog an buachaill ag triall ar a athair agus leog dómhsa fanmhaint anso am' dhaor agat-sa, a rí, i n-inead an bhuachalla. Sgaoil abhaile an buachaill agus an chuid eile acu so agus fanfad-sa i d'fhocair go deó. Ní'l ar mo chumas a mhalairt do dhéanamh, a rí. Ní leogfadh sgannra dhom aghaidh a thabhairt ar m'athair agus gan an buachaill agam. Dá bhfeicfeadh sé sinn ag teacht, agus gan an buachaill againn tá sé buailte isteach am' aigne go dtuitfadh an t-anam as os cómhair mo shúl. Is fearr liom fanmhaint am' dhaor go deó 'ná aon bhaoghal a bheith go bhfeicfinn an radharc san.”
XLVI. IS MISE IÓSEPH. Nuair a bhí éistithe ag Ióseph leis an méid sin cainnte ó Iúdás níor fhan a thuille mearathail ar a aigne i dtaobh ce 'cu bhí an fhírinne acu dhá innsint dó, nú ná raibh. Go dtí gur airigh sé an chainnt sin ní raibh sé deimhnightheach. Bhí eagla air go mb'fhéidir go raibh feall acu 'á dhéanamh air: go mb'fhéidir go raibh a athair tar éis bháis agus go rabhadar ghá chéilt air. Bhí an tsean aithne aige ortha agus níor bh'fhóghanta an tsean aithne í. Nuair airigh sé an chainnt sin amhthach, ó Iúdás, do thuig sé i n'aigne nár bhaoghal go mbeadh Iúdás sásta le fanmhaint sa n-Éigipt i n-a dhaor chun an bhuachalla do leogaint abhaile mara mbeadh go raibh an t-athair beó agus ná féadfadh Iúdás aghaidh a thabhairt air gan an buachaill a bheith i n-aonfheacht leis ag dul abhaile. Tháinig amach, leis, sa chainnt, an leathsgéal fill a tugadh do'n athair i dtaobh Ióseph féin, is gur bh'amhlaidh a mhairbh beithidheach allta éigin é; agus do tháinig amach, mar an gcéadna, saghas admhála gur dheineadar an droch ghníomh agus gur bh'é an droch ghníomh san a bheith ag Dia dh'á agairt ortha fé ndear an mí-adh san go léir a bhí ag teacht ortha sa n-Éigipt an uair sin. Nuair a chonaic Ióseph go raibh an fhírinne ghlan acu dh'á innsint dó, agus go raibh a athair beó 'n-a ndiaidh sa bhaile, níor fhéad sé staonadh a thuille. Dubhairt sé leis an stíbhard agus leis na h-Éigiptigh eile, a bhí láithreach, imtheacht. Ansan d'iompuigh sé ortha agus thug sé srian do'n nádúr a bhí istigh 'n-a chroidhe. Do sgaoil sé le guth a chléibh. Do ghoil sé go h-árd, chómh h-árd san gur h-airigheadh amuich é agus go raibh iongna ar na h-Éigipteachaibh a bhí ag éisteacht leis
an ngol. Ach má bhí iongna ar na h-Éigipteachaibh amuich, bhí iongna agus alltacht agus uathbhás ar chlainn Israéil istigh. Chómh luath agus d'fhéad sé labhairt, do labhair sé: “Ó!” ar seisean, ní aithnighean sibh mé! Is mise Ióseph! An bhfuil m'athair beó?” Níor fhéad aon duine acu labhairt tháinig a leithéid sin do sgeón ionta. Bhí a líth iompuighthe ionta agus iad mar a bheadh daoine gan anam gan ionta cor a chur de láimh ná de chois ná d'aon bhall d'á mballaibh beatha, ach a súile ar leathadh agus iad ag feuchaint air. Thug sé fé ndeara an t-uathbhás. Do thuig sé nár bh'uathbhás gan chúis é. Do labhair sé go cneasta leó agus go h-athtruaghach. “Ná bíodh aon eagla agaibh rómham,” ar seisean, “mise bhúr ndritháir Ióseph, an dritháir a dhíolbhúir agus do rugadh uaibh síos sa n-Éigipt. Ná bíodh aon sgannra oraibh, agus ná brathaidh gur chruaidh a dhein- bhúir orm é nuair a chuirbhuir síos am' dhaor chun na tíre seo mé. Leámhnú Dé ab eadh é. Do chuir Dia anso síos me rómhaibh chun sibh do sábháil ó'n ngorta. Ní'l ach dhá bhliain ó thosnuigh an gorta. Tá chúig bhliana eile le teacht agus i gcaitheamh na gcúig mblian san ní curfar síol ná ní bainfar fóghmhar sa n-Éigipt ná i n-aon bhall eile. Do chuir Dia mise rómhaibh-se anuas anso chun sibh a chimeád beó, chun an bídh a chimeádfadh beó sibh do bheith ullamh agam anso rómhaibh. Ní h-é bhúr mbeartú-sa do chuir anso anuas mé. Isé Dia do chuir anso anuas mé agus do chuir mé i riocht bheith am' athair ag Pharó féin agus am' thighearna os cionn teaghlaigh Pharó. Táim, tré thoil Dé, am' thighearna ar thalamh na h-Éigipte go léir. Téidhidh abhaile láithreach ag triall ar m'athair agus abraidhidh leis mar seo:— “Deir do mhac Ióseph leat, ‘Táim am' thighearna ar thalamh na h-Éigipte go léir, tré mhór chómhacht Dé. Tar chugham anso gan a thuille ríghnis.’”
XLVII. AG DUL ABHAILE AIRÍS. “Abraidh le m'athair,” arsa Iósep, “teacht chugham anuas anso, é féin agus a chlann agus clann a chlainne, agus a chuid go léir do thabhairt leis, idir threudaibh agus áirnéis. Cuirfad i nbhúr gcómhnaighe sibh i dtalamh Ghessen anso am' aice. Tabharfad-sa aire mhaith dom' athair agus díbh-se go léir. Tá cúig bhliana de'n ghorta le teacht fós. Ní baoghal díbh-se an gorta san. Cothóchad-sa sibh go neamhamhgarach anso. Bros- tuighidh abhaile ag triall ar m'athair agus innsidh dó méid mo chómhachta agus méid mo ghradaim sa tír seo na h-Éigipte. Níl aon mhearathal oraibh anois ná gur mé bhúr ndritháir Ióseph. Aithnighean sibh mé. Aith- nighean mo dhritháir Beniamin anso mé. Brostuighidh abhaile agus innsidh dom' athair gach nídh d'á bhfuil feicithe agaibh agus tagaidh go léir anso chugham chómh luath agus is féidir díbh teacht. Ansan do rug sé idir a dhá láimh ar Bheniamin agus bhí sé 'ghá fhásgadh agus 'ghá phógadh agus iad araon ag sile go fuigheach. Do rug sé ar gach duine acu sa tímpal ar an gcuma gcéadna agus do phóg sé iad go grádhmhar i dtreó gur cuireadh 'n-a luighe ar a n-aigne ná raibh aon fhearg air chucha agus nár bhaoghal dóibh go n-agaróchadh sé ortha an gníomh malluighthe mí-nádúrtha úd a dheineadar air nuair a chuireadar ceangailte é síos insa pholl agus nuair a dhíoladar é n-a daor le clainn Ismaéil. Níor leómhaidh aoinne acu focal do labhairt leis go dtí gur phóg sé mar sin iad. Ansan iseadh tháinig aon fhocal cainnte asta dhó. Ach do ghluais an sgéal nua tré theaghlach an rí gur bh'iad dritháracha Ióseph a bhí tagaithe. Bhí áthas thar
bár ar mhuinntir an teaghlaigh, agus bhí áthas thar bár ar Pharó féin. Do labhair sé le Ióseph: “Abair le d' bhráithribh,” ar seisean, “ualaí do chur ar a mbeithidheachaibh agus dul thar n-ais go tír Chanaain agus gach aoinne a bhainean leó do thabhairt chughat anso agus go dtabharfir-se dhóibh gach saidhbhreas d'á bhfuil sa n-Éigipt; go dtabharfir dóibh sochar na h-Éigipte. Abair leó caráistí agus cóir iompair do bhreith leó as so chun na mban agus na leanbh do thabhairt anuas. Abair leó brostú; gur leó anois ollmhaitheas na h-Éigipte go léir.” Thug Ióseph an t-órdú san dóibh go fonnmhar. Thug sé na caráistí dhóibh, agus lón bóthair, do réir mar a dh'órduigh Pharó. Thug sé dhóibh 'n-a theannta san dhá bhrat éadaigh uasail do gach duine acu, agus thug sé do Bheniamin chúig bhrata des na brataibh ab uaisle agus trí chéad píosa airgid. Thug sé dhóibh le breith ag triall ar a athair chúig bhrata des na brataibh ab uaisle agus trí chéad píosa airgid, díreach mar a thug sé do Bheniamin. Thug sé dhóibh leis, deich n-asail agus ualaí troma saidhbhire ortha d'ollmaitheas na h-Éigipte, agus deich n-asail eile agus ualaí troma cruithneachtan agus aráin ortha. Ansan do chuir sé chun bóthair iad, agus nuair a bhíodar ag imtheacht dubhairt sé leó “gan bheith feargach le n-a chéile ar an slighe”. Is dócha go raibh eagal air nuair a bheidís sgartha leis féin ar an slighe ag dul abhaile go mbeadh gach aoinne acu ag cur milleáin an droch ghnímh úd ar gach aoinne eile acu. Go ndéarfadh duine éigin acu, Rúben b'fhéidir, ó isé a bhí a d'iarraidh Ióseph bhreith saor uatha; “Tusa fé ndear an droch obair go léir! Tusa an chéad duine adubhairt gur bh'fhearr é chur as an saoghal 'ná sinn a bheith i gcontabhairt tuitim fé n-a smacht nuair a bheadh sé eirighthe suas.” Ansan go ndéarfadh an duine eile sin acu; “ní mise a
dubhairt an chainnt sin ach é seo!” Bhí eagal ar Ióseph go dtiocfadh an chainnt, agus as an gcainnt go n- eireóchadh fearg, agus as an bhfeirg go n-eireóchadh bruidhean, b'fhéidir. Bhí an chontabhairt ann. Bhí an náire ortha, agus bhí an t-aithreachas ortha, ach ní raibh ionta an umhluigheacht a chuirfadh fhiachaint ar an náire agus ar an aithreachas dul chun tairbhthe croidhe agus aigne dhóibh. Ní gan chúis adubhairt Ióseph an focal úd leó XLVIII. SGÉAL ÁTHAIS DO IACOB. Chomáin clann Israéil leó soir ó thuaidh abhaile. Pé cainnt a dheineadar ar an slighe níor eirigh aon achran eatartha. Ní dócha go bhféadfidís iad féin do chimeád síothchánta mara mbeadh an focal deirineach úd adubhairt Ióseph leó. Bhí adhbhar achrainn a ndóithin acu. Bhí gníomh grána déanta acu agus dheineadar é do thoil a chéile agus an fear n-ar dheineadar an gníomh grána san air bhí cómhacht na h-Éigipte 'n-a láimh aige agus gan bac air aon úsáid ba mhaith leis a dhéanamh de'n chómhacht uathbhásach san chun díoltais a dhéanamh ortha. Dá ndeineadh sé díoltas ortha do thuigeadar n-a n-aigne nár bhféidir dóibh féin ná d'aoinne eile aon mhilleán a bheith acu air. Pé díoltas a dhéanfadh sé ortha bhí fhios acu go raibh sé tuillte acu. Ní h-eadh, ach do thuigeadar go dian mhaith go ndéarfadh aon duine a dh'aireóchadh an sgéal go raibh ceangailte air, i láthair Dé agus daoine, an díoltas a bhí tuillte acu d'imirt ortha. Siné an machtnamh a chuir an sgannra ortha agus do chuir an iompáil líth ionta nuair innis sé dhóibh cé'r bh'é. Níor bh'fhéidir leó a thuisgint conus fhéadfadh sé, os cómhair an rí agus os cómhair na ndaoine, staonadh ó dhíoltas a dhéanamh ar chuirp-
theachaibh a dhein a leithéid de ghníomh. Ní dubhairt sé ach an t-aon fhocal amháin a thug le tuisgint dóibh go bhféadfadh sé staonadh agus go staonfadh sé. Dubhairt sé leó nár bhaoghal dóibh mar gur le leámhnú Dé do thuit an sgéal go léir amach. Chuir san rainnt misnigh ortha. Ach má chuir féin d'fhan an t-eagla ortha agus ní baoghal 'ná gur thugadar aire mhaith do gach aon fhocal adubhairt sé. Dubhairt sé leó gan bheith feargach le n-a chéile ar an slighe ag dul abhaile dhóibh. Ní rabhadar. Chuadar abhaile go breágh soilbhir suairc síothchánta. D'innseadar do Iacob go raibh a mhac Ióseph thíos sa n-Éigipt agus é 'n-a phriúnsa ar an dtír go léir. Níor chreid Iácob iad. Chonaic sé Beniamin, agus chonaic sé Simeón agus bhí sé sásta i n'aigne. Do leanadar 'ghá innsint dó conus mar ab é Ióseph, a mhac féin, a bhí os cionn na h-Éigipte, ar an bhfear ba ghiorra do'n rí, do Pharó féin, agus conus mar adubhairt sé leó a n-athair do bhreith leó síos ag triall air, agus iad féin go léir agus a mná agus a gclann do dhul síos ag triall air, agus nár bhaoghal dóibh an gorta a thuille. Ba ró dheacair a chur fhiachaint ar Iácob an sgéal san go léir do thuisgint ná é chreideamhaint. Chonaic sé na caráistí iasachta, ámhthach, agus na h-éadaí breághtha uaisle daora, agus an t-arbhar go léir agus an t-airgead, agus an t-ollmhaitheas, agus chuaidh an fhírinne i bhfeidhm air fé dheire. “Ó!” ar seisean, fé dheire, “tá an sgéal go léir fíor! Tá mo mhac Ióseph beó! Imtheóchad ag triall air, agus chífad airís é sar a bhfaghad bás!” Chruinnigh sé a mhuinntir go léir ag Tobar an Mhionna agus dhein sé ídhbirt ann chun Dé. Do labhair Dia leis sa n-ídhbirt. “A Iacoib, A Iacoib!” arsa Dia. “Táim anso, a Thighearna!” arsa Iacob. Agus dubhairt Dia leis: “Dia mór chómhachtach t-athar mise. Ná bíodh aon
eagal ort. Imthigh síos sa n-Éigipt mar déanfad-sa cine mhór díot sa n-áit sin. Raghad ann leat agus tabharfad as tu airís. Agus cuirfidh Ióseph a lámh ar do shúilibh mar beidh sé os cionn do bháis.” Ansan do thánadar ó'n dtobar agus do cuireadh Iacob agus a chlann agus a mhuinntir go léir ar na caráistíbh Éigipteacha agus do ghluais an chualacht chun bóthair síos fé dhéin na h-Éigipte. Chuir Iacob Iúdás síos rómpa chun a rádh le Ióseph go raibh a athair ag teacht agus chun a iarraidh air teacht 'n-a choinnibh go Gessen. XLIX. TÍR GHESSON. Chómh luath agus do h-innseadh do Ióseph go raibh a athair agus an chualacht ar an slighe ag teacht anuas sa n-Éigipt do ghaibh sé a chapaill agus a charbad agus do ghluais sé i gcoinnibh a athar. Nuair a tháinig sé 'n-a radharc do léim sé amach as an gcarbad agus do rith sé chun a athar agus do ghlac sé idir a dhá láimh é agus bhí sé 'ghá fhásgadh agus 'ghá phógadh agus na deóracha ag teacht go fuigheach uatha araon. Dubhairt an t-athair:— “Is fé áthas a gheóbhad bás feasta, a mhic mo chroidhe, ó tá radharc fághalta agam ort agus áirighthe agam ar tú bheith beó am' dhiaidh!” Ansan do labhair Ióseph le n-a bhráithribh go léir agus chuir sé fáilte rómpa agus roime n-a mnáibh agus roime n-a gclann agus roime n-a raibh de mhuinntir acu. “Imtheóchad-sa anois,” arsa Ióseph ansan le n'athair, agus labharfad le Pharó agus neósfad dó go bhfuil m'athair agus a theaglach go léir tagaithe chugham anso ó thír Chanaain, agus gur aodhairí iad agus go bhfuil a dtreuda acu. Cuirfidh sé fios oraibh-se chun
labhartha libh agus fiafróchaidh sé dhíbh cad is gairm beatha dhíbh, agus abraidhidh-se leis: ‘Aodhairí iseadh sinn, a rí, chun do seirbhíse, aodhairí ó n-ár n-óige, sinn féin agus ár sínsear rómhainn.’ Isé cúis n-a ndeirim libh an freagra san do thabhairt air 'ná so. Is freagra fírinneach é agus dá éaghmuis sin, nuair a thuigfidh sé gurab í sin bhúr ngairm beatha órdóchaidh sé sibh do chur chun cómhnuighthe i dtír Gessen, an talamh is oireamhnaighe d'á bhfuil sa n-Éigipt chun fosaidheachta. Do thoibh Ióseph ansan cúigear des na fearaibh ba bhunúsaighe de chlainn Israéil agus do rug sé leis iad go tigh an rí. Chuaidh sé féin isteach chun cainnte leis an rí. D'innis sé dhó go raibh a athair agus teaghlach a athar tagaithe agus go raibh cuid acu tabhartha leis aige chun iad do thabhairt 'n-a láthair. Do tugadh isteach iad. “Cad is slighe bheatha dhíbh-se?” arsan rí leó. “Aodhairí iseadh sinn ó n-ár n-óige, chun do sheir- bhíse, a rí,” ar siad, “agus do thánamair chun sealad do chaitheamh anso ad' thír-se, a rí, toisg an gorta bheith ró-dhian i dtír Chanaain agus gan feur a bheith ag fás ann agus d'á bhrígh sin gan aon nídh a bheith ann chun ár dtreud do chothú ná chun sinn féin do chothú. Táimíd ghá iarraidh ort a rí, go n-órdófá dhúinn, le toil t'onóra, cur fúinn i dtír Gessen.” Do labhair an rí le Ióseph:— “Tá t'athair agus a theaghlach tagaithe ag triall ort anso. Siné talamh na n-Éigipte os do chómhair. Tabhair dóibh an fód is fearr de. Ó 'sé tír Ghessen an áit is fearr a thaithnean leó tabhair dóibh é. Má's eól duit 'na measg fir thuisgionacha dein iad do chur i mbun mo thréad-sa féin.” Ansan do thug Ióseph a athair i láthair an rí. Do chuir Iacob a bheannacht ar an rí. Do labhair an rí leis. “Cad é an t'aos tú anois?” arsan rí. “Táim anois, a rí, chun do seirbhíse, céad agus deich
mbliana fichid, ré nách fada agus nár bh'fhóghanta, ré is giorra 'ná saoghal m'athar féin.” Ansan do chuir sé a bheannacht ar an rí agus d'imthigh sé amach. Ansan do thug Ióseph seilbh i dtír Ghessen d'á athair agus do theaghlach a athar agus chuir sé cóir chómhnuighthe ortha ann agus cóir chothuighthe. Thug sé a ndóithin mór le n-ithe agus le n-ól agus a ndóithin éadaigh le caitheamh do gach líntighe acu fé leith. Agus fuaradar cneas- tacht agus deagh-chomharsanacht, mar gheall ar Ióseph, ós na h-Éigipteachaibh, bíodh go raibh gráin ag na h-Éigipteachaibh ar aodhairíbh agus ar aodhaireacht. L. CAD A THÁINIG AS AN NGORTA. Tímpal deichniúbhar agus trí fichid iseadh a bhí de theaghlach ar fad ag Iacob nuair a chuir sé faoi i dtalamh Ghessen sa n-Éigipt. Bhí saoghal maith acu sa n-áit sin, saoghal sámh suairc neamhamhgarach, agus an gorta go h-uathbhásach i dtír Chanaain 'n-a ndiaidh. Bheadh an gorta dian thar na beartaibh sa n-Éigipt, leis, mara mbeadh an t-arbhar a bhí curtha i gcimeád ag Ióseph ins na sgiobólaibh ar fuaid na h-Éigipte. Bhí an t-arbhar san dh'á dhíol leis na daoine a thagadh ó dhúthaíbh iasachta 'ghá cheannach, agus bhí sé dh'á dhíol le muinntir na h-Éigipte féin, chómh tiugh agus bhí gádh acu leis, agus bhí an t'airgead go léir ag dul isteach i gciste an rí. Do thuig an rí go raibh an saidhbhreas san go léir ag teacht isteach chuige, 'n-a thuiltíbh móra, ó'n Éigipt agus ós na tíorthaibh leathana iasachta mórthímpal, agus gur ar Ióseph ba cheart dó a bhuidheachas a bheith aige. Bhí sé buidheach, agus bhí sé sásta i n'aigne. Ach pé airgead tirim a bhí ag muinntir na h-Éigipte níor féad sé seasamh ach sealad. Tháinig deire an
airgid ach níor tháinig deire an ghorta. Siúd ag triall ar Ióseph na daoine. “Tá ár gcuid airgid caithte,” ar siad. “Ní foláir duit bia thabhairt dúinn i n-aisge nú gheóbhmíd bás!” “Glacfad-sa na beithidhigh uaibh,” arsa Ióseph leó, “i n-inead airgid. Tugaidh dom na beithidhigh agus tabharfad an bia dhíbh, díbh féin agus dóibh.” Thugadar dó na beithidhigh. Ansan thug sé dhóibh an t-arbhar agus do cothuigheadh iad féin agus na beithidhigh an bhliain sin. Ach má seadh ba leis an rí na beithidhigh as san amach bíodh gur fágadh i seilbh na ndaoine iad. D'imthigh an bhliain sin ach má imthigh níor tháinig aon luigheadú ar an gcruadhtan. Bhí an t-airgead imthighthe agus bhí an stoc imthighthe agus ní raibh ag na daoine ach an talamh. Siúd ag triall ar Ióseph iad. “Ní cheilfimíd ort é, a rí,” ar siad. “Tá an t-air- gead imthighthe, agus tá an stoc imthighthe. Ní'l againn anois ach an talamh. Cad é an tairbhthe dhúinn an talamh má gheibhmíd bás leis an ocras! Ceannuigh an talamh uainn, agus ceannuigh sinn féin, ach tabhair an bia dhúinn. Dein do rogha rud linn; tabhair do rogha cor dúinn. Tugaimíd sinn féin suas duit chun do rogha úsáid a dhéanamh dínn ach rud le n-ithe thabhairt dúinn. Bímís i n-ár ndaoraibh ag an rí ach tabhair an bia dhúinn.” “Tá go maith,” arsa Ióseph. Ansan do cheannuigh Ióseph do'n rí an Éigipt go léir, ó cheann ceann agus ó thaobh taobh, idir thír agus daoine. Do dhíol gach duine acu a chuid tailimh agus é féin agus do thug Ióseph suas do'n rí iad. Do fágadh lasmuich de'n díol san, ámhthach, talamh na sagart. Bhí an rí féin tar éis a gcuid tailimh do bhronnadh ortha san agus d'á bhrígh sin do fágadh acu é, agus do bronnadh an t-arbhar ortha as na sgiobólaibh. Ach dubhairt Ióseph leis na daoine:— “Is leis an rí anois, fé mar a chíon sibh, idir thalamh
agus daoine. Is leis an rí sibh go léir. Isé toil an rí, ámhthach, go dtabharfar díbh arbhar chun bídh, díbh féin agus dos na beithidhigh atá agaibh, arbhar chun curadóir- eachta i dtreó go bhféadfidh sibh an síol do chur sa talamh. Ach beidh oraibh an cúigmhadh cuid de thoradh an tailimh a thabhairt do'n rí agus féadfidh sibh na cheithre coda eile do chimeád.” “Táimíd lán tsásta leis sin!” ar siad, “Tá ár n-anam ar do láimh. Feuch le h-athtruagh orainn, a rí, agus beimíd umhal do'n rí le lán toil!” Ó'n lá san go dtí an lá atá indiu ann díoltar leis an rí an cúigmhadh cuid do thoradh tailimh na h-Éigipte go léir, i dtreó gur cuma nú dlighe an nós. Ach tá talamh na sagart lasmuich de'n dlighe sin. Do lean Iacob agus a chlann sa n-Éigipt, i dtír Ghessen, agus bhí seilbh acu sa n-áit, agus chuadar i lionmhaireacht go h-iongantach ann. Do mhair Iacob seacht mbliana déag tar éis dul síos ann dó i dtreó go raibh sé céad agus seacht mbliana agus dachad nuair ab é toil Dé glaodhach air. LI. IACOB AG DUL CHUN BÁIS. Nuair a bhí seacht mbliana déag caithte ag Iacob sa n-Éigipt do thuig sé i n'aigne ná raibh an ghlaodh abhfad uaidh. Do thuig sé nár bh'fada uaidh an bás. Chuir sé fios ar a mhac Ióseph. Tháinig Ióseph. “Táim deimhnightheach, a mhic,” arsa Iacob, “go bhfuil mo thréimhse ar an saoghal so nách mór caithte agus tá rud agam le h-iarraidh ort.” “Tá go maith, a athair,” arsa Ióseph, “déanfar pé nídh is maith leat a déanfí.” “Ma's ionmhuin leat mé, a mhic,” arsa Iacob, “ná deintear mé dh' adhlacadh sa dúthaigh seo ach beirtear
mo chorp abhaile chun ár dtíre féin agus adhlactar mé i n-aice m'athar agus mo sean-athar, i n-ár roilig féin, mar a bhfuil m'athair Isaac agus mar a bhfuil ár n-athair Abraham.” “Déanfar an nídh sin gan teip, a athair,” arsa Ióseph. “Cuir do lámh anso fé mo cheathramhain, a mhic,” arsa Iacob, “agus dearbhuigh i láthair Dé dhom go ndéanfir é.” Dhein Ióseph an dearbhú fé mar a h-iarradh air a dhéanamh. Bhí Iacob sásta ansan agus do ghaibh sé a bhuidheachas le Dia. Beagán aimsire 'n-a dhiaidh san tháinig sgéala ag triall ar Ióseph go raibh a athair breóite. Tháinig sé 'ghá fheisgint. Bhí beirt mhac aige an uair sin leis an mnaoi a thug Pharó dhó an lá do chuir sé 'n-a cheann ar an Éigipt é. Thug sé leis an bheirt mhac chun iad do thaisbeáint d'á athair. Dubhradh le Iacobh go raibh Ióseph ag teacht 'ghá fheis- gint. Do mhúisgil sé é féin agus do chroth sé suas é féin. Tháinig Ióseph isteach. Chómh luath agus chonaic Iacob é do labhair sé. “Do thaisbeáin Dia 'n uile chómhacht é féin dom i Lussa,” ar seisean, “i dtír Chanaain, agus do chuir sé a bheannacht orm agus dubhairt sé liom: ‘Méadóch- ad-sa thusa agus iomadóchad tu agus déanfad díot slóighte móra daoine. Tabharfad an talamh so dhuit, agus do d'shliocht ad' dhiaidh, i síor seilbh.’ An bheirt mhac, dá bhrígh sin, a rugadh duit-se anso sa n-Éigipt, is liom-sa iad, ar aon dul le Rúben agus le Simeón. Ach pé clann eile atá agat, nú a bheidh agat, 'n-a ndiaidh sin is leat féin iad. Is liom-sa an bheirt seo fé mar is liom tusa féin, fé mar a bhéarfadh do mháthair Rachel dom iad sar a bhfuair sí bás. Do fuair sí bás agus sinn ar an slighe ag teacht aníos a' Mesopotámia agus do adhlacadh í i n-aice bóthair Ephrata, sa n-áit ar a dtugtar Betlahem.”
Ansan do luigh a shúil ar an mbeirt leanbh. “Cé h-iad san?” ar seisean. “Sid iad, a athair,” arsa Ióseph, “mo bheirt mhac, an bheirt ar a rabhais ag trácht anois, an bheirt leanbh a thug Dia dhom sa n-áit seo.” “Tabhair chugham a leith iad,” arsa Iacob, “go gcuireadh mo bheannacht ortha.” Ní raibh an radharc ró mhaith ag Iacob toisg é bheith chómh h-aosta. Do ghlac sé an bheirt leanbh i n'ucht chuige agus do phóg sé iad. “Bheirim a bhuidheachas le Dia,” ar seisean, “mar gur thug sé dhom tusa dh'fheisgint airís, a mhic, agus gur thug sé dhom an radharc so d'fhághail ar do sliocht!” Ansan do chuir Ióseph an leanbh ba sine, i., Manassé, ar dheis a athar agus Ephraim ar láimh chlé a athar. Ach do chuir Iacob a dhá láimh féin thar a chéile i dtreó gur chuir sé a lámh dheas ar cheann Ephraim agus a lámh chlé ar cheann Manassé. Nuair a chonaic Ióseph lámh dheas Iacoib ar cheann Ephraim mheas sé go raibh dearmhad dh'á dhéanamh agus mheas sé na lámha d'aistriú, ach dubhairt Iacob leis ná raibh aon dearmhad aige dhá dhéanamh, óir, bíodh gur bh'é Manassé ba sine go mbeadh an sósar níb' aoirde 'ná é. Ansan do chuir sé an bheannacht ortha mar seo. “Dia, n-ar shiubhluigh 'n-a radharc m'aithreacha, Abraham agus Isaac; Dia do chothuigh mé ó m'óige go dtí indiu; an t-aingeal a dh'fhuasgail mé as gach olc, go gcuiridh a bheannacht ar na macaibh seo, agus m'ainim-se agus ainim Abrahaim agus ainim Isaac go nglaoidhtear os a gcionn agus go bhfásaid agus go méaduightear iad ar uachtar na talmhan!” LII. ADHLACADH IACOIB. Ansan dubhairt Iacob an chainnt seo le Ióseph: “Feuch, a mhic, táim-se ag dul chun báis feasta, ach
beidh Dia lib-se agus béarfidh sé thar n-ais sibh go talamh bhúr sínsear.” 'N-a dhiaidh san do ghlaoidh Iacob chuige a chlann mhac agus dhein sé targaireacht dóibh. D'innis sé do gach fear acu na neithe a bhí le teacht dó féin agus d'á shliocht sa n-aimsir a bhí rómpa. Do fíoradh i gcaitheamh na gcéadta blian a tháinig ar gach sliocht díobh 'n-a dhiaidh san, na targaireachtaí a dhein Iacob an uair sin dóibh. Nuair a tháinig sé go dtí Iúda d'innis sé conus mar a bheadh a sliocht n-a righthibh ar na sliochtaibh eile agus gur bh'ar an sliocht san a thiocfadh an Slánuightheóir a bhí gealltha ó thusach agus n-a raibh an chine daona ag feitheamh le n-a theacht. Ansan do chuir sé beannacht fé leith ar gach fear díobh, agus nuair a bhí an méid sin déanta aige do luigh sé siar agus tharraig sé an anál. Ba ghnáth an uair sin, sa n-Éigipt, córú áirithe do dhéanamh ar chorpaibh daoine tar éis bháis dóibh, le salann agus ansan le balsam, i dtreó ná lobhfidís. Bhíodh an córú san ana chostasamhail sa chuma n-a ndeintí é ar chorpaibh na righthe nú ar chorpaibh na n-uasal. Do deintí ar chorpaibh na n-íseal é ach ní curtí an balsam daor ann na an spíosra daor. Mummach a tugtí ar an gcorp nuair a bhíodh an córú san déanta air. Fachtar na mummacha san fós sa n-Éigipt agus tuigtear go bhfuil suas le trí mhíle blian ó bhí cuid acu 'n-a ndaoinibh beó ar an saoghal. Ní chimeádadh an córú saor slán chómh fada san iad ach do chimeádadh sé slán iad ar feadh mórán aimsire. Bhí daoine sa n-Éigipt n-ar bh'é a gceárd an balsamú san do dhéanamh ar na corpaibh. Chómh luath agus bhí Israél tar éis bháis d'órduigh Ióseph dos na ceárdaidh- thibh sin teacht agus an balsamú do dhéanamh ar a chorp. Do deineadh an balsamú air díreach mar a deintí é ar righthibh agus ar uaislibh. Deich lá agus trí fichid a caithtí ag déanamh na h-oibre nuair a deintí an bal-
samú daor. Dob' éigean, dá bhrígh sin, corp Iacoib do chimeád sa n-Éigipt ar feadh deich lá agus trí fichid sar ar tugadh abhaile é chun a thíre féin fé mar a bhí órduighthe aige agus é ag dul chun báis. Nuair a h-airigeadh go raibh Iacob tar éis bháis, agus i gcaitheamh na h-aimsire go raibh an balsamú d'á dhéan- amh, do thaisbeáin Pharó agus uaisle na h-Éigipte an uile saghas urama agus onóra do'n mharbh. Ansan, nuair a bhí an obair déanta agus an aimsir caithte agus an tsochraid ullamh chun gluaiste, do labhair Ióseph le h-uaislibh teaghlaigh an rí. “A uaisle,” ar seisean, “má's ionmhuin libh mé deinidh labhairt i gcluais Pharó agus innsidh dó gur chuir m'athair fhiachaint orm a dhearbhú go mbéarfinn a chorp abhaile chun a thíre féin agus go ndéanfinn é dh'adhlacadh sa roilig a dh'osgail sé féin dó féin i dtír Chanaain, nách mór dom dá bhrígh sin dul suas go tír Chanaain agus m'athair d'adhlacadh, agus ansan go dtiocfad tar n-ais.” Do h-innseadh an méid sin do Pharó agus dubhairt Pharó le Ióseph, “Imthigh suas agus dein t'athair d'adh- lacadh fé mar a dhearbhuighis a dhéanfá.” Ansan do chruinnigh clann Israéil chun na sochraide, agus do chruinnigh uaisle na h-Éigipte mar aon leó, na h-uaisle dob' aoirde, agus a gcaráistí agus a n-eachra acu, i dtreó go raibh sochraid ana mhór ann. Dhein Ióseph agus a theaghlach buairt agus gol agus caoine, agus dhein an chuid eile de chlainn Israéil buairt agus gol agus caoine. Agus dhein uaisle na h-Éigipte buairt agus gol agus caoine, chómh dian agus dá mba leó an t-é a bhí marbh. Do ghluais an tsochraid amach ó thír Gessen agus soir tríd an Istmus, i. tríd an mbeárnain tirm atá idir an Muir Ruaidh agus an Mhuir Torrainn, agus as san soir ó thuaidh go dtí gur sroiseadh an t-úrlár buailte ar a dtugtí Atad, ar bruach abhan Iórdain.
Do stadadh ar an áit sin ar feadh seacht lá, ag déan- amh buartha agus ag gol agus ag caoine, i dtreó gur thug muinntir Chanaain mar ainim ar an áit sin Nuaill- ghubha na h-Éigipte. LIII. IÓSEPH GO CEANNSA. Nuair a bhí an tseachtmhain caithte acu ar an úrlár buailte, ar bruach abhan Iórdain, do rugadar leó an corp agus d'adhlacadar é sa n-uaimh dhúbalta úd a cheannaigh Abraham abhfad roimis sin, ó Ephron, an Hetíteach, chun go mbeadh an uaimh sin aige féin agus agá sliocht mar áit adhlactha. Ansan do tháinig Ióseph agus an chualacht go léir, idir Israelíteacha agus Éigipteacha, thar n-ais abhaile. Nuair a bhíodar go léir sa bhaile tháinig lán a gcroidhe d'eagla ar dhrithárachaibh Ióseph go mb' fhéidir, ó bhí an t-athair imthighthe, go n-iompóchadh Ióseph ortha fé dheire thiar thall agus go dtabharfadh sé dhóibh an rud a bhí tuillte go maith acu, go ndéanfadh sé díoltas ortha mar gheall ar an ngníomh mí-nádúrta úd a dheineadar air nuair a chuireadar síos ceangailte sa pholl é agus nuair a dhíoladar n-a dhaor é. Bhíodar ag cur agus ag cúiteamh eatartha feuchaint cad ba cheart dóibh a dhéanamh má bhí aon chuimhneamh aige air. Do shocaruighdar ar theacht 'n-a láthair agus ar labhairt leis i dtaobh an sgéil. Thánadar 'n-a láthair agus do labhradar. “A leithéid seo, a rí,” ar siad, “sar a bhfuair ár n-athair bás d'órduigh sé dhúinne teacht os do chómhair agus na focail seo do rádh leat, uaidh féin: ‘Iarraim ort gan cuimhneamh ar an eugcóir a dhein do dhritháracha ort, ná ar an ndroch ghníomh a dheineadar chómh malluighthe
ad' choinnibh.’ Táimíd féin, leis, ghá iarraidh ort anois, ar son Dé, an droch ghníomh san do mhaitheamh dúinn!” Nuair airigh Ióseph an chainnt sin agus nuair a chonaic sé an sgannra a bhí ortha agus an náire a bhí ortha agus an t-aithreachas, do chrom sé ar shile go bog. Nuair a chonacadar-san na deóracha ag teacht ó n-a shúilibh, siúd chuige iad agus chaitheadar iad féin ar an dtalamh, os a chómhair, go dúbhach agus go deórach agus go brónach. “Leog dúinn bheith i nár ndaoraibh agat!” ar siad. “Ná bíodh ceist oraibh!” ar seisean leó. “Ná bíodh aon eagla oraibh! An féidir gabháil i gcoinnibh toile Dé! Do bheartbhúir-se an t-olc am' choinnibh-se ach d'iompuigh Dia an t-olc chun maitheasa chun mise d'árdú mar a chíon sibh anois, agus chun mórán daoine do shábháil. Ná bíodh aon eagla oraibh. Cothóchad-sa sibh féin agus bhúr gclann.” Do labhair sé leó mar sin, go séimh agus go cneasta agus go muinnteartha, i dtreó gur imthigh an sgannra dhíobh. Do chómhnuigh sé as san amach sa n-Éigipt, ag déanamh gnótha an rí agus ag tabhairt aire do sliocht Israéil, go dtí go raibh sé céad agus deich mbliana d'aois agus go bhfeacaidh sé “sliocht sleachta ar shliocht a shleachta.” Ansan do thuig sé go raibh an bás ag druidim leis agus do labhair sé le clainn Israéil: “Tar éis mo bháis- se,” ar seisean, “tiocfidh Dia ag triall oraibh-se agus béarfidh sé as an dtír seo sibh suas chun na tíre do gheall sé do Abraham agus d'Isaac agus do Iacob.” Ansan chuir sé fhiachaint orta a dhearbhú go mbéarfidís leó suas a chnámha nuair a bheidís ag imtheacht. Ansan do fuair sé bás agus do deineadh balsamú ar a chorp agus do cuireadh i gcómhrainn é, ag feitheamh leis an aimsir n-a mbeidís go léir ag dul suas go tír Chanaain, do réir mar a bhí geallta dhóibh. D'fhánadar ar a suaineas i dtalamh Ghessen agus bhí saoghal breágh acu ann. Bhí an rí agus muinntir na h-Éigipte go léir ana bháidheamhail leó mar gheall ar
an dtairbhthe a bhí déanta ag Ióseph do'n Éigipt. Bhí talamh Ghessen saidhbhir, féarmhar, foláin, go maith chun na dtreud do chothú agus do mhéadú. Dá éaghmuis sin b'é toil Dé an rath do chur ortha féin agus ar gach aon rud a bhí acu. Bhí na daoine chómh torthamhail chómh so-thógtha leis na treudaibh. Bhíodh cúpla, agus trí cinn d'uanaibh, nú cheithre cinn go minic, ag an gcaoirigh, d'aon toircheas, agus ba mhinic mar an gcéadna, ag an mnaoi, beirt leanbh, nú triúr, nú ceathrar, d'aon toircheas. Mar sin do chuaidh sliocht Israéil i líon- mhaireacht go tiugh sa n-Éigipt agus sar a raibh mórán blianta caithte acu tar éis bháis do Ióseph ní 'n-a ndeichniúbhraibh ná n-a bhfichidíbh ná n-a gcéadthaibh a bhíodar ach 'n-a míltibh. Bhíodar ann 'n-a míltibh agus d'á éagmuis sin, fir chumasacha láidre ab eadh na fir a bhí ortha. Isé rud a tháinig as san, leis an aimsir, 'ná gur thosnuigh eagal ar theacht ag muinntir na h-Éigipte rómpa. Do conacthas go mb' fhéidir, fé dheire, go “gcuirfadh fear na luatha fear na cruaiche amach.” LIV. SCLÁBHAIDHEACHT SAN ÉIGIPT. Do ghluais an aimsir agus do tháinig i gcoróinn sa n-Éigipt rí ná raibh aithne aige ar Ióseph. An tairbhthe a dhein Ióseph do'n Éigipt bhí sé imthighthe as cuimhne. Na daoine do chonaic an tairbhthe agus do mhothuigh é bhíodar go léir tar éis bháis, a bhfad tar éis bháis. Ní raibh cuimhne ortha féin ná ar an saoghal a bhí suas le n-a linn, ar an bhflúirse ná ar an ngorta ná ar an gcuma n-ar sábháladh na daoine ó'n ngorta. Bhí an aimsir sin imthighthe agus bhí a mhalairt d'aimsir tagaithe. Bhí cine iasachta sáidhte daingean i seilbh, i lár na h-Éigipte, i dtalamh Ghessen, an blúire talmhan dob'
fhearr agus ba thorthamhala d'á raibh sa tír ar fad, thuaidh ná theas. Bhí an chine iasachta san ag méadú agus ag neartú agus ag dul i líonmhaire chómh tiugh san go raibh gach aon deabhramh, mara gcurtí cosg éigin leis an bhfás a bhí acu 'á dhéanamh, nár ró fhada go mbeadh seilbh acu, ní h-amháin i dtalamh Ghessen ach i n-a raibh de thalamh ar dhá thaobh na h-abhan ó'n bhfaraige thuaidh ódheas chómh fada agus a chuaidh eólus. Bheadh talamh na h-Éigipte go léir acu. Dhéanfidís na daoine a bhí rómpa sa n-Éigipt do chur chun báis nú do dhíbirt as an dtír nú do chur fé dhaoirse. Nuair a bhí buailte isteach i n-aigne an rí agus i n-aigne na ndaoine go raibh an chontabhairt sin ann do ceapadh gur bh'fhearr gan bheith thios ar an gcéad bheárnain; gur bh'fhearr do mhuinntir na h-Éigipte clann Israéil do chur fé dhaoirse ná fanmhaint go dtí go gcuirfadh clann Israéil muinntir na h-Éigipte fé dhaoirse. Do chruinnigh an rí a lucht cómhairle. “Feuchaidh, a uaisle na h-Éigipte,” ar seisean, “tá an tsliocht iasachta so ag dul i méid go h-iongantach. Leis an bhfás atá fútha, má leogtar leó ní ró fhada go mbeidh siad ró láidir dúinne. Má thagann namhaid ag cur isteach orainn is baoghalach go dtógfid siad páirt leis an namhaid agus go gclaoidhfar sinne.” Do cromadh láithreach ar dhlighthibh a dhéanamh i gcoinnibh na n-Israélíteach. Do tugadh oibreacha cruadha le déanamh do'n méid acu a bhí ábalta ar obair a dhéanamh, agus i dtreó ná raghadh na fir i líonmhaire a thuille d'órduigh Pharó gach leanbh firean Israélíteach do thioc- fadh ar an saoghal é chaitheamh isteach sa n-abhainn agus é bháth'. Bhí an obair chruaidh ar na fearaibh agus stíbhardaí diana os a gcionn ag an rí, agus bhí na leanbhaí fireana dh'á gcaitheamh sa n-abhainn, ach i n-aimhdheóin chruadhtain na h-oibre agus i n-aimhdheóin an íde a bhí dh'á dhéanamh ar na leanbhaíbh fireana bhí an pobul Eabhra ag dul i méid. Bhí fearg ar an rí mar gheall air sin agus bhí
fearg ar na h-Éigipteachaibh mar gheall air, agus bhí fuath fíochmhar ag an rí agus ag na h-Éigipteachaibh go léir do chlainn Israéil. Bhí an sclábhaidheacht dian, agus má bhíodh aon atharú air ba le breis déine é. Bhí na maoir go h-olc agus go cruaidh agus go droch aigeanta, agus is ag dul i n-olcas a bhíodar le h-imtheacht na h-aimsire. Bhí naoidheana fireana na n-Eabhrach dh'á gcaitheamh sa n-abhainn, agus is ag dul i ngéire a bhí an cuardach chun gan leogaint dos na máithreachaibh aon chuid acu do chimeád i bhfolach. Fé dheire do thárla go raibh aon mháthair amháin agus go raibh leanbh mic aici agus gur fhéad sí é chimeád i bhfolach ar feadh trí mhí. Leanbh ana bhreágh ab eadh é agus ba mhór an truagh é chaitheamh sa n-abhainn. D'á éaghmuis sin tuigtear go raibh fhios agá athair agus agá mháthair go raibh gnó mór ceapaithe ag Dia le déanamh dó agus go gcimeádfí beó é chun an ghnótha san do dhéanamh. Nuair a bhí 'fhios agá mháthair nár bh'fhéidir di an leanbh do chimeád i bhfolach níba sia dhein sí cliabháinín dó des na brobhnachaibh fada garbha a bhí ag fás ar bruach na h-abhan. Chimil sí saghas éigin márla de'n chliabhán chun an uisge chimeád amach as. Ansan do chuir sí an leanbh isteach sa chliabháinín agus do chlúdaigh sí é. Ansan do chuir sí an cliabhán, agus an leanbh istigh ann, síos i n-uisge na h-abhan, i n-aice an phuirt, sa n-áit 'n-a raibh na brobhnacha móra ag fás. Bhí na brobhnacha chómh téagartha le slataibh. Ní leogfidís do'n chliabhán imtheacht leis an abhainn. LV. OILEAMHAINT MHAOISE. Bhí drifiúr ag an leanbh agus Miriam ab ainm di, i., Máire. Do chuir an mháthair an drifiúr n-a seasamh,
i bhfolach i n-aice na h-áite n-a raibh an cliabhán agus an leanbh ann agus dubhairt sí léi bheith ag faire chúichi agus aireachas a thabhairt do'n chliabhán. Ní ró fhada a bhí sí ag déanamh na faire go bhfeacaidh sí inghean an rí, agus a mná coimhdeachta i n-aonfheacht léi, ag teacht chun na h-abhan ghá nighe féin. Do shiubhluighdar rainnt ar bruach na h-aban. Feuchaint d'a dtugadar ar an áit 'n-a raibh na brobhnacha ag fás do chonacadar an cliabháinín. “Imthigh,” arsan ríogan le duine des na mnáibh coimh- deachta, “agus tabhair chughainn an bosga beag úd go bhfeiceam cad 'tá ann.” Do tugadh an cliabhán ag triall uirthi. D'osgail sí é. Chonaic sí an leanbh breágh go léir istigh ann. “Is mór an truagh,” ar sisi, “an leanbh áluinn sin do bháth! Is le lánmhain éigin des na h-Eabhrachaibh é. Taithnean sé go mór liom. Is dóich liom go mbéar- fad liom é agus go dtógfad é!” Bhí an drifiúr ag éisteacht leis an gcainnt. Do dhruid sí i dtreó na ríoghna. “Dá mb'é toil t'onóra é, a ríogan,” ar sisi, “tá fhios agam-sa ca bhfuil bean chíoch a dhéanfadh an leanbh d'oileamhaint do t'onóir.” “Is maith é sin, a 'ghnín ó!” arsan ríogan. “Imthigh agus tabhair chugham í.” D'imthigh an cailín agus thug sí léi a máthair féin. Bhí áthas mór ar an ríogan agus thug sí an leanbh le h-oileamhaint d'á mháthair féin, agus gan aon phioc d'á fhios aici gur bh'í máthair an leinbh í. “Dein an leanbh san d'oileamhaint dom, a bhean mhacánta,” arsan ríogan, “agus tabhair aire dhó, agus gheóbhair do phágh go maith as.” Níor ghádh dhi a rádh leis an mnaoi an leanbh d'oile- amhaint go maith agus aire mhaith a thabhairt dó, nídh nách iongna. Do h-oileadh go maith é agus do tugadh aire mhaith dhó, agus nuair a bhí sé tógtha do thug sí ag triall ar an ríogain é. Do ghlac an ríogan é chun bheith i
n'uchtmhac aici agus thug sí Maois mar ainm air, “Óir,” ar sisi, “is as an uisge do rugas é.” Ciall- uighean an focal “Maois,” nú “Moisés,” “as an uisge,” nú, “a' h-uisge.” Do chuireadh ar Mhaois, ó b'é mac inghíne an rí é, gach tabhairt suas d'á gcuirtí an uair sin, sa n-Éigipt ar mhacaibh na n-uasal agus bhí buadh ag an Éigipt, an uair sin i léighean agus i n-eólus agus i n-ealadhnaibh, ar thíorthaibh an domhain. Do múineadh an léighean agus an t-eólus, go fórleathan agus go beacht gan amhras, do'n phriúnsa óg, do mhac inghíne an rí. Ní baoghal ná gur mhúin a mháthair dó, leis, éolus eile, ná raibh le fághail sa n-Éigipt d'á mhéid eólus a bhí ann. D'innis sí dhó cé r' bh'é agus cé r' bh'iad a mhuinntir, agus conus a thárla an cháil a bheith air gur mhac d'inghín an rí é. Thug sí eólus maith dhó ar chreideamh a mhuinntire féin. Do ghlac sé an t-eólus san agus chuaidh an t-eólus i bhfeidhm go daingean 'n-a chroidhe agus i n'aigne. Bhí sé buidheach d'inghín an rí mar gheall ar é thabhairt saor ó'n uisge, ach bhíodh a chroidhe dh'á raobadh istigh n-a chliabh, agus dh'á losgadh le feirg nuair a chíodh sé an cor a bhí ar chlainn Israéil agus an cos-ar-bolg a bhí á dhéanamh ortha; obair chruaidh á bhaint asta agus gan díoluigheacht 'á thabhairt dóibh. Do cuirtí fhiachaint ortha an uile shaghas oibre dhéanamh, na bríceanna chun na saoirseachta, agus ansan na tighthe agus na fallaí agus na h-oibreacha poibilidhe a deintí des na bríceanaibh sin. Obair ana chruaidh, ana dhian, ab eadh obair de'n tsórd san fé ghréin agus fé bhrothal na h-Éigipte. Níor bh'é sin féin ach pé sclábhaidheacht eile a bhíodh le déanamh, ag saothrú an tailimh, ag curadóireacht, ag baint an fhóghmhair agus 'ghá shábháil, is iad na h-Eabhracha bochta do chaitheadh é dhéanamh. Agus ní bhíodh ag na h-Éigipte- achaibh a dhéanamh ach bheith ag faire ar na h-Eabhrachaibh agus ag gabháil de shlataibh agus d'fhuipeanaibh agus de mhaidíbh ortha chun a chur fhiachaint ortha breis oibre dhéanamh.
Bhí Maois ag feuchaint ar an eugcóir sin go léir 'á dhéanamh ar a mhuinntir féin agus bíodh a chroidhe dh'á raobadh. Bhuail sé amach lá agus do seóladh é chun áite n-a raibh rainnt éigin des na h-Eabhrachaibh agus iad ag obair go cruaidh agus Éigipteach os a gcionn. Bhí an t-Éigipteach ag gabháil go dian ar dhuine des na h- Eabhrachaibh. Do las fearg Maoise. Dhein sé anonn ar an t-Éigipteach agus do bhuail sé é. Do thuit an t-Éigipteach marbh. LVI. TOR AR LASADH. Ní fheacaidh aoinne des na h-Éigipteachaibh an buille. Dhein Maois poll sa talamh gainimhe a bhí sa n-áit agus chuir sé an corp fé thalamh agus d'imthigh sé. An lá 'n-a dhiaidh san tháinig sé amach airís. Chonaic sé beirt d'á mhuinntir ag troid, beirt Eabhrach. Chuir sé chun síothchána dhéanamh eatartha. Do labhair sé leis an nduine n-a raibh an eugcóir aige. Bhí an fear san ag bualadh an fhir eile. “Cad chuige dhuit do chómharsa do bhualadh?” arsa Maois leis. “Cad é sin duit-se sin?” arsan fear, “B'fhéidir gur b'amhlaidh a mheasfá mise do mharbhú mar a mhar- bhuighis an t-Éigipteach úd indé! Cé cheap mar bhrei- theamh tusa os ár gcionn?” Tháinig eagla ar Mhaois. Ní fheidir sé conus a chuaidh an sgéal amach. D'airigh Pharó an sgéal agus bhí sé chun Maoise do chur chun báis. Do theich Maois as an dtír. D'imthigh sé soir go tír Mhadian, tír a bhí ar an dtaobh thoir de'n Muir Ruaidh. Do stad sé i n-aice tobair. I n-aice tobair ab eadh ba dhóichighde dhó bualadh uime dhaoine na h-áite. Bhí daoine ag an dtobar nuair
a tháinig sé ann. Mná óga ab eadh iad, ingheanacha do shagart na tíre sin. Bhí Maois 'n-a shuidhe ag an dtobar agus na cailíní ag tógaint an uisge as an dtobar agus ghá chur ins na h-umaraibh d'á dtréad. Nuair a bhí na h-árthaí lán, agus sar ar fhéad na cailíní a dtréad do thabhairt chun an uisge, tháinig aodhairí chun an tobair agus a dtréadta féin acu. Mheasadar eugcóir do dhéanamh, tréadta na gcailíní do chomáint siar, agus an t-uisge a bhí ins na h-umaraibh, an t-uisge n-a bhfuair na cailíní a dhuagh 'ghá tharrac aníos as an dtobar, do thabhairt d'a dtréadaibh féinidh. Do phreabh Maois 'n-a shuidhe agus thug sé aghaidh ar na h-aodhairíbh agus dhíbir sé ó'n dtobar iad agus thug sé congnamh dos na cailíníbh chun an uisge thabhairt d'á dtréadaibh. Chómh luath agus bhí an gnó san déanta d'imthigh na cailíní abhaile ag triall ar a n-athair. “Cad n-a thaobh díbh bheith abhaile chómh luath?” arsan t-athair. “Conus fhéadbhúir an gnó dhéanamh chómh tapaidh.” “Bhí duin'uasal Éigipteach ag an dtobar, a athair,” ar siad, “agus nuair a tháinig na h-aodhairí agus nuair a mheasadar, mar a dheineadar go minic cheana, an t-uisge a bhí tógtha as an dtobair againn do bhaint dínn agus do thabhairt d'á dtréadaibh féinidh, d'eirigh an duin'uasal Éigipteach chucha agus chomáin sé chun siubhail iad féin agus a dtréadta, agus ansan do thug sé congnamh dúinne chun ár n-oibre féin a dhéanamh. Siné do bheir an gnó déanta chómh tapaidh.” “Ca bhfuil an duin'uasal san?” arsan t-athair. “Cad 'n-a thaobh nár thugbhúir libh é chun go dtabharfí bia agus deoch dó? Imthighidh agus tugaidh libh é.” Do tugadh Maois chun an tighe. D'fhan sé ann. Chuir sé ceangal éigin, nú dearbhú air féin go bhfanfadh sé ag an bhfear. Do tugadh duine des na h-inghean- achaibh le pósadh dhó agus d'fhan sé sa n-áit ar feadh mórán aimsire.
Do ghluais an aimsir. Tháinig an bás ar an ndroch rí a bhí ar an Éigipt. I gcaitheamh na h-aimsire an fhaid a mhair sé is ag dul i ndéine a bhí a lámh ar chlainn Israéil. D'á olcas é, bhí an rí a tháinig 'n-a dhiaidh níba mheasa 'ná é. Do méaduigheadh an eugcóir agus an cruadhtan ar chlainn Israéil go dtí go rabhadar ag sgreadaigh go h-árd ar Dhia fuasgailt éigin a dhéanamh ortha. Fé dheire b'é toil Dé an ghuidhe do fhreagairt. Bhí Maois lá ag fosaidheacht na dtréad do Ietró, d'athair a chéile. Do chómáin sé na tréadta abhfad amach sa bhfásach, go dtáinig sé go dtí cnoc áirithe. “Cnoc Dé,” a tugtar ar an gcnoc, nú Hóreb. Bhí Maois ag aoraidheacht na dtréad ar chliathán an chnuic agus chonaic sé radharc a chuir iongna air. Chonaic sé tor agus é ar lasadh. Ach isé rud a chuir an iongna air ná gan an tor a bheith dh'á dhógh'. Bhí an tor ar lasadh ach ní raibh sé ag dógh'. Bhí Maois ag faire ar an lasair ach ní raibh aon díobháil ag an lasair a dhéanamh do'n tor. Bhí an bladhm lasrach ag eirighe as an dtor ach bhí adhmad agus slata agus duilleabhar an tuir ag fanamhaint chómh slán, chómh borb, chómh glas agus dá mba ná beadh aon lasair i n-aon chor ag eirighe as an dtor. Ní raibh dógh' ná teine ná luaith- reach d'á dhéanamh. Ba mhór an iongna é. Do stad Maois ar feadh tamail ag feuchaint ar an iongna. Dá ghéire dh'fheuch sé iseadh ba shoiléire do chonaic sé ná raibh an tor dh'á dhógh'.
(Cuid a trí) SGÉALAIDHEACHTA AS AN MBÍOBLA NAOMHTHA. CVIII. DO STAD AN GHRIAN. Ní fhéadfadh Iósue agus ríogra Israéil na Gabaonítigh do chur chun báis toisg an ceangal caradais a bheith déanta acu leó agus an gheallamhaint úd a bheith tabhartha acu dhóibh fé dhearbhú dar an Tighearna Dia. Do leogadar a n-anam leó ach do chuireadar fé dhaoirse iad. “Mar gheall ar an bhfeall san a dheineabhair orainn,” arsa Iósue leó, “beidh sibh go deó, mar a dubhrabhair féin, i nbhúr seirbhíseachaibh do chlainn Israéil, chun bheith ag gearradh adhmaid dóibh agus ag tarrac uisge chucha.” Do lean san amhlaidh as san amach. Ach nuair airigh na righthe agus na geinte eile mórthímpal an ceangal caradais sin a bheith déanta ag na Gabaoníteachaibh le clainn Israéil tháinig árd eagla ortha. Chomáin rí acu, .i. Adonísedec, rí Ierúsaleim, teachtaireacht ag triall ar cheathrar eile acu. “Tagaidh go léir chugham,” ar seisean leó, “agus tugaidh bhúr lán neart libh agus imtheóchaimíd agus tógfimíd cathair Ghabaon mar tá ceangal caradais déanta ag na Gabaonítigh le Iósue agus le clainn Israéil an namhaid uathbhásach so atá ar ár dtí go léir.” Tháinig na cheithre righthe 'n-a lán neart agus d'imdhruid- eadar 'n-a gcúigear cathair Ghabaon. Chuir muinntir na catharach teachtaireacht ag triall ar Iósue 'ghá iarraidh
air teacht le cabhair chucha. “Tar láithreach agus fuas- gail sinn!” ar siad. “Is sinn do sheirbhísigh. Tá cúigear righthe cómhachtacha anso suidhte tímpal ar ár gcathair agus táimíd réidh mara bhfuasgalair-se sinn go luath. Do ghluais Iósue chucha 'n-a lán neart. Do labhair an Tighearna leis mar seo. “Ná bíodh eagla agat rómpa. Táid siad tabhartha suas duit agam. Ní'l ar chumas aoinne acu seasamh ad' choinnibh. Do ghluais Iósue agus a shlóighte chucha go fíor obann. Tháinig sgannra ortha, le leamhnú Dé, nuair a tánathas ortha chómh h-oban. Tháinig measgán mearaidhe ortha agus do ritheadar tré n-a chéile agus do deineadh éirleach ortha mórthímpal catharach Ghabaon. Do theich an méid nár marbhuigheadh díobh agus do leanadh iad chómh fada le h-Aseca agus le Maceda. An fhaid a bhíodar ag teiche agus an tóir 'n-a ndiaidh do leog an Tighearna cith cloich-shneachtaigh anuas ortha, agus bhí na clocha chómh mór chómh trom chómh líonmhar san gur mhairbh an cith cloch san níba mhó dhíobh 'ná mar a thuit le claidhmhtibh chlainne Israéil díobh. Taisbeánan san méid na feirge a bhí curtha ar an dTighearna acu! An lá san iseadh a deineadh an mhírbhúilt mhór úd i dtaobh na gréine agus na gealaighe. Bhí an ghrian ag druidim siar agus an ghealach ar an spéir lastoir. Bhí eagla ar Iósue go dtiocfadh an oidhche sar a mbeadh buaidhte go h-iomlán ag clainn Israéil ar na cheithre rightibh agus ar a slóighte. D'iarr sé ar Dhia ríghneas do chur ar an ngréin agus an lá do chur i bhfaid i dtreó go mbeadh neart na namhad ídighthe amuich 's amach sar a dtiocfadh an oidhche. Do fhreagair Dia an ghuidhe. Do stad an ghrian agus an ghealach ar an spéir go dtí go raibh an namhaid go léir dísgighthe, sgaipithe agus a neart curtha ar neamhnídh. Bhí an lá san chómh fada le dhá lá. Tar éis an chatha san do ghluais Iósue agus a shlóighte mórthímpal na tíre go léir agus chur sé idir bhaile agus
tuath, idir chnoc agus machaire, thuaidh agus theas, ó abhainn Iórdain siar go bruach na Mara Toríann, fé smacht a láimhe. Ansan tháinig sé féin agus a shlóighte go Galgala airís agus chuireadar fútha ann 'n-a longhphort. D'eirigh rainnt eile righthe i gcoinnibh Iósue, ach ní raibh aon mhaith dhóibh ann. Do dísgigheadh iad go léir. D'imthigh mórán aimsire, ámhthach, sar a raibh an tír go h-iomlán curtha fé n-a smacht ag clainn Israéil. Do throid muinntir na tíre go léir, níor ghéill aon treibh acu ach de thoradh catha agus do thuiteadar go léir in sna cathanaibh. Ní raibh ach na Gaboanítigh a dhein ceangal caradais le Iósue agus le clainn Israéil, agus ní raibh puinn de bharr an cheangail sin acu san féin. Ní raibh ann dóibh ach ceangal sglábhaidh- achta uisge agus adhmaid. Tá cómhaireamh déanta sa Bhíobla ar na righthibh a thuit sa chogadh san Iósue sar a raibh an tír go h-iomlán fé n-a smacht, agus aon rí dhéag ar fhichid iseadh a líon. Nuair a bhí an cogadh críochnuighthe agus gan aon namhaid beó chun aon éilimh a dhéanamh ar aon chuid de'n tír d'órduigh an Tighearna do Iósue an talamh do rainnt, fé chrannaibh, idir dhá threibh déag clainne Israéil. Do deineadh san. Fuair treibh Rúben agus treibh Ghaid agus leath treibhe Mhenasses an talamh a thug Maois dóibh ar an dtaobh thoir de'n Iórdan, agus fuair an naoi gcinn go leith eile an talamh idir an Iórdan agus an fharaige. CIX. IÓSUE AG LABHAIRT. Do ghluais an aimsir. Bhí clann Israéil socair ar a suaineas sa talamh áluinn sin a bhronn an Tighearna
ortha. Bhí an mhuinntir óg ag eirighe suas eatartha agus an mhuinntir a bhí suas ag dul i n-aois. Agus bhí Iósue ag tuitim go mór le h-aois. Do ghlaoidh sé chuige an pobul go léir, idir uasal agus íseal, agus do labhair sé leó. “Táim-se ag tuitim leis an aois,” ar seisean leó. “Is eól daoibh na neithe a dhein an Tighearna ar bhúr son; conus mar a chuir sé cómhacht bhúr namhad ar neamhnídh ar bhúr son, agus conus mar a thug sé dhaoibh an talamh breágh saidhbhir torthamhail seo go léir, fé mar a bhí geallta aige dhaoibh. Tá mórán geinte i nbhúr dtímpal fós, lasmuich de'n tír seo atá fághalta agaibh. Tiocfid siad san ag cur isteach oraibh; ach beidh an Tighearna libh 'n-a gcoinnibh sin, leis, agus cuirfidh sé sgaipe agus dearg ruathar ortha ós bhúr gcómhair, agus fanfidh an talamh agaibh.” “Ní'l agaibh-se le déanamh ach bheith seasamhach agus aire thabhairt do'n dlighe. An uile nídh atá curtha síos i ndlighe Mhaoise deinidh é chómhlíonadh go cruinn agus go beacht. Ná h-iompuighidh uaidh deiseal ná tuathal; le h-eagla, nuair a bheidh sibh ag dul ameasg na ngeinte a thiocfidh i n-bhúr dtreó, go mbeadh sibh ag dearbhú i n-ainm a ndéithe agus ghá n-adhradh, i n-inead bheith dílis d'bhúr dTighearna Dia féin mar atáthaoi go dtí so. Má leanan sibh dílis dó ar an gcuma san dísgeó- chaidh sé ós bhúr gcómhair geinte líonmhara cómhachtacha agus ní bheidh ar chumas aoinne seasamh i nbhúr gcoinnibh. Cuirfidh aoinne amháin agaibh an teiche ar mhíle duine, mar beidh bhúr dTighearna Dia féin ag troid mar aon libh, fé mar atá geallta aige. Ach tugaidh aire mhaith an méid seo dhéanamh, .i. grádh bheith agaibh do bhúr dTighearna Dia.” “Má dheinean sibh, ámhthach, claoidhe le droch chleachtaibh na ngeinte i nbhúr measg agus cleamhnaisí dhéanamh leó, agus caradas, tuigidh an méid seo go deimhin. Ní dhéanfidh bhúr dTighearna Dia íde ortha ós bhúr gcómhair, fanfid siad 'n-a leachaibh ar tinneal rómhaibh, agus 'n-a
dtrúig bharathuisle dhaoibh, agus 'n-a dtaraingíbh i mbeó agaibh, agus cuirfid siad ar bhúr n-aimhleas sibh agus fé dheire sgaipfidh an Tighearna sibh agus díbireóchaidh sé sibh as an dtír áluinn seo atá tabhartha aige dhaoibh.” “Feuch, táim-se anois ag imtheacht an bóthar a dh'imthighean an saoghal go léir, agus chífidh sibh-se ná raghaidh aon fhocal amú d'á bhfuil geallta ag an dTighearna a dhéanfidh sé libh. Tá gach nídh d'ár gheall sé a dhéanfadh sé i nbhúr bhfabhar cómhlíonta aige díreach mar a gheall sé. Ar an gcuma gcéadna, na h-uilc go léir seo atá bagartha aige oraibh má iompuighean sibh ó'n gconnradh atá déanta aige libh agus má adhran sibh déithe bréige, cuirfidh sé oraibh an uile olc riamh acu. Lasfidh fíoch an Tighearna go h-oban i nbhúr gcoinnibh agus sgriosfar sibh amach as an dtír fhóghanta so a thug an Tighearna dhaoibh.” Tamal 'n-a dhiaidh san do dhein Iósue cruinnú eile de chlainn Israéil sa n-áit ar a dtugtí Sicem, agus do labhair sé leó an chainnt seo, i láthair an Tighearna:— “Seo mar adeir an Tighearna Dia Israéil: ‘Bhí bhúr sínsear, Táre, athair Ábrahaim, agus Nachor, 'n-a gcómhnuidhe ar an dtaobh eile de'n abhainn agus déithe iasachta acu 'á adhradh. Thugas liom bhúr n-athair Ábraham ó Mhesopotamia isteach i dtír Chanaan agus do mhéaduigheas a shliocht. Thugas dó Isaac. Ansan thugas dó san Iácób agus Esau. Thugas an cnoc san Seir d'Esau mar shealbhas. Chuaidh Iácob agus a chlann síos sa n-Éigipt. Chuireas uaim síos ann Maois agus Aaron agus do bhuaileas an Éigipt le mírbhúiltíbh agus le h-anaithíbh uathbhásacha. Thugas sibh-se agus bhúr n-aithreacha amach as an Éigipt agus thánabhair go bruach na faraige. Do lean na n-Éigiptigh sibh, le h-eachra agus le carbadaibh, go bruach na Mara Ruadh. Do sgread clann Israéil ar an dTighearna. Chuireas
sgamal dorcha idir sibh agus na h-Éigiptigh. Do tarr- aigeadh iad san isteach sa bhfaraige agus do chlúdaigh an fharaige iad. Do chonaic bhúr súile ar dheineas sa n-Éigipt. Thugabhair mórán aimsire sa n-uaigneas. Ansan do thugas isteach sibh i dtalamh an Amorréig, lastall de'n Iórdan. Do throideadar libh agus thugas ar láimh daoibh iad. Chuireabhair chun báis iad agus tá an talamh agaibh. D'eirigh Balac mac Sephoir, rí Mhóab, agus do chómhraic sé le clainn Israéil. Chuir sé fios ar Bhalaam, mac Bóeir, chun go gcuirfadh sé mallacht oraibh. Chuireas-sa fhiachaint air a bheannacht do chur oraibh agus thugas saor as a láimh sibh. Thánabhair thar Iórdan, agus go Iericó. Do chómhraic fir na catharach libh agus thugas-sa i nbhúr lámhaibh daoibh iad. Chuireas chucha, rómhaibh amach, sathaí cearnabhán agus do ruagas as a n-ineadaibh dhá rí na n-Amorréach gan chongnamh uaibh-se, agus thugas daoibh-se talamh nár dheineabhair saothar ann, catharacha nách sibh a chuir suas iad, fíon- ghuirt nách sibh a chuir síol ionta, crainn ola nách sibh a chuir ag fás iad. “Anois, d'á bhrígh sin, bíodh eagla Dé oraibh, deinid seirbhís Dé ó chroidhe, go fírinneach. Caithidh uaibh na déithe bréagacha a bhíodh ag bhúr sínsear i Mesopotámia agus sa n-Éigipt agus deinidh réir an Tighearna. Mara maith libh san do dhéanamh, anois an t-am agaibh chun bhúr rogha do ghlacadh. Má's maith libh na déithe bréige do ghlacadh glacaidh iad agus déanfad-sa agus mo theaghlach réir an Tighearna.” CX. BÁS IÓSUE. “Nár leogaidh Dia,” arsa clann Israéil le Iósue, “go dtabharfimís-ne cúl leis an dTighearna agus go
nglacfimís le déithibh bréige! Isé an Tighearna Dia a thug sinn agus ár sínsear amach as an Éigipt, as an ndaoirse chruaidh, agus do dhein na mírbhúiltí móra agus na h-iongnaí os cómhair ár súl, agus do chosain sinn ins gach slighe n-ar ghabhmair agus ar gach treabhchas daoine n-ar ghabhmair trítha. Déanfimíd, d'á bhrígh sin, réir an Tighearna, óir isé an Tighearna is Dia againn.” “Ní féidir daoibh,” arsa Iósue leó, “an Tighearna bheith 'n-a Dhia agaibh mara dtugaidh sibh druim lámha le déithibh fallsa. Tá Dia ró naomhtha. Ní chuirfidh sé suas libh má bhíon déithe fallsa agaibh. Iompóchaidh sé oraibh agus dísgeóchaidh sé sibh tar éis a bhfuil de mhaitheasaíbh tabhartha aige dhaoibh.” “Ní bheidh san mar sin,” ar siad, “mar déanfimíd réir Dé.” “Má 'seadh,” arsa Iósue, “deinidh-se a dhearbhú dhomh-sa anois, i láthair an Tighearna, go bhfuiltí ag glacadh an Tighearna mar rogha, agus go bhfuiltí 'á dhéanamh san le nbhúr dtoil mhacánta féin, agus go ndéanfidh sibh a réir.” “Táimíd 'ghá dhearbhú san duit i láthair an Tighearna féin!” ar siad. “Má 'seadh,” arsa Iósue, “cuiridh uaibh na déithe fallsa atá i nbhúr measg agus iompuighidh bhúr gcroidhthe ar an dTighearna Dia Israéil.” “Déanfimíd réir ár dTighearna Dia,” ar siad, “agus cimeádfimíd aitheanta an Tighearna. Ansan do ghreamuigh Iósue connradh do réir na cainnte sin, idir an pobul agus an Tighearna agus do chuir sé na h-aitheanta ós a gcómhair. Ansan do sgríbh sé síos an méid sin go léir i leabhar dlighe an Tighearna. Ansan do chuir sé cloch ana mhór ag bun an chrainn daraighe a bhí ag fás sa n-áit naomhtha agus dubhairt sé leis an bpobul: “Feuch, beidh an chloch san 'n-a fínné ar gach focal d'á bhfuil labhartha ag an dTighearna libh-se anso indiu, le h-eagla go mb'fhéidir gur mhaith libh, 'n-a
dhiaidh so, an chainnt do shéanadh agus bréag do rádh le nbhúr dTighearna Dia.” Deir lucht eóluis gur ag an gcrann daraighe gcéadna san a bhí Ábraham 'n-a sheasamh, na céadta blian roimis sin, tar éis teacht anoir ó Mhesopotámia dhó, nuair a thaisbeáin an Tighearna é féin dó agus do gheall sé dhó go dtabharfadh sé an tír sin go léir d'á shliocht. Agus deirtear gur i n-aice an chrainn chéadna do chonaic sé an triúr aingeal nuair a h-innseadh dó go mbeadh mac agá mhnaoi, ag Sarai. Deirtear, leis, gur ag bun an chrainn chéadna do chuir Iácób i bhfolach sa talamh na h-íodail a ghoid Rachel ó n-a h-athair, ó Laban, agus pé íodail eile a bhí agá chlainn an uair sin. D'fhágfadh san an crann daraighe sin breis agus chúig céad blian d'aois an uair sin, nuair a chuir Iósue an chloch mhór throm san n-a suidhe agá bhun. Nuair a bhí an méid sin déanta b'é toil Dé glaodhach ar Iósue. Bhí sé céad agus deich mbliana d'aois nuair a ghlaoidh Dia chuige féin é. Fuair sé bás agus do h-adhlacadh é le h-onóir, ar chnoc Ephraim. Bhí clann Israéil dílis go maith do Dhia an fhaid a mhair Iósue, agus an fhaid a mhair na seanóirí a tháinig 'n-a dhiaidh, ar feadh mórán aimsire. Tar éis bháis Iósue d'eirigh rí Canaanach d'ár bh'ainm Adonibesec i gcoinnibh chlainne Israéil agus bhi mórán nirt slógh aige. Ní raibh ceannuraid ar chlainn Israéil chun iad do ghléasadh agus do threórú i n-aghaidh a namhad. D'iarradar ar an dTighearna taoiseach airm do cheapadh dhóibh. Do cheap an Tighearna dhóibh fear n-ar bh'ainm dó Iúdás chun é bheith 'n-a thaoiseach ortha. Do ghluais- eadar amach fé láimh an fhir sin agus do throideadar leis na Canaanachaibh agus bhuadar ortha. Do theich an rí Adonibesec, as áit an chatha. Do leanadh é agus do rugadh air. Mar phionós air do gearradh na méireana d'á dhá láimh agus d'á dhá chois i dtreó nár
fágadh air ach an dá dheárnain mhaola agus an dá throigh mhaola. “Seadh!” ar seisean, nuair fheuch ar a dhá dheárnain agus ar a dhá throigh, agus iad 'n-a stúmpaíbh gan mhéireana aige, “bhí, ó am go h-am, deichneabhar agus tri fichid de righthibh uaisle am' thigh féin agam-sa agus an cor céadna san tabhartha agam ortha, agus iad ag ithe an aráin bhriste ar an úrlár agam. An cor a thugas-sa ortha súd tá sé tabhartha orm féin anois! Tá Dia ceart!” CXI. OTONIEL. An fhaid a mhair na daoine a tháinig anall thar abhainn Iórdain i n-aonfheacht le Iósue, agus a chuaidh tríd an gcogadh i n-aonfheacht leis, agus do ghlac uaidh seilbh na tíre, ó'n gcrannchur, bhí clann Israéil dílis díog- raiseach go maith do'n Tighearna, agus do'n dlighe, agus do'n chonnradh. Ach “deinean seilbh sásamh.” I ndiaidh ar ndiaidh, nuair a bhí gach aon rud ar a dtoil acu, do mhaoluigh ar an ndíogras agus do laguigh ar an ndílse. Nuair a bhí lucht chómhaimsire Iósue go léir tar éis a dtréimhse do chaitheamh ar an saoghal so agus iad imthighthe, agus a sliocht eirighthe suas ní raibh aon eólus ag an sliocht san ar chruadhtan an dachad blian úd sa n-uaigneas, ná ar chruadhtan an chogaidh sar a bhfuaradh an tseilbh, ná ar na mírbhúiltíbh uathbhásacha a deineadh, ach fé mar a h-innseadh dóibh. Agus ní h-ionan choidhche tuairisg fhághail ar chruadhtan agus gabháil tríd an gcruadhtan agus é dh'fholag. Ná ní mar a chéile tuairisg fhághail ar mhírbhúilt mhóir agus an mhírbhúilt sin a dh'fheis- gint le súilibh dhuine féin. Ní bheirean an cruadhtan
greim ar chuimhne an duine nár fhuilig é, pé tuairisg a fuair sé air. Ná ní chuirean mírbhúilt eagla i gceart ar an té ná feacaidh le n-a shúilibh féin í, pé fírinne a bhí sa tuairisg a fuair sé uirthi. D'á bhrígh sin, nuair a bhí an chéad shliocht a fuair seilbh sa tír imthighthe agus an tarna sliocht eirighthe suas bhí díogras na ndaoine tar éis maolú agus a ndílse tar éis lagú. Ansan, um an am 'n-a raibh an tsliocht san imthighthe agus 'n-a raibh an trímhadh sliocht tagaithe i n-aois agus i neart bhí an díogras maol go maith agus an dílse lag go maith, agus bhí an cruadas aigne a thagan ó chothú mhaith agus ó neamhspleádhchas, bhí sé cruaidh go maith. Isé an cruadas croidhe céadna san is gnáth a chuirean daoine ar a n-aimhleas, agus chuir sé clann Israéil ar a n-aimhleas an uair sin. Seo mar a thárla an t-amhleas. Do fágadh a lán de sna págánachaibh gan dísgiú sa tír. Do mhéaduighdar ann. Do dhein clann Israéil cómhluadar agus muinn- tearthas leó. Chonacadar na déithe fallsa agus chonacadar conus a h-adhartí iad. Do thaithn an gnó salach leó. Chromadar féin ar an ngnó salach san do dhéanamh. Níor stad an droch ghnó go dtí go rabhadar chómh págánach leis na págánaigh féin. Ní raibh aon chuimhneamh acu ar Dhia ná ar dhlighe Dé ná ar an gconnradh a bhí idir iad agus Dia, ach iad ag adhradh na ndéithe fallsa, .i. Baalim agus Astarot, déithe salacha na bpágánach. Ansan do chuir an Tighearna namhaid ag triall ortha. Tháinig rí págánach ó Mhesopotámia anoir agus chuir sé clann Israéil fé n-a smacht, agus bhíodar fé smacht aige ar feadh ocht mblian agus árd chruadhtan aige 'á chur ortha. Chuir an cruadhtan fhiachaint ortha cuimhneamh ar Dhia. Thuigeadar an t-aimhleas a bhí déanta acu. Do ghlaodar ar an dTighearna. D'admhuighdar an t-olc a bhí déanta acu, agus d'iarradar ar Dhia iad d'fhuas- gailt.
D'fhreagair an Tighearna iad. Thug sé fuasgaltóir dóibh. Otoniel ab ainm do'n fhuasgaltóir sin. Do chruinnigh sé mórshluagh agus chuir sé cath ar Chúsán, rí Mhesopotámia agus bhuaidh sé air. Ansan bhí síoth- cháin ag clainn Israéil ar feadh dachad blian agus Otoniel 'n-a bhreitheamh ós a gcionn. Fuair Otoniel bás. D'iompuigh clann Israéil airís ar na déithibh fallsa agus thugadar cúl leis an dTighe- arna agus dheineadar an t-olc. Do mhúisgil an Tighearna namhaid eile 'n-a gcoinnibh ansan. B'é namhaid é 'ná Eglon, rí Mhóab. Dhein sé sin cómhaltas le clainn Ammoin agus Amalec agus chuireadar cogadh ar chlainn Israéil agus bhuadar ortha agus bhí clann Israéil fé n-a smacht san ar feadh ocht mbliana déag. Bhí an smacht ana dhian. Thug sé a meabhair do chlainn Israéil. D'iompuighdar ó n-a bpeacaíbh agus d'iarra- dar ar an dTighearna na peacaí a mhaitheamh dóibh agus iad d'fhuasgailt. D'fhreagair an Tighearna a nguidhe. Do thug sé dhóibh fuasgaltóir d'ár bh'ainm Aod. Fear ab eadh Aod gur chómhdheas an dá láimh aige. Dhein sé dhó féin claidh- eamh dá fhaobhar. Bhí cíos le cur ag triall ar Eglon. Chuaidh Aod leis an gcíos. Bhí an claidheamh aige ar a cheathramhain ndeis fé n-a bhrat. Tháinig sé i láthair Egloin agus thug sé an cíos dó go breágh réidh. Ansan:— “Tá nídh agam le h-innsinnt duit, a rí,” ar seisean. Fear ana bheathuighthe ab eadh Eglon. Chuir sé amach a sheirbhísigh. Bhí lámh dheas Aod le feisgint gan aon nídh innti. Tháinig an rí i n-aice leis go n-aireóchadh sé an focal a bhí aige le rádh. Do shleamhnuigh Aod an láimh chlé síos fé n-a bhrat agus tharraig sé aníos an claidheamh dá fhaobhar agus sháidh sé i mbolg an rí é go dornchlainn.
CXII. DEBBORA. Do chuir Aod oiread san nirt leis an sádh go ndeigh an claidheamh isteach tré bholg an rí chómh fada san gur shleamhnuigh an dornchlann a' láimh Aod agus gur súghadh isteach sa bholg idir chlaidheamh agus dornchlann agus gur dhún an bhlonag lasmuich díobh. Do thuit an rí ach níor dhein a thuitim aon fhothram. Ní lugha 'ná mar a dhein sé aon fhothram le n-a ghlór mar ní raibh an glór ann. Bhí sé gan anam chómh luath agus chuaidh an claidh- eamh tré n-a bholg isteach. Nuair a bhí an gníomh déanta aige do dhún Aod an dorus agus dhaingnigh sé é agus bhuail sé amach tré lár an ghárda saighdiúirí a bhí lasmuich de'n dorus. Níor leog sé aon rud air ach bualadh amach tríotha, fé mar a bheadh pé cainnt a bhí le déanamh leis an rí aige déanta aige. Níor thaisbeáin sé aon bhlúire eagla agus níor tháinig lá d'á chuimhneamh chucha san go raibh aon rud bun os cionn déanta aige. Cheapa- dar go n-osgalóchadh an rí an dorus agus go dtabharfadh sé órdú éigin dóibh. Bhíodar ag feitheamh faid gach n-faid agus níor h-osgaladh an dorus. Fé dheire tháinig sgannra ortha agus d'osgaladar féin an dorus. Fuaradar an rí istigh sínte ar an dtalamh agus é marbh. An fhaid a bhíodar ag feitheamh ar an dtaobh amhuich de'n dorus bhí uain ag Aod ar bheith imthighthe ó bhaoghal. D'imthigh sé go Seirat agus shéid sé an adharc ar chnoc Ephraim. Do chruinnigh na daoine chuige. “Leanaidh mise,” ar seisean, “táid ár namhaid tabhartha suas dúinn ag an dTighearna.” Do ghluais sé rómpa agus do leanadar é go dtí go rabhadar ar áthaibh Iórdain. Do ghluais na Móabítigh agus sgannra ortha, chun dul treasna na h-abhan soir abhaile, nuair a bhíodar gan rí.
Bhí Aod agus fir Israéil ar na h-áthaibh rómpa agus mharbhuighdar iad chómh tiugh agus do thánadar go port na h-abhan. Do marbhuigheadh tímpal deich míle d'fhear- aibh Mhóab i n-aice na h-abhan an lá san, agus níor leogadh aoinne anonn. Fir láidire chródha ab eadh na fir a marbhuigheadh ann agus do fágad Móab tréith. Thug san suaineas do chlainn Israéil ar feadh cheithre fichid blian 'n-a dhiaidh san. Ansan d'eirigh namhaid eile 'n-a gcoinnibh, .i. na Philistínigh, agus thug Dia cosantóir eile dhóibh. D'eirigh Samgar mac Anait agus chuir sé cath ar na Philistínigh agus mhairbh sé sé céad fear díobh le colltar céachta. Thug san suaineas do chlainn Israéil an uair sin. Nuair a bhí an suaineas acu níor fhéadadar iad féin d'iompar. Dheineadar iomarbhas airís. Dheineadar olc os cómhair an Tighearna tar éis bháis Aod. Do leog an Tighearna namhaid chucha, .i. Iabin, rí Chanaain. Bhí sé sin 'n-a rí i n-Asor agus bhí aige taoiseach slógh d'ár bh'ainm Sisara agus bhí ag an dtaoiseach slógh san naoi gcéad carbad seartha agus bhí sé ar feadh fiche blian ag déanamh éirligh ar chlainn Israéil. Ansan do ghlaoidh clann Israéil ar an dTighearna 'ghá iarraidh air iad d'fhuasgailt. Bhí i n-Israél an uair sin bean-fháig d'ár bh'ainm Debbora, agus beanbhreitheamh ab eadh í, agus bhí sí ana naomhtha, agus do shuidheadh sí, ag tabhairt breithe, fé chrann pailme, idir Rama agus Beitel, i gcnoc Ephraim. Thagadh clann Israéil chúichi ansan, ó gach áird, chun go ndéanfadh sí a gcúiseana do bhreithniú dhóibh. Chuir sí fios, lá, ar Bharac, mac Abinoem. Tháinig sé ag triall uirthi. “Tá órduighthe ag an dTighearna dhuit-se,” ar sise, “sluagh armtha do sheóladh leat go cnoc Taboir. Tóg leat deich míle fear cómhraic de chlainn Nephtailí agus de chlainn Shabuloin agus tabharfidh an Tighearna chughat, go sruth Cisoin, Sisara, taoiseach slógh Iabin, é féin agus
a charbaid agus a mhór shlóighte, agus tabharfidh sé suas duit iad.” “Déanfad an nídh sin,” arsa Barac, “má thagan tusa liom, ach mara dtagair-se liom ní dhéanfad.” “Tá go maith,” ar sisi, “raghad-sa leat, ach má 'seadh ní dhuit-se a h-ainmneófar an buadh an turus so, ach is le láimh mná do thuitfidh Sisara.” D'imthigh sí féin agus Barac go h-áit ar a dtugtí Ceder. Ansan do chruinnigh Barac, a' treibh Shabuloin agus a' treibh Nephtalí, deich míle fear armtha agus do ghluais sé féin agus Debbora, leis an ndeich míle fear san agus thánadar go cnoc Taboir. Do h-innseadh do Shisara go raibh Barac ar chnoc Taboir agus do chruinnigh sé a mhór shlóighte agus a charbaid seartha agus tháinig sé go sruth Cisoin. CXIII. IAHEL. Bhí Barac agus Debbora agus an deich míle fear de chlainn Nephtalí agus Shabuloin thuas ar chliathán an chnuic, agus Sisara agus a mhílte dí-áirmhthe agus a naoi gcéad carbad seartha thíos ar an machaire mór leathan, ar bruach an tsrutha. “Eirigh!” arsa Debbora le Barac. “Indiu an lá 'n-a bhfuil Sisara tabhartha suas duit ag an dTighearna. Isé an Tighearna féin atá ad' stiúrú.” Do ghluais Barac agus a dheich míle anuas ó'n gcnoc go h-oban agus d'ionsuighdar an namhaid. Chómh luath agus do tháinig an deich míle i dteangmháil le fearaibh Shisara d'imireadar an faobhar ortha chómh dian san go rabhadar ag tuitim chómh tiugh agus do buailtí iad. Le n-a linn sin do phléasg tóirthneach agus splanncracha
agus gaoth árd anuas ar shluagh Shisara, le leamhnú Dé, i dtreó go dtáinig sgannra ortha agus go dtáinig sgeón ionta agus gur iompuighdar go léir agus gur theicheadar. Do lean Barac agus a dheich míle ar a dtóir 'gha leagadh agus 'ghá marbhú. Do léim Sisara féin amach as a charbad agus do ghluais sé sa teiche 'n-a chuis, bhí a leithéid sin de sgannra 'n-a chroidhe. Do lean an teiche agus an tóir go dtí gur thuit an uile dhuine de mhór shluagh Shisara. Tháinig Sisara féin agus é ag rith agus é 'n-a chuis, go dtí cábán mná d'ár bh'ainm Iahel. Bean ab eadh í a bhí pósta ag Heber, agus fear Cineach ab eadh an Heber san. Ní raibh Heber sa bhaile an lá san. Nuair a tháinig Sisara go dorus an chábáin chonaic Iahel é agus d'aithin sí é. “Tar isteach, a rí!” ar sise. “Na bíodh eagla ort.” Tháinig sé isteach. “Tabhair deoch dom,” ar seisean, “Tá ana thart orm.” Thug sí deoch bhainne dhó. Do shín sé ar an úrlár mar bhí ana thuirse air. “Clúdaigh me,” ar seisean, “agus má thagan aoinne go dorus an chábáin 'ghá fhiafraighe an bhfuil aon fhear istigh abair leó ná fuil.” Do chlúduigh sí é le súsa agus níor bh'fhada go raibh sé 'n-a chodladh go sámh. Nuair a bhí sé 'n-a chodlad ar feadh tamail bhig agus an codladh chómh trom san air nár bhaoghal go ndúiseóchadh sé go fuiriste d'aimsigh sí tarainge maith mór láidir agus casúr agus tháinig sí agá cheann agus chuir sí bior an tarainge le n-a cheann agus chomháin sí an tarainge isteach 'n-a cheann le buille de'n chasúr. Chuir san deire leis, agus do chómhlíonadh an focal adubhairt Debbora le Barac, .i. gur le láimh mná a bhí ceapaithe ag an dTighearna Sisara do thuitim. Ar ball do tháinig Barac, ar thóir Shisara. Tháinig sé go dorus chábáin Iahel. Chuaidh Iahel amach ag triall air. “Tar isteach anso,” ar sisi, “go bhfeicir an té atá uait.”
Chuaidh sé isteach. Chonaic sé Sisara sínte marbh ar an úrlár agus an tarainge sáidhte go bun isteach 'n-a cheann. As san amach bhí clann Israéil ag neartú i gcoinnibh a namhad agus i ndiaidh ar ndiaidh bhí neart Iabin, rí Chanaain, acu d'á chlaoidhe go dtí fé dheire gur chuireadar é féin agus a neart fé chois ar fad. Tar éis an chatha san, i gcoinnibh Sisara, do chúm Debbora dán i n-onóir do'n Tighearna, ag breith bhuidh- eachais leis mar gheall ar an mbuadh a bhí tabhartha aige do chlainn Israéil; agus ag moladh na bhfear a chuir a n-anam féin sa chontabhairt agus a thug aghaidh go neamheaglach ar neart slógh a bhí níba mhó agus níba threise go mór 'ná a neart slógh féin, agus nár fhan siar ó'n gcath le h-eagla roimis na carbadaibh seartha úd a bhí chómh sgannramhail chómh marbhuightheach. Do mhol sí iad mar gheall ar an muinighin a bhí acu as an dTighearna agus mar gheall ar a fheabhas a dheineadar beart do réir na muinighine sin. Ní baoghal gur dhear- mhaid sí, sa dán, a chur i gcuimhne dhóibh nách ar a gcródhacht féin ba cheart dóibh buidheachas an lae sin a bheith acu ach ar an dTighearna, mar gur bh'é an Tighearna féin do sgaip an namhaid rómpa le gaoith agus le tóirthnigh agus le splanncrachaibh teine. “Gurab shin mar a thuitfid do namhaid go léir, a Thighearna!” ar sisi, “agus go raibh do cháirde ionmhuine mar sholus na gréine, nuair a bhíon sí ag eirighe ar maidin, ag taithneamh ad' láthair le neart a ngrádh dhuit!” Bhí suaineas ag clainn Israéil ar feadh dachad blian i ndiaidh an chatha san.
CXIV. COS-AR-BOLG. Bhí clann Israéil ar a suaineas ar feadh an dachad blian. An fhaid a bhí gach nídh ar a dtoil acu do thárla an seana sgéal i gcómhnuidhe, d'iompuighdar ó'n dTighearna agus dheineadar na peacaí. Isiad peacaí is mó agus is measa a dheineadar 'ná aithris a dhéanamh ar na págánachaibh a bhí 'n-a dtímpal agus déithe fallsa d'adhradh, na déithe fallsa céadna a bhíodh ag na págá- nachaibh dh'á n-adhradh. Baalam agus Astarot na h-ainimneacha a bhí ag na págánachaibh ar an mbeirt ab aoirde de sna déithibh sin. Istigh i lár coille, ar bhara cnocáin, iseadh bhíodh na h-altóracha curtha suas chun na ndéithe sin, agus is ann a deintí ídhbeartha chucha. Agus gníomhartha gráineamhla b' eadh an chuid ba mhó de sna gníomharthaibh a bhain leis na h-ídhbirtíbh. Dhein- eadh cuid de chlainn Israéil díreach mar a dheineadh na págánaigh, chuiridís suas na h-altóracha, istigh in sna coilltibh, ar na cnocánaibh, chun Baalim agus chun Astarot, agus ansan dheinidís an obair ghráineamhail a bhain leis an ídhbirt. Ní raibh an suaineas acu aon fhaid mhór aimsire ó cuireadh an tarainge i gceann Shisara nuair a thosnuigh- dar ar an ndroch obair a dhéanamh. Sar a raibh an dachad blian críochnuighthe acu bhíodar imthighthe chómh fada san ó dhlighe Dé go raibh díbhfeirg tuillte airís acu. Bhí na h-altóracha curtha suas acu in sna coilltibh beaga ar na cnocánaibh agus an droch obair ar siubhal tríd an ndúthaig. Ansan do chuir an Tighearna pionós ag triall ortha. Nuair a dhein Maois an léirsgrios mór úd ar na Madianítigh, lastoir de'n Iórdan, mar gheall ar an aimhleas a thugadar ar chlainn Israéil, do cuireadh
a bhformhór chun báis. Níor dísgigheadh iad amuich 's amach, ámh. Chuaidh dríodar beag sgáinte dhíobh saor. Bhí an dríodar beag san ag dul i méid agus i líon- mhaire agus i neartmhaire go dtí go rabhadar cómhachtach go maith lastoir de'n Iórdan. Do h-innseadh dóibh i dtaobh Bhalaam, agus i dtaobh Phinees, agus i dtaobh an éirligh a dhein clann Israéil ar a sínsear. Ní raibh de chuimhneamh de ló ná d'oidhche 'n-a gcroidhthibh ach iad féin do neartú agus do chur i dtreó, chómh luath a's do b'fhéidir é, agus teacht agus díoltas iomlán d'imirt ar chlainn Israéil, an cómhar do dhíol leó gan easnamh. Bhailighdar chucha, chómh maith agus d'fhéadadar é, na geinte a bhí 'n-a dtímpal lastoir. Bhíodar láidir go maith nuair a tháinig an t-am 'n-a raibh pionós tuillte ag clainn Israéil ó'n dTighearna mar gheall ar na peacaíbh a bhí acu 'á dhéanamh. Thánadar anoir treasna abhan Iórdain agus ghabhadar de chosaibh i gclainn Israéil. Níor bh'aon iongna iad 'ghá dhéanamh san, mar ní raibh lámh an Tighearna le clainn Israéil. Thug clann Israéil druim lámha leis an dTighearna agus ansan do thug an Tighearna druim leó-san. Dhein sliocht na Madianíteach a leithéid de chos-ar-bolg ortha gur i bpollaibh talmhan agus i bpluaisibh caraigreach ab éigean dóibh dul i bhfolach ó n-a namhaid. Is amhlaidh a thagadh na Madianítigh anoir treasna na h-abhan nuair a mheasaidís go mbíodh aon rud ag clainn Israéil a dh'fhéadfidís a bhreith uatha. Ansan do sguabaidís leó gach aon rud ab fhéidir a bhreith chun siubhail, ba agus capail agus an uile shaghas beithidhigh. Nuair a bhídís imthighthe thagadh fir Israéil amach as na pollaibh agus as na pluaisibh agus dheinidís iarracht ar rainnt éigin arbhair do chur. Thagadh an namhaid nuair a bhíodh an t-arbhar san 'n-a gheamhar agus ghearraidís é i dtreó ná fásfadh an bia chun clainne Israéil agus go bhfaighdís bás leis an ocras, díreach mar a dheineadh saighdiúirí Shasana
anso i n-Éirinn tamal ó shin, nuair a bhíodh a speal ag gach saighdiúir, chómh maith le n-a ghuna, chun an gheamhair do ghearradh i dtreó go bhfaghadh muinntir na h-Éireann bás de'n ghorta. Do lean an cos-ar-bolg san á dhéanamh ar chlainn Israéil ar feadh seacht mblian. Tráth éigin i gcaitheamh na seacht mblian san, agus iad cráidhte ciapaithe, imeartha, dh'á gcur chun báis gan truagh gan taise, do chuimhnighdar ar an dTighearna. Do ghlaodar ar an dTighearna agus d'iarradar air iad d'fhuasgailt. Do cuireadh aingeal chucha agus dubhairt sé leó: “Thugas amach as an Éigipt sibh. Thugas saor sibh ó gach namhaid. Thugas díbh an talamh so agus dubhart libh: ‘Is mise bhúr dTighearna Dia,’ agus ní éistfadh sibh lem' ghlór.” CXV. GEDEON. Bhí fear 'n-a chómhnuidhe i n-Ephra agus Ióas ab ainm dó. Bhí mac ag an bhfear san agus Gedeon ab ainm dó. Fear ana shaidhbhir ab eadh Ióas agus fear ana láidir, ana chródha, ab eadh an mac. Bhí sé lá ag glanadh arbhair agus bhí an obair aige 'á dhéanamh a gan fhios, mar bhí eagla air go dtiocfadh na Madianítigh air agus go mbéarfidís uaidh an t-arbhar. Bhí crann daraighe i n-aice na h-áite. Tháinig aingeal an Tighearna agus do shuidh sé fé sgáth an chrainn. Bhí Gedeon ag déanamh na h-oibre. Thaisbeáin an t-aingeal é féin dó agus do labhair sé leis. “Tá an Tighearna leat, a fhir ró chródha!” arsan t-aingeal leis. “Aithcim ort, a uasail,” arsa Gedeon leis, “má tá an Tighearna linn conus a thárla na h-uilc seo go
léir orainn? Ca bhfuilid mírbhúiltí an Tighearna uainn? Na mírbhúiltí a dh'innis ár sínsear dúinn a dhein sé dhúinn, nuair a thug sé amach as an Éigipt sinn? Tá sé imthighthe uainn anois, agus táimíd fágtha aige fé smacht na Madianíteach.” D'fheuch an t-aingeal air agus dubhairt sé leis mar seo: “Imthigh-se anois agus oibrigh an neart san atá ionat agus fuasgail clann Israéil ó shliocht Mhadian. Tuig go bhfuilim ad' chur ag déanamh na h-oibre sin.” “Ó, a uasail,” arsa Gedeon, “conus is féidir domh-sa clann Israéil d'fhuasgailt? Isiad mo mhuinn- tir-se an mhuinntir is suaraighe ar threibh Mhenasse agus is mise an té is suaraighe i dteaghlach m'athar.” “Ná bac san,” arsan t-aingeal, “bead-sa leat, agus claoidhfir Madianítigh, na mílte acu, mar a chlaoidhfá aon fhear amháin.” Bhí iongna ar Ghedeon. Fear ab eadh é a bhí umhal thar barr. Cheap sé gur dhuine saoghalta an té a bhí ag cainnt leis, ach gur bh'fháig mór éigin é. “Mara miste leat mé dhéanamh dánaidheachta ort, a uasail,” ar seisean, “ba mhaith liom a iarraidh go dtabharfá dhom comhartha a chuirfadh i n-iúil dom cé h-é atá agam agus dá mb'áil leat gan imtheacht as so go dtagad thar n-ais chughat tabharfad chughat nídh.” “Fanfad leat anso go dtagair,” arsan t-aingeal. D'imthigh Gedeon isteach abhaile agus do bheiribh sé mionán agus dhein sé rainnt aráin giost. Thug sé leis amach an fheóil i n-árthach agus an anairthe i n-árthach eile agus thug sé chun an chrainn daraighe iad agus chuir sé os cómhair an fháig, dar leis, iad. Bhí cloch mhór leathan ar aghaidh an fháig amach. “Buail ansan ar an gcloich sin iad,” arsan fáidh. “Cuir an fheóil agus an t-arán ar an gcloich ar dtúis agus ansan doirt an t-anairthe anuas ortha.” Do dhein. Ansan do shín an fáig uaidh amach an tslat a bhí 'n-a láimh aige i dtreó gur chuir sé bara na slaite ar
an méid a bhí ar an gcloich. Chómh luath agus do theang- mhuigh bara na slaite le n-a raibh ar an gcloich d'eirigh lasair theine ó'n gcloich agus do loisgeadh 'n-a luaithrigh an fheóil agus an t-arán agus an t-anairthe, agus ní raibh an t-aingeal le feisgint. Ansan tháinig sgannra ar Ghedeon. “Ó, Dia lem' anam!” ar seisean, “Isé aingeal an Tighearna a bhí ann agus táim-se réidh!” Ansan do labhair an Tighearna leis. “Síothcháin ort” ars an Tighearna, “ná bíodh eagla ort. Ní thabharfidh san an bás duit.” Bhíodh sé i n-aigne gach aoinne an uair sin, an té a chífadh aingeal an Tighearna, aghaidh ar aghaidh, nár bh'fhéidir dó gan bás d'fhághail d'á dhruim. Ansan do chuir Gedeon altóir suas ar an áit sin chun an Tighearna agus thug sé Síothcháin an Tighearna mar ainm air, agus do lean an ainm sin ar an altóir sin ar feadh abhfad 'n-a dhiaidh san. Do labhair an Tighearna leis, an oidhche chéadna san, agus dubhairt sé leis: “Tóg leat tarbh let' athair agus tarbh eile, tarbh seacht mblian, agus imthigh agus leag an altóir sin Bhaal atá agat' athair agus gearr agus leag an choill bheag atá tímpal ar an altóir, agus ansan cuir suas altóir chun do Thighearna Dia féin ar an gcloich seo, an chloch so ar ar chuiris an ídhbirt úd ó chiainibh. Ansan dein cárnán d'adhmad na coille bige ar an altóir seo a bheidh déanta agat ar an gcloich agus dein an tarna tarbh d'ídhbirt, i n'ídhbirt loisgithe, i n-a holocaust, ar an gcárnán adhmaid sin.” Ní h-innstear cad a deineadh leis an gcéad tharbh. B'fhéidir gur ídhbir Gedeon é ar an gcloich nuair a thug an t-aingeal “Síothcháin” dó agus nuair a thug sé féin “Síothcháin Dé” mar ainm ar an gcloich. Ach bhí órduighthe dhó an choill bheag do ghearradh agus an altóir phágánach a bhí istigh innti do raobadh agus má bhí íomhágh ar an altóir an íomhágh do bhrise. Bhí eagla air an obair sin a dhéanamh i gcaitheamh an lae mar bhí na cómharsain nú an chuid ba mhó acu, i bhfabhar
do'n phágánacht. Do chruinnigh sé a lucht oibre féin agus thánadar sa n-oidhche agus do leagadar adhmad na coille bige agus do raobadar an altóir phágánach agus dheineadar brúsgar de'n íomhágh. CXVI. LOMRA. D'eirigh muinntir an bhaile ar maidin amáireach a bhí chughainn agus chonacadar an gníomh a bhí déanta. Bhíodar ar buile, bhíodar ghá fhiafraighe d'á chéile go fíochmhar agus go feargach cé dhein a leithéid de ghníomh! An choill ar lár! Altóir Bhaal raobtha! An íomhágh 'n-a brúsgar! Do h-innseadh dóibh gur bh'é Gedeon, mac Ióais a dhein an droch obair go léir. Thánadar go dorus Ióais. “Cuir chughainn amach anso do mhac Gedeon go gcurfar chun báis é mar gheall ar an ngníomh so atá déanta aige, mar gheall ar an easonóir atá tabhartha aige do Bhaal.” “An cosantóirí ar Bhaal sibh-se?” arsa Ióas leó, “An bhfuil fhiachaint oraibh-se troid ar son Bhaal? An bhfuil fhiachaint oraibh-se díoltas a dhéanamh ar namhaid Bhaal? Má's dia Baal nár chóir go bhféadfadh sé féin díoltas a dhéanamh ar a namhaid? Má tá cómhacht aige, deineadh sé féin díoltas ar Ghedeon.” Níor bh'fheidir aon fhocal do rádh i gcoinnibh na cainnte sin. D'imthigh na daoine agus d'fhágadar fé Bhaal féin an díoltas do dhéanamh. Do ghluais tuairisg an sgéil sin ar fuaid na dútha. Do h-airigheadh lastoir de'n Iórdan an sgéal. Do chruinnigh na Madianítigh as gach áird. Thugadar leó a lucht conganta, an méid ba mhó a dh'fhéadadar a bhailiú dhíobh, agus thánadar anoir treasna abhan Iórdain agus dheineadar longphort i ngleann Iesraéil
i lár na tíre a bhí ag leath treibhe Mhenasse. Bhíodar lán cheapaithe ar éirleach uathbhásach do dhéanamh ar chlainn Israéil. Ach do neartuigh Dia croidhe Ghedeoin agus chomáin Gedeon an adharc d'á séide tré thír Mhenasse, agus tré thír Aser, agus tré thír Shabuloin, agus tré thír Néphtalí. Thánadar go léir chuige. Do bhailigh a mhuinntir féin, teaghlach Abiéseir, chuige ar dtúis. Ansan do labhair Gedeon leis an dTighearna agus seo mar a labhair sé leis: “A Thighearna Dia,” ar seisean, “má 'sé do thoil naomhtha clann Israéil do shaoradh ó n-a namhaid tré ghníomh mo láimhe-se, cuirfad an lomra olna so anso amach fé'n spéir, agus má bhíon drúcht ar an lomra agus an talamh mórthímpal tirim beidh san mar chómhartha agam air gur tré ghníomh mo láimhe do dhéanfir an fhuasguilt.” D'fhág sé an lomra amuich fé spéir na h-oidhche sin. Tháinig sé ar maidin. Fuair sé an olan fliuch agus an talamh mórthímpal ana thirim. D'fháisg sé an t-uisge as an olan agus do líon sé árthach maith mór leis an uisge drúchta a dh'fháisg sé as olan an lomra. Ansan do labhair sé airís leis an dTighearna. “A Thighearna Dia,” ar seisean, “ná bíodh fearg ort chugham má loirgim aon chómhartha amháin eile leis an lomra. Iarraim ort, a Thighearna, gur b'é an talamh mórthímpal a bheidh fliuch ar maidin amáireach agus gur b'é an lomra a bheidh tirim agus go mbeidh san mar chómhartha agam air gur tré ghníomh mo láimhe-se a dhéanfir an fhuasguilt seo.” Chuir sé an lomra fé'n spéir an oidhche sin airís, agus tháinig sé ar maidin agus fuair sé an talamh go léir mórthímpal báithte fliuch agus an lomra chómh tirim agus a bheadh sé dá mba istigh i n-aice na teine a bheadh sé i gcaitheamh na h-oidhche. Bhí sé sásta ansan. Do thuig sé 'n-a aigne gur bh'é toil Dé a bheadh
aige á dhéanamh nuair a raghadh sé i gcoimhsgar cogaidh leis na Madianíteachaibh. Déarfidh duine, b'fhéidir, “Nár mhór an peaca dhó bheith ag déanamh fromtha ar Dhia ar an gcuma san?” Tugaid daoine naomhtha an freagra so ar an gceist sin: “Gan amhras ba pheaca mór é mara mbeadh gur bh'é an Tighearna féin, moladh go deó leis, do spriuc é chun na trialach san do dhéanamh ar an gcuma san, leis an lomra. Tá brígh leis an obair lasmuich dé'n bhrígh a bhí ag Gedeon leis.” Nuair a bhí an dá chómhartha san fachta ag Gedeon do ghluais sé féin agus a mhór shluagh agus tháinig sé go dtí an tobar ar a dtugtar Harad. Bhí slóighte na Madianítach sa ghleann agus cnoc mór árd ar an dtaobh theas díobh. Do labhair an Tighearna le Gedeon mar seo: “Táid do shlóighte ró mhór. Tá an iomad daoine agat. Ní tabharfar na Madianítigh i láimh an mhór shluagh so, mar dá dtabharfí déarfadh clann Israéil gur bh'ortha féin ba cheart dóibh a bhuidheachas a bheith acu nuair a bhéarfidís an buadh. Cruinnigh na daoine agus labhair leó, i dtreó go n-aireóchaid siad go léir thu. Abair leó, ‘Aoinne n-a bhfuil sgáth ná eagla air imthigh- eadh sé abhaile.’” Do labhair Gedeon leó ar an gcuma san. D'iom- puigh dhá mhíle fhichead fear acu ó chnoc Galaad agus chuadar abhaile agus níor fhan ag Gedeon ach deich míle fear. CXVII. CLEAS COGAIDH. Nuair a bhí an dá mhíle fhichead imthighthe ní raibh ag Gedeon ach deich míle. Do labhair an Tighearna airís leis, ámhthach, agus dubhairt sé leis: “Tá an iomad
daoine agat fós. Beir leat chun an uisge iad agus trialfad ann iad. Ansan, an té adéarfad leat a bhreith leat téidheadh sé leat; an té adéarfad leat gan a bhreith leat téidheadh sé thar n-ais.” Do rugadh na fir chun an uisge go n-ólfidís deoch, agus dubhairt an Tighearna le Gedeon; “An fear ná déan- fidh ach an t-uisge do thógaint chun a bhéil le n-a bhais, agus a bheidh sásta le n-a n-ólfidh sé ar an gcuma san, cuir 'n-a sheasamh fé leith é, agus an fear a thiocfidh ar a ghlúinibh agus chuirfidh a bhéal síos sa n-uisge chun é dh'ól cuir i n-áit eile fé leith é.” Do deineadh san. Ar ball nuair a bhí a dheoch uisge tógtha ag gach aoinne do fuaradh ná raibh ach trí chéad fear a thóg an t-uisge agus do shloig d'á mbasaibh é, agus gur tháinig an chuid eile go léir ar a nglúinibh agus gur chuireadar a mbéil síos ann chun é dh'ól. Ansan do labhair an Tighearna airís le Gedeon; “Leis an dtrí chéad fear san a dh'ól an t-uisge d'á mbasaibh iseadh do shaorfad sibh agus do chuirfad na Madianítigh féd' láimh-se. Imthigheadh an chuid eile go léir abhaile.” Do thóg Gedeon chuige an méid bídh a theastuigh uaidh agus na trúmpaí a dh'oirfadh dó agus thug sé féin agus an trí chéad aghaidh ar ghnó an chogaidh agus chuir sé an chuid eile uaidh abhaile. Ní raibh ansan aige ach trí chéad fear, agus bhí céad agus a trí agus dachad de mhíltibh fear ansúd thíos sa ghleann ag bun an chnuic. An oidhche sin do labhair an Tighearna leis airís: “Eirigh,” arsan Tighearna leis, “agus imthigh síos go dtí longphort an namhad mar táid siad tabhartha ad' láimh agam duit. Ach má's eagla leat dul ann at' aonar téidheadh do ghiolla leat, agus nuair a bheir ag éisteacht le n-a gcainnt neartófar do ghéaga agus beidh níos lugha eagla agat rómpa.” D'imthigh sé síos, é féin agus a bhuachaill, Phara, agus thánadar chun na h-áite 'n-a raibh an lucht faire. Bhí na Madianítigh agus na h-Amalecítigh agus na slóighte
eile a tháinig leó anoir, bhíodar measgaithe ar a chéile sa ghleann agus iad sínte, agus iad mar ghainimh na trágha le líonmhaireacht nú mar a bheadh suathantas lócuistí, agus éacht de bheithidhachaibh iompair 'n-a dteannta. Nuair a tháinig Gedeon i ngar dóibh d'airigh sé fear acu ag cainnt le fear eile. “Is ait an taibhreamh a deineadh dom,” arsan fear. “Cad é an taibhreamh é?” Arsan fear eile. “Do samhluigheadh dom go bhfeaca císte gríosaigh a deineadh d'órna, agus gur rith sé an cnoc anuas, ar a fhaobhar, agus gur bhuail an císte sin i gcoinnibh cábáin agus gur leag sé an cábán anuas ar an dtalamh.” “Ní'l ach an t-aon bhrígh amháin leis an dtaibhreamh san,” arsan fear eile, “Claidheamh Gedeoin an císte órnan san. Tá longphort Mhadian tabhartha ag an dTighearna i láimh Ghedeoin agus leagfidh Gedeon slóighte Mhadian mar a leag an císte úd an cábán.” D'airigh Gedeon an taibhreamh agus an míniú agus do shléacht sé do'n Tighearna agus tháinig sé thar n-ais chun a mhuinntire. “Eirighidh!” ar seisean leó, “Tá longphort Mhadian tabhartha dhúinn ag an dTighearna.” Dhein sé trí treana d'á thrí chéad fear. Ansan thug sé trúmpa do gach fear acu agus crúsga folamh. Ansan do chuir sé lampa ar lasadh isteach ins gach crúsga, agus bíodh go raibh an lampa ar lasadh níor bhféidir an solus a dh'fheisgint nuair a bhí an lampa thíos sa chrúsga. “Anois,” ar seisean, “Tagaidh liom agus deinidh go léir díreach mar a chífidh sibh a dhéanfad-sa. Nuair shéidfad-sa mo thrúmpa séideadh gach aoinne agaibh a thrúmpa agus buailidh na crúsgaí i gcoinnibh a chéile agus tógaidh anáirde na lampaí agus cuiridh go léir liú suas i n-aonfheacht chómh h-árd agus d'fhéadfidh sibh é agus abradh gach aoinne, i n-árd a chinn agus a ghutha ‘An Tighearna agus Gedeon!’”
Ansan chuir sé céad fear i ngach áit de thrí áiteannaibh mórthímpal ar longphort na Madianíteach. An túisge 'n-a rabhadar 'n-a n-ineadaibh do shéid Gedeon an trúmpa. Le n-a linn sin do séideadh céad trúmpa ar thaobh de'n longphort, agus céad trúmpa eile ar thaobh eile dhe, agus céad trúmpa eile ar an trímhadh thaobh, agus do briseadh an trí chéad crúsga, agus do tógadh suas an trí chéad lampa ar lasadh. Do léim na daoine as a gcodladh. D'airighdar an fothram, agus na trúmpaí d'á séide agus an liúireach, agus chonacadar an solus ar gach aon taobh díobh. Cheapadar go raibh an longphort lán d'á namhaid. D'iompuigh gach fear a chlaidheamh ar an bhfear ba ghiorra dhó. CXVIII. ÉIRLEACH. D'iompuigh gach fear a chlaidheamh ar an bhfear ba ghiorra dhó, mar toisg an sgeón a bheith ionta níor aithnighdar a chéile, agus bhí an trí chéad ag séide na dtrúmpaí ar buile agus na lampaí anáirde acu agus i n-aghaidh gach béice d'á dtugadh an trúmpa do liúghadh an fear, chómh h-árd agus a bhíodh sé 'n-a sgórnaigh agus 'n-a chliabh, “Claidheamh an Tighearna agus Ghedeon!” Ba ghearr go raibh liúireach na mílte Madianíteach chómh h-árd chómh fiain le liúireach an trí chéad, ach go raibh na trúmpaí níb' aoirde 'ná mar fhéadfadh aon ghuth daoine bheith. Do lean an trí chéad, 'n-a seasamh, ag liúirigh agus ag séide na dtrúmpaí, go dtí gur ghluais na Madianítigh, agus iad ag liúirigh agus ag marbhú a chéile, amach tré bheárnain, idir dhá chéad éigin acu, agus gur imthighdar 'n-a lán rith, ag teiche agus ag marbhú a chéile sa teiche, i dtreó na h-áite ar a dtugtí Betesda. Nuair a ghlanadar amach as an
longphort do ghluais an trí chéad ar a dtóir 'ghá marbhú chómh tiugh agus d'fhéadaidís teacht ortha. An túisge 'n-ar thosnuigh an teiche agus an tóir chomáin Gedeon teachtairí mórthímpal tré thír Ephraim 'ghá rádh le clainn Israéil go léir, sa tír sin, rith agus teacht roimis an namhaid ar phort abhan Iórdain. Thánadar go léir 'n-a slóightibh líonmhara. Thánadar roimis an namhaid ar phort na h-abhan agus dheineadar éirleach ortha agus mharbhuighdar beirt d'á righthibh, Oreb agus Seb, agus bhaineadar na cinn díobh. Do lean Gedeon agus a thrí chéad an namhaid chómh fada leis an abhainn agus thar abhainn soir. Nuair a bhí Gedeon lastoir de'n abhainn bhí fir Ephraim, leis, tar éis dul thar abhainn. Thánadar ag triall ar Ghedeon, agus an dá cheann acu, ceann Oreb agus ceann Seb, agus thugadar dó iad. Ansan, nuair a thuigeadar an gníomh a bhí déanta ag Gedeon tháinig éad ortha agus fearg agus fíoch, agus do labhradar leis go dúr agus go míchéadtach. “Cad é mar obair duit,” ar siad leis, “dul agus tabhairt fé n-a leithéid de ghníomh gan glaodhach orainne!” Bhí a leithéid sin d'fhearg ortha gur thuig sé gur bhaoghal go mbuailfidís é. “Agus,” ar seisean leó, “nách sibh-se do dhein an obair go léir? Cad fhéadfinn-se a dhéanamh mara mbeadh sibh-se? Nách eól do gach aoinne gur fearr aon chrobhaing amháin d'Ephraim 'ná fíonfhóghmhar Abié- seir ar fad? Is i nbhúr láimh-se do thug an Tighearna ríogra Mhadian, Oreb agus Seb. Cad é bhrígh mo ghníomh-sa seachas a bhfuil déanta agaibh-se?” Do mhaoluigh an chainnt sin an fhearg a bhí ortha. Thuigeadar gur bh'fhíor dó é, mara mbeadh iad féin do theacht crosta ar an mór shluagh namhad, agus iad ag teiche, go raghadh a bhformhór saor agus go n-iompó- chaidís airís ar an dtrí chéad. Ní gan chúis a bhí an fhearg ortha, leis. B'iad na fir chéadna úd iad a cuireadh abhaile mar gheall ar an eagla bheith ortha, agus na fir
eile a cuireadh abhaile mar gheall ar theacht ar a nglúinibh chun an uisge dh'ól. Nuair a chonacadar, ó'n gcnoc, na mílte slógh namhad sa lóngphort sa ghleann níor bh'fhearr leó rud d'imthig ortha 'ná iad do chur abhaile. Ní raibh aon chuimhneamh acu go ndéanfadh an trí chéad aon ghníomh. Ach nuair a chonacadar na slóighte namhad ag gluaiseacht 'n-a lán rith ar teiche agus an t-éirleach uathbhásach dh'á dhéanam ortha bhíodar ar dearg bhuile nuair nách iad féin a dhein an gníomh san. Ansan, nuair adubhairt Gedeon an focal cneasta leó, nuair a thug sé an chreideamhaint go léir dóibh, do thuigeadar go ndubhairt sé an fhírinne, agus bhíodar sásta. Ach do lean Gedeon na Madianítigh, tríd an dtír lastoir de'n Iórdan agus bhí tuirse ag teacht air féin agus ar a thrí chéad fear. Níor bh'aon iongna san. Bhíodar ag rith, ar thóir na Madianítheach ó mheadhon oidhche roimis sin agus bhí mórán slighe curtha dhíobh acu, i dtreó go rabhadar buailte amach. Bhíodar i ngar do threabhchas d'á muinntir féin i n-áit ar a dtugtí Soccot. D'iarr Gedeon ar uaislibh na h-áite sin rainnt aráin a thabhairt dó i dtreó go bhféadfadh sé rud le n-ithe thabhairt do sna fearaibh agus go bhféad- fidís Seboe agus Salmana agus ríogra eile Mhadian leanamhaint. “Ba dhóich le duine ort,” arsa ríogra Soccoit, “gur beag ná go bhfuil greim cheana féin agat ar Shebee agus ar Shalmana.” Ag magadh féi a bhíodar mar ní raibh aon choinne acu go bhféadfadh sé breith ar an mbeirt ríogra san. Níor thugadar an bia dhó. Bhí cúis eile acu leis an eiteachas, i n-éaghmuis na cúise sin.
CXIX. AN T-EITEACHAS. I n-éaghmuis gan aon choinne bheith acu go bhféadfadh sé breith ar an mbeirt ríogra úd, Sebee agus Salmana, bhí cúis eile ag ríogra Soccoit le gan an bia a bhí uaidh d'á fhearaibh a thabhairt do Ghedeon. Bhí sé daingean 'n-a n-aigne go dtuitfadh Gedeon agus a thrí chéad fear chómh luath agus thiocfidís lámh le láimh le sluagh Shebee agus Shalmana. Ansan, dar leó, do thiocfadh Sebee agus Salmana agus dhéanfidís éirleach ortha mar gheall ar an arán a thabhairt do Ghedeon. Ar mhaithe leó féin agus le h-eagla roimhe Shebee agus roimhe Shalmana iseadh thugadar an t-eiteachas do Ghedeon. Nuair a fuair Gedeon an t-eiteachas, agus an tar- cuisne anuas air, do labhair sé leó: “Nuair a thabhar- fidh an Tighearna Sebee agus Salmana isteach am' láimh- se tiocfad anso thar n-ais chughaibh-se agus gearrfad bhúr gcroicean le sgeachaibh agus le deilgnibh an fhásaigh sin i nbhúr dtímpal.” Ansan d'iompuigh Gedeon agus chuaidh sé ag triall ar fhearaibh Phanuel. Treabhchas eile de chlainn Israéil ab eadh iad san. D'iarr sé an bia ortha fé mar a dh'iarr sé ar mhuinntir Soccoit é. Thugadar an t-eiteachas céadna dhó. Bhí caisleán daingean acu agus bhíodar istigh ann. Is dócha gur mheasadar nár bhaoghal dóibh é ó bhíodar istigh sa chaisleán. “Nuair a bhead-sa ag teacht thar n-ais anso,” ar seisean leó, “agus buaidhte ar an namhaid agam leagfad an caisleán san oraibh- se.” Chomáin sé leis soir, ar thóir na namhad. Bhí long- phort déanta ag an namhaid dóibh féin i n-áit a bhí, dar leó, ó bhaoghal. Ní raibh aon choinne acu go leanfí iad
chómh fada soir. Ní raibh ann díobh an uair sin ach chúig mhíle dhéag fear as an mór shluagh a bhí sa longphort i ngleann Iesraéil an oidhche roimis sin. Do marbhuigh- eadh, sa sgeón agus sa teiche, céad míle ar fhichid míle fear a bhí ag iompar arm. Bhí an chúig mhíle dhéag tuirseach tnáithte ó'n rith a bhí déanta acu, bhíodar 'n-a gcodladh gan amhras. Bhí an oidhche arís ann. D'éaluigh Gedeon agus a thrí chéad chun an longphuirt ó'n dtaobh thoir. Ní raibh aon choinne ag aoinne go dtiocfadh sé chucha ó'n dtaobh san. Chuir sé sgeón airís ionta agus dhein sé éirleach ortha agus ghaibh sé 'n-a bpríosúnachaibh Sebee agus Salmana. Bhí sé thar n-ais i Soccot ar eirighe gréine. “Feuch!” ar seisean le fearaibh Soccoit, “Sin iad an bheirt ríogra úd n-ar thugabhair an tarcuisne dhomh-sa mar gheall ortha! Agus do dhiúltabhair d'aon bhia thabhairt dom' fhearaibh bochta a bhí ag imirt a n-anam ag troid le nbhúr namhaid!” Do rug sé ar na h-uaislibh a bhí ortha agus do sgiúr- sáil sé iad leis na sgeachaibh agus leis na deilgnibh, fé mar a gheall sé dhóibh a dhéanfadh sé. Ansan d'iom- puigh sé ar mhuinntir Phanuel agus do bhris sé an cais- leán agus do leag sé é agus chuir sé chun báis na cosantóirí a bhí istigh ann. Bhí an cnoc ar a dtugtí Tabor tamal soir óthuaidh ó ghleann Iesraéil. Bhí fhios ag Gedeon gur chuir na Madianítigh chun báis fir éigin de chlainn Israéil a chuaidh i bhfolach uatha sa chnoc san an fhaid a bhíodar i ngleann Iesraéil. “Chuireabhair-se fir éigin chun báis ar chnoc Taboir?” ar seisean le Sebee agus le Salmana. “Is fíor,” ar siad. “Cad é an saghas iad?” ar seisean, “Ba ró dheabhrthach leat-sa iad,” ar siad san, “Bhí fear acu agus ba chuma nú mac rí é.” “Dritháracha dhomh-sa ab eadh iad!” arsa Gedeon,
“agus chíon an Tighearna,” ar seisean, “dá bhfágadh sibh beó iad ná cuirfinn-se sibh-se chun báis!” Ansan thug sé dhóibh an bás a bhí tuillte acu. Nuair a tháinig Gedeon abhaile ó'n gcogadh san do bhailigh clann Israéil 'n-a thímpal agus, “Ó,” ar siad, “Bí ad' rí ós ár gcionn go léir, agus bíodh mac duit 'n-a rí ós ár gcionn ad' dhiaidh, agus mac mic duit 'n-a dhiaigh sin, mar d'fhuasgalais sinn ó láimh Mhadian!” “Ní bhead-sa am' rí ós bhúr gcionn,” ar seisean leó, “ná ní bheidh aon mhac liom 'n-a rí ós bhúr gcionn, ach beidh an Tighearna féin 'n-a rí ós bhúr gcionn. Ní'l agam le h-iarraidh oraibh ach aon nídh amháin. Tugaidh dom na fáinní óir agus na h-órnáidí óir, an fhoghail a fuarabhair de bharr an chogaidh.” “Tabharfam agus míle fáilte!” ar siad. Do leath sé a bhrat ar an dtalamh agus chuireadar na h-órnáidí chuige ar an mbrat. Bhí míle agus seacht gcéad de shicilibh óir in sna fáinníbh cluas amháin aige. Agus níor bh'fhios a raibh d'ór in sna h-órnáidíbh troma a bhíodh ag na Madianítigh ortha féin agus ar a mbeithidh- eachaibh iompair. Bhí Gedeon 'n-a bhreitheamh ar chlainn Israéil ar feadh dachad blian, agus ní raibh cor ná leid as na Madianítigh i gcaitheamh na h-aimsire sin. CXX. SEANA DHROCH BHÉASA. Bhí Gedeon 'n-a bhreitheamh ar Israél ar feadh dachad blian agus i gcaitheamh na h-aimsire sin níor tháinig namhaid ag cur isteach ar chlainn Israéil. Nuair a bhí an dachad blian caithte agus saoghal breágh fada fághalta aige agus é ana chríona tháinig an bás air. Do h-adhlachadh é i n-uaigh a athar, i n-Ephra. Ansan do tháinig atharú. Bí mórán mac ag Gedeon.
Dhein mac díobh feall ar na macaibh eile agus mhairbh sé iad go léir ach aoinne amháin. Do theich an t-aoinne amháin sin le n-a anam uaidh. Abimelec ab ainm do'n mhac a dhein an marbhú san. Dhein sé rí dhe féin. Thug muinntir a mháthar congnamh dó chuige sin agus chun a dhritháracha do mharbhú. Ní raibh sé ach trí bliana 'n-a rí nuair eirighdar 'n-a choinnibh. D'eirigh cogadh idir é agus iad agus do thuit sé sa chogadh. Tar éis bháis d'Abimelec do deineadh breitheamh d'fhear d'ár bh'ainm Tóla agus bhí sé sin 'n-a bhreitheamh ar Israél ar feadh trí bliana fichid. Ansan do tháinig fear d'ár bh'ainm Iair agus bhí sé 'n-a bhreitheamh ar feadh dhá bhliain a's fiche agus fuair sé bás. Tar éis bháis do Ghedeon, agus as san go dtí bás Iair, bhí clann Israéil ag claonadh do sna seana dhroch bhéasaibh go dtí go rabhadar chómh h-olc a's bhíodar riamh agus níosa mheasa. Bhíodar ag déanamh an uilc i láthair an Tighearna, ag adhradh na ndéithe fallsa, ag adhradh Bhaal agus Astaroit, agus 'n-a dteannta san ag adhradh déithe Shíria, agus Shídóin agus Mhóab agus clainne Ammoin agus Philistím. Bhí druim lámha tabhartha acu do'n Tighearna ar fad. Ní raibh aon onóir acu 'á thabhairt dó. Do las fearg an Tighear- na 'n-a gcoinnibh mar gheall ar na droch bhéasaibh sin go léir agus do sgaoil sé fé smacht na bhPhilistíneach iad, agus fé smacht chlainne Ammoin. Do deineadh ana chos-ar-bolg ortha ar feadh ocht mbliana déag. Do cuireadh uathbhás cruadhtain ortha. Tháinig clann Ammoin agus a raibh lastall de'n Iórdan i dtír an Amorréigh, agus chreachadar talamh Iúda agus talamh Bheniamin agus talamh Ephraim, agus bhí clann Israéil i gcruadhchás go tiobaisteach. Ansan do sgreadadar ar an dTighearna, “Tá peacaí déanta againn, a Thighearna,” ar siad, “mar do thréigeamair ár dTighearna Dia féin agus dheine- amair seirbhís do Bhaal!”
Do labhair an Tighearna leó, ámhthach. “Bhí muinntir na h-Éigipte, agus na h-Amorréigh, agus clann Ammoin agus na Philistínigh, agus muinntir Shídóin, agus muinntir Amalec, agus muinntir Chanaan, ag déanamh annsmachta oraibh, agus do ghlaodhabhair orm-sa agus d'fhuasgalas sibh uatha. Agus 'n-a dhiaidh san do thréigeabhair me agus do thugabhair onóir do dhéithibh iasachta. Ní fhuasgalód-sa sibh a thuille. Imthighidh agus labraidh leis na déithibh atá toghtha agaibh agus fuasgalaidís sibh i n-am bhúr gcruadhtain.” Agus dubhairt clann Israéil: “Ní h-eadh, a Thighearna, ach fuasgail-se sinn anois agus cuir féin pionós orainn mar gheall ar an bpeaca atá déanta againn ad' choinnibh!” Agus le linn na cainnte sin do rádh dhóibh do chaitheadar uatha agus chuireadar amach as a dtíorthaibh, na h-íodail go léir agus chromadar ar sheirbhís an Tighearna do dhéanamh mar ba cheart, agus tháinig truagh ag an dTighearna dhóibh. Annsan do chruinnigh clann Ammoin a slóighte agus chuireadar suas longphort i nGalaad. Do chruinnigh- dar clann Israéil a slóighthe, leis, agus chuireadar longphort suas dóibh féin i Maspha. Cuid de thír Israéil ab eadh Galaad. D'á bhrígh sin bhí clann Ammoin tar éis teacht thar teórainn isteach i dtír Israéil nuair a bhí curtha fútha acu i nGalaad. Dheineadar mórán fotharaim agus mórán bladhmain ag teacht dóibh, leis, 'ghá chur 'n-a luighe ar chlainn Israéil ná raibh aon bheann acu ortha. Bhí eagla ag muinntir Ghalaad rómpa, ach 'n-a thaobh san bhí fonn mór ortha aghaidh a thabhairt ortha. “An chéad duine againn,” adeiridís le n-a chéile, “a bhualfidh buille ar chlainn Ammoin beidh sé 'n-a cheann uraid ar phobul Ghalaad!” Ní leogfadh eagla d'aoinne acu, ámhthach, an chéad bhuille do bhualadh. Bhí an namhaid ró láidir agus an cluiche ró chontabharthach.
CXXI. IEPHTE. Bhí sa n-am gcéadna san i nGalaad fear ana chródha agus Iephte ab ainm dó. Mac tabhartha ab eadh é, agus nuair fhás sé féin agus clann mhac dlistineach a athar suas 'n-a bhfearaibh do dhíbir an chlann dlistineach a' teaghlach a athar é. Dubhradar leis ná raibh ceart dleaghthach aige chun maoine an teaghlaigh. D'imthigh sé agus d'fhág sé ansan iad féin agus maoin an teaghlaigh agus chuir sé faoi sa n-áit ar a dtugtar Tob. Do chruinnuigh chuige sa n-áit sin a lán fear a bhí dealbh agus a lán buachaillí díomhaoine agus a lán lucht foghla agus dheineadar ceann uraid ós a gcionn de. Fir chródha ab eadh iad go léir ach bhí Iephte féin níba threise agus níba chródha 'ná aoinne acu. Nuair a bhí clann Ammoin 'n-a longphort i lár chríche Ghalaad agus an bhuairt go léir ar mhuinntir na críche sin do chuimhnighdar ar Iephte. Níor fhan clann Ammoin aon fhaid mhór ar a suaineas 'n-a longphort. Thosnuighdar ar throid le muinntir na críche agus ar iad do mharbhú agus ar na creacha bhreith uatha. Tháinig muinntir na críche ag triall ar Iephte. “Tar,” ar siad, “agus bí ad' phriúnsa ós ár gcionn- na agus dein troid le clainn Ammoin.” “Nách sibh-se,” ar seisean, “na daoine úd a thug fuath dhomh-sa agus do dhíbir me amach a' teaghlach m'athar? Tré mhéid bhúr gcruadhtain iseadh thánabhair chugham anois.” “Thánamair chughat,” ar siad, “Tré dhéine an chruadh- tain atá orrainn, gan amhras. Ach tar linn agus dein cómhrac dúinn i gcoinnibh chlainne Ammoin agus bí ad' cheann ar a bhfuil beó againn i dtír Ghalaad!” “Má's fíor gur thánabhair anso chun a dh'iarraidh
orm cómhrac ar bhúr son i n-aghaidh clainne Ammoin,” ar seisean, “agus má thugan an Tighearna an lámh uachtair dom ortha, an mbead-sa am' cheann oraibh?” “Tá an Tighearna ag éisteacht linn anois, ar siad san, “agus tugaimíd an Tighearna mar fhínné agus mar uradh dhuit ann, go ndéanfimíd an rud atá againn á gheallamhaint duit, agus go nglacfimíd tu ad' cheann ós ár gcionn go léir.” Ansan d'imthigh Iephte i n-aonfheacht le ríogra Ghalaad agus do h-óirneadh é' n-a cheann ar an bpobal san go léir. Chómh luath agus bhí san déanta do thaisbeáin sé conus mar a bhí a aigne socair aige ar gach nídh do dhéanamh do réir toile Dé. Thaisbeáin sé, leis, an éirim aigne agus an chiall agus an tuisgint a bhí aige. Chomáin sé teachtairí ag triall ar rí clainne Ammoin agus dubhairt sé leó a rádh mar seo, i n'ainm agus 'n-a phéarsain féin:— “Cad 'tá idir mise agus tusa gur tháinís ag cur isteach orm ag lot mo thíre?” D'fhreagair an rí: “Mar do thóg Israél mo chuid tailimh-se nuair a tháinig sé aníos as an Éigipt. Do thóg sé uaim an talamh ó chríochaibh Árnoin go Iaboc agus go Iórdan. Tabhair-se dhom mo chuid tailimh anois agus bíodh an tsíothcháin eadrainn.” Tháinig na teachtairí agus d'innseadar do Iephte cad 'dubhairt an rí. “Imthighidh thar n-ais,” arsa Iephte leó, “agus abraidh leis mar seo, ‘Seo mar adeir Iephte’: níor thóg Israél talamh Mhóab ná talamh clainne Ammoin. Nuair a tháinig clann Israéil aníos as an Éigipt do shiubhluighdar tríd an uaigneas chómh fada leis an Muir Ruaidh agus thánadar go dtí Cades. Ansan d'iarradar cead ar rí Edoim gabháil tré n-a thír agus d'eitigh sé iad. Ansan d'iarradar ar rí Mhóab cead a thabhairt dóibh gabháil tré n-a thír agus d'eitigh sé iad go tarcuisneach. Ansan do ghaibh clann Israéil mórthímpal, lasmuich de thalamh Edoim
agus de thalamh Mhóab agus dheineadar longphort ag abhainn Árnoin agus níor dheineadar aon chur isteach ar thalamh Mhóab. Ansan do chuir clann Israéil teach- taireacht ag triall ar Shehon, rí na n-Amorréach, a bhí 'n-a chómhnuidhe i Hesebon, agus d'iarradar cead air go leogfadh sé dhóibh gabháil tré 'n-a thír chun na h-abhan, chun dul treasna na h-abhan isteach sa tír a bhí geallta dhóibh. Níor thug sé dhóibh an cead. Thug sé tarcuisne dhóibh, agus 'n-a theannta san do chruinnigh sé mór shluagh agus tháinigh sé amach chun catha do chur ortha. Do chuir sé cath ortha agus do bhuadar air, mar thug an Tighearna dhóibh an lámh uachtair air, i dtreó go bhfuara- dar seilbh an tailimh sin go léir a bhí ag an Ammorréach, ó abhainn Árnoin go dtí Iaboc agus ó'n uaigneas go bruach abhan Iórdain. Isé an Tighearna Dia Israéil do thraoch an t-Amorréach, agus measan tusa an talamh san do ghlacadh anois.” CXXII. MÓID IEPHTE. “Nách fíor gur leat-sa le ceart an talamh a bhuaidh Chamos, do dhia féin, duit? Ar an gcuma gcéadna is linne an talamh a bhuaidh ár dTighearna Dia Israéil dúinn; mara rud é go measan tusa gur fearr d'fhear tu féin 'ná Balac, mac Sephoir rí Mhóab agus gur féidir leat a chur 'n-a luighe orainn gur chómhraic sé sin le clainn Israéil, agus é 'n-a chómhnuidhe i Hesebon agus in sna bailtibh beaga go léir ar bruach Iórdain. Táid clann Mhóab in sna h-áiteanaibh sin le trí chéad blian. Cad 'n-a thaobh nár deineadh aon éileamh de'n tsórd so i gcaitheamh na h-aimsire sin go léir? Ní mise atá ag déanamh eugcóra ort-sa, ach is tusa atá ag teacht anso ag cur isteach orm-sa, ag fógairt cogaidh
orm go eugcórtha. Deineadh an Tighearna breithniú indiu idir chlainn Israéil agus clann Ammoin!” Níor ghéill rí Ammoin do chainnt Iephte nuair innis na teachtairí dhó an chainnt. Ansan tháinig spirid an Tighearna ar Iephte agus thug sé cuaird mórthímpal ar Ghalaad agus ar Mhanasse agus ar Mhaspha agus chruinnigh sé a shlóighte agus thug sé aghaidh ar chlainn Ammoin. Nuair a bhí sé ag déanamh ar chlainn Ammoin dhein sé móid i láthair Dé. Thug sé an gheallamhaint seo do'n Tighearna:— “A Thighearna Dia, má thugan tú an buadh dhom anois ar chlainn Ammoin ídhbireód chun an Tighearna an chéad nídh a bhuailfidh umam i ndorus mo thighe féin nuair a thiocfad abhaile fé bhuadh ó chlainn Ammoin.” Ansan do thosnuigh sé ar thír clainne Ammoin do sgrios agus d'argain agus níor fhéadadar seasamh 'n-a choinnibh i n-aon chath. Do thóg sé agus do raob sé fiche cathair ortha agus do loit sé a bhfíonghoirt saidhbhre go léir, go dtí fé dheire go rabhadar tréith go maith agus nár bhaoghal do chlainn Israéil iad feasta. Nuair a bhí an léirsgrios san déanta aige tháinig sé abhaile chun a thighe féin. Bhí aon inghean amháin aige. Cé rithfadh chuige amach as a thigh féin ach an inghean, í féin agus comrádaithe a bhí aici, ag cur fáilte roimis agus ag moladh na ngníomhartha a bhí déanta aige i gcoinnibh namhad clainne Israéil. Chómh luath agus chonaic sé í do chuimhnigh sé ar an ngeallamhaint a bhí tabhartha aige do'n Tighearna! Tháinig buairt uathbhásach air. Do labhair sé léi: “A 'ghnean ó,” ar seisean. “Tá an donus déanta agat, ort féin agus orm-sa, agus gan agam ach tú!” agus d'innis sé dhi an gheallamhaint a bhí tabhartha aige do'n Tighearna. “A athair,” ar sisi, “an gheallamhaint sin a thugais do'n Tighearna am' thaobh-sa dein í chómhlíonadh fé mar a gheallais. Thug an Tighearna buadh dhuit sa chogadh agus tabhair-se do'n Tighearna ar nídh a gheallais a
thabharfá dhó dá dtugadh sé an buadh dhuit. Ní iarrfad- sa ort ach aon dá mhí amháin chun imtheacht imeasg na gcnoc i n'aonfheacht lem' chómhaltaíbh ag caoi mar gheall ar mo mhaighdeanas.” D'imthigh sí féin agus a cómhaltaí imeasg na gcnoc, ar feadh an dá mhí, agus dheineadar an caoi sin. Ansan tháinig sí thar n-ais agus dhein Iephte léi fé mar a bhí geallta aige do'n Tighearna a dhéanfadh sé. Cad a dhein sé léi? Deir cuid de lucht an eóluis gur chuir sé chun báis í agus gur ídhbir sé í. Deir tuille de lucht an eóluis gur b'amhlaidh a choisric sé í chun fanamhaint 'n-a maighdin ar feadh a saoghail. An lucht adeir san neartuighid siad a n-abairt as an bhfocal deirineach atá sa Bhíobla 'n-a taobh, .i. “Agus níor chuir sí aithne ar chéile fir.” Isé brígh a bhí leis an gcaoi mar gheall ar an maigh- dineas 'ná so. Bhí geallta do chlainn Israéil go raibh an Slánuightheóir le teacht agus gur uatha féin a thioc- fadh sé. D'á bhrígh sin bhí neart do gach mnaoi de sna mnáibh súil a bheith aici go mb'fhéidir gur ar a sliocht féin a thiocfadh sé. Cúis bhuartha d'á bhrígh sin ab eadh d'aon mhnaoi gan sliocht a bheith uirthi. Níor bh'fhéidir d'inghín Iephte sliocht a bheith uirthi nuair a déanfí í choisreacan 'n-a maighdin chun Dé. Bhí sí sásta leis an gcoisreacan ó thug a h-athair an gheallamhaint do'n Tighearna, ach d'iarr sí an dá mhí chun na buartha dhéanamh. Do dhein sí féin agus a cómhaltaí an bhuairt. 'N-a dhiaidh san do théidheadh na cómhailtaí céadna amach ar feadh cheithre lá gach aon bhliain ag déanamh na buartha céadna. As san do dhein nós de. Thug inghineacha Israéil mar bhéas dóibh féin an bhuairt sin do dhéanamh uair sa mbliain as san amach.
CXXIII. SIBBOLET. Bhí clann Ephraim 'n-a gcómhnuidhe laistiar de'n Iórdan ar aghaidh tíre Ghalaad siar. Nuair a chonaca- dar na gníomhartha móra a bhí déanta ag Iephte agus an mhór chlú a bhí aige mar gheall ortha tháinig eud ortha. D'eirighdar 'n-a choinnibh agus siúd thar abhainn soir iad ag cur isteach air. “Nuair a bhís-se ag cur cogaidh agus cómhraic ar chlainn Ammoin,” ar siad leis, “cad 'n-a thaobh nár ghlaodhis orainne agus leogaint dúinn dul sa ghleic sin i n-aonfheacht leat? Níor dheinis. D'á bhrígh sin loisgfimíd do thigh ort anois!” “D'eirigh toirmeasg ana theith,” arsa Iephte, “idir me a's clann Ammoin agus idir mo dhaoine agus iad féin. Do ghlaodhas oraibh-se agus d'iarras oraibh teacht agus cabhrú liom. Níor thánabhair. Ansan b'éigean dom féin dul agus m'anam a dh'imirt leó. Chuireas cath agus cogadh ortha agus thug an Tighearna dhom gur bhuadhas ortha. Cad a dheineas oraibh-se go n-eireóchadh sibh am' choinnibh ar an gcuma so agus go gcuirfadh sibh aighneas orm?” Annsan do chruinnigh sé fir Ghalaad agus chuir sé cath ar chlainn Ephraim agus bhuaidh sé ortha agus bhí fíoch agus fearg ag fearaibh Ghalaad chun clainne Ephraim mar deiridís gur choigríoch iasachta Galaad, Galaad, a bhí 'n-a chómhnuidhe idir Ephraim agus Manasse. Dhíoladar as an asachán san. Do buadhadh ortha go fuilteach. Nuair a cuireadh an teiche ortha agus iad lastoir de'n Iórdan bhí gach aon iarracht acu 'á dhéanamh ar dhul thar abhainn siar. Bhí fir Ghalaadacha ag Iephte ar áthaibh na h-abhan. Thagadh an lucht teiche, 'n-a nduine a's 'n-a nduine, chun an phuirt ar an dtaobh thoir.
“Leog thar abhainn siar me,” adeireadh an fear a thagadh. “Nách Ephraméach tu?” adeireadh na fir ar an áth. “Ní h-eadh,” adeireadh seisean. “Abair ‘sibbolet,’” adeireadh na fir ar an áth. “Soibbolet,” adeireadh seisean. Thaisbeánadh an “soibbolet” gur bh'Ephraméach é agus do cuirtí chun báis é láithreach. Do thuit ar an gcuma san breis agus dachad míle fear de threibh Ephraim. Deir an Bíobla go raibh an íde sin tuillte acu, agus gur dhóbair do'n mhioscais chéadna agus do'n éad chéadna a chur fhiachaint ortha cogadh do chur ar Ghedeon nuair a bhí a mhalairt tuillte aige uatha féin agus ó chlainn Israéil go léir. Bhain Iephte an teasbach díobh agus an mhórchúis, agus an t-eirighe-anáirde. Do mhair sé ar feadh sé mblian 'n-a dhiaidh san 'n-a bhreitheamh ar chlainn Israéil. Ar feadh rainnt blianta i ndiaidh Iephte tháinig, i ndiaidh chéile, 'n-a mbreitheamhnaibh ar chlainn Israéil, Aberan, agus Ahialan, ach ní h-innstear 'n-a dtaobh aon nídh gur fiú trácht air. Innstear, ámhthach, an seana sgéal i gcómhnuidhe, .i. gur shleamhnuigh clann Israéil i leithtaoibh, isteach in sna seana dhroch bhéasaibh, agus gur leog an Tighearna dhóibh tuitim fé smacht na bhPhilistíneach ar feadh dachad blian. Ansan, mar ba ghnáth, nuair a bhí an smacht ró dhian ortha d'iompuighdar thar n-ais chun an Tighearna agus thug an Tighearna fuasgaltóir dóibh. Bhí fear n-ar bh'ainm dó Manue 'n-a chómhnuidhe i n-áit ar a dtugtí Saraa agus de threibh Dan ab eadh é. Bhí bean aige ach bhí sí aimrid agus ní raibh clann acu. Do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin di agus í n-a suidhe amuich sa pháirc, agus do labhair sé léi. “Taoi-se aimrid,” ar seisean, “agus ní'l aon chlann agat, ach ní bheidh tu aimrid feasta. Geóbhfir gein agus beidh mac agat. D'á bhrígh sin tabhair aire
mhaith agus ná h-ól fíon ná aon deoch meisgeamhail agus ná caith aon bhia neamh-ghlan, óir beidh an mac a bheidh agat 'n-a Nasaríteach chun Dé ó fhágfidh sé broinn a mháthar. Ná curtar aon deimheas ar a cheann choidhche. Isé a dh'fhuasgalóchaidh clann Israéil ó sna Philistínigh.” Tháinig an bhean ag triall ar a fear agus, “Tháinig fear Dé chugham,” ar sisi leis, “agus aghaidh air mar a bheadh ar aingeal, aghaidh ró iongantach. Chuirfadh sé uathbhás ar dhuine. D'fhiafraigheas de cé r' bh'é féin agus cár bh'as é, agus cad ab ainm dó, ach níor thoil leis a dh'innsint dom. Dubhairt sé liom, mar seo, ámhthach:— ‘Geóbhfir gein agus beidh mac agat. Seachain agus ná h-ól fíon ná deoch meisgeamhail, agus ná caith aon bhia neamh-ghlan, mar beidh an mac san 'n-a Nasaríteach chun Dé ó n-a naoidheanacht agus ó fhágfidh sé broinn a mháthar go dtí lá a bháis.’” Bhí iongna agus alltacht ar Mhanue nuair airigh sé an chainnt sin. Mheas sé gur dhuine shaoghalta an té a chonaic an bhean agus bhí ana dhúil aige go bhfeicfadh sé féin é, leis. CXXIV. AINGEAL Ó DHIA. D'iarr Manue ar an dTighearna leogaint dó féin an fear a dh'fheisgint a chonaic an bhean. “Aithcim ort, a Thighearna,” ar seisean, “an duine seo ó Dhia a tháinig, é theacht airís go n-innsidh sé dhúinn cad tá le déanamh againn i dtaobh an mhic seo a thiocfidh ar an saoghal chughainn!” Thug an Tighearna a ghuidhe dhó. Bhí an bhean 'n-a suidhe sa pháirc lá eile 'n-a dhiaidh san, agus do thaisbeáin an t-aingeal é féin di. Ní raibh Manue ann. Do rith an bhean chun na h-áite 'n-a raibh
sé agus d'innis sí dhó go raibh an fear ann le feisgint airís. Do ghluais sé léi chun na h-áite 'n-a raibh an t-aingeal. Chonaic sé, dar leis, an fear áluinn uasal. “An tusa a bhí ag cainnt leis an mnaoi?” ar seis- ean. “Is me,” arsan t-aingeal. “Nuair a thiocfidh an mac adeirir atá le teacht cad is toil leat a dhéanfadh sé, nú cad é an nídh a bheidh le seachaint aige?” arsa Manue. “Seachnadh sé na neithe úd adubhart led' mhnaoi. Ná h-itheadh sé aon nídh a thagan ó fhíon. Ná h-óladh sé fíon ná aon deoch meisgeamhail agus ná caitheadh sé bia neamhghlan. Agus deineadh sisi go cruinn na neithe atá órduighthe agam di.” “Aithcim ort, a uasail,” assa Manue, “leogaint dúinn mionán gabhair a dh'ullmhú dhuit.” “Ní chaithfad an bia,” ar san t-aingeal,” bíodh go ndéanfá tathant orm, ach má's mian leat ídhbirt a dhéanamh chun Dé féadfir a dhéanamh.” Ní raibh aon chuimhneamh ag Manue gur bh'aingeal a bhí ann, agus d'fhiafraigh sé dhe cad ab ainm dó. “Tabhair t'ainm dúinn, led' thoil, a uasail,” ar seisean, “i dtreó, má thagan do rádh chun cinn go bhféadfimíd onóir a thabhairt duit.” “Cad ab áil leat dem' ainm?” arsan t-aingeal. “Nídh iongantach iseadh m'ainm-se.” Ansan do thug Manue leis mionán ó sna gabhraibh agus d'ídhbir sé an mionán chun Dé, ar charaig cloiche. Dhein sé an ídhbirt “chun Dé a dheinean neithe ion- gantacha.” D'eirigh lasair na h-ídhbirte suas sa spéir, agus ansan chuaidh an t-aingeal isteach sa lasair agus d'imthigh sé suas i n-aonfheacht leis an lasair. Do chaith an bheirt iad féin anuas ar an dtalamh nuair a chonacadar an méid sin, mar do chuir an radharc san sgannra ortha.
“Taimíd réidh!” arsa Manue leis an mnaoi. “Tá an bás againn!” ar seisean, “mar do chonacamair aingeal an Tighearna!” Bhí sé daingean i n-aigne gach duine, an uair sin, an té a dh'fhéachfadh ar aingeal an Tighearna ná raibh aon dul ó'n mbás aige. “Ní'l baoghal orainn,” arsan bhean, “dá mba chun sinn a chur chun báis a bheadh an Tighearna ní ghlacfadh sé an ídhbirt as ár lámhaibh ná ní 'neósfadh sé dhúinn na neithe seo go léir atá le teacht. Tháinig an t-am agus bhí mac ag an mnaoi agus do tugadh Samson mar ainm air, agus d'fhás sé agus chuir an Tighearna a bheannacht air, agus ní raibh sé ach seacht mbliana déag nú mar sin nuair a tugadh fé ndeara, i longphortaibh treibhe Dain, go raibh rath ó Dhia air agus go raibh lámh Dé leis. Do tugadh fé ndeara, leis, an neart uathbhásach a bheith ann agus gan aon mhaoidheamh aige 'á dhéanamh choidhche as an neart san. Ins gach níd a bhainean leis na gníomharthaibh a dhein Samson ní foláir dúinn a chimeád os cómhair ár n-aigne gur dhuine é a cheap Dia chun na ngníomhartha san do dhéanamh, agus, i ndéanamh na ngníomhartha san, gur shamhaltas roimh ré é ar an Slánuightheóir Naomhtha. Bhí an Slánuightheóir geallta do sna Iúdaígh agus do tugadh do sna Iúdaígh an fhuasgailt a dhein Samson ar chlainn Israéil ó sna Philistínigh, mar shamhaltas ar an bhfuas- gailt a bhí ag an Slánuightheóir le déanamh, abhfad 'n-a dhiaidh san, ar an gcine daona go léir, ó chomhachtaibh ifrinn. Cialluighean an focal “Samson” an ghrian, do réir lucht eóluis.
CXXV. CLEAMHNAS. Le méid a nirt iseadh bhí ceapaithe ag an dTighearna go ndéanfadh Samson neart na bhPhilistíneach do chlaoidhe. Seo mar a stiúruigh an Tighearna é chun a nirt d'imirt ortha. D'imthigh sé síos lá chun áite d'ár bh'ainm Tamnata. Chonaic sé sa n-áit sin óigbhean bhreágh dhathamhail, agus Philistíneach ab eadh í. Tháinig sé abhaile agus do labhair sé len' athair agus le n-a mháthair. “Bhíos thíos i dTamnata,” ar seisean, “agus chonac ann óigbhean a thaithn go mór liom. Philistíneach iseadh í ach má 'seadh féin táim 'ghá iarraidh oraibh-se anois an óigbhean san do ghlacadh agus í thabhairt dom mar mhnaoi phósta.” “An amhlaidh,” ar siad san, “ná fuil aon óigbhean áluinn dhathamhail ameasg na mban óg atá ar do mhuinntir féin, chun a rádh go n-imtheófá agus go dtabharfá bean leat amach a lár ár namhad go léir!” “Ná bídhidh liom,” ar seisean, “ach imthighidh agus tugaidh chugham í siúd mar mhnaoi phósta.” Deir an Bíobla nár thuig an t-athair ná an mháthair gur le leamhnú Dé a bhí an nídh sin ag tuitim amach, chun ócáide do dhéanamh i gcoinnibh na bhPhilistíneach, mar bhí clann Israéil fé smacht na bhPhilistíneach an uair sin. D'imthigh an triúr, Samson agus a athair agus a mháthair, síos go Tamnata chun an chleamhnais a dhéanamh. Thánadar go dtí áit 'n-a raibh fíonghuirt, lasmuich de'n chathair. Bhí Samson deighilte ó'n mbeirt eile, rómpa amach nú tamal beag ar deire. D'eirigh preabaire de león óg chuighe agus thug sé aghaidh air chun a mharbhuighthe. Do léim Samson chuige agus do rug sé air agus do strac sé as a chéile é mar a strac- fadh sé mionán gabhair, agus gan d'arm aige chuige ach
a dhá láimh! Dhein sé an gníomh chómh tapaidh sin, gan aon fhothram, nár thug an t-athair ná an mháthair fé ndeara é. Ní dubhairt sé focal leó mar gheall air. D'imthighdar leó síos agus chonaic sé an óigbhean agus do socaruigheadh ar an gcleamhnas. Rainnt aimsire 'n-a dhiaidh san chuaidh sé féin agus an t-athair agus an mháthair síos airís, chun na h-oibre do chríochnú agus chun na mná thabhairt, leó abhaile. Nuair a bhíodar ag gabháil thar an áit 'n-ar mhairbh Samson an león do shleamhnuigh sé i leithtaoibh uatha chun go bhfeicfadh sé an corp agus chonaic sé rud a chuir iongna air. Bhí satha beach tar éis teacht agus iad féin do shocarú, istigh i mbéal an leóin mhairbh agus tar éis criathar breágh mór meala dhéanamh istigh ann. Thóg sé cuid de'n mhil agus chrom sé ar í dh'ithe. Tháinig sé suas leis an mbeirt, len' athair agus le n-a mháthair, agus shín sé chucha cuid de'n mhil agus chromadar ar í chaitheamh, ach níor innis sé dhóibh gur amach a' béal an leóin mhairbh a tháinig sí. Do críochnuigheadh an cleamhnas agus do h-ullmhuigh- eadh bainis go fial agus go fairsing, do réir nós na h-aimsire. Nuair a chonaic muinntir na h-áite Samson thugadar dó, chun iad a bheith aige mar chualacht, deichneabhar ar fhichid saighdiúirí. Do labhair Samson leis an ndeichneabhar ar fhichid:— “Tabarfad ceist daoibh le réidhteach,” ar seisean, “agus má réidhtighean sibh an cheist sar a mbeidh seacht lá na bainise seo caithte againn tabharfad deich cinn fhichead de bhrataibh agus de chasógaibh daoibh-se; ach má theipean oraibh, caithfidh sibh-se deich cinn fhichead de bhrataibh agus de chasógaibh a thabhairt domh-sa.” “Tá go maith,” ar siadsan. “Sgaoil chughainn do cheist go n-airighmíd í.” “Sidí an cheist,” ar seisean:— “Amach as an itheadóir a tháinig bia, agus amach as an láidir a tháinig mísleacht.”
Chromadar ar mhachthnamh agus ar mhachtnamh agus theip ortha an cheist do réidhteach ná aon phioc de bhrígh na ceiste do thuisgint. Bhí an seachtmhadh lá ag teacht agus an cheist gan réidhteach. Thánadar ag triall ar an mnaoi óig nuaphósta agus do labhradar léi. “Labhair-se le Samson,” ar siad, “agus bí ag tathant air agus 'ghá mhealladh, go dtí go meallfir uaidh brígh agus réidhteach na ceiste agus ansan innis dúinn an réidhteach. Dein an méid sin dúinn nú mara ndeinir loisgfimíd-ne do thigh agus tigh t-athar agus loisgfimíd thu féin. An chun sinn do lomadh a thugabhair anso sinn chun na bainise seo?” Dhein sí rud ortha. Chrom sí ar thathant agus ar mhealladh agus ar dheóraibh do shile go fuigheach 'ghá iarraidh ar Shamson réidhteach na ceiste thabhairt di. Fé dheire do thug. D'imthigh sí láithreach agus d'innis sí do'n mhuinntir eile an réidhteach. CXXVI. CNÁMH CORÁIN. Bhí réidhteach na ceiste acu ansan agus bhíodar sásta. An seachtmhadh lá, roimh dhul gréine féi, thánadar ag triall ar Shamson. “Tá réidhteach do cheiste againn,” ar siad. “Cad is misle 'ná mil,” ar siad, “agus cad is treise 'ná león?” “Mara mbeadh gur dheineabhair an feall,” ar seisean, “agus go bhfuarabhair an réidhteach óm' mhnaoi ní fhéad- fadh sibh an cheist do réidhteach.” Deir an Bíobla go dtáinig spirid an Tighearna isteach ann agus gur ghluais sé síor go h-Ascalon agus gur mhairbh sé deich feara fichead d'fhearaibh na
h-áite sin agus gur bhain sé dhíobh a mbrata agus a gcasóga agus gur thug sé na brait agus na casóga san do sna fearaibh a réidhtigh an cheist. Ansan d'im- thigh sé isteach i dtigh a athar agus d'fhan sé ann agus árd fhearg air, agus d'imthigh an bhean go tigh a h-athar féin agus ní fada a bhí sí ann nuair a tugadh le pósadh í do dhuine eile, do dhuine de sna comrádaidhthibh úd a bhí ag Samson. Tar éis rainnt aimsire, nuair a chuaidh d'á fheirg beagán, tháinig Samson go tigh athar a chéile, ag cur tuairisge a mhná, agus mionán gabhair aige, as a threud, chun é thabhairt di. Nuair adubhairt sé gur theastuigh uaidh labhairt léi do choisg an t-athair é agus dubhairt sé:— “Mheasas ná tiocfá 'n-a goire a thuille; go raibh fuath tabhartha agat di mar gheall ar an bhfeall a dein- eadh ort, agus thugas d'fhear eile í. Tá inghean eile agam, ámhthach, agus tá sí níos breághtha 'ná an inghean a phósais-se agus tabharfad duit í le pósadh i n-inead na h-inghíne a thugas dod' charaid.” “Ó'n lá so amach,” arsa Samson, “ní bheidh aon locht le fághail orm-sa i dtaobh a ndéanfad i gcoinnibh na bhPhilistíneach, agus déanfad mórán uilc oraibh.” D'imthigh sé ansan agus do rug sé ar trí chéad sionach, cheangail sé a n-eirbail d'á chéile agus chuir sé tóirse ar lasadh idir gach aon dá eirbal díobh agus do sgaoil sé amach iad agus do ritheadar anonn 's anall tríd an arbhar a bhí ag na Philistíneachaibh. Sa bhfóghmhar ab eadh é agus bhí an t-arbhar aibidh agus cuid de bainte, cruachta. Do ghlac an t-arbhar a bhí gan baint teine láithreach agus do loisgeadh ar an dtalamh é. Do ghlac an t-arbhar a bhí cruachta teine ó'n arbhar a bhí gan baint agus do loisgeadh é. Do ghluais an trí chéad sionach tré sna fíonghortaibh, leis, agus do loisgeadh iad, agus do loisgeadh na crainn ola, i dtreó gur creachadh na Philistínigh.
Nuair a chonaic na Philistínigh an léirsgrios a bhí déanta chromadar ar a fhiafraighe cé dhein é. Do h-innseadh dóibh gur bh'é Samson a dhein é, mar gheall ar an eugcóir a deineadh air nuair a tugadh a bhean phósta d'fhear eile. Nuair airigh na Philistínigh an méid sin d'imthighdar chun an tighe agus do loisgeadar an t-athair agus an bean i n-aonfheacht, mar gheall ar an eugcóir a deineadh ar Shamson. Bhí an t-eagla acu roimh Shamson mar gheall ar an neart uathbhásach a bhí ann agus cheapadar go sásóchadh an losgadh san é agus go mb'fhéidir ná déanfadh sé a thuille díobhála ortha. Chonaic sé iad ag losgadh na beirte, an t-athair agus an inghean, agus do labhair sé leó:— “Tá an méid sin déanta agaibh,” ar seisean, “ach ní dhéanfidh sé an gnó dhaoibh. Déanfad-sa tuille díoltais oraibh agus ansan fanfad socair.” Ansan do léim sé chucha, díreach mar a léim sé chun an leóin úd, agus dhein a leithéid d'éirleach ortha go raibh an méid d'fhág sé beó dhíobh as a meabhair, geall leis, le sgannra agus le h-uathbhás. Nuair a bhí an t-éirleach san déanta aige ortha d'imthigh sé uatha síos go dtí caraig a bhí ann ar a dtugtí Etam. Bhí pluais sa charaig sin agus chuaidh sé isteach sa phluais sin agus d'fhan sé ansan. Nuair a chuir na Philistínigh díobh an sgannra do chruinnighdar mór shluagh agus thánadar agus dheineadar longphort i n-áit ar ar tugadh “Leichi” mar ainm 'n-a dhiaidh san. Cialluighean an focal “Leichi” “cnámh coráin.” Bhíodar arsan agus a slóighte 'ghá leathadh féin ar fuaid na tíre. Ba le treibh Iúda an tír. Tháinig cuid de mhuinntir na tíre chun an longphuirt agus d'fhiafraighdar cad chuige an mhór shluagh. “Chun Samsoin do ghabháil agus do bhreith linn a thánamair,” ar siad san, “chun díoltais a dhéanamh air mar gheall ar a bhfuil déanta aige orainn.”
CXXVII. CIALL CHEANNAIGH. Nuair airigh muinntir treibhe Iúda an focal adubhairt na Philistínigh, .i. gur chun Samsoin a ghabháil do thánadar líon a slógh, bhí buairt ar threibh Iúda. Bhí eagla ortha go n-agaróchadh na Philistínigh ortha féin gníomhartha Shamsoin. Chuaidh trí mhíle fear acu síos chun na car- aige, mar a raibh Samson istigh sa phluais. “An bhfuil fhios agat,” ar siad leis, “cad tá ór- duighthe ag na Philistínigh dúinn a dhéanamh? Cad chuige dhuit a leithéid de léirsgrios a dhéanamh ortha?” “Níor dheineas ortha,” ar seisean, “ach mar a dhein- eadar orm.” “Isé rud a thug anso sinne anois 'ná chun tusa cheangal agus tu thabhairt suas ceangailte dhóibh,” ar siad san. “Ca bh'fhios dom,” ar seisean, “ná go marbhóchaidh sibh me má leogaim díbh mé cheangal?” “Ní mharbhóchaimíd,” ar siad san. “Ní dhéanfimíd ach tú cheangal agus tú thabhairt suas dóibh ceangailte.” “Deinidh a dhearbhú i láthair Dé,” ar seisean, “ná marbhóchaidh sibh me nuair a bhead ceangailte agaibh.” Dheineadar an dearbhú. Ansan do leog sé dhóibh é cheangal. Dheineadar an ceangal le téadaibh nua a bhí chómh ríghin, chómh láidir, chómh téagartha san ná féadfadh an león ba threise ar an gcnoc, dá mbeadh neart seacht león ann, iad do bhrise. Thógadar leó ar an gcuma san é go dtí an áit 'n-a raibh na Philistínigh cruinnighthe ag feitheamh le n-a theacht. Nuair a chonaca- dar chucha fir Iúda agus Samson acu, agus é gabhtha go daingean chuireadar uaill liúirighe suas 'á thais- beáint cad é an t-áthas a bhí ortha. Níor lean an t-áthas abhfad. Ba ghearr go raibh an liúreach iom- puighthe chun “na mílte ologón” acu. An túisge 'n-a
raibh Samson ós a gcómhair tháinig spirid an Tighearna isteach ann. Do chroth sé é féin. Do strac sé na ceangalacha as a chéile díreach mar a thuitfadh snáth as a chéile sa teine. Bhí na Philistínigh ag liúirigh agus ag rith chuige chun beirtha air. Do thárla cnámh coráin asail a bheith ar an dtalamh ós a chómhair. Do rug sé ar an gcnámh agus siúd chun na bhPhilistíneach é. Do rith sé tríotha anonn 's anall 'á marbhú leis an gcnámh go dtí go raibh míle fear acu sínte marbh aige. Do theich an chuid eile as a radharc. Ansan dubhairt sé na focail:— “Cad é mar éirleach Ar mhíle tréan fhear Gan chun a dhéanta Ach cnámh an asail!” Do chan sé na focail sin agus ansan do chaith sé an cnámh uaidh ar an dtalamh agus thug sé “Ramat Leichi” mar ainm ar an áit, agus cialluighean an ainm sin “tógaint an choráin.” Ansan tháinig tart ana mhór air, tart marbhuightheach. Bhí an tart chómh dian san air gur ghlaoidh sé ar an dTighearna. “A Thighearna,” ar seisean, “tá an fhuasgailt mhór so agus an buadh oirdheirc seo tabhartha agat domh-sa indiu, ach feuch marbhóchaidh an tart so me agus beidh mo chorp i lámhaibh mo namhad!” Ansan do dhein an Tighearna mírbhúilt mhór eile. D'osgail an Tighearna ceann de sna fiacalaibh a bhí i gcorán an asail agus do rith sruth uisge amach as an osgailt. Chuir Samson a bhéal ar an osgailt agus d'ól sé a dhóithin de'n uisge agus tháinig a neart agus a mhisneach dó, agus do tugadh mar ainm ar an áit sin “an tobar a guidheadh as an gcorán,” agus do lean an ainm sin ar an áit. Agus bhí Samson 'n-a bhreitheamh ar chlainn Israéil ar feadh fiche blian, i n-aimsir na bhPhilistíneach. Deir lucht eóluis go ndeineadh sé cúiseana na bhPhilistíneach
a bhreithniú chómh maith le cúiseanaibh chlainne Israéil. Thuigidís go dtugadh sé fíor bhreith, bíodh ná raibh aon ghrádh acu dhó. Thuigidís, leis, gur bh'fhearr bheith cneas- ta leis an nduine úd a mhairbh an míle fear tréan, armtha, oilte ar gach arm faobhair, agus gan d'arm aige chucha ach cnámh an asail. B'fhearr leogaint dó an fhaid a leogfadh sé dhóibh. Bhí smacht acu ar chlainn Israéil, ach má bhí féin, do thuigeadar go dian mhaith go mbeadh sé contabharthach dóibh an smacht d'oibriú ró dhian. Thuigeadar gur bhaoghal go gcuirfadh annsmacht fearg ar an bhfear láidir úd, agus ansan gur neithe gan mhaith claidheamh agus sgiath 'n-a choinnibh bíodh ná beadh 'n-a láimh aige ach corán asail. Bhí a rian air, bhí suaineas, maith go leór, ag clainn Israéil an fhaid a bhí sé beó acu. CXXVIII. DALÍLA. Tráth éigin i gcaitheamh na h-aimsire 'n-a raibh sé 'n-a bhreitheamh ar chlainn Israéil chuaidh Samson isteach i gcathair Ghása. B'í sin príomh chathair na bhPhilistíneach agus cathair ana dhaingean ana láidir ab eadh í agus bhí, nídh nách iongna, geataí móra, láidire, troma 'ghá dhúnadh, geataí ná féadfadh namhaid a bhrise gan a lán nirt. Chuaidh Samson isteach sa chathair sin chun gnótha éigin a dhéanamh ann, gnó éigin, b'fhéidir, a bhain le dualgas breithimh, mar bhí sé 'n-a bhreitheamh os cionn na bhPhilis- tíneach agus os cionn chlainne Israéil i n-aonfheacht, mar a dubhradh cheana. Nuair a bhí a ghnó déanta aige bhí an oidhche ann agus chuaidh sé isteach i dtigh ósta chun na h-oidhche chaitheamh ann agus dul abhaile ar maidin. Chonaic na Philistínigh é ag dul isteach sa tigh ósta. Chruinnighdar tímpal ar an dtigh agus dubhradar le n-a chéile, “Baileóchaimíd 'n-a thímpal ar maidin
nuair a bheidh sé ag teacht amach agus marbhóchaimíd é!” Bhí gárdaí fear acu ar na geataíbh. Do chodail Samson tosach na h-oidhche. Bhí a dhóithin codalta aige nuair a bhí an meadhon oidhche ann. D'eirigh sé agus bhuail sé amach chun dul abhaile. Ní raibh aon choinne ag an muinntir a bhí ag faire air go dtiocfadh sé amach chómh luath. Níor leog sgannra dhóibh dul 'n-a ghoire. Bhuail sé thórsa. Thug sé aghaidh ar an ngeata ba ghiorra dhó. Bhí na gárdaí ar an ngeata ac níor leog sgannra dhóibh baint leis. Bhí cuimhne ró mhait acu ar chnámh an asail. B'fhéidir gur mheasadar go stadfadh an geata mór láidir daingean é agus go rithfadh congnamh chucha ó sna buidhnibh eile a bhí ag déanamh na faire. Níor thug sé uain d'aon chongnamh ar theacht. Dhein sé ar an ngeata. Do rug sé ar an dá chomhlainn mhóra throma. Do strac sé ó'n dtalamh iad féin agus na pollaí ar a rabhadar ar crochadh agus na bolltaí a bhí 'á gcimeád dúnta daingean. Do bhuail sé chuige, anáirde ar a ghuailnibh, idir chómhlannaibh agus pollaí agus bolltaí, agus d'árduigh sé leis iad as an áit agus d'fhág sé an tslighe isteach sa chathair ar dian leathadh. Do rug sé leis na geataí go dtí bara cnuic a bhí tamal ó'n áit agus chaith sé uaidh ar mhullach an chnuic iad. Thug san le tuisgint do'n mhuinntir a bhí ag faire air, ag brath air go bhféadfidís é mharbhú istigh sa chathair ó bhí na geathaí dúnta acu air, gur mhaith an bhail ortha nár fhan sé le h-eirighe an lae, dá bhfanadh do thabharfidís féi agus ba ró bhaoghal ná fágfadh sé puinn acu beó 'n-a dhiaidh sa chathair. Ní h-innstear gur thugadar aon iarracht eile féi i gcaitheamh an fhichid blian. Do thárla, i ndeire na h-aimsire sin gur thug sé grádh do mhnaoi éigin gur bh'ainm di Dalíla, agus gur phós sé í. Tháinig uaisle na bhPhilistíneach ag triall ar an mnaoi. Is dócha go raibh fhios acu an feall a beith innti. Do labhradar léi.
“Dein-se a mhealladh ó Shamson,” ar siad, “cad ann go luighean an neart uathbhásach atá aige. Dá mbeadh fhios againn cad as go bhfaghan sé an neart atá ann b'fhéidir go bhféadfimís adhbhar an nirt do bhaint de agus ansan ná beadh ann ach mar aon fhear, agus go bhféadfimís é ghabháil agus é bhreith linn agus díoltas a dhéanamh air mar gheall ar a bhfuil d'olc déanta riamh aige orainn. Má dheinean tusa an rud so atá againn 'á iarraidh ort agus má gheibhmhíd an lámh uachtair air tríd an eólus a thabharfir dúinn tabharfimíd do thuarastal go maith dhuit. Tabharfidh gach duine againn céad agus fiche sichil airgid duit.” Do chrom sí as san amach ar bheith 'ghá leogaint uirthi le Samson go raibh ana ghrádh aici dhó. Ansan do chrom sí ar bheith ghá iarraidh air a dh'innsint di cad as go raibh an neart go léir aige. Bhí fhios aici nár bh'fhéidir a leithéid de neart a bheith i n-aon duine do réir nádúra, agus do lean sí ag tathant air rún a nirt do thabhairt di. Fé dheire shocaruigh sé ar a leogaint air go raibh an rún aige 'á thabhairt di. “Ní féidir mo neart do chlaoidhe,” ar seisean, “ach le h-aon nídh amháin. 'Neósfad duit cad é an nídh é sin ach go ngeallfir gan é dh'innsint d'aoinne beó.” CXXIX. MEALLADH. “Ó,” ar sisi, “cad a bhéarfadh go 'neósfinn d'aoinne beó é! Níl aon iontaoibh agat asam ná aon ghrádh agat dom! Dá mbeadh ní déarfá an chainnt sin liom. Dá mbeadh grádh agat dom mar atá agam-sa dhuit-se bheadh fhios agat go maith nár bhaoghal ná go ndéanfinn rún pé rud a 'neósfá dhom.” “Tá go maith,” ar seisean, “Dá gceangaltí mise
le téid a déanfí de lúithreachaibh nár thriomuigh fós, agus seacht cinn acu bheith i ndéanamh na téide, ní bheadh de neart ionam chun na téide sin do bhrise ach mar bheadh i n-aon fhear eile.” Bhí sí lán tsásta ansan. Chómh luath agus fuair sí an chaoi air do chuir sí sgéala chun na bhPhilistíneach agus d'innis sí an rún dóibh agus dubhairt sí leó an téad san do dhéanamh agus do thabhairt ag triall uirthi. Dheineadar. Ansan chuir sí i bhfolach iad i seómra éigin de'n tigh agus d'fhan sí go dtí go raibh Samson 'n-a chodladh. Nuair a bhí sé 'n-a chodladh go sámh do cheangail sí féin é leis an dtéid, go daingean, dar léi. Nuair a bhí sé ceangailte aici tháinig sí os cionn a chinn agus chuir sí liú aisti:— “A Shamsoin!” ar sisi, “chughat na Philistínigh!” Do léim sé as a chodladh agus bhí an téad 'n-a gár- téiríbh láithreach ar sile leis. D'fhan na Philistínigh i bhfolach. Ní raibh fhios ag Samson iad a bheith ann i n-aon chor. D'á bhrígh sin ní raibh fhios aige go raibh aon rud déanta ag an mnaoi ach blúire beag spóirt, chun a dhéanamh amach ar innis sé an fhírinne dhi i dtaobh na téide. Nuair a chonaic sí an téad 'n-a giobulaibh chrom sí ar ghol. “Ní'l aon ghrádh agat domh-sa,” ar sisi, “dá mbeadh ní bheifá ag magadh fúm ar an gcuma so 'ghá leogaint ort go raibh rún do nirt agat dh'á thabhairt dom agus gan agat dh'á innsint dom ach éitheach!” Chomáin sí léi ar an gcuma san ag cainnt agus ag gol go dtí gur bhuail sé uaithi amach. Ní raibh aon choinne aige go raibh a namhaid istigh aici i bhfolach. Chómh luath agus tháinig an oidhche d'euluighdar amach agus chuadar abhaile agus iad go diombádhach díobh féin, agus d'isi mar gheall ar iad do thabhairt ann i n-aistear. Ní bhfuair a fear aon bhlúire suainis uaithi as san amach ach í gach 'ré dturus ag gol agus ag tathant,
'ghá iarraidh air, ó dhein sé an bhréag a dh'innsint di an chéad uair, go ndéanfadh sé leórghníomh agus go 'neós- fadh sé an fhírinne dhi an tarna h-iarracht. “Ní mhair- fadh sí beó, ní fhéadfadh sí an oidhche chodladh; bhí a goile ag imtheacht uaithi; b'é fear ba chruaidh é d'á raibh ag mnaoi riamh, a rádh ná tabharfadh sé an rún san di agus í i n-a leithéid de chás le buairt aigne mar gheall air!” “Is dócha go bhfuil sé chómh maith agam é dh'innsint duit,” ar seisean. “Sid é an rún,” ar seisean. “Dá gceangaltí me le téidibh nua nár ceangaladh aon rud eile riamh leó ní bheadh de neart ionam chun iad a bhrise ach mar aon fhear eile.” Do leog sí uirthi bheith sásta leis an méid sin. Do sgaoil sí rainnt bheag aimsire tháirse go dtí go raibh an sgéal imtighthe as a cheann. Ansan chuir sí fios, a gan fhios, ar na Philistínigh. Thánadar agus chuir sí i bhfolach iad, fé mar a dhein sí an chéad uair. Fuair sí 'n-a chodladh Samson, go sámh. Cheangail sí go daingean é leis na téidibh nua. Ansan, nuair a bhí sé ceangailte aici, tháinig sí os cionn a chinn agus do liúigh sí chómh h-árd agus d'fhéad sí é:— “Chughat na Philistínigh, a Shamsoin,” ar sisi. Do léim sé as a chodladh agus leis an léim sin dhein sé mion ghiobail de sna téidibh nua! Siúd ag gol airís í, ag gol h-árd agus ag greadadh a dhá bas i gcoinnibh a chéile. “Ochón!” ar sisi, “ní'l aon bhean beó is mó de thruagh 'ná mise. Ní'l aon ghrádh i n-aon chor agam' fhear dom tar éis a bhfuil de ghrádh agam-sa 'á thabhairt dó!” Chomáin sí léi ar an gcuma san, ach gur dhein sí an gearán agus an truaghbhéil níba ghéire go mór 'ná mar a dhein sí an chéad uair.
CXXX. SAMSON GAN RADHARC. Bhí sí ag gearán agus ag gol agus ag tathant go dtí go ndubhairt sé léi, fé dheire:— “Dá dtiocfí ar na seacht ndlaoithe gruaige seo ar mo cheann agus iad d'fhighe le lása agus ansan iad do cheangal ar tharainge agus an tarainge sin do chomáint sa talamh bheinn-se gan neart ach mar aon fhear eile.” D'fhan sí airís go raibh sé 'n-a chodladh agus nuair a bhí sé 'n-a chodladh tháinig sí ar na seacht ndlaoithe gruaige a bhí ar a cheann agus dhein sí iad d'fhighe leis an lása agus iad do cheangal ar an dtarainge agus an tarainge chomáint sa talamh. Ansan do sheasamh sí os cionn a chinn agus chuir sí an liú aisti mar ba ghnáth:— Chughat na Philistínigh, a Shamsoin!” ar sisi. Do léim sé as a chodladh agus do strac sé an tarainge as an dtalamh. Bhí na Philistínigh i bhfolach ach ní baoghal gur thaisbeánadar iad féin. Nuair tháinig an oidhche d'imthighdar abhaile agus dubhradar le Dalíla ná tiocfidís a thuille; ná raibh sí ach ag magadh fútha. Ach má dhein Dalíla gol agus truaghbhéil agus tathant agus plámás roimis sin níor bhfiú biorán agus ar dhein sí seachas an méid a dhein sí 'n-a dhiaidh san de ghol agus de ghearán agus de thormas agus de pheatuíal, do ló agus d'oidhche, i dtreó go raibh an fear bocht as a mheabhair aici, nú geall leis, agus gur bheag ná gur chuma leis cad a bhí le h-imtheacht air, agus gur sgaoil sé chúichi an rún. “Tá sé chómh maith agam é sgaoile chughat,” ar seisean. “Ó rugadh me,” ar seisean, “níor bhain deimheas lem' cheann. Níor bearradh mo ghruaig riamh mar is Nasaríteach chun Dé me. Dá mbearrfí an ghruaig dem'
cheann bheadh mo neart imthighthe. Siné an sgéal go léir agat anois.” Thuig sí 'n-a h-aigne go raibh fírinne an sgéil aici fé dheire. Chrom sí ar mhéid a grádha do thaisbeáint dó láithreach. Chuireadh sí fhiachaint air luighe ar a h-aghaidh amach agus a cheann do chur 'n-a h-ucht go dtí go dtuiteadh a chodladh air. Thug sí aigne shuain- easach dó fé dheire agus bhí áthas air. Chómh luath agus fuair sí caoi gan chontabhairt air chomáin sí an teachtaireacht ag triall ar na Philistínigh, ghá rádh leó teacht aon turus amháin eile agus nár bhaoghal go mbeadh a gcuaird i n-aistear an uair sin. Thánadar agus thugadar leó an t-airgead. Chuir sí i bhfolach iad mar ba ghnáth. Ansan do mheall sí chúichi a fear agus chuir sí 'n-a luighe é ar a h-aghaidh amach agus chuir sí a cheann isteach 'n-a h-ucht chúichi. Thuit a chodladh air agus a cheann 'n-a h-ucht aici dhó. Tharraig sí chúiche deimheas a bhí ullamh aici agus do bhearr sí an uile ribe de'n ghruaig anuas d'á cheann. Nuair a bhí an méid sin déanta aici do chaith sí a cheann as a h-ucht uaithi agus:— “Chughat na Philistínigh, a Shamsoin!” ar sisi. Do léim sé as a chodladh. Do chroth sé é féin. Do rithea- dar-san chuige, ámhthach, agus má ritheadar níor fhéad sé aon díobháil a dhéanamh dóibh. Bhí an neart imthighthe. Do rugadar air agus cheangaladar é, agus bhaineadar an dá shúil amach as a cheann agus do rugadar leó é 'n-a phríosúnach go cathair Ghása. Níor bhaineadar an t-anam as láithreach. Chimeádadar é chun bheith ag cur pionóis air mar gheall ar a raibh d'olc déanta riamh aige ortha. Cheangaladar istigh i bpríosún é le slabhra agus chuireadar ag casadh muilleann é, ag meilt arbhair dóibh. Níor bh'fhada go raibh an ghruaig ag fás airís ar a cheann agus a neart ag teacht dó thar n-ais. Ach bhí sé gan radharc agus ní raibh aon mhaith sa neart an uair
sin, i gcoinnibh a namhad. Dar leis an namhaid bhí maitheas mór dóibh sin sa neart a bhí ag teacht dó mar d'á mhéid an neart a bheadh ann ab eadh b'fhearr a dhéan- fadh sé an obair. CXXXI. SAMSON SÍNTE MARBH. Bhí áthas ana mhór ar na Philistínigh nuair a chonacadar an neart ag teacht airís do Shamson agus nuair a thuigeadar go raibh an fear agus an neart fé n-a smacht féin, toisg an fear a bheith gan radharc. Thuigeadar go bhféadfidís aon úsáid ba mhaith leó a dhéanamh de'n neart san. Dágon ab ainm do'n dia fallsa a bhí acu dh'á adhradh. Bhí halla breágh mór fairsing acu i n-onóir do Dhágon, agus é déanta i dtreó go raibh an tigh go léir, idir bhuaic agus fallaí mórthímpal, dh'á chimeád 'n-a sheasamh le dhá pholla mhóra árda théagartha, a bhí 'n-a seasamh istigh i lár an tighe. Bhí an halla chómh mór chómh leathan san go raib slighe ann d'á raibh de mhór uaislibh ar na Philistíneachaibh, agus de mhion uaislibh chómh maith. Do cuireadh fógradh amach 'á iarraidh ar na daoine go léir teacht go cathair Ghása go bhfeicfidís na gníomhartha iongantacha a dhéanfadh Samson i láthair an phobuil. Thuigeadar go bhfeicfidís a neart ach nár bhaoghal dóibh an neart mar go raibh an fear gan radharc. Thánadar 'n-a slóightibh agus bhí an tigh mór lán. Deir na tuairisgí atá againn ortha go raibh trí mhíle duine mórthímpal thuas ar bhara an tighe mar a raibh suidhe- acháin socair dóibh mar a chítear i gcircur anois. Thuas ansan iseadh bhí an phoiblidheacht. Ach bhí suidheacháin eile thíos ar an úrlár mórthímpal agus deir na tuairisgí gur thíos ansan a bhí na h-uaisle go léir, na h-uaisle móra agus na mion uaisle, agus go raibh cheithre oiread,
chúig oiread, daoine ann agus bhí thuas. Bhíodar go léir lán d'áthas agus de mhórtais agus de mhóráil agus de mhaoidheamh, agus iad ag breith bhuidheachais le Dágon, an dia a bhí acu, mar gheall ar an dtairbhthe a dhein sé dhóibh nuair a thug sé fé n-a smacht an fear láidir sin a bhí tar éis oiread acu do mharbhú agus oiread de gach aon tsaghas eile díobhála dhéanamh dóibh. Do deineadh ídhbirt chun Dágoin agus ansan do deineadh ithe agus ól agus spórt agus aoibhneas. Ansan do h-órduigheadh Samson do thabhairt chucha amach as an muillean chun go ndéanfadh sé rainnt spóirt dóibh. Do tugadh amach é. Deirtear gur cuireadh rudaí móra troma roimis, rudaí ná féadfadh fathach iad d'aistriú, agus gur chaith sé i leithtaoibh iad mar a chaithfadh duine méaróg cloiche. Deirtear go mbíodh cuid acu ag sleamhnú chuige isteach agus 'á bhualadh sa n-aghaidh, nú i n-áit na súl, agus nuair a thugadh sé iarracht ar iad do bhualadh agus ná féadadh sé é toisg gan na súile bheith aige, go mbíodh na daoine go léir thíos agus shuas ag cur an anama amach ag gáirí uime. Do lean an obair ar an gcuma san ar feadh rainnt aimsire. Bhí giolla i n'aice, ghá stiúrú chun na neithe a bhí ceapaithe dhó a dhéanamh. Thug sé cogar do'n ghiolla:— “Tá tuirse orm, a ghiolla,” ar seisean, “beir anonn me agus leog dom mo ghuala do chur le ceann de sna pollaíbh móra ar feadh tamail. Do rug an giolla anonn é chun na bpollaí móra. Do leog sé a ghuala i gcoinnibh pholla acu. Ansan chuaidh osna ó n-a chroidhe suas chun Dé. “A Thighearna Dia,” ar seisean, “feuch anuas orm anois agus fóir me! Tabhair dom aon iarracht amháin de'n neart a bhí ar dtúis agam uait-se agus imireóchad do dhíoltas ar an sloigisg seo a bhain díom solus mo dhá shúl!” Do mhothuigh sé gur fhreagair Dia a ghuidhe.
Chuir sé a lámh dheas ar cheann de sna pollaíbh agus an lámh chlé ar an gceann eile agus d'oibrigh sé a lán neart. Siúd gach polla dhíobh as a inead agus sar a raibh fhios ag aoinne cad a bhí déanta siúd ag tuitim an tigh go léir agus na saileacha móra ag cnagarnaigh mar a bheadh tóirthneach agus siúd aon sgread choimhtheach mheilteach amháin as an mór shluagh daoine, agus ansan iad go léir brúighte basgaithe, marbh, fé adhmad agus fé fhallaíbh an tighe mhóir a bhí ar lár i n-a bhrúsgar! Bhí an dá pholla sínte ar an úrlár, fé'n mbrúsgar, agus bhí Samson sínte marbh fútha. CXXXII. NÓÉMÍ. Tháinig a mhuinntir féin agus do rugadar leó corp Shamsoin agus d'adhlacadar é i n-uaigh a athar, tar éis é bheith 'n-a bhreitheamh ar Israél ar feadh fiche blian. Agus nuair a cómhairigheadh na cuirp a bhí fé bhrúsgar an tighe mhóir do conacthas gur mhairbh Samson, an lá a leag sé an tigh sin ortha, níba mhó go mór de sna Philistínigh 'ná mar a mhairbh sé dhíobh i gcaitheamh a shaoghail roimis sin. Agus rud ba mheasa 'ná san féin, níor fhág leagadh an tighe mhóir aoinne de sna h-uaislibh beó. D'á bhrígh sin níor fágadh aon stiúrthóir, aon cheann uraid ar an bpobul, chun a thaisbeáint dóibh cad ba cheart a dhéanamh i gcoinnibh chlainne Israéil. Bhí a rian air, nuair a tháinig clann Israéil chun an chuirp a bhreith leó níor chuir aoinne 'n-a gcoinnibh. Bhí a mhalairt de chúram ortha go léir ag feuchaint i ndiaidh na gcorp a bhain leó féin. Dhein an lá san a leithéid de dhísgiú ar a n-uaislibh, idir mhór uaislibh agus mion uaisle, gur chuireadar fiche
blian díobh sar a raibh aon duine acu, uasal ná íseal, a dh'fhéadfadh aon stiúrú poibilidhe a dhéanamh ar an náisiún. Tuigid na h-aithreacha naomhtha gur shamhaltas roim ré ar ár Slánuightheóir gur bh'eadh Samson, agus gur shamhaltas roim ré ar bhás ár Slánuightheóra gur bh'eadh bás Shamsoin. Do dhein Samson ar a namhaid, le n-a bhás féin, íde uathbhásach, íde do chuir a gcómhacht ar neamhnídh. Do dhein ár Slánuightheóir, le n-a bhás ar chrann na cruise, moladh go deó le n-a chómhachtaib, íde ar chómhachtaibh ifrinn, íde do chuir ar neamhnídh cómhachta ifrinn. Ar uair a bháis iseadh thaisbeáin Samson, níba mhó 'ná mar a thaisbeáin sé riamh roimis sin é, an neart mírbhúilteach a bhí ann. Ar uair a bháis iseadh thaisbeáin ár Slánuightheóir do chómhachtaibh an diabhail gur threise a laige féin 'ná a neart san go léir. Sin mar a chíd na h-aithreacha naomhtha cosmhalacht idir bhás Shamsoin agus bás ár Slánuightheóra. Nuair a bhí sé daingean i n-aigne na bhPhilistíneach go raibh an lámh uachtair, amuich 's amach, fághalta acu ar Shamson, an uair sin díreach iseadh dhein sé an donas ar fad ortha. D'fhuilig sé an bás do theacht air féin ach do mhairbh a bhás iad san go léir. Ó bhás Shamsoin go dtí gur rugadh Samuel ní deir- tear puinn i dtaobh chlainne Israéil. Deirtear cúpla uair ná raibh, san n-aimsir sin, rí i n-Israél agus gur dhein gach duine fé mar a thaithn leis féin. Dhein cuid acu droch bhearta ná déanfidís, b'fhéidir, dá mbeadh aon smacht ós a gcionn. Is seanfhocal againn i nÉirinn é ná bíon an rath ach mar a mbíon an smacht, agus is seanfhocal, leis, é, an té ná déanfidh a leas nách foláir dó a aimhleas a dhéanamh. Ní raibh an smacht ar chlainn Israéil agus bhí a rian ortha, ní raibh puinn de'n rath ortha. Dhein treibh Bheniaimin droch bheart chaillte. Dheineadar aimhleas tiobaisteach dóibh féin. D'eirigh na treabha eile chucha agus chuireadar cogadh
fuilteach ortha i dtreó gur bheag ná gur dísgigheadh ar fad iad. Ansan do tháinig gorta ar an dtír agus bhí a lán de sna daoine ag fághail bháis leis an ocaras. Bhí aon fhear amháin 'n-a chómhnuidhe i mBetlehem Iúda agus Elimelech ab ainm dó, agus bhí bean aige agus Nóémí ab ainm dí, agus isé cúis 'n-ar tugadh Nóémí uirthi 'ná mar gheall ar a breághthacht. Bean ana bhreágh ab eadh í. Bhí beirt mhac acu. Mahalon ab ainm do dhuine de sna macaibh agus Celion ab ainm do'n mhac eile. D'imthigh Elimelech agus a bhean agus a bheirt mhac a' Betlehem Iúda, ag teiche ó'n ngorta agus chuadar soir go tír Mhóab agus chuireadar fútha ann. Ní fada a bhíodar 'n-a gcómhnuidhe sa tír sin nuair a fuair Elimelech bás. Tamal 'n-a dhiaidh san do dhein Nóémí dhá chleamhnas d'á beirt mhac le beirt óg bhan uasal de mhuinntir na tíre .i. de shliocht Mhóab. Bhí san i gcoinnibh dlighe a tíre féin agus a muinntire féin do Nóémí, ach do dhein sí é. Orpha ab ainm do dhuine de sna mnáib óga san agus Rút ab ainm do'n mhnaoi eile. CXXXIII. RÚT. Níor bh'fhada go bhfuair an bheirt mhac bás. Nuair a fuair Nóémí í féin 'n-a h-aonar i ndúthaigh iasachta, a fear agus a beirt mhac tar éis bháis agus an dá bhaintreach óga ag brath uirthi tháinig sgannra uirthi. Thuig sí 'n-a h-aigne go raibh lámh an Tighearna sa ghnó, gur dhein sí rud ná raibh ceart nuair thug sí an bheirt mhac do thug an Tighearna dhi do bheirt bhan nár bhain le creideamh Israéil agus gur ghá agairt sin uirthi a bhí an Tighearna nuair a thóg sé uaithi an bheirt mhac. Thuig sí 'n-a h-aigne ná raibh aon rud aici le déanamh ach imtheacht abhaile airís chun a tíre féin agus leogaint
do'n bheirt bhaintreach óg dul abhaile ag triall ar a muinntir fein, ag triall ar a máthair. Beirt drifeur ab eadh iad. Do labhair sí leó:— “A chlann ó,” ar sisi leó, “ní foláir domh-sa feasta imtheacht as an áit seo agus dul abhaile thar n-ais go Betlehem Iúda. Táim ana bhuidheach díbh-se araon mar gheall ar an ngrádh agus ar an uraim atá tais- beánta agaibh domh-sa agus do'n bheirt atá imthighthe. Téidhidh abhaile anois ag triall ar bhúr máthair agus ar bhúr muinntir féin agus iarraim-se ar an dTighearna gach rath agus gach séan do chur oraibh i gcaitheamh bhúr saoghail mar gheall ar an ndeagh-mhéinn atá taisbeánta agaibh-se dhomh-sa ó thánabhair ag triall orm, agus go dtugaidh sé sonuachar do gach duine agaibh!” Nuair airigh gach bean de'n bheirt bhan óg an chainnt sin ó mháthair a céile tháinig buairt agus uaigneas thar barr ortha agus chromadar araon ar ghol go h-árd agus go bró- nach. Do phóg Nóémí an bheirt agus chómhairligh sí airís dóibh imtheacht abhaile ag triall ar a máthair féin. “Is tusa ár máthair!” ar siad san. “Isiad do mhuinntir-se ár muinntir-ne agus isé do dhúthaigh ár ndúthaigh-ne. Ní imtheóchaimíd uait i n-aon chor ach raighmíd leat go Betlehem Iúda agus fanfimíd agat an fhaid a mhairfir!” Do lean sí ag tathaint ortha imtheacht abhaile go dtí fé dheire gur eirigh Orpha agus gur thug sí póg do Nóémí agus gur fhág sí slán aici agus gur thug sí a h-aghaidh ar an mbaile. Níor chorruigh Rút, ámhthach. “Feuch, a 'ghnean ó,” arsa Nóémí léi, “siní do dheirbhshiúr imthighthe abhaile chun a muinntire féin agus chun a déithe féin. Eirigh, a 'ghnean ó, agus lean í.” “Ná bí liom, a mháthair,” arsa Rút. “Ní eireóchad agus ní leanfad í. Ní fhágfad tusa go deó. Pé áit 'n-a raghair raghad-sa ann. Pé áit 'n-a bhfanfir-se fanfad-sa ann. Isiad do mhuinntir a bheidh mar mhuinntir agam-sa, agus isé do Dhia-se a bheidh 'n-a
Dhia agam-sa. An tír 'n-a bhfaighir-se bás ann is ann a gheóbhad-sa bás agus is ann a curfar fé chré me. Go ndeinidh an Tighearna so agus súd liom má sgaraim leat choidhche go sgaraidh an bás me leat!” Chonaic Nóémí nár bh'aon mhaith dhi bheith léi agus do leog sí dhi fanmhaint. Do ghluais an bheirt le cois a chéile agus thánadar go Betlehem. D'aithin na cómharsain Nóémí. “Ó!” ar siad, “sidí Nóémí tagaithe abhaile!” “Ná tugaidh Nóémí orm!” arsa Nóémí féin; ('sé sin, an Áluinn) “ach tugaidh Márá órm ('sé sin, an Ghruaim), óir tá an Uile Chómhachtach tar éis mé a líonadh lán de ghruaim. D'fhágas an áit seo agus mé lán de shaidhbhreas agus de shólás agus thug an Tighearna thar n-ais me gan saidhbhreas gan sólás. Ná tugtar, d'á bhrígh sin Nóémí orm níos mó, mar tá an Tighearna tar éis me dh'ísliú íseal go maith.” Agus do chuaidh sí féin agus Rút agus chómhnuighdar i mBetlehem, agus sa bhfoghmhar ab eadh é, díreach nuair a bhítheas ag tosnú ar an órna do bhuaint. CXXXIV. AG BAILIÚ DIOSGÁN. Bíodh go mba le Nóémí an talamh a bhí aici sar ar fhág sí féin agus a fear agus a beirt mhac Betlehem Iúda chun dul soir go tír Mhóab dheabhróchadh an sgéal go raibh easba bídh uirthi féin agus ar Rút nuair a bhíodar tar éis teacht abhaile chun na sean áite. Pé cúis a bhí leis do labhair Rút léi maidin áirithe nuair a bhí tamal beag tabhartha sa bhaile acu. “A mháthair,” arsa Rút, “tá buanaidhthe ag obair i ngort annso ná fuil abhfad uainn. Leog dom dul amach ann agus siubhal i ndiaidh na mbuanaidhthe agus
na diosgáin a bhailiú. Ní dócha go gcoisgfar me, agus beidh ar ndóithin le n-ithe againn i gcóir na h-oidhche.” “Imthigh leat, a 'ghnean ó,” arsa Nóémí, “agus go n-eirighidh leat.” Bhí fear saidhbhir, creideamhnach sa n-áit agus gaol ab eadh é d'Elimelec, .i. do'n fhear a bhí pósta ag Nóémí sar ar dhein a bhás baintreach di. Cá dtabharfadh Rút a h-aghaidh ach isteach i ngort leis an bhfear san. Chuaidh sí isteach sa ghort. Bhí mitheal mhór buanaidhthe ann agus iad ag buaint. Tháinig Rút 'n-a ndiaidh agus chrom sí ar na diosgáin a bhailiú. Boos ab ainm do'n fhear go mba leis an gort. Tar éis tamail tháinig sé isteach sa ghort ag feuchaint i ndiaidh na mbuanaidhthe. “Dia dhíbh!” ar seisean leis na buanaidhthibh. “Go mbeannuighidh an Tighearna dhuit!” ar siad san. “Cé h-í an cailín sin?” ar seisean leis an bhfear tosaigh a bhí os cionn na mbuanaidhthe. “Cailín Móabíteach í sin,” ars an fear. “Tháinig sí anoir ó thír Mhóab i n-aonfheacht le Nóémí. D'iarr sí orm leogaint di na diosgáin a bhailiú i ndiaidh na mbuanaidhthe. Tá sí ansan á mbailiú ó mhaidin indiu agus níor chuaidh sí abhaile i n-aon chor i gcaitheamh na h-aimsire.” Ansan do labhair Boos le Rút féin, “An airighean tú, a 'ghnean ó,” ar seisean léi, “ná h-eirigh i n-aon ghort eile chun na ndiosgán a bhailiú ach fan anso. Tá órduighthe agam do sna buachaillíbh seo gan aon chosg do chur leat. Fan i bhfochair mo chailíní ansúd agus lean na buanaidhthe agus bailigh a bhféadfir. Nuair a bheidh tart ort imthigh anonn ansúd mar a bhfuil na h-árthaí agus ól do dheoch asta mar a dheinid na buachaillí.” Nuair airigh Rút an chainnt sin do shléacht sí go talamh do'n duin'uasal.
“Conus a thárla dhomh-sa, a dhuin'uasail,” ar sisi, “tusa bheith chómh fabharamhail dom agus gan ionam ach cailín bocht iasachta!” “Do h-innseadh domh-sa,” ar seisean, “gach nídh d'ár dheinis-se do mháthair do chéile tar éis bháis an fhir a bhí agat, agus conus mar fhágais do mhuinntir féin agus an tír in ar rugadh tu chun teacht anso, i n-aonfheacht le máthair do chéile, isteach i ndúthaigh iasachta, ameasg daoine ná raibh aon aithne agat ortha roimh ré. Go dtugaidh an Tighearna luacht saothair duit de bharr na h-oibre a dheinis, agus ó tháinís ag triall ar an dTighearna Dia Israéil agus gur chuiris tu féin fé n-a chomairce go dtugaidh sé do thuarastal duit go saidhbhir!” “Is mór an sólás atá curtha agat orm, a dhuin'- uasail,” ar sisi, “agus labhairt liom chómh ceannsa, le cailín ná fuil i n-aon chor do dheagh-mhéinn ag dul di mar atá dod' chailíníbh aimsire féin. Tá do chainnt tar éis dul trém' chroidhe, a dhuin'uasail!” “Agus nuair a thiocfidh am an bhídh,” arsa Boos léi, “tar anso i dteannta na cod' eile agus caith do chuid mar aon leó agus túm do ghreim sa bhfinéagar mar chách.” Nuair a tháinig tráth an bhídh do chaitheamh d'imthigh Rút agus shuidh sí i n-aice na cod' eile agus do tugadh mias mhór de'n ghráinseachán di agus d'ith sí a dóithin agus d'fhág sí fuighlach agus do cuireadh fhiachaint uirthi an fuighlach do chur chúichi agus do bhreith léi. Ansan d'eirigh sí agus chuaidh sí ag bailiú na ndiosgán airís. Do labhair Boos, ámhthach, leis na buanaidhthibh:— “Dá mbaineadh sí dórnán de'n arbhar i n-aonfheacht libh,” ar seisean, “ná coisgidh í air, agus caithidh chúichi dórnán anois a's airís uaibh féin. Sgaoilidh léi i dtreó ná curfar aon sgáth uirthi. Ná cuireadh aoinne aon chosg léi.” B'é crích an sgéil é go raibh beart mhór diosgán ag Rút le breith abhaile léi ag triall ar Nóémí nuair a tháinig an tráthnóna.
CXXXV. BOOS. Nuair a bhí an bheart diosgán bailighthe ag Rút do thuig sí 'n-a h-aigne nár ghádh dhi an tuighe do bhreith léi abhaile. D'aimsigh sí cleith agus do sgoth sí an t-arbhar as an dtuighe leis an gcleith. Nuair a bhí an órna sgartha leis an dtuighe aici fuair sí go raibh rainnt mhaith órnan aici. Bhí ualach maith uirthi ag dul abhaile dhi. “Cár bhailighis é, a 'ghnean ó?” arsa Nóémí. “Bean- nacht ar an té a dh'fhóir ort!” D'innis Rút di gach aon rud; i dtaobh an duin'uasail a bhí chómh maith dhi; agus gur bh'é ainm a bhí air 'ná Boos. “Beannacht ó'n dTighearna air!” arsa Nóémí. “Bhí sé go maith d'ár muinntir an fhaid a bhíodar beó agus tá sé go maith dúinne anois nuair atá ár muinntir marbh! Tá gaol gairid ag an bhfear san linn!” “D'innis sé dhom go raibh,” arsa Rut, “agus dubh- airt sé liom gan dul i n-aon bhall eile ag bailiú na ndiosgán an fhaid a bheadh a chuid arbhair féin 'á bhuaint.” “Is maith é sin, a 'ghnean ó,” arsa Nóémí. “Is fearr gan dul i n-aon áit eile ach fanmhaint i dteannta a lucht oibre siúd, le h-eagla go mb'fhéidir dá dtéidhthá chun aon áite eile go gcuirfí cosg leat.” D'fhan Rút, d'á bhrígh sin, i dteannta na gcailíní a bhí ag obair ag Boos go dtí go raibh deire an arbhair bainte sa n-áit sin agus go raibh Boos ag cuimhneamh ar an arbhar do cháthadh agus do ghlanadh. An oidhche sar a raibh an cáthadh le déanamh do labhair Nóémí le Rút. “Cad a bheidh aige 'á dhéanamh amáireach, a 'ghnean ó?” arsa Nóémí. “Beidh sé ag cáthadh agus ag glanadh an arbhair, a mháthair,” arsa Rút.
Do thuig Nóémí gur bh'é an Tighearna a bhí tar éis Bhoos agus Rút a thabhairt chun a chéile. Do labhair sí mar seo le Rút:— “Feuch, a 'ghnean ó,” ar sisí, “tabhair fé ndeara an méid atá agam le rádh leat anois agus dein mar adéarfad leat, agus dein go cruinn é agus déanfir do leas.” “Déanfad aon nídh i n-aon chor adéarfir liom a dhéanamh, a mháthair,” arsa Rút. “Tabhair amach as do bhosca an t-éadach fóghanta atá i gcimeád agat agus dein tu féin do nighe agus do ghlanadh go maith agus an t-éadach fóghanta san do chur umat. Ansan imthigh amáireach chun na h-áite 'n-a mbeidh sé ag glanadh an arbhair. Ná feiceadh sé féin ná aoinne eile thu, ámhthach, go dtí go mbeidh an obair críochnuighthe. Nuair a bheidh an obair críoch- nuighthe aige beidh tuirse air. Íosfidh sé a chuid bídh. Beidh an oidhche ann um an dtaca san agus sínfidh sé chun codlata. Nuair a bheidh sé 'n-a chodladh dein-se an brat a bheidh anuas air do thógáilt suas d'á chosaibh agus luigh síos i n-aice a chos agus fan ann. Nuair a dhúiseóchaidh sé as a chodladh 'neósfidh sé féin duit cad a dhéanfir.” Do dhein Rút gach nídh díreach mar adubhairt Nóémí léi a dhéanamh. Do chríochnuigh Boos an cáthadh. Ansan do chaith sé a chuid bídh. Ansan do mhothuigh sé go raibh tuirse air agus do shín sé é féin i n-aice cruaiche tuighe agus a bhrat anuas air agus thuit a chodladh air go sámh. Ar ball, nuair a bhí sé 'n-a chodladh go sámh tháinig Rút agus dhein sí mar adubhairt Nóémí léi a dhéanamh, thóg sí an brat de chosaibh Bhoos agus do luigh sí i n-aice na gcos. Nuair a dhúisigh Boos as a chodladh chonaic sé an duine agá chosaibh. “Cé h-é thusa?” ar seisean agus ana sgeón ann. “Rút, do sheirbhíseach, mise,” ar sisi, “leath amach do bhrat orm mar tá an gaol agat liom.”
“Beannacht ó'n dTighearna ort, a 'ghnean ó,” ar seisean, “agus tá san ort gan amhras. Dheinis an mhaith ar dtúis agus tá maith is fearr 'ná é déanta anois agat. Ná bíodh ceist ort. Pé rud atá uait orm-sa déanfad duit é. Is eól do sna daoine go léir gur bean gan locht tu. Tá fhios agam go bhfuil mo ghaol leat. Ach codail go maidin.” CXXXVI. PÓSADH. D'fhan Rút mar a raibh aici agus do chodail sí go dtí go raibh an oidhche imthighthe. Díreach ar an amhsgarnach, sar a raibh oiread soluis ann agus go n-aithneochadh daoine a chéile, d'eirigh sí. “Seachain,” arsa Boos, “agus ná bíodh a fhios ag aoinne tu theacht anso,” agus ansan, “Osgail do bhrat,” ar seisean, agus chuir sé ualach maith de'n órna ghlan isteach sa bhrat chúichi agus d'imthigh sí abhaile sar ar ghlan an lá, i dtreó ná feacaidh aoinne ag imtheacht í. D'innis sí do Nóémí gach nídh agus thaisbeáin sí an t-ualach órnan di. “Tá go maith, a 'ghnean ó,” arsa Nóémí. “Fanaimís go bhfeicimíd. Déanfidh an fear san rud fóghanta má's féidir dó é.” D'eirigh Boos nuair a bhí sé 'n-a lá go breágh geal, agus d'imthigh sé agus shuidh sé ag geata na catharach. Ba ghearr gur bhuail chuige isteach an geata an gaol eile úd a bhí níba ghiorra i ngaol do Rút 'ná Boos féin. “Suidh anso go fóil, let' thoil,” arsa Boos leis. Do shuidh. Ansan do ghlaoidh Boos chuige deichneabhar eile d'fhearaibh creideamhnacha na catharach agus d'iarr sé ortha suidh i n'aice. Ansan do labhair sé leis an ngaol eile:— “A leithéid seo, a bhráthair,” arsa Boos. “Tá
Nóémí, atá tagaithe abhaile chughainn, chun an tailimh a bhí ag ár mbráthair Elimelec do dhíol. Is mian liom an nídh sin a dh'innsint duit-se anso os cómhair na ndaoine seo. Má's maith leat-sa an talamh san do bheith agat, toisg an gaol a bheith ann, ceannaigh an talamh agus bíodh sé agat. Mara maith leat san do dhéanamh abair nách maith, i dtreó go mbeidh fhios agam-sa cad is ceart dom féin a dhéanamh. Níl aon ghaol eile ann ach an bheirt againn, agus tá tosach cirt agat-sa óir is tu an sínsear agus is mise an sósar.” “Tá go maith. Ceannóchad-sa an talamh,” arsan sínsear. “Nuair a cheannóchair an talamh ó'n mnaoi,” arsa Boos, “beidh ort Rút, an bhaintreach óg, do thógaint, leis, agus í phósadh, chun sleachta do chur ar ár ngaol atá tar éis bháis gan sliocht.” “Ní thógfad an talamh ná an bhean,” arsan sínsear. “Bíodh mo cheart sínsireachta sa ghnó go léir agat-sa agus ní mór liom duit é.” Bhí so mar nós an uair sin ameasg clainne Israéil, nuair a leogfadh duine, le lán toil, a cheart le duine eile, go mbainfadh sé dhe a bhróg agus go dtabharfadh sé an bhróg do'n duine eile mar chómhartha ar an lán toil sin. “Má 'seadh,” arsa Boos, “bain díot do bhróg agus tabhair dom í mar dheimhniú ar thu bheith sásta.” Do dhein. Bhain sé dhe an bhróg agus shín sé chun Boos í. “Seo,” ar seisean, “siní agat í le lán toil.” Ansan do labhair Boos leis na fearaibh a bhí láithreach. “Is fínnithe sibh go léir anois,” arsa Boos, “gur liom-sa gach a raibh ag Aimalec agus ag Celion agus ag Mahalon, nuair a phósfad Rút, baintreach Mhahaloin, nuair a thabharfidh Nóémí dhom é, agus nuair a phósfad Rút, baintreach Mhahaloin, chun ainm an duine atá marbh do chimeád beó i n'oighreacht. Is fínnithe sibh-se ar an nídh sin go léir.”
“Is fínnithe,” ar siad, “agus go gcuiridh an Tigh- earna gach aon lá de'n rath ort-sa agus uirthi sin, mar a chuir sé ar Rachel agus ar Lia, an bheirt ó n-a shíolraidh clann Israéil go léir!” Ansan do pósadh Boos agus Rút agus chuir an Tighearna an rath ortha agus nuair a tháinig an t-am bhí mac maith acu. Nuair a tháinig an mac san bhí áthas mór ar na mnáibh go léir sa chómharsanacht agus thánadar agus do labhradar le Nóémí agus, “Moladh go deó leis an dTighearna!” adeiridís, “mar níor leog sé dod' mhuinntir dul ar neamhnídh. Thug sé dhuit an mac so, mac do mhnaoi do mhic féin, agus mairfidh t'ainm i n-Israél mar gheall air.” Do tugadh Obed mar ainm ar an mac. D'fhás an mac san agus nuair a tháinig an aimsir bhí mac aige féin. Isai ab ainm do'n mhac san. Do ghluais an aimsir agus d'fhás Isai agus bhí mac aige agus Dáibhid ab ainm dó san. B'shiné an rí a bhí ar chlainn Israéil, an rí uasal árdchómhachtach ó n-ar shíolraidh ár Slánuigh- theóir, moladh go deó leis! CXXXVII. ANNA. Fé mar a tugadh cheana cúntas cruinn, tríd síos, ar Rút, toisg gur uaithi do shíolraidh an rí uasal, oirdheirc, naomhtha, .i. Dáibhid, tugtar anso cúntas ar mhnaoi eile, an bhean ó n-ar tháinig an mac uasal úd a bhí 'n-a bhreitheamh os cionn clainne Israéil 'n-a dhiaidh san, agus i n' fháig mhór i láthair Dé agus daoine, .i. Samuel. Elcana ab ainm d'athair Shamuel. Bhí beirt bhan pósta aige. Anna ab ainm do mhnaoi acu agus Phenenna ab ainm do'n mhnaoi eile. Bhí clann ag
Phenenna agus bhí Anna aimrid. B'é toil Dé ná raibh aon duine clainne aici. Bhí ana bhuairt uirthi mar gheall air sin. Cúis bhuartha an uair sin ab eadh do mhnaoi phósta gan clann a bheith aici. B'é creideamh clainne Israéil go raibh an Slánuightheóir le teacht, agus gur ar shliocht Israéil a thiocfadh sé fé mar a bhí geallta ag Dia. D'á bhrígh sin bhí neart do gach mnaoi phósta 'n-a raibh clann aici súil a bheith aici go mb'fhéidir gur ar a sliocht féin do thiocfadh an Slán- uightheóir. An bhean, ámhthach, a bheadh gan chlainn ní fhéadfadh sí aon tsúil a bheith aici leis sin. Adhbhar buartha ab eadh, d'á bhrígh sin, do mhnaoi phósta, í bheith gan sliocht uirthi. Bhí an bhuairt sin go h-ana dhian ar Anna. Hélí ab ainm do'n Árdshagart a bhí ar chlainn Israéil an uair sin. Bhí sé 'n-a shuidhe, lá, ag dorus an team- puil. Chonaic sé an bhean ag teacht chun an teampuil agus ghá leogaint féin ar a glúinibh agus chonaic sé na deóracha ag teacht go fuigheach ó n-a súilibh agus a beóil ag corruighe, ach níor airigh sé aon fhocal ag teacht as a béal. Bhí sé díreach tar éis am dínnéir agus do buaileadh isteach i n-aigne an Árdshagairt gur ar meisge a bhí an bhean, gur b'amhlaidh a dh'ól sí an iomad fíona le n-a dínnéar. Do labhair sé léi. “Cad chuige dhuit bheith ar meisge, a bhean!” ar seisean léi. “Imthigh,” ar seisean, “agus cuir díot an mheisge sin atá ort!” “A uasail,” ar sisi, “ná meas gur ar meisge atáim. Ní h-eadh i n-aon chor. Bean atá lán de bhuairt iseadh me, a uasail. Ní'l fíon, ná aon deoch eile meisgeamhail ólta agam, a uasail, ach táim anso ag cur mo ghuide go dian suas chun an Tighearna 'ghá iarraidh air fóirithint orm.” Do thuig Hélí go raibh eugcóir déanta aige uirthi agus do labhair sé go cneasta léi. “Síothcháin Dé ort a 'ghnean ó,” ar seisean, “agus go dtugaidh Dia dhuit an nídh sin atá agat d'á iarraidh air!”
Isé rud a bhí aici dh'á iarraidh ar Dhia 'ná go dtabharfadh Dia mac di; agus do gheall sí do Dhia dá dtugadh sé mac di go mbronnfadh sí an mac san airís ar Dhia féin. Go dtabharfadh sí chun an teampuil é chómh luath agus a bheadh sé i n-aois chuige agus go bhfágfadh sí ann é an chuid eile d'á shaoghal. An focal adubhairt Hélí léi, nuair iarr sé ar an dTighearna an nídh a bhí aici d'á iarraidh air a thabhairt di, do thuig sí go raibh sa bhfocal san freagairt ó Dhia ar a guidhe agus tháinig áthas mór uirthi agus suaineas aigne. An gnó a thug chun an teampuil Elcana agus a mhuinntir do deineadh é agus d'imthighdar abhaile go Ramata, i gcnoc Ephraim. Bliain 'n-a dhiaidh san bhí mac ag Anna. Thug sí Samuel mar ainm air, mar cialluighean an focal “Samuel” tabharthas ó Dhia. Tháinig an t-am airís chun dul go dtí an teampul agus an ídhbirt do dhéanamh. Dheineadh Elcana an ídhbirt sin gach bliain. Nuair a bhí muinntir an teaghlaigh ag gluaiseacht. “Ní raghad-sa libh an turas so,” arsa Anna. “Fanfad go dtí go ndeighilfad mo mhac agus ansan béarfad liom é go dtí an teampul agus tabhar- fad suas do'n Tighearna ann é, fé mar a gheallas.” “Tá go maith,” arsa Elcana. “Dein an rud a gheallais do Dhia a dhéanfá.” CXXXVIII. BEIRT MHAC HÉLÍ. Nuair a bhí an t-am ceart chuige tagaithe do dheighil Anna an mac. Ansan do rug sí léi é go dtí an teampul. Do rug sí léi, 'n-a theannta, trí cinn de ghamhnaibh, chun ídhbirte do dhéanamh. Agus do rug sí léi trí buiséil arbhair agus árthach fíona 'n-a raibh tímpal dachad cárt fíona ann. Ansan do deineadh an
ídhbirt agus do tugadh an mac suas do'n árdshagart, Hélí, agus dubhairt Anna mar seo leis: “Gabhaim párdún agat, a uasail,” ar sise, “is mise an bhean úd a chonaicís annso ag cur mo ghuidhe suas go dian chun Dé. Sidé an mac a bhí agam 'á iarraidh an uair sin ar Dhia. B'é toil an Tighearna mo ghuidhe thabh- airt dom. Thug Dia an mac so dhom. Táim-se 'ghá thabhairt thar n-ais anois do'n Tighearna. Fanadh sé anso ag an dTighearna ag déanamh seirbhíse do'n Tigh- earna i gcómnuidhe, an fhaid is toil leis an dTighearna é dh'fhanmhaint.” Ansan dheineadar Dia d'adhradh, agus dhein Anna duain targaireachta i n-ar thrácht sí ar theacht an tSlánuightheóra. Ansan tháinig Elcana agus a bhean abhaile chun a dtighe féin i Ramata, agus d'fhan an mac ag Hélí, sa teampul. Beirt a bhí go h-olc, go h-ana olc, ab eadh an bheirt mhac a bhí ag Hélí. Nuair a thagadh na daoine chun ídhbirte dhéanamh ní leogadh an bheirt sin dóibh an ídhbirt do dhéanamh cruinn do réir na dlighe. Chuiridís fhiach- aint ar na daoine feóil na h-ídhbirte do thabhairt dóibh sar a mbíodh an ídhbirt déanta sa cheart. Thaisbeán- adar ná raibh aon mheas acu ar Dhia ná ar an ídhbhirt. Do bhaineadh san go mór ó mheas na ndaoine ar Dhia agus ar ídhbirt. Bhí san ag iompáil na ndaoine ó Dhia agus ó chreideamh, agus deir an Bíobla go raibh an peaca a bhí ag an mbeirt á dhéanamh go raibh sé léanmhar thar na beartaibh i láthair Dé. Ach bhí Samuel ag fás agus é 'n-a leanbh ghrástamhail i láthair Dé, ag déanamh seirbhíse an teampuil. Thagadh Anna agus Elcana gach aon bhliain 'ghá fheisgint agus ag déanamh ídhbirte, mar ba ghnáth. Bhíodh ar an mac saghas éide ar a dtugtí Ephod, agus dhein a mháthair casóigín deas dó agus thug sí chuige é, uair d'á dtáinig sí. Bhí cion ana mhór ag Hélí ar an mac san toisg é bheith chómh grástamhail, chómh naomhtha, agus chuir sé a bheannacht ó chroidhe ar an athair agus ar an máthair.
“Go gcuiridh an Tighearna an rath oraibh,” ar seisean, “agus ó thugabhair an mac so suas do'n Tighearna go dtugaidh an Tighearna tuille clainne dhíbh!” B'é toil Dé go raibh triúr mac eile agus beirt inghean ag Anna 'n-a dhiaidh san, agus do móradh an mac Samuel, i láthair an Tighearna. Ach bhí Hélí ana aosta. Do h-innstí dhó na droch bhearta a bhíodh agá bheirt mhac á dhéanamh. Bhí a n-ainm i mbéalaibh daoine ar fuaid na tíre go léir bhíodar chómh h-olc san. Do labhair Hélí leó. “Cad chuige dhíbh, a chlann ó,” ar seisean, “bheith ag déanamh na ndroch bheart so a dh'airighim a dheinean sibh? Táid na daoine go léir ag trácht oraibh. Cuiridh uaibh na droch bhearta san, a chlann ó,” ar seisean leó. “Má dheinean duine rud i n-aghaidh duine is oraibh-se atá fearg Dé do mhaolú do'n duine sin a dheinean an eugcóir. Ach nuair a dheinean sibh-se rud i n-aghaidh Dé féin, ag iompáil na ndaoine 'n-a choinnibh, cé bheidh chun sibh-se do chosaint ar fheirg Dé?” Níor thugadar aon toradh air. Do leanadar d'á ndroch bheartaibh. Ach do chuaidh an mac, Samuel, ar aghaidh agus bhí sé ag fás, agus bhí grádh ag Dia agus ag daoine dhó. Tar éis rainnt aimsire do chuir an Tighearna ag triall ar Hélí duine naomhtha chun a dh'innsint dó go raibh díoltas le teacht ó Dia air mar gheall ar nár chuir sé smacht ar a bheirt mhac nuair a bhí 'fhios aige iad a bheith ag déanamh na díobhála go léir, ag cur na ndaoine i gcoinnibh Dé; ag cur na ndaoine ar aimhleas a n-anama; ag gabháil de chosaibh ins gach sórd dlighe agus ag cur na ndaoine suas chun bheith ag gabháil de chosaibh ins gach sórd dlighe chómh maith.
CXXXIX. GUTH AN TIGHEARNA. Tháinig an teachtaire naomhtha ag triall ar Hélí agus do labhair sé le Hélí mar seo:— “Seo mar adeir an Tighearna. An amhlaidh nár thugas-sa foillsiú soiléir orm féin do theaghlach t'athar, nuair a bhíodar thíos sa n-Éigipt i dtigh Pharó? Do thoghas é amach a' clainn Israéil go léir chun é bheith 'n-a shagart agam agus chun é bheith ag dul suas chun m'altóra ag déanamh ídhbirte chugham. Thugas do theaghlach t'athar gach nídh d'á mbainean le h-ídhbirt ameasg clainne Israéil. Cad chuige dhaoibh m'ídhbirtí, agus na bronntaisí a tugtar dom, do theilgean uaibh le nbhúr gcosaibh tar éis mé ghá órdú go ndéanfí iad d'ofráil sa teampul? B'fhearr leat onóir a thabhairt dod' bheirt mhac 'ná onóir a thabhairt domh-sa. Do gheallas, gan amhras, gur agat' theaghlach, agus ag teaghlach t'athar, a bheadh seirbhís ídhbeartha dhéanamh dom go deó. Ach anois,” adeir an Tighearna, “ní mar sin a bheidh i n-aon chor feasta, ach an té a thabharfidh glóire dhomh-sa is dó a tabharfar glóire, agus an té a thabharfidh tar- cuisne dhomh-sa tabharfar tarcuisne dhó. Feuch, tá an t-am ag teacht agus gearrfad-sa do ghéag díot-sa agus de theaghlach t'athar, i dtreó ná beidh fear aosta ar do theaghlach. Chífir t'fhear tnútha sa teampul, ins gach gnó rathmhar a bhainfidh le clainn Israéil agus beidh do theaghlach-sa gan duine aosta ann choidhche.” Do h-innseadh, leis, do Helí go dtiocfadh an bás ar a bheirt mhac i n-aon lá amháin, agus do thuit san amach mar a chífar. Do ghluais rainnt aimsire. Do thárla, lá áirithe, go raibh Hélí sa n-áit 'n-ar ghnáth leis a bheith agus é ana
lag leis an aois, agus an radharc nách mór caillte aige. Bhí Samuel 'n-a chodladh; do ghlaoidh an Tighearna ar Shamuel. “A Shamueil!” arsan Tighearna. D'airigh Samuel an ghlaodh agus cheap sé gur bh'é Hélí a ghlaoidh air. Do phreab sé as a chodladh agus d'fhreagair sé an ghlaodh. “Táim anso,” ar seisean, agus siúd ag triall ar Hélí é. “Táim anso, a Uasail,” ar seisean. “Do ghlaodhais orm. “Níor ghlaodhas, a mhic,” arsa Hélí, “imthigh thar n-ais agus codail.” D'imthigh sé thar n-ais agus do luigh sé agus thuit a chodladh air airís. I gceann tamail do glaodhadh airís air, “a Shamueil.” Do phreab sé as a chodladh an tarna h-uair agus siúd ag triall ar Hélí é. “Táim anso,” ar seisean, “do ghlaodhais orm.” “Níor ghlaodhas, a mhic ó” arsa Hélí, “Imthigh leat agus codail.” Do glaodhadh an trímhadh h-uair air agus tháinig sé ar triall ar Hélí. Ansan do thuig Hélí gur bh'é an Tighearna a bhí ag glaodhach ar an mbuachaill. “Imthigh leat anois, a mhic ó,” ar seisean, “agus má ghlaodhan sé ort airís abair-se 'ghá fhreagradh, ‘Labhair, a Thighearna, óir tá do sheirbhíseach ag éisteacht leat.’” D'imthigh Samuel agus do luigh sé agus thuit a chodladh air. Tháinig an Tighearna agus sheasaimh sé i n' aice agus ghlaoidh sé: “A Shamueil! a Shamueil!” ar seisean. “Labhair, a Thighearna,” arsa Samuel, “óir tá do sheirbhíseach ag éisteacht leat.” “Feuch,” arsan Tigh- earna, “déanfad-sa nídh i n-Israél, nídh a chuirfidh píoparnach i gcluasaibh gach duine a dh'aireóchaidh é. Cuirfad ar siubhal i gcoinnibh Hélí gach nídh d'á ndubhart, ó thosach go deire. Dubhart leis go dtabharfinn breith shíoruidhe ar a theaghlach, toisg a fhios a bheith aige go
raibh a chlann mhac ag déanamh an uilc agus nár smach- tuigh só iad.” Ansan do thuit a chodladh airís ar Shamuel agus chodail sé go maidin. CXL. BUADH AG AN NAMHAID. D'eirigh Samuel ar maidin agus bhí sé ag osgailt dóirse agus finneóga an teampuil. Níor labhair sé le Hélí. Bhí sgáth air. Níor mhaith leis an chainnt chruaidh adubhairt an Tighearna d'innsint dó. Do ghlaoidh Hélí air. “A Shamueil, a mhic,” ar seisean leis, “innis dom an chainnt adubhairt an Tighearna leat. Ná ceil aon fhocal de'n chainnt orm. Beidh m'easgaine ort má cheilean tú aon fhocal di orm. Go ndeinidh an Tighearna so agus súd leat má cheilean tú orm aon fhocal d'á ndubhairt sé leat.” Ansan d'innis Samuel dó, tríd síos, an uile fhocal de'n chainnt, gan aon fhocal do chimeád siar. D'éist Hélí leis go dtí go raibh an sgéal go léir innste aige. Ansan dubhairt sé, “Isé an Tighearna é, deineadh sé do réir a thoile!” Do ghluais an aimsir agus d'fhás an buachaill Samuel agus bhí an Tighearna leis, agus do thuig clann Israéil go léir, ó Dhan go Beirsabé, gur bh'fháig dílis do'n Tighearna gur bh'eadh é. Ach níor rug Dia gairid ar Hélí. Do ghluais breis agus fiche blian sar ar thosnuigh an díbhfeirg ar theacht air féin agus ar a theaghlach. Ansan, fé dheire, d'eirigh na Philistínigh i gcoinnibh chlainne Israéil agus do thosnuigh an cogadh eatartha. Dhein na Philistínigh
longphort i n-áit ar a dtugtí Aphec agus dhein clann Israéil longphort i n-áit ar a dtugtí, “cloch an chon- ganta.” Tháinig na Philistínigh amach agus do ghleusa- dar a slóighte i n-íodhnaibh catha. Tháinig slóighte Israéil amach agus thugadar cath do sna Philistínigh. Is ar éigin a bhí an cath tosnuighthe nuair a dh'iompuigh clann Israéil agus theicheadar. Do lean a namhaid ar a dtóir agus do thuit, sa tóir sin, tímpal cheithre mhíle fear de chlainn Israéil. Bhí na cuirp 'n-a srathanaibh ar na páirceanaibh mórthímpal. Ní raibh sa cheithre mhíle fear san ach fíor bheagán as an mór shluagh de chlainn Israéil a chuaidh sa chath. Tháinig an chuid eile thar n-ais chun an longphuirt. Bhí iongna agus alltacht ortha go léir nuair a chruinnighdar a meabhair agus thuigeadar cad a bhí imthighthe ortha. “Ó,” ar siad le n-a chéile, “cad 'n-a thaobh gur leog an Tighearna a leithéid de bhualadh agus de bhrise a dh'imtheacht orainn indiu ó lámhaibh na bhPhilistíneach? Tugaimís linn an Airc, Airc Connartha an Tighearna, ó Shíló, agus bíodh an Airc sin againn anso i n-ár measg chun sinn a chosaint ar ár namhaid.” Do cuireadh teachtaireacht go Síló agus do tugadh an airc as an áit sin, agus isteach i longphort clainne Israéil, ag cloich an chonganta. Chómh luath agus tháinig an airc isteach sa longphort do chuir mór shluagh Israéil go léir liú suas, liú árd, láidir, chuthaigh, i dtreó gur chrith an talamh fé chosaibh na ndaoine sa dá longphort. Tháinig sgannra ar na Philistínigh nuair airighdar an liú san. Thuigeadar go raibh Airc Connartha an Tighearna tagaithe isteach i longphort Israéil agus gur bh'shiné fé ndeár an liú uathbhásach. Tháinig sgannra ortha agus, “Ó,” ar siad le n-a chéile, “cad a dhéanfimíd? Cé chosanóchaidh sinn ar na déithibh árda cómhachtacha san? Siniad na déithe do chuir ar an Éigipt na pláige marbhuightheacha úd. Ach glacaidh misneach, a shlóighte Philistim, agus troididh
go dána agus ná curtar fé smacht chlainne Israéil sibh mar a bhíodar-san fé nbhúr smacht-sa.” Do ghleus an dá thaobh iad féin chun catha agus do ghríos na Philistínigh iad féin chun cruadh chómhraic. Do troideadh go dian ar gach taobh. Ach do buadhadh ar chlainn Israéil. Do cuireadh ár agus dearg ruathar ortha i dtreó gur rith gach fear díobh nár marbhuigheadh abhaile chun a thighe féin. Do fágadh deich míle fhichead troightheach marbh, ar áit an chatha agus in sna h-áitean- aibh 'n-ar leanadh ar a dtóir. Ní h-innstear an mór de sna marcaigh agus de sna h-uaislibh a marbhuigheadh. Ach do thuit an bheirt droch bhuachaillí, beirt mhac Hélí, Hophní agus Phinees, agus do thóg na Philistínigh airc Connartha an Tighearna agus do rugadar leó í. Hophní agus Phinees, an bheirt nár thug riamh do Dhia ná do'n airc ach masla agus tarcuisne, isiad a bhí ag tabhairt aire do'n airc nuair a tugadh isteach sa longphort í. Ba lugha d'easonóir do'n airc í thuitim isteach i lámhaibh na bhPhilistíneach 'ná a cúram a bheith ar an mbeirt chuirptheach san. CXLI. DÁGON AR LÁR. Nuair a bhí mór shluagh clainne Israéil go léir ar teiche agus na Philistínigh ar a dtóir 'ghá marbhú chómh tiugh agus thagadís suas leó thug aon fhear amháin de'n lucht teiche, fear de threibh Bheniamin, aghaidh ar Shíló, ar an áit 'n-a raibh Hélí, agus d'innis sé do Hélí an brise catha agus an dearg ruathar agus an t-ár a bhí tar éis imtheacht ar an mór shluagh. Bhí Hélí os cionn deich mbliana agus cheithre fichid an uair sin. Nuair airigh sé go raibh a bheirt mhac marbh agus go raibh an airc tógtha ag na Philistínigh do thuit sé siar
de'n chathaoir ar a raibh sé 'n-a shuidhe agus do briseadh cnámh a mhuiníl agus fuair sé bás. Bhí sé an uair sin tar éis bheith 'n-a bhreitheamh ar Israél ar feadh dachad blian. Bhí bean mic dó, bean Phinees, ag iompar clainne an uair chéadna agus bhí an t-am i n-achamair- eacht di chun na clainne chur di. D'airigh sí an focal, go raibh buaidhte ar shlóightibh Israéil agus go raibh a fear marbh agus an airc tógtha ag an namhaid. Tháinig na pianta uirthi láithreach tré sgannra an droch sgéil. Chuir sí dhi an leanbh. Do labhair na daoine a bhí 'n-a tímpal. “Ná bíodh ceist ort!” ar siad, “tá leanbh mic agat.” “Tá,” ar sisi, “agus tá an buadh imthighthe anonn ó Israél.” Thug sí Ichabod mar ainm ar an leanbh agus is ar éigin a bhí an focal as a béal nuair a fuair sí bás. Cialluighean an focal “Ichabod” an buadh bheith imthighthe ó chlainn Israéil. Meastar, do réir cuid de'n lucht seanachuis, gur b'amhlaidh a chuir sí ochón aisti agus go ndubhairt sí, “Och! an buadh im- thighthe,” agus gur dhein an mhuinntir ag éisteacht léi “Ichabod” de sin agus ansan gur tugadh “Ichabod” ar an mac. Do thuit a lug ar a lag ag clainn Israéil go léir nuair a fuaradar go raibh Airc an Chonnartha imthighthe uatha. Dar leó ba bhaoghal go raibh an Tighearna iompuighthe 'n-a gcoinnibh ar fad mar gheall ar dhroch bheartaibh na beirte úd. Ach i dtaobh na bhPhilistíneach, má bhí móráil agus eirighe anáirde ortha mar gheall ar an airc do theacht 'n-a seilbh níor lean an mhóráil abhfad ortha. Do ruga- dar leó an airc agus chuireadar isteach í sa teampul a bhí acu féin. Bhí dia bréige acu sa teampul san agus Dágon an ainm a bhí acu air. Chuireadar an airc suas le h-ais íomhágha Dágoin. Ar maidin amáir- each a bhí chughainn d'eirighdar agus thánadar chun an teampuil. Fuaradar Dágon ar lár, ar a bheul a's ar a aghaidh, os comhair na h-airce. Chuireadar
suas airís e i n'inead féin. Thánadar an mhaidean 'n-a dhiaidh san. Má thánadar fuaradar Dágon ar lár airís ar aghaidh na h-airce amach agus an ceann bainte dhe agus an dá láimh gearrtha dhe ó'n dá chaol amach agus iad ansúd ar tháirsigh an teampuil. Ní h-innstear cad a dheineadar le Dágon ansan, ach innstear rud eile. Innstear gur tháinig pláigeana uathbhásacha ortha agus go rabhadar ag fághail bháis leis na pláigeanaibh sin chómh tiugh agus thuitfadh cormhíola lá gaoithe. D'eirigh luchaigh agus francaigh 'n-a suathan- tas as na páirceanaibh i dtreó gur bhaoghal go gcaithfadh an méid a bhí beó de sna daoinibh teiche as an áit. D'á éaghmuis sin tháinig iosgóidí éigin gráineamhla ar na daoinibh agus chuir na h-iosgóidí sin a leithéid sin de theinneas ortha gur bh'fhearr leó bheith marbh 'ná beó. Fé dheire do thuigeadar cad fé ndeár an sgeimhle a bhí acu dh'á fhághail, “Ó,” ar siad le n-a chéile, “ní féidir dúinn airc Dé Israéil do chimeád anso againn. Tá a lámh ró chruaidh orainn féin agus ar Dhágon, ár ndia.” CXLII. AN AIRC. Asot ainm na catharach 'n-a raibh an teampul san Dágoin mar a raibh an airc curtha isteach ag na Philis- tínigh. Chuaidh uaisle na catharach i gcómhairle feuchaint cad ba cheart a dhéanamh leis an airc. Do tuigeadh dá leanadh an sgeimhle agus an t-éirleach agus na pláig- eana go gcaithfadh an méid a bhí beó de sna daoine teiche as an áit; nár bh'fhada go mbeadh an áit gan daoine ce 'cu fhanfidís ann nú ná fanfidís mar dá bhfanaidís gur ghearr go mbeidís go léir marbh.
Tháinig uaisle ó gach aon pháirt de thír na bhPhilistíneach chun na comhairle. Nuair a bhíodar go léir i bhfochair a chéile sa chómhairle do labhair na h-Asoitigh:— “Cad a dhéanfimíd i dtaobh na h-airce seo Dé Israéil?” ar siad. “Tá a chómhacht ró dhian orainn. Ní bheimíd abhfad beó má leanan an íde atá aige 'á dhéanamh orainn.” “Ní h-é Dia Israéil ná an Airc atá ag déanamh an uilc sin oraibh,” arsa uaisle na nGetéach, “agus d'á chomhartha nách iad beirtear an airc mór- thímpal tré chatharachaibh eile na bhPhilistíneach agus chífar ná déanfar aon díobháil in sna catharachaibh eile.” Do socaruigheadh air sin. Do rugadh an airc mór- thímpal ó chathair go cathair. Má rugadh do chuaidh an t-éirleach galair agus teinnis agus báis mórthímpal i n-aonfheacht leis an airc. Tháinig an droch aicíd ghrána ar na daoine agus d'eirigh an suathantas luch agus francach ins gach aon chathair chómh luath agus a tugadh an airc isteach innti. B'fhéidir go ndéarfadh duine gur mhór an eugcóir a leithéid sin d'éirleach a dhéanamh ar dhaoine ná raibh cionntach sa n-easonóir a bhí á thabhairt do'n airc. Ní raibh aon eugcóir i n-aon chor sa sgéal. Bhí na daoine sin imthighthe thar na beartaibh le h-olcas. Bhíodar múchta i ndrúis- eamhlacht agus gan náire ná aithis ortha mar gheall air, ná aon chuimhneamh acu ar aon nídh eile ach ar conus a thabharfidís srian gan chosg d'á ndroch mhianaibh. Bhí díbhfeirg tuillte acu agus b'é toil Dé an díbhfeirg do chur ortha le teacht na h-airce 'n-a measg. D'á bhrígh sin níor deineadh aon bhlúire eugcóra ortha. Iad féin a thug an airc chucha. Dhein Dia ar chlainn Israéil an díoltas a bhí tuillte acu, nuair a thug sé an buadh do sna Philistínigh ortha. Do dhein an buadh san féin díoltas ar na Philistínigh nuair a thugadar leó an airc. Ach peacaí na ndaoine fé ndeár an dá dhíoltas. Bhí an ghabháil tímpal ar siubhal agus an díbhfeirg uathbhásach ag gabhail tímpal leis go dtí, fé dheire, nuair a chíodh
treabhchas daoine an airc ag teacht ag triall ortha go mbídís ag gol agus ag blaidhthrigh agus ag lógóireacht, agus, “Ó,” adeiridís, “tá airc Dé Israéil acu á thabhairt chughainn chun sinn go léir a mharbhú!” agus iad ag sgreadaigh agus ag bualadh bas. Do tuigeadh ansan gur bh'í an airc fé ndeár an léirsgrios agus an phláig agus an marbhú. Do cruinn- igheadh maithe Philistim i gcómhairle. “Cad is ceart a dhéanamh le h-airc Dé Israéil!” a fiafraigheadh sa chómhairle. “Cuiridh airc Dé Israéil abhaile chun a h-áite féin,” a freagradh, “agus ná h-imirtear bás agus íde orainn go léir agus ar ár ndaoine go léir!” Bhí dúthaigh na bhPhilistíneach 'n-a chiréip le gol agus le h-ualfartach. Leath na ndaoine marbh agus an leath eile ag sgreadaigh leis an dteinneas a bhí ortha ó'n ngalar ghráineamhail uathbhásach a bhí ortha. Do soca- ruigheadh ar an airc a chur abhaile. Bhí an airc, an uair sin, tar éis leath bhliain agus mí do chaitheamh ameasg na bhPhilistíneach agus bhíodar cortha a ndóithin di. Do glaodhadh chun a chéile na sagairt agus an lucht feasa agus do cuireadh chucha an cheist: “Cad a dhéanfam le h-airc an Tighearna? Innsidh dúinn conus is ceart dúinn í chur thar n-ais chun a h-áite féin.” “Má, chuirean sibh an airc abhaile,” ar siad san, “ná cuiridh abhaile folamh í.” CXLIII. AN AIRC I nGABAA. “Má's maith libh airc Dé Israéil do chur abhaile,” ar siad, “ná cuiridh abhaile folamh í. Cuiridh léi an nídh is dual mar gheall ar pheaca agus ansan leighisfar sibh, agus beidh fhios agaibh cad 'n-a thaobh ná sgarfadh a lámh libh.”
“Agus cad is ceart dúinn a thabhairt mar gheall ar ár bpeaca?” arsan mhuinntir eile. Sidé an freagra a tugadh ortha:— “Tá chúig cúigí i dtír Philistim agus táid na luchaigh agus na francaigh tar éis iad go léir do lot. Táid na h-ioscóidí teinne tar éis teacht oraibh go léir, uasal agus íseal, in sna chúig cúigíbh sin. Deinidh, d'á bhrígh sin, chúig luchaigh óir agus chúig ioscóidí óir agus tugaidh do Dhia Israéil na h-íomhághtha óir sin agus tabharfidh sibh, ar an gcuma san, glóire do Dhia Israéil agus b'fhéidir go mbogfadh sé a lámh díbh féin agus d'bhúr ndéithibh agus d'bhúr dtír. Cad chuige dhíbh-se bheith ag cur 'n-a choinnibh siúd ar nós Pharó agus muinntire na h-Éigipte? Nár bhuail sé iad, agus ansan nár leogadh chun siubhail clann Israéil? Deinidh anois trucail nua agus deinidh an trucail nua san do ghabháil ar dhá shamhaisg atá tar éis a ngamhan do bhreith, dhá shamhaisg nár gabhadh riamh fé chuing. Deinidh an dá ghamhain do chur isteach i dtigh, agus cuiridh airc Dé Israéil ar an dtrucail nua agus cuiridh na h-árthaí óir seo, atá tabhartha uaibh agaibh mar gheall ar bhúr bpeacaíbh, i dtaisge i n-aice na h-airce, ar an dtrucail. Ansan sgaoilidh uaibh an dá shamhaisg agus leogaidh dóibh a rogha slighe thabhairt ortha. Má thugaid siad aghaidh ar thír Israéil, ag breith na h-airce abhaile, deimh- neóchaidh san gur b'é Dia Israéil atá tar éis an uilc go léir seo do dhéanamh orainn. Mara dtugaid; má thugaid siad aghaidh i n-aon treó baill eile, tais- beánfidh san nách é Dia Israéil a dhein an t-olc so orainn, ná raibh ann ach gur thárla.” Deineadh san. Do gabhadh an dá bhoin fé'n dtrucail. Do cuireadh an dá ghamhain isteach i dtigh. Do cuireadh an airc ar an dtrucail. Do cuireadh i n-aice na h-airce an bosca go raibh na h-íomhághtha óir ann. Ansan do sgaoileadh chun siubhail an dá bhoin, gan giolla. Thugadar aghaidh, lom díreach, ar thír Israéil, ar thír
Bhetsames, gan iompáil deiseal ná tuathal, ach an tslighe acu 'á chur díobh agus iad ag géimrigh. Do lean uaisle na bhPhilistíneach iad go dtí go ndeighdar isteach i dtír Bhetsames. Do thárla go raibh cuid de sna Betsamíteachaibh ag buaint cruithneachtan sa ghleann. D'airighdar an ghéim- reach. D'fheuchadar sa treó 'n-ar airighdar. Chonaca- dar an airc láirtheach agus bhí áthas mór ortha. Tháinig an dá bhoin isteach i bpáirc fir de sna Betsamíteachaibh d'ár bh'ainm Iósue. Do stadadar sa pháirc sin. Bhí caraig mhór chloiche sa pháirc agus í i bhfuirm altórach. Do bhriseadar na Betsamítigh an trucail agus mhar- bhuighdar an dá bhoin agus dheineadar lán-ídhbirt los- githe dhíobh chun Dé ar an gcaraig sin. Dheabhróchadh an sgéal nár dhein na Betsamítigh a ngnó mar ba cheart dóibh é dhéanamh. Thugadar eas- onóir éigin do'n airc agus tháinig díbhfeirg ortha mar gheall air. Ansan tháinig sgannra ortha. “Ó,” ar siad, “tá an Dia seo ró naomhtha! Ní féidir dúinn seasamh 'n-a láthair!” Chuireadar teachtairí ag triall ar mhuinntir Chariatiarim ghá innsint dóibh gur chuir na Philistínigh an airc thar n-ais abhaile agus go raibh sí acu féin, agus 'ghá iarraidh ortha teacht agus í bhreith leó. Tháinig fir Chariatiarim agus rugadar leó an airc. Bhí duine naomhtha i n-áit ar a dtugtí Gabaa agus do cuireadh an airc isteach i dtigh an fhir sin. Bhí mac aige agus Eliasar ab ainm dó. Do coisriceadh an mac san agus do cuireadh ag tabhairt aire do'n airc é. D'fhan an airc sa n-áit sin ar feadh mórán aimsire agus bhí síothcháin agus suaineas ag clainn Israéil ar feadh na h-aimsire sin. Ní raibh aon fhonn cogaidh ar na Philistínigh. Bhí an sgeimhle ró mhór fághalta acu ó'n airc an fhaid a bhí sí acu.
CXLIV. SAMUEL. Ach bíodh go raibh an tsíothcháin ann bhí clann Israéil fé smacht na bhPhilistíneach agus níor thaithn san le clainn Israéil. Do ghluais fiche blian agus an sgéal ar an gcuma san. Fé dheire do labhair Samuel le clainn Israéil. “Dá mb'áil libh,” ar seisean, “iompáil ar an dTighearna le lán chroidhe agus na déithe bréige sin, Baalim agus Astarot, do chaitheamh uaibh do shaorfadh an Tighearna sibh ó smacht na bhPhilistíneach. Iompuighidh ar an dTighearna agus bídhidh umhal dó féin amháin agus saorfidh sé sibh.” Dheineadar rud air. Chaitheadar uatha na déithe bréighe a bhí acu. Ag aithris ar na geintibh a bhí 'n-a dtímpal iseadh bhídís nuair a thógaidís chucha na déithe bréige. Mheasaidís go mbíodh rath éigin ar na geintibh mar gheall ar na déithibh bréige agus bhídís ag brath air go mbeadh an rath céadna ortha féin dá mbeadh na déithe bréige sin acu. Ansan do ghlacaidís iad. Do dhalladh an t-áirseóir iad agus is dócha go leogadh sé rainnt de'n rath chucha chun a sheacht n-oiread de'n mhí-rath do chur ortha ar ball. Ach nuair a labhair Samuel leó agus nuair a dubhairt sé leó na déithe bréige do chaitheamh uatha agus iom- páil ar an dTighearna dheineadar rud air. Nuair a fuair Samuel gur ghlacadar a chómhairle sa méid sin do labhair sé airís leó. “Tagaidh go léir i bhfochair a chéile i Maspha,” ar seisean, “go ndeinead guidhe chun an Tighearna ar bhúr son.” Thánadar go léir i bhfochair a chéile i Maspha agus chromadar ar throsgadh dhéanamh agus ar aithrighe dhéanamh agus ar a bpeacaí d'admháil agus ar a iarraidh ar an dTighearna na peacaí mhaitheamh dóibh.
Nuair airigh na Philistínigh clann Israéil a bheith cruinnighthe i Maspha do chruinnighdar a slóighte féin agus thánadar fé dhéin na h-áite. Nuair a fuair clann Israéil go rabhadar ag teacht tháinig eagla ortha agus d'iarradar go cruaidh ar Shamuel a ghuidhe do chur chun an Tighearna ar a son. Thosnuigh na Philistínigh an cath. Do throid clann Israéil go cródha. Ní fada a bhí an cath ar siubhal nuair a chuir an Tighearna tóir- thneach uathbhásach os cionn na bhPhilistíneach. Bhí an bhúirtheach agus an chnagarnach thóirthnighe chómh sgannra- mhail sin gur chaill na Philistínigh a meabhair agus gur ghlacadar sgeón agus gur theicheadar. Do lean clann Israéil ar a dtóir go mear agus mharbhuighdar a bhfor- mhór. Do shaor an cath san clann Israéil ó n-a smacht agus do tugadh thar n-ais do chlainn Israéil rainnt catharacha a bhí tógtha ag na Philistínigh uatha, agus do lean síothcháin ar feadh abhfad 'n-a dhiaidh san. Bhí Samuel 'n-a bhreitheamh agus bhí sé ag dul i n-aois agus ní raibh sé ábalta ar an obair go léir a dhéanamh gan lucht conganta bheith aige. Bhí beirt mhac aige, Ióel agus Abia. Dhein sé beirt bhreitheamhan díobh agus dheineadar cuid de'n obair a bhí ró mhór dó féin le déanamh. Ní rabhadar dílis ionnraic, ámhthach, mar a bhí Samuel féin. Do tugtí breabana dhóibh agus do ghlacaidís na breabana. Agus ní'l aon chuirp- theach eile leath chómh h-olc leis an mbreitheamh a ghlacfadh breab agus thabharfadh an bhreith sa n-éagcóir nuair a gheóbhadh sé an bhreab. Nuair a bhí an obair sin ar siubhal do chruinnigh sean- óirí clainne Israéil agus do labhradar le Samuel:— “Feuch,” ar siad. “Taoi-se ró aosta agus ní mar a dheinean tusa a dheinid an chlann mhac so agat. Ní fir mar thusa iad. Cuir rí ós ár gcionn mar atá os cionn na náisiún eile seo i n-ár dtímpal, agus bíodh an rí 'n-a bhreitheamh orainn.” Níor thaithn an chainnt sin i n-aon chor le Samuel. Bhí
fhios aige nár bh'é a leas a bhí beartuighte acu a dhéanamh. Do labhair sé leis an dTighearna. Chuir sé a ghuidhe suas chun Dé 'n-a dtaobh. CXLV. A D'IARRAIDH RÍ. Nuair iarradar clann Israéil ar Shamuel rí do cheapadh dhóib agus do chur ós a gcionn bhí diombádh air chucha. Thuig sé i n'aigne go raibh sé tar éis a dhíthil a dhéanamh dóibh riamh agus gur b'é buidheachas a bhí aige dh'á fhághail uatha i ndeire a shaoghail 'ná druim lámha thabhairt leis agus a iarraidh air gan bheith 'n-a bhreitheamh ortha a thuille ach rí thabhairt dóibh. Thuig sé go raibh eugcóir throm acu á dhéanam air agus bhí sé 'ghá ngearán leis an dTighearna. Do labhair an Tigh- earna leis 'ghá fhreagradh. “Sgaoil leó,” arsan Tighearna leis. “Tabhair a dtoil féin dóibh. Dein an rud atá acu á iarraidh ort a dhéanamh. Ní leat-sa atá druim lámha acu á thabhairt ach liom-sa. Is mise nách áil leo a bheith am' rí ós a gcionn. Tabhair a slighe féin dóibh. Táid siad ag cur am' choinnibh ar an gcuma san riamh ó'n lá a thugas amach as an Éigipt iad go dtí an lá indiu, am' thréigean agus ag glacadh déithe bréige. Éist leó anois agus tabhair a dtoil féin dóibh. Ach so. Deimhnigh dóibh, agus innis roim ré dhóibh cad é ceart an rí atá le bheith ós a gcionn.” Ansan do labhair Samuel leis na daoine an chainnt adubhairt an Tighearna. “Ní foláir libh,” arsa Samuel, “go gcurfinn rí ós bhúr gcionn. Isé órdú an Tighearna dhom go 'neós- finn díbh ar dtúis cad a dhéanfidh an rí sin nuair a bheidh sé ós bhúr gcionn. Tógfidh sé bhúr gclann mhac agus cuirfidh sé 'n-a charbadaibh iad. Déanfidh sé
marcra agus troightheacha dhó féin díobh chun bheith ag gluaiseacht roimhe n-a charbadaibh. Cuirfidh sé fhiachaint ortha a chuid tailimh do threabhadh agus an fóghmhar a bhaint dó, agus airm a dhéanamh dó, agus carbaid a dhéanamh dó. Tógfidh sé bhúr gclann inghean agus cuirfidh sé fhiachaint ortha bheith 'n-a n-ungadóiríbh dó agus 'n-a gcócairíbh, agus 'n-a mbácéiríbh, ag déanamh aráin d'á theaghlach. Tógfidh sé uaibh an talamh is fearr agaibh agus tabharfidh sé d'á sheirbhírigh féin é, agus caithfidh sibh deachmhadh do dhíol leis as gach toradh d'á dtiocfidh as an dtalamh chughaibh. Agus tógfidh sé uaibh bhúr gcail- íní agus bhúr mbuachaillí agus an chuid is fearr d'bhúr bhfearaibh óga, agus na h-asail is fearr agaibh agus cuirfidh sé ag déanamh a chod' oibre féin iad. Agus cuirfidh sé fhiachaint oraibh deachmhadh do dhíol as pé treud agus stoc a bheidh agaibh. Is amhlaidh a bheidh sibh i nbhúr ndaoraibh aige amuich 's amac. Ansan beidh sibh ag sgreadaigh, ag glaodhach ar an dTighearna, 'ghá iarraidh ar an dTighearna sibh a dh'fhuasguilt ó'n rí. Ach ní éistfidh an Tighearna libh an uair sin mar is sibh féin a dh'iarr go gcurfí an rí ós bhúr gcionn.” Ach ní éisfidís leis. “Is cuma linn,” ar siad, “caithfimíd rí bheith ós ár gcionn againn fé mar atá ag na geintibh seo go léir atá i n-ár dtímpal agus beidh an rí 'n-a bhreitheamh ós ár gcionn agus beidh sé ag gabháil rómhainn amach agus troidfidh sé ár gcathana i gcoinnibh ár namhad.” D'airigh Samuel an chainnt sin go léir ó'n bpobul san agus do labhair sé leis an dTighearna agus chuir sé cainnt an phobuil i láthair an Tighearna. Agus do labhair an Tighearna le Samuel agus dubhairt sé:— “Éist le n-a gcainnt agus imthigh agus faigh rí agus cuir ós a gcionn é.” Ansan do labhair Samuel leis an bpobul. “Imh- thigheadh gach duine agaibh abhaile chun a thighe féin anois,” ar seisean. D'imthighdar go léir abhaile.
CXLVI. AG LORG ASAL. Le linn na h-aimsire céadna san do thárla go raibh ar threibh Bheniamin fear gur bh'ainm dó Cis. Bhí ag an bhfear san mac gur bh'ainm dó Saul. Fear mór groidhe cumasach ab eadh an Saul san. Nuair a sheas- uigheadh sé ameasg na bhfear bhíodh a cheann agus a ghuailne os cionn na bhfear eile go léir bhí sé chómh h-árd san agus bhí sé cúmtha córac do réir a aoirde. Do h-áirimhtí an uair sin, ar shaidhbhreas duine, na h-asail a bhíodh aige, fé mar a h-áirimhtear ar shaidhbhreas duine anois, sa tír seo, na ba a bhíon aige. Bhí treud asal ag athair Shaul agus do thárla gur imthighdar chun fáin ar chuma éigin. Do labhair sé le Saul. “Tóg leat, a mhic,” ar seisean, “duine de sna buachaillíbh agus imthigh agus feuch an bhféadfá aon tuairisg fhághail ar na h-asalaibh úd.” D'imthigh Saul agus an buachaill ag lorg na n-asal. Sa chuardach dóibh chuadar isteach sa tír ar a dtugtí Cnoc Ephraim, agus as san anonn tré thír Shalisa, agus ní bhfuaradar aon tuairisg ar na h-asalaibh. Chomáineadar leó go ndeighdar isteach i dtir Shuph, agus ní bhfuaradar tásg ná tuairisg ar na h-asalaibh. “Is fearra dhúinn iompáil abhaile, a ghiolla,” arsa Saul, “le h-eagla go mb'fhéidir gur mó an bhuairt a bheadh ar m'athair mar gheall orainne 'ná mar gheall ar na h-asalaibh.” “Tá fear le Dia sa chathair seo anois,” arsan giolla, “duine naomhtha iseadh é, duine uasal. Ní'l aon rud adeir sé ná tagan chun cinn gan iomroll. Tá sé chómh maith againn dul ag triall air agus b'fhéidir go dtabharfadh sé dhúinn an t-eólus atá uainn.” “Tá go maith,” arsa Saul. “Téidhmís ag triall air. Ach feuch, ní'l aon nídh againn a thabharfimís dó.”
“Tá píosa airgid anso agam-sa agus tabharfimíd dó é,” ansan buachaill (Fisidhe a tugtí fadó ar dhuine go mbíodh eólus, nú fios, ó Dhia aige, fáig a tugtar anois air.) “Is maith an áit 'n-a rabhais,” arsa Saul leis an mbuachaill. “Téanam agus raighmíd ag triall air.” Chuadar isteach sa chathair. Bhuail rainnt cailíní úmpa, a bhí ag dul amach a d'iarraidh uisge. “An anso atá an fisidhe?” arsa Saul leis na cailíníbh. “Iseadh,” ar siad san. “Tá sé rómhaibh amach. Ní'l agaibh ach brostú. Is indiu a tháinig sé, mar tá ídhbirt le bheith sa n-áit árd. Táthar ag feitheamh leis thuas. Ní'l agaibh ach brostú.” D'imthighdar suas tríd an gcathair. Do bhuail Samuel úmpa. Bhí fhios ag Samuel iad a bheith ag teacht agus d'aithin sé iad mar d'innis an Tighearna dhó indé roimis sin iad a bheith ag teacht. “Um an dtaca so amáireach,” arsan Tighearna le Samuel, “cuirfad-sa ag triall ort fear de threibh Bheniamin agus úngfir é 'n-a cheann uraid ar mo phobul, clann Israéil, agus fuasgalóchaidh sé mo phobul ó chómhacht na bhPhilistíneach, óir tá truagh agam dom' pobul, mar táid siad ag éigheamh orm.” Agus nuair fheuch Samuel ar Shaul thug an Tighearna cogar 'n-a chluais do Shamuel agus dubhairt sé leis; “Siné an fear adubhart leat. Siné an fear a bheidh 'n-a rí ar mo phobul.” Thug Saul, le n-a linn sin, aghaidh ar Shamuel, díreach mar a thabharfadh sé ar aon fhear. “Taisbeáin dom, led' thoil,” ar seisean, “cá gcómhnuighean an fisidhe anso?” “Mise an fisidhe,” arsa Samuel, “agus imthigh-se anso suas rómham anois go n-ithidh sibh bia am' fhochair indiu agus go leogad chun siubhail sibh amáireach, agus 'neósfad duit gach nídh d'á bhfuil at' aigne agat. Agus i dtaobh na n-asal úd a dh'imthigh ar fán arú indé
uaibh, ná bíodh aon cheist ort mar gheall ortha. Do fuaradh iad. Ach feuch cé aige go mbeidh sochar phobuil Israéil go léir? Nách agat-sa agus ag teaghlach t'athar?” “Ach cé h-é mise, a dhuin'uasail!” arsa Saul, “chun a rádh go gcaithfá-sa an chainnt sin liom!” CXLVII. AN t-ÚNGADH. “Cé h-é mise?” arsa Saul le Samuel, “go gcaithfá an chainnt sin liom? Nách duine me de'n treibh is ísle de chlainn Israéil?” Ach do rug Samuel Saul agus an buachaill isteach i seómra an bhídh agus chuir sé 'n-a suidhe ag ceann cláir iad os cionn a raibh tabhartha ann d'uaislibh a fuair cuire. Ansan do labhair Samuel leis an bhfear tighis agus dubhairt sé leis:— “Tabhair chugham an mhír úd a thugas duit agus adubhart leat a chimeád fé leith dhom.” Ansan thug an fear tighis leis guala feóla agus chuir sé os cómhair Shaul an ghuala, agus dubhairt Samuel le Saul; “glac an mhír sin agus ith é mar do cimeádadh d'aon ghnó é ad' chóir nuair a tugadh cuire do'n chuideachtain seo.” Agus do ghlac Saul agus Samuel bia i bhfochair a chéile an lá san. Nuair a bhí an bia caitthe acu thánadar anuas sa chathair, ó'n áit árd, agus chuir Samuel cóir codlata ar Shaul. Ar maidin amáireach a bhí chughainn do ghlaoidh Samuel ar Shaul ar eirighe lae. “Eirigh,” arsa Samuel, “go gcuiread uaim thu.” D'eirigh Saul agus ghluais sé féin agus Samuel amach go h-imeal na catharach. Nuair a bhíodar i n-imeal na cathasach do labhair Samuel. “Labhair leis an mbuachaill agus abair leis imtheacht rómhat tamal i dtreó go mbeidh sé as ár radharc, go
n-innsead duit focal an Tighearna.” Do labhair Saul leis an mbuachaill agus d'imthigh an buachaill. Ansan do thóg Samuel áthrach beag oíle a bhí aige agus do dhoirt sé an oíle ar cheann Shaul, agus thug sé póg dó, agus dubhairt sé: “Feuch tá an Tighearna tar éis thusa d'úngadh ad' rí anois os cionn a phobuil agus fuas- galóchair a phobul ó lámhaibh na namhad san atá 'n-a dtímpal. Agus beidh so mar chómhartha agat ar thu bheith úngtha ad' rí ag an dTighearna os cionn a phobail. Tar éis tu dh'imtheacht uaim-se indiu casfar ort beirt fhear i n-aice le h-uaigh Rachel, i dtír Bheniamin, i meadhon an lae; agus déarfid siad leat, na h-asail úd go rabhais 'ghá lorg, do fuaradh iad, ach tá buairt aigne ar t'athair mar gheall ort-sa. Agus nuair imtheóchair as an áit sin agus a thiocfir go dair Taboir, gheóbhair triúr fear agus iad ag dul suas go Betel chun an Tighearna, agus trí bullóga aráin ag fear acu agus trí mionáin ag fear eile acu, agus áthrach fíona ag an dtrímhadh fear. Beannóchaid siad duit agus taraiceóchaid siad dhá cheann de sna bullógaibh duit, agus glac-sa uatha iad. Tiocfir 'n-a dhiaidh san go dtí cnoc Dé mar a bhfuil stad ag na Philistínigh. Agus nuair a raghair isteach sa chathair sin chífir ag teacht ad' choinnibh cualacht fáigí agus iad ag teacht anuas as an áit árd, agus saltar agus timpán agus feadán agus cruit acu, agus an chualacht ag fáigea- dóireacht. Agus léimfidh spirid an Tighearna isteach ionat-sa agus beidh tú féin ag fáigeadóireacht mar aon leó, mar beidh atharú tagaithe ort. Déanfidh duine eile dhíot. Ansan, nuair a bheidh na cómharthaí sin go léir tagaithe chughat dein pé rud a thiocfidh chun do lámha mar tá an Tighearna leat. I gcionn seacht lá bead-sa féin ad' fhochair agus taisbeánfad duit cad a bheidh le déanamh agat.” Do sgaradar, agus thuit gach nídh amach do Shaul fé mar adubhairt Samuel a thuitfadh. Nuair a bhuail an
chualacht fáigí uime agus nuair a chrom sé féinig ar an bhfáigeadóireacht leó bhí iongna ar na daoine a chonaic é agus chromadar ar a fhiafraighe, “an bhfuil Saul féin i n'fháig!” Agus do lean an cheist sin mar a bheadh seanfhocal i mbéalaibh daoine. Tháinig sé abhaile agus d'innis sé d'á mhuinntir a chuarda i dtaobh na n-asal agus conus mar a bhí sé i bhfochair Shamuel, ach níor innis sé aon fhocal de'n chainnt adubhairt Samuel leis i dtaobh na rígheachta. Ach do chuir Samuel fógra amach 'ghá iarraidh ar chlainn Israéil go léir teacht chuige go Maspha, go mbeidís i láthair an Tighearna. Thánadar. Do labhair sé leó. “Seo mar adeir an Tighearna,” ar seisean leó. “Do thugas-sa clann Israéil amach as an Éigipt, agus d'fhuasgalas sibh ó chómhacht na n-Éigipteach, agus ó chómhacht na righthe go léir a bhí ag déanamh eugcóra oraibh agus ag cur géibhinne oraibh. Ach do theiligeabhair uaibh indiu me, agus ní h-áil libh mé bheith am' rí ós bhúr gcionn a thuille.” CXLVIII. SAUL I N-A RÍ. Ansan do chuir Samuel fé chrannaibh clann Israéil go léir. Sa chéad chrannchur do thuit an crann ar threibh Bheniamin. Do cuireadh cineacha na treibhe sin fé chrannaibh agus do thuit an crann ar chine Mhetri. Do cuireadh fir na cine sin fé chrannaibh agus do thuit an crann ar Shaul, mac Chis. Do glaodhadh ainm Shaul agus ní raibh sé le fághail. Do labhradh leis an dTigh- earna 'n-a thaobh. Dubhairt an Tighearna go raibh Saul sa bhaile 'n-a thigh féin i bhfolach. D'imthigh na daoine chun an tighe agus thugadar leó amach é agus do sheasaimh
sé 'n-a measg agus bhí a cheann agus a dhá ghualainn suas os cionn an phobuil go léir. “Seadh!” arsa Samuel, “siné an rí atá ceapaithe ag an dTighearna dhíbh, agus is rí é i gceart. Ní'l a leithéid eile d'fhear le fághail.” “Go mairidh an rí!” arsa na daoine go léir. Ansan do sgríbh Samuel síos i leabhar dlighthe na rígheachta agus chuir sé an leabhar san os cómhair an Tighearna. Ansan chuir Samuel na daoine go léir abhaile, gach aoinne chun a thighe féin, agus d'imthigh Saul abhaile chun a thighe féin i nGabaa, agus do sprioc an Tighearna cuid de sna fearaibh armtha agus do ghluaiseadar i n-aonfheacht leis mar ghárda. Bhí cuid de'n phobul, ámhthach, agus ní raibh aon mheas acu ar Shaul. “An é sin a dh'fhéadfidh sinn a shaoradh ó n-ár namhaid!” ar siad. Agus níor thugadar aon chíos ag triall air. Ach níor leog seisean air gur thug sé fé ndeara an sgéal. Bhí clann Ammoin 'n-a gcómhnuidhe sa tír lastoir de'n Iórdan. Bhí rí ortha agus Naas ab ainm dó. Bhí an rí sin ag cur isteach go h-ana dhian ar an gcuid de chlainn Israéil a bhí sa tír ar a dtugtí Iabes Galaad. Dheineadar-san rud éigin a chuir fearg ar Naas. Bhíodar fé chíos aige agus ní raibh aon chur i gcoinnibh an chíosa acu. Ní raibh sé sásta leis sin, pé cúis a bhí aige ortha. “Socaruigh linn,” ar siad leis, “agus díol- fimíd an cíos leat go beacht.” “Ní dhéanfad aon tsocarú libh,” ar seisean, “go dtí go ndéanfad rud eile ar dtúis. Bainfad an tsúil dheas amach a' ceann gach fir agaibh agus ansan déanfad socarú libh. Cuirfad aithis oraibh os cómhair clainne Israéil go léir.” Dubhradar-san; “Tabhair seachtmhain dúinn agus cuirfimíd teachtairí tré chríochaibh Israéil, agus mara
dtagaidh aon duine chun cabhruighthe linn tiocfimíd ag triall ort agus féadfir do thoil a dh'imirt orainn.” Dheabhróchadh an sgéal gur thug sé an tseachtmhain dóibh. Is dócha go raibh sé deimhnightheach nár bhaoghal go dtiocfadh aon chosantóir ag triall ortha agus gur mhór an sásamh aigne leis a rádh go n-umhlóchaidís iad féin chómh h-íseal san dó, .i. go dtiocfidís ag triall air, uatha féin, chun go mbainfadh sé na súile asta. Chomáineadar chun siubhail na teachtairí. Tháinig cuid de sna teachtairíbh go dtí Gabaa, mar a raibh Saul. D'innseadar cad a thug iad. Bhí a lán daoine ann ag éisteacht leó. Nuair airigh na daoine an sgéal chro- madar go léir ar ghol. Ní raibh Saul láithreach nuair a tháinig na teachtairí. Bhí sé amuich i bpáirc agus é ag treabhadh. Níor bh'fhada go dtáinig sé agus seisreach damh roimis amach. Chonaic sé na daoine ag gol. “Cad fé ndeár an gol?” ar seisean. Do h-innseadh dó. Deir an Bíobla gur léim spirid an Tighearna isteach ann, gur las fearg bhuile ann, gur mhairbh sé an dá dhamh láithreach agus gur dhein sé blúirí beaga dhíobh agus gur chuir sé blúire de'n fheóil chun gach críche de chríochaibh Israéil, ghá iarraidh ar fhearaibh Israéil teacht chuige láithreach, agus aoinne ná tiocfadh go ndéanfí le n-a dhamhraidh mar a deineadh leis an ndamhraidh sin. CXLIX. ÉIRLEACH. Chómh luath agus do shrois an teachtaireacht san feara Israéil tháinig eagla ortha roimis an rí agus roimh Shamuel agus ghluaiseadar, 'n-a gcéadtaibh agus 'n-a míltibh, ag teacht go Gabaa. Ní rabhadar abhfad ag teacht. Nuair a bhíodar cruinnighthe bhí ana mhór shluagh
le méid ann. Bhí trí chéad míle fear de chlainn Israéil ann agus deich míle fhichead fear d'fhearaibh Iúda. Chuir Saul na teachtairí abhaile ag triall ar na daoine go rabhthas chun na súl a bhaint asta agus bhí fhios acu nuair airighdar an nídh a bhí déanta, nár bhaoghal d'á súilibh. Chomáineadar teachtairí láithreach, go breágh séimh, umhal, soghluaiste, ag triall ar Naas, agus sidí teach- taireacht a thugadar do sna teachtairíbh:— “A rí onóraigh, fé mar a gheallamair dot' onóir, táimíd ag dul ag triall ort ar maidin amáireach chun leogaint duit na súile bhaint asainn. Tá súil againn, ámhthach, ó táimíd chómh h-umhal duit, go mb'fhéidir ná beidh t'onóir chómh dian orainn agus adeirir.” Gan amhras do gháir sé. Ach má gháir ní le h-aon daonacht a gháir sé. Bhí sé sásta i n'aigne. Daoine ag teacht ag triall air, uatha féin, do shiubhal a gcos féin, chun leogaint dó na súile bhaint amach as a gcean- naibh! An bhfuair aon rí eile riamh a leithéid d'umhluidh- eacht! Bhí an machtnamh san i n'aigne agus é ag dul a chodladh agus chodail sé go sámh agus go suairc mar gheall ar an machtnamh san. Go moch ar maidin do h-airigheadh slóighte ag teacht. Cheap na h-Ammonítigh go léir, nídh nár bh'iongna, gur bh'iad muinntir Iabes Galaad a bhí ag teacht chun go mbainfí na súile asta. Ba mhór an iongna, ámhthach, a leithéid de mhór shluagh bheith ag teacht chun sgaramhaint le n-a súilibh! Bhí mór shluagh Ammoin cruinnighthe i n-aon áit amháin go bhficfidís an radharc, an pobul mór fear agus an tsúil dheas le baint amach a' ceann gach fir díobh! Ba chómhachtach an rí Naas agus a rádh go raibh ar a chumas a leithéid do dhéanamh, a chur fhiachaint ar fhearaibh luatha láidire óga teacht ar an gcuma san, do shiubhal a gcos féin agus leogaint dó na súile bhaint asta! Ní raibh fhios ag clainn Ammoin an uair sin go raibh breis agus trí chéad míle fear ag teacht. Do dhún an trí chéad míle fear san isteach 'n-a dtímpal. Do ghluais
an t-éirleach 'á dhéanamh, éirleach ná raibh coinne leis. Do lean an t-éirleach ó bhreacadh an lae go dtí go raibh brothal an lae tagaithe. Bhí clann Ammoin ídighthe um an dtaca san, nú an méid ná raibh curtha chun báis díobh bhíodar sgaipithe sgáinte, i dtreó ná raibh aon bheirt acu i n-aonfheacht, ach gach aoinne ag gluaiseacht i n'aonar, go singil, agus a cheann féi aige, agus d'á luathacht a dh'fhéadfadh sé é féin do shádh i dtor nú i bpoll talmhan gur bh'eadh ab fhearr leis é. D'fhág san an chine sin tréith go maith. Ní bhfuaradar a leithéid de dhísgiú ó'n uair a thug Iephte an íde ortha mórán blian roimis sin. Níor bhaoghal do chlainn Israéil iad feasta, go dtí, pé'r domhan é, go mbeadh tréimhse eile curtha dhíobh acu chómh fada leis an dtréimhse a bhí idir iad agus aimsir Iephte. De chonaic clann Israéil go raibh gníomh rí dáiríribh déanta ag Saul nuair a bhí an fhuasguilt sin tabhartha aige ar an muinntir go raibh na súile le baint asta. Do chruinnigh sé an mór shluagh chómh tapaidh agus thug sé leis chun an chatha iad chómh mear, agus bhí an cath buaidhte aige, ba dhóich le duine, sar a raibh uain aige ar an gcath do thosnú, i dtreó gur thuig na daoine go léir ná féadfadh aon rí an bheart a dhéanamh ní b'fhearr. “Curtar chun báis na fir úd a bhí ag cáine an rí!” arsa cách. “Ní curfar aoinne chun báis indiu,” arsa Saul. CL. CLÚ SHAMUEL GAN MHACHAIL. “Ní curfar aoinne chun báis indiu,” arsa Saul, “mar tá fuasguilt mhór déanta ag Dia indiu ar Israél.” Tháinig uraim thar barr ag an bpobul go
léir do Shaul nuair airighdar an focal san uaidh. Bhí gníomh ríoga déanta aige nuair fhéad sé slóighte móra Israéil do chruinniú chómh h-oban agus buadh bhreith ar chlainn Ammoin sar a raibh fhios acu é bheith chucha i n-aon chor, agus ansan, bhí nídh ba ríoga 'ná an gníomh san féin déanta aige nuair a mhaith sé ó chroidhe do'n mhuinntir a bhí tar éis tarcuisne thabhairt dó os cómhair na poiblidheachta, do'n mhuinntir a bhíodh ag gearrachán air agus ag cúlchainnt air agus 'ghá chur 'n-a luighe ar chách ná raibh ann ach rí gan mhaith. Thuig gach aoinne gur dheacair é mhaitheamh dóibh ach do mhaith Saul dóibh é agus do thaisbeáin san go raibh croidhe mór maith aige agus bhí áthas ar gach aoinne. Dheabhróchadh an sgéal go raibh rainnt daoine ag cur i gcoinnibh Shaul ó'n gcéad lá úd a ceapadh 'n-a rí é. Nuair a bhí an buadh mór beirtha aige ar chlainn Ammoin do tuigeadh gur stad an chúlchainnt agus an tarcuisne agus ná raibh aon chur 'n-a choinnibh as san amach. Ansan do labhair Samuel leis an bpobul. “Tagaidh go léir go Galgala,” ar seisean, “agus déanfimíd an rí d'óirdniú airís.” Do chruinnigh an pobul go léir i nGalgala agus do deineadh óirdniú poiblidhe ann ar Shaul i láthair an Tighearna, agus do deineadh ídhbirt síothchána i láthair an Tighearna, agus deir an Bíobla Naomhtha go raibh áthas ana mhór an lá san ar Shaul agus ar an bpobul go léir. Ansan do labhair Samuel le clainn Israéil:— “Feuch,” ar seisean, “tá déanta agam díbh do réir bhúr dtoile. D'iarrabhair orm rí do sholáthar díbh agus é chur ós bhúr gcionn. Siné ós bhúr gcionn anois an rí agus ní miste rí do thabhairt air. Am' thaobh féin de, táim i nbúr measg ó rugadh me. Tá mo shaoghal caithte agam i nbhúr measg agus táim anso anois am' sheasamh ós bhúr gcómhair. Labhraidh anois, i láthair an Tighearna agus i láthair an rí ansan, agus innsidh dom: Ar
thógas bó ná asal go h-aindleaghthach riamh ó aoinne agaibh? Ar dheineas díobháil clú riamh d'aoinne agaibh? Ar dheineas annsmacht riamh ar aoinne agaibh? Ar ghlacas riamh breab amach a' láimh aoinne agaibh? Má deir aon duine agaibh go bhfuil aon phioc d'á chuid agam teilgfad chuige anois é.” “Níor dheinis riamh díobháil clú d'aoinne againn ná níor dheinis annsmacht ar aoinne againn ná níor ghlacais riamh breab a' láimh aon duine againn,” ar siad san. “Is fínné i nbhúr gcoinnibh indiu an Tighearna, agus an rí, ná fuil am' sheilbh-se aon nídh go bhfuil aon éileamh ag aoinne agaibh air?” ar seisean. “Is fínné,” ar siad san. “Isé an Tighearna do chruthuigh Maois agus Aaron agus do thug ár sínsear as an Éigipt!” arsa Samuel leó. “D'á bhrígh sin seasuighidh ansan anois ós mo chómhair i láthair an Tighearna go ndeinead aighneas libh i dtaobh gach mór thrócaire d'ár dhein an Tighearna oraibh féin agus ar bhúr sínsear. Conus mar a chuaidh Iácób síos sa n-Éigipt; agus conus mar a bhí bhúr sín- sear ag éigheamh ar an dTighearna; agus gur chuir an Tighearna Maois agus Aaron síos sa n-Éigipt chun iad a thabhairt aníos anso. Do tugadh aníos iad agus do socaruigheadh iad i seilbh na tíre seo go daingean. Ansan, nuair a bhíodar sa tseilbh níor chimeádadar aon chuimhne ar an dTighearna, ar Dhia na Glóire, tar éis a raibh déanta aige dhóibh. CLI. ÉIRLEACH FEARTHANA. “Ansan do sgaoil an Tighearna iad fé smacht na bhPhilistíneach agus fé smacht rí Mhóab, agus do luigh annsmacht na namhad san go h-ana dhian ortha. Nuair
a bhí lámh a namhad ró dhian ortha do chuimhnighdar ar an dTighearna agus do ghlaodhdar air go h-árd agus dubhradar:— “Tá peaca déanta againn, mar do thugamair druim lámha leis an dTighearna agus do chlaoidhmair le Baalim agus le h-Astarot. Ach dein-se anois, a Thighearna, sinn a dh'fhuasguilt ó n-ár namhaid agus claoidhfimíd leat-sa.” “Ansan do chuir an Tighearna chucha Gedeon, agus Badan, agus Iephte agus Samuel, agus do saoradh sibh ó nbhúr namhaid go léir mórthímpal agus bhí an saoghal ar bhúr dtoil agaibh.” “Ach nuair a tháinig Naas, rí clainne Ammoin i nbhúr gcoinnibh do labhrabhair liom-sa agus dubhrabhair: ‘Ní h-eadh ach curtar rí ós ár gcionn’; agus a fhios agaibh go raibh an Tighearna, bhúr nDia, 'n-a rí ós bhúr gcionn.” “Siné ansan anois bhúr rí agaibh, an rí a dh'iarrabhair féin agus do thoghabhair féin. Feuch, tá an rí tabhartha dhíbh ag an dTighearna.” “Anois, má bhíon eagla an Tighearna oraibh, agus má dheinean sibh réir an Tighearna, agus má éistean sibh le n-a ghlór, agus má staonan sibh ó fheirg do chur air, beidh sibh féin agus an rí seo atá ós bhúr gcionn umhal d'bhúr dTighearna Dia. Ach má dheinean sibh a mhalairt sin, má ghabhan sibh i gcoinnibh an Tighearna agus má chuirean sibh fearg air, beidh a láimh trom oraibh agus déanfidh sé díoltas oraibh.” “Seasuighidh annsan anois agus chífidh sibh nídh iongan- tach atá ag an dTighearna le déanamh os comhair bhúr súl. Nách é seo fóghmhar na cruithneachtan atá againn? Ní h-airightear tóirthneach choidhche i bhfoghmhar na cruith- neachtan. Ach glaodhfad-sa anois ar an dTighearna agus tiocfidh tóirthneach agus fearthainn, 'gha chur i n-iúil díbh go soiléir gur dheineabhair droch nídh malluighthe dhíbh féin i láthair bhúr dTighearna Dia nuair iarrabhair go gcuirfí rí ós bhúr gcionn.”
Ansan do labhair Samuel go h-árd ghá iarraidh ar an dTighearna an tóirthneach agus an fhearthainn do chur uaidh. Tháinig an tóirthneach go sgannramhail agus do thuit an fhearthainn go h-uathbhásach. Nuair airigh na daoine an tóirthneach agus nuair a chonacadar an t-éirleach fearthana tháinig sgannra ortha go léir. Do sgreadadar ar Shamuel ghá iarraidh air a ghuidhe do chur chun an Tighearna ar a son. “Ó,” ar siad, “cuir do ghuidhe chun an Tighearna ar ár son agus iarr air gan sinn a chur chun báis. An peaca is mó d'ár dheineamair riamh tá sé déanta againn anois. Dheineamair aimh- leas dúinn féin nuair iarramair ort rí do chur ós ár gcionn!” “Ná bíodh an t-eagla san oraibh,” arsa Samuel leó. “Dheineabhair, gan amhras, an t-olc agus an t-aimhleas san go léir ach bíodh muinighin agaibh as an dTighearna. Is sibh pobul an Tighearna. Do thoibh sé féin sibh. Leanaidh é go dílis. Ná leanaidh neithe baoithe mar ní'l aon tairbhthe ionta. Ní dhéanfidh neithe baoithe aon tairbhthe dhaoibh. Ní baoghal daoibh ná go leanfad-sa ag cur mo ghuidhe chun an Tighearna ar bhúr son. Dá stadainn de sin dhéanfinn peaca i gcoinnibh an Tigh- earna. Múinfad díbh an tslighe chun Dé atá díreach cóir. Bíodh eagla an Tighearna oraibh agus deinidh réir an Tighearna ó chroidhe go h-iomlán. Ach má iompuighean sibh féin agus an rí atá oraibh, agus má leanan sibh bóthar an uilc, dísgeófar sibh féin agus é féin i n-aonfheacht.” Bhí Saul suidhte daingean sa rígheacht ansan agus do réir lucht eóluis bhí sé deich mbliana fichead an uair sin. Rí maith ab eadh é ar feadh rainnt aimsire, cúpla bliain nú mar sin, ach tar éis an chúpla blian san tháinig atharú air; d'iompuigh sé i gcionnibh Shamuel agus i gcoinnibh Dé agus do fíoradh an focal adubhairt Samuel 'n-a thaobh.
CLII. ÍDHBIRT NÁR CHEART. Tar éis an chatha úd i gcoinnibh Naais agus chlainne Ammoin bhí meas ana mhór ar Shaul ní h-amháin ag clainn Israéil ach ag gach namhaid d'á raibh ag clainn Israéil chómh maith. Do thuig na Philistínigh an gníomh a bhí déanta ag an rí nua ar Naas agus ar chlainn Ammoin agus ní rabhadar ró shásta 'n-a n-aigne. Thuigeadar go mb'fhéidir gur bhaoghal dóibh féin an fear a dhein an gníomh san, agus é dhéanamh chómh h-oban, agus chómh meillteach. Bhí smacht acu ar chlainn Israéil ar feadh abhfad roimis an aimsir sin, agus i dtreó gur bh'usaide dhóibh an smacht do chimeád i bhfeidhm bhí dlighthe déanta acu ghá chosg ar chlainn Israéil aon tsaghas airm faobhair a dhéanamh ná a bheith acu. D'á bhrígh sin nuair a deineadh an t-éirleach mór ar Naas agus ar chlainn Ammoin bhí iongna ar na Philistínigh. Ní raibh fhios acu, ámhthach, cad é an saghas armála a bhí ag clainn Israéil sa chath i gcoinnibh clainne Ammoin. Laistiar de chrích Israéil a bhí na Philistínigh 'n-a gcómhnuidhe, ar bruach na Mara Torríann; agus lastoir d'abainn Iórdain a bhí clann Ammoin 'n-a gcómhnuidhe. D'fhág san go raibh an cath buailte agus an t-éirleach déanta ar chlainn Ammoin sar ar airigh na Philistínigh ná puinn aon daoine laistiar aon tuairisg air. Ach níor bhfada 'n-a dhiaidh san gur airigh gach aoinne, thoir agus thiar, tuairisg chruinn air. D'airigh na Philistínigh an tuairisg agus bhí iongna ortha. Dubhradar leó féin gur bh'fearr eirighe i n-am agus a smacht do dhéanamh níba dhaingine ar chlainn Israéil. Chruinnighdar mór shluagh agus thánadar go h-áit ar a dtugtí Machmas. Deir an cúntas sa Bhíobla go raibh deich míle fhichead de charbadaibh cogaidh
acu sa n-áit sin agus sé mhíle marcach agus slóighte troightheach nár bh'fhéidir a chómhreamh bhí oiread san ann díobh. Nuair a chonaic an méid de chlainn Israéil a bhí sa chómharsanacht an mór-shluagh san istigh 'n-a lár do ritheadar as an áit le n-a n-anam. Chuaidh cuid acu thar Iórdan soir. Ní raibh Machmas abhfad ó bhruach abhan Iórdain, ó'n áit 'n-a dtáinig Iósue treasna na h-abhan anoir mórán aimsire roime sin. An chuid de chlainn Israéil nár fhéad imtheacht as an áit is amhlaidh a bhíodar sáidhte i bhfolach, i bpluaisibh caraigreach agus i bpollaibh talmhan, le sgannra roimis an mór shluagh namhad. Bhí Saul sa n-áit ar a dtugtí Gabaa agus gan aige ach sé chéad fear. Bhí geallta ag Samuel dó go dtiocfadh sé chuige i gceann seachtmhaine. D'imthigh an tseachtmhain agus ní raibh Samuel ag teacht. Bhí ídhbhirt le déanamh nuair a thiocfadh sé. Chómh luath agus bhí an tseachtmhain caithte do dhein Saul féin an ídhbirt gan feitheamh a thuille. Chómh luath agus bhí an ídhbirt críochnuighthe tháinig Samuel. “Cad é seo atá déanta agat?” ar seisean leis an rí. “Bhí na fir ag sleamhnú chun siubhail uaim,” arsan rí, “agus ní rabhais-se ag teacht fé mar a gheallais, agus dheineas féin an ídhbirt chun an Tighearna. Bhí eagla orm go gcuirfadh na Philistínigh cath orm agus gan an ídhbirt déanta. B'éigean dom an ídhbirt do dhéanamh. Ní raibh leigheas agam air.” “Dheinis beart díthcéille,” arsa Samuel leis, “Níor chómhlíonais an t-órdú a thug do Thighearna Dia dhuit. Dá gcómhlíontá an t-órdú san bheadh an Tighearna tar éis thu dhainginiú anois i rígheacht os cionn chlainne Israéil go brách. Ach ní mar sin a bheidh feasta. Ní thiocfidh aon bhreis ar do rígheacht. Tá fear ceapaithe ag an dTighearna, fear atá do réir a chroidhe féin chun bheith 'n-a cheann uraid ar a phobul, toisg nár chómhlíonais- se an t-órdú a thug an Tighearna dhuit.”
Ansan d'imthigh Samuel go Gabaa agus bhí Saul agus Iónatan agus an sé chéad fear 'ghá gcosaint féin ar na Philistínigh chómh maith agus d'fhéadadar é. CLIII. CÍRÉIP. Bhí Saul agus a shé chéad fear 'ghá gcosaint féin, chómh maith agus d'fhéadadar é, ar an mór shluagh Philistíneach. Ghá gcimeád féin i bhfolach iseadh is mó a bhíodar. Bhí sgannra ortha, agus níor bh'iongna é. Do ghluais trí cualachta amach ó mhór shluagh na bhPhilistíneach agus chromadar ar chreachaibh do chruinniú chun iad a thabhairt leó isteach. Bhí Iónatan, mac an rí, agus a ghiolla airm, i n-áit ná raibh abhfad ó mhór shluagh na bhPhilistíneach. Bhí talamh árd agus é lán de charaigreachaibh idir an mbeirt agus an áit 'n-a raibh an mhór shluagh suidhte. Bhí cualacht Philistíneach, i bhfuirm lucht faire, i n-aice na gcaraigreach, ar aghaidh na h-áite 'n-a raibh Iónatan agus a ghiolla airm ar an dtaobh thall de sna caraig- reachaibh. Bhí radharc ag an mbeirt ar an lucht faire, ach ní raibh aon radharc ag an lucht faire ortha-san, ná ní raibh aon chuimhneamh acu go rabhadar ann. Do spriuc an Tighearna Iónatan chun gnímh a dhéanamh. Do labhair sé le n-a ghiolla airm. “Téanam, a ghiolla,” ar seisean. “Téidhmís anonn chucha súd. B'fhéidir go mbeadh an Tighearna linn.” “Pé áit 'n-a raghair, a rí,” arsan giolla, “raghad-sa leat.” Do ghluais an bheirt. Bhí osguilt bheag idir dhá charaig de sna caraigreachaibh agus is ag lámhcán, ar a nglúinibh, a chaithfidís dul suas tríd an osguilt sin. “Chómh luath agus a bheimíd tagaithe i radharc an namhad,” arsa Iónatan, “labharfar linn. Má deirtear
linn, ‘fanaidh ansan go dtéidhmíd síos chughaibh,’ stad- fimíd. Ach má deirtear linn, ‘tagaidh chughainn anso go dtaisbeánamíd rud éigin díbh,’ téidhmís chucha mar tá an Tighearna tar éis iad do thabhairt suas dúinn.” D'imthighdar suas tríd an osguilt, ag lámhcán. Níor bh'fhada go bhfeacathas iad. “Ó,” arsan mhuinntir thuas, “táid clann Israéil ag teacht amach as na pollaibh mar a rabhadar i bhfolach uainn. Tagaidh aníos anso chughainn agus taisbeánfimíd rud éigin daoibh.” Do rith an bheirt chucha agus chromadar ar iad do bhualadh. Bhí tímpal fiche fear acu ann agus do mhairbh an bheirt iad. Bhí tímpal acra tailimh sa láithreán ar ar dein- eadh an troid sin agus an marbhú san. Do h-airigheadh fothram na troda san ar fuaid na h-áite 'n-a raibh an mhór shluagh suidhte. Níor bh'fhada gur h-airigheadh fothram eile, fothram uathbhásach, an mhór shluagh go léir i n-aon chíréip amháin, gach fear díobh ag troid go fíochmhar leis an bhfear ba ghiorra dhó, agus iad ag tuitim le lámhaibh a chéile chómh tiugh agus d'fhéadadís a chéile do bhualadh. B'é toil an Tighearna iad do dhalladh i dtreó nár aithnighdar a chéile. Do neartuigh ar an bhfothram i dreó gur airigh Saul agus an sé chéad é. Chonacadar an t-éirleach ar siubhal sa mhór shluagh. “Feuchtar cé tá amuich uainn!” ars an rí. Do fuaradh ná raibh Iónatan acu. Do ghluais an rí agus an sé chéad chun an mhór shlógh agus chromadar ar iad do mharbhú, i dteannta an mharbhú a bhí acu féin 'á dhéanam ar a chéile. D'eirigh na fir a bhí i bhfolach agus do ritheadar isteach sa choimhsgar i dteannta an sé chéad. Do ghluais an mhór shluagh, ar teiche as an áit, agus do leanadar ag marbhú a chéile sa teiche dhóibh. Do lean an rí agus clann Israéil iad, agus um an dtaca 'n-a rabhadar glan as an áit ní sé chéad fear a bhí ag gluaiseacht i n-aonfheacht leis an rí ach deich míle fear. Níor stad an teiche agus an marbhú go dtí go
dtánathas go Betabhen, agus do lean an teiche agus an marbhú go dtí gur sroiseadh Aialon. Tháinig clann Israéil thar n-ais ó'n áit sin mar bhíodar buailte amach le tuirse. Thaisbeán an cath san do Shaul nár ghádh dhó an díthineas úd go léir a bheith air chun na h-ídhbirte dhéanamh; go dtabharfadh an Tighearna an buadh dhó dá mba ná beadh aige ach aon fhear amháin. CLIV. AN DEARBHÚ. Nuair a bhí an t-éirleach 'á dhéanamh ar na Philistínigh, iad ar teiche agus an talamh 'n-a ndiaid 'á chlúdach le n-a gcorpaibh fé mar a thuitidís, ba dhóich le duine ar Shaul gur bh'é féin a bhí ag déanamh na h-oibre go léir. I lár na h-imtheachta agus an tóir agus an teiche ag gluaiseacht ar buile dhein Saul dearbhú. Do dhearbhuigh sé, aon fhear de shluagh Israéil a bhlaisfadh bia go dtí go mbeadh an tóir críochnuighthe agus na Philistínigh go léir marbh, go gcuirfí chun báis é. Do ghluais an focal san ameasg na n-Israéilíteach agus an té dh'airigh an focal ní baoghal gur bhlais sé bia pé gádh a bhí aige le bia. Do thárla go raibh Iónatan i n-áit eile, tamal ó'n áit 'n-a raibh Saul nuair a dhein sé an dearbhú, agus ná raibh aon phioc d'á fhios aige go raibh an dearbhú déanta. Bhí sé ag gabháil tré choill bheag. Bhí mórán meala ar an dtalamh ar fuaid na coille. Bhí Iónatan chómh buailte amach san le tuirse go raibh ceó ar a shúilibh agus a radharc ag imtheacht uaidh. Nuair a chonaic sé an mhil 'n-a slaodaibh fé n-a chosaibh thóg sé cnapóg di ar bhara na slaite a bhí 'n-a láimh aige agus
chuir sé 'n-a bhéal í agus d'ith sé í. Níor bhlais aoinne de sna fearaibh a bhí le n-a chois an mhil:— “Do dhearbhuigh t'athair,” ar siad leis, “aon fhear a bhlaisfadh bia go dtí go mbeadh an tóir críochnuighthe go gcuirfí chun báis é.” “Is olc a dhein m'athair é,” arsa Iónatan, “agus a leithéid sin de dhearbhú do dhéanamh. Dá n-itheadh na fir rainnt bídh chuirfadh sé spionadh ionta agus dhéan- fidís an tóir níbha dhéine ar an namhaid 'ná mar fhéad- fidís a dhéanamh gan an bia. Chíon sibh féin conus mar a bhí an ceó ar mo shúilibh-se go dtí gur bhlaiseas an mhil seo, agus conus mar a ghlan an ceó dhíobh nuair itheas í.” Nuair a shrois an tóir chómh fada le h-Aialon bhí na h-Israéilítigh go léir chómh buailte amach san ná raibh ionta oiread agus ciscéim eile siubhail do dhéanamh. B'éigean dóibh stad. Bhí an oidhche ann, leis. Bhí an lá críochnuighthe. Thuig na fir ó bhí an lá imthighthe nár mhiste dhóibh bia chaitheamh. Bhí a ndóithin ainmhidhthe aca le marbhú chun bídh, mar bhí na creacha acu a dh'fhan i ndiaidh na bhPhilistíneach. Nuair a bhí an bia ithte acu do chuimhnigh Saul gur bh'ana mhaith an rud dóibh gluaiseacht airís agus teacht suas leis an méid a bhí beó de sna Philistínigh agus teacht ortha i ndoircheacht na h-oidhche, an fhaid a bheidís 'n-a gcodladh, b'fhéidir, agus iad do dhísgiú ar fad. Chuir sé an nídh sin i gcómhairle na bhfear. Do thoiligh na fir go léir chuige. Ansan chuir sé i gcómhairle an Tighearna é. Ní bhfuair sé aon fhreagra ó'n dTighearna. Thuig sé i n' aigne go raibh droch ghníomh déanta ag duine éigin de'n tsluagh agus gur bh'é an droch ghníomh san fé ndeár gan freagra theacht ó'n dTighearna chuige. Chuir sé é féin agus an tsluagh go léir fé chrannaibh feuchaint cé dhein an droch ghníomh. Thuit an crann ar Iónatan. “Cad a dheinis, a mhic?” arsa Saul leis. “Bhíomair ag gabháil tré choill,” arsa Iónatan,
“agus bhí an mhil 'n-a slaodaibh fé n-ár cosaibh ar an dtalamh. Do thógas cuid de'n mhil ar cheann na slaite a bhí am' láimh agam agus d'itheas an mhil sin. Ní raibh fhios agam an dearbhú bheith déanta agat-sa, a rí.” Tháinig brón ana mhór ar an rí nuair airigh sé an chainnt sin. “Is olc an sgéal é, a mhic,” ar seisean, “ach ní féidir dul ó'n ndearbhú. Caithfar tu chur chun báis!” Nuair airigh an tsluagh an focal san d'eirighdar ar buile. Do labhradar go léir d'aon ghuth:— “Ní curfar Iónatan chun báis!” ar siad. “Is tré láimh Iónatain a thug an Tighearna dhúinn buadh an lae indiu. D'á bhrígh sin is fear é atá taithneamhach i láthair an Tighearna agus ní curfar chun báis é.” B'éigin do'n rí géille. CLV. DRUIM LÁMHA LE DIA. Chuaidh an méid a bhí beó de sna Philistínigh saor an oidhche sin. Níor leanadh iad. Agus níor cuireadh Iónatan chun báis. D'iompuigh na daoine go léir i gcoinnibh an rí, agus ó dhearbhuigh an rí go gcaithfí Iónatan do chur chun báis do dhearbhuigh na daoine go léir, i láthair an Tighearna, ná curfí chun báis é. Do bhuaidh guth na ndaoine. Leis an mbuadh mírbhúilteach a thug an Tighearna do Shaul agus do chlainn Israéil an lá san ar na Philistínigh, i dteannta an éirligh úd a dhein sé tamal beag roimis sin ar chlainn Ammoin agus ar an rí Naas, do neartuigheadh cómhacht, agus úghdarás Shaul go n-ana mhór. Dhein sé úsáid mhaith de'n neartú san. Do chomáin sé cogaí ar siubhal láithreach i n-aghaidh na namhad go léir a bhí 'n-a thímpal, i n-aghaidh righthe Soba agus i n-aghaidh na bhPhilistíneach airís, agus pé treó 'n ar bhuail sé cath do rug sé buadh agus d'fhuas-
gail sé clann Israéil ó gach namhaid d'á raibh ag cur ortha. I n-éaghmuis a chródhachta féin agus i n-éaghmuis a thuisgionaighe i ngnóthaíbh cogaidh bhí éirim eile aigne ann. Bhí sé ábalta ar na fearaibh ab fhearr gníomh agus ba ghéire inntileacht do thabhairt fé ndeara agus do thoghadh, agus do thógaint chuighe agus iad do chur mar thaoiseachaibh airm, fé n-a láimh féin, ar a shlóightibh. Nuair a bhí na cathana aige 'á throid agus an buadh aige dh'á fhághail ar a namhaid go léir mórthimpal tháinig Samuel chuige le teachtaireacht ó'n dTighearna agus do labhair sé leis:— “Do chuir an Tighearna mise chughat-sa chun go n-úng- finn thu ad' rí ar a phobul, Israél. Chuir an Tighearna chughat me anois le teachtaireacht eile. Éist liom d'á bhrígh sin. Seo mar adeir an Tighearna: Is cuimhin liom an rud a dhein Amalec nuair a bhí Israél ag teacht aníos as an Éigipt; conus mar a throid sé i gcoinnibh Israéil. Imthigh-se anois agus cuir cogadh ar Amalec. Dein é féin agus gach nídh is leis do dhísgiú, idir dhaoine agus beithidhigh agus ollmhaitheas. Ná sanntuigh aon rud is leis, ach cuir é féin agus gach nídh is leis ar neamhnídh.” Do chruinnigh Saul a shlóighte agus chuir sé gleus agus órdú ortha agus cómhreamh. Bhí dhá chéad míle troigh- theach aige agus deich míle d'fhearaibh Iúda. Do ghluais sé an mhór shluagh san agus thug sé aghaidh ódheas ar thír Amalec. Bhí daoine iasachta éigin, sa tír, daoine nár bhain le muinntir Amalec, agus thug Saul foláramh do threibh iasachta a bhí i dtír Amalec. Dubhairt sé leó imtheacht as an dtír le h-eagla go gcuirfí chun báis iad i n-aonfheacht leis na h-Amalecíteachaibh. D'imthighdar. Ansan do ghluais an mhór shluagh isteach i dtír Amalec agus chuireadar chun báis na daoine go léir, óg agus aosta. Chuireadar chun báis, ámhthach, an chuid ba mheasa de sna beithidhigh agus chimeádadar beó an chuid ab fhearr díobh. Ba thruagh leó na beithidhigh
fhóghanta do mharbhú. Bhí an tsainnt ortha agus do thaithn na beithidhigh fhóghanta leó féin agus leis an rí, agus chimeádadar beó iad. An oidhche chéadna san tháinig briathar an Tighearna chun Samuel agus dubhairt an Tighearna:— “Is truagh liom mar a dheineas rí de Shaul. Tá druim lámha tabhartha aige liom. Níor chómhlíon sé mo bhréithre.” Bhí ana bhuairt ar Shamuel nuair airigh sé an chainnt sin agus thug sé an oidhche ag guidhe chun an Tighearna ar son an rí a d'iarraidh é chosaint ar fheirg Dé. D'eirigh sé ar maidin agus thug sé aghaidh ar an áit 'n-a raibh Saul. Do h-innseadh do Shaul go raibh Samuel ag teacht. Bhí ídhbirt ag Saul 'á dhéanamh chun an Tighearna de chuid de sna creachaibh a bhí tabhartha leis aige a' tír Amalec. Chuaidh sé amach i gcoinnibh Shamuel agus bheannuigh sé dhó. “Do chómhlíonas briathar an Tigh- earna,” ar seisean, “fé mar adubhraís liom.” “Má chómhlíonais briathar an Tighearna,” arsa Samuel, “cad é an ceól é seo airighim mórthimpal na h-áite seo go léir? Géimreach beithidheach agus caoire ag méiligh. Cad a thug ann iad má chómhlíonais briathar an Tighearna?” “Do cimeádadh an chuid ab fhearr de sna beithidhigh agus de sna caoire i dtreó go bhféadfí iad d'ídhbirt chun an Tighearna, ach do marbhuigheadh an chuid eile go léir,” arsa Saul. CLVI. PIONÓS AR SHAUL. “Leog dom labhairt leat, a rí,” arsa Samuel, “go n-innsead duit, an briathar a labhair an Tighearna liom aréir ad' thaobh.” “Labhair,” arsa Saul.
“Seo mar a labhair an Tighearna,” arsa Samuel. “Bhís suarach ad' shúilibh féin agus do deineadh ceann ar chlainn Israéil díot. Dhein an Tighearna rí dhíot ar chlainn Israéil. Ansan do thug an Tighearna nídh dhuit le déanamh. Dubhairt sé leat Amalec do chur chun báis. ‘Imthigh,’ ar seisean leat, ‘agus ídigh peacacha Amalec. Imir bás agus íde ortha go léir.’ Níor dheinis an rud adubhairt an Tighearna leat. Cad chuige dhuit dúil a chur sa bhfoghail? Tá olc déanta agat i láthair an Tighearna.” “Do chómhlíonas an focal adubhairt an Tighearna,” arsa Saul. “D'imireas íde ar Amalec agus tá rí Amalec, .i. Agag, anso 'n-a phríosúnach agam. Do chimeád mo dhaoine an chuid ab fhearr de sna beithidhigh chun go ndéanfí iad d'ídhbirt chun an Thighearna i nGalgala.” “An ídhbirt ainmhidhthe is mian leis an dTighearna?” arsa Samuel, “nú an umhluidheacht ó'n nduine is mian leis? Is mó go mór is mian leis an dTighearna duine bheith umhal dó agus a thoil do dhéanamh 'ná duine bheith ag marbhú ainmhidhthe agus 'ghá n-ídhbirt chuige. Neamhnídh iseadh an ídhbirt sin an fhaid ná déanfar toil an Tighearna. D'iompuighis-se ó thoil an Tighearna dhéanamh agus tá an Tighearna iompuighthe uait-se anois. Ní rí thu feasta ag an dTíghearna.” “Is fíor,” arsa Saul. “Tá peaca déanta agam. Dhiúltuigheas do bhriathar an Tighearna agus dod' bhriath- ar-sa. Ghéilleas do'n phobul mar bhí eagla orm rómpa. Ach dein é mhaitheamh dom anois agus tar liom go n-adhrad an Tighearna.” “Ní raghad leat,” arsa Samuel, “óir do theilgis-se uait briathar an Tighearna agus tá an Tighearna tar éis tusa do theilgean uaidh i dtreó ná beidh tú ad' rí ar Israél.” Ansan d'iompuigh Samuel ó Shaul agus bhí sé ag im- theacht uaidh. Do rug Saul greim ar iochtar chlóca
Shamuel chun é chimeád. Do strac an clóca agus d'fhan stial de i láimh Shaul. “Sin mar atá do rígheacht stracaithe uait-se indiu,” arsa Samuel, “tá an Tighearna tar éis rígheachta Israéil do stracadh uait indiu agus é thabhairt do dhuine eile, do dhuine is fearr 'ná thusa. An té is buadhadóir i n-Israél ní staonan sé, ná ní lúbtar é chun aithrighe. Ní h-ionan é agus duine, go bhféadfadh sé aithrighe dhéanamh. “Dheineas an peaca,” arsa Saul, “ach mar sin féin tabhair onóir dom anois os cómhair seanóirí Israéil agus os cómhair an phobuil, agus tar liom go n-adhrad do Thighearna Dia. Chuaidh Samuel leis ansan agus dheineadar Dia d'adhradh. Nuair a bhí an t-adhradh déanta dubhairt Samuel:— “Tugtar chugham anso Agag.” Do tugadh. Tháinig sé i láthair Shamuel. Fear ana bheathuighthe ab eadh é. Bhí sé ag siubhal ana réidh agus é ag crith le sgannra. “An é an bás atá le h-imirt orm?” ar seisean nuair a chonaic sé Samuel. “D'fhág do chlaidheamh-sa go minic máithreacha gan chlann. Fágfar do mháthair féin anois gan chlann,” arsa Samuel. Ansan do chuir Samuel Agag chun báis agus dhein sé miota beaga d'á chorp i láthair an Tighearna i nGalgala. Déarfadh duine, b'fhéidir, gur chruaidh an gníomh é. B'fhéidir gur mó gníomh ba chruadha go mór 'ná é a chuaidh chun é thuilleamh. B'fhéidir go raibh brígh cruaidh leis an bhfocal úd adubhairt Samuel, “D'fhág do chlaidheamh-sa máithreacha gan chlann go minic.” Bh'fhéidir gur bh'é Saul a dhein an gníomh cruaidh nuair adubhairt an Tighearna leis na droch dhaoine úd go léir do chur chun báis agus nuair fhág sé an duine ba mheasa acu go léir beó tar éis a raibh de ghníomharthaibh cruadha
déanta aige ar chlainn Israéil, tar éis a raibh de mháithreachaibh fágtha gan chlann, agá chlaidheamh. An rud a bhí ceangailte ar Shaul a dhéanamh agus nár dhein sé do dhein Samuel é. Ansan d'imthigh Samuel abhaile go Ramata agus chuaidh Saul suas go Gabaa agus ní fheacadar a chéile a thuille an fhaid a mhaireadar. Ach bhí ana bhuairt ar Shamuel i gcomhnuidhe mar gheall ar Shaul a dh'iompáil amach chómh h-olc. CLVII. CEÓLAIDHE CLISTE. Bhí buairt ana mhór ar Shamuel nuair a thuig sé go raibh an Tighearna iompuighthe ar fad i gcoinnibh Shaul. Bhíodh sé ag déanamh buartha do ló agus d'oidhche mar gheall air. Fé dheire do labhair an Tighearna leis. “Cad chuige dhuit-se bheith ag déanamh oiread san buartha mar gheall ar Shaul?” arsan Tighearna leis, “agus a fhios agat go bhfuilim-se tar éis é ghearradh amach ó bheith 'n-a rí ar Israél? Cuir ola sa n-adharc atá agat agus tar liom go gcuiread tu ag triall ar Isai, an Betlamíteach, óir táim tar éis duine d'á chlainn mhac do thoghadh chun bheith 'n-a rí.” Agus dubh- airt Samuel leis an dTighearna. “Conus is féidir dom dul ann, a Thighearna? Aireóchaidh Saul é agus cuirfidh sé chun báis me!” Agus dubhairt an Tighearna leis: “Beir leat ceann de sna gamhnaibh agus abair gur chun ídhbirte do dhéanamh chun an Tighearna ataoi. Ansan glaoidh Isai chun na h-ídhbirte agus taisbeánfad-sa dhuit an nídh a bheidh le déanamh agat, agus úngfir 'n-a rí an té a thaisbeánfad duit.” Dhein Samuel mar adubhradh leis. Tháinig sé go Beitlehem. Bhí iongna ar mhuinntir na catharach san
nuair a chonacadar chucha é. “An teacht síothchánta agat é!” ar siad. “Teacht síothchánta,” ar seisean. “Chun ídhbirte dhéanamh a thánag. Deinidh sibh féin d'ullmhú chun na h-ídhbirte agus tagaidh chúichi.” Thánadar. Tháinig Isai agus a chlann mhac le h-órdú Shamuel. Chonaic Samuel Eliab, duine de sna macaibh. “An é sin é?” ar seisean, i n'aigne, leis an dTigh- earna. “Ní h-é,” arsan Tighearna. “Ná feuch ar a ghnúis ná ar aoirde a phearsan. Ní h-é atá toghtha agam. Ní mar a chíon duine rud a chím-se rud, agus ní mar a bhreithnighean duine rud a bhreithnighim-se é. Ní fheicean an duine ach an taobh amuich. Chíon an Tighearna an croidhe.” Do ghlaoidh Isai ar Abinadab agus thug sé i láthair Shamuel é. “Ní h-é sin atá toghtha ag an dTighearna,” arsa Samuel. Do tugadh a raibh ann díobh i láthair Shamuel. “Ní h-aoinne acu san é,” arsa Samuel. “An bhfuil aon mhac eile agat?” ar seisean. “Tá aoinne amháin eile,” arsa Isai, “ach ógánach óg iseadh é. Tá sé i mbun na gcaereach.” “Cuir fios air,” arsa Samuel. Do chuir. Tháinig sé. Dáibhid ab ainm dó. Bhí sé óg, dathamhail, ruadh. “Eirigh agus dein é dh'úngadh,” arsan Tighearna le Samuel. D'eirigh Samuel agus tharraig sé chuige an adharc ola agus d'úng sé an fear óg i lár a bhráithre. Agus tháinig spirid an Tighearna chuige agus d'fhan sé aige ó'n lá san amach. Deir cuid de'n lucht eóluis nár innis Samuel do'n chuid eile de'n chlainn an brígh a bhí leis an úngadh. Deir tuille gur innis sé d'Isai féin cad é an brígh a bhí leis. Pé rud a deineadh níor bhfoláir gan an rún do leogaint amach an uair sin mar do mharbhóchadh Saul iad go léir. Nuair a bhí an gnó déanta d'imthigh Samuel abhaile go Ramata.
Nuair a bhí spirid an Tighearna tagaithe chun Dáibhid bhí an spirid céadna imthighthe ó Shaul agus do ceaduigh- eadh droch spirid éigin do dhul isteach ann agus bhíodh an droch spirid sin 'ghá chrádh. Thug na daoine fé ndeara go raibh droch nídh éigin ag imirt air. Bhíodh gruaim uathbhásach air uaireanta. Do tuigeadh, dá gcurtí ceól maith uasal dhá sheinnt dó go mb'fhéidir go ndéan- fadh an ceól an ghruaim a thógaint de agus sobháilceas do chur ar a chroidhe. Do labhradh leis agus do h-iarradh cead air dul agus ceólaidhe éigin do sholáthar agus do thabhairt chuige, ceólaidhe maith éigin, do sheinnfadh ceól dó nuair a bheadh an droch spirid ghá chrádh, le h-ionachas go mbainfadh aoibhneas an cheóil an nimh as an ngruaim. Thug sé an cead. Bhí duine láithreach ag éisteacht leis. Do labhair an duine. “Tá aithne agam-sa,” ar seisean, “ar dhuine agus is dóich liom gur b'é ceólaidhe is cliste ar chlainn Israéil indiu é. Ógánach breágh dathamhail óg iseadh é, duine de chlainn Isai iseadh é.” Chuir an rí fios air. Tháinig sé. Do thaithn sé go mór leis an rí an chéad radharc a fuair sé air. Bhí a chruit ag an ógánach. Nuair a thagadh an crádh agus an ghruaim ar an rí do sheinneadh an t-ógánach ar a chruit. Le neart agus le binneas an cheóil d'imthigheadh an droch spirid as an rí agus gheibheadh sé faoiseamh. CLVIII. AN FATHACH. Cheap na Philistínigh nár bhfholáir dóibh iarracht chuthaigh a dhéanamh ar chlainn Israéil do chimeád fé n-a smacht agus nár bh'fholáir dóibh an iarracht san do dhéanamh go luath nú go mbeadh clann Israéil agus a rí ró
láidir dóibh, do réir mar a bhí ag eirighe leó, dá bhfág- aidís an iarracht ró fhada gan déanamh. Chruinnighdar mór shluagh agus chuireadar fútha i longphort i n-áit ar a dtugtí Socho, ar thaobh cnocáin a bhí i n-aice gleanna ar a dtugtí gleann na giúse, .i. Gleann na Terebinte. Do chruinnigh Saul mór shluagh agus chuir sé faoi ar an dtaobh eile de'n ghleann chéadna, ar chnocán eile a bhí ann. Bhí an dá shluagh ansan ar aghaidh a chéile ar an dá chnocán agus gleann na Terebinte eatartha. Ar an gcuma san dóibh tháinig amach a' longphort na bhPhilistíneach fear ana mhór ana láidir agus d'fhógair sé cómhrac aonair ar shlóightibh Israéil. “Cuiridh chugham anso,” ar seisean, “fear a dhéanfidh cómhrac aonair liom. Má bhuadhan an fear san orm-sa sa chómhrac bíodh na Philistínigh fé smacht chlainne Israéil ach má bhuadhaim-se air-sean bíodh clann Israéil fé smacht againn.” Níor fhreagair aoinne an fhógairt. Tháinig sé amach airís an mhaidean 'n-a dhiaidh san agus dhein sé an fhógairt chéadna, agus níor fhreagair aoinne an fhógairt. Do lean sé ar an gcuma san ag teacht amach gach aon mhaidean a' longhphort na bhPhilistíneach go dtí go raibh dachadh lá curtha dhíobh ag an dá shluagh, agus níor freag- radh an fhógairt mar bhí an iomad eagla ag an uile dhuine de chlainn Israéil roimis an bhfear mór. Bhí an triúr ba shine de mhacaibh Isai tagaithe chun an chogaidh agus bhí Dáibhid, an fear ab óige, sa bhaile, mar ba ghnáth ag tabhairt aire do'n tréad caereach. Do ghlaoidh Isai air. “Tar anso, a mhic,” arsa Isai, “go mbeirir rainnt bídh go dtí an longphort ag triall ar do thriúr drithár agus go dtugair chugham cúntas ar conus atáid siad agus ar conus atá an cogadh ag dul chun cinn.” Do ghluais Dáibhid agus do rug sé leis an t-ualach bídh. Nuair a shrois sé an longphort do thárla gur an uair sin díreach a bhí an Philistíneach mór ag spídiúchán