Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha 1,3,4,5,6,7

Title
Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha 1,3,4,5,6,7
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Composition Date
1922
Publisher
Brún & Ó Nóláin, Teor.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


SGÉALAIDHEACHTA AS AN MBÍOBLA
NAOMHTHA.



I.



CRUTHNÚ AN DUINE.



“Cé dhein an domhan?”



“Dia.”



Dhein Dia an domhan as neamhnídh.



Le neart uile-chomhachtach a thoile do dhein Dia gach
nídh as neamhnídh. Níor bh'fhéidir d'aon neart ach do
neart gan teóra nídh do dhéanamh as neamhnídh. Do dhein
Dia neamh agus talamh as neamhnídh, agus do raghadh
neamh agus talamh ar neamhnídh airís mara mbeadh toil
Dé bheith 'ghá gcimeád gan dul ar neamhnídh.



Do chruthnuigh Dia an duine, agus thug sé do'n duine
nídh nár thug sé d'aon nídh eile d'ár chruthnuigh sé ar an
saoghal so. Thug Dia saor thoil do'n duine, agus níor
thug sé saor thoil d'aon nídh eile d'ár chruthnuigh sé ar
an saoghal so. Ansan d'órduigh sé do'n duine bheith
umhal dó le saor thoil. Thug Dia do'n duine aithne
áirithe le cimeád. Dubhairt sé leis go raibh cead aige
torthaí na gcrann go léir a bhí sa gháirdín a dh'ithe ach amháin
toradh aon chrainn amháin, agus go raibh Dia 'ghá cheangal
air staonadh ó thoradh an chrainn sin. Agus thug Dia
le tuisgint dó, dá mbriseadh sé an aithne sin go
gcaithfadh sé bás d'fhághail.



Ar an gcuma san do fágadh ar chumas toile an duine
gabháil i gcoinnibh toile Dé. Níor fágadh ar chumas aon
ruda eile ar an saoghal so gabháil i gcoinnibh toile Dé
ach amháin ar chumas toile an duine.



Nuair a dhein Dia nídh as neamhnídh, do dhein sé obair ná
féadfadh aon chómhacht a dhéanamh ach cómhacht gan teóra.


L. 2


Ansan, nuair a dhein sé beó as neambeó do dhein sé
obair a bhí gan teóra, i gcéill níb' aoirde 'ná mar a bhí
an céad obair. Ach nuair a chruthnuigh Dia an duine dhein
sé obair a bhí gan teóra i gcéill níbh' aoirde 'na mar a
bhí na h-oibreacha eile go léir. Thug sé do'n duine
tuisgint agus saor thoil, agus ansan bhí an duine
cosmhail le Dia féin. Dia eile, ar shlighe, ab eadh an
duine nuair a bhí tuisgint agus saor thoil aige. Bhí ar
a chumas a thoil do chur le toil Dé nú a thoil do chur i
gcoinnibh toile Dé, fé mar ba rogha leis féin.



Ansan do tugadh dó an aithne. Bhí an fear agus an
bhean i n-aoibhneas agus dá gcimeádaidís an aithne a thug
Dia dhóibh le cimeád bheidís féin agus a sliocht sa n-aoibh-
neas san an fhaid a fágfí ar an saoghal so iad, agus
nuair a thiocfadh an t-am do tógfí suas iad gan bás
d'fhulag, ó'n aoibhneas a bhí acu ar an saoghal so go
h-aoibhneas síoruidhe na bhflathas.



Ach d'innis Dia dhóibh dá mbrisfidís an aithne go
dtiocfadh bás ortha. Thug Dia a rogha dhóibh, an aithne
do chimeád agus aoibhneas a bheith acu féin agus ag á
sliocht, ar an saoghal so agus ar an saoghal eile, nú an
aithne do bhrise, le n-a saor thoil féin, agus bás do
theacht ortha féin agus ar a sliocht.



Tháinig an namhaid, an annsprid, namhaid Dé agus
namhaid an duine. Do mheall sé an bheirt. Do mheall
sé an bhean ar dtúis, agus ansan do mheall sé an fear
tré bhíthinn na mná.



Ach bíodh gur mheall sé iad, níor bhain sé dhíobh an
tuisgint agus an saor thoil a bhí tabhartha ag Dia dhóibh.
Do bhriseadar an aithne. D'itheadar “ubhall na h-aithne,”
toradh an chrainn go ndubhairt Dia leó gan é dh'ithe, agus
an lá a dh'íosfaidís é go bhfaighdís bás go deimhnightheach.
Dheineadar an gníomh le n-a saor thoil féin. Bhí a rogha
acu, a dtoil do chur le toil Dé nú a dtoil do chur i
gcoinnibh toile Dé. Ghlacadar mar rogha gabháil i
gcoinnibh toile Dé agus rud a dhéanamh ar an namhaid.


L. 3


Siné díreach an rud a dheinean gach duine d'á sliocht
riamh ó shin nuair a dheinean sé an peaca. Cuirean sé
a thoil i gcoinnibh toile Dé agus aontuighean sé leis an
namhaid, agus tarraigean sé anuas air féin an bás, bás
an anama, .i. an peaca.



II.



GÁIRDÍN PARATHAIS.



Nuair a bhí ár gcéad athair agus ár gcéad mháthar
i nGáirdín Parathais agus an t-aoibhneas acu, sar ar
dheineadar an peaca, do thagadh Dia chun cainnte leó.
Bhíodh fáilte acu roimis agus bhíodh áthas ortha nuair
a thagadh sé ag triall ortha. Nuair a bhí an peaca déanta
acu tháinig Dia ag triall ortha, ach ní raibh aon fháilte acu
roimis. Bhí eagla acu roimis, agus chuadar i bhfolach.



Riamh ó shin, nuair a dheinean duine dh'á sliocht peaca,
deinean sé an rud céadna. Tugan sé iaracht ar dhul i
bhfolach. Imthighean sé, chómh tapaidh agus is féidir é,
agus sádhan sé é féin isteach i n-obair éigin nú i gcómh-
luadar éigin a chimeádfidh é ó chuimhneamh ar Dhia.



Do ghlaoidh Dia ar Adam agus b'éigean dó freagairt.
Dubhairt sé gur bh'é cúis n-a ndeigh sé i bhfolach mar go
raibh eagal air, toisg é bheith nochtaithe. Gan amhras do
bhí sé nochtaithe i gceart an uair sin, mar bhí grásta Dé
imthighthe uaidh. Grásta Dé, an clúdach is breághtha
agus is órnáidighe a dh'fhéadfadh bheith ar an nduine, bhí
sé bainte dhe. Níor bh'iongna gur mhothuigh sé é féin
nochtaithe agus go raibh náire air agus eagla. D'admhuigh
sé gur dhein sé an peaca, ach dhein sé beart ana lag.
Chuir sé an milleán ar an mnaoi.



“An bhean a thugais-se dhom,” ar seisean, “thug sí
dhom cuid de thoradh an chrainn, agus d'itheas é.”



Chuir sé an milleán ar an mnaoi, go spriúnlaithe,
agus thug sé, go malluighthe, iaracht ar an milleán do


L. 4


chur ar Dhia féin, moladh go deó leis! Ba bheag 'ná go
ndubhairt sé: “Is tú féin fé ndear é, mar is tú féin
a thug dom an bhean.”



Is minic ó shin a dhein cuid d'á shliocht an rud céadna,
nú rud de'n tsaghas chéadna. Sgaoilean duine srian
le feirg. Tugan sé droch chainnt uaidh. Tugan sé
masla. Tagan an easgaine agus an diamhasla as a
bhéal go tiugh. Bíon sé ag cáthadh mhiona mór agus
ag cáthadh dhiairmíní go dtí go gcrithean a gcuid fola
ag an muinntir a bhíon ag éisteacht leis. Ansan
má deir aoinne, “Faire fút! Is olc an béas
atá agat! “Ní'l le rádh aige ach: “Cad é mo leigheas
air! Nach shiné an meón a thug Dia dhom!” Díreach
mar adubhairt an chéad duine úd, “An bhean a thugais
féin dom isí fé ndear é!”



Níor bh'aon mhaith a thuille cainnte dhéanamh leis.
D'iompuigh Dia chun na mná.



“Cad 'n-a thaobh duit é dhéanamh?” ar seisean.



“Do mheall an phiast mé,” ar sisi.



D'innis sí an fhírinne. Ní raibh 'n-a cainnt, ámhthach,
ach cuid de'n fhírinne. Bhí ciall agus tuisgint aici.
Ní raibh aon sgamal ar a h-aigne. Nuair adubhairt an
namhaid an bhréag léi ní raibh aon cheart aici an bhréag
do chreideamhaint uaidh. Bhí focal Dé aici i gcoinnibh
na bréige. D'éist sí leis an mbréig i gcoinnibh focail
Dé, agus dhein sí an bheart a bhí ceangailte uirthi i láthair
Dé gan a dhéanamh. Dhein sí an peaca ar a dtugtar
peaca an tsínsir. Do chuir sí fhiachaint ar a fear an
peaca céadna dhéanamh. Siné an tobar as ar eirigh gach
olc d'á dtáinig riamh ar an gcine daona. Tabharthas
uathbhásach ó Dhia do'n duine ab eadh saor thoil an duine.
Olc uathbhásach ag an nduine dh'á dhéanamh ar Dhia ab
eadh an tsaor thoil sin d'iompáil i gcoinnibh Dé. As
an olc uathbhásach san iseadh d'fhás na h-uilc go léir atá
tagaithe ar an nduine riamh ó shin. Dá bhfanadh toil an
duine do réir toile Dé ní bheadh olc sa tsaoghal i n-aon


L. 5


chor. Ní bheadh teinneas ná diachair, ocras ná tart,
breóiteacht ná bás sa tsaoghal. Ní bheidís ar an nduine,
agus ní bheidís ar aon rud eile beó ach chómh beag. Is
do'n duine, mar thabharthas, a dhein Dia gach nídh eile d'ár
dhein sé, idir bheó agus neambeó. Dhein Dia iad go
léir ar mhaithe leis an nduine. Dhein Dia gan locht iad.
D'fhanfidís gan locht dá bhfanadh an duine gan pheaca.
Dhein an duine an t-olc mór nuair a dhein sé an peaca.
Do leath toradh an uilc mhóir sin ar gach nídh d'ár
chruthnuigh Dia do'n duine, agus do leath an t-olc mór
féin ar an sliocht a bhí le teacht ó'n nduine, .i. ar an gcine
daona go léir. Siné peaca an tsínsir.



III.



AN MHALLACHT AGUS AN GHEALLAMHAINT.



Ba mhór é an t-olc san a dhein an duine, le n-a shaor
thoil féin, nuair a dhein sé peaca an tsínsir. Ach dá
mhéid é, bhí nídh le fághail a bhí níba mhó 'ná é. Do bhuaidh
an t-olc san ar gach maith d'á raibh sa duine, ach níor
fhéad sé buachtaint ar mhór-mhaitheas Dé. Do cheap an
namhaid go raibh an gnó go léir, saothar na sé lá, loitithe
aige nuair a bhí plúr na h-oibre, saor thoil an duine,
loitithe aige. Níor bh'fhada, ámhthach, go bhfeacaidh an
namhaid gur bh'air féin a bhí an t-olc déanta aige, agus
gur bh'ar a chómhacht féin a bhí lot déanta aige.



Do cuireadh ar an nduine an pionós a bhí tuillte aige.
Do díbireadh a' Gáirdín Parathais an bheirt. Dubhradh leis
an bhfear go gcaithfadh sé a bheatha do dhéanamh as allus
a ghruadh; go raibh easgaine an droch ghnímh a bhí déanta
aige tuitithe ar an dtalamh, agus gur deilgne agus
sgeacha a gheóbhadh sé as an dtalamh mar thoradh ar an
gcuid ba mhó d'á shaothar; agus go gcaithfadh sé, sa
deire, bás d'fhághail, agus go ndéanfadh cré airís de,
an chré as ar deineadh é.


L. 6


Dubhradh leis an mnaoi go gcaithfadh sí bheith umhal d'á
fear, agus go gcaithfadh sí mórán pionóis a dh'fhulag
ag iompar clainne agus 'ghá dtabhairt ar an saoghal agus
'ghá dtógaint.



Ansan dubhairt Dia an focal a thaisbeáin do'n
namhaid gur bh'air féin a bhí an t-olc déanta aige, agus
nách ar Dhia ná ar an nduine. Dubhairt Dia leis an
bpéist:



“Toisg gur dheinis-se an gníomh so tá mallacht ort
thar gach nídh d'á bhfuil beó. Beidh tú ag gluaiseacht ar
do bholg agus ag ithe an tsalachair go deó. Cuirfad-sa
namhadas idir thú agus an bhean, agus idir do shliocht
agus a sliocht. Brisfidh sisi do cheann-sa agus beidh
tusa ag faire ar a sáil.”



Salachar iseadh an peaca. Tháinig an annsprid “ag
ithe an tsalachair” nuair a tháinig sé ag spriocadh na
mná chun an pheaca dhéanamh. Chun an tsalachair sin a
dh'ithe do chuaidh sé i riocht na péiste, ag gluaiseacht
ar a bholg. Do dhaingnigh an mhallacht an dá nídh air,
ithe an tsalachair agus riocht na péiste. Tá sé ag ithe
an tsalachair riamh ó shin ag spriocadh na ndaoine chun an
pheaca. Is salach agus is spriúnlaithe an gnó é, gnó
a thagan isteach go maith le riocht na péiste.



Nuair airigh sé an focal i dtaobh sleachta na mná,
agus go dtiocfadh ar an sliocht san aon do bhrisfadh
a chómhacht féin, bhí fhios aige gur bh'air féin a bhí an t-olc
déanta aige, an t-olc a mheas sé a bhí déanta aige ar
Dhia, agus ar an nduine do chruthnuigh Dia. Bhí eólus
níb' fhearr aige ar an nídh sin nuair a tháinig an chéad
Domhnach Cásga agus d'eirigh an Slánuightheóir ó'n mbás.



Bhí bás tuillte ag Adam agus ag Ébha ach níor leogadh
do'n bhás teacht ortha láithreach. Do tugadh ré aithrighe
dhóibh. Do tugadh dóibh an ré aithrighe sin de bhíthinn an
tSlánuightheóra a gealladh dóibh, agus a bhí le teacht.
D'airighdar an gheallamhaint agus do thuigeadar í go
maith. Do cuireadh amach as an aoibhneas iad, agus


L. 7


b'éigean dóibh tosnú ar chruadhtan na beatha so d'fhulag.
Chuireadar a dtoil le toil Dé, agus do ghabhadar le
n-ais an cruadhtan agus d'fhuiligeadar é, mar bhí 'fhios
acu go maithfí dhóibh an peaca a bhí déanta acu, mar go
ndéanfadh an Slánuightheóir ceart Dé do shásamh ann,
nídh ná raibh aon bhreith acu féin ar a dhéanamh.



Chrom Adam ar an dtalamh do shaothrú agus ar a
mbeatha do bhaint as, chómh maith agus dob' fhéidir é
tar éis na h-easgaine a bhí tagaithe air.



Tháinig an chlann. Do rugadh Cain. Ansan do rugadh
Abel. Do lean Cain ar shaothrú an tailimh agus bhí
Abel i n'aodhaire ar thréad caereach. Do thug an
t-athair agus an mháthair eólus maith do'n bheirt ar Dhia,
agus ar an aoibhneas a bhí acu féin ar dtúis; agus
ansan, ar an gcuma 'n-ar chailleadar an t-aoibhneas,
agus ar an ngeallamhaint a bhí tabhartha ag Dia dhóibh
go dtiocfadh an Slánuightheóir. Do ghlacadar an
t-eólus, ach ní mar a chéile do ghlacadar é, agus ní mar
a chéile an toradh do bhaineadar as.



IV.



ABEL A'S CAIN.



Do ghlac Abel an t-eólus go h-umhal agus do chimeád
sé é féin ó pheaca agus bhí sé naomhtha, taithneamhach i láthair
Dé. Do ghlac Cain an t-eólus ach is ar a mhalairt de
chuma a ghlac sé é. Do ghlac sé é go dúr agus go
stuacach agus go droch chroidheach, agus ní raibh sé
taithneamhach i láthair Dé. Dheineadh gach fear acu ídhbirt
chun Dé. Tá ceist sa Teagasg Críostaidhe againn.
Sidí í:



“Cad é an nídh ídhbirt?”



Sidé an freagra atá ar an gceist sin:



“Gníomh Dia d'adhradh, le n-a n-admhálaimíd cómhacht
Dé go h-iomlán os ár gcionn agus ár spleádhchas féin
go fórlíonta leis.”


L. 8


Do mhúin Adam do'n bheirt, ó thosach, conus an gníomh
san do dhéanamh agus do lean an bheirt 'ghá dhéanamh.



Do ghluais an aimsir. Do thárla, lá, tar éis mórán
aimsire, an bheirt a bheith ag déanamh na h-oibre sin.
Bhí an ídhbirt ag Cain 'á dhéanamh, mar ba ghnáth leis
.i. cuid de thoradh an tailimh aige dh'á ídhbirt chun Dé.
Bhí Abel, leis, ag déanamh na h-ídhbirte. Bhí cuid de
chéad gheinibh a threud aige dhá ídhbirt chun Dé. Thug Dia
le tuisgint dóibh go raibh an ídhbirt a bhí ag Abel 'á
dhéanamh taithneamhach 'n-a láthair agus go raibh ídhbirt
Chain míthaithneamhach 'n-a láthair. Tháinig eud ar Chain.
Bhí an mac mallachtain ag séide féi. Do labhair Dia
leis mar seo:



“Cad chuige dhuit fearg a bheith ort? Má dheinean
tú an mhaith ná beidh a thoradh agat? Agus má 'sé an
t-olc is maith leat a dhéanamh nách shiné an peaca sa
dorus agat láithreach? Ach beidh a dhúil fé d' smacht,
agus beidh cumas agat air.”



Ní féidir do dhuine peaca dhéanamh ach le saor thoil.
Pé séide dhéanfidh an annsprid fé dhuine, ná pé tathant
a dhéanfidh a dhroch mhian féin air, ní féidir dó peaca
dhéanamh ach le saor thoil. Má dheinid an annsprid agus
an droch mhian aigne an duine do dhalladh i dtreó nách
le saor thoil a dhéanfidh sé an gníomh, ní peaca an gníomh
san i n-aon chor.



An focal a labhair Dia le Cain do thaisbeáin sé dhó,
pé buile euda a bhí air agus pé droch aigne a bhí istigh
'n-a chroidhe, nár bhaineadar ó shaoirse a thoile. Ba
mhar a chéile an chainnt agus a rádh, “Cad chuige an
fhearg? Ná tuigean do choinsias féin, má dheinean
tú an mhaith go mbeir chómh taithneamhach am' láthair-se le
h-Abel? Má thagan an droch smaoineamh at' aigne
nách shin smacht agat air má's maith leat an smacht a
dh'oibiriú? Agus más maith leat géille do'n droch
smaoineamh nách shiné an peaca agat dhá dhéanamh láith-
reach?”


L. 9


Do thuig Cain an sgéal go léir. Bhí eud air agus
bhí fearg air ach ní raibh aon sgamal ar a thuisgint. Do
chuimhnigh sé ar an ndroch ghníomh agus do shocaruigh sé
a aigne ar an ndroch ghníomh a dhéanamh i n-aimhdheoin na
cainnte do labhair Dia leis.



Do labhair sé le h-Abel. “Téidhmís amach,” ar
seisean. D'imthighdar amach le cois a chéile. Nuair a
bhíodar amuich sa pháirc d'iompuigh Cain ar a dhritháir
agus do mhairbh sé é.



Ansan do labhair Dia airís leis. Labhran a choinsias
leis an bpeacach sar a ndeinean sé an peaca. Nuair
a bhíon an peaca déanta labhran an coinsias airís.



“Ca bhfuil do dhritháir?” arsa Dia le Cain.



“Ní fheadar-sa san,” arsa Cain, “an cimeádaidhe
ar mo dhritháir mise?” ar seisean.



“Cad é seo atá déanta agat!” arsa Dia leis.
“Tá fuil do dhrithár ag glaodhach as an gcré orm-sa.
D'á bhrígh sin beidh tú fé mhallacht ar an dtalamh, mar
gur osgail an talamh a bhéal agus gur ghlac sé fuil
do dhrithár ód' láimh. Nuair a shaothróchair an talamh
ní thabharfidh sé a thoradh dhuit. Beidh tú ad'fhánaidhe
agus ruag ort ar an dtalamh.”



V.



NAOI.



Níor dhein Cain aithrighe sa choir a bhí déanta aige.
Níor iarr sé ar Dhia an gníomh a mhaitheamh dó. Is amhlaidh
a dubhairt sé go raibh an peaca ró mhór agus nár
bh'fhéidir é mhaitheamh. Ní raibh sa chainnt sin ach uabhar.
Níor thoil leis é féin d'umhlú i láthair Dé agus an
aithrighe dhéanamh. Bhí 'fhios aige go maith go bhféadfadh
Dia an peaca do mhaitheamh dó, agus nár bh'é méid an
pheaca a bhí ag cosg Dé ar é mhaitheamh ach uabhar agus
droch aigne an peacaigh féin. Ní raibh aon chathú ná aon


L. 10


dólás croidhe air mar gheall ar an ngníomh. Dhéanfadh
sé an gníomh airís dá mbeadh Abel beó airís. Gan
amhras níor bh'fhéidir an peaca do mhaitheamh an fhaid a bhí
croidhe agus aigne an pheacaigh ar an staid sin. Chuir
Dia cómhartha an mharbhuightheóra ar a éadan agus
b'éigean dó féin agus dá shliocht imtheacht ó'n gcuid
eile de shliocht Adaim agus comhnuighe dhéanamh sa
dúthaigh a bhí soir ó'n áit n-a raibh Gáirdín Parathais.



Do ghluais an aimsir. Do flúirsigheadh an dá shliocht
go tiugh. Thug Dia d'Adam mac d'ár bh'ainim Set.
Duine naomhtha ab eadh an mac san agus bhí a shliocht
naomhtha. Nuair a mheuduigh an dá shliocht do tugtí
clann Dé ar shliocht Set agus do tugtaí clann daoine
ar shliocht Chain.



Do mhair Adam naoi gcéad agus tríochad blian.
Ansan do fuair sé bás. Do tugadh dó ré aithrighe a bhí
fada go leór. Dhein sé úsáid mhaith de'n ré aithrighe,
ach b'éigean dó, sa deire, bás a dh'fhulag mar gheall ar a
pheaca.



Do mhaireadh na daoine an uair sin ar feadh mórán
céadta blian. Do mhaireadh cuid acu i ngiorreacht do
mhíle blian. Toisg saoghal an duine bheith chómh fada
agus na daoine do theacht ar an saoghal ana thiugh, bhí
dhá phobul mhóra daoine ar an saoghal abhfad sar a bhfuair
Adam bás. Chimeád an dá shliocht ó chéile ar feadh
rainnt aimsire, sliocht Chain agus an tsliocht eile, clann
an duine agus clann Dé, mar a tugtí ortha. Ansan,
fé mar adeir an Bíobla, chonaic na fir a bhí ar chlainn
Dé na mná óga a bhí ar an sliocht eile, go rabhadar
ana bhreágh, agus do ghlacadar chucha, asta go léir,
mná pósta dhóibh féin, do réir a dtoile.



Ansan iseadh do ghluais an t-olc. Ansan do sgaoil
na daoine go léir srian le n-a ndroch mhiantaibh go
dtí gur “thruailligh gach feóil a slighe ar an saoghal”
agus ná raibh aidhm ná cuimhneamh ag aoinne ar Dhia ná
ar aithrighe, ach gach aoinne, óg agus aosta, ag tnúth agus


L. 11


ag machtnamh ar conus a chuirfidís méid ar a n-olcas
agus ar a malluightheacht, ar conus a thiocfidís ar gach
gníomh ba mheasa 'ná a chéile do dhéanamh i gcoinnibh
dlighe Dé, go dtí gur eirigh fearg Dé chómh h-árd san
'n-a gcoinnibh nár bh'fholáir iad do dhísgiú i n-aonfheacht
le h-uisge na dílean.



Bhí aon duine amháin ar an saoghal, ámhthach, agus bhí
sé dílis do Dhia agus chimeád sé é féin glan ó'n
salachar agus ó'n malluightheacht a bhí 'n-a thímpal sa
tsaoghal. B'é duine é sin 'ná Naoi. Do labhair Dia leis
an nduine sin agus dubhairt sé leis long a dhéanamh
a chimeádfadh é féin agus a mhuinntir slán ó uisge na
dílean, mar go raibh an díle le teacht ar an ndomhan
mar gheall ar pheacaíbh na ndaoine. Níor bh'fholáir an
long san a bheith mór a dóithin, ní h-amháin chun Naoi
agus a mhuinntir do thabhairt slán, ach chun a lán des na
h-ainmhidhthibh, leis, do thabhairt slán, i dtreó go bhféad-
fadh a síolrach leathadh airís ar thalamh an domhain nuair
a bheadh uisge na dílean imthighthe.



An Airc a tugadh ar an loing sin. D'innis Dia do
Naoi conus a dhéanfadh sé í, agus cad é an fhaid agus an
leithead agus an aoirde bheadh inti. Bhí sí chómh mór
san go raibh Naoi céad blian 'ghá déanamh.



Chonaic na daoine an obair ar siubhal. Do h-innseadh
dóibh cad chuige an obair; go raibh fearg Dé eirighthe chómh
h-árd san mar gheall ar pheacaíbh na ndaoine nár bh'fholáir
an domhan do bháth', agus go dtiocfadh an t-uisge nuair
a bheadh an long déanta.



VI.



AN AIRC.



Bhí na daoine ag feuchaint ar an obair agus bhí an
obair ag dul ar aghaidh go mear. Chonacadar an long
uathbhásach agus gan aon uisge 'n-a cómhgar. Bhí fhios


L. 12


acu nár bh'fhéidir í bhreith ó'n áit n-a raibh sí ag triall ar
aon fharaige, agus bhí fhios acu nár bh'fholáir an fharaige
bheith doimhinn go maith nú ná féadfadh sí a leithéid de
loing a dh'iompar i n-aon chor. Conus a béarfí chun
na faraige í choidhche? Agus dá mbeadh sí i n-aice na
faraige conus a béarfí fada amach a dóithin í chun na
faraige bheith ábalta ar í dh'iompar? Níor bh'fhéidir
d'árthach chómh mór snámh ach ar uisge bheadh ana dhoimhinn.



Nuair a bhíodar cortha ó bheith ag cainnt ar an gcuma
san do shocaruighdar 'n-a n-aigne gur bh' as a mheabhair
a bhí Naoi. Ach chonacadar gur dhuine naomhtha é; gur
staon sé go seasamhach ós na droch bheartaibh a bhí acu
féin 'á dhéanamh gan sgáth gan náire gan sos. Níor
bh'fhéidir leó a thuisgint cad 'n-a thaobh dó bheith ag brise a
chroidhe ar a leithéid de chuma ag déanamh na loinge sin
agus gan aon bhreith aige, dar leó, ar aon tairbhthe
bhaint aiste choidhche. Bhí seisean coitchianta 'ghá innsint
dóibh gur bh'é Dia a dh'órduigh dó an long a dhéanamh i
dtreó ná báthfí é féin agus a mhuinntir nuair a thiocfadh
an díle ar an ndomhan; mar go mbáthfí an domhan mar
gheall ar pheacaíbh na ndaoine. Níor dheineadar d'á
chainnt ach magadh. Ní gnáth le n-a leithéidí choidhche a
dhéanamh de chainnt d'á sórd ach magadh.



Foláramh uathbhásach dóibh ab eadh an chainnt, agus
déanamh na loinge sin, ach níor chuireadar suim sa
bhfoláramh. Bhí an obair, agus an chainnt, ar siubhal
ar feadh céad blian. 'Sé sin le rádh, bhí an foláramh
ar siubhal ar feadh céad blian. Dob' fhada an foláramh é.
Níor fágadh ar a gcumas a rádh go dtánathas a gan fhios
ortha. Do tugadh céad blian dóibh chun aithrighe. Níor
dheineadar an aithrighe. B'fhearr leó bheith ag magadh
fé'n obair agus fé'n bhfear a bhí ag déanamh na h-oibre,
agus a bhí ag déanamh na cainnte, 'ghá innsint dóibh
cad é an brígh a bhí leis an obair. Dar leó ba chirte
dhó ciall a bheith aige agus pléisiúr an tsaoghail seo
bheith aige an fhaid a bheadh sé ar an saoghal.


L. 13


Do ghluais an aimsir. Bhí an bhliain deirineach de'n
chéad blian geall le bheith caithte agus bhí an long mhór
críochnuighthe. Iongna shaoghail ab eadh an long san
le méid. Le leamhnú Dé do thosnuigh na h-ainmhidhthe
ar theacht agus ar dhul isteach sa loing 'n-a gcúplaíbh,
firean agus bainean, idir bheithidheachaibh agus éanlaithe.
Grásta mór ó Dhia ab eadh an radharc san, leis, chun eagla
do chur ar na daoine agus iad do spriocadh chun aithrighe
dá mb' fhéidir é. Ach ní deirtear gur chuireadar suim
sa radharc ná gur dheineadar aithrighe. B'fhéidir go
raibh cuid acu do chuir, agus do dhein. Ní féidir
d'aoinne a rádh ce'cu a bhí nú ná raibh. Níl a fhios san
ach ag Dia amháin. Marar dheineadar aon aithrighe tá
aon nídh amhain soiléir go leór. Ní féidir dóibh
a rádh nár thug Dia na Glóire gach aon chaoi dhóibh ar
aithrighe dhéanamh. Thug sé céad blian dóibh, agus an
t-ullmhúchán go léir os cómhair a súl an uile lá de'n
aimsir.



VII.



AN DÍLE.



Nuair a bhí na h-ainmhidhthe istigh sa loing do chuaidh
Naoi féin agus a mhuinntir isteach inti, agus do dhún
Dia í ó'n dtaobh amuich. Ansan do thosnuigh an fhear-
thainn. Do thuit an t-uisge anuas as an spéir 'n-a
thuiltíbh uathbhásacha agus do bhris an t-uisge aníos as
an dtalamh 'n-a thoibreachaibh móra garbha glasa. Do
lean an brise aníos as an dtalamh agus an tuitim as
an aer ar feadh dachad lá agus dachad oidhche. Ansan
bhí an t-uisge eirighthe suas go h-árd os cionn na
gcnoc ab aoirde, agus ní raibh aon rud beó ar druim
na talmhan, duine ná beithidheach ná éan. Bhíodar go
léir báithte. Ní raibh beó ar an saoghal ach Naoi agus
a muinntir agus na h-ainmhidhthe a bhí 'n-a theannta


L. 14


istigh sa n-airc. D'eirigh an airc fé mar a dh'eirigh an
t-uisge agus do shnáimh sí ar barr uisge. Do lean
an t-uisge ar an ndomhan ar feadh céad agus deich
lá agus dachad.



Tar éis na h-aimsire sin b'é toil Dé gur thráigh an
t-uisge agus gur thriomuigh an talamh. Chómh luath agus
bhí an talamh tirim a dhóithin tháinig Naoi agus a mhuinntir
amach as an airc agus do leogadh amach na h-ainmhidhthe.
Chuir Dia a bheannacht ortha go léir fé mar a dhein sé nuair
a chruthnuigh sé an domhan, .i. rath agus iomadú. Chuir
Dia rath agus beannacht, leis, ar Naoi agus ar a chlainn,
agus thosnuig daoine agus beithidhigh ar theacht agus ar
dhul i líonmhaire ar an saoghal.



Tá daoine ann a bhíon ag fághail locht ar an uile rud
a chíd siad. Bíd siad ag fághail locht ar an rud a
dheinean Dia féin, moladh go deó leis. Déarfadh na
daoine sin gur bh'ana chruaidh an gníomh ar a raibh de
dhaoine ar an saoghal an uair sin iad do dhísgiú i n-aon-
fheacht ar an gcuma san le h-uisge na dílean. Tá
daoine eile a déarfadh gur thrócaire ana mhór ó Dhia
an díle do chur ar an ndomhan an uair sin; gur chimeád
an obair a bhí ar siubhal agus an chainnt a bhí 'á dhéanamh
i gcaitheamh an chéad blian, na daoine ag cuimhneamh ar
an gcontabhairt 'n-a rabhadar, agus ansan, nuair a
tháinig an t-éirleach agus an sgannra, go bhfuil gach aon
chosmhalacht go mb' fhéidir gur dhein a lán acu aithrighe
sar ar bádhadh iad, aithrighe ná déanfaidís go deó
dá mba ná tiocfadh an sgannra san ortha. Tá fhios
againn go léir conus mar a bhíon daoine ann a déarfadh
go dána, an fhaid a bhíon an saoghal ar a dtoil acu,
ná fuil aon Dia i n-aon chor ann agus ná beadh aoinne
dob aoirde bheadh ag sgreadaigh ar Dhia 'ná iad dá
bhfeicidís an talamh ag luasgadh fé n-a gcosaibh agus
na tighthe ag tuitim n-a dtímpal. Deir Naomh Peadar
gur saoradh daoine. Tá cuid des na naoimh a déarfadh
gur chuir an díle fhiachaint ar a lán des na droch dhaoinibh


L. 15


úd aithrighe dhéanamh sar ar bádhadh iad, agus gur dheine-
adar an aithrighe, agus gur saoradh iad tré bhíthinn an
tSlánuightheóra a bhí le teacht. Agus déarfadh na
naoimh chéadna, go raibh, d'á bhrígh sin, i n-uisge na dílean,
samhaltas roimh ré, do'n bhaiste a chuir ár Slánuightheóir
ar bun; gur shaor uisge na dílean cuid des na daoine
a bádhadh, fé mar a shaoran uisge an bhaiste na daoine
a ghlacan an tsácramínt sin.



Pé rud is ceart a rádh sa chéill sin i dtaobh uisge
na dílean nár tháinig ach an t-aon uair amháin, nú i
dtaobh an sgannra do leanan luasgadh talmhan, ná
tagan ach go h-anamh, is deimhin go ndeinean buairt
agus trioblóid agus eagla báis aigne an duine
d'iompáil ar Dhia agus ar aithrighe agus ar leas anama.
D'á bhrígh sin is ceart dúinn a thuisgint nách díobháil,
ach gur tairbhthe mór, a dheinean Dia dhúinn nuair isé a
thoil naomhtha a chur fhiachaint orainn trioblóidí dh'fhulag
ar an saoghal so. Ní ceart dúinn a rádh gur droch
nídh aon rud a thugan Dia dhúinn le fulag, pé bog
cruaidh a mheasaimíd féin é bheith. Isé toil Dé é agus
is ceart dúinn bheith sásta le toil Dé.



VIII.



TÚR BHABEL.



Déarfadh duine gur chóir, óir nár fágadh beó ar an
saoghal ach an t-aon fhear amháin agus a chlann, agus gur
dhuine fóghanta é, go dtiocfadh cine fhóghanta uatha,
agus ná beadh na daoine ag cur na feirge ar Dhia a thuille.
Ní mar sin a bhí, ámhthach. Bhí an triúr mac ag Naoi,
mar a chítear sa Scriptiúir, Sem agus Cam agus Iaphet.
Is ar éigin a bhí an ceathrar socair ar thalamh an domhain,
agus an talamh go léir fútha féin, nuair a dhein duine
des na macaibh gníomh a bhí ana olc. Cam a dhein an


L. 16


gníomh. Thug sé d'á athair easonóir ghrána, agus
do thug an easonóir sin mallacht an athar anuas
air féin agus ar a shliocht. Ach do thug Sem agus
Iaphet onóir d'á n-athair agus bhí an onóir sin i gcoinnibh
na h-easonóra thug Cam dó. Chuir an t-athair beannacht
ar an mbeirt sin. Chuir sé rath agus beannacht ó Dhia
ar Shem agus ar Iaphet agus ar a sliocht, agus dubhairt
sé go mbeadh sliocht Cham 'n-a ndaoraibh ag daoraibh
an dá shleachta eile.



Tháinig na daoine ar an saoghal go tiugh airís. Bhíodar
n-a gcómhnuighe sa tír áluinn a bhí ar leathadh amach ó
bhun an chnuic ar ar luigh an airc nuair a thráigh uisge na
dílean. Lastoir de'n abhainn mhóir ar a dtugtar an
Euphrátés atá an talamh san. Nuair a chuaidh na daoine
i líonmhaireacht níor bh'fhada gur tuigeadh gur ghearr
ná beadh slighe acu sa tír sin, gur ghearr go gcaithfadh
cuid acu dul thar abhainn siar agus iad féin do leathadh
amach ar an dtalamh a bhí laistiar de'n abhainn. Thuig-
eadar go mbeadh an méid díobh a raghadh thar abhainn
siar go mbeidís gearrtha amach ó'n gcuid eile a bheadh
'n-a ndiaidh, agus ó bhí an méadú ag dul ortha chómh
tiugh nár bhfada go mbeadh tuille acu ag imtheacht,
agus go ndéanfadh san sgaramhaint eile. Bhí ag dul
'n-a luighe ar a n-aigne nár bh'fholáir do chlainn Naoi,
feasta, bheith ag cuimhneamh ar iad féin do leathadh ar
thíorthaibh an domhain.



Nuair a bhí an machtnamh san tar éis dul 'n-a luighe
i gceart ar a n-aigne tháinig machtnamh eile chucha.
Dubhradar le n-a chéile gur mhaith an rud dóibh cathair
a dhéanamh agus túr mór do chur 'n-a sheasamh i lár
na catharach san, i dtreó nuair a bheidís sgaipithe ar
fuid an domhain, go gcimeádfadh an túr san cuimhne
ortha i n-aigne na ndaoine a thiocfadh 'n-a ndiaidh ó
shliocht go sliocht. Deirtear go raibh rud eile, leis, ar
aigne acu i ndéanamh an túir sin; gur theastuigh uatha
é bheith chómh mór, chómh h-árd san go bhféadfadh na daoine


L. 17


dul suas ann ó'n uisge dá dtagadh díle eile ar an
ndomhan.



Ní raibh clocha sa n-áit, ach bhí márla breágh ríghin saidhbhir
tathaiceach ann go flúirseach. Dheineadar bríceana de'n
mhárla agus do loisgeadar na bríceana le teine
agus ansan bhíodar chómh cruaidh le h-aon chloich. Bhí
bitúmen sa n-áit agus dheineadar mairtaol maith de'n
bhitúmen. Ansan bhí an t-adhbhar acu chun na h-oibre,
agus thosnuighdar ar an obair. Dheineadar na fallaí
des na bríceanaibh agus de'n bhitúmen, agus níor
bh'fhada go raibh fallaí na catharach ag eirighe. Chríoch-
nuighdar fallaí na catharach. Ansan níor bh'fada go
raibh an túr ag eirighe suas go h-árd. Dheineadar a bhun
go breágh leathan téagartha láidir, i dtreó go bhféadfí,
dar leó, é chur suas chómh h-árd leis an spéir.



Deirtear gur bh'é cúis go rabhadar ar aigne é chur
suas chómh h-árd leis an spéir 'ná i dtreó, dá dtagadh
an díle airís go bhféadfadh daoine dul suas sa túr ó'n
uisge. Ní'l an méid sin curtha síos sa Bhíobla, ámh.
Ní deir an Bíobla ach gur le baois agus le h-uabhar
a bhíodar ag déanamh na h-oibre, agus gur chuir an
t-uabhar agus an bhaois sin fearg ar Dhia. Deir an
Sgríbhinn Diadha go ndubhairt Dia na focail seo:
“Feuch, is aon chine amháin iad agus ní'l acu ach an t-aon
urlabhra amháin. Tá an nídh seo curtha rómpa acu,
agus leanfid siad de go gcríochnuighid siad é. Téighmís
síos agus cuirimís a n-urlabhra tré n-a chéile.”



IX.



MEASGADH URLABHRA.



Bhíodar go léir ag obair ar a ndítheal agus fuadar
árd fútha, agus fé mar a bhí an túr ag dul i n-aoirde bhí
an fuadar ag dul i ndéine agus an fonn chun na h-oibre


L. 18


ag dul i neartmhaire, agus tuille daoine ag luighe
isteach sa n-obair i n-aghaidh an lae. I n-inead aon
tuirse theacht ortha is amhlaidh a bhí flosg agus dásacht
ag meudú ortha agus an obair féin ag cur misnigh ortha
agus iad ag cur misnigh ar a chéile. Fé dheire, i lár an
fhuadair agus an mhisnigh, do thuit nídh mírbhúilteach amach
dóibh. Tháinig rud éigin ar a gcainnt i dtreó ná
tuigeadh duine acu cad 'deireadh duine eile acu! Do
labhradar airís agus airís eile le n-a chéile. Ní
raibh aon mhaith ann. Nuair iarradh an saor rud ní
fheidir an fear friothalmha cad a bhíodh uaidh. Nuair a
thugadh an fear friothálmha freagra ní thuigeadh an saor
an freagra. Do stadadar ag feuchaint ar a chéile ar
feadh tamail. Dheineadar iaracht airís ar chainnt le
n-a chéile. Bhí an tarna h-iaract níba dhona 'ná an
chéad iaract má b'fhéidir é. Is amhlaidh a bhí an measgán
mearaidhe ag dul i n-olcas eatartha. B'éigean dóibh
eirighe as an obair. “Bhí,” mar adeir an file, Seán
Ua Conail, “teanga fé leith i mbéal gach aoinne.”
Bhíodar 'n-a mbuidhnibh fé leith. Do thuigeadh muinntir
gach buidhne a chéile, ach ní thuigeadh lucht buidhne acu aon
fhocal ó lucht buidhne eile. B'éigin do sna buidhnibh
imtheacht ó n-a chéile. Do ghaibh gach duine leis an
mbuidhin n-ar thuig sé a gcainnt. Níor fhéad aon
bhuidhean acu cómhluadar ná cómh-obair a dhéanamh le
h-aon bhuidhin eile. Thug buidhean acu aghaidh soir agus
buidhean aghaidh siar, buidhean aghaidh óthuaidh agus buidhean
aghaidh ódheas agus ar an gcuma san do sgaipeadh iad
fé cheithre h-árdaibh an domhain, agus d'fhan an obair
mar a fágadh í.



Babel a tugadh mar ainm ar an dtúr. Cialluighean
“Babel” measgán mearaidhe, nú cur thré chéile.
Ní gan fáth a tugadh an ainm. Do chur an measgadh
urlabhra úd measgán mearaidhe agus cur thré chéile i
gceart ar an muinntir a bhí ag déanamh an túir, agus
níor bhréag túr Bhabel a thabhairt air.


L. 19


Mírbhúilt mhór ó Dhia ab eadh an measgadh urlabhra
san. Dhá mhíle blian 'n-a dhiaidh san, nú mar sin, do
dhein Dia mírbhúilt mhór eile urlabhra. Tá deifrigheacht
idir an dá mhírbhúilt. Do chuir an chéad mhírbhúilt daoine
do thuig cainnt a chéile ó chainnt a chéile do thuisgint.
Do chuir an tarna mírbhúilt ar chumas na n-Asbol agus
na ndeisgiobul cainnt do labhairt agus do thuisgint
nár thuigeadar agus nár labhradar riamh roimis sin.
Do chuir an chéad mhírbhúilt sgaipe agus fán ar dhaoine
a bhí ag cur a dtoile féin i gcoinnibh toile Dé agus
ag déanamh oibre nár thoil le Dia a déanfí. Do chuir
an tarna mírbhúilt ar chumas na n-Asbol agus na
ndeisgiobul, na geinte bhí sgaipithe ar fán ó Dhia do
thabhairt chun Dé, glaodhach ortha as a gcainnt féin, as
an gcainnt ab fhearr a thuigfidís, agus iad do bhailiú
isteach sa n-Eaglais, isteach sa túr a chuir Críost suas
chun na cine daona do thabhairt slán ó dhíle an pheaca.
Do chuir an chéad mhírbhúilt cosg le túr Bhabel, an
túr ná féadfadh choidhche dul chómh h-árd leis an spéir,
pé saothar a déanfí air ná pé ealadha do h-imiriófí
air. Do chabhruigh an tarna mírbhúilt le túr Chríost,
túr na h-Eagailse, do chur suas, an túr a deineadh chómh
h-árd, ní h-amháin leis an spéir ach le rígheacht na
bhflathas féin, an túr atá 'n-a dhíon agus 'na chosnamh
do'n chine daona agus ná féadfidh díle an pheaca é
leagadh go deó, marab ionan agus an túr úd Bhabel
go leagfadh díle uisge é, nú luasgadh talmhan, pé
neart ná pé téagar a bheadh ann.



Isé túr Bhabel túr an éithigh, túr an uabhair, túr
na h-easumhluigheachta, an túr n-a bhfuil sé de chrann
agus de mhí-ádh air nách féidir d'á mhuinntir aigne a
chéile do thuisgint. Nuair a labhran duine acu ní h-í
an chiall a bhíon i n'aigne do chíthear 'n-a chainnt ach ciall a
bhíon bun os cionn ar fad léi. Isé túr Chríost túr na
fírinne, agus tuigid a mhuinntir aigne a chéile mar
tuigid siad cainnt a chéile.


L. 20


X.



ABRAHAM.



Do fágadh an túr gan críochnú agus d'imthigh na
daoine ó n-a chéile 'n-a mbuidhnibh fé leith. Ag sgaipe
dhóibh do ghluais gach buidhean go dtí go bhfuaradar
talamh a thaithn leó agus do chuireadar fútha ar an
dtalamh san.



Do mheuduighdar airís agus do leathadar. Fé
mar a mheuduighdar agus do leathadar do chuadar i
n-olcas. Bhíodar tugtha do'n pheaca mar gheall ar an
ndíobháil a bhí déanta ag peaca an tsínsir d'á n-aigne.
Thugadar cúl le toil Dé agus do leanadar a dtoil
féin, i dtreó nár ró fhada go rabhadar múchta i bpeacaíbh
agus gan aon chuimhneamh acu ar Dhia ná ar an ndíbhfeirg
a tháinig ar an ndomhan le linn aimsire Naoi. Bhí an
díle agus an sgrios a dhein sí imthighthe as a gceann.
Thugadar a gcúl ar Dhia agus dheineadar déithe bréige
dhóibh féin agus d'adhradar iad agus do ghluaiseadar
ó aimhleas go h-aimhleas agus ó olcas go h-olcas go
dtí go raibh díle eile tuillte acu le n-a bpeacaíbh dá
mb' é toil Dé í chur ortha.



Do thárla, ámhthach, ar aon tsliocht amháin díobh, ar
shliocht Heber, fear a bhí dílis do Dhia agus do chimeád
é féin glan ó'n olc uathbhásach a bhí n-a thímpal.
Abraham ab ainm do'n fhear san. B'é an naomhadh
glúin é ó Naoi anuas. Bhí sé n-a chómhnuighe i bhfochair
a athar sa chathair d'ár bh'ainm Úr na gCaldéach. Do
labhair Dia leis sin agus dubhairt sé leis: “Imthigh
amach as do thír féin agus ó d' ghaoltaibh féin agus
a' teaghlach t'athar, agus tar isteach sa tír a thaisbeán-
fad-sa dhuit, agus déanfad cine mhór díot agus cuirfad
mo bheannacht ort agus mórfad t'ainm agus beidh tú
beannuighthe. Beidh mo bheannacht-sa ar an muinntir


L. 21


a chuirfidh a mbeannacht ort agus beidh mo mhallacht ar an
muinntir a chuirfidh a mallacht ort, agus is ionat-sa
a beannófar cineacha an domhain go léir.”



Do dhein Abraham an rud a dubhairt Dia leis a
dhéanamh. Do bhailigh sé a chuid agus d'imthigh sé as
an ndúthaigh sin. Do rug sé leis mac a dhrithár. Lot
ab ainm do'n mhac drithár san. D'fhanadar tamal
i n-áit d'ár bh'ainim Haran. Ansan do ghluaiseadar
airís agus thánadar isteach i dtír Chanaain. Sa n-áit
sin a bhíodar nuair a labhair Dia airís le h-Abraham
agus adubhairt sé leis: “Tabharfad an tír seo dod'
sliocht-sa.” Agus do chuir Abraham altóir suas sa
n-áit sin, i n-onóir do Dhia agus dhein sé Dia d'adhradh
ann. Na Canaanaigh isiad a bhí i seilbh na tíre sin an
uair sin. Chuir Dia an rath ar Abraham agus ar Lot
agus d'eirigh an saoghal leo agus bhíodar ana shaidhbhir.
Bhí mórán beithidheach acu agus treudta móra caereach
agus ór agus airgead agus ollmhaitheas. Agus aon
bhuidhean amháin ab eadh an dá mhuinntir.



Do réir nóis na h-aimsire sin, sa n-áit sin ní
h-amhlaidh a bhíodh seilbh fé leith ag aoinne i n-aon chuid
de thalamh na tíre ach a chuid stuic agus a threudta féin
a bheith ag gach duine, nú ag gach ceann muinntire, agus
ansan neart a bheith ag gach duine ar a bheithidheacha nú
a threudta do chomáint chun fosaidheachta isteach sa n-áit
ab fhearr n-ar dhóich leis a bheadh an fhosaidheacht le fághail.
D'fhágadh san, uaireanta, go mbíodh aighneas idir dhá
mhuinntir feuchaint cé aige n-a mbeadh an fhosaidheacht
fhóghanta.



D'eirigh aighneas de'n tsórd san idir na h-aodhairíbh
a bhí ag Lot agus na h-aodhairí a bhí ag Abraham. Bhí
gach buidhean des na h-aodhairíbh a d'iarraidh a gcuid
stuic féin do chur isteach sa bhfosaidheacht ab fhearr agus
a d'iarraidh na buidhne eile agus a gcuid stuic do
chimeád amach as an bhfosaidheacht san.


L. 22


XI.



LOT.



Nuair a chuaidh an t-aighneas i ngéire idir na h-aodhairíbh
do labhair Abraham le Lot. “Ná bíodh,” ar seisean,
“aighneas idir t'aodhairíbh-se, agus m'aodhairíbh-se óir
is bráithre sinn. Siné an dúthaigh os do chómhair. Má's
maith leat-sa dul i leith na láimhe deise raghad-sa i leith
na láimhe clé, nú ma's maith leat-sa dul i leith na
láimhe clé raghad-sa i leith na láimhe deise.”



Is sean fhocal é, “tabhair rogha do'n bhodach agus
tógfidh sé díg.” Bhí an tsainnt ar Lot. Chonaic sé an
talamh breágh saidhbhir feurmhar ar bruach abhan Iórdain
agus chuaidh sé chun cómhnuighthe i gcathair Shodoim i dtreó
go mbeadh cothrom aige ar a threudtaibh do chur sa
bhfosaidheacht bhreágh a bhí mórthímphal na catharach san.
Cheap sé go raibh rogha aige dhá thógaint, ach dá mbeadh
fhios aige cad é an saghas na daoine a bhí sa chathair sin
an uair sin bheadh 'fhios aige gur díg a thóg sé agus dul i
n-aon chor 'n-a measg, pé saidhbhreas saoghalta bheadh
d'á bharr aige. Níor bh'fhada gur thuit neithe amach a
chuir i n-iúil dó gur bh'fhearra dhó bheith i n-áit éigin eile.



Do chuir cuid des na righthibh a bhí sa chómharsanacht
cogadh ar rí Shodoim. Bhí ceathrar righthe acu ann.
Chruinnighdar pé neart slógh a bhí acu agus chromadar
ar an dtír a bhí mórthímpal ar chathair Shodoim do sgrios.
Do chruinnigh rí Shodoim a cháirde, cheithre righthe eile
agus pé neart slógh a bhí acu, agus thug sé aghaidh ar a
namhaid. Do troideadh cath fíochmhar. Do buadhadh
ar rí Shodoim. Ansan do tógadh an chathair agus a raibh
inti d'ollmhaitheas agus de dhaoinibh. Do rug an namhaid
leó, i dteannta na cod' eile, Lot agus a mhuinntir agus
a chuid.



Do h-innseadh d'Abraham cad a bhí imthighthe ar Lot.
Do chruinnigh Abraham pé neart fear a bí aige agus
do lean sé an namhaid.


L. 23


Ní raibh aige ach trí chéad fear agus ocht feara déag.
Ní raibh aon choinne ag an namhaid go raibh aoinne 'ghá
leanmhaint ná go raibh aoinne ann chun iad do leanmhaint.
Shocaruighdar iad féin i n-áit áirighthe i gcóir na h-oidhche.
Tháinig Abraham chun na h-áite sa n-oidhche. Dhein sé
trí coda d'á bhuidhin bheag fear. D'ionsuigh sé longphort
an namhad go h-oban ó thrí taobh. Do ghlac sgeón an
namhaid. Do ritheadar chun taoibh de'n longphort. Bhí
namhaid ann rómpa agus do leagadh cuid mhaith acu.
Thugadar aghaidh ar thaobh eile chun teiche. Bhí namhaid
ansan rómpa leis. Bhí namhaid rómpa ins gach aon
bhall, dar leó, toisg an sgeón a bheith ionta. Do
marbhuigheadh a bhformhór agus do theich an méid nár
marbhuigheadh díobh agus bhí an longphort ag Abraham.
Thug sé saor leis Lot agus a mhuinntir agus a chuid,
agus rí Shodoim agus a mhuinntir agus a gcuid, agus
thug sé leis pé ollmhaitheas a bhí sa longphort.



Do móradh ainim Abrahaim thar na beartaibh mar
gheall ar an ngníomh san. Tháinig rí Shodoim chuige agus
dubhairt sé leis: “Mara mbeadh tusa bhíomair go
léir réidh. Is leat-sa anois sinn féin agus a bhfuil
againn. Tabhair dómhsa mo dhaoine agus bíodh an
saidhbhreas go léir agat-sa. Is tú is fearr ceart
chuige. Mara mbeadh tú ní bheadh sé ag aoinne againn.
Má thugan tú mo dhaoine dhom is bronntanas orm iad
uait.”



XIII.



CUAIRD NA N-AINGEAL.



“Tabhair dómhsa mo dhaoine,” arsa rí Shodoim le
h-Abraham, “agus bíodh an saidhbhreas agus an
t-ollmhaitheas go léir agat féin.”



“Bíodh do dhaoine agus do chuid saidhbhris agat, a
rí,” arsa Abraham leis. “Oiread agus iall bróige
de d' chuid ní chimeádfad-sa. Ní bheidh sé le rádh agat


L. 24


choidhche gur dheinis fear saidhbhir d'Abraham. Ach iad
so do chuaidh i n-aonfheacht liom amach, .i. Aner agus
Escol agus Mambre, tugtar a gcion féin dóibh sin.



Bhí fear sa tír sin an uair sin agus rí ab eadh é agus
duine ana naomhtha ab eadh é. Meilcísedec ab ainim dó
agus bhí sé 'n-a rí ar an gcathair d'ár bh'ainim Salem,
agus sagart ab eadh é, sagart chun Dia na Glóire.
Tháinig an sagart san agus dhein sé ídhbirt aráin agus
fíona chun Dé agus chuir sé beannacht ar Abraham agus
dubhairt sé “Is beannuighthe Abraham chun Dé Aoird
a chruthnuigh neamh agus talamh; agus moladh do Dhia na
Glóire do chuir do namhaid ad' láimh chughat!” Agus
do dhíol Abraham deichmhadh leis.



Bhí Abraham ag dul i n-aois agus bhí a bhean phosta,
Sarai, ag dul i n-aois agus ní raibh aon chlann acu.
Nuair a bhí Abraham naoi mbliana déag agus cheithre
fichid do labhair Dia leis i dtaobh na geallamhna a bhí
tabhartha aige dhó, agus dubhairt sé leis: “Mise Dia
n-uile chómhacht. Siubhluigh am' láthair agus bí gan
locht agus déanfad connradh idir mé féin agus tú
agus déanfad do shliocht iomadamhail thar barr. “Bhí
Abraham 'ghá fhiafrighe dhe féin i n'aigne conus ab
fhéidir clann do bheith aige agus é chómh h-aosta, agus
a bhean naoi mbliana agus cheithre fichid. Ach dubhairt
Dia leis go mbeadh mac ag Sarai, agus gan Sarai do
thabhairt uirthi a thuille ach Sara, agus Isaac do thabhairt
mar ainm ar an mac nuair a thiocfadh sé.



Tamal 'n-a dhiaidh san bhí Abraham 'n-a sheasamh i
ndorus a thighe i lár an lae, agus bhí brothal ann.
Chonaic sé an triúr fear 'n-a seasamh lasmuich os a
chómhair. D'imthigh sé amach ag triall ortha agus d'iarr
sé ortha stad agus a dtuirse chur díobh. Thoilighdar.
D'imthigh Abraham agus ghlaoidh sé ar Shara agus
d'ullmhuighdar bia agus thug Abraham leis an bia
agus chuir sé os cómhair an trír é agus d'fhan sé
'n-a sheasamh 'n-a n-aice ag friothálamh ortha.


L. 25


Nuair a bhí an bia caithte acu dubhradar: “Ca bhfuil
Sara, do bhean?”



“Siní istigh í,” ar seisean.



Dubhairt an duine de'n triúr do labhair, “Tiocfad-sa
anso ag triall ort um an dtaca so an bhliain seo
chughainn, agus sinn slán, agus beidh mac ag Sara.”



D'airigh Sara an focal agus í laistigh de'n dorus
agus do gháir sí os íseal, mar gur bh'iongantach an
nídh dar léi, a rádh go mbeadh clann le bheith aici agus
í féin agus a fear chómh h-aosta. Ach dubhairt an
Tighearna le h-Abraham: “Cad uime gur gháir Sara?
An amhlaidh nách féidir le Dia gach nídh do dhéanamh?”
Nuair airigh Sara an focal san tháinig sgannra uirthi,
toisg gur tuigeadh gur dhein sí an gháire agus a fhios
aici féin nár dhein sí an gháire ach os íseal.



“Níor ghaireas i n-aon chor!” ar sisi. Ní dubhairt
sí bréag sa méid sin, ámhthach, mar dob fhíor di nár
dhein sí gáire os árd.



“Ní'l san mar sin,” arsan Tighearna. “Do dheinis
an gháire.” Do thuig sí ansan nár dhuine saogalta an
t-é a bhí ag cainnt léi.



XIII.



IMPIDHE ABRAHAIM.



Nuair a bhí uain ag an dtriúr ar a dtuirse bheith curtha
dhíobh acu d'eirighdar agus chuireadar chun gluaiste.
Do thuig Abraham um an dtaca san nár dhaoine
saoghalta iad ach gur theachtairí ó Dhia iad. Nuair a
bhíodar ag imtheacht do ghluais Abraham i n-aonfheacht
leó chun iad do thionlacan tamal de'n tslighe, chun
urama do thaisbeáint dóibh. I dtreó catharach Shodoim a
thugadar aghaidh. Do ghéaruigh beirt acu sa tsiubhal agus
d'fhan an trímhadh duine ag siubhal le cois Abrahaim.
B'shiné an duine acu ar ar thug Abraham “Tighearna.”


L. 26


Dubhairt sé le h-Abraham, agus iad ag siubhal le
cois a chéile:—



“Ní féidir a chimeád ó Abraham cad 'tá beartuighthe
agam a dhéanamh. Tá peaca Shodoim agus Ghomorrha
meuduighthe go ró mhór. Táim ag dul síos ag triall
ortha.”



Do thuig Abraham i n'aigne go rabhthas chun na gcath-
arach san do dhíthiú. Do sheasaimh sé os cómhair an
Tighearna agus do labhair sé.



“A Thighearna,” ar seisean, “is truagh an duine
macánta do dhíthiú mar aon leis an ndroch dhuine!
An millfir an neamhchionntach mar aon leis an gcionntach?
Má tá deich nduine a's dachad sa chathair agus iad
macánta an gcurfar chun báis iad i n-aonfheacht leis
na droch dhaoinibh? Ná leogfir do'n chathair dul saor
ar son an deichniúbhar a's dachad, má táid siad ann?”



Do lean sé ag guidhe go cruaidh 'ghá iarraidh go leogfí
do'n chathair dul saor ar son an deichniúbhar agus dachad.
Fé dheire do fuair sé an ghuidhe sin. Ansan do chrom
sé ar a iarraidh ná millfí an chathair má bhí cúigear agus
dachad ann a bhí macánta. Tar éis pléidh go cruaidh ar
feadh abhfad dubhairt an Tighearna leis go leogfí saor
an chathair má bhí cúigear agus dachad daoine macánta
inti. Nuair a bhí a ghuidhe fághalta ag Abraham sa
méid sin do labhair sé airís.



“A Thighearna,” ar seisean; “ní'l ionam-sa ach
luaithreach. Ná bí i bhfeirg liom má labhraim airís le m'
Thighearna a thugan breith ar neamh agus ar talamh. Má
gheibhtear dachad duine fíoraonta sa chathair cad a
dhéanfir?”



“Má gheibhtear dachad duine fíoraonta sa chathair,”
arsan Tighearna, “leogfar do'n chathair dul saor ar a
son.”



“Iarraim ort, a Thighearna,” arsa Abraham, “ná
bí i bhfeirg liom, ach cad a déanfar má tá deich nduine
fhichid fíoraonta sa n-áit?”


L. 27


“Má tá deich nduine fhichid le fághail fíoraonta sa
chathair,” arsan Tighearna, “ní millfar an chathair.”



“A Thighearna,” arsa Abraham, “ó dheineas mo
chainnt i n-aon chor déarfad focal eile le m' Thighearna.
Conus a bheidh an sgéal ma gheibhtear fiche duine fíor-
aonta sa n-áit?”



“Má tá fiche duine fíoraonta sa chathair,” arsan
Tighearna, “leogfar saor an chathair ar a son.”



“Ná bí i bhfeirg liom, a Thighearna,” arsa Abraham,
“má labhraim aon focal amháin eile. B'fhéidir go
bhfuil deichniúbhar fíoraonta ann.”



“Má tá deichniúbhar fíoraon ann,” arsan Tighearna,
“ní millfar an chathair.”



Ansan d'imthigh an Tighearna agus tháinig Abraham
abhaile chun a thighe féin.



Is beag d'á chuimhneamh a bhí ag muinntir na catharach
úd an uair sin go raibh Abraham ag guidhe chómh cruaidh
chun Dé a d'iarraidh iad do shábháil!



XIV.



DROCH IOMPAR MUINNTIR SHODOIM.



Bhí sé n-a thrátnóna um an dtaca 'n-ar sgar
Abraham leis an nduine de'n triúr a dh'fhan ag cainnt
leis. Do thárla, le linn na h-aimsire céadna san, go
raibh Lot 'n-a shuidhe ag geata catharach Shodoim. Chonaic
sé beirt fhear ag teacht 'n-a threó ó'n dtuath. Daoine
iasachta ab eadh iad dar leis. Níor dhaoine a bhain leis
an gcathair iad. Bhí 'fhios aige dá mb'eadh go n-aithneochadh
sé iad, agus níor aithin. Thuig sé láithreach i n'aigne nár
cheart leogaint dóibh imtheacht ar fuaid na catharach
san ag lorg aoidheachta. D'eirigh sé agus chuaidh sé 'n-a
dtreó. Bhí deabhramh uasal ortha. Bheannuigh sé dhóibh
agus d'umhluigh sé dhóibh go h-uramamhail agus go
fáilteach:


L. 28


“A uaisle,” ar seisean, “cuirfidh sibh comaoine
mhór orm-sa má 'sé toil bhúr n-onóra teacht anso isteach
am' thigh agus fanmhaint ann agam i gcóir na h-oidhche.
Nighidh bhúr gcosa agus caithidh bia agus cuiridh bhúr
dtuirse dhíbh, agus ansan nuair a thiocfidh an mhaidean
beidh sibh neamh-thuirseach agus féadfidh sibh dul chun
bóthair airís pé treó 'n-a bhfuil bhúr dtriall.”



“Ach!” ar siad-san, “ní fiú dhúinn, ó tá an oidhche
chómh breágh, an cheataighe sin a dhéanamh duit-se. Táimíd
ana bhuidheach díot, a dhuinuasail fhóghanta, ach ní'l aon
deacaracht ann dúinn fanmhaint anso ar thaobh na
sráide go maidin.”



Ní eireóchadh sé dhíobh, ámhthach, agus b'éigean dóibh dul
leis isteach 'n-a thigh i gcóir na h-oidhche.



Dhein sé cúram mór díobh. Chuir sé gach aon chóir
ortha, cóir bhídh agus cóir dighe agus cóir chodlata.
Sar a ndeighdar a chodla, ámh, do chruinnigh fir na
catharach, a lán díobh pé'r domhan é, agus bhíodar ag
brise an doruis isteach chun teacht ar na fearaibh
iasachta. B'shin seana bhéas acu. Nuair a thagadh
aon fhear iasachta chun a gcatharach níor bh'fholáir
leó é dhéanamh chómh h-olc leó féin. Nuair airigh
Lot an fothram bhí 'fhios aige cad a bhí uatha agus
ba dhoilig leis go mór an droch fhuadar a bhí fútha.
Chuaidh sé amach agus do labhair sé leó go réidh agus
go cneasta, 'ghá iarraidh ortha leogaint dos na fearaibh
iasachta, mar go rabhadar ar a chomairce féin. Is
amhlaidh a dh'eirighdar chuige i dtreó go raibh sé féin
i gcontabhairt uatha.



“Níl ionat-sa féin ach duine iasachta sa chathair
seo,” ar siad. “Cuir chughainn amach annso iad
láithreach nú tabharfimíd an droch úsáid chéadna dhuit
féin!”



Do rugadar air agus bhíodar 'ghá stracadh leó.
Nuair a bhíodar ag dul dian air do phreab an bheirt
iasachta amach laistiar de agus rugadar air agus


L. 29


tharraigeadar chucha isteach é agus dhúnadar an dorus
agus le n-a linn sin do baineadh radharc a súl d'á
raibh amuich, idir óg agus aosta. Níor fágadh aon leus
radhairc acu. Do stad an fothram agus an chollóid.
Is amhlaidh a bhíodar go léir ag síne a lámh agus ag
útamáil agus gan iad ábalta ar a dhéanamh amach cá
raibh an dorus a dúnadh 'n-a gcoinnibh, ná an tigh,
ná aon dorus eile, ná aon tigh eile. Nuair a chuireadh
duine acu lámh ar dhuine eile mheasadh sé go mbíodh
giolla aige chun é stiúrú abhaile, ach gheibheadh sé amach
tapaidh go leór go mbíodh an giolla chómh mór i ngádh
le giolla agus bhíodh sé féin. Thugadar an chuid eile
de'n oidhche go h-aindeis. Bhí an teasbach bainte dhíobh
glan. Bhí san tuillte acu. Bhíodar chómh damanta
san go múinidís droch iompar d'á gclainn sar a dtagadh
ciall i n-aon chor dóibh!



XV.



ÍDE AR SHODOM.



An muinntir n-ar baineadh a radharc díobh d'imthighdar
ag dul amú ar fuid na catharach. Ansan do labhair
an bheirt fhear le Lot.



“Imthigh,” ar siad, “agus má tá gaolta agat sa
chathair seo labhair leó agus abair leó imtheacht i
n-aonfheacht leat amach as an gcathair mar táthar chun
na catharach do dhíthiú. Táid peacaí na catharach ró
mhillteach i láthair Dé agus do chuir Dia anso sinne chun
díbhfeirge do dhéanamh ar an áit agus ar na daoine
mar táid siad ró olc.”



D'imthigh Lot agus do labhair sé leis an mbeirt fhear
a bhí chun a bheirt inghean do phósadh. Nuair a dh'innis
sé a sgéal dóibh is amhlaidh a chromadar ar gháirí.
Dubhradar leis gan bheith ag déanamh magaidh faoi féin
agus fútha-san.



Tháinig sé thar n-ais.


L. 30


“Imthigh féin agus do bhean agus do bheirt inghean
amach as an gcathair seo,” arsan fear leis, “agus
tugaidh aghaidh ar an gcnoc agus ná féachaidh i nbhúr
ndiaidh pé rud a dh'aireóchaidh sibh. Brostuigh ort!
Tá sé n-a lá feasta! Do chuir Dia anso mise chun na
catharach so agus a bhfuil de dhaoine inti do ídiú agus
ní féidir dom an nídh sin do dhéanamh go dtí go mbeidh
tusa agus do mhuinntir ar láimh shábhála. Brostuigh!
Is mar gheall ar Abraham a dh'órduigh Dia tusa do
chimeád saor ó'n íde.”



Ní raibh aon fhonn imthighthe ar Lot. Ní raibh sé ag
imtheacht ach go ríghin. Fé dheire do rug an t-aingeal
ar láimh air, agus ar a mhnaoi agus ar gach duine de'n
bheirt inghean agus do tharraig sé n-a dhiaidh amach as
an gcathair iad. Beirt aingeal ab eadh an bheirt fhear.



Chómh luath agus bhí an ceathrar lasmuich de'n chathair
agus ó bhaoghal, do bhí an ghrian eirighthe. Díreach tar
éis eirighe gréine iseadh thosnuigh an teine ar thuitim
as an spéir. Do thuit an teine 'n-a cith mar a thuitfadh
fearthainn agus dhein sí lasair de gach aon rud n-ar
theangbhuigh sí leis. D'airigh an ceathrar an fhuaim
lasrach laistiar díobh. Níor fheuch aoinne acu siar
ach bean Loit. Chómh luath agus d'fheuch sí siar dhein pola
salainn di. Thug an t-aingeal an foláramh di agus
ní raibh aon cheart aici feuchaint siar. Do thuit an cith
teine ar chathair Shodoim agus ar chathair Ghomorrha
agus ar na catharachaibh eile mórthímpal. Ba ghearr
ná raibh sa n-áit ar fad ach lasair, agus ansan luaith-
reach agus an deatach ag eirighe as an luaithrigh, agus
ar ball, nuair a shéid an ghaoth an deatach agus an
luaithreach chun siubhail ní raibh aon rian des na cathar-
achaibh le feiscint sa n-áit, ná aon rud beó, ná crann,
ná aon rud glas, ach an dúthaigh go léir 'n-a mhachaire
ruadh-dhóighte.



D'eirigh Abraham ar maidin agus tháinig sé chun
na h-áite n-ar sgar sé an tráthnóna roim ré leis an


L. 31


dtrímhadh duine de'n triúr. Bhí radharc ó'n áit sin ar
na catharachaibh. D'fheuch sé n-a dtreó. Ní fheacaidh sé
tigh ná treabh ann. Ní fheacaidh sé ach an machaire ruadh-
dhóighte agus an ceó ag eirighe as, gan rud glas ná
rud beó le feisgint air.



Tá an dúthaigh go léir riamh ó shin 'n-a ghrean thirim
agus tá i lár an mhacaire, mar a rabhadar na catharacha
malluighthe úd, an loch ar a dtugtar an Muir Marbh.



XVI.



FROMADH AR CHREIDEAMH ABRAHAIM.



Fé mar ghealladar an triúr aingeal tháinig an
t-am agus bhí an mac ag Sara, ag mnaoi Abrahaim.
Do tugadh Isaac mar ainm ar an mac fé mar a bhí órd-
uighthe. B'shiné an mac a bhí geallta d' Abraham
abhfad roimis sin, an mac ó n-a raibh sliocht Abrahaim
le teacht, an tsliocht ar a raibh Slánuightheóir an domhain
le teacht i gcolan daona chun na cine daona do shaoradh
ó pheaca an tsínsir, do réir na geallamhna úd a thug
Dia d'ár gcéad athair agus d'ár gcéad mháthair.



Le leamhnú Dé do leogadh mórán aimsire dh'imtheacht
ó'n lá a gealladh clann d'Abraham agus do Shara
sar a dtáinig an chlann. Bhí an bheirt ag dul i n-aois
go mór i dtreó nár bh'fhéidir dóibh do réir nádúra
aon tsúil a bheith aca le sliocht a bheith ortha. I n-aimh-
dheóin an aois, ámhthach, agus i n-aimhdheóin na h-aimsire
fada níor tháinig aon lagachar creidimh ar Abraham
i dtaobh na geallamhna. Fuair sé tuarastal an
chreidimh sin nuair a tháinig an mac le mírbhúilt ó Dhia
chuige agus é féin suas le céad blian d'aois agus Sara
deich mbliana agus cheithre fichid.



Ní foláir dúinn, ámhthach, a choimeád i n-ár n-aigne,
leis, nár bh'ionan céad blian i n-aois duine an uair
sin agus céad blian anois. Do mhairidís na daoine


L. 32


an uair sin níba shia 'ná mar a mhairid siad anois. An
t-é a bheadh deich mbliana agus trí fichid anois bheadh
sé chómh críona agus bheadh duine a bheadh céad blian
an uair sin. Ach mar sin féin, dá mbeadh fear deich
mbliana agus trí fichid anois agus a bhean trí fichid
blian ba mhírbhúilt mhór é clann a bheith acu.



Fromadh ó Dhia ar chreideamh Abrahaim ab eadh an
gheallamhaint d'fhágaint chómh fada gan cómhlíonadh.
Nuair a bhí an mac eirighthe suas do dhein Dia fromadh
eile ar chreideamh Abrahaim. Bhí, gan amhras, grádh
ana mhór ag Abraham do'n mhac san, an mac a gheall
Dia dhó agus a bhí chómh fada gan teacht. An mac n-a
raibh oiread san ag brath air. An mac a bhí chun sleachta
Abrahaim do dhéanamh chómh líonmhar. An mac n-a raibh
le teacht uaidh lá éigin an t-Aon a bhí chun na cine daona
go léir do shaoradh ó'n easgaine do chuir peaca an
tsínsir ortha. Níor bh'iongna gur mhór agá athair agus
agá mháthair é agus go raibh cion acu air agus grádh acu
dhó thar mar is féidir d'aoinne lasmuich díobh féin a
thuisgint i gceart. Ach do labhair Dia le h-Abraham
agus dubhairt sé an chainnt seo:—



“A Abrahaim! A Abrahaim!”



“Táim anso, a Thighearna,” arsa Abraham.



“An t-aon mhac san agat n-a bhfuil an grádh agat
dó,” adubhairt Dia leis, “tóg leat é agus dein é do
ídhbirt chugham-sa i n'ídhbirt loisgithe, ar chnoc a thais-
beánfad duit.”



Ba chruaidh an t-órdú é. Dob ait an críochnú é,
a déarfadh duine, ar an ngeallamhaint a tugadh le
h-oiread san deimhne agus do fágadh chómh fada gan
cómhlíonadh. Ba chruaidh an cás é, a iarraidh ar an
athair an mac san do chur chun báis le n-a láimh féin agus
ansan a chuid feóla agus a chnámha do losgadh n-a
luaithrigh ar altóir! Agus ansan dul thar n-ais abhaile
agus a dh'innsint do'n mháthair cad a bhí déanta!



Do thuig Abraham cruadhtan an sgéil, ach do thuig


L. 33


sé gur bh'é órdú Dé é. Ní dubhairt sé, “Is cruaidh é,”
ná “Is deacair é.” Thuig sé gur bh'é Dia a thug dó an
mac san agus go bhféadfadh Dia é thógaint uaidh aon
tráth ba thoil leis é, agus go raibh ar chumas Dé an
gheallamhaint do chómhlíonadh pé rud d'imtheóchadh ar an
mac. Thuig sé i n'aigne ná raibh aige féin le déanamh
ach imtheacht agus an t-órdú a bhí fághalta aige do
chómhlíonadh.



D'eirigh sé sa n-oidhche agus ghaibh sé asal agus ghlaoidh
sé chuige beirt bhuachaillí agus a mhac Isaac.



XVIII.



ÍDHBIRT AG ABRAHAM.



Do gearradh an t-adhmad agus do socaruigheadh é
ar muin an asail. Do ghluais an ceathrar, an t-athair
agus an mac agus an bheirt bhuachaillí, agus an t-adhmad
ar muin an asail acu, fé dhéin na h-áite n-a raibh an
ídhbirt le déanamh. Bhíodar trí lá agus trí oidhche ar
an slighe. Ba chruaidh an trí lá agus trí oidhche iad
ar Abraham. An mac san, a bhí ag dul amach sa chúig-
mhadh bliain fichid d'á aois an uair sin, agus go rabhthas
tar éis oiread san aimsire chaitheamh ag feitheamh le n-a
theacht ar an saoghal, agus go raibh croidhe a athar chómh
greamuighthe ann; agus é féin chómh séimh chómh grástamhail,
chómh soilbhir, chómh lán d'uraim d'á athair agus d'á
mháthair, chómh lán de ghrádh dhóibh; conus fhéadfadh an
t-athair sin an mac san do chur chun báis le n-a láimh
féin agus ansan a chorp do losgadh le teine, anáirde
ar altóir i ndúthaigh iasachta, abhfad ó bhaile, ar mhullach
cnuic éigin, i lár uaignis agus fiantais! Ba chruaidh
an gníomh lé déanamh é. Ba chruaidh an rud é, a iarraidh
ar athair an mhic sin a leithéid do dhéanamh.



Nuair a bhí trí lá agus trí oidhche caithte acu ag cur
na slighe dhíobh do chonaic Abraham uaidh an cnoc.


L. 34


Ansan dubhairt sé leis an mbeirt bhuachaillí fanmhaint
mar a rabhadar “agus” ar seisean, “cimeádaidh-se
an t-asal anso agus raghad-sa agus mo mhac chun na
h-áite úd agus déanfimíd an ídhbirt.” Ansan do
thóg sé adhmad na b-ídhbirte agus thug sé d'Isaac é
le h-iompar, agus do thóg sé féin leis an teine agus
claidheamh. Chomáineadar leó ar an gcuma san ar
feadh tamail. Ar ball labhair an mac.



“Feuch, a athair,” ar seisean, “tá an t-adhmad
againn agus tá an teine againn, ach ca bhfuil an nídh
le h-ídhbirt?”



Sgian tré chroidhe an athar ab eadh an focal san. Ní
raibh ann ach an bheirt. Is beag d'á chuimhneamh a bhí ag
an mac cad í an ghéire a bhí sa cheist a bhí curtha aige.
Is beag d'á chuimhneamh a bhí aige gur bh'é féin a bhí le
h-ídhbirt chómh luath agus a shroisfidís mullach an chnuic.
Chuaidh an cheist tré chroidhe an athar. Níor labhair sé
ar feadh tamail. Dubhairt sé ar ball:—



“Tabharfidh Dia féin dúinn an nídh le h-ídhbirt, a
mhic,” ar seisean.



Thánadar chun na h-áite. Dhein Abraham an altóir.
Shocaruigh sé an t-adhmad mar ba cheart chun na
h-ídhbirte. Ansan do cheangail sé a mhac Isaac agus
chuir sé ar an altóir é, anuas ar an adhmad. Gan
amhras d'innis sé d'Isaac ar dtúis i dtaobh an órduighthe
a bhí fághalta aige ó Dhia, agus gan amhras, leis, do
thoiligh Isaac chun na h-ídhbirte nuair a thuig sé gur
le h-órdú Dé a bhí an ídhbirt le déanamh.



Nuair a bhí Isaac ar an altóir agus é ceangailte do
thóg Abraham an claidheamh 'n-a láimh agus d'árduigh
sé a lámh chun an bhuille do bhualadh. Sar a' raibh uain aige
ar an mbuille do bhualadh do labhair an t-aingeal leis
as na flathais do ghuth árd.



“A Abrahaim! A Abrahaim!” arsan t-aingeal.



“Táim anso, a Thighearna!” arsa Abraham.


L. 35


“Na bain leis an mac!” arsan t-aingeal. “Ná
dein aon nídh leis! Chím anois go bhfuil eagla Dé ort
agus nár chimeádais uaim t-aon mhac féin!”



Le n-a linn sin d'fheuch Abraham thar a ghualainn.
Chonaic sé reithe i n-achran i sgeachaibh, greim ag na
sgeachaibh ar adharcaibh air. Do sgaoil sé na ceangalacha
de'n mhac agus do rug sé ar an reithe agus cheangal
sé é agus chuir sé ar an altóir é agus d'ídhbir sé é
i n-inead an mhic.



An cnoc san n-ar dhein Abraham an méid sin thuas
ar a bhara, Mora an ainim a bhí air, an uair sin. Bhí
ainim eile n-a dhiaidh san air. Chnoc Chalbharaí a bhí
mar ainim 'n-a dhiaidh san air. B'é an cnoc céadna
é ar ar fhuilig ár Slánuightheóir bás abhfad 'n-a dhiaidh
san chun na cine daona do shaoradh ó ifrean agus ó
chómhachtaibh an áirseóra. D'iompair an Slánuightheóir
an chruis chéasta go barr an chnuic sin, abhfad 'n-a dhiaidh
san, díreach mar a dh'iompair Isaac an t-adhmad an
uair sin, i gcóir na h-ídhbirte. Chuaidh Isaac saor
ó'n ídhbirt an uair sin mar do thug Dia d'á athair nídh
thar a cheann le h-ídhbirt. Thug an Slánuightheóir, moladh
go deó leis, é féin i n-ídhbirt d'á Athair Síoruidhe,
thar cheann na cine daona, agus chuaidh an chine daona
saor ó'n easgaine a bhí ortha tré pheaca an tsínsir.



XVIII.



AR LORG MNÁ D'ISAAC.



Do ghluais an aimsir. D'imthigh chúig bhliana déag
eile. Bhí Abraham ag dul i gcríonacht go mór. Bhí
Isaac suas le dachad blian. Is fíor nár mhar a chéile
dachad blian an uair sin, i n-aois duine, agus dachad
blian anois. An fear a bheadh dachad blian an uair
sin bheadh sé chómh h-óg, nú níb' óige, 'ná fear a bheadh deich


L. 36


mbliana fichid anois. Mar sin féin bhí an t-am tagaithe
n-ar cheart d'Isaac pósadh.



Ba ró fhuiriste dhó bean a dh'fhághail sa n-áit n-a raibh
sé féin agus a athair n-a gcómhnuighe. Ní bheadh a athair,
ná ní bheadh sé féin ach chómh beag, sásta le h-aon mhnaoi
des na mnáibh a bhí le fághail sa tír sin. Ní bheadh
Abraham sásta le h-aon mhnaoi, mar chéile d'á mhac,
ach le mnaoi éigin anoir ó n-a dhúthaigh féin, an dúthaigh
as a mb'éigean dó imtheacht i dtusach a shaoghail le
h-órdú Dé. An nídh a bhí daingean i n-aigne Abrahaim
is leis a bhí aigne an mhic sásta agus ní raibh aon aidhm
aige ar aon nídh eile.



Bhí Abraham ana-shaidhbhir an uair sin agus bhí reacht-
aire aige ag tabhairt aireachais d'á chuid saidhbhris
agus ollmhathais. Eliésar ab ainim do'n reachtaire.
Duin'uasal ana chreideamhanach ab eadh é agus bhí ion-
taoibh ana mhór ag Abraham as. Do ghlaoidh Abraham
chuige é lá agus do labhair sé leis.



“A leithéid seo, a Eliésair,” arsa Abraham,
“Ullmhuigh thu féin chun bóthair agus imthigh leat soir
go Mesopotámia mar a gcómhnuighidh mo ghaolta agus
tabhair leat anoir ó'n dtír sin cailín éigin de m'
threabhchas féin go dtabharfar mar mhnaoi phósta í dom'
mhac Isaac.”



“Déanfad, a thighearna,” arsa Eliésar.



“Tá iontaoibh mhór agam asat, a Eliésair,” arsa
Abraham, “ach gnó ró mhór le rádh iseadh an gnó so
atá agam 'á thabhairt le déanamh anois duit agus ní
foláir dom deimhne bheith agam air go ndéanfir an
gnó sa cheart. Táid mná óga saidhbhire, creideamhnacha,
uaisle, le fághail sa tír seo agus ins gach áit as so soir
go tír mo dhúthchais féin. Ní foláir dom deimhne bheith
agam air na tabharfir chugham aon duine des na mnáibh
óga san, pé saidhbhreas atá acu ná pé creideamhaint
atá acu ná pé sgéimh áilneachta atá ortha, ach go


L. 37


dtabharfir chugham óigbhean dem' mhuinntir féin, mar
mhnaoi phósta dom' mhac.”



“Geallaim agus deimhnighim duit, a thighearna,”
arsa Eliésar, “go ndéanfad san, díreach do réir
do thoile.”



“Níl aon droch iontaoibh agam, a Eliésair,” arsa
Abraham, “as do gheallamhaint ná as do dheimhniú,
ach ní dhéanfidh geallamhaint ná deimhniú an gnó an
turus so.



“Agus cad tá le déanamh agam, a thighearna,” arsa
Eliésar, “chun t'aigne shásamh i dtaobh an sgéil.”



“Caithfir a dhearbhú i láthair Dé go ndéanfir an gnó
díreach mar adeirim,” arsa Abraham.



“Agus cuir i gcás, a thighearna,” arsa Eliésar, “go
ndiúltóchaidh an bhean agus go ndéarfidh sí ná tiocfidh
sí liom cad a bheidh le déanamh agam? An amhlaidh a
bhéarfad mo thíghearna Isaac féin liom soir i dtreó
go bhfeicfar é? Ba dhóic liom, a thighearna, dá bhfeicfí
lastoir é ná beadh puinn deacarachta sa ghnó so atá
le déanamh agam.”



“Ná dein a leithéid, a Eliésair!” arsa Abraham.
“Ná beir mo mhac soir sa tír sin leat! Ná bain le
n-a leithéid a dhéanamh. Eirigh féin soir agus beidh
aingeal ó Dhia at' fhochair, stiúróchaidh an t-aingeal tú
sa tslighe agus sa ghnó. Dein an dearbhú dhom mar
adeirim leat. Ansan má dhiúltuighean an bhean do
theacht leat beir-se saor ó'n ndearbhú mar beidh do
dhítheal féin déanta agat.”



Ansan do dhein Eliésar an dearbhú. Chuir sé a lámh
fé cheathramhain Abrahaim agus do cheangail sé é féin
i láthair Dé chun na h-oibre dhéanamh do réir toile
Abrahaim.



Do réir nóis na h-aimsire sin an uair sin ba mhar
a chéile lámh do chur fé'n gceathramhain ar an gcuma
san agus an leabhar do thabhairt anois.


L. 38


XIX.



ELIÉSAR AG AN DTOBAR.



D'ullmhuigh an reachtaire Eliésar é féin chun bóthair.
Thóg sé deich gcinn de chamalaibh a' treud a thighearna.
Do ghaibh sé iad agus chuir sé ualaí ortha. Chuir sé
mórán saidhbhris agus ollmhathais chuige ins na h-ualaíbh
sin. Ansan do ghluais sé soir go Mesopotámia,
go cathair Nachoir.



Ní h-innstear an mó lá a bhí an reachtaire ar an
slighe ach innstear go raibh an tráthnóna ann nuair a
shrois sé tobar áirithe a bhí i gcómhgar do chathair Nachoir.
Do stad sé i n-aice an tobair agus chuir sé na camail
'n-a luighe mar bhí an tuirse ortha agus gádh le suaineas
acu.



Bhí a chúis féin aige le stad i n-aice an tobair sin.
Bhí 'fhios aige go raibh sé sa n-áit n-a raibh gaolta
Abrahaim 'n-a gcómhnuighe. Bhí 'fhios aige, leis, gur
dhócha go mbeadh mná óga an bhaile ag teacht, ó bhí an
tráthnóna ann, chun uisge do bhreith leó ó'n dtobar
i gcóir na h-oidhche, agus go mb' fhéidir go dtiocfadh
an bhean a bhí uaidh ar a measg. Chuimhnigh sé ar an bhfocal
adubhairt Abraham leis, .i. go mbeadh aingeal ó Dhia
i n' fhocair 'ghá stiúrú. Chrom sé ar a ghuidhe do chur
suas chun Dé ar an gcuma so:—



“A Thighearna,” ar seisean, “A Dhia mo thighearna
Abraham, tar le cabhair chugham indiu! Stiúruigh
me sa ghnó so atá 'n-a chúram indiu orm! Táim am'
sheasamh anso anois ag bruach an tobair seo. Tiocfidh
mná óga an bhaile seo amach anso a d'iarraidh uisge
anois. An cailín acu n-a ndéarfad-sa léi, ‘leog
anuas do chrúsga go n-ólad deoch,’ agus go ndéarfidh
sisi, “Ól, a dhuin'uasail, agus tabharfad uisge do
d' chamalaibh, leis, deónuigh, a Thighearna Dia, gurab í


L. 39


sin an cailín atá ceapaithe agat-sa mar chéile do
d'sheirbhíseach Isaac, agus mar sin dein trócaire ar
mo thighearna Abraham!”



Is ar éigin a bhí an ghuidhe sin curtha suas chun Dé
aige, ar an gcuma san, nuair a chonaic sé chuige cailín
áluinn óg agus í ag déanamh ar an dtobar. Chuir a
h-áilneacht iongna air. Ba léir dó, leis, gur chailín
uasal í. Bhí crúsga ar a gualainn aici. Chuaidh sí
síos chun an tobair agus do líon sí an crúsga. Bhí an
crúsga ar a gualainn aici agus í chun aghaidh a thabhairt
abhaile nuair a labhair an reachtaire léi.



“Leog anuas do chrúsga, a 'ghnín ó, má sé do thoil
é, agus leog dom deoch a dh'ól as,” ar seisean.



Do leog sí an crúsga anuas ar a cuislinn láithreach,
“Seo, a dhuin'uasail,” ar sisi, “ól do dheoch, agus
tabharfad uisge do d'chamalaibh, leis.”



D'ól sé a dheoch. Ansan do chaith sisi an méid uisge
a bhí sa chrúsga isteach sa n-iomar a bhí i n-aice an tobair
agus bhí sí ag tarrach an uisge as an dtobar agus 'ghá
chur sa n-iomar go dtí go raibh a ndóithin ólta ag na
beithidheachaibh. Bhí seisean ag feuchaint uirthi an fhaid
a bhí sí ag déanamh na h-oibre sin, agus é 'ghá fhiafraighe
dhe féin i n'aigne ar bh'í sin an cailín a bhí ceapaithe ag
Dia mar chéile do mhac Abrahaim.



Nuair a bhí an t-uisge tabhartha dos na beithidhigh aici
agus an crúsga aici dh'á thógaint chun imtheacht abhaile
tháinig sé 'n-a h-aice agus thug sé dhi dhá fháinne cluas a
bhí déanta d'ór agus a bhí ana dhaor, agus do labhair
sé airís léi.



“Ar bh'é do thoil, a 'ghnín ó,” ar seisean “a dh'innsint
dom cé h-é t'athair? nú an bhfuil slighe 'n-a thigh n-a
bhféadfainn stad ann i gcóir na h-oidhche?”



“Batuel is ainim do m'athair, a dhuin'uasail, ar
sisi. “Mac do Mhelca iseadh é. Tá slighe do dhóithin
agat le fághail 'n-a thigh,” ar sisi, “agus cóir bhídh agus


L. 40


chodlata dhuit féin agus d'á bhfuil agat. Imtheóchad
láithreach agus 'neósfad dóibh go bhfuilir ag teacht.”



D'imthigh sí. Ansan do shléacht Eliésar i láthair
Dé, go h-umhal agus go díograsach, agus do ghaibh sé
a bhuidheachas ó chroidhe le Dia na Glóire toisg gur
bh'é toil Dé é sheóladh chómh cruinn chómh díreach i dtreó
na h-oibre a bhí le déanamh aige agus go raibh eirighthe
leis sa n-obair chómh luath agus chómh maith. Bhí gaol gairid
ag Batuel le h-Abraham. Rebecca ab ainim do'n
chailín agus do thuig Eliésar nár bh'fhéidir cailín ab
fhearr 'ná í ná ba mhaiseamhla 'ná í do sholáthar mar
mhnaoi do mhac Abrahaim. Bhí sé lán tsásta i n'aigne.



XX.



TIGH MUINNTIRE REBECCA.



Chuaidh an cailín abhaile go mear. Thaisbeáin sí d'á
máthair an dá sheóid bhreághtha a bhí fághalta aici agus
d'innis sí an chainnt adubhairt an duin'uasal léi agus
gur theastuigh uaidh teacht chucha i gcóir na h-oidhche.
Bhí dritháir aici agus Laban ab ainim dó. Do rith sé
sin amach agus tháinig sé chun an tobair. Fuair sé ann
an fear agus é 'n-a sheasamh i n-aice na gcamal.



“Tar liom-sa láithreach chun ár dtighe-na, a dhuin'
uasail,” ar seisean. Ná fan ad' sheasamh anso. Tá an
tigh ullamh duit féin agus d'á bhfuil agat. Tá slighe
agus breis againn duit féin agus do d' chamalaibh.
Téanam ort, a dhuin'uasail.” Do rug sé leis chun an
tighe é. Do cuireadh gach aon chóir air féin agus ar
na fearaibh a bhí aige agus do tugadh cró agus asair
dos na camalaibh. Ar ball do cuireadh bia agus
deoch os a chómhair. Do stad sé.



“Sar a n-ithead bia,” ar seisean, “a dhaoine muinn-
teardha, ní mór dom an gnó do thug mé a dh'innsint.”


L. 41


“Mar is toil leat, a dhuin'uasail,” ar siad-san.



“Is ó Abraham a thánag-sa ar an gcuaird seo,” ar
seisean. “Fear ana shaidhbhir iseadh é agus tá lámh
Dé leis. Tá aon mhac amháin aige. Isaac is ainim
do'n mhac. Tá a bhean-máthair an mhic sin-tar éis
bháis. Is mian leis bean do sholáthar d'á mhac. Ní
h-áil leis go bpósfadh a mhac aon bhean des na mnáibh
atá sa tír 'n-a bhfuil sé 'n a chómhnuighe ansúd thiar.
Do chuir sé mise uaidh anso go tír a dhúthchais, mar a
bhfuilid a ghaolta agus d'órduigh sé dhom cailín d'á
mhuinntir féin do bhreith chuige siar ó'n áit seo ag triall
ar a mhac, chun í bheith mar mhnaoi phósta aige. B'éigean
dom a gheallamhaint dó go ndéanfinn an nídh sin dó
do réir a thoile, agus b'éigean dom an gheallamhaint
a dhéanamh daingean fé dhearbhú i láthair Dé. Thugas
aghaidh ar an mbaile seo ar dtúis. Chuimhnigheas go
mbeadh mná óga an bhaile seo ag dul amach chun an
tobair sin a d'iarraidh uisge. D'iarras ar Dhia an
óig-bhean a bhí ceapaithe ag Dia do mhac mo thighearna
Abraham do sheóladh am' threó, agus d'iarras ar Dhia
cómhartha thabhairt dom uirthi i dtreó go n-aithneóchainn
í nuair a thiocfadh sí chugham. Sidé an cómhartha a
dh'iarras agus seo mar a dh'iarras é. Chuireas mo
guidhe suas chun Dé ar an gcuma so:—



“A Thighearna Dia,” arsa mise, am' aigne, ‘an cailín a
tiocfidh chun an tobair seo anois, a d'iarraidh uisge,
agus go ndéarfad-sa léi deoch do thabhairt dom,
agus go ndéarfidh sisi, “Tabharfad deoch duit,
agus tabharfad uisge do d'chamalaibh, leis.”
Deónuigh, a Thighearna Dia, gurab í sin an bhean atá
ceapaithe agat-sa mar mhnaoi phósta do mhac mo
thighearna Abraham.’



“Is ar éigin a bhí an ghuidhe sin déanta agam nuair
a chonac an cailín seo, Rebecca, ag teacht am' dháil
agus crúsga ar a gualainn aici. Chuaidh sí síos chun
an tobair agus do líon sí an crúsga agus bhí sí ag teacht


L. 42


ó'n dtobar agus an crúsga lán ar a gualainn aici.
Dhruideas 'n-a coinnibh, ‘Leog anuas do crúsga,
a 'ghnín ó,’ arsa mise léi, ‘go n-ólad deoch as.’
‘Leogfad cheana, a dhuin'uasail,’ ar sisi, ‘Ól do dheoch’
ar sisi, ‘agus tabharfad uisge do d' chamalaibh,
leis.’ Do leog sí an crúsga anuas ar a cuislinn
agus d'ólas mo dheoch as. Ansan d'imthigh sí agus
bhí sí ag tarrac an uisge as an dtobar agus 'ghá
thabhairt dos na camalaibh go dtí go raibh a ndóithin
ólta acu.



“Thuigeas ansan go raibh freagra fághalta agam ar
mo ghuidhe; an cómhartha a dh'iarras ar Dhia go raibh sé
fághalta agam, agus gur bh'í Rebecca an cailín a bhí
ceapaithe ag Dia na Glóire chun í bheith 'n-a mnaoi
phósta ag Isaac, ag mac mo thighearna Abraham. Ansan
d'fhiafruigheas di cé'r bh'í féin agus d'innis sí dhom.
Nuair innis sí dhom cé'r bh'í féin do deimhnigheadh am'
aigne dhom níba dhaingne, gur bh'í an bhean cheart í.
Bhí an cómhartha cruinn, fé mar a bhí iarrtha ar Dhia
agam é thabhairt dom, agus ansan bhí toil mo thighearna
Abraham cómhlíonta. Gaol gairid dó féin ab eadh
an cailín.



XXI.



PÓSADH ISAAC.



“Nuair a bhí mo thighearna Abraham ag cur na
geallamhna chómh dian orm d'fhiafraigheas de cad a bheadh
le déanamh agam dá mba rud é nár thoil leis an mnaoi
teacht liom. Dubhairt sé liom dá ráineóchadh san ná
beadh easgaine an dearbhuighthe orm.



“Ní'l agam le déanamh anois, a cháirde, ach a
fhiafraighe an dtiocfidh Rebecca liom nú an gcaithfad
aghaidh a thabhairt i dtreó éigin eile.”


L. 43


“Is léir,” ar siad san, “gur ab é briathar Dé atá
sa sgéal agus ní féidir dúinne cur 'n-a choinnibh.
Sin í Rebecca féin os do chómhair. Tóg leat í agus
imthigh agus bíodh sí 'n-a mnaoi phósta ag mac do
thighearna, fé mar atá labhartha ag Dia féin leat.”



Nuair airigh Eliésar an chainnt sin ag teacht uatha go
léir, d'aon ghuth, do shléacht sé go talamh ag gabháil a
bhuidheachais le Dia. Nuair a bhí san déanta aige
do thug sé leis, as na h-ualaíbh, arthaí óir agus airgid
agus éadaí uaisle daora agus do bhronn sé iad ar
Rebecca, agus thug sé tabhartaistí, leis, d'á máthair
agus d'á drithárachaibh.



Ansan do deineadh féasta agus do suidheadh ag
ithe agus ag ól.



D'eirigh an reachtaire go moch ar maidin amáireach
a bhí chughainn agus do labhair sé. “Leogtar mise chun
siubhail anois,” ar seisean, “go dtéidhead ag triall
ar mo mháighistir. Tá mo ghnó déanta agam buidheachas
mór lé Dia dh'á chionn, agus isé is fada liom go mbead
thiar i n' fhochair agus mo sgéal innste agam dó.”



“Dubhairt an mháthair, ámhthach, agus na drítháracha,
“Ní h-eadh ach fanadh an cailín anso againn aon deich
lá amháin agus ansan imthigheadh sí leat.”



“Ná deinidh sin,” ar seisean, “agus ná cuiridh
ríghneas orm, óir isé Dia do stiúruigh mé ar mo chuaird
agus do chuir mo ghnó chun cinn chómh maith. Ní ceart
aon ríghneas do chur orm sa ghnó óir isé gnó Dé é.”



“Glaodhtar ar an inghín,” ar siad san, “agus
fiafraightear di cad is toil léi.” Do glaodhadh
uirthi agus do cuireadh an cheist chúichi, “An toil
leat imtheacht leis an nduine seo?” “Is toil,”
ar sisi.



Ansan do leogadh chun siubhail í féin agus a buime
i n-aonfheacht le reachtaire Abrahaim agus le n-a
chualacht, agus le linn imthighthe dhi bhí a muinntir go
léir ag guidhe chun Dé ar a son, 'ghá iarraidh ar Dhia


L. 44


rath agus séan do chur uirthi, agus sliocht go líonmhar,
agus buadh do thabhairt d'á sliocht ar a namhaid i
gcómhnuighe.



Thug an reachtaire aghaidh ar an mbaile gan ríghneas.
Tháinig sé an bóthar a dh'imthigh sé. Nuair a tháinig sé
i radharc an bhaile chonaic sé féin agus a chualacht Isaac
ag siubhal i dtreó tobair a bhí sa n-áit. D'fhiafraigh
Rebecca dhe cé'r bh'é an fear san. D'innis sé dhi.
Do chonaic Isaac, leis, iad san ag teacht. Do
ghluais sé n-a dtreó. Chómh luath agus chonaic
Rebecca Isaac tháinig sí anuas de'n chamal agus chuir
sí a clóca uímpi agus chlúduigh sí a ceann leis an
gclóca.



Thug an reachtaire tuairisg chruinn d'Isaac agus
d'Abraham ar a chuaird agus ar conus a dh'eirigh a
chuaird leis. D'innis sé dhóibh conus mar a stiúruigh
Dia na glóire é sa ghnó go léir; conus mar a stad
sé ag an dtobar agus conus mar a chuir sé a ghuidhe
suas chun Dé 'ghá iarraidh ar Dhia an cómhartha do
thabhairt dó, agus conus mar a tugadh an cómhartha dhó,
agus, d'á chómhartha san féin, ná tabharfadh Rebecca
an deoch uaithe chómh tapaidh, as an gcrúsga, agus ná
h-umhalóchadh sí í féin chómh fonnmhar chun an uisge
thabhairt dos na camalaibh, mara mbeadh í bheith fial,
deagh-chroidheach, uasal-aigeanta, mar a bhí sí agus
mara mbeadh í bheith maith a dóithin i bhfeabhas a h-aigne
chun bheith na céile ag Isaac. Chonacadar go léir
go raibh áilneacht a pearsan chómh neamhchoitchianta
le feabhas a h-aigne.



Do thuig Isaac feabhas a h-aigne agus chonaic sé
áilneacht a pearsan agus do ghaibh sé buidheachas ó
chroidhe le Dia a chuir chuige í. Do phós sé í agus thug
sé grádh ana mhór di mar dob fhiú í é. Do mhaoluigh
an grádh san a bhí aige do'n mhnaoi sin an bhuairt a bhí
air an uair sin i ndiaidh a mháthar a bhí tar éis bháis
d'fhághail beagán aimsire roimis sin.


L. 45


XXII.



BEIRT MHAC ISAAC.



Do mhair Abraham go dtí go raibh sé céad agus
chúig bhliana déag agus trí fichid, agus fuair sé bás.
D'fhág se a chuid go léir agá mhac Isaac agus d'fhág
san Isaac saidhbhir go maith. Bhí aon nídh amháin, ámhthach,
a bhí ag déanamh buartha aigne d'Isaac. Níor bh'é toil
Dé clann do theacht idir é féin agus a bhean. Do chuir
sé a thoil le toil Dé, ach bhíodh sé do shíor ag guidhe chun
Dé 'ghá iarraidh ar Dhia clann do thabhairt dóibh. Tar
éis mórán aimsire do thárla go raibh Rebecca ag
iompar clainne. Nuair a bhí cuid mhaith d'á h-aimsir
caithte aici do mhothuigh sí nídh iongantach, nídh a chuir
sgannra uirthi. Mhothuig sí fé mar a bheadh beirt chlainne
ar iompar aici agus únfairt éigin ar siubhal acu, fé
mar a bheidís ag gleic istigh 'n-a broinn. Tháinig
sgannra uirthi, mar cheap sí gur dhócha go dtiocfadh
an bás uirthi d'á ndruim. B'é toil Dé aingeal do
chur, ag triall uirthi chun an sgannra bhaint di agus
a dh'innsint di cad é an brígh a bhí leis an únfairt agus
leis an ngleic.



“Tá beirt mhac ar iompar agat,” arsan t-aingeal
léi, agus beidh coimhsgar eatartha um uachtaránacht.
Tiocfidh dhá shliocht mhóra líonmhara ó'n mbeirt sin
agus beidh an t-uachtaránacht ag an sósar os cionn an
tsínsir agus ag sliocht an tsósair os cionn sleachta
an tsínsir; agus siné brígh atá leis an nídh sin a chuir
an sgannra ort.”



Tháinig an t-am agus do rugadh an bheirt mhac. Tháinig
duine acu ar dtúis, ach má tháinig bhí greim daingean
ar throigh leis ag láimh an tarna duine acu agus é ag
teacht ar an saoghal 'n-a dhiaidh. An chéad duine acu
a tháinig bhí fiona ruadh-dhearg ar a chroicean agus bhí


L. 46


croicean an leinbh eile glan ó fiona. Do tugadh Esau
mar ainim ar an gcéad leanbh a rugadh, agus do tugadh
Iacob mar ainim ar an leanbh eile. Cialluigheann
“Iacob” sárú, mar do tuigeadh gur bh'é an sósar é
agus go raibh sé a d'iarraidh an tsínsir do shárú.
Bhí Isaac trí fichid blian nuair a rugadh an bheirt
sin.



D'fhás an bheirt agus bhí deifrigheacht meóin agus
aigne eatartha fé mar a bhí an deifrigheacht croicin
eatartha. Dhein fear tréan láidir cuthaigh de'n fhear
chlúmhach. Amuich ar na cnocaibh ag fiadhach ba mhaith
leis bheith. Ní chuireadh na droch bheithidhigh sgáth ná eagla
air ach do chuireadh seisean an t-eagla ortha-san, tré
mhéid a nirt agus a chródhachta. Thugadh sé leis abhaile
toradh an fhiadhaigh agus ba mhinic ag teacht abhaile é agus
seilg mhór mhéith aige. Do thaithneadh an bia sin go maith
leis an muinntir a bhíodh sa bhaile agus do thaithneadh
sé le h-Isaac níb' fhearr 'ná mar a thaithneadh aon tsaghas
eile bídh leis.



D'fhás Iacob ar a mhalairt sin de chuma ar fad. Ní
raibh aon dúil i bhfiadhach aige ná i gcoimhsgar le beith-
idheachaibh allta. Duine réidh ciúin cneasta suaineasach
ab eadh é. Ag tabhairt aire do thréadaibh caereach a
bhíodh sé agus d'á n-uanaibh. Ní raibh an lúth ná an neart
ann a bhí sa bhfear eile i n-aon chor. Ní raibh aon lorg
aige ar bheith suas a's anuas le beithidheachaibh allta, go
mór mór dá mba beithidhigh chontabharthacha iad. Níor
mhór do bheithidheach acu bheith ana láidir, ana chontabharthach
chun aon eagla chur ar Esau.



Bhí cion mór ag an athair agus ag an máthair ortha
araon, ach dob é Esau an fear díobh ab annsa leis an
athair, agus ba mheasa leis an máthair an t-aodhaire
a bhí mín, cneasta suaineasach 'ná an fiagaidhe fiain.
Bíodh Iacob sa bhaile aici i gcómhnuighe agus isé is
dóichighe go mbíodh sé níba chneasta agus níb' uramamhla
dhi 'ná an fear eile.


L. 47


XXIII.



CLEAS REBECCA.



Do thuig gach aoinne gur bh'é Esau an sínsear agus
d'á bhrígh sin gur bh'é bheadh 'n-a cheann ar an dteaghlach
nuair a gheóbhadh Isaac bás. Do tuigeadh, leis, go
raibh beannacht éigin ag leanmhaint an cheannais
sin agus go dtabharfadh Isaac an bheannacht san d'Esau
nuair a bheadh sé féin ag fágaint an tsaoghail.



Ní dheabhruighean an sgéal go raibh aon tsuim ró mhór
ag Esau sa cheannas ná sa bheannacht. Tháinig sé isteach
lá ó bheith ag fiadhach agus é traochta le tuirse agus le
tart agus le h-ocras. Bhí Iacob istigh roimis agus
saghas éigin praisge, nú leitean, beirbhthe aige.



“Ó, a dhritháir,” arsa Esau, “tabhair dhom chuid
de'n phraisigh sin. Táim i ndeire anama leis an
ocras!”



“Tabharfad cheana,” arsa Iacob, “ach an phraiseach
do cheannach uaim. Díol-se liom-sa anois ceart do
shínsireachta agus tabharfad duit an phraiseach.”



“Bíodh sé agat!” arsa Esau. “Cad é an tairbhthe
dhómhsa é mar cheart sínsireachta má gheibhim bás leis
an ocras anois?”



“Dearbhuigh go dtabharfir dom é,” arsa Iacob.



Dhein Esau an dearbhú. Ansan do thug Iacob a dhóithin
le n-ithe dhó agus bhí sé sásta. D'imthigh sé agus níor
chuimhnigh sé a thuille ar an sgéal.



Do ghluais an aimsir. Do phós Esau bean de mhnáibh
na tíre sin. Níor dhein sé mar a dhein a athair, toil a
athar féin do shásamh agus bean do thabhairt leis anoir
ó dhúthaigh a shínsear. Tamal 'n-a dhiaidh san do phós
sé bean eile de mhnáibh na h-áite. Ní raibh sé bun os
cionn an uair sin níba mhó 'ná aon bhean amháin a bheith
ag fear.


L. 48


I n-éaghmais iad a bheith de'n fhuil iasachta níor mhná
fóghanta an bheirt. Ní rabhadar umhal d'Isaac ná do
Rebecca. Bhíodar stuacach, droch mhúinte mínáireach
leó agus chuiridís buairt aigne go minic ortha.



Ach bhí Isaac ag dul i gcríonacht go mór agus ag
tuitim leis an aois. Bhí ag dul d'á radharc agus dá
éisteacht. Do ghlaoidh sé chuige Esau. Tháinig Esau ag
triall air.



“An bhfuilir ansan a mhic,” arsa Isaac.



“Táim, a athair,” arsa Esau.



“Chíon tú, a mhic,” ar seisean, “go bhfuilim ag dul
i gcríonacht agus nách fios cad é an lá a thiocfidh an
bás orm.



Eirigh agus tóg leat t'airm fiadhaigh agus imthigh amach
agus chómh luath agus gheóbhair seilg tabhair leat é agus
dein é dh'ullmhú n-a bhia dhom fé mar is eól duit a thaith-
nean liom, agus tabhair chugham é go n-ithead é agus
go gcuiread an bheannact ort roimh fhághail bháis dom.”



D'airigh Rebecca an focal. Chómh luath agus bhí Esau
imthighthe amach do ghlaoidh sí ar Iacob.



“Feuch, a mhic,” ar sisi, “d'airigheas t-athair anois
ag cainnt le d' dhritháir Esau; ‘Imthigh amach,’ ar seisean
leis, ‘agus tabhair leat chugham nídh de thoradh do sheilge
agus ullmhuigh bia dhom go n-ithead é agus go gcuireadh
an bheannacht i láthair Dé ort sar a' bhfaghad bás.’
“Agus anois, a mhic,” ar sisi, “dein-se mo chómairle-
se. Imthigh chun do threuda agus tabhair chugham dhá
mhionán ana mhaithe agus déanfad díobh an bia sin a
thaithnean le t'athair agus béarfir-se an bia ag triall
air isteach agus íosfidh sé an bia agus is ort-sa a chuir-
fidh sé an bheannacht sar a' bhfaghaidh sé bás.”



“Seachain, a mháthair!” arsa Iacob. “Is eól duit
gur fear clúmhach mo dhritháir agus go bhfuil mo
chroicean-sa sleamhain, glan. Má chuirean m'athair
lámh orm agus go n-aithneóchaidh sé óm' chroicean mé
is eagal liom go measfidh sé mé bheith ag déanamh


L. 49


magaidh faoi, agus go mb'fhéidir gur easgaine thabhar-
finn orm féin uaidh agus nách beannacht.”



“Bíodh an easgaine sin orm-sa, a mhic,” ars an
máthair. “Imthigh-se,” ar sisi, “agus dein mar
adeirim leat agus fág fúm-sa an chuid eile de'n
ghnó.”



D'imthigh Iacob agus dhein sé mar adubhairt sí leis.
Thug sé chúichi an dá mhionán. Do mhairbh sí iad agus
bhain sí an croicean díobh, agus bhí an bia ullamh aici
abhfad sar a dtáinig an fiagaidhe suas le h-aon tseilg
amuich ar an gcnoc.



XXIV.



AN DUBH N-A GHEAL.



D'ullmhuigh sí an bia mar ab eól di a thaithn leis an
athair. Ansan do tháinig sí ar dhá láimh agus ar mhuineál
Iacob agus do chlúdaigh sí iad le croicean na mionán
ag fágáilt taoibh an fhiona de'n croicean lasmuich,
agus do chuir sí uime culaith éadaigh le h-Esau, a bhí
aici i gcimeád. Ansan thug sí dhó an bia le breith
isteach ag triall ar a athair.



“A athair,” ar seisean, nuair a tháinig sé i láthair
a athar.



“Airighim thu,” arsan t-athair. “Cé h-é thusa, a
mhic?” ar seisean.



“Do mhac críona mise, a athair,” arsa Iacob. “An
nídh a dubhraís liom a dhéanamh tá sé déanta agam.
Suidh, a athair agus ith de thoradh mo sheilge agus cuir
do bheannacht orm ód' chroidhe.”



“Conus fhéadais an tseilg a dh'fhághail chómh luath, a
mhic?” arsan t-athair.



“B'é toil Dé,” arsa Iacob. “go dtáinig am' threó
go luath an nídh a bhí uaim.”


L. 50


“Tar anso am' aice, a mhic,” arsa Isaac. “Go
gcuiread mo lámh ort agus go mbeidh fhios agam an é
mo mhac Esau atá agam nú nách é.”



Tháinig seisean i n-aice. Chuir an t-athair a lámh ar
a dhá láimh-sean agus ar a mhuineál. Fuair sé an
fiona. “Isiad lámha Esau na lámha,” ar seisean,
“ach isé glór Iacoib an glór,” agus níor aithin sé
é, toisg é bheith gan radharc gan éisteacht ach go lag, agus
gur chuir an fiona n-a luighe air gur bh'é Esau a bhí aige.
An tusa mo mhac críona Esau?” ar seisean nuair
a bhí sé chun na beannachtan do chur air.



“Is mé, a athair,” arsa Iacob.



“Tabhair dhom nídh de'n bhia seo de thorad do sheilge
a mhic,” ar seisean, “go gcuiread an bheannacht ó
m'anam ort.”



Thug Iacob an bia dhó agus chaith sé é. Ansan do
thug sé deoch fíona dhó agus d'ól sé an deoch.



“Tar agus tabhair póg dom, a mhic,” ar seisean.



Tháinig seisean agus thug sé póg dó. Le linn na póige
dh'fhagháil dó do mhothuigh Isaac an baluith breágh cúmhrtha
a bhí ó'n éadach a chuir Rebecca ar Iacob, agus do
labhair sé.



“Feuch,” ar seisean, “is ionan an baluith seo atá
óm' mhac agus an baluith a bheadh ó thalamh rathmhar n-ar
chuir Dia a bheannacht air! Drúcht ó'n spéir agus
méithreas talmhan go dtugaidh Dia dhuit! Flúirse
arbhair agus fíona dhuit! Smacht ar thuathaibh agus
onóir ó chineachaibh dhuit! Go mba rí thu ar chlainn do
mháthar agus ar do ghaoltaibh go léir. Umhaluigheacht
uatha uile dhuit! Mallacht ar an t-é a chuirfidh a
mhallacht ort, agus beannacht go líonmhar ar an t-é
a chuirfidh a bheannacht ort!”



Ar éigin a bhí an chainnt sin ráidhte agus Iacob
imthighthe amach nuair a tháinig Esau. Bhí an bia ullamh
aige, cuid de thoradh na seilge, fé mar a dh'órduigh
Isaac dó. Chuir sé an bia os cómhair a athar.


L. 51


“Seo, a athair,” ar seisean, “eirigh agus ith nídh de
thorad seilge do mhic agus cuir do bheannacht ó chroidhe
orm.”



“Agus cé h-é thusa?” arsa Isaac.



“Esau, do mhac críona, mise, a athair,” arsa Esau.
Tháinig uathbhás thar barr ar Isaac nuair airigh sé an
chainnt sin. Tháinig iongna agus alltacht air thar na
beartaibh.



“Agus,” ar seisean, “cé h-é an fear úd a tháinig
anso ó chiainibh agus a thug dómhsa toradh seilge le n-ithe
agus gur itheas nídh de go léir sar ar tháinighis-se?
Do chuireas an bheannacht air sin agus is air a dh'fhanfidh
an bheannacht.”



Nuair airigh Esau an chainnt sin do ghoil sé go h-árd.
Do bhúirth sé agus do bhéic sé. Nuair a bhí an bheannacht
imthighthe uaidh iseadh do thuig sé a tairbhthe. Do chaith
sé uaidh í roimis sin ar bhéile bhídh. Nuair a bhí sí
imthighthe uaidh dáiríribh iseadh do thuig sé i gceart cad
a bhí imthighthe uaidh. “Ó, a athair,” ar seisean, “cuir
do bheannacht orm-sa, leis!”



“Tháinig do dhritháir,” arsa Isaac, “agus do rug
sé uait an bheannacht le ceilg agus tá sí air,” arsan
t-athair.



“Ní miste ‘Iacob’ a thabhairt mar ainim air,” arsa
Esau. “Ach nár chimeádais aon bheannacht dómhsa, a
athair?” ar seisean. Cuir beannacht orm-sa leis,
a athair,” ar seisean, agus é ag gol go h-árd agus ag
liúirigh. “An amhlaidh ná fuil agat, a athair,” ar
seisean, “ach an t-aon bheannacht amháin?”



XXV.



AN DÁ BHEANNACHT.



“Fuair do dhritháir, a gan fhios duit, an bheannacht
a bhain leat-sa agus tá sí air,” arsa Isaac.


L. 52


“Ó, ní miste Iacob a thabhairt mar ainm air. Do
mheall sé mé ar dtúis a' ceart mo shínsireachta agus
siní an bheannacht beirtha uaim anois aige. Ó, a
athair,” ar seisean, “ar thugais í go léir dó! Ar
chimeádais aon phioc di dhómhsa!”



“Dheineas tighearna dhe os do chionn, a mhic,” arsa
Isaac, “agus chuireas a ghaolta go léir fé n-a smacht.
Dheineas rí dhe os bhúr gcionn. Thugas toradh an tailimh
dó, neart arbhair agus fíona. Cad fhágan san agam
le tabhairt duit-se, a mhic?”



“Ná fuil agat, a athair,” arsa Esau, “ach aon bheannacht
amháin? Ó, a athair, cuir beannacht éigin orm-sa!”



“Cuirim,” arsa Isaac, “saidhbhreas tailimh duit
agus drúcht ó'n spéir anuas. Le claidheam a mhairfir.
Beidh tú fé smacht do dhrithár. Ach tiocfidh tráth agus
cuirfir díot an smacht san agus beidh tú saor uaidh.”



Bhí fuath léanmhar fíochmar, as san amach, ag Esau
do Iacob, agus do shocaruigh sé i n-aigne go marbhóchadh
sé Iacob chómh luath agus bheadh a athair tar éis bháis.
Do h-innseadh an nídh sin do Rebecca. Do labhair
sí le Iacob.



“Feuch, a mhic,” ar sisi, “tá Esau ceapaithe ar thu
mharbhú chómh luath agus gheóbhaidh t'athair bás. B'fhéidir
ná fanfadh sé go dtí san féin. Is fearr imtheacht
as an gcontabhairt. Glac mo chómhairle agus imthigh
soir go Mesopotámia ag triall ar mo dhritháir Laban
agus fan ann ar feadh tamail go maoluighidh fearg
Esau. Ansan cuirfad-sa fios ort agus tabharfad
thar n-ais abhaile anso thu.”



Ansan do labhair sí le n-a fear, le h-Isaac.



“Táim cráidhte, ciapaithe, cortha de m' shaoghal,” ar
sisi, “ó mhnáibh na tíre seo. Má dheinean Iacob mar
a dhein Esau agus bean de mhnáibh na tíre seo do
phósadh ní bhéad-sa a bhfad beó!”



Do ghlaoidh Isaac ar Iacob agus do labhair sé leis.



“Feuch, a mic,” ar seisean, “táim 'ghá chur de cheangal


L. 53


agus d'oibliogáid ort gan aon bhean de mhnáibh na tíre
seo do phósadh. Imthigh soir go Mesopotámia go tigh
Bhatuel, athair do mháthar, agus pós duine d'inghíneachaib
Labain, dritháir do mháthar. Agus go gcuiridh Dia 'n
uile chómhacht a bheannacht ort, agus a rath, agus sliocht
líonmhar, agus go gcuiridh sé ort féin agus ar do
sliocht beannacht Abrahaim, agus go dtugaidh sé dhuit
seilbh na tíre iasachta so fé mar a gheall sé do d'shean
athair! “Ansan d'imthigh Iacob soir go Mesopotámia
ag triall ar Laban, dritháir a mháthar agus d'fhan sé
ann.



B'fhéidir nár mhiste a fhiafraighe anso conus a glactar
an bheart san a dhein Rebecca i dtaobh na beannachtan
úd. Ar dhein sí peaca fill? Ar innis Iacob bréag
ghrána d'á athair nuair a dh'fhiafraigh a athair de; “An
tusa mo mhac críona Esau?” Agus nuair a dubhairt
sé go seasamhach; “Is mé”?



Níor dhein Rebecca feall. Agus níor innis Iacobh
bréag. B'é toil Dé an bheannacht do thabhairt do
Iacob agus gan í thabhairt d'Esau. Nuair a dubhairt
Iacob, “Is mise Esau” dubhairt sé an fhírinne.
Dubhairt sé an fhírinne a bhí socair ag Dia féin an uair
sin, .i., gur bh'é Iacob Esau, .i., gur bh'ar Iacob a bhí
socair ag Dia chun na sínsireachta agus chun na beann-
achtan. Ba le Dia an tsínsireacht agus an bheannacht.
Ó b'é toil Dé an tsínsireacht do thabhairt do Iacob,
ba le Iacob í do réir chirt agus do réir fírinne. Dá
bhrígh sin ní dubhairt Iacob bréag nuair a dubhairt sé
gur bh'é féin an sínsear. Ar an adhbhar gcéadna
níor dhein Rebecca feall. Níor dhein sí ach cabhrú le
toil Dé sa ghnó go léir.



Siné chuir an iongna go léir agus an alltacht agus
an t-uathbhás ar Isaac nuair a fuair sé conus a bhí an
obair iompuighthe amach agus cé air go raibh an bheannacht
curtha aige. Bhí fhios aige gur bh'ar shliocht an t-é
gheóbhadh an bheannacht san a thiocfadh an Slánuightheóir,


L. 54


agus gur bh'ar shliocht Iacoib a bhí an Slánuightheóir le
teacht, agus d'á bhrígh sin go raibh toil Dé déanta aige,
a gan fhios dó féin. Siné chuir an t-uathbhás air.



XXVI.



AN ÓIGBHEAN RACHEL.



Nuair a dh'imthig Iacob ó thír a athar agus a mháthar
thug sé a aghaidh soir i dtreó Mhesopotámia. Bhí sé ag
dul i dtreó na tíre ar a dtugti Háran. Bhí tuitim
na h-oidhche ann nuair a shrois sé áit áirithe. D'aimsigh
sé ceann de chlochaibh an bháin agus do shocruigh sé í
mar adhart dó féin agus do shín sé é féin chun codlata
agus a cheann ar an gcloich. Thuit a chodladh air agus
an fhaid a bhí sé n-a chodladh do taisbeanadh aisling dó.
Chonaic sé an dréimire 'n-a sheasamh sa n-áit agus
bara an dréimire chómh h-árd leis na flathais agus
aingil ó Dhia ag teacht anuas agus ag dul suas an
dréimire, agus an Tighearna thuas ag bara an dréimire
agus é ag feuchaint anuas air. Agus do labhair an
Tighearna an chainnt seo leis:—



“Dia t-athar mise, Dia Abrahaim agus Isaac. An
talamh san ar a bhfuilir ad chodladh anois tabharfad
duit féin é agus do d' shliocht. Beidh do shliocht chomh
líonmhar le gainimh na talmhan. Leathfid siad soir
agus siar agus óthuaidh agus ódheas, agus tiocfidh uait
agus ód' shliocht beannacht ar chineachaibh an domhain.
Déanfad cosnamh ort ins gach áit n-a ngeóbhair, agus
ní sgarfad leat, ach cómhlíonfad duit gach nídh d'á
bhfuil ráidhte agam.”



Nuair a dhúisigh Iacob as a chodladh agus nuair a
chuimhnigh sé ar an aisling sin tháinig creathán agus
sgannra air. “Is fíor,” ar seisean, “go bhfuil an


L. 55


Tighearna sa n-áit seo agus ní raibh a fhios agam!
Áit uathbhásach iseadh an áit seo!” ar seisean. “Gan
amhras is sa n-áit seo atá tigh Dé agus geata na
bhflathas!” Ansan, nuair eirigh sé ar maidin thóg sé
an chloch san a bhí fé n-a cheann aige agus chuir sé n-a
seasamh í mar chómhartha, agus do dhoirt sé oíle anuas
uirthi, agus thug sé Betel mar ainm ar an áit. Ansan
do thug sé móid, nú geallamhaint, do Dia. “Má bhíon
Dia liom,” ar seisean. “Am chosaint sa tslighe n-a
bhfuilim ag dul, agus go dtabharfidh sé dhom bia le
n-ithe agus éadach le caitheamh, agus, go dtiocfad thar
n-ais fé mhaise go tigh m'athar, beidh an Tighearna 'n-a
Dhia agam, agus an chloch so atá curtha suas mar chómh-
artha agam tabharfar tigh Dé mar ainim uirthi.”



Ansan do chomáin Iacob leis soir go dtáinig sé go
tír Mhesopotámia. Tháinig sé go tobar a bhí sa n-áit.
Bí trí treuda caereach 'n-a luighe i n-aice an tobair
agus rainnt aodhairí ag tabhairt aire dhóibh. As an
dtobar iseadh a tugtí uisge dos na caoiribh agus bhí
leac mhór throm anuas ar bhéal an tobair. Do labhair
Iacob leis na h-aodhairíbh.



“Cad as daoibh-se, a bhráithre?” ar seisean.



“Ó Háran,” ar siad san.



“Tá fear n-ar ab ainim dó Laban 'n-a chómhnuighe sa
n-áit sin,” arsa Iacob, “an bhfuil aithne agaibh air?”



“Tá aithne mhaith againn air,” ar siad san.



“An bhfuil sé go maith?” ar seisean.



“Tá sé go h-ana mhaith,” ar siad san.



“Seo chughainn duine d'á bheirt inghean agus a treud
aici 'a thabhairt léi chun an uisge.”



Rachel isí a bhí ag teacht. D'innis Iacob di laithreach
cé'r bh'é féin agus thug sé póg di agus thóg sé an leac
de bhéal an tobair agus thug sé uisge d'á treud. Do
shil sé deóra go bog nuair a bhí sé ghá innsint di cé 'r'
bh'é féin, mar bhí áthas ana mhór air ag bualadh dhó uime
n-a ghaoltaibh. D'imthigh sisi abhaile agus d'innis sí


L. 56


d'á h-athair go raibh mac a dhrifeur, mac Rebecca,
ag an dtobar. Tháinig Laban agus chuir sé na mílte
fáilte roimh Iacob agus do rug sé leis abhaile é.
D'innis Iacob dó a sgéal go léir agus cad a thug é.



“Tá go maith, a mhic ó, arsa Laban. “Fan anso
am fhochair-se. Is liom féin tú, a mhic mo dhrifeur, mo
chnámha agus mo chuid feóla féin.”



Nuair a bhí mí caithte aige sa n-áit agus é ag obair
go dúthrachtach, do labhair Laban leis.



“Bíodh gur bráthair dom thú, a mhic ó,” arsa Laban,
“ní ceart tú bheith ag obair dom gan tuarastal.
Tá an rath ar an obair a dheinean tú. Cad é an tuar-
astal a bheadh uait?”



An lá a chonaic Iacob Rachel ag an dtobar agus n-ar
thuig sé cad é an gaol a bhí aige léi tháinig grádh ana mhór
aige dhi. Do chuimhnigh sé, leis, ar an focal adubhairt
a athair leis, .i. duine d'ingheanachaibh Labain do phósadh.



XXVII.



PÓSADH IACOIB.



Bhí beirt inghean, ámhthach, ag Laban. Lia ainim na
h-inghíne ba shine acu agus Rachel an inghean ab óige.
Bhí locht ar Lia. Cailín breágh ab' eadh í ach í bheith brach-
shúileach. Ní raibh aon bhreith aici i mbreághthacht, ámhthach,
ar Rachel.



“Cad é an tuarastal a bheadh agat d'á iarraidh orm?”
arsa Laban le Iacob. “Déanfad fóghnamh duit ar
feadh seacht mblian,” arsa Iacob, ach go “bhfaghad Rachel
uait le pósadh.”



“Tá go maith,” arsa Laban. “Is fearr liom agat-sa
í 'ná ag aon fhear eile.” Do socaruigheadh an sgéal ar
an gcuma san. Do dhein Iacob an fóghnamh ar feadh
na seacht mblian agus deir an Sgríbhinn Diadha nár


L. 57


mhothuigh sé an aimsir ag imtheacht mar gheall ar mhéid
an ghrádha a bhí aige do Rachel.



Do críochnuigheadh an aimsir.



“Is mithid duit mo bhean a thabhairt dómhsa,” arsa
Iacob le Laban. “Tá go maith,” arsa Laban.



Do cruinnigheadh na gaolta agus na daoine muinn-
teartha agus do deineadh cóisre mhór bhrothalach fhairsing.
Do deineadh an pósadh ach do dhein Laban feall ar
Iacob. Thug sé Lia dhó, a gan fhios dó, i n-inead Rachel.
Nuair eirigh Iacob ar maidin agus fuair sé cér' bh'í an
bhean a bhí aige do labhair sé go feargach le Laban.



“Cad é seo atá déanta agat orm?” ar seisean.
“Nách mar cheannach ar Rachel a dheineas seacht mbliana
fóghnaimh duit? Cad chuige dhuit an feall so do
dhéanamh orm?”



“Is amhlaidh mar atá an sgéal, a mhic,” arsa Laban
leis, “ní dleaghthach sa tír seo an sósar do phósadh ar
bhéalaibh an tsínsir. Ná h-abair aon rud ach críoch-
nuighmís seachtmhain na cóisreach agus tabharfad duit
an inghean eile, leis. Féadfir í phósadh anois agus
ansan seacht mbliana eile fóghnaimh a dhéanamh dom
mar cheannach uirthi.”



Do socaruigheadh an sgéal ar an gcuma san. Do
críochnuigheadh an tseachtmhain agus do fuair Iacob
Rachel le pósadh, agus ansan d'fhan sé seacht mbliana
eile ag obair do Laban. Bhí mórán clainne ag Iacob
um an dtaca n-a raibh na seacht mbliana san curtha
dhe aige, agus mórán saidhbhris, agus ba mhithid leis
imtheacht as an dtír sin agus teacht abhaile chun a
thíre dúthchais féin. Do labhair sé le Laban agus
dubhairt sé gur mhaith leis imtheacht.



“Is olc é sin,” arsa Laban, “Tá rath ó Dhia ar gach
nídh n-a gcuirean tú lámh ann. Fan agam tamal eile
agus bíodh ceapadh do thuarastail fút féin.”



“Má seadh,” arsa Iacob, “cuir-se i leith taoibh
anois duit féin na beithidhigh bhreaca agus ná fág annso


L. 58


ach na beithidhigh atá ar aon dath, agus ansan, pé beithidhigh
bhreaca do thiocfidh ós na beithidhigh seo atá ar aon dath
anois bídís agam-sa mar thuarastal.”



“Táim sásta,” arsa Laban. Do bhí na blianta ag
gluaiseacht agus i gcaitheamh na mblian san ba líon-
mhaire go mór a tháinig na beithidhigh bhreaca 'ná mar
a tháinig na beithidhigh ar aon dath agus ba mhó agus ba
chumasaighe, i dtreó go raibh Iacob ag dul i
n-acmhuinnighe i n-aghaidh an lae. Nuair a chonaic
Laban an méid sin bhí eud agus gruaim agus dothigheas
ag méadú air i n-aghaidh an lae. Fé dheire dubhairt sé
le Iacob go raibh níba mhó 'ná a cheart aige d'á fhághail
mar thuarastal.



“Bíodh na beithidhigh gheala agat feasta,” ar seisean.



“Tá go maith,” arsa Iacob, “ach as san amach an
chuid ba líonmhaire agus dob fhearr de'n treud agus
de'n stoc is geal a rugadh iad. Ansan do dhein
Laban atharú éigin eile, ach b'é an sgéal céadna é.
Is i bhfabhar do Iacob a dh'iompuigh an t-atharú amach
agus i gcoinnibh Labain. Ansan do bhí clann Labain
ag gearán agus ag ceisneamh agus ag gluaireán chómh
maith le n-a athair. “Ó,” adeiridís, “táimíd creachta
ag an bhfear so! Tá ár gcuid an tsaoghal aige 'á
bhreith leis. Tháinig sé chughainn anso gan aon nídh i
n-aon chor aige agus feuch anois air. Isé an fear is
saidhbhre sa dúthaigh é. Cá dtáinig an saidhbhreas chuige?
Nách a' saidhbhreas ár n-athar a dh'fás sé go léir? D'á
bhrígh sin nách é cuid ár n-athar é? Táimíd creachta ag
Iacob so!”



XXVIII.



TÓIR I NDIAIDH IACOIB.



Nuair a chonaic Iacob an t-eud agus an ghruaim agus
an dothigheas agus an droch aigne go léir chuimhnigh sé


L. 59


go mb'fhéidir gur bh'fhearr teiche as an áit i n-am. Do
labhair an Tighearna airís leis agus dubhairt sé leis:
“Imthigh abhaile thar n-ais go dúthaigh do shínsear, agus
bead-sa ag cabhrú leat.”



Bhí sé amuich ar an machaire agus é ag aodhaireacht na
dtreud. Chuir sé fios isteach ar a bheirt bhan, Rachel
agus Lia. Thánadar chuige. Do labhair sé leó.



“Feuch,” ar seisean leó, “Ní'l bhúr n-athair geal
dom mar a bhíodh sé roimis seo. Bhí lámh Dé liom agus
is eól daoibh-se araon gur dheineas gnó bhúr n-athar
go macánta agus go dúthrachtach i gcómhnuighe, chómh
fada agus a chuaidh iomláine mo dhíthil. Ach tá sé coit-
chianta ag déanamh na h-eugcóra orm. Tá sé tar
éis mo thuarastail a dh'atharú deich n-uaire, ach níor
leog Dia dhó díobháil a dhéanamh dom. Nuair adubhairt
sé; ‘Bíodh na beithidhigh bhreaca mar thuarastal agat,’
is breac a rugadh na beithidhigh óga; agus nuair adubhairt
sé; ‘Bíodh na beithidhigh bhána agat, is bán a rughadh na
beithidhigh óga. Isé Dia a thug dómhsa saidhbhreas bhúr
n-athar-sa, agus tá labhartha ag an dTighearna liom
anois agus seo mar atá ráidhte aige liom: ‘Eirigh
anois agus imthigh as an dúthaigh seo agus imthigh thar
n-ais go dtí an dúthaigh i n-ar rugadh thu.’”



Ansan do labhair an bheirt bhan d'aon ghuth agus
dubhradar:



“Cad é an fághaltas nú cad í an oighreacht atá le
fághail againne i dteaghlach ár n-athar? Nár dhíol
sé sinn mar a díolfí daoine iasachta? Do dhíol;
agus d'ith sé a fuair sé orainn. Ach do thóg Dia
saidhbhreas ár n-athar agus thug sé dhúinne é, agus
d'ar gclainn. Dá bhrígh sin, dein-se an rud atá
órduighthe ag Dia dhuit a dhéanamh.”



Do thárla sa n-am gcéadna san go raibh Laban
imthighthe as baile. Bhí sé i n-áit éigin amuich ag bearradh
chaereach.



D'eirigh Iacob agus chuir sé a mhná agus a chlann


L. 60


ar chamalaibh agus do bhailigh sé a chuid go léir agus
a threuda go léir, gach aon nídh dá raibh aige i Mesopo-
támia, agus thug sé aghaidh siar abhaile ar thír Chanaain
mar a raibh a athair Isaac.



Chomáin sé leis siar go dtí gur chuaidh sé thar an
abhainn a bhí idir é agus Galaad. Cnoc iseadh Galaad.
Bhí sé chómh fada siar leis an gcnoc san sar ar
h-innseadh do Laban go raibh sé imthighthe. Bhí déithe
beaga, nú íomhághtha beaga éigin, ag Laban agus do
rug Rachel léi iad nuair a bhí sí ag imtheacht. Bhí fhios
aici gur pheaca dhó iad a bheith aige agus é bheith ag tabhairt
onóra dhóibh agus ba mhaith léi cosg do chur leis an
ndroch obair. Ní raibh 'fhios ag Iacob, ámhthach, go raibh
sí 'ghá mbreith léi.



Nuair a h-innseadh do Laban go raibh Iacob imthighthe
do chruinnigh sé pé congnamh fear a bhí aige agus
do lean sé é. Tháinig sé suas leis i n-aice an chnuic
sin Ghalaad. Do labhair Dia leis, ámhthach, i n-aisling
agus dubhairt sé leis: “Tabhair aire dhuit féin agus
ná labhair oiread agus focal feargach i gcoinnibh Iacoib.”
Chuir san eagal air agus nuair a tháinig sé mar a raibh
Iacobh ní dubhairt sé ach:—



“Faire a Iacoib a mhic, is olc a dheinis orm é agus
imtheacht mar imthighis a gan fhios dom! Cad n-a thaobh
nár innsis dom go rabhais ag imtheacht i dtreó go
bhféadfinn tu thionlacan uaim le h-onóir, le ceól
timpán agus le ceól na gcrot agus le gáirdeachas.
Níor thugais fiú caoi dhom ar mo chlainn ná clann mo
chlainne do phógadh sar a' sgarfinn leó. Dheinis do
ghnó go botúnach. D'fhéadfinn-se díoltas dian a
dhéanamh ort anois mar gheall ar an mbotún san, ach
do labhair Dia t'athar liom indé agus dubhairt sé liom
gan oiread agus focal feargach do labhairt leat.
Ach má ba mhian leat dul ag triall ar do mhuinntir
agus go raibh caitheamh 'n-a ndiaidh agat, cad chuige
dhuit mo dhéithe do ghoid?”


L. 61


“D'imthigheas a gan fhios duit,” arsa Iacob, “mar
bhí eagla agam rómhat, go mb' fhéidir go gcimeádfá
do bheirt inghean uaim. Ach i dtaobh na gadaidheachta
so atá agat dh'á chur am'leith, cuardaigh do dhéithe agus
má gheibhtear ag aoinne anso iad curtar an duine sin
chun báis láithreach os ár gcómhair go léir.”



Is beag d'á choinne a bhí ag Iacob an uair sin go raibh
na déithe beaga san i bhfolach ag Rachel! Dá mbéadh
ní baoghal go labharfadh sé chómh teann.



XXIX.



AG FÁGAINT SLÁN.



Do ghluais Laban agus a mhuinntir ag piardáil agus
ag cuardach ar fuaid na h-áite, ag osgailt bhoscaí
agus ag feuchaint isteach i gcúinníbh beaga agus i
bpórsíbh caola ag sgríobadh agus ag sguabadh i main-
seuraibh asal agus camul agus fé bhrághaidibh beithidheach,
ach do theip ortha na h-íomhághtha dh'fhághail i n-aon
chúinne. Fé dheire do tháinig Laban féin isteach i gcábán
Rachel. Bhí Rachel 'n-a suidhe ar bhirtín asarach. Nuair
a chonaic sí a h-athair ag teacht isteach sa chábán do chuir
sí fáilte roimis go séimh agus do ghaibh sí a leathsgéal
leis toisg nár eirigh sí n-a seasamh nuair a tháinig
sé isteach. Dubhairt sí leis go raibh gearán, nú
breóiteacht éigin uirthi do bhain léi féin agus ná
leogfadh di eirighe. Do chuardaigh sé an cábán. Má
dhein ní bhfuair sé na déithe. D'imthigh sé amach
nuair a theip air iad d'fhághail. Bhíodar ansúd i bhfolach
ag Rachel fé'n mbirtín asarach 'n-a raibh sí 'n-a suidhe
anuas air! Má thug a h-athair onóir dóibh do thug sisi
a chóthrom d'easonóir dóibh.



Ansan do las Iacob le feirg agus do labhair sé:—



“Cad tá déanta as an slighe agam ort gur leanais
mé go fíochmhar ar an gcuma so? Cad 'tá fághalta


L. 62


agat tar éis do chuardaigh ag piardáil agus ag sgar-
táil ameasg mo thriosgáin agus mo ghréas? An
bhfuarais aon rud a bhain leat? Má fuarais cuir
amach anso é i láthair ár muinntire, ar gach taobh, agus
tugaidís breith eadrainn. An chuige seo do thugas
m'fhichid blian ag obair duit? Ní raibh caoire seasga
ar do threudaibh an fhaid a bhíos 'ghá n-aodhaireacht duit.
Níor itheas feóil aon reithe leat. Nuair a bheireadh
droch bheithidheach caoira nú uan leis ní innsinn duit
é ach caoira nú uan liom féin do chur i n'áit chughat.
An rud a bheireadh an bitheamhnach leis d'éilightheá
orm-sa é. D'fhuiligeas brothal an tsamhraigh agus
fuacht an gheimhrigh ag déanamh do ghnótha agus ag
tabhairt aire do d'chuid, agus ba mhinic mé oidhche
ar bheagán suain ná codlata. Sin mar atá m'fhichid
blian caithte ag fóghnamh duit, cheithre bhliana déag
acu ag ceannach do bheirt inghean uait agus sé
bliana acu ag tuilleamh na dtreud so uait. D'atha-
ruighis mo thuarastal deich n-uaire, nuair ba mhór
leat a mbíodh agam 'á thuilleamh uait. Mara mbeadh
Dia m'athar Abraham do theacht le cabhair chugham
agus an sgannra úd do chur ort indé is dócha
gur beó bocht a bheifá 'am' chur chun siubhail uait indiu.
Ach d'fheuch Dia ar mo chruadhtan agus ar mo chruadh-
obair agus chuir sé an t-eagla ort indé. Mara mbeadh
san bheadh an sgéal go h-olc agam.”



“Feuch,” arsa Laban, “Is liom-sa na mná so agus
an chlann so agus na beithidhigh seo go léir. Is
liom tusa agus gach a fuil an tsaoghal agat. Conus
fhéadfinn-se aon díobháil a dhéanamh dom' dhaoine féin
ná d'á gcuid! Deinimís margadh le n-a chéile anso.
Deinimís connradh sa n-áit seo agus cuirimís suas
carn ar an áit mar chómhartha agus mar chuimhneamh ar
an gconnradh san, agus ansan bíodh socair eadrainn
gan mise do dhul thairis seo siar choidhche ag
cur isteach ort-sa, agus gan tusa do theacht thairis


L. 63


seo ainiar choidhche chun aon chur isteach a dhéanamh
orm-sa.”



Do socaruigheadh air sin. Do cuireadh suas carn
mór cloch agus do dhoirt Iacob oíle ar an gcarn
agus do deineadh ídhbirt ar an gcnoc chun Dé. Siné
uair a tugadh Galaad mar ainm ar an gcnoc san, mar
cialluighean an focal Galaad, carn na fiadhnaise. Bhí
an carn 'n-a seasamh mar fhiadhnaise ar an margadh a
deineadh an uair sin idir Laban agus Iacob.



Nuair a bhí an socarú déanta agus gach taobh sásta
do deineadh féasta mór. Do h-ullmhuigheadh an féasta
ar mhullach an charainn agus is ann do caitheadh an bia.
Bhí an dá chuideachta i gcuibhrean a chéile ag caitheamh
an bhídh sin agus iad go sóghach agus go sultmhar agus
go soilbhir agus go síothchánta agus go muinnteartha,
mar ba cheart do ghaoltaibh chómh gairid a bheith. I lár
na h-oidhche, nuair a bhí a ndóithin ithte agus ólta acu
go léir, d'eirigh Laban agus a chualacht agus d'fhágadar
slán agus fiche ag Iacob agus agá chualacht agus thug-
adar aghaidh soir abhaile airís chun a dtíre féin.



Chuir san deire leis an gcruadhtan san do Iacob,
ach níor bh'fada gur chaith sé aghaidh a thabhairt ar
chruadhtan eile ba ghéire go mór 'ná é.



XXX.



BRONNTANAS D'ESAU.



Bhí contabhairt curtha dhe ag Iacob ach bhí contabhairt
eile, contabhairt ba mheasa go mór 'ná an chontabhairt
sin, roimis amach. Bhí sé ag dul siar abhaile chun a
thíre féin agus bhí ansúd roimis ar an slighe, sa tír
ar a dtugtí Seir, an fear n-ar fhág sé a thír féin fiche
bliain roimis sin ag teiche le n'anam uaidh, .i. a dhritháir
Esau. Ach chonaic sé na slóighte aingeal ar an slighe
roimis amach agus chuir san misneach air. Chuir sé


L. 64


teachtairí uaidh go Seir, ag triall ar Esau, 'ghá innsint
go raibh sé ag teacht. Tháinig na teachtairí thar n-ais
chuige agus d'innseadar dó go raibh Esau ag teacht
go géar agus cheithre chéad fear aige. Nuair airigh
Iacob an méid sin tháinig sgrannra ana mhór air. Dhein
sé dhá chuid d'á raibh de mhuinntir agus de threudaibh
aige agus chuir sé an dá chamtha a' radharc a chéile, i
dtreó an t-é do chífadh camtha dhíobh gur dhóigh leis ná
raibh ag Iacob ar fad ach an camtha san. “Anois,” ar
seisean, “má bhuailean Esau sluagh acu, raghaidh an
tsluagh eile saor.” Ansan do chuir sé a ghuidhe suas
chun Dé. “A Dhia m'athar Abraham,” ar seisean,
“agus a Dhia m'athar Isaac, dubhraís féin liom an
chainnt seo: ‘Tar thar n-ais chun do thíre féin agus
chun na h-áite n-ar rugadh tu agus cabhróchad-sa leat’;
ní fiú mé an trocaire atá déanta cheana agat orm,
ná na fírinní atá cómhlíonta agat am' thaobh. Nuair
a chuas thar Iórdan soir ní raibh agam ach mo chleith agus
sin iad an dá chamtha mhóra so agam anois ag casadh
thar n-ais dom. Cosain anois mé ar láimh mo dhrithár
Esau, mar is mór é m'eagla roimis; go mb'fhéidir
go dtiocfadh sé orainn agus go marbhóchadh sé an
mháthair agus an chlann i n-aonfheacht. Ach do gheallais-
se dhómhsa a Thighearna, go gcurfá an rath orm agus go
meudófá mo shliocht mar ghainimh na trágha nách féidir
a dh'áireamh mar gheall ar a líonmhaireacht.”



Ansan do thoibh sé amach as a threudaibh go léir bronn-
tanas le cur ag triall ar a dhritháir Esau. Do thoibh
sé amach dhá chéad gabhar agus fiche pocán; dhá chéad
caoira agus fiche reithe; deich gcinn fhichid de chamalaibh
baineana agus a siorach féin le cois gach camail díobh;
dachad loiligheach agus fiche tarbh; fiche láir asail agus
deich gcinn d'á siorachaibh leo. Dhein sé treuda fé leith
díobh san go léir agus chuir sé aodhairí fé leith i mbun
gach treuda dhíobh. Chuir sé an chéad treud chun siubhail
agus dubhairt sé leis na h-aodhairíbh, “Nuair a thiocfidh


L. 65


sibh i láthair mo dhrithár Esau agus a fiafrófar díbh i
dtaobh na dtreud so abraidh: “Bronntanas beag
iad so do chur ár máighistir Iacob chughat-sa a rí, agus
tá sé féin ag teacht 'n-ár ndiaidh.”



Nuair a bhí an chéad treud imthighthe a' radharc do chuir
sé an tarna treud chun siubhail agus d'órduigh sé dos
na h-aodhairíbh a bhí 'n-a bun an chainnt chéadna díreach
do rádh nuair a ceisteofí iad. Nuair a bhíodar san
a' radharc do chuir sé an trímhadh treud chun bóthair,
agus mar sin dóibh go dtí go raibh an treud deirineach
curtha chun bóthair.



Tháinig an chéad treud chun na h-áite n-a raibh Esau
agus a cheithre chéad fear. Do tugadh i láthair Esau
na h-aodhairí.



“Cé h-iad sibh-se?” arsa Esau.



“Aodhairí le Iacob sinne, a rí, ar siad.



“Cé leis an cródh stuic sin agaibh?” arsa Esau.



“Bronntanas beag iad san a chur ár máighistir Iacob
chughat-sa a rí,” ar siad san, “agus tá sé féin ag
teacht 'n-ár ndiaidh.”



Chonaic Esau agus na fir an bronntanas agus, dar
leó, bronntanas fial ab eadh é. Níor chuimhnighdar
i n-aon chor ar a thuille bheith ag teacht. Níor bh'fhada
go bhfeacadar chucha an tarna rainnt. Do tugadh na
h-aodhairí sin, leis, i láthair Esau.



“Cé h-iad sibh-se?” arsa Esau.



“Aodhairí le Iacob sinne, a rí,” ar siad.



“Agus cé leis an treud san agaibh?” arsa Esau.



“Bronntanas beag iad san a chuir ár máighistir
Iacob chughat-sa a rí,” ar siad. Bhí an tarna bronn-
tanas níb' fhearr 'ná an chéad bhronntanas. Bhí iongna
ag teacht ar Esau agus ar na fearaibh. Ba ghearr
go bhfeacadar an trímhadh treud. Cheapadar gur bh'é
Iacob féin a bhí ag teacht an uair sin toisg na h-aodhairí
'ghá rádh, i gcomhnuighe, go raibh Iacob féin ag teacht 'n-a
ndiaidh. Tháinig an trímadh treud suas. Dob' fhearr


L. 66


iad 'ná aon cheann de'n dá threud eile. Ní raibh Iacob
ann, ámhthach.



“Cé h-iad sibh-se?” arsa Esau.



“Aodhairí le Iacob sinne a rí,” ar siad san.



“Agus cé leis an treud?” arsa Esau.



“Bronntanas beag a chuir Iacob chughat-sa, a rí,
agus tá sé féin ag teacht,” ar siad san.



XXXI.



IACOB AG IOMRASGÁIL LEIS AN AINGEAL.



Ar bruach abhan Iórdain iseadh bhí Iacob nuair airigh
sé go raibh Esau ag teacht chuige agus nuair a chuir sé
uaidh ag triall air na bronntanaisí móra san. Lastoir
de'n abhainn a bhí sé, ag an áth ar a dtugtí Iacob. Nuair
a bhí deire na dtabharthaistí curtha uaidh aige chuir sé an
chuid eile d'á threudaibh, agus a mhná agus a chlann agus
a sheirbhísigh treasna na h-abhan siar tríd an áth. Do
chaith sé féin oidhche lastoir 'n-a ndiaigh i n'aonar. I
gcaitheamh na h-oidhche sin, go maidin, bhí fear, nú aingeal
i riocht fir, ag iomrasgáil leis agus bíodh go raibh an
iomrasgáil cruaidh níor fhéad an t-aingeal aon
leagadh bhaint a' Iacob.



Fé dheire bhí solus an lae ag teacht.



“Bog díom!” arsan t-aingeal, “tá sé n-a lá.”



“Ní bhogfad díot,” arsa Iacob, “go dtí go gcuirfir
do bheannacht orm.”



“Cad is ainim duit?” arsan t-aingeal.



“Iacob,” ar seisean.



“Ní Iacob a bheidh mar ainim ort feasta,” arsan
t-aingeal, “ach Israél, óir má's mór é do neart ad'
ghleic le Dia nách mó 'ná san a bheidh do neart i n-aghaidh
daoine.”



“Agus cad is ainm duit-se?” arsa Iacob.



“Cad ab áil leat de m' ainim-se?” arsan t-aingeal.


L. 67


Ansan do chuir sé a bheannacht air agus le n-a linn
sin do chuir sé a mheur ar fhéith áirithe i gceatramhain
Iacoib agus do chrap an féith agus bhí ciscéim bacaighe
i Iacob as san amach an fhaid a mhair sé.



Deir lucht eóluis gur chialluigh an iomrasgáil sin,
agus an neart a thaisbeáin Iacob, gur chialluighdar
neart guidhe chun Dé agus neart foidhne agus gur leis
an dá neart san do rug Iacob buadh ar fheirg a dhrithár.



Nuair a gheal an lá do lean sé na mná agus an chlann
siar thar an áth agus do ghluais sé féin agus a mhuinntir
agus a threuda siar i dtreó a dhútha féin. Ba ghearr
go bhfeacaidh sé chuige Esau agus a cheithre chéad fear.
D'umhluigh sé go h-íseal d'Esau. Níor thug Esau
puinn aimsire chun umhluigheachta dhó. Do rith sé chuige
agus do rug sé idir a dhá láimh air agus bhí sé 'gha
fhásgadh agus gha phógadh ar feadh abhfad agus bhí sé ag
sile na ndeór go fuigheach. Bhí an tsíothcháin déanta.



D'fheuch Esau ar na mnáibh agus ar an gclainn. “Cé
h-iad so?” ar seisean, “nú an leat-sa iad, a
dhritháir?”



“Na mná agus an chlann a thug Dia dhom iad san, a
rí, chun do sheirbhíse,” arsa Iacob. Ansan tháinig na
mná agus an chlann agus d'umhluighdar d'Esau.



“Agus cad iad na treuda iad súd a bhuail umam
agus mé ag teacht?” arsa Esau.



“Níl ionta san, a rí,” arsa Iacob, “ach neithe beaga
a chuireas chughat-sa, a dhritháir, le h-ionachas go bhfaghainn
deagh-mhéinn agus ceannsacht uait nuair a thiocfimís
i bhfochair a chéile ar an gcuma so.”



“Ach, a dhritháir,” arsa Esau, “tá mo dhóithin mór
agam-sa cheana. Cimeád-se do chuid féin.”



“Faire, a dhritháir, ná h-abair é sin,” arsa Iacob.
“Má's ionmhuin leat mé glac an bronntanas beag
san uaim. Tá radharc fághalta agam ar do ghnúis mar
a gheobhainn radharc ar ghnúis Dé. Bí báidheamhail
liom agus glac an bheannacht so atá tabhartha agam


L. 68


ag triall ort an bheannacht a thug Dia dhom duit ó 'sé
a thugan gach aon rud dúinn.”



Le mórán tathaint iseadh do ghlac Esau na treuda
a bronnadh air, ach do ghlac sé iad. “Agus anois,”
ar seisean, “siubhluighmís le cois a chéile. Déanfad-sa
tú thionlacan.”



“Ach a rí,” arsa Iacob, “tá an chlann so bog óg
agus na beithidhigh seo ag tórmach agus má gluaistear
ró ghéar leó marbhófar iad. Imthig-se rómhainn, a rí,
agus leanfimíd tu ar ár suaineas go breágh réidh.”



“Má 'seadh leog dom chuid des na fearaibh seo
d'fhágáilt agat mar chongnamh,” arsa Esau.



“Ní'l aon ghádh leis, a rí,” arsa Iacob, “ó tá do
dheaghmhéinn agam táim sásta. Sin a raibh uaim.”



Ansan do chuaidh Esau abhaile go Seir agus chuaidh
Iacob agus chuir sé faoi i n-áit ar ar thug sé Sochot
mar ainim.



XXXII.



DÍNA.



Ní raibh an áit n-ar shocaruigh Iacob é féin chun cómh-
nuighthe, ní raibh sé abhfad ó chathair Shalem, cathair na
Sicimach. Tháinig Iacob ag triall ar na daoinibh sin
agus cheannuigh sé rainnt de thalamh na h-áite uatha
agus chuir sé suas altóir sa n-áit i n-onóir do Dhia
mhór-chómhachtach Israéil.



Bhí aon inghean amháin ag Iacob. Inghean do Lia ab
eadh í agus bhí sí áluinn thar na beartaibh. Chuir sí
aithne ar chuid de mhnáibh uaisle na b-áite agus bhíodh
sí ag dul 'ghá bhfeuchaint. Hemor ab ainim do'n rí a
bhí ar an ndúthaigh sin. Bhí mac ag an rí sin agus Sicem
ab ainim dó. Dína ab ainim d'inghín Iacoib. Ar
chuaird éigin d'á dtug sí amach ag feuchaint na mban
eile sin do fuair Sicem radharc uirthi. Thuit sé i
ngrádh léi láithreach. Nuair ná géillfadh sí, do dhein


L. 69


sé éigean uirthi. Ansan d'iarr sé ar a athair, ar an
rí, dul agus a iarraidh ar a h-athair, ar Iacob, í thabhairt
le pósadh dhó mar go raibh grádh chómh mór san aige dhi
ná féadfadh sé bheith beó mara bhfaghadh sé le pósadh í.
Tháinig an rí Hemor, chun cainnte le Iacob. Bhí clann
mhac Iacoib as baile le linn na h-uaire céadna. Bhíodar
ag fosaidheacht a dtreud tamal ó bhaile agus níor mhaith
le Iacob aon rud do rádh go dtí go bhfeicfadh sé iad.
Níor bh'fhada go dtánadar. Do h-innseadh dóibh cad
a bhí tuitithe amach. Bhíodar ar dearg bhuile. Do labhair
Hemor leó.



“Tá grádh thar barr agam' mhac Sicem do'n inghín
seo agaibh-se. Tugaidh dó í mar mhnaoi. Bíodh cómhgas
cleamhnais eadrainn. Tugaidh-se bhúr mná óga le
pósadh dhúinne agus tabharfímíd-ne ár mná óga le
pósadh dhaoibh-se agus deinidh cómhnuighe againn annso.
Bíodh ceart na talmhan agaibh. Deinidh saothrú agus
ceannaidheacht. Is libh féin an áit.”



Ansan do labhair Sicem le Iacob agus le n-a chlainn.
“Ná tugaidh eiteachas dom,” ar seisean. “Tabharfad
aon níd i n-aon chor is maith libh uaim ach go bhfaghad an
cailín sin uaibh. Iarraidh aon nídh is maith libh agus
tá sé le fághail agaibh.”



“Bheadh sé bun os cionn againne,” ar siad san, “agus
i gcoinnibh creidimh dúinn agus peacamhail go trom
dúinn i láthair Dé socarú de'n tsórd san a dhéanamh
le daoinibh ná fuil tímpalghearradh ortha. Ní féidir é
dhéanamh. Ach,” ar siad, “dá ndéanfadh sibh-se tímpal-
ghearradh oraibh féin, ar gach duine firean d'á bhfuil
oraibh, idir óg agus críona, d'fhéadfí an socarú san
a dhéanamh. Ansan d'fhéadfimís ár mná óga thabhairt
daoibh le pósadh agus bhúr mná óga do ghlacadh agus
do phósadh agus aon phobul amháin a dhéanamh de'n dá
phobul.”



“Táim-se lán tsásta leis sin!” arsa Sicem.
“Táim-se sásta chómh maith!” arsan rí.


L. 70


D'imthig an bheirt agus chruinnighdar muinntir na
catharach agus d'innseadar dóibh an socarú a bhí déanta.
Mhínighdar dóibh cad é an tairbhthe thiocfadh chun na
catharach agus cad é an méadú nirt agus an méadú
saidhbhris a thiocfadh as an socarú do gach taobh. Do
thoiligh na daoine go léir. Do dheineadar go léir an
tímpalghearradh ortha féin, idir rí agus mac rí agus
daoine. Nuair a tháinig an trímhadh lá 'n-a dhiaidh san,
nuair a bhí an chneadh chómh teinn sin ar gach fear ná raibh
sé ábalta ar aon ghníomh a dhéanamh, do thóg clann lia,
drítháracha an chailín, a gclaidhmhte nochtaithe 'n-a lámhaibh
agus do ritheadar isteach sa chathair agus mharbhuighdar
an rí agus mac an rí agus fir na catharach fé mar
fhéadadar teacht ortha. Do lean an chuid eile de chlainn
agus de sheirbhíseachaibh Iacoib iad agus níor fhágadar
fear beó sa chathair. Ansan do sgartáladar an áit
agus do rugadar leó an saidhbhreas agus na príos-
únaigh, na mná agus na leanbhaí.



XXXIII.



BÁS ISAAC.



Bhí buairt agus fearg agus brise croidhe ar Iacob
nuair a fuair sé cad a bhí déanta ag á chlainn. “Ó,”
ar seisean leó go fíochmhar, “tá buairt curtha agaibh
orm, agus tá gráin na ndaoine seo go léir atá sa
tír seo tarraigthe agaibh orm. Táid siad san líonmhar
agus níl puinn againne ann. Eireócaid siad chugham
agus dísgeóchaid siad mé féin agus mo theaghlach!”



Níor thugadar d'fhreagra air ach, “An amhlaidh
ba chuibhe dhóibh a leithéid de ghníomh a dhéanamh ar ár
ndeirbhshír!”



Gan amhras do dhein Sicem go h-olc é. Ach do dhein
clann Iacoib an feall go h-ana ghrána. Dheineadar


L. 71


feall ar sgáth creidimh. Do thug san masla do'n
chreideamh agus do Dia a thug dóibh an creideamh.
D'á éaghmuis sin do dheineadar an marbú agus do
mharbhuighdar an neamhchionntach i n-aonfheacht leis an
gcionntach. Mara mbeadh gur thug Dia saor iad, ar
son a h-athar, do dhíolfidís as. Do chruinneóchadh
muinntir na dútha san chucha agus ní fágfí duine acu
beó. Deir an Sgríbhinn Diadha gur chuir Dia sgannra
ar na comharsanachtaibh go léir sa tímpal rómpa agus
nár leog an sgannra dhóibh eirighe chucha ná aon iaracht
a dhéanamh ar a ndroch ghníomh d'agairt ortha. Do
labhair Dia, ámhthach, le Iacob, agus dubhairt sé leis
eirighe agus imtheacht as an áit sin agus dul chun chómh-
nuighthe i mBetel agus altóir a dhéanamh ann i n-onóir
do Dhia a thaisbeáin é féin dó nuair a bhí sé ar teiche
le n-anam ó n-a dhritháir Esau.



Ansan do chruinnigh Iacob muinntir a theaghlaigh go
léir agus do labhair sé leó.



“Tugaidh chugham anso,” ar seisean leó, “na déithe
iasachta atá agaibh, agus glanaidh sibh féin agus athar-
uighidh bhúr n-éadach. Agus ansan eirighidh agus téidhmís
suas go Betel agus cuirimís suas ann altóir chun
Dé, óir isé Dia a dh'fhóir mé i ló mo chruadhtain agus
do bhí i n-aonfheacht liom ar mo shlighe.”



Thugadar dó na déithe iasachta go léir a bhí acu agus
na h-órnáidí óir a bhí n-a gcluasaibh acu. Do dhein
seisean poll talmhan ag bun crainn terebinte agus
chuir sé síos ann iad. Ansan do ghluais sé féin agus
a theaghlach agus níor deineadh aon iaracht ó mhuinntir
na tíre ar iad do leanmhaint ná aon dochar a dhéanamh
dóibh, bhí a leithéid sin d'eagla i gcroidhe na ndaoine
go léir rómpa. Mírbhúilt ó Dhia ab eadh an sgannra
san chun Iacob do chosaint ortha. Mara mbeadh an
mhírbhúilt sin is deimhin go mbaileóchadh muinntir na
h-áite 'n-a dtímpal agus go gcuirfidís chun báis
an uile dhuine riamh acu mar gheall ar an bhfeall


L. 72


agus ar an léirsgrios a dheineadar ar Hemor agus
ar a mhac agus ar chathair Shalem.



Tháinig Iacob agus a theaghlach go léir go Betel,
i dtír Chanaain, agus chuir sé suas altóir ann agus thug
sé Tigh Dé mar ainm ar an áit. Ansan do labhair Dia
airís leis agus chuir sé a bheannacht air agus dubhairt
sé leis an tarna h-uair, “Ní Iacob a bheidh mar ainm
ort feasta ach Israél. Dia n-uile chómhacht mise,
dein-se meudú agus iomadú; tiocfid uait pobuil
agus treabhchasaí, agus tiocfid righthe ar do shliocht,
agus an talamh a thugas d'Abraham agus d'Isaac
tabharfad duit-se agus do d' shliocht é.” Ansan do
chuir Iacob suas airís mar chómhartha an chloch agus
dhoirt sé deoch uirthi agus chuir sé oíle uirthi, agus thug
Betel mar ainm ar an áit. Chaith sé rainnt aimsire
tímpal na h-áite sin, agus fuair Rachel bás ann
de dhruim clainne nuair a rug sí a mac Beniamin,
agus Betlehem ainim na h-áite 'n-ar h-adhlacadh í.



Tháinig Iacob 'n-a dhiaidh san chun na h-áite 'n-a raibh
a athair Isaac agus bhí Isaac aosta agus fuair sé bás
nuair a bhí sé céad agus ocht mbliana déag. Bhí a
bheirt mhac, Esau agus Iacob, os cionn a bháis agus
d'adhlacadar é imeasg a dhaoine féin. Ní tugtar a
thuille tuairisge ar Dhína ach gur tugadh abhaile í nuair
a sgartáladh an chathair úd, Salem.



XXXIV.



DO TAISBEÁNADH AISLING DO IÓSEPH.



Bhí Iacob 'n-a chómhnuighe i dtír Chanaain, mar a raibh
a athair 'n-a chómhnuighe. Bhí Ióseph an mac ba shine de
bheirt mhac Rachel ag aodhaireacht na dtreud i n-aon-
fheacht le cuid de'n chlainn eile. Bhíodar-san eirighthe
suas ach ní raibh Ióseph ach cheithre bhliana déag. Chonaic
Ióseph rud éigin a bhí go h-ana olc acu 'á dhéanamh agus


L. 73


do ghearán sé le n'athair iad. Bhí fearg acu chuige mar
gheall air sin.



Bhí cion ag an athair ar Ioseph níba mhó 'ná mar a bhí
aige ar aoinne de'n chuid eile agus bhí éad agus fearg
ar an gcuid eile mar gheall air sin. Do chuir Iacob
brat áluinn ioldathach ar Ióseph tré mhéid an cheana
a bhí aige air. Níor thaithn san leis an gcuid eile. Fé
dheire tháinig oiread san droch aigne acu dhó gur bh'ar
éigin fhéadaidís focal cneasta do labhairt i n-aon
chor leis.



Do thárla gur taisbeánadh aisling dó. “Eistidh
liom,” ar seisean, “go n-innsead daoibh an aisling
a taisbeánadh dom. Do samhluigheadh dom go
rabhamair go léir sa ghort ag ceangal na bpunan agus
gur eirigh mo phunan-sa suas n-a seasamh agus go raibh
bhur bpunana-sa 'n-a seasamh 'n-a tímpal agus iad 'ghá
h-adhradh.” Dubhradar san 'ghá fhreagradh: “An
amhlaidh a bheir ad' rí os ár gcionn agus sinne fé smacht
agat?” Agus ní maolú a dhein san ar an bhfeirg.



Do taisbeánadh aisling eile dhó agus d'innis sé
dhóibh í. “Do samhluigheadh dom am' thaibhreamh,” ar
seisean, “go bhfeaca an ghrian agus an ghealach agus
dhá réiltin déag agus iad 'am' adhradh.” Nuair a
h-innseadh an méid sin do'n athair: “Cuir uait an
saghas san cainnte a mhic!” ar seisean. “An amhlaidh
a mheasfá go mbead-sa agus do mháthair agus do
dhritháracha ag umhlú dhuit agus ag tabhairt onóra
dhuit!”



Do mheuduigh an méid sin, leis, fuath na ndrithár dó,
ach do chimeád Iacob an sgéal i n-aigne agus bhíodh sé
ag machtnamh air. Bhí fhios aige go raibh, leis an dá
aisling sin, brígh éigin nár thuig sé an uair sin. Tháinig
lá n-a dhiaidh san agus do thuig sé an brígh a bhí leó. I
dtaobh na ndrithár níor leog, an fhearg agus an t-eud
agus an droch aigne dhóibh aon nídh do thuisgint 'n-a
cheart. Bhí fhios acu go maith nár innis sé bréaga dhóibh


L. 74


nuair innis sé na h-aislingí sin dóibh. Bhí fhios acu,
leis, go raibh sé naomhtha, fíoraonta, glan ó pheaca i
láthair Dé. Bhí fhios acu go dian mhaith gur bh'fhearr a
shlighe chun Dé 'ná a slighe féin. Déarfadh duine gur chóir
gur mhóide an grádh agus an uraim a bheadh acu dó fios
an méid sin a bheith acu. Ach níor bh'eadh. Is amhlaidh a
mheuduigh an naomhthacht a chonacadar ann an fuath a bhí
acu dhó. B'fhéidir gur chuir na h-aislingí úd eagal
ortha go dtiocfadh an lá 'n-a mbeidís fé smacht aige.
Má tháinig an t-eagla san ortha, agus iad chómh droch
aigeanta agus bhíodar, ní deacair a thuisgint conus
a mheuduigh an fuath acu. Ní'l aon nídh fé bhun Dé
ar an dtalamh so is lugha ar dhroch dhuine 'ná bheith, fé
smacht ag duine fóghanta. Mórán céadta blian n-a
dhiaidh san do thárla go raibh sliocht na bhfear san sa
chás chéadna díreach 'n-a rabhadar-san an uair sin.
Tháinig DUINE fóghanta chucha. Bhí fhios acu go raibh
a leithéid geallta dhóibh. Bhí fhios acu go mbeadh ortha
luighe fé n-a smacht nuair a thiocfadh sé. Nuair a tháinig
sé dhiúltuighdar dó. Níor luighdar fé n-a smacht. Bhí
sé ró fhíoraonta dhóibh. Dá luighidís fé n-a smacht do
chuirfadh sé a fhíoraontacht féin, feidhm ortha. Níor
oir san dóibh. Níor theastuigh san uatha. Grádh ba
cheart dóibh a thabhairt do, ach do thugadar fuath dhó.
Do chuiradar chun báis é. Soluíd roimh ré ar an obair
sin go léir ab eadh an méid sin toirmisg a dh'eirigh an
uair sin idir Ióseph agus a dhritháracha. Cuir na h-ais-
lingí sgannra ortha le h-eagla go mbeadh aon bhaoghal
go dtuitfidís fé smacht an fhir fhóghanta. Is beag d'á
chuimhneamh a bhí an uair sin acu go raibh an lá ag teacht
a chífadh go h-umhal agus go h-íseal iad, agus go creath-
ánach, fé smacht an fhir sin, agus gur bh'iad féin a
dhéanfadh an gníomh a thabharfadh an smacht san anuas
ortha go daingean!



Do dhein a sliocht, leis, an gníomh a thug an smacht
anuas ortha go daingean.


L. 75


XXXV.



DÍOLTAR IÓSEPH.



Lá áirithe, nuair a bhí clann Iacoib ag tabhairt aire
d'á dtreudaibh i n-áit ar a dtugtí Sicem agus an
t-athair abhfad gan aon sgéala dh'fhághail uatha, do ghlaoidh
sé chuige Ióseph. Tháinig Ióseph. “Táid do bhráithre ag
fosaidheacht a dtreud i Sicem, a mhic,” arsa Israél,
“agus ní mór dhom tu chur ag triall ortha feuchaint
conus atá gach nídh acu.”



“Táim ullamh, a athair,” arsan mac.



“Tá go maith,” arsan t-athair. “Imthigh agus feuch
an bhfuil gach nídh go maith agat' bhráithribh agus ag na
treudaibh agus tar chugham thar n-ais leis an dtuairisg.”



Do ghluais seisean agus tháinig sé go Sicem. Ní
bhfuair sé ann a bhráithre ná na treudta. Bhí sé ag
siubhal na h-áite ar a lorg. Do casadh fear air sa
mhachaire. D'fhiafraigh an fear de cad a bhí uaidh.



“Mo bhráithre atá uaim,” ar seisean “Do mheasas
go rabhadar sa n-áit seo ag fosaidheacht a dtreud.
B'fhéidir go bhféadfá-sa a dh'innsint dom ca bhfuilid
siad.”



“D'fhágadar an áit seo,” arsan fear, “ach d'airigheas
iad 'ghá rádh go raighdís go Dótáin.



D'imthigh Ióseph go Dótáin agus fuair sé sa n-áit
sin iad. Nuair a chonacadar uatha é, agus é ag teacht,
do mhachtnuighdar 'n-a n-aigne go marbhóchaidís é.
“Seo chughainn fear na n-aislingí!” ar siad, le n-a
chéile, “Tá sé chómh maith againn é mharbhú agus é chai-
theamh síos i seana pholl uisge éigin, agus féadfimíd
a rádh gur ith droch bheithidheach éigin é.”



Nuair airigh Rúben an chainnt sin agus nuair a
chonaic sé an droch fhuadar a bhí fútha, bhí sé a d'iarraidh
iad do chosg ar an ndroch ghníomh agus Ióseph do
thabhairt saor uatha.


L. 76


“Ná deinimís a leithéid sin” ar seisean. “Ná
marbhuightear é. Ná doirtidh a chuid fola. Caithidh
isteach sa pholl so é, atá anso sa n-uaigneas, agus
ná bíodh a chuid fola ar ár lámhaibh.” Dubhairt Rúben
an méid sin le h-ionachas go bhfaghadh sé caoi ar é
bhreith saor uatha. Ní raibh aon uisge sa pholl. Seana
thobar ab eadh é agus bhí sé i ndísg.



Le linn na cainnte bheith críochnuighthe acu do shrois
Ióseph an áit 'n-a rabhadar. Do rugadar láithreach
air agus bhaineadar de an chasóg ioldathach agus do
cheangaladar é agus chuireadar síos ansa pholl é.
Bhí sé ag gol agus ag éigheamh agus 'ghá iarraidh ortha
truagh bheith acu dhó agus ní raibh aon mhaith dhó ann.
Níor thaisbeánadar truagh ná taise dhó. D'fhágadar
ansan thíos sa pholl san é agus do shuidhdar féin chun
bídh.



Ba chruaidh an gníomh é! Dob olc an gníomh é!
Ach a leithéid de ghníomh a dhéanamh agus ansan suidhe
síos chun bídh a chaitheamh agus goile bheith acu chun an
bhídh, agus iad ag éisteach leis an mbuachaill ag gol
thíos sa pholl! Ní fearr bheith ag cainnt ortha.



An fhaid a bhíodar ag ithe do bhuail chucha anoir
ceannaidhthe a bhí ag dul síos sa n-Éigipt ag díol
spíosra agus earraí de'n tsórd san. De shliocht
Ismaéil ab eadh na ceannaidhthe. Bhí ualaí acu ar a
gcamalaibh. Nuair a chonaic Iúdás, duine des na
bráithribh, na ceannaidhthe, do labhair sé:



“Feuch, a bhráithre,” ar seisean, “ní maith an rud
dúinne fuil an bhuachalla so do bheith ar ár lámhaibh pé
ceilt a dhéanfimíd ar an ngníomh. Is fearra dhúinn
é dhíol leis na ceannuidhthibh seo agus gan ár lámha do
shailiú. Isé ár ndritháir é, ár gcuid fola féin.”



Do thoiligh an chuid eile chuige sin. Do thógadar aníos
as an bpoll é agus do dhíoladar é leis na h-Ismaelítigh
ar fiche píosa airgid, agus do rug na h-Ismaelítigh
leó síos é sa n-Éigipt chun é dhíol n-a dhaor.


L. 77


Ní raibh Ruben láithreach nuair a deineadh an gnó
san. Tháinig sé nuair a bhí an obair déanta. Siúd
chun an phuill é. Bhí an poll folamh. Ní raibh Ióseph
ann. Do ghread Rúben a dhá láimh agus chrom sé ar
ghol agus ar a chuid éadaigh do stracadh. “Ó!” ar
seisean, “ní'l an buachaill le fághail agus cá dtabharfad-
sa aghaidh feasta!” Ní fheidir sé cad é an leath-sgéal
a thabharfadh sé dá athair.



Shocaruigh an chuid eile leath-sgéal dó. Mharbhuighdar
mionán gabhair agus chuireadar fuil an mhionáin ar
chasóig Ióseph agus chuireadar teachtaire uatha abhaile
leis an gcasóig agus an fhuil uirthi, agus dubhradar,
leis an dteachtaire a rádh le n-a athair: “Do fuara-
mair an chasóg so. Feuch an í casóg do mhic í nú
nách í.



XXXVI.



IÓSEPH SA PHRÍOSÚN.



Nuair a tháinig an teachtaire agus thaisbeáin sé an
chasóg ioldathach do Iacob iseadh do tuigeadh cad é an
cion a bhí aige ar Ióseph. Bhí an bhuairt chómh mór san
air go raibh eagal ar a chlainn go bhfaghadh sé bás.
Bhailighdar go léir n-a thímpal agus bhíodar a d'iarraidh
sóláis éigin do chur air. Ní raibh aon mhaith dhóibh ann.
Ní raibh d'fhreagra aige dhóibh ach go mbéarfadh an bhuairt
as an saoghal é ag triall ar Ióseph. Bhí sé deimhnightheach
gur bh'amhlaidh a mhairbh droch bheithidheach éigin an mac
agus is dócha go raibh milleán mór aige air féin mar
gheall ar an mbuachaill do leogaint uaidh i n'aonar
ar chuaird chómh fada tré dhúthaigh chómh h-uaigneach.



Bhí Ióseph, sa n-am gcéadna san, beirtha síos sa
n-Éigipt ag na ceannaidhthibh úd agus é díolta acu
n-a dhaor le duin'uasal Éigipteach dá'r bh'ainim Putiphar,
ceann airm rí na h-Éigipte.



Bhí Ióseph 'n-a dhaor ag Putiphar agus a athair ag brise


L. 78


a chroidhe sa bhaile ag gol 'n-a dhiaidh, 'ghá mheas go raibh
sé marbh, ithte ag droch bheithidheach allta éigin, agus go
raibh a chnámha ag feóchadh fé'n ngréin ar an ngainimh
thirm amuich sa n-uaigneas. Níor bh'fhada gur thug
Putiphar fé ndeara go raibh daor ana thairbhtheach fághalta
aige, ní h-eadh ach nár dhaor a bhí fághalta aige ach seir-
bhíseach a bhí dílis tuisgionach imghníomhach deagh-ghnóthach,
nár mhiste iontaoibh a bheith as, agus go raibh rath ó Dhia
ar an uile shaghas gnótha n-a raibh aon lámh aige ann.
Níor bh'fhada go raibh cúram an teaghlaigh go léir fágtha
ar Ióseph agus gan aon fheuchaint i ndiaidh aon ruda ag
Putiphar. Do chuir Dia an rath ar an dteaghlach agus
ar gach nídh d'á raibh ann, ar son Ióseph. Do mheuduigh
saidhbhreas an duin'uasail thar na beartaibh, a gan fhios
dó, agus gan aon eólus aige ach ar an mbia a
dh'itheadh sé.



Bhí san go maith ar feadh tamail. Óig-fhear ana-
dhathamhail ab eadh Ióseph. Tháinig grádh peacamhail ag
mnaoi an duin'uasail dó. Bhí sí abhfad a d'iarraidh
é mhealladh chun peaca a dhéanamh léi. Ní dhéanfadh.
Dubhairt sé léi ná déanfadh sé peaca chómh mór i n-
aghaidh Dé, ná feall chómh mór ar an nduin'uasal
fhóghanta n-a raibh a leithéid d'iontaoibh aige as. Níor
chuir san cosg léi. Do lean sí ar an dtathant i dtreó
go raibh sé ciapaithe aici. Fé dheire do thárla go raibh
gnó éigin aige le déanamh i bpáirt éigin de'n tigh n-a
raibh sé i n'aonar ann. Tháinig sí chuige agus do rug sí
air agus d'iarr sí air an peaca do dhéanamh léi. Thug
sé iaracht ar é féin do stracadh uaithi. Bhí greim dain-
gean aici ar chasóig air. Do sgaoil sé léi an chasóg
agus do rith sé as an áit. D'eirigh buile feirge uirthi.
Do rith sí amach n-a dhiaidh agus an chasóg 'n-a láimh aici
agus gach aon sgread agus gach aon liú aici. “Feuch,”
ar sisi, “an cor atá orainn aige!” Bhí na seirbhísigh
eile ag cruinniú. “An fear iasachta so, an t-Eabhrach
so a tugadh chughainn níor bh'fholáir leis éigean a dhéanamh


L. 79


orainn dá bhféadadh sé é!'' Agus do thaisbeáin sí
an chasóg mar dheimhniú ar an sgéal. Bhí Putiphar as
baile an uair chéadna. Nuair a tháinig sé abhaile thug
sí aghaidh air mar gheall ar an bhfear iasachta do thabhairt
isteach sa n-áit chun easonóra thabhairt di. “Do
liúghas go h-árd,” ar sisi, “agus do rith sé leis féin
ach do chímeádas a chasóg. Feuch, sin í í.”



Do rugadh ar Ióseph agus do cuireadh isteach fé
ghlas go daingean é i bpríosún an rí.



Déarfadh duine go raibh an sgéal go h-olc ag Ióseph
ansan. Déarfadh duine b'fhéidir gur mhór an iongna
a rádh go leogfadh Dia na Glóire do chuirptheach mná
a leithéid de dhroch iaracht do thabhairt, ar dtúis, fé
dhuine macánta, agus ansan a leithéid de bhréig
mhalluighthe do chur air. Ach feuch cad a thuit amach.
Níor bh'fhada gur thug máighistir an phríosúin Ióseph
fé ndeara agus gur thuig sé cad é an saghas é. Do
thuig sé nár mhiste dhó iontaoibh a bheith aige as. Do
thuig sé, leis, gur dhuine Ióseph n-a ndéanfadh a chainnt
agus a chómhluadar tairbhte dos na príosúnachaibh
eile, ag tabhairt foidhne dhóibh agus ag cur sóláis ortha
le n-a chneastacht agus le n-a chiall.



Níor bh'fhada gur fágadh idir phríosún agus príosún-
aigh fé smacht agus fé órdú agus fé stiúrú Ióseph ar
fad! Sin mar a bhain Dia na Glóire an nimh dhó as an
eugcóir a deineadh air.



XXXVII.



AISLINGÍ Á MÍNIÚ.



An fhaid a bhí Ióseph sa phríosún do thárla go raibh
beirt seirbhíseach ag Pharó agus gur dhein gach fear
acu rud éigin a chuir fearg ar an rí. Do cuireadh
isteach iad sa phríosún chéadna n-a raibh Ióseph ann.
Do thug máighistir an phríosúin suas do Ióseph iad
le cimeád. Thug Ióseph aire dhóibh agus bhí sé cneasta


L. 80


leó. Suim aimsire tar éis iad do theacht ann do tais-
beánadh aisling do gach fear acu. Tháinig Ióseph chucha ar
maidin, tar éis na h-oidhche n-ar taisbeánadh na h-ais-
lingí dhóibh. Chonaic sé go raibh buairt éigin aigne ortha,
buairt mhór éigin. Do labhair sé leó go cneasta:—



“Cad é seo oraibh indiu,” ar seisean leó, “seachas
aon mhaidean eile d'á dtánag ag triall oraibh? Tá
trioblóid éigin oraibh ná raibh oraibh cheana. Innsidh
dom cad é an rud é, feuchaint an bhféadfinn aon
tairbhthe dhéanamh daoibh.”



“Do deineadh dhá thaibhreamh dúinn,” ar siad. “Do
taisbeánadh aisling do gach duine againn agus níl
aoinne againn chun na n-aislingí do mhíniú dhúinn.”
“Nách ag Dia atá aislingí do mhíniú?” arsa Ióseph
leó. “Innsidh dómhsa,” ar seisean, “na neithe a tais-
beánadh daoibh.”



D'innis an chéad fhear an aisling a taisbeánadh dó
féin. B'é a ghnó, sar ar cuireadh isteach é, bheith ag
dáil fíona ar an rí.



“Do samhluigheadh dom,” ar seisean, “go bhfeaca
ar m'aghaidh amach fineamhain agus trí géaga uirthi
agus chonac an duilleabhar ag teacht ar na géagaibh,
i n-áit a chéile, agus ansan na bláthana, agus annsan
na caora, agus iad aibidh, agus bhí cupán an rí am' láimh
agam, agus d'fháisgeas an fíon as na caoraibh isteach
sa chupán agus thugas do'n rí é, do Pharó.”



“Sidé brígh na h-aislinge sin,” arsa Ióseph: “Trí
lá iseadh na trí géaga a chonaicís. I gcionn trí lá
cuimhneóchaidh Pharó ort-sa agus béarfar thar n-ais
as so thu agus curfar ag déanamh na h-oibre céadna
airís tu, ag dáil an fhíona ar an rí. Agus anois,” arsa
Ioseph, “nuair a bheidh tú ar do shásacht airís ná dear-
maid mise. Abair leis an rí gur deineadh eugcóir
mhór orm, gur b'amhlaidh a fuadaigheadh mé ó m' dhúthaigh
féin, ó dhúthaigh na n-Eabhrach, agus nách mar gheall ar
aon rud a dheineas féin as an slighe ach le h-éitheach


L. 81


trom a chur orm, do cuireadh isteach sa charcair seo
mé. Agus iarr ar Pharó mé thógaint amach as.”



Fuineadóir ab eadh an seirbhíseach eile. Nuair
a chonaic sé conus mar a foillsigheadh brígh na céad
aislinge d'innis sé an aisling a taisbeánadh dó
féin.



“Do samhluigheadh dom,” ar seisean, “go raibh trí
ciseán ar mo cheann agam; agus go raibh an ciseán
uachtarach acu lán de gach saghas bídh dá ndeintear de
mhin; agus go dtáinig na h-éanlaithe agus gur itheadar
an bia as an gciseán uachtarach.”



“An trí lá so atá le teacht na trí ciseáin sin,”
arsa Ióseph. “Tar éis na dtrí lá béarfar as so tú,
le h-órdu an rí, agus bainfar an ceann díot agus
curfar do chorp ar chroich agus íosfid na h-éanlaithe
do chuid feóla.”



An trímhadh lá n-a dhiaidh san b'é lá geineamhna an
rí é agus do chuimhnigh an rí ar fhear an fhíona dháil air
agus chuir sé fios air agus chuir sé i n-áit féin airís é.
Do cuireadh fios ar an bhfuineadóir leis, agus do
baineadh an ceann de agus do crochadh an chorp, fé
mar a mhínigh Ióseph an aisling.



Déarfadh aoinne gur chóir go gcuimhneóchadh fear an
fhíona do dháil, go gcuimhneóchadh sé ar an bpríosúnach
a mhínigh an aisling dó. Níor chuimhnigh. Chómh luath
agus bhí sé thar n-ais i dteaghlach an rí ag déanamh a
ghnótha féin agus deaghmhéinn an rí airís aige agus
comhluadar na n-uasal agus umhluigheacht ós na seir-
bhísigh eile a bhí fé n-a láimh aige i dteaghlach Pharó, níor
chuimhnigh sé a thuille ar Ióseph ná ar an bpríosún ná
ar an eugcóir a deineadh, agus a bhí á déanamh fós
ar Ióseph.



Thug Ióseph dhá bhliain eile sa charcair. Ansan do
thuit rud amach a chuir fhiachaint ar fhear an fhíona cuimh-
neamh air. Do taisbeánadh aisling iongantach do'n
rí féin, do Pharó. Ní h-aon aisling amháin a tais-


L. 82


beánadh dó, ach dhá aisling; agus chuireadar a leithéid
sin de sgannra air nár fhéad sé a thuille de'n oidhche
sin a chodladh.



XXXVIII.



AISLINGÍ.



Dhá bhliain tar éis na h-aimsire n-ar taisbeánadh
na h-aislingí do'n bheirt seirbhíseach sa phríosún do
taisbeánadh aisling do'n rí, do Pharó féin. Do
samhluigheadh dó go raibh sé n-a seasamh ar bruach na
h-abhan. Chonaic sé seacht cinn de bhuaibh breághtha
ramhara ag teacht as an uisge aníos agus chromadar
ar inníor ar an bport. Bhíodar tamal mar sin ag
inníor ar a suaineas agus ansan tháinig seacht cinn
eile de bhuaibh a bhí go grána agus go caol agus go
h-ocrach aníos as an uisge agus d'itheadar na seacht
mba ramhara. Le n-a linn sin do dhúisigh Pharó as
a chodladh. Bhí sé ag cuimhneamh ar an aisling,
ar na ba caola agus ar na ba ramhara agus ar conus
mar a dh'ith na ba caola na ba ramhara agus do thuit
a chodladh airís air. Ansan do taisbeánadh aisling
eile dhó. Do samhluigheadh dó go bhfeacaidh sé seacht
ndiasa arbhair ar aon chois amháin agus iad go breágh
agus go lán agus go téagartha. Bhí sé ag feuchaint
ortha agus ag déanamh iongna dhíobh. Le n-a linn sin
tháinig seacht ndiasa eile agus iad go caol agus go
grána agus go meathluighthe, agus d'itheadar na diasa
ramhara. Do dhúisigh Pharó agus nuair a chuimhnigh sé
ar an dá aisling sin a tháinig chómh gléineach san chuige
i ndiaidh a chéile do thuig sé go raibh brígh éigin uathbhásach
leó agus tháinig buairt aigne air agus sgannra agus
creathán. Chómh luath agus tháinig an lá chuir sé fios
mórthímpal na h-Éigipte ar an lucht eóluis ab fhearr


L. 83


a bhí le fághail chun brígh aislingí do nochtadh. Thánadar.
D'innis sé an dá aisling dóibh. Níor thuigeadar iad.
Do theip ortha go léir a dhéanamh amach cad é an brígh
a bhí leó agus d'admhuighdar gur theip.



Ansan iseadh chuimhnigh fear an fhíona ar Ióseph.
“Ó,” ar seisean, “admhuighim mo pheaca! Tá dearmhad
mór déanta agam. Bhí fearg ar an rí chugham-sa agus
chun fir cinn na fuineadóireachta agus d'órduigh sé
sinn a chur isteach i gcarcair an rí. An fhaid a bhíomair
istigh ann do taisbeánadh dúinn araon dhá aisling,
aisling do gach duine againn. Bhí 'fhios againn go raibh
brígh fáistineach le gach aisling díobh ach ní raibh fhios
againn cad é an brígh é. Bhí ógánach Eabhrach sa charcair
an uair chéadna, seirbhíseach do'n cheann airm. D'innsea-
mair na h-aislingí dhó agus do nocht sé a mbrígh agus
tháinig gach nídh fé mar adubhairt sé a thiocfadh; óir
do cuireadh mise thar n-ais anso ag déanamh mo ghnótha
féin agus do crochadh an fear eile, díreach mar
adubhairt an t-ógánach Eabhrach a thuitfadh amach.”



Do comáineadh teachtaireacht chun siubhail láithreach
agus, le h-órdú an rí do tógadh Ióseph amach as an
gcarcair agus do bearradh é agus do nigheadh agus
do glanadh é agus do cuireadh éadach nua uime agus
do tugadh i lathair an rí é, agus d'innis an rí a sgéal
dó.



“Do chonac aislingí,” arsan rí, “agus ní féidir
le h-aoinne an brígh atá leó do nochtadh dhom. Airighim
go bhfuil árd thuisgint agat-sa i neithibh de'n tsórd
san.”



“Am' éaghmuis-se,” arsa Ióseph, “tabharfidh Dia
freagra rathmhar do Pharó.” Ansan d'innis Pharo
na neithe a chonaic sé.



“Do samhluigheadh dom,” ar seisean, “go rabhas
am seasamh ar bruach na h-abhan agus go dtáinig
aníos as an abhainn seacht mba breághtha beathuighthe agus
go rabhadar ag inníor ar an glasara a bhí ar bruach


L. 84


na h-abhan. Agus ansan do tháinig aníos as an abhainn,
'n-a ndiaidh sin seacht mba eile agus iad chómh caol
chómh grána, chomh h-ocrach san ná feaca riamh sa n-Éigipt
a leithéidí le gráinneacht. D'iompuighdar ar na buaibh
breághtha ramhara agus d'itheadar iad, ach má itheadar
níor chuir san aon fheabhas ortha féin. D'fhanadar
chómh caol, chómh h-ocrach agus bhíodar sar ar itheadar
na ba fóghanta. Ansan do dhúisigheas as mo chodladh
agus i gceann tamail do thuit mo chodladh airís orm.
Sa tarna codladh do taisbeánadh aisling eile dhom.
Do chonac seacht ndiasa agus iad ar aon chois amháin
agus iad go breágh agus go téagartha agus go saidhbhir.
Ansan d'eirigh seacht cinn eile agus meathalú ortha
agus iad ag feuchaint go mí-rathmhar agus go caol,
agus d'itheadar na diasa fóghanta. Táim tar éis
na n-aislingí a dh'innsint dom' lucht eóluis agus
ní féidir le h-aoinne acu a mbrígh do nochtadh dhom.”



“Aon bhrígh amháin,” arsa Ióseph, “atá le dhá aisling
an rí. Seacht mbliana flúirse atá le teacht ar an
Éigipt iseadh na seacht mba ramhara breághtha agus na
seacht ndiasa fóghanta, agus seacht mbliana gorta
atá le teacht 'n-a ndiaidh sin iseadh na seacht mba
ocracha agus na seacht ndiasa caola meathluighthe.



XXXIX.



IÓSEPH I GCOMHACHT.



“Tá le teacht anois, a rí, ar an Éigipt go léir seacht
mbliana rathmhara, flúirseacha, agus beidh toradh na
talmhan níos iomadamhla go mór 'ná mar a bheidh gádh
ag daoine leis, i gcaitheamh na seacht mblian san. Ansan
tiocfidh seacht mbliana gorta agus ganachúise agus
beidh an t-easnamh chómh dian san ná beidh aon chuimhneamh
ar an bhflúirse. Íosfid na droch bhlianta an flúirse
go léir fé mar a dh'ith na ba ocracha na ba ramhara nú


L. 85


fé mar a dh'ith na diasa caola na diasa fóghanta. Agus
so, a rí. Isé cuis n-ar taisbeánadh do'n rí an dá aisling
agus an t-aon bhrígh amháin leó 'ná chun deimhne agus
déine an sgéil do chur i n-iúil; chun a chur i n-iúil go
bhfuil brígh na n-aislingí le cómhlíonadh láithreach, gan
aon ríghneas aimsire. Agus anois, a rí, ó táid na
seacht mbliana rathmhara le teacht láithreach, do chómhairle-
óchainn-se do'n rí fear eólguiseach ciallmhar tuis-
gionach do thoghadh agus é chur ós cionn na h-Éigipte,
agus leogaint dó san maoir do cheapadh agus iad do
chur os cionn na gcríoch go léir, agus a thabhairt mar
ghnó dhóibh le déanamh an cúigmhadh cuid d'arbhar na
tíre do thógaint gach aon bhliain agus é chur isteach
i sgiobólaibh, fé chumas an rí, ins na catharachaibh ar
fuid na tíre, agus é chimeád i gcóir na seacht mblian
gorta atá le teacht 'n-a dhiaidh san. Ansan nuair a
thiocfidh an gorta beidh an t-arbhar san ann agus
cimeádfar na daoine gan bás d'fhághail leis an ocras.”



Do thaithn an chómhairle sin go mór le Pharó agus le
lucht a theaghlaigh, agus dubhairt sé leó:



“An féidir dúinn fear eile de'n tsórd san d'fhághail,
agus é lán de sprid Dé? Agus anois,” ar seisean
le Ióseph, “ó thaisbeáin Dia dhuit-se na neithe sin go
léir atá innste agat, an féidir dom fear is eagnaighe
'ná thu dh'fhághail chun na h-oibre sin a deirir a dhéanamh?
Ní féidir. Dá bhrígh sin cuirim thusa anois os cionn
mo theaghlaigh agus cuirim do smacht os cionn na
ndaoine go léir. Ní bheidh os do chionn-sa ach an t-aoinne
amháin, .i. mise féin.” Agus dubhairt sé airís le Ióseph,
“Feuch, táir curtha agam anois os cionn tíre na
h-Éigipte go léir.” Agus thóg sé fáinne a bhí ar a
láimh féin agus chuir sé ar a láimh-sean é agus chuir
sé brat sróil uime agus chuir sé slabhra óir fé
n-a mhuineál. Annsan chuir sé fhiachaint air suidhe
isteach sa tarna carbad a bhí aige féin agus gluais-
eacht amach ar fuid na h-áite agus fear fógartha


L. 86


roimis 'ghá rádh leis na daoine go léir glúin do
chromadh dhó agus a fhios a bheith acu go raibh sé i n'uach-
tarán os cionn na h-Éigipte go léir. Agus dubhairt
an rí leis 'n-a theannta san, “Mise Pharó agus ní
leómhfidh duine cor a chur de chois leis ná de láimh
leis i dtalamh na h-Éigipte, ach do réir do thoile-se.”
Ansan d'atharuigh sé ainim Ióseph agus thug sé mar
ainm air “Slánuightheóir an domhain,” sa teangain
Éigipteach. Siné brígh atá leis an bhfocal Éigipteach
a thug sé mar ainim air. Ansan thug sé bean le pósadh
dó, Asenet a h-ainim, agus inghean ab eadh í do
Phutiphar, do shagart i Heliopolis. Is dóich le daoinibh
áirithe gur bh'é an Putiphar céadna úd é a bhí 'n-a
chaptaen ar arm an rí. Measaid daoine eile nár bh'é.



Bhí Ióseph deich mbliana fichid an lá do cuireadh
os cionn na h-Éigipte é. Do ghluais sé amach láithreach
agus thug sé cuaird mórthímpal na h-Éigipte ag cur
i dtreó i gcóir an fhlúirse a bhí le teacht. Tháinig an
flúirse. Bhí an chruithneacht chómh flúirseach san gur
cuireadh i gcomparáid í le gainimh na trágha. Nuair
a bhí ar theastuigh ós na daoine dhi ídighthe, bhí oiread
san fágtha dhi nár dhóich le duine gur h-ídigheadh aon
chuid di. Do cruinnigheadh isteach ins na sgiobólaibh
í, fé stiurú Ióseph agus fé chumas an rí. 'Sé sin le
rádh ba le Pharó an chruithneacht a cuireadh ins na
sgiobólaibh. Ní raibh aon chál ag aoinne eile chúichi
feasta. Do leanadh ag cruinniú an arbhair ar an
gcuma san i gcaitheamh na seacht mblian, i dtreo
nár bh'fhios cad é an méid arbhair a bhí i sgiobólaibh na
h-Éigipte um an dtaca 'n-a raibh na seacht mbliana
caithte. Ansan do thosnuigh na droch bhlianta ar
theacht. Tháinig meathlú ar gach aon rud a bhí ag fás
aníos as an dtalamh. Is dócha go raibh rainnt arbhair
ag na daoine féin i gcimeád tar éis na h-aimsire
fóghanta. Má bhí ba ghairid le dul é nuair a stad
an fás. Níor bh'fhada go rabhadar ag teacht ag triall


L. 87


ar an rí ghá iarraidh air bia thabhairt dóibh. Dubhairt
an rí leó dul ag triall ar Ióseph. Thug Ióseph a ndóithin
arbhair dóibh, ach is le ceannach a thug sé dhóibh é. Do
ceannaigheadh uatha-san é nuair a bhíthas 'ghá thabhairt
isteach.



XL.



AN GORTA.



Tháinig an meathlú arbhair agus an ghanachúise bídh
ins gach tír eile mórthímpal chómh maith leis an Éigipt,
ach ní raibh an t-ullmhú déanta ins na h-áiteannaibh
eile mar a bhí déanta sa n-Éigipt. Do h-airigheadh
ins na h-áiteannaibh eile go raibh arbhar dh'á dhíol sa
n-Éigipt agus thosnuigh daoine ar theacht as gach áird
chun an arbhair do cheannach. Thosnuigh saidhbhreas ar
theacht isteach an uair sin go tiugh chun rí na h-Éigipte.
Ansan iseadh do thuig sé i gceart feabhas na cómhairle
a thug Ióseph dó nuair a chómhairligh sé dhó an t-arbhar
do chur i gcimeád ins na sgiobólaibh. Ní raibh aon
bhaoghal go dtiocfadh aon dreó air an fhaid a bheadh
sé istigh mar do fágadh an gráinne gan deighilt ó'n
dtuighe, agus an fhaid a fágfí mar sin é do sheasóchadh
sé foláin sa sgioból ar feadh deich mblian agus dachad,
dá mba ghádh é, ach an ghaoth do chimeád uaidh. Is dócha
gur deineadh na sgiobóil i dtreó nár bh'fhéidir luch
ná francach do dhul isteach ionta.



Bhí an t-ocras dian sa tír n-a raibh athair Ióseph
agus a dhritháracha 'n-a gcómhnuighe ann. Do labhair
Iacob le n-a chlainn mhac: “Airighim,” ar seisean,
“go bhfuil cruithneacht dhá díol thíos sa n-Éigipt.
Imthighidh síos agus ceannaighidh cuid di dhúinn nú
gheóbhmíd bas do'n ghorta.”



Do ghluais deichniúbhar acu. Ní leogfadh Iacob
dóibh Beniamin do bhreith leó le h-eagla go n-imtheóchadh


L. 88


aon droch nídh air. Chuadar isteach i dtír na h-Éigipte,
iad féin agus a lán eile a chuaidh síos ar an ngnó
gcéadna. Bhí an gátar go cruaidh i dtír Chanaain go
léir agus bhí gach aoinne n-a raibh an gustal aige chuige
ag dul síos sa n-Éigipt chun an arbhair do cheannach
agus do thabhairt abhaile.



Bhí Ióseph 'n-a phriúnsa ar an Éigipt go léir. Má
ba mhór a chómhacht an fhaid a bhí an flúirse ann agus
an fhaid a bhí an t-arbhar aige 'á chur isteach ins na
sgiobólaibh ba mhó 'ná san, má b'fhéidir é, a chómhacht
nuair a bhí an t-arbhar 'á dhíol agus an t-airgead ag
teacht isteach, 'n-a charnaibh chun an rí.



Tháinig an deichniúbhar, i dteannta na ndaoine iasachta
eile ó'n dtír chéadna agus d'umhluighdar do phriúnsa
na h-Éigipte fé mar a dh'umhluigh cách dó. D'aithin
seisean iad-san láithreach ach níor aithnighdar-san eisean
i n-aon chor. Ní raibh aon choinne ar domhan acu ná
gur phriúnsa Éigipteach a bhí os a gcómhair agus iad
ag umhlú dhó. Níor leog sé air gur aithin sé iad.
Marar dhein, do leog sé rud eile air. Do leog sé
air go raibh droch amhras éigin ortha; gur thuig sé gur
lucht brath iad a bhí tagaithe ó thír éigin namhdamhail
chun a dh'fheisgint cad é an neart armála a bhí i dtír
na h-Éigipte agus cad é an treó chosanta a bhí uirthi.
D'fheuch sé ortha go feargach agus go dubh. Ansan
do labhair sé leó go géar. “Cad as daoibh-se?”
ar seisean.



“Ó thír Chanaain, a rí,” ar siad, go h-umhal. Thána-
mair ag ceannach arbhair chun bídh dúinn féin, agus
d'ár muinntir.”



Nuair a chonaic sé ag umhlú dhó iad agus gan aithne
acu air do chuimhnigh sé ar na h-aislingíbh úd a
taisbeánadh dó nuair a bhí sé óg agus iad go léir
sa bhaile.



“Tuigim-se sibh go maith,” ar seisean, “lucht brath
iseadh sibh. Thánbhúir anso ag ceannach arbhair mar


L. 89


dh'eadh. Ní chuige sin a thánbhúir ach chun eóluis d'fhághail
ar an dtír seo, ar a neart agus ar a laige, agus an
t-eólus do bhreith libh ag triall ar namhaid!”



“Ní h-eadh! Ní h-eadh i n-aon chor, a rí!” ar siad
san, “Clann aon fhir amháin iseadh sinn, chun do
seirbhíse, a rí uasail. I síothcháin iseadh do thánamair
anso chun bídh do cheannach. Ní'l aon droch nídh ar
aigne againn, a rí, chun do seirbhíse.”



“Ní fíor bhúr gcainnt!” ar seisean leó, “is
deimhin liom gur lucht brath sibh.”



Ní h-eadh, a rí onóraigh,” ar siad, “dáréag drithár
sinn, chun do sheirbhíse, a rí, clann aon fhir amháin i
dtír Chanaain. Tá an dritháir is óige againn sa bhaile
ag ár n-áthair. Do cailleadh an dritháir eile, agus
tá deichniúbhar againn anso.”



“Is fíor an rud adeirim,” ar seisean, “lucht brath
agus spiaireachta iseadh sibh. Ach déanfad-sa deimhniú
anois air gur lucht brath sibh. Dár sláinte Pharó,
ní fágfidh sibh-se an áit seo go dtagaidh an dritháir
óg so adeirthí go bhfeicead é. Imthigheadh duine agaibh
soir abhaile agus tugadh sé chugham anso an dritháir
óg san. Cimeádfar sibh-se i bpríosún anso go
dtagaidh sé agus go mbeidh 'fhios agam an fírinne
nú éitheach atá agaibh 'á innsint dom. Dar sláinte
an rí ach mara nglanaidh sibh sibh féin ar an gcuma san
is deimhin gur lucht brath sibh.” Agus thug sé do lucht
cimeádta iad le cur sa phríosún.



XLI.



SIMEÓN SA PHRÍOSÚN.



Do fágadh sa phríosún iad ar feadh trí lá agus trí
oidhche. Ansan do tugadh amach iad agus do tugadh
i láthair an phriúnsa airís iad:— “Deinidh an rud


L. 90


adubhart libh,” ar seisean leó, “agus leogfar bhúr
n-anam libh. Ní duine gan eagla Dé air mise. Níor
mhaith liom eugcóir a dhéanamh oraibh. Má's daoine
macánta sibh, fágaidh aoinne amháin agaibh anso agus
imthigheadh an chuid eile abhaile agus beiridís leó an
t-arbhar atá ceannaighthe agaibh. Ansan tugaidís
chugham anso an dritháir óg atá agaibh i dtreó go bhféad-
fad fírinne bhúr gcainnte do theastáil, agus ná beidh
orm sibh do chur chun báis.”



Dheineadar mar adubhairt sé leó. Ansan bhíodar
ag cainnt eatartha féin. “Ní'l aon nídh tagaithe
orainn sa ghnó so go léir,” ar siad, “ach an rud atá
tuillte againn mar gheall ar an ndroch bheart a dheine-
amair ar ár ndritháir! Chonacamair an ghuais 'n-a
raibh sé agus é 'ghá iarraidh orainn gan a leithéid do
dhéanamh air agus níor thugamair aon toradh air. Mar
gheall air sin iseadh atá an cruadhtan so tagaithe
orainn.” “Ná dubhart-sa libh gan an droch bheart
a dhéanamh ar an mbuachaill,” arsa Rúben, “agus
ní dhéanfadh sibh rud orm! Tá a chuid fola d'á h-éileamh
anois orainn!”



Bhí Ióseph ag éisteacht leo. Measadar nár thuig
sé iad ach do thuig sé an uile fhocal uatha. As an
Eabhrais iseadh do labhradar eatartha féin. Bhí fear
teangan ag cur a gcainnte sa teangain Éigipteach an
fhaid a bhí Ióseph ag cainnt leó, mar níor leog sé air
gur thuig sé a gcainnt. Do thuig. Agus nuair airigh
sé ag cainnt eatartha féin iad agus iad ag admháil
na h-eugcóra a dheineadar air, tháinig tocht aigne
agus croidhe air agus d'imthigh sé i leith taoibh as a
radharc agus bhí sé ag gol go bog ar feadh tamail.
Nuair a bhí an tocht san curtha dhe aige tháinig sé thar
n-ais chucha. Ansan do chuir sé, os a gcómhair, na
ceangalacha ar Shimeón, agus dubhairt sé leis na
seirbhísigh na málaí do líonadh dhóibh de chruithneachtain
agus an t-airgead a dhíoladar do chur thar n-ais chun


L. 91


gach fir acu, i mbéal a mhála, agus n-a theannta san
bia i gcóir an bhóthair a thabhairt dóibh. Do deineadh
san.



Chomáineadar leó agus an t-arbhar acu. Do stad-
adar ag tigh ósta. D'osgail duine acu an mála
a bhí aige chun bídh a thabhairt d'á asal. Fuair sé an
t-airgead i mbéal an mhála! Tháinig sgannra air.
Ghlaoidh sé ar an gcuid eile. “Feuch,” ar seisean,
“do tugadh an t-airgead thar n-ais domh-sa. Feuch
anso é i mbéal an mhála agam.” Tháinig sgannra
agus eagla ortha agus sgeit 'n-a gcroidhe. “Ó,”
ar siad le n-a chéile: “Cad é an nídh é seo atá
déanta ag Dia orainn!”



Thánadar abhaile ag triall ar Iacob agus d'inn-
seadar a gcúrsaí dhó. “Do labhair tighearna na
h-Éigipte go h-ana chruaidh linn. Dubhairt sé gur
lucht brath sinn agus gur ó namhaid éigin a thánamair,
ag spiaireacht ar an dtír. Dubhramair leis gur dhaoine
síothchánta sinn agus ná raibh aon nídh i bhfuirm fill
'á bheartú againn. Gur dháréag drithár sinn, clann
aon fhir amháin; go raibh duine de'n dáréag tar éis
bháis agus go raibh duine eile, an t-é ab óige, sa bhaile
i dteannta a athar i dtír Chanaain. Dubhairt sé linn
láithreach; “Beidh fhios agam anois ce' cu fírinne
nú éitheach atá agaibh á innsint dom agus ce' cu lucht
brath sibh nú daoine macánta. Cimeádfad duine
agaibh anso 'n-a phríosúnach agus imthigheadh an chuid
eile agaibh abhaile, agus beiridh libh an t-arbhar so atá
ceannaighthe agaibh, agus ansan tugaidh chugham anso
an dritháir óg so atá agaibh, i dtreó go mbeidh 'fios
agam nách lucht brath sibh agus go bhféadfad an
príosúnach so do thabhairt daoibh, agus neart a bheith
agaibh as san amach ar theacht agus bhúr ngnó dhéanamh
mar aon daoine eile!”



Nuair a bhí an méid sin innste acu d'á n-athair
d'osgaladar na málaí cruithneachtan agus cad a


L. 92


bheadh ach an t-airgead a dhíol gach fear acu as a raibh
sa mhála aige, é ansúd go cruinn fillte socair i mbéal
an mhála airís aige! Ansan iseadh thuit a lug ar a
lag ar fad acu go léir.



“Ó,” arsa Iacob, “táim fágtha gan chlainn agaibh.
Tá Ióseph tar éis bháis. Tá Simeón 'n-a phríosúnach
thíos sa n-Éigipt anois ní foláir libh Beniamin do
bhreith uaim!”



“Tá beirt mhac agam-sa,” arsa Rúben. “Bídís
i ngeall agat agus dein iad do chur chún báis mara
dtugad-sa Beniamin thar n-ais chughat. Tabhair suas
dómhsa é agus tabharfad-sa thar n-ais chughat é.”



“Ní thabharfad,” arsa Iacob. “Ní raghaidh mo
leanbh libh síos. Tá a dhritháir marbh, agus ní'l agam
anois ach é féin.”



XLII.



BENIAMIN I LÁTHAIR IÓSEPH.



Bí Iacob lán cheapaithe ar gan Beniamin do leo-
gaint uaidh síos sa n-Éigipt. Bí an méid cruithneachtan
a tugadh aníos, amhthach, bhí sé nách mór ídighthe agus
níor bhfoláir dul síos agus tuille thabhairt aníos nú
bás d'fhághail, mar bhí an gorta agus an t-uireasba
go h-uathbhásach sa tír.



“Imthighidh síos sa n-Éigipt,” arsa Iacob, le n-a
mhacaibh, “agus ceannaighidh bia dhúinn agus tugaidh
chughainn é le n-ithe.”



“Níl aon ghnó síos againn gan Beniamin a bheith
i n-aonfheacht linn,” arsa Iúdás. “Dubhairt an fear
úd linn, agus thug sé dearbhú dian ann, ná faighmís
aon radharc ar a ghnúis mara mbéarfimís síos ár
ndritháir i n-aonfheacht linn. Má's maith leat-sa é
leogaint linn raighmíd síos agus ceannóchaimíd an


L. 93


bia. Mara leogair linn é ní raighmíd. Dubhairt sé
siúd an chainnt ró chruaidh.”



Gan amhras bhí eagal ortha go mb'fhéidir dá dtéidís
síos gan Beniamin i n-aonfheacht leó go ndéarfí gur
lucht brath dáiríribh iad agus go gcuirfí chun báis iad
nú go ndíolfí 'n-a ndaoraibh iad.



“Dheinbhúir go cruaidh orm-sa é,” arsa Iacob,
“agus a dh'innsint dó go raibh aon dritháir sa bhaile
i nbúr ndiaidh. Cad ba ghádh dhíbh trácht i n-aon chor
ar Bheniamin!”



“Do cheistigh sé sinn i ndiaidh a chéile do réir ár sín-
sireachta, an méid a bhí ann againn. D'fhiafraigh sé
dhínn an raibh ár n-athair beó, agus an raibh aon drith-
áracha eile againn. Thugamair freagra do réir fírinne
ar gach ceist fé mar a cuireadh chughainn í. Conus
fheadfimís-ne a chuimhneamh go ndéarfadh sé linn ár
ndritháir a bhreith síos ag triall air! Cuir-se
Beniamin ar mo láimh-se,” arsa Iúdás, “agus mara
dtugad slán chughat tar n-ais é bíodh san de peaca
orm ad' láthair go deó. Dá leogthá linn é nuair a
dh'iarramair ort é leogaint linn bheadh an chuaird
tabhartha againn fadó agus bheadh an bia againn agus
ní bheimís i riocht dul chun báis leis an ocras mar
atáimíd, sinn féin agus ár mná agus ár gclann.”



B'éigean do Iacob aontú. “Tá go maith,” ar
seisean, “imthighidh oraibh agus téidheadh an buachaill
libh. Caithfimíd bia dh'fhaghail pé rúd atá le h-imtheacht
orainn. Ach beiridh libh tabharthaistí daora, tairbh-
theacha, agus tugaidh do'n phriúnsa san iad, feuchaint
an mbogfidís é. Beiridh libh, mar an gcéadna, an
t-airgead úd a cuireadh ins na málaíbh chughaibh an
turas deirineach agus tugaidh uaibh é mar ní libh é,
agus beiridh libh, n-a theannta an t-airgead a cheannó-
chaidh an chruithneacht a thabharfidh sibh abhaile an turas
so. Agus go ndeinidh Dia n-uile chomhacht croidhe
cruaidh an fhir sin do bhogadh dhíbh agus é dhéanamh


L. 94


cneasta libh i dtreó go dtabharfidh sibh chugham abhaile an
fear atá 'n-a phríosúnach aige agus mo mhac Beniamin.
Bead-sa anso i nbúr ndiaidh sa bhaile gan chlann,
tar éis mo chlainne go léir.”



Do sholáthruighdar cuid mhór des na neithibh daora
ná raibh le fághail sa n-Éigipt, a lán saighseana
spíosra, neithe ana luachmhara, rudaí n-a raibh ana
dhúil ag uaisle na h-Éigipte ionta. Chuireadar chucha
leis, dúbailt airgid. Ansan do ghluaiseadar féin
agus Beniamin agus chomáineadar leó síos.



Do shroiseadar an áit thíos. Do tugadh i láthair
Ióseph iad. Chonaic sé iad agus chonaic sé Beniamin,
an mac eile a bhí agá mháthair féin, ag Rachel. Thug
sé órdú d'á stíbhard dínnéar d'ullmhú dhóibh 'n-a
thigh féin mar go gcaithfidís bia chaitheamh 'n-a chuibhrean
féin an lá san nuair a thiocfadh meadhan an lae. Do
dhein an stíbhard mar a dubhradh leis.



XLIII.



CÓIR MHAITH.



Tháinig an stíbhard ag triall ar mhacaibh Iacoib agus
dubhairt sé leó teacht isteach i dtigh an phriúnsa agus
gur i bhfochair an phriúnsa do chaithfidís a ndínnéar
a dh'ithe an lá san nuair a bheadh meadhan an lae ann.
Tháinig sgannra agus uathbhás thar na beartaibh ortha
nuair airighdar an chainnt sin. Thugadar aghaidh ar
dhorus tighe an phriúnsa chun dul isteach fé mar a
dubhradh leó. Do labhradar eatartha féin agus iad
ag déanamh ar an ndorus.



“Á!” ar siad le n-a chéile, “an t-airgead a cuireadh
ins na málaíbh chughainn fé ndear an obair seo! Is
amhlaidh atáthar chun a chur i n-ár leith gur chimeádamair
an t-airgead agus nár dhíolamair as a bhfuaramair


L. 95


an uair sin. Táthar chun sinn do dhaoradh ann anois
agus sinn féin agus ár n-asail do dhíol nú do
chimeád i ndaoirse.” Nuair a bhíodar sa dorus do
labhradar leis an stíbhard.



“A leithéid seo, a dhuin'uasail,” ar siad, go h-umhal.
“Thánamair-ne anso cheana ag ceannach arbhair agus
do dhíolamair as an arbhar a tugadh dúinn an uair
sin. Nuair a chuamair abhaile ámhthach, agus nuair a
dh'osgalamair na málaí do fuaramair an t-airgead
ins na málaíbh i dteannta an arbhair. Thugamair linn
an t-airgead san anois ag triall ort. Sidé é, feuch,
i n-iomláine. Glac uainn anois é. Ní'l aon eólus
againn ar cé chuir chughainn ins na málaíbh é. Thugamair
linn airgead nách é chun díol as an arbhar atá le
ceannach anois againn.”



Chonaic sé an sgannra a bhí ortha agus do labhair sé
go cneasta léo. “Ná bíodh ceist oraibh,” ar seisean,
“an t-airgead a dhíolbhúir as an arbhar an uair dhéanach
tá sé thíos agam-sa go cruinn i leabhar an chúntais.
Ní'l aon cheart agam chun an airgid sin a fuarbhúir
ins na málaíbh. Is libh féin é. Isé Dia bhúr n-athar
a thug díbh é. Bíodh a bhuidheachas san ar Dhia bhúr n-athar
agus cimeádaidh é.”



Ansan do thug sé Simeón amach chucha agus do rug
sé isteach sa tigh iad agus thug sé uisge dhóibh chun a
gcos do nighe agus chuir sé cóir bhídh agus stáblaidheachta
ar na h-asalaibh. Bhíodar san ag cur na mbronntanas i
dtreó chun iad do thabhairt do'n phriúnsa nuair a
thiocfadh sé chun dínnéir i meadhan an lae, fé mar a
h-innseadh dóibh.



Tháinig meadhan an lae. Tháinig an priúnsa isteach.
Do chaitheadar iad féin ar an dtalamh os a chómhair
agus na tabhartaisí 'n-a lámhaibh acu. Dubhairt sé
leó eirighe agus do bheannuigh sé dhóibh go séimh agus
go cneasta, “Conus 'tá an seanduine a dubharbhúir
liom, bhúr n-athair? An mairean sé fós?”


L. 96


“Tá ár n-athair go maith 'n-a saoghal agus n-a
sláinte, a rí,” ar siad, agus do chromadar síos go
h-íseal ag úmhlú dho; le na linn sin do chonaic Ióseph a
dhritháir Beniamin. “An é sin an dritháir óg úd a
dubharbhúir a bhí agaibh?” ar seisean. “Go gcuiridh
Dia a bheannacht ort, a mhic!” ar seisean. Ach b'éigean
dó imtheacht láithreach mar do choruigh a chuid fola
nuair a chonaic sé an dritháir agus bhí na deóracha
i riocht pléasgadh as a shúilibh bhí a chroidhe chómh lán
san. Chuaidh sé isteach 'n-a sheómra codlata agus
do ghoil sé a dhóithin ann agus chuir sé dhe an tocht guil
sin. Ansan do nigh sé a aghaidh agus bhain sé rian an
ghuil de féin agus tháinig sé thar n-ais chucha, agus a
aigne fé smacht aige.



“Dáiltear an bia,” ar seisean. Do deineadh. Bhí
Ióseph 'n-a suidhe i n-áit fé leith agus a bhráithre i n-áit
fé leith, agus na h-uaisle Éigipteacha a bhí ag an ndín-
néar iad-san, leis, i n-áit fé leith. Níor chuibhe an
uair sin do dhuine Éigipteach suidhe chun bídh i n-aon-
fheacht le h-Eabhrach. Ba mhasla creidimh do'n Éigipteach
é dar leis. Do cuireadh clann Iacoib 'n-a suidhe do
réir a sínsireachta, an sínsear i n-áit an tsínsir agus
an sósar i n-áit an tsósair. Do dáileadh an bia ansan
ortha, 'n-a chodaibh, ó bhórd Ióseph féin, agus do
conacthas go raibh an chuid a cuireadh ag triall ar
Bheniamin níba mhó 'ná aon cheann des na codaibh eile.
Do dáileadh fíon a ndóithin ortha, fíon fóghanta,
agus bhíodar 'ghá ól go rabhadar súgach.



XLIV.



GOIDUIGHEACHT MAR DH'EADH.



Do labhair Ióseph leis an stíbhard. “Líon na málaí
de'n arbhar dos na fearaibh sin,” ar seisean, “chómh
lán agus is féidir é, agus annsan cuir airgead gach


L. 97


fir isteach i mbéal a mhála féin, agus cuir an cupa
airgid seo, i dteannta an airgid a dhíol sé as an arbhar,
isteach i mála an t-é is óige acu,” Do deineadh san.
Nuair a tháinig an mhaidean do sgaoileadh chun siubhail
iad féin agus a n-asail. Nuair a bhí uain acu ar bheith
glan as an gcathair agus tamal beag uaithi amach do
ghlaoidh Ióseph chuige an stíbhard.



“Tóg leat rainnt lucht airm,” ar seisean, “agus
lean na fir úd agus nuair a thiocfir suas leó dein
príosúnaigh díobh agus abair leó mar seo: “Cad chuige
dhíbh an t-olc a dhéanamh i n-aghaidh na maitheasa! An
corn san a ghoidbhúir ise corn feasa mo thighearna é.
Leis an gcorn san a gheibhean sé fios. Is dian olc an
gníomh é seo atá déanta agaibh!”



Do lean an stíbhard iad. Níos bh'fhada go dtáinig
sé suas leó.



“Stadaidh!” ar seisean. Do stadadar.



“Is olc an gníomh é seo atá déanta agaibh ar mo
thighearna,” ar seisean, “tar éis ar thaisbeáin sé de
dheaghmhéinn agus d'onóir díbh.”



“Cad é an droch ghníomh atá déanta againn?” ar
siad san.



“Corn airgid,” ar seisean, “corn feasa a bhí agam'
thighearna do ghoid uaidh. Siné an droch ghníomh atá
déanta agaibh,” ar seisean.



“Níor dheineamair a leithéid!” ar siad san, “agus
is olc uait-se, a dhuin'uasail,” ar siad, “a leithéid
do chur i n-ár leith. An t-airgead úd a fuaramair an
turus deirineach i mbéalaibh na málaí againn do thuga-
mair anso thar n-ais é go macánta, agus daoine a
dhein san cad a bhéarfadh go ngoidfidís ór ná airgead
a' tig do thighearna!”



“Ní deacair an sgéal do socarú,” ars an stíbhard.
“Cuarduightear sibh agus marar ghoidbhúir an corn
ní bhfaghfar agaibh é.”



“Tá go maith!” ar siad san, “Cuarduightear sinn


L. 98


láithreach agus an t-é n-a bhfaghfar an corn aige curtar
chun báis é agus fanadh an chuid eile againn i n-ár
ndaoraibh anso agat' thighearna.”



Do leagadh na málaí anuas ar an dtalamh agus do
thosnuigh an cuardach. Do thosnuigh an stíbhard ag an
bhfear ba sine acu. Ní bhfuair sé an corn aige sin.
Ní bhfuair ná ag an tarna fear. Bhí an cuardach geall
le bheith críochnuighthe agus iad go léir ag dul i ndánacht
agus ag tosnú ar labhairt go teann nuair a tharraig
an stíbhard an cosn, os cómhair a súl gó léir, amach
a' mála Bheniamin!



Dá dtuiteadh an spéir uachtarach anuas ortha ní
cuirfí iongna níba mhó ortha 'ná mar a chuir an corn
airgid sin ortha nuair a chonacadar ag teacht amach é,
i láimh an stíbhaird, a' mála Bheniamin. D'fheuchadar ar
an gcorn, agus d'fheuchadar ar a chéile. Níor fhan
focal ionta.



“Dá dtugainn breith bhúr mbéal féin oraibh,” arsan
stíbhard, “do bhéarfinn liom thar n-ais i nbúr bprío-
súnachaibh sibh go léir. Chím, ámhthach, ná raibh aon bhlúire
d'á fhios ag an gcuid eile agaibh go raibh an corn i
mála an bhuachalla so. D'á bhrígh sin leogfad díbh-se
dul abhaile agus cimeádfad an buachaill seo 'n-a
dhaor.”



“Raighmíd go léir leat thar n-ais chun na catharach,
a dhuin'uasail,” ar siad san.



Chuireadar na málaí ar na h-asalaibh agus d'iom-
puighdar thar n-ais chun na catharach. Chuadar isteach
i láthair Ióseph. Bhí sé gan imtheacht as an áit fós.
Chaitheadar iad féin anuas ar an dtalamh 'n-a láthair
ar a mbéal agus ar a n-aghaidh. Do labhair sé leó go
feargach. “Cad chuige dhíbh a leithéid do dhéanamh?”
ar seisean. “An amhlaidh ná raibh fhios agaibh gur
mise an fear is fearr dá bhfuil beó chun feasa
dh'fhághail agus nár bh'fhéidir an corn san do ghoid uaim
gan a fhios a bheith agam cé goid é?”


L. 99


XLV.



I GCRUADHCHÁS.



Do labhair Iúdás: “Cad is féidir dúinn a rádh, a
rí!” ar seisean, “nú cad í an chosaint atá
againn le déanamh orainn féin? Tá tagaithe suas ag
Dia le n-ár ndroch ghníomh. Tugaimíd sinn féin suas
i n-ár ndaoraibh duit, a rí, sinn go léir; an t-é n-a
bhfuaradh an corn aige agus an chuid eile againn chómh
maith.”



“Nar leogaidh Dia go ndéanfinn-se a leithéid sin!”
arsa Ióseph, “an t-é a ghoid an corn fanadh sé 'n-a dhaor
agam, agus téidheadh an chuid eile agaibh abhaile saor ag
triall ar bhúr n-athair.”



Ansan d'eirigh Iúdás agus do dhruid sé i gcómgar
do Ióseph chun labartha níba soiléire leis.



“Aithchim ort, a rí,” ar seisean, “leogaint dom
focal do labhairt ad' chluais, agus gan fearg
do ghlacadh chugham, óir tar éis Pharó féin is tú mo
thighearna, a rí. Is cuimhin leat, a rí gur fhiafraighis
dínn ar dtúis, an raibh athair nú dritháir againn,
agus go ndubhramair le t'onóir go raibh athair
againn a bhí 'n-a seanduine agus go raibh mac óg aige,
mac a rugadh dó agus é aosta, agus go raibh ag an
mac san dritháir aon bhronnach a bhí tar éis bháis, agus
go raibh árd chion ag ár n-áthair ar an mac óg san a bhí
sa bhaile aige i n-ár ndiaidh. Ansan dubhairt t-onóir
linn, a rí onóraigh, an mac óg san do thabhairt anso
chughat. Ansan dubhramair le t'onóir, a rí, nár
bh'fhéidir an mac óg san do thabhairt ó n' athair mar go
mbrisfadh sé croidhe an athar sgaramhaint leis an mac.
Dubhairt t'onóir linn ansan, a rí, mara dtagadh an
mac óg san ag triall ort i n-aonfheacht linn ná beadh
aon bhreith againn ar do ghnúis a dh'fheiscint airís.


L. 100


Chuamair abhaile, a rí, ag triall ar ár n-athair agus
d'innseamair ár sgéal dó. Ansan, a rí onóraigh,
nuair a tháinig an t-am dúinn chun teacht ag ceannach
tuille arbhair dubhairt ar n-athair linn teacht agus bia
do soláthar. Dubhramair leis ná raibh aon bhreith
againn ar theacht. Dá dtagadh ár ndritháir óg linn go
dtiocfimís, ach gan é theacht linn ná leogfadh sgannra
dhúinn aghaidh do thabhairt ort-sa, a rí. Ansan, a rí,
dubhairt ár n-athair linn:



“Is eól díbh gur rug mo bhean, Rachel, beirt mhac
dom. Tá duine acu tar éis bháis. D'imthigh sé
amach uaim agus ní fheaca 'na dhiaidh san é beó ná
marbh. Dubhrúir-se gur ith droch bheithidheach éigin é. Má
thógan sibh uaim é seo eile agus go n-imtheóchaidh aon
droch nídh air, cuirfidh sibh mo cheann liath fé'n bhfód
le neart buartha.”



“D'á bhrígh sin, a rí, má théim-se abhaile anois ag triall
ar m'athair, agus gan an buachaill seo agam, tuitfidh
an t-anam as m'athair. Fíorfar an focal adubhairt
sé. Raghaidh a cheann liath fé'n gcré le neart buartha
agus is mise a bheidh cionntach 'n-a bhás. D'iarras
air an mac do chur ar mo láimh agus mara dtugainn
chuige thar n-ais é slán go mbeadh san 'n-a pheaca orm
i láthair m'athar go deó. Dá bhrígh sin, bí athtruaghach.
Leog an buachaill ag triall ar a athair agus leog
dómhsa fanmhaint anso am' dhaor agat-sa, a rí, i n-inead
an bhuachalla. Sgaoil abhaile an buachaill agus an
chuid eile acu so agus fanfad-sa i d'fhocair go
deó. Ní'l ar mo chumas a mhalairt do dhéanamh, a rí.
Ní leogfadh sgannra dhom aghaidh a thabhairt ar m'athair
agus gan an buachaill agam. Dá bhfeicfeadh sé
sinn ag teacht, agus gan an buachaill againn tá sé
buailte isteach am' aigne go dtuitfadh an t-anam as
os cómhair mo shúl. Is fearr liom fanmhaint am' dhaor
go deó 'ná aon bhaoghal a bheith go bhfeicfinn an
radharc san.”


L. 101


XLVI.



IS MISE IÓSEPH.



Nuair a bhí éistithe ag Ióseph leis an méid sin cainnte
ó Iúdás níor fhan a thuille mearathail ar a aigne i
dtaobh ce 'cu bhí an fhírinne acu dhá innsint dó, nú ná
raibh. Go dtí gur airigh sé an chainnt sin ní raibh sé
deimhnightheach. Bhí eagla air go mb'fhéidir go raibh
feall acu 'á dhéanamh air: go mb'fhéidir go raibh a
athair tar éis bháis agus go rabhadar ghá chéilt air. Bhí
an tsean aithne aige ortha agus níor bh'fhóghanta an
tsean aithne í. Nuair airigh sé an chainnt sin amhthach,
ó Iúdás, do thuig sé i n'aigne nár bhaoghal go mbeadh
Iúdás sásta le fanmhaint sa n-Éigipt i n-a dhaor chun
an bhuachalla do leogaint abhaile mara mbeadh go
raibh an t-athair beó agus ná féadfadh Iúdás aghaidh
a thabhairt air gan an buachaill a bheith i n-aonfheacht
leis ag dul abhaile. Tháinig amach, leis, sa chainnt,
an leathsgéal fill a tugadh do'n athair i dtaobh Ióseph
féin, is gur bh'amhlaidh a mhairbh beithidheach allta éigin
é; agus do tháinig amach, mar an gcéadna, saghas
admhála gur dheineadar an droch ghníomh agus gur
bh'é an droch ghníomh san a bheith ag Dia dh'á agairt ortha
fé ndear an mí-adh san go léir a bhí ag teacht ortha
sa n-Éigipt an uair sin.



Nuair a chonaic Ióseph go raibh an fhírinne ghlan acu
dh'á innsint dó, agus go raibh a athair beó 'n-a ndiaidh
sa bhaile, níor fhéad sé staonadh a thuille. Dubhairt
sé leis an stíbhard agus leis na h-Éigiptigh eile, a bhí
láithreach, imtheacht. Ansan d'iompuigh sé ortha agus
thug sé srian do'n nádúr a bhí istigh 'n-a chroidhe. Do
sgaoil sé le guth a chléibh. Do ghoil sé go h-árd, chómh
h-árd san gur h-airigheadh amuich é agus go raibh
iongna ar na h-Éigipteachaibh a bhí ag éisteacht leis


L. 102


an ngol. Ach má bhí iongna ar na h-Éigipteachaibh
amuich, bhí iongna agus alltacht agus uathbhás ar
chlainn Israéil istigh. Chómh luath agus d'fhéad sé
labhairt, do labhair sé: “Ó!” ar seisean, ní
aithnighean sibh mé! Is mise Ióseph! An bhfuil
m'athair beó?”



Níor fhéad aon duine acu labhairt tháinig a leithéid
sin do sgeón ionta. Bhí a líth iompuighthe ionta agus
iad mar a bheadh daoine gan anam gan ionta cor a
chur de láimh ná de chois ná d'aon bhall d'á mballaibh
beatha, ach a súile ar leathadh agus iad ag feuchaint
air. Thug sé fé ndeara an t-uathbhás. Do thuig sé
nár bh'uathbhás gan chúis é. Do labhair sé go cneasta
leó agus go h-athtruaghach.



“Ná bíodh aon eagla agaibh rómham,” ar seisean,
“mise bhúr ndritháir Ióseph, an dritháir a dhíolbhúir
agus do rugadh uaibh síos sa n-Éigipt. Ná bíodh aon
sgannra oraibh, agus ná brathaidh gur chruaidh a dhein-
bhúir orm é nuair a chuirbhuir síos am' dhaor chun na
tíre seo mé. Leámhnú Dé ab eadh é. Do chuir Dia
anso síos me rómhaibh chun sibh do sábháil ó'n ngorta.
Ní'l ach dhá bhliain ó thosnuigh an gorta. Tá chúig bhliana
eile le teacht agus i gcaitheamh na gcúig mblian san
ní curfar síol ná ní bainfar fóghmhar sa n-Éigipt ná
i n-aon bhall eile. Do chuir Dia mise rómhaibh-se anuas
anso chun sibh a chimeád beó, chun an bídh a chimeádfadh
beó sibh do bheith ullamh agam anso rómhaibh. Ní h-é
bhúr mbeartú-sa do chuir anso anuas mé. Isé Dia
do chuir anso anuas mé agus do chuir mé i riocht bheith
am' athair ag Pharó féin agus am' thighearna os cionn
teaghlaigh Pharó. Táim, tré thoil Dé, am' thighearna
ar thalamh na h-Éigipte go léir. Téidhidh abhaile láithreach
ag triall ar m'athair agus abraidhidh leis mar seo:—



“Deir do mhac Ióseph leat, ‘Táim am' thighearna
ar thalamh na h-Éigipte go léir, tré mhór chómhacht Dé.
Tar chugham anso gan a thuille ríghnis.’”


L. 103


XLVII.



AG DUL ABHAILE AIRÍS.



“Abraidh le m'athair,” arsa Iósep, “teacht chugham
anuas anso, é féin agus a chlann agus clann a chlainne,
agus a chuid go léir do thabhairt leis, idir threudaibh
agus áirnéis. Cuirfad i nbhúr gcómhnaighe sibh i
dtalamh Ghessen anso am' aice. Tabharfad-sa aire
mhaith dom' athair agus díbh-se go léir. Tá cúig bhliana
de'n ghorta le teacht fós. Ní baoghal díbh-se an gorta
san. Cothóchad-sa sibh go neamhamhgarach anso. Bros-
tuighidh abhaile ag triall ar m'athair agus innsidh dó
méid mo chómhachta agus méid mo ghradaim sa tír seo
na h-Éigipte. Níl aon mhearathal oraibh anois ná gur
mé bhúr ndritháir Ióseph. Aithnighean sibh mé. Aith-
nighean mo dhritháir Beniamin anso mé. Brostuighidh
abhaile agus innsidh dom' athair gach nídh d'á bhfuil
feicithe agaibh agus tagaidh go léir anso chugham chómh
luath agus is féidir díbh teacht.



Ansan do rug sé idir a dhá láimh ar Bheniamin agus
bhí sé 'ghá fhásgadh agus 'ghá phógadh agus iad araon ag
sile go fuigheach. Do rug sé ar gach duine acu sa
tímpal ar an gcuma gcéadna agus do phóg sé iad
go grádhmhar i dtreó gur cuireadh 'n-a luighe ar a
n-aigne ná raibh aon fhearg air chucha agus nár bhaoghal
dóibh go n-agaróchadh sé ortha an gníomh malluighthe
mí-nádúrtha úd a dheineadar air nuair a chuireadar
ceangailte é síos insa pholl agus nuair a dhíoladar
é n-a daor le clainn Ismaéil. Níor leómhaidh aoinne
acu focal do labhairt leis go dtí gur phóg sé mar
sin iad. Ansan iseadh tháinig aon fhocal cainnte
asta dhó.



Ach do ghluais an sgéal nua tré theaghlach an rí gur
bh'iad dritháracha Ióseph a bhí tagaithe. Bhí áthas thar


L. 104


bár ar mhuinntir an teaghlaigh, agus bhí áthas thar bár
ar Pharó féin. Do labhair sé le Ióseph:



“Abair le d' bhráithribh,” ar seisean, “ualaí do
chur ar a mbeithidheachaibh agus dul thar n-ais go tír
Chanaain agus gach aoinne a bhainean leó do thabhairt
chughat anso agus go dtabharfir-se dhóibh gach saidhbhreas
d'á bhfuil sa n-Éigipt; go dtabharfir dóibh sochar na
h-Éigipte. Abair leó caráistí agus cóir iompair do
bhreith leó as so chun na mban agus na leanbh do thabhairt
anuas. Abair leó brostú; gur leó anois ollmhaitheas
na h-Éigipte go léir.”



Thug Ióseph an t-órdú san dóibh go fonnmhar. Thug
sé na caráistí dhóibh, agus lón bóthair, do réir mar
a dh'órduigh Pharó. Thug sé dhóibh 'n-a theannta san
dhá bhrat éadaigh uasail do gach duine acu, agus thug
sé do Bheniamin chúig bhrata des na brataibh ab uaisle
agus trí chéad píosa airgid. Thug sé dhóibh le breith
ag triall ar a athair chúig bhrata des na brataibh ab
uaisle agus trí chéad píosa airgid, díreach mar a
thug sé do Bheniamin. Thug sé dhóibh leis, deich n-asail
agus ualaí troma saidhbhire ortha d'ollmaitheas na
h-Éigipte, agus deich n-asail eile agus ualaí troma
cruithneachtan agus aráin ortha. Ansan do chuir sé
chun bóthair iad, agus nuair a bhíodar ag imtheacht
dubhairt sé leó “gan bheith feargach le n-a chéile ar an
slighe”.



Is dócha go raibh eagal air nuair a bheidís sgartha
leis féin ar an slighe ag dul abhaile go mbeadh gach
aoinne acu ag cur milleáin an droch ghnímh úd ar gach
aoinne eile acu. Go ndéarfadh duine éigin acu,
Rúben b'fhéidir, ó isé a bhí a d'iarraidh Ióseph bhreith
saor uatha; “Tusa fé ndear an droch obair go léir!
Tusa an chéad duine adubhairt gur bh'fhearr é chur as
an saoghal 'ná sinn a bheith i gcontabhairt tuitim fé
n-a smacht nuair a bheadh sé eirighthe suas.” Ansan
go ndéarfadh an duine eile sin acu; “ní mise a


L. 105


dubhairt an chainnt sin ach é seo!” Bhí eagal ar Ióseph
go dtiocfadh an chainnt, agus as an gcainnt go n-
eireóchadh fearg, agus as an bhfeirg go n-eireóchadh
bruidhean, b'fhéidir. Bhí an chontabhairt ann. Bhí an
náire ortha, agus bhí an t-aithreachas ortha, ach ní raibh
ionta an umhluigheacht a chuirfadh fhiachaint ar an náire
agus ar an aithreachas dul chun tairbhthe croidhe agus
aigne dhóibh. Ní gan chúis adubhairt Ióseph an focal
úd leó



XLVIII.



SGÉAL ÁTHAIS DO IACOB.



Chomáin clann Israéil leó soir ó thuaidh abhaile. Pé
cainnt a dheineadar ar an slighe níor eirigh aon achran
eatartha. Ní dócha go bhféadfidís iad féin do chimeád
síothchánta mara mbeadh an focal deirineach úd
adubhairt Ióseph leó. Bhí adhbhar achrainn a ndóithin
acu. Bhí gníomh grána déanta acu agus dheineadar
é do thoil a chéile agus an fear n-ar dheineadar an
gníomh grána san air bhí cómhacht na h-Éigipte 'n-a
láimh aige agus gan bac air aon úsáid ba mhaith leis
a dhéanamh de'n chómhacht uathbhásach san chun díoltais
a dhéanamh ortha. Dá ndeineadh sé díoltas ortha do
thuigeadar n-a n-aigne nár bhféidir dóibh féin ná
d'aoinne eile aon mhilleán a bheith acu air. Pé díoltas
a dhéanfadh sé ortha bhí fhios acu go raibh sé tuillte acu.
Ní h-eadh, ach do thuigeadar go dian mhaith go ndéarfadh
aon duine a dh'aireóchadh an sgéal go raibh ceangailte
air, i láthair Dé agus daoine, an díoltas a bhí tuillte
acu d'imirt ortha. Siné an machtnamh a chuir an
sgannra ortha agus do chuir an iompáil líth ionta nuair
innis sé dhóibh cé'r bh'é. Níor bh'fhéidir leó a thuisgint
conus fhéadfadh sé, os cómhair an rí agus os cómhair
na ndaoine, staonadh ó dhíoltas a dhéanamh ar chuirp-


L. 106


theachaibh a dhein a leithéid de ghníomh. Ní dubhairt sé
ach an t-aon fhocal amháin a thug le tuisgint dóibh go
bhféadfadh sé staonadh agus go staonfadh sé. Dubhairt
sé leó nár bhaoghal dóibh mar gur le leámhnú Dé do
thuit an sgéal go léir amach. Chuir san rainnt misnigh
ortha. Ach má chuir féin d'fhan an t-eagla ortha agus
ní baoghal 'ná gur thugadar aire mhaith do gach aon fhocal
adubhairt sé. Dubhairt sé leó gan bheith feargach le
n-a chéile ar an slighe ag dul abhaile dhóibh. Ní rabhadar.
Chuadar abhaile go breágh soilbhir suairc síothchánta.



D'innseadar do Iacob go raibh a mhac Ióseph thíos
sa n-Éigipt agus é 'n-a phriúnsa ar an dtír go léir.
Níor chreid Iácob iad. Chonaic sé Beniamin, agus
chonaic sé Simeón agus bhí sé sásta i n'aigne. Do
leanadar 'ghá innsint dó conus mar ab é Ióseph, a
mhac féin, a bhí os cionn na h-Éigipte, ar an bhfear ba
ghiorra do'n rí, do Pharó féin, agus conus mar
adubhairt sé leó a n-athair do bhreith leó síos ag triall
air, agus iad féin go léir agus a mná agus a gclann
do dhul síos ag triall air, agus nár bhaoghal dóibh an
gorta a thuille.



Ba ró dheacair a chur fhiachaint ar Iácob an sgéal
san go léir do thuisgint ná é chreideamhaint. Chonaic
sé na caráistí iasachta, ámhthach, agus na h-éadaí
breághtha uaisle daora, agus an t-arbhar go léir agus
an t-airgead, agus an t-ollmhaitheas, agus chuaidh an
fhírinne i bhfeidhm air fé dheire.



“Ó!” ar seisean, fé dheire, “tá an sgéal go léir
fíor! Tá mo mhac Ióseph beó! Imtheóchad ag triall
air, agus chífad airís é sar a bhfaghad bás!”



Chruinnigh sé a mhuinntir go léir ag Tobar an Mhionna
agus dhein sé ídhbirt ann chun Dé. Do labhair Dia
leis sa n-ídhbirt.



“A Iacoib, A Iacoib!” arsa Dia. “Táim anso, a
Thighearna!” arsa Iacob. Agus dubhairt Dia leis:



“Dia mór chómhachtach t-athar mise. Ná bíodh aon


L. 107


eagal ort. Imthigh síos sa n-Éigipt mar déanfad-sa
cine mhór díot sa n-áit sin. Raghad ann leat agus
tabharfad as tu airís. Agus cuirfidh Ióseph a lámh
ar do shúilibh mar beidh sé os cionn do bháis.”



Ansan do thánadar ó'n dtobar agus do cuireadh
Iacob agus a chlann agus a mhuinntir go léir ar na
caráistíbh Éigipteacha agus do ghluais an chualacht chun
bóthair síos fé dhéin na h-Éigipte.



Chuir Iacob Iúdás síos rómpa chun a rádh le Ióseph
go raibh a athair ag teacht agus chun a iarraidh air
teacht 'n-a choinnibh go Gessen.



XLIX.



TÍR GHESSON.



Chómh luath agus do h-innseadh do Ióseph go raibh
a athair agus an chualacht ar an slighe ag teacht anuas
sa n-Éigipt do ghaibh sé a chapaill agus a charbad agus
do ghluais sé i gcoinnibh a athar. Nuair a tháinig sé
'n-a radharc do léim sé amach as an gcarbad agus
do rith sé chun a athar agus do ghlac sé idir a dhá láimh
é agus bhí sé 'ghá fhásgadh agus 'ghá phógadh agus na
deóracha ag teacht go fuigheach uatha araon. Dubhairt
an t-athair:— “Is fé áthas a gheóbhad bás feasta, a
mhic mo chroidhe, ó tá radharc fághalta agam ort agus
áirighthe agam ar tú bheith beó am' dhiaidh!” Ansan do
labhair Ióseph le n-a bhráithribh go léir agus chuir sé
fáilte rómpa agus roime n-a mnáibh agus roime
n-a gclann agus roime n-a raibh de mhuinntir acu.



“Imtheóchad-sa anois,” arsa Ióseph ansan le n'athair,
agus labharfad le Pharó agus neósfad dó go bhfuil
m'athair agus a theaglach go léir tagaithe chugham anso
ó thír Chanaain, agus gur aodhairí iad agus go bhfuil
a dtreuda acu. Cuirfidh sé fios oraibh-se chun


L. 108


labhartha libh agus fiafróchaidh sé dhíbh cad is gairm beatha
dhíbh, agus abraidhidh-se leis: ‘Aodhairí iseadh sinn,
a rí, chun do seirbhíse, aodhairí ó n-ár n-óige, sinn
féin agus ár sínsear rómhainn.’ Isé cúis n-a ndeirim
libh an freagra san do thabhairt air 'ná so. Is freagra
fírinneach é agus dá éaghmuis sin, nuair a thuigfidh sé
gurab í sin bhúr ngairm beatha órdóchaidh sé sibh do
chur chun cómhnuighthe i dtír Gessen, an talamh is
oireamhnaighe d'á bhfuil sa n-Éigipt chun fosaidheachta.



Do thoibh Ióseph ansan cúigear des na fearaibh ba
bhunúsaighe de chlainn Israéil agus do rug sé leis iad
go tigh an rí. Chuaidh sé féin isteach chun cainnte leis
an rí. D'innis sé dhó go raibh a athair agus teaghlach
a athar tagaithe agus go raibh cuid acu tabhartha leis
aige chun iad do thabhairt 'n-a láthair. Do tugadh
isteach iad. “Cad is slighe bheatha dhíbh-se?” arsan
rí leó.



“Aodhairí iseadh sinn ó n-ár n-óige, chun do sheir-
bhíse, a rí,” ar siad, “agus do thánamair chun sealad
do chaitheamh anso ad' thír-se, a rí, toisg an gorta
bheith ró-dhian i dtír Chanaain agus gan feur a bheith ag
fás ann agus d'á bhrígh sin gan aon nídh a bheith ann chun
ár dtreud do chothú ná chun sinn féin do chothú. Táimíd
ghá iarraidh ort a rí, go n-órdófá dhúinn, le toil
t'onóra, cur fúinn i dtír Gessen.” Do labhair an
rí le Ióseph:—



“Tá t'athair agus a theaghlach tagaithe ag triall ort
anso. Siné talamh na n-Éigipte os do chómhair. Tabhair
dóibh an fód is fearr de. Ó 'sé tír Ghessen an áit
is fearr a thaithnean leó tabhair dóibh é. Má's eól
duit 'na measg fir thuisgionacha dein iad do chur i mbun
mo thréad-sa féin.”



Ansan do thug Ióseph a athair i láthair an rí. Do chuir
Iacob a bheannacht ar an rí. Do labhair an rí leis.



“Cad é an t'aos tú anois?” arsan rí.



“Táim anois, a rí, chun do seirbhíse, céad agus deich


L. 109


mbliana fichid, ré nách fada agus nár bh'fhóghanta, ré
is giorra 'ná saoghal m'athar féin.”



Ansan do chuir sé a bheannacht ar an rí agus d'imthigh
sé amach.



Ansan do thug Ióseph seilbh i dtír Ghessen d'á athair
agus do theaghlach a athar agus chuir sé cóir chómhnuighthe
ortha ann agus cóir chothuighthe. Thug sé a ndóithin mór
le n-ithe agus le n-ól agus a ndóithin éadaigh le caitheamh
do gach líntighe acu fé leith. Agus fuaradar cneas-
tacht agus deagh-chomharsanacht, mar gheall ar Ióseph,
ós na h-Éigipteachaibh, bíodh go raibh gráin ag na
h-Éigipteachaibh ar aodhairíbh agus ar aodhaireacht.



L.



CAD A THÁINIG AS AN NGORTA.



Tímpal deichniúbhar agus trí fichid iseadh a bhí de
theaghlach ar fad ag Iacob nuair a chuir sé faoi i dtalamh
Ghessen sa n-Éigipt. Bhí saoghal maith acu sa n-áit sin,
saoghal sámh suairc neamhamhgarach, agus an gorta go
h-uathbhásach i dtír Chanaain 'n-a ndiaidh. Bheadh an
gorta dian thar na beartaibh sa n-Éigipt, leis, mara
mbeadh an t-arbhar a bhí curtha i gcimeád ag Ióseph ins
na sgiobólaibh ar fuaid na h-Éigipte. Bhí an t-arbhar
san dh'á dhíol leis na daoine a thagadh ó dhúthaíbh iasachta
'ghá cheannach, agus bhí sé dh'á dhíol le muinntir na
h-Éigipte féin, chómh tiugh agus bhí gádh acu leis, agus
bhí an t'airgead go léir ag dul isteach i gciste an rí.
Do thuig an rí go raibh an saidhbhreas san go léir
ag teacht isteach chuige, 'n-a thuiltíbh móra, ó'n Éigipt
agus ós na tíorthaibh leathana iasachta mórthímpal,
agus gur ar Ióseph ba cheart dó a bhuidheachas a bheith
aige. Bhí sé buidheach, agus bhí sé sásta i n'aigne.



Ach pé airgead tirim a bhí ag muinntir na h-Éigipte
níor féad sé seasamh ach sealad. Tháinig deire an


L. 110


airgid ach níor tháinig deire an ghorta. Siúd ag triall
ar Ióseph na daoine. “Tá ár gcuid airgid caithte,”
ar siad. “Ní foláir duit bia thabhairt dúinn i n-aisge
nú gheóbhmíd bás!”



“Glacfad-sa na beithidhigh uaibh,” arsa Ióseph leó,
“i n-inead airgid. Tugaidh dom na beithidhigh agus
tabharfad an bia dhíbh, díbh féin agus dóibh.” Thugadar
dó na beithidhigh. Ansan thug sé dhóibh an t-arbhar agus
do cothuigheadh iad féin agus na beithidhigh an bhliain sin.
Ach má seadh ba leis an rí na beithidhigh as san amach
bíodh gur fágadh i seilbh na ndaoine iad.



D'imthigh an bhliain sin ach má imthigh níor tháinig aon
luigheadú ar an gcruadhtan. Bhí an t-airgead imthighthe
agus bhí an stoc imthighthe agus ní raibh ag na daoine
ach an talamh. Siúd ag triall ar Ióseph iad.



“Ní cheilfimíd ort é, a rí,” ar siad. “Tá an t-air-
gead imthighthe, agus tá an stoc imthighthe. Ní'l againn
anois ach an talamh. Cad é an tairbhthe dhúinn an talamh
má gheibhmíd bás leis an ocras! Ceannuigh an talamh
uainn, agus ceannuigh sinn féin, ach tabhair an bia
dhúinn. Dein do rogha rud linn; tabhair do rogha
cor dúinn. Tugaimíd sinn féin suas duit chun do
rogha úsáid a dhéanamh dínn ach rud le n-ithe thabhairt
dúinn. Bímís i n-ár ndaoraibh ag an rí ach tabhair an
bia dhúinn.”



“Tá go maith,” arsa Ióseph. Ansan do cheannuigh
Ióseph do'n rí an Éigipt go léir, ó cheann ceann agus
ó thaobh taobh, idir thír agus daoine. Do dhíol gach
duine acu a chuid tailimh agus é féin agus do thug
Ióseph suas do'n rí iad. Do fágadh lasmuich de'n
díol san, ámhthach, talamh na sagart. Bhí an rí féin
tar éis a gcuid tailimh do bhronnadh ortha san agus
d'á bhrígh sin do fágadh acu é, agus do bronnadh an
t-arbhar ortha as na sgiobólaibh. Ach dubhairt Ióseph
leis na daoine:—



“Is leis an rí anois, fé mar a chíon sibh, idir thalamh


L. 111


agus daoine. Is leis an rí sibh go léir. Isé toil an
rí, ámhthach, go dtabharfar díbh arbhar chun bídh, díbh féin
agus dos na beithidhigh atá agaibh, arbhar chun curadóir-
eachta i dtreó go bhféadfidh sibh an síol do chur sa
talamh. Ach beidh oraibh an cúigmhadh cuid de thoradh
an tailimh a thabhairt do'n rí agus féadfidh sibh na
cheithre coda eile do chimeád.”



“Táimíd lán tsásta leis sin!” ar siad, “Tá ár
n-anam ar do láimh. Feuch le h-athtruagh orainn, a
rí, agus beimíd umhal do'n rí le lán toil!”



Ó'n lá san go dtí an lá atá indiu ann díoltar leis
an rí an cúigmhadh cuid do thoradh tailimh na h-Éigipte
go léir, i dtreó gur cuma nú dlighe an nós. Ach tá
talamh na sagart lasmuich de'n dlighe sin.



Do lean Iacob agus a chlann sa n-Éigipt, i dtír
Ghessen, agus bhí seilbh acu sa n-áit, agus chuadar i
lionmhaireacht go h-iongantach ann. Do mhair Iacob
seacht mbliana déag tar éis dul síos ann dó i dtreó
go raibh sé céad agus seacht mbliana agus dachad
nuair ab é toil Dé glaodhach air.



LI.



IACOB AG DUL CHUN BÁIS.



Nuair a bhí seacht mbliana déag caithte ag Iacob sa
n-Éigipt do thuig sé i n'aigne ná raibh an ghlaodh abhfad
uaidh. Do thuig sé nár bh'fada uaidh an bás. Chuir sé
fios ar a mhac Ióseph. Tháinig Ióseph.



“Táim deimhnightheach, a mhic,” arsa Iacob, “go bhfuil
mo thréimhse ar an saoghal so nách mór caithte agus
tá rud agam le h-iarraidh ort.”



“Tá go maith, a athair,” arsa Ióseph, “déanfar pé
nídh is maith leat a déanfí.”



“Ma's ionmhuin leat mé, a mhic,” arsa Iacob, “ná
deintear mé dh' adhlacadh sa dúthaigh seo ach beirtear


L. 112


mo chorp abhaile chun ár dtíre féin agus adhlactar mé
i n-aice m'athar agus mo sean-athar, i n-ár roilig
féin, mar a bhfuil m'athair Isaac agus mar a bhfuil
ár n-athair Abraham.”



“Déanfar an nídh sin gan teip, a athair,” arsa Ióseph.



“Cuir do lámh anso fé mo cheathramhain, a mhic,”
arsa Iacob, “agus dearbhuigh i láthair Dé dhom go
ndéanfir é.”



Dhein Ióseph an dearbhú fé mar a h-iarradh air a
dhéanamh. Bhí Iacob sásta ansan agus do ghaibh sé a
bhuidheachas le Dia.



Beagán aimsire 'n-a dhiaidh san tháinig sgéala ag
triall ar Ióseph go raibh a athair breóite. Tháinig sé
'ghá fheisgint. Bhí beirt mhac aige an uair sin leis an
mnaoi a thug Pharó dhó an lá do chuir sé 'n-a cheann ar
an Éigipt é. Thug sé leis an bheirt mhac chun iad do
thaisbeáint d'á athair.



Dubhradh le Iacobh go raibh Ióseph ag teacht 'ghá fheis-
gint. Do mhúisgil sé é féin agus do chroth sé suas é
féin. Tháinig Ióseph isteach. Chómh luath agus chonaic
Iacob é do labhair sé.



“Do thaisbeáin Dia 'n uile chómhacht é féin dom i
Lussa,” ar seisean, “i dtír Chanaain, agus do chuir
sé a bheannacht orm agus dubhairt sé liom: ‘Méadóch-
ad-sa thusa agus iomadóchad tu agus déanfad díot
slóighte móra daoine. Tabharfad an talamh so dhuit,
agus do d'shliocht ad' dhiaidh, i síor seilbh.’ An bheirt
mhac, dá bhrígh sin, a rugadh duit-se anso sa n-Éigipt,
is liom-sa iad, ar aon dul le Rúben agus le Simeón.
Ach pé clann eile atá agat, nú a bheidh agat, 'n-a ndiaidh
sin is leat féin iad. Is liom-sa an bheirt seo fé mar
is liom tusa féin, fé mar a bhéarfadh do mháthair Rachel
dom iad sar a bhfuair sí bás. Do fuair sí bás agus
sinn ar an slighe ag teacht aníos a' Mesopotámia
agus do adhlacadh í i n-aice bóthair Ephrata, sa n-áit
ar a dtugtar Betlahem.”


L. 113


Ansan do luigh a shúil ar an mbeirt leanbh. “Cé
h-iad san?” ar seisean.



“Sid iad, a athair,” arsa Ióseph, “mo bheirt mhac, an
bheirt ar a rabhais ag trácht anois, an bheirt leanbh a
thug Dia dhom sa n-áit seo.”



“Tabhair chugham a leith iad,” arsa Iacob, “go
gcuireadh mo bheannacht ortha.”



Ní raibh an radharc ró mhaith ag Iacob toisg é bheith
chómh h-aosta. Do ghlac sé an bheirt leanbh i n'ucht chuige
agus do phóg sé iad. “Bheirim a bhuidheachas le Dia,”
ar seisean, “mar gur thug sé dhom tusa dh'fheisgint
airís, a mhic, agus gur thug sé dhom an radharc so
d'fhághail ar do sliocht!” Ansan do chuir Ióseph an
leanbh ba sine, i., Manassé, ar dheis a athar agus Ephraim
ar láimh chlé a athar. Ach do chuir Iacob a dhá láimh
féin thar a chéile i dtreó gur chuir sé a lámh dheas ar cheann
Ephraim agus a lámh chlé ar cheann Manassé. Nuair
a chonaic Ióseph lámh dheas Iacoib ar cheann Ephraim mheas
sé go raibh dearmhad dh'á dhéanamh agus mheas sé na
lámha d'aistriú, ach dubhairt Iacob leis ná raibh aon
dearmhad aige dhá dhéanamh, óir, bíodh gur bh'é Manassé
ba sine go mbeadh an sósar níb' aoirde 'ná é. Ansan
do chuir sé an bheannacht ortha mar seo. “Dia, n-ar
shiubhluigh 'n-a radharc m'aithreacha, Abraham agus
Isaac; Dia do chothuigh mé ó m'óige go dtí indiu; an
t-aingeal a dh'fhuasgail mé as gach olc, go gcuiridh a
bheannacht ar na macaibh seo, agus m'ainim-se agus
ainim Abrahaim agus ainim Isaac go nglaoidhtear os
a gcionn agus go bhfásaid agus go méaduightear iad
ar uachtar na talmhan!”



LII.



ADHLACADH IACOIB.



Ansan dubhairt Iacob an chainnt seo le Ióseph:
“Feuch, a mhic, táim-se ag dul chun báis feasta, ach


L. 114


beidh Dia lib-se agus béarfidh sé thar n-ais sibh go talamh
bhúr sínsear.”



'N-a dhiaidh san do ghlaoidh Iacob chuige a chlann mhac
agus dhein sé targaireacht dóibh. D'innis sé do gach
fear acu na neithe a bhí le teacht dó féin agus d'á shliocht
sa n-aimsir a bhí rómpa. Do fíoradh i gcaitheamh na
gcéadta blian a tháinig ar gach sliocht díobh 'n-a dhiaidh
san, na targaireachtaí a dhein Iacob an uair sin dóibh.



Nuair a tháinig sé go dtí Iúda d'innis sé conus mar
a bheadh a sliocht n-a righthibh ar na sliochtaibh eile agus
gur bh'ar an sliocht san a thiocfadh an Slánuightheóir a
bhí gealltha ó thusach agus n-a raibh an chine daona ag
feitheamh le n-a theacht. Ansan do chuir sé beannacht
fé leith ar gach fear díobh, agus nuair a bhí an méid
sin déanta aige do luigh sé siar agus tharraig sé an
anál.



Ba ghnáth an uair sin, sa n-Éigipt, córú áirithe do
dhéanamh ar chorpaibh daoine tar éis bháis dóibh, le
salann agus ansan le balsam, i dtreó ná lobhfidís.
Bhíodh an córú san ana chostasamhail sa chuma n-a
ndeintí é ar chorpaibh na righthe nú ar chorpaibh na n-uasal.
Do deintí ar chorpaibh na n-íseal é ach ní curtí an
balsam daor ann na an spíosra daor. Mummach a
tugtí ar an gcorp nuair a bhíodh an córú san déanta
air. Fachtar na mummacha san fós sa n-Éigipt agus
tuigtear go bhfuil suas le trí mhíle blian ó bhí cuid
acu 'n-a ndaoinibh beó ar an saoghal. Ní chimeádadh an
córú saor slán chómh fada san iad ach do chimeádadh
sé slán iad ar feadh mórán aimsire.



Bhí daoine sa n-Éigipt n-ar bh'é a gceárd an balsamú
san do dhéanamh ar na corpaibh. Chómh luath agus bhí
Israél tar éis bháis d'órduigh Ióseph dos na ceárdaidh-
thibh sin teacht agus an balsamú do dhéanamh ar a chorp.
Do deineadh an balsamú air díreach mar a deintí é ar
righthibh agus ar uaislibh. Deich lá agus trí fichid a
caithtí ag déanamh na h-oibre nuair a deintí an bal-


L. 115


samú daor. Dob' éigean, dá bhrígh sin, corp Iacoib
do chimeád sa n-Éigipt ar feadh deich lá agus trí fichid
sar ar tugadh abhaile é chun a thíre féin fé mar a bhí
órduighthe aige agus é ag dul chun báis.



Nuair a h-airigeadh go raibh Iacob tar éis bháis, agus
i gcaitheamh na h-aimsire go raibh an balsamú d'á dhéan-
amh, do thaisbeáin Pharó agus uaisle na h-Éigipte an
uile saghas urama agus onóra do'n mharbh. Ansan,
nuair a bhí an obair déanta agus an aimsir caithte
agus an tsochraid ullamh chun gluaiste, do labhair
Ióseph le h-uaislibh teaghlaigh an rí.



“A uaisle,” ar seisean, “má's ionmhuin libh mé
deinidh labhairt i gcluais Pharó agus innsidh dó gur
chuir m'athair fhiachaint orm a dhearbhú go mbéarfinn a
chorp abhaile chun a thíre féin agus go ndéanfinn é
dh'adhlacadh sa roilig a dh'osgail sé féin dó féin i dtír
Chanaain, nách mór dom dá bhrígh sin dul suas go tír
Chanaain agus m'athair d'adhlacadh, agus ansan go
dtiocfad tar n-ais.”



Do h-innseadh an méid sin do Pharó agus dubhairt
Pharó le Ióseph, “Imthigh suas agus dein t'athair d'adh-
lacadh fé mar a dhearbhuighis a dhéanfá.”



Ansan do chruinnigh clann Israéil chun na sochraide,
agus do chruinnigh uaisle na h-Éigipte mar aon leó,
na h-uaisle dob' aoirde, agus a gcaráistí agus a
n-eachra acu, i dtreó go raibh sochraid ana mhór ann.
Dhein Ióseph agus a theaghlach buairt agus gol agus
caoine, agus dhein an chuid eile de chlainn Israéil
buairt agus gol agus caoine. Agus dhein uaisle na
h-Éigipte buairt agus gol agus caoine, chómh dian
agus dá mba leó an t-é a bhí marbh.



Do ghluais an tsochraid amach ó thír Gessen agus
soir tríd an Istmus, i. tríd an mbeárnain tirm atá
idir an Muir Ruaidh agus an Mhuir Torrainn, agus
as san soir ó thuaidh go dtí gur sroiseadh an t-úrlár
buailte ar a dtugtí Atad, ar bruach abhan Iórdain.


L. 116


Do stadadh ar an áit sin ar feadh seacht lá, ag déan-
amh buartha agus ag gol agus ag caoine, i dtreó gur
thug muinntir Chanaain mar ainim ar an áit sin Nuaill-
ghubha na h-Éigipte.



LIII.



IÓSEPH GO CEANNSA.



Nuair a bhí an tseachtmhain caithte acu ar an úrlár
buailte, ar bruach abhan Iórdain, do rugadar leó an
corp agus d'adhlacadar é sa n-uaimh dhúbalta úd a
cheannaigh Abraham abhfad roimis sin, ó Ephron, an
Hetíteach, chun go mbeadh an uaimh sin aige féin agus
agá sliocht mar áit adhlactha. Ansan do tháinig Ióseph
agus an chualacht go léir, idir Israelíteacha agus
Éigipteacha, thar n-ais abhaile.



Nuair a bhíodar go léir sa bhaile tháinig lán a gcroidhe
d'eagla ar dhrithárachaibh Ióseph go mb' fhéidir, ó bhí an
t-athair imthighthe, go n-iompóchadh Ióseph ortha fé
dheire thiar thall agus go dtabharfadh sé dhóibh an
rud a bhí tuillte go maith acu, go ndéanfadh sé
díoltas ortha mar gheall ar an ngníomh mí-nádúrta
úd a dheineadar air nuair a chuireadar síos ceangailte
sa pholl é agus nuair a dhíoladar n-a dhaor é. Bhíodar
ag cur agus ag cúiteamh eatartha feuchaint cad ba
cheart dóibh a dhéanamh má bhí aon chuimhneamh aige air.
Do shocaruighdar ar theacht 'n-a láthair agus ar labhairt
leis i dtaobh an sgéil. Thánadar 'n-a láthair agus
do labhradar.



“A leithéid seo, a rí,” ar siad, “sar a bhfuair ár
n-athair bás d'órduigh sé dhúinne teacht os do chómhair
agus na focail seo do rádh leat, uaidh féin: ‘Iarraim
ort gan cuimhneamh ar an eugcóir a dhein do dhritháracha
ort, ná ar an ndroch ghníomh a dheineadar chómh malluighthe


L. 117


ad' choinnibh.’ Táimíd féin, leis, ghá iarraidh ort anois,
ar son Dé, an droch ghníomh san do mhaitheamh dúinn!”



Nuair airigh Ióseph an chainnt sin agus nuair a chonaic
sé an sgannra a bhí ortha agus an náire a bhí ortha agus
an t-aithreachas, do chrom sé ar shile go bog. Nuair a
chonacadar-san na deóracha ag teacht ó n-a shúilibh,
siúd chuige iad agus chaitheadar iad féin ar an dtalamh,
os a chómhair, go dúbhach agus go deórach agus go brónach.



“Leog dúinn bheith i nár ndaoraibh agat!” ar siad.



“Ná bíodh ceist oraibh!” ar seisean leó. “Ná
bíodh aon eagla oraibh! An féidir gabháil i gcoinnibh
toile Dé! Do bheartbhúir-se an t-olc am' choinnibh-se
ach d'iompuigh Dia an t-olc chun maitheasa chun mise
d'árdú mar a chíon sibh anois, agus chun mórán daoine
do shábháil. Ná bíodh aon eagla oraibh. Cothóchad-sa
sibh féin agus bhúr gclann.” Do labhair sé leó mar
sin, go séimh agus go cneasta agus go muinnteartha,
i dtreó gur imthigh an sgannra dhíobh.



Do chómhnuigh sé as san amach sa n-Éigipt, ag déanamh
gnótha an rí agus ag tabhairt aire do sliocht Israéil,
go dtí go raibh sé céad agus deich mbliana d'aois agus
go bhfeacaidh sé “sliocht sleachta ar shliocht a shleachta.”
Ansan do thuig sé go raibh an bás ag druidim leis agus
do labhair sé le clainn Israéil: “Tar éis mo bháis-
se,” ar seisean, “tiocfidh Dia ag triall oraibh-se agus
béarfidh sé as an dtír seo sibh suas chun na tíre do
gheall sé do Abraham agus d'Isaac agus do Iacob.”
Ansan chuir sé fhiachaint orta a dhearbhú go mbéarfidís
leó suas a chnámha nuair a bheidís ag imtheacht.



Ansan do fuair sé bás agus do deineadh balsamú
ar a chorp agus do cuireadh i gcómhrainn é, ag feitheamh
leis an aimsir n-a mbeidís go léir ag dul suas go tír
Chanaain, do réir mar a bhí geallta dhóibh.



D'fhánadar ar a suaineas i dtalamh Ghessen agus
bhí saoghal breágh acu ann. Bhí an rí agus muinntir
na h-Éigipte go léir ana bháidheamhail leó mar gheall ar


L. 118


an dtairbhthe a bhí déanta ag Ióseph do'n Éigipt. Bhí
talamh Ghessen saidhbhir, féarmhar, foláin, go maith chun
na dtreud do chothú agus do mhéadú. Dá éaghmuis
sin b'é toil Dé an rath do chur ortha féin agus ar gach
aon rud a bhí acu. Bhí na daoine chómh torthamhail chómh
so-thógtha leis na treudaibh. Bhíodh cúpla, agus trí
cinn d'uanaibh, nú cheithre cinn go minic, ag an gcaoirigh,
d'aon toircheas, agus ba mhinic mar an gcéadna, ag an
mnaoi, beirt leanbh, nú triúr, nú ceathrar, d'aon
toircheas. Mar sin do chuaidh sliocht Israéil i líon-
mhaireacht go tiugh sa n-Éigipt agus sar a raibh mórán
blianta caithte acu tar éis bháis do Ióseph ní 'n-a
ndeichniúbhraibh ná n-a bhfichidíbh ná n-a gcéadthaibh a
bhíodar ach 'n-a míltibh. Bhíodar ann 'n-a míltibh agus
d'á éagmuis sin, fir chumasacha láidre ab eadh na fir
a bhí ortha. Isé rud a tháinig as san, leis an aimsir,
'ná gur thosnuigh eagal ar theacht ag muinntir na
h-Éigipte rómpa. Do conacthas go mb' fhéidir, fé
dheire, go “gcuirfadh fear na luatha fear na cruaiche
amach.”



LIV.



SCLÁBHAIDHEACHT SAN ÉIGIPT.



Do ghluais an aimsir agus do tháinig i gcoróinn sa
n-Éigipt rí ná raibh aithne aige ar Ióseph. An tairbhthe
a dhein Ióseph do'n Éigipt bhí sé imthighthe as cuimhne.
Na daoine do chonaic an tairbhthe agus do mhothuigh é
bhíodar go léir tar éis bháis, a bhfad tar éis bháis. Ní
raibh cuimhne ortha féin ná ar an saoghal a bhí suas le
n-a linn, ar an bhflúirse ná ar an ngorta ná ar an
gcuma n-ar sábháladh na daoine ó'n ngorta. Bhí an
aimsir sin imthighthe agus bhí a mhalairt d'aimsir tagaithe.
Bhí cine iasachta sáidhte daingean i seilbh, i lár na
h-Éigipte, i dtalamh Ghessen, an blúire talmhan dob'


L. 119


fhearr agus ba thorthamhala d'á raibh sa tír ar fad,
thuaidh ná theas. Bhí an chine iasachta san ag méadú
agus ag neartú agus ag dul i líonmhaire chómh tiugh
san go raibh gach aon deabhramh, mara gcurtí cosg éigin
leis an bhfás a bhí acu 'á dhéanamh, nár ró fhada go mbeadh
seilbh acu, ní h-amháin i dtalamh Ghessen ach i n-a raibh
de thalamh ar dhá thaobh na h-abhan ó'n bhfaraige thuaidh
ódheas chómh fada agus a chuaidh eólus. Bheadh talamh
na h-Éigipte go léir acu. Dhéanfidís na daoine a bhí
rómpa sa n-Éigipt do chur chun báis nú do dhíbirt as an
dtír nú do chur fé dhaoirse. Nuair a bhí buailte isteach
i n-aigne an rí agus i n-aigne na ndaoine go raibh an
chontabhairt sin ann do ceapadh gur bh'fhearr gan bheith
thios ar an gcéad bheárnain; gur bh'fhearr do mhuinntir
na h-Éigipte clann Israéil do chur fé dhaoirse ná
fanmhaint go dtí go gcuirfadh clann Israéil muinntir
na h-Éigipte fé dhaoirse.



Do chruinnigh an rí a lucht cómhairle. “Feuchaidh,
a uaisle na h-Éigipte,” ar seisean, “tá an tsliocht
iasachta so ag dul i méid go h-iongantach. Leis
an bhfás atá fútha, má leogtar leó ní ró fhada go
mbeidh siad ró láidir dúinne. Má thagann namhaid
ag cur isteach orainn is baoghalach go dtógfid siad
páirt leis an namhaid agus go gclaoidhfar sinne.”



Do cromadh láithreach ar dhlighthibh a dhéanamh i gcoinnibh
na n-Israélíteach. Do tugadh oibreacha cruadha le
déanamh do'n méid acu a bhí ábalta ar obair a dhéanamh,
agus i dtreó ná raghadh na fir i líonmhaire a thuille
d'órduigh Pharó gach leanbh firean Israélíteach do thioc-
fadh ar an saoghal é chaitheamh isteach sa n-abhainn agus é
bháth'. Bhí an obair chruaidh ar na fearaibh agus stíbhardaí
diana os a gcionn ag an rí, agus bhí na leanbhaí fireana
dh'á gcaitheamh sa n-abhainn, ach i n-aimhdheóin chruadhtain
na h-oibre agus i n-aimhdheóin an íde a bhí dh'á dhéanamh
ar na leanbhaíbh fireana bhí an pobul Eabhra ag dul i
méid. Bhí fearg ar an rí mar gheall air sin agus bhí


L. 120


fearg ar na h-Éigipteachaibh mar gheall air, agus bhí
fuath fíochmhar ag an rí agus ag na h-Éigipteachaibh
go léir do chlainn Israéil.



Bhí an sclábhaidheacht dian, agus má bhíodh aon atharú
air ba le breis déine é. Bhí na maoir go h-olc agus
go cruaidh agus go droch aigeanta, agus is ag dul i
n-olcas a bhíodar le h-imtheacht na h-aimsire. Bhí
naoidheana fireana na n-Eabhrach dh'á gcaitheamh sa
n-abhainn, agus is ag dul i ngéire a bhí an cuardach chun
gan leogaint dos na máithreachaibh aon chuid acu do
chimeád i bhfolach.



Fé dheire do thárla go raibh aon mháthair amháin agus
go raibh leanbh mic aici agus gur fhéad sí é chimeád i
bhfolach ar feadh trí mhí. Leanbh ana bhreágh ab eadh é agus
ba mhór an truagh é chaitheamh sa n-abhainn. D'á éaghmuis
sin tuigtear go raibh fhios agá athair agus agá mháthair
go raibh gnó mór ceapaithe ag Dia le déanamh dó agus
go gcimeádfí beó é chun an ghnótha san do dhéanamh.



Nuair a bhí 'fhios agá mháthair nár bh'fhéidir di an
leanbh do chimeád i bhfolach níba sia dhein sí
cliabháinín dó des na brobhnachaibh fada garbha a bhí ag
fás ar bruach na h-abhan. Chimil sí saghas éigin márla
de'n chliabhán chun an uisge chimeád amach as. Ansan
do chuir sí an leanbh isteach sa chliabháinín agus do chlúdaigh
sí é. Ansan do chuir sí an cliabhán, agus an leanbh
istigh ann, síos i n-uisge na h-abhan, i n-aice an phuirt,
sa n-áit 'n-a raibh na brobhnacha móra ag fás. Bhí na
brobhnacha chómh téagartha le slataibh. Ní leogfidís do'n
chliabhán imtheacht leis an abhainn.



LV.



OILEAMHAINT MHAOISE.



Bhí drifiúr ag an leanbh agus Miriam ab ainm di, i.,
Máire. Do chuir an mháthair an drifiúr n-a seasamh,


L. 121


i bhfolach i n-aice na h-áite n-a raibh an cliabhán agus
an leanbh ann agus dubhairt sí léi bheith ag faire chúichi
agus aireachas a thabhairt do'n chliabhán. Ní ró fhada
a bhí sí ag déanamh na faire go bhfeacaidh sí inghean an
rí, agus a mná coimhdeachta i n-aonfheacht léi, ag teacht
chun na h-abhan ghá nighe féin. Do shiubhluighdar rainnt
ar bruach na h-aban. Feuchaint d'a dtugadar ar an
áit 'n-a raibh na brobhnacha ag fás do chonacadar an
cliabháinín.



“Imthigh,” arsan ríogan le duine des na mnáibh coimh-
deachta, “agus tabhair chughainn an bosga beag úd go
bhfeiceam cad 'tá ann.”



Do tugadh an cliabhán ag triall uirthi. D'osgail sí é.
Chonaic sí an leanbh breágh go léir istigh ann.



“Is mór an truagh,” ar sisi, “an leanbh áluinn sin
do bháth! Is le lánmhain éigin des na h-Eabhrachaibh é.
Taithnean sé go mór liom. Is dóich liom go mbéar-
fad liom é agus go dtógfad é!”



Bhí an drifiúr ag éisteacht leis an gcainnt. Do
dhruid sí i dtreó na ríoghna. “Dá mb'é toil t'onóra é,
a ríogan,” ar sisi, “tá fhios agam-sa ca bhfuil bean
chíoch a dhéanfadh an leanbh d'oileamhaint do t'onóir.”



“Is maith é sin, a 'ghnín ó!” arsan ríogan. “Imthigh
agus tabhair chugham í.”



D'imthigh an cailín agus thug sí léi a máthair féin. Bhí
áthas mór ar an ríogan agus thug sí an leanbh le
h-oileamhaint d'á mháthair féin, agus gan aon phioc d'á
fhios aici gur bh'í máthair an leinbh í. “Dein an leanbh
san d'oileamhaint dom, a bhean mhacánta,” arsan
ríogan, “agus tabhair aire dhó, agus gheóbhair do phágh
go maith as.”



Níor ghádh dhi a rádh leis an mnaoi an leanbh d'oile-
amhaint go maith agus aire mhaith a thabhairt dó, nídh nách
iongna. Do h-oileadh go maith é agus do tugadh aire
mhaith dhó, agus nuair a bhí sé tógtha do thug sí ag triall
ar an ríogain é. Do ghlac an ríogan é chun bheith i


L. 122


n'uchtmhac aici agus thug sí Maois mar ainm air,
“Óir,” ar sisi, “is as an uisge do rugas é.” Ciall-
uighean an focal “Maois,” nú “Moisés,” “as an
uisge,” nú, “a' h-uisge.”



Do chuireadh ar Mhaois, ó b'é mac inghíne an rí é, gach
tabhairt suas d'á gcuirtí an uair sin, sa n-Éigipt ar
mhacaibh na n-uasal agus bhí buadh ag an Éigipt, an uair
sin i léighean agus i n-eólus agus i n-ealadhnaibh, ar
thíorthaibh an domhain. Do múineadh an léighean agus
an t-eólus, go fórleathan agus go beacht gan amhras,
do'n phriúnsa óg, do mhac inghíne an rí. Ní baoghal ná
gur mhúin a mháthair dó, leis, éolus eile, ná raibh le
fághail sa n-Éigipt d'á mhéid eólus a bhí ann. D'innis
sí dhó cé r' bh'é agus cé r' bh'iad a mhuinntir, agus conus
a thárla an cháil a bheith air gur mhac d'inghín an rí é. Thug
sí eólus maith dhó ar chreideamh a mhuinntire féin. Do
ghlac sé an t-eólus san agus chuaidh an t-eólus i
bhfeidhm go daingean 'n-a chroidhe agus i n'aigne. Bhí
sé buidheach d'inghín an rí mar gheall ar é thabhairt saor
ó'n uisge, ach bhíodh a chroidhe dh'á raobadh istigh n-a chliabh,
agus dh'á losgadh le feirg nuair a chíodh sé an cor a bhí
ar chlainn Israéil agus an cos-ar-bolg a bhí á dhéanamh
ortha; obair chruaidh á bhaint asta agus gan díoluigheacht
'á thabhairt dóibh. Do cuirtí fhiachaint ortha an uile shaghas
oibre dhéanamh, na bríceanna chun na saoirseachta,
agus ansan na tighthe agus na fallaí agus na h-oibreacha
poibilidhe a deintí des na bríceanaibh sin. Obair ana
chruaidh, ana dhian, ab eadh obair de'n tsórd san fé
ghréin agus fé bhrothal na h-Éigipte. Níor bh'é sin
féin ach pé sclábhaidheacht eile a bhíodh le déanamh, ag
saothrú an tailimh, ag curadóireacht, ag baint an
fhóghmhair agus 'ghá shábháil, is iad na h-Eabhracha bochta
do chaitheadh é dhéanamh. Agus ní bhíodh ag na h-Éigipte-
achaibh a dhéanamh ach bheith ag faire ar na h-Eabhrachaibh
agus ag gabháil de shlataibh agus d'fhuipeanaibh agus de
mhaidíbh ortha chun a chur fhiachaint ortha breis oibre dhéanamh.


L. 123


Bhí Maois ag feuchaint ar an eugcóir sin go léir 'á
dhéanamh ar a mhuinntir féin agus bíodh a chroidhe dh'á
raobadh.



Bhuail sé amach lá agus do seóladh é chun áite n-a raibh
rainnt éigin des na h-Eabhrachaibh agus iad ag obair
go cruaidh agus Éigipteach os a gcionn. Bhí an
t-Éigipteach ag gabháil go dian ar dhuine des na h-
Eabhrachaibh. Do las fearg Maoise. Dhein sé anonn
ar an t-Éigipteach agus do bhuail sé é. Do thuit an
t-Éigipteach marbh.



LVI.



TOR AR LASADH.



Ní fheacaidh aoinne des na h-Éigipteachaibh an buille.
Dhein Maois poll sa talamh gainimhe a bhí sa n-áit agus
chuir sé an corp fé thalamh agus d'imthigh sé. An lá
'n-a dhiaidh san tháinig sé amach airís. Chonaic sé beirt
d'á mhuinntir ag troid, beirt Eabhrach. Chuir sé chun
síothchána dhéanamh eatartha. Do labhair sé leis an
nduine n-a raibh an eugcóir aige. Bhí an fear san ag
bualadh an fhir eile. “Cad chuige dhuit do chómharsa
do bhualadh?” arsa Maois leis.



“Cad é sin duit-se sin?” arsan fear, “B'fhéidir
gur b'amhlaidh a mheasfá mise do mharbhú mar a mhar-
bhuighis an t-Éigipteach úd indé! Cé cheap mar bhrei-
theamh tusa os ár gcionn?”



Tháinig eagla ar Mhaois. Ní fheidir sé conus a chuaidh
an sgéal amach. D'airigh Pharó an sgéal agus bhí sé
chun Maoise do chur chun báis. Do theich Maois as an
dtír. D'imthigh sé soir go tír Mhadian, tír a bhí ar an
dtaobh thoir de'n Muir Ruaidh. Do stad sé i n-aice
tobair. I n-aice tobair ab eadh ba dhóichighde dhó bualadh
uime dhaoine na h-áite. Bhí daoine ag an dtobar nuair


L. 124


a tháinig sé ann. Mná óga ab eadh iad, ingheanacha do
shagart na tíre sin. Bhí Maois 'n-a shuidhe ag an dtobar
agus na cailíní ag tógaint an uisge as an dtobar agus
ghá chur ins na h-umaraibh d'á dtréad. Nuair a bhí na
h-árthaí lán, agus sar ar fhéad na cailíní a dtréad
do thabhairt chun an uisge, tháinig aodhairí chun an tobair
agus a dtréadta féin acu. Mheasadar eugcóir do
dhéanamh, tréadta na gcailíní do chomáint siar, agus
an t-uisge a bhí ins na h-umaraibh, an t-uisge n-a
bhfuair na cailíní a dhuagh 'ghá tharrac aníos as an dtobar,
do thabhairt d'a dtréadaibh féinidh. Do phreabh Maois
'n-a shuidhe agus thug sé aghaidh ar na h-aodhairíbh agus
dhíbir sé ó'n dtobar iad agus thug sé congnamh dos
na cailíníbh chun an uisge thabhairt d'á dtréadaibh. Chómh
luath agus bhí an gnó san déanta d'imthigh na cailíní
abhaile ag triall ar a n-athair.



“Cad n-a thaobh díbh bheith abhaile chómh luath?” arsan
t-athair. “Conus fhéadbhúir an gnó dhéanamh chómh
tapaidh.”



“Bhí duin'uasal Éigipteach ag an dtobar, a athair,”
ar siad, “agus nuair a tháinig na h-aodhairí agus
nuair a mheasadar, mar a dheineadar go minic cheana,
an t-uisge a bhí tógtha as an dtobair againn do bhaint
dínn agus do thabhairt d'á dtréadaibh féinidh, d'eirigh
an duin'uasal Éigipteach chucha agus chomáin sé chun
siubhail iad féin agus a dtréadta, agus ansan do
thug sé congnamh dúinne chun ár n-oibre féin a dhéanamh.
Siné do bheir an gnó déanta chómh tapaidh.”



“Ca bhfuil an duin'uasal san?” arsan t-athair.
“Cad 'n-a thaobh nár thugbhúir libh é chun go dtabharfí
bia agus deoch dó? Imthighidh agus tugaidh libh é.”



Do tugadh Maois chun an tighe. D'fhan sé ann. Chuir
sé ceangal éigin, nú dearbhú air féin go bhfanfadh sé
ag an bhfear. Do tugadh duine des na h-inghean-
achaibh le pósadh dhó agus d'fhan sé sa n-áit ar feadh
mórán aimsire.


L. 125


Do ghluais an aimsir. Tháinig an bás ar an ndroch
rí a bhí ar an Éigipt. I gcaitheamh na h-aimsire an fhaid
a mhair sé is ag dul i ndéine a bhí a lámh ar chlainn
Israéil. D'á olcas é, bhí an rí a tháinig 'n-a dhiaidh níba
mheasa 'ná é. Do méaduigheadh an eugcóir agus an
cruadhtan ar chlainn Israéil go dtí go rabhadar ag
sgreadaigh go h-árd ar Dhia fuasgailt éigin a dhéanamh
ortha. Fé dheire b'é toil Dé an ghuidhe do fhreagairt.



Bhí Maois lá ag fosaidheacht na dtréad do Ietró,
d'athair a chéile. Do chómáin sé na tréadta abhfad
amach sa bhfásach, go dtáinig sé go dtí cnoc áirithe.
“Cnoc Dé,” a tugtar ar an gcnoc, nú Hóreb.



Bhí Maois ag aoraidheacht na dtréad ar chliathán an
chnuic agus chonaic sé radharc a chuir iongna air. Chonaic
sé tor agus é ar lasadh. Ach isé rud a chuir an iongna
air ná gan an tor a bheith dh'á dhógh'. Bhí an tor ar lasadh
ach ní raibh sé ag dógh'. Bhí Maois ag faire ar an lasair
ach ní raibh aon díobháil ag an lasair a
dhéanamh do'n tor. Bhí an bladhm lasrach ag eirighe
as an dtor ach bhí adhmad agus slata agus duilleabhar
an tuir ag fanamhaint chómh slán, chómh borb, chómh glas
agus dá mba ná beadh aon lasair i n-aon chor ag
eirighe as an dtor. Ní raibh dógh' ná teine ná luaith-
reach d'á dhéanamh. Ba mhór an iongna é. Do stad
Maois ar feadh tamail ag feuchaint ar an iongna.
Dá ghéire dh'fheuch sé iseadh ba shoiléire do chonaic sé
ná raibh an tor dh'á dhógh'.


L. 253


(Cuid a trí)



SGÉALAIDHEACHTA AS AN MBÍOBLA
NAOMHTHA.



CVIII.



DO STAD AN GHRIAN.



Ní fhéadfadh Iósue agus ríogra Israéil na Gabaonítigh
do chur chun báis toisg an ceangal caradais a bheith
déanta acu leó agus an gheallamhaint úd a bheith tabhartha
acu dhóibh fé dhearbhú dar an Tighearna Dia. Do leogadar
a n-anam leó ach do chuireadar fé dhaoirse iad.



“Mar gheall ar an bhfeall san a dheineabhair orainn,”
arsa Iósue leó, “beidh sibh go deó, mar a dubhrabhair
féin, i nbhúr seirbhíseachaibh do chlainn Israéil, chun
bheith ag gearradh adhmaid dóibh agus ag tarrac uisge
chucha.”



Do lean san amhlaidh as san amach. Ach nuair airigh
na righthe agus na geinte eile mórthímpal an ceangal
caradais sin a bheith déanta ag na Gabaoníteachaibh le
clainn Israéil tháinig árd eagla ortha. Chomáin rí
acu, .i. Adonísedec, rí Ierúsaleim, teachtaireacht ag
triall ar cheathrar eile acu. “Tagaidh go léir chugham,”
ar seisean leó, “agus tugaidh bhúr lán neart libh agus
imtheóchaimíd agus tógfimíd cathair Ghabaon mar tá
ceangal caradais déanta ag na Gabaonítigh le Iósue
agus le clainn Israéil an namhaid uathbhásach so atá
ar ár dtí go léir.”



Tháinig na cheithre righthe 'n-a lán neart agus d'imdhruid-
eadar 'n-a gcúigear cathair Ghabaon. Chuir muinntir
na catharach teachtaireacht ag triall ar Iósue 'ghá iarraidh


L. 254


air teacht le cabhair chucha. “Tar láithreach agus fuas-
gail sinn!” ar siad. “Is sinn do sheirbhísigh. Tá
cúigear righthe cómhachtacha anso suidhte tímpal ar ár
gcathair agus táimíd réidh mara bhfuasgalair-se sinn
go luath. Do ghluais Iósue chucha 'n-a lán neart. Do
labhair an Tighearna leis mar seo.



“Ná bíodh eagla agat rómpa. Táid siad tabhartha
suas duit agam. Ní'l ar chumas aoinne acu seasamh
ad' choinnibh.



Do ghluais Iósue agus a shlóighte chucha go fíor obann.
Tháinig sgannra ortha, le leamhnú Dé, nuair a tánathas
ortha chómh h-oban. Tháinig measgán mearaidhe ortha
agus do ritheadar tré n-a chéile agus do deineadh
éirleach ortha mórthímpal catharach Ghabaon. Do theich
an méid nár marbhuigheadh díobh agus do leanadh iad chómh
fada le h-Aseca agus le Maceda. An fhaid a bhíodar
ag teiche agus an tóir 'n-a ndiaidh do leog an Tighearna
cith cloich-shneachtaigh anuas ortha, agus bhí na clocha chómh
mór chómh trom chómh líonmhar san gur mhairbh an cith
cloch san níba mhó dhíobh 'ná mar a thuit le claidhmhtibh
chlainne Israéil díobh. Taisbeánan san méid na feirge
a bhí curtha ar an dTighearna acu!



An lá san iseadh a deineadh an mhírbhúilt mhór úd i
dtaobh na gréine agus na gealaighe. Bhí an ghrian ag
druidim siar agus an ghealach ar an spéir lastoir.
Bhí eagla ar Iósue go dtiocfadh an oidhche sar a mbeadh
buaidhte go h-iomlán ag clainn Israéil ar na cheithre
rightibh agus ar a slóighte. D'iarr sé ar Dhia ríghneas
do chur ar an ngréin agus an lá do chur i bhfaid i dtreó
go mbeadh neart na namhad ídighthe amuich 's amach sar
a dtiocfadh an oidhche. Do fhreagair Dia an ghuidhe.
Do stad an ghrian agus an ghealach ar an spéir go dtí go
raibh an namhaid go léir dísgighthe, sgaipithe agus a neart
curtha ar neamhnídh. Bhí an lá san chómh fada le dhá lá.



Tar éis an chatha san do ghluais Iósue agus a shlóighte
mórthímpal na tíre go léir agus chur sé idir bhaile agus


L. 255


tuath, idir chnoc agus machaire, thuaidh agus theas, ó
abhainn Iórdain siar go bruach na Mara Toríann, fé
smacht a láimhe. Ansan tháinig sé féin agus a shlóighte go
Galgala airís agus chuireadar fútha ann 'n-a longhphort.



D'eirigh rainnt eile righthe i gcoinnibh Iósue, ach ní
raibh aon mhaith dhóibh ann. Do dísgigheadh iad go léir.
D'imthigh mórán aimsire, ámhthach, sar a raibh an tír go
h-iomlán curtha fé n-a smacht ag clainn Israéil. Do
throid muinntir na tíre go léir, níor ghéill aon treibh
acu ach de thoradh catha agus do thuiteadar go léir in
sna cathanaibh. Ní raibh ach na Gaboanítigh a dhein
ceangal caradais le Iósue agus le clainn Israéil,
agus ní raibh puinn de bharr an cheangail sin acu
san féin. Ní raibh ann dóibh ach ceangal sglábhaidh-
achta uisge agus adhmaid.



Tá cómhaireamh déanta sa Bhíobla ar na righthibh a
thuit sa chogadh san Iósue sar a raibh an tír go h-iomlán
fé n-a smacht, agus aon rí dhéag ar fhichid iseadh a líon.
Nuair a bhí an cogadh críochnuighthe agus gan aon namhaid
beó chun aon éilimh a dhéanamh ar aon chuid de'n tír
d'órduigh an Tighearna do Iósue an talamh do rainnt,
fé chrannaibh, idir dhá threibh déag clainne Israéil.
Do deineadh san. Fuair treibh Rúben agus treibh
Ghaid agus leath treibhe Mhenasses an talamh a thug
Maois dóibh ar an dtaobh thoir de'n Iórdan, agus
fuair an naoi gcinn go leith eile an talamh idir an
Iórdan agus an fharaige.



CIX.



IÓSUE AG LABHAIRT.



Do ghluais an aimsir. Bhí clann Israéil socair ar a
suaineas sa talamh áluinn sin a bhronn an Tighearna


L. 256


ortha. Bhí an mhuinntir óg ag eirighe suas eatartha agus
an mhuinntir a bhí suas ag dul i n-aois. Agus bhí Iósue
ag tuitim go mór le h-aois. Do ghlaoidh sé chuige an
pobul go léir, idir uasal agus íseal, agus do labhair
sé leó. “Táim-se ag tuitim leis an aois,” ar seisean
leó. “Is eól daoibh na neithe a dhein an Tighearna ar
bhúr son; conus mar a chuir sé cómhacht bhúr namhad ar
neamhnídh ar bhúr son, agus conus mar a thug sé dhaoibh
an talamh breágh saidhbhir torthamhail seo go léir, fé mar
a bhí geallta aige dhaoibh. Tá mórán geinte i nbhúr
dtímpal fós, lasmuich de'n tír seo atá fághalta agaibh.
Tiocfid siad san ag cur isteach oraibh; ach beidh an
Tighearna libh 'n-a gcoinnibh sin, leis, agus cuirfidh sé
sgaipe agus dearg ruathar ortha ós bhúr gcómhair, agus
fanfidh an talamh agaibh.”



“Ní'l agaibh-se le déanamh ach bheith seasamhach agus
aire thabhairt do'n dlighe. An uile nídh atá curtha síos
i ndlighe Mhaoise deinidh é chómhlíonadh go cruinn agus
go beacht. Ná h-iompuighidh uaidh deiseal ná tuathal;
le h-eagla, nuair a bheidh sibh ag dul ameasg na ngeinte
a thiocfidh i n-bhúr dtreó, go mbeadh sibh ag dearbhú i
n-ainm a ndéithe agus ghá n-adhradh, i n-inead bheith
dílis d'bhúr dTighearna Dia féin mar atáthaoi go dtí
so. Má leanan sibh dílis dó ar an gcuma san dísgeó-
chaidh sé ós bhúr gcómhair geinte líonmhara cómhachtacha
agus ní bheidh ar chumas aoinne seasamh i nbhúr gcoinnibh.
Cuirfidh aoinne amháin agaibh an teiche ar mhíle duine,
mar beidh bhúr dTighearna Dia féin ag troid mar aon
libh, fé mar atá geallta aige. Ach tugaidh aire mhaith
an méid seo dhéanamh, .i. grádh bheith agaibh do bhúr
dTighearna Dia.”



“Má dheinean sibh, ámhthach, claoidhe le droch chleachtaibh
na ngeinte i nbhúr measg agus cleamhnaisí dhéanamh leó,
agus caradas, tuigidh an méid seo go deimhin. Ní
dhéanfidh bhúr dTighearna Dia íde ortha ós bhúr gcómhair,
fanfid siad 'n-a leachaibh ar tinneal rómhaibh, agus 'n-a


L. 257


dtrúig bharathuisle dhaoibh, agus 'n-a dtaraingíbh i mbeó
agaibh, agus cuirfid siad ar bhúr n-aimhleas sibh agus
fé dheire sgaipfidh an Tighearna sibh agus díbireóchaidh
sé sibh as an dtír áluinn seo atá tabhartha aige
dhaoibh.”



“Feuch, táim-se anois ag imtheacht an bóthar a
dh'imthighean an saoghal go léir, agus chífidh sibh-se ná
raghaidh aon fhocal amú d'á bhfuil geallta ag an
dTighearna a dhéanfidh sé libh. Tá gach nídh d'ár gheall
sé a dhéanfadh sé i nbhúr bhfabhar cómhlíonta aige díreach
mar a gheall sé. Ar an gcuma gcéadna, na h-uilc go
léir seo atá bagartha aige oraibh má iompuighean sibh ó'n
gconnradh atá déanta aige libh agus má adhran sibh
déithe bréige, cuirfidh sé oraibh an uile olc riamh acu.
Lasfidh fíoch an Tighearna go h-oban i nbhúr gcoinnibh
agus sgriosfar sibh amach as an dtír fhóghanta so a thug
an Tighearna dhaoibh.”



Tamal 'n-a dhiaidh san do dhein Iósue cruinnú
eile de chlainn Israéil sa n-áit ar a dtugtí
Sicem, agus do labhair sé leó an chainnt seo, i láthair
an Tighearna:—



“Seo mar adeir an Tighearna Dia Israéil: ‘Bhí
bhúr sínsear, Táre, athair Ábrahaim, agus Nachor, 'n-a
gcómhnuidhe ar an dtaobh eile de'n abhainn agus déithe
iasachta acu 'á adhradh. Thugas liom bhúr n-athair
Ábraham ó Mhesopotamia isteach i dtír Chanaan agus
do mhéaduigheas a shliocht. Thugas dó Isaac. Ansan
thugas dó san Iácób agus Esau. Thugas an cnoc san
Seir d'Esau mar shealbhas. Chuaidh Iácob agus a chlann
síos sa n-Éigipt. Chuireas uaim síos ann Maois agus
Aaron agus do bhuaileas an Éigipt le mírbhúiltíbh
agus le h-anaithíbh uathbhásacha. Thugas sibh-se agus
bhúr n-aithreacha amach as an Éigipt agus thánabhair go
bruach na faraige. Do lean na n-Éigiptigh sibh, le
h-eachra agus le carbadaibh, go bruach na Mara Ruadh.
Do sgread clann Israéil ar an dTighearna. Chuireas


L. 258


sgamal dorcha idir sibh agus na h-Éigiptigh. Do tarr-
aigeadh iad san isteach sa bhfaraige agus do chlúdaigh
an fharaige iad. Do chonaic bhúr súile ar dheineas sa
n-Éigipt. Thugabhair mórán aimsire sa n-uaigneas.
Ansan do thugas isteach sibh i dtalamh an Amorréig,
lastall de'n Iórdan. Do throideadar libh agus thugas
ar láimh daoibh iad. Chuireabhair chun báis iad agus tá
an talamh agaibh. D'eirigh Balac mac Sephoir, rí Mhóab,
agus do chómhraic sé le clainn Israéil. Chuir sé fios
ar Bhalaam, mac Bóeir, chun go gcuirfadh sé mallacht
oraibh. Chuireas-sa fhiachaint air a bheannacht do chur
oraibh agus thugas saor as a láimh sibh. Thánabhair thar
Iórdan, agus go Iericó. Do chómhraic fir na catharach
libh agus thugas-sa i nbhúr lámhaibh daoibh iad. Chuireas
chucha, rómhaibh amach, sathaí cearnabhán agus do ruagas
as a n-ineadaibh dhá rí na n-Amorréach gan chongnamh
uaibh-se, agus thugas daoibh-se talamh nár dheineabhair
saothar ann, catharacha nách sibh a chuir suas iad, fíon-
ghuirt nách sibh a chuir síol ionta, crainn ola nách sibh a
chuir ag fás iad.



“Anois, d'á bhrígh sin, bíodh eagla Dé oraibh, deinid
seirbhís Dé ó chroidhe, go fírinneach. Caithidh uaibh na
déithe bréagacha a bhíodh ag bhúr sínsear i Mesopotámia
agus sa n-Éigipt agus deinidh réir an Tighearna. Mara
maith libh san do dhéanamh, anois an t-am agaibh chun
bhúr rogha do ghlacadh. Má's maith libh na déithe bréige
do ghlacadh glacaidh iad agus déanfad-sa agus mo
theaghlach réir an Tighearna.”



CX.



BÁS IÓSUE.



“Nár leogaidh Dia,” arsa clann Israéil le Iósue,
“go dtabharfimís-ne cúl leis an dTighearna agus go


L. 259


nglacfimís le déithibh bréige! Isé an Tighearna Dia a
thug sinn agus ár sínsear amach as an Éigipt, as an
ndaoirse chruaidh, agus do dhein na mírbhúiltí móra agus
na h-iongnaí os cómhair ár súl, agus do chosain sinn
ins gach slighe n-ar ghabhmair agus ar gach treabhchas
daoine n-ar ghabhmair trítha. Déanfimíd, d'á bhrígh sin,
réir an Tighearna, óir isé an Tighearna is Dia againn.”
“Ní féidir daoibh,” arsa Iósue leó, “an Tighearna bheith
'n-a Dhia agaibh mara dtugaidh sibh druim lámha le déithibh
fallsa. Tá Dia ró naomhtha. Ní chuirfidh sé suas libh
má bhíon déithe fallsa agaibh. Iompóchaidh sé oraibh agus
dísgeóchaidh sé sibh tar éis a bhfuil de mhaitheasaíbh tabhartha
aige dhaoibh.”



“Ní bheidh san mar sin,” ar siad, “mar déanfimíd
réir Dé.”



“Má 'seadh,” arsa Iósue, “deinidh-se a dhearbhú
dhomh-sa anois, i láthair an Tighearna, go bhfuiltí ag
glacadh an Tighearna mar rogha, agus go bhfuiltí 'á
dhéanamh san le nbhúr dtoil mhacánta féin, agus go
ndéanfidh sibh a réir.”



“Táimíd 'ghá dhearbhú san duit i láthair an Tighearna
féin!” ar siad.



“Má 'seadh,” arsa Iósue, “cuiridh uaibh na déithe
fallsa atá i nbhúr measg agus iompuighidh bhúr gcroidhthe
ar an dTighearna Dia Israéil.”



“Déanfimíd réir ár dTighearna Dia,” ar siad,
“agus cimeádfimíd aitheanta an Tighearna.



Ansan do ghreamuigh Iósue connradh do réir na cainnte
sin, idir an pobul agus an Tighearna agus do chuir sé
na h-aitheanta ós a gcómhair. Ansan do sgríbh sé síos
an méid sin go léir i leabhar dlighe an Tighearna. Ansan
do chuir sé cloch ana mhór ag bun an chrainn daraighe
a bhí ag fás sa n-áit naomhtha agus dubhairt sé leis
an bpobul: “Feuch, beidh an chloch san 'n-a fínné ar
gach focal d'á bhfuil labhartha ag an dTighearna libh-se
anso indiu, le h-eagla go mb'fhéidir gur mhaith libh, 'n-a


L. 260


dhiaidh so, an chainnt do shéanadh agus bréag do rádh le
nbhúr dTighearna Dia.”



Deir lucht eóluis gur ag an gcrann daraighe gcéadna
san a bhí Ábraham 'n-a sheasamh, na céadta blian roimis
sin, tar éis teacht anoir ó Mhesopotámia dhó, nuair
a thaisbeáin an Tighearna é féin dó agus do gheall sé
dhó go dtabharfadh sé an tír sin go léir d'á shliocht.
Agus deirtear gur i n-aice an chrainn chéadna do
chonaic sé an triúr aingeal nuair a h-innseadh dó go
mbeadh mac agá mhnaoi, ag Sarai. Deirtear, leis, gur
ag bun an chrainn chéadna do chuir Iácób i bhfolach sa
talamh na h-íodail a ghoid Rachel ó n-a h-athair, ó
Laban, agus pé íodail eile a bhí agá chlainn an uair
sin. D'fhágfadh san an crann daraighe sin breis
agus chúig céad blian d'aois an uair sin, nuair
a chuir Iósue an chloch mhór throm san n-a suidhe agá
bhun.



Nuair a bhí an méid sin déanta b'é toil Dé glaodhach
ar Iósue. Bhí sé céad agus deich mbliana d'aois nuair
a ghlaoidh Dia chuige féin é. Fuair sé bás agus do
h-adhlacadh é le h-onóir, ar chnoc Ephraim.



Bhí clann Israéil dílis go maith do Dhia an fhaid a mhair
Iósue, agus an fhaid a mhair na seanóirí a tháinig 'n-a
dhiaidh, ar feadh mórán aimsire.



Tar éis bháis Iósue d'eirigh rí Canaanach d'ár bh'ainm
Adonibesec i gcoinnibh chlainne Israéil agus bhi mórán
nirt slógh aige. Ní raibh ceannuraid ar chlainn Israéil
chun iad do ghléasadh agus do threórú i n-aghaidh a namhad.
D'iarradar ar an dTighearna taoiseach airm do cheapadh
dhóibh. Do cheap an Tighearna dhóibh fear n-ar bh'ainm
dó Iúdás chun é bheith 'n-a thaoiseach ortha. Do ghluais-
eadar amach fé láimh an fhir sin agus do throideadar
leis na Canaanachaibh agus bhuadar ortha. Do theich an
rí Adonibesec, as áit an chatha. Do leanadh é agus
do rugadh air. Mar phionós air do gearradh na
méireana d'á dhá láimh agus d'á dhá chois i dtreó nár


L. 261


fágadh air ach an dá dheárnain mhaola agus an dá throigh
mhaola.



“Seadh!” ar seisean, nuair fheuch ar a dhá dheárnain
agus ar a dhá throigh, agus iad 'n-a stúmpaíbh gan
mhéireana aige, “bhí, ó am go h-am, deichneabhar agus
tri fichid de righthibh uaisle am' thigh féin agam-sa agus
an cor céadna san tabhartha agam ortha, agus iad ag ithe
an aráin bhriste ar an úrlár agam. An cor a thugas-sa
ortha súd tá sé tabhartha orm féin anois! Tá Dia
ceart!”



CXI.



OTONIEL.



An fhaid a mhair na daoine a tháinig anall thar abhainn
Iórdain i n-aonfheacht le Iósue, agus a chuaidh tríd an
gcogadh i n-aonfheacht leis, agus do ghlac uaidh seilbh
na tíre, ó'n gcrannchur, bhí clann Israéil dílis díog-
raiseach go maith do'n Tighearna, agus do'n dlighe, agus
do'n chonnradh. Ach “deinean seilbh sásamh.” I ndiaidh
ar ndiaidh, nuair a bhí gach aon rud ar a dtoil acu, do
mhaoluigh ar an ndíogras agus do laguigh ar an ndílse.
Nuair a bhí lucht chómhaimsire Iósue go léir tar éis
a dtréimhse do chaitheamh ar an saoghal so agus iad
imthighthe, agus a sliocht eirighthe suas ní raibh aon eólus
ag an sliocht san ar chruadhtan an dachad blian úd sa
n-uaigneas, ná ar chruadhtan an chogaidh sar a bhfuaradh
an tseilbh, ná ar na mírbhúiltíbh uathbhásacha a deineadh,
ach fé mar a h-innseadh dóibh. Agus ní h-ionan choidhche
tuairisg fhághail ar chruadhtan agus gabháil tríd an
gcruadhtan agus é dh'fholag. Ná ní mar a chéile tuairisg
fhághail ar mhírbhúilt mhóir agus an mhírbhúilt sin a dh'fheis-
gint le súilibh dhuine féin. Ní bheirean an cruadhtan


L. 262


greim ar chuimhne an duine nár fhuilig é, pé tuairisg
a fuair sé air. Ná ní chuirean mírbhúilt eagla i gceart
ar an té ná feacaidh le n-a shúilibh féin í, pé fírinne
a bhí sa tuairisg a fuair sé uirthi. D'á bhrígh sin, nuair
a bhí an chéad shliocht a fuair seilbh sa tír imthighthe agus
an tarna sliocht eirighthe suas bhí díogras na ndaoine
tar éis maolú agus a ndílse tar éis lagú.



Ansan, um an am 'n-a raibh an tsliocht san imthighthe
agus 'n-a raibh an trímhadh sliocht tagaithe i n-aois agus
i neart bhí an díogras maol go maith agus an dílse lag
go maith, agus bhí an cruadas aigne a thagan ó chothú
mhaith agus ó neamhspleádhchas, bhí sé cruaidh go maith.
Isé an cruadas croidhe céadna san is gnáth a chuirean
daoine ar a n-aimhleas, agus chuir sé clann Israéil ar
a n-aimhleas an uair sin.



Seo mar a thárla an t-amhleas. Do fágadh a lán
de sna págánachaibh gan dísgiú sa tír. Do mhéaduighdar
ann. Do dhein clann Israéil cómhluadar agus muinn-
tearthas leó. Chonacadar na déithe fallsa agus
chonacadar conus a h-adhartí iad. Do thaithn an gnó
salach leó. Chromadar féin ar an ngnó salach san do
dhéanamh. Níor stad an droch ghnó go dtí go rabhadar
chómh págánach leis na págánaigh féin. Ní raibh aon
chuimhneamh acu ar Dhia ná ar dhlighe Dé ná ar an
gconnradh a bhí idir iad agus Dia, ach iad ag adhradh na
ndéithe fallsa, .i. Baalim agus Astarot, déithe salacha
na bpágánach.



Ansan do chuir an Tighearna namhaid ag triall ortha.
Tháinig rí págánach ó Mhesopotámia anoir agus chuir sé
clann Israéil fé n-a smacht, agus bhíodar fé smacht
aige ar feadh ocht mblian agus árd chruadhtan aige 'á
chur ortha. Chuir an cruadhtan fhiachaint ortha cuimhneamh
ar Dhia. Thuigeadar an t-aimhleas a bhí déanta acu. Do
ghlaodar ar an dTighearna. D'admhuighdar an t-olc
a bhí déanta acu, agus d'iarradar ar Dhia iad d'fhuas-
gailt.


L. 263


D'fhreagair an Tighearna iad. Thug sé fuasgaltóir
dóibh. Otoniel ab ainm do'n fhuasgaltóir sin. Do
chruinnigh sé mórshluagh agus chuir sé cath ar Chúsán,
rí Mhesopotámia agus bhuaidh sé air. Ansan bhí síoth-
cháin ag clainn Israéil ar feadh dachad blian agus
Otoniel 'n-a bhreitheamh ós a gcionn.



Fuair Otoniel bás. D'iompuigh clann Israéil airís
ar na déithibh fallsa agus thugadar cúl leis an dTighe-
arna agus dheineadar an t-olc. Do mhúisgil an
Tighearna namhaid eile 'n-a gcoinnibh ansan. B'é
namhaid é 'ná Eglon, rí Mhóab. Dhein sé sin cómhaltas
le clainn Ammoin agus Amalec agus chuireadar cogadh
ar chlainn Israéil agus bhuadar ortha agus bhí clann
Israéil fé n-a smacht san ar feadh ocht mbliana déag.
Bhí an smacht ana dhian. Thug sé a meabhair do chlainn
Israéil. D'iompuighdar ó n-a bpeacaíbh agus d'iarra-
dar ar an dTighearna na peacaí a mhaitheamh dóibh agus
iad d'fhuasgailt.



D'fhreagair an Tighearna a nguidhe. Do thug sé dhóibh
fuasgaltóir d'ár bh'ainm Aod. Fear ab eadh Aod
gur chómhdheas an dá láimh aige. Dhein sé dhó féin claidh-
eamh dá fhaobhar. Bhí cíos le cur ag triall ar Eglon.
Chuaidh Aod leis an gcíos. Bhí an claidheamh aige ar a
cheathramhain ndeis fé n-a bhrat. Tháinig sé i láthair
Egloin agus thug sé an cíos dó go breágh réidh.
Ansan:— “Tá nídh agam le h-innsinnt duit, a rí,”
ar seisean. Fear ana bheathuighthe ab eadh Eglon.
Chuir sé amach a sheirbhísigh. Bhí lámh dheas Aod le
feisgint gan aon nídh innti. Tháinig an rí i n-aice
leis go n-aireóchadh sé an focal a bhí aige le rádh. Do
shleamhnuigh Aod an láimh chlé síos fé n-a bhrat agus
tharraig sé aníos an claidheamh dá fhaobhar agus sháidh sé
i mbolg an rí é go dornchlainn.


L. 264


CXII.



DEBBORA.



Do chuir Aod oiread san nirt leis an sádh go ndeigh
an claidheamh isteach tré bholg an rí chómh fada san gur
shleamhnuigh an dornchlann a' láimh Aod agus gur súghadh
isteach sa bholg idir chlaidheamh agus dornchlann agus
gur dhún an bhlonag lasmuich díobh. Do thuit an rí
ach níor dhein a thuitim aon fhothram. Ní lugha 'ná mar
a dhein sé aon fhothram le n-a ghlór mar ní raibh an glór
ann. Bhí sé gan anam chómh luath agus chuaidh an claidh-
eamh tré n-a bholg isteach. Nuair a bhí an gníomh déanta
aige do dhún Aod an dorus agus dhaingnigh sé é agus
bhuail sé amach tré lár an ghárda saighdiúirí a bhí lasmuich
de'n dorus. Níor leog sé aon rud air ach bualadh
amach tríotha, fé mar a bheadh pé cainnt a bhí le déanamh
leis an rí aige déanta aige. Níor thaisbeáin sé aon
bhlúire eagla agus níor tháinig lá d'á chuimhneamh chucha
san go raibh aon rud bun os cionn déanta aige. Cheapa-
dar go n-osgalóchadh an rí an dorus agus go dtabharfadh
sé órdú éigin dóibh. Bhíodar ag feitheamh faid gach
n-faid agus níor h-osgaladh an dorus. Fé dheire
tháinig sgannra ortha agus d'osgaladar féin an dorus.
Fuaradar an rí istigh sínte ar an dtalamh agus é marbh.



An fhaid a bhíodar ag feitheamh ar an dtaobh amhuich
de'n dorus bhí uain ag Aod ar bheith imthighthe ó bhaoghal.
D'imthigh sé go Seirat agus shéid sé an adharc ar chnoc
Ephraim. Do chruinnigh na daoine chuige. “Leanaidh
mise,” ar seisean, “táid ár namhaid tabhartha suas
dúinn ag an dTighearna.” Do ghluais sé rómpa agus
do leanadar é go dtí go rabhadar ar áthaibh Iórdain.
Do ghluais na Móabítigh agus sgannra ortha, chun dul
treasna na h-abhan soir abhaile, nuair a bhíodar gan rí.


L. 265


Bhí Aod agus fir Israéil ar na h-áthaibh rómpa agus
mharbhuighdar iad chómh tiugh agus do thánadar go port
na h-abhan. Do marbhuigheadh tímpal deich míle d'fhear-
aibh Mhóab i n-aice na h-abhan an lá san, agus níor
leogadh aoinne anonn. Fir láidire chródha ab eadh na
fir a marbhuigheadh ann agus do fágad Móab tréith.
Thug san suaineas do chlainn Israéil ar feadh cheithre
fichid blian 'n-a dhiaidh san. Ansan d'eirigh namhaid eile
'n-a gcoinnibh, .i. na Philistínigh, agus thug Dia cosantóir
eile dhóibh. D'eirigh Samgar mac Anait agus chuir sé
cath ar na Philistínigh agus mhairbh sé sé céad fear díobh
le colltar céachta. Thug san suaineas do chlainn
Israéil an uair sin.



Nuair a bhí an suaineas acu níor fhéadadar iad féin
d'iompar. Dheineadar iomarbhas airís. Dheineadar
olc os cómhair an Tighearna tar éis bháis Aod. Do
leog an Tighearna namhaid chucha, .i. Iabin, rí Chanaain.
Bhí sé sin 'n-a rí i n-Asor agus bhí aige taoiseach slógh
d'ár bh'ainm Sisara agus bhí ag an dtaoiseach slógh san
naoi gcéad carbad seartha agus bhí sé ar feadh fiche
blian ag déanamh éirligh ar chlainn Israéil. Ansan do
ghlaoidh clann Israéil ar an dTighearna 'ghá iarraidh
air iad d'fhuasgailt.



Bhí i n-Israél an uair sin bean-fháig d'ár bh'ainm
Debbora, agus beanbhreitheamh ab eadh í, agus bhí sí ana
naomhtha, agus do shuidheadh sí, ag tabhairt breithe, fé
chrann pailme, idir Rama agus Beitel, i gcnoc Ephraim.
Thagadh clann Israéil chúichi ansan, ó gach áird, chun go
ndéanfadh sí a gcúiseana do bhreithniú dhóibh.



Chuir sí fios, lá, ar Bharac, mac Abinoem. Tháinig
sé ag triall uirthi.



“Tá órduighthe ag an dTighearna dhuit-se,” ar sise,
“sluagh armtha do sheóladh leat go cnoc Taboir. Tóg
leat deich míle fear cómhraic de chlainn Nephtailí agus
de chlainn Shabuloin agus tabharfidh an Tighearna chughat,
go sruth Cisoin, Sisara, taoiseach slógh Iabin, é féin agus


L. 266


a charbaid agus a mhór shlóighte, agus tabharfidh sé suas
duit iad.” “Déanfad an nídh sin,” arsa Barac, “má
thagan tusa liom, ach mara dtagair-se liom ní
dhéanfad.”



“Tá go maith,” ar sisi, “raghad-sa leat, ach má 'seadh
ní dhuit-se a h-ainmneófar an buadh an turus so, ach
is le láimh mná do thuitfidh Sisara.”



D'imthigh sí féin agus Barac go h-áit ar a dtugtí
Ceder. Ansan do chruinnigh Barac, a' treibh Shabuloin
agus a' treibh Nephtalí, deich míle fear armtha agus do
ghluais sé féin agus Debbora, leis an ndeich míle fear
san agus thánadar go cnoc Taboir. Do h-innseadh
do Shisara go raibh Barac ar chnoc Taboir agus do
chruinnigh sé a mhór shlóighte agus a charbaid seartha
agus tháinig sé go sruth Cisoin.



CXIII.



IAHEL.



Bhí Barac agus Debbora agus an deich míle fear
de chlainn Nephtalí agus Shabuloin thuas ar chliathán an
chnuic, agus Sisara agus a mhílte dí-áirmhthe agus a naoi
gcéad carbad seartha thíos ar an machaire mór leathan,
ar bruach an tsrutha.



“Eirigh!” arsa Debbora le Barac. “Indiu an lá
'n-a bhfuil Sisara tabhartha suas duit ag an dTighearna.
Isé an Tighearna féin atá ad' stiúrú.”



Do ghluais Barac agus a dheich míle anuas ó'n gcnoc
go h-oban agus d'ionsuighdar an namhaid. Chómh luath
agus do tháinig an deich míle i dteangmháil le fearaibh
Shisara d'imireadar an faobhar ortha chómh dian san go
rabhadar ag tuitim chómh tiugh agus do buailtí iad. Le
n-a linn sin do phléasg tóirthneach agus splanncracha


L. 267


agus gaoth árd anuas ar shluagh Shisara, le leamhnú Dé,
i dtreó go dtáinig sgannra ortha agus go dtáinig
sgeón ionta agus gur iompuighdar go léir agus gur
theicheadar. Do lean Barac agus a dheich míle ar
a dtóir 'gha leagadh agus 'ghá marbhú. Do léim Sisara
féin amach as a charbad agus do ghluais sé sa teiche
'n-a chuis, bhí a leithéid sin de sgannra 'n-a chroidhe. Do
lean an teiche agus an tóir go dtí gur thuit an uile
dhuine de mhór shluagh Shisara. Tháinig Sisara féin
agus é ag rith agus é 'n-a chuis, go dtí cábán mná d'ár
bh'ainm Iahel. Bean ab eadh í a bhí pósta ag Heber,
agus fear Cineach ab eadh an Heber san. Ní raibh
Heber sa bhaile an lá san. Nuair a tháinig Sisara go
dorus an chábáin chonaic Iahel é agus d'aithin sí é.



“Tar isteach, a rí!” ar sise. “Na bíodh eagla ort.”



Tháinig sé isteach. “Tabhair deoch dom,” ar seisean,
“Tá ana thart orm.” Thug sí deoch bhainne dhó. Do
shín sé ar an úrlár mar bhí ana thuirse air.



“Clúdaigh me,” ar seisean, “agus má thagan aoinne
go dorus an chábáin 'ghá fhiafraighe an bhfuil aon fhear
istigh abair leó ná fuil.”



Do chlúduigh sí é le súsa agus níor bh'fhada go raibh
sé 'n-a chodladh go sámh. Nuair a bhí sé 'n-a chodlad
ar feadh tamail bhig agus an codladh chómh trom san air
nár bhaoghal go ndúiseóchadh sé go fuiriste d'aimsigh
sí tarainge maith mór láidir agus casúr agus tháinig
sí agá cheann agus chuir sí bior an tarainge le n-a cheann
agus chomháin sí an tarainge isteach 'n-a cheann le buille
de'n chasúr. Chuir san deire leis, agus do chómhlíonadh
an focal adubhairt Debbora le Barac, .i. gur le láimh
mná a bhí ceapaithe ag an dTighearna Sisara do thuitim.



Ar ball do tháinig Barac, ar thóir Shisara. Tháinig
sé go dorus chábáin Iahel. Chuaidh Iahel amach ag
triall air.



“Tar isteach anso,” ar sisi, “go bhfeicir an té atá
uait.”


L. 268


Chuaidh sé isteach. Chonaic sé Sisara sínte marbh
ar an úrlár agus an tarainge sáidhte go bun isteach
'n-a cheann.



As san amach bhí clann Israéil ag neartú i gcoinnibh
a namhad agus i ndiaidh ar ndiaidh bhí neart Iabin,
rí Chanaain, acu d'á chlaoidhe go dtí fé dheire gur
chuireadar é féin agus a neart fé chois ar fad.



Tar éis an chatha san, i gcoinnibh Sisara, do chúm
Debbora dán i n-onóir do'n Tighearna, ag breith bhuidh-
eachais leis mar gheall ar an mbuadh a bhí tabhartha
aige do chlainn Israéil; agus ag moladh na bhfear a
chuir a n-anam féin sa chontabhairt agus a thug aghaidh
go neamheaglach ar neart slógh a bhí níba mhó agus níba
threise go mór 'ná a neart slógh féin, agus nár fhan
siar ó'n gcath le h-eagla roimis na carbadaibh seartha
úd a bhí chómh sgannramhail chómh marbhuightheach. Do
mhol sí iad mar gheall ar an muinighin a bhí acu as an
dTighearna agus mar gheall ar a fheabhas a dheineadar
beart do réir na muinighine sin. Ní baoghal gur dhear-
mhaid sí, sa dán, a chur i gcuimhne dhóibh nách ar a gcródhacht
féin ba cheart dóibh buidheachas an lae sin a bheith acu
ach ar an dTighearna, mar gur bh'é an Tighearna féin do
sgaip an namhaid rómpa le gaoith agus le tóirthnigh
agus le splanncrachaibh teine.



“Gurab shin mar a thuitfid do namhaid go léir, a
Thighearna!” ar sisi, “agus go raibh do cháirde ionmhuine
mar sholus na gréine, nuair a bhíon sí ag eirighe ar
maidin, ag taithneamh ad' láthair le neart a ngrádh
dhuit!”



Bhí suaineas ag clainn Israéil ar feadh dachad blian
i ndiaidh an chatha san.


L. 269


CXIV.



COS-AR-BOLG.



Bhí clann Israéil ar a suaineas ar feadh an dachad
blian. An fhaid a bhí gach nídh ar a dtoil acu do thárla
an seana sgéal i gcómhnuidhe, d'iompuighdar ó'n
dTighearna agus dheineadar na peacaí. Isiad peacaí
is mó agus is measa a dheineadar 'ná aithris a dhéanamh
ar na págánachaibh a bhí 'n-a dtímpal agus déithe fallsa
d'adhradh, na déithe fallsa céadna a bhíodh ag na págá-
nachaibh dh'á n-adhradh. Baalam agus Astarot na
h-ainimneacha a bhí ag na págánachaibh ar an mbeirt
ab aoirde de sna déithibh sin. Istigh i lár coille, ar
bhara cnocáin, iseadh bhíodh na h-altóracha curtha suas
chun na ndéithe sin, agus is ann a deintí ídhbeartha chucha.
Agus gníomhartha gráineamhla b' eadh an chuid ba mhó
de sna gníomharthaibh a bhain leis na h-ídhbirtíbh. Dhein-
eadh cuid de chlainn Israéil díreach mar a dheineadh
na págánaigh, chuiridís suas na h-altóracha, istigh in
sna coilltibh, ar na cnocánaibh, chun Baalim agus chun
Astarot, agus ansan dheinidís an obair ghráineamhail
a bhain leis an ídhbirt.



Ní raibh an suaineas acu aon fhaid mhór aimsire ó
cuireadh an tarainge i gceann Shisara nuair a thosnuigh-
dar ar an ndroch obair a dhéanamh. Sar a raibh an
dachad blian críochnuighthe acu bhíodar imthighthe chómh
fada san ó dhlighe Dé go raibh díbhfeirg tuillte airís
acu. Bhí na h-altóracha curtha suas acu in sna coilltibh
beaga ar na cnocánaibh agus an droch obair ar siubhal
tríd an ndúthaig. Ansan do chuir an Tighearna pionós
ag triall ortha.



Nuair a dhein Maois an léirsgrios mór úd ar na
Madianítigh, lastoir de'n Iórdan, mar gheall ar an
aimhleas a thugadar ar chlainn Israéil, do cuireadh


L. 270


a bhformhór chun báis. Níor dísgigheadh iad amuich 's
amach, ámh. Chuaidh dríodar beag sgáinte dhíobh saor.
Bhí an dríodar beag san ag dul i méid agus i líon-
mhaire agus i neartmhaire go dtí go rabhadar cómhachtach
go maith lastoir de'n Iórdan. Do h-innseadh dóibh
i dtaobh Bhalaam, agus i dtaobh Phinees, agus i dtaobh
an éirligh a dhein clann Israéil ar a sínsear. Ní raibh
de chuimhneamh de ló ná d'oidhche 'n-a gcroidhthibh ach iad
féin do neartú agus do chur i dtreó, chómh luath a's do
b'fhéidir é, agus teacht agus díoltas iomlán d'imirt
ar chlainn Israéil, an cómhar do dhíol leó gan easnamh.
Bhailighdar chucha, chómh maith agus d'fhéadadar é, na
geinte a bhí 'n-a dtímpal lastoir. Bhíodar láidir
go maith nuair a tháinig an t-am 'n-a raibh pionós tuillte
ag clainn Israéil ó'n dTighearna mar gheall ar na
peacaíbh a bhí acu 'á dhéanamh.



Thánadar anoir treasna abhan Iórdain agus ghabhadar
de chosaibh i gclainn Israéil. Níor bh'aon iongna iad
'ghá dhéanamh san, mar ní raibh lámh an Tighearna le
clainn Israéil. Thug clann Israéil druim lámha leis
an dTighearna agus ansan do thug an Tighearna druim
leó-san. Dhein sliocht na Madianíteach a leithéid de
chos-ar-bolg ortha gur i bpollaibh talmhan agus i
bpluaisibh caraigreach ab éigean dóibh dul i bhfolach
ó n-a namhaid. Is amhlaidh a thagadh na Madianítigh
anoir treasna na h-abhan nuair a mheasaidís go mbíodh
aon rud ag clainn Israéil a dh'fhéadfidís a bhreith
uatha. Ansan do sguabaidís leó gach aon rud
ab fhéidir a bhreith chun siubhail, ba agus capail agus an
uile shaghas beithidhigh. Nuair a bhídís imthighthe thagadh
fir Israéil amach as na pollaibh agus as na pluaisibh
agus dheinidís iarracht ar rainnt éigin arbhair do chur.
Thagadh an namhaid nuair a bhíodh an t-arbhar san 'n-a
gheamhar agus ghearraidís é i dtreó ná fásfadh an bia
chun clainne Israéil agus go bhfaighdís bás leis an
ocras, díreach mar a dheineadh saighdiúirí Shasana


L. 271


anso i n-Éirinn tamal ó shin, nuair a bhíodh a speal ag
gach saighdiúir, chómh maith le n-a ghuna, chun an gheamhair
do ghearradh i dtreó go bhfaghadh muinntir na h-Éireann
bás de'n ghorta.



Do lean an cos-ar-bolg san á dhéanamh ar chlainn
Israéil ar feadh seacht mblian. Tráth éigin i gcaitheamh
na seacht mblian san, agus iad cráidhte ciapaithe,
imeartha, dh'á gcur chun báis gan truagh gan taise, do
chuimhnighdar ar an dTighearna. Do ghlaodar ar an
dTighearna agus d'iarradar air iad d'fhuasgailt. Do
cuireadh aingeal chucha agus dubhairt sé leó: “Thugas
amach as an Éigipt sibh. Thugas saor sibh ó gach namhaid.
Thugas díbh an talamh so agus dubhart libh: ‘Is mise
bhúr dTighearna Dia,’ agus ní éistfadh sibh lem' ghlór.”



CXV.



GEDEON.



Bhí fear 'n-a chómhnuidhe i n-Ephra agus Ióas ab ainm
dó. Bhí mac ag an bhfear san agus Gedeon ab ainm
dó. Fear ana shaidhbhir ab eadh Ióas agus fear ana
láidir, ana chródha, ab eadh an mac. Bhí sé lá ag glanadh
arbhair agus bhí an obair aige 'á dhéanamh a gan fhios,
mar bhí eagla air go dtiocfadh na Madianítigh air
agus go mbéarfidís uaidh an t-arbhar. Bhí crann
daraighe i n-aice na h-áite. Tháinig aingeal an Tighearna
agus do shuidh sé fé sgáth an chrainn. Bhí Gedeon ag
déanamh na h-oibre. Thaisbeáin an t-aingeal é féin
dó agus do labhair sé leis.



“Tá an Tighearna leat, a fhir ró chródha!” arsan
t-aingeal leis.



“Aithcim ort, a uasail,” arsa Gedeon leis, “má
tá an Tighearna linn conus a thárla na h-uilc seo go


L. 272


léir orainn? Ca bhfuilid mírbhúiltí an Tighearna
uainn? Na mírbhúiltí a dh'innis ár sínsear dúinn
a dhein sé dhúinn, nuair a thug sé amach as an Éigipt
sinn? Tá sé imthighthe uainn anois, agus táimíd fágtha
aige fé smacht na Madianíteach.”



D'fheuch an t-aingeal air agus dubhairt sé leis mar
seo: “Imthigh-se anois agus oibrigh an neart san atá
ionat agus fuasgail clann Israéil ó shliocht Mhadian.
Tuig go bhfuilim ad' chur ag déanamh na h-oibre sin.”



“Ó, a uasail,” arsa Gedeon, “conus is féidir
domh-sa clann Israéil d'fhuasgailt? Isiad mo mhuinn-
tir-se an mhuinntir is suaraighe ar threibh Mhenasse
agus is mise an té is suaraighe i dteaghlach m'athar.”



“Ná bac san,” arsan t-aingeal, “bead-sa leat,
agus claoidhfir Madianítigh, na mílte acu, mar a
chlaoidhfá aon fhear amháin.”



Bhí iongna ar Ghedeon. Fear ab eadh é a bhí umhal
thar barr. Cheap sé gur dhuine saoghalta an té a
bhí ag cainnt leis, ach gur bh'fháig mór éigin é.



“Mara miste leat mé dhéanamh dánaidheachta ort,
a uasail,” ar seisean, “ba mhaith liom a iarraidh go
dtabharfá dhom comhartha a chuirfadh i n-iúil dom cé
h-é atá agam agus dá mb'áil leat gan imtheacht as so
go dtagad thar n-ais chughat tabharfad chughat nídh.”



“Fanfad leat anso go dtagair,” arsan t-aingeal.



D'imthigh Gedeon isteach abhaile agus do bheiribh sé
mionán agus dhein sé rainnt aráin giost. Thug sé
leis amach an fheóil i n-árthach agus an anairthe i n-árthach
eile agus thug sé chun an chrainn daraighe iad agus
chuir sé os cómhair an fháig, dar leis, iad. Bhí cloch
mhór leathan ar aghaidh an fháig amach.



“Buail ansan ar an gcloich sin iad,” arsan fáidh.
“Cuir an fheóil agus an t-arán ar an gcloich ar
dtúis agus ansan doirt an t-anairthe anuas ortha.”
Do dhein. Ansan do shín an fáig uaidh amach an tslat a
bhí 'n-a láimh aige i dtreó gur chuir sé bara na slaite ar


L. 273


an méid a bhí ar an gcloich. Chómh luath agus do theang-
mhuigh bara na slaite le n-a raibh ar an gcloich d'eirigh
lasair theine ó'n gcloich agus do loisgeadh 'n-a luaithrigh
an fheóil agus an t-arán agus an t-anairthe, agus ní
raibh an t-aingeal le feisgint. Ansan tháinig sgannra
ar Ghedeon. “Ó, Dia lem' anam!” ar seisean, “Isé
aingeal an Tighearna a bhí ann agus táim-se réidh!”



Ansan do labhair an Tighearna leis. “Síothcháin ort”
ars an Tighearna, “ná bíodh eagla ort. Ní thabharfidh
san an bás duit.” Bhíodh sé i n-aigne gach aoinne an
uair sin, an té a chífadh aingeal an Tighearna, aghaidh
ar aghaidh, nár bh'fhéidir dó gan bás d'fhághail d'á dhruim.



Ansan do chuir Gedeon altóir suas ar an áit sin
chun an Tighearna agus thug sé Síothcháin an Tighearna
mar ainm air, agus do lean an ainm sin ar an altóir
sin ar feadh abhfad 'n-a dhiaidh san.



Do labhair an Tighearna leis, an oidhche chéadna san,
agus dubhairt sé leis: “Tóg leat tarbh let' athair
agus tarbh eile, tarbh seacht mblian, agus imthigh agus
leag an altóir sin Bhaal atá agat' athair agus gearr
agus leag an choill bheag atá tímpal ar an altóir,
agus ansan cuir suas altóir chun do Thighearna Dia féin
ar an gcloich seo, an chloch so ar ar chuiris an ídhbirt úd
ó chiainibh. Ansan dein cárnán d'adhmad na coille
bige ar an altóir seo a bheidh déanta agat ar an gcloich
agus dein an tarna tarbh d'ídhbirt, i n'ídhbirt loisgithe,
i n-a holocaust, ar an gcárnán adhmaid sin.”



Ní h-innstear cad a deineadh leis an gcéad tharbh.
B'fhéidir gur ídhbir Gedeon é ar an gcloich nuair a
thug an t-aingeal “Síothcháin” dó agus nuair a thug
sé féin “Síothcháin Dé” mar ainm ar an gcloich.



Ach bhí órduighthe dhó an choill bheag do ghearradh
agus an altóir phágánach a bhí istigh innti do raobadh agus
má bhí íomhágh ar an altóir an íomhágh do bhrise. Bhí eagla
air an obair sin a dhéanamh i gcaitheamh an lae mar
bhí na cómharsain nú an chuid ba mhó acu, i bhfabhar


L. 274


do'n phágánacht. Do chruinnigh sé a lucht oibre féin
agus thánadar sa n-oidhche agus do leagadar adhmad
na coille bige agus do raobadar an altóir phágánach
agus dheineadar brúsgar de'n íomhágh.



CXVI.



LOMRA.



D'eirigh muinntir an bhaile ar maidin amáireach a
bhí chughainn agus chonacadar an gníomh a bhí déanta.
Bhíodar ar buile, bhíodar ghá fhiafraighe d'á chéile go
fíochmhar agus go feargach cé dhein a leithéid de ghníomh!
An choill ar lár! Altóir Bhaal raobtha! An íomhágh
'n-a brúsgar! Do h-innseadh dóibh gur bh'é Gedeon,
mac Ióais a dhein an droch obair go léir. Thánadar
go dorus Ióais. “Cuir chughainn amach anso do mhac
Gedeon go gcurfar chun báis é mar gheall ar an ngníomh
so atá déanta aige, mar gheall ar an easonóir atá
tabhartha aige do Bhaal.”



“An cosantóirí ar Bhaal sibh-se?” arsa Ióas leó,



“An bhfuil fhiachaint oraibh-se troid ar son Bhaal?
An bhfuil fhiachaint oraibh-se díoltas a dhéanamh ar
namhaid Bhaal? Má's dia Baal nár chóir go bhféadfadh
sé féin díoltas a dhéanamh ar a namhaid? Má tá
cómhacht aige, deineadh sé féin díoltas ar Ghedeon.”



Níor bh'fheidir aon fhocal do rádh i gcoinnibh na
cainnte sin. D'imthigh na daoine agus d'fhágadar fé
Bhaal féin an díoltas do dhéanamh.



Do ghluais tuairisg an sgéil sin ar fuaid na dútha.
Do h-airigheadh lastoir de'n Iórdan an sgéal. Do
chruinnigh na Madianítigh as gach áird. Thugadar
leó a lucht conganta, an méid ba mhó a dh'fhéadadar
a bhailiú dhíobh, agus thánadar anoir treasna abhan
Iórdain agus dheineadar longphort i ngleann Iesraéil


L. 275


i lár na tíre a bhí ag leath treibhe Mhenasse. Bhíodar
lán cheapaithe ar éirleach uathbhásach do dhéanamh ar
chlainn Israéil.



Ach do neartuigh Dia croidhe Ghedeoin agus chomáin
Gedeon an adharc d'á séide tré thír Mhenasse, agus
tré thír Aser, agus tré thír Shabuloin, agus tré thír
Néphtalí. Thánadar go léir chuige. Do bhailigh a
mhuinntir féin, teaghlach Abiéseir, chuige ar dtúis.



Ansan do labhair Gedeon leis an dTighearna agus
seo mar a labhair sé leis:



“A Thighearna Dia,” ar seisean, “má 'sé do thoil
naomhtha clann Israéil do shaoradh ó n-a namhaid tré
ghníomh mo láimhe-se, cuirfad an lomra olna so anso
amach fé'n spéir, agus má bhíon drúcht ar an lomra
agus an talamh mórthímpal tirim beidh san mar chómhartha
agam air gur tré ghníomh mo láimhe do dhéanfir an
fhuasguilt.” D'fhág sé an lomra amuich fé spéir na
h-oidhche sin. Tháinig sé ar maidin. Fuair sé an
olan fliuch agus an talamh mórthímpal ana thirim.
D'fháisg sé an t-uisge as an olan agus do líon sé
árthach maith mór leis an uisge drúchta a dh'fháisg sé
as olan an lomra. Ansan do labhair sé airís leis an
dTighearna.



“A Thighearna Dia,” ar seisean, “ná bíodh fearg
ort chugham má loirgim aon chómhartha amháin eile leis
an lomra. Iarraim ort, a Thighearna, gur b'é an talamh
mórthímpal a bheidh fliuch ar maidin amáireach agus
gur b'é an lomra a bheidh tirim agus go mbeidh san
mar chómhartha agam air gur tré ghníomh mo láimhe-se
a dhéanfir an fhuasguilt seo.”



Chuir sé an lomra fé'n spéir an oidhche sin airís,
agus tháinig sé ar maidin agus fuair sé an talamh go
léir mórthímpal báithte fliuch agus an lomra chómh
tirim agus a bheadh sé dá mba istigh i n-aice na teine a
bheadh sé i gcaitheamh na h-oidhche. Bhí sé sásta ansan.
Do thuig sé 'n-a aigne gur bh'é toil Dé a bheadh


L. 276


aige á dhéanamh nuair a raghadh sé i gcoimhsgar cogaidh
leis na Madianíteachaibh.



Déarfidh duine, b'fhéidir, “Nár mhór an peaca dhó
bheith ag déanamh fromtha ar Dhia ar an gcuma san?”



Tugaid daoine naomhtha an freagra so ar an gceist
sin: “Gan amhras ba pheaca mór é mara mbeadh gur
bh'é an Tighearna féin, moladh go deó leis, do spriuc
é chun na trialach san do dhéanamh ar an gcuma san,
leis an lomra. Tá brígh leis an obair lasmuich dé'n
bhrígh a bhí ag Gedeon leis.”



Nuair a bhí an dá chómhartha san fachta ag Gedeon
do ghluais sé féin agus a mhór shluagh agus tháinig sé
go dtí an tobar ar a dtugtar Harad. Bhí slóighte
na Madianítach sa ghleann agus cnoc mór árd ar an
dtaobh theas díobh. Do labhair an Tighearna le Gedeon
mar seo:



“Táid do shlóighte ró mhór. Tá an iomad daoine
agat. Ní tabharfar na Madianítigh i láimh an mhór
shluagh so, mar dá dtabharfí déarfadh clann Israéil
gur bh'ortha féin ba cheart dóibh a bhuidheachas a bheith acu
nuair a bhéarfidís an buadh. Cruinnigh na daoine
agus labhair leó, i dtreó go n-aireóchaid siad go léir thu.
Abair leó, ‘Aoinne n-a bhfuil sgáth ná eagla air imthigh-
eadh sé abhaile.’”



Do labhair Gedeon leó ar an gcuma san. D'iom-
puigh dhá mhíle fhichead fear acu ó chnoc Galaad agus
chuadar abhaile agus níor fhan ag Gedeon ach deich míle
fear.



CXVII.



CLEAS COGAIDH.



Nuair a bhí an dá mhíle fhichead imthighthe ní raibh ag
Gedeon ach deich míle. Do labhair an Tighearna airís
leis, ámhthach, agus dubhairt sé leis: “Tá an iomad


L. 277


daoine agat fós. Beir leat chun an uisge iad agus
trialfad ann iad. Ansan, an té adéarfad leat a
bhreith leat téidheadh sé leat; an té adéarfad leat
gan a bhreith leat téidheadh sé thar n-ais.”



Do rugadh na fir chun an uisge go n-ólfidís deoch, agus
dubhairt an Tighearna le Gedeon; “An fear ná déan-
fidh ach an t-uisge do thógaint chun a bhéil le n-a bhais,
agus a bheidh sásta le n-a n-ólfidh sé ar an gcuma san,
cuir 'n-a sheasamh fé leith é, agus an fear a thiocfidh ar
a ghlúinibh agus chuirfidh a bhéal síos sa n-uisge chun é
dh'ól cuir i n-áit eile fé leith é.” Do deineadh san.
Ar ball nuair a bhí a dheoch uisge tógtha ag gach aoinne
do fuaradh ná raibh ach trí chéad fear a thóg an t-uisge
agus do shloig d'á mbasaibh é, agus gur tháinig an chuid
eile go léir ar a nglúinibh agus gur chuireadar a mbéil
síos ann chun é dh'ól. Ansan do labhair an Tighearna
airís le Gedeon; “Leis an dtrí chéad fear san a dh'ól
an t-uisge d'á mbasaibh iseadh do shaorfad sibh agus
do chuirfad na Madianítigh féd' láimh-se. Imthigheadh
an chuid eile go léir abhaile.”



Do thóg Gedeon chuige an méid bídh a theastuigh uaidh
agus na trúmpaí a dh'oirfadh dó agus thug sé féin agus
an trí chéad aghaidh ar ghnó an chogaidh agus chuir sé an
chuid eile uaidh abhaile. Ní raibh ansan aige ach trí chéad
fear, agus bhí céad agus a trí agus dachad de
mhíltibh fear ansúd thíos sa ghleann ag bun an chnuic.



An oidhche sin do labhair an Tighearna leis airís:
“Eirigh,” arsan Tighearna leis, “agus imthigh síos go
dtí longphort an namhad mar táid siad tabhartha ad'
láimh agam duit. Ach má's eagla leat dul ann at'
aonar téidheadh do ghiolla leat, agus nuair a bheir ag
éisteacht le n-a gcainnt neartófar do ghéaga agus
beidh níos lugha eagla agat rómpa.”



D'imthigh sé síos, é féin agus a bhuachaill, Phara, agus
thánadar chun na h-áite 'n-a raibh an lucht faire. Bhí na
Madianítigh agus na h-Amalecítigh agus na slóighte


L. 278


eile a tháinig leó anoir, bhíodar measgaithe ar a chéile
sa ghleann agus iad sínte, agus iad mar ghainimh na
trágha le líonmhaireacht nú mar a bheadh suathantas
lócuistí, agus éacht de bheithidhachaibh iompair 'n-a
dteannta. Nuair a tháinig Gedeon i ngar dóibh d'airigh
sé fear acu ag cainnt le fear eile.



“Is ait an taibhreamh a deineadh dom,” arsan fear.



“Cad é an taibhreamh é?” Arsan fear eile.



“Do samhluigheadh dom go bhfeaca císte gríosaigh a
deineadh d'órna, agus gur rith sé an cnoc anuas, ar a
fhaobhar, agus gur bhuail an císte sin i gcoinnibh cábáin
agus gur leag sé an cábán anuas ar an dtalamh.”



“Ní'l ach an t-aon bhrígh amháin leis an dtaibhreamh
san,” arsan fear eile, “Claidheamh Gedeoin an císte
órnan san. Tá longphort Mhadian tabhartha ag an
dTighearna i láimh Ghedeoin agus leagfidh Gedeon
slóighte Mhadian mar a leag an císte úd an cábán.”



D'airigh Gedeon an taibhreamh agus an míniú agus
do shléacht sé do'n Tighearna agus tháinig sé thar n-ais
chun a mhuinntire.



“Eirighidh!” ar seisean leó, “Tá longphort Mhadian
tabhartha dhúinn ag an dTighearna.”



Dhein sé trí treana d'á thrí chéad fear. Ansan thug
sé trúmpa do gach fear acu agus crúsga folamh.
Ansan do chuir sé lampa ar lasadh isteach ins gach
crúsga, agus bíodh go raibh an lampa ar lasadh níor
bhféidir an solus a dh'fheisgint nuair a bhí an lampa
thíos sa chrúsga.



“Anois,” ar seisean, “Tagaidh liom agus deinidh
go léir díreach mar a chífidh sibh a dhéanfad-sa. Nuair
shéidfad-sa mo thrúmpa séideadh gach aoinne agaibh a
thrúmpa agus buailidh na crúsgaí i gcoinnibh a chéile
agus tógaidh anáirde na lampaí agus cuiridh go léir
liú suas i n-aonfheacht chómh h-árd agus d'fhéadfidh sibh
é agus abradh gach aoinne, i n-árd a chinn agus a ghutha
‘An Tighearna agus Gedeon!’”


L. 279


Ansan chuir sé céad fear i ngach áit de thrí áiteannaibh
mórthímpal ar longphort na Madianíteach. An túisge
'n-a rabhadar 'n-a n-ineadaibh do shéid Gedeon an
trúmpa. Le n-a linn sin do séideadh céad trúmpa
ar thaobh de'n longphort, agus céad trúmpa eile ar
thaobh eile dhe, agus céad trúmpa eile ar an trímhadh
thaobh, agus do briseadh an trí chéad crúsga, agus do
tógadh suas an trí chéad lampa ar lasadh. Do léim
na daoine as a gcodladh. D'airighdar an fothram,
agus na trúmpaí d'á séide agus an liúireach, agus
chonacadar an solus ar gach aon taobh díobh. Cheapadar
go raibh an longphort lán d'á namhaid. D'iompuigh gach
fear a chlaidheamh ar an bhfear ba ghiorra dhó.



CXVIII.



ÉIRLEACH.



D'iompuigh gach fear a chlaidheamh ar an bhfear ba
ghiorra dhó, mar toisg an sgeón a bheith ionta níor
aithnighdar a chéile, agus bhí an trí chéad ag séide na
dtrúmpaí ar buile agus na lampaí anáirde acu agus
i n-aghaidh gach béice d'á dtugadh an trúmpa do liúghadh
an fear, chómh h-árd agus a bhíodh sé 'n-a sgórnaigh agus
'n-a chliabh, “Claidheamh an Tighearna agus Ghedeon!”
Ba ghearr go raibh liúireach na mílte Madianíteach
chómh h-árd chómh fiain le liúireach an trí chéad, ach go
raibh na trúmpaí níb' aoirde 'ná mar fhéadfadh aon
ghuth daoine bheith. Do lean an trí chéad, 'n-a seasamh,
ag liúirigh agus ag séide na dtrúmpaí, go dtí gur
ghluais na Madianítigh, agus iad ag liúirigh agus ag
marbhú a chéile, amach tré bheárnain, idir dhá chéad éigin
acu, agus gur imthighdar 'n-a lán rith, ag teiche agus
ag marbhú a chéile sa teiche, i dtreó na h-áite ar a
dtugtí Betesda. Nuair a ghlanadar amach as an


L. 280


longphort do ghluais an trí chéad ar a dtóir 'ghá marbhú
chómh tiugh agus d'fhéadaidís teacht ortha.



An túisge 'n-ar thosnuigh an teiche agus an tóir chomáin
Gedeon teachtairí mórthímpal tré thír Ephraim 'ghá rádh
le clainn Israéil go léir, sa tír sin, rith agus teacht
roimis an namhaid ar phort abhan Iórdain. Thánadar
go léir 'n-a slóightibh líonmhara. Thánadar roimis
an namhaid ar phort na h-abhan agus dheineadar éirleach
ortha agus mharbhuighdar beirt d'á righthibh, Oreb agus
Seb, agus bhaineadar na cinn díobh. Do lean Gedeon
agus a thrí chéad an namhaid chómh fada leis an abhainn
agus thar abhainn soir. Nuair a bhí Gedeon lastoir
de'n abhainn bhí fir Ephraim, leis, tar éis dul thar abhainn.
Thánadar ag triall ar Ghedeon, agus an dá cheann acu,
ceann Oreb agus ceann Seb, agus thugadar dó iad.
Ansan, nuair a thuigeadar an gníomh a bhí déanta ag
Gedeon tháinig éad ortha agus fearg agus fíoch, agus
do labhradar leis go dúr agus go míchéadtach.



“Cad é mar obair duit,” ar siad leis, “dul agus
tabhairt fé n-a leithéid de ghníomh gan glaodhach
orainne!” Bhí a leithéid sin d'fhearg ortha gur thuig sé
gur bhaoghal go mbuailfidís é.



“Agus,” ar seisean leó, “nách sibh-se do dhein an
obair go léir? Cad fhéadfinn-se a dhéanamh mara
mbeadh sibh-se? Nách eól do gach aoinne gur fearr
aon chrobhaing amháin d'Ephraim 'ná fíonfhóghmhar Abié-
seir ar fad? Is i nbhúr láimh-se do thug an Tighearna
ríogra Mhadian, Oreb agus Seb. Cad é bhrígh mo
ghníomh-sa seachas a bhfuil déanta agaibh-se?”



Do mhaoluigh an chainnt sin an fhearg a bhí ortha.
Thuigeadar gur bh'fhíor dó é, mara mbeadh iad féin
do theacht crosta ar an mór shluagh namhad, agus iad
ag teiche, go raghadh a bhformhór saor agus go n-iompó-
chaidís airís ar an dtrí chéad. Ní gan chúis a bhí an
fhearg ortha, leis. B'iad na fir chéadna úd iad a cuireadh
abhaile mar gheall ar an eagla bheith ortha, agus na fir


L. 281


eile a cuireadh abhaile mar gheall ar theacht ar a nglúinibh
chun an uisge dh'ól. Nuair a chonacadar, ó'n gcnoc,
na mílte slógh namhad sa lóngphort sa ghleann níor
bh'fhearr leó rud d'imthig ortha 'ná iad do chur abhaile.
Ní raibh aon chuimhneamh acu go ndéanfadh an trí chéad
aon ghníomh. Ach nuair a chonacadar na slóighte namhad
ag gluaiseacht 'n-a lán rith ar teiche agus an t-éirleach
uathbhásach dh'á dhéanam ortha bhíodar ar dearg bhuile
nuair nách iad féin a dhein an gníomh san. Ansan,
nuair adubhairt Gedeon an focal cneasta leó, nuair
a thug sé an chreideamhaint go léir dóibh, do thuigeadar
go ndubhairt sé an fhírinne, agus bhíodar sásta.



Ach do lean Gedeon na Madianítigh, tríd an dtír
lastoir de'n Iórdan agus bhí tuirse ag teacht air féin
agus ar a thrí chéad fear. Níor bh'aon iongna san.
Bhíodar ag rith, ar thóir na Madianítheach ó mheadhon
oidhche roimis sin agus bhí mórán slighe curtha dhíobh
acu, i dtreó go rabhadar buailte amach. Bhíodar i
ngar do threabhchas d'á muinntir féin i n-áit ar a
dtugtí Soccot. D'iarr Gedeon ar uaislibh na h-áite
sin rainnt aráin a thabhairt dó i dtreó go bhféadfadh sé
rud le n-ithe thabhairt do sna fearaibh agus go bhféad-
fidís Seboe agus Salmana agus ríogra eile Mhadian
leanamhaint.



“Ba dhóich le duine ort,” arsa ríogra Soccoit,
“gur beag ná go bhfuil greim cheana féin agat ar
Shebee agus ar Shalmana.” Ag magadh féi a bhíodar
mar ní raibh aon choinne acu go bhféadfadh sé breith
ar an mbeirt ríogra san. Níor thugadar an bia dhó.
Bhí cúis eile acu leis an eiteachas, i n-éaghmuis na cúise
sin.


L. 282


CXIX.



AN T-EITEACHAS.



I n-éaghmuis gan aon choinne bheith acu go bhféadfadh
sé breith ar an mbeirt ríogra úd, Sebee agus Salmana,
bhí cúis eile ag ríogra Soccoit le gan an bia a bhí uaidh
d'á fhearaibh a thabhairt do Ghedeon. Bhí sé daingean
'n-a n-aigne go dtuitfadh Gedeon agus a thrí chéad
fear chómh luath agus thiocfidís lámh le láimh le sluagh
Shebee agus Shalmana. Ansan, dar leó, do thiocfadh
Sebee agus Salmana agus dhéanfidís éirleach ortha
mar gheall ar an arán a thabhairt do Ghedeon. Ar
mhaithe leó féin agus le h-eagla roimhe Shebee agus
roimhe Shalmana iseadh thugadar an t-eiteachas do
Ghedeon.



Nuair a fuair Gedeon an t-eiteachas, agus an tar-
cuisne anuas air, do labhair sé leó: “Nuair a thabhar-
fidh an Tighearna Sebee agus Salmana isteach am' láimh-
se tiocfad anso thar n-ais chughaibh-se agus gearrfad
bhúr gcroicean le sgeachaibh agus le deilgnibh an fhásaigh
sin i nbhúr dtímpal.”



Ansan d'iompuigh Gedeon agus chuaidh sé ag triall
ar fhearaibh Phanuel. Treabhchas eile de chlainn Israéil
ab eadh iad san. D'iarr sé an bia ortha fé mar a dh'iarr
sé ar mhuinntir Soccoit é. Thugadar an t-eiteachas
céadna dhó. Bhí caisleán daingean acu agus bhíodar
istigh ann. Is dócha gur mheasadar nár bhaoghal dóibh
é ó bhíodar istigh sa chaisleán. “Nuair a bhead-sa ag
teacht thar n-ais anso,” ar seisean leó, “agus buaidhte
ar an namhaid agam leagfad an caisleán san oraibh-
se.”



Chomáin sé leis soir, ar thóir na namhad. Bhí long-
phort déanta ag an namhaid dóibh féin i n-áit a bhí, dar
leó, ó bhaoghal. Ní raibh aon choinne acu go leanfí iad


L. 283


chómh fada soir. Ní raibh ann díobh an uair sin ach chúig
mhíle dhéag fear as an mór shluagh a bhí sa longphort
i ngleann Iesraéil an oidhche roimis sin. Do marbhuigh-
eadh, sa sgeón agus sa teiche, céad míle ar fhichid míle
fear a bhí ag iompar arm. Bhí an chúig mhíle dhéag
tuirseach tnáithte ó'n rith a bhí déanta acu, bhíodar
'n-a gcodladh gan amhras. Bhí an oidhche arís ann.
D'éaluigh Gedeon agus a thrí chéad chun an longphuirt
ó'n dtaobh thoir. Ní raibh aon choinne ag aoinne go
dtiocfadh sé chucha ó'n dtaobh san. Chuir sé sgeón airís
ionta agus dhein sé éirleach ortha agus ghaibh sé 'n-a
bpríosúnachaibh Sebee agus Salmana. Bhí sé thar n-ais
i Soccot ar eirighe gréine.



“Feuch!” ar seisean le fearaibh Soccoit, “Sin iad
an bheirt ríogra úd n-ar thugabhair an tarcuisne dhomh-sa
mar gheall ortha! Agus do dhiúltabhair d'aon bhia
thabhairt dom' fhearaibh bochta a bhí ag imirt a n-anam
ag troid le nbhúr namhaid!”



Do rug sé ar na h-uaislibh a bhí ortha agus do sgiúr-
sáil sé iad leis na sgeachaibh agus leis na deilgnibh,
fé mar a gheall sé dhóibh a dhéanfadh sé. Ansan d'iom-
puigh sé ar mhuinntir Phanuel agus do bhris sé an cais-
leán agus do leag sé é agus chuir sé chun báis na
cosantóirí a bhí istigh ann.



Bhí an cnoc ar a dtugtí Tabor tamal soir óthuaidh ó
ghleann Iesraéil. Bhí fhios ag Gedeon gur chuir na
Madianítigh chun báis fir éigin de chlainn Israéil a
chuaidh i bhfolach uatha sa chnoc san an fhaid a bhíodar i
ngleann Iesraéil.



“Chuireabhair-se fir éigin chun báis ar chnoc Taboir?”
ar seisean le Sebee agus le Salmana.



“Is fíor,” ar siad.



“Cad é an saghas iad?” ar seisean,



“Ba ró dheabhrthach leat-sa iad,” ar siad san, “Bhí
fear acu agus ba chuma nú mac rí é.”



“Dritháracha dhomh-sa ab eadh iad!” arsa Gedeon,


L. 284


“agus chíon an Tighearna,” ar seisean, “dá bhfágadh
sibh beó iad ná cuirfinn-se sibh-se chun báis!” Ansan
thug sé dhóibh an bás a bhí tuillte acu.



Nuair a tháinig Gedeon abhaile ó'n gcogadh san do
bhailigh clann Israéil 'n-a thímpal agus, “Ó,” ar siad,
“Bí ad' rí ós ár gcionn go léir, agus bíodh mac duit
'n-a rí ós ár gcionn ad' dhiaidh, agus mac mic duit
'n-a dhiaigh sin, mar d'fhuasgalais sinn ó láimh Mhadian!”



“Ní bhead-sa am' rí ós bhúr gcionn,” ar seisean
leó, “ná ní bheidh aon mhac liom 'n-a rí ós bhúr gcionn,
ach beidh an Tighearna féin 'n-a rí ós bhúr gcionn. Ní'l
agam le h-iarraidh oraibh ach aon nídh amháin. Tugaidh
dom na fáinní óir agus na h-órnáidí óir, an fhoghail
a fuarabhair de bharr an chogaidh.”



“Tabharfam agus míle fáilte!” ar siad. Do leath
sé a bhrat ar an dtalamh agus chuireadar na h-órnáidí
chuige ar an mbrat. Bhí míle agus seacht gcéad de
shicilibh óir in sna fáinníbh cluas amháin aige. Agus
níor bh'fhios a raibh d'ór in sna h-órnáidíbh troma a
bhíodh ag na Madianítigh ortha féin agus ar a mbeithidh-
eachaibh iompair.



Bhí Gedeon 'n-a bhreitheamh ar chlainn Israéil ar
feadh dachad blian, agus ní raibh cor ná leid as na
Madianítigh i gcaitheamh na h-aimsire sin.



CXX.



SEANA DHROCH BHÉASA.



Bhí Gedeon 'n-a bhreitheamh ar Israél ar feadh dachad
blian agus i gcaitheamh na h-aimsire sin níor tháinig
namhaid ag cur isteach ar chlainn Israéil. Nuair
a bhí an dachad blian caithte agus saoghal breágh fada
fághalta aige agus é ana chríona tháinig an bás air. Do
h-adhlachadh é i n-uaigh a athar, i n-Ephra.



Ansan do tháinig atharú. Bí mórán mac ag Gedeon.


L. 285


Dhein mac díobh feall ar na macaibh eile agus mhairbh sé
iad go léir ach aoinne amháin. Do theich an t-aoinne
amháin sin le n-a anam uaidh. Abimelec ab ainm do'n
mhac a dhein an marbhú san. Dhein sé rí dhe féin. Thug
muinntir a mháthar congnamh dó chuige sin agus chun a
dhritháracha do mharbhú. Ní raibh sé ach trí bliana 'n-a
rí nuair eirighdar 'n-a choinnibh. D'eirigh cogadh idir
é agus iad agus do thuit sé sa chogadh.



Tar éis bháis d'Abimelec do deineadh breitheamh
d'fhear d'ár bh'ainm Tóla agus bhí sé sin 'n-a bhreitheamh
ar Israél ar feadh trí bliana fichid. Ansan do tháinig
fear d'ár bh'ainm Iair agus bhí sé 'n-a bhreitheamh ar
feadh dhá bhliain a's fiche agus fuair sé bás.



Tar éis bháis do Ghedeon, agus as san go dtí bás
Iair, bhí clann Israéil ag claonadh do sna seana dhroch
bhéasaibh go dtí go rabhadar chómh h-olc a's bhíodar riamh
agus níosa mheasa. Bhíodar ag déanamh an uilc i
láthair an Tighearna, ag adhradh na ndéithe fallsa, ag
adhradh Bhaal agus Astaroit, agus 'n-a dteannta
san ag adhradh déithe Shíria, agus Shídóin agus Mhóab
agus clainne Ammoin agus Philistím. Bhí druim
lámha tabhartha acu do'n Tighearna ar fad. Ní raibh
aon onóir acu 'á thabhairt dó. Do las fearg an Tighear-
na 'n-a gcoinnibh mar gheall ar na droch bhéasaibh sin
go léir agus do sgaoil sé fé smacht na bhPhilistíneach
iad, agus fé smacht chlainne Ammoin. Do deineadh
ana chos-ar-bolg ortha ar feadh ocht mbliana déag.
Do cuireadh uathbhás cruadhtain ortha. Tháinig clann
Ammoin agus a raibh lastall de'n Iórdan i dtír an
Amorréigh, agus chreachadar talamh Iúda agus
talamh Bheniamin agus talamh Ephraim, agus bhí clann
Israéil i gcruadhchás go tiobaisteach.



Ansan do sgreadadar ar an dTighearna, “Tá
peacaí déanta againn, a Thighearna,” ar siad, “mar
do thréigeamair ár dTighearna Dia féin agus dheine-
amair seirbhís do Bhaal!”


L. 286


Do labhair an Tighearna leó, ámhthach. “Bhí muinntir
na h-Éigipte, agus na h-Amorréigh, agus clann
Ammoin agus na Philistínigh, agus muinntir Shídóin,
agus muinntir Amalec, agus muinntir Chanaan, ag
déanamh annsmachta oraibh, agus do ghlaodhabhair orm-sa
agus d'fhuasgalas sibh uatha. Agus 'n-a dhiaidh san do
thréigeabhair me agus do thugabhair onóir do dhéithibh
iasachta. Ní fhuasgalód-sa sibh a thuille. Imthighidh agus
labraidh leis na déithibh atá toghtha agaibh agus
fuasgalaidís sibh i n-am bhúr gcruadhtain.” Agus
dubhairt clann Israéil: “Ní h-eadh, a Thighearna, ach
fuasgail-se sinn anois agus cuir féin pionós orainn
mar gheall ar an bpeaca atá déanta againn ad'
choinnibh!” Agus le linn na cainnte sin do rádh
dhóibh do chaitheadar uatha agus chuireadar amach as
a dtíorthaibh, na h-íodail go léir agus chromadar ar
sheirbhís an Tighearna do dhéanamh mar ba cheart, agus
tháinig truagh ag an dTighearna dhóibh.



Annsan do chruinnigh clann Ammoin a slóighte agus
chuireadar suas longphort i nGalaad. Do chruinnigh-
dar clann Israéil a slóighthe, leis, agus chuireadar
longphort suas dóibh féin i Maspha. Cuid de thír
Israéil ab eadh Galaad. D'á bhrígh sin bhí clann Ammoin
tar éis teacht thar teórainn isteach i dtír Israéil nuair
a bhí curtha fútha acu i nGalaad. Dheineadar mórán
fotharaim agus mórán bladhmain ag teacht dóibh, leis,
'ghá chur 'n-a luighe ar chlainn Israéil ná raibh aon bheann
acu ortha. Bhí eagla ag muinntir Ghalaad rómpa, ach
'n-a thaobh san bhí fonn mór ortha aghaidh a thabhairt ortha.
“An chéad duine againn,” adeiridís le n-a chéile,
“a bhualfidh buille ar chlainn Ammoin beidh sé 'n-a
cheann uraid ar phobul Ghalaad!”



Ní leogfadh eagla d'aoinne acu, ámhthach, an chéad
bhuille do bhualadh. Bhí an namhaid ró láidir agus an
cluiche ró chontabharthach.


L. 287


CXXI.



IEPHTE.



Bhí sa n-am gcéadna san i nGalaad fear ana chródha
agus Iephte ab ainm dó. Mac tabhartha ab eadh é,
agus nuair fhás sé féin agus clann mhac dlistineach
a athar suas 'n-a bhfearaibh do dhíbir an chlann dlistineach
a' teaghlach a athar é. Dubhradar leis ná raibh ceart
dleaghthach aige chun maoine an teaghlaigh. D'imthigh sé
agus d'fhág sé ansan iad féin agus maoin an teaghlaigh
agus chuir sé faoi sa n-áit ar a dtugtar Tob. Do
chruinnuigh chuige sa n-áit sin a lán fear a bhí dealbh
agus a lán buachaillí díomhaoine agus a lán lucht
foghla agus dheineadar ceann uraid ós a gcionn de.
Fir chródha ab eadh iad go léir ach bhí Iephte féin níba
threise agus níba chródha 'ná aoinne acu.



Nuair a bhí clann Ammoin 'n-a longphort i lár
chríche Ghalaad agus an bhuairt go léir ar mhuinntir
na críche sin do chuimhnighdar ar Iephte. Níor fhan clann
Ammoin aon fhaid mhór ar a suaineas 'n-a longphort.
Thosnuighdar ar throid le muinntir na críche agus ar
iad do mharbhú agus ar na creacha bhreith uatha. Tháinig
muinntir na críche ag triall ar Iephte.



“Tar,” ar siad, “agus bí ad' phriúnsa ós ár gcionn-
na agus dein troid le clainn Ammoin.”



“Nách sibh-se,” ar seisean, “na daoine úd a thug
fuath dhomh-sa agus do dhíbir me amach a' teaghlach
m'athar? Tré mhéid bhúr gcruadhtain iseadh thánabhair
chugham anois.”



“Thánamair chughat,” ar siad, “Tré dhéine an chruadh-
tain atá orrainn, gan amhras. Ach tar linn agus
dein cómhrac dúinn i gcoinnibh chlainne Ammoin agus
bí ad' cheann ar a bhfuil beó againn i dtír Ghalaad!”



“Má's fíor gur thánabhair anso chun a dh'iarraidh


L. 288


orm cómhrac ar bhúr son i n-aghaidh clainne Ammoin,”
ar seisean, “agus má thugan an Tighearna an lámh
uachtair dom ortha, an mbead-sa am' cheann oraibh?”



“Tá an Tighearna ag éisteacht linn anois, ar siad
san, “agus tugaimíd an Tighearna mar fhínné agus
mar uradh dhuit ann, go ndéanfimíd an rud atá againn
á gheallamhaint duit, agus go nglacfimíd tu ad'
cheann ós ár gcionn go léir.”



Ansan d'imthigh Iephte i n-aonfheacht le ríogra Ghalaad
agus do h-óirneadh é' n-a cheann ar an bpobal san go
léir. Chómh luath agus bhí san déanta do thaisbeáin sé
conus mar a bhí a aigne socair aige ar gach nídh do
dhéanamh do réir toile Dé. Thaisbeáin sé, leis, an
éirim aigne agus an chiall agus an tuisgint a bhí aige.
Chomáin sé teachtairí ag triall ar rí clainne Ammoin
agus dubhairt sé leó a rádh mar seo, i n'ainm agus
'n-a phéarsain féin:—



“Cad 'tá idir mise agus tusa gur tháinís ag cur
isteach orm ag lot mo thíre?” D'fhreagair an rí:
“Mar do thóg Israél mo chuid tailimh-se nuair a
tháinig sé aníos as an Éigipt. Do thóg sé uaim an
talamh ó chríochaibh Árnoin go Iaboc agus go Iórdan.
Tabhair-se dhom mo chuid tailimh anois agus bíodh an
tsíothcháin eadrainn.”



Tháinig na teachtairí agus d'innseadar do Iephte cad
'dubhairt an rí. “Imthighidh thar n-ais,” arsa Iephte
leó, “agus abraidh leis mar seo, ‘Seo mar adeir
Iephte’: níor thóg Israél talamh Mhóab ná talamh
clainne Ammoin. Nuair a tháinig clann Israéil
aníos as an Éigipt do shiubhluighdar tríd an uaigneas
chómh fada leis an Muir Ruaidh agus thánadar go dtí
Cades. Ansan d'iarradar cead ar rí Edoim gabháil
tré n-a thír agus d'eitigh sé iad. Ansan d'iarradar
ar rí Mhóab cead a thabhairt dóibh gabháil tré n-a thír
agus d'eitigh sé iad go tarcuisneach. Ansan do ghaibh
clann Israéil mórthímpal, lasmuich de thalamh Edoim


L. 289


agus de thalamh Mhóab agus dheineadar longphort ag
abhainn Árnoin agus níor dheineadar aon chur isteach
ar thalamh Mhóab. Ansan do chuir clann Israéil teach-
taireacht ag triall ar Shehon, rí na n-Amorréach, a bhí
'n-a chómhnuidhe i Hesebon, agus d'iarradar cead air
go leogfadh sé dhóibh gabháil tré 'n-a thír chun na h-abhan,
chun dul treasna na h-abhan isteach sa tír a bhí geallta
dhóibh. Níor thug sé dhóibh an cead. Thug sé tarcuisne
dhóibh, agus 'n-a theannta san do chruinnigh sé mór
shluagh agus tháinigh sé amach chun catha do chur ortha. Do
chuir sé cath ortha agus do bhuadar air, mar thug an
Tighearna dhóibh an lámh uachtair air, i dtreó go bhfuara-
dar seilbh an tailimh sin go léir a bhí ag an Ammorréach,
ó abhainn Árnoin go dtí Iaboc agus ó'n uaigneas go
bruach abhan Iórdain. Isé an Tighearna Dia Israéil do
thraoch an t-Amorréach, agus measan tusa an talamh
san do ghlacadh anois.”



CXXII.



MÓID IEPHTE.



“Nách fíor gur leat-sa le ceart an talamh a bhuaidh
Chamos, do dhia féin, duit? Ar an gcuma gcéadna
is linne an talamh a bhuaidh ár dTighearna Dia Israéil
dúinn; mara rud é go measan tusa gur fearr d'fhear
tu féin 'ná Balac, mac Sephoir rí Mhóab agus gur
féidir leat a chur 'n-a luighe orainn gur chómhraic sé
sin le clainn Israéil, agus é 'n-a chómhnuidhe i Hesebon
agus in sna bailtibh beaga go léir ar bruach Iórdain.
Táid clann Mhóab in sna h-áiteanaibh sin le trí chéad
blian. Cad 'n-a thaobh nár deineadh aon éileamh de'n
tsórd so i gcaitheamh na h-aimsire sin go léir? Ní
mise atá ag déanamh eugcóra ort-sa, ach is tusa atá
ag teacht anso ag cur isteach orm-sa, ag fógairt cogaidh


L. 290


orm go eugcórtha. Deineadh an Tighearna breithniú
indiu idir chlainn Israéil agus clann Ammoin!”



Níor ghéill rí Ammoin do chainnt Iephte nuair innis
na teachtairí dhó an chainnt.



Ansan tháinig spirid an Tighearna ar Iephte agus
thug sé cuaird mórthímpal ar Ghalaad agus ar Mhanasse
agus ar Mhaspha agus chruinnigh sé a shlóighte agus thug
sé aghaidh ar chlainn Ammoin. Nuair a bhí sé ag déanamh
ar chlainn Ammoin dhein sé móid i láthair Dé. Thug sé
an gheallamhaint seo do'n Tighearna:—



“A Thighearna Dia, má thugan tú an buadh dhom anois
ar chlainn Ammoin ídhbireód chun an Tighearna an chéad
nídh a bhuailfidh umam i ndorus mo thighe féin nuair a
thiocfad abhaile fé bhuadh ó chlainn Ammoin.”



Ansan do thosnuigh sé ar thír clainne Ammoin do
sgrios agus d'argain agus níor fhéadadar seasamh
'n-a choinnibh i n-aon chath. Do thóg sé agus do raob
sé fiche cathair ortha agus do loit sé a bhfíonghoirt
saidhbhre go léir, go dtí fé dheire go rabhadar tréith
go maith agus nár bhaoghal do chlainn Israéil iad feasta.



Nuair a bhí an léirsgrios san déanta aige tháinig
sé abhaile chun a thighe féin. Bhí aon inghean amháin aige.
Cé rithfadh chuige amach as a thigh féin ach an inghean, í
féin agus comrádaithe a bhí aici, ag cur fáilte roimis
agus ag moladh na ngníomhartha a bhí déanta aige
i gcoinnibh namhad clainne Israéil. Chómh luath agus
chonaic sé í do chuimhnigh sé ar an ngeallamhaint a bhí
tabhartha aige do'n Tighearna! Tháinig buairt uathbhásach
air. Do labhair sé léi: “A 'ghnean ó,” ar seisean.
“Tá an donus déanta agat, ort féin agus orm-sa, agus
gan agam ach tú!” agus d'innis sé dhi an gheallamhaint
a bhí tabhartha aige do'n Tighearna.



“A athair,” ar sisi, “an gheallamhaint sin a thugais
do'n Tighearna am' thaobh-sa dein í chómhlíonadh fé mar
a gheallais. Thug an Tighearna buadh dhuit sa chogadh
agus tabhair-se do'n Tighearna ar nídh a gheallais a


L. 291


thabharfá dhó dá dtugadh sé an buadh dhuit. Ní iarrfad-
sa ort ach aon dá mhí amháin chun imtheacht imeasg na
gcnoc i n'aonfheacht lem' chómhaltaíbh ag caoi mar gheall
ar mo mhaighdeanas.”



D'imthigh sí féin agus a cómhaltaí imeasg na gcnoc,
ar feadh an dá mhí, agus dheineadar an caoi sin. Ansan
tháinig sí thar n-ais agus dhein Iephte léi fé mar a bhí
geallta aige do'n Tighearna a dhéanfadh sé.



Cad a dhein sé léi? Deir cuid de lucht an eóluis
gur chuir sé chun báis í agus gur ídhbir sé í. Deir tuille
de lucht an eóluis gur b'amhlaidh a choisric sé í chun
fanamhaint 'n-a maighdin ar feadh a saoghail. An lucht
adeir san neartuighid siad a n-abairt as an bhfocal
deirineach atá sa Bhíobla 'n-a taobh, .i. “Agus níor chuir
sí aithne ar chéile fir.”



Isé brígh a bhí leis an gcaoi mar gheall ar an maigh-
dineas 'ná so. Bhí geallta do chlainn Israéil go raibh
an Slánuightheóir le teacht agus gur uatha féin a thioc-
fadh sé. D'á bhrígh sin bhí neart do gach mnaoi de sna
mnáibh súil a bheith aici go mb'fhéidir gur ar a sliocht
féin a thiocfadh sé. Cúis bhuartha d'á bhrígh sin ab eadh
d'aon mhnaoi gan sliocht a bheith uirthi. Níor bh'fhéidir
d'inghín Iephte sliocht a bheith uirthi nuair a déanfí í
choisreacan 'n-a maighdin chun Dé. Bhí sí sásta leis
an gcoisreacan ó thug a h-athair an gheallamhaint
do'n Tighearna, ach d'iarr sí an dá mhí chun na buartha
dhéanamh. Do dhein sí féin agus a cómhaltaí an bhuairt.
'N-a dhiaidh san do théidheadh na cómhailtaí céadna amach
ar feadh cheithre lá gach aon bhliain ag déanamh na
buartha céadna. As san do dhein nós de. Thug
inghineacha Israéil mar bhéas dóibh féin an bhuairt sin
do dhéanamh uair sa mbliain as san amach.


L. 292


CXXIII.



SIBBOLET.



Bhí clann Ephraim 'n-a gcómhnuidhe laistiar de'n
Iórdan ar aghaidh tíre Ghalaad siar. Nuair a chonaca-
dar na gníomhartha móra a bhí déanta ag Iephte agus an
mhór chlú a bhí aige mar gheall ortha tháinig eud ortha.
D'eirighdar 'n-a choinnibh agus siúd thar abhainn soir
iad ag cur isteach air.



“Nuair a bhís-se ag cur cogaidh agus cómhraic ar
chlainn Ammoin,” ar siad leis, “cad 'n-a thaobh nár
ghlaodhis orainne agus leogaint dúinn dul sa ghleic sin
i n-aonfheacht leat? Níor dheinis. D'á bhrígh sin
loisgfimíd do thigh ort anois!”



“D'eirigh toirmeasg ana theith,” arsa Iephte, “idir me
a's clann Ammoin agus idir mo dhaoine agus iad féin.
Do ghlaodhas oraibh-se agus d'iarras oraibh teacht agus
cabhrú liom. Níor thánabhair. Ansan b'éigean dom
féin dul agus m'anam a dh'imirt leó. Chuireas cath
agus cogadh ortha agus thug an Tighearna dhom gur
bhuadhas ortha. Cad a dheineas oraibh-se go n-eireóchadh
sibh am' choinnibh ar an gcuma so agus go gcuirfadh
sibh aighneas orm?”



Annsan do chruinnigh sé fir Ghalaad agus chuir sé
cath ar chlainn Ephraim agus bhuaidh sé ortha agus bhí
fíoch agus fearg ag fearaibh Ghalaad chun clainne
Ephraim mar deiridís gur choigríoch iasachta Galaad,
Galaad, a bhí 'n-a chómhnuidhe idir Ephraim agus
Manasse. Dhíoladar as an asachán san. Do buadhadh
ortha go fuilteach. Nuair a cuireadh an teiche ortha
agus iad lastoir de'n Iórdan bhí gach aon iarracht acu
'á dhéanamh ar dhul thar abhainn siar. Bhí fir Ghalaadacha
ag Iephte ar áthaibh na h-abhan. Thagadh an lucht teiche,
'n-a nduine a's 'n-a nduine, chun an phuirt ar an dtaobh
thoir.


L. 293


“Leog thar abhainn siar me,” adeireadh an fear
a thagadh.



“Nách Ephraméach tu?” adeireadh na fir ar an áth.



“Ní h-eadh,” adeireadh seisean.



“Abair ‘sibbolet,’” adeireadh na fir ar an áth.



“Soibbolet,” adeireadh seisean. Thaisbeánadh an
“soibbolet” gur bh'Ephraméach é agus do cuirtí chun
báis é láithreach. Do thuit ar an gcuma san breis
agus dachad míle fear de threibh Ephraim. Deir an
Bíobla go raibh an íde sin tuillte acu, agus gur
dhóbair do'n mhioscais chéadna agus do'n éad chéadna
a chur fhiachaint ortha cogadh do chur ar Ghedeon nuair
a bhí a mhalairt tuillte aige uatha féin agus ó chlainn
Israéil go léir. Bhain Iephte an teasbach díobh agus
an mhórchúis, agus an t-eirighe-anáirde. Do mhair sé
ar feadh sé mblian 'n-a dhiaidh san 'n-a bhreitheamh ar
chlainn Israéil.



Ar feadh rainnt blianta i ndiaidh Iephte tháinig, i
ndiaidh chéile, 'n-a mbreitheamhnaibh ar chlainn Israéil,
Aberan, agus Ahialan, ach ní h-innstear 'n-a dtaobh
aon nídh gur fiú trácht air. Innstear, ámhthach, an
seana sgéal i gcómhnuidhe, .i. gur shleamhnuigh clann
Israéil i leithtaoibh, isteach in sna seana dhroch bhéasaibh,
agus gur leog an Tighearna dhóibh tuitim fé smacht
na bhPhilistíneach ar feadh dachad blian.



Ansan, mar ba ghnáth, nuair a bhí an smacht ró dhian
ortha d'iompuighdar thar n-ais chun an Tighearna agus
thug an Tighearna fuasgaltóir dóibh.



Bhí fear n-ar bh'ainm dó Manue 'n-a chómhnuidhe
i n-áit ar a dtugtí Saraa agus de threibh Dan ab eadh
é. Bhí bean aige ach bhí sí aimrid agus ní raibh clann
acu. Do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin di
agus í n-a suidhe amuich sa pháirc, agus do labhair sé léi.



“Taoi-se aimrid,” ar seisean, “agus ní'l aon
chlann agat, ach ní bheidh tu aimrid feasta. Geóbhfir
gein agus beidh mac agat. D'á bhrígh sin tabhair aire


L. 294


mhaith agus ná h-ól fíon ná aon deoch meisgeamhail
agus ná caith aon bhia neamh-ghlan, óir beidh an mac a
bheidh agat 'n-a Nasaríteach chun Dé ó fhágfidh sé broinn
a mháthar. Ná curtar aon deimheas ar a cheann choidhche.
Isé a dh'fhuasgalóchaidh clann Israéil ó sna Philistínigh.”



Tháinig an bhean ag triall ar a fear agus, “Tháinig
fear Dé chugham,” ar sisi leis, “agus aghaidh air mar a
bheadh ar aingeal, aghaidh ró iongantach. Chuirfadh sé
uathbhás ar dhuine. D'fhiafraigheas de cé r' bh'é féin
agus cár bh'as é, agus cad ab ainm dó, ach níor thoil
leis a dh'innsint dom. Dubhairt sé liom, mar seo,
ámhthach:—



‘Geóbhfir gein agus beidh mac agat. Seachain agus
ná h-ól fíon ná deoch meisgeamhail, agus ná caith aon
bhia neamh-ghlan, mar beidh an mac san 'n-a Nasaríteach
chun Dé ó n-a naoidheanacht agus ó fhágfidh sé broinn
a mháthar go dtí lá a bháis.’”



Bhí iongna agus alltacht ar Mhanue nuair airigh sé
an chainnt sin. Mheas sé gur dhuine shaoghalta an té
a chonaic an bhean agus bhí ana dhúil aige go bhfeicfadh
sé féin é, leis.



CXXIV.



AINGEAL Ó DHIA.



D'iarr Manue ar an dTighearna leogaint dó féin
an fear a dh'fheisgint a chonaic an bhean. “Aithcim ort,
a Thighearna,” ar seisean, “an duine seo ó Dhia a tháinig,
é theacht airís go n-innsidh sé dhúinn cad tá le déanamh
againn i dtaobh an mhic seo a thiocfidh ar an saoghal
chughainn!” Thug an Tighearna a ghuidhe dhó. Bhí an
bhean 'n-a suidhe sa pháirc lá eile 'n-a dhiaidh san,
agus do thaisbeáin an t-aingeal é féin di. Ní raibh
Manue ann. Do rith an bhean chun na h-áite 'n-a raibh


L. 295


sé agus d'innis sí dhó go raibh an fear ann le feisgint
airís. Do ghluais sé léi chun na h-áite 'n-a raibh an
t-aingeal. Chonaic sé, dar leis, an fear áluinn
uasal.



“An tusa a bhí ag cainnt leis an mnaoi?” ar seis-
ean.



“Is me,” arsan t-aingeal.



“Nuair a thiocfidh an mac adeirir atá le teacht cad
is toil leat a dhéanfadh sé, nú cad é an nídh a bheidh le
seachaint aige?” arsa Manue.



“Seachnadh sé na neithe úd adubhart led' mhnaoi. Ná
h-itheadh sé aon nídh a thagan ó fhíon. Ná h-óladh sé
fíon ná aon deoch meisgeamhail agus ná caitheadh sé
bia neamhghlan. Agus deineadh sisi go cruinn na
neithe atá órduighthe agam di.”



“Aithcim ort, a uasail,” assa Manue, “leogaint
dúinn mionán gabhair a dh'ullmhú dhuit.”



“Ní chaithfad an bia,” ar san t-aingeal,” bíodh go
ndéanfá tathant orm, ach má's mian leat ídhbirt a
dhéanamh chun Dé féadfir a dhéanamh.”



Ní raibh aon chuimhneamh ag Manue gur bh'aingeal a
bhí ann, agus d'fhiafraigh sé dhe cad ab ainm dó.
“Tabhair t'ainm dúinn, led' thoil, a uasail,” ar
seisean, “i dtreó, má thagan do rádh chun cinn go
bhféadfimíd onóir a thabhairt duit.”



“Cad ab áil leat dem' ainm?” arsan t-aingeal.



“Nídh iongantach iseadh m'ainm-se.”



Ansan do thug Manue leis mionán ó sna gabhraibh
agus d'ídhbir sé an mionán chun Dé, ar charaig cloiche.
Dhein sé an ídhbirt “chun Dé a dheinean neithe ion-
gantacha.” D'eirigh lasair na h-ídhbirte suas sa
spéir, agus ansan chuaidh an t-aingeal isteach sa lasair
agus d'imthigh sé suas i n-aonfheacht leis an lasair.
Do chaith an bheirt iad féin anuas ar an dtalamh nuair
a chonacadar an méid sin, mar do chuir an radharc san
sgannra ortha.


L. 296


“Taimíd réidh!” arsa Manue leis an mnaoi. “Tá
an bás againn!” ar seisean, “mar do chonacamair
aingeal an Tighearna!”



Bhí sé daingean i n-aigne gach duine, an uair sin, an
té a dh'fhéachfadh ar aingeal an Tighearna ná raibh aon
dul ó'n mbás aige.



“Ní'l baoghal orainn,” arsan bhean, “dá mba chun
sinn a chur chun báis a bheadh an Tighearna ní ghlacfadh
sé an ídhbirt as ár lámhaibh ná ní 'neósfadh sé dhúinn na
neithe seo go léir atá le teacht.



Tháinig an t-am agus bhí mac ag an mnaoi agus do
tugadh Samson mar ainm air, agus d'fhás sé agus
chuir an Tighearna a bheannacht air, agus ní raibh sé ach
seacht mbliana déag nú mar sin nuair a tugadh fé
ndeara, i longphortaibh treibhe Dain, go raibh rath ó
Dhia air agus go raibh lámh Dé leis. Do tugadh fé
ndeara, leis, an neart uathbhásach a bheith ann agus gan
aon mhaoidheamh aige 'á dhéanamh choidhche as an neart
san.



Ins gach níd a bhainean leis na gníomharthaibh a dhein
Samson ní foláir dúinn a chimeád os cómhair ár n-aigne
gur dhuine é a cheap Dia chun na ngníomhartha san do
dhéanamh, agus, i ndéanamh na ngníomhartha san, gur
shamhaltas roimh ré é ar an Slánuightheóir Naomhtha. Bhí
an Slánuightheóir geallta do sna Iúdaígh agus do tugadh
do sna Iúdaígh an fhuasgailt a dhein Samson ar chlainn
Israéil ó sna Philistínigh, mar shamhaltas ar an bhfuas-
gailt a bhí ag an Slánuightheóir le déanamh, abhfad 'n-a
dhiaidh san, ar an gcine daona go léir, ó chomhachtaibh
ifrinn. Cialluighean an focal “Samson” an ghrian,
do réir lucht eóluis.


L. 297


CXXV.



CLEAMHNAS.



Le méid a nirt iseadh bhí ceapaithe ag an dTighearna
go ndéanfadh Samson neart na bhPhilistíneach do
chlaoidhe. Seo mar a stiúruigh an Tighearna é chun a
nirt d'imirt ortha.



D'imthigh sé síos lá chun áite d'ár bh'ainm Tamnata.
Chonaic sé sa n-áit sin óigbhean bhreágh dhathamhail, agus
Philistíneach ab eadh í. Tháinig sé abhaile agus do labhair
sé len' athair agus le n-a mháthair.



“Bhíos thíos i dTamnata,” ar seisean, “agus chonac
ann óigbhean a thaithn go mór liom. Philistíneach iseadh
í ach má 'seadh féin táim 'ghá iarraidh oraibh-se anois
an óigbhean san do ghlacadh agus í thabhairt dom mar
mhnaoi phósta.”



“An amhlaidh,” ar siad san, “ná fuil aon óigbhean
áluinn dhathamhail ameasg na mban óg atá ar do
mhuinntir féin, chun a rádh go n-imtheófá agus go
dtabharfá bean leat amach a lár ár namhad go léir!”



“Ná bídhidh liom,” ar seisean, “ach imthighidh agus
tugaidh chugham í siúd mar mhnaoi phósta.”



Deir an Bíobla nár thuig an t-athair ná an mháthair
gur le leamhnú Dé a bhí an nídh sin ag tuitim amach, chun
ócáide do dhéanamh i gcoinnibh na bhPhilistíneach, mar
bhí clann Israéil fé smacht na bhPhilistíneach an uair sin.
D'imthigh an triúr, Samson agus a athair agus a mháthair,
síos go Tamnata chun an chleamhnais a dhéanamh.
Thánadar go dtí áit 'n-a raibh fíonghuirt, lasmuich
de'n chathair. Bhí Samson deighilte ó'n mbeirt eile,
rómpa amach nú tamal beag ar deire. D'eirigh
preabaire de león óg chuighe agus thug sé aghaidh air
chun a mharbhuighthe. Do léim Samson chuige agus do
rug sé air agus do strac sé as a chéile é mar a strac-
fadh sé mionán gabhair, agus gan d'arm aige chuige ach


L. 298


a dhá láimh! Dhein sé an gníomh chómh tapaidh sin, gan
aon fhothram, nár thug an t-athair ná an mháthair fé
ndeara é. Ní dubhairt sé focal leó mar gheall air.
D'imthighdar leó síos agus chonaic sé an óigbhean agus
do socaruigheadh ar an gcleamhnas.



Rainnt aimsire 'n-a dhiaidh san chuaidh sé féin
agus an t-athair agus an mháthair síos airís, chun na
h-oibre do chríochnú agus chun na mná thabhairt, leó
abhaile. Nuair a bhíodar ag gabháil thar an áit 'n-ar
mhairbh Samson an león do shleamhnuigh sé i leithtaoibh
uatha chun go bhfeicfadh sé an corp agus chonaic sé rud
a chuir iongna air. Bhí satha beach tar éis teacht agus
iad féin do shocarú, istigh i mbéal an leóin mhairbh
agus tar éis criathar breágh mór meala dhéanamh istigh
ann. Thóg sé cuid de'n mhil agus chrom sé ar í dh'ithe.
Tháinig sé suas leis an mbeirt, len' athair agus le n-a
mháthair, agus shín sé chucha cuid de'n mhil agus chromadar
ar í chaitheamh, ach níor innis sé dhóibh gur amach a' béal
an leóin mhairbh a tháinig sí.



Do críochnuigheadh an cleamhnas agus do h-ullmhuigh-
eadh bainis go fial agus go fairsing, do réir nós na
h-aimsire. Nuair a chonaic muinntir na h-áite
Samson thugadar dó, chun iad a bheith aige mar chualacht,
deichneabhar ar fhichid saighdiúirí. Do labhair Samson
leis an ndeichneabhar ar fhichid:—



“Tabarfad ceist daoibh le réidhteach,” ar seisean,
“agus má réidhtighean sibh an cheist sar a mbeidh seacht
lá na bainise seo caithte againn tabharfad deich cinn
fhichead de bhrataibh agus de chasógaibh daoibh-se; ach má
theipean oraibh, caithfidh sibh-se deich cinn fhichead de
bhrataibh agus de chasógaibh a thabhairt domh-sa.”



“Tá go maith,” ar siadsan. “Sgaoil chughainn do
cheist go n-airighmíd í.”



“Sidí an cheist,” ar seisean:—



“Amach as an itheadóir a tháinig bia, agus amach as
an láidir a tháinig mísleacht.”


L. 299


Chromadar ar mhachthnamh agus ar mhachtnamh agus
theip ortha an cheist do réidhteach ná aon phioc de bhrígh
na ceiste do thuisgint. Bhí an seachtmhadh lá ag teacht
agus an cheist gan réidhteach. Thánadar ag triall ar
an mnaoi óig nuaphósta agus do labhradar léi.



“Labhair-se le Samson,” ar siad, “agus bí ag
tathant air agus 'ghá mhealladh, go dtí go meallfir
uaidh brígh agus réidhteach na ceiste agus ansan innis
dúinn an réidhteach. Dein an méid sin dúinn nú
mara ndeinir loisgfimíd-ne do thigh agus tigh t-athar
agus loisgfimíd thu féin. An chun sinn do lomadh
a thugabhair anso sinn chun na bainise seo?”



Dhein sí rud ortha. Chrom sí ar thathant agus ar
mhealladh agus ar dheóraibh do shile go fuigheach 'ghá
iarraidh ar Shamson réidhteach na ceiste thabhairt di.
Fé dheire do thug.



D'imthigh sí láithreach agus d'innis sí do'n mhuinntir
eile an réidhteach.



CXXVI.



CNÁMH CORÁIN.



Bhí réidhteach na ceiste acu ansan agus bhíodar
sásta. An seachtmhadh lá, roimh dhul gréine féi,
thánadar ag triall ar Shamson. “Tá réidhteach do
cheiste againn,” ar siad.



“Cad is misle 'ná mil,” ar siad, “agus cad is
treise 'ná león?”



“Mara mbeadh gur dheineabhair an feall,” ar seisean,
“agus go bhfuarabhair an réidhteach óm' mhnaoi ní fhéad-
fadh sibh an cheist do réidhteach.”



Deir an Bíobla go dtáinig spirid an Tighearna
isteach ann agus gur ghluais sé síor go h-Ascalon
agus gur mhairbh sé deich feara fichead d'fhearaibh na


L. 300


h-áite sin agus gur bhain sé dhíobh a mbrata agus a
gcasóga agus gur thug sé na brait agus na casóga
san do sna fearaibh a réidhtigh an cheist. Ansan d'im-
thigh sé isteach i dtigh a athar agus d'fhan sé ann agus
árd fhearg air, agus d'imthigh an bhean go tigh a h-athar
féin agus ní fada a bhí sí ann nuair a tugadh le pósadh
í do dhuine eile, do dhuine de sna comrádaidhthibh úd
a bhí ag Samson.



Tar éis rainnt aimsire, nuair a chuaidh d'á fheirg
beagán, tháinig Samson go tigh athar a chéile, ag cur
tuairisge a mhná, agus mionán gabhair aige, as a threud,
chun é thabhairt di. Nuair adubhairt sé gur theastuigh
uaidh labhairt léi do choisg an t-athair é agus dubhairt
sé:—



“Mheasas ná tiocfá 'n-a goire a thuille; go raibh
fuath tabhartha agat di mar gheall ar an bhfeall a dein-
eadh ort, agus thugas d'fhear eile í. Tá inghean eile
agam, ámhthach, agus tá sí níos breághtha 'ná an inghean
a phósais-se agus tabharfad duit í le pósadh i n-inead
na h-inghíne a thugas dod' charaid.”



“Ó'n lá so amach,” arsa Samson, “ní bheidh aon
locht le fághail orm-sa i dtaobh a ndéanfad i gcoinnibh
na bhPhilistíneach, agus déanfad mórán uilc oraibh.”



D'imthigh sé ansan agus do rug sé ar trí chéad sionach,
cheangail sé a n-eirbail d'á chéile agus chuir sé tóirse
ar lasadh idir gach aon dá eirbal díobh agus do sgaoil
sé amach iad agus do ritheadar anonn 's anall tríd
an arbhar a bhí ag na Philistíneachaibh. Sa bhfóghmhar ab
eadh é agus bhí an t-arbhar aibidh agus cuid de bainte,
cruachta. Do ghlac an t-arbhar a bhí gan baint teine
láithreach agus do loisgeadh ar an dtalamh é. Do
ghlac an t-arbhar a bhí cruachta teine ó'n arbhar a bhí
gan baint agus do loisgeadh é. Do ghluais an trí
chéad sionach tré sna fíonghortaibh, leis, agus do
loisgeadh iad, agus do loisgeadh na crainn ola, i
dtreó gur creachadh na Philistínigh.


L. 301


Nuair a chonaic na Philistínigh an léirsgrios a bhí
déanta chromadar ar a fhiafraighe cé dhein é. Do
h-innseadh dóibh gur bh'é Samson a dhein é, mar gheall
ar an eugcóir a deineadh air nuair a tugadh a bhean
phósta d'fhear eile. Nuair airigh na Philistínigh an
méid sin d'imthighdar chun an tighe agus do loisgeadar
an t-athair agus an bean i n-aonfheacht, mar gheall ar
an eugcóir a deineadh ar Shamson. Bhí an t-eagla
acu roimh Shamson mar gheall ar an neart uathbhásach
a bhí ann agus cheapadar go sásóchadh an losgadh san é
agus go mb'fhéidir ná déanfadh sé a thuille díobhála
ortha. Chonaic sé iad ag losgadh na beirte, an t-athair
agus an inghean, agus do labhair sé leó:—



“Tá an méid sin déanta agaibh,” ar seisean, “ach
ní dhéanfidh sé an gnó dhaoibh. Déanfad-sa tuille
díoltais oraibh agus ansan fanfad socair.”



Ansan do léim sé chucha, díreach mar a léim sé chun
an leóin úd, agus dhein a leithéid d'éirleach ortha go
raibh an méid d'fhág sé beó dhíobh as a meabhair, geall
leis, le sgannra agus le h-uathbhás. Nuair a bhí an
t-éirleach san déanta aige ortha d'imthigh sé uatha síos
go dtí caraig a bhí ann ar a dtugtí Etam. Bhí pluais
sa charaig sin agus chuaidh sé isteach sa phluais sin agus
d'fhan sé ansan.



Nuair a chuir na Philistínigh díobh an sgannra do
chruinnighdar mór shluagh agus thánadar agus dheineadar
longphort i n-áit ar ar tugadh “Leichi” mar ainm 'n-a
dhiaidh san. Cialluighean an focal “Leichi” “cnámh
coráin.” Bhíodar arsan agus a slóighte 'ghá leathadh
féin ar fuaid na tíre. Ba le treibh Iúda an tír.
Tháinig cuid de mhuinntir na tíre chun an longphuirt
agus d'fhiafraighdar cad chuige an mhór shluagh.



“Chun Samsoin do ghabháil agus do bhreith linn a
thánamair,” ar siad san, “chun díoltais a dhéanamh
air mar gheall ar a bhfuil déanta aige orainn.”


L. 302


CXXVII.



CIALL CHEANNAIGH.



Nuair airigh muinntir treibhe Iúda an focal adubhairt
na Philistínigh, .i. gur chun Samsoin a ghabháil do thánadar
líon a slógh, bhí buairt ar threibh Iúda. Bhí eagla ortha
go n-agaróchadh na Philistínigh ortha féin gníomhartha
Shamsoin. Chuaidh trí mhíle fear acu síos chun na car-
aige, mar a raibh Samson istigh sa phluais.



“An bhfuil fhios agat,” ar siad leis, “cad tá ór-
duighthe ag na Philistínigh dúinn a dhéanamh? Cad
chuige dhuit a leithéid de léirsgrios a dhéanamh ortha?”



“Níor dheineas ortha,” ar seisean, “ach mar a dhein-
eadar orm.”



“Isé rud a thug anso sinne anois 'ná chun tusa
cheangal agus tu thabhairt suas ceangailte dhóibh,” ar
siad san.



“Ca bh'fhios dom,” ar seisean, “ná go marbhóchaidh
sibh me má leogaim díbh mé cheangal?”



“Ní mharbhóchaimíd,” ar siad san. “Ní dhéanfimíd
ach tú cheangal agus tú thabhairt suas dóibh ceangailte.”



“Deinidh a dhearbhú i láthair Dé,” ar seisean, “ná
marbhóchaidh sibh me nuair a bhead ceangailte agaibh.”



Dheineadar an dearbhú. Ansan do leog sé dhóibh
é cheangal. Dheineadar an ceangal le téadaibh nua
a bhí chómh ríghin, chómh láidir, chómh téagartha san ná
féadfadh an león ba threise ar an gcnoc, dá mbeadh
neart seacht león ann, iad do bhrise. Thógadar leó
ar an gcuma san é go dtí an áit 'n-a raibh na Philistínigh
cruinnighthe ag feitheamh le n-a theacht. Nuair a chonaca-
dar chucha fir Iúda agus Samson acu, agus é gabhtha
go daingean chuireadar uaill liúirighe suas 'á thais-
beáint cad é an t-áthas a bhí ortha. Níor lean an
t-áthas abhfad. Ba ghearr go raibh an liúreach iom-
puighthe chun “na mílte ologón” acu. An túisge 'n-a


L. 303


raibh Samson ós a gcómhair tháinig spirid an Tighearna
isteach ann. Do chroth sé é féin. Do strac sé na
ceangalacha as a chéile díreach mar a thuitfadh snáth as
a chéile sa teine. Bhí na Philistínigh ag liúirigh agus
ag rith chuige chun beirtha air. Do thárla cnámh coráin
asail a bheith ar an dtalamh ós a chómhair. Do rug sé
ar an gcnámh agus siúd chun na bhPhilistíneach é. Do
rith sé tríotha anonn 's anall 'á marbhú leis an gcnámh
go dtí go raibh míle fear acu sínte marbh aige. Do
theich an chuid eile as a radharc. Ansan dubhairt sé
na focail:—



“Cad é mar éirleach
Ar mhíle tréan fhear
Gan chun a dhéanta
Ach cnámh an asail!”



Do chan sé na focail sin agus ansan do chaith sé an
cnámh uaidh ar an dtalamh agus thug sé “Ramat Leichi”
mar ainm ar an áit, agus cialluighean an ainm sin
“tógaint an choráin.” Ansan tháinig tart ana mhór
air, tart marbhuightheach. Bhí an tart chómh dian san
air gur ghlaoidh sé ar an dTighearna.



“A Thighearna,” ar seisean, “tá an fhuasgailt mhór
so agus an buadh oirdheirc seo tabhartha agat domh-sa
indiu, ach feuch marbhóchaidh an tart so me agus beidh
mo chorp i lámhaibh mo namhad!” Ansan do dhein an
Tighearna mírbhúilt mhór eile. D'osgail an Tighearna
ceann de sna fiacalaibh a bhí i gcorán an asail agus do
rith sruth uisge amach as an osgailt. Chuir Samson a
bhéal ar an osgailt agus d'ól sé a dhóithin de'n uisge
agus tháinig a neart agus a mhisneach dó, agus do
tugadh mar ainm ar an áit sin “an tobar a guidheadh
as an gcorán,” agus do lean an ainm sin ar an áit.
Agus bhí Samson 'n-a bhreitheamh ar chlainn Israéil ar
feadh fiche blian, i n-aimsir na bhPhilistíneach. Deir
lucht eóluis go ndeineadh sé cúiseana na bhPhilistíneach


L. 304


a bhreithniú chómh maith le cúiseanaibh chlainne Israéil.
Thuigidís go dtugadh sé fíor bhreith, bíodh ná raibh aon
ghrádh acu dhó. Thuigidís, leis, gur bh'fhearr bheith cneas-
ta leis an nduine úd a mhairbh an míle fear tréan,
armtha, oilte ar gach arm faobhair, agus gan d'arm
aige chucha ach cnámh an asail. B'fhearr leogaint dó
an fhaid a leogfadh sé dhóibh. Bhí smacht acu ar chlainn
Israéil, ach má bhí féin, do thuigeadar go dian mhaith go
mbeadh sé contabharthach dóibh an smacht d'oibriú ró dhian.
Thuigeadar gur bhaoghal go gcuirfadh annsmacht fearg
ar an bhfear láidir úd, agus ansan gur neithe gan mhaith
claidheamh agus sgiath 'n-a choinnibh bíodh ná beadh 'n-a
láimh aige ach corán asail. Bhí a rian air, bhí suaineas,
maith go leór, ag clainn Israéil an fhaid a bhí sé beó
acu.



CXXVIII.



DALÍLA.



Tráth éigin i gcaitheamh na h-aimsire 'n-a raibh sé
'n-a bhreitheamh ar chlainn Israéil chuaidh Samson isteach
i gcathair Ghása. B'í sin príomh chathair na bhPhilistíneach
agus cathair ana dhaingean ana láidir ab eadh í agus bhí,
nídh nách iongna, geataí móra, láidire, troma 'ghá dhúnadh,
geataí ná féadfadh namhaid a bhrise gan a lán nirt.
Chuaidh Samson isteach sa chathair sin chun gnótha éigin
a dhéanamh ann, gnó éigin, b'fhéidir, a bhain le dualgas
breithimh, mar bhí sé 'n-a bhreitheamh os cionn na bhPhilis-
tíneach agus os cionn chlainne Israéil i n-aonfheacht,
mar a dubhradh cheana. Nuair a bhí a ghnó déanta aige
bhí an oidhche ann agus chuaidh sé isteach i dtigh ósta chun
na h-oidhche chaitheamh ann agus dul abhaile ar maidin.
Chonaic na Philistínigh é ag dul isteach sa tigh ósta.
Chruinnighdar tímpal ar an dtigh agus dubhradar le
n-a chéile, “Baileóchaimíd 'n-a thímpal ar maidin


L. 305


nuair a bheidh sé ag teacht amach agus marbhóchaimíd
é!” Bhí gárdaí fear acu ar na geataíbh.



Do chodail Samson tosach na h-oidhche. Bhí a dhóithin
codalta aige nuair a bhí an meadhon oidhche ann. D'eirigh
sé agus bhuail sé amach chun dul abhaile. Ní raibh aon
choinne ag an muinntir a bhí ag faire air go dtiocfadh
sé amach chómh luath. Níor leog sgannra dhóibh dul
'n-a ghoire. Bhuail sé thórsa. Thug sé aghaidh ar an
ngeata ba ghiorra dhó. Bhí na gárdaí ar an ngeata
ac níor leog sgannra dhóibh baint leis. Bhí cuimhne ró
mhait acu ar chnámh an asail. B'fhéidir gur mheasadar
go stadfadh an geata mór láidir daingean é agus go
rithfadh congnamh chucha ó sna buidhnibh eile a bhí ag
déanamh na faire. Níor thug sé uain d'aon chongnamh
ar theacht. Dhein sé ar an ngeata. Do rug sé ar an
dá chomhlainn mhóra throma. Do strac sé ó'n dtalamh
iad féin agus na pollaí ar a rabhadar ar crochadh agus
na bolltaí a bhí 'á gcimeád dúnta daingean. Do
bhuail sé chuige, anáirde ar a ghuailnibh, idir chómhlannaibh
agus pollaí agus bolltaí, agus d'árduigh sé leis iad
as an áit agus d'fhág sé an tslighe isteach sa chathair ar
dian leathadh. Do rug sé leis na geataí go dtí bara
cnuic a bhí tamal ó'n áit agus chaith sé uaidh ar mhullach
an chnuic iad. Thug san le tuisgint do'n mhuinntir
a bhí ag faire air, ag brath air go bhféadfidís é mharbhú
istigh sa chathair ó bhí na geathaí dúnta acu air, gur mhaith
an bhail ortha nár fhan sé le h-eirighe an lae, dá bhfanadh
do thabharfidís féi agus ba ró bhaoghal ná fágfadh sé
puinn acu beó 'n-a dhiaidh sa chathair. Ní h-innstear
gur thugadar aon iarracht eile féi i gcaitheamh an fhichid
blian.



Do thárla, i ndeire na h-aimsire sin gur thug sé
grádh do mhnaoi éigin gur bh'ainm di Dalíla, agus
gur phós sé í. Tháinig uaisle na bhPhilistíneach ag
triall ar an mnaoi. Is dócha go raibh fhios acu an
feall a beith innti. Do labhradar léi.


L. 306


“Dein-se a mhealladh ó Shamson,” ar siad, “cad
ann go luighean an neart uathbhásach atá aige. Dá
mbeadh fhios againn cad as go bhfaghan sé an neart
atá ann b'fhéidir go bhféadfimís adhbhar an nirt do
bhaint de agus ansan ná beadh ann ach mar aon fhear,
agus go bhféadfimís é ghabháil agus é bhreith linn agus
díoltas a dhéanamh air mar gheall ar a bhfuil d'olc
déanta riamh aige orainn. Má dheinean tusa an
rud so atá againn 'á iarraidh ort agus má gheibhmhíd an
lámh uachtair air tríd an eólus a thabharfir dúinn
tabharfimíd do thuarastal go maith dhuit. Tabharfidh
gach duine againn céad agus fiche sichil airgid duit.”



Do chrom sí as san amach ar bheith 'ghá leogaint uirthi
le Samson go raibh ana ghrádh aici dhó. Ansan do
chrom sí ar bheith ghá iarraidh air a dh'innsint di cad as
go raibh an neart go léir aige. Bhí fhios aici nár
bh'fhéidir a leithéid de neart a bheith i n-aon duine do
réir nádúra, agus do lean sí ag tathant air rún a nirt
do thabhairt di. Fé dheire shocaruigh sé ar a leogaint
air go raibh an rún aige 'á thabhairt di.



“Ní féidir mo neart do chlaoidhe,” ar seisean, “ach
le h-aon nídh amháin. 'Neósfad duit cad é an nídh é
sin ach go ngeallfir gan é dh'innsint d'aoinne beó.”



CXXIX.



MEALLADH.



“Ó,” ar sisi, “cad a bhéarfadh go 'neósfinn d'aoinne
beó é! Níl aon iontaoibh agat asam ná aon ghrádh
agat dom! Dá mbeadh ní déarfá an chainnt sin
liom. Dá mbeadh grádh agat dom mar atá agam-sa
dhuit-se bheadh fhios agat go maith nár bhaoghal ná go
ndéanfinn rún pé rud a 'neósfá dhom.”



“Tá go maith,” ar seisean, “Dá gceangaltí mise


L. 307


le téid a déanfí de lúithreachaibh nár thriomuigh fós,
agus seacht cinn acu bheith i ndéanamh na téide, ní bheadh
de neart ionam chun na téide sin do bhrise ach mar
bheadh i n-aon fhear eile.”



Bhí sí lán tsásta ansan. Chómh luath agus fuair
sí an chaoi air do chuir sí sgéala chun na bhPhilistíneach
agus d'innis sí an rún dóibh agus dubhairt sí leó an
téad san do dhéanamh agus do thabhairt ag triall uirthi.
Dheineadar. Ansan chuir sí i bhfolach iad i seómra
éigin de'n tigh agus d'fhan sí go dtí go raibh Samson
'n-a chodladh. Nuair a bhí sé 'n-a chodladh go sámh do
cheangail sí féin é leis an dtéid, go daingean, dar léi.
Nuair a bhí sé ceangailte aici tháinig sí os cionn a chinn
agus chuir sí liú aisti:—



“A Shamsoin!” ar sisi, “chughat na Philistínigh!”



Do léim sé as a chodladh agus bhí an téad 'n-a gár-
téiríbh láithreach ar sile leis. D'fhan na Philistínigh i
bhfolach. Ní raibh fhios ag Samson iad a bheith ann i
n-aon chor. D'á bhrígh sin ní raibh fhios aige go raibh
aon rud déanta ag an mnaoi ach blúire beag spóirt,
chun a dhéanamh amach ar innis sé an fhírinne dhi i dtaobh
na téide.



Nuair a chonaic sí an téad 'n-a giobulaibh chrom sí
ar ghol. “Ní'l aon ghrádh agat domh-sa,” ar sisi, “dá
mbeadh ní bheifá ag magadh fúm ar an gcuma so 'ghá
leogaint ort go raibh rún do nirt agat dh'á thabhairt
dom agus gan agat dh'á innsint dom ach éitheach!”
Chomáin sí léi ar an gcuma san ag cainnt agus ag
gol go dtí gur bhuail sé uaithi amach. Ní raibh aon
choinne aige go raibh a namhaid istigh aici i bhfolach.
Chómh luath agus tháinig an oidhche d'euluighdar amach
agus chuadar abhaile agus iad go diombádhach díobh
féin, agus d'isi mar gheall ar iad do thabhairt ann i
n-aistear.



Ní bhfuair a fear aon bhlúire suainis uaithi as san
amach ach í gach 'ré dturus ag gol agus ag tathant,


L. 308


'ghá iarraidh air, ó dhein sé an bhréag a dh'innsint di an
chéad uair, go ndéanfadh sé leórghníomh agus go 'neós-
fadh sé an fhírinne dhi an tarna h-iarracht. “Ní mhair-
fadh sí beó, ní fhéadfadh sí an oidhche chodladh; bhí a
goile ag imtheacht uaithi; b'é fear ba chruaidh é d'á raibh
ag mnaoi riamh, a rádh ná tabharfadh sé an rún san di
agus í i n-a leithéid de chás le buairt aigne mar gheall
air!”



“Is dócha go bhfuil sé chómh maith agam é dh'innsint
duit,” ar seisean. “Sid é an rún,” ar seisean.
“Dá gceangaltí me le téidibh nua nár ceangaladh
aon rud eile riamh leó ní bheadh de neart ionam chun
iad a bhrise ach mar aon fhear eile.”



Do leog sí uirthi bheith sásta leis an méid sin. Do
sgaoil sí rainnt bheag aimsire tháirse go dtí go raibh an
sgéal imtighthe as a cheann. Ansan chuir sí fios, a gan
fhios, ar na Philistínigh. Thánadar agus chuir sí i bhfolach
iad, fé mar a dhein sí an chéad uair. Fuair sí 'n-a
chodladh Samson, go sámh. Cheangail sí go daingean
é leis na téidibh nua. Ansan, nuair a bhí sé
ceangailte aici, tháinig sí os cionn a chinn agus do
liúigh sí chómh h-árd agus d'fhéad sí é:—



“Chughat na Philistínigh, a Shamsoin,” ar sisi. Do
léim sé as a chodladh agus leis an léim sin dhein sé
mion ghiobail de sna téidibh nua! Siúd ag gol airís
í, ag gol h-árd agus ag greadadh a dhá bas i gcoinnibh
a chéile.



“Ochón!” ar sisi, “ní'l aon bhean beó is mó de
thruagh 'ná mise. Ní'l aon ghrádh i n-aon chor agam'
fhear dom tar éis a bhfuil de ghrádh agam-sa 'á thabhairt
dó!”



Chomáin sí léi ar an gcuma san, ach gur dhein sí an
gearán agus an truaghbhéil níba ghéire go mór 'ná mar
a dhein sí an chéad uair.


L. 309


CXXX.



SAMSON GAN RADHARC.



Bhí sí ag gearán agus ag gol agus ag tathant go
dtí go ndubhairt sé léi, fé dheire:—



“Dá dtiocfí ar na seacht ndlaoithe gruaige seo ar
mo cheann agus iad d'fhighe le lása agus ansan iad do
cheangal ar tharainge agus an tarainge sin do chomáint
sa talamh bheinn-se gan neart ach mar aon fhear eile.”



D'fhan sí airís go raibh sé 'n-a chodladh agus nuair
a bhí sé 'n-a chodladh tháinig sí ar na seacht ndlaoithe
gruaige a bhí ar a cheann agus dhein sí iad d'fhighe leis
an lása agus iad do cheangal ar an dtarainge agus
an tarainge chomáint sa talamh. Ansan do sheasamh
sí os cionn a chinn agus chuir sí an liú aisti mar ba
ghnáth:—



Chughat na Philistínigh, a Shamsoin!” ar sisi. Do
léim sé as a chodladh agus do strac sé an tarainge
as an dtalamh. Bhí na Philistínigh i bhfolach ach ní baoghal
gur thaisbeánadar iad féin. Nuair tháinig an oidhche
d'imthighdar abhaile agus dubhradar le Dalíla ná
tiocfidís a thuille; ná raibh sí ach ag magadh fútha.



Ach má dhein Dalíla gol agus truaghbhéil agus tathant
agus plámás roimis sin níor bhfiú biorán agus ar
dhein sí seachas an méid a dhein sí 'n-a dhiaidh san de
ghol agus de ghearán agus de thormas agus de pheatuíal,
do ló agus d'oidhche, i dtreó go raibh an fear bocht as
a mheabhair aici, nú geall leis, agus gur bheag ná
gur chuma leis cad a bhí le h-imtheacht air, agus gur
sgaoil sé chúichi an rún.



“Tá sé chómh maith agam é sgaoile chughat,” ar seisean.
“Ó rugadh me,” ar seisean, “níor bhain deimheas lem'
cheann. Níor bearradh mo ghruaig riamh mar is
Nasaríteach chun Dé me. Dá mbearrfí an ghruaig dem'


L. 310


cheann bheadh mo neart imthighthe. Siné an sgéal go
léir agat anois.”



Thuig sí 'n-a h-aigne go raibh fírinne an sgéil aici
fé dheire. Chrom sí ar mhéid a grádha do thaisbeáint
dó láithreach. Chuireadh sí fhiachaint air luighe ar a
h-aghaidh amach agus a cheann do chur 'n-a h-ucht go
dtí go dtuiteadh a chodladh air. Thug sí aigne shuain-
easach dó fé dheire agus bhí áthas air.



Chómh luath agus fuair sí caoi gan chontabhairt air
chomáin sí an teachtaireacht ag triall ar na Philistínigh,
ghá rádh leó teacht aon turus amháin eile agus nár
bhaoghal go mbeadh a gcuaird i n-aistear an uair sin.
Thánadar agus thugadar leó an t-airgead. Chuir
sí i bhfolach iad mar ba ghnáth. Ansan do mheall sí
chúichi a fear agus chuir sí 'n-a luighe é ar a h-aghaidh
amach agus chuir sí a cheann isteach 'n-a h-ucht chúichi.
Thuit a chodladh air agus a cheann 'n-a h-ucht aici dhó.
Tharraig sí chúiche deimheas a bhí ullamh aici agus do
bhearr sí an uile ribe de'n ghruaig anuas d'á cheann.
Nuair a bhí an méid sin déanta aici do chaith sí a cheann
as a h-ucht uaithi agus:—



“Chughat na Philistínigh, a Shamsoin!” ar sisi. Do
léim sé as a chodladh. Do chroth sé é féin. Do rithea-
dar-san chuige, ámhthach, agus má ritheadar níor fhéad
sé aon díobháil a dhéanamh dóibh. Bhí an neart imthighthe.
Do rugadar air agus cheangaladar é, agus bhaineadar
an dá shúil amach as a cheann agus do rugadar leó é
'n-a phríosúnach go cathair Ghása. Níor bhaineadar
an t-anam as láithreach. Chimeádadar é chun bheith ag
cur pionóis air mar gheall ar a raibh d'olc déanta
riamh aige ortha. Cheangaladar istigh i bpríosún é le
slabhra agus chuireadar ag casadh muilleann é, ag
meilt arbhair dóibh.



Níor bh'fhada go raibh an ghruaig ag fás airís ar a
cheann agus a neart ag teacht dó thar n-ais. Ach bhí
sé gan radharc agus ní raibh aon mhaith sa neart an uair


L. 311


sin, i gcoinnibh a namhad. Dar leis an namhaid bhí
maitheas mór dóibh sin sa neart a bhí ag teacht dó mar
d'á mhéid an neart a bheadh ann ab eadh b'fhearr a dhéan-
fadh sé an obair.



CXXXI.



SAMSON SÍNTE MARBH.



Bhí áthas ana mhór ar na Philistínigh nuair a chonacadar
an neart ag teacht airís do Shamson agus nuair a
thuigeadar go raibh an fear agus an neart fé n-a smacht
féin, toisg an fear a bheith gan radharc. Thuigeadar
go bhféadfidís aon úsáid ba mhaith leó a dhéanamh de'n
neart san. Dágon ab ainm do'n dia fallsa a bhí acu
dh'á adhradh. Bhí halla breágh mór fairsing acu i n-onóir
do Dhágon, agus é déanta i dtreó go raibh an tigh go
léir, idir bhuaic agus fallaí mórthímpal, dh'á chimeád
'n-a sheasamh le dhá pholla mhóra árda théagartha, a bhí
'n-a seasamh istigh i lár an tighe. Bhí an halla chómh
mór chómh leathan san go raib slighe ann d'á raibh de mhór
uaislibh ar na Philistíneachaibh, agus de mhion uaislibh
chómh maith. Do cuireadh fógradh amach 'á iarraidh ar na
daoine go léir teacht go cathair Ghása go bhfeicfidís
na gníomhartha iongantacha a dhéanfadh Samson i láthair
an phobuil. Thuigeadar go bhfeicfidís a neart ach nár
bhaoghal dóibh an neart mar go raibh an fear gan radharc.
Thánadar 'n-a slóightibh agus bhí an tigh mór lán. Deir
na tuairisgí atá againn ortha go raibh trí mhíle duine
mórthímpal thuas ar bhara an tighe mar a raibh suidhe-
acháin socair dóibh mar a chítear i gcircur anois. Thuas
ansan iseadh bhí an phoiblidheacht. Ach bhí suidheacháin eile
thíos ar an úrlár mórthímpal agus deir na tuairisgí
gur thíos ansan a bhí na h-uaisle go léir, na h-uaisle
móra agus na mion uaisle, agus go raibh cheithre oiread,


L. 312


chúig oiread, daoine ann agus bhí thuas. Bhíodar go
léir lán d'áthas agus de mhórtais agus de mhóráil
agus de mhaoidheamh, agus iad ag breith bhuidheachais
le Dágon, an dia a bhí acu, mar gheall ar an dtairbhthe
a dhein sé dhóibh nuair a thug sé fé n-a smacht an fear
láidir sin a bhí tar éis oiread acu do mharbhú agus
oiread de gach aon tsaghas eile díobhála dhéanamh
dóibh.



Do deineadh ídhbirt chun Dágoin agus ansan do
deineadh ithe agus ól agus spórt agus aoibhneas.
Ansan do h-órduigheadh Samson do thabhairt chucha
amach as an muillean chun go ndéanfadh sé rainnt
spóirt dóibh. Do tugadh amach é. Deirtear gur
cuireadh rudaí móra troma roimis, rudaí ná féadfadh
fathach iad d'aistriú, agus gur chaith sé i leithtaoibh
iad mar a chaithfadh duine méaróg cloiche. Deirtear
go mbíodh cuid acu ag sleamhnú chuige isteach agus 'á
bhualadh sa n-aghaidh, nú i n-áit na súl, agus nuair a
thugadh sé iarracht ar iad do bhualadh agus ná féadadh sé
é toisg gan na súile bheith aige, go mbíodh na daoine
go léir thíos agus shuas ag cur an anama amach ag
gáirí uime. Do lean an obair ar an gcuma san ar
feadh rainnt aimsire. Bhí giolla i n'aice, ghá stiúrú
chun na neithe a bhí ceapaithe dhó a dhéanamh. Thug sé
cogar do'n ghiolla:—



“Tá tuirse orm, a ghiolla,” ar seisean, “beir
anonn me agus leog dom mo ghuala do chur le ceann
de sna pollaíbh móra ar feadh tamail.



Do rug an giolla anonn é chun na bpollaí móra.
Do leog sé a ghuala i gcoinnibh pholla acu. Ansan
chuaidh osna ó n-a chroidhe suas chun Dé.



“A Thighearna Dia,” ar seisean, “feuch anuas orm
anois agus fóir me! Tabhair dom aon iarracht amháin
de'n neart a bhí ar dtúis agam uait-se agus imireóchad
do dhíoltas ar an sloigisg seo a bhain díom solus mo
dhá shúl!” Do mhothuigh sé gur fhreagair Dia a ghuidhe.


L. 313


Chuir sé a lámh dheas ar cheann de sna pollaíbh agus an
lámh chlé ar an gceann eile agus d'oibrigh sé a lán neart.
Siúd gach polla dhíobh as a inead agus sar a raibh fhios
ag aoinne cad a bhí déanta siúd ag tuitim an tigh go
léir agus na saileacha móra ag cnagarnaigh mar a
bheadh tóirthneach agus siúd aon sgread choimhtheach
mheilteach amháin as an mór shluagh daoine, agus ansan
iad go léir brúighte basgaithe, marbh, fé adhmad agus
fé fhallaíbh an tighe mhóir a bhí ar lár i n-a bhrúsgar!
Bhí an dá pholla sínte ar an úrlár, fé'n mbrúsgar,
agus bhí Samson sínte marbh fútha.



CXXXII.



NÓÉMÍ.



Tháinig a mhuinntir féin agus do rugadar leó corp
Shamsoin agus d'adhlacadar é i n-uaigh a athar, tar éis
é bheith 'n-a bhreitheamh ar Israél ar feadh fiche blian.
Agus nuair a cómhairigheadh na cuirp a bhí fé
bhrúsgar an tighe mhóir do conacthas gur mhairbh
Samson, an lá a leag sé an tigh sin ortha, níba mhó go
mór de sna Philistínigh 'ná mar a mhairbh sé dhíobh i
gcaitheamh a shaoghail roimis sin. Agus rud ba mheasa
'ná san féin, níor fhág leagadh an tighe mhóir aoinne de
sna h-uaislibh beó. D'á bhrígh sin níor fágadh aon
stiúrthóir, aon cheann uraid ar an bpobul, chun a
thaisbeáint dóibh cad ba cheart a dhéanamh i gcoinnibh
chlainne Israéil. Bhí a rian air, nuair a tháinig clann
Israéil chun an chuirp a bhreith leó níor chuir aoinne 'n-a
gcoinnibh. Bhí a mhalairt de chúram ortha go léir ag
feuchaint i ndiaidh na gcorp a bhain leó féin. Dhein
an lá san a leithéid de dhísgiú ar a n-uaislibh, idir
mhór uaislibh agus mion uaisle, gur chuireadar fiche


L. 314


blian díobh sar a raibh aon duine acu, uasal ná íseal,
a dh'fhéadfadh aon stiúrú poibilidhe a dhéanamh ar an
náisiún.



Tuigid na h-aithreacha naomhtha gur shamhaltas roim
ré ar ár Slánuightheóir gur bh'eadh Samson, agus gur
shamhaltas roim ré ar bhás ár Slánuightheóra gur bh'eadh
bás Shamsoin. Do dhein Samson ar a namhaid, le n-a
bhás féin, íde uathbhásach, íde do chuir a gcómhacht ar
neamhnídh. Do dhein ár Slánuightheóir, le n-a bhás ar
chrann na cruise, moladh go deó le n-a chómhachtaib,
íde ar chómhachtaibh ifrinn, íde do chuir ar neamhnídh
cómhachta ifrinn. Ar uair a bháis iseadh thaisbeáin
Samson, níba mhó 'ná mar a thaisbeáin sé riamh roimis
sin é, an neart mírbhúilteach a bhí ann. Ar uair a
bháis iseadh thaisbeáin ár Slánuightheóir do chómhachtaibh
an diabhail gur threise a laige féin 'ná a neart san go
léir. Sin mar a chíd na h-aithreacha naomhtha cosmhalacht
idir bhás Shamsoin agus bás ár Slánuightheóra. Nuair
a bhí sé daingean i n-aigne na bhPhilistíneach go raibh an
lámh uachtair, amuich 's amach, fághalta acu ar Shamson,
an uair sin díreach iseadh dhein sé an donas ar fad
ortha. D'fhuilig sé an bás do theacht air féin ach do
mhairbh a bhás iad san go léir.



Ó bhás Shamsoin go dtí gur rugadh Samuel ní deir-
tear puinn i dtaobh chlainne Israéil. Deirtear cúpla
uair ná raibh, san n-aimsir sin, rí i n-Israél agus gur
dhein gach duine fé mar a thaithn leis féin. Dhein cuid
acu droch bhearta ná déanfidís, b'fhéidir, dá mbeadh
aon smacht ós a gcionn. Is seanfhocal againn i
nÉirinn é ná bíon an rath ach mar a mbíon an smacht,
agus is seanfhocal, leis, é, an té ná déanfidh a leas
nách foláir dó a aimhleas a dhéanamh. Ní raibh an smacht
ar chlainn Israéil agus bhí a rian ortha, ní raibh puinn
de'n rath ortha. Dhein treibh Bheniaimin droch bheart
chaillte. Dheineadar aimhleas tiobaisteach dóibh féin.
D'eirigh na treabha eile chucha agus chuireadar cogadh


L. 315


fuilteach ortha i dtreó gur bheag ná gur dísgigheadh ar
fad iad. Ansan do tháinig gorta ar an dtír agus bhí
a lán de sna daoine ag fághail bháis leis an ocaras.



Bhí aon fhear amháin 'n-a chómhnuidhe i mBetlehem
Iúda agus Elimelech ab ainm dó, agus bhí bean aige
agus Nóémí ab ainm dí, agus isé cúis 'n-ar tugadh
Nóémí uirthi 'ná mar gheall ar a breághthacht. Bean
ana bhreágh ab eadh í. Bhí beirt mhac acu. Mahalon
ab ainm do dhuine de sna macaibh agus Celion ab
ainm do'n mhac eile.



D'imthigh Elimelech agus a bhean agus a bheirt mhac
a' Betlehem Iúda, ag teiche ó'n ngorta agus chuadar
soir go tír Mhóab agus chuireadar fútha ann. Ní
fada a bhíodar 'n-a gcómhnuidhe sa tír sin nuair a fuair
Elimelech bás. Tamal 'n-a dhiaidh san do dhein Nóémí
dhá chleamhnas d'á beirt mhac le beirt óg bhan uasal de
mhuinntir na tíre .i. de shliocht Mhóab. Bhí san i gcoinnibh
dlighe a tíre féin agus a muinntire féin do Nóémí,
ach do dhein sí é. Orpha ab ainm do dhuine de sna
mnáib óga san agus Rút ab ainm do'n mhnaoi eile.



CXXXIII.



RÚT.



Níor bh'fhada go bhfuair an bheirt mhac bás.



Nuair a fuair Nóémí í féin 'n-a h-aonar i ndúthaigh
iasachta, a fear agus a beirt mhac tar éis bháis agus an
dá bhaintreach óga ag brath uirthi tháinig sgannra uirthi.
Thuig sí 'n-a h-aigne go raibh lámh an Tighearna sa ghnó,
gur dhein sí rud ná raibh ceart nuair thug sí an bheirt
mhac do thug an Tighearna dhi do bheirt bhan nár bhain
le creideamh Israéil agus gur ghá agairt sin uirthi a
bhí an Tighearna nuair a thóg sé uaithi an bheirt mhac.



Thuig sí 'n-a h-aigne ná raibh aon rud aici le déanamh
ach imtheacht abhaile airís chun a tíre féin agus leogaint


L. 316


do'n bheirt bhaintreach óg dul abhaile ag triall ar a
muinntir fein, ag triall ar a máthair. Beirt drifeur
ab eadh iad. Do labhair sí leó:—



“A chlann ó,” ar sisi leó, “ní foláir domh-sa feasta
imtheacht as an áit seo agus dul abhaile thar n-ais go
Betlehem Iúda. Táim ana bhuidheach díbh-se araon
mar gheall ar an ngrádh agus ar an uraim atá tais-
beánta agaibh domh-sa agus do'n bheirt atá imthighthe.
Téidhidh abhaile anois ag triall ar bhúr máthair agus ar
bhúr muinntir féin agus iarraim-se ar an dTighearna
gach rath agus gach séan do chur oraibh i gcaitheamh bhúr
saoghail mar gheall ar an ndeagh-mhéinn atá taisbeánta
agaibh-se dhomh-sa ó thánabhair ag triall orm, agus go
dtugaidh sé sonuachar do gach duine agaibh!” Nuair
airigh gach bean de'n bheirt bhan óg an chainnt sin ó mháthair
a céile tháinig buairt agus uaigneas thar barr ortha
agus chromadar araon ar ghol go h-árd agus go bró-
nach. Do phóg Nóémí an bheirt agus chómhairligh sí airís
dóibh imtheacht abhaile ag triall ar a máthair féin.



“Is tusa ár máthair!” ar siad san. “Isiad do
mhuinntir-se ár muinntir-ne agus isé do dhúthaigh ár
ndúthaigh-ne. Ní imtheóchaimíd uait i n-aon chor ach
raighmíd leat go Betlehem Iúda agus fanfimíd agat
an fhaid a mhairfir!”



Do lean sí ag tathaint ortha imtheacht abhaile go dtí
fé dheire gur eirigh Orpha agus gur thug sí póg do
Nóémí agus gur fhág sí slán aici agus gur thug sí a
h-aghaidh ar an mbaile. Níor chorruigh Rút, ámhthach.



“Feuch, a 'ghnean ó,” arsa Nóémí léi, “siní do
dheirbhshiúr imthighthe abhaile chun a muinntire féin agus
chun a déithe féin. Eirigh, a 'ghnean ó, agus lean í.”



“Ná bí liom, a mháthair,” arsa Rút. “Ní eireóchad
agus ní leanfad í. Ní fhágfad tusa go deó. Pé
áit 'n-a raghair raghad-sa ann. Pé áit 'n-a bhfanfir-se
fanfad-sa ann. Isiad do mhuinntir a bheidh mar
mhuinntir agam-sa, agus isé do Dhia-se a bheidh 'n-a


L. 317


Dhia agam-sa. An tír 'n-a bhfaighir-se bás ann is ann
a gheóbhad-sa bás agus is ann a curfar fé chré me.
Go ndeinidh an Tighearna so agus súd liom má sgaraim
leat choidhche go sgaraidh an bás me leat!”



Chonaic Nóémí nár bh'aon mhaith dhi bheith léi agus do
leog sí dhi fanmhaint. Do ghluais an bheirt le cois a
chéile agus thánadar go Betlehem.



D'aithin na cómharsain Nóémí. “Ó!” ar siad,
“sidí Nóémí tagaithe abhaile!” “Ná tugaidh Nóémí
orm!” arsa Nóémí féin; ('sé sin, an Áluinn) “ach
tugaidh Márá órm ('sé sin, an Ghruaim), óir tá an
Uile Chómhachtach tar éis mé a líonadh lán de ghruaim.
D'fhágas an áit seo agus mé lán de shaidhbhreas agus
de shólás agus thug an Tighearna thar n-ais me gan
saidhbhreas gan sólás. Ná tugtar, d'á bhrígh sin Nóémí
orm níos mó, mar tá an Tighearna tar éis me dh'ísliú
íseal go maith.” Agus do chuaidh sí féin agus Rút
agus chómhnuighdar i mBetlehem, agus sa bhfoghmhar ab
eadh é, díreach nuair a bhítheas ag tosnú ar an órna do
bhuaint.



CXXXIV.



AG BAILIÚ DIOSGÁN.



Bíodh go mba le Nóémí an talamh a bhí aici sar ar
fhág sí féin agus a fear agus a beirt mhac Betlehem
Iúda chun dul soir go tír Mhóab dheabhróchadh an sgéal
go raibh easba bídh uirthi féin agus ar Rút nuair a
bhíodar tar éis teacht abhaile chun na sean áite. Pé
cúis a bhí leis do labhair Rút léi maidin áirithe nuair
a bhí tamal beag tabhartha sa bhaile acu.



“A mháthair,” arsa Rút, “tá buanaidhthe ag obair
i ngort annso ná fuil abhfad uainn. Leog dom dul
amach ann agus siubhal i ndiaidh na mbuanaidhthe agus


L. 318


na diosgáin a bhailiú. Ní dócha go gcoisgfar me,
agus beidh ar ndóithin le n-ithe againn i gcóir na
h-oidhche.” “Imthigh leat, a 'ghnean ó,” arsa Nóémí,
“agus go n-eirighidh leat.”



Bhí fear saidhbhir, creideamhnach sa n-áit agus gaol
ab eadh é d'Elimelec, .i. do'n fhear a bhí pósta ag Nóémí
sar ar dhein a bhás baintreach di. Cá dtabharfadh Rút
a h-aghaidh ach isteach i ngort leis an bhfear san. Chuaidh
sí isteach sa ghort. Bhí mitheal mhór buanaidhthe ann
agus iad ag buaint. Tháinig Rút 'n-a ndiaidh agus
chrom sí ar na diosgáin a bhailiú. Boos ab ainm do'n
fhear go mba leis an gort. Tar éis tamail tháinig
sé isteach sa ghort ag feuchaint i ndiaidh na
mbuanaidhthe.



“Dia dhíbh!” ar seisean leis na buanaidhthibh.



“Go mbeannuighidh an Tighearna dhuit!” ar siad
san.



“Cé h-í an cailín sin?” ar seisean leis an bhfear
tosaigh a bhí os cionn na mbuanaidhthe.



“Cailín Móabíteach í sin,” ars an fear.



“Tháinig sí anoir ó thír Mhóab i n-aonfheacht le Nóémí.
D'iarr sí orm leogaint di na diosgáin a bhailiú i ndiaidh
na mbuanaidhthe. Tá sí ansan á mbailiú ó mhaidin
indiu agus níor chuaidh sí abhaile i n-aon chor i gcaitheamh
na h-aimsire.”



Ansan do labhair Boos le Rút féin, “An airighean
tú, a 'ghnean ó,” ar seisean léi, “ná h-eirigh i n-aon
ghort eile chun na ndiosgán a bhailiú ach fan anso. Tá
órduighthe agam do sna buachaillíbh seo gan aon chosg
do chur leat. Fan i bhfochair mo chailíní ansúd agus
lean na buanaidhthe agus bailigh a bhféadfir. Nuair a
bheidh tart ort imthigh anonn ansúd mar a bhfuil na
h-árthaí agus ól do dheoch asta mar a dheinid na
buachaillí.”



Nuair airigh Rút an chainnt sin do shléacht sí go
talamh do'n duin'uasal.


L. 319


“Conus a thárla dhomh-sa, a dhuin'uasail,” ar sisi,
“tusa bheith chómh fabharamhail dom agus gan ionam ach
cailín bocht iasachta!”



“Do h-innseadh domh-sa,” ar seisean, “gach nídh
d'ár dheinis-se do mháthair do chéile tar éis bháis an
fhir a bhí agat, agus conus mar fhágais do mhuinntir
féin agus an tír in ar rugadh tu chun teacht anso,
i n-aonfheacht le máthair do chéile, isteach i ndúthaigh
iasachta, ameasg daoine ná raibh aon aithne agat ortha
roimh ré. Go dtugaidh an Tighearna luacht saothair
duit de bharr na h-oibre a dheinis, agus ó tháinís ag
triall ar an dTighearna Dia Israéil agus gur chuiris tu
féin fé n-a chomairce go dtugaidh sé do thuarastal
duit go saidhbhir!”



“Is mór an sólás atá curtha agat orm, a dhuin'-
uasail,” ar sisi, “agus labhairt liom chómh ceannsa,
le cailín ná fuil i n-aon chor do dheagh-mhéinn ag dul
di mar atá dod' chailíníbh aimsire féin. Tá do chainnt
tar éis dul trém' chroidhe, a dhuin'uasail!”



“Agus nuair a thiocfidh am an bhídh,” arsa Boos léi,
“tar anso i dteannta na cod' eile agus caith do chuid
mar aon leó agus túm do ghreim sa bhfinéagar mar chách.”



Nuair a tháinig tráth an bhídh do chaitheamh d'imthigh
Rút agus shuidh sí i n-aice na cod' eile agus do tugadh
mias mhór de'n ghráinseachán di agus d'ith sí a dóithin
agus d'fhág sí fuighlach agus do cuireadh fhiachaint uirthi
an fuighlach do chur chúichi agus do bhreith léi. Ansan
d'eirigh sí agus chuaidh sí ag bailiú na ndiosgán airís.
Do labhair Boos, ámhthach, leis na buanaidhthibh:—



“Dá mbaineadh sí dórnán de'n arbhar i n-aonfheacht
libh,” ar seisean, “ná coisgidh í air, agus caithidh chúichi
dórnán anois a's airís uaibh féin. Sgaoilidh léi i
dtreó ná curfar aon sgáth uirthi. Ná cuireadh aoinne
aon chosg léi.” B'é crích an sgéil é go raibh beart
mhór diosgán ag Rút le breith abhaile léi ag triall ar
Nóémí nuair a tháinig an tráthnóna.


L. 320


CXXXV.



BOOS.



Nuair a bhí an bheart diosgán bailighthe ag Rút do thuig
sí 'n-a h-aigne nár ghádh dhi an tuighe do bhreith léi abhaile.
D'aimsigh sí cleith agus do sgoth sí an t-arbhar as an
dtuighe leis an gcleith. Nuair a bhí an órna sgartha
leis an dtuighe aici fuair sí go raibh rainnt mhaith órnan
aici. Bhí ualach maith uirthi ag dul abhaile dhi.



“Cár bhailighis é, a 'ghnean ó?” arsa Nóémí. “Bean-
nacht ar an té a dh'fhóir ort!”



D'innis Rút di gach aon rud; i dtaobh an duin'uasail
a bhí chómh maith dhi; agus gur bh'é ainm a bhí air 'ná
Boos. “Beannacht ó'n dTighearna air!” arsa Nóémí.
“Bhí sé go maith d'ár muinntir an fhaid a bhíodar
beó agus tá sé go maith dúinne anois nuair atá
ár muinntir marbh! Tá gaol gairid ag an bhfear
san linn!”



“D'innis sé dhom go raibh,” arsa Rut, “agus dubh-
airt sé liom gan dul i n-aon bhall eile ag bailiú na
ndiosgán an fhaid a bheadh a chuid arbhair féin 'á bhuaint.”
“Is maith é sin, a 'ghnean ó,” arsa Nóémí. “Is fearr
gan dul i n-aon áit eile ach fanmhaint i dteannta
a lucht oibre siúd, le h-eagla go mb'fhéidir dá dtéidhthá
chun aon áite eile go gcuirfí cosg leat.”



D'fhan Rút, d'á bhrígh sin, i dteannta na gcailíní a bhí
ag obair ag Boos go dtí go raibh deire an arbhair
bainte sa n-áit sin agus go raibh Boos ag cuimhneamh
ar an arbhar do cháthadh agus do ghlanadh. An oidhche
sar a raibh an cáthadh le déanamh do labhair Nóémí le
Rút.



“Cad a bheidh aige 'á dhéanamh amáireach, a 'ghnean
ó?” arsa Nóémí.



“Beidh sé ag cáthadh agus ag glanadh an arbhair, a
mháthair,” arsa Rút.


L. 321


Do thuig Nóémí gur bh'é an Tighearna a bhí tar éis
Bhoos agus Rút a thabhairt chun a chéile. Do labhair sí
mar seo le Rút:—



“Feuch, a 'ghnean ó,” ar sisí, “tabhair fé ndeara an
méid atá agam le rádh leat anois agus dein mar
adéarfad leat, agus dein go cruinn é agus déanfir
do leas.”



“Déanfad aon nídh i n-aon chor adéarfir liom a
dhéanamh, a mháthair,” arsa Rút.



“Tabhair amach as do bhosca an t-éadach fóghanta
atá i gcimeád agat agus dein tu féin do nighe agus
do ghlanadh go maith agus an t-éadach fóghanta san
do chur umat. Ansan imthigh amáireach chun na h-áite
'n-a mbeidh sé ag glanadh an arbhair. Ná feiceadh sé
féin ná aoinne eile thu, ámhthach, go dtí go mbeidh an
obair críochnuighthe. Nuair a bheidh an obair críoch-
nuighthe aige beidh tuirse air. Íosfidh sé a chuid bídh.
Beidh an oidhche ann um an dtaca san agus sínfidh sé
chun codlata. Nuair a bheidh sé 'n-a chodladh dein-se
an brat a bheidh anuas air do thógáilt suas d'á chosaibh
agus luigh síos i n-aice a chos agus fan ann. Nuair a
dhúiseóchaidh sé as a chodladh 'neósfidh sé féin duit cad
a dhéanfir.”



Do dhein Rút gach nídh díreach mar adubhairt Nóémí
léi a dhéanamh. Do chríochnuigh Boos an cáthadh. Ansan
do chaith sé a chuid bídh. Ansan do mhothuigh sé go raibh
tuirse air agus do shín sé é féin i n-aice cruaiche tuighe
agus a bhrat anuas air agus thuit a chodladh air go sámh.
Ar ball, nuair a bhí sé 'n-a chodladh go sámh tháinig Rút
agus dhein sí mar adubhairt Nóémí léi a dhéanamh, thóg
sí an brat de chosaibh Bhoos agus do luigh sí i n-aice na
gcos. Nuair a dhúisigh Boos as a chodladh chonaic sé an
duine agá chosaibh.



“Cé h-é thusa?” ar seisean agus ana sgeón ann.



“Rút, do sheirbhíseach, mise,” ar sisi, “leath amach
do bhrat orm mar tá an gaol agat liom.”


L. 322


“Beannacht ó'n dTighearna ort, a 'ghnean ó,” ar
seisean, “agus tá san ort gan amhras. Dheinis an
mhaith ar dtúis agus tá maith is fearr 'ná é déanta
anois agat. Ná bíodh ceist ort. Pé rud atá uait
orm-sa déanfad duit é. Is eól do sna daoine go
léir gur bean gan locht tu. Tá fhios agam go bhfuil
mo ghaol leat. Ach codail go maidin.”



CXXXVI.



PÓSADH.



D'fhan Rút mar a raibh aici agus do chodail sí go dtí
go raibh an oidhche imthighthe. Díreach ar an amhsgarnach,
sar a raibh oiread soluis ann agus go n-aithneochadh
daoine a chéile, d'eirigh sí.



“Seachain,” arsa Boos, “agus ná bíodh a fhios ag
aoinne tu theacht anso,” agus ansan, “Osgail do
bhrat,” ar seisean, agus chuir sé ualach maith de'n órna
ghlan isteach sa bhrat chúichi agus d'imthigh sí abhaile sar
ar ghlan an lá, i dtreó ná feacaidh aoinne ag imtheacht í.
D'innis sí do Nóémí gach nídh agus thaisbeáin sí an
t-ualach órnan di.



“Tá go maith, a 'ghnean ó,” arsa Nóémí. “Fanaimís
go bhfeicimíd. Déanfidh an fear san rud fóghanta
má's féidir dó é.” D'eirigh Boos nuair a bhí sé 'n-a
lá go breágh geal, agus d'imthigh sé agus shuidh sé ag
geata na catharach. Ba ghearr gur bhuail chuige isteach
an geata an gaol eile úd a bhí níba ghiorra i ngaol
do Rút 'ná Boos féin.



“Suidh anso go fóil, let' thoil,” arsa Boos leis.
Do shuidh. Ansan do ghlaoidh Boos chuige deichneabhar
eile d'fhearaibh creideamhnacha na catharach agus d'iarr
sé ortha suidh i n'aice. Ansan do labhair sé leis an
ngaol eile:—



“A leithéid seo, a bhráthair,” arsa Boos. “Tá


L. 323


Nóémí, atá tagaithe abhaile chughainn, chun an tailimh a
bhí ag ár mbráthair Elimelec do dhíol. Is mian liom
an nídh sin a dh'innsint duit-se anso os cómhair
na ndaoine seo. Má's maith leat-sa an talamh san
do bheith agat, toisg an gaol a bheith ann, ceannaigh
an talamh agus bíodh sé agat. Mara maith leat san
do dhéanamh abair nách maith, i dtreó go mbeidh fhios
agam-sa cad is ceart dom féin a dhéanamh. Níl aon
ghaol eile ann ach an bheirt againn, agus tá tosach cirt
agat-sa óir is tu an sínsear agus is mise an sósar.”



“Tá go maith. Ceannóchad-sa an talamh,” arsan
sínsear.



“Nuair a cheannóchair an talamh ó'n mnaoi,” arsa
Boos, “beidh ort Rút, an bhaintreach óg, do thógaint,
leis, agus í phósadh, chun sleachta do chur ar ár ngaol
atá tar éis bháis gan sliocht.”



“Ní thógfad an talamh ná an bhean,” arsan sínsear.
“Bíodh mo cheart sínsireachta sa ghnó go léir agat-sa
agus ní mór liom duit é.”



Bhí so mar nós an uair sin ameasg clainne Israéil,
nuair a leogfadh duine, le lán toil, a cheart le duine
eile, go mbainfadh sé dhe a bhróg agus go dtabharfadh
sé an bhróg do'n duine eile mar chómhartha ar an lán
toil sin.



“Má 'seadh,” arsa Boos, “bain díot do bhróg agus
tabhair dom í mar dheimhniú ar thu bheith sásta.”



Do dhein. Bhain sé dhe an bhróg agus shín sé chun
Boos í. “Seo,” ar seisean, “siní agat í le lán toil.”



Ansan do labhair Boos leis na fearaibh a bhí láithreach.



“Is fínnithe sibh go léir anois,” arsa Boos, “gur
liom-sa gach a raibh ag Aimalec agus ag Celion agus
ag Mahalon, nuair a phósfad Rút, baintreach Mhahaloin,
nuair a thabharfidh Nóémí dhom é, agus nuair a phósfad
Rút, baintreach Mhahaloin, chun ainm an duine atá
marbh do chimeád beó i n'oighreacht. Is fínnithe sibh-se
ar an nídh sin go léir.”


L. 324


“Is fínnithe,” ar siad, “agus go gcuiridh an Tigh-
earna gach aon lá de'n rath ort-sa agus uirthi sin,
mar a chuir sé ar Rachel agus ar Lia, an bheirt ó n-a
shíolraidh clann Israéil go léir!”



Ansan do pósadh Boos agus Rút agus chuir an
Tighearna an rath ortha agus nuair a tháinig an t-am bhí
mac maith acu. Nuair a tháinig an mac san bhí áthas
mór ar na mnáibh go léir sa chómharsanacht agus thánadar
agus do labhradar le Nóémí agus, “Moladh go deó
leis an dTighearna!” adeiridís, “mar níor leog
sé dod' mhuinntir dul ar neamhnídh. Thug sé dhuit an
mac so, mac do mhnaoi do mhic féin, agus mairfidh
t'ainm i n-Israél mar gheall air.”



Do tugadh Obed mar ainm ar an mac. D'fhás an
mac san agus nuair a tháinig an aimsir bhí mac aige
féin. Isai ab ainm do'n mhac san. Do ghluais an
aimsir agus d'fhás Isai agus bhí mac aige agus Dáibhid
ab ainm dó san. B'shiné an rí a bhí ar chlainn Israéil,
an rí uasal árdchómhachtach ó n-ar shíolraidh ár Slánuigh-
theóir, moladh go deó leis!



CXXXVII.



ANNA.



Fé mar a tugadh cheana cúntas cruinn, tríd síos,
ar Rút, toisg gur uaithi do shíolraidh an rí uasal,
oirdheirc, naomhtha, .i. Dáibhid, tugtar anso cúntas
ar mhnaoi eile, an bhean ó n-ar tháinig an mac uasal úd
a bhí 'n-a bhreitheamh os cionn clainne Israéil 'n-a dhiaidh
san, agus i n' fháig mhór i láthair Dé agus daoine,
.i. Samuel.



Elcana ab ainm d'athair Shamuel. Bhí beirt bhan
pósta aige. Anna ab ainm do mhnaoi acu agus
Phenenna ab ainm do'n mhnaoi eile. Bhí clann ag


L. 325


Phenenna agus bhí Anna aimrid. B'é toil Dé ná raibh
aon duine clainne aici. Bhí ana bhuairt uirthi mar
gheall air sin. Cúis bhuartha an uair sin ab eadh do
mhnaoi phósta gan clann a bheith aici. B'é creideamh
clainne Israéil go raibh an Slánuightheóir le teacht,
agus gur ar shliocht Israéil a thiocfadh sé fé mar a bhí
geallta ag Dia. D'á bhrígh sin bhí neart do gach mnaoi
phósta 'n-a raibh clann aici súil a bheith aici go
mb'fhéidir gur ar a sliocht féin do thiocfadh an Slán-
uightheóir. An bhean, ámhthach, a bheadh gan chlainn ní
fhéadfadh sí aon tsúil a bheith aici leis sin. Adhbhar buartha
ab eadh, d'á bhrígh sin, do mhnaoi phósta, í bheith gan
sliocht uirthi. Bhí an bhuairt sin go h-ana dhian ar Anna.



Hélí ab ainm do'n Árdshagart a bhí ar chlainn Israéil
an uair sin. Bhí sé 'n-a shuidhe, lá, ag dorus an team-
puil. Chonaic sé an bhean ag teacht chun an teampuil
agus ghá leogaint féin ar a glúinibh agus chonaic sé na
deóracha ag teacht go fuigheach ó n-a súilibh agus a
beóil ag corruighe, ach níor airigh sé aon fhocal ag teacht
as a béal. Bhí sé díreach tar éis am dínnéir agus do
buaileadh isteach i n-aigne an Árdshagairt gur ar
meisge a bhí an bhean, gur b'amhlaidh a dh'ól sí an iomad
fíona le n-a dínnéar. Do labhair sé léi.



“Cad chuige dhuit bheith ar meisge, a bhean!” ar
seisean léi. “Imthigh,” ar seisean, “agus cuir díot
an mheisge sin atá ort!”



“A uasail,” ar sisi, “ná meas gur ar meisge
atáim. Ní h-eadh i n-aon chor. Bean atá lán de
bhuairt iseadh me, a uasail. Ní'l fíon, ná aon deoch
eile meisgeamhail ólta agam, a uasail, ach táim anso
ag cur mo ghuide go dian suas chun an Tighearna
'ghá iarraidh air fóirithint orm.”



Do thuig Hélí go raibh eugcóir déanta aige uirthi
agus do labhair sé go cneasta léi.



“Síothcháin Dé ort a 'ghnean ó,” ar seisean, “agus go
dtugaidh Dia dhuit an nídh sin atá agat d'á iarraidh air!”


L. 326


Isé rud a bhí aici dh'á iarraidh ar Dhia 'ná go dtabharfadh
Dia mac di; agus do gheall sí do Dhia dá dtugadh sé
mac di go mbronnfadh sí an mac san airís ar Dhia
féin. Go dtabharfadh sí chun an teampuil é chómh
luath agus a bheadh sé i n-aois chuige agus go bhfágfadh sí
ann é an chuid eile d'á shaoghal. An focal adubhairt
Hélí léi, nuair iarr sé ar an dTighearna an nídh a bhí
aici d'á iarraidh air a thabhairt di, do thuig sí go raibh
sa bhfocal san freagairt ó Dhia ar a guidhe agus tháinig
áthas mór uirthi agus suaineas aigne.



An gnó a thug chun an teampuil Elcana agus a
mhuinntir do deineadh é agus d'imthighdar abhaile go
Ramata, i gcnoc Ephraim. Bliain 'n-a dhiaidh san
bhí mac ag Anna. Thug sí Samuel mar ainm air, mar
cialluighean an focal “Samuel” tabharthas ó Dhia.



Tháinig an t-am airís chun dul go dtí an teampul agus
an ídhbirt do dhéanamh. Dheineadh Elcana an ídhbirt
sin gach bliain. Nuair a bhí muinntir an teaghlaigh ag
gluaiseacht. “Ní raghad-sa libh an turas so,” arsa
Anna. “Fanfad go dtí go ndeighilfad mo mhac agus
ansan béarfad liom é go dtí an teampul agus tabhar-
fad suas do'n Tighearna ann é, fé mar a gheallas.”



“Tá go maith,” arsa Elcana. “Dein an rud a
gheallais do Dhia a dhéanfá.”



CXXXVIII.



BEIRT MHAC HÉLÍ.



Nuair a bhí an t-am ceart chuige tagaithe do dheighil
Anna an mac. Ansan do rug sí léi é go dtí an
teampul. Do rug sí léi, 'n-a theannta, trí cinn
de ghamhnaibh, chun ídhbirte do dhéanamh. Agus do rug
sí léi trí buiséil arbhair agus árthach fíona 'n-a raibh
tímpal dachad cárt fíona ann. Ansan do deineadh an


L. 327


ídhbirt agus do tugadh an mac suas do'n árdshagart,
Hélí, agus dubhairt Anna mar seo leis:



“Gabhaim párdún agat, a uasail,” ar sise, “is mise
an bhean úd a chonaicís annso ag cur mo ghuidhe suas
go dian chun Dé. Sidé an mac a bhí agam 'á iarraidh an
uair sin ar Dhia. B'é toil an Tighearna mo ghuidhe thabh-
airt dom. Thug Dia an mac so dhom. Táim-se 'ghá
thabhairt thar n-ais anois do'n Tighearna. Fanadh sé
anso ag an dTighearna ag déanamh seirbhíse do'n Tigh-
earna i gcómnuidhe, an fhaid is toil leis an dTighearna
é dh'fhanmhaint.” Ansan dheineadar Dia d'adhradh,
agus dhein Anna duain targaireachta i n-ar thrácht sí
ar theacht an tSlánuightheóra. Ansan tháinig Elcana
agus a bhean abhaile chun a dtighe féin i Ramata, agus
d'fhan an mac ag Hélí, sa teampul.



Beirt a bhí go h-olc, go h-ana olc, ab eadh an bheirt
mhac a bhí ag Hélí. Nuair a thagadh na daoine chun
ídhbirte dhéanamh ní leogadh an bheirt sin dóibh an ídhbirt
do dhéanamh cruinn do réir na dlighe. Chuiridís fhiach-
aint ar na daoine feóil na h-ídhbirte do thabhairt dóibh
sar a mbíodh an ídhbirt déanta sa cheart. Thaisbeán-
adar ná raibh aon mheas acu ar Dhia ná ar an ídhbhirt. Do
bhaineadh san go mór ó mheas na ndaoine ar Dhia
agus ar ídhbirt. Bhí san ag iompáil na ndaoine ó Dhia
agus ó chreideamh, agus deir an Bíobla go raibh an
peaca a bhí ag an mbeirt á dhéanamh go raibh sé léanmhar
thar na beartaibh i láthair Dé.



Ach bhí Samuel ag fás agus é 'n-a leanbh ghrástamhail
i láthair Dé, ag déanamh seirbhíse an teampuil. Thagadh
Anna agus Elcana gach aon bhliain 'ghá fheisgint
agus ag déanamh ídhbirte, mar ba ghnáth. Bhíodh ar an
mac saghas éide ar a dtugtí Ephod, agus dhein a mháthair
casóigín deas dó agus thug sí chuige é, uair d'á dtáinig
sí. Bhí cion ana mhór ag Hélí ar an mac san toisg é
bheith chómh grástamhail, chómh naomhtha, agus chuir sé a
bheannacht ó chroidhe ar an athair agus ar an máthair.


L. 328


“Go gcuiridh an Tighearna an rath oraibh,” ar seisean,
“agus ó thugabhair an mac so suas do'n Tighearna go
dtugaidh an Tighearna tuille clainne dhíbh!”



B'é toil Dé go raibh triúr mac eile agus beirt
inghean ag Anna 'n-a dhiaidh san, agus do móradh an
mac Samuel, i láthair an Tighearna.



Ach bhí Hélí ana aosta. Do h-innstí dhó na droch
bhearta a bhíodh agá bheirt mhac á dhéanamh. Bhí a n-ainm i
mbéalaibh daoine ar fuaid na tíre go léir bhíodar chómh
h-olc san. Do labhair Hélí leó.



“Cad chuige dhíbh, a chlann ó,” ar seisean, “bheith ag
déanamh na ndroch bheart so a dh'airighim a dheinean
sibh? Táid na daoine go léir ag trácht oraibh. Cuiridh
uaibh na droch bhearta san, a chlann ó,” ar seisean leó.
“Má dheinean duine rud i n-aghaidh duine is oraibh-se
atá fearg Dé do mhaolú do'n duine sin a dheinean an
eugcóir. Ach nuair a dheinean sibh-se rud i n-aghaidh
Dé féin, ag iompáil na ndaoine 'n-a choinnibh, cé bheidh
chun sibh-se do chosaint ar fheirg Dé?”



Níor thugadar aon toradh air. Do leanadar d'á
ndroch bheartaibh. Ach do chuaidh an mac, Samuel, ar
aghaidh agus bhí sé ag fás, agus bhí grádh ag Dia agus
ag daoine dhó.



Tar éis rainnt aimsire do chuir an Tighearna ag
triall ar Hélí duine naomhtha chun a dh'innsint dó go
raibh díoltas le teacht ó Dia air mar gheall ar nár
chuir sé smacht ar a bheirt mhac nuair a bhí 'fhios aige iad
a bheith ag déanamh na díobhála go léir, ag cur na ndaoine
i gcoinnibh Dé; ag cur na ndaoine ar aimhleas a
n-anama; ag gabháil de chosaibh ins gach sórd dlighe
agus ag cur na ndaoine suas chun bheith ag gabháil de
chosaibh ins gach sórd dlighe chómh maith.


L. 329


CXXXIX.



GUTH AN TIGHEARNA.



Tháinig an teachtaire naomhtha ag triall ar Hélí agus
do labhair sé le Hélí mar seo:—



“Seo mar adeir an Tighearna. An amhlaidh nár
thugas-sa foillsiú soiléir orm féin do theaghlach t'athar,
nuair a bhíodar thíos sa n-Éigipt i dtigh Pharó? Do
thoghas é amach a' clainn Israéil go léir chun é bheith 'n-a
shagart agam agus chun é bheith ag dul suas chun m'altóra
ag déanamh ídhbirte chugham. Thugas do theaghlach
t'athar gach nídh d'á mbainean le h-ídhbirt ameasg
clainne Israéil. Cad chuige dhaoibh m'ídhbirtí, agus na
bronntaisí a tugtar dom, do theilgean uaibh le nbhúr
gcosaibh tar éis mé ghá órdú go ndéanfí iad d'ofráil
sa teampul? B'fhearr leat onóir a thabhairt dod'
bheirt mhac 'ná onóir a thabhairt domh-sa. Do gheallas,
gan amhras, gur agat' theaghlach, agus ag teaghlach
t'athar, a bheadh seirbhís ídhbeartha dhéanamh dom go deó.
Ach anois,” adeir an Tighearna, “ní mar sin a bheidh i
n-aon chor feasta, ach an té a thabharfidh glóire dhomh-sa
is dó a tabharfar glóire, agus an té a thabharfidh tar-
cuisne dhomh-sa tabharfar tarcuisne dhó. Feuch, tá an
t-am ag teacht agus gearrfad-sa do ghéag díot-sa
agus de theaghlach t'athar, i dtreó ná beidh fear aosta
ar do theaghlach. Chífir t'fhear tnútha sa teampul, ins
gach gnó rathmhar a bhainfidh le clainn Israéil agus
beidh do theaghlach-sa gan duine aosta ann choidhche.”



Do h-innseadh, leis, do Helí go dtiocfadh an bás ar
a bheirt mhac i n-aon lá amháin, agus do thuit san amach
mar a chífar.



Do ghluais rainnt aimsire. Do thárla, lá áirithe,
go raibh Hélí sa n-áit 'n-ar ghnáth leis a bheith agus é ana


L. 330


lag leis an aois, agus an radharc nách mór caillte
aige. Bhí Samuel 'n-a chodladh; do ghlaoidh an
Tighearna ar Shamuel. “A Shamueil!” arsan Tighearna.
D'airigh Samuel an ghlaodh agus cheap sé gur bh'é
Hélí a ghlaoidh air. Do phreab sé as a chodladh agus
d'fhreagair sé an ghlaodh. “Táim anso,” ar seisean,
agus siúd ag triall ar Hélí é.



“Táim anso, a Uasail,” ar seisean. “Do ghlaodhais
orm.



“Níor ghlaodhas, a mhic,” arsa Hélí, “imthigh thar n-ais
agus codail.”



D'imthigh sé thar n-ais agus do luigh sé agus thuit a
chodladh air airís. I gceann tamail do glaodhadh
airís air, “a Shamueil.” Do phreab sé as a chodladh
an tarna h-uair agus siúd ag triall ar Hélí é.



“Táim anso,” ar seisean, “do ghlaodhais orm.”



“Níor ghlaodhas, a mhic ó” arsa Hélí, “Imthigh leat
agus codail.”



Do glaodhadh an trímhadh h-uair air agus tháinig sé
ar triall ar Hélí. Ansan do thuig Hélí gur bh'é an
Tighearna a bhí ag glaodhach ar an mbuachaill.



“Imthigh leat anois, a mhic ó,” ar seisean, “agus
má ghlaodhan sé ort airís abair-se 'ghá fhreagradh,
‘Labhair, a Thighearna, óir tá do sheirbhíseach ag éisteacht
leat.’”



D'imthigh Samuel agus do luigh sé agus thuit a chodladh
air. Tháinig an Tighearna agus sheasaimh sé i n' aice
agus ghlaoidh sé: “A Shamueil! a Shamueil!” ar
seisean.



“Labhair, a Thighearna,” arsa Samuel, “óir tá do
sheirbhíseach ag éisteacht leat.” “Feuch,” arsan Tigh-
earna, “déanfad-sa nídh i n-Israél, nídh a chuirfidh
píoparnach i gcluasaibh gach duine a dh'aireóchaidh é.
Cuirfad ar siubhal i gcoinnibh Hélí gach nídh d'á ndubhart,
ó thosach go deire. Dubhart leis go dtabharfinn breith
shíoruidhe ar a theaghlach, toisg a fhios a bheith aige go


L. 331


raibh a chlann mhac ag déanamh an uilc agus nár smach-
tuigh só iad.”



Ansan do thuit a chodladh airís ar Shamuel agus
chodail sé go maidin.



CXL.



BUADH AG AN NAMHAID.



D'eirigh Samuel ar maidin agus bhí sé ag osgailt
dóirse agus finneóga an teampuil. Níor labhair sé
le Hélí. Bhí sgáth air. Níor mhaith leis an chainnt
chruaidh adubhairt an Tighearna d'innsint dó. Do
ghlaoidh Hélí air.



“A Shamueil, a mhic,” ar seisean leis, “innis dom
an chainnt adubhairt an Tighearna leat. Ná ceil aon
fhocal de'n chainnt orm. Beidh m'easgaine ort má
cheilean tú aon fhocal di orm. Go ndeinidh an
Tighearna so agus súd leat má cheilean tú orm aon
fhocal d'á ndubhairt sé leat.”



Ansan d'innis Samuel dó, tríd síos, an uile fhocal
de'n chainnt, gan aon fhocal do chimeád siar. D'éist
Hélí leis go dtí go raibh an sgéal go léir innste aige.
Ansan dubhairt sé, “Isé an Tighearna é, deineadh
sé do réir a thoile!”



Do ghluais an aimsir agus d'fhás an buachaill Samuel
agus bhí an Tighearna leis, agus do thuig clann Israéil
go léir, ó Dhan go Beirsabé, gur bh'fháig dílis do'n
Tighearna gur bh'eadh é.



Ach níor rug Dia gairid ar Hélí. Do ghluais breis
agus fiche blian sar ar thosnuigh an díbhfeirg ar theacht
air féin agus ar a theaghlach. Ansan, fé dheire, d'eirigh
na Philistínigh i gcoinnibh chlainne Israéil agus do
thosnuigh an cogadh eatartha. Dhein na Philistínigh


L. 332


longphort i n-áit ar a dtugtí Aphec agus dhein clann
Israéil longphort i n-áit ar a dtugtí, “cloch an chon-
ganta.” Tháinig na Philistínigh amach agus do ghleusa-
dar a slóighte i n-íodhnaibh catha. Tháinig slóighte
Israéil amach agus thugadar cath do sna Philistínigh.
Is ar éigin a bhí an cath tosnuighthe nuair a dh'iompuigh
clann Israéil agus theicheadar. Do lean a namhaid
ar a dtóir agus do thuit, sa tóir sin, tímpal cheithre
mhíle fear de chlainn Israéil. Bhí na cuirp 'n-a
srathanaibh ar na páirceanaibh mórthímpal.



Ní raibh sa cheithre mhíle fear san ach fíor bheagán as
an mór shluagh de chlainn Israéil a chuaidh sa chath. Tháinig
an chuid eile thar n-ais chun an longphuirt. Bhí iongna
agus alltacht ortha go léir nuair a chruinnighdar a
meabhair agus thuigeadar cad a bhí imthighthe ortha. “Ó,”
ar siad le n-a chéile, “cad 'n-a thaobh gur leog an
Tighearna a leithéid de bhualadh agus de bhrise a
dh'imtheacht orainn indiu ó lámhaibh na bhPhilistíneach?
Tugaimís linn an Airc, Airc Connartha an Tighearna, ó
Shíló, agus bíodh an Airc sin againn anso i n-ár measg
chun sinn a chosaint ar ár namhaid.”



Do cuireadh teachtaireacht go Síló agus do tugadh
an airc as an áit sin, agus isteach i longphort clainne
Israéil, ag cloich an chonganta. Chómh luath agus
tháinig an airc isteach sa longphort do chuir mór shluagh
Israéil go léir liú suas, liú árd, láidir, chuthaigh,
i dtreó gur chrith an talamh fé chosaibh na ndaoine sa
dá longphort. Tháinig sgannra ar na Philistínigh
nuair airighdar an liú san. Thuigeadar go raibh Airc
Connartha an Tighearna tagaithe isteach i longphort
Israéil agus gur bh'shiné fé ndeár an liú uathbhásach.
Tháinig sgannra ortha agus, “Ó,” ar siad le n-a chéile,
“cad a dhéanfimíd? Cé chosanóchaidh sinn ar na
déithibh árda cómhachtacha san? Siniad na déithe do
chuir ar an Éigipt na pláige marbhuightheacha úd. Ach
glacaidh misneach, a shlóighte Philistim, agus troididh


L. 333


go dána agus ná curtar fé smacht chlainne Israéil
sibh mar a bhíodar-san fé nbhúr smacht-sa.”



Do ghleus an dá thaobh iad féin chun catha agus do
ghríos na Philistínigh iad féin chun cruadh chómhraic. Do
troideadh go dian ar gach taobh. Ach do buadhadh ar
chlainn Israéil. Do cuireadh ár agus dearg ruathar
ortha i dtreó gur rith gach fear díobh nár marbhuigheadh
abhaile chun a thighe féin. Do fágadh deich míle fhichead
troightheach marbh, ar áit an chatha agus in sna h-áitean-
aibh 'n-ar leanadh ar a dtóir. Ní h-innstear an mór
de sna marcaigh agus de sna h-uaislibh a marbhuigheadh.
Ach do thuit an bheirt droch bhuachaillí, beirt mhac Hélí,
Hophní agus Phinees, agus do thóg na Philistínigh airc
Connartha an Tighearna agus do rugadar leó í.



Hophní agus Phinees, an bheirt nár thug riamh do
Dhia ná do'n airc ach masla agus tarcuisne, isiad a bhí
ag tabhairt aire do'n airc nuair a tugadh isteach sa
longphort í. Ba lugha d'easonóir do'n airc í thuitim
isteach i lámhaibh na bhPhilistíneach 'ná a cúram a bheith
ar an mbeirt chuirptheach san.



CXLI.



DÁGON AR LÁR.



Nuair a bhí mór shluagh clainne Israéil go léir ar
teiche agus na Philistínigh ar a dtóir 'ghá marbhú chómh
tiugh agus thagadís suas leó thug aon fhear amháin
de'n lucht teiche, fear de threibh Bheniamin, aghaidh ar
Shíló, ar an áit 'n-a raibh Hélí, agus d'innis sé do Hélí
an brise catha agus an dearg ruathar agus an t-ár
a bhí tar éis imtheacht ar an mór shluagh. Bhí Hélí os
cionn deich mbliana agus cheithre fichid an uair sin.
Nuair airigh sé go raibh a bheirt mhac marbh agus go
raibh an airc tógtha ag na Philistínigh do thuit sé siar


L. 334


de'n chathaoir ar a raibh sé 'n-a shuidhe agus do briseadh
cnámh a mhuiníl agus fuair sé bás. Bhí sé an uair sin
tar éis bheith 'n-a bhreitheamh ar Israél ar feadh dachad
blian. Bhí bean mic dó, bean Phinees, ag iompar
clainne an uair chéadna agus bhí an t-am i n-achamair-
eacht di chun na clainne chur di. D'airigh sí an focal,
go raibh buaidhte ar shlóightibh Israéil agus go raibh a
fear marbh agus an airc tógtha ag an namhaid. Tháinig
na pianta uirthi láithreach tré sgannra an droch sgéil.
Chuir sí dhi an leanbh. Do labhair na daoine a bhí 'n-a
tímpal. “Ná bíodh ceist ort!” ar siad, “tá leanbh
mic agat.”



“Tá,” ar sisi, “agus tá an buadh imthighthe anonn ó
Israél.” Thug sí Ichabod mar ainm ar an leanbh
agus is ar éigin a bhí an focal as a béal nuair a fuair
sí bás. Cialluighean an focal “Ichabod” an buadh
bheith imthighthe ó chlainn Israéil. Meastar, do réir
cuid de'n lucht seanachuis, gur b'amhlaidh a chuir sí
ochón aisti agus go ndubhairt sí, “Och! an buadh im-
thighthe,” agus gur dhein an mhuinntir ag éisteacht léi
“Ichabod” de sin agus ansan gur tugadh “Ichabod”
ar an mac. Do thuit a lug ar a lag ag clainn Israéil
go léir nuair a fuaradar go raibh Airc an Chonnartha
imthighthe uatha. Dar leó ba bhaoghal go raibh an Tighearna
iompuighthe 'n-a gcoinnibh ar fad mar gheall ar dhroch
bheartaibh na beirte úd.



Ach i dtaobh na bhPhilistíneach, má bhí móráil agus
eirighe anáirde ortha mar gheall ar an airc do theacht
'n-a seilbh níor lean an mhóráil abhfad ortha. Do ruga-
dar leó an airc agus chuireadar isteach í sa teampul
a bhí acu féin. Bhí dia bréige acu sa teampul san
agus Dágon an ainm a bhí acu air. Chuireadar an
airc suas le h-ais íomhágha Dágoin. Ar maidin amáir-
each a bhí chughainn d'eirighdar agus thánadar chun
an teampuil. Fuaradar Dágon ar lár, ar a bheul
a's ar a aghaidh, os comhair na h-airce. Chuireadar


L. 335


suas airís e i n'inead féin. Thánadar an mhaidean
'n-a dhiaidh san. Má thánadar fuaradar Dágon ar
lár airís ar aghaidh na h-airce amach agus an ceann
bainte dhe agus an dá láimh gearrtha dhe ó'n dá chaol
amach agus iad ansúd ar tháirsigh an teampuil.



Ní h-innstear cad a dheineadar le Dágon ansan,
ach innstear rud eile. Innstear gur tháinig pláigeana
uathbhásacha ortha agus go rabhadar ag fághail bháis leis
na pláigeanaibh sin chómh tiugh agus thuitfadh cormhíola
lá gaoithe. D'eirigh luchaigh agus francaigh 'n-a suathan-
tas as na páirceanaibh i dtreó gur bhaoghal go gcaithfadh
an méid a bhí beó de sna daoinibh teiche as an áit. D'á
éaghmuis sin tháinig iosgóidí éigin gráineamhla ar na
daoinibh agus chuir na h-iosgóidí sin a leithéid sin de
theinneas ortha gur bh'fhearr leó bheith marbh 'ná beó.



Fé dheire do thuigeadar cad fé ndeár an sgeimhle
a bhí acu dh'á fhághail, “Ó,” ar siad le n-a chéile, “ní
féidir dúinn airc Dé Israéil do chimeád anso againn.
Tá a lámh ró chruaidh orainn féin agus ar Dhágon, ár
ndia.”



CXLII.



AN AIRC.



Asot ainm na catharach 'n-a raibh an teampul san
Dágoin mar a raibh an airc curtha isteach ag na Philis-
tínigh. Chuaidh uaisle na catharach i gcómhairle feuchaint
cad ba cheart a dhéanamh leis an airc. Do tuigeadh dá
leanadh an sgeimhle agus an t-éirleach agus na pláig-
eana go gcaithfadh an méid a bhí beó de sna daoine
teiche as an áit; nár bh'fhada go mbeadh an áit gan
daoine ce 'cu fhanfidís ann nú ná fanfidís mar dá
bhfanaidís gur ghearr go mbeidís go léir marbh.


L. 336


Tháinig uaisle ó gach aon pháirt de thír na bhPhilistíneach
chun na comhairle. Nuair a bhíodar go léir i bhfochair
a chéile sa chómhairle do labhair na h-Asoitigh:—



“Cad a dhéanfimíd i dtaobh na h-airce seo Dé
Israéil?” ar siad. “Tá a chómhacht ró dhian orainn.
Ní bheimíd abhfad beó má leanan an íde atá aige 'á
dhéanamh orainn.” “Ní h-é Dia Israéil ná an Airc atá
ag déanamh an uilc sin oraibh,” arsa uaisle na nGetéach,
“agus d'á chomhartha nách iad beirtear an airc mór-
thímpal tré chatharachaibh eile na bhPhilistíneach agus
chífar ná déanfar aon díobháil in sna catharachaibh eile.”



Do socaruigheadh air sin. Do rugadh an airc mór-
thímpal ó chathair go cathair. Má rugadh do chuaidh an
t-éirleach galair agus teinnis agus báis mórthímpal
i n-aonfheacht leis an airc. Tháinig an droch aicíd
ghrána ar na daoine agus d'eirigh an suathantas luch
agus francach ins gach aon chathair chómh luath agus a
tugadh an airc isteach innti. B'fhéidir go ndéarfadh
duine gur mhór an eugcóir a leithéid sin d'éirleach a
dhéanamh ar dhaoine ná raibh cionntach sa n-easonóir a bhí
á thabhairt do'n airc. Ní raibh aon eugcóir i n-aon
chor sa sgéal. Bhí na daoine sin imthighthe thar na
beartaibh le h-olcas. Bhíodar múchta i ndrúis-
eamhlacht agus gan náire ná aithis ortha mar gheall air,
ná aon chuimhneamh acu ar aon nídh eile ach ar conus
a thabharfidís srian gan chosg d'á ndroch mhianaibh.
Bhí díbhfeirg tuillte acu agus b'é toil Dé an díbhfeirg
do chur ortha le teacht na h-airce 'n-a measg. D'á
bhrígh sin níor deineadh aon bhlúire eugcóra ortha. Iad
féin a thug an airc chucha. Dhein Dia ar chlainn Israéil
an díoltas a bhí tuillte acu, nuair a thug sé an buadh
do sna Philistínigh ortha. Do dhein an buadh san féin
díoltas ar na Philistínigh nuair a thugadar leó an airc.
Ach peacaí na ndaoine fé ndeár an dá dhíoltas. Bhí
an ghabháil tímpal ar siubhal agus an díbhfeirg uathbhásach
ag gabhail tímpal leis go dtí, fé dheire, nuair a chíodh


L. 337


treabhchas daoine an airc ag teacht ag triall ortha go
mbídís ag gol agus ag blaidhthrigh agus ag lógóireacht,
agus, “Ó,” adeiridís, “tá airc Dé Israéil acu á
thabhairt chughainn chun sinn go léir a mharbhú!” agus
iad ag sgreadaigh agus ag bualadh bas.



Do tuigeadh ansan gur bh'í an airc fé ndeár an
léirsgrios agus an phláig agus an marbhú. Do cruinn-
igheadh maithe Philistim i gcómhairle. “Cad is ceart
a dhéanamh le h-airc Dé Israéil!” a fiafraigheadh
sa chómhairle. “Cuiridh airc Dé Israéil abhaile chun a
h-áite féin,” a freagradh, “agus ná h-imirtear bás
agus íde orainn go léir agus ar ár ndaoine go léir!”
Bhí dúthaigh na bhPhilistíneach 'n-a chiréip le gol agus le
h-ualfartach. Leath na ndaoine marbh agus an leath
eile ag sgreadaigh leis an dteinneas a bhí ortha ó'n
ngalar ghráineamhail uathbhásach a bhí ortha. Do soca-
ruigheadh ar an airc a chur abhaile. Bhí an airc, an uair
sin, tar éis leath bhliain agus mí do chaitheamh ameasg na
bhPhilistíneach agus bhíodar cortha a ndóithin di. Do
glaodhadh chun a chéile na sagairt agus an lucht feasa
agus do cuireadh chucha an cheist: “Cad a dhéanfam le
h-airc an Tighearna? Innsidh dúinn conus is ceart
dúinn í chur thar n-ais chun a h-áite féin.”



“Má, chuirean sibh an airc abhaile,” ar siad san,
“ná cuiridh abhaile folamh í.”



CXLIII.



AN AIRC I nGABAA.



“Má's maith libh airc Dé Israéil do chur abhaile,”
ar siad, “ná cuiridh abhaile folamh í. Cuiridh léi an
nídh is dual mar gheall ar pheaca agus ansan leighisfar
sibh, agus beidh fhios agaibh cad 'n-a thaobh ná sgarfadh
a lámh libh.”


L. 338


“Agus cad is ceart dúinn a thabhairt mar gheall ar
ár bpeaca?” arsan mhuinntir eile. Sidé an freagra
a tugadh ortha:—



“Tá chúig cúigí i dtír Philistim agus táid na luchaigh
agus na francaigh tar éis iad go léir do lot. Táid
na h-ioscóidí teinne tar éis teacht oraibh go léir,
uasal agus íseal, in sna chúig cúigíbh sin. Deinidh, d'á
bhrígh sin, chúig luchaigh óir agus chúig ioscóidí óir agus
tugaidh do Dhia Israéil na h-íomhághtha óir sin agus
tabharfidh sibh, ar an gcuma san, glóire do Dhia Israéil
agus b'fhéidir go mbogfadh sé a lámh díbh féin agus
d'bhúr ndéithibh agus d'bhúr dtír. Cad chuige dhíbh-se
bheith ag cur 'n-a choinnibh siúd ar nós Pharó agus
muinntire na h-Éigipte? Nár bhuail sé iad, agus
ansan nár leogadh chun siubhail clann Israéil? Deinidh
anois trucail nua agus deinidh an trucail nua san
do ghabháil ar dhá shamhaisg atá tar éis a ngamhan do
bhreith, dhá shamhaisg nár gabhadh riamh fé chuing. Deinidh
an dá ghamhain do chur isteach i dtigh, agus cuiridh airc
Dé Israéil ar an dtrucail nua agus cuiridh na h-árthaí
óir seo, atá tabhartha uaibh agaibh mar gheall ar bhúr
bpeacaíbh, i dtaisge i n-aice na h-airce, ar an dtrucail.
Ansan sgaoilidh uaibh an dá shamhaisg agus leogaidh
dóibh a rogha slighe thabhairt ortha. Má thugaid siad
aghaidh ar thír Israéil, ag breith na h-airce abhaile, deimh-
neóchaidh san gur b'é Dia Israéil atá tar éis an uilc
go léir seo do dhéanamh orainn. Mara dtugaid;
má thugaid siad aghaidh i n-aon treó baill eile, tais-
beánfidh san nách é Dia Israéil a dhein an t-olc so
orainn, ná raibh ann ach gur thárla.”



Deineadh san. Do gabhadh an dá bhoin fé'n dtrucail.
Do cuireadh an dá ghamhain isteach i dtigh. Do cuireadh
an airc ar an dtrucail. Do cuireadh i n-aice na h-airce
an bosca go raibh na h-íomhághtha óir ann. Ansan do
sgaoileadh chun siubhail an dá bhoin, gan giolla.
Thugadar aghaidh, lom díreach, ar thír Israéil, ar thír


L. 339


Bhetsames, gan iompáil deiseal ná tuathal, ach an
tslighe acu 'á chur díobh agus iad ag géimrigh. Do
lean uaisle na bhPhilistíneach iad go dtí go ndeighdar
isteach i dtír Bhetsames.



Do thárla go raibh cuid de sna Betsamíteachaibh ag
buaint cruithneachtan sa ghleann. D'airighdar an ghéim-
reach. D'fheuchadar sa treó 'n-ar airighdar. Chonaca-
dar an airc láirtheach agus bhí áthas mór ortha. Tháinig an
dá bhoin isteach i bpáirc fir de sna Betsamíteachaibh
d'ár bh'ainm Iósue. Do stadadar sa pháirc sin. Bhí
caraig mhór chloiche sa pháirc agus í i bhfuirm altórach.
Do bhriseadar na Betsamítigh an trucail agus mhar-
bhuighdar an dá bhoin agus dheineadar lán-ídhbirt los-
githe dhíobh chun Dé ar an gcaraig sin.



Dheabhróchadh an sgéal nár dhein na Betsamítigh a
ngnó mar ba cheart dóibh é dhéanamh. Thugadar eas-
onóir éigin do'n airc agus tháinig díbhfeirg ortha mar
gheall air. Ansan tháinig sgannra ortha. “Ó,” ar
siad, “tá an Dia seo ró naomhtha! Ní féidir dúinn
seasamh 'n-a láthair!” Chuireadar teachtairí ag
triall ar mhuinntir Chariatiarim ghá innsint dóibh gur
chuir na Philistínigh an airc thar n-ais abhaile agus go
raibh sí acu féin, agus 'ghá iarraidh ortha teacht agus í
bhreith leó. Tháinig fir Chariatiarim agus rugadar
leó an airc. Bhí duine naomhtha i n-áit ar a dtugtí
Gabaa agus do cuireadh an airc isteach i dtigh an fhir
sin. Bhí mac aige agus Eliasar ab ainm dó. Do
coisriceadh an mac san agus do cuireadh ag tabhairt
aire do'n airc é.



D'fhan an airc sa n-áit sin ar feadh mórán aimsire
agus bhí síothcháin agus suaineas ag clainn Israéil ar
feadh na h-aimsire sin. Ní raibh aon fhonn cogaidh ar
na Philistínigh. Bhí an sgeimhle ró mhór fághalta acu
ó'n airc an fhaid a bhí sí acu.


L. 340


CXLIV.



SAMUEL.



Ach bíodh go raibh an tsíothcháin ann bhí clann Israéil
fé smacht na bhPhilistíneach agus níor thaithn san le
clainn Israéil. Do ghluais fiche blian agus an sgéal
ar an gcuma san. Fé dheire do labhair Samuel le
clainn Israéil.



“Dá mb'áil libh,” ar seisean, “iompáil ar an
dTighearna le lán chroidhe agus na déithe bréige sin,
Baalim agus Astarot, do chaitheamh uaibh do shaorfadh
an Tighearna sibh ó smacht na bhPhilistíneach. Iompuighidh
ar an dTighearna agus bídhidh umhal dó féin amháin agus
saorfidh sé sibh.”



Dheineadar rud air. Chaitheadar uatha na déithe
bréighe a bhí acu. Ag aithris ar na geintibh a bhí
'n-a dtímpal iseadh bhídís nuair a thógaidís chucha na
déithe bréige. Mheasaidís go mbíodh rath éigin ar na
geintibh mar gheall ar na déithibh bréige agus bhídís ag
brath air go mbeadh an rath céadna ortha féin dá mbeadh
na déithe bréige sin acu. Ansan do ghlacaidís iad.
Do dhalladh an t-áirseóir iad agus is dócha go leogadh
sé rainnt de'n rath chucha chun a sheacht n-oiread de'n
mhí-rath do chur ortha ar ball.



Ach nuair a labhair Samuel leó agus nuair a dubhairt
sé leó na déithe bréige do chaitheamh uatha agus iom-
páil ar an dTighearna dheineadar rud air.



Nuair a fuair Samuel gur ghlacadar a chómhairle sa
méid sin do labhair sé airís leó.



“Tagaidh go léir i bhfochair a chéile i Maspha,” ar
seisean, “go ndeinead guidhe chun an Tighearna ar bhúr
son.” Thánadar go léir i bhfochair a chéile i Maspha
agus chromadar ar throsgadh dhéanamh agus ar aithrighe
dhéanamh agus ar a bpeacaí d'admháil agus ar a
iarraidh ar an dTighearna na peacaí mhaitheamh dóibh.


L. 341


Nuair airigh na Philistínigh clann Israéil a bheith
cruinnighthe i Maspha do chruinnighdar a slóighte féin
agus thánadar fé dhéin na h-áite. Nuair a fuair clann
Israéil go rabhadar ag teacht tháinig eagla ortha agus
d'iarradar go cruaidh ar Shamuel a ghuidhe do chur
chun an Tighearna ar a son. Thosnuigh na Philistínigh
an cath. Do throid clann Israéil go cródha. Ní fada
a bhí an cath ar siubhal nuair a chuir an Tighearna tóir-
thneach uathbhásach os cionn na bhPhilistíneach. Bhí an
bhúirtheach agus an chnagarnach thóirthnighe chómh sgannra-
mhail sin gur chaill na Philistínigh a meabhair agus gur
ghlacadar sgeón agus gur theicheadar. Do lean clann
Israéil ar a dtóir go mear agus mharbhuighdar a bhfor-
mhór. Do shaor an cath san clann Israéil ó n-a smacht
agus do tugadh thar n-ais do chlainn Israéil rainnt
catharacha a bhí tógtha ag na Philistínigh uatha, agus do
lean síothcháin ar feadh abhfad 'n-a dhiaidh san.



Bhí Samuel 'n-a bhreitheamh agus bhí sé ag dul i n-aois
agus ní raibh sé ábalta ar an obair go léir a dhéanamh
gan lucht conganta bheith aige. Bhí beirt mhac aige, Ióel
agus Abia. Dhein sé beirt bhreitheamhan díobh agus
dheineadar cuid de'n obair a bhí ró mhór dó féin le
déanamh. Ní rabhadar dílis ionnraic, ámhthach, mar
a bhí Samuel féin. Do tugtí breabana dhóibh agus
do ghlacaidís na breabana. Agus ní'l aon chuirp-
theach eile leath chómh h-olc leis an mbreitheamh a ghlacfadh
breab agus thabharfadh an bhreith sa n-éagcóir nuair
a gheóbhadh sé an bhreab.



Nuair a bhí an obair sin ar siubhal do chruinnigh sean-
óirí clainne Israéil agus do labhradar le Samuel:—



“Feuch,” ar siad. “Taoi-se ró aosta agus ní mar
a dheinean tusa a dheinid an chlann mhac so agat. Ní
fir mar thusa iad. Cuir rí ós ár gcionn mar atá os
cionn na náisiún eile seo i n-ár dtímpal, agus bíodh
an rí 'n-a bhreitheamh orainn.”



Níor thaithn an chainnt sin i n-aon chor le Samuel. Bhí


L. 342


fhios aige nár bh'é a leas a bhí beartuighte acu a dhéanamh.
Do labhair sé leis an dTighearna. Chuir sé a ghuidhe
suas chun Dé 'n-a dtaobh.



CXLV.



A D'IARRAIDH RÍ.



Nuair iarradar clann Israéil ar Shamuel rí do
cheapadh dhóib agus do chur ós a gcionn bhí diombádh
air chucha. Thuig sé i n'aigne go raibh sé tar éis a dhíthil
a dhéanamh dóibh riamh agus gur b'é buidheachas a bhí
aige dh'á fhághail uatha i ndeire a shaoghail 'ná druim
lámha thabhairt leis agus a iarraidh air gan bheith 'n-a
bhreitheamh ortha a thuille ach rí thabhairt dóibh. Thuig sé
go raibh eugcóir throm acu á dhéanam air agus bhí sé
'ghá ngearán leis an dTighearna. Do labhair an Tigh-
earna leis 'ghá fhreagradh.



“Sgaoil leó,” arsan Tighearna leis. “Tabhair a
dtoil féin dóibh. Dein an rud atá acu á iarraidh ort
a dhéanamh. Ní leat-sa atá druim lámha acu á thabhairt
ach liom-sa. Is mise nách áil leo a bheith am' rí ós a
gcionn. Tabhair a slighe féin dóibh. Táid siad ag
cur am' choinnibh ar an gcuma san riamh ó'n lá a thugas
amach as an Éigipt iad go dtí an lá indiu, am' thréigean
agus ag glacadh déithe bréige. Éist leó anois agus
tabhair a dtoil féin dóibh. Ach so. Deimhnigh dóibh,
agus innis roim ré dhóibh cad é ceart an rí atá le bheith
ós a gcionn.”



Ansan do labhair Samuel leis na daoine an chainnt
adubhairt an Tighearna.



“Ní foláir libh,” arsa Samuel, “go gcurfinn rí
ós bhúr gcionn. Isé órdú an Tighearna dhom go 'neós-
finn díbh ar dtúis cad a dhéanfidh an rí sin nuair a
bheidh sé ós bhúr gcionn. Tógfidh sé bhúr gclann mhac
agus cuirfidh sé 'n-a charbadaibh iad. Déanfidh sé


L. 343


marcra agus troightheacha dhó féin díobh chun bheith ag
gluaiseacht roimhe n-a charbadaibh. Cuirfidh sé fhiachaint
ortha a chuid tailimh do threabhadh agus an fóghmhar a bhaint
dó, agus airm a dhéanamh dó, agus carbaid a dhéanamh
dó. Tógfidh sé bhúr gclann inghean agus cuirfidh
sé fhiachaint ortha bheith 'n-a n-ungadóiríbh dó agus 'n-a
gcócairíbh, agus 'n-a mbácéiríbh, ag déanamh aráin d'á
theaghlach. Tógfidh sé uaibh an talamh is fearr agaibh
agus tabharfidh sé d'á sheirbhírigh féin é, agus caithfidh
sibh deachmhadh do dhíol leis as gach toradh d'á dtiocfidh
as an dtalamh chughaibh. Agus tógfidh sé uaibh bhúr gcail-
íní agus bhúr mbuachaillí agus an chuid is fearr d'bhúr
bhfearaibh óga, agus na h-asail is fearr agaibh agus
cuirfidh sé ag déanamh a chod' oibre féin iad. Agus
cuirfidh sé fhiachaint oraibh deachmhadh do dhíol as pé
treud agus stoc a bheidh agaibh. Is amhlaidh a bheidh
sibh i nbhúr ndaoraibh aige amuich 's amac. Ansan beidh
sibh ag sgreadaigh, ag glaodhach ar an dTighearna, 'ghá
iarraidh ar an dTighearna sibh a dh'fhuasguilt ó'n rí. Ach
ní éistfidh an Tighearna libh an uair sin mar is sibh féin
a dh'iarr go gcurfí an rí ós bhúr gcionn.”



Ach ní éisfidís leis.



“Is cuma linn,” ar siad, “caithfimíd rí bheith ós ár
gcionn againn fé mar atá ag na geintibh seo go léir
atá i n-ár dtímpal agus beidh an rí 'n-a bhreitheamh ós
ár gcionn agus beidh sé ag gabháil rómhainn amach
agus troidfidh sé ár gcathana i gcoinnibh ár namhad.”



D'airigh Samuel an chainnt sin go léir ó'n bpobul
san agus do labhair sé leis an dTighearna agus chuir
sé cainnt an phobuil i láthair an Tighearna. Agus do
labhair an Tighearna le Samuel agus dubhairt sé:—



“Éist le n-a gcainnt agus imthigh agus faigh rí agus
cuir ós a gcionn é.”



Ansan do labhair Samuel leis an bpobul. “Imh-
thigheadh gach duine agaibh abhaile chun a thighe féin anois,”
ar seisean. D'imthighdar go léir abhaile.


L. 344


CXLVI.



AG LORG ASAL.



Le linn na h-aimsire céadna san do thárla go raibh
ar threibh Bheniamin fear gur bh'ainm dó Cis. Bhí ag
an bhfear san mac gur bh'ainm dó Saul. Fear mór
groidhe cumasach ab eadh an Saul san. Nuair a sheas-
uigheadh sé ameasg na bhfear bhíodh a cheann agus a
ghuailne os cionn na bhfear eile go léir bhí sé chómh
h-árd san agus bhí sé cúmtha córac do réir a aoirde.



Do h-áirimhtí an uair sin, ar shaidhbhreas duine, na
h-asail a bhíodh aige, fé mar a h-áirimhtear ar shaidhbhreas
duine anois, sa tír seo, na ba a bhíon aige. Bhí treud
asal ag athair Shaul agus do thárla gur imthighdar chun
fáin ar chuma éigin. Do labhair sé le Saul.



“Tóg leat, a mhic,” ar seisean, “duine de sna
buachaillíbh agus imthigh agus feuch an bhféadfá aon
tuairisg fhághail ar na h-asalaibh úd.”



D'imthigh Saul agus an buachaill ag lorg na n-asal.
Sa chuardach dóibh chuadar isteach sa tír ar a dtugtí
Cnoc Ephraim, agus as san anonn tré thír Shalisa,
agus ní bhfuaradar aon tuairisg ar na h-asalaibh.
Chomáineadar leó go ndeighdar isteach i dtir Shuph,
agus ní bhfuaradar tásg ná tuairisg ar na h-asalaibh.



“Is fearra dhúinn iompáil abhaile, a ghiolla,” arsa
Saul, “le h-eagla go mb'fhéidir gur mó an bhuairt
a bheadh ar m'athair mar gheall orainne 'ná mar gheall
ar na h-asalaibh.”



“Tá fear le Dia sa chathair seo anois,” arsan giolla,
“duine naomhtha iseadh é, duine uasal. Ní'l aon rud
adeir sé ná tagan chun cinn gan iomroll. Tá sé
chómh maith againn dul ag triall air agus b'fhéidir go
dtabharfadh sé dhúinn an t-eólus atá uainn.”



“Tá go maith,” arsa Saul. “Téidhmís ag triall air.
Ach feuch, ní'l aon nídh againn a thabharfimís dó.”


L. 345


“Tá píosa airgid anso agam-sa agus tabharfimíd
dó é,” ansan buachaill (Fisidhe a tugtí fadó ar dhuine
go mbíodh eólus, nú fios, ó Dhia aige, fáig a
tugtar anois air.)



“Is maith an áit 'n-a rabhais,” arsa Saul leis an
mbuachaill. “Téanam agus raighmíd ag triall air.”



Chuadar isteach sa chathair. Bhuail rainnt cailíní
úmpa, a bhí ag dul amach a d'iarraidh uisge.



“An anso atá an fisidhe?” arsa Saul leis na
cailíníbh.



“Iseadh,” ar siad san. “Tá sé rómhaibh amach. Ní'l
agaibh ach brostú. Is indiu a tháinig sé, mar tá ídhbirt
le bheith sa n-áit árd. Táthar ag feitheamh leis thuas.
Ní'l agaibh ach brostú.”



D'imthighdar suas tríd an gcathair. Do bhuail
Samuel úmpa. Bhí fhios ag Samuel iad a bheith ag teacht
agus d'aithin sé iad mar d'innis an Tighearna dhó indé
roimis sin iad a bheith ag teacht. “Um an dtaca so
amáireach,” arsan Tighearna le Samuel, “cuirfad-sa
ag triall ort fear de threibh Bheniamin agus úngfir é
'n-a cheann uraid ar mo phobul, clann Israéil, agus
fuasgalóchaidh sé mo phobul ó chómhacht na bhPhilistíneach,
óir tá truagh agam dom' pobul, mar táid siad ag
éigheamh orm.” Agus nuair fheuch Samuel ar Shaul thug
an Tighearna cogar 'n-a chluais do Shamuel agus dubhairt
sé leis; “Siné an fear adubhart leat. Siné an fear
a bheidh 'n-a rí ar mo phobul.”



Thug Saul, le n-a linn sin, aghaidh ar Shamuel, díreach
mar a thabharfadh sé ar aon fhear. “Taisbeáin dom,
led' thoil,” ar seisean, “cá gcómhnuighean an fisidhe
anso?”



“Mise an fisidhe,” arsa Samuel, “agus imthigh-se
anso suas rómham anois go n-ithidh sibh bia am' fhochair
indiu agus go leogad chun siubhail sibh amáireach,
agus 'neósfad duit gach nídh d'á bhfuil at' aigne agat.
Agus i dtaobh na n-asal úd a dh'imthigh ar fán arú indé


L. 346


uaibh, ná bíodh aon cheist ort mar gheall ortha. Do
fuaradh iad. Ach feuch cé aige go mbeidh sochar phobuil
Israéil go léir? Nách agat-sa agus ag teaghlach
t'athar?”



“Ach cé h-é mise, a dhuin'uasail!” arsa Saul, “chun
a rádh go gcaithfá-sa an chainnt sin liom!”



CXLVII.



AN t-ÚNGADH.



“Cé h-é mise?” arsa Saul le Samuel, “go gcaithfá
an chainnt sin liom? Nách duine me de'n treibh is
ísle de chlainn Israéil?” Ach do rug Samuel Saul
agus an buachaill isteach i seómra an bhídh agus chuir
sé 'n-a suidhe ag ceann cláir iad os cionn a raibh
tabhartha ann d'uaislibh a fuair cuire. Ansan do labhair
Samuel leis an bhfear tighis agus dubhairt sé leis:—
“Tabhair chugham an mhír úd a thugas duit agus adubhart
leat a chimeád fé leith dhom.”



Ansan thug an fear tighis leis guala feóla agus
chuir sé os cómhair Shaul an ghuala, agus dubhairt
Samuel le Saul; “glac an mhír sin agus ith é mar do
cimeádadh d'aon ghnó é ad' chóir nuair a tugadh cuire
do'n chuideachtain seo.” Agus do ghlac Saul agus
Samuel bia i bhfochair a chéile an lá san.



Nuair a bhí an bia caitthe acu thánadar anuas sa
chathair, ó'n áit árd, agus chuir Samuel cóir codlata
ar Shaul. Ar maidin amáireach a bhí chughainn do
ghlaoidh Samuel ar Shaul ar eirighe lae. “Eirigh,” arsa
Samuel, “go gcuiread uaim thu.”



D'eirigh Saul agus ghluais sé féin agus Samuel
amach go h-imeal na catharach. Nuair a bhíodar i
n-imeal na cathasach do labhair Samuel.



“Labhair leis an mbuachaill agus abair leis imtheacht
rómhat tamal i dtreó go mbeidh sé as ár radharc, go


L. 347


n-innsead duit focal an Tighearna.” Do labhair Saul
leis an mbuachaill agus d'imthigh an buachaill. Ansan
do thóg Samuel áthrach beag oíle a bhí aige agus do
dhoirt sé an oíle ar cheann Shaul, agus thug sé póg dó,
agus dubhairt sé: “Feuch tá an Tighearna tar éis thusa
d'úngadh ad' rí anois os cionn a phobuil agus fuas-
galóchair a phobul ó lámhaibh na namhad san atá 'n-a
dtímpal. Agus beidh so mar chómhartha agat ar thu
bheith úngtha ad' rí ag an dTighearna os cionn a phobail.
Tar éis tu dh'imtheacht uaim-se indiu casfar ort beirt
fhear i n-aice le h-uaigh Rachel, i dtír Bheniamin, i
meadhon an lae; agus déarfid siad leat, na h-asail
úd go rabhais 'ghá lorg, do fuaradh iad, ach tá buairt
aigne ar t'athair mar gheall ort-sa. Agus nuair
imtheóchair as an áit sin agus a thiocfir go dair Taboir,
gheóbhair triúr fear agus iad ag dul suas go Betel
chun an Tighearna, agus trí bullóga aráin ag fear
acu agus trí mionáin ag fear eile acu, agus áthrach
fíona ag an dtrímhadh fear. Beannóchaid siad duit
agus taraiceóchaid siad dhá cheann de sna bullógaibh
duit, agus glac-sa uatha iad. Tiocfir 'n-a dhiaidh san
go dtí cnoc Dé mar a bhfuil stad ag na Philistínigh.
Agus nuair a raghair isteach sa chathair sin chífir ag
teacht ad' choinnibh cualacht fáigí agus iad ag teacht
anuas as an áit árd, agus saltar agus timpán agus
feadán agus cruit acu, agus an chualacht ag fáigea-
dóireacht. Agus léimfidh spirid an Tighearna isteach
ionat-sa agus beidh tú féin ag fáigeadóireacht mar
aon leó, mar beidh atharú tagaithe ort. Déanfidh
duine eile dhíot. Ansan, nuair a bheidh na cómharthaí
sin go léir tagaithe chughat dein pé rud a thiocfidh chun
do lámha mar tá an Tighearna leat. I gcionn seacht
lá bead-sa féin ad' fhochair agus taisbeánfad duit
cad a bheidh le déanamh agat.”



Do sgaradar, agus thuit gach nídh amach do Shaul fé
mar adubhairt Samuel a thuitfadh. Nuair a bhuail an


L. 348


chualacht fáigí uime agus nuair a chrom sé féinig ar an
bhfáigeadóireacht leó bhí iongna ar na daoine a chonaic é
agus chromadar ar a fhiafraighe, “an bhfuil Saul féin
i n'fháig!” Agus do lean an cheist sin mar a bheadh
seanfhocal i mbéalaibh daoine.



Tháinig sé abhaile agus d'innis sé d'á mhuinntir a
chuarda i dtaobh na n-asal agus conus mar a bhí sé
i bhfochair Shamuel, ach níor innis sé aon fhocal de'n
chainnt adubhairt Samuel leis i dtaobh na rígheachta.



Ach do chuir Samuel fógra amach 'ghá iarraidh ar
chlainn Israéil go léir teacht chuige go Maspha, go
mbeidís i láthair an Tighearna. Thánadar. Do labhair
sé leó.



“Seo mar adeir an Tighearna,” ar seisean leó.
“Do thugas-sa clann Israéil amach as an Éigipt, agus
d'fhuasgalas sibh ó chómhacht na n-Éigipteach, agus ó
chómhacht na righthe go léir a bhí ag déanamh eugcóra
oraibh agus ag cur géibhinne oraibh. Ach do theiligeabhair
uaibh indiu me, agus ní h-áil libh mé bheith am' rí ós bhúr
gcionn a thuille.”



CXLVIII.



SAUL I N-A RÍ.



Ansan do chuir Samuel fé chrannaibh clann Israéil
go léir. Sa chéad chrannchur do thuit an crann ar
threibh Bheniamin. Do cuireadh cineacha na treibhe sin
fé chrannaibh agus do thuit an crann ar chine Mhetri.
Do cuireadh fir na cine sin fé chrannaibh agus do thuit
an crann ar Shaul, mac Chis. Do glaodhadh ainm Shaul
agus ní raibh sé le fághail. Do labhradh leis an dTigh-
earna 'n-a thaobh. Dubhairt an Tighearna go raibh Saul sa
bhaile 'n-a thigh féin i bhfolach. D'imthigh na daoine chun
an tighe agus thugadar leó amach é agus do sheasaimh


L. 349


sé 'n-a measg agus bhí a cheann agus a dhá ghualainn
suas os cionn an phobuil go léir.



“Seadh!” arsa Samuel, “siné an rí atá ceapaithe
ag an dTighearna dhíbh, agus is rí é i gceart. Ní'l a
leithéid eile d'fhear le fághail.”



“Go mairidh an rí!” arsa na daoine go léir.



Ansan do sgríbh Samuel síos i leabhar dlighthe na
rígheachta agus chuir sé an leabhar san os cómhair an
Tighearna. Ansan chuir Samuel na daoine go léir
abhaile, gach aoinne chun a thighe féin, agus d'imthigh
Saul abhaile chun a thighe féin i nGabaa, agus do sprioc
an Tighearna cuid de sna fearaibh armtha agus do
ghluaiseadar i n-aonfheacht leis mar ghárda. Bhí cuid
de'n phobul, ámhthach, agus ní raibh aon mheas acu ar
Shaul.



“An é sin a dh'fhéadfidh sinn a shaoradh ó n-ár
namhaid!” ar siad. Agus níor thugadar aon chíos ag
triall air. Ach níor leog seisean air gur thug sé fé
ndeara an sgéal.



Bhí clann Ammoin 'n-a gcómhnuidhe sa tír lastoir
de'n Iórdan. Bhí rí ortha agus Naas ab ainm dó. Bhí
an rí sin ag cur isteach go h-ana dhian ar an gcuid de
chlainn Israéil a bhí sa tír ar a dtugtí Iabes Galaad.



Dheineadar-san rud éigin a chuir fearg ar Naas.
Bhíodar fé chíos aige agus ní raibh aon chur i gcoinnibh an
chíosa acu. Ní raibh sé sásta leis sin, pé cúis a bhí
aige ortha.



“Socaruigh linn,” ar siad leis, “agus díol-
fimíd an cíos leat go beacht.”



“Ní dhéanfad aon tsocarú libh,” ar seisean, “go
dtí go ndéanfad rud eile ar dtúis. Bainfad an
tsúil dheas amach a' ceann gach fir agaibh agus ansan
déanfad socarú libh. Cuirfad aithis oraibh os cómhair
clainne Israéil go léir.”



Dubhradar-san; “Tabhair seachtmhain dúinn agus
cuirfimíd teachtairí tré chríochaibh Israéil, agus mara


L. 350


dtagaidh aon duine chun cabhruighthe linn tiocfimíd ag
triall ort agus féadfir do thoil a dh'imirt orainn.”



Dheabhróchadh an sgéal gur thug sé an tseachtmhain
dóibh. Is dócha go raibh sé deimhnightheach nár bhaoghal
go dtiocfadh aon chosantóir ag triall ortha agus gur
mhór an sásamh aigne leis a rádh go n-umhlóchaidís iad
féin chómh h-íseal san dó, .i. go dtiocfidís ag triall
air, uatha féin, chun go mbainfadh sé na súile asta.



Chomáineadar chun siubhail na teachtairí. Tháinig
cuid de sna teachtairíbh go dtí Gabaa, mar a raibh Saul.
D'innseadar cad a thug iad. Bhí a lán daoine ann ag
éisteacht leó. Nuair airigh na daoine an sgéal chro-
madar go léir ar ghol. Ní raibh Saul láithreach nuair
a tháinig na teachtairí. Bhí sé amuich i bpáirc agus é ag
treabhadh. Níor bh'fhada go dtáinig sé agus seisreach
damh roimis amach. Chonaic sé na daoine ag gol. “Cad
fé ndeár an gol?” ar seisean. Do h-innseadh dó.
Deir an Bíobla gur léim spirid an Tighearna isteach
ann, gur las fearg bhuile ann, gur mhairbh sé an dá
dhamh láithreach agus gur dhein sé blúirí beaga dhíobh
agus gur chuir sé blúire de'n fheóil chun gach críche de
chríochaibh Israéil, ghá iarraidh ar fhearaibh Israéil
teacht chuige láithreach, agus aoinne ná tiocfadh go
ndéanfí le n-a dhamhraidh mar a deineadh leis an
ndamhraidh sin.



CXLIX.



ÉIRLEACH.



Chómh luath agus do shrois an teachtaireacht san feara
Israéil tháinig eagla ortha roimis an rí agus roimh
Shamuel agus ghluaiseadar, 'n-a gcéadtaibh agus 'n-a
míltibh, ag teacht go Gabaa. Ní rabhadar abhfad ag
teacht. Nuair a bhíodar cruinnighthe bhí ana mhór shluagh


L. 351


le méid ann. Bhí trí chéad míle fear de chlainn Israéil
ann agus deich míle fhichead fear d'fhearaibh Iúda. Chuir
Saul na teachtairí abhaile ag triall ar na daoine go
rabhthas chun na súl a bhaint asta agus bhí fhios acu nuair
airighdar an nídh a bhí déanta, nár bhaoghal d'á súilibh.
Chomáineadar teachtairí láithreach, go breágh séimh,
umhal, soghluaiste, ag triall ar Naas, agus sidí teach-
taireacht a thugadar do sna teachtairíbh:—



“A rí onóraigh, fé mar a gheallamair dot' onóir,
táimíd ag dul ag triall ort ar maidin amáireach chun
leogaint duit na súile bhaint asainn. Tá súil againn,
ámhthach, ó táimíd chómh h-umhal duit, go mb'fhéidir ná
beidh t'onóir chómh dian orainn agus adeirir.”



Gan amhras do gháir sé. Ach má gháir ní le h-aon
daonacht a gháir sé. Bhí sé sásta i n'aigne. Daoine
ag teacht ag triall air, uatha féin, do shiubhal a gcos
féin, chun leogaint dó na súile bhaint amach as a gcean-
naibh! An bhfuair aon rí eile riamh a leithéid d'umhluidh-
eacht! Bhí an machtnamh san i n'aigne agus é ag dul
a chodladh agus chodail sé go sámh agus go suairc mar
gheall ar an machtnamh san. Go moch ar maidin do
h-airigheadh slóighte ag teacht. Cheap na h-Ammonítigh
go léir, nídh nár bh'iongna, gur bh'iad muinntir Iabes
Galaad a bhí ag teacht chun go mbainfí na súile asta.
Ba mhór an iongna, ámhthach, a leithéid de mhór shluagh
bheith ag teacht chun sgaramhaint le n-a súilibh! Bhí
mór shluagh Ammoin cruinnighthe i n-aon áit amháin go
bhficfidís an radharc, an pobul mór fear agus an
tsúil dheas le baint amach a' ceann gach fir díobh! Ba
chómhachtach an rí Naas agus a rádh go raibh ar a chumas a
leithéid do dhéanamh, a chur fhiachaint ar fhearaibh luatha
láidire óga teacht ar an gcuma san, do shiubhal a gcos
féin agus leogaint dó na súile bhaint asta! Ní raibh
fhios ag clainn Ammoin an uair sin go raibh breis
agus trí chéad míle fear ag teacht. Do dhún an trí
chéad míle fear san isteach 'n-a dtímpal. Do ghluais


L. 352


an t-éirleach 'á dhéanamh, éirleach ná raibh coinne leis.
Do lean an t-éirleach ó bhreacadh an lae go dtí go
raibh brothal an lae tagaithe. Bhí clann Ammoin ídighthe
um an dtaca san, nú an méid ná raibh curtha chun báis
díobh bhíodar sgaipithe sgáinte, i dtreó ná raibh aon
bheirt acu i n-aonfheacht, ach gach aoinne ag gluaiseacht
i n'aonar, go singil, agus a cheann féi aige, agus d'á
luathacht a dh'fhéadfadh sé é féin do shádh i dtor nú i
bpoll talmhan gur bh'eadh ab fhearr leis é.



D'fhág san an chine sin tréith go maith. Ní bhfuaradar
a leithéid de dhísgiú ó'n uair a thug Iephte an íde ortha
mórán blian roimis sin. Níor bhaoghal do chlainn
Israéil iad feasta, go dtí, pé'r domhan é, go mbeadh
tréimhse eile curtha dhíobh acu chómh fada leis an
dtréimhse a bhí idir iad agus aimsir Iephte.



De chonaic clann Israéil go raibh gníomh rí dáiríribh
déanta ag Saul nuair a bhí an fhuasguilt sin
tabhartha aige ar an muinntir go raibh na súile le baint
asta. Do chruinnigh sé an mór shluagh chómh tapaidh
agus thug sé leis chun an chatha iad chómh mear, agus bhí
an cath buaidhte aige, ba dhóich le duine, sar a raibh uain
aige ar an gcath do thosnú, i dtreó gur thuig na daoine
go léir ná féadfadh aon rí an bheart a dhéanamh ní
b'fhearr.



“Curtar chun báis na fir úd a bhí ag cáine an rí!”
arsa cách.



“Ní curfar aoinne chun báis indiu,” arsa Saul.



CL.



CLÚ SHAMUEL GAN MHACHAIL.



“Ní curfar aoinne chun báis indiu,” arsa Saul,
“mar tá fuasguilt mhór déanta ag Dia indiu ar
Israél.” Tháinig uraim thar barr ag an bpobul go


L. 353


léir do Shaul nuair airighdar an focal san uaidh. Bhí
gníomh ríoga déanta aige nuair fhéad sé slóighte
móra Israéil do chruinniú chómh h-oban agus buadh bhreith
ar chlainn Ammoin sar a raibh fhios acu é bheith chucha
i n-aon chor, agus ansan, bhí nídh ba ríoga 'ná an gníomh
san féin déanta aige nuair a mhaith sé ó chroidhe do'n
mhuinntir a bhí tar éis tarcuisne thabhairt dó os cómhair
na poiblidheachta, do'n mhuinntir a bhíodh ag gearrachán
air agus ag cúlchainnt air agus 'ghá chur 'n-a luighe ar
chách ná raibh ann ach rí gan mhaith. Thuig gach aoinne gur
dheacair é mhaitheamh dóibh ach do mhaith Saul dóibh é agus
do thaisbeáin san go raibh croidhe mór maith aige agus
bhí áthas ar gach aoinne.



Dheabhróchadh an sgéal go raibh rainnt daoine ag
cur i gcoinnibh Shaul ó'n gcéad lá úd a ceapadh 'n-a
rí é. Nuair a bhí an buadh mór beirtha aige ar chlainn
Ammoin do tuigeadh gur stad an chúlchainnt agus
an tarcuisne agus ná raibh aon chur 'n-a choinnibh
as san amach. Ansan do labhair Samuel leis an
bpobul. “Tagaidh go léir go Galgala,” ar seisean,
“agus déanfimíd an rí d'óirdniú airís.”



Do chruinnigh an pobul go léir i nGalgala agus
do deineadh óirdniú poiblidhe ann ar Shaul i láthair an
Tighearna, agus do deineadh ídhbirt síothchána i láthair
an Tighearna, agus deir an Bíobla Naomhtha go raibh
áthas ana mhór an lá san ar Shaul agus ar an bpobul
go léir.



Ansan do labhair Samuel le clainn Israéil:—



“Feuch,” ar seisean, “tá déanta agam díbh do réir
bhúr dtoile. D'iarrabhair orm rí do sholáthar díbh agus
é chur ós bhúr gcionn. Siné ós bhúr gcionn anois an rí
agus ní miste rí do thabhairt air. Am' thaobh féin de,
táim i nbúr measg ó rugadh me. Tá mo shaoghal caithte
agam i nbhúr measg agus táim anso anois am' sheasamh
ós bhúr gcómhair. Labhraidh anois, i láthair an Tighearna
agus i láthair an rí ansan, agus innsidh dom: Ar


L. 354


thógas bó ná asal go h-aindleaghthach riamh ó aoinne
agaibh? Ar dheineas díobháil clú riamh d'aoinne agaibh?
Ar dheineas annsmacht riamh ar aoinne agaibh? Ar
ghlacas riamh breab amach a' láimh aoinne agaibh? Má
deir aon duine agaibh go bhfuil aon phioc d'á chuid agam
teilgfad chuige anois é.”



“Níor dheinis riamh díobháil clú d'aoinne againn ná
níor dheinis annsmacht ar aoinne againn ná níor
ghlacais riamh breab a' láimh aon duine againn,” ar
siad san.



“Is fínné i nbhúr gcoinnibh indiu an Tighearna, agus
an rí, ná fuil am' sheilbh-se aon nídh go bhfuil aon
éileamh ag aoinne agaibh air?” ar seisean.



“Is fínné,” ar siad san.



“Isé an Tighearna do chruthuigh Maois agus Aaron
agus do thug ár sínsear as an Éigipt!” arsa Samuel
leó. “D'á bhrígh sin seasuighidh ansan anois ós mo
chómhair i láthair an Tighearna go ndeinead aighneas
libh i dtaobh gach mór thrócaire d'ár dhein an Tighearna
oraibh féin agus ar bhúr sínsear. Conus mar a chuaidh
Iácób síos sa n-Éigipt; agus conus mar a bhí bhúr sín-
sear ag éigheamh ar an dTighearna; agus gur chuir an
Tighearna Maois agus Aaron síos sa n-Éigipt chun iad
a thabhairt aníos anso. Do tugadh aníos iad agus do
socaruigheadh iad i seilbh na tíre seo go daingean.
Ansan, nuair a bhíodar sa tseilbh níor chimeádadar
aon chuimhne ar an dTighearna, ar Dhia na Glóire, tar éis
a raibh déanta aige dhóibh.



CLI.



ÉIRLEACH FEARTHANA.



“Ansan do sgaoil an Tighearna iad fé smacht
na bhPhilistíneach agus fé smacht rí Mhóab, agus do luigh
annsmacht na namhad san go h-ana dhian ortha. Nuair


L. 355


a bhí lámh a namhad ró dhian ortha do chuimhnighdar ar an
dTighearna agus do ghlaodhdar air go h-árd agus
dubhradar:—



“Tá peaca déanta againn, mar do thugamair druim
lámha leis an dTighearna agus do chlaoidhmair le
Baalim agus le h-Astarot. Ach dein-se anois, a
Thighearna, sinn a dh'fhuasguilt ó n-ár namhaid agus
claoidhfimíd leat-sa.”



“Ansan do chuir an Tighearna chucha Gedeon, agus
Badan, agus Iephte agus Samuel, agus do saoradh
sibh ó nbhúr namhaid go léir mórthímpal agus bhí an
saoghal ar bhúr dtoil agaibh.”



“Ach nuair a tháinig Naas, rí clainne Ammoin i nbhúr
gcoinnibh do labhrabhair liom-sa agus dubhrabhair: ‘Ní
h-eadh ach curtar rí ós ár gcionn’; agus a fhios agaibh
go raibh an Tighearna, bhúr nDia, 'n-a rí ós bhúr gcionn.”



“Siné ansan anois bhúr rí agaibh, an rí a dh'iarrabhair
féin agus do thoghabhair féin. Feuch, tá an rí tabhartha
dhíbh ag an dTighearna.”



“Anois, má bhíon eagla an Tighearna oraibh, agus
má dheinean sibh réir an Tighearna, agus má éistean
sibh le n-a ghlór, agus má staonan sibh ó fheirg do chur
air, beidh sibh féin agus an rí seo atá ós bhúr gcionn
umhal d'bhúr dTighearna Dia. Ach má dheinean sibh a
mhalairt sin, má ghabhan sibh i gcoinnibh an Tighearna
agus má chuirean sibh fearg air, beidh a láimh trom
oraibh agus déanfidh sé díoltas oraibh.”



“Seasuighidh annsan anois agus chífidh sibh nídh iongan-
tach atá ag an dTighearna le déanamh os comhair bhúr
súl. Nách é seo fóghmhar na cruithneachtan atá againn?
Ní h-airightear tóirthneach choidhche i bhfoghmhar na cruith-
neachtan. Ach glaodhfad-sa anois ar an dTighearna
agus tiocfidh tóirthneach agus fearthainn, 'gha chur i n-iúil
díbh go soiléir gur dheineabhair droch nídh malluighthe
dhíbh féin i láthair bhúr dTighearna Dia nuair iarrabhair
go gcuirfí rí ós bhúr gcionn.”


L. 356


Ansan do labhair Samuel go h-árd ghá iarraidh ar an
dTighearna an tóirthneach agus an fhearthainn do chur
uaidh. Tháinig an tóirthneach go sgannramhail agus do
thuit an fhearthainn go h-uathbhásach. Nuair airigh na
daoine an tóirthneach agus nuair a chonacadar an
t-éirleach fearthana tháinig sgannra ortha go léir. Do
sgreadadar ar Shamuel ghá iarraidh air a ghuidhe do chur
chun an Tighearna ar a son. “Ó,” ar siad, “cuir do
ghuidhe chun an Tighearna ar ár son agus iarr air gan
sinn a chur chun báis. An peaca is mó d'ár dheineamair
riamh tá sé déanta againn anois. Dheineamair aimh-
leas dúinn féin nuair iarramair ort rí do chur ós ár
gcionn!”



“Ná bíodh an t-eagla san oraibh,” arsa Samuel leó.
“Dheineabhair, gan amhras, an t-olc agus an t-aimhleas
san go léir ach bíodh muinighin agaibh as an dTighearna.
Is sibh pobul an Tighearna. Do thoibh sé féin sibh.
Leanaidh é go dílis. Ná leanaidh neithe baoithe mar
ní'l aon tairbhthe ionta. Ní dhéanfidh neithe baoithe
aon tairbhthe dhaoibh. Ní baoghal daoibh ná go leanfad-sa
ag cur mo ghuidhe chun an Tighearna ar bhúr son. Dá
stadainn de sin dhéanfinn peaca i gcoinnibh an Tigh-
earna. Múinfad díbh an tslighe chun Dé atá díreach
cóir. Bíodh eagla an Tighearna oraibh agus deinidh
réir an Tighearna ó chroidhe go h-iomlán. Ach má
iompuighean sibh féin agus an rí atá oraibh, agus má
leanan sibh bóthar an uilc, dísgeófar sibh féin agus é
féin i n-aonfheacht.”



Bhí Saul suidhte daingean sa rígheacht ansan agus do
réir lucht eóluis bhí sé deich mbliana fichead an uair sin.
Rí maith ab eadh é ar feadh rainnt aimsire, cúpla bliain
nú mar sin, ach tar éis an chúpla blian san tháinig
atharú air; d'iompuigh sé i gcionnibh Shamuel agus
i gcoinnibh Dé agus do fíoradh an focal adubhairt
Samuel 'n-a thaobh.


L. 357


CLII.



ÍDHBIRT NÁR CHEART.



Tar éis an chatha úd i gcoinnibh Naais agus chlainne
Ammoin bhí meas ana mhór ar Shaul ní h-amháin ag clainn
Israéil ach ag gach namhaid d'á raibh ag clainn Israéil
chómh maith. Do thuig na Philistínigh an gníomh a bhí
déanta ag an rí nua ar Naas agus ar chlainn Ammoin
agus ní rabhadar ró shásta 'n-a n-aigne. Thuigeadar go
mb'fhéidir gur bhaoghal dóibh féin an fear a dhein an gníomh
san, agus é dhéanamh chómh h-oban, agus chómh meillteach.
Bhí smacht acu ar chlainn Israéil ar feadh abhfad roimis
an aimsir sin, agus i dtreó gur bh'usaide dhóibh an
smacht do chimeád i bhfeidhm bhí dlighthe déanta acu ghá
chosg ar chlainn Israéil aon tsaghas airm faobhair a
dhéanamh ná a bheith acu. D'á bhrígh sin nuair a deineadh
an t-éirleach mór ar Naas agus ar chlainn Ammoin bhí
iongna ar na Philistínigh. Ní raibh fhios acu, ámhthach,
cad é an saghas armála a bhí ag clainn Israéil sa chath
i gcoinnibh clainne Ammoin. Laistiar de chrích Israéil
a bhí na Philistínigh 'n-a gcómhnuidhe, ar bruach na Mara
Torríann; agus lastoir d'abainn Iórdain a bhí clann
Ammoin 'n-a gcómhnuidhe. D'fhág san go raibh an cath
buailte agus an t-éirleach déanta ar chlainn Ammoin
sar ar airigh na Philistínigh ná puinn aon daoine laistiar
aon tuairisg air. Ach níor bhfada 'n-a dhiaidh san gur
airigh gach aoinne, thoir agus thiar, tuairisg chruinn air.
D'airigh na Philistínigh an tuairisg agus bhí iongna
ortha. Dubhradar leó féin gur bh'fearr eirighe i n-am
agus a smacht do dhéanamh níba dhaingine ar chlainn
Israéil. Chruinnighdar mór shluagh agus thánadar go
h-áit ar a dtugtí Machmas. Deir an cúntas sa
Bhíobla go raibh deich míle fhichead de charbadaibh cogaidh


L. 358


acu sa n-áit sin agus sé mhíle marcach agus slóighte
troightheach nár bh'fhéidir a chómhreamh bhí oiread san ann
díobh. Nuair a chonaic an méid de chlainn Israéil a
bhí sa chómharsanacht an mór-shluagh san istigh 'n-a lár do
ritheadar as an áit le n-a n-anam. Chuaidh cuid acu
thar Iórdan soir. Ní raibh Machmas abhfad ó bhruach
abhan Iórdain, ó'n áit 'n-a dtáinig Iósue treasna
na h-abhan anoir mórán aimsire roime sin. An chuid
de chlainn Israéil nár fhéad imtheacht as an áit is amhlaidh
a bhíodar sáidhte i bhfolach, i bpluaisibh caraigreach agus
i bpollaibh talmhan, le sgannra roimis an mór shluagh
namhad. Bhí Saul sa n-áit ar a dtugtí Gabaa agus
gan aige ach sé chéad fear. Bhí geallta ag Samuel
dó go dtiocfadh sé chuige i gceann seachtmhaine.
D'imthigh an tseachtmhain agus ní raibh Samuel ag teacht.
Bhí ídhbhirt le déanamh nuair a thiocfadh sé. Chómh luath
agus bhí an tseachtmhain caithte do dhein Saul féin
an ídhbirt gan feitheamh a thuille. Chómh luath agus
bhí an ídhbirt críochnuighthe tháinig Samuel.



“Cad é seo atá déanta agat?” ar seisean leis an
rí.



“Bhí na fir ag sleamhnú chun siubhail uaim,” arsan rí,
“agus ní rabhais-se ag teacht fé mar a gheallais, agus
dheineas féin an ídhbirt chun an Tighearna. Bhí eagla
orm go gcuirfadh na Philistínigh cath orm agus gan an
ídhbirt déanta. B'éigean dom an ídhbirt do dhéanamh.
Ní raibh leigheas agam air.”



“Dheinis beart díthcéille,” arsa Samuel leis, “Níor
chómhlíonais an t-órdú a thug do Thighearna Dia dhuit.
Dá gcómhlíontá an t-órdú san bheadh an Tighearna tar
éis thu dhainginiú anois i rígheacht os cionn chlainne
Israéil go brách. Ach ní mar sin a bheidh feasta. Ní
thiocfidh aon bhreis ar do rígheacht. Tá fear ceapaithe
ag an dTighearna, fear atá do réir a chroidhe féin chun
bheith 'n-a cheann uraid ar a phobul, toisg nár chómhlíonais-
se an t-órdú a thug an Tighearna dhuit.”


L. 359


Ansan d'imthigh Samuel go Gabaa agus bhí Saul agus
Iónatan agus an sé chéad fear 'ghá gcosaint féin ar na
Philistínigh chómh maith agus d'fhéadadar é.



CLIII.



CÍRÉIP.



Bhí Saul agus a shé chéad fear 'ghá gcosaint féin, chómh
maith agus d'fhéadadar é, ar an mór shluagh Philistíneach.
Ghá gcimeád féin i bhfolach iseadh is mó a bhíodar. Bhí
sgannra ortha, agus níor bh'iongna é. Do ghluais trí
cualachta amach ó mhór shluagh na bhPhilistíneach agus
chromadar ar chreachaibh do chruinniú chun iad a thabhairt
leó isteach. Bhí Iónatan, mac an rí, agus a ghiolla
airm, i n-áit ná raibh abhfad ó mhór shluagh na bhPhilistíneach.
Bhí talamh árd agus é lán de charaigreachaibh idir an
mbeirt agus an áit 'n-a raibh an mhór shluagh suidhte.
Bhí cualacht Philistíneach, i bhfuirm lucht faire, i n-aice
na gcaraigreach, ar aghaidh na h-áite 'n-a raibh Iónatan
agus a ghiolla airm ar an dtaobh thall de sna caraig-
reachaibh. Bhí radharc ag an mbeirt ar an lucht faire,
ach ní raibh aon radharc ag an lucht faire ortha-san, ná
ní raibh aon chuimhneamh acu go rabhadar ann. Do
spriuc an Tighearna Iónatan chun gnímh a dhéanamh. Do
labhair sé le n-a ghiolla airm.



“Téanam, a ghiolla,” ar seisean. “Téidhmís anonn
chucha súd. B'fhéidir go mbeadh an Tighearna linn.”



“Pé áit 'n-a raghair, a rí,” arsan giolla, “raghad-sa
leat.”



Do ghluais an bheirt. Bhí osguilt bheag idir dhá
charaig de sna caraigreachaibh agus is ag lámhcán, ar a
nglúinibh, a chaithfidís dul suas tríd an osguilt sin.



“Chómh luath agus a bheimíd tagaithe i radharc an
namhad,” arsa Iónatan, “labharfar linn. Má deirtear


L. 360


linn, ‘fanaidh ansan go dtéidhmíd síos chughaibh,’ stad-
fimíd. Ach má deirtear linn, ‘tagaidh chughainn anso go
dtaisbeánamíd rud éigin díbh,’ téidhmís chucha mar
tá an Tighearna tar éis iad do thabhairt suas dúinn.”



D'imthighdar suas tríd an osguilt, ag lámhcán.
Níor bh'fhada go bhfeacathas iad. “Ó,” arsan mhuinntir
thuas, “táid clann Israéil ag teacht amach as na pollaibh
mar a rabhadar i bhfolach uainn. Tagaidh aníos anso
chughainn agus taisbeánfimíd rud éigin daoibh.” Do
rith an bheirt chucha agus chromadar ar iad do bhualadh.
Bhí tímpal fiche fear acu ann agus do mhairbh an bheirt
iad. Bhí tímpal acra tailimh sa láithreán ar ar dein-
eadh an troid sin agus an marbhú san. Do h-airigheadh
fothram na troda san ar fuaid na h-áite 'n-a raibh an
mhór shluagh suidhte. Níor bh'fhada gur h-airigheadh
fothram eile, fothram uathbhásach, an mhór shluagh go
léir i n-aon chíréip amháin, gach fear díobh ag troid
go fíochmhar leis an bhfear ba ghiorra dhó, agus iad ag
tuitim le lámhaibh a chéile chómh tiugh agus d'fhéadadís
a chéile do bhualadh. B'é toil an Tighearna iad do
dhalladh i dtreó nár aithnighdar a chéile. Do neartuigh
ar an bhfothram i dreó gur airigh Saul agus an sé
chéad é. Chonacadar an t-éirleach ar siubhal sa mhór
shluagh.



“Feuchtar cé tá amuich uainn!” ars an rí. Do
fuaradh ná raibh Iónatan acu. Do ghluais an rí agus
an sé chéad chun an mhór shlógh agus chromadar ar iad
do mharbhú, i dteannta an mharbhú a bhí acu féin 'á
dhéanam ar a chéile. D'eirigh na fir a bhí i bhfolach agus
do ritheadar isteach sa choimhsgar i dteannta an sé
chéad. Do ghluais an mhór shluagh, ar teiche as an áit,
agus do leanadar ag marbhú a chéile sa teiche dhóibh.
Do lean an rí agus clann Israéil iad, agus um an
dtaca 'n-a rabhadar glan as an áit ní sé chéad fear a
bhí ag gluaiseacht i n-aonfheacht leis an rí ach deich míle
fear. Níor stad an teiche agus an marbhú go dtí go


L. 361


dtánathas go Betabhen, agus do lean an teiche agus an
marbhú go dtí gur sroiseadh Aialon. Tháinig clann
Israéil thar n-ais ó'n áit sin mar bhíodar buailte
amach le tuirse.



Thaisbeán an cath san do Shaul nár ghádh dhó an díthineas
úd go léir a bheith air chun na h-ídhbirte dhéanamh; go
dtabharfadh an Tighearna an buadh dhó dá mba ná beadh
aige ach aon fhear amháin.



CLIV.



AN DEARBHÚ.



Nuair a bhí an t-éirleach 'á dhéanamh ar na Philistínigh,
iad ar teiche agus an talamh 'n-a ndiaid 'á chlúdach le
n-a gcorpaibh fé mar a thuitidís, ba dhóich le duine
ar Shaul gur bh'é féin a bhí ag déanamh na h-oibre
go léir. I lár na h-imtheachta agus an tóir agus an
teiche ag gluaiseacht ar buile dhein Saul dearbhú.
Do dhearbhuigh sé, aon fhear de shluagh Israéil a bhlaisfadh
bia go dtí go mbeadh an tóir críochnuighthe agus na
Philistínigh go léir marbh, go gcuirfí chun báis é. Do
ghluais an focal san ameasg na n-Israéilíteach agus
an té dh'airigh an focal ní baoghal gur bhlais sé bia
pé gádh a bhí aige le bia.



Do thárla go raibh Iónatan i n-áit eile, tamal ó'n
áit 'n-a raibh Saul nuair a dhein sé an dearbhú, agus
ná raibh aon phioc d'á fhios aige go raibh an dearbhú
déanta. Bhí sé ag gabháil tré choill bheag. Bhí mórán
meala ar an dtalamh ar fuaid na coille. Bhí Iónatan
chómh buailte amach san le tuirse go raibh ceó ar a
shúilibh agus a radharc ag imtheacht uaidh. Nuair a
chonaic sé an mhil 'n-a slaodaibh fé n-a chosaibh thóg sé
cnapóg di ar bhara na slaite a bhí 'n-a láimh aige agus


L. 362


chuir sé 'n-a bhéal í agus d'ith sé í. Níor bhlais aoinne
de sna fearaibh a bhí le n-a chois an mhil:—



“Do dhearbhuigh t'athair,” ar siad leis, “aon fhear a
bhlaisfadh bia go dtí go mbeadh an tóir críochnuighthe go
gcuirfí chun báis é.”



“Is olc a dhein m'athair é,” arsa Iónatan, “agus
a leithéid sin de dhearbhú do dhéanamh. Dá n-itheadh na
fir rainnt bídh chuirfadh sé spionadh ionta agus dhéan-
fidís an tóir níbha dhéine ar an namhaid 'ná mar fhéad-
fidís a dhéanamh gan an bia. Chíon sibh féin conus mar
a bhí an ceó ar mo shúilibh-se go dtí gur bhlaiseas an
mhil seo, agus conus mar a ghlan an ceó dhíobh nuair
itheas í.”



Nuair a shrois an tóir chómh fada le h-Aialon bhí na
h-Israéilítigh go léir chómh buailte amach san ná raibh
ionta oiread agus ciscéim eile siubhail do dhéanamh.
B'éigean dóibh stad. Bhí an oidhche ann, leis. Bhí an
lá críochnuighthe. Thuig na fir ó bhí an lá imthighthe nár
mhiste dhóibh bia chaitheamh. Bhí a ndóithin ainmhidhthe
aca le marbhú chun bídh, mar bhí na creacha acu a dh'fhan
i ndiaidh na bhPhilistíneach. Nuair a bhí an bia ithte
acu do chuimhnigh Saul gur bh'ana mhaith an rud dóibh
gluaiseacht airís agus teacht suas leis an méid a bhí
beó de sna Philistínigh agus teacht ortha i ndoircheacht
na h-oidhche, an fhaid a bheidís 'n-a gcodladh, b'fhéidir,
agus iad do dhísgiú ar fad. Chuir sé an nídh sin i
gcómhairle na bhfear. Do thoiligh na fir go léir chuige.
Ansan chuir sé i gcómhairle an Tighearna é. Ní bhfuair
sé aon fhreagra ó'n dTighearna. Thuig sé i n' aigne
go raibh droch ghníomh déanta ag duine éigin de'n
tsluagh agus gur bh'é an droch ghníomh san fé ndeár
gan freagra theacht ó'n dTighearna chuige. Chuir sé é
féin agus an tsluagh go léir fé chrannaibh feuchaint cé
dhein an droch ghníomh. Thuit an crann ar Iónatan.



“Cad a dheinis, a mhic?” arsa Saul leis.



“Bhíomair ag gabháil tré choill,” arsa Iónatan,


L. 363


“agus bhí an mhil 'n-a slaodaibh fé n-ár cosaibh ar an
dtalamh. Do thógas cuid de'n mhil ar cheann na slaite
a bhí am' láimh agam agus d'itheas an mhil sin. Ní raibh
fhios agam an dearbhú bheith déanta agat-sa, a rí.”



Tháinig brón ana mhór ar an rí nuair airigh sé an chainnt
sin. “Is olc an sgéal é, a mhic,” ar seisean, “ach
ní féidir dul ó'n ndearbhú. Caithfar tu chur chun
báis!”



Nuair airigh an tsluagh an focal san d'eirighdar ar
buile. Do labhradar go léir d'aon ghuth:—



“Ní curfar Iónatan chun báis!” ar siad. “Is
tré láimh Iónatain a thug an Tighearna dhúinn buadh an
lae indiu. D'á bhrígh sin is fear é atá taithneamhach
i láthair an Tighearna agus ní curfar chun báis é.”
B'éigin do'n rí géille.



CLV.



DRUIM LÁMHA LE DIA.



Chuaidh an méid a bhí beó de sna Philistínigh saor an
oidhche sin. Níor leanadh iad. Agus níor cuireadh
Iónatan chun báis. D'iompuigh na daoine go léir i
gcoinnibh an rí, agus ó dhearbhuigh an rí go gcaithfí
Iónatan do chur chun báis do dhearbhuigh na daoine go
léir, i láthair an Tighearna, ná curfí chun báis é. Do
bhuaidh guth na ndaoine. Leis an mbuadh mírbhúilteach
a thug an Tighearna do Shaul agus do chlainn Israéil
an lá san ar na Philistínigh, i dteannta an éirligh úd a
dhein sé tamal beag roimis sin ar chlainn Ammoin agus
ar an rí Naas, do neartuigheadh cómhacht, agus úghdarás
Shaul go n-ana mhór. Dhein sé úsáid mhaith de'n neartú
san. Do chomáin sé cogaí ar siubhal láithreach i n-aghaidh
na namhad go léir a bhí 'n-a thímpal, i n-aghaidh righthe
Soba agus i n-aghaidh na bhPhilistíneach airís, agus pé
treó 'n ar bhuail sé cath do rug sé buadh agus d'fhuas-


L. 364


gail sé clann Israéil ó gach namhaid d'á raibh ag cur
ortha. I n-éaghmuis a chródhachta féin agus i n-éaghmuis
a thuisgionaighe i ngnóthaíbh cogaidh bhí éirim eile aigne
ann. Bhí sé ábalta ar na fearaibh ab fhearr gníomh
agus ba ghéire inntileacht do thabhairt fé ndeara agus do
thoghadh, agus do thógaint chuighe agus iad do chur mar
thaoiseachaibh airm, fé n-a láimh féin, ar a shlóightibh.



Nuair a bhí na cathana aige 'á throid agus an buadh
aige dh'á fhághail ar a namhaid go léir mórthimpal tháinig
Samuel chuige le teachtaireacht ó'n dTighearna agus
do labhair sé leis:—



“Do chuir an Tighearna mise chughat-sa chun go n-úng-
finn thu ad' rí ar a phobul, Israél. Chuir an Tighearna
chughat me anois le teachtaireacht eile. Éist liom
d'á bhrígh sin. Seo mar adeir an Tighearna: Is
cuimhin liom an rud a dhein Amalec nuair a bhí Israél
ag teacht aníos as an Éigipt; conus mar a throid sé i
gcoinnibh Israéil. Imthigh-se anois agus cuir cogadh
ar Amalec. Dein é féin agus gach nídh is leis do
dhísgiú, idir dhaoine agus beithidhigh agus ollmhaitheas.
Ná sanntuigh aon rud is leis, ach cuir é féin agus gach
nídh is leis ar neamhnídh.”



Do chruinnigh Saul a shlóighte agus chuir sé gleus agus
órdú ortha agus cómhreamh. Bhí dhá chéad míle troigh-
theach aige agus deich míle d'fhearaibh Iúda. Do ghluais
sé an mhór shluagh san agus thug sé aghaidh ódheas ar
thír Amalec. Bhí daoine iasachta éigin, sa tír, daoine
nár bhain le muinntir Amalec, agus thug Saul foláramh
do threibh iasachta a bhí i dtír Amalec. Dubhairt sé
leó imtheacht as an dtír le h-eagla go gcuirfí chun
báis iad i n-aonfheacht leis na h-Amalecíteachaibh.
D'imthighdar. Ansan do ghluais an mhór shluagh isteach
i dtír Amalec agus chuireadar chun báis na daoine
go léir, óg agus aosta. Chuireadar chun báis, ámhthach,
an chuid ba mheasa de sna beithidhigh agus chimeádadar
beó an chuid ab fhearr díobh. Ba thruagh leó na beithidhigh


L. 365


fhóghanta do mharbhú. Bhí an tsainnt ortha agus do
thaithn na beithidhigh fhóghanta leó féin agus leis an rí,
agus chimeádadar beó iad.



An oidhche chéadna san tháinig briathar an Tighearna
chun Samuel agus dubhairt an Tighearna:—



“Is truagh liom mar a dheineas rí de Shaul. Tá
druim lámha tabhartha aige liom. Níor chómhlíon sé
mo bhréithre.”



Bhí ana bhuairt ar Shamuel nuair airigh sé an chainnt sin
agus thug sé an oidhche ag guidhe chun an Tighearna ar
son an rí a d'iarraidh é chosaint ar fheirg Dé. D'eirigh
sé ar maidin agus thug sé aghaidh ar an áit 'n-a raibh
Saul. Do h-innseadh do Shaul go raibh Samuel ag
teacht. Bhí ídhbirt ag Saul 'á dhéanamh chun an Tighearna
de chuid de sna creachaibh a bhí tabhartha leis aige a' tír
Amalec. Chuaidh sé amach i gcoinnibh Shamuel agus
bheannuigh sé dhó. “Do chómhlíonas briathar an Tigh-
earna,” ar seisean, “fé mar adubhraís liom.” “Má
chómhlíonais briathar an Tighearna,” arsa Samuel,
“cad é an ceól é seo airighim mórthimpal na h-áite
seo go léir? Géimreach beithidheach agus caoire ag
méiligh. Cad a thug ann iad má chómhlíonais briathar
an Tighearna?”



“Do cimeádadh an chuid ab fhearr de sna beithidhigh
agus de sna caoire i dtreó go bhféadfí iad d'ídhbirt
chun an Tighearna, ach do marbhuigheadh an chuid eile
go léir,” arsa Saul.



CLVI.



PIONÓS AR SHAUL.



“Leog dom labhairt leat, a rí,” arsa Samuel, “go
n-innsead duit, an briathar a labhair an Tighearna
liom aréir ad' thaobh.”



“Labhair,” arsa Saul.


L. 366


“Seo mar a labhair an Tighearna,” arsa Samuel.
“Bhís suarach ad' shúilibh féin agus do deineadh ceann
ar chlainn Israéil díot. Dhein an Tighearna rí dhíot ar
chlainn Israéil. Ansan do thug an Tighearna nídh dhuit
le déanamh. Dubhairt sé leat Amalec do chur chun
báis. ‘Imthigh,’ ar seisean leat, ‘agus ídigh peacacha
Amalec. Imir bás agus íde ortha go léir.’ Níor
dheinis an rud adubhairt an Tighearna leat. Cad
chuige dhuit dúil a chur sa bhfoghail? Tá olc déanta
agat i láthair an Tighearna.”



“Do chómhlíonas an focal adubhairt an Tighearna,”
arsa Saul. “D'imireas íde ar Amalec agus tá rí
Amalec, .i. Agag, anso 'n-a phríosúnach agam. Do
chimeád mo dhaoine an chuid ab fhearr de sna beithidhigh
chun go ndéanfí iad d'ídhbirt chun an Thighearna i
nGalgala.”



“An ídhbirt ainmhidhthe is mian leis an dTighearna?”
arsa Samuel, “nú an umhluidheacht ó'n nduine is mian
leis? Is mó go mór is mian leis an dTighearna
duine bheith umhal dó agus a thoil do dhéanamh 'ná
duine bheith ag marbhú ainmhidhthe agus 'ghá n-ídhbirt
chuige. Neamhnídh iseadh an ídhbirt sin an fhaid ná
déanfar toil an Tighearna. D'iompuighis-se ó thoil
an Tighearna dhéanamh agus tá an Tighearna iompuighthe
uait-se anois. Ní rí thu feasta ag an dTíghearna.”



“Is fíor,” arsa Saul. “Tá peaca déanta agam.
Dhiúltuigheas do bhriathar an Tighearna agus dod' bhriath-
ar-sa. Ghéilleas do'n phobul mar bhí eagla orm
rómpa. Ach dein é mhaitheamh dom anois agus tar
liom go n-adhrad an Tighearna.”



“Ní raghad leat,” arsa Samuel, “óir do theilgis-se
uait briathar an Tighearna agus tá an Tighearna tar éis
tusa do theilgean uaidh i dtreó ná beidh tú ad' rí ar
Israél.”



Ansan d'iompuigh Samuel ó Shaul agus bhí sé ag im-
theacht uaidh. Do rug Saul greim ar iochtar chlóca


L. 367


Shamuel chun é chimeád. Do strac an clóca agus
d'fhan stial de i láimh Shaul.



“Sin mar atá do rígheacht stracaithe uait-se indiu,”
arsa Samuel, “tá an Tighearna tar éis rígheachta
Israéil do stracadh uait indiu agus é thabhairt do
dhuine eile, do dhuine is fearr 'ná thusa. An té is
buadhadóir i n-Israél ní staonan sé, ná ní lúbtar é
chun aithrighe. Ní h-ionan é agus duine, go bhféadfadh
sé aithrighe dhéanamh.



“Dheineas an peaca,” arsa Saul, “ach mar sin féin
tabhair onóir dom anois os cómhair seanóirí Israéil
agus os cómhair an phobuil, agus tar liom go n-adhrad
do Thighearna Dia.



Chuaidh Samuel leis ansan agus dheineadar Dia
d'adhradh. Nuair a bhí an t-adhradh déanta dubhairt
Samuel:—



“Tugtar chugham anso Agag.”



Do tugadh. Tháinig sé i láthair Shamuel. Fear ana
bheathuighthe ab eadh é. Bhí sé ag siubhal ana réidh agus
é ag crith le sgannra.



“An é an bás atá le h-imirt orm?” ar seisean
nuair a chonaic sé Samuel.



“D'fhág do chlaidheamh-sa go minic máithreacha gan
chlann. Fágfar do mháthair féin anois gan chlann,”
arsa Samuel. Ansan do chuir Samuel Agag chun
báis agus dhein sé miota beaga d'á chorp i láthair an
Tighearna i nGalgala.



Déarfadh duine, b'fhéidir, gur chruaidh an gníomh é.
B'fhéidir gur mó gníomh ba chruadha go mór 'ná é a
chuaidh chun é thuilleamh. B'fhéidir go raibh brígh cruaidh
leis an bhfocal úd adubhairt Samuel, “D'fhág do
chlaidheamh-sa máithreacha gan chlann go minic.”
Bh'fhéidir gur bh'é Saul a dhein an gníomh cruaidh nuair
adubhairt an Tighearna leis na droch dhaoine úd go léir
do chur chun báis agus nuair fhág sé an duine ba mheasa
acu go léir beó tar éis a raibh de ghníomharthaibh cruadha


L. 368


déanta aige ar chlainn Israéil, tar éis a raibh de
mháithreachaibh fágtha gan chlann, agá chlaidheamh. An
rud a bhí ceangailte ar Shaul a dhéanamh agus nár dhein
sé do dhein Samuel é.



Ansan d'imthigh Samuel abhaile go Ramata agus
chuaidh Saul suas go Gabaa agus ní fheacadar a chéile
a thuille an fhaid a mhaireadar. Ach bhí ana bhuairt ar
Shamuel i gcomhnuidhe mar gheall ar Shaul a dh'iompáil
amach chómh h-olc.



CLVII.



CEÓLAIDHE CLISTE.



Bhí buairt ana mhór ar Shamuel nuair a thuig sé go
raibh an Tighearna iompuighthe ar fad i gcoinnibh Shaul.
Bhíodh sé ag déanamh buartha do ló agus d'oidhche mar
gheall air. Fé dheire do labhair an Tighearna leis.



“Cad chuige dhuit-se bheith ag déanamh oiread san
buartha mar gheall ar Shaul?” arsan Tighearna leis,
“agus a fhios agat go bhfuilim-se tar éis é ghearradh
amach ó bheith 'n-a rí ar Israél? Cuir ola sa n-adharc
atá agat agus tar liom go gcuiread tu ag triall ar
Isai, an Betlamíteach, óir táim tar éis duine d'á
chlainn mhac do thoghadh chun bheith 'n-a rí.” Agus dubh-
airt Samuel leis an dTighearna. “Conus is féidir
dom dul ann, a Thighearna? Aireóchaidh Saul é agus
cuirfidh sé chun báis me!”



Agus dubhairt an Tighearna leis: “Beir leat
ceann de sna gamhnaibh agus abair gur chun ídhbirte
do dhéanamh chun an Tighearna ataoi. Ansan glaoidh
Isai chun na h-ídhbirte agus taisbeánfad-sa dhuit an
nídh a bheidh le déanamh agat, agus úngfir 'n-a rí an té
a thaisbeánfad duit.”



Dhein Samuel mar adubhradh leis. Tháinig sé go
Beitlehem. Bhí iongna ar mhuinntir na catharach san


L. 369


nuair a chonacadar chucha é. “An teacht síothchánta
agat é!” ar siad. “Teacht síothchánta,” ar seisean.
“Chun ídhbirte dhéanamh a thánag. Deinidh sibh féin
d'ullmhú chun na h-ídhbirte agus tagaidh chúichi.”



Thánadar. Tháinig Isai agus a chlann mhac le h-órdú
Shamuel. Chonaic Samuel Eliab, duine de sna macaibh.
“An é sin é?” ar seisean, i n'aigne, leis an dTigh-
earna.



“Ní h-é,” arsan Tighearna. “Ná feuch ar a ghnúis
ná ar aoirde a phearsan. Ní h-é atá toghtha agam. Ní
mar a chíon duine rud a chím-se rud, agus ní mar a
bhreithnighean duine rud a bhreithnighim-se é. Ní fheicean
an duine ach an taobh amuich. Chíon an Tighearna an
croidhe.”



Do ghlaoidh Isai ar Abinadab agus thug sé i láthair
Shamuel é. “Ní h-é sin atá toghtha ag an dTighearna,”
arsa Samuel. Do tugadh a raibh ann díobh i láthair
Shamuel.



“Ní h-aoinne acu san é,” arsa Samuel.



“An bhfuil aon mhac eile agat?” ar seisean.



“Tá aoinne amháin eile,” arsa Isai, “ach ógánach óg
iseadh é. Tá sé i mbun na gcaereach.”



“Cuir fios air,” arsa Samuel.



Do chuir. Tháinig sé. Dáibhid ab ainm dó. Bhí sé
óg, dathamhail, ruadh. “Eirigh agus dein é dh'úngadh,”
arsan Tighearna le Samuel. D'eirigh Samuel agus
tharraig sé chuige an adharc ola agus d'úng sé an fear
óg i lár a bhráithre. Agus tháinig spirid an Tighearna
chuige agus d'fhan sé aige ó'n lá san amach.



Deir cuid de'n lucht eóluis nár innis Samuel do'n
chuid eile de'n chlainn an brígh a bhí leis an úngadh.
Deir tuille gur innis sé d'Isai féin cad é an brígh a
bhí leis. Pé rud a deineadh níor bhfoláir gan an rún
do leogaint amach an uair sin mar do mharbhóchadh
Saul iad go léir. Nuair a bhí an gnó déanta d'imthigh
Samuel abhaile go Ramata.


L. 370


Nuair a bhí spirid an Tighearna tagaithe chun Dáibhid
bhí an spirid céadna imthighthe ó Shaul agus do ceaduigh-
eadh droch spirid éigin do dhul isteach ann agus bhíodh
an droch spirid sin 'ghá chrádh. Thug na daoine fé ndeara
go raibh droch nídh éigin ag imirt air. Bhíodh gruaim
uathbhásach air uaireanta. Do tuigeadh, dá gcurtí
ceól maith uasal dhá sheinnt dó go mb'fhéidir go ndéan-
fadh an ceól an ghruaim a thógaint de agus sobháilceas
do chur ar a chroidhe. Do labhradh leis agus do h-iarradh
cead air dul agus ceólaidhe éigin do sholáthar agus
do thabhairt chuige, ceólaidhe maith éigin, do sheinnfadh
ceól dó nuair a bheadh an droch spirid ghá chrádh,
le h-ionachas go mbainfadh aoibhneas an cheóil an
nimh as an ngruaim. Thug sé an cead. Bhí duine
láithreach ag éisteacht leis. Do labhair an duine. “Tá
aithne agam-sa,” ar seisean, “ar dhuine agus is dóich
liom gur b'é ceólaidhe is cliste ar chlainn Israéil
indiu é. Ógánach breágh dathamhail óg iseadh é, duine
de chlainn Isai iseadh é.”



Chuir an rí fios air. Tháinig sé. Do thaithn sé go
mór leis an rí an chéad radharc a fuair sé air. Bhí
a chruit ag an ógánach. Nuair a thagadh an crádh agus
an ghruaim ar an rí do sheinneadh an t-ógánach ar a
chruit. Le neart agus le binneas an cheóil d'imthigheadh
an droch spirid as an rí agus gheibheadh sé faoiseamh.



CLVIII.



AN FATHACH.



Cheap na Philistínigh nár bhfholáir dóibh iarracht chuthaigh
a dhéanamh ar chlainn Israéil do chimeád fé n-a smacht
agus nár bh'fholáir dóibh an iarracht san do dhéanamh
go luath nú go mbeadh clann Israéil agus a rí ró


L. 371


láidir dóibh, do réir mar a bhí ag eirighe leó, dá bhfág-
aidís an iarracht ró fhada gan déanamh. Chruinnighdar
mór shluagh agus chuireadar fútha i longphort i n-áit
ar a dtugtí Socho, ar thaobh cnocáin a bhí i n-aice
gleanna ar a dtugtí gleann na giúse, .i. Gleann
na Terebinte. Do chruinnigh Saul mór shluagh agus
chuir sé faoi ar an dtaobh eile de'n ghleann chéadna, ar
chnocán eile a bhí ann. Bhí an dá shluagh ansan ar aghaidh
a chéile ar an dá chnocán agus gleann na Terebinte
eatartha. Ar an gcuma san dóibh tháinig amach a'
longphort na bhPhilistíneach fear ana mhór ana láidir
agus d'fhógair sé cómhrac aonair ar shlóightibh Israéil.



“Cuiridh chugham anso,” ar seisean, “fear a dhéanfidh
cómhrac aonair liom. Má bhuadhan an fear san orm-sa
sa chómhrac bíodh na Philistínigh fé smacht chlainne Israéil
ach má bhuadhaim-se air-sean bíodh clann Israéil fé
smacht againn.”



Níor fhreagair aoinne an fhógairt. Tháinig sé amach
airís an mhaidean 'n-a dhiaidh san agus dhein sé an
fhógairt chéadna, agus níor fhreagair aoinne an fhógairt.
Do lean sé ar an gcuma san ag teacht amach gach aon
mhaidean a' longhphort na bhPhilistíneach go dtí go raibh
dachadh lá curtha dhíobh ag an dá shluagh, agus níor freag-
radh an fhógairt mar bhí an iomad eagla ag an uile
dhuine de chlainn Israéil roimis an bhfear mór.



Bhí an triúr ba shine de mhacaibh Isai tagaithe chun an
chogaidh agus bhí Dáibhid, an fear ab óige, sa bhaile,
mar ba ghnáth ag tabhairt aire do'n tréad caereach. Do
ghlaoidh Isai air. “Tar anso, a mhic,” arsa Isai, “go
mbeirir rainnt bídh go dtí an longphort ag triall ar
do thriúr drithár agus go dtugair chugham cúntas ar
conus atáid siad agus ar conus atá an cogadh ag
dul chun cinn.”



Do ghluais Dáibhid agus do rug sé leis an t-ualach
bídh. Nuair a shrois sé an longphort do thárla gur an
uair sin díreach a bhí an Philistíneach mór ag spídiúchán


L. 372


ar shlóightibh Israéil nuair ná cuirfidís fear amach chun
an chómhraic aonair a dhéanamh leis.



“Cé h-é siúd,” arsa Dáibhid leis an bhfear a bhí i
n'aice, “nú cad é an spídiúchán é sin ar siubhal aige?”
Do h-innseadh dó.



“Cad é an tuarastal atá le fághail ag an té throid-
fidh an fear mór san agus a bhainfidh a cheann de?”
arsa Dáibhid.



“Tabharfar tuarastal mór dó,” arsa gach aoinne a
bhí láithreach, “déanfidh an rí fear saidhbhir de. Beidh
a theaghlach saor ó chíos i n-Israél go deó agus gheóbhaidh
sé inghean an rí le pósadh.”



“Raghad-sa amach 'n-a choinnibh agus troidfad é,”
arsa Dáibhid.



“Éist do bhéal,” arsa Eliab, an mac ba shine. “Sa
bhaile i mbun na gcaereach ba cheart duit bheith. Tháinís
anso chun go bhfeicfá an cath. Eirighe anáirde atá
ort!”



Do ghluais an chainnt ó bhéal go béal go raibh an fear
óg chun an fhathaigh do throid. D'airigh an rí é. Do
tugadh an fear óg i láthair an rí. Do labhair sé leis an
rí. “Ná bíodh aon cheann-fé ar aoinne,” ar seisean.
“Raghad-sa amach 'n-a choinnibh siúd agus tabharfad
dó an rud atá aige d'á iarraidh, cómhrac aonair, agus
bainfad an t-anam as.”



“Ó, a mhic ó,” arsan rí, “ní bheadh aon bhreith agat-sa
ar an bhfear san do throid. Fear ró óg iseadh thu.
Fear tréan láidir iseadh é siúd, fear go bhfuil taithighe
ar chogadh agus ar chómhrac aige i gcaitheamh a shaoghail
riamh.” “Gabhaim párdún agat, a rí,” arsa Dáibhid.
“Bhínn-se ag aodhaireacht na gcaereach sa bhaile agus
thagadh león, nú beithir, chun an treuda agus bheireadh
sé caoira leis, nú reithe, agus do leanainn-se é agus
bheirinn ar sgórnaigh air agus do thachtainn é agus do
bhaininn an chaoira, nú an reithe, as a bhéal amach agus
d'fhágainn ansúd marbh é. Do mharbhuigheas león mar


L. 373


siúd lá, a rí, agus mharbhuigheas beithir lá eile ar an
gcuma gcéadna. Marbhóchad an fear so mar a mhar-
bhuigheas iad súd. Cuirfad-sa i n-iúil dó ná raghaidh
i n-aisge leis an gcoigirigheach iasachta san an masla
so atá tabhartha aige do shlóightibh an Tighearna Dia!”



CLIX.



CLOCH I N-A PHLAOSG.



“Tá go maith, a mhic,” arsa Saul, “b'fhéidir ó dheinis
na gníomhartha san go ndéanfá an gníomh so. Ní
foláir duit, ámhthach, arm cosanta chur umat agus
arm cómhraic a bheith ad' láimh agat.”



Ansan do chuir an rí arm cosanta ar Dháibhid, clogad
ar a cheann agus éide uime agus sgiath 'n-a láimh chlé
agus claidheamh 'n-a láimh dheis. Do chrom Dáibhidh ar
shiubhal síos agus suas feuchaint conus a thiocfadh leis
an t-arm a dh'iompar. Nuair a bhí an triail bainte
as féin aige, “Ó,” ar seisean leis an rí, “ní fhéadfinn
aon rud a dhéanamh an fhaid a bheadh an t-arm so umam!”
Chaith sé dhe an éide agus chaith sé d'á láimh chle an sgiath
agus chuir sé an claidheamh as a láimh dheis. Ansan do
thóg sé chuige a chrann tabhaill agus a sparán aodhaire
agus a chleith. Thug sé aghaidh síos ar an sruth a bhí thíos
i lár an ghleanna. Thóg sé as an sruth chúig cinn de
chlochaibh deasa sleamhaine cómhchruinne, a bhí oireamh-
nach le caitheamh as an gcrann tabhaill, agus chuir sé
chuige sa sparán iad. Ansan thug sé aghaidh ar an
áit 'n-a raibh an fear mór ag calaireacht agus ag
spídiúchán. Níor bh'fhada go bhfeacaidh an fear mór
ag teacht é. Chonaic sé an fear breágh óg dathamhail
ruadh ag teacht chuige chun an chomhraic aonair a dhéanamh
leis. Tháinig fearg agus seirbhthean air nuair a chonaic
sé an fear óg ag teacht agus gan aon treó cómhraic
air.


L. 374


“Greadadh chughat, a amadáin!” ar seisean, “an
dóich leat gur madra mé go bhfuilir ag teacht chugham
chun mé chómhrac led' chleith? Tar chugham anso go
dtugad do chuid fola le n-ól agus do chuid feóla le
n-ithe do ghadhraibh na gcnoc agus d'éanlaithibh an aeir!”



“Taoi-se ag teacht am' choinnibh-se i n-arm agus i
n-éide,” arsa Dáibhid, “ach táim-se ag dul ad' choinnibh-
se i n-ainm Tighearna na slógh so Israéil go bhfuil an
tarcuisne seo go léir tabhartha agat-sa dhóibh. Cuir-
fidh an Tighearna céadna san tusa fém' láimh-se indiu
agus buailfad tu agus bainfad díot do cheann agus
tabharfad do chorp agus cuirp do shlógh Philistíneach
le n-ithe indiu do ghadhraibh na tíre agus d'éanlaithibh
an aeir, agus chífidh an dúthaigh go bhfuil Dia i n-Israél,
agus tuigfid an dá shluagh nách le claidheamh ná le
sleagh a dheinean an Tighearna fuasguilt, óir isé an
Tighearna atá ag déanamh an chogaidh seo, agus tabharfidh
an Tighearna an lámh-uachtair dúinn oraibh.” Bhí an
Philistíneach ag teacht. Do chuir Dáibhid a lámh sa
sparán agus thóg sé cloch as agus chuir sé sa chrann
tabhaill í agus do rith sé i gcoinnibh an fhir mhóir. Nuair
a bhí sé sa ghoirreacht cheart dó do bhain sé an casadh as
an gcrann tabhaill agus chaith sé an t-urchar as le
fuinneamh. Do ghluais an chloch agus bhuail sí an fear
mór i gclár an éadain agus chuaidh sí isteach 'n-a
phlaosg. Thuit sé amach ar a bhéal agus ar a aghaidh agus
d'fhan sé ansan. Do rith Dáibhid chuige agus, ó ná raibh
claidheamh aige féin, tharraig sé claidheamh an fhir mhóir
amach as an truaill agus bhain sé an ceann de'n fhear
mhór, le claidheamh an fhir mhóir féin.



Nuair a chonaic slóighte na bhPhilistíneach an fear
mór ar lár agus an ceann bainte dhe do theicheadar
as an áit. Siúd 'n-a ndiaidh slóighte Israéil. Do
leanadh iad go dóirse a gcatharach féin, go h-Acaron,
agus bhí an dúthaigh clúdhaithe le n-a gcorpaibh.



D'fhill slóighte Israéil thar n-ais agus ghabhadar tré


L. 375


longphort na bhPhilistíneach ag teacht dóibh agus
thugadar leó an t-ollmhaitheas a bhí ann i ndiaidh na
bhPhilistíneach, agus thug Dáibhid leis ceann an fhir mhóir
go cathair Ierúsalem.



Nuair a bhí Dáibhid ag dul amach an lá san chun an
fhir mhóir do throid do thárla go raibh Abner, duine
de sna righthibh féinne, i bhfochair Shaul.



“Cé h-é an t-ógánach úd, a Abneir?” arsa Saul,
“nú cé 'ro díobh é?”



“Dar do Shoillse ach ní h-eól dom san, a rí,” arsa
Abner.



“Faigh amach dom cé 'ro mac é,” arsan rí. Nuair
a tháinig Dáibhid agus ceann an fhir mhóir 'n-a láimh
aige do rug Abner i láthair an rí é.



“Cé h-iad gur díobh thusa, a óglaigh?” ars an rí
leis.



“Mac do'n Bhetlemíteach, Isai, mise, chun do sheir-
bhíse, a rí,” arsa Dáibhid.



CLX.



EAGLA AG SAUL.



An fhaid a bhí Dáibhid ag cainnt leis an rí bhí Iónatan
mac an rí, ag éisteacht leis. Tháinig cion ana mhór
ag Iónatan ar Dháibhid an fhaid a bhí sé ag éisteacht
le n-a chainnt an uair sin. Tháinig an cion chómh mór
san aige air agus an grádh agus an caradas chómh mór
san aige dhó gur bhain sé dhe a bhrat ríoga féin agus
gur thug sé do Dháibhid é. Thug sé a chlaidheamh dó,
leis, agus a chrios, agus fiú an ionair a bhí laistigh
d'á bhrat air, i dtreó go ndubhradh gur chreach sé é féin
do Dháibhid.



Ní leogfadh an rí do Dháibhid dul abhaile a thuille ag
triall ar a mhuinntir. Chimeád sé aige féin é agus


L. 376


dhein sé taoiseach airm de, agus tháinig ana bháidh ag
an lucht airm go léir leis, agus do shnamuigh sé féin
agus Iónatan caradas ana dhílis, ana dhlúth, le n-a
chéile, agus do lean an caradas san eatartha. Níor
bhfada go bhfeacathas gur bh'fhear ana stuama Dáibhid
agus pé gnóthaí a thug an rí le déanamh dó gur dhein
sé iad le stuaim agus le tuisgint agus le breitheamh-
antas thar barr.



Ach nuair a bhí an tsluagh ag teacht abhaile ó'n gcogadh,
agus an cogadh críochnuighthe, agus nuair a bhídís ag
teacht chun na gcatharach théidheadh na mná, as gach cathair,
amach 'n-a gcoinnibh agus iad ag cantainn, agus úirlisí
ceóil acu agus iad ag seinnt agus ag déanamh sgléipe,
ag moladh an rí agus ag moladh na slógh go léir,
agus:— “Do leag Saul míle, ach do leag Dáibhid deich
míle!” adeiridís.



D'airigh Saul an focal san, agus má airigh do
dhúbhaigh a chroide le h-éad agus le feirg agus le fíoch
nímhneach.



“Tá deich míle tabhartha acu do Dháibhid,” ar seisean,
i n'aigne, “agus ní thugaid siad domh-sa ach míle. Cad
tá i n-easnamh air feasta ach an choróinn? Tháinig
fuath marbhuightheach ag Saul do Dháibhid an uair sin
agus do lean an fuath aige dhó. Chimeád sé an fuath
istigh 'n-a chroidhe féin, ámhthach. Ach bhíodh Dáibhid ag
déanamh an cheóil dó, ar an gcruit, mar ba ghnáth. Lá
áirithe, tamal i ndiaidh an chatha 'n-ar mhairbh Dáibhid
an fear mór, bhí sé ag déanamh an cheóil ar an gcruit
do'n rí. Do spriuc an mac mallachtain an rí. Do
rug sé ar a shleagh agus chaith i n-urchar í le Dáibhid.
Thug Dia do Dháibhid gur léim sé i leithtaoibh i dtreó
nár dhein an tsleagh ach í féin do shádh isteach i n-adhmad
an fhalla. Do chonaic Saul gur le leamhnú Dé a chuaidh
Dáibhid saor ó'n urchar san agus tháinig eagla aige
roimh Dháibhid toisg lámh an Tighearna bheith leis, agus
lámh an Tighearna bheith 'n-a choinnibh féin. Isé rud a


L. 377


dhein sé ansan 'ná Dáibhid do chur i ngnó éigin a chimeád
abhfad uaidh é. Chuir sé 'n-a chaptaein ar mhíle fear é
chun bheith ag dul amach i gcoinnibh na namhad agus
ag stiúrú gnóthaí cogaidh. Dhein Dáibhid an gnó san
chómh ciallmhar, chómh gasta, chómh stuama san go raibh
sórd eagla ag Saul roimis agus go raibh sé 'ghá
sheachaint féin air. Ach d'á mhéid aithne chuir na daoine
air iseadh ba mhó a tháinig breis ghrádha agus breis
annsachta acu dhó, agus iseadh ba dhuibhe agus ba
mhalluighthe do neartuigh ar éad an rí.



“Seadh,” arsan rí, i n'aigne féin, fé dheire, “Ní
gádh dhomh-sa lámh do shíne leis. Ní'l agam ach leogaint
do sna Philistínigh an nídh sín a dhéanamh dom. Cuireadh
na Philistínigh as mo shlighe é.”



Nuair a bhí an machtnamh san déanta aige do labhair
sé le Dáibhid:—



“Feuch, a mhic,” ar seisean leis, “fear cródha
iseadh thu. Is ceart san d'admháil. Is ceart tuar-
astal fir chródha do thabhairt duit. Lean ag déanamh
do ghníomhartha gaile agus gaisge i n-aghaidh na bhPhilistí-
neach agus tabharfad duit le pósadh Merob, an inghean
chríona so agam.”



“Ach! a rí,” arsa Dáibhid leis, “cé h-é mise, nú
cé h-iad mo mhuinntir, nú ce h-é m'athair, nú ca bhfuil
aon chreideamhaint againn i n-Israél chun a rádh go
mbeinn-se am' chleamhain ag an rí!”



Níor ghádh dhó an umhluidheacht san. Ní dáiríribh a bhí
an rí. Tháinig an t-am chun Meroib do phósadh agus
ní do Dháibhid a tugadh í ach d'fhear eile. Is dócha gur
mheas an rí go mbeadh Dáibhid as an slighe ag na
Philistínigh sar a dtiocfadh an t-am chun na geallamhna
do chómhlíonadh.


L. 379


(Cuid a ceathar)



FUATH.



Thug Saul d'fhear eile an bhean a gheall sé do Dháibhid.
Ba ghrána an rud le déanamh é. Níor chuir an feall
san puinn buartha ar Dháibhid, ámhthach. Bhí inghean eile
ag Saul agus Michol ab ainm di. Do thaithn sí sin
go mór le Dáibhid agus thug sé grádh dhi ó chroidhe,
agus thug sisi grádh dhó san chómh maith. D'airigh an rí
san do bheith amhlaidh. Bhí áthas air, ach níor bh'áthas ar
mhaithe le Dáibhid an t-áthas san. “Tabharfidh mé dhó í.”
ar seisean i n'aigne féin, “agus mara ndeinidh sí
aimhleas dó ná bíodh a bhuidheachas san aige orm-sa.
Tabharfidh mé dhó í agus tabharfidh mé na Philistínigh
dó mar aon léi.” Do labhair sé le Dáibhid:



“Beidh tusa ad' chleamhain agam-sa, a Dháibhid,”
ar seisean, “ar dhá shlighe.”



Ansan do labhair sé le cuid d'á mhuinntir, “Labhraidh
le Dáibhid,” ar seisean, “agus abraidh leis mar seo,
‘Taithnean tusa leis an rí agus tá gradh agá mhuinntir
go léir duit. Toiligh anois, d'á bhrígh sin, chun bheith
ad' chleamhain ag an rí.’”



Do labhradar san an chainnt sin le Dáibhid, fé mar
adubhradh leó. Dubhairt Dáibhid leó 'á bhfreagra,
“B'fhéidir gur beag agaibh-se duine bheith 'n-a chleamhain
ag an rí. Duine bocht suarach iseadh mise, ámhthach.”



D'innseadar san an freagra san do'n rí. Thug an


L. 380


rí teachtaireacht eile dhóibh ansan. “Abraidh leis,”
ar seisean, “go mbeidh sé mór a dhóithin, maith a dhóithin,
uasal a dhóithin, chun bheith 'n-a chleamhain ag an rí má
imthighean sé agus céad fear de sna Philistínigh do
mharbhú agus comhartha sofheicse thabhairt chugham a
thaisbeánfidh an gníomh san a bheith déanta aige ar
mo namhaid.”



Dubhairt Saul an focal san le h-ionachas go dtabhar-
fadh Dáibhid fé'n ngníomh a dhéanamh agus go marbhófí é
féin sa n-iarracht. Do h-innseadh an chainnt do Dháibhid.
I gcionn rainnt laethanta do ghleus sé buidhean de
sna fearaibh a bhí fé n-a láimh agus d'imthigh sé isteach
i dtír na bhPhilistíneach agus mhairbh sé dhá chéad fear
acu agus thug sé leis an dá chéad cómhartha do
theastuigh ó'n rí agus thaisbeáin sé dhó iad. Ansan
do tugadh Michol, inghean an rí, le pósadh dhó. Do
thaithn san go mór le Michol agus le Dáibhid mar bhí
grádh ana mhór acu d'á chéile. Ach do mhéaduigh an
t-eagla ar an rí roime Dháibhid mar do thuig sé i n'aigne
go raibh lámh an Tighearna le Dáibhid sa ghnó san, fé
mar a bhí ins gach gnó eile, agus mara mbeadh go raibh
nár bh'fhéidir dó a leithéid de ghníomh a dhéanamh agus
teacht slán. Agus fé mar a mhéaduigh an t-eagla air
roime Dháibhid do mhéaduigh an fuath a bhí aige dhó.



Do chuir an gníomh, .i. marbhú an dá chéad fear,
buile feirge ar na Philistínigh. Thánadar, airís agus
airís eile, ag cur cogaidh ar chlainn Israéil, ach d'oibrigh
Dáibhid gnóthaí an chogaidh 'n-a gcoinnibh ní b'fhearr
agus ní b'oilte 'ná mar a dhein aoinne eile de thaoiseach-
aibh an rí, i dtreó go raibh a cháil i mbéalaibh daoine, go
h-árd agus go h-oirdheirc, ní h-amháin ameasg chlainne
Israéil ach ameasg na bhPhilistíneach chómh maith. Níor
dhein san go léir, ámhthach, ach an fuath a bhí ag an
rí dhó do mhéadú agus do chur i malluightheacht níba
mhó. Fé dheire bhí an fuath chómh malluighthe sin nár
fhéad Saul gan bheith ag labhairt leis an gcuid d'á


L. 381


mhuinntir go raibh iontaoibh aige asta, 'ghá iarraidh ortha
Dáibhid do mharbhú. Do labhair sé le n-a mhac, le
Iónatan, agus d'iarr sé air Dáibhid do mharbhú. Bhí an
aigne ró uasal ag Iónatan. Bhí grádh mór aige d'á
athair agus agá athair dó san, ach má bhí féin is amhlaidh
a chrom sé ar a athair do chómhairliú i gcoinnibh an droch
ghnímh, 'ghá chur n-a luighe air nách fuath a bhí tuillte
ag Dáibhid uaidh ach buidheachas. Bhí an cion, leis, ag
Iónatan ar Dháibhid, mar adubradh cheana, agus tháinig
sé ag triall ar Dháibhid agus d'innis sé dhó go raibh an
rí ceapaithe ar é chur chun báis. “Tabhair aire mhaith
dhuit féin,” ar seisean le Dáibhid. “Fan-se i bhfolach
ar maidin amáireach,” ar seisean leis, “agus fan-
fad-sa, amuich ar an machaire, i bhfochair m'athar agus
beidh mé ag cainnt leis ad' thaobh-sa agus 'neósfad
duit 'n-a dhiaidh san conus a ghlachfidh sé an chainnt
agus cad déarfidh sé.”



Deintear iongna ana mhór de'n charadas san a bhí ag
Iónatan do Dháibhid, agus a fhios aige an uair sin go
raibh Dáibhid le teacht idir é agus rígheacht a athar.



DROCH IARRACHT.



An fhaid a bhí Dáibhid i bhfolach do dhein Iónatan mar
a gheall sé do Dháibhid. Do lean sé ag cainnt le n-a
athair agus 'ghá chur 'n-a luighe air go raibh eugcóir aige
'á dhéanamh agus go raibh peaca mór aige 'á dhéanamh
leis na h-iarrachtaíbh a bhí aige 'á dhéanamh ar Dháibhid do
chur chun báis. Chuaidh a chainnt i bhfeidhm i dtreó gur
gheall an t-athair dó ná déanfadh sé aon iarracht eile i
gcoinnibh Dháibhid, agus gur dhearbhuigh sé i láthair Dé
ná déanfadh. Ansan d'imthigh Iónatan agus d'innis
sé do Dháibhid an gheallamhaint agus an dearbhú a dhein


L. 382


an rí, agus thug sé leis isteach Dáibhid as an áit 'n-a
raibh sé i bhfolach agus bhí Dáibhid ag déanamh an cheóil
airís do'n rí mar ba ghnáth.



Ach bhí an fhearg agus an bhuile ar na Philistínigh
mar gheall ar mharbhú an dá chéad fear úd agus mar
gheall ar an gcúis a bhí le h-iad a mharbhú agus mar
gheall ar an easonóir a tugadh dóibh nuair a bhíodar
marbh. Chruinnigh na Philistínigh slóighte móra chun
díoltais a dhéanamh. Do ghleus Dáibhid slóighte Israéil
agus chuaidh sé amach 'n-a gcoinnibh agus thug sé cath
dhóibh agus bhuaidh sé ortha sa chath agus chuir sé ár agus
dearg-ruathar ortha nár cuireadh a leithéid ortha riamh
roimis sin. Do las san an fhearg agus an fuath go
léir i gcroidhe an rí níba ghéire 'ná mar a bhíodar riamh.
Bhí an mór chath curtha ar na Philistínigh agus bhí áthas ar
chlainn Israéil ó cheann ceann de'n tír; agus bhí Dáibhid
ag déanamh an cheóil do'n rí mar ba ghnáth. Bhí an rí ag
feuchaint air agus ag éisteacht leis an gceól. Thóg sé
an chraoiseach a bhí i n'aice agus chaith sé í i n-urchar le
Dáibhidh. Thug Dia do Dháibhid gur léim sé i
leithtaoibh mar a dhein sé an chéad uair úd. Chuaidh
sé saor, ach do chuaidh an chraoiseach isteach go doimhinn
agus go daingean i n-adhmad an fhalla agus d'fhan
sí n-a seasamh ann, agus d'imthigh Dáibhid. Níor stad
fearg an rí ansan. Chuir sé lucht cimeádta go tigh
Dháibhid chun gan leogaint dó imtheacht as. Do thuig
Michol an droch fhuadar a bhí fé n-a h-athair. Do
labhair sí le Dáibhidh.



“Mara n-éaluighir as so anocht,” ar sise, “cuir-
far chun báis tu ar maidin.”



Ansan do leog sí síos ó fhinneóig é ar an dtaobh eile
de'n tigh, a gan fhios do'n lucht faire. Nuair a bhí sé
imthighthe do theastuigh uaithi uain a thabhairt dó ar dhul
chómh fada agus do b'fhéidir é as an áit. D'aimsigh sí
íomhágh éigin a bhí sa tigh agus chuir sí cuid d'éadach
Dháibhid ar an íomhágh agus shín sí an iomhágh san ar an


L. 383


leabaidh agus chuir sí croicean gabhair ar an gceann,
i dtreó go bhfeuchfadh an meigiol agus an clúmh mar
fheuchfadh féasóg agus gruaig ar cheann duine. I
gcaitheamh na h-oidhche tháinig lucht airm ó'n rí chun
Dáibhid do bhreith go tigh an rí. “Ca bhfuil Dáibhid?”
ar siad nuair a thánadar.



“Tá sé 'n-a luighe ar a leabaidh le breóiteacht,”
arsa Michol.



D'imthigh an lucht airm sin agus d'innseadar do'n
rí go raibh Dáibhid 'n-a luighe ar a leabaidh agus é
breóite.



“Imthighidh,” arsan rí go feargach, “agus tugaidh
chugham anso é féin agus an leabaidh!”



Thánadar an tarna h-uair, agus ní dheabhruighean
an sgéal go raibh aon fhonn ró mhór ortha chun na h-oibre
a bhí le déanamh acu. Fuaradar nár bh'é Dáibhid a bhí
sa leabaidh ach smalla adhmaid agus croicean gabhair
casta air agus meigiol an ghabhair mar fheusóig air.



“Cad chuige dhuit an feall san do dhéanamh orm?
arsa Saul le Michol. “B'éigean dom é dhéanamh,”
arsa Michol, “mar dubhairt Dáibhid go marbhóchadh sé
me mara ndeininn é.”



An fhaid a bhí an méid sin gnótha 'á dhéanamh bhí uain
ag Dáibhid ar dhul ó bhaoghal. Chuaidh sé go Ramata
ag triall ar Shamuel agus d'innis sé a sgéal dó.
D'innis sé dhó gach nídh d'á raibh déanta ag Saul 'n-a
choinnibh agus conus mar a bhí sé lán cheapaithe ar
é chur chun báis. Ansan d'imthigh Dáibhid agus Samuel
le cois a chéile go dtí Naiot agus d'fhanadar ann.
Deirtear go raibh coláiste, nú sgoil éigin fáigeadóir-
eachta sa n-áit sin, fé láimh Shamuel.


L. 384


CARADAS.



Do h-innseadh do'n rí go raibh Dáibhid i bhfochair
Shamuel i Ramata. Chuir an rí lucht airm uaidh go
Ramata chun go mbéarfidís ar Dháibhid agus go dtabhar-
fidís leó 'n-a phríosúnach é, i dtreó go gcuirfí chun
báis é. Thánadar go Ramata. Chuadar as san go
Naiot mar a raibh sgoil fáigeadóireachta. Chonacadar
an sgoil agus chonacadar cualacht fáigí agus iad ag
fáigeadóireacht agus Samuel 'n-a sheasamh ós a gcionn.
Chómh luath agus do chonacadar san chuaidh meanamna na
fáigeadóireachta fútha féin agus do luighdar isteach
i dteannta na bhfáigí eile agus chromadar ar fháigead-
óireacht, i dteannta na cod' eile, fé láimh Shamuel.
Do h-innseadh an nídh sin do'n rí. Chomáin sé uaidh
buidhean eile lucht airm agus dubhairt sé leó Dáibhid
a thabhairt chuige 'n-a phríosúnach. Thánadar san go
Naict. Chonacadar an fháigeadóireacht ar siubhal.
Chuaidh meanamna na fáigeadóireachta fútha san, leis,
agus do luighdar isteach i dteannta na cod' eile ag
fáigeadóireacht i n-aonfheacht leó. D'airigh Saul é.
Chuir sé an trímhadh buidhean uaidh. D'imthigh an rud
céadna ar an dtrímhadh buidhin. Ansan d'eirigh Saul
ar buile agus tháinig sé féin agus é lán cheapaithe ar
Dháibhid do chur chun báis chómh luath agus thiocfadh sé
suas leis. Nuair a tháinig sé go Sochó, áit ná raibh
abhfad ó Naiot, do labhair sé le daoine a bhuail uime
ann.



“Ca bhfuil Dáibhid agus Samuel?” ar seisean.



“Táid siad i Naiot, i Ramata,” ar siad san. Ansan
b'é toil an Tighearna go ndeighidh meanamna na fáigead-
óireachta fé Shaul féin agus gur chaith sé dhe a bhrat
agus gur chrom ar fháigeadóireacht agus gur lean sé


L. 385


de'n fháigeadóireacht, agus é ag cur na slighe dhe, as
san gur shrois sé Naiot. An fhaid a bhí meanamna na
fáigeadóireacht faoi ar an gcuma san níor chuimhnigh
sé in aon chor ar Dháibhid ná ar an éad a bhí aige chuige.



Do thuig Dáibhid, ámhthach, i n'aigne féin nár bh'ion-
taoib dó fanmhaint sa n-áit. D'éaluigh sé agus
tháinig sé abhaile go Gabaa, mar a raibh Iónatan, agus
do labhair sé leis.



“Cad tá déanta agam as an slighe, a rí!” ar sei-
sean, “nú cad í an choir atá déanta agam i gcoinnibh
t-athar, go bhfuil sé chómh dian ar tí an anama bhaint
asam?”



Ní baoghal duit, a chara ionmhuin,” arsa Iónatan.
“Ní curfar chun báis thu! Ní déanfar a leithéid. Ní
dhéanfidh m'athair aon rud, beag ná mór, gan é chur
am, chomhairle-se ar dtúis. An amhlaidh is dóich leat
go gceilfadh sé orm é dá mbeadh sé ar aigne tusa
chur chun báis? Tugaim an Tighearna mar uradh dhuit
ann nách baoghal duit.”



“Á! a rí,” arsa Dáibhid, “tá fhios agat' athair gur
ró ionmhuin leat-sa mise. Chimeád sé uait an droch
nídh seo atá beartuighthe aige am' choinnibh-se i dtreó
ná cuirfí buaireamh aigne ort. Deirim leat, i láthair
Dé, a rí, ná fuil ach ciscéim idir mise agus an bás.”



“Má tá an sgéal chómh h-olc san,” arsa Iónatan,
“agus má taoin tú chómh deimhnightheach san go bhfuil,
ní foláir duit tu féin do chosaint chómh maith agus is
féidir é. Déanfad-sa aon rud is maith leat a dh'iarr-
aidh orm.”



“Dein an méid seo dhom, a rí,” arsa Dáibhid. “Tá,
mar is eól duit, an fhéile seo na gcaland ann amáireach.
Is gnáth mise do shuidhe chun búird i n-aice an rí. Leog
dom anois dul i bhfolach lasmuich anso go ceann tri
lá. Nuair a chífidh t-athair, amáireach, gan mé bheith
am' shuidhe i n'aice, fiafróchaidh sé dhíot-sa, b'fhéidir, ca
bhfuilim. Abair-se leis mar seo:—



“D'iarr Dáibhid orm leogaint dó dul go Betlehem,


L. 386


a chathair dúchais, mar go bhfuil ídhbirt sholmanta le
déanamh agá ghaoltaibh go léir. Agus b'éigean dó
imtheacht gan aon ríghneas. Má deir sé, ‘tá go maith,’
ní baoghal dom; ach má thagan fearg air dein-se deimhin
de go bhfuil an droch fhuadar féi go críochnuighthe. Tá
ceangal caradais idir mise agus tusa, a rí, i láthair
an Tighearna. As ucht an cheangail sin dein-se an
méid sin domh-sa anois chun mé chosaint ar t'athair. Nú
má's léir duit go bhfuil coir déanta agam a thuillean
bás dein-se féin mé chur chun báis anois agus ná beir
i láthair t'athar me.”



“Nár leogaidh Dia go ndéanfinn a leithéid!” arsa
Iónatan. “Ní h-eadh ach má taisbeántar dom go
soiléir an droch nídh seo bheith beartuighthe agam' athair
ad' choinnibh is deimhin go gcuirfad i n-iúil duit é. Ní
féidir dom a mhalairt a dhéanamh agus an ceangal
caradais chómh dian eadrainn i láthair Dé. Ná bíodh
aon mhearathal ort ná go ndéanfad-sa mo dhítheal
duit.”



DO SOCARUIGHEADH AR CHLEAS.



“Agus má labhran t'athair i bhfeirg am' choinnibh,”
arsa Dáibhid, “conus a curfar san i n-iúil domh-sa?”



“Tar liom amach anso,” arsa Iónatan. D'imthigh
an bheirt amach agus do labhair Iónatan. “Geallaim-
se dhuit anois” ar seisean, “i láthair Dé, má labhran
m'athair go feargach ad' choinnibh go gcuirfad i n-iúil
duit é. Má thuigim ó n-a chainnt go bhfuil droch nídh
beartuighthe aige ad' choinnibh agus go bhfuil sé lán
cheapaithe ar a dhroch aigne do chur i bhfeidhm ort tabhar-
fad duit gach eólus a gheóbhad agus tabharfad caoi
dhuit ar theiche ó fheirg m'athar. Ansan ní'l agam le
rádh leat ach go raibh Dia leat, fé mar a bhí lem' athair!


L. 387


'N-a dhiaidh san, ma bhím-se beó bí-se cneasta liom,
agus má bhím marbh, agus má 'sé toil an Tighearna do
namhaid go léir do chur ar neamhnídh, ná sgaradh do
charadas lem' shliocht go deó.”



Ansan do gheall Dáibhid go ndéanfadh sé an nídh
sin agus chuir sé dearbhú ana dhian air féin i láthair an
Tighearna go ndéanfadh.



“Tá go maith,” arsa Iónatan. “Seo mar atá le
déanamh agat-sa anois. Imthigh láithreach agus eirigh
i bhfolach sa n-áit atá ceapaithe agat, i n-aice na cloiche
ar a dtugtar Esel. Nuair a chífidh m'athair ná beidh
tú ag an mbórd labharfidh sé agus fiafróchaidh sé
ca bhfuilir. Labharfad-sa 'ghá fhreagra agus déar-
fad gur iarrais cead orm féin dul abhaile chun do
mhuinntire mar go bhfuil ídhbirt sholmanta le déanamh
ann acu agus nár bhfoláir duit bheith 'n-a measg. Ansan
má ghlacan sé an freagra go réidh beidh 'fhios agam
nách baoghal duit agus tiocfad amach anso chun mo
sgéil do chur i n-iúil duit. Nuair a bheidh mo fhreagra
tabhartha ar an rí agam beidh sé i n-aigne na ndaoine
a bheidh láithreach tú bheith i mBetlehem. D'á bhrígh sin
caithfir fanmhaint i bhfolach pé 'cu bheidh sgéal fóghanta
agam nú droch sgéal. Ach tabharfad an t-eólus duit
ar an gcuma so. Tabharfad liom amach mo bhogha
agus rainnt saighead agus beidh mé ag lámhach na saigh
ead, ag déanamh taithighe mar dh'eadh. Beidh buachaill
beag lem' chois agam chun na saighead do thabhairt thar
n-ais chugham. Lámhfad trí saigheada i dtreó na cloiche
sin agus déarfad leis an mbuachaill imtheacht agus
iad do thabhairt thar n-ais chugham. Nuair a rithfidh sé
chun iad a thabhairt leis lámhfad saighead eile thairis
amach. Ansan labharfad go h-árd leis an mbuachaill
agus má deirim leis, “Táid na saigheada ar an dtaobh
abhus díot,' féadfir-se eírighe agus teacht chugham
mar 'neósfidh an focal san gur sgéal fóghanta a bheidh
agam duit. Ach má deirim, ‘táid na saigheada lasmuich


L. 388


dhíot,’ tabharfidh san le tuisgint duit gur droch sgéal
a bheidh agam duit.”



D' imthigh Dáibhid agus chuaidh sé i bhfolach fé mar a
socaruigheadh eatartha. Tháinig am an dínnéir mhóir.
Tháinig Saul chun na h-áite 'n-ar ghnáth leis suidhe. Bhí
Iónatan ar dheis ar rí. Bhíodh Dáibhid ar an dtaobh
eile, ach ní raibh Dáibhid ann an uair sin agus bhí an
áit folamh. Do shuidh Abner ann. B'é Abner an rígh-
féinne. Thug Saul fé ndeara ná raibh Dáibhid ann
ach níor labhair sé. Do thuig sé go mbfhéidir go
mbeadh sé ann an lá 'n-a dhiaidh san. Bhí an fhéile le
bheith ar feadh an dá lá. Tháinig an tarna lá. Chonaic
Saul airís ná raibh Dáibhid ann. Do labhair sé le
Iónatan.



“Cad 'n-a thaobh do mhac Isai gan bheith anso indiu
ná indé?” ar seisean.



“D'iarr sé go cruaidh orm-sa a rí,” arsa Iónatan,
“leogaint dó dul go Betlehem. Dubhairt sé go
dtáinig duine d'á mhuinntir chuige 'ghá rádh leis go
raibh ídhbirt sholmanta le bheith ann agus go mbeadh sé
ana bhuidheach díom ach leogaint dó dul ag triall ar a
mhuinntir i gcóir na h-ídhbirte sin.”



Do las fearg an rí nuair airigh sé an chainnt sin.
Thug sé aghaidh ar Iónatan agus do labhair sé go fear-
gach agus go h-ana tharcuisneach leis. “An amhlaidh
is dóich leat,” ar seisean. “Nách eól dom an caradas
gan chiall atá agat-sa do'n fhear san? Ná fuil fhios
agat ná fuil aon bhreith agat ar bheith ad' rí am' dhiaidh-se
an fhaid a bheidh an fear san beó? Imthigh agus tabhair
chugham anso é go gcurfar chun báis láithreach é!”



“Cad chuige go gcurfí chun báis é?” arsa Iónatan.
“Cad tá déanta as an slighe aige?”



Níor dhein Saul ach breith ar a shleagh chun í chur tré
chroidhe Iónatain.


L. 389


LÁMHACH NA SAIGHEAD.



Nuair a chonaic Iónatan an rabharta feirge a tháinig
ar an rí bhí fhios aige go raibh sé lán cheapaithe ar
Dháibhid do chur chun báis chómh luath agus gheóbhadh sé
greim air. Tháinig buile feirge ar Iónatan féin
nuair a thuig sé go raibh a athair ceapaithe ar a
leithéid d'eugcóir a dhéanamh. Do phreab sé ó'n
mbórd gan bia do bhlaise agus d'imthigh sé amach.
Ar eirighe lae ar maidin amáireach a bhí chughainn
do ghlaoidh sé ar bhuachaill a bhí aige.



“Téanam a ghiolla,” ar seisean, “agus téimís
amach ar an machaire go ndeinead rainnt lámhaigh lem'
bogha, mar thaithighe.”



Thug an buachaill leis an bogha agus na saigheada
agus chuaidh an bheirt amach ar an machaire. Do rug
Iónatan ar an mbogha agus ar shaighead agus chaith sé
urchar i dtreó an bhaill 'n-a raibh fhios aige Dáibid
a bheith i bhfolach.



“Imthigh a ghiolla,” ar seisean leis an mbuachaill,
“agus tabhair chugham thar n-ais an saighead úd.”



Do rith an buachaill sa treó 'n-a raibh an saighead
imthighthe. Chómh luath agus bhí sé imthighthe do sgaoil
Iónatan saighead eile 'n-a dhiaidh agus thar mhullach a
chinn amach. Ansan do ghlaoidh sé 'n-a dhiaidh:—



“Tá saighead eile imthighthe amach lasmuich dhíot,
a ghiolla!” ar seisean agus dhein sé an ghlaodh chóm
h-árd san gur airigh Dáibhid í. D'airigh Dáibhid an
ghlaodh agus thuig sé an brígh a bhí léi, do réir mar a bhí
socair eatartha. Tháinig an buachaill thar n-ais agus
na saigheada aige.



“Seo, a ghiolla,” arsa Iónatan, “tóg leat isteach
an bogha agus na saigheada so. Ní beag liom díobh
an turus so.”


L. 390


D'imthigh an buachaill agus do rugh sé leis isteach an
bogha agus na saigheada.



B'fhéidir go bhfiafróchadh duinne cad ba ghádh do
Iónatan an méid sin gnótha i dtaobh an lámhaigh. Bhí
gádh mór leis; mara mbeadh an lámhach san níor
bh'fhéidir dó teacht i dtreó na h-áite 'n-a raibh
Dáibhid i bhfolach. Bheadh muinntir an rí ag faire air
agus ba bhaoghal go bhfaighdís eólus éigin ar an áit
'n-a raibh Dáibhid agus go 'neósfidís do'n rí é, ansan
do cuirfí chun báis an bheirt, Dáibhid agus Iónatan,
i n-aonfheacht. Ach nuair a conacthas Iónatan ag
déanamh an lámhaigh agus a ghiolla ag tabhairt na
saighead chuige níor chuimhnigh aoinne ar aon ghnó
eile bheith amuich ar an machaire aige. Dá mb'é an
giolla féin é dá gceistithí é ní raibh aon nídh le
h-innsint aige ach an rud a chonaic sé agus an ghlaodh a
dh'airigh sé. Ní fhéadfadh aoinne a chuimhneamh go raibh
aon bhaint ag an lámhach ná ag an nglaodh le Dáibhíd.



D'imthigh an giolla fé mar adubhradh leis. Nuair
a bhí sé imthighthe tháinig Dáibhid as an bhfolach agus bhí
an bheirt i bhfochair a chéile. Do rugadar baróg ar
a chéile agus iad araon ag sile na ndeór go fuigheach.
Nuair a bhí an tocht san curtha dhíobh acu do labhair
Iónatan.



“Imthigh leat anois, a chara dhil,” ar seisean, “agus
síothcháin Dé ort! agus an gheallamhaint úd a dheinea-
mair d'á chéile, fé dhearbhú i láthair an Tighearna, nuair
adubhramair; ‘bíodh an Tighearna idir mise agus idir
mo shliocht-sa agus do shliocht-sa go deó!’ bíodh an
gheallamhaint sin buan eadrainn.”



Ansan d'eirigh Dáibhid agus d'imthigh sé a bhóthar
féin, agus d'imthigh Iónatan isteach sa chathair.



Ní raibh aon chuimhneamh ag aoinne de mhuinntir na
catharach ná gur imthighthe go Betlehem a bhí Dáibhid.
D'á bhrígh sin níor dhein an rí ná aoinne eile aon iarracht
ar theacht suas leis i n-aon áit eile. Thug Iónatan an


L. 391


chaoi sin do Dháibhid ar dhul saor ó fheirg an rí bíodh
go raibh fhios aige gur bh'fhíor an focal úd adubhairt
an rí, ná raibh aon bhreith aige féin ar bheith 'n-a rí i
ndiaidh a athar an fhaid a bheadh Dáibhid beó. Deir-
tear, mar gheall air sin, gur beag má conacthas
riamh caradas chómh dílis leis an gcaradas san a bhí
ag Iónatan do Dháibhid.



DUINE BUILE MAR DH'EADH.



D'imthigh Dáibhid a bhóthar féin. Tháinig sé chun na
h-áite ar a dtugtí Nóbé, ag triall ar shagart d'ár
bh'ainm Acimelec. Tháinig iongna agus alltacht ar
Acimelec nuair a chonaic sé é.



“Ó,” ar seisean, “cad fé ndeara dhuit bheith at'
aonar gan aon duine at' fhochair?”



‘Do thug an rí órdú áirithe dhom,’ arsa Dáibhid,
“agus dubhairt sé liom gan fios mo ghnótha bheith ag
aoinne beó. Táid cualachta fear agam i n-áiteanaibh
áirithe. Má tá aon nídh agat a thabharfá le n-ithe
dhúinn tabhair dúinn é.”



“Ní'l aon arán agam,” arsa Acimelec, “ach an
t-arán beannuigthe, na chúig bhulóga atá i láthair an
Tighearna. Tabharfád daoibh iad san má táthaoi ar an
staid cheart chun iad do chaitheamh.”



“Tá go maith,” arsa Dáibhid. Do thug Acimelec
dó na chúig bhulóga.



Do thárla go raibh sa n-áit an uair sin fear d'ár
bh'ainm Dóég, Iduméach ab eadh é, agus isé a bhí 'n-a
chaptaéin ar aodhairíbh Shaul. Chonaic sé Dáibhid agus
chonaic Dáibhid eisean, agus bhí fhios ag Dáibhid gur
bhaoghal go ndéanfadh sé díobháil.



“An bhfuil sleagh, nú claidheamh, nú aon arm de'n
tsórd san agat a thabharfá dhom?” arsa Daibhid le


L. 392


h-Acimelec. “Níor thugas liom mo chlaidheamh ná
m'arm féin mar bhí órdú an rí ró dhian,” ar seisean.
“Ní'l aon chlaidheamh anso,” ars an sagart, “ach an
claidheamh a bhí ag Goliah, an fear mór úd a mharbhuighis
i ngleann na Teiribinte. Tóg leat é má's maith
leat é.”



“Tabhair chugham é,” arsa Dáibhid. “Ní'l claidheamh
eile chómh maith leis le fághail.”



Do thóg Dáibhid an claidheamh san agus d'imthigh sé.
Bhí fhios aige go mbeadh Saul ar a thóir láithreach agus
ní fheidir sé cá dtabharfadh sé aghaidh chun dul uaidh.
D'imthigh sé ag triall ar Achis, rí Ghet. Cheap sé go
mb'fhéidir go mbeadh áthas ar mhuinntir na catharach
san é bheith 'n-a charaid acu i n-inead é bheith 'n-a
namhaid acu, mar Philistínigh ab eadh iad.



Nuair a chonaic muinntir an rí sin é do liúghdar le
h-iongna agus le h-áthas.



“Ó!” ar siad, “nách é seo Dáibhid, rí na tíre?
Nách é seo an fear a bhíodh acu 'á mholadh le cantainnibh
agus le ceól agus go ndeiridis leis,



“Do leag Saul míle fear,
Ach do leag Dáibhid deich míle!”



Nuair airigh Dáibhid an saghas san cainnte acu do
thuig sé i n'aigne gur bhaoghal dó iad, go mb'fhéidir
nár mheasa dhó Saul féin chuige 'ná iad. Isé rud a
dhein sé láithreach 'ná a leogaint air gur dhuine é a bhí
as a mheabhair. Do thuit sé idir a lámhaibh agus d'atha-
ruigh a ghnúis agus do ghluais sprioslaí le n-a bhéal
agus síos ar a chuid féasóige. Chonaic Aichis é.



“Tá an duine sin as a mheabhair!” ar seisean, “Cad
chuige dhíbh é thabhairt anso? An amhlaidh ná fuil ár
ndóithin daoine buile againn féin? Is deas na
seirbhisigh sibh!”



Do sgaoileadar uatha Dáibhid agus d'imthigh sé. Bhí
uaimh ar a dtugtí Odollam tímpal siubhal lae ó
chathair Ghet. D'imthigh Dáibhid agus chuaidh sé isteach


L. 393


sa n-uaimh sin agus d'fhan sé ann. D'airigh a
dhritháracha agus a ghaolta go raibh sé sa n-uaimh.
Thánadar ag triall air. Tháinig ag triall air mar
an gcéadna a lán daoine a bhí ag teiche ó fhiachaibh
agus ó thrioblóidíbh eile, agus a lán buachaillí
díomhaoine, agus chuireadar iad féin fé n-a láimh.
Fé dheire bhí tímpal cheithre chéad fear aige. Tháinig
a athair agus a mháthair ag triall air. Níor bh'fhéidir
dóibh fanmhaint sa bhaile le h-eagla go n-imireóchadh
an rí ortha an fhearg a bhí air chun Dáibhid.



Níor thaithn le Dáibhid a athair agus a mháthair a bheith
sa chruadhtan a bheadh le folag acu dá bhfanaidís i
n'fhochair féin. Dhein sé caradas le rí Mhóab agus
d'iarr sé air áit chómhnuighthe thabhairt dóibh go dtí go
gcuirfadh Dia ar a chumas féin an nídh sin do dhéanamh.
Dhein rí Mhóab san.



ÉIRLEACH AR NA SAGAIRT.



Bhí Dáibhid i n-uaimh Odollaim agus an cheithre chéad
fear i n'fhochair, agus deirtear nár bh'fhada go raibh sé
chéad fear aige. Do cómhairligheadh dó gan fanmhaint
sa n-uaimh sin ach dul isteach i dtír Iúda' agus do
chuaidh. Do stad sé i n-áit ar a dtugtí Harat.
D'airigh Saul an méid sin agus é i nGabaa. Bí a
shleagh 'n-a láimh aige agus a sheirbhísigh 'n-a thímpal.
Do labhair sé leó.



“Innsidh an méid seo dhom,” ar seisean leó, “an
dtabharfidh mac Isai talam agus fíonghuirt daoibh-se
go léir, nú an ndéanfidh sé tribiúin agus taoiseacha
céad díbh toisg páirt a bheith gabhtha agaibh leis am
choinnibh-se agus gan aoinne bheith agam do 'neósfadh
aon rud dom 'n-a thaobh? Siné mo mhac féin páirteach
leis am' choinnibh! Ní'l aon truagh ag aoinne agaibh


L. 394


dom agus mé i n-a leithéid de chás. Mo mhac féin ag
gabháil pháirte mo sheirbhísigh am' choinnibh agus an feall
acu araon 'á dhéanamh orm coitchianta!”



Bhí Dóég ag éisteacht leis an gcainnt sin. B'é
ceann uraid na seirbhíseach é. “Do chonac-sa mac
Isai i Nóbé,” ar seisean, “i bhfochair an tsagairt Ac-
imelec, agus do labhair Acimelec leis an dTighearna
ar a shon, agus thug sé bia dhó, agus thug sé claidheamh
Gholiah dhó.”



Chomáin Saul teachtaireacht go Nóbé láithreach 'ghá
rádh le h-Acimelec agus le n-a raibh de sna sagartaibh
ann teacht chuige. Thánadar. Do labhair an rí le
h-Acimelec.



“An airighean tú leat me, a mhic Achitoib?” ars
an rí.



“Airighim, a rí,” ars an sagart.



“Cad chuige dhaoibh ceilg a dhéanamh am' choinnibh, tú
féin agus mac Isai? Thugais bia dhó, agus thugais
claidheamh dó, agus do labhrais leis an dTighearna ar
a shon, agus thugais gach aon chongnamh dó i dtreó go
bhféadfadh sé eirighe amach am' choinnibh, an feallaire!”



“Agus, a rí,” arsa Acimelec, “ca bhfuil an fear
ameasg do sheirbhíseach go léir atá chómh dílís duit agus
atá Dáibhid? Is cleamhain do'n rí é. Tá sé umhal duit.
Cómhlíonan sé gach órdú d'á dtugan do Shoillse dhó. Is
mór-chlú doeaghlach an rí é. Má labhras leis an
dTighearna ar a shon, ar bh'é an chéad uair agam 'á
dhéanamh é. Ach i dtaobh an ruda so atá agat' Shoillse
'á chur am' leith, a rí .i. gur dheineas ceilg ad' choinnibh,
níor dheineas a leithéid. Ní raibh aon phioc d'á fhios
agam, a rí, cad fé ndeara dhó dul go Nóbé, aon phioc
i n-aon chor d'á fhios.”



“Cuirfar chun báis anois tu, a Acimelec,” arsan
rí, “tú féin agus an uile dhuine de theaghlach t'athar.”
Ansan d'iompuigh sé chun na bhfear a bhí láithreach.
“Iompuighidh,” ar seisean, “ar na sagairt sin agus


L. 395


cuiridh chun báis iad mar tá páirt gabhtha acu le
Dáibhid.” Níor chorruigh aoinne. D'fheuch sé ar Dhóég
“Iompuigh-se ortha,” ar seisean, “agus mairbh iad!”
D'iompuigh Dóég ortha agus mhairbh sé iad go léir. Bi
cúigear agus cheithre fichid acu ann agus an t-ephod
línéadaigh ar gach duine acu agus do mhairb Dóég iad
go léir. Annsan d'imthigh an rí agus chuir sé chun báis
a raibh de dhaoine, óg agus aosta, i gcathair Nóbé,
cathair na sagart. Níor fhág sé fear bean ná leanbh
beó ann, ná fiú beithidheach allta, bó caoira ná capall.



D'éaluigh, ámhthach, aon mhac amháin de mhacaibh, Aci-
melec ó'n marbhú agus chuaidh sé saor agus d'imthigh
sé ag triall ar Dháibhid. Abiatar ab ainm dó.
D'innis sé do Dháibhid an t-éirleach a bhí déanta ag
an rí ar na sagartaibh, conus mar a cuireadh a athair
agus a mhuinntir go léir chun báis agus nár chuaidh
saor ach é féin. Chuir an sgéal san brón mór agus
buairt an Dháibhid.



“Bhí fhios agam,” arsa Dáibhid le h-Abiatar, “nuair
a chonac Dóég ann go 'neósfadh sé an sgéal do Shaul.
Is mise fé ndeár bás t'athar-sa agus do mhuinntire
go leir. Ach fan agam anso anois agus ní baoghal
duit. Má thagan aon duine ar tí m'anama-sa anso
tiocfidh sé ar tí t'anama-sa agus saorfar thusa i
n-aonfheacht liom-sa.”



Is léir gur chun Acimelec do chimeád ó fheirg an rí
nar innis Daibhid dó gur ag teiche le n'anam a bhí sé
nuair a tháinig sé go Nóbé gan arm gan chualacht.
Ach níor dhein san aon tairbhthe d'Acimelec ná d'á
mhuinntir. “Mo thruagh an ceart nuair a bhíon sé
gan neart!”


L. 396


DÁIBHID I BPLUAIS.



An fhaid a bhí Dáibhid i Harat tháinig sgéala chuige
ó Cheila, baile beag a bhí tímpal seacht míle ó Hebron,
'ghá innsint dó go raibh na Philistínigh ag ionsuidhe an
bhaile bhig, agus 'ghá iarraidh air teacht le cabhair chun
na h-áite. Chuir Dáibhid an sgéal i gcómhairle an
Tighearna mar seo: “A Thighearna, an toil leat go
raghainn agus go mbuadhfinn ar na Philistíneaeaibh
úd?” Agus dubhairt an Tighearna leis: “Imthigh;
agus buadhfir ortha, agus saorfir Ceila.” Ansan
d'imthigh Dáibhid agus a chualacht agus chuir sé cath ar
na Philistínigh agus do bhuaidh sé ortha agus chuir sé
ár agus dearg ruathar ortha agus bhain sé dhíobh a
raibh d'ollmhaitheas acu agus chosain sé Ceila ortha.



D'airigh Saul an sgéal san. “Seadh!” ar seisean,
“tá greim agam air fé dheire! Baile dúnta dain-
gean iseadh Ceila. Ó tá sé istigh sa bhaile sin agus
na geataí dúnta ní'l aon bhreith aige ar dhul uaim.”



Chomáin sé teachtaireacht amach chun a shlóighte do
chruinniú chun Ceila do thógaint agus Dáibhid agus a
chualacht do chur chun báis. Do h-innseadh san do
Dháibhid. Do labhair sé leis an dTighearna. “A Thigh-
earna,” ar seisean, “nuair a thiocfidh Saul annso a'
dtabharfidh muinntir an bhaile seo mise agus mo
chualacht suas dó?” agus dubhairt an Tighearna leis:
“Tabharfid.” D'eirigh Dáibhid agus a chualacht láith-
reach agus d'imthighdar as an mbaile. D'airigh Saul
go rabhadar imthighthe as an mbaile agus ansan níor
tháinig sé i n-aon chor.



Nuair imthigh Dáibhid a' Ceila thug sé féin agus a
chualacht aghaidh ar na cnocaibh daingeana uaigneacha ar
a dtugtí Ziph. Shocaruighdar iad féin i bpluais a bhí i


L. 397


gcnoc ana dhaingean. Ach do lean Saul ar a dtóir
tríd an uaigneas, ach níor leog an Tighearna dhó teacht
suas leó. Bhí coill dhiamhar dhorcha mórthímpal an
chnuic mar a raibh Dáibhid agus a chualacht sa phluais
agus do theip ar Shaul aon eólus d'fhághail ar an
bpluais ná ar cad é an treó baill 'n-a raibh sí.



Bhí fhios ag Iónatan an fiadhach a bhí agá athair 'á
dhéanamh a d'iarraidh teacht suas le Dáibhid agus bhí
truagh aige do Dháibhid. Tháinig sé ag triall air
chun misnigh do chur air.



“Ná biodh aon cheist ort, a chara ionmhuin,” ar
seisean leis, “ní fhéadfidh m'athair teacht suas leat.
Beidh tusa ad' rí ar Israél agus mise ad' thainiste.
Tá fios an méid sin ag m'athair. Ní'l aon phioc d'á
mhearthal air.” Ansan do dhein an bheirt an ceangal
caradais d'athnuachaint eatartha agus chuaidh Iónatan
abhaile agus d'fhan Dáibhid sa choill.



Bhí fhios ag muinntir na tíre mórthímpal Dáibhid a
bheith i bhfolach i n-áit éigin sa choill agus an rí bheith a
d'iarraidh teacht suas leis ar a dhítheal. Mar is gnáth,
do cheapadar gur bh'é a mbuach páirt do ghabháil leis
an bhfear láidir dar leó. Tháinig rainnt acu ag triall
ar an rí go Gabaa agus d'innseadar dó go raibh Dáibhid
i bhfolach 'n-a dtír féin istigh i lár coille, ar chnoc
Hachila, ar thaobh na lámha deise de'n ghainmheach. Bhí
sé ana bhuidheach díobh. “Beannacht ó'n dTighearna
oraibh,” ar seisean leó, “mar gheall ar an gcomhaoine
seo atá curtha agaibh orm; agus mar gheall ar an
dtruagh atá taisbeánta agaibh dom sa chás 'n-a
bhfuilim. Téidhidh abhaile anois agus deinidh faire go
maith air agus cuiridh eólus cruinn ar gach aon áit
n-ar gnáth leis bheit i bhfolach ann, agus nuair a
bheidh fhios go cruinn agaibh cá mbeidh sé tagaidh agus
innsidh dom é agus raighmíd agus béarfimíd air.”
Thánadar abhaile go dtí Ziph agus Saul 'n-a ndiaidh.



Bhí Dáibhid an uair sin thíos ar mhachaire Mhaon, ar


L. 398


dheis na h-áite ar a dtugtí Iremom. Do ghluais
Saul agus a chualacht síos 'n-a dhiaidh go géar agus
cheap sé go mbeadh greim aige láithreach air. Do
h-innseadh do Dháibhid é bheith ag teacht go géar agus
d'imthigh sé síos go dtí caraig a bhí i ngainmheach Mhaon.
Do lean Saul é. Bhí cnoc ann agus bhí Saul agus a chual-
acht ar thaobh de'n chnoc agus Dáibhid agus a
chualacht ar an dtaobh eile. Toisg an chualacht mhór a bheith
ag Saul d'fhéad sé fáinne dhéanamh díobh mórtímpal
ar Dháibhid agus ar a chualacht bheag. “Anois nú riamh,”
arsa Saul i n'aigne féin, “tá greim agam air. Tá
sé anso istigh agam agus ní'l agam le déanamh ach
dúnadh isteach air.” Thosnuigh sé ar dhúnadh isteach
air go breágh réidh stuama, aire mhaith aige 'á thabhairt
ná sleamhnóchadh sé as an bhfáinne ar aon taobh. Le n-a
linn sin siúd teachtairí ó'n mbaile ag triall ar Shaul.
“O! a rí,” ar siad, “tar abhaile láithreach. Tá an
tír lán de shlóightibh na bhPhilistíneach.”



B'éigean dó féin agus d'á chualacht imtheacht
láithreach agus Dáibhid d'fhágáilt 'n-a ndiaidh.



GNÍOMH UASAL.



Chómh luath agus bhí Saul agus a chualacht imthighthe
d'imthigh Dáibhid agus a chualacht as an áit osgailte sin
agus chuadar isteach ameasg na gcnoc ar a dtugtí
Engaddi agus d'fhanadar ann, áit nár bh'fhéidir do
Shaul, dá dtagadh sé airís, fáinne fear a dhéanamh 'n-a
dtímpal ann.



Do chuaidh Saul abhaile agus ba ró ghearr an mhoill air
na Philistínigh do chur amach as a thír agus díthineas
ortha. Nuair a bhí an méid sin déanta aige tháinig sé
thar n-ais airís ar thóir Dháibhid. Do h-innseadh dó


L. 399


go raibh Dáibhid imthighthe isteach ameasg na gcnoc.
Níor dhein san aon atharú aigne air. Do thoibh sé amach
trí mhíle fear de sna fearaibh ab fhearr a bhí ar a shluagh
agus thóg sé leis iad isteach ameasg na gcnoc, isteach
ameasg caraigreach gur dhóich le duine ná féadfadh
an gabhar fiain ar a dtugtar an t-íbecs gabháil 'n-a
measg gan a chnámha do bhrise. Bhí sé féin agus a thrí
mhíle fear ag cuardach ins gach aon treó baill feuchaint
a' bhféadfidís a dhéanamh amach cá raibh Dáibhid agus a
chualacht bheag. Sa chuardach do Shaul tháinig sé go
béal pluaise móire. Ar ádhmharaighe an tsaoghail cé
bheadh laistigh de sa pluais ach Dáibhid agus a chualacht!
Nuair a chonaic cualacht Dháibhid an rí do labhradar
i gcogar go h-íseal, “Anois an t-am agat,” ar siad
le Dáibhid. Do nocht Dáibhid a chlaidheamh agus d'eul-
uigh sé i n-aice le Saul, laistiar de. Níor mhothuigh Saul
é. I n-inead an chlaidhimh do shádh tré chorp an rí,
ámhthach, níor dhein sé ach smuit d'iochtar an bhrait a bhí
ar an rí do ghearradh dhe agus do thabhairt leis. Bhí an
chualacht ar buile nuair nár mhairbh sé an namhaid a bhí
ag déanamh an díthil go léir chun eisean do mharbhú.



“Ní leogfadh eagla an Tighearna dhom an gníomh
san do dhéanamh,” arsa Daibhid leó. “Isé mo rí é.
Tá ola an Tighearna air. Bheadh peaca mór déanta
agam dá dtógainn mo lámh 'n-a choinnibh.”



“Déanfimíd-se an gníomh,” ar siad-san.



“Ní dhéanfidh sibh aon nídh dh'á shórd.” arsa Dáibhid
leó. “Má chuirean sibh chuige,” ar seisean, “déanfidh
sibh an gníomh orm-sa ar dtúis.”



B'éigean dóibh leogaint dó. Ar ball d'eirigh Saul
agus bhí sé ag imtheacht amach as an bpluais. Do phreab
Dáibhid amach 'n-a dhiaidh agus ghlaoidh sé air.



“A rí! a rí!” ar seisean. D'feuch Saul laistiar
de agus chonaic sé Dáibhid. “Á! a rí uasail,” arsa
Dáibhid, “is mairg duit a dh'éistean le cómhrádh droch
dhaoine a bhíon 'ghá chur 'n-a luighe ar do Shoillse go


L. 400


bhfuil droch aigne agam-sa chughat agus go mbím ar tí
díobhála dhéanamh duit.” Le n-a linn sin d'umhluigh
sé é féin síos go talamh i láthair an rí.



“An é seo glór mo mhic a dh'airighim?” arsan rí,
“glór Dháibhid?”



“Isé, a rí,” arsa Dáibhid, “agus feuch, a rí,” ar
seisean, “dá mbeinn-se ar tí díobhála dhéanamh dod'
Shoillse ní raibh bac orm an díobháil sin do dhéanamh
anois.”



Ansan thaisbeáin sé dhó an stráice d'á bhrat a bhí
'n-a láimh aige. Do stad Saul agus iongna a chroidhe
air. “Is macánta d'fhear tu 'ná mise go mór,” ar
seisean. “Maith i n-aghaidh an uilc atá déanta agat
dom. Ní'l agam le h-iarraidh ort anois ach aon nídh
amháin. Tá fhíos agam go mbeidh tú ad' rí ar Israél
am' dhiaidh. Dearbhuigh dom anois i láthair Dé ná
déanfir íde ar mo shliocht.”



Dhein Dáibhid an dearbhú san agus do sgaradar.



NABAL.



Nuair a chonaic Saul conus mar ab é toil an
Tigherana é chur ar chumas Dháibhid agus nár dhein Dáibhid
air an t-olc a bhí tuillte aige uaidh, tháinig maoineachas
thar barr air agus bhí sé ag gol go h-árd. Ansan,
nuair a thug Dáibhid an gheallamhaint dó, fé dhearbhú
i láthair Dé, ná déanfadh sé aon droch nídh i gcoinnibh
a shleachta, shocaruigh sé a aigne ar dhul abhaile agus
ar gan a thuille cur isteach a dhéanamh ar Dháibhid.
D'iompuigh sé abhaile, é féin agus a thrí mhíle fear, agus
d'imthigh Dáibhid agus a chualacht suas i n-áit níba
dhaingine ameasg na gcnoc. Ansan tháinig an t-am
do Shamuel, am a bháis, agus fuair sé bás agus do
dhein clann Israéil é thóramh, agus é chaoine go dúbhach,


L. 401


agus d'adhlacadar é 'n-a thigh féin, .i. ameasg a dhaoine
féin. Ansan do chuaidh Dáibhid síos isteach sa tír
uaigneach ar a dtugtí Pharan agus do chómhnuigh sé ann.



Do thárla go raibh an uair sin, fear áirithe n-a
chómhnuidhe i n-áit uaigneach eile ar a dtugtí Maon,
agus ní raibh an dá áit ró fhada ó chéile. Nabal ab
ainm do'n fhear san agus fear ana shaidhbhir ab eadh é
agus fear ana dhothighsach. Bhí an áit ar a dtugti
Cármel 'n-a sheilbh agus bhí mórán caereach aige, trí
mhíle caoira, agus míle gabhar. Fear goirgeach, cas,
doicheallach, droch aigeanta, ab eadh é. Bhí bean pósta
aige agus bean ghasta chiallmhar thuisgeanach ab eadh í,
agus bean bhreágh dhathamhail ab eadh í, leis. De shliocht
Chaleb ab eadh an fear.



Do thárla go raibh na caoire d'á mbearradh do Nabal
agus gur airigh Dáibhid go rabhadar, agus go raibh fios
na h-áite aige.



Ba ró dheacair do Dháibhid an cheithre chéad fear a bhí
aige, nú an sé chéad fear, do chothú agus do chimeád
suas sa dúthaigh a bhí chómh fiain chómh h-uaigneach.
Mara mbeadh Dáibhid ní bheadh aon bhreith ag an
bhfear saidhbhir ar a chuid saidhbhris do chosaint ar
na foghluidhthibh. Do thuig Dáibhid, d'á bhrígh sin, gur
bh'é ba lugha ba ghann do'n fhear a bhí chómh saidhbhir
congnamh éigin cothuighthe thabhairt do sna fearaibh a
bhí ag cosaint an tsaidhbhris dó. Chuir sé teachtairí
ag triall air agus d'órduigh sé dhóibh a rádh leis mar
“Síothcháin ort, a Nabail, agus ar do theaghlach;
agus a leithéid seo: D'órduigh Dáibhid dúinn a rádh
leat gur airigh sé go raibh do thréadta caereach d'a
mbearradh agat. Go mbíodh na caoire sin ag fosai-
dheacht i n-ár n-aice sa bhfásach agus nár dheineamair
riamh aon díobháil dóibh agus nár leogamair d'aoinne
eile aon díobháil a dhéanamh dóibh ach chómh beag; gur
maith leis, d'á bhrígh sin go dtabharfá díolfiach éigin


L. 402


dó féin agus d'á chualacht as a bhfuil de thairbhthe
déanta acu dhuit. Aon nídh is toil leat féin a thabhairt
beifar sásta leis.”



“Agus cé h-é an Dáibhid sin?” arsa Nabal go
dothighsach. “Ca bh'fhios domh-sa cé h-é féin. Tá an
dúthaigh lán de bhuachaillíbh díomhaoine do theich ó n-a
máighistiríbh i n-inead fanmhaint ag obair go macánta;
agus an amhlaidh a mheasaid siad anois go dtabharfad-sa
dhóibh an t-arán agus an t-uisge agus an fheóil atá agam
le tabhairt dom' lucht oibre atá ag bearradh na gcae-
reach so dhom. B'fhearr liom breall ortha.”



Tháinig na teachtairí thar n-ais ag triall ar Dháibhid
agus d'innseadar dó cad dubhairt an fear dothighsach.
“Cuireadh gach fear a chlaidheamh 'n-a chrios chuige.”
arsa Dáibhid. Do chuir gach fear a chlaidheamh 'n-a
chrios chuige. Chuir Dáibhid féin a chlaidheamh 'n-a chrios
chuige. Do ghluais cheithre chéad fear i n-aonfheacht le
Dáibhid agus d'fhan dhá chéad fear ag tabhairt aire d'á
gcuid.



D'airigh duine de sheirbhíseachaibh Nabail an chainnt
a bhí idir é féin agus na teachtairí agus d'innis sé an
chainnt do mhnaoi Nabail. “Chuir Dáibhid teachtairí
indiu,” ar seisean, “ag triall ar ár máighistir agus
thug an máighistir an t-eiteachas dóibh. Fear maith
iseadh Dáibhid agus fir mhaithe iseadh na fir atá aige.
Tá mórán tairbhthe déanta acu dhúinn-na agus níor
dhein aoinne acu aon díobháil riamh dúinn. Níor
chailleamair oiread agus uan caereach ó thánadar sa
chómharsanacht. Ba chosaint láidir dúinn iad i gcómh-
nuidhe, do ló agus d'oidhche, nuair a bhímís ag aodhai-
reacht na gcaereach sa bhfásach. Tá eagla orm go
dtiocfidh droch obair as an eiteachas agus gur droch
obair thiobaisteach a thiocfidh as. Cuimhnigh ar rud
éigin a choisgfadh an íde atá i n-ár gcóir. Má thagan
Dáibhid agus na fir úd i bhfeirg chughat ní fágfar duine
ded' theaghlach beó.”


L. 403


Abigail ab ainm do'n mhnaoi. Chuir sí le chéile
láithreach dhá chéad bollóg aráin agus dhá árthach mhóra
fíona agus chúig cinn de chaoiribh ramhra agus mórán
eile bídh, agus chuir sí i n-ualaíbh ar asalaibh an bia sin
agus thóg sí léi é agus ghluais sí i dtreó na h-aite 'n-a
raibh Dáibhid ag teacht.



ABIGAIL.



Nuair a bhí Abigail agus na h-ualaí bídh agus na
caoire ramhra ag imtheacht ó'n mbaile bhí Dáibhid agus
a cheithre chéad fear armtha ag gluaiseacht ó n-a n-áit
chómhnuighthe féin chun díoltais a dhéanamh ar fhear an
dothil, an fear ná tabharfadh béile bídh do'n mhuinntir
a bhí 'ghá chosaint ar na foghluidhthibh, agus ná beadh
oiread agus beithidheach cheithre gcos aige mara mbeadh
iad. Bhí gleann tímpal lár slighe idir an dá áit.
Díreach nuair a bhí Abigail agus na h-ualaí bídh agus
na caoire ramhra ag teacht le fánaidh an chnuic isteach
sa ghleann, ó thaobh, bhí Dáibhid agus an cheithre chéad
fear ag teacht anuas le fánaidh an chnuic isteach sa
ghleann, ó'n dtaobh eile. Chómh luath agus chonaic
Abigail Dáibhid do thúirling sí de'n asal a bhí fúithi
agus tháinig sí i láthair Dháibhid agus d'umhluigh sí dhó
go h-íseal.



“An droch ghníomh so a deineadh, a rí,” ar sisi, “bíodh
sé orm-sa, agus leog dom labhairt le t'onóir. Ná
bac an fear aimhleasta san, Nabal, a rí. Fear droch
aigeanta iseadh é, agus amadán iseadh é; na teachtairí
a chuir do Shoillse ag triall air ní bhfuaras-sa aon
radharc ortha. Dá bhfaighinn ní leogfí chun siubhail iad
mar a leogadh. Ach anois, a rí, bheirim a bhuidheachas leis
an dTighearna nár leogadh dod' láimh aon fhuil do
dhortadh, agus iarraim ort an fághaltas bídh seo do
ghlacadh uaim agus é thabhairt do sna fearaibh fóghanta


L. 404


atá at' fhochair, óir isiad is fearr ceart chuige, de
bhrígh gur b'iad a bhíodh i gcómhnuidhe 'ghá chosaint
dúinn, agus mara mbeadh iad ná beadh sé ann chun é
thabhairt d'aoinne. Maith dhomh-sa, a rí, an tuathal so
a deineadh, agus nuair a dhéanfidh an Tighearna rí
dhíot ar a phobul Israél ní bheidh cuimhne an lae indiu
ag baint osna ód' chroidhe, mar a bheadh dá mbeifá tar
éis fola a bhí neamhchionntach do dhortadh. Nuair a
thiocfidh an t-am san, a rí uasail, ná dearmhaid mise.



“Agus bheirim-se buidheachas ó chroidhe leis an dTigh-
earna,” arsa Dáibhid léi, “toisg gur cuireadh tusa
am' choinnibh anso indiu. Mo bheannacht ort agus ar
do chainnt atá tar éis mé chosg ar dhortadh fola agus
ar dhíoltas indiu. Mara mbeadh tu theacht, agus do
theacht a bheith chómh tapaidh, ní bheadh duine beó i dteagh-
lach Nabail ar maidin amáireach.”



Ansan do ghlac Dáibhid an bia agus dubhairt sé léi,
“Síothcháin Dé ort anois agus imthigh ort abhaile. Táim
sásta. Déanfad an nídh atá iarrtha agat orm, agus
tá uraim ana mhór agam duit.”



Tháinig Abigail abhaile. Bhí gleó mór sa bhaile
roímpi. Bhí féasta mór ag Nabal sa tigh agus cuid-
eachta mhór cruinnighthe aige, agus é ar meisge. Nuair
a tháinig an mhaidean agus bhí an mheisge curtha dhe aige
tháinig sí i dtosach an sgéil agus d'innis sí dhó é ó
thosach go deire. Nuair airigh sé an sgéal agus nuair
a thuig sé an íde a bhí le teacht air féin agus ar a theagh-
lach, chómh h-oban, mara mbeadh an chuma 'n-ar shábháil
Abigail é, tháinig tocht ar a chroidhe istigh 'n-a chliabh i
dtreó go raibh a chroidhe mar a bheadh cloch. Níor
mhair sé ach deich lá 'n-a dhiaidh san. Tháinig an bás
air le leamhnú Dé.



Bhí Abigail 'n-a baintrigh ansan agus níor bh'fada
'n-a dhiaidh san gur rug Dáibhidh leis í agus gur phós
sé í. Bhí sí maiseamhail áluinn chómh maith le bheith
ciallmhar, tuisgionach, deagh chroidheach.


L. 405


Níor chimeád Saul cuimhne abhfad ar an “maith i
n-aghaidh an uilc” úd a dhein Dáibhid air nuair ab é
toil an Tighearna an chaoi thabhairt do Dháibhid ar é bhású,
an lá úd a bhí sé istigh sa phluais agus Dáibhid agus a
chualacht níba shia isteach sa phluais 'ná é, an lá úd nár
dhein Dáibhid ach stiall a bhaint d'iochtar a bhrait i
n-inead an chlaidhimh do chur tré n-a chroidhe, an rud a
bhí tuillte go maith aige. Tháinig cuid de mhuinntir
Ziph ag triall ar Shaul agus do labhradar leis.



“Feuch, a rí,” ar siad, “tá Dáibhid i bhfolach i gcnoc
Hachila.”



D'eirigh Saul agus ghlaoidh sé chuige a thrí mhíle fear
agus siúd chun siubhail é chun na h-áite 'n-a ndubhradh
leis Dáibhid a bheith i bhfolach. Dhein sé féin agus a
chualacht longphort i Hachila. D'airigh Dáibhid an
méid sin. Tháinig Dáibhid chun na n-áite sin a gan fhios.
Chonaic sé an rí 'n-a chodladh istigh 'n-a chábán agus an
chualacht go léir 'n-a gcodladh mórthímpal ar chábán
an rí. Abner, ceann airim an rí, agus na h-uaisle
móra go léir, na fir go raibh iontaoibh fé leith ag an
rí asta, bhíodar go léir ansúd sínte 'n-a sámh chodladh.
Bhí Dáibhid agus cuid d'á chualacht thuas ar bara faille
nuair a chonaic sé an radharc san. Bhí radharc acu
ar cheann an rí agus é sínte istigh 'n-a chábán agus a
shleagh 'n-a seasamh sa talamh agá cheann agus crúsga
uisge ansúd agá ghualainn i dtreó go bhféadfadh sé
deoch a dh'ól as dá mbeadh tart air.



“Feuch,” arsa Dáibhid leis an muinntir a bhí i n'
fhocair, “nách deas an faire é sin atá acu súd 'á dhéa-
namh ar an rí! Cé raghaidh liom-sa síos chun na h-áite
'n-a bhfuil Saul go bhfeiceam cad é an saghas faire atá
ag Abner 'á dhéanamh?”


L. 406


“Raghad-sa leat, a rí,” arsan Abisai. Bhí con-
tabhairt ana mhór ann ach do ghluais an bheirt síos.
Thánadar chun na h-áite 'n-a raibh an rí 'n-a chodladh.
Níor dhúisigh Abner ná aoinne eile de ghárda an rí.



“Feuch,” arsa Abisai, “tá do namhaid féd' láimh
agat. Abair an focal agus cuirfad-sa mo shleagh
féin síos tré n-a chorp agus tríd an dtalamh agus ní
bheidh gádh leis an tarna sádha”



“Ná bain le n-a leithéid de ghníomh a dhéanamh.”
arsa Dáibhid. “Tá ola an Tighearna air. Peaca i
n-aghaidh an Tighearna a bheadh déanta agat dá mar-
bhuighthá é, agus agam-sa dá dtoilighinn chun tu 'ghá
mharbhú. Geallaim anois i láthair an Tighearna atá
beó ná bainfidh mo lámh leis choidhchea Tagadh an bás
air le leamhnú Dé, má's toil le Dia san, nú tagadh
an bás air ó láimh a namhad i gcath. Ach go gcoisgidh
an Tighearna mo lámh-sa ó aon bhaint a bheith agam
leis! Tá ola an Tighearna aira Ach tabhair-se leat
an tsleagh san agá cheann agus an crúsga uisge
sin agá ghualainn agus cífar cad é an saghas faire
é seo atá déanta ag Abner air.”



Thógadar leó an tsleagh agus an crúsga. Níor
dhúisigh aoinne. Níor airigh aoinne iad ag teacht ná
ag imtheacht. Deir an Bíobla gur le leamhnú Dé do
thárla an codhla bheith chómh trom ortha. D'imthigh an
bheirt, Dáibhid agus Abisai, suas airís go dtí go
rabhadar ar bhara na faille, abhfad ó bhaoghal. Ansan
do ghlaoidh Dáibhid go h-árd ar Abner agus ar shluagh
an ría “A Abneir! a mhic Neir!” ar seisean, “an ad'
chodladh ataoi? Ná h-airighean tú me ag glaodhach
ort? Cad 'n-a thaobh ná tugan tú freagra orm?”



“Cé h-é thusa” arsa Abner, ag dúiseacht as a
chodladh dhó, “ná dúisigh an rí led' chollóid, adeirim
leat.”



“Ba ró fhuiriste, ní h-é amháin an rí do dhúiseacht ach
an rí do mharbhú, a gan fhios duit-se, bíodh gur tu an


L. 407


fear is mó le rádh i n-Israél anois. Tháinig namhaid
ar tí an rí do mharbhú agus níor mhothuighis-se an namhaid
ag teacht. Is deas an fear-faire thu, a mhic Néir! Ca
bhfuil sleagh an rí? Cá bhfuil an crúsga uisge a bhí
agá ghualainn? Táid siad imthighthe a gan fhios daoibh.
An té do rug an tsleagh agus an crúsga leis a gan
fhios daoibh cad é an bac a bhí air an rí do mharbhú a gan
fhios daoibh? Ní maith an lucht faire sibh.”



CAINNT CHNEASTA.



Do dhúisig Saul as a chodladh agus d'airigh sé an
chainnt agus an chollóid, agus d'aithin sé glór Dháibhid.



“An é seo mo mhac Dáibhid go n-aithnighim a ghlór?”
ar seisean.



“Isé, a rí,” arsa Dáibhid, “agus cad 'n-a thaobh dod'
Shoillse bheith ar mo thóir, a rí?” ar seisean. “Cad
tá déanta as an slighe agam? Cad í an choir atá
déanta agam? Éist liom, a rí. Má 'sé an Tigh-
earna atá ad' spriocadh am' choinnibh-se deintear
ídhbirt chun an Tighearna. Ach má's daoine atá 'ghá
dhéanamh is daoine malluighthe iad, i láthair an Tigh-
earna, mar táim díbeartha acu a' h-oighreacht an Tigh-
earna. Deirid siad liom imtheacht ag triall ar dhéithibh
iasachta. Agus anois, a rí, ná leog-se mo chuid fola
do dhortadh ar an dtalamh os cómhair an Tighearna. Ní
fiú dod' Shoillse é. Níl ionam-sa ach duine suarach,
duine ana shuarach, a rí onóraigh.”



“Tá peaca déanta agam, a Dháibhid a mhic,” arsa
Saul, “Ní dhéanfad a thuille uilc ad' choinnibh, óir do
staonais indiu ó bhás a dh'imirt orm agus ar do chumas
san do dhéanamh. Is léir gur fear gan chiall me agus
go bhfuil a lán neithe ná tuigim.”


L. 408


“Sidí anso sleagh an rí,” arsa Dáibhid. “Tagadh
duine de bhuachaillíbh an rí agus tógadh sé leis í, agus
deineadh an Tighearna cúiteamh le gach duine do réir
mar is ceart agus mar a bheidh tuillte ag an nduine.
Do chuir an Tighearna thusa ar mo chumas-sa indiu
agus níor thoil liom mo lámh do shíne i gcoinnibh an té
go bhfuil ola an Tighearna air. Agus mar a móradh
t'anam-sa indiu am' aigne-se go mórthar m'anam-sa
féin i láthair an Tighearna, agus go saoraidh Dia me as
gach cruadhchás.”



“Mo bheannacht ort, a Dháibhid, a mhic!” arsa Saul.
“Go n-eirighidh leat, agus go mbuaidh an Tighearna
leat!”



Ansan do sgaradar. D'imthigh Dáibhid suas in sna
daingeanaibh agus chuaidh Saul abhaile chun a thighe féin.



Nuair a bhí Dáibhid sa bhaile ameasg na gcnoc agus
an rí imthighthe chun a thighe féin do chrom Dáibhid ar
mhachtnamh.



“Ní'lim ó bhaoghal i n-aon chor,” ar seisean i n'aigne.
“An rud a gheallan an rí seo indiu ní chuimhneóchaidh
sé air amáireach. Ní bhead ó bhaoghal an fhaid a bhead i
n-aon dúthaigh leis. Is fearra dhom imtheacht agus dul
chun comhnuighthe i ndúthaigh iasachta, lasmuich d'á chómhacht,
i n-áit ná beidh ar a chumas me leanmhaint gan dul
isteach i dtír nác leis. Ní leanfidh sé me isteach i
dtír nách leis agus ansan b'fhéidir go n-imtheóchainn
as a chuimhne.”



Bhí rí gur bh'ainm dó Achis ar chathair leis na Philis-
tínigh agus Get ainm na catharach. Thug Dáibhid agus
a theaghlach, agus an sé chéad fear a bhí aige, aghaidh
ar an gcathair sin agus ar an rí sin. Bhí sean aithne
aige ar Achis agus thuig sé i n'-aigne nár mhiste dhó
iontaoibh a bheith aige as. Tháinig sé chun na catharach.
Do chuir an rí fáilte roimis agus do cuireadh cóir chómh
nuighthe air féin agus ar a theaghlach agus ar a chualacht.



Tar éis rainnt laethanta do labhair sé le h-Achis.


L. 409


“Is eagal liom, a rí,” ar seisean, “gur cur
isteach ró mhór ar do dhaoine-se, sa chathair seo, mise
agus mo chualacht a bheith anso. Táimíd sa tslighe.
Dá mbeadh baile beag éigin sa chómharsanacht agat
agus go leogfá dhúinn dul agus cómhnuidhe dhéanamh
ann do bheimís as an slighe agus d'fhéadfimís ár
ngnóthaí féin do dhéanamh ann agus b'fhéidir seirbhís
chogaidh a dhéanam duit-se dá mbeadh gádh agat leis
agus go nglaodhfá orainn chuige.” “Tá go maith,”
ars an rí, agus thug sé do Dháibhid baile beag ar a
dtugtí Siceleg. Chuaidh Dáibhid agus a chualacht isteach
sa bhaile bheag san agus chómhnuighdar ann ar a
suaineas.



BEAN FEASA.



An fhaid a bhí Dáibhid agus a chualacht 'n-a gcómhnuidhe
i Siceleg do thug Achis fé ndeara go raibh sé dílis
dó agus bhí an iontaoibh a bhí aige as ag dul i méid i
n-aghaidh an lae. Chimeád sé i n'aigne, go mór mór,
an focal úd adubhairt Dáibhid leis nuair adubhairt sé
“b'fhéidir go bhféadfimís seirbhís chogaidh a dhéanamh
duit dá mbeadh gádh leis agus go nglaodhfá orainn
chuige.” Bhí Achis ana shásta i n'aigne mar gheall air
sin, agus do ghluais rainnt aimsire.



Bhí an tseana mhioscais i n-aigne na bhPhilistíneach i
gcoinnibh chlainne Israéil. Chromadar ar iad féin
d'ullmhú agus do chur i dtreó chun aon iarracht amháin
eile thabhairt fútha agus buille tiobaisteach do bhualadh
ortha. Chruinnighdar a slóighte as gach áird d'á ndúthaíbh
agus ghleusadar a n-airm agus chuireadar le chéile
gach cóir chogaidh agus thánadar agus dheineadar
longphort i n-áit ar a dtugtí Sunam. Chruinnigh Saul
slóighte Israéil agus tháinig sé féin agus a shlóigh-


L. 410


te go Gelbóé. D'fheuch sé ar shlóightibh na bhPhilistíneach
agus nuair a chonaic sé iad do chaill ar a mhisneach.
Do lagadh a chroidhe 'n-a chliabh. Do chuir sé é féin i
gcómhairle an Tighearna. Ní bhfuair sé aon fhreagra.
Do labhair sé le n-a sheirbhísigh. “Cuarduighidh dom,”
ar seisean, “bean phútónach, bean feasa.” “Tá a
leithéid,” ar siadsan, “'n-a cómhnuidhe i n-Endor.”



Bhí Saul tar éis lucht feasa do dhíbirt as an dtír
agus tar éis dlighthe diana dhéanamh 'n-a gcoinnibh agus
tar éis pionoisí cruadha do chur ortha. Theastuigh uaidh
labhairt leis an mnaoi i n-Endor, ach bhí eagla air dá
mbeadh fhios aici é bheith ag teacht gur bh' amhlaidh a cheap-
fadh sí gur chun í chur chun báis a bheadh sé. Bhain sé dhe
a chuid éadaigh féin, d'á bhrígh sin, agus chuir sé éadach
eile uime, i dtreó ná h-aithneóchadh sí é. Ansan
chuaidh sé féin agus beirt eile ag triall uirthi agus
do labhair sé léi.



“Oibrigh fios pútónach dom,” ar seisean, “agus
tabhair chugham ó'n saoghal eile an té ar a nglaodhfad.”



“Feuch,” ar sisi, “is eól duit-se an sgrios atá
déanta ag Saul orainn, cad chuige dhuit, d'á bhrígh
sin, teacht anso ag déanamh fill orm chun mé chur
chun báis? Ansan do dhearbhuigh Saul i láthair an
Tighearna ná déanfí aon rud 'n-a coinnibh. “Dar
an Tighearna atá beó,” ar seisean, “ní thiocfidh aon
droch nídh ort mar gheall ar an méid seo oibre.”
bhean.



Cé thabharfad chughat ó'n saoghal eile?” ars an
bhean.



“Glaoidh chugham Samuel,” arsa Saul.



Do dhein. Ach nuair a chonaic sí Samuel do liúigh
sí. “Ó!” ar sisi, “cad chuige dhuit feall a dhéanamh
orm? Is tu Saul.”



“Ná bíodh eagla ort, ní baoghal duit.” arsa Saul,
“cad a chíon tú?”



“Chím,” ar sisi, “mar a bheadh déithe ag teacht
aníos as an dtalamh.”


L. 411


“Cuir a shamhail ar an té a chíon tú,” arsa Saul.



“Duine aosta ag teacht aníos,” ar sisi, “agus
fallaing uime.”



Do thuig Saul gur bh'é Samuel a bhí ann agus do
shléacht sé dhó agus chuir sé a aghaidh ar an dtalamh ós a
chómhair. Do labhair Samuel.



“Cad chuige dhuit buaireamh do chur orm,” ar seisean,
“agus me thabhairt aníos?”



“Mé bheith i gcruadhchás go mór,” arsa Saul, “táid
na Philistínigh ag cur orm agus tá an Tighearna iom-
puighthe uaim agus ní éistean sé liom ó láimh fáige
ná i n-aisling. Do ghlaodhas tusa chugham chun go
'neósfá dhom cad tá le déanamh agam.”



Agus dubhairt Samuel: “Cad chuige dhuit bheith
am' cheistiú-sa, ó tá an Tighearna iompuighthe uait chun
an fhir atá i gcomórtas ad' choinnibh? Déanfidh an
Tighearna leat fé mar adubhairt sé tríom' béal-sa
leat a dhéanfadh sé. Sgarfidh sé do rígheacht as do
láimh agus tabharfidh sé dod' chómharsain í, do Dháibhid,
mar ní rabhais umhal do ghuth an Tighearna agus níor
imiris fearg an Tighearna ar Amelec. Uime sin
iseadh chuir an Tighearna ort a bhfuil agat d'á fholag
indiu. Agus tabharfidh an Tighearna indiu tusa agus
Israél i láimh na bhPhilistíneach, agus beidh tú féin
agus do chlann mhac am' fhochair-se amáireach agus
tabharfidh an Tighearna longphort Israéil suas do
sna Philistínigh.”



Nuair airigh Saul an chainnt sin do thuit sé ar an
dtalamh sínte. Do sgannruigh cainnt Shamuel é, agus
ní raibh aon neart ann mar ní raibh aon bhia ithte an lá
san aige. Tháinig an bhean chuige agus do labhair sí
leis. “Feuch, a rí,” ar sisi, “do dheineas-sa an rud
a dh'iarrais orm, bíodh gur chontabhairt anama dhom é,
d'á bhrígh sin dein-se anois, a rí, an rud atá agam-sa
d'á iarraidh ort. Eirigh agus glac bia uaim a chuirfidh
neart ionat.”


L. 412


SICELEG 'N-A LUAITHRIGH.



“Ní bhlaisfad aon bhia,” arsa Saul. Ach bhí gamhain
ramhar ag an mnaoi, gamhain Cásga, agus mhairbh sí an
gamhain agus bheirbh sí an fheóil agus chuir sí os cómhair
an rí í agus bhí sí ag tathant air go dtí gur ith sé cuid
de'n fheóil uaithe. Ansan d'ith na fir a bhí i n-aonfheacht
leis cuid di. Chuir san spionadh ionta féin agus sa
rí agus d'eirighdar agus thugadar aghaidh ar an mbaile
agus thugadar an oidhche ar an mbóthar mar bhí an baile
abhfad uatha.



Ach bhí slóighte na bhPhilistíneach, 'n-a mbuidhnibh líon-
mhara, fé n-a dtaoiseachaibh céad agus fé n-a dtaoise-
achaibh míle, sa n-áit ar a dtugtí Aphec, agus bhí slóighte
Israéil ag an dtobar, sa n-áit ar a dtugtí Sesrael.
Do ghluais slóighte na bPhilistíneach, fé n-a dtaoise-
achaibh, chun an chatha do thabhairt, agus bhí Dáibhid agus
a chúmplacht féin sa líne deirineach díobh. Chonaic
ríogra na bhPhilistíneach Dáibhid agus a chúmplacht.
Do labhradar le h-Aichis:—



“Cad a bheir iad súd a theacht i n-aonfheacht
linn-na?” ar siad.



“An amhlaidh ná h-aithnighean sibh an fear san?”
arsa Achis. “Ná h-aithnighean sibh Dáibhid? Bhí sé
n-a sheirbhíseach ag Saul, rí Israéil, ar dtúis, agus
ansan tháinig sé ag triall orm-sa. Tá sé am' fhochair-se.
anois le fada dh'aimsir agus ó tháinig sé chugham ní
fheaca uaidh ach fírinne agus ionracas. Duine dílis
iseadh é.”



Ach d'eirigheadar ar buile agus dubhradar: “Iom-
puigheadh an fear san thar n-ais agus fanadh sé sa
n-áit 'n-ar chuiris féin chun cómhnuighthe é. Ní raghaidh
sé sa chat i n-aonfheacht linn-na. B'fhéidir gur iompáil


L. 413


i n-ár gcoinnibh a dhéanfadh sé i lár an chatha. Ní
féidir dó beart níos fearr a dhéanamh d'á mháighistir
féin 'ná iompáil orainn i lár an chatha. Nách é sin an
fear úd go ndeirtí leis sa chantainn:



“Do leag Saul na mílte,
Agus Dáibhid na mílte fó dheich?”



Ansan do ghlaoidh Achis chuige Dáibhid agus do
labhair sé leis:



“Admhuighim i láthair an Tighearna,” ar seisean,
“ná fuil aon locht agam le fághail ort agus ná fuil
aon droch amhras agam ort. Is cuma thu am' aigne-se
nú aingeal ó'n dTighearna, ach tá an ríogra go léir ad
choinnibh, agus ní h-áil leó tu féin agus do chualacht
do dhul leó isteach sa chath. Eirighidh, d'á bhrígh sin,
tu féin agus do chualacht, ar maidin, tamal roim lá,
agus téidhidh thar n-ais abhaile.”



Do dhein Dáibhid agus a chualacht an nídh sin.



Nuair a thánadar abhaile go Siceleg is amhlaidh a
fuaradar an baile beag 'n-a luaithrigh rómpa. Bí
na h-Amalecítigh tar éis teacht agus an áit do robáil
agus do losgadh agus na daoine bhreith leó i mbraigh-
dineas. Bhí buairt mhór ar Dháibhid nuair a chonaic sé
an léirsgrios. Bhí an uile dhuine d'á theaghlach féin
imthighthe agus an uile dhuine de theaghlach gach aoinne
d'á chualacht. Bhí an chualacht go léir ag gol go h-árd
go dtí ná raibh a thuille deór acu le sile ná a thuille
glóir 'n-a n-uchtaibh acu. Bhí a leithéid sin de bhuile
ortha gur dhóbair go gcuirfidís Dáibhid chun báis leis
na clochaibh mar gheall ar iad do bhreith ó'n mbaile leis.
Ach do chuir Dáibhid an sgéal i láthair an Tighearna.
Thug an Tighearna le tuisgint dó, dá leanadh sé na
foghluidhthe go dtiocfadh sé suas leó agus go
mbuadhfadh sé ortha. Do ghluais sé láithreach, é féin agus an
sé chéad fear, chómh mear agus d'fhéadadar gluaiseacht,
agus thánadar go dtí an sruth ar a dtugtí Besor.


L. 414


Bhí dhá chéad fear as an sé chéad chómh buailte amach san
an uair sin nár fhéadadar dul a thuille. Do stadadar
agus do ghluais Dáibhid agus an cheithre chéad eile sa
tóir. Thánadar ar fhear Éigipteach sa tslighe agus é
leath mharbh. Tugadar bia agus deoch dó agus tháinig
sé chuige féin.



“Cé h-é thusa?” arsa Dáibhid leis.



“Buachaill Éigipteach iseadh me, a rí,” ar seisean,
“seirbhíseach do dhuine de sna h-Amelecíteachaibh. Do
buailead breóite me arú indé agus do fágadh anso
me. D'eirighmair amach agus i n-ár gcuardaibh do
loisgeamair Siceleg.”



“An bféadfá sinn a stiúrú chun na h-áite 'n-a
bhfuilid siad súd anois?” arsa Dáibhid.



“Déanfad,” arsan buachaill, “ach go ndéanfir a
dhearbhú ná cuirfir chun báis me agus ná tabharfir
suas dom' mháighistir me.” Do dhearbhuigh Dáibhid.



TEASARGAN.



Dhein Dáibhid an dearbhú do'n bhuachaill, ná curfí
chun báis é agus ná tabharfí suas d'á mháighistir é. An-
san do sheól an buachaill an cheithre chéad fear agus
Dáibhid chun na h-áite 'n-a raibh na foghluidhthe cruin-
nighthe. Bíodar ansúd agus iad leathta amach ar an
dtalamh agus iad ag ithe agus ag ól ar a suaineas,
agus gan aon choinne acu go raibh namhaid chómh h-acha-
mair dóibh. Do rith an cheithre chéad chucha go h-oban.
Ní raibh ar a gcumas puinn cosanta dhéanamh ortha
féin. Do marbhuigheadh iad go léir ach amháin tímpal
cheithre chéad de sna fearaibh ab óige acu. Nuair a
thosnuigh an t-éirleach do léimeadar an cheithre chéad san


L. 415


anáirde ar chamalaibh agus theicheadar le n-a n-anam as
an áit. Do marbhuigheadh an chuid eile go léir. Do
fuaradh sa n-áit an uile bhlúire de'n fhoghail a bhí beirtha
leó ag na foghluidhthibh ó Shiceleg agus mórán eile
ollmhathais a bhí tabhartha leó acu ó thír chlainne Israéil
agus ó thír na bhPhilistíneach, mórthímpal. Do fuaradh
ann, leis' na fir agus na mná agus na daoine óga do
fuadaidheadh a' Siceleg, agus ní raibh fear bean ná
leanbh i n-easnamh ortha. Bhí a lán beithidheach ann, na
creacha a bhí tabhartha leó ag na foghluidhthibh as na triú-
chaibh a sgriosadar. Do chomáin Dáibhid agus an
cheithre chéad -fear, rómpa amach, na creacha san
agus thugadar leó iad go Siceleg. Bhailighdar suas,
leis, an uile shaghas eile saidhbhris d'á raibh ann agus
thugadar leó abhaile é.



Thánadar chun na h-áite 'n-ar fhágadar an dá chéad
fear a tuirsigheadh. Chonacadar san Dáibhid agus an
cheithre chéad ag teacht agus chuadar amach 'n-a gcoinnibh
ag cur fáilte rómpa. Do labhair Dáibhid leó go
cneasta. Ach bhí rainnt daoine a bhí droch aigeanta
ar an cheithre chéad a lean sa tóir, agus do labhradar
i gcoinnibh an dá chéad.



“Ní ceart,” ar siad, “aon chuid de'n tsaidh
bhreas so thabhairt dóibh seo. Níor thuilleadar é.
D'fhanadar anso díomhaoin agus do leogadar
dúinn-na an teasargan do dhéanamh agus a dhuadh
fhághail. Bíodh a mná agus a gclann acu. Ní beag
dóibh é.”



“Ní mar sin a bheidh, a bhráithre,” arsa Dáibhid.
“Isé an Tighearna do thug na foghluidhthe úd i n-ár
lámhaibh dúinn agus do thug an buadh dhúinn ortha agus
do thug dúinn an saidhbhreas so go léir. D'á bhrígh
sin is cómhrainnt a gheóbhaidh gach fear d'ár chuaidh sa
chath agus gach fear d'ár fhan ag faire na h-áirnéise.



Do deineadh an rainnt ar an gcuma san, agus do
lean an focal san as san amach, mar a bhebh dlighe


L. 416


i n-Israél, .i. “Is cómhrainnt a gheóbhaidh an fear a
raghaidh isteach sa chath agus an fear a fágfar ag faire
na h-áirnéise.”



An fhaid a bhí Dáibhid agus a chualacht ag déanamh na
h-oibre sin bhí neithe móra ag tuitim amach idir shlóightibh
Israéil agus slóighte na bhPhilistíneach. Do buaileadh
an mór chath idir an dá shluagh agus do buadhadh ar shlóigh-
tibh Israéil agus do cuireadh ár agus dearg ruathar
ortha. Do thuit Iónatan sa chath agus an chuid eile de
mhacaibh an rí. Do thuiteadar i bhfriothghoin an chatha
agus ansan bhí Saul i n'aonar agus aghaidh a namhad
go léir air. Bhí sé créachtnuighthe go mór agus a lán
d'á chuid fola imthighthe uaidh. Do labhair sé le n-a
ghiolla, an fear arm a dh'iompar a bhí aige.



“Tarraig do chlaidheamh,” ar seisean, “agus mairbh
me le h-eagla go marbhóchadh mo namhaid me agus go
dtabharfidís easonóir dom.” Ní dhéanfadh an giolla an
gníomh. Do rug Saul ar chlaidheamh agus chuir sé an
dornchlann ar an dtalamh agus an puínte suas le
n'ucht agus chaith sé é féin anuas air i dtreó gur chuaidh
an claidheamh tré n-a chroidhe agus gur thuit sé marbh
ar an bhfód. Ansan do thug an giolla an cor céadna
dhó féin agus bhí an bheirt marbh i n-aice chéile.



Níor fhan aon chuid de mhór shluagh Israéil gan sgaipe
agus ídiú an lá san.



D'ADHLACADH SAUL.



Na daoine a bhí sa ghleann, lastoir de chnoc Ghelbóé,
chonacadar an cath. Chonacadar an ruag d'á chur ar
chlainn Israeil agus an buadh ag na Philistínigh, agus an
rí agus a chlann mhac ar lár. Nuair a chonacadar an
radharc san d'eirighdar agus bhailighdar chucha pé fághal-
tas coda a bhí acu agus chuadar thar Iórdan soir chun


L. 417


cómhnuighthe. Níor fhan an áit a dh'fhágadar folamh
abhfad. Tháinig na Philistínigh chun cómhnuighthe sa
n-áit.



Bhí Dáibhid sa bhaile i Siceleg cúpla lá, tar éis na
bhfoghluidhthe úd do leanmhaint agus an éirligh a dhéanamh
ortha. Do bhuail chuige isteach fear a tháinig ó long-
phort Shaul. Bhí sé go suaithte sáruighthe agus a chuid
éadaigh stracaithe agus ceó an bhóthair go trom air.
Nuair a tháinig sé i láthair Dháibhid do shléacht sé go
talamh dó.



“Cad as duit-se?” arsa Dáibhid leis.



“Ó longphort Israéil a thánag, ar teiche,” ar seisean.



“Cad tá-tuitithe amach?” arsa Dáibhid. “Innis an
sgéal dom.”



“Do cuireadh ruag ar shlóightibh Israéil,” ar seisean.
“do theicheadar roimis an namhaid agus do marbhuigh-
eadh iad sa teiche. Do thuit Saul agus a mhac Iónatan.”



“Conus is eól duit,” arsa Dáibhid, “gur thuit Saul
agus Iónatan?”



“Do thárla,” ars an fear, “go dtánag féin go
sliabh Ghelbóé agus go bhfeaca Saul agus a shleagh mar
theannta aige. Bhí a charbad agus a eachra ag teacht
'n-a threó, d'fheuch sé laistiar de agus chonaic sé me
agus ghlaoidh sé chuige me. “Ce h-é thusa?” ar seisean.
“Amalecíteach mise, chun do sheirbhíse, a rí,” arsa mise.
“Seasaimh anso ós mo chionn agus mairbh me,” ar seisean,
“óir tá árd-ghuais tagaithe orm agus táim am' lán-
bheathaidh fós.” Agus do sheasuigheas ós a chionn agus
mharbhuigheas é, mar bhí fhios agam nár bh'fhéidir dó fan-
mhaint 'n-a bheathaidh agus a leithéid de thiobaiste tagaithe
air, agus thugas liom anso chughat-sa, a rí, an mionn
a bhí ar a cheann agus an práisléad a bhí ar a
chuislinn.”



Ansan do chaoin Dáibhid agus a chualacht bás Shaul
agus bás Iónatain agus dheineadar buairt go dúbhach
mar gheall ar an léirsgrios a bhí tagaithe ar chlainn


L. 418


Israéil sa chath mhífhoirtiúnach san. Agus tré mhéid a
mbuartha dheineadar trosgadh go tráthnóna.



Ansan do labhair Dáibhid arís leis an Amelecíteach.



“Cad as duit-se?” ar seisean.



“Mac d'Amalecíteach iasachta iseadh me,” arsan
fear.



“Cad 'n-a thaobh,” arsa Dáibhid leis, “ná raibh eagla
ort do lámh a thógaint i n-aghaidh an té n-a raibh ola an
Tighearna air?”



“Mairbh é sin,” arsa Dáibhid le duine d'á ógaibh.
Do bhuail an fear óg é agus thug sé goin bháis dó.



“Bíodh do bhás ort féin,” arsa Dáibhid leis. “Thug
do bheul féin breith ort nuair adubhraís an focal ‘do
mharbhuigheas an té ar a raibh ola an Tighearna.’”



Ansan do dhein Dáibhid dán áluinn ag caoine Shaul
agus ag caoine Iónatain agus ag caoine na slógh de
chlainn Israéil a thuit sa mhór chath ar shléibhtibh Ghelbóé,
agus d'órduigh sé a mhúine do chlainn Israéil conus an
bogha do láimhseáil i gcath. Do thaisbeánfadh san gur
bh'fhearr an t-eólus a bhí ag na Philistínigh ar an mbogha
'ná mar a bhí ag clainn Israéil air. Ach tá curtha i
n-iúil dúinn go raibh Iónatan oilte go maith ar an arm
san agus nár chuaidh namhaid riamh saor ó n'urchar.



Nuair a bhí an caoine déanta agus an onóir cheart
tabhartha do sna daoine a thuit sa chath, chuir Dáibhid é
féin agus a ghnóthaí i gcómhairle an Tighearna. Thug an
Tighearna le tuisgint dó gur cheart dó dul suas go
Hebron. Do chuaidh. D'imthigh sé féin agus a theaghlach,
agus muinntir gach fir d'á theaghlach, suas go Hebron
agus chuireadar fútha ann.



Tar éis an chatha do rug na Philistínigh leó corp Shaul
agus ní h-onóir a thugadar do'n chórp ach easonóir.
Tháinig fir ó Iabes Gallad agus ghoideadar an corp
ó sna Philistínigh sa n-oidhche, agus corp Iónatain, agus
do rugadar leó iad agus d'adhlacadar iad mar ba
cheart, agus d'airigh Dáibhid an sgéal san agus bhí sé
ana bhuidheach díobh.


L. 419


GNÍOM FILL.



Nuair a bhí Saul tar éis bháis do ghaibh a rí féinne,
Abner, páirt le Isboset, mac Shaul, agus do ghaibh
treibh Iúda páirt le Dáibhid. Ar an gcuma san d'eirigh
cogadh idir threibh Iúda agus an chuid eile de chlainn
Israéil. An fhaid a lean an cogadh san d'fhan Dáibhid
'n-a chómhnuidhe i Hebron. An fhaid a bhí sé 'n-a chómh-
nuidhe i Hebron agus an cogadh ar siubhal bhí a chómhacht
ag neartú leis an aimsir, agus bhí cómhacht an taoibh
eile ag lagú. B'é Abner mac Neir, an rí féinne
a bhí ag Saul, an fear ba chreideamhnaighe agus ba mhó
cumas, ar thaobh Isboseit, agus b'é Ióab, an rí féinne
a bhí ag Dáibhid, an fear ba mhó cumas ar an dtaobh
eile. Bhí an dá rí féinne sin ag faire ar a chéile go
géar, duine acu ag déanamh a dhíthil chun cómhacht
Isboseit do chur chun cinn agus an duine eile ag
déanamh a dhíthil chun cómhacht Dháibhid do chur chun
cinn. Bhí Abner dílis go maith d'Isboset go dtí gur
dhein Isboset rud éigin a chuir fearg air. Ansan
do thuit sé amach le h-Isboset agus ghaibh sé páirt
Dháibhid. Chuir sé teachtaireacht go Hebron ag
triall ar Dháibhid chun a rádh leis:—



“Cé leis an tír? Má dheinean tú connradh liom-
sa tabharfad Israél go léir féd' smacht.”



Do dhein Dáibhid an connradh, ar aon choinghíll amháin.
Do cómhlíonadh an coingheal san. Tháinig Abner
go Hebron. Dhein Dáibhid féasta mór chun onóra
thabhairt dó. Bhí Dáibhid agus Abner go h-ana
mhuinnteartha le n-a chéile. Bhí gach aon deabhramh go
raibh an tsíothcháin déanta agus go mbeadh sí buan.
Nuair a bhí an féasta críochnuighthe do ghluais Abner
agus a chualacht chun dul abhaile agus é lán tsásta
i n'aigne.


L. 420


Ní raibh Ióab ag an bhféasta. Bhí sé féin agus cual-
acht armála le Dáibhid amuich ag cur smachta ar namhaid
éigin nár bhain le h-aon taobh de'n chogadh. Nuair a bhí
Abner imthighthe do thárla go dtáinig Ióab. Do h-inn-
seadh dó cad a bhí tuitithe amach, go raibh Abner tar éis
teacht agus síothcháin a dhéanamh le Dáibhid agus go
raibh sé imthighthe airís abhaile. Tháinig Ióab i láthair
Dháibhid:—



“Cad é seo atá déanta agat, a rí?” ar seisean.
“Bhí do namhaid, Abner, anso agat agus do sgaoilis
uait é. Ná fuil fhios agat gur ad' bhraith a tháinig an
fear san anso chughat? Tháinig sé ag feuchaint ar an
áit, chun go bhféadfadh sé ár neart do bhreithniú. An
t-eólus a bhí uaidh tá sé aige anois agus tá sé imthighthe
agus ní'l bac air anois pé úsáid is maith leis a dhéanamh
de'n eólus.”



Nuair a bhí an méid sin ráidhte aige d'imthigh sé amach
gan fanmhaint le freagra. Chomáin sé teachtaire
i ndiaidh Abneir 'ghá iarraidh air fille thar n-ais go dtí
áit áirithe. Do fuair Abner an teachtaireacht. D'iom-
puigh sé thar n-ais. Ní raibh aon choinne aige ná gur
chun na síotchána a bhí déanta do neartú a bhí Ióab.
Tháinig an bheirt chun cainnte le n-a chéile. “Buail
mar seo go fóil,” arsa Ióab le h-Abner, fé mar a
bheadh sé chun labhartha leis i gcogar. Bhí Abner ag
feitheamh leis an gcogar. Le n-a linn sin do rop
Ióab le n-a sgiain é agus do thuit sé marbh.



Nuair airigh Dáibhid gur deineadh an feall san bhí
fearg air agus bhí buairt air, agus dubhairt sé:—



“Ní h-orm-sa ná ar mo rígheacht a thiocfidh díbhfeirg
an ghnímh sin. Ní sinn atá cionntach ann. Ach tiocfidh
an díbhfeirg ar Ióab agus ar a shliocht, ar gach duine
de theaghlach a athar. Ná raibh sliocht Ióab choidhche
gan lobhair, ná gan lucht droch ghalar, ná gan lucht
tuitim le faobhar, ná gan lucht báis d'fhághail do'n
ghorta.”


L. 421


DÁIBHID I HEBRON.



Chonaic na daoine go léir a bhí i bhfochair Dháibhid i
Hebron, an bhuairt a bhí air mar gheall ar bhás Abneir,
agus mar gheall ar an bhfeall a dhein Ióab air. Chonac-
adar, leis, an onóir a thaisbeáin sé d'Abner agus an
moladh mór a dhein sé ar an gcuma 'n-ar chaith Abner
a bheatha, agus ar a dhílse do Shaul, an fhaid a mhair Saul,
agus d'airighdar an chainnt chruaidh a labhair sé ar an
ngníomh a dhein Ióab. Do thaithn san go mór leó go
léir agus do leath tuairisg na neithe sin ar fuaid na
tíre, i dtreó gur airigh na daoine a bhí fé smacht Shaul
an tuairisg.



Do h-airigeadh, leis, ar fuaid na tíre an tuitim
amach a bhí idir Isboset agus Abner agus an chómhairle
a bhí tabhartha ag Abner do chlainn Israéil go léir, sar
ar chuaidh sé ar an gcuaird úd go Hebron. Bhí ráidhte
aige leó go léir gur bh'é Dáibhid an rí a bhí ceapaithe
ag an dTighearna chun iad do shaoradh ó sna Philistínigh
agus gur cheart dóibh go léir luighe isteach láithreach
fé n-a smacht. Dhein an chainnt sin, agus an onóir
a bhí tabhartha ag Dáibhid d'Abner, tar éis a bháis,
bogadh ana mhór ar aigne na ndaoine agus tháinig
báidh acu le Dáibhid.



Bhí beirt fhear de threibh Bheniamin agus thuigeadar,
dar leó, rud a dhéanfadh ana thairbhthe dhóibh. Thuig-
eadar go raibh slighe ana mhaith acu chun comaoine do
chur ar Dháibhid, comaoine do thuillfadh tuarastal maith
dhóibh féin. Thuigeadar dá mbeadh Isboset as an slighe
ná raibh aon duine beó chun teacht idir Dháibhid agus
bheith 'n-a rí ar chlainn Israéil go léir, fé mar a bhí
Saul. Baana b'ainm do dhuine acu agus Rechab ab
ainm do'n duine eile, agus beirt drithár ab cadh iad.
Ba ghnáth an uair sin, agus is gnáth fós, i


L. 422


dtíorthaibh teó, daoine do dhul isteach ó theas na
gréine agus greas codlata dhéanamh, i lár an lae,
istigh 'n-a dtighthibh. Dhein Isboset an nídh sin lá
áirithe. Chuaidh sé isteach 'n-a thigh féin agus shín sé ar
leabaidh agus thuit a chodhladh air. Bhí an bheirt,
Rechab agus Baana, ag faire air. Nuair a bhí fhios
acu é bheith 'n-a chodhladh bhuaileadar chun an tighe
agus cúpla punan arbhair ar a bhaclainn ag gach
duine acu, 'ghá leogaint ortha gur chuid de mhuinntir
an tighe iad. Bhí Isboset 'n-a shámhchodladh. Mhar-
bhuighdar é agus bhaineadar an ceann de. Chuireadar
chucha an ceann agus bhuaileadar amach go breágh
réidh neamh-iongantach. Níor cuireadh aon tsuim ionta.
Nuair a bhíodar tamal ó'n dtigh thugadar aghaid
ar an dtreó do b'uaiginighe agus chuireadar an
talamh díobh i dtreó Hebroin. Thugadar an oidhche
ag siubhal. Do shroiseadar Hebron. Do tugadh
i láthair Dháibhid iad. Thaisbeánadar an ceann dó.
“Seo, a rí,” ar siad, “ceann mhic Shaul, ceann
mhic do namhad a bhíodh a d'iarraidh an anama bhaint
asat. Tá tabhartha agam' Thighearna dhuit-se indiu,
a rí, díoltas a dhéanamh ar Shaul agus ar a shliocht.”



Do labhair Dáibhid leó: “Tá an Tighearna beó,”
ar seisean, “agus isé thug saor me as gach guais.
Agus nuair a tháinig fear chugham 'ghá innsint dom
go raibh Saul marbh, agus mheas sé gur tuarastal a bhí
le fághail aige mar gheall ar sgéala maithe thabhairt
chugham, do thugas breith a bhéil féin air agus chuireas
chun báis é. Ach nách mó go mór an chúis atá agam
chun sibh-se chur chun báis anois. Chuaidh an bheirt chuirp-
theach agaibh isteach i dtigh duine macánta agus marabhair
é istigh 'n-a thigh féin. Agus é 'n-a chodladh ar a
leabaidh féin! Tá ceangailte orm a chuid fola
d'agairt oraibh agus sibh a chur as an saoghal.”



Do thug Dáibhid an t-órdú d'á fhearaibh óga agus
chuireadar an bheirt chun báis. Bhaineadar na lámha


L. 423


agus na cosa dhíobh agus chrochadar iad os cionn uisge
an locha i Hebron, agus do h-adhlacadh ceann Isboset
le h-onóir.



Do bhrostuigh na neithe sin go léir na daoine, ó gach
áird, chun teacht ag triall ar Dháibhid, go Hebron,
agus é ghlacadh 'n-a rí ós a gcionn, “gan freasabra,”
mar a deirtí fadó i n-Éirinn nuair a glactí rí gan
focal ag aoinne dh'á rádh 'n-a choinnibh.



DÁIBHID I N-IERÚSALEM.



Nuair a bhí ceann Isboset adhlactha le h-onóir, agus
a bhás agartha go cruaidh ar an mbeirt a mhairbh é, do
thuig clann Israéil go léir gur labhair Abner an fhírin-
ne leó nuair adubhairt sé leó gur bh'é Dáibhid an rí
a bhí ceapaithe ag an dTighearna dhóibh.



Tháinig pobul Israéil go léir ag triall air go
Hebron 'ghá iarraidh air iad do ghlacadh fé n-a smacht
agus bheith 'n-a rí ós a gcionn.



“Is sinn do chuid fola agus feóla féin,” ar siad
leis, “agus, indé agus arú 'ndé, nuair a bhí Saul
'n-a rí ós ár gcionn is tusa bhíodh ag seóladh Israéil
amach chun cogaidh agus isteach thar n-ais; is leat-sa
adubhairt an Tighearna: “is tusa dhéanfidh mo phobul
Israél do chothú agus is tusa bheidh mar cheannuraid
ar Israél.”



Ansan tháinig seanóirí an phobuil i láthair an rí
agus dhein an rí connradh leó i Hebron, i láthair an
Tighearna, agus d'úngadar Dáibhid 'n-a rí ar chlainn
Israéil go léir.



Bhí Dáibhid tríochad blian nuair a thosnuigh sé ar
bheith 'n-a rí, agus thug sé dachad blian 'n-a rí, seacht
mbliana go leith i Hebron 'n-a rí ar threibh Iúda, agus
trí bliana agus tríochad, i Ierúsalem, 'n-a rí ar chlainn
Israéil go léir.


L. 424


Ó tháinig clann Israéil treasna abhan Iórdain isteach
sa tír sin a bhí geallta dhóibh níor ghlacadar seilbh i
gcathair Ierúsalem. Thógadar an chathair go luath tar
éis teacht dóibh, agus do loisgeadar í. Treabhchas
daoine ar a dtugtí na Iebusítigh a bhí sa chathair nuair
a loisgeadh an chathair ortha, ach níor chimeád clann
Israéil aon ghreim uirthi agus tháinig na Iebusítigh
agus chuireadar suas airís í agus dhainginighdar go
maith í agus chimeádadar seilbh innti go dtí aimsir
Dháibhid. Nuair a fuair Dáibhid é féin socair 'n-a rí
ar chlainn Israéil go léir do thuig sé i n' aigne gur
bh'í an chathair sin Ierúsalem ba cheart dó a bheith aige
mar phríomh chathair.



Do chruinnigh sé na slóighte a bhí aige, i Hebron,
d'fhearaibh Iúda agus d'fhearaibh Israéil, agus thug sé
aghaidh ar chathair Ierúsalem. Tháinig sé féin agus a
shluagh os cómhair na catharach agus d'éilimh sé seilbh.



“Ní thiocfir isteach sa chathair seo,” arsa na Iebusí-
tigh leis, “mara gcuirir amach na daill agus na ba-
caigh.” B'é sin le rádh, do réir mar a thuigid lucht
eóluis an chainnt, “tá an chathair seo chómh daingean
chómh láidir sin ná beadh aon bhreith agat ar í
thógaint dá mba ná beadh istigh chun í chosaint ort ach
na daill agus na bacaigh, atá innti.”



Bhí an chathair ana dhaingean. Ní maoidheamh gan
adhbhar a dhein na Iebusítigh nuair adubhradar go
bhféadfadh a raibh de dhallaibh agus de bhacachaibh innti
í chosaint.



Do chruinnigh Dáibhid uaisle a shlógh agus do labhair
sé leó. Dubhairt sé leó, an duine acu do thógadh an
chathair sin ó sna Iebúsítigh go mbeadh sé 'n-a cheann-
uraid ar shlóightibh Dháibhid an fhaid a mhairfadh sé. Bhí
Ióab ag éisteacht leis an gcainnt sin. Bhí fhios ag
Dáibhid, agus ag an sluagh go léir, go raibh uisge ag
dul isteach sa chathair tré líntéireachaibh éigin fé
thalamh. Bí na fallaí ró árd ró láidir. Ní raibh


L. 425


aon tslighe ar dhul isteach maras bhféadfí dul isteach
tré sna líntéireachaibh sin mar a raibh an t-uisge
ag dul isteach. Dhein Iósab an gníomh san. Chuaidh
sé féin agus pé cualacht a lean é, chuadar isteach
mar a dtéidhadh an t-uisge isteach agus thógadar an
chathair.



Meastar go mb'fhéidir go raibh súil ag Dáibhid gur
duine éigin eile de sna h-uaislibh a dhéanfadh an gníomh
agus go dtabharfadh san caoi dhó ar Ióab do chur as
an uachtaránacht gan trácht ar an gcúis a bhí aige chuige.
Ní raibh aon ghrádh aige do Ióab ó mhairbh sé Abner chómh
fealltach. Ach do thóg Ióab an chathair agus b'éigean
do Dháibhid a gheallamhaint do sheasamh. Nuair a bhí
an chathair tógtha chuaidh Dáibhid isteach sa dún, sa n-áit
ba threise agus ba dhaingine de'n chathair, agus do chómh-
nuigh sé ann agus thug sé mar ainm ar an ndún san
Cathair Dháibhid.



Deir an Bíobla gur dhein sé fallaí móra láidire
eile, ag dainginiú an dúna san i dtreó go raibh sé
níba dhaingine go mór 'ná mar a bhí sé ag na Iebusí-
teachaibh.



DÍBHFEIRG AR OSA.



Chómh luath agus bhí Dáibhid socair sa chathair sin
Ierúsalem agus clann Israéil go léir umhal dó do
thosnuigh an t-ádh ar eirighe leis istigh agus amuich, agus
bhí lámh an Tighearna leis ins gach cor d'á gcuireadh sé
dhe.



Bhí rí sa chómharsanacht, Híram ab ainm dó, rí Tuire.
D'airigh sé conus mar a bhí Dáibhid 'n-a rí ar Israél
go léir agus go raibh sé tar éis dul chun cómhnuighthe
sa chathair a thóg sé ó sna Iebusítigh. Do thuig sé go
raibh Dáibhid chun ríghthighe dhéanamh dó féin sa chathair


L. 426


sin. Bhí adhmad i dtir Híraim nár bh'fhéidir a leithéid
d'fhághail an uair sin i n-aon tír eile, le feabhas, agus
bhí ceárduidhthe aige, chun an adhmhaid sin d'oibriú, nár
bh'fhéidir a leithéidí dh'fhághail i n-aon bhall eile, le
feabhas agus le h-eólus agus le tuisgionaighe. Do
chomáin Híram an t-adhmad agus na ceárduidhthe go
Ierúsalem, ag triall ar Dháibhid, agus do chuir Dáibhid
suas a thigh breágh nua. Agus do thuig sé i n'aigne
go raibh Dia ag cabhrú leis ins gach nídh.



Do chonacadar na Philistínigh, ámhthach, cad a bhí déan-
ta ag Dáibhid, agus cad a bhí aige 'á dhéanamh, agus an
fuadar a bhí fé, agus thuigeadar 'n a n-aigne, má bhí
Saul marbh gur bhaoghal go raibh fear eirighthe i n-inead
Shaul a bheadh níba mheasa go mór 'ná é. Do chruin-
nighdar a slóighte. Níor fhágadar fear a bhí ábalta
ar arm do láimhseáil nár chuireadar arm 'n-á láimh.
Do ghluais mór shluagh líonmhar acu amach agus do
leathadar iad féin ar fuaid an ghleanna ar a dtugtí
Raphaim. Chuir Dáibhid é féin fé chomairce an Tigh-
earna. Le h-órdú an Tighearna chuaid sé féin agus
a shluagh amach chun catha thabhairt dóibh. Do buaileadh
an cath agus do cuireadh ár agus dearg ruathar ar
na Philistínigh. Do chruinnighdar a neart airís agus
do buaileadh an tarna cath. Do cuireadh an tarna
cath ortha agus ba thiobaistighe ortha é 'ná an chéad
chath. D'fhág san Dáibhid 'n-a mháighistir ortha go
críochnuighthe.



Ach bhí Airc an Chonnartha i dtigh Abinadaib i
gcaitheamh na h-aimsire sin. Do thuig Dáibhid go
raibh an t-am tagaithe 'n-ar cheart dó an Airc do
thabhairt leis isteach sa phríomh chathair sin a bhí curtha
suas chómh daingean an uair sin aige. Do chruinnigh
sé sluagh mhór, deich míle fhichead fear, agus do ghluais
sé féin agus an mhór shluagh san go Gabaa chun na
príomh chatharach. Do tógadh an Airc a' tigh Abinadaib
agus do cuireadh ar chara, nú ar thrucail, nua


L. 427


í, agus beithidhigh ag tarrac na trucaileach. Bhí
beirt mhac d'Abinadab ag tabhairt aire do'n Airc,
agus Ahio agus Osa a n-ainmneacha. Nuair a ghluais
na beithidhigh bhí Ahio roimis an Airc agus Osa 'n-a
diaidh, agus Dáibhid agus an mhór shluagh ag siubhal
'n-a diaidh agus ceól agus cantainn acu 'á dhéanamh
i n-onóir do'n airc naomhtha. Nuair a tánathas go
dtí an áit ar a dtugtí úrlár Nachon do thosnuigh
na beithidhigh ar spriúchadh. Bhí Osa 'n-a sheasamh
i n-aice na h-Airce. Leis an spriúchadh a bhí ag na
beithidhigh 'á dhéanamh bhí an cara ag iompáil i leithtaoibh
agus bhí, nú mheas Osa go raibh, an Airc i riocht
tuitim. Chuir Osa suas a lámh agus go rug sé
greim ar an Airc chun í chimeád gan tuitim. An
túisge n-ar dhein b'é toil Dé gur thuit an t-anam as
mar gheall ar a dhánaidheacht. Nuair a chonaic Dáibhid
cad a bhí imthighthe ar Osa tháinig sgannra air agus
ní leogfadh eagla dhó an Airc do bhreith isteach sa
phríomh chathair go dtí go mbeadh fhios aige ar bh'é
toil an Tighearua dhó é. D'iompuigh sé i leithtaoibh
agus chuir sé an Airc isteach i dtigh dhuine d'ár bh'ainm
Obededom agus d'fhan an Airc sa tigh sin ar feadh
trí mhí.



B'fhéidir go ndéarfí gur bh'uathbhásach an díbhfeirg
a deineadh ar Osa mar gheall ar ghníomh chómh suarach,
go mór mór ó bhí an gádh le h-é dhéanamh toisg na
bethidhigh a bheith ag spriúchadh.



Ní'l ach aon fhreagra amháin le tabhairt ar chainnt
de'n tsórd san. Ca bh'fhios duit se ná dhomh-sa ná
d'aon duine eile cad a bhí idir Osa agus an Tighearna
an neóma san? Ní'l aon phioc d'á fhios againn.
Cad é mar obair dúinn, d'á bhrígh sin, bheith ag tabhairt
fé bhreitheamhantas do leagadh air!


L. 428


MICHOL.



D'fhan an Airc ar feadh trí mhí i dtigh an duine úd
gur bh'ainm dó Obededom. Ansan do h-innseadh
do Dháibhid go raibh rath agus séan curtha ag an dTigh-
earna ar Obededom agus ar a thigh, mar gheall ar
an Airc. Nuair airigh Dáibhid an méid sin do thuig
sé nár mhiste dhó an Airc do thabhairt leis isteach 'n-a
phríomh chathair. D'imthigh sé féin agus slóighte móra
de chlainn Israéil agus thugadar leó an Airc isteach
sa chathair, agus ar an slighe dhóibh bhíodar ag déanamh
ceóil agus ag cantainn sailm, agus ag déanamh ídh-
birtí, agus ag rinnce, ag tabhairt onóra d'Airc na
Connartha. Bhí Dáibhid féin ag déanamh an cheóil
ar a dhítheal agus a bhrat bainte dhe aige mar gheall
ar an saothar.



Nuair a thánadar isteach sa chathair do thárla go raibh
an ríogan, Michol, an inghean úd le Saul a phós
Dáibhid, go raibh sí thuas i bhfinneóig de'n ríghtheach nua
agus í ag feuchaint amach ar an ngluaiseacht agus ar
an saothar agus ar an rinnce. Chonaic sí Dáibhid agus
é ag rinnce ar a dhítheal. Tháinig fearg uirthi. Tháinig
droch mheas aici air. Dar léi do b'fhada ó stuaim rí
an rud a bhí aige 'á déanamh. Bhí, dar léi, amadán
aige 'á dhéanamh de féin. Nuair a bhí an gnó déanta
agus an Airc curtha 'n-a h-inead féin do chuir
Dáibhid a bheannacht ar na daoine agus do leog sé
chun siubhail iad. Ansan tháinig sé isteach 'n-a thigh
féin chun a bheannacht do chur ar an dtigh agus ar
mhuinntir an tighe. Bhí an ríogan, Michol, sa dorus
'n-a choinnibh agus fearg 'n-a gnúis. “Ó,” ar sise,
“nách áluinn fheuch rí Israéil indiu! A bhrat caithte
dhe aige os cómhair na seirbhíseach agus é ag déanamh
cleas mar a bheadh cleasaidhe.!”



“Os cómhair an Tighearna, ó thoibh sé me i n-inead


L. 429


t-athar-sa agus i n-inead sleachta t'athar, chun bheith
am' rí ar a phobul féin, ar Israél, déanfad-sa súg-
radh, agus bead níos úirísle 'ná mar a bhíos indiu,
agus beidh mé umhal am' shúilibh féin, agus is amhlaidh
fheuchfad níos uaisle i súilibh na seirbhíseach so
adeirir.” arsa Dáibhidh léi.



Deirtear gur cuid de mhórchúis a h-athar a thais-
beáin Michol an uair sin, agus deir an Bíobla gur
mar gheall ar an rud a dhein sí an lá san nár bh'é
toil an Tighearna dhi aon leanbh mic a bheith aici an
chuid eile d'á saoghal. Do h-ainimnigheadh cúigear
mac di ach níor bh'í féin ba mháthair d'aon mhac acu.
Uchtmhaca dhi ab eadh iad.



Nuair a bhí an Airc istigh sa chathair ag Dáibhid,
agus a namhaid go léir curtha fé chois aige
mórthímpal, agus é 'n-a shuidhe ar a shuaineas istigh
'n-a thig nua, agus gach aon rud ar a thoil aige, do
chuimhnigh sé ar rud. Chuir sé fios ar Natan Fáig
agus do labhair sé leis.



“Feuch,” ar seisean leis, “chíon tú mise anso agus
mé am' chomhnuidhe i dtigh áluinn céadair, agus Airc
Dé suidhte i lár seithí.”



“Gach nídh d'á bhfuil at' aigne,” arsa Natan,
“imthigh agus dein é, óir tá an Tighearna leat.”



Do thárla ámhthach, an oidhche chéadna, gur labhair an
Tighearna le Natan mar seo:—



“Imthigh agus abair lem' sheirbhíseach Dáibhid: Seo
mar adeir an Tighearna. An amhlaidh a chuirfir-se
tigh suas domh-sa chun cómhnuighthe? Níor chómhnuigheas-sa
i n-aon tigh ó'n lá thugas clann Israéil amach as an
Éigipt go dtí an lá atá indiu ann, ach mé ag gluais-
eact i dtabernacul agus i gcábán. Tré sna h-áitea-
naibh go léir n-ar ghabhas trítha le clainn Israéil, ar
labhras riamh le h-aon treibh acu 'ghá fhiafraighe dhíobh:
Cad 'n-a thaobh ná cuirean sibh suas dom tigh céadair?
Agus anois abair an chainnt seo lem' sheirbhíseach


L. 430


Dáibhid: Sid é adeir Tigheanna na slógh: Thugas liom
tu as na fosaidheachtaibh, ó bheith ag leanmhaint na
dtréad, chun go mbeithá ad' rí ar mo phobul Israél,
agus bhíos leat ins gach áit n-ar ghabhais, agus do
leagas do namhaid go léir os cómhair do shúl, agus
dheineas duit ainm oirdheirc, ar nós ainme na ndaoine
móra atá ar an saoghal. Agus socaróchad inead dom'
pobul Israél agus cuirfad ann iad, agus déanfid
siad cómhnuidhe ann, agus ní curfar buaireamh a thuille
ortha, ná ní dhéanfid clann na malluightheachta cur
isteach airís ortha mar a dheinidís roimis seo, ó'n lá
a cheapas breitheamhain ar mo phobul Israél. Agus
tabharfad suaineas duit-se ód' namhdaibh go léir.
Agus targairean an Tighearna dhuit-se go ndéanfidh
an Tighearna tigh duit.”



“Agus nuair a bheidh do shaoghal-sa caithte tógfad
ar láimh do mhac agus déanfad rí dhe ad' dhiaidh agus
neartóchad a rígheacht-san. Cuirfidh sé sin tigh suas
do m'ainm-se agus cuirfad-sa a rígheacht san ar
a bunaibh agus seasóchaidh an rígheacht san ar feadh na
síoruidheachta. Bead-sa mar athair aige sin agus
beidh seisean 'n-a mhac agam-sa, agus má dheinean sé
beart as an slighe smachtóchad é le slait agus le
sgiúirsíbh. Ach ní thógfad uaidh mo thrócaire mar thógas
ó Shaul. Agus beidh do theaghlach-sa dílis agus beidh do
rígheacht síoruidhe ós do chómhair, agus beidh do chathaoir
ríoga daingean, buan.”



MOLADH LE DIA.



Do labhair Natan an chainnt sin go léir le Dáibhid
mar a labhradh leis féinig í.



Ansan do chuir Dáibhid é féin i láthair an Tighearna.
agus ghaibh sé a bhuidheachas ó chroidhe le Dia mar gheall


L. 431


ar na tabharthaistíbh agus ar na tairbhthíbh a bhí fághalta
aige, agus seo mar a labhair sé le Dia:—



“Cé h-é mise, a Thighearna Dia, agus cad is fiú mo
theaghlach gur thugais leat chómh fada so me? Agus
gur suarach leat le rádh an méid seo féin, a Thighearna
Dia, gan tú thrácht, leis, ar theaghlach do sheirbhísigh
i gcóir na h aimsire fada atá le teacht; óir siné
dlighe Adaim, a Thighearna Dia. Agus cad eile atá ag
Dáibhid le rádh leat? Óir tá aithne agat ar do sheirbh-
íseach, a Thighearna Dia. Mar gheall ar do bhriathar
féin agus do réir do chroidhe féin táid na neithe móra
so go léir déanta agat, i dtreó go gcurfá i n-iúil
é dod' sheirbhíseach. D'á bhrígh sin is dual moladh dhuit,
a Thighearna Dia, mar ní'l do shamhail le fághail agus
ní'l aon Dia ach tú, in sna neithibh go léir do chlois-
amair le n-ár gcluaisaibh. Ca bhfuil an náisiún ar
talamh, ámhthach, mar do phobul Israél, gur imthigh Dia
féin agus gur fhuasgail sé iad chun go mbeidís mar
phobul aige féin, agus go mórfadh sé a ainm, agus
go ndéanfadh sé neithe móra dhóibh, agus neithe sgann-
ramhla, ar talamh, os cómhair do phobuil, an pobul a
dh'fhuasgalais duit féin as an Éigipt, ó sna geintibh
agus ó n-a ndéithibh? Óir tá do phobul Israél socair
go daingean agat duit féin mar phobul síoruidhe,
agus taoi-se, a Thighearna Dia, socair go daingean ad
Dhia dhóibh. Agus anois, a Thigheanna Dia, an focal
so atá ráidhte agat i dtaobh do sheirbhísigh agus i dtaobh
a theaghlaigh, dein an focal san beó ar feadh na síoruidh-
eachta, agus dein, mar adubhraís, t'ainm a bheith dh'á
onórú ar feadh na síoruidheacta, ionus go mbeidh dh á
rádh: Dia na slógh is Dia os cionn Israéil; agus
beidh teaghlach do sheirbhisigh Dáibhid ar a bhunaibh i láthair
an Tighearna. Óir is tusa, a Thighearna na slógh,
a Dhia Israéil, do shoillsigh do chluais do sheirbhísigh
nuair adubhraís: Cuirfad suas teaghlach duit. Mar
gheall air sin iseadh fuair do sheirbhíseach 'n-a chroidhe


L. 432


a ghuidhe a chur chughat ar an gcuma so. Anois, d'á
bhrígh sin, a Thighearna Dia, is tu Dia agus beid do
bhréithre fíor, óir táid na neithe fóghanta so labhartha
agat led' sheirbhíseach. Tosnuigh, d'á bhrígh sin, agus
cuir do bheannacht ar theaghlach do sheirbhísigh ionus go
mbeadh sé síoruidhe ós do chómhair, óir is tusa, a
Thighearna Dia, do labhair é agus go raibh do bheannacht
ar theaghlach do sheirbhísigh ar feadh na síoruidheachta.”



Nuair a bhí an ghuidhe sin déanta i láthair Dé ag
Dáibhid do chuir sé as a aigne, nídh nár bh'iongna,
déanamh an teampuil mhóir do'n Airc, agus thug sé
aghaid ar na gnóthaíbh eile do bhain le n-a rígheacht.



Do chruinnigh sé mór shluagh agus chuir sé cogadh
ar na Philistínigh agus d'umhluigh sé iad go talamh
agus chuir sé a chíos ortha go trom agus go daingean.



Ansan chuir sé cogadh ar chlainn Mhóab agus thug
sé an treasgairt chéadna dhóibh. Chuir sé fé smacht
agus fé chíos iad, an méid nár marbhuigheadh sa chogadh
dhíobh.



Bhí rí ar Shóba agus Adadreser ab ainm dó. Chuir
sé cogadh ar Dháibhid nuair a chonaic sé Dáibhid ag
neartú. Do rug Dáibhid buadh air i gcathanaibh fuil-
teacha. Tháinig muinntir Dhamascus agus Shuíria ag
cabhrú le h-Adadreser. Thug Dáibhid cath dhóibh go
léir agus bhuaidh sé ortha agus do thuit sa chath san
os cionn fiche míle fear acu, agus do thóg Dáibhid an
chathair agus chuir sé lucht cimeádta innti agus chuir
sé an tír sin fé n-a smacht féin, fé chíos. Thug sé
leis abhaile go cathair Ierúsalem éacht d'ór agus de
gach saghas eile saidhbhris agus ollmhathais.



Nuair a chonaic na righthe eile sa tímpal cad a bhí
imthighthe ar na righthibh a throid le Dáibhid cheapadar
nár bh'ealadha dhóibh féin gan ciall a bheith acu. Chuir-
eadar teachtaireachtaí agus bronntaisí ag triall ar
Dháibhid agus dheineadar síothcháin leis.



Nuair a tháinig Dáibhid abhaile agus na tíortha san


L. 433


go léir lastoir thuaidh curtha fé smacht agus fé chíos
aige, thug sé aghaidh ar Edom. Chuir sé cath ar a
namhaid in sna tíorthaibh sin agus do thuit ocht míle
dhéag d'á namhdaibh sa chath san, agus chuir sé na
h-áiteana san go léir fé smacht agus fé chíos. Agus
seo mar adeir an Bíobla i dtaobh Dáibhid:



“Agus do thug an Tighearna Dáibhid saor ó gach
cuaird chogaidh díobh san go léir.”



EASONÓIR.



Chómh luath agus bhí Dáibhid socair 'n-a rígheacht do
chuimhnigh sé ar Iónatan. Chuir sé fiafraighe amach ag
lorg feasa ar a raibh beó de chlainn Shaul. Fuair sé
go raibh duine de sheirbhíseachaibh Shaul le fághail. Chuir
sé fios air. Tháinig an seirbhíseach. Síba ab ainm dó.



“An tusa Síba?” arsa Dáibhid leis.



“Is me, chun do sheirbhíse, a rí,” arsa Síba.



“An bhfuil aoinne de theaghlach Shaul beó,” arsa
Dáibhid,” ionus go ndéanfinn trócaire Dé thais-
beáint dó?”



“Tá, a rí,” arsa Síba, “mac do Iónatan beó agus
tá sé gan lúth a chos.”



“Ca bhfuil sé anois?” arsa Dáibhid.



“Tá sé i dtigh Mhahir, mhic Ammiel, i Lodabar, a
rí,” arsa Síba.



Chomáin Dáibhid teachtairí chun siubhail láithreach agus
thugadar leó mac Iónatain ag triall ar Dháibhid.
Miphiboset ab ainm dó. Do tugadh i láthair Dháibhid
é agus do shléacht sé.



“A Mhiphiboset!” arsa Dáibhid.



“Táim anso, chun do sheirbhíse, a rí,” ar seisean.



“Ná bíodh aon eagla ort,” arsa Dáibhid. “Déan-
fad-sa, agus ní go suarach é, rud maith dhuit-se, ar


L. 434


son t'athar. Tabharfad duit thar n-ais an talamh a bhí
ag Saul agus caithfir do chuid bídh agam' bórd féin.”



Ansan do ghlaoidh Dáibhid ar Shíba, seirbhíseach Shaul,
agus dubhairt sé leis mar seo:— “Is le Miphiboset
anois an uile bhlúire de'n talamh a bhí ag Saul.
Tabhair-se aire do'n talamh agus do dhoradh an tailimh
agus saothruigh an talamh agus tabhair sochar an tailimh
ag triall ar Mhiphiboset, óir is leis féin anois é.”



Do deineadh san.



Sin mar a dhein Dáibhid é le mac an fhir a bhí chómh
dílis dó nuair a bhí athair an fhir chéadna ag déanamh
gach díthil chun é chur chun báis. Do chuimhnigh Dáibhid ar
fhear eile, leis, a chuir comaoine mhór air i gcaitheamh
na h-aimsire sin nuair a bhí sé ar a theiche ó Shaul.
B'é fear é sin 'ná Naas, rí clainne Ammoin. Bí
coghadh idir Naas agus Saul agus do thug Naas díon
agus caradas do Dháibhid san uairs sin agus bhronn sé
mórán tabharthaistí air, díreach sar ar chuaidh Dáibhid
agus a chualacht isteach i n-uaimh Odollaim. Nuair
a bhí Dáibhid 'n-a rí ar chlainn Israéil bhí Naas tar
éis bháis agus bhí a mhac, Hanon, 'n-a rí ar chlainn
Ammoin.



“Ní mór dom,” arsa Dáibhid, “a thaisbeáint do
Hanon gur cuimhin liom an tairbhthe a dhein a athair
dom nuair a bhí gádh agam le tairbhthe.”



Chomáin sé teachtairí chun siubhail ag triall ar Hanon
chun a dh'innsint dó cad é an buidheachas a bhí aige ar
a athair agus cad í an bhuairt a bhí air nuair airigh sé
tásg a bháis.



Tháinig na teachtairí isteach i dtír Ammoin. Chómh
luath agus chonaic ríogra na tíre sin iad do labhradar
le Hanon. “An dóich leat-sa,” ar siad, “an le
h-uraim dot' athair a chuir Dáibhid chughat na teachtairí
seo? Ní h-eadh i n-aon chor. Chuir sé na fir seo
anso isteach i n-ár gcathair ag braith ár nirt. Béar-
fidh siad chuige abhaile an t-eól-us atá uaidh, agus


L. 435


ansan tiocfidh sé féin agus mór shluagh aige agus
tógfidh sé an chathair, dar leis.”



Do chreid Hanon an chainnt sins D'órduigh sé na
teachtairí do thógaint agus leath na feasóige bhaint de
gach fear acu agus an t-éadach do ghearradh ó'n dá
chromán síos de, agus iad do sgaoile abhaile ar an
gcuma san. Chómh luath agus thánadar thar n-ais
isteach 'n-a dtír féin d'fhanadar i bhfolach agus
chuireadar sgéala ag triall ar Dháibhid 'ghá innsint
dó cad a bhí imthighthe ortha. Chuir Dáibhid órdú thar
n-ais chucha 'ghá rádh leó fanmhaint is Iericó go dtí
go mbeadh a gcuid féasóige fásta airís.



Nuair a thuig clann Ammoin i gceart an rud a
deineadh le teachtairíbh Dháibhid tháinig eagla ortha go
mb'fhéidir go ndéanfadh Dáibhid díoltas ortha mar
gheall ar an easonóir. B'é sin eagla na h-áirithe
dhóibh. Thuigeadar féin gur bh'é. Chruinnighdar a slóighte
féin. Thugadar leó ar thuarastal Suíriaigh Rohob
agus Shóba, fiche míle troightheach, agus ó rí Mhaacha
míle fear, agus ó Istob dhá mhíle dhéag fear.



D'airigh Dáibhid an córú mór san a bheith déanta.
Chomáin sé chun siubhail láithreach Ióab agus mór shluagh
Israéil i gcoinnibh Hanoin agus chlainne Ammoin.
Nuair a tháinig Ióab isteach i dtír Ammoin fuair sé
go raibh an armáil thuarastail ag teacht isteach 'n-a
dhiaidh, i dtreó go raibh sé idir dhá shluagh. Dhein sé
dhá chuid d'á shluagh féin. Thug sé leath d'á dhritháir,
agus dubhairt sé leis aghaidh a thabhairt ar na Suíriaigh,
“agus,” ar seisean, “má bhíd siad san ró láidir
duit-se tiocfad-sa le congnamh chughath, agus má bhíd
clann Animoin ró láidir domh-sa tar-sa le congnamh
chugham.” Do thosnuigh an cath. Do theich na Suíriacha.
Nuair a chonaic clann Ammoin iad san ag teiche do
theicheadar féin isteach sa chathair. Tháinig Ióab abhaile
agus an buadh aige.


L. 436


DHEIN DÁIBHID PEACA.



Tháinig Ióab abhaile agus buaidhte aige ar chlainn
Ammoin agus ar an lucht conganta go léir a tháinig
ag cabhrú leó ó dhúthaíbh Suíria anoir. Ach do chruinnigh
an mhuinntir thoir a neart go léir fé rí d'ár bh'ainm
Adereser agus shocaruighdar ar iarracht chuthaigh thar
na beartaibh do dhéanamh i gcoinnibh Dháibhid. Chómh
luath agus a h-innseadh do Dháibhid an mhór shluagh san
a bheith cruinnighthe ar an dtaobh thoir de'n Iórdan do
chruinnigh sé slóighte Israéil agus d'imthigh sé soir.
Níor fhan sé le h-iad do theacht tar Iórdan anoir.
D'imthigh sé féin agus a mhór-shluagh thar abhainn soir
ag triall ortha. Ní raibh aon choinne acu le h-é bheith
ábalta ar dhul soir chómh tapaidh, ach nuair a fuair-
eadar ag teacht é, do ghleusadar iad féin i dtreó
chun catha chómh maith agus d'fhéadadar é. Do buail-
eadh an cath. Do cuireadh ár agus dearg-ruathar ar
an muinntir thoir. Do thuit a raibh d'fhearaibh i
seacht gcéad carbad cogaidh acu agus do thuit dachad
míle marcach acu.



Tar éis an chatha san tháinig na righthe go léir a bhí ar
na tíorthaibh sin lastoir agus dheineadar síothcháin le
Dáibhid agus do luighdar isteach fé smacht Israéil,
agus as san amach níor leog eagla dhóibh aon chong-
namh a thabhairt do chlainn Ammoin i gcoinnibh Dháibhid
agus chlainne Israéil. D'fhanadar sa bhaile agus thug-
adar aire d'á ngnó féin agus d'fhág san clann
Ammoin gan aoinne chun iad do chosaint ar chómhacht
Dháibhid agus chlainne Israéil. Do dísgigheadh iad
ar fad.



An uair sin iseadh do thuit Dáibhid sa dá pheaca


L. 437


uathbhásacha úd a dhein sé. Ní gádh dhomh-sa cúntas
do thabhairt anso ar an dá pheaca san. Ní déarfad
'n-a dtaobh ach aon fhocal amháin.



Is gnáth le daoine, uaireanta, nuair a dheinid siad
féin peaca agus nuair a castar i n-asachán leó é, a
rádh: “Nár dhein an duine naomhtha úd, Dáibhid, peaca
ba mheasa 'ná mo pheaca-sa? D'á bhrígh sin, cad é an
iongna mise 'ghá dhéanamh súd a dheineas féin?”



Sa bhliain d'aois an Tighearna trí chéad ocht ndeich
a seacht, (387), bhí ímpire ar ímpireacht na Rómha agus
Teodósius ab ainm dó. Fear fóghanta ab eadh é.
Bhí duine naomhtha i n'easbog ar chathair Mhilan sa
n-aimsir chéadna, agus Ambrós ab ainm dó, Naomh
Ambrós. Bhí an t-Easbog agus Teodósius ana mhór
le n-a chéile. Bhí uraim ana mhór ag gach duine acu
do dheagh-thréithibh an duine eile. Thug muinntir cath-
arach Antioch thoir easonóir ghrána éigin do Theodósius.
Dhein Teodósius dlighthe cruadha díoltuis 'n-a gcoin-
nibh agus bhí na dlighthe le cur i bhfeidhm ortha. D'umh-
luighdar iad féin dó agus d'iarradar air maitheamh
dóibh. Do mhaith sé dhóibh agus thóg sé dhíobh an
díbhfeirg. Dhá bhliain 'n-a dhiaidh san dheineadar
beart ba mheasa 'ná an chéad bheart, 'ná an bheart
a maitheadh dóibh. Tháinig fearg ar Theodósius. Chruin-
nigh sé a shlóighte agus d'imthigh sé soir go h-Antioch
agus mhairbh sé breis agus seacht míle duine de mhuinn-
tir na catharach san. Nuair airigh Naomh Ambrós an
gníomh uathbhásach a bhí déanta ag an ímpire do sgríbh
sé leitir chuige, leitir ana chruaidh, ag tabhairt
milleáin dó mar gheall ar an ngníomh. Tamal éigin
n-a dhiaidh san tháinig Teodósius go Milan agus thug
sé aghaidh ar an eaglais chun dul isteach, chun an
Aifrinn nú chun pé gnó diadha a bhí ar siubhal. Do
sheasaimh Naomh Ambrós sa dosas agus:



“Ní thiocfir isteach i dtigh Dé,” ar seisean, “tar
éis na fola go léir do dhoirtis i n-Antioch.”


L. 438


“Dhein Dáibhid Naomhtha gníomh ba mheasa ná mo
ghníomh-sa,” arsan t-Ímpire.



“Má dhein,” ars an Naomh, “do dhein Dáibhid aith-
righe mhór. Ó dheinis-se aithris ar Dháibhid sa pheaca
imthigh agus dein aithris air sa n-aithrighe.”



Agus do dhein. B'éigean dó aithrighe phoiblidhe
dhéanamh sar ar leog Ambrós Naomhtha dhó dul isteach
sa teampul.



Aoinne do thráchtan ar an bpeaca a dhein Dáibhid,
mar leathsgéal 'n-a pheaca féin, ní'l le rádh leis ach,
“Ó dheinis aithris air sa pheaca, dein aithris air sa
n-aithrighe.”



ABSALOM.



Nuair a bhí an dá pheaca déanta ag Dáibhid do chuir
Dia an fáig Nátan chuige 'ghá spriocadh chun aithrighe
dhéanamh.



Nuair a dheinean rí droch ghníomh ní h-uiriste
d'aoinne labhairt leis agus a rádh leis go bhfuil an
droch ghníomh déanta aige agus gur ceart dó aithrighe
dhéanamh agus leórghníomh. Tá cúntas i seanachas
an domhain againn ar righthibh, a lán acu, do dhein
droch ghníomhartha caillte agus ba ró olc an dóich
iad do dhuine de shaghas Nátain chun teacht agus an
droch ghníomh a chasadh leó. Ach níor bh'ionan Dáibhid
agus iad san. Chómh luath agus do labhair Nátan le
Dáibhid do dhein Dáibhid an aithrighe. D'admhuigh sé a
pheacaí láithreach agus do maitheadh dó iad láithreach.
Ach dubhairt Nátan leis, bíodh go raibh na peacaí
maithte dhó, go raibh pionóisí cruadha 'n-a chóir ar an
saoghal so mar gheall ortha.


L. 439


Níor bh'fhada gur thosnuigh na pionóisí sin ar theacht.
Thosnuigh cuid d'á chlainn ar iompáil amach go h-olc.
Amnon ab ainm do'n mhac ba shine a bhí ag Dáibhid.
Dhein Amnon rud éigin a chuir fearg uathbhásach ar
dhuine eile de mhacaibh an rí. Absalom ab ainm do'n
mhac eile sin. Tháinig fuath fíochmhar ag Absalom
d'Amnon, ach chímeád sé an fuath istigh i n'aigne féin.
Fuair sé an chaoi, nú do dhein sé an chaoi dhó féin, agus
mhairbh sé Amnon. Bhí cion thar barr ag Dáibhid ar an
mbeirt agus do b'uathbhásach an brise croidhe dhó
a leithéid de mhíriaghaltacht do thuitim amach 'n-a
theaghlach. Ach níor bh'fhada gur dhein Absalom gníomh
ba mheasa ná an gníomh san féin, d'á olcas é.



Chómh luath agus bhí an gníomh déanta aige do theich
sé as an gcathair agus as an dtír. Níor chuir
Dáibhid aon tóir 'n-a dhiaidh, bíod go raibh an chroch
tuillte ige. Bhí an iomad ceana ag Dáibhid air agus
níor bh'fhearr leis rud a dhein sé 'ná teiche. Bhí cion
thar barr aige ar an mbeirt. B'fhéidir dá mba ná
beadh oiread san ceana aige ortha go gcuirfadh sé
smacht níb'fhearr ortha agus gur dhóichighde dhóibh a leas
a dhéanamh é.



Óthuaidh go tír Ghesur, i n-aice Dhamascus, iseadh
chuaidh Absalom, ag triall ar rí d'ár bh'ainm
Talomai, agus bhí sé ann ar feadh trí mblian. Ansan
do thuig Ióab go raibh uaigneas ar an rí agus go
raibh fonn air maitheamh d'Absalom. Dhein Ióab
bainistighe ar an sgéal, gasta go maith, agus b'é
deire na gastachta aige go bhfuair sé cead ó'n rí
Absalom do thabhairt abhaile. D'imthigh sé agus thug
sé leis abhaile é. Nuair a bhí sé tagaithe thar n-ais go
Ierúsalem: “Téidhadh sé chun a thighe féin,” arsa
Dáibhid, “agus ná tagadh sé am' radharc.” B'fhearra
dhó go mór gur thuaidh i nGesur fhágfadh sé é.



Bhí sé dhá bhliain sa bhaile gan dul i radharc an rí.
Ansan bhí sé ag tathant ar Ióab coitchianta go dtí go


L. 440


bhfuair Ióab cead ó'n rí dhó teacht 'n-a radharc.
Fuaradh an cead. Tháinig Absalom isteach i láthair
an rí agus do shléacht sé dhó. Do thóg an rí suas
ó'n dtalamh é agus thug sé póg dó. Bhí an tsíothcháin
déanta eatartha. B'í sin an tsíothcháin theinn do'n
rí.



Bhí Absalom ar a thoil ansan. Chruinnigh é 'n-a
thimpal gárda fear, mar a bheadh ag rí,'n-a thimpal,
agus carbaid agus marcaigh. Bhí deichneabhar agus
dachad fear aige 'n-a ghárda, ag imtheacht amach ar
fuaid na tíre mar chaitheamh aimsire dhó féin.



Ansan do chrom sé ar bheart eile dhéanamh. D'eiri-
gheadh sé go moch ar maidin agus thagadh sé ag geata na
catharach agus gach aon duine a bhíodh ag teacht isteach
agus gnó le cur i láthair an rí aige, do labhradh Absa-
lom leis.



“Cad as duit-se, a fhir mhaith?” adeireadh sé; do
h-innstí dhó, agus do h-innstí an gnó dhó, ní nár
bh'iongna, b'é mac an rí é. D'éisteadh sé leis an
sgéal. Ansan do labhradh sé leis an nduine:—



“Measaim-se,” adeireadh sé, “go bhfuil ciall
led' chainnt agus go bhfuil ceart na dlighe ar do
thaobh, ach foraoír, ní'l aon duine ceapaithe ag an rí
chun éisteacht led' sgéal agus do ghnó bhreithniú. Is
truagh gan mise ceapaithe chun oibre de'n tsórd san.
D'éistfinn le cúis gach duine agus thabharfinn breith
do réir chirt.” Ansan, nuair a thagadh an duine i n-
aice, 'ghá onórú, do bheireadh sé baróg air agus
phógadh sé é. Do lean sé ag déanamh na h-oibre
sin agus isé focal adeir an Bíobla 'n-a thaobh 'ná
“go raibh croidhthe fear Israéil aige 'á mhealladh
chuige.”


L. 441


FEALL AR ATHAIR.



Do lean an sgéal ar an gcuma san ar fheadh rainnt
blianta; Absolom “ag mealladh croidhthe fear Israéil
chuige,” agus gan aon tsuim ag Dáibhid 'á chur 'n-a ghnó-
thaíbh, toisg gan aon chuimhneamh a bheith aige go raibh aon
droch fhuadar fé. Fé dheire, nuair a cheap Absalom
go raibh croidhthe fear Israéil meallta chuige aige agus
go raibh gach aon rud curtha i dtreó aige chun a athar
do chur as an rígheacht agus rí dhéanamh de féin, tháinig
sé agus do labhair sé le n'athair.



“A leithéid seo, a rí,” ar seisean. “Nuair a
bhíos-sa thuaidh i nGesur agus uaigneas mór orm agus
ana dhúil agam teacht abhaile, gheallas do'n Tighearna,
dá mb'é a thoil naomhta caoi dhéanamh dom ar theacht
abhaile anso go Ierúsalem, go raghainn agus go ndéan-
finn ídhbirt chun an Tighearna i Hebron, ag gabháil mo
bhuidheachais leis an dTighearna. Táim ag dul anois,
le toil do Shoillse, chun na h-ídhbirte sin a dhéanamh
i Hebron agus thánag chun cead imthighthe dh'fhághail ód'
Shoillse.”



“Imthigh leat, a mhic, agus síothcháin Dé ort,” arsa
Dáibhid leis.



D'imthigh sé go Hebron, agus i n-inead ídhbirte
dhéanamh is amhlaidh a chomáin sé teachtairí ins gach aon
treó baill ar fuaid na tíre 'ghá rádh leis na fearaibh
go raibh a gcroidhthe meallta chuige aige teacht ag triall
air go Hebron d'urachar. Dubhairt sé leis na teacht-
airíbh cómhartha thabhairt do'n phoibilidheacht agus a rádh
leó: “Nuair aireóchaidh sibh fuaim na h-adhairce
abraidh láithreach eadaraibh féin agus le gach duine
a bhuailfidh umaibh ‘Tá Absalom 'n-a rí i Hebron.’”



Do ghluais na daoine chuige as gach áird. Níor
bh'fhada go raibh mórshluagh láidir líonmhar aige. Ní


L. 442


raibh aon choinne agá lán de'n mhuinntir a tháinig ná
gur le toil Dháibhid a bhí Absalom “'n-a rí i Hebron.”
Bhí Dáibhid ag dul sa n-aois agus níor bh'aon iongna
le h-aoinne go dtabharfadh sé an rígheacht do dhuine
d'á mhacaibh agus go nglacfadh sé féin a shuaineas
i ndeire a shaoghail. Do mealladh a lán acu isteach sa
droch obair leis an ndearmhad san. Nuair a bhíodar
sáidhte ann níor bh'fhuiriste tarrac as.



I n-éaghmais an dearmhaid bhí cúis eile le h-iad go
léir a bheith chómh fonnmhar chun Absaloim do leanmhaint.
Thug sé le feisgint dóibh, nuair a bhí sé 'ghá mealladh
chuige, gur bh'fhear ana ghrádhmhar é, go mbeadh saoghal
ana shuairc acu fé n-a láimh dá mbeadh sé 'n-a rí ós
a gcoinn. D'á éaghmuis sin airís, fear ana bhreágh ab
eadh é. Ní raibh aon fhear ar chlainn Israéil le n-a
linn a bhí i n-aon ghaor do bheith chómh breágh d'fhear leis.
Do mheall sé chuige na daoine le n-a shíbhialtacht, agus
do mheall sé chuige iad le h-áilneacht a phearsan, agus
ba ró dheacair dóibh dul ó'n dá mhealladh san. Bhí
a rian air; níor bh'fhada go raibh mórshluagh láidir
líonmhar aige.



Bhí cómhairleach aige, cómhairleach nár thug cómhairle
a leasa dhó, seanduine d'ár bh'ainm Acitophel;
seanathair Bhetsabé; an bhean ba thrúig pheaca do
Dháibhid. Fear ana dhoimhinn, ana ghasta ab eadh
Acitophel agus deir cuid de lucht an eóluis gur bh'í
a chómharle sin do sprioc Absalom chun a dhroch
ghnímh i gcoinnibh a athar, mar theastuigh ó Acitophel
díoltas a dhéanamh ar Dháibhid mar gheall ar Bhetsabé.



Nuair a bhí an mhórshluagh cruinnighthe i Hebron do
deineadh ídhbhirt, agus do cuiread fhiachaint ar na fear-
aibh go léir dearbhú géillsine dhéanamh d'Absalom.
Fé dheire do rith daoine óthuaidh go cathair Ierú-
salem ag triall ar Dháibhid:—



“Ó,” ar siad, “tá Absalom 'n-a rí thíos i Hebron
agus tá clann Israéil go léir tar éis gabháil leis.”


L. 443


“Eirighidh,” arsa Dáibhid leis an méid nirt airm
a bhí aige sa chathair. “Eirighidh,” ar seisean, “agus
teichimís as an gcathair. Tiocfidh Absalom agus má
fhanimíd anso déanfidh sé éirleach ar dhaoine na
catharach. Má chíon sé sinn a bheith imthighthe ní curfar
aoinne chun báis sa chathair.”



“Déanfimíd-na pé rud is toil leat-sa, a rí,” ar
siad san.



D'eirigh sé féin agus sé chéad fear a bhíodh i n'fhochair
i gcómhnuidhe, na fir ba threise agus ba thréine i gcath,
d'á raibh ar a shluagh go léir. D'fhanadar dílis dó
agus do ghluais sé féin agus iad amach as an gcathair
an lá san, ag teiche ó Absalom.



SPÍDIÚCHÁN.



Ní deacair a thuisgint nár bh'fhéidir gan a bheith i
gcathair Ierúsalem agus i dtír Israéil mórthimpal,
rainnt daoine gur dhein Saul tairbhthe dhóibh an fhaid
a bhí sé 'n-a rí agus go raibh cuimhne acu air féin agus
ar an dtairbhthe sin, agus b'fhéidir fuath acu, a gan
fhios, do'n fhear a fuair an rígheacht 'n-a dhiaidh. Bhí
aon fhear amháin de'n tsaghas san ann, pé'r domhan é,
agus Semei abh ainm dó, agus de mhuinntir theaghlaigh
Shaul ab eadh é. Nuair a bhí Dáibhid ag imtheacht amach
as an gcathair agus é ag gol h-árd, agus an chualacht
a bhí i n-aonfheacht leis ag gol h-árd, agus iad 'n-a
gcuis, agus an rí 'n-a chuis ag déanamh aithrighe 'n-a
pheacaíbh, tháinig Semei rómpa ar an slighe agus chrom
sé ar spídiúchán agus ar easgainí ar an rí, agus ar
bheith ag raide na gcloch leis féin agus le n-a chualacht.



“Amach leat! amach leat!” adeireadh sé, “a fhir
na fola! a fhir Bhelial! Tá díoltas ag an dTighearna


L. 444


'á dhéanamh ort fé dheire mar gheall ar ar dhoirtis
d'fhuil theaghlaigh Shaul. Do thógais an rígheacht ó Shaul
go h-eugcórtha. Tá an rígheact bainte dhíot féin
anois ag an dTighearna agus tá sí agat' mhac Absalom.
An mí-ádh atá tuillte agat tá sé tagaithe ort mar
is cuiripeach fola thu. Amach leat anois!”



Do labhair duine de sna fearaibh, “leog dom, a rí,”
ar seisean, “dul agus an ceann do chaitheamh de'n
mhadra san.”



“Ná dein aon nídh dh'á shórd,” arsa Dáibhid.
“Sgaoil leis. Leog dó na h-easgainí dhéanamh orm;
isé toil an Tighearna é. Fuiligeóchad é. Nách shiné
mo mhac féin ar mo thóir chun mo mharbhuighthe. Cad é
bhrígh easgainí an fhir sin seachas gníomh mo mhic féin?
Sgaoilidh leis. Is le toil an Tighearna é, agus b'fhéidir
go dtabharfadh an Tighearna dhom maith i n-aghaidh uilc
na n-easaginí sin atá ag an bhfear san 'á dhéanamh orm
anois. Sgaoilidh leis.”



Chomáineadar leó ar an gcuma san, Dáibhid agus a
chualacht ag gluaiseacht fan na slighe agus Semei ag
gluaiseacht fan chliatháin an chnuic lastuas díobh agus
é ag spídiúchán agus ag easgainí agus ag caitheamh na
gcloch leó.



Ní ró fhada a bhí Dáibhid agus a chualacht imthighthe a'
cathair Ierúsalem nuair a tháinig Absalom agus a mhór
shluagh isteach sa chathair, agus bhí Acitophol i n'fhochair.
Tháinig duine eile isteach sa chathair an uair chéadna
díreach. Chusaí abh ainm do'n fhear eile sin. Cara
dílis do Dháibhid ab eadh Chusaí. Nuair a fuair sé go
raibh Dáibhid agus a chualacht imthighthe as an gcathair do
lean sé iad agus tháinig sé suas leó. Chómh luath agus
táinig, do labhair Dáibhid leis:



“A Chusaí, a chara.” arsa Dáibhid leis, “ní'l aon
mhaith agat le déanamh domh-sa anso ach b'fhéidir go
mbeadh ar do chumas maitheas mór a dhéanamh dom sa
chathair.”


L. 445


“Ní dóich liom go bhféadfinn aon tairbhthe dhéanamh
duit sa chathair, a rí,” arsa Chusaí, “táid na daoine
go léir iompuighthe chun Absaloim.”



“Imthigh-se thar n-ais,” arsa Dáibhid, “agus iompuigh
chuige leis agus abair leis mar seo: ‘Táim am'
sheirbhíseach agat-sa, a rí, mar a bhíos agat' athair.’
Ansan beidh caoi agat b'fhéidir ar chómhairle Acitophel
do chur ar neamhnídh.”



D'fhill Chusaí thar n-ais agus do thárla go raibh
sé ag dul isteach sa chathair díreach nuair a bhí
Absalom agus a mhórshluagh ag teacht isteach ann
agus na daoine go léir ag rith ag triall ar Absalom
chun é dh'admháil 'n-a rí ós a gcionn. Do rith Chusaí
ag triall air chómh maith le cách. Tháinig sé 'n-a láthair
agus shléacht sé dhó.



“Fáilte, a rí! Fáilte a rí!” arsa Chusaí. “An é
sin grádh atá agat dod' chara féin? Cad 'n-a thaobh nár
imthighis i n-aonfheacht led' chara?” arsa Absalom leis.



“Is leis an rí me,” arsa Chusaí, “leis an rí atá
toghtha ag an dTighearna agus ag an bpobul so go
léir, agus ag clainn Israéil go léir. Is leis an rí
sin me agus is aige fhanfad. D'á éagmais sin, cé
dhó go bhfuilim ag tabhairt mo sheirbhíse anois? Nách
do mhac an rí, mar a dheineas dot' athair rómhat.”



Bhí Absalom sásta. Bhí fhios aige gur bh'fhear ana
dhoimhinn ana ghéarchúiseach Chusaí, agus bhí áthas air
cómhairle an fhir sin a bheith imthighthe ó n'athair agus
tagaithe chuige féin.



CÓMHAIRLE.



Do ghlaoidh Absalom chuige a lucht cómhairle. Nuair
a bhíodar 'n-a láthair chuir sé fios ar Acitophel. Tháinig
Acitophel.



“Tabhair do chómhairle dhúinn, a uasail,” arsa


L. 446


Absalom leis. Ní raibh aon teóra leis an meas a bhí
ag gach aoinne ar Acitophel an uair sin i dtaobh ghéire
a aigne agus i dtaobh chruinnis a chómhairle. Bhí an
meas san air an fhaid a bhí sé i n'fear cómhairle ag
Dáibhid agus bhí an meas san air nuair iompuigh sé
chun Absaloim.



“Tabharfad, a rí,” ar seisean le h-Absalom, “mo
chómhairle dhaoibh. Leog domh-sa anocht dhá mhíle dhéag
fear do thoghadh dhom féin agus leanfad Dáibhid láit-
reach agus tiocfad suas leis. Beidh sé féin agus an
sé chéad fear atá aige buailte amach le tuirse um
an dtaca san. Teichfid an sé chéad san, nú tuitfid
siad. Beidh Dáibhid i n'aonar agus marbhófar é.
Ansan iompóchaidh an pobul go léir chughat-sa, a rí.
Ní bheidh aon rud chun iad do chimeád uait nuair a bheidh
Dáibhid as an slighe. Nuair a cloisfar mise bheith ar a
thóir tuigfar ná fuil uaim ach an t-aon duine amháin
agus ná fuilim ar tí aoinne eile. Cuirfidh san 'n-a
luighe ar aigne na ndaoine go léir gur b'é a leas gan
bheith ró dhian ag cosanit an aoinne amháin sin: gur
fearr leogaint do'n aoinne amháin tuitim 'ná na
slóighte do thuitim gan ghádh gan riachtanas. D'á
luathacht a bhead féin agus mo dhá mhíle dhéag ar an
dtóir iseadh is fearr é, i dtreó go mbeidh an gnó go
léir críochnuighthe sar a mbeidh uain ag cách ar chuimh-
neamh i gceart ar cad tá ar siubhal.



“Is maith an chómhairle í,” arsa Absalom. “Curtar
chughainn anso Chusaí,” ar seisean, “go n-innsidh sé
dhúinn cad é a mheas ar an gcómhairle sin, nú an bhfuil
cómhairle is fearr 'ná í aige le tabhairt dúinn.



Do cuireadh fios ar Chusaí. Bhí Dáibhid an uair sin
ar chnoc na gcrann ola agus é ag guidhe go cruaidh
chun Dé 'ghá iarraidh air cómhairle Acitophel do chosg.
Níor tháinig eagla i gceart air go dtí gur airigh sé
go raibh Acitophel iompuighthe chun Absaloim. Nuair
airigh sé go raibh, do chrom sé ar a rádh leis an


L. 447


dTighearna: “A Thighearna, cuir cómhairle Aeitophel
ar mearaidhe.” Agus do lean sé ar an nguidhe sin,
agus é ag gol mar gheall ar a pheacaíbh, mar bhí fhios
aige gur bh'iad a pheacaí do thug an mí-fhoirtiún go
léir air.



Do tháinig Chusaí i láthair Absaloim agus Acitophel
agus na n-uasal a bhí sa chómhairle.



“Sidí cómhairle, a Chhusaí,” arsa Absalom, “atá
tabhartha dhúinn ag Acitophel,” agus d'innis sé an
chómhairle dhó. “Cad deirir-se leis an gcómhairle sin
a Chusaí?” ar seisean.



“Ag machtnamh dom, a rí, ar bhunús an sgeil,” arsa
Chusaí, “measaim nách maith an chómhairle í. Na fir
armtha atá imthighthe as an gcathair i n-aonfheacht le
Dáibhid fir chródha thar barr iseadh iad. Fir iseadh
iad nár thug riamh, agus ná tabharfadh anois, cúl le cath,
pé neart slógh a bheadh 'n-a gcoinnibh. Chuirfidís ár
trom ar pé neart fear a thabharfadh aghaidh ortha. Do
throidfadh gach fear acu mar a throidfadh beithir go
mbéarfí a coileáin uaithi. Ní thuitfidís go dtí go
mbeadh a namhaid teinn go maith. Ní féidir fir do
chur amach 'n-a gcoinnibh do throidfadh leath chómh maith.
Tá an aithne ró mhaith ortha ag na fir a raghadh amach
chun troda leó. Is amhlaidh a tharraiceóchaidís siar
uatha agus ansan do leathfadh an ráfla gur bhuaidh fir
t-athar ar t'fhearaibh-se, a rí. Ní fios cad é an
t-aimhleas a chuirfadh ráfla de'n tsórd san ar do
shlóightibh-se, a rí, agus gan iad ró dhaingean fós ar do
thaobh; agus an seana bháidh acu, b'fhéidir, leis an seana
ghéillsine. Agus t'athair féin, a rí, tá fhios againn go
léir cad é an saghas é i bhfriothghoin catha. Tá eólus
aige ar chogaíbh, eólus ná fuil ag aoinne eile atá suas
anois ar chlainn Israéil. Ní baoghal go leogfidh an
t-eólus san dó fanmhaint go h-osgailte ameasg na
bhfear atá i n'fhochair anois. I gcás má théidhean sluagh
amach anois chun troda leis agus má dheinid siad


L. 448


an troid, agus má bheirid siad buadh tré throime
nirt, is buadh fuilteach a bheidh acu agus ansan ní
bheidh Dáibhid acu mar ní bheidh sé ann. Beidh sé i
bhfolach i n-áit éigin ná beidh a fhios ag aoinne, agus
caithfar sluagh eile do chur amach 'ghá chuardach. Agus
ní fios cad é an deire bheidh ar an gcuardach san.”



“Ach sidí mo chómhairle-se. Cruinnightear chughat-sa
clann Israéil go léir, a bhfuil d'fhearaibh ó Dhan go
Bersabé. Bídís go léir anso ad'thímpal agus tú
féin i n-a lár. Chífid siad a chéile, agus tuigfid siad
nách féidir puinn fear a bheith agat' athair.



DHÁ SHLUAGH.



“Nuair a bheid clann Israéil go léir anso agat-sa,
a rí, chífidh an saoghal mór nách féidir dot' athair puinn
fear a bheith aige.”



Do mhol na cómhairligh go léir an chómhairle a thug
Chusaí uaidh. D'eirigh buile euda ar Acitophel nuair
airigh sé a chómhairle féin dh'á cáine agus cómhairle
Chusaí dh'á moladha. D'imthigh sé as an áit agus chuaidh
sé abhaile agus chuir sé a ghnó chun taisge agus d'aimsigh
sé téad agus chroch sé é féin.



Ní h-innstear cad a deineadh i dtaobh na cómhairle
a thug Chusaí uaidh. Ach innstear go bhfuair sé caoi
ar theachtaireacht do chur ag triall ar Dháibhid 'ghá innsint
dó cad í an chómhairle a thug Acitophel uaidh agus cad
í an chómhairle a thug sé féin uaidh. Seo mar a fuair sé
an chaoi ar an dteachtaireacht do chur chun Dáibhid. Bhí
beirt de mhuinntir Dháibhid, Iónatas agus Achimaas a
n-ainimneacha, lasmuich de chathair Ierúsalem ag feith-
eamh. Níor leog eagla dhóibh teacht isteach sa chathair
mar bhí aithne ró mhaith ortha. Tháinig cailín as an gcathair
chun na h-áite 'n-a rabhadar ag feitheam agus thug sí an


L. 449


teachtaireacht dóibha. Do ghluaiseadar láithreach fé
dhéin na h-áite 'n-a raibh Dáibhid agus a mhuinntir féin.
Do thárla, ámhthach, go bhfeacaidh buachaill iad ag imtheacht
ó'n áit 'n-a rabhadar ag feitheamh. Bhí fhios acu go
'neósfadh an buachaill do mhuinntir Absaloim go
bhfeacaidh sé iad, agus go mbeifí ar a dtóir. Do
ritheadar agus chuadar isteach i dtigh fir a bhí 'n-a
chómhnuidhe i mBahúrim. Bhí tobar i n-aice an tighe
sin. Chuadar síos sa tobar. Tháinig bean an tighe agus
dhún sí cómhla an tobair ós a gcionn agus do leath sí
bairlín anuas ar an gcómhlainn agus chuir sí cruach
arbhair ar an mbairlín, mar dh'eadh go raibh sí ag glanadh
an arbhair. Ní ró fhada a bhí sí ag glanadh an arbhair,
mar dh'eadh, nuair siúd chúichi cuid d'fhearaibh Absaloim.



“Ca bhfuil an bheirt úd, Acimaas agus Iónatas a
tháinig anso chun an tighe seo?” ar siad.



“Do thánadar,” ar sisi, “agus saothar ortha agus tart
ortha. Níor fhanadar ach le deoch uisge dh'ól, bhí a leithéid
sin de dhíthineas ortha. Táid siad imthighthe an bóthar
san soir óthuaidh. Má leanadar an bóthar ní'l aon
bhreith acu ar dhul uaibh, tiocfidh sibh suas leó go luath.”
D'imthighdar ag ritha. Chómh luath agus bhíodar imthighthe
tháinig an bheirt aníos as an dtobar agus ghluais-
eadar a mbóthar féin ag triall ar Dháibhid. D'innsea-
dar an dá chómhairle dhó, agus go ndubhairt Chusaí
leis imtheacht gan mhoill thar Iórdan soir.



D'eirigh Dáibhid agus a chualacht láithreach agus
d'imthighdar thar Iórdan soir agus bhí an uile dhuine
acu imthighthe thar abhainn sar a dtáinig solus an lae
amáireach a bhí chughainn. Níor mhór dóibh an díthineas.
Bhí Absalom chucha agus mórshluagh aige. Chuaidh sé
féin agus a mhórshluagh thar Iórdan soir, leis, ar thóir
a athar. Chuaidh Dáibhid agus a chualacht óthuaidh go
dtí cathair ar a dtugtí an Dún. Mahanaim a tugtar
sa n-Eabhrais ar an gcathair agus cialluighean an
focal “Mahanaim” an dún.


L. 450


Do dheabhrochadh an sgéal, bíodh ná deirtear é sa
Bhíobla, nách ag triall ar Absalom a chuaidh na daoine
go léir. Nuair a bhí Dáibhid istigh sa dún bhí sluagh
mhaith mhór aige, mar deirtear gur ghleus sé iad agus
gur fheuch sé iad, agus gur dhein sé trí coda dhíobh,
agus gur chuir sé trian díobh fé láimh Ióab agus trian
fé láimh Abisai agus trian fé láimh Etai. Do thais-
beánfadh san go raibh mórshluagh líonmhar aige.



Nuair a bhí an riaradh déanta aige do labhair sé leis
an sluagh.



“Raghad-sa libh sa chath,” ar seisean.



“Ní raghair, a rí,” ar siad san. “Má theichimíd-ne
rómpa súd ní mheásfid siad go mbeidh puinn buaidhte
acu leis sin, agus má thuitean ár leath ní chuirfid siad
puinn suime ann. Is tusa amháin, a rí, atá uatha. Is
mó acu thusa 'ná deich míle fear. Is fearr d'á bhrígh sin
tusa bheith istigh sa chathair chun cabhruighthe linn”



“Tá go maith,” arsa Dáibhid, “déanfad an rud
adeirtí-se is ceart.”



Ansan do sheasaimh Dáibhid ag geata na catharach
agus do ghluais an tsluagh thairis amach 'n-a bhfuirean-
aibh céad agus 'n-a bhfuireanaibh míle. Nuair a bhíodar
ag gabháil thairis amach do labhair sé le Ióab agus le
h-Etai: “Tugaidh chugham slán an buachaill sin Absa-
lom,” ar seisean. Agus d'airigh an tsluagh go léir
an t-órdú san ó'n rí.



Do ghluais slóighte Dháibhid amach agus thug an dá
shluagh aghaidh ar a chéile. Do buaileadh an cath sa n-áit
ar a dtugtí “Coillte Ephraim.” Agus isé cúis go
dtugtí an ainm sin ar an áit, mar is ar an áit sin a
dhein treibh Ephraim éirleach abhfad roimis sin ar na
Madianíteachaibh sa chogadh a chuir Gedeon ortha. Bhí
an áit lán de choilltibh agus ba ró dheacair mór-
shluagh do láimhseáil agus do stiúrú i n-a leithéid
d'áit.


L. 451


ABSALOM MARBH.



Do ghluais sluagh Dháibhid amach fé'n dtriúr féinni-
dheachta úd, Ióab agus Abisai agus Etai, agus do thos-
nuigh an cath. Ní dócha go raibh triúr eile féinnidheachta
le fághail an lá san, ar shluagh Dháibhid ná i n-aon áit
eile, ba chródha 'ná an triúr san. Bhí fhios ag an dá
mhór shluagh ná raibh aoinne de'n triúr san nár thug
aghaidh go minic i gcath, ní h-ar bheirt namhad ná ar thriúr
namhad, ach ar dheichneabhraibh agus ar fhichidíbh, agus ar
bhreis. Nuair a chuadar sa chath an lá san do fíoradh
an focal úd adubhairt Chusaí sa chomhairle, le
h-Absalom, .i. nuair a chífadh an dá mhíle dhéag a bhéar-
fadh Acitophel amach leis an triúr san 'n-a gcoinnibh ná
troidfidís ach go h-olc. Nuair a chonaic mór shluagh
Absaloim ag teacht 'n-a gcoinnibh iad i gcoilltibh
Ephraim níor throideadar ach go h-olc. Áit ab eadh é
nár bh'fhéidir mór shluagh do riaradh i n-aon chor ann
agus nár bh'fhéidir troid a dhéanamh ann do réir riagh-
alta cogaidh. Is amhlaidh a chaith gach fear a throid do
dhéanamh agus a bhuille do bhualadh, fé mar fhéad sé.
D'fhág san an bhuntáiste ag na fearaibh cródha aonair,
agus gan aon chaoi ar úsáid a dhéanamh de throime slógh.
Ba ghearr go dtáinig as san an nídh nár bh'féidir gan a
theacht as, ba ghearr go raibh slóighte Absaloim 'n-a
mbuidhnibh móra ag imtheacht ar buile ag teiche agus
ag dul amú ameasg na gcoillte agus ná feidir aoinne
ce 'cu soir nú siar, óthuaidh nú ódheas, a bhí sé ag rith.
Do thuiteadar 'n-a gcéadtaibh agus 'n-a míltibh. Bhí
an áit lán do phollaibh doimhne uisge agus do thuit na
fir isteach in sna pollaibh sin agus do bádhadh iad.



Bhí Absalom féin ar muin miúile agus é ag dul amú


L. 452


chómh maith le cách. Do ghluais an mhiúil fé ghéagaibh
crainn daraighe. Bhí gruaig bhreágh throm fhada ar
Absalom agus í anuas ar a dhá shlinneán agus siar
síos ar dhrom na miúile. Le linn gabháil fé'n gcrann
do'n mhiúil do shéid an ghaoth an ghruaig suas ar
ghéagaibh an chrainn. Do cheangail an ghruaig in
sna géagaibh. Do ghluais an mhiúil agus do chimeád
an crann a ghreim. D'fhan Absalom ar crochadh as an
gcrann. Do chonaic fear de mhuinntir Ióab é. Ní
raibh Ióab abhfad ó'n áit. Do rith an fear ag triall
ar Ióab.



Ó, a rí, ar seisean, do chonac Absalom agus é
ar crochadh a' crann daraighe!”



“Cad 'n-a thaobh,” arsa Ioab, “nár chuiris sleagh
tré n-a chroidhe agus thabharfinn-se deich sicluis air-
gid duit agus crios?”



“Dá gcurthá isteach am' láimh chugham míle siclus
airgid,” ars an fear, “ní shínfinn mo lámh chun mac
an rí! D'airighmair go léir an rí 'ghá rádh leat-sa
agus le h-Abisai agus le h-Etai “tugaidh slán chugham
an fear óg san Absalom,” agus dá ndeininn an gníomh
ní baoghal go raghadh sé gan innsint do'n rí. Ansan
an ngeóbhfá-sa mo pháirt?”



“Ní mar is toil leat-sa a déanfar,” arsa Ióab,
“déanfad féin an gníomh ós do chómhair.”



Do rug sé ar thrí craoiseachaibh agus tháinig sé chun
an chrainn mar a raibh Absalom ar crochadh. Chuir sé
na trí craoiseacha tré n-a chroidhe. Ansan tháinig
deichneabhar d'á óigfhearaibh agus pé méid de'n anam
a bhí ann bhaineadar as é.



Do shéid Ióab an adharc láithreach agus do stop
sé an t-ár a bhí 'á dhéanamh ar shluagh Absaloim. Do
stad an t-éirleach agus rith gach fear de shluagh Ab-
saloim abhaile chun a thighe féin. Do thóg muinntir
Ióab corp Absaloim agus chaitheadar i bpoll é agus
chuireadar ana chárnán cloch ós a chionn.


L. 453


BRON AR DAIBID.



Chómh luath agus a bhí Absalom marbh agus an buadh
ag muinntir Dháibhid, siúd chun Ióab Achimaas, duine
de'n bheirt úd a chuaidh síos i bhfolach sa tobar.



“Rithfad-sa ag triall ar an rí,” ar seisean, “agus
'neósfad dó go bhfuil buadh an lae seo aige agus go
bhfuil an Tighearna tar éis a namhad do sgaipe.”



“Ní raghair le h-aon sgéala chuige indiu,” arsa
Ióab. “Féadfir dul lá eile. Ní h-áil liom tusa
do dhul indiu, óir tá mac an rí marbh.” Ach do labhair
Ióab le Chusaí, “Imthigh-se,” ar seisean, “agus innis
do'n rí na neithe a chonaicís.” Do shléacht Chusaí do
Ióab agus do rith sé.



“Cad é an díobháil domh-sa rith, leis?” arsa
Achimaas.



“Cad 'n-a thaobh duit an fonn san a bheith ort, a mhic?”
arsa Ióab leis. “Ní sgéala maithe atá agat le breith
ag triall ar an rí.”



“Ach cad é an díobháil dom rith i dteannta Chusaí?”
ar seisean.



“Rith leat má 'seadh,” arsa Ióab.



Do rith Achimaas agus ghaibh sé cómhgar agus
sháruigh sé Chusaí.



Bhí Dáibhid idir dhá gheata na catharach ag feitheamh.
Bhí fear faire thuas ar an bhfalla. Chonaic an fear
faire an t-aon reathaidhe ag teacht ar saothar.



“Tá duine ag teacht agus é ag rith,” ar seisean
leis an rí.



“Má's i n-aonar atá sé is sgéala maithe atá aige,”
arsa Dáibhid.



Bhí an reathaidhe ag fasgadh agus ag teacht i n-acha-


L. 454


maireacht. Do chonaic an fear faire an tarna duine
ag teacht, “chím reathaidhe aonair eile ag teacht!”
ar seisean.



“Tá sgéala maithe aige sin, leis,” ars an rí.



“Measaim gur b'é Achimaas mac Sadoic an fear
atá ar tosach,” arsan fear anáirde. “Fear maith
iseadh é sin,” assa Dáibhid, “agus tá sgéala maithe
aige.” Le n-a linn sin tháinig Achimaas i raon gutha
agus do labhair sé do ghuth árd, “Slán duit, a rí!”
ar seisean, agus do shléacht sé go talamh, “moladh
dod' Thighearna Dia!” ar seisean, “óir tá deire
curtha aige leis na fearaibh úd a thóg a lámha i gcoinnibh
mo rí!”



“An bhfuil an t-óigfhear Absalom saor slán!”
arsa Dáibhíd.



“Chonaic do sheirbhíseach éirleach mór agus caismirt
mhór ar siubhal, a rí,” arsa Achimaas, “agus chuir
an t-uasal, Ióab, chughat me 'ghá innsint go bhfuil
buaidhte ar do namhaid. Sin a bhfuil fhios agam.”



“Seasaimh i leithtaoibh ansan,” arsa Dáibhid. Do
sheasaimh. Le n-a linn sin tháinig Chusaí suas. “Tá
sgéala maithe agam dod' Shoillse, a rí,” ar seisean.
“Tá breith an Tighearna tar éis do Shoillse dh'fhuas-
gailt indiu a' lámhaibh na namhad go léir a dh'eirigh
i gcoinnibh do Shoillse.”



“An bhfuil an t-óigfhear, Absalom, saor slán?”
arsa Dáibhid.



“Mar atá Absalom gurab eadh a bheidh gach namhaid
d'á bhfuil agat, Shoillse indiu, a rí!” arsa Chusaí.



Nuair airigh Dáibhid an chainnt sin tháinig árd bhuairt
air. D'imthigh sé suas chun a sheómra féin agus “Ó, a
Absaloim, a mhic! a Absaloim, a mhic!” adeireadh sé,
“nách truagh ná fuil ar mo chumas-sa bás d'fhághail thar
do cheann-sa!”



Bheadh fonn ar dhuine a rádh gur bh'amadán Dáibhid
agus a leithéid de bhuairt a bheith air mar gheall ar bhás


L. 455


an mhic sin a dhein an feall chómh grána san air. Ach
bhí taobh eile ar an sgéal. Duine ana naomhtha ab eadh
Dáibhid. Bhí fhios aige an feall a bheith déanta ag
an mac san agus gur pheaca ana mhalluighthe i n-aghaidh
Dé an feall san. Agus deir Naomh Aguistin gur
bh'é rud a bhí ag brise croidhe an athar 'ná gan aon
uain a bheith fághalta ag an mac chun aithrighe dhéanamh
sa pheaca san. Thaisbeánfadh san ná raibh aon amadán-
tacht sa bhuairt a bhí ar an athair.



Ach do lean an bhuairt ar an rí. Bhí sé thuas 'n-a
sheómsa féin agus é ag gol go h-árd agus ná féadfadh
aoinne dul 'n-a ghoire ach gach aon ologón aige agus,
“Ó, a Absaloim a mhic mo chroidhe! a Absaloim a mhic
mo chroidhe!” adeireadh sé. D'airigh na daoine
go léir é, agus d'airigh an tsluagh a bhí tar éis an chatha
chur díobh é, agus bhíodar go léir go troma-chroidheach
agus go dúbhach agus go dubrónach, i dtreó gur dhóich
le duine ortha, i n-inead an chatha mhóir a bheith buaidhte
acu do'n rí, gur bh'amhlaidh a bhí inór-chath caillte acu
air. Dhiúltuighdar do dhul isteach i n-aon chor sa
chathair.



NÁISIÚN 'N-A DHÁ CHUID.



Chonaic Ióab an tocht agus an bhuairt agus an diom-
bádh ar an sluagh agus iad ag diúltú do dhul isteach
sa chathair, agus Dáibhid thuas 'n-a sheómra agus é
ag lógóireacht i ndiaidh Absaloim. Chuaidh sé suas ag
triall air agus do labhair sé leis.



“Tá diombádh curtha indiu agat ar do cháirdibh go
léir,” ar seisean. “Tá sé buailte isteach 'n-a n-aigne
agat gur chuma leat sínte marbh iad go léir ach go
mbeadh. Absalom beó agat. Do throideadar cath


L. 456


dhuit agus do rugadar buadh dhuit agus siné buidheachas
atá agat ortha. Ní h-é ar thuit díobh féin atá ag
déanamh aon bhuartha dhuit ach an fear fé ndeár an
toirmeasg go léir isé atá ag déanamh buartha
dhuit. Deirim an méid seo leat, a rí. Eirigh as san
agus imthig amach agus labhair leis an sluagh. Labhair
leis na fearaibh a throid ar do shon agus a thug saor tu
ó lámhaibh do namhad. Cuir áthas aigne ortha. Tabhair
le tuisgint dóibh gurab ionmhuin leat iad agus gur
mór agat iad, agus gur mór agat an gníomh atá déanta
acu ar do shon. Tabhair an méid sin sásaimh aigne
dhóibh, nú mara ndeinir, deimhnighim-se dhuit, i láthair
an Tighearna, ná beidh oiread agus aon fhear amháin
acu anso agat ar maidin amáireach. Ní fhanfidh
oiread agus duine acu agat anso, agus ansan beidh
an sgéal níosa mheasa agat ná mar a bhí an lá ba
chruadha d'ár tháinig riamh ort ó thosach do shaoghail!”



Do dhein Dáibhid rud air. Tháinig sé anuas as an
seómra agus chuaidh sé amach go geata na catharach
chun cainnte leis an sluagh. Do chruinnigh na daoine
chuige láithreach agus do labhair sé leó mar ba chóir.



Taisbeánan an tuairisg atá sa Bhíobla, sa n-áit sin,
go raibh an náisiún 'n-a dhá chuid. Tugtar “Israél”
ar an gcuid de'n náisiún a chuaidh le h-Absalom agus
tugtar “Iúda” ar an gcuid a dh'fhan dílis do Dháibhid
agus do tháinig ag triall air nuair a bhí sé ar a theiche,
agus do throid an mór chath dhó i gcoilltibh Ephraim.
Tar éis an chatha d'imthigh “Israél” abhaile agus d'fhan
“Iúda” lastoir d'abhainn i bh'fhochair Dháibhid. Ach
bíodh go dtugtar an dá ainm sin ar an dá shluagh bhí
daoine as gach treibh de'n dá threibh déag ins gach
sluagh acu.



Nuair a chuir Dáibhid an bhuairt de agus tháinig sé
go geata na catharach agus do labhair sé le n-a mhuinntir
féin bhíodar ana shásta agus ana mhórchroidheach agus
d'fhanadar go léir i n'fhochair.


L. 457


Ach i dtaobh na muinntire eile, i. Israél, .i. muinn-
tire Absaloim, na daoine a bhí imthighthe abhaile tar
éis an chatha, gach duine acu chun a thighe féin, bhí an
sgéal go h-ait acu. Bhí Absalom marbh. Ní raibh
rí ós a gcionn. Bhí gach aon rud 'gha chur 'n-a luighe
ortha gur ró mhaith an rud dóibh dá mbeadh síothcháin
déanta airís acu le Dáibhid agus iad thar n-ais fé n-a
láimh. Bhí cainnt agus aighneas agus cur thré chéile
ar siubhal ins gach treibh de'n dá threibh déag. An
chuid do gach treibh a dh'fhan dílis do Dháibhid 'ghá rádh
leis an gcuid eile nár bh'fhearra dhóibh rud a dhéanfidís
'ná iad féin do chaitheamh suas ar an rí agus síothchain
do dhéanamh leis. Sa chainnt agus sa n-aighneas eatartha
ní raibh gníomh fóghanta d'ár dhein Dáibhid riamh nár
tarraigeadh anuas agus nár moladh. Do cuimhnigheadh
conus mar a dh'fhuasgail sé clann Israéil, airís agus
airís, ó n-a namhdaibh.



Bhí cúntas ag dul ag triall ar Dháibhid i dtaobh na
cainnte agus i dtaobh an aighnis a bhí ar siubhal. Ní
baoghal ná gur leog sé do'n uile shaghas ráflaí dul
amach 'ghá chur i n-iúil, aon duine do thiocfadh ag triall
air féin ag lorg síothchána go raibh an tsíothcháin le
fághail aige. Níor bh'fhada go rabhadar ag teacht
ar shálaibh a chéile. Níor bh'fhada go raibh an náisiún
go léir ag glaodhach air 'ghá iarraidh air teacht abhaile
go Ierúsalem chucha, abhaile chun a thighe féin.



Bhí a theachtairí go tiugh ag dul uaidh go Ierúsalem
agus ag tabhairt gach tuairisge ag triall air. Agus
bhí a cháirde féin, leis, aige i gcathair Ierúsalem, agus
iad ag labhairt go gasta leis na daoine agus ag
déanamh gach aon tsaghas tairbhthe dhó. Chómh luath agus
thuig sé go raibh an t-am tagaithe chun gluaiste d'fhág
sé an Dún agus tháinig sé féin agus a mhuinntir go
bruach abhan Iórdain.


L. 458


MEPHIBOSET.



Tháinig Dáibhid agus an méid fear a bhí i n' fhochair
thánadar go bruach na h-abhan, ar aghaidh Ghalgala soir,
díreach sa n-áit 'n-ar h-osgaladh le mírbhúilt an tslighe
tríd an abhainn sin abhfad roimis sin, do chlainn Israéil
nuair a bhí Iósue 'ghá dtabhairt isteach sa Talamh
Naomhtha. Um an dtaca 'n-a raibh Dáibhid agus a
chualacht ar bruach na h-abhan bhí a raibh laistiar, de
threibh Iúda, tagaithe chómh fada le Galgala, chun fáilte
chur roimis an rí agus é bhreith leó abaile go cathair
Ierúsalem. Nuair a fuaradar go raibh an rí ar bruach
na h-abhan, ar an dtaobh thoir, do ritheadar isteach sa
n-uisge chun dul ag triall ar an rí.



Gach aoinne a bhí tar éis gabháil le h-Absalom, agus
a mheas go raibh fearg an rí tuillte aige, agus d'airigh
go raibh an rí chun na ndroch ghníomh do mhaitheamh, do
bhrostuighdar go léir chun iad féin do chaitheamh suas
air agus maitheamhnachas a dh'iarraidh air. Agus feuch!
cé bhí ar an gcéad fhear de'n aicme sin ach Semei! an
fear céadna úd a thug an masla go léir do'n rí nuair
a bhí sé ag imtheacht a' cathair Ierúsalem ag teiche ó
Absalom! Do chaith sé é féin ar an dtalamh i láthair
an rí, “Ó, a rí,” ar seisean, “ná h-agair orm an
easonóir úd a thugas duit nuair a bhís ag teacht amach
a' Ierúsalem. Admhuighim gur dheineas go h-olc é,
gur dheineas go caillte é, agus is me an chéad duine
a tháinig anso indiu, de threibh Ióseph, chun maitheamh-
nachais a dh'iarraidh ort, a rí chómhachtaigh! “Bhí Abisai,
an fear úd a dh'iarr cead ar an rí chun an chinn do
sguabadh le buille 'chlaidheamh de'n Semei céadna
nuair a bhí sé ag spídiúchán ar an rí, bhí sé láithreach an
uair sin nuair a bhí Semei sínte ar an dtalamh a
d'iarraidh maitheamhnachais. Do labhair sé.



“An amhlaidh a maithfar do Shemei seo anois,” ar


L. 459


seisean, “an chainnt mhasluightheach úd go léir a labhair
sé i gcoinnibh an té go bhfuil ola an Tighearna air!”
“Ná bídhidh liom, a chlann Sarbhia,” arsa Dáibhid.
“Cad chuige dhaoibh bheith ag cur am' choinnibh indiu?
An amhlaidh a curfar aon duine chun báis i n-Israél
indiu mar gheall oraibh? Ná fuil fhios agam go bhfuilim
am' rí ar Israél indiu? Ní curfar chun báis tu,” ar
seisean le Semei, agus do dhearbhuigh sé ná curfí.



An fear úd, Síba, seirbhíseach Shaul, n-ar órduigh
Dáibhid dó saoghaltas Shaul do chur chun taisge do
Mhephiboset, mac Iónatain, ní raibh Dáibhid abhfad
imthighthe as an gcathair nuair a lean an Síba san é agus
a tháinig sé suas leis.



“Cár fhágais Mephiboset?” arsa Dáibhid leis.



“D'fhan sé ag muinntir Absaloim, a rí,” arsa Síba.



“Tá go maith,” arsa Dáibhid, “Bíodh an estát agat-
sa.”



“Nuair a tháinig Dáibhid abhaile go Ierúsalem
tháinig Miphiboset chuige agus é ag feuchaint go dúbhach,
gan nighe gan bearradh.



“Cad 'n-a thaobh duit fanmhaint am' dhiaidh?” arsa
Dáibhid leis.



“Ní fhanfinn ad' dhiaidh, a rí,” arsa Mephiboset, “dá
mbead an chuisidheacht agam; d'iarras ar Shíba an t-asal
a ghabháil dom agus é chur i dtreó chun marcaidheachta.
D'eitigh sé me agus d'fhág sé 'n-a dhiaidh me. Ansan,
a rí, do dhaor sé me ad' láthair-se. Ach is eól dom,
a rí, ná raibh tuillte ag teaghlach m'athar uait ach bás,
agus do thógais chughat mise agus chuiris am' shuidhe
me chun do bhúird féin. Ní'l aon chúis ghearáin agam,
a rí, agus ní'l a thuille le rádh agam.”



“Ná h-abair a thuille,” arsa Dáibhid. “Dein
féin agus Síba an estát do roinnt eadaraibh.”



“Bíodh an estát go léir aige, a rí,” arsa Mephiboset.
“is cuma liom-sa cad a dhéanfidh an estát ó tá mo
rí sa bhaile slán airís 'n-a thigh féin.”


L. 460


Deir lucht eóluis gur dhein Dáibhid an méid sin go
h-eugcórtha. Tuigtear gur dhein Síba beart ghasta;
go raibh fhios aige, sar ar lean sé Dáibhid, go mbeadh
an buadh ag Dáibhid sa deire. Ansan gur dhein sé an
feall ar Mhephiboset agus gur chuir sé an bhréag air
chun Dáibhid, gur chreid Dáibhid an bhréag, gan fanmhaint
leis “an tarna sgéal,” gur thug sé a bhreith chómh luath
agus d'airigh sé an chéad sgéal. Annsan airís, nuair
airigh sé an méid a bhí le rádh ag Mephiboset go raibh
aige an estát do thabhairt thar n-ais dó. D'á bhrígh sin,
gur dhein sé eugcóir ar dtúis nuair a chreid sé an
bhréag chómh tapaidh, agus gur dhein sé eugcóir eile
nuair nár thug sé an estát go léir do Mhephiboset.



Bhí duin'uasal aosta 'n-a chómhnuidhe i nGalaad nuair
a chuaidh Dáibhid agus a chualacht isteach sa Dún. Ber-
sellai ab ainm do'n duin'uasal san. Fear ana
shaidhbhir ab eadh é agus fear fóghanta ab eadh é. Chómh
luath agus fuair sé go raibh Dáibhid agus a chualacht
tagaithe isteach sa Dún chuir sé a ndóithin bídh ag triall
ortha agus a ndóithin dighe agus a ndóithin de gach aon
chóir eile do thuig sé a dh'fhéadfadh bheith i n-easnamh
ortha. Nuair a h-innseadh dó go raibh Dáibhid ar
bruach na h-aban agus go raibh a mhuinntir féin, clann
Israéil, ar an dtaobh thiar de'n abhainn agus iad 'ghá
bhreith leó abhaile go Ierúsalein airís, tháinig sé
agus do rug sé Dáibhid agus a chualacht treasna na
h-abhan siar.



“Tá sé chómh maith agat teacht liom go Ierúsalem,”
arsa Dáibhid leis, “agus tabharfad-sa saoghal sámh
suaineasach duit, tá sé tuillte agat uaim.”



Bhí Bersellaí cheithre fichid an uair sin. “Ní fiú


L. 461


dhomh-sa anois, a rí,” ar seisean le Dáibhid, “dul i
n-aon bhall ó'n mbaile. Tá mo thréimhse caithte. Ní'l
ionam feasta suim do chur i sódhluistíbh ná i mbia a
bheadh milis seachas a mhalairt. Táim spaidchluasach
leis an aois agus ní féidir dom suim do chur i
gceóltaibh binne ná i suairceas guthana cantainne.
Raghad leat tamal de'n tslighe, a rí, siar ó'n abhainn
seo agus ansan leog dom dul thar n-ais abhaile chun
mo chatharach féin i dtreó go n-adhlacfar me i
n-aice m'athar agus mo mháthar. Ach siné Chamaam,
a rí, téidheadh sé led' Shoillse agus dein dó mar
is áil led' Shoillse, a rí.”



“Tá go maith,” arsa Dáibhid, “tagadh Chamaam
liom agus déanfad dó-san an nídh a thaithnfidh leat.”



Deir lucht eóluis gur mhac do'n tseanduine gur
bh'eadh Chamaam.



Nuair a bhí an rí agus a chualacht go léir ar an dtaobh
thiar de'n abhainn thug an rí póg do Bhersellai agus
do leog sé uaidh abhaile é chun a thighe féin.



Tháinig an rí, agus Chamaam 'n-a theannta, isteach
i nGalgala, agus pobul Iúda, óir isiad a bhí tar éis
é thabhairt thar abainn anoir. Ní raibh ach leath phobuil
Israéil 'ghá thabhairt thar abhainn i dteannta phobuil
Iúda. Nuair a tháinig sé isteach i nGalgala do rith
an chuid eile de phobul Israéil chuige.



“Feuch, a rí,” ar siad “tá eugcóir déanta ag
pobul Iúda orainn. Do ghuideadar an rí uainn.
Do thugadar féin thar abhainn an rí. Bhí sé chómh ceart
againn-na bheith 'ghá thabhairt thar abhainn agus a bhí sé
ag pobul Iúda.”



“Is giorra dhúinn-na é 'ná dhaoibh-se!” arsa pobul
Iúda. “Cad is gádh an fhearg? Ar itheamair aon
phioc de'n rí?



“Is mó sinn-na fó dheich 'ná sibh-se,” arsa pobul
Israéil. “Tá ár gceart chun an rí deich n-uaire chómh
maith leis an gceart atá agaibh-se chuige. Cad chuige


L. 462


dhaoibh an eugcóir seo dhéanamh orainn? Cad 'n-a
thaobh nár innseabhair dúinn go rabhabhair ag dul
chun an rí thabhairt abhaile agus leogaint dúinn bheith
sa n-obair chómh maith libh? Níor dheineabhair, mar
theastuigh uaibh an eugcóir do dhéanamh orainn agus
sinn do chimeád amach as an obair. Tá eugcóir throm
déanta agaibh orainn.”



Do lean an t-aighneas ar an gcuma san ar feadh
tamail idir an dá phobul agus an fhearg ag lasadh acu
chun a chéile. Fé dheire do labhair fear de phobul
Israéil, Seba ab ainm dó. Droch dhuine ab eadh é.
Nuair a fuair sé an t-aighneas ag dul i ngéire do
shéid sé adharc agus ghlaoidh sé chuige pobul Israéil
agus do labhair sé leó. “A phobul Israéil,” ar
seisean, “cad é an chuid atá againn-na de Dháibhid?
Cad í an oighreacht atá againn i mac Isai? Téidhidh
go léir abhaile, gach aoinne chun a thighe féin.”



D'imthigh pobul Israéil go léir abhaile agus d'fhágadar
ansan Dáibhid agus pobul Iúda. Thug pobul Iúda an
rí abhaile leó go dtí cathair Ierúsalem.



Nuair a bhí Dáibhid sa bhaile do chuimhnigh sé ar Sheba.
Do labhair sé le h-Amasa, taoiseach uasal airm a bhí
aige, fear ana chródha.



“Cruinnigh chugham fir Iúda, a Amasa,” ar seisean,
“agus bídís cruinnighthe anso agat amanarthar.



D'imtigh Amasa chun na bhfear do chruinniú ach ní
raibh sé chómh tapaidh leis an obair agus do thaithn leis
an rí. Do ghlaoidh an rí ar Abisai.



“Feuch,” ar seisean, “má sgaoiltear leis an
Seba úd beidh sé níosa mheasa dhúinn 'ná mar a bhí
Absalom. Imthigh agus tóg leat fir do thighearna Ióab
agus lean é siúd sar a bhfaghadh sé cathair, dhaingean
éigin agus go raghadh sé isteach innti uainn.



D'imthigh Abisai agus thóg sé leis na fir ba chródha a
bhí ag Ióab, na Ceretí agus na Pheletí, agus na fir
chródha eile go léir agus d'imthighdar ar thóir Sheba.


L. 463


IÓAB.



Deirtear go ndeigh na fir chródha a bhí ag Ióab go
ndeighdar go léir ar thóir Sheba, ach is léir ó'n gcuma
'n-a n-innstear an sgéal nár fhan Ióab sa bhaile 'n-a
ndiaidh ach gur ghluais sé i n-aonfheacht leó.



Is léir, leis, ó innsint an sgéil agus ó n-a lán
neithe d'ár thuit amach, ná raibh Ióab geal d'Amasa.
Bhí aigne Dháibhid dorcha do Ióab ó'n lá a mhairbh sé
Abner, agus do thuig Ióab gur bh'annsa le Dáibhid
Amasa 'ná é féin agus bhí amhras aige go gcuirfadh
Dáibhid as an rí-fhéinnidheacht é féin lá éigin agus
go ndéanfadh sé rí féinne d'Amasa. Bhí an ceart
aige sa méid sin. Bheadh an t-atharú san abhfad roimhe
sin ach Ióab a bheith ró thréan, ró ábalta, ró ghasta,
agus an bháidh ró mhór a bheith ag an sluagh leis.



An lá san féin, nuair a chonaic Ióab gur d'Amasa
a thug Dáibhid órdú dul ar thóir Sheba do thuig sé gur
tugadh d'Amasa an t-órdú ba cheart a thabhairt dó féin,
agus tháinig buile feirge air chun Amasa. Nuair a
dhein Amasa an ríghneas agus do tugadh an t-órdú
d'Abisai do thuig Ióab gur bh'shin eugcóir eile air féin.
Ach, dar leis, ní raibh an eugcóir sin chómh h-olc leis
an gcéad eugcóir, mar beirt drithár ab eadh é féin
agus Abisa'.



Chomáin Ióab agus Abisai leó ar thóir Sheba. Nuair
a shroiseadar an chloch mhór ag Gabaon tháinig
Amasa suas leó agus tuille slógh aige. Tháinig Ióab
chuige ag cur fáilte roimis. Do rug sé ar smeigín
ar Amasa chun póige thabhairt dó. Bhí claidheamh i
bhfolach aige. Nuair a rug sé ar smeigín air le n-a
láimh dheis do sháidh sé an claidheam tré n-a thaobh leis
an láimh chlé. Do thuit Amasa marbh ar an láthair


L. 464


sin. Do fágadh ansan é agus do ghluais an bheirt
drithár ar an dtóir.



Bhí cuid de mhuinntir Ióab ag teacht 'n-a dhiaidh.
Chonacadar an duine marbh ar an mbóthar.



“Feuch!” ar siad, “mar a bhfuil an fear úd a
cheap bheith 'n-a rí féinne ós ár gcionn i n-inead Ióab.



Do stadadh gach buidhean fé mar a thagadh. Fé
dheire tháinig duine muinnteartha d'Amasa agus thóg
sé an corp agus do rug sé i leithtaoibh ó'n mbóthar é
agus chlúduigh sé é, i dtreó ná feachaidh a thuille de'n
tsluagh é, agus gur leanadar ar an dtóir gan aon
stad a dhéanamh.



Bhí Seba tar éis mórán daoine do bhailiú chuige agus
dul isteach i gcathair láidir i dtreibh Nephtalí, cathair
Abéla. Tháinig Ióab agus a shluagh chun na catharach san
agus thímpaladar í agus thosnuighdar ar na fallaíbh
do leagadh, agus ar chlaidhe do chur suas mórthímpal
ar an gcathair lasmuich chun na ndaoine do dhúnadh
isteach go daingean. Bhí bean eagnaidhe sa chathair.
Tháinig sí go dtí falla na catharach agus chuir sí
glaodh aisti:—



“An bhfuil an rí féinne, Ióab, ansan?” ar sisi.



“Tá sé le fághail,” arsan fear amuich.



“Curtar anso chugham é,” ar sisi. “Oirean dom
cainnt a dhéanamh leis.”



Tháinig Ióab. “Cad 'tá uait, a bhean?” ar seisean.



“An tusa Ióab?” ar sisi.



“Is me,” ar seisean.



“Is seanfhochal é,” ar sisi; “dein t'fhiafraighe i
n-Abéla agus beidh deire leis.” Táthaoi chun muinn-
tire an Tighearna do chur chun báis, agus measan sibh
léirsgrios do dhéanamh orainn, agus ní h-eól dúinn
cad é an chúis atá orainn. Níor cuireadh aon cheist
chughainn.



“Nár leogaidh Dia go ndéanfimís lot ná léir-
sgrios gan chúis, a bhean!” arsa Ióab, “ach tá istigh


L. 465


sa chathair sin agaibh fear gur b'ainm dó Seba. Do
thóg an fear san a lámh i n-aghaidh an rí. Cuir chughainn
amach an fear san agus imtheóchaimíd uaibh.”



“Curfar a cheann thar falla amach chughaibh,” ars an
bhean.



D'imthigh sí ó'n bhfalla isteach sa chathair. Do
chruinnigh sí fir na catharach agus do labhair sí leó.
Thug sí cómhairle a leasa dhóibh. Do rugadh ar
Sheba agus baineadh an ceann de agus do caitheadh
an ceann thar falla amach. Chómh luath agus chonaic
an mhuinntir amuich an ceann bhíodar sásta. D'imthigh-
dar abhaile, gach duine chun a thighe féin. As san
amach bhí Ióab 'n-a rí-féinne ar shlóightibh Israéil
go léir. Ach bhí aimsir roimis.



AN TRIÚR BA CHRÓDHA.



Tar éis bháis an fhir sin, Seba, bhí an saoghal suainea-
sach go leór ag Dáibhid. D'eirigh na Philistínigh 'n-a
choinnibh trí nú ceathair d'uairibh ach do bhuaidh sé ortha
gach uair díobh. I gcath dhíobh san ba dhóbair go mar-
bhuightí é, ach do chosain Abisai é agus mhairbh sé an fear
a bhí ag cómhrac leis.



Taisbeánan an cúntas atá againn ar na cathanaibh
sin gur thug an Tighearna fir ana eagnaighe agus fir
ana láidire, ana chródha, do Dháibhid, chun a ghnóthaí
stáit agus a ghnóthaí cogaidh do chur chun cinn dó.
Áirimhtear a n-ainimneacha dhúinn. Curtar ar tosach
fear gur bh'ainm dó Iesbaham. Fear ana ghéar-
chúiseach ab eadh é, ana dhoimhinn, agus bhíodh a stiúrú
ana thairbhtheach nuair a bhíodh gádh le cómhairle. Fear
leicthe ab eadh é i n'fheuchaint ach má bhí sé lom bhí sé
láidir thar barr. I bhfogha d'ár thug sé, i gcath de sna


L. 466


cathanaibh úd, do mhairbh sé ocht gcéad fear le n-a láimh
féin.



Curtar i n-aice leis an bhfear san fear gur bh'ainm
dó Eleásar. Bhí sé i gceann de sna cathanaibh céadna.
D'imthigh an chuid de chlann Israéil a bhí i n'aice agus
fágadh i n'aonar é ar aghaidh na namhad. Do sheasaimh
sé an fód i n' aonar agus bhí an namhaid ag tuitim fé
n-a láimh go dtí gur iompuigh an méid a bhí beó acu
uaidh. Le n-a linn sin tháinig cabhair d'á mhuinntir
féin chuige agus cuireadh an ruag ar fad ar an namhaid.
Do fuaradh ansan go raibh lámh Eleásair teinn, ataithe
ó oibriú an chlaidhimh agus do tógadh mórán saidhbhris
ó sna corpaibh a bhí ar lár 'n-a thímpal.



Curtar i n-aice sin, ar an dtrímhadh fear, an fear
láidir, Semma. Do thárla, i gcath de sna cathanaibh
úd adubhradh, gur fágadh i n'aonar é, ar aghaidh na
bhPhilistíneach, istigh i bpáirc phiseánach. Do sheasaimh
sé agus do throid sé i n'aonar agus bhí na Philistínigh
ag tuitim fé n-a chlaidheamh go dtí gur bhuaidh sé ortha
agus gur chuir sé as an bpáirc amach iad.



B'shin iad an triúr fear ba threise a bhí ag Dáibhid,
agus tá rainnt neithe do chuirfadh 'n-a luighe ar dhuine
go raibh Dáibhid féin chómh láidir d'fhear le h-aoinne
de'n triúr, nú b'féidir ní ba threise. Nuair d'iarr sé
ar Shaul cead a thabhairt dó dul agus cómhrac aonair a
dhéanamh le Goliah agus nuair a bhí Saul ag diúltú,
d'innis sé dhó conus mar a mhairbh sé féin león a tháinig
agus do rug reithe uaidh as an dtréad. Do lean sé
an león agus do rug sé ar fhéasóig air agus thacht sé
é. Dhein sé an rud céadna uair eile, le beithir. 'N-a
dhiaidh san, nuair a bhí sé ag teiche le n'anam ó Shaul
tháinig sé ag triall ar an sagart, Acimelec, agus
d'iarr sé air sleagh nú claidheamh a thabhairt dó, “Ní'l
aon chlaidheamh anso agam,” arsa Acimelec, “ach
claidheamh Gholiah, an fear mór úd a mharbhuighis féin
i ngleann na terebínte.”


L. 467


“Tabhair dom é,” arsa Dáibhid, “ní'l claidheam eile
le fághail atá i n-aon ghaor do bheith chómh maith leis.”
Do fuair sé an claidheam, agus siné an claidheamh a bhí
aige ag troid i n-aghaidh a namhad in sna cathanaibh go
léir a throid sé 'n-a dhiaidh san. Thaisbeánfadh san go
raibh Dáibhid ábalta ar an gclaidheamh san do láimh-
seáil agus do bheartú chómh maith le Goliah féin. D'á
bhrígh sin measaim go raibh Dáibhid féin chómh láidir
chómh cródha d'fhear le h-aoinne de'n triúr úd. Pé
sgéal é, bhí an ceathrar, gualainn le gualainn, ábalta
ar aghaidh a thabhairt ar aon tsluagh a thiocfadh 'n-a gcoin-
nibh, agus ar rian a lámh do chur ortha go daingean.
Thug Dáibhid agus an triúr san rainnt mhaith aimsire
i bhfochair a chéile. Tháinig an triúr san chuige nuair a
bí sé i n-uaimh Odallaim agus d'fhanadar i n'fhochair
i gcómhnuidhe.



Do thárla, uair, go raibh Dáibhid agus a chualacht i
ndún éigin lasmuich de Bhetlehem. Bhí na Philistínigh
istigh sa chathair sin Betlehem agus neart slógh acu.
Bhí aithne ag Dáibhid ar an gcathair, mar do chaith sé a
lán d'á óige ann. Tháinig tart ana mhór air. Chuimhnigh
sé ar an umar áluinn uisge ghlain a bhí ag geata na
catharach go bhféadadh gach aoinne deoch a bhaint as.



“Ó,” assa Dáibhid, “nách truagh gan deoch agam as
an umar úd ag geata na catharach!”



D'airigh an triúr an focal. Siúd fé dhéin na catharach
iad. D'osgaladar slighe dhóibh féin tré chorp slógh na
bhPhilistíneach agus thugadar leó an t-uisge. Nuair
a chonaic Dáibhid an gníomh a bhí déanta acu agus an
chontabhairt i n-ar chuireadar iad féin tháinig aithreachas
air. Ní ólfadh sé an t-uisge d'á mhéid tart a bhí air.



“Ní fhéadfainn é bhlaise!” ar seisean. “Ba
mhar a chéile dhom é dh'ól agus bhúr gcuid fola
d'ól!”


L. 468


TRIÚR EILE.



Bhí triúr eile i ndiaidh an trír úd adubhradh. Ní
rabhadar chómh maith leis an gcéad triúr ach fir ana
láidire, ana chródha, ab eadh iad, agus Abisai, dritháir
do Ióab, an fear ba threise dhíobh, an fear a chosain
Dáibhid sa chath úd, agus a mhairbh an fear a bhí ag cómhrac
leis. Innstear gur thug sé aghaidh i gcath, uair, ar thrí
céad namhad agus gur mhairbh sé iad go léir. Chuir-
fadh san i gcuimhne do dhuine rí a bhí againn i n-Éirinn
fadó. “Conn Céadchathach” an ainm a bhí air. Deir-
tear linn in sna leabhraibh, nú i gcuid acu, gur tugadh
an ainm sin ar an rí sin mar gheall ar na cathanaibh a
throid sé, .i. gur tugadh Conn Céadchathach air, .i. “Con
of the Hundred Battles.” Tá dearmhad sa mhíniú san.
Isé cúis gur tugadh “Céadchathach” air 'ná so, bhí sé
chómh láidir cródha san go dtugadh sé aghaidh i gcath ar
chéad fear agus go mbuadhadh sé é ar an gcéad fear
san, .i. go gcuireadh sé cath ar chéad, .i. gur “chéad-
chathach” é. Do bhuaidh an t-Eabhrac úd, Abisai, air
mar do chuir sé cath ar thrí chéad agus mhairbh sé iad.



Banaias, mac Ióiada, an tarna fear de'n tarna
triúr, agus fear ana thréan ab eadh é. Innstear gur
mhairbh sé “dhá león” Mhóab. Deir cuid de' lucht
eóluis gur bheirt ghaisgidheach iad agus gur tuga “dhá
león” ortha mar gheall ar a neart agus ar a dtréine.
Do mhairbh Banaias an bheirt. Bhí león éigin i bpoll,
nú i bpluais, i n-aimsire shneachtaigh. Chuaidh Bana
síos sa pholl, nú sa phluais, agus throid sé an león
agus mhairbh sé é. Uair eile tháinig Éigipteach 'n-a
choinnibh. Fear ana mhór ab eadh an t-Éigipteach san.
Níor bheag de radharc é le méid. Bhí a shleagh 'n-a láimh
aige. Ní raibh 'n-a láimh ag Banaias ach bata. Thuga-
dar aghaidh ar a chéile. Chuir Banaias an tsleagh a'


L. 469


láimh an fhir mhóir leis an mbata, ansan do mhairbh sé
an fear mór le sleagh an fhir mhóir féin díreach mar
a mhairbh Dáibhid Goliah le claidheamh Gholiah féin.



Do réir mar adeir cuid de'n chúntas do b'é
Asael, dritháir eile do Ióab, an trímhadh fear de'n
tarna triúr. Fear ana thréan ab eadh é agus bhí rith
uathbhásach aige. Deirtí go raibh rith aige mar a bheadh
ag fiadh. Ba shiade a shaoghal é dá mba ná beadh an
chuisidheacht chómh tréan aige.



Bhí sé féin agus Ióab agus Abisai i bhfochair Dháibhid
ar teiche ó Shaul. Tar éis an chatha ar shléibhtibh Gelbóé
dhein muinntir Iúda rí de Dháibhid. Dhein an chuid
eile de chlainn Israéil rí de mhac Shaul, .i. d'Isboset.
Bhí Ióab 'n-a cheann ar shluagh Isboseit. Do buaileadh
cath idir an dá shluagh ag an loch ar a dtugtí Gabaon.
Do bhuaidh muinntir Dháibhid. Do theich an mhuinntir
eile. Do leanadh iad. Bhí Asael ar tosach sa tóir
agus é ag teacht suas le h-Abner. D'fhéach Abner
laistiar de agus chonaic sé Asael, “Iompuigh uaim,”
ar seisean, “agus bíodh duine de sna fearaibh óga
san agat!” Níor iompuigh. “Iompuigh uaim!” arsa
Abner airís, “agus ná cuir fhiachaint orm thu mharbhú!
Má mharbuighim thu conus a thabharfad aghaidh ar do
dhritháir Ióab:” Níor iompuigh. Ansan do chaith
Abner a shleagh uaidh siar agus chuaidh an tsleagh tré
chorp Asael agus thuit sé marbh ar an láthair sin. Bhí
san de chúis ag Ióab, 'n-a dhiaidh san, chun Abneir
do mharbhú, i dteannta gach cúise eile d'á raibh
aige chuige.



I n-éaghmuis an dá thriúr san áirimhtear deich nduine
fhichead eile d'fhearaibh láidire cródha tréana a bhí 'n-a
shluagh ag Dáibhid agus labhartar go h-árd ortha, bhíodar
chómh tréan san. I gcás go dtugtar le tuisgint nár
bh'aon iongna an buadh bheith ag Dáibhid in sna cathanaibh
a throid sé, mar gur thug Dia dhó na fir chródha san go
léir. Fir ana chródha ab eadh an deichneabhar ar fhichid


L. 470


ach ní raibh aon bhreith acu ar an dtarna triúr a bhí
lastuas díobh, agus ní raibh aon bhreith ag an dtriúr
san ar an gcéad triúr. Nuair a bhíodh an dá thriúr
agus an deich nduine fhichead san i dtosach slógh ag
tabhairt aghaidh ar namhaid níor bh'aon iongna ná féadadh
an namhaid an fód do sheasamh abhfad.



ÁIREAMH.



Bhí na fir láidire sin go léir ag Dáibhid ag dul in sna
cogaíbh agus in sna cathanaibh i n-aghaidh na bhPhilistíneach
agus i n-aghaidh gach namhad eile d'ár eirigh 'n-a
choinnibh, agus do bhuaidh sé ar a namhaid go léir.
Ansan bhí síothcháin aige agus ag clainn Israéil,
ó thaobh taobh de'n tír. Thugadar aire d'á ngnóthaíbh
agus bhí an rath ortha agus chuadar i líonmhaireacht
tar meón. Do thuig an rí go rabhadar ana líonmhar
agus tháinig mór-is-fiú air agus móráil agus do
sprioc an t-ubhar é chun na ndaoine dh'áireamh i
dtreó go mbeadh fhios aige an mó duine a bhí ann.



Do labhair sé le Ióab, an ríféinne. “Imthigh,” ar
seisean, “agus cuir áireamh dh'á dhéanamh ar Israél
agus ar Iúda, ó Dhan go Bersabé. Deintear an
t-áireamh ar gach treibh fé leith agus ná fágtar aon
duine gan cur síos sa n-áireamh i dtreó go mbeidh
fhios agam an mó duine atá ann.”



Níor thaithn an nídh sin le Ióab. Do labhair sé leis
an rí:—



“Go gcuiridh an Tighearna an rath ar do dhaoine, a
rí,” ar seisean, “agus go gcuiridh sé a n-uimhir i méid
go dtí go mbeid siad níos líonmhaire fó chéad 'ná
mar atáid siad! Ach ní fheicim féin, a rí, cad é an
tairbhthe a dhéanfidh an cómhaireamh so.”


L. 471


Níor bh'aon mhaith dhó bheith ag cainnt ná ag cómhairliú.
Bí aigne an rí ceapaithe, socair, agus b'éigean do
Ióab an obair a dhéanamh.



Do ghluais Ióab agus taoiseacha an airm agus chua-
dar mórthímpal tríd an rígheacht go léir, ó Dhan go
Bersabé, agus dheineadar an cómhaireamh agus chuir-
eadar na h-uimhreacha go léir le chéile agus thugadar
i láimh an rí iad. Do fuair an rí ansan go raibh ocht
gcéad míle fear d'fhearaibh Israéil a bhí láidir cródha,
ábalta ar chlaidheamh do bheartú, agus chúig céad míle
fear d'fhearaibh Iúda. D'fhág san Dáibhid 'n-a rí ar
thrí chéad déag de mhíltibh fear a bhí 'n-a lán neart
agus oilte ar gach gnó d'ár bhain le gnóthaíbh cogaidh,
agus iad go léir cródha, dána, seasamhach i gcath, gan
eagla roim namhaid, gan eagla roim bás. Do thuig
Dáibhid gur chómhacht uathbhásach an chomhacht san ag
aon rí, agus tháinig meas ana mhór aige air féin
nuair a thuig sé i n'aigne go raibh sé 'n-a rí ar an mór
shluagh san.



Ní túisge a bhí toil tabhartha i gceart aige do'n
mhachtnamh san 'ná mar a phreab machtnamh eile suas
i n'aigne. Thuig sé go raibh peaca uabhair déanta
aige i n-aghaidh Dé. Thuig sé gur bh'é Dia a thug dó
an chómhacht mhór agus gur ag breith bhuidheachais le Dia
ba cheart dó bheith i n-inead bheith ag déanamh maoidhimh
agus mórála. D'umhluigh sé é féin os comhair an
Tighearna agus d'iarr sé ar an dTighearna an peaca
uabhair a bhí déanta aige do mhaitheamh dó. Le n-a linn
sin tháinig chuige an fáig gur bh'ainm dó Gad agus
dubhairt sé leis go raibh Dia chun pionóis do chur air
féin agus ar na daoine mar gheall ar an bpeaca a bhí
déanta aige. Dubhairt an fáig leis go raibh cead ó
Dhia aige a rogha de thrí pionósaíbh do ghlacadh, .i. gorta
do theacht sa tír ar feadh seacht mblian, nú cogadh ar
feadh trí mhí agus a namhaid ag buachtaintair i gcaitheamh
an trí mhí sin; nú pláig do theacht ar a dhaoine ar
feadh trí lá.


L. 472


“Breithnigh anois agus innis dom cia 'cu de sna
trí pionósaíbh sin adéarfad leis an té a chuir chughat
me is rogha leat.”



Dhein an rí a mhachtnamh. Ansan do labhair sé:—



“Is cruaidh an cás é!” ar seisean. “Táim i
bpúnc! Ach tá an Tighearna mórthrócaireach. Is
fearr an pionós do theacht orainn ó láimh an Tighearna
'ná ó láimh aon duine.”



Ansan tháinig an phláig agus do mhairbh sí, tríd an
ndúthaigh, ó Dhan go Bersabé, seacht ndeich de mhíltibh
daoine. I gcaitheamh na h-aimsire bhí an rí coitchianta
ag sgreadaigh ar an dTighearna, “a Thighearna,” adeir-
eadh sé, “cuir orm-sa an pionós agus leog do sna
daoine! Is mise a dhein an peaca! Cuir an pionós
orm-sa!” Níor chuaidh a ghuidhe gan tairbhthe. Do
stad an phláig sar a raibh an trí lá caithte. Deir
cuid de'n chúntas nár lean an phláig ach cheithre h-uaire
fichead.



Deir tuille nár lean sí an fhaid sin féin. Bhí an
t-aingeal a bhí ag marbhú na ndaoine, bhí sé díreach ag
teacht isteach i gcathair Ierúsalem nuair adubhradh
leis stad.



ADONIAS.



Bhí an t-aos an druidim le Dáibhid. Ní raibh an
tsuim aige, i ngnóthaíbh stáit, a bhíodh aige ionta nuair
a bhí sé óg láidir. Bhí mac aige gur bh'ainm dó Adon-
ias. Fear ana bhreágh ab eadh é, chómh breágh agus a bhí
Absalom nú geall leis. Do thuig an mac go raibh
báidh ana mhór ag na daoine leis. Chrom se ar chóir
ríoga do chur air féin. Do ghleus sé carbaid agus
eachra agus marcra dhó féin agus gárda fear chun
bheith ag gluaiseacht roimis ar an slighe ar nós gárda


L. 473


rí. Do labhair sé le Ióab. Do ghaibh Ióab a pháirt,
agus do ghaibh an sagart, Abiatar, a pháirt. Ní dubh-
airt Dáibhid aon fhocal 'n-a choinnibh ná níor dhein sé
aon smachtú air. Chonaic Nátan fáig agus Banaias
agus an chuid eile de sna fearaibh láidire, agus neart
slógh Dháibhid, chonacadar cad a bhí ar siubhal agus
an fuadar a bhí fé Adonias. Ba chuimhin leó cad a
dhein an fear breágh eile úd, Absalom, agus bhí eagla
ortha go dtiocfadh droch obair. Bhí fhios acu go raibh
geallta ag Dáibhid gur bh'é Solomon a bheadh 'n-a rí
'n-a dhiaidh féin. Chonacadar go soiléir go raibh Ióab
ceapaithe ar an ngeallamhaint sin do chur ar neamhnídh
agus ar rí dhéanamh d'Adonias. Thuigeadar go raibh
a chúis féin ag Ióab leis sin. Bhí fhios acu ná raibh
Dáibhid geal do Ióab, agus bhí fhios acu go raibh eagla
ar Ióab ná beadh Solomon geal dó ach chómh beag; go
ndéanfadh Solomon an rud adéarfadh Dáibhid leis,
agus go ndéanfadh sé marbhú Abneir agus marbhú
Amasa do dhíogailt. Bhí fhios acu, d'á bhrígh sin go
ndéanfadh Ióab Solomon do chimeád as an rígheacht
dá bhféadadh sé é. Bhí creideamhaint ana mhór ag
Ióab ameasg na ndaoine. Agus bhí creideamhaint
ana mhór ag Abiatar chómh maith. Beirt nár dhóich ab
eadh iad. Níor mhór do Sholomon feuchaint chuige
féin i n-am.



Tháinig Nátan fáig ag triall ar Bhetsabé, máthair
Sholomoin, agus do labhair sé léi:—



“Ar airighis, a Ríogan,” ar seisean, “an obair
seo atá ag Adonias 'á dhéanamh?” “Níor airigheas,”
ar sisi, “cad í an obair?” “Tá féasta mór déanta
aige thíos i Sobolet,” arsa Nátan, “agus tá cuid-
eachta uasal ann, an rí-féinne Ióab mac Sharbhia, agus
an t-árdshagart Abiatar, agus na h-uaisle móra go
léir a bhainean leó agus tá sé dh'á admháil 'n-a rí acu
go léir. Ach ní bhfuaras-sa ná Banaias ná aoinne
d'ár muinntir cuire chun an fhéasta san. Táid siad


L. 474


go léir 'ghá admháil 'n-a rí agus ní'l aon phioc d'á fhios
san ag ár dTighearna Dáibhid. Tá fhios againn go
léir go bhfuil geallta fé dhearbhú ag Dáibhid an rígheacht
d'fhágaint, 'n-a dhiaidh féin, ag Solomon, agat' mhac-sa.
Imthigh anois, a Ríogan, agus labhair le Dáibhid agus
fiafraigh de cad tá le déanamh. Má sgaoiltear le
h-Adonias cuirfidh sé deire le saoghal do mhic-se
agus led' shaoghal féin.”



D'imthigh sí isteach ag triall ar an rí agus d'innis
sí dhó, tríd síos, an sgéal a dh'innis Nátan di. Ar
éigin a bhí an sgéal críochnuighthe aici nuair a tháinig
Nátan isteach 'n-a diaidh. Do h-innseadh do Dháibhid
go raibh Nátan tagaithe. Do glaodhadh isteach i látair
an rí é.



“Tugtar chugham anso,” arsan rí, “Sadoc an sa-
gart agus Banaias.” Do tugadh.



“Tógaidh libh,” ars an rí, “mo mhac Solomon agus
cuiridh ar mo mhiúil féin é agus beiridh libh go Gihon é
agus cuiridh ola an Tighearna air, ó láimh Shadoic,
agus deinidh é órdnú 'n-a rí ar Israél agus ar Iúda.
Ansan séidtear an trúmpa agus abradh na daoine
go léir, “go mbuaidh Dia leis an rí Solomon!” An-
san tagadh sé anso aníos, agus sibh-se 'n-a dhiaidh,
agus cuirtear 'n-a shuidhe é am' chathaoir ríoga féin
agus beidh sé 'n-a rí am' inead, agus ceapfad 'n-a rí
é ar Israél agus ar Iúda.”



Do deineadh gach nídh ar an gcuma san. Chonaic na
daoine an obair a bhí ar siubhal. Do chruinnighdar go
léir agus bhí ceól agus liúireach sa chathair.



SOLOMON 'N-A RÍ.



Bhí an ceól agus an liúireach sa chathair. Bhí an ceól
agus an liúireach chómh h-árd san go raibh an talamh


L. 475


agus an t-aer ag crith. D'airigh an chuideachta i Sobo-
let an fothram uathbhásach. Tháinig iongna a gcroidhe
ortha. D'airighdar an trúmpa dh'á shéide.



“Cad é seo ar siubhal sa chathair!” arsa Ióab,” nú
cad fé ndeár an fothram go léir?”



Níor fhéad aoinne freagra thabhairt. Le n-a linn
sin do phreab chucha isteach fear d'ár bh'ainm Iónatas,
mac d'Abiatar.



“Fear cródha iseadh thusa,” arsa Adonias leis,
“agus gabhaim-se orm go bhfuil sgéala maithe agat.”
“Ní sgéala maithe atá agam, a rí,” arsa Iónatas,
“ach togha an droch sgéil! Tá ár dTighearna Dáibhid
tar éis Solomon do cheapadh 'n-a rí, agus tá Sadoc
an sagart agus Nátan fáig agus Banaias mac Ióada,
agus na Cerití agus na Pheletí, tar éis Solomon do
chur ar mhiúil an rí agus é bhreith leó go Gihon agus
ola an Tighearna do chur air agus é dh'órdnú 'n-a rí,
agus tá Solomon anois 'n-a shuidhe i gcathaoir na rí-
gheachta. Tá a fhios san go léir ag an bpoibilidheacht
agus táid siad ag déanamh áthais agus aoibhnis agus
gáirdeachais, agus siné an fothram agus an liúireach
atá dh'á dhéanam. Nuair a cuireadh Solomon sa
chathaoir ríoga d'umhluigh teaghlach an rí dhó agus d'umh-
luigh Dáibhid féin, ar a leabaidh, dó, agus dubhairt sé;
“moladh leis an dTighearna Dia Israéil a thug dom, an
lá so, duine dh'fheisgint am' chathaoir ríoga féin os
cómhair mo shúl!””



Nuair d'airigh an chuideachta an chainnt sin tháinig
crith eagla ortha. Shleamhnuighdar chun siubhail 'n-a
nduine 's 'n-a nduine agus chuadar abhaile, gach
aoinne acu chun a thighe féin.



Bhí fhios ag Adonias go raibh an droch ghníomh déanta
aige. Do rith sé chun na h-altórach agus do rug sé
greim ar a cúinne.



“Gealladh an rí Solomon dom, fé dhearbhú, ná
cuirfidh sé chun báis me!” ar seisean. Do h-innseadh


L. 476


an chainnt sin do Sholomon. “Má's duine fóghanta
é,” arsa Solomon, “ní thuitfidh ruibe d'á ghruaig chun
tailimh, ach má gheibhtear an t-olc ann curfar chun
báis é.”



Ansan d'órduigh Solomon é thabhairt amach ó'n
altóir, agus tháinig sé i láthair Sholomoin agus do
shléacht sé dhó, agus ní dubhairt Solomón leis ach,
“Imthigh chun do thighe.”



D'imthigh sé chun a thighe ach níor fhan sé socair. Ba
shine é 'ná Solomon agus thuig sé, d'á bhrígh sin, gur
threise a cheart chun na rígheachta 'ná ceart Sholomoin.
Níor bh'fhada go bhfuair Solomon amach go raibh uisge-
fé-thalamh aige 'á dhéanamh agus go raibh Ióab 'n-a
chongnamh aige chuige. Do cuireadh chun báis é mar gheall
air sin.



Nuair a bhí Dáibhid ag dul chun báis do labhair sé le
Solomon agus thug sé mórán cómhairle dhó i dtaobh
conus ba cheart dó gnóthaí na rígheachta do dhéanamh. I
dteannta gach cómhairle eile d'ár thug sé dhó do
labhair sé leis mar seo:—



“Agus feuch, a mhic,” ar seisean. “Ní féidir
rígheacht do bhainistighe i gceart gan dlighe na rígheachta
do chur i bhfeidhm. Má dheinean duine droch ghníomh
i gcoinnibh na dlighe agus má leogtar an gníomh san
i n-aisge leis déanfaidh duine eile an gníomh céadna,
agus ansan duine eile, agus ar ball ní bheidh meas ar
an ndlighe ná eagla roimis an ndlighe ag aoinne. Do
dhein Ióab gníomh caillte nuair a mhairbh sé Abner.
Ní'l duine ó Dhan go Bersabé ná fuil fhios aige gur
dhein Ióab an gníomh fill sin. Ní raibh ar mo chumas-
sa an uair sin an gníomh san d'agairt ar Ióab. Dein-
se an gníomh san d'agairt air agus an gníomh eile úd
a dhein sé nuair a mhairbh sé Amasa, agus feiceadh
Israél agus Iúda nár chuaidh a dhroch ghníomhartha i
n-aisge leis. Agus an fear eile sin, Semei; thug sé
masla agus tarcuisne ghrána dhom nuair a bhíos ag


L. 477


teiche ód' dhritháir Absalom. Níor agaras-sa an rí-
mhasla san air mar do dhearbhuigheas ná déanfinn.
Feiceadh na daoine ná lcogfir-se i n-aisge leis é.”



Do ghlac Solomon an chómhairle sin, leis, chómh maith
le gach cómhairle eile d'ár thug a athair dó, agus do
cuireadh Ióab agus Semei chun báis, agus do thuig
Israél agus Iúda go gcurfí an dlighe i bhfeidhm ar an
té a bhrisfadh í.



CROIDHE TUISGIONAC.



Tháinig an t-am do Dháibhid agus fuair sé bás, tar
éis é bheith dachad blian 'n-a rí, seacht mbliana i Hebron
agus trí bliana déag ar fhichid i Ierúsalem. Ansan bhí
Solomon 'n-a rí gan freasabhra ar Israél agus ar
Iúda.



Deir an Bíobla go raibh Solomon dílis do'n Tigh-
earna an uair sin. Bhí sé lá tar éis ídhbirte dhéanamh
chun an Tighearna agus chuir sé a ghuidhe suas chun
an Tighearna 'ghá iarraidh go gcómhlíonfí dhó na
geallamhna a thug an Tighearna do Dháibhid 'n-a thaobh.
Thaisbeáin an Tighearna é féin dó i n-aisling agus
dubhairt sé leis:—



“Iarr orm an nídh is maith leat a thabharfinn duit.”
Agus dubairt Solomon, sa n-aisling:—



“Do dheinis mór-thrócaire, a Thighearna, ar m'athair,
ar Dháibhid, do réir mar a shiubhluigh sé ós do chómhair i
bhfírinne agus i bhfíoraontacht agus i macántacht
croidhe, agus chimeádais do mhór-thrócaire dhó, agus
tá mac leis curtha agat 'n-a shuidhe 'n-a chathaoir ríoga
indiu. Agus anois, a Thighearna, tá rí déanta agat
díom-sa i n-inead m'athar. Ní'l ionam-sa, ámhthach,
ach leanbh, gan eólus agam ar dhul amach ná ar theacht


L. 478


isteach, agus siné mé anso i lár do phobuil thoghtha
féin, suathantas daoine nách féidir iad d'áireamh,
táid siad chómh líonmhar san. Tabhair, d'á bhrígh sin,
dod' sheirbhíseach croidhe tuisgionach i dtreó go mbead
am' breitheamh ceart ar an bpobul so leat atá chómh
líonmhar.”



Do thaithn leis an dTighearna Solomon 'ghá iarraidh
sin agus dubhairt sé leis:—



“Ó isé sin nídh atá agat dh'á iarraidh orm, agus
nách saoghal fada dhuit féin ná saidhbhreas ná bás do
namhad, ach gur tuisgint atá agat dh'á iarraidh chun
fíor bhreitheamhntais a thabhairt, tá an tabharthas
san agam 'á thabhairt duit do réir fhocail do bhéil féin.
Tá eagná agus tuisgint croidhe agam 'á thabhairt duit
thar a dtáinig de dhaoinibh rómhat agus thar a dtiocfidh
de dhaoinibh ad' dhiaidh. Agus feuch; na neithe úd nár
iarrais féin táid siad le fághail agat chómh maith, .i.
saidhbhreas agus gradam thar a dtáinig de righthibh
rómhat sa domhan. Agus má shiubhlan tú am' shlighe-
se agus má chimeádan tú mo dhlighthe mar a dhein t-athair
tabharfad saoghal fada dhuit.”



Ansan do dhúisigh Solomon as a chodladh agus thuig
sé gur aisling a taisbeánadh dó, agus chuaidh sé go
Ierúsalem agus dhein sé ídhbirtí lán-loisgithe agus
ídhbirtí síothchána chun an Tighearna agus dhein sé
féasta mór d'á mhuinntir go léir agus d'á theaghlach.



Níor bh'fhada gur thuit rud amach a thaisbeáin
géire a inntileachta agus cruinneas a bhreitheamhntais.
Do tugadh ós a chómhair beirt bhan go raibh aighneas
eatartha. Do labhair bean acu:—



“Iarraim ceart ort go h-umhal, a rí,” ar sisi. “Bhí
an bhean so agus mise i n-aon tigh. Do thárla gur
chuireas-sa leanbh mic díom agus isi i n-aon tseómra
liom. Trí lá 'n-a dhiaidh san do rug sisi leanbh mic.
Ní raibh aoinne ann ach an bheirt againn. Do fuair
a leanbh san bás i gcaitheamh na h-oidhche mar do throm-


L. 479


luigh sí air agus í 'n-a codladh. Ansan d'eirigh sí
i n-am mhairbh na h-oidhche agus tháinig sí agus thóg sí
uaim-se mo leanbh agus mé am' chodladh agus chuir sí
an leanbh marbh am' ucht chugham a gan fhios dom. Nuair
a dhúisigheas ar maidin bhíos chun cín a thabhairt do'n
leanbh ach bhí sé marbh. Nuair fheuchas níba ghéire air
le solus an lae chonac nár bh'é mo leanbh féin é.”



“Tá an t-éitheach aici, a rí!” ars an bhean eile. “Bhí
an codladh ró throm uirthi agus do luigh sí ar a mac
féin agus mhúch sí é agus anois ní foláir léi go dtabh-
arfí mo mhac-sa dhi!”



“Ná creid í, a rí,” ars an chéad bhean. “Tá fhios
aici go maith gur b'é mo mhac-sa atá beó ansan
ar a baclainn aici. Do ghoid sí uaim é i lár na
h-oidhche.”



“Thugais d'éitheach!” ars an tarna bean.



“Sín chugham an leanbh san,” arsan rí. Do síneadh.
“Tugtar claidheamh chugham,” ar seisean. Do tugadh.
“Ní fios ce'cu agaibh atá ag innsint na fírinne,” ar
seisean. “Déanfad dhá leath de'n leanbh so agus
tabharfad leath do'n duine agaibh.”



“Ó, a rí,” ars an chéad bhean agus í ag sgreadaigh,
“Ná mairbh an leanbh! tabhair di é!” “Ná tabhair,”
arsan tarna bean. “Dein dhá leath dhe agus ná bíodh
sé ag aoinne againn.” “Seo,” arsan rí leis an
gcéad mhnaoi, “Is leat-sa an leanbh.”



FÍOR-BHREITH.



An fhaid a bhí an bheirt bhan, ag aighneas agus ag tabh-
aist an éithigh d'á chéile, agus gan aon fhínné ag aoinne
acu chun a chur i n-iúil gur aici a bhí an fhírinne, agus
an rí ag éisteacht leis an aighneas agus ag faire ar an


L. 480


mbeirt feuchaint an bhféadfadh sé a dhéanam amach
ó'n gcainnt cé r' bh'í máthair an leinbh, bhí a raibh láith-
reach ag faire ar an rí feuchaint cad í an bhreith a
thabharfadh sé eatartha. Do thuig gach aoinne nár
bh'fhéidir iontaoibh a bheith ag duine as aoinne de'n
bheirt i dtaobh fírinne dh'innsint. Ní raibh clú ná
creideamhaint ag aoinne acu. Bhí an t-éitheach acu 'á
chur i leith a chéile go tur agus go teith. Bhí
crot an éithigh ar chainnt na beirte, mar a chéile
díreach. Ba léir, ámhthach, go mba le mnaoi éigin
acu an leanbh; ach ce 'cu?



Nuair a dhoirchigh gnúis an rí agus nuair a rug sé ar
an gclaidheamh chun dhá leath a dhéanamh de'n leanbh do
chrithnigh gach aoinne. Bhí an claidheamh anáirde aige
'n-a láimh dheis agus an leanbh 'n-a láimh chlé aige. Do
labhair gach bean do réir a croidhe agus a h-aigne féin.
Do thaisbeáin an chainnt cé r' bh'í an mháthair. Níor
chuimhnigh aoinne d'á raibh láithreach, ná níor chuimhnigh
aoinne de'n bheirt bhan, ar an gcleas a bhí ag an rí 'á
dhéanamh chun teacht ar an bhfírinne, go dtí gur
shín sé an leanbh chun na mná do sgread air gan an
leanbh do mharbhú ach é thabhairt do'n mhnaoi eile. Ansan
iseadh thuig gach aoinne an cleas a bhí déanta ag an rí
agus fírinne na breithe a bhí tabhartha aige, agus tháinig
uraim ana mhór ag gach aoinne dhó agus eagla ag gach
aoinne roimis.



Ní h-é Solomon an t-aon rí amháin a thug breith de'n
tsaghas san uaidh. Tá cúntas seanachais againn ar rí
a bhí os cionn na tíre úd lastoir ar a dtugtí Trácia.
Bhí rí sa chómharsanacht agus fuair sé bás. Is ag rí
na Trácia a bhí oighre d'ainimniú do'n rí a bhí tar éis
bháis. Tháinig i láthair rí na Trácia triúr ógánach
uasal agus dubhairt gach ógánach acu gur bh'é féin an
t-oighre ceart. Bhíodar ag tabhairt an éithigh d'á
chéile, agus dálta na beirte ban úd, níor bh'fhéidir a
dh'Innsint ce 'cu an fear go raibh an fhírinne aige.


L. 481


“Socaróchad an sgéal ar an gcuma so,” arsa rí
na Trácia, “boghadóir maith ab eadh an rí seo atá
marbh. Is dócha gur thug a mhac an dúchas leis.
Cuirfimíd corp an rí seo 'n-a sheasamh ansan amuich
ar an machaire agus caitheadh gach duine agaibh urchar
saighid leis an gcorp agus an té agaibh chuirfidh tré
chroidhe an chuirp, nú an té agaibh is giorra thiocfidh
do lár an chroidhe leis an urchar, bíodh an rígheacht aige.”



Do cuireadh an corp 'n-a sheasamh ar an machaire.
Do cuireadh an triúr 'n-a seasamh tamal uaidh amach.
Do chaith duine de'n triúr. Do chuir sé an saighead
sa chorp ach níor chuir sé tríd an gcroidhe é. Do chaith
an tarna fear agus sa cheann iseadh bhuail sé an corp.
Do tharraig an trímhadh fear siar. “Bíodh an rígheacht
ag duine agaibh-se!” ar seisean. “Ní fhéadfainn
go deó urchar saighid do chaitheamh le corp m'athar!”



“Is tusa an t-oighre!” arsa rí na Trácia agus
thug sé an rígheacht dó.



Bhí Spáinneach thiar i Meicsico agus bhí sé 'ghá rádh
go mba leis féin capal áirithe a bhí ag fear Mheicsi-
cánach. Bí an bheirt ag tabhairt an éithigh d'á chéile.
Bí ag teip ar an mbreitheamh teacht ar an bhfírinne.
Do chaith an Meicsicánach de a chasóg agus chas sé an
chasóg ar cheann an chapail. “Seo!” ar seisean
leis an Spáinneach, “má's leat an capal féadfir a
dh'innsint ce 'cú súil leis atá caoch?” “An tsúil
dheas!” ansan Spáinneach.



Do sgiob an fear eile an chasóg de cheann an chapail.
“Feuch!” ar seisean leis an mbreitheamh, “tá dhá
shúil mhaithe ag an gcapal!”


L. 482


HÍRAM.



Nuair a bhí Solomon socair i seilbh na rígheachta,
agus síothcháin idir chlainn Israéil agus na náisiúin a
bhí 'n-a dtimpal, do chuimhnigh Solomon ar an obair
mhór a bhí ceapaithe ag an dTighearna dhó le déanamh, .i.
an teampul do chur suas. Dhein sé cleamhnas le rí
na h-Éigipte. Do phós sé inghean an rí sin agus thug
sé leis í go Ierúsalem. Timpal cheithre chéad agus
cheithre fichid blian ó thug Maois clann Israéil as an
Éigipt leis iseadh thug Solomon an ríogan san leis as
an Éigipt. Dhein san síothcháin idir Israél agus an
Éigipt. Bhí an tseana namhaid, na Philistínigh, fé
smacht chómh daingean nár bh'fhéidir dóibh aon toir-
measg a dhéanamh. Na namhaid eile a bhí sa timpal
thug Dáibhid a leithéid de smachtú dhóibh ná raibh aon
fhonn ostha a thuille comhraic do dhéanamh. Ní raibh
uatha feasta ach go leogfí dhóibh maireachtaint ar a
suaineas agus an cháin a bhí ortha do dhíol le Solomon.
Bhí áit lastuaidh de thír clainne Israéil agus Turus
an ainm a bhí ar an áit sin, agus Híram ainm an rí
a bhí ar an áit, agus rí ab eadh é a bhí ana mhuinnteartha
le Solomon. Nuair airigh Híram go raibh Solomon
'n-a rí ar Israél chuir sé teachtaireacht ag triall air
'ghá innsint dó cad é an t-áthas a bhí air mar gheall ar
Sholomon a bheith 'n-a rí.



Chuir Solomon teachtaireacht, ag freagairt, ag
triall ar Híram, ag gabháil a bhuidheachais leis, agus
ag labhairt leis ar an gcuma so:—



“Is eól duit, a rí, an nídh a bhí ar aigne ag m'athair-
se; conus mar nár fhéad sé teampul mór a dhéanamh
i n-onóir do'n Tighearna Dia, toisg na cogaí go léir
a bheith 'n-a thimpal ins gach treó baill go dtí gur


L. 483


chuir an Tighearna a namhaid fé bhunaibh a chos. Ach
anois tá síothcháin tabhartha ag mo Thighearna Dia
dhomh-sa. Ní'l aoinne ag cur am' choinnibh ná ag
déanamh aon toirmisg dom. D'á bhrígh sin táim-se
ceapaithe ar an dteampul mór do chur suas i
n-onóir d'ainm mo Thighearna Dia, do réir an fhocail
adubhairt an Tighearna lem' athair, Dáibhid, nuair
adubhairt sé:— “Do mhac a bheidh 'n-a rí ad' dhiaidh
isé chuirfidh suas tigh i n-onóir dom' ainm-se.'



“Tabhair-se, a rí, d'á bhríg sin, órdú dod' lucht oibre
crainn cédair a' Libanus do leagadh, agus bíodh mo
lucht oibre-se i n-aonfheacht leó, agus tabharfad-sa
dod' lucht oibre-se pé tuarastal is dóich leat is ceart
dom a thabhairt dóibh. Is eól duit ná fuil ar mo
dhaoine-se aon fhear atá chómh h-oilte ar conus adhmad
do ghearradh agus atáid muinntir Shidon.”



Nuair airig Híram an chainnt sin ó Sholomon bhí
áthas ana mhór air. “Moladh leis an dTighearna Dia
índiu!” ar seisean, “óir tá mac ana eagnaidhe tabh-
artha aige do Dháibhid chun bheith 'n-a rí ar an náisiún ró
líonmhar san.” Chuir sé freagra ag triall ar Sholo-
mon agus dubhairt sé leis, “Déanfad-sa, a rí, gach
nídh d'á bhfuil iarrtha agat orm i dtaobh na gcrann
cédair agus na gcrann giúise. Tabharfid mo lucht
oibre anuas iad ó Libanus go dtí an fharaige agus
ceangalóchaid siad 'n-a snámhánaibh iad ar bharr uisge
agus stiúróchaid siad iad chun na h-áite a bheidh ceap-
aithe agat dóibh chun iad do chur i dtír, agus gheóbhair
sa n-áit sin iad, agus ansan tabharfir-se dhom an
chóir bídh a dhéanfidh mo lucht oibre do chothú.”



Ar an gcuma san thug Híram do Sholomon crainn
cédair agus crainn giúise, an méid ba mhó a theas-
tuigh uaidh díobh. Agus thug Solomon do Híram fiche
míle tómhas cruithneachtan, chun bídh d'á theaghlach, agus
fiche tómhas d'oíle fhíor ghlan, gach aon bhliain. Agus
thug an Tighearna eagna do Sholomon, fé ar a bhí


L. 484


geallta aige dhó; agus bhí síothcháin agus caradas idir
é agus Híram.



Ansan do chruinnigh Solomon lucht oibre agus
ceárdaidhthe a' tír Israéil go léir, agus isé méid a bhí
aige dhíobh 'ná deich míle fhichead fear; agus is amhlaidh
a chuireadh sé deich míle fear acu go Libanus gach aon
mhí, do réir uanuidheachta, i dtreo go mbídís mí amuich
agus dhá mhí sa bhaile. Agus bhí seacht ndeich de mhíltibh
fear aige mar lucht ualaí dh'iompar, agus ocht ndeich
de mhíltibh fear ag gearradh cloch in sna cnocaibh, agus
trí mhíle aige de stíbhardaíbh ag feuchaint i ndiaidh na
h-oibre go léir. Agus d'órduigh an rí clocha móra
ceárnacha do thabhairt le cur i mbuinn an teampuil.
Agus dhein saoir an rí agus saoir Híraim na clocha
móra san do ghearradh agus do cheárnú.



AN TEAMPUL.



Bhí na fir sin go léir ag obair ag Solomon agus bhí
trí tighthe breághtha móra costasamhla aige 'á chur suas
i n-aonfheacht; pálás dó féin agus pálás do'n río-
gain, d'inghean rí na h-Éigpte, agus an teampul
mór i n-onóir do'n Tighearna. Do ghluais a lán aimsire
sar a raibh an obair sin go léir críochnuighthe. Ach do
críochnuigheadh an obair fé dheire agus níor bheag
d'iongna le breághthacht an dá phálás agus an teampul
mór nuair a bhíodar críochnuighthe. Ansan, nuair a bhí
an teampul mór críochnuighthe do chruinnigh Solomon
chuige clann Israéil go léir agus nuair a bhíodar
cruinnighthe tháinig na seanóirí go léir, agus na sagairt,
chun na h-áite, i gcathair Dháibhid, mar a raibh Airc na
Connartha ar cimeád go dtí san. Do thóg na sagairt


L. 485


an Airc agus thugadar leó í chun an teampuil mhóir
agus chuireadar isteach í sa n-áit bheannuighthe a bhí
ceapaithe dhi ann, sa sanctum sanctórum, í féin agus
na h-árthaí agus na córacha a bhí i n-aonfheacht léi sa
tabernacul. An fhaid a bhí an t-aistriú san dh'á dhéan-
amh bhí an rí agus an pobul ag siubhal roimis an Airc
agus ídhbearta líonmhara dh'á ndéanamh i gcaitheamh na
h-aimsire a bhíthas ar an slighe. Nuair a bhí an t-aistriú
déanta agus an Airc socair istigh sa teampul nua,
'n-a h-inead féin, do tháinig na sagairt amach as an
sanctuarium, an áit ró naomhtha, agus b'é toil an
Tighearna mírbhúilt mhór a dhéanamh. Chómh luath agus
bhí na sagairt tagaithe amach do líon sgamal dorcha an
teampul i dtreó nár bh'fhéidir d'aoinne dul isteach
ann. Do thuig an rí agus na daoine go léir gur bh'é
brígh a bhí leis an sgamal san 'ná 'ghá thaisbeáint gur
bh'é toil an Tighearna seilbh do ghlacadh sa tigh sin a bhí
curtha suas i n-onóir dó ag an rí agus ag clainn
Israéil. Chonaic na daoine go léir an sgamal agus
thuigeadar a bhrígh agus d'umhluighdar iad féin go
h-imeaglach i láthair an Tighearna. Ansan do leog
an rí é féin ar a ghlúinibh agus chuir sé a ghuidhe go
dúthrachtach suas chun an Tighearna 'ghá iarraidh air gach
grásta agus gach trócaire agus gach maitheamhnachas
peacaí thabhairt do sna daoine gach aon uair a bheadh
gádh leis agus go n-umhlóchaidís iad féin 'ghá iarraidh
air grásta agus trócaire agus maitheamhnachas a
thabhairt dóibh.



Ansan do dhein an rí féasta mór, go fial agus go
fairsing agus go flathamhail, do sna daoine go léir
agus do lean an féasta san cheithre lá dhéag. Ansan
do chuir an rí a bheannacht agus beannacht an Tighearna
ar an bpobul agus do sgaoil sé uaidh abhaile iad
chun a dtighthe féin, agus bhí áthas mór croidhe ortha go
léir ag imtheacht abhaile dhóibh.



Nuair a bhí an gnó san go léir déanta do thaisbeáin


L. 486


an Tighearna é féin do Sholomon airís, mar a thaisbeáin
sé é féin dó i nGabaon, agus dubhairt sé leis:—



“Tá éistithe agam led' ghuidhe agus leis an ath-
chuinighe a chuiris chugham, agus tá mo bheannacht curtha
agam ar an dtigh seo atá curtha suas agat dom
chun m'ainme bheith ann choidhche, agus beidh mo shúil
ann i gcómhnuidhe, agus mo chroidhe. Má shiubhlan
tusa macánta díreach ós mo chómhair mar a shiubhluigh
t'athair, agus má dheinean tú gach nídh atá órduighthe
agam duit a dhéanamh, agus má chimeádan tú
m'aitheanta agus mo bhreitheana déanfad-sa cathaoir
do rígheachta daingean ar chlainn Israéil go síoruidhe,
fé mar a gheallas dot' athair Dáibhid nuair adubhart
leis, “ní bheidh cathaoir ríoga Israéil go deó gan duine
ded' shliocht innti.” Ach má iompuighean tusa agus do
chlann uaim agus ná cimeádfidh sibh m'aitheanta ná mo
reachta, ach imtheacht i ndiaidh déithe bréige agus iad
d'adhradh, sgriosfad-sa Israél amach as an dtalamh
so a thugas dóibh, agus sguabfad as mo radharc an
teampul so go bhfuil mo bheannacht curtha indiu agam
air, i dtreó go mbeidh Israél 'n-a ghuith agus 'n-a mhasla
i mbéalaibh daoine agus go mbeidh an tigh seo 'n-a
shampla shaoghalta, agus go ndéarfid daoine, “Cad fá
gur dhein an Tighearna a leithéid!” agus go bhfreagró-
far, “Toisg gur thréigeadar an Tighearna Dia.””



ROBÓAM.



Nuair a bhí an teampul mór agus na pálásaí agus
na gnóthaí a bhain leó go léir críochnuighthe ag Solomon
bhí sé díreach i mbarr a ghradaim. Ansan do thosnuigh
sé, go mall ar dtúis, ar dhul le fánaidh. Bhí sé ag
druidim, i ndiaidh ar ndiaid, ó ghrásta Dé go dtí
fé dheire gur dhein sé an nídh adubhradh leis do thabhar-


L. 487


fadh díbhfeirg an Tighearna air féin agus ar ar bhain
leis. Dhein sé déithe bréige d'adhradh. Nuair a dhein
sé an nídh sin do thosnuigh an easgaine a bhí geallta dhó
ar theacht air. Do cheaduigh an Tighearna a lán namhad
d'eirighe 'n-a choinnibh ó'n uile thaobh. D'eirigh namhaid
'n-a choinnibh theas sa n-Éigipt agus d'eirigh namhaid
'n-a choinnibh thuaidh i gcathair Damascuis agus d'eirigh
namhaid 'n-a choinnibh istigh i gcathair Ierúsaleim féin.
Bhíodar go léir ag cur 'n-a choinnibh agus ag cur air,
ach do gheall an Tighearna dhó ná leogfí dhóib é chur
a' seilbh na rígheachta an fhaid a mhairfadh sé féin. Ar
son a athar, Dáibhid, iseadh a tugadh an gheallamhaint sin
dó. Do gealladh dó, ámhthach, ná fágfí agá mhac ach
aon treibh amháin as an dá threibh déag.



Tháinig an t-am do Sholomon agus fuair sé bás. Bhí
sé dachad blian 'n-a rí ar Israél. Dhein sé obair mhór
nuair a chuir sé suas an teampul i n-onóir do'n Tigh-
earna. Ach sa n-aimsir dheirineach d'á shaoghal do loit
sé an obair mhór mhaith san, mar do chuir sé suas
teampuil chun na ndéithe fallsa agus thug sé do sna
déithibh fallsa an onóir agus an t-adhradh a bhí cean-
gailte air a thabhairt do'n Tighearna.



Bhí mac aige agus Robóam ab ainm dó agus isé
a bhí chun na rígheachta dh'fhághail 'n-a dhiaidh. Tháinig sé
chun na h-áite ar a dtugtí Sicem, mar bhí na daoine
go léir cruinnighthe ann chun go nglacfidís é 'n-a rí
ós a gcionn. Do labhair na daoine leis:—



“Bhí lámh t-athar ana throm orainn,” ar siad.
“Dein-se anois cuid de'n ualach a chuir t-athair
orainn do bhogadh dhinn agus beimíd dílis duit.”



“Imthighidh go ceann trí lá agus ansan tagaidh
chugham airís,” ar seisean.



D'imthighdar. Do ghlaoidh Robóam chuige i gcómhairle
na seanóirí uaisle a bhíodh i bhfochair Sholomoin.



“Cad í bhúr gcómhairle dhom?” ar seisean,



“Cad is ceart dom a rádh leis na daoine seo?”


L. 488


“Má éistean tú go cneasta leis na daoine sin,”
ar siad san, “agus an bogadh atá acu dh'á iarraidh do
thabhairt dóibh, beid siad dílis duit go deó.”



Chuir sé uaidh na seanóirí agus ghlaoidh sé chuige na
h-uaisle óga a bhíodh 'n-a chómhluadar féin do ghnáth.



“Cad í bhúr gcómhairle-se dhom i dtaobh na ndaoine
seo?” ar seisean leó.



“Abair leó mar seo, a rí,” ar siad san. “Tá mo
lúidín-se níos téagartha 'ná mar a bhí cnámh droma
m'athar. Chuir m'athair ualach trom oraibh.
Cuirfad-sa ualach is truime 'ná é oraibh. Do ghabhadh m'athair
d'fhuipeanaibh oraibh. De scorpiónaibh iseadh gheóbhad-
sa oraibh.””



Tháinig na daoine an trímhad lá mar adubhradh leó.
Do labhair an rí leó díreach mar a chómhairligh na
h-uaisle óga dhó labhairt leó. Nuair airighdar an
chainnt sin thugadar cúl le Robóam agus ghabhadar le
Ierobóam, an fear a bhí tagaithe aníos as an Éigipt.
Ansan do ghaibh, fé mar a bhí geallta, aon treibh
amháin le Robóam agus an chuid eile le Ierobóam.
Do ghaibh treibh Bheniamin le Robóam, ámhthach, i
n-aonfheacht le treibh Iúda. D'fhág san clann Israéil
deighilte 'n-a dhá gcuid agus do dhísgeóchaidís a
chéile mara mbeadh gur chuir an Tighearna an fáig
Semeias chucha 'ghá rádh le gach taobh acu fanmhaint
socair.



Ansan do thuit nídh tiobaisteach amach. Bhí eagla
ar Ierobóam dá dtéidheadh clann Israéil go Ierúsalem
chun ídhbirte do dhéanamh go mb'fhéidir go ndéanfidís
síothcháin le Robóam agus go n-iompóchaidís uaidh
féin agus go marbhóchaidís é. Isé rud a dhein sé 'ná
creideamh bréige do cheapadh. Do chúm sé dhá ghamhain
óir agus chuir sé ar altóraibh iad agus do mheall sé
clann Israéil chun iad d'adhradh agus gan dul a thuille
go Ierúsalem chun aon ghnóthaí ídhbirte dhéanam chun
an Tighearna.


L. 489


IEROBÓAM.



Nuair a bhí an dá ghamhain óir ag Ierobóam 'á chur
ar an dá altóir do chlainn Israéil, chun iad d'adhradh,
sidiad na focail adubhairt sé:—



“Feuchaidh, a chlann Israéil, bhúr ndéithe, na déithe
do thug amach sibh a' talamh na h-Éigipte.”



Is fiú stad ar an gcainnt sin agus í bhraith. Ba
dhána an bhréag í! Bhí fhios ag Ierobóam agus bhí fhios
ag an muinntir a bhí ag éisteacht leis gur bhréag an
chainnt. Ní raibh aon phioc d'á mhearathal ortha. Bhí
fhios acu gur labhradh an bhréag chéadna nuair a bhí
clann Israéil díreach tagaithe amach as an Muir Ruaidh,
ar an dtaobh thoir, agus rí na h-Éigipte agus a mhór
shluagh istigh sa bhfaraige 'n-a ndiaidh, báidhte, agus
Maois imthighthe suas ar an gcnoc ag glacadh na n-aith-
eanta ó Dhia. Bhí fhios acu go maith gur bh'iad clann
Israéil féin, an uair sin, do chuir fhiachaint ar Aaron
gamhain óir do chúmadh dhóibh agus nuair a bhí an gamhain
óir déanta gur cuireadh suas ar altóir é 'n-a láthair
agus gur labhradar féin an bhréag, go ndubhradar
d'aon ghuth na focail, “Sidiad bhúr ndéithe, a chlann
Israéil, na déithe do thug amach sibh a' talamh na
h-Éigipte.” Bhí fhios acu go dian mhait, leis, cad í
an díbhfeirg a tháinig ar a sínsear, i n-aice na Mara
Ruadha, mar gheall ar an mbréig sin nuair a labhradh
ar dtúis í. Agus i n-aindeóin an eóluis, do glacadh
an bhréag airís ó Ierobóam tar éis breis agus cheithre
chéad blian! Agus feuch, gamhain óir a cuireadh suas
n-a dhia nuair a labhradh an bhréag an chéad uair, ach do
cuireadh dhá ghamhain óir suas nuair a labhradh an bhréag
an tarna h-uair. Bí an bhréag níba threise an tarna
h-uair.


L. 490


Do labhradh an bhréag chéadna go minic ó shin, agus
bhíodh an chúis chéadna le h-í labhairt. An rud a dhein
Ierobóam chun clainne Israéil do chimeád dílis dó
féin táid righthe claona 'ghá dhéanamh riamh ó shin chun
aigne na ndaoine do shásamh agus iad do chimeád fé
n-a smacht. Ní deacair aigne na ndaoine do shásamh
leis an mbréig uaireanta. Is minic gur fearr leó
an bhréag 'ná an fhírinne. Cuirean an fhírinne srian
na fírinne leis an nduine, ach sgaoilean an
creideamh bréagach a shrian féin leis an nduine. Ba
shaoráidighe go mór le clainn Israéil an dá ghamhain
óir d'adhradh agus bheith ag déanamh ídhbirtí chucha 'ná
bheith ag dul go Ierúsalem agus bheith ag déanamh
ídhbirtí do réir dlighe Mhaoise. Bhí dlighe Mhaoise
níba dhéine go mór 'ná dlighe na ngamhan.



Ar an gcuma gcéadna, riamh ó shin, agus anois, is
saoráidighe do'n eiriceach dlighe na h-eiriceachta do
chómhlíonadh 'ná dlighthe na h-Eagailse do chómhlíonadh,
go mór mór nuair isiad na gamhna óir déithe na
h-eiriceachta.



Ach ní leogan an Tighearna srian leis an eiriceacht
i gcómhnuidhe. Do chuir Ierobóam ceann de sna gamh-
naibh óir ar altóir i mBetel agus d'fhógair sé féasta
mór ann do chlainn Israéil, agus chuaidh sé féin
anáirde ar an altóir ag adhradh an ghamhna óir
agus ag losgadh túise i n-onóir dó. Agus é
ag déanamh na h-oibre sin tháinig duine naomtha, le
h-órdú Dé, ó Iúda agus sheasaimh sé ar aghaidh na
h-altórach amach agus do labhair sé leis an altóir
mar seo:—



“A altóir, a altóir,” ar seisean, “tá le teacht ar
an saoghal leanbh de shliocht Dáibhid agus Iósias an
ainm a bheidh air, agus ídhbireóchaidh sé, ansan anáirde
ort-sa, na sagairt seo féin atá ag déanamh ídhbirte
anois ort agus ag losgadh túise ort. Loisgfidh sé
siúd cnámha daoine ort-sa, a altóir.”


L. 491


D'airigh Ierebóam an chainnt. Do shín sé a lámh i
dtreó an fhir naomhtha do labhair an chainnt, “Beiridh
air sin!” ar seisean, “agus cimeádaidh é!” B'é
toil an Tighearna gur fhan an lámh sínte amach agus
nár fhéad sé í tharrac chuige isteach. “Beidh so mar
chómhartha agaibh ar fhírinne mo chainnte anois,” ars an
duine naomtha. “Raobfar an altóir seo anois agus
sgaipfar a luaithreach.” Tháinig mar a bheadh sidhe
gaoithe agus do raob sí an altóir agus do sgaip sí
an luaithreach.



DUINE Ó DHIA.



Nuair a chonaic Ierobóam an altóir dh'á raobadh
agus an luaith dh'á sgaipe agus a lámh féin 'n-a stalca
gan anam gan lúth, sínte uaidh amach agus gan ar
a chumas í lúbadh chuige isteach, tháinig sgannra air.
Do sgread sé ar an nduine naomhtha:—



“Ó,” ar seisean, “a dhuine ó Dhia, guidh orm! Iarr
ar do Thighearna Dia lúth mo láimhe do thabhairt thar
n-ais dom!” Do dhein an duine naomhtha an nídh sin.
D'iarr sé ar an dTighearna lúth a láimhe do thabhairt
thar n-ais do'n rí. D'éist an Tighearna leis an nguidhe
agus b'é toil Dé go bhfuair an rí lúth na láimhe airís,
direach mar a bhí aige cheana. Ansan bhí sé chómh buidh-
each san gur chrom sé ar thathant ar an nduine naomtha
dul leis abhaile chun bídh do chaitheamh agus chun tabhar-
thaistí fhághail uaidh.



“Dá dtugthá leath a bhfuil an tsaoghal agat dom,”
arsan duine naomhtha, “ní raghainn abhaile leat ná ní
bhlaisfinn bia uait ná oiread agus deoch uisge. Dubh-
airt an Tighearna liom nuair a bhí sé 'am' chur anso
chughat, gan arán a dh'ithe ná uisge dh'ól sa n-áit seo


L. 492


agus gan dul thar n-ais an bóthar céadna do thánag.”



Ansan d'imthigh an duine naomhtha, agus níor bh'é an
bóthar a tháinig sé a dh'imthigh sé.



Do thárla go raibh fáig eile sa n-áit sin an uair
chéadna san agus go raibh clann mhac aige. Bí an
chlann mhac amuich i gcaitheamh an lae agus d'airighdar
an chainnt adubhairt an fáig iasachta leis an altóir
agus chonacadar an mhírbhúilt a deineadh ar láimh an
rí agus an raobadh a deineadh ar an altóir, agus
nuair a thánadar abhaile d'innseadar an sgéal go
léir d'á n-athair. D'innseadar dó, leis, conus mar
a dh'iarr an rí ar an bhfáig iasachta dul leis
abhaile agus bia chaitheamh agus conus mar adubhairt
an fáig iasachta go raibh órduighthe ag an dTighearna
dhó féin gan bia ná deoch do chaitheamh sa n-áit.



“Agus ca bhfuil an fáig iasachta anois?” arsan
t-athair.



“Tá sé imthighthe abhaile chun a thíre féin,” ar siad
san.



“Cad é an bóthar a dh'imthigh sé?” arsan t-athair.
D'innseadar dó.



“Cuiridh an iallait ar an asal dom,” ar seisean.
Do chuireadar. Chuaidh sé ar muin an asail agus do
lean sé an fáig iasachta. Tháinig sé suas leis agus é
'n-a shuidhe fé sgáth crainn giúise. “An tusa an duine
ó Dhia do tháinig anso ó Iúda?”



“Is me,” arsan fear eile.



“Tar liom-sa abhaile anois,” ar seisean, “agus
caith bia am' fhochair.”



“Ní féidir dom san a dhéanamh,” ars an fear eile,
“ná ní féidir dom bia ná deoch do chaitheamh sa n-áit
seo. Tá órduighthe ag an dTighearna dhom gan bia
ná deoch do chaitheamh sa n-áit seo agus gan dul abhaile
an bóthar a thánag, ach dul abhaile bóthar eile.”



“Caithfir teacht liom-sa anois,” arsan fear do
lean é. “Fáig iseadh mise, leis, agus do labhais


L. 493


Tighearna liom agus dubhairt sé liom thu
do leanmhuint agus do thabhairt liom abhaile agus
bia agus deoch a thabhairt duit.”



Bréag do'n fháig sin ab eadh an chainnt sin, ach do
chreid an fear eile í agus do tháinig sé leis chun a thighe
agus chaith sé bia agus deoch 'n-a theannta.



Bhíodar 'n-a suidhe ag an mbórd agus iad ag ithe
agus ag ól. Ansan do thuit rud iongantac amach.
Do chuir an Tighearna fhiachaint ar fhear an tighe labhairt
agus an fhírinne dh'innsint.



“Ó!” ar seisean, “dheineas go h-olc ort é!
D'innseas bréag duit agus do chuireas fhiachaint ort
órdú an Tighearna do bhrise. Agus seo mar adeir
an Tighearna anois ad' thaobh: “Toisg nár dheinis mar
adubhairt an Tighearna leat, agus nár chimeádais an
aithne do thug an Tighearna dhuit agus gur fhillis thar
n-ais agus gur ithis bia sa n-áit 'n-a ndubhradh leat
gan bia a dh'ithe, ní chun roilge do shínsear a béarfar
do chorp marbh.””



D'eirigh an fáig iasachta ó'n mbórd láithreach agus
d'imthigh sé. Níor chuaidh sé abhfad nuair a léim león
amach ar an mbóthar chuige. Do mhairbh an león é. Bhí
sé, ansan, sínte marbh ar an mbóthar agus an león
agus an t-asal 'n-a seasamh ós a chionn, agus níor
dhein an león aon nídh leis an asal ná leis an gcorp.



AG DUL I N-OLCAS.



Bhí corp an dune naomhtha sínte ar an mbóthar agus
bhí an león agus an t-asal 'n-a seasamh os cionn an
chuirp, fé mar a bheidís ag faire air chun gan leogaint
d'aon ainimhidhe eile aon díobháil a dhéanamh dó.
Chonaic na daoine an nídh sin agus ba mhór an mhírbhúilt


L. 494


é dar le gach aoinne. Bhí fhios ag gach aoinne an dúil
a bheith ag león i bhfeóil asail nú i bhfeóil duine agus
ba mhór an mhírbhúilt ó Dhia gan aon bhaint a bheith ag
an león úd 'á dhéanamh leis an asal úd ná leis an
gcorp.



Do h-innseadh an sgéal do'n fháig a dhein an bhréag.
Tháinig aithreachas air.



Do thuig sé i n'aigne gur bh'í an bhréag a dhein sé
féin fé ndeár do'n fháig eile iompáil thar n-ais agus
bia agus deoch do chaitheamh sa n-áit, bun os cionn
leis an órdú a bhí fághalta aige ó'n dTighearna.



“Cuir an iallait ar m'asal dom,” ar seisean le
duine d'á chlainn mhac. Do chuir. Chuaidh sé ar muin
an asail agus d'imthigh sé chun na h-áite 'n-a raibh an
corp. D'imthigh an león nuair a chonaic sé ag teacht
é. Thóg sé an corp agus chuir sé chuige ar a bhéalaibh
é agus thug sé leis abhaile é agus dhein sé é thóramh
mar ba cheart agus é chaoine. Ansan d'adhlaic sé
é sa n-uaigh a bhí ceapaithe aige dhó féin nuair a
gheóbhadh sé bás, “agus;” ar seisean le n-a
chlainn mhac:— “Nuair a gheóbhad-sa bás cuiridh mo
chorp sa n-uaigh seo i n-aice an chuirp seo. Duine ana
naomhtha ab eadh an duine seo agus ní'l focal d'á
ndubhairt sé, leis an altóir úd agus leis an rí, ná
toicfidh chun cinn.”



Creidid daoine naomhtha nár dhein an fáig sin a
marbhuigheadh peaca marbhuightheach, nár dhein sé ach
peaca soluightheach, agus nár dhein an Tighearna, nuair
a leog sé do'n león é mharbhú, ach pionós saoghalta do
chur air i dtreó ná beadh aon phionós aige le cur air ar
an saoghal eile, mar gheall ar an bpeaca soluightheach.
Is mór ag daoine, ó thaobh an tsaoghail seo, anam
duine, ach i láthair Dé agus ó thaobh an tsaoghail eile
olc ana shuarach iseadh bás. Ní h-eadh ach má bhíon an
duine ar staid na ngrást agus gan aon rud le frea-
gairt aige i láthair Dé, tabharthas mór maith iseadh bás;


L. 495


tabharthas le n-a mbeirtear an duine isteach i n-aoibh-
neas na bhflathas. D'á bhrígh sin, má dhein an duine
naomhtha úd peaca soluightheach agus má ghlan a bhás
an peaca soluightheach san d'á anam, fuair sé suaineas
ameasg na bhfíoraon chómh luath agus mhairbh an león é.
B'fhearra dhó an bás san do theacht air 'ná é fhágaint
beó agus é bheith ag feuchaint ar an ndroch obair a bhí
ag Ierobóam 'á dhéanamh agus ar na díbhfeirgíbh uath-
bhásacha a bhí le teacht mar gheall ar an ndroch obair sin.
“Cnámha daoine,” mar adubhairt sé féin, “dh'á losgadh
le teine ar na h-altórachaibh malluighthe úd.”



I n-aindeóin gach foláraimh d'ár tugadh dó, raobadh
na h-altórach agus sgaipe na luaithrighe agus milleadh
a láimhe féin agus a leigheas airís ar ghuidhe an fháig do
lean Robóam ar a dhroch obair. Ní h-eadh ach i n-inead
aon mhaolú do theacht ar an olc aige is amhlaidh a
ghéaruigh air. Ní h-amháin gur chuir sé suas na
h-altóracha chun na ndéithe fallsa ach gur chuir sé
fhiachaint ar na daoine na gníomhartha gráineamhla
dhéanamh a dheineadh na págánaigh.



Má bhí an sgéal go h-olc ag Ierobóam agus ag an
gcuid de chlainn Israéil a bhí fé n-a smacht níor shos
do threibh Iúda é, fé Robóam. Bhí an dá bhuidhean, ach
amháin fíor bheagán, ag adhradh na ndéithe fallsa agus
ag déanamh droch ghníomhartha na bpágánach, agus bhí
an dá bhuidhean i gcogadh le n-a chéile coitchianta, ag
marbhú a chéile agus ag dísgiú a chéile, an fhaid a mhair
Robóam agus Ierobóam.



AHIAS.



Do lean Ierobóam ag déanamh na droch oibre. Bhí
fáig i Silo agus Ahias ab ainm dó. B'shiné an fáig
a chuir ola an Tighearna ar Ierobóam nuair ab é toil


L. 496


an Tighearna rí dhéanam de os cionn Israéil. Bhí
leanbh mic ag Ierobóam agus do buaileadh breóite é.
Do thruimigh an bhreóiteacht air i dtreó go raibh sé
i gcontabhairt bháis. Do labhair Ierobóam le n-a
mhnaoi, le máthair an mhic.



“Tá, a bhean,” ar seisean, “fáig i Sílo agus Ahias
is ainm dó. Isé chuir ola an Tighearna orm-sa agus
do dhein rí ar Israél díom. Cuir-se anois éadach eile
umat i dtreó ná h-aithneóchaidh sé thu agus beir leat
deich mbollóga aráin agus deich mbiosgóidí agus
próca meala agus eirigh ag triall ar an bhfáig sin
agus 'neósfidh sé dhuit cad tá le h-imtheacht ar an mac
so, nú an bhfuil sé chun báis a dh'fhághail.”



Do dhein an bhean an rud adubhradh léi. D'atharuigh
sí a cuid éadaigh i dtreó ná h-aithneófí í agus chuaidh
sí go Sílo. Tháinig sí go dtí an fáig. Bhí an fáig
ana aosta agus an radharc nách mór imthighthe as a
shúilibh i dtreó ná raibh sé ábalta ar aoinne dh'fheisgint
ná ar aoinne dh'aithint. Do labhair an Tighearna leis,
ámhthach, agus dubhairt sé leis:—



“Feuch, tá an bhanrighin, bean Ierobóam, ag teacht
isteach anso chughat chun a dh'fhiafraighe dhíot cad 'tá le
h-imtheacht ar a mac atá breóite, agus seo mar a
labharfir léi.” Agus do h-innseadh dó cad a bhí
aige le rádh léi. Le n-a linn sin d'airigh Ahias ciscéim
duine ag teacht thar an dtairsigh. “Tar isteach,” ar
seisean, “a bhean Ierobóam. Cad chuige dhuit bheith
'á leogaint ort gur bean eile thu? Táim-se am'
chur chughat-sa, ámhthach, le sgéala nách fóghanta. Imthigh
agus abair le Ierobóam: “Seo mar adeir an Tigh-
earna: Do thógas tu as na daoine agus dheineas rí
dhíot ar Israél. Bhaineas an rígheacht de shliocht Dáibhid
agus thugas duit-se í agus ní'l déanta agat mar a dhein
mo sheirbhíseach, Dáibhid. Do chimeád sé sin m'aitheanta
agus dhein sé mo réir ó chroidhe. Dhein sé na neithe
a bhí taithneamhach os cómhair mo shúl. Ach tá buaidhte


L. 497


agat-sa ar ar tháinig rómhat riamh i ndéanamh an uilc,
dheinis déithe bréige dhuit féin, déithe leaghtha, agus
chaithis mise laistiar díot. D'á bhrígh sin cuirfad-sa
olca tiobaisteacha ar theaghlach Ierobóam. Déan-
fad íde ar an dteaghlach san i dtreó ná fágfar firea-
nach beó ann. Sgriosfad amach dríodar an teaghlaigh
sin mar a sgriostar aoileach amach chun go mbíon
gach nídh glan. An méid de theaghlach Ierobóam a
gheóbhaidh bás sa chathair íosfid na gadhair iad, agus an
méid díobh a gheóbhaidh bás amuich sa pháirc iosfid éan-
laithe an aeir iad. Isé an Tighearna adeir é. Eirigh-se
abhaile anois chun do thighe, agus le linn do chos a bheith
ag dul isteach sa chathair gheóbhaidh do mhac bás. Caoin-
fidh Israél go léir an mac san agus adhlacfar é, óir
tá focal fóghanta ó'n dTighearna i dtaobh an mhic sin,
agus isé an t-aoinne amháin é de theaghlach Ierobóam
a h-adhlacfar. Buailfidh an Tighearna Israél mar
a suaithtear slat sa n-uisge; agus stracfidh sé Israél,
as a phréamhchaibh, amach as an dtalamh fóghanta so a thug
sé d'á n-aithreachaibh. Óir isé an Tighearna féin is rí
ar Israél feasta agus ídeóchaidh sé teaghlach Ierobóam
an lá so féin anois. Díbireóchaidh sé Israél thar
abhainn' óir do dheineadar dóibh féin coillte beaga
chun feirge an Tighearna do ghríosadh. Tabharfidh an
Tighearna druim lámha le h-Israél mar gheall ar na
peacaíbh atá déanta ag Ierobóam agus gur chuir sé
fhiachaint ar Israél peacaí dhéanamh.”



Ansan d'eirigh bean Ierobóam agus d'imthigh sí
abhaile agus nuair a bhí a cos ar thairsigh a tighe féin
fuair an mac bás. Do h-adhlacadh é agus dhein Israél
go léir é chaoine go dúbhach, do réir an fhocail adubhairt
an Tighearna tré bhéal an fháig Ahias.



Bhí Robóam, mac Sholomoin, n-a rí ar Iúda agus bhí
ré chómh h-olc díreach le Ierobóam, agus mar a bhí an
rí iseadh bhí na daoine. Chuireadar suas na h-altó-
racha dhóibh féin, in sna coilltibh beaga ar bharaíbh na


L. 498


gcnocán agus bhídís ag adhradh na ndéithe fallsa agus
do dheinidís na gníomhartha gráineamhla céadna,
i dtreó go raibh clann Israéil go léir, muinntir
Robóam agus muinntir Ierobóam i n-aonfheacht chómh
h-olc díreach leis na págánaigh a bhí sa tír sin rómpa
agus gur dísgigheadh iad chun na tíre thabhairt do
chlainn Israéil.



ACHAB.



Bíodh gur bhagair an Tighearna an díbhfeirg uathbhásach
ar chlainn Israéil níor tháinig an díbhfeirg láithreach.
Tugan an Tighearna ré aithrighe do'n pheacach is measa,
agus mara ndeinidh an peacach an aithrighe is air féin
a chaithfidh sé an milleán a bheith aige.



Fuair Robóam, rí Iúda, bás agus bhí a mhac Abiam
'n-a rí 'n-a dhiaidh. Bhí Abiam chómh h-olc díreach agus
ba dhual athar dó a bheith. Níor mhair sé, 'n-a rí, ach
trí bliana. Bhí mac aige d'ár bh'ainm Asa agus bhí
sé 'n-a rí ar Iúda 'n-a dhiaidh. Rí fóghanta ab eadh
Asa. Do dhein sé an rud a bhí taithneamhach i láthair an
Tighearna. Do leag sé na h-altóracha págánacha
agus do bhris sé na h-íodail agus chuir sé cosg leis
an ngráineamhlacht. Ach níor raob sé na coillte
beaga mar a ndeintí an ghráineamhlacht, ar bharaíbh
na gcnocán. Ach deir an Sgríbhinn Diadha go raibh a
chroidhe ar deagh staid i láthair an Tighearna. Bhí sé
'n-a rí bliain agus dachad. I gcaitheamh na h-aimsire
sin go léir bhí cogadh idir é féin agus Ierobóam, an
fhaid a mhair Ierobóam, agus idir é féin agus Nadab,
mac Ierobóam, a tháinig i rígheacht nuair a fuair
Ierobóam bás.



Bhí Nadab díreach mar ba dhual athar dó bheith, go
h-olc. Níor mhair sé, ámhthach, 'n-a rí ach dhá bhliain.
D'eirigh 'n-a choinnibh fear d'ár bh'ainm Baasa agus


L. 499


mhairbh sé é agus dhein sé rí dhe féin ar Israél. Nuair a
bhí sé 'n-a rí do mhairbh sé an uile dhuine riamh, óg agus
aosta, de mhuinntir Ierobóam gan oiread agus aoinne
amháin acu d'fhágaint beó, i dtreó gur fíoradh an focal
úd adubhairt Ahias fáig, i dtaobh sleachta Ierobóam.
Ach bhí Baasa féin chómh h-olc díreach le Ierobóam nú
le Nadab. Dhein sé an t-olc os cómhair an Tighearna
agus deirtear 'n-a thaobh an focal céadna adeirtear
i dtaobh Ierobóam, 'sé sin, gur chuir sé suas na daoine
chun na breacaí dhéanamh. Do mhair sé 'n-a rí ar feadh
cheithre bliana fichead agus bhí síor chogadh idir é agus
Asa, rí Iúda. Tháinig an bás air agus bhí a mhac, Ela,
'n-a rí ar Israél 'n-a dhiaidh. Ansan d'eirigh fear
d'ár bh'ainm Sambrí i gcoinnibh Ela agus mhairbh sé
é agus ghaibh sé chuige féin an rígheacht agus chómh luath
agus bhí sé 'n-a rí do dhein an íde chéadna ar shliocht
Bhaasa a dhein Baasa ar shliocht Ierobóam. Níor fhág
sé mac máthar acu gan marbhú. Ní raibh sé ach seacht
lá 'n-a rí, ámhthach, nuair eirigh fear d'ár bh'ainm Amrí
'n-a choinnibh féin agus mhairbh sé é. Isé an t-Amrí
sin a cheannaigh cnocán áirithe a bhí ag fear d'ár
bh'ainm Semer. Chuir sé suas cathair ar an gcnocán
agus thug sé “Samaría” mar ainm ar an gcathair.
Sin mar a thosnuigh cathair Samaría. Deir an Sgríbhinn
Diadha gur bhuaidh an t-Amrí sin ar a dtáinig de righ-
thibh roimis i n-olcas a ghníomhartha. Fuair sé bás
agus tháinig mac dó d'ár bh'ainm Achab agus do ghaibh
sé an rígheacht 'n-a dhiaidh.



Bhí na righthe sin go léir, ó Ierobóam anuas, ag
buachtaint ar a chéile i n-olcas fé mar a thagaidís,
go dtí go dtáinig Achab, agus deir an Sgríbhinn Diadha
gur bhuaidh Achab, amuich 's amach, ortha uile go léir
i n-olcas agus i malluightheacht. Bhí sé 'n-a rí ar
Israél i gcathair Samaría, ar feadh fiche blian. Chuir
sé suas teampul sa chathair sin, agus altóir, chun
Baal, agus d'adhar sé an dia bréige sin. Dhein sé


L. 500


níos mó chun feirge do chur ar an dTighearna 'ná
mar a dhein na righthe go léir a chuaidh roimis. Fé
mar a bhí na righthe go h-Achab anuas ag dul i
n-olcas agus i malluightheacht, bhí na daoine a bhí fútha
ag dul i n-olcas agus i malluightheacht, go dtí, fé
mar a bhuaidh Achab i n-olcas ar a dtáinig de righthibh
roimis, gur bhuaidh na daoine a bhí faoi ar a sínsear
go léir i n-olcas. Fé dheire do tháinig an díbhfeirg.
Do chuir an Tighearna Elias fáig ag triall ar Achab
chun labhartha leis. Do labhair an fáig na focail
seo le h-Achab:—



“Chómh deimhnightheach agus go bhfuil an Tighearna Dia
Isaéil beó agus go bhfuilim-se am' sheasamh 'n-a láthair
ní bheidh fearthainn ná drúcht ann go ceann trí mblian
ach do réir fhocail mo bhéil-se.”



Ansan dubhairt an Tighearna le Elias:—



“Imthigh leat as an áit seo soir go sruth Charrit
agus eirigh i bhfolach ann, agus bí ag ól uisge an tsrotha,
agus tá órduighthe agam-sa do sna fiachaibh dubha bia
thabhairt duit.” D'imthigh Elias agus dhein sé mar sin.



Elias.



D'imthigh Elias air, fé mar adubhradh leis, go dtí an
sruth i n-aice abhan Iórdain agus chuaidh sé i bhfolach.
Ansan dó thosnuigh na fiacha dubha ar an mbia thabhairt
chuige. Thugaidís rainnt aráin agus rainnt feóla
chuige gach aon mhaidean agus an oiread chéadna aráin
agus feóla gach aon tráthnóna agus bhíodh uisge na
h-abhan aige mar dhigh.



Tar éis rainnt aimrire chuaidh an sruth i ndísg mar
ní raibh aon fhearthainn ag tuitim. Bhí an díbhfeirg
tagaithe ar an dtír. Díbhfeirg ana dhian ar an dtír úd
ab eadh easba fearthana. Bhí focal Eliais ag dul i


L. 501


bhfeidhm, 'sé sin, ná tuitfadh aon bhraon fearthana go
ceann trí mblian. Bhí an sruthán i ndísg agus ní raibh
aon bhraon uisge ag Elias le n-ól. Do labhair an
Tighearna leis.



“Eirigh,” arsan Tighearna leis, “agus imthigh go dtí
Sarephta na Sidonach agus fan ann, óir tá órduighthe
agam-sa do bhaintrigh áirithe atá sa n-áit sin tusa
do chothú.”



D'eirigh sé agus chuaidh sé go Sarephta. Nuair a
bhí sé ag teacht chun geata na catharach chonaic sé an
bhaintreach agus í ag bailiú adhmaid. Do ghlaoidh sé
uirthi.



“Tabhair deoch uisge chugham,” ar seisean léi. Bhí
sí ag imtheacht a d'iarraidh an uisge. Do ghlaoidh sé
'n-a diaidh: “Tabhair leat blúire aráin chugham, leis,”
ar seisean, “má 'sé do thoil é.”



“I láthair do Thigearna Dia,” ar sisi leis, “ní'l de
bhia am' thigh ach lán duruinn de mhin atá i gcorcán agam
agus braon beag oíle atá i gcrúisgín. Thánag amach
anso a d'iarraidh an bhrosnaidh seo chun an méid sin
d'ullmhú dom féin agus dom' mhac. Nuair a bheidh
an méid sin ithte againn ní bheidh againn le déanamh
ach síne siar agus bás d'fhághail.”



“Ná bíodh ceist ort anois,” ar seisean léi, “ach
imthigh agus dein an rud adeirir; ach dein ar dtúis
císte beag gríosaigh domh-sa agus tabhair chugham é agus
ansan dein ceann duit féin agus dod' mhac. Óir,
seo mar adeir an Tighearna, Dia Israéil: Ní ídeófar
an mhin atá sa chorcán agat ná ní raghaidh luighead
ar an oíle sin atá sa chrúsga agat go dtí an lá a
chuirfidh an Tighearna fearthainn ar an dtalamh
chughainn.”



D'imthigh an bhean agus dhein sí mar adubhairt Elias
léi a dhéanamh, agus do chaith Elias an bia agus do chaith
sisi agus muinntir a tighe bia; agus ó'n lá san amach,
do réir an fhocail a labhair an Tighearna tré bhéal


L. 502


Eliais níor chuaidh ídiú ar an min ná luigheadú ar
an oíle, bíodh gur tugadh a ndóithin bídh d'Elias agus
do mhuinntir an tighe sin.



Tar éis rainnt aimsire do buaileadh mac na mná
san breóite, agus do thruimigh ar an mbreóiteacht go
dtí gur tharraig sé an anál. Ansan do labhair an
bhean le h-Elias:—



“Cad é an bhaint atá agam-sa leat-sa, a fhir Dé?”
ar sisi. “An chun go gcuimhneófí ar mo pheacaíbh a
tháinís agus chun mo mhic do chur chun báis!”



“Tabhair dom do mhac,” ar seisean léi. Do thug.
Do thóg sé an corp as a h-ucht agus do rug sé leis
suas é go dtí an seómra uachtarach, i mbara an tighe.
Ansan do shín sé an corp ar a leabaidh féin. Ansan
do shín sé é féin anuas ar an gcorp agus do labhair
sé leis an dTighearna:—



“A Thighearna Dia,” ar seisean, “táim 'á iarraidh ort
anam an mhic seo do chur thar n-ais isteach sa chorp so.”



Dhein sé an nídh sin agus do labhair sé an chainnt
sin leis an dTighearna trí h-uaire. Ansan b'é toil
an Tighearna an t-anam do chur thar n-ais sa chorp:
bhí an mac 'n-a bheathaidh airís. Ansan do rug Elias an
mac leis síos agus thug do'n mháthair é. “Feuch, a
bhean,” ar seisean léi, “siné do mhac 'n-a bheathaidh
agat.” Bhí iongna ar an mnaoi. Do labhair sí:—



“Seadh!” ar sise, “tuigim anois gur duine ó Dhia
thusa, agus go bhfuil briathar an Tighearna fíor ad'
bhéal.”


L. 503


(Cuid a cúig)



SGÉALAIDHEACHTA AS AN mBÍOBLA
NAOMHTHA.



CCXIII.



GORTA.



Do ghluais an aimsir. Bhí na trí bliana tiorma
geall le bheith caithte. Bhí a rian fágtha acu go dain-
gean ar an dtír agus ar na daoine. Bhí na daoine
agus na h-ainmhidhthe ag fághail bháis de'n ghorta.



Iesabel ab ainm do'n mhnaoi a bhí pósta ag Achab.
Bhí Achab go h-olc, ach diabhal i riocht mná ab eadh Iesabel,
bhí sí chómh h-olc san. Bhí sí ag marbhú na bhfáigí go
léir fé mar fhéadadh a lucht airm teacht suas leó.



Abdias ab ainm d'fhear tighis an rí agus fear fógh-
anta diadha ab eadh é. Bhí céad duine de sna fáigíbh i
bhfolach aige ó Iesabel agus é 'ghá gcothú a gan fhios di.



Bhí an gorta go truaghbhéileach agus idir dhaoine
agus beithidhigh ag tuitim leis. Do labhair Achab le
n'fhear tighis, le h-Abdias.



“Imthigh-se tríd an ndúthaigh,” ar seisean, “tré gach
gleann agus cumar, ins gach áit 'n-ar ceart tobar
nú sruthán uisge bheith, faon feuchaint an bhféadfimís uisge
nú féar glas fhághail i n-aon bhall agus go bhféadfimís
ár n-eachra do chimeád beó. Imthigh-se treó agus
imtheóchad-sa treó eile agus déanfad an cuardach
céadna.”



D'imthigheadar, duine acu treó agus an duine eile
treó eile.



Díreach agus an socarú san déanta ag an mbeirt
sin, agus iad ag cuardach, do labhair an Tighearna le
h-Elias:—


L. 504


“Imthigh,” arsan Tighearna, “agus taisbeáin thu féin
d'Achab i dtreó go gcuirfad-sa fearthainn ar an dtír
seo.”



Do ghluais Elias chun é féin a thaisbeáint do'n rí.
Do thárla, le leamhnu Dé, gur sa treó 'n-a raibh Elias
ag teacht a bhí Abdias ag déanamh an chuardaigh. Bhuail-
eadar um á chéile. D'aithin Abdias Elias. Do shléacht
sé go talamh dó. “Nách tu mo Thighearna Elias?”



“Is me,” arsa Elias, “agus imthigh-se anois agus
abair led' mháighistir go bhfuil Elias anso.”



“Ochón, a Uasail,” arsa Abdias, “cad 'tá déanta
as an slighe agam go dtabharfá suas d'Achab me chun
mé chur chun báis. Tá fhios ag an dTighearna ná fuil
tír ná talamh ná fuil cuardaidhthe ag Achab duit-se,
agus b'éigean do gach náisiún d'ár chuardaigh sé a
dhearbhú i láthair an Tighearna ná raibh aon eólus acu ar
cá rabhais. Má théidhim-se anois ag triall air agus má
deirim leis go bhfuilir anso tiocfidh sé anso at' lorg.
Ansan beidh aingeal an Tighearna tar éis thusa bhreith
chun siubhail agus ní bheidh aon tuairisg ort. Ansan
cuirfidh Achab mise chun báis mar gheall ar an mbréig
a bheidh innste agam dó, dar leis. Ní h-é sin atá
tuillte agam-sa, a Uasail. Tá eagla an Tighearna
riamh orm agus dheineas seirbhís an Tighearna i n-a
bhfuil tagaithe dem' shaoghal. Ní h-éidir, a Uasail,
nár h-innseadh duit cad a dheineas-sa nuair a bhí
Iesebel ag marbhú na bhfáigí? Chuireas céad duine
acu i bhfolach, 'n-a gcaogad agus 'n-a gcaogad, i
bpluaisibh, agus do chothuigheas iad le h-arán agus
le h-uisge, agus anois, a Uasail, deirir-se liom dul
agus a rádh le h-Achab go bhfuilir anso, i dtreó go
gcuirfidh sé chun bháis me!”



“Ní baoghal duit!” arsa Elias. “Táim 'ghá dhearbhú
dhuit anois, i láthair an Tighearna atá ag feuchaint
orainn, go dtaisbeánfad-sa me féin d'Achab an lá
so.”


L. 505


D'imthigh Abdias agus thug sé an teachtaireacht
d'Achab. Tháinig Achab. Chonaic sé Elias:—



“An tusa an fear,” arsa Achab, “atá tar éis an
uilc go léir do chur ar Israél?”



“Ní mise atá tar éis uilc do chur ar Israél,” arsa
Elias, “ach tusa agus do shínsear rómhat atá tar éis
a dhéanta, mar tá druim lámha tabhartha agaibh le
h-aitheantaibh an Tighearna agus sibh iompuighthe chun
Baalim. Ach mar sin féin, cuir-se teachtaireacht
mórthímpal agus cruinnigh chugham-sa ar chnoc Chármeil
an cheithre chéad agus caogad fáigí atá ag Baal agus
an cheithre chéad fáigí a bhainean leis na coilltibh beaga
agus a bhíon ag ithe agus ag ól ag bórdaibh Iesebel.”



Dhein Achab an nídh sin.



CCXIV.



TEINE AS NA FLATHAIS.



Chomáin Achab na teachtairí mórthímpal tríd an
ndúthaigh ag triall ar chlainn Israéil agus chruinnigh
sé na fáigí go léir go cnoc Chármeil. Tháinig na
daoine 'n-a slóightibh chómh maith leis na fáigíbh. Do
labhair Elias leis an bpobul mar seo:—



“Cad é an fhaid a mheasan sibh fanmhaint i gcás
'dir dhá chómhairle? Má 'sé an Tighearna is Dia ann
iompuighidh agus leanaidh é, nú má 'sé Baal is Dia
ann leanaidh é.”



Níor thug na daoine aon fhreagra air. Do labhair
sé airís leó:—



“Mise an t-aoinne amháin d'fháigíbh an Tighearna
atá fágtha anois. Tá cheithre chéad fear agus caogad
d'fháigíbh Bhaal anso. Tugtar dúinn dhá tharbh. Tó-
gaidís sin a rogha tarbh acu agus gearraidís é agus
cuiridís ar adhmad é ach gan aon teine do chur fé'n


L. 506


adhmad. Ansan gearrfad-sa an tarbh eile agus cuir-
fad ar adhmad é agus ní chuirfad aon teine
fé'n adhmad. Ansan glaodís seo ar Bhaal agus
glaodhfad-sa ar mo Thighearna Dia. Ansan, an
Dia d'fhreagaróchaidh agus do chuirfidh teine fé'n
adhmad agus do loisgfidh an ídhbirt bíodh sé 'n-a
Dhia agaibh.”



“Is maith é sin! Is maith é sin!” arsan pobul
go léir.



“Tógaidh-se bhúr rogha anois de'n dá tharbh,” arsa
Elias le fáigíbh Bhaal, “mar is sibh atá líonmhar, agus
glaodhidh ar bhúr ndéithibh, ach ná cuiridh aon teine fé'n
ídhbirt.”



Thógadar an tarbh agus do ghearradar é agus shocar-
uighdar ar an adhmad é. Ansan thosnuighdar ar
ghlaodhach ar Bhaal. Bhíodar ag glaodhach air an lá
go léir ó mhaidin go dtí lár an lae. “Ó,” adeiridís,
“a Bhaal, éist linn! a Bhaal, éist linn agus frea-
gair sinn!” Ach níor tháinig aon ghuth ná aon fhreagra
ó Bhaal. An fhaid a bhíodar ag glaodhach bhídís ag
léimrigh de dhruim na h-altórach a bhí déanta acu.
Nuair a tháinig meadhon an lae do chrom Elias ar bheith
ag magadh fútha.



“Glaodhidh níos aoirde!” adeiread sé, “b'fhéidir
go bhfuil Baal ag cainnt le dia éigin eile, nú b'féidir
gur i dtigh ósta atá sé, nú as baile, nú 'n-a chodladh
b'fhéidir. Labhraidh níos aoisde feuchaint an bhféadfadh
sibh é dhúiseacht.”



Chromadar ar ghlaodhach ní b'aoirde agus ar bheith 'ghá
ngearradh féin le sgeanaibh agus le lansaibh mar ba
gnáth leó, go dtí go rabhadar clúdaithe le fuil. Fé
dheire bhí an t-am chun na h-ídhbirte d'ofráil agus ní
raibh aon fhreagra ag teacht ó Bhaal, bíodh go raibh na
fáigí leath-thachtaithe ó bheith ag glaodhach agus laguighthe
ó bheith ag cailleamhaint a gcod' fola. Ansan do
ghlaoidh Elias na daoine chuige.


L. 507


“Tagaidh anso chugham, a phubul,” ar seisean. Thána
dar chuige. Bhí sean altóir ann, a cuireadh suas tráth
éigin abhfad roime sin i n-onóir do'n Tighearna. Bhí
an tsean altóir sin briste, ag tuitim as a chéile.
“Deinimís suas airís an altóir seo,” arsa Elias.
Dheineadar suas í. Ansan do thóg Elias dhá chloich
dhéag, cloch do gach treibh de dhá threibh déag clainne
Israéil, agus chuir sé sa n-altóir iad. Ansan dhein
sé díg mórthímpal ar an altóir. Ansan do chuir sé
an t-adhmad ar an altóir agus chuir sé feóil an tairbh
'n-a spalaíbh anuas ar an adhmad.



'Tugtar anso chugham anois,” arsa Elias, “cheithre
árthacha lán d'uisge.” Do tugadh.



“Doirtthear an t-uisge sin,” ar seisean, “anuas
ar an ídhbirt agus ar an adhmad.” Do doirteadh.
“Tugtar chugham cheithre cinn eile agus doirtthear,
ar an gcuma gcéadna, an t-uisge anuas ar an ídhbirt
agus ar an adhmad.” Do deineadh. “Deintear an
rud céadna an trímhadh h-uair,” ar seisean. Do
deineadh. Ansan bhí an fheóil agus an t-adhmad fliuch
go maith agus bhí an díg lán d'uisge mórthímpal ar an
altóir. Ansan do labhair Elias leis an dTighearna:—



“A Thighearna Dia!” ar seisean, “A Dhia Ábrahaim
agus Isaaic agus Israéil, tabhair le feisgint an lá so
gur tu Dia Israéil agus gur mise do sheirbhíseach agus
gur le h-órdú uait-se atá an obair seo déanta
agam.” Le n-a linn sin do thuit teine anuas as na
flathais agus do dóghadh an ídhbhirt agus an t-adhmad
agus na clocha agus an altóir an fad.



CCXV.



CÍSTE GRÍOSAIGH.



Do thuit an teine as an spéir anuas ar an altóir,
os cómhair na ndaoine go léir, agus do loisg sí an


L. 508


ídhbirt a bhí ar an altóir, agus do loisg sí an
t-adhmad agus do loisg sí na clocha, an dá chloich
dhéag úd, agus do loisg sí an tsean altóir go talamh
gan oiread agus a luithreach d'fhágaint gan losgadh,
agus do thriomuigh sí suas an uile bhraon de'n uisge a
bhí timpal na h-altórach sa díg. Nuair a chonaic na
daoine an teine agus an losgadh san chaitheadar go
léir iad féin ar an dtalamh ar a mbéal a's ar a
n-aghaidh agus “Ó!” ar siad go léir d'aon ghuth, “Isé
an Tighearna is Dia ann! Isé an Tighearna is Dia
ann!”



“Má 'sé,” arsa Elias, “beiridh ar na fáigíbh sin
Bhaal agus ná leogaidh d'aon duine acu imtheacht.”



Do rugadh ortha go léir agus do cuireadh chun báis
an uile dhuine acu.



“Imthigh anois agus caith do chuid bídh,” arsa Elias
le h-Achab, “mar tá fuaim fearthana ann.”



D'imhthigh Achab chun an bhídh do chaitheamh agus d'imthigh
Elias suas go bara cnuic Chármeil. Do shuidh sé ar
an dtalamh ar mhullach an chnuic agus chrom sé a cheann
agus chuir sé a aghaidh idir a dhá ghlúin.



“Eirigh agus feuch i dtreó na faraige,” ar seisean
le n-a ghiolla.



“Ní fheicim aon nídh,” ars an giolla.



“Eirigh agus feuch seacht n-uaire,” arsa Elias leis.



D'fheuch sé i dtreó na faraige seacht n-uaire as a
chéile. Ansan do labhair sé. “Chím,” ar seisean,
“sgamal beag ag eirighe as an bhfaraige, sgamal
beag chómh mór le troigh duine.”



“Imthigh,” arsa Elias leis, “agus abair leis an
rí brostú abhaile nú go mbéarfidh an fhearthainn air.”



D'eirigh an sgamal beag agus do leath sé mórthímpal,
agus ba ró ghearr go raibh an spéir go léir dorcha dubh,
agus an ghaoth ag séide go tréan, agus an fhearthainn
ag tuitim 'n-a caisíbh.



Bhí uisge a ndóithin ansan ag capallaibh an rí agus


L. 509


ag an rí féin agus ag na daoine go léir, agus do
fliuchadh go maith an talamh ná fliuchadh le fearthainn
ná le drúcht i gcaitheamh na dtrí mblian a bhí imthighthe.



Nuair a chuaidh an rí abhaile d'innis sé do Iesabel
an sgéal go léir agus conus mar a mhairbh Elias na
fáigí fallsa, fáigí Iesabeil féin. D'eirigh sí ar buile.
Chomáin sí teachtaire ag triall ar Elias, 'ghá rádh leis:
“So agus súd, agus tuille nách é, go ndeinid na déithe
liom-sa mara dtugad-sa ort-sa an cor céadna do
thugais-se ar m'fháigíbh, sar a mbeiridh an taca so
amáireach ort!”



D'imthigh Elias ag teiche le n-anam uaithe. Thug sé
aghaidh amach fé'n bhfásach. Bhí sé ag cur de ag siubhal
tríd an bhfásach go dtí go raibh sé ag tuitim ar a chosaibh
le tuirse agus leis an ocaras. Fé dheire tháinig sé go
dtí crann iúbhair. Do luigh sé fé sgáth an chrainn
iúbhair. Bhí sé chómh buailte amach san gur iarr sé ar
an dTighearna é thógaint as an saoghal dá mb'é a
thoil naomhtha é. Do thuit a chodladh air. Tháinig
aingeal ó'n dTighearna chuige agus do dhúisigh as a
chodladh é.



“Eirigh,” arsan t-aingeal, “agus caith an bia seo.”



D'osgail sé a shúil. Chonaic sé ansúd agá cheann
císte gríosaigh agus crúisgín uisge. D'ith sé an bia
agus d'ól sé an t-uisge. Ansan do shín sé agus
thuit a chodladh air airís. Nuair a bhí greas maith eile
codlata aige tháinig an t-aingeal airís agus dhúisigh
sé é. “Eirigh,” arsan t-aingeal, “agus caith an bia
seo. Beidh gádh agat leis an mbia, mar tá ort dul
abhfad.” D'eirigh Elias agus d'ith sé an bia. Nuair
a bhí an bia ithte aige do ghluais sé chun bóthair agus
thug sé dachad lá agus dachad oidhche ag siubhal gan a
thuille bídh. Do mhair sé ar neart an bhídh sin i gcaith-
eamh na h-aimsire go léir go dtí gur shrois sé cnoc
Dé, 'sé sin, cnoc Hóreb.


L. 510


CCXVI.



PUTHARNACH GAOITHE.



Nuair a shrois Elias cnoc Hóreb do chuaidh sé
isteach i bpluais a bhí ann agus d'fhan sé sa phluais.
Thug an Tighearna mórán sóláis dó an fhaid a bhí sé 'n-a
chómhnuidhe sa phluais sin. Do taisbeánadh mórán
neithe diamhara dhó agus do h-innseadh dó an brígh a bhí
leó. Do cuireadh mórán sóláis aigne air, ach tríd
an sólás go léir bhí aon bhuairt amháin ar a aigne agus
bhí aon ghearán amháin aige 'á dhéanamh coitchianta le
Dia. Bhí sé ag gearán clainne Israéil le Dia, 'ghá
rádh go raibh druim lámha tabhartha acu leis an dTigh-
earna agus le n-a chonnradh, gur leagadar na h-al-
tóracha, gur mharbhuighdar na fáigí go léir, agus ná
raibh fágtha ach é féin, agus go rabhadar 'ghá fhiach féin
chun a mharbhuighthe.



Nuair a bhí an gearán san aige 'á dhéanamh ar feadh
tamail do labhair guth leis.



“Eirigh amach,” ars an guth, “agus seasaimh ar an
gcnoc os cómhair an Tighearna; agus feuch, an Tigh-
earna ag gabháil thart, agus gaoth mhór láidir os cómhair
an Tighearna, agus í ag raobadh na gcnoc agus ag
brise na gcaraigreach; ní'l an Tighearna sa ghaoith
sin, agus tar éis na gaoithe luasgadh talmhan; ní'l
an Tighearna sa luasgadh talmhan agus tar éis an
luasgadh talmhan teine; ní'l an Tighearna sa teine
agus tar éis na teine, putharnach gaoithe ana réidh, ana
chneasta.” Nuair airigh Elias an ghaoth chneasta réidh sin
do thuig sé go raibh an Tighearna sa ghaoith sin agus
chlúdaigh sé a aghaidh le n-a bhrat agus tháinig sé amach
go doras na pluaise agus do stad sé. Do labhair an
guth leis:—



“Cad tá agat 'á dhéanamh anso, a Eliais?” arsan
guth leis. Dhein Elias a ghearán airís. “Táim lán


L. 511


de dhíogras riamh,” ar seisean, “dom' Thighearna,
Dia na slógh, óir táid clann Israéil tar éis druim
lámha thabhairt dod' chonnradh, táid t'altóracha leagaithe
ar lár acu agus mharbhuighdar t'fháigí leis an gclaidheamh
agus ní'l fágtha ach mise agus táid siad ar mo thóir-se
chun mo mharbhuighthe.”



“Imthigh,” arsan Tighearna, “tríd an bhfásach, an
tslighe chéadna do tháinís, agus eirigh go dtí Damascus,
agus nuair a shroisfir an áit sin cuir ola an Tighearna
ar Hasael agus dein rí dhe ar Shuíria. Agus cuir ola
an Tighearna ar Iehú, mac Namsí, agus dein rí dhe ar
Israél. Agus cuir ola an Tighearna ar Eliséus,
mac Saphait, chun é bheith i n'fháig at' inead féin. Agus
seo mar a thuitfidh amach, an té do raghaidh saor
ó chlaidheamh Hasael marbhóchaidh Iehú é, agus an té do
raghaidh saor ó chlaidheamh Iehú marbhóchaidh Eliséus é.
Agus fágfad-sa agam féin i n-Israél seacht míle
nár chrom glúin do Bhaal.”



D'imthigh Elias agus dhein sé na neithe sin.



Bhí Achab go h-olc, ach má bhí féin níor rug Dia
gairid air. Grásta ana mhór ó Dhia d'Achab ab eadh
an mhírbhúilt úd a dhein an Tighearna nuair a tháinig an
teine anuas ó neamh agus do loisg sí an ídhbirt agus
an altóir os cómhair a shúl. Níor chuir an mhírbhúilt sin
fhiachaint air iompáil ar Dhia agus aithrighe dhéanamh.
Ansan d'eirigh na Suíriánaigh, sa dúthaigh lastoir, agus
chuireadar cogadh air. Bhí rí ortha d'ár b'ainm Bena-
dad agus bhí deichneabhar ar fhichid righthe ag cabhrú leis
agus bhí na mílte gan áireamh slógh aige. Thánadar
agus do thímpaladar cathair Shamaría, agus ní raibh
aon bhreith ag Achab ar an gcathair do chosaint. Ach
do chuir Dia fáig chuige 'ghá innsint dó go dtabharfí
an buadh dhó ar na slóightibh sin go léir, “I dtreó,”
ars an Tighearna, “go bhfeicfir gur mise an Tighearna.”
Thug Achab cath do'n mhórshluagh san agus chuir sé ár
agus dearg ruathar ortha.


L. 512


CCXVII.



NABOT.



Ach bíodh gur thug an Tighearna an buadh do rí Israéil
ar Bhenadad, níor dhein rí Israéil toil an Tighearna.
Do dhein sé a thoil féin agus dhein sé neamhshuim de
thoil an Tighearna. Nuair a bhí an cogadh idir é féin
agus Benadad críochnuighthe tháinig sé abhaile go
Samaría ó'n gcogadh.



Bhí fíonghort ag fear d'ár bh'ainm Nabot agus bhí
an fíonghort i n-aice le pálás Achaib, rí Shamaría, Do
thuig Achab, dá mbeadh an fíonghort san aige féin go
bhféadfad sé gáirdín ana dheas a dhéanamh de, bhí sé
chómh caothamhail chómh cómhgarach san d'á ríghtheaghlach.
Do labhair sé le Nabot.



“Tabhair domh-sa an fíonghort san,” ar seisean,
“agus tabharfad a luach go maith dhuit, nú tabharfad
fíonghort eile dhuit i n'inead, fíonghort is fearr 'ná
é, má 'sé sin is fearr leat.”



“Nár leogaidh an Tighearna,” arsa Nabot, “go
dtabharfinn-se dhuit-se an oighreacht so do tháinig
chugham óm' shínsear!”



Nuair a fuair Achab an freagra san chuaidh sé isteach
abhaile agus fearg air agus gruaim agus ceann-fé.
Chaith sé é féin ar a leabaidh agus thug sé aghaidh ar an
bhfalla agus ní íosfadh sé bia ná ní olfadh sé deoch.



“Cad í an ghruaim seo ort, a rí?” arsa Iesabel
leis. D'innis sé dhi.



“Go deimhin,” ar sisi leis, “is áiféiseach an rí thu!
Ní miste rígheacht Israéil a bheith ag braith ort. Eirigh
as san agus caith do chuid bídh. Tabharfad-sa an fíon-
ghort san duit, ó chuiris do dhúil ann chómh mór.”



Duin'uasal ab eadh Nabot. Fear creideamhnach ab
eadh é agus bhí sé saidhbhir do réir a chreideamhna. Ní


L. 513


raibh aon ghádh le h-airgead aige. Ní deirim 'ná go
bhfuil sé 'n-a n-aigne agá lán daoine a dh'airigh an
sgéal gur dhuine bocht é agus gur bh'é cúis go raibh
gníomh Achaib chómh h-olc mar gur chuir sé a dhúil i
bhfíonghort an duine bhoicht. Ní mar sin a bhí. Ies-
raélíteach ab eadh Nabot ach bhí an fíonghort san aige
i Samaría i n-aice an ríghtheaghlaigh. Ansan déarfadh
duine, b'fhéidir, nár bh'aon iongna go mbronnfadh sé
an blúire beag talmhan san ar an rí, ó chuir an rí a
leithéid de dhúil ann. Gan amhras do bhronnfadh, ach bhí
taobh eile ar an sgéal. Bhí dlighe Mhaoise ana dhian
i dtaobh talmhan. Ní raibh ceaduighthe do dhuine sgar-
mhaint le h-aon chuid de'n talamh a tháinig i n-oighreacht
chuige ó n-a shínsear. Dá dtagadh cruadhtan ar dhuine
agus go gcaithfadh sé an oighreacht do dhíol, do bhí
fhios ag an té cheannóchadh an oighreacht nár bh'fhéidir
dó í cimeád ach go dtí go dtiocfadh bliain an iúbilé.
Chómh luath agus thiochfadh an bhliain sin go gcaithfadh
an uile fhód de'n talamh dul thar n-ais chun an té go
mba leis é ó dhúchas. Bheadh an dlighe sin briste ag
Nabot dá dtugadh fé an fíonghort do'n rí. Siné
cúis n-a ndubhairt sé an focal, “Nár leogaidh Dia
go ndéanfinn a leithéid.” Bhí fhios ag Achab go raibh
sé féin tar éis a iarraidh ar Nabot rud a dhéanamh
a bhí i gcoinnibh na dlighe. Do ghéaruigh san an ghruaim
air.



Ní raibh aon sgáth ar Iesabel, ámhthach, i dtaobh dlighe
Mhaoise ná i dtaobh aon dlighe eile. Do shuidh sí síos
agus do sgríbh sí leitir, a gan fhios do'n rí, agus chuir
sí séala an rí ar an leitir. Annsan do thug sí breab
mhaith do bheirt fhínnithe bréige agus dubhairt sí leó dul
agus a dhearbhú ar Nabot gur dhein sé diamhasla agus
ríghmhasla. Do deineadh an dearbhú os cómhair cómh-
uaisle Naboit. Ansan do tugadh an leitir dóibh,
agus séala an rí uirthi, 'ghá órdú dhóibh Nabot do chur
chun báis le gabháil do chlochaibh ann. Do cuireadh


L. 514


Nabot chun báis ar an gcuma san. Nuair a bhí sé
marbh do cuireadh sgéala chun Iesebel 'ghá innsint di
go raibh an gníomh déanta. Siúd ag triall ar
Achab í: “Seadh!” ar sisi, “Eirigh anois agus imthigh
agus glac seilbh sa bhfíonghort úd. Tá Nabot as do
shlighe. Tá sé marbh. Ní chuirfidh sé a thuille buartha
ort.”



CCXVIII.



MICHÉAS.



Do ghluais Achab amach láithreach agus siúd síos é
chun an fhíonghuirt chun sealbha do ghlacadh ann. Ach do
bhuail Elias uime, le h-órdú an Tighearna, agus do
labhair sé leis an chainnt seo, fé mar a dh'órduigh an
Tighearna dhó labhairt:—



“Tá an marbhú déanta agat, agus tá seilbh glacaithe
agat; agus seo mar adeir an Tighearna: Sa n-áit
seo, mar ar líoghracadar na gadhair fuil Naboit líogh-
raicfid siad do chuid fola-sa, leis. Tabharfad-sa
olc ort agus déanfad íde ar do shliocht. Ní fágfar
mac máthar acu beó. Déanfad do theaghlach ar nós
teaghlaigh Ierobóaim mhic Nabait, agus ar nós teagh-
laigh Baasa mhic Ahias, mar gheall ar a bhfuil déanta
agat, ag gríosadh m'fheirge agus ag cur Israéil suas
chun an pheaca dhéanamh. Agus i dtaobh Iesabel, íosfid
na gadhair Iesabel sa pháirc sin Iesraheil.



Nuair airigh Achab an chainnt sin tháinig sgannra air.
D'umhluigh sé é féin i láthair an Tighearna. Chuir sé
éadach ruainneach le n-a chroicean agus chrom sé ar
throsgadh dhéanamh, agus ar a thaisbeáint go raibh ana
bhuairt air mar gheall ar a pheacaíbh. Do dheabhróchadh
an sgéal go raibh sé dáiríribh sa n-aithrighe, mar do
labhair an Tighearna le h-Elias 'n-a thaobh: “An


L. 515


bhfeicean tú,” arsan Tighearna le h-Elias, “an
aithrighe atá ag Achab 'á dhéanamh; agus conus mar a
dh'umhluigh sé é féin ar mo shon. D'á bhrígh sin, ní
thabharfad-sa an díbhfeirg air le n-a ré féin. Ach i
n-aimsir a mhic tabharfad an t-olc ar a theaghlach.”



Do ghluais trí bliana gan aon chogadh idir Israél
agus Suíria. Ansan do labhair Achab le Iósaphat rí
Iúda. “Is eól duit,” ar seisean, “gur linn-na, le
ceart, an tír sin ar a dtugtar Ramot Galaad. Ní
ceart dúinn an tír sin d'fhágáilt a thuille ag rí Suíria.
An dtiocfir-se liom agus bainfimíd de an tír?



“Tá go maith,” arsa Iósaphat, “ach cuir an sgéal
i gcómhairle an Tighearna tré bhéalaibh na bhfáigí.”



Do chruinnigh Achab na fáigí a bhí aige féin, na fáigí
fallsa, fáigí Iesabel; bhí cheithre chéad duine acu ann.



“An raghad-sa go Ramot Galaad chun cogaidh?”
arsa Achab leó.



“Eirigh,” ar siad go léir, “agus tabharfidh an
Tighearna buadh dhuit agus seilbh na tíre sin.”



“An bhfuil aoinne d'fáigíbh an Tighearna anso,”
arsa Iósaphat, “go bhféadfimís labhairt leis?”



“Tá,” arsa Achab, “aoinne amháin, ach ní thaithnean
sé liom. Michéas is ainm dó, agus ní thugan sé dhom
choidhche ach targaireacht uilc.”



“Ná labhair ar an gcuma san, a rí,” arsa Iósaphat.



Do cuireadh fios ar Mhichéas agus tháinig sé. Do
shuidh Achab agus Iósaphat, gach duine acu 'n-a chathaoir
ríoga féin agus a éide rí uime, ag geata na catharach,
agus na fáigí go léir ag fáigeadóireacht os a cómhair,
agus gan 'n-a mbéalaibh go léir ach: “Imthigh suas, a
rí, go Ramot Galaad fé bhuadh agus tabharfidh an
Tighearna an tír sin isteach ad' láimh duit.”



“Labhair-se an focal fóghanta leis an rí,” arsan
teachtaire a chuaidh 'ghá iarraidh, le Michéas, “mar,
feuch, tá an focal fóghanta acu go léir 'á thabhairt
dó.”


L. 516


“Labharfad-sa an focal a chuirfidh an Tighearna am'
béal chugham,” arsa Michéas.



Do tughadh i láthair an rí é.



“A Mhichéais,” arsa Achab leis, “an raighmíd suas go
Rámot Galaad nú an bhfanfimíd gan dul suas?”



“Eirigh suas le buadh,” arsa Michéas, “agus tabhar-
fidh an Tighearna i láimh an rí é.”



Pé cúis a bhí ag an rí leis dubhairt sé an chainnt seo
'ghá fhreagra, “Iarraim ort i láthair an Tighearna gan
aon nídh do rádh liom ach an nídh is fíor i n-ainm an
Tighearna.”



“Do chonac,” arsa Michéas, “Israél go léir
sgaipithe ar na cnocaibh mar a bheadh caoire gan aodh-
aire: agus dubhairt an Tighearna: Ní'l aon mháighistir
ortha so. Téidheadh gach duine abhaile chun a thighe féin
i síothcháin.”



“Feuch cad dubhairt leat!” arsa Achab le Iósaphat.



“Ní'l aon fhocal fóghanta aige dhom.”



CCXIX.



ACHAB BEÓ-GHONTA.



Nuair adubhairt Achab an focal san, “Ní'l aon
fhocal fóghanta aige dhom,” dubhairt Michéas an chainnt
eile seo: “Tá spirid éithigh i mbéalaibh na bhfáigí seo
agat-sa agus táid siad at' sheóladh ar t'aimhleas.”



“Tógtar Michéas,” arsa Achab, “agus curtar
i mbraighdineas é agus ná tugtar le n-ithe agus le
n-ól dó ach arán garbh agus uisge, go dtagad-sa
abhaile i síothcháin ó'n gcogadh so.”



“Má thagan tusa abhaile i síothcháin ó'n gcogadh san,”
arsa Michéas, “ní'l labhartha ag an dTighearna trém'
béal-sa. Tugaidh go léir fé ndeara an méid sin, a
dhaoine!” ar seisean.


L. 517


Do ghluais an dá rí agus a slóighte go Rámot Galaad
chun an chogaidh.



Nuair a bhíodar ag dul isteach sa chat do dhein Achab
feall ar Iósaphat. “Cuir umat dó chorú ríoga,” ar
seisean leis. Do chuir Iósaphat a éide ríoga uime.
Ansan d'imhthigh Achab agus chaith sé dhe a chórú rí agus
chuir sé a mhalairt de chórú uime i dtreó ná
h-aithneochadh aoinne gur bh'é rí Israéil é.



Bhí órdú, ámhthach, tabhartha ag rí Suíria d'á thaoise-
achaibh airm gan cómhrac a dhéanamh le h-aoinne ach
le rí Israéil. Thosnuigh an cath. Chonaic taoiseacha rí
Suíria Iósaphat agus a éide rí uime. Mheasadar gur
bh'é Achab a bhí ann agus thugadar go léir aghaidh air.
Chuir sé liúgh as nuair a fuair sé iad ag déanamh air.
Nuair a liúigh sé d'aithnighdar é agus tharaigeadar siar
uaidh agus thugadar a n-aghaidh i dtaobh éigin eile, agus
do ghluais an cath.



D'á ghastacht a dhein Achab an feall níor dhein an
feall aon tairbhthe dhó. Do lúb fear a bhogha agus do
chaith sé saighead gan amus. Bhí Achab 'n-a shuidhe 'n-a
charbad. Do bhuail an tsaighead san é díreach fé
chléithín a uchta agus thug sí goin bháis dó.



“Beir amach as an gcath me,” ar seisean le n-a
ghiolla, “táim beó-ghonta.” Do rith a chuid fola síos
sa charbhad 'n-a sruth. Chómh luath agus do tuigeadh go
raibh Achab beó-ghonta do cuireadh deire leis an gcath
agus dubhradh leis na slóighte go léir imtheacht abhaile,
gach aoinne chun a thighe féin. Fuair Achab bás an tráth-
nóna san agus do tugadh a chorp abhaile go Samaría.
Do nigheadh an carbad sa lochán ag Samaría agus do
líoghracadar na gadhair an fhuil, agus mar sin do
fíoradh focal an Tighearna 'n-a thaobh.



Bhí mac aige agus Ochosias ab ainm dó. Do deineadh
rí dhe i n-inead a athar. D'iompuigh sé amach chómh
h-olc díreach agus ba dhual dó a bheith, ó n'athair agus
ó n-a mháthair. Dhein sé an t-olc os cómhair an


L. 518


Tighearna fé mar a dheineadh a shínsear, agus d'adhair sé
Baal, agus do ghríos sé fearg an Tighearna, agus chuir
sé suas na daoine chun na bpeacaí dhéanamh. Níor
mhair sé, ámhthach, 'n-a rí, ach dhá bhliain. Do thárla dhó
bheith i seómra uachtarach éigin d'á thigh agus do thuit sé
amach tré fhinneóig an tseómra agus do gortuigheadh é
i dtreó go raibh sé i n-uacht bháis. Chomáin sé teach-
taireacht go h-Accaron chun a fhiafraighe de Bheelsebub
an dtiocfadh sé chuige féin ó'n mbreóiteacht a chuir an
gortú air. Le h-órdú an Tighearna bhí Elias ar an
slighe roimis na teachtairí. Chómh luath agus thánadar
mar a raibh sé do labhair sé leó:—



“An amhlaidh ná fuil aon Dia i n-Israél,” ar seisean,
“treás go bhfuiltí ag dul chun labhartha le Beelsebub,
dia Accaroin? Iompuighidh thar n-ais agus abraidh
le rí Israéil: Seo mar adeir an Tighearna: An
leabaidh sin ar a bhfuilir sínte ní eiréochair choidhche
aisti, ach gheóbhair bás ar an leabaidh sin go deimhin.”



Nuair a bhí an méid sin ráidhte aige d'iompuigh sé
uatha agus d'imhthigh sé.



CCXX.



FEAR CLÚMHACH.



Tháinig na teachtairí thar n-ais ag triall ar Ochosias.



“Cad a thug thar n-ais sibh?” ar seisean.



“Cad 'n-a thaobh nár dheineabhair an rud adubhart
libh?”



“Do bhuail fear umainn,” ar siad san, “agus
dubhairt sé linn, an amhlaidh ná raibh aon Dia i n-Israél
treás go rabhamair ag dul chun labhartha le Beelsebub
dia Accaroin. ‘Téidhidh thar n-ais,’ ar seisean, ‘agus
abraidh leis an rí sin ná h-eireóchaidh sé as an leabaidh
sin ar a bhfuil sé sínte anois, ach go bhfaghaidh sé bás
go deimhnightheach.’”


L. 519


“Cad é an saghas fir é?” ansan rí.



“Fear clúmhach, a rí,” ar siad san, “agus crios
leathair fan chuim air.”



“Tuigim,” arsan rí, “Elias an Teisbíteach an
fear san.”



Do ghlaoidh an rí taoiseach airm chuige. Tháinig
an taoiseach. “Tóg leat caogad fear,” arsan rí,
“agus tabhair anso chugham an fear san, Elias an
Teisbíteach.”



De ghluais an taoiseach agus a chaogad fear. Thán-
adar chun na h-áite 'n-a raibh Elias. Bhí sé 'n-a shuidhe
ar mhullach cnuic.



“A fhir Dé,” arsan taoiseach, “tá órduighthe ag an
rí dhuit teacht ag triall air láithreach.”



“Má's fear le Dia mise,” arsa Elias, “tagadh
teine as na flathais anois agus loisgeadh sí thusa agus
do chaogad fear.”



Do thuit an teine láithreach anuas as na flathais
agus do loisg sí 'n-a luathrigh an taoiseach agus an
caogad fear a bhí le n-a chois.



Do chuir an rí taoiseach eile agus caogad eile uaidh.
Thánadar go bun an chnuic. “A fhir Dé,” arsan taoi-
seach, “seo mar adeir an rí leat: “tar anuas as san
chugham láithreach.'“



“Má's fear le Dia mise,” arsa Elias, “tagadh
teine anuas as na flathais agus loisgeadh sí thusa agus
do chaogad fear.” Agus do tháinig an teine anuas
agus do loisg sí an taoiseach san agus a chaogad fear
díreach mar a loisg sé an chéad thaoiseach agus a chaogad
fear.



Ach do chuir an rí uaidh an trímhadh taoiseach agus an
trímhadh caogad.



Nuair a tháinig an taoiseach san i láthair Eliais isé
rud a dhein sé 'ná é féin do chaitheamh ar a dhá ghlúin os
a chómhair. “Ó,” ar seisean,” a fhir Dé, comaraighe
mh'anama ort! Agus comaraighe anam na bhfear so


L. 520


atá lem' chois ort! Tháinig an teine as na flathais
agus do loisg sí an chéad chaogad agus an taoiseach
a bhí os a gcionn. Ansan tháinig an teine anuas agus
do loisg sí an tarna caogad agus an taoiseach a bhí os
a gcionn. Aithcim ort, a fhir Dé, gan mise agus mo
chaogad do chur chun báis.”



Do labhair an t-aingeal le h-Elias.



“Imthigh síos,” arsan t-aingeal, “ná bíodh aon eagla
ort.” D'eirigh Elias agus d'imthigh sé leó síos ag
triall ar an rí agus do labhair sé an chainnt chéadna
leis an rí do labhair sé leis na teachtairíbh úd. “Seo
mar adeir an Tighearna,” ar seisean,



“Do chuiris teachtairí chun labhartha le Beelsebub,
chómh maith agus dá mba ná beadh aon Dia i n-Isráel.
Mar gheall air sin ní eireóchair as an leabaidh sin ach
gheóbhair bás innti go deimhnightheach.”



Agus do fuair sé bás, do réir mar adubhairt Elias.



Ní raibh aon mhac aige, agus d'á bhrígh sin do deineadh
rí i n'inead d'á dhritháir Ióram.



Bhí Ióram eile 'n-a rí ar Iúda an uair sin. B'é sin
Ióram mac Iósaphait. Bhí an Ióram san dhá bhliain
'n-a rí ar Iúda nuair a deineadh rí ar Israél de Ióram
mac Ochosiais.



Bhí na Móabítigh agus na cineacha eile sa timpal ag
eirighe go stuacach i gcoinnibh Israéil an uair sin agus
a smacht acu 'á chaitheamh díobh.



CCXXI.



CARBAD TEINE.



Bhí an t-am tagaithe 'n-a raibh ceapaithe ag an dTigh-
earna Elias do bhreith leis as an saoghal so agus an
gnó a bhí ag Elias 'á dhéanamh do chur ar Eliséus. Do


L. 521


thárla, an uair sin, go raibh Elias agus Eliséus ag
dul i n-aonfheacht go Galgal.



“Fan-se anso,” arsa Elias, “óir tá órduighthe ag
an dTighearna dhomh-sa dul chómh fada le Betel.”



“Deirim leat,” arsa Eliséus, “i láthair an Tighearna
atá beó, agus i láthair t'anama féin atá beó, ná sgar-
fad leat!”



Chomáineadar leó go dtánadar chómh fada le Betel.
Bhí cualacht fáigí sa n-áit sin agus thánadar ag triall
ar Eliséus. “Nách eól duit,” ar siad leis, “go bhfuil
an Tighearna chun do mháighistir a thógaint uait indiu?”



“Is eól dom san,” arsa Eliséus. “Ná h-abraidh
aon fhocal.”



“Tá sé chómh maith agat-sa fanmhaint anso i mBetel,”
arsa Elias le h-Eliséus, “óir tá órduighthe ag an
dTighearna dhomh-sa dul chómh fada le Iericó.”



“Deirim,” arsa Eliséus, “i láthair an Tighearna
atá beó agus i láthair t'anama-sa féin atá beó, ná
sgarfad-sa leat-sa!”



Chomáineadar leó le cois a chéile go dtánadar go
Iericó. Bhí cualacht fáigí san áit sin agus thánadar
ag triall ar Eliséus, díreach mar tháinig an chualacht
i mBetel, agus dubhradar: “An bhfuil fhios agat go
bhfuil an Tighearna chun do mháighistir do thógaint uait
indiu?” “Tá fhios agam féin é sin,” arsa Eliséus
leó, “Ná h-abraidh-se aon rud.”



“Fan-se anso,” arsa Elias le h-Eliséus, “óir tá
órduighthe ag an dTighearna dhomh-sa dul chómh fada le
h-abhainn Iórdain.”



“Deirim leat,” arsa Eliséus, “i láthair an Tighearna
atá beó agus i láthair t'anama-sa féin atá beó, ná
sgarfad leat!”



Chomáineadar leó le cois a chéile. Do ghluais
caogad fear de sna fáigíbh agus do leanadar iad.
Níor thánadar suas leó, ámhthach. Níor dheineadar ach
cimeád i radharc na beirte. Tháinig an bheirt go


L. 522


bruach na h-abhan. Nuair a bhíodar ar bhruach na h-abhan
do bhain Elias de a bhrat agus d'fhill sé an brat ar
a chéile agus do bhuail sé uisge na h-abhan leis an
mbrat. Nuair a buaileadh an buille ar an uisge
d'osgail an t-uisge ó n-a chéile i dtreó gur fágadh
bóthar tirim anonn idir an dá uisge. D'imthigh an
bheirt anonn tríd an mbóthar san a bhí idir an dá
uisge, agus an caogad fear ag feuchaint ortha!



Nuair a bhíodar ar an dtaobh thoir de'n abhainn do
labhair Elias.



“Cad ba mhaith leat a dhéanfinn duit?” ar seisean
le h-Eliséus.



“Aithcim ort,” arsa Eliséus, “an spirid sin atá
ionat-sa, é bheith ionam-sa ar dúbailt.”



“Tá nídh ana dheacair iarrtha agat,” arsa Elias,
“ach mar sin féin, má bhíon radharc agat orm agus mé
am' thógáilt uait beidh do mhian agat; mara mbeidh
an radharc san agat orm le linn imtheacht dom ní
bheidh.”



Do ghluaiseadar ag siubhal le cois a chéile ar bruach
na h-abhan agus iad ag cainnt le n-a chéile. I lár
na cainnte dhóibh do tháinig chucha mar a bheadh carbad
teine agus eachra teine agus do sgaradh an bheirt ó
n-a chéile, agus tháinig mar a bheadh sídhe gaoithe agus
thóg sí Elias ruas in sna flathais. Nuair a chonaic
Eliséus ag imtheacht suas é sa tsídhe gaoithe do liúigh
sé, “Ó! A Athair! A Athair!” ar seisean, “Carbad
Israéil agus a ara!” Ansan ní raibh radharc aige
air a thuille.



Nuair a chuir sé dhe an sgannra d'fheuch sé ar an
dtalamh agus chonaic sé ann an brat a bhíodh ar Elias.
Do leog Elias uaidh an brat nuair a bhí sé ag imtheacht
suas sa tsídhe gaoithe.



Do thóg Eliséus an brat. Tháinig sé thar n-ais go
bruach na h-abhan. Do bhuail sé buille de'n bhrat ar
an uisge, mar a dhein Elias roimis sin. Níor osgail


L. 523


an t-uisge. Ansan do ghlaoidh sé ar Dhia Eliais agus
bhuail sé an t-uisge airís. Ansan d'osgail an t-uisge,
díreach mar a dhein sé nuair a bhuail Elias é, agus
tháinig sé anall do chosaibh tiorma, agus an caogad
fear úd de sna fáigíbh ag feuchaint air.



Nuair a chonacadar an t-uisge ag osgailt agus
Eliséus ag teacht anoir thar an abhainn do liúghdar,
“Ó,” ar siad, “tá spirid Eliais i n-Eliséus!” agus
thánadar agus d'umhluighdar go talamh.



CCXXII.



A PHLAITINN MAOL.



Nuair a chonaic na fáigí a bhí ag feuchaint ar Eliséus
ag teacht anall thar abhainn é tríd an osgailt a bhí idir
an dá uisge, agus é i n'aonar, do labhradar leis.



“Do thóg angeal an Tighearna uait do mháighistir,”
ar siad, “ach b'fhéidir gur leog an t-aingeal anuas é
i ngleann éigin nú ar chnoc éigin. Tá anso,” ar siad,
“againn-na caogad d'fhearaibh luatha láidre. Féadfid
siad dul agus an dúthaigh, idir chnuic agus gleannta,
do chuardach agus b'fhéidir go bhfaighdís é agus go
dtabharfidís chughat thar n-ais é.”



“Ná bacaidh é,” arsa Eliséus leó.



Do leanadar ag tathant air, go leogfadh sé dhóib
dul agus an cuardach a dhéanamh go dtí gur thoiligh sé
chuige.



Chuireadar uatha an caogad fear chun an chuardaigh
a dhéanamh. D'imthighdar agus bhíodar ag cuardach ar
feadh trí lá agus ní bhfuaradar Elias, nídh nár bh'iongna.
Bhí Eliséus imthighthe go dtí Iericó um an dtaca 'n-a
raibh an lucht cuardaigh tagaithe thar n-ais. Do
leanadar é.



“Ní bhfuaramair aon tuairisg air,” ar siad.



“Ná dubhart libh gan é bhac?” arsa Eliséus leó.


L. 524


Nuair a fuair muinntir na catharach go raibh Eliséus
sa chathair thánadar chuige agus dheineadar gearán
leis. “Feuch, a Uasail,” ar siad, “tá an chathair seo
suidhte i n-inead áluinn, ach tá uisge na h-áite go dian
olc agus tá an talamh mórthímpal go h-olc agus go
neamhthorthamhail.”



“Tugaidh chughamh árthach nuadh agus rainnt salainn
ann,” arsa Eliséus leó.



Thugadar chuige an t-árthach nua agus an salan ann.
Thóg sé leis an t-árthach agus an salan ann agus chuaidh
sé suas go dtí an tobar mar a raibh an t-uisge ag
teacht aníos as an dtalamh. Do chaith sé an salan
isteach sa tobar agus le n-a linn sin dubhairt sé, “Seo
mar adeir an Tighearna: Táid na h-uisgidheacha so
leighiste agam, agus ní bheidh bás ná neamhthorthamhlacht
ionta feasta;” agus uisge fóghanta ab eadh an t-uisge
sin as san amach.



D'fhág Eliséus an chathair sin agus tháinig sé go
Betel. Bhí a lán droch dhaoine i mBetel. Is ann is
mó a bhíodh daoine ag adhradh na ngamhan, .i. ag adhradh
na ndéithe fallsa i riocht gamhan. Níor leór leis na
daoinibh sin iad féin a bheith go h-olc ach bhídís ag
múine an uilc d'aos óg na catharach. Bhídís 'á mhúine
do'n aos óg conus tarcuisne thabhairt d'fháig bh an
Tighearna.



Nuair a bhí Eliséus ag dul suas go dtí Betel do
ghluais 'n-a dhiaidh sguaithne garsún ó'n gcathair agus
iad ag liúirigh, agus, “Imthigh suas! Imthig suas,
a fhir na plaitinne maoile,” adeiridís. “A phlaitinn
maol! A phlaitinn maol!” adeiridís. Do thug sé
aghaidh siar ortha. Do thuig sé an easonóir a bhí acu 'á
thabhairt do'n Tighearna. Do chuir sé mallacht ortha.
An túisge 'n-ar chuir do tháinig dhá bheithidheach allta, dhá
bheithir, amach a' coill a bhí i n-aice na h-áite agus do
stracadar as a chéile beirt agus dachad de'n aos óg
mhalluighthe sin.


L. 525


D'imhthigh Eliséus ó'n áit sin agus chuaidh sé go cnoc
Chármel agus as san go Samaría.



Innsid lucht eóluis dúinn nác i bhfeirg dhaona, ná
le miosgais, ná le dúil i ndíoltas, do chuir Eliséus
an mhallacht san ar an aos óg san, ach gur b'é an
Tighearna féin adubhairt leis an mhallacht san do
chur ortha, i dtreó go gcurfí an díbhfeirg ortha agus
go mb'fhéidir go gcuirfadh an díbhfeirg sgannra ar
an muinntir a bhí 'á mhúine dhóibh conus tarcuisne
agus easonóir a thabhairt do sheirbhíseach an Tighearna,
agus tré n-a sheirbhíseach, do'n Tighearna féin. Ní
baoghal go ndéanfadh Eliséus é mara mbeadh gur
órduigh an Tighearna dhó é dhéanamh.



CCXXIII.



TRIÚR RIGHTHE.



An fhaid a mhair Achab, rí Israéil, i Samaría, bhí Mesa,
rí Mhóab, fé chíos aige. Bhíodh a lán caereach ag Mesa
agus do dhíoladh sé le h-Achab céad míle uan agus
céad míle reithe mar aon leis na lomraíbh olna a
bhíodh ortha. Tar éis bháis d'Achab do dhiúltuigh Mesa
do'n chíos san a dhíol. Do chruinnigh Ióram, rí Israéil,
mór shluagh d'fhearaibh Israéil. Ansan chuir sé teach-
taireacht ag triall ar rí Iúda agus d'innis sé dhó conus
mar a bhí rí Mhóab ag diúltú do'n tsocarú a bhí idir
é féin agus rí Israéil, “Agus,” ar seisean, “táim
anois 'ghá iarraidh ort-sa, a rí, teacht liom go
gcuirimíd cogadh air.” “Tá go maith,” arsa rí
Iúda, “Raghad-sa leat. Gach a bhfuil agam-sa is leat-
sa é i gcóir an chogaidh sin, mo dhaoine agus mo
chapail. Ach cad é an tslighe a gheóbhmíd?”



“Geóbhmíd mórthímpal tré ghainmheach Edoim,” arsa
rí Israéil. Ansan do ghluais rí Israéil agus rí Iúda


L. 526


agus rí Edoim, triúr righthe, mórthímpal tríd an
ngainmheach, iad féin agus a slóighte. Bhí siubhal seacht-
mhaine sa chuaird sin, agus ní raibh aon bhraon uisge ann
do sna slóightibh ná do sna beithidhigh a bhí acu.



“Ochón! ochón! ochón!” arsa rí Israéil, “cad a
dhéanfimíd? Do chruinnigh an Tighearna an triúr righthe
againn anso sa ghainmheach, chun sinn a thabhairt suas do
shliocht Mhóab!”



“Ná fuil aon fháig leis an dTighearna anso,” arsa
rí Iúda, “i dtreó go n-iarrfimís trócaire ar an
dTighearna tríd?”



“Tá anso,” arsa duine de sheirbhíseachaibh rí Israéil,
“Eliséus mac Saphait, agus isé a chuireadh uisge ar
lámhaibh Eliais.”



“Tá briathar an Tighearna ag an bhfear san,” arsa
rí Iúda.



Do ghluais an triúr righthe agus thánadar i láthair
Eliséuis. Nuair a bhíodar 'n-a láthair do labhair Eliséus
le rí Israéil:—



“Cad ab áil leat-sa dhíom-sa?” ar seisean.



“Imthigh ag triall ar fháigíbh t'athar agus do mháthar.”



“Ó!” arsa rí Israéil, “cad chuige gur chruinnigh
an Tighearna an triúr righthe seo anso chun iad féin
agus a slóighthe thabhairt suas do chlainn Mhóab!”



“Deirim an méid seo leat,” arsa Eliséus, “i lá-
thair Tighearna na slógh. Mara mbeadh an uraim atá
agam do rí Iúda, ní éistfinn leat-sa ná ní fheuchfinn
ort. Ach tugtar chugham anso fear ceóil.”



Tháinig an fear ceóil agus do sheinn sé ceól. Nuair
a bhí an ceól d'á sheinnt tháinig lámh an Tighearna ar
Eliséus agus do labhair sé. “Seo mar adeir an
Tighearna,” ar seisean. “Tagaidh ar an gcaidhséar
san atá tirm anois, agus deinidh poill mhóra dhoimhne
ann, i n-diaidh chéile; agus seo mar adeir an Tighearna;
Ní fheicfidh sibh fearthainn, ná gaoth ach beidh caise uisge
ag gluaiseacht tríd an gcaidhséar san agus beidh na


L. 527


poill mhóra a dhéanfidh sibh, beid siad lán suas de'n
uisge agus beidh bhúr ndóithin le n-ól agaibh féin agus
ag bhúr ndaoine agus ag bhúr mbeithidhigh. Agus is
beag ag an dTighearna an méid sin. Tabharfidh sé na
Moabítigh isteach i nbhúr lámhaibh daoibh, agus leagfidh sibh
gach dún daingean ortha agus gach cathair uasal, agus
gearrfidh sibh gach crann torthamhail, agus coisgfidh
sibh na toibreacha uisge go léir, agus cuirfidh sibh brat
cloch anuas ar gach páirc fhóghanta.”



Agus do thárla ar maidin, i dtráth na n-ídhbirtí do
dhéanamh, gur ghluais an t-uisge 'n-a thuile tríd an
gcaidhséar, tré chrích Edoim, agus go raibh an dúthaigh
go léir lán d'uisge.



Agus d'airigh na Móabítigh na righthe bheith tagaithe
chun catha agus cruadh chómhraic do chur ortha agus do
chruinnighdar a neart slógh go léir agus sheasuighdar
ullamh chun cómhraic. Bhí an ghrian díreach ag eirighe
agus bhí solus na gréine dearg agus an solus dearg
ag taithneamh ar an uisge. Ní raibh aon choinne ag na
Móabítigh ar uisge bheith sa n-áit, nídh nár bh'iongna.
Do buaileadh isteach 'n-a n-aigne gur fuil a bhí ann.
“Ó,” ar siad le n-a chéile, “feuch an fhuil go léir!
Is amhlaidh atáid na righthe seo tar éis iompáil ar a
chéile agus a chéile mharbhú! Siné thug an fhuil ann.
Téanaidh anois agus beidh an fhoghail againn!”



Siúd isteach iad i longphort Israéil. Do léim
Israél suas agus bhuaileadar an mhuinntir a tháinig
agus cuireadh an teiche ortha láithreach. Do leanadar
iad go tapaidh agus chuireadar ár agus dearg ruathar
ar na Móabítigh, mar adubhairt Eliséus. Do leaga
dar na catharacha agus do stopadar na toibreacha
uisge, agus do ghearradar na crainn a bhí torthamhail,
agus thug gach fear ualach cloch leis agus chuireadar
brat cloch ar gach páirc fhóghanta. Nuair a chonaic rí
Mhóab an méid sin thóg sé chuige seacht gcéad fear
d'fhearaibh toghtha, agus a chlaidheamh i láimh gach fir acu,


L. 528


agus thugadar fogha sanntach fé rí Edoim, ach do theip
air aon bhrise isteach a dhéanamh air féin agus ar a
shluagh. Nuair a bhí an sgrios san déanta ag an
dtriúr righthe do chas gach rí acu abhaile chun a thíre
féin.



CCXXIV.



CÓIR ANA MHAITH.



Tháinig bean ag triall ar Eliséus. Bean ab eadh í
a bhí pósta ag duine de sna fáigíbh agus a fear tar
éis bháis agus bhí beirt mhac aici. Bhí éilteóir éigin
ag cur uirthi ag éileamh fiach uirthi agus ní raibh aon
rud aici chun na bhfiach a dhíol. “Tá m'fhear tar éis
bháis, a uasail,” ar sisi le h-Eliséus, 'agus mar is
eól dot' onóir, fear ab eadh é go raibh eagla Dé air.
Tá éilteóir anois ag éileamh fiach orm, agus ní'l aon
rud agam chun na bhfiach a dhíol, agus tá sé chun mo
bheirt mhac a bhreith leis 'n-a sclábhuidhthe ag obair dó,
agus cad a dhéanfad!”



“Agus cad ba mhaith leat a dhéanfinn-se dhuit?”
arsa Eliséus léi. Níor fhreagair sí an cheist sin.
Do labhair Eliséus airís.



“Cad tá sa tigh agat?” ar seisean léi.



“Ní'l aon nídh sa tigh agam, a uasail,” ar sisi,
“ach beagán oíle.



“Imthig,” ar seisean léi, “agus tabhair leat ar iasacht
oiread árthaí folamha ó sna cómharsain agus is féidir
leat fhághail uatha. Ansan imthigh féin agus do bheirt
mhac isteach sa tigh agus dún an dorus agus doirt an
oíle isteach in sna h-árthaíbh sin go dtí go mbeid
siad lán.”



D'imthigh sí agus thug sí léi na h-árthaí ar iasacht,
agus chuaidh sí isteach agus chrom sí ar an oíle do chur


L. 529


isteach ionta. Do lean an oíle ag rith amach as an
árthach 'n-a raibh sé go dtí go raibh na h-árthaí eile go
léir lán. Nuair a bhí an t-árthach deirineach lán aici,
“Tabhair chugham árthach eile,” ar sisi. “Ní'l aon árthach
eile againn,” ars an chlann. Ansan do stad an oíle
Tháinig sí agus d'innis sí d'Eliséus an sgéal.



“Imthigh anois,” arsa Eliséus léi, “agus díol oiread
de'n oíle sin agus dhéanfidh t-éilteóir do shásamh agus
bíodh an chuid eile agat duit féin agus dod' bheirt
mhac.”



Do ghabhadh Eliséus go minic, 'n-a chuardaibh, tré
áit ar a dtugtí Sunam. Bhí 'n-a cómhnuidhe sa n-áit
sin bean uasal a bhí ana chreideamhnach. Nuair a bhíodh
Eliséus ag gabháil an treó ba ghnáth leis an mnaoi
uasail sin óstaidheacht a thabhairt dó agus cóir mhaith
do chur air. Nuair a fuair sí go ngabhadh sé an treó
go minic do labhair sí le n-a fear —



“Tá sé chómh maith againn,” ar sisi, “seómra beag
deas compórdamhail a dhéanamh do'n duine naomhtha
san agus leabaidh do shocarú ann dó agus cathaoir agus
bórd agus coinnleóir, i dtreó, nuair a thiocfidh sé
chughainn go bhféadfidh sé fanmhaint ann ar a shuaineas
pé faid is maith leis.”



Do deineadh an seómra. Tháinig Eliséus. Do cuireadh
isteach sa tseómra é agus tugadh le tuisgint dó go
mba leis féin an seómra san chun fanmhaint ann ar
a shuaineas pé faid ba mhaith leis, gach aon uair a
bheadh sé ag gabháil an treó. Do stad sé sa tseómra
agus chuir sé a thuirse dhe agus bhí sé buidheach. Bhí
giolla aige agus Giési ab ainm do'n ghiolla. Nuair
a bhí a thuirse curtha dhe ag Eliséus do ghlaoidh sé
chuige a ghiolla.



“Glaoidh chugham an bhean uasal Shunamíteach úd,”
ar seisean leis an ngiolla. Do ghlaoidh. Tháinig sí.
Nuair a bhí sí 'n-a láthair:—



‘Abair léi mar seo,” ar seisean leis an ngiolla,


L. 530


“Tá cúram mór déanta agat dínn agus tá cóir ana
mhaith curtha agat orainn ins gach nídh. Cad ba mhaith
leat a dhéanfinn-se dhuit. An bhfuil aon ghnó idir
lámhaibh agat go bhféadfinn aon tairbhthe dhéanamh duit
ann dá labhrainn leis an rí ar do shon nú le ceann
uraid an airm?”



“Táim am' chomhnuidhe anso,” ar sisi, “i lár mo
mhuinntire féin.”



“Má 'seadh,” ar seisean le Giési, “cad ba mhaith
léi a dhéanfinn di?”



“Ná fiafraigh san di,” arsa Giési. “Ní'l aon mhac
aici agus tá a fear aosta.” Bhí an bhean tar éis imthighthe
amach an uair sin.



“Glaoidh isteach uirthi,” arsa Eliséus. Do ghlaoidh
agus tháinig sí. Dubhairt sé an chainnt seo léi:



“Um an dtaca so an bhliain seo chughainn, má's
slán beó, beidh mac ar iompar agat ad' bhroinn.”



“Aithcím ort, a uasail, a fhir Dé,” ar sisi, “agus
ná h-abair bréag led' sheirbhíseach!”



Tháinig an t-am agus bhí an mac ag an mnaoi sin do
réir mar adubhairt Eliséus a bheadh.



CCXXV.



LEANBH 'Á THÓGAINT Ó'N MBÁS.



Bhí an mac ag eirighe suas. Bhí sé lá amuich sa pháirc
i n-aonfheacht le n'athair, i dteannta na mbuanaidhthe.
Do liúigh sé go h-oban, “Ó! a athair,” ar seisean, “tá
teinneas am' cheann! Tá teinneas am' cheann!”
“Tóg isteach é ag triall ar a mháthair,” ars an t-athair.
Do tógadh isteach é agus do tugadh d'á mháthair é.
Chuir sí chúichi ar a glúinibh é. Bhí sé ar a glúinibh aici
go dtí meadhon lae. Ansan fuair sé bás. Do thóg
sí léi suas é agus isteach sa tseómra úd a deineadh


L. 531


d'Eliséus, agus shín sí an corp beag ar leabaidh
Eliséuis agus d'fhág sí ansan é agus d'imthigh sí
amach agus dhún sí an dorus 'n-a diaidh. Ansan do
ghlaoidh sí ar a fear:—



“Aithcim ort,” ar sisi, “giolla thabhairt dom agus
asal, go dtéidhead chun cainnte leis an nduine naomhtha
úd.”



“Cad ab áil leat ag dul chun cainnte leis indiu?”
arsan fear. “Ní lá sabbóide an lá indiu agus ní'l
ré nuadh ann.”



“Is cuma san,” ar sisi, “caithfad dul ag triall air.”



Tháinig an t-asal agus an giolla. Do cuireadh iallait
ar an asal agus chuaidh sí ar a mhuin. “Comáin leat
anois,” ar sisi, “chómh géar agus is féidir leat é,
agus dein an rud adeirim leat!”



Níor bh'fhada go bhfeacaidh Eliséus ag teacht í.



“Tá an Sunamíteach uasal úd ag teacht,” ar seisean
le Giési, a ghiolla, “Imthigh agus fiafraigh di an bhfuil
gach nídh go maith aici féin agus agá fear agus agá
mac.” Do dhein. “Tá gach nídh go maith,” ar sisi.
Ach nuair a tháinig sí i láthair Eliséuis do chaith sí í
féin agá chosaibh agus do rug sí greim ar chosaibh air.
Do mheas Giési í thógaint uaidh.



“Sgaoil léi,” arsa Eliséus. “Tá brón uathbhásach
uirthi agus do cheil an Tighearna orm é.” Do labhair sisi.



“Ar iarras-sa ort mac a thabhairt dom, a uasail?”
ar sisi. “Ná dubhart led' shoillse an focal ‘ná h-abair
bréag liom?’”



“Fáisg-se suas thu féin,” ar seisean le Giési,
“agus tóg leat an bachal so, agus má bhuailean aoinne
umat ná beannuigh dó, agus má bheannuighean aoinne
dhuit ná freagair é. Eirigh isteach mar a bhfuil an corp
agus cuir an bachal san anuas ar ghnúis an leinbh.”



Ach do labhair máthair an leinbh, “I láthair Dé atá
beó agus i láthair t'anama-sa féin atá beó ní sgarfad
leat!”


L. 532


Ansan d'eirigh sé agus do lean sé í.



Bhí Giési imthighthe rómpa. Tháinig sé mar a raibh corp
an leinbh agus chuir sé an bachal ar ghnúis an chuirp.
Ach má chuir níor tháinig aon anam sa chorp. D'imthigh
sé thar n-ais ag triall ortha-san agus bhuail sé
úmpa.



“Níor eirigh an leanbh,” ar seisean leó. Ansan
chuaidh Eliséus isteach, agus suas chun an tseómra,
agus chonaic sé an leanbh sínte marbh ar an leabaidh.
Do dhún sé an dorus agus chrom sé ar a ghuidhe do chur
suas chun Dé go láidir. Ansan do shín sé é féin anuas
ar an gcorp i dtreó go raibh a bhéal ar bhéal an chuirp
agus a shúile ar shúilibh an chuirp agus a dhá láimh ar dhá
láimh an chuirp agus a chabhail ar chabhail an chuirp. Ba
ghearr gur thosnuigh teas ar theacht sa chorpán. Ansan
d'eirigh Eliséus agus shiubhluigh sé aon uair amháin
treasna an tseómra. Ansan do shín sé é féin airís
anuas ar an gcorpán ar an gcuma gcéadna. Ba
ghearr gur leath an leanbh a bhéal. Do leath sé a
bhéal seacht n-uaire as a chéile. Ansan d'osgail
sé a shúile. Ansan do ghlaoidh Eliséus ar a
ghiolla, ar Ghiési. “Glaoidh chugham an tSunamíteach
úd,” ar seisean. Do ghlaoidh. Do tháinig sí. “Tóg
leat do mhac anois,” arsa Eliséus léi. Do chaith
sí í féin agá chosaibh ag tabhairt onóra agus
buidheachais dó. Ansan do thóg sí léi an leanbh
agus d'imthigh sí.



Deir Auguistín Naomhtha go bhfuil brígh ana dhoimhinn
leis an mírbhúilt sin a dhein Eliséus an uair sin. An
bachal úd a rug an giolla leis ar dtúis, b'shiné slat
Mhaoise, nú an tseandlighe. Níor fhéad an tseandlighe
sin an chine daona do thógaint ó bhás an pheaca. Eliséus
'ghá shíne féin ar an gcorpán, soluíd ab eadh é sin ar
an Slánuightheóir, moladh agus buidheachas leis, ag
glacadh nádúir an duine air féin agus ansan ag tógáilt
an duine ó bhás an pheaca chun beatha na ngrást.


L. 533


Agus an mháthair, soluíd í sin ar an Eagluis, go dtugan
an Slánuightheóir a clann beó ó'n mbás di coitchianta,
i sácramínt na h-aithrighe, tré neart páise an tSlán-
uightheóra féin.



CCXXVI.



NAAMAN.



Bhí Eliséus i nGalgal agus bhí gorta mór sa tír,
agus bhí clann na bhfáigí i bhfochair Eliséuis. Do labhair
Eliséus le duine d'á sheirbhíseachaibh:—



“Cuir an corcán mór ar an dteine,” ar seisean,
“go mbeirbhightear leite do chlainn na bhfáigí.”



D'imthigh duine amach chun glasaraí do sholáthar
le cur sa leitin. Fuair sé saghas éigin glasaraí agus
mheas sé gur bh'fhíneamhna fiaine iad. Thug sé leis lán
a bhrait díobh agus do mhionuigh sé iad agus chuir sé sa
leitin iad. Níor bh'fhíneamhna iad, ámhthach, ach gourdana
fiaine, rudaí ana shearbha agus nimh ionta. Nuair a
bhí an leite ullamh do cuireadh amach í agus do cuireadh
i láthair na cuideachtan í le n-ithe. Chómh luath agus do
bhlaiseadar í do liúghdar:—



“Ó!” ar siad, “a fhir Dé! Tá bás sa chorcán!
Ní féidir an leite seo dh'ithe!”



“Tugaidh chugham rainnt mine,” arsa Eliséus.
Do tugadh. Do chuir sé an mhin sa chorcán. Ansan bhí
an searbhas agus an nimh imthighthe agus d'itheadar go
léir a ndóithin de'n leitin.



I gcaitheamh aimsire an ghorta tháinig fear ó áit
ar a dtugtí Baal-Salisa agus rainnt aráin aige
d'Eliséus, fiche bológ aráin, agus rainnt arbhair:—



“Cuir an bia sin os cómhair na ndaoine le n-ithe,”
arsa Eliséus le n-a sheirbhíseach.



“Cad é an fhaid le dul an méid seo ar chéad fear!”
arsan seirbhíseach.


L. 534


“Cuir an bia os cómhair na ndaoine go n-ithid siad
é,” arsa Eliséus, “óir seo mar adeir an Tighearna:
Íosfid siad a ndóithin agus fágfid siad fuighlach.”



Do cuireadh an bia os a gcómhair agus d'itheadar a
ndóithin agus d'fhágadar fuighlach, do réir mar
adubhairt an Tighearna. Mórán aimsire 'n-a dhiaidh san
d'oibrigh ár Slánuightheóir, moladh go deó leis, dhá
mhírbhúilt mhóra de'n tsaghas céadna, mar is eól do
chách.



Bhí i n-aimsir Eliséuis, fear d'ár bh'ainm Naaman
'n-a cheann airm ar armáil rí na Suíria. Fear ana
chreideamhnach ab eadh é agus bhí árd mheas ag an rí
air, mar fear ana chródha ab eadh é agus d'fhuasgail
sé Suíria a' cruadhtan mór. Fear ana shaidhbhir abh eadh
é. Ach bhí galar air a bhain an sólás go léir as an
saidhbhreas agus as an gcreideamhaint agus a' mór-
mheas an rí; lobhar ab eadh é.



Do thárla go dtáinig lucht foghla anoir a' Suíria,
isteach i dtír Israéil, agus gur rugadar leó i mbraigh-
dineas cailín beag de mhuinntir Israéil. Bhí an cailín
beag san i dteaghlach Naamain agus í ag frithálamh ar
a mhnaoi. Do labhair sí le n-a máighistreás.



“Is truagh chráidhte,” ar sisi, “gan mo mháighistir
a dhul ag triall ar an bhfáig atá i Samaría. Táim
deimhnightheach go leighisfadh an fáig sin é ó'n lobhra.”



Do h-innseadh an chainnt sin do Naaman. D'imthigh
Naaman ag triall ar a mháighistir féin, ar rí na Suíria,
agus d'innis sé dhó an chainnt adubhairt an cailín
beag.



“Imthigh leat,” ars an rí sin, “agus tabharfad-sa
leitir duit chun rí Israéil.” Do thug, agus d'imthigh
Naaman agus do rug sé leis deich dtalaint airgid
agus sé mhíle píosa óir agus deich gcinn de chulaithibh
éadaigh. Thug sé an leitir do rí Israéil. Sidí an
chainnt a bhí sa leitir:—



“Nuair a gheóbhair an leitir seo bíodh fhios agat go


L. 535


bhfuil mo sheirbhíseach, Naaman, agam 'á chur ag triall
ort chun go leighisfá é ó'n lobhra atá air.”



Nuair a léigh rí Israéil an leitir sin tháinig buairt
mhór air agus eagla.



“Ó!” ar seisean, “an dóich leis go bhfuil cómhacht
ó Dhia agam, chun a rádh go bhféadfinn lobhra do
leigheas! Tá feall éigin beartuighthe aige le h-imirt
orm! Ar mo thí atá sé gan amhras.” Do chrom sé,
mar ba ghnáth an uair sin le daoine go mbíodh buairt
mhór ortha, ar a chuid éadaigh do stracadh. D'airigh
Eliséus an nídh sin, .i. an bhuairt a bheith ar rí Israéil
agus é bheith ag stracadh a chuid éadaigh. Chuir sé
teachtaire ag triall air chun a rádh leis: “Cad chuige
dhuit bheith ag stracadh an éadaigh díot féin. Tagadh
an fear san chugham-sa i dtreó go mbeidh fhios aige
go bhfuil fáig i n-Israél.” Tháinig Naaman, agus a
eachra agus a charbaid aige, agus do sheasaimh sé
ag dorus tighe Eliséuis. Níor tháinig Eliséus chun
cainnte leis. Níor dhein sé ach teachtaireacht, agus
san go tur, do chur chuige amach. B'shidí an
teachtaireacht:—



“Imthigh agus nigh tu féin seacht n-uaire sa Iórdan
agus beidh sláinte ad' chuid feóla agus beidh tú glan.”



Tháinig fearg ar Naaman agus d'imthigh sé.



CCXXVII.



GIÉSI.



Nuair a bhí Naaman ag imtheacht, agus an fhearg air,
ó dhorus tighe Eliséuis bhí sé ag cainnt agus a sheirbhísigh
ag éisteacht leis.



“Mheasas,” ar seisean, “go dtiocfadh sé amach
chugham, agus go gcuirfadh sé a lámh ar an áit 'n-a
bhfuil an lobhra orm, agus go nglaodhfadh sé ar ainm a


L. 536


Thighearna Dia; ach a rádh liom dul agus mé féin do
nighe sa Iórdan! Ná fuil aibhní lastoir againn; an
Abana agus an Pharphar; aibhní Dhamascuis; agus gur
fearr go mór iad 'ná a bhfuil d'aibhníbh i n-Israél ar
fad. Cad é an bac atá orm mé féin do níghe ionta súd
agus mé féin do ghlanadh?”



Bhí a sheirbhísigh ag éisteacht leis. Thánadar agus do
labhradar leis.



“A mháighistir,” ar siad leis, “dá n-abradh an
fáig leat dul agus gníomh éigin neamhchoitchianta do
dhéanamh dhéanfá é. Nách saoráidighe go mór duit an
rud adubhairt sé do dhéanamh, ‘Nigh thu féin agus
beidh thu glan?’”



Thuig sé go raibh an ceart acu. Do dhein sé an rud
adubhairt Eliséus leis a dhéanamh. Chuaidh sé isteach
sa Iórdan agus do nigh sé é féin ann seacht n-uaire
as a chéile. Nuair a bhí an nighe deirineach déanta
aige air féin chonaic sé go raibh an lobhra imthighthe
dhe glan! Bhí a chroicean go léir chómh cneasta chómh
foláin le croicean leinbh.



Siúd thar n-ais é ag triall ar Eliséus, é féin agus
a chualacht go léir. Tháinig sé i láthair Eliséuis agus
dubhairt sé leis: “Is fíor go bhfuil fhios agam-sa anois
ná fuil aon Dia sa domhan go léir ach amháin i n-Israél.
Iarraim ort, d'á bhrígh sin, anois tabharthas do ghlacadh
uaim le buidheachas agus le beannacht.”



“I láthair Dé atá beó agus go bhfuilim am' sheasamh
anois os a chómhair, deirim leat ná glacfad aon nídh
uait!”



Do chrom Naaman ar thathant air an tabharthas do
ghlacadh. Ní raibh aon mhaith dhó ann. Ní ghlacfadh Eliséus
aon nídh uaidh.



“Má 'seadh,” arsa Naaman, “leog dom ualach dhá
mhiúil de chré na h-áite seo do bhreith liom abhaile,
óir táim ceapaithe gan holocaust ná ídhbirt d'ofráil
a thuille chun aon déithe eile ach amháin chun an Tighearna.”


L. 537


Fuair sé an chré. Ansan do labhair sé airís. “Tá aon
nídh amháin eile, a uasail,” ar seisean. “Nuair a théidhean
mo mháighistir isteach i dteampul Reammoin ag adhradh,
bíon greim aige ar mo láimh-se agus nuair a chroman
sé ní foláir domh-sa cromadh i n-aonfheacht leis. Iarr
ar an dTighearna gan a thuisgint gur ag adhradh a bheidh
mé nuair a chromfad ar an gcuma san.”



“Tá go maith,” arsa Eliséus, “Imthigh leat agus
síothcháin Dé ort!” agus d'imthigh sé.



Bhí Giési, seirbhíseach an fháig, ag éisteacht leis an
gcainnt. “Ó,” ar seisean i n-aigne féin, “ní ceart
dom' mháighistir an fear iasachta san do leogaint uaidh
chómh bog agus an saidhbhreas go léir aige. Bhí sé ceart
rainnt éigin de'n tsaidhbhreas do ghlacadh. Rithfad
féin 'n-a dhiaidh agus gheóbhad rud éigin uaidh.”



Do rith sé i ndiaidh Naamain. Níor bh'fhada go raibh
sé ag teacht suas leis. Chonaic Naaman é ag rith 'n-a
dhiaidh. Do léim sé amach as a charbad agus do rith sé
thar n-ais 'n-a choinnibh. “Cad tá ort?” ar seisean,
“nú an bhfuil gach nídh go maith agaibh?” “Ní'l aon nídh
orainn, a rí,” arsa Giési. “Tá gach nídh go maith againn.
Ach tá beirt d'fhearaibh óga, de mhacaibh na bhfáigí,
tagaithe ag triall ar mo mháighistir ó chnoc Ephraim
agus dubhairt sé liom a iarraidh ort, a rí, talant
airgid agus dhá chulaith éadaigh a thabhairt dóibh.”
“Beir leat dhá thalant airgid,” arsa Naaman, agus
chuir sé fhiachaint air dhá thalant airgid do ghlacadh
agus dhá chulaith éadaigh, agus chuir sé beirt d'á
sheirbhíseachaibh féin chun an ualaigh do bhreith leó do
Ghiési. Nuair a bhíodar ag teacht i n-aice tighe
Eliséuis do thóg Giési na h-ualaí agus chuir sé isteach
iad a gan fhios agus chuir sé na fir chun siubhail.
Ansan chuaidh sé isteach i láthair a mháighistir.



“Cá rabhais, a Ghiési?” arsa Eliséus leis.



“Ní rabhas i n-aon bhall, a mháighistir,” arsa Giési.



“Ná rabhas-sa ag feuchaint ort,” arsa Eliséus,


L. 538


“nuair a tháinig an duin'uasal úd thar n-ais chughat
as a charbad. Tá an t-airgead agat anois, agus an
t-éadach agus ceannóchair fíonghuirt agus treudtha
caereach agus ba agus seirbhísigh agus beidh tú saidhbhir.
Ach an lobhra úd a bhí ar Naaman tiocfidh sé ort-
sa agus fanfidh sé ort, agus ar do shliocht go deó.”
Tháinig an lobhra air agus d'imthigh sé amach agus a
chroicean geal leis an ngalar!



CCXXVIII.



MÍRBHÚILT EILE.



Seo mírbhúilt eile a dhein Eliséus. Bhí an áit 'n-a
raibh sé féin agus clann mhac na bhfáigí ró chúmhang
d'á oiread daoine. Do labhair na fir óga le
h-Eliséus. “Feuch,” ar siad leis, “tá an áit seo
ró chúmhang. Ní'l slighe againn ann. Leog dúinn dul
soir go dtí an Iórdan. Ansan féadfidh gach fear
againn píosa adhmaid a thabhairt leis as an gcoill
agus féadfimíd inead cómhnuighthe do chur suas sa
n-áit sin.



“Imthighidh oraibh,” ar seisean leó.



“Ach tar-sa linn, a Athair,” arsa duine acu.



“Tiocfad,” ar seisean.



D'imthighdar soir agus bhíodar ag leagadh an adhmaid.
Ag déanamh na h-oibre dhóibh do liúigh duine acu:



“Ó, a Uasail,” ar seisean, “cad a dhéanfad? Cad
a dhéanfad?”



“Cad tá ort?” arsa Eliséus leis.



“Ó!” ar seisean, “do thuit mo thuagh d'á crann
isteach sa n-abhainn, agus cad a dhéanfad? Ní liom
féinig í. Is ar iasacht a bhí sí agam.” Bhí an abha ró
leathan, ró dhoimhinn. Níor bh'fhéidir dul síos agus an
tuagh thabhairt aníos.



“Cá'r thuit sí isteach?” arsa Eliséus leis.


L. 539


Thaisbeáin sé an áit dó. Do ghearr Eliséus píosa
adhmaid agus chaith sé isteach sa n-abhainn é díreach
sa n-áit 'n-ar chuaidh an tuagh síos. Bhí an t-admhad ag
snámh ar barr uisge. Tháinig an tuagh aníos agus do
snáimh sí ar barr uisge i n-aice an phíosa adhmaid,
díreach mar a shnámhfadh píosa eile adhmaid.



“Tóg í,” arsa Eliséus. Do chuir an fear a lámh
amach agus thóg sé chuige an tuagh de bharr an uisge
agus chuir sé ar a crann airís í.



Seo mírbhúilt eile a dhein Eliséus. Bhí rí na Suíria
ag cur chogaidh ar rí Israéil. Do chruinnigh rí na Suíria
a lucht cómhairle. Do shocaruighdar ar luigheachán i
bhfolach i n-áit áirithe do rí Israéil chun eirighe chuige
agus é mharbhú nuair a bheadh sé ag gabháil an treó san.
Do h-innseadh dóibh go mbeadh sé ag gabháil ann agus
do luigh lucht airm ann ag faire. Ach sar ar tháinig
an t-am do rí Israéil chun gabháil ann, do chuir
Eliséus teachtaireacht ag triall air 'ghá innsint dó go
raibh an lucht airm ann i bhfolach agus 'ghá rádh leis
gabháil treó éigin eile. Do ghaibh sé treó eile, agus
bhí a gcuid luigheacháin i n-aistear agá namhaid. Do
thuig rí na Suíria as an méid sin go raibh spiaire
éigin ag tabhairt eóluis do rí Israéil ar gach nídh
d'á ndeintí 'n-a choinnibh. Chruinnigh sé a lucht
tuarastail airís.



“Cad 'n-a thaobh,” ar seisean, “ná h-innsean sibh
dom cia h-é atá ag sgéidhe orm le rí Israéil?”



“Ní'l aoinne ag sgéidhe ort, a rí,” arsa duine acu,
“ach Eliséus, fáig atá i n-Israél, siné a dh'innsean
do rí Israéil an uile fhocal d'á labhran tusa, a rí,
istigh ad' sheómra phríomháideach.”



“Imthighidh,” ars an rí, “agus faighidh amach dom
ca bhfuil Eliséus anois i dtreó go gcuirfad tógáilt
air.”



“Tá sé i nDótan anois, a rí,” ar siad san. Chomáin
sé chun siubhail eachra agus carbaid agus neart


L. 540


slógh agus thánadar sa n-oidhche agus do thímpaladar
an chathair bheag san. Bhí Eliséus istigh sa chathair. Do
chuaidh duine dh'á sheirbhíseachaibh amach ar eirighe lae
agus chonaic sé an armáil mórthímpal ar an gcathair
agus an eachra agus na carbaid. Do rith sé isteach.
“Ochón! ochón! a Uasail,” ar seisean, “táimíd réidh!
Cad a dhéanfimíd!”



“Ná bíodh eagla ort,” arsa Eliséus. “Tá níos
mó againn-na 'ná mar atá acu san.” Agus dubhairt
Eliséus: “Osgail a shúile sin, a Thighearna, i dtreó
go bhfeicfidh sé.” Agus d'osgail an Tighearna súile
an tseirbhísigh agus chonaic sé an cnoc go léir lán
d'eachra agus de charbadaibh teine, mórthimpal ar
Eliséus.



Ansan tháinig an namhaid ag triall air chun é thóghaint
agus do bhreith leó. Do labhair Eliséus leis an
dTighearna.



“Dún a súile sin, a Thighearna!” ar seisean. Ansan
do chuir an Tighearna mallachar radhairc éigin ortha
i dtreó nár aithnighdar an áit ná an duine a bhí acu.
Ansan do labhair Eliséus leó. “Tá dearmhad oraibh,”
ar seisean, “ní h-é seo an áit atá uaibh ná an chathair
atá uaibh. Leanaidh mise agus taisbheánfad daoibh an
fear atá uaibh.”



Do ghluais sé rómpa agus do leanadar é. Níor
stad sé go dtí gur rug sé isteach iad i gcathair
Shamaría. Nuair a bhíodar istigh sa chathair mhór san
aige agus geataí na catharach dúnta ortha, do labhair
Eliséus leis an dTighearna, “Osgail a súilibh, a
Thighearna!” ar seisean. D'imthigh an measgán
mearaidhe dhíobh agus chonacadar go raibh beirtha
ortha. Bhí rí Israéil agus a shlóighte armála 'n-a
dtímpal.



“An gcuirfad chun báis iad, a Athair?” arsa rí
Israéil. “Ní chuirfir,” arsa Eliséus, “óir ní le h-arm
a thógais iad. Tugtar rud le n-ithe agus le n-ól dóibh


L. 541


agus sgaoilthear abhaile slán iad.” Do tugadh bia
agus deoch go fial dóibh agus do sgaoileadh soir
abhaile iad, agus níor tháinig foghluidhthe ó Shuíria
go tír Israéil a thuille.



CCXXIX.



CEATHRAR LOBHAR.



Ach mara dtáinig foghluidhthe a' Suíria go talamh
Israéil tháinig rud ba mheasa 'ná foghluidhe. Tháinig
Benadad, rí na Suíria, agus mór shluagh aige, go
Samaría, agus do imdhruid sé an chathair, 'sé sin le rádh,
do chuir sé a shlóighte mórthímpal ar an gcathair chun gan
aon nídh do leogaint isteach ná amach go dtí go gcaithfí
an chathair a thabhairt suas dó. Do lean an t-imdhruidim
chómh fada san go raibh gorta uathbhásach sa chathair,
agus go raibh mná ag marbhú a gclainne chun iad a
dh'ithe. Pé cúis a bhí ag an rí leis, is ar Eliséus a bhí
a mhilleán aige a leithéid de ghorta bheith sa chathair.
Nuair a chonaic sé na mná ag ithe a gclainne do dhear-
bhuigh go mbainfadh sé an ceann d'Eliséus an lá san.
“Go ndeinidh Dia so agus súd liom-sa,” ar seisean,
“má fhanan ceann Eliséuis mhic Saphait 'n-a sheasamh
air an lá so.”



Bhí Eliséus 'n-a shuidhe istigh 'n-a thigh féin agus na
seanóirí 'n-a theannta. Do chuir an rí teachtaire roimis
féin amach, chun tighe Eliséuis. Sar ar shrios an teachtaire
an tigh dubhairt Eliséus leis na seanóiríbh: “An bhfuil
fhios agaibh,” ar seisean, “go bhfuil fear curtha uaidh
ag an mac marbhuightheóra úd chun an chinn a bhaint
díom-sa. Nuair a thiocfidh sé dúnaidh an dorus agus
ná leogtar isteach é, óir, feuch, tá fothram cos a
mháighistir laistiar de;” le n-a linn sin tháinig an
teachtaire, agus an rí féin le n-a shálaibh. Do labhair
an rí: “Feuch,” ar seisean, “tá an t-olc mór go


L. 542


léir seo tagaithe ó'n dTighearna orainn. Cad é an
t-olc is mó 'ná é atá le teacht?”



Dheabróchadh an sgéal ná raibh sa chainnt i dtaobh
an chinn a bhaint d'Eliséus ach néall feirge, toisg
ná raibh iarrtha fadó ag Eliséus ar Dhia an chathair a
dh'fhuasgailt. Dubhairt Eliséus leis an rí: “Seo
mar adeir an Tighearna: ‘Tímpal an taca so
amáireach díolfar, i ngeata na catharach so, buiséal
de phlúr mhín ar aon statér amháin agus díolfar dhá
bhuiséal órnan ar aon statér amháin.’” Ansan do
labhair duine de sna h-uaislibh a bhí i dteannta an
rí: “Dá n-osgaladh Dia na flathais conus is féidir
an nídh sin adeirir?” Agus dubhairt Eliséus: “Chífir-
se é led' shúilibh ach ní íosfir an bia.”



Do thárla, ámhthach, go raibh an uair chéadna san, ag
geata na catharach, lasmuich dhe, ceathrar lobhar.
Dubhradar le n-a chéile: “Cad ab áil linn-na bheith ag
fanmhaint anso go dtagaidh an bás orainn? Má
théidhmíd isteach sa chathair gheóbhmíd bás do'n ghorta
agus má fhanaimíd anso gheóbhmíd bás. Téanam, d'á
bhrígh sin, agus rithimís anonn go dtí longphort na
Suíriánach. Má fhágaid siad beó sinn beimíd beó.
Ach má mharbhuighid siad sinn ní bheidh ann dúinn ach
bás.” D'eirighdar agus d'imthighdar anonn. Thánadar
go h-imeal an longphuirt; ní raibh aon duine le
feisgint ann. Bhí an Tighearna tar éis sgeóin do
chur i sluagh na Suíriánach. D'airighdar, dar leó, go
h-oban fothram carbad agus fothram eachra agus
fothram mar a dhéanfadh mór shluagh líonmhar, agus
dubhradar le n-a chéile: “Feuch, is amhlaidh atá rí
Israéil tar éis righthe na Hetíteach agus na
n-Éigipteach, agus a slóighte go léir, do thabhairt
leis ar thuarastal i n-ár gcoinnibh, agus beid siad
sa mhullach orainn láithreach. Is fearra dhúinn teiche
go ciúin as an áit seo.” D'eirighdar agus d'imthighdar
sa doircheacht agus d'fhágadar 'n-a ndiaidh a gcábáin


L. 543


agus a n-eachra agus gach nídh d'á raibh acu, agus do
theicheadar le n-a n-anam.



Chuaidh an ceathrar lobhar isteach sa chéad chábán ar
a dtánadar agus isé céad rud a dheineadar 'ná a
ndóithin a dh'ithe agus a dh'ól. Nuair a bhí an t-ocras
agus an tart bainte dhíobh féin acu go maith, do
chromadar ar ór agus airgead agus éadach daor
do bhailiú chucha agus do chur i bhfolach. Ansan
do chuimhnighdar ar an muinntir a bhí 'n-a ndiaidh sa
chathair. “Ach,” ar siad le n-a chéile, “is olc an mhaise
againn é! Tá sgéala maithe againn le h-innsint.
Is fearr dul agus iad d'innsint. Má fhanaimíd go
maidin curfar droch ghníomh i n-ár leith. Téanam
agus innsimís an sgéal i gcúirt an rí.” Thánadar
thar n-ais agus d'innseadar a sgéal ag geata
catharac Samaría: “Chuamair-ne,” ar siad, “anonn
go dtí longphort na Suíriánach agus ní bhfuaramair
aon fhear sa longphort, ach capaill agus asail agus
iad ceangailte, agus na cábháin 'n-a seasamh.”
D'eirigh gárdaí an gheata agus d'imthighdar agus
d'innseadar an sgéal do'n rí istigh 'n-a phálás féin.



CCXXX.



NA SUÍRIÁNAIGH IMTHIGHTHE.



Chómh luath agus d'airigh an rí sgéal na lobhar d'eirigh
sé i lár na h-oidhche agus do labhair sé leis an muinntir
a bhí i n'fhochair. “Is amhlaidh mar atá an sgéal,”
ar seisean, “ní'l sa n-obair sin ach cleas. Is amhlaidh
atá beartuighthe acu bob do bhualadh orainn. Tá fhios
acu an gorta bheith sa chathair agus táid siad tar éis
imtheacht amach as a longphort agus dul i bhfolach in
sna páirceanaibh, agus deirid siad leó féin, ‘nuair a


L. 544


thiocfid muinntir na catharach amach as an gcathair
tógfimíd 'n-a mbeathaidh iad agus ansan raghmíd isteach
sa chathair.’”



“Tógaimís,” arsa duine de'n mhuinntir a bhí ag
éisteacht leis, “na chúig capaill atá fós sa chathair
againn gan ithe, agus imthighmís agus feicimís.”



Thugadar leó dhá chapall agus dubhairt an rí leó
imtheacht agus a dh'fhághail amach cad é an bun a bhí le
sgéal na lobhar. D'imthighdar agus fuaradar an
longphort folamh agus fuaradar rian na ndaoine a
bhí imthighthe as an longphort soir i dtreó abhan
Iórdain. Do leanadar an rian agus fuaradar
caithte ar an slighe go léir a lán éadaí agus
árthaí, neithe a chaith na Suíriánaigh uatha nuair a
bhíodar ag teiche le n-a n-anam ó'n mór shluagh
Heitíteach agus Éigipteach a bhí, dar leó, ar a
dtóir go dian. Chuaidh na teachtairí 'n-a ndiaidh chómh
fada le bruach na h-abhan. Ansan do chasadar thar n-ais
agus d'innseadar a sgéal do'n rí. Chómh luath agus
do thuig muinntir Shamaría go raibh longphort na Suírián-
ach folamh ó dhaoine do ritheadar amach agus do bhain-
eadar an t-ocras agus an tart díobh féin fé mar a
dhein an ceathrar lobhar. Ansan thugadar leó isteach
sa chathair oiread plúir agus órnan agus d'fhéadadar
a thabhairt leó agus bhíodar 'ghá dhíol i ngeata na
catharach, buiséal plúir ar statér agus dhá bhuiséal
órnan ar statér, fé mar adubhairt Eliséus a bheadh.
Agus nuair a bhí na h-ualaí plúir agus órnan ag teacht,
dubhairt an rí leis an nduin'uasal úd go mbíodh greim
ar láimh aige air, seasamh ag an ngeata; agus tháinig
a leithéid de bhrúth sa gheata gur leagadh an duine
uasal agus gur gabhadh do chosaibh ann agus gur
marbhuigheadh é. Do fíoradh an focal adubhairt
Eliséus leis indé roimis sin, nuair a bhí sé ag
tigh Eliséuis i n-aonfheacht leis an rí agus nuair a
adubhairt Eliséus, “Chífir é led' shúilibh, ach ní


L. 545


bhlaisfir an bia.” Do chonaic sé le n-a shúilibh an
plúr agus an órna d'á ndíol chómh saor, ach do
marbhuigheadh é gan uain a thabhairt dó ar aon phioc
de'n bhia do bhlaise.



Uair eile do labhair Eliséus leis an mnaoi úd gur
thóg sé a mac ó'n mbás di. “Eirigh,” ar seisean léi,
“tú féin agus do mhuinntir agus tugaidh tréimhse
i ndúthaigh éigin eile, pé áit 'n-ar féidir libh dul ann,
óir tá gorta ag an dTighearna le cur ar an dtír seo,
agus leanfidh an gorta ar feadh seacht mblian.”



D'eirigh sisi agus d'imthigh sí, fé mar adubhairt an
duine naomhtha léi, agus thóg sí léi a muinntir thighe
agus bhí sí 'n-a cómhnuidhe i dtír na bhPhilistíneach ar
feadh mórán aimsire. Ansan, nuair a bhí na seacht
mbliana caithte, tháinig sí thar n-ais ó thalamh na
bhPhilistíneach, agus bhí sí ag dul chun labhartha leis
an rí, 'ghá iarraidh go dtabharfí thar n-ais di a tigh
agus a cuid tailimh. Le linn isi bheith ag teacht do
thárla go raibh an rí ag cainnt le Giési, seirbhíseach
Eliséuis.



“Innis dom,” ars an rí le Giési, “na neithe móra
a dhein Eliséus.” Bhí Giési 'ghá n-innsint dó agus
do thárla go raibh sé 'ghá innsint conus mar do
thóg Eliséus duine ó'n mbás. Díreach agus an focal
san ag Giési 'á rádh do tháinig an bhean agus do chaith
sí í féin suas ar an rí 'ghá iarraidh go dtabharfí dhi
a tigh agus a cuid tailimh. “Ó, a rí,” arsa Giési,
“sidí an bhean agus sidé a mac, an duine a thóg
Eliséus ó'n mbás.” Ansan do cheistigh an rí í, agus
d'innis sí dhó an sgéal tríd síos, agus do ghlaoidh
an rí ar eunuch leis agus d'órduigh sé dhó a tigh
agus a cuid tailimh do thabhairt thar n-ais di, agus
'n-a theannta san an uile bhlúire de shochar an
tailimh, ó'n lá a dh'imthigh sí go dtí an lá a tháinig sí,
do thabhairt dí.



Deir lucht eóluis gur sar a dtáinig an lobhra


L. 546


ar Ghiési do thuit san amach. Deir cuid acu, leis, gur
bh'é an rí féin a bhí tar éis an tailimh do thógaint chuige
féin nuair a fuair sé go raibh an bhean imthighthe as an
áit. Agus innstear gur roimis an imdhruidim sin
Shamaría do tháinig an gorta adeirtear anso. Deir
drong gur b'iad Giési féin agus a thriúr mac an ceath-
rar lobhar a bhí ag an ngeata, ach deir daoine eile
ná fuil aon bhun leis an sgéal san.



CCXXXI.



IEHÚ.



Chuaidh Eliséus go Damascus agus bhí Benadad,
rí na Suíria, breóite. D'innseadar dó go raibh Eliséus
sa n-áit. Dubhairt an rí le Hasael: “Tóg bronntaisí
leat agus imthigh ag triall ar an nduine sin ó Dhia, agus
labhair leis an dTighearna tríd, agus fiafraigh de an
féidir dom teacht chugham féin ó'n mbreóiteacht so.”
Chuaidh Hasael ag triall ar Eliséus agus do rug
sé bronntaisí leis, a' raibh de neithibh fóghanta i
nDamascus, ualaí dachad camul. Agus nuair a bhí sé
'n-a sheasamh i láthair Eliséuis dubhairt sé: “Tá do
mhac Benadad, rí na Suíria, tar éis mise do chur ag
triall ort-sa 'ghá fhiafraighe dhíot an dtiocfidh sé ó'n
mbreóiteacht atá air?”



Agus dubhairt Eliséus: “Imthigh agus abair leis:
‘Tiocfir ó'n mbreóiteacht.’ Ach tá taisbeánta ag an
dTighearna dhomh-sa gur deimhin go bhfaighidh sé
bás.”



Bhí Hasael 'n-a sheasamh os a chómhair agus bhí trioblóid
aigne air agus do las sé agus bhí Eliséus ag sile deór.
Agus dubhairt Hasael: “Cad 'n-a thaobh go bhfuil mo
Thighearna ag sile?” Agus dubhairt seisean: Mar is
eól dom an t-olc a dhéanfir-se do chlainn Israéil.


L. 547


Losgfir a gcatharacha daingeana le teine, agus mar-
bhóchair a bhfir óga le claidheamh, agus marbhóchair an
leanbh agus an mháthair.”



“An madra me,” arsa Hasael, “chun a rádh go
ndéanfinn a leithéidí sin de ghníomharthaibh!”



“Tá taisbeánta ag an dTighearna dhomh-sa,” arsa
Eliséus, “go mbeidh tusa ad' rí ar Shuíria.”



Tháinig Hasael abhaile ag triall ar a mháighistir.
“Cad dubhairt Eliséus leat?” arsan rí. “Deir sé
liom go dtiocfir ó'n mbreóiteacht so,” arsa Hasael.
Amáireach a bhí chughainn, ámhthach, d'aimsigh sé plancéad
agus chuir sé uisge air, agus ansan do chuir sé anuas
ar aghaidh an rí é agus mhúch sé an rí agus ghlac sé féin
an rígheacht 'n-a dhiaidh.



Chómh luath agus bhí Hasael socair sa rígheacht do
chrom sé ar an gcuid eile de chainnt Eliséuis do
thabhairt chun cinn. Ramot Galaad an chúis chómhraic
a bhí idir na Suíriánaigh agus Israél an uair sin. Do
chruinnigh Hasael slóighte na Suíriánach agus chuir sé
cogadh ar Israél mar gheall ar Ramot Galaad. Do
ghluais rí Israeil, .i. Ióram, agus rí Iúda, .i. Ochosias,
amach i gcoinnibh Hasael. Do troideadh cath fuilteach
idir an dá shluagh i Ramot Galaad. Do gortuigheadh
rí Israéil sa chath san i dtreó go mb'éigean dó teacht
abhaile. Tháinig sé abhaile agus d'fhág sé cúram an
chogaidh ar thaoiseac a bhí aige gur bh'ainm dó Iehú.
Fear óg láidir cródha ab eadh Iehú, fear nár mhiste
cúram slógh agus cúram cogaidh d'fhágáil air.



Bhí an t-am ag teacht, ámhthach, i n-ar bh'é toil Dé
an díoltas úd, a gheall Elias, do dhéanamh ar Iesebel
agus ar theaghlach Achaib. Do ghlaoidh Eliséus chuige
duine de mhacaibh na bhfáigí agus dubhairt sé leis:
“Fáisg suas do chrios ort féin agus tóg ad' láimh an
buidéilín ola so agus imthigh ort go dtí Ramot Galaad.
Nuair a bheir sa n-áit sin chífir Iehú mac Iósaphait
mac Namsí. Eirigh isteach agus abair leis eirighe a'


L. 548


lár a bhráthar agus beir leat isteach é i seómra, i
n'aonar. Ansan tóg an buidéal ola san agus doirt
an ola ar a cheann agus le n-a linn sin abair: ‘Seo
mar adeir an Tighearna: Taoi-se ungtha agam ad'
rí Israéil.’ Ansan osgail an dorus agus teich leat
féin. Ná fan sa n-áit.”



D'imthigh an fear óg, seirbhíseach an fháig, agus chuaidh
sé go Ramot Galaad. Fuair sé taoiseacha an tslóigh
'n-a suidhe: “Tá focal agam le labhairt leat-sa, a
rí,” ar seisean le Iehú: “Le ce 'cu againn?” arsa
Iehú. “Leat-sa, a rí,” ars an fear óg. D'eirigh Iehú
agus chuaidh sé leis isteach sa tseómra. Chómh luath
agus bhíodar istigh do dhoirt an fear óg an ola ar
cheann Iehú agus dubhairt sé: “Seo mar adeir an
Tighearna: Taoi-se ungtha agam ad' rí ar phobul an
Tighearna agus ídeóchair teaghlach do mháighistir Achab,
agus déanfad-sa díoltas mar gheall ar fhuil mo
sheirbhíseach, na fáigí, agus mar gheall ar ar dhoirt
Iesabel de chuid fola seirbhíseach an Tighearna.
Ídeóchad teaghlach Achaib gan oiread agus aon fhear
amháin acu d'fhágáilt beó. Déanfad teaghlach Achaib
mar theaghlach Ierobóaim, mac Nabait, agus mar
theaghlach Bhaasa, mac Ahiais. Agus íosfid na gadhair
Iesabel i bpáirc Iesraeil, agus ní bheidh aoinne chun
í dh'adhlacadh.” Ansan d'osgail sé an dorus agus
do theich sé as an áit.



Tháinig Iehú amach ag triall ar an muinntir eile.
“An bhfuil gach nídh go maith?” ar siad. “Cad a
thug an duine buile sin ag triall ort?” “Tá fhios
agaibh cad dubhairt sé:” ar seisean. “Innis-se
dhúinn cad dubhairt sé:” ar siad san. D'innis
sé dhóibh. Do phreabadar 'n-a suidhe agus do
dheineadar ríghshuidhe d'á mbrataibh agus do shéide-
adar an adharc agus d'admhuighdar 'n-a rí é.


L. 549


CCXXXII.



BÁS IESABEL.



Chómh luath agus d'innis Iehú d'á chómhaltaíbh an rud
a dhein an t-óigfhear, le h-órdú Eliséuis, agus an
chainnt adubhairt sé, do phreabadar 'n-a suidhe agus
dheineadar cathaoir ríoga d'á mbrataibh agus chuir-
eadar Iehú 'n-a shuidhe innte agus do shléachtadar go
léir dó, 'ghá admháil 'n-a rí os a gcionn, agus do
shéideadar an adharc, agus d'admhuigh an tsluagh go
léir é. An túisge 'n-a raibh an méid sin déanta
do labhair Iehú leis an muinntir a bhí tar éis é
dh'admháil 'n-a rí.



“Feuch,” ar seisean, “tá Ióram i Iesrael a d'iarraidh
é féin do leigheas. Dúnaidh geataí na catharach so
anois, agus ná leogtar d'aoinne imtheacht as so agus
a dh'innsint do Ióram go bhfuil rí déanta agaibh
díom-sa.”



Do deineadh san. Chuir Iehú féin le chéile buidhean
d'á chómhaltaíbh agus iad armtha go maith agus do
ghluais sé chómh géar agus a bhí i gcosaibh capall
gluaiseacht, i dtreó an bhaile sin Iesrael, mar a
raibh Ióram. Le géire a ghluaiseachta níor bh'fhada go
raibh sé féin agus a bhuidhean i radharc an bhaile.
Bhí fear anáirde os cionn geata an bhaile sin ag
faire. Chonaic sé an bhuidhean armtha ag teacht ar
séide. “Chím buidhean armtha ag teacht,” arsan
fear faire. “Tóg carbad,” arsa Ióram, “agus
imthigh 'n-a gcoinnibh agus fiafraigh an síothcháin é.”
D'imthigh fear i gcarbad i gcoinnibh na buidhne a bhí
ag teacht. Tháinig sé chucha. “Seo mar adeir an
rí,” ar seisean, “an bhfuil sé 'n-a shíothcháin?” “Cad
é sin duit-se sin?” arsa Iehú. “Tar anso laistiar
díom agus lean me.” Do labhair an fear faire
airís. “Do shrois an teachtaire iad,” ar seisean, “ach


L. 550


ní'l sé ag teacht thar n-ais.” Do comáineadh chun
siubhail teachtaire eile i gcarbad. Do shrois sé iad.
“An bhfuil sé 'n-a shíothcháin?” ar seisean. “Cad é
sin duit-se sin?” arsa Iehú, “tar anso laistiar
díom agus lean me.” Do labhair an fear faire an
trímhadh h-uair. “Do shrois sé iad ach ní'l sé ag casadh,
agus is cosmhail an chomáint le comáint Iehú mic
Namsí.” “Ullmhuightear carbad dom!” arsa Ióram.
Do h-ullmhuigheadh. Agus do ghluais Ióram rí Israéil
agus Ochosias rí Iúda, amach i gcoinnibh Iehú, gach
rí acu 'n-a charbad féin. Do bhuaileadar uime, agus cá
mbuailfidís uime ach ag fíonghort Naboit, an Iesrael-
íteach. 'An bhfuil sé 'n-a shíothcháin, a Iehú?” arsa
Ióram. “Cad í an tsíothcháin is féidir a bheith ann,”
arsa Iehú, “an fhaid atáid adhaltranaisí do mháthar,
Iesebel, agus a h-easarlaidheacht iolartha 'n-a lán
neart?” D'iompuigh Ióram chun teiche. “Feall!
Feall! a Ochosiais,” ar seisean agus é ag iompáil. Ach
bhí Iehú ullamh. Ní túisge a bhí drom Ióraim leis 'ná
mar a lúib sé a bhogha agus do sgaoil sé saighead chuige.
Do chuaidh an tsaighead isteach 'n-a dhrom idir a dhá
shlinneán agus tré n-a chroidhe agus amach tré n-a chliabh
agus thuit sé marbh amach as a charbad. “Tóg é,” arsa
Iehú le Badacer, a chaptéin, “agus caith ansan isteach
é i bhfíonghort Naboit, an Iesraeilíteach. Is cuimhin
liom-sa nuair a bhíos féin agus tusa i n-ár suidhe i
gcarbad ag leanmhaint Achaib, athair an fhir sin, gur
chuir an Tighearna an méid seo air, agus go ndubhairt
sé: Mara ndeinead-sa cúiteamh leat-sa, sa pháirr
chéadna so, mar gheall ar fhuil Naboit agus mac
gheall ar fhuil a chlainne, an fhuil seo do chonac indiu. *
D'á bhrígh sin tóg anois é agus caith isteach sa pháirc
sin é.”



Ach bhí Ochosias, rí Iúda, ag teiche chómh maith agus
d'fhéad sé teiche. Ní raibh aon mhaith dhó ann. Do



* Mar sin atá an chainnt sa Bhíobla.


L. 551


leanadh é agus do marbhuigheadh é. Do rugadh abhaile
go dtí Ierúsalem a chorp san, ámhthach, agus do
h-adhlacadh é i dteannta a atharach i gcathair Dháibhid.



Bhí Iesabel istigh i sráid Iesrael. Bean áluinn ab
eadh í. Bhí sí, ar nós rainnt de sna mnáibh a tháinig
sa tsaoghal 'n-a diaidh, go h-áluinn agus go h-olc.
Cheap sí cleasaidheacht a áilneachta d'imirt ar Iehú.
Níor eirigh léi. D'airigh sí go raibh Iehú ag teacht isteach
sa tsráid. Chuir sí maise ar a h-aghaidh le cloich ar a
dtugtí stibic, agus chuir sí gach órnáid d'á bhreághthacht
ar a ceann agus uirthi féin, agus chuir sí a ceann amach
tré fhinneóig le linn Iehú bheith ag teacht.



D'fheuch sé suas agus chonaic sé í. “Cé h-í sin?”
ar seisean. Bhí beirt nú triúr eunuchaí thuas 'n-a
h-aice. D'umhluighdar do Iehú. Ansan do thuig sé
cé'r bh'í.



“Caithidh anuas as san í,” ar seisean. Do rugadar
uirthi agus chaitheadar an fhinneóg amach í, agus do
cuireadh rian a cod' fola ar an bhfalla agus do
gabhadh do chosaibh na gcapall innti.



CCXXXIII.



DEIRE LE SLIOCHT ACHAIB.



D'imthigh Iehú isteach i dtigh éigin chun bídh a chaitheamh
agus chun dighe dh'ól; ar ball do labhair sé le cuid
d'á fhearaibh, “Imthighidh,” ar seisean, “agus adhlacaidh
an bhean mhalluighthe úd. Inghean rí isead í.” D'imthighdar
chun í dh'adhlacadh agus ní bhfuaradar di ach a plaosg
agus a cosa agus a dhá deárnain. Bhí an chuid eile d'á
corp ithte ag gadharaibh. Thánadar thar n-ais agus
d'innseadar do Iehú é. “Isé focal an Tighearna é,”
arsa Iehú, “an focal do labhair an Tighearna le n-a
sheirbhíseach Elias an Teisbíteach, nuair adubhairt sé,
‘Íosfid na gadhair feóil Iesabel i bpáirc Iesrael.’”


L. 552


Ansan do dhein Iehú íde uathbhásach ar shliocht Achaibh.
Bhí deichneabhar agus trí fichid fear de'n tsliocht san
an uair chéadna san, i gcathair Samaría. Chuir Iehú
leitir ag triall ar uaislibh na catharach san. Sidí an
teachtaireacht a bhí sa leitir, “A uaisle chatharach
Samaría. Táid agaibh sa chathair sin clann mhac bhúr
máighistir Achab, agus a charbaid, agus a eachra. Tá
agaibh, leis, a chatharacha daingeana eile ar fuaid na
tíre, agus a raibh aige d'arm cómhraic agus cosanta.
Téidhidh i gcómhairle a chéile agus deinidh fear d'á chlann
mhac go thoghadh agus deinidh rí dhe i n-inead a athar,
agus cuiridh 'n-a shuidhe é i gcathaoir ríoga a athar,
agus ansan deinidh seasamh agus troid ar a shon
agus cosanaidh orm-sa é.”



Nuair a fuair uaisle catharach Samaría an leitir
sin tháinig sgannra ortha. Chuadar i gcómhairle agus
dubhradar le n-a chéile: “Feuch, níor fhéad beirt righthe
seasamh i gcoinnibh an fhir sin, agus conus is féidir
dúinn-na seasamh 'n-a choinnibh?” Chuireadar freagra
ag triall air mar seo:



“Is sinn-na uaisle catharach Samaría. Umhluighmíd
duit-se, a rí. Táimíd i n-ár seirbhíseachaibh agat.
Déanfimíd pé rud adéarfir-se linn a dhéanamh. Ní
dhéanfimíd rí d'aoinne os ár gcionn. Dein-se pé
rud is toil leat i n-ár dtaobh.”



Ansan do chuir Iehú leitir eile chucha, “Má's
liom-sa sibh,” arsan leitir eile sin, “bainidh na cinn
de mhacaibh bhúr máighistir agus tugaidh na cinn sin
anso chugham-sa um an dtaca so amáireach.”



Do dheineadar é. Bhaineadar na cinn de'n deich-
neabhar agus trí fichid fear de shliocht Achaib a bhí acu
i gcathair Samaría agus chuireadar na cinn i gciseánaibh
agus do rugadar leó iad go dtí Iesrael agus
thugadar do Iehú iad. Nuair a chonaic sé na cinn
dubhairt sé: “Feuch mar fíortar an chainnt adubhairt
an Tighearna le h-Elias i dtaobh sleachta Achaib.”


L. 553


Bhí cuid de mhuinntir Achaib i Iesrael. Do rug sé
ortha agus chuir sé chun báis iad. Bhí tuille acu i
n-áiteanaibh eile. Do rug sé ortha agus chuir sé chun
báis iad. Ansan do chuir sé fógra amach ar fuaid
na tíre go léir. Sidé an fógra:—



“Do thug Achab rainnt bheag onóra do Bhaal.
Tabharfad-sa do Bhaal níos mó onóra 'ná mar a
thug Achab riamh dó. Cruinnightear chugham anois an
uile dhuine d'fháigíbh Bhaal, agus d'á sheirbhíseachaibh,
agus d'á shagartaibh. Ná fanadh aon duine acu siar,
mar tá ídhbirt mhór agam le déanamh chun Baal.
Aoinne dh'fhanfidh siar ní bheidh sé beó.”



Do cruinnigheadh iad go léir. Thánadar ó'n uile
áird. Do ceapadh féile mhór i n-onóir do Bhaal. Tháinig
na fáigí go léir agus chuadar isteach i dteampul mór
Bhaal. Ansan dubhairt Iehú, “Tugtar amach éidí
do sheirbhíseachaibh Bhaal.” Do tugadh. Ansan tháinig
Iehú, agus rí eile a bhí ar aon aigne leis, go dtí
teampul mór Bhaal agus do labhradar le fáigíbh Bhaal.
“Cuarduighidh,” ar siad, “agus tugaidh aire ná beidh
aoinne de sheirbhíseachaibh an Tighearna i nbúr measg,
ach gur b'iad seirbhísigh Bhaal amháin a bheidh sa
teampul le linn na n-ídhbirtí.” Do deinead san.
Ansan chuadar isteach chun ídhbhirtí agus holocauistí
dhéanamh chun Baal. Díreach agus é ag dul isteach
do labhair Iehú le cheithre fichid fear armtha a bhí
curtha mórthímpal ar an dteampul aige. “Má
théidhean aoinne acu saor,” ar seisean, “an fear a
leogfidh saor é freagaróchaidh a anam féin ann!” Do
deineadh an holocaust. Ansan chuaid na fir armtha
isteach sa teampul agus mharbhuighdar an uile dhuine
d'á raibh istigh de sheirbhíseachaibh Bhaal, agus do thug-
adar leó amach íomhágh Bhaal agus do dhóghadar é,
agus do leagadar an teampul agus chuireadar
suas i n'inead fialteach do'n chathair, agus bhí an
fialteach sa n-áit ar feadh mórán aimsire.


L. 554


CCXXXIV.



ATALIA.



Ochosias, an rí eile úd a marbhuighead an lá céadna
a mhairbh Iehú rí Israéil, Atalia ab ainm d'a mháthair.
Nuair a fuair sí go raibh a mac marbh do mhairbh sí a
chlann mhac agus do ghlac sí forlámhas na rígheachta
isteach 'n-a láimh féin. Bhí deirbhshiúr ag Ochosias,
ámhthach, agus Iósaba ab ainm di, agus nuair a chonaic
sí an t-éirleach 'á dhéanamh ar chlainn an rí do rith sí
agus do sgiub sí chun siubhail léi amach a' seómra na
leanbh, aoinne amháin de mhacaibh an rí, .i. Ióas, agus
chuir sí i bhfolach é féin agus a bhuime, agus ní
raibh a fhios san ag Atalia. Istigh sa teampul
iseadh chuir Iósaba an leanbh i bhfolach agus chimeád
sí ann é i bhfolach ar feadh sé mblian. I gcaitheamh
na sé mblian san bhí cómhacht na rígheachta 'n-a láimh
ag Atalia agus neart aici ar a toil féin do chur
i bhfeidhm ins gach nídh. Do chuir sí a toil i bhfeidhm
go feilimeanta i gcoinnibh dlighe Dé agus i bhfabhar
do'n phágánacht agus do Bhaal. Bhí ceann de
theampulaibh Bhaal istigh i gcathair Ierúsalem aici
agus dhein sí a raibh ar a cumas chun na ndaoine do
mhealladh nú do chomáint chun an teampuil phágánaigh
sin. Do réir na gcúntaisí atá againn ar a gnóthaíbh,
d'á olcas a bhí Iesabel nuair a bhí sí 'n-a lán neart i
Samaría, bhí Atalia níba mheasa 'ná í i gcaitheamh na sé
mblian a bhí sí i gcómhacht i gcathair Ierúsalem.



Ach d'imthigh na sé bliana agus tháinig an seachtmhadh
bliain. Bhí fear d'ár bh'ainm Ióiada i n'árdshagart
sa teampul an uair sin. Istigh 'n-a sheómra iseadh bhí
Ióas i bhfolach. Dheabhrochadh an sgéal nách díomhaoin a
bhí Ióiada i gcaitheamh na sé mblian. Pé'r domhan é
bhí armáil láidir fé n-a láimh aige sa teampul nuair a


L. 555


tháinig an seachtmhadh bliain. Pé cuma 'n-ar dhein sé a
ghnó ní raibh aon choinne ag Atalia go raibh aon nídh ar
siubhal aige 'n-a coinnibh féin. Nuair a tháinig an
t-am thug sé leis na fir go raibh iontaoibh aige asta
agus chuir sé 'n-a seasamh istigh sa teampul iad, agus
chuir sé dearbhú, nú leabhar, ortha go mbeidís dílis
dó, agus ansan do thaisbeáin sé dhóibh Ióas, an
priúnsa óg, mac Ochasiais. Ansan thug sé órdú
dhóibh agus d'innis sé dhóibh cad a bhí le déanamh acu
chun an phriúnsa óig do chosaint.



Bhí an uair sin istigh sa teampul, i gcimeád, ó
aimsir Dháibhid, ana chruinniú d'armaibh breághtha, idir
armaibh comhraic agus airm chosanta. Do ceapadh lá
chun an phriúnsa óig do chur i láthair daoine sa
teampul agus an choróinn do chur air agus é
d'admháil 'n-a rí. Do cruinnigheadh sa teampul na
fir a bhí dílis do'n rí óg. Do thug Ióiada, an
t-árdshagart, na h-airm amach agus chuir sé i lámhaibh
na bhfear iad agus chuir sé na fir 'n-a seasamh, agus
iad armtha, agus do líonadar an áit ó thaobh deas an
teampuil go dtí taobh clé na h-altórach. Ansan
do tughadh amach mac an rí agus do cuireadh an
choróinn ar a cheann agus an oíle bheannuighthe, agus
do chuir na fir go léir liú suas agus dheineadar gáir-
deachas i dtreó gur h-airigheadh mórthímpal lasmuich
iad. D'airigh Atalia an liúireach agus í istigh 'n-a tigh
féin, istigh sa ríghtheaghlach a bhí i n-aice an teampuil.
Siúd amach í agus siúd chun an teampuil í agus isteach
ameasg na bhfear armtha. D'fheuch sí suas i dtreó
na h-altórach. Chonaic sí an leanbh thuas 'n-a sheasamh
agus an choróinn ar a cheann, agus na ceóltóirí agus
na trúmpaí i n'aice, mar ba cheart a bheith le linn
rí do choróinniú, agus na daoine go léir ag déanamh
gáirdeachais. “Feall! Feall!” ar sisi. “Tógtar
amach í,” arsa Ióiada, “lasmuich de'n teampul, agus
aon fhear do leanfidh í, marbhuightear láithreach é, ach ná


L. 556


marbhuightear istigh anso í.” Chuireadar a lámha uirthi
agus do chuireadar amach í agus do marbhuigheadh í amuich.
Ansan do rith na daoine go léir go dtí teampul Bhaal
agus do sgartáladar é agus do briseadh an altóir a
bhí ann agus íomhághtha Bhaal a bhí ann.



Ansan tháinig na fir armtha, na Cerití agus na Pheletí,
agus thugadar leó amach as an dteampul an rí óg
agus thugadar leó é go dtí an ríghtheaghlach agus chuir-
eadar 'n-a shuidhe é i gcathaoir na rí, i gcathaoir ríoga
Dháibhid. Seacht mbliana dh'aois a bhí Ióas an uair sin.



CCXXXV.



IÓAS.



Seacht mbliana dh'aois a bhí Ióas nuair a deineadh
rí dhe. An fhaid a mhair Ióiada do dhein an rí óg a leas.
Do ghlac sé cómhairle an árdshagairt Ióiada. An fhaid
a bhí an chómhacht ag Atalia do tugadh faillighe i ngnóthaíbh
an teampuil mhóir. Bhí an t-adhmad ag dreó ann
agus a lán neithe ag tuitim as a chéile ann, agus gan
aon duine ag déanamh aon chúraim de neithibh briste
do shlánú ann ná de neithibh laga do neartú ann.
Agus an t-airgead a theastóchadh chun aon deisiúcháin a
dhéanamh air bhí sé imthighthe. Bhí Atalia tar éis an
airgid do leogaint amach ar íodalaibh agus ar
theampul Bhaal. Do labhair an rí óg leis na
daoine agus do chuir sé ar a súilibh dóibh an gátar
a bhí le h-airgead chun an teampuil do dheisiú agus
do chur i dtreó agus do shlachtú. Do chabhruigh an
t-árdshagart, Ióiada, leis an rí. Do thuig na
daoine an gátar a bhí leis an obair agus do
tháinig an t-airgead isteach. Do dhein Ióiada bosga
mór dúnta, agus chuir sé poll 'n-a bharr agus shocaruigh
sé i n-aice an doruis é, ar láimh dheis gach duine a


L. 557


bheadh ag dul isteach sa teampul. Do cuireadh isteach
sa bhosga san gach ar tugadh d'airgead chun an teampuil.
Nuair a fuaradh go raibh mórán airgid curtha isteach
sa bhosga san tháinig an t-árdshagart agus cléireach
an rí agus do h-osgaladh an bosga agus do tógadh
agus do cómhairigheadh é. Do cuireadh na ceárdaidhthe
ag obair láithreach, na saoir agus na siú néirí agus
lucht na gcloch do shnoighe agus na gcrann do leagadh
agus do thabhairt ó sna coilltibh agus gach saghas lucht
oibre d'ár oir dóibh chun cabhruighthe leó, agus do
díoladh tuarastal leó as an airgead a bhí sa bhosga
úd.



Bhí gach aon rud ag dul chun cinn go maith, ach an rí
úd a bhí ar Shuíria, Hasael, do chrom sé ar an obair a
dhéanamh adubairt Eliséus a dhéanfadh sé. Do chruinnigh
sé mór shluagh agus tháinig sé féin agus a mhór shluagh
anoir go tír chlainne Israéil agus chrom sé ar an dtír
do sgrios. Tháinig sé go dtí cathair Get agus thóg sé an
chathair sin. Ansan thug sé aghaidh ar chathair Ierúsalem.
Níor thuig Ióas go raibh ar a chumas slóighte do
chruinniú agus cath do throid i gcoinnibh Hasael. Isé
rud a dhein sé 'ná na h-árthaí beannuighthe, árthaí óir
agus árthaí airgid, agus neithe beannuighthe eile a bhí
déanta d'ór nú d'airgead, iad go léir do chur i
dteannta chéile agus iad do chur ag triall ar Hasael
mar bhreib agus a iarraidh air imtheacht. Do ghlac
Hasael an bhreab agus d'imthigh sé.



An fhaid a mhair an t-árdshagart, Ióiada, bhí Ióas maith
go leór mar rí. Ach fuair Ióiada bás. Ansan tháinig
atharú ar Ióas. Tháinig daoine 'n-a thímpal a thug cómhairle
dhó agus ní h-ar mhaithe leis é ach ar mhaithe leó féin.
Níor bh'fhada go raibh íodail curtha suas aige agus é 'ghá
n-adhradh. Bhí mac do Ióiada i n'árdshagart 'n-a dhiaidh.
Chonaic sé an droch obair a bhí ag an rí 'á dhéanamh.
Do labhair sé leis an rí agus le n-a lucht cómhairle
agus chuir sé ar a súilibh dóibh an peaca a bhí acu 'á


L. 558


dhéanamh. Do chuir cómhairle a leasa fearg ar an rí.
Sacharias ab ainm do'n árdshagart. D'órduigh an
rí é chur chun báis mar gheall ar an ndeagh chómhairle.
Do daoradh é chun báis. Do gabhadh do chlochaibh ann idir
an teampul agus an altóir. Sin mar a dhein Ióas é le
mac an fhir a dhein rí dhe féin. Ach níor rith leis puinn
eile aimsire. Níor chimeád an bhreab úd Hasael sa
bhaile abhfad. Tháinig sé airís agus mór shluagh aige.
Bhí na h-íodail ag Ióas. Bhí mac Iehú 'n-a rí ar Shamaría
agus é chómh h-olc le Iesabel i dtaobh na n-íodal.
Bhí an phoibilidheacht chómh h-olc leis an dá rí. Nuair a
fuaradh go raibh an namhaid ag teacht anoir d'eirigh na
mílte slógh de chlainn Israéil chun an namhad do throid.
Do troideadh cath. Níor sheasaimh an cath abhfad. Do
chuir beagán namhad ár agus dearg ruathar ar na mílte
slógh de chlainn Israéil. Bhí an Tighearna tar éis druim
lámha thabhairt le slóightibh Israéil mar gheall ar na
h-íodail agus mar gheall ar mharbhú an árdshagairt.



CCXXXVI.



IÓNAS.



Bhí Ióachas, mac Iehú, 'na rí ar Shamaría, agus bhí sé
go h-olc agus bhí Hasael ag déanamh éirligh coitchianta
ar chlainn Israéil. Bhí Ióachas go h-olc, ach má bhí féin
dhein sé an rud a dhein droch dhaoine nár bh'é uaireanta.
Nuair a bhí an sgéal ag dul ró dhian air d'iarr sé
cabhair ar Dhia. Tháinig truagh ag an dTighearna dhó
féin agus do'n chuid eile de chlainn Israéil a bhí d'á
gcrádh agus d'á gclipe ag an namhaid. Thug an
Tighearna an buadh do Ióachas ach chómh luath agus a bhí
buaidhte ar an namhaid aige d'iomphuigh sé féin agus
na daoine ar na peacaíbh céadna airís. Tá aon
fhocal amháin sa Bhíobla ar na righthibh a bhí ar Israél


L. 559


i gcaitheamh na h-aimsire ó bhás Sholomoin anuas
go dtí an braighdineas i mBaibilóin. Deirtear
i dtaobh gach rí acu, ach fothdhuine anois agus
airís, “Bhí sé go h-olc. Do shiubhluigh sé an cosán
céadna a shiubhluigh Ierobóam, agus do chuir sé
fhiachaint ar Israél an peaca dhéanamh, mar a
dhein Ierobóam.” Bhíodh cuid acu go maith ar feadh
tamail, ach ní bhíodh sa tamal san go minic ac
tamal beag. Bhí rí acu san ar Israél nuair a bhí
breóiteacht a bháis ar Eliséus. Ióas ab ainm do'n
rí sin. D'airigh sé Eliséus a bheith breóite agus
chuaidh sé 'ghá fheuchaint. Nuair a chonaic sé Eliséus a
bheith chómh lag do chrom sé ar ghol.



“Tabhair bogha agus saigheada anso chugham,” arsa
Eliséus leis. Do thug. “Cuir do lámh ar an mbogha,”
arsa Eliséus. Do chuir. Ansan do chuir Eliséus a
lámh féin anuas ar láimh an rí. “Osgail an fhinneóg a
dh'fheuchan soir,” arsa Eliséus. D'osgail. “Lámhaigh
saighead an fhinneóg san amach anois,” ars Eliséus. Do
lámhaigh. Agus dubhairt Eliséus: “Saighead fuasgalta
an Tighearna, agus saighead fuasgalta ó Shuíria.
Buailfir na Suíriánaigh i n-Aphec chun go n-ídeóchair
iad. Tóg na saigheada,” arsa Eliséus. Do thóg.
“Buail an talamh le saighid acu,” arsa Eliséus.
Do bhuail sé buille ar an dtalamh. Do bhuail
sé an tarna buille. Do bhuail sé an trímhad buille.
Ansan do stad sé. Tháinig fearg ar Eliséus. “Ó!”
ar seisean, “dá mbuailthá chúig bhuille, sé bhuille,
seacht mbuillí, do bheithá ag buachtaint ar Shuíria go
dtí go mbeadh sí ídighthe agat. Anois ní bhuadhfir uirthi
ach trí h-uaire.” Níor bh'fhada 'n-a dhiaidh san go
bhfuair Eliséus bás. Do h-adhlacadh é. Tháinig lucht
foghla isteach sa tír an bhliain chéadna. Do ráinigh
go raibh daoine éigin agus corp acu le h-adhlacadh
i n-aice na h-áite 'n-ar h-adhlacadh Eliséus. Chonac-
adar na foghluidhthe. Tháinig sgannra ortha. Do


L. 560


chaitheadar an corp isteach i dtuama a bhí sa n-áit.
B'é sin tuama Eliséuis. Chómh luath agus do
theangmhuigh an corp le cnámhaibh Eliséuis d'eirigh an
corp ó'n mbás.



Ní innstear aon fhocal eile dhúinn i dtaobh na
mírbhúilte sin; ar mhair an duine a tógadh ó'n mbás,
ar mair sé abhfad 'n-a dhiaidh san; ná cad a dhein an
mhuinntir a chaith isteach i dtuama Eliséuis é; ná
cad a dhein na foghluidhthe. Ní innstear ach an mhír-
bhúilt sin a dhein Eliséus tar éis a bháis féin.



Tímpal ocht gcéad blian agus caogad roim theacht
an tSlánuightheóra iseadh do fuair Eliséus bás. Tímpal
deich mbliana fichid 'n-a dhiaidh san bhí fáig eile ann agus
Iónas ab ainm dó. Bhí cathair ana mhór an uair sin
lastoir sa dúthaigh as a dtáinig Ábraham ar dtúis,
agus as ar tugadh 'n-a dhiaidh san Rebecca anoir chun
bheith 'n-a mnaoi ag Isaac mac Ábrahaim; Ninebheh
ab ainm di. Bhí muinntir na catharach san go h-olc.
Bhí peacaí móra leunmhara acu 'á dhéanamh i n-aghaidh
dlighe Dé. D'órduigh Dia do Iónas dul soir ar fad
go dtí an chathair sin agus labhairt le muinntir na
catharach agus a rádh leó go n-ídeófí an chathair tar éis
dachad lá. Ní raibh aon fhonn ar an bhfáig dul chómh
fada soir. Cheap sé go bhféadfadh sé imtheacht as a
dhúthaigh féin agus go mb'fhéidir go bhféadfadh sé dul
ó'n obair nár thaithn leis. Chuaidh sé ar bórd loinge
chun imthighthe. Do ghluais an long. D'eirigh stoirm.
Bhí an long i gcontabhairt a báithte. Bhí Iónas 'n-a
chodhladh. Do dhúisigh fuirean na loinge é. D'innis sé
dhóibh gur bh'é féin fé ndeár an stoirm, agus d'innis
sé dhóibh cad a bhí déanta aige, agus d'iarr sé ortha é
chaitheamh amach fé'n bpoll agus go mbeadh ciúnas acu.
Do chaitheadar amach é. Ach do shloigh míolmór é. Do
rug an míolmór leis é agus do chaith sé amach é ar
thalamh tirim tar éis trí lá. Thug sé aghaidh ar Ninebheh
láithreach. Bhí an leisge imthighthe dhe.


L. 561


CCXXXVII.



NINEBHEH.



Nuair a dh'eirigh an stoirm tímpal ar an loing i
n-a raibh Iónas bhí sé féin thíos i mbun na loinge agus
é 'n-a chodladh. Do buaileadh isteach i n-aigne na máir-
néalach go raibh droch dhuine éigin ar an loing agus gur
bh'é an droch dhuine sin fé ndeár an stoirm. Do
ghlaodar i láthair a chéile ar a raibh ar bórd na loinge.
Ansan iseadh do fuaradar Iónas thíos agus é 'n-a
chodladh. Theastuigh uatha a dhéanamh amach cé fé ndeár
an stoirm. Chuireadar an cheist ar chrannaibh. Do
thuit an crann ar Iónas. Ansan iseadh d'innis sé
dhóibh gur bh'é féin fé ndeár an stoirm, agus d'iarr
sé ortha é chaitheamh amach. Do thuigeadar as a chainnt
agus as an sgéal a dh'innis sé nár dhroch dhuine é,
óir, dá mb'eadh ná beadh sé chómh tugtha chun báis a
dh'fhághail i dtreó go saorfí iadsan. Thugadar iarracht
eile ar an loing d'oibriú i n-aghaidh na stoirme. Ní
raibh aon mhaith dhóibh ann; b'éigean dhóibh fé dheire a thoil
a thabhairt dó agus é chaitheamh amach. Ní túisge a chuaidh
sé fé uisge 'ná mar a shloig an míolmór é. Deir an
cúntas atá againn air go raibh a chiall agus a mheabhair
shaoghalta aige i gcaitheamh an trí lá a thug sé istigh i
mbolg an éisg mhóir, agus d'á chómhartha san féin gur
chúm sé dán breágh agus go raibh sé ag moladh Dé i
gcaitheamh na h-aimsire. Samhaltas ab eadh Iónas, i
gcaitheamh na trí lá san a thug sé mar sin istigh sa
n-iasg, ar ár Slánuightheóir, moladh go deó leis! agus
an trí lá a thug sé sa n-uaigh, ó Aoine an Chéasta
go dtí maidean Domhnaigh Chásga.



Tar éis trí lá do chaith an míolmór Iónas amach ar
thalamh tirim éigin agus gan aon bhárthan air ach é 'n-a
shaoghal agus 'n-a shláinte go láidir. Do ghluais sé
láithreach fé dhéin catharach Ninebheh. Cathair ana mhór


L. 562


ab eadh í. Bhí siubhal trí lá do dhuine de leithead innti.
Do thosnuigh Iónas i dtaobh di agus bhí sé ag siubhal
ar aghaidh tríthi agus i n-aghaidh gach cúpla ciscéim
d'á siubhluigheadh sé deireadh sé go h-árd: “Dachad lá
eile agus dísgeófar an chathair seo Ninibheh!” D'éist
na daoine leis ar feadh tamail. Bhídís ag cruinniú
'n-a thímpal agus ag sgaipe agus ag cruinniú airís,
agus eisean ag siubhal go breágh réidh tríd an gcathair
agus an port céadna ar siubhal aige, go h-árd agus
go ceólmhar agus go bagarthach. Do chuir Dia fuinneamh
éigin 'n-a ghlór i dtreó gur chuaidh na focail tríd an
gcroidhe acu. Tháinig sgannra ortha. Chuimhnighdar go
mb'fhéidir dá ndeinidís aithrighe go n-iompófí an íde
uatha. Ní deirtear go ndubhairt Iónas aon fhocal
leó i dtaobh aithrighe. Ní deirtear gur chuir sé aon
atharú sa chainnt, ach gur lean sé ar na focalaibh
céadna: “Dachad lá eile agus dísgeófar an chathair
seo Ninebheh!” Bhí fhios acu go raibh na peacaí móra
déanta acu. Bhí fhios acu go raibh an íde tuillte acu.
Bhí dachad lá de ré aithrighe 'á thabhairt dóibh. Do
buaileadh isteach 'n-a n-aigne ná raibh aon tslighe eile
chun dul ó'n íde ach an aithrighe do dhéanamh. Do
buaileadh isteach i n-aigne an rí é. Dhein sé dlighe
'ghá órdú do gach aon duine, íseal agus uasal, trosgadh
dhéanamh. Do thosnuigh sé féin. Chuir sé éadach
ruainnigh uime agus chuir sé trosgadh dian air féin.
Dhein na daoine go léir aithris ar an rí. Chromadar
ar an dtrosgadh dhéanamh agus ar bheith ag glaodhach
go cruaidh ar an dTighearna agus 'á iarraidh air na
peacaí móra a bhí déanta acu do mhaitheamh dóibh.
Dheineadar an trosgadh chómh dian san agus an aithrighe
chómh fírinneach san gur bh'é toil an Tighearna maitheamh
dóibh. B'é toil Dé an íde a bhí geallta do chosg
agus an chathair do leogaint saor an uair sin. Tháinig
deire an dachad lá agus níor deineadh aon íde ar
Ninebheh.


L. 563


CCXXXVIII.



GRUAIM AR AN BHFÁIG.



Chonaic Iónas an t-atharú ag teacht ar mhuinntir
catharach Ninebheh. Chonaic sé an trosgadh 'á dhéanamh
ag an uile dhuine, íseal agus uasal, óg agus aosta.
Chonaic sé idir rí agus daoine ag gol go h-árd agus
ag glaodhach ar Dhia na glóire 'ghá iarraidh air a bpeacaí
do mhaitheamh dóibh, agus iad, sa n-am gcéadna, i ndeire
an anama le h-easba bídh agus dighe, agus ná leogfadh
an sgannra agus an dúil sa n-aithrighe dhóibh bia ná
deoch do bhlaise.



Do thuig Iónas gur bh'é deire bheadh ar an dtrosgadh
agus ar an ngol agus ar an aithrighe 'ná go maithfadh
Dia dhóibh na peacaí a bhí déanta acu, pé olcas a bhí
ionta. Ní raibh aon mhearathal air i dtaobh an méid sin.
Agus cad a thiocfadh as san? Do thiocfadh go ndéarfí
ins gach aon bhall gur bh'fháig gan eólus gur bh'eadh
Iónas. “Ó,” adéarfí, “fáig bréagach iseadh Iónas úd.
Dubhairt sé, agus shiubhluigh sé tríd an gcathair ó thaobh
taobh 'ghá dheimhniú dhúinn go dtí go raibh píoparnach i
n-ár gcluasaibh ó bheith ag éisteacht leis, go ndísgeófí
Ninebheh i gcionn dachadh lá. Siniad an dachadh lá
imthighthe agus gan dísgiú ná cuid de dhísgiú tagaithe
ar Ninebheh!”



Bhí fhios aige go maith nár bh'iad na daoine a dhein an
trosgadh do labharfadh ar an gcuma san, ach daoine
nár bhain i n-aon chor leis an gcathair, agus nár bh'fhearr
leó rud a thuitfadh amach, b'fhéidir, 'ná an dísgiú do
theacht. Bhí fhios aige go bhfaghadh sé droch ainm. Tháinig
ana ghruaim air. Níor tháinig an dísgiú. Bhí áthas ar
mhuinntir na catharach. Bhíodar buidheach de Dhia mar
gheall air gur mhaith sé dhóibh. Bhí ceapaithe acu gan
fearg do chur airís air. Bhíodar buidheach de'n fháig


L. 564


a thug an foláramh dóibh. Ach bhí an ghruaim ar an
bhfáig. Bhí an droch ainm tagaithe air. Bhí lucht na
cúlchainnte 'ghá ghearradh cheana féin. Iad ag magadh
faoi agus ag gáirí uime, agus ag aithris ar an
gcainnt uathbhásach úd a dhein sé:— “Dachadh lá eile
agus dísgeófar cathair Ninebheh,” agus iad ag cur
an anama amach ag gáirí. Bhí fhios aige go raibh
masla i n-aghaidh Dé sa droch iompar san agus
tháinig a leithéidh sin de ghruaim agus do bhuairt air
gur iarr sé ar Dhia, dá mb'é a thoil naomhtha é, é
bhreith as an saoghal.



D'imthigh sé amach as an gcathair agus chuaidh sé go
dtí áit éigin i n-a bh'féadfadh sé bheith i n'aonar. Fuair
sé cúinne caothamhail. Chuir sé suas rainnt ghéaga crann
idir é agus an ghrian. Bíon teas marbhuightheach sa ghréin
ansúd thoir. Ní raibh puinn cosanta in sna géagaibh.
Ach i gcaitheamh na h-oidhche b'e toil an Tighearna gur
fhás tor mór aidhneáin a chlúdaigh na géaga agus do
choisg an ghrian go h-áluinn. Bhí áthas mór ar an bhfáig.
Ach an oidhche a bhí chughainn d'fheóch an tor aidhneáin
agus bhí an sgáth imthighthe. Tháinig an ghruaim airís
ar an bhfáig agus d'iarr sé airís ar an dTighearna é
bhreith leis as an saoghal. B'é toil an Tighearna labhairt
leis:— “Feuch,” ars an Tighearna leis, “tá buairt ana
mhór ort-sa mar gheall air gur fheóch an tor aidhneáin.
Ní tu a chuir ann an tor. Ní bhfuarais aon phioc d'á
dhuadh. Agus tá buairt ort 'n-a dhiaidh. Ní leogfá dhó
feóchadh dá mbeadh leigheas agat air. Nár chóir go
dtuigfá gur mór agam-sa gan a bheith orm cathair
mhór mar Ninebheh do dhísgiú agus go bhfuil breis
agus fiche míle duine innti ná h-aithneóchadh a lámh
dheas ó n-a láimh chlé. Nách cóir dom trócaire do
dhéanamh ortha san ó's féidir dom é?”



Níor dhein Iónas a thuille gearáin.


L. 565


CCXXXIX.



SALMANASER.



Ó'n lá a deineadh rí ar Israél de Ierobóam, tar éis
bháis do Sholomon níor dhein muinntir Shamaría, príomh
chathair Israéil, aon nídh ach aimhleas dóibh féin agus d'á
dtír, agus tháinig as san dóibh, ná raibh aon lá de'n
rath ortha, go dtí, fé dheire, gur bh'é toil Dé go dtáinig
rí cómhachtach ortha, ó'n ndúthaigh a bhí lastoir díobh, agus
gur bhailigh sé i dteannta chéile iad agus thóg sé leis
soir chun a thíre féin iad, agus gur chuir sé daoine ó'n
áit thoir siar go dtí Samaría, agus gur ghlacadar seilbh
sa chathair agus sa tír agus gur fhanadar ann.



An uair úd tar éis bháis Sholomoin, nuair a dhiúltuigh
Robóam do chómhairle na seanóirí do ghlacadh, agus
nuair a ghlac sé cómhairle na n-uasal óg, d'iompuigh
deich treibh de'n dá threibh déag de chlainn Israéil 'n-a
choinnibh agus dheineadar rí os a gcionn féin de Iero-
bóam. Bhí Samaría ag Ierobóam ansan mar phríomh-
chathair agus bhí Ierúsalem ag Robóam mar phríomh-
cathair. Ansan iseadh dhein Ierobóam na gamhna óir
mar dhéithibh, i dtreó go bhféadfadh sé a dhaoine féin do
mhealladh ó dhul i n-aon chor go Ierúsalem ag déanamh
gnóthaí creidimh. As san amach Israélítigh a tugtí ar
mhuinntir Shamaría, agus clann Iúda ar mhuinntir cathar-
ach Ierúsalem, agus do tugtí rí Israéil ar an rí i
Samaría agus rí Iúda ar an rí i Ierúsalem, chun cómh-
gair cainnte. Is mó an dúil a bhíodh ag muinntir Shamaría
in sna déithibh fallsa 'ná mar a bhíodh ag muinntir Ierús-
alem. Ach do leathadh a droch shampla, agus nuair
a bhíodh droch rí i Ierúsalem bhíodh na déithe fallsa
ins gach cúinne sráide, agus bhídís istigh sa teampul
mór féin.



Níor fhág san, ámhthac, gan daoine naomhtha, agus


L. 566


mórán acu, bheith le fághail sa dá chathair agus sa dá thír.
Bhí Elias ann ar dtúis. Ansan bhí Eliséus ann. Agus
ansan, nuair a bhí an díthchreideamh ag dul chun olcais
ar fad, b'é toil Dé gur eirigh duine de sna fáigíbh ba
mhó agus do b'uaisle dhíobh go léir, b'é sin Isáias. Ar
an gcuma san b'é toil an Tighearna aire mhaith a thabhairt
do'n mhuinntir a bhí ag cimeád an chreidimh i n-aindeóin
droch shampla agus droch chómhachta. Agus sa n-am
gcéadna, an mhuinntir ná déanfadh a leas, thug an
Tighearna aire mhaith nách a gan fhios dóibh a dhéanfidís
a n-aimhleas. Bhíodh na fáigí coitchianta ag labhairt go
h-árd leó 'ghá innsint dóibh cad a bhí le h-imtheacht
ortha mara gcuiridís uatha an droch obair agus na
déite fallsa. D'innseadar dóibh go minic an focal
deirineach adubhairt Maois le clainn Israéil, díreach
nuair a bhíodar chun teacht thar Iórdan anoir, isteach
sa talamh a bhí geallta dhóibh. Dubhairt sé leó go raibh
geinte líonmhara láidire cómhachtacha ag an dTighearna
'á chur a' seilbh na tíre sin chun na sealbha thabhairt
dóibh, agus dá n-iompuighdís ó'n dTighearna go
gcuirfadh an Tighearna a' seilbh na tíre iad féin ar
an gcuma gcéadna.



Níor bh'fhada gur thuit an nídh sin díreach amach i dtaobh
na coda de chlainn Israéil a bhí i Samaría agus sa tír
a bhain leis an gcathair sin. Bhí rí d'ár bh'ainm Osé
ar Israél, i Samaría. Tháinig Salmanaser, rí Assuíria,
anoir agus mór shluagh aige. Thug sé aghaidh ar Osé
agus bhuaidh sé air. Do leog sé dhó fanmhaint 'n-a rí ach
cáin do dhíol leis féin. Do dhíol Osé an cháin ar feadh
tamail; ansan d'eirigh sé i gcoinnibh Shalmanaser.
Tháinig Salmanaser airís agus do imdhruid sé cathair
Shamaría. Do seashaimh an chathair 'n-a choinnibh ar feadh
trí mblian. Ansan do thóg sé an chathair. Ansan do
bhailigh sé muinntir na catharach agus muinntir na tíre
i dteannta chéile agus thóg sé leis soir iad chun a thíre
féin agus chuir sé uaidh anoir daoine ó'n dtír thoir chun


L. 567


na tíre thiar d'áitreabh. Na daoine do rugadh soir
d'fhanadar thoir. Níor thánadar thar n-ais riamh ó shin.
Do leathadar ar fuaid na tíre thoir go dtí go rabhadar
imthighthe gan tuairisg. Ní'l de thrácht ó shin ortha ach
gur bh'shin iad an deich treibh atá imthighthe gan tuairisg
as an dá threibh déag de chlainn Israéil.



CCXL.



TOBIAS.



Nuair a rug Salmanaser leis soir chun a thíre féin
a raibh de chlainn Israéil i Samaría agus sa tír a bhí ag
gabháil leis an gcathair sin, do rug sé leis, gan amhras,
rainnt daoine fóghanta chómh maith le n-a lán droch
dhaoine. Bhí an phoibilidheacht ag adhradh na ndéithe
fallsa, go h-áirithe ag adhradh na ngamhan óir úd a chuir
Ierobóam suas. Ach bhí daoine sa chathair sin nár chrom
glúin riamh chun na ngamhan san ná chun aon déithe fallsa
eile, ach do théidheadh ódheas go dtí cathair Ierúsalem
nuair a thagadh an t-am i gcomhnuidhe, chun Dia d'adhradh
mar a bhí órduighthe i ndlighe Mhaoise.



Bhí aoinne amháin de sna daoine fóghanta san agus
Tobias ab ainm dó. Fear macánta díreach diadha ab
eadh é. Do chómhlíonadh sé dlighe Dé go coínsiasach
fé mar a thagadh an tráth chun a cómhlíonta, agus do
chaitheadh sé a bheatha do réir na dlighe, ní h-amháin nuair
a bhíodh sé i gcathair Ierúsalem ag déanamh gnóthaí an
chreidimh ach i gcaitheamh na bliana go léir nuair a bhíodh
sé sa bhaile i Samaría.



Do rugadh soir go h-Assuíria é i dteannta na coda
eile de mhuinntir Shamaría. Nuair a bhí sé sa dúthaigh
thoir do chaith sé a bheatha díreach mar a chaith sé í laistiar,
go macánta díreach. Níor bh'fhada gur thug muinntir
na tíre thoir fé ndeara é. Chonacadar cad é an saghas


L. 568


é agus tháinig ana uraim acu dhó agus ana iontaoibh
acu as. Do h-innseadh do'n rí cad é an saghas é. Gur
bh'fhear é ná déanfadh eugcóir ar aon duine agus do
dhéanfadh gníomh deagh chómharsanachta ar Assuíriánach
chómh luath díreach agus dhéanfad sé ar Israélíteach
é nuair a chífadh sé gádh leis. Do thaithn san leis an rí
agus do tháinig as gur thug an rí do Thobias cead gluais-
te ar fuaid na tíre thoir pé treó 'n-ar mhaith leis é.
Nuair a thuig sé go mbíodh Tobias ag déanamh tairbhthe
d'aoinne de'n mhuinntir thoir a bhíodh 'n-a ghátar, chómh
maith agus dhéanfadh sé do dhuine d'á mhuinntir féin,
thug sé a dhóithin airgid dó, i dtreó go mbeadh ar a
chumas an mhaith do dhéanamh, ó bhí an fonn air chun a
dhéanta. Shiubhluigheadh sé a lán lastoir ach i Ninebheh
ba mhó a dheineadh sé cómhnuidhe.



'N-a shiubhaltaibh dó tríd an ndúthaigh tháinig sé go dtí
baile ar a dtugtí Rages, baile i dtír na Médach.
Do casadh air sa bhaile sin duine bocht gur bh'ainm dó
Gabélus. Israélíteach ab eadh é, agus de threibh Nephtalí
ab eadh é. De'n treibh chéadna san ab eadh Tobias féin.
Bhí Gabélus i bpúnc cruaidh. Bhí easba airgid air agus
ní raibh aon fhághail aige ar an airgead. Deich talaint
airgid a dhéanfadh a ghnó agus ní raibh aon fhághail aige
ar an oiread san. Thug Tobias an t-airgead dó agus
thug seisean admháil fé n-a láimh sa n-airgead do Thobias.
Do stad an méid sin gnótha ar an áith sin an uair sin.



Bhí mac ag Tobias agus Tobias ab ainm do'n mhac,
leis, Tobias óg. Do mhúin an t-athair a chreideamh go
maith do'n mhac agus do ghlac an mac an múine go maith.
Bhí an mac chómh macánta chómh díreach leis an athair,
agus fé mar a bhí sé ag eirighe suas do thug na daoine
go léir fé ndeara a fheabhas, agus deiridís gur bh'é
mac ab athaireamhla é d'á bhfeacadar riamh, ní h-amháin
'n-a phearsain ach 'n-a mheón agus i n'aigne, leis.



Bhí an sgéal go maith ag an dtriúr, ag Tobias óg
agus agá athair agus agá mháthair, an fhaid a mhair an rí


L. 569


Salmanaser. Ach do fuair Salmanaser bás agus
tháinig Sennacherib 'n-a dhiaidh 'n-a rí. Bhí an rí sin ag
cur cogaidh ar chathair Ierúsalem agus do chuir an
Tighearna aingeal uaidh chun slóighte an rí d'ídiú. Do
chonaic Sennacherib, um thráthnóna, a mhór shluagh
áluinn ar aghaidh catharach Ierúsalem amach agus bhí sé
lán deimhnightheach ná raibh aige le déanamh ar maidin
amáireach a bhí chughainn ach bualadh isteach agus an chathair
do thógaint. Bhí céad ocht ndeich a cúig de mhíltibh fear
aige (185,000). Nuair eirigh sé ar maidin agus d'fheuch
sé ar a shluagh isé rud a bhí aige 'ná céad ocht ndeich a
cúig de mhíltibh corp. D'imthigh sé soir abhaile agus
chrom sé ar a dhroch aigne d'imirt ar na h-Israélíteachaibh
bochta a bhí thoir i mbraighdineas aige.



CCXLI.



TOBIAS 'N-A DHALL.



Nuair a chuaidh Sennacherib soir abhaile chun a
thíre féin, tar éis céad ocht ndeich a cúig de
mhíltibh corp a dh'fhágáilt 'n-a dhiaidh sínte lasmuich
de chathair Ierúsalem, bhí, gan amhras, croidhe
cráidhte aige. Bhí fhios aige go maith gur le
cómhacht Dé chlainne Israéil a tháinig an bás
mírbhúilteach san ar a mhór shluagh i n-aon oidhche
amháin. Ach i n-inead é féin d'umhlú agus an Chómhacht
d'admháil is amhlaidh a thug sé srian d'á fheirg agus d'á
mhiosgais. Tháinig fuath malluighthe aige, ní h-amháin
do'n chuid de chlainn Israéil a bhí istigh i gcathair Ierús-
alem nuair a deineadh an t-éirleach ar a mhórshluagh,
ach do chlainn Israéil go léir, amuich agus i mbaile.
Do chrom sé láithreach ar a mhiosgais a dh'imirt ar an
gcuid de chlainn Israéil a bhí aige thoir i mbraighdineas.


L. 570


Nuair is maith le droch rí tíorántacht a dhéanamh ní
bhíon sé choidhche gan a dhóithin mór aige do sheirbhíseachaibh
umhala chun a dhroch thoile do chur i bhfeidhm dó go fonn-
mhar. Do fuair Sennacherib iad tiugh, agus do thuig-
eadar an rud a thaithn leis. Do thuigeadar an fuath a
bhí aige do sna h-Israélítigh bhochta a bhí sa tír agus do
chromadar ar na h-Israélíthigh do robháil agus do
mharbhú. B'éigean do Thobias teiche a' Ninebheh le n-a
anam. Ach pé áit 'n-a mbíodh sé bhíodh sé ag déanamh a
dhíthil do sna h-Israélítigh a bhíodh i gcruadhchás tré
thíorántacht Sennacherib. Do marbhuightí iad agus do
fágtí a gcuirp gan adhlacadh ar na bóithribh agus ar
na bántaibh. Dheineadh Tobias na cuirp sin a dh'adhlacadh
fé mar fhéadadh sé teacht ortha. D'airigh an rí go ndein-
eadh. Thug sé órdú uaidh Tobias féin do chur chun báis
agus a chuid do thógaint. B'éigean dó é féin a chimeád
i bhfolach ní b'fhearr. Ach bhí cáirde maithe aige ameasg
muinntir an rí féin. Níor chuaidh a dheagh chómharsanacht
gan a tuarastal. Ach níor mhair an rí abhfad. Fuair
sé bás agus bhí an saoghal go maith ag Tobias airís.
Do tugadh a chuid thar n-ais dó, agus a shean áit cómh-
nuighthe. Níor stad an eugcóir ar na h-Israélítigh,
ámhthach. Bhí cáirde ar dínnéar ag Tobias lá. I lár an
dínnéir do rith duine isteach agus dubhairt sé gur
marbhuigheadh Israélíteach amuich ar an mbóthar an uair
sin díreach. D'eirigh Tobias ó'n mbórd agus d'imthigh
sé amach agus thug sé leis isteach an duine marbh agus
chuir sé i n-áit fé leith istigh é agus nuair a tháinig an
oidhche do rug sé leis an corp agus d'adhlaic sé é mar
ba cheart. Dubhairt a cháirde leis go raibh eugcóir aige
'á dhéanamh air féin, go raibh sé 'ghá chur féin i gcon-
tabhairt agus nár cheart dó é, tar éis an anaithe a bhí
fághalta aige beagán aimsire roimis sin. Dubhairt
sé leó nár cheart do dhuine géille d'eagla daoine
roim eagla Dé, agus nár cheart corp a dh'fhágaint gan
adhlacadh pé rud adéarfadh aoinne.


L. 571


Do lean sé ag déanamh na maitheasa ach níor bh'fhada
gur bh'é toil Dé go dtáinig mífhoirtiún mhór air. Do
shín sé lá lasmuich d'á thigh i n-aice an fhalla agus do
thuit a chodladh air. Do thárla go raibh nead déanta ag
fáinleóig thuas fé sgeimhil an tighe, ag bara an fhalla,
díreach ar aghaidh a chinn suas. Do thuit cuid de shalachar
an éin anuas agus é bog teith, agus ar ádhmharaighe an
tsaoghail, ní h-eadh ach ar mhí-ádhmharaighe an tsaoghail,
cá dtuitfadh an salachar ach ar shúilibh an duine agus é
'n-a chodladh. Chuaidh cuid d'uisge an tsalachair isteach
in sna súilibh agus níor fhág sé aon léas radhairc ionta.
D'eirigh Tobias agus bhí sé 'n-a dhall. Ba mhór an tiobaist
é. Bhí an duine bocht go buartha agus go brónach. Ach
bhí sé sásta le toil Dé. Do ghaibh sé le n-ais an cruadhtan
san agus d'fhuilig sé é agus thug sé suas do Dhia é mar
shásamh i bpeacaíbh a shaoghail. Ansan, nuair nár fágadh
ar a chumas bheith ag déanamh a thuille tairbhthe ar an
saoghal so, bhíodh sé 'ghá iarraidh ar an dTighearna é
bhreith as an saoghal, dá mb'é a thoil naomhtha é, agus
suaineas an tsaoghail eile thabhairt dó.



Anna ab ainm d'á mhnaoi. Bhíodar ana dhealbh an
uair sin. Le bainistighe do chuir an bhean oiread airgid
le chéile agus do cheannaigh mionán gabhair. Cheannaigh
sí an mionán. Bhí Tobias gan radharc agus do tháinig an
mionán a gan fhios dó. Ach amach sa n-oidhche d'airigh sé
an mionán ag meigiolaigh. Tháinig eagla air go
mb'fhéidir gur b'amhlaidh a guideadh é. D'fhiafraigh sé
d'á mhnaoi ar bh'amhlaidh. Tháinig fearg uirthi agus
thug sí a lán droch chainnte dhó. Ar nós Ióib do dhein
sé an fhoidhne. Ach d'iarr sé airís ar an dTighearna, dá
mb'é a thoil naomhtha é, é bhreith as an saoghal.


L. 572


CCXLII.



ÓGÁNACH IASACHTA.



Nuair a bhí Tobias bocht 'n-a dhall agus é 'ghá iarraidh
ar an dTighearna é thógaint chuige féin as an saoghal
dá mb'é a thoil naomhtha é, do buaileadh isteach i n' aigne
go raibh gach aon deabhramh go n-éisteadh an Tighearna
le n-a ghuidhe agus ná raibh puinn eile aimsire aige le
caitheamh ar an saoghal so. Ansan do chuimhnigh sé ar
a mhac agus ar an airgead úd a thug sé ar iasacht do
Ghabélus. Ba mhaith leis an t-airgead san a dh'fhághail
thar n-ais i dtreó go bhféadfadh sé é fhágáilt agá mhac,
dá mb'é toil an Tighearna éisteacht le n-a ghuidhe agus
é thógaint as an saoghal. Ach conus a bheadh an t-airgead
thar n-ais aige? B'shiní an cheist. Ní fhéadfadh sé féin
dul go dtí Rages, an áit 'n-a raibh Gabélus 'n-a chómh-
nuidhe. Ní fhéadfadh an mac dul ann mar ní raibh eólus
na slighe aige. Ní raibh le déanamh ach dul agus a iarraidh
ar chómharsain éigin go raibh eólus na slighe aige dul
ann i n-aonfheacht leis an mac. Do ghlaoidh sé chuige
a mhac agus d'innis sé dhó cad a bhí ar a aigne.



“Isé mo thuairim láidir, a mhic,” ar seisean, “go
bhfuil mo thréimhse ar an saoghal so geall le bheith caithte.
Ní miste liom é bheith caithte, mar ní'l ar mo chumas
a thuille tairbhthe dhéanamh ar an saoghal so. B'fhéidir
gur chun mé chur ag cuimhneamh ar an saoghal eile agus
chun go n-ullmhóchainn me féin 'n-a chóir gur b'eadh do
cheaduigh an Tighearna an méid úd a dh'imtheacht orm, i
dtreó nuair a stadfadh radharc an tsaoghail seo dhom
gur bh'fhearrde a chuimhneóchainn ar an dTighearna
agus ar an saoghal eile. Nuair a bhead-sa imthighthe
tabhair-se aire mhaith dod' mháthair. Bíodh eagla an
Tighearna ort i gcómhnuidhe. Seachain uabhar agus
drúis agus gach sórd peacaí. Tabhair déirc do


L. 573


sna bochtaibh. Bí dílis ad' úrnuighthibh. Agus a
leithéid seo, a mhic,” ar seisean. Ansan d'innis
sé dhó i dtaobh an airgid a bhí aige ar Ghabélus, rud
nár innis sé riamh dó go dtí san. “Agus ba mhaith
liom go mbeadh an t-airgead san agat-sa. Tá an
admháil agam anso agus tabharfad duit í agus
féadfir féin dul agus an t-airgead a dh'fhághail.
Ní'l eólus na slighe agat. D'á bhrígh sin caithfir
dul amach agus feuchaint a' bhféadfá aon chómharsa
d'fhághail go bhfuil an t-eólus aige agus do raghadh
leat. Ní bheidh bac ort é dhíol as a thrioblóid nuair
a gheóbhair an t-airgead.”



D'imthigh Tobias óg amach ag lorg an ghiolla. Ní
raibh sé imthighthe abhfad ó'n dtigh nuair a bhuail uime
fear breágh dathamhail óg go raibh deabhramh
creideamhnach air, agus é gleusta fé mar a bheadh sé
ag dul ar aistear. Chuireadar stró ar a chéile.
Tar éis cúpla focal cainnte d'innis Tobias óg do'n
ógánach iasachta go raibh sé féin, leis, ag dul ar
aistear go tír na Médach, agus toisg gan eólus
na slighe a bheith aige go raibh sé ag dul ag lorg
giolla.



“Is chun na tíre sin na Médach atá mo thriall-sa
anois,” arsan t-ógánach iasachta, “chun an bhaile
ar a dtugtar Rages.”



“B'fhéidir go bhfuil mo ghiolla fághalta agam,”
arsa Tobias óg. “Ar mhiste leat a dh'innsint dom cé
h-é thu? Tobias is ainm domh-sa agus Tobias is
ainm dom' athair.”



“Tá aithne agam ar t-athair,” arsan t-ógánach,
“Israélíteach iseadh me,” ar seisean. “Chonac t-athair
i Rages uair.” “Tar isteach go bhfeicir anois é, má
'sé do thoil é,” arsa Tobias óg. Chuaidh sé isteach. Do
fuaradh go raibh aithne mhaith aige ar Ghabélus agus go
bhféadfadh Tobias óg dul i n-aonfheacht leis go dtí
Rages.


L. 574


CCXLIII.



AR BÓTHAR.



Thug an t-athair an admháil sa n-airgead do'n mhac.
Nuair a dh'innis Tobias óg a ainm agus ainm a athar
do'n ógánach iasachta d'innis seisean a ainm féin do
Thobias. Dubhairt sé gur bh'Asarias ab ainm dó agus
gur dhuin'uasal é.



Nuair a bhí gach nídh ullamh do ghluais an bheirt le cois
a chéile i dtreó tíre na Médach. Ní innstear a n-imtheach-
ta go dtí gur shroiseadar an abha mhór ar a dtugtar
an Tígris. Bhí an chuisidheacht ag goilleamhaint ar chosaibh
Thobiais. Do shuidh sé ar bhruach na h-abhan agus bhain
sé a bhróga dhe agus chuir sé a chosa síos i n-uisge na
h-abhan chun iad d'fhuaradh, agus bhí sé 'ghá nighe. Siúd
chuige tríd an uisge piarda d'iasg mhór. Bhí an t-iasg
ag déanamh air lom díreach fé mar a bheadh sé chun é
dh'ithe i n-aon lán béil amháin.



“Ó, a Asariais, a chara,” ar seisean, “tá sé ag
déanamh orm. Táim réidh.”



“Ní baoghal duit,” arsa Asarias leis, “cuir do
lámh i n-eochair an éisg sin agus tarraig as an uisge
é amach ar an bport.”



Do dhein Tobias mar adubhradh leis. Do tharraig
sé an t-iasg mór amach ar phort na h-abhan agus bhí
sé ag luaimnigh agus ag lúbharnaigh agá chosaibh.



“Osgail an t-iasg san,” arsa Asarias, “agus
bain na h-inní as agus chuir chughat a chroide agus a
dhomblas agus a ae, óir tá leigheas ionta.”



Do dhein Tobias mar adubhradh leis. Ansan do
dheineadar teine agus do róstadar cuid de'n iasg
agus do rugadar leó é mar lón bóthair. An méid
nár róstadar de do chuireadar ar salan é agus do
rugadar leó é, leis.


L. 575


Nuair a bhíodar ar bothar airís do labhair Tobias.
“A Asariais, a bhráthair,” ar seisean, “innis
dom led' thoil, cad iad na maithasaí chun leighis
atá in sna neithibh seo adubhraís liom a chimeád as
an iasg.”



“Dá gcurfá,” arsa Asarias, “blúire beag de
chroidhe an éisg sin ar sméaróidíbh do chuirfadh an
deatach, a dh'eireóchadh as, an uile shaghas deamhan chun
siubhail ó fhear nú ó mhnaoi, i dtreó ná casfidís a
thuille ortha. Agus dá mbeadh fionn ar shúil agus go
gcimileófí an domblas san di do leighisfí í.”



Bhí an oidhche ag teacht ortha. Do labhair Tobias.
“Cá'r mhaith leat go nglacfimís lóistin na h-oidhche,
a Asariais, a bhráthair?” ar seisean.



“Tá,” arsa Asarias, “fear 'n-a chómhnuidhe tamal
beag as so, agus Raguel is ainm dó, agus tá gaol
gairid aige led' threibh-se. Tá inghean aige agus Sara
is ainm di agus ní'l aon mhac aige ná aon inghean eile
ach Sara. Is duit-se atá a chuid go léir ag dul agus
caithfir an inghean do phósad. Ní'l agat ach í dh'iarraidh
ar a h-athair agus tabharfidh sé dhuit í mar mhnaoi.



Tháinig tocht ar Thobias, ach do labhair sé. “D'airigheas
teacht tháirse sin, a bhráthair,” ar seisean. “Do pósadh
í le mórsheisear fear i ndiaidh chéile, agus pé rud fé
ndeár é do fuair an uile dhuine de'n mhórsheisear fear
san bás, i ndiaidh chéile, chómh luath agus do pósadh iad.
Ca bh'fhios domh-sa 'ná go n-imteóchadh an íde chéadna orm
féin. Tá m'athair agus mo mháthair am' dhiaidh sa bhaile,
a Asariais, a bhráthair, agus dá n-imtigheadh aon droch
nídh orm-sa, nú dá dtagadh an-bhás orm isé a mbás-
san do thiocfadh as. D'airigheas gur b'amhlaidh a
tháinig an diabhal agus gur mhairbh sé gach duine de'n
mhórsheisear úd chómh luath agus do pósadh é.”



“Éist-se liom-sa, a mhic,” arsa Asarias, “agus
'neósfad duit cia h-iad go mbíon cómhacht ag an
ndiabhal os a gcionn nuair a bhíd siad ag cuimhneamh


L. 576


ar phósadh. Na daoine ná cuimhnighean 'n-a n-aigne
gur nídh naomhtha an pósadh, ná cuimhnighean ar Dhia,
agus ná h-iarran beannacht Dé ortha féin agus ar pé
sliocht ba thoil le Dia do chur chucha. Daoine ná bíon
ag cuimhneamh an uair sin ach ar shrian a thabhairt d'á
ndroch mhian. Daoine gur cuma iad, sa nídh sin, nú
an beithidheach allta. Siniad na daoine go mbíon cómhacht
ag an ndiabhal os a gcionn. Ní bheidh aon chómhacht aige
os do chionn-sa má ghlacan tú mo chómhairle-se. Nuair
a thógfir-se an cailín seo dein trí lá agus trí oidhche
do chaitheamh ad' sheómra, i ngeanmnaidheacht, gan baint
léi, ach tú 'ghá iarraidh ar Dhia a bheannacht do chur oraibh
araon. Cuir, an chéad oidhche, ae an éisg ar an dteine
agus díbireóchaidh an gal an annsprid as an áit;
ansan, an trímhadh h-oidhche, iarr beannacht Dé agus
na bpátriarc agus cuirfidh Dia an rath ort féin
agus ar do mhnaoi agus ar bhúr sliocht.”



CCXLIV.



CLEAMHNAS.



Measaim gur ceart a dh'innsint anso nár dhuine
shaoghalta Asarias. Aingeal ab eadh é. An
t-Árdaingeal Raphael isé a bhí ann. D'á bhrígh sin ní
gádh d'aoinne aon iongna bheith air mar gheall
ar dheatach ae an éisg mhóir a bheith ábalta ar an
áirseóir do dhíbirt. Do dhein Tobias an rud adubhairt
Asarias leis, chuir sé blúire d'ae an éisg ar an
dteine, ach le n-a linn sin do rug an t-árdaingeal
féin ar an áirseóir agus do cheangail sé é go
daingean sa bhfiantas uaigneach atá sa cheann teas
de'n Éigipt, mar a raibh sé fada go leór ó bheith


L. 577


ábalta ar aon díobháil a dhéanamh d'aoinne de'n
lánmhain óig.



Ach do chuaidh Tobias agus Asarias go tigh Raguel
agus do glacadh iad go fíor fháilteach. Chómh luath agus
d'fheuch Raguel ar Thobias óg dubhairt sé le n-a mhnaoi,
“Nách mór an deabhramh atá ag an bhfear óg san lem'
ghaol?” Ansan dubhairt sé leis an mbeirt, “Cad
as díbh, a bhráithre óga?” Agus dubhradar-san, “De
threibh Nephtalí iseadh sinn, de bhraighdineas Ninebheh.”



“An bhfuil aithne agaibh ar mo bhráthair Tobias?”
asra Raguel.



“Tá aithne againn air,” as siad san. Annsan bhíodar
ag éisteacht le Raguel ar feadh tamail agus é ag
moladh a bhráthar Tobias. Nuair a bhí cuid mhaith de'n
mholadh déanta aige do labhair Asarias.



“An Tobias san adeirir,” ar seisean, “isé athair
an fhir óig seo é.”



Chómh luath agus d'airigh Raguel an focal san do
dhein sé suas ar Thobias óg agus do rug sé baróg
tímpal an mhuiníl air agus bhí sé 'ghá phógadh go dlúth
agus ag sile na ndeór go bog. “Mo sheacht míle
beannacht ort, a mhic mo chroidhe,” ar seisean, “Is
mac fir fhóghanta thu.”



Do dhein Anna, bean Raguel, mar an gcéadna,
agus dhein a n-inghean, Sara, mar an gcéadna, agus iad
ag sile na ndeór go bog.



Ansan d'órduigh Raguel caoira do mharbhú agus
féasta d'ullmhú. Nuair a bhí an dínnéar ullamh, agus
adubhairt Raguel leis an mbeirt suidhe chun dínnéir,
dubhairt Tobias óg:—



“Ní iosfad-sa bia anso indiu, ná ní ólfad deoch,
go dtugair m'athchuinighe dhom, 'sé sin, go ngeallair
dom t'inghean Sara thabhairt dom.”



Nuair airigh Raguel an focal san tháinig sgannra
air. Bhí fhios aige cad d'imthigh ar na fearaibh a pósadh
cheana le Sara agus bhí eagla air go n-imteóchadh an


L. 578


rud céadna ar Thobias óg. Bhí tocht air agus níor
labhair sé. Nuair a bhí sé tamal gan labhairt do labhair
Asarias:—



“Ná bíodh aon eagla ort t'inghean a thabhairt do'n fhear
óg so,” ar seisean. “Fear óg iseadh é go bhfuil eagla
Dé air, agus is dó atá ceapaithe ag Dia t'inghean-sa
thabhairt mar mhnaoi, agus is mar gheall air sin nár
bh'fhéidir í bheith 'n-a mnaoi ag aon fhear eile.”



Do labhair Raguel ansan agus dubhairt sé:—



“Tá mo mhuinighin as Dia agam go mb'fhéidir go
bhfuil éistighthe aige lem' ghuidhe fé dheire, tar éis mo
dheór go léir agus mo bhuartha; agus gur b'é a chuir
chugham sibh-se i dtreó go bpósfí an cailín seo le fear
d'á daoine féin, do réir dlighe Mhaoise. D'á bhrígh sin
táim sásta agus gheóbhair í.”



Ansan do rug sé ar láimh dheis a inghine agus chuir
sé an lámh isteach i láimh dheis Thobiais agus dubhairt
sé:—



“Dia Ábrahaim agus Dia Isaaic agus Dia Iácoib
go raibh libh agus go ndlúthuighidh sé le n-a chéile sibh
agus go gcómhlíonaidh sé a bheannacht ionaibh.”



Ansan thóg sé páipéar agus do sgríbh sé an pósadh
ar an bpáipéar. Ansan do ghabhadar a mbuidheachas
le Dia agus do shuidhdar chun bídh agus bhí sógh agus
aoibhneas acu. Ansan do labhair a máthair, Anna,
le Sara:—



“Glac misneach, a 'nghean ó,” ar sise, “agus go dtug-
aidh Rí na bflathas áthas duit tar éis a bhfuil de bhuairt
curtha dhíot agat.”



Tar éis a suipéir a bheith caithte acu do cuireadh an
lánmha phósta isteach 'n-a seómra féin. Do chuimhnuigh
Tobias ar an gcainnt adubhairt Asarias leis. Thóg
sé amach as a mhála cuid d'ae an éisg mhóir úd agus
chuir sé ar an dteine é agus d'eirigh an deatach agus
an baluith. Bhí an t'áirseóir ann agus é ag feitheamh,
agus é ceapaithe ar Thobias do mharbhú chómh luath agus


L. 579


do shínfadh sé ar an leabaidh. Ach chómh luath agus d'eirigh
an deatach as ae an éisg do rug an t-Árdaingeal ar
an áirseóir agus cheangail sé é agus chuir sé, d'aon
urchar amháin, é ódheas ar fad go dtí an t-uaigneas
fiain atá sa cheann teas de'n Éigipt agus chaith sé
fanmhaint ann.



Ansan do labhair Tobias leis an gcailín:— “A
Shara,” ar seisean, “ní foláir dúinn an oidhche seo
do chaitheamh ag cur ár nguidhe suas chun Dé, agus an
lá amáireach, leis, agus an lá 'n-a dhiaidh, óir i gcaitheamh
an trí lá agus trí oidhche seo, is le Dia sinn agus
táimíd dlúithte le Dia. Is sliocht naomh sinn agus ní
h-ealaidh dhúinn teacht chun a chéile ar nós na n-Eitneach
atá gan aithne ar Dhia acu.” Ansan do luighdar
araon ar a nguidhe do chur suas chun Dé 'ghá iarraidh
ar Dhia a ghrásta thabhairt dóibh.



CCXLV.



BEANNACHT Ó DHIA.



Ní raibh, nídh nách iongna, aon phioc d'á fhios ag
Raguel go raibh an t-Árdaingeal Raphael, nú Asarias,
tar éis an deamhain do cheangal agus do chur ódheas i
n-uaigneas na h-Éigipte. D'á bhrígh sin, i n-aindeóin
na cainnte adubhairt Asarias, bhí gach aon eagla air
go mb'fhéidir go n-imtheóchadh ar Thobias óg an íde
chéadna a dh'imthigh ar an mórsheisear a pósadh le Sara
roimis. Níor chuaidh sé a chodladh. I lár na h-oidhche
do ghlaoidh sé chuige cuid d'á lucht oibre agus chuadar
amach go dtí áit a bhí oireamhnach chuige agus dheineadar
uaigh. Bhí sé tímpal an chéad ghlaodh 'choileach nuair
a thosnuighdar ar an uaigh do dhéanamh. Nuair a bhí an
uaigh déanta tháinig Raguel isteach agus do labhair
sé le n-a mhnaoi. “Abair,” ar seisean, “le duine


L. 580


éigin éalódh isteach sa tseómra feuchaint conus atá
an sgéal acu nú an bhfuil sé beó fós. Má tá sé beó
go dtí so tá an buadh aige.” Chuir an bhean cailín
aimsire chun an tseómra. Chuaidh an cailín isteach.
Fuair sí an bheirt 'n-a saoghal agus 'n-a sláinte agus
iad 'n-a gcodladh. Tháinig sí agus d'innis sí an sgéal
fóghanta. Ansan iseadh bhí an t-áthas ar an athair agus
ar an máthair. Ghabhadar a mbuidheachas leis an
dTighearna ó chroidhe. “Imthighidh,” arsa Raguel leis
an lucht oibre, “agus chuiridh an chré isteach airís sa
pholl úd a dheineabhair, agus bíodh an poll dúnta
agaibh sar a dtagaidh an lá.” D'imthighdar go fonnmhar
agus dhúnadar an poll agus is mó an fonn a bhí ortha
'ghá dhúnadh 'ná mar a bhí ortha 'ghá osgailt. Ansan
do labhair Raguel le n-a mhnaoi. “Ullmhuigh,” ar
seisean léi, “gach aon tsaghas lóin a theastóchadh ó
dhaoine a bheadh ag dul ar aistear.” D'imthigh sé féin
agus d'órduigh sé dhá mhart reamhra do mharbhú agus
cheithre mholtacháin, agus féasta mór a dh'ullmhú d'á
chómharsanaibh go léir agus d'á dhaoine muinnteartha
go léir.



Nuair eirigh Tobias ar maidin do chrom Raguel ar
thathant air fanmhaint aige ar feadh coigthís. Ansan do
thug sé suas do Thobias leath a mhaoine, agus dhein sé
sgríbhinn ag fágaint na cod' eile d'á mhaoin aige tar
éis a bháis féin agus tar éis bháis a mhná.



Ach bhí an dithineas abhaile ar Thobias. Do labhair sé
le h-Asarias:—



“A Asariais, a bhráthair,” ar seisean, “éist liom.
Dá dtugainn-se me féin suas duit ar fad chun bheith
am' sheirbhíseach agat ní bheadh leórghníomh diongabhálta
agam 'á dhéanamh leat as a bhfuil de thairbhthe agat 'á
dhéanamh dom. Ach dein an méid seo dhom i dteannta
na cod' eile. Tóg leat beithidhigh agus seirbhísigh agus
eirigh do dtí Rages, cathair na Médach, ag triall ar
Ghabélus, agus tabhair dó an sgríbhinn seo agus faigh


L. 581


uaidh an t-airgead agus iarr air teacht chun mo bhainise.
Is eól duit go bhfuil m'athair ag cómhreamh na laethanta,
agus gach lá sa mbreis a bhead gan dul abhaile gur lá
buartha dhó é. Agus chíon tú an tathant atá ag Raguel
'á dhéanamh orm, agus gur ró dheacair dom cur 'n-a
choinnibh.”



Do thóg Asarias ceathrar de sheirbhíseachaibh Raguel
agus dhá chamul agus d'imthigh sé go Rages. Fuair sé
amach Gabélus agus thug sé dhó an sgríbhinn agus fuair
sé an t-airgead uaidh, agus cuir sé fhiachaint air teacht
chun na bainise.



Nuair a tháinig Gabélus isteach i dtigh Raguel fuair
sé Tobias 'n-a shuidhe ag an mbórd; do léim Tobias
'n-a sheasamh agus phógadar a chéile go dlúth agus bhí
Gabélus ag sile deór agus chuir sé a bheannacht ar
Thobias, agus dubhairt sé:—



“Beannacht ó Dhia Israéil ort, a mhic an fhir fhóghanta!
a mhic an fhir go bhfuil eagla Dé air, agus a dheinean
an déirc go fial! Go gcuiridh Dia an rath ort féin
agus ar do mhnaoi agus ar bhúr n-aithreachaibh agus ar
bhúr máithreachaibh, agus go bhfeicidh sibh bhúr gclann agus
clann bhúr gclainne go dtí an trímhadh glúin agus go
dtí an ceathramhadh glúin. Agus go raibh beannacht ar
bhúr sliocht ó Dhia Israéil, Rí síoruidhe na bhflathas.”



Dubhairt gach aoinne “amen” leis sin, agus ansan
do shuidhdar chun bídh. Agus deir an Bíobla Naomhtha
aon fhocal amháin eile 'n-a dtaobh, 'sé sin, gur
dheineadar an bhainis sin mar a dhéanfadh daoine go
raibh eagla Dé ortha agus uraim acu do dhlighe Dé.



Ach d'á aindeóin báis do chuir an pósadh ríghneas ar
Thobias. D'á fheabhas dithineas a dhein sé leis an ngnó
do ghluais an aimsir. Ní raibh aon chuimhneamh ag an
athair ná ag an máthair sa bhaile go raibh aon rud i
bhfuirm pósta ná i bhfuirm bainise ar siubhal. D'á
bhrígh sin, nuair a bhí oiread aimsire imthighthe agus go
bhféadfadh an fear óg agus a ghiolla bheith i Rages


L. 582


agus thar n-ais ar a suaineas, agus gan iad ag teacht,
ná aon tuairisg uatha, bhí tocht agus brón agus eagla
ag teacht ar an mbeirt. Iad araon aosta agus duine
acu 'n-a dhall agus an t-aon mhac amháin a bhí acu, a
dtaca agus a dteannta i ndeire a saoghail, imthighthe
uatha.



CCXLVI.



BUAIRT AIGNE.



Bhí an pósadh déanta agus an chóisre ar siubhal lastoir
i dtigh Raguel agus bhí Raguel agus a bhean agus muinntir
a theaghlaigh ag moladh Dé go h-árd agus áthas cléib
ortha, agus Raguel ag déanamh a dhíthil a d'iarraidh go
bhfanfadh an lánamha óg aige ar feadh an choigthís. Ach
bhí a mhalairt sin de sgéal laistiar i Ninebheh mar a
raibh an tseana lánamha, agus duine acu 'n-a dhall. Bhí
an mháthair tar éis na laethanta do chómhaireamh go
cruinn ó'n lá a dh'imthigh a mac agus an giolla a bhí
chun eóluis na slighe a dhéanamh. Bhí sí buartha go leór
'n-a h-aigne an fhaid a bhí na laethanta ag imtheacht nár
bhfoláir a dh'imtheacht sar a bhféadfadh a mac agus a
ghiolla bheith i Rages agus thar n-ais. Ach nuair a bhí an
méid sin laethanta imthighthe, agus nuair a bhí lá imthighthe
'n-a dteannta, agus ansan dhá lá agus ansan trí lá,
bhí ag brise ar an bhfoidhne aici. Bhíodh sí ag rith amach
ar na cnocánaibh ag feuchaint ar na bóithribh anoir,
ag faire chúichi, agus nuair a chíodh sí daoine ag teacht
mheasadh sí go minic gur bh'iad a beirt féin a bhíodh ann
go dtí go dtagaidís i gcómhgar di agus go bhfeiceadh
sí nár bh'iad. Ansan do ritheadh sí isteach agus í ag
gol go dúbhach agus go croidhe-bhriste, agus, “Ochón
ó,” adeireadh sí, “is truagh chráidhte mar a bhí sé riamh
ann mar airgead! Mhairfimís i n'éaghmais ó thugais
uait é, agus bheadh ár mac againn. Tá droch nídh éigin


L. 583


imthighthe air. Cad a bheadh 'ghá chimeád ach rud éigin a
bheith imthighthe air sa dúthaigh iasachta san agus gan aithne
ar aoinne aige?”



“Éist anois agus ná bí ag gol,” adeireadh Tobias
léi, “ní'l baoghal air. Tabharfidh an Tighearna thar
n-ais chughainn é 'n-a shaoghal agus 'n-a shláinte. Is 'mó
rud a chuirfadh ríghneas air. B'fhéidir ná raibh Gabélus
sa bhaile roimis, agus b'fhéidir go mb'éigean do'n bheirt
acu Gabélus do leanmhaint go dtí cathair éigin eile.
Tá iontaoibh mhór agam as an ógánach úd, agus tá eólus
maith aige ar na dúthaíbh úd lastoir. Ní'l aon bhaoghal
ar do mhac. Tabharfidh an Tighearna abhaile chughat é.”



Chuir an chainnt sin rainnt suainis aigne ar an mnaoi,
ach níor chimeád san í gan bheith ag rith amach ar an
gcnocán agus ag feuchaint soir.



Bhí fhios ag Tobias óg conus a bheadh an sgéal 'n-a
dhiaidh sa bhaile agus bhí ana dhithineas air chun gluaiste.



“Fan anso ar do shuaineas againn,” arsa Raguel,
“agus cuirfad-sa teachtaire siar go dtí Ninebheh ag
triall ar do mhuinntir 'ghá innsint dóibh go bhfuilir go
maith agus go mbeidh tú chucha siar abhaile gan puinn
ríghnis.”



“Ná h-iarr orm a thuille ríghnis a dhéanamh,” arsa
Tobias óg. “Is me féin an teachtaire is fearr agus
is me féin atá uatha. Sgaoil uait me i n-ainm an
Tighearna.”



Nuair a chonaic Raguel nár bh'aon mhaith bheith leis, do
chruinnigh sé i dteannta chéile leath a raibh de mhaoin
shaoghalta aige, idir thréadaibh agus eallach agus airgead
agus ór agus ollmhaitheas, agus thug sé dhó é agus do
sgaoil sé chun bóthair é féin agus a bhean agus a ghiolla
agus leath a raibh de sheirbhíseachaibh aige, idir fhearaibh
agus mná agus buachaillí agus cailíní. I gcás go raibh
sé i n'fhear shaidhbhir ag imtheacht dó ó mhuinntir a chéile.
Thug Raguel a bheannacht dó. “Aingeal naomhtha an
Tighearna,” ar seisean, “go raibh i n-aonfheacht leat


L. 584


ar an slighe, agus gura slán a gheóbhair t'athair agus
do mhathair rómhat sa bhaile, agus go gcuiridh an Tighearna
an rath ort féin agus ar do mhnaoi, agus go bhfeicead-
sa bhúr gclann sar a dtagaidh an bás orm!”



Do chuir a máthair a beannacht ar Shara, leis, agus
thug sí cómhairle agus teagasg di i dtaobh cúraim
tighe agus muinntire.



CCXLVII.



FÉASTA SA BHAILE.



Bhí Tobias óg agus Asarias agus Sara agus an
chualacht go léir ag teacht abhaile go dtí Ninebheh,
agus toisg oiread san daoine agus beithidheach a bheith
ag teacht i dteannta chéile níor bh'fhéidir dóibh teacht
ach go mall, pé dítheal a dhéanfidís ar an slighe do chur
díobh. Bhíodar aon lá dhéag ar an mbóthar agus ní raibh
ach leath na slighe curtha dhíobh acu. Agus i gcaitheamh na
h-aimsire sin go léir bhí an mháthair bhocht ag rith amach
ar an gcnocán, thiar sa bhaile, ag faire chúichi feuchaint
an bhfeicfadh sí aon radharc d'á mac agus d'á ghiolla
ag teacht. Nuair a bhíodh sí cortha de bheith ag faire
do ritheadh sí isteach, ach ní fada a bhíodh sí istigh nuair
a ritheadh sí amach airís.



Fé dheire do labhair an giolla le Tobias. “A
Thobiais, a bhráthair,” ar seisean, “is eól duit conus
fhágais t'athair. Má 'sé do thoil é, d'á bhrígh sin,
imthighmís-ne ar aghaidh agus leanadh do bhean agus
do mhuinntir sinn ar a suaineas, iad féin agus na
beithidhigh.” Do thaithn san le Tobias, agus ansan
dubhairt an giolla leis: “Tabhair leat cuid de
dhomblas an éisg úd mar beidh gnó agat de.” Do chuir
Tobias chuige cuid de'n domblas agus ghluaiseadar
go mear. Bhí an mháthair ar mhullach an chnocáin i n-aice


L. 585


an bhóthair agus í ag feuchaint soir, ag faire chúichi. Fé
dheire chonaic sí an bheirt ag teacht. Do rith sí isteach
agus d'innis sí d'a fear go raibh an mac ag teacht. “Tá
do mhac ag teacht chughath abhaile,” ar sisi. Bhí gadhar
leó le cois an mhic ó fhág sé an bhaile, bhí an gadhar le
n-a chois ar an gcuma gcéadna agus é ag teacht. Nuair
a bhíodar ag teacht i gcómhgar do'n bhaile do rith an
gadhar rómpa amach agus do shrois sé an baile tamal
sar ar shroiseadar san é. Do rith sé isteach ag luthtáil
agus ag léimrigh agus ag suathadh a eireabail le h-áthas.
D'aithin an bheirt an gadhar agus siúd amach iad, an
dall bocht ag gliúmáil le n-a lámhaibh, a d'iarraidh gan
bualadh i gcoinnibh aon nídh do leagfadh é nú do ghortóch-
adh é.



Do labhair an giolla le Tobias óg. “Nuair a raghair
isteach sa tigh anois,” ar seisean, “dein do Thighearna
Dia d'adhradh láithreach agus buidheachas a ghabháil leis.
Ansan eirigh chun t'athar agus tabhair póg dó. Ansan
cimil d'á shúilibh an domblas san an éisg atá agat,
agus bí deimhnightheach de go n-osgalófar a shúile láith-
reach. Chífidh t'athair solus neimhe, agus chífidh sé thusa
agus beidh áthas air.”



D'imthigh Tobias i dtreó an tighe roimis an ngiolla.
Chonaic sé a athair ag teacht 'n-a threó agus greim ar
láimh ag seirbhíseach air, toisg é bheith dall. Do phóg an
t-athair agus an mháthair an mac agus iad ag sile deór
le méid a n-áthais. Ansan d'adhradar Dia na Glóire.
Ansan do shuidhdar i dteannta chéile. Ansan do
tharraig Tobias óg chuige an domblas a bhí i gcimeád
aige agus chimil sé de shúilibh a athar é. I gceann leath
uair a'chluig nú mar sin do thosnuigh sganán éigin bán,
rud mar an sganán a bhíon ar ubh laistigh de'n phlaosg,
ar theacht amach as na súilibh. Do rug an mac ar an
sganán agus tharraig sé amach as na súilibh é. Chómh
luath ag bhí an sganán tarraigthe amach asta bhí an dá
shúil chómh glan agus bhíodar riamh agus an radharc go


L. 586


h-áluinn ionta. Bhí a radharc airís ag an seanduine;
ansan iseadh thugadar go léir glóire agus onóir do
Dhia, agus buidheachas ó chroidhe, agus moladh go h-árd,
iad féin agus muinntir an tighe go léir. Ansan do
labhair an seanduine ag gabháil a bhuidheachais leis an
dTighearna.



“Molaim thu, a Thighearna Dia Israéil,” ar seisean.
“Do smachtuighis me, agus d'fhuasgalais me, agus feuch,
chím mo mhac Tobias. Moladh lem' Thighearna Dia!”



I gceann seacht lá 'n-a dhiaidh san tháinig Sara, bean a
mhic, agus an mhuinntir go léir, agus na beithidhigh go
léir, agus an t-ollmhaitheas go léir, agus an flúirse
óir agus airgid, spré na mná. Agus 'n-a theannta san
an t-airgead a fuaradh ó Ghabélus.



Ansan thug Tobias óg d'á athair agus d'á mháthair
cúntas cruinn ar gach nídh d'ár thárla dhó ó fhág sé an
baile go dtí gur tháinig sé thar n-ais chucha, agus d'innis
sé dhóibh cad iad na tairbhthí móra maithe a bhí déanta
dhó ag an ngiolla Asarias. Ansan tháinig Achior agus
Nabat, beirt daoine muinnteartha do Thobias, 'ghá
innsint dó cad é an t-áthas a bhí ortha mar gheall ar na
neithibh fóghanta go léir a bhí déanta ag an dTighearna
dhó.



Bhí cóisre eile acu ansan. Dhein Tobias féasta mór
d'á dhaoine muinnteartha go léir agus do lean an
féasta san ar feadh seachtmhaine, agus bhí áthas mór
ar gach aoinne.



CCXLVIII.



AN t-ÁRDAINGEAL.



Nuair a bhí an tarna cóisre críochnuighthe agus na
daoine muinnteartha agus na cómharsain imthighthe abhaile
do ghlaoidh Tobias chuige a mhac agus do labhair sé leis.


L. 587


“Feuch, a mhic,” ar seisean, “cad is ceart dúinn a
thabhairt do'n fhear óg san a chuaidh i n-aonfheacht leat-sa
soir ag taisbeáint na slighe dhuit? Fear maith iseadh é
agus duine naomhtha iseadh é, agus tá mórán tairbhthe
déanta aige dhúinn. Cad is dóich leat is ceart dúinn
a thabhairt dó?”



“Siní an cheist, a athair,” arsa Tobias óg. “Cad é
an tuarastal a dh'fhéadfimís a thabhairt dó do dhíolfadh
é as a bhfuil de thairbhthe déanta aige dhúinn? Do
stiúruigh sé mise soir go dtí an dúthaigh úd thoir agus
thug sé slán anoir airís me. Do fuair sé an t-airgead
ó Ghabélus dom. Dhein sé an cleamhnas dom agus chuir
sé mo bhean am' threó agus mise 'n-a treó san. Do
dhíbir sé an annsprid uaithi agus chuir sé áthas ar a
h-athair agus ar a máthair. Do thug sé me féin saor
ó'n iasg úd a bhí ar tí mé shlogadh. Thug sé radharc
do shúl duit-se féin, i dtreó gur féidir duit
feuchaint ad' thímpal ar an saoghal agus ar na
daoine. Tá gach aon rud d'á fheabhas déanta aige
dhúinn. Táimíd lán de shaidhbhreas tré n-a bhfuil
déanta aige dhúinn. Ní féidir dúinn aon díoluidheacht
a thabhairt dó a bheadh i gcomhthrom le n-a bhfuil
déanta aige dhúinn. Ach feuch, a athair, labhair-se leis
agus abair leis d'á mb'é a thoil a bhfuil againn do
ghlacadh chuige féin go mbeimís buidheach de.”



Ansan do ghlaoidh an bheirt air agus do rugadar
leó i leithtaoibh é agus chromadar ar thathant air leath a
raibh de shaidhbhreas acu do ghlacadh chuige féin mar
thuarastal as a raibh déanta aige dhóibh. Ansan dubhairt
sé leó, fé rún; “Tugaidh moladh do Dhia na bhflathas,
agus tugaidh glóire dhó i radharc a bhfuil beó ar an
saoghal de dhaoinibh, óir tá sé tar éis a thrócaire
thaisbeáint daoibh. Óir is maith an rud rún an rí do
cheilt, ach is rud áluinn uasal oibreacha Dé do nochtadh
agus d'admháil. Is mó an tairbhthe úrnuighthe agus
trosgadh agus déirc 'ná stórus óir do chur i gcimeád.


L. 588


Óir saoran déirc duine ó'n mbás, agus glanan déirc
duine ó pheacaíbh agus cuirean sí i dtreó é chun na
trócaire dh'fhághail, agus chun na beatha síoruidhe
dh'fhághail. Ach an mhuinntir a dheinean an peaca agus
an mhalluightheacht is namhaid d'á n-anam féinig iad.
Nochtfad an fhírinne dhaoibh anois, d'á bhrígh sin, agus
ní cheilfad an rún oraibh feasta. Nuair a bhíothá ag
guidhe go deórach, agus ag adhlacadh na marbh, agus
nuair fhágthá do chuid bídh agus nuair a churthá an corp
i bhfolach ad' thigh féin i gcaitheamh an lae agus d'adhlacthá
é sa n-oidhche, bhíodh do ghuidhe agam-sa dh'á bhreith suas
chun an Tighearna. Ach ó bhís taithneamhach i láthair Dé
níor bh'fholáir thu thriail le fromadh agus le trioblóid-
íbh. Agus anois do chuir an Tighearna uaidh mise chun
tusa do leigheas agus chun Sara, bean do mhic, d'fhuas-
gailt ó'n annsprid, óir is me an t-aingeal Raphael,
aon de'n mhórsheisear a bhíon i n-ár seasamh os cómhair
an Tighearna.”



Nuair airigh an bheirt na neithe sin do tháinig sgannra
agus critheagla ortha agus chaitheadar iad féin anuas ar
an dtalamh ar a n-aghaidh. Agus dubhairt an t-aingeal
leó: “Síothcháin díbh. Ná bíodh aon eagla oraibh, óir
nuair a bhíos-sa i nbhúr bhfochair is le toil Dé a bhíos
ann. Is dó san a thabharfidh sibh buidheachas agus moladh.
Do shamhalabhair-se mé bheith ag ithe agus ag ól i nbhúr
bhfochair, ach caithim-se bia ná feictear agus deoch nách
féidir do shúil duine a dh'fheisgint. Is mithid dom,
ámhthach, dul thar n-ais ag triall ar an té do chuir uaidh
me. Ach bídhidh-sé ag moladh Dé agus ag craobhsgaoile
a oibreacha mírbhúilteacha.”



Nuair a bhí an méid sin ráidhte aige do tógadh as a
radharc é agus níor fhéadadar é fheisgint a thuille.
Ansan d'fhanadar sínte ar a n-aghaidh ar an dtalamh
ar feadh trí n-uaire chloig agus iad ag moladh Dé agus
ag breith a mbuidheachais leis. Ansan d'eirighdar agus
d'innseadar an sgéal go léir d'á gcómharsanaibh. Do


L. 589


thuig na cómharsain gur bh'iongantach agus gur mhírbhúil-
teach an sgéal é. Chuir sé misneach mór ar an méid de
chlainn Israéil a bhí i mbraighdineas sa n-áit sin an
uair sin, agus tá sé tré ghrásta Dé, ag cur misnigh
riamh ó shin ar na Críostaidhthibh a bhíon ag folag cruadhtan
ar an saoghal so, ó theinneas agus ó bhreóiteacht, agus
ag glaodhach ar Dhia 'ghá iarraidh air an tÁrdaingeal
Raphael do chur le cabhair chucha.



CCXLIX.



FUAIR TOBIAS BÁS.



Bhí Tobias sé bliana déag agus dachad nuair a
baineadh radharc a shúl de. Bhí sé cheithre bliana 'n-a
dhall. Bhí sé trí fichid nuair a tháinig a mhac abhaile
chuige agus a thug an t-Árdaingeal Raphael a radharc
thar n-ais dó. Bhí saoghal sámh aige i Ninebheh as san
amach ar feadh dhá bhliain agus dachad. I gcaitheamh na
h-aimsire sin thug Dia de shólás dó go bhfeacaidh sé
clann a mhic ag eirighe suas, 'n-a mbuachaillíbh
grástamhala agus 'n-a bhfearaibh maithe creideamhnacha,
mar ba dhual athar agus seanathar dóibh a bheith. Bhí
mórsheisear acu ann. Bhí uraim acu d'á n-athair agus
d'á seanathair, agus bhí árd mheas ortha agá n-athair
agus agá seanathair agus agá gcómharsanaibh go léir.



Nuair a bhí Tobias dhá bhliain agus céad do thuig sé
go raibh an t-am tagaithe dhó chun imtheacht as an saoghal
so. Do ghlaoidh sé chuige a mhac agus clann a mhic, an
mhórsheisear fear óg san, agus do labhair sé leó:—



“Feuch,” ar seisean, “a chlann ó, tá an chathair seo
Ninebheh ag dul i n-olcas agus i n-olcas i n-aghaidh an
lae. An íde atá aici 'á thuilleamh le fada tá sé
buailte léi feasta: ní foláir briathar an Tighearna do
chómhlíonadh. Agus ár mbráithre atá sgaipithe i gcéin ó


L. 590


thalamh Israéil tiocfid siad thar n-ais airís chun a dtíre
féin. An tír sin atá anois 'n-a h-uaigneas bheidh sí lán
de dhaoine, agus teampul mór an Tighearna, atá dóighte
'n-a chablach, curfar suas airís é, agus na daoine go
léir go bhfuil eagla Dé ortha tiocfid siad thar n-ais
chuige. Agus tréigfid na geinte a n-íodail agus tiocfid
siad go dtí Ierúsalem agus déanfid siad cómhnuidhe
ann. Agus beidh righthe an domhain go léir lán d'áthas
mar gheall air agus iad ag adhradh Rí Israéil. Éistidh,
d'á bhrígh sin, a chlann ó, le nbhúr n-athair. Bídhidh dílis
do'n Tighearna i bhfírinne agus deinidh dítheal ar an
rud a thaithnfidh leis a dhéanamh, agus cuiridh fhiachaint
ar bhúr gclainn fíoraontacht a dhéanamh agus déirc
a dhéanamh, agus bheith ag cuimhneamh ar Dhia, agus bheith
ag moladh Dé i gcomhnuidhe, go fírinneach, agus le lán
chumas. Agus feuch, a chlann ó, ná fanaidh sa n-áit seo.
Chómh luath agus a dhéanfidh sibh mise d'adhlacadh i n-aice
bhúr máthar, sinn araon, i n-aon uaigh amháin, fágaidh
an áit seo gan a thuille ríghnis, mar chím go dtabharfidh
malluightheacht na ndaoine íde ó Dhia ar an gcathair
seo.”



Ansan fuair Tobias bás agus d'adhlacadar é. Agus
tamal 'n-a dhiaidh san fuair an bhean bás agus d'adhlaca-
dar í, i n-aice a fir, mar a bhí órduighthe aige. Ansan
do chruinnigh Tobias óg a raibh de mhaoin shaoghalta aige
agus d'imthigh sé féin agus a bhean agus a chlann soir
ag triall ar mhuinntir a chéile. Ní gádh a rádh go raibh
míle fáilte rómpa thoir. Fuair sé an tseana lánamha
'n-a saoghal agus 'n-a sláinte ach iad a bheith aosta go
maith. Do tugadh a ghuidhe do Raguel. Fuair sé ó Dhia
clann a inghine dh'fheisgint sar a dtáinig an bás air.
Thug Tobias óg aire mhaith do'n bheirt chríona go dtí
go bhfuaradar bás. Ansan bhí tigh Raguel aige agus a
shaidhbhreas go léir fé mar a socaruigheadh nuair a
deineadh an pósadh agus an sgríbhinn úd.



Do mhair Tobias óg féin sa n-áit thoir go dtí go raibh


L. 591


sé naoi mbliana déag agus cheithre fichid agus go
bhfeacaidh sé clann a chlainne go dtí an cúigmhadh glúin.
Fuair sé féin agus a chlann uraim agus creideamhaint
ó sna cómharsanaibh go léir, mar do chonacadar conus
mar a bhí a shaoghal ar fad caithte aige i bhfíoraontacht
agus i n-eagla Dé. Agus an uraim a bhí ag daoine dhó
féin agus d'á athair do lean an uraim chéadna ag daoine
d'á chlainn agus d'á gclainn sin airís, ar feadh mórán
aimsire, i dtreó go ndeirtí go raibh Dia agus daoine
buidheach díobh.



Tá aon fhocal amháin sa Bhíobla i dtaobh bháis Tobiais
óig. Deirtear:—



“Tar éis naoi mbliana déag agus cheithre fichid a
bheith caithte aige i n-eagla an Tighearna is le h-áthas a
dh'adhlacadar é.”



Ní déarfí an focal san anois i dtaobh aon duine.
Déarfí go raibh buairt ortha pé olc maith an duine
bheadh dh'á adhlacadh. Ní foláir a dh'admháil go bhfeacaidh
na daoine naomhtacht thar barr sa duine treás gur chuir
a naomhthacht áthas ortha agus iad ag sgaramhaint leis,
an bás 'ghá bhreith uatha.



CCL.



ESECIAS.



An fhaid a bhí an méid úd gnótha 'á dhéanamh i Ninebheh
agus in sna dúthaíbh lastoir de Ninebheh bhí gnóthaí eile
ar siubhal laistiar i dtíorthaibh Israéil, agus go mór mór
i gcathair Ierúsalem. Bhí righthe Ierúsalem ag dul i
n-olcas fé mar a thagaidís, agus bhí na daoine ag dul
i n-olcas fútha. Tháinig, ámhthach, rí fóghanta ortha.
Esecias ab ainm dó. Deir an Bíobla 'n-a thaobh gur
dhein sé an mhaith i láthair an Tighearna Chuir sé cosg,
chómh maith agus d'fhéad sé é, leis an íodaladhradh. Do


L. 592


raob sé na h-áiteana ar a dtugtí “áiteana árda,”
mar a mbíodh na coillte beaga agus na h-altóracha
págánacha, agus na gnóthaí gráineamhla dh'á ndéanamh.
Do leag sé na coillte beaga agus do bhris sé na
h-altóracha salacha.



An nathair práis úd a chuir Maois suas abhfad roimis
sin, le h-órdú an Tighearna, chun na ndaoine do leigheas
nuair a bheireadh na h-aithireacha nímhe ortha, do cimeádadh
é sa Tabernacul i gcaitheamh na gcéadta blian go
léir. Ach nuair a bhí mórán de sna daoine imthighthe i
ndiaidh na págánachta ar fad do chromadar ar an nathair
práis a dh'adhradh. Dheineadar íodal de agus bhídís ag
dógh túise chuige. An onóir ba cheart a thabhairt do
Dhia bhíodar 'á tabhairt do'n nathair práis. Chonaic an
rí Esecias an droch obair sin. Do bhris sé an nathair
práis go mion agus thug sé Nohestan mar ainm air,
'sé sin, an blúire práis. Dhein sé gach nídh do réir
dlighe Mhaoise agus moltar é go mór sa Bhíobla. Ach
do buaileadh breóite é agus bhí sé i n-uacht bháis, agus
tháinig Isáias fáig ag triall air agus dubhairt sé leis:
Seo mar adeir an Tighearna: Dein socarú i dtaobh do
theaghlaigh, mar gheóbhair bás, agus ní fhanfir beó. D'iom-
puigh Esecias a aghaidh isteach ar an bhfalla nuair airigh
sé an focal san agus chrom sé ar ghuidhe chun Dé:
“Ó, a Thighearna,” ar seisean, “cuimhnigh ar conus
mar atá siubhalta agam os do chómhair i bhfírinne agus
i bhfíoraontacht croidhe, agus gur dheineas an rud a
bhí taithneamhach ad' láthair,” agus bhí sé ag sile deór go
dian. Agus sar a raibh uain ag Isáias ar dhul thar lár
na cúirte amach tháinig focal an Tighearna chuige 'ghá
rádh: “Eirigh thar n-ais agus abair le h-Esecias, ceann
uraid mo phobuil: ‘Seo mar adeir Tighearna Dia t'athar
Dáibhid: Tá éistighthe agam led' ghuidhe, agus chonac do
dheóra, agus feuch, táim tar éis thu do leigheas. An
trímhadh lá raghair suas chun teampuil an Tighearna.
Agus cuirfad chúig bliana déag mar bhreis ar do laethibh,


L. 593


agus fuasgalóchad tu féin agus an chathair seo a' laímh
rí na n-Assuíriánach, agus cosanóchad an chathair seo
ar mo shon féin agus ar son mo sheirbhísigh Dáibid.’”
Agus dubhairt Isáias: “Tugtar chugham mám fígí.”
Thugadar chuige iad agus chuir sé ar iosgóid an rí iad
agus do leighiseadh an rí. Agus ansan dubhairt Esecias
le h-Isáias: “Cad é an cómhartha a bheidh agam air go
leighisfidh an Tighearna me agus go raghad suas chun
an teampuil an trímhadh lá?” Agus dubhairt Isáias:
“Sidé an nídh a bheidh 'n-a chómhartha agat ó'n dTighearna
go ndéanfidh an Tighearna an nídh atá ráidhte aige:
An toil leat an sgáil ar an ngréinlic do dhul ar agaidh
deich líne nú í dhul i ndiaidh a cúil deich líne?” Agus
dubhairt Esecias: “Is uiriste do'n sgáil dul ar aghaidh
deich líne: agus ní h-áil liom go ndéanfí an nídh sin,
ach téidhadh sí i ndiaidh a cúil deich líne.” Ansan do
ghlaoidh Isáias fáig ar an dTighearna agus do chuir an
Tighearna an sgáil deich ngráda i ndiaidh a cúil do réir
na línteacha a bhí curtha dhi aici ar ghréinlic Achais.



Tháinig Esecias chuige féin agus do mhair sé na chúig
bhliana déag a gealladh dó, agus chaith sé an méid sin
aimsire go maith, ag déanamh a dhíthil chun na ndaoine
do thabhairt thar n-ais chun na fírinne agus chun a chur
fhiachaint ortha a leas do dhéanamh, ar an saoghal so agus
i gcóir an tsaoghail eile. Ba mhaith í cómhairle Isáiais
dó chuige sin, agus deir an Bíobla gur lean sé an
chómhairle i gcómhnuidhe.



CCLI.



MANASSES.



Ach do críochnuigheadh na chúig bhliana déag agus fuair
Esecias bás. Bhí mac aige ná raibh ach dhá bhliain déag an
uair sin. Manasses ab ainm dó. Do ghaibh sé an rígheacht


L. 594


i ndiaidh a athar, agus do b'olc an díol air é. Níor
bh'fhada gur loit sé an uile bhlúire de'n mhaitheas a bhí
déanta agá athair. Do bhuaidh sé i ndéanamh an uilc ar
ar tháinig roimis de dhroch righthibh. Do mheall sé na
daoine thar n-ais airís chun na págánachta agus chun na
ngráineamhlachtaí a bhain leis an bpágánacht. Dhein sé
ídhbirt chun Baal agus chuir sé íodal suas sa teampul
féin. Aon duine do labhair focal 'n-a choinnibh chuir
sé chun báis é, i dtreó go raibh fuil daoine naomhtha 'n-a
caisíbh ar shráidibh catharach Ierúsalem. Chuir sé Isáias
fáig chun báis i dteannta na cod' eile de sna daoine
naomhtha.



Ansan do tháinig ar rígheacht Iúda agus ar chathair
Ierúsalem an íde chéadna a bhí tagaithe rainnt blianta
roimis sin ar rígheacht Israéil agus ar chathair Shamaría.
Tháinig muinntir Bhaibilóin anoir agus chuadar isteach
ar thír Iúda. Thug Manasses iarracht ar an dtír do
chosaint ortha, ach bhriseadar cath air agus dheineadar
príosúnach de agus cheangaladar é agus do rugadar leó
soir go Baibilóin é; an fhaid a bhí sé anrúd thoir do
cuireadh a lán cruadhtain air. Nuair a bhí an cruadhtan
air do dhein sé a mhachtnamh. Ag machtnamh dó do thuig
sé i n'aigne gur le toil Dé a tháinig an cruadhtan san
air mar gheall ar na droch bheartaibh a bhí déanta aige i
gcathair Ierúsalem. Do chrom sé ar aithrighe dhéanamh.
Do dhein sé an aithrighe chómh dúthrachtach san gur bh'e
toil Dé aigne rí Bhaibilóin d'atharú 'n-a thaobh, i dtreó
gur cuireadh thar n-ais go dtí Ierúsalem é agus gur
cuireadh suas airís 'n-a rígheacht féin é. Ansan dhein
sé a dhítheal chun an uilc a bhí déanta aige do leigheas
chómh maith agus do b'fhéidir é. Bhí sé chúig bliana déag
agus dachad 'n-a rí. An fhaid a bhí sé thoir i mBaibilóin
'n-a phríosúnach agus cruadhtan an phríosúnaigh aige dh'á
fholag do chuaidh 'n-a luighe ar a aigne go daingean ná
fuil sa rí is aoirde, pé órnáidí a bhíon 'n-a thímpal, ach
mar aon daonaidhe bocht eile a cuireadh ar an saoghal so


L. 595


le cómhachtaibh Dé; nuair a deintear príosúnach de'n
rí gur measa go mór an sás cruadhtain a dh'fholag é
'ná duine de'n choitchiantacht, toisg gan aon taithighe
bheith aige ar chruadhtan, agus an taithighe go léir a bheith
aige ar a thoil féin do chur i bhfeidhm. Nuair a chuaidh
an méid sin i bhfeidhm ar a aigne d'umhluigh sé é féin i
láthair Dé agus d'iarr sé ar Dhia a pheacaí do mhaitheamh.
Do maitheadh na peacaí dhó agus do thuit rud ana
mhírbhúilteach amach. Mar adubhradh d'atharuigh Dia aigne
rí Bhaibilóin i dtreó gur chuir sé Manasses thar n-ais
go Ierúsalem chun a rígheachta féin. Ba mhór go léir
an iongna é sin.



Do h-innseadh cheana conus mar a deineadh an íde
uathbhásach ar mhór shluagh Shennacerib, nuair a marbhuigh-
eadh, i n-aon oidhche amháin, céad cheithre fichid a chúig
de mhíltibh acu ar aghaidh catharach Ierúsalem amach.
Tá le h-innsint againn íde eile a deineadh ar mhór
shluagh eile a tháinig ar an gcuma gcéadna, fé thaoiseach
d'ár bh'ainm Holofernes, chun clainne Israéil do
chlaoidhe ar fad agus do bhrúgh fé chosaibh Assuíriánach.



Íde uathbhásach ab eadh gach íde acu ach ní mar a chéile i
n-aon chor a cuireadh chun cinn iad. Aingeal ó Dhia
iseadh do mhairbh sluagh Shennacerib. Bean fé stiúrú an
Tighearna, iseadh thug an íde ar Holofernes agus ar
a shluagh.



CCLII.



HOLOFERNES.



Le linn Manasses a bheith 'n-a rí, agus tar éis teacht
anoir ó Bhaibilóin dó, as an bpríosún, tháinig mór
shluagh Assuíriánach anoir ó'n ndútaigh a bhí fé'n rí ar
a dtugtí Nabuchodonosor. Níor bh'é rí Bhaibilóin é,
ámhthach. Ach do bheartuigh sé na tíortha go léir a bhí 'n-a


L. 596


thímpal do thabhairt sé n-a smacht. Chuir sé a mhór shluagh
fé láimh taoisigh d'ár bh'ainm Holofernes, agus dubhairt
sé leis na tíortha go léir a bhí uaidh siar do thabhairt fé
n-a smacht.



Bhí an mhór shluagh ag gluaiseacht siar ag losgadh agus
ag raobadh agus ag déanamh éirligh ar gach tír fé mar
a thagaidís ann. Ansan ba ghearr go raibh teachtairí ag
teacht ar shálaibh a chéile chun síothchána dhéanamh le
Holofernes sar a dtiocfadh sé chucha, agus chun ceapadh
coinghíolacha na síothchána d'fhágaint faoi féin.



Do shocaruigh na h-Eabhraigh ar iad féin a chosaint air.
Ba dhána an obair dóibh é, ach bhí lámh Dé chómh minic
roimis sin tar éis iad do thabhairt saor ó n-a namhaid
gur shocaruighdar ar dhul i leith Dé ó Holofernes,
leis. Do h-innseadh do Holofernes an socarú san a
bheith déanta. Bhí sé ar buile. Cheap sé ná raibh aon
náisiún sa domhan a bheadh chómh dána san. Tháinig clann
Mhóab agus clann Ammoin agus dheineadar síothcháin
leis ar a choinghíolachaibh féin, bíodh gur chruaidh iad. Do
ghlaoidh sé chuige cuid d'uaislibh na n-Ammoníteach agus
na Móabíteach agus d'fhiafraigh sé dhíobh cé 'r bh'iad na
daoine buile sin a bhí 'n-a gcómhnuidhe i gcnocaibh
Ghaililí agus do mheas go bhféadfidís iad féin a
chosaint air. Bhí duin'uasal ar na h-Ammonítigh agus
Achior ab ainm dó agus chrom sé ar a dh'innsint do
Holofernes cé'r bh'iad na h-Eabhraigh agus cad 'n-a
thaobh dóibh bheith chómh dána. “Adharaid siad san,” ar
seisean, “Dia na bhflathas, agus do dhein an Dia sin
iad a thabhairt saor go minic ó sna namhdaibh ba threise
agus ba chómhachtaighe. Níor fhág an Dia sin na
bhflathas riamh iad gan chosaint ach nuair a bhíodh peacaí
déanta acu 'n-a choinnibh. Agus cosanóchaidh an Dia
sin na bhflathas anois iad, mara rud é go bhfuil a
bpeacaí féin thar éis é d'iompáil uatha.”



Nuair airigh Holofernes an chainnt sin tháinig fearg
air. Bhí cathair dh'ár bh'ainm Betúlia, cathair Eabhrach,


L. 597


suidhte ameasg na gcnoc agus na cnuic mar chosaint
uirthi i dteannta pé cosaint a bhí curtha ag daoine
uirthi. Bhí sí ana dhaingean ar an dá chuma san. D'órduigh
Holofernes Achior do cheangal go maith agus é chur
isteach i mBetúlia. “Agus,” arsa Holofernes,
“féadfir a dh'innsint do mhuinntir Bhetúlia go dtais-
beánfad-sa dhóibh cia 'cu is treise cómhacht an Dé sin
go bhfuil a muinighin acu as nú cómhacht Nabuchodono-
soir, agus ansan, nuair a thógfad-sa Betúlia gheóbhair-
se agus gheóbhaid siad san an íde atá tuillte agaibh le
nbhúr ndánaidheacht gan chiall.”



Nuair a cuireadh Achior isteach i mBetúlia d'innis
sé do mhuinntir na catharach an sgéal go léir, an chainnt
adubhairt sé féin le Holofernes i dtaobh Dé na
n-Eabhrach agus an fhearg a chuir an chainnt sin ar
Holofernes, agus an droch fhuadar a bhí fé Holo-
fernes i dtaobh Betúlia agus a raibh sa chathair sin
de dhaoine. Nuair airigh muinntir Bhetúlia an méid sin
bhí fhios acu cad a bhí chucha. Mar is gnáth le daoinibh
a tógtar agus a bhíon 'n-a gcómhnuidhe ameasg cnoc,
daoine macánta diadha ab eadh iad. Do ghlacadar an
focal ó bhéal Holofernes féin agus chromadar ar
a iarraidh ar Dhia na bhflathas a thaisbeáint do Holo-
fernes cia 'cu ba mhó, cómhacht Nabuchodonosoir nú
cómhacht Dé. Agus le h-eagla go gcoisgfadh a
bpeacaí féin cómhacht Dé ar theacht le cabhair chucha do
chromadar ar iad féin d'umhlú i láthair Dé agus ar
throsgadh dhéanamh agus ar aithrighe dhéanamh agus ar
bheith ag guidhe go cruaidh agus go dúthrachtach agus go
muinighineach, 'ghá iarraidh ar Dhia iad do chosaint ar
Holofernes.


L. 598


CCLIII.



BETÚLIA.



Bhí an tsluagh ana mhór ag Holofernes, céad agus
fiche de mhíltibh troightheach agus dhá mhíle fhichid marcach,
agus chuir sé timpal ar chathair Bhetúlia iad agus do
dhún sé isteach muinntir na catharach. Ach do chosain
muinntir na catharach iad féin air, i dtreó ná raibh
ar a chumas an chathair do thógaint. Bhíodar coitchianta
ag glaodhach ar an dTighearna, 'ghá iarraidh ar an dTighear-
na iad a dh'fhuasgailt. Bhí cosáin chúmhanga chun na
catharach, idir na cnuic, agus níor bh'fhéidir dul isteach
sa chathair ach tré sna cosánaibh sin. Tháinig fir na
catharach ar na cosánaibh sin agus chimeádadar an
namhaid amach, díreach mar a chimeád trí chéad Gréagach,
tímpal céad agus fiche bliain 'n-a dhiaidh san, mór
shluagh de'n tsaghas céadna amach as an nGréig, ag
céim Termopulae.



Ach bhí sruthán uisge ag teacht isteach ó sna cnuic
go dtí cathair Bhetúlia, agus nuair a bhí ag teip ar
Holofernes an chathair do thógaint bhí sé féin agus
cuid d'á shlóightibh ag gabháil tímpal uirthi lasmuich.
Sa ghabháil tímpal dóibh do thánadar ar an sruthán.
D'órduigh Holofernes an chlais 'n-a raibh an t-uisge ag
rith tríthi chun na catharach do bhrise agus an t-uisge do
sgaoile le fánaidh an ghleanna. Do deineadh san. Cheap
sé annsan go mbeadh an chathair aige láithreach. Ní raibh,
ámhthach. Do thárla go raibh rainnt toibreacha fíor-uisge
i n-aice na catharach, lasmuich de sna fallaíbh,
agus thagadh muinntir na catharach sa n-oidhche agus
tharraigidís uisge ó sna toibreachaibh sin agus chuiridís
i gcimeád istigh sa chathair é i n-umaraibh. Ach ní bhíodh
sa méid sin uisge ach oiread agus a thugadh deoch
beag anois agus airís do gach duine.


L. 599


Ach bhí cuid de chlainn Ammoin agus de chlainn Mhóab
tar éis síothchána dhéanamh le Holofernes agus bhíodar
'n-a shluagh aige. Bhí fhios acu i dtaobh na dtoibreacha
fíor-uisge. D'innseadar do Holofernes na toib-
reacha bheith ann agus an t-uisge bheith d'á tharrac isteach
sa chathair gach aon oidhche. “Agus,” ar siad leis,
“Má chuirean do Shoillse gárda fear ag gach tobar
acu san ní féadfar aon bhraon uisge bhreith isteach
sa chathair agus tógfir an chathair gan oiread agus
claidheamh do tharrac. Do cuireadh na gardaí ar na
toibreachaibh. Ansan níor bh'fhéidir aon bhraon uisge
do bhreith isteach. I gceann fiche lá 'n-a dhiaidh san bhí
na h-umaracha folamh. Ansan iseadh bhí an cruadhtan
ann. Osias ab ainm do'n fhear a bhí i n' uachtarán ar
chathair Bhetúlia. Bhí sé tar éis a lán cainnte dhéanamh
le muinntir Bhetúlia, ag cur misnigh ortha, 'ghá innsint
dóibh conus mar a bhí Holofernes ceapaithe ar theampul
Dé i gcathair Ierúsalem do sgartáil agus d'ídiú,
agus conus mar a bhí clann Israéil an neómat san,
ar fuaid na tíre go léir, ag cosaint a gcatharacha
díreach mar a bhí muinntir Bhetúlia, agus nár bhaoghal
'ná go gcosanóchadh an Tighearna a mhuinntir féin,
mar a chosanadh sé riamh iad nuair a dheinidís an aithrighe.
Do chuireadh cainnt de'n tsórd san ana mhisneach ar
mhuinntir na catharach, agus bhídís ag déanamh dúbailt
aithrighe agus ag glaodhach níba dhéine i n-aghaidh an lae
ar an dTighearna 'ghá iarraidh air iad do shaoradh ó
shlóightibh Holofernes. Ach nuair a bhí na h-umaracha
folamh ó uisge agus gan aon bhraon le fághail, agus an
tart dh'á dtraochadh do thuit a lug ar a lag acu. Do
chruinnighdar go léir tímpal ar Osias agus iad ag
gol go h-árd agus chromadar ar é ghearán le Dia.
“Is olc an mhaise agat é,” ar siad, “nár dhein síothcháin
ar dtúis le Holofernes. Tá olc déanta agat orainn
agus cuirimíd Dia 'n-a dhiaidh ort. Iarraimíd ort
anois féin, i láthair an Tighearna atá ag déanamh an


L. 600


díoltais seo orainn mar gheall ar ár bpeacaíbh, sinn
féin agus an chathair do thabhairt suas do Holofernes.
Is fearr bás gearr le claidheamh 'ná bás fada ríghin
le tart.” Ach do labhair Osias leó go cneasta, agus
é ag gol chómh maith leó. “Deinimís foidhne, a chlann
ó,” ar seisean, “ar feadh chúig lá eile, b'fhéidir go
bhfuasgalóchadh an Tighearna sinn. Mara dtagaidh
fuasgailt i gceann chúig lá déanfad an rud atá agaibh
'á iarraidh orm.



CCLIV.



IÚDIT.



Ach bhí beanuasal 'n-a cómhnuidhe i mBetúlia an uair
sin agus Iúdit ab ainm di. Bhí sí pósta ag fear d'ár
bh'ainm Manasses, agus fuair sé bás, agus bhí sí 'n-a
baintrigh ar feadh trí mblian le linn na h-aimsire
sin i n-ar tháinig Holofernes chun na catharach a thógaint.
Bean ana naomhtha ab eadh Iúdit. Tar éis bháis a fir
d'iompuigh sí a croidhe agus a h-aigne ar fad ar an
dTighearna. D'fhág a fear saidhbhreas mór aici agus
mórán ollmhathais. Ach i n-ineadh aon chuimhneamh a bheith
aici ar phósadh airís, is amhlaidh a shocaruigh sí dhi féin
seómra thuas i n-uachtar a tighe agus thuas sa tseómra
san a chaitheadh sí a h-aimsir ag déanamh trosgaidh agus
úrnuighthe agus ag cuimhneamh ar Dhia, gan aoinne 'n-a
fochair ach a mná cuimhdeachta. Bhíodh éadach ruainnigh
uimpi agus do throisgeadh sí gach lá d'á saoghal ach
amháin laethanta na sabbóide agus laethanta na ré
nua, laethanta féile Israéil; agus bean ana bhreágh
thar na beartaibh ab eadh í. Agus bhí clú oirdheirc aici
mar bhí fhios ag an saoghal í bheith ana naomhtha.



D'airigh sí an socarú a bhí déanta ag Osias, 'sé sin,
go dtabharfí an chathair suas do Holofernes i gceann


L. 601


chúig lá mara dtiocfadh aon fhuasgailt ó'n dTighearna.
Chuir sí fios ar na seanóiríbh, Chabrí agus Charmí.
Thánadar. “Cad é seo a dh'airighim,” ar sisi leó, “atá
socair ag Osias, 'ghá rád go dtabharfar suas an chathair
seo do Holofernes i gceann chúig lá mara dtagaidh
fuasgailt ó'n dTighearna? Agus cia h-iad sibh-se go
mbeadh sibh ag déanamh fromtha ar an dTighearna?”



Dhein sí mórán cainnte leó 'ghá chur 'n-a luighe ortha go
raibh beart aindleaghthach déanta acu agus 'ghá chómhair-
liú dhóibh a iarraidh ar an dTighearna é mhaitheamh dóibh.
“Agus anois,” ar sisi leó, “tá rud áirithe beartuighthe
am' aigne agam, agus bídhidh-se 'ghá iarraidh ar Dhia an
nídh atá beartuighthe agam do chur chun cinn agus m'aigne
do neartú i gcóir an ghnímh atá curtha rómham agam.
Seasuighidh-se ag an ngeata anocht agus raghad-sa agus
mo bhean chuimhdeachta amach as an gcathair. Iarraidh
ar Dhia an socarú atá déanta agaibh do chómhlíonadh
agus an chabhair do chur chughaibh i gceann chúig lá. Ná
deintear aon taighde ar an nídh atá beartuighthe agam,
agus go dtí go dtabharfad sgéala chughaibh ná deinidh
aon nídh ach bheith ag guidhe chun ár dTighearna Dia ar
mo shon.”



D'imthighdar, agus d'imthigh Iúdit suas chun a seómra
féin agus do shléacht sí ar an dtalamh i láthair
an Tighearna agus í ag gol agus ag guidhe, 'ghá
iarraidh ar Dhia cabhrú léi agus neart a thabhairt di
chun an ghnímh a bhí beartuighthe aici do dhéanamh gan
staonadh. Nuair a bhí a guidhe déanta aici d'eirigh
sí agus d'imthigh sí síos go dtí seómra eile
de'n tigh agus ghlaoidh sí ar a mnaoi cuimhdeachta
agus do nigh sí agus do ghlan sí í féin agus bhain sí
dhi an t-éadach ruainnigh agus an t-éadach baintrighe,
agus chuir sí uimpi an t-éadach ba bhreaghtha agus do
b'órnáidighe d'á raibh aici, agus a fáinní óir agus a
práisléadaí, agus a clocha loghmhara, agus d'fheuch sí
go fíor áluinn agus go h-uasal. Agus deir an


L. 602


sgríbhinn diadha gur chuir Dia sgéimh uaidh féin uirthi
agus taithneamh soluis 'n-a gnúis, i dteannta a
h-áilneachta féin.



Ansan thug sí d'á mnaoi cuimhdeachta buidéal fíona
le breith léi, agus árthach oíle, agus rainnt arbhair
loisgithe, agus fígí tiorma, agus arán, agus cáise,
agus d'imthighdar amach. Agus nuair a thánadar go
dtí an geata fuaradar Osias agus na seanóirí ann
rómpa. Níor chuireadar aon cheist chúichi ach leogaint
di imtheacht thórsa, ach bhí iongna agus alltacht ortha
nuair a chonacadar í, bhí sí chómh h-áluinn sin. Ach chrom-
adar ar ghuidhe go cruaidh chun Dé 'ghá iarraidh air greim
do bhreith ar láimh uirthi agus í thabhairt saor as pé
beart a bhí curtha roimpi aici.



D'imthigh sí féin agus a cailín an geata amach agus
síos le fánaidh an chnuic, agus í ag guidhe go cruaidh
chun Dé istigh 'n-a croidhe féin. Nuair a bhíodar imthighthe
tamal síos le fánaidh an chnuic agus an lá ag teacht
do bhuail lucht faire na n-Assuíriánach úmpa agus do
stadadar iad: “Cá dtáinís-se?” ar siad, “nú ca
bhfuilir ag dul?” Agus d'fhreagair sisi: “Inghean do
sna h-Eabhraigh iseadh mise agus táim tar éis teiche uatha,
mar bhí fhios agam go mbeidís 'n-a bhfoghail agaibh-se,
toisg gur tharcuisnighdar sibh agus ná géillfidís uatha
féin daoibh i dtreó go bhfaighdís trócaire uaibh. Uime
sin dubhart liom féin: Raghad i láthair an phriúnsa
Holofernes i dtreó go bhféadfad a ndisgréadaí do
nochtadh dhó, agus go dtaisbeánfad dó slighe 'n-a
bhféadfidh sé iad do thógaint gan oiread agus aon
fhear amháin d'á shluagh do chailleamhaint.” Agus nuair
a chonaic na fir í do chuir a h-áilneacht iongna agus
alltacht ortha.


L. 603


CCLV.



CÁBÁN HOLOFERNES.



Mar adubhradh, bhí iongna agus alltacht ar an lucht
faire nuair a chonacadar Iúdit, agus dubhradar léi:
“Tá t'anam féin sábhálta agat leis an nídh sin atá
déanta agat. Is ró mhaith a dheinis é, teacht anuas ag
triall ar ár dTighearna. Agus bí deimhnightheach de seo,
nuair a sheasóchair os a chómhair beidh sé go maith dhuit
agus beidh greann mór aige ort.” Ansan do rugadar
leó í go dtí cábán Holofernes agus d'innseadar
dó, fé mar a bhí innste aici-se dhóibh-sin. Ach nuair a
sheasaimh sí os a chómhair ba bheag ná gur bhain sí radharc
a shúl de! Agus dubhairt na h-uasle a bhí 'n-a thímpal:
“Cé fhéadfadh mímheas a bheith aige ar na h-Eabhraigh
agus mná chómh breágh san acu? Nách ró mhaith is fiú
dhúinn troid 'n-a gcoinnibh ar son na mban san?”
Agus nuair a chonaic sisi Holofernes agus é 'n-a
shuidhe fé'n gconopéon, agus an conopéon fighte le
corcar agus le h-ór, agus le h-emeraldibh agus le
clochaibh loghmhara, d'fheuch sí sa n-aghaidh air agus ansan
do shléacht sí anuas ar an dtalamh dó, agus d'órduigh
seisean d'á sheirbhíseachaibh í thógaint suas, agus thóg-
adar suas í. Ansan do labhair Holofernes léi: “Glac
misneach,” ar seisean léi, “agus ná bíodh aon eagla
ar do chroidhe. Níor dheineas-sa riamh aon dochar do
dhuine a bheadh ullamh ar bheith umhal do Nabuchodonosor
an rí. Ach innis dom feasta cad 'n-a thaobh duit
imtheacht uatha súd, agus cad é an chúis a bhí agat le
teacht ag triall orainn-na?”



Agus dubhairt Iúdit leis: “Éist-se, a Shoillse, lem'
chainnt-se anois, agus glac mo chainnt agus déanfidh
an Tighearna gnó beacht duit, óir mar is beó Nabucho-
donosor, rí an domhain, agus mar is beó a chómhacht
ionat-sa, a rí, chun daoine atá ag dul amú do smachtú,


L. 604


ní h-amháin go bhfuilid daoine umhal dó tríot-sa ach
táid na beithidhigh allta féin umhal dó. Óir tá trácht ar
ghaois t'aigne-se ar fuaid na dtíortha, agus tá sé dh'á
innsint ar fuaid an domhain gur tu amháin is oirdheirc
agus is cómhachtach d'á bhfuil d'fhearaibh i rígheacht
Nabuchodonosoir. Is eól dúinn leis an rud adubhairt
Achior, agus is eól dúinn an nídh a dh'órduighis a
dhéanamh leis. Óir is deimhin go bhfuil ár nDia chómh
mór san i bhfeirg linn mar gheall ar ár bpeacaíbh go
bhfuil ráidhte aige leis na daoine tré n-a fháigíbh, go
dtabharfidh sé suas chun a n-ídighthe iad mar gheall ar
a bpeacaíbh. Agus toisg a fhios a bheith ag clainn Israéil
go bhfuil fearg curtha ar a nDia acu, tá sgannra ortha
rómhat-sa. D'á éaghmais sin tá gorta tagaithe ortha,
agus tré easba uisge is cuma iad cheana féin nú daoine
a bheadh marbh. Agus táid siad ar aigne a h-ainmhidhthe
do mharbhú agus an fhuil a dh'ól, agus neithe eile de'n
tsórd san a dhéanamh atá coisgithe go dian ortha. Agus
do thuig do bhanóglach na neithe sin, agus go dtabharfar
suas chun báis agus chun íde iad agus do theicheas uatha,
agus do chuir an Tighearna me anso chun go 'neósfinn
na neithe sin duit-se, a Shoillse. Óir adhraim-se Dia,
bíodh gur anso atáim anois. Agus led' thoil, a rí,
raghaidh do bhanóglach amach gach aon oidhche ag guidhe
chun Dé agus 'neósfidh sé dhom caithin a dhéanfidh sé
díoltas ortha mar gheall ar a bpeacaíbh agus tiocfad
agus 'neósfad duit-se é, i dtreó go bhféadfad tú
bhreith liom tré lár catharach Ierúsalem, agus go mbeidh
pobul Israéil go léir agat mar a bheadh caoire gan
aodhaire, agus ní bheidh oiread agus aon mhadra amháin
ag amhstaraigh ort. Isé leamhnú Dé na neithe seo a
dh'innsint domh-sa. Agus toisg fearg a bheith ar Dhia
chucha do cuireadh mise chughat-sa chun go 'neósfinn
na neithe seo dhuit.”



Agus do thaithn an chainnt sin go léir le Holofernes
agus dubhairt sé léi: “Do dhein Dia go maith é, tusa


L. 605


chur chughainn roimis na daoine chun go dtabharfá isteach
i n-ár lámhaibh dúinn iad.” Agus do thaithn a cainnt
leis na seirbhísigh agus dheineadar iongna d'á ciall
agus d'á h-eólus agus d'á tuisgint, agus deiridís
le n-a chéile: “Ní'l a leithéid eile de mhnaoi beó sa
domhan, i n-áilneacht pearsan agus i n-eagnaighe
cainnte.”



Agus dubhairt Holofernes léi: “Is maith í do
gheallamhaint, agus má dheinean do Dhia-se an méid
sin domh-sa beidh sé 'n-a Dhia agam-sa leis, agus beidh
tusa go mór agus go h-uasal i dteaghlach Nabucho-
donosoir, agus beidh t'ainm dh'á onórú i mbéalaibh
daoine ar fuaid an domhain go léir.”



CCLVI.



HOLOFERNES 'N-A CHODLADH.



Ansan d'órduigh Holofernes go mbéarfí Iúdit
go dtí an áit 'n-a raibh a chuid saidhbhris i gcimeád aige
agus go mbéarfí cóir bhídh chúichi ó n-a bhórd féin. Ach
d'fhreagair Iúdit: “A uasail, ní féidir domh-sa an
bia a dh'órduighean tú dhom a chaitheamh, le h-eagla go
dtiocfadh peaca orm i láthair mo Thighearna Dia,
ach íosfad na neithe a thugas liom.” Agus dubhairt
Holofernes léi: “Má théidhan de sna neithibh sin a
thugais leat cad a dhéanfimíd duit?” Agus dubhairt
Iúdit leis: “Mar is beó t'anam, a Thighearna,
déanfidh Dia trém' láimh-se an nídh atá beartuighte
agam a dhéanam, sar a mbeidh ar thugas liom caithte
agat' bhanóglach.”



Ansan do rugh na seirbhísigh leó í go dtí an cábán
a órduigh Holofernes di. Agus nuair a bhí sí ag dul
isteach sa chábán san d'iarr sí go mbeadh cead aici dul
amach sa n-oidhche agus roim lá chun bheith ag cur a guidhe


L. 606


suas chun an Tighearna agus a d'iarraidh cabhartha air.
D'órduigh Holofernes d'á sheirbhísigh leogaint di dul
amach agus teacht isteach chun a Dia féin d'adhradh,
pé tráth ba mhaith léi é, ar feadh trí lá. Agus théidhadh
sí amach gach aon oidhche, agus isteach i ngleann Bhetúlia
agus do nigheadh sí í féin i dtobar a bhí ann, agus bhíodh
sí ag guidhe go cruaidh 'ghá iarraidh ar Thighearna Dia
Israéil go stiúróchadh sé í sa tslighe 'n-a bhfuasgalóchadh
sí a daoine féin as an gcruadhtan 'n-a rabhadar, agus
nuair a thagadh sí isteach sa chábán d'fhanadh sí gan í
féin do thruailliú le h-aon bhia a bhí coisgithe, go dtí
go dtógadh sí an bia a bhí aici féin um thráthnóna.



Agus do thárla, an ceathramhadh lá gur dhein Holo-
fernes suipéar mór d'á sheirbhíseachaibh. Agus dubhairt
sé le Vagao, a stíbhard: Imthigh agus iarr ar an mnaoi
Eabhrach úd teacht le n-a toil féin agus cómhnuidhe am'
theannta. D'imthigh Vagao isteach sa chábán mar a
raibh Iúdit, agus dubhairt sé: “Ná bíodh sgáth ná eagla
ort, a 'nghean ó, teacht isteach ag triall ar mo Thighearna
agus onóir do ghlacadh os a chómhair, agus bia dh'ithe
agus fíon a dh'ól 'n-a theannta agus bheith go meidhrach.”
Agus dubhairt Iúdit: “Cé h-é mise chun a rádh go
ndiúltóchainn dom' thighearna? Déanfad gach nídh
d'á fheabhas os cómhair a shúl. Agus pé nídh a thaithnfidh
leis siné an nídh a bheidh go maith dhomh-sa gach lá dem'
shaoghal.”



Ansan d'eirigh sí agus chuir sí uimpi a h-éadaí uaisle
agus chuaidh sí isteach agus do sheasaimh sí os a chómhair
agus nuair a chonaic sé í do las a chroidhe le mian nár
bh'fhóghanta, agus dubhairt sé léi: “Ól anois agus
suidh síos agus bíodh áthas ort, mar tá fabhar fághalta
agat am' shúilibh-se.” Agus dubhairt Iúdit: “Ólfad,
a thighearna, óir tá m'anam mórtha an lá so thar
laethanta mo bheatha go léir.” Agus d'ith sí agus
d'ól sí, os a chómhair, na neithe a bhí ullamh di agá
mnaoi cuimhdeachta. Agus bhí Holofernes ana


L. 607


mheidhrach mar gheall uirthi, agus bhí sé ag ól an fhíona
go dtí go raibh ana chuid ólta aige, oiread agus
nár ól sé riamh roimis sin i gcaitheamh a bheatha.
Agus nuair a bhí tamal maith de'n oidhche imthighthe
thosnuigh na seirbhísigh ar shleamhnú chun a gcábán féin,
agus do dhún Vagao na dóirse agus d'imthigh sé.
Bhí mórán ólta acu go léir.



Ansan bhí Iúdit 'n-a h-aonar sa tseómra, agus bhí
Holofernes sínte ar a leabaidh agus é 'n-a shámh chodladh
agus an mheisge go h-ana throm air. Do labhair Iúdit
leis an gcailín agus dubhairt sí léi seasamh lasmuich
de'n tseómra ag faire. Ansan do sheasaimh Iúdit
i n-aice na leapan agus í ag guidhe agus na deóracha
ag teacht ó n-a súilibh, agus a beóil ag corruighe, ag
guidhe, agus í ciúin. Agus dubhairt sí: “Neartuigh
anois me, a Thighearna Dia Israéil, agus feuch an tráth
so ar obair mo lámh, i dtreó, mar atá geallta agat,
go n-árdófá suas Ierúsalem, do chathair féinig, agus
i dtreó go dtabharfad chun cinn an nídh atá bear-
tuighthe agam, mar gur chreideas go ndéanfá-sa é.”
Ansan do tharraig sí claidheamh Holofernes amach
as a thruaill taisge. Ansan chuir sí a lámh chlé go dain-
gean 'n-a ghruaigh agus dubhairt sí: “Neartuigh me anois,
a Thighearna Dia!” Agus bhuail sí dhá bhuille sa mhuineál
air agus ghearr sí an ceann de. Ansan thóg sí an cono-
péon de sna pollaíbh agus d'fhill sí an ceann ann.
Tar éis tamail bhig chuaid sí amach agus thug sí an ceann
do'n chailín agus dubhairt sí léi é chur chúichi sa mhála.
Agus d'imthigh an bheirt amach mar a dheinidís gach aon
oidhche eile.


L. 608


CCLVII.



FUASGAILT.



Do bhuail an bheirt amach tré lár an longphuirt,
agus an mála ag duine acu. Chonaic an lucht faire iad.
Ní raibh aon mheisge ar an lucht faire, ná ní raibh aon
mhíogarnach chodlata ortha. Bhí fhios acu dá dtuiteadh
aon mhíogarnach chodlata ortha gur tapaidh a thabharfadh
Holofernes suan fada dhóibh. Chonacadar an bheirt
bhan ag imtheacht amach as an longphort go breágh réidh,
agus an mála ag mnaoi acu, díreach mar a chonacadar
an bheirt chéadna ag imtheacht amach, agus tar éis tamail
ag teacht isteach airís, gach aon oidhche de sna trí oidhche-
antaibh roimis sin. Chonacadar an mála céadna ag
mnaoi acu, — Dá mbeadh fhios acu cad a bhí sa mhála
an uair sin! Ach ní raibh aon phioc d'á fhios acu, agus
bhí fhios acu cead a bheith ag an mbeirt dul amach agus
teacht isteach pé tráth de'n oidhche 'n-ar mhaith leó é.
Do chonacadar iad go maith ach do sgaoileadar thórsa
iad. Bhí fhios acu go maith, aon fhear a dhéanfadh aon
stró do chur ar an mbeirt sin go mbainfadh Holofernes
an ceann de ar maidin. Níor cuireadh aon stró ar
an mbeirt agus do ghluais an bheirt rómpa go breágh
réidh, síos go dtí an tobar a bhí i mbun an ghleanna.
Ach i n-inead casadh thar n-ais thugadar aghaidh suas
an taobh eile de'n ghleann i dtreó catharach Bhetúlia.
B'é toil an Tighearna ná feacathas iad ag dul suas
an taobh eile de'n ghleann. Thánadar go dtí geata
na catharach. Do ghlaoidh Iúdit: “Osgail an geata!”
ar sisi, “tá Dia linn, agus tá a chómhacht i n-Israél
taisbeánta aige.” Do h-aithnigheadh a glór. Do h-osg-
aladh an geata láithreach. Do rith na daoine go léir,
beag agus mór, chúichi go bhfeicfidís í, mar bhí tar
éis dul 'n-a luighe ar a n-aigne go raibh droch nídh éigin


L. 609


tar éis baint di agus ná tiocfadh sí thar n-ais i n-aon
chor. Bhí an ceathramhadh lá ann ó imthigh sí agus níor
airighdar aon fhocal uaithi. Do lasadh soillse agus
bhailigh na daoine tímpal uirthi. Chuaidh sí anáirde
ar árdán agus d'fhógair sí ciúnas. D'éist gach aoinne.
Do labhair Iúdit: “Tugaidh moladh d'ár dTighearna
Dia,” ar sisi, “mar níor chaill sé ar na daoinibh go
bhfuil a muinighin acu as. Tabhair dom an mála san,”
ar sisi le n-a mnaoi coimhdeachta. Do thóg sí an mála
agus d'osgail sí é agus thóg sí amach as an ceann,
ceann Holofernes! “Feuch,” ar sisi, “siné ceann ár
namhad, ceann Holofernes. Leis an láimh seo agam-sa
iseadh do bhain an Tighearna an ceann san de Holo-
fernes; agus feuch,” ar sisi, “siné an conopéon a
bhíodh os cionn a chinn 'n-a chábán féin, mar a raibh sé
sínte ar a leabaidh ar meisge, nuair a bhain ár dTigh-
earna Dia an t-anam as lem' láimh-se, le láimh mná.
Ach mar is beó an Tighearna céadna bhí a aingeal 'gham
chosaint-se, ag imtheacht as so dhom, agus ag fanmhaint
ansúd dom, agus ag teacht thar n-ais anso airís dom,
agus níor leog an Tighearna aon truailliú a dh'imtheacht
orm, ach do thug sé thar n-ais chughaibh-se me slán gan
dochar gan truailliú, ach ag déanamh gáirdeachais
toisg gur bhuaidh Dia liom agus go bhfuiltí-se fuas
gailte as bhúr gcruadhtan. Tugaidh go léir glóire
agus moladh do Dhia anois.” Agus thugadar ó chroidhe.



Do cuireadh fios ar Achior agus tháinig sé agus
dubhairt Iúdit leis: “Do thugais-se fianaise i dtaobh
Dé Israéil, go ndeinean sé díoltas ar a namhaid.
Bhí an fhírinne sa bhfianaise a thugais, agus d'á chómh-
artha go raibh, feuch, siné ceann Holofernes agat!”
Agus thaisbeáin sí an ceann dó. Nuair a chonaic Achior
an ceann d'aithin sé go maith é agus chuir an radharc
a leithéid de sgannra air gur thuit sé ar an dtalamh
i laige agus go raibh sé tamal ansúd gan aithne gan
urlabhra. Nuair a tháinig sé chuige féin dubhairt Iúdit


L. 610


leis: “Siné,” ar sisi, “ceann an fhir a thug tar-
cuisne do Dhia Israéil agus do mhaoidhimh go dána go
dtógfadh sé an chathair seo agus ansan go gcuirfadh
sé claidheamh tréd' chliathánaibh-se.” Do chaith Achior
é féin ar an dtalamh agá cosaibh 'ghá h-onórú. Níor
bh'fhada 'n-a dhiaidh san gur iompuigh sé ó'n bpágánacht
agus gur ghlac sé creideamh Iúdit, an creideamh fír-
inneach.



CCLVIII.



AN TÓIR.



Ansan do labhair Iúdit leis an bpobul. “Éistidh
liom, a dhaoine,” ar sisi, “cuiridh an ceann so ar
crochadh ar fhallaíbh na catharach so agus chómh luath
agus a bheidh an ghrian 'n-a suidhe glacaidh go léir bhúr
n-airm agus rithidh amach i dteannta chéile fé mar
a bheadh sibh chun fogha a thabhairt, go láidir agus go
sanntach, fé nbhúr namhaid. Ansan rithfidh an lucht
faire go dtí cábán Holofernes chun é dhúiseacht,
dar leó, chun an chatha. Chífid siad a chorpán gan cheann
sínte i lochán a chod' fola agus tiocfidh sgannra
agus uathbhás ortha agus teichfid siad agus nuair a
thabharfidh sibh fé ndeara ag teiche iad gluaisighidh go
mear agus go dána ar a dtóir agus ná bíodh aon
eagla agaibh rómpa, mar claodhfidh an Tighearna fé nbhúr
gcosaibh iad.” Ansan, ar breacadh an lae chuireadar
an ceann ar crochadh ar fhalla na catharach agus d'aimsigh
gach fear a chuid airm agus do ritheadar amach agus
iad ag liúirigh go h-árd. Do chonaic an lucht faire
iad agus do ritheadar go dtí cábán Holofernes,
agus na daoine a bhí sa chábán thosnuighdar ar fhothram
a dhéanamh ag dorus a sheómra chun é dhúiseacht. Ní
leogfadh eagla d'aoinne glaodhach air agus ní raibh


L. 611


acu ach bheith ag déanamh an fhothraim feuchaint an
ndúiseóchadh an fothram é. Ach nuair a bhí na taoisigh
go léir tagaithe ann agus captaení an tslógh dubhradar
le n-a sheómradóir: “Imthigh isteach,” ar siad, “agus
dúisigh an rí-féinne! Táid na luchaigh úd thall ag
teacht amach as a bpollaibh.” Chuaidh Vagao isteach
agus sheasaimh sé ar aghaidh an chruitín amach agus chrom
ar a dhá bhais do bhualadh ar a chéile chun Holofernes
a dhúiseacht. Ach níor chuir fear na leapan aon chor
de. Ansan tháinig sé i n-aice an chruitín agus thóg
sé é — chonaic sé Holofernes, ní h-eadh ach a chorpán,
sínte gan cheann ar an dtalamh agus an fhuil 'n-a thímpal
'n-a bróintibh. Do liúigh sé agus do bhéic sé agus
chrom sé ar a chuid éadaigh do stracadh agus siúd
isteach é sa chábán i n-a mbíodh Iúdit. Ní raibh a tuairisg
ann. Siúd amach é chun na daoine. “Ó!” as seisean,
“tá aon bhean Eabhrach amháin tar éis an donais a dhéanamh
ar theaghlach Nabuchodonosoir an rí! Tá Holofernes
ansúd istigh sínte ar an dtalamh agus gan aon phioc
d'á cheann air!” Nuair airigh taoisigh slógh na n-Assuír-
iánach an méid sin do chromadar go léir ar a gcuid
éadaigh do stoladh agus tháinig sgannra agus critheagla
agus uathbhás ortha go léir, agus buaireamh gan teóra,
agus bhí árd ghol i lár an longphuirt.



Agus do leath an focal tríd an sluagh go léir, go
raibh an ceann bainte de Holofernes. Ansan d'imthigh
a mhisneach a' croidhe gach duine. Níor fhan ciall ná
meabhair ag aoinne, ach iad go léir ag crith le sgannra,
agus ná labharfadh aoinne le n-a chómharsain ach gach
aoinne ag cuimhneamh ar conus a bhéarfadh sé féin a
anam leis ó sna h-Eabraigh a bhí ag teacht le fothram.
Do chrom gach aoinne a cheann agus do theich sé len'
anam, gan feuchaint cad é an treó baill 'n-a raibh sé ag
teiche. Thugadar aghaidh ar na páirceanaibh agus ar na
cnocaibh agus d'fhágadar a raibh an tsaoghal acu 'n-a
ndiaidh sa longphort. Chonaic clann Israéil ag teiche iad


L. 612


agus siúd ar a dtóir iad. Do sgaip na h-Assuírián-
aigh ó n-a chéile sa teiche agus do chimeád clann Israéil
iad féin i n-aon bhuidhin amháin agus do mharbhuighdar
an mhuinntir go dtánadar suas leó. Do chomháin
Osias teachtairí mórthímpal tré chatharachaibh Israéil
agus do chuir gach tuath agus gach cathair a bhfir óga
go léir amach ar thóir na n-Assuíriánach, agus do
leanadar iad agus bhíodar 'ghá marbhú go dtí gur
shroiseadar go h-imealaibh a dtíortha. Agus d'imthigh
an chuid eile de mhuinntir Bhetúlia isteach i longphort
na n-Assuíriánach, agus thugadar leó an fhoghail a
bhí fágtha 'n-a ndiaidh ag na h-Assuíriánaigh, agus bhí
ualaí móra troma acu. Agus an chuid de mhuinntir
Bhetúlia a chuaidh ar thóir na n-Assuíriánach, nuair
a thánadar thar n-ais fé bhuadh thugadar leó ó'n lon-
phort éacht de thréadaibh beithidheach, agus de thriosgán,
agus d'airgead, agus d'ór, agus d'éadaíbh daora,
agus de'n uile shaghas ollmhathais, i dtreó gur saidh-
bhirigheadh cathair Bhetúlia go h-iongantach agus go
raibh muinntir na catharach san go h-ana neamhspleádhach
as san amach.



CCLIX.



ONÓIR Ó'N BPOBAL.



Ansan do móradh ainm Iúdit ar fuaid na tíre
go léir. Bhí a h-ainm i mbéal gach aoinne. Tháinig
an t-árdshagart Ióachim ó chathair Ierúsalem go
Betúlia, é féin agus na seanóirí go léir, chun go
bhfeicfidís Iúdit. Agus tháinig sí amach ag triall
ortha, agus bhíodar 'ghá moladh d'aon ghuth, agus deiridís:
“Is tu glóire catharach Ierúsalem. Is tu áthas Israéil.
Is tu onóir ár ndaoine. Dheinis gníomh calma agus
do neartuigheadh do chroidhe, mar do thugais grádh
do'n gheanmnaidheacht, agus tar éis t'fhir phósta, níor


L. 613


chuiris aithne ar aon fhear eile. D'á bhrígh sin iseadh
thug lámh an Tighearna an neart duit, agus d'á bhrígh
sin beifar ad' mholadh go deó.”



Bhí na daoine ar feadh deich lá fhichid ag cruinniú
foghla na n-Assuíriánach agus is ar éigin a bhí a ndóithin
aimsire sa méid sin chuige. Ach gach aon rud a bhain
le Holofernes féin, a chuid óir agus airgid agus
ollmhathais, na clocha loghmhara a bhí aige, agus na h-éadaí
daora a bhí aige, agus an chóir tighis a bhí aige, thug na
daoine suas do Iúdit iad go léir. Agus bhí na daoine
go léir ag déanamh gáirdeachais, na mná agus na
cailíní agus na fir óga, agus iad ag seinnt ar úirlisíbh
ceóil agus ar chruitibh.



Ansan do dhein Iúdit duain bhreágh ag moladh an
Tighearna agus ag gabháil bhuidheachais leis mar gheall
ar an bhfuasgailt mhírbhúilteach a dhein sé ar a dhaoine,
'ghá saoradh ó chómhacht Nabuchodonosoir agus ó shlóightibh
Holofernes, agus gur chuir sé cómhacht a namhad go
léir ar neamhnídh. Ansan chuaidh na daoine go léir
go dtí Ierúsalem chun Dia d'adhradh tar éis an bhuadh
a bhí tabhartha aige dhóibh, agus bhíodar ag ídhbirt holo-
cauistí, agus ag déanamh móid, agus ag tabhairt
geallamhna uatha do Dhia. Ansan thug Iúdit uaithi
le cur i gcimeád na neithe a thug na daoine dhi agus
do bhain le Holofernes. Níor chimeád sí aici féin
aon bhlúire d'á ghréas éadaigh ná airm ná ollmhathais.
Thug sí uaithe iad go léir, an claidheamh le n-ar bhain
sí an ceann de agus an conopéon gur fhill sí an ceann
ann, agus do cuireadh i gcimeád iad i n-áit shábháltha
i dtreó go bhfanfidís ann agus go gcimeádfidís i
n-aigne na ndaoine an gníomh a dhein sí le mírbhúilt
ó Dhia, agus an trócaire iongantach a dhein Dia ar
chlainn Israéil leis an ngníomh mírbhúilteach san. Agus
bhí áthas thar barr ar na daoine agus iad ag déanamh
gáirdeachais os cómhair an tsanctuáriuim ar feadh
trí mhí, i n-aonfeacht le Iúdit.


L. 614


Nuair a bhí an gáirdeachas déanta chuaidh gach aoinne
abhaile chun a thighe féin agus tháinig Iúdit abhaile go
Betúlia, agus fuair sí onóir mhór sa chathair sin agus
ar fuaid tíre Israéil go léir. Do lean sí de'n bheatha
gheanmnaighe 'n-a dhiaidh san, díreach mar a lean sí
roimis sin, ó bhás a fir. Nuair a bhíodh laethanta saoire
ann thagadh sí amach chun na ndaoine agus thugaidís
árd onóir di.



Do mhair sí i dtigh a fir ar feadh chúig bhliana agus
céad agus thug sí a saoirse d'á mnaoi cuimhdeachta.
Nuair a bhí an saoghal breágh fada san, chúig bhliana
agus céad, curtha dhi aici fuair sí bás, agus do h-adh-
lacadh i n-aice a fir í i mBetúlia; do chaoin an pobul
í ar feadh seacht lá. Agus i gcaitheamh aimsire a beatha
go léir níor tháinig aon namhaid ag cur isteach ar
Israél, ná go ceann abhfad tar éis a báis.



Ní baoghal gur deineadh aon dearmhad de'n lá a
dhein sí an gníomh. Do chimeád clann Israéil an lá
san 'n-a lá shaoire i gcaitheamh na h-aimsire go léir
'n-a dhiaidh san an fhaid a bhí ar a gcumas aon tsaoire
do chimeád.



CCLX.



FÉASTA MÓR.



Nuair a bhí clann Israéil sa bhraighdineas sa domhan
toir do thárla go raibh cathair mhór ansúd thoir agus
gur Súsan an ainm a bhí ar an gcathair sin. Bhí rí
cómhachtach ar an gcathair sin agus Assuérus ab ainm
dó. Bhí forlámhas aige ar na dúthaíbh go léir ó sna
h-Indiathibh thior siar go dtí Etiópia, céad agus fiche
agus a seacht de chúigíbh, agus b'í cathair Súsain príomh
chathair a rígheachta. Agus bhí cuid de chlainn Israéil
i mbraighdineas sa phríomh chathair sin agus in sna cúigíbh
mórthímpal lastoir. Nuair a bhí Nabuchodonosor


L. 615


'n-a rí ar Bhaibilóin iseadh do rugadh soir cuid acu,
agus do rugadh soir an uair sin fear Iúdach d'ár
b'ainm Mardochai, duin'uasal creideamhnach.



Bhí ag an Mardochai sin inghean drithár agus Edessa
ab ainm di, nú Ester, agus fuair a h-athair agus
a máthair bás nuair a bhí sí 'n-a leanbh óg agus do thóg
Mardochai, dritháir a h-athar, chuige féin í agus chimeád
sé í agus dhein sé a leanbh féinig di agus thóg sé í, fé
mar a thógfadh sé í dá mb'é féin a h-athair.



Sa trímhadh bliain tar éis é theacht i gcómhacht dhein
an rí féasta mór, d'á ríogra, agus d'á sheirbhísigh,
agus d'uaislibh na bPersach, agus do ríogra na Médach,
agus d'uachtaránaibh na gcúigí a bhí fé n-a smacht.
Thug sé cuire dhóibh go léir, agus ba mhar a chéile an
cuire sin agus órdú ó'n rí, mar do theastuigh uaidh
méid a shaidhbhris do thaisbeáint dóibh. Ní raibh sa
bhféasta mór ach corp maoidheamh as a shaidhbhreas agus
as a ghradam. Thánadar go léir, nídh nár bh'iongna.
Do lean an féasta céad agus cheithre fichid lá. Nuair
a bhí an aimsir sin caithte agus a ndóithin ithte agus
ólta age sna h-uaislibh do dhein an rí féasta seacht
lá do mhuinntir catharach Súsain féin agus do tugadh
cuire chun an fhéasta san do gach duine, beag agus
mór, óg agus aosta, d'á raibh sa chathair. Bhí gach aon
rud a bhain leis an bhféasta, bhí sé órnáideach thar
na beartaibh. A' cupánaibh óir a bhí fíon le n-ól acu,
agus bhí gach aon rud do'n réir sin le h-uaisleacht
agus le costasamhlacht agus le féile. Bhí an fíon do
b'fhearr ann agus é go flúirseach agus go neamhmion.
Bhí, le h-órdú an rí, priúnsa ag ceann gach búird
agus órdú aige gan aon tathant a dhéanamh ar aoinne
chun bídh a dh'ithe ná chun fíona dh'ól ach leogaint do gach
duine bheith ag ithe agus ag ól do réir a thoile féin.



Bhaistí ab ainm do'n bhanrighin agus dhein sí sin
féasta do mhnáibh an ríghtheaghlaigh.



Nuair a bhí an seacht lá caithte go dtí aon lá amháin


L. 616


agus nuair a bhí an seachtmhadh lá ag gluaiseacht bhí an
rí ar bog-mheisge, agus bhí sé go h-ana shásta i n'aigne.
Bhí curtha 'n-a luighe aige ar aigne gach duine d'á dhaoinibh,
uasal agus íseal, bocht agus saidhbhir, ná raibh aon
teóra le n-a raibh d'ollmhaitheas aige, agus de sheóidibh
áluinne uaisle, agus d'ór agus d'airgead agus de
ghréithribh luachmhara. Bhí sé tar éis iad go léir do
thaisbeáint d'á dhaoinibh agus bhí a dhaoine go léir tar
éis feuchaint ortha agus tar éis iongna dhéanamh díobh.
Ach bhí aon tseóid uasal amháin aige ná raibh tais-
beánta aige fós. B'í seóid í sin 'ná Bhastí, an bhanrighin.
Bean áluinn thar na beartaibh ab eadh í, agus do thuig
an rí ná raibh iomláine a sheód taisbeánta aige an
fhaid a bhí sí sin gan taisbeáint. Dar leis, bheadh na
daoine go léir ag moladh na seód eile a bhí aige
agus ag moladh an fhíona a bhí aige, agus ag moladh a
ghradaim, ach bheadh easnamh ar an moladh mara bhfeic-
fidís an bhanrighin agus go bhféadfidís bheith 'ghá rádh
gur aige a bhí an bhanrighin ba bhreághtha d'á raibh sa
domhan go léir. Ansan iseadh bheadh an moladh gan
easnamh. Chomáin sé teachtaireacht, na seirbhísigh ba
chreideamhnaighe a bhí aige, go dtí pálás na bantrachta,
'ghá rádh leis an mbanrighin í féin do ghleusadh sa
n-éadach ríoga do b'uaisle d'á raibh aici agus an chor-
óinn do chur ar a ceann agus teacht 'n-a láthair i dtreó
go bhfeicfadh na daoine go léir agus na h-uaisle go
léir méid a breághthachta. Níor thaithn leis an mbanrighin
i n-aon chor, ámhthach, go mbeifí 'ghá taisbeáint ar an
gcuma san. Do dhiúltuigh sí do theacht. B'shin coir
ana mhór. Cheap an rí go mbeadh na daoine go léir
ag moladh áilneachta na banrighne. I n'inead san do
thug an bhanrighin a mhalairt de nídh dhóibh chun bheith ag
déanamh iongna dhe. Bheidís feasta ag déanamh iongna
de stuachacht agus d'easumhluidheacht na banrighne.
Do loit an méid sin an tabhairt amach go léir agus
an mór-is-fiú go léir agus bhí an rí ar gealaigh.


L. 617


CCLXI.



BHAISTÍ.



Bhí an rí ar gealaigh. Do chruinnigh sé chuige a lucht
cómhairle, na cómhairligh a bhíodh i n'fhochair i ghcómhnuidhe
agus do leagadh a mbreitheamhntas dó ar gach céim
cruaidh d'á dtagadh air. Bhí mórsheisear acu aige.
D'fhiafraigh sé dhíobh cad ba dhóich leó do'n ghníomh a
bhí déanta ag an mbanrighin, ag Bhaistí. Do labhair
duine acu. “Tá,” ar seisean, “díobháil déanta ag
an mbanrighin, ní h-amháin do'n rí ach do sna priún-
saíbh go léir, leis, agus do sna daoine go léir, do
gach fear, uasal agus íseal, atá 'n-a chómhnuidhe in
sna tíorthaibh atá fé smacht an rí. 'Neósfar an gníomh
so a dhein an bhanrighin, 'neósfar é ameasg na mban
ar fuaid na rígheachta. 'Neósfar ó bhéal go béal gur
órduigh an rí Assuerus do'n bhanrighin Bhaistí teacht ag
triall air agus ná tiocfadh sí. Mar gheall ar an
ndroch shampla san diúltóchaid mná na Médach agus
na bPersach, diúltóchaid siad go léir do rud a
dhéanamh ar a bhfearaibh. Sin droch nídh. Sin díobháil
mhór déanta do'n rígheacht go léir agus d'á bhrígh sin
tá cúis le feirg an rí.”



“Ar an adhbhar san, le toil an rí deintear reacht
nách féidir a dh'atharú ach a bheidh daingean do réir
dlighthe na Médach agus na bPersach, reacht a chuirfidh
Bhaistí ó bheith 'n-a banrighin a thuille agus a dhéanfid
banrighin 'n-a h-inead de mhnaoi éigin is fearr 'ná
í. Ansan curtar an reacht san dh'á fógairt ar fuaid
na rígheachta go léir. Cuirfidh san 'n-a luighe ar aigne
gach mná sa rígheacht, bíodh an bhean san íseal nú uasal,
nách foláir di bheith umhal d'á fear.”



Do thaithn an chainnt sin leis an rí. Do deineadh
an reacht, agus chuir an rí leitireacha mórthímpal ar


L. 618


fuaid na rígheachta go léir ag fógairt na reachta san,
agus 'ghá thabhairt le tuisgint do mhnáibh go gcaithfidís
bheith umhal d'á bhfearaibh agus gur bh'e smacht an fhir
a gheóbhadh toil ins gach teaghlach.



Ansan tar éis rainnt aimsire, do tuigeadh gur
cheart an chuid de'n chómhairle a bhí ag baint leis an
rí féin do chómhlíonadh, 'sé sin, banrighin ab fhearr 'ná
Bhaistí do sholáthar dó. Seo mar a socaruigheadh ar
an ngnó san do chur chun cinn, an rígheacht go léir
do chuardach agus na mná óga ba bhreághtha do thabhairt
i láthair an rí, agus go bhféadfadh sé an óigbhean do
b'fhearr a thaithnfadh leis do thoghadh asta agus banrighin
a dhéanamh di agus í phósadh, i n-inead Bhaistí.



Do ghluais oificeacha an rí mórthímpal tríd an
rígheacht agus thugadar leó na n-ógmhná ba bhreághtha
d'á bhfuaradar, isteach i gcathair Súsain. Do cuireadh
cóir agus cimeád ortha go h-uasal agus go fial.
Agus cia a tabharfí isteach i bpálás an rí i dteann-
ta na cod' eile ach Edessa, nú Ester, inghean drithár
Mhardochai. Ógmhná breághtha ab eadh iad go léir gan
amhras, ach i bpearsain agus i gcló agus i n-uaisleacht
aigne agus ins gach deagh thréith d'á mbainean le h-áil-
neacht, bhí Ester abhfad os a gcionn go léir, agus
nuair a tháinig an t-am chun na banrighne nua do thoghadh,
do thoibh an rí Ester. Dubhairt Mardochai léi, ámhthach,
nuair a toghadh í, gan aon nídh a dh'innsint i dtaobh
a cine ná i dtaobh a muinntire. D'á bhrígh sin ní raibh
aon phioc d'á fhios ag an rí gur bhain sí leis an dtreabh-
chas daoine a bhí an uair sin i mbraighdineas sa tír
sin. Ach ba chuma dhi é. Do thug an rí grádh dhi ó chroidhe,
i dtreó go raibh sé ullamh i gcómhnuidhe ar aon nídh i
n-aon chor a thaithnfadh léi do thabhairt di, nú ar aon
nídh ba mhaith léi a déanfí dhi a dhéanamh di.



Nuair a bhí Ester 'n-a banrighin tháinig Mardochai
agus d'fhan sé ag geata an rí i dtreó go mbeadh sé
i n-aice na h-áite 'n-a raibh sí agus go bhféadfadh sé


L. 619


bheith ag tabhairt aire dhi ar chuma, mar bhíodh caoi aige
ar theachtaireacht a chur chúichi isteach ó am go h-am,
fé mar a chíodh sé gur ghádh é.



Ba mhaith an bhail ar an rí Mardochai bheith chómh
h-aireach ar Ester, agus é bheith 'n-a chómhnuidhe i n-aice
an gheata. Bhí beirt seirbhíseach ag an rí. Bagatán
agus Tárés a n-ainimneacha. Tháinig fearg éigin acu
chun an rí agus bhí socair acu ar an rí do mharbhú oidhche
áirithe. Fuair Mardochai amach an feall a bhí d'á
dhéanamh. D'innis sé d' Ester é. D'innis Ester do'n
rí é. Do rugadh ar an mbeirt. Do trialadh iad. Do
fuaradh cionntach iad agus do crochadh iad. Do thuig
an rí go rithfadh leó agus gur dheimhin go marbóchai-
dís é mara mbeadh Mardochai agus Ester. Ní baoghal
ná gur mhéaduigh san an cion a bhí aige ar an mbanrighin.



Bhí fear sa chathair agus Aman ab ainm dó. De
shliocht Agaig ab eadh é. Fear ab eadh é go raibh meabhair
chinn agus éirim aigne aige thar an gcoitchiantacht.
Bhí sé ana ghasta, ana ghlic. Bhíodh a lán gnóthaí aige
'á dhéanamh do'n rí agus dheineadh sé go maith iad i
dtreó go dtáinig ana iontaoibh ag an rí as a bhreith-
eamhantas agus as a thuisgint. Bhí sé 'ghá chimilt féin
de'n rí go dtí gur mheas an rí go raibh sé chómh dílis
agus bhí sé tuisgionach. Ach rógaire fill ab eadh é.



CCLXII.



AMAN.



Bhí Aman 'ghá chimilt féin de'n rí agus an iontaoibh
ag an rí as ag dul i méid, go dtí, fé dheire, ná dein-
eadh an rí aon ghnó i n-aon chor gan an gnó san do
chur i gcómhairle Amain ar dtúis. Do tháinig dó an
iontaoibh a bheith chómh mór san aige as, agus an uraim
chómh mór san aige dhó, gur dhein sé reacht 'ghá órdú
do gach aoinne feacadh glún a dhéanamh d'Aman, mar a


L. 620


déanfí do'n rí féin, nuair a buailfí uime. Do thugadh
gach aoinne an onóir sin d'Aman, as san amach, ach
aoinne amháin. Mardochai an t-aoinne amháin sin.
Bhíodh Mardochai 'n-a shuidhe ag geata tighe an rí agus
nuair a bhíodh Aman ag gabháil thairis isteach chun cainnte
dhéanamh leis an rí nú ag teacht amach tar éis na cainnte
dhéanamh, ní lúbadh Mardochai aon ghlúin dó. Ní
chuireadh sé aon bhlúire suime ann. Bhíodh Aman ar
buile. Bhí an rí tar éis é chur os cionn na bpriúnsaí
eile go léir agus bhí an uile dhuine eile ag umhlú go
h-íseal dó ach amháin Mardochai. Do shocaruigh Aman
i n' aigne go ndéanfadh sé díoltas dian ar Mhardochai,
agus thuig sé go raibh an tslighe aige chun an díoltais
sin a dhéanamh toisg an iontaoibh go léir a bheith ag an
rí as. Ansan do thuig sé i n' aigne pé droch nídh a
dhéanfadh sé ar Mhardochai féin ná beadh ann ach sásamh
suarach ar an miosgais a bhí aige 'n-a choinnibh agus
ar an bhfuath a bhí aige dhó. Bhí fhios aige gur Iúdach
Mardochai, agus bheartuigh sé i n'aigne aon éirleach
amháin a dhéanamh ar a raibh de Iúdachaibh sa righeacht
agus iad go léir do chur chun báis i n-aonfheacht. Ansan
bheadh sásamh a chroidhe de dhíoltas déanta aige ar
Mhardochai. Siúd chun cainnte leis an rí é. “Tá,”
ar seisean leis an rí, “treabhchas daoine leathta ar
fuaid do rígheachta, a rí onóraigh, agus ní bhainid siad
leis an rígheacht. Tá acu dlighthe agus riaghalta atá
bun os cionn ar fad le dlighthibh agus le riaghaltaibh
do rígheachta-sa. Ní gádh dhom a dh'innsint duit, a
rí onóraigh, gur fíor olc an bhail ar do rígheacht aicme
daoine de'n tsórd san a bheith measgaithe ar do dhaoine
féin agus a ndlighthe agus a riaghalta féin acu, agus
do dhaoine-se ag feuchaint ortha ag diúltú dod' dhlighthibh
agus ag déanamh neamhnídh ded' reachtaibh. Dein-se
reacht anois, a rí onóraigh, ag tabhairt úghdaráis domh-sa
chun na h-aicme sin go léir a dhísgiú agus cuirfad-sa
deich míle talant isteach ad' chiste.”


L. 621


Do bhain an rí an fáinne d'á mhéir féin agus thug
sé d'Aman é agus dubhairt sé: “I dtaobh an airgid,
cimeád é; i dtaobh na ndaoine sin adeirir, tabhair
do rogha cor dóibh.”



D'imthigh Aman agus do ghlaoidh sé chuige sgríbhneóirí
an rí agus dubhairt sé leó reacht do sgrí, agus do
labhair sé dhóib an chainnt a bhí le sgrí síos sa reacht
acu. Agus isé rud a bhí sa reacht 'ná órdú chun uach-
tarán na gcatharach ar fuaid na rígheachta go léir,
agus chun lucht inid an rí in sna cúigíbh go léir, eirighe
aon lá amháin do h-áirigheadh, agus a raibh de Iúdachaibh
le fághail do chur chun báis, idir fhearaibh agus mná
agus aos óg, agus foghail a dhéanamh de pé saidhbhreas
a bhí acu. Do comáineadh chun siubhail teachtairí, agus
macasamhail do'n reacht san ag gach teachtaire, agus
séala an rí ar gach macasamhail, séala gur bhás ar an
láthair sin d'aon duine cur 'n-a choinnibh. Níor bh'fhada
go raibh eólus ar an reacht ag an uile dhuine d'á raibh
sa rígheacht ó cheann ceann agus o thaobh taobh. An
trímhadh lá déag de mhí Adair a bhí ceapaithe sa reacht
chun an éirligh a dhéanamh, agus do h-órduigheadh sa
reacht do mhuinntir na gcúigí go léir, agus na gcatharach
go léir, iad féin d'ullmhú i gcóir an lae sin agus an
t-éirleach a dhéanamh ar na Iúdaígh. Do cuireadh maca-
samhail do'n reacht ar crochadh ar fhallaíbh catharach
Súsain, agus bhí an rí agus Aman i bhfochair a chéile
ag ithe agus ag ól, agus na Iúdaígh go léir ag brise
a gcroidhe ag gol. Ar fuaid na rígheachta go léir bhí
na Iúdaígh go dúbhach agus go brónach, ag feitheamh leis
an lá, agus na págánaigh go fuadarach 'ghá n-ullmhú
féin agus ag cur faobhair ar chlaidhmhtibh dóibh féin i
gcóir na h-oibre a bhí le déanamh acu an lá san le
h-órdú an rí.


L. 622



CCLXIII.



RÚN DÍOLTAIS.



Nuair a chonaic Mardochai an reacht ar crochadh
ar na fallaíbh agus séala an rí leis, 'ghá órdú na
Iúdaígh go léir, óg agus aosta, mná agus fir agus
leanbhaí do chur chun báis, an trímhadh lá déag de mhi
Adair, bhí sé ag gol go h-árd, mar aon leis na Iúdaígh
eile go léir a bhí sa chathair. Chuir sé éadach ruainnigh
uime agus bhí sé 'n-a sheasamh lasmuich de gheata tighe
an rí. Chonaic cuid de sna seirbhísigh Mardochai
lasmuich de'n gheata agus é ag gol agus an t-éadach
ruainnigh uime agus d'innseadar é do mhnáibh cuimh-
deachta na banrighne. Bhí uathbhás ar Ester nuair a
h-innseadh di é. Chuir sí teachtaire amach ag triall
ar Mhardochai 'ghá fhiafraighe dhe cad a bhí air nú cad
fé ndeara dhó bheith i n-a leithéid de riocht. D'innis
Mardochai an sgéal tríd síos do'n teachtaire, conus
mar a bhí Aman tar éis a gheallamhaint go ndíolfadh
sé féin airgead mór isteach i gciste an rí ach go leogfí
dhó na Iúdaígh go léir do chur chun báis. Agus thug sé dhó
macasamhail do'n sgríbhinn a bhí ar crochadh ar na fallaíbh,
le breith isteach chun na banrighne. Agus dubhairt sé,
leis, a iarraidh ar an mbanrighin dul chun cainnte leis
an rí agus a h-athchuinighe do chur chuige ar son a daoine
féin.



D'imthigh an teachtaire isteach agus d'innis sé do'n
bhanrighin gach aon rud adubhairt Mardochai.



“Imthigh amach airís,” ar sisi, “agus abair le Mar-
dochai mar seo: “Is eól do sheirbhíseachaibh uile an
rí, agus is eól do'n uile dhuine d'á bhfuil sa rígheacht,
aon duine do raghadh isteach ag triall ar an rí, gan fios
curtha air, go gcuirfí chun báis láithreach é mara síneadh
an rí féin a shlat óir chuige mar chomhartha go raibh


L. 623


a anam le leogaint leis. D'á bhrígh sin conus is féidir
domh-sa dul isteach chun cainnte leis an rí?’”



D'imthigh an teachtaire amach agus dubhairt sé an
chainnt sin le Mardochai. Ansan do chuir Mardochai
an teachtaireacht eile seo isteach ag triall uirthi:
“Ná meas go sábhálfir-se t'anam féin toisg tú bheith
istigh i dtigh an rí. Ní thabharfidh san aon dul as duit.
Ach má dhiúltuighean tú d'aon fhocal a rádh anois,
sábhálfar na Iúdaígh ar chuma éigin eile, agus déanfar
íde ort-sa agus ar theaghlach t'athar. Agus ca bh'fhios
d'aoinne nách i dtreó go mbeithá ann chun na h-oibre
seo a dhéanamh a h-árduigheadh thu chun bheith ad'
bhanrighin.” Ansan do chuir Ester amach chun
Mardochai an teachtaireacht so:—



“Imthigh agus bailigh i dteannta chéile a bhfuil de
Iúdachaibh i Súsan agus bídís ag guidhe orm. Ná deinidh
ithe ná ól go ceann trí lá agus trí oidhche, agus déan-
fad-sa agus mo mhná coimhdeachta an trosgadh céadna,
agus ansan raghad isteach chun an rí, i gcoinnibh na
dlighe, am' chur féin i gcontabhairt bháis, toisg gan
fios a bheith curtha orm.”



D'imthigh Mardochai agus dhein sé mar a dh'órduigh
Ester dó a dhéanamh.



Do deineadh an trosgadh, laistigh agus lasmuich.
Do tháinig an trímhadh lá. Chuir Ester a córú ríoga
uimpi agus chuaidh sí isteach ag triall ar an rí. Bhí
sé 'n-a shuidhe 'n-a chathaoir ríoga sa phálás. Chómh luath
agus do luigh a shúil ar Ester do thaithn a deabhramh
leis agus do shín sé chúichi an tslat óir. Do phóg sí
an tslat. Deir cuid de sna cúntaisíbh go raibh sí
i riocht tuitim i laige agus gur léim an rí as an
gcathaoir agus gur rug sé uirthi sar a raibh sé d'uain
aici tuitim chun tailimh. Pé'r domhan é do buaileadh
isteach i n-aigne an rí go raibh gnó ana mhór éigin aici
dhe, go raibh rud éigin uathbhásach ag déanamh buartha
dhi, agus mara mbeadh go raibh nár bhaoghal go


L. 624


dtiocfadh sí ag triall air ar an gcuma san, i gcoin-
nibh na dlighe agus a fhios aici cad é an pionós a lean
a leithéid de ghníomh. Do labhair sé go cneasta léi.



“Cad 'tá uait, a Ester, a ríogan?” ar seisean.



“Cad tá agat le h-iarraidh orm? Dá mb'é leath mo
rígheachta é, tá sé le fághail agat.” “Sidé atá agam
le h-iarraidh ort, a rí,” ar sisi, “Má tá fabhar fághalta
agam i súilibh an rí, agus má 'sé toil an rí an nídh
atá uaim a thabhairt dom agus m'athchuinighe do chómh-
líonadh, tagadh an rí agus Aman chun an dínnéir atá
ullamh agam dóibh.” Dubhairt an rí láithreach, “Glaodh-
tear ar Aman go ndeinidh sé toil na ríogna.” Agus
tháinig an rí agus Aman chun an dínnéir a bhí ullamh.
Chaitheadar an dínnéar. Ar ball nuair a bhí cuid
mhaith fíona ólta ag a rí dubhairt sé, fé mar a bhí ráidhte
cheana aige: “Cad í an athchuinighe atá uait, a ríogan.
Iarr aon nídh is maith leat orm.” “Aithcim ort, a
rí,” ar sisi, “ó tá fabhar fághalta agam ad' radharc,
an rí agus Aman do theacht chun dínnéir chugham
amáireach agus ansan osgalóchad m'aigne do'n rí.”



Ní raibh oiread áthais riamh roimis sin ar Aman
agus bhí air ag imtheacht dó an lá san. Ach nuair a bhí
sé ag gabháil amach chonaic sé Mardochai ag an ngeata.
Níor umhluigh Mardochai dhó. Bhí sé ar buile. Do
bhain easumhluidheacht Mhardochai an mhaith go léir
as an áthas. “Díolfir as!” ar seisean i n'aigne
féin.



CCLXIV.



FILLEAN AN FEALL AR AN BHFEALLAIRE.



D'imthigh Aman abhaile agus má bhí áthas air mar
gheall ar an onóir a bhí fághalta aige ó'n rí agus ó'n
mbanrighin, bhí fearg agus canncar agus diombádh


L. 625


air mar gheall ar an easonóir, dar leis, a bhí fághalta
aige ó'n Iúdach san Mardochai a bhíodh 'n-a shuidhe
ag geata an rí. Chuaidh sé isteach 'n-a thigh féin agus
ghlaoidh sé chuige a dhaoine muinnteartha agus a bhean,
Sares, agus do labhair sé leó!—



“Feuch,” ar seisean, “tá saidhbhreas mór agam
agus tá creideamhaint mhór agam. Tá iontaoibh thar
barr ag an rí asam, agus tá meas mór ag an mban-
righin orm. Tá a leithéid sin de mheas aici orm-sa
nár thug sí cuire d'aoinne eile d'uaislibh na rígheachta
ach dom féin chun dul agus dínnéar do chaitheamh 'n-a
fochair i dteannta an rí, agus tá cuire fághalta agam
chun dul airís amáireach mar an gcéadna, chun dínnéir,
agus ní bheidh ann ach mé féin agus an rí i bfochair
na banrighne. Agus feuch, i n-aindeóin na h-onóra
san go léir agus i n-aindeóin mo shaidhbhris go léir,
ní mheasaim go bhfuil aon rud i n-aon chor agam an
fhaid a chím an Iúdach san Mardochai 'n-a shuidhe ag
geata an rí.”



Ansan dubhairt Sares, a bhean: “Tá úghdarás
an rí agat chun na n-Iúdach san go léir do chur cun
báis. Tosnuigh le Mardochai sin. Cuir suas croch
bhreágh árd ansan amuich, agus imthigh agus abair leis
an rí cad é an saghas Mardochai. Tabharfidh an rí
cead duit chun é chrochadh láithreach gan feitheamh leis
an lá atá sa reacht. Cuir anáirde ar an gcroich é ar
maidin agus ansan ní bheidh aon rud ag cur canncair
ort 'n-a dhiaidh san nuair a bheir ag dul chun do dhínnéir
i bhfochair an rí agus na ríogna.”



Do thaithn an chómhairle sin le h-Aman, agus do
thaithn an chómhairle le n-a raibh láithreach. Do cuireadh
suas an chroch. Deir an Bíobla go raibh sí caogad
cúbat ar aoirde.



An oidhche chéadna san chuaidh an rí a chodladh ach
níor thuit aon chodladh air. Nuair ná féadfadh sé
codladh dhéanamh d'órduigh sé go dtabharfí 'n-a láthair


L. 626


leabhar seanachais na rígheachta agus go léighfí rud
éigin as an leabhar dó. Ar ádhbharaighe an tsaoghail,
ní h-eadh ach le leamhnú Dé, cad a léighfadh an léigh-
theóir do'n rí ach an cúntas a bhí sgríobhtha sa leabhar
ar an gcuma 'n-ar nocht Mardochai an feall a dhein
Bagatán agus Tárés nuair a cheapadar an rí do
mharbhú.



“Stad!” arsan rí. “Cad é an díolfiach a tugadh
do Mhardochai mar gheall ar an ngníomh dílse sin,
nú cad é an cúiteamh a fuair sé?”



“Níor tugadh aon díolfiach ná aon chúiteamh dó,”
assa gach aoinne a bhí láithreach.



“Cia atá sa tseómra amuich?” arsan rí.



“Tá Aman,” ar siad san. Bhí Aman tagaithe chun
a iarraidh ar an rí go leogfí dhó an Iúdach grána san,
Mardochai, do chrochadh ar maidin amáireach a bhí
chughainn.



“Glaodhtear isteach Aman,” arsan rí. Do
glaodhadh. Tháinig sé isteach. Dubhairt an rí leis:



“Cad is ceart a dhéanamh leis an bhfear gur maith
leis an rí onóir a thabhairt dó?” Do buaileadh isteach
i n-aigne Amain ná féadfadh an rí bheith ag cuimhneamh
ar onóir a thabhairt d'aoinne eile ach amháin dó féin,
agus dubhairt sé:—



“An fear gur maith leis an rí onóir a thabhairt dó
is ceart róba leis an rí do chur uime agus coróinn
an rí do chur ar a cheann agus é chur ar muin an eich
n-ar gnáth leis an rí bheith ag marcaidheacht air, agus
ansan an té is aoirde de phriúnsaíbh an rí do theacht
agus greim a bheith aige ar cheann ar an each, agus é
ag giollacht an eich tríd an gcathair agus an chainnt
seo aige d'á rádh: ‘Seo mar is dual onóir a thabhairt
do'n té gur maith leis an rí é dh'onórú.’”



“Tá go h-ana mhaith,” arsan rí. “Imthigh-se anois
agus tóg leat an róba agus an t-each agus dein le
Mardochai, an Iúdach san a bhíon 'n-a shuidhe ag geata


L. 627


an ríghtheaghlaigh, díreach mar atá ráidhte agat. Seachain
agus ná fág gan déanamh aon nídh de sna neithibh sin
atá ráidhte agat.”



D'imthigh Aman agus fuair sé an róba agus an t-each
agus chuir sé an róba ar Mhardochai agus chuir sé
Mardochai ar muin an eich agus tháinig sé féin agus
do rug sé ar cheann ar an each agus chomáin sé leis
go breágh réidh tríd an gcathair, agus an chainnt ar
siubhal aige, go h-árd agus go ceólmhar: “Seo
mar is dual onóir a thabhairt do'n té gur maith leis
an rí é dh'onórú.”



Ansan tháinig Mardochai thar n-ais go geata tighe
an rí agus d'imthigh Aman, go ceann-íseal, abhaile
chun a thighe féin; agus má bhí fearg agus canncar air
an oidhche roimis sin níor bh'fiú biorán a's é seachas
an croidhe cráidhte a bhí aige ag dul abhaile dhó tar éis
an méid sin gnótha do dhéanamh.


L. 628



L. 629


(Cuid a sé.)



SGÉALAIDHEACHTA AS AN MBÍOBLA
NAOMHTHA.



CCLXV.



AN CHROCH.



Chuaidh Aman abhaile agus é go loisgithe sgólta,
cráidhte 'n-a chroidhe agus i n'aigne, agus d'innis sé
d'á mhnaoi agus d'á mhuinntir cad a bhí imthighthe air,
agus bhí mná eólgaiseacha, i dteannta a mhná féin,
ag éisteacht leis agus dubhradar leis: “Má's de
shíol na nIúdach Mardochai sin, go bhfuilir ag
tosnú ar thuitim roimis, ní'l aon bhreith agat an lámh
uachtair a dh'fhághail air. Gheóbhaidh sé sin an lámh
uachtair ort-sa.”



Le linn na cainnte sin do rádh dhóibh tháinig seir-
bhísigh an rí agus chuireadar fhiachaint air imtheacht
láithreach chun an dínnéir a bhí ullamh ag an mbanrighin.
D'imthigh sé leó agus chaith sé féin agus an rí a
ndínnéar i bfochair na ríogna. D'itheadar agus
d'óladar a ndóithin, agus ar ball nuair a bhí a dhóithin
fíona ólta aige agus brothal an fhíona 'n-a chroidhe,
chuir an rí an cheist airís chun na banrighne:—



“Cad tá agat le h-iarraidh orm, a Ester? “ar
seisean, “nú cad ba mhaith leat a dhéanfinn duit?
Bíodh go n-iarrfá orm leath mo rígheachta thabhairt
duit caithfir é dh'fhághail.” Ansan d'fhreagair Ester:—



“Má's ionmhuin leat me, a rí, tabhair dom m'anam
féin agus mo dhaoine féin. Siné atá agam 'á iarraidh
ar do Shoillse go cruaidh, má 'sé toil do Shoillse mo
ghuidhe a thabhairt dom. Táim féin agus mo dhaoine,
a rí, tabhartha suas chun báis agus íde a dh'imirt orainn.


L. 630


Dá mba chun sinn a dhíol i n-ár ndaoraibh a bheifí bheadh
an sgéal olc go leór againn, ach d'fhuiligeóchainn é
gan labhairt. Ach anois tá namhaid againn atá chun
sinn go léir a chur chun báis i n-aonfheacht. Is caillte
an gníomh é, agus is le cómhacht an rí a déanfar an
gníomh.”



D'fhreagair an rí Assuérus agus dubhairt sé: “Cia
h-é an namhaid sin, agus cad í an chómhacht atá aige
ó'n rí, go leómhfadh sé a leithéid do dhéanamh?”



Agus dubhairt Ester: “Siné ansan é, Aman,
an namhaid mhalluighthe atá againn.”



Nuair airigh Aman an focal san ní miste a rádh
go raibh sgannra air. D'eirigh an rí agus d'imthigh sé
amach sa gháirdín mar a raibh crainn ag fás. Bhí an
bhanrighin, do réir nóis na tíre, sínte ar shórd leapan;
d'eirigh Aman agus an sgannra air agus chaith sé é
féin ar an leabaidh 'n-a h-aice 'ghá iarraidh uirthi a anam
do leogant leis, mar bhí fhios aige go raibh droch nídh
beartuighthe ag an rí dhó. Le n-a linn sin d'fhill an rí
isteach as an ngáirdín. “Feuch!” arsan rí, “mheas-
fadh sé éigean a dhéanamh ar an mbanrighin os cómhair
mo shúl, istigh am' thigh féin!” Do rug na seirbhísigh
ar Aman. Do labhair duine acu. “Tá croch curtha
suas aige i n-aice a thighe féin,” ar seisean, “chun
Mardochai do chrochadh, an fear do thug an t-eólus
ar an mbeirt úd a bhí chun an rí do mharbhú, agus tá
an chroch caogad cúbat ar aoirde.”



“Crochtar é féin uirthi,” arsan rí.



Agus do crochadh Aman féin ar an gcroich úd a bhí
curtha suas aige chun Mardochai do chrochadh uirthi.
Ansan do chuaidh d'fheirg an rí.



Ansan d'innis Ester do'n rí cé'r' bh'é Mardochai,
gur bh'é dritháir a h-athar é. Agus do bhronn an rí
uirthi an tigh a bhí ag Aman. Do tugadh Mardochai
isteach, i láthair an rí, agus an fáinne úd a thug an rí
d'Aman, do tógadh ó Aman é agus chuir an rí ar


L. 631


mhéir Mhardochai é, agus chuir Ester Mardochai
isteach i seilbh an tighe a bronnadh uirthi, an tigh a
dh'fhág Aman 'n-a dhiaidh.



Ach bhí an sgríbhinn mhalluighthe úd imthighthe amach
ar fuaid na rígheachta, agus dá bhfágtí an sgéal gan
atharú do curfí na Iúdaígh go léir chun báis nuair a
thiocfadh an lá. Do chaith Ester í féin ag cosaibh an
rí agus d'iarr sí i n-athchainighchaibh air an t-atharú
do dhéanamh agus cosg do chur leis an ndroch obair
sar a mbeadh sé ró dhéanach. Do shín an rí an tslat
óir, an tslat ríoga, chúichi, mar ba ghnáth, agus d'eirigh
sí agus sheasaimh sí os a chómhair agus dubhairt sí:
“Má 'sé toil an rí é, agus gurab ionmhuin leis me,
agus nách míthaithneamhach leis an nídh atá agam 'á
iarraidh, aithcim air go ndéanfí na sgríbhinní úd a
chuir Aman amach do chur ar neamhnídh agus go gcurfí
sgríbhinní eile amach, ar fuaid na gcúigí go léir, agus
úghdarás an rí leó, ag bréagnú na sgríbhinní do chuaidh
amach ó Aman.”



Ansan dubhairt an rí leis an mbanrighin Ester
agus leis an Iúdach Mardochai: “Tá tigh Amain
tabhartha agam d'Ester, agus do chrochas é mar gheall
ar an rud a mheas sé a dhéanamh leis na Iúdaígh.
Deinidh-se anois sgríobhadh chun na nIúdach go léir
agus abraidh an nídh is toil lib agus cuiridh mo
shéala-sa ar an sgríbhinn.



CCLXVI.



GÁIRDEACHAS.



Do ghluais Mardochai láithreach chun na h-oibre
dhéanamh a bhí órduighthe ag an rí. Do ghlaoidh sé chuige
sgríbhneóirí an rí, agus do labhair sé leó an chainnt


L. 632


a bhí acu le sgrí agus do sgríobhadar an chainnt fé
mar a labhair Mardochai í. Agus isí cainnt a labhair
Mardochai do sna sgríbhneóiríbh 'ná órdú ó'n rí gan
beart a dhéanamh do réir na leitireacha do chuir
Aman amach ach staonadh ó gach nídh d'á raibh órduighthe
in sna leitireachaibh sin, agus gan aon chur isteach
a dhéanamh ar na Iúdaígh. Do sgríobhadh macasamhla
do sna leitireachaibh sin ag triall ar riaghaltóiríbh
na gcúigí go léir ar a raibh forlámhas ag Assuérus,
agus ag triall ar riaghaltóiríbh na gcatharach a bhí in
sna cúigíbh sin, agus ag triall ar na Iúdaígh a bhí 'n-a
gcómhnuidhe in sna cúigíbh sin agus in sna catharachaibh
sin. Do h-órduigheadh do sna riaghaltóiríbh gan baint
le h-aon eugcóir a dhéanamh ar na Iúdaígh, agus do
h-órduigheadh do sna Iúdaígh a n-airm do chur i dtreó
agus iad féin do ghleusadh agus do shocarú agus iad
féin do chosaint ar a namhaid. Sar ar ghluais na teacht-
airí chun na leitireacha do bhreith leó chun na gcúigí
do labhair an rí féin leó. Do thuig sé i n' aigne go
raibh coir throm i n-aghaidh an chirt déanta ag an muinn-
tir a bhí 'ghá n-ullmhú féin chun lá éirligh a bheith acu ar
na Iúdaígh. Do thuig sé go raibh sé ceart díoltas a
dhéanamh ortha mar gheall ar an gcoir sin. “Labhraidh,”
ar seisean leis na Iúdaígh go léir, “agus abraidh leó
iad féin do chruinniú i dteannta chéile ins gach cathair
sa rígheacht, agus an t-éirleach céadna do dhéanamh
ar a namhaid a bhí beartuighthe agá namhaid a dhéanamh
ortha san, agus an t-éirleach san do dhéanamh ar an
namhaid sin an lá céadna díreach a bhí ceapaithe ag
an namhaid chun an éirligh a dhéanamh ortha san.”



Do comáineadh na teachtairí chun siubhail agus na
leitireacha acu, agus séala an rí ar na leitireachaibh,
agus an teachtaireacht acu leis, ó bhéal an rí féin,
'ghá órdú do sna Iúdaígh an t-éirleach do dhéanamh
ar a namhaid fé mar a bhí ceapaithe ag an namhaid a
dhéanamh ortha san. Ansan do stracadh anuas an reacht


L. 633


úd a chuir Aman suas i gcathair Súsain agus do cuir-
eadh suas ar fuaid na catharach an reacht nua, 'ghá órdú
do sna Iúdaígh iad féin do chosaint agus díoltas
a dhéanamh ar a namhaid.



Do chonaic muinntir na catharach go léir, cúpla
lá roimis sin, Mardochai ag marcaidheacht ar each
an rí agus róba an rí uime, agus coróinn an rí ar
a cheann, agus Aman ag ceann an eich agus an chainnt
úd aige 'á rádh: “Seo mar is dual onóir a thabhairt
do'n fhear gur mian leis an rí é dh'onórú.” Ní raibh
aon iongna ortha, d'á bhrígh sin, nuair a chonacadar an
lá san é, agus é ag teacht amach ó bheith i láthair an rí,
agus éadach ríoga ag taithneamh uime, éadach guirm-
spéire, agus coróinn óir ar a cheann, agus brat síoda
agus corcair air.



Níor bh'aon iongna áthas mór a bheith ar a raibh de
Iúdachaibh sa chathair. Ach deir an Bíobla go raibh áthas
ar an gcathair go léir agus go raibh na daoine go léir
ag déanamh gáirdeachais. Do thaisbeánfadh san ná
raibh aon phuinn grádha acu do'n fhear úd a chuir iad
go léir ag feacadh na nglún dó. Is seanfhocal é
“nách searbha an súgh 'ná umhluidheacht gan iarraidh.”
Ach tá umhluidheacht is measa 'ná umhluidheacht gan
iarraidh, d'á olcas í. Isí umhluidheacht í sin ná umhluidheacht
d'á h-aindeóin. Umhluidheacht d'á h-aindeóin ab eadh
an umhluidheacht a thug muinntir catharach Súsain d'Aman
nuair a bhídís ag lúbadh a nglún dó le h-órdú an rí.
Bhí fhios acu gur bh'é féin do mheall an rí chun na dlighe
sin a dhéanamh, agus bhí an fuath a bhí tuillte aige acu
dhó, bhí fuath acu go léir dó, ach amháin ag an méid acu
a bhí ag braith air, nú ag súil le rud éigin d'fhághail uaidh.


L. 634


CCLXVII.



ATHARACH SGÉIL.



Nuair a shrois na teachtairí na cúigí agus na cathar-
acha ar fuaid na rígheachta agus nuair a thaisbeánadar
na leitireacha, agus séala an rí ortha, agus iad ag
bréagnú na leitireach a tháinig roimis sin ó Aman,
bhí iongna ar na taoiseachaibh agus ar uachtaránaibh
na gcatharach. Bhí gach aon rud iompuighthe láithreach
taobh síos suas agus taobh soir siar. Nuair a tháinig
na teachtairí ó Aman agus na leitireacha acu, fé shéala
an rí, ghá órdú na Iúdaígh go léir do chur chun báis
lá áirithe, bhí áthas ar namhaid na nIúdach agus bhí
faobhar acu 'á chur ar a gclaidhmhtibh, agus an mhuinntir
a bhí fabharamhail do sna Iúdaígh ní leogfadh eagla
dhóibh an fabhar a thaisbeáint le h-eagla go 'neósfí
d' Aman é agus go n-iarrfadh Aman ar an rí cead a
thabhairt dó an íde chéadna d'imirt ortha féin. Nuair
a tháinig an t-atharach sgéil agus na leitireacha ó
Mhardochaí agus séala an rí ortha, agus nuair a
h-innseadh dóibh go raibh Aman crochta agus go raibh
cómhacht an rí ag Mardochaí chun íde dhéanamh ar
namhaid na nIúdach, ansan tháinig eagla ar na daoinibh
céadna san go 'neósfí do Mhardochaí ná rabhadar
fabhramhail do sna Iúdaígh, agus chromadar láithreach
ar a chur i n-iúil go rabhadar. Chromadar, gan a thuille
ríghnis, ar a gcuid airm do chur i dtreó, i gcás go
mbeidís ullamh nuair a thiocfadh an lá chun dul i
n-aonfheacht leis na Iúdaígh ag déanamh an éirligh ar
namhaid na nIúdach. Ar an gcuma san, an mhuinntir
a bhí ag gáirí ar dtúis bhí a ngáirí iompuighthe chun
guil, agus na Iúdaígh, an mhuinntir a bhí ag gol ar
dtúis, bhí a ngol iompuighthe chun gáirí, bhí a mbuairt
iompuighthe chun áthais.


L. 635


Déarfadh duine, b'fhéidir, go raibh sé ceart ag na
Iúdaígh an uair sin maitheamh d'á namhaid agus síothcháin
a dhéanamh leó. Ní raibh ar a gcumas an nídh sin do
dhéanamh, pe 'cu ba mhaith leó é dhéanamh nú nár mhaith.
Bhí ceangailte ortha reacht an rí do chómhlíonadh. Dá
staonaidís ó reacht an rí do chómhlíonadh bheadh fearg
an rí tuillte acu féin agus déanfí íde ortha go tapaidh
mar gheall air sin. Do thuig Mardochai agus na
Iúdaígh go léir an méid sin go dian mhaith, do thuig
namhaid na nIúdach é, an mhuinntir úd a bhí ag cur
an fhaobhair suas chun na n-Iúdach do mharbhú. Do thuig
an mhuinntir eile leis é, an mhuinntir go raibh an bháidh
acu leis na Iúdaígh ach nár leog an t-eagla dhóibh an
bháidh a thaisbheáint an fhaid a bhí Aman beó agus i
gcómhacht. Thaisbeánadar tapaidh go leór é nuair
a fuaradar an Iúdach, Mardochai, i gcómhacht, nuair a
fuaradar gur shábháil sé anam an rí ar an mbeirt
úd a bhí ceapaithe ar an rí do mharbhú, nuair a tugadh
le tuisgint dóibh go raibh an rí tar éis úghdaráis na
h-ímpireachta ar fad, thoir thiar thuaidh theas, do chur
isteach i láimh Mhardochai, agus ná raibh ar chumas
aon duine, uasal ná íseal, i n-aon áit i bhfaid ná i
leithead na rígheachta, cor a chur de chois ná de láimh
leis, ach le toil Mhardochai. Nuair a thuigeadar an
méid sin thaisbeánadar go soiléir an bháidh a bhí acu
leis na Iúdaígh.



Gan amhras is ró fhuiriste dhúinn-na a thuisgint go
raibh lámh Dé sa n-obair go léir. Do cheaduigh Dia,
moladh go deó leis, na Iúdaígh, clann Israéil, do
bhreith chun siubhail as a ndúthaigh féin i mbraighdineas,
soir go dtí an dúthaigh iasachta úd, mar gheall ar a
bpeacaíbh, ach nuair a bhíodar lastoir, agus iad ag
folag an phionóis mar gheall ar na peacaíbh a dheine-
adar laistiar, do thaisbeáin sé dhóibh gur bh'iad a dhaoine
féin iad, a phobul féin, a phobul toghtha, agus go raibh
sé ullamh ar iad do chosaint ar a namhaid thoir sa


L. 636


bhraighdineas, díreach mar a bhíodh sé ullamh i gcómh-
nuidhe ar iad do chosaint ar a namhaid thiar sa dúthaigh
bhreágh úd a thug sé féin dóibh nuair a thug sé amach
as an Éigipt iad.



CCLXVIII.



LEITIR Ó'N RÍ.



Sidí an leitir a sgríbh Mardochai, le h-órdú an
rí, agus do cuireadh mórthímpal tré chúigíbh agus tré
chatharachaibh na rígheachta, ag cosaint na nIúdach ar
a namhaid agus 'ghá órdú dhóibh iad féin do chosaint
agus íde do dhéanamh ar a namhaid:—



“An t-árd rí Artaxerxes, go bhfuil forlámhas
aige ó sna h-Indiathaibh go dtí Etiópia, chun na n-uacht-
arán agus chun na bpriúnsaí atá ar an gcéad agus
seacht cúigíbh fichid d'á rígheacht, i ndeagh-mhéinn. Do
deineadh go minic droch úsáid de'n mhaitheas a dhein
rí do dhaoinibh agus de'n onóir a thug rí do dhaoinibh.
Cuirean uabhar fhiachaint ar na daoinibh a gheibhean an
onóir úsáid a dhéanamh di i gcoinnibh na ndaoine,
agus, go minic, i gcoinnibh an té a thug dóibh í. Ní
leór leó bheith mí-bhuidheach de'n té a bhronn maith-
easaí ortha, agus dlighthe na daonachta do bhrise le
n-a mbeartúchán féin, ach measaid siad go bhféadfid
siad, leis, dul saor ó bhreitheamhantas Dé a chíon an
uile nídh, agus luighid siad amach, le buile droch aigne,
ar uisge-fé-thalamh a dhéanamh le h-éitheach i n-aghaidh
daoine macánta dílse a bhíon ag déanamh na h-oibre
a cuireadh 'n-a chúram ortha, agus ag déanamh na h-oibre
sin chómh maith san go mbíon moladh tuillte acu ó
gach aoinne. 'N-a theannta san bíd siad ag cur an
éithigh isteach i gcluasaibh an rí chun go gcuirid siad
fhiachaint ar rí fóghanta eugcóir a dhéanamh. Chítear


L. 637


an nídh sin a' seanachas na h-aimsire atá imthighthe,
agus chítear é, leis, as na neithibh a thuitean amach i
n-aghaidh an lae os ár gcómhair, deagh-mhéinn righthe
d'á h-iompáil chun uilc tré dhroch chómhairle ó dhaoinibh
áirithe.



“Ní mór dúinn-na, d'á bhrígh sin, feuchaint chun síoth
chána na gcúigí go léir atá i n-ár rígheacht. Ná meas-
tar, ámh, má dheinimíd atharú reachta gur tré ghuagacht
aigne a dheinimíd an t-atharú. Ní h-eadh ach tríd an
riachtanas a thagan le h-imtheacht aimsire, agus tríd
an obliogáid atá orainn bheith ag feuchaint i gcómh-
nuidhe chun tairbhthe na poibilidheachta i gcoitchine.



“Anois, i dtreó go dtuigfidh sibh go soiléir an nídh
atá againn 'á rádh; do ghlacamair an fear úd Aman,
mac Amadati, fear iasachta, Macedóniánach ó thír
agus ó dhúchas, gan aon bhraon de'n fhuil Phersach ann.
Do ghlacamair é agus do thug a mhí-dhaonacht masla
ar ár ndeagh-mhéinn. Bhíomair chómh maith san dó go
ndeirtí gur bh'athair againn é agus go dtugadh gach
aoinne dhó an onóir ba dhual do'n fhear ba ghiorra
do'n rí. Ach d'eirigh an t-uabhar chómh h-árd ann gur
chrom sé ar a bheartú conus a bhainfadh sé idir anam
agus rígheacht dínn. Le h-uisge-fé-thalamh nár airigheadh
a leithéid riamh do bheartuigh sé Márdochai do chur
chun báis, an fear a shábháil ár n-anam le n-a dhílse;
agus ár ríogan Ester do chur chun báis; agus na
Iúdaígh go léir do chur chun báis. Cheap sé go mbeadh
caoi aige ansan ar an rígheacht so na bPersach do
thabhairt suas do sna Macedóniánaigh.



“Ach tá fághalta amach againn anois gur daoine
macánta na Iúdaígh seo gur cheap an cuiripeach úd
iad do chur chun báis. Ní'l aon nídh acu dh'á dhéanamh
as an slighe. Táid a ndlighthe féin acu ach is dlighthe
fóghanta, cearta, tairbhtheacha iad. D'á éaghmais sin,
is le Dia iad, isiad clann Dé iad, an Dia is mó agus
is aoirde ar bith, an Dia a thug, d'á mhór mhaitheas féin,


L. 638


an rígheacht so d'ár n-athaireachaibh agus dúinn-na, agus
do chimeád an rígheacht so againn-na go dtí an lá so.
Bíodh fhios agaibh, d'á bhrígh sin, go bhfuilid na leitir-
eacha úd a chuir sé siúd chughaibh-se i n-ár n-ainm, go
bhfuilid siad anois curtha ar neamhnídh glan, agus go
bhfuil an fear ba bhun leó, agus a mhuinntir go léir,
ar crochad anois ar aghaidh gheata na catharach so Súsain,
agus nách sinn-na ach Dia do thug dó an rud a bhí
tuillte aige.”



CCLXIX.



ÁTHAS AR NA IÚDAÍGH.



Sidé an chuid eile de'n leitir úd a chuir Assuérus
amach ar fuaid a rígheachta:—



“Ach an reacht so atá againn 'á chur uainn anois
curfar i n-iúil í in sna catharachaibh go léir, i dtreó
go mbeidh lán chead ag na Iúdaígh a ndlighthe féin a
bheith acu, agus caithfidh sibh-se cabhrú leó chun a namhad
do chur chun báis, an trímhadh lá déag de'n tarna
mí déag, an mí ar a dtugtar Adar. Óir an lá
san a bhí 'n-a lá buartha agus bróin dóibh sin, tá Dia
an uile chómhacht tar éis é dh'iompáil 'n-a lá áthais
agus gáirdeachais dóibh.



“D'á bhrígh sin, beidh an lá san agaibh-se, leis, 'n-a
lá shaoire, ameasg na laethanta eile féile atá agaibh,
agus caithfidh sibh an fhéile sin do cheileabhradh le h-áthas
agus le mór gháirdeachas, i dtreó go gcimeádfar
aithne ar an bhféile sin, leis, in sna n-aimsiribh atá
le teacht agus go mbeidh 'fhios ag an saoghal mór,
gach aicme daoine a bhíon dílis do sna Persachaibh
go gcúitightear a ndílse leó go fial agus go dtugtar
dóibh an tuarastal a bhíon tuillte acu, agus an aicme
daoine a dheinean feall ar rígheacht na bPersach go


L. 639


ndeintear ortha an íde a bhíon tuillte ag malluigh-
theacht fill.



“Agus aon chúige, nú aon chathair, ná geóbhaidh páirt
sa ghnó solmanta so deintear faobhar agus teine
a dh'imirt ortha agus iad d'ídiú, agus a leithéid de
sgrios a dhéanamh ortha ná beidh ar chumas daoine ná
beithidheach gabháil treasna thríotha, i dtreó go mbeid
siad 'n-a sampla ar an gcor atá le tabhairt ar lucht
easumhluidheachta agus ar lucht cheanntréine.”



Do ghluais na teachtairí go léir tríd an rígheacht,
ar luas, agus a mhacasamhlaibh féin do'n leitir sin
ag gach teachtaire, agus do cuireadh macasamhail
do'n leitir ar fhallaíbh catharach Shúsain, agus do thuig
muinntir na catharach, an uile dhuine acu, gur bh'é
Mardochai an uair sin an fear ba mhó cómhacht agus
gradam agus do b'aoirde céim i n-ímpireacht Assuéruis
ó sna h-Indiathib thoir go dtí bruach abhan na h-Éigipte
thiar. Bhí áthas thar barr ar mhuinntir catharach Shúsain
go léir, agus gan amhras, fé mar a shrois na teachtairí
na catharacha eile ar fuaid na h-ímpireachta, bhí áthas
thar barr ar na Iúdaígh. Bhí mar a bheadh solus nua
eirighthe chucha agus bhí gáirdeachas agus rinnce agus
ceól acu. Nuair a chonaic muinntir na dtíortha agus
na gcatharach an t-áthas go léir ar na Iúdaígh do luigh-
dar isteach 'n-a dteannta ag déanamh an gháirdeachais.
Do thuigeadar an chainnt a bhí i leitir an rí agus d'iom-
puighdar i n-am chun a thabhairt le tuisgint, pé daoine
ar a ndéanfí íde mar gheall ar easumhluidheacht, nách
ortha féin a déanfí an íde. D'á éaghmais sin, fé mar
adubhairt an bhean feasa úd le h-Aman, “Má's
de shíol na nIúdach Mardochai gheóbhaidh sé an lámh
uachtair ort-sa,” bhí lán a gcroidhe d'eagla ag na
daoine thoir go léir roimis na Iúdaígh. I mbraighdineas
is eadh bhíodar thoir gan amhras, gan neart gan chómhacht,
gan chumas ar iad féin do chosaint. Ach bhí sé dain-
gean i n-aigne na muinntire thoir go raibh cómhacht


L. 640


éigin do b'aoirde agus ba threise 'ná aon chómhacht
shaoghalta ag tabhairt aireachais do sna Iúdaígh agus
nár mhaith an chiall d'aon duine ná d'aon aicme daoine
fearg na cómhachta san do thuilleamh. D'á bhrígh sin,
nuair a bhí na Iúdaígh ag déanamh an gháirdeachais bhí
gach aoinne ag déanamh an gháirdeachais leó, ach amháin
na daoine úd a bhí ag cur an fhaobhair suas ar
chlaidhmhtibh agus ar reannibh chun na nIúdach go léir
do mharbhú nuair a thiocfadh an trímhadh lá déag de mhí
Adar. Bhí an sgéal go h-olc acu san.



CCLXX.



LÁ AN ÉIRLIGH.



Tháinig an lá, an trímhadh lá déag de'n tarna mí
déag, an mí ar a dtugtar Adar, an lá a bhí ceapaithe
chun an éirligh a dhéanamh ar na Iúdaígh, ach bhí atharú
mór tagaithe. I n-inead an éirligh a bheith le déanamh
ar na Iúdaígh agá namhaid is amhlaidh a bhí na Iúdaígh
ullamh chun an éirligh a dhéanamh ar a namhaid. Bhí na
Iúdaígh tar éis iad féin do chruinniú i dteannta chéile
ins gach cathair agus ins gach baile ar fuaid na rígheachta
go léir, agus iad lán cheapaithe ar an ndíoltas do
dhéanamh ar a namhaid, an díoltas a bhí órduighthe ag
an rí. Ní rabhadar 'n-a n-aonar chun an díoltais a
dhéanamh. Bhí an chuid ba mhó de sna Persachaibh ag
cabhrú leó, mar do thuigeadar órdú an rí agus bhí
fhios acu go dtiocfadh fearg an rí ortha féin mara
gcabhruighdís leis na Iúdaígh. Bhí fhios acu go raibh
cómhacht na rígheachta an uair sin i láimh Mhardochai,
agus dá bhfanaidís siar ó'n ndíoltas a dhéanamh ar
namhaid na nIúdach go ndéanfadh Mardochai díoltas
ortha féin mar gheall ar easumhluidheacht a dhéanamh
i n-aghaidh an rí. Ní raibh i gcoinnibh na nIúdach ach


L. 641


cáirde Amain. Dheabhróchadh an sgéal go raibh aithne
mhaith ortha san go léir. Do ghaibh na riaghaltóirí agus
na breitheamhain agus na giúistísí, gach aoinne go
raibh aon úghdarás fé'n rí aige, ghabhadar go léir páirt
leis na Iúdaígh.



Chómh luath agus tháinig an trímhadh lá déag do ghluais
an marbhú. Chómh luath agus tháinig an ceathrmhadh lá
déag do stad na Iúdaígh de'n éirleach. Do deineadh
cómhaireamh agus do fuaradh go raibh seacht ndeich
a cúig de mhíltibh corp ann. Ansan do dhein na Iúdaígh
rud a chuir iongna ar na Geintibh a bhí 'n-a dtímpal
ag cabhrú leó. In sna leitireachaibh úd a chuir Aman
amach d'órduigh sé le h-úghdarás an rí, ní h-amháin
na Iúdaígh go léir do mharbhú ach 'n-a theannta san
foghail a dhéanamh d'á gcuid. Bhí na geinte deimhnightheach,
nídh nár bh'iongna, go dtógfadh na Iúdaígh chucha féin
pé saidhbhreas saoghalta a bhí ag na daoine a marbhuigh-
eadh. Níor thógadar. Níor chuireadar bara méire
ar aon phioc de chuid na ndaoine a marbhuigheadh. Do
mhéaduigh san creideamhaint na nIúdach sa tír, agus
do mhéaduigh sé an iontaoibh a bhí ag an rí a' Mar-
dochai agus as an mbanrighin Ester.



Ansan do chuir Mardochai leitreacha ag triall
ar na Iúdaígh go léir, ar fuaid na h-ímpireachta, i
gcian agus i gcómhgar, 'ghá órdú dhóibh an ceathrmhadh
lá déag a bheith 'n-a lá gáirdeachais acu, agus féastaí
móra bheith acu, agus an lá san, agus an lá 'n-a dhiaidh,
a bheith 'n-a laethanta saoire acu go deó. Do cimeádadh
an dá lá shaoire sin gach aon bhliain as san amach do
réir mar a dh'órduigh Mardochai, agus do chimeádadh
na Geinte an dá lá shaoire sin i n-aonfheacht lei sna
Iúdaígh.



Deir lucht eóluis gur bh'é Mardochai féin do sgríbh
síos i leabhar an cúntas san ar an gcuma n-ar bh'é
toil Tighearna na Iúdaígh do chosaint ar a namhaid.
B'é toil an Tighearna iad do thógaint as a ndúthaigh


L. 642


féin, mar gheall ar na peacaíbh troma a bhíod acu 'á
dhéanamh, agus iad a bhreith ansúd soir i mbraighdineas.
Ansan, nuair a dheineadar an aithrighe agus nuair a
ghlaodar ar an dTighearna 'ghá iarraidh air iad do chos-
aint ar a namhaid, b'é toil an Tighearna Mardochai
agus Ester do thógaint chucha, i gcómhacht agus i ngrad-
am, agus ní h-amháin iad do chosaint, ach íde dhéanamh
ar a namhaid, agus saoghal socair sámh a thabhairt dóibh
lastoir.



CCLXXI.



MAITHEAS A' CORP LÁR AN UILC.



Nuair a bhí lá an éirligh imthighthe agus an t-éirleach
déanta ag na Iúdaígh ar a namhaid agus na laethanta
saoire ceapaithe chun cuimhne an éirligh sin do chimeád
beó i n-aigne na ndaoine go léir, idir Iúdaígh agus
Geinte, bhí na Iúdaígh i rígheacht Assuéruis neamh-
spleádhach go maith. Bhí na Geinte go léir ana mhuinn-
teartha leó, le h-eagla roimis an rí. Bhí a nduine
féin, Mardochai, thuas ansúd i gcómhacht, ar láimh
dheis an rí, agus úghdarás an rí féin aige os cionn a
raibh de dhaoinibh i seacht gcúigíbh fichid na h-ímpir-
eachta. Bhí úghdarás báis agus beatha aige os cionn
na ndaoine go léir, idir Iúdaígh agus Geinte. Sa
leitir úd a chuir an rí amach, ag saoradh na nIúdach
ó'n íde a mheas Aman a dh'imirt ortha d'admhuigh an
rí gur ó Dhia a bhí an rígheacht fághalta agá shínsear
agus aige féin. Do labhair sé mar a labharfadh duine
go mbeadh creideamh na nIúdach féin aige. Thug san
deimhne do sna Iúdaígh nár bhaoghal dóibh a thuille
eugcóra sa dúthaigh iasachta san.



Is iongantach mar a tharraigean Dia, moladh go
deó leis, an mhaith amach a' lár an uilc. D'fhág Dia


L. 643


clann Israéil thiar sa bhaile, sa dúthaigh bhreágh úd a
thug sé dhóibh nuair a thug sé amach iad a' talamh na
h-Éigipte. D'fhág sé ann iad agus dhein sé foidhne le
n-a bpeacaíbh, go dtí go raibh na peacaí a dheinidís níba
léanmhaire 'ná na peacaí a dheineadh an dream a dhíbir
sé as an áit chun slighe dhéanamh dóibh-sin. Ansan nuair
a bhris ar an bhfoidhne aige agus nár bh'fhéidir leis
folag a thuille leó, do leog sé do Nabuchodonosor
iad do sguabadh as an dtír agus iad do bhreith leis
soir i mbraighdineas isteach i lár na dútha iasachta
úd thoir, mar a rabhadar fé chosaibh namhad, gan chumas
ar iad féin a chosaint. D'iompuighdar ar Dhia agus
dheineadar an aithrighe nuair a luigh cruadhtan an
bhraighdinis ortha. Ansan thug Dia tógáilt cinn dóibh.
Do thóg sé chucha Mardochai agus Ester; agus ar ball,
i n-inead iad a bheith fé chosaibh a namhad is amhlaidh
a bhí uraim thar barr agá namhaid go léir dóibh. Ní
namhaid a bhí acu feasta sa dúthaigh iasachta san ach
cáirde dílse.



Ba mhór an mhaith an méid sin go léir, ag teacht
amach a' lár an uilc ach do thug Dia amach as maith ba
mhó agus do b'uaisle 'ná aon mhaitheas saoghalta. Do
leog Dia na Iúdaígh a bhreith soir i mbraighdineas sa
dúthaigh iasachta. Do chonaic na págánaigh an aithrighe
a dhein na Iúdaígh nuair a bhíodar sa chruadhtan. Thug
san caoi do sna págánaigh ar fhírinne an chreidimh a
bhí ag na Iúdaígh a dh'fheisgint le n-a súilibh féin. Do
chonacadar an fhírinne sin. D'iompuigh a lán acu chun
na fírinne. Do ghlacadar creideamh na nIúdach. Is
féidir a thuisgint ó'n gcainnt atá sa leitir úd a chuir
an rí amach ag cosaint na nIúdach, gur thuig an rí
féin fírinne creidimh na nIúdach.



B'shin maitheas ana mhór ag Dia na glóire, moladh
's buidheachas leis, d'á tharrac amach a' corp lár an
d'á olc, olc na bpeacaí a bhí d'á ndéanamh thiar sa
bhaile ag na Iúdaígh, agus olc na págánachta a bhí 'n-a


L. 644


dtímpal thoir nuair a bhíodar sa bhraighdineas. Grásta
mór ó Dhia do sna Iúdaígh ab eadh an braighdineas,
mar do chuir an braighdineas fhiachaint ortha an aith-
righe dhéanamh; agus grásta mór do sna págánaigh ab
eadh an braighdineas céadna, mar do chuir sí fhiachaint
ortha feuchaint go cruinn agus go dlúth ar na Iúdaígh
agus ar an gcreideamh a bhí acu, agus a dh'fheisgint
go soiléir go raibh neart agus fírinne ann ná raibh
i n-aon chor sa phágánacht a bhí acu féin. Ar an gcuma
gcéadna, grásta mór ó Dhia do mhunntir na h-Éigipte
ab eadh clann Israéil do dhul síos ag triall ortha;
agus grásta mór dóibh ab eadh na pláigeana úd a
tháinig ortha nuair a dh'fhuasgail Dia clann Israéil
as an Éigipt. Do tugadh caoi do mhuinntir na h-Éigipte
ar a dh'fheisgint le n-a súilibh gur neamhnídh gur
bh'eadh cómhacht na ndéithe a bhí acu féin seachas cómhacht
Dé Israéil.



Sin mar atá an mac mallachtain riamh ag déanamh
an uilc agus Dia na glóire, moladh go deó leis, ag
tarrac na maitheasa amach a' corp lár an uilc.



CCLXXII.



CEATHRAR AG FEUCHAINT GO H-ÁLUINN.



Tímpal sé chéad blian roimh theacht an tSlánuightheóra,
nuair a bhí Nabuchodonosor tar éis catharach Ierúsalem
do thógaint agus an rí Ióacim do bhreith leis soir go
Baibilóin 'n-a phríosúnach, thug sé fé ndeara cuid d'uais-
libh óga na nIúdach a bhí thoir i mbraighdhineas agus
do thaithn a ndeabhramh leis. Do labhair sé leis an
bhfear tosaigh a bhí ar a sheirbhíseachaibh aige agus dubhairt
sé leis:—



“Tóg chughat rainnt de sna h-uaislibh óga san, cuid
de shliocht righthe na nIúdach, agus cuir cothú maith


L. 645


ortha go ceann tamail, agus múin dóibh urlabhra agus
léighean agus eólus na tíre seo, i dtreó ansan go
bhféadfid siad seasamh am' láthair i bpálás an rí.
Tabhair aire agus dein ógánaigh gan locht aigne ná
cuirp do thoghadh. Tugtar dóibh bia ó bhórd an rí agus
an fíon a dh'ólan an rí féin, i dtreó, nuair a bheidh
cothú trí mblian ortha go mbeidh crot agus deabhramh
ortha agus go mbeid siad oireamhnach ar bheith 'n-a
seasamh os cómhair an rí.”



Do thoibh an seirbhíseach ceathrar ógánach de chlainn
Iúda, Daniel agus Ananias agus Misael agus Asarias.
Chuir sé ar an gceathrar san ainimneacha Caldéacha.
Thug sé Baltassar mar ainm ar Dhaniel, Sídrach ar
Ananias, Mísach ar Mhisael, agus thug sé Abdenago
ar Asarias.



Bhí san go maith go dtí go dtáinig cursaí an bhídh
agus an dighe. Peaca mór i n-aghaidh dlighe Mhaoise
ab eadh bia neamhghlan do chaitheamh nú deoch neamhghlan.
Bhí fhios ag Daniel go n-iarrfí ortha an bia neamhghlan
do chaitheamh agus shocaruigh sé i n'aigne ná caithfadh
sé féin an bia sin. Do thárla go raibh báidh ana mhór
ag seirbhíseach an rí le Daniel. Bhí fhios ag Daniel
go raibh. Do labhair sé leis an seirbhíseach. “Feuch,
a dhuin'uasail,” ar seisean, “do réir na dlighe atá i
bhfeidhm orainn-na ní'l ceaduighthe dhúinn bia an rí do
chaitheamh ná fíon an rí a dh'ól. Athcimíd ort-sa, dá
bhrígh sin, a dhuin'uasail, bia éigin do thabhairt dúinn
a bheidh ceaduighthe dhúinn a chaitheamh gan sinn féin
do thruailliú.”



Níor mhaith le priúnsa na seirbhíseach Daniel d'eiteach
ach bhí an t-eagla air roimis an rí. Dubhairt sé mar
seo:— “A Bhaltassair, a mhic, is deacair liom eit-
eachas a thabhairt duit, ac feuch féin conus mar atá
an sgéal agam. Tá bia áirithe órduighthe ag an rí
dhíbh. Tar éis rainnt aimsire chífidh an rí sibh
agus tabharfidh sé fé ndeara sibh a bheith ag feuchaint


L. 646


níos truagha agus níos loime 'ná na h-ógánaigh eile
atá mar sibh. Tuigfidh an rí an chúis agus bainfar
an ceann díom-sa. Ní thaithnfadh san leat-sa is doich
liom, a Bhaltassair a mhic.”



Ach do chuir priúnsa na seirbhíseach cúram an cheath-
rair ar fhear d'ár bh'ainm Malasar. Do labhair Daniel
le Malasar. “A leithéid seo, a dhuin'uasail,” ar seisean.
“Ní'l céaduighthe dhúinn-na, do réir dlighe ár náisiúin
féin, bia do thruailleóchadh sinn a chaitheamh ná deoch
do thruailleóchadh sinn a dh'ól. Ach bain-se triail
asainn, leog dúinn glasaraí a dh'ithe agus uisge dh'ól
go ceann deich lá agus ansan dein beart do réir
mar a chífir. Feuch ar ár n-aighthibh, tar éis deich lá,
agus feuch ar aighthibh na n-ógánach a bheidh ag ithe bídh
an rí agus dein linn do réir mar a chífir féin.”



“Tá go maith,” arsa Malasar, agus do dhein sé
mar a h-iarraidh air. Bhain sé triail asta ar feadh
an deich lá. Nuair a bí an deich lá caithte agus gan
de bhia acu 'á chaitheamh ach amháin na glasaraí, agus gan
de dhigh acu dh'á ól ach an t-uisge, d'fheuchadar níosa
ghlaine agus níosa bheathuighthe agus níos breághtha
'n-a ndeabhramh 'ná aoinne de sna h-ógánaigh a bhí ag
caitheamh bídh an rí agus ag ól fíona an rí i gcaitheamh
an deich lá san. Bhí iongna a chroidhe ar Mhalasar.
Ach ba chuma leis. Bhí an ceathrar ag feuchaint go
h-áluinn. Níor bhaoghal go gcurfí aon cheist i dtaobh
an bhídh. Do leog sé dhóibh a ndóithin de sna glasaraíbh
a dh'ithe agus a ndóithin de'n uisge dh'ól agus d'fhan
bia buacach an rí aige féin, agus fíon fóghanta an
rí. D'ith sé féin an bia agus d'ól sé an fíon, agus
do moladh go h-árd é mar gheall ar a áilneacht a
dh'fheuch an ceathrar ógánach Iúdach úd. Deir an Bíobla
gur thug Dia do'n cheathrar eólus agus tuisgint ins
gach sórd leabhair agus gur thug Dia do Dhaniel, d'á
éaghmais sin, tuisgint ins gach sórd taidhbhrithe agus
ins gach sórd aislingí.


L. 647


Nuair a tháinig an t-am do tugadh an ceathrar i
láthair an rí agus do labhair an rí leó agus do bhuaidh
an ceathrar ar na h-ógánachaibh eile go léir, agus
bhíodar deich n-uaire ní b'fhearr 'ná a raibh de lucht
eóluis agus eagna sa rígheacht ar fad.



CCLXXIII.



TAIDHBHREAMH AN RÍ.



Bhí Nabuchodonosor 'n-a chodladh ar a leabaidh oidhche
agus do deineadh taidhbhreamh uathbhásach dó. Do chuir
an taidhbhreamh sgeón agus sgeit agus sgannra 'n-a
chroidhe. Do dhúisigh sé as a chodladh agus bhí an t-eagla
air agus an sgannra 'n-a chroidhe ach bhí an taidhbhreamh
imthighthe as a chuimhne. Bhí fhios aige gur deineadh an
taidhbhreamh dó agus gur chuir an taidhbhreamh an
sgannra air ach níor bh'fhéidir leis i n-aon chor cuimhneamh
ar cad a taidhbhrigheadh dó. Chuir sé fios ar a lucht
feasa go léir agus ar a lucht taidhbhrighthe do mhíniú.
Thánadar. “Do deineadh taidhbhreamh uatbhásach dom,”
arsan rí leó. “Tá sgannra am' chroidhe fós 'n-a
dhiaidh, ach tá sé imthighthe as mo chuimhne. Ní féidir
liom a dh'innsint anois cad a taidhbhrigheadh. Chuireas
fios oraibh-se chun go 'neósfadh sibh dom cad a
taidhbhrigheadh dom agus cad é an brígh atá leis.”



Bhí iongna agus alltacht ar an lucht feasa go léir.
Níor cuireadh a leithéid de cheist chucha riamh. Do
h-iarradh go minic ortha taidhbhreamh do mhiniú agus
a dh'innsint cad é an brígh a bhí leis. Ach nuair a h-iarrtí
ortha taidhbhreamh do mhíniú do h-innstí an taidhbhreamh
féin dóibh. Ach b'shiné an rí seo 'ghá iarraidh ortha taidhbh-
reamh a mhíniú dhó agus gan ar a chumas a dh'innsint
dóibh cad a taidhbhrigheadh i n-aon chor dó.


L. 648


“Innis dúinn an taidhbhreamh a deineadh dod'
Shoillse, a rí,” ar siad, “agus 'neósfimíd cad é
an brígh atá leis.”



“Tá sé imthighthe as mo cheann,” arsan rí. “Mara
n-innsidh sibh dom an taidhbhreamh a deineadh dom agus
cad é an brígh atá leis curfar chun báis sibh agus tóg-
far bhúr gcuid. Ach má innsean sibh dom an taidhbhreamh
a deineadh dom agus an brígh atá leis tabharfar díbh
tuarastal maith agus onóir mhór.”



Dubhradar san airís leis an rí: “Innseadh an rí
dhúinn an taidhbhreamh a deineadh dó agus 'neósfimíd
a bhrígh dhó.”



D'fhreaghair an rí iad: “Is léir dom anois ná
fuil uaibh ach ríghneas a dhéanamh chun tuille aimsire
dh'fhághail, mar tá fhios agaibh go bhfuil an taidhbhreamh
imthighthe as mo cheann. D'á bhrígh sin mara n-innsidh
sibh an taidhbhreamh dom is deimhin dom gur b'amhlaidh
atá míniú bréagach agaibh 'á cheapadh. Chuige sin a theas-
tuighean an aimsir uaibh.”



Ansan dubhairt an lucht feasa: “Ní féidir, a
rí, d'aon duine ar thalamh an domhain an nídh atá agat
d'á iarraidh a dhéanamh, an taidhbhreamh atá imthighthe as
do cheann féin a dh'innsint duit, agus níor iarr aon
rí riamh, ar thalamh an domhain, ar aon lucht feasa ná
ar aon lucht eóluis, a leithéid do dhéanam, taidhbhreamh
a dh'innsint ná féadfadh an rí féin a dh'innsint. Nídh
ró chruaidh iseadh an nídh atá agat 'á iarraidh, a rí, agus
ní'l ach na déithe féin a dh'fhéadfadh a leithéid a dhéanamh,
mar ní h-eólus daona an t-eólus atá ag na déithibh.”



Nuair airigh an rí an chainnt sin tháinig buile feirge
air agus d'órduigh sé an lucht feasa do chur chun báis.
Do cuiread chun báis iad. D'órduigh sé ní h-amháin
na daoine a bhí ag cainnt leis do chur chun báis ach
lucht eóluis na catharach go léir do chur chun báis. Bhí
an t-arm ag gluaiseacht ar fuaid na catharach ag cuar-
dach lucht feasa agus lucht eóluis chun iad do chur


L. 649


chun báis. Agus bhítheas ag lorg Dhaniel agus a chom-
rádaidhthe chun iad do chur chun báis chómh maith le cách.
Arioch ab ainm do'n cheann a bhí ar armáil an rí. D'fhiaf-
raigh Daniel d'Arioch cad é an brígh a bhí leis an éir-
leach go léir. D'innis an ceann airm dó. D'imthig
Daniel agus chuaidh sé i láthair an rí agus d'iarr sé
ar an rí uain a thabhairt dó agus go 'neósfadh sé féin
an taidhbhreamh agus an brígh a bhí leis. Ní dubhairt sé
leis an rí, mar adubhairt an chuid eile úd, nár bh'fhéidir
an bheart a dhéanamh. Dubhairt sé go ndéanfadh sé
féin an bheart ach an aimsir a thabhairt dó. Do tugadh
an aimsir dó. Ansan chuaidh sé isteach i 'n-a thigh féin
agus d'innis sé an sgéal do'n triúr eile, d'Ananias
agus do Mhisael agus d'Asarias, agus do chrom an
ceathrar ar a iarraidh ar Dhia na glóire taidhbhreamh an
rí do thaisbeáint dóibh i dtreó ná curfí iad go léir
chun báis.



CCLXXIV.



AN MÍNIÚ.



Bhí an ceathrar ag guidhe go cruaidh chun an Tighearna,
'ghá iarraidh air taidhbhreamh an rí do thaisbeáint dóibh
i dtreó ná curfí chun báis iad. Ansan b'é toil an
Tighearna an taidhbhreamh céadna do thaisbeáint do
Dhaniel i bhfuirm aislinge, sa n-oidhche. Ansan bhí
Daniel ag moladh Dé na bhflathas agus ag breith
bhuidheachais leis, agus dubhairt sé: “Moladh le h-ainm
an Tighearna ó shíor agus do ghnáth, óir is aige atá gach
eagna agus gach neart. Isé a dh'atharuighean gach aimsir
agus gach aois; ag cur rígheacht ar a mbunaibh agus 'ghá
mbaint d'á mbunaibh, ag tabhairt eagna do lucht eóluis,
agus ag tabhairt eóluis do lucht tuisgiona; ag nochtadh


L. 650


neithe doimhne, diamhara, agus gurab eól dó an nídh
atá sa doircheacht; agus gur aige atá gach solus.
Duit-se, a Dhia ár n-atharach, a bheirim-se buidheachas,
agus moladh; óir tá eagna agus neart tabhartha
agat dom; agus tá an nídh a bhí againn 'á iarraidh
ort taisbeánta agat dúinn anois agus tá fhios againn
cad a chonaic an rí.”



Ansan chuaidh Daniel ag triall ar Arioch agus dubhairt
sé leis: “Ná bí ag marbhú lucht eagna Bhaibilóin.
Beir mise isteach i láthair an rí agus réidhteóchad a
cheist dó.” Do rug Arioch Daniel i láthair an rí agus
dubhairt sé leis: “Do fuaras an fear so, de chlainn
Iúda atá anso i mbraighdineas iseadh é, agus réidh-
teóchaidh sé an cheist do'n rí.” Agus dubhairt an rí
le Daniel: “Agus an dóich leat, dáiríribh, go bhféad-
fir an taidhbhreamh a dh'innsint dom agus an brígh atá
leis?” Agus dubhairt Daniel:



“An rún diamhar so gur mian leis an rí eólus
d'fhághail air is nídh é nách féidir do lucht eagna ná do
lucht feasa ná do lucht faistine a dh'innsint. Ach tá
thuas ar neamh Dia a noctan mistéirí agus do thais-
beáin an Dia sin duit-se, a rí Nabuchodonosor, neithe
atá le teacht in sna h-aimsiribh deirineacha.” Sidiad,
a rí, do thaidhbhreamh, agus aislingí do chinn, agus tú
ar do leabaidh: Do thosnuighis, a rí, ar bheith ag cuimh-
neamh, ar do leabaidh, ar cad a bhí le teacht 'n-a dhiaidh
so, agus an té do nochtan neithe diamhara do thais-
beáin sé dhuit cad tá le teacht. Do nochtadh an rún
so dhomh-sa leis, agus ní le h-aon eagna atá agam é
thar a bhfuil de dhaoinibh beó, ach amháin chun go
dtaisbeánfí an míniú do'n rí, agus go mbeadh fios
smaointe t'aigne agat.



“Do chonaicís, a rí, mar a bheidh íomhágh ana mhór. Bhí
an íomhágh sin, a bhí chómh mór chómh h-árd san, 'n-a
seasamh os do chómhair, ag feuchaint ort, agus bhí an
fheuchaint sin sgannramhail thar barr. D'ór ghlan iseadh


L. 651


bhí ceann na h-íomháighe san déanta, ach d'airgead a
bhí an t-ucht agus na cuisleana déanta, agus de phrás
a bhí an bolg agus na ceathramhna déanta. D'iaran
a bhí na loirgne déanta, agus d'iaran agus de chré,
measgaithe ar a chéile, a bhí na troighthe déanta. Siné
an nídh a chonaicís, go dtí gur gearradh cloch amach
a' cnoc, gan aon lámh 'ghá gearradh, agus do bhuail an
chloch san an íomhágh in sna troighthibh, a bhí déanta de
chré agus d'iaran, agus do bhris an chloch san iad 'n-a
mbrúsgar. Ansan do briseadh 'n-a mbrusgar, i
dteannta chéile, an t-iaran agus an chré agus an prás
agus an t-airgead agus an t-ór, i dtreó gur chuma iad
nú an lóchán ar úrlár buailte lá samhraidh, agus gur
sguab an ghaoth chun siubhail iad; agus ní raibh inead
le fághail dóibh. Ach an chloch úd a bhuail an íomhágh, do
dhein cnoc mór di agus do líon sí an domhan go léir.



“Siné an taidhbhreamh, a rí, agus anois 'neósfimíd
brígh an taidhbhrimh. Is rí os cionn righthe thusa, a rí,
agus thug Dia na bhflathas duit rígheacht, agus neart,
agus cómhacht, agus glóire, agus na h-áiteana go léir
i n-a gcómhnuighid na daoine agus beithidhigh na talmhan.
Táid éanlaithe an aeir, leis, tabhartha aige isteach
ad' láimh duit agus tá an uile nídh curtha aige féd'
smacht.” Is tusa an ceann óir. Eireóchaidh ad' dhiaidh-
se rígheacht eile ná beidh chómh h-uasal leat-sa, rígheacht
airgid, agus ansan rígheacht eile airís, rígheacht práis,
agus ansan rígheacht iarainn, rígheacht a bhrúghfidh agus a
chuirfidh fé chois an chuid eile.” Agus fé mar a
chonaicís na troighthe agus na méireana déanta de
chré agus d'iaran, beidh an rígheacht san láidir ar
shlighe agus lag ar shlighe.



“Ach i laethibh na rígheachta san cuirfidh Dia na bhflathas
ar a bunaib rígheacht a mhairfidh go síoruidhe, agus
brisfidh an rígheacht san, 'n-a mbrúsgar, na rígheachta
eile úd go léir agus seasóchaidh an rígheacht san féin
i gcaitheamh na síoruidheachta.


L. 652


“Agus mar a chonaicís gur gearradh an chloch, gan
lámha, amach as an gcnoc, agus gur bhris an chloch san
'n-a mbrúsgar an chré agus an t-iaran agus an prás
agus an t-airgead agus an t-ór, do thaisbeáin Dia
do'n rí, sa nídh sin, an rud atá le teacht 'n-a dhiaidh
so. Agus is fírinne an aisling, agus tá an míniú
fírinneach.”



CCLXXV.



IONGNA AR AN RÍ.



Bhí an rí, Nabuchodonosor, ag éisteacht le Daniel
agus Daniel ag innsint na haislinge dhó. Fé mar a
bhí Daniel ag innsint na h-aislinge bhí cuimhne na
h-aislinge ag teacht thar n-ais chun an rí. Thug cainnt
Dhaniel thar n-ais chuige an machtnamh a bhí aige
'á dhéanamh sar ar thuit a chodladh air an oidhche a
deineadh an taidhbhreamh dó, conus mar a bhí sé ag
cuimhneamh ar an aimsir a bhí le teacht agus a
d'iarraidh a dhéanamh amach cad í an chrích a bhéarfadh
rígheacht Bhabilóin nuair a bheadh sé féin ag dul
i n-aois, agus ansan cad í an chrích a bhéarfadh í
nuair a bheadh sé tar éis bháis. Ansan nuair
a thrácht Daniel ar an íomhágh mhór uathbhásach agus ar
an gceann óir agus ar an aghaidh sgannramhail, do
chuimhnigh an rí láithreach ar an íomhágh agus ar an gceann
óir agus ar an aghaidh agus ar na súilibh úd a bhí ag
feuchaint isteach 'n-a shúilibh féin, agus ar an gcuma
'n-ar chuir an fheuchaint sin an sgannra isteach n-a
chroidhe, sgannra nár mhothuigh sé a leithéid riamh roimis
sin agus go dtagadh creathán 'n-a bhallaibh beatha go
léir fós féin, agus gan é ach ag cuimhneamh air. Nuair
a bhí Daniel 'ghá innsint conus mar a gearradh an chloch
amach a' taobh an chnuic, gan aon lámh 'ghá gearradh, agus


L. 653


conus mar a bhuail an chloch san an íomhágh in sna troigh-
thibh, agus conus mar a briseadh na troighthe 'n-a mb-
rúsgar, agus conus mar a thuit an íomhágh go léir i
gceann a chéile ansan, na troighthe ar dtúis, ansan
na cosa iarainn, ansan an chabhail phráis, agus ansan
an ceann óir i n-a raibh na súile uathbhásacha úd, conus
mar a thuiteadar go léir i gceann a chéile i dtreó
ná raibh ionta ach luaithreach; ansan conus mar a sguab
an ghaoth chun siubhail an luaithreach san i dtreó nár
fágadh a tuairisg ann. Bhí an rí ag éisteacht leis an
gcainnt sin go leir, agus thug an chainnt thar
n-ais chun a aigne an uile bhlúire de'n taidhbhreamh a
deineadh dó. Bhí iongna a chroidhe air, agus an
fhaid a bhí sé ag éisteacht leis an gcainnt bhí sé
'ghá fhiafraighe dhe féin conus fhéad Daniel teacht
ar eólus na h-aislinge sin, eólus ná raibh ag aon
duine beó eile ach ag an nduine gur deineadh an taidhbh-
reamh dó, agus eólus nár fhan ag an nduine sin féin
ach amháin an fhaid a bhí an taidhbhreamh 'á dhéanamh dó,
eólus a bhí imthighthe uaidh gan tuairisg nuair a dhúisigh
sé. Bhí an rí ag machtnamh ar an méid sin an fhaid a
bhí Daniel ag innsint na h-aislinge agus 'ghá tabhairt
thar n-ais chun a chuimhne. Ansan, nuair a thosnuigh
Daniel ar bhrígh na h-aislinge do nochtadh dhó chonaic
an rí go raibh sa nochtadh san freagra soiléir ar an
machtnamh a bhí i n-a aigne féin sar ar thuit a chodladh
air an oidhche a deineadh an taidhbhreamh dó. Bhí sé 'ghá
fhiafraighe dhe féin 'n-a mhachtnamh cad iad na neithe
a bhí le teacht sa n-aimsir a bhí roimis, agus b'shiné
brígh na h-aislinge, amach a bhéal Dhaniel, ag tabhairt
freagra dhó ar an bhfiafraighe sin. Ach n-a theannta
san, ámhthach, bhí brígh na h-aislinge, tré bhéal Dhaniel,
ag tabhairt eóluis dó ar neithibh éigin iongantacha
uathbhásacha, a bhí le teacht agus nár chuimhnigh sé féin
i n-aon chor 'n-a mhachtnamh ar aon neithibh d'á sórd.
An chloch úd, cuir i gcás, a dhéanfadh luaithreach de


L. 654


rígheachtaibh an domhain agus go ndéanfadh di féin
rígheacht a mhairfadh i gcaitheamh na síoruidheachta.



Um an dtaca 'n-a raibh a chainnt críochnuighthe ag
Daniel bhí a leithéid sin d'iongna ar an rí gur buail-
eadh isteach i n-aigne nár dhuine shaoghalta i n-aon
chor Daniel, gur Dhia éigin é. Bhí an smaoineamh san
chómh láidir sin i n-aigne an rí gur eirigh sé as a chathaoir
agus chaith sé é féin ar an dtalamh ag cosaibh Dhaniel.



CCLXXVI.



PÚNC ANA CHRUAIDH.



Nuair iarr an rí Nabuchodonosor ar a lucht eóluis
an taidhbhreamh a deineadh dó agus a bhí imthighthe as a
cheann a dh'innsint dó, agus a bhrígh do nochtadh dó,
bhí fhios aige go dian mhaith ná raibh ar chumas aon duine
beó san do dhéanamh le h-aon tsaghas eóluis daona.
Ach bhí fhios aige, leis, go mbíodh an lucht eóluis céadna
'ghá chur 'n-a luighe ar righthibh agus ar dhaoine go raibh
acu féin eólus a bhí os cionn eóluis daona. Dubh-
radar féin, dá n-innstí dhóibh an taidhbhreamh a deineadh
do'n rí go bhféadfidís a dh'innsint dó láithreach cad
é an brígh a bhí leis an dtaidhbhreamh. Gan amhras dá
ndeintí taidhbhreamh do'n rí agus gur ó'n annspirid a
thiocfadh an taidhbhreamh ní bheadh aon bhac ar an annspirid
a dh'innsint cad é an brígh a bheadh leis an dtaidhbhreamh.
B'fhéidir, leis, dá bhfágtí ar chumas an rí an taidhbhreamh
a dh'innsint, go bhféadfadh an annspirid, ó bheadh sé
ag éisteacht leis an innsint, iarracht do dhéanamh ar
bhrígh an taidhbhrimh do nochtadh, nú b'fhéidir, dá dteipeadh
an fhírinne air go bhféadfadh sé brígh éigin bréagach
do chur ar an dtaidhbhreamh. Ach nuair a bhí fhios ag an
rí gur deineadh an taidhbhreamh uathbhásach dó agus go


L. 655


raibh brígh éigin uathbhásach leis an dtaidhbhreamh, agus
ná raibh ar a chumhas féin aon tuairisg a thabhairt ar
an dtaidhbhreamh, bhí an annspirid agus an lucht eóluis
i dteannta chéile i bpúnc. Do thuig an rí gur phúnc
ana chruaidh an púnc i n-a rabhadar. Ach do thuig sé,
leis, ná raibh aon cheart acu bheith 'ghá leogaint ortha
go raibh eólus acu ná raibh acu. Bhí fhios aige gur dein-
eadh an taidhbhreamh dó. Dar leis, má b'fhíor dóibh sin go
raibh eólus acu ar bhrígh an taidhbhrimh cad 'n-a thaobh ná
beadh eólus acu ar an dtaidhbhreamh féin? Mara raibh
aon eólus acu ar an dtaidhbhreamh féin conus fhéad-
fidís eólus a bheith acu ar bhrígh an taidhbhrimh? Do buail-
eadh isteach i n'aigne ná raibh aon eólus acu, ná raibh
acu ach gastacht, agus dá n-innstí an taidhbhreamh dóibh
go dtabharfidís tuairim ghasta fé'n mbrígh. Má b'fhíor
san ba bhréag dóibh a rádh go raibh aon eólus acu.
Má ba bhréag dóibh é sin bhí bás tuillte go maith acu.
Chítear as san nách gan chúis a bhí an rí 'ghá gcur chun
báis.



Ach b'é toil Dé, moladh go deó leis, an annspirid
agus an lucht eóluis i n-aonfheacht d'fhágáilt gan aon
eólus ar thaidhbhreamh an rí. Ansan b'é a thoil naomhtha
gan aon phioc do chuimhne na h-aislinge d'fhágáilt i
gceann an rí nuair a dhúisigh sé as a chodladh ach an crea-
thán agus an sgannra d'fhágáilt soiléir go leór air.
Ansan níor fhéad an annspirid aon chongnamh a thabhairt
do'n lucht eóluis nuair iarr an rí ortha an aisling
sgannramhail úd a dh'innsint dó. Ansan nuair a thug
Daniel thar n-ais chun cuimhne an rí an aisling, díreach
mar a taisbeánadh do'n rí féin í agus é 'n-a chodladh,
do chonaic sé go raibh ag Daniel eólus nár bh'fhéidir
a bheith ag aoinne ach ag Dia. Ansan do chaith sé é féin
anuas ar an dtalamh ag cosaibh Dhaniel agus bhí sé
'ghá adhradh mar ba cheart Dia d'adhradh, agus chuir
sé fhiachaint ar a uaislibh go léir bheith ag ofráil ídhbirtí
chun Daniel agus ag dógh túise chuige mar a deintí


L. 656


chun na ndéithe. Agus dubhairt sé le Daniel: “Gan
amhras is deimhin gur b'é do Dhia-se Dia na ndéithe
go léir agus Tighearna na righthe go léir agus gur
b'ar a chumhas atá neithe diamhara do nochtadh agus
do léiriú.”



Ansan do chuir sé Daniel i n-inead ana uasal agus
bhronn mórán tabharthaistí air, agus dhein sé riaghaltóir
de ar chríochaibh uile Bhaibilóin. Agus nuair a dh'iarr
Daniel air é, do chuir sé Sídrach agus Mísach agus
Abdenago os cionn oibreacha Bhaibilóin, ach bhíodh
Daniel féin istigh i bpálás an rí.



CCLXXVII.



LUCHT AN ÉADA.



Gan amhras bhí an sgéal go maith ag Daniel agus agá
thriúr comrádaidhthe nuair a bhí an rí tar éis oiread
san onóra thabhairt dóibh, agus tar éis oibre thabhairt
le déanamh dóibh a thabharfadh creideamhaint agus saidh-
bhreas chucha i n-aonfheacht. Bhí Daniel féin 'n-a chómh-
nuidhe istigh i bpálás an rí, i dtreó go mbeadh sé i
n'aice aige coitchianta chun bheith ag tabhairt eóluis dó
agus chun bheith ag tabhairt cómhairle dhó, in sna gnó-
thaíbh cruadha ná féadfadh gan bheith ag teacht chuige
isteach i n-aghaidh an lae ó gach páirt de rígheacht a bhí
chómh mór chómh fada chómh leathan. Bhí an triúr eile,
Sídrach agus Mísach agus Abdenago, os cionn oib-
reacha na catharach, agus gnó creideamhnach tairbhtheach
ab eadh an gnó san. Gan amhras bhí an sgéal go maith
ag an gceathrar.



Gan amhras, leis, ámhthach, ní gan éad agus fearg
agus droch aigne do ghlac daoine eile sa chathair an
socarú san. Ní leómhfidís gearán go h-osgailte ar


L. 657


aon tsocarú a dhéanfadh an rí. Ach níor luigheaduigh
san an t-éad ná an fhearg ná an droch aigne. Ní h-eadh
ach is amhlaidh ba ghéirede iad san go léir iad a bheith
d'á gcimeád istigh sa chroidhe gan aon chaoi ar ghaoith
a thabhairt dóibh i gcainnt.



I dtaobh an rí féin, do dheabhróchadh an sgéal, má
imthigh an taidhbhreamh glan as a chuimhne an oidhche a dein-
eadh an taidhbhreamh dó, nár imthigh sé as a chuimhne tar
éis Daniel 'ghá thabhairt thar n-ais chun a aigne. Dheabh-
róchadh an sgéal gur chimeád sé greim aigne daingean
go leór, as san amach, ar an íomhágh mhór uathbhásach
úd, ar an gceann óir úd, agus ar an sgannra do
chuir sé air. Pé'r domhan é do chuir rud éigin isteach
i n-aigne an rí gur cheart dó íomhágh mhór óir do dhéanamh
agus a chur fhiachaint ar a dhaoine go léir an íomhágh san
d'adhradh. Dhein sé an íomhágh, íomhágh mhór árd, déanta
d'ór ghlan, agus í trí fichid cúbat ar aoirde agus sé
cúbait ar leithead, agus chuir sé an íomhágh san 'n-a
seasamh ar mhachaire Dúra i gcrích Bhaibilóin. Ansan
chuir sé glaodhach amach ag triall ar uaislibh na rígheachta
go léir, ins gach áird, 'ghá órdú dhóibh teacht go dtí
tiomnú na h-íomháighe móire. Thánadar go léir. Ní
leogfadh eagla dhóibh gan teacht. Nuair a bhíodar go léir
cruinnighthe i dteannta chéile, agus iad 'n-a seasamh
os chomair na h-íomháighe móire, do labhair fear fóg-
artha leó do ghuth árd. “Tá órduighthe dhaoibh,” ar
seisean, “a gheinte, agus a threabha agus a theang-
thacha iolartha, nuair aireóchaidh sibh fuaim an trúmpa,
agus na píbe, agus na cruite, agus na h-adhairce,
agus fuaim na n-úirlisí ceóil go léir ag labhairt
i n-aonfheacht, sibh féin do chaitheamh anuas ar
an dtalamh ag adhradh na h-iomháighe óir seo
atá curtha suas anso ag an rí Nabuchodonosor.
Agus aon fhear ná caithfidh é féin anuas ar an dtalamh
ag adhradh na h-íomháighe seo caithfar é féin isteach
láithreach sa bhfuirnéis teine sin atá ar dearg lasadh.”


L. 658


D'á dheasgaibh sin, chómh luath agus d'airigh na daoine
fuaim na dtrúmpaí agus na n-adharc agus na h-úirlisí
eile ceóil, ag séide i n-aonfheacht, do chaiteadar go
léir iad féin anuas ar an dtalamh ag adhradh na
h-íomháighe móire óir sin a bhí curtha suas ag an rí
Nabuchodonosor.



Bhí lucht an éada ag faire. Bhí fhios acu ná déanfadh
na Iúdaíg an rud a bhí órduighthe ag an rí. Bhíodar
ag faire. Chonacadar gur bh'fhíor a dtuairim, nár dhein
an triúr óigfhear úd de chlainn Israéil an rud a bhí
órduighthe ag an rí. Chonacadar gur chaith an tsluagh
go léir a bhí cruinnighthe ansúd ó gach aon pháirt de'n
rígheacht, chaitheadar iad féin ar a mbéal agus ar
n-aghaidh anuas ar an dtalamh chómh luath agus do
phléasg an bhúirtheach cheóil amach, ach nár dhein an
triúr ógánach Iúdach oiread agus a gcinn do
chromadh. “Seadh!” ar siad, “Anois an t-am
againn!” agus siúd i látair an rí iad.



CCLXXVIII.



BÉILTEACH TEINE.



Tháinig lucht an éada i láthair an rí Nabuchodonosor
agus dubhradar leis: “A rí, mair go deó. Do dheinis-
se reacht, a rí, 'ghá órdú do'n uile dhuine, chómh luath
agus d'aireóchadh sé fuaim an trúmpa agus na píbe
agus na cruite agus na h-adhairce agus fuaim na
n-úirlisí ceóil go léir ag labhairt i n-aonfheacht, é
féin do chaitheamh ar an dtalamh ar a bhéal agus ar a
aghaidh agus an íomhágh mhór óir a dh'adhradh; agus aon
duine ná caithfadh é féin ar an dtalamh ag adhradh na
h-íomháighe sin go gcaithfí é féin isteach sa bhfuirnéis
teine atá ar dearg lasadh. Agus anois, a rí, na Iúdaígh


L. 659


úd a chuiris os cionn oibreacha críche Bhaibilóin, Sídrach
agus Mísach agus Abdenago, tá an triúr san tar
éis do reacht do tharcúisniú, a rí. Do shléacht na daoine
go léir anuas ar an dtalamh ag adhradh na h-íomháighe
móire óir a chuiris-se suas, a rí, ach níor shléacht an
triúr san. Níor chuireadar aon tsuim ad' reacht,
a rí. Níor dheineadar oiread agus a gceann
do chromadh nuair a bhí na daoine eile go léir sínte
ar an dtalamh ag adhradh na h-íomháighe óir. Ní adharaid
an triúr san do dhéithe-se, a rí, ná ní'l aon mheas acu
ar íomhágh óir an rí.”



Tháinig fearg fíochmhar ar an rí, d'órduigh sé Sídrach
agus Mísach agus Abdenago do thabhairt 'n-a láthair;
do tugadh 'n-a láthair iad. Do labhair Nabuchodonosor
an rí agus dubhairt sé: “An fíor, a Shídrach agus a
Mhísach agus a Abdenago, ná h-adharan sibh mo dhéithe-
se ná an íomhágh óir atá curtha 'n-a seasamh agam? Táim
'ghá rádh libh anois, nuair aireóchaidh sibh fuaim an trúmpa
agus na píbe agus na cruite agus an tsaltaire, agus
na h-úirlisí ceóil go léir ag labhairt i n-aonfheacht,
sibh féin do chaitheamh ar an dtalamh agus an íomhágh
a cuireadh 'n-a seasamh a dh'adhradh. Agus mara ndeinidh
sibh an nídh sin caithfar isteach sibh sa bhfuirnéis teine
atá ar dearg lasadh; agus ansan ca bhfuil an Dia a
dh'fhéadfidh sibh a bhreith saor as mo láimh-se?”



Ansan d'fhreagair Sídrach agus Mísach agus Abden-
ago agus dubhradar leis an rí, go breágh réidh: “Ní
gádh dhúinn-na aon fhreagra thabhairt ort, a rí, sa nídh
sin. Mar, feuch, tá ár nDia, an Dia a dh'adharaimíd,
tá sé ábalta ar sinn a thabhairt saor as an bhfuirnéis
teine, agus ar sinn a thabhairt saor as do láimh-se,
a rí, má 'sé a thoil é. Ach marab é a thoil sinn a thabhairt
saor táimíd sásta le n-a thoil. Ach bíodh 'fhios agat-
sa, a rí, ná h-adharfimíd do dhéithe-se agus ná h-adhar-
fimídh an íomhágh óir sin atá curtha 'n-a seasamh agat.”



Nuair airigh Nabuchodonosor an chainnt sin d'eirigh


L. 660


sé ar dearg bhuile. D'iompuigh a ghnúis dubh 'n-a gcoin-
nibh. D'órduigh sé teine na fuirnéise do dhéanamh
seacht n-uaire níba theó 'ná mar ba ghnáth í bheith. Do
ghlaoidh sé chuige cuid de sna fearaibh ba threise a bhí
ar a shluagh, agus dubhairt sé leó an triúr do cheangal
agus iad do chaitheamh isteach sa teine. Do rugadh
ortha agus do ceangaladh iad agus do caitheadh isteach
iad sa teine a bhí ar dearg lasadh, agus bhí an lasair
chómh láidir sin gur loisg sí 'n-a mbeathaidh na fir a
bhí ag caitheamh an trír isteach innti. Bhí áthas mór ar
lucht an éada. Chonacadar an triúr ag tuitim síos
iseach sa bhéilteach teine, agus a gcosa agus a lámha
ceangailte. Ach ba ghearr go bhfeacadar radharc eile.
Chonacadar an triúr fear san thíos istigh i lár na teine
sin agus iad ag siubhal anonn 's anall innti agus iad
ag moladh an Tighearna! Ach bhí seirbhísigh an rí ag cur
leis an dteine, ag caitheamh pice agus ruibhe agus
adhmaid agus bunaigh isteach innti, i dtreó gur eirigh
an lasair suas os cionn na fuirnéise dachad cúbat
agus gur loisg sí chun báis na Caldéigh a tháinig i ngar
di, agus an triúr thíos ag siubhal anonn 's anall innti!



CCLXXIX.



I LÁR NA TEINE.



Na daoine a bhí tímpal ar an bhfuirnéis agus a
chonaic an triúr d'á gcaitheamh isteach sa teine
d'fheuchadar isteach 'n-a ndiaidh agus chonacadar
radharc a bhain leathadh as a súilibh. Do caitheadh an
triúr isteach ceangailte agus a gcuid éadaigh úmpa,
éadach a bhí oireamhnach do dhaoinibh uaisle, mar daoine
uaisle ab eadh iad an uair sin, ó chuir an rí in sna
h-ineadaibh uaisle iad. Do caitheadh isteach iad gan


L. 661


aon atharú dhéanamh ortha, ach nuair a feuchadh isteach
'n-a ndiaidh do conacthas iad ag siubhal anonn 's
anall ar úrlár na fuirnéise agus iad ag moladh an
Tighearna. Do leath an sgéal mórthímpal. Bhí na
daoine ag cruinniú, uasal agus íseal, go bhfeicfidís
an radharc. D'airigh an rí an sgéal. Tháinig sé, mar
chách, go bhfeicfadh sé ar bh'fhíor é. Do chonaic sé an
radharc. Bhí uathbhás air. Ach ní triúr a chonaic sé ag
siubhal istigh i lár na teine ach ceathrar. D'iompuigh
sé agus do labhair sé leis na h-uaislibh. “Nách
triúr fear agus iad ceangailte do chaitheamair
isteach i lár na teine?” “Is fíor, a rí,” ar siad-
san. Agus dubhairt an rí: “Ach chím-se ceathrar
ann anois agus ní ceangailte atáid siad ach sgaoilte,
i lár na teine, agus ní'l aon díobháil ag an dteine
'á dheanamh dóibh. Agus is cosmhail an ceathramhadh
fear le Mac Dé.” Ansan tháinig Nabuchodonosor
go dorus na fuirnéise agus dubhairt sé: “A
Shídrach, agus Mhísach, a agus a Abdenago, a sheirbhís-
eacha an Dé is aoirde, imthighidh amach, agus tagaidh
chugham.” Agus d'imthigh Sídrach agus Mísach agus
Abdenago amach láithreach a' lár na teine. Ansan do
chruinnigh na h-uaisle agus na giúistísí agus na
breitheamhain agus na maithe móra go léir a bhí ag
an rí, agus bhíodar ag iniúchadh an trír, agus chonacadar
ná raibh aon chumas ag teine ar aon díobháil a dhéanamh
d'á gcorpaibh, agus ná raibh aon rian teine ortha,
nár dóghadh oiread agus ribe d'á ngruaig ná aon
phioc d'á gcuid éadaigh, agus ná raibh oiread agus
aon phioc de bhaluith na teine uatha. Bhí iongna agus
alltacht ortha go léir, agus bhí iongna agus alltacht
ar an rí. Do labhair sé amach go h-árd, agus dubhairt
sé: “Moladh le Dia na bhfear so, Sídrach agus
Mísach agus Abdenago, óir do chuir sé a aingeal
uaidh agus d'fhuasgail sé a sheirbhísigh féin mar do
chreideadar ann. Agus d'airighdar briathar an rí


L. 662


agus do thugadar suas a gcuirp níba thúisge 'ná mar
a dh'onórfidís agus ná mar a dh'adharfidís aon dia
eile ach amháin a nDia féinig.”



“Táim-se anois, d'á bhrígh sin, ag déanamh na
reachta so agus curfar an reacht i bhfeidhm:— Aon
náisiún, nú aon teanga, nú aon treibh, do labharfidh
masla i n-aghaidh Dé Mhísach, Shídrach, agus Abdenago,
ídeóchar iad agus raobfar a dtighthe, mar ní'l aon Dia
eile a dh'fhéadfadh daoine shábháil ar an gcuma so.”



Ansan do uaisligh an rí Sídrach agus Mísach agus
Abdenago i gcrích Bhaibilóin, agus chuir sé amach
tuairisg ar fuaidh a rígheachta ar na neithibh mírbhúil-
teacha a bhí déanta ag Dia 'n-a thaobh féin. Dheabhróchadh
an sgéal gur chuir sé amach ar fuaidh a rígheachta
tuairisg ar an dtaibhreamh úd a chuir an sgannra 'n-a
chroidhe agus ar an gcuma mírbhúilteach 'n-ar thug
Daniel thar n-ais chun a aigne an taibhreamh a dein-
eadh dó agus a bhí imthighthe as a cheann. Gan amhras,
leis, d'innis sé, ar fuaid a rígheachta, i dtaobh an
trír, agus i dtaobh an cheathramhadh duine úd a bhí
istigh sa teine 'n-a dteannta 'ghá gcosaint ar an
dteine, agus dubhairt sé mar seo: “Nabuchodono-
sor an rí chun pobul agus náisiún agus teangthacha
an domhain go léir: Síothcháin d'á h-iomadú chughaibh.
Tá an Dia is aoirde tar éis chómharthaí agus iongnaí
a dhéanamh domh-sa. Is maith liom, d'á bhrígh sin, a
chómharthaí do chraobhsgaoile, óir cómharthaí móra
iseadh iad, agus a iongnaí, óir is iongnaí cómhachtacha
iad. Agus is rígheacht shíoruidhe a rígheacht, agus
leanfidh a chómhacht ó shliocht go sliocht go deó.”


L. 663


CCLXXX.



TAIDHBHREAMH A DEINEADH DO NABUCHODONOSOR.



“Mise Nabuchodonosor agus bhíos ar mo shuaineas
am' thigh, agus fé mhaise am' árus; do chonac taidhbhreamh
a chuir sgannra orm, agus do chuir mo mhachtnamh
ar mo leabaidh agus aislingí mo chinn buaireamh orm.
Ansan do chuireas reacht amach go gcaithfí lucht eagna
uile Bhaibilóin do thabhairt am' láthair agus go gcaith-
fidís eidirmhíniú mo thaidhbhrimh a thaisbeáint dom.
Ansan do tháinig an lucht faistine, agus an lucht
eagna, agus na Caldéigh, agus an lucht feasa, agus
d'innseas mo thaidhbhreamh os a gcómhair; ach níor inn-
seadar dom a eidirmhíniú; go dtí gur tháinig a gcómh-
pháirteach, Daniel, os mo chómhair isteach. Baltassar
is ainm dó, do réir na h-ainime atá ar mo dhia-se;
agus tá aige, ann féin, spirid na ndéithe naomhtha.
Agus d'innseas mo thaidhbhreamh os a chómhair. ‘A
Bhaltassair, a phriúnsa lucht faistine, óir is eól
domh-sa go bhfuil agat istigh ionat spirid na ndéithe
naomhtha, agus ná fuil aon rún os cionn do chumais,
innis dom aislingí mo thaidhbhrithe, na h-aislingí do
chonac, agus innis dom a n-eidirmhíniú. Sid í aisling
mo chinn ar mo leabaidh; bhíos ag feuchaint, agus
feuch, crann i lár an domhain, agus bhí sé árd thar na
beartaibh. Bhí an crann árd agus bhí sé láidir, agus
do shrois a aoirde suas go dtí an spéir, agus bhí
radharc air go h-imeallaibh an domhain ar fad. Bhí
a dhuilleabhar fíor áluinn, agus bhí a thoradh go fíor
iomarcach, agus ba bhia do'n uile nídh é. Do chómhnuigh
áirnéis faoi, agus beithidhigh, agus bhí a n-áit chomh-
nuighthe i 'n-a ghéagaibh ag éanlaithe an aeir, agus bhí
gach feóil ag ithe bídh de. Bhíos ag feuchaint i n-aisling
mo chinn, agus feuch aon ag faire, agus tháinig aon


L. 664


naomhtha anuas ó neamh, agus do labhair sé amach go
h-árd, agus dubhairt sé: ‘gearraidh ar lár an crann,
agus sgothaidh de a ghéaga: crothaidh de a dhuilleabhar
agus sgaipidh a thorthaí: imthigheadh uaidh na beithidhigh
atá faoi, agus imthigheadh na h-éanlaithe d'á ghéagaibh;
fágaidh, ámhthach, a bhun agus na préamhacha air, sa talamh,
agus ceangaltar é le fúnsa iarainn agus práis,
ameasg an fhéir atá lasmuich dhe, agus fliuchtar é
le drúcht na spéire, agus bíodh a chuid ameasg na
mbeithidheach allta i bhféar na talmhan. Atharuightear
a chroidhe beithidhigh; agus gabhadh seacht dtráthana
os a chionn. Ó bhreith an lucht faire siné an reacht, agus
ó bhriathar agus ó iarraidh na n-aon naomhtha, go dtí
go mbeidh fhios ag na beóibh gur b'é an té is aoirde
is riaghaltóir i rígheacht na ndaoine; agus tabharfidh
sé í do'n té d'ár toil leis í thabhairt, agus ceapfidh
sé an té is uirísle de dhaoinibh os a cionn.’ Mise an
rí Nabuchodonosor agus do chonac an taidhbhreamh
san; Innis-se dhom go luath, d'á bhrígh sin, a Bhaltassair,
an t-eidirmhíniú. Óir ní'l ar cumas lucht eagna uile
mo rígheachta a bhrígh a dh'innsint dom; ach tá san ar
do chumas-sa, óir tá spirid na ndéithe naomhtha
ionat-sa.”



CCLXXXI.



AN T-EIDIRMHÍNIÚ AG TEACHT CHUN CINN.



Ansan do thosnuigh Baltassar, d'ár bh' ainm Daniel,
ar mhachtnamh istigh ann féinig ar feadh aon uair a
chluig amháin nú mar sin, agus do chuir a smaointe
buaireamh air. Ach d'fhreagair an rí agus dubhairt
sé: “A Bhaltassair, ná cuireadh an taidhbhreamh agus
a eidirmhíniú buaireamh ort.” D'fhreagair Baltassar
agus dubhairt sé: “A rí, an taidhbhreamh do lucht fuatha


L. 665


thabhairt duit, agus a eidirmhíníú dod' namhdaibh; an
crann a chonaicís, a bhí láidir árd, agus gur shrois
a cheann go dtí na spéartha, agus a radharc chun an
domhain go léir; go raibh a ghéaga go fíor áluinn
agus a thoradh go ró iomarcach, agus bia ann do'n
uile nídh, go raibh beithidhigh an mhachaire n-a gcomh-
nuidhe fé, agus éanlaithe an aeir 'n-a gcómhnuidhe
'n-a ghéagaibh, is tusa é, a rí, atá meuduighthe, cómhach-
tuighthe. Óir tá do mhéid tar éis fás agus tar éis
sroisint chun na spéire, agus do chómhacht go h-imeall-
aibh an domhain. Ach mar a chonaic an rí aon ag
faire, agus aon naomhtha ag teacht anuas ó neamh
agus go ndubhairt sé sin: ‘gearraidh anuas an crann
agus ídighidh é. Ach fágaidh sa talamh a bhun ar a
bhfuilid na préamhacha, agus ceangaltar é le h-iaran
agus le prás ameasg an fhéir lasmuich, agus crothtear
drúcht na spéire air, agus bíodh a bhia i bhfochair na
mbeithidheach allta, chun go ngabhaid seacht dtráthana
os a chionn.’ Sidé eidirmhíniú breithe an té is aoirde,
an bhreith atá tagaithe ar mo thighearna an rí. Caithfid
siad amach thu ó bheith ameasg daoine agus beidh do
chómhnuidhe i bhfochair ainmhidhthe agus beithidheach allta,
agus beidh tú ag ithe an fhéir ar nós daimh, agus beidh
tú fliuch ó dhrúcht na spéire: agus geóbhaid seacht
dtráthana os do chionn, go dtí go mbeidh fhios agat
gur b'é an té is aoirde is riaghaltóir os cionn
rígheachta na ndaoine, agus gur do pé duine is toil
leis a thugan sé an rígheacht san. Ach sa mhéid gur
órduigh sé an bun agus na préamhacha d'fhágaint sa
talamh, 'sé sin, bun agus préamhacha an chrainn, fanfidh
do rígheacht agat tar éis an eóluis a theacht duit gur
ó neamh cómhacht. D'á dheasgaibh sin, a rí, gaibh le n-ais
mo chómhairle-se, agus dein leórghníomh ad' pheacaíbh
le déirc, agus ad' dhroch ghníomharthaibh le trócaire
do sna bochtaibh; agus b'fhéidir go maithfidh sé do
pheacaí dhuit.”


L. 666


Tháinig na neithe sin go léir ar an rí Nabuchodonosor.
Tar éis dhá mhí dhéag bhí sé ag siubhal sa phálás i
mBaibilóin, agus dubhairt sé: “Nách í seo cathair
mhór Bhaibilóin, an chathair a chuireas-sa suas chun í
bheith 'n-a cathaoir dom' rígheacht, le neart mo chómhachta
agus le glóire m'oirdhearcais?” Agus an fhaid a bhí
an focal fós i mbéal an rí tháinig guth anuas ó neamh:
“Deirtear leat-sa, a rí Nabuchodonosor: imtheóchaidh
do rígheacht uait, agus caithfid siad amach tu ó bheith
ameasg daoine, agus beidh do chómnuidhe i bhfochair
ainmhidhthe agus beithidheach allta; beidh tú ag ithe
féir ar nós daimh, agus geóbhaid seacht dtráthana os
do chionn, go dtí go mbeidh fhios agat gur b'é an
té is aoirde is riaghaltóir i rígheacht na ndaoine agus
gur do'n té is toil leis a thugan sé an rígheacht.”
An uair chéadna san do cómhlíonadh an focal ar
Nabuchodonosor agus do comáineadh amach é ó bheith
ameasg daoine, agus bhí sé ag ithe féir ar nós daimh,
agus do fliuchadh a chorp le drúcht na spéire, gur
fhás an fionna air, ar nós clúimh na bhfiolar, agus
a ingine ar nós crobh na n-éanlaithe.



CCLXXXII.



BALTASSAR.



Nuair a tháinig a mheabhair shaoghalta do'n rí
Nabuchodonosor, tar éis a sheacht mblian do chaitheamh
amuich sa bhfiantas ameasg na mbeithidheach allta,
ag ithe an fhéir ghlais, do thuig sé i n' aigne ná fuil
ann ach aon Dia amháin, agus gur b'é an t-aon Dia
amháin sin atá uile chómhachtach agus gur fírinne
gach nidh d'ár dhein sé, agus go bhfuil sé ábalta ar
lucht uabhair do thabhairt anuas agus iad do dhéanamh
íseal go leór. Bhí sé ag breith a bhuidheachais le Dia


L. 667


mar gheall ar a mheabhair a thabhairt dó. “Tháinig mo
chruth agus mo dhealbh féin dom,” adeir sé, “agus
tháinig mo ríogra amach am' lorg agus thugadar leó
isteach me agus do tugadh níosa mhó gradaim dom
'ná mar a bhí roimis sin agam.”



Ó'n bhfocal san, “tháinig mo chruth agus mo dhealbh
dom,” deir drong gur atharuigh a chruth nuair a
baineadh a mheabhair de agus go raibh cruth agus
dealbh tairbh, nú capail, nú beithidhigh éigin de'n
tsórd san air, i gcaitheamh na seacht mblian. Ach
deir an drong is fearr ciall nách fíor é sin i n-aon
chor; nár tháinig aon atharú crutha air ach amháin an
t-atharú ná féadfadh gan teacht air an fhaid a bhí sé
amuich fé'n spéir mar bheadh beithidheach; gur fhás a
ghruaig agus a ingine, agus gur ghearr gur imthigh
a chuid éadaigh ar na sgeachaibh agus gur fhás lomra
clúimh ar a chorp go léir. Nuair ab é toil Dé a
mheabhair a theacht dó níor bh'aon trioblóid mhór é
nighe agus do ghlanadh agus deabhramh an fhiantais
a bhaint de. Do baineadh de é, agus do cuireadh thar
n-ais 'n-a rígheacht é, agus do mhair sé ar feadh rainnt
blianta 'n-a dhiaidh san agus deirtear gur chimeád sé
an creideamh agus go bhfuair sé bas naomhtha.



Ní innstear a thuille 'n-a thaobh sa Bhíobla, ach
innstear rud i dtaobh rí a tháinig 'n-a dhiaidh. Bal-
tassar ab ainm do'n rí sin agus mac mic dó ab eadh é.



Dhein an Baltassar san féasta mór d'á uaislibh go
léir, agus bhí míle duine acu ag an bhféasta. Bhíodar
go léir ag ól go dtí go raibh an rí agus iad féin ar
meisge nú geall leis. Ansan tháinig smaoineamh
do'n rí agus níor mhaith an bhail air é. D'órduigh sé
go dtabharfí chuige na h-árthaí úd a thug Nabuchodono-
sor amach a' teampul Ierúsalem leis, agus go
gcuirfí ar an mbórd os cómhair na cuideachtan iad,
i dtreó go bhféadfadh an rí agus a ríogra, agus a
mhná, agus a leanáin, bheith ag ól an fhíona asta. Agus


L. 668


bhí idir rí agus ríogra agus uaisle agus lucht leanamhna,
mar a bhíodar, ag moladh na ndéithe óir agus airgid
agus práis agus cloiche agus adhmaid, a bhí acu féin,
mar gur le cómhachtaibh na ndéithe sin, dar leó, i
n-aindeóin chómhachta Dé na nIúdach, do tugadh amach
a' teampul Ierúsalem na h-árthaí breághtha san go
léir.



I lár na h-oibre sin dóibh do taisbeánadh do'n
rí agus do'n chuideachtain go léir radharc a bhain cuid
mhaith de'n mheisge dhíobh agus a chuir critheagla i
n-inead an mheisge ortha.



Sa n-óidhche ab eadh é. Bhí coinnleóir mór ann ag
déanamh soluis do'n chuideachtain. Bhí an solus ó'n
gcoinnleóir ag taithneamh go láidir ar an bhfalla ar
aghaidh an rí amach. Bhí radharc maith ag gach duine
de'n chuideachtain ar an áit sin de'n fhalla. I lár an
mhaoidhimh dóibh as a ndéithibh, do chonacadar ar thaobh
an fhalla, fé sholus an choinnleóra, crobh duine agus
leitreacha ag an gcrobh d'á sgrí ar an bhfalla. Do
stad an maoidheamh. Bhí gach aoinne ciúin agus bhí gach
aoinne ag crith le sgannra. Bhí aghaidh bhán ar an rí.
Bhíodar go léir ag feuchaint ar an gcrobh agus ar
na méireanaibh ag déanamh na sgríbhinne. Ach ní
raibh ar chumas aoinne an sgríbhinn do léighe.



CCLXXXIII.



SGRÍBHINN AR AN BHFALLA.



Bhí an rí agus na h-uaisle go léir ag feuchaint ar
an sgríbhinn a bhí ar thaobh an fhalla fé sholus an choinn-
leóra agus bhíodar go léir ag crith 'n-a gcroicean
le sgannra.



Bhí an rí ag crith agus bhí aghaidh bhán air agus deir
an Bíobla go raibh a dhá ghlúin ag bualadh i gcoinnibh


L. 669


a chéile le neart eagla. Níor bh'iongna é. Do chonac-
adar an lámh ag déanamh na sgríbhinne agus gan an
duine go mba leis an lámh le feisgint i n-aon
chor. Ní fheadradar cad é an chéad nídh eile a bhí
le tuitim amach. Ní fheadradar ná gur bh'é an talamh
a dh'osgalóchadh fé n-a gcosaibh agus a shloigfadh 'n-a
mbeathaidh iad, nú gur bh'é an pálás do thuitfadh anuas
ortha agus do mharbhóchadh iad go léir i dteannta
chéile.



Bhí na sgoláithrí go léir ansúd agus iad ag feuchaint
ar an sgríbhinn agus gan ar a gcumas aon bhrígh i
n-aon chor a bhaint as. Bhí fhios acu go raibh brígh éigin
leis an sgríbhinn agus go mb'fhéidir dá mbeadh
fhios acu cad é an brígh é go bhféadfidís rud éigin
a dhéanamh a shábhálfadh iad ó pé díbhfeirg a bhí le
tuitimh ortha, ach ní raibh aoinne ábalta ar bhrígh na
sgríbhinne do nochtadh.



Tháinig an bhanrighin isteach agus do labhair sí leis
an rí. “A rí,” ar sisi, “tá fear sa rígheacht agus
tá spirid na ndéithe naomhtha ann, agus i n-aimsir
t'athar do fuaradh eólus agus eagna ann, agus do
dhein an rí Nabuchodonosor priúnsa dhe os cionn
an lucht eagna go léir, os cionn lucht draoidheachta
agus lucht feasa na rígheachta ar fad. Dhein t'athair
priúnsa dhe, mar do bhuaidh sé ortha go léir i n-eólus
agus i n-eagna agus i dtuisgint, agus i n-eidirmhíniú
taidhbhrighthe agus aislingí, agus i nochtadh neithe
diamhara; agus Daniel is ainm dó, a rí, agus Bal-
tassar an ainm a thug an rí Nabuchodonosor air, agus
anois, a rí, curtar fios ar Dhaniel agus míneóchaidh
sé an sgríbhinn sin.”



Do cuireadh fios ar Dhaniel agus do tugadh i
láthair an rí é agus dubhairt an rí leis: “An tusa
Daniel de chlainn Iúda, an mhuinntir a thug m'athair
leis i mbraighdineas amach a' Iúdéa. D'airigheas trácht
ort, go bhfuil spirid na ndéithe agat, agus go bhfuil


L. 670


eólus mór agat agus tuisgint agus eagna. Ach táid
mo lucht eagna féin go léir anso am' láthair agus
ní féidir leó an sgríbhinn sin ar an bhfalla san do
léighe dhom agus a bhrígh do nochtadh dhom. Tá sé
teipithe ortha go léir. Anois má fhéadan tusa an
sgríbhinn sin do léighe dhom agus a bhrígh do nochtadh
dhom tabharfar onóir mhór duit. Curfar iorradh
corcra umat agus curfar slabhra óir tímpal do
mhuiníl agus beidh tú ar an dtrímhadh priúnsa is
uaisle am' rígheacht.”



D'fhreagair Daniel agus dubhairt sé i láthair an rí:
“Cimeád, a rí, do ghréithre agat féin agus tabhair
do thabharthaistí do dhuine eile. Ach léighfad an
sgríbhinn duit, a rí, agus nochtfad a bhrígh dhuit.”



“Do thug, a rí, Dia na bhflathas dot' athair,
Nabuchodonosor, rígheacht agus mórdhacht agus glóire
agus onóir, agus mar gheall ar a mhórdhacht bhí eagla
ag gach aoinne roimis. An té ba mhaith leis a chur
chun báis do chuir sé chun báis é, agus an té ba mhaith
leis a dh'árdú d'árduigh sé é, agus an té ba mhaith
leis a dh'ísliú dh'ísligh sé é. Ach do cruadhadh a chroidhe
le h-uabhar, toisg an chómhacht san go léir a bheith aige.
Ansan do h-ísligheadh é. Do leagadh anuas é agus
do comáineadh amach as an rígheacht é, agus bhí sé
ameasg na mbeithidheach allta. Bhí sé amuich fé'n
spéir mar na beithidhigh eile, agus é ag ithe an fhéir
ghlais mar aon leó, go dtí gur thuig sé i n'aigne gur
b'é Dia na bhflathas is rí ar gach rígheacht daoine, agus
gur b'é a thug an rígheacht uaidh, agus gur do'n té
is rogha leis a thugan sé rígheacht. Bhí fhios an méid
sin go léir agat-sa, a rí, ó's tu a mhac. Agus níor
umhluighis do chroidhe. Ní h-eadh, ach d'árduighis tu
féin i n-aghaidh an Tighearna, agus tá árthaí naomhtha a
thighe tabhartha annso ar do bhórd agat, agus tú
féin agus do mhná agus do leanáin agus do ríogra
ag ól fíona asta.”


L. 671


CCLXXXIV.



BEART DHÁNA UAIBHREACH.



“Bhí fhios agat-sa, a rí,” arsa Daniel, “cad a dhein
an Tighearna Dia leis an rí Nabuchodonosor, agus
níor chuir san fhiachaint ort tú féin d'umhlú os cómh-
air an Tighearna Dia. I n-inead aon umhlú a dhéanamh
ort féin i láthair an Tighearna is amhlaidh dheinis
beart dhána uaibhreach 'n-a choinnibh. Na h-árthaí
beannuighthe sin a bhain le tigh an Tighearna, le n-a
theampul i gcathair Ierúsalem, d'órduighis iad do
thabhairt ansan ar do bhórd chughat, agus taoi féin
agus do chuideachta ag ól fíona asta. Ó cuireadh
na h-árthaí beannuighthe sin ar do bhórd chughat taoi
féin agus do chuideachta ag moladh bhúr ndéithe, déithe
airgid agus óir agus práis agus iarainn agus adhmaid
agus cloiche, déithe ná fuil radharc súl acu ná éis-
teacht cluas ná cainnt ná meabhair ná mothú. Táthaoi
ag moladh na ndéithe sin atá gan anam, agus táthaoi
'ghá mhaoidheam go dána gur le neart agus le cómhacht na
ndéithe sin, agus i n-aindeóin Dé Israéil, a thug Nabu-
chodonosor na h-árthaí sin amach a' teampul an Tighearna
i gcathair Ierúsalem. Mar gheall air sin iseadh chuir
Dia uaidh anso an crobh a sgríbh na focail sin.”



“Sidiad na focail, a rí:— ‘Máné,’ ‘Tecel,’
‘Pháres.’ Agus sidé eidirmhíniú na bhfocal: Máné,
.i. tá do rígheacht uimhrighthe ag Dia, agus tá sí críoch-
nuighthe aige. Tecel, .i. táir meaidhte sa mhig agus
easnamh fághalta ionat. Pháres, .i. tá do rígheacht
rannta agus tá sí tabhartha do sna Médeachaibh agus
do sna Persachaibh.”



Ansan, le h-órdú an rí, do h-éidigheadh Daniel
leis an iorradh corcra, agus do cuireadh fógra amach
'ghá chur i n-iúil gur bh'é Daniel an trímhadh fear ba
mhó cómhacht d'á raibh i rígheacht Bhaltassair.


L. 672


Déarfadh duine, b'fhéidhir, gur dhána an rud do
Dhaniel labhairt leis an rí mar a labhair sé. Do
labhair sé go dána, gan amhras, ach is dócha go raibh
órdú ó Dhia aige labhairt ar an gcuma san. D'á
éaghmais sin do chuir an crobh úd a chonaic sé ag
déanamh na sgríbhinne an iomad sgannra ar an rí.
Níor bhaoghal do Dhaniel é an uair sin, ná d'aoinne
eile ach chómh beag. Bhí sé mín macánta go maith ó
chonaic sé an crobh úd.



Deir cuid de'n tseanachus atá lasmuich de'n
Bhíobla go raibh gnóthaí eile ar siubhal lasmuich de
chathair Bhaibilóin an fhaid a bhí an féasta mór úd ar
siubhal laistigh innti. Bhí falla mór árd daingean
mórthímpal ar an gcathair agus bhí rí na Médach las-
muich de'n fhalla san agus é ag imdhruidim na catharach.
Bhí an falla ró árd ró dhaingean, agus ní raibh aon
bhreith ag aon námhaid ar é bhrise ná ar theacht isteach
d'á dhruím, agus d'á brígh sin ní raibh aon bhlúire
eagla ar an muinntir a bhí istigh. Ach bhí an abha ag
dul isteach sa chathair, fé bhun an fhalla, fé mar a gheó-
bhadh abha fé shúil drochaid, agus bhí an abha san ag
gabháil tríd an gcathair agus ag imtheacht amach airís
fé bhun an fhalla ar an dtaobh eile de'n chathair.
Tháinig an rí, a bhí amuich, ar an abhainn, tamal suas
ó'n gcathair, agus dhein sé caidhséar nua do'n abhainn
agus d'iompuigh sé uisge na h-abhan isteach sa chaidh-
séar nua, i dtreó go raibh an t-uisge go léir ag gabháil
tímpal, lasmuich de'n chathair, agus go raibh leabaidh
na h-abhan, tríd an gcathair, gan aon uisge innti.
Ansan tháinig sé féin agus a mhór-shluagh isteach tré
sheana leabaidh na h-abhan agus thógadar an chathair.



Do marbhuigheadh Baltassar an oidhche sin, é
féin agus na h-uaisle go léir a bhí ag an bhféasta mór
úd, agus do ghlac na Médeacha agus na Persacha
rígheacht Bhaibilóin. Darius ab ainm do'n rí sin a
thóg an chathair an oidhche sin.


L. 673


CCLXXXV.



AG SÁRÚ NA DLIGHE.



Bhí Baltassar marbh agus bhí Darius an Médach 'n-a
rí ar Bhaibilóin agus ar na cúigíbh go léir a bhain le
rígheacht Bhaibilóin. Bhí Darius dhá bhliain agus trí
fichid an uair sin. Gan amhras d'airigh sé i dtaobh na
sgríbhinne ar thaobh an fhalla i bpálás Bhaltassair,
conus mar a nocht Daniel brígh na sgríbhinne sin,
agus conus mar a bhí a lámh chómh doimhinn ag Darius
féin i bhfíoradh na sgríbhinne sin, agus gan aon phioc
d'á fhios aige go raibh.



Chómh luath agus bhí sé socair daingean sa rígheacht
do bheartuigh sé i n'aigne gur shaoráid mhór dó féin
i ngnó na rígheachta riaghaltóir fé leith a bheith aige
ins gach cúige de chúigíbh na rígheachta. Cheap sé na
riaghaltóirí, céad agus fiche duine acu, agus cheap
sé, os a gcionn san airís, triúr priúnsaí, i dtreó
go dtabharfadh na riaghaltóirí cúntas do sna
priúnsaíbh ar na gnóthaíbh a bheadh ar siubhal in sna
cúigíbh, agus go ndéanfadh na priúnsaí cúiseana
do bhreithniú agus dlighthe na rígheachta do chur i
bhfeidhm, agus ná beadh aon trioblóid ar an rí. Bí
Daniel ar dhuine de sna priúnsaíbh.



Fear géarchúiseach ab eadh Darius. I ndéanamh na
h-oibre do sna priúnsaíbh níor bh'fhada go bhfeacaidh
sé go raibh i nDaniel éirim aigne, agus solus tuis-
giona, agus fairsinge eóluis, agus cruinneas
breitheamhantais, ná raibh a leithéid i n-aon chor i
n-aoinne de sna priúnsaíbh ná de sna riaghaltóiríbh
eile. Do thuig sé i n'aigne gur mhór an tairbhthe toradh
na dtréithe sin a bheith fórleitheadamhail ar an rígheacht
go léir, agus gur bh'eugcóir throm ar na cúigíbh eile
an toradh san d'fhágaint ag aon chúige amháin fé leith.
Do bheartuigh sé i n'aigne go mbeadh comaoine mhór


L. 674


aige 'á chur ar an rígheacht, agus ar na priúnsaíbh eile
agus ar na riaghaltóiríbh, agus air féin chómh maith le
cách, dá gcuireadh sé Daniel os a gcionn go léir,
idir phriúnsaíbh agus riaghaltóirí. Do thuig na priúnsaí
eile agus na riaghaltóirí go raibh an nídh sin i n-aigne
an rí. Bhíodar ar buile. Chromadar ar chuardach
feuchaint an bhfaighdís aon nídh i ngnóthaíbh Dhaniel
go bhféadfidís gearán do chur isteach i láthair an
rí mar gheall air, agus go bhféadfidís, ar an gcuma
san, an rí d'iompáil i gcoinnibh Dhaniel. Do theip
san ortha. Bhí Daniel ró mhacánta, ró chruinn 'n-a
ghnóthaíbh, ró dhílis do'n rí; agus do theip ortha, ní
h-amháin, aon choir a thabhairt 'n-a choinnibh, ach oiread
agus an droch amhras ba lugha do mhúisgilt 'n-a
choinnibh. Ansan dubhradar le n-a chéile: “Ní féidir
dúinn aon rud a thabhairt 'n-a choinnibh mara
bhféadaimíd puínte éigin a bhainean le n-a Dhia
do thabhairt 'n-a choinnibh.



Ansan do chruinnighdar i dteannta chéile agus
thánadar i láthair an rí. Níor leogadar ortha, ámhthach,
go raibh aon fhearg acu chun Daniel. Níor leogadar
ortha go rabhadar ag cuimhneamh i n-aon chor ar
Dhaniel; ag cuimhneamh ar an rí a bhíodar agus ar
shlighe chun onóra thabhairt dó.



“Mair go deó, a rí,” ar siad. “A leithéid seo, a
rí,” ar siad, “Táid priúnsaí agus riaghaltóirí agus
giúistísí, ar fuaid do rígheachta go léir tar éis a
gcómhairle do chur le n-a chéile, agus, dar leó, ba
cheart reacht a dhéanamh 'ghá órdú aon duine a
dh'iarrfidh athchuinighe ar aon dia ná ar aon duine ach
ar an rí amháin go ceann tríochad lá, é chaitheamh
isteach i n-uaimh na león. Anois, d'á bhrígh sin, a rí,
dein an bhreith sin do ghlacadh agus t'ainm a chur
leis an reacht: i dtreó an rud a reactuighid Médigh
agus Persaigh ná beidh cumas ar é dh'atharú, agus ná
leómhfidh aon duine é shárú.”


L. 675


Ansan do thoiligh an rí Darius chun na breithe sin
agus chuir sé a ainm leis an reacht.



D'airigh Daniel gur deineadh an dlighe sin. Bhí
fhios aige gur chuige féin a bhítheas, go rabhthas ag faire
air feuchaint an bhfeicfí é ag guidhe chun Dé, i dtreó
go bhféadfí an dlighe chur i bhfeidhm air. Ach isé rud
a dheineadh sé ansan 'ná dul isteach 'n-a thigh féin agus
dul suas go bara an tighe agus an fhinneóg a bhí ag
feuchaint siar i dtreó catharach Ierúsalem a dh'osgailt,
agus a ghuidhe do chur chun Dé i dtreó an teampuil
naomhtha. Dheineadh sé mar sin trí h-uaire gach aon
lá. Ach bhí na fir úd ag faire air, agus fuaradar é
agus é ar a ghlúinibh ag guidhe chun Dé, ag sárú na
dlighe úd.



CCLXXXVI.



DROCH FHUADAR.



Nuair a fuair lucht an éada Daniel ansúd thuas
i mbara a thighe féin agus é ar a ghlúinibh ar aghaidh
na finneóige a bhí ag feuchaint siar i dtreó catharach
Ierúsalem, agus é ag guidhe chun Dé, bhí áthas mór
ortha. Siúd chun an rí iad láithreach, i dteannta
chéile. “Feuch, a rí,” ar siad, “do dheinis-se
dlighe, aon duine d'iarrfadh aon athchuinighe, ar dhia
ná ar dhuine, go ceann tríochad lá, ach ort-sa
féinig, a rí, go gcaithfí isteach é i n-uaimh na león.”



“Is fíor an chainnt,” arsan rí, “do réir reachta
na Médach agus na bPersach, reacht nách féidir a
dh'atharú ná do shárú.”



“Tá go maith, a rí,” ar siad, “ach an Daniel seo
de chlainn Iúda atá i mbraighdineas anso againn,
ní'l aon tsuím aige sa dlighe seo atá déanta agat-
sa, a rí. Sáruighean sé an dlighe trí h-uaire gach aon
lá, ag guidhe chun Dé na nIúdach. Tá sé ag sárú na


L. 676


dlighe agus is eól dúinn go léir, agus do lucht na
catharach so go léir, go bhfuil sé ag sárú na dlighe.
Agus mara gcurtar pionós na dlighe i bhfeidhm air
beid na daoine go léir i bhfeirg.”



Ní raibh aon choinne ag an rí leis an saghas san
cainnte. Níor thuig sé go dtí san an t-uisge-fé-
thalamh a bhí ag lucht an éada dh'á dhéanam nuair a
mheas sé gur chun onóra thabhairt dó féin a chuireadar
déanamh na dlighe sin os a chómhair ar dtúis. Bhí sé i
gcruadhchás. Chrom sé ar chainnt leó agus ar argóint
leó, a d'iarraidh Daniel do tabhairt saor as a
lámhaibh. Fé dheire d'iompuighdar air agus dubhradar,
go tur agus go dána:—



“Bíodh fhios agat, a rí, ar siad, “gur b'é dlighe
na Médach agus na bPersach, aon reacht a dheinean
an rí nách féidir é dh'atharú.”



Do thuig an rí go maith an droch fhuadar a bhí fútha.
Bhí fhios aige go bhféadfidís é féin a thabhairt cionn-
tach i sárú na dlighe dá saoradh sé Daniel. B'éigean
dó an dlighe a dhein sé féin do chur i bhfeidhm. Thug
sé an t-órdú uaidh, agus thugadar-san leó Daniel
agus chaitheadar isteach é i n-uaimh na león. Dubhairt
an rí, ámhthach, le Daniel: “Do Dhia féin go bhfuilir
riamh chómh dílis dó, tabharfidh sé saor thu.



Ansan do cuireadh cloch ar bhéal na h-uaimhe,
agus chuir an rí séala ar an gcloich len' fháinne féin
agus le fáinníbh a uaisle, sar a ndéanfí aon rud i
gcoinnibh Dhaniel.



Ansan d'imthigh an rí abhaile chun a thighe féin agus
níor fhéad sé aon bhia chaitheamh ná aon néal do chodladh
an oidhche sin, bhí a leithéid sin de bhuairt air.



D'eirigh sé go moch ar maidin agus do rith sé chun
na h-uaimhe, agus do ghlaoidh sé, agus bhí a ghlór go
brónach. “A Dhaniel,” ar seisean, “a sheirbhísigh Dé
atá beó, an dóigh leat ar fhéad do Dhia féin tú thabhairt
saor ó sna leónaibh?”


L. 677


D'fhreagair Daniel as an uaimh:— “A rí,” ar
seisean, “mair go deó. Do chuir mo Dhia a aingeal
chugham agus do dhún an t-aingeal béil na léon
agus níor dheineadar aon dochar dom: de bhrígh ná
fuaradh eugcóir ionam i láthair Dé. Agus níor
dheineas aon eugcóir ad' choinnibh-se, a rí, ach chómh
beag.”



Bhí áthas thar barr ar an rí. D'órduigh sé láithreach
Daniel do thógaint amach as an uaimh. Ach dhein sé
rud eile. D'órduigh sé an mhuinntir a dhein an
t-uisge-fé-thalamh do chaitheamh isteach chun na león.
Do caitheadh isteach iad, agus ar éigin a shroiseadar
úrlár na h-uaimhe sar ar rug na león ortha agus do
stracadar iad.



CCLXXXVII.



DLIGHE GAN CHIALL.



Na fir úd, go raibh an fhearg go léir ortha nuair a
fuaradar go raibh an rí Darius chun Daniel do chur
os a gcionn, cheapadar go raibh beart ana ghasta
acu 'á dhéanamh nuair a chuireadar suas an rí chun
na dlighe úd a dhéanamh, an dlighe úd 'ghá chosg ar aon
duine athchuinighe a dh'iarraidh ar dhia ná ar dhuine ach
amháin ar an rí féin. Bhí fhios acu go mbhrisfadh Daniel
an dlighe sin, mar go mbeadh sé, i gcómhnuidhe, ag
guidhe chun Dé, mar ba ghnáth leis, agus pé dlighe a
déanfí 'n-a choinnibh ná stadfadh sé de'n ghuidhe.
Ansan bhí fhios acu dá ndeineadh an rí an dlighe go
gcaithfadh an rí an dlighe chur i bhfeidhm agus nára
maith aige. Mheasadar go raibh an gnó déanta acu
go h-ana ghasta ar fad. Do bhí, leis, mara mbeadh
aon nídh amháin. An fhaid a bhí an ghleic idir iad féin
agus Daniel bhí buaidhte ag Daniel ortha. Do theip
ortha aon choir a thabhairt 'n-a choinnibh i láthair an rí.


L. 678


Ansan d'iompuighdar agus tharraigeadar Dia isteach
sa ghleic. Mheasadar buachtaint ar Dhaniel mar
gheall ar é bheith chómh dílis do Dhia. Bhuaileadar bob
ar an rí. Ach bhuaileadar bob bha mheasa 'ná é ortha
féin nuair a tharraigeadar Dia isteach 'sa chluiche.
Bhí an rí ar buile nuair a thuig sé cad é an feall a bhí
déanta acu air. Mara mbead iad ní chuimhneóchadh
sé riamh ar an ndlighe sin. Dá mbeadh aon phioc d'á
chuimhneamh aige gur i gcoinnibh Daniel a bhí an bear-
túchán acu 'á dhéanamh ní baoghal go gcuirfadh sé a
ainm leis an reacht. Nuair a bhí sé ag aighneas leó
a d'iarraidh Daniel a bhreith saor uatha iseadh thuig
sé an feall a bhí déanta acu, air féin agus ar
Dhaniel i n-aonfheacht. Bhí sé ar buile, le buairt i
dtaobh Dhaniel agus le feirg chucha-san. Is léir go
raibh súil éigin aige go mb'fhéidir go dtabharfí
Daniel saor ó sna leónaibh le cómhacht éigin. Sin
é an rud a bhain a ghoile dhe, agus do chimeád 'n-a
dhúiseacht é i gcaitheamh na h-oidhche sin, agus do chuir ag
rith chun na h-uaimhe é chómh moch ar maidin. D'fhreag-
air Daniel é as an uaimh aníos. Bhí sé sásta. Bhí
buaidhte ar an muinntir a dhein an feall. Thaisbeáin
an mhírbhúilt go raibh an feall a dheineadar go h-ana
mhalluighthe, agus go raibh an feall san déanta acu
i gcoinnibh an Dé mhóir sin a bhí ag Daniel d'á adhradh.
Do thuig an phoibilidheacht an méid sin go dian mhaith.
Bhí sean aithne acu ar na neithibh iongantacha a dhein-
eadh an Dia mór san na nIúdach uaireanta. Tháinig
sgannra ortha go léir le h-eagla go ndéanfadh an
Dia mór san na nIúdach díoltas marbhuightheach ortha
féin agus ar an dtír mar gheall ar an bhfeall a
deineadh ar Dhaniel, agus an Dia mór do tharrac
isteach sa bfeall san. Bhí aithne mhaith ag an rí ar an
muinntir a dhein an feall. D'órduigh sé láithreach
breith ortha go léir agus iad do chaitheamh isteach i
dteannta chéile chun na león. Níor thug na leóin


L. 679


puinn cáirde dhóibh. Bhí an t-ocras ortha. Bhíodar
ansúd i gcaitheamh na h-oidhche ag feuchaint ar Dhaniel
agus ná leogfadh an t-aingeal d'aon león acu a
bhéal a dh'osgailt ná baint le Daniel. Do baineadh
an t-ocras díobh go léir go luath ar maidin. Ansan
do thuig idir rí agus daoine gur mhairg do, lucht an
fhill nár fhág Dia mór na nIúdach lasmuich d'á gcuid
beartúcháin éithigh.



Ansan, má dhein an rí dlighe gan chiall nuair a
buaileadh an bob air, dhein sé dlighe eile nuair a
chonaic sé féin agus a dhaoine an mhírbhúilt a deineadh
do Dhaniel. Do dhein sé an dlighe seo:—



Seo mar adeir an Bíobla Naomhtha: “Do sgríbh
an rí Darius chun na bpobul agus chun na dtreabh
agus chun na dteangthacha go léir atá 'n-a gcómh-
nuidhe sa domhan: Síothcháin go n-iomaduighthear
chughaibh. Tá reachtuighthe agam-sa go gcaithfidh
m'ímpireacht uile, agus mo rígheacht, agus na daoine
go léir feasta uamhan agus eagla bheith acu roim
Dhia Dhaniel. Óir isé sin an Dia atá beó agus síor-
uidhe, agus ní h-ídeófar a rígheacht, agus beidh a
chómhacht ann go deó. Isé is fuasgaltóir ann, agus
is slánuightheóir ann agus deinean sé cómharthaí agus
iongnaí ar neamh agus ar talamh. Agus do thug sé
Daniel saor amach a h-uaimh na león.”



Agus bhí Daniel ann go dtí réim Dhariuis agus
réim Churuis an Persach.



CCLXXXVIII.



BEL.



Bhí lucht an éada ithte ag na leónaibh, agus bhí
sgannra i gcroidhe na ndaoine go léir agus ní leogfadh
an sgannra dhóibh aon fhocal do rádh i gcoinnibh Dhaniel.


L. 680


Agus bhí an rí, Darius, tar éis dlighe dhéanamh, uaidh
féin, 'ghá órdú do gach aoinne Dia na nIúdach, Dia
Dhaniel, d'adhradh, mar ná raibh aon dia eile mór-
chómhachtach ach é. D'fhág san ná raibh aon fhear le n-a
linn i mBaibilóin ba mhó cómhacht agus creideamhaint
'ná Daniel. Bhíodh na daoine go léir umhal dó agus
bhíodh na righthe go léir, fé mar a thagaidís i gcómhacht
i ndiaidh chéile, go h-ana mhór leis.



Do thárla rí dhíobh san i gcómhacht i mBaibilóin
agus bhí sé go h-ana mhór le Daniel agus bhí báidh ana
mhór aige le clainn Israéil a bhí i mBaibilóin an uair
sin. Bhí an uair sin, ag muinntir Baibilóin íodal
gur bh'ainm dó Bel, agus do tugtí do'n íodal
san, do Bhel, mar bhia dhó féin, gach lá, dhá thómhas déag
de phlúr mhín, agus dachad caoira, agus trí fichid
árthach fíona. Ba chostasamhail an t-íodal é. Bhí ana
ghoile aige. D'itheadh sé an plúr san go léir, agus
an chaoirfheóil sin go léir, agus d'óladh sé an fíon
san go léir, gach aon lá.



Bhíodh an rí agus na daoine ag adhradh Bhel, ach ní
adhradh Daniel é. D'adhradh Daniel Dia na glóire.
“Cad 'n-a thaobh ná h-adhran tusa Bel?” arsan
rí le Daniel.



“Ní féidir liom, a rí,” arsa Daniel “íodal a
deineadh le lámhaibh daoine d'adhradh. Adhraim-se
Dia na glóire, Dia atá beó, mar isé a dhein neamh
agus talamh agus tá cómhacht aige os cionn an uile
nídh, beó agus marbh.”



“Ná feicean tú gur dia beó Bel,” arsan rí,
“Mara mbeadh go bhfuil sé beó conus fhéadan sé
an bia sin go léir a dh'ithe agus an fíon san go léir
a dh'ól gach aon lá?”



“Ach, a rí” arsa Daniel, “ná creid focal de'n
saghas san cainnte. Ní'l i mBel sin ach cré laistigh
agus prás lasmuich. Níor ith sé aon bhia riamh ná níor
ól sé aon bhraon de'n fhíon úd.”


L. 681


Tháinig fearg ar an rí. Ghlaoidh sé chuige na sagairt
a bhain le Bel agus do labhair sé leó:—



“Mara n-innsidh sibh dom,” ar seisean, “cia
dh'ithean an bia costasamhail seo go léir curfar chun
báis sibh. Ach má thaisbeánan sibh go n-ithean Bel an
bia agus go n-ólan sé an deoch curfar Daniel chun
báis mar gheall ar dhiamhasla dhéanamh i gcoinnibh Bhel.”



“Deintear mar atá ráidhte agat, a rí” arsa
Daniel láithreach.



Bhí deichneabhar agus trí fichid de shagartaibh Bhel
ann, i n-éaghmais a mban agus i n-éaghmais a gclainne.
Agus dubhairt na sagairt:—



“Feuch, a rí,” ar siad, agus iad féin agus an rí
agus Daniel istigh i dteampul Bhel. “Imtheóchai-
míd-ne amach as an dteampul, agus ansan cuir-se
féin, a rí, an bia agus an fíon ansan ar an mbórd
os cómhair Bhel, agus dún an dorus go daingean,
agus cuir séala t'fháinne féin ar an ndorus, agus
tar féin ar maidin agus mara bhfaghair go mbeidh
Bel tar éis an bhídh a dh'ithe agus tar éis an fhíona dh'ól
cuir sinn-na chun báis; agus má bhíon an bia ithte ag
Bel curtar chun báis Daniel mar gheall ar an éitheach
atá curtha aige orainn.”



D'imthighdar amach. Chuir an rí an bia ar an mbórd
os cómhair Bhel.



“Tugaidh chugham anso criathar agus é lán de
luaith,” arsa Daniel le n-a sheirbhísigh. Thugadar chuige
an criathar luatha. Do rug sé ar an gcréithir agus
do chriathair sé an luaith anuas ar an úrlár go léir
mórthímpal, agus an rí ag feuchaint air. Ansan
d'imthighdar amach agus dhún an rí an dorus agus
chuir sé séala fháinne air.



Tháinig an bheirt ar maidin go moch, Daniel agus
an rí. D'osgail an rí an dorus. D'fheuch sé ar an
mbórd. Bhí an bia go léir imthighthe! “Moladh leat-
sa, a Bhel!” ar seisean, “Is dia mór thu, agus ní'l


L. 682


feall ionat!” Le n-a linn sin thóg sé a chos chun dul
thar tairsigh. Do rug Daniel air. “Feuch ar an úrlár,
a rí, arsa Daniel. Bhí an t-úrlár go léir clúdaithe
le rianaibh cos daoine sa luaith. “Bhí fir agus mná
agus leanbhaí ag siubhal ar an úrlár so!” arsan rí.



Do rugadh ar na sagairt. B'éigean dóibh na dóirse
príobháideacha do thaisbeáint. Do chuir an rí chun
báis na sagairt agus thug sé Bel suas do Dhaniel
agus dhein Daniel smidiríní de Bhel agus do leag
sé an teampul i dtreó nár fhág sé oiread agus a
rian ann.



CCLXXXIX.



UAIMH NA LEÓN.



Nuair a thuig an rí an bob a bhí ag sagartaibh Bhel
'á bhualadh air do chuir sé chun báis iad go léir agus
thug sé Bel suas do Dhaniel chun go dtabharfadh Daniel
a rogha cor dó. Dhein Daniel smidiríní de Bhel agus
do leag sé teampul Bhel agus do raob sé é i dtreó
nar fhág sé oiread agus a rian sa n-áit i n-a raibh sé.



Chuir san deire le Bel ach níor chuir san deire le
n-íodaladhradh i mBaibilóin. Bhí íodal eile ag muinntir
Bhaibilóin agus b'é íodal é ná ollphiast mhór ghrána.
Bhíodh muinntir Bhaibilóin, iad féin agus an rí, ag
adhradh na péiste sin, ach ní thugadh Daniel aon adhradh
do'n phéist, nídh nár bh'iongna. Bhí an rí agus Daniel
go h-ana mhór le n-a chéile, mar a conacthas, ach ní
fhéadfadh san Daniel a mhealladh chun aon onóra do
thabhairt do'n phéist mhór ghrána. Do labhair an rí le
Daniel:—



“Cad 'n-a thaobh, a Dhaniel,” arsan rí, “ná h-adhran
tusa an phiast? Ní féidir duit a rádh, mar adubhraís
i dtaobh Bhel, gur rud gan anam an phiast mhór san.


L. 683


Tá sí beó go maith agus ithean sí a lán, marab ionan
agus Bel. Cad 'n-a thaobh ná h-adhran tú í?”



“Adhraim-se Dia atá beó, a rí,” arsa Daniel.
“Tá an phiast san beó, gan amhras, ach ní dia beó í.
Dá mba dhia í níor bh'fhéidir i mharbhú, ach is féidir an
phiast san do mharbhú.”



“Ach ca bh'fhios duit-se,” arsan rí, “cia 'cu is
féidir an phiast san do mharbhú nú nách féidir? Gan
amhras dá mb'fhéidir í mharbhú do thaisbeánfadh san
nách dia i n-aon chor í, agus ná fuil innti ach mar aon
phiast eile ach í bheith chómh mór. Agus cuir i gcás, a
Dhaniel, nách féidir í mharbhú, an ngéillfá ansan gur
dia í agus an n-adhrfá í mar a dheinimíd go léir?”



“Dá dtugthá-sa cead dom, a rí,” arsa Daniel,
“do mharbhóchainn an phiast san gan aon tsaghas airm
a dh'imirt uirthi, claidheamh ná bata.”



“Tugaim a chead san duit, a Daniel,” arsan rí.



D'aimsigh Daniel pic agus saill agus clúmh agus
bheirbh sé i dteannta chéile iad. Ansan dhein sé
ceirthlíní beaga dhíobh agus chuir sé na ceirthlíní siar
i gcraos na péiste i dtreó gur shloig an phiast iad.
Ba ghearr gur at an phiast agus gur bhór sí suas, agus
fé dheire do sgoilt uirthi. Bhí sí ansan agus a corp
ar osgailt agus í gan anam. “Feuch, a rí,” arsa
Daniel, “an saghas ruda a bhíodh agat d'á adhradh!”



Ba ghearr gur airigh muinntir na catharach an sgéal;
d'eirighdar ar buile. “Ó!” ar siad le n-a chéile,
“tá an rí iompuighthe 'n-a Iúdach! Thug sé Bel do
Dhaniel agus dhein Daniel smidiríní dhe, ansan do
mhairbh sé sagairt Bhel, agus siní an phiast mhór marbh
anois aige. Tá sé iompuighthe 'n-a Iúdach.”



Siúd ag triall ar an rí iad i n-aon mhór shluagh
amháin agus iad go léir ar dearg bhuile:—



“Tabhair dúinn anso Daniel,” ar siad “nú leag-
fimíd do thigh ort agus marbhóchaimíd tu féin!”



B'éigean dó Daniel a thabhairt suas dóibh. Do


L. 684


rugadar ar Dhaniel agus chaitheadar isteach airís é
i n-uaimh na león. Bhí seacht gcinn do leónaibh sa
n-uaimh. Do tugtí gach aon lá do sna leónaibh dhá
chorpán agus dhá chaoira le n-ithe, ach do cimeádadh
lá gan aon bhia iad an uair sin, i dtreó gus mhóide
an t-ocras a bheadh ortha agus nár bhaoghal go bhfág-
fidís Daniel gan ithe, mar dheineadar an chéad uair
úd a caitheadh isteach chucha é. Do caitheadh chucha isteach
é i n-aindeóin an rí, agus níor leogadh aon duine
i ngoire na h-uaimhe ar feadh sé lá.



Bhí an bháidh go léir ag an rí le Daniel agus bhí
uaigneas mór air agus buairt mhór, ach ní leogfadh
eagla dhó dul i ngoire na h-uaimhe bhí a leithéid sin
de bhuile feirge ar mhuinntir na catharach. Déarfadh
duine go dtuigfidís, fé mar a thuig an rí, ná raibh
aon chómhacht ag Bel, agus nár bh'aon dia an phiast
ghrána úd, nuair a chonacadar cad a bhí imthighthe ar
an dá íodal. Ach ní féidir daoine chur ar a leas d'á
n-aindeóin.



CCXC.



OCRAS AR NA LEÓNAIBH.



Bhí an áit 'n-a raibh cathair Bhaibilóin fadó ana
fhada soir ó chathair Ierúsalem agus ó thalamh Iúdéa.
Bhí Daniel thoir ar fad i gcathair Bhaibilóin, istigh i
n-uaimh na león. Bhí sé féin agus na leóin ag feuch-
aint ar a chéile. Bhí an t-ocras go dian ar na leónaibh
ach níor leogadh dóibh baint le Daniel. Chuir sé féin
agus na seacht leóin an chéad lá dhíobh gan aon bhia
dh'ithe. Tháinig an oidhche agus do mhéaduigh an t-ocras
ar na leónaibh. Gan amhras bhí na págánaigh amuich ag
faire, agus gan amhras d'airighdar na leóin ag glam-
uíol agus ag búirthigh leis an ocras, toisg ná fuar-
adar caoira ná corpán le n-ithe; gan amhras, leis,


L. 685


bhí sásamh aigne ar na págánaigh, agus iad 'ghá rádh le
n-a chéile: “Seadh! Ní raghaidh sé saor uatha anois
marab ionan agus an uair eile úd. Ní bheidh lán béil
ag gach león acu ann, tá a leithéid sin d'ocras ortha.
Ba mhaith an cuimhneamh iad d'fhágáilt gan aon bhia an
lá sar ar caithead isteach chucha é. Gan amhras tá a
chnámha meilte ithte acu um an dtaca so.”



Bhíodar ag cainnt le n-a chéile ar an gcuma san,
agus iad ag faire le h-eagla go dtiocfadh an rí agus
go leogfadh sé Daniel amach sar a mbeadh deimhne
acu ar é bheith ithte ag na leónaibh.



Bhí an faíre ar siubhal agus bhí an t-ocras ar na
leónaibh. D'imthigh lá agus oidhche, agus d'imthigh lá
eile agus oidhche eile. Bhí an t-ocras ag méadú ar
na leónaibh agus an bhúirtheac ag dul i n-aoirde agus
i bhfiaine acu, agus an dranntán ag dul i láidire
agus i bhfeirge acu, i dtreó go gcuiridís creathán
ar lucht na faire le neart an ghlóir a thagadh uatha
nuair a bhúirtheadh na seacht gcinn acu i n-aonfheacht.
Bhí an t-ocras ar na leónaibh agus bhí an t-ocras ar
Dhaniel agus bhí an aimsir ag imtheacht.



Ach bhí duine thiar ar fad i dtír Iúdéa agus Habacuc
ab ainm dó. Duine naomhtha ab eadh é. Deir cuid
de'n lucht eóluis gur bh'é an fáig Habacuc é, ach
deir tuille acu nár bh'é ach Habacuc eile. Ach, pé'r
domhan é, do thárla go raibh fir ag buaint aige agus
go raibh bia aige 'á bhreith chucha amach chun na páirce
mar a raibh an obair acu 'á dhéanamh. Bhí rainnt leitean
aige agus rainnt aráin. Tháinig aingeal ó Dhia agus
sheasaimh sé os a chómhair agus do labhair sé leis:—



“A Habacuc,” ar seisean, “beir leat soir an
bia sin go cathair Bhaibilóin agus tabhair do Dhaniel
é, mar tá sé i n-uaimh na león.”



“A Thighearna,” arsa Habacuc, “ní fheaca-sa
Baibilóin riamh, ná ní h-eól dom ca bhfuil uaimh na
león!”


L. 686


Ansan do rug an t-aingeal ar mhullach cinn ar
Habacuc agus thóg sé o'n dtalamh é, agus greim
ar ghruaig aige air, agus ar leagadh na súl bhí sé i
mBaibilóin aige, le cómhacht a spiride, agus chuir
sé 'n-a sheasamh é os cionn na h-uaimhe i n-a raibh
Daniel agus na seacht gcinn de leónaibh. Do labhair
Habacuc:—



“A Dhaniel, a sheirbhísigh Dé,” ar seisean, “Eirigh
agus tóg an bia seo atá curtha chughat ag Dia.”



Ansan dubhairt Daniel: “Níor dheinis dearmhad
díom, a Thighearna Dia! Ní dheinean tú dearmhad
de'n mhuinntir a thugan grádh dhuit!”



D'eirigh Daniel agus chaith sé an bia. Ansan do
thóg an t-aingeal Habacuc, agus ar leagadh na súl
do chuir sé 'n-a sheasamh é thiar i Iúdéa 'n-a pháirc
arbhair féin mar a raibh na buanaidhthe ag obair.



Tháinig an rí an seactmhadh lá chun na h-uaimhe
agus é ag gol i ndiaidh Dhaniel; d'fheuch sé isteach
sa n-uaimh. Chonaic sé Daniel, 'n-a shaoghal agus 'n-a
shláinte, agus na seacht leóin 'n-a thímpal. Do tharr-
aig sé amach é láithreach, agus d'órduigh sé an mhuinntir
a dhein an toirmeasg go léir do chaitheam isteach chun
na león, agus dhein sé dlighe 'ghá órdú go gcaithfadh
gach aoinne Dia Dhaniel d'adhradh feasta.



CCXCI.



TAIRBHTHE ANA MHÓR.



Nuair a bhí an rí Solomon tar éis bháis do deineadh
rí i n'inead d'á mhac Robóam. Fear gan puinn tuis-
giona ab eadh Robóam. D'iarr na daoine air fuas-
gailt éigin do thabhairt dóibh ó'n gcostas mór a bhí
ortha fé réim a athar, Solomon. Chómhairligh na sean-
óirí dhó labhairt go réidh leis na daoine. Chómhairligh
na h-uaisle óga dhó a mhalairt sin do dhéanamh; do


L. 687


ghlac sé cómhairle na n-uasal óg. D'iompuigh san
na daoine 'n-a choinnibh. D'iompuigh cuid mhór díobh
uaidh ar fad agus do leanadar Ierobóam. Ansan bhí
dhá rígheacht ann, rígheacht Iúda agus rígheacht Israéil.
Rígheacht Iúda a tugadh ar an méid de sna daoine
do lean dílis do mhac Sholomoin, agus rígheacht Israéil
a tugadh ar an méid díobh a chuaidh le Ierobóam. Chuir
Ierobóam creideamh nua ar bun i dtreó ná beadh a
dhaoine ag dul go Ierúsalem chun ídhbirtí dhéanamh.
Dhein sé dhá ghamhain óir agus chuir sé suas iad ar
altóraibh, agus mheall sé a dhaoine chun bheith ag adhradh
na ngamhan san agus ag déanamh ídhbirtí chucha. D'á
dheasgaibh sin, gach aon uair a deintear trácht ar
Ierobóam sa Bhíobla tugtar air, “An fear a chuir
fhiachaint ar Israél an peaca dhéanamh.”



Tar éis bháis do Ierobóam do lean muinntir
rígheachta Israéil ag déanam an pheactha san, agus ag
déanam a lán droch pheacaí nár bh'é, go dtí, fé dheire,
gur bh'é toil Dé an namhaidh do leogaint chucha ó'n
ndomhan toir agus iad go léir do sguabadh soir i
n-aonfheacht, i mbraighdineas, go dtí an dúthaigh
iasachta lastoir.



Ní raibh muinntir rígheachta Iúda chómh h-olc ar fad
le muinntir rígheachta Israéil. Ach bhíodar olc go
leór. B'é toil Dé a lán daoine naomhtha do chur chucha,
fáigí, agus rainnt righthe maithe, chun iad do chur ar
a leas nú do chimeád ar a leas. Ach i n-aindeóin gach
aon deagh chómhairle agus i n-aindeóin gach aon deagh
shampla, bhíodar ag dul i n-olcas, go dtí, fé dheire,
gur bh'é toil Dé leogaint do rí Bhaibilóin, Nabucho-
donosor, teacht agus cathair Ierúsalem do thógaint,
agus an teampul mór do raobadh agus do losgadh,
agus na daoine go léir do thógaint leis soir go
Baibilóin i mbraighdineas.



Ach admhuighid daoine naomhtha gur dhein Dia na
glóire, moladh agus buidheachas leis, tairbhthe ana


L. 688


mhór leis an bpionós san a chuir sé ar na Iúdaígh an
uair sin. Chuir sé pionós ar na Iúdaígh mar gheall
ar a bpeacaíbh, agus do bhronn sé grásta ana mhór
ar na págánachaibh bochta lastoir nuair a chuir sé
chucha soir na Iúdaígh, na daoine go raibh creideamh
fírinneach na h-aimsire sin acu. Nuair a bhí na
Iúdaígh ag folag péine an bhraighdinis d'iompuighdar
ar an dTighearna agus dheineadar aithrighe agus
d'eirigh a lán daoine naomhtha ar a measg, daoine
mar Thobias, agus mar Dhaniel, agus mar Ester,
agus mar Mhardochai. Do ghlac a lán de sna
págánaigh an creideamh fírinneach mar gheall ar dheagh
shampla na ndaoine naomhtha san, agus mar gheall
ar na mírbhúiltíbh móra a dhein Dia tríotha, an
mhírbhúilt úd, cuir i gcás, le n-ar thug sé an triúr
as an bhfuirnéis, gan losgadh, agus an mhírbhúilt le
n-ar thug sé Daniel saor ó sna leónaibh an dá uair.



CCXCII.



SA DÚTHAIGH LASTOIR.



Breis agus seacht gcéad blian roim theacht an
tSlánuightheóra iseadh do rugadh go dtí an domhan
toir i mbraighdineas an chuid de sna Iúdaígh ar a
dtugtí rígheacht Israéil. Do socaruigheadh iad san
sa dúthaigh lastoir agus d'fhanadar thoir. Deir cuid
de'n lucht eóluis gur mheasgadar ar na treabhchas-
aíbh lastoir, i dtreó nár fhan aon tuairisg fé leith
ortha féinig. Tugaid an lucht eóluis sin ortha san,
“na deich treabha do chuaidh ar ceal.” Deir lucht eóluis
eile nár chuadar ar ceal i n-aon chor; gur mhair-
eadar ameasg na ndaoine a bhí 'n-a dtímpal lastoir
agus gur iomaduighdar go h-iongantach. Deir
Ióséphus go raibh sliocht na dtreabh san 'n-a gcomhnuidhe


L. 689


le linn a aimsire féin, lastoir de'n Euphrátes, agus
go rabhadar líonmhar thar áireamh. D'á réir sin níor
chuadar ar ceal ach sa mhéid gur leogadar uatha pé
cuimhneamh beag, nú pé iarsma beag, a bhí acu de'n
chreideamh fhírinneach nuair a rugadh soir iad. Níor
dheacair do'n méid sin creidimh dul ar ceal uatha,
mar bhí an taithighe ró mhaith acu, thiar sa bhaile, ar an
bpágánacht a mhúin Ierobóam dóibh nuair a chuir sé
suas an dá ghamhain óir úd dóibh le h-adhradh, gamhain
acu i mBetel agus an gamhain eile i dtír Dan.
D'fhanadar thoir agus ghlacadar, go breágh réidh, le
págánacht na muinntire thoir, agus leis na nósaibh
gráinneamhla go léir a bhain leis an bpágánacht san,
nósa bhí ar eólus go maith acu sar ar fhágadar an
áit thiar. D'á bhrígh sin ní raibh aon chuimhneamh acu ar
theampul mór Dé i Ierúsalem, ná aon chaitheamh 'n-a
dhiaidh acu. Níor dhein an braighdineas aon tairbhthe
dhóibh féin, chun aithrighe, ná aon tairbhthe do'n mhuinn-
tir a bhí 'n-a dtímpal lastoir, chun iad a thabhairt chun
na fírinne.



Ní mar sin do sna Iúdaígh a bhain le rígheacht Iúda
agus le cathair Ierúsalem. Bhíodar san go h-olc,
leis, agus go h-ana thugtha chun béasa págánacha do
ghlacadh agus do leanmhaint. Ach bhí an teampul mór
acu agus bhí a lán daoine naomhtha ar a measg. Agus
bhíodh a lán daoine naomhtha ag teacht ó chríochaibh
Israéil féin, daoine mar Thobias, chun Dia d'adhradh
mar ba chóir sa teampul mór i gcathair Ierúsalem.
Chimeád san uraim do'n teampul agus do'n chreid-
eamh gan dul i n-éag ar fad i n-aigne na ndaoine.
Bhí aon locht amháin ar an uraim, ámhthach, chómh fada
agus chuaidh an choitchiantacht. Bhí a ndítheal acu 'á
dhéanamh ar an dá thráigh do thabhairt leó, Dia d'adhradh,
agus na déithe fallsa d'adhradh, i n-aonfheacht. Bhíodh
na fáigí naomhtha, Ieremias agus daoine mar é, 'ghá
innsint dóibh go h-árd go ndéanfadh Dia leó mar


L. 690


a bhí déanta aige le muinntir rígheachta Israéil. Ní
raibh aon mhaith 'n-a gcainnt. Fé dheire do tháinig an
íde. Tháinig Nabuchodonosor, tímpal sé céad blian
roim theacht Chríost, agus thóg sé cathair Ierúsalem
agus do leag sé a fallaí cosanta, agus dhein sé
fotharach de'n teampul mór. Do bhailigh sé chuige
na h-árthaí óir agus na h-árthaí airgid, éacht saidh-
bhris agus ollmhathais, agus do rug sé leis soir go
Baibilóin an saidhbhreas go léir agus na daoine go
léir, tímpal deich míle duine.



Chonaic na daoine sin an léirsgrios a deineadh ar
chathair Ierúsalem, agus chonacadar an teampul
mór d'á losgadh agus na h-eachtranaigh iasachta istigh
sa n-áit naomhtha. Bhí iongna a gcroidhe ortha. Níor
mheasadar go gceadóchadh Dia choidhche a leithéid. An-
san thuigeadar an chainnt a bhíodh ag na fáigíbh 'á rádh
leó, .i. “Cad é an tairbhthe do Dhia na glóire an
teampul an fhaid atá croidhe an duine imthighthe uaidh?”
Nuair a thuigeadar an chainnt sin chromadar ar
aithrighe dhéanamh. “Sinn féin fé ndeár an t-olc
go léir!” adeiridís. “Tá an pionós go léir
tuillte againn.” Chuireadar a dtoil le toil Dé agus
ghlacadar an pionós, agus tímpal caogad blian 'n-a
dhiaidh san do chuir Dia i gcroidhe an rí Curos na
Iúdaígh do chur abhaile agus cathair Ierúsalem do
chur suas airís.



CCXCIII.



AN TEAMPUL 'Á CHUR SUAS.



Dhein Dia, moladh 's buidheachas leis, foidhne ana
fhada le rígheacht Iúda agus le cathair Ierúsalem sar
ar chuir sé Nabuchodonosor anoir chun a dhéanamh


L. 691


leó mar a bhí déanta aige rainnt aimsire roimis sin
le rígheacht Israéil agus le cathair Samaría. Bhí na
daoine go léir, uasal agus íseal, iompuighthe amach
ar fad ar an uile shaghas droch pheacaí. Bhíodar chómh
tugtha san d'íodaladhradh go mbíodh íodail bheaga
óir agus airgid ag gach aoinne agus é 'ghá n-adhradh
do réir a thoile féin. Dhein cuid de sna righthibh, an
chuid bheag díobh a bhí dílis do dhlighe Mhaoise, dheinea-
dar iarrachtaí móra ar dhlighthibh agus ar cheremóintibh
na dlighe do chur d'á gcómhlíonadh sa chathair agus
sa teampul mar a cómhlíontí sa tsean aimsir roimis
sin iad. Níor chuir an phoibilidheacht aon tsuím 'n-a
saothar. Do lean an phoibilidheacht ag adhradh na n-íodal
agus ag déanamh na ndroch pheacaí. Do labhair na
fáigí amach go h-árd, 'ghá innsint go dtiocfadh ar
an bpoibilidheacht san an ídé chéadna a bhí fhios acu
bheith tagaithe ar phobul Shamaría. Ní raibh aon mhaith
ann. Fé dheire do tháinig an idhe, mar a h-innseadh.
Do tógadh cathair Ierúsalem agus do leagadh an
teampul mór agus do rugadh na daoine agus an
saidhbhreas go léir soir go Baibilóin.



Deich mbliana agus dachad 'n-a dhiaidh san nú
mar sin, bhí rí thoir i mBaibilóin agus Curos ab
ainm dó. Do sprioc Dia an rí sin chun na nIúdach
do chur thar n-ais siar chun a dtíre féin agus cathair
Ierúsalem do dhéanamh suas airís agus an teampul
mór do dhéanamh suas airís. Do dhein Curos reacht
chun na h-oibre sin do chur chun cinn agus sidí an
reacht:—



“Táid rígheachta an domhain go léir tabhartha dhomh-
sa ag an dTighearna, Dia neimhe agus talmhan, agus
tá órduighthe aige dhom tigh a chur suas chuige féin i
gcathair Ierúsalem, cathair atá i Iúdéa. Aoinne de
dhaoinibh an Dé sin atá anso, a Dhia go raibh leis!
imthigheadh sé suas go Ierúsalem, cathair atá i Iúdéa,
chun an tighe do chur suas chun Tighearna Dia Israéil;


L. 692


siné an Dia atá i Ierúsalem. Agus tugadh na daoine
go léir, ins gach áit i n-a bhfuilid siad, gach duine
i n' áit féin, gach aon chongnamh chun na h-oibre, le
h-airgead agus le h-ór agus le saidhbhreas.”



Ansan d'eirigh seanóirí Iúda agus Bheniamin, agus
na sagairt agus na Lebhítigh, gach aoinne gur sprioc
Dia é chun dul suas ag déanamh an teampuil go cathair
Ierúsalem. Agus thug na daoine go léir a bhí 'n-a
dtímpal an uile shaghas conganta dhóibh, árthaí óir
agus árthaí airgid, agus ollmhaitheas, agus beithidhigh,
agus gach sórd maoine.



Ansan do dhein an rí Curos rud eile. Do thug sé
amach na h-árthaí beannuighthe úd a rug Nabuchodonosor
leis ó Ierúsalem, agus thug sé isteach iad i láimh
Sassabasair, priúnsa na nIúdach, le breith thar
'n-ais siar go Ierúsalem, i dtreó go gcurfí isteach
airís iad sa teampul mór nuair a bheadh sé curtha
suas. Do cómhairigheadh na h-árthaí sin agus do
fuaradh go raibh ann, deich mbáisíní fichid óir, míle
báisín airgid, naoi sgeana fichid, deich gcinn fhichid
de chupánaibh óir, cheithre chéad a deich de chupánaibh
airgid de shaghas eile, agus míle árthach eile i
dteannta an méid sin. Chúig mhíle agus cheithre
chéad ar fad ab eadh uimhir na n-árthaí a cómhairigheadh
isteach i láimh an phriúnsa Sassabasar, agus thug sé
leis go dtí Ierúsalem iad.



Ainm Chaldéach ar an bpriúnsa san ab eadh
“Sassabasar.” Sorobabel ab ainm dó ameasg
a dhaoine féin. Do tugadh “Sassabasar” air fé mar
a tugadh “Baltassar” ar Dhaniel. Nuair a bhí an
méid de sna Iúdaígh a bhí ag dul leis bailighthe aige agus
áireamh déanta ortha do fuaradh go raibh breis agus
cheithre dheich a dó de mhíltibh ann ar fad idir uasal
agus íseal, lasmuich de lucht tuarastail. Bhí breis
agus seacht míle agus trí céad díobh san ann.


L. 693


CCXCIV.



AG TEACHT ABHAILE.



Chítear gur saidhbhirigheadh go mór cuid de sna
Iúdaígh an fhaid a bhíodar sa bhraighdineas i mBaibilóin.
Daoine léigheanta, creideamhnacha ab eadh cuid acu.
Bhíodar go léir, nú an chuid ba mhó acu, ag déanamh
na h-aithrighe. Do thuigeadar gur mar gheall ar
pheacaíbh an náisiúin do chuir an Tighearna an braigh-
dineas san ortha, agus chromadar ar an bpionós
do ghabháil le n-ais agus ar é dh'fholag mar shásamh
in sna peacaíbh, go mór mór mar shásamh sa n-íodal-
adhradh a bhíodh ar siubhal ag na daoine go léir i
gcathair Ierúsalem agus i dtír Iúda sar ar rugadh
chun siubhail iad.



Chonaic an mhuinntir thoir an aithrighe agus na
tréithe fóghanta do tháinig ó'n aithrighe sin, agus
tháinig uraim ana mhór acu do sna Iúdaígh. B'é toil
an Tighearna, leis, an rath do chur ar na Iúdaígh
lastoir, mar gheall ar an aithrighe sin agus mar gheall
ar na béasaibh fóghanta do lean an aithrighe sin. Do
thuig na daoine thoir rainnt de'n nídh sin, leis, agus
i dteannta uraim a bheith acu do sna Iúdaígh bhí lán
a gcroidhe d'eagla acu rómpa. Chonacadar go
soiléir go raibh Dia cómhachtach ag tabhairt aire dhóibh
agus 'ghá gcosaint ar namhdaibh de shaghas Amain,
agus de shaghas na ndaoine úd a chuir isteach i n-uaimh
na león Daniel dhá uair.



Do tháinig as an aithrighe agus as an uraim agus
as an eagla, agus 'n-a theannta san, as an dtabhairt
suas a bhí ar na Iúdaígh agus as an éirim aigne a bhí
acu, gur shaidhbhirighdar go mór sa n-áit thior bíodh
gur i mbraighdineas a bhíodar ann. D'á dheasgaibh


L. 694


sin bhí acu, nuair a chuadar chun bóthair, ag dul siar
go Ierúsalem, seacht gcéad trí dheich a sé de chapailibh,
dhá chéad cheithre dheich a cúig de mhiúilibh, cheithre chéad
trí dheich a cúig de chamulaibh, sé mhíle seacht gcéad
agus dhá dheich d'asalaibh. B'shiniad na beithidhigh iom-
pair, agus is fuiriste a dh'aithint go raibh an méid
sin beithidheach ábalta ar mhórán ollmhathais d'iompar,
i n-éaghmais an méid ollmhathais a bhí ionta féin.



Aoinne fheucfidh ar an mapa chífidh sé an áit 'n-a
bhfuil cathair Bhagdaid anois, ar abhainn Tígris. Bhí
cathair Bhaibilóin an uair sin, nách mór ar aghaidh na
h-áite sin siar, ar abhainn Euphrátes, ach í bheith
beagán níos sia ódheas 'ná Bagdad. Chífar, leis, go
bhfuil slighe mhór fhada ó'n áit sin siar, nú iarracht
bheag siar óthuaidh, go dtí cathair Ierúsalem. Do
ghluais an chualacht Iúdach ó Bhaibilóin agus thugadar
a n-aghaidh siar.



Bhíodar tamal maith ar an slighe ach fé dheire do
shroiseadar an tseana chathair, a gcathair féin, cathair
Ierúsalem, agus isí a bhí go h-aindeis rómpa, for-
mhór na dtighthe ar lár, agus an méid acu ná raibh ar
lár ar fad iad ag tuitim as a chéile, agus gan 'n-a
gcómhnuidhe ann ach rainnt daoine bochta, agus rud
ba dhona 'ná an donas eile go léir, an teampul mór,
an teampul glórmhar a chuir Solomon suas, é 'n-a
chabhlach bhriste, na clocha móra breághtha sgaipithe ar
an dtalamh, agus na beithidhigh ag gabháil isteach 's
amach sa n-áit 'n-a raibh an áit ró naomhtha, an sanc-
tum sanctórum. Ba mhór an brise croidhe do'n
mhuinntir sin a bhí tagaithe abhaile as an mbraighdineas
an radharc san a dh'fheisgint ansúd rómpa. Ach
thugadar aghaidh ar an obair. B'é céad rud a bhí le
déanamh 'ná an teampul mór do chur suas airís.
B'shiné órdú an rí dhóibh. Chuige sin iseadh chuir sé uaidh
siar abhaile iad. Chuige sin iseadh thug sé dhóibh na
h-árthaí beannuighthe úd, chun an teampuil do chur


L. 695


suas agus na n-árthaí sin do chur isteach ann mar a
bhíodar cheana, sar ar rug rí eile, Nabuchodonosor,
chun siubhail iad.



Chromadar ar an gcostas do chur le chéile. Ní
raibh bac ortha ann. Bhí a lán saidhbhris acu féin agus
ní folamh a leog an rí agus an mhuinntir thoir uatha
iad.



Chuireadar suas altóir agus dhírighdar ar dtúis
ar dhualgaisíbh an chreidimh do chómhlíonadh do réir
dlighe Mhaoise, go mór mór ar na holocauistíbh agus
ar na h-ídhbirtíbh eile do dhéanamh. Ansan thugadar
airgead do shaoraibh agus do lucht cloch do shnoighe
agus do cheárdaidhthibh eile agus do lucht oibre, agus
chuireadar na crainn cédair 'ghá dtabhairt ó Libanus,
agus chuireadar ar siubhal gach aon ghnó eile do bhain
leis an obair, fé mar a bhí órduighthe ag an rí Curos
dóibh. Do glanadh an talamh agus do cuireadh síos
na clocha buinn mórthímpal. Ansan d'eirigh liúireach
uathbhásach ó n-a raibh láithreach. Ach liúireach mheas-
gaithe ab eadh an liúireach san. Is amhlaidh a bhí leath
na ndaoine ag brise a gcroidhe ag gol agus an leath
eile ag dul as a meabhair le neart áthais. Na sean
daoine ag brise a gcroidhe ag gol, mar ba chuimhin
leó go maith an seana theampul glórmhar; agus na
daoine óga, ná feacaidh an seana theampul riamh, ag
cur an anama amach le h-áthas.



CCXCV.



AN OBAIR D'Á COSG.



Do stad an liúireach guil ó sna sean daoine agus
an liúireach áthais ó sna daoine óga agus do ghluais
an obair. Bhí na ceárdaidhthe ag obair agus bhí an


L. 696


t-adhmad ag teacht ó Libanus agus bhí na fallaí ag
eirighe.



Mar a h-innseadh cheana, ámhthach, nuair a rugadh
soir na Iúdaígh, do cuireadh anoir, chun na tíre a fol-
amhuigheadh do líonadh, rainnt daoine ó'n ndúthaigh thoir.
Nuair a chuir na daoine iasachta san fútha laistiar
bhí an saoghal ag gabháil 'n-a gcoinnibh go h-iongantach;
dubhairt duine eigin leis an rí, lastoir, gur bh'é
cúis go raibh an saoghal ag gabháil 'n-a gcoinnibh ar
an gcuma san 'ná gan aon eólus a bheith acu ar Dhia
na h-áite thiar ná ar na gnóthaíbh creidimh le n-ar
cheart é dh'adhradh. Ansan d'órduigh an rí cuid de
shagartaibh na ndaoine a bhí thoir i mbraighdineas do
bhreith siar, i dtreó go múinfidís na gnóthaí creidimh
do sna daoinibh iasachta a bhí thiar. Do deineadh san,
agus d'á deasgaibh sin bhí ídhbirtí an chreidimh Iúdaigh
dh'á ndéanamh, ar chuma éigin.



Bhí na daoine iasachta san, nú a sliocht, leathta
ar fuaid na tíre thiar, agus a lán acu, gan amhras,
'n-a gcómhnuidhe istigh sa chathair. Chonacadar an obair.
Dubhradar leó féin gur bhaoghalach nách tairbhthe
thiocfadh as an obair sin dóibh féin. Thuigeadar nár
bh'fhearra dhóibh rud a dhéanfidís 'ná aontú leis na
Iúdaígh a bhí ag déanamh na h-oibre agus ansan go
mb'fhéidir, ar ball, nuair a bheadh an obair déanta
agus an chathair curtha suas, go bhféadfidís bheith ar
aon dul leis na Iúdaígh, agus ná beadh ionta go léir
ac an t-aon phobul amháin. Thánadar ag triall ar
Shorobabel agus ar na seanóiríbh agus dubhradar
leó mar seo:—



“Leogaidh dúinn-na luighe isteach sa n-obair seo i
n-aonfheacht libh, agus an teampul so do chur suas
i nbhúr dteannta. An Dia a dh'adhran sibh-se isé a
dh'adhraimíd-ne leis. Feuch, táimíd ag déanamh ídhbirtí
chuige ó aimsir Asor Haddan, an rí Assuíriánach a
chuir anso anoir sinn ar dtúis.”


L. 697


Ach dubhairt Sorobabel agus Iósué agus na sean-
úirí eile, 'ghá bhfreagradh: “Ní'l aon bhaint agaibh-
se linn-na sa ghnó so. Is sinn-na féin a chaithfidh
an tigh seo do chur suas chun ár dTighearna Dia,
mar atá órduighthe dhúinn-na ag Curos rí na
bPersach.”



Ansan, ámhthach, nuair nár fhéad an mhuinntir sin
na h-áite bheith ag cabhrú leó sa n-obair chromadar
láithreach ar a mhalairt do dhéanamh. Chromadar ar
bheith ag cur 'n-a gcoinnibh agus ar bheith ag déanamh
an uile shaghas ceataighe dhóibh chun iad do chosg ar an
obair.



Le h-órdú an rí iseadh do tosnuigheadh an obair,
agus do tuigeadh, dá bhféadfí an rí d'iompáil i
gcoinnibh na h-oibre go gcaithfadh an obair stad. Do
cromadh ar theachtairíbh a chur soir ag triall ar an
rí chun bheith ag cúlchainnt agus ag tromaidheacht agus
ag lochtú, agus 'ghá innsint roim ré cad iad na h-uilc
agus na h-umáird a thiocfadh, do'n rí agus do'n
rígheacht, as an obair sin, dá gcurtí chun cinn í. Níor
stadadh an obair láithreach ach dó cuireadh ríghneas
ar gach nídh. Do cuireadh neamhfhonn ar na ceárdaidh-
thibh a bhí ag snoighe na gcloch. Do cuireadh neamhfhonn
ar na daoine go raibh an t-adhmad d'á fhághail uatha.
Do cuireadh sgáth ar gach aoinne a bhí ag tabhairt con-
ganta, mar ní fheidir aoinne 'ná go mb'fhéidir go
dtiocfadh fearg an rí ar an té a bheadh ró dhíograis-
each chun na h-oibre chur chun cinn. Do lean neithe ar
an gcuma san an chuid eile de réim Churois agus i
gcaitheamh na h-aimsire go léir go dtí go dtáinig
Darius i réim.



Bhí aon nídh amháin 'n-a bhun leis an dtromaidheacht
go léir, agus is ar an aon nídh amháin sin a bhí an
chúlchainnt go léir ag oibriú. Bhí lucht na cúlchainnte
'ghá shíor chur os cómhair aigne an rí, dá gcurtí suas
an chathair sin go dtiocfadh sí chun cómhachta, mar a


L. 698


tháinig sí fadó roimis sin, i n-aimsir Dháibhid agus
Solomoin, agus ansan nár bh'fhéidir do réim aon
rí lastoir dul thar Iórdan siar go deó airís.



CCXCVI.



AN LEITIR AGUS AN FREAGRA.



Bhí lucht na cúlchainnte ag déanamh gach aon díthil
chun cosg do chur le h-obair an teampuil. Ní raibh ag
teacht leó cosg do chur ar fad leis an obair, ach do
tháinig leó mórán ríghnis do chur le gach aon tsaghas
gnótha d'ár bhain leis an obair. Ní rabhadar sásta
leis sin. Ní ríghneas a bhí uatha ach an obair do chosg
amuich 's amach. Fé dheire do tháinig an chuid ba bhun-
úsaighe acu i dteannta chéile agus shocaruighdar ar
bheart a dhéanamh do chuirfadh, dar leó, fhiachaint ar
na Iúdaígh a bhí tagaithe abhaile as an mbraighdineas
eirighe as an obair d'á dheacaracht leó é. Shocaruigh-
dar ar leitir do sgrí chun an rí, leitir do chuirfadh
ar a shúilibh dó go soiléir nár bh'é a leas féin ná
leas na rígheachta leogaint do'n obair dul chun cinn.



Sidí an leitir a sgríobhadar:—



“Chun Artaxerxes, an rí.”



“Táid do sheirbhísigh, na fir atá 'n-a gcómhnuidhe ar
an dtaobh so thiar de'n abhainn ag guidhe beatha agus
sláinte dhuit.



Bíodh fhios ag an rí, i dtaobh na nIúdach so atá
tagaithe aníos chughainn-na uaibh-se, go bhfuilid siad
tagaithe go dtí cathair Ierúsalem, cathair mhalluighthe,
cathair cheannairceach, agus go bhfuil daingeana na
catharach san acu 'á dhéanamh suas agus a fallaí briste
acu 'á dheisiú. Agus anois bíodh 'fhios ag an rí, má


L. 699


curtar suas an chathair sin, agus má deisightear a fallaí,
ná díolfid na daoine sin cíos ná cáin ná dualgas
rí, agus gur b'iad na righthe a bheidh thíos leis sin.



Níor bh'fhéidir linn-na, ámhthach, gan cuimhneamh ar an
salan a dh'itheamair i bpálás an rí, agus do ghoill
sé orainn an eugcoir a dh'fheisgint 'á dhéanamh ar an
rí, agus shocaruighmair ar sgéala do chur ag triall
ar an rí agus an droch obair seo atá ar siubhal a
thaisbeáint dó.



Má deintear cuardach i leabhraibh an tseanachais
gheóbhfar sgríobhtha in sna cúntaisíbh, gur chathair cheann-
airceach an chathair sin riamh, cathair a bhíodh ag déanamh
díobhála do righthibh agus do thíorthaibh, agus go
n-eirigheadh cogaí fuilteacha innti, go dtí fé dheire
gur caitheadh í dhísgiú ar fad mar gheall ar a droch
ghníomharthaibh féinig.



Táimíd 'ghá dheimhniú do'n rí, má curtar suas an
chathair agus má deisightear a daingineacha, ná fanfidh
aon tsealbhas agat-sa ar an dtaobh so thiar de'n
abhainn.”



Do chuir an rí, an freagra so ag triall ar an
muinntir a sgríbh an leitir sin:—



“Sláinte dhaoibh agus síothcháin. Do léigheadh os
ár gcómhair an gearán so a chuireabhair chughainn, agus
thugas órdú uaim, agus do deineadh an cuardach in
sna sgríbhinníbh. Tá fághalta amach, de thoradh an chuar-
daigh sin, go mbíodh an chathair sin sa tsean aimsir
ag eirighe i gcoinnibh righthe, agus go raibh sí stuacach,
ceannairceach, agus tugtha do chogaíbh, agus go raibh
righthe cómhachtacha i Ierúsalem agus, go raibh forlámhas
acu ar an dtír go léir lastall de'n abhainn agus go
mbíodh cíos agus dualgas rí d'á ndíol leó. Anois
d'á bhrigh sin éistidh leis an mbreith. Coisgidh na fir
sin ar an obair atá acu 'á dhéanamh, agus ná curtar
suas an chathair sin gan tuille órduighthe uaim-se.
Ná bídhidh ríghin ag cur na reachta so i bhfeidhm, le


L. 700


h-eagla, i ndiaidh ar ndiaidh, go méadóchadh an t-olc
agus go mbeadh dhíobháil déanta do righthibh.”



Chómh luath agus a fuair na Samaratánaigh agus
an chuid eile de lucht na cúlchainnte an leitir sin
siúd suas iad chun na catharach, chun na h-áite i n-a raibh
na Iúdaígh ag obair fé stiúrú Soróbabel. Do léigh-
eadar leitir an rí do Shoróbabel agus do sna Iúdaígh
eile. Do b'éigean eirighe as an obair. Do stad gach
aon rud. Do fágadh ansúd na clocha leath-shnoighte,
na fallaí, cuid acu cúpla troigh ó'n mbun ar aoirde,
an obair adhmaid leath-dhéanta, a lán neithe tosnuighthe
agus gan aon rud críochnuighthe, agus d'imthigh na
ceárdaidhthe agus an lucht oibre abhaile, gach aoinne
chun a thighe féin nú chun gnótha éigin eile. D'fhan gnó
an teampuil mhóir ar an ndul ar ar fágadh an uair
sin é, go dtí an tarna bliain de réim Dharius rí na
bPersach.



Na Samaratánaigh, an dríodar díobh a fágadh chun
an tailimh do shaothrú, agus na daoine iasachta do
tháinig ann ó'n ndúthaigh thoir, agus pé díosgar sluagh
eile a bhí taghaithe isteach ar a measg, isiad fé ndeár
an stad san do chur le h-obair an teampuil.



CCXCVII.



DARIUS I GCÓMHACHT.



D'imthigh rainnt aimsire agus gan aon obair ar
siubhal. Ansan tháinig Darius rí na bPersach i gcómh-
acht. Bhí fáig mór i Ierúsalem an uair sin. B'é toil
Dé an fáig sin do spriocadh chun labhartha. Do labhair
sé leis na Iúdaígh a bhí i Iúdéa agus i Ierúsalem agus
dubhairt sé leó, i n-ainm Dé tosnú airís ar an obair
a dhéanamh. D'eirigh Soróbabel mac Salatiel agus


L. 701


Iósue mac Iesedec agus chromadar ar an obair a
dhéanamh, go h-áirithe obair an teampuil. Bhí a lán
de sna fáigíbh ag obair 'n-a dteannta. Tátanai ab
ainm do riaghaltóir na tíre ó Iórdan siar, i n'fhear
inid fé'n rí. Tháinig an fear san agus a lucht cómhairle
ag triall ar na daoine a bhí ag déanamh na h-oibre
agus d'fhiafraigh sé dhíobh cad é an t-úghdarás a bhí
acu chun na h-oibre sin do dhéanamh, nú cé chómhairligh
dóibh an obair a dhéanamh. Tháinig Soróbabel chucha,
agus seanóirí na nIúdach, agus dubhradar:—



“Sinn-na do chómhairligh do sna daoinibh seo an
obair seo do dhéanamh. Do fuaramair órdú ó'n rí
Curos chun na h-oibre dhéanamh, agus ní foláir dúinn
an t-órdú san do chómhlíonadh. Curtar anois sgéala
soir chun an rí agus fágtar fé'n rí cé 'cu do leanfar
de'n obair nú ná leanfar.”



Do socaruigheadh air sin. Sidí an leitir a chuir
Tátanai agus a lucht cómhairle ag triall ar an rí:—



“Chun an rí Darius, iomad síothchána. Bíodh 'fhios
ag an rí gur chuadhmair go dtí tír Iúdéa, go dtí tigh
an Dé Mhóir, an tigh atá ag na Iúdaígh 'á chur suas.
Tá an obair 'á dhéanamh le dúthracht agus tá sí ag
dul chun cinn go tiugh. Do labhramair leis na
seanóiríbh agus d'fhiafruighmair díobh mar seo:—
‘Cé thug úghdarás daoibh-se chun an tighe sin do
dhéanamh agus chun na bhfallaí sin do dheisiú?’ Do
sgríobhmair síos a n-ainmneacha le cur chughat-sa.
Ach dubhradar linn mar seo:—



‘Seirbhíseacha do Dhia neimhe agus talmhan iseadh
sinn-na agus tá teampul againn 'á chur suas, teampul
a deineadh mórán blianta ó shin, teampul a chuir
rí mór a bhí ar Israél suas. Ach do chuir ár sínsear
fearg ar Dhia neimhe agus do thug Dia neimhe isteach
iad i láimh Nabuchodonosoir, rí Bhaibilóin, agus do
leag an rí sin an teampul so, agus do rug sé
na daoine leis go dtí Baibilóin. Ach sa chéad


L. 702


bhlian do Churos 'n-a rí ar Bhaibilóin do dhein sé
reacht 'ghá órdú go gcurfí suas an tigh seo. D'á
éaghmuis sin do thug an rí Curos amach na h-árthaí óir
agus airgid a rug Nabuchodonosor leis a' teampul
Dé agus d'órduigh sé iad do chur isteach airís sa
teampul so nuair bheadh an teampul so curtha suas.
Do thug sé na h-árthaí sin do Shassabasar, 'sé sin, do
Shoróbabel, agus dhein sé riaghaltóir de, agus
d'órduigh sé dhó an teampul do chur suas. Do tos-
nuigheadh obair an teampuil an uair sin agus ní'l
an obair críochnuighthe fós. Anois, d'á bhrígh sin, má
'sé toil an rí é, cuarduighthear leabhair an rí i
mBaibilóin feuchaint an bhfuil an reacht san a dhein
an rí Curos le fághail ar a measg, agus ansan dein-
eadh an rí a thoil féin i dtaobh na h-oibre seo.’”



Do cuireadh an leitir sin ag triall ar an rí Darius.
Do deineadh an cuardach, agus do fuaradh an reacht
agus cúntas cruinn ar gach nídh d'ár dhein Curos
nuair a bhí sé ag cur na nIúdach siar chun a dtíre
féin agus ag tabhairt na n-árthaí óir dóibh, agus ag
tabhairt an uile shaghas conganta uaidh féin dóibh,
agus 'ghá chómhairliú do sna daoine a bhí 'n-a dtímpal
lastoir an uile shaghas conganta thabhairt dóibh.



Díreach mar a sprioc Dia aigne Churois chun na
nIúdach do chur siar abhaile agus na h-árthaí óir agus
airgid a thabhairt dóibh, agus an congnamh chun an
teampuil do chur suas, do sprioc sé aigne Dhariuis
chun gach nídh d'ár bheartuigh Curos do chur chun cinn
díreach mar a bheartuigh Curos é.


L. 703


CCXCVIII.



CÚNTAS SGRÍOBHTHA.



Do chomáin Tátanai agus an chómhairle an leitir sois
ag triall ar an rí, ar Dharius rí na bhPersach. Do
léigh an rí an leitir. Chuir sé láithreach lucht cuardaigh
ag feuchaint isteach in sna leabhraibh ag lorg an cún-
tais ba cheart a bheith ionta do réir na cainnte a bhí
sa leitir. Níor bh'fhada go bhfuaradar an cúntas
agus gach aon rud ainmnighthe ann, tríd síos, díreach
mar a bhí ráidhte sa leitir.



Bhí an cúntas sgríobhtha ar an gcuma so:—



“Sa chéad bhliain do Churos 'n-a rí do reachtuigh
Curos an rí nár bh'fholáir tigh Dé atá i Ierúsalem do
dhéanamh suas sa n-áit 'n-a bhféadfí ídhbirtí dhéanamh,
agus nár bh'fholáir na buinn a bheith láidir a ndóithin
agus bunúsach a ndóithin chun foirgnimh a dh'fholag
a bheadh trí fichid cúbat ar aoirde agus trí fichid
cúbat ar leithead; go gcaithfí trí cuarda de
chlochaibh gan snoighe a bheith in sna bunaibh sin, agus
cuarda d'adhmad nua ar an gcuma gcéadna, agus an
costas do theacht amach a' tigh an rí. Agus go gcaithfí
na h-árthaí óir agus airgid a thug Nabuchodonosor
leis go dtí Bhaibilóin, do bhreith thar n-ais siar agus
iad do chur isteach airís 'n-a n-áit féinig i dteampul
Dé.”



Nuair a chonaic Darius an reacht san a dhein an
rí Curos do sgríbh sé féin leitir ag triall ar
Thátanai agus ar an gcomhairle 'ghá innsint dóibh gur
fuaradh reacht Churois agus 'ghá rádh leó mar seo:—



“Anois d'á brígh sin, a Thátanai, a riaghaltóir na
tíre sin atá laistiar de'n abhainn, imthigh féin agus
do lucht cómhairle abhfad ó sna daoine sin agus


L. 704


leogaidh do riaghaltóir na nIúdach agus do shean-
óiríbh na nIúdach an teampul san do chur suas i n-áit
féin, i n-onóir do Dhia. Tá órdú tabhartha agam-sa
dhóibh i dtaobh conus a dhéanfid siad an obair, agus
go gcaithfidh an costas teacht a' ciste an rí. Tugaidh
do sna fearaibh sin costas na h-oibre sin as an
gcáin a díoltar leis an rí ó'n dtír atá laistiar de'n
abhainn, agus tugtar dóibh é go cruinn le h-eagla
go gcaithfí stad de'n obair. Tugtar dóibh, leis,
gamhna agus uain, agus gach nídh eile a bheidh riachtanach
dóibh i dtreó go mbeidh ar a gcumas ídhbirtí d'ofráil
chun Dé neimhe, do réir mar is gnáth le sagartaibh
Ierúsalem. Agus bídís ag déanamh na n-ídhbirtí chun
Dé neimhe agus ag guidhe ar son an rí agus ar son
a chlainne, 'ghá iarraidh go dtabharfí sláinte dhóibh.”



“Agus tá órdú tabhartha agam-sa: má dheinean
aoinne atharú sa reacht so, sail do bhaint amach a'
tigh an duine sin agus é féin do thárnáil ar an sail
sin, agus a thigh do chur sa chiste phoibilidhe. Agus an
Dia do chuir a ainm féin ag cómhnuidhe sa n-áit, go
ndeinidh sé íde ar gach pobul agus ar gach rígheacht
a shínfidh lámh chun aon chosg ná aon dochar a dhéanamh
do thigh Dé atá i Ierúsalem.”



“Mise Darius agus do dheineas an reacht so, agus
cuirfad fhiachaint ar dhaoine beart a dhéanamh d'á
réir.”



Do shocaruigh san an gnó go léir. Do stad lucht
na cúlchainnte. Bhí lán a chroidhe de sgannra ar an
uile dhuine acu aon fhocal do labhairt i gcoinnibh na
h-oibre le h-eagla gur bh'as a thigh féin a bainfí an
tsail úd, agus gur bh'é féin a tárnálfí uirthi. Do
ghluais an obair, chuaidh gach aon rud chun cinn. Do
díoladh costas na h-oibre as airgead an rí. Bhí na
Iúdaígh gan aon bheann ar Thátanai, mar bhí riaghal-
tóir fé leith ortha féin. Ach do thug Tátanai agus
a chómhairle an costas dóibh go macánta.


L. 705


Sá mhí ar a dtugtí Adar, sa sémhadh bliain de réim
Dhariuis, iseadh do chríochnuighdar an teampul. Do
chríochnuighdar an obair go maith agus bhí an teampul
go h-áluinn nuair a bhí sé críochnuighthe acu. Ba ró
mhian leó féin é bheith go h-áluinn, i n-onóir do Dhia,
agus ó bhí an rí chómh fial ba ro mhian leó an teampul
a bheith i dtreó nár bhaoghal go bhfaighfí aon locht air.



CCXCIX.



ESDRAS.



Tímpal chúig céad a dó dhéag de bhlianaibh roim
theacht an tSlánuightheóra iseadh do críochnuigheadh
an teampul i gcathair Ierúsalem, tar éis na nIúdach
do theacht abhaile as an mbraighdineas. Nuair a bhí
an teampul críochnuighthe acu d'fheuchadar isteach i
leabhar na dlighe, leabhar Mhaoise, agus do cheileabh-
radar an cháisg do réir mar a bhí an ceileabhradh
san órduighthe sa leabhar. Dheineadar gach nídh go
cruinn do réir na bhfocal a bhí sa leabhar, agus bhí
áthas mór ortha go léir agus iad ag breith bhuidhea-
chais ó chroidhe le Dia mar gheall ar iad a thabhairt
abhaile airís go dtí cathair Ierúsalem, agus croidhe
rí na bPersach d'iompáil i bhfabhar dóibh i dtreó gur
thug sé an congnamh go léir dóibh chun na h-oibre
dhéanamh agus gur chosain sé chómh maith iad ar na
namhadaibh a bhí ag cur 'n-a gcoinnibh chómh malluighthe.



Tímpal dhá chéad agus a dó dhéag de bhlianaibh
roimis sin iseadh bhí an rí d'ár bh'ainm Esecias i
réim sa chathair chéadna san Ierúsalem. Roimis an
mbraighdineas ab eadh é sin. Rí fóghanta, diadha, ab
eadh Esecias. Chonaic sé na droch ghníomhartha a bhí
ar siubhal ameasg na nIúdach go léir, ní h-amháin


L. 706


ameasg na Samaratánach ach ameasg muinntire Iúda
chómh maith. Ag feuchaint siar dó tríd an seanachas
chonaic sé nár ceileabhradh an cháisg i gceart ná ar
aon tslacht ó aimsir Sholomoin. Dhein sé féin iarracht
ar an gceileabhradh do dhéanamh mar ba cheart. Thug
sé iarracht ar na daoine go léir do chruinniú go dtí
Ierúsalem, i dtreó go ndéanfí an ceileabhradh díreach
mar a deineadh é i n-aimsir Sholomoin. Chomáin sé
teachtairí agus leitreacha mórthímpal chun na dtreabh
go léir 'ghá iarraid ortha teacht go dtí Ierúsalem agus
an cháisg do cheileabhradh do réir dlighe Mhaoise. Is
amhlaidh a bhí na Samaratánaigh go léir ag stealla-
mhagadh fé sna teachtairíbh agus fé sna leitireachaibh
agus fé'n rí. Ach mar sin féin tháinig rainnt acu.
Do chruinnigh a lán ó thír Iúda agus tháinig rainnt
bheag ó thír Israéil. Do ceileabhradh an cháisg an uair
sin chómh maith agus d'fhéad an rí a chur fhiachaint ar
na daoine a tháinig an obair a dhéanamh. Bhí tabhairt
amach mór sa cheileabhradh agus bhí áthas mór ar gach
aoinne a bhí 'ghá dhéanamh. Deiridís le n-a chéile go
raibh aimsir Sholomoin airís acu. Nuair a bhí an saothar
agus an tabhairt amach go léir críochnuighthe, ámhthach,
ba léir ná raibh aon ghus cheart sa n-obair. Ní raibh
croidhe na ndaoine sa ghnó. Chuaidh an tabhairt amach
as a gcuimhne go luath, agus do leanadar go léir
ar adhradh na n-íodal agus ar gach aon gráinneamh-
lacht eile ar a raibh taithighe mhaith acu, go dtí fé dheire
gur tháinig Nabuchodonosor agus gur sguab sé chun
siubhail i dteannta chéile iad.



An fhaid a bhíodar lastoir sa bhraighdineas do
thuigeadar iad féin. Tháinig ana ghráin acu ar an
íodaladhradh agus ar na droch bheartaibh eile úd a
thug an mífhoirtiún go léir ortha. Do tugadh le
tuisgint do gach sliocht, fé mar a tháinig, lastoir,
cad fé ndeár an mífhoirtiún. Tháinig as san gur
ghlac gach sliocht, fé mar a tháinig, fuath do chúis an


L. 707


mhífhoirtiúin, i dtreó go raibh an tsliocht a tháinig
abhaile, geall le bheith ó bhaoghal tuitim in sna droch
bheartaibh úd a thug an mífhoirtiún ar a sínsear.



Mar gheall air sin do ceileabhradh an cháisg
go maith agus go solmanta agus do leanadh 'ghá
cheileabhradh go diadha ó bhliain go bliain, 'n-a dhiaidh
san.



Tar éis an cheileabhradh san a deineadh nuair a
críochnuigheadh an teampul, iseadh tháinig Esdras
anoir ó Bhaibilóin go dtí Ierúsalem. Duine léigh-
eanta ab eadh é, agus duine naomhtha ab eadh é. Do
thuig an rí a bhí ar Bhaibilóin cad é an saghas duine
Esdras, agus thug sé úghdarás mór dó agus mórán
saidhbhris, ór agus airgead agus ollmhaitheas, chun
gnó Dé do chur ar aghaidh, agus do chimeád d'á dhéanamh
sa cheart, i gcathair Ierúsalem nuair a thiocfadh sé
ann.



Tháinig sé ann agus bhí a dhóithin mór le déanamh aige
a d'iarraidh na nIúdach a chimeád ó chómhluadar, go
mór mór ó cheangalaibh pósta, leis na h-aicmeachaibh
daoine a bhí 'n-a dtímpal. Ach do dhein sé an gnó
san maith go leór, agus do cimeádadh an creideamh
glan go leór ar feadh rainnt aimsire.



CCC.



PILIB.



Do críochnuigheadh an teampul mór i gcathair
Ierúsaleim, mar a h-innseadh, agus bhí na Iúdaígh
a tháinig abhaile as an mbraighdineas ana dhílis do'n
chreideamh agus ana dhíograiseach i ndéanamh gach gnótha
diadha do réir mar a bhí órduighthe i ndlighe Mhaoise.
Bhí an bheirt fhear naomhtha úd, Esdras agus Nehemias


L. 708


ag tabhairt aire dhóibh agus 'ghá gcómhairliú agus 'ghá
gcimeád ar a leas.



Tímpal céad go leith blian tar éis na h-oibre sin
an teampuil a bheith críochnuighthe bhí rí i dtír na
Gréige, i Macedon, agus Pilib ab ainm dó. Do
rugadh mac do'n rí sin agus Alegsandar ab ainm
dó. Chómh luath agus tháinig Alegsandar i n-aois chun
léighinn a mhúine dhó d'iarr a athair ar Aristotelés
oideachas an leinibh do ghabháil mar chúram air. D'iarr
Aristotelés tuarastal ana mhór, mar adeirtear.
“Ach, a dhuine” arsa Pilib, “tá san ró mhór ar fad.
D'fhéadfinn daor a cheannach ar an airgead san.”
“Tá go maith, a rí, arsa Aristotelés “d'fhéadfá
gan amhras, agus daor maith láidir. Ceannaigh daor
agus cuir ag múine do mhic é agus beidh beirt acu
ar ball agat, dhá dhaor.”



Do thuig Pilib go raibh an ceart ag Aristotelés
agus do réidhtigh sé leis ar an dtuarastal a dh'iarr
sé.



Bhí an t-oide go maith, agus bhí an daltha go maith.
Do tugadh an fhóghluim go maith, agus do tógadh an
fhoghluim go maith, agus bhí an mac ag fás, agus ba
léir do'n oide agus do'n athair agus do gach aoinne
a bhí ag feuchaint ar an bhfás san go ndéanfadh an
mac san fear ana thréan. Innstear gníomh a dhein
sé nuair a bhí sé cheithre bliana déag nú mar sin.
Thug buidhean de lucht airm an rí abhaile leó i bhfuadach
éigin rainnt capal. Bhí bramach breágh cumasach óg
ortha, ach bhí sé chómh ceanntréan san go raibh ag
teip glan ar aoinne de sna fearaibh é mharcaidheacht.
Ní túisge bhíodh marcach ar a mhuin 'ná mar a bhíodh
an marcach curtha amach de dhruim a chluas aige le
poc-léim agus é féin imthighthe ar cos anáirde ar fuaid
an mhachaire. Nuair a théidheadh marcach ar a mhuin go
mbíodh an greim ró mhaith aige agus go dteipeadh air
an marcach do chur de leis an bpoc-léim, d'eirigheadh


L. 709


sé ar a chosaibh deirigh agus chaitheadh sé siar é féin
ar fleasg a dhroma. Do ghortuigh sé cuid de sna
marcachaibh. D'órduigh an rí é mharbhú.



“Faire, a athair,” arsan mac, “ná mairbh an capal
breágh. Tabhair domh-sa é.” “Mharbhóchadh sé thu,”
ar san t-athair. “Leog dom triail a bhaint as,” ars
an mac. Fé dheire do tugadh an capal dó agus do
tugadh cead dó triail a bhaint as. Do rug sé ar an
sriain agus sar a raibh fhios ag an gcapal cad a bhí
chuige bhí an garsún ar a mhuin do léim. Thug an capal
poc-léim. Ní raibh aon mhaith dhó ann. D'fhan an
garsún ar a mhuin. Thug sé an tarna poc-léim i dtreó
gur thóg sé na cheithre cosa glan ó'n dtalamh, slat
ar aoirde, agus go raibh a cheann siar idir a dhá chois
tosaigh aige agus a dhá chois deirigh sa n-aer, le
linn teacht ar talamh dó. Do theip air an marcach
a chur de. Ansan do chaith sé siar ar an dtalamh
é féin. Nuair a bhí sé ar fleasg a dhroma bhí an
marcach 'n-a sheasamh i n'aice. Sar a raibh sé ar a
chosaibh i gceart airís bhí an marcach do léim ar a
mhuin. Do lean na cleasa san ar feadh tamail. Fé
dheire thug an capal aghaidh ar an machaire agus do
ghluais sé 'n-a lán rith. Ansan do tugadh na spuir
dó gan staonadh. Ar ball tháinig sé abhaile go h-ana
mhín agus go h-ana chneasta agus an garsún ar a
mhuin go daingean.



Siné an capal cogaidh a bhí ag Alegsandar 'n-a
dhiaidh san in sna cogaíbh. Bucephalus an ainm a thug
sé air, mar bhí ceann ana mhór air agus ana dheab-
ramh aige le ceann tairbh, .i. “Bous” = “tarbh;”
“cephalos” = “ceann.”


L. 710


CCCI.



ALEGSANDAR.



Nuair a bhí Alegsandar tímpal ocht mbliana déag
d'aois do rug sé buadh i gcath i n-aghaidh na dTéibéach.
Do rug sé an buadh le corp éirime aigne agus eóluis
ar ghnó cogaidh agus tréine gnímh i dtreó go raibh
áthas ana mhór ar a athair agus go ndubhairt sé leis:
“Tá mó rígheacht ró bheag duit, a mhic; ní mór duit
rígheacht mhór do sholáthar duit féin.”



Níor bh'fhada 'n-a dhiaidh san gur marbhuigheadh Pilib.
Do deinead rí d'Alegsandar ar na Gréagaigh go léir.
Ní raibh sé fiche bliain d'aois ar fad an uair sin. Do
chruinnigh sé slóighte Gréagach agus do ghluais sé
leó amach, óthuaidh agus soir, agus ódheas sa n-Éigipt
mar ar chuir sé cathair Alegsandria ar a bunaibh;
soir airís, go dtí go raibh an domhan go léir curtha
fé n-a smacht aige, ó'n dtaobh thiar theas de'n Éigipt
go dtí an tír atá lastoir de'n abhainn ar a dtugtar
Indus. Nuair a bhí an obair sin déanta aige bhí sé
'n-a chómhnuidhe i mBaibilóin ar feadh rainnt bheag
aimsire agus do buaileadh breóite ann é. Níor
mhair sé ach deich lá leis an mbreóiteacht. Fuair
sé bás trí chéad dhá dheich a trí (323) de bhlianaibh
roim Chríost, agus gan é ach trí dheich a dó (32) de
bhlianaibh d'aois.



Do rainn a thaoiseacha airm eatartha na dúthaí fada
fairinge a bhí curtha fé n-a smacht aige. Bhí duine
acu san agus Seleucus ab ainm dó. Ar Shuíria a bhí
sé 'n-a rí. Do tugad Seleucuídigh ar a shliocht 'n-a
dhiaidh. Bhí Antiochus Epiphanés mar ainm ar dhuine
de'n tsliocht san. Bh'é an ceathramhadh rí Seleucuídeach
é de'n ainm, an ceathramhadh Antiochus. Bhí sé i réim


L. 711


ó'n mbliain céad seacht ndeich a chúig roim Chríost
go dtí an bhliain céad sé dheich a ceathair.



Deir an Bhíobla gur chuir an rí sin cogadh ar an
Éigipt, mar gur theastuigh uaidh dhá rígheacht a bheith
aige agus gan bheith i dtúrtaoibh leis an aon rígheacht
amháin. Chuir sé mór shluagh le n-a chéile agus chuaidh
sé síos sa n-Éigipt. Ptolemé ab ainm do rí na
h-Éigipte an uair sin. Bhí eagla air roim mhór shluagh
Antiochuis agus chuaidh sé i bhfolach uaidh. Do sgrios
Antiochus an Éigipt agus thug sé mórán saidhbhris
aisti leis. Ag teacht thar n-ais dó do ghlaoidh sé go
dtí Ierúsalem, é féin agus a mhór shluagh. Ní raibh
aon mhór shluagh i Ierúsalem chun cur 'n-a choinnibh.
Chuaidh sé isteach sa teampul agus thóg sé a raibh
d'árthaíbh beannuighthe sa teampul agus gach aon
tsaghas eile saidhbhris d'á raibh le fághail ann agus
d'imthigh sé soir abhaile. Tar éis dhá bhlian, ámhthach,
do chuir sé mór shluagh eile siar airís go dtí Ierú-
salem. Do leogadar ortha gur i gcaradas a thánadar.
Do leogadh isteach iad. Nuair a bhíodar istigh d'iom-
puighdar ar mhuinntir na catharach agus chromadar
ar iad do mharbhú. Dheineadar éirleach uathbhásach ortha.
Do thógadar gach aon rud ab fhéidir a dh'aistiriú agus
do loisgeadar an chathair. Do leagadar fallaí na
catharach agus fallaí na dtighthe. Ansan bhí íde déanta
ar an gcathair chómh h-olc díreach leis an íde a dhein
Nabuchodonosor uirthi breis agus cheithre chéad blian
roimis sin.



Innstear sa Bhíobla go raibh droch obair ar siubhal
ameasg na nIúdach. Go raibh daoine ar a measg a
bhí ag déanamh a ndíthil chun dlighe Mhaoise do chur
i leiththaoibh agus dlighthe na bpágánach do ghlacadh.
Innsean an Bíobla an saghas cainnte a bhíodh acu
d'á labhairt le n-a chéile: “Imthighmís agus deinimís
connradh leis na geintibh atá i n-ár dtímpal, óir tá
mórán uilc tagaithe orainn ó dheighileamair sinn féin


L. 712


uatha.” Do taithn an saghas san cainnte leó agus
chromadar ar thaithighe dhéanamh de nósaibh na bpágánach
agus ar phágánaigh a dhéanamh díobh féin i dtreó go
mbeidís ar aon dul leis na págánaigh a bhí 'n-a
dtímpal.



Bhí an íde a deineadh ar Ierúsalem an uair sin
níba mheasa, ar shlighe, 'ná an íde a dhein Nabucho-
donosor uirthi. Nuair a bhí an t-éirleach déanta acu
an uair sin do chuaidh buidhean láidir acu isteach sa
pháirt de'n chathair ar a dtugtí cathair Dháibhid agus
dhainginighdar an áit agus d'fhanadar ann, agus bhídís
ag déanamh foghla ar na daoine mórthímpal agus
'ghá marbhú agus ag breith na foghla leó isteach sa
daingean a bhí déanta acu.



CCCII.



ANTIOCHUS.



Nuair a bhí an pháirt de chathair Ierúsaleim ar a
dtugtar cathair Dháibhid 'n-a dhaingean láidir agus na
págánaigh istigh ann agus iad ag rith amach anois agus
airís, gan aon choinne leó, agus ag robáil na ndaoine
a bhí sa chuid eile de'n chathair agus 'ghá marbhú, bhí an
sgéal go h-olc ag clainn Israéil. Thosnuighdar ar
bheith ag imtheacht ar fad as an gcathair agus ag
tabhairt aghaidh ar dhúthaíbh iasachta nú ar na h-uaig-
neasaibh, i dtreó, ar ball, gur págánaigh iasachta ar
fad, geall leis, a bhí 'n-a gcómhnuidhe sa chathair.



Nuair a bhí an sgéal ar an gcuma san ag clainn
Israéil do dhein Antiochus, an rí, socarú nua. Do
bheartuigh sé i n'aigne go ndéanfadh sé págánaigh
ghréagacha de sna náisiúnaibh go léir a bhí fé n-a
smacht aige. Dhein sé dlighe 'ghá chur san i bhfeidhm.


L. 713


Do ghlacadh an dlighe ins gach aon bhall ach amháin
ameasg an méid de sna Iúdaígh a lean dílis do
dhlighe Mhaoise. Bhí a lán acu nár fhan. Do chaitheadar
san uatha dlighe Mhaoise agus ghlacadar dlighe an
rí Antiochus. Ansan do tosnuigheadh ar dhlighe an
rí do chur i bhfeidhm le foréigin ar na Iúdaígh ná
glacfadh le n-a dtoil é.



Do chómáin an rí teachtairí, agus leitireacha acu,
go dtí Ierúsalem, agus go dtí catharacha eile Iúda,
'ghá rádh leó go gcaithfidís dlighthe náisiún uile an
domhain do ghlacadh; go gcaithfidís stad de sna
h-ídhbirtíbh a bhíodh acu 'á dhéanamh i dteampul Dé,
agus go gcaithfidís stad de bheith ag cimeád na
sabbóidí feasta, agus de bheith ag tímpalghearradh
na leanbh, agus de gach nós eile d'ár bhain le n-a
gcreideamh féinig. D'órduigh sé na h-áiteana bean-
nuighthe d'iompáil chun gnóthaí coitchiana, agus iad
do thuathú. Ansan d'órduigh sé teampuil phágánacha
do chur suas agus altóracha págánacha, agus íodail;
agus d'órduigh sé muicfheóil agus beithidhigh neamh-
ghlana d'ídhbirt ar na h-altórachaibh sin. Agus ansan
aon duine ná glacfadh na dlighthe sin agus beart a
dhéanamh d'á réir go gcaithfí é chur chun báis, le h-órdú
an rí Antiochus Oirdheirc (cialluighean Epiphanés
oirdheirc). Do cheap sé riaghaltóir chun dul mór-
thímpal chun na náisiún go léir agus na dlighthe sin
do chur i bhfeidhm ins gach aon bhall. Ansan a tháinig
an cruadhtan. Bhí a lán de sna Iúdaígh agus do ghlac-
adar na dlighthe nua le h-áthas agus le fonn. Bhí na
nósa págánacha acu 'á ghlacadh cheana gan aon fheidhm
dlighe 'ghá dtarrach 'n-a dtreó. Nuair a tháinig an
dlighe is amhlaidh a bhí áthas ortha agus siúd réir na
dlighe acu 'á dhéanamh láithreach agus gach aon chongnamh
acu 'á thabhairt d'oificeachaibh an rí chun teacht suas
leis na Iúdaígh a bhíodh ag diúltú, agus an dlighe chur
i bhfeidhm ortha. Do chuir san fhiachaint ar na diúltóiríbh


L. 714


teiche le n-a n-anam agus imtheacht amach sa n-uaig-
neas agus dul i bhfolach i bpollaibh talmhan agus i
bpluaisibh caraigreach, níba thúisge 'ná mar a
bhrisfidís dlighe Dé, agus 'ná mar a thruailleóchaidís
iad féin le feólaibh coisgithe d'ithe, le h-órdú an
rí.



Ansan do chuir Antiochus suas ar altóir Dé íodal
gráinneamhail an léirsgriosa, agus b'é íodal é sin
ná deilbh do Iúpiter Oluimpius, agus chuir sé suas
altóracha ar fuaid catharacha Iúda mórthímpal, agus
bhíodh na daoine ag dógh túise agus ag déanamh
ídhbirtí i ndóirsibh na dtighthe agus in sna sráidean-
aibh. Agus do ghearradh muinntir an rí na leabhair
bheannuighthe, pé áit 'n-ar fhéadadar teacht ortha agus
do dhóghdar iad sa teine; agus an uile dhuine go
bhfaightí leabhair thiomna an Tighearna aige do curtí
chun báis é; agus an uile dhuine a gheibhtí ag déanamh
do réir dlighe an Tighearna do curtí chun báis é, do
réir reachta an rí. Nuair a dheineadh bean tímpal-
ghearradh ar a leanbh do mharbhuighdís an bhean agus
do chrochaidís an leanbh ar a muineál, agus do mhar-
bhuighdís an té a dheineadh an tímpalghearradh.



Ach i n-aindeóin na tíoránachta san go léir bhí a
lán de chlainn Israéil agus do shocaruighdar 'n-a
n-aigne ná h-íosfidís bia neamhghlan, agus go bhfuil-
iceóchaidís bás níba thúisge 'ná mar a thruailleóchaidís
iad féin le bia neamhghlan; agus nuair ná h-íosfidís
an bia neamhghlan do curtí chun báis iad, agus bhí buile
feirge ar na daoine go léir.



Bhí an uair sin 'n-a chómhnuidhe i gcnoc Mhodin, fear
gur bh'ainm dó Matatias; bhí cúigear mac aige
agus sidiad na h-ainimneacha a bhí ortha, .i. Eóin
Gaddis, agus Símon Taisi, agus Iúdás Machabéus
agus Eleásar Abaron, agus Iónatan Apphus. Bhíodar
san ag feuchaint ar an ndroch obair a bhí ar siubhal
ameasg muinntire Iúda agus Ierúsalem, agus


L. 715


dubhairt Matatias leó, agus dubhradar go léir le n-a
chéile: “Cad é an tairbhthe dhúinn bheith beó i n-aon
chor agus bheith ag feuchaint ar an gcor atá ar ár
ndaoine agus ar ár gcreideamh agus ar gach aon
rud a bhainean le clainn Israéil? Is fearr bás
d'fhághail 'ná bheith ag feuchaint ar a leithéid d'obair.”
Agus chromadar ar a nguidhe do chur suas chun Dé
'ghá iarraidh ar Dhia leogaint dóibh bás d'fhághail marar
bh'é toil Dé cosg a chur leis an ndroch obair.



Le n-a linn sin do chuir an rí Antiochus daoine
uaidh chun dul go dtí Modin agus a chur fhiachaint
ar na daoine a bhí ann ar a dteiche, ídhbirt phágánach
do dhéanamh agus túis do dhógh, agus cúl a thabhairt
le dlighe Dé. Do thoiligh a lán de chlainn Israéil,
agus thánadar ag triall ar theachtairíbh an rí agus
do dheineadar an rud a h-iarradh ortha dhéanamh. Ach
do sheasaim Matatias agus a chúigear mac, agus
níor ghéilleadar do'n rí.



CCCIII.



MATATIAS.



Bhí an rí Antiochus ag déanamh a dhíthil chun a chur
fhiachaint ar na Iúdaígh a gcreideamh féinig do shéanadh
agus an phágánacht a bhí ag na Gréagaigh do ghlacadh,
agus bhí cuid de sna Iúdaígh féin ag cabhrú leis go
fonnmhar. Bhí sé ag cur na ndaoine chun báis ná déan-
fadh rud air. Bhí altóracha págánacha curtha suas
aige in sna catharachaibh ar fuaid na tíre agus bhí a
lucht airm ag imtheacht ins gach treó ag bailiú na
ndaoine chun na n-altórach san agus 'ghá órdú dhóibh
teacht agus ídhbirtí do dhéanamh chun na ndéithe fallsa
do réir na dlighe a bhí déanta agus a bhí d'á cur i


L. 716


bhfeidhm. Nuair a dheineadh daoine rud ortha do mhol-
aidís iad agus do gheallaidís fabhar ó'n rí dhóibh. Na
daoine a dhiúltuigheadh dóibh do chuiridís chun báis
iad.



Bhí Matatias 'n-a chómhnuidhe i gcathair ar a dtugtí
Modin. Tháinig na teachtairí ó'n rí chun a chur fhiach-
aint air féin agus ar a chlainn mhac toil an rí do
dhéanamh. Dubhradar leis mar seo:—



“Fear creideamhnach iseadh thusa sa n-áit seo,
duin'uasal iseadh thu agus tá úghdarás mór agat
ameasg do chómharsan. Má dheinean tusa an nídh
seo a theastuighean ó'n rí déanfid do chómharsain go
léir an rud céadna agus beidh an rí buidheach díot
agus bronnfidh sé saidhbhreas mór ort agus mórán
tabharthaistí agus beidh sé 'n-a dhuine mhuinnteartha
agat, agus is mó cuma 'n-a mbeidh ar a chumas
tairbhthe dhéanamh duit. Tar-sa anso, d'á bhrígh sin,
agus dein an ídhbirt ar dtúis agus ansan tiocfid
siad go léir.”



“Dá ndeineadh an uile dhuine riamh d'á bhfuil sa
tír rud ar an rí,” arsa Matatias, do ghuth árd,
“agus dá dtugadh an uile dhuine riamh acu a chúl ar
chreideam a shínsear agus ar dhlighe Mhaoise, ní dhéan-
fad-sa, ná ní dhéanfidh aoinne dem' mhacaibh é, ná
aoinne dem' ghaoltaibh. Is túisge linn aitheanta
Dé do chimeád 'ná aitheanta Antiochuis, agus go
bhfeacaidh Dia orainn agus go gcabhruighidh sé linn
chuige. Ní dheanfimíd an ídhbirt sin. Ní h-aon mhaith
dhuit bheith ag braith air go ndéanfidh aon duine againn
a leithéid.”



Díreach le linn na cainnte sin a chríochnú dhó,
tháinig Iúdach áirithe chun na h-altórach agus chrom
sé ar chur i dtreó chun na h-ídhbirte do dhéanamh do'n
íodal a bhí ansúd ar an altóir. Bhí Matatias agus
na daoine go léir ag feuchaint air. Nuair a chonaic
Matatias an t-ullmhúchán aige 'á dhéanamh, agus an


L. 717


fuadar a bhí féi, do las a chroidhe le buile feirge agus
do chorruigh a chuid fola. Tharraig sé a chlaidheamh agus
do léim sé chun an Iúdaígh sin agus bhuail sé agus
mhairbh sé é, agus sar a raibh fhios ag teachtaire an
rí cad a bhí chuige bhí sé sin, leis, ar lár marbh aige.
Do raob sé an altóir agus dhein sé brúsgar de'n
íodal. Ansan do ghluais sé tríd an gcathair ag
glaodhach ar na daoine mar seo:—



“Gach duine go bhfuil uraim aige do chonnradh an
Tighearna, agus do chreideamh ár sínsear agus do
dhlighe Mhaoise leanadh sé mise.”



D'imthigh sé féin agus a chúigear mac amach chun
na gcnoc agus d'fhágadar a raibh acu 'n-a ndiaidh
i gcathair Mhodin. Do lean a lán de mhuinntir na
catharach é agus d'fhágadar a gcuid an tsaoghal 'n-a
ndiaidh. Deir an Bhíobla gur imthigh na mná agus an
chlann amach i n-aonfheacht leis na fearaibh. Chuadar
i bhfolach i bpluaisibh na gcnoc agus i n-áiteanaibh
uaigneacha. Tugtar le tuisgint gur rugadar leó
amach as an gcathair rainnt éigin beithidheach a
thabarfadh bainne dhóibh.



CCCIV.



GAN COSAINT A DHÉANAMH.



Nuair a raob Matatias an altóir phágánach úd
agus nuair a mhairbh sé an Iúdach a bhí chun na h-ídhbirte
do dhéanamh ar an altóir sin, do réir órdú an rí,
agus nuair a mhairbh sé an teachtaire ó'n rí, do
ghlaoidh sé ar na Iúdaígh go léir a bhí i gcathair Mhodin
agus d'iarr sé ortha é féin do leanmhaint. D'eirigh
a lán acu agus do leanadar é. D'imthigh sé féin agus
iad féin amach as an gcathair agus thugadar aghaidh ar


L. 718


an bhfiantas. Bhí fhios acu go dtiocfadh mór shluagh
ó'n rí chun díoltais a dhéanamh ar an muinntir a mhairbh
a theachtaire agus ná géillfadh d'á dhlighe, agus d'á
luathacht a bheidís imthighthe as an gcathair gur bh'eadh
b'fhearra dhóibh féin é. D'imthighdar amach sa bhfiantas
agus chuadar i bhfolach chómh maith agus d'fhéadadar é.
D'imthigh a mná agus a gclann amach i n-aonfheacht
leis na fearaibh agus do rugadar leó rainnt beithidh-
each a thabharfadh bainne dhóibh.



Ní chun aon áite amháin a chuadar go léir amuich sa
bhfiantas. Chuaidh rainnt mhaith acu chun áite áirithe
mar a raibh caoi mhaith acu ar dhul i bhfolach. Ní raibh
Matatias ar an mbuidhin sin. Níor bh'fhada gur lean
sluagh armála de mhuinntir an rí iad. Mar a thuitean
amach i gcómhnuidhe, i ngnó d'á shórd, fuaradar a
ndóithin daoine chun eóluis na slighe thabhairt dóibh
agus chun a dh'innsint dóibh cad é an treó baill i n-ar
dhóichighe dhóibh teacht ar an muinntir a bhí uatha. Níor
bh'fhada go dtánadar ortha. Do labhradar leó.



“Tagaidh amach anso,” arsan ceann a bhí ortha,
“agus bíodh ciall agaibh agus deinidh an rud atá ag
an rí 'á iarraidh oraibh, i dtreó ná beidh orainn-na
sibh go léir do chur chun báis.”



“Ní dhéanfimíd rud ar an rí,” ar siad san. “Tá
sé i gcoinnibh dlighe Dé dhúinn idhbirt a dhéanamh chun
íodail. Tá ceangailte orainn i láthair Dé bás
d'fholag níba thúisge 'ná mar a dhéanfimís an peaca
san i gcoinnibh Dé. D'á éaghmais sin,” ar siad, “indiu
lá na sabbóide agus ní'l sé ceaduighthe dhúinn troid
i nbhúr gcoinnibh-se agus sinn féin do chosaint oraibh.
Fuiligeóchaimíd bás agus beidh neamh agus talamh
mar fhianaise againn air, go bhfuil bás eugcórtha
agaibh d'á imirt orainn.”



Níor dheineadar aon chosaint agus do marbhuigh-
eadh tímpal míle duine acu, fir agus mná agus aos
óg.


L. 719


Bhí Matatias agus an bhuidhean a bhí le n-a chois,
bhíodar i n-áit eile i bhfolach. D'airighdar i dtaobh
na ndaoine do marbhuigheadh. Agus d'airighdar nár
dhein na daoine a marbhuigheadh aon chosaint ortha
féin, toisg lá na sabbóide bheith ann, nár dheinea-
dar oiread agus cloch a chaitheamh leis an muinntir
a bhí 'ghá marbhú.



“Ach,” arsa muinntir Mhatatiais, “má dheinimíd
go léir an nídh sin dísgeóchaid na págánaigh seo
sinn. Ní mór dhúinn ár n-aigne do shocarú air, feasta,
má thagan namhaid a thuille ag cur orainn lá sabbóide,
go dtroidfimíd 'n-a gcoinnibh agus ná leogfimíd
dóibh sinn a mharbhú chómh breágh chómh réidh agus do
leogadh dóibh na daoine seo do mharbhú.”



Do leath an sgéal ar fuaid na tíre go léir, conus
mar a marbhuigheadh na daoine ná troidfadh toisg an
tsabbóid a bheith ann, agus conus mar a shocaraigh
Matatias agus a bhuidhean ar iad féin do chosaint
ar a namhaid lá na sabbóide fé mar a dhéanfidís
aon lá eile, mar gur ar son dlighe Dé a bheidís ag
troid. Nuair a h-airigheadh an méid sin do chrom
na fir go léir ar bhailiú chucha as gach áird, na fir ba
thréine agus ba dhiadha d'á raibh sa tír, i dtreó gur
ghearr go raibh sluagh mhaith láidir ag Matatias.



CCCV.



BÁS AN FHÍORAOIN.



Nuair a fuair Matatias agus a mhuinntir go raibh
an congnamh acu tháinig ana mhisneach dóibh. Tháinig
chucha, mar chách, aicme daoine ar a dtugtí Assid-
iánaigh, sórd aicme riaghalta a bhí ag maireachtaint
fé riaghail chráibhtheachta, agus a bhí ana dhíograsach


L. 720


do'n dlighe agus do sheirbhís Dé. Fir ana chróda ab
eadh iad. Ní raibh aon daoine sa tír ba threise 'ná
iad ná ba chródha 'ná iad. Bhí áthas mór ar Mhatatias
agus ar a mhacaibh agus ar an sluagh go léir a bhí
cruinnighthe chucha, nuair a tháinig na h-Assidiánaigh
chucha.



Níor fhanadar i bhfolach sa n-uaigneas a thuille,
ag feitheamh le teachtairíbh ó'n rí chun teacht chucha 'ghá
iarraidh ortha ídhbirtí a dhéanamh ar altórachaibh pág-
ánacha chun déithe fallsa, agus 'ghá gcur chun bháis dá
ndiúltuighdís. Thuigeadar 'n-a n-aigne gur bh'fhearr,
i n-inead bheith ag feitheamh leis na teachtairíbh, agus
le lucht airm an rí, agus leis na Iúdaígh a bhí i bhfabhar
dóibh, bualadh chucha amach agus a mhalairt de chúram
a chur ortha. Do ghleusadar a neart agus siúd amach
iad tríd an ndúthaigh, ó chathair go cathair. Ins gach
aon áit go raibh altóir phágánach curtha suas ag muinn-
tir an rí, thánadar ann agus do dheineadar díreach
mar a dhein Matatias féin leis an gcéad altóir úd.
Do mharbhuighdar an méid de mhuinntir an rí a bhí ann
agus na Iúdaígh bhréagacha a bhí ann ag cabhrú leó,
agus do raobadar an altóir agus dheineadar
brúsgar de sna h-íodalaibh.



Chuadar mórthímpal na tíre go léir ag déanamh
na h-oibre sin go dtí go raibh na h-altóracha págánacha
go léir ar lár acu agus na h-íodail go léir briste
brúighte acu, agus an phágánacht, agus muinntir an
rí, agus na Iúdaígh bhréagacha, agus cómhacht an rí ar
fad, sgriosta amach as an ndúthaigh acu. Ansan do
cuireadh dlighe Mhaoise i bhfeidhm airís ins gach aon
bhall, agus do cuireadh oibreacha na dlighe sin d'á
ndéanamh mar ba cheart, agus b'éigin do sna Iúdaígh
bhréagacha, go raibh an dúil go léir sa phágánacht acu,
b'éigin dóibh, an méid nár marbhuigheadh díobh, im-
theacht as an ndúthaigh ar fad agus dul ag triall ar
na geintibh págánacha a bhí mórthímpal ortha lasmuich.


L. 721


Nuair a bhí an méid sin déanta do tháinig an t-am
do Mhatatias chun báis a dh'fhághail, agus dubhairt
sé le n-a mhacaibh:—



“Tá deire mo shaoghail-se tagaithe, a chlann ó. Tá
gnó maith déanta go dtí so. Tá ár agus dearg ruathar
curtha againn ar namhaid ár gcreidimh. Táid siad
sgriosta ar an ndúthaigh againn. D'imthighdar uainn
agus dithineas ortha, an méid nár mharbhuighmair díobh.
Tá dlighe Mhaoise agus connradh an Tighearna curtha
suas beó airís againn, mar bhí lámh an Tighearna linn
chuige. Ac ní'l deire déanta ná i n-aon ghaor do.
Cruinneóchaid siad súd congnamh agus tiocfid
siad airís. Is oraibh-se, ansan, a chlann ó, a bheidh
dlighe Mhaoise do chosaint agus creideamh ár sínsear
do chosaint ar na ropairíbh págánacha úd. Ullmhuighidh
sibh féin chun na h-oibre. Bíodh bhúr gcroidhe agus
bhúr n-aigne lán de dhíogras do chonnradh an Tighearna,
agus bíodh gach fear agaibh lán cheapaithe ar a anam do
thabhairt ar son creidimh ár sínsear. Cuimhnighidh ar
na gníomharthaibh a dhein ár n-aithreacha ar son chonn-
radh an Tighearna. Deinidh-se gníomhartha mar iad
agus gheóbhaidh sibh glóire mhór agus clú a bheidh buan.
Feuchaidh ar Ábraham. Bhí sé dílis do Dhia i n-am
cruadhtain, agus fuair sé fíoraontacht d'á bharr.
Chimeád Ióseph an aithne, agus d'fhuilig sé an eugcóir,
agus chuir Dia 'n-a thighearna ar an Éigipt é.
Cuimhnighidh ortha go léir agus feucaidh siar ortha.
Bhí lámh an Tighearna leó in sna h-oibreachaibh a
dheineadar ar son a gcreidimh. Tá an lámh chómhachtach
chéadna, libh-se, agus ní baoghal daoibh. Bhídhidh
dílis do'n Tighearna agus tabharfidh an Tighearna
an lámh uachtair daoibh ar Antiochus agus ar a
chómhacht go léir.”


L. 722


CCCVI.



IÚDÁS MACABÉUS.



Sar a bhfuair Matatias bás do cheap sé a mhac,
Iúdás Macabéus 'n-a cheann ar shluagh na nIúdach
i n'inead féin. Níor mhiste dhó san agus bhí fhios aige
nár mhiste. Fear ana thréan ana láidir ab eadh
Iúdás Macabéus. Do ghlac an tsluagh é mar cheann
ortha agus bhí áthas mór ortha mar gheall ar a leithéid
d'fhear a bheith os a gcionn. Bhí neart cuirp ann ba
mhó 'ná mar a bhí i n-aon fhear a bhí suas le n-a linn
sa tír sin. Bhí an neart cuirp a bhí ann chómh mór san
go raibh aithne mhaith air, ní h-amháin ameasg a dhaoine
féin ach ameasg a namhad, leis. Chuireadar aithne
air agus do mhothuighdar a neart agus a chródhacht
in sna cathanaibh a throid sé féin agus a athair agus
a cháirde an fhaid a bhíodar ag gabháil tríd an dtír
ag ruagadh namhad agus ag leagadh altórach págánach,
agus ag cur dlighe Mhaoise i bhfeidhm. Tugtar fathach
air sa chúntas atá sa Bhíobla ar a neart agus ar a
chródhacht. Ach bhí neart aigne agus éirim aigne ann
do réir nirt a chuirp. Bhí stuaim agus breitheamhantas
ann, agus tuisgint, agus eólus ar ghnóthaíbh cogaidh,
agus clisteacht chun slóighte fear do láimhseáil agus
do stiúrú sa chuma ba thairbhthighe dhóibh féin agus ba
thiubaistighe d'á namhaid. Thug san do sna fearaibh
a leithéid d'iontaoibh as a bhreitheamhantas go
ndeinidís an rud a dh'órduigheadh sé dhóibh an túisge
'n-a mbíodh an focal as a bhéal. Deir an Bíobla gur
chabhruigh a mhuinntir leis agus gur dhlúthuighdar iad
féin leis, fé mar a dheineadar le n-a athair, agus
gur throideadar 'n-a theannta, le fonn, cathana
Israéil; gur thug sé mór chlú ar a phobul, gur chuir


L. 723


sé uime a lúireach cléibh ar nós fathaigh; gur chriosuigh
sé a arm cosanta uime in sna cathanaibh, agus gur
chosain sé an campa le n-a claidheam; go raibh sé
mar bheadh león 'n-a ghníomharthaibh, agus mar bheadh
león óg ag búirthigh ar lorg na foghla; gur ghluais
sé ar thóir na ndroch dhaoine agus go dtáinig sé suas
leó, agus gur thraoch sé iad agus gur loisg sé iad
le teine; gur theich a namhaid roimis le sgannra,
agus go raibh rath agus séan ag dul ar aghaidh i
n-Israél; gur chuir sé buaireamh ar a lán righthe,
agus gur chuir sé áthas ar chlainn Israéil le na
ghníomharthaibh agus go raibh beannacht ar a chlú
go deó.



Bhí namhaid aige agus Apollónius ab ainm dó.
Na Iúdaígh bhréagacha go raibh an dúil sa phágánacht
acu, do dhíbir Iúdás Macabéus iad amach a' tír
Israéil. Do chruinnigh Apollónius chuige iad san,
i dteannta na bpágánach a bhí aige féin lasmuich.
D'imthigh sluagh mhór de sna Iúdaígh bhréagacha amach
ó chathair Samaría. Níor bh'iongna dúil a bheith acu
san sa phágánacht. Bhí taithighe mhaith acu ar an bpágán-
acht ó aimsir an rí Ierobóam. Tháinig Ierobóam as
an Éigipt agus do glacadh 'n-a rí é ar Shamaría tar
éis bhais Sholomoin. Bhí deich gcinn de threabhaibh
Israéil fé n-a smacht. Dhein sé gamhna óir dóibh i
dtreó go bhféadfidís bheith ag adhradh na ngamhan agus
ná raighdís go Ierúsalem chun ídhbirtí do dhéanamh
chun Dé. Thug san an dúil sa phágánacht dóibh agus
bhí fáilte acu roim dhlighe Antiochuis. Nuair a bhí
Iúdás Macabéus 'ghá ruagadh agus 'ghá bhfiadhach
d'imthighdar ar triall ar Apollónius. Nuair a bhí
na págánaigh lasmuich, agus na Iúdaígh ó Shamaría,
agus na Iúdaígh bhréagacha eile ó thír Israéil,
cruinnighthe chuige ag Apollónius bhí sluagh ana láidir
aige. Do chabruigh na righthe págánacha leis, iad
san a bhí mórthímpal lasmuich. Bhí an fuath nímhneach


L. 724


acu go léir do Iúdás Macabéus. Is ar na righthibh
sin a thráchthan an Bíobla nuair a deirtear ann
gur chuir Macabéus buaireamh ar a lán righthe.
Nuair a bhí a shluagh cruinnighthe, córuighthe, gléasta
ag Apollónius tháinig sé chun catha do chur ar
chlainn Israéil agus ar Mhacabéus. Do thuig Maca-
béus cad a bhí ar siubhal aige i gcaitheamh na h-aimsire.
Bhí sé ullamh dó. Do troideadh cath fuilteach idir
an dá shluagh. Fear cródha ab eadh Apollónius.
Dheabhróchadh an sgéal gur bhuail an bheirt umá cheile
sa chath. Do mhairbh Iúdás Macabéus Apollónius
agus chuir sé ár agus dearg ruathar ar a shluagh. Bhí
claidheamh ana mhaith ag Apollónius. Do thóg Iúdás
Macabéus an claidheamh, agus siné an claidheamh a
bhí ag Iúdás Macabéus as san amach in sna cathanaibh
go léir. Bhí an claidheamh san aige díreach mar a bhí
claidheamh Gholiah ag Dáibhid in sna cathanaibh a throid
sé ó'n lá mhairbh sé Goliah i ngleann an chrainn
ghiúise, na céadta blian roimis sin.



CCCVII.



SERON.



Do leath tuairisg an chatha san, i n-ar mhairbh Iúdás
Apollónius, do leath sé ar fuaid na tíre go léir.
Bhí áthas ar na Iúdaígh a bhí dílis agus bhí buairt agus
ceann-fé ar na Iúdaígh bhréagacha. Do leath an tuair-
isg amach ar fuaid na dtíortha mórthímpal agus bhí
iongna ar gach aoinne. Bhí ainm Iúdáis Mhacabéuis
'n-a lán béil i mbéalaibh daoine ameasg carad agus
namhad. Ní raibh aon choinne ag aoinne go mbuadhfadh
sé ar an sluagh a bhí ag Apollónius. Nuair a fuaradh
go raibh an gníomh san déanta aige, go raibh an buadh


L. 725


san beirtha aige, go raibh an t-éirleach san déanta
aige, gur mhairbh sé an laoch mór, Apollónius, agus
go raibh an claidheamh úd a bhí ag Apollónius, an
claidheamh úd go raibh aithne ag an uile dhuine air,
go raibh sé i n-a láimh féin go daingean ag Macabéus,
nuair a fuaradh go raibh san go léir i n'fhírinne ghlan
bhí daoine ins gach aon ball ag crothadh a gcinn agus
'ghá rádh, an fear a dhein an méid sin go ndéanfadh
sé tuille.



Bhí fear 'n-a cheann uraid ar armáil Shuíria agus
Seron ab ainm dó. D'airigh sé an chainnt a bhí i
mbéalaibh daoine i dtaobh an ghnímh a bhí déanta ag
Iúdás Macabéus. Do buaileadh isteach i n'aigne
go raibh an t-am agus an chaoi tagaithe dhó féin chun
gnímh cogaidh a dhéanamh do thuillfadh mór chlú dhó
agus oirdhearcas fé leith. Thabharfadh sé, dar leis,
mór shluagh leis anoir ó Shuíria agus do thabharfadh
sé aghaidh ar an bhfear san a bhí tar éis an mhórghnímh
sin do dhéanamh, agus an t-oirdhearcas a bhí fághalta
aige sin do gheóbhadh Seron dó féinig é nuair a bheadh
buaidhte aige i gcath air. D'á mhéid clú agus d'á
aoirde, a bhí fághalta ag Macabéus, a' buachtaint ar
Apollónius, do gheóbhadh Seron clú a bheadh níba mhó
agus ní b'aoirde 'ná é nuair a bheadh buaidhte aige
ar an bhfear a bhuaidh ar Apollónius. D'á éaghmuis
sin bheadh buidheachas tuillthe aige, agus níor bhuidhe-
achas beag é, ó'n rí uasal Antiochus, nuair a
bheadh an díoltas a bhí tuillte aige déanta aige ar
an bhfear a bhí tar éis an rí do mhaslú agus a dhlighe
do tharcuisniú.



Do ghleus sé a mhór shluagh, chuir sé a chuid armála
i dtreó. Chuaidh slóighte móra de sna Iúdaígh bhréagacha
soir ag triall air ag cabrú leis. An méid acu nár
chuaidh soir ar fad do bhuaileadar uime ar an slighe
anoir agus do luighdar isteach 'n-a shluagh. Níor
bh'fhéidir do shluagh Sheroin gabháil siar díreach, mar


L. 726


bhí an ghainmheach thirm idir é agus tír Israéil. B'éigean
dó gabháil siar óthuaidh ar dtúis, agus siar díreach
ansan, agus ansan gabháil siar ódheas, agus ódheas
díreach nuair a bhí sé lastiar de'n Iórdan. Bhí sé ag
gluaiseacht ódheas tré thír Israéil go dtí go raibh
sé ag Samaría mar a bhfuair sé a lán de sna Iúdaígh
bhréagacha chun dul i n-aonfheacht leis. Ansan do
ghluais sé féin agus iadsan ódheas go dtí go rabha-
dar sa n-áit ar a dtugtí Bhetoran, áit ná fuil
abhfad óthuaidh ó chathair Ierúsaleim.



Do thárla an uair sin ná raibh ag Macabéus ach
sluagh bheag, ach nuair a chonaic an tsluagh bheag, an
mhór shluagh ag teacht do ghluaiseadar amach 'n-a
gcoinnibh. Nuair a thánadar 'n-a radharc agus nuair
a chonacadar a neart féin chómh suarach agus neart
a namhad chómh mór tháinig mímhisneach ortha agus
dubhradar le Macabéus: “Conus is féidir duinn-na
agus ár neart chómh suarach, troid i gcoinnibh a
leithéid de mhórshluag, agus sinn, ní h-amháin i n-ár
n-uimhir shuarach, ach laguighthe go mór le trosgadh?”
Ach dubhairt Iúdás leó: “Ní h-aon trioblóid do
Dhia na bhflathas buadh thabhairt do shluagh lag ar shluagh
láidir, nú buadh thabhairt do shluagh bheag ar shluagh
mhór. Is ó Dhia a thagan buadh. Táid siad ansúd,
tagaithe i n-ár gcoinnibh go líonmhar agus go mór-
chúiseach, chun íde dhéanamh orainn féin agus ar ár
mnáibh agus ar ár gclainn, agus ár gcuid a bhreith
leó. Ach troidfimíd-ne 'n-a gcoinnibh ar son ár
n-anam agus ar son ár ndlighthe, agus beidh an
Tighearna féinig 'ghá dtreasgairt os cómhair ár súil.
Ach sibh-se, ná bíodh aon eagla agaibh rómpa. Seo
chucha sinn.” De rith sé féin agus a bhuidhean bheag chucha
go h-oban. Ní raibh aon choinne ag an namhaid le n-a
leithéid de ruthaigh. Do measgadh tré n-a chéile iad.
Bhí Iúdás ar tosach agus namhaid ar lár aige gach
casadh d'á mbaineadh sé as an gclaidheamh úd. Tháinig


L. 727


sgeón agus sgannra ar an mór shluagh namhad. Do
theicheadar le n-a n-anam isteach i dtír na bhFilis-
tíneach a bhí idir iad agus an fharaige. Bhí buadh ag
Iúdás agus agá bhuidhin bheag, agus bhí acu an fhoghail
go léir a dh'fhan i ndiaidh na Suíriánach ar thalamh an
chatha. Má ba mhór é clú Iúdáis roimis an gcath san
ba dhá mhó é 'n-a dhiaidh.



CCCVIII.



RÁFLAÍ.



Má bhí iongna ar gach aoinne nuair a rug Iúdás
Macabéus buadh ar Apollónius, iongna gan brígh ab
eadh é seachus an iongna agus an alltacht agus an
t-uathbhás a bhí ar an ndúthaigh go léir nuair a dhein sé
sgeanthairt, é féin agus a bhuidhean bheag shuarach, de
mhór shluagh Sheroin. Gan amhras bhí spórt agá mhuinntir
féin ar Sheron. Bhí fhios acu cad é an fuadar a bhí fé
agus cad é an maoidheamh a bhí aige 'á dhéanamh as an
mór chlú agus as an oirdhearcas a bhí le fághail aige
nuair a bhuadhfadh sé ar an bhfear a bhuaidh ar Apoll-
ónius agus do mhairbh é agus do thóg a chlaidheamh.
Bhí cúis mhagaidh eile acu, leis, mar gheall air. D'air-
ighdar é ag maoidheamh as an mbuidheachas a bheadh ag
an rí Antiochus air nuair a bheadh díoltas déanta
aige ar Iúdás Macabéus. Bhíodar 'ghá fhiafraighe dh'á
chéile conus a thabharfadh sé aghaidh ar Antiochus
nuair a bhí an sgeanthairt déanta d'á mhór shluagh
áluinn ag Iúdás Macabéus agus agá bhuidhin bheag
shuarach a bhí ag tuitim ar a gcosaibh le h-ocaras!
Níor bh'aon iongna leó dá mbaineadh Antiochus an
ceann de.



Ach ní h-ar an gceann a bhaint d'aoinne a bhí
Antiochus ag cuimhneamh an uair sin. Bhí tuairisgí


L. 728


agus ráflaí ag teacht chuige go h-Antioch mar a raibh
sé 'n-a cómhnuidhe, tuairisgí a chuir i n-iúil dó cad
é an sgannra a bhí tagaithe ar na daoine go léir agus
ar na righthibh go léir mórthímpal, ó airighdar conus
mar a bhuaidh Iúdás Macabéus ar an dá mhór shluagh.
Do thuig Antiochus i n'aigne nár mhór dó féin eirighe
gan a thuille ríghnis agus a chómhacht do chur i bhfeidhm
i gcoinnibh an Iúdaígh mhalluighthe sin. Bhí árd fhearg
air. Chuir sé a theachtairí mórthímpal ar fuaid a
rígheachta go léir agus chruinnigh sé a shlóighte go léir
agus bhí mór shluagh ana mhór ana chómhachtach aige.
Ansan d'osgail sé a stórus agus thug sé tuarastal
bliana roim ré d'á shaighdiúiríbh agus dubhairt leó
bheith ullamh chun pé rud adéarfadh sé leó do dhéanamh.
Fear fial ab eadh é. Ní bhíodh greim ar an airgead
aige, go mór mór ó n-a shaighdiúiríbh. Nuair a bhí sé ag
rainnt an airgid ortha do fuair sé go raibh ag dul
d'á ghustal. Fuair sé ná raibh na cíosana ag teacht
isteach chómh flúirseach agus ba cheart; go raibh
aighneas agus easaontas i n-a rígheacht mar gheall
ar an ndroch obair a bhí aige féin 'á dhéanamh, a
d'iarraidh sean nós agus sean dlighthe d'atharú.
Tháinig eagla air ná beadh a dhóithin airgid aige chun
bheith chómh fial le n-a shlóightibh agus bhíodh sé i gcómh-
nuidhe. Shocaruigh sé ar dhul soir i ndúthaigh na bPersach
agus rainnt mhaith airgid a bhaint amach ann. D'fhág
sé a rígheacht sa bhaile fé dhuin'uasal gur bh'ainm dó
Luísias. Thug sé leath an mhór shlógh dhó agus do rug
sé féin an leath eile leis agus do ghluais sé air soir.
Dubhairt sé le Luísias go raibh sé lán cheapaithe ar
chathair Ierúsaleim d'ídiú ar fad agus na Iúdaígh
do dhísgiú glan amuich 's amach, agus daoine éigin
iasachta do chur chun cómhnuighthe sa n-áit. “Agus,”
ar seisean le Luísias, “Dein-se an méid de'n
tsluagh atá agam d'á fhágaint agat do ghleusadh agus
do chórú, agus imthigh ódheas go dtí an chathair sin


L. 729


Ierúsalem agus ná fág a rian ar uachtar na
talmhan. Nuair a thiocfad-sa anoir abhaile ó thír na
bPersach beidh mo dhóithin saidhbhris agam chun na
bhfear a dhíol.”



Do ghluais sé soir agus leath an mhór shlógh aige.
Chuaidh sé soir thar abhainn Euphrátes agus do ghluais
sé tríd an ndúthaigh lastoir de'n abhainn sin.



Nuair a bhí an rí imthighthe soir do thosnuigh Luísias
ar an méid de'n mhór shluagh a bhí fágtha aige do chórú
agus do chur i dtreó chun aghaidh a thabhairt ódheas ar
Ierúsalem agus an íde dhéanamh a bhí órduighthe ag
an rí. Do thoibh sé triúr fear a bhí uasal cómhachtach.
Ptolemé mac Doruiménuis ab ainm do dhuine acu,
agus Nicánor ab ainm do dhuine eile acu, agus
Gorgias ab ainm do'n trímhadh duine. Uaisle móra
ab eadh iad agus bhíodar muinnteartha ag an rí. Thug
sé dhóibh dachad míle fear agus seacht míle marcach,
agus dubhairt sé leó dul ódheas isteach i dtír Iúda
agus léirsgrios a dhéanamh ar an dtír do réir mar
a bhí órduighthe ag an rí. Do ghluaiseadar 'n-a lán
neart ódheas agus do ghlacadar longphort i n-aice
Emauis, ar an machaire réidh. Nuair a h-airigheadh
sa chómharsanacht go rabhadar tagaithe ann tháinig
na ceannaidhthe as gach áird agus ualaí óir agus
airgid acu chun na nIúdach do cheannach agus do
bhreith leó 'n-a ndaoraibh.



CCCIX.



AN GNÍOMH CALMA



Bhí na ceanaidhthe cruinnighthe as gach áird agus an
t-airgead acu 'n-a chruachaibh chun na nIúdach do
cheannach agus do bhreith leó, 'n-a ndaoraibh chómh luath


L. 730


agus d'fhéadfadh slóighte an rí breith ortha agus iad
a dhíol leó. Nuair a chonaic Iúdás Macabéus agus
a bhuidhean an mhórshluagh san tagaithe ansúd 'n-a
n-aice ar mhachaire Emauis, bhí, gan amhras, eagla ortha
agus buairt aigne.



Bhí cathair Ierúsaleim an uair sin folamh nách mór
ó dhaoine. Pé daoine a bhí sa chathair níor Iúdaígh iad.
Bhí na Iúdaígh go léir imthighthe as an gcathair, mar
bhí an bhuidhean iasachta úd, a dubhradh, bhíodar istigh
sa dún agus an dún 'n-a dhaingean acu agus iad ag
rith amach chómh luath agus mheasaidís go mbíodh aoinne
sa chuid eile de'n chathair a dh'fhéadfí a robáil, agus
do robálaidís é, agus dá mba Iúdach é do mharbhuigh-
dís é. Sa n-áit ar a dtugtí Maspha iseadh bhí a long-
phort ag Iúdás agus agá bhuidhin. Áit bheannuighthe
ab eadh Maspha sa tsean aimsir agus is ann a shoch-
aruigh Iúdás é féin agus a bhuidhean i dtreó go
bhféadfidís bheith ag guidhe chun Dé.



Nuair a chonacadar an suathantas namhad cruinnighthe
ar mhachaire Emauis do chromadar ar a nguidhe do
chur suas chun Dé go dian agus ó chroidhe. Chromadar
ar throsgadh dhéanamh agus ar gach gnó eile dhéanamh a
bhain le guidhe agus le h-aithrighe, agus iad ag glaodh-
ach go h-árd ar Dhia 'ghá iarraidh air iad do chosaint ar
an namhaid sin, mar ná raibh aon bhreith acu ar iad féin
do chosaint ar a leithéid de neart slógh gan neart
láimhe Dé bheith ag cabhrú leó. Ansan do séideadh na
trúmpaí agus do ghleus Iúdás na fir 'n-a mbuidhnibh
agus chuir sé taoisigh os a gcionn, taoisigh míle, agus
taoisigh céad, agus taoisigh caogad, agus taoisigh
deichneabhar. Ansan do labhair sé leó agus dubhairt
sé leó, aoinne go raibh cúram mná agus clainne air,
nú go raibh sgáth roimis an gcath air, go bhféadfadh
sé imtheach abhaile chun a thighe féinig, do réir na dlighe.
Ní deirtear gur chuaidh aon fhear abhaile. Ní raibh
Iúdás ach ag cómhlíonadh na dlighe nuair adubhairt


L. 731


sé an chainnt. Ansan do labhair sé airís leó.
“Fáisgidh suas sibh féin,” ar seisean, “agus deinidh
gníomh calma. Is fearra dhúinn bás d'fhághail i gcath
'ná bheith ag feuchaint a thuille ar an gcor atá ar ár
dtír agus ar ár ndaoine agus ar ár gcreideamh.
Deinimís an gníomh calma agus ansan bíodh a thoradh
mar is toil le Dia na bhflathas.” D'imthighdar ansan
agus do champuighdar ar an dtaobh theas d'Emaus.



D'airigh Gorgias, duine de'n triúr a bhí os cionn
armála an namhadh, an nídh a bhí déanta ag Iúdás.
Do bheartuigh sé i n'aigne buidhean d'fhearaibh toghtha
do thógaint leis, i lár na h-oidhche, amach a' longphort
na Suíriánach agus teacht a gan fhios ar an longphort
nua a bhí déanta ag Iúdás i n-aice Emuais, agus na
Iúdaígh a mharbhú 'n-a gcodla. Bhí chúig mhíle troightheach
aige, fir thoghtha agus míle marcach. D'airigh Iúdás
an sgéal. D'imthigh sé féin ag a shluagh bheag amach
as an longphort nua. Tháinig Gorgias agus a chúig
mhíle fear agus a mhíle marcach i lár na h-oidhche.
Fuaradar an longphort nua follamh, gan aoinne beó
ann. “Is amhlaidh a theicheadar uainn amach chun an
chnuic,” ar seisean. Siúd amach é féin agus an sé
mhíle, ar a dtóir, dar leis. Ar ball nuair a bhí solus
an lae ann bhí Iúdás agus a bhuidhean le feisgint ar
an machaire. Bhí trí mhíle fear ag Iúdás ach ní raibh
arm cómraic ná arm cosanta acu ar aon áird.
Chonacadar os a gcómhair longphort na Suíriánach
agus é láidir daingean, agus lúireacha ar na fearaibh
agus marcshluagh 'n-a dtímpal, agus iad go léir
oilte ar ghnóthaíbh cogaidh. Do labhair Iúdás le n-a
trí mhíle fear:—



“Ná bíodh aon eagla agaibh rómpa,” ar seisean,
“pé líonmhaireacht atá ionta. Cuimhnighidh ar conus
a thug Dia saor ár n-aithreacha trídh an Mhuir Ruaidh
nuair a bhí Pharó ar a dtóir agus na mílte slógh aige.
Glaodhmís anois ar Dhia na bhflathas agus déanfidh


L. 732


sé trócaire orainn, agus cuimhneóchaidh sé ar an
ngeallamhaint a thug sé d'ár n-aithreachaibh, agus
ídeóchaidh sé an tsluagh san indiu os cómhair ár súl
agus beidh fhios ag na geintibh go bhfuil i n-Israél
Aon a dheinean slánú agus fuasgailt.”



Tháinig an namhaid amach as an longphort chun an
chatha. Do séideadh an trúmpa do sna Iúdaígh agus
do ritheadar chun a namhad. Do cuireadh an ruag ar
na Geintibh agus theicheadar ar fuaid an mhachaire.
Bhí na Iúdaígh ar a dtóir 'ghá marbhú. Do leanadar
iad chómh fada le machaire Iduméa agus le machaire
Iamnia. Do marbhuigheadh suas le trí mhíle fear
díobh.



Nuair a bhí Iúdás agus a bhuidhean ag teacht thar
n-ais ó'n dtóir bhí Gorgias ag teacht ó'n gcnoc.
Chonaic sé an ruag a bhí curtha ar an mór shluagh go
léir. D'feuch sé i dtreó a longphoirt féinig. Bhí an
longphort tré theine. D'iompuigh sé féin agus a chúig
mhíle fear agus a mhíle marcach agus theicheadar as
an áit. Ansan do thóg Iúdás agus a bhuidhean an
fhoghail, mórán óir agus airgid agus ollmhathais,
mórán, gan amhras, de'n ór agus de'n airgead úd
a thug na ceannuidhthe leó.



CCCX.



AN TEAMPUL 'N-A CHABHLACH.



Bhí buaidhte glan ag Iúdás Macabéus ar mhór
shluagh na Suíriánach. Bhí buaidhte ag trí mhíle fear,
agus gan iad armtha ach go h-olc, ar mhór shluagh i n-a
raibh dachad míle troightheach agus seacht míle marcach
agus iad armtha ar áilneacht. Do thuig na Iúdaígh
gur mhírbhúilt ó Dhia an buadh san agus do ghabhadar


L. 733


a mbuidheachas ó chroidhe le Dia na glóire mar gheall
air.



Bhí an dachad míle fear agus an seacht míle marcach,
an méid nár marbhuighead díobh sgaipithe go fada
fánach ar fuaid na dútha. Do thárla go ndeigh cuid
acu óthuaidh abhaile agus gur innseadar do Luísias
an brise tiubaisteach a bhí imthighthe ar an mór shluagh.
Bhí Luísias go croidhe bhriste mar gheall air. Cad
a bheadh le rádh aige nuair a thiocfadh an rí Antiochus
anoir ó thír na bPersach? Chrom sé láithreach ar mhór
shluagh eile do chur le chéile. Bhí sé 'ghá gcruinniú go
dtí go raibh trí fichid míle troightheach aige agus chúig
mhíle marcach, agus fir thoghtha ab eadh iad go léir.
Bhí sé bliain ag cur na h-armála san le chéile. Nuair
a bhí an mhór shluagh córuighthe gleusta aige chun a
thoile do ghluaiseadar ódheas. Thánadar isteach i dtír
Iúdéa agus ghlacadar longphort i mBetoran, áit
atá tímpal fiche míle siar óthuaidh ó Ierúsalem.



Ní raibh Iúdás díomhaoin i gcaitheamh na bliana.
Bhí deich míle fear aige, agus, ó fhan an t-airgead
úd na gceannaidhthe aige, bhíodar, gan amhras, gleusta
armtha aige ní b'fhearr 'ná mar a bhí an trí mhíle úd
a bhuaidh ar an mór shluagh a tháinig roimis sin. Ach
ba shuarach le rádh deich míle fear, pé cóir a bhí ortha
ná pé cródhacht a bhí ionta, i gcoinnibh trí fichid míle
troightheach agus seacht míle marcach. Ní raibh ag Iúdás
agus agá shluagh bheag le déanamh ach dul i leith Dé
agus bheith 'ghá iarraidh ar Dhia mírbhúilt eile dhéanamh
dóibh. Do dheineadar san. Do chuir Iúdás agus iad
féin a nguidhe go cruaidh chun Dé 'ghá iarraidh air an
buadh thabhairt dóibh an turus san, leis. Nuair a bhí
a nguidhe déanta acu thugadar aghaidh ar an namhaid.
Do troideadh an cath. Do bhuaidh an deich míle fear
ar an trí fichid míle troightheach agus an seacht míle
marcach. Do cuireadh ruag ortha agus do leanadh
iad agus do marbhuigheadh chúig mhíle fear ortha.


L. 734


D'imthigh Luísias óthuaidh abhaile go h-Antioch agus
chrom sé ar mhór shluagh eile do chruinniú agus do
chórú agus do chur i dtreó chun teacht airís. D'imthigh
Iúdás agus a dheich míle suas go Ierúsalem, go dtí
cnoc Sion. Dheabhróchadh an sgéal, nuair a chonaic
na foghluidhthe úd a bhí daingean sa chaisleán, go raibh
buaidhte ar an dá mhór shluagh ag na Iúdaígh, gur chuimh-
nighdar gur bh'fhearra dóibh teiche as an áit i n-am
'ná fanmhaint le Iúdás. Pé'r domhan é d'imthigh Iúdás
agus a dheich míle suas agus dubhairt Iúdás leó:
“Feuch, a fheara, tá an buadh tabhartha ag an
dTighearna dhúinn ar ár namhaid go léir. Is ceart
dúinn anois na h-áiteana naomhtha so do ghlanadh agus
iad a dheisiú agus do cheartú, i n-onóir do Dhia. Bhí
an teampul agus gach aon áit 'n-a thímpal go
h-aindeis. An sanctuárium i n'uaigneas; an altóir
truaillighthe; na geataí dóighte; sgeacha ag fás in
sna cúirteanaibh mar bheidís ag fás i gcoill nua ar
chliathán cnuic; na seómraí a bhí i n-aice leis an
dteampul ar lár. Nuair a chonaic na fir an cor a
bhí ar theampul an Tighearna, é 'n-a chabhlach ar an
gcuma san, tháinig árd bhuairt ortha.



Ní raibh fhios acu go dtí go bhfeaceadar é go raibh
an droch chor chómh tiubaisteach ar fad air. An fhaid
a bhí na bitheamhnaigh úd sa chaisleán níor fhéad aoinne
ach daoine nár Iúdaígh teacht isteach sa chathair. Nídh
nár bh'iongna ba chuma le págánachaibh iasachta cad
é an cor a bhí ar an dteampul. Níor ghoill sé
ortha; níor cás leó 'n-a chabhlach bhriste osgailte
é. Ní thráchtaidís air eatartha féin ná le h-aoinne
eile. D'á dheasgaibh sin níor airigh na Iúdaígh a bhí
sgaipithe ar fuaid na tíre lasmuich an teampul a
bheith chómh loitithe ar fad agus bhí sé. Nuair a
chonacadar le n-a súilibh é chuir an radharc a
leithéid de bhuairt ortha gur chaitheadar go léir
iad féin anuas ar an dtalamh ar a mbéal agus


L. 735


ar a n-aghaidh agus go rabhadar ag gol go h-árd ar
feadh abhfad.



Ansan d'eirighdar agus thugadar aghaidh ar rud
éigin a dhéanamh i n-éaghmais bheith ag gol. Shocaruigh-
dar ar an áit do ghlanadh agus ar a raibh briste do
dheisiú. Bha mhaith leó ídhbirt a dhéanamh chun Dé ar
an altóir a bhí ann. Thuigeadar nár bh'fhéidir aon nídh
d'á shórd san a dhéanamh láithreach. Do thruailligh na
págánaigh an altóir agus níor bh'fholáir altóir nua
dhéanamh ar dtúis sar a bhféadfí ídhbirt a dhéanamh
chun Dé.



CCCXI.



ALTÓIR NUA.



Do dhein Iúdás a mhachtnamh i dtaobh na h-altórach
a bhí truaillighthe, cad ba cheart a dhéanamh léi. Tar
éis an mhachtnaimh isé rud ar ar socaruigheadh ná ar
an altóir sin do leagadh agus a clocha do chur i
gcimeád i n-áit shábhálta go dtí go dtiocfadh fáig
a 'neósfadh cad ba cheart a dhéanamh leó. Clocha beann-
uighthe ab eadh iad bíodh gur truailligheadh iad. Bhí
uraim ag dul dóibh agus ba cheart an uraim sin
a thabhairt dóibh agus iad a chimeád i n-áit fé leith go
dtí go 'neósfadh an Tighearna féin, tré bhéal fáige
cad ba cheart a dhéanamh leó. Nuair a bhí na clocha
san curtha i gcimeád do solátharuigheadh clocha eile.
“Clocha slána” a thugan an Bíobla ortha agus do
cuireadh suas altóir nua a bhí cosmhail leis an altóir
a leagadh. Ansan do dheineadar suas na h-áiteana
naomhtha a bhí ar lár, agus na neithe a bhí laistigh sa
teampul agus do bheannuighdar an teampul, agus
do bheannuighdar na cúirteana, agus dheineadar


L. 736


árthaí beannuighthe as a nua, agus thugadar isteach
an coinnleóir, agus altóir na túise, agus an bórd,
isteach sa teampul. Agus chuireadar túis ar an
altóir agus do lasadar na lampaí a bhí ar an
gcoinnleóir agus dheineadar solus sa teampul.
Ansan do chuireadar na bullóga fianaise ar an
mbórd agus chuireadar na brait ar crochadh,
agus do chríochnuighdar an obair a bhí le déanamh
acu.



Agus d'éirighdar roimis an lóchaint an cúigmhadh
lá fichid de'n naomhadh mí (an mí ar a dtugtar mí
Chaisliú), sa bhliain céad cheithre dheich a h-ocht (an
bhliain trí míle ocht gcéad a dachad, 3840, d'aois an
domhain), agus dheineadar ídhbirt lán-loisgithe chun
Dé, do réir na dlighe, ar an altóir nua san a bhí
déanta acu.



Bhí na daoine go léir cruinnighthe chun na h-ídhbirte
sin agus nuair a bhí an ídhbirt ar siubhal do chaith an
pobul iad féin ar a nglúinibh ag moladh Dé agus
'ghá adhradh agus ag gabháil bhuidheachais leis mar
go raibh sé tar éis neartú leó i n-aghaidh a
namhad agus tar éis buadha thabhairt dóibh in sna
cathanaibh.



Ansan, tar éis ocht lá do chaitheamh i solumnacht
tiomanta na h-altórach nua thugadar aghaidh ar ghnó
eile a bhain leis an dteampul. B'é gnó é sin 'ná
slacht agus órnáid do chur ar an dteampul agus ar a
thímpalacht. Chuireadar coróinní óir mar órnáid ar
fhalla thosaigh an teampuil, agus scuitsiona óir, agus
chuireadar geataí nua suas, agus seómraí nua, agus
cómhlana nua ar crochadh ortha, agus do reachtuighdar
go gcimeádfí féile an tiomnuighthe sin an teampuil,
an tráth céadna san, gach bliain mar a thiocfadh. Agus
bhí áthas agus gáirdeachas ana mór ar an bpobul go
léir, toisg tarcuisne na nGeinte bheith iompuighthe
uatha.


L. 737


Ansan thugadar aghaidh ar chnoc Sion, ar an gcais-
leán úd a bhí 'n-a seilbh ag na foghluidhthibh roimis sin,
agus chuireadar fallaí móra árda daingeana
tímpal air agus túir mhóra árda láidire, i dtreó
ná féadfadh na págánaigh teacht airís agus seilbh a
ghlacadh ann agus iad féin a dhainginiú istigh ann
agus bheith ag preabadh amach, gan aon choinne leó,
ag robáil na ndaoine agus 'ghá marbhú, agus ag brise
agus ag lot na catharach agus ag cur gach aon ruda
chun aindeise agus chun tiubaiste.



Nuair a bhí cnoc Síon córuighthe, deisighthe, dain-
gean aige ar an gcuma san, do chuir Iúdás buidhean
d'fhearaibh cródha isteach ann mar lucht cimeádta.
Ansan fé mar a bhíodh na foghluidhthe ag cur sgannra
ar Iúdachaibh, agus ar dhaoinibh macánta eile, agus
'ghá gcimeád amach as an gcathair, do bheadh feara,
lucht cimeádta an chaisleáin, ag cosnamh na catharach
do sna Iúdaígh agus do gach aicme daoine macánta,
agus bheidís ag cur sgannra ar gach droch aicme agus
'ghá chur 'n-a luighe ar a n-aigne, d'á fhaid amach ó
chathair Ierúsaleim a dh'fhanfidís gur bh'eadh b'fhearra
dhóibh féinig é.



An fhaid a bhí Iúdás Macabéus agus na Iúdaígh
ag déanamh na h-oibre sin go léir bhí na geinte
págánacha mórthímpal ag faire ortha go dlúth agus
ní le grádh dhóibh é.


L. 739


(Cuid a seacht.)



SGÉALAIDHEACHTA AS AN MBÍOBLA
NAOMHTHA.



CCCXII.



GÁDH LE CABHAIR.



Ach do thárla, nuair airigh na Geinte mórthímpal
go raibh an altóir agus an sanctuárium curtha suas
airís, mar a bhíodar roimis sin, go raibh árd fhearg
ortha. Agus do bheartuighdar sliocht Iácoib a bhí ar a
measg do dhísgiú, agus do chromadar ar bheith ag
crádh na ndaoine, agus ar chuid acu do mharbhú. An-
san do chuir Iúdás cogadh ar chlainn Esau i n-Iduméa,
agus ortha san a bhí i n-Acrabatane; mar do bhídís
ag cluiche na n-Israélíteach mórthímpal; agus dhein
sé éirleach mór ortha agus do chuimhnigh sé ar mhailís
clainne Bhéan, daoine a bhíodh 'n-a ngaiste agus 'n-a
gceap tuisle do sna daoine, ag faire ortha agus
ag luighe i gceilg rómpa ar an slighe, agus do dhún
sé suas i dtúraibh iad, agus do ghaibh sé chucha, agus
dhein sé íde agus éirleach ortha, agus do loisg sé
na túir le teine, agus a raibh istigh ionta. Ansan
do ghaibh sé anonn chun clainne Ammoin, agus fuair
sé ann cómhacht mhór agus mórán daoine, agus
Timóteus 'n-a cheann ortha, agus do throid sé mórán
cathana 'n-a gcoinnibh agus do claoidheadh iad i n-a
radharc agus do bhuaidh sé ortha agus do thóg sé
Gaser agus bailte beaga na catharach san, agus ansan
tháinig sé abhaile go Iúdéa.



Agus do chruinnigh na Geinte a bhí i nGalaad i
dteannta chéile i gcoinnibh na n-Israélíteach a bhí i
n-a gcríochaibh, chun iad do dhísgiú, agus do theiche-
adar-san uatha isteach i ndaingean Dhatemain, agus


L. 740


chuireadar leitir ag triall ar Iúdás agus ar a
bhráithribh,'ghá rádh: “Táid na págánaigh atá i n-ár
dtímpal cruinnighthe i dteannta chéile i n-ár gcoinnibh
chun sinn a dhísgiú; táid siad ag ullmhú chun teacht
agus an daingean so i n-a bhfuilimíd do thógaint;
agus tá Timóteus 'n-a cheann ar a sluagh. Tar anois,
d'á bhrígh sin, agus fuasgail sinn as a lámhaibh, óir
tá a lán againn marbh. Agus ár mbráithre go léir
a bhí i n-áitibh Tubin, táid siad marbh, agus táid a
mná beirtha chun siubhail acu i mbraighdineas, agus
a gclann, agus tá a bhfoghail tógtha acu, agus tá geall
le míle duine marbh acu sa n-áit sin.”



Agus an fhaid a bhí an leitir sin d'á léighe, feuch,
tháinig teachtairí eile a' Gaililí agus a gcuid éadaigh
stolta, agus dubhradar, go raibh muinntir Ptolemais,
agus muinntir Thuíre, agus muinntir Shídon, cruin-
nighthe 'n-a gcoinnibh, “Agus tá Gaililí go léir lán
de dhaoinibh iasachta chun sinn a dhísgiú.”



Nuair airigh Iúdás agus na daoine an chainnt sin
do tháinig cómhthionól mór i dteannta chéile chun a
bhreithniú cad ba cheart dóibh a dhéanamh ar son a
mbráithre a bhí i gcruadhtan agus a namhaid ag cur
ortha. Agus dubhairt Iúdás le n-a dhritháir Símon:
“Dein-se fir a thoghadh dhuit féin agus imthigh agus
fuasgail do bhráithre i nGaililí, agus raghad-sa agus
mo dhritháir Iónatan isteach i dtír Ghalaad.” Agus
d'fhág sé Ióseph mac Shachariais, agus Asarias, os
cionn na ndaoine, agus os cionn an méid de'n tsluagh
a fágadh i Iúdéa chun na h-áite do chimeád. Agus
dubhairt sé leó: “Glacaidh-se oraibh cúram na
ndaoine seo, ach ná cuiridh aon chogadh ar na págánaigh
go dtagam-ne thar n-ais.” Ansan do tugadh trí mhíle
fear do Shímon chun dul isteach i nGaililí, agus do
tugadh ocht míle fear do Iúdás chun dul isteach
i dtír Ghalaad.


L. 741


CCCXIII.



CABHAIR I N-AM GÁTAIR.



Do réir mar a socaruigheadh sa chómhairle d'imthigh
Símon, dritháir Iúdáis Macabéuis, isteach i dtír
Ghaililí agus, mar adeirtear sa Bhíobla, do throid
sé mórán cathana i gcoinnibh na bpágánach a bhí ann
agus a bhíodh ag marbhú na nIúdach. Do bhuaidh sé ar
na págánachaibh agus chuir sé a mhalairt de chúram
ortha i n-éaghmais bheith ag faire ar na Iúdachaibh agus
'ghá marbhú nuair a thagaidís a gan fhios ortha. Bhí sé
ag troid i n-aghaidh na bpágánach agus ag buachtaint
ortha agus 'ghá bhfiadhach agus 'ghá gcluiche agus 'ghá
marbhú agus iad ag teiche roimis, go dtí go rabhadar
bailighthe isteach aige i gcathair Ptolemais. Um an
dtaca 'n-a rabhadar bailighthe isteach sa chathair sin
aige bhí trí mhíle fear acu marbh aige agus do lean
sé iad go dtí geata na catharach, agus d'fhan a raibh
'n-a ndiaidh amuich, de shaidhbhreas agus de shaoghaltacht,
mar fhoghail ag Símon agus ag na Iúdaígh. Ansan
bhí na págánaigh glan amach a' tír Ghaililí, agus bhí
seilbh na tíre ag na Iúdaígh ar a suaineas.



Nuair a ghluais Símon chun dul isteach i nGaililí
do ghluais Iúdás Macabéus agus a dhritháir Iónatan,
agus an t-ocht míle fear a bhí acu, chun dul óthuaidh
isteach i nGalaad. Chuadar thar Iórdan soir ar dtúis
agus chuadar siubhal trí lá tríd an ngainmheach.
Ansan thánadar ar threabhchas daoine ar a dtugtí
Nabutéigh. Do ghlac na daoine sin iad go muinn-
teartha agus thugadar gach aon tuairisg dóibh ar a
raibh ag na págánaigh 'á dhéanamh ar na Iúdaígh sa
cheantair sin mórthímpal. Dubhradar go raibh na
Iúdaígh dúnta isteach in sna catharachaibh móra, i
mBarasa, agus i mBosor, agus i n-Alima, agus


L. 742


i gCasphor, agus i Maget, agus i gCarmaim agus
gur chatharacha móra láidire iad san go léir. D'inn-
seadar go raibh na Iúdaígh dúnta isteach in sna
catharachaibh sin agus i gcatharachaibh eile Ghalaad
agus go raibh socair ag na págánaigh ar a neart slógh
do thabhairt leó amáireach a bhí chughainn agus na cathar-
acha do thógaint agus na Iúdaígh go léir do chur chun
báis aon lá amháin.



Nuair a fuair Iúdás an t-eólus san go léir ní
raibh sé abhfad ag socarú a aigne ar cad ba cheart
dó a dhéanamh. D'iompuigh sé neart a shlógh láithreach
ar chathair Bhosor, cathair a bhí lasmuich sa ghainmheach.
Do thóg sé an chathair sin agus chuir sé a raibh de
phágánaigh innti chun báis agus do loisg sé an chathair
'n-a luaithrigh. Bhí dún ana dhaingean tamal ó'n
gcathair sin, Dún Datemain, agus sa dún san iseadh
bhí an chuid ba mhó de sna Iúdaígh dúnta isteach agus
iad ar a gcosaint féin. Do ghluais Iúdás agus a
shluagh sa n-oidhche fé dhéin an dúna san. Do tháinig
sé i radharc an dúna ar eirighe lae. Chonaic sé mór
shluagh tímpal ar an ndún agus dréimirí acu agus
iad ar a ndítheal a d'iarraidh an dúna do thógaint.
Bhí na Iúdaígh istigh sa dún ag casadh le h-iad féin
a chosaint ar an sluagh a bhí amuich. Bhí an mhuinntir
istigh ag liúirigh go h-árd ag cur misnigh ar a chéile
chun na cosanta, agus an mhuinntir amuich ag liúirigh
go h-árd ag gríosadh a chéile chun an dúna do
thógaint agus na Iúdaígh do mharbhú. An Timóteus úd
isé a bhí 'na cheann ar an sluagh amuich. Níor bh'fhada
a bhí an liúireach ar siubhal nuair a tháinig Iúdás agus
a shluagh ar an dtaobh thiar de'n mhuinntir amuich agus
gur thosnuigh sé ar iad do léasadh agus do leagadh.
Bhí trí buidheana déanta ag Iúdás d'á shluagh i dtreó
go raibh sluagh Thimóteuis aige 'á bhualadh ó thrí taoibh.
Do thuig Timóteus láithreach gur bh'é Iúdás a bhí laistiar
de agus tháinig sgannra air féin agus ar a shluagh.


L. 743


Cheapadar teiche, ach níor bh'fhuiriste dhóibh teiche
nuair a bhí sluagh Iúdáis ag teacht ortha ó sna trí
taoibh. Do marbhuigheadh suas le h-ocht míle fear
díobh, oiread agus a bhí i sluagh Iúdáis ar fad! An
méid nár marbhuigheadh díobh do theicheadar, go silte
sgaipithe, ins gach aon treó baill. Ba bheag ná gur
baineadh a meabhair díobh nuair a thuigeadar gur bh'é
Iúdás a bhí laistiar díobh 'ghá marbhú, agus níor fhan
leus meabhrach i n-aon chor acu nuair a fuaradar
sluagh Iúdáis ag cur ortha ó sna trí taoibh. Sin mar
a saoradh na Iúdaígh a bhí i ndún Datemain ó sna
págánaigh mhalluighthe a bhí ceapaithe ar iad go léir
do chur chun báis, agus do thuigeadar nách i n-aistear
a chuireadar a dteachtaireacht ag triall ar Iúdás
Macabéus.



CCCXIV.



CAINNT GAN CHIALL.



Nuair a thóg Iúdás Macabéus an daingean ar a
dtugtí dún Datemain agus d'fhuasgail sé na Iúdaígh
a bhí cruinnighthe istigh ann, 'ghá gcosaint féin ar na
págánaigh, d'iompuigh sé ar na catharachaibh eile a bhí
i dtír Ghalaad agus do thóg sé iad go léir agus
d'fhuasgail sé na Iúdaígh a bhí istigh ionta 'ghá
gcosaint féin ar an gcuma gcéadna. An fhaid a bhí
Iúdás ag déanamh na h-oibre sin bhí obair eile ag
Timóteus 'á dhéanamh. Nuair a theich sé féin agus a
shluagh ó dhún Datemain do leog sé do sna catharach-
aibh eile i nGalaad iad féin do chosaint ar Iúdás
Macabéus agus chrom sé féin agus an méid d'á
shluagh a chuaidh gan marbhú ó láimh Iúdáis, chromadar
ar iad féin d'ullmhú i gcóir lae eile, chun iad féin
do thriail i láthair catha 'n-a choinnibh.


L. 744


Nuair a bhí Casbon, agus Maget, agus Bosor,
agus an chuid eile de chatharachaibh láidre daingeana
Ghalaad, tógtha loisgithe ag Iúdás Macabéus, agus
éirleach déanta aige ar na págánaigh, an t-éirleach
díreach a cheapadar-san a dhéanamh ar na Iúdaígh,
tháinig teachtairí chuige 'ghá innsint dó go raibh mór
shluagh ana mhór bailighthe ag Timóteus i n-áit ar a
dtugtí Raphon, agus go raibh longphort glacaithe aige
féin agus agá shluagh ar an dtaobh eile d'abhainn a
bhí ag gabháil tríd an áit. Chuir Iúdás fir uaidh ag
feuchaint an longphuirt. Thánadar thar n-ais agus
dubhradar leis, “Táid na geinte go léir atá i n-ár
dtímpal bailighthe chuige aige, tá sluagh uathbhásach
aige. I dteannta a bhfuil aige as na tíorthaibh mór-
thímpal táid na h-Arabaigh go léir tabhartha leis aige
ar tuarastal, agus tá sé féin agus a mhór shluagh
ullamh ar chath a thabhairt dúinn.” Thug Iúdás aghaidh
ortha láithreach. Nuair a chonaic Timóteus ag teacht
é dubhairt sé focal le taoiseachaibh a shlógh féinig.
“Tá sé ag teacht chughainn,” ar seisean, “ach innsim-
se an méid seo dhaoibh-se. Má stadan sé agus long-
phort a ghabháil ar a thaobh féin de'n abhainn raighmíd-
ne anonn chuige agus buadhfimíd air, ach má thagan
sé chughainn thar abhainn gan aon ríghneas a dhéanamh
buadhfidh sé orainn. Ní bheidh aon bhreith againn ar
sheasamh 'n-a choinnibh.”



Déarfadh duine nár mhaith an chiall do Thimóteus
an chainnt sin do rádh an uair sin. B'fhéidir gur mheas
sé ná tiocfadh Iúdás agus a shluagh thar abhainn gan
rainnt ríghnis a dhéanamh, dá mba ná beadh aon chúis
eile acu leis an ríghneas go ndéanfidís é chun leogaint
do sna fearaibh tuirse na siubhlóide a bhí déanta
acu do chur díobh, agus ansan go bhféadfadh Timó-
teus a leogaint air gur b'amhlaidh a bhí sórd feasa
aige ar cad a dhéanfidís, agus go gcuirfadh san
misneach ar a shluagh féinig chun an chatha. B'fhéidir


L. 745


gur b'amhlaidh ná raibh a shluagh féinig ullamh, gléasta,
córuighthe i gceart aige i gcóir an chatha, agus gur
mheas sé go gcuirfadh an focal úd imníomh ortha chun
an chóruighthe do dhéanamh go mear. Ní deir an Bíobla
Naomhtha aon fhocal i dtaobh cad é an chúis a bhí aige
leis an gcainnt do rádh, agus chómh fada agus is
féidir liom a dhéanamh amach ní deir lucht tuaras-
gabhála aon fhocal mar gheall air. Ach pé'r domhan é
dubhairt sé an chainnt agus do dhíol sé as. Níor dhein
Iúdás stad ná staonadh nuair a tháinig sé féin agus
a shluagh go bruach na h-abhan ach preabadh anonn thar
abhainn láithreach agus an namhaid do bhualadh. Do
buaileadh an namhaid le níosa mhó fuinnimh 'ná mar
a bhí coinne acu leis. Bhí an chainnt úd adubhairt
Timóteus 'n-a n-aigne. Níor sheasuighdar an fód
abhfad. Bhí an fogha a tugadh fútha chómh h-oban san
agus chómh dian san agus chómh sanntach san gur
chaitheadar uatha na h-airm a bhí acu agus gur
theicheadar le n-a n-anam chun teampuil a bhí i ngar
dóibh, i gcathair ar a dtugtí Carnaim. Do thóg
Iúdás an chathair phágánach san agus do loisg sé í
féin agus an teampul agus dhein sé éirleach uathbhá-
sach ar shluagh Thimóteuis.



Tríd an obair sin go léir bhí Antiochus ag cabhrú
ar a dhítheal le Timóteus.



CCCXV.



DO BRISEADH BEÁRNA ISTEACH.



Ansan do bhailigh Iúdás Macabéus chuige a raibh
de Iúdaígh ar fad i dtír Ghalaad, idir fhearaibh agus
mná agus clann, chun iad go léir do thabhairt leis
abhaile go tír Iúda. Nuair a bhíodar go léir bailighthe
i dteannta chéile aige bhí ana chruinniú daoine aige.


L. 746


Thánadar chómh fada le cathair ar a dtugtí Ephron.
Cathair ana mhór, ana láidir, ana dhaingean ab eadh
an chathair sin, agus bhí sí rómpa i lár na slighe, agus
níor bh'fhéidir dóibh gabháil tháirse ar aon taobh. Tré
n-a lár iseadh bhí an bóthar agus ní raibh aon bhóthar ar
aon taobh di. Nuair a chonaic muinntir na catharach
an suathantas daoine ag déanamh ortha do dhúnadar
an chathair agus dhainginighdar na geataí le clochaibh
móra troma. Chuir Iúdás Macabéus teachtaireacht
chneasta shíothchánta chucha. “Leogaidh dúinn gabháil
tré nbhúr gcathair,” ar seisean, “agus tré nbhúr
dtír, chun dul isteach i n-ár dtír féinig. Ní dhéan-
fimíd dochar ná díobháil daoibh féin ná d'aon nídh
is libh: ní dhéanfidh aon fhear againn aon dochar
daoibh: is i n-ár gcuis a shiubhlóchaimíd.”



Ní raibh aon mhaith ann. Ní leogfidís dóibh gabháil
tríd an gcathair. Gan amhras is léir go raibh nídh lais-
tiar de'n diúltú san acu i n-a n-aigne. Bhí fhios acu
go dtuillfadh an diúltú buidheachas ó'n rí dhóibh, ó
Antiochus; agus bhí fhios acu go dtabharfadh géille
fearg an rí ortha. Pé'r domhan é do dhiúltuighdar.
Ansan do chuir Iúdás an focal mórthímpal ameasg
na nIúdach, 'ghá rádh leó nár bh'fholáir an chathair do
thógaint. Ná raibh uatha féin ach dul abhaile chun a
dtíre féinig, agus nuair ná h-osgalófí an tslighe
dhóibh ar ais go gcaithfidís féin an tslighe a dh'osgailt
dóibh féin ar éigin. Dubhairt sé leó fogha thabhairt
fé'n gcathair. “Briseadh gach duine beárna isteach
sa chathair ar a aghaidh féin amach,” ar seisean. Do
deineadh beart do réir an fhocail sin. Níor bh'fhéidir
iomláine nirt agus daingineachta a bheith sa chosaint
mórthímpal ar fad. Bhí an suathantas fear lasmuich,
agus d'á bhrígh sin bhí an fogha láidir, fíochmhar, mór-
thímpal ar fad. Do lean an fogha i gcaitheamh an lae
sin agus i gcaitheamh na h-oidhche. Fé dheire do bris-
eadh beárna isteach tríd an áit ba laige de'n chosaint


L. 747


agus do tógadh an chathair, agus do chuireadh a lucht
cosanta chun báis, cáirde Thimóteuis agus Antiochuis.
Do thóg na Iúdaígh an fhoghail agus do raobadar an
chathair agus do sgriosadar í. Níor fhágadar cloch
ar muin cloiche innti. Ansan bhí slighe osgailte acu
chun dul siar abhaile chun a dtíre. Lastoir de'n
Iórdan a bhí an chathair sin Ephron. Nuair a bhí an chathair
sin ar lár acu agus a raibh d'fhearaibh innti marbh
acu, bhí an gnó do rug soir go Galaad iad, bhí sé
déanta acu. Na catharacha go léir a bhí sa tír sin
bhíodar raobtha loisgithe ídighthe acu, agus na Iúdaígh
a bhí istigh ionta, a d'iarraidh iad féin a chosaint ar
na págánachaibh, bhíodar fuasgailte acu, agus bhíodar
cruinnighthe i dteannta chéile acu agus iad 'ghá
mbreith leó abhaile go tír Iúda. Agus ansan, nuair
a bhí Ephron ídighthe acu bhí an bóthar siar abhaile ar
dian leathadh rómpa.



Do ghluaiseadar tríd an áit 'n-a raibh cathair
Ephron, agus chomáineadar leó siar, 'ghá gcimeád
féin i bhfochair a chéile, an láidir ag cabhrú leis an
lag, agus an mear ag cabhrú leis an ríghin, go dtí
go rabhadar i dteannta chéile ar bruach abhan Iórdain.
An fhaid a bhíodar ag teacht go dtí san ó Ephron
bhíodh Iúdás Macabéus féinig ar deire le h-eagla
go mbeadh aon daoine laga ag fanmhaint siar agus
go bhfágfí iad, agus go dtiochfadh an namhaid ortha
agus go marbhóchaidís iad nuair a bheadh an congnamh
cosanta imthighthe uatha ar aghaidh. Do thug sé leis iad
go léir go dtí bruach na h-abhan agus ansan chuaidh
an tsluagh thar abhainn siar, agus do leathadar iad
féin amach ar an machaire breágh leathan atá ar aghaidh
Bheitsain siar. Ansan, tar éis a dtuirse chur díobh
do chomáineadar leó siar ódheas go dtánadar i dtír
Iúda. Ansan do chuadar suas go dtí cnoc Síon agus
iad lán de lúthgháir agus d'áthas agus de shásamh
aigne, agus d'ídhbireadar holocaust, ag breith a


L. 748


mbuidheachais leis an dTighearna, mar nár marbhuigh-
eadh aon duine acu, go dtí go rabhadar tagaithe
abhaile i sláinte agus i síothcháin agus buaidhte acu
ar a namhaid.



CCCXVI.



GORGIAS.



I gcaitheamh na h-aimsire 'n-a raibh Iúdás Maca-
béus i dtír Ghalaad ag troid i n-aghaidh namhad na
nIúdach, agus ag breith bhuadha ins gach cath, ag cur
áthais ar a cháirdibh agus ag cur sgannra ar a namh-
daibh, bhí an dúthaigh ag faire air agus ag déanamh
iongna dhe. Bhí an dúthaigh ag faire ar an gcuma
gcéadna ar a dhritháir Símon a bhí ag ruagadh namhad
ó thaobh taobh de thír Ghaililí go dtí go raibh págánaigh
Ghaililí sguabtha as an dtír aige agus an méid acu
ná raibh marbh aige, iad bailighthe isteach i gcathair
Ptolemais aige. Bhí iongna agus alltacht ar gach
aoinne mar gheall ar na gníomharthaibh a bhí ag an
mbeirt drithár san 'á dhéanamh. Bhí áthas ar na Iúdaígh
go léir, lasmuich d'fhíor bheagán. Is dócha go raibh
áthas ar an mbeagán san leis, ach bhí rud i dteannta
an áthais ortha, bhí éad ortha. Bhí beirt de lucht an
éada agus Ióseph mac Shacariais ab ainm do dhuine
acu agus Asarias ab ainm do-n duine eile. Taoi-
seach airm ab eadh an duine eile sin. Do thaisbeánfadh
san gur fé láimh Iúdáis nú fé láimh Shímoinn ba cheart
dó san agus d'á bhuidhean fear a bheith. Ach do cheap
sé féin agus Ióseph mac Shacariais go rabhadar
féin ábalta ar ghníomh gaisge dhéanamh chómh maith le
Iúdás Macabéus nú le Símon agus nár bh'ealaidhe
dhóibh creideamhaint an chogaidh do leogaint ar fad
leis an mbeirt drithár. Do mhealladar leó pé méid


L. 749


fear a bhí fé n-a lámhaibh acu agus thugadar aghaidh
ar chathair d'ár bh'ainm Iamnia mar a raibh na págán-
aigh ar a gcosaint féin. Dhein Ióseph mac Shacariais
agus an taoiseach Asarias, dheineadar an méid sin
i gcoinnibh chómhairle agus i gcoinnibh órdú Iúdáis.
Agus bhí na fir a chuaidh leó, bhíodar cionntach san
easumhluidheacht chéadna. Bhí taoiseach airm d'ár
bh'ainm Gorgias istigh i gcathair Iamnia an uair sin,
an Gorgias céadna úd n-ar chuir Iúdás Macabéus
an teiche air féin agus ar a chúig mhíle fear agus ar
a mhíle marcach, tar éis an chatha úd i n-aice Emauis,
mar ar tháinig na ceannaidhthe agus an t-airgead acu
chun na nIúdach do cheannach 'n-a ndaoraibh nuair
a bheadh beirtha ag na Suíriánachaibh ortha.



Do thug Ióseph mac Shacariais agus an taoiseach
airm Asarias aghaidh ar chathair Iamnia chun go
dtógfidís an chathair agus go mbeadh sé le rádh acu
go raibh fir i n-éaghmais Iúdáis a bhí ábalta ar bhuadh
do bhreith i gcath i n-aghaidh págánach agus ar chatharach-
aibh namhad do thógaint. Bhí Gorgias istigh sa chathair.
Bhí misneach air agus do leog sé gáire nuair a fuair
sé nár bh'é Iúdás a bhí ag teacht. Do ghleus sé an
méid fear a bhí sa chathair aige. Do thánadar amach
go h-oban. Thugadar fogha fíochmhar fé'n muinntir
amuich. Ní fada sheasaimh an mhuinntir amuich. D'iom-
puighdar agus do theicheadar. Do ghluais Gorgias
agus na págánaigh ar a dtóir agus do leanadar
iad chómh fada le teórainn tíre Iúda. Do marbhuigh-
eadh an lá san tímpal dhá mhíle fear de phobul Israéil.
Rud ba mheasa 'ná san féin, d'á olcas é, do cuireadh
mímhisneach agus lagspiridighe ar chlainn Israéil, agus
do cuireadh a chothrom de thógáilt cinn ar na págána-
chaibh. Ach do tháinig aon mhaith amháin as an dtreas-
gaist sin a baineadh an uair sin a' sluagh Israéil.
Do cuireadh an milleán ar an easumhluidheacht.
Dubhradh, i dtaobh na beirte, agus i dtaobh na bhfear


L. 750


a chuaidh leó, gur le h-uabhar agus le h-eirighe anáir-
de nár dheineadar rud ar Iúdás Macabéus; gur
mheasadar go ndéanfidís féinig gníomhartha calma
chómh maith leis sin. Ach gur cuireadh an teiche go
luath ortha, agus náire ortha, mar nár bh'iad sliocht
ná síolrach na bhfear iad le n-ar ghnáth fuasgailt 'á
dhéanamh i n-Israél.



Tháinig maith eile as. Do móradh thar na beartaibh
fir Iúda i radharc clainne Israéil go léir, agus
amach ameasg na ngeinte, ins gach ball i n-a raibh
trácht ar a n-ainm. Agus do bhailigh na daoine chucha
as gach aon treó baill, i dtreó gur neartuigheadh
armáil Iúdáis go h-ana mhór agus gur méaduigheadh
eagla a namhad roimis.



CCCXVII.



ANTIOCHUS.



Bhí Iúdás Macabéus agus na Iúdaígh a thug sé
leis anoir a tír Ghalaad, bhíodar sa bhaile i dtír Iúda,
agus bhí an bheirt úd an éada, Ióseph Mac Shacariais
agus an captaén Asarias, tar éis breis agus a
ndóithin de'n chogadh dh'fhághail ó Ghorgias ag cathair
Iamnia, agus bhí sé buailte isteach i n-aigne an uile
dhuine go raibh lámh Dé le Iúdás sa chogadh a bhí aige
á dhéanamh i n-aghaidh namhad na nIúdach, agus gur
do Iúdás amháin a thabharfadh Dia an buadh sa chogadh
san. Ansan do thosnuigh na daoine go léir ar theacht
ag triall ar Iúdás agus ar luighe isteach fé 'n-a
láimh. Bhíodar ag teacht ag triall air go dtí go raibh
sluagh ana mhór ana láidir aige.



Ansan do chuir sé a shluagh i dtreó agus thug sé
aghaidh ar chuid de sna tíorthaibh a bhí sa chómharsanacht
agus a bhíodh i gcomhnuidhe ag gabháil le namhaid Iúda.


L. 751


Tíortha págánacha ab eadh cuid de sna tíorthaibh sin,
agus bhí an fuath págánach acu, nídh nar bh'iongna, do
sna Iúdaígh. Do ghluais Iúdás Macabéus agus a
shluagh tríotha. Do thóg sé a gcatharacha. Do leag sé a
n-altóracha, idir altóracha a bhí ag págánaigh agus
altóracha págánacha a bhí curtha suas ag na Iúdaígh
bhréagacha, agus do bhris sé na h-íodail agus dhóigh
sé iad le teine. Do thóg sé an fhoghail ins gach uile
áit agus tháinig sé féin agus a shluagh abhaile go dtí
tír Iúda agus buadh acu, agus an smacht a bhí tuillte
curtha ar a namhaid acu.



Ach i dtaobh an rí Antiochus, is cuimhin conus mar
a h-innseadh go ndeigh sé féin agus an leath de'n
tsluagh a bhí aige soir go dúthaigh na bPersach chun
teacht suas le saidhbhreas óir agus airgid, i dtreó
gur bh'fhearrde a dh'fhéadfadh sé bheith fial le n-a
shaighdiúiríbh. Nuair a bhí sé ag gabháil tré sna dúthaíbh
lastoir d'airigh sé trácht ar chathair Eluimas, cathair
i dtír na bPersach. Do h-innseadh dó ná raibh aon
teóra le n-a raibh de shaidhbhreas óir agus airgid sa
chathair sin; go raibh sa chathair teampul áirithe agus
go raibh órnáidí óir sa teampul san a bhí thar na
beartaibh i luachmhaireacht; go raibh sgiatha óir ann
agus lúireacha óir agus éacht eile d'ollmhaitheas a
dh'fhág Alegsandar Mór, rí Mhacedon ann abhfad
roimis sin. Do thuig Antiochus gur sa n-áit sin, gan
amhras, a gheóbhadh sé an saidhbhreas a theastuigh uaidh.
Thug sé aghaidh ar chathair Eluimas chun í thógaint. Do
h-innseadh do mhuinntir na catharach go raibh sé chucha,
agus cad a bhí uaidh. D'eirighdar 'n-a choinnibh agus
do throideadar go fíochmhar agus go cródha 'n-a
choinnibh agus chuireadar an ruag air féin agus ar
a shluagh. Tháinig sé thar n-ais go dtí cathair Bhaibilóin
ansan agus bhí ana ghruaim air. Ní raibh aon taithighe
aige ar theiche ó namhaid.



I lár an channcair a bhí air mar gheall ar an dteiche,


L. 752


agus mar gheall air gur theip air a lámh do chur ar na
sgiathaibh óir úd, agus ar na lúireachaibh óir, agus ar
an ollmhaitheas go léir a bhí ansúd 'n-a dteannta,
tháinig sgéala chuige nár chuir aon luigheadú ar a
ghruaim. Tháinig sgéala chuige i dtaobh na ngníomh-
artha a bhí déanta ag Iúdás Macabéus in sna duthaíbh
laistiar; conus mar a bhí buaidhte aige, i ndiaidh
chéile, ar na slóightibh móra agus ar na taoiseachaibh
uaisle, oilte ar chogadh, a bhí curtha ódheas 'n-a choinnibh
ag Luísias. Nuair airigh sé na sgéalta san tháinig
árd fhearg air. Do dhearbhuigh sé go raghadh sé féin
siar agus ná fágfadh sé fear bean ná leanbh de
chlainn Israéil beó. Díreach nuair a bhí an dearbhú
san déanta aige tháinig teinneas 'n-a bholg. Bhí an
droch aigne i gcoinnibh na nIúdach ag neartú i n'aigne,
agus fé mar a neartuigh an droch aigne 'n-a chroidhe
bhí an teinneas ag neartú. Bhí sé féin agus a shluagh
ag dul siar, agus b'é ba ríghin leis a bhíodar ag
gluaiseacht, bhí a leithéid sin d'airc air chun a dhroch
aigne d'imirt ar na Iúdaígh. D'órduigh sé na capail
a chomáint níba ghéire. Do comáineadh iad. Le déine
an bhrostuighthe do leagadh an carbad i n-a raibh sé
'n-a shuidhe agus do caitheadh amach é agus do gortuigh-
eadh go h-olc é. Ansan bhí teinneas istigh ann agus
teinneas lasmuich air. Bhí sé chómh h-olc ansan nár
fhéad sé dul i n-aon charbad a thuille. B'éigean é
chur ar leabaidh iompair agus é bhreith ar ghuailnibh
fear. Bhí san ríghin, agus bhí tír Iúda abhfad siar,
agus ní raibh puinn slighe curtha dhe aige ó fhág sé
cathair Bhaibilóin, agus bhí na teachtairí ag teacht ar
shálaibh a chéile agus sgéal do b'uathbhásaighe 'ná a
chéile ag gach teachtaire d'á innsint ar an éirleach a
bhí ag Iúdás Macabéus 'á dhéanamh ar na slóightibh a
bhí thiar.


L. 753


CCCXVIII.



BÁS DÉISTINEACH.



Bhí an rí ar an leabaidh iompair agus dhá shámhthach
fé'n leabaidh, agus seisear, nú b'fhéidir ochtar fear
fé gach sámhthach, triúr nú ceathrar lasmuich agus triúr
nú ceathrar laistiar agus na sámhthacha ar a nguailnibh
acu, agus iad ag siubhal go réidh an bóthar siar, agus
an tsluagh 'n-a dtímpal, mar a bheadh sochraid. Bhí
an rí sínte ar an leabaidh agus gach aon sgread
aige i n-aghaidh gach ciscéim d'á siubhluigheadh na fir,
mar ní raibh aon chor a chuiridís díobh ná baineadh
gearradh teinnis as. Idir gach aon dá sgread d'á
gcuireadh sé as le géire an teinnis bhíodh sé ag eas-
gainí agus ag mallachtaí ar Iúdás Macabéus agus
ar a raibh de Iúdachaibh i dtír Iúda, agus ag maoidh-
eamh go fíochmhar as an íde dhéanfadh sé ar Macabéus
agus ar an gcuid eile de sna Iúdaígh, chómh luath agus
do shroisfadh sé an áit thiar. Níor thuig na fir a bhí
'ghá iompar go raibh baoghal ró mhór ortha thiar bhí an
ghluaiseacht chómh ríghin sin.



Tar éis rainnt aimsire d'airighdar rud éigin eile
ag teacht chucha as an leabaidh i n-éaghmais na n-eas-
gainí. Do mhothuighdar baluith grána ag teacht
chucha as an leabaidh, an saghas baluithe do thiocfadh
a' feóil lobhtha. Bhí an fheóil ag lobhadh d'á chnámhaibh
agus ag tuitim anuas díobh istigh sa leabaidh agus
bhí an fheóil lán de phiastaíbh. Do mhothuigh sé féin an
baluith agus chuir an baluith sin árd déistin air.
Chonaic sé an fheóil ag tuitim anuas d'á ghéagaibh agus
na piastaí sa bhfeóil. Fé dheire do bhris an t-uabhar
a bhí istigh 'n-a chroidhe agus deir an Bíobla go
ndubhairt sé mar seo: “Is ceart bheith umhal do
Dhia. Ní ceart do'n duine bheith 'ghá chur féin ar aon


L. 754


dul le Dia, óir tá an bás i ndán do'n duine.” An-
san do chrom sé ar bheith ag guidhe chun Dé agus 'ghá
gheallamhaint, i n-inead catharach Ierúsalem d'ídiú
go ndéanfadh sé í chur suas airís agus saoirse
thabhairt di féin agus do sna Iúdaígh go léir; go
gcuirfadh sé na Iúdaígh ar aon dul leis na
h-Aténeachaibh; go ndéanfadh sé suas airís an team-
pul naomhtha úd do raobh sé féin, agus go mbronn-
fadh sé gréithre móra air; go dtabharfadh sé tuille
árthaí beannuighthe do'n teampul san; agus go
ndéanfadh sé an obair sin go léir ar a chostas
féinig. Ach i n-aindeóin na ngeallamhna fóghanta
go léir, bhí ag neartú ar an dteinneas agus ar
an mbréantas, agus ar thuitim na feóla dhe, agus
ar ghráinneamhlacht na bpiastaí innti. Do thuig sé
i n-aigne fé dheire gur bh'é an bás a bhí aige agus
ná raibh aon dul uaidh aige. Ansan do sgríbh sé
leitir le cur ag triall ar na Iúdaígh agus seo mar
adubhairt sé sa leitir sin:—



“Antiochus an rí chun a dhaoine agus a cháirde
fóghanta, na Iúdaígh, ag guidhe sláinte agus séin
agus áthais dóibh. Má táthaoi-se agus bhúr gclann
go maith, agus má tá gach nídh ag dul chun cinn go
maith agaibh chun bhúr dtoile táim-se buidheach. Am'
thaobh féin de ní'lim ar fóghnamh. Táim ag teacht thar
n-ais ó dhúthaíbh na bPersach agus tá taom ana chruaidh
tagaithe orm agus measaim gur ceart dom cuimhneamh
ar thairbhthe na ndaoine. Ní 'ghá rádh é go bhfuil aon
droch iontaoibh agam asam féin, óir tá súil agam
go gcuirfad an taom so dhíom. Ach is cuimhin liom,
nuair a bhí sluagh ag m'athair 'á bhreith leis isteach in
sna dúthaíbh árda, gur shocaruigh sé ar an té bheadh
i réim 'n-a dhiaidh, i dtreó dá n-imthigheadh aon nídh
air go mbeadh 'fhios ag na daoine cé'r bh'é an rí agus
ná beadh aon bhuaireamh ortha. Athcim-se oraibh-se,
d'á bhrígh sin, agus iarraim oraibh go gcuimhneóchaidh


L. 755


sibh ar na maitheasaíbh a dheineas-sa dhaoibh agus go
mbeidh sibh dílis domh-sa agus dom' mhac, óir tá súil
agam go mbeidh sé 'n-a rí réidh stuama, mar is maith
liom-sa é bheith, agus go mbeidh sé go maith agus go
ceannsa dhaoibh.”



Nuair a bhí an leitir sin críochnuighthe aige tháinig
an bás air. Chuir sé a lán daoine chun báis go
h-eugcórtha an fhaid a bhí sé 'n-a rí. B'é a bhéas bheith
ag oibiriú a inntileachta feuchaint conus ba ghéire
agus ba ghráinneamhla thiocfadh leis pianta do chur
ortha agus tarcuisne thabhairt dóibh. Do thug Dia
pianta géara agus bás déistineach dó féin sa deire.



CCCXIX.



SELEÚCAS.



Sa chúinne thoir thuaidh de'n cheann thoir de'n mhuir
Torríann tá an abha ar a dtugtar Orontes ag teacht
isteach sa bhfaraige. Rithean an abha san tré ghleann
áluinn idir shléibhtibh árda. Libanus a tugtar ar na
sléibhtibh ar dheis na h-abhan, agus tugtar, nú do
tugtí uair éigin, Antilibanus ar na sléibhtibh ar an
dtaobh eile de'n abhainn. Tá an abha leathan a dóithin
agus doimhinn a dóithin do loingeas a bheadh cuibhsach
mór chun dul chómh fada le fiche míle isteach ó'n
bhfaraige tríd an ngleann. Tá talamh an ghleanna,
ar dhá thaobh na h-abhan, ana shaidhbhir, an uile shaghas
arbhair d'á shaothrú air agus toradh mór d'á fhághail
as an saothrú; an uile shaghas adhmaid ag fás ag
bunaibh na gcnoc, agus suas ar chliathánaibh na
gcnoc; crainn mhóra giúise agus cédair, agus
gach adhmad is maith chun foirgnimh; agus ansan, ar
úrlár an ghleanna, crainn thorthamhla, crainn fíge,
agus crainn abhall, agus crainn ghránabhall, agus


L. 756


an chuid eile acu, agus a dtorthaí go trom agus go
maith chun bídh ortha go léir.



Nuair a fuair Alegsandar Mór bás tar éis na
dtíortha go léir do thabhairt fé n-a smacht, ó abhainn
na h-Éigipte soir ar fad go dtí an abha ar a dtugtí
Indus, do rainneadh na dúthaí sin ar thaoiseachaibh
slógh Alegsandair. Bhí aon taoiseach amháin ortha
san agus Seleúcas ab ainm dó. Bhí tréith áirithe
i n-Alegsandar, i dteannta na dtréithe móra eile
a bhí ann, agus bhí an tréith chéadna i mBónapart. Bhí
éirim aigne fé leith ann a thug dó bheith ábalta ar na
fearaibh ab fhearr agus do b'oireamhnaighe do thoghadh
agus do chur mar thaoiseacha os cionn a shlógh. Ar
an gcuid ab fhearr díobh san féin iseadh do rainneadh
a shealbhasaí fada leathana nuair a bhí sé tar éis bháis.
Duine acu ab eadh Seleúcas agus i lár a choda san
de'n rainnt iseadh bhí an gleann áluinn saidhbhir sin go
raibh an t-Orontes ag gabháil tríd. Tháinig Seleúcas
ag feuchaint an ghleanna. Do thaithn an gleann leis.
Chonaic sé an saidhbhreas a bhí ann. Fé mar a chonaic
Alegsandar an éirim aigne agus an chiall agus an
tuisgint a bhí i Seleúcas do conaic an chiall agus
an tuisgint sin a bhí i Seleúcas an tairbhthe a bhí sa
ghleann, ní h-amháin mar gheall ar a shaidhbhreas féinig,
ach go mór mór mar gheall ar an gcuma 'n-a raibh an
gleann agus an abha, agus béal na h-abhan ag an
bhfaraige, suidhte, mar a déarfí, go socair sámh, idir
dhá dhomhan, domhan na h-Eúróipe laistiar agus
domhan na h-Asia lastoir. Chonaic sé go raibh béal
na h-abhan san mar a bheadh geata ar osgailt idir
an dá dhomhan san, agus go bhféadfí gnóthaí ceannaidh-
eachta do chur ar siubhal, tríd an ngeata san, idir
an dá dhomhan san.



Do shiubhluigh sé an gleann síos agus suas agus
do shocaruigh sé ar áit áirithe a bhí tímpal cheithre mhíle
dhéag suas ó bhéal na h-abhan agus cheap sé i n-aigne


L. 757


go gcuirfadh sé suas cathair ar an áit sin. Déarfadh
duine gur mór an iongna nách ag béal na h-abhan
a shocaruigh sé ar an gcathair do chur suas. Is
ró dheacair, ámhthach, breitheamhantas do leagadh anois
ar cad ba cheart a dhéanamh ansúd an uair sin.
An fear a chonaic an úsáid a bhí le déanamh de'n
chathair is dócha gur thuig sé cár cheart an chathair do
chur suas.



Bhí adhmad a dhóithin aige chun na h-oibre, ag fás
go breágh ar dhá thaobh an ghleanna. Bhí clocha a dhóithin
aige, leis. Bhí i n-áiteanaibh, ar gach taobh de'n
abhainn, faillte árda a bhí suas le céad slat ar
aoirde agus an chloch go maith ionta chun foirgnimh
agus go saoráideach le soláthar. Do chuir sé
suas an chathair. Antiochus ab ainm d'á athair. Bhí
árd uraim aige d'á athair agus thug sé cathair
Antiochuis mar ainm ar an gcathair. Tá an chathair
sa n-áit fós agus Antioch an ainm atá uirthi. Ní
ró fhada a bhí sí curtha suas nuair a thosnuigh
neithe ar theacht chun cinn fé mar a mheas Seleúcas
a thiocfidís. Do thosnuigh ceannaidhthe ó sna tíorthaibh
lastoir ar theacht go h-Antioch ag tabhairt torthaí
na dtíortha lastoir leó, agus do thosnuigh muinn-
tir na n-oileán nGréagach laistiar ar dhul soir
ar a loingeas go béal abhan Orontes agus suas
go dtí cathair Antioch ag díol torthaí na dtíortha
thiar agus ag ceannach torthaí na dtíortha lastoir.
Agus bhí na daoine thoir agus na daoine thiar ag cur
aithne ar a chéile ar an gcuma san, agus bhí an chathair
ag fás go dtí go raibh dhá chéad agus caogad de
mhíltibh daoine (250,000) 'n-a gcómhnuidhe sa chathair.


L. 758


CCCXX.



ANTIOCHUS.



Bhí fairsinge mhór sa rígheacht a bhí ag Seleúcas.
Bhí Suíria go léir aige soir ar fad agus ódheas. Bhí
an Asia bheag aige, óthuaidh go bruach na Faraige
Duibhe, agus fan bhruach na faraige sin siar agus
fan bhruach na Mara Torríann ar an dtaobh theas,
agus siar go dtí an caol ar a dtugtar an Bosphosus
agus an Dardaneils. Agus laistiar de'n chaol san
féin bhí forlámhas aige ar an nGréig go léir agus
ar Mhacedon, mar a raibh Pilib, athair Alegsandair,
'n-a rí. Agus ódheas ó Antioch bhí forlámhas aige ar
thír Phalestín agus ar chathair Ierúsalem.



Bhí mac ag Seleúcas agus thug sé Antiochus mar
ainm air. Bhí sé sin 'n-a rí i ndiaidh a athar. Bhí
mac aige sin agus thug sé Antiochus mar ainm air.
Mar sin dóibh go dtí go raibh trí dhuine dhéag acu
tar éis teacht i ndiaidh chéile 'n-a righthibh ar chathair
Antioch agus ar an rígheacht a bhí ag gabháil leis an
gcathair sin. Trí chéad blian soim theacht an tSlán-
uightheóra iseadh thosnuigh Seleúcas ar an gcathair do
chur suas. Trí fichid blian agus a cúig (65) roim
theacht an tSlánuightheóra iseadh bhí an trímhadh
déag Antiochus 'n-a rí ar an gcathair agus ar an
rígheacht. An uair sin iseadh tháinig cómhacht na
Rómha agus do thug Pompéius an chathair agus an
rígheacht fé smacht ímpireachta na Rómhánach.



Isé an ceathramhadh Antiochus a bhí i réim i n-Antioch
nuair eirigh an Iúdach, Matatias úd, i gcoinnibh na
págánachta. I gcathair Antioch iseadh dh'fhág Antiochus
a ceathair leath a shlógh nuair a chuaidh sé féin agus an
leath eile soir go tír na bPersach ag braith ar theacht
suas le saidhbhreas daoine eile. I gcathair Antioch


L. 759


iseadh bhí Luísias 'n-a chómhnuidhe, ag tabhairt aire do
ghnóthaíbh na rígheachta agus ag cur na slógh úd le n-a
chéile agus 'ghá gcomáint ódheas go Ierúsalem chun
íde dhéanamh ar chathair Ierúsalem agus ar Iúdás
Macabéus agus ar na Iúdaígh go léir. Agus ó'n
gcathair sin Antioch iseadh bhíodh na teachtairí ag dul
soir i dtreó catharach Bhaibilóin i gcoinnibh an rí 'ghá
innsint dó cad é an t-éirleach a bhí ag Iúdás Maca-
béus 'á dhéanamh ar mhór shlóightibh an rí i ndiaidh chéile
fé mar a curtí chuige ódheas iad.



Bhí mac ag Antiochus a ceathair agus Antiochus
ab ainm dó, leis. Nuair a bhí an rí ag dul soir d'fhág
sé Antiochus óg, a mhac, i n-Antioch fé chúram Luísiais,
mar bhí sé ana óg. Tháinig an tuairisg go h-Antioch
go raibh an rí tar éis bháis thoir theas ar bhóthar
Bhaibilóin. Chómh luath agus d'airigh Luísias an méid
sin do chruinnigh sé uaisle na catharach agus do
glacadh Antiochus óg 'n-a rí agus thug Luísias
Antiochus Eúpator mar ainm air.



Ach díreach sar a bhfuair Antiochus Epiphanes an
bás grána úd a tháinig air do glaoidh sé chuige duin'-
uasal d'á theaghlach gur bh'ainm dó Pilib agus thug
sé dhó an choróinn, agus a róba agus an fáinne a bhí
ar a mhéir aige, agus dhein sé a fhear inid féin de,
agus: “Imthigh,” ar seisean, “ag triall ar mo mhac,
Antiochus óg, agus dein é thabhairt suas agus d'ullmhú
chun na rígheachta.”



Nuair a bhí an rí marbh bhí an choróinn, agus an
fáinne, agus an róba ag Pilib. D'airigh sé go raibh
Luísias, cheana féin, tar éis Antiochuis óig do chur
i seilbh na rígheachta. Tháinig eagla air go ndéarfí
gur le feall a thóg sé úghdarás fir inid air féin agus
go mb'fhéidir nách faid a chuirfadh san ar a shaoghal.
I n-inead dul siar óthuaidh go h-Antioch isé rud a
dhein sé 'ná an corpán do thógaint leis, i dteannta
na coróinneach agus i dteannta an fháinne agus an


L. 760


róba, agus imtheacht ódheas ar fad sa n-Éigipt ag
triall ar Ptolemé Philometor.



Nuair a bhí Pilib imthighthe sa n-Éigipt do chuir
Antiochus óg, Antiochus Eúpator, Luísias os cionn
gnóthaí na rígheachta, agus os cionn slóighte agus
armála Phenicia agus Shuíria. Bhí an Luísias san,
mar is eól, 'n-a namhaid ag Iúdás agus ag na Iúdaígh;
agus bhí a lán eile namhad 'n-a dtímpal an uair sin
ag Iúdás agus ag na Iúdaígh, agus beidh rud éigin
le rádh 'n-a dtaobh 'n-a dhiaidh so.



CCCXXI.



EDOM.



Tá laisteas de thír Iúda agus de'n Fharaige Mharbh
dúthaigh gharbh ar a dtugtí Edom. Cialluighean an
focal Edom ruadh. Isé cúis gur tugadh an ainm sin
ar an ndúthaigh sin 'ná so. Do ghaibh duine de bheirt
mhac Isaaic forlámhas ar an áit. Esau ab ainm do'n
mhac san agus fear mór láidir clúmhach ruadh ab eadh
é. Ní h-í gruaig a chinn amháin a bhí ruadh. Bhí fionna
ruadh ar a chroicean go léir. Mar gheall air sin iseadh
b'éigean d'á mháthair, do Rebecca, croicean na mionán
do chur ar dhá láimh agus ar mhuineál Iácoib i dtreó
go gcreidfadh an t-athair, Isaac, é nuair adéarfadh
sé gur bh'é an sínsear é. Do chaill Esau an bheannacht
agus ansan do ghaibh sé forlámhas ar an dtír gharbh
ansúd laisteas agus d'fhan sé ann, agus d'fhan a
shliocht ann. Do tugadh an fear ruadh, .i. Edom, ar
Esau, agus do tugadh,'n-a dhiaidh san, sliocht an fhir
ruaidh, .i. Edomítigh, ar shliocht Esau, agus do tugadh


L. 761


Edom, nú Iduméa, mar ainm ar an ndúthaigh. Seir
ab ainm do'n dúthaigh roimis sin.



Bhí miosgais idir an mbeirt drithár nuair a chaill
Esau an bheannacht. Do lean an mhiosgais idir an
dá shliocht. Nuair a bhí sliocht Israéil ag teacht as
an Éigipt chun dul isteach sa tír a bhí geallta dhóibh
d'fhéadfidís cómhngar breágh dhéanamh óthuaidh tré
dhúthaigh Edoim. D'iarradar ar shliocht an fhir ruaidh
leogaint dóibh an cómhngar a ghabháil. Ní leogfadh.
Do throidfidís agus gheóbhaidís an cómhngar gan
bhuidheachas, ach ní leogfadh Dia dhóibh troid, toisg an
gaol a bheith ann. B'éigean dóibh tímpal mór do
ghabháil, soir ódheas, agus soir, agus óthuaidh, go dtí
gur fhéadadar teacht isteacht sa talamh geallta
treasna an Iórdain, ag an gceann thuaidh de'n Fhar-
aige Mharbh.



Nuair a bhí Iúdás Macabéus agus a dhritháracha ag
troid i n-aghaidh na bpágánach agus i n-aghaidh slógh
Antiochuis Epiphanes bhí muinntir Edoim ag déanamh
an uile shaghas toirmisg dóibh. Bhí rainnt caisleán
acu agus iad ana dhaingean ana láidir, agus bhídís
ag rith amach as na caisleánaibh sin nuair a chídís an
chaoi agus ag marbhú na nIúdach a bhí i bpáirt le
Iúdás, agus ag tabhairt dín do sna droch Iúdaígh a
bhíodh ag teiche ó Iúdás, agus ag tabhairt dín do sna
págánachaibh; óir, bíodh gur ó Ábraham a shíolradar,
págánaigh ab eadh iad féin ó thosach geall leis.



Nuair a bhí Antiochus Epiphanes tar éis bháis agus
Antiochus Eúpator 'n-a rí agus Luísias os cionn
na rígheachta agus os cionn na h-armála, do thosnuigh
Luísias ar bheith ag cabhrú le muinntir Edoim. Do
neartuigh an cabhrú san muinntir Edoim go mór.
Do neartuigheadh na caisleáin agus do méaduigheadh
na gairisiúin, agus do méaduigheadh na slóighte las-
muich de sna caisleánaibh, agus ba léir, ó'n neartú
agus ó'n bhfuadar, dá sgaoiltí leó nár bh'fhada go


L. 762


mbeidís ag cur isteach, 'n-a míltibh slógh, ar thír Iúda.
Bhí Gorgias 'n-a cheann uraid os cionn na gcaisleán
go léir, agus bhí Luísias thuaidh i n-Antioch agus é
ag cabhrú le Gorgias agus ag teannadh leis, agus
ag cur misnigh ar na págánachaibh go léir mórthímpal;
agus éad agus fíoch agus fearg an domhain ortha go
léir nuair a chonacadar an teampul mór curtha suas
airís, agus é órnáidthe coisrigthe, agus na h-ídhbirtí
beannuighthe d'á ndéanamh chun Dé airís ann. Do
thuig Iúdás agus na Iúdaígh dhílse nár bh'fholáir na
caisleáin sin do bhrise. Do ghlaodar ar an dTighearna,
mar ba ghnáth le Iúdás a dhéanamh i gcómhnuidhe nuair
a bhíodh sé chun aghaidh a thabhairt ar namhaid. Nuair
a bhí an guidhe agus an aithrighe déanta do chuir Iúdás
a neart le chéile agus thug sé aghaidh ódheas ar na
caisleánaibh agus ar na slóightibh págánach a bhí las-
muich dhíobh ag cabhrú leó, agus ag déanamh fogha ar
cháirdibh Iúdáis ar fuaid na dútha. Do thug Iúdás
fogha ná raibh coinne leis fé'n namhaid. Do mhairbh
sé iad ins gach ball i n-a rabhadar mórthímpal ar na
caisleánaibh. Ansan thug sé aghaidh ar na caisleánaibh
agus thóg sé a lán acu. Sa méid a marbhuigheadh las-
muich de sna caisleánaibh agus sa méid a marbhuigh-
eadh istigh ionta nuair a tógadh iad, do fuaradar
gur marbhuigheadh fiche míle fear acu ar fad. Ach bhí
cuid de sna caisleánaibh a bhí ana dhaingean agus
nár bh'fhéidir iad do thógaint ach le h-imdhruidim.
Níor bh'uiriste iad do thógaint ar an gcuma san féin,
mar bhí flúirse lóin istigh acu. D'fhág Iúdás cuid d'á
shluagh ag imdhruidim na gcaisleán san agus thug sé
féin, agus an chuid eile d'á shluagh aghaidh ar ghnóthaíbh
ná fuiliceóchadh ríghneas.


L. 763


CCCXXII.



GATHANA AGUS SPÓLAÍ DEARGA.



D'fhág Iúdás Símon agus Ióseph agus Sachéus ag
imdhruidim na gcaisleán a bhí ró láidir, agus d'fhág
sé acu oiread fear agus a bhí riachtanach chun na
h-oibre dhéanamh, agus d'imthigh sé féin agus an chuid
eile de'n tsluagh ag déanamh na h-oibre úd ná fuil-
iceóchadh ríghneas. Bhí an t-imdhruidim ar siubhal go
dian. Bhí cuid de'n mhuinntir a bhí istigh, agus ba ró
mhaith leó, nídh nár bh'iongna, go leogfí amach iad.
Tharraigeadar breab do chuid de'n mhuinntir a bhí
amuich. Bhíodar ag méadú na breibe go dtí gur
tharraigeadar seacht ndeich de mhíltibh drachma. Do
glacadh an bhreab agus do sgaoileadh amach an mhuinn-
tir a dhíol an t-airgead. Do bhuaidh an tsainnt. Do
sgaoileadh amach namhaid mhiosgaiseacha go raibh mórán
díobhála déanta acu agus do dhéanfadh comhthrom
na breibe seacht n-uaire d'á thuille díobhala chómh
luath agus bheadh cead a gcos acu. Fuar Símon amach
an nídh a bhí déanta. D'innis sé do Iúdás é. Do
ghlaoidh Iúdás i bhfochair a chéile uaisle na ndaoine,
'sé sin, oificeacha agus fir chreideamhnacha a shlógh.
D'innis sé an nídh a bhí déanta. “Na daoine seo,”
ar seisean, “a ghlac an t-airgead agus do leog
saor ár namhaid, do dhíoladar sinn go léir ar an
airgead san.” Do daoradh lucht na sainnte agus
do cuireadh chun báis iad, agus do tógadh na cais-
leáin láithreach. Ní foláir nú ba dhaingineacha ana
mhóra na daingineacha san, deir an Bíobla gur dhá
thúr iad agus gur marbhuigheadh breis agus fiche míle
fear sa dá thúr.



Do chuir an t-éirleach san ar shliocht Edoim sgannra
agus buile ar na págánachaibh go léir mórthímpal.


L. 764


Bhí fear gur bh'ainm dó Timóteus ann. Níor bh'é an
Timóteus úd é ar ar thráchtamair cheana sa sgéal-
aidheacht so, ach Timóteus eile. Do thosnuigh sé ar
na págánachaibh go léir a chruinniú as na cheithre
h-árdaibh. Bhí buaidhte air go minic cheana ag na
Iúdaígh, ach cheap sé go ndéanfadh sé aon iarracht
amháin eile. Do chruinnigh sé slóighte líonmhara,
slóighte iasachta, anoir as an Asia agus as gach aon
dúthaigh as ar fhéad sé é. Bhí slóighte troightheach aige
agus slóighte marcach. Dubhairt sé go dtógfadh
sé Iúdéa le corp líonmhaireachta slógh. Nuair a fuair
Macabéus ag teacht é do chruinnigh sé a neart féinig.
Nuair a bhíodar i dteannta chéile do chromadar, ar
dtúis, ar a nguidhe do chur suas chun Dé go h-ana
dhian, 'ghá iarraidh ar an dTighearna iad do chosaint
ar an namhaid sgannramhail sin, 'ghá iarraidh ar an
dTighearna bheith 'n-a namhaid do'n namhaid a bhí ag
teacht chucha, agus bheith i gcoinnibh na ndaoine a bhí
'n-a gcoinnibh, mar adeir an dlighe. Nuair a bhí a
nguidhe déanta acu tháinig ana mhisneach dóibh. Do
ghlacadar a n-airm agus do ghluaiseadar amach i
gcoinnibh a namhad. Nuair a bhíodar tagaithe i ngar
do'n namhaid do stadadar agus do ghlacadar a
suaineas. Do dheabhróchadh an sgéal go raibh an oidhche
ann, mar deir an Bíobla Naomhtha gur thosnuigh an
cath chómh luath agus a bhí an ghrian 'n-a suidhe. Bhí ag
taobh, i dteannta a gcródhachta, deimhne ó'n dTighearna
go mbuadhfidís, agus ní raibh ag cur misnigh chun an
chatha ar an dtaobh eile ach an bhuile feirge a bhí ortha
agus an fuath marbhuightheach a bhí acu do sna Iúdaígh.
Do ghluais an cómhrac go fíochmhar agus go fuilteach
agus bhí na págánaigh ag tuitim go tiugh. Dubhradar
go bhfeacadar, i lár an chatha, cúigear marcach, fir
ana bhreághtha, agus capail ana bhreághtha fútha, agus
iad ag stiúrú na nIúdach sa chath; go dtáinig beirt
acu i n-aice Mhacabéuis, duine acu ar gach taobh de,


L. 765


agus iad 'ghá chosaint agus é clúdaithe acu le n-a
n-armaibh ó'n uile thaobh, agus gathana agus spólaí
dearga teine acu 'á chaitheamh leis an namhaid. Ó'n
gcuma i n-a n-innstear an sgéal is cosmhail go bhfeac-
aidh an dá shluagh na marcaigh sin. Bhí an namhaid d'á
leagadh leis na spólaíbh teine, agus a radharc 'á
bhaint díobh, agus a meabhair 'á baint díobh go dtí go
raibh fiche míle agus chúig céad troightheach díobh ar
lár agus sé chéad marcach. Ansan do theich a raibh
ábalta ar theiche dhíobh. Do theich Timóteus féin isteach
i nGasara, daingean láidir mar a raibh Cereas 'n-a
ghobhernóir. Tháinig Macabéus agus a shluagh tímpal
ar an ndaingean san agus d'imdhruideadar é ar feadh
cheithre lá. Do mheas an mhuinntir istigh nár bh'fhéidir
an daingean a thógaint, agus is amhlaidh a bhíodar
istigh agus iad ag easgainí agus ag badhbóireacht agus
ag spídiúchán go tarcuisneach ar an muinntir amuich,
agus ag tabhairt masla agus tarcuisne do chreideamh
na nIúdach. Chuir an masla creidimh an mhuinntir
amuich ar dearg bhuile. Do léim fiche fear acu chun
an fhalla, agus anáirde ar an bhfalla. Do lean tuille
iad. Chuireadar na túir agus na geataí tré theine.
Do thógadar an daingean, do sgartáladar é, agus
do mharbhuighdar Timóteus agus a dhritháir Cereas
agus Apollophanes. Fuaradar Timóteus i bhfolach
i n-áit áirithe, áit nár ghlan.



CCCXXIII.



NA BEITHIDHIGH MHÓRA.



Do thárla gur ghlac na págánaigh agus na Iúdaígh
bhréagacha seilbh airís sa chaisleán úd catharach Ierú-
salem agus go rabhadar ag déanamh toirmisg do
Mhacabéus agus do sna Iúdaígh a bhí dílis. Do thuig


L. 766


Macabéus gur bh'fhearr an caisleán a bhaint díobh
agus iad do dhísgiú. Do chruinnigh sé a neart slógh
agus tháinig sé agus d'imdhruid sé an caisleán. Bhí
an t-imdhruidim dian agus bhí an chosaint colgach
stuacach. Tháinig le cuid de'n mhuinntir istigh
sleamhnú amach a gan fhios. Chómh luath agus bhíodar
amuich dheineadar gach aon chómhngar óthuaidh go dtí
gur shroiseadar cathair Antioch. Chuadar chun cainnte
leis an rí, Antiochus óg, Antiochus Eúpator. Bhí
cara maith acu thuaidh chun iad a thabhairt i láthair an
rí agus chun a dh'innsint dóibh conus do labharfidís
leis an rí agus conus a dhéanfidís a ngearán. Seo
mar a labhradar:—



“A rí onóraigh, bhíomair-ne dílis dot' athair agus
dheineamair ár ndítheal i gcómhnuidhe chun a dhlighthe
do chur chun cinn do réir a thoile. Mar gheall air sin
táid muinntir ár náisiúin féinig iompuighthe i n-ár
gcoinnibh. Táid siad tar éis a lán againn a chur chun
báis agus tar éis ár n-oighreachta do lot. Agus ní
chughainn-na amháin atáid siad tar éis lámh a shíne ach
chun na gcríoch go léir a bhainean linn. Agus feuch
táid siad cruinnighthe an lá so os cómhair caisleáin
catharach Ierúsalem chun an chaisleáin sin do thógaint,
agus cuirfid siad a bhfuil istigh ann d'ár muinntir
chun báis. Agus cathair ana dhaingean iseadh cathair
Bhetsúra agus táid siad tar éis na catharach san a
dhéanamh níos daingne. Agus mara dtagair go luath,
a rí, agus cosg do chur leó agus smacht do chur ortha
déanfid siad obair is measa agus is mó 'ná a bhfuil
déanta fós acu, agus beid siad ag neartú go dtí
go mbeid siad ró láidir agus ná beidh ar chumas an
rí iad do chur fé chois.”



Nuair airigh an rí an chainnt sin bhí árd fhearg air.
Do ghlaoidh sé chuige a cháirde go léir agus taoiseacha
a shlógh, agus na taoiseacha a bhí ar an marcshluagh.
Agus do tháinig ag triall air ó dhúthaíbh eile, agus


L. 767


ó sna h-oileánaibh amuich sa bhfaraige, lucht airm ar
tuarastal, mórán acu. Agus nuair a bhí a shlóighte
go léir i dteannta chéile aige do cómhairigheadh iad
agus bhí céad míle troightheach aige agus fiche míle
marcach. I n-éaghmais an méid sin bhí dhá elefant déag
ar fhichid aige, agus iad go léir múinte chun cómhraic.
Do ghluais an mhór shluagh san odheas, lastoir de'n
Iórdan agus nuair a bhíodar laisteas de'n Fharaige
Mharbh thánadar an cómhngar anoir tré thír Edoim agus
d'iompuighdar óthuaidh agus thánadar go dtí an
chathair dhaingean Betsúra. Bhí Iúdás istigh sa chathair.
Thug an mhór shluagh iarracht ar an gcathair do thógaint,
ach do cosnadh í 'n-a gcoinnibh go tréan. Do lean an
cómhrac mórthímpal ar an gcathair ar fead mórán
laethanta. Dheineadh muinntir an rí gléasana chun
na bhfallaí do leagadh, ach thugadh muinntir na catharach
fogha amach fútha agus do bhrisidís na gléasana agus
do loisgidís iad le teine, agus do throididís go
fortail agus go cródha. B'éigean do mhuinntir an
rí druidim amach ó'n gcathair; ansan tháinig Iúdás
amach as an gcathair agus d'fhág sé lucht cimeádta
ann agus do rug sé a shluagh leis go dtí Beitsach-
aram agus chuir sé suas a champa sa n-áit sin, ar
aghaidh campa an rí amach. Ansan d'eirigh an rí go
moch ar maidin sar a dtáinig solus an lae agus chuir
sé fhiachaint ar a shluagh gluaiseacht go h-ana ghéar i
dtreó Bhetsacharaim. Chuir an dá shluagh iad féin
i gcóir chun an chómhraic agus do séideadh na trúmpaí.
Do taisbeánadh fuil fíon-chaor do sna h-elefantaibh
chun iad do ghríosadh agus fonn cómhraic a chur ortha.
Ansan do socaruigheadh na beithidhigh mhóra san ameasg
na mbuidhean. Do cuireadh míle fear i n-aice gach
beithidhigh, agus lúireach slabhra ar gach fear, agus
clogad práis ar a cheann, agus do toghadh chúig céad
marcach do gach beithidheach mór. Bhídís sin i gcómh-
nuidhe sa n-áit i n-a mbíodh an beithidheach mór agus


L. 768


do ghabhaidís pé áit 'n-a ngabhadh an beithidheach, agus
ní sgaraidís leis. Agus bhí anáirde ar gach beithidheach
túr mór láidir adhmaid, agus do chlúdaigheadh an túr
an beithidheach, agus bhíodh gléasana cogaidh ortha.
Agus bhíodh deich feara fichid, de sna fearaibh ba
chródha thuas sa túr agus iad ag caitheamh gathana
anuas ar an sluagh a bhíodh 'n-a gcoinnibh. Agus bhíodh
fear Indiathach ag giollacht an bheithidhigh. Do chuir
an rí an chuid eile de'n mharcshluagh amuich ar dhá
imeall an tslóigh, ar an ndeis agus ar an gclí, agus
trúmpaí acu, chun na dtrúmpaí do shéide agus an
sluagh do ghríosadh chun an chatha. D'eirigh an ghrian
agus bhí solus na gréine ag taithneamh ar na sgiathaibh
óir agus práis, agus bhí na cnuic ag spéacharnaigh fé
sholus na gréine fé mar a bheidís go léir lán de
theínteachaibh ar lasadh.



CCCXXIV.



BEART CHRÓDHA.



Nuair fheuchadh na daoine uatha ar shlóightibh an rí
do chídís na cnuic agus na gleannta clúdaithe le
daoine agus na sgiatha óir agus práis ag spréachar-
naigh agus ag taithneamh i solus na gréine, agus an
spréacharnach ag baint na súl as an té bheadh ag
feuchaint ar an sluagh; agus an mhór shluagh ag siubhal
go réidh agus go stuama. Agus bíodh go rabhadar
ag siubhal go réidh agus go stuama agus go tómhaiste
bhí fothram a ngluaiseachta ag teacht 'n-a bhúirtheach
throm láidir, i dtreó go measadh na daoine a bhí ag
faire ortha agus ag éisteacht leó go mbíodh an talamh
ag bogadh agus ag luasgadh fé n-a gcosaibh, agus
nár mhór shluagh iad ach dúthaigh armtha.



Bhí creathán agus lagspiridighe ar na daoinibh gan


L. 769


arm a bhí ag feuchaint ortha agus ag éisteacht leó, ach
níor staon Iúdás Macabéus ná a bheag-shluagh
rómpa. Thugadar agaidh ortha agus do thosnuigh an
cath, agus an túisge 'n-ar thosnuigh an cath bhí
muinntir an rí ag tuitim go tiugh. Déarfadh
duine dá gcuireadh aon rud sgannra ar mhuinntir
Mhacabéuis gur chóir go gcuirfadh na beithidhigh mhóra
úd sgannra ortha. Ach níor chuireadar. Bhí aon
fhear amháin ar mhuinntir Mhacabéuis agus Eleásar
mac Saura ab ainm dó. Fear ana thréan ana
láidir ab eadh é. Thug sé fé ndeara ceann de
sna beithidhigh a bhí níba mhó go mór agus ní b'aoirde
'ná aon cheann de'n chuid eile. Do thuig Eleásas i
n'aigne go raibh, gan amhras, an rí féin sa túr
a bhí anáirde ar an mbeithidheach san. Bhí fhios aige
gur bh'fhuiriste an beithidheach san do mharbhú láithreach
dá bhféadfí teacht fé thíos agus claidheam do shádh
tré n-a chabhail suas. Do thuig sé i n-aigne dá
marbhuigheadh sé an beithidheach go dtuitfadh an túr
agus go marbhófí a raibh istigh sa túr agus an rí má
bhí sé istigh ann, agus gur dhócha go raibh. Ach do thuig
sé, leis, go dian mhaith, an fear a chuirfadh claidheamh
suas tré chabhail an bheithidhigh sin go dtuitfadh an beith-
idheach anuas air agus go marbhófí é féin. Agus do
thuig sé, i dteannta an méid sin, dá marbhuightí an
rí, agus na h-uaisle a bhí ansúd thuas 'n-a theannta,
go mb'fhéidir go dtiocfadh sgannra ar an mórshluagh
agus go dteichfidís. Thug sé aghaidh ar an mbheithidheach.
Bhí an neart uathbhásach ann féin, do thuit na fir a bhí
ag cosaint an bheithidhigh chómh tuigh agus bhuail sé iad.
Bhíodar ag tuitim ar gach taobh de go dtí go dtáinig
sé chun an bheithidhigh mhóir. De sháidh sé é féin isteach
idir dhá chois tosaigh an bheithidhigh agus do rop sé a
chlaidheamh suas go dornchur tré lár a uchta. Do thuit
an beithidheach agus an túr agus na fir anuas ar an
dtalamh ar muin mairc a chéile. Do marbhuigheadh


L. 770


Eleásar, mar bhí sé istigh fé'n mbeithidheach. Do bris-
eadh an túr agus do marbhuigheadh na fir a bhí istigh
ann. Níor marbhuigheadh an rí, mar ní raibh sé ann.
Ach do cuireadh iongna agus uathbhás ar mhuinntir an
rí.



Do thuig Macabéus um an dtaca san go raibh an
tsluagh a bhí 'n-a choinnibh ró mhór. Bhíodar ró mhór
chun teiche, agus bhíodar ró mhór chun cómhraic. Do
thuig sé, dá mba ná buailfidís aon bhuille i n-aon
chor ach brúgh isteach i n-aon bhróin amháin air féin
agus ar a shluagh bheag go mbeadh sé féin agus a
shluagh bheag múchta le corp meadhchaint sar a mbeadh
aon ádhbhar acu marbh aige, bhí oiread san ann
díobh. Do tharraig sé siar uatha agus d'imthigh sé
uatha. Ní deirtear gur leanadh é. Deirtear go
ndeigh sé isteach i gcathair Ierúsalem. Bhí an chathair
ana dhaingean, an pháirt di i n-a raibh an teampul.
Chuaidh Macabéus isteach sa daingean san agus
chuir sé i dtreó chosanta é.



Nuair a bhí Macabéus imthighthe uaidh do thug an rí
aghaidh ar dhaingean Bhetsúra. Dhein sé síothcháin leis
an ngairisiún agus do sgaoil sé amach iad agus chuir
sé gairisiún d'á mhuinntir féin isteach ann. Ansan
do lean sé féin agus a mhór shluagh Macabéus agus
a shluagh bheag go dtí cathair Ierúsalem a bhí tamal
óthuaidh ó dhaingean Bhetsúra. Do thímpal sé an chathair
le n-a shluagh agus chrom sé ar í d'imdhruidim. Bhí
rainnt mhaith lóin curtha isteach ag Macabéus um
an dtaca san sa daingean a bhí mórthímpal ar an
dteampul.



Do thosnuigh muinntir an rí ar na gléasana dhéanamh
sa n-áit sin airís, fé mar a dheinidís iad nuair a
bhíodar ag imdhruidim Bhetsúra. Ach do thosnuigh an
mhuinntir eile ar ghléasanaibh a dhéanamh 'ghá bhfreag-
airt, agus ar bheith ag tabhairt fogha amach agus ag
brise agus ag losgadh na ngléasana amuich agus


L. 771


ag marbhú na ndaoine amuich. Ach i lár na h-oibre
sin do'n dá thaobh tháinig sgéala adtuaidh ó Antioch
do chuir iongna ar gach taobh acu.



CCCXXV.



FEALL.



An fear úd, Pilib, a dh'imthigh síos sa n-Éigipt,
agus do rug fáinne an rí agus coróinn an rí agus
corpán an rí leis síos ann, d'airigh sé an rí óg
agus a mhór shluagh bheith tagaithe go Iúdéa a d'iarraidh
smacht a chur ar Iúdás Macabéus agus ar na Iúdaígh
a bhí ag gabháil leis. Bhí fhios aige gur fágadh Antioch
folamh ó armáil chun an slógadh san do dhéanamh
chómh h-annspianta agus do b'fhéidir é. Siúd thar
n-ais óthuaidh é go h-Antioch. Thaisbeáin sé an fáinne
agus an choróinn do pé seanóirí uaisle do fágadh sa
chathair nuair a bhí Luísias agus Eúpator, an rí óg,
agus an mhór shluagh ag imtheacht ódheas. Bhí fínnithe
a dhóithin ag Pilib chun a dheimhniú gur bh'é féin an
rí ceart mar gur dhein Antiochus Epiphanes rí dhe
sar a bhfuair sé bás, agus d'á chómhartha san féin
gur thug sé dho an fáinne agus an choróinn. Do
chreid na seanóirí an sgéal, d'aithnighdar na cómh-
arthaí, an choróinn agus an fáinne. An rud a chreid
na seanóirí do chreid an pobul go léir é. An
choróinn a bhí 'n-a láimh ag Pilib do cuireadh ar a
cheann í. Do glacadh 'n-a rí é ar Antioch agus ar
an rígheacht Sheleúcídeach. Do shleamhnuigh duine éigin
amach a' cathair Antioch agus chuir sé an talamh de
ódheas go dtí cathair Ierúsalem, agus d'innis sé
do'n rí Eúpator agus do Luísias agus do sna
h-uaislibh go léir go raibh Pilib 'n-a rí i n-Antioch!
Ní raibh a thuille suime acu i gcathair Ierúsalem. Bhí


L. 772


a mhalairt de chúram ortha láithreach. Bhí cathair nár
bh'í ag déanamh buartha dhóibh feasta, cathair Antioch.



An fhaid a bhí Antiochus óg theas i dtír Iúda a
d'iarraid smacht do chur ar Iúdás Macabéus agus
ar a bhuidhin bheag, bhí Pilib tar éis dul óthuaidh agus
tar éis dul ameasg na dtíortha thoir thuaidh, agus a
chómharthaí, an choróinn agus an fáinne, do thaisbeáint
do gach aoinne, agus tar éis mór shluagh nár ró lag
do bhailiú, agus bhí sé istigh i n-Antioch agus é ar a
dhítheal ag dainginiú na catharach um an dtaca 'n-a
raibh sgéala fághalta ag an rí óg ar cad a bhí aige 'á
dhéanamh.



Nuair a shrois an sgéal nua an mhór shluagh a bhí ag
imdhruidim catharach Ierúsalem do cruinnigheadh na
h-uaisle mar adubhradh agus do labhair Luísias. “A
rí onóraigh agus a uaisle,” ar seisean, “Ní fiú an
obair atá againn 'á dhéanamh anso a bhfuil de dhuadh
na h-oibre againn d'á fhághail. Tá an tsluagh so ana
mhór. Tá bia ag dul i nganachúisighe sa tír. Ní fada
go mbeidh an tír ró dhealbh chun sinn a chothú. Is
fearr síothcháin a dhéanamh le Macabéus so agus le
n-a Iúdaígh agus leogaint dóibh a gcreideamh féinig
agus a ndlighthe féin a bheith acu. Ar son a gcreidimh
féinig agus ar son a ndlighthe iseadh thosnuighdar an
cogadh so. Má tugtar cead dóibh a ndlighthe féinig
agus a gcreideamh do chimeád beid siad chómh dílis
do'n rí le h-aon daoine eile atá aige. Tá obair is
tairbhthighe againn le déanamh thuaidh i n-Antioch 'ná
aon úsáid a dh'fhéadfimís a dhéanamh de'n chathair
seo Ierúsalem. Is fearr síothcháin a dhéanamh leó.”



Do deineadh an tsíothcháin. Do socaruigheadh conn-
radh, fé dhearbhú ar gach taobh, idir an rí agus na
Iúdaígh, go leogfí do sna Iúdaígh a ndlighthe féin a
bheith acu agus maireachtaint d'á réir mar a dhein-
eadar riamh roimis sin. Ansan do h-osgaladh na
geataí agus tháinig na Iúdaígh amach agus chuaidh an rí


L. 773


agus a uaisle isteach agus bhí an dá thaobh go breágh
cneasta le n-a chéile. Ach nuair a bhí an rí istigh sa
chathair d'fheuch sé ar na daingineachaibh agus do chuir a
neart iongna air. Ansan do dhein sé feall. Dhein sé
beart a bhí i gcoinnibh na connartha a bhí déanta aige
fé dhearbhú. Bhí na daingineacha ró láidir, dar leis,
agus d'órduigh sé iad do leagadh. Do leagadh ar lár
iad i n-aindeóin an dearbhuighthe. Nuair a bhí sé féin
agus a neart slógh istigh sa chathair bhí sé fuar ag na
Iúdaígh bheith ag bhraith ar an ndearbhú. Ach ba chuma
san de an uair sin. Bhí rud ba threise 'ná an dearbhú
ag cabhrú le Macabéus an uair sin. Bhí Pilib thuaidh
istigh i n-Antioch 'n-a rí. D'imthigh an rí óg agus a mhór
shluagh. D'fhágadar ansan Macabéus agus cathair
Ierúsalem agus d'imthighdar óthuaidh go h-Antioch
chómh tiugh agus d'fhéadadar an tslighe chur díobh.



CCCXXVI.



DEMÉTRIUS.



Mar a h-innseadh, nuair airigh Antiochus óg agus
Luísias go raibh Pilib thuaidh istigh i n-Antioch agus
é 'n-a rí ann, agus an chathair aige 'á dhaingniú, dhein-
eadar síothcháin le Iúdás Macabéus agus leis na
Iúdaígh, agus thugadar féin agus an mhór-shluagh, idir
elefantí agus marcshluagh agus troightheacha, aghaidh
lom díreach óthuaidh chun catharach Antioch. Bhí an
tslighe fada, mar a chífidh aoinne fheucfidh ar an mapa.
Do chailleadar a lán aimsire ag dul óthuaidh, ach fé
dheire do shroiseadar an áit. Bhí an chathair daingean
go maith um an dtaca san agus bhí Pilib istigh agus
é lán cheapaithe ar í chimeád i n-aindeóin pé cómhacht
a thiocfadh chun í bhaint de. Bhí an mhór-shluagh amuich.
Do thímpaladar an chathair agus tar éis mórán


L. 774


trioblóide do thógadar í, agus do cuireadh deire
le réim Philib.



Bhí, ansan, cúram a ndóithin ar Antiochus óg agus
ar Luísias ar feadh tamail, ag cur neithe i dtreó i
n-Antioch agus ar fuaid na rígheachta mórthímpal
ar Antioch, agus ag leigheas na díobhála a bhí déanta
ag Pilib agus ag an muinntir a ghaibh a pháirt. D'fhág
san Iúdás Macabéus agus na Iúdaígh ar a suaineas
theas i gcathair Ierúsalem chun bheith ag cur neithe i
dtreó, leis, agus iad ag leigheas na díobhála a bhí
déanta ag an mór-shluagh págánach, sa chathair agus
sa tír mórthímpal uirthi. Ba chuma leó, ámhthach, mar
bhí socair ag an rí agus ag Luísias leó go leogfí
dhóibh, feasta, a ndlighthe féin a bheith acu agus a
gcreideamh féinig, agus ná tabharfí aon chluas a
thuille do sna Iúdaígh bhréagacha a bhí ceapaithe ar
chlann Israéil d'iompáil chun íodaladhartha na
nGréagach.



Ach bhí fear sa Róimh thiar an uair sin agus Demét-
rius ab ainm dó. Mac do Sheleúcus ab eadh é. Do
thuig sé i n' aigne gur bh'é féin an t-oighre ceart,
agus gur aige ba cheart rígheacht Antioch agus na
tíre mórthímpal uirthi do bheith. D'fhág sé an Róimh,
é féin agus buidhean fear nár ró mhór, agus
thugadar cabhlach loingeas leó agus do ghlacadar
seilbh i gcuan ar a dtugtí Tripolis. Deir cuid
de'n chúntas ná raibh ag Demétrius an uair sin ach
buidhean bheag. Deir áit eile de'n chúntas go raibh
buidhean ana mhór aige, go raibh mór shluagh aige.
Do ghlac sé seilbh, pé 'r domhan é, i gcuan
Tripolis, agus thug sé le tuisgint do sna tíorthaibh
mórthímpal, tíortha a bhain le rígheacht Antiochuis óig,
gur bh'é féin an rí ceart agus nár bh'é Antiochus
óg. Dheabhróchadh an sgéal gur thuig armáil na
rígheachta gur bh'é Demétrius an t-oighre, mar
innstear sa Bhíobla gur rug an armáil ar Antiochus


L. 775


óg agus ar Luísias agus gur thugadar i láthair
Dhemétriuis iad, agus gur dhiúltuigh sé d'fheuchaint
i n-aon chor ortha agus ansan gur chuir na saighdiúirí
chun báis iad. Ansan bhí Demétrius 'n-a rí ar
Antioch agus ar thíorthaibh rígheachta a shínsear gan
aoinne ag cur 'n-a choinnibh.



Sin mar chuir Dia deire leis na daoinibh cómhachtacha
úd a bhí ag gabháil de chosaibh i sliocht Israéil agus
ag déanamh gach díthil chun iad d'iompáil chun págán-
achta, i dtreó go gcurfí ar neamhnídh an creideamh
agus an dlighe a tugadh do Mhaois ar an gcnoc, agus
ná h-aireófí trácht a thuille ar ainm Dé i n-aon pháirt
de thalamh an domhain. Ba mhór é gradam Antiochuis
óig úd nuair a bhí sé ag dul ódheas go Ierúsalem
chun na nIúdach do mhúchadh le neart slógh. Is lag
a shíl sé an uair sin nár bh'fhada go mbeadh a ghradam
agus a neart caol go leór, nuair a thabharfadh a
shlóighte féin i láthair Dhemétriuis é agus ná déan-
fadh Demétrius oiread agus labhairt leis sar
a mbainfí an ceann de!



CCCXXVII.



IÚDÁS MARBH.



Nuair a fuair Iúdás Macabéus Antiochus óg
agus Luísias, agus na beithidhigh mhóra go léir, agus
na mílte slógh go léir, imthighthe ó chathair Ierúsalem,
agus iad ag bailiú leó óthuaidh i dtreó Antioch, agus
a mhalairt de chúram ortha i n-inead bheith ag cur
isteach ar ghnóthaíbh na nIúdach agus ar a dtír, bhí,
gan amhras, áthas aigne air agus bhí sé féin agus a
dhaoine ag breith a mbuidheachais go dúthrachtach le
Dia na Glóire. Bhí Dia tar éis é féin agus a dhaoine,


L. 776


agus cathair Ierúsalem, agus an tír go léir, a
dh'fhuasgailt a' cruadhtan nár bh'fhéidir d'aon chómhacht
shaoghalta iad d'fhuasgailt as. Do thuig an uile dhuine
de shluagh Iúdáis an méid sin agus bhíodar go léir ag
breith bhuidheachais le Dia mar gheall air. Do thuig
na droch Iúdaígh an méid sin, leis, ach ní h-ag breith
aon bhuidheachais le Dia mar gheall air a bhíodar, ach
ag beartúchán 'n-a n-aigne ar conus a gheóbhaidís caoi
ar an namhaid gcéadna, nú ar namhaid éigin eile do
mhealladh leó isteach airís chun tuille toirmisg a
dhéanamh do Iúdás Macabéus agus do'n mhuinntir
a bhí ag gabháil leis. Níor bh'fhada gur h-airigheadh
Demétrius a bheith tagaithe aniar ar fad ó'n Róimh,
agus an t-arm i n-Antioch a bheith tar éis é ghlacadh
'n-a rí, agus na cinn a bheith bainte d'Antiochus óg
agus de Luísias. Do tuigeadh go raibh Ierúsalem
agus talamh Iúda ó bhaoghal ó'n mbeirt sin feasta
pé'r domhan é. Ach bhí fhios ag Iúdás, murar bhaoghal
dó an bheirt sin go mb'fhéidir gur bhaoghal dó Demé-
trius nuair a raghadh lucht an éithigh agus na tromaidh-
eachta chun cainnte leis. Bhí fhios aige gur le cead
ó mhuintir na Rómha, agus le n-a gcongnamh, agus
le n-a dtoil, a tháinig Demétrius aniar, chun a
chirt féin do chur i bhfeidhm agus rígheacht a shínsear
do shealbhú. Bhí fhios aige, leis, dá mbeadh
connradh caradais déanta aige féin le muinntir
na Rómha go mb'fhéidir gur mhaith an congnamh dó
é chun a chur fhiachaint ar Dhemétrius gan bheith ró
ullamh chun cluaise thabhairt do lucht na tromaidh-
eachta.



Sar a raibh uain aige ar a theachtaireacht do chur
siar go dtí an Róimh bhí lucht na tromaidheachta tar
éis na díobhála dhéanamh agus bhí Demétrius tar éis
Bachides agus Alcimuis, agus 'n-a ndiaidh, Nicanor,
do chur go dtí Iúdéa. Ach thug Dia an buadh
do Iúdás Macabéus ortha go léir. Do mhairbh sé


L. 777


Nicanor sa chath le n-a láimh féinig agus chur sé ár
agus dearg ruathar ar a shluagh i dtreó gur
marbhuigheadh an uile dhuine acu.



Do dhein Iúdás Macabéus an chonnradh caradais
leis an Rómhánaigh agus do gheall na Rómhánaigh
dó go gcosanóchaidís é ar Dhemétrius. Ach má
ghealladar níor dheineadar. Óir nuair airigh
Demétrius cad é an t-éirleach a dhein Iúdás
Macabéus ar Nicanor agus ar a mhór shluagh chuir sé
Bachides uaidh airís, é féin agus Alcimus, agus
fiche míle troightheach acu agus dá mhíle marcach.
Thánadar go h-áit d'ár bh'ainm Beria agus cham-
puighdar ann. Bhí Iúdás i n-áit ná raibh abhfad ón
áit sin agus gan aige ach ocht míle fear. Nuair a
chonaic an tsluagh bheag an mhór shluagh tháinig eagla
ortha. Dubhradar le Iúdás gur bh'fhearr imtheacht.
Dubhairt seisean nár theich sé riamh ó namhaid agus
ná teichfadh sé an uair sin. Bhí na fir ag sleamhnú
uaidh go dtí ná raibh aige ach ocht gcéad fear.
“Téanam!” ar seisean leó. “Má 'sé seo fód
ár mbáis seasuighmís é.” Do thosnuighdar an cath.
Bhí an namhaid ag tuitim go tiugh. Do thug Iúdás fé
ndeara gur ar an láimh dheis a bhí an chuid ba threise
de'n namhaid. Thug sé féin agus an chuid ab fhearr
de'n ocht gcéad aghaidh ortha san. Chuireadar ruag
ar an dtaobh san de shluagh an namhad agus ghluais-
eadar ar a dtóir. Do dhún an taobh eile de'n
namhaid isteach laistiar díobh, i dtreó go rabhadar
idir dhá namhaid. Do thuit Iúdás ansan. Bhí tuitim
na h-oidhche ann um an dtaca san, agus bhí an cath
ar siubhal ó mhaidin.


L. 778


CCCXXVIII.



IÓNATAN 'N-A PHRIÚNSA.



B'fhéidir go ndéarfadh duine ná raibh aon cheart
ag Iúdás Macabéus gan cómhairle na bhfear a
ghlacadh nuair adubhradar leis gur bh'fhearr an cath
do sheachnadh an uair sin. Isé is dóichighe gur thuig
sé go maith nár bh'fhearr. Má dhein an t-ocht gcéad
fear a leithéid de sheasamh i n-aghaidh dhá mhíle fhichid
nách léir go ndéanfadh ocht míle fear an ruag a chur
ar an dá mhíle fhichid? Do chuir an t-ocht gcéad, ní
h-eadh ach cuid acu, bíodh gur bh'iad an chuid ab fhearr
acu iad, an ruag ar an leath ab fhearr de'n dá mhíle
fhichid. Dá mbeadh an chuid eile de'n ocht míle fear
ann an uair sin ní leogfidís do leith chlé an namhad
dúnadh isteach ar chúl na muinntire a bhí ar thóir na
leithe deise. Dá bhfanadh an t-ocht míle fear ann
agus an cath do throid mar a dhein an t-ocht gcéad
is amhlaidh a bheadh ár agus dearg ruathar curtha acu
ar an namhaid go léir sar a mbeadh leath an lae
caithte. Do thuig Iúdás Macabéus an méid sin,
agus bhí náire agus fearg air nuair a chonaic sé
ag imtheacht uaidh iad, agus ansan níor theastuigh
uaidh bheith beó i ndiaidh náire an lae sin.



Do thóg Iónatan agus Símon corp Iúdáis, corp
a ndrithár, agus d'adhlacadar é i n-uaigh a n-atharach
i gcathair Mhodin, agus bhí pobul Israéil 'ghá chaoine
ar feadh mórán laethanta agus iad ag gol go h-árd
agus go dúbhach. Agus deiridís: “Cad é mar atá
an fear láidir ar lár, an fear a dheineadh pobul
Israéil a shábháil!”



Bhí cúis ghuil aca. Chómh luath agus bhí Iúdás as an
slighe do thosnuigh an droch obair airís. Thosnuigh na
droch dhaoine ar iad féin a thaisbeáint. Do thoibh


L. 779


Bachides na droch dhaoine agus dhein sé tighearnaí
dhíobh sa tír. Agus bhídís ag cuardach agus ag breith
ar na daoine a bhíodh páirteach le Iúdás, agus 'ghá
dtabhairt i láthair Bhachides, agus bhíodh Bachides
ag déanamh díoltais ortha. Agus bhí clann Israéil
go buartha agus go brónach.



Ansan tháinig cáirde uile Iúdáis ag triall ar
Iónatan agus dubhradar leis, “Ó fuar do dhritháir
Iúdás bás ní'l aoinne mar é againn chun dul amach
i gcoinnibh ár namhad, i gcoinnibh Bhachides agus na
namhad eile atá ag gabháil le Bachides agus ag
déanamh an uile shaghas uilc agus díobhála do chlainn
Israéil. Feuch, táimíd go léir tar éis thusa do thoghadh
indiu chun tú bheith ad' phriúnsa agus ad' cheann
orainn i n-inead Iúdáis, agus chun go ndéanfá ár
gcathana do throid dúinn i gcoinnibh Bhachides agus
na ndroch dhaoine atá ag gabháil leis.



Do thoiligh Iónatan chuige sin. Do ghlac sé air féin
cúram riaghaltais na ndaoine agus d'eirigh sé agus
do sheasaimh sé i n-inead a dhrithár Iúdás. Níor bh'fhada
gur h-innseadh do Bhachides cad a bhí déanta, go
raibh Iónatan, duine eile de mhacaibh Mhatatiais, curtha
suas 'n-a cheann agus 'n-a phriúnsa ar chlainn Israéil.
Chómh luath agus a h-innseadh an méid sin do Bhachides
do thuig sé i n'aigne, d'á luathacht a bheadh Iónatan
chómh marbh le Iúdás aige gur bh'eadh b'fhearr agus
ba shuaineasaighe dhó féinig é. Do chrom sé láithreach
ar uisge-fé-thalamh a dhéanamh chun teacht ar Iónatan
do mharbhú. Do h-innseadh do Iónatan agus d'á
dhritháir Símon cad é an fuadar a bhí fé Bhachides.
Do chruinnighdar an méid a bhí 'n-a bhfochair de sna
fearaibh a bhíodh ag Iúdás, agus pé fir eile do tháinig
chucha, agus d'imthighdar amach sa n-uaigneas ar a
dtugtí Tecua agus do champuighdar ar bruach locha
a bhí ann ar a dtugtí loch Asphar. Bhí a fhios san ag
Bachides agus tháinig sé féin agus a shluagh go léir


L. 780


treasna abhan Iórdain, lá na sabbóide. Sar ar fhéad
sé teacht, ámhthach, do dhein Iónatan agus Símon gnó
eile, gnó do 'neósfar ar ball.



CCCXXIX.



CÓISIRE FÉ MHÍ-ÁDH.



Sidé an gnó úd a dhein Iónatan agus Símon sar
a dtáinig Bachides go dtí an Iórdan. Bhí daoine
muinnteartha acu ná raibh ró fhada ó'n áit i n-a raibh
longphort déanta acu agus Nabuteánaigh an ainm
a bhí ortha. Bhí mórán airm acu agus mórán chóracha
cogaidh. Bhí dritháir gur bh'ainm dó Eóin, ag Iónatan
agus ag Símon, agus bhí sé 'n-a chaptaén ar chuid de'n
tsluagh. Do chuir Iónatan uaidh é sin ag triall ar
na Nabuteánaigh 'ghá iarraidh ortha cuid de sna
h-airm a bhí acu, agus de sna córachaibh cogaidh, a
thabhairt dó ar iasacht. Do ghluais Eóin agus
buidhean bheag i n-aonfheacht leis, ach nuair a bhíodar
ag teacht ó'n áit i n-a raibh na Nabutéigh 'n-a
gcómhnuidhe do bhuail namhaid úmpa. Clann Iambri
a tugtar ar an namhaid sin agus amach ó Mhadaba
a thánadar. Do rugadar ar Eóin agus ar a raibh i
n-aonfheacht leis agus do rugadar leó iad 'n-a
bpríosúnachaibh. Tráth éigin 'n-a dhiaidh san do
h-innseadh do Iónatan agus d'á dhritháir Símon go
raibh cleamhnas mór déanta ag clainn Iambri agus
go raibh an bhean óg acu 'á thabhairt leó ó Mhadaba
agus ana thabhairt amach acu. Inghean ab eadh í do
dhuine de phriúnsaíbh móra Chanaan. Deir an
Bíobla gur chuimhnighdar ar fhuil a ndrithár Eóin.
Do thaisbeánfadh san gur mhairbh clann Iambri Eóin.
Coir throm ab eadh é sin, agus tá fhiachaint ar rí
tíre, nú ar rí náisiúin, coir de'n tsórd san


L. 781


d'agairt ar an té dhéanfadh an gníomh nú ar an
muinntir a dhéanfadh an gníomh. Bhí Iónatan an
uair sin 'n-a rí ar náisiún na nIúdach, agus bhí
úghdarás rí aige. Bhí fhios aige go raibh an
cleamhnas déanta agus go raibh clann Iambri ag
breith na mná abhaile, agus bhí fhios aige cad é an
bóthar a gheóbhaidís. Tháinig sé féin agus buidhean
láidir fear agus do luighdar i bhfolach ar an slighe
i n-áit ná raibh aon choinne ag muinntir na cóisreach
le h-iad a bheith ann. Ba ghearr go bhfeacadar
cuideachta mhór ag teacht agus mórán gleó acu
agus mórán fothraim, agus do chonacadar, ag
teacht i gcoinnibh na cuideachtan san, an fear
nuaphósta, an nuachar, agus a mhuinntir, agus a
cháirde, agus tiompáin acu agus úirlisí eile
ceóil, agus mórán arm. Agus d'eirigh Iónatan
agus a bhuidhean chucha as an áit i n-a rabhadar i bhfolach
agus do bhuaileadar iad. Do marbhuigheadh a lán acu
agus do theich an chuid eile acu amach fé'n sliabh, agus
do thóg Iónatan agus a bhuidhean an fhoghail, agus
do h-iompuigheadh an chóisire chun caointe, agus do
h-iompuigheadh fothram a n-úirlisí ceóil chun ologón.
Sin mar a dhein Iónatan agus Símon fuil a ndrithár
a dh'agairt ar chlainn Iambri. Ansan thánadar thar
n-ais go dtí bruach abhan Iórdain. D'airigh Bachides
an sgéal, agus iad a bheith ar bruach na h-abhan, agus
tháinig sé agus mórshluagh ana chómhachtach aige. Is
amhlaidh a bhí Iónatan agus a shluagh bheag a d'iarraidh
dul thar abhainn soir sar a dtiocfadh Bachides, ach
do tháinig Bachides sar ar fhéadadar dul soir thar
abhainn. Ansan bhí Bachides laistiar díobh agus an
abha lastoir díobh agus bhíodar i bpúnc. Bhíodar sa
phúnc chéadna, nú geall leis, 'n-a raibh clann Israéil
sa n-Éigipt nuair a bhí an Mhuir Ruadh lastoir díobh
agus Pharó agus a shluagh laistiar díobh, agus gan
aon dul as acu go dtí gur osgail Dia an bóthar tríd


L. 782


an Mhuir Ruaidh dóibh. Bhí port abhan Iórdain, ar an
dtaobh thiar de'n abhainn, lán de phortachaibh agus de
linnteachaibh uisge agus de thurtógaibh agus de
choilltibh, i dtreó nár bh'fhuiriste do shluagh iad féin
a chur i dtreó chun catha ar an áit, bhí sé chómh
h-anacair sin. Bhí cuid de sna linnteachaibh uisge
sin idir na Iúdaígh agus sluagh Bhachides, agus, má
bhí an áit anacair do'n tsluagh bheag bhí sé anacair
do'n tsluagh mhór, leis. Do labhair Iónatan leis an
sluagh bheag: “Feuch, a fheara,” ar seisean, “táimíd
i bpúnc. Tá an abha ar thaobh dínn, agus táid na
cnapóga agus na portacha agus na locháin uisge agus
coillte ar na dtaobh eile dhínn. Ní foláir dúinn
glaodhach ar Dhia agus troid. Glaoidhidh ar Dhia, d'á
bhrígh sin agus iarraidh air sinn a dh'fhuasgailt.”
Ansan thug Iónatan fogha fé Bhachides féin chun é
bhualadh, ach do tharraig Bachides siar uaidh agus
chuaidh sé saor. Do throid Iónatan agus a shluagh
bheag chómh maith agus d'fhéadadar é, ar thalamh chómh
h-anacair, agus b'éigean do Bhachides agus d'á
mhór shluagh imtheacht uatha. Do thuit míle fear de
shluagh Bhachides. Deir cuid de sna tuairisgíbh gur
thuit dhá mhíle fear díobh. D'imthigh Bachides, agus,
chómh fada agus is féidir liom a dhéanamh amach, do
chuaidh Iónatan agus a shluagh thar abhainn soir.



CCCXXX.



ÁRDSHAGART BRÉAGACH.



Nuair a dh'imthigh Bachides agus a mhór shluagh as
an áit anacair úd ar bruach abhan Iórdain chuaidh sé
siar go dtí Ierúsalem. Ansan do thosnuigh sé ar
na catharachaibh do dhainginiú ins gach aon bhall agus
ar ghairisiúnaibh a chur isteach ionta i dtreó go mbeadh


L. 783


na gairisiúin ag rith amach asta gan choinne, agus ag
cur catha agus cogaidh ar na Iúdaígh agus 'ghá gcrádh
coitchianta. Agus dhein sé rud eile. Do thóg sé 'n-a
bpríosúnachaibh clann mhac na bhfear ba chreideamh-
naighe agus chimeád sé iad mar ghill, i dtreó dá
ndeineadh aoinne de sna h-atharachaibh aon nídh i
gcoinnibh an rí go bhféadfadh sé mac an fhir sin do
chur chun báis. Isteach i gcaisleán Ierúsalem iseadh
chuir sé na gill, 'n-a bpríosúnachaibh.



An cuiripeach úd, Alcimus, gur dhein an rí árd-
shagart de agus gur tháinig na Suíriánaigh chuige le
h-iontaoibh toisg é bheith i n'árdshagart, agus gur
mhairbh sé trí fichid duine acu tar éis labhairt go
muinnteartha leó, bhí sé ag cabhrú le Bachides ins
gach nídh agus ag déanamh an uile shaghas díthil i gcoin-
nibh Iúdás Macabéus agus i gcoinnibh na nIúdach a bhí
ag gabháil leis. Do thuig sé go raibh iomad urama
ag na daoine do sna fáigíbh agus do'n obair a dhein
beirt acu do'n teampul. B'í obair í sin 'ná falla
dhéanamh mórthímpal ar an Sanctuárium chun all-
mhúrach a chimeád amach as an áit naomhtha. Do thuig
an t-árdshagart bréagach, Alcimus, gur mhaith an
rud an falla san do leagadh agus gan é bheith an-
san sa tslighe ar an bpoibilidheacht. Namhaid fíochmhar
ab eadh é do gach naomhthacht d'ár bhain le creideamh
na nIúdach. D'órduigh sé an falla do leagadh.
Bhí úghdarás árdshagairt aige ó'n rí. Bhí Iúdás
Macabéus tar éis bháis um an dtaca san. Do
thuit sé i gcoinnibh Bhachides, mar a raibh an dá
mhíle fhichid fear ag Bachides agus gan aige-sean
ach ocht gcéad fear. Bhí Alcimus níba dhána 'ná
mar a bheadh sé dá mbeadh Iúdás beó.



Thug sé leis an lucht oibre agus thosnugh sé ar an
bhfalla do leagadh. Bhí sé chómh dúthrachtach san sa
ghnó gur chrom sé féin ar an obair a dhéanamh i
dteannta na bhfear. Do buaileadh é go h-oban.


L. 784


Do baineadh lúth a ghéag de agus do stad a chainnt.
Ní raibh sé ábalta ar aon chor a chur de ná ar aon
fhocal cainnte do labhairt. Ní raibh ar a chumas aon
órdú thabhairt uaidh i dtaobh na h-oibre. Do stad
an obair. Níor leagadh a thuille de'n fhalla. I
dteannta lúth a ghéag a bheith imthighthe uaidh agus
é bheith 'n-a bhalbhán gan urlabhra tháinig teinneas
éigin uathbhásach air. Do mhair sé rainnt aimsire
sa chás san agus é ag sgreadaigh leis an dteinneas
a bhí air, agus gan ar a chumas aon chor a chur de
ná aon fhocal do labhairt chun a dh'innsint cá raibh an
teinneas air ná cad ba dhóich leis a thabharfadh aon
bhogadh ar an dteinneas. Ansan fuair sé bás.



Do chonaic Bachides marbh é. Do chonaic sé cad
a mheas sé a dhéanamh agus chonaic sé cad a bhí im-
thighthe air. Is dócha go dtáinig eagla air go mb'fhéidir
go n-imtheóchadh droch nídh éigin de'n tsaghas chéadna
air féinig agus gur chuimhnigh sé gur bh'fhearr rith.
D'imthigh sé abhaile ag triall ar an rí, agus bhí, adeir
an Bíobla, suaineas sa tír ar feadh dhá bhlian.



Ach bhí an dá aicme daoine sa tír, fé mar a bhíd,
is docha, ins gach aon tír, i gcomhnuidhe, an droch
aicme agus an aicme fhóghanta. Tháinig an droch aicme,
i dtír na nIúdach, i bhfochair a chéile. Do ghlacadar
cómhairle a chéile. Bhí Iónatan i n'árdshagart dhlis-
tineach i n-inead Iúdáis. Dubhairt aicme an uilc:—
“Feuch, tá Iónatan agus a chualacht ar a suaineas
agus gan aon eagla ortha. Téanaighidh agus tugaimís
Bachides linn airís agus mór shluagh aige. Ní bheidh
aon choinne ag Iónatan leó. Tógfidh Bachides é
féin agus a chualacht i n-aon oidhche amháin agus beidh
deire leis an sliocht san Mhatatiais agus beidh an tír
fúinn féin againn.”


L. 785


CCCXXXI.



CUAIRD MHÍ-ÁDHBHARACH.



Nuair a bhí an méid sin socair acu agus a n-aigne
sásta d'imthighdar agus chuadar ag triall ar Bhachides
agus d'innseadar a n-aigne dhó. D'innseadar dó
conus mar a bhí Iónatan agus a chualacht ar a suaineas
agus gan aon choinne acu go raibh aon bhaoghal ortha
ná go raibh Bachides ná aoinne eile ar a dtí. Do
chreid sé iad. Do chruinnigh sé mór shluagh. Ach sar
a dtáinig sé do chuir sé leitireacha ag triall ar
rainnt d'á lucht leanamhna féin a bhí i Iúdéa agus
dubhairt sé leó breith ar Iónatan agus ar na daoinibh
a bhí i n'fhochair. Ach níor fhéadadar breith air mar
do tugadh cogar i n-am dó go rabhthas chuige. Ach
marar rugadh ar Iónatan agus ar a chualacht do rugadh
ar dhaoinibh eile. Do fuair Iónatan amach cé'r bh'iad
na daoine gasta do chuaidh i gcómhairle a chéile agus
d'imthigh ansan agus do thug toradh a gcómhairle do
Bhachides. Sar a raibh fhios acu cad a bhí chucha bhí
greim daingean aige ar dheichneabhar agus dachad acu
agus chuir sé an uile dhuine acu chun báis. Sin mar
a fuaradar san “cor i n-aghaidh an chaim.” Ansan
d'imthigh Iónatan agus Símon agus a gcualacht amach
go dtí Betbessen, cathair atá amuich sa n-uaigneas
agus do dheisigh sé fallaí na catharach san mar bhíodar
beárnthach, agus do dhainginigh sé an chathair go maith.



D'airigh Bachides go raibh Iónatan agus a mhuinn-
tir i gcathair Bhetbessen. Do chruinnigh sé a mhór
shluagh agus chuaidh sé amach 'n-a ndiaidh. Do champuigh
sé lastuas de'n chathair agus chrom sé ar bheith ag
troid i n-aghaidh na catharach a d'iarraidh í thógaint
ach níor bh'fhuiriste dhó san. Dhein sé gléasana cogaidh
ag ionsuidhe na catharach, ach do cosanadh an chathair


L. 786


'n-a choinnibh agus bíodh go raibh sé mórán aimsire
'ghá h-ionsuidhe do theip air í thógaint. Nuair a bhí
mórán aimsire caithte aige ar a gcuma san do dhein
Iónatan beart as a mhachtnamh féinig. D'fhág sé a
dhritháir Símon agus cuid de'n tsluagh a bhí acu ag
cosaint na catharach, agus d'imthigh sé féin agus an
chuid eile de'n tsluagh amach as an gcathair, a gan
fhios do Bhachides, agus do ghluais sé mórthímpal
tríd an dtír sin agus do bhuail sé cuid de cháirdibh
a namhad. Bhí sé ag argain na tíre mórthímpal, ag
marbhú a namhad agus ag cruinniú tuille slógh agus
'ghá neartú féinig agus ag tógaint gach nídh do near-
tóchadh sluagh Bhachides. An fhaid a bhí Iónatan ag
déanamh na h-oibre sin mórthímpal lasmuich, bhí Símon
agus na fir a fágadh aige istigh, bhíodar ag déanamh
toirmisg do Bhachides go dtí go raibh sé cráidhte.
Thugaidís fogha amach agus do loisgidís na gleusana
agus do mharbhuighdís a lán de sna fearaibh air. Fé
mar a bhí ag eirighe leó bhíodar ag dul i ndánacht go
dtí gur thuig sé i n'aigne go raibh buaidhte acu air,
agus gur shaothar i n-aistear dó teacht i n-aon chor
sa n-áit sin, mar go raibh nádúr na h-áite fabharamhail
do Iónatan agus namhadamhail dó féin. Do thuig
sé go raibh an chathair ró láidir dó, agus go raibh, i
n-éaghmais na bhfear a bhí sa chathair ag Símon, mór
shluagh cruinnighthe cheana féin ag Iónatan lasmuich
de'n chathair. Tháinig buile feirge air chun na ndaoine
do chuaidh ag triall air agus d'iarr air teacht isteach
sa tír ar an gcuaird sin. Thuig sé nár bh'é cómhairle
a leasa a bhí tabhartha acu dhó. D'iompuigh sé ortha
agus chuir sé a lán acu chun báis mar gheall ar é
thabhairt ar a leithéid de chuaird mhí-ádhbharach. Bhí a
lán d'á shluagh tógtha 'n-a bpríosúnachaibh ag Iónatan
agus ag Símon. D'airigh Iónatan an t-atharú aigne
a bhí tagaithe ar Bhachides. Chomáin sé teachtaireacht
ag triall air ag tairisgint síothchána dhó agus 'ghá


L. 787


rádh go gcuirfadh sé chuige na príosúnaigh. Bhí Bac-
hides go lán tsásta. Do ghlac sé an tsíothcháin
agus do dhearbhuigh sé ná déanfadh sé a thuille cur
isteach ar Iónatan an dá lá a's an fhaid a mhairfadh
sé.



CCCXXXII.



SÍOTHCHÁIN.



Do dhein Bachides an tsíothcháin le Iónatan agus
chuir gach duine acu abhaile chun an duine eile na
príosúnaigh a bhí aige ó mhuinntir an duine eile. Do
thug Bachides do Iónatan na Iúdaígh a bhí 'n-a
bpríosúnachaibh aige tógtha a' tír Iúda sar ar chuaidh
sé amach i ndiaidh Iónatain go cathair Bhetbessen.
Ansan bhí an bheirt sásta go maith le n-a chéile
agus chuaidh Bachides abhaile chun a thíre féinig agus
níor tháinig sé a thuille ag déanamh aon chur isteach
ar Iónatan.



Ansan bhí síothcháin ag na Iúdaígh. Tháinig Iónatan
agus do chomhnuigh sé sa n-áit ar a dtugtí Machmas
agus thosnuigh sé ar an ndlighe do chur i bhfeidhm i
n-aghaidh gach aicme droch dhaoine, i dtreó go ndeir
Bíobla “gur ídigh sé na droch dhaoine as an dtír
amach.”



Do lean neithe ar an gcuma san ar feadh chúig
mblian. Bhí Demétrius 'n-a rí i n-Antioch agus
Iónatan 'n-a chómhnuidhe i Machmas agus é ag
tabhairt aire do'n náisiún agus ag cur na ndlighthe
i bhfeidhm, agus na daoine ag tabhairt aire d'á
ngnóthaíbh féinig agus gach aoinne ar a shuaineas.
Tar éis na gcúig mblian tháinig fear d'ár bh'ainm
Alegsandar agus thóg sé an chathair ar a dtugtí
Ptolemais agus d'fhan sé sa chathair sin 'n-a rí.


L. 788


Do thuig sé gur bh'é féin an rí ceart, mar mac
ab eadh é d'Antiochus oirdheirc. Gníomh i gcoinnibh
Dhemétriuis ab eadh an gníomh san. Do chruinnigh
Demétrius mór shluagh láithreach chun a chirt féin
do chur i bhfeidhm i gcoinnibh Alegsandair sin.
Nuair a bhí Demétrius ag cruinniú a shlógh do
chuimhnigh sé ar Iónatan. “Is fearra dhúinn,” ar
seisean i n-aigne féin, “muinntearthas a dhéanamh
le Iónatan sar a mbeidh uain ag Alegsandar ar
mhuinntearthas a dhéanamh leis, i n-ár gcoinnibh, óir
is baoghal go gcuimhneóchaidh sé ar ar dheineamair
d'olc air féin agus ar a dhritháir agus ar na Iúdaígh
go léir.”



B'é toradh a mhachtnaimh gur sgríbh sé leitir bhreágh
shíothchánta cháirdeamhail chun Iónatain, 'ghá mholadh
go mór agus ag tabhairt úghdaráis dó chun slógh do
chruinniú agus chun bheith ag déanamh arm agus ag
déanamh córacha cogaidh.



Do léigh Iónatan an leitir i láthair na ndaoine
go léir agus i láthair na ndaoine iasachta a bhí sa
chaisleán. Tháinig sgannra ortha san nuair airighdar
an t-úghdarás 'á thabhairt do Iónatan chun slógh do
chruinniú. Isé céad úsáid a dhein Iónatan de'n
úghdarás ná na gill úd a bhí istigh sa chaisleán do
sgaoile amach agus do chur abhaile ag triall ar a
n-aithreachaibh agus ar a máithreachaibh.



Ansan do tháinig Iónatan chun cómhnuighthe i gcathair
Ierúsalem. Bhí fallaí na catharach briste beárthnach
agus thosnuigh sé ar iad a dhéanamh suas go breágh
daingean, agus ar na fallaíbh tímpal ar chnoc Síon
do dhéanamh suas go láidir daingean le clochaibh
móra ceárnacha. Bhí daoine iasachta istigh in sna
daingeanaibh úd a chuir Bachides suas sar a ndeigh
sé amach go dtí Betbessen. Nuair a chonaic na
daoine iasachta san an obair a bhí ag Iónatan 'á
dhéanamh do theicheadar as na daingeanaibh agus


L. 789


d'imthighdar as an dtír ar fad, ach gur fhan rainnt
bheag daoine i mBetsúra. Ach níor dhaoine iasachta
iad san ach amháin droch Iúdaígh a bhí tar éis cúl a
thabhairt le n-a gcreideamh féinig.



D'airigh Alegsandar i dtaobh na leitire do sgríbh
Demétrius ag triall ar Iónatan. Agus do h-inn-
seadh d'Alegsandar an sgéal go léir, na cathana
a throid Iónatan i gcoinnibh Dhemétriuis, agus na
gníomhartha móra a dhein sé agus na cruadhtain a
dh'fhuilig sé. Nuair airigh sé na tuairisgí sin dubhairt
sé i n'aigne féin: “Ca bhfuil fear eile mar é sin
le fághail? Ní mór dúinn muinntearthas a dhéanamh
leis an bhfear san, agus caradas cogaidh a dhéanamh
leis.” Agus do sgríbh sé chun Iónatain an leitir
seo: -



“An rí Alegsandar chun a dhrithár Iónatan,
sláinte: D'airighmair trácht ort-sa, gur fear ana
chómhachtach thu, agus gur fiú thu tú bheith ad' dhuine
muinnteartha againn. Deinimíd anois, d'á bhrígh sin,
thusa do cheapadh ad' árdshagart ar do náisiún féinig,
agus órduighmíd go dtabharfar ort feasta cara
an rí.” Agus chuir sé iorradh corcra chuige agus
coróinn óir; “Agus,” ar seisean, “beidh tú ar
aon aigne linn i n-ar ngnóthaíbh, agus seasamhach i
gcaradas dúinn.”



CCCXXXIII.



ÁRDSHAGART DLISTINEACH.



Ná beir leat, a léightheóir, go raibh ar chumas an
rí árdshagart a dhéanamh de Iónatan. Bhí Iónatan
i n'árdshagart do réir dhlighe Mhaoise. De shliocht
Aaroin ab eadh é féin agus a dhritháir Iúdás, agus a


L. 790


athair Matatias. Mara mbeadh san ní dhéanfadh
cainnt aon rí ná aon ímpire árdshagart de. Ach
d'fhéadfadh an rí breith air agus é chur isteach i bpríos-
ún agus árdshagart bréagach do chur i n'inead, rud
nár bh'anamh ag rí a dhéanamh. Ba mhór, d'á bhrígh sin, an
tairbhthe do Iónatan órdú an rí a bheith aige chun
gnóthaí árdshagairt a dhéanamh, agus chun dualgaisí
árdshagairt do chómhlíonadh. Nuair a fuair sé an leitir
ó Alegsandar bhí an t-órdú san aige. Bhí an leitir
eile aige, leis, an leitir úd a fuair sé ó Dhemétrius
ag tabhairt an úghdaráis dó chun bheith ag déanamh arm
agus ag cruinniú slógh. Bhí an t-úghdarás ansan aige
ó'n mbeirt agus chrom sé láithreach ar an dá úghdarás
do chur i ngníomh. Chuir sé na ceárdaidhthe ag obair
ag déanamh na n-arm. Chuir sé na taoisigh ag obair
ag cruinniú na bhfear agus 'ghá múine chun na n-arm
do láimhseáil agus chun taithighe dhéanamh de ghnóthaíbh
cogaidh, agus chuir sé uime féinig, go poibilidhe, an
éide bheannuighthe, éide an árdshagairt, agus dhein
sé gnó an árdshagairt lá na solumnachta ar a dtugtí
féile na dtabernacul, sa seachtmhadh mí de'n bhliain
céad agus sé dheich; sa bhliain céad cúig dheich a trí
roim theacht an tSlánuightheóra.



Níor bh'fhada go raibh sluagh mhaith láidir aige agus
iad armtha go maith agus gach aon rud ag eirighe leis
ar áilneacht. Daoine muinnteartha ag cruinniú chuige
as gach uile áird agus daoine nár thaithn leis ag
cimeád amach uaidh agus ag sleamhnú leó as an dtír
fé mar a gheibhdís an chaoi.



D'airigh Demétrius an sgéal go léir. Bhí fhios aige
go raibh sé féin tar éis an úghdaráis a thabhairt do
Iónatan chun na n-arm a dhéanamh agus chun an tslógh
do chruinniú. Ach do h-innseadh dó conus mar a bhí
Alegsandar tar éis árdshagairt a dhéanamh de agus
tar éis na coróinneach óir a chur ag triall air agus
tar éis “duine muinnteartha do'n rí” a dhéanamh


L. 791


de. Tháinig ana chathú air agus ana channcar. “Ó, foth
foth!” ar seisean, i n'aigne féin, “ní maith atá ár
ngnó déanta againn. Tá Alegsandar tar éis teacht
laistigh dínn agus tar éis é féin do neartú le caradas
Iónatain agus na nIúdach. Ní mór domh-sa, leis,
sgrí chucha agus iad do mhealladh uaidh le deagh
chainnt agus le tabharthaistíbh, i dtreó gur agam a
bheidh a neart agus a gcongnamh.” Do sgríbh sé chucha
mar seo:—



“An rí Demétrius chun náisiúin na nIúdach, sláinte.
Ó's rud é go bhfuiltí tar éis fanmhaint dílis dúinn
agus tar éis bheith seasamhach i nbhúr gcaradas dúinn,
agus gan páirt a ghabháil le n-ár namhaid, agus gur
h-innseadh san dúinn, tá áthas orainn. D'á bhrígh sin
ní'l againn ach a iarraidh oraibh anois leanmhaint ar
an gcuma san. Bídhidh dílis dúinn agus déanfimíd
bhúr ndílse do chúiteamh libh go maith agus go fial.
Maithfimíd daoibh mórán éilimh, agus tabharfimíd
daoibh mórán tabharthaistí. Saoraim anois sibh-se
agus na Iúdaígh go léir ó sna cánachaibh, agus leogaim
saor sibh ó sna custumaibh salainn, agus maithim
daoibh na coróinní, agus na triana síl. Agus an leath
úd atá ag teacht chugham-sa de thorthaíbh na gcrann,
fágaim agaibh é sin ó'n lá so amach, i dtreó ná beidh
sé d'á thógaint de thalamh Iúda ná de sna trí cathar-
achaibh atá curtha le talamh Iúda ó Shamaría agus ó
Ghaililí, ó'n lá so amach agus do deó. Agus bíodh
cathair Ierúsalem naomhtha agus saor, mar aon le
n-a críochaibh, agus bíodh a cíosana agus a deachamhna
aici dhi féinig.”


L. 792


CCCXXXIV.



CUID EILE DE'N LEITIR.



Tá anso an chuid eile de'n leitir úd a sgríbh an rí
Demétrius ag triall ar Iónatan chun é mhealladh ó
mhuinntearthas Alegsandair:—



“Tugaim uaim, leis, mo chómhacht os cionn an chais-
leáin atá i gcathair Ierúsalem agus bronnaim an
caisleán san ar an Árdshagart, agus chuireadh an
t-Árdshagart isteach ann, chun é chimeád, pé daoine
is maith leis féin a chur isteach ann. Agus pé áit
ar fuaid mo rígheachta i n-a bhfuil aon duine de sna
Iúdaígh 'n-a phríosúnach leogfad chun siubhail é láithreach
agus sgaoilfar abhaile saor é, gan aon éileamh air
i dtaobh cánach ná i dtaobh cíosa a h-áirnéis. 'N-a
theannta san sé mo thoil, leis, gach lá féile, agus
gach lá sabbóide, agus gach ré nua, agus na laethanta
ceapaithe, agus trí lá roimis an lá solumanta agus
trí lá 'n-a dhiaidh, a bheith 'n-a laethantaibh saoirse
feasta do sna Iúdaígh go léir atá i n-aon pháirt dem'
rígheacht agus gan a bheith ar chumas aon duine aon
rud a dhéanamh 'n-a gcoinnibh ná aon chur isteach a
dhéanamh ortha i n-aon tsaghas cúise. Agus anois
glactar isteach i n-arm an rí trí dheich de mhíltibh fear
de sna Iúdaígh agus curtar síos a n-ainimneacha,
agus gearrtar amach tuarastal dóibh fé mar atá
ag dul do gach aon fhear atá i n-arm an rí. Agus
ceapfar cuid acu chun bheith 'n-a lucht cimeádta i
ndaingeanaibh an rí. Agus curfar cuid acu i mbun
gnóthaí na rígheachta, an chuid acu a chífar a bheith tuis-
gionach creideamhnach, agus nách miste iontaoibh a
bheith asta. Agus deintear na riaghaltóirí do thoghadh
asta féin, agus bíodh a riaghalú do réir a ndlighthe


L. 793


féin, fé mar atá órduighthe ag an rí a dhéanamh i dtír
Iúda.”



“Agus na trí catharacha atá curtha le Iúdéa, a'
tír Shamaría, fanaidís sin ag gabháil le Iúdéa, i dtreó
go mbeid siad fé aon smacht amháin agus ná beidh
aon úghdarás ag aon duine os a gcionn ach amháin
ag an Árdshagart. Bronnaim Ptolemais, agus an
tír atá ag gabháil leis an gcathair sin, ar na h-áiteanaibh
beannuighthe atá i gcathair Ierúsalem, chun an chostais
atá riachtanach do sna gnóthaíbh naomhtha. Agus tug-
aim, gach aon bhliain, amach as mo chuid saidhbhris féin,
chúig míle dhéag de shicilibh airgid. Agus pé méid
airgid a dh'fhág an mhuinntir a bhí os cionn na ngnóthaí
gan síne isteach i gcaitheamh na mblianta atá imthighthe,
tugtar, as so amach, é chun oibreacha an tighe. 'N-a
theannta san, an chúig míle sicil airgid úd a gheibhdís
ó chúntas na n-áiteana beannuighthe gach aon bhliain,
bíodh sé as so amach ag na sagartaibh a bhíon ag déanamh
gnótha na ministreachta.”



“Agus aon duine do théichfidh isteach sa teampul
atá i gcathair Ierúsalem, agus go mbeidh aon éileamh
ag an rí air mar gheall ar aon rud, leogtar saor é.
D'á éaghmais sin, aon chostas a déanfar le h-oib-
reachaibh deisúcháin ar na h-áiteanaibh naomhtha, díol-
tar é amach a' cíosanaibh an rí. Agus aon chostas a
déanfar ag cur fallaí catharach Ierúsalem suas,
ná fallaí aon daingin eile i Iúdéa, díolfidh an rí é.”



Do léigh Iónatan an leitir sin do sna daoine.
D'éist na daoine leis an gcainnt a bhí sa leitir. Ach
do chuimhnighdar go maith ar an saghas gníomhartha a
bhí déanta ag an bhfear gcéadna san ortha sa n-aimsir
a bhí imthighthe agus níor chreideadar féin ná Iónatan
aon fhocal de sna geallamhnaibh breághtha san.


L. 794


CCCXXXV.



RÉIM PHILIB.



Bhí Iónatan ag léighe na leitire sin a fuair sé ó'n
rí Demétrius agus bhí na daoine ag éisteacht leis.
D'airighdar na geallamhaintí breátha, na tabharthaistí
saidhbhire a thabharfadh an rí sin dóibh. Ach bhíodar
ag cuimhneamh ar an aimsir a bhí curtha dhíobh acu,
agus ní ró fhada a bhí sí curtha dhíobh acu. Bhí
Antiochus óg tar éis gabháil de chosaibh sa tír ortha
le n-a mhór-shluagh armála agus le n-a mhór-shluagh
elefantí. Dhein Antiochus óg agus Luísias síothcháin
leis na Iúdaígh nuair a bhí Pilib tar éis rí dhéanamh
de féin thuaidh i n-Antioch. D'imthigh an bheirt, iad
féin agus a mór-shluagh agus a n-elefantí, óthuaidh go
h-Antioch agus chuireadar deire le réim Philib.
Ansan tháinig an Demétrius so agus chuir sé
deire go tapaidh le réim na beirte, Antiochus
óg agus Luísias. Níor bh'aon iongna go ndéarfadh
na Iúdaígh 'n-a n-aigne féinig, ó ba namhaid dóibh
Antiochus óg, go mbeadh namhaid an Antiochuis sin
'n-a dhuine mhuinnteartha acu. I n'inead san ba
mheasa dhóibh chucha é 'ná Antiochus óg féin, d'á olcas
é. Chuir sé chucha Bachidés, agus an t-Árdshagart
bréagach, an cuiripeach Alcimus, agus an ropaire
Nicanor, an fear a shín a lámh dheas amach i gcoinnibh
an teampuil agus do mhaoidhimh ná fágfadh sé cloch
ar muin cloiche de'n teampul san mara dtugtí
isteach 'n-a láimh dó Iúdás Macabéus agus a shluagh
bheag. Bhí ídhbirt ag na sagairt 'á dhéanamh chun Dé,
ar son an rí Demétrius, nuair adubhairt Nicanor,
seirbhíseach an rí, an chainnt sin, agus nuair a thug sé
masla do Dhia agus do theampul Dé agus do shagar-
taibh Dé, leis an gcainnt sin. Do dhein an Demétrius


L. 795


san a chroidhe díthil chun na nIúdach a chur as an
saoghal ar fad, díreach mar a dhein a dhritháir, an
t-Antiochus úd a fuair an bás grána, déistineach.
Agus b'shiniad anois na Iúdaígh, agus a gcluasa ar
osgailt acu, ag éisteacht leis an leitir sin, ó'n
Demétrius céadna san, 'ghá gheallamhaint go ndéan-
fadh sé na neithe móra san go léir do náisiún na
nIúdach, agus d'á dtír, agus d'á n-Árdshagart, agus
do'n teampul! Gan amhras bhí na Iúdaígh, agus iad
ag éisteacht leis an leitir sin d'á léighe, 'ghá fhiaf-
raighe dhíobh féin: “An dóich leis go gcreidfimís
an chainnt sin? Nú an dóich leis go bhfuilimíd gan
chiall gan chuimhne?”



Níor chuireadar blúire suime sa leitir. Do ghabhadar
páirt Alegsandair. Bhíodh sé i gcómhnuidhe ag
déanamh díthil chun síothchána dhéanamh dóibh, agus
bhíodh sé ag cabhrú leó.



Do chruinnigh sé a shlóighte. Do dhruid sé i dtreó
na h-áite i n-a raibh Demétrius agus a shluagh. Do
throid an dá rí. Do buaileadh cath fuilteach eatartha.
Do cuireadh an ruag ar shluag Dhemétriuis. Do thuit
Demétrius. D'fhág san Alegsandar 'n-a rí ar an
ndúthaigh go léir, ó bhruach abhan Euphrátes go bruach
na Mara Ruadha.



CCCXXXVI.



ONÓIR ANA MHÓR.



Mac d'Antiochus Oirdheirc, 'sé sin, do'n droch
Antiochus úd, ab eadh Alegsandar so. Níor bh'fhógh-
anta an mianach é. Mar sin féin do lean sé i gcarad-
as le Iónatan agus leis na Iúdaígh, agus níor


L. 796


bhréagnuigh sé an leitir úd a chuir sé ag triall ar
Iónatan nuair a bhí sé féin agus Demétrius ag
baint Iónatain d'á chéile.



Chómh luath agus bhí buaidhte aige ar Dhemétrius
agus Demétrius marbh do thuig sé i n'aigne go raibh
sé suidhte daingean i rígheacht a athar agus gur mhór
an neartú ar a chómhacht é dá bhféadadh sé cleamhnas
a dhéanamh agus inghean Ptolemé, rí na h-Éigipte,
do phósadh agus í thabhairt leis go h-Antioch. Do
sgríbh sé leitir agus chomáin sé uaidh teachtairí, agus
an leitir acu, ódheas ag triall ar Ptolemé. Sidí
an chainnt a bhí sa leitir:—



“Ó's rud é go bhfuilim-se tagaithe thar n-ais am'
rígheacht féinig agus go bhfuilim suidhte i gcathaoir
ríoga mo shínsear, agus go bhfuil forlámhas gabhtha
agam, agus go bhfuilim tar éis Demétriuis a threas-
gairt, agus go bhfuil an tír sealbhuighthe agam; anois
d'á bhrígh sin deinimís caradas le n-a chéile, agus
tabhair-se dhomh-sa t'inghean mar mhnaoi, agus beidh
mé am' chliamhain agat, agus tabharfad duit-se agus
d'isi tabharthaistí diongabhálta.”



D'fhreagair rí na h-Éigipte an leitir sin agus seo
mar adubhairt sé: “Lá séin iseadh an lá 'n-ar
tháinís thar n-ais go críochaibh do shínsear, agus go
bhfuilir ad' shuidhe i gcathaoir rígheachta t-atharach.
Agus déanfad-sa go deimhin an rud atá agat d'á
iarraidh orm. Ach tar am' choinnibh go Ptolemais i
dtreó go bhfeicfimíd a chéile agus go dtabharfad
duit í mar adeirir.”



Ansan tháinig Ptolemé go dtí cathair Ptolemais
agus bhíodar i bhfochair a chéile agus thug Ptolemé
dhó a inghean Cleopátra, agus do pósadh iad, agus
bhí an bhainis uasal thar na beartaibh, mar ba chuibhe idir
righthibh. Agus do sgríbh Alegsandar chun Iónatain
'ghá iarraidh air teacht chun na bainise. Do tháinig
sé agus bhí sé i bhfochair an dá rí, agus do bhronn sé


L. 797


a lán airgid agus óir ar an mbeirt. Agus bhíodar
ana mhuinteartha leis, agus ana bháidheamhail.



Agus tháinig droch dhaoine áirithe, Israélíthigh a bhí
go h-olc, agus thánadar i bhfochair a chéile agus iad
ceapaithe ar ghearán a chur isteach ar Iónatan i láthair
an rí. Cuid de sna droch Iúdaígh a bhí tar éis cúl a
thabhairt le n-a gcreideamh ab eadh iad. Ach níor thug
an rí aon chluas dóibh. Ach dhein sé rud eile. D'órduigh
sé an t'éadach a bhí ar Iónatan a bhaint de agus éadach
corcra do chur uime, éadach ríoga, agus chuir sé
fhiachaint air suidhe i n'aice féin. Agus dubhairt sé
leis na h-uaislibh a bhí aige: “Imthighidh amach,” ar
seisean, “agus siubhluighidh tríd an gcathair i n-aon-
fheacht le Iónatan, agus deinidh a fhógairt do'n
phoibilidheacht gan aoinne theacht ag déanamh aon
ghearáin ar Iónatan ná ag déanamh aon tsaghas cur
isteach air ar aon chúis i n-aon chor.” Nuair a chonaic
na droch dhaoine an onóir sin go léir tabhartha do
Iónatan agus an t-éadach corcra uime aige, mar
a bheadh ag rí, chuimhnighdar gur mhithid dóibh féin teiche
as an áit agus do theicheadar. Ansan do thug an rí
onóir ana mhór do Iónatan agus d'ainimnigh sé ameasg
a charad ionmhuin é, agus dhein sé gobhernóir de agus
dhein páirteach i n-a chómhacht féin é.



Ansan tháinig Iónatan thar n-ais go Ierúsalem
agus é go sásta i n'aigne, agus síothcháin agus soil-
bhreas aige do réir a thoile, agus é lán d'áthas.



CCCXXXVII.



APOLLÓNIUS.



Bhí an sgéal ar a thoil ag Alegsandar, dar leis
féin. Bhí sé 'n-a rí ar rígheacht a athar. Bhí rí na
h-Éigipte i n' athair chéile aige. Bhí Demétrius marbh.


L. 798


Cé bhí chun aon chur isteach a dhéanamh air? Ach fóraoir,
an rud céadna díreach a dhein Alegsandar le
Demétrius bhí Demétrius eile chun é dhéanamh le
h-Alegsandar. Do marbhuigheadh Demétrius, ach
bhí mac do'n Demétrius san, .i. Demétrius eile,
bhí sé beó laistiar i gCréité, beó go maith, leis.
Tháinig sé isteach i rígheacht a athar agus sluagh líon-
mhar láidir aige. D'airigh Alegsandar é bheith tag-
aithe agus do baineadh an t-áthas de glan. D'imthigh
sé láithreach óthuaidh go h-Antioch agus thosnuigh sé
ar é féin a chur i dtreó chun a rígheachta do chosaint
ar an nDemétrius óg.



Bhí fhios ag an nDemétrius óg cé'r bh'é Iónatan,
agus bhí fhios aige cad é an saghas é. Bhí fhios aige,
mara smachtuigheadh sé Iónatan ar dtúis nár bh'fhéidir
dó tabhairt fé Alegsandar. Do sgríbh sé leitir ag
triall ar Iónatan. Sidí an chainnt a bhí sa leitir a
sgríbh sé: “Is tusa an t-aoinne amháin atá ag
seasamh i n-ár gcoinnibh. Táthar ag magadh fúm mar
gheall ort. Táthar 'ghá chasadh liom go bhfuilir ag
taisbeáint do chómhachta i n-ár gcoinnibh in sna cnoc-
aibh. Má tá iontaoibh agat as do neart tar anuas
ar an machaire agus bainimís triail as a chéile. Is
agam-sa atá neart cogaidh. Cuir mo thuairisg.
Fiafraigh cé h-é me, agus 'neósfar duit cé h-é me
agus cé h-iad atá ag cabhrú liom. 'Neósfar duit
nách féidir dod' chois seasamh os ar gcómhair, óir
do cuireadh ruag dhá uair ar do shínsear-sa i n-a
dtír féinig. Conus is féidir duit seasamh anois i
gcoinnibh ár n-armála ar an machaire, áit atá gan
chloich gan charaig, gan díon go bhféadfí teiche
chuige.”



Ansan chuir sé uaidh Apollónius, ceann uraid
a shlógh, i gcoinnibh Iónatain. Do thuig Iónatan nár
mhór dó bheith tapaidh. Do thoibh sé deich míle fear
agus do ghluais sé amach a' cathair Ierúsalem, agus


L. 799


tháinig a dhritháir Símon chuige ag cabhrú leis. Ní
h-innstear cad é an neart fear a bhí ag Símon, ach
is cosmhail go raibh suas le deich míle aige. Chuir-
eadar a gcámpaí suas i n-aice le Ioppe. Do dúnadh
an chathair sin 'n-a gcoinnibh, mar bhí Apollónius tar
éis lucht cimeádta do chur isteach innti. D'imdhruid
Iónatan an chathair. Tháinig sgannra ar mhuinntir
na catharach nuair a fuaradar go raibh Iónatan 'ghá
n-imdhruidim. D'osgaladar na geataí dhó agus thóg
sé an chathair. D'airigh Apollónius an nídh sin. Thóg
sé leis trí mhíle marcach agus mórshluagh troightheach
agus d'imthigh sé go h-Asótus. Do lean Iónatan
é agus thosnuighdar ar chómhrac. Bhí longphort ag
Apollónius i n-aice le h-Asótus. Tháinig sé féin
agus a mhór shluagh troightheach agus marcach amach as
an longphort san chun an chómhraic a dhéanamh. D'fhág
sé istigh sa longphort, a gan fhios, míle marcach, ach
bhí fhios ag Iónatan go rabhadar istigh. I n-imtheacht
an chómhraic ba ghearr go bhfeacaidh Iónatan go raibh
Apollónius agus a mhór shluagh lasmuich dhe agus
go raibh an longphort, agus na marcaigh i bhfolach
ann, laistiar de. Ba ghearr go dtánadar amach agus
gur thosnuighdar ar ghathanaibh do chaitheamh le sluagh
Iónatain, ó'n dtaobh thiar díobh. D'órduigh Iónatan
d'á fhearaibh gan aon chor a chur díobh. Sheasuighdar
daingean. Níor bh'fhada gur coireadh an eachra tré
dhéine reatha, ag ionsuidhe agus ag aithionsuidhe. Nuair
a bhí na capail traochta, tháinig Símon agus a shluagh
amach. D'ionsuidh an bheirt drithár agus a dhá neart
mór-shluagh Apollóniuis agus chuireadar ár agus
dearg ruathar ortha ar fuaid an mhachaire go léir.
Do theich cuid acu isteach i n-Asótus agus isteach i
teampul Dagoin. Ach do loisg Iónatan le teine
iad féin agus an teampul agus an t-íodal Dagon.


L. 800


CCCXXXVIII.



AR MUIN NA MUICE.



An fear úd a bhí ag maoidheamh as an éirleach a
dhéanfadh sé ar na Iúdaígh ach go bhfaghadh sé ar an
machaire iad do fuair sé ar an machaire iad agus
do bhaineadar an mhóráil i gceart de. Níor dhein
Iónatan aon mhaoidheamh as an ngníomh a dhéanfadh
sé. Do dhein sé rud ab fhearr go mór 'ná aon mhaoidh-
eamh. Do dhein sé an gníomh. Má bhí daoine 'ghá chasadh,
roimis sin, le Demétrius óg agus le h-Apollónius,
go raibh sé fuar acu bheith ag braith ar rígheacht Antioch
do shealbhú an fhaid a bhí Iónatan idir iad agus an
rígheacht san, bhí rud ba mheasa go mór ag daoine
le casadh leó nuair a bhí Iónatan tar éis a mór shlógh,
idir eachra agus troightheacha, do thraochadh agus do
sgaipe agus do threasgairt marbh ar an machaire
gcéadna san ar a raibh maoidhmhte acu go múinfidís
do Iónatan conus cogadh dhéanamh. Do dheineadar-
san an maoidheamh, ach do dhein Iónatan an gníomh.
An méid nár marbhuigheadh ar an machaire dhíobh do
theicheadar isteach i gcathair Asótus, agus isteach
i dteampul an íodail Dagon. Do thóg Iónatan an
chathair agus d'argain sé í agus do loisg sé í. Do
lean sé an mhuinntir a chuaidh isteach i dteampul
Dagoin agus do loisg sé iad féin agus an teampul
agus Dagon. Ansan do ghluais sé mórthímpal agus
thóg sé na catharacha eile do bhain leis an namhaid,
agus dhein sé argain ortha agus do loisg sé iad.
Ansan d'imthigh sé ó'n áit sin agus do rug sé a shluagh
leis agus chuaidh sé go dtí an chathair ar a dtugtí
Ascalon, cathair a bhí ar bruach na faraige, tamal
ódheas ó Asótus. Ach chuaidh a thuairisg roimis.
D'airigh muinntir Ascalon é bheith ag teacht. Tháinig


L. 801


sé. Do champuigh sé lasmuich de'n chathair. Níor fhan
muinntir na catharach le n-a thuille. D'airighdar cad
a bhí imthighthe ar Asótus. D'osgaladar na geataí
agus thánadar amach ag triall air 'ghá onórú go
h-árd. Do luighdar fé n-a smacht agus ghealladar
bheith dílis dó. Bhí seisean agus iad-san sásta.
Ansan tháinig Iónatan agus a shluagh thar n-ais go
dtí Ierúsalem agus mórán foghla acu, maoin agus
ollmhaitheas agus saidhbhreas na slóighte namhad a
bhí claoidhte acu agus na gcatharach a thógadar.



Bhí Alegsandar tar éis dul óthuaidh go h-Antioch
agus buairt aigne a dhóithin air agus ná feidir sé
cá bhfaghadh sé slóighte agus arm chun é féin a chosaint
ar Dhemétrius agus ar Apollónius nuair a bhíodar
ag teacht agus iad ceapaithe ar a dhéanamh leis-sean
díreach mar a bhí déanta aige-sean, tamal beag
roime sin, leis an nDemétrius eile. I lár na
buartha dhó do shrois na sgéala é go raibh Iónatan
agus na Iúdaígh tar éis sgaipe na mion-éan a chur
ar Apollónius agus ar a mhór shluagh. Bhí áthas ar
Alegsandar gan amhras. Chomáin sé teachtaireacht
uaidh ag triall ar Iónatan ag gabháil a bhuidheachais
leis, agus chuir sé ag triall air búcla óir, an saghas
bronntanais ba ghnáth le rí a chur ag triall ar rí eile.
D'á éaghmais sin do bhronn sé Accaron air agus an
dúthaigh a bhí mórthímpal ar an gcathair sin.



Nuair a bhí an méid sin déanta is dócha gur thuig
Alegsandar go raibh gach nídh chun a thoile aige; go
raibh sé “ar muin na muice”; nár bhaoghal dó
feasta Demétrius óg, bhí a leithéid sin de threas-
gairt fághalta aige féin agus agá mhór shluagh ó
Iónatan agus ó sna Iúdaígh. Bhí dearmhad air, ámhthach.
Bhí namhaid aige ba mheasa dhó chuige go mór 'ná
Demétrius. B'é namhaid é sin 'ná a dhuine muinn-
teartha féinig, athair a chéile, rí na h-Éigipte, an fear
céadna úd a dubhairt gur lá séin dó gur bh'eadh an


L. 802


lá a chuimhnigh sé ar an gcleamhnas a dhéanamh. Do
bheartuigh Ptolemé, rí na h-Éigipte, le feall agus
le camustúiol, rígheacht Alegsandair a bhaint de
agus í thógaint chuige féinig.



CCCXXXIX.



DEIRE LE H-ALEGSANDAR.



Bhí Ptolemé, rí na h-Éigipte ceapaithe ar an
bhfeall a dhéanamh agus ar rígheacht Alegsandair a
bhaint de agus do thógaint chuige féinig, i dtreó go
mbeadh an dá rígheacht aige, agus go mbeadh sé 'n-a
rí ar na tíorthaibh go léir, ó abhainn na h-Éigipte
thuaidh go h-Antioch agus soir go h-abhainn mhór
Euphrátes.



Do chruinnigh sé mór shluagh a bhí, adeir an Bíobla,
chómh líonmhar leis an ngainimh atá ar bruach na faraige,
agus do chruinnigh sé mórán loingeas. Bhí an fharaige
aige, áiseach go leór, lastuaidh de'n Éigipt mar
a dtéidhean uisge abhan Níluis isteach i muir Tarr-
íann. Nuair a bhí gach aon rud ullamh aige do ghluais
sé óthuaidh; a shlóighte troightheach agus marcach ar
tír, agus a chabhlach loingeas laistiar de, amuich ansúd
ar an bhfaraige. D'airigh Iónatan é bheith ag teacht
ach má airigh ní raibh aon droch iontaoibh aige as. Do
mheas sé, nídh nár bh'iongna, gur ag cabhrú le n-a
chliamhain a bhí sé ag teacht, .i. leis an rí Alegsandar.
D'airig Alegsandar féin é bheith ag teacht agus is
amhlaidh a bhí fáilte aige roimis. Bhí daoine éigin i dtír
Cilícia tar éis eirighe 'n-a choinnibh agus shamhluigh sé
gur bh'amhlaidh a bhí athair a chéile ag teacht ag cabhrú
leis chun iad a thabhairt fé smacht airís. Nuair a bhí
sé chómh fada óthuaidh le h-Asótus bhí Iónatan tagaithe
amach ann 'n-a choinnibh ag cur fáilte roimis agus


L. 803


'gha onórú. Do chaith an bheirt rainnt aimsire i bhfochair
a chéile sa n-áit sin agus iad ana mhuinnteartha le
n-a chéile. Tháinig daoine ann agus chuireadar gearán
isteach ar Iónatan agus thaisbeánadar do Ptolemé
an léirsgrios a dhein Iónatan ortha nuair a threas-
gair sé an mhór-shluagh úd Apollóniuis agus Demé-
triuis. Níor chuir Ptolemé aon tsuím sa ghearán.
Bhí a mhalairt sin de chúram ar a aigne an uair sin.
Do thóg sé na catharacha go léir fan na faraige
óthuaidh. Níor dheacair dó an méid sin a dhéanamh,
mar bhí órdú tabhartha ag Alegsandar do sna cathar-
achaibh sin a ngeataí a dh'osguilt d'athair a chéile agus
onóir a thabhairt dó mar a thabharfidís dó féinig.
D'á bhrígh sin ní raibh aige le déanamh ach bualadh isteach
ins gach cathair fé mar a tháinig sé chun an gheata, agus
an fháilte a cuireadh roimis do ghlacadh. Ach ag im-
theacht dó as gach cathair do dhein sé rud nár tuigeadh
an uair sin. D'fhág sé gairisiún d'á fhearaibh féinig
n-a dhiaidh ins gach cathair. Do ghlac sé forlámhas
ortha go léir ar an gcuma san, óthuaidh ar fad go
dtí cathair Seleúcia. Nuair a bhí an méid sin déanta
aige do chomáin sé teachtaireacht ag triall ar Dhemé-
trius ag rádh na cainnte seo:—



“Tar agus deinimís araon socarú eadarainn
féin. Tógfad m'inghean ó Alegsandar so agus
tabharfad duit-se í, agus beidh tú ad' rí ar rígheacht
t'athar. Tá cathú orm í thabhairt riamh dó. Thug sé
iarracht ghrána fé'n anam a bhaint asam.”



Bréag ab eadh é sin. Ach do thóg sé an inghean,
Cleopátra, agus thug sé do Dhemétrius í. Ansan
chuaidh sé isteach i gcathair Antioch agus chuir sé dhá
choróinn ar a cheann i n-aonfheacht, óir, bhí sé, dar leis,
'n-a rí ar an dá rígheacht. Bhí Alegsandar i gCilícia.
D'airigh sé an sgéal. Tháinig sé chun catha thabhairt
d'athair a chéile. Do troideadh an cath. Do buadhadh
ar Alegsandar. Do theich sé ódheas go h-Arabia fé


L. 804


chomairce fir d'ár bh'ainm Sabdiel. Bhain Sabdiel
an ceann de agus chuir sé an ceann óthuaidh ag triall
ar Ptolemé go h-Antioch. Bhí Ptolemé 'n-a rí i gceart
ansan, ar an dá rígheacht. Níor mhair sé, ámhthach, ach
trí lá. Ansan do bhuail Demétrius isteach.



CCCXL.



DEMÉTRIUS.



Do dhein Ptolemé, rí na h-Éigipte, an feall grána
ar a chliamhain. Bhí an dúil mhalluighthe aige sa tarna
rígheacht. Do fuair sé a dhúil. Do cuireadh an dá
choróinn ar a cheann. Ach tar éis a shaothair go léir,
agus tar éis an fhill go léir, agus tar éis an droch
ghnímh chaillte dhéanamh, níor mhair a réim ach trí lá.
Tháinig an bás air. D'fhág sé an dá rígheacht 'n-a dhiaidh
agus b'éigean dó Alegsandar do leanmhaint. Ansan
do bhuail Demétrius isteach i rígheacht a shínsear ar a
shuaineas gan aoinne beó ag cur 'n-a choinnibh.



Nuair a bhí Ptolemé tar éis bháis do mhairbh slóighte
Dhemétriuis na gairisiúin Éigipteacha úd a dh'fhág
Ptolemé in sna catharachaibh fan bhruach na faraige,
agus an gairisiún a bhí i n-Antioch. Bhí muinntir na
h-Éigipte ar buile mar gheall air sin. Dubhradar
gur bh'olc a dhein Demétrius é ar na h-Éigipteachaibh
agus gur bh'iad a ghlan an tslighe dhó chun dul isteach
i rígheacht a shínsear. Ach deir cuid de lucht an tsean-
achuis go bhfuair Demétrius amach gur bh'é a ghnó féin
a bhí ag Ptolemé 'á dhéanamh sa n-obair go léir, agus
go raibh beartuighthe aige an feall céadna a dhein sé
ar Alegsandar a dhéanamh ar Dhemétrius agus an
rígheacht do chimeád dó féinig. Tá gach aon deabhramh
air sin. Deir lucht seanachuis, mar an gcéadna, gur
gortuigheadh Ptolemé sa chath agus go raibh sé gan


L. 805


aithne gan urlabhra ar feadh abhfad; go dtáinig a
mheabhair dó nuair a tugadh ceann Alegsandair
chuige. Ansan gur thuit an t-anam as i lámhaibh na
ndochtúirí.



An fhaid a bhí an obair sin ar siubhal lastuaidh bhí
a ghnó féin ag Iónatan 'a dhéanamh. Do chruinnigh sé
neart fear a' Iúdéa chun an chaisleáin úd a bhí i Ierú-
salem a thógaint. Bhí sé ag imdhruidim an chaisleáin.
Ach bhí, mar ba ghnáth, droch Iúdaígh sa chathair, iad súd,
is dócha, a chuaidh ag cur gearáin isteach air i láthair
an dá rí úd a bhí ag an mbainis, agus airís i láthair
Ptolemé féin nuair a bhí sé féin agus a mhór shluagh
ag dul óthuaidh i gcoinnibh Alegsandair. D'imthigh
rainnt díobh san agus chuadar ag triall ar Dhemé-
trius agus d'innseadar dó go raibh Iónatan ag im-
dhruidim an chaisleáin. Bhí fearg ar Dhemétrius nuair
airigh sé an sgéal. Tháinig se go dtí Ptolemais agus
do sgríbh sé leitir ag triall ar Iónatan 'ghá rádh leis
gan an caisleán d'imdhruidim ach teacht go Ptolemais
chun cainnte leis. Nuair a fuair Iónatan an leitir
do dhein sé beart chontabharthach. Dubhairt sé leis
na fearaibh a bhí ag imdhruidim an chaisleáin lean-
mhaint ar an imdhruidim agus do thóg sé féinig leis
rainnt de sheanóiríbh Israéil agus rainnt óir agus
airgid agus éadaigh, agus tabharthaistí eile, agus
d'imthig sé go Ptolemais ag triall ar an rí Demé-
trius. Do ghlac an rí é go ceannsa agus go muinn-
teartha agus go báidheamhail. Do dhainginigh sé sa
n-árdrígheacht é agus in sna h-onóraibh go léir a bhí
fághalta cheana aige agus thug sé tosach dó ar a
cháirdibh go léir. Tháinig na droch dhaoine ag cur na
ngearán isteach air ach níor chuir an rí aon tsuim
ionta.



Ansan d'iarr Iónatan ar an rí go ndéanfadh sé
Iúdéa do leogaint saor ó cháin, agus na trí riaghal-
taisí, agus Samaría, agus na críocha mórthímpal ar


L. 806


Shamaría, agus gheall sé go dtabarfadh sé féin trí
chéad talant dó.



Do thoiligh an rí chuige sin, agus do stríbh sé leitir-
eacha chun Iónatain ag socarú na ngnóthaí sin go
léir, agus seo mar adubhairt sé:—



“An rí Demétrius chun a dhrithár Iónatan, agus
chun náisiúin uile na nIúdach; sláinte. Tá sliocht
againn 'á chur chughat do'n leitir a sgríobhmair chun
ár n-athar Lastenés ad' thaobh i dtreó go mbeidh
a fhios agat. Demétrius chun a athar Lastenés, sláinte.



CCCXLI.



RÓGAIRE FILL.



Sidé an chuid eile de'n leitir úd adubhairt Demé-
trius a bhí curtha aige ag triall ar a athair Lastenés
i dtaobh na neithe a bhí beartuighthe aige a dhéanamh do
Iónatan agus do sna Iúdaígh: “Táimíd ceapaithe
ar rud maith a dhéanamh do náisiún na nIúdach, óir is
cáirde dhúinn iad agus deinid siad na neithe is ceart
i n-ár dtaobh, agus táid siad deagh-mhéinneach dúinn.
Tá reachtuighthe againn dóibh, d'á bhrígh sin, críocha uile
Iúdéa, agus na trí catharacha, Apherma, agus Lidda,
agus Ramata, catharacha atá curtha le Iúdéa, amach a'
Samaría; na catharacha san agus an talamh a ghabhan
leó, le cur i leithtaoibh i gcóir na ndaoine a bhíon
ag déanamh ídhbirtí i gcathair Ierúsalem. Tabharfar
dóibh sin feasta, gach bliain, an t-airgead a tugtí
do'n rí, toradh na talmhan agus toradh na gcrann,
agus gach nídh eile a bhíodh ag dul dúinn i bhfuirm
deachamhan agus cánach; maithimíd dóibh iad; na
poill salainn, leis, agus na coróinní a tugtí dhúinn.
Bronnaimíd iad go léir ortha, agus ní tarraiceófar
siar ó'n mbronntanas san as so amach go deó.


L. 807


Dein-se anois na neithe sin do sgrí amach, agus tug-
tar do Iónatan macshamhail do'n sgríbhinn le cur
i n-áit shofheicse sa chnoc naomhtha.”



Ansan do chonaic an rí Demétrius go raibh an
tír go léir síothchánta suaineasach os a chómhair agus
ná raibh aon nídh ná aon duine ag cur 'n-a choinnibh.
Do thuig sé i n' aigne ná raibh aon ghnó aige de mhór
shluagh, agus go raibh mór shluagh costasamhail. Do
chuir sé uaidh abhaile chun a dtighthe féinig na fir go
léir agus níor chímeád sé i n'fhochair ach rainnt
fear iasachta a bhí aige. Níor thaithn san leis na
fearaibh a cuireadh chun siubhail. Bhí taithighe acu ar
bheith i bhfochair an rí, “a gcíos díolta agus díon ar
a dtighthibh,” agus a dtuarastal ag teacht chucha gan
allus. B'éigean dóibh imtheacht abhaile agus a mbeatha
bhaint a h-allus a ngéag. Bhíodar ar buile chun an rí.



Do fágadh mac do'n rí Alegsandar ar oileamhaint
theas i n-Arabia ag fear d'ár bh'ainm Emalchuel.
Antiochus ab ainm do'n mhac san. Bhí fear i n-Antioch
agus Truíphon ab ainm dó agus ní raibh aon ghrádh
aige do Dhemétrius. Cara d'Alegsandar ab eadh é,
má ba chara d'aoinne é. Rógaire fill ab eadh é.
Chonaic sé go raibh na fir go léir, a cuireadh abhaile
as an armáil, iompuighthe i gcoinnibh Dhemétriuis.
D'imthig sé ódheas ag triall ar Emalchuel agus chrom
sé ar thathant air Antiochus óg, mac Alegsandair,
a thabhairt dó chun go ndéanfadh sé rí dhe i n-Antioch,
mar a raibh a athair 'n-a rí. D'innis sé d'Emalchuel
conus mar a bhí na fir go léir iompuighthe i gcoinnibh
Dhemétriuis, agus cad é an fuath a bhí acu dhó, agus
conus mar ba ró fhuiriste iad do chruinniú chun
Antiochuis óig, mac Alegsandair, dá bhfeicidís ag
teacht é. D'fhan sé theas i bhfochair Emalchuel ar feadh
mórán aimsire ag cur an sgéil sin 'n-a luighe air.



Tráth éigin i gcaitheamh na h-aimsire sin do chuir
Iónatan teachtaireacht ag triall ar Dhemétrius 'ghá


L. 808


iarraidh air na daoine a bhí i gcaisleán catharach Ierú-
salem do chur as an gcaisleán san, agus daoine
a bhí i ndaingeanaibh eile sa chómharsanacht do chur
amach asta, mar an gcéadna; mar go mbídís ag
cur chogaidh ar chlainn Israéil. Do chuir Demétrius
freagra ag triall ar Iónatan agus dubhairt leis:
“Déanfad an méid sin duit-se agus dod' dhaoine
agus déanfad nídh nách é sin daoibh. Nuair a thiocfidh
an chaoi dhom air tabharfad onóir ana mhór duit-se
agus do náisiún na nIúdach. Agus déanfir-se rud
maith dhomh-sa anois má chuirean tú fir chugham ag
cabhrú liom, mar tá mo chuid armála go léir imthighthe
uaim.”



Do chuir Iónatan trí mhíle fear ag triall air go
h-Antioch, agus bhí áthas ana mhór air nuair a fuair
sé tagaithe chuige iad.



CCCXLII.



CANNCAR AR AN RÍ.



Bhí a dhóithin mór de chúis ag Demétrius chun áthais
a bheith air nuair a bhí an trí mhíle fear tagaithe chuige
ó Iónatan. Bhí an fhearg i gcoinnibh an rí ag méadú
ar na fearaibh úd a cuireadh abhaile as an armáil.
I n-inead dul abhaile d'fhan an chuid ba mhó acu sa
chathair agus bhíodar ag gearán ar an rí agus ag
spídiúchán air, eatartha féin agus idir iad féin agus
a ndaoine muinnteartha, go dtí go raibh an chathair
go léir iompuighthe acu i gcoinnibh an rí. Ar éigin a
bhí an trí mhíle Iúdach tagaithe isteach sa chathair nuair
a bhí na daoine go léir, céad agus fiche de mhíltibh
fear, eirighthe i gcoinnibh an rí agus iad ceapaithe ar
an rí do mharbhú. Do theich an rí isteach 'n-a phálás.
Do ghlac na daoine seilbh na catharach agus chromadar


L. 809


ar throid leis an suarachas armála a bhí ag
gárdáil an rí. Do ghlaoidh an rí ar na Iúdaígh. Thán-
adar chuige gan mhoill. Do ghluaiseadar tríd an
gcathair ag marbhú namhad an rí. Níor bh'fhada go raibh
céad míle fear de mhuinntir na catharach marbh acu
agus an rí ó bhaoghal acu. Chuireadar a lán de'n
chathair tré theine agus thógadar a lán foghla. Ansan
do rith muinntir na catharach, an méid a bhí beó dhíobh,
do ritheadar chun an rí agus do sgreadadar air
agus d'iarradar i n-athchainigheachaibh air iad do
chosaint ar na Iúdaígh. Chaitheadar a n-airm ar an
dtalamh agus “Ó!” ar siad, “a rí, tabhair síothcháin
dúinn agus ná leog do sna Iúdaígh a thuille
againn a mharbhú.” Fuaradar an tsíothcháin. Níor
marbhuigheadh a thuille acu. Ac do tugadh clú agus
onóir agus árd chreideamhaint do sna Iúdhaígh i radharc
an rí agus i radharc phoibilidheachta na catharach san
agus na tíre sin go léir, agus thánadar abhaile
go Ierúsalem agus mórán foghla acu. Ansan bhí
an rí Demétrius daingean i gcathaoir a rígheachta
agus é ar a shástacht agus ar a shocaracht, agus bhí an
tír go suaineasach os a chómhair.



Innstear nár dhein Demétrius do Iónatan ná
do sna Iúdaígh na neithe a gheall sé. Dhein sé a
malairt. D'iompuigh sé i gcoinnibh Iónatain agus
níor thaisbeáin sé aon bhuidheachas dó, tar éis ar
deineadh de thairbhthe dhó agus tar éis na ngeallamhna
so leis. Mara mbeadh an trí mhíle fear a chuir
Iónatan chuige do chaillfadh sé a rígheacht agus
chaillfadh sé a anam agus bheadh an feallaire úd
Truíphon 'n-a rí i gcathair Antioch. I n-inead na
ngeallamhan do chimeád agus i n-inead aon bhuidh-
eachais a thaisbeáint mar gheall ar ar deineadh de
thairbhthe dhó is amhlaidh a chrom sé ar dhíobháil a
dhéanamh do sna Iúdaígh, agus chuir sé Iónatan chun
mórán trioblóide.


L. 810


B'fhéidir gur b'amhlaidh a thuig sé i n'aigne gur an
iomad tairbhthe a bhí déanta ag na Iúdaígh dó. Do
mharbhuighdar céad míle fear de mhuinntir catharach
Antioch; a mhuinntir féinig. Gan amhras do mheas-
adar-san an rí do mharbhú. Ach mar sin féin, b'iad a
dhaoine iad agus is dócha gur thuig sé go bhféadfadh
na Iúdaígh é chosaint ortha gan a leithéid d'éirleach
a dhéanamh ortha, agus gan oiread de'n chathair a chur
tré theine agus gan an chathair do chreachadh mar a
dheineadar, agus an fhoghail go léir, saidhbhreas agus
ollmhaitheas na catharach, a bhreith chun siubhail leó
ódheas go cathair Ierúsalem.



Bhí rud eile, leis, chun canncair do chur ar an rí.
Do mhairbh an trí mhíle fear úd céad mhíle fear.
D'fhéadfadh Iónatan, an uair sin, dachad míle fear
do chur óthuaidh chómh saoráideach agus d'fhéad sé an
trí mhíle fear do chur óthuaidh. Ansan cad é an fhaid
le dul cómhacht an rí?



D'á éaghmais sin, bhí an tseana dhroch aigne idir
na Iúdaígh agus na págánaigh. Bhí an cómhar amuich
ag na Iúdaígh agus díoladh ar an gcómhar agus do
thuig an rí an nídh sin, agus bhí fearg air.



CCCXLIII.



TRUÍPHON.



Bhí Demétrius socair daingean 'n-a chathaoir ríoga
i n-Antioch. Bhí a aigne socair agus an tír síothchánta
suaineasach 'n-a thímpal. Bhí a leithéid sin de sgannra
fághalta ag muinntir na catharach ó sna Iúdaígh ná
raibh aon fhonn troda ná toirmisg ortha, agus d'á
bhrígh sin bhí an rí deimhnightheach go mbeadh saoghal sámh
aige feasta. Ní raibh aon bheann aige ar Iónatan ná


L. 811


ar a Iúdaígh, óir ní bheadh aon ghádh a thuille aige le
congnamh uatha san ná ó aoinne eile, dar leis.



Ach bhí an feallaire Truíphon theas i n-Arabia agus
aire mhaith aige 'á thabhairt do'n leanbh, d'Antiochus
óg, mac an Alegsandair úd gur dhein Ptolemé an
feall air. Bhí Truíphon coitchianta ag tathant ar
Emalchuel an leanbh a thabhairt dó chun go mbéarfadh
sé leis é óthuaidh go h-Antioch, agus go ndéanfadh sé
rí dhe mar a raibh a athair 'n-a rí sar ar dhein Ptolemé
an feall air. Gan amhras bhí a cháirde féinig ag
Truíphon i n-Antioch agus uisge-fé-thalamh acu 'á
dhéanamh i gcoinnibh Dhemétriuis, agus Demétrius
lán deimhnightheach ná raibh aoinne beó ar a thí.



Fé dheire do thuig Emalchuel go raibh gach aon rud
ullamh ag Truíphon agus go raibh ar a chumas an bheart
a bhí ar aigne aige do chur chun cinn. Thug sé dhó an
leanbh, Antiochus óg. Tháinig Truíphon go h-Antioch
agus an leanbh aige. Do rith chuige láithreach na fir
úd a bhí curtha as an armáil ag Demétrius. Bhí dhá
chúis feirge acu an uair sin chun Demétriuis. Ar
dtúis do chuir sé uaidh as an armáil iad, agus ansan
do thug sé leis na Iúdaígh mhalluighthe úd chun iad do
mharbhú agus chun na catharach do chreachadh agus do
losgadh. Ba chuimhin leó Alegsandar. Bhídís coit-
chianta 'ghá rádh le n-a chéile dá mbeadh Alegsandar
beó acu nár bhaoghal go gcuirfadh sé uaidh abhaile as
an armáil iad. Mara raibh Alegsandar beó acu bhí
a mhac beó acu agus dhéanfidís rí dhe i n-aindeóin
Dhemétriuis agus na nIúdach. Do ritheadar go
léir amach ag triall ar Thruíphon. Do chruinnigh Demé-
trius oiread nirt agus d'fhéad sé. Do throid sé cath.
Do buadhadh air agus do theich sé as an áit. Chuaidh
Truíphon isteach i gcathair Antioch. Dhein sé rí
d'Antiochus óg. Chuir sé an choróinn ar cheann an
leinbh ach is aige féin a bhí an chómhacht. Ní raibh an
leanbh ach dhá bhliain déag d'aois.


L. 812


Ar chómhairle Thruíphoin gan amhras, ach má 'seadh
ní baoghal gur le grádh do Iónatan é, do sgríbh an
leanbh, an rí óg, ag triall ar Iónatan, agus seo mar
adubhairt sé sa leitir a chuir sé chuige: “Daing-
inighim-se thusa sa n-árdshagartacht, agus ceapaim thu
ad' riaghaltóir ar na cheithre catharachaibh agus ad'
dhuine muinnteartha do'n rí.” Agus chuir sé chuige
árthaí óir, agus thug sé dhó cead dighe dh'ól a h-ór
agus éadach corcra do chaitheamh, agus búcla óir do
chaitheamh. Agus dhein sé de Shímon, dritháir Iónatain,
riaghaltóir ar an dtír go léir ó chríochaibh Tuíre go
dtí teóra na h-Éigipte.



D'fhiafróchadh duine, b'fhéidir, cad 'n-a thaobh do
Thruíphon leogaint do'n rí óg an onóir sin go léir
agus an t-úghdarás san go léir a thabhairt do'n bheirt
drithár, do Iónatan agus do Shímon. Ar mhaithe leis
féin a dhein Truíphon an nídh sin. Bhí Demétrius beó,
bíodh go raibh sé ar díbirt a h-Antioch. Bhí eagla ar
Thruíphon go ndéanfadh Demétrius muinntearthas
airís le Iónatan agus leis na Iúdaígh, agus go
mb'fhéidir nách trí mhíle fear, ach dathad míle fear,
nú b'fhéidir céad míle fear, a bheadh ag teacht chun
Demétriuis a chur ar a bhunaibh airís i n-Antioch.
B'fhearr muinntearthas a dhéanamh le Iónatan i n-am,
sar a mbeadh uain ag Demétrius ar mhuinntearthas
a dhéanamh leis. “Ní'l spirid ná púca gan fios a
chúise aige féin.”



CCCXLIV.



SGUABADAR RÓMPA IAD.



Chómh luath agus a fuair Iónatan an leitir sin ó
Antiochus óg, agus an onóir sin go léir agus an
t-úghdarás san go léir, do ghluais sé amach agus thug


L. 813


sé a chuaird mórthímpal na tíre. Bhí gan amhras gádh
leis an gcuaird. Bhí eugcórtha le ceartú, agus
smacht le cur i bhfeidhm, agus daoine macánta le
cosaint i n-aghaidh rógairí, agus an lag le cosaint
i gcoinnibh an láidir. Chuaidh sé thar abhainn soir agus
bhí a leithéid sin d'iontaoibh ag an uile shaghas daoine
as gur bhailigh na slóighte go léir chuige a' Suíria
agus as na dúthaíbh mórthímpal. Nuair a bhí an neart
fear aige tháinig sé go dtí cathair Ascalon, cathair
a bhíodh i gcómhnuidhe 'n-a namhaid ag clainn Israéil.
Do dhein muinntir na catharach san a leas. D'osgal-
adar a ngeataí agus thánadar amach agus ghlacadar
Iónatan le h-onóir agus d'umhluighdar dó agus
chuadar fé n-a smacht. Ansan chuaidh sé go cathair Ghasa,
cathair eile a bhíodh i gcómhnuidhe namhadamhail do
chlainn Israéil. Níor dhein muinntir na catharach san
a leas. Ní raibh an chiall acu. Ach do múineadh ciall
cheannaigh dóibh. Do dhúnadar a ngeataí. Ach d'imdhruid
Iónatan an chathair agus do loisg sé na bailte a bhí
mórthímpal ar an gcathair, agus thóg sé a gcuid i
bhfoghail. Níor bh'fhada gur thuig muinntir na catharach
nár bh'é a leas a bhí acu 'á dhéanamh ach a n-aimhleas.
D'umhluighdar iad féin do Iónatan agus d'iarradar
síothcháin air. Do dhein sé an tsíothcháin leó. Ach do
chuir sé fé n-a smacht féinig iad, agus thóg sé a
gclann mhac 'n-a ngiallaibh agus chuir sé go Ierúsalem
iad mar dheimhniú ar an smacht. Ansan do thug
sé a chuaird tríd an dtír go léir, óthuaidh chómh fada
le Damascus.



Nuair a bhí sé ansan thuaidh do h-innseadh sgéal
dó. Do h-innseadh dó go raibh cuid de thaoiseachaibh
airm Dhemétriuis, an rí a bhí ar díbirt, go rabhadar
tar éis eulóth isteach laistiar de, ar an dtaobh theas
de, i gCades Ghaililí agus neart slógh ana mhór acu,
agus go rabhadar ceapaithe ar Iónatan do chur as
gnó rígheachta na tíre. Thug sé aghaidh ortha láithreach,


L. 814


ach d'fhág sé a dhritháir Símon i gceannas na tíre
mórthímpal.



Thug Símon aghaidh ar chathair Bhetsúra agus thug
sé mórán laethanta ag imdhruidim na catharach san.
Fé dheire d'iarr muinntir na catharach air síothcháin
a thabhairt dóibh. Do thug sé an tsíothcháin dóibh, ach
b'éigin dóibh an chathair a thabhairt dó. D'imthighdar
as an gcathair agus do thóg Símon an chathair agus
chuir sé lucht cimeádta isteach innti.



An fhaid a bhí san d'á dhéanamh bhí Iónatan ag tabh-
airt aghaidh fé dhéin an namhad a bhí i gCades Ghaililí.
Do champuigh sé i n-aice locha ar a dtugtí Genesar,
agus sar a dtáinig solus an lae amáireach a bhí chuige
bhí sé ullamh chun catha ar mhachaire Asor. D'ionnsuigh
an namhaid é ar an machaire, ach do chuireadar buidhean
i bhfolach sa chnoc a bhí laistiar de. Do thosnuigh an
cath. Ansan do léim an bhuidhean a bhí i bhfolach agus
bhuaileadar sluagh Iónatain ó'n dtaobh thiar. Do
sgannruigh an tsluagh agus theicheadar. Níor fhan aige
ach Matatias mac Absaloim, agus Iúdás mac Calphaí
agus pé rainnt bheag fear a dh'fhan acu. Nuair a
chonaic Iónatan an teiche, do strac sé a chuid éadaigh
agus do chuir sé cré ar a cheann agus do sgread sé
ar Dhia. Ansan thug sé féin agus an bheirt aghaidh airís
ar an namhaid. Do ghéill an namhaid rómpa. Chonaic
an mhuinntir a theich an géille. Do chasadar chun an
chatha. Ansan thugadar go léir a leithéid de ruag
fé'n namhaid gur sguabadar rómpa iad. Do briseadh
ar an namhaid agus do leanadh iad isteach 'n-a long-
phort féinig, agus do ruagadh as san, leis, iad.
Do bhuaidh Iónatan glan ar a namhaid an lá san.
Do marbhuigheadh trí mhíle fear acu, agus do sgaipeadh
an chuid eile acu agus tháinig Iónatan thar n-ais go
Ierúsalem le buadh.


L. 815


CCCXLV.



ATHNUACHAINT CARADAIS.



Nuair a bhí an méid sin déanta ag Iónatan do
chuimhnigh sé ar an gcaradas úd a deineadh tamal
mór roimis sin idir na Iúdaígh agus na Rómhánaigh,
agus do thuig sé gur mhithid an caradas san d'athnua-
chaint, óir, “an rud a théidhean i bhfaid go dtéidhean
sé i bhfuaire.” Do thoibh sé fir chreideamhnacha agus
thug sé teachtaireacht dóibh le breith go dtí an Róimh.
Agus chuir sé sgríbhinní go Sparta, leis, agus go dtí
áiteana eile, ar an inntinn gcéadna.



D'imthigh na teachtairí go dtí an Róimh agus chuadar
isteach i dtigh na seanaide agus dubhradar: “Do
chuir Iónatan, an t-Árdshagart sinn-na, uaidh féinig
agus ó náisiún uile na nIúdach, chun go dtiocfimís
anso agus go ndéanfimís an caradas agus an
muinntearthas d'athnuachaint idir náisiún na nIúdach
agus náisiún na Rómhánach.”



Do tugadh onóir mhór dóibh, agus do tugadh
sgríbhinní dhóibh a dhéanfadh comairce beatha agus
sláinte dhóibh in sna tíorthaibh a bhain le muinntir na
Rómha agus go mbeidís ag gabháil tríotha, ag dul
abhaile go Ierúsalem dóibh.



Agus seo macshamhail do'n sgríbhinn a cuireadh chun
na Spartánach ó'n Árdshagart agus ó sheanóiríbh agus
ó phobul na nIúdach:—



“Iónatan an t-Árdshagart, agus seanóirí an
phobuil, agus na sagairt, agus pobul uile na nIúdach,
chun na Spartánach, a ndaoine muinnteartha, sláinte.



Do cuireadh leitir, aimsir fhada ó shin, ag triall
ar an Árdshagart Onias ó Arius a bhí 'n-a rí agaibh-se,
'ghá innsint dúinn gur bráithre dhúinn sibh-se, fé mar
atá le feisgint sa mhacshamhail atá sgríobhtha anso


L. 816


thíos. Do ghlac Onias na teachtairí sin le h-onóir,
agus do tugadh dó an sgríbhinn i n-ar labhradh ar
charadas agus ar mhuinntearthas. Ní raibh aon ghádh
againn-na leis na neithibh sin, toisg na leabhair bhean-
nuighthe a bheith againn i n-ár lámhaibh chun sóláis a chur
orainn. Ach mar sin féin ba mhaith linn sgéala do
chur chughaibh-se agus an caradas agus an muinn-
tearthas d'athnuachaint, le h-eagla go mbeimís i n-ár
ndaoinibh iasachta ar fad agaibh; óir tá a lán
aimsire imthighthe ó chuireabhair-se sgéala chughainn. Is
gnáth linn, d'á bhrígh sin, mar gheall ar an gcaradas
atá idir sinn agus sibh-se, cuimhneamh oraibh in sna
h-ídhbirtíbh a dheinimíd, agus in sna gnóthaíbh diadha
eile a dheinimíd, mar is cóir agus is cuibhe cuimhneamh
ar bhráithribh. Tá áthas orainn mar gheall ar an nglóire
atá fághalta agaibh-se.



Táimíd-ne tar éis mórán trioblóidí a chur dínn.
Tháinig cogaí ó'n uile thaobh orainn. Do chuir na
righthe atá i n-ár dtímpal cogaí orainn. Ach níor
bh'áil linn sibh-se do chur chun trioblóide, ná na cáirde
eile atá againn, óir do tháinig cabhair chughainn ó
neamh agus do fuasgaladh sinn, agus do h-umhluigh-
eadh ár namhaid.



Tá Numenius mac Antiochuis agus Iáson mac
Antipateir ceapaithe againn anois agus táimíd 'ghá
gcur go dtí an Róimh, ag athnuachaint caradais idir
sinn féin agus muinntir na Rómha, agus tá órduighthe
againn do'n bheirt chéadna dul ag triall oraibh-se,
leis, agus onóir a thabhairt daoibh agus ár sgríbhinn
a thabhairt daoibh ag athnuachaint ár mhuinntearthais,
agus beimíd ag tnúth le freagra dh'fhághail uaibh. Agus
seo macshamhail do'n sgríbhinn a chuir Arius ag
triall ar Onias: Arius, rí na Spartánach, chun ar
Árdshagairt Onias, sláinte: Tá le feisgint i
sgríbhinníbh na Spartánach gur de shliocht Ábrahaim
iad. Tá, d'á bhrígh sin, gaol acu féin agus ag na


L. 817


Iúdaígh le n-a chéile. Anois, ó tá an méid sin fachta
amach againn is ró mhaith linn sibh-se bheith tar éis
sgrí chughainn agus a dh'innsint dúinn conus mar
atá an saoghal ag eirighe libh. Tá sgríobhtha thar n-ais
againn chughaibh 'ghá innsint daoibh gur libh-se feasta
ár mbuar agus ár sealbhas agus gach nídh d'á bhfuil
againn, agus gur linn-na, mar an gcéadna, gach nídh
d'á bhfuil agaibh-se.”



Ansan tháinig sgéala chun Iónatain 'ghá innsint
dó go raibh taoisigh Dhemétriuis tagaithe airís agus
neart slógh acu a bhí níba threise 'ná an neart slógh
a bhí ar dtúis acu. Do ghluais sé amach 'n-a gcoinnibh,
go tír Amat, i dtreó nár thug sé uain dóibh ar theacht
isteach 'n-a thír féinig.



CCCXLVI.



SMACHT CURTHA I BHFEIDHM.



Nuair a tháinig Iónatan go dtí Amat, an áit i n-a
raibh taoisigh Dhemétriuis agus mór shluagh acu, do
chuir sé uaidh fir chródha ghéarchúiseacha, agus dubhairt
sé leó sleamhnú a gan fhios i gcómhngar do'n namhaid
agus a dh'fhághail amach cad é an saghas iad; an mór
an neart slógh a bhí acu; cad é an saghas fuadair a
bhí fútha; agus aon eólus eile go bhféadfidís teacht
suas leis.



Tháinig na fir thar n-ais um thráthnóna agus d'inn-
seadar do Iónatan go raibh socair ag an namhaid
ar theacht sa n-oidhche agus brise isteach ar champa
na nIúdach nuair a bheidís 'n-a gcodla. D'órduigh
Iónatan d'á shluagh féinig gan dul a chodla i n-aon
chor an oidhche sin ach fanmhaint 'n-a ndúiseacht,
armtha, ullamh ar chath do thabhairt do'n namhaid.
D'fhanadar 'n-a ndúiseacht agus iad armtha, ullamh


L. 818


chun catha thabhairt. Bhí radharc acu ar longphort a
namhad. Bhí teínte agus soillse ar lasadh sa long-
phort. Bhí na Iúdaígh ag faire ar na teíntibh agus ar
an solus, agus iad 'ghá mheas go mbeadh an namhaid
chucha gach aon neómat. Do ghluais an oidhche, ní raibh
an namhaid ag teacht. Fé dheire tháinig solus an lae.
Ní raibh aon namhaid le feisgint. Do ghluais na
Iúdaígh chun longphuirt an namhad. Bhí an longphort
folamh! Bhí an namhaid imthighthe.



Bhí a lucht braith féinig amuich ag an namhaid.
Thánadar chun campa na nIúdach, a gan fhios, i dtosach
na h-oidhche. Chonacadar go raibh na Iúdaígh go léir
ullamh chun catha. Chuadar thar n-ais agus d'innseadar
an sgéal. Tháinig sgannra ar an namhaid. Do lasadar
na teínte agus na soillse. D'fhágadar ar lasadh iad
agus dh'éaluighdar as an áit. Níor thuig na Iúdaígh
an cleas go dtí go bhfuaradar, ar maidin, an long-
phort folamh.



Do ghluais Iónatan ar a dtóir ach níor fhéad sé
teacht suas leó. Bhí an uain acu agus tháinig leó dul
treasna na h-abhan ar a dtugtí Eleutrus.



Ansan d'iompuigh Iónatan ar na Sabadéigh, cáirde
do Dhemétrius agus bhuaidh sé ortha agus do thóg sé
a bhfóghail. Ansan thug sé aghaidh ar Dhamascus agus
thóg sé an chathair sin, agus chuir sé an tír go léir mór-
thímpal na catharach san fé n-a smacht.



Ní raibh Símon díomhaoin. Do tháinig sé, agus a
shluagh aige, go h-Ascalon, agus chun na ndaingean
a bhí sa chómharsanacht san agus chuir sé fé n-a smacht
iad. Ansan thug sé aghaidh ar Ioppe agus thóg sé an
daingean san agus chuir sé lucht cimeádta isteach
ann. Do h-innseadh dó go raibh muinntir Ioppe
báidheamhail le Demétrius agus go rabhadar ceap-
aithe ar an ndaingean san a thabhairt suas do mhuinn-
tir Dhemétriuis. Níor fhág sé ar a gcumas an dain-
gean a thabhairt dóibh.


L. 819


Nuair a bhí a chuarda go léir tabhartha ag Iónatan
agus a smacht curtha i bhfeidhm aige ins gach aon bhall,
tháinig sé thar n-ais go Ierúsalem. Do chruinnigh sé
seanóirí an phobuil i dteannta chéile agus chuir sé
rud 'n-a gcómhairle. Dubhairt se leó nár mhór dóibh
daingeana láidire do chur suas ar fuaid tíre Iúdéa
i dtreó go bhféadfí an tír do chosaint ar pé namhaid
a thiocfadh. Dubhairt sé leó nár mhór fallaí cosanta
catharach Ierúsalem féin do neartú; na beárthnacha
a bhí briste ionta do dhúnadh agus na fallaí go léir
a dhéanamh níba threise 'ná mar a bhíodar roimis sin.
Dubhairt sé leó nár mhór daingean mór láidir árd
do chur idir an chathair agus an caisleán, i dtreó
go mbeadh an caisleán gearrtha amach ar fad ó'n
gcathair agus nár bh'fhéidir aon chómhluadar ceann-
aidheachta bheith idir mhuinntir na catharach agus muinn-
tir an chaisleáin.



Do cromadh láithreach ar na h-oibreachaibh sin do
dhéanamh, ar fhallaíbh catharach Ierúsalem do chur suas
agus ar na daingeanaibh láidire do chur suas mór-
thímpal tíre Iúdéa.



CCCXLVII.



IÓNATAN 'N-A PHRÍOSÚNACH.



Bhí Iónatan agus Símon, agus na Iúdaígh ag
déanamh na h-oibre a bhí beartuighthe acu, ag deisiú
fallaí cosanta catharach Ierúsalem agus 'ghá neartú,
agus ag cur na ndaingean suas ar fuaid tíre Iúdéa
mórthímpal.



Bhí an feallaire úd, Truíphon, lastoir, ámhthach,
agus bhí droch obair aige d'á bheartú. Bhí an rí óg
ann ach bhí Truíphon ceapaithe ar rí dhéanamh de féinig.
Bhí fhios aige go maith, ámhthach, ná beadh aon bhreith aige


L. 820


ar rí déanamh de féinig an fhaid a bheadh Iónatan beó.
Isé rud a dhein sé ná mór shluagh do chruinniú agus
iarracht a dhéanamh ar theacht i gcoinnibh Iónatain
feuchaint an bhféadfadh sé breith air agus é chur chun
báis. Tháinig sé, agus mór shluagh aige, go dtí Betsan,
áit a bhí tímpal deich míle fhichid óthuaidh ó chathair
Ierúsalem, ar bruach abhan Iórdain. Do ghluais
Iónatan amach 'n-a choinnibh, agus dachad míle fear
aige, d'fhearaibh cródha, agus tháinig sé go dtí Betsan.
Nuair a chonaic Truíphon an dachad míle fear san
tháinig eagla air. Bhí fhios aige ná beadh aon bhreith
aige ar bhuachtaint ortha san. Isé rud a dhein sé 'ná
cúbadh chuige agus a léogaint air nách 'n-a namhaid a
tháinig sé i n-aon chor. Do labhair sé go breágh muinn-
teartha le Iónatan agus thug sé onóir mhór dó agus
d'órduigh sé d'á thaoiseachaibh uaisle onóir a thabhairt
dó mar a thabharfidís dó féinig, agus thug sé mórán
bronntaisí dhó. Ansan dubhairt sé leis go breágh
séimh: “Ach, cad chuige dhuit na daoine chur chun
na trioblóide seo go léir agus gan aon chogadh
eadrainn? Tar agus tabharfad suas duit cathair
Ptolemais agus na daingeana eile, óir is agat-
sa is ceart iad a bheith, agus tabharfad suas
duit an armáil, agus tabharfad úghdarás duit
os cionn na ndaoine seo go bhfuil gnóthaí an rí
mar chúram ortha, ó's tu is fearr a dhéanfidh iad
do bhainistighe. Chuige sin iseadh thánag. Leog uait
na daoine sin, agus sgaoil abhaile iad chun a
ngnóthaí féinig. Ní gádh dhuit a chimeád agat ach
buidhean bheag a bheidh i n-aonfheacht leat, agus
tar liom go dtí cathair Ptolemais i dtreó go
dtabharfad duit an chathair. Ansan imtheóchad abhaile
chun mo thíre féinig agus ní bheidh cúram na h-áite
seo a thuille orm, agus ní h-oth liom bheith sgartha
leis an gcúram san.”



Do chreid Iónatan an chainnt. Chuir sé uaidh a


L. 821


shluagh agus d'imthighdar abhaile go tír Iúda. Chimeád
sé trí mhíle fear i n' fhochair. Ach do chuir sé dhá mhíle
fear díobh san isteach i nGaililí, agus do ghluais míle
fear le n-a chois.



Chuaidh sé féin agus an míle fear san isteach i
gcathair Ptolemais i n-aonfheacht le Truíphon. Chómh
luath agus bhíodar laistigh de sna geataíbh do dúnadh
na geataí agus do h-iompuigheadh ortha agus do
marbhuigheadh an uile dhuine riamh acu ach amháin
Iónatan féin! Ansan do chomáin Truíphon neart
fear amach, marcshluagh láidir, chun go dtiocfidís
suas leis an dá mhíle fear a cuireadh go Gaililí agus
go marbhóchaidís iad. Ach nuair a thuig an dá mhíle
fear san an feall a bhí déanta do mheasadar go raibh
Iónatan agus a mhíle fear marbh, agus go raibh an
marcshluagh ar a dtóir féin agus do ghríosadar a
chéile chun troda agus sheasuighdar an fód. Nuair
a chonaic an marcshluagh an seasamh a bhí ag an dá mhíle
'á dhéanamh níor leog eagla dhóibh tabhairt fútha.
D'iompuighdar thar n-ais go Ptolemais. Ansan
chuaidh an dá mhíle fear abhaile ar a suaineas go tír
Iúda. Ansan do bhí buairt agus brón i dtír Iúda.
Bhí clann Israéil go léir ag gol agus ag caoi go
dúbhach agus go brónach, i ndiaidh Iónatain agus i
ndiaidh na bhfear a marbhuigheadh i n-aonfheacht leis.
Ní raibh fhios acu an uair sin gur fágadh Iónatan gan
marbhú. Do chimeád Truíphon beó é. Bhí cleas eile
aige le h-imirt ar na Iúdaígh tríd.



Ansan dubhairt na págánaigh a bhí sa tímpal:
“Táid na Iúdaígh réidh anois. Ní'l aon phriúnsa acu
ná aoinne chun iad do chosaint. Téanaighidh agus
dísgighmís iad. Cuirimís as an saoghal ar fad iad
agus ná bíodh tasg ná tuairisg ortha a thuille ameasg
daoine.”


L. 822


CCCXLVIII.



AN MIANACH MACABÉACH ANN.



Do chrom na págánaigh ar bheith ag cur isteach ar
na Iúdaígh, fé mar a bhí beartuighthe acu, agus fé mar
ba bhéas leó sa tsean aimsir, sar ar eirigh Iúdás
Macabéus agus a dhritháracha 'n-a gcoinnibh. Mheas-
adar go mbeadh an tsean aimsir sin airís acu, ó bhí
Iónatan as an slighe.



Do mheas Truíphon, leis, ó bhí greim aige ar Iónatan,
go bhféadfadh sé teacht agus íde dhéanamh ar na
Iúdaígh, mar ná raibh aon cheann uraid ortha chun iad
do chur le chéile i gcoinnibh namhad. Do chruinnigh sé
sluagh a bhí uathbhásach le méid agus tháinig sé i dtreó
tíre Iúda chun go ndéanfadh sé léirsgrios teine agus
fola ar an dtír. D'airigh Símon, dritháir Iónatain,
go raibh Truíphon ag teacht agus thuig sé an fuadar
a bhí fé agus an neart uathbhásach slógh a bhí aige.
Chonaic sé, leis, go raibh na daoine go léir mar a
bheidís as a meabhair le sgannra. Tháinig sé agus
do chruinnigh sé na daoine agus do labhair sé leó.
“A phobul Israéil,” ar seisean leó, “is eól daoibh-
se cad iad na cathana móra do throideas-sa, agus
mo dhritháracha agus teaghlach m'athar, ar son ár
ndlighthe agus ar son an tsanctuáriuim; agus is
eól daoibh cad iad na guaiseana a dh'fhuiligeamair
agus cad é an cruadhtan n-ar gabhmair tríd go
minic. Mar gheall ar na cathanaibh go léir agus ar
an dtrioblóid agus ar an gcruadhtan táid mo dhrith-
áracha go léir tar éis bháis. Thugadar a n-anam ar
son Israéil. Táid siad go léir tar éis bháis agus
táim-se anois am' aonar ar an saoghal so.”



“Ach deirim an méid seo libh-se anois. Nár leo-
gaidh Dia go seachnóchainn-se contabhairt anama i


L. 823


n-am cruadhtain ach chómh beag agus dheineadar súd.
Ní mó le rádh m'anam-sa 'ná an t-anam a bhí i n-aoinne
acu súd. Déanfad-sa mar a dheineadar súd. Tabhar-
fad m'anam uaim ag cosnamh an tsanctuáriuim, ag
cosnamh ár mban agus ár gclainne. Táid na págán-
aigh seo go léir cruinnighthe i dteannta chéile agus
iad ceapaithe, le h-aon chorp droch aigne, ar sinn
a chur as an saoghal amuich 's amach. Ní mór dúinn a
thaisbeáint dóibh go bhfuil Dia Israéil ró láidir dóibh.”



Nuair airigh na daoine an chainnt sin do séideadh
suas meanamna agus misneach dóibh. Chuireadar
liú suas agus dubhradar: “Is tusa ár gceann i
n-inead do dhrithár Iónatan. Dein-se ár gcathana
do throid agus déanfimíd pé rud adéarfir linn a
dhéanamh.”



Do chruinnigh sé na fir chogaidh láithreach agus dhein
sé brostú agus chríochnuigh sé na fallaí cosanta
tímpal ar chathair Ierúsalem. Do chuir sé uaidh go
dtí Ioppe, Iónatan mac Absaloim agus sluagh mhór
aige. Do thóg sé sin Ioppe agus chaith sé amach as na
daoine a bhí ann agus d'fhan sé féin i seilbh na h-áite.



Le linn na h-aimsire sin tháinig Truíphon, agus
sluagh ana mhór aige, amach a' cathair Ptolemais, agus
Iónatan 'n-a phríosúnach aige. Tháinig Símon, ámhthach,
agus mór shluagh aige, agus do champuigh sé i n-áit
ar a dtugtí Addus ar aghaidh an mhachaire anonn, agus
bhí Truíphon ar an machaire.



D'airigh Truíphon go raibh Símon 'n-a cheann uraid
ar na Iúdaígh i n-inead a dhrithár Iónatan. Ní raibh
aon choinne aige leis an sgéal san. Tháinig eagla
air. Bhí fhios aige nár bh'aon dóithín Símon. Bhí an
mianach Macabéach ann agus bhí an iomad iontaoibh
ag na Iúdaígh as. Do throidfidís ar buile an fhaid
a bheadh an fear san os a gcionn. Bhí taobh eile, leis,
ar an sgéal. An rud a chuir buile misnigh ar na Iúdaígh
.i. Símon a bheith os a gcionn, do chuir sé imeagla agus


L. 824


lagspiridighe ar na págánaigh. Do chuirfadh an imeagla
san agus an lagspiridighe sin fhiachaint ortha sgeón
do ghlacadh agus iompáil agus teiche dá n-iarrthí
ortha cath do thabhairt an uair sin do sna Iúdaígh.
Do thuig Truíphon an méid sin agus níor iarr sé
ortha an cath do thabhairt.



CCCXLIX.



IÓNATAN SA N-UAIGH.



Níor leog an t-eagla do Thruíphon an cath a thabhairt
do sna Iúdaígh, ach thuig sé go maith, “an té ná fuil
láidir ní foláir dó bheith glic.” Chuir sé teachtaireacht
ag triall ar Shímon agus sidí an teachtaireacht a
chuir sé ag triall air:—



“Isé cúis go bhfuilim-se ag cimeád mo ghreama
ar do dhritháir 'ná so. In sna gnóthaíbh a bhí aige 'á
dhéanamh do'n rí do chimeád sé céad talant d'airgead
an rí. Tá céad talant airgid ag an rí air agus ní
foláir an t-airgead san a dhíol. Tá nídh eile, leis.
Má leogaim-se uaim é ní foláir dom deimhne bheith
agam ar gan é dhéanamh aon eirighe am' choinnibh 'n-a
dhiaidh so nuair a bheidh sé sgaoilte. Cuir chugham an
céad talant airgid úd, agus cuir chugham a bheirt
mhac i ngeall, agus sgaoilfad uaim é.”



Bhí Símon i gcruadhchás nuair a fuair sé an teacht-
aireacht san. Níor chreid sé aon fhocal de'n chainnt
sin. Bhí fhios aige ná leogfadh Truíphon Iónatan uaidh
nuair a gheóbhadh sé an t-airgead agus an bheirt mhac.
Bhí fhios aige go maith ná raibh aon airgead ag an rí
ar Iónatan. Ach bhí fhios aige, leis, dá ndiúltuigheadh
sé agus gan an t-airgead ná an bheirt mhac do thabhairt
uaidh, go gcuirfadh Truíphon Iónatan chun báis agus


L. 825


ansan go mbeadh na daoine go léir ar buile chuige,
go mbeadh bás Iónatain acu 'á chur 'n-a leith agus go
n-iompóchaidís 'n-a choinnibh; go dtiocfadh fuath acu
dhó agus gráin acu air, agus nár bh'fhios cad é an dío-
bháil a thiocfadh as dó féin agus d'á dhaoine. Do
thuitfadh amach, b'fhéidir, gur bh'fhearr an buadh a bhéar-
fadh Truíphon air leis an gcleas san 'ná mar a bheadh
beirtha aige air dá mbriseadh sé cath air féin agus
ar na Iúdaígh. B'fhéidir gur thuig sé, leis, go
raibh a shluagh go léir deimhnightheach go leogfí
Iónatan chucha beó. Tar éis machtnaimh do shocaruigh
sé ar an airgead agus an bheirt mhac a thabhairt
do Thruíphon. Do thug. Má thug do chimeád Truíphon
iad féin agus Iónatan. Dubhairt sé an t-éitheach
agus dhein sé an feall.



Ansan do ghluais sé féin agus a mharcshluagh isteach
i dtír Iúda chun na tíre do sgrios. Níor fhéad sé
aon díobháil a dhéanamh, ámhthach, mar do ghluais Símon
agus a shluagh ar a thóir, agus is mó a bhí le déanamh
aige a d'iarraidh dul saor ó Shímon 'ná ag casadh le
díobháil a dhéanamh.



Bhí buidhean de namhaid na nIúdach istigh i gcaisleán
catharach Ierúsalem an uair chéadna agus na Iúdaígh
'ghá n-imdhruidim. Chuir an bhuidhean san teachtaireacht
fé cheilt ag triall ar Thruíphon, pé áit 'n-a raibh sé,
ghá iarraidh go cruaidh air teacht agus iad d'fhuasgailt
mar ná raibh aon bhia acu. Shocaruigh sé buidhean
marcach sa n-oidhche chun dul ag triall ortha. Ach do
thuit sneachtadh ana throm an oidhche sin agus níor
fhéad sé dul. 'N-a chuardaibh, ag teiche ó Shímon,
tháinig sé go dtí áit ar a dtugtí Bascama. San áit
sin do mhairbh sé Iónatan agus a bheirt mhac.



Ansan d'imthigh sé air abhaile chun a thíre féin.



Ansan tháinig Símon agus do rug sé leis corp
a dhrithár Iónatan go dtí cathair Mhódin, cathair a
shinsear, agus d'adhlaic sé é i n-uaigh a atharach, agus


L. 826


bhí clann Israél 'ghá chaoine go dúbhach ar feadh mórán
aimsire.



Ansan do chuir Símon suas leacht mhór árd, agus
í déanta go h-uasal de chlochaibh snoighte líomhtha,
os cionn na h-uagha i n-a raibh a athair agus a mháthair
agus a dhritháracha adhlactha. Agus iongna shaoghail
ab eadh an leacht san ar feadh céadta blian 'n-a dhiaidh
san. Agus do thuig an uile dhuine do chonaic í, má
b'iongna shaoghail í i n-uaisleacht agus i gcostas-
amhlacht, ná raibh sí ró uasal i n-aon chor do sna
fearaibh a bhí sínte fúithe, ní h-eadh ach ná raibh sí leath
uasal a dóithin dóibh féin agus do sna gníomharthaibh
a dheineadar.



CCCL.



SAOR Ó CHUING NA bPÁGÁNACH.



Ní raibh Truíphon abhfad imthighthe soir chun a thíre
féin nuair a chuir sé Antiochus óg chun báis agus chuir
sé coróinn na h-ímpireachta ar a cheann féin. Deir
cuid de sna cúntaisíbh gur b'amhlaidh a thug sé nimh
do'n leanbh. Deir tuille acu gur tháinig taom éigin
breóiteachta ar an leanbh agus go raibh dochtúir ag
tabhairt aire dhó agus gur thug Truíphon breab do'n
dochtúir agus go bhfuair an leanbh bás.



I gcaitheamh na h-aimsire sin bhí Símon ag obair
go dian 'n-a thír féinig, i dtír Iúdéa. Chuir sé suas
daingeana láidire ins gach aon bhall, in sna h-áite-
anaibh a bhí oireamhnach do réir nádúra chun cosnaimh,
agus do neartuigh sé na daingeana san le fallaíbh
árda, téagartha, neartmhara, agus le túraibh árda,
agus le geataíbh móra troma a dúntí le sabhanaibh
láidre. Agus do chruinnigh sé flúirse de gach aon
tsaghas bídh agus dighe istigh in sna daingeanaibh.



Ach an rí úd Demétrius a bhí ar díbirt, bhí sé beó


L. 827


fós agus bhí sé ag déanamh a dhíthil chun nirt slógh do
chur le chéile agus teacht agus an ropaire, Truíphon,
do chlaoidhe agus a cheart féinig a bhaint amach. Do
thuig Símon go raibh Demétrius ag déanamh an díthil
sin. Do thuig sé, leis, nár bhaoghal ná gur mhaith le
Demétrius congnamh fhághail ó sna Iúdaígh. Chomáin
sé teachtaireacht ag triall air, 'ghá admháil, rud ab
fhíor, gur bh'é an rí ceart é. Thug sé leitir do sna
teachtairíbh 'ghá iarraidh ar an rí saoráidí áirithe thabhairt
an uair sin do thír na nIúdach i gcoinnibh na díobhála
go léir a dhein Truíphon do'n tír sin. Do chuir an
rí Demétrius leitir chun Símoinn ag freagairt na
leitire sin:—



“An rí Demétrius chun Símoinn an t-Árdshagart,
chun carad na righthe, agus chun seanóirí agus chun
pobuil na nIúdach, sláinte. Do tháinig chughainn an
choróinn óir agus an phailm a chuiris ag triall orainn.
Táimid ceapaithe ar shíothcháin dhaingean a dhéanamh
leat-sa, agus ar sgrí ag triall ar ár dtaoiseachaibh
'ghá órdú dhóibh na saoráidí sin a thabhairt daoibh. Na
neithe atá reachtuighthe againn i nbhúr dtaobh seasóchaid
siad daingean. Na h-áiteana láidire atá curtha suas
agat mar chosnamh ar bhúr dtír is libh féin iad. Aon
dearmhad nú aon rud a deineadh as an slighe roimis
seo, tá sé maithte indiu agus ó indiu amach. Má tá
aon nídh fé cháin i gcathair Ierúsalem anois ná bíodh
cáin air a thuille. Má tá aon duine agaibh-se oireamh-
nach chun a ainme do chur i n-ár sluagh glactar isteach
é agus bíodh síothcháin eadrainn.”



Bhí brígh ana mhór leis an leitir sin. Do leog an
leitir sin tír na nIúdach saor ó chuing na bpágánach
ó'n lá san amach. Do tugadh suas do Shímon agus
do sna Iúdaígh na daingeana go léir, 'sé sin, cómhacht
na tíre. Ba leó féin feasta cómhacht na tíre, gan
blúire éilimh ag aon rí, ná ag aon riaghaltas iasachta,
ar an dtír. Do cuireadh deire le gach éileamh cánach.


L. 828


Do thuig na daoine go léir an méid sin go dian mhaith.
Do thugadar ar an mbliain “an chéad bhliain fé
Shímon an t-Árdshagart,” agus is ó'n mbliain sin
a deintí áireamh dátaí ar sgríbhinníbh agus ar leitir-
eachaibh as san amach, an bhliain a fuasgaladh tír Israéil
ó smacht na nGréagach. Bhí Símon as san amach, ar
aon dul le Demétrius agus le righthibh uile an
domhain.



Do ghluais Símon tímpal, le dúbailt díthil, ag
neartú na ndaingean a bhí curtha suas aige agus ag
díbirt namhad a' daingeanaibh eile na tíre. D'im-
dhruid sé an tseana namhaid, cathair Ghasa, cathair
na bhPhilistíneach. Do thóg sé í, agus do ghlan sé na
págánaigh amach aisti agus chuaidh sé féinig chun cómh-
nuighthe innti agus dhein sé daingean láidir di. Do
ghlan sé na págánaigh amach a' caisleán catharach
Ierúsalem, leis, agus dhein sé daingean eile de'n
chaisleán agus áit chómhnuighthe eile dhó féin.



Ansan bhí aigne shuaineasach ag na Iúdaígh. Ba leó
féin a dtír féinig feasta, agus, nídh nár bh'iongna,
ba mhór acu Símon. Ba mhó acu é 'ná aoinne de
righthibh an domhain go léir an uair sin.



CCCLI.



LÁ SÉIN.



Nuair a thóg Símon caisleán catharach Ierúsalem
ó sna págánaigh agus chomáin sé amach as iad, do
ghlan sé an caisleán agus do choisric sé é ó'n
dtruailliú agus ó'n dtuathú a bhí déanta ag na
págánaigh air. Ansan, an fichmhadh lá de'n tarna mí
de'n bhliain céad agus seacht ndeich, do chuaidh Símon
agus na Iúdaígh isteach sa chaisleán san agus iad ag
breith bhuidheachais le Dia, agus ceólta acu, cruiteana


L. 829


agus saltairí agus tiompáin, agus hiomana agus
cainticí, óir bhí an namhaid sin, págánaigh an chaisleáin,
díbeartha amach as, tar éis iad a bheith istigh ann ar
feadh chúig bhliana fichid, ag déanamh an uile shaghas
tiubaiste do chlainn Israéil.



Nuair a bhíodar glan amach as agus an áit cois-
ricthe, agus an truailliú tógtha dhe, dubhairt Símon
leis na daoine gur bh'fhearr an caisleán san do
leagadh ar fad agus gan a rian d'fhágáilt sa n-áit,
sar a mbeadh caoi ag na págánaigh ar theacht airís agus
seilbh do ghlacadh ann agus bheith ag crádh na ndaoine
mar a bhíodar. Do ghlac na daoine an chómhairle. Do
glanadh an caisleán as an áit. Ach do chuir Símon
suas daingean ab fhearr 'ná é ar an gcnocán a bhí i
n-aice an teampuil agus chuaidh sé féin chun cómh-
nuighthe sa daingean san.



Lá séin ab eadh an lá san a díbireadh na págánaigh
amach as an gcaisleán agus do reachtuigh Símon go
gcaithfí an lá san do chimeád 'n-a la shaoire gach aon
bhliain as san amach, chun buidheachais a ghabháil le Dia
na glóire mar gheall ar an bhfuasgailt.



B'fhéidir go bhfiafróchadh duine cad a bhí ag Demé-
trius 'á dhéanamh i gcaitheamh na h-aimsire sin, nú an
raibh aon chur isteach aige 'á dhéanamh ar Thruíphon, nú
an raibh aon chongnamh aige d'á fhághail ó sna Iúdaígh.



Ní raibh Demétrius díomhaoin. Ní raibh sa n-aimsir
ach cupla bliain. Bhí sé ag déanamh a dhíthil ag cur
nirt slógh le chéile chun catha thabhairt do Thruíphon.
Is dócha go raibh fhios aige go raibh an iomad bruide
ar Shímon agus nár bh'fhéidir dó puinn conganta
thabhairt d'aoinne go dtí go mbeadh cuid de'n bhruid
curtha dhe aige. Bhí fhios aige nár bhaoghal go ngeóbhadh
Símon páirt le Truíphon. Congnamh mór ó Shímon
ab eadh an méid sin féin.



Sa bhliain céad seacht ndeich a dó do chruinnigh
Demétrius an méid nirt slógh a bhí aige agus chuaidh


L. 830


sé isteach i dtír Media ag lorg tuille conganta
chun troda i n-aghaidh Thruíphoin. Bhí rí an uair sin ar
Phersia agus ar Mhedia agus Arsaces ab ainm dó.
D'airigh sé go raibh Demétrius tagaithe isteach 'n-a
rígheacht. Chuir sé duine d'á phriúnsaíbh uaidh agus
neart slógh aige agus dubhairt sé leis Demétrius
a thógaint beó agus é thabhairt chuige. Do ghluais an
priúnsa. Thug sé cath do Dhemétrius agus bhuaidh
sé air agus thug sé leis beó é ag triall ar Arsaces.
Do chimeád Arsaces 'n-a phríosúnach é. Chuir san
deire le gnó Demétriuis. Agus d'fhág san caoi bhreágh
osgailte ag Símon agus ag na Iúdaígh ar ghnóthaíbh
a dtíre féinig do chur chun taisge ar a suaineas agus
ar a socaracht, agus ní baoghal gur thugadar aon
fhaillighe sa n-obair sin.



Do thuig Símon go raibh sé féin ag dul i n-aois.
Bhí mac aige gur bh'ainm dó Eóin. Fear cumasach
láidir cródha ab eadh an mac san, agus é oilte thar
na beartaibh ar ghnóthaíbh cogaidh. Do chuir Símon
cúram na h-armála air. Dhein sé ceann uraid slógh
na nIúdach de agus do thuig an uile dhuine nár mhiste
dhó san, mar go raibh sé mar ba dhual athar agus sean-
athar dó a bheith.



Ansan bhí an tír go léir agus na daoine go léir
ar a suaineas agus ar a socaracht agus do lean an
suaineas agus an socaracht san an fhaid a mhair Símon.
Níor ghlac Símon féin suaineas ná socaracht. Bhí
sé coitchianta ag leathadh cómhachta na tíre amach
mórthímpal agus 'ghá neartú laistigh, agus chuir sé
a smacht i bhfeidhm. Dhein sé baile cuain de Ioppe i
dtreó go raibh slighe osgailte aige amach go dtí oileáin
na faraige. Bhí fhios ag na daoine cad a bhain le
síothcháin; gach aoinne ag saothrú a chuid talmhan féin,
agus an rath ar thalamh agus ar chrannaibh. Na sean-
daoine 'n-a suidhe in sna dóirsibh agus ag cainnt
agus gan aon eagla ortha.


L. 831


CCCLII.



LEITIR CHUN SÍMOINN.



Labhran an Bíobla go h-árd ar an séan a chuir
Símon ar thír na nIúdach agus ar na daoine. Do
ghaibh sé forlámhas ar Ghasara agus ar Bhetsúra agus
ar an gcaisleán úd. Chuir sé cóir bhídh isteach in sna
catharachaibh. Chuir sé córacha cogaidh isteach ionnta,
bíodh ná raibh aoinne sa tír chun aon chogaidh a chur
air ná chun aon nídh dhéanamh 'n-a choinnibh. Bhí an lámh
uachtair fachta ar na righthibh go léir aige. Do neartuigh
sé na daoine ar ar deineadh lagú roimis sin an
fhaid a bhí namhaid na tíre láidir. Thug sé aire do'n
dlighe agus chuir sé i bhfeidhm í, i dtreó gur thóg sé
chun siubhail ar fad lucht malluightheachta agus lucht
eugcóra agus gur thug sé tógáilt cinn do dhaoine
macánta. Chuir sé maise agus glóire ar an sanc-
tuárium agus do mheuduigh sé uimhir na n-árthaí
naomhtha in sna h-áiteanaibh beannuighthe. Bhí trácht in
sna tíorthaibh go léir, mórthímpal, ar an obair a bhí
déanta aige, agus a bhí aige 'á dhéanamh, i dtír na
nIúdach. Bhí trácht sa Róimh air agus i Sparta. Do
h-airigheadh sa Róimh, agus i Sparta, gur marbhuigheadh
Iónatan agus bhí dólás mór sa dá áit mar gheall
air sin. Ach do h-airigheadh, leis, go raibh Símon sa
n-árdshagartacht i n-inead a dhrithár Iónatan, agus
do h-airigheadh an obair mhór, uasal, a bhí déanta aige,
conus mar a bhí buaidhte aige ar a namhaid go léir;
agus an tír go léir, agus na catharacha, tabhartha fé
n-a smacht féin aige, agus rath agus séan agus
suaineas aigne curtha aige ar chlainn Israéil, idir
óg agus aosta. Nuair airigh na Spartánaigh an sgéal
san bhí áthas mór ortha. Do sgríobhadar leitir chun


L. 832


Símoinn, ar thaibhlibh práis, ag athnuachaint an mhuinn-
tearthais agus an charadais a bhí idir iad agus a
dhritháracha, Iúdás agus Iónatan. Do léigheadh an
leitir sin os cómhair an phobuil i gcathair Ierúsalem,
agus sidí an chainnt a bhí sa leitir a chuir muinntir
Sparta uatha:—



“Priúnsaí catharach na Spartánach chun Símoinn
an t-árdshagart, agus chun Seanóirí agus chun sagairt
agus chun pobuil na nIúdach, a mbráithre, sláinte:
Na teachtairí a tháinig uaibh-se chughainn-na, thugadar
dúinn tuairisg ar bhúr nglóire agus ar bhúr séan
agus ar bhúr n-áthas, agus chuir san áthas mór
orainn-na: agus chuireamair síos, i n-ár sgríbhinníbh
chúntais, an chainnt adubhradar, mar seo: tháinig
chughainn, ag athnuachaint an tseana charadais linn
teachtairí na nIúdach, .i. Núménius mac Antiochuis
agus Antipater mac Iásoin, agus b'é toil na ndaoine
iad do ghlacadh le h-onóir agus an chainnt adubh-
radar do chur síos in sna sgríbhinníbh poibilidhe i
dtreó go gcimeádfadh muinntir Sparta cuimhne ar
an gcainnt. Agus tá macshamhail do'n chainnt againn
'á chur ag triall ar an árdshagart Símon.”



Ansan do chuir Símon Núménius go dtí an Róimh
agus sgiath óir aige go raibh míle púnt meaghchaint
innti, chun an charadais leó a dhéanamh daingean.
Agus nuair airigh muinntir na Rómha an nídh sin bhí
iongna agus áthas ortha, agus dubhradar le n-a chéile:
“Conus a thaisbeánfimíd do Shímon agus d'á mhacaibh
an buidheachas atá againn ortha agus an meas atá
againn ortha? Tá Símon tar éis a mhuinntire do chur
ar a mbunaibh agus tar éis namhad Israéil do chlaoidhe
agus do dhíbhirt chun siubhail le cathanaibh cruadha.”



Ansan do reachtadar saoirse na Rómha do Shímon
agus d'á mhacaibh, agus do sgríobhadar an reacht san
ar thaibhlibh práis agus do cuireadh na taibhle sin suas
ar phollaíbh i gcnoc Síon.


L. 833


Tabharthas ana mhór, ana shaidhbhir, ab eadh an sgiath
úd go raibh an míle púnt meaghchaint d'ór ghlan innti.
Do thuig na Rómhánaigh luach an tabharthais sin. D'á
bhrígh gur thuigeadar do chuireadar sgríbhinn ana fhada
ar na taibhlibh práis, ag moladh Shímoinn agus ag
moladh a ghníomhartha, agus ag moladh na Macabéach
go léir, agus ag moladh a n-athar Matatias.



CCCLIII.



SAOIRSE CATHARACH NA RÓMHA.



Gan amhras tabharthas mór ab eadh an sgiath úd go
raibh an míle púnt meaghchaint innti. Ní baoghal ná
gur thuig na Rómhánaigh luach an tabharthais sin. Do
bhain an sgiath sin cainnt asta. Do reachtadar, mar
adubhradh, saoirse catharach na Rómha do Shímon agus
d'á mhacaibh. Ansan do sgríobhadar ar thaibhlibh práis
an reacht agus an chainnt a bhí ag gabháil leis an reacht.
Sidé an sgríbhinn:—



“An t-ochtmhadh la déag de mhí Eliul, sa bhliain
céad seacht ndeich a dó, 'sé sin, an trímhadh bliain fé
Shímon an t-Árdshagart, ag Asaramel, i gcómhthionól
mór de shagartaibh agus de phriúnsaíbh an phobuil agus
de sheanóiríbh na tíre, do cuireadh i n-iúil dúinn na
neithe seo: Is fíor go raibh cogadh go minic sa tír,
agus do chuir Símon mac Mhatatiais de shliocht Iarib,
agus a bhráithre, iad féin i gcontabhairt ag troid i
n-aghaidh namhad a dtíre agus ag cosnamh na n-áite
ana naomhtha a bhí acu, agus ag cosnamh na dlighe,
agus táid siad tar éis a ndaoine d'árdú chun mór-
ghlóire. Do chruinnigh Iónatan a dhaoine i dteannta
chéile agus do deineadh Árdshagart de os a gcionn.
ach fuair sé sin bás. Ansan do mheas a namhaid
gabháil de chosaibh ionta agus léirsgrios a dhéanamh


L. 834


ortha, agus a lámha do shíne amach i gcoinnibh na
n-áiteana naomhtha. Ansan do chuir Símon cos i
dtalamh agus do throid sé i gcoinnibh a namhad, agus
do chaith sé mórán d'á chuid saoghaltais féinig, agus
thug sé díoluidheacht do sna fearaibh cródha a bhí
ameasg a dhaoine agus chuir sé airm i n-a lámhaibh chun
troda i n-aghaidh a namhad; agus do dhainginigh sé
catharacha Iúdéa agus dhainginigh sé cathair Bhetsúra,
cathair atá ar imeal Iúdéa, an chathair i n-a mbíodh
armáil an namhad roime sin, agus chuir sé gáirisiún
Iúdach isteach sa chathair sin. Agus dhainginigh sé
cathair Ioppe, cathair atá i n-aice na faraige. Agus
do dhainginigh sé cathair Ghasara, cathair atá teóranach
le h-Asótus, cathair i n-a mbíodh an namhaid roime
sin. Chuir sé Iúdaígh isteach sa chathair sin, agus thug
sé dhóibh gach cóir d'á raibh riachtanach chun na catharach
do dheisiú agus do dhainginiú.”



“Agus chonaic na daoine na gnóthaí móra a bhí ag
Símon 'á dhéanamh agus an ghlóire a bhí beartuighthe
aige do thabhairt ar an náisiún, agus ghlacadar 'n-a
phriúnsa os a gcionn é, agus i n-a Árdshagart, mar
gheall ar na neithe móra a bhí déanta aige, agus mar
gheall ar a cheart agus ar a dhílse do'n phobul, agus
toisg gan aon aidhm a bheith aige ach tairbhthe na
ndaoine agus iad a chur ar aghaidh. Agus d'eirigh gach
nídh leis i n-a ré, i dtreó gur tógadh chun siubhail as
an dtír na págánaigh go léir, agus ná raibh a thuille,
i gcathair Dháibhid, an droch aicme úd a bhíodh sáidhte
istigh i gcaisleán Ierúsalem agus a bhíodh ag preabadh
amach gan choinne, ag truailliú agus ag tuathú na
n-áiteana naomhtha mórthímpal ar an sanctuárium.
Do chuir Símon Iúdaígh isteach sa chaisleán san chun
na tíre do chosaint agus chun na catharach do chosaint,
agus chuir sé suas, go breágh láidir daingean, fallaí
catharach Ierúsalem féinig.”



“Agus do dhainginigh an rí Demétrius é sa


L. 835


n-Árdshagartacht, agus thug sé glóire agus gradam
dó go h-árd. Óir bhí fhios ag Demétrius go raibh na
Rómhánaigh tar éis cáirde dhóibh féinig a thabhairt ar
na Iúdaígh, agus daoine muinnteartha dhóibh féinig,
agus bráithre dhóibh féinig, agus go rabhadar tar éis
dul i gcómhaltas cogaidh leó.”



CCCLIV.



SÍMON 'N-A ÁRDSHAGART.



“Óir d'airigh Demétrius go raibh na Rómhánaigh
tar éis dul i gcomhaltas cogaidh leis na Iúdaígh, agus
go rabhadar tar éis teachtairí Shímoinn do ghlacadh le
h-onóir; agus go raibh na Iúdaígh agus na sagairt
tar éis Símoinn do ghlacadh 'n-a phriúnsa os a gcionn
go deó, go dtí go n-eireóchadh fáig dílis; agus
go gcaithfadh Símon bheith 'n-a cheann-uraid os a
gcionn, agus cúram an tsanctuáriuim a bheith air;
agus gur ab é do chaithfadh riaghaltóirí do cheapadh
os cionn na n-oibreacha, agus os cionn na tíre, agus
os cionn na h-armála, agus os cionn na ndaingean
a bhí acu; agus gur bh'air a chaithfadh cúram na n-áit-
eana naomhtha bheith; agus nár bh'fholáir an uile dhuine
bheith umhal dó; agus nár bh'fholáir sgríbhinní uile
na tíre do dhéanamh i n-a ainm; agus nár bh'fholáir
é bheith éidighthe le corcra agus le h-ór; agus gan
a bheith dleaghthach d'aon duine de'n phobul, ná de
sna sagartaibh, aon nídh de sna neithibh sin do shárú,
ná cur i n-aghaidh a chainnte, ná cómhthionól do
chruinniú sa tír i n'éaghmais: agus pé duine dhéan-
fidh bun os cionn leis an riaghlú san, nú do chuirfidh
aon nídh de sna neithibh sin ar neamhnídh go gcaithfar
pionós do chur air.”



“Agus b'é toil na ndaoine go léir Símon do chur


L. 836


suas ar an gcuma san agus beart a dhéanamh do
réir na cainnte sin. Agus do thoiligh Símon chuige
sin go fonnmhar, chun dualgais árdshagairt do
chómhlíonadh, agus chun bheith 'n-a phriúnsa os cionn
pobuil na nIúdach, agus os cionn na sagart, agus
'n-a cheann uraid os a gcionn go léir.”



Agus d'órduighdar na Rómhánaigh an sgríbhinn sin
do chur ar thaibhlib práis agus na taibhle sin do chur
suas laistigh de'n áit i n-a raibh an sanctuárium,
i dtreó go mbeadh radharc ag gach aoinne air; agus
macasamhail do'n sgríbhinn céadna do chur isteach
sa chiste i dtreó go mbeadh sé ag Símon agus agá
mhacaibh.



Mar a h-innseadh, do thóg rí Phersia an rí úd
Demétrius, agus dhein an feallaire úd Truíphon rí dhe
féin ar Antioch agus ar an ímpireacht a bhí ag gabháil
le h-Antioch. Ach d'fhág an Demétrius san mac 'n-a
dhiaidh laistiar. Antiochus ab ainm do'n mhac san,
agus chómh luath agus tháinig neart ann do chuimhnigh
sé ar an gcuma 'n-ar dhein Truíphon an feall go
léir, agus de thoradh an fhill go raibh sé i seilbh na
rígheachta, 'n-a chomhnuidhe ar a shuaineas i n-Antioch.
Bhí fhios aige gur namhaid mhalluigthe do Shímon gur
bh'eadh an feallaire Truíphon. Do sgríbh sé leitir,
agus is ó oileánaibh na mara i n-áit éigin amuich dho
sgríbh sé:—



“An rí Antiochus mac Dhemétriuis chun Símoinn,
an t-Árdshagart, agus chun náisiúin na nIúdach,
sláinte. Ó's rud é go bhfuilid cuiripeacha áirithe
tar éis rígheachta ár n-athar do shárú, agus go bhfuilim-
se ceapaithe ar an rígheacht san a bhaint amach agus
í chur mar ba cheart í bheith, tá armáil mhór curtha le
n-a chéile agam agus táid loingeas chogaidh déanta
agam, agus tá beartuighthe agam gabháil tríd an
dtír agus díoltas a dhéanamh ar an muinntir atá
tar éis mo thíre do lot agus tar éis a lán de


L. 837


chatharachaibh mo thíre do dhéanamh uaigneach. D'á bhrígh
sin dainginighim thusa anois in sna saoráidíbh a thug na
righthe uile a tháinig rómham duit, agus deimhnighim
duit pé tabharthaistí eile a thugadar duit. Agus
tugaim duit cead do chuid airgid féinig a bhualadh
ad thír féinig. Agus bíodh Ierúsalem saor, naomhtha.
Agus gach a bhfuil d'arm déanta, agus de dhain-
geanaibh curtha suas, bídís agat féin.”



CCCLV.



LEITIR Ó'N RÓIMH.



I ndeire na leitireach úd a chuir Antiochus, mac
Dhemétriuis, ag triall ar Shímon, dubhairt sé an
chainnt seo: “Tugaim duit cead do chuid airgid
féin do bhualad ad' thír féinig. Agus bíodh Ierúsalem
naomhtha… Agus nuair a bheidh ár rígheacht bainte
amach againn tabharfimíd glóire dhuit-se agus dod'
náisiún, glóire mhór, i dtreó go mbeidh do ghlóire
le feisgint tríd an ndomhan go léir.”



Cimeád an focal san ad' chuimhne, a léightheóir,
agus chífir ar ball nách indiu ná indé do thosnuigh
righthe ar úsáid a dhéanamh de'n “scrap of paper”
úd.



Bhí Truíphon ar a shuaineas agus é 'n-a rí i gcathair
Antioch. Níor bh'fhéidir d'fhear d'á shórd cómhacht a
bheith n-a láimh aige aon phuinn mhór aimsire gan aigne
na ndaoine d'iompáil 'n-a choinnibh. Bhí aigne na
ndaoine iompuighthe i gcoinnibh Thruíphoin, nímhneach
go leór, ach ní raibh caoi acu ar a n-aigne thaisbeáint.
Tháinig an chaoi. Tháinig isteach sa tír Antiochus, mac
Dhemétriuis, agus sluagh aige. Ní deirtear go raibh
sluagh ana mhór aige ag teacht dó, ach chómh luath agus
do h-airigheadh go raibh sé tagaithe do rith slóighte


L. 838


na tíre chuige. Níor fhan ag Truíphon ac fíor bheagán.
Nuair a fuair Truíphon go raibh an armáil go léir
imthighthe uaidh do theich sé féin agus a bhuidhean bheag
amach a h-Antioch agus chuadar isteach i gcathair ar
a dtugtí Dóra, cathair a bhí ar bruach na faraige.
Dheabhróchadh an sgéal gur chathair dhaingean í, mar
do tháinig Antiochus agus do champuigh sé 'n-a
tímpal agus céad agus fiche de mhíltibh fear aige,
agus níor fhéad sé í thógaint láithreach. B'éigean dó
í dh'imdhruidim ó mhuir agus ó thír. Bhí na loingeas ar
an uisge aige agus a shluagh ar an dtír aige agus
d'fháisg sé go dian ar an gcathair.



An fhaid a bhí an obair sin ar siubhal bhí obair eile
ar siubhal i n-áiteanaibh eile. An sgiath úd a tugadh
do sna Rómhánaigh bhí sí ag dhéanamh oibre. Bhí an
buidheachas ró mhór ar Shímon ag na Rómhánaigh mar
gheall uirthi. Chuireadar an sgríbhinn fhada úd, ar
na taibhlibh práis, ag triall ar Shímon. Ach dheineadar
rud eile. Do sgríobhadar agus thugadar do Núménius,
teachtaire Símoinn, leitireacha le breith ag triall ar
na righthibh go léir mórthímpal, 'ghá innsint do sna
righthibh sin i dtaobh na sgéithe óir a bhí fághalta acu ó
Shímon, agus 'ghá rádh leis na righthibh sin: “Tá
cómhaltas cogaidh agus síothchána idir sinn-na agus
Símon. D'á bhrígh sin ná dein-se aon díobháil do
Shímon ná do sna Iúdaígh, agus má tá ameasg do
dhaoine aon droch Iúdaígh, ar teiche ó Shímon, beir ortha
láithreach agus cuir thar n-ais ag triall ar Shímon
iad i dtreó go gcuirfidh sé ortha an pionós atá
tuillte acu do réir dlighe na nIúdach.”



Chuireadar leitir de'n tsórd san ag triall ar
gach rí de dhá rí fhichid a bhí in sna thíorthaibh lastoir,
mórthímpal ar Iúdéa. Agus chuireadar macshamhail
ag triall ar Shímon. Ní deirtear gur chuireadar
macshamhail ag triall ar Antiochus, ach deirtear gur
chuireadar macshamhail do'n leitir sin ag triall ar


L. 839


Dhemétrius. Ní raibh aon rí gur bh'ainm dó Demé-
trius ann an uair sin, agus is dócha gur ag triall
ar Antiochus, mac Dhemétriuis, a chuaidh an leitir sin.



Gan amhras do mheas na Rómhánaigh tairbhthe dhéanamh
do Shímon leis an dteachtaireacht san ag triall ar
na righthibh sin go léir. B'fhéidir gur deineadh rainnt
tairbhthe. Níor dhóichighe san ná go mb'fhéidir gur
deineadh rainnt díobhála, leis. B'fhéidir gur mús-
galadh eud. Tá sean fhocal againn, .i. “Níor mheasa
dhuit rud a dhéanfadh díobháil duit 'ná rud fóghanta.”



CCCLVI.



ATENÓBIUS.



Ach bhí Antiochus ag fásgadh ar chathair Dhóra agus
bíodh go raibh an mhór shluagh aige tímpal uirthi, ar
an dtalamh tirim, agus na loingeas 'ghá dúnadh
isteach ó thaobh na faraige, ní raibh ag teacht leis í
thógaint. Do chuimhnigh Símon gur mhithid dó féin rud
éigin a dhéanamh chun cabhruighthe leis an rí do labhair
an chainnt bhreágh úd leis i dtaobh na glóire móire
thabharfadh sé dhó nuair a bheadh buaidhte ar Thruíphon
aige. Do thoibh Símon amach dhá mhíle de sna fearaibh
ba chródha d'á raibh aige, agus gan amhras do b'fhearr
an dá mhíle fear san 'ná aon deich míle de sna fear-
aibh a bhí ag Antiochus. Do chuir Símon chuige an dá
mhíle fear san agus mórán airgid agus óir agus
mórán córacha cogaidh. Cad deirir le h-Antiochus
nár dhiúltuigh d'iad a ghlacadh! Ní ghlacfadh sé fir
ná airgead ná córacha cogaidh! Thánadar abhaile.
Ansan do chuir Antiochus duine d'á cháirdibh ag triall
ar Shímon, fear d'ár bh'ainm Atenóbius. Sidí an
chainnt a bhí le rádh ag Atenóbius, le h-órdú an rí:—



“Tá Ioppe agat-sa, agus Gasara, agus an caisleán


L. 840


atá i gcathair Ierúsalem. Is liom-sa iad san.
Bainid siad lem' rígheacht. Do dheinis léirsgrios ar
na críochaibh mórthímpal ar na catharachaibh sin, agus
tá mórán díobhála déanta agat sa tír, agus tá
forlámhas agat ar a lán áiteana do bhainean lem'
rígheacht. Tabhair suas dom anois, d'á bhrígh sin, na
catharacha san atá tógtha agat, agus cíosana na
n-áiteana atá agat uaim lasmuich de chríochaibh Iúdéa.
Nú marab é sin é, tabhair dom chúig céad talant
airgid as an méid díobhála atá déanta agat do'n
tír, agus cuir chugham mar chíos as na catharachaibh
chúig céad eile talant. Mara ndeinir an méid sin
tiocfimíd agus cuirfimíd cogadh ort.”



Nuair a tháinig Atenóbius go dtí Ierúsalem leis
an dteachtaireacht san do chonaic sé uaisleacht na
catharach, agus an tabhairt amach ríoga a bhí ar Shímon,
agus a ghradam, agus an armáil a bhí 'n-a thímpal,
agus bhí iongna a chroidhe air. Ach do thug sé a theacht-
aireacht. D'éist Símon leis go dtí go raibh a chainnt
ráidhte aige. Ansan do labhair sé:—



“Níor thógamair-ne riamh,” ar seisean, “aon fhód
de thalamh daoine eile, ná ní'l aon fhód de thalamh
aon duine eile againn 'á chimeád. Ní'l aon talamh
againn 'á chimeád ach talamh ár sínsear, an talamh a
fuaramair i n-oighreacht ó n-ár n-aithreachaibh. Do
bhain ár namhaid dínn an talamh san go h-eugcórtha.
Chimeádadar uainn é ar fead tamail. Do fuar-
amair an chaoi ar é bhaint díobh agus bhaineamair díobh
é. Níor bhaineamair díobh ach ár gcuid féin. Ach i
dtaobh Ioppe agus Ghasara, dheineadar san mórán
díobhála do'n tír agus do sna daoine. Mar sin
féin táim sásta céad talant do dhíol as an dá
chathair sin.”



Ní dubhairt Atenóbius oiread agus aon fhocal
amháin amach as a bhéal leis an méid sin cainnte.
D'imthigh sé thar n-ais, agus árd fhearg air, agus


L. 841


d'innis sé do'n rí cad dubhairt Símon, agus má bhí
fearg ar Atenóbius bhí fearg ba mhó 'ná san ar an rí
Antiochus.



I gcaitheamh an aighnis sin d'euluigh Truíphon amach
a' cathair Dóra. Chuir san deire le h-imdhruidim na
catharach agus d'fhág san caoi ag an rí ar a shlóighte
d'iompáil chun oibre éigin eile. Bhí taoiseach airm
aige gur bh'ainm dó Cendebéus. Thug sé do Chen-
debéus mór shluagh troightheach agus marcach, agus
dubhairt sé leis gluaiseacht agus aghaidh a thabhairt
ar Iúdéa agus cogadh do chur ar Shímon agus ar na
Iúdaígh, agus d'imthigh sé féin ar thóir Truíphoin.



Tháinig Cendebéus agus a shluagh troightheach agus
marcach, go dtí cathair ar a dtugtí Iamnia, cathair
a bhí i dtír na bhPhilistíneach agus ná raibh abhfad ó
theórainn Iúdéa. Do dhainginigh sé an chathair sin agus
cathair eile ná raibh abhfad uaithi, agus thosnuigh sé
ar bheith ag marbhú na nIúdach agus ar bheith ag cur
buidhean d'á mharcshluagh amach ag argain agus ag
creachadh Iúdéa.



CCCLVII.



SÍMON AG DUL I N-AOIS.



Bhí beirt mhac ag Símon, Iúdás agus Eóin. Do
thárla go raibh Eóin 'n-a chomhnuidhe i gcathair Ghasara
nuair a tháinig Cendebéus go dtí Iamnia. Nuair
a chonaic Eóin an obair a bhí ag Cendebhéus 'á dhéanamh
agus an fuadar a bhí fé tháinig sé agus d'innis sé
an sgéal d'á athair, do Shímon. Do ghlaoidh Símon
chuige an bheirt, Iúdás agus Eóin, agus dubhairt sé
leó mar seo:—



“Feuch, a chlann ó,” ar seisean, “táim-se ag


L. 842


dul i n-aois. Dheineas féin agus mo dhritháracha agus
teaghlach m'athar troid i n-aghaidh namhad Israéil
i gcaitheamh ár saoghal go léir, ó n-ár n-óige go dtí
an lá atá indiu ann. D'eirigh linn go maith. D'fhuas-
galamair Israél go minic ó n-a namhaid. Tá an t-aos
ag druidim liom-sa. Deinidh-se seasamh am' inead
anois. Téidhidh amach agus troididh i n-aghaidh namhad
na tíre, agus lámh Dé go raibh libh!”



Ansan do thoibh sé as an bpobul go léir fiche míle
fear de sna fearaibh ba thréine, agus marcshluagh mar
aon leó, agus do ghluais an bheirt drithár agus an
tsluagh san amach i gcoinnibh an namhad. Bhíodar ar
an machaire i n-aice catharach Mhódin go moch ar
maidin agus iad ullamh chun catha. Tháinig an namhaid
amach 'n-a gcoinnibh, ana mhór shluagh marcach. Bhí abha
idir na Iúdaígh agus an namhaid. Bhí an namhaid níba
líonmhaire go mór 'ná na Iúdaígh. Do thug Eóin fé
ndeara go raibh eagla ar na Iúdaígh mar gheall ar
líonmhaireacht an namhad. Bhíodar ag tarrac siar
ó'n abha do ghabháil i gcoinnibh a léithéid de neart slógh.
Do léim sé féin isteach sa n-abhainn agus ghaibh sé í.
Tháinig misneach do sna fearaibh agus do léimeadar
go léir isteach agus do ghabhadar an abha. Ansan do
dhein Eóin dhá chuid d'á shluagh troightheach agus chuir
sé a mharcshluagh istigh eatartha i lár baill. Do leath-
anuigh san aghaidh a shlógh ach níor fhéad sé iad a dhéanamh
chómh leathan leis an namhaid, toisg an iomad de'n
mharcshluagh bheith ag an namhaid. Ansan do séideadh
na trumpaí beannuighthe a bhíodh ag sluagh Israéil
i gcómhnuidhe agus thosnuigh an cómhrac. Ansan do
conacthas gur ró ghairid le dul líonmhaireacht slógh
i gcoinnibh tréine fear. Do chuir an tsluagh bheag an
ruag agus an dearg ruathar ar an sluagh líonmhar.
Bhíodar ag troid agus ag tuitim go tiugh ar feadh
tamail agus ansan d'iompuighdar agus do theicheadar.
Do leanadh iad go dian. Chuaidh cuid acu isteach in


L. 843


sna túraibh a bhí ar an machaire, ag teiche ó sna
Iúdaígh, ach do chuir Eóin na túir tré theine agus
do loisgeadh na págánaigh istigh ionta. Do deineadh
leó mar a bhí socair acu-san a dhéanamh leis na
Iúdaígh dá mbuaidís ortha.



Do chuir buadh an chatha san mór-shluagh Chendebéuis
ar neamhnídh agus bhí suaineas ag Símon agus ag clainn
Israéil ar feadh rainnt blian. Tháinig Eóin, mac
Símoinn, agus a dhritháir Iúdás, abhaile go dtí
Ierúsalem fé bhuadh agus fé áthas. Do créachtnuigh-
eadh Iúdás sa chath ach tháinig sé chuige féin agus
bhíodar go léir ar a sástacht.



Bhíodh Símon coitchianta ag imtheacht ar chuardaibh
mórthímpal na tíre, ag feuchaint i ndiaidh gach
gnótha d'ár bhain le cimeád na tíre i n-eagar, le
cúiseanaibh do thriail agus do bhreithniú, le dlighthibh
do chur i bhfeidhm, le h-imreasán idir chómharsanaibh
do chosg, le smacht a chur ar lucht eugcóra dhéanamh,
le h-eagla chur ar dhroch dhaoinibh, le creideamhaint
a thabhairt do'n té a bhead macánta díreach. Do
tugadh fé ndeara, ag déanamh na h-oibre sin dó,
nár fheuch sé riamh chun a thairbhthe féinig, ach go raibh
sé ag feuchaint i gcómhnuidhe chun tairbhthe na poibili-
dheachta, agus chun tairbhthe gach duine fé leith. Do
thug san dó féinig cómhacht agus forlámhas ná féad-
fadh aon nídh eile a thabhairt i n-aon chor dó.



CCCLVIII.



PTOLEMÉ.



Bhí Símon ag imtheacht mar sin ar a chuardaibh mór-
thímpal tíre Israéil ar feadh trí nú ceathair de
bhlianaibh, agus bhí rath agus séan ar an dtír; bhí áthas


L. 844


agus suaineas aigne ar an bpoibilidheacht. Bhí an
talamh d'á shaothrú, agus bhí toradh ar an saothar,
agus bhí gach aoinne sásta.



Ach bhí fear gur bh'ainm dó Ptolemé, pósta ag
inghin do Shímon. Bhí an Ptolemé sin 'n-a chaptaén
i machaire Ierichó. Fear ana shaidhbhir ab eadh é. Bhí
mórán airgid aige agus mórán óir. Ach bhí sé ana
árd-aidhmeanach. Bhí dúil thar barr i gcómhacht aige.



Bhí fios aige, fé mar a bhí fhios ag gach aoinne, go
raibh fuath fíochmhar ag an rí Antiochus do Shímon mar
gheall ar an éirleach úd a dhein Símon agus na Iúdaígh
ar mhór shluagh Chendebéuis. Do thuig sé i n'aigne
go raibh slighe ar a bhféadfadh sé a dhúil i gcómhacht
do shásamh tré bhíthinn an fhuatha san a bhí ag Antiochus
do Shímon agus do sna Iúdaígh.



'N-a chuardaibh do Shímon tháinig sé go dtí Ierichó.
Dhein a chliamhain, Ptolemé, féasta mór dó. Nídh
nách iongna ní raibh blúire coinne ag Símon le feall
ná le h-aon rud i bhfuirm fill. Do thug a chliamhain
cuire dhó chun an fhéasta. Bhí beirt mhac leis i n'fhochair.
Do rugadh an triúr isteach chun an dínnéir mhóir.
Nuair a bhí an dínnéar caithte acu agus a ndóithin
ólta acu do léim isteach lucht airm a bhí i bhfolach ag
Ptolemé agus mharbhuighdar Símon agus a bheirt mhac.
Do chomáin Ptolemé chun siubhail láithreach buidhean
lucht airm go dtí Gasara chun go marbhóchaidís
Eóin, leis. Ní bheadh aoinne ansan, dar leis, chun
seasaimh 'n-a choinnibh. Ach do rith duine de sheirbís-
eachaibh Símoinn ó'n áit i n-ar deineadh an marbhú
agus do shrois sé Gasara roime bhuidhean Ptolemé.
D'innis an seirbhiseach d'Eóin an sgéal go léir. Bhí
Eóin ullamh do'n mhuinntir a tháinig chun é mharbhú. Do
h-iompuigheadh an cluiche ortha. Do rug sé ortha agus
mhairbh sé iad.



Stadan an chéad leabhar Macabéach ar an áit sin.
Tá leabhar eile agam, ámhthach, agus innstear an


L. 845


sgéal ann. An fear a sgríbh an leabhar eile seo do
thóg sé an tuairisg a' seanachus Ióséphuis agus a'
sgríbhinníbh creideamhnacha eile. Seo mar a h-innstear
an sgéal sa leabhar eile seo atá agam.



I nGasara a bhí Eóin nuair a h-innseadh dó go raibh
Ptolemé tar éis an ghnímh a dhéanamh. Thug Eóin aghaidh
láithreach ar chathair Ierúsalem. Thug Ptolemé, leis,
aghaidh ar chathair Ierúsalem agus é ceapaithe ar
Árdshagart a dhéanamh de féin i n-inead athar a chéile.
Do shrois an bheirt an chathair i n-aonfheacht, duine
acu ar gach taobh di. D'osgail lucht na catharach an
geata a bhí ar thaobh Eóin agus chimeádadar dúnta go
daingean an geata a bhí ar thaobh Ptolemé. Bhí an
uraim acu d'Eóin mar gheall ar an athair. Bhí gráin
acu ar Ptolemé mar gheall ar an ngníomh a bhí déanta
aige.



Do cuireadh míle fáilte roim Eóin. Do glacadh
é láithreach 'n-a phriúnsa agus i n' Árdshagart, i
n-inead a athar. Do chruinnigh sé armáil na catharach
agus an méid armála thug sé leis ó chathair Ghasara
agus thosnuigh sé ar chathair Ierúsalem do dhainginiú
agus do chur i dtreó chosanta. Dhein sé daingean
ana láidir de'n chnoc mar a raibh an teampul. Bhí
fhios aige go raibh Ptolemé ceapaithe ar dhroch obair
a dhéanamh agus nár bh'aon dóichín é, go raibh an saidh-
bhreas thar na beartaibh aige agus an dúil sa bhfor-
lámhas aige.



Nuair a fuair Ptolemé ná h-osgalófí an geata
dhó do chrom sé ar bheith ag cur teachtaireachtaí isteach
ag triall ar chuid de sna h-uaislibh árda 'ghá innsint
dóibh cad iad na tairbhthí móra do dhéanfadh sé dhóibh
dá leogaidís isteach é agus a chur ar a chumas na
tairbhthí dhéanamh dóibh. Ní raibh aon mhaith dhó ann.
Bhí an droch ghníomh ró ghrána déanta aige, athair a
chéile féinig do mharbhú, an fear a bhí tar éis an tséin
go léir a thabhairt ar an dtír, agus ar an gcathair.


L. 846


Tá “Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha” go
léir agat anois, a léightheóir. Tagann 'n-a dhiaidh,
ámhthach, “Sgéalaidheacht na Macabéach,” a' Ióséphus,
an seanachaidhe Iúdach.



RISTEÁRD PLÉIMEANN.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services