Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Séadna
Title
Séadna
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Composition Date
1904
Publisher
Irish Book Company, The
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SÉADNA CAIBIDIOL A H-AON. Cois na teine. Peig, Nóra, Gobnait, Síle bheag, agus Cáit ní Bhuachalla. Nóra. — A Pheig, inis sgeul dúinn. Peig. — B'ait liom san! Inis féin sgeul. Gobnait. — Ní'l aon mhaith inti, a Pheig. B'fhearr linn do sgeul-sa. Síle. — Déin, a Pheig. Béimíd ana shocair. Peig. — Nach maith nár fhanais socair aréir, nuair a bhí “Madra na n-Ocht gCos” agam d'á innsint! Síle. — Mar sin ní stadfadh Cáit ní Bhuachalla ach am' priocadh. Cáit. — Thugais d'éitheach! Ní rabhas-sa ad' phriocadh, a chaillichín! Gobnait. — Ná bac í féin, a Cháit. Ní raibh aoinne 'ghá priocadh ach í 'ghá leigint uirthi. Síle. — Do bhí, astóin; agus mura mbéadh go raibh, ní liúghfainn. Nóra. — Abair le Peig na liúghfair anois, a Shíle, agus 'neósaidh sí sgeul dúinn. Síle:— Ní liúghfad, a Pheig, pé rud imtheóchaidh orm.
Peig:— Má's eadh, suigh anso am' aice, i dtreó ná féadfaidh aoinne thú phriocadh a gan fhios dom. Cáit:— Bíodh geall go bpriocfaidh an cat í. A thoice bhig, bhéadh sgeul breagh againn mura mbéadh tú féin agus do chuid liúighríghe. Gobnait. — Éist, a Cháit, nó cuirfir ag gol í, agus béimíd gan sgeul. Má curtar fearg ar Pheig ní 'neósaidh sí aon sgeul anocht. 'Seadh anois, a Pheig, tá gach aoinne ciúin ag brath ar sgeul uait. Peig:— Bhí fear ann fad ó agus isé ainim a bhí air 'ná Séadna. Gréasaidhe b'eadh é. Bhí tigh beag deas clúthmhar aige ag bun cnuic, ar thaobh na fothana. Bhí cathaoir shúgáin aige do dhéin sé féin dó féin, agus ba ghnáth leis suidhe inti um thráthnóna, nuair a bhíodh obair an lae críochnuighthe, agus nuair a shuidheadh sé inti bhíodh sé ar a shástacht. Bhí mealbhóg mine aige ar crochadh i n-aice na teine, agus anois agus airís chuireadh sé a lámh inti agus thógadh sé lán a dhoirn de'n mhin, agus bhíodh sé 'ghá cogaint ar a shuaimhneas. Bhí crann ubhall ag fás ar an dtaobh amuich de dhorus aige, agus nuair a bhíodh tart air ó bheith ag cogaint na mine, chuireadh sé lámh sa chrann san agus thógadh sé ceann des na h-ubhlaibh, agus d'itheadh sé é. Síle:— Ó, a thiarcais! a Pheig, nár dheas é! Peig:— Ciacu an chathaoir nó an mhin nó an t-ubhall ba dheas? Síle:— An t-ubhall, gan amhras! Cáit. — B'fhearr liom-sa an mhin: Ní bhainfeadh an t-ubhall an t-ocras de dhuine. Gobnait. — B'fhearr liom-sa an chathaoir, agus chuirfinn Peig 'na suidhe inti, ag innsint na sgeul. Peig:— Is maith chun plámáis tú, a Ghobnait.
Gobnait:— Is fearr chun na sgeul tusa, a Pheig. Conus d'imthigh le Séadna? Peig:— Lá d'á raibh sé ag déanamh bróg, thug sé fé ndeara ná raibh a thuille leathair aige, ná a thuille snáithe, ná a thuille céireach. Bhí an taoibhín déanach shuas agus an greim déanach curtha, agus níor bh'fholáir dó dul agus adhbhar do sholáthar sul a bhféadfadh sé a thuille bróg a dhéanamh. Do ghluais sé ar maidin, agus bhí trí sgillinge 'na phóca, agus ní raibh sé ach míle ó'n dtigh nuair a bhuail duine bocht uime, a d'iaraidh déarca. “Tabhair dhom déirc ar son an tSlánuightheóra agus le h-anaman do mharbh, agus tar cheann do shláinte,” arsa 'n duine bocht. Thug Séadna sgilling dó, agus ansan ní raibh aige ach dhá sgilling. Dúbhairt sé leis féin go mb'fhéidir go ndéanfadh an dá sgilling a ghnó: Ní raibh sé ach míle eile ó bhaile nuair a bhuail bean bhocht uime agus í cos- nochtaithe. “Tabhair dhom congnamh éigin,” ar sise, “ar son an tSlánuightheóra, agus le h-anaman do mharbh, agus tar cheann do shláinte.” Do ghlac truagh dhí é, agus thug sé sgilling dí, agus d'imthigh sí. Do bhí aon sgilling amháin ansan aige, ach do chomáin sé leis, ag brath air go mbuailfeadh seans éigin uime a chuirfeadh ar a chumas a ghnó a dhéanamh. Níor bh'fhada gur casadh air leanbh agus é ag gol le fuacht agus le h-ocras. “Ar son an tSlánuightheóra,” arsa 'n leanbh, “tabhair dhom rud éigin le n-ithe.” Bhí tigh ósda i ngar dóibh, agus do chuaidh Séadna isteach ann, agus cheannuigh sé bríc aráin agus thug sé chun an leinbh é. Nuair a fuair an leanbh an t-arán d'athruigh a dhealbh. D'fhás sé suas i n-aoírde, agus do
las solas iongantach 'na shúilibh agus 'na cheannachaibh, i dtreó go dtáinig sgannradh ar Shéadna. Síle. — Dia linn! a Pheig, is dócha gur thuit Séadna bocht i laige. Peig. — Níor thuit; ach má 's eadh, ba dhícheal dó. Chómh luath agus d'fhéad sé labhairt, dúbhairt sé:— “Cad é an saghas duine thusa?” Agus isé freagra a fuair sé:— “A Shéadna, tá Dia buidheach díot. Aingeal iseadh mise. Is mé an trímhadh h-aingeal gur thugais déirc dó indiú ar son an tSlánuightheóra. Agus anois tá trí ghuidhe agat le fághail ó Dhia na glóire. Iar ar Dhia aon trí ghuidhe is toil leat, agus gheobhair iad. Ach tá aon chómhairle amháin agam-sa le tabhairt duit. — Ná dearmhaid an Trócaire.” “Agus an ndeirir liom go bhfaighead mo ghuidhe?” arsa Séadna. “Deirim, gan amhras,” arsa 'n t-aingeal. “Tá go maith,” arsa Séadna. “Tá cathaoir bheag dheas shúgáin agam sa bhaile, agus an uile dhailtín a thagan isteach, ní foláir leis suídhe inte. An cheud duine eile a shuídhfidh inte, ach mé féin, go gceangalaidh sé inte!” “Faire, faire, a Shéadna!” arsa 'n t-aingeal; “sin guidhe breagh imthighthe gan tairbhe. Tá dhá cheann eile agat, agus ná dearmhaid an Trócaire.” “Tá,” arsa Séadna, “mealbhóigín mine agam sa bhaile, agus an uile dhailtín a thagan isteach, ní foláir leis a dhorn a sháthadh inte. An cheud duine eile a chuirfidh lámh sa mhealbhóig sin, ach mé féin, go gceangalaidh sé inte, feuch!” “Ó, a Shéadna, a Shéadna, ní'l fasg agat!” arsa 'n t-aingeal. “Ní'l agat anois ach aon ghuidhe amháin eile. Iar Trócaire Dé do t'anam.”
“Ó, is fíor dhuit,” arsa Séadna, “ba dhóbair dom é dhearmhad. Tá crann beag ubhall agam i leath-taoibh mo dhoruis, agus an uile dhailtín a thagan an treó, ní foláir leis a lámh do chur i n-áirde agus ubhall do stathadh agus do bhreith leis. An cheud duine eile, ach mé féin, a chuirfidh lámh sa chrann san, go gceangalaidh sé ann! — Ó! a dhaoine!” ar seisean, ag sgairteadh ar gháirídhe, “nach agam a bhéidh an spórt ortha!” Nuair a tháinig sé as na trithídhibh, d'fheuch sé suas agus bhí an t-aingeal imthighthe. Dhéin sé a mhachtnamh air féin ar feadh tamaill mhaith. Fé dheire thiar thall, dúbhairt sé leis féin: “Feuch anois, ní'l aon amadán i n-Éirinn is mó 'ná mé! Dá mbéadh triúr ceangailte agam um an dtaca so, duine sa chathaoir, duine sa mhealbhóig, agus duine sa chrann, cad é an mhaith a dhéanfadh san dómh-sa agus mé abhfad ó bhaile, gan bhiadh, gan deoch, gan airgead?” Ní túisge bhí an méid sin cainte ráidhte aige 'ná thug sé fé ndeara ós a chómhair amach, sa n-áit 'na raibh an t-aingeal, fear fada caol dubh, agus é ag glinneamhaint air, agus teine chreasa ag teacht as a dhá shúil 'na spréachaibh nímhe: Bhí dhá adhairc air mar bhéadh ar phocán gabhair; agus meigioll fada liath-ghorm garbh air, eirball mar bhéadh ar mhada ruadh, agus crúb ar chois leis mar chrúb thairbh. Do leath a bheul agus a dhá shúil ar Shéadna, agus do stad a chaint. I gceann tamaill do labhair an Fear Dubh. “A Shéadna,” ar seisean, “ní gádh dhuit aon eagla do bheith ort rómham-sa. Ní'lim ar tí do dhíobhála. Ba mhian liom tairbhe éigin a dhéanamh dhuit, dá nglacthá mo chómhairle. Do chloiseas thú, anois beag, 'ghá rádh go rabhais gan bhiadh, gan deoch, gan airgead. Thabharfainn- se airgead do dhóithin duit ar aon choinghíll bheag amháin.”
“Agus greadadh tré lár do sgairt!” arsa Séadna, agus tháinig a chaint dó; “ná féadfá an méid sin do rádh gan duine do mhilleadh led' chuid glinneamhna, pé h-é thú féin?” “Is cuma dhuit cia h-é mé, ach bhéarfad an oiread airgid duit anois agus cheannóchaidh an oiread leathair agus choimeádfaidh ag obair thú go ceann trí mbliaghan ndeug, ar an gcoinghíll seo — go dtiocfair liom an uair sin.” “Agus má réidhtighim leat, cá raghmaoíd an uair sin?” “Cá beag duit an cheist sin do chur nuair a bhéidh an leathar ídighthe agus bhéimíd ag gluaiseacht?” “Táir geur-chúiseach. Bíodh agat. Feiceam an t- airgead.” “Táir-se geur-chúiseach. Feuch!” — do chuir an Fear Dubh a lámh 'na phóca agus tharaing sé amach sparán mór, agus as an sparán do leig sé amach ar a bhais carn beag d'ór bhreagh bhuidhe. “Feuch!” ar seisean, agus shín sé a lámh agus chuir sé an carn de phíosaibh gleóidhte gléineacha suas fé shúilibh Shéadna bhoicht. Do shín Séadna a dhá láimh, agus do leathadar a dhá laghar chun an óir: “Go réidh!” arsa 'n Fear Dubh, ag tarang an óir chuige isteach. “Ní'l an margadh déanta fós.” “Bíodh 'na mhargadh!” arsa Séadna. “Gan teip?” arsa 'n Fear Dubh. “Gan teip,” arsa Séadna. “Dar bhrígh na mionn?” arsa 'n Fear Dubh. “Dar bhrígh na mionn,” arsa Séadna.
Caibidiol a dó. Nóra:— 'Seadh! — a Pheig. Táimíd anso-airís. Tá saothar orm — bhíos ag ruith. Bhí eagla orm — go mbéadh an sgeul ar siúbhal rómham, agus go mbéadh cuid de caillte agam. Peig: — Am briathar go bhfanfamaois leat, a Nóra, a laogh. Ní'l abhfad ó tháinig Gobnait. Gobnait: — Mar sin do bhí cuigion againn d'á dhéanamh, agus b'eigean dómh-sa dul siar leis an im go Beul an Ghearrtha, agus nuair a bhíos ag teacht abhaile an cómhgar, do thuit an oídhche orm, agus geallaim dhuit gur baineadh preab asam. Bhíos ag cuimhneamh ar Shéadna agus ar an ór agus ar an bhFear nDubh, agus ar na spréachaibh bhí ag teacht as a shúilibh, agus mé ag ruith sul a mbéinn déanach, nuair a thógas mo cheann agus cad do chífinn ach an rud 'na sheasamh ar m'aghaidh amach — an gollán! Ar an gceud amharc d'á dtugas air, do thabharfainn an leabhar go raibh adharca air! Nóra: — A dhiamhaise, a Ghobnait; éist do bheul, agus ná bí 'gár mbodhradh led' ghollánaibh agus led' adharcaibh. Adharca ar an ngollán! Feuch air sin! Gobnait: — B'fhéidir dá mbeitheá féin ann gur beag an fonn magaidh a bhéadh ort. Síle: — Feuch anois! cia atá ag cosg an sgéil? B'fhéidir go gcuirfeadh Cáit ní Bhuachalla orm-sa é. Cáit: — Ní chuirfidh, a Shíle. Táir ad' chailín mhaith anocht, agus tá ana chion agam ort. Mo ghrádh í sin! Mo ghrádh am' chroídhe 'stigh í!
Síle: — 'Seadh go díreach! Fan go mbéidh fearg ort, agus b'fhéidir ná déarfá “Mo ghrádh í sin!” Nóra. — Seo, seo! Stadaidh, a chailíní. Mise agus mo ghollán fé ndear an obair seo. Caith uait an stoca san, a Pheig, agus sgaoil chugainn an sgeul. An bhfuair Séadna an sparán? Is 'mó duine bhí i riocht sparáin d'fhághail agus ná fuair. Peig. — Chómh luath agus dúbhairt Séadna an focal “dar bhrígh na mionn!” do tháinig athrughadh gné ar an bhFear nDubh. Do nocht sé a fhiacla shíos agus tsuas, agus isiad a bhí go dlúite ar a chéile. Tháinig sórd crónáin as a bheul, agus do theip ar Shéadna a dhéanamh amach cia'cu ag gáirídhe a bhí sé nó ag dranntughadh. Ach nuair fheuch sé suas idir an dá shúil air, ba dhóbair go dtiocfadh an sgannradh ceudna air a tháinig air i dtosach. Do thuig sé go maith nach ag gáirídhe bhí an díolúnach. Ní fheacaidh sé riamh roimhe sin aon dá shúil ba mheasa 'ná iad, aon fheuchaint ba mhalluighthe 'ná an fheuchaint do bhí acu, aon chlár éadain chómh dúr, chómh droch aigeanta leis an gclár éadain do bhí os a gcionn. Níor labhair sé, agus do dhéin sé a dhícheal gan a leigint air gur thug sé fé ndeara an drann- tughadh. Le n-a linn sin do leig an Fear Dubh an t-ór amach airís ar a bhais agus do chómhairimh. “Seo!” ar seisean. “A Shéadna, sin céad púnt agat ar an gceud sgilling a thugais uait indiú. An bhfuilir díolta?” “Is mór an bhreis í!” arsa Séadna: “Ba chóir go bhfuilim.” “Cóir nó éagcóir,” arsa 'n Fear Dubh, “an bhfuilir díolta?” Agus do ghéaruigh agus do bhrostuigh ar an ndranntughadh.
“Ó, táim díolta, táim díolta!” arsa Séadna, “go raibh maith agat-sa.” “Seo, má 's eadh,” ar seisean. “Sin céad eile agat ar an tarna sgilling a thugais uait indiú.” “Siní an sgilling a thugas do'n mhnaoi a bhí cos- nochtaithe.” “Siní an sgilling a thugais do'n mhnaoi uasail cheudna.” “Má ba bhean uasal í, cad do bheir cos-nochtaithe í? Agus cad do bheir dí mo sgilling do bhreith uaim-se, agus gan agam ach sgilling eile 'na diaigh?” “Má ba bhean uasal í! Dá mbéadh a fhios agat! Siní an bhean uasal do mhill mise!” Le linn na bhfocal san do rádh dhó, do tháinig crith chos agus lámh air. Do stad an dranntán. Do luigh a cheann siar ar a mhuineál. D'fheuch sé suas ins an spéir. Tháinig driuch báis air agus cló cuirp ar a cheannachaibh. Nuair a chonaic Séadna an iompáil lí sin, tháinig iongnadh a chroídhe air. “Ní foláir,” ar seisean, go neamhchuiseach, “nó ní h-é seo an cheud uair agat ag aireachtaint teacht tháirsi siúd.” Do léim an Fear Dubh. Do bhuail sé buille d'á chrúib sa talamh, i dtreó gur chrith an fód a bhí fé chois Shéadna. “Ciorúghadh ort!” ar seisean. “Éist do bheul nó basgfar thú!” “Gabhaim párdún agat, a dhuin' uasail,” arsa Séadna go modhamhail, “cheapas go mb'fhéidir gur braon beag a bhí ólta agat, trá 's gur thugais céad púnt mar mhalairt ar sgilling dom.” “Thabharfainn, agus seacht gcéad, dá dtiocfadh liom baint ó'n dtairbhe do dhéin an sgilling cheudna; ach
nuair a thugais uait í ar son an tSlánuightheóra ní féidir a tairbhe do lot choídhche.” “Agus,” arsa Séadna, “cad is gádh an mhaith do lot? Ná fuil sé chómh maith agat tairbhe na sgillinge úd d'fhágáil mar atá sé?” “Tá an iomad cainte agat; an iomad ar fad. Dubhart leat do bheul d'éisteacht. Seo! Siné an sparán ar fad agat,” arsa 'n Fear Dubh. “Ní h-éidir, a dhuin' uasail,” arsa Séadna, “ná béadh dóithin na h-aimsire ann. Is 'mó lá i dtrí bliaghnaibh déag. Is 'mó bróg bhéadh deunta ag duine i gcaitheamh an méid sin aimsire, agus is 'mó cuma 'na n-oirfeadh sgilling dó.” “Ná bíodh ceist ort,” arsa 'n Fear Dubh, ag cur smuta gáire as. “Taraing as chómh géar i n-Éirinn agus is maith leat é. Béidh sé chómh teann an lá déanach agus 'tá sé indiú. Ní bhéidh puínn gnótha agat de as san amach.” Bhí Séadna sásta: “Trí bliaghna deug!” ar seisean i n-a aigne féin. “Agus neart dom tarang as ar mo dhícheal. Chuir sé brígh na mionn orm, ach bheirim-se brígh gach miona agus gach móide dhuit-se, a sparáinín, go mbainfear ceól asat! — Slán beó agat-sa!” ar seisean leis an bhFear nDubh. D'iompuigh sé ar a sháil chun teacht abhaile, agus má dh'iompuigh, siúd le n-a chois an Fear Dubh. Ghéaruigh sé a choisidheacht. Ghéaruigh seisean chómh maith. “Cad a dhéanfad?” arsa Séadna 'na aigne féin. “Chífid na cómharsain é.” “Ná bíodh ceist ort,” arsa 'n Fear Dubh. “Ní fheicfidh aoinne mé ach tú féin. Ní foláir dom tú thionnlacan abhaile agus eólus na slíghe do chur, agus
radharc d'fhághail ar an gcathaoir shúgáin úd, agus ar an mealbhóig, agus ar na h-ubhlaibh.” “Gan rath ortha mar chathaoir agus mar mhealbhóig agus mar chrann ubhall! Is breagh na trí neithe do loiteadh indiú orm d'á mbárr,” arsa Séadna. “Ní h-é sin an ceann is measa de'n sgeul,” arsa 'n Fear Dubh. “Ach má thagan aon chómharsa isteach agus go suidhfidh sé sa chathaoir, ní foláir duit aontigheas do thabhairt saor ó chíos dó, mar ní bhéidh ar do chumas é chur amach agus é ceangailte sa chathaoir agat.” “A dhróluinn na bhfeart! Cad a dhéanfad má tá triúr ceangailte rómham sa bhaile anois?” arsa Séadna. “B'fhéidir, a dhuin' uasail, go bhféadfá-sa iad do sgaoileadh. Téanam ort. Tá míle fáilte rómhat.” “Foidhne, foidhne! a Shéadna,” arsa 'n Fear Dubh. “Ní'l aoinne ceangailte fós. Bhí doicheal ort ó chianaibh, agus anois tá míle fáilte rómham. Á! a Shéadna, siní an fháilte mar mhaithe leat féin.” “'Sdó! Is amhlaidh mar atá sé, a dhuine uasail —” arsa Séadna, agus d'fheuch sé suas ar na h-adharcaibh agus síos ar an gcrúib. “Ó, tuigim,” arsa 'n Fear Dubh. “Ní thaithnean déanamh na bróige seo leat, ná an saghas órnáide atá ar mo cheann. Ná bac san. Nuair a bhéidh taithíghe agat ortha ní bhfaighir locht ar bith ortha.” “ 'Sdó, go deimhin féin anois, a dhuin' uasail,” arsa Séadna, “agus creid mé leis, ní chúca san a bhíos. Ach dá bhfeicidís na cómharsain tú do sgannróchaidís, agus bhéadh díobháil déanta, b'fhéidir.” “Thar a bhfeacaís riamh! Ná fuilim tar éir a rádh leat nach baoghal go bhfeicfidh aoinne mé ach tú féin?” arsa 'n Fear Dubh.
“Tá go maith,” arsa Séadna: “Téanam ort.” Síle. — A thiarcais! a Pheig, ba dhóigh liom, dá bhfeicinn é, go dtuitfeadh an t-anam tur teith asam. Cáit. — Cad é an mhaith dhuit bheith ag caint mar sin? Na dúbhairt sé ná féadfadh aoinne é fheiscint ach Séadna féin? Síle. — Á! a Cháit, a ghrádh dhil, cá bhfios duit an raibh sé ag innsint na fírinne? Ní chreidfinn focal ó'n rógaire. Cáit. — Nach maith a thug sé an t-airgead do Shéadna? Gobnait. — Cá bhfios duit ar bh'airgead é? D'airigheas duine 'ghá rádh go raibh seana Mhicheál Réamoinn lá i dtigh tabhairne i Sráid an Mhuilinn, agus go raibh a dó agus dá thistiún ag bean an tabhairne air, agus go raibh sí ag coimeád a hata i ngeall leis an airgead. Do chuaidh Micheál amach sa chlós agus do phioc sé suas a ceathair nó a cúig de licíníbh slinne, agus tar éis diablaidheachta éigin a dhéanamh ortha, thug sé chuici isteach iad, agus nuair dh'fheuch sí ortha cheap sí gur bh' airgead dleaghthach iad, agus thug sí an hata dhó. Deirtí gur fhoghluim Micheál “freemashun” ó'n Ridire, agus go bhféadfadh sé gabhar a dhéanamh dhíot, ach dá n-aisdreóchadh an ghaoth agus tú ad' ghabhar, ná féadfadh sé thú chasadh thar n-ais. Séamus ua Buachalla. — Bail ó Dhia oraibh anso! Peig. — Ó, Dia 's Muire dhuit, a Shéamuis. Do dhriofúr atá uait, is dócha. Séamus. — Dúbhradh léi teacht abhaile láithreach. Tháinig Neill. Cáit. — Airiú greadadh chúgat, a Shéamuis! Cathain? Séamus. — Ó chianaibh beag.
Cáit. — Go dtugaidh Dia oídhche mhaith dhuit, a Pheig, agus díbh go léir. Peig. — Go dtéidhir slán, a Cáit! Cáit. — Ní 'neósfair a thuille anocht, a Pheig? Peig. — Tá go maith, a Cháit.
Caibidiol a trí. Peig. — Dé bheatha-sa, a Cháit! Cáit. — Go mairir-se, a Pheig! Ní deirim ná go bhfuil tosach agam anocht. Peig. — Ambasa tá, tosach agat ortha go léir ach ar Shíle bheag. Cáit. — Conus fhéadfainn tosach a bheith agam ar Shíle agus í anso i gcómhnuidhe agat? Síle. — Béidh tosach ar gach aoinne anois aici ó tá mac óg agá driofúr. Peig. — Éist, a thoice. Conus tá Neill, a Cháit? Cáit. — Tá sí go h-ana mhaith, a Pheig, agus tá an leanbh go maith leis. Agus ó, go deimhin agus go dearbhtha, a Pheig, isé an leanbh is deise agus is gleóidhte agus is gile a chonaicís riamh ad' shúilibh cinn é, agus is mise a mháthair. Peig. — Tusa! Cheapas gur bh'í Neill a mháthair. Cáit. — Airiú cnoc air mar sgeul! dar ndóigh isí leis. Ach is mise a bhaist é. Peig. — Aililliú! a Cháit a chroídhe 'stigh, cad ba ghádh san agus gan é ag dul chun báis? Nach raibh an sagart ann? Cáit. — Ach, go bhfeuchaidh Dia orainn! Cad é sin agam d'á rádh! Dar ndóich, nídh nách iongnadh, isé an sagart a bhaist é, agus mise a sheasaimh chun baistí leis, mé féin agus Séamus. Ach cad a chuir ad' cheann é bheith ag dul chun báis, a Pheig? Ní'l aon chómharthaí báis air, Dia 'ghá bheannachadh! Ná bíodh eagal ort.
Peig. — 'Sdó, dúbhrais ar dtúis gur tú a mháthair, agus ansan gur tú a bhaist é; agus deir an Teagasg Críosdaidhe ná féadfadh aoinne ach an sagart é bhaisteadh, mura mbéadh sé ag dul chun báis agus gan sagart ann. Síle. — Ní deirim ná gurab amhlaidh mar atá an sgeul ag Cáit an aimsir seo, ná feadair cos léi cad a dhéanfaidh lámh léi. Cáit: — Fágaim le h-uadhacht, a Shíle, go bhfuil an ceart agat. Ní fheadair cos liom cad a dhéanfaidh lámh liom, agus ní fheadar féin cad a dhéanfaidh cos ná lámh liom. Dá bhfeicfeá é, a Shíle, bhéadh árd-chion agat air. Tá oiread-san ceana agam-sa air gur dóigh liom go n-íosfad é! Gobnait. — Aililliú, a Cháit! Cad é sin agat d'á rádh? Níor mhaith liom go mbéadh puínn ceana agat orm- sa, má's mar sin dhéanfá liom é! Peig. — Dé bheatha-sa, a Ghobnait! An bhfeacaís Nóra ag teacht? Gobnait. — Tá sí chúgat an doras isteach. Bhí sí ag bagairt orm-sa fanamhaint léi, ach bhí eagla orm go gcaillfinn aon chuid de'n sgeul san Shéadna. Nóra. — Feuch anois, a Ghobnait, níor bh'fhiú dhuit gan fanamhaint liom. Peig. — Dé bheatha, a Nóra! Ní gearánta dhuit. Ní rabhais abhfad 'na diaigh. 'Seadh anois, a chailíní, druidigh aníos anso i gcómhgar na teine. Tá an tráthnóna buille beag glas ann féin. Siné! B'fhéidir anois go bhfuilimíd go seasgair. Gobnait. — Feuch gur maith a shocaruighean Síle í féin i n-aice Cháit agus gan eagla uirthi go bpriocfaí í! Síle. — Cogar, a Cháit! Cad é an ainim atá air? Cáit. — Tá Éamonn.
Peig. — Agus Éamonn a athair. Sidé Éamonn óg — Éamonn óg ua Flainn. Is breagh an ainim í, a Cháit. Molaim thú! Nóra. — Agus molaim-se Séadna, a Pheig, mar fuair sé an sparán agus cead tarang as. Ach conus do sgar sé leis an réice? Nó ar sgar sé i n-aon chor leis? Síle. — Is baoghalach nár sgar sé ar foghnamh leis. Peig. — Níor sgar sé leis go dtánadar araon go tigh Shéadna. Is ar éigin do bhí aghaidh tabhartha acu ar an mbaile nuair a chonaic Séadna airís an leanbh agus an bríc aráin fé n' osguil aige, agus bhí sé sa riocht i n-a bhfeacaidh sé ar dtúis é. D'fheuch sé ar Shéadna go buidheach, agus ansan do sgeinn sé as a radharc. Ba ghairid dóibh 'na dhiaigh sin go bhfeacaidh Séadna an bhean chos-nochtaithe, agus d'fheuch sise leis air go buidheach, agus d'osgail sí a lámh dheas i gcaoi go bhfeacaidh sé an sgilling ansúd ar chroídhe a dearnan agus ansan do sgeinn sí as a radharc fé mar a dhéin an leanbh. Fé cheann tamaill eile do chonaic Séadna, ag siúbhal ar an mbóthar roimis amach, an duine bocht gur thug sé an cheud sgilling dó. Bhí drom an duine bhoicht leis, ach mar sin féin d'aithin sé go maith é. “Ní fheadar,” arsa Séadna 'na aigne féin, “ar choimeád sé an sgilling a thugas dó, fé mar choimeád an bhean a ceann féin, nó fé mar choimeád an leanbh an bríc.” Ní túisge bhí an méid sin machtnaimh déanta aige 'ná d'iompuigh an duine bocht ar a sháil agus thug sé a aghaidh ortha. Do bhí dhá dheóir mhóra ag teacht anuas ó n-a dhá shúil. Do shín sé amach a dhá láimh agus iad ar leathadh, i dtreó go bhfuair Séadna radharc ar a dhá dhearnain,
agus bhíodar araon folamh. Nuair a chonaic Séadna san, thug sé strac-fheuchaint ar an bhFear nDubh, ach má thug, níor chuir seisean aon tsuím ann. Níor leig sé air go bhfeacaidh sé an duine bocht. Nuair d'fheuch Séadna thar n-ais, bhí an duine bocht imthighthe. Thiomáineadar leó. Níor labhair aoinne acu focal. Fé dheire bhíodar ag déanamh ar an dtigh. Bhuail duine des na cómharsanaibh úmpa agus bheannuigh sé do Shéadna. “Dia 's Muire dhuit, a Shéadna,” ar seisean. “Nach luath sa lá atáir tagaithe abhaile ó'n sráid, agus tú ad' aonar leis!” “Ní raibh puínn le déanamh agam,” ar seisean, agus thug sé strac-fheuchaint eile ar an bhFear nDubh. Níor chuir an Fear Dubh aon tsuím ann, agus ansan do thuig Séadna ná feacaidh an chómharsa é. Chuadar isteach. Bhí an chathaoir ansúd i n-aice an tínteáin agus gan cor curtha dhi ó fhág Séadna í ar maidin. Bhí an mhealbhóg ansúd ar crochadh, ar an ndul gcéadna ar a bhfeacaidh sé ar maidin í nuair a bhain sé an dorn déanach mine aisti. D'fheuch an Fear Dubh ortha, ar an gcathaoir agus ar an mealbhóig. Ansan d'fheuch sé ar Shéadna. “Aistirigh í sin,” ar seisean. Chuaidh Séadna anonn agus chuir sé a lámh ar dhrom na cathaoireach. “Ó!” ar seisean. “Tá sí ceangailte!” Chuir sé an dá láimh uirthi. Theip air filleadh ná feacadh a bhaint aisti. “Aililliú!” ar seisean. “Tá sí chómh daingean agus tá an chos insa tuairgín!” “Aistirigh an mhealbhóg,” arsa 'n Fear Dubh. Chuaidh sé suas agus bhuail sé lámh ar an mealbhóig.
Bhí sí chómh ceangailte de thaobh an fhalla agus bhéadh an chloch ar an lic oidhir. Do stad Séadna agus chrom sé a cheann. “'Seadh,” ar seisean. “Táim réidh anois murab ionan a's riamh. Ní fheadar an tsaoghal ná an domhan le chéile cad 'tá le déanamh agam. Ní fheadar ó Chúig Árdaibh na Naoi bhFionn cad a dhéanfad. D'á fheabhas aireachas a dhéanfad uirthi, tiocfaidh duine éigin dom' lom deirig aimhdheóna, agus suidhfidh sé inti, agus béidh an dúthaigh 'na chogadh dhearg am' thímpal! Mairbheóchar ar lic mo thínteáin féin mé gan truagh gan taise! — B'fhéidir, a dhuine uasail, go bhféadfá-sa an easgaine bhaint díobh?” “‘B'fhéidir go bhféadfainn an easgaine bhaint díobh’ tar éis é féin 'ghá cur ortha le lán-chroídhe,” arsa 'n Fear Dubh go searbh. “‘Nach aige bhéadh an spórt ortha!’ — Cá bhfuil an spórt anois?” “Tá an spórt go h-aindeis anois, admhuighim,” arsa Séadna, “ach má tá féin ní dhuit-se is cóir é chasadh liom. Is dócha nár dhéinis féin botún riamh. Cia h-í an bhean uasal úd a mhill thú?” “Stad! stad! a Shéadna! Caithimís uainn é mar bhotún! Bainfead-sa an easgaine dhíobh so dhuit ar choinghíll ná tráchtfair choídhche le h-aoinne beó ná marbh ar an margadh so atá déanta agat féin agus agam-sa le chéile.” “Bíodh do choinghíoll agat agus fáilte,” arsa Séadna. “Geallaim dhuit ná fuil aon fhonn orm-sa trácht air le h-aoinne. Is amhlaidh a bhí eagla orm go mbeidhfeá ag caidiráil le duine éigin mar gheall air. Ach má tá dúil agat sinn araon do choimeád rúin air, táim-se lán- tsásta.” D'imthigh an Fear Dubh suas agus chrom sé síos i n-aice
na cathaoireach, agus le h-órdóig a láimhe deise dhéin sé fáinne ar an dtalamh 'na tímpal, agus thug Séadna fé ndeara gur eirigh, as an áit 'nar chimil an órdóg do'n talamh, gal mar ghal teine, agus gur dhéin an órdóg rian ar an dtalamh mar dhéanfadh bior dearg iarainn. Ansan d'fheuch Séadna uaidh ar an gcrann ubhall agus sgannradh air le h-eagla go mb'fhéidir go bhfeicfeadh sé garsún ceangailte thuas ann. Chuaidh sé amach, agus an Fear Dubh le n-a chois. Ní fheacaidh Séadna aon duine sa chrann, ach chonaic sé mar bhéadh eun ar an ngéig ab aoirde. Bhí an t-eun ag crothadh a sgiathán fé mar a bhéadh sé ag casadh le h-eiríghe de'n chrann agus ná féadfadh sé é. Thánadar i n-aice an chrainn. D'fheuch Séadna ar an bhFear nDubh. Bhí an Fear Dubh ag feuchaint suas ar an eun. “Tá sé ceangailte sa chrann, a dhuin' uasail,” arsa Séadna. Níor labhair an Fear Dubh. Chuaidh sé anonn chun an chrainn agus chrom sé síos agus chuir sé órdóg a láimhe deise ar an dtalamh ag bun an chrainn. Ansan do tharaing sé an órdóg fan an tailimh mór-thímpal an chrainn. Chonaic Séadna gal deataigh ag teacht as an dtalamh sa n-áit 'nar bhain an órdóg leis. D'fhan fáinne ruadh ar an bhfeur ag bun an chrainn i ndiaigh na h-órdóige, fé mar fhanfadh dá mba iaran dearg a taraiceófaí air. D'eirigh an Fear Dubh 'na sheasamh nuair a bhí an méid sin déanta aige. D'fheuch Séadna suas ar bhara an chrainn. Bhí an t-eun imthighthe. Bhí iongnadh ar Shéadna nár airigh sé ag imtheacht é. Níor airigh sé aon fhothram sgiathán, ach bhí an t-eun imthighthe. Chuadar isteach airís ansan. Dhéin an Fear Dubh suas ar an mealbhóig agus dhéin sé fáinne 'na tímpal ar an bhfalla, agus tháinig an gal céadna as an bhfalla, agus
d'fhan an rian céadna 'na dhiaigh air. An fhaid a bhí sé ar a chromadh thug Séadna feuchaint ghéar ar an eirball, mar bhí comhthrom aige. Chonaic sé amuich 'na bhárr ionga mhór fhada cham théagartha, agus bior nímhe uirthi, agus í 'ghá síor-chasadh féin anonn 's anall, anonn 's anall, mar bhéadh bárr eirbaill cait agus é ag faire ar luich. “Dar fiadh! a bhioránaigh,” arsa Séadna 'na aigne féin, “má bhíon tochas ort, ní bhéidh díth ingne ort!” Chómh maith agus dá labharfadh Séadna, thóg an Fear Dubh a cheann agus d'fheuch sé air. “Seachain an ionga san,” ar seisean, “le h-eagla go mbainfeadh sí an tochas díot-sa agus go gcuirfeadh sí teinneas i n-inead an tochais ort. Imthigh suas anois agus aistirigh an chathaoir.” D'imthigh Séadna suas agus isé a bhí go creathánach. Chuir sé lámh go h-aicillídhe uirthi, agus má chuir, siúd leis í chómh h-éasga agus bhog sí riamh leis. Chuir sé lámh ar an mealbhóig, agus ní túisge a chuir 'ná choruigh sí anonn 's anall fan an fhalla. D'fheuch sé ar an bhFear nDubh. “Ó! a dhuin' uasail,” ar seisean, “táim ana bhuídheach díot! Ó! Ó! Ó! go mbuaidhidh Dia go h-árd leat, agus a Mháthair bheannuighthe!” Oidhe! a dhaoine mh'áran agus mh' anama! Chómh luath agus tháinig an focal san as béal Shéadna, d'athruigh an Fear Dubh. Thóg sé suas a dhá láimh chómh h-árd leis na h-adharcaibh. Tháinig lasair ghorm as a shúilibh. Do rinnc an chrúb. D'eirigh an t-eirball, do shín an ionga, agus chuir sé an bhúirth as mar chuirfeadh leómhan buile. Do thosnuigh an bhúirth sin le dranntughadh agus do bhorr agus do neartuigh air gur chrith an t-úrlár, gur chrith an tigh, gur chrith an sliabh mór-thímpal. Nuair a chonaic Séadna an t-athrughadh agus nuair airigh sé fuaim agus
neart na búirthe sin ag borradh agus ag árdughadh, do dhéin an tigh bullabáisín 'na thímpal, tháinig sgamal os cómhair a shúl agus do thuit sé 'na chnaipe ar an úrlár gan aithne gan úrlabhra. Síle. — Ó! a Pheig! Chím é, chím é! Ó! Ó! Ó! Peig. — Éist! Éist! a Shíle, a laogh. Cad a chíon tú? Síle. — Ó! Fear na n-adharc, fear na n-adharc. Cad a dhéanfad! Cad a dhéanfad! Ó! Cáit — Aireóchaid na cómharsain í. Éist, a Shíle, mo ghrádh í sin! Gobnait. — Tá do mháthair ag gabháil aníos an pháirc, a Pheig. Peig. — Tar i leith, a Shíle, agus suidh anso am' ucht. Síle. — Ó! Ó! Cad a dhéanfad! Cad a dhéanfad Ó! Ó! Máire (máthair Pheig agus Shíle). — Cad é seo ar siúbhal anso agaibh? Cad a chuir ag gol tú, a Shíle, a laogh? Síle. — Maise, ní fheadar, a mham. Is amhlaidh a tháinig sgannradh orm, agus cheapas go bhfeaca fear na n-adharc. Máire. — Fear na n-adharc! Airiú, cia h-é sin? Síle. — Fear an eirbaill, a mheasas a rádh. Máire. — Fear an eirbaill! Síle. — Fear an eirbaill agus na h-iongan ann. Máire. — Mhaise, go deimhin féin, a Pheig, is mór an náire dhuit é. Tá aos óg an bhaile loitithe agat. Ní fheadar an tsaoghal conus bhailighis a bhfuil de ráiméisibh agat istigh ad' cheann, ná conus choimeádan tú cúntas ortha, agus gan tú ach trí bliaghna déag chun na Bealtaine. Cad é an sgéal atá ar siúbhal anois, a Shíle?
Síle. — Tá “Séadna,” a mham, ach is dóigh liom go bhfuil sé marbh. Máire. — Gabhaim-se orm ná fuil, agus ná béidh, ní fios cathain. Síle. — Dó' mhaise, fuair sé an t-anaithe. Dá mbéinn 'na chás bhíos chómh marbh le h-Art. Máire. — Mheasas go raibh cúigear nó seisear agaibh ann. Cá bhfuil an chuid eile? Peig. — Is dóigh liom, a mháthair, gur éaluigheadar uait. Máire. — Níor ghádh dhóibh sin. Eirigh, a Pheig, a ghamhain, agus faigh rud éigin le n-ithe dhúinn. Go deimhin ní beag de sheó an sgeón a chuireabhúir sa leanbh so. Feuch air sin mar osna a thagan aisti. Ní deirim 'ná go bhfuil sí 'na codladh. Síle: — Ach! Ní'lim, a mham. Ní'l blúire codlata orm. Ní fiú biorán a's é. Níor chuir aoinne sgeón ionam. Mé féin fé ndear é. Dá mb'áil liom gan bheith ag cuimhneamh air chómh géar agus bhíos ní fheicfinn é. Ní chuimhneóchad a thuille air, an bitheamhnach. Ní fheadar an tsaoghal, a Pheig, cad a chuir fhiachaibh air a leithéid de bhúirth do chur as. Peig. — Tá do chuid ollamh anois, a mháthair. Tar i leith chúgam-sa, a Shíle, agus leig dod' mháthair a cuid bídh a chaitheamh. Siné!
Caibidiol a ceathair. Gobnait. — Airiú, a Shíle, cá bhfuil Peig? Síle. — Chuaidh sí anonn go tigh Liaim uí Bhuachalla. Ní shásóchadh an saoghal Cáit gan í dhul anonn go bhfeicfeadh sí Éamonn óg. Táimíd bodhar aici féin agus ag Éamonn óg. Dá mbeidhfeá ag caint léi ní fhéadfadh sí dhá fhocal a labhairt gan Éamonn óg thoir thiar thall aici. D'áiteóchadh sí ort go dtugan sé fé ndeara í féin seachas aoinne eile, cheana féin, agus gan é ach seachtmhain! An oídhche fé dheire, sul ar thánaís, dubhairt sí le Peig gur bh'í féin a mháthair, agus ansan gur bh'í féin do bhaist é, agus fé dheire dúbhairt sí go raibh eagla uirthi go n-íosfadh sí é! Gobnait. — Ambasa, a Shíle, is cuimhin liom an focal go dian mhaith: Bhíos díreach ag teacht isteach an dorus nuair airigheas é, agus bhí iongnadh mo chroídhe orm cia air go raibh an cion go léir aici. An dóigh leat an mbéidh Peig abhfad? Síle. — Ní dóil. Tá tamall mór ó imthigheadar. Dúbhairt sí liom-sa aire mhaith a thabhairt do'n teine, i dtreó go mbéadh sí ar lasadh go breagh rómhat-sa agus roimh Nóra Bhán. Agus dúbhairt sí liom a rádh libh ná déanfadh sí aon ríghneas ach chómh beag agus d'fhéadfadh sí é. Gobnait. — 'Seadh! Sidí Nóra. Tá tosach agam ort, a Nóra. Nóra. — Mhaise, is cuma liom, a Ghobnait, nuair ná fuil an sgéal ar siúbhal. Airiú, cá bhfuil Peig?
Gobnait: — Ní bhéidh aon chuid de'n sgéal anocht againn is baoghalach. Caithfead féin sgéal a dh'innsint dóibh. Nóra. — Níor chás duit! Cá bhfuil Peig, a Shíle? Peig. — Tá sí anso, a Nóra, a ghrádh dhil. (Tagaid Peig agus Cáit isteach.) Nóra (le Gobnait). — Dhé mhaise, sgeimhle ort, a thoice! — Conus tá Éamonn óg, a Cháit? Gobnait. — 'S dócha go bhfuil sé ithte um an dtaca so aici. Cáit. — Ochón! Oidhé! Is gearr ná féadfaidh aoinne dul uaithi-seo, tá sí ag iompáil amach chómh deisbhéalach! Gobnait. — Ó, is fíor dhuit, a Cháit. Níor chuimhnigheas riamh orm fhéin. Andaigh ar neóin, ní h-iongnadh go mbéadh cion agat air agus gur tú féin a mháthair. (Sgeartaid uile ar gháirídhibh.) Cáit. — Mhaise, le h-anaman do mharbh, a Pheig, sgaoil chúgainn do sgéal, feuchaint an gcuirfeadh sé stop leó san. Gobnait. — Déin, a Pheig, agus bain an chluas díom má bhíon gíocs ná míocs as aoinne againn. Peig. — Cá bhfuil Síle? Cheapas go raibh sí ansan anois beag. Cáit: — Sidí anso ar an dtaobh thiar díom-sa í, a ceann fém' fhalaing, mar bhéadh eun beag ag dul fé chirc. Peig. — Airiú, a Shíle, a chuid, cad tá ort anois? Síle. — Ach! Ní'l giob, a Pheig, ach ní foláir dom mo cheann a chlúdach go fóil le h-eagla go gcuirfeadh fear na n-adharc búirth eile as, agus go bhfeicfinn airís é. Peig: — Ní baoghal duit.
Nuair a tháinig Séadna chuige fein agus d'fheuch sé 'na thímpal bhí fear na n-adharc imthighthe. Síle. — Imtheacht gan teacht air, an cladhaire! Peig. — Is dócha nár chuid ba lúgha 'ná a fhonn a bhí ar Shéadna an rud ceudna do rádh leis, nuair a tháinig sé chuige féin agus fuair sé é féin 'na aonar. Bhí allus an bháis air agus sgáird 'na dhá shúil, ach 'na thaobh san, pé rud adúbhairt sé, isé ceud rud a dhéin sé 'ná a lámh a chur 'na phóca feuchaint an raibh an sparán aige, agus ambasa bhí. Bhí sé ansúd sa phóca cheudna 'nar chuir sé é, agus isé a bhí go breagh teann agus go breagh trom. Chuir sé lámh i bpóca eile leis, agus má dhéin, fuair sé an dá cheud púnt a tugadh dó thar cheann an dá sgilling. “Dá mb'áil liom sgaoileadh leis an uair úd,” ar seisean leis féin, “bhéadh trí cheud agam; ach ní dhéanan san deifirigheacht ar bith, mar d'airigheas 'ghá rádh é go leanfadh an sparán teann, d'aimhdheóin a mbainfí as.” Chuir sé an t-airgead 'na phóca airís, agus chuir sé chuige an sparán go cruinn agus go h-aireach sa phóca a bhí ar an dtaobh istigh d'á bhest. D'eirigh sé 'na sheasamh ansan agus chroth sé é féin, agus geallaim dhuit gur ró ghearr a lean cuimhne an sgannradh dhe. “'Seadh!” ar seisean. “Ní mór dom capall a cheannach agus gan bheith am' mharbhadh féin ag dul go dtí an t-Aifrean am' chuis gach Domhnach agus lá saoire. Agus ní mór dom bó a cheannach agus gan bheith ag brath ar cheann do na h-ubhlaibh beaga san chun an tarta do bhaint díom. Agus go deimhin is dócha go gcaithfead pósadh, mar conus fhéadfainn féin an bhó do chrúth? Ach pé rud a dhéanfad, ní mór dom rud éigin d'ithe láithreach. Ní raibh a leithéid d'ocras orm le bliaghain!”
D'fheuch sé suas ar an mealbhóig agus ar an gcathaoir, agus ambasa bhí sórt sgáth' air dul 'na ngoire. Do iniúch sé ar an dtalamh go cruinn mór-thímpal na cathaoireach, agus má dhéin, do chonaic sé ansúd go gléineach rian na h-órdóige. Cheap sé go raibh baluith dóighte fós féin uaidh. Chuir sé bárr a mhéire ar an gcathaoir. Ní túisge chuir 'ná bhog sí leis go h-éasga. Chuir san misneach air agus shuidh sé inti. Bhog sé anonn 's anall í; bhog sí leis go breagh. Bhí a aigne sásta. Chuir sé lámh sa mhealbhóig agus chrom sé ar a ghreim beag mine do chogaint mar ba ghnáth. Chómh luath agus bhí tart air, do chuaidh sé amach agus thug sé leis isteach cúpla ceann dos na h-ubhlaibh agus d'ith sé iad. Ar maidin lar na mháireach do ghluais sé go moch ag dul ar an aonach go gceannóchadh sé capall agus bó bhainne. Ba ghearr gur bhuaileadar na cómharsain uime. “Airiú, a Shéadna, cad d'imthigh um thráthnóna inde ort?” arsa duine aca. “Cheapamair go léir gur b'amhlaidh a thuit caor ar do thigh agus go rabhais loisgithe ad' bheathaidh. Níor airigheas riamh a leithéid de thóirthnigh.” “Tá an éagcóir agat,” arsa duine eile. “Níor thóirthneach é ach búirtheach mar ghéimreach thairbh.” “Éist do bheul,” arsa 'n trímhadh duine. “Cá bhfuil an tarbh d'fhéadfadh an bhúirth úd do chur as?” “Do bhíos-sa,” arsa 'n ceathramhadh duine, “am' shuidhe i mullach Caraige an Eidhneáin agus bhí radharc agam ar an dtigh, agus nuair airigheas an fothrom go léir d'fheuchas anonn agus chonac mar bhéadh fiolar agus grathain chíor-dhubh phriachán ag eirighe i n-áirde sa spéir, agus bhí iongnadh orm a rádh go bhféadfaidís a leithéid d'fhothrom a dhéanamh.”
Thiomáineadar leó ar an gcuma san, ag caint agus ag áiteamh agus ag cur thré chéile, agus níor labhair Séadna focal: Choimeádadar an chaint chúca féin, agus níor mhór leis dóibh é. Ní raibh dúil ar bith aige i gcaint, le h-eagla go sleamhnóchadh aon fhocal uaidh do osglóchadh a aigne. D'á éaghmuis sin agus uile, bhí fáth machtnaimh aige a choimeád ar siúbhal é. Bhí sé ag cuimhneamh ar an gcapall agus ar an mboin agus ar cad a déarfaidís na cómharsain uile nuair a chífidís ar marcaigheacht é. D'fhiarfhóchaidís cá bhfuair sé an t-airgead. Cad é an leath-sgeul a bhéadh aige le tabhairt uaidh? Nuair a shroiseadar páirc an aonaigh agus chonaic Séadna na capaill go léir, do tháinig mearbhall air, agus ní fheidir sé cad ba mhaith dhó a dhéanamh. Bhí capaill mhóra ann agus capaill bheaga, seana chapaill agus capaill óga, capaill dhubha agus capaill bhána, capaill ghlasa agus capaill bhreaca, capaill ag siosaraigh agus capaill ag léimrigh, capaill a bhí go deagh-chroicinn groidhe cumasach agus braimíní gránda giobalacha. Eatortha uile go léir, bhí sé ag teip air glan a aigne do shocarughadh ar an gceann a thaithneóchadh leis. Fé dheire, do leig sé a shúil ar chapall dheas chíor-dhubh a bhí go fuinte fáisgithe ag falaracht ar fuid na páirce agus marcach éadtrom lúthmhar ar a mhuin. Dhruid Séadna suas, agus do bhagair sé ar an marcach. Sul a raibh uain ag an marcach é thabhairt fé ndeara, do ghluaiseadar triúr marcach eile thairis amach, agus ghluaiseadar a gceathrar an pháirc siar ar a léim-lúth. Bhí claidhe dúbalta idir iad agus an pháirc amuich, agus d'imthigheadar a gceathrar go h-éasga éadtrom seólta de dhruim an chlaidhe sin, gan bárr coise tosaigh ná deirigh do chur ann. Siúd ar aghaidh iad lom díreach agus gan órlach sa mbreis ag aoinne acu ar a chéile. Siúd
ar aghaidh iad, ucht agus cúm seang gach capaill ag cimilt nach mór do'n bhfeur glas a bhí ar an bpáirc, ceann gach capaill sínte go h-iomlán, ceann gach marcaigh cromtha anuas agus iad ag gluaiseacht mar ghluaiseóchadh sídhe gaoithe. Ní raibh duine, óg ná aosda, ar an aonach ná raibh 'na choilg-sheasamh ag faire ortha ach amháin fear na méaracán. Nuair a bhíodar ag déanamh ar an darna claidhe, thug gach aoinne fé ndeara go raibh an capall dubh buille beag ar tosach. Nuair a bhíodar ag glanadh an chlaidhe, do ghluais an capall dubh agus an capall ba ghiorra dhó d'á dhruim, mar ghluaiseóchadh an priachán, gan baint leis. Do chuir an dá cheann eile na cosa ann. D'imthigh an fód ó chosaibh an chapaill ba shia amach, agus thuit sé féin agus a mharcach ar an dtaobh eile 'chlaidhe. “Ó!! Tá sé marbh!” do liúghadar na daoine go léir. Ní raibh an liúgh as a mbeul nuair a bhí sé thuas airís, ach má 'seadh bhí a chapall bacach agus b'éigean dó filleadh. Siúd ar aghaidh an triúr agus an t-aonach ag faire ortha, na daoine chómh ciúin sin gur airigh Séadna go soiléir na buillí fuinte ceólmhara tómhaiste cruadha a bhuaileadh cosa na gcapall san ar fhód na páirce, díreach mar bhéadh rinnceóir ag rinnce ar chlár. Thug Séadna fé ndeara um an dtaca so go raibh an capall dubh go maith ar tosach, agus é ag déanamh, ceann ar aghaidh, ar bhata a bhí 'na sheasamh 'sa pháirc agus éadach éigin dearg 'na bhárr. Siúd tímpal an bhata san é. Siúd 'na dhiaigh an tarna capall. Siúd 'na dhiaigh sin an trímhadh capall. Siúd ar aghaidh i ndiaigh a chéile iad, i leith na láimhe clé, soir ó thuaidh, an capall dubh ar tosach, agus é ag bogadh uatha. Do ghéaruigh an capall deirig
agus bhí sé ag breith suas ar an darna capall. Do ghéaruigh san, agus bhíodar araon ag breith suas ar an gcapall ndubh. Ansan do chonaic Séadna agus as t-aonach an radharc. Do shearg an capall dubh san é féin, do bhog an marcach an tsrian chuige, agus siúd amach é mar ghluaiseóchadh cú agus gur dhóigh leat ná raibh cos leis ag baint le talamh, ach é ag imtheacht i n-aice an tailimh mar bhéadh seabhac. Le n-a linn sin d'eirigh liúgh fhiaigh ó'n áit thoir thuaidh go raibh na capaill ag déanamh air. Do tógadh an liúgh mór-thímpal an aonaigh. B'éigean do Shéadna a mhéarana do chur 'na chluasaibh nó go sgoiltfí a cheann. Bhí gach aoinne ag ruith agus gach aoinne ag liúirigh. Do rith Séadna agus do liúigh sé leó agus ní raibh a fhios aige cad ar a shon. Nuair a stad an ruith agus an liúireach, do chonaic Séadna ar a aghaidh amach seisear nó móir-sheisear daoine uaisle agus ceann feóla agus bolg mór agus culaith éadaigh uasail ar gach aoinne acu, agus iad ag caint le n-a chéile agus ag feuchaint ar an gcapall ndubh. “An mór ar a ndíolfá é?” arsa duine acu leis an marcach. “Ar mhíle púnt,” arsa 'n marcach. Nuair airigh Séadna an focal san, d'iompuigh sé ar a sháil, a' rádh 'na aigne féin, “Ní bhéadh aon ghnó agam dé. Do mharbhóchadh sé mé.” Cia bhéadh ar an dtaobh thiar de ach fear na méaracán! “Mharbhóchadh sé thú, an eadh?” arsa fear na méaracán. “Aidhé mhaise, greadadh chúgat! a ghréasaidhe bhig bhuídhe na mealbhóige, de shíol taoíbhíní ruadh agus meanuithí ramhar agus bréan-bhróg, murab ort atá an t-eirighe i n-áirde, ag teacht anso chun capaill a cheannach agus gan phingin ad' phóca!”
Nuair airigh Séadna an méid sin do dhruid sé i leath taoibh. Do shleamhnuigh sé lámh leis síos 'na phóca. Ambasa bhí sé folamh! Chuarduigh sé póca eile — folamh chómh maith! Chuir sé lámh isteach 'na bhrollach, ag lorg an sparáin. Ní raibh a thuairisg ann. Thug sé strac-fheuchaint ar fhear na méaracán. Bhí sé sin i bhfeighil a ghnótha féin, gan aon tsuím aige i Séadna ach chómh beag agus ná feicfeadh sé riamh é. “Seadh!” arsa Séadna leis féin, “tá deire leis an mustar. Is usaide é ó baineadh an easgaine de'n mhealbhóig agus de'n chathaoir agus de'n chrann. Ní dócha gur bh'fhéidir í bheith curtha suas airís. Pé i n-Éirinn é, ní'l agam le déanamh anois ach dul agus feuchaint an bhféadfainn raint leathair a cheannach, agus dul agus claoidh leis an ngnó is fearr atá ar eólas agam. Má's bréan-bhróga iad ní bhfaighid na daoine a chaithean iad aon locht ortha. Is mairg ná bíon sásta le n-a chuid féin, d'á luíghead é. Dá mbéadh mo thrí sgillinge agam anois do dhéanfaidís mo ghnó chómh maith leis na ceudtaibh go léir. Ach tá go maith. Ní fearr bheith ag caint air mar sgeul. Raghad ag triall ar Dhiarmuid Liath agus b'fhéidir go dtabharfadh sé raint leathair ar cáirde dhom chun go dtiocfadh airgead na mbróg isteach. Thug sé cáirde cheana dhom, agus dhíolas é go cruinn agus go macánta.” Um an dtaca go raibh an méid sin machtnaighthe aige, bhí sé ag déanamh, ceann ar aghaidh, ar dhorus Dhiarmuda. Bhí Diarmuid féin 'na sheasamh 'dir dhá lígh an doruis. “Airiú, a Shéadna, an tú san?” arsa Diarmuid. “Is mé cheana,” arsa Séadna. “An bhfuilir go láidir, a Dhiarmuid?” “Tá an tsláinte againn, moladh le Dia dh'á chionn! Ach cad é seo d'imthigh ort-sa le déanaighe? Táir i
mbeul gach aoinne, agus ní mar a chéile aon dá sgeul ná aon dá thuairisg ort. Deir duine go bhfeacais sprid. Deir duine eile gur thuit an tigh ort. Deir duine eile gur mhairbh splannc tú. Deir an ceathramhadh duine go bhfuarais airgead ag dul amú'. Agus mar sin dóibh, gach aoinne agus a shocarughadh féin aige ort. Cad a dhéinis? Nó cad tá ar siúbhal agat? Nó cad fé ndear an obair seo go léir?” “Ní fheadar an tsaoghal, a Dhiarmuid. Ach dar liom-sa tá aon nídh amháin soiléir go leór. Is é sin ná fuaras airgead ag dul amú'. Is dócha dá bhfuighinn ná béinn ag teacht anso anois ag brath air go bhfuighinn raint leathair uait-se ar cáirde mar a fuaras cheana.” “Mhaise, andaigh féin gheóbhair agus fáilte. An mór atá uait?” “Dá mbéadh oiread agam agus dhéanfadh bróga do bheirt níor bheag liom é an turus so, agus nuair bhéidís sin díolta agus an t-airgead agam, dhíolfainn tusa agus thógfainn tuille.” “Tá sé chómh maith agat an tuille do bhreith leat anois d'aon iaracht. Beir leat luach púint.”
Caibidiol a Cúig Gobnait. — Feuch nach amhlaidh do dhéin licíní slinne de'n airgead mar a dhéin d'airgead Mhichíl Réamoinn. Peig. — Ní h-é sin adúbhraís cheana, a Ghobnait, ach gur dhéin Micheál airgead des na licíníbh slinne. Gobnait. — 'Sdó, do dhéin, leis, ach má 'seadh do dhéin licíní slinne de'n airgead airís. Nóra. — 'Gcloistí! Nach cuimhin le n-ár gcluasaibh tú 'ghá rádh linn go dtug sé an t-airgead isteach chun na mná, agus gur fheuch sí air agus gur cheap sí gur bh'airgead dleaghthach é, agus d'á chómhartha san féin go dtug sí dhó an hata? Gobnait. — 'Sdó, do cheap, leis, agus do thug. Ach is 'na dhiaigh sin do dhéin licíní slinne airís de'n airgead. Nóra. — Agus conus fhéadfadh licíní slinne dhéanamh airís dé, mura mbainfeadh Micheál féin an diab- laidheacht dé? Cáit. — Agus cá bhfios ná gur bhain? Nóra. — Dúbhairt sí gur imthigh sé air abhaile nuair a fuair sé an hata. Gobnait. — Má 'seadh, bhí sé i Sráid an Mhuilinn airís seachtmhain 'na dhiaigh sin, é féin agus Tadhg na n-Ubh, agus chuadar isteach sa tigh cheudna agus do ghlaoidh Micheál ar an mnaoi i leath-taoibh. “Tá a dó agus dá thistiún agat orm,” ar seisean. “Seo dhuit é.” “Ní'l aon dó agus dá thistiún agam-sa ort,” ar sise. “Tá, go macánta,” ar seisean. “Seo dhuit é.” “Sdó, deirim-se ná fuil,” ar sise. “Nách cuimhin leat,” ar sise, “go rabhas ag
coimeád do hata, agus gur sholáthruighis an t- airgead i mball éigin agus go dtugais dom é?” “Cad do dhéinis leis?” arsa Micheál. “Níor dhéineas aon rud leis,” ar sise. “Tá sé anso sa bhosca fós agam.” “Ba mhaith liom é fheiscint,” arsa Micheál. “Tá sé ansúd,” ar sise, “sgilling agus dá réal agus dá thistiún. Tar i leith,” ar sise, “go bhfeicir féin airís iad.” Do chuadar anonn go dtí an bosca agus d'osgail sí é, agus nuair fheuch sí isteach ann agus chonaic sí na licíní slinne, d'iompuigh sí ar Mhicheál agus d'fheuch sí air mar fheuchfadh sí ar mhadra uilc. “Seo,” arsa Micheál, ag síneadh an airgid chúici. “Coimeád é!” ar sise. “Agus fág mo thigh! Tá an mac mallachtain ann, agus ionat-sa chómh maith! Sgrios!” Geallaim-se dhuit gur imthigh an bheirt agus dithneas ortha. Síle. — Ní fheadar cad a dhéin sí leis na cúig licíníbh? Gobnait. — Ní fheadar, a Shíle. Ach 'sé mo thuairim go bhfuaradar an taobh amuich de dhorus chómh luath leis an mbeirt. Síle. — Ní leigfeadh eagla dhom mo lámh a chur ortha. Cáit. — D'airigheas-sa gur dhéin sé gabhar de Thadhg na n-Ubh. Gobnait. — Níor dhéin, ach is amhlaidh a chuir sé an sguab ag gabháil air. Chuir sé fhiachaibh ar an sguaib Tadhg a chur amach as an dtigh. Nóra. — Airiú, conus, a Ghobnait? Gobnait. — Is amhlaidh a bhíodar go léir, lán an bhaill acu, bailighthe thiar ag tigh Thaidhg na n-Ubh, agus iad ag imirt cártaí, agus d'eirigh achran éigin eatortha, i dtreó go ndúbhairt Micheál le Tadhg, “Mura n-éistir do bhéal,” ar seisean, “déanfad gabhar
díot.” “Ní fhéadfá é,” arsa Tadhg. “D'fhéad- fainn,” arsa Micheál. “Ná déin aon dá chuid ded' dhícheal,” arsa Tadhg. “An mar sin é?” arsa Micheál. “Is mar sin,” arsa Tadhg. “Feiceam anois cad fhéadfair a dhéanamh.” Tharaing Micheál leabhrín beag dubh amach as a phóca, agus bhí fabharaí dearga ar na billeógaibh aige, agus chrom sé ar é léigheadh. I gceann tamaill do stad sé, agus d'fheuch sé ar Thadhg. “Ní'l ach aon chontabhairt amháin sa sgeul, a Thaidhg,” ar seisean. “Dá n- aistireóchadh an ghaoth agus tú ad' ghabhar, ní fheud- fainn tú chasadh thar n-ais.” “Aidhe, agus a bhitheamhnaigh na croiche duibhe, cad 'na thaobh nár innsis é sin ar dtúis dom?” “Táim 'ghá innsint anois duit, agus ní'l agat ach a rádh liom stad i n-am.” “Stad, má 'seadh!” arsa Tadhg. “Ní chreidfinn ó'n saoghal go bhféadfá é dhéanamh, ach mar sin féin ní misde liom leigint duit bheith ag imirt do chuid cleas ar dhuine éigin eile.” “Bíodh geall,” arsa Micheál, “go gcuirfidh an sguab an dorus amach tú má deirim-se léi é dhéanamh.” D'fheuch Tadhg ar an sguaib. Bhí sí 'na seasamh i n-aice an doruis. Sguab bhreagh nua throm do b eadh í. Gháireadar an chuideachta nuair airigheadar an focal. “Ní chuirfeá féin amach mé,” arsa Tadhg, “agus is deacair a rádh go gcuirfeá fhiachaibh ar an sguaib rud a dhéanamh ná féadfá féin a dhéanamh.” “Ní chuirfinn féin amach tú,” arsa Micheál: “Agus dá mbéadh bata maith agat ní'l aon cheathrar anso do chuirfeadh amach tú.” (Bhí ainim Thaidhg i n-áirde le méid a nirt ó'n lá úd a ghabh sé ar an móir- sheisear a lean ó Sráid an Mhuilinn é chun a mharbhtha.) “Ach cuirfead-sa geall leat anois go gcuirfidh an
sguab san thíos amach tú.” D'aimsigh Tadhg a bhata, agus do labhair Micheál leis an sguaib. Sheasaimh Tadhg i lár an tíghe. D'eirigh an sguab agus thug sí iaracht ar é bhualadh idir an dá shúil. Bhí an bata go maith agus an chuisle láidir, agus ambasa chosain Tadhg a cheann agus a cheannacha, ach do bhuail sí ins na cosaibh é, agus do bhuail sí ins na loirgnibh é, agus do bhuail sí ins na glúinibh é, agus do bhuail sí ins na ceathramhnaibh é, agus ins a' drom, agus ins na h-asnaidheachaibh, i dtreó ná feidir sé ar ball cad a bhí ag imtheacht air. Fé dheire do liúigh sé an dorus d'osgailt dó, agus geallaim dhuit gurabh é b'fhada leis go raibh sé amuich. Síle. — Bhí an lámh a bhí sa sguaib ró láidir dó! Cáit. — Is mór an iongnadh san go deimhin! B'fhéidir dá bhfaigheadh Tadhg radharc ar an t-é go raibh a lámh inti, ná raghadh an sgéal chómh saor leis agus chuaidh. Agus feuch i leith orm, a Ghobnait. Conus fhéadfadh licíní slinne dhéanamh d'airgead Shéadna, agus nach de licíníbh slinne a déineadh é? Gobnait. — Cá bhfios duit, a Cháit, cad de gur dhéin fear na n-adharc é? Dar ndóich, tá a fhios ag an saoghal nach go macánta ná go dleaghthach a fuair sé é. Peig. — Pé cuma 'na bhfuair sé é, níor dhéin aon licíní slinne dhe, nó má dhéin, níor fhanadar i bpócaíbh Shéadna. Bhíodar san folamh go leór aige nuair a bhí sé ag fághail an leathair ó Dhiarmuid Liath. Fuair sé an leathar agus an chéir agus an snáth, agus tug sé aghaidh ar an mbaile, agus geallaim dhuit go raibh an mhórdháil bainte dhe glan. Nuair a tháinig sé abhaile, agus é go tuirseach tnáithte troma-chroídheach, agus nuair a chonaic séan chathaoir agus
an mhealbhóg agus an crann ubhall, agus chuimhnigh sé ar na trí guidheanaibh breaghtha do loiteadh, tháinig seirbhthean agus canncar agus buaidhreamh aigne air, i dtreó nár fhéad sé greim mine ná ubhall do bhlaiseadh. Chaith sé é féin sa chathaoir, mar bhí an tuirse air, agus ba ghearr gur thuit a chodla air. Thug an fear bocht an oídhche ar an áit sin. Nuair dh'osgail sé a shúile bhí an lá díreach ag eirighe. Bhí an fuacht tar éis dul nach mór tré n-a chroídhe. Bhí sé tamall beag 'na dhúiseacht, sul ar chuimhnigh sé ar an sparán agus ar an bhFear nDubh, agus ar iomláine eachtra an lae roimhe sin. Ní túisge choruigh sé é féin 'ná mhothuigh sé an t-ualach i bpóca na bheiste. Chuir sé a lámh isteach. Cad a bhéadh ann ach an sparán! “Mhaise, an bhfeacaidh aon Chríosdaidhe riamh a leithéid sin d'obair?” ar seisean, agus tharaing sé amach é. Chuir sé a lámh i bpóca a bhríste. Bhí an dá cheud púnt ann go lom slán! “Seadh!” ar seisean, “mura bhfuil buaidhte ag an méid sin gnótha ar a bhfeaca-sa riamh de neithibh iongan- tacha! Ní fhéadfadh sé bheith agam a gan fhios dom! Cuardach? Níor chuardach go dtí é! Aon nídh ach mo mhéireana a chur amach tré chúinníbh na bpócaí! Cuardach? Is mé chuarduigh iad, má cuarduigheadh pócaí riamh! Folamh? Bhíodar chómh folamh — chómh folamh agus bhíodar riamh, agus níor bheag dóibh sin. Ní fhéadfaidís bheith níos folamha. Má 'seadh, cá raibh an t-airgead an fhaid a bhíos ag cuardach? Cár imthigh sé? Cár fhan sé an fhaid a bhí sé imthighthe? Cia thug thar n-ais é? Cad é an brígh atá leis an obair? Siní an cheist. Siní an adhb. Cad é an tairbhe dhómh-sa sparán trom teann a bheith agam am' póca agus dá cheud púnt airgid, agus ansan mé dhul ar an aonach agus neart a bheith do gach
spreallairín fir méaracán mé cháineadh os cómhair na gcómharsan, agus 'gréasaidhe beag buídhe' a thabhairt orm, agus “taoibhíní ruadha” agus “meanuithí ramhra” agus “bréan-bhróga” a chasadh liom, agus é fhógairt os cómhair an aonaigh ná raibh pingin am' póca? Má's ar a mhargadh a mhairean gach aoinne, ní h-é margadh na leanbh is gnáth leó a dhéanamh. Agus má 'sé sin margadh gur cuireadh brígh na mionn orm-sa mar gheall air, is suarach le rádh é. “Béidh sé chómh teann an lá déanach agus tá sé anois” — andaigh, ní h-iongnadh dhó san!” Chomáin sé leis ag caint leis féin ar an gcuma san go ceann abhfad. Fé dheire do phreab sé 'na shuidhe. “Raghad anois láithreach,” ar seisean, “agus díolfad Diarmuid, agus tabharfad tuille leathair abhaile liom.” Chomáin sé leis ceann ar aghaidh, agus níor stad cos leis go dtí go raibh sé ar aghaidh tíghe Dhiarmuda amach. Bhí Diarmuid 'na sheasamh idir dhá lígh an doruis ar an gcuma gceudna 'na raibh sé indé roimhe sin. Ba ghnáth leis a lán d'á aimsir a chaitheamh mar sin 'na sheasamh sa dorus agus a ghuala leis an ursain, agus é ag feuchaint síos an bóthar agus suas an bóthar, síos an bóthar agus suas an bóthar, gach re dtamall. “Airiú, a Shéadna, cad d'imthigh ort?” arsa Diarmuid. “Andaigh, níor imthigh faic, a Dhiarmuid,” ar seisean, “ach do thánag chúgat-sa led' chuid airgid. Seo dhuit é.” Agus do shín sé púnt chuige. “Ní raibh sé abhfad gan teacht isteach chúgat,” arsa Diarmuid, agus do thug sé feuchaint ghreannmhar ar Shéadna, fé mar bhéadh amhras aige nár bh'as an gcéird a fuair sé an t-airgead. Thuig Séadna an fheuchaint, agus dúbhairt sé, “Bhí sé
seo geallta dhom roimis an aonach agus ní bhfuaras é go dtí indiú.” “Airiú,” arsa Diarmuid, “agus cad ba ghádh an dithneas go léir? Ná déanfadh sé an gnó i gceann seachtmhaine nó coigthíghis? Táir chómh suaithte agus dá mba ná leigfeá do thaobh ar aon leabaidh le trí oídhche. An rabhais amuich i n-aon bhall aréir?” “Amuich i n-aon bhall aréir? Cá mbéinn amuich aréir, airiú? Ní rabhas go deimhin. Ach nuair a chuadhas abhaile ó'n aonach, do shuídheas sa chathaoir agus do thuit mo chodla orm, agus geallaim dhuit gur fhanas ansan go maidin indiú.” “Domhaise, is greannmhar san de! Agus feuch, nuair a bhís ag fágaint an tíghe seo um thráthnóna indé ní raibh aon rian díghe ort, agus bhí sé 'na thráthnóna mhór luath. Cár fhanais?” “Mhaise, beannacht Dé le h-anaman do mharbh, a Dhiarmuid, agus leig dom féin: Níor fhanas i n-aon bhall ach dul abhaile láithreach. Ní h-ól ná imirt a bhí ag déanamh buartha dhom, geallaim dhuit é.” Do shín sé an púnt chun Dhiarmuda, agus thug sé a bhóthar air gan a thuille ríghnis, ar eagla go gcurfaí a thuille ceisteana air. Bhí sé ceapaithe luach a trí nó a ceathair de phúntaibh eile do thabhairt leis, ach bhí sgannradh air go bhfiafróchadh Diarmuid de cia thug an t-airgead dó. Ag gabháil an bóthar abhaile dhó, do bhí a aigne agus a inntinn tré n-a chéile, agus é ag cur agus ag cúiteamh, ag cur agus ag cúiteamh, a d'iaraidh a dhéanamh amach cad d'imthigh ar an airgead lá an aonaigh. “Dá mbéinn ag machtnamh air go ceann bliaghna ó indiú,” ar seisean, “ní fhéadfainn a thuisgint cad é an brígh atá leis.”
Agus i gcaitheamh na slíghe níor sgar an lámh chlé leis an dtaobh de'n bhest go raibh an sparán lastigh de, agus do bhí an lámh dheas sáithte go h-uillinn i bpóca an bhríste aige, agus é ag cur an óir tré n-a mhéireanaibh. Síle. — Cad é an tairbhe dhéin sé dhó bheith 'ghá chur tré n-a mhéireanaibh, a Pheig? Peig. — Ní fheadar an tsaoghal, a Shíle, ach bhí sé 'ghá dhéanamh, pé 'n Éirinn é, agus níor stad sé dhé go dtáinig sé abhaile. Bhí sé i bhfonn nídh b'fhearr chun na mine agus chun na n-ubhall an uair sin 'ná mar a bhí sé indé roimhe sin, agus d'ith sé a dhóithin díobh. Bhí sé ag ithe agus ag machtnamh go ceann abhfad. Fé dheire do stad sé agus bhuail sé buille d'á bhois ar a leath-ghlúin. “Dar an bportús!” ar seisean, “dá bhfeiceadh Diarmuid an capall dubh úd ceannuighthe agam, ní fios cá stadfaidís na ceisteana. Ní bhéadh aon bhreith agam ar dhul uaidh. Tá sé ró ghéarchúiseach ar fad. Nuair a thabharfá leath-sgeul dó agus ba dhóigh leat go mbeidhfeá réidh leis, is amhlaidh a bhéadh sé i n-achran ionat níos daingne. B'fhéidir, tar éis an tsaoghail, gurab amhlaidh mar is fearr é nár cheannuigheas capall ná bó. Is cuma liom ó tá an t-airgead agam. Mharbhóchadh an capall úd mé, agus ansan ní bhéidís na trí bliaghna deug féin agam. Agus óir nár cheannuigheas an bhó ní gádh dhom bheith ag lorg mná chun a crúidhte. B'fhéidir nár bh'fhearr riamh é mar sgeul. ‘An rud ba mheasa le duine 'ná a bhás, ní fheadair sé ná gur b'é lár a leasa é’! Déanfad na bróga so, agus ansan raghad ag triall ar Dhiarmuid agus tabharfad liom luach dhá phúnt, agus ansan luach cheithre bpúnt, agus mar sin. Ha! ha! a Dhiarmuid, seadh! seadh! seadh! Sleamhnóchaidh an sgeul suas a gan fhios duit. Nár mhór an dallacán mé nár chuimhnigh ar an slígh sin ar dtúis? Dar nóin ní bhéadh nídh ar
bith ba mheasa dhom 'ná ainim airgid do dhul amach orm láithreach bonn mar sin. Déarfaí gurab amhlaidh do ghoideas ó dhuine éigin é. Ach nuair curfar amach i ndiaigh a chéile é, ceapfaidh gach aoinne, nídh nách iongnadh, gur as mo chéird a bhéidh sé déanta agam.” Nuair a bhí an méid sin socarughadh aigne déanta aige, thóg sé greim eile de'n mhin agus d'ith, agus d'aimsigh sé ubhall eile agus do chogain. Ansan do tharaing sé chuige a chuid leathair agus a chuid céarach agus a chuid snáithe agus na meanuithí caola agus na meanuithí ramhra agus na cip, agus do chrom sé ar obair. Nuair a bhíodh sé ag obair ba bheus leis bheith ag síor-chrónán, agus sidé an port is mó a bhíodh ar siúbhal aige:— Ó! greadadh 's duais ort, A chailligh ruainnigh Thug orm fuath ban Éirean Go bhfuil dhá chluais ort Chómh mór le sluasaid A's pus ró mhór mar Bheul ort! Dá bhfaghainn ó'n Ruachtaigh Go port Abhann Móire 'Gus Malla ó thuaidh mar Spré leat, An Claoideach ruadh 'gus A bhfuil de bhuaibh ann Ní shínfinn suas mo Shaoghal leat.
Caibidiol a Sé. Gobnait. — Ba dheas an crónán é. Ach ní fheadar cad uime gur tugadh “cailleach ruainneach” uirthi. Is dócha gurab amhlaidh do bhí féasog sgáinte uirthi mar atá ar Chailleach na mBroc. Cáit. — Cia dúbhairt go raibh féasóg ar Chailleach na mBroc? Gobnait. — Ó, go deimhin, a Cháit, tá sí uirthi. Bhíos-sa 'na h-aice, agus d' fheuchas go cruinn ar a smeigín, agus tá sé lán de ruibíbh móra fada ramhra agus iad liath mar a bhéadh guairí. Nuair a chonaic sí mé 'ghá dtabhairt fé ndeara, do gháir sí agus chimil sí dem' eudan iad, i dtreó go mb'éigean dom liúghadh leis an ngigilt. Cáit. — Is mairg nach ad' shúilibh a chuir sí iad. B'fhéidir go gcuirfeadh sé thú ó bheith ag feuchaint ar dhaoinibh chómh droch-mhúinte sin. Gobnait. — Dómhaise, am briathar mhóide, a Cháit, gur am' shúilibh a chuir sí iad, feuch! Agus siné a chuir ag liúirigh mé, agus ní h-é an gigileas. Bhí aon cheann amháin ortha a bhí chómh mór chómh fada le snáthaid reamhair, agus chuaidh sé isteach am' shúil, agus geallaim dhuit nár chuireas a chuimhne dhíom go ceann tamaill. Ní fheadar, ámhthach, an mbainfidh sé an droch mhúineadh dhíom. Cáit. — Éist, a Ghobnait, mar mhagadh bhíos. Ní'l aon droch mhúineadh ort-sa, agus ní raibh riamh. Ach tá rud agat ná fuil agam-sa, — tá foidhne agat. B'fhéidir, dá mbéinn féin ann, go dteipfeadh orm
gan feuchaint éigin a thabhairt ar na guairíbh. Ach an airighean tú, a Pheig, ní fheadar féin an tsaoghal cad é an paor a bhí ag an bhfear úd na méaracán ar Shéadna, gur thug sé an aghaidh bhéil úd air i lár an aonaigh, gan chúis gan adhbhar. Peig. — Siné díreach a bhí ag milleadh Shéadna. Ní fheidir sé cad fé ndear d'aoinne a leithéid a dhéanamh. Is minic 'na dhiaigh sin a bhí sé ar an aonach gceudna ag díol bróg, agus is 'mó tamall fada a chaith sé ag faire ar lucht méaracán ag brath air go bhfaigheadh sé lán a shúl de'n fhear a labhair leis an lá úd, ach ní bhfuair. Agus tá gach aon deabhramh, dá bhfaghadh, ná raghadh a chuid droch chainte i n-aisge leis. Cáit. — Is mór an truagh mar a leigeadh i n-aisge leis ar dtúis é. Peig. — Tháinig an sgeul ró obann ar Shéadna. Ní raibh uain aige cuimhneamh ar cad ba cheart dó a dheunamh, go mór mór nuair fheuch sé ar fhear na méaracán agus bhí seisean i bhfeidhil a ghnótha féin, gan suím ar bith aige i ngnó Shéadna. Is amhlaidh mar a bhí an sgeul ar ball aige, ní raibh sé ró dheimhnightheach gur bh'é an fear san do labhair i n-aon chor. Cáit. — Dómhaise, am briathar 's ambasa gurab é a bhí agam féin d'á chuimhneamh, leis, go mb'fhéidir nár bh'é. Peig. — Seadh, agus nach deas an obair a bhéadh déanta ag Séadna, dá mbuaileadh sé an duine agus gan aon chúis aige air? Cáit. — Ambasa is fíor dhuit. Peig. — Abhfad 'na dhiaigh sin, nuair a bhíodh Séadna ar lorg an fhir, is amhlaidh a bhí sé ceapaithe, dá bhfeiceadh sé é, dul ar dtúis chun cainte leis, agus ansan, nuair a bhéadh sé déanta amach ó'n gcaint aige cia'cu b'é an
fear adúbhairt an chaint úd é nó nár bh'é, bhéadh neart dó é bhualadh nó gan é bhualadh. Nóra. — Agus dar nóin, a Pheig, ní bhéadh sé ceart aige é bhualadh, pé 'cu dúbhairt sé an chaint nó ná dúbhairt. Peig. — Ambasa, a Nóra, ní'lim-se 'ghá rádh go mbéadh. Ach táim 'ghá rádh go raibh sé ceapaithe air, pé 'cu bhí sé ceart nó ná raibh. Ach ba mhar a chéile é, mar do theip air aon radharc dh'fhághail air amuich 'ná i mbaile. Ní bhfuair sé a thásg ná a thuairisg thíos ná thuas, agus fé dheire d'imthigh an sgéal as a cheann. Nuair a bhí an dá fhéire bróg críochnuighthe aige, bíodh a's ná raibh an luach púint de leathar ídighthe, d'imthigh sé agus thug sé leis luach dhá phúnt, agus ansan luach cheithre bpúnt. Ansan do thug sé leis beirt ghréasaidhthe eile ar a bpágh lae, agus fé cheann tamaill beirt eile. Ba ró ghearr go raibh a ainim i n-áirde sa dúthaigh le feabhas agus le saoire a bhróg, agus is chuige a thagadh na ceardaidhthe dob' fhearr, mar isé is fearr a chothuigheadh agus a dhíoladh iad. Is ag triall air a thagadh na daoine ba shaidhbhre agus dob' uaisle, ag ceannach bhróg, mar is i n-a bhrógaibh a bhíodh an mianach dob' fhearr, agus is ortha bhíodh an déanamh ba dheise. Is ag triall air a thagadh na daoine bochta ná bíodh airgead na mbróg oireamhnach acu, mar do thugadh sé cáirde breagh fada dhóibh, agus nuair a thagadh an cáirde agus ná díoltí na fiacha, ní bhíodh sé dian san éileamh. Is minic a thagadh gréasaidhthe ag triall air ná bíodh airgead acu chun leathair a cheannach, agus go n-iaraidís air raint airgid a thabhairt ar iasacht dóibh, ionus go mbéadh neart dóibh bheith ag obair agus ag tuilleamh ruda i n-inead bheith sgurtha díomhaoin. Ní baoghal gur thug sé an t-eiteachas d'aoinne acu riamh, agus is 'mó gréasaidhe bocht fé
mhuirear throm a bhéadh go minic gan biadh ag á chlainn ná muc sa dorus aige, mura mbéadh Séadna. Ag dul go dtí Aifrean an Domhnaigh nó an lae shaoire dhó, nó ag dul ar aonach nó ar margadh ag díol bróg dó, is 'mó duine bhíodh ag teacht roimis ar an mbóthar agus ag glaodhach i leath-taobh air, 'ghá rádh, “Gaibh mo leath-sgeul, a Shéadna, — bhéadh an dá phúnt úd agam duit ach gur theip orm an mhuc a dhíol.” Nó, “Go deimhin, a Shéadna, tá náire orm teacht chun cainte leat agus gan leath-phingin ded' chuid airgid fós agam duit; ach do buaileadh mo mhac breóite, agus bhí sé lá agus fiche 'na luíghe sul a bhfuair sé an t-aoitheó, agus b'éigean dom beirt bhan fhriotháilte do choimeád ag tabhairt aireachais dó i gcaitheamh na h-aimsire.” Bhíodh gach aoinne mar sin agus a thruagh-bhéil féin aige, agus ní bhíodh d' fhreagra ag Séadna dhóibh ach, “Ná bíodh ceist ort,” nó “Ní fiú biorán a's é,” nó “Tóg t'aimsir” — agus geallaim dhuit gurab iad a thógadh. Bhí aon fhear amháin gur thug Séadna an t-eiteachas dó. Agus má 'seadh, isé cuma 'na dtáinig sé sin 'ná i gculaidh éadaigh uasail, agus é go leathan láidir deagh-shláinteach agus go breagh círíneach beathuighthe, agus a dhá láimh go breagh bog geal leabhair gan rian oibre ná gnótha ortha. Agus seo mar a labhair sé:— “Go deimhin, a Shéadna,” ar seisean, “tá ceist agus ceann-fé orm é bhreith am' bheathaidh orm go gcaithfinn teacht ag triall ort-sa ag lorg airgid ar iasacht. Ach do dhéanfadh ceud púnt áise mhór anois dom, agus, do réir mar airighim, ní dhéanfaidh sé ceataighe mór duit-se é thabhairt dom. Ní h-é gach aon lá a thiocfaidh mo leithéid-se 'ghá iaraidh ort.”
“Is oth liom ná fuil ceud púnt agam oireamhnach anois le tabhairt duit,” arsa Séadna. Do stad an duine uasal agus d'fheuch sé ar Shéadna. Ní raibh aon choinne i n-aon chor aige leis an bhfreagra san. D'fheuch sé ar Shéadna mar fheuchfadh sé ar ainimhíghe éigin neamh-choitchianta. D'fheuch Séadna go seasmhach idir an dá shúil air. Deirtí go raibh feuchaint ana choímhightheach ag Séadna nuair curtí fearg air, agus gur bheag aoinne ná cúbadh roimpi. Do chúb an duine uasal úd roimpi. D'fheuch sé síos ar an dtalamh, agus ansan d'fheuch sé an dorus amach, agus ar ball d'fheuch sé ar Shéadna airís agus is amhlaidh a bhí Séadna ag gáirídhe uime. “Ó,” ar seisean, “do dhéanfadh deich bpúint a's dachad an gnó.” “Is oth liom,” arsa Séadna, “ná fuil deich bpúint a's dachad oireamhnach agam le tabhairt duit.” Bhain san an mhórdháil ar fad dé. “Tabhair dhom deich bpúint,” ar seisean. “Ní bhfaighir,” arsa Séadna. “Ní eiteóchthá mé ar aon phúnt amháin,” ar seisean. “Ní'l sé le fághail agat,” arsa Séadna. “Feuch, a Shéadna,” ar seisean, “tá a fhios ag an dtalamh nár itheas biadh agus nár ólas deoch ó mhaidin indé! Ba mhór an déirc dhuit rud éigin le n-ithe thabhairt dom.” Tháinig an fheuchaint úd i súilibh Shéadna. Do shín sé a mheur chun an doruis. “Tabhair do bhóthar ort,” ar seisean, “a chladhaire dhíomhaoin!” Is beag ná gur léim sé an dorus amach. Síle. — Agus cogar, a Pheig. Ní fheadar cad a chuir an droch fheuchaint sin i súilibh Shéadna. Dar ndóich, ní raibh sé mar sin i gcómhnuidhe.
Peig. — Siné díreach a bhí ag cur iongnadh ar na cómharsanaibh go léir, a Shíle. Mhothuigheadar Séadna ag athrughadh go mór 'na mheón agus i n'aigne. Is anamh do labhradh sé ach nuair a labharthí leis, agus ní gháireadh sé choídhche nach mór. Do chuir sé uaidh ar fad an crónán. Níor chuimhin le daoinibh cathain airigheadar an “Chailleach Ruainneach” d'á cáineadh. Nuair a bhíodh sé ag obair i dteannta na bhfear ní raibh le clos uaidh ó mhaidin go h-oídhche ach an anál fhada throm agus mion-bhuillí an chasúir bhig agus tarang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh. Cheapaidís na fir gur saint chun an airgid do bhí air, trá's go mbíodh sé ag obair chómh dian. Agus ansan do bhíodh iongnadh ortha a rádh go sgaradh sé chómh bog leis, 'ghá thabhairt ar iasacht do dhaoinibh nach raibh breith acu ar é aisioc go bráth, agus ghá thabhairt dóibh gan uradh gan banna. Nuair nach labhradh seisean ní labhraidís féin, agus ní bhíodh le clos uatha ach an anál fhada throm agus mion-bhuillí na gcasúr mbeag agus tarang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh. Ba dhóil leat, dá bhfeictheá iad, gur ag obair ar gheall a bhídís. Nuair a bhíodh daoine ag gabháil thar an dtigh do stadaidís ag éisteacht leis an saothar. Agus ansan nuair a ghluais- idís ortha, deiridís le n-a chéile, “Is beag an iongnadh airgead ag Séadna! Ní fheacamar riamh ceardaidhthe ag obair chómh dian. Cothuighean sé go maith iad agus díolan sé go maith iad, ach má'seadh, bainean sé an obair asta, má baineadh asta riamh í.” Idir cheardaidhthibh agus cómharsanaibh, do theip ortha glan dhá thaobh an sgéil a thabhairt d'á chéile, nó an cheist sin do réidhteach, .i. cad fé ndear do Shéadna bheith ag obair chómh dian chun airgid a dhéanamh, agus ansan ag sgaramhaint leis chómh bog? Do lean an sgéal ar an gcuma san ar feadh trí
mbliaghan. Ansan, pé sligh i n-ar chuaidh an ráfla amach, bhí sé leathta ar fuid na dúithe go raibh Séadna réidh chun a phósta. Bhí sé socair go raibh an cleamhnas déanta agus go raibh an lá ceapaithe. Bhíodar bacaigh agus lucht siúbhail na dúithe 'ghá n-ollamhughadh féin 'na chóir. Bhí aon nídh amháin sa sgéal a bhí ait go leór. Ní raibh aon bheirt socair ar cé 'r bh'í an bhean. Bhí sé socair ag muintir na sráide gur bh'í inghean Dhiarmuda Léith í. D' airigh Diarmuid féin an socarughadh chómh minic ar siúbhal gur chreid sé an uile fhocal dé, agus geallaim dhuit gurab é a bhí go sásta 'na aigne. Bhí a fhios aige Séadna bheith saidhbhir agus gan beann ar bith a bheith aige ar airgead, agus mar sin do cheap sé, nídh nár bh' iongnadh, ná béadh aon trácht ar spré. Bhí aon nídh amháin ag déanamh buartha dhó. Bhí lá ceapaithe ag an bpoibilidheacht chun an phósta. Bhí an lá san i ngoireacht seachtmhaine dhó, agus níor tháinig Séadna fós chun aon chainte leis. “Is dócha,” arsa Diarmuid i n-a aigne féin, “go dtiocfadh sé, ach gan é bheith ar aigne aon spré do lorg le Sadhbh. Tá go maith. Bean bhreagh dhathamhail iseadh í. Cailín ciúin ciallmhar ach ná curfaí fearg uirthi. “Is fearr bean 'ná spré.” Nach mór an chiall a bhí ag an t-é adúbhairt é sin ar dtúis! Ní sháróchadh an saoghal an sean-fhocal.” D'imthigh dhá lá eile agus ní raibh sgeul ná duain ó Shéadna. Bhí iongnadh mhór ar Dhiarmuid. Bhí iongnad ba dhá mhó 'ná san ar Shadhbh. “Imthigh suas,” ar sise le n-a h-athair, “agus labhair leis an bhfear san, ó tá sé de neamh-thuisgint air ná tiocfadh sé féin chun labhartha leat-sa — nó liom-sa.” Do bhuail Diarmuid suas. Nuair a bhí sé ag teacht i ngar do thigh Shéadna, d'airigh sé an obair a siúbhal chómh
dian agus dá mbéadh an saoghal i n-easba bróg agus gan aoinne chun iad do dhéanamh ach Séadna agus a lucht oibre. Bhuail sé chúca isteach. “Bail ó Dhia oraibh anso!” ar seisean. “Dia a's Muire dhuit!” arsa Séadna. “Mhaiseadh go deimhin féin, a Dhiarmuid,” arsa duine des na fearaibh, “is mithid duit é. Tá teinneas am' shúilibh ó bheith ag strac-fheuchaint síos an cosán san le seachtmhain, 'ghá chuimhneamh ó am go h-am go bhfeicfinn ag teacht thú.” “Is greannmhar san de,” arsa Diarmuid, “agus teinneas am' shúilibh-se agus am' ghualainn ó bheith am' sheasamh sa dorus agus mo ghuala leis an ursain, agus ná féadfadh priachán teacht árd an bhóthair anuas a gan fhios dom, agus gach aon fhear a thagadh am' radharc go mbínn lán-deimhnightheach gur bh'é Séadna a bhíodh ann, go dtí go dtagadh sé i ngar dom.” “Mise!” arsa Séadna. “Tusa gan amhras!” arsa Diarmuid. “Nach shin é i mbeulaibh na dtrí bpobal é go bhfuilir féin agus Sadhbh so agam-sa le pósadh Dé Máirt seo chúgainn? Agus an dóil leat ná gur cheart dom bheith ag brath air go mbéadh raint éigin cainte eadrainn sul a dtiocfadh an Mháirt?” “Tá dearmhad ort, a Dhiarmuid,” arsa duine des na fearaibh. “Ní le Sadhbh so agat-sa atá sé le pósadh, ach le Máire Ghearra, inghean Sheághain Cheataigh thiar, agus d'á chómhartha san féin, tá Seághan imthighthe go Corcaigh a d' iaraidh lóin bídh agus díghe chun na cóisreach, agus ní deirim ná go bhfuil cuireadh fághalta ag á ghaoltaibh gcóir na Máirte.” “Tá dearmhad ort-sa, a Mhicil,” arsa fear eile.
“Ní le Máire Ghearra atá sé le pósadh, ach le Báb an Leasa anso thíos. Táid táilliúirí agus mná fuaghála ag obair ann le trí lá, agus ag gabháil aníos dom ar maidin indiú do chonac bacaigh ag bailiughadh ann cheana féin.” “An bhfeacaidh aoinne riamh bhúr leithéidí?” arsa 'n ceathramhadh fear. “An rabhais ag an Aifrean Dé Domhnaigh, a Mhicil? Dá mbéidhfeá ba dheacair duit gan an sgeul a chloisint a bhí i mbeul an uile dhuine. 'Sé sin go mbéidh Séadna d'á phósadh Dé Máirt seo chúgainn le Nóra an Tóchair. Agus is ann a bhí na bacaigh ag dul, agus ní go dtí an Lios. Cuirfead geall go ndéarfaidh Séadna féin go bhfuil an ceart agam-sa.” D'fheuch Séadna ó dhuine go duine acu. Bhí an droch fheuchaint agus an droch sheasamh 'na shúilibh. Bhí fearg air, ach do bhrúigh sé féi í. “Imthigh ort abhaile, a Dhiarmuid,” ar seisean, “agus bíodh ciall agat. Ní'l aon fhonn pósta orm-sa, agus ní deirim go mbéidh go fóil.” Chrom sé a cheann agus dhírigh sé ar obair. Níor labhradh aon fhocal eile. Do shleamhnuigh Diarmuid amach, agus isé bhí go leamh dé féin. Tháinig sé abhaile. “Seadh!” arsa Sadhbh. “Seadh go díreach!” arsa Diarmuid. “Cad é an sgeul é?” arsa Sadhbh. “Tá sgeul ait,” arsa Diarmuid. “Béidh an dúthaigh go ceann seacht mbliaghan ó indiú ag steala-mhagadh fé bheirt againn, fút-sa agus fúm-sa.” “Conus é sin, airiú?” arsa Sadhbh. “É bheith tuillte againn,” arsa Diarmuid. Agus do theip uirthi a thuille cainte a bhaint as.
Caibidiol a Seacht. Nuair a chuadar na fir abhaile, gach fear díobh go dtí a lóisdín féin, geallaim-se dhuit go raibh eachtra ins gach tigh. Thánadar na cómharsain isteach ag sguruidh- eacht. Thug gach gréasaidhe a thuairisg féin ar thurus Dhiarmuda agus ar fhreagra Shéadna. Do rug gach cómharsa abhaile leis a innsint féin ar an sgeul. Ní raibh a leithéid de shult riamh roimhe sin ná riamh ó shin ar fuid na h-áite. Um an dtaca go dtáinig an Domhnach ní raibh duine óg ná aosta 'sna trí pobalaibh ná raibh an sgeul go léir aige agus a thrí oiread curtha leis. Chífeá na daoine ar na bóithribh 'na dtriúr, 'na gceathrar, 'na ndeichniúbhar, agus iad ag innsint an sgéil nó ag cur a thuairisge, agus iad ag tuitim ar a gcosaibh le sult agus le gáirídhibh. B'fhíor do Dhiarmuid é. Bhí an dúthaigh ag steala-mhagadh fé'n mbeirt. Máire Ghearra agus Nóra an Tóchair agus Báb an Leasa a bhí go buidheach agus go sásta 'na n-aigne tré a fheabhas mar chuadar as. Ní raghaidís, ach turus Dhiarmuda bheith chómh h-áiféiseach agus a bhí sé, agus ainim na géar-chúise go léir ar Dhiarmuid féin. Nuair a bhíodh a sáith magaidh déanta ag daoinibh fé Dhiarmuid agus fé Shadhbh, do bhíodh nídh eile ar siúbhal acu. Do chloiseadar na fir go léir Séadna 'ghá rádh ná raibh aon fhonn pósta air, agus ná béadh go fóil. Níor chuir aon fhear acu athrughadh focail sa méid sin de'n sgeul. D'airigh Máire Ghearra é. D'airigh Nóra an Tóchair é. D'airigh Báb an Leasa é. D'airigh gach aoinne é, agus ní raibh duine d'ár airigh é nár choimeád go cruinn é. B'shin í an cheist acu. B'shin í an adhb.
Cad fé ndear do Shéadna a rádh ná raibh aon fhonn pósta air, agus ná béadh go fóil? Ní bhéadh meithiol ag obair i bpáirc, ná gasradh ag gabháil an bóthar, ná sguainne ag dul ag sguruidheacht, ná cuideachta ag dul ag ól, ná gur bh'í an cheud cheist do phreabfadh suas eatortha, “Ar airíghis, airiú, cad do dhéin Diarmuid Liath? Ó, am briathar 's ambasa, go ndeachaidh sé suas, de shiúbhal a chos, go tigh Shéadna, agus gur cheap sé, cóir cam díreach, Séadna do thabhairt leis anuas ar chúl cinn agus é phósadh, láithreach bonn baill, le Sadhbh, d'aimhdheóin a chúil-fhiacal! An bhfeacaidh aoinne riamh a leithéid d'obair?” Ansan, ar ball, deurfadh duine éigin, “Agus cad dúbhairt Séadna?” Gheobhadh sé mar fhreagra, “Dúbhairt Séadna leis imtheacht abhaile agus ciall do bheith aige, ná raibh aon fhonn pósta air féin agus ná béadh go fóil.” Ansan d'eireóchadh an cheist, “Cad fé ndear do Shéadna a leithéid sin do rádh, agus cleamhnaisí d'á ndéanamh ar fuid na dúithe dhó chómh tiugh le grean?” Nuair adúbhairt Séadna féin an focal, do leig sé amach níos mó d'á aigne 'ná cheap sé leigint amach, ach bhí an fhearg air, agus do bhí an gnó déanta ag Diarmuid chómh botúnach san, níor fhéad sé foidhneamh leis. Nuair a bhíodar uile imthighthe abhaile i gcóir na h-oídhche agus bhí sé i n'aonar 'na shuídhe sa chathaoir shúgáin, bhí an sgeul ag ruith tré n-a aigne ar an gcuma so:— “I mbeulaibh na dtrí bpobal! Ní mise chuir i mbeulaibh na dtrí bpobal é. An breallán! Béidh sé i mbeulaibh na dtrí bpobal anois — é féin agus Sadhbh. Humhth! — Is oth liom aon trácht do bheith ar ainim Mháire Ghearra. Ach cad é mo leigheas air? Dáltha an sgéil, ní fheadar cad uime gur tugadh Máire Ghearra
uirthi agus í chómh h-árd le h-aon mhnaoi ag teacht chun an phobail. Ní h-iongnadh go mbéadh. Is fear groídhe cumasach Seághan Ceatach féin. Tá sé amuich air gurabh é fear is treise ar a chineadh é, agus is fir láidire na Cárthaigh. Is maiseamhail an bhean í! Ní misde cailín ciúin ciallmhar a thabhairt uirthi. Trí bliaghna ó shin ní baoghal go dtráchtfaí ar a h-ainim i n-aonfheacht le m'ainim-se. “Is greannmhar an rud san a dhéanfainn, pósadh, agus gan agam anois ach deich mbliaghna. Is gearr a bhíodar ag imtheacht mar thrí bliaghnaibh. Is gearr an mhoill ar thrí bliaghnaibh eile iad do leanmhaint. Siné leath na h-aimsire imthighthe ansan. ‘Cá beag duit an cheist sin do chur,’ ar seisean, ‘nuair a bhéimíd ag gluaiseacht?’ Cad é an mhaith dhom bheith 'ghá cur an uair sin? Chuir sé brígh na mionn orm. Is dócha ná fuil dul as anois agam. Is ait atá an sgeul agam. Mé ag obair agus ag déanamh airgid chómh tiugh le grean, agus cad 'tá d'á bhárr agam? Is 'mó duine bocht gur thugas congnamh dó. Is mór é a mbuidhchas — ar a mbeul. Ní fheadar an bhfuil puínn dé 'na gcroídhe. Ní fheadar an fearr-de iad ar thugas dóibh. Tá cuid acu, agus isé mo thuairim gur bh'fhearra dhóibh ná feicidís aon leath-phingin riamh dé. Tá cuid acu, agus dá mbéadh an aimsir caithte agus mé imthighthe, ní bhéadh mo chiach abhfad ortha. Bhéadh sé i n-a áirithe ansan acu, dar leó féin, nár ghádh dhóibh díol choídhche. Siné a mbuidhchas- san. “Pé duine gheabhaidh í béidh bean mhaith aige. Is minic dh'airigheas gur fearr bean 'ná spré. Tá bean agus spré ansúd. — Is greannmhar an rud san a dhéan- fainn, pósadh, agus gan agam anois ach deich mbliaghna. Is deas an cor a bhéadh ansan uirthi — agus ar a clainn,
dá mbéidís aici. Greadadh chuige mar airgead agus mar sparán agus mar mhargadh! Bhí aigne shuaimhneasach agam sul ar casadh am' threó iad.” Sin mar a chaith sé an oídhche. Do bhuail sé amach ar eirighe lae agus suas an cnoc. Do shuigh sé ar feadh tamaill ar bhárr caraige móire a bhí ann, gur b'ainim di Caraig na gCearrbhach. Nuair a gheal an lá agus d'eirigh an ghrian, agus d'fheuch sé 'na thímpal ar an radharc áluinn a bhí ó'n gcaraig, d'eirigh an ceó d'á chroídhe agus tháinig suaimhneas mór ar a aigne. Gobnait. — Mhaise, go deimhin, a Pheig, is beag ná go ndeurfainn leis an rud úd adúbhairt Cáit an Cheóil le n-a fear, nuair a bhain sí an luch as an mbáisín bainne dhó. Nóra. — Cad dúbhairt sí leis, a Ghobnait? Gobnait. — Is amhlaidh a bhí meithiol aige, agus bhíodar ag suidhe chun bídh, agus bhí bord mór prátaí os a gcómhair, agus bhí báisín bainne raimhir ar aghaidh gach fir amach. Do thóg fear an tíghe a bháisín féin, agus an cheud bholmoc a bhain sé as do nocht sé luch ann. Do bhagair sé ar Cháit, agus thaisbeáin sé an luch di. Níor chuir sin corbhuais ar bith uirthi. Do rug sí ar an mbáisín i n-a láimh chlé. Chuaidh sí anonn go dorus. Chuir sí an lámh dheas sa bháisín. D'árduigh sí an luch as agus chaith sí an dorus amach í, agus ansan do bhuail sí an báisín ceudna, agus an bainne ceudna ann, os cómhair a fir. Nuair a chonaic sé cad a bhí déanta aici d'eirigh sé ó'n mbord i bhfeirg agus d'imthigh sé amach. Nuair a bhí sé ag gabháil amach, dúbhairt sise, “Go deimhin, is deacair daoine shásamh. Ní dhéanfadh bainne agus luch ann an gnó, ná bainne agus luch as!”
Cáit. — Mhaise, dearna leat, a Cháit an Cheóil! Níor theip an tuathal riamh ort! Cad dúbhairt a fear, a Ghobnait? Gobnait. — 'Dhe, cad a bhí le rádh ag an nduine? B'shin é an udhálta ag Séadna. Nuair a bhí sé gan airgead ní raibh sé sásta, agus ansan nuair a bhí an sparán aige agus cead tarang as, ní raibh sé sásta. Bhí sé chómh deacair do shásamh le fear Cháit an Cheóil. Cáit. — 'Sdó, feuch anois, a Ghobnait, ní thuigean tusa an sgeul i gceart. Nuair a bhí an sparán ag Séadna d'á fhághail níor thug sé uain dó féin ar an gcoinghíoll do bhreithniughadh. Ansan, nuair a bhí an margadh déanta agus é daingean fé bhrígh na mionn, do bhí uain a dhóithin aige chun machtnaimh. Bhí an aimsir ag imtheacht ar cos i n-áirde, agus ní raibh aon fhreagra fághalta aige ar an gceist úd, “Cá raighmíd an uair sin?” Nach gunta adúbhairt an Fear Dubh leis é, “Cá beag duit an cheist sin do chur nuair a bhéidheam ag gluaiseacht?” Nach maith a thuig Séadna féin an sgeul 'na dhiaigh sin, nuair adúbhairt sé leis féin, “Cad é an tairbhe dhom bheith ag cur na ceiste nuair a bhéidheam ag gluaiseacht?” Níor thuig sé i n-am é. Gobnait. — Am briathar 's ambasa, a Cháit, go bhfuil eagal orm gur thuig sé go dian mhaith ó thusach é, ach a oiread san dúil a bheith sa sparán aige gur chuma leis. Agus is dóigh liom go raibh a fhios ag an bhFear nDubh gur thuig sé é, nuair adúbhairt sé leis, “Táir géar-chúiseach.” Isé mo thuairim gur thuigeadar an bheirt a chéile go dian mhaith. Cáit. — “Tar éis a tuigtear gach beart,” a Ghobnait! Ní sháróchadh an saoghal an sean-fhocal.
Nóra. — Pé cuma 'nar thuig sé an sgeul nuair a bhí an sparán aige d'á fhághail, is dócha gur thuig sé níos fearr é nuair a bhí an dúthaigh 'ghá phósadh a gan fhios dó le ceathrar ban, agus a fhios aige féin ná raibh aige ach deich mbliaghna idir é agus cómhlíonadh an mhargaidh a dhéin sé leis an bhFear nDubh. Dá mb'áil leis feuchaint roimis nuair a thug an t-aingeal an foláramh dó! Dá mbéinn-se 'na chás, is iad na trí ghuidhe dh'iarfainn, airgead mo dhóithin ar an saoghal so, saoghal fada fé shéan, agus an bheatha shíoruidhe 'na dhiaigh. Ansan do bhéadh neart dó Máire Ghearra nó Báb an Leasa nó Sadhbh féin a phósadh, dá mba mhaith leis é, gan spleadhachas do'n Fhear Dubh ná d'á chuid cleas. Síle. — Cá bhfios duit, a Nóra, ná gur bh'í Nóra an Tóchair ba rogha leis? Nóra. — Is dóigh liom gur “Síle” b'ainim do Bháb an Leasa, agus gur bh'í ba rogha leis. Peig. — Pé duine acu ba rogha leis, a Nóra, is dóigh liom go raibh cathughadh a dhóithin air féin nár dhéin sé mar a dhéanfá-sa. Nóra. Do dhéin sé go h-áiféiseach é agus go botúnach. Níor bh'uiriste dhó trí ghuidhe dh'iaraidh ba neamh- thairbhighe 'ná na trí ghuidhe d'iar sé. Ní fheadar an tsaoghal cad a bhain dó. Trí ghuidhe le fághail aige ar a thogha agus ar a thuisgint féin, iad le fághail aige gan choinghíoll gan chol, agus níor bh'fholáir dó gabháil de chosaibh ionta, agus ansan sparán do ghlacadh ar an gcoinghíoll ba chruadha d'ár cuireadh ar aon duine riamh. Níor bh'iongnadh codla na h-oídhche d'á bhaint dé, agus droch fheuchaint ag teacht 'na shúilibh! Síle. — Agus an é sin a chuir an droch fheuchaint 'na
shúilibh! Ó, tuigim anois é. Níor bh'iongnadh liom dá mbáithfeadh sé é féin, agus a leithéid de chrann a bheith air. Peig. — Ní deirim ná go ndéanfadh sé rud éigin d'á shórt, ach ná tabharfadh sé mar shásamh do'n Fhear Dhubh é. Deireadh sé go minic i n-a aigne féin, “Is liom na trí bliaghna déag gan buidhchas dó, agus caithfead iad go cúl.” Nóra. — Is truagh nár fhan sé mar a bhí aige ar dtúis, i dtaoibh le n-a chrann ubhall agus le n-a mhealbhóig agus le n-a chathaoir shúgáin. Gobnait. — Agus dar ndóigh, dá bhfanadh sé mar sin, a Nóra, ní bhéadh aon bhean uasal ag feuchaint 'na dhiaigh. Nóra. — Mhaise, ní móide gur bh'fhearra dhó riamh é. Ní fheicim féin d'uaisleacht i n-a lán acu ach mór-chúis agus doithigheas agus tarcuisne. Gobnait. — Á! a Nóra, tá a fhios agam-sa cad fé ndear é sin uaireanta. Nuair a chíd siad cailíní beaga ná bíon uasal agus a bhíon níos maiseamhla 'ná iad féin, bíon éad ortha. Tá eagal orm dá mbéinn-se uasal go mbéadh éad orm chúgat-sa. Nóra. — Airiú, cad 'na thaobh, a Ghobnait? Gobnait. — Fiafruigh de Shíle cad 'na thaobh. Síle. — Ní fhiafróchaidh sí de Shíle cad 'na thaobh. Innseadh Gobnait féin anois é, ó tharaing sí an cheist uirthi. Peig. — Is mór an bhean suilt Gobnait, a Nóra, ach bíon an ceart aici uaireanta. Cáit. — Agus dar ndóigh, ní ceart do chailín uasal éad ná mór-chúis a bheith uirthi má b'é toil Dé an sgiamh aingilídhe do chur ar chailín bheag íseal. Síle. — Ní fheadar, a Pheig, na daoine atá gránda ar an saoghal so an mbéid siad breagh i bhFlathas Dé?
Peig. — Ó, a Shíle, a chuid, ní bhéidh aoinne gránda i bhFlathas Dé, ach gach aoinne níos breaghtha agus níos maiseamhla 'ná an t-é is breaghtha d'á bhfeacaidh súil duine riamh ar an saoghal so. Síle. — Ní gádh dhóibh éad ná mór-chúis a bheith ortha, má 'seadh. Peig. — Ní bhéidh éad ná mór-chúis ann, a Shíle, ach chómh beag le h-aon nídh gránda eile. Síle. — Nach truagh nár ghlac Séadna cómhairle an aingil, i n-inead bheith ag cuimhneamh ar a mhealbhóig agus ar a chathaoir shúgáin agus ar a chrann ubhall agus ar na dailtínibh a bhíodh ag imirt air! Peig. — Feuch féin nár ghlac. Ach is dócha dá bhfaigheadh sé an tarna h-iaracht go nglacfadh. Ní bhfuair sé an tarna h-iaracht. Dhéin sé a mhargadh. Dhéin sé fé bhrígh na mionn é, agus do bhí air é sheasamh. Bhí a fhios aige go dian mhaith, chómh luath agus thiocfadh an lá deirineach de na trí bliaghnaibh déag, go dtiocfadh an t-éilteóir agus ná béadh aon bhreith ar dul i bhfolach uaidh. Nuair a thug sé tamall maith 'na shuidhe ar Charaig na gCearrbhach ag feuchaint 'na thímpal ar an radharc breagh, do lean sé d'á mhachtnamh:— “Nach mór a bhí mo chás ag déanamh buartha dhó! D'airigh sé mé 'ghá rádh go rabhas 'gan bhiadh gan deoch gan airgead.' Is 'mó duine nach mé a bhí gan bhiadh gan deoch gan airgead, agus nach maith do sgaoil sé thairis iad! — ‘Ní'l an margadh ann fós,’ ar seisean. ‘Bíodh 'na mhargadh,’ arsa mise. Ní bhéadh sé sásta leis an méid sin. Níor mhór dó na greamana dubha a chur ann. ‘Dar bhrígh na mionn!’ ar seisean. ‘Dar bhrígh na mionn!’ arsa mise. Dúbhart é gan amhras. Ní'l dul uaidh agam. Má 'seadh, ní deurfainn é mura mbéadh an chuma i n-ar mheall sé mé. Ní fheaca riamh
am' shúilibh cinn dath ba bhreaghtha 'ná an dath a bhí ar an mám óir a thaisbeáin sé dhom. Tháinig dúil mhalluighthe agam ann. Thug sé ceud púnt dom mar mhalairt ar aon sgilling amháin. ‘Thabharfainn,’ ar seisean, ‘agus seacht gceud, dá bhféadainn a maith san do lot.’ D'admhuigh sé nár bh'fhéidir a maith do lot, toisg mé 'ghá tabhairt uaim ar son an tSlánuightheóra. A maith do lot! Cad chuige an lot? Cad ba ghádh é? Má theip air maith na sgillinge úd do lot, nár chóir go bhféadfainn tuille maitheasa a dhéanamh go dteipfeadh a lot air? Tá an sparán agam. Ba mhór an sult a chuid airgid féin do chur ag déanamh staincín air. Dar fiadh, sin mar dhéanfad é! Thabharfadh sé seacht gceud púnt ar mhaith aon sgillinge amháin do lot. Tá deich mbliaghna agam. Is 'mó sgilling agus pingin agus púnt fhéadfad a thabhairt ar son an tSlánuightheóra i gcaitheamh deich mbliaghan. Béidh saothar air ag casadh le lot na maitheasa go léir. Seadh! Tá an lámh uachtair agam air sa méid sin ar aon chuma. Bainfead ceól as an sparán fós, bíodh a's nach ar an gcuma i n-ar cheapas ar dtúis é. An cladhaire bitheamhnaigh!” Bhí sé ag déanamh amach ar eadarthra um an dtaca go raibh a mhachtnamh críochnuighthe agus a aigne socair aige. D'eirigh sé 'na sheasamh agus d'fheuch sé 'na thímpal ar an radharc breagh. “Tá deich mbliaghna agam, pé i n-Éirinn é,” ar seisean, agus thug sé aghaidh ar an mbaile.
Caibidiol a h-ocht. Ag teacht i gcómhgar an tíghe do Séadna, d'airigh sé na fir ag caint go h-árd fé mar bhéadh sgeul mór éigin ar siúbhal acu. Nuair a tháinig sé isteach do stadadar. D'fhiafruigh sé dhíobh cad do bhí ar siúbhal acu. Bhí iongnadh ortha é 'ghá fhiafruighe, mar níor ghnáth leis aon tsuim a chur 'na gcómhrádh. “Tá,” arsa duine acu, “muíntir Mhicil a bheith i mbuairt ar maidin indiú.” D'fheuch Séadna 'na thímpal. “Agus cá bhfuil Micheál?” ar seisean. “D'fhan sé sa bhaile,” arsa 'n fear a labhair. “Tá báille ag teacht ann ag tógáilt chíosa, agus ní deirim go bhfuil aon leath-phinge airgid fé dhín tíghe acu.” Níor dhéin Séadna ach casadh agus imtheacht an dorus amach. Baintreach dob' eadh máthair Mhicil. Do dhéin sé ceann ar agaidh ar thigh na baintrighe. Bhí tosach ar an mbáille aige agus ní raibh ach san. D'fháiltigh an bhaintreach roimis. “Cad tá uaidh sin?” arsa Séadna. “Tá an cíos,” ar sise. “An mór é?” ar seisean. “Fiche púnt,” ar sise. “Seo,” ar seisean. “Tá púnt sa tseachtmhain ag dul do Mhicheál. Sin fiche púnt d'á phágh roimh ré agat.” “Airiú,” ar sise, “cad ar a shon go dtabharfá an oiread san airgid dom roimh ré?” “Ar son an tSlánuightheóra,” ar seisean.
“Go dtugaidh an Slánuightheóir a luach dhuit!” ar sise. Bhí sé imthighthe sul a raibh uain aici ar a thuille a rádh. Tháinig an báille isteach. Hata bán air. Pluic air. Pus mór-chúiseach air. Caincín ramhar air. Muineál beathuighthe air. Casóg bhréide ghlas-caorach air. Bolg mór air. Tárr leathan air. Colpaí air. Bata trom draighin duibh 'na láimh. É ag cneadaigh agus ag séideadh. “Cíos nó seilbh, a bhean an tíghe,” ar seisean. Gobnait. — Ó, am briathar 's ambasa, a Pheig, nach bhfeaca eighre riamh ar Sheághan an Aonaigh ach é! Peig. — Agus nach báille Seághan an Aonaigh, a Ghobnait? Gobnait. — Ambasa iseadh, dar ndóigh. Peig. — Cad eile mar sin? “Cíos nó seilbh, a bhean an tíghe,” ar seisean, díreach mar a deurfadh Seághan an Aonaigh é. Do ghlaoidh sí ar a mac. “Seo, a Mhicil,” ar sise, “cómhairimh é sin agus tabhair do'n duine mhacánta so é.” Do leath a shúile ar Mhicil, mar ní fheacaidh sé Séadna ag tabhairt an airgid d'á mháthair, agus do leath a shúile ar an mbáille, mar ní raibh aon choinne aige go raibh aon leath-pinge airgid sa tigh. Ghlac sé an cíos agus thug sé a bhóthar air, agus isé a bhí go cráidhte cancarach, mar bhí an áit geallta aige an mhaidion chéadna do dhuine eile ar bhreib mhaith. “Seadh!” arsa Séadna, ag teacht abhaile dhó, “Má bhí gnó idir lámhaibh aige ag lot maitheasa mo sgillinge, bíodh gnó is mó 'ná é anois aige ag lot tairbhe an fhichid púnt. Is dóigh liom nach misde dhom an gnó san d'fhágáil idir é féin agus an bhaintreach.” Tháinig sé abhaile agus chrom sé ar an obair. Ba ghearr go raibh Micil isteach 'na dhiaigh, agus do chrom
sé ar an obair. Níor labhair aoinne an chuid eile de'n lá, agus ní raibh le cloisint ann ach bog-fheaduíol na bhfear, anál fhada throm Shéadna, mion-bhuillí na gcasúr mbeag agus tarang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh. Nuair a chuaidh Micil abhaile an oídhche sin, d'inis a mháthair dó cad dúbhairt Séadna le linn an airgid do thabhairt dí dhó, go ndúbhairt sé gur ar son an tSlánuightheóra do bhí sé 'ghá thabhairt dí. Bhí iongnadh ortha araon, mar níor bh'é a dtuairim riamh go raibh puínn cráibhtheachta ag baint le Séadna. Do ghluais Micil ag sguruidheacht agus d'inis sé do bhuachaill eile é. Ba ghearr go raibh sé fada fairsing ar fuid na dúithe. D'airigh Diarmuid liath é. D'airigh an báille é. D'airigh Sadhbh é. “A dhaid,” arsa Sadhbh, “ar airighis cad a dhéin Séadna le déanaighe?” “Níor airigheas agus is cuma liom.” “Sdó', a dhaid, do cheapamar go raibh ciall aige.” “Airiú, agus cad do dhéin sé?” arsa Diarmuid. “Do dhéin sé an tuathal, rud nár theip riamh air,” ar sise. “Agus cad é an tuathal is deiriníghe atá déanta aige?” arsa Diarmuid. “Tá,” ar sise, “dul agus ceud púnt airgid do thabhairt do'n tsnamhaire bheag san thuas, máthair Mhichíl bhacaigh.” “Airiú, a Shadhbh, ná creid é.” “Ó, go deimhin, a dhaid, ní'l focal bréige ann. Isé an báille féin d'inis dom é. Ní fheadar cá bhfuair sé an t-airgead go léir. Agus dar ndóin, cad é an tairbhe dhó airgead a bheith aige má's mar sin a cheapas sé é sgaoileadh uaidh? Is maith a dhéinis an cleamhnas
do bhriseadh an uair úd. Ní chuirfinn a chathughadh go bráth dhíom mé bheith pósta ag amadán.” “Ambasa, a Shadhbh,” arsa Diarmuid, “ní mise a bhris é.” “'Dhe agus darfa liath, a dhuine, cia eile bhris é ach tusa? Dar ndóigh ní h-amhlaidh a mheasfá a rádh gurab é Séadna do bhris é!” “Andaigh, a ghamhain, ní dócha gur bhris aoinne é. Ní raibh sé ann le briseadh,” arsa Diarmuid. “Ní raibh sé ann le briseadh!” ar sise. “Ní raibh agus ní bhéidh! Is deas an saghas duine thú! Ní raibh sé ann le briseadh! Is deas an chaint í sin uait-se. Siniad do chómharsain uile agus a gclann curtha i gcrích acu, agus cad 'tá déanta agat-sa? Ní raibh sé ann le briseadh! Ní raibh agus ní bhéidh!” Ansan do chrom sí ar ghol. D'eirigh Diarmuid agus bhuail sé síos chun an doruis agus chuir sé a ghuala leis an ursain, agus d'fheuch sé síos an bóthar, agus ansan d'fheuch sé suas an bóthar. Cáit. — Dá mbéinn i gcás Dhiarmuda deurfainn léi, “main do dheór nár chuirir díot!” Peig. — Ní fheadar, a Cháit. B'fhéidir dá mbéidhfeá i gcás Dhiarmuda nár bh'fhearra dhuit rud a dhéanfá 'ná an rud a dhéin seisean. Isé is dóichíghe gurab aige b'fhearr a fhios cad ba cheart dó a dhéanamh. Cáit. — An stiúsaidhe! Is beag orm í. Gobnait. — Ar airigh Máire Ghearra é, a Pheig? Peig. — An Domhnach a bhí chúgainn, bhí sí ag caint le máthair Mhicil, agus fuair sí tuairisg an sgéil díreach fé mar a thuit sé amach. Bhí áthas mór go léir uirthi nuair a thuig sí gur thug sé an t-airgead uaidh ar son an tSlánuightheóra. “Agus,” ar sise, “tá súil agam anois go dtuillfidh
Micheál an t-airgead san chómh macánta agus dá mba ná béadh sé fághalta roimh ré aige.” “Dómhaise,” arsa 'n bhaintreach, “siné iongnadh an sgéil ar fad. Nuair a bhí sé ag díol na bhfear aréir do shín sé púnt chun Micil mar ba ghnáth. ‘Ó,’ arsa Micil, ‘táim díolta cheana.’ ‘Glac é sin uaim’, arsa Séadna, agus b'éigean dó.” “Seadh!” arsa Máire Ghearra, “bhídís 'ghá rádh ná raibh creideamh ag Séadna. Bíodh san mar chómhartha acu air!” “Creideamh?” arsa 'n bhaintreach. “Ní fheaca a leithéid riamh. Dá mairinn míle bliaghan ní chuirfinn as mo cheann an fheuchaint a thug sé orm nuair adúbhairt sé an focal agus é ag síneadh an airgid chúgam. ‘Ar son an tSlánuightheóra,’ ar seisean, agus nuair fheuchas suas air, bhí an dá shúil aige 'á chur tríom i dtreó go dtáinig iaracht d'anfha orm ná féadfainn a innsint duit.” “Éist, a óinsigh,” arsa Máire. “Cad ba ghádh an t-anfha?” “Ó, leig dom féin, a Mháire. Is amhlaidh mar atá an sgeul, dá bhfeuchainn i gcoinnibh a shúl an tarna h-uair do thuitfinn,” arsa 'n bhaintreach. “A Shiobhán!” arsa Máire Ghearra. “Teacht, a Mháire,” arsa 'n bhaintreach. “Tá rún agam le tabhairt duit,” ar sise, agus bhí creathán 'na ballaibh agus 'na guth. “Ná bíodh ceist ort, a Mháire,” arsa Siobhán. “Coimeádfad-sa do rún, dá mbéadh m'anam air.” “Tá a fhios agam-sa go maith go gcoimeádfair, a Shiobhán, ach tá níos mó agat le déanamh dom 'ná mo rún a choimeád.” Do stad sí. Níor labhair Siobhán.
“Bhíos tamall de m' shaoghal, a Shiobhán,” ar sise, “agus do cheapas ná pósfainn choídhche.” “Ní h-aon tamall mór de d' shaoghal atá caithte,” arsa Siobhán. “D'á luíghead é, tá sé buartha go maith le déanaighe,” arsa Máire. “Ní fheicim puínn ádhbhar buartha agat,” arsa Siobhán. “Tá mo chroídhe d'á shníomh le buairt,” ar sise. Ansan do labhair sí i gcogar le Siobhán agus chaitheadar tréimhse mór ag cogarnaigh. Nuair a bhí an chogarnach críochnuighthe acu chuaidh Máire abhaile agus chuaidh Siobhán a chodla. Ach ní baoghal gur thuit aon neul codlata ar Mháire ná ar Shiobhán an oídhche sin. Nuair dh'eirigh Siobhán ar maidin isí a bhí go tuirseach. Nuair a cheap sí a caidhp a chur ar a ceann, is 'na póca a chuir sí é. Nuair a cheap sí a bróg a chur ar a cois, is sa teine a chuir sí í mar chuirfeadh sí fód móna. Nuair a tháinig sí ar a glúinibh chun na bpaidreacha do rádh, do theip uirthi focal ar bith a rádh le cruinneas ach “Go gcuiridh Dia ar mo leas mé! Go gcuiridh Dia 's Muire Mháthair ar mo leas mé!” Nuair a theastuigh ó Mhicil a chuid bídh d'fhághail, ní raibh an biadh ollamh dó. Nuair a cuireadh os a chómhair é, ní raibh sé ach leath-bheirbhthe. Níor leig sé aon nídh air, ach an biadh do chaitheamh chómh maith agus d'fhéad sé é. “Tá rud éigin ar mo mháthair,” ar seisean i n' aigne féin. “Ní fheadar an tsaoghal cad 'tá ag eirighe fúithi. Ní h-éidir gurab é an báille úd a bhéadh ag teacht airís? A mháthair,” ar seisean, “tá rud éigin ag déanamh buartha dhuit. An raibh a thuille le h-éileamh ag an mbáille an lá úd?” “Ach! ní raibh, a Mhicil, oiread agus leath-phinge. Ní'l blúire orm ach nár chodlas puínn aréir.”
“Níor bh'fhearra dhuit rud a dhéanfá anois, a mháthair,” arsa Micil, “'ná dul agus greas a chodladh dhuit féin.” “Is olc an rud codladh d'fhínn an lae, a Mhicil,” ar sise. “B'fhearr do dhuine foidhne dhéanamh air dá mb'fhéidir é, i dtreó go mbéadh codladh na h-oídhche go maith aige.” Do ghluais Micil suas go tigh Shéadna agus do luígh sé ar a ghnó. Ní raibh dá ghreim curtha aige nuair siúd isteach 'na dhiaigh a mháthair. Thóg sé a cheann agus d'fheuch sé uirthi. Thóg Séadna a cheann agus d'fheuch sé uirthi. “A Shéadna,” ar sise, “dá mb'é do thoil é, d'oirfeadh dhom focal a labhairt leat ad' aonar.” “A Mhichíl,” arsa Séadna, “dá mb'áil leat-sa bualadh amach ansan tamaillín.” Do bhuail Micil amach agus chuir sé a dhrom le claidhe “Ní fheadar an tsaoghal,” ar seisean leis féin, “cad atá ag eirighe dhí, nó cad é an fuadar é seo fúithi!” Bhí tor aitinn taobh leis. Chonaic sé ar an dtor beach bheag i n-achran i snáith ruadháin alla. Do phreab an ruadhán alla amach as an áit 'na raibh sé i bhfolach agus thug sé fé bhreith ar an mbeich mbig. Nuair a chonaic sise ag teacht é chuir an sgeón dúbailt nirt inti, agus do bhris sí an snáth agus d'imthigh sí. Síle. — Ó, am briathar, a Pheig, go bhfeaca-sa rud mar sin ag ruadhán alla dh'á dhéanamh, ach má 'seadh, ní beach a bhí sa tsnáith ach cuil, agus do rug an ruadhán alla ar chaol-drom ar an gcuil, agus am briathar ná raibh aon mhaith dhí bheith ag crothadh a cos agus ag únfhairt. Choimeád sé a ghreim chun go raibh sí socair go leór. Agus ansan dá bhfeicfeá mar fhill sé sa tsnáith í agus mar a rug sé leis isteach í.
Gobnait. — Is dócha gur dhéin sé bagún dí. Sile. — Do rug sé leis í, pé 'n Éirinn é. Peig. — Ní rug ruadhán alla Mhicil an bheach leis, mar d'imthigh sí uaidh. Agus nuair a cheap Micil go raibh an tamaillín caithte d'fhill sé ar an dtigh. Nuair a bhí sé ag déanamh ar an ndorus d'airigh sé Séadna a' rádh na bhfocal so:— “Ba shaoire dhí an bás is measa do fuair duine riamh, agus í 'ghá fhághail seacht n-uaire i ndiaigh a chéile, ná mise 'ghá pósadh!” Do chas Micil agus chuir sé an talamh dé sul ar airigh sé a thuille. Ach má chuir, ní túisge bhí sé airís ag an dtor aitinn 'ná d'eirigh árd-fhearg air. “Is deas an obair í seo,” ar seisean i n'aigne féin. “Is leamh an gnó dom' mháthair teacht anso ag déanamh cleamhnais do Shadhbh Dhiarmud' Léith! Fan go dtéighead-sa abhaile anocht!” Le n-a linn sin do chonaic sé a mháthair ag déanamh air agus aghaidh bhán uirthi ar dhath an bháis. Phreab sé 'na coinne. “Airiú, a mháthair,” ar seisean, “cad 'tá ort?” “Éist, éist, a mhic ó!” ar sise i gcogar. “Ní'l aon rud orm. Imthigh isteach chun do ghnótha. Táid na fir eile ag teacht láithreach.” Chuaidh Micil isteach. Bhí an dorus ar dian-leathadh agus gan duine istigh roimis. Bhí inead Shéadna folamh. Do shuigh Micil agus do tharaing sé chuige a ghnó. Thánadar na fir 'na nduine 's 'na nduine. Do ghluais an obair mar ba ghnáth. Níor fhill Séadna an lá san. Síle. — Cogar, a Pheig; dar ndóigh ní h-ag déanamh cleamhnais do Shadhbh a bhí Siobhán? Peig. — Cad eile, a Shíle, a chuid?
Síle. — Do Mháire Ghearra, gabhaim-se orm. Agus ba dhóigh liom, dá mbéadh aon chiall ag Micil, go dtuigfeadh sé an méid sin, feuch! Gobnait. — Agus cá bhfios duit, a Shíle gur do Mháire Ghearra a bhí sí ag déanamh an chleamhnais, nó cá bhfios duit an cleamhnas a bhí aici d'á dhéanamh i n-aon chor? Síle. — Ó! go deimhin is beag d'á mhearbhall orm. Cad air gur thug sí féin agus Máire Ghearra an oídhche ag cogarnaigh? Cad do bhain codla na h-oídhche de'n bheirt? Cad é an rún a thug Máire Ghearra dhí? Tá a fhios agam-sa go maith cad a bhí ar siúbhal acu, geallaim dhuit é. Peig. — Is dóigh liom, a Shíle, ná fuilir abhfad ó'n gceart, agus gur géar-chúisíghe go mór thú 'ná Micil.
Caibidiol an naoi. Peig. — Níor fhill Séadna an lá san, agus níor fhill sé an oídhche sin. D'fhan Micil i bhfeighil na h-áite. Is air a bhí an iongnadh nuair a fuair sé ná raibh Séadna ag teacht. Thug sé an oídhche 'sa chathaoir shúgáin. Cheap sé ó am go h-am go mbéadh Séadna chuige an dorus isteach. Trí h-uaire do phreab sé 'na shuidhe agus chuaidh sé go dorus. D'airigh sé ciscéim duine, dar leis féin, gach uair díobh, agus thabharfadh sé an leabhar gur bh'é Séadna a bhí ann. An uair dheirineach díobh, cheap sé go bhfeacaidh sé Séadna féin ag déanamh ar an ndorus, agus do bhog sé a bheul chun labhartha leis, ach nuair dh'fheuch sé níos cruinne ní raibh aoinne ann. Níor chuaidh sé go dorus a thuille. D'fhan sé sa chathaoir i n-aice na teine. Chuir sé fód móna síos anois agus airís. Bhí sé ansan faid gach n-fhaid. Cheap sé nár bh'fhéidir aon oídhche bheith chómh fada. Do bhí uaigneas agus crith-eagla air agus faitchíos, agus níor fhág san é gan múisiún codlata bheith air ó am go h-am. Do thuit múisiún díobh air ba thruime 'ná a chéile, agus do chonaic sé lán an tíghe de dhaoinibh beaga dubha 'na thímpal, agus iad go léir ar a thí, agus aon duine uasal amháin ann agus é 'ghá chosaint ortha. Do shleamhnuigh duine acu isteach ar an dtaobh thiar de'n duine uasal agus thug sé fobha fé Mhicil, agus a fhiacla nochtaithe aige. Do phreab Micil as a chodla. Bhí oiread fraocháin ins gach braon alluis a bhí leis, agus é ar baill-chrith. “A Mhuire na bhfeart!” ar seisean, “cad a dhéanfad? Nó cad d'imthigh ar an oídhche go bhfuil sí
chómh fada? Nó cad d'imthigh ar Shéadna, nó cad 'tá 'ghá choimeád? Má oirean dó cleamhnas a dhéanamh le Sadhbh, nár chóir go mbéadh an lá fada a dhóithin chuige agus gan bheith ag caitheamh na h-oídhche amuich ar an gcuma so? Is dorcha an duine é. Is deacair bheith suas leis. Dubhairt sé gur shaoire dhí bheith marbh 'ná é 'ghá pósadh, agus siné anois é 'ghá pósadh ar a dhícheal. Ní fheadar an tsaoghal cad uime gur shaoire dhí bheith marbh 'ná é 'ghá pósadh. Bá dhóich liom-sa gur shaoire dhó-san bheith marbh 'ná Sadhbh 'ghá phósadh. Ní phósfainn í ar a bhfuil d'airgead ag Séadna agus aici féin agus ag á h-athair i dteannta a chéile, feuch!” Le n-a linn sin thug sé fé ndeara solus mar bhéadh eirighe an lae. Chuir san árd-mhisneach air. Ach i gceann tamaill isé rud d'eirigh 'ná an ghealach. Nuair a chonaic sé solus na gealaighe ag taithneamh isteach tríd an bhfinneóig agus anonn ar an gclabhar mar a raibh an mhealbhóg ar crochadh, agus gan aon leus de sholus an lae ag teacht, do dhubhuigh agus do ghormuigh aige, i dtreó, dá leigeadh eagla dhó é, go gcromfadh sé ar ghol. Nuair a tháinig an solus cruinn ar an mealbhóig do chuir sé dealbh cinn duine uirthi. Cheap Micil ná feacaidh sé eighre riamh ach é ar cheann na caillighe sa sgeul fiannuidheachta, go mbíodh an dá fhiacal ba shia siar 'na ceann mar dhá mhaide croise aici. Nuair a bhí sé ag feuchaint tamall air do choruigheadar na súile agus do bhog an beul mar bhéadh sé chun labhartha. Bhí a fhios ag Micil go maith ná raibh ann ach an mhealbhóg, ach mar sin féin do choruigh a chuid fola agus do sheasaimh a ghruaig agus do ghluais colgrithfín fan chnámha a dhroma. B'éigean dó a shúile do dhúnadh sul a mbéadh sé ag feuchaint ar na súilibh úd ag coruighe. Bá ghearr go mb'éigean dó iad d'osgailt airís le h-eagla agus le
sgannradh. Fé dheire do tháinig sgamal ar an ngealaigh, agus do cuireadh an mhealbhóg 'na riocht féin. Ba mhór an fhuasgailt é. Ghabh Micil a bhuidhchas le Dia go dúthrachtach, ná bíodh eagal ort, agus ní foláir nó do thuit sámh-chodla le n-a linn sin air, mar isé ceud rud eile a thug sé fé ndeara 'ná an ghrian ag taithneamh ar an mealbhóig i n-inead na gealaighe, an obair ar siúbhal 'na thímpal, bog-fheaduíol na bhfear, mion-bhuillí na gcasúr mbeag, agus tarang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh. D'fheuch sé anonn ar inead Shéadna. Bhí Séadna féin ann, agus é ag obair chómh dian chómh díchealach agus dá mba ná béadh cuid na h-oídhche aige go dtí go mbéadh an bhróg san díolta. D'eirigh Micil agus d'fheuch sé anonn ar a shuidhchán féin. “A Mhichíl,” arsa Séadna, “eirigh-se abhaile agus ith rud éigin agus codail greas eile. Tá págh an lae indiú tuillte agat tar éis na h-oídhche. Ní gádh dhuit teacht chun oibre go dtí maidin amáireach.” Le linn na cainte sin do rádh dhó, d'fheuch sé ar Mhicil, agus d'á mhéid codla a bhí i súilibh Mhicil, thug sé fé ndeara an fheuchaint. D'fheuch sé deich mbliaghna níos sine 'ná mar 'fheuch sé indé roimhe sin. Chomáin Micil leis abhaile. Ach níor sgar an fheuchaint úd le n-a chuimhne. “Tá buairt mhí-chuíbhsach éigin air,” ar seisean i n'aigne féin. “Ní mór dom é innsint dom' mháthair, agus a chur 'na cómhairle cad is ceart a dhéanamh.” Tháinig sé go dtí an tigh, ach má tháinig, ní raibh tásg ná tuairisg a mháthar ann roimis. Ní raibh críosdaídhe an Luain ann. Do chuarduigh sé mór-thímpal an tíghe. Do ghlaoidh sé uirthi. Ní raibh maith dhó ann. “Ó, mhais'! Ó, mhais'! Ó, mhais'!” ar seisean.
“an bhfeacaidh aoinne riamh a leithéid? Chómh siúrálta agus tá bianna ar mhaide bacaigh, tá sí imthighthe síos go tigh Dhiarmuda Léith ag críochnughadh an chleamhnais! Agus cad a dhéanfad? Cad a dhéanfad i n-aon chor? Ní cheadóchainn ar ór na cruinne Séadna d'á phósadh leis an ansgian mná san. Ó! Ó! Ó! Cad a dhéanfad i n-aon chor? Mheasas go raibh ciall agam' mháthair, agus dar ndóich ní'l fasg aici agus a leithéid sin de chleamhnas a bheith idir lámhaibh aici. Ní'l rud ar bith agam le déanamh ach an t-aon rud amháin, an talamh do chur díom síos láithreach bonn, agus an cleamhnas a bhriseadh sul a mbéidh sé ró dhéanach. An stiúsaidhe mí-náireach mór- chúiseach! Humhth! Is beag an iongnadh feuchaint chríonna chaithte aige! Ní fheadar ó thalamh an domhain cad é an greim atá acu air. Ní h-éidir gurab amhlaidh a bhéadh sé tar éis ceangail nó geallamhna éigin a chur air féin agus go mbéidís anois a d'iaraidh airgid do bhaint amach? Bhíomair go léir ag magadh fé Dhiarmuid an lá úd a chuaidh sé suas. B'fhéidir go raibh a fhios aige féin cad a bhí ar siúbhal aige. ‘Ní'l sprid ná púca gan fios a chúise aige féin.’ Agus feuch, ní dúbhairt Séadna, ‘Ní phósfad í,’ ach, 'Ní'l aon fhonn pósta orm.’ B'fhéidir ná tiocfadh briseadh an chleamhnais chómh saoráideach chúgam agus cheapas é. — Agus feuch, airiú! Sidé anso mé ag cur agus ag cúiteamh, agus b'fhéidir an cleamhnas d'á chríochnughadh agam' mháthair. Nár chúitigh- thear a saothar léi! Mura deagh-chómharsanach atá sí!” Bhí sé páirc ó'n dtigh sul a raibh an machtnamh déanach san críochnuighthe aige, agus é ag déanamh ceann ar aghaidh síos ar thigh Dhiarmud' Léith, agus é ag cur na slíghe dhé chómh tiugh i n-Éirinn agus bhí sé sa chois bhacach í chur dé. Ba ghearr go raibh sé ar aghaidh tíghe Dhiarmuda amach agus saothar air.
Ní raibh Diarmuid sa dorus fós. Bhí sé ró luath sa lá. Sheasaimh Micil ar aghaidh an doruis amach. “A mháthair!” ar seisean, i n-árd a chinn 's a ghutha. Chuir Sadhbh a ceann amach sa dorus, agus greim aráin aici d'á chogaint. “A mháthair!” arsa Micil airís. “Tar amach anso agus siúbhail leat abhaile láithreach. Tá gnó éigin eile le déanamh agat d'éaghmuis bheith ag teacht anso ad' mhaidrín lathaighe acu. Má tá cleamhnas le déanamh acu déinidís féin é nó leigidís dó.” Do shloig Sadhbh an greim do bhí 'na beul. “Airiú, greadadh chúgat, a bhacacháin!” ar sise, “Cad tá anois ort?” “Bacachán an eadh?” arsa Micil. “Tá mo dhá dhóithin orm. Ní rabhais-se sásta t'ainim féin agus ainim t'athar a bheith i mbeul na ndaoine, gan mo mháthair- se do tharang isteach i nbhúr ngnó. Ach tabharfad-sa togha an aireachais an rud a theip oraibh féin ná cuirfidh sibh chun cinn é le n-a congnamh-san. A mháthair! A mháthair, adeirim!” “Imthigh leat abhaile, a thulcais, agus ná bí 'gár mbodhradh! Agus má thógais braon, eirigh a-chodla agus cuir díot é,” ar sise. “Deirim leat ná fágfaidh aon chos díom an áit seo go dtagaidh sí amach,” ar seisean. “Agus deirim rud eile leat, agus creid uaim é, nach gádh dhuit bheith ag caitheamh do bhalcaisí dhíot nuair ná pósfaidh Séadna thú. Ní phósfadh sé thú dá mba ná béadh i n-Éirinn ach tú, a stiúsaidhe sheanda! A mháthair! A mháthair, adeirim! Tar anso amach, nó raghad ist ach agus tabharfad amach ar mo, bhacalainn thú.” “Airiú, a bhrealláin bhacaigh mura bhfágair an áit sin agus glanadh as mo radharc go diair, cuirfead cómhartha
ort a leanfaidh dhíot an fhaid a bhéidh cos cham ort,” ar sise, agus ní h-ag caint a bhí sí ach ag sgreadaigh agus ag léimrigh, agus a gruaig ag rinnce mór-thímpal a cinn. D'imthigh sí isteach. Cheap seisean go mbéadh a mháthair chuige amach. I n-a inead san, is amhlaidh d'fhill Sadhbh agus árthach 'na láimh. D'osgail sí an dorus agus do steall sí a raibh san árthach fé n-a cheannachaibh. Ba mhaith an mhaise aige é, do léim sé i leath-taoibh. Do ghluais an t-uisge a bhí san árthach treasna an bhóthair agus gal beirbhthe as. “A chuirpthigh!” ar seisean. “An amhlaidh a mheasais mé mharbhadh?” “Bain an chluas díom,” ar sise, “dá bhfaghthá an méid sin ná tiocfá anso airís ag lorg do mháthar, an snamhaire!” Le n-a linn sin, seo amach Diarmuid agus a chaipín breac air. Do rug sé ar ghualainn ar Mhicil. “A Mhicil,” ar seisean, “tá dearmhad éigin ort. Ní'l do mháthair anso, ná ní raibh, ní fheadar cathain.” “An ndeirean tú liom é?” arsa Micil. “Deirim gan amhras,” arsa Diarmuid. “An amhlaidh ná fuil sí sa bhaile?” “Ní raibh sí sa bhaile nuair 'fhágas-sa an baile,” arsa Micil. “An raibh sí sa bhaile aréir?” arsa Diarmuid. “Is fíor dhuit go díreach,” arsa Micil. “B'fhéidir go raibh, agus gurab amhlaidh dh'fhágas am' dhiaigh sa bhaile í.” Bhí aithne ag Micil ar Dhiarmuid agus ar a cheisdiughchán, ach ní raibh sé le dul uaidh chómh saor. “Stad, a Mhicil,” arsa Diarmuid. “Ná bí 'ghá leigint ort gur amadán tú, mar ní h-eadh. Cad do
chuir ad' cheann í bheith anso ag déanamh cleamhnais do Shadhbh agus do Shéadna?” Bhíodar ag siúbhal go socair agus ag druidim ó'n dtigh, aghaidh Mhicil ar an mbaile, Sadhbh ag callaireacht 'na ndiaigh, agus Diarmuid ag feitheamh le freagra. “Dómhaise go deimhin,” arsa Micil, “do chuir rud greannmhar. Taidhreamh a déineadh aréir dom. Cheapas go rabhas i dtigh Shéadna am' aonar, am' shuídhe sa chathaoir shúgáin agus an mhealbhóg ar m'aghaidh amach ar crochadh ar an gclabhar. Tháinig dealbh cinn mná ar an mealbhóig. Do labhair an ceann liom. D'aithnigheas glór Shadhbh ag teacht as. ‘Tá do mháthair,’ arsa 'n ceann, ‘ag briseadh a croídhe ag casadh le cleamhnas do dhéanamh idir mise agus Séadna, ach ba shaoire do Shéadna an bás ba mheasa a fuair duine riamh 'ná mise 'ghá phósadh.’ Le n-a linn sin do phreabas am' dhúiseacht agus do phreabas am' shuídhe. Do ghlaodhas ar mo mháthair. Ní bhfuaras aon fhreagra. Cheapas láithreach gur anso a bhí sí, agus do leanas í.” D'fheuch Diarmuid air idir an dá shúil. Níor staon Micil. Dá bhfaghadh Diarmuid Éire air ní fheudfadh sé a dhéanamh amach cia'cu fírinne nó éitheach bhí ag Micil d'á innsint. Do stad sé ar feadh tamaill mhaith. Fé dheire dúbhairt sé:— “Tá eagal orm, a Mhicil, gur bh'é taidhreamh na súl n-osgalta agat é.” “Dómhaise go deimhin,” arsa Micil, “siné díreach an sgeul. Ní féidir liom a dhéanamh amach ar an neómat so, agus ní dócha go ndéanfad amach choídhche, cia'cu am' chodla nó am' dhúiseacht a bhíos nuair ghlaodhas ar mo mháthair.” “Chómhairleóchainn duit,” arsa Diarmuid, “pé
taidhrimhthe déanfar duit, gan teacht airís. Imthigh ort abhaile anois, agus go dtugaidh Dia ciall níos fearr duit! Do chuadhais as go dian mhaith.” Do sgaradar. “Seadh,” arsa Micil leis féin, “ba dhóbair dom an donas a dhéanamh. Ní fheadar an tsaoghal cár thug mo máthair an oídhche.” Nuair a tháinig Micil abhaile, bhí a mháthair ann roimis. Bhí a h-aghaidh agus a súile ataithe ó bheith ag gol. “A mháthair,” arsa Micil, “cá raibh an tóramh?” “Cad a thug abhaile thú, a Mhicil?” ar sise. “Sdó,” ar seisean, “d'fhanas i bhfeidhil tíghe Shéadna aréir, mar do thug sé féin an oídhche i mball éigin as baile, agus ansan ar maidin indiú dúbhairt sé liom imtheacht abhaile agus greas a chodladh dhom féin; go raibh págh an lae seo tuillte agam tar éis na h-oídhche.” “Airiú,” ar sise, “agus cár chaithis an lá ó mhaidin?” “Bhí an lá go breagh,” ar seisean, “agus ní raibh tuirse ná codla orm, ach má 'seadh tá ocras anois orm, geallaim dhuit é.” Thug sí rud le n-ithe dhó, agus má thug, ba mhaith an díol air é. Ba ghearr an mhoill air mias mhaith mhór a ghlanadh. Nuair a bhí a chuid bídh caithte aige do chrom sé ar chaint. “A mháthair,” ar seisean. “Teacht, a Mhicil,” ar sise. “Níor innsis dom cá raibh an tóramh,” ar seisean. “Cad a choimeád Séadna as baile i gcaitheamh na h-oídhche aréir?” ar sise. “Ní h-i gcaitheamh na h-oídhche aréir amháin a bhí sé as baile, ach ó mhaidin indé. Nuair a thánaís-se amach ar maidin indé ó bheith ag caint leis agus tú i riochtaibh dul i laige, do chuadhas-sa isteach agus ní raibh sé
rómham istigh. Níor tháinig sé i gcaitheamh an lae, agus ansan nuair a bhíodar na fir ag dul abhaile, d'fhanas-sa bhfeidhil na h-áite. Cheapas an uile neómat go mbéadh sé chúgam an dorus isteach. Thuit mo chodla orm tráth éigin de'n oídhche, agus nuair dh'osglas mo shúile, is amhlaidh a bhíodar go léir ag obair am' thímpal, agus Séadna ann leis. Agus cogar, a mháthair, tá buairt mhór éigin air.” “Dhé, cad í an bhuairt a bhéadh air? Ná fuil a dhóithin an tsaoghal airgid aige agus an uile dhuine buidheach dhe?” “Tá a fhios agam-sa aoinne amháin ná fuil ró bhuidheach dhé,” arsa Micil. “Cia h-é sin?” ar sise. “Tá, Sadhbh Dhiarmuda,” ar seisean. “Airiú, cad é an chúis?” ar sise. “Tá,” ar seisean, “cúis a dóithin, mar ná pósfadh sé í.” “Dhe, sgeimhle uirthi, an cairiún! Cia phósfadh í sin?” Do thuit Micil siar ins na trithíbh dubha ag gáirídhe. “Cairiún! Cairiún! Cairiún!” ar seisean. “Ó nach truagh nár chuimhnigheas ar an ainim sin ar maidin!” “Agus cad é an gnó a bhéadh agat dé ar maidin?” ar sise. “Ar maidin an lae fé dheire, adeirim,” ar seisean, “nuair a cuireadh síos ann mé a d'iaraidh leathair, agus thug sí ‘bacachán’ orm.” “Thug sí ‘bacachán’ ort!” arsa 'n mháthair. “Dá mbéinn-se ag éisteacht léi, do 'neósainn di cia h-iad na bacacháin a bhain léi, agus do 'neósainn rud eile dhi ná 'neósad duit-se anois, rud a bhainfeadh an mhórdháil di, geallaim dhuit é.” “Agus cogar, a mháthair. Má 's é sin do mheas
uirthi, cad chuige go ndeachais suas go tigh Shéadna ar maidin indé a d' iaraidh cleamhnais a dhéanamh idir í féin agus Séadna?” “Cleamhnas idir í féin agus Séadna! Airiú, do bháithfinn mé féin sul a ndéanfainn a leithéid,” ar sise. “Má 'seadh, cad chuige dhuit a rádh le Báb an Leasa, an lá úd a bhí sí anso, ná pósfadh Séadna aon bhean i n-Éirinn ach Sadhbh?” ar seisean. “Báb an Leasa? Dhe mhaise, an óinseach, mar do theastuigh uaim cosg éigin a chur le n-a teangain, agus gan í bheith 'ghá mhaoidheamh ar fuid na dúithe go bpósfadh sé í féin, agus an dúthaigh ag magadh fúithi.” “Dómhaise go deimhin,” arsa Micil, “agus ní'l aon mhaith dhuit bheith 'ghá cheilt orm, is cleamhnas a bhí idir lámhaibh agat ar maidin indé.” “Agus cá bhfios duit-se cad a bhí idir lámhaibh agam?” “Mar do labhair sé árd, agus d'airigheas an focal ‘ba shaoire dhí bás d'fhághail 'ná mise 'ghá pósadh.’” “Cogar, a Mhicil,” ar sise. “Dá bhfaghthá-sa do thoil sa sgeul, cia h-í an bhean do thoghfá dhó?” “Máire Ghearra gan amhras,” ar seisean. D'fheuch sí air go geur. “Agus cad é an chúis,” ar sise, “go dtoghfá Máire Ghearra dhó seachas aon bhean eile de na mnáibh seo go bhfuil an saoghal mór 'ghá bpósadh leis?” “An chéad phuinte 'ná a chéile dhe, a mháthair, ní'l meas mór agam ar chaint an tsaoghail mhóir. Is cuma leis an saoghal mór, ach bheith ag caint, cad é díobháil nó tairbhe na cainte a dhéinean sé go minic. Siné an saoghal mór 'ghá phósadh le Sadhbh Dhiarmuda. B'fhearra dhó é féin a bháth'. Ní thoghfá-sa Báb an Leasa dhó. Ní dheirim olc maith ná donaidhe le Nóra an Tóchair, ach
deirim go bhfuil breall ar an saoghal mór, agus go mb' fhearr liom breall air 'ná a chómhairle a ghlacadh.” “Agus feuch,” arsa 'n mháthair, “siné an saoghal mór 'ghá phósadh le Máire Ghearra, agus nach maith ná faghan té aon locht air.” “Nára' slán comórtas, go deimhin, Máire Ghearra agus an chuid eile acu! Cá bhfuil leithéid Mháire Ghearra le fághail! Ní'l ins na seacht bparóistibh. Bean bhreagh dhathamhail uasal. Bean chiallmhar thuisgionach dheagh- thabhartha suas, go bhfuil bocht agus saidhbhir buidheach di. Bean dhiadha dheagh-shomplach, gur fearr-de an pobal n-a n-éistean sí Aifrean ann. Tá uraim ag olc agus ag maith dhi. Dá mbéadh beirt bhan ag troid agus go bhfeicfidís ag teacht í, do stadfaidís go mbéadh sí gabhtha thársa, chómh maith agus dá mb'é an sagart a bhéadh ann.” “Ní fheadar,” arsa 'n mháthair, “dá mbéadh Sadhbh ag troid ar an mbóthar, an stadfadh sí dá bhfeiceadh sí Máire ag teacht.” “Dómhaise, am briathar mhóide, a mháthair,” ar seisean, “go bhfeacaidh mo dhá shúil í 'ghá dhéanamh, agus nár chuir aon rud riamh a leithéid d'iongnadh orm, feuch! Bhíos ag dul soir go tigh na mBúrcach le teachtaireacht. Nuair a bhíos ag déanamh ar thigh Dhiarmuda d'airigheas Sadhbh ag callaireacht, aghaidh na muc agus na madraí aici d'á thabhairt ar chómharsain éigin. Cia gheabhadh anoir de thigh an chúinne ach Máire Ghearra. Ní túisge a chonaic Sadhbh í 'ná do stad an challaireacht. Do chrom sí a ceann, agus d'imthigh sí isteach abhaile go ríghin.” “Agus nach mór an iongnadh,” arsa 'n mháthair, “nár choruighis tú féin fadó chun cleamhnais a dhéanamh do Séadna léi?” “'Sdó, sin é go díreach an sgéal,” ar seisean. “Do
cheapas-sa go ndéanfá-sa fadó é, agus gur cruinne agus gur dheas-lámhachaíghe chuige thú 'ná mise go mór.” “Tá eagal orm,” arsa 'n mháthair, “go bhfuil dearmhad ort sa méid sin. Dá mbéadh cleamhnas d'á shaghas le déanamh, ceapaim-se ná fuil aoinne is fearr a dhéanfadh é 'ná thú féin, go mór mór ó tá an oiread san dúil agat é fheisgint déanta.” “Go deimhin agus go dearbhtha, a mháthair,” ar seisean, “tá an ceart sa méid sin agat, pé i n-Éirinn é. B'fhearr liom 'ná a bhfeaca riamh go bhfeicfinn an cleamhnas san déanta. Ní raibh aon bheirt riamh níos oireamhnaíghe d'á chéile 'ná an bheirt. Ba dheacair maitheasaí Mháire do shárughadh, agus tá seisean maith a dóithin dí. Ba mhaith liom an cleamhnas a dhéanamh ach ná feadar conus cur chuige.” “Conus a chuirfeá chuige ach imtheacht siar go tigh Sheághain Cheataigh féin, agus glaodhach i leath-taoibh ar an nduine agus t'aigne do nochtadh dhó? Ansan, má thaithnean do chaint leis, cuirfidh sé féin os cómhair a inghíne an sgeul, agus má thaithnean an cleamhnas léi-se nach shin leath an ghnótha déanta?” “Dar fiadh,” ar seisean, “tá an ceart agat. Imtheóchad anois láithreach.” Agus siúd chun siúbhail é. “Go n-eirighidh leat níos fearr 'ná d'eirigh liom-sa!” ar sise 'na h-aigne féin.
Caibidiol a deich. Ar maidin, lar na mháireach, bhí Séadna agus a lucht oibre ag obair ar a lán-dícheal. Bhí bog-fheaduíol na bhfear, agus mion-bhuillí na gcasúr mbeag, agus tarang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh ar siúbhal chómh dian agus dá mba ná béadh bróg ná buatais d'á dhéanamh i n-aon bhall eile ar thalamh tirim na h-Éirean. “Cé h-é sin aníos?” arsa duine des na fearaibh. Thóg gach aoinne a cheann ach Micil. “Seághan Ceatach go deimhin!” arsa duine eile. Do phreab Séadna 'na shuidhe agus siúd amach é, agus síos i gcoinnibh Sheághain Cheataigh. Thug an bheirt tamall mór ag gabháil treasna na páirce, anonn agus anall, ag caint agus ag cur thré chéile, ach do bhíodar ró fhada síos, i dtreó nár fhéad aon duine des na fearaibh focal de'n chaint a dhéanamh amach. Fé dheire do sgaradar le n-a chéile. Do thug Seághan Ceatach a aghaidh siar ar a thigh féin. Ach i n-inead filleadh chun a ghnótha, do thug Séadna a aghaidh an bóthar soir chun na sráide. Do léim Micil, agus chaith sé uaidh an bhróg a bhí idir lámhaibh aige, agus siúd fá dhéin a thíghe féin é ar sodar. Chómh luath agus tháinig sé ar an dtaoibh istigh de dhorus, “A mháthair!” ar seisean, “a leithéid seo. Tá an cleamhnas déanta!” “Éist do bheul!” ar sise. “Ó, go deimhin tá,” ar seisean. “Bhí Seághan Ceatach féin thuas ó chianaibh, agus bhí sé féin agus Séadna ar feadh uair a' chloig sa pháirc ag caint, agus
ansan d'imthigh Seághan Ceatach abhaile agus tá Séadna imthighthe soir go tigh an tsagairt.” “Cad a bhí acu d'á rádh sa pháirc?” ar sise. “Ní fheadar,” ar seisean. “Bhíodar ró fhada uaim.” B'fhíor do Mhicil é. Bhí Séadna imthighthe go tigh an tsagairt, ach má 'seadh, ní chun an chleamhnais a chríoch- nughadh é. “Dia dhuit, a Shéadna!” arsa 'n sagart. “Is cneasda go léir na bróga iad súd a chuiris chúgam an lá fé dheire.” “Dia 's Muire dhuit agus Pádraig, a Athair! Tá áthas orm mar thaithnid na bróga leat. Ach isé rud a thug anois chun cainte leat mé 'ná mé bheith i gcruadh- chás.” “Go deimhin agus go dearbhtha, a Shéadna, is oth liom san do chlos; agus ní mé amháin, ach ní'l duine ar fuid na dúithe, íseal ná uasal, bocht ná saidhbhir, nár bh'oth leó é. Agus go deimhin féin, agus ní i dtaoibh tu bheith láithreach adeirim é, ba mhaith an ceart dóibh.” “Is 'mó céim cruaidh gur ghabhas tríd le tamall, a Athair. Ach sidé an greim is géire d'ár rug riamh ar mo chroídhe. Tá aithne agat ar inghín Sheághain Cheataigh?” “Tá gan amhras, a Shéadna. Cia aige ná fuil aithne ar Mháire? An óig-bhean is creideamhnaíghe sa pharóiste.” “Ní'l a leithéid eile ag siúbhal drúchta indiu, a Athair, agus is amhlaidh mar atá an sgeul agam-sa le fada, do thabharfainn a bhfuil an tsaoghal agam, agus a raibh riamh agus a mbéidh go bráth, ar neart a bheith dhom í phósadh.” “Is truagh nár innsis an méid sin dom fadó, a mhic ó. Tá a fhios agam-sa, ar slígh nach misde dhom a
innsint duit-se anois, go bhfuil an aigne chéadna ag Máire dhuit-se atá agat-sa di-se.” “Cad é sin agat d'á rádh, a Athair?” arsa Séadna, agus sgeón ann. “Tá an rud atá ar eólas agam, isé sin gur gioraide a saoghal do Mháire Ghearra mura bpósfar leat-sa í. Tá sí dh'á snaoidh amach os cómhair ár súl.” “Ó! Dia le m'anam!” arsa Séadna. “Tá an sgeul níosa seacht measa 'ná mar a bheartuigheas!” “Airiú, an as do mheabhair ataoi?” arsa 'n sagart? “Ó! ní h-as mo mheabhair, a Athair, ná as mo chéill. Is ró chruinn atá gach taobh acu agam. Tá bean bhocht ansúd thiar gur chuireas comaoine bheag uirthi an lá fé dheire. Tháinig sí, mar mhaithe liom, dar léi, agus do labhair sí liom ar an ngnó so. Cheapas gur chuireas i n-iúl dí, soiléir go leór, ná raibh aon bhreith agam ar chleamhnas a dhéanamh le Máire Ghearra, ná le h-aon mhnaoi eile. Cheapas go gcuirfeadh sise i n-iúl é do Mháire féin agus d'á h-athair, agus go raghadh an sgeul chun suaimhnis gan cheataíghe do dhuine ar bith ach dom féin. I n-a inead san, is amhlaidh atá mí-ádh éigin d'á thiomáint ar aghaidh agus d'á chur chun cinn, do'm lom deirig aimhdheóna. Do tháinig an duine galánta féin i leith de shiúbhal a chos ar maidin indiú, 'ghá innsint dom ná raibh aon fhear i n-Éirinn dob' fhearr leis mar chleamhain 'ná mé. Agus nuair a chuireas i n-iúl dó, chómh réidh agus d'fhéadas é, ná raibh aon bhreith agam ar phósadh choídhche, ba dhóich leat gur bh'í an oídhche do thuit i lár an lae air. Agus anois, mar bhara ar gach ndonas, tuigim uait-se, a Athair, go bhfuil díobháil sláinte d'á dhéanamh do Mháire Ghearra féin. Is truagh an sgeul é! Is truagh agus is tubaisteach an sgeul é!” D'fheuch an sagart air.
“A Shéadna,” ar seisean, “is tú an fear, is éagsamhlaíghe d'ár bhuail riamh fós umam i n-aon taobh d'ár thugas m'aghaidh. Nuair a thánaís isteach, do thuigeas uait ná raibh nídh ar bith ag briseadh do chroídhe ach gan neart a bheith dhuit Máire Ghearra do phósadh. Anois, siné a h-athair, le n-a lán-toil féin, 'ghá bronnadh suas ort, agus ní'l agat le rádh ach gur truagh agus gur tubaisteach an sgeul é! Cad é mar shaghas duine thú? Nó cad tá uait?” “Ní h-iongnadh tú ag cur na ceiste sin, a Athair,” arsa Séadna. “Is deacair a rádh cad é an saghas duine mé, ná cad tá uaim. Pé saghas duine mé, tá an méid seo agam le rádh i dtaoibh an chleamhnais seo: ba shaoire do Mháire Ghearra an bás is dona d'á bhfuair daonaidhe riamh 'ná mise 'ghá pósadh. Siné an saghas duine mé. Dá bhféadfainn teacht suas le duine éigin do labharfadh léi agus do nochtfadh an sgeul san dí, agus do thabharfadh cómhairle a leasa dhí, .i. mise do chur as a h-aigne agus as a croídhe, agus í féin a thabhairt suas do Dhia mar a thug sí riamh, siné atá uaim. Cheapas go ndéanfadh an bhaintreach é. Má dhéin, níor tháinig léi. D'iaras ar Sheághan Cheatach féin ó chianaibh é dhéanamh. Is baoghal liom ná feadair an duine cad is maith dhó a dhéanamh. Do thánag chúgat-sa, a Athair, ag brath air, as méid do thaithíghe agus do thuisgiona agus do mheabhrach cinn féin, go ndéanfá é, nó go gcómhair- leóchthá cad is fearr a dhéanamh sa chás.” “Tá eagal orm, a Shéadna,” arsa 'n sagart, “go bhfuil éagcóir throm agat d'á déanamh ort féin. Tá aithne mhaith agam ort le fada. An lá is dealbha d'á rabhais, níor airigheas luach feóirlinge ag aoinne d'á chur ad' leith. An lá is neamh-spleadhchaíghe d'á rabhais, níor h-abradh riamh gur dhéinis éagcóir ar cheardaidhe,
ná go raibh a chuid alluis agat gan díol as. Dealbh ná saidhbhir, níor airigheas duine riamh 'ghá rádh go bhfeacaidh sé thú ag teacht abhaile ar meisge, sáithte i mbruighin, ná ag cómhluadar le droch chuideachtain. Ní'l goid ná fuadach le cur ad' leith. Ní'l dlígh ná clampar ná achran le cur ad' leith. Na daoine go bhfuil do chuid acu, ba dheacair iad d'áireamh. Níor chlos fós gur dhian tú 'ghá éileamh ortha. Do chlos go minic gur bh'olc an díol ar chuid acu puínn chomaoine do chur ortha. Ní féidir liom a dhéanamh amach — a' dtuigean tú mé? — cad é an chúis gur shaoire dhí bás d'fhághail 'ná tusa 'ghá pósadh.” “Ná déan a thuille taighde ar an sgeul, a Athair,” arsa Séadna. “Is ag duine féin is fearr a fhios cá luighean an bhróg air. Do thánag a d'iaraidh do chómhairle chun an chleamhnais seo do bhriseadh. Bris é, mura mian leat í chur d'á losgadh i n-ifrean! Táir ag áireamh mo mhaitheasaí. Is suarach le h-áireamh iad. Pé tairbhe atá déanta agam, is ar aon aigne amháin do dhéineas é. Do dhéineas ar son an tSlánuightheóra é, ní 'ghá mhaoidheamh ar Dhia é! Ach cad é an tairbhe dhom é, má dhéinim an éagcóir seo anois?” “A Shéadna,” arsa 'n sagart, “ceapaim go dtuigim an sgeul fé dheire. Tuigtear ad' aigne dhuit go ndéanfá éagcóir ar Mháire Ghearra, dá bpósfá í. Táir ag diúltadh do'n éagcóir sin ar son an chirt. Táir ag gabháil de chosaibh ad' chroídhe féin ar son an tSlánuigh- theóra —” Ní raibh sé d'uain aige a thuille do rádh. Ní túisge d'airigh Séadna an focal san, “ar son an tSlánuigh- theóra,” 'ná bhí sé de léim ar an dtaobh amuich de dhorus agus é imthighthe.
Caibidiol a h-aondeug. Le n-a linn sin do bhí Micil agus a mháthair ag críoch- nughadh an chleamhnais ar a ndícheal. Is beag ná go raibh sé socair acu cia h-iad a bhéadh ar an gcóisre. D'airigheadar an duine ag teacht chun an tíghe. Phreabadar 'na suidhe. Bhíodar ag feuchaint an doras amach. Cia gheabhadh thar an ndorus ach Séadna! D'fhéach sé isteach ar an mbeirt. Níor bhog sé a bhéal. Níor dhéin sé ach feuchaint ortha. Ba dhóigh leat gurab amhlaidh a cheangail an fheuchaint sin de'n talamh iad. Níor stad sé d'á shiúbhal. Níor dhéin sé ach feuchaint ortha agus comáint leis. Níor labhair aoinne de'n bheirt go ceann abhfad. Fé dheire do labhair an mháthair. “Seadh!” ar sise. “Cad deirir anois leat féin?” “Deirim gur neamh-choitchianta an suiríghe é,” arsa Micil. “Duine réidh chun a phósta, agus é ag dul chun cainte leis an mnaoi óig, agus é tar éis bheith ag caint leis an sagart, gan casóg gan hata air, aprún gréasaidhe air, céir ar a mhéireanaibh, agus coinneal 'na dhá shúil! Tá an sgeul ag dul sa mhuilion orm.” Agus do bhuail sé amach agus suas chun a ghnótha. Agus geallaim dhuit ná raibh an misneach céadna sa chois bhacach ag gabháil suas a bhí inti ag gabháil síos aige. Bhí Seághan Ceatach 'na shuidhe sa phárlús, 'na thigh féin, i n-aice na finneóige. Bhí Máire 'na suidhe ar a aghaidh amach. Cé chífidís ag teacht chun an dorais ach Séadna. Do phreab Seághan amach 'na choinnibh. “Airiú, míle fáilte rómhat, a Shéadna!” ar seisean.
“Go mairir slán, a Sheághain!” arsa Séadna. “D'oirfeadh dhom focal nó dó do labhairt le Máire, má 's é do thoil é.” “Siní ansan istigh agat í. Tá súil agam gur fearr an chaint atá agat le rádh léi 'ná a bhí agat le rádh liom-sa ar maidin.” D'imthigh seisean isteach. “Ó, míle fáilte rómhat, a Shéadna!” arsa Máire Ghearra. “A leithéid seo, a Mháire,” ar seisean. “Tá rún agam le tabhairt duit. Níor cheapas go mbéadh orm é thabhairt d'aoinne choídhche. Ach ceapaim anois ná fuil an ceart déanta agam agus gan teacht níos túisge agus é thabhairt duit-se. Tá sé ceangailte orm i láthair Dé gan pósadh.” Do stad sé. Níor labhair sise go ceann tamaill. “Is ceangal uasal é,” ar sise ar ball. “Is ceangal uasal é,” ar sise, “agus is ceangal naomhtha é. Má's ceangal uasal duit-se é,” ar sise, “ba chóir gur cheangal uasal dómh-sa é. Ná bíodh ceist ort,” ar sise. “Coimeádfad-sa do rún. Tá oiread eile de chroídhe agam agus do bhí le tamall. Is mór an tabharthas a thug Dia dhuit nuair a sprioc sé t'aigne chun ceangail de'n tsórd san a ghlacadh ort.” “Tá an gnó a thug mé déanta agam. Beannacht Dé leat, a Mháire!” ar seisean. Agus d'imthigh sé gan labhairt le fear an tíghe. Nuair do chuaidh sé amach fé'n spéir, do cheap sé gur luigh sgamal anuas ar mhullach a chinn. Do dhoirchigh an spéir agus do dhoirchigh an talamh. Tháinig barróg ar a chliabh. Shamhluigh sé go raibh a chroídhe imthighthe as a chliabh amach, agus gur bh'é rud a bhí i n-inead a chroídhe aige 'ná mar bhéadh cloch mhór throm. D'fheuch sé soir fá
dhéin a thíghe féin, agus má fheuch, tháinig gráin mhillteach aige ar an dtigh agus ar an áit, ar an gcrann agus ar an gcathaoir agus ar an mealbhóig, ar an obair, ar a raibh os cionn tailimh ann, istigh agus amuich. I n-inead aghaidh a thabhairt ar an mbaile, thug sé aghaidh ar an gcnoc. Ag gabháil thar tigh cómharsan dó bhí beirt leanbh ag spórt sa chlós, agus chómh luath agus chonacadar é do ritheadar isteach ag sgreadaigh. “Ó, a mham!” arsa duine acu. “Tá duine buile amuich sa chlós agus d' fheuch sé orm!” Chuir Séadna an cnoc amach de. Nuair a shrois sé an fiaradh bhí iongnadh air a luighead tuirse a bhí air agus an cnoc chómh dian. Bhí radharc áluinn ó'n mullach. Do chonaic sé an tsráid, agus páirc an aonaigh, agus tigh Dhiarmuda Léith, agus tigh na baintrighe. Do chonaic sé a thigh féin agus tigh Sheághain Cheataigh. Dá mbéadh an radharc seacht n-uaire níos aoibhne, ní bhainfeadh sé an chloch as a chliabh ná ní thógfadh sé an sgamal d'á cheann. Bhí plásóg bhreagh mhór leathan chúnlaigh ar bhárr an chnuic, chómh tirim le leabaidh chlúimh eun, agus chómh bog san go raghadh duine go glúinibh inti. Do chaith sé é féin sa phlásóig sin ar a bheul agus ar a aghaidh, agus ní dócha go raibh ar thalamh tirim na h-Éirean an lá san fear eile chómh brúighte chómh basgaithe aigne leis. Fé cheann tamaill do thóg sé a cheann agus d'fheuch sé siar fan chliatháin an tsléibhe. Chonaic sé an bhean ag gabháil aniar. Cheap sé ar dtúis gur bhean éigin des na cómharsanaibh í, a bhí ag gabháil cómhgar an chnuic. Ba ghearr gur thug sé fé ndeara go raibh sí ag déanamh ceann ar aghaidh ar an áit i n-a raibh sé féin. Phreab sé 'na shuidhe. Ba ghearr gur aithin sé í. An bhean chos-nochtaithe isí a bhí ann! “Síothcháin Dé ort, a Shéadna!” ar sise.
“D'oirfeadh san dom,” ar seisean, “má oir sé d'aoinne riamh.” “Feuch!” ar sise, ag osgailt lámha léi. “Siní an sgilling úd a thugais dom ar son an tSlánuightheóra.” “Is cuimhin liom é,” ar seisean. “Is 'mó sgilling a ghaibh trém' láimh ó shin, agus is suarach an sólás dom indiú iad. Ba shuaimhneasaíghe bhéadh an saoghal agam dá mba ná feicfinn riamh iad.” “Is 'mó maith atá déanta agat leó ná béadh déanta agat dá mba ná feicfeá riamh iad,” ar sise. “B'fhéidir go bhfuil raint díobhála déanta ná béadh déanta dá mba ná feicfinn riamh iad,” ar seisean. “Is treise ar an maith 'ná ar an ndíobháil,” ar sise. “Is treise ar dhíobháil an lae indiú,” ar seisean, “ná ar an maith go léir.” “Conus é sin?” ar sise. “Dá ndéininn-se mo ghnó an lá úd leis an sgilling sin agus leis an dá cheann eile a bhí agam 'na teannta,” ar seisean, “ní chuimhneóchainn riamh ar Mháire Ghearra, ná í orm. Ní chuirfinn aithne ar bhuairt an lae indiú. Ní bhéadh mo chroídhe 'na chloich agus mo cheann 'na cheó agus m'aigne 'na tulach cheardchan mar atá. Ní bhéadh mo shaoghal gearrtha amach ar thrí bliaghnaibh deug, agus a leath san féin imthighthe anois.” “Feuch, a Shéadna,” ar sise, agus d'osgail sí an lámh eile léi, agus do thaisbeáin sí dhó, ar chroídhe a dearnan, liathróidín gloine. Agus is amhlaidh a bhí an liathróidín sin agus í chómh solusmhar agus ná féadfá feuchaint díreach uirthi nó do dhallfadh sí thú. Agus do bhí cáithníní soluis ag imtheacht aisti mór-thímpal, mar bhéadh as an ngréin. Bhí crios beag óir uirthi, agus slabhra óir as an gcrios. “Cad é an rud é sin?” arsa Séadna, agus é a
d'iaraidh feuchaint ar an liathróid, agus neart an tsoluis ag baint na súl as. “Is leat-sa é,” ar sise. “Cad do bhéarfadh gur liom-sa é?” ar seisean. “Siné an gníomh a dhéinis ar maidin indiú,” ar sise, “an gníomh is uaisle d'ár déineadh i n-Éirinn le fada.” “Cad é an gníomh uasal so a dhéineas-sa ar maidin indiú, airiú?” ar seisean. “Do dhéinis,” ar sise, “an bhean is fearr i n-Éirinn do chur ód' chroídhe ar son an tSlánuightheóra.” “Cad é mo leigheas air?” ar seisean. “Conus dh'fhéadfainn a leithéid d'éagcóir a dhéanamh ar a leithéid de mhnaoi?” “Do sgarais le n-a leithéid de mhnaoi níos túisge 'ná dhéanfá a leithéid d'éagcóir,” ar sise. Le n-a linn sin do dhéin sí air suas agus do cuir sí an slabhra ar a mhuineál, agus do chuir sí an tseóid isteach na bhrollach, ar aghaidh a chroídhe. “Coimeád ansan é,” ar sise, “agus an cás is cruadha a bhéarfaidh choídhche ort, agus an greim is géire a thiocfaidh ort, ní chaillfidh ar do mhisneach.” Ní túisge a chuir sí a lámh isteach na bhrollach 'ná mhothuigh sé mar phleusgfadh rud éigin 'na dhá chluais. D'imthigh an ceó. Do gheal an spéir agus an talamh. D'imthigh an bhuile bhuartha as a aigne, agus bhí a chroídhe féin airís aige. Ní túisge bhí an focal deirineach ráidhte aici-si 'ná tháinig ceó éigin bán 'na tímpal a chlúduigh ó n-a radharc í, agus ansan do leath an ceó amach agus ní raibh sí ann. D'fheuch sé 'na thímpal ar an spéir agus ar an dtalamh. Bhí a aigne chómh suaimhneasach agus bhí sí riamh i gcaitheamh a shaoghail aige. D'fheuch sé anonn ar an sráid, anonn
ar thigh Dhiarmuda Léith, soir ar thigh na baintrighe, anonn ar a thigh féin, síos ar thigh Sheághain Cheataigh. Chuir sé smut de gháire as agus thug sé aghaidh ar an mbaile. Gobnait. — Ní fheadar cad dúbhairt Micil nuair a chonaic sé ag teacht é. Peig. — Níor labhair duine acu focal nuair a chonacadar ag teacht é. D'á ghioracht an aimsir ó tháinig Seághan Ceatach ar maidin, bhí an sgeul, um an dtaca san, leathta ar fuid na dúithe go raibh Séadna ar éadtromacht. Go raibh an cleamhnas nach mór déanta, gur dhiúltuigh Máire Ghearra do'n phósadh, agus gur imthigh Séadna as a mheabhair. Go bhfeacathas é i gcaitheamh an lae ag gluaiseacht tríd an ndúthaigh 'na bhríste agus 'na léine. Gur mhairbh sé leanbh thuas i mbárr an bhaile. Ansan gur chuir sé an cnoc amach dé mar chuirfeadh fiadh buídhe ó'n Mangartain. Go raibh sé imthighthe go Gleann na nGealt, agus gur dhócha nár bh'fhios cathain a chasfadh sé. Go raibh gasra ar gach baile des na seacht mbailtibh mór-thímpal ag briseadh adhmaid agus ag déanamh geaitirí, ag ollamhughadh soillse i gcóir na h-oidhche chun dul ar a lorg, agus gan amhras go bhfuighfí sáithte ar mhullach a chinn i bpoll éigin é báithte, nó i bpluais charaige, leathta le fuacht agus le h-ocras. Cáit. — Nár chúitighthear a saothar leó! B'fhéidir, dá mbéadh fuacht agus ocras air, gur bheag ag cuid acu gan puínn suime chur ann. Peig. — Is fíor dhuit-se sin, a Cháit. Ach má 'seadh, ní raibh puínn sa mbreis acu ar Shéadna féin sa méid sin. B'shin é an buachaill ná cuirfeadh puínn suime 'na gcuid saothair ná 'na gcuid ollmhúcháin, dá mbéadh 'fhios aige é bheith ar siúbhal, rud ná raibh a fhios aige. Gobnait. — Ba mhór an spórt iad ag imtheacht san oídhche
tré phortachaibh agus tré chnocaibh 'gha cuardach, agus é go seasgair sa bhaile ag déanamh a chuid bróg, agus an “Chailleach Ruainneach” mar chrónán aige. Peig. — Fágaim le h-uadhacht, a Ghobnait, gur as mo bheul a bhainis é. Ní túisge tháinig Séadna isteach 'ná do luigh sé ar obair, agus ní raibh an trímhadh greim curtha aige go raibh an “Chailleach Ruainneach” ar siúbhal chómh h-aibigh agus bhí sí riamh, i dtreó gur fheuchadar na fir ar a chéile, agus gur shádhuigh Micil an meanuith go daingean isteach i súil a órdóige. Síle. — Cad ba ghádh dhó é sin a dhéanamh, a Pheig? Peig. — Ní fheadar an tsaoghal, a Shíle, murab amhlaidh a bhí sé ag cuimhneamh ar rud éigin eile an fhaid a bhí an meanuith aige d'á thiomáint. Síle. — Tá a fhios agam-sa cad air go raibh sé ag cuimhneamh. Peig. — Cad air, a Shíle? Síle. — Bhí sé 'ghá chuimhneamh gur mhaith leis a fhios a bheith aige cad dúbhairt Máire Ghearra nuair a chonaic sí an chéir ar mhéireanaibh Shéadna, agus an aprún air, agus é ceann-lomrachta, nó ar briseadh an cleamhnas mar gheall ar an méid sin. Peig. — Agus dar ndó', a Shíle, má bhí an oiread san ar a aigne, ní h-iongnadh é ag cur an mheanuithe tré n-a órdóig. Síle. — Dúbhairt a mháthair go raibh sé go maith chun cleamhnais a dhéanamh, agus is dóigh liom-sa ná raibh aon mhaith ann. Peig. — Cad 'na thaobh go ndéarfá ná raibh aon mhaith ann, a Shíle? Síle. — 'Dhe greadadh chuige, an tuathalán! B'fhearr go
mór an díol air cleamhnas a thabhairt dó le briseadh 'ná cleamhnas a thabhairt dó le déanamh. Gobnait. — Fan go fóil, a Shíle, a chuid. Dar ndó' ní fhéadfadh aoinne beó an cleamhnas úd a dhéanamh. Ní fhéadfadh Diarmán féin é dhéanamh. Ná raibh aigne Shéadna socair 'na choinnibh ó thusach? Ná dúbhairt sé gur shaoire dhí í losgadh 'na beathaidh 'ná é 'ghá pósadh? Síle. — Ní fheadar, a Pheig, cad é an chúis go ndúbhairt sé an focal san. Peig. — Cad is dóigh leat féin, a Shíle? Síle. — Cheapas gurab amhlaidh nár mhaith leis í fhágáil 'na dhiaigh 'na baintrigh nuair a bhéadh na trí bliaghna deug istigh. Ach dar ndó' ní h-ionan sin agus í losgadh 'na beathaidh. Peig. — Ceapaim-se go raibh níos mó 'ná san ann, a Shíle. Níor bh'fholáir sgeul an Fhir Dhuibh d'innsint dí ó thúis go deire, nó é cheilt uirthi ó thúis go deire. Dá 'neósfaí dhí é, agus ansan go bpósfadh sí Séadna, rud a dhéanfadh sí, do bhrisfeadh a mhachtnamh a sláinte. Bhéadh sí d'á snaoidh ag galar dóghach, agus ba ghearr a mhairfeadh sí. Dá mba ná 'neósfaí dhí é, do bhéadh an feall déanta ag Séadna ba mheasa d'ár déineadh riamh. Ní fhéadfadh sé an feall san a dhéanamh, agus bhí a rian air, do theip ortha go léir an cleamhnas a dhéanamh. Gobnait. — D'airigheas-sa go raibh aon chleamhnas amháin agus gur theip ar Dhiarmán é dhéanamh. Síle. — Cad é an cleamhnas é, a Ghobnait? Gobnait. — Cleamhnas an Chaoiltigh. Cáit. — Ó, am briathar 's ambasa, a Ghobnait, gur airigheas é bheith ar siúbhal. Ach má 'seadh, níor airigheas é bheith briste. Cad a bhris é, airiú? Bhí
iongnadh ar gach aoinne a rádh go bpósfadh sé Siún. Gobnait. — Is amhlaidh a bhí sgata áilteóirí cruinnighthe thoir ag ceardchan Mhicil Gabha, agus bhí Diarmán ann. Bhíodar 'ghá rádh go raibh feircín óir fé cheann na leapthan ag an gCaoilteach tar éis teacht thar faraige dhó. “Níor bh'fhearra dhuit rud a dhéanfá, a Dhiarmáin,” arsa duine acu, “'ná cleamhnas a dhéanamh dó.” — “Cia leis go labharfainn?” arsa Diarmán. — “Le Tadhg Bán,” arsa fear eile. Do liúghadar go léir agus do gháireadar. Cheap seisean gur ag moladh an chleamhnais a liúghadar. Siúd amach é agus soir go tigh an Chaoiltigh. “A Chaoiltigh,” arsa Diarmán, “tá cleamhnas déanta agam duit.” — “Go bhfágaidh Dia do shláinte agat, a Dhiarmuid!” arsa 'n Caoilteach, “agus gan a fhaid sin de luígheachán na bliaghna ort! Cia h-í féin?” — “Go réidh, go réidh, a Chaoiltigh! Is cuma dhuit fós cia h-í féin. Ní 'neósad duit cia h-í féin. Ní thráchtfad ar a h-ainim leat chun go mbéidh a fhios agam an bhfuilir ollamh agus ceapaithe ar phósadh.” — “Táim ollamh agus lán-cheapaithe,” ar seisean. — “Tá go maith,” arsa Diarmán. “'Neósad an méid sin dóibh,” agus d'imthigh sé. Siúd siar é go tigh Thaidhg Bháin. Ní raibh istigh roimis ach Siún. “A Shiún,” ar seisean, “tá cleamhnas déanta agam duit.” — “Nár chúitighthear do shaothar leat!” ar sise. — “Cúiteóchthar,” ar seisean. “Tá feircín óir fé cheann na leapthan aige.” — “Tá, agus feircín gaoithe fé chosaibh na leapthan agat-sa! Cá bhfaigheadh sé é?” — “É thabhairt leis tar faraige,” ar seisean. — “Airiú, an é an Caoilteach atá ar siúbhal agat?” ar sise. —
“Is é an fear céadna san díreach atá ar siúbhal agam,” ar seisean. — “An rabhais ag caint leis?” ar sise. — “Anois díreach a thánag uaidh,” ar seisean. “Dúbhairt sé,” ar seisean, “go raibh sé ollamh agus lán-cheapaithe ar thusa phósadh.” — Ní raibh aon lá ar feadh seachtmhaine 'na dhiaigh san ná gur cheap sí an uile neómat gur bh'é an Caoilteach a bhíodh chuici an dorus isteach nuair airigheadh sí aoinne ag teacht. Fé dheire do bhris ar an bhfoidhne aici. Siúd soir í go tigh an Chaoiltigh. Peig. — Níor chuaidh! Gobnait. — Deirim leat gur chuaidh, agus a ceann i n-áirde chómh baoth agus bhí sé riamh. Bhí iongnadh ar an gCaoilteach cad a thug í. Bhí sé chómh fada as an ndúthaigh, níor aithin sé cia 'r bh'í. “Fy don't you marry me?” ar sise. “Fot does I want you for?” ar seisean, “you head of a fool!” Cáit. — Tuigim an sgeul go léir anois. Níor ghaibh Diarmán thar an ndorus ó shin acu, agus níor lúgha air saighidiúir dearg do bhualadh uime ar an mbóthar 'ná aoinne de'n bheirt, Siún ná a h-athair. Síle. — Abair as Gaodhluinn é, a Ghobnait. Gobnait. — “Cad 'na thaobh ná pósan tú mise?” ar sise. — “Cad é an gnó bhéadh agam díot-sa, a phlaosg óinsíghe?” ar seisean. Síle. — Siné. Tuigim anois é. Nach gránda an chaint an Béarla san! Ní fheadar féin an tsaoghal cad é an dúil a bhíon ag daoinibh ann. Ní'l acu ach “fot? fot? fot?” mar bhéadh cearc go mbéadh diuc uirthi.
Caibidiol a dódhéug. Nóra. — Cogar, a Pheig; dar ndóigh ní raibh ceangal ar Shéadna gan pósadh. Peig. — Is dócha, a Nóra, go raibh ceangal air gan an éagcóir a dhéanamh. Nóra. — Ní h-é sin a thuig Máire Ghearra uaidh, ach go raibh ceangal fé leith i láthair Dé air, mar bhéadh móid mná riaghalta nó bráthar. Peig. — Cá bhfios duit-se ná dhómh-sa ná gur chuir sé móid nó ceangal de'n tsórd san air féin sul a ndeachaidh sé chun cainte léi an lá úd? Nóra. — Is mar sin a thuig Máire an sgeul, pé i n-Éirinn é. Peig. — Tá an ceart agat, a Nóra. Bhí sí ag caint le máthair Mhicil cúpla lá 'na dhiaigh san, agus seo mar adúbhairt sí léi:— “A Shiobhán,” ar sise, “nách mór an iongnadh nár inis Séadna dhuit an lá fé dheire go raibh sé 'na Chéile Dé, agus gan bheith 'ghár gcur amú' mar a bhí?” Síle. — Cad é an rud Céile Dé, a Pheig? Dar ndóigh ní fhéadfadh duine bheith 'na chéile ag Dia, — moladh 's buidhchas leis! Cáit. — Ó, go deimhin, a Pheig, d'airigheas mo dhaid mór 'ghá rádh go raibh daoine ann fadó, agus ná pósfaidís aon bhean, mar go mbídis pósta ag Dia na glóire féin; agus siné ainim a thug sé ortha, Céile Dé. Síle. — Airiú, moladh go deo le Dia! conus fhéadfaidís bheith pósta mar sin? Dar ndóigh ní pósadh é sin.
Cáit. — Mura mbéidís pósta conus a tabharfaí “céile” ortha? Nach fear pósta nó bean phósta “céile”? Nac eadh, a Pheig? Peig. — 'Seadh, gan amhras. Síle. — Agus, a Pheig, airiú, conus fhéadfadh fear bheith pósta ag Dia? Dar ndóigh, ní fhéadfadh fear bheith pósta ach ag mnaoi? Ar airigh aoinne riamh a leithéid! Gobnait. — Aililliú, a Shíle, nach geur-chúiseach ataoi! Airiú, cia dúbhairt leat-sa ná féadfadh fear bheith pósta ach ag mnaoi? Síle. — Dúbhairt Peig liom é an lá fé dheire agus í ag múineadh na seacht Sacraimíntí dhom. Agus feuch nár innsis an méid sin dom, a Pheig, go mbíodh daoine ann fadó agus iad pósta ag Dia an uile chómhacht! Cáit. — Do bhíodh, mhaise. D'airigheas-sa mo dhaid mór 'ghá rádh seacht n-uaire, — ní h-eadh, ach seacht n-uaire déag ar fhichid. Síle. — Ó, go deimhin is uiriste do Cháit ní Bhuachalla caint a dhéanamh. Ní h-é gach aoinne go bhfuil athair mór aige. Bhí athair mór agam-sa leis, tamall, ach do cailleadh é. Rug an t-éagcruas chun siúbhail é. Slán beó mar a n-innstear é! Cáit. — Éist, a Shíle, a chuid! Feuch anois, níor chuimh- nigheas orm féin go raibh an focal ráidhte agam. Ó, mhaise, níor theip an tuathal riamh orm! Éist, a Shíle, a chuid, maith an cailín! Is cuimhin liom-sa do dhaid mór go dian mhaith. Bhí árd chion agam air. Peig. — Do bhí, a Cháit, agus árd chion aige-sean ort-sa. Is mó an cion a bhí aige ort 'ná bhí aige ar aoinne eile ar an dtaobh amuich de Shíle féin. Is cuimhin
liom go maith, nuair a bhítheá anso, agus nuair a chuireadh sé Síle ar ghlúin leis, ná bíodh sí sásta agus ná faghthí suidhe suaimhnis uaithi, d'á óige a bhí sí, go gcurtí thusa ar an nglúin eile. Ansan ní fheacaís riamh ach an spórt a bhíodh aige, agus é 'ghá leigint air bheith ag míogarnaigh, agus sibh-se a d'iaraidh bheith ag pógadh a chéile a gan fhios dó. Gobnait. — Ó, am briathar, a Pheig, gur thug sí póg do Cháit anois! Síle. — Tabharfad, agus póg eile. Feuch! Gobnait. — Ó, ambasa, raid leat iad, a 'nghean ó! Nóra. — Níor innsis dúinn fós, a Pheig, conus a bhéadh duine 'na Chéile Dé. Peig. — Cad deireadh do dhaid mór, a Cháit? Cáit. — Deireadh sé gurab amhlaidh thugaidís an grádh céadna do Dhia a thugan an fear d'á mhnaoi. Peig. — Siné díreach é. Síle. — Am briathar féin, a Pheig, nach le grádh do Dhia — moladh go deó leis! — ach le h-eagla an Fhir Dhuibh do dhéin Séadna Céile Dé dhe féin. Peig. — Ní raibh an Fear Dubh le teacht go mbéadh na trí bliaghna deug caithte, agus ní raibh bac air í phósadh san am gcéadna. Síle. — Nach shin é adeirim? Nuair a thiocfadh sé, b'fhéidir go mbéarfadh sé an bheirt leis. Gobnait. — Agus ná taisbeánfadh san, a Shíle, gur le grádh do Mháire Ghearra féin ná pósfadh sé í? Peig. — Go díreach, a Ghobnait; agus má thug sé suas do Dhia an grádh a bhí aige dhi-se, nuair ná féadfadh sé é thabhairt di féin gan í chur ar chumas an Fhir Dhuibh, nach shin é díreach an rud a dhéanfadh Céile Dé dhe, fé mar adúbhairt do shean-athair, a Cháit? Gobnait. — Is dócha é.
Peig. — Ní dócha ach deimhin, a Ghobnait. Ach má 'seadh, ní deirim gur thuig Máire Ghearra an taobh san de'n sgeul. Dá dtuigeadh, ní dócha go ndéarfadh sí an méid úd le máthair Mhicil. “Nach mór an iongnadh,” ar sise, “nár inis sé dhuit gur Chéile Dé é, agus gan bheith 'ghár gcur amú'!” “Ní dúbhairt sé focal ar domhan liom, a bhean uasal,” arsa Siobhán, “ach gur shaoire dhuit an bás ba dhona d'á bhfuair daonaidhe riamh 'ná é féin dod' phósadh.” “Bhí sé thiar ag an dtigh againn, tá cúpla lá ó shin ann,” arsa Máire Ghearra, “an lá úd a bhí Micheál thiar, agus dúbhairt sé liom féin go raibh ceangal air i láthair Dé gan pósadh choídhche. Feuch anois tú, a Shiobhán,” ar sise, “tar fhearaibh an domhain mhóir bhraonaigh, cé chuimhneóchadh go mbéadh ceangal de'n tsórd san ar Shéadna? Ní raibh a leithéid d'iongnadh orm ó'n lá a rugadh mé. Geallaim dhuit,” ar sise, “gur osgail sé mo shúile dhom. An fear san go ndeirid daoine ná fuil aon chreideamh aige, agus a leithéid sin de cheangal air i láthair Dé; agus mise go bhfuil ainim an chreidimh go léir orm ag briseadh mo chroídhe a d'iaraidh teacht idir é agus Dia. Nach deas an obair í sin, a Shiobhán? Ní fheadar an tsaoghal ná'n domhan le chéile cad a bhain dom, nó cad a dhall mé; nó cad a chaoch suas m'aigne agus m'inntinn, agus a rádh go ndéanfainn a leithéid. Cad déarfaid na cómhar- sain?” “Ná bíodh ceist ort, a bhean uasal, mar gheall ar an dtaobh san de'n sgeul. Tá sé socair cheana acu gurab é Séadna féin a chuaidh siar dod' iaraidh, agus gur dhiúltuighis láithreach, agus ansan gur imthigh an fear bocht as a mheabhair,” arsa Siobhán. “Aililliú!” arsa Máire, “nach gairid an mhoill ortha
é shocarughadh! Cad deir Séadna leis an socarughadh san?” ar sise. “Focal amach as a bheul,” arsa Siobhán. “Agus geallaim dhuit nach baoghal go gcuirfidh aoinne aon cheist air; nó má chuirean, agus go bhfeuchfaidh seisean ins na súilibh air, bain an chluas díom má chuirean sé an tarna ceist.” “Is é duine is éagsamhlaíghe d'ár bhuail riamh umam é,” arsa Máire. “Bhíos abhfad sul ar fhéadas a dhéanamh amach cia'cu droch dhuine é nó duine fóghanta An cheud uair a chonac an fheuchaint úd, do cheapas go raibh an t-Áirseóir — fíoghar na Croise idir sinn agus é! — istigh 'na chroídhe, i dtreó nár mhaith liom bualadh uime ar an mbóthar, ná focal do labhairt leis. Ach bhíos oídhche ag teacht abhaile ó'n sráid, agus ag gabháil i leith an Bóthar Leathan dom, do tháinig iaracht de laige orm, agus do shuídheas ar chloich i lúib de chlaidhe ar bhóthair. Do thuit mo chodla orm, agus nuair a dhúisigheas bhí an taom beag imthighthe, ach bhí sé i n-am mhairbh na h-oídhche. Phreabas am' shuídhe agus thugas aghaidh ar an mbaile, agus geallaim dhuit ná raibh aon mhairbhitíghe ins na cosaibh agam. Oídhche bhreagh spéir-ghealaighe dob' eadh í. Nuair a bhíos, mar déarfá, fiche slat ó'n gcrosaire, cé gheabhadh aníos Bóthar na Bró ach Seághan na Gealaighe, an ropaire bitheamhnaigh!” Síle. — Cé 'r bh'é sin, a Pheig? Peig. — Sprid dob' eadh é, a bhíodh 'ghá thaisbeáint féin ansúd, agus bhíodh sé ag marbhadh na ndaoine. “Nuair a chonac é,” ar sise, “do cheapas láithreach go rabhas réidh. Le n-a linn sin d'airigheas an duine ag siúbhal am' dhiaigh. D'fheuchas thar mo ghualainn. Cé bhéadh ann ach Séadna, agus a dhá shúil ar dearg-lasadh, agus sgian ar tarang aige, sgian choise duibhe. Do
ghluais sé tharm amach agus thug sé aghaidh ar an sprid. Le n-a linn sin do chonac splannc lasrach, agus láithreach 'na dhiaigh san do chonac Séadna ar an áit agus é 'na aonar. “‘'Seadh, a Mháire,’ ar seisean, ‘do chuadhais as go maith anocht. Do chonac ag gabháil i leith thú, agus bhí iongnadh orm cad do bheir amuich chómh déanach thú. Do leanas thú le h-eagla na h-áite seo. Téanam ort anois go seólad isteach abhaile thú.’ “Ní raibh ionam labhairt, agus is ar éigin a bhí ionam siúbhal. Níor sgar sé liom chun gur fhág sé shiar ag dorus m'athar mé. Ó'n lá san go dtí an lá atá indiú ann níor airigh aoinne, óg ná aosda, focal amach as a bheul mar gheall ar an ngnó. Ar maidin lar na mháireach, do fuaradh ag an gcrosaire, mar déarfá, oiread mo dhoirn de chnapóig glóthaighe agus sgian choise duibhe sáithte inti. Agus ní deirim go bhfeacaidh aoinne Seághan na Gealaighe ó shin ins an áit. Cheapas gur mhór an obair do Shéadna a anam féin do chur sa chontabhairt sin ar mo shon-sa, agus tháinig uraim mhór agam dó. Go deimhin, a Shiobhán, ní fhéadfainn a innsint duit cad é an chuma 'na raibh m'aigne ó'n oídhche sin go dtí an lá úd a chuaidh sé siar 'ghá innsint dom go raibh ceangal éigin idir é féin agus Dia, agus nár bh'fhéidir dó pósadh. Thuigeas ansan gur dhócha gur bh'é an ceangal san a thug an buaidh dhó ar an sprid. D'airighinn riamh, daoine a bhíodh tabhartha suas mar sin ar fad do Dhia, go mbíodh buaidh acu ar an Annsprid. Nuair a inis sé dhom go raibh ceangal i láthair Dé air gan pósadh choídhche, do ghlacas i láthair Dé an ceangal céadna. Agus feuch, a Shiobhán; ní túisge ghlacas 'ná cheapas gur sgar pé droch nídh a bhí am' aigne liom ar an neómat san. Chonaicís féin an chuma i n-a rabhas
an lá úd dh'iaras ort beart áirithe a dhéanamh dom. Nuair a chuimhnighim air anois, ceapaim am' aigne nach foláir nó bhíos as mo mheabhair rud éigin. Pé rud a bhí orm, tá sé imthighthe glan, — buidhchas mór le Dia na glóire dh'á chionn!” “Ámén, a Thighearna!” arsa Siobhán. Síle. — Agus cogar, a Pheig; nach greannmhar an ainim ar sprid “Seághan na Gealaighe”? An amhlaidh ná feictí é ach le solus na gealaighe? Peig. — Oídhche spéir-ghealaighe dob' eadh an oídhche a chonaic Máire Ghearra é. Síle. — Siné díreach é. Agus má 'seadh, cad 'na thaobh gur tugadh “Seághan na Gealaighe” air, agus go bhfeictí é nuair ná bíodh an ghealach 'na suídhe i n-aon chor? Peig. — Duine saoghalta dob' eadh ar dtúis é, agus bitheamhnach ab eadh é. Agus is amhlaidh a bhíodh sé amuich asdoídhche ag goid, le solus na gealaighe. Seághan ab ainim dó, agus do tugadh Seághan na Gealaighe mar leas-ainim air, as an ngoid. Bhíodh sé i mBóthar na Bró asdoídhche, ag faire ar dhaoinibh a bhíodh ag gabháil an bhóthair déanach 'san oídhche, agus 'ghá robáil. Fé dheire do mhairbh sé duine ann oídhche dhorcha, agus fé cheann tamaill duine eile. Ansan thánadar a ndaoine muinteardha san agus chuadar i bhfolach i n-aice an bhóthair, agus nuair a bhí sé amach go maith san oídhche d'imthigh duine acu amach ar an mbóthar agus do leig sé air bheith ar meisge. Bhí Seághan ag faire, leis, agus nuair a chonaic sé an fear meisge, dar leis féin, do léim sé amach agus thug sé féi. Ansan do léimeadar go léir amach agus do marbhadh Seághan na Gealaighe. Agus as san amach do chítí an sprid i mBóthar na Bró, agus do lean “Seághan na Gealaighe” mar ainim ar an sprid.
Caibidiol a trídeug. Síle. — Agus cogar, a Pheig; nach deas a dhéin Máire Ghearra é tar éis an tsaoghail! Peig. — Airiú, cad a dhéin sí, a Shíle? Síle. — Gheall sí do Shéadna go gcoimeádfadh sí a rún, agus níor choimeád. Thug sí do Shiobhán é, agus ní raibh aon cheart aici é thabhairt d'aoinne. Bhí sé chómh ceangailte uirthi é choimeád agus bhéadh sé ar shagart an rún a gheobhadh sé i bhfaoisdin a choimeád. Peig. — Is dócha, a Shíle, gur mar mhaithe le Séadna thug sí an rún do Shiobhán, i dtreó gur mhóide an uraim a bhéadh ag Siobhán dó. Síle. — 'Seadh go díreach! Ní h-eadh, mhaise, ach mar mhaithe léi féin. Nuair dh'imthigh an measgán mearaidhe úd d'á h-aigne, tháinig náire uirthi a rádh gur chuir sí Siobhán ag triall ar Shéadna 'ghá iaraidh air í phósadh, agus níor bh'fholáir léi an sgeul go léir d'innsint ansan do Shiobhán, i dtreó ná béadh aon mhilleán ag Siobhán uirthi. Peig. — Agus dar ndóigh, a Shíle, má's chuige sin a dhéin sí é, is dócha ná béadh aon mhilleán ag Séadna féin uirthi 'na thaobh. Síle. — D'inis sé dhi fé rún é. Cad é an tairbhe rún mura gcoimeádfar é? Bhí sé ceart aici an sgeul d'fhágáil mar a bhí sé, agus gan a thuille cainte déanamh mar gheall air le h-aoinne beó. Ní bhéadh aon mhilleán ag Séadna uirthi, an eadh? Tá go breagh! Ní mar sin is ceart rún a choimeád. Fagaim le h-uadhacht, a Pheig, nár cheapas go 'neósadh sí do Shiobhán féin é.
Peig. — Ba mhaith an bhail uirthi, a Shíle, nach tusa a bhí ann nuair a bhí sí 'ghá innsint do Shiobhán. Síle. — Abair é! Geallaim dhuit go ndéarfainn rud éigin léi ná dúbhairt Siobhán léi. “Ná bíodh ceist ort, a Shéadna,” ar sise; “coimeádfad-sa do rún.” Choimeád sí é leis go deas. É sgaoileadh amach chómh luath agus tháinig sí chun cainte le Siobhán! Dá ndéanadh aon bhean eile ach Máire Ghearra é, ní bhéadh leath a iongnadh orm; ach í siúd, gur cheapas ná leigfeadh sí rún uaithi dá mbéadh sí le stracadh idir chapaillibh. Nóra. — Am briathar féin, a Shíle, gur 'mó duine ná leigfeadh rún uaidh dá mbéadh sé le stracadh idir chapaillibh, agus 'na thaobh san do sgaoilfeadh uaidh é nuair ná béadh aoinne 'ghá iaraidh air. Síle. — Má 'seadh, ní daoine de shaghas Mháire Ghearra iad. Cáit. — Cogar, a Shíle, dar ndóigh do bhí rún chómh mór leis tabhartha aici do Shiobhán cheana, agus cad é an díobháil a bhí ann, rún eile thabhairt 'na theannta dhí? Síle. — B'é a cuid féin é sin. Ní raibh bac uirthi a rogha rud a dhéanamh le n-a rún féin, ach ní mar sin do rún duine eile. Peig. — Tá an ceart agat, a Shíle. Ach tuig an méid seo. Ní mar a chéile rún fóghanta agus droch rún. An rún a dhéanfadh díobháil do Shéadna níor thug sé uaidh i n-aon chor é. An rún a thug sé do Mháire Ghearra, ní raibh ceangal dian mar sin uirthi é choimeád, agus a fhios aici gur mhó an tairbhe 'ná an dochar do Shéadna an rún san a thabhairt uaithi do Shiobhán. Go mór mór ó bhí rún Mháire féin aici sin cheana.
Gobnait. — Agus cogar, a Pheig. Dar ndóigh ní raibh rún Shéadna ag an sagart. Peig. — Cé dúbhairt go raibh? Gobnait. — 'Sdó, ba dhóigh le duine ar an gcuma 'nar labhair sé go raibh oiread aige dhe agus bhí ag an mnaoi chos-nochtaithe. Peig. — Conus é sin? Gobnait. — Dúbhairt an sagart go raibh Séadna ag gabháil de chosaibh 'na chroídhe féin ar son an tSlánuightheóra, agus dúbhairt an bhean chos- nochtaithe, is dóigh liom, an focal céadna nuair a chonaic sé ar an gcnoc í. Conus fhéadfaidís bheith ar an bhfocal gcéadna mura mbéadh go raibh an rún céadna acu? Peig. — Is dócha go raibh an rún ag an mnaoi. Ba dhuine de'n triúr í gur thug sé an déirc dóibh ar son an tSlánuightheóra, agus níor bhean shaoghalta í. Ní mar sin do'n tsagart. Ní raibh aon fhios aige ar an rún, ná aon fhághail aige ar a leithéid d'fhios a bheith aige. Gobnait. — Cad a chuir ar an bhfocal gcéadna é mar sin? Peig. — Ní fheadar an tsaoghal, a Ghobnait, cad a chuir ar an bhfocal gcéadna é. Nuair airigheas féin an sgeul ar dtúis, níor chuireas an cheist sin. Is amhlaidh a cheapas am' aigne gurab amhlaidh a thuig an sagart go raibh Séadna pósta cheana a gan fhios. Cáit. — 'Dhe, cad eile? Nach shin é cheapfadh aoinne? Gobnait. — Airiú, agus cad é an moladh bhéadh ag an sagart air mar gheall air sin? Ba mhór an buidhchas ba cheart a bheith air, go deimhin, toisg gan bean a phósadh agus é pósta cheana! Cáit. — Nach maith a phós an Pinsinéir Buídhe agus é pósta cheana.
Gobnait. — An rascail! Agus feuch cad d'imthigh air. Síle. — Cad d'imthigh air, a Ghobnait? Cáit. — D'imthigh an rud a bhí tuillte aige, a Shíle, é chur an loch amach. Gobnait. — D'airigheas-sa gur ró dhóbair go gcrochfaí é. Cáit. — Mar sin bhí sé amuich air go raibh sé pósta trí h-uaire, agus gur mhairbh sé an cheud bhean, ach níor daoradh ann é. Síle. — Dar ndóigh, ní fhéadfadh sé bheith pósta trí h-uaire agus an triúr ban beó. Gobnait. — Ná féadfadh sé a leigint air le gach mnaoi dhíobh ná raibh sé pósta ach aici féin? Síle. — Airiú, an bitheamhnach! Nár mhór an éagcóir agus an t-éitheach dó a leithéid sin a dhéanamh. Gobnait. — Is dócha gur bheag aige siúd bréag mhór, agus gur bh'éadtrom aige éagcóir throm. Cáit. — Is beag an sgeul é bheith imthighthe an loch amach. Gobnait. — Is beag; agus is beag an sgeul gan puínn d'á shórd a bheith 'na dhiaigh. Síle. — Ach cogar, a Pheig. Ní fheadar cad é an buadh bhí sa tseóid úd a thug an bhean chos-nochtaithe do Shéadna agus a rádh gur imthigh an bhuairt mhór chómh tapaidh dhe. Nach truagh gan a leithéid ag gach aoinne go mbéadh buairt air! Peig. — Do réir mar a thuigeas-sa an sgeul, a Shíle, a chuid, ceapaim gur 'mó duine go mbíon an tseóid úd aige, agus go ndéinean sí maolughadh ar bhuairt dó. Síle. — Conus é sin, a Pheig? Peig. — An t-é a bhrúighfidh féi a mhian agus a shéanfaidh a thoil ar son Dé, nó ar son an tSlánuightheóra, nó ar son an chirt, béidh cuimhne an ghnímh sin 'na chroídhe, agus nuair a thiocfaidh buairt air, ní bhéarfaidh an bhuairt greim ar chroídhe air.
Gobnait. — Agus is dócha, d'á mhéid é an mian gurab eadh is mó é an gníomh. Peig. — Is eadh san. Agus siné cúis go ndúbhairt an bhean go raibh an gníomh déanta ag Séadna, an lá san, dob' uaisle d'ár déineadh i n-Éirinn le fada roimhe sin — “an bhean dob' fhearr i n-Éirinn do chur ó n-a chroídhe níos túisge 'ná dhéanfadh sé a leithéid d'éagcóir uirthi.” Nóra. — Ba dhóigh liom gur mhór an truagh iad a chur ó chéile. Cáit. — Éist do bheul, a Nóra! Nár mhó 'ná san de thruagh iad a phósadh agus an sgeul mar a bhí sé? Nóra. — Mhaise, Dia linn, a Cháit! is dócha gur fíor dhuit é. Ba thruagh an sgeul é mar seó nó mar siúd. Is truagh cráidhte nár fheuch sé roimis. Cáit. — Stad go fóil, a Nóra. Ní déarfainn-se go raibh an sgeul chómh h-olc san ar fad. Bhí an tseóid úd fághalta ag Séadna, agus an bhuairt mhór imthighthe as a chroídhe. Bhí a chrónán ar siúbhal aige chómh h-aerach agus bhí riamh. Má bhíodar na trí bliaghna deug ag gluaiseacht ar cos-anáirde, bhí aon tsólás amháin aige. Nuair a thiocfadh an lá déanach ní bhéadh thíos leis ach é féin. Agus i dtaobh Mháire Ghearra, ceapaim gur chuaidh sí as go dian mhaith. Conus a bhéadh an sgeul aici dá ndéineadh Séadna mar a dhéanfadh an Pinsinéir Buídhe? Níor dhéin. Ach nuair dh'inis sé dhí go raibh ceangal i láthair Dé air gan pósadh choídhche, tháinig oiread eile de chroídhe dhí. Ba dhóigh leat gur seóid uasal éigin do bronnadh uirthi sin leis. Bhí sí tar éis a admháil do Shiobhán go raibh a croídhe d'á shníomh le buairt. Bhí an sníomh san imthighthe. Ba dhóigh liom féin ná raibh aon rud dob' fhearr do'n bheirt 'ná
iad d'á gcur ó chéile mar cuireadh iad. Tá sé buailte isteach am' aigne nach aon nídh fóghanta bhí 'ghá dtabhairt d'á chéile, agus pé rud a bhí 'ghá gcur ó chéile gur mar mhaithe leó a bhí sé. Gobnait. — Ní raibh aon rud 'ghá gcur ó chéile ach ná déanfadh Séadna an éagcóir. Cáit. — Cad a chuir 'na chroídhe gan an éagcóir a dhéanamh? Níor ghádh dhó a innsint d'aoinne beó go raibh rún aige ná ná raibh. Ní raibh bac air í phósadh. Ní raibh bac air a rádh leis féin, “Cá bhfios an mairfinn na trí bliaghna deug féin? Cá bhfios an dtiocfadh an Fear Dubh úd choídhche, agus an sgannradh fuair sé nuair a chuir sé an bhúirth éagsamhlach úd as?” Ceapaim go raibh rud éigin fóghanta 'ghá spriocadh, agus mura mbéadh go raibh, ná cuirfeadh sé i n-aghaidh an chleamhnais chómh dian agus chómh seasmhach. Agus feuch, tá rud eile sa sgeul. An fhaid a bhí an cleamhnas ar siúbhal, ní raibh ach buairt agus trioblóid aigne ar an uile dhuine go raibh aon lámh aige ann, agus go mór mór ar Shéadna agus ar Mháire Ghearra féin. Ach an uair a bhí sé curtha i leath-taoibh glan, tháinig oiread eile de chroídhe do Mháire, agus tháinig a chrónán do Shéadna. Is dóigh liom gur mhaith go léir an bhail ortha nár leigeadh chun cinn é. Síle. — Ní h-ar Mhicil ba cheart a bhuidhchas a bheith ná deaghaidh sé chun cinn. Gobnait. — An airighean sibh! Agus í tar éis a rádh, tá tamall beag ó shin ann, gur bh'é Micil agus a chuid tuathail fé ndear an cleamhnas a bhriseadh. Síle. — Dúbhart ná raibh aon mhaith ann chun cleamhnais a dhéanamh, agus deirim anois leis é. Ach ní fhágan
san ná gur dhéin sé a dhícheal air. Agus do dhéin Siobhán a dícheal air. Do theip sé ortha go leir glan. Ní fheadar cad dúbhairt Sadhbh nuair airigh sí go raibh cleamhnas Mháire Ghearra chómh briste le n-a cleamhnas féin. Peig. — Dúbhairt sí rud greannmhar, mhaise. Dúbhairt sí gur bh'í féin a bhris é, agus aon chleamhnas a bhéadh d'á dhéanamh do Shéadna, go mbrisfeadh sí ar an gcuma gcéadna é, nuair ná pósfadh sé í féin. Cáit. — Gráin uirthi! ní h-ag táiriugadh uirthi é. Ba mhaith an sgeul a bheith de thubaist uirthi é 'ghá pósadh. Nóra. — Cuirfead geall ná déanfadh sé an éagcóir uirthi sin ach chómh beag agus dhéanfadh sé ar Mháire Ghearra. Gobnait. — Éist, a Nóra. Ní gádh dhuit an geall san a chur. Níor bhaoghal di. Ní deirim go ndéanfadh an Pinsinéir Buídhe féin an éagcóir sin ar Shadhbh. Cáit. — Dá ndéineadh, is dócha go ndíolfadh sé as. Ba mheasa dó Sadhbh chuige 'ná an dlígh. Gobnait. — Is dócha gurab amhlaidh a bhéadh dithneas air ag imtheacht an loch amach uaithi. Cáit. — Cad é an geit a bhainfeadh fear na n-adharc aisti! Gobnait. — Am briathar mhóide, a Cháit, gurab é mo thuairim ná maithfeadh sí puínn dó. Má bhainfeadh sé geit aisti, go mbainfeadh sí geit as. Dá bhfaghadh sí greim ar adhairc air, nó ar mheigioll, ní déarfainn ná go mb' fhearr leis bheith sgartha léi. Nóra — 'Dhe, agus cad a bhéadh ag an eirball d'á dhéanamh? Dá bhfaghadh sí priocadh nó dhó ó'n iongain úd, ceapaim go dtiocfadh liúgh aisti. Gobnait. — Ambasa, a Nóra, is gearr go mbéidh bárr agat uaim. Níor chuimhnigheas riamh ar an iongain.
Bhíos 'ghá chuimhneamh go mb'fhéidir go gcaithfeadh sí an t-uisge te idir an dá shúil air. Nóra. — Airiú, cad é an bheann a bhéadh aige siúd ar uisge te, agus a theó atá an áit as a dtáinig sé? Cáit. — Tá buaidhte aici ort, a Ghobnait. Gobnait. — Tá glan. Ní déarfad a thuille. Síle. — Is maith é sin. Ba ghearr go mbéadh eagla ag teacht orm. Ba mhór an truagh Séadna bocht agus a leithéid d' áirithe roimis amach. Gobnait. — Cá bhfios duit-se, a Shíle, ar bh' áirithe é? Síle. — Conus é sin, a Ghobnait? Gobnait. — Cá bhfios duit ar tháinig sé choídhche? Síle. — 'Dhe, nach air sin a dhéin sé an margadh? Gobnait. — B'fhéidir, mar adúbhairt Cáit ó chianaibh, gur cuireadh sgannradh ró mhór air, nuair baineadh an bhúirth úd as, agus ná tiocfadh sé airís ag éileamh a mhargaidh le h-eagla go mbainfí búirth eile as. Síle. — 'Gcloistí! Ar tháinig, a Pheig? Peig. — Fan leat go fóil, a Shíle, a chuid, agus béidh an sgeul go léir agat díreach fé mar a thuit sé amach.
Caibidiol a ceathairdeug. Peig. — Mar adúbhart ó chianaibh, nuair a thuig Sadhbh Dhiarmuda Léith go raibh cleamhnas Mháire Ghearra briste, dúbhairt sí le gach aoinne gur bh'í féin a bhris é, agus gur bh'é cúis gur bhris sí é, a bheith geallta ag Séadna dhi go bpósfadh sé í féin. Níor chuir aoinne 'na coinnibh. Bhí daoine a chreid é agus bhí daoine nár chreid é. Ach pé 'cu chreideadar é nó nár chreideadar, ní baoghal gur chuir aoinne chun an sgéil d'áiteamh uirthi. Bhíodh sí coitchianta 'ghá mhaoidheamh gur bh'í féin an cailín a chuirfeadh smacht ar ghiobstéiríbh de shaghas Bháb an Leasa agus Nóra an Tóchair. Agus i dtaobh Mháire Ghearra, go raibh iomad meas aici uirthi féin chun a rádh go bpósfadh sí fear do bhí geallta do mhnaoi eile. Síle. — Airiú, nár bh'í an cuirptheach í! Peig. — Is amhlaidh mar bhí an sgeul aici, a Shíle, i ndeire bára, d'inis sí an sgeul ar an gcuma san chómh minic, agus gan aon duine ag cur 'na coinnibh, gur dóigh liom gur chreid sí féin é fé dheire thiar thall. Síle. — Conus dh'fhéadfadh sí a chreideamhaint gur gheall sé í phósadh, agus nár thrácht sé riamh léi air? Peig. — Ní'l aon tseó, a Shíle, ach a bhoige agus a shaoráidíghe a chreidimíd an rud a thaithnean linn, uaireanta, go mór mór má bhímíd chómh ceann-dána san nach fiú le h-aoinne cómhairle ár leasa a thabhairt dúinn, agus dá dtugadh, ná glacfaimís uaidh í. Gobnait. — Go deimhin is dócha gurab shin mar dh'imthigh ar Chonn Sheághain Óig. Bhí sé ag teacht abhaile ó'n
sráid oídhche, agus d'fhan sé ag ól i n-áit éigin, go raibh formhór na h-oídhche caithte. Ansan nuair a bhí sé ag déanamh ar an mbaile, bhí eagla air go mbéadh a mháthair a' pléidh leis i dtaobh í choimeád an oídhche go léir ar an dtinteán ag feitheamh leis. Isé rud a dhéin sé 'ná a leigint air go bhfeacaidh sé sprid thíos ar an mBóthar Leathan. Do chreid an mháthair é toisg an ainim aerach a bheith ar an áit. Ní raibh aon chómharsa a thagadh isteach 'na dhiaigh san go ceann abhfad ná cuireadh sí fheuchaint ar Chonn an sgeul dh'innsint. B'é crích an sgéil é go dtáinig oiread san sgannra ar Chonn roimis an sprid úd ná feacaidh sé riamh, ná leigfeadh eagla dhó an Bóthar Leathan a ghabháil tar éis na h-oídhche a thuitim, dá bhfaghadh sé Éire air. Peig. — Pé 'cu chreid Sadhbh féin é nó nár chreid, bhí a lán des na cómharsanaibh a chreid láithreach é, agus ba ghearr gur chreideadar go léir é. Cheapadar, is dócha, toisg an deighleáil leathair a bheith idir Dhiarmuid agus Séadna, go mb'fhéidir go raibh an gheallamhaint ann. Pé sgéal é, bhí sé socair 'na n-aigne gur mar gheall ar Shadhbh do theip cleamhnas Mháire Ghearra. Ansan, nuair a chuimhnigheadar ar an dturus úd Dhiarmuda suas go tigh Shéadna, thuigeadar go mb'fhéidir ná raibh Diarmuid chómh mór gan fios a ghnótha féin agus a shíleadar. “Á!” adeiridís le n-a chéile, “ní'l sprid ná púca gan fios a chúise aige féin.” Micil agus a mháthair a bhí go troma-chroídheach de dhruim an sgéil. Gan amhras bhí a fhios ag Siobhán ná raibh baint ar bith ag Sadhbh le briseadh an chleamhnais, ach ní raibh a fhios san ag Micil. Ach má bhí troma-chroídhe ar Shiobhán i dtaobh na beirte sin a bheith sgartha go bráth
le chéile ar an saoghal so, bhí troma-chroídhe agus cancar agus buile ar Mhicil i dtaobh a rádh go mbéadh sé de phláinéid ar Shéadna go dtug sé geallamhaint phósda do Shadhbh. Síle. — Agus dar ndóigh níor thug, a Pheig. Peig. — Cheap Micil gur thug. Síle. — Ní dhéanfainn dabhta dhe! Nach iongantach ná teipfeadh air, uair éigin, an tuathal a cheapadh! Peig. — 'Sdó, bhí sé i mbeul gach aoinne aici. Bhí sé leathta ar fuid na dúithe aici. Lasmuich de Shéadna féin agus de Mháire Ghearra agus de Shiobhán, ní raibh duine ná daonaidhe ná raibh an sgéal aige fé mar chuir Sadhbh amach é. Dá mb'é Seághan Ceatach féin é, bhí sé buailte isteach 'na aigne go raibh geallamhaint pósta tabhartha ag Séadna do Shadhbh, agus gur bh'í an ghealla- mhaint sin a bhí ar aigne Shéadna an lá bhíodar ag siúbhal sa pháirc ar aghaidh tíghe Shéadna amach, é féin agá thafaint air Máire a phósadh, agus eisean ag admháil méid a ghrádha dhi, agus sa n-am gcéadna ag cur an uile shaghas constaice i gcoinnibh an chleamhnais. Síle. — Agus an é sin a bhí ar siúbhal acu? Conus a fuaradh amach é, a Pheig? Peig. — Níor fuaradh amach é gur leath ráfla Shadhbh ar fuid na h-áite, agus gur airigh Seághan é. Ansan do bhuail sé buille d'á bhais ar a leath-ghlúin, agus dúbhairt sé i n'aigne féin, “Ó! Tuigim anois,” ar seisean, “cad a bhí ar aigne Shéadna an lá úd. Nach mór an iongnadh,” ar seisean, “nár inis sé dhom, lom díreach, cad a bhí ar aigne aige, agus gan mé bheith ag dul chómh dian air, 'ghá chur suas chun mná do phósadh, agus geallamhaint phósta tabhartha aige do mhnaoi eile? Dáltha an sgéil,” ar seisean, “ní fheadar cad é an
crann a bhí air agus a leithéid de gheallamhaint a thabhairt uaidh d'á leithéid de mhnaoi.” Nuair a bhuail Seághan agus an sagart um a chéile do shocruigheadar an sgeul eatortha ar a sástacht féin. Go dtí san, do theip ar aoinne acu bun ná bárr d'fhághail ar an sgeul, ach nuair a bhí ráfla Shadhbh acu do thuigeadar é go léir tríd síos. Síle. — Thuigeadar, dar leó féin. Peig. — Dar leó féin, go díreach. Cheapadar go raibh bun agus bárr an sgéil go cruinn agus go baileach acu nuair a bhí fios na geallamhna acu, agus is iad a bhí go h-athtruaghach agus go dubrónach de bhárr an mhí-ádh a bhí ar Shéadna, agus an chuma i n-a raibh Sadhbh ag déanamh toirmisg dó. “Ní fheadar an tsaoghal,” arsa 'n sagart, “cad é an mallachar radhairc a bhí air agus a leithéid de gheallamhaint a thabhairt d'á leithéid de mhnaoi.” “Is dócha,” arsa Seághan, “gur an fhaid a bhí an dealbhas air a dhéin sé é. Do gheibheadh sé leathar ar cáirde go minic ó Dhiarmuid, agus b'fhéidir gur cheap an fear bocht, dá bpósadh sé Sadhbh, go mbéadh tinteán tirm teann aige, pé i n-Éirinn é, pé compórd eile bhéadh aige ná ná béadh.” “Gabhaim-se orm,” arsa 'n sagart, “ná raibh aon bhaoghal go bpósfadh sí an uair sin é. Ach mar sin féin, b'fhéidir nár mhisde léi an gheallamhaint do ghlacadh uaidh. Ní'l teóra le n-a leithéidí nuair a luíghid siad amach ar an bhfeall agus ar an gcalaois agus ar an éitheach.” “Fágaim le h-uadhacht, a Athair,” arsa Seághan Ceatach, “gur dócha go bhfuil an ceart agat. Ach ar a shon san, tá a lán sa sgeul nach féidir a thuisgint. An lá bhí sé thiar agam' thigh-se, dúbhairt sé gur oir dó
cúpla focal a labhairt le Máire. Cheapas ná raibh uain aige ar dhul isteach nuair a bhí sé imthighthe. Má labhair sé i n-aon chor níor labhair sé thar an dá fhocal. D'imthigh sé mar imtheóchadh an t-eun. Pé rud adúbhairt sé, ní fheaca-sa riamh a leithéid d'athrughadh i n-aon Chríostaidhe agus a bhí inti sin as san amach. Do tháinig a goile dhi agus do tháinig a luisne dhi. D'imthigh an mhairbhitíghe agus an dúire. Ba ghearr go raibh a guth chómh h-aibigh agus a gáire chómh binn agus dh'airigheas riamh ó n-a máthair, an lá is óige a bhí sí. Má's amhlaidh dh'inis sé dhi go raibh geallamhaint tabhartha do Shadhbh aige, is deacair a rádh go dtógfadh san an ceó d'á croídhe mar a tógadh é. Ba dhóigh liom gurab é rud a dhéanfadh sé 'ná an galar dóghach a chur ar fad uirthi.” “Am briathar 's ambasa, a Sheághain,” arsa 'n sagart, “go bhfuil iongnadh mhór agat d'á chur orm, feuch. An lá tháinig sé anso chun cainte liom-sa, cheapas, nídh nárbh' iongnadh, gur chun an chleamhnais a chríochnughadh a tháinig sé. Dúbhairt sé liom gur bh'fearr leis 'ná a raibh d'ór agus d'airgead an tsaoghal aige go bhféadfadh sé Máire phósadh. Cheapas féin go raibh sgeul áthais agam d'á innsint dó nuair adúbhart leis gur bh'fheasach dom Máire bheith lán-toilteanach do'n chleamhnas. I n-a inead san is amhlaidh ba dhóigh leat gur innseas dó go raibh sí tar éis bháis. ‘Is truagh agus is tubaisteach an sgeul é,’ ar seisean, agus do sgiúrd sé an doras amach uaim mar dhéanfadh duine buile.” “Pé rud adúbhairt sé le Máire, le n-ar baineadh an galar dóghach di, tá eagla orm go bhfuil greim daingean éigin ag Sadhbh air, agus mura mbéadh go bhfuil, ná béadh sise 'ghá mhaoidheamh ar fuid na dúithe mar atá sí, agus ná sgarfadh seisean chómh bog le mnaoi go raibh oiread san ceana aige uirthi, agus aici air.”
“Agus feuch,” arsa 'n sagart, “ar an dtaobh eile de'n sgeul. Ní saoráidíghe atá sgartha aige-sean le Máire 'ná atá sgartha aici-sin leis.” “Dar fiadh, a Athair, is fíor dhuit é!” arsa Seághan. “Agus gan éileamh ag aoinne uirthi.” “Is é an sgeul is éagsamhlaíghe d'ár bhuail riamh fós umam-sa é,” arsa 'n sagart. “Nár chóir, a Athair,” arsa Seághan, “má thug sé geallamhaint do Shadhbh Dhiarmuda, go bhféadfaí teacht ar bhun-phréimh an sgéil agus an gheallamhaint do chur i leath-taoibh? Dar ndóigh tá a fhios ag an saoghal ná fuil sé ceangailte air i láthair Dé an gheallamhaint sin do sheasamh.” “Gan amhras,” arsa 'n sagart, “má tá an ghealla- mhaint ann, ní'l sé ceangailte air í sheasamh.” “Má tá sí ann, a Athair, an eadh?” arsa Seághan. “Deabhruighean san gurab é do thuairim-se ná fuil sí ann. Mura bhfuil sí ann, nár chóir go bhféadfaí cosg a chur le teangain Shadhbh? Má 's éitheach atá ar siúbhal aici is mór an truagh é leigint i n-aisge léi. D'á fhaid a leigfear i n-aisge léi é iseadh is dána leanfaidh sí dhe. D'á luaithe a cuirfear cosg léi iseadh is lugha an díobháil a bhéidh déanta aici. Má 's éitheach atá ar siúbhal aici, — mura bhfuil aon éileamh aici ar Shéadna le ceart geallamhna, — do bhuadhaigh sí ar a bhfeaca riamh de mhnáibh, agus do bhuadhaigh Séadna ar a bhfeaca riamh d'fhearaibh.” “Conus é sin?” arsa 'n sagart. “Mura bhfuil aon éileamh ag Sadhbh air,” ar seisean, “cad 'tá ag teacht idir é agus pósadh m'inghíne?” “Siní díreach an cheist,” arsa 'n sagart. “Isí, a Athair,” ar seisean; “agus tá a fhonn orm leanamhaint siar ar an gceist sin go dtagaidh a réidhteach
liom, luath nó mall. Dá mbeitheá am' chás, a Athair,” ar seisean, “ní ró mhaith do raghadh sé dhuit Sadhbh Dhiarmuda bheith ag magadh fút ar an gcuma so.” “Ní'l Sadhbh ag magadh fé aoinne ach fúithi féin, a Sheághain,” arsa 'n sagart. “Ach ar a shon san, ámh, is fíor dhuit gur mór an truagh gan smacht a chur ar a leithéid dá mb'fhéidir é. Agus anois a chuimhnighim air, ní dócha go raghadh Diarmuid suas chómh dána go tigh Shéadna, 'ghá fhiafruighe dhe cad a cheap sé dhéanamh i gcóir na Máirte, mura mbéadh go raibh ceart nó teidiol éigin aige.” “Agus feuch féin, a Athair,” arsa Seághan, “cad é an saghas freagra thug Séadna air. ‘Ní'l aon fhonn pósta orm,’ ar seisean, ‘agus ní bhéidh go fóil;’ díreach fé mar a deurfadh sé, ‘ní'lim ollamh fós ar an ngealla- mhaint úd do chómhlíonadh.’” “Ambasa, a Sheághain,” arsa 'n sagart, “ní deirim ná go bhfuil an ceart agat. Tá sé ar naisg aici, agus is mór an truagh é.” Síle. — Ómhais', ómhais', ómhaise! Feuch air sin mar obair! Cad é an donas a bhí ag baint a meabhrach díobh? Dar ndó', tá a fhios ag an saoghal go ndeurfadh sé an méid sin cainte agus gan aon gheallamhaint a bheith air. Ba dheas an bheirt iad! Cad é an díobháil dom ach an sagart féin. Cáit. — Is dó', feuch, a Shíle, a chuid, ní raibh aon eólas acu ar rún Shéadna, ná aon choinne ar bith acu le n-a leithéid. Dá mbéadh, b'fhéidir go dtuigfidís an sgeul chómh maith agus thuigimíd-ne é. Ach conus fhéadfadh aoinne cuimhneamh air? Níor inis sé d'aoinne beó é. Níor thrácht sé amach as a bheul air le h-aoinne d'ár mhair riamh, ó'n gcéad lá go
dtí an lá bhí an uair sin ann. Ar thugais fé ndeara a chruinne agus a fheabhas a choimeád sé é ó'n uile dhuine d'ár labhair leis? Bhíos ag faire ar an sgeul, agus bhínn 'ghá cheapadh ó am go h-am go sleamhnóchadh focal éigin uaidh a leigfeadh amach é; ach níor shleamhnuigh an smiog ba lúgha uaidh. Ní raibh aon nidh eile 'ghá chosg air Máire Ghearra a phósadh ach an rún a bhí aige i n'aigne féin. Ní raibh eólas ar bith ag an sagart ná ag Seághan Ceatach ar an rún san. Bhí sé leathta ar fuid na dúithe ag Sadhbh gur gheall sé í féin a phósadh. Ní raibh aoinne ag bréagnughadh an sgéil sin. Conus fhéadfadh aoinne a rádh 'ná go mb'fhéidir go raibh rud éigin i bhfuirm fírinne sa sgeul? Ceapaim féin ná féadfadh Seághan Ceatach agus an sagart a n-aigne do shocarughadh ar aon rud eile ach air seo, nár bh'fholáir nó go raibh an gheallamhaint ann. Síle. — Agus dar ndó', ba mhór an éagcóir é, a Cháit. Cáit. — Ba mhór, gan amhras, ach cad é an leigheas a bhí air? Síle. — Ba dhó' liom gur cheart do dhaoinibh feuchaint rómpa agus gan an éagcóir a dhéanamh. Cáit. — Ambasa, a Shíle, ba cheart. Ach ní fhágan san ná gur minic a crochadh duine san éagcóir agus gan leigheas ag aoinne air. Gobnait. — D'airigheas-sa gur crochadh duine mar sin san éagcóir thiar i n-aice an Rátha Mhóir fadó, nuair a bhriseadar na Buachaillí Bána an cóisde agus mharbhadar an fear a bhí 'na ghárda air. Nóra. — Cad ba ghádh dhóibh é mharbhadh, a Ghobnait? Gobnait. — Is amhlaidh a cheapadar go raibh páipeur ag fear an chóisde, agus gach aoinne a bhí 'na cheann ar
Bhuachaillíbh Bána go raibh a ainim sa pháipeur san, agus nuair a raghadh an cóisde go Tráigh-Lí go gcurfaí armáil amach, agus aon fhear go raibh a ainim sa pháipeur go mbéarfaí air agus go gcrochfaí e. Isé rud a bheartuigheadar 'ná teacht roimis an gcóisde agus an páipeur a bhaint amach ar ais nó ar éigin. Nuair iaradar an páipeur isé rud a dhéin an fear a bhí 'na ghárda 'ná caitheamh leó. Bhí arm teine acu-san chómh maith agus bhí aige-sin, agus do chaitheadar leis, agus do thuit sé marbh ar an mbóthar. Ar maidin lar na mháireach do bhuail amach ar an mbóthar seanduine bocht a bhíodh ag aedhreacht i gcómhgar na h-áite, agus nuair a chonaic sé an duine marbh do stad sé ag feuchaint air agus sgárd 'na shúilibh. Le n-a linn sin do tháinig an t-arm dearg suas, agus do rugadh ar an seanduine bocht, agus do cuireadh suas croch láithreach chun a chrochta. Síle. — Agus cad chuige é chrochadh gan chúis? Gobnait. — Ambasa, a Shíle, ba chuma leó súd cia'cu bhí cúis chuige nó ná raibh. Seanduine bocht simplidhe dob' eadh é, gan pheacadh. D'iar sé an sagart a thabhairt chuige, agus do tugadh. Nuair a bhí a fhaoisdin déanta aige, agus iad 'ghá bhreith suas chun na croiche, bhí sé ag tuitim i gceann a chos le sgannradh. Ní fhéadfadh sé siúbhal ná seasamh. Ansan do labhair an sagart leis agus dúbhairt sé, “Ní fiú dhuit a leithéid sin d'eagla bheith ort,” ar seisean. “Ní túisge do sgarfaidh anam le colainn agat ar an gcroich 'ná bhéidh aoibhneas na bhFlathas agat láithreach.” — “An ndeirean tú liom é?” arsa 'n seanduine bocht. — “Deirim gan amhras,” arsa 'n sagart. “Tá Íosa Críost agus
Muire Mháthair ansúd thuas ag feitheamh leat.” Tháinig neart agus misneach láithreach dó. “Druididh uaim amach,” ar seisean leó. Chuir sé an dréimire suas de gan congnamh, agus do crochadh é. Bhí sé ceithre fichid. Cáit. — Ba dheas an gníomh é! Dá bhfaghainn lom ortha do chrochfainn iad mar a chrochfainn madraí uilc. Na cladhairí gránda! An seanduine bocht! Agus a fhios acu ná raibh sé agus ná féadfadh sé bheith ciontach. Nár chóir go mbéadh náire ortha! Gobnait. — Náire! 'Dhe, cá bhfios dóibh siúd cad a bhain le náire? Bhídís ag lámhach agus ag crochadh na ndaoine ins gach aon bhall an uair sin. Nach shin é an fear san thíos i Mágh Chromdha do bhuail aníos Gort na Lice maidean Domhnaigh ar muin a chapaill, agus a ghuna ar a bheulaibh aige, agus nuair a chonaic sé an duine bocht i n-aice an tuir ar a ghlúinibh ag rádh na Coróinneach Muire, do sgaoil an pléar tríd! Cáit. — Ambasa, a Ghobnait, is fíor dhuit. Do dhéin sé mar sin é. Bhíos i Mágh Chromdha lá i n-aonfheacht le Neill, agus thaisbeáin sí dhom é, agus am briathar, nuair a chonac é, gur choruigh mo chuid fola. Bhí sé ansúd go liath láidir ag siúbhal na sráide, chómh dána agus dá mba ná béadh a leithéid déanta aige. Do theip orm gan nimh mo shúl do chur 'na láimh dheis. Thug sé fé ndeara mé ag feuchaint ar an láimh, agus d'iompuigh dath gorm ar an mbitheamhnach. B'é b'fhada liom go rabhas as a radharc, geallaim dhuit é. Síle, — Cé h-é féin, a Cháit? Cáit. — 'Dhe, an sean chladhaire sin thíos Dochtúir de Faoite.
Síle. — Agus cad 'na thaobh nár crochadh é? Gobnait. — 'Seadh go díreach! Cad 'na thaobh nár crochadh é! Cad 'na thaobh nár crochadh M'leachlainn? Níor crochadh. 'Siad na Cárthaigh a crochadh, nuair a dhearbhuigh M'leachlainn ortha an gníomh a dhéin sé féin. Cáit. — Nach é Cormac mac Cártha a lámhuigh Bob Hutchison, a Ghobnait? Gobnait. — Isé, nuair a sheasaimh M'leachlainn ua Dubhagáin ar an dtaobh thiar de agus chuir sé beul a ghuna le n-a dhrom, agus dúbhairt sé, “Lámhuigh é, a Chormaic,” ar seisean, “nó lámhfad-sa thusa!” Agus dar ndó', ní raibh de na Cárthaigh ann ach Cormac. Ní raibh Ceallachán ná Tadhg ann i n-aon chor, agus do crochadh an triúr. Agus ní baoghal, a Shíle, gur crochadh M'leachlainn. Síle — 'Sdó, go deimhin, ba dhóigh le duine ort-sa, a Ghobnait, gurab iad na daoine ciontacha is mó a théidhean saor, agus gurab iad na daoine macánta a crochtar. Do crochadh an seanduine thiar i n-aice an Rátha Mhóir, agus níor crochadh an mhuíntir a chroch é. Do crochadh na Cárthaigh, agus níor crochadh M'leachlainn. Níor crochadh Dochtúir de Faoite. Gobnait. — Ar airighis riamh, a Shíle, cad dúbhairt sean Sheón Léadar leis an bhfear oibre? “Duine macánta iseadh mise,” arsa 'n fear oibre. — “Duine macánta!” arsa Seón. “Imthigh uaim, a dhuine mhacánta!” ar seisean. “Ní dhéanfadh duine macánta mo ghnó-sa i n-aon chor.” Peig. — Fan leat go fóil, a Ghobnait. “Tá sé ar naisg aici,” arsa 'n sagart, “agus is mór an truagh é. Ach cad 'tá le déanamh againn?” “Cad a bhéadh le déanamh againn,” arsa Seághan, “ach
an gheallamhaint a chur i leath-taoibh? Ní'l sé ceangailte ar Shéadna an gheallamhaint do sheasamh. Ní bhéadh sé ceangailte ar aon fhear beó a bhéadh 'na chás. Is gealla- mhaint gan éifeacht í.” “Tá san uile fíor go leór,” arsa 'n sagart, “ach conus a curfar i leath-taoibh í? Siní an cheist. Cad é an chéad aitheasg atá le déanamh againn?” “Is é céad aitheasg a dhéanfainn-se, a Athair,” arsa Seághan, “dul soir go tigh Dhiarmud' Léith agus an ceann a bhaint de'n sgeul láithreach dó féin agus do Shadhbh, agus a innsint dóibh lom díreach ná fuil aon tairbhe sa gheallamhaint, ná fuil ann ach díth céille dhóibh bheith ag brath air go bhféadfaidís í chur i bhfeidhm ar an nduine.” “Má dhéinir mar sin,” arsa 'n sagart, “ceapaim gurab é céad aitheasg a dhéanfaidh Sadhbh a fhiafruighe dhíot go tur agus go teann cé dúbhairt leat teacht chun cainte léi, nó an é Séadna a chuir chuici tú leis an dteachtaireacht san, agus má's é, gurab é a cómhairle féin duit imtheacht abhaile agus aire thabhairt dod' ghnó féin, agus leigint do Shéadna an cleas céadna dhéanamh.” “Má's eadh, a Athair,” ar seisean, “cad déarfá lem' dhul chun cainte le Séadna féin ar dtúis?” “Agus cad déarfá leis?” arsa 'n sagart. “Déarfainn leis,” ar seisean, “gur mór an truagh dhó a shaoghal a sgaoileadh uaidh ag seasamh geallamhna gan bhrígh, agus gan ceangal air i láthair Dé an ghealla- mhaint do chómhlíonadh.” “Ní fhéadfainn aon tuairim a thabhairt,” arsa 'n sagart, “fé'n bhfreagra gheabhthá uaidh. Is duine ró dhoimhinn ró dhorcha é. D'á ghéire thabharfá tuairim fé'n gcaint a bhéadh le teacht uaidh, nuair a thiocfadh an chaint
bhéadh sí seacht míle ó'n dtuairim. Ach do gheallfainn duit go ndéarfadh sé rud éigin ná béadh coinne agat leis agus a bhainfeadh ded' bhonnaibh thú.” “Ní fheadar an tsaoghal, a Athair,” arsa Seághan “cad is maith dhom a dhéanamh.” “Ar inis Máire dhuit,” arsa 'n sagart, “cad dúbhairt Séadna léi an lá bhí sé thiar?” “Níor inis, a Athair,” ar seisean, “agus níor fhiafruigheas di é.” “B'fhéidir,” arsa 'n sagart, “dá mbéadh a fhios agat cad dúbhairt sé léi an lá san, go dtabharfadh san oiread eólais ar a aigne dhuit agus a chuirfeadh ar an mbóthar gceart tú sul a raghfá chun cainte leis.” “Tá go maith, a Athair,” ar seisean. “Fiafróchad anois dí é nuair a raghad abhaile, ar a shon nach maith liom trácht i n-aon chor léi air, le h-eagla go gcuirfeadh sé aon bhuairt uirthi agus go bhfillfeadh an lionn-dubh úd airís uirthi.” “Ní'l agat,” arsa 'n sagart, “ach an sgeul do tharang anuas chómh réidh, chómh neamhchuiseach agus is féidir é.”
Caibidiol a cúigdeug. D'imthigh Seághan Ceatach abhaile, agus nuair a fuair sé an chaoi do tharaing sé anuas an sgeul. “Ní'l aon tseó, a Mháire,” ar seisean, “ach a bhfuil de mhaitheas ag Séadna d'á dhéanamh ar fuid na dúithe, Ní fheadar an tsaoghal conus sheasuighean airgead dó. Isé mo thuairim ná fuil, nó gur beag má tá, aon duine bocht sa pharóiste anois ná fuil raint d'á chuid aige.” “Ní'l, a athair,” ar sise, “ná dá ndéarfá ins na seacht bparóistíbh is goire dhi. Bíon iongnadh mo chroídhe orm féin, leis, nuair airighim na daoine ag caint, conus ná fuil sé briste fadó. Ní 'n-a sgillingibh ná 'n-a phúntaibh atá an t-airgead ag imtheacht uaidh, ach i n-a fhichidibh agus 'n-a chéadaibh púnt.” “Is minic a bhím 'ghá chuimhneamh,” ar seisean, “gur mór go léir an iongnadh, é bheith 'ghá sgaoileadh uaidh ar an gcuma san. Dar ndóigh, d'fhéadfadh duine tairbhe dhéanamh, agus déirc a dhéanamh, agus carthanacht a dhéanamh, agus gan an éagcóir sin a dhéanamh air féin. Isé rud adeir a lán 'ná gurab ar éadtromacht atá sé.” “Ar éadtromacht!” ar sise. “Is deacair dul uatha. Dá mbéadh sé 'na spriúnlóir neamh-maitheach do gheabhaidís locht air. Déarfaidís go raibh sé ag déanamh an airgid le saint agus le cruadháil. Anois, nuair nach féidir saint ná spriúnlaitheacht a chur 'na leith, ní foláir a rádh gur ar éadtromacht atá sé. Is maith an bhail air gur ró bheag é a shuím 'na gcaint. Pé cúis atá aige le bheith ag déanamh na maitheasa, is dócha go bhfuil fios a aigne féin aige.”
“Tá daoine a déarfadh gur buairt aigne atá ag imirt air,” ar seisean, “buairt mhór éigin. Gur chuir sé ceangal nó geallamhaint nó rud éigin de'n tsórd san air féin, ceangal éigin nár thuig sé i gceart i n-am. Ansan nuair a thuig sé é féin agus fuair sé cad a bhí déanta aige, i n-inead aon iaracht do thabhairt ar é féin d'fhuasgailt, gurab amhlaidh a chuaidh sé i n-éadóchas ar fad.” D'éist Máire. Níor leig sí aon rud uirthi. Bhí iongnadh a croidhe uirthi. “Ní h-éidir,” ar sise 'na h-aigne, “gurab amhlaidh do sgéidh an bhaintreach!” “Ba chóir,” ar seisean, “dá mbéadh aon rud de'n tsórd san ar a aigne, go 'neósadh sé dhuit-se é an lá úd, i dtaobh a's gur ró bheag an uain a thug sé dhó féin ar phuínn d'innsint duit.” “Andaigh féin, ba chóir sin,” ar sise go neamhchuiseach. “Is dócha,” ar sise, “dá mbéadh rud d'á shórd ag déanamh buartha dhó, go dtabharfadh sé uain dó féin ar é dh'innsint, agus nuair nár thug, gur maith an cómhartha ná raibh.” Bhí stoca le n-a h-athair 'na láimh, agus í ag cur cléithe ann, agus ba dhóigh leat uirthi gur géire bhí a h-aigne ar an stoca 'na ar an gcaint. Is ar Sheághan a bhí an iongnadh ansan. “Níor inis sé riamh di é!” ar seisean i n'aigne féin. “Mhaise, is dócha,” ar seisean léi, “go bhfuil an ceart agat. Dá mbéadh sé ag déanamh buartha dhó do thabharfadh sé uain dó féin ar é dh'innsint.” “Seo,” ar sise. “Cuir umat anois é, go bhfeicead an mbéidh sé ad' ghortughadh.” Síle. — Am briathar féin gur mhaith an bhail uirthi nár leig sí amach é. Ní bhéadh an meas céadna go bráth airís agam uirthi, an dá lá 's an fhaid a mhairfeadh
sí, feuch! An rógaire! Nach áiseach a bhí an stoca aici! Aidhe mhaise, a Mháire, níor theip riamh ort. Gobnait. — Cad a dhéin Seághan ansan, a Pheig? Peig. — Chómh luath agus bhí caoi aige air, do bhuail sé soir chun tíghe an tsagairt. “Seadh, a Athair,” ar seisean, “táim níos daille anois ar an sgeul 'ná bhíos riamh.” “Conus é sin?” arsa 'n sagart. “Pé rud adúbhairt sé le Máire an lá bhí sé thiar, níor thrácht sé léi ar cheangal ná ar gheallamhaint phósta.” Ar éigin a bhí an focal as a bheul nuair d'airigheadar coiscéim ag déanamh ar an ndorus. Do bhuail chúca isteach — Diarmuid Liath féin! “Dé bheatha-sa, a Dhiarmuid!” arsa 'n sagart. “Go mairir, a Athair!” arsa Diarmuid. “Conus táir, a Sheághain?” “Go maith, slán a bhéir!” arsa Seághan. Dhéineadar raint cainte, caint ná raibh puínn suime ag aoinne acu inti. Fé dheire dúbhairt Diarmuid, “Dá mb'é do thoil é, a Athair,” ar seisean, “d'oirfeadh dhom beagán cainte dhéanamh leat.” “Ar mhisde leat-sa fanamhaint anso tamaillín, a Sheághain?” arsa 'n sagart. “Tá go maith, a Athair,” arsa Seághan. “Ná bacaidh mise.” D'imthigheadar isteach i seómra eile. D'imthigh tamaillín, agus d'imthigh tamall mór 'na dhiaigh. Fé dheire d'imthigh Diarmuid agus d'fhill an sagart. Isé a bhí ag feuchaint go greannmhar. “Seadh, a Sheághain,” ar seisean, “tá do cheist-se réidhtighthe, pé i n-Éirinn é.” “Conus é sin, a Athair?” ar seisean.
“Tá Sadhbh le pósadh,” arsa 'n sagart. “Mo ghraidhn mo shúil!” arsa Seághan. “Nach maith a bhí a fhios agam go raibh an greim dúid aici air agus ná sgarfadh sí leis!” “Ní le Séadna atá sí le pósadh,” arsa 'n sagart. Do stad Seághan, agus do leath a shúile air. “Ní le Séadna é, an eadh?” ar seisean. “Ní leis,” arsa 'n sagart. “Ní féidir liom a dhéanamh amach cé h-é féin. Deir Diarmuid gur duine uasal é agus gur aníos ó i n-aice an bhaile mhóir i mball éigin é, agus nach beag de sheó a bhfuil d'ór agus d'airgead agus de shaidhbhreas aige. Deir sé gur sa bhaile mhór a pósfar iad. Ní'l uaidh ach cead d'fhághail uaim-se go bpósfadh an sagart thíos iad. Bronnaim air iad go fonnmhar, geallaim dhuit é. Ní misde liom gan aon lámh a bheith agam sa ghnó. Tá eagal orm gurab olc an gnó é. D'iaras air an sgéal a chur ar gcúlaibh go ceann raint laetheanta go mbéadh uain agam ar thuairisg na h-áite thíos do chur, agus ar a dhéanamh amach cé h-é an duine uasal mór so go bhfuil an saidhbhreas go léir aige, agus cad é an chúis ná féadfadh sé bean d'fhághail thíos 'na dhúthaigh féin agus gan teacht chómh fada ó bhaile ar lorg mná. Ní thaithnean an sgéal ró mhaith leis an nduine mbocht féin, ach deir sé go bhfuil an gnó go léir socair ag Sadhbh agus ag an nduine uasal.” “Ar iompáil na n-each tig atharach na sgéal,” arsa Seághan. “Ní raibh de choinne agam leis an méid sin ach oiread agus bhí agam go dtuitfeadh an spéir uachdarach. Pé deire bhéidh ar an ngnó so, tá deire le caint Shadhbh i dtaobh aon éilimh a bheith aici ar Shéadna. Pé 'cu bhí greim geallamhna aici air nó ná raibh, go dtí seo, ní féidir dí a leigint uirthi níos mó go bhfuil, ná go raibh riamh. Is olc an ghaoth ná séidean do dhuine éigin.”
“Ná codail ar an gcluais sin, a Sheághain,” arsa 'n sagart. “Ní'l aithne cheart agat ar Shadhbh. Isí bean is dána d'ár bhuail riamh umam í. Ní chuirfeadh sé blúire iongnadh orm, dá mba rud é go dteipfeadh an gnó so uirthi, dá ráineóchadh go bhfágfadh an duine uasal so Baile Átha Cliath ar an mbóthar aici, í theacht os cómhair na dúithe airís chómh dána agus bhí sí riamh, 'ghá chur 'na luíghe orainn go léir go raibh fhiachaibh ar Shéadna í phósadh.” “Agus cé chreidfeadh í, a Athair?” arsa Seághan. “Is dócha,” arsa 'n sagart, “aoinne fheuchfadh isteach sa sgéal, ná creidfeadh sé í, ach is gnáth le daoine sgéal de'n tsaghas san do ghlacadh gan feuchaint chuige puínn. Níor ghéilleas féin riamh do ráidhtibh aoinne gur thug sé geallamhaint di, go dtí gur chuiris-se 'na luíghe orm é an lá deirineach úd a bhíomair ag trácht air. Agus táim deimhnightheach anois go raibh dearmhad ort. Táim lán-deimhnightheach, pé rud atá ag teacht idir Shéadna agus pósadh t' inghíne-se, ná bainean sé le Sadhbh agus ná bainean Sadhbh leis, olc maith ná donaídhe.” “Tá súil agam,” arsa Seághan, “go bpósfaidh an duine uasal so í, pé h-é féin. Níor mhór liom dó í. Dá mbéadh sí árduighthe leis go dtí an baile mór aige, ba mhór an suaimhneas ar an ndúthaigh é.” “Tá eagal orm, a Sheághain,” arsa 'n sagart, “nach mar mhaithe leis an nduine uasal bocht adeirir-se an méid sin.” “Dáltha an chait, a Athair,” arsa Seághan. “Mar mhaithe leis féin a dhéinean an cat crónán.” “Ach 'na thaobh san a's uile,” arsa 'n sagart, “ní fios cia'cu de'n bheirt, Sadhbh nó an duine uasal, is mó bhéidh beirthe ná caillte leis an bpósadh, má théidhean sé chun cinn. Má's duine uasal fóghanta é, is fada nár
tháinig ó'n mbaile mór aon amadán chómh críochnuighthe leis. Siní an cailín a thabharfaidh fios aitheanta a chreidimh dó sul a mbéidh sé abhfad pósta aici. Má's feallaire é, ní maithfear puínn dó. Má cheapan sé i n'aigne go dtiocfaidh leis smacht a chur ar Shadhbh, tá an dearmhad ar an bhfear mbocht is mó bhí riamh air. Níor cuireadh smacht ar Shadhbh i n-am. Do cailleadh a máthair sul a raibh sí bliaghain iomlán. Thug Diarmuid a slígh féin di go dtí go raibh sé ró dhéanach, go dtí go raibh sí imthighthe ó smacht.” “Ní dóigh liom gur cúrsaidhe smachta é, a Athair,” arsa Seághan. “Do cailleadh Aoibhlín orm-sa agus gan Máire bheag ach dhá bhliaghain. Níor chuireas aon smacht riamh ar an leanbh san. Do tugadh a slígh di, má tugadh d'aoinne é. Oiread agus labhairt árd léi níor déineadh é, ní áirmhighim focal feargach a labhairt léi, ná buille bhualadh uirthi. Agus feuch conus mar atá an sgéal againn. Chómh siúrálta agus tháir ad' shuídhe ansan, is túisge chuimhnighean sí ar an rud a bhíos uaim 'ná mar a chuimhnighim féin air.” “Gan amhras, a Sheághain,” arsa 'n sagart, “bíon grástamhlacht i ndaoinibh seachas a chéile, agus bíon an braon fóghanta i ndaoinibh seachas a chéile, agus an droch bhraon. Ach mar sin féin, chómh fada agus a théidhean an choitchiantacht, is fíor é an sean-fhocal agus ní sáróchar é, ‘Ní bhíon an rath ach mar a mbíon an smacht.’” Chomáineadar leó ar an gcuma san ag caint agus ag cur thré chéile, Seághan Ceatach go sásta i n'aigne agus go ró bhuidheach de'n duine uasal a tháinig chómh fada fá dhéin Shadhbh, agus an sagart go neamh-shásta i n'aigne le h-eagla nach aon chrích fhóghanta a bhéarfad gnó Shadhbh agus an duine uasail iasachta.
Caibidiol a sédeug. Lar na mháireach a bhí chúgainn, bhí aonach sa tsráid. Bhí Séadna ar an aonach le h-ualach bróg. Bhí Micil ar an aonach 'na sheasamh leis an ualach. Bhí máthair Mhicil ar an aonach ag díol muice raimhre agus ag ceannach céise. Bhí Seághan Ceatach ar an aonach, agus stoc mór de bhuaibh seasga aige le díol ó'n gcnoc. Bhí Máire Ghearra ar an aonach i dteannta a h-athar. Bhí an báille ar an aonach, chómh plucach, chómh caincíneach, chómh mórchúiseach, chómh géar-shúileach, chómh tárr-leathan, chómh colpach, chómh tur agus bhí Seághan an Aonaigh riamh. Dá bhfeicfeá ag déanamh ort é, ba dhóigh leat air gurab amhlaidh a bhí bharántas 'na phóca aige ad' choinnibh. Dá mba ná déanfá ach beannughadh dhó, d'fheuchfadh sé ort mar fheuchfadh sé ar dhuine a bhéadh chun a bhuailte. Bhí an uile shaghas eachradh ann, chómh h-iomadamhail agus bhí an chéad lá úd a tháinig Séadna ann chun capaill agus bó bainne do cheannach. Bhí lucht cleas ann, agus lucht rinnce, agus lucht ceóil, agus lucht cartaí, agus lucht pócaí do phiocadh. Bhí tíncéirí ann as gach áird idir chian agus cómhgar, agus is iad a bhí go buartha agus go bladhmanach, go droch mhúinte, go droch bhéasach agus go droch labhartha. Iad féin agus a mná agus a gclann ag dul i gcochall a chéile gur dhóigh leat go maireóbhaidís a chéile, agus 'na thaobh san ná marbhuighdís. Bhí lucht méaracán ann. Ach má 'seadh, ní raibh fear méaracán Shéadna ortha, nó má bhí, ní bhfuair Séadna aon radharc air. Do ritheadh an rás, fé mar a ritheadh an chéad lá. Bhí gach aoinne ag faire air. Nuair a bhí sé críochnuighthe
bhí gach aoinne ag ruith agus gach aoinne ag liúighrigh, ach má bhí, níor rith Séadna, ná níor liúigh sé. Ní túisge bhí an rás í leath-taoibh 'ná d'éirigh troid idir bheirt tíncéirí mar gheall ar cheannrach asail. Do phreab tíncéir ba threise 'ná aoinne acu eatortha isteach. Do chuir sé ó chéile iad agus do thóg sé féin an cheannrach. Le n-a linn sin d'airigh Séadna na daoine 'na thímpal ag cogarnaigh. “Feuch! feuch! feuch!” ar siad. D'fheuch sé sa treó i n-a rabhadar-san ag feuchaint. Cé chífeadh sé ag gabháil anuas lár páirce an aonaigh, agus an t-aonach ag déanamh slíghe dhóibh, ach an bheirt — Sadhbh agus an duine uasal iasachta! Bhí culaith chraoidhearg ar dearg-lasadh ar Shadhbh, ó mhullach talamh. Bhí culaith éadaigh uasail air-sean, agus isé a bhí go piocaithe bearrtha, go cúmtha córach cothuighthe cumasach deagh-chroicinn. Do leath a shúile glan ar Shéadna nuair a thánadar 'na chómhgar. B'é an duine uasal céadna é ar ar eitigh sé an t-airgead agus ar ar thug sé “cladhaire díomhaoin”! Ní fheidir sé ó thalamh an domhain cad ba mhaith dhó a rádh ná a dhéanamh. Níor dhéin sé ach stad mar a raibh aige agus éisteacht. Do bhuaileadar thairis, an pháirc síos, i ngoireacht trí ráinní dhó, gan feuchaint air, gan é thabhairt fé ndeara ach chómh beag agus dá mba ná béadh sé ann i n-aon chor. Do bhuaileadar suas ar an dtaobh eile de'n pháirc, na daoine ag osgailt na slíghe rómpa, agus ansan ag síneadh na méar fútha, agus ag crothadh a gceann, agus ag dul ins na tríthíbh. Nuair a chonaic an tíncéir mór iad do stad sé ag feuchaint ortha, agus srian an asail ar a chuislinn aige. Nuair a bhíodar imthighthe thairis d'éaluigh sé 'na ndiaigh agus tharaing sé an tsrian ortha fé mar a bhéadh sé chun a mbuailte, ach
ní baoghal gur bhuail, ná gur mhothuigheadar é, ach ba dhóigh leat go dtuitfeadh an t-anam tur te as na daoine a bhí ag feuchaint ar an spórt. Ní bhfuair Séadna aon tsult ann. Bhí iomarca iongnadh air. “A Mhichíl,” ar seisean le Micil, “imthigh suas chómh géar agus tá sé ad' chosaibh, agus abair le Diarmuid Liath go n-oirean dom labhairt láithreach leis.” Do ghluais Micil. Sul a raibh sé leath na páirce suas do bhuail Diarmuid uime, agus d'fhilleadar. “Cé h-é sin i n-aonfheacht le Sadhbh?” arsa Séadna. “Ambasa, a Shéadna,” arsa Diarmuid, “ní'l puínn aithne agam-sa air, ach gur duine uasal é ó i n-aice an bhaile mhóir.” “Cad é an ainim atá air?” “Síogaidhe mac Giolla Phádraig a thugaid a mhuíntir air.” “Cé h-iad a mhuíntir?” “Triúr eile uaisle a tháinig le n-a chois.” “Cad a thug anso iad?” “Thánadar ar an aonach.” “Cad chuige?” “Ag ceannach eachradh do'n rígh.” “Cathain a thánadar?” “Um thráthnóna arú indé.” “Cár chaitheadar an aimsir ó shin?” “Bhídís amuich formhór an lae, ach is agam-sa thugaidís an oídhche.” “Cad é an fuadar é seo fé Shadhbh?” “Cleamhnas atá socair idir í féin agus Síogaidhe mac Giolla Phádraig.”
“Cá bhfios duit ná fuil bean cheana ag an nduine uasal san?” “Siné díreach adubhairt an sagart aréir nuair a bhíos ag caint leis. Ach dúbhart-sa leis ná raibh uaim ach cead dh'fhághail uaidh do shagart éigin sa bhaile mhór chun iad a phósadh. Gan amhras, ní iarfadh sé an cead san dá mbéadh sé pósta agus bean cheana sa bhaile mhór aige.” “Tuigim,” arsa Séadna. “Cé dhéin an cleamhnas?” “Is amhlaidh a bhíodar ag magadh agus ag caitheamh aimsire dhóibh féin an chéad oídhche. Gach aoinne acu 'ghá áiteamh ar an gcuid eile gur thúisge phósfadh Sadhbh é féin 'ná aoinne dhíobh-san. — ‘Cuirimís ar chrannaibh é,’ arsa duine acu. — ‘B'fhéidir ná tógfadh sí an t-é go dtuitfeadh an crann air,’ arsa duine eile acu. Chuir- eadar chuici an cheist. — ‘Tógfad,’ ar sise, ‘má thuitean an crann ar an bhfear a thaithnfidh liom.’ Fuaradar go léir ana shult sa méid sin. Do cuireadh ar chrannaibh é, agus do thuit an crann ar an bhfear a chonaicís le n-a cois ó chianaibh. Cheapamar uile ná raibh ann ach magadh, ach am briathar gur ghlac seisean de chroídhe dháiríribh é. Nuair a mheas Sadhbh tarang as, ‘Ambasa, a 'nghean ó,’ ar seisean, ‘ní dhéanfaidh san an gnó dhuit. Dúbhraís go dtógfá an t-é air go dtuitfeadh an crann, dá dtuitfeadh an crann ar an bhfear a thaithnfeadh leat. Tóg mé anois, nó abair ná taithnim leat.’ B'é deire an aighnis é gur déineadh an cleamhnas.” “Ar ceannuigheadh puínn capall do'n rígh?” arsa Séadna. “An oídhche thánadar,” arsa Diarmuid, “thugadar dhom, le cur i gcoimeád, bosca mór iarainn agus é lán go bara d'ór bhuídhe. Bhí muirighean mo dhá lámh ann. Ar maidin indiu do líonadar a bpócaí as, ag
gabháil amach dóibh. Nuair a bhíodh raint capall ceann- uighthe acu agus díolta asta, agus iad féin agus a ngiollaí curtha ar bóthar acu, d'fhillidís agus bheiridís tuille de'n ór leó, agus cheannuighdís tuille. Fé dheire bhí an bosca folamh. Nuair a bhíodar ag díol as an raint déanach, bhí trí chéad púnt i n-easnamh ortha. Ní raibh sé oireamhnach agam-sa, ach bhí sé ag Sadhbh, agus thug sí dhóibh é ar iasacht go dtí go mbéidís go léir i bhfochair a chéile sa bhaile mhór.” “A Mhichíl,” arsa Séadna, “glaoidh ar an mbáille chúgam. Tá sé ar an aonach.” “Siné thuas é,” arsa Micil, “ag caint le Seághan Bolg ua Dála. Béidh sé anuas chúgat láithreach agam.” Tháinig an báille. “An 'mó fear agat?” arsa Séadna. “Ní'l ach fear agus fiche,” arsa 'n báille. “Cruinnigh iad láithreach tímpal tíghe Dhiarmud' Léith,” arsa Séadna. “Tá ceathrar bitheamhnach ann agus tá an t-aonach creachta acu.” Chuir an báille fead as agus phreab sé chun siúbhail. Is beag ná gur thuit Diarmuid. “Is fearra dhuit gan dul fé dhéin an tíghe go fóil,” arsa Séadna. “Ní'l siad súd gan arm faobhair, agus má théidhean an sgéal dian ortha béidh fuil acu. Fág fé Chormac iad. Tá cleas ar an mbata draighin úd aige a bhain fear láidir d'á bhonnaibh go minic.” “Cá bhfios duit an bitheamhnaigh iad?” arsa Diarmuid. “Sean-aithne bheith agam ar duine acu. An fear úd a bhí le Sadhbh ag siúbhal an aonaigh ó chianaibh, tháinig sé ag lorg airgid ar iasacht chúgam tá raint bliaghanta ó shin ann. Nuair eitigheas an t-airgead air, dúbhairt sé go raibh ocras air. Níor chreideas focal uaidh, agus bhí a fhios aige nár chreideas. Do leig sé air ó chianaibh
nár aithin sé mé, ach d'aithin chómh maith díreach agus d'aithnigheas-sa é. Má thagan Cormac suas leis curfar deire le n-a chúrsaíbh agus le n-a chuid uaisleachta go ceann tamaill.” Le n-a linn sin d'airigheadar an liúgh fhiaigh i dtreó tíghe Dhiarmuda suas. Do bhris ar an bhfoidhne ag Diarmuid. “Ó!” ar seisean. “Marbhóchar Sadhbh bhocht eatortha!” Agus do rith sé chómh maith agus bhí rith ag an nduine mbocht. Do rug Séadna ar chuislinn air. “Ní'l baoghal uirthi,” ar seisean, “ach ní mar sin duit-se. Béidh an t-aonach bailighthe ansúd láithreach. Ní'l aoinne atá caillte leó súd ná béidh ag cur ortha. Is fearr as an slígh thusa, le h-eagla go ndéarfadh duine éigin go raibh rún a ngnótha agat, agus go n-iompóchadh na daoine ort.” “Dia le m'anam!” arsa Diarmuid. “Cad a chas am' treó iad i n-aon chor?” “Do chas airgead Shadhbh,” arsa Séadna. “Ní raibh aon bheart eile acu le n-a dtiocfaidís air.” “Tá an liúighreach ag stad. Táid siad ag dul chun suaimhnis. Téidhmís suas,” arsa Diarmuid. “An bhfuil deire na mbróg díolta, a Mhichíl?” arsa Séadna. “Tá, ach beagán,” arsa Micil. “Gaibh an capall, má 'seadh, agus comáin leat abhaile,” arsa Séadna.
Caibidiol a seachtdeug. Ghluaiseadar ortha suas, Séadna agus Diarmuid Liath, cos ar chois, go tigh Dhiarmuda. Ní raibh rómpa ann ach cruinniughadh ban agus leanbh agus seandaoine, agus an tíncéir mór 'ghá léiriughadh dhóibh cad a bhí tar éis tuitim amach. “Cad é sin adeir sé?” arsa Diarmuid le duine acu. “Deir sé,” arsa 'n duine, “gurab amhlaidh atá Sadhbh fuaduighthe ag muíntir an rígh, agus go bhfuil Cormac an Chaincín agus a mhuíntir imthighthe 'na ndiaigh ar cos-anáirde chun í bhaint díobh, agus í thabhairt leó abhaile, mar go raibh sí féin agus Cormac réidh chun a bpósta.” Chuadar isteach. Ní raibh aoinne rómpa istigh. Chuir- eadar lámh ar dhorus an tseómra. Bhí sé daingean ó'n dtaobh istigh. D'fheuchadar ar a chéile. “Osgail an dorus, pé duine atá ansan!” arsa Diarmuid. “Dún-sa dorus an tíghe ar dtúis,” arsa Sadhbh — isí a bhí ann. Do dhún. D'osgail sí an dorus agus thaisbeáin sí dhóibh í féin, agus an clóca dearg uirthi, agus sgeón inti. “Cad é an donas é seo,” ar sise, “atá ag eiríghe dos na daoine go léir, nó an ag imtheacht as a meabhair atáid? Bhíos am' shuídhe sa chathaoir sin ansan. Bhí Síogaidhe imthighthe amach feuchaint an bhfeicfeadh sé thusa. Ní raibh sé ach ar éigin imthighthe a' radharc an doruis nuair airigheas an choisidheacht agus an gleó agus an t-eirleach amuich. D'fheuchas amach, agus cad do chífinn ach an t-aonach ag déanamh ar an ndorus i n-aon tsluagh
amháin. An báille ar tosach agus a chlaidheamh ar tarang aige 'na láimh dheis agus a bhata draighin 'na láimh chlé, bior ar a dhá shúil agus fásgadh 'na bheul. Do léimeas chun an doruis a dhúnadh, ach bhí sé ró thapaidh dhom. ‘Ní baoghal duit, a Shadhbh,’ ar seisean, agus siúd siar sa tseómra é, agus beirt nó triúr i n- aonfheacht leis. Do rop sé na leapacha agus do rop sé fútha. An fhaid a bheitheá ag dúnadh do shúl bhí sé féin agus iad-san amuich airís. D'iompuigh sé ar na fearaibh. ‘D'imthigheadar,’ ar seisean. ‘Leanam iad!’ Ansan do cuireadh an liúgh suas go mb'éigin dom mo mhéireana do shádh am' chluasaibh.” “Feuch,” arsa Séadna. “Tá cuid de'n airgead agam-sa. Fuaras é i ndíol na mbróg.” Agus do tharaing sé aníos as a phóca cúpla píosa óir. Do rug sé ar cheann acu agus chimil sé de mhuinichle a chasóige é ar feadh tamaill. Ba ghearr gur imthigh an dath breagh buídhe, agus gur tháinig i n-a inead dath glas luaidhe. Dá bhfeicfeá an dá shúil a tháinig do Shadhbh nuair a chonaic sí an méid sin! “Cá bhfuaradh é sin?” ar sise. “Do fuaradh,” arsa Séadna, “sa bhosca úd a tugadh dhuit-se le cur i gcoimeád. Dá mb'áil leó tuille de'n dath a chur suas ní móide go bhfaighfí amach chómh luath an gnó a bhí ar siúbhal acu. Is truagh ná raibh Cormac cúpla neómat níos túisge. B'fhéidir go dtiocfadh sé suas leó fós.” “Ní thuigim cad tá ar siúbhal agat,” arsa Sadhbh. “Isé atá ar siúbhal agam,” arsa Séadna, “go raibh ceathrar bitheamhnach ar lóisdín anso agat. Gur airgead bréagach a bhí sa bhosca. Gach ar ceannuigheadh de chapaillibh ar an aonach indiu, gur airgead bréagach a díoladh asta. Gur do'n rígh a ceannuigheadh formhór ar
ceannuigheadh de chapaillibh indiu, agus go bhfuil an dúthaigh creachta. Siné atá ar siúbhal agam.” D'iompuigh sí uaidh. Thugadar fé ndeara a cosa ag imtheacht uaithi. Do rug a h-athair idir a dhá láimh uirthi Mura mbéadh san do bhí sí ar an úrlár acu 'na cnaipe. Síle. — An cailín bocht! Trí chéad púnt imthighthe! Ba mhór a' sgrupal é! Nóra. — Ar chuaidh sí i laige, a Pheig? Peig. — Am briathar gur chuaidh, agus go raibh a h-athair tamall maith ag greadadh a bas agus ag caitheamh uisge uirthi sul a dtáinig sí chuici féin. Agus nuair a tháinig, isé céad fhocal a labhair sí, “Airiú, greadadh chúgat!” ar sise, “cad is gádh dhuit mé bhasgadh agus mé bháth? Cad dob' áil leat-sa anso?” ar sise le Séadna. “Imthigh leat abhaile,” ar sise. “Ní'l aon ghnó anso agat.” Níor leig seisean air gur labhair sí. “Tá eagal orm,” ar seisean le Diarmuid, “má bheirtear ortha, gurab olc a raghaid siad as. Tá fearg ar Chormac. Is dóigh liom nach foláir nó go bhfuil rud éigin fóghanta beirthe uaidh acu. Ní fheaca riamh ag dul chun gnótha é le h-oiread binibe. Bhí sórt eagla ar a ghárda féin roimis. Geallaim dhuit gurab iad a bhí go tugtha agus go h-ollamh agus go h-imghníomhach, agus nach baoghal gur thug aoinne acu gach-re-seadh dhó. Ní bhéinn i gcás an fhir mhóir úd ar rud ná déarfainn, má tagtar suas leis.” “Níor bhuail a leithéid de mhí-ádh riamh mé,” arsa Diarmuid. “Ar an áit seo do rugadh agus do tógadh mé, agus m'athair rómham, agus mo shean-athair. Ní raibh luach feóirlinge riamh le cur am' leith, ná i leith aoinne des na seacht sínsearaibh a tháinig rómham. Ó! Ó! Ó! A bheith de chrann agus de phláinéid orm iad a
bhualadh chúgam an dorus isteach gan chuireadh gan iaraidh! Iad do thabhairt a n-aghaidh ar an dtigh seo seachas aon tigh eile sa tsráid 'ná i gcómhgar na sráide! Cad déarfaid na cómharsain ach gurab amhlaidh a bhí rún a ndroch bheart agam, agus gurab amhlaidh a bhíos ag cabhrughadh leó? Má theipean ar Chormac teacht suas leó, — an mhuíntir go bhfuil a gcuid caillte acu tar éis an lae, má's filleadh anso dhóibh agus a gcuaird i n-aistear acu, déarfaidh gach aoinne gur mise fé ndear é, mura mbéadh gur thugas rabhadh dhóibh ná béidís imthighthe chómh tapaidh. Ní fágfar cleith os cionn mo chinn, ná aon chnámh slán am' chorp. Aililliú! Cad é mar mhí-fhortiún! Cad é mar thubaist! Cad tá le déanamh agam i n-aon chor, i n-aon chor? Is cruaidh an sgéal é i ndeire mo shaoghail! Ó! A chreach láidir é! A chreach láidir é! Cad a dhéanfad? Cad a dhéanfad?” “Do bheul dh'éisteacht agus gan bheith 'ghár mbodha- rúghadh, isé a dhéanfair,” arsa Sadhbh. “Ní thú atá caillte leis, ach mise. Má gheibhim fám' lámhaibh é, stracfad an dá shúil amach as a cheann. Agus dáltha an sgéil, cad é an srangán a bhí fá d'theangain-se,” ar sise le Séadna, “nár labhair agus sinn ag gabháil thart páirc an aonaigh síos? Mar 'dh eadh nár thugais fé ndeara sinn! Thugais go dian mhaith. D'á fheabhas a leigis ort gan feuchaint orainn, do chonac-sa do shúil mhillteach orainn. Cad 'na thaobh nár labhrais an uair sin? Ní raibh mo chuid airgid tabhartha agam-sa dhó an uair sin. Cad a choimeád do bheul dúnta? Bhí do theanga bog go leór agat nuair a bhí sé ró dhéanach. Bhí sé chómh saor agat labhairt an uair sin agus bhí sé agat labhairt 'na dhiaigh san. Pé donas greama atá agat ar Chormac nach beag duit cogar a thabhairt dó chun
é chomáint as a mheabhair, bhí sé chómh maith agat an cogar a thugais 'na dhiaigh san dó a thabhairt an uair sin dó, dá mba mhaith leat an gnó a dhéanamh sa cheart. Níor dhéinis. Do sgaoilis thart an aimsir go dtí go raibh mo chuid airgid tabhartha uaim agam, agus an cladhaire imthighthe. Ní fhéadfadh duine d'á aicme féin an sgéal a shocarughadh dhó níos deise 'ná shocaruighis dó é. Pé ball 'na bhfuil sé anois, ní foláir nó tá sé buidheach díot. Daoine 'ghá mhaoidheamh gur bhuadhais-se ar an saoghal mór le géar-chúis! 'Seadh go díreach!” An fhaid a bhí an méid sin cainte ar siúbhal, bhí Séadna na sheasamh ar aghaidh na beirte amach. A dhá láimh lastiar d'á dhrom. É ag feuchaint anonn ar an bhfalla, agus gur dhóigh leat go raibh radharc tríd an bhfalla aige ar rud éigin a bhí lastiar de. A dhá shúil ar dian- leathadh, agus gur dhóigh leat ortha gurab amhlaidh a chídís radharc éigin ná feiceadh súile aon duine eile. Gan cor aige dh'á chur d'á cheannachaibh. Gan cor aige dh'á chur d'aon bhall d'á bhallaibh beatha, ach chómh beag agus dá mbéadh sé gan anam gan anál. Nuair a chíodh daoine sa mhachtnamh san é, bhíodh sórt sgáth agus eagla ortha roimis. D'fheuch Sadhbh air. D'éist sí, d'á mhéid buinne bhí fúithi. D'fheuch sí airís air, agus am briathar gur dhruid sí uaidh anonn tamall. Níor dhóigh leat air-sin gur airigh sé focal uaithi an fhaid a bhí sí ag caint, ná gur thug sé fé ndeara gur stad sí, ná gur dhruid sí uaidh. Bhí tuitim na h-oídhche ann. Bhí Cormac agus a mhuíntir gan filleadh. Bhí cuid de na daoínibh d'imthigh leó agus nár fhéad coimeád suas leó, ag teacht tar n-ais i ndiaigh chéile. Cuid acu 'ghá rádh go raibh beirthe ar na bitheamhnaigh agus cuid acu 'ghá rádh ná raibh. Bhí gasra acu bailighthe ar lár an bhóthair ar aghaidh tíghe
Dhiarmuda amach. Iad ag aighneas agus ag áiteamh ar a chéile. An tíncéir mór eatartha istigh agus é 'ghá gceistiughadh. Phreab Séadna as a mhachtnamh. “A Dhiarmuid,” ar seisean, “dún an dorus so am' dhiaigh agus daingnidh go maith é;” agus siúd amach é agus isteach i lár na muintire a bhí ag caint. “Ar rugadh ortha?” ar seisean. “Do rugadh,” arsa duine. “Níor rugadh,” arsa duine eile. “'S dó, deirim-se gur rugadh,” arsa 'n chéad duine. “Ná feacaidh mo dhá shúil lámh Chormaic ar sgórnaigh an fhir mhóir úd a bhí ag siúbhal an aonaigh indiu i dteannta Shadhbh Dhiarmuda? An é radharc mo shúl do mheasfá bhaint díom?” “Dáltha an sgéil,” arsa 'n trímhadh duine, “ní fheadar cad do bheir Sadhbh Dhiarmuda ag siúbhal an aonaigh 'na theannta.” “Ní fheadar-sa ach chómh beag leat,” arsa 'n ceathramhadh duine, “ná ní fheadar cad do bheir ag tigh Dhiarmuda i n-aon chor iad, isteach 's amach ann, gur dhóich leat gur leó an áit. Siné dhall mé, agus daoine nach mé. Nuair chonac iad chómh dána i dtigh Dhiarmuda ní raibh blúire droich iontaoibhe agam asta. Do rugadar bramach breágh uaim. Bhéinn lán tsásta dá bhfaighinn deich bpúint fhichid air. Nuair airigheas an t-éirleach go léir d'á dhéanamh, agus an t-airgead mór thar na beartaibh d'á thabhairt ar aon rud i bhfuirm capaill, bhí iongnadh mo chroídhe orm. D'airigheas na daoine 'ghá rádh ná raibh ionta ach ceannuighthe. Go raibh airgead an rígh acu. Go bhfuaradar go bog é agus ná raibh d' fhonn ortha ach é leigint uatha go bog. Dúbhart liom féin, nídh
nár bh' iongnadh, go raibh sé chómh maith agam mo tharang do bheith agam as ó thárla an chaoi agam. D'iaras trí fichid. Fuaras é láithreach. Lán mo phóca de phláitíníbh luadha! Táim creachta acu! Mo bhramach breágh calma gur chaitheas an bhliaghain 'ghá chothúghadh! Mura mbéadh mé 'ghá bhfeiscint ag déanamh chómh dána ar thigh Dhiarmuda Léith ní bhuailfidís an bob san orm.” “Siní an chaint!” arsa duine eile, agus fearg 'na ghlór. “Do buaileadh an bob céadna orm-sa, agus mura mbéadh Diarmuid Liath agus Sadhbh ní buailfí!” “Tuille 'n donas chun Diarmuda,” arsa Séadna, “nár fheuch roimis. D'fhágadar beó bocht é féin agus Sadhbh.” Agus d'inis sé dhóibh tríd síos, ó thusach go deire, an sgéal, díreach fé mar thuit sé amach. “Is é crích an sgéil é,” ar seisean, “go bhfuil eagal orm go n-eirgheóchaidh a chroídhe ar Dhiarmuid mura bhfuil eirighthe cheana aige air, agus go n-imtheóchaidh Sadhbh bhocht le craobhachaibh. Trí chéad púnt imthighthe! Ar chnuasaidh an bheirt riamh! Ní cuimhin liom a leithéid de sgrios. Ní fheadar ó thalamh an domhain cad dhéanfaid siad.” “Dar fiadh!” arsa fear an bhramaigh, “d'á olcas atá an sgéal againne is measa acu-san é. Mura mbéadh tú 'ghá rádh ní chreidfinn focal dé. Ach dar ndóich ní foláir nó tá an fhírinne agat. Cad eile bhéarfadh amach í 'na gaosadán ag siúbhal an aonaigh leis agus an clóca dearg úd uirthi, ach gur cheap sí lom dáiríríbh go raibh an cleamhnas déanta?” “Ins an mbaile mór iseadh bhí an pósadh le déanamh,” arsa 'n tíncéir mór. “Ní dhéanfadh aon áit ba chómh- garaíghe an gnó. Ologón ó! Is fada mé ar an saoghal agus is 'mó bob glic do buaileadh orm le m' ré, ach a leithéid sin de bhob ní fheaca riamh fós dh'á bhualadh go dtí indiu, agus ní dócha go bhfeicfead airís.”
“Ciacu is mó na bobana a buaileadh ort nó na bobana a bhuailis?” arsa fear an bhramaigh. “Fágaim le h-uadhacht,” arsa 'n tíncéir, “nach cuimhin liom gur bhuaileas aon bhob ar aoinne riamh. Ní cuimhin go deimhin.” Dúbhairt sé an chaint chómh leanbaídhe sin gur sgairt a raibh láithreach ar gháirídhibh. D'airigh Sadhbh na gáirídhe agus má airigh cheap sí do phreib gur fúithi féin a bhí an magadh, óir bhí sí d'éis cainte Shéadna do chloistin agus é ag innsint chúrsaí an chleamhnais. Bhí náire agus fearg a dóithin uirthi an fhaid a bhí sí ag éisteacht leis, ach nuair airigh sí an sgairteadh gáire ó n-a raibh ar an mbóthar d'eirigh sí ar buile. Siúd amach í agus dhírigh sí ortha. Thug sí aghaidh na muc a's na madraí ar Shéadna airís mar nár labhair sé i n-am, sul a raibh a cuid airgid imthighthe ag an “Síogaidhe” úd. Ansan thug sí aghaidh na muc a's na madraí ar an dtíncéir, mar gheall ar bheith ag magadh fúithi. “A phlubaire na gcorcán mbriste!” ar sise, “níor tháinig sé chun baile dhuit féin ná d'aoinne a bhain leat ins na seacht sínsearaibh a rádh go mbeitheá ag magadh fúm-sa.” Ansan do thug sí aghaidh ar fhear an bhramaigh mar do sgairt sé ar gháirídhibh nuair chonaic sé an oíde a tugadh ar an dtíncéir. “Is ró bheag an sgéal,” ar sise, “é dh' imtheacht ort-sa mar dh' imthigh, agus dá n-imthigheadh sé níosa seacht measa ort. B'fhuirisde dhuit a aithint, nuair taraingeadh trí fichid púnt duit ar do bhraimín giobalach, gorta, droich-mhianaigh, nár dhuine mhacánta tharaing riamh air a leithéid d' airgead. Ní raibh leigheas agat air. Bhí an tsaint ró láidir istigh ad' chroídhe. Trí fichid púnt ar stuthairín bramaigh gan crot air, gan blúire foluígheachta ann, ach oiread le sean chaora! Greadadh chúgat, a spreallairín! Murab ort atá an chaint!”
“Éist, a Shadhbh!” arsa fear an bhramaigh. “Ná bíodh ceist ort. Tá sé buailte isteach am' aigne, agus a raibh de dhaoinibh gan chiall ar an aonach so indiu, nach foláir nó is ró ghearr go bhfaghfar i mball éigin ar a measg amadán do phósfaidh gan spré thú.” Airiú, do léim sí as a corp, agus sul a raibh a fhios aige cad a bhí chuige bhí an dá láimh go daingean aici 'na chuid féasóige agus í 'ghá stathadh. Do stath sí anonn é agus do stath sí anall é. Chuir sé a trí nó a ceathair de bhéiceanaibh as, mar chuirfeadh gamhain bolláin le linn na sgéine do chur ar a sgórnaigh. Níor bhuail sé í, cé gur mhór an fhoidhne aige é. Chuir sé an dá láimh léi agus do chaith sé uaidh amach í agus do rith sé leis féin. Ní folamh a thug sise na méireana léi. Ba dhóich leat go dtuitfeadh an t-anam tur teith as a raibh láithreach nuair chonacadar an folathachtadh a fuair fear an bhramaigh agus nuair chonacadar an fhéasóg ar mhéireanaibh Shadhbh. Le n-a linn sin bhí na daoine ag filleadh níos líonmhaire ó leanmhaint na mbitheamhnach. Fé mar thigidís bhíodh gach aoinne acu 'ghá fhiafraighe cad fé ndeár an sult nó cad a bhí ar siúbhal. Ba ghearr gur chuireadar a ndeacraí féin as a gceann agus gur luigh an chaint agus an trácht agus an cómhrádh go léir ar an matalong a bhí imthighthe ar Shadhbh agus ar Dhiarmuid Liath. Síle. — Go deimhin, a Pheig, is dócha mura mbéadh san go n-imtheóchadh ortha mar adúbhairt Diarmuid féin, go marbhóchaí iad nó go loisgfí sa tigh iad 'na mbeathaigh. Cáit. — Mura mbéadh Séadna bhí an sgéal go h-olc acu. Síle. — Conus é sin, a Cháit? Dar ndóich má dúbhairt sé le Diarmuid an dorus do dhúnadh nár osgail Sadhbh féin é?
Cáit. — Ba chuma dúnta nó osgailte é mura mbéadh a ghlice chuir Séadna cúrsaí an chleamhnais agus na dtrí gcéad bpúnt i mbéalaibh na ndaoine. Siné shaor iad ó dhíbhfeirg na ndaoine. Peig. — Agus bíodh nár thuig Sadhbh é, thug sí árd chongnamh do Shéadna sa sgéal. Nuair bhíodar ag feuchaint uirthi agus ag éisteacht léi ar feadh tamaill isé a dúbhradar le n-a chéile 'ná go raibh sí ag imtheacht as a meabhair glan. Tháinig beirt bhan d'á cómharsanaibh agus bhailigheadar leó isteach í. Ansan do leath an ráfla go raibh sí ar dearg-bhuilc agus go mb'éigean í cheangal. Chuir san ó bhaoghal ar fad iad. Chreid gach aoinne ná rabhdar ciontach i ngnó na mbitheamhnach agus ná raibh aon rún acu air, agus ná raibh aoinne ba theinne do fágadh 'ná iad.
Caibidiol a h-ochtdeug. Bhí an oídhche ag imtheacht agus ní raibh Cormac ag filleadh ná aon tuairisg chruinn uaidh. Na daoine do chaill a gcuid, bhí ceist agus ceann-fé agus náire ag teacht ortha. An focal úd adúbhairt Sadhbh le fear an bhramaigh, d'airigheadar é agus do thuigeadar 'na n-aigne go raibh an ceart aici. Ní raibh aoinne acu féin nár oir an chaint dó, chómh cruinn agus d'oir sí d'fhear an bhramaigh. Bhí a fhios acu ná raibh puínn truagha ag daoinibh dhóibh, agus ní raibh puínn truagha acu féin d'á chéile. D' inis a dtuisgint féin dóibh, nuair a tugadh an t-airgead mór dóibh ar na capaillibh, go raibh breis mhór agus a gceart acu d'á fhághail, — agus ghlacadar é. Ar ball nuair a tháinig an fhírinne amach do thuigeadar 'na n-aigne nár imthigh ortha ach an rud a bhí tuillte acu, mar gur thugadar toil do'n droch bheart. Bhíodar ag bailiughadh leó agus ag imtheacht abhaile, go dúr agus go dochraideach, go do-shásta agus go díombádhach, go leamh díobh féin agus de chuaird an lae acu. Síle. — Feuch gurab iomdha cuma i n-a ndéintear airgead bréagach d'éaghmuis é dhéanamh de licíníbh slinne, le diablaidheacht. Cáit: — Feuch féin sin. Agus feuch, leis, gurab anamh le fághail duine bhéadh chómh macánta san go dtiocfadh sé i gcionn seachtmhaine chun an airgid chirt do chur i n-inead an airgid bhréagaigh, mar tháinig Micheál Réamoinn. Gobnait. — Agus dáltha an sgéil, feuch gur beag d'á bhuidhchas a bhí air. Bhí “a chuid a's a chlú aige” ag imtheacht dó.
Cáit. — Ciacu clú, a Ghobnait, clú na macántachta nó clú na diablaidheachta? Gobnait. — Maith an áit go rabhais, a Cháit. Creidim go raibh an dá chlú aige ag imtheacht dó. Nóra. — Ní fheadar, a Peig, an raibh aon tsúil go dtiocfadh an duine uasal thar n-ais chun airgid chirt do thabhairt dos na daoinibh gur thug sé an t-airgead bréagach dóibh. Peig. — Is eagal liom, a Nóra, dá dtigeadh, go ndéarfadh na daoine céadna san go raibh sé chómh mór ar buile agus cheapadar Sadhbh féin do bheith. Gobnait. — Maise, a Pheig, nach breágh bog réidh a dhéinean Nóra iaracht beag magaidh fúinn! “Ní fheadar an raibh aon tsúil go dtiocfadh sé thar n-ais,” ar sise, chómh maith agus dá mbéadh aon bhlúire d'á mhearbhall uirthi ná raibh aon tsúil i n-aon chor le n-a leithéid. Nóra. — Ó! am briathar 's ambasa, a Ghobnait, agus gan droch nídh ar mh'anam, gur de chroídhe dháiríríbh atáim, feuch! Sidé atá orm. Do dhéin Micheál Réamoinn airgead le diablaidheacht de licínibh slinne agus thug sé do mhnaoi an tabhairne iad chun a hata dh'fhághail uaithi. Ní raibh sé sásta, ámh, i n-a aigne gan teacht airís i gcionn seachtmhaine agus airgead dleaghthach do thabhairt chuici, agus ní raibh aon iongnadh 'na thaobh air féin ná ar aoinne eile. Ach dá bhfillfeadh an duine uasal úd agus airgead fírinneach do thabhairt dos na daoinibh gur thug sé an t-airgead bréagach dóibh, déarfaidís go raibh sé chómh mór as a chéill agus cheapadar Sadhbh do bheith. Siné atá orm. Peig. — Sdó feuch, a Nóra, tá so de dheifrígheacht idir
an dá sgéal. Fear macánta dob' eadh Mícheál Réamoinn pé diablaidheacht a bhí aige, ná ná raibh. Bitheamhnach dob' eadh an duine uasal úd, pé uaisleacht a bhí aige, ná ná raibh. Cáit. — Am briathar mhóide gurab é mo thuairim féin gurab iad na h-uaisle móra na bitheamhnaigh is mó. Sin é an duine uasal san do chuir amach na 'c Eóghnaigh. Tá sé ráidhte go bhfuil deich míle púnt sa mbliaghain aige thall i Sasana. Ní shásóchadh san é gan teacht anso anall chun na g'c Eóghnach mbocht agus iad do chaitheamh amach fé'n gclagar oídhche Nodlag. Bhí an tsean lánmha ann agus an lánmha óg agus naonbhar clainne. Cómhnaoís do Pheig an t-é ba shine acu, agus ní raibh an leanbh dob' óige ach trí seachtmhaine. Nuair bhíodar go léir amuich agus an fhearthainn ag tuitim 'na taoisgeanaibh ortha, do dhéin Seaghán óg mhic Eóghain sgailp i gcoinnibh an chlaidhe mar fhoithin dóibh. Tháinig an duine uasal agus do leag sé an sgailp. Nóra. — Ó! Dia linn! a Cháit, ní dócha gur dhéin! Cáit. — Am briathar gur dhéin. Dúbhairt an báille leis go raibh púnc éigin dlíghe ann, agus go mbéadh an obair chéadna aige 'ghá gcur amach ó'n sgailp a bhí aige 'ghá gcur amach as an dtigh. Do leag sé an sgailp ortha pé i n-Éirinn é. Agus ansan do bhí an seanduine bocht ag gol, agus nuair a chonaic an duine uasal ag gol é, “see,” ar seisean, “how the old cock cries.” Síle. — Cad é an rud é sin, a Cháit? Cáit. — “Feuch,” ar seisean, “mar ghoilean an sean chocaíghe.” Síle. — Ó! feuch air sin! Agus é féin 'ghá chur ag gol!
Gobnait. — Is beag ná go ndéarfainn leis an nduine uasal san an rud úd adúbhairt Máire Phárthaláin leis an bhfear a rug ím na bliaghna uaithi agus gan greim dlíghe aici air. “Am briathar,” ar sise, “gur maith an plan ifrean do bheith ann!” Peig. — Ó! faire! a Ghobnait. Cá bh'fhios di ná go raghadh sí féin ann! Gobnait. — Is dócha nach ó chroídhe adúbhairt sí é, ach an fhearg do bheith uirthi, agus an chúis aici. Síle. — Ba dhóich liom nár ghádh d' aoinne é do rádh leis an nduine uasal do chuir amach na 'c Eóghnaigh agus do leag an sgailp ortha. Gobnait. — Cad 'na thaobh, a Shíle? Síle. — Mar déanfaidh Dia uaidh féin é, moladh go deó leis! Peig. — Cad a dhéanfaidh Sé uaidh féin, a chuid? Síle. — An duine uasal úd do chur go h-ifrean. Peig. — Cá bh' fhios, a Shíle, ná go ndéanfadh an duine uasal aithrighe. Síle. — Ní dhéanfaidh aithrighe an gnó dhó gan an tigh do chur suas airís agus na 'c Eóghnaigh do chur isteach ann, slán foláin, mar bhíodar cheana, agus airgead do thabhairt dóibh tar cheann ar dhéin sé de dhíobháil dóibh. Cáit. — Mhaise dearna leat! a Shíle. Siní an chaint go bhfuil an crot uirthi. Is truagh chráidhte gan tú ag dhéanamh na ndlíghthe dhúinn. Ba ghearr go gcurfá na h-uaisle 'na gcómhnuidhe, agus ba ghádh san. Agus cogar, a Pheig, dar ndóich ní dhéinid na daoine uaisle aithrighe i n-aon chor. Peig. — Airiú, cad a chuir an rud san ad' cheann, a Cháit? Cáit. — 'Sdó, táim ag éisteacht riamh le n-a ndroch
bheartaibh, agus le n-a n-éagcóir, agus leis an sgrios a bhíon acu dh'á dhéanamh ar dhaoinibh bochta, 'ghá mbrúghadh agus 'ghá meilt agus 'ghá ndíbirt le fuacht agus le fán, agus níor airigheas riamh gur dhéin aoinne acu aithrighe 'ná leóirghníomh. Isiad na daoine bochta a bhíon ag déanamh na h-aithrighe. Is greannmhar an sgéal é! Peig. — Ó! go deimhin, a Cháit, déinid daoine uaisle aithrighe leis. Inghean rígh dob' eadh Gobnait Bhaile Mhúirne. Agus mac righ dob' eadh Colum Cille. Síle. — Ar airighis an méid sin, a Ghobnait? Gobnait. — Ach! d'airigheas fadó é, a Shíle. Inghean rígh dob' eadh í. Agus nuair fhág sí tigh a h-athar dúbhairt an t-aingeal léi gan stad chun cómhnuighthe ach sa n-ait 'na bhfaghadh sí naoi gcinn d'fhiadhnaibh bána 'na gcodla roímpi. Tháinig sí go dtí áit éigin agus fuair sí trí cinn acu ann, agus d'fhan sí tamall beag sa n-áit sin. Ansan do tháinig sí go Cill Ghobnatan thíos agus fuair sí sé cinn ann. D'fhan sí tamall mór ansan, agus siné uair a tugadh Cill Ghobnatan ar an áit. Ansan do tháinig sí go Baile Mhúirne agus fuair sí na naoi gcinn ann. D'fhan sí ansan an chuid eile d'á saoghal agus is ann atá sí curtha. Cáit. — Cuirfead-sa geall gur fada bhéidh na 'c Eóghnaigh amuich sul a ndéanfaidh an duine uasal a chuir amach iad aithrighe agus iad do chur isteach airís. Nóra. — Is dócha nach mar a chéile na h-uaisle atá ann anois agus na h-uaisle bhí ann fadó. Peig. — Gan amhras, is dócha gur fada go bhfeicfear naomh ortha.
Gobnait. — Conus d'imthigh le Cormac an Chaincín, a Pheig? Peig. — Ní raibh tásg ná tuairisg air go ceann seacht- mhaine ó lá an aonaigh. Chuaidh gach aon rud chun suaimhnis. Ní feacthas Sadhbh ná a h-athair ar an dtaobh amuich de dhoras i gcaitheamh na seachtmhaine. An mhuíntir is mó bhí caillte le h-obair na mbitheamhnach isiad ba lúgha trácht air. An mhuíntir ná raibh aon rud acu le cailleamhaint níor stad a mbeul, ach gach aoinne acu 'ghá shíor-mhaoidheamh dá mbéadh capall aige féin le díol ná sgarfadh sé chómh mothaolach san leis. I gcionn seachtmhaine d'fhill Cormac. Tigh Shéadna an chéad thigh n-ar thug sé aghaidh air. Tháinig Séadna amach 'na choinnibh fé mar tháinig sé amach i gcoinnibh Sheághain Cheataigh an lá úd. “Seadh!” arsa Séadna. “Do crochadh triúr acu,” arsa Cormac. “D'imthigh Síogaidhe, nó pé ainim atá air. D'á fheabhas dithneas do dhéineamair do theip orainn teacht suas leó gur shrois- eamair an chathair. Chuadhas-sa láithreach ag triall ar mhuíntir an rígh mar a raibh aithne mhaith orm, agus d'innseas mo sgéal. Ní fheacaís a leithéid d'iongnadh ar aon daoinibh riamh agus a bhí ortha. ‘Airiú,’ ar siad- san, ‘do tháinig fear anso chúgainn ó chianaibh agus d'inis sé an sgéal céadna san dúinn, agus thaisbeáin sé dhúinn triúr de na bitheamhnachaibh agus ghabhamair láithreach iad, agus is dócha go gcrochfar amáireach iad. Dúbhairt sé nár bh'iad ba mhó ba chiontach ach an t-é bhí 'na cheann ortha agus ar thuille dh'á sórd sa Mhúmhain. Fear gur b'ainim dó Séadna. Fear a bhí ag déanamh airgid bhréagaigh le fada. Agus d'á chómhartha san féin, gur bh'aithin do'n dúthaigh é bheith beó bocht laistigh de chúig nó sé bhliaghnaibh, agus anois go bhfuil sé ar an
bhfear is saidhbhre sa Mhúmhain nó b'fhéidir i n-Éirinn. ‘Agus,’ ar siad, ‘tá órdúghadh ó'n rígh, congnamh fear do ghléasadh láithreach agus imtheacht agus breith ar Shéadna úd, pé h-é féin, agus é thabhairt chun lámha anso gabhtha.’ ‘Cá bhfuil an fear d'inis an sgéal san?’ arsa mise. ‘Tá sé anso istigh,’ ar siad. Chuadhmair isteach. Ní raibh a thuairisg ann. Do ritheadar anonn 's anall 'ghá chuardach. Ní raibh sé le fághail ach mar shloigfeadh an talamh é. ‘Cá bhfuil an triúr eile?’ arsa mise. ‘Istigh sa charcair,’ ar siad. ‘Feiceam iad agus ceistigheam iad,’ arsa mise. Chuadhmair isteach agus cheistigheamair iad, gach fear díobh fé leith. Bhíodar ar aon fhocal amháin sa méid seo. Go raibh an t-airgead bréagach d'á dhéanamh i n-áit éigin sa chathair. Ná raibh fios na h-áite ag aoinne acu féin. Go raibh coróinn fé'n bpúnt acu d'á fhághail as an airgead do chur amach ar aontaídhibh agus ar margaídhibh. Gur le mangaireacht do mhaireadar go dtí gur theangbhaidh an obair seo leó. Gurab amhlaidh do cuirtí an t-airgead bréagach chúca go h-áit a gcómhnuighthe. Ná feacadar riamh an áit 'na mbítí 'ghá dhéanamh 'ná an t-é bhí 'na cheann ar an ngnó. “Ní fheacaís riamh ach an iongnadh chroídhe a bhí ar mhuíntir an rígh nuair dh'airigheadar an méid sin. Ansan d'innseas-sa dhóibh conus chuiris-se i ndiaigh na mbitheamh- nach mé, agus chuireas ar a súilibh dóibh conus, mura mbéadh tusa, nár bh'fhéidir teacht suas leó i n-aon chor. “Amáireach a bhí chúgainn b'éigean dom dul i láthair an bhreithimh agus an sgéal d'innsint tríd síos dó. Ansan do daoradh iad chun a gcrochta mar gheall ar an ngníomh a bhí déanta acu agus é dhéanamh fé ainim an rígh. Agus do ceapadh lucht brath agus cuireadh amach iad ins na chúig árdaibh feuchaint an bhféadfaidís teacht
suas leis an Síogaidhe macánta, pé h-é féin nó pé ball 'na bhfuil sé, agus é thabhairt chun lámha. Do ceapadh, mar an gcéadna, lucht cuardaigh, chun na h-áite do dhéanamh amach 'na bhfuil an t-airgead bréagach so d'á dhéanamh, agus, óir nach foláir nó tá níos mó 'ná an ceathrar sa ghnó, an chuid eile acu d'fhiadhach agus greim dh'fhághail ortha sul a mbéidh uain acu ar a thuille díobhála do dhéanamh. Is 'mó cú ghéar ar shálaibh an chladhaire um an dtaca so, geallaim dhuit é, agus má bheirean sé na cosa uatha is mór an iongnadh liom-sa é. Nuair a thuigeadar a fheabhas do dhéinis-se an bheart lá an aonaigh agus a ghéire mar chuaidh an sgéal ar an gceathrar, isé adúbhradar go léir 'ná gur mhór an truagh gan tú thíos acu féin mar a mbéadh cothrom agat ar an inntleacht atá agat do chur chun tairbhe.” “Is eagal liom, a Chormaic,” arsa Séadna, “nuair a bhí teistiméireacht agat d'á thabhairt dóibh ar m' inntleacht, murar chuiris leis an bhfírinne nach baoghal gur bhainis uaithi. Ach is dócha mura mbéadh a ghéire do leanais-se ar shálaibh an fhir mhóir úd agus a luathacht a bhís isteach sa chathair 'na dhiaigh, go mbéinn thíos acu um an dtaca so agus nach ar mhaithe le m' inntleacht é. Gan amhras do cheap sé droich iaracht do thabhairt fúm. Is mór an truagh cead a chos agá leithéid. Is olc ó fhearaibh na cathrach mura dtigid siad suas leis anois agus a ainim i n-áirde ar fuid na h-Éirean ó'n mbeart so. Dáltha an sgéil is mór go léir an iongnadh liom a rádh go raibh sé de dhíth céille air trácht ar ainim an rígh sa ghnó. Ba cheart dó a fhios do bheith aige ná féadfadh dul leis abhfad fé ainim an rígh.” “Isé cheapaim-se,” arsa Cormac, “'ná go raibh a fhios go maith aige cad a bhí ar siúbhal aige, agus gur d' aon ghnó ar fad do dhéin sé obair lae an aonaigh.”
“Conus san?” arsa Séadna. “Do réir mar thuigim an sgéal,” arsa Cormac, “is chúgat-sa is mó bhí sé, agus seo mar cheap sé teacht ort, dá ruitheadh leis. Nuair bhéadh gnó an aonaigh críochnuighthe aige d' imtheóchadh sé féin agus Sadhbh síos go dtí an baile mór. D'fhágfadh sé an triúr eile i mbun na gcapall, 'ghá mbreith leó go mbuailfeadh cuid d'á n-aicme féin úmpa ar an slígh agus go nglacfaidís uatha iad le cur ar aontaídhibh eile d'á ndíol. Nuair shroisfeadh sé an chathair thiocfadh sé i láthair an bhreithimh agus dhearbhóchadh sé ort-sa an bheart a bhí déanta aige féin, gur agat a bhí an t-airgead bréagach agus gur tú a bhí ag ceannach na gcapall do'n rígh, mar 'dh eadh, agus ná raibh de ghnó aige féin sa n-áit ach chun an chleamhnais do dhéanamh agus chun a mhná do thabhairt leis. Ansan, nuair a bhéadh a thoil imeartha aige ort-sa agus an chnáib ar do mhuineál aige do phósfadh sé Sadhbh, agus féuch ansan cé déarfadh gur bhitheamhnach é! Níor ró dheacair dó an sgéal do chur 'na luíghe ar mhuíntir na cathrach nuair do 'neósfadh sé dhóibh a luíghead airgead a bhí agat-sa tá beagán aimsire ó shin ann agus méid do shaidhbhris anois.” “Ní dúbhairt aoinne riamh go bhfuair sé airgead bréagach uaim,” arsa Séadna. “Ní lúgha 'ná 'fuair,” arsa Cormac. “Nuair a h-innseadh dómh-sa gur tú thug an cíos do'n bhaintreach an lá úd fadó, do thrialas an uile phíosa dhé agus bhí sé go léir chómh dílis agus dá mba amach ó cheardchain an rígh féin do thiocfadh sé an mhaidion chéadna.” “Is dócha,” arsa Séadna, “dá mbéadh sé bréagach go rachadh an sgéal dian orm;” agus chuir sé smuta gáire as. “Níor bhaoghal duit aon sgéal do dhul dian ort
uaim-se,” arsa Cormac, “an fhaid ná raibh aon éagcóir agat d'á dhéanamh.” Thárla le n-a linn sin gur fheuch sé idir an dá shúil ar Shéadna agus má fheuch do stad. Síle. — Cad 'na thaobh dó stad, a Pheig? Ba dhóich liom, pé duine go gcuirfeadh an fheuchaint úd Shéadna sgeón ann, ná ná cuirfeadh, gur dheacair di aon gheit do bhaint a' Cormac an Chaincín. Gabhaim-se orm dá mb' é Seághan an Aonaigh a bhéadh ann nach baoghal go mbainfí aon gheit as. Ní bainfí ach oiread agus bainfí a' cráin mhuice dá mbéadh sí ann. Peig. — Sdó, is amhlaidh mar bhí an sgéal ag Cormac, bhí rún gránda ag Séadna air. Tamall beag tar éis an lae úd a tháinig sé ag éileamh sealbha ar an mbaintrigh do fuair Séadna amach cúrsaí na breibe agus bhí a fhios ag Cormac go bhfuair. Do theip air a aigne do chur chun suaimhnis ná an oídhche do chodladh go dtí gur tháinig sé chun cainte le Séadna agus gur iar sé air gan gearán do chur isteach air. Dúbhairt Séadna ná déanfadh dá ngeallfadh Cormac dó gan breab do ghlacadh airís. Rud a gheall go fonnmhar. Síle. — Andaigh ba dhána an t-éadan a bhí air. “Níor bhaoghal duit mise an fhaid ná raibh aon éagcóir agat d'á dhéanamh.” Níor bh'iongnadh gur baineadh geit as. Dá mbéadh fios an méid sin ag Sadhbh do thuigfeadh sí cad é an greim a bhí ag Séadna air. Peig. — Bhí an greim sin aige air go daingean, agus bhí a rian air, ní raibh aige ach bagairt air chun é thiomáint ar siúbhal, pé bog cruaidh an gnó, pé moch déanach an tráth, pé fliuch fuar an uain. “An dóich leat an bhfuil aon tseans go mbéarfar air?” arsa Séadna. “Táthar 'na dhiaigh go teith ar aon chuma,” arsa Cormac.
“Tá fir 'na dhiaigh gur deacair dul uatha, geallaim dhuit é. Isé a rádh féin ná deachaidh aon bhitheamhnach riamh fós uatha. Má théidhean sé seo uatha béidh an chraobh aige.” “An rabhais ag caint le Diarmuid Liath ó fhillis?” arsa Séadna. “Ní rabhas,” ar seisean, “ach d'airigheas gur fhág Sadhbh an baile agus ná fuil aon tuairisg uirthi. Bhíos chun dul ann síos anois feuchaint ar tháinig sí, nó an fíor é i n-aon chor.” “Raghad-sa leat,” arsa Séadna. “Níor airigheas focal dé. Is mór an truagh an duine bocht.” Bhuaileadar ortha soir.
Caibidiol a naoideug. Ní raibh Diarmuid sa dorus rómpa. Bhí an dorus dúnta. D'osgaladar é agus chuadar isteach. Ní fheacadar Sadhbh ná Diarmuid. Bhí sean bhean iasachta 'na suidhe i n-aice na teine. Thóg sí a ceann agus d'fheuch sí ortha agus chrom sí airís é gan labhairt. Bhí aithne acu uirthi. Cómharsa dob' eadh í. Pails Bhodhar a tugtaí uirthi, ach má 'seadh ní ró bhodhar do bhí sí, ach bhí sí ana ríghin. “Cá bhfuil fear an tigh, a Phails?” arsa Cormac. “Tá sé gan bheith ar fóghnamh,” ar sise, go ríghin. “An bhfuil sé 'na luíghe?” arsa Cormac. “Tá,” ar sise, “agus Máire 'nghean Airt ag tabhairt aire dhó.” Le n-a linn sin d'osgail an bhean fhriotháilte dorus an tseómra. “Dé bhúr mbeatha-sa!” ar sise. “Cad 'tá ar an nduine seo, a Mháire?” arsa Cormac. “Tá eagal orm, a Chormaic,” ar sise, “gur taom beag éagcruais atá air. Slán beó mar a n-innstear é! Do buaileadh breóite lar na mháireach lae an aonaigh é, nuair a fuair sé go raibh Sadhbh imthighthe. Nuair airigh an sagart an t-éirleach a dhéineadar na bitheamhnaigh úd ar an aonach do tháinig sé féin anso, agus nuair a fuair sé Diarmuid 'na luíghe agus gan duine ann do shínfeadh deoch chuige, do chuir sé fios orm-sa agus do thánag.” “Ar mhisde dhúinn dul isteach 'ghá fheuchaint?” arsa Séadna. “Ach! ní misde, ní misde,” ar sise. Bhí Cormac istigh cheana féin, gan chead.
Síle. — Ní dhéanfainn dabhta dhé! Peig. — “Cad é an sgéal é, a Dhiarmuid?” arsa Cormac. “Dein t'iaraidh thort!” arsa Diarmuid. “Cár fhágais í?” ar seisean. “Ar rug sé uait í?” ar seisean. “Is meathta an fear tú agus í leigint leis.” “Tá sé ar an gcuma san ó thánag,” arsa 'n bhean fhriotháilte. “Ní stadan a bheul ach ag cur thré chéile.” “An aithnighean tú mé, a Dhiarmuid?” arsa Séadna. “An aithnighim thú! Tá sé chómh ceart agam-sa tusa d'aithint agus tá sé agat-sa mise d'aithint. Tá sé chómh ceart agat-sa mise d'aithint agus tá sé agam-sa tusa d'aithint. Tá sé chómh ceart agam-sa tusa d'aithint agus atá sé agat-sa mise d'aithint —” Thiomáin sé leis ag filleadh agus ag ath-fhilleadh ar na focalaibh céadna ar an gcuma san, 'ghá gcasadh gach re dturus, agus nuair théidheadh tuitim focail air, nó gan an casadh do dhéanamh cruinn do réir a chéile, théidheadh sé siar ar an gcaint go dtí go mbíodh a aigne sásta ar í bheith do réir a chéile aige. Ansan do ghéaruigheadh sé uirthi i dtreó gur dhóich leat gur geall a bhíodh curtha aige feuchaint an 'mó uair fhéadfadh sé na focail do rádh as a chéile gan a anál do tharang. Théidheadh sé chómh dian san air féin gur dhóich leat go dtachtfadh sé é féin le h-easba análach. I gcionn tamaill do stad sé de na ruthagaibh cainte sin agus d'fheuch sé anonn i gcúinne an tseómra. “Is mór an náire daoibh go léir é!” ar seisean. “Siné an fear bocht san thall agus a cheann d'á sgoltadh le teinneas agus ná feuchfadh aoinne agaibh 'na dhiaigh!” Síle. — Cé'r bh'é sin, a Pheig? Peig. — Ní raibh aoinne ann, a Shíle, ach na speabhraídí do bheith air an bhfear mbocht.
Cáit. — Is dóichíghe gur 'na cheann féin a bhí an teinneas. Peig. — 'Na cheann féin, cad eile? Cáit. — Am briathar go bhfeaca-sa Séamus so againne ar an gcuma gcéadna fadó, nuair a bhí an mhéar theinn aige. An órdóg chlé, órdóg a láimhe, isí 'bhí teinn. Tháinig speabhraídí air le neart an teinnis agus bhíodh sé ag glaodhach ar mo mháthair agus ar Neill, agus 'ghá iaraidh ortha “feuchaint i ndiaigh an gharsúin úd thall sa chúinne, mar go raibh órdóg ana theinn aige.” Nóra. — Seadh ansan tú, a Pheig. Peig. — D'fhanadar tamall maith ag éisteacht leis ach do theip ortha aon chaint bhunúsach d'fhághail as. “Cad é do mheas air, a Mháire?” arsa Séadna leis an mnaoi fhriotháilte. “Ní h-é mo thuairim go bhfuil aon bhaoghal air,” ar sise. “Is cómhartha maith ar an mbreóiteacht na speabhraídí do bheith chómh h-anamamhail. Ní bhrathaim aon mhairbhitíghe air. Bíon tart air, ach ní tart ró mhór é, agus tá meidhg maith dhá bhainne agam d'á thabhairt dó.” Thánadar amach as an seómra. “An bhfuil aon tuairisg ar Shadhbh?” arsa Séadna, “nó an bhfuil aon fhios ag aoinne air cad é an treó baill 'nar thug sí a h-aghaidh?” “Ní fheacaidh aoinne ag imtheacht í ach Pails anso,” arsa 'n bhean fhriotháilte. “Bhí Pails amuich ar eirghe lae, lar na mháireach lae an aonaigh. Thug obair na mbitheamhnach, agus an toirmeasg a lean é, oídhche chollóideach do'n mhnaoi bhocht. Bhí sí 'na suídhe lasmuich de dhorus an bhotháin bhig ar an amhsgarnach. Chonaic sí an bhean ag imtheacht ó'n dtigh seo agus í ar a crom- ruathar agus caipín a clóca ar a ceann aici. Cá
dtabharfadh sí a h-aghaidh ach ar an mbothán agus gan aon choinne aici Pails do bheith 'na suídhe chómh moch. Níor thug sí Pails fé ndeara go dtí go raibh sí buailte léi. D'fheuchadar ar a chéile. Níor labhair aoinne acu. Is anamh a labhran Pails ach nuair labharthar léi, agus an uair sin féin ní ró thapaidh chuige í. Chuir Sadhbh an bóthar soir ó thuaidh dí, ar a cromruathar, bóthar an bhaile mhóir. Ní feacathas ó shin í beó 'ná marbh, agus níor airigheas go bhfeacaidh aoinne eile í an mhaidion san ach Pails anso.” “Cad 'na thaobh nár labhrais léi, a Phails?” arsa Cormac. “Mhaise, ní fheadar,” arsa Pails, go ríghin. “Chómh siúrálta agus atá bianna ar mhaide bacaigh,” arsa Cormac, “is i ndiaigh an tSíogaidhe atá sí imthighthe agus ní le grádh dhó é, 'ná mar mhaithe leis. Is iomdha cleas glic do dhéin sé i gcaitheamh a shaoghail, ach bheirim mo lámh a's mh' fhocal dó gurab é cleas is teinne dhó d'ár dhéin sé riamh an bob a bhuail sé ar Shadhbh lá an aonaigh. Má's 'na dhiaigh atá sí imthighthe, agus iseadh, dá dtéidheadh sé isteach i bpoll tráthair i bhfolach uaithi ní dhéanfaidh sé an gnó dhó. Tiocfaidh sí siúd suas leis agus cuirfidh sí carabhat caol air, chómh siúrálta agus atá sgórnach air. Bain an chluas anuas ó'n gceann díom mura gcuiridh. Is dóich liom dá mbéadh a fhios aige cad é an saghas í go ngeabhadh sé tháirse. Tá sé déanach anois aige.” “Éist, a Chormaic, éist!” arsa 'n bhean fhriotháilte. “Ná bí ag magadh fút féin. Cad é an gnó bhéadh ag Sadhbh go dtí an baile mór? Cad fhéadfadh sí dhéanamh ann? Cia air go bhfuil aithne aici ann? Conus gheabhadh sí eólus tríd an gcathair sin, ná raibh sí riamh i ngioracht céad míle dhi? Agus gur dócha ná fuil oiread agus
poll francaigh ná go bhfuil aithne aige siúd air, i n-aon bhall sa bhaile mór. Bíodh orm-sa má mhothuíghean sé 'na dhiaigh í go gcuirfidh sé féin, nó duine éigin uaidh, deire léi go tapaidh —, má 's ann a thug sí a h-aghaidh, agus dar ndóich ní dócha gurab ann, nídh nach iongnadh.” “Fan leat go fóil,” arsa Cormac. “Ní bhéarfadh aon ghnó eile ó'n mbaile í ach chun é siúd d'fhiadhach agus do thabhairt chun lámha. An gníomh do dhéin sé uirthi féin agus ar a h-athair, níor déineadh is dócha le cuimhne aoinne atá suas a leithéid eile de ghníomh, le gráinne- amhlacht agus le spriúnlaitheacht agus le h-éagcóir. D'fhulaingeóchadh sí í ghearadh 'na miotaibh beaga sul a' leigfeadh sí i n-aisge leis é, nídh nach locht uirthi.” “Dhe 'gus, a dhuine an chroídhe 'stigh, má tá sé chómh buailte sin isteach ad' aigne go bhfuil sí imthighthe ar an inntinn sin, cad 'na thaobh ná preaban tú láithreach agus í do leanmhaint?” arsa 'n bhean fhriotháilte. “Preabfad, ná bíodh eagal ort,” ar seisean. “Ní raibh uaim ach a fhios a bheith agam cár thug sí a h-aghaidh. Is dócha go bhfanfair-se anso go dtí go mbéidh an duine seo ag teacht chuige féin, nó an chuid is lúgha dhe, ar láimh shábhála.” “Fanfad,” ar sise. “Dúbhairt an sagart liom fanamhaint.” “Agus, a Shéadna,” ar seisean, “mura bhfuil aon bhruid ort-sa ná béadh sé chómh maith agat gluaiseacht i n-aonfheacht liom?” “Ní gádh san,” arsa Séadna. “Tá bhúr ndóithin agaibh féin ann.” “Tá a fhios agam,” arsa Cormac, “gur mhaith le muíntir an rígh aithne do chur ort, agus go mb'fhéidir
“A Dhómhnaill, a mhic ó,” arsa 'n t-athair, “brostaigh agus tabhair ‘bachall’ ar dhuine éigin sul a' dtabharfaí ort é.” B' shin é an úrdhálta ag Cormac. Cheap sé ná raibh aon tslígh b'fhearr 'na rachadh sé féin ó ainim an bhitheamhnaigh do thabhairt air 'ná é féin do thabhairt ainime an bhitheamnaigh ar dhuine éigin eile. Síle. — Agus dar ndóich, a Pheig, ní shaorfadh san é. Ná féadfaí é thabhairt air féin 'na dhiaigh san chómh maith agus dá mba ná tabharfadh sé ar aoinne é? Peig. — Is dócha gur mhór an nídh leis tusach do bheith aige féin ar an sgéal, an chéad urchur do bheith aige, gan bheith thíos ar an gcéad bhearnain. Agus cad déarfadh na daoine ach nár bh'fholáir nó nár ghádh dhó féin aon eagla do bheith aige roimis an ainim, óir, dá mba ghádh, go seachnóchadh sé trácht air. Cáit. — Is dócha gur bh' shiné an úrdhálta ag Donchadh beag nuair a ghoid sé sgian Shéamuis. Ní raibh aoinne ba ghéire ag cuardach 'ná é féin agus í istigh 'na phóca aige, an spreallairín! Síle. — Conus a fuaradh í, a Cháit? Cáit. — Mise a thug fé ndeara í sa phóca. Bhí an póca ar sileadh lasmuich d'á chasóig aige, mar bhéadh máilín na bpiast. Bhuaileas-sa mo lámh ar an máilín agus bhí an sgian istigh ann. Síle. — An fear bocht! Is tú bhain an phreab as. Cáit. — Abair é! D' iompuigh a líth ann agus chrom sé ar ghol. Síle. — Ar díbreadh é? Cáit. — Níor díbreadh. Do chosain Neill é. Dúbhairt sí gurab amhlaidh a chuir duine éigin an sgian sa phóca a gan fhios dó, mar spórt, agus dúbhairt mo dhaid go raibh an ceart aici.
Gobnait. — Cheap sé, ach a leigint air bheith 'ghá cuardach ar a dhícheal nár bhaoghal go mbéadh a h-amhras air féin. Airiú, nár mhaith é! Peig. — Mhaise, ní raibh ann ach leanbh, a Ghobnait. Ní raibh aon chiall aige. Agus is dócha nár bh'fhiú puínn an sgian. Cáit. — Níor bh'fhiú. Agus isé rud a dhéin Séamus ansan 'ná í bhronnadh air, agus bhíos-sa ar buile chuige. B'fhearr liom í chaitheamh sa teine 'ná í thabhairt dó, agus an feall beag aige d'á dhéanamh chómh gasda. D'á luíghead í, b' fhéidir, dá ruitheadh leis, go mbéadh a h-amhras ar dhuine éigin eile, agus feuch ansan nach deas an obair a bhéadh déanta aige. Peig. — Is fíor dhuit sin, a Cháit, “Is fada siar é iarsma an droich bhirt.” Gobnait. — Mhaise, beannacht Dé le h-anaman do mharbh, a Pheig, agus comáin leat ar an sgéal! Choimeád- faidís sin ansan tú go maidin amáireach ag caint agus ag áiteamh agus ag abhcóidigheacht agus ag cur thré chéile. Nóra. — Agus dar ndóich, a Ghobnait, ní rabhais féin gan do chion de'n abhcóidigheacht agat; níor leigis leo ar fad é. Peig. — Do ghluais Cormac airís, “gan ceó an bhóthair do bhaint d'á bhrógaibh,” a ndúbhairt sé féin. Nuair a bhí sé imthighthe do chuaidh Séadna isteach sa tseómra airís mar a raibh an duine breóite. “Is fada go dtánaís,” arsa Diarmuid. “Isé an cleamhnas ó Shamhain go Bealtaine agat é. Bhéadh leath na dúithe pósda an fhaid atáir ag gabháil dó. Cá bhfuil sí anois? Bhí sí ansan ó chianaibh. Is fearr bean 'ná spré. Cailín ciúin ciallmhar ach gan fearg do chur
uirthi. Ó! faire fút! ná buail! Airiú greadadh chúgat, ná buail! Feuch air sin!” “An bhfuil aon airgead sa tigh?” arsa Séadna leis an mnaoi fhriotháilte. “Oiread a's leathphingin ruadh!” ar sise. “Seo,” ar seisean. “Do fuaras raint leathair uaidh an lá fé dheire. Tá sé chómh maith agam díol as anois,” agus do shín sé suím airgid chuici.
Caibidiol a fiche. Tháinig Séadna lar na mháireach feuchaint conus bhí an duine breóite, agus do rug sé leis tuille de'n leathar a bhí sa tsiopa agus do dhíol as. Ba mhaith mar dhéin. D'fhág san raint airgid ag an mnaoi fhriotháilte, i dtreó nuair a fuair Diarmuid an t-aoitheó go raibh neart di ar bhiadh agus ar dhigh do sholáthar dó, fé mar ba cheart agus do réir mar a bhí gádh aige leó. Ba ghearr go raibh sé na shuídhe i n-aice na teine aici agus flosg an domhain chun an bhídh air. Ach ambasa ní thugadh sí dhó é ach an méid ba dhóich léi ba mhaith dhó, agus ní fheacaís riamh ach an troid agus an t-aighneas a bhíodh aige léi a d'iaraidh tuille dh'fhághail. Fé mar bhí sé ag dul i bhfeabhas bhídís na cómharsain ag bailiughadh isteach ag cur a thuairisge agus 'ghá innsint dó cad í an bhuairt a bhí ortha nuair dh' airigheadar é bheith 'na luíghe, agus cad é an t-áthas a tháinig ortha nuair a fuaradar ag teacht chuige féin é. Nuair a fuair Séadna ag dul i bhfeabhas i gceart é agus ó bhaoghal, ní thagadh sé chómh minic, agus i gcionn beagán aimsire do stad sé de theacht. D'fhan an bhean fhriotháilte ann níos sia 'ná cheap sí bhí gádh léi, ach an sagart fé ndear san, mar bhí súil aige ó am go h-am agus ó lá go lá, go dtiocfadh Sadhbh abhaile. Fé dheire tháinig glaodhach uirthi ó'n dtaobh eile pharóiste agus b'éigean di gluaiseacht. Ní raibh de sheift ansan acu ach a iaraidh ar Phail bhocht teacht gach aon mhaidion agus teine dh'fhadughadh agus blúire bídh d'ollamhughadh do Dhiarmuid. Níor fágadh fúithi é ar fad. Ba bheag aon lá ná tugadh
máthair Mhicil cuaird ann. Agus an lá ná bíodh sise ann bhíodh Máire Ghearra féin ann, agus isé adeireadh na cómharsain 'ná gur mhó an bhreis fheabhusa a théidheadh ar Dhiarmuid an tamall de lá a thugadh sí ag caint leis 'ná mar théidheadh air an chuid eile de'n aimsir ar fad. Deireadh Diarmuid féin go samhluigheadh sé go dtógthaí an ceó d'á chroídhe nuair a chídheadh sé chuige an dorus isteach í. Isé rud adeireadh gach aoinne 'ná gur mhaith an bhail air gan Sadhbh do bheith i n' aice an fhaid a bhí sé 'na luíghe, mar ná béadh aon bhreith aige ar theacht chuige féin an fhaid a bhéadh sí láithreach. Dá mbéadh aoitheó aige d'á fhághail agus go dtiocfadh aon nídh crosda uirthi, go spriúchfadh sí agus go gcuirfeadh sí ath-iompáil air chómh siúrálta agus a bhí Sadhbh mar ainim uirthi. Siné cheapadar na cómharsain, ach ní h-é sin a cheap Diarmuid féin. Dar leis, ní raibh 'ghá choimeád ar fleasg a dhroma ach gan í bheith ag teacht abhaile ná aon tuairisg uaithi. Ó mhaidin go h-oídhche ní bhíodh aon chúrsaí cainte idir é féin agus na daoine thígheadh isteach, ach “cá raibh sí?” nó “cad a bhí 'ghá coimeádh amuich?” nó “ciacu beó nó marbh a bhí sí.” “Má bhí sí beó cad na thaobh na h-aireóchadh duine éigin sgéala uaithi? Má bhí sí marbh cad 'na thaobh ná tiocfadh tásg a báis ó thaobh éigin? Dar ndóich ní fhéadfaí í mharbhadh gan a fhios do bheith ag duine éigin. Dá marbhaidhtí i lár na h-oídhche í agus an corp do chaitheamh i bpoll éigin, dar ndóich do geabhfaí lar na mháireach a bhéadh chúgainn é, agus do leathfadh an sgéal ar fuid na dúithe, agus do béarfaí ar Shíogaidhe, dá mb' aige bhéadh an gníomh déanta, agus do crochfaí é. Dá mbéadh oiread eile gliocais ann ní fhéadfadh sé dul ó Chormac.”
Sin mar chaitheadh sé an aimsir ag cur agus ag cúiteamh nuair a bhíodh aoinne istigh do dhéanfadh éisteacht leis. Nuair a bhíodh sé i n-a aonar is amhlaidh a bhíodh sé ag caint leis féin agus ag aighneas leis féin, agus ag áitheam air féin. Uaireanta sa n-aighneas san leis féin d'árduigheadh sé a ghlór agus d'airigheadh Pails é agus bhíodh sí deimhnightheach go mbíodh beirt nó triúr ann, bhíodh a leithéid sin de ghleó aige. D'aimhdheóin na buartha bhí an goile go maith aige agus bhí sé ag teacht chuige féin go tiugh. Ba ghearr go raibh sé sa dorus agus a ghuala leis an ursain mar ba ghnáth, ach má 'seadh bhí mí-lítheacht 'na cheannachaibh seachas mar ba ghnáth, agus thabharfá fé ndeara na balcaisí, ná rabhdar chómh teann air agus bhídís sul ar buaileadh breóite an fear bocht. Thabharfá fé ndeara go raibh raint de'n fheóil imthighthe agus mórán de'n bhlonag. Bhí an ghuala caol sa chasóig. Bhí an chuisle caol sa mhuinichle. Bhí an cheathramha caol sa bhríste. Bhí iomad slíghe ag an bhfear mbocht 'na chuid éadaigh, agus do bhíodh an ghaoth ag cuardach na gcnámh aige mór-thímpal ins na póirsibh folamha a bhí idir chroicean agus éadach aige, i dtreó ná féadadh sé fanmhaint abhfad sa dorus gan teacht anois agus airís go dtí an teine 'ghá théidh féin. Lá, mar déarfá coigthígheas ó fhág sé an leabaidh, do tháinig sé go dtí an dorus agus baluith na teine go láidir air. Ní túisge d'fheuch sé an bóthar suas 'ná chonaic sé an bhean ag gabháil chuige anuas árd an bhóthair. Ar an gcéad amharc do baineadh iaracht de gheit as mar cheap sé gur bh' fhíor dheabhrach le Sadhbh í. Níor bhog sé na súile dhi gur tháinig sí i n-a aice. Bean chnámhach, gharbh, dob' eadh í. Clóca bréide uirthi. Caipín a clóca ar a ceann aici. Greim aici 'na láimh chlé ar dhá imeal
an chaipín agus é dúnta os cionn a béil aici, i dtreó ná raibh le feiscint ag Diarmuid d'á ceannachaibh ach a srón agus súil léi. Dhéin sí ceann ar aghaidh ar an ndorus, agus an dorus isteach, agus mura mbéadh gur dhruid sé i leath taobh uaithi do leagfadh sí é. Suas léi chun na teine agus do shuígh sí i gcathaoir Dhiarmuda féin. Thug sí a h-aghaidh ar an dteine agus do leath sí a dhá láimh agus í féin, ag glacadh an ghoradh, agus ba dhóich leat go raibh gádh aici leis. Thóg Pails a ceann sa chúinne agus d'fheuch sí ar an stróinséir go fada agus go dúr. Do stad Diarmuid lár an tíghe ag feuchaint sa chúl uirthi. Nuair a bhí sí teith chuir sí an lámh chlé airís i gcaipín an chlóca agus dhún sí os cionn a béil é. D'fheuch sí ar Phails amach as an súil aonair. Ansan d'fheuch sí ar Dhiarmuid. “Tá cearc ag glaodhach sa tigh seo!” ar sise, agus is ar éigin fhéadfadh duine a dhéanamh amach ciacu glór mná bhí aici nó glór fir. “Tá cearc ag glaodhach sa tigh seo!” ar sise, an tarna h-uair. “Níor airigheas-sa ag glaodhach í,” arsa Diarmuid. “Tá cearc ag glaodhach sa tigh seo!” ar sise. “Srubh! srabh! srubh srabh! srubh srabh!” ar sise. “Cár ghabhais chúgainn, a 'nghean ó?” arsa Diarmuid. “Srubh srabh! srubh srabh! srubh srabh!” ar sise. “Is fada í mo chuaird chúgaibh,” ar sise, “ag teacht mar mhaithe libh. Is mór an éagcóir sin,” ar sise, “mise dom' chur chúgaibh anso ó Chúig Uladh ag bhúr ndíon ar eascáirdibh, chómh maith agus dá mba ná faighfí duine ba ghiorra ó bhaile agus ba ghiorra gaol daoibh chun a dhéanta.” “Cia atá ar ár dtí?” arsa Diarmuid. Phreab sí 'na suídhe agus thug sí a h-aghaidh air. Níor
fheuch sé idir an dá shúil uirthi mar ní raibh radharc aige ach ar shúil léi. Níor bheag dó san. Ní raibh aon mhíogarnach ar an súil sin ná aon mhallachar radhairc. Shín sí chuige amach a lámh dheas. Tharaing sé píosa airgid as a phóca agus chuir sé ar chroídhe a dearnan é. Chuir sí puth d'á h-anáil air. Is dócha go raibh sé níos mó 'ná cheap sí bhéadh sé, mar do baineadh d'á cosaint í. Shleamhnuigh an greim de chaipín an chlóca agus do nochtadh a h-aghaidh. Bhí sí ar leath-shúil, agus bhí casadh 'na beul siar nách mór go dtí an áit 'nar cheart an chluas do bheith, agus bhí an chluas imthighthe. Dhruid Diarmuid uaithi i ndiaigh a chúil, agus geallaim dhuit go raibh eagla air. “Cia atá ar bhúr dtí?” ar sise. “Tá teine agus uisge ar bhúr dtí,” ar sise. “Tá galar agus bás ar bhúr dtí,” ar sise. “Tá neithe ar bhúr dtí ná fuil puínn coinne agaibh leó,” ar sise. “Mura mbéadh gan mé bheith abhfad uait do ló ná d' oídhche le trí seacht- mhainibh do bhéadh a fhios agat um an dtaca so cia h-iad atá ar do thí,” ar sise le Diarmuid. “Agus ba chóir,” ar sise, “nár bheag dom de ghnó bheith ad' chosaint- se, gan bheith ag cosaint t'inghíne leis, d'á fhaid ó chéile tú féin agus í féin.” “Cá bhfuil sí?” arsa Diarmuid. “Nó cad 'tá 'ghá coimeád amuich? Nó cad fé ndeara dhí imtheacht agus gan sgéal ná duain do chur chúgam abhaile anso go mbéadh a fhios agam ciacu beó nó marbh atá sí? Is olc a dhéin sí orm é.” Agus bhí a lámh thíos aige i bpóca a bhríste agus píosa eile airgid aige d'á láimhsiáil. Do chonaic sise an méid sin chómh maith agus dá mbéadh fiche súil aici. “Ní fada go bhfaighir a tuairisg,” ar sise, agus bhí an lámh sínte airís aici, “agus ní h-orm-sa is cóir
a bhuidhchas do bheith, 'ná uirthi féin ach chómh beag liom.” Chuir sé an tarna píosa ar a láimh chuici. “Cá bhfuil sí?” ar seisean, “nó cathain a thiocfaidh sí?” “Tiocfaidh sí an uair is lúgha bhéidh coinne agat léi,” ar sise. “Tiocfaidh sí an uair is lúgha bhéidh fáilte agat roímpe.” “Cad é sin agat d'á rádh, a bhean!” arsa Diarmuid, “nó cia adúbhairt leat-sa ná béadh fáilte anso roímpe pé tráth do thiocfadh sí?” “Deirim an rud atá ar eólus agam,” ar sise, “agus ní cneasda é m' eólus, ach mura cneasda ní'l leigheas agam-sa air. Ní mise do chuir ó'n mbaile í. Ní mise do sheól 'na treó an droch theangabhálaidhe. Má dhéineas mo dhícheal 'ghá cosaint ar a namhaid ba mhór é mo dhuagh agus is beag a bhí d'á bhárr agam.” “Cathain a thiocfaidh sí?” arsa Diarmuid. Níor dhéin sise ach an lámh chlé do chur airís i gcaipín an chlóca agus é fhásgadh os cionn a béil mar bhí sé ar dtúis aici, agus an dorus amach do chur di gan oiread agus smiog do rádh. Síle. — Airiú, nár dhoithígheasach an ara í! Nóra. — Ní fheadar, a Pheig, cad a bhain an tsúil aisti. Peig. — Ní fheadar 'n tsaoghal, a Nóra. Gobnait. — Do bhain a droch fhriotal féin, gabhaim-se orm. Nóra. — B'fhéidir gurab amhlaidh d'imthigh uirthi fé mar dh'imthigh ar an mnaoi fheasa úd a tháinig ag triall ar Neill ní Bhuachalla. Gobnait. — Cad d'imthigh uirthi, a Nóra? Nóra. — 'Neósfaidh Cáit duit é, 'sí is fearr a 'neósfaidh é. Gobnait. — Cad d'imthigh uirthi, a Cháit?
Cáit. — Mhaise, níor imthigh leath a raibh tuillte aici, an rógaire. Ní raibh Neill pósta ach trí seachtmhaine. Bhí sí istigh sa bhaile agus bhí Éamonn amuich ag feuchaint i ndiaigh na mbó, mar bhí bó acu tar éis bheirthe. I gceann tamaill do tháinig sé isteach agus bhí Neill ag gol. D'fhiafraigh sé dhi cad a bhí uirthi. B'fhada gur inis sí dhó gurab amhlaidh a bhí bean feasa ag lorg airgid uirthi, agus 'nuair nár thug sí an t-airgead di go ndúbhairt sí go mbéadh Neill 'na baintrigh sul a mbéadh an bhliaghain caithte. An fhaid a bhí Éamonn amuich i bhfeighil na mbó thug sé fé ndeara an bhean iasachta ag imtheacht ó'n dtigh agus bhí a fhios aige cad é an bóthar a ghaibh sí. Níor dhéin sé aon bhlúire amháin ach breith ar an bhfuip a bhí ar crochadh i n-aice an doruis agus í shádhadh suas i muinichle a chasóige agus an dorus amach do chur dé. Bhí sé imthighthe sul a raibh a fhios ag Neill cad é an fuadar a bhí féi. Ba gheárr gur tháinig sé suas leis an mnaoi. “Cad chuige dhuit,” ar seisean léi, “a rádh le m' mhnaoí-se go bhfaghainn-se bás fé cheann bliaghna?” “Ní déarfainn é,” ar sise, “mura mbéadh a fhios a bheith agam go cruinn.” “Cia inis duit é?” ar seisean. “D'inis mo leanán sídhe dhom é,” ar sise. Do rug sé ar chúl cinn uirthi agus tharaing sé an fhuip as an muinichle agus do ghaibh sé de'n fhuip sin uirthi chómh h-áluinn agus do ghabh Conchúbhar Máighistir riamh ar aon sgoláire d'á raibh ar an sgoil aige. Nuair a bhí gabhtha go maith aige uirthi do sgaoil sé uaidh í. “Seadh!” ar seisean léi. “Nach mór an iongnadh nár inis do leanán sídhe dhuit go dtabharfainn-se an córughadh san duit.
Imthigh anois agus tá rud agat le h-innsint dó ná raibh a fhios cheana aige. Agus má fheicim-se airís ag teacht i ngoire mo thíghe thú tabharfad eachtra níos mó 'ná san duit le breith ag triall ar do leanán sídhe.” Bhí sgannradh ar Neill le h-eagla go mbéadh an bhean ag easgainighe ortha. Ach isé a deireadh Éamonn nár bh'fhearr leis ag abhrán í. Nóra. — Mhaise, Dia linn! Níor mhaith liom í bheith ag mallachtaighe orm pé i n-Éirinn é. Cáit. — Cad é an díobháil fhéadfadh a cuid mallachtaighe do dhéanamh dhuit nuair ná béadh aon nídh déanta as an slígh agat? Nóra. — Cá bh'fhios dom ná go dtuitfeadh mallacht éigin acu orm ar chuma éigin? Cáit. — Is uirthi féin a thuitfidís nuair ná béidís tuillte agat uaithi. Nach uirthi, a Pheig? Nóra. — Sdó, b'fhéidir gur dhóich liom féin ná béidís tuillte agam, agus b'fhéidir, ar a shon san, go mbéidís. Pé 'cu bhéidís tuillte agam nó ná béidís níor mhaith liom í bheith 'ghá ndéanamh orm. Cáit. — Ó! 'sdó, nuair ná béadh leigheas agat air. Nuair thiocfadh sí agus a déarfadh sí go rabhais chun báis dh'fhághail sul a mbéadh an bhliaghain istigh, agus gur inis a leanán sídhe dhi é! Síle. — Cad do bheir di leanán sídhe bheith aici, a Pheig? Nó conus a fuair sí é bheith aici? Nach mór an iongnadh ná faghadh an síobhra aon nídh eile le déanamh ach bheith 'ghá leanmhaint siúd. Cáit. — D'airigheas-sa duine 'ghá rádh gurab iad rudaí na síobhraí, 'ná aingil an uabhair agus na deamhain aeir. Ach deir Éamonn ná fuil a leithéidí i n-aon chor ann.
Nóra. — Mura mbéadh iad do bheith ann conus do chífí iad? Peig. — An bhfeacaís-se féin aon cheann acu riamh, a Nóra? Nóra. — Ambasa féin ní fheaca, buidhchas le Dia! Ach is iomdha duine chonaic iad, dar ndóich. Peig. — Inis dom aoinne amháin. Nóra. — Seághan ua h-Iarlaithe. Bhíos ag éisteacht leis 'ghá innsint. Cáit. — Dhe, an leath-amadán! Nóra. — Pé 'cu leath-amadán é nó nach eadh do chonaic sé an sprid. Síle. — Canad, a Nóra? Nóra. — 'S amhlaidh do cuireadh ag comáint na mbó é, tar éis a gcrúidhte, suas go Túirín an Chasúrlaigh, asdoídhche Dia Domhnaigh. Bhí lán an tíghe de dhaoinibh bailighthe ag sguruigheacht ann. Ba ghearr gur sgiúrd Seághan chúca isteach agus sgeón ann agus coinneal 'na shúilibh le sgannradh agus le h-anfha. “Airiú, cad 'tá ort, a Sheághain?” ar siad. “Ó! an deamhn mé! go bhfeaca sprid!” ar seisean. “Airiú, cathain a chonaicís í, a Sheághain?” ar siad “Ó!” ar seisean, “i gcómhrac lae agus oídhche — um thráthnóna mór luath — ba threise ar an lá 'ná ar an oídhche — ní raibh sé dorcha — i lár an lae gléigil dob' eadh é.” Geallaim dhuit go raibh gáirídhe ann. “Cad dúbhairt sí leat, a Sheághain?” ar siad. “An deamhn mé!” ar seisean, “gur fheuch sí orm go truaghmhéileach.” “Agus cad dubhraís léi, a Sheághain?” ar siad.
“An deamhn mé!” ar seisean, “gur chuimhnigheas gur bh'fhearr ruith.” “Cad é an saghas í, a Sheághain?” ar siad. “Tá,” ar seisean, “sprid mhuice, i bhfuirm bhuím- péise stoca.” Cáit. — Aililiú! Airiú, cad a chonaic sé, a Nóra? Nóra. — Siní díreach an cheist a bhí acu go léir 'á chur ar a chéile, nuair cia bhuailfeadh chúca isteach ach athair Sheághain agus cóta-mór liath air agus a chaipín breac air. Ní túisge chonaic Seághan an caipín breac 'ná chuir sé liúgh as. “Ó!” ar seisean. “Sidí chugaibh isteach í!” “Mhaise duig ionat! a amadáin!” arsa 'n t-athair. Cáit. — Agus cá raibh an mhuc, airiú? Nóra. — Ambasa ach ní fheadar, a Cháit, ach gurab shin é tuairisg a thug sé féin ar an sprid a chonaic sé. Peig. — Is dócha gurab amhlaidh 'airigheadh sé daoine 'ghá rádh gur mheasa sprid d'fheiscint i bhfuirm muice 'ná i bhfuirm aon ainimhíghe eile, agus nuair a bhí an sgannradh air gur cheap sé gur rud i bhfuirm muice a bhí ann. Cáit. — Agus dar ndóich dúbhairt sé féin gur rud i bhfuirm bhuímpéise stoca do chonaic sé, nuair a chonaic sé an caipín breac agus an cóta-mór liath. Nóra. — Andaigh, ní fheadar-sa cad a chonaic sé ná cad a cheap sé a bhí ann, ach siúd é adúbhairt sé, “sprid mhuice,” ar seisean, “i bhfuirm bhuímpéise stoca.” Cáit. — Dhe, greadadh chuige, an breallán! Mura mbéadh é bheith i n-a amadán déarfainn gur mhaith an sgéal cuid de'n fhuip úd a thabhairt dó. B'fhéidir go mbainfeadh san cuid de na speabh- raídíbh dé.
Síle. — Nár airigheas-sa thusa 'ghá rádh, a Pheig, go ndúbhairt an sagart ná raibh aon fhios ag lucht feasa ach iad 'ghá leigint ortha fios do bheith acu? Peig. — Dúbhairt leis, agus ní'l, ach oiread agus bhí ag an mnaoi úd adúbhairt go bhfaghadh Éamonn bás fé cheann bliaghna. Síle. — Is dócha nár bhain sé an tsúil aiste mar do baineadh as an mnaoi a tháinig chun Diarmuda.
Caibidiol a h-aon a's fiche. Peig. — Pé rud a bhain an tsúil as an mnaoi a tháinig chun Diarmuda bhí sí ar leath-shúil. Agus má bhí an tsúil léi a bhí imthighthe chómh nímhneach leis an súil a bhí aici ba mhaith an bhail ar Dhiarmuid ná raibh an dá shúil aici nuair fheuch sí air féin, nó is dócha go gcuirfeadh sí ath-iompáil air. Níor fhéad an fear bocht aon bhlúire bídh d'ithe an chuid eile de'n lá san, ach ag cuimhneamh ar an leath-shúil úd, agus ar an gcirc agus ar an “srubh srabh,” agus ar an ndroch theangabhálaidhe do bhuail umá inghín. I dtreó go ndeachaidh Pails amach agus gur ghlaoidh sí ar chuid de na cómharsanaibh, agus go dtán- adar isteach, agus go ndúbhradar gur cheart fios do chur ar an sagart sul a dtiocfadh an oídhche le h-eagla go rachadh an duine i n-olcas agus go mb' fhéidir gurab amhlaidh bhéidhfí ag glaodhach ar an sagart i lár na h-oídhche. Do cuireadh fios ar an sagart agus do tháinig sé. Nuair airigh sé ó Dhiarmuid tuairisg na mná feasa do gháir sé. “Tá aithne mhaith agam-sa,” ar seisean, “ar an gcladhaire mná san. Ní raibh sí riamh i gCúig Uladh 'ná leath na slíghe ó bhaile. Tá a fhios agam-sa cár rugadh agus cár tógadh í, agus dob' olc an tógáilt í. Ní'l de chéird aici 'ná de shlígh mhartha ach bheith ag gluaiseacht ó áit go h-áit 'ghá leigint uirthi go bhfuil fios aici, agus dar ndoich ní'l ach oiread agus atá ag an iarta san. Dá mb' áil le daoinibh ciall do bheith acu agus gan bheith ag tabhairt airgid di, ba ghearr go gcaithfeadh sí gairm beatha éigin eile do tharang chuici. Ach cé gur minic
san d'á innsint do dhaoinibh ní ghlacaid cómhairle agus ní'l aon mhaith am' chaint. Ní h-aon tairbhe dhom bheith leó.” “Agus, a Athair,” arsa Diarmuid, “conus a fuair sí amach cearc do bheith ag glaodhach sa tigh seo? Nó conus a fuair sí amach Sadhbh do bheith as baile? Nó conus a fuair sí amach go rabhas-sa féin i gcon- tabhairt?” “Fiannaidheacht! a Dhiarmuid,” arsa 'n sagart. “Ní'l aon nídh is usa 'ná neithe de'n tsórd san d'fhághail amach nuair a cheapfadh duine a aigne chuige. Ná raibh a fhios ag an ndúthaigh cad é an t-éirleach do déineadh anso lá an aonaigh? Ná raibh a fhios ag an ndúthaigh Sadhbh do bheith as baile agus tusa do bheith ad' luíghe le h-éagcruas? Slán beó mar a n-innstear é! Cad é an bac a bhí uirthi bualadh anso agus ansúd imeasg na ndaoine agus eólus d'fhághail ar gach aon rud a bhain leat? Is breagh bog an tslígh é chun airgid d'fhághail.” “Ach conus gheabhadh sí amach cearc do bheith ag glaodhach sa tigh, a Athair?” arsa Diarmuid. “Is dócha,” arsa 'n sagart, “dá mbéadh cearc ag glaodhach sa tigh ná béadh aon bhac uirthi teacht suas leis an méid sin eóluis ach chómh beag agus bhí uirthi teacht suas leis an gcuid eile.” “Dá mbéadh cearc ag glaodhach sa tigh!” arsa Diarmuid. “Dar ndóich, a Athair, mura mbéadh go raibh ní dócha go ndéarfadh sí é.” “Is neamhnídh ci'acu,” arsa 'n sagart. “Is obair leanbaidhe aon tsuím do chur 'na leithéid de sgéal. Ach ba mhaith liom a fhios do bheith agam ar airigh aoinne eile an chearc so ag glaodhach.” “Níor airigheas-sa féin í,” arsa Diarmuid, “agus ní
baoghal gur airigh Pails í mar tá sí chómh bodhar le slis, agus ambriathar nár airigheas aoinne eile 'ghá rádh gur h-airigheadh í.” “Siné shamhluigheas,” arsa 'n sagart. “Is dócha,” ar seisean, “nach foláir nó gur airigh sí siúd rud éigin de'n ráfla so ar siúbhal i dtaobh Shadhbh, nár stad cos di ó fhág sí an áit seo go ndeachaidh sí síos go dtí an baile mór. Ansan gur chuir sí fiadhach agus cuardach agus tóir i ndiaigh an bhitheamhnaigh úd i dtreó gur rugadh air agus gur crochadh é. Agus gur thug an rígh do Shadhbh an trí chéad púnt do rugadh uaithi agus trí chéad eile mar thuille.” “Stad! Stad! a Athair,” arsa Diarmuid. “Cad é sin agat d'á rádh mar sin, a Athair? Conus fhéadfadh an cailín bocht san dul go dtí an baile mór agus eólus na catharach do dhéanamh? Cailín beag ná raibh riamh tar fiche míle ó bhaile!” “Ní'lim-se ach 'ghá innsint cad é an ráfla d'airigheas,” arsa 'n sagart. “Is dócha gur airigh an bhean úd an fheasa, ná fuil aici, an ráfla céadna, agus gur cheap sí dá mbéadh tusach an sgéal aici dhuit-se go mbainfeadh si síntiús airgid asat d'á bhárr, agus ní deirim ná gur bhain.” “Níor bhain puínn, a Athair,” arsa Diarmuid. “Ach cad é an saghas ráfla é? Nó cad a cuir ar bun é?” “Is amhlaidh a bhíos féin chun teacht anall 'ghá innsint duit a leithéid do bheith ar siúbhal nuair a tháinig an teachtaire chúgam 'ghá rádh go raibh eagla ar chuid des na cómharsain go n-ath-iompóchadh ort.” “Ba neamhghádh dhóibh sin!” arsa Diarmuid. “Ní fheaca riamh iad ach amhlaidh. Dá mbéadh aoinne 'ghá iaraidh ortha ní baoghal go mbéidís chómh tionsgalach!
Ag ruith ag cur aistir ar shagart gan ghádh gan riachtanas! Feuch air sin!” “Ní fiú biorán a's é,” arsa 'n sagart. “Do thioc- fainn féin anall ar aon chuma feuchaint an raibh aon sgéala agat ó Shadhbh nó an raibh aon bhunús leis an ráfla so ar siúbhal.” “Níor airigheas focal riamh dé go dtí gur tháinig an bhean úd agus go ndúbhairt sí gur casadh droch theang- bhálaidhe éigin ar Shadhbh, nó rud éigin de'n tsórd san,” arsa Diarmuid. “Cé h-é an droch theangbhálaidhe adúbhairt sí do casadh uirthi?” arsa 'n sagart. “Níor inis sí dhúinn cia r' bh'é féin. Níor thug sí aon tuairisg dúinn air, agus siné atá ag baint mo mheabhrach asam,” arsa Diarmuid. “Do'n réir sin.” arsa 'n sagart, “is dócha gur airigh sí an chuid eile fé mar airigheas-sa féin é. Cairéiridhthe do thug leó é mar iongnadh shaoghail agus mar chúrsaí cainte eatartha, go raibh Cormac an Chaincín sa bhaile mhór leis, agus gur oibrigh sé féin agus Sadhbh a' láimh a chéile chun beirthe ar an mbitheamhnach. Gur imireadar araon an cluiche chómh maith san agus chómh gasta san go raibh iongnadh a gcroídhe ar mhuíntir an rígh agus ar an rígh féin, a fheabhas do dhéineadar an gnó. Ansan, nuair fuair Sadhbh sé chéad púnt i n-inead an trí chéad a rugadh uaithi, gor socaruigheadh cleamhnas idir í féin agus Cormac agus go bhfuil an bheirt pósta um an dtaca so, nó réidh chun a bpósta.” “Aililiú!” arsa Diarmuid. “Feuch air sin! Ar airigh aoinne riamh a leithéid! Cheapas ná pósfadh sí é dá mbéadh saidhbhreas na h-Éirean aige. Is éachtach an saoghal é. Is éagsamhlach an obair má 's fíor é sin. Ach is dóichíghe ná fuil aon bhunús leis an sgéal. Ní fhéadfadh a bheith, nídh nach iongnadh.”
“Ní fheadar 'n tsaoghal, a Dhiarmuid,” arsa 'n sagart. “Is dócha go 'neósfaidh an aimsir, agus nach fada go dtí san. Ní'l aon sgéalaidhe is fearr 'ná an aimsir. Ní bhéadh aon iongnadh orm féin dá dtuiteadh amach go mbéadh beann-lámha de'n fhírinne ann, mar ráfla.” “Airiú, a Athair an chroídhe 'stigh,” arsa Diarmuid, “cad é sin agat d'á rádh! Ní'l aon bheirt sa pharóiste is neamh-oireamhnaíghe d'á chéile 'ná an bheirt. Dhéanfadh Sadhbh an gnó go maith, b'fhéidir, dá mbéadh sí pósta ag fear réidh daingean stuama de shaghas Shéadna thuas ansan. B'fhéidir go ndéanfadh Cormac an gnó go maith dá mbéadh sé pósta le mnaoi éigin chiúin fhadar- adhnach, do thabharfadh a shlígh féin dó ar gach aon tsaghas cuma. Ach an bheirt sin! Má póstar iad béidh sé n-a chogadh dhearg acu an dá lá 's 'n fhaid mhairfid.” “Ní fheadar 'n tsaoghal, a Dhiarmuid,” arsa 'n sagart. “Is amhlaidh mar atá an sgéal, ní h-é mo thuairim-se 'ná go mb'fhéidir go mbéadh an saoghal níos fearr 'ná san acu. Fear stuacach ceann-dána iseadh Cormac gan amhras. Ní deirim go maithfeadh sise puínn dó. Ar a shon san agus uile, — an dtuigean tú mé? — b'fhéidir dá mbéidís pósta go dtuitfeadh amach gur fearr a réidhteóchadh an bheirt le chéile 'ná mar a réidhteóchadh aoinne de'n bheirt le duine eile. Do chonac a leithéid cheana.” “Do chonaicís a lán, a Athair, gan dabht ar domhan, ach ní'l aithne cheart agat ar Shadhbh. Ní dómh-sa is ceart a rádh; ach ní h-aon mhaith a rádh ach an ceart, agus isí an fhírinne is fearr. Ní dóich liom go bhfuil an fear san beó indiu ar thalamh tirim na h-Éirean do bhainfeadh ceart de Shadhbh.” “Ar an dtaobh amuich d'aon fhear amháin, ní dóich liom go bhfuil,” arsa 'n sagart. “Agus rud eile atá
air,” ar seisean, “ní'l an bhean san beó indiu ar thalamh tirim na h-Éirean, ná dá n-abrainn sa náisiún is giorra dhi, do bhainfidh ceart de Chormac mura mbainidh Sadhbh ceart dé, rud a bhainfidh. Bain an chluas díom mura mbainidh!” “Andaigh, a Athair,” arsa Diarmuid, “ba dhóich le duine ar an gcuma 'na labhran tú go bhfeicean tú fírinne nó bunús éigin sa ráfla so.” “Sdó, tá bun agus bárr an sgéil chómh cruinn sin ag na cairéirídhibh agus iad go léir chómh mór san ar aon fhocal amháin i n-a innsint, is deacair a rádh ná go bhfuil fírinne éigin ann,” arsa 'n sagart. “Ní raibh aon choinne riamh agam go dtuitfeadh a leithéid amach,” arsa Diarmuid. “Cheapas ná pósfadh Sadhbh é ach oiread agus bháthfadh sí í féin, agus cheapas ná feuchfadh seisean ar an dtaobh de'n bhóthar 'na mbéadh Sadhbh, dá mba ná béadh i n-Éirinn ach í. Isé rud d'airighinn aici go minic d'á rádh, ná raibh aon fhear i n-Éirinn ba lúgha uirthi 'ná é, agus ná raibh aon fhear i n-Éirinn ba ghráinne 'ná é. Má tá an bheirt pósta do bhuaidh sé ar a bhfeaca riamh.” “B'fhéidir,” arsa 'n sagart, “má fuair sí an chreid- eamhaint seo go léir, fé mar a deirtear, ó mhuíntir an rígh agus ó'n rígh féin, tré a fheabhas do dhéin sí an bheart agus tógáilt do chur ar an mbitheamhnach úd, agus má fuair sí sé chéad púnt mar thuarasdal as, go ndéar- fadh Cormac leis féin gur bh'fhiú dhó feuchaint ar an dtaobh de'n bhóthar 'na mbéadh sí, agus gur mhó b'fhiú dhó feuchaint ar an dtaobh san 'ná ar an dtaobh eile. Agus b'fhéidir nuair a chífeadh Sadhbh Cormac ar an aigne sin nár chuid ba lúgha 'ná a fhonn do bhéadh uirthi a rádh 'na h-aigne féin go bhfuil fir le fághail atá níos gráinne 'ná é.”
“Ha! ha! há!” arsa Diarmuid. “Mhaise, cúis gháire chúgainn, a Athair!” ar seisean. “Cá bh' fhios ná go mb'fhéidir go bhfuil an sgéal níos fearr 'ná shíleamair é bheith. ‘An rud ba mheasa le duine 'ná a bhás ní fheadair sé ná gurab é lár a leasa é.’” Le n-a linn sin cia bhuailfeadh chúca an dorus isteach ach an tíncéir mór.
Caibidiol a dó a's fiche. Fear géagach slinneánach, buídhe, dob' eadh an tíncéir mór. Fear lom láidir. Bhí iaracht de rian na bolg- aighe ann, agus ní raibh puínn féasóige air. Bhí sé iaracht bolg-shúileach. Bhí sé fadshrónach, faidleicneach, deagh-chúmtha 'na bheul agus 'na chorán. Bhíodh fáilte ins gach cuideachtain roimis mar ní bhíodh sé choídhche ach ag déanamh spóirt agus suilt agus caitheamh aimsire d'á mbíodh láithreach. Bhuail sé chúca isteach agus ní túisge chonaic sé an sagart 'ná tharaing sé siar beagán. Do shnap sé an cáibín d'á cheann agus do nocht sé an t-éadan buídhe maol a bhí air. Agus is air a bhí an multachán mór cinn agus é go cíordhubh agus go cas. “Déin ar t' aghaidh, a Phádraig, a mhic ó,” arsa 'n sagart, agus é ag gáirídhe. “Ní baoghal duit,” ar seisean. “B'fhéidir,” ar seisean, “go bhféadfá-sa tuairisg éigin do thabhairt dúinn i dtaobh an ráfla so atá ar siúbhal tímpal Shadhbh Dhiarmuda agus Chormaic Báille.” “Fágaim le h-uadhacht, a Athair,” arsa 'n tíncéir, “gurab shiné díreach a thug anso anois mé, agus gur lag a shileas go mbéadh tusach agat' onóir orm. Ní fearr bheith ag caint air, 'sé mo thuairim láidir ná féadfadh spideóg iasachta teacht isteach sa pharóiste a gan fhios duit.” “D'á ghéire beirt againn, a Phádraig,” arsa 'n sagart, “ní gádh dhúinn bheith ró mhaoidhmhteach. Bhain Murainn tusach díom-sa féin agus ba ró dhóbair di ath-iompáil do chur ar an nduine mbocht so le n-a cuid
salmaireachta agus le n-a cuid gliúmála. Dúbhairt sí go raibh cearc ag glaodhach sa tigh seo, agus dúbhairt sí gur bhuail droch theangbhálaidhe uim Shadhbh. Agus an bhfuil a fhios agat cad dúbhairt sí leis? Dúbhairt sí gur ó Chúig Uladh í féin agus gurab amhlaidh do cuireadh a-dtuaidh ar fad í chun Sadhbh do chosaint ar a h- eascáirdibh. Bhíos féin ag gabháil anall feuchaint conus bhí sé seo ag teacht chun cinn nuair bhuail teachtaire umam 'ghá rádh liom go raibh eagal ar na cómharsain go raibh ath-iompáil ag teacht air. Do bhí iongnadh orm cad do chuirfeadh an ath-iompáil air go dtí gur inis sé dhom go raibh sí siúd ag caint leis. Is dócha nár thug sí uain di féin ar iomláine an sgéil do thabhairt léi, le h-eagla ná béadh tusach aici agus gur lúgh-de an síntiús do gheabhadh sí é. Is dóich liom go bhfuair sí síntiús uaidh ach ní raibh puínn aici le h-innsint dó, agus an méid a bhí, níor dhéin sé ach aigne an duine bhoicht do chur tré chéile níos mó, agus buairt a dhóithin cheana air.” “Agus nach mór an iongnadh nár aithnighis í, a Dhiarmuid,” arsa 'n tíncéir. “D'airigheas teacht tháirsi go minic, ach ní fheaca riamh roimhe sin í, agus ní h-uirthi bhíos ag cuimhneamh, nídh nach iongnadh, ach ar mo leanbh,” arsa Diarmuid. “Cad é an sórd innsinte d'airighis-se ar an ráfla so, a Phádraig?” arsa 'n sagart. “Nó an bhfuil aon bhunús leis?” “Ambasa, a Athair,” arsa Pádraig, “ní fhéadfadh bunús níob' fhearr a bheith leis. Ní ráfla ná sgéal sgéil é, ach fírinne ghlan. An cairéir, Uilig de Búrc, isé d'inis dómh-sa é. Cormac féin isé d'inis dó-san é. Is dóich leis go bhfuil Cormac agus Sadhbh pósta um an dtaca so. Deir Cormac gurab é an rígh féin do dhéin an cleamhnas.”
“'Gcloistí!” arsa Diarmuid. “Deirim leat ná fuil aon fhocal bréige ann,” arsa Pádraig. “Ó'n lá do rugadh mé níor airigheas a leithéid d'eachtra. Bhí a fhios ag Cormac Sadhbh do bheith imthighthe as baile. Do lean sé ar muin capaill í. Bhí a fhios aige í bheith 'na cuis agus bíodh go raibh sí raint aimsire ar an mbóthar sul ar ghluais sé, cheap sé nár bhaoghal 'ná go dtiocfadh sé suas léi sul a sroisfeadh sí an chathair. Bhí sé ag cur a tuairisg' agus ag tabhairt a cómharthaí uaidh fan bhóthair ar feadh abhfad, agus mar sin do choimeád sé ar feadh abhfad an bóthar do lean sise agus ba bheag ná go raibh a fhios aige cad é an fhaid roimis amach a bhí sí. Fé dheire do cuireadh i n-iúil dó gur ghaibh sí dhá bhóthar. Chuir san amúgh' é, agus isé rud a dhéin sé ansan 'ná déanamh ceann ar aghaidh ar an gcathair. Bhí a fhios aige go mbéadh sé sa chathair roímpi, agus do bhí. Bhí aithne sa chathair air. Do bhí aithne mhaith ag muíntir an righ air. Chuir sé lucht airm amach láithreach ar na bóithribh a-ndeas, agus thug sé cómharthaí Shadhbh dóibh. Ba ghearr go bhfeacadar ag teacht í, ar a cromruathar agus caipín a clóca ar a ceann aici. Chuireadar iad féin i n-iúil di, ach ní raibh aon mhaith dhóibh ann go dtí gur thugadar an cómhartha cruinn di. Dubhradar léi gur bh'é Cormac Báille do chuir fé n-a déin iad agus ‘d'á chómhartha san féin’ gur bh'í Pails bhodhar an t-aoinne amháin a chonaic í ag fágáilt an bhaile. Shásaimh san í. “Nuair fhiafraigh Cormac di cad a thug í, dúbhairt sí leis gur theastaigh uaithi dul chun cainte leis an rígh agus go gcaithfeadh sí ceart d'fhághail uaidh. “‘Cad 'tá ag an rígh le déanamh dhuit?’ arsa Cormac. “‘Tá,’ ar sise, ‘breith ar an mbitheamhnach a rug mo
chuid airgid uaim, agus an t-airgead do bhaint dé agus do thabhairt tar n-ais dom. Cad é an tairbhe dhúinn rígh do bheith againn, agus a lucht airm 'na thímpal, mura bhféadaidh sé sinn do chosaint ar bhitheamhnachaibh?’ ar sise. ‘Is i n-ainim an rígh do rugadh mo chuid uaim,’ ar sise, ‘agus ní rachaidh sé gan innsint dó. Ní'l ionam ach anam aoinne amháin,’ ar sise, ‘ach dá mbéadh anam agus fiche ionam d'imireóchainn leis siúd iad níos túisge ná leigfinn i n-aisge leis an bheart chaillte do dhéin sé. Sloigfidh an talamh é nó tiocfad-sa suas leis, agus nuair a thiocfad geallaim dhuit go gcuirfead cathúghadh air nár sgaoil sé thairis mé. Is i n-ainim an rígh do rug sé mo chuid uaim. Is ó'n rígh atá sásamh le fághail agam, nó ní rígh é. Má creachadh mé i n-ainim an rígh nach é is lúgha is gann do'n rígh cead agus congnamh agus caoi do thabhairt dom ar an mbitheamhnach d'leanmhaint agus d'fhiadhach chun go mbeiread air? Ní fhágfad poll ná póirse i n-Éirinn gan cuardach dó. Beir i láthair an rígh mé,’ ar sise. ‘Beir i láthair an rígh mé nó rachad féin 'na láthair ar shlígh éigin.’ “B'éigean do Chormac a slígh féin do thabhairt di. Ní dóich liom go raibh aon chur 'na choinnibh aige. Bhí sé ag tarang uisge chun a mhuilinn féin sa ghnó. Bhí a fhios aige pé duine bhéarfadh ar an mbitheamnach agus thabharfadh chun lámha é go mbéadh a thuarasdal dó go maith as. Agus bhí a fhios aige ná féadfadh aoinne congnamh níob' fhearr do bheith aige chun na h-oibre 'ná congnamh Shadhbh, an fhaid a bhí an fuadar úd fúithi. Thug sé cead a cinn di. “‘Béarfad-sa i láthair an rígh thú,’ ar seisean, ‘ach seachain agus ná déin aon rud a chuirfeadh i bpúnc mé. Is minic d'airighis an sean-fhocal, “Ní h-ionan dul go tigh an rígh agus teacht as;” agus, “gur
sleamhain iad leacacha an tíghe mhóir.” Is maith an dá shean-focal iad agus is mairg ná coimeádfadh i n-a aigne iad go cruinn.” “‘Ní baoghal duit,’ ar sise. ‘Ní'l uaim ach go gcurfaí mé am' sheasamh i láthair an rígh agus go dtabharfaí cead cainte dhom. Ní'l agam le rádh leis ach go dtáinig duine uasal go tigh m'athar sa Mhumhain; gur thaisbeáin sé fáinne an rígh dhom. Gur leig sé air gur ag ceannach capall do'n rígh a bhí sé; gur cheannuigh sé iad i n-ainim an righ; gur leig sé air liom-sa ná raibh oiread airgid aige agus dhíolfadh as a raibh ceann- uighthe aige agus dá dtugainn-se trí chéad púnt ar iasacht dó, i n-ainim an rígh” ar feadh raint laetheanta go mbéadh comaoin agam d'á chur ar an rígh agus ná rachadh san gan innsint dó gur thugas mo thrí chéad púnt do'n duine uasal san i n-ainim an rígh; gur fhág san mé féin agus m' athair beó bocht mura bhfuil sé ar chumas an rígh leigheas do dhéanamh ar an olc do déineadh i n-a ainim.’ “‘Tá go maith,’ arsa Cormac, ‘ná h-inis d'aoinne beó an nídh seo atá ar aigne agat. Nuair a bhéidh do sgéal innste agat abair leis an rígh go n-aithneóchthá an Síogaidhe dá bhfaghthá radharc air, agus dá mb' é toil a onóra congnamh fear do chur leat go raghfá ar a lorg agus go dtabharfá chun lámha é.’ “‘D'aithneóchainn ceann an chuirpthigh,’ ar sise, ‘dá mbéadh sé ar feadh cheithre h-uaire fichid d'á bheiriughadh i gcorcán praisge, agus bainfead-sa an forcamás dé, geallaim dhuit é.’ “D'imthigh Cormac agus fuair sé lóisdín di. D'imthigh sé ansan agus do labhair sé leis an bhfear a bhí 'na cheann ar theaghlach an rígh. Bhí aithne aige ortha go léir.
“‘Tá óighean anso ó'n Múmhain,’ ar seisean, ‘agus deir sí gur rug duine éigin trí chéad púnt uaithi, agus nach féidir lei teacht suas leis, agus go dtáinig sí chun gearáin do chur isteach air, i láthair an rígh.’ “‘Is deacair do'n rígh teacht suas leó go léir,’ arsa 'n ceann. ‘Tá fiadhach ar fuid na h-Éirean,’ ar seisean, ‘le breis agus trí seachtmhaine, ar bhitheamnach éigin eile agus is dóich liom gur sa Mhúmhain a dhein sé pé coir atá déanta aige. Támaoid cráidhte, céasda, ciapaithe, ag Muímhneachaibh.’ “Níor labhair Cormac drud. “‘Cathain a theastuighean uaithi labhairt leis an rígh?” arsa 'n ceann. “‘Pé tráth do cheapfadh an rígh féin,’ arsa Cormac, agus do shleamhnuigh sé píosa óir isteach i láimh an chinn. “‘Fan ansan go fóil,’ arsa 'n ceann, agus d'imthigh sé. Ba ghearr gur fhill sé. ‘Bíodh sí anso um eadarthra amáireach,’ ar seisean, ‘agus gheabhaidh sí ceart. Tá ceart le fághail anso ag íseal agus ag uasal. Bíodh sí anso amáireach um eadarthra agus fág an chuid eile fúm-sa.’”
Caibidiol a trí a's fiche. “Um eadarthra lar na mháireach bhí an bheirt ag dorus tíghe an rígh. Tháinig an ceann amach. Chonaic sé Cormac. “‘Cá bhfuil sí?” ar seisean. “‘Sidí í,’ arsa Cormac go réidh. “‘Téanam, a 'nghean ó,’ arsa 'n ceann. “Do ghluas sí i n-aonfheacht leis. Chuadar isteach dorus. D'imthigheadar tré phóirse fhada. Chuireadar dorus eile dhíobh agus póirse eile. Chuireadar an trímhadh dorus díobh. Ní póirse a bhí lastigh dé sin ach páirc bhreagh mhór fhairsing ghrianach, agus í go glas, agus go bearrtha le speil, agus casáin dheasa tríthi anonn, agus gainimh ortha. Bhí righ-theaghlach áluinn uasal sa taobh thall de'n pháirc sin. Thug an ceann aghaidh ar dhorus an rígh-theaghlaigh sin. Ghluais Sadhbh' na dhiaigh. Bhuail an ceann buille beag réidh ar an ndorus. Ba ghearr gur h-osgaladh é. Duine uasal breagh groídhe cumasach dob' eadh an fear d'osgail é. Bhí caipín airgid ar a cheann, nó cheap Sadhbh gur bh' airgead é. Agus bhí clóca síoda air agus bhí tuagh ar a ghualainn aige, agus í chómh greanta chómh solusmhar le glaine, agus faobhar uirthi gur dhóich leat go mbainfeadh sí an ceann de chapall d'aon iaracht. Do labhair an bheirt fhear le n-a chéile i gcogar ar feadh tamaill. Ansan do bhagair fear na tuagha ar Shadhbh, agus do lean sí é agus d'fhan an fear eile amuich. “Ní túisge a bhí Sadhbh ar an dtaobh istigh de'n dorus 'ná ba dhóbair go leathadh a radharc uirthi. Do chonaic sí an seómra breagh mór fairsing árd, agus na h-uaisle 'na suídhe ann ar gach taobh. Fir bhreaghtha mhóra
dhathamhla dob' eadh iad, agus clócaí síoda ortha agus slabhraí óir ortha agus búclaí óir 'na mbrógaibh, agus a chlaidheamh le n-a ais ag gach fear díobh. Ar a h-aghaidh suas do chonaic sí aon fhear amháin agus ba mhó agus ba chumasaíghe agus ba dhathamhla é ná aon fhear eile d'á raibh ann. Bhí coróinn óir ar a cheann agus mar bhéadh adharca beaga anáirde aisti mór-thímpal. Ar bárr gach adhaircín acu san do bhí bulla beag óir, agus istigh i lár gach bulla bhig bhí solas éigin ar lasadh agus ar crith, mar bhéadh réiltín, oídhche sheaca. Bhí clóca dearg air, chómh dearg leis an gclóca a bhí ar Shadhbh féin lá an aonaigh, nó b'fhéidir níos deirge. Bhí a shlat ríogdha 'na láimh dheis aige agus bhí sé 'na shuídhe ar chathaoir mhór árd gur dhóich leat go raibh an uile bhlúire dhi déanta d'ór chasta. Nuair a chonaic Sadhbh é bhí a fhios aici gur bh'é an rígh é. Ach ní raibh sgáth 'ná eagla uirthi roimhe, mar ní feuchaint chruaidh choímhtheach a bhí aige, ach feuchaint bhreagh bhog réidh dhuineanda. Bhí an chathaoir ríogdha féin anáirde ar láithreán a bhí mar adéarfá leath-troigh níos aoirde 'ná an chuid eile de'n úrlár. Bhí dhá chathaoir eile ann, cathaoir acu ar gach taobh de'n láithreán, anuas ar an dtalamh, agus bhí beirt uaisle na suídhe ortha. Fir chríona liatha dob' eadh iad. An fear acu a bhí ar dheis an rígh, bhí gruaig fhada liath air, agus í siar síos leis, ar a shlinneánaibh, agus bhí féasóg fhada liath air, síos ar a bhrághaid agus ar a bhrollach. Bhí clóca uaithne air agus bhí cláirseach mhór 'na seasamh i n-a aice. An fear acu a bhí ar an dtaobh eile de'n rígh bhí gruaig fhada liath air leis, agus bhí fúnsa óir ar a cheann, ag coimeád na gruaige siar d'á éadan, agus bhí féasóg fhada liath air, díreach mar a bhí ar fhear na cláirsighe. Ach ba thruime agus ba mhó d'fhear é go mór 'ná fear na cláirsighe.
“Bhí Sadhbh ag tabhairt na rudaí sin go léir fé ndeara agus í ag gabháil an t-úrlár suas fá dhéin an rígh. Nuair a bhí sí i ngoireacht chúig slata, nó mar sin, dó, do stad sí. “‘Druid tamall eile ainíos, a 'nghean ó,’ arsa 'n rígh. Níor chuir sí cor di. “‘Druid ainíos. Ná bíodh ceist ort,’ arsa 'n rígh. “‘Druid suas. Ní'l aon rud le h-imtheacht ort,’ arsa fear na tuagha léi, i gcogar. “Níor dhéin sí aon bhlúire amháin ach a clóca do sgaoileadh siar síos di agus dul de léim i bhféasóig an fhir mhóir a bhí ar láimh chlé an rígh agus díriughadh ar an bhféasóig do stathadh, fé mar dhéin sí le fear an bhramaigh oídhche an aonaigh. An darna tarang d'ar bhain sí as an bhféasóig do ghluais léi, i n-aon sgraith amháin, idir fhéasóg agus gruaig agus fúnsa óir, agus cia béadh ann 'na steilibheathaigh aici ach an Síogaidhe macánta! “‘Airiú, a bhitheamhnaigh na croiche duibhe!’ ar sise, ‘sín chúgam amach anso láithreach mo chuid airgid a mheallais uaim i n-ainim an rígh.’ “Ar neómat na baise bhí fiche lámh os a gcionn agus claidheamh lomrachta ins gach láimh díobh. “Ná buailtear é,’ arsa 'n rígh. ‘Gabhthar é,’ ar seisean. ‘Cad as duit-se, a 'nghean ó?’ arsan rígh. “Do chaith sí í féin ar a dhá glúin os cómhair an rígh. “‘Ó'n Múmhain, a righ,” ar sise, “agus do tháinig an fear san an lá fé dheire go tigh m'athar, agus dúbhairt sé go raibh sé ag ceannach capall duit-se, a rígh, agus do cheannuigh sé a raibh de chapaillibh ar an aonach an lá san, agus do dhíol sé airgead bréagach asta, agus thaisbeáin sé dhómh-sa t'fháinne-se, a rígh, agus dúbhairt sé ná raibh a dhóithin airgid aige chun díol as a raibh
ceannuighthe aige, agus d'iar sé orm trí chéad púnt do thabhairt dó ad' ainim-se, a rígh, agus thugas dó é. Is ar éigin a bhí sé tabhartha dhó agam nuair a fuair Séadna amach gur bhitheamhnach é agus chuir sé Cormac 'na dhiaigh. Ach do theip ar Chormac teacht suas leis. Agus dar ndóich ní h-iongnadh gur theip agus é anso istigh go seasgair agus gruaig fhada liath air agus féasóg fhada liath. Feuch air sin!’ “‘Go réidh, a 'nghean ó,’ arsa 'n rígh. ‘Cé h-é Cormac?’ “‘An báille atá againn, a rígh,’ ar sise. “‘Cá bhfuil sé anois?’ arsa 'n rígh. “‘Tá sé amuich ag an ngeata, a rígh,’ ar sise. “‘Tugtar isteach é,’ arsa 'n rígh. “Do tugadh isteach é. Agus go deimhin, a Athair, deir Uilig de Búrc, dá mba ná béadh agat ach aon gháire amháin go ndéanfá é dá bhfeicfeá an dá shúil a tháinig do Chormac agus an iongnadh agus an alltacht agus an t-uathbhás a tháinig air, nuair a chonaic sé Sadhbh ar a glúinibh os cómhair an rígh agus an sgraith gruaige agus féasóige úd 'na lámhaibh aici agus a clóca laistiar di ar an úrlár, agus an fear a bhí ag siúbhal an aonaigh léi, ansúd thuas gabhtha, agus fear na tuagha 'na sheasamh laistiar dé, ollamh ar a cheann do sgoltadh leis an dtuaigh dá gcuireadh sé cor dé. “‘A bháille,’ arsa 'n rígh, ‘cé h-é sin?’ “‘Siné, a rígh,’ arsa Cormac, ‘an fear cheannuigh na capaill ar aonach an Tobair sa Mhúmhain agus do dhíol an t-airgead bréagach asta. Bhí ceathrar acu ann, agus do rugadh ar thriúr acu. Ach do theip orainn teacht suas leis seo. Agus ní deirim go bhfuil aon chúinne sa chathair seo, 'ná is dócha i n-Éirinn, gan daoine anois ann ar a lorg. Ní mór sgéala do chur amach
láithreach go bhfuil beirthe air agus gan fir bhochta do bheith 'ghá marbhadh féin níos sia ag ruith 'na dhiaigh, agus gan é ann le fághail.” “‘Go réidh, a bháille,’ arsa 'n rígh, ‘ní deirim ná go bhfuil iaracht de dhearmhad ort.’ “‘Ó, ní'l, a righ,’ arsa Cormac. “‘Measaim,’ arsa 'n rígh, ‘go bhfuil, mar ní h-ort atá an t-aer agus an talamh do choimeád gan tuitim ar a chéile.’ “Do gháireadar na h-uaisle go léir. D'fheuch Cormac 'na thímpal ortha agus do leath a bhéal air agus tháinig bior ar a shúilibh, mar ní fheidir sé cad do chuir ag gáirídhe iad. “Ansan do ghlaoidh an rígh chuige ar Shadhbh agus cheistigh sé í agus bhailigh sé uaithi fios bunús an sgéil ó thusach go deire, idir chleamhnas agus geallamhaint phósta agus iasacht airgid agus uile. Agus Síogaidhe ansúd gabhtha ag éisteacht leó agus fear na tuagha laistiar dé. “Nuair bhí a sgéal críochnuighthe ag Sadhbh do tharaing sí as a póca cuid de'n airgead bhréagach agus thug sí do'n rígh é. D'fhéuch sé air go géar. Ansan do ghlaoidh sé ar cheann airm na cathrach a bhí 'na sheasamh thíos ag an ndorus. Tháinig sé ainíos. “‘Conus do thárla,’ arsa 'n rígh, ‘gur rugadh ar thriúr acu agus gur imthigh an ceathramhadh duine?’ “‘Siné bhí a'm dhalladh, a rígh,’ ar seisean. ‘Ach tuigim anois é. Siné ansan,’ ar seisean, ag síneadh a mhéire chun Síogaidhe, ‘an fear a dhearbhuigh ar an dtriúr.’ Do ghluais osna chléibh ó n-a raibh láithreach nuair dh' airigheadar an méid sin. ‘Do dhearbhuigh sé leis,’ arsa 'n ceann-airm, ‘gur bh'é duine a bhí ag déanamh an airgid bhréagaigh 'ná fear a chómhnuighean sa Mhúmhain
gurab ainim dó Séadna, agus gur bh'é do cheannuigh na capaill ar an aonach ad' ainim-se, a rígh. Agus d'á chómhartha san féin go raibh sé beó bocht go dtí a bhfuil le fíor-bheagán aimsire. Ná raibh ann ach gréasaidhe bocht i mbothán ag bun cnuic agus go bhfuil sé anois ar an bhfear is saidhbhre agus is neamh-spleághchaíghe i n-Éirinn. Do ghleusas láithreach congnamh fear chun imthighthe ceann ar aghaidh ó dheas sa Mhúmhain chun beirthe ar Shéadna úd, nuair cé bhuailfeadh chúgainn isteach ach Cormac Báille anso agus é ar thóir na mbitheamhnach, agus allus air agus ceó bóthair a dhóithin. D'inis sé sin dúinn láithreach sgéal a bhí bun os cionn ar fad leis an sgéal eile. Dúbhairt sé linn go raibh togha na h-aithne aige féin ar Shéadna agus gur dhuine mhacánta é, agus gur bh'é chuir an tóir i ndiaigh na mbitheamhnach, agus mura mbéadh é ná béarfaí i n-aon chor ortha. Cheapas féin an fear d'inis an chéad sgéal do chur os cómhair Chormaic, ach ní raibh tásg ná tuairisg air. Bhí sé imthighthe mar shloigfeadh an talamh é. Chuireas lucht cuardaigh ins gach ball tríd an gcathair. D'imthigheas féin sa chuardach leó, ach ní raibh aon mhaith dhúinn ann. Ní raibh sé le fághail thíos ná thuas. Is cuimhin liom, ámh,’ ar seisean, ‘go maith, go bhfeaca ag gabháil thorm sa tsráid, agus é ag siúbhal ar a shocaracht, duine d' uaislibh an rígh agus féasóg fhada liath go breagh bog sgáinneach air, díreach mar í seó,’ ar seisean ag breith ar an sgraith a' lámhaibh Shadhbh, ‘agus gruaig bhreagh throm mar í seo air, agus í siar síos leis ar a ghuailnibh 'n-a fáinníbh ag crith agus ag lúbarnaigh. Is lag a shíleas an uair sin go raibh an t-é a bhí uaim chómh h- achmair dom.’ “Ach 'sé crích an sgéil duit é a Athair, gur cuard- uigheadh tigh an duine uasail agus gur fuaradh ann éacht
ar fad d'airgead agus d'ór agus d'olmhaitheas. Agus go ndúbhairt an rígh nár bh'fholáir a cuid féin do thabhairt do Shadhbh ar a dhúbailt, agus a rogha d'á raibh ann de sheóidibh uaisle. Agus na capaill do ceannuigheadh ar an aonach agus gur díoladh an t-airgead bréagach asta, dúbhairt sé nár bh'fholáir iad do chuardach agus iad do chur thar n-ais sa Mhúmhain ag triall ar an muíntir go mba leó iad. Ansan do órduigh an rígh tigh Shíogaidhe do ghlanadh agus do shocarughadh agus do chur i dtreó, agus é thabhairt do Shadhbh, dá mba mhaith léi dul chun cómhnuighthe ann agus a h-athair do bhreith léi ann, mar go raibh comaoin mhór curtha aici air, comaoin níos mó 'ná chuir aoinne des na h-uaislibh a bhí 'na thímpal riamh air, cé gur mhór an iontaoibh a bhí aige asta agus gur ghairid a ngaol leis. Lar na mháireach an lae sin iseadh d'airigh Uilig de Búrc i dtaobh an chleamhnais. Isé a bhí ar siúbhal ag daoinibh 'ná go raibh Sadhbh agus Cormac le pósadh, agus go raghaidís chun cómhnuighthe sa tigh mór agus ná raibh aon tseó ach a bhfuair Sadhbh de shaidhbhreas d'éaghmuis na sé gcéad.” “Aililiú!” arsa Diarmuid. “Is éachtach an saoghal é! Cá bhfuil an t-é cheapfadh go bhfeicfí choídhche an bheirt sin i gcuing phósta!” “An raghair go dtí an baile mór chun cómhnuighthe, a Dhiarmuid?” arsa Pádraig. “Pé ball 'na raghaidh sé,” arsa 'n sagart, “ní dóich liom go dtiocfaidh aon ath-iompáil an turus so air.” “Cathain a bhéidh tú féin ag dul síos go dtí an chathair, a Athair?” arsa Pádraig. “Dhe, cad chuige, a Phádraig?” arsa 'n sagart. “Dhe, cad chuige, a Athair, ach chun iad súd do phósadh! Dá mbéinn-se ad' chás, a Athair, ní thabharfainn aon
chead do mhuíntir na catharach chun an phósta so dhéanamh, murab ionan a's pósadh Shíogaidhe.” “Ní raibh aon iontaoibh riamh agam a' pósadh Shíogaidhe,” arsa 'n sagart, “ná aon lorg agam air.” “Deir Uilig,” arsa Pádraig, “go ndúbhairt an rígh go gcaithfeadh sé radharc fhághail ar Shéadna. Aon fhear chómh géar inntleacht leis gur mór an truagh gan é i bpost éigin, nó i ngnó éigin, 'na mbéadh tairbhe a inntleachta le fághail aige féin nó ag duine éigin eile. Dar leis, dá mbéadh fear de shaghas Shéadna aige mar cheann airm ní ruithfeadh chómh fada leis an Síogaidhe macánta.” “Nach mór an iongnadh,” arsa 'n sagart, “nár inis Uilig de Búrc, nó duine éigin, do'n rígh, go bhfuil fear anso againn is géar-chúisíghe go mór 'ná Séadna féin, agus go raghadh nead cluthmhar i n-aice an rígh chómh maith dhó agus do raghadh sé d'aoinne! Go mór mór ó ná fuil a dhá oiread airgid cheana aige agus a theastuighean uaidh, mar atá ag Séadna.” “Ní réidhteóch' an áit le m' shláinte, a Athair,” arsa Pádraig. “Is 'mó duine n-a mbíon dithineas air chun dul i n-inead sheasgair i n-aice an rígh agus nach sia-de a shaoghal é nuair a gheibhean sé a thoil! ‘Is sleamhain iad leacacha an tíghe mhóir.’ Pé h-é Síogaidhe is dóich liom go dtuigean sé um an dtaca so nach ionan dul go tigh an rígh agus teacht as. Is maith liom go maith an rígh — abhfad uaim. Go mbuaidh Dia agus Muire leis!” “Am briathar, a Phádraig,” arsa Diarmuid, “gur dóich liom go bhfuil an ceart agat.” “Agus dar nóin tá a fhios ag an saoghal, a Dhiarmuid,” arsa Pádraig, “go raghair-se síos go dtí an chathair chun cómhnuighthe sa tigh mór i dteannta Shadhbh
agus Chormaic chómh luath agus bhéidh an áit ollamh duit!” “Am briathar, a Phádraig, nach é mo thuairim go raghad. Is dóich liom gur b' é rud a dhéanfad 'ná fanamhaint sa tseana nid seo, mar atá agam. Pé mór breagh é tigh an tSíogaidhe ní dóich liom go raghad ag cur isteach ortha ann. B' fhéidir, dáltha thíghe an rígh, gur bh' usa dul ann 'ná teacht as. B' fhéidir gur bh' usa fanamhaint as 'ná aon taobh acu. Fanfad-sa mar a bhfuilim, anso imeasg na gcómharsan, sa n-áit 'na bhfuil mo shaoghal caithte agam, sa n-áit 'nar chaith m'athair a shaoghal, agus mo shean-athair, agus ní fheadar an 'mó athair rómpa.” “Ní deirim 'ná gur maith an chómhairle ar a bhfuil socair agat, a Dhiarmuid,” arsa 'n sagart.
Caibidiol a ceathair a's fiche. Fé cheann seachtmhaine bhí árd ghleó sa tsráid bheag. Thánadar lucht airm an rígh agus an fear cinn riain os a gcionn, agus iad ar a gcapaillibh, agus clóca síoda ar gach fear díobh. Claidheamh gach fir ar sileadh síos le maoitheán a chapaill, agus sleagh bhreagh fhada 'na seasamh anáirde i láimh gach fir, agus fir agus mná agus aos óg na sráide ag brúth ar a chéile a d'iaraidh radharc fhághail ortha. Bhí Sadhbh i n-aonfheacht leó agus Cormac, agus iad istigh i gcóisde bhreagh, agus dhá chapall de chapaillibh an rígh ag tarang an chóisde. Bhí clóca dearg ar Shadhbh, clóca ba dheirge go mór, agus ba bhreaghtha, 'ná an clóca a bhí uirthi an lá úd an aonaigh. An clóca dubh úd a bhí uirthi an mhaidion a chonaic Pails ag imtheacht í, is dócha go raibh sé i bhfolach aici. Bhí slabhra óir ar a muineál, agus é chómh trom chómh téagartha, ba dhóich leat, le réidhtheach trucaile. Bhí fáinní móra óir ar a méireanaibh agus búclaí óir 'na brógaibh. Ní caipín a bhí ar an gclóca ach cába, agus mór-thímpal le fabhra an chába, agus ag luíghe anuas ar a slinneánaibh, bhí sraith de shiogairlíníbh óir go raibh órlach go leith ar faid i ngach siogairlín acu, agus iad ag crith agus ag taithneamh agus ag spréacharnaigh fé sholus na gréine le gach cor d'á gcuireadh an cóisde dhé. I mbrollach an chlóca, fé n-a brághaid, bhí cnaipe óir a bhí chómh mór le píosa coróinneach. Síos lasmuich le h-imeal an chlóca agus mór-thímpal leis an iachtar aige, bhí fabhra d'éadach snáth-óir a bhí dhá órlach go maith ar leithead, agus é go greanta agus go solusmhar, gur dhóich leat gur shíog
lasrach é nuair a suaithtí é fé 'n ngréin. An fúnsa óir úd a bhí ar cheann Shíogaidhe nuair a bhí an ghruaig liath air, bhí sé ar a ceann aici ag coimeád a gruaige. Bhí Cormac ansúd le n-a h-ais sa chóisde 'na shuidhe. Ní raibh aon órnáidí air, ámhthach, ach mar a bhí sé riamh. B' é an báille céadna é. Bhí an pus mórchúiseach céadna air, agus na pluic, agus an muineál ramhar, agus an chneadach, díreach fé mar a bhí air an lá úd a tháinig sé ag éileamh na sealbha ar an mbaintrigh. Má bhí aon athrughadh ann, sa chneadach iseadh bhí an t-athrughadh. Bhí sí sin air níos géire 'ná mar ba ghnáth leis. Do stad an cóisde ar aghaidh tíghe Dhiarmuda Léith amach. Bhí Diarmuid 'na sheasamh idir dhá lígh an doruis agus a ghuala les an ursain aige. Do léim Sadhbh amach as an gcóisde agus siúd chuige anonn í. “Ó!” ar sise, “airiú cad d'imthigh ort ó shin!” ag cur a dhá láimh tímpal a mhuiníl agus ag tabhairt cúpla póg dó. “Airiú, a dhaid,“ ar sise, “ní'l spide fí ort! Cad d'imthigh ort i n-aon chor!” “Tháinig taom beag slaodáin orm, a ghamhain,” ar seisean, “agus is dóich liom go ndeighidh sé i n-achran ionam níos mó 'ná mar a cheapas a raghadh sé.” “Taom beag slaodáin!” ar sise. “Tháinig droch bhreóiteacht éigin ort, agus mura mbéadh go dtáinig ní bhéadh an driuch san ort. Feuch!” an sise, “tá an t-éadach 'na mhálaibh tímpal ort! Cad d'imthigh air, a Phails?” ar sise leis an seana mhnaoí. Tá sé tar éis éagcruais a chur dé, slán beó mar a n-innstear é!” arsa Pails, go ríghin. “Éagcruas!” arsa Sadhbh, “go saoraidh Dia na glóire sinn! Airiú cad é mar shaghas duine thú, nó cad é an donas a bhí ag gabháil duit agus a rádh gur imthighis agus gur chuiris an bhreóiteacht san ort féin
gan ghádh gan riachtanas! Is éachtach an obair a rádh ná féadfadh duine imtheacht ó'n mbaile ar feadh beagán aimsire agus tú fhágáil i bhfeighil na h-áite gan tú dhul ag cur éagcruais ort féin le d' chuid buartha agus díth céille. Feuch an driuch atá anois ort!” Agus leis sin do chrom sí ar ghol. Bhuail Cormac isteach 'na diaigh. “Dar fiadh, a Dhiarmuid,” ar seisean, “ach do chuais as go maith. Chuais as go dian mhaith, deirim leat é. Ní raibh aon droich iontaoibh agam asat 'ná aon droch amhras agam ort, ach 'na thaobh san a's uile níor mheasas go dtiocfá uaidh chómh maith. Ní foláir nó tá an croídhe go foláin agus go láidir agat agus a rádh go bhfuilir chómh curanta tar éis ar chuiris díot.” “Ní fheadaraís a leath, a Chormaic,” arsa Diarmuid. “Do bhuail bean chúgam isteach anso tá suim laetheanta ó shin ann, agus ní fheacaís riamh ach an phreab a bhain sí asam. Níor baineadh a leithéid de gheit asam ó'n lá a rugadh mé, agus oídhche an aonaigh féin a chur leis. Is beag 'ná go ndúbhairt sí suas le m' béal gur marbh- uigheadh Sadhbh ar an mbóthar, lastuaidh i mball éigin, agus go bhfeacaidh sí marbh í. Mura mbéadh gur tháinig an sagart isteach agus gur áitimh sé orm ná raibh aon bhrígh le n-a caint is dócha go n-eireóch' mo chroídhe orm.” “Ach cé r' bh' í féin, ámhthach?” arsa Cormac. “Go deimhin ní fheadar cé r' bh' í féin. Ní fheaca riamh roimhe sin am' shúilibh cinn í, agus geallaim dhuit ná fuil aon lorg agam ar í fheiscint airís,” arsa Diar- muid. “B' í an bhean í dob' éagsamhlaíghe d'ar bhuail riamh umam.” “Cad é an saghas í?” arsa Cormac. “Droch shaghas. Geallaim dhuit é,” arsa Diarmuid.
“B' é rud í 'ná creachoil de mhnaoi chruaidh, gharbh, chnámhach, agus í ar leath-shúil agus taobh d'á béal siar go cluais uirthi nach mór, slán mo chómhartha choídhche!” “Ó, tá sí agam!” arsa Cormac. “Droch shaghas, ní misde dhuit a rádh. Tá aithne agam-sa ar an stiúsaídhe sin le fada. Mise bhain an tsúil aisti agus chuir an mháchail sin uirthi.” “Tusa!” arsa Diarmuid. “Mise go díreach, agus 'neósfad duit conus é.” arsa Cormac. “Is dóich liom go bhfuil deich mbliaghna ó shin ann,” ar seisean. “Ag teacht abhaile ó Chorcaigh iseadh bhíos. Bhí sé i n-am mhairbh na h-oídhche. Bhíos ag gabháil a leith chun Drochaid na dTruip Sídhe. Bhí a fhios agam an droch ainim a bheith ar an áit ach ní raibh sgáth ná eagla orm. Ní bhíon aon eagla choídhche orm roim aon rud de'n tsórd san, pé tráth de'n oídhche bhéadh ann, nuair a bhím ag déanamh mo ghnótha féin. Ní féidir dóibh baint le duine a bhíon ag déanamh a ghnótha féin agus gan é ag cur chúca ná uatha. Ach duine bhéadh ag dul i n-áiteanaibh aeracha i n-am mhí-thráthamhail agus le corp dánaidheachta, ní h-aon iongnadh go gcurfaí a mhalairt de chúram air uaireanta. Ach, pé sgéal é, féuchaint d'á dtugas thorm cad a chífinn ach an bhean agus í 'n-a suidhe ar an leath-ladha eile de'n trucail uaim, agus a drom liom. Nuair a chonac í is dócha gur tháinig iaracht de laige orm toisg an droch ainim a bheith ar an áit. Pé rud a tháinig orm níor lean sé abhfad orm. Ba ghearr gur shamhluigheas mar bhéadh lámh duine ag dul isteach am' brollach mar a raibh pé pingin airgid a bhí agam. Ní túisge mhothuigheas an lámh 'ná thuigeas láithreach gur duine saoghalta a bhí agam agus do luígheas greim ar an láimh. Lámh curanta láidir dob' eadh í agus colpa teann córach téagartha uirthi.
Do tugadh iaracht ar í bhreith uaim ach ambasa choimeádas mo ghreim, agus fé mar a tháinig liom mo ghreim a choimeád do chas mo mhisneach orm agus mo neart. Nuair a thuig an bhean nár bh' aon mhaith dí bheith ag tarang d'fhan sí socair, ach níor thug sí a h-aghaidh orm. An fhaid a bhí sí ag fanmhaint socair, agus mise a d'iaraidh a dhéanamh amach cé r' bh' í féin, do bhog mo ghreim a gan fhios dom. Do snapadh an lámh uaim agus do léim an bhean amach as an dtrucail uaim. Le linn léimt amach dhí, fé mar a raghadh crúca nó rud éigin i n-achran 'na cuid éadaigh, do baineadh leagadh aisti. Thuit sí ar an mbóthar agus do ghluais an roth ar a ceann. Díreach agus í ag túirliocan ar an mbóthar do baineadh an dá chois uaithi agus do h-iompuigheadh a ceann isteach fé 'n roth. Ba bheag nár chuas i laige ansan dáiríribh. ‘Tá dhá leath déanta dh'á ceann!’ arsa mise liom féin. Do stadas an capall láithreach. Bhíos deimhnightheach go raibh an bhean marbh, agus gan aon fhínné agam ach Dia ar an gcuma 'nar thuit an sgéal amach. Do léimeas amach as an dtrucail. Ag teacht anall ó m' thaobh féin de'n chapall dom do léim an bhean suas agus siúd de dhruim an chlaidhe isteach í, i gcoill a bhí i n-aice an bhóthair ann. ‘Seadh!’ arsa mise, am' aigne féin, ‘bheirim a bhuidhchas le Dia na glóire, moladh go deó leis, pé saghas tú, tú bheith ábalta ar an méid sin a dhéanamh!’ Chomáineas liom a leith chun an Drochaid agus do stadas ag an dtigh ósda. Chómh luath agus a chonac an chéad amhsgarnach de sholus an lae, amach liom agus soir airís go dtí an áit 'na bhfeaca ag dul isteach tar claidh í. Bhí lochán fola ar an mbóthar sa n-áit 'nar leagadh í agus bhí an fhuil ar an dtalamh go trom anonn go claidh, agus ar dhrom an chlaidhe sa n-áit 'nar léim sí isteach. Chuas isteach
agus do leanas rian na fola tríd an gcoill soir ó thuaidh, agus soir ó thuaidh airís tríd an bpáirc a bhí lastuaidh de'n choill, go dtí go dtánag go dtí tigh beag, botháinín suarach, a bhí sa chúinne thoir thuaidh de'n pháirc. Bhí an fhuil ansúd ar an dtalamh isteach go dorus an tíghe bhig. Chuireas mo lámh ar an laiste. Do bhog an chómhla rómham isteach. Chuas isteach. Chonac bean 'na suíghe ar shuíghistín ar aghaidh na teine amach agus í 'ghá suathadh féin anonn 's anall mar a bhéadh bean a bhéadh ag déanamh buartha, agus í ag gol go fuígheach, fé n-a h-anáil. “‘Bail ó Dhia anso isteach!’ arsa mise. Phreab sí 'na suíghe agus thug sí a h-aghaidh orm. Bhí a ceann fillte i n-éadach aici ach súil léi agus bhí an tsúil nach mór dúnta le h-at. Chaith sí í féin ar a dhá glúin. ‘Cumaraí mh' anama ort, a Chormaic!’ ar sise. ‘Ná tabhair suas do'n dlígh mé an turus so. Tá mo mháthair agam ansan thíos,’ ar sise, ‘gan mheabhair gan chiall, gan siúbhal gan rian, gan aithne gan urlabhra, le dhá bhliaghain agus chúig sheachtmhaine an tSathrainn seo chúghainn. Má beirtear uaithi anois mé gheabhaidh sí bás do'n ghorta! Ní bhéidh duine aici a thabharfaidh sagart ná bráthair chuici, ná shínfidh deoch chuici! Iaraim i n-achainígheachaibh ort, as ucht Íosa Críosd na bhFlathas, agus as ucht na Maighdine Muire, agus le h-anaman do mháthar féin, gan mé bhreith ó'n aindeiseóir sin thíos!’ “Níor bh' aon leas-ainim aindeiseóir a thabhairt ar an seana mhnaoi, agus níor misde a rádh 'ná gur bh' aindeiseóir eile an bhean óg, agus an cor a bhí uirthi tar éis an bhárthain a ghaibh í. Do thugas m'aghaidh ar an ndorus agus dúbhart mar seo:— ‘Bhíos ag teacht abhaile ó Chorcaigh aréir,’ arsa mise, ‘agus tháinig bean éigin isteach sa trucail chúgam, 'ghá leigint uirthi gur
sprid í, go saoraidh Dia sinn! Chuir sí a lámh isteach am' brollach. Cheap sí mo chuid airgid do bhreith uaim, ach níor eirigh léi. Ní fheadar cad é an gnó bhéadh ag sprid d'ór 'ná d'airgead. Do luígheas greim ar an láimh. Ba ghreannmhar an sprid í agus lámh fola agus feóla uirthi! Cheapas greim a choimheád uirthi agus í bhreith liom abhaile chun go mbéadh a fhios agam cad é an saghas an sprid. Ach bhí sí ró thapaidh dom. Do shnap sí uaim an lámh agus do léim sí as an dtrucail amach. Do ghluais an roth ar a ceann. Ní raibh leigheas agam-sa air sin. B' é leamhnughadh Dé, moladh go deó leis! nar marbhuigheadh láithreach í. Ach is dóich liom gur chuir an méid sin a dóithin de phionós uirthi an turus so. Ní fheadar cé h-í ná cé 'ro díobh í,’ arsa mise, ‘ach má airighim an cleas san 'na diaigh airís nó má gheibhim radharc mo shúl uirthi amuich ná i mbaile, tabharfad suas do'n dlígh í,’ arsa mise, — agus chuireas an dorus amach díom. Is dócha nár cuireadh riamh i ndiaigh aon Chríosdaidhe oiread beannachtaí beannuighthe agus a cuireadh am' dhiaigh-se an mhaidion shamhraidh sin, agus mé ag gabháil an pháirc ó dheas ó'n dtigh bheag san, agus an ghrian ag eiríghe. Ach ‘ní h-é seo é ach é siúd.’ Tá nídh nach é sin anois agam le cur os do chómhair-se, a Dhiarmuid. Táim féin agus Sadhbh anso 'ghá chuimhneamh nár bh' fhearra dhúinn rud a dhéanfaimís 'ná an chuid eile d'ár saoghal a chaitheamh i dteannta 'chéile. An dóich leat an mbéadh aon locht agat orm mar chleamhain, a Dhiarmuid?” “Go deimhin agus go dearbhtha, a Chormaic, a mhic ó,” arsa Diarmuid, “is amhlaidh mar atá an sgéal, ní dóich liom go bhféadfaí aon fhear fhághail i n-Éirinn is fearr a bhéadh 'na cheann di 'ná mar a bhéir-se. Agus isé rud a dúbhairt an sagart féin, an lá airigheamair an chéad
ráfla de'n sgéal, 'ná gur mhaith agus gur dhian mhaith an cleamhnas é, agus ná béadh aon teip ná go mbéadh an rath air, le congnamh Dé a's sinn slán.” “Tá go maith,” arsa Cormac. “Fágfad ansan sibh go fóil agus raghad soir go tigh an tsagairt feuchaint cathain a bhéidh caoi aige ar theacht agus sinn a phósadh.”
Caibidiol a cúig a's fiche. Um an dtaca san bhí muíntir an rígh tar éis túir liocan d'á gcapaillibh ar pháirc an aonaigh. D'éaghmuis na gcapall a bhí acu féin chun marcaidheachta, bhí tréad mór eile capall acu d'á dtiomáint, agus giollaí 'na mbun. B' shiniad na capaill a bhí le tabhairt tar n-ais do na daoinibh gur ceannuigheadh uatha iad an lá úd an aonaigh, agus gur tugadh an t-airgead bréagach dóibh asta i n-ainim an rígh. Bhí muíntir na sráide bailighthe ar an gclaidh, mór-thímpal na páirce, agus bolgshúilí ortha, ag feuchaint ar fhearaibh an rígh, agus ar na clócaíbh síoda, agus ar na caipíníbh cogaidh, agus ar na claidhmh- tibh móra fada a bhí acu, agus ar na claidhmhtibh beaga, agus ar na gathanaibh breaghtha sleamhne fada a bhí 'na seasamh anáirde, agus ar na ribíníbh a bhí asta thuas ag rinnce leis an ngaoith. Ach níor leig fir an rígh ortha gur bh' aon iongnadh leó aon nídh d'á raibh ann. Níor dhéineadar aon iongnadh díobh féin ná d' aoinne eile. Bhí muíntir na tuatha ag teacht, na nduine 's 'na nduine, mar do cuireadh sgéala chúca sa tímpal, aoinne gur ceannuigheadh capall uaidh do'n rígh agus gur tugadh airgead bréagach dó mar dhíoluigheacht ann, ná raibh aige ach teacht go dtí páirc an aonaigh an lá san agus go raibh a chapall le fághail aige, dá n-aithnigheadh sé é, ach go ndéanfadh duine creideamhnach éigin urúdhas air. Thánadar go léir. Níor bhaoghal go dtiocfadh aoinne agus go leigfeadh sé air capall a bheith imthighthe uaidh. Bhí aithne ró mhaith acu go léir ar a chéile. D' aithneóchfí an cleas san láithreach. Go mór mór, ní fhéadfadh duine de'n tsórd san fear fhághail a dhéanfadh an t-
urúdhas air. Tháinig fear an bhramaigh, agus tháinig Seághan Ceatach ag déanamh an urúdhais air. Bhí sé nach mór ar an gcéad duine a fuair a chuid. Sul ar tugadh a chapall féin d'aoinne do déineadh socarughadh áirighthe. Do h-órduigheadh gan aoinne de'n mhuíntir n-a mbéadh a gcapaill fághalta acu d'imtheacht ó'n bpáirc go dtí go mbéadh an capall déanach tabhartha amach agus an fear déanach sásta. Isé cúis gur déineadh an t-órdughadh san 'ná le h-eagla go ndéanfaí aon dear- mhad i raint na gcapall agus, chun an dearmhaid do leigheas, nár bh' fholáir na capaill go léir agus na h-éilteóirí go léir a bheith ar aon láthair. Bhí daoine creideamhnacha a ndóithin ag na h- éilteóiríbh chun na n-urúdhas a dhéanamh. Bhí an sagart ann agus urúdhas aige d'á dhéanamh ar mhórsheisear i n-aonfheacht. Bhí Cormac ann, mar bhí an sagart imthighthe ó'n dtígh roimis agus do lean sé é. Bhí Diar- muid ann, mar ní bhéadh Sadhbh sásta gan é theacht amach go bhfeicfeadh sé muíntir an rígh agus áilneacht a n- órnáidí agus méid a ngradaim. Bhí Séadna ann mar bhí an uile dhuine des na h-éilteóiríbh 'ghá iaraidh air an t-urúdhas a dhéanamh air féin, pé 'cu bhí urúdhas déanta ar dhuine eile aige nó ná raibh. Do glaodhadh na h-éilteóirí agus na h-uraídhe suas láthair an chinn airm. Bhí fear an bhramaigh ar tusach. Chonaic sé an bramach, abhfad sul ar glaodhadh air, agus d'aithin sé é. Chonaic fear eile leis an bramach agus cheap sé gur leis féin é. Nuair a glaodhadh ar éilteóir an bhramaigh phreab an bheirt éilteóirí suas. “Is liom-sa é,” arsa duine acu. “Ní leat ach liom-sa,” arsa 'n fear eile. D'fheuch an ceann airm ar na h-uraídhibh. Ní fheidir aoinne cad ba cheart a dhéanamh. Do labhair Séadna.
“Beirtear an bramach amach i lár na páirce,” ar seisean. “Téidheadh duine de'n bheirt éilteóirí seo go dtí taobh de'n pháirc agus an duine eile go dtí an taobh eile. Sgaoiltear ansan de'n bhramach agus glaoidís araon air. Isé mo thuairim go dtiocfidh an bramach ag triall ar an éilteóir dleaghthach.” Do déineadh mar sin. Chómh luath agus fuair an bramach cead a chinn do rith sé anonn ag triall ar an bhfear a chothuigh é. Ba ghearr go raibh na capaill rannta, ach má 'seadh bhí daoine fós ann a bhí i n-éaghmuis a gcapall féin. Níor fhéad an lucht cuardaigh teacht suas leis na cap- aillibh go léir. Na daoine a bhí i n-éaghmuis a gcoda bhíodar go dúbhach agus go dobrónach, agus isé a dúbhairt gach aoinne 'ná gur chruaidh an cás é má bhéadh thiar ortha an tarna lá chómh maith agus bhí thiar ortha an chéad lá. Bhí gach aoinne ag déanamh truagha dhóibh, agus bhí gach aoinne ag cur 's ag cúiteamh féuchaint conus ba cheart an cás 'na rabhdar do thabhairt airís os cómhair an rígh. Do thuig an uile dhuine, dá mbéadh fios an sgéil i gceart ag an rígh, go ndéanfadh sé rud éigin dóibh. Ansan iseadh a dúbhairt fear cinn riain an airm go raibh órdughadh aige féin ó'n rígh, aoinne ná béadh a chapall ann le tabhairt dó, fiacha an chapaill a thabhairt dó. “Ach,” ar seisean, “conus a déanfar amach fiacha an chapaill agus gan an capall ann!” Do stad an uile dhuine. Ní fheidir aoinne conus fhéadfaí fiacha an chapaill a dhéanamh amach agus gan an capall ann. Ní bhéadh aon chiall le breitheamhantas an éilteóra do ghlacadh ar fhiacha a chapaill féin. Ní lúgha 'ná bhéadh aon chiall le cothrom an airgid bhréagaigh do thabhairt, i n-airgead dílis, do gach éilteóir ná raibh a chapall ann le tabhairt dó. Cad a bhí le déanamh? Bhí
an sgéal ag dul sa mhuilion ortha go léir. Na h-éil- teóirí ag lorg a gcirt go dána fé mar órduigh an rígh dóibh é. Fear cinn riain an airm i gcruadh-chás, ná feidir sé an mór ba cheart a thabhairt do gach éilteóir. Agus gan aoinne ábalta ar aon tuairim a thabhairt fé luacht dleaghthach na gcapall a bhí gan fághail. Do labhair Séadna airís. “Déintear an sgéal do shocarughadh ar an gcuma so,” ar seisean. “Tugtar anso amach os ár gcómhair an capall is fearr agus an capall is measa ar na capaill seo a rainneadh anois. Curtar meas ó bheirt mholtóirí ar cad is fiú gach capall de'n dá chapall san. Ansan curtar an luacht mór agus an luacht beag le chéile agus déintear dhá leath de'n iomláine. Tugtar oiread airgid agus bhéidh i leath na h-iomláine sin do gach duine ná fuil a chapall féin ann le tabhairt dó. Leis an socarughadh san b'fhéidir go mbéidh duine a gheabhaidh beagán níos mó 'ná a cheart agus duine a gheabhaidh beagán níos lúgha 'ná a cheart, ach ní mheasaim gur féidir aon tsocarughadh eile dhéanamh a thiocfaidh níos giorra do'n cheart.” Do liúghadar na daoine go léir agus bhuaileadar a mbasa. “Siní an chaint! Siní an chaint!” ar siad. “Siné an moladh ceart!” D'fheuch an ceann airm ar Shéadna. “Airiú,” ar seisean, “ní gréasaidhe atá againn ionat-sa ach breitheamh!” Do socaruigheadh an sgéal ar an gcuma san agus bhí gach aoinne sásta. D'á mhéid dúil a bhí ag na daoine radharc fhághail ar fhearaibh an rígh agus ar a n-arm agus ara n-éide agus ar a ngleus agus ar a ngradam, ba mhó 'ná san an dúil
a bhí ag muíntir an rígh radharc maith fhághail ar Shéadna, mar níor stad béal Chormaic an fhaid a bhí sé sa chathair ach ag trácht ar Shéadna agus ag déanamh iongnadh dhé agus 'ghá mhaoidheamh ná raibh a leithéid eile i n-Éirinn le doimhneas aigne agus le géire inntleachta agus le faidearadha, agus le luas gnímh nuair a bhéadh an gníomh le déanamh. An chéad fheuchaint a fuaradar air, agus é ag teacht isteach sa pháirc i dteannta na ndaoine a thug leó é chun an urúdhais a dhéanamh, is amhlaidh a tháinig iaracht de sheirbhthean ortha. “Ach!” ar siad, “Má 'sé sin é!” Ní raibh ann, dar leó, ach gréasaidhe mar aon ghréasaidhe, agus ní raibh i gcaint Chormaic ach gaoith. Ach nuair airigheadar an socarughadh a dhéin sé i dtaobh na gcapall do leath a súile ortha, agus tháinig iongnadh a gcroídhe ortha a rádh nár chuimhnigh aoinne acu féin ar an slígh sin chun an sgéil a shocarughadh. Nuair a bhí an sgéal socair agus gach aoinne sásta agus muíntir an rígh ag cuimhneamh ar chasadh abhaile, tháinig an ceann airm ag triall ar Shéadna agus ghlaoidh sé i leith taoibh air. “A leithéid seo, a Shéadna,” ar seisean. “Ag fágáilt an bhaile dhom thug an rígh foláramh dom tusa do dhul liom síos nuair a bhéinn ag filleadh, mar gur airigh sé tuairisg mhór ort agus gur mhaith leis fear de d' cháil a bheith i n-aice leis thíos aige.” “Abair leis an rígh, a dhuin'uasail,” arsa Séadna, “gur neamhnídh liom-sa saidhbhreas saoghalta agus gur cuma liom beó nó marbh mé féin, seachas toil mo rígh do chómhlíonadh; gur suarach le rádh iad mo dheagh- thréithe agus gur beag é m'eólus, ach pé beag mór é mo dhícheal go ndéanfad é 'na sheirbhís. Iar ar a shoillse suím beag aimsire thabhairt dom chun an méid cúraim
atá ar mo láimh anso do chur i dtreó agus a chur díom.” “Cad é an méid aimsire a bhéadh uait?” arsa 'n ceann airm. “Bliaghain agus rátha, a dhuin'uasail,” arsa Séadna. “Tá go maith,” arsa 'n ceann airm. Isé cúis n-a ndúbhairt Séadna, “bliaghain agus rátha,” mar ní raibh an uair sin gan caitheamh de na trí bliaghna deug ach bliaghain agus rátha. Síle. — Ach, Dia linn! An fear bocht! Cad é an mhaith dhó a shaoghal! Airiú, nár ghearr an mhoill ar an aimsir imtheacht! Gobnait. — Seadh, agus gur dhóich le duine i dtusach na h-aimsire nár bh' fhios cathain a bhéadh sí caithte. Nóra. — Agus feuch, dúbhairt a máthair ná béadh Peig trí bliaghna déag go Bealtaine. Cáit. — Cathain a dúbhairt sí é sin? Nóra. — Nach cuimhin leat an oidhche úd a tháinig an sgannradh ar Shíle agus gur ritheamair go léir? Ní rabhas-sa imthighthe amach ar fad agus d'airigheas an méid sin. “Agus gan tú ach trí bliaghna déag chun na Bealtaine,” ar sise. Peig. — Pé fada gairid iad na bliaghanta bhíodar imthighthe ach amháin bliaghain agus rátha, agus bhí an méid sin féin ag imtheacht go tiugh. Cáit. — Ní fheadar an tsaoghal conus fhéadadh sé an oídhche a chodladh, ná aon bhlúire bídh a chaitheamh. Ba dhóich liom dá mbéinn 'na chás go marbhóch' sé mé bheith ag cuimhneamh ar an lá a bhí ag teacht. Ní fheadar ó thalamh an domhain conus fhéad sé an sgéal a ghlacadh chómh bog. Peig. — Ba bheag seachtmhain ná tugadh sé cuaird anonn go tigh an tsagairt, agus an lá a théidheadh sé
anonn thugadh sé féin agus an sagart tamall mór i bhfochair a chéile. Gobnait. — Dar ndóin, níor thug sé a rún do'n tsagart. Peig. — Ní raibh an rún tabhartha aige dhó an lá a bhí sé ag caint leis i dtaobh an chleamhnais úd Mháire Ghearra, agus níor thug sé dhó an lá san é, ach ní fheadar- sa cia 'cu thug sé dhó 'na dhiaigh san é nó nár thug. Nóra. — Dar ndó, ní fhéadfadh sé é thabhairt dó. Cáit. — 'Gcloistí uirthi! Dar ndó, ní'l sé ceangailte ar dhuine rún a choimeád ó shagart. Peig. — Ní'l sé ceangailte ar dhuine rún a choimeád ó shagart nuair a bhéadh faoisdin aige d'á dhéanamh leis an sagart, ach d'fhéadfadh sé bheith ceangailte air gan an rún a thabhairt dó lasmuich de'n fhaoisdin. Nóra. — Ó, tuigim. Agus nuair a gheabhadh an sagart an rún sa bhfaoisdin bhéadh sé ceangailte ar an sagart féin an rún do choimeád agus gan sgéidh air. Peig. — Bhéadh go díreach, fé mar atá ceangailte ar an sagart rún na bpeacaí a h-innstear dhó a choimeád. Ach ar aon chuma bhíodh Séadna thall go minic ag caint leis an sagart agus chaithidís a lán de'n lá i bhfochair a chéile. Chídhtí Séadna go minic ag dul chun Comaoine, agus bhíodh áthas ar na daoine d'á bhárr san, go mór mór toisg ainim an mhí-chreidimh a bheith air i dtusach bára. Ar dtúis chídhtí ag dul chun Comaoine dhá uair sa mbliaghain é, um Cháisg agus um Nodlaig, ansan uair sa rátha, agus i ndeire bára chídhtí ag dul chun Comaoine é gach aon chéad Domhnach de'n mhí. Bhí sé féin agus an sagart ar pháirc an aonaigh ag caint le chéile tar éis na gcapall a bheith rannta. Tháinig fear cinn riain an airm chúca, ag fágáil slán
ag an sagart, agus cé bhuailfeadh chúca, san-am gcéadna díreach, ach Cormac. “Seadh, a Athair,” arsa Cormac, “ó tá an méid sin gnótha déanta agus gach aoinne sásta, b'fhéidir nár mhisde dhúinn iaracht a thabhairt ar ghnó bheag eile dhéanamh. Ná h-imthigh, a Shéadna,” ar seisean, “ná thusa, a dhuin' uasail,” ar seisean leis an gceann airm. “Dhéineabh- air araon an gnó eile úd chómh maith ní misde liom-sa sibh araon a bheith i láthair mo ghnótha-sa anois.” “Mura mbéadh Séadna bhí sé thiar orainn sa ghnó ó chianaibh,” arsa 'n ceann airm. “Ní'l uaim-se anois ach slán fhágáilt ag bhúr sagart agus agaibh go léir sul a dtugad aghaidh ar Bhaile'bhfad-síos. Ach pé gnó é seo eile atá agat-sa le déanamh, a Chormaic, má 's maith leat go ndéanfainn-se ríghneas beag mar gheall air, déanfad é agus fáilte. Tá súil agam go bhfuil t' aigne-se sásta, a Athair, le gnó an lae,” ar seisean leis an sagart. “Ana shásta, a dhuine uasail,” arsa 'n sagart: “Tabhair mo dheagh-mhéinn agus mo chion go dílis agus go dúrthachtach do shoillse an rígh, nuair a bhéidh caint agat leis, agus abair leis ná féadfainn a innsint d'á shoillse méid an bhuidhchais atá agam, agus againn go léir, air, mar gheall ar an ngníomh atá déanta aige ar na daoine bochta so a chaill a gcuid. Abair le n-a shoillse gur fada a bhéidh cuimhne ag muíntir na h-áite seo ar an ngníomh uasal san, agus má thagan feidhm i n-ar ghádh congnamh uainn — nár leigidh Dia go dtioc- faidh — ach má thagan, abair leis ná fuil fear sa dúthaigh seo ná h-imireóchaidh a anam go fonnmhar ar son an rígh.” Tá a fhios ag an nduin'uasal so, a Athair,” arsa Cormac, “gur minic a dúbhart-sa féin an chaint sin
leis, ó'n lá thug an rígh órdughadh uaidh na capaill seo do sholáthar agus do thabhairt thar n-ais do na daoine bochta so.” “Dúbhraís go deimhin, a Chormaic,” arsa 'n ceann airm. “Dúbhraís chómh minic sin é, ní baoghal go ndearmhadfar é. Ach ní h-alaidh dhúinn do ghnó-sa féin a dhearmhad. Cad é an gnó é seo atá agat féin le déanamh, a Chormaic? Tá súil agam ná cuirfidh sé sinn i bpúnc chómh cruaidh leis an bpúnc 'na rabhmair ó chianaibh go dtí gur réidhtigh Séadna sinn as.” “Siní an chaint, a Chormaic,” arsa 'n sagart: “Cad é an gnó é seo atá le déanamh agat?” “Bhíos thall ag an dtig, a Athair, chun labhartha leat 'na thaobh, ach bhís imthighthe rómham. Dúbhradh liom go rabhais tagaithe anso agus do leanas t'onóir.” “Tá go maith,” arsa 'n sagart. “Táimíd go léir anso anois. Cad 'tá uait, a Chormaic?” “Tá so, a Athair,” arsa Cormac, “go n-oirean dom athrughadh beag a dhéanamh ar mo shlígh bheatha.” “Athrughadh ar do shlígh bheatha!” arsa 'n sagart, agus iongnadh a chroídhe air mar 'dh eadh. “Ní dócha, a Chormaic, gur b' í an bháilligheacht a cheapfá a chaitheamh uait!” “Adhemhaise, a Athair,” arsa Cormac, “is dóich liom gur beag d'á mhearbhall atá ort nach í an bháilligheacht a mheasfainn a chaitheamh uaim, nídh nach iongnadh; ach an dúil a bheith riamh agat' onóir sa tsult, agus nach foláir leat anois pas beag magaidh a dhéanamh fúm-sa, ó b' anamh liom an chaoi thabhairt do t' onóir chuige.” “Go deimhin agus go dearbhtha, a Chormaic,” arsa 'n sagart, agus é ag gáirídhe, “ní cúrsaí magaidh ná suilt ar fad an sgéal. ‘Athrughadh beag,’ a thugan tú air. Is dóich liom-sa gur b' é rud é 'ná atrughadh ana mhór.
Ach bíodh sé beag nó mór, tá aon nídh amháin deimhnigh- theach. Má 's mar chabhair agus mar chongnamh d'á fear a ceapadh an bhean, ní dóich liom go mbéidh an fear eile sin le fághail is mó go mbéidh a bhean 'na cabhair agus 'na congnamh aige 'ná mar a bhéidh sí agat-sa nuair a bhéidh Sadhbh pósta agat.” “Mhaise, tabh'r 'om do lámh bheannuighthe, a Athair!” arsa Cormac. “Ag magadh nó dáiríribh duit is maith í do chaint, agus is maith an sás fírinne dh' innsint thú. Agus cathain a bhéidh sé caothamhail do t' onóir teacht agus an ceangal a chur orainn?” “Pé am is fearr a thiocfaidh isteach le d' chaothamhlacht féin, a Chormaic,” arsa 'n sagart.
Caibidiol a sé a's fiche. Do ceapadh an t-am. Sul a raibh muíntir an rígh imthighthe as an áit do h-innseadh dóibh go raibh an lá ceapaithe agus cad é an lá é. Nuair a chuadar abhaile d' innseadar do'n rígh é. Chomáin an rígh teachtaire ar siúbhal láithreach le bronntanas fíona do'n chóisire agus le fáinne do Shadhbh. Dhéin an teachtaire dithineas maith. Tháinig sé díreach maidion lae an phósta, agus é tar éis na seachtmhaine thabhairt ar an mbóthar, idir lá agus oídhche nach mór. Bhí capall agus trucail aige agus bhí a dhóithin d' ualach ar an gcapall. Bhí ciseán sa trucail aige, ciseán breagh mór a bhí déanta de shlataibh loma geala, agus é lán go bara de bhuidéalaibh fíona. Bhí, is dócha, céad dosaon buidéal ann. Mura raibh sé os a chionn ní raibh sé fé n-a bhun. Agus bhí a ndóithin tuíghe stupaithe tímpal na mbuidéal san sul a mbrisfí iad. Níor briseadh aon bhuidéal díobh, agus níor osgail an teachtaire aon bhuidéal díobh. Níor osgail go deimhin. Níor ghádh dhó é. Bhí a dhóithin mór bídh agus díghe aige d'á n-éaghmuis. I n-éaghmuis an chiseáin agus na mbuidéal bhí bairille mór fíona sa trucail aige. Ní raibh níos lúgha 'ná sé fichid galún fíona sa bhairille sin. Geallaim dhuit go raibh a dhóithin d'ualach ar an gcapall. Bhí fáinne óir ag an dteachtaire do Shadhbh, fáinne a thug an rígh féin uaidh le tabhairt di, fáinne a pósta. Bhí cloch uasal sa bhfáinne sin a bhí chómh mór le súil giorfhiadh, ba dhóich leat, agus dhéanfadh an chloch san solus duit sa doircheacht mar a dhéanfadh teine gheal áin. Nuair a chonaic Sadhbh an fáinne sin, agus an
chloch, bhí sí as a meabhair nach mór le h-aiteas agus le mórtais agus le mórdháil. “Ó! a Dhaid,” ar sise, “feuch air sin!” “Chím é, a ghamhain ó,” arsa Diarmuid. “Dá mbéinn ad' chás,” ar seisean, “ní h-é gach aoinne go dtais- beáinfinn an fáinne sin dó. Tá daoine sa tsaoghal, a Shadhbh, a 'nghean ó, agus níor bh'fhiú leó biorán agus anam duine seachas greim fhághail ar a leithéid sin. Chuirfinn fé ghlas é dá mbéinn ad' chás.” “Ní deirim ná go ndéanfad rud ort, a Dhaid,” ar sise. “Tá fáinní mo dhóithin agam d'á éaghmuis.” Agus dhéin sí rud air. Chuir sí isteach airís é sa bhosca bheag i n-a raibh sé, agus dhún sí an bosca go daingean mar a bhí sé cheana, agus chuir sí fé ghlas é. Bhí fáinní a dóithin aici d'á éaghmuis. Bhí an tráthnóna ag teacht. Na daoine a fuair cuireadh chun na cóisreach bhíodar ag teacht leis. Tháinig Seághan Ceatach agus a inghean. Tháinig Báb an leasa agus a muíntir. Tháinig Nóra an Tóchair agus a beirt driothár, an bheirt rinnceóirí dob' fhearr a bhí sa dúthaigh. B' í Nóra féin an rinnceóir mná dob' fhearr a bhí ann. Tháinig fear an bhramaigh, agus nuair fhiafruigh duine éigin dé cá raibh an chuid eile d'á chuid féasóige: “Do stath sí féasóg dob' fhearr 'ná mo chuid féasóige-se,” ar seisean, “agus is maith an bhail ar bheirt againn gur dhéin. Mura mbéadh gur dhéin bhéadh an sgéal go h-ain- deis againn. Bhéinn-se gan mo bhramach agus bhéidhfeá- sa gan do chuid airgid. Is mó an t-airgead a fuarais mar gheall ar an bhféasóig a stath Sadhbh 'ná mar a gheabhthá ar do chapall dá mbéadh sé anois agat.” “Ach, ní mó,” arsa 'n fear eile. “Ní raibh aon chapall ar an aonach an lá úd dob' fhearr 'ná é.” “Déarfainn go mbéadh an ceart ansan agat dá n-
airighinn na ceannuightheóirí 'ghá rádh. Ach pé sgéal é ba bheag an mhaith dhuit-se a fheabhas mura mbéadh an gníomh a dhéin Sadhbh. “Abair é,” arsa 'n fear eile. Tháinig an tíncéir mór ann, agus isé a bhí go grianach agus go gealgháiriteach, go séimh agus go súil-aibigh, go h-ollamh agus go deisbhéalach agus go deagh-labhartha. Níor bhaoghal do'n chuideachtain tocht ná dochma do theacht ar an gcómhrádh agus é láithreach. Ní bhíodh sé choídhche gan rud éigin le rádh aige do spriocfadh suas daoine agus do bhainfeadh gáirí amach, agus do chuirfeadh daoine ag caint, gan aon choinne acu ná gur bh' iad féin a chuimhnigh ar an gcaint. Ach nuair a fuair sé cúpla deoch maith d'fhíon Spáinneach an rígh ní raibh aon teóra leis. Rud dob' fhearr 'ná a raibh de dheagh-thréithibh eile ar fad ann, níor bh' fhéidir fearg do chur air. Agus dá bhfeiceadh sé beirt i riocht tuitim amach le chéile, bhéadh an fhearg soir siar agus bhéidís ag gáirídhe sul a mbéadh dhá fhocal cainte déanta aige eatartha. Bhí Séadna ann agus é go ciúin agus go fadanálach, mar ba ghnáth leis. A bhéal dúnta agus a dhá shúil ar dian-leathadh. É ag feuchaint uaidh agus gur dhóich leat gur b' amhlaidh a bhíodh radharc aige ar an saoghal eile. 'Na shuíghe thuas i dteannta an tsagairt agus Sheághain Cheataigh a chaith sé an chuid ba mhó de'n oídhche. Ní labhradh sé puínn uaidh féin, ach nuair a curtí caint air ní baoghal go leigeadh sé a cheart féin le h-aoinne. Am briathar go raibh Micil ann, agus máthair Mhicil. Cáit. — Ní raibh! Agus é tar éis “cairiún” a thabhairt ar Shadhbh! Gobnait. — Seachain, a Cháit. Níor thug sé cairiún uirthi. Is amhlaidh a bhí cathughadh air nár thug. Cáit. — Thug sé ainim ba mheasa 'ná é uirthi: Thug sé
stiúsaídhe sheanda uirthi. Agus ba dhóbair go ndíoladh sé as. Peig. — Nuair a tháinig Sadhbh abhaile ó'n gcathair isé céad rud d'inis Pails di 'ná go dtagadh máthair Mhicil agus go gcaitheadh sí an oídhche sa tigh go minic, ag tabhairt aire do'n duine bhreóite an fhaid a bhíodh an bhean fhriotháilte ag cur greas codlata dhi. D'á olcas í Sadhbh do rug san greim ar an gcroídhe aici. Sul a raibh cuireadh fághalta ag aoinne d'imthigh sí siar do shiúbhal a cos go tigh na baintrighe agus dúbhairt sí leis an mbaintrigh go gcaithfeadh sí teacht. “Agus,” ar sise, “mura dtiocfair féin agus Micil chúgainn ní bhéidh aon chóisre i n-aon chor againn. Leigfead orm go bhfuil m'athair ró lag fós. Tá sé buailte isteach am' aigne, mura mbéadh tusa agus inghean Sheághain Cheataigh gur i n-iúir a bhéadh sé indiu. Ní raibh aon iontaoibh riamh agam a' mnáibh friotháilte. Is minic a chuir ró- gaire acu ath-iompáil ar dhuine bhreóite d'aon ghnó chun lóisdín agus cóir mhaith a choimeád dóibh féin ar feadh tamaill aimsire sa mbreis. An dtiocfair?” ar sise. “Ambasa féin tiocfad, nídh nach iongnadh,” arsa 'n bhean eile. “Cad a bhéarfadh ná tiocfainn!” “A' dtiocfaidh Micil?” arsa Sadhbh. “Tiocfaidh, ná bíodh eagal ort,” arsa 'n bhaintreach. Chómh maith do thánadar. Is ar Dhiarmuid a bhí an iongnadh agus an alltacht nuair a chonaic sé Micil ag déanamh críche agus Sadhbh ag órdúchán air agus ag glaodhach as a ainim air. “A Mhicil, déin é seo. A Mhicil, déin é siúd. Tar anso, a Mhicil, agus árduigh é seo am' theannta,” aici, thoir thiar, thall. “Moladh go deó le Dia!” arsa Diarmuid, i n' aigne féin, “ní fios cad a thiocfaidh as dúinn feasda!”
Bhí cuideachta mhór ann agus má bhí féin bhí tuille agus a ndóithin mór bídh agus díghe ann. Dhéin Sadhbh agus a h-athair an gnó go neamh-mion, agus go fial agus go fairsing, agus ní baoghal gur tugadh aon fhaillígh i n- aoinne d'á raibh ann. Nuair a bhí an bórd leigithe amach ba bhreagh leat feuchaint air. Bórd mór fada leathan dob' eadh é, ach níor bhórd é, ach dhá bhórd agus iad curtha as a chéile. Thuas ar cheann an bhúird, ar aghaidh an tsagairt amach, bhí píosa mairtfheóla agus bhí sé chómh mór chómh leathan le leath-bhairille. An mhias a bhí fé'n bpíosa feóla san ní raibh aon nídh ba mhó b' iongnadh leis an dtíncéir mór 'ná conus a choimeádadh sí gan briseadh agus a leithéid sin d'ualach uirthi. Ar an gceann eile de'n bhórd, ar aghaidh an tsagairt óig amach, bhí ceathramhadh chaoirfheólach gur 'mó ceathramhadh mhairt ná béadh chómh mór léi. Ar gach taobh de'n bhórd, síos agus suas, bhí an uile shaghas méise agus iad ag brúth ar a chéile agus an uile shaghas feóla ortha, idir bhagún, agus feóil uain, agus laoíghfheóil, agus lachain, agus géana, agus mionáin gabhar, agus giorfhithe, agus cearca fraoígh, agus naosgaigh, agus sicíní cearc. Ceathrar agus dachad do shuigh chun búird i n-aonfheacht ann an chéad bhabhta. Do chómhairimh Micil iad. Agus fós is amhlaidh a b'éigean do'n chuideachtain uanuigheacht a dhéanamh ar a chéile, bhí an oiread san daoine ar an gcóisre. Fé mar eirigheadh duine shuígheadh duine eile isteach sa n-inead fhágadh sé. Níor bhaoghal, ámhthach, an fear deirineach a bheith díobhálach. Nuair a bhíodar go léir sásta bhí dóithin oiread eile 'na ndiaigh. D'á mhéid daoine a bhí ar an gcóisre sin an oídhche sin, idir fhearaibh agus mná, idir óg agus aosta, bhí aon smaoineamh amháin acu go léir 'na n-aigne. Bhí an smaoineamh san go glan agus go soiléir 'na n-aigne
acu. D'á fheabhas a bhí an biadh agus an deoch agus d'á mhéid greann agus sult a bhí os cionn an bhídh agus an díghe, agus d'á mhéid caitheamh aimsire agus gleó a bhí ar siúbhal, bhí an smaoineamh san istigh acu go léir, bíodh a's nár labhair aoinne acu oiread agus smiog amach as a bhéal mar gheall air, le h-aoinne eile acu. B' é smaoineamh é 'ná a luíghead coinne a bhí ag aoinne d'á raibh láithreach, tar éis na gcleamhnaistí go léir a bhí d'á ndéanamh i gcaitheamh na h-aimsire roimhe sin, agus tar éis na ráflaí go léir a bhí ar siúbhal, i dtaobh Shéadna, agus Mháire Gearra, agus Nóra an Tóchair, agus Báb an Leasa, gur bh' é Cormac an Chaincín a bhéadh d'á phósadh acu sa deire! Bhí a n-aigne lán dé, lán dé, lán dé. Ach geallaim dhuit nach baoghal gur leig aoinne amach aon bhlúire dhé. Is ag cuimhneamh air sin a bhí Micil nuair iar duine éigin sgian air agus thug sé pláta bagúin chuige. Is ag cuimhneamh air a bhí Báb an Leasa nuair a dúbhairt sí “nár bheag léi” agus a pláta sínte amach aici chun tuille feóla d'fhághail. Is ag cuimhneamh air a bhí Nóra an Tóchair nuair fhiafruigh duine éigin di an líonfadh sé glaine fíona chuici agus dúbhairt sí “Cá bh' fhios dómh-sa san?” i dtreó gur sgeart a raibh láithreach ar gháirídhe. Is dócha gur ag cuimhneamh air a bhí Máire Ghearra féin nuair fhiafruigh sí d' fhear an bhramaigh “an mór a fuair sé ar a chapall lá an aonaigh.” Bhí aoinne amháin sa chuideachtain, ámhthach, nár chuimh- nigh, olc maith ná donaídhe, ar an smaoineamh san i gcaitheamh na h-oídhche. B' é duine é sin 'ná Cormac féin. Ní raibh aon phioc d'á chuimhneamh aige go raibh a leithéid sin de smaoineamh i n-aigne aon duine a bhí láithreach. Bhí bacaigh agus lucht siúbhail ó'n uile thaobh de'n
dúthaigh cruinnighthe amuich ar an mbóthar agus mór- thímpal an tighe, agus nídh nár bh' iongnadh, b' fhada gur féadadh feuchaint 'na ndiaigh agus rud le n-ithe agus le n-ól a thabhairt dóibh. Bhí an smaoineamh céadna úd 'na n-aigne acu-san leis. Choimeádadar istigh é go dtí go ndéigh an ríghneas i bhfaid agus gur neartuigh an t-ocras agus tart an fhíona ortha. Ansan do bhris ar an bhfoidhne acu. Chromadar ar an sgéal a chíoradh agus ba mhaith chuige iad. Ar ball, ámhthach, nuair a tháinig an biadh agus an deoch, agus nuair a fuaradar go raibh an biadh agus an deoch go maith agus go buacach agus go bríoghmhar agus go deagh-bhlasta, níor leigeadar ortha gur thráchtadar riamh ar an méid úd — na bitheamhnaigh! Bhí sé ag druidim amach sa n-oídhche. Bhí a ndóithin ithte agus ólta ag an gcuideachtain istigh agus ag lucht na gcos mbriste agus na cúl-chainte amuich. D' fheuch an sagart ar Dhiarmuid. D' fheuch Diarmuid ar Shadhbh. D' fheuch Sadhbh ar Chormac. D' fheuch Cormac 'na thímpal. D' eirigh an chuideachta 'na seasamh. D' imthigh Sadhbh amach. D' fhill sí láithreach airís agus an clóca dearg uirthi, agus gur dhóich leat gur choinnle ar lasadh na siogairlíní óir a bhí ar an gcába. Ansan do chuaidh an lánmha suas i láthair an tsagairt agus do pósadh iad. Nuair a bhíodar pósta agus beannacht na h-Eaglaise léighte ortha do rug Seághan Ceatach ar phláta ghlan agus chuir sé giní óir ar an bpláta. Chuir Séadna giní ar an bpláta. Chuir Máire Ghearra giní uaithi féin air. Mar sin dóibh sa tímpal. Ní raibh aoinne nár chuir suím éigin airgid air. Nuair a bhí siúbhalta ortha go léir tháinig Cormac agus chuir sé trí ghiní ar an bpláta. Ba mhaith an mhaise ag Sadhbh é, chuir sí trí ghiní uaithi féin air.
“Am briathar, a Athair,” arsa 'n tíncéir mór, “gur dóich liom gur maith an bhail ar t'onóir nach i mBaile- 'bhfad-síos a déineadh an pósadh so.” “Am briathar, a Phádraig, gur dóich liom féin leis é,” arsa 'n sagart, “agus nach lúgha 'ná is maith an bhail ar a bhfuil anso anocht é. Agus is dóich liom leis gur b' é is lugha is gann dúinn go léir, a iaraidh ar Dhia na Glóire, moladh go deó leis! saoghal fada fé shéan a thabhairt do Chormac agus do Shadhbh, agus má's maith atáid siad anocht i ngrástaibh Dé agus an tsaoghail gura' seacht fearr a bhéidh siad bliaghain ó 'nocht, agus mura fearr nára' measa! Sliocht sleachta ar shliocht do shleachta, a Dhiarmuid!” “Amen, a Thighearna!” arsa 'n chuideachta go léir, airís agus airís eile. An fhaid a bhí an t- “amen” san ar siúbhal do shleamh- nuigh an lánmha pósta amach. Bhí an dá chapall agus an cóiste gabhtha ar aghaidh an doruis amach agus an giolla thuas i n-a inead féin. Chonaic na bacaigh an cóiste agus bhailigheadar 'na thímpal. Nuair a bhí Cormac ag dul isteach sa chóiste chaith sé mám mion-airgid imeasg na mbacach. Ba dhóich leat go mbainfidís na píopáin as a chéile a d'iaraidh teacht ar an airgead. An fhaid a bhíodar ag sgríobáil agus ag brúth agus ag únfairt a chéile do ghluais an cóiste. Nuair a fuair na bacaigh ag gluaiseacht é chuireadar liúgh fhiaigh asta. Liúgh árd dob' eadh í. Liúgh chuthaigh, bhríoghmhar, a chuirfeadh píop- arnach ad' chluasaibh. Ach, ó'n oídhche sin go dtí an oídhche atá anocht ann, níor féadadh a dhéanamh amach i gceart cé 'cu ba liúgh mhagaidh nó liúgh mholta an liúgh. Ach ba mhar a chéile é. Ba chuma le Sadhbh cé 'cu. Ní fhéadfadh fear an bhramaigh, ná aon fhear eile, ná bean, a rádh feasda gur pósadh í gan spré. Má ba liúgh mhagaidh
an liúgh níor mhór léi dhóibh bheith ag liúirigh go maidin má b' aon tsásamh aigne leó é. Má ba liúgh mholta í b' é sin an moladh i n-aisge. Ní raibh de thoradh aici ar an moladh ach mar a bhí aici ar an ngaoith. I dtaobh Chormaic, níor chuimhnigh sé ar mhagadh ná ar mholadh sa sgéal. Bhí sé mar ba ghnáth leis bheith, lom dáiríribh. Do ghluais an cóiste an bóthar soir ó thuaidh agus níor fhan a thuille cuimhne ag Sadhbh ná ag Cormac ar mhagadh ná ar mholadh. Bhí Cormac sásta i n-a aigne. Bhí a fhios aige, as an ngníomh a bhí déanta ag Sadhbh agus as an gcomaoin a bhí curtha aici ar an rígh nár bhaoghal ná go bhfaghadh a fear muíntearthas agus fabhar ó'n rígh. Bhí Sadhbh sásta 'n-a h-aigne. Fé dheire thiar thall ba chuma léi cad iad na cleamhnaistí a brisfí 'ná a slánóchfí. “Fear stuacach dob' eadh é, ach má b' eadh féin,” dar léi, “cad a bhí le déanamh ach a shlígh féin a thabhairt dó! Bhéadh an donas air nó shásóch' san é.” Bhí Diarmuid liath sásta i n' aigne. Agus aige féin dob' fhearr a fhios cad 'na thaobh. Bhí na cómharsain go léir ana shásta 'na n-aigne. Is dócha go raibh a fhios cad 'na thaobh acu-san leis. Nuair a bhí Sadhbh ag imtheacht thug sí na h-eochracha do Dhiarmuid. Ach má thug ní ró mhór an t-olmhaitheas d'fhág sí fé choimeád na nglas. Ag gabháil amach di ghlaoidh sí i leith taoibh ar mháthair Mhicil. “Bhéadh sé chómh maith agat-sa fanmhaint anso,” ar sise, “agus aire thabhairt do'n áit seo. D' fhéadfadh Micil aire thabhairt do'n tsiopa agus an leathar a dhíol. Tá an duine bocht so ró aosda. Pé uair is toil le Dia glaodhach air chun siúbhail ní bhéidh aoinne chun teacht idir thú agus seilbh an tíghe seo. Tá a fhios agam nach baoghal go ndéanfair éagcóir ar m'athair. Pé faid a mhairfidh sé coimeádfad-sa suas é. Pé airgead a
dhéanfaidh díol an leathair bíodh sé agat féin agus ag Micil. An nglacfair an áit?” “Dhe, glacfad dar nóin,” arsa 'n bhaintreach. “Seadh, a' nglacfad! Andaigh is greannmhar san dé! Ní h-eadh,” ar sise, “ach tógfad an áit agus déanfad mo thigh beag féin do chur chun mná mo dhriothár. Tá sí ag fágáilt an tíghe 'na bhfuil sí. Agus ansan, dá ráineóch' go n-oirfeadh dhuit-se an tigh seo d' fhághail thar n-ais féadfad-sa mo thigh féin d' fhághail thar n-ais ar an gcuma gcéadna.” “Tá go maith,” arsa Sadhbh. “Sin raint airgid agat a dhéanfaidh an gnó go gcuiread chúgat tuille.” Ar Mhicil a bhí an iongnadh ar ball nuair a dúbhairt a mháthair leis dul siar agus a chuid éadaigh, agus a cuid éadaigh féin, a thabhairt leis ainiar agus an glas a chur ar an ndorus 'na dhiaigh mar ná béidís ag dul abhaile i n-aon chor. “Cad 'tá ag eiríghe dhuit, a mháthair?” arsa Micil, “nó cad 'na thaobh ná béimíd ag dul abhaile? Dar ndó, ní h-amhlaidh atá aon éileamh eile ar an áit. Ní fhéadfadh Cormac bheith ag teacht ag éileamh sealbha anois orainn. Measaim go bhfuil a mhalairt de chúram anois air.” “Ní'l, a mhic ó,” ar sise, “aon éileamh ar an áit, ná aoinne ag teacht ag lorg na sealbha orainn.” Agus d'inis sí dhó an socarughadh a dhéin Sadhbh. D' fheuch Micil 'na thímpal. “Agus an linn féin an tigh seo feasda?” ar seisean. “Iseadh, a mhic ó,” ar sise, “ach go gcaithfimíd aire mhaith a thabhairt do Dhiarmuid.” D'fheuch sé 'na thímpal airís. “Is breagh mór fairsing an tigh é,” ar seisean. “Is beag d'á chuimhneamh a bhí agam go dtiocfainn féin agus mo mháthair chun cómh nuighthe ann! Cad é mar athrughadh sa tsaoghal!”
“Comáin leat anois, a mhic ó,” ar sise, “agus feuch i ndiaigh na ndaoine, agus ná déintear faillígh i n- aoinne, agus ná bíodh tart ná ocras ar aoinne i gcaith- eamh na h-oídhche. Béid siad go léir ag rinnce láithreach agus cuirfidh an rinnce tart ortha. Feuch 'na ndiaigh, a Mhicil, agus bíodh an deoch agus an biadh acu sul a mbéidh uain acu ar iad d'iaraidh.” “Tá go maith, a mháthair,” ar seisean.
Caibidiol a seacht a's fiche. Ní raibh aon tseó ach a raibh de cheól agus de rinnce i gcistín Dhiarmuda an oídhche sin. Bhí beirt phíobairí ann agus beirt bheidhlidóirí agus fear cláirsighe, i dtreó ná raibh aon stop leis an gceól. Nuair a stadadh píobaire bhíodh an píobaire eile ar siúbhal, agus nuair a stadadh bheidhlidóir bhíodh an bheidhlidóir eile ar siúbhal, agus ba mhinicíghe bhíodh an cúigear ar siúbhal i n-aon- fheacht 'ná mar a bhíodh aoinne acu 'na stad — i dtusach na h-oidhche pé 'r domhan é. Bhí leac bhreagh mhór leathan sa n-úrlár ann, ar aghaidh na teine amach, agus dá mbéitheá thíos sa tseómra ag éisteacht leis an obair thabharfá an leabhar gur cith bróg a bhí ag tuitim ar an lic sin i gcaitheamh na h-oídhche, ach go bhfreagraidís na bróga an ceól. Geallaim dhuit go raibh allus ar Nóra an Tóchair agus ar a beirt driothár agus gur chuireadar-san allus ba mhó 'ná é ar thuille d'á raibh ann. Nuair a bhídís cortha ó bheith ag rinnce bhíodh an deoch ag Micil dóibh, ach ní leigeadh sé air go mbíodh sé ag faire ortha chun an díghe a thabhairt dóibh. Ní óladh na rinnceóirí puínn de'n fhíon. Bhí a fhios acu dá n-ólaidís puínn dé go raghadh sé ní h-amháin sa cheann acu, ach ins na cosaibh leis, agus dá dtéidheadh an fíon ins na cosaibh go raibh deire leis an rinnce. Shuígheadh an chuideachta tamall, anois agus airís, idir dhá ghreas rinnce, agus gheibhtí amhrán breagh bríoghmhar ceólmhar ó dhuine éigin acu. Bhí cuid acu go raibh uchtach agus guth cinn acu ar áilneacht agus go dtógfadh sé
an ceó de chroídhe dhuine éisteacht le sgol maith amhráin uatha. Bhí duine des na píobairí go raibh ceól sídhe aige. Sheinneadh sé an ceól sídhe ar an bpíb go minic, uaidh féin. Ba ró dheacair, ámhthach, a chur fhiachaibh air é sheinnt nuair iartí air é. Deireadh sé nár cheart é sheinnt i láthair daoine mar gur cheól ró aerach é. Nuair a bhíodar go léir cortha, tnáithte, buailte amach, traochta, ó'n rinnce d'iaradar ar an bpíobaire an ceól sídhe do sheinnt dóibh. Dhiúltuigh sé ar feadh abhfad Dúbhairt sé go raibh an ceól ró aerach agus nár cheart é sheinnt i gcuideachtain. Thugadar deoch eile d'fhíon an rígh dhó agus bhíodar ag tathant air choídhche go dtí go mb' éigean dó géilleadh. Ghleus sé an phíb. Theann sé an mála. D'éist an chuideachta fé mar bhéidís gan anam gan anál. Ba ghearr gur h-airigheadh mar bhéadh gnúsachtach bhreagh bhog réidh ag gluaiseacht mór-thímpal an tíghe lasmuich. Ansan shamhluigheadh na daoine mar bhéadh gaoth ag séideadh leis an ngluaiseacht, agus gur bh' í an ghaoth a bhí ag déanamh na gnúsachtaighe agus nár bh' í an phíb. Ansan do ghluais ceól aoibhinn tríd an ngnúsachtach agus tháinig idir cheól agus gnúsachtach isteach sa tigh. Do neartuigh ar an ngnúsachtach agus tháinig mar bhéadh creathán agus luasgadh sa bhfuaim. Ba ghearr gur h- airigheadh an tarna fuaim agus é ag crith agus ag luas- gadh ar an gcuma gcéadna, agus an ceól aiteasach aoibhinn tríd, agus gan é féin agus an ceól agus an fuaim eile ag baint ó chéile, ach iad ag cabhrughadh le chéile, i dtreó gur bh'fhearr de an ceól an fuaim agus gur mhísle de an fuaim an ceól. Ar ball do labhair an trímhadh fuaim agus é ag crith agus ag luas- gadh agus ceól aoibhinn tríd, a bhain leis fein. Bhain
an trímhadh fuaim sin geit as a raibh láithreach. Thabhar- faidís an leabhar gur ghlór duine é! Ansan do ghluais mar bhéadh caise ceóil, de'n cheól ba mhísle agus ba bhinne, ba chaoíne agus ba chneasda d'ár airigh aoinne de'n mhuíntir a bhí láithreach riamh roimhe sin, agus do mheasg sé ar an ngnúsachtach agus ar an nglór daona agus ar an sórd gaoithe do samh- luigheadh bheith leó, agus do ghluais an measgadh mór- thímpal an tíghe i bhfuirm sídhe gaoithe. Bhí ag near- tughadh ar an nglór agus ar an bhfuaim, agus ag géarughad ar an measgadh agus ar an gcasadh tímpal, go dtí gur cheap na daoine go raibh an tsídhe gaoithe ag rinnce ar fuid an tíghe. Bhíodh sí anso agus bhíodh sí ansúd. Do léimeadh sí anonn agus do léimeadh sí anall. Do luígheadh sí síos agus do ritheadh sí fan an úrláir mór-thímpal, dar leó. Ansan, le léim d'á dtugadh an ceól, do sgeinneadh sí anáirde imeasg na mbataí snaidhm agus do sguabadh sí mór-thímpal thuas, i dtreó gur dhóich leis na daoine go n-airighdís sgiathána na n-eun inti. Ansan do mheasadh na daoine go n-airighdís, tríd an gceól, mar bhéadh osnaidheal ghoil. Ar ball is i n-a thrithíbh gáirí a bhíodh sé. Ansan d'airigh- eadar go gléineach ag labhairt tríd an gceól mar bhéadh glór leinbh. Ba ghearr go raibh glór eile leinbh 'ghá fhreagairt sin, an dá ghlór ag freagairt a chéile agus ag freagairt an cheóil. Ansan do labhair an trímhadh glór, mar bhéadh glór mná óige, agus nár airigh aoinne d'á raibh láithreach aon ghlór daona riamh chómh binn, chómh h-áluinn, chómh h-aoibhinn leis. Ba ghearr gur fhreagair glór eile mná an glór san, agus má ba bhinn é an chéad ghlór, ba bhinne agus ba mhísle 'ná san an tarna glór, agus iad ag freagairt a chéile agus ag freagairt an cheóil go cruinn agus go blasta. Ansan, fé mar a
h-osgalóchaí dorus éigin, tháinig borradh agus árdughadh agus neart sa cheól go léir. Do ghéaruigh ar an ngluaiseacht agus do neartuigh ar an bhfuinneamh agus tháinig tuille aoibhnis ins na guthanaibh. Iad ag eirighe os cionn a chéile agus ag tuitim fé bhun a chéile. Iad ag casadh mór-thímpal ar a chéile. Iad anuas ar an úrlár. Iad anáirde ar na frathachaibh. Iad sa chúinne seo, sa chúinne sin, sa chúinne úd. Go dtí go raibh sgáth ag teacht ar na daoinibh, agus iad ag strac-fheuchaint thar a nguailnibh feuchaint ar labhair aoinne. Ansan do neartuigh airís ar an gceól, fé mar a h-osgalóchaí dorus eile ba mhó 'ná an chéad dorus. D'eirigh borradh agus neart agus fuaimint ceóil. É ag iompáil agus ag casadh agus 'ghá iomlosg féin ar an úrlár, agus fan na bhfallaí, agus fan bhuaic an tíghe thuas. É tamall 'na bhúirtheach agus tamall 'na liúir- each. É tamall i n-a árd-ghol agus tamall i n-a ochlán bróin, gur dhóich leat go mbainfeadh sé osna ó'n gcloich. É tamall eile 'na sgeartaireacht gháirí agus suilt agus mórdhála agus mórtaise, gur dhóich leat go dtógfadh sé na mairbh as an úir. Glórtha na mban agus glórtha na leanbh ag labhairt agus ag freagairt go soiléir, tríd an mbúirtheach ba throime, tríd an ngol ba bhrónaíghe, tríd na gáirí ba shultmhaire, agus ansan do h-airightí anois agus airís, tríd an éirleach go léir, liach fhada chaol, choímhtheach, mhillteach a chuireadh fionachrith ar a raibh láithreach. Ansan do h-airigheadh, ag gluaiseacht i n-aonfheacht, mar bhéadh fuaim faraige, an bhúirtheach agus an liúireach agus an liacharnach, an gol agus an gháirí, glórtha na leanbh agus glórtha na mban. Iad fillte ar a chéile agus casta ar a chéile agus brúithte ar a chéile. Iad fé bhun a chéile agus os cionn a chéile agus istigh i n-a
chéile. Iad i n-áit agus i n-áit agus i n-áit eile. Ansan iad ins gach aon bhall i n-aonfheacht go dtí go gceapadh na daoine gur istigh 'na gcluasaibh féin a bhíodh an chaismirt! Ansan do h-airigheadh fuaim eile sa cheól, fuaim mar bhéadh cogarnach tóirthníghe. Do ghluais sé fan an úrláir, ag borradh agus ag caolughadh agus ag fothramáil. Chuaidh sé tré shaileachaibh an tíghe agus tré adhmad na gcathaoireach agus tré chnámhaibh na ndaoine, agus é ag crith agus ag luasgadh. Do neart- uigh air agus do neartuigh air go dtí gur bhailigh sé chuige na ceólta agus na glórtha eile, agus gur sguab sé leis mór-thímpal an tíghe iad mar a dhéanfadh cuilith guarnain. Ansan do neartuigh ar an dtóirthnigh agus do throimigh uirthi, agus do ghéaruigh an casadh agus an luasgadh agus an crith sa n-adhmad agus ins na cnámhaibh, go dtí go raibh luas croídhe agus meidhreán cinn ag teacht ar gach aoinne a bhí láithreach. Ansan do ghluais glór leinbh an simné amach. Do lean glór mná é. Ansan do ghluais glór mná an simné amach agus do lean glór leinbh é. Ansan do ghluais liach amach agus do lean liach eile í. Ansan do ghluais amach an simné an chéad ghlór duine do h- airigheadh sa cheól. Do lean na ceólta eile iad-san, ndiaigh ar ndiaigh. Ba ghearr ná raibh le h-aireachtaint istigh ach an tóirthneach, ag luasgadh agus ag crith. Ansan do chiúnuigh agus do chiúnuigh ar an dtóirthnigh, agus do laguigh agus do laguigh ar an luasgadh agus ar an gcritharnach, do mhaoluigh ar an bhfuinneamh agus do chlaochluigh ar an neart, go dtí ná raibh sa tóirthnigh ach gnúsachtach. Ansan do laguigh ar an ngnúsachtach go dtí ná raibh inti ach anál. Ansan do stad sí. Do ghlaoidh an coileach! Ní túisge ghlaoidh an coileach 'ná chuir Báb an Leasa
liach aisti agus thuit sí 'na cnaipe. Níor chuir aoinne cor dé. Ba dhóich leat gur fé dhraoidheacht a bhíodar. Fé dheire phreab an tíncéir mór 'na shuídhe. “Airiú, moladh le Dia!” ar seisean, “cad tá oraibh! Beireadh beirt agaibh ar an gcailín sin, a mhná,” ar seisean, “agus tógaidh amach fé'n ngaoith í.” Thógadar amach fé'n ngaoith í agus tháinig sí chuici féin. “Cá bhfuil an sagart?” arsa duine éigin. “Tá sé imthighthe abhaile fadó riamh anocht,” arsa Micil. Ba ghearr gur tháinig Báb an Leasa isteach airís agus í go lán láidir, agus í 'ghá áiteamh go tur ar na mnáibh a rug amach í nár ghádh dhóibh an saothar, agus gur bh' oireasa gnótha bhí ortha; ná raibh blúire uirthi ach oiread le h-aoinne acu féin; gur chirte dhóibh go mór leigint di féin; gur neamhchúramach a bhíodar! Do spreag an píobaire suas port ná raibh aon cheól sídhe ann agus do ghluais an rinnce airís chómh h-aibigh agus dá mb' é tusach na h-oídhche bhéadh ann. Do ghlaoidh an coileach airís agus airís ach má ghlaoidh níor chuir Báb an Leasa ná aoinne eile aon tsuím ann. Do ghluais an ceól agus an rinnce; na píobairí ag déanamh uanuigheachta ar a chéile; an leac d'á greadadh leis na brógaibh; an biadh agus an deoch d'á gcaitheamh fé mar a thagadh dúil ag aoinne ionta; go dtí gur bhuail solus an lae chúca an dorus isteach. Do fuaradh fear na cláirsighe 'na shámh chodla, agus duine des na píobairíbh ar meisge. Ach ní raibh codla ná meisge ar fhear an cheóil sídhe, bíodh gur ól sé a dhóithin de'n fhíon.
Caibidiol a h-ocht a's fiche. Sul a raibh an lá glan i gceart bhí an chuideachta sgaipithe agus na daoine imthighthe abhaile ach amháin an tíncéir mór agus fear an cheóil sídhe agus Micil agus a mháthair. Bhí an ceathrar san ar a ndícheal ag glanadh an tíghe agus ag cur gach nídh i n-a áit féin. Bhí an ceól sídhe ag déanamh buartha do Mhicil. Bhí ana dhúil aige a dhéanamh amach conus a fuair an píobaire sin an ceól sídhe. D'fhair sé go bhfuair sé lom air agus chuir sé an cheist chuige. “Cogar, a Sheághain,” ar seisean. “Is iongantach an ceól é sin a sheinnis aréir dúinn. Níor airigheas a leithéid riamh. Ní dóich liom go bhfuil fear eile i n- Éirinn d' fhéadfadh an ceól san do sheinnt.” Níor leig Seághan air gur airigh sé é. “Is dócha,” arsa Micil, “nach é gach aoinne fhéadfadh ceól mar é dh'fhághail i n-aon chor. Conus a fhuairis-se an ceól san, a Sheághain? “Dein t'iaraidh thort, a Mhicil!” arsa Seághan. Níor chuir sin Micil ó'n sgéal. D'fhan sé go dtí go raibh Seághan imthighthe agus ansan dúbhairt sé leis an dtíncéir mór: “Stad, a Phádraig,” ar seisean, “go n-ithir rud éigin, tar éis na h-oídhche.” Níor mheas Pádraig go ndéanfadh san aon cheataighe dhó, agus d'fhan sé. Ar ball, nuair a bhí rud ithte ag Pádraig agus braon eile fíona ólta aige, dúbhairt Micil, a-bhaíle-bháige dhó féin, mar 'dh eadh: “A Phádraig,” ar seisean, “nár bh' uathbhásach an ceól é siúd a bhí aréir againn! Níor airigheas a leithéid riamh, agus is minic d'airigheas ceól
breagh. Mura mbéadh mo dhá shúil a bheith ag feuchaint air agus mo dhá chluais a bheith ag éisteacht leis ní chreid- finn go bhféadfadh aon duine saoghalta a leithéid de cheól a bhaint a' píb.” “Agus ní fhéadfadh leis, mura bhfaghadh sé congnamh chuige,” arsa Pádraig. “Nár thugais fé ndeara an tsídhe gaoithe! Agus nár airighis na glórtha daona, agus an gol, agus an gáirí, agus an liacharnach? Ní túisge thosnuigh an ceól 'ná bhíodar ag bailiughadh isteach chúgainn. Geallaim dhuit gur dóich liom gur mó go mór a bhí ann díobh, ag rinnce leis an gceól, 'ná mar a bhí ann againn féin. Thosnuigheadar ar imtheacht nuair a bhí glaodhach an choiligh ag druidim leó. Agus feuch mar a stad an píobaire díreach sul ar ghlaoidh an coileach. Is mór an iongnadh liom ná beirid siad leó an píobaire. Dá mbéinn 'na chás ní sheinnfinn an ceól san pé tathant a déanfaí orm chuige. B'fhearra dhó go mór ciall a bheith aige. ‘Ní thagan an crúisgín slán ó'n dtobar i gcómhnuídhe.’” “Ní fheadar an tsaoghal conus a fuair sé an ceól san, nó conus a tháinig sé suas leis,” arsa Micil. “Is minic an cheist sin d'á cur chuige,” arsa Pádraig, “agus ní faghtar d'fhreagra uaidh choídhche uirthi ach ‘dein t'iaraidh thort.’” “Am briathar mhóide,” arsa Micil, “gur chuireas-sa chuige ó chianaibh í agus gur b' shiné díreach an freagra thug sé orm. “Dein t'iaraidh thort, a Mhicil,” ar seisean liom.” “D'airigheas-sa,” arsa Pádraig, “gur b' amhlaidh a bhí sé ag teacht abhaile ó Chorcaigh oídhche agus píb nua ceannuighthe aige, agus gur cuireadh amú' é, bíodh go raibh toghadh na h-aithne aige ar an áit. Ag déanamh a leith ar Dhrochad na dTruip Sídhe iseadh chuaidh sé amú”.
Tháinig an measgán mearaídhe air agus d'fheuch sé 'na thímpal, agus is amhlaidh a fuair sé é fein 'ná ar bhruach abhan, i n-áit nár luígh a shúil riamh air! D'iniúch sé an talamh fé n-a chosaibh, agus sgairt a bhí i n-a aice ann, agus pluais charaige a bhí ann, feuchaint an aithneóch' sé iad, agus níor aithin. Le n-a linn sin d'airigh sé, ar an dtaobh eile de'n abhainn, an ceól ba bhreaghtha d'ár airigh sé riamh. Cad deirir leis nár ghleus suas an phíb nua agus nár chrom ar an gceól gcéadna do sheinnt, i n- aonfheacht leis an gceólaidhe thall! Bhí an sgairt láidir riamh aige. Ní chuirfeadh a bhfuil de shíafraíbh i n-Éirinn eagla air. Ar leagadh na súl bhí an ínse ar bruach na h-abhan lán de dhaoine agus iad ag gluaiseacht anonn 's anall imeasg a chéile, fé mar a bhéadh saghas éigin rinnce ar siúbhal acu. Ba ghearr gur h-athruigheadh an ceól thall. Má déineadh, do chuaidh an fear abhus ar an athrughadh gan stad gan barathuisle, gan buille chaille- amhaint. Do casadh an ceól thall an tarna h-uair. Ba mhaith an mhaise ag an bhfear abhus é, bhí sé istigh ar an gcasadh an túisge 'na raibh an casadh déanta. “I n-aghaidh gach casadh agus athrughadh d'á dtéidheadh ar an gceól théidheadh a chothrom d'athrughadh ar ghluaiseacht na ndaoine, nó ar an rinnce, má ba rinnce é. Do lean an sgéal mar sin eatartha, ar dhá thaobh na h-abhan, go dtí tráth éigin amach sa n-oídhche. Ní cuimhin leis conus do sgar sé leó, ach nuair a tháinig an lá is amhlaidh a dhúisigh sé as a chodla agus é istigh i súil tein'aoile a bhí ar thaobh an bhóthair ann, agus an phíb nua i n 'aice. Ní túisge bhí sé 'na lán-dúiseacht 'ná ghaibh sé air an phíb agus chrom sé ar an gceól do sheinnt airís, díreach fé mar a sheinn sé sa n-oídhche é. Do sheinn sé ó thusach go deire é, airís agus airís, agus chuir sé isteach go cruinn ann gach casadh agus iompáil
agus athrughadh, fé mar a cuireadh ann iad sa n-oídhche dhó nuair a bhítheas 'ghá sheinnt ar an dtaobh thall de'n abhainn, go dtí go raibh sé ar eólus aige de ghlan mheabhair agus nár bhaoghal dó aon chuid dé do dhearmhad go deó. Nuair a bhí a aigne sásta aige air d'eirigh sé 'na shuídhe agus tháinig sé amach a' súil na tein'aoile agus d'fheuch sé 'na thímpal. Bhí an bóthar agus na cladhacha lán de dhaoinibh mór-thímpal na tein'aoile. Bhíodar ag bailiughadh ann an fhaid a bhí an ceól aige d'á sheinnt chun taithíghe dhéanamh dé. Fé mar thagadh duine nó beirt do stadaidís ag éisteacht leis an gceól go dtí go raibh an áit lán díobh. Bhí iongnadh agus alltacht ortha, mar bhí a fhios acu go n-airightí an ceól céadna go minic sa n-áit chéadna, sa n-oídhche, ach b'shiné an chéad uair riamh a h-airigheadh sa lá é. Nuair a chonacadar Seághan Aerach ag teacht amach a' súil na tein'aoileach agus nuair a thuigeadar 'na n-aigne gur bh' é a bhí ag déanamh an cheóil aeraigh, chrothadar a gcinn agus dúbhradar eatartha féin ná ruithfeadh leis abhfad gan é bhreith chun siúbhail. Do bheannuigh sé dhóibh agus bheannuigheadar dó, ach níor fhiafruigh aoinne acu dhé cad fé ndeara dhó an ceól san do sheinnt. Bhí sórd sgáth acu roimis. “Tháinig sé abhaile agus níor bh'fhada gur buaileadh breóite é. Níor cheap aoinne go n-eireóch' sé choídhche ó'n mbreóiteacht san. Dúbhradh gur bh'iad an mhuíntir n-ar sheinn sé an ceól dóibh a bhí 'ghá bhreith leó i dtreó go mbéadh píobaire acu féin chómh maith leis an bpíob- aire a bhí ag an muíntir a bhí ar an dtaobh eile de'n abhainn, nó b' fhéidir níos fhearr. Ach pé sgéal é do theip ortha é bhreith leó an uair sin. Tháinig sé chuige féin d'á n-aimhdheóin agus tá an ceól aige. Agus siné anois agat, fé mar airigheas-sa féin é, conus mar a
fuair Seághan Aerach an ceól sídhe. Ní sheinnean sé ach go h-anamh é, agus is ró bheag an iongnadh san. Má thagaid siad 'na thímpal i gcómhnuídhe mar a thánadar aréir ní foláir nó is mór an dúil atá acu sa cheól a sheinnean sé, agus má tá an dúil sin acu sa cheól béarfáid siad leó an ceólaidhe luath nó mall. Ní ceart dó bheith ag seinnt an cheóil sin i n-aon chor. Is minic a tugadh cómhairle dhó gan bheith 'ghá sheinnt. Thugas-sa féin an chómhairle sin dó ach ní raibh aon mhaith dhom ann. Ní déarfadh sé, ‘déanfad,’ ná ‘ní dhéanfad.’ Ní fhéadfá a dhéanamh amach cad a bhéadh i n-a aigne aige. Ní misde ‘Seághan Aerach’ a thabhairt air. Ní dóich liom go bhfuil blúire eagla aige rómpa.” “B' fhéidir, a Phádraig,” arsa Micil, “go bhfuil a fhios aige féin nach gádh dhó aon eagla bheith aige rómpa. B'fhéidir go bhfuil cáirde maithe aige eatartha agus nach baoghal dó.” “B' fhéidir é,” arsa Pádraig. “Ach b' fhearr liom mé féin do thabhairt suas do Dhia agus gan aon bhaint i n-aon chor a bheith agam leó ná acu liom. Bhíos tamall aréir, nuair a bhí an tóirthneach agus an chaismirt mhór ar siúbhal, agus geallaim dhuit nár bh' fhearr liom áit 'na mbéinn 'ná sa bhaile. Thugas feuchaint sa n-aghaidh ar an gceólaidhe, agus is beag ná gur mheasas nár bh' é féin a bhí i n-aon chor ann. Bhí solus éigin 'na shúilibh agus 'na ghnúis agus tímpal a bhéil, i dtreó gur dhóich leat go raibh sé ag feuchaint ortha agus gur aithin sé iad!” “B' fhéidir go raibh leis,” arsa Micil. “B'fhéidir é,” arsa Pádraig. “Ach tá aon nídh amháin deimhnightheach; tá Seághan Aerach ró aerach dómh-sa.”
Caibidiol a naoi a's fiche. Tar éis chleamhnais Shadhbh agus Chormaic níor bh' fhada gur déineadh dhá chleamhnas eile. Déineadh cleamhnas do Bháb an Leasa le driotháir do Nóra an Tóchair, agus déineadh cleamhnas do Nóra féin le fear de mhuíntir an rígh. Bhuail sé uimpi ar pháirc an aonaigh an lá do roinneadh na capaill. Bhí tigh sa chathair aige, i n-aice an tíghe n-a raibh Cormac agus Sadhbh le dul chun cómhnuighthe ann. Chómh luath agus chuaidh sé abhaile d'iar sé cead a chos ar feadh mí agus do fuair. Tháinig sé agus phós sé Nóra agus rug sé leis í. An driotháir léi a bhí gan pósadh d'imthigh sé i n-aonfheacht leó, ag brath air go bhfaghadh sé inead i n-arm an rígh. D' fhág san an Tóchar agus a raibh ann ag an mBáb agus agá fear. Nuair a bhí an méid sin déanta chuaidh gach aon rud chun suaimhnis. Aon lá, as san amach, dá mbéitheá ag gabháil thar an dtigh úd Shéadna, d'aireóchthá, mar ba ghnáth, mion-bhuillí na gcasúr mbeag, bog-fheaduíol na bhfear, tarang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh. Dá dtéidhtheá isteach do chífeá an chathaoir shúgáin agus an mhealbhóg, agus d'aireóchthá an anál fhada throm ó Shéadna féin, agus é ag obair go dian. Ach níor bhfios cathain airigh aoinne “greadadh” ná “duais” ar an “gCailligh Ruainnigh” aige. Ní fheicfeá Micil ann. Bhí sé thíos i dtigh Dhiarmuda Léith ag coimeád an tsiopa agus ag díol an leathair agus ag glacadh an airgid, agus isé a bhí, dar leis féin, i n' fhear bhunúsach, chreideamhnach. Ba dhóich leat
air ná curfadh sé aon bhlúire iongnadh air dá n-iartí air urúdhas a dhéanamh ar leath na paróiste. Fé mar a bhí an aimsir ag imtheacht bhíodh daoine 'ghá thabhairt fé ndeara go raibh athrughadh ag dul ar mheón agus ar aigne agus ar bheusaibh Shéadna. Thuig an uile dhuine gur duine fé leith riamh é, agus meón fé leith aige agus aigne fé leith. Bhí sé 'n-a luíghe ortha go léir, pé muíntearthas a bhéadh agat leis, ná béadh aon bhreith agat choídhche ar aon eólus dh'fhághail ar an dtaobh istigh d'á aigne. Ach mhothuigh daoine, nó mheasadar gur mhothuigheadar, nár bh' é an Séadna céadna é, le déan- aighe. Níos, ghnáth leis puínn cainte dhéanamh riamh, ach le déanaighe is ar éigin a labhradh sé i n-aon chor le h-aoinne. Nuair a labharthaí leis is beag an chaint a baintí as, ach an méid a baintí, ba chaint chiúin réidh í. Uaireanta chomáineadh sé leis ag obair chómh dian san go mbíodh na sruthana alluis leis. Uaireanta eile d' fhanadh sé faid gach n-fhaid agus a uille chlé ar a leath- ghlúin aige, a lámh chlé fé n-a ghiall aige, agus é ag feuchaint an dorus amach agus anonn ar an gcnuc, agus gan cor aige d'á chur dé ach mar a bhéadh sé gan anam gan anál. Is minic, nuair a bhíodh sé sa mhachtnamh san go bhfeictí an lámh dheas istigh 'na bhrollach aige, fé mar a bhéadh greim daingean aige ar rud éigin a bhíodh ann i bhfolach aige. Nuair a thagadh sé a' machtnamh de'n tsórd san do ghluaisigheadh anál as a chliabh agus osna ó n-a chroídhe nár bh'fhearr-de thú bheith ag éisteacht leis. Bhíodh iongnadh a gcroídhe ar na fearaibh, ach ní leigidís aon nídh ortha. Is amhlaidh a bhíodh eagla acu roimis. Ní fheadaradar ó thalamh an domhain cad a bhíodh air. Ní bhíodh acu le rádh ach an rud úd a dúbhairt Micil le n-a mháthair an chéad lá a thug sé fé ndeara é, nár bh'fholáir nó bhí buairt mhí-chuíbhsach éigin air. Ach cad í an bhuairt
í, nó cad fé ndear í, ní raibh aon phioc d'á chúntas acu. Thug Seághan Ceatach fé ndeara an t-athrughadh. Thug sé fé ndeara an sníomh a bhí ar chroídhe agus ar aigne an duine, ach bhí sé níos daille 'ná riamh ar cad fé ndear é. B' shin í Sadhbh pósta agus gan focal ó aoinne i dtaobh aon gheallamhna phósta idir í féin agus Séadna. Ó'n lá a bhí Séadna féin thiar ag an dtigh ag caint le Máire Ghearra níor labhair sise amach as a beul oiread agus aon fhocal amháin i dtaobh an chleamhnais ná i dtaobh na cainte a bhí eatartha. Tháinig sgéalta eile ar chleamhnaisíbh chúca ach ní leigeadh sí d'á h-athair aon tsuím a chur ionta. Ní thugadh sí de chúis dó ach ná taithnidís léi. Bhí sé leathta ar fuid na dúithe an mearbhall aigne bheith ar Shéadna, ach nuair a chonaic daoine na mná úd go léir a bheith pósta agus gan blúire suime curtha aige-sean sa sgéal, is amhlaidh mar a bhí an sgéal ag lucht cainte bhíodar i gcruadh-chás. Ba mhaith leó a rádh gur b'amhlaidh a bhí sé ag cailleamhaint a mheabhrach ndiaigh dhuine éigin de na mnáibh úd, ach ní fhéadfaidís é sin do rádh. Bhí sé ar an dá chóisre eile, chómh maith le cóisre Shadhbh, agus ba ró fhuirisde a aithint ná raibh aon bheann aige ar aoinne de'n bheirt bhan eile ach chómh beag agus bhí aige ar Shadhbh. Ní fhéadfaí a rádh go raibh sé ag cailleamhaint a mheabhrach mar gheall ar Mháire Ghearra mar ní raibh aoinne 'ghá breith uaidh. Ba mhaith le lucht na cainte a rádh gur b' amhlaidh a bhí ag dul d'á chiall, gur b' amhlaidh a bhí straighin éigin air a bhain le n-a chuid fola nó le n-a dhúchas. Ach ní fhéadfaidís sin do rádh mar ní raibh fear sa pharóiste ba chruinne breitheamhantas 'ná é, ná ba ghasda cómhairle 'ná é, ná ba ghéar-chúisíghe ar mholadh beirte 'ná é. B' é crích an
sgéil é go mb' éigean do lucht na cainte eiríghe as mar sgéal. Theip ortha teacht thíos ná thuas air. Bhí a fhios ag Séadna féin, ámhthach, go dian mhaith, cad a bhí air. Bhí an bhliaghain déanach des na trí bliaghna déag ag imtheacht ar cos-anáirde. Fé mar a bhí sé ag druidim le deire na h-aimsire bhíodh an fear bocht ag cuimhneamh níos géire agus níos coitchianta ar cad a bhí roimis, go dtí gur bh' ar éigin a sgaradh an smaoineamh choídhche leis. Bhíodh a leithéid sin de shníomh agus d' fhásgadh ar a chroídhe agus ar a aigne ó'n síor- mhachtnamh ar an aon smaoineamh amháin sin go samh- luigheadh sé uair a' chloig níos sia 'ná lá, an fhaid a bhíodh an uair a' chloig ag imtheacht; agus ansan, nuair a bhíodh an uair a' chloig imthighthe gur dhóich leis ná raibh dhá neómat inti. Shamhluigheadh sé an lá, an fhaid a bhíodh an lá d'á chaitheamh, níos sia 'ná seachtmhain, agus nuair a bhíodh an lá caithte do mheasadh sé ná bíodh fiú aon uair a' chloig amháin ann. Shamhluigheadh sé gur shia an oídhche 'ná bliaghain, agus nuair thagadh an mhaidion shamhluigheadh sé ná bíodh aon oídhche i n-aon chor ann. Ach, idir uair a' chloig agus neómat agus oídhche agus lá, shamhluigheadh sé gur bh' amhlaidh a bhídís ag baint an bhóthair d'á chéile, bhí a leithéid sin de choisigheacht fútha ag imtheacht — agus gan idir é agus deire na h-aimsire ach an méid a bhí gan imtheacht díobh! Is minic, tar éis dul a chodla dhó, nuair a bhíodh sé sínte ar a leabaidh agus gan aon néal codlata ag teacht air, ach a chroídhe ag cur dé agus a dhá shúil ar dian-leathadh, go n-eirigheadh sé agus go n-imthigheadh sé amach agus suas an cnuc, go dtí go mbíodh sé ar an bplásóig chúnlaigh mar ar thug an bhean chos-nochtaithe an tseóid uasal dó. Bhíodh sé ag brath air go mb' fhéidir go bhfeicfeadh sé ann airís í. Ní fheiceadh, ach ní bhíodh a
chuaird i n-aisdear aige. Thuigeadh sé i n' aigne go mbíodh sí ansúd i n-aice leis agus go n-airigheadh sí a chaint agus go dtuigeadh sí an bhuairt a bhíodh air. Bhíodh sé ag aighneas léi agus ag iomaigh léi nuair ná tais- beánadh sí í féin dó. Bhíodh sé ag rádh na bhfocal a dúbhairt sise leis an lá chonaic sé í, agus 'ghá gcur i gcuimhne dhi, agus 'ghá fhiafruíghe dhí ar chuimhin léi an gheallamhaint a thug sí dhó, agus 'ghá iaraidh uirthi, as ucht an tSlánuightheóra, gan cailleamhaint air nuair a thioc- fadh an t-anaithe. Ní thagadh guth ná focal uaithi, ach má 'seadh ní bhíodh sé gan freagra ar a chaint. Do buailtí isteach i n-a aigne uaithi, chómh maith agus dá labhradh sí, “nár ghádh dhó aon eagla bheith air ach a mhain- íghín a bheith as Dia aige.” Nuair a bhíodh tamall de'n oídhche caithte mar sin aige 'n-a teannta ar an gcnuc thagadh suaimhneas air. Do bhogadh an sníomh agus an fásgadh d'á chroídhe i dtreó go mbíodh iongnadh air cad a bhaineadh an buaireamh dé. Nuair a chíodh sé amhsgar- nach an lae ag teacht thugadh sé aghaidh ar an mbaile agus théidheadh sé agus shíneadh sé ar an leabaidh, mar 'dh eadh go mbíodh an oídhche caithte aige inti. Fé dheire ambasa bhí an lá deirineach buailte leis. “Trí bliaghna déag a's lá amáireach,” ar seisean i n' aigne féin, “iseadh fhágas an baile chun raint leathair do cheannach. Bhí trí sgillinge am' póca agam. Níor bh'fhada le dul iad ach ní raibh agam ach iad. Do h-iaradh orm iad, ar son an tSlánuightheóra. Thugas uaim iad. Ní raibh leigheas agam air sin. Conus fhéadfainn iad do choimeádh! Ní raibh agam ach iad. Bíodh ná raibh níor liom féin iad. Is le Dia gach nídh. Ní bhéinn ach ag coimeád a choda féin uaidh, moladh go deó leis! Níor choimeádas iad ar aon chuma, pé rud a thiocfaidh as dom anois. — Do cuireadh brígh na mionn orm, go
daingean. — Ghlacas orm é, go daingean — le m' thoil mhacánta.” Bheireadh sé ar bhróig agus chromadh sé ar obair. Ba ghearr go gcaitheadh sé uaidh airís í. Bhuaileadh sé amach agus d'fheuchadh sé 'na thímpal, fé mar a bhéadh súil aige le duine éigin a theacht. Cheap na fir gur ag súil le duine éigin a bhí sé agus gur dhócha gur ghearr go dtiocfadh an duine n-a raibh an tsúil leis. Dá mbéadh a fhios acu cé leis go raibh an tsúil is dócha gur ghearr an mhoill a dhéanfaidís sa n-áit! Ní raibh aon bhlúire d'á fhios acu, agus chomáineadar leó ag obair ar a ndícheal. Nuair a bhí sé i n-a am staid d'eirigheadar chun imthighthe abhaile. “Stadaigh, a fheara,” arsa Séadna. “B' fhéidir go ráineóch' go mbéinn as baile amáireach agus ná béinn anso i n-am chun páigh na seachtmhaine thabhairt daoibh. Tá sé chómh maith agaibh an t-airgead do ghlacadh anois. Ní mheasaim go bhfuil aon bhaoghal 'ná go ndéanfaidh sibh an obair go macánta.” Agus shín sé chúca an t- airgead. Chómh luath agus bhíodar imthighthe chun siúbhail chuir sé an cnuc amach dé. Bhí faill árd ar an dtaobh thuaidh de'n chnuc. Faill na bhFiach a tugtí mar ainim uirthi. Chuaidh sé agus shuigh sé ar mhullach na faille sin. Bhí sé ag feuchaint uaidh síos ar na caraigreacha briste a bhí thíos ag bun na faille agus bhí sé 'ghá chuimhneamh i n-a aigne cad é an briseadh a gheabhadh cnámha duine dá gcaithtí le fánaigh é. D'fhág sé an áit sin agus d'imthigh sé an cnuc siar go dtí go raibh sé ar bhara cnuic eile a bhí ar an dtaobh thiar de'n ghleann. Caraig na Madraí dob' ainim do'n chnuc eile sin. Chuaidh sé isteach i bpluais sa chnuc san. Leaba Diarmuda ainim na pluaise. Bhí pluais eile ar aghaidh na pluaise sin
anonn gur bh'ainim dí Leaba Gráinne. D'fhan sé sa phluais ar feadh tamaill mhaith, ag cuimhneamh ar ar airigh sé riamh de sgéalta breaghtha Fiannuigheachta, ar Dhiar- muid agus ar Ghráinne agus ar Fhionn agus ar an bhFéinn agus ar a ngnóthaibh go léir. Nuair a bhí tuitim na h-oídhche ann d'fhill sé chun na plásoíge agus do luígh sé inti. Bhí an aimsir tirim agus an spéir glan. Bhí an cúnlach go breagh tirim teith mar bhí an ghrian ag taithneamh ar an bplásóig i gcaitheamh an lae. Bhí aghaidh na plásóige ó-dheas, i dtreó go raibh foithin inti ó pé leóithne beag gaoithe a bhí ann, mar is a-dtuaidh a bhí an ghaoth. Bhí sé sínte sa phlásóig ag éisteacht le cogarnach agus le h-anál na gaoithe laige tríd an bhfraoch 'na thímpal agus gan aon phioc de'n ghaoith ag teacht air féin. Ó 'n suathadh a thug sé dhó féin ag siúbhal an chnuic, agus ó bhrothal an chúnlaigh, agus ó'n seothó úd na gaoithe tríd an bhfraoch, ba ghearr go raibh an fear bocht 'na chodla go sámh. Tráth éigin sa n-oídhche do mhothuigh sé mar a bhéadh lámh duine ar a cheann, agus d'imthigh a chodla dhé. D'imthigh a chodla dhé chómh glan san gur mheas sé ná raibh meagh- chaint ruibe i n-aon bhall d'á bhallaibh beatha. D'fheuch sé thairis. Bhí sí ansúd ar a glúinibh agá ghualainn chlé agus lámh léi ar a cheann aici agus í ag feuchaint isteach ins na súilibh air. An bhean chos-nochtaithe isí a bhí ann. D' fhan sé ag feuchaint uirthi agus í ag feuchaint isteach n-a shúilibh. Bhí an oídhche 'n-a sméaramhán le doir- cheacht. Bhí radharc aige ar an spéir os a cionn suas. Ní raibh gealach ná réiltín ar an spéir, ach í 'na bróin chíordhubh, go h-árd agus go leathan agus go folamh. Bhí sé ag feuchaint ar ghnúis na mná, ar a súilibh agus ar a h-éadan agus ar a h-aghaidh. Ní raibh de sholus aige chuige ach an solus a bhí ag teacht as an aghaidh féin. Do
lean sé ag feuchaint uirthi. Ní raibh leigheas aige air. Ní fheacaidh sé riamh 'na shúilibh cinn, dar leis, aon aghaidh duine chómh h-áluinn le h-aghaidh na mná san. Dá bhfaghadh sé Éire air ní fhéadfadh sé a shúile bhogadh dhi. Fé mar a lean sé ag feuchaint uirthi do mhéadaigh ar an áilneacht, agus ar an aoibhneas agus ar an suairceas a bhí 'na h-éadan agus 'na súilibh agus 'na beul, agus í díreach mar a bhéadh sí ag bogadh a béil chun labhartha, agus eisean ag feitheamh go dtiocfadh an focal. Do ghluais an t-aoibhneas san agus an suairceas san isteach tré n-a shúilibh agus siar sa n-inchinn aige agus síos 'na chroídhe agus 'na chliabh, i dtreó gur tháinig a leithéid sin d'áthas air, agus de shásamh aigne, agus de shólás croídhe, gur mhaith leis ná fágfadh sé féin ná ise an áit sin go deó. D'á fhaid agus d'á ghéire fheuch sé is amhlaidh a bhí a h-éadan ag dul i solusmhaire, agus a súile ag dul i n-uaisleacht agus i ngrádhmhaire, agus a beul ag dul i mísleacht agus i séimhe agus i miochaire, agus a h-aghaidh ag taithneamh le breis soluis agus le breis aoibhnis agus le breis suaircis, agus í díreach mar bhéadh sí ag bogadh a béil chun labhartha leis, go dtí gur cheap sé go raibh a chroídhe ag imtheacht as a chliabh amach chuici, le neart áthais agus aoibhnis, agus grádh di. Fé dheire do labhair sí. “Táthar chúgat, a Shéadna!” ar sise. “Tá an namhaid nach mór buailte leat,” ar sise. Agus má ba mhór an t-áthas agus an t-aoibhneas bheith ag feuchaint ar a h-aghaidh áluinn uasal, ba mhó 'ná san féin an t-áthas agus an t-aoibhneas bheith ag éisteacht le guth a cainte. Ba chuma le Séadna an domhan cé bhí chuige, ná cá raibh an namhaid, an fhaid a bhí sé ag feuchaint suas uirthi agus ag éisteacht léi, agus a lámh ar a cheann