Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Séadna

Title
Séadna
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Composition Date
1904
Publisher
Irish Book Company, The

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


SÉADNA



CAIBIDIOL A H-AON.



Cois na teine. Peig, Nóra, Gobnait, Síle bheag, agus
Cáit ní Bhuachalla.



Nóra. — A Pheig, inis sgeul dúinn.



Peig. — B'ait liom san! Inis féin sgeul.



Gobnait. — Ní'l aon mhaith inti, a Pheig. B'fhearr linn
do sgeul-sa.



Síle. — Déin, a Pheig. Béimíd ana shocair.



Peig. — Nach maith nár fhanais socair aréir, nuair a bhí
“Madra na n-Ocht gCos” agam d'á innsint!



Síle. — Mar sin ní stadfadh Cáit ní Bhuachalla ach am'
priocadh.



Cáit. — Thugais d'éitheach! Ní rabhas-sa ad' phriocadh, a
chaillichín!



Gobnait. — Ná bac í féin, a Cháit. Ní raibh aoinne 'ghá
priocadh ach í 'ghá leigint uirthi.



Síle. — Do bhí, astóin; agus mura mbéadh go raibh, ní
liúghfainn.



Nóra. — Abair le Peig na liúghfair anois, a Shíle, agus
'neósaidh sí sgeul dúinn.



Síle:— Ní liúghfad, a Pheig, pé rud imtheóchaidh orm.


L. 6


Peig:— Má's eadh, suigh anso am' aice, i dtreó ná
féadfaidh aoinne thú phriocadh a gan fhios dom.



Cáit:— Bíodh geall go bpriocfaidh an cat í. A thoice
bhig, bhéadh sgeul breagh againn mura mbéadh tú féin
agus do chuid liúighríghe.



Gobnait. — Éist, a Cháit, nó cuirfir ag gol í, agus
béimíd gan sgeul. Má curtar fearg ar Pheig ní
'neósaidh sí aon sgeul anocht. 'Seadh anois, a
Pheig, tá gach aoinne ciúin ag brath ar sgeul
uait.



Peig:— Bhí fear ann fad ó agus isé ainim a bhí air
'ná Séadna. Gréasaidhe b'eadh é. Bhí tigh beag deas
clúthmhar aige ag bun cnuic, ar thaobh na fothana. Bhí
cathaoir shúgáin aige do dhéin sé féin dó féin, agus ba
ghnáth leis suidhe inti um thráthnóna, nuair a bhíodh obair
an lae críochnuighthe, agus nuair a shuidheadh sé inti bhíodh
sé ar a shástacht. Bhí mealbhóg mine aige ar crochadh i
n-aice na teine, agus anois agus airís chuireadh sé a lámh
inti agus thógadh sé lán a dhoirn de'n mhin, agus bhíodh
sé 'ghá cogaint ar a shuaimhneas. Bhí crann ubhall ag
fás ar an dtaobh amuich de dhorus aige, agus nuair a
bhíodh tart air ó bheith ag cogaint na mine, chuireadh sé
lámh sa chrann san agus thógadh sé ceann des na h-ubhlaibh,
agus d'itheadh sé é.



Síle:— Ó, a thiarcais! a Pheig, nár dheas é!



Peig:— Ciacu an chathaoir nó an mhin nó an t-ubhall ba
dheas?



Síle:— An t-ubhall, gan amhras!



Cáit. — B'fhearr liom-sa an mhin: Ní bhainfeadh an
t-ubhall an t-ocras de dhuine.



Gobnait. — B'fhearr liom-sa an chathaoir, agus chuirfinn
Peig 'na suidhe inti, ag innsint na sgeul.



Peig:— Is maith chun plámáis tú, a Ghobnait.


L. 7


Gobnait:— Is fearr chun na sgeul tusa, a Pheig. Conus
d'imthigh le Séadna?



Peig:— Lá d'á raibh sé ag déanamh bróg, thug sé fé
ndeara ná raibh a thuille leathair aige, ná a thuille
snáithe, ná a thuille céireach. Bhí an taoibhín déanach shuas
agus an greim déanach curtha, agus níor bh'fholáir dó
dul agus adhbhar do sholáthar sul a bhféadfadh sé a
thuille bróg a dhéanamh. Do ghluais sé ar maidin, agus
bhí trí sgillinge 'na phóca, agus ní raibh sé ach míle ó'n
dtigh nuair a bhuail duine bocht uime, a d'iaraidh déarca.



“Tabhair dhom déirc ar son an tSlánuightheóra agus
le h-anaman do mharbh, agus tar cheann do shláinte,”
arsa 'n duine bocht.



Thug Séadna sgilling dó, agus ansan ní raibh aige
ach dhá sgilling. Dúbhairt sé leis féin go mb'fhéidir go
ndéanfadh an dá sgilling a ghnó: Ní raibh sé ach míle
eile ó bhaile nuair a bhuail bean bhocht uime agus í cos-
nochtaithe.



“Tabhair dhom congnamh éigin,” ar sise, “ar son an
tSlánuightheóra, agus le h-anaman do mharbh, agus tar
cheann do shláinte.”



Do ghlac truagh dhí é, agus thug sé sgilling dí, agus
d'imthigh sí. Do bhí aon sgilling amháin ansan aige, ach
do chomáin sé leis, ag brath air go mbuailfeadh seans
éigin uime a chuirfeadh ar a chumas a ghnó a dhéanamh.
Níor bh'fhada gur casadh air leanbh agus é ag gol le
fuacht agus le h-ocras.



“Ar son an tSlánuightheóra,” arsa 'n leanbh, “tabhair
dhom rud éigin le n-ithe.”



Bhí tigh ósda i ngar dóibh, agus do chuaidh Séadna
isteach ann, agus cheannuigh sé bríc aráin agus thug sé
chun an leinbh é. Nuair a fuair an leanbh an t-arán
d'athruigh a dhealbh. D'fhás sé suas i n-aoírde, agus do


L. 8


las solas iongantach 'na shúilibh agus 'na cheannachaibh,
i dtreó go dtáinig sgannradh ar Shéadna.



Síle. — Dia linn! a Pheig, is dócha gur thuit Séadna
bocht i laige.



Peig. — Níor thuit; ach má 's eadh, ba dhícheal dó. Chómh
luath agus d'fhéad sé labhairt, dúbhairt sé:—



“Cad é an saghas duine thusa?” Agus isé freagra
a fuair sé:—



“A Shéadna, tá Dia buidheach díot. Aingeal iseadh
mise. Is mé an trímhadh h-aingeal gur thugais déirc
dó indiú ar son an tSlánuightheóra. Agus anois tá
trí ghuidhe agat le fághail ó Dhia na glóire. Iar ar Dhia
aon trí ghuidhe is toil leat, agus gheobhair iad. Ach tá
aon chómhairle amháin agam-sa le tabhairt duit. — Ná
dearmhaid an Trócaire.”



“Agus an ndeirir liom go bhfaighead mo ghuidhe?”
arsa Séadna.



“Deirim, gan amhras,” arsa 'n t-aingeal.



“Tá go maith,” arsa Séadna. “Tá cathaoir bheag dheas
shúgáin agam sa bhaile, agus an uile dhailtín a thagan
isteach, ní foláir leis suídhe inte. An cheud duine eile
a shuídhfidh inte, ach mé féin, go gceangalaidh sé inte!”



“Faire, faire, a Shéadna!” arsa 'n t-aingeal; “sin
guidhe breagh imthighthe gan tairbhe. Tá dhá cheann eile
agat, agus ná dearmhaid an Trócaire.”



“Tá,” arsa Séadna, “mealbhóigín mine agam sa
bhaile, agus an uile dhailtín a thagan isteach, ní foláir
leis a dhorn a sháthadh inte. An cheud duine eile a
chuirfidh lámh sa mhealbhóig sin, ach mé féin, go
gceangalaidh sé inte, feuch!”



“Ó, a Shéadna, a Shéadna, ní'l fasg agat!” arsa 'n
t-aingeal. “Ní'l agat anois ach aon ghuidhe amháin eile.
Iar Trócaire Dé do t'anam.”


L. 9


“Ó, is fíor dhuit,” arsa Séadna, “ba dhóbair dom é
dhearmhad. Tá crann beag ubhall agam i leath-taoibh mo
dhoruis, agus an uile dhailtín a thagan an treó, ní foláir
leis a lámh do chur i n-áirde agus ubhall do stathadh agus
do bhreith leis. An cheud duine eile, ach mé féin, a
chuirfidh lámh sa chrann san, go gceangalaidh sé ann! —
Ó! a dhaoine!” ar seisean, ag sgairteadh ar gháirídhe,
“nach agam a bhéidh an spórt ortha!”



Nuair a tháinig sé as na trithídhibh, d'fheuch sé suas agus
bhí an t-aingeal imthighthe. Dhéin sé a mhachtnamh air féin
ar feadh tamaill mhaith. Fé dheire thiar thall, dúbhairt sé
leis féin: “Feuch anois, ní'l aon amadán i n-Éirinn
is mó 'ná mé! Dá mbéadh triúr ceangailte agam um
an dtaca so, duine sa chathaoir, duine sa mhealbhóig, agus
duine sa chrann, cad é an mhaith a dhéanfadh san dómh-sa
agus mé abhfad ó bhaile, gan bhiadh, gan deoch, gan
airgead?”



Ní túisge bhí an méid sin cainte ráidhte aige 'ná thug
sé fé ndeara ós a chómhair amach, sa n-áit 'na raibh an
t-aingeal, fear fada caol dubh, agus é ag glinneamhaint
air, agus teine chreasa ag teacht as a dhá shúil 'na
spréachaibh nímhe: Bhí dhá adhairc air mar bhéadh ar phocán
gabhair; agus meigioll fada liath-ghorm garbh air,
eirball mar bhéadh ar mhada ruadh, agus crúb ar chois
leis mar chrúb thairbh. Do leath a bheul agus a dhá shúil
ar Shéadna, agus do stad a chaint. I gceann tamaill
do labhair an Fear Dubh.



“A Shéadna,” ar seisean, “ní gádh dhuit aon eagla
do bheith ort rómham-sa. Ní'lim ar tí do dhíobhála. Ba
mhian liom tairbhe éigin a dhéanamh dhuit, dá nglacthá mo
chómhairle. Do chloiseas thú, anois beag, 'ghá rádh go
rabhais gan bhiadh, gan deoch, gan airgead. Thabharfainn-
se airgead do dhóithin duit ar aon choinghíll bheag amháin.”


L. 10


“Agus greadadh tré lár do sgairt!” arsa Séadna,
agus tháinig a chaint dó; “ná féadfá an méid sin do
rádh gan duine do mhilleadh led' chuid glinneamhna, pé
h-é thú féin?”



“Is cuma dhuit cia h-é mé, ach bhéarfad an oiread
airgid duit anois agus cheannóchaidh an oiread leathair
agus choimeádfaidh ag obair thú go ceann trí mbliaghan
ndeug, ar an gcoinghíll seo — go dtiocfair liom an
uair sin.”



“Agus má réidhtighim leat, cá raghmaoíd an uair
sin?”



“Cá beag duit an cheist sin do chur nuair a bhéidh an
leathar ídighthe agus bhéimíd ag gluaiseacht?”



“Táir geur-chúiseach. Bíodh agat. Feiceam an t-
airgead.”



“Táir-se geur-chúiseach. Feuch!” — do chuir an Fear
Dubh a lámh 'na phóca agus tharaing sé amach sparán mór,
agus as an sparán do leig sé amach ar a bhais carn beag
d'ór bhreagh bhuidhe.



“Feuch!” ar seisean, agus shín sé a lámh agus chuir
sé an carn de phíosaibh gleóidhte gléineacha suas fé
shúilibh Shéadna bhoicht. Do shín Séadna a dhá láimh, agus
do leathadar a dhá laghar chun an óir:



“Go réidh!” arsa 'n Fear Dubh, ag tarang an óir
chuige isteach. “Ní'l an margadh déanta fós.”



“Bíodh 'na mhargadh!” arsa Séadna.



“Gan teip?” arsa 'n Fear Dubh.



“Gan teip,” arsa Séadna.



“Dar bhrígh na mionn?” arsa 'n Fear Dubh.



“Dar bhrígh na mionn,” arsa Séadna.


L. 11


Caibidiol a dó.



Nóra:— 'Seadh! — a Pheig. Táimíd anso-airís. Tá
saothar orm — bhíos ag ruith. Bhí eagla orm — go
mbéadh an sgeul ar siúbhal rómham, agus go mbéadh
cuid de caillte agam.



Peig: — Am briathar go bhfanfamaois leat, a Nóra, a
laogh. Ní'l abhfad ó tháinig Gobnait.



Gobnait: — Mar sin do bhí cuigion againn d'á dhéanamh,
agus b'eigean dómh-sa dul siar leis an im go Beul
an Ghearrtha, agus nuair a bhíos ag teacht abhaile an
cómhgar, do thuit an oídhche orm, agus geallaim dhuit
gur baineadh preab asam. Bhíos ag cuimhneamh ar
Shéadna agus ar an ór agus ar an bhFear nDubh,
agus ar na spréachaibh bhí ag teacht as a shúilibh, agus
mé ag ruith sul a mbéinn déanach, nuair a thógas mo
cheann agus cad do chífinn ach an rud 'na sheasamh
ar m'aghaidh amach — an gollán! Ar an gceud
amharc d'á dtugas air, do thabharfainn an leabhar
go raibh adharca air!



Nóra: — A dhiamhaise, a Ghobnait; éist do bheul, agus ná
bí 'gár mbodhradh led' ghollánaibh agus led'
adharcaibh. Adharca ar an ngollán! Feuch air sin!



Gobnait: — B'fhéidir dá mbeitheá féin ann gur beag an
fonn magaidh a bhéadh ort.



Síle: — Feuch anois! cia atá ag cosg an sgéil?
B'fhéidir go gcuirfeadh Cáit ní Bhuachalla orm-sa é.



Cáit: — Ní chuirfidh, a Shíle. Táir ad' chailín mhaith anocht,
agus tá ana chion agam ort. Mo ghrádh í sin! Mo
ghrádh am' chroídhe 'stigh í!


L. 12


Síle: — 'Seadh go díreach! Fan go mbéidh fearg ort,
agus b'fhéidir ná déarfá “Mo ghrádh í sin!”



Nóra. — Seo, seo! Stadaidh, a chailíní. Mise agus mo
ghollán fé ndear an obair seo. Caith uait an stoca
san, a Pheig, agus sgaoil chugainn an sgeul. An
bhfuair Séadna an sparán? Is 'mó duine bhí i
riocht sparáin d'fhághail agus ná fuair.



Peig. — Chómh luath agus dúbhairt Séadna an focal
“dar bhrígh na mionn!” do tháinig athrughadh gné ar an
bhFear nDubh. Do nocht sé a fhiacla shíos agus tsuas,
agus isiad a bhí go dlúite ar a chéile. Tháinig sórd
crónáin as a bheul, agus do theip ar Shéadna a dhéanamh
amach cia'cu ag gáirídhe a bhí sé nó ag dranntughadh.
Ach nuair fheuch sé suas idir an dá shúil air, ba dhóbair
go dtiocfadh an sgannradh ceudna air a tháinig air i
dtosach. Do thuig sé go maith nach ag gáirídhe bhí an
díolúnach. Ní fheacaidh sé riamh roimhe sin aon dá shúil
ba mheasa 'ná iad, aon fheuchaint ba mhalluighthe 'ná an
fheuchaint do bhí acu, aon chlár éadain chómh dúr, chómh
droch aigeanta leis an gclár éadain do bhí os a
gcionn. Níor labhair sé, agus do dhéin sé a dhícheal
gan a leigint air gur thug sé fé ndeara an drann-
tughadh.



Le n-a linn sin do leig an Fear Dubh an t-ór amach
airís ar a bhais agus do chómhairimh.



“Seo!” ar seisean. “A Shéadna, sin céad púnt
agat ar an gceud sgilling a thugais uait indiú. An
bhfuilir díolta?”



“Is mór an bhreis í!” arsa Séadna: “Ba chóir go
bhfuilim.”



“Cóir nó éagcóir,” arsa 'n Fear Dubh, “an bhfuilir
díolta?” Agus do ghéaruigh agus do bhrostuigh ar an
ndranntughadh.


L. 13


“Ó, táim díolta, táim díolta!” arsa Séadna, “go
raibh maith agat-sa.”



“Seo, má 's eadh,” ar seisean. “Sin céad eile agat
ar an tarna sgilling a thugais uait indiú.”



“Siní an sgilling a thugas do'n mhnaoi a bhí cos-
nochtaithe.”



“Siní an sgilling a thugais do'n mhnaoi uasail
cheudna.”



“Má ba bhean uasal í, cad do bheir cos-nochtaithe í?
Agus cad do bheir dí mo sgilling do bhreith uaim-se,
agus gan agam ach sgilling eile 'na diaigh?”



“Má ba bhean uasal í! Dá mbéadh a fhios agat!
Siní an bhean uasal do mhill mise!”



Le linn na bhfocal san do rádh dhó, do tháinig crith chos
agus lámh air. Do stad an dranntán. Do luigh a
cheann siar ar a mhuineál. D'fheuch sé suas ins an
spéir. Tháinig driuch báis air agus cló cuirp ar a
cheannachaibh.



Nuair a chonaic Séadna an iompáil lí sin, tháinig
iongnadh a chroídhe air.



“Ní foláir,” ar seisean, go neamhchuiseach, “nó ní h-é
seo an cheud uair agat ag aireachtaint teacht tháirsi siúd.”



Do léim an Fear Dubh. Do bhuail sé buille d'á
chrúib sa talamh, i dtreó gur chrith an fód a bhí fé chois
Shéadna.



“Ciorúghadh ort!” ar seisean. “Éist do bheul nó
basgfar thú!”



“Gabhaim párdún agat, a dhuin' uasail,” arsa Séadna
go modhamhail, “cheapas go mb'fhéidir gur braon beag
a bhí ólta agat, trá 's gur thugais céad púnt mar
mhalairt ar sgilling dom.”



“Thabharfainn, agus seacht gcéad, dá dtiocfadh liom
baint ó'n dtairbhe do dhéin an sgilling cheudna; ach


L. 14


nuair a thugais uait í ar son an tSlánuightheóra ní féidir
a tairbhe do lot choídhche.”



“Agus,” arsa Séadna, “cad is gádh an mhaith do lot?
Ná fuil sé chómh maith agat tairbhe na sgillinge úd
d'fhágáil mar atá sé?”



“Tá an iomad cainte agat; an iomad ar fad.
Dubhart leat do bheul d'éisteacht. Seo! Siné an
sparán ar fad agat,” arsa 'n Fear Dubh.



“Ní h-éidir, a dhuin' uasail,” arsa Séadna, “ná
béadh dóithin na h-aimsire ann. Is 'mó lá i dtrí
bliaghnaibh déag. Is 'mó bróg bhéadh deunta ag duine
i gcaitheamh an méid sin aimsire, agus is 'mó cuma 'na
n-oirfeadh sgilling dó.”



“Ná bíodh ceist ort,” arsa 'n Fear Dubh, ag cur
smuta gáire as. “Taraing as chómh géar i n-Éirinn
agus is maith leat é. Béidh sé chómh teann an lá déanach
agus 'tá sé indiú. Ní bhéidh puínn gnótha agat de as
san amach.”



Bhí Séadna sásta:



“Trí bliaghna deug!” ar seisean i n-a aigne féin.
“Agus neart dom tarang as ar mo dhícheal. Chuir sé
brígh na mionn orm, ach bheirim-se brígh gach miona agus
gach móide dhuit-se, a sparáinín, go mbainfear ceól
asat! — Slán beó agat-sa!” ar seisean leis an bhFear
nDubh.



D'iompuigh sé ar a sháil chun teacht abhaile, agus má
dh'iompuigh, siúd le n-a chois an Fear Dubh. Ghéaruigh
sé a choisidheacht. Ghéaruigh seisean chómh maith.



“Cad a dhéanfad?” arsa Séadna 'na aigne féin.
“Chífid na cómharsain é.”



“Ná bíodh ceist ort,” arsa 'n Fear Dubh. “Ní
fheicfidh aoinne mé ach tú féin. Ní foláir dom tú
thionnlacan abhaile agus eólus na slíghe do chur, agus


L. 15


radharc d'fhághail ar an gcathaoir shúgáin úd, agus ar an
mealbhóig, agus ar na h-ubhlaibh.”



“Gan rath ortha mar chathaoir agus mar mhealbhóig agus
mar chrann ubhall! Is breagh na trí neithe do loiteadh
indiú orm d'á mbárr,” arsa Séadna.



“Ní h-é sin an ceann is measa de'n sgeul,” arsa 'n
Fear Dubh. “Ach má thagan aon chómharsa isteach agus
go suidhfidh sé sa chathaoir, ní foláir duit aontigheas do
thabhairt saor ó chíos dó, mar ní bhéidh ar do chumas é
chur amach agus é ceangailte sa chathaoir agat.”



“A dhróluinn na bhfeart! Cad a dhéanfad má tá
triúr ceangailte rómham sa bhaile anois?” arsa
Séadna. “B'fhéidir, a dhuin' uasail, go bhféadfá-sa
iad do sgaoileadh. Téanam ort. Tá míle fáilte
rómhat.”



“Foidhne, foidhne! a Shéadna,” arsa 'n Fear Dubh.
“Ní'l aoinne ceangailte fós. Bhí doicheal ort ó chianaibh,
agus anois tá míle fáilte rómham. Á! a Shéadna, siní
an fháilte mar mhaithe leat féin.”



“'Sdó! Is amhlaidh mar atá sé, a dhuine uasail —”
arsa Séadna, agus d'fheuch sé suas ar na h-adharcaibh
agus síos ar an gcrúib.



“Ó, tuigim,” arsa 'n Fear Dubh. “Ní thaithnean
déanamh na bróige seo leat, ná an saghas órnáide atá
ar mo cheann. Ná bac san. Nuair a bhéidh taithíghe agat
ortha ní bhfaighir locht ar bith ortha.”



“ 'Sdó, go deimhin féin anois, a dhuin' uasail,” arsa
Séadna, “agus creid mé leis, ní chúca san a bhíos. Ach
dá bhfeicidís na cómharsain tú do sgannróchaidís, agus
bhéadh díobháil déanta, b'fhéidir.”



“Thar a bhfeacaís riamh! Ná fuilim tar éir a rádh
leat nach baoghal go bhfeicfidh aoinne mé ach tú féin?”
arsa 'n Fear Dubh.


L. 16


“Tá go maith,” arsa Séadna: “Téanam ort.”



Síle. — A thiarcais! a Pheig, ba dhóigh liom, dá
bhfeicinn é, go dtuitfeadh an t-anam tur teith
asam.



Cáit. — Cad é an mhaith dhuit bheith ag caint mar sin?
Na dúbhairt sé ná féadfadh aoinne é fheiscint ach
Séadna féin?



Síle. — Á! a Cháit, a ghrádh dhil, cá bhfios duit an raibh
sé ag innsint na fírinne? Ní chreidfinn focal ó'n
rógaire.



Cáit. — Nach maith a thug sé an t-airgead do Shéadna?



Gobnait. — Cá bhfios duit ar bh'airgead é? D'airigheas
duine 'ghá rádh go raibh seana Mhicheál Réamoinn lá
i dtigh tabhairne i Sráid an Mhuilinn, agus go raibh
a dó agus dá thistiún ag bean an tabhairne air,
agus go raibh sí ag coimeád a hata i ngeall leis
an airgead. Do chuaidh Micheál amach sa chlós agus
do phioc sé suas a ceathair nó a cúig de licíníbh
slinne, agus tar éis diablaidheachta éigin a dhéanamh
ortha, thug sé chuici isteach iad, agus nuair dh'fheuch
sí ortha cheap sí gur bh' airgead dleaghthach iad, agus
thug sí an hata dhó. Deirtí gur fhoghluim Micheál
“freemashun” ó'n Ridire, agus go bhféadfadh sé
gabhar a dhéanamh dhíot, ach dá n-aisdreóchadh an ghaoth
agus tú ad' ghabhar, ná féadfadh sé thú chasadh thar
n-ais.



Séamus ua Buachalla. — Bail ó Dhia oraibh anso!



Peig. — Ó, Dia 's Muire dhuit, a Shéamuis. Do dhriofúr
atá uait, is dócha.



Séamus. — Dúbhradh léi teacht abhaile láithreach. Tháinig
Neill.



Cáit. — Airiú greadadh chúgat, a Shéamuis! Cathain?



Séamus. — Ó chianaibh beag.


L. 17


Cáit. — Go dtugaidh Dia oídhche mhaith dhuit, a Pheig, agus
díbh go léir.



Peig. — Go dtéidhir slán, a Cáit!



Cáit. — Ní 'neósfair a thuille anocht, a Pheig?



Peig. — Tá go maith, a Cháit.


L. 18


Caibidiol a trí.



Peig. — Dé bheatha-sa, a Cháit!



Cáit. — Go mairir-se, a Pheig! Ní deirim ná go bhfuil
tosach agam anocht.



Peig. — Ambasa tá, tosach agat ortha go léir ach ar Shíle
bheag.



Cáit. — Conus fhéadfainn tosach a bheith agam ar Shíle agus
í anso i gcómhnuidhe agat?



Síle. — Béidh tosach ar gach aoinne anois aici ó tá mac
óg agá driofúr.



Peig. — Éist, a thoice. Conus tá Neill, a Cháit?



Cáit. — Tá sí go h-ana mhaith, a Pheig, agus tá an leanbh
go maith leis. Agus ó, go deimhin agus go dearbhtha,
a Pheig, isé an leanbh is deise agus is gleóidhte
agus is gile a chonaicís riamh ad' shúilibh cinn é, agus
is mise a mháthair.



Peig. — Tusa! Cheapas gur bh'í Neill a mháthair.



Cáit. — Airiú cnoc air mar sgeul! dar ndóigh isí leis.
Ach is mise a bhaist é.



Peig. — Aililliú! a Cháit a chroídhe 'stigh, cad ba ghádh
san agus gan é ag dul chun báis? Nach raibh an
sagart ann?



Cáit. — Ach, go bhfeuchaidh Dia orainn! Cad é sin agam
d'á rádh! Dar ndóich, nídh nách iongnadh, isé an
sagart a bhaist é, agus mise a sheasaimh chun baistí
leis, mé féin agus Séamus. Ach cad a chuir ad'
cheann é bheith ag dul chun báis, a Pheig? Ní'l aon
chómharthaí báis air, Dia 'ghá bheannachadh! Ná bíodh
eagal ort.


L. 19


Peig. — 'Sdó, dúbhrais ar dtúis gur tú a mháthair, agus
ansan gur tú a bhaist é; agus deir an Teagasg
Críosdaidhe ná féadfadh aoinne ach an sagart é
bhaisteadh, mura mbéadh sé ag dul chun báis agus
gan sagart ann.



Síle. — Ní deirim ná gurab amhlaidh mar atá an sgeul
ag Cáit an aimsir seo, ná feadair cos léi cad a
dhéanfaidh lámh léi.



Cáit: — Fágaim le h-uadhacht, a Shíle, go bhfuil an ceart
agat. Ní fheadair cos liom cad a dhéanfaidh lámh
liom, agus ní fheadar féin cad a dhéanfaidh cos ná
lámh liom. Dá bhfeicfeá é, a Shíle, bhéadh árd-chion
agat air. Tá oiread-san ceana agam-sa air gur
dóigh liom go n-íosfad é!



Gobnait. — Aililliú, a Cháit! Cad é sin agat d'á rádh?
Níor mhaith liom go mbéadh puínn ceana agat orm-
sa, má's mar sin dhéanfá liom é!



Peig. — Dé bheatha-sa, a Ghobnait! An bhfeacaís Nóra
ag teacht?



Gobnait. — Tá sí chúgat an doras isteach. Bhí sí ag
bagairt orm-sa fanamhaint léi, ach bhí eagla orm go
gcaillfinn aon chuid de'n sgeul san Shéadna.



Nóra. — Feuch anois, a Ghobnait, níor bh'fhiú dhuit gan
fanamhaint liom.



Peig. — Dé bheatha, a Nóra! Ní gearánta dhuit. Ní
rabhais abhfad 'na diaigh. 'Seadh anois, a chailíní,
druidigh aníos anso i gcómhgar na teine. Tá an
tráthnóna buille beag glas ann féin. Siné!
B'fhéidir anois go bhfuilimíd go seasgair.



Gobnait. — Feuch gur maith a shocaruighean Síle í féin i
n-aice Cháit agus gan eagla uirthi go bpriocfaí í!



Síle. — Cogar, a Cháit! Cad é an ainim atá air?



Cáit. — Tá Éamonn.


L. 20


Peig. — Agus Éamonn a athair. Sidé Éamonn óg —
Éamonn óg ua Flainn. Is breagh an ainim í, a
Cháit. Molaim thú!



Nóra. — Agus molaim-se Séadna, a Pheig, mar fuair sé
an sparán agus cead tarang as. Ach conus do
sgar sé leis an réice? Nó ar sgar sé i n-aon
chor leis?



Síle. — Is baoghalach nár sgar sé ar foghnamh leis.



Peig. — Níor sgar sé leis go dtánadar araon go tigh
Shéadna. Is ar éigin do bhí aghaidh tabhartha acu ar an
mbaile nuair a chonaic Séadna airís an leanbh agus an
bríc aráin fé n' osguil aige, agus bhí sé sa riocht i n-a
bhfeacaidh sé ar dtúis é. D'fheuch sé ar Shéadna go
buidheach, agus ansan do sgeinn sé as a radharc.



Ba ghairid dóibh 'na dhiaigh sin go bhfeacaidh Séadna
an bhean chos-nochtaithe, agus d'fheuch sise leis air go
buidheach, agus d'osgail sí a lámh dheas i gcaoi go
bhfeacaidh sé an sgilling ansúd ar chroídhe a dearnan
agus ansan do sgeinn sí as a radharc fé mar a dhéin
an leanbh.



Fé cheann tamaill eile do chonaic Séadna, ag siúbhal
ar an mbóthar roimis amach, an duine bocht gur thug sé
an cheud sgilling dó. Bhí drom an duine bhoicht leis,
ach mar sin féin d'aithin sé go maith é.



“Ní fheadar,” arsa Séadna 'na aigne féin, “ar
choimeád sé an sgilling a thugas dó, fé mar choimeád
an bhean a ceann féin, nó fé mar choimeád an leanbh an
bríc.”



Ní túisge bhí an méid sin machtnaimh déanta aige 'ná
d'iompuigh an duine bocht ar a sháil agus thug sé a aghaidh
ortha. Do bhí dhá dheóir mhóra ag teacht anuas ó n-a dhá
shúil. Do shín sé amach a dhá láimh agus iad ar leathadh,
i dtreó go bhfuair Séadna radharc ar a dhá dhearnain,


L. 21


agus bhíodar araon folamh. Nuair a chonaic Séadna san,
thug sé strac-fheuchaint ar an bhFear nDubh, ach má thug,
níor chuir seisean aon tsuím ann. Níor leig sé air go
bhfeacaidh sé an duine bocht. Nuair d'fheuch Séadna thar
n-ais, bhí an duine bocht imthighthe.



Thiomáineadar leó. Níor labhair aoinne acu focal.
Fé dheire bhíodar ag déanamh ar an dtigh. Bhuail duine
des na cómharsanaibh úmpa agus bheannuigh sé do
Shéadna.



“Dia 's Muire dhuit, a Shéadna,” ar seisean. “Nach
luath sa lá atáir tagaithe abhaile ó'n sráid, agus tú ad'
aonar leis!”



“Ní raibh puínn le déanamh agam,” ar seisean, agus
thug sé strac-fheuchaint eile ar an bhFear nDubh. Níor
chuir an Fear Dubh aon tsuím ann, agus ansan do thuig
Séadna ná feacaidh an chómharsa é.



Chuadar isteach. Bhí an chathaoir ansúd i n-aice an
tínteáin agus gan cor curtha dhi ó fhág Séadna í ar
maidin. Bhí an mhealbhóg ansúd ar crochadh, ar an ndul
gcéadna ar a bhfeacaidh sé ar maidin í nuair a bhain sé
an dorn déanach mine aisti. D'fheuch an Fear Dubh
ortha, ar an gcathaoir agus ar an mealbhóig. Ansan
d'fheuch sé ar Shéadna.



“Aistirigh í sin,” ar seisean.



Chuaidh Séadna anonn agus chuir sé a lámh ar dhrom
na cathaoireach.



“Ó!” ar seisean. “Tá sí ceangailte!”



Chuir sé an dá láimh uirthi. Theip air filleadh ná feacadh
a bhaint aisti.



“Aililliú!” ar seisean. “Tá sí chómh daingean agus
tá an chos insa tuairgín!”



“Aistirigh an mhealbhóg,” arsa 'n Fear Dubh.



Chuaidh sé suas agus bhuail sé lámh ar an mealbhóig.


L. 22


Bhí sí chómh ceangailte de thaobh an fhalla agus bhéadh an
chloch ar an lic oidhir.



Do stad Séadna agus chrom sé a cheann.



“'Seadh,” ar seisean. “Táim réidh anois murab
ionan a's riamh. Ní fheadar an tsaoghal ná an domhan le
chéile cad 'tá le déanamh agam. Ní fheadar ó Chúig
Árdaibh na Naoi bhFionn cad a dhéanfad. D'á fheabhas
aireachas a dhéanfad uirthi, tiocfaidh duine éigin dom'
lom deirig aimhdheóna, agus suidhfidh sé inti, agus béidh
an dúthaigh 'na chogadh dhearg am' thímpal! Mairbheóchar
ar lic mo thínteáin féin mé gan truagh gan taise! —
B'fhéidir, a dhuine uasail, go bhféadfá-sa an easgaine
bhaint díobh?”



“‘B'fhéidir go bhféadfainn an easgaine bhaint díobh’
tar éis é féin 'ghá cur ortha le lán-chroídhe,” arsa 'n
Fear Dubh go searbh. “‘Nach aige bhéadh an spórt
ortha!’ — Cá bhfuil an spórt anois?”



“Tá an spórt go h-aindeis anois, admhuighim,” arsa
Séadna, “ach má tá féin ní dhuit-se is cóir é chasadh
liom. Is dócha nár dhéinis féin botún riamh. Cia h-í
an bhean uasal úd a mhill thú?”



“Stad! stad! a Shéadna! Caithimís uainn é mar
bhotún! Bainfead-sa an easgaine dhíobh so dhuit ar
choinghíll ná tráchtfair choídhche le h-aoinne beó ná marbh
ar an margadh so atá déanta agat féin agus agam-sa
le chéile.”



“Bíodh do choinghíoll agat agus fáilte,” arsa Séadna.
“Geallaim dhuit ná fuil aon fhonn orm-sa trácht air
le h-aoinne. Is amhlaidh a bhí eagla orm go mbeidhfeá ag
caidiráil le duine éigin mar gheall air. Ach má tá dúil
agat sinn araon do choimeád rúin air, táim-se lán-
tsásta.”



D'imthigh an Fear Dubh suas agus chrom sé síos i n-aice


L. 23


na cathaoireach, agus le h-órdóig a láimhe deise dhéin
sé fáinne ar an dtalamh 'na tímpal, agus thug Séadna
fé ndeara gur eirigh, as an áit 'nar chimil an órdóg
do'n talamh, gal mar ghal teine, agus gur dhéin an órdóg
rian ar an dtalamh mar dhéanfadh bior dearg iarainn.



Ansan d'fheuch Séadna uaidh ar an gcrann ubhall agus
sgannradh air le h-eagla go mb'fhéidir go bhfeicfeadh sé
garsún ceangailte thuas ann. Chuaidh sé amach, agus an
Fear Dubh le n-a chois. Ní fheacaidh Séadna aon duine
sa chrann, ach chonaic sé mar bhéadh eun ar an ngéig ab
aoirde. Bhí an t-eun ag crothadh a sgiathán fé mar a
bhéadh sé ag casadh le h-eiríghe de'n chrann agus ná
féadfadh sé é. Thánadar i n-aice an chrainn. D'fheuch
Séadna ar an bhFear nDubh. Bhí an Fear Dubh ag
feuchaint suas ar an eun.



“Tá sé ceangailte sa chrann, a dhuin' uasail,” arsa
Séadna.



Níor labhair an Fear Dubh. Chuaidh sé anonn chun an
chrainn agus chrom sé síos agus chuir sé órdóg a láimhe
deise ar an dtalamh ag bun an chrainn. Ansan do
tharaing sé an órdóg fan an tailimh mór-thímpal an
chrainn. Chonaic Séadna gal deataigh ag teacht as an
dtalamh sa n-áit 'nar bhain an órdóg leis. D'fhan
fáinne ruadh ar an bhfeur ag bun an chrainn i ndiaigh na
h-órdóige, fé mar fhanfadh dá mba iaran dearg a
taraiceófaí air. D'eirigh an Fear Dubh 'na sheasamh nuair
a bhí an méid sin déanta aige. D'fheuch Séadna suas ar
bhara an chrainn. Bhí an t-eun imthighthe. Bhí iongnadh ar
Shéadna nár airigh sé ag imtheacht é. Níor airigh sé aon
fhothram sgiathán, ach bhí an t-eun imthighthe.



Chuadar isteach airís ansan. Dhéin an Fear Dubh suas
ar an mealbhóig agus dhéin sé fáinne 'na tímpal ar an
bhfalla, agus tháinig an gal céadna as an bhfalla, agus


L. 24


d'fhan an rian céadna 'na dhiaigh air. An fhaid a bhí sé
ar a chromadh thug Séadna feuchaint ghéar ar an eirball,
mar bhí comhthrom aige. Chonaic sé amuich 'na bhárr ionga
mhór fhada cham théagartha, agus bior nímhe uirthi, agus í
'ghá síor-chasadh féin anonn 's anall, anonn 's anall,
mar bhéadh bárr eirbaill cait agus é ag faire ar luich.



“Dar fiadh! a bhioránaigh,” arsa Séadna 'na aigne
féin, “má bhíon tochas ort, ní bhéidh díth ingne ort!”



Chómh maith agus dá labharfadh Séadna, thóg an Fear
Dubh a cheann agus d'fheuch sé air.



“Seachain an ionga san,” ar seisean, “le h-eagla go
mbainfeadh sí an tochas díot-sa agus go gcuirfeadh sí
teinneas i n-inead an tochais ort. Imthigh suas anois
agus aistirigh an chathaoir.”



D'imthigh Séadna suas agus isé a bhí go creathánach.
Chuir sé lámh go h-aicillídhe uirthi, agus má chuir, siúd
leis í chómh h-éasga agus bhog sí riamh leis. Chuir sé lámh
ar an mealbhóig, agus ní túisge a chuir 'ná choruigh sí
anonn 's anall fan an fhalla. D'fheuch sé ar an bhFear
nDubh.



“Ó! a dhuin' uasail,” ar seisean, “táim ana
bhuídheach díot! Ó! Ó! Ó! go mbuaidhidh Dia go
h-árd leat, agus a Mháthair bheannuighthe!”



Oidhe! a dhaoine mh'áran agus mh' anama! Chómh luath
agus tháinig an focal san as béal Shéadna, d'athruigh an
Fear Dubh. Thóg sé suas a dhá láimh chómh h-árd leis na
h-adharcaibh. Tháinig lasair ghorm as a shúilibh. Do rinnc
an chrúb. D'eirigh an t-eirball, do shín an ionga, agus
chuir sé an bhúirth as mar chuirfeadh leómhan buile. Do
thosnuigh an bhúirth sin le dranntughadh agus do bhorr
agus do neartuigh air gur chrith an t-úrlár, gur chrith an
tigh, gur chrith an sliabh mór-thímpal. Nuair a chonaic
Séadna an t-athrughadh agus nuair airigh sé fuaim agus


L. 25


neart na búirthe sin ag borradh agus ag árdughadh, do
dhéin an tigh bullabáisín 'na thímpal, tháinig sgamal os
cómhair a shúl agus do thuit sé 'na chnaipe ar an úrlár
gan aithne gan úrlabhra.



Síle. — Ó! a Pheig! Chím é, chím é! Ó! Ó! Ó!



Peig. — Éist! Éist! a Shíle, a laogh. Cad a chíon
tú?



Síle. — Ó! Fear na n-adharc, fear na n-adharc. Cad a
dhéanfad! Cad a dhéanfad! Ó!



Cáit — Aireóchaid na cómharsain í. Éist, a Shíle, mo
ghrádh í sin!



Gobnait. — Tá do mháthair ag gabháil aníos an pháirc, a
Pheig.



Peig. — Tar i leith, a Shíle, agus suidh anso am' ucht.



Síle. — Ó! Ó! Cad a dhéanfad! Cad a dhéanfad
Ó! Ó!



Máire (máthair Pheig agus Shíle). — Cad é seo ar siúbhal
anso agaibh? Cad a chuir ag gol tú, a Shíle, a
laogh?



Síle. — Maise, ní fheadar, a mham. Is amhlaidh a tháinig
sgannradh orm, agus cheapas go bhfeaca fear na
n-adharc.



Máire. — Fear na n-adharc! Airiú, cia h-é sin?



Síle. — Fear an eirbaill, a mheasas a rádh.



Máire. — Fear an eirbaill!



Síle. — Fear an eirbaill agus na h-iongan ann.



Máire. — Mhaise, go deimhin féin, a Pheig, is mór an
náire dhuit é. Tá aos óg an bhaile loitithe agat.
Ní fheadar an tsaoghal conus bhailighis a bhfuil de
ráiméisibh agat istigh ad' cheann, ná conus
choimeádan tú cúntas ortha, agus gan tú ach trí
bliaghna déag chun na Bealtaine. Cad é an sgéal
atá ar siúbhal anois, a Shíle?


L. 26


Síle. — Tá “Séadna,” a mham, ach is dóigh liom go bhfuil
sé marbh.



Máire. — Gabhaim-se orm ná fuil, agus ná béidh, ní fios
cathain.



Síle. — Dó' mhaise, fuair sé an t-anaithe. Dá mbéinn
'na chás bhíos chómh marbh le h-Art.



Máire. — Mheasas go raibh cúigear nó seisear agaibh ann.
Cá bhfuil an chuid eile?



Peig. — Is dóigh liom, a mháthair, gur éaluigheadar uait.



Máire. — Níor ghádh dhóibh sin. Eirigh, a Pheig, a ghamhain,
agus faigh rud éigin le n-ithe dhúinn. Go deimhin
ní beag de sheó an sgeón a chuireabhúir sa leanbh so.
Feuch air sin mar osna a thagan aisti. Ní deirim
'ná go bhfuil sí 'na codladh.



Síle: — Ach! Ní'lim, a mham. Ní'l blúire codlata orm.
Ní fiú biorán a's é. Níor chuir aoinne sgeón
ionam. Mé féin fé ndear é. Dá mb'áil liom gan
bheith ag cuimhneamh air chómh géar agus bhíos ní
fheicfinn é. Ní chuimhneóchad a thuille air, an
bitheamhnach. Ní fheadar an tsaoghal, a Pheig, cad
a chuir fhiachaibh air a leithéid de bhúirth do chur as.



Peig. — Tá do chuid ollamh anois, a mháthair. Tar i leith
chúgam-sa, a Shíle, agus leig dod' mháthair a cuid
bídh a chaitheamh. Siné!


L. 27


Caibidiol a ceathair.



Gobnait. — Airiú, a Shíle, cá bhfuil Peig?



Síle. — Chuaidh sí anonn go tigh Liaim uí Bhuachalla. Ní
shásóchadh an saoghal Cáit gan í dhul anonn go
bhfeicfeadh sí Éamonn óg. Táimíd bodhar aici féin
agus ag Éamonn óg. Dá mbeidhfeá ag caint léi
ní fhéadfadh sí dhá fhocal a labhairt gan Éamonn óg
thoir thiar thall aici. D'áiteóchadh sí ort go dtugan
sé fé ndeara í féin seachas aoinne eile, cheana
féin, agus gan é ach seachtmhain! An oídhche fé
dheire, sul ar thánaís, dubhairt sí le Peig gur bh'í
féin a mháthair, agus ansan gur bh'í féin do bhaist
é, agus fé dheire dúbhairt sí go raibh eagla uirthi go
n-íosfadh sí é!



Gobnait. — Ambasa, a Shíle, is cuimhin liom an focal go
dian mhaith: Bhíos díreach ag teacht isteach an dorus
nuair airigheas é, agus bhí iongnadh mo chroídhe orm
cia air go raibh an cion go léir aici. An dóigh leat
an mbéidh Peig abhfad?



Síle. — Ní dóil. Tá tamall mór ó imthigheadar.
Dúbhairt sí liom-sa aire mhaith a thabhairt do'n teine,
i dtreó go mbéadh sí ar lasadh go breagh rómhat-sa
agus roimh Nóra Bhán. Agus dúbhairt sí liom a
rádh libh ná déanfadh sí aon ríghneas ach chómh beag
agus d'fhéadfadh sí é.



Gobnait. — 'Seadh! Sidí Nóra. Tá tosach agam ort,
a Nóra.



Nóra. — Mhaise, is cuma liom, a Ghobnait, nuair ná
fuil an sgéal ar siúbhal. Airiú, cá bhfuil Peig?


L. 28


Gobnait: — Ní bhéidh aon chuid de'n sgéal anocht againn
is baoghalach. Caithfead féin sgéal a dh'innsint
dóibh.



Nóra. — Níor chás duit! Cá bhfuil Peig, a Shíle?



Peig. — Tá sí anso, a Nóra, a ghrádh dhil. (Tagaid Peig
agus Cáit isteach.)



Nóra (le Gobnait). — Dhé mhaise, sgeimhle ort, a thoice! —
Conus tá Éamonn óg, a Cháit?



Gobnait. — 'S dócha go bhfuil sé ithte um an dtaca
so aici.



Cáit. — Ochón! Oidhé! Is gearr ná féadfaidh aoinne
dul uaithi-seo, tá sí ag iompáil amach chómh
deisbhéalach!



Gobnait. — Ó, is fíor dhuit, a Cháit. Níor chuimhnigheas
riamh orm fhéin. Andaigh ar neóin, ní h-iongnadh
go mbéadh cion agat air agus gur tú féin a mháthair.
(Sgeartaid uile ar gháirídhibh.)



Cáit. — Mhaise, le h-anaman do mharbh, a Pheig, sgaoil
chúgainn do sgéal, feuchaint an gcuirfeadh sé stop
leó san.



Gobnait. — Déin, a Pheig, agus bain an chluas díom má
bhíon gíocs ná míocs as aoinne againn.



Peig. — Cá bhfuil Síle? Cheapas go raibh sí ansan anois
beag.



Cáit: — Sidí anso ar an dtaobh thiar díom-sa í, a ceann
fém' fhalaing, mar bhéadh eun beag ag dul fé
chirc.



Peig. — Airiú, a Shíle, a chuid, cad tá ort anois?



Síle. — Ach! Ní'l giob, a Pheig, ach ní foláir dom mo
cheann a chlúdach go fóil le h-eagla go gcuirfeadh
fear na n-adharc búirth eile as, agus go bhfeicfinn
airís é.



Peig: — Ní baoghal duit.


L. 29


Nuair a tháinig Séadna chuige fein agus d'fheuch sé 'na
thímpal bhí fear na n-adharc imthighthe.



Síle. — Imtheacht gan teacht air, an cladhaire!



Peig. — Is dócha nár chuid ba lúgha 'ná a fhonn a bhí ar
Shéadna an rud ceudna do rádh leis, nuair a tháinig sé
chuige féin agus fuair sé é féin 'na aonar. Bhí allus
an bháis air agus sgáird 'na dhá shúil, ach 'na thaobh san,
pé rud adúbhairt sé, isé ceud rud a dhéin sé 'ná a lámh
a chur 'na phóca feuchaint an raibh an sparán aige, agus
ambasa bhí. Bhí sé ansúd sa phóca cheudna 'nar chuir sé
é, agus isé a bhí go breagh teann agus go breagh
trom.



Chuir sé lámh i bpóca eile leis, agus má dhéin, fuair
sé an dá cheud púnt a tugadh dó thar cheann an dá
sgilling.



“Dá mb'áil liom sgaoileadh leis an uair úd,” ar
seisean leis féin, “bhéadh trí cheud agam; ach ní dhéanan
san deifirigheacht ar bith, mar d'airigheas 'ghá rádh é go
leanfadh an sparán teann, d'aimhdheóin a mbainfí as.”



Chuir sé an t-airgead 'na phóca airís, agus chuir sé
chuige an sparán go cruinn agus go h-aireach sa phóca
a bhí ar an dtaobh istigh d'á bhest. D'eirigh sé 'na sheasamh
ansan agus chroth sé é féin, agus geallaim dhuit gur ró
ghearr a lean cuimhne an sgannradh dhe.



“'Seadh!” ar seisean. “Ní mór dom capall a
cheannach agus gan bheith am' mharbhadh féin ag dul go dtí
an t-Aifrean am' chuis gach Domhnach agus lá saoire.
Agus ní mór dom bó a cheannach agus gan bheith ag brath
ar cheann do na h-ubhlaibh beaga san chun an tarta do
bhaint díom. Agus go deimhin is dócha go gcaithfead
pósadh, mar conus fhéadfainn féin an bhó do chrúth?
Ach pé rud a dhéanfad, ní mór dom rud éigin d'ithe
láithreach. Ní raibh a leithéid d'ocras orm le bliaghain!”


L. 30


D'fheuch sé suas ar an mealbhóig agus ar an gcathaoir,
agus ambasa bhí sórt sgáth' air dul 'na ngoire. Do
iniúch sé ar an dtalamh go cruinn mór-thímpal na
cathaoireach, agus má dhéin, do chonaic sé ansúd go
gléineach rian na h-órdóige. Cheap sé go raibh baluith
dóighte fós féin uaidh. Chuir sé bárr a mhéire ar an
gcathaoir. Ní túisge chuir 'ná bhog sí leis go h-éasga.
Chuir san misneach air agus shuidh sé inti. Bhog sé anonn
's anall í; bhog sí leis go breagh. Bhí a aigne sásta.
Chuir sé lámh sa mhealbhóig agus chrom sé ar a ghreim beag
mine do chogaint mar ba ghnáth. Chómh luath agus bhí
tart air, do chuaidh sé amach agus thug sé leis isteach
cúpla ceann dos na h-ubhlaibh agus d'ith sé iad.



Ar maidin lar na mháireach do ghluais sé go moch ag
dul ar an aonach go gceannóchadh sé capall agus bó
bhainne.



Ba ghearr gur bhuaileadar na cómharsain uime.



“Airiú, a Shéadna, cad d'imthigh um thráthnóna inde
ort?” arsa duine aca. “Cheapamair go léir gur
b'amhlaidh a thuit caor ar do thigh agus go rabhais loisgithe
ad' bheathaidh. Níor airigheas riamh a leithéid de
thóirthnigh.”



“Tá an éagcóir agat,” arsa duine eile. “Níor
thóirthneach é ach búirtheach mar ghéimreach thairbh.”



“Éist do bheul,” arsa 'n trímhadh duine. “Cá bhfuil
an tarbh d'fhéadfadh an bhúirth úd do chur as?”



“Do bhíos-sa,” arsa 'n ceathramhadh duine, “am'
shuidhe i mullach Caraige an Eidhneáin agus bhí radharc
agam ar an dtigh, agus nuair airigheas an fothrom go
léir d'fheuchas anonn agus chonac mar bhéadh fiolar agus
grathain chíor-dhubh phriachán ag eirighe i n-áirde sa spéir,
agus bhí iongnadh orm a rádh go bhféadfaidís a leithéid
d'fhothrom a dhéanamh.”


L. 31


Thiomáineadar leó ar an gcuma san, ag caint agus
ag áiteamh agus ag cur thré chéile, agus níor labhair
Séadna focal: Choimeádadar an chaint chúca féin, agus
níor mhór leis dóibh é. Ní raibh dúil ar bith aige i gcaint,
le h-eagla go sleamhnóchadh aon fhocal uaidh do osglóchadh
a aigne. D'á éaghmuis sin agus uile, bhí fáth machtnaimh
aige a choimeád ar siúbhal é. Bhí sé ag cuimhneamh ar an
gcapall agus ar an mboin agus ar cad a déarfaidís
na cómharsain uile nuair a chífidís ar marcaigheacht é.
D'fhiarfhóchaidís cá bhfuair sé an t-airgead. Cad é an
leath-sgeul a bhéadh aige le tabhairt uaidh?



Nuair a shroiseadar páirc an aonaigh agus chonaic
Séadna na capaill go léir, do tháinig mearbhall air,
agus ní fheidir sé cad ba mhaith dhó a dhéanamh. Bhí
capaill mhóra ann agus capaill bheaga, seana chapaill
agus capaill óga, capaill dhubha agus capaill bhána,
capaill ghlasa agus capaill bhreaca, capaill ag siosaraigh
agus capaill ag léimrigh, capaill a bhí go deagh-chroicinn
groidhe cumasach agus braimíní gránda giobalacha.
Eatortha uile go léir, bhí sé ag teip air glan a aigne do
shocarughadh ar an gceann a thaithneóchadh leis.



Fé dheire, do leig sé a shúil ar chapall dheas chíor-dhubh
a bhí go fuinte fáisgithe ag falaracht ar fuid na páirce
agus marcach éadtrom lúthmhar ar a mhuin. Dhruid
Séadna suas, agus do bhagair sé ar an marcach. Sul a
raibh uain ag an marcach é thabhairt fé ndeara, do
ghluaiseadar triúr marcach eile thairis amach, agus
ghluaiseadar a gceathrar an pháirc siar ar a léim-lúth.
Bhí claidhe dúbalta idir iad agus an pháirc amuich, agus
d'imthigheadar a gceathrar go h-éasga éadtrom seólta
de dhruim an chlaidhe sin, gan bárr coise tosaigh ná
deirigh do chur ann. Siúd ar aghaidh iad lom díreach agus
gan órlach sa mbreis ag aoinne acu ar a chéile. Siúd


L. 32


ar aghaidh iad, ucht agus cúm seang gach capaill ag
cimilt nach mór do'n bhfeur glas a bhí ar an bpáirc,
ceann gach capaill sínte go h-iomlán, ceann gach
marcaigh cromtha anuas agus iad ag gluaiseacht mar
ghluaiseóchadh sídhe gaoithe.



Ní raibh duine, óg ná aosda, ar an aonach ná raibh 'na
choilg-sheasamh ag faire ortha ach amháin fear na méaracán.
Nuair a bhíodar ag déanamh ar an darna claidhe, thug
gach aoinne fé ndeara go raibh an capall dubh buille
beag ar tosach. Nuair a bhíodar ag glanadh an chlaidhe,
do ghluais an capall dubh agus an capall ba ghiorra dhó
d'á dhruim, mar ghluaiseóchadh an priachán, gan baint
leis. Do chuir an dá cheann eile na cosa ann.
D'imthigh an fód ó chosaibh an chapaill ba shia amach,
agus thuit sé féin agus a mharcach ar an dtaobh eile
'chlaidhe.



“Ó!! Tá sé marbh!” do liúghadar na daoine go
léir. Ní raibh an liúgh as a mbeul nuair a bhí sé thuas
airís, ach má 'seadh bhí a chapall bacach agus b'éigean dó
filleadh.



Siúd ar aghaidh an triúr agus an t-aonach ag faire
ortha, na daoine chómh ciúin sin gur airigh Séadna go
soiléir na buillí fuinte ceólmhara tómhaiste cruadha a
bhuaileadh cosa na gcapall san ar fhód na páirce, díreach
mar bhéadh rinnceóir ag rinnce ar chlár.



Thug Séadna fé ndeara um an dtaca so go raibh an
capall dubh go maith ar tosach, agus é ag déanamh, ceann
ar aghaidh, ar bhata a bhí 'na sheasamh 'sa pháirc agus éadach
éigin dearg 'na bhárr. Siúd tímpal an bhata san é.
Siúd 'na dhiaigh an tarna capall. Siúd 'na dhiaigh sin an
trímhadh capall. Siúd ar aghaidh i ndiaigh a chéile iad, i
leith na láimhe clé, soir ó thuaidh, an capall dubh ar tosach,
agus é ag bogadh uatha. Do ghéaruigh an capall deirig


L. 33


agus bhí sé ag breith suas ar an darna capall. Do
ghéaruigh san, agus bhíodar araon ag breith suas ar an
gcapall ndubh. Ansan do chonaic Séadna agus as
t-aonach an radharc. Do shearg an capall dubh san é
féin, do bhog an marcach an tsrian chuige, agus siúd
amach é mar ghluaiseóchadh cú agus gur dhóigh leat ná raibh
cos leis ag baint le talamh, ach é ag imtheacht i n-aice
an tailimh mar bhéadh seabhac.



Le n-a linn sin d'eirigh liúgh fhiaigh ó'n áit thoir thuaidh
go raibh na capaill ag déanamh air. Do tógadh an
liúgh mór-thímpal an aonaigh. B'éigean do Shéadna a
mhéarana do chur 'na chluasaibh nó go sgoiltfí a cheann.
Bhí gach aoinne ag ruith agus gach aoinne ag liúirigh. Do
rith Séadna agus do liúigh sé leó agus ní raibh a fhios
aige cad ar a shon.



Nuair a stad an ruith agus an liúireach, do chonaic
Séadna ar a aghaidh amach seisear nó móir-sheisear daoine
uaisle agus ceann feóla agus bolg mór agus culaith
éadaigh uasail ar gach aoinne acu, agus iad ag caint le
n-a chéile agus ag feuchaint ar an gcapall ndubh.



“An mór ar a ndíolfá é?” arsa duine acu leis an
marcach.



“Ar mhíle púnt,” arsa 'n marcach.



Nuair airigh Séadna an focal san, d'iompuigh sé ar a
sháil, a' rádh 'na aigne féin, “Ní bhéadh aon ghnó agam
dé. Do mharbhóchadh sé mé.”



Cia bhéadh ar an dtaobh thiar de ach fear na méaracán!



“Mharbhóchadh sé thú, an eadh?” arsa fear na méaracán.



“Aidhé mhaise, greadadh chúgat! a ghréasaidhe bhig bhuídhe
na mealbhóige, de shíol taoíbhíní ruadh agus meanuithí
ramhar agus bréan-bhróg, murab ort atá an t-eirighe i
n-áirde, ag teacht anso chun capaill a cheannach agus gan
phingin ad' phóca!”


L. 34


Nuair airigh Séadna an méid sin do dhruid sé i leath
taoibh. Do shleamhnuigh sé lámh leis síos 'na phóca.
Ambasa bhí sé folamh! Chuarduigh sé póca eile —
folamh chómh maith! Chuir sé lámh isteach 'na bhrollach, ag
lorg an sparáin. Ní raibh a thuairisg ann. Thug sé
strac-fheuchaint ar fhear na méaracán. Bhí sé sin i
bhfeighil a ghnótha féin, gan aon tsuím aige i Séadna ach
chómh beag agus ná feicfeadh sé riamh é.



“Seadh!” arsa Séadna leis féin, “tá deire leis an
mustar. Is usaide é ó baineadh an easgaine de'n
mhealbhóig agus de'n chathaoir agus de'n chrann. Ní dócha
gur bh'fhéidir í bheith curtha suas airís. Pé i n-Éirinn
é, ní'l agam le déanamh anois ach dul agus feuchaint
an bhféadfainn raint leathair a cheannach, agus dul agus
claoidh leis an ngnó is fearr atá ar eólas agam. Má's
bréan-bhróga iad ní bhfaighid na daoine a chaithean iad
aon locht ortha. Is mairg ná bíon sásta le n-a chuid
féin, d'á luíghead é. Dá mbéadh mo thrí sgillinge agam
anois do dhéanfaidís mo ghnó chómh maith leis na ceudtaibh
go léir. Ach tá go maith. Ní fearr bheith ag caint air
mar sgeul. Raghad ag triall ar Dhiarmuid Liath agus
b'fhéidir go dtabharfadh sé raint leathair ar cáirde dhom
chun go dtiocfadh airgead na mbróg isteach. Thug sé
cáirde cheana dhom, agus dhíolas é go cruinn agus go
macánta.”



Um an dtaca go raibh an méid sin machtnaighthe aige,
bhí sé ag déanamh, ceann ar aghaidh, ar dhorus Dhiarmuda.
Bhí Diarmuid féin 'na sheasamh 'dir dhá lígh an doruis.



“Airiú, a Shéadna, an tú san?” arsa Diarmuid.



“Is mé cheana,” arsa Séadna. “An bhfuilir go
láidir, a Dhiarmuid?”



“Tá an tsláinte againn, moladh le Dia dh'á chionn!
Ach cad é seo d'imthigh ort-sa le déanaighe? Táir i


L. 35


mbeul gach aoinne, agus ní mar a chéile aon dá sgeul
ná aon dá thuairisg ort. Deir duine go bhfeacais sprid.
Deir duine eile gur thuit an tigh ort. Deir duine eile
gur mhairbh splannc tú. Deir an ceathramhadh duine go
bhfuarais airgead ag dul amú'. Agus mar sin dóibh,
gach aoinne agus a shocarughadh féin aige ort. Cad a
dhéinis? Nó cad tá ar siúbhal agat? Nó cad fé
ndear an obair seo go léir?”



“Ní fheadar an tsaoghal, a Dhiarmuid. Ach dar
liom-sa tá aon nídh amháin soiléir go leór. Is é sin ná
fuaras airgead ag dul amú'. Is dócha dá bhfuighinn ná
béinn ag teacht anso anois ag brath air go bhfuighinn
raint leathair uait-se ar cáirde mar a fuaras cheana.”



“Mhaise, andaigh féin gheóbhair agus fáilte. An mór
atá uait?”



“Dá mbéadh oiread agam agus dhéanfadh bróga do
bheirt níor bheag liom é an turus so, agus nuair bhéidís
sin díolta agus an t-airgead agam, dhíolfainn tusa
agus thógfainn tuille.”



“Tá sé chómh maith agat an tuille do bhreith leat anois
d'aon iaracht. Beir leat luach púint.”


L. 36


Caibidiol a Cúig



Gobnait. — Feuch nach amhlaidh do dhéin licíní slinne de'n
airgead mar a dhéin d'airgead Mhichíl Réamoinn.



Peig. — Ní h-é sin adúbhraís cheana, a Ghobnait, ach gur
dhéin Micheál airgead des na licíníbh slinne.



Gobnait. — 'Sdó, do dhéin, leis, ach má 'seadh do dhéin
licíní slinne de'n airgead airís.



Nóra. — 'Gcloistí! Nach cuimhin le n-ár gcluasaibh tú
'ghá rádh linn go dtug sé an t-airgead isteach chun
na mná, agus gur fheuch sí air agus gur cheap sí
gur bh'airgead dleaghthach é, agus d'á chómhartha san
féin go dtug sí dhó an hata?



Gobnait. — 'Sdó, do cheap, leis, agus do thug. Ach is
'na dhiaigh sin do dhéin licíní slinne airís de'n
airgead.



Nóra. — Agus conus fhéadfadh licíní slinne dhéanamh
airís dé, mura mbainfeadh Micheál féin an diab-
laidheacht dé?



Cáit. — Agus cá bhfios ná gur bhain?



Nóra. — Dúbhairt sí gur imthigh sé air abhaile nuair a
fuair sé an hata.



Gobnait. — Má 'seadh, bhí sé i Sráid an Mhuilinn airís
seachtmhain 'na dhiaigh sin, é féin agus Tadhg na
n-Ubh, agus chuadar isteach sa tigh cheudna agus do
ghlaoidh Micheál ar an mnaoi i leath-taoibh. “Tá a
dó agus dá thistiún agat orm,” ar seisean. “Seo
dhuit é.” “Ní'l aon dó agus dá thistiún agam-sa
ort,” ar sise. “Tá, go macánta,” ar seisean.
“Seo dhuit é.” “Sdó, deirim-se ná fuil,” ar
sise. “Nách cuimhin leat,” ar sise, “go rabhas ag


L. 37


coimeád do hata, agus gur sholáthruighis an t-
airgead i mball éigin agus go dtugais dom é?”
“Cad do dhéinis leis?” arsa Micheál. “Níor
dhéineas aon rud leis,” ar sise. “Tá sé anso sa
bhosca fós agam.” “Ba mhaith liom é fheiscint,”
arsa Micheál. “Tá sé ansúd,” ar sise, “sgilling
agus dá réal agus dá thistiún. Tar i leith,” ar
sise, “go bhfeicir féin airís iad.” Do chuadar
anonn go dtí an bosca agus d'osgail sí é, agus
nuair fheuch sí isteach ann agus chonaic sí na licíní
slinne, d'iompuigh sí ar Mhicheál agus d'fheuch sí air
mar fheuchfadh sí ar mhadra uilc. “Seo,” arsa
Micheál, ag síneadh an airgid chúici. “Coimeád
é!” ar sise. “Agus fág mo thigh! Tá an mac
mallachtain ann, agus ionat-sa chómh maith!
Sgrios!” Geallaim-se dhuit gur imthigh an bheirt
agus dithneas ortha.



Síle. — Ní fheadar cad a dhéin sí leis na cúig licíníbh?



Gobnait. — Ní fheadar, a Shíle. Ach 'sé mo thuairim go
bhfuaradar an taobh amuich de dhorus chómh luath leis
an mbeirt.



Síle. — Ní leigfeadh eagla dhom mo lámh a chur ortha.



Cáit. — D'airigheas-sa gur dhéin sé gabhar de Thadhg na
n-Ubh.



Gobnait. — Níor dhéin, ach is amhlaidh a chuir sé an sguab
ag gabháil air. Chuir sé fhiachaibh ar an sguaib Tadhg
a chur amach as an dtigh.



Nóra. — Airiú, conus, a Ghobnait?



Gobnait. — Is amhlaidh a bhíodar go léir, lán an bhaill
acu, bailighthe thiar ag tigh Thaidhg na n-Ubh, agus iad
ag imirt cártaí, agus d'eirigh achran éigin eatortha,
i dtreó go ndúbhairt Micheál le Tadhg, “Mura
n-éistir do bhéal,” ar seisean, “déanfad gabhar


L. 38


díot.” “Ní fhéadfá é,” arsa Tadhg. “D'fhéad-
fainn,” arsa Micheál. “Ná déin aon dá chuid ded'
dhícheal,” arsa Tadhg. “An mar sin é?” arsa
Micheál. “Is mar sin,” arsa Tadhg. “Feiceam
anois cad fhéadfair a dhéanamh.” Tharaing Micheál
leabhrín beag dubh amach as a phóca, agus bhí fabharaí
dearga ar na billeógaibh aige, agus chrom sé ar é
léigheadh. I gceann tamaill do stad sé, agus
d'fheuch sé ar Thadhg. “Ní'l ach aon chontabhairt
amháin sa sgeul, a Thaidhg,” ar seisean. “Dá n-
aistireóchadh an ghaoth agus tú ad' ghabhar, ní fheud-
fainn tú chasadh thar n-ais.” “Aidhe, agus a
bhitheamhnaigh na croiche duibhe, cad 'na thaobh nár
innsis é sin ar dtúis dom?” “Táim 'ghá innsint
anois duit, agus ní'l agat ach a rádh liom stad i
n-am.” “Stad, má 'seadh!” arsa Tadhg. “Ní
chreidfinn ó'n saoghal go bhféadfá é dhéanamh, ach mar
sin féin ní misde liom leigint duit bheith ag imirt
do chuid cleas ar dhuine éigin eile.” “Bíodh
geall,” arsa Micheál, “go gcuirfidh an sguab an
dorus amach tú má deirim-se léi é dhéanamh.”
D'fheuch Tadhg ar an sguaib. Bhí sí 'na seasamh i
n-aice an doruis. Sguab bhreagh nua throm do b
eadh í. Gháireadar an chuideachta nuair airigheadar
an focal. “Ní chuirfeá féin amach mé,” arsa Tadhg,
“agus is deacair a rádh go gcuirfeá fhiachaibh ar an
sguaib rud a dhéanamh ná féadfá féin a dhéanamh.”
“Ní chuirfinn féin amach tú,” arsa Micheál: “Agus
dá mbéadh bata maith agat ní'l aon cheathrar anso
do chuirfeadh amach tú.” (Bhí ainim Thaidhg i n-áirde
le méid a nirt ó'n lá úd a ghabh sé ar an móir-
sheisear a lean ó Sráid an Mhuilinn é chun a mharbhtha.)
“Ach cuirfead-sa geall leat anois go gcuirfidh an


L. 39


sguab san thíos amach tú.” D'aimsigh Tadhg a bhata,
agus do labhair Micheál leis an sguaib. Sheasaimh
Tadhg i lár an tíghe. D'eirigh an sguab agus thug sí
iaracht ar é bhualadh idir an dá shúil. Bhí an bata
go maith agus an chuisle láidir, agus ambasa chosain
Tadhg a cheann agus a cheannacha, ach do bhuail
sí ins na cosaibh é, agus do bhuail sí ins
na loirgnibh é, agus do bhuail sí ins na glúinibh é,
agus do bhuail sí ins na ceathramhnaibh é, agus ins
a' drom, agus ins na h-asnaidheachaibh, i dtreó ná
feidir sé ar ball cad a bhí ag imtheacht air. Fé
dheire do liúigh sé an dorus d'osgailt dó, agus
geallaim dhuit gurabh é b'fhada leis go raibh sé
amuich.



Síle. — Bhí an lámh a bhí sa sguaib ró láidir dó!



Cáit. — Is mór an iongnadh san go deimhin! B'fhéidir
dá bhfaigheadh Tadhg radharc ar an t-é go raibh a lámh
inti, ná raghadh an sgéal chómh saor leis agus chuaidh.
Agus feuch i leith orm, a Ghobnait. Conus fhéadfadh
licíní slinne dhéanamh d'airgead Shéadna, agus nach
de licíníbh slinne a déineadh é?



Gobnait. — Cá bhfios duit, a Cháit, cad de gur dhéin fear
na n-adharc é? Dar ndóich, tá a fhios ag an saoghal
nach go macánta ná go dleaghthach a fuair sé é.



Peig. — Pé cuma 'na bhfuair sé é, níor dhéin aon
licíní slinne dhe, nó má dhéin, níor fhanadar i bpócaíbh
Shéadna. Bhíodar san folamh go leór aige nuair a bhí
sé ag fághail an leathair ó Dhiarmuid Liath. Fuair sé
an leathar agus an chéir agus an snáth, agus tug sé
aghaidh ar an mbaile, agus geallaim dhuit go raibh an
mhórdháil bainte dhe glan.



Nuair a tháinig sé abhaile, agus é go tuirseach tnáithte
troma-chroídheach, agus nuair a chonaic séan chathaoir agus


L. 40


an mhealbhóg agus an crann ubhall, agus chuimhnigh sé ar
na trí guidheanaibh breaghtha do loiteadh, tháinig seirbhthean
agus canncar agus buaidhreamh aigne air, i dtreó nár
fhéad sé greim mine ná ubhall do bhlaiseadh. Chaith sé
é féin sa chathaoir, mar bhí an tuirse air, agus ba ghearr
gur thuit a chodla air.



Thug an fear bocht an oídhche ar an áit sin. Nuair
dh'osgail sé a shúile bhí an lá díreach ag eirighe. Bhí an
fuacht tar éis dul nach mór tré n-a chroídhe. Bhí sé
tamall beag 'na dhúiseacht, sul ar chuimhnigh sé ar an
sparán agus ar an bhFear nDubh, agus ar iomláine
eachtra an lae roimhe sin. Ní túisge choruigh sé é féin
'ná mhothuigh sé an t-ualach i bpóca na bheiste. Chuir sé
a lámh isteach. Cad a bhéadh ann ach an sparán!



“Mhaise, an bhfeacaidh aon Chríosdaidhe riamh a leithéid
sin d'obair?” ar seisean, agus tharaing sé amach é.
Chuir sé a lámh i bpóca a bhríste. Bhí an dá cheud púnt
ann go lom slán!



“Seadh!” ar seisean, “mura bhfuil buaidhte ag an
méid sin gnótha ar a bhfeaca-sa riamh de neithibh iongan-
tacha! Ní fhéadfadh sé bheith agam a gan fhios dom!
Cuardach? Níor chuardach go dtí é! Aon nídh ach mo
mhéireana a chur amach tré chúinníbh na bpócaí! Cuardach?
Is mé chuarduigh iad, má cuarduigheadh pócaí riamh!
Folamh? Bhíodar chómh folamh — chómh folamh agus
bhíodar riamh, agus níor bheag dóibh sin. Ní fhéadfaidís
bheith níos folamha. Má 'seadh, cá raibh an t-airgead an
fhaid a bhíos ag cuardach? Cár imthigh sé? Cár fhan sé
an fhaid a bhí sé imthighthe? Cia thug thar n-ais é? Cad
é an brígh atá leis an obair? Siní an cheist. Siní an
adhb. Cad é an tairbhe dhómh-sa sparán trom teann a
bheith agam am' póca agus dá cheud púnt airgid, agus
ansan mé dhul ar an aonach agus neart a bheith do gach


L. 41


spreallairín fir méaracán mé cháineadh os cómhair na
gcómharsan, agus 'gréasaidhe beag buídhe' a thabhairt
orm, agus “taoibhíní ruadha” agus “meanuithí ramhra”
agus “bréan-bhróga” a chasadh liom, agus é fhógairt os
cómhair an aonaigh ná raibh pingin am' póca? Má's ar
a mhargadh a mhairean gach aoinne, ní h-é margadh na
leanbh is gnáth leó a dhéanamh. Agus má 'sé sin margadh
gur cuireadh brígh na mionn orm-sa mar gheall air, is
suarach le rádh é. “Béidh sé chómh teann an lá déanach
agus tá sé anois” — andaigh, ní h-iongnadh dhó
san!”



Chomáin sé leis ag caint leis féin ar an gcuma san
go ceann abhfad. Fé dheire do phreab sé 'na shuidhe.



“Raghad anois láithreach,” ar seisean, “agus díolfad
Diarmuid, agus tabharfad tuille leathair abhaile liom.”



Chomáin sé leis ceann ar aghaidh, agus níor stad cos
leis go dtí go raibh sé ar aghaidh tíghe Dhiarmuda amach.



Bhí Diarmuid 'na sheasamh idir dhá lígh an doruis ar an
gcuma gceudna 'na raibh sé indé roimhe sin. Ba ghnáth
leis a lán d'á aimsir a chaitheamh mar sin 'na sheasamh sa
dorus agus a ghuala leis an ursain, agus é ag feuchaint
síos an bóthar agus suas an bóthar, síos an bóthar agus
suas an bóthar, gach re dtamall.



“Airiú, a Shéadna, cad d'imthigh ort?” arsa
Diarmuid.



“Andaigh, níor imthigh faic, a Dhiarmuid,” ar seisean,
“ach do thánag chúgat-sa led' chuid airgid. Seo dhuit
é.” Agus do shín sé púnt chuige.



“Ní raibh sé abhfad gan teacht isteach chúgat,” arsa
Diarmuid, agus do thug sé feuchaint ghreannmhar ar
Shéadna, fé mar bhéadh amhras aige nár bh'as an gcéird
a fuair sé an t-airgead.



Thuig Séadna an fheuchaint, agus dúbhairt sé, “Bhí sé


L. 42


seo geallta dhom roimis an aonach agus ní bhfuaras é
go dtí indiú.”



“Airiú,” arsa Diarmuid, “agus cad ba ghádh an
dithneas go léir? Ná déanfadh sé an gnó i gceann
seachtmhaine nó coigthíghis? Táir chómh suaithte agus dá
mba ná leigfeá do thaobh ar aon leabaidh le trí oídhche.
An rabhais amuich i n-aon bhall aréir?”



“Amuich i n-aon bhall aréir? Cá mbéinn amuich
aréir, airiú? Ní rabhas go deimhin. Ach nuair a chuadhas
abhaile ó'n aonach, do shuídheas sa chathaoir agus do thuit
mo chodla orm, agus geallaim dhuit gur fhanas ansan go
maidin indiú.”



“Domhaise, is greannmhar san de! Agus feuch,
nuair a bhís ag fágaint an tíghe seo um thráthnóna indé
ní raibh aon rian díghe ort, agus bhí sé 'na thráthnóna
mhór luath. Cár fhanais?”



“Mhaise, beannacht Dé le h-anaman do mharbh, a
Dhiarmuid, agus leig dom féin: Níor fhanas i n-aon
bhall ach dul abhaile láithreach. Ní h-ól ná imirt a bhí ag
déanamh buartha dhom, geallaim dhuit é.”



Do shín sé an púnt chun Dhiarmuda, agus thug sé a
bhóthar air gan a thuille ríghnis, ar eagla go gcurfaí a
thuille ceisteana air. Bhí sé ceapaithe luach a trí nó a
ceathair de phúntaibh eile do thabhairt leis, ach bhí sgannradh
air go bhfiafróchadh Diarmuid de cia thug an t-airgead
dó.



Ag gabháil an bóthar abhaile dhó, do bhí a aigne agus a
inntinn tré n-a chéile, agus é ag cur agus ag cúiteamh,
ag cur agus ag cúiteamh, a d'iaraidh a dhéanamh amach
cad d'imthigh ar an airgead lá an aonaigh.



“Dá mbéinn ag machtnamh air go ceann bliaghna ó
indiú,” ar seisean, “ní fhéadfainn a thuisgint cad é an
brígh atá leis.”


L. 43


Agus i gcaitheamh na slíghe níor sgar an lámh chlé leis
an dtaobh de'n bhest go raibh an sparán lastigh de, agus
do bhí an lámh dheas sáithte go h-uillinn i bpóca an
bhríste aige, agus é ag cur an óir tré n-a mhéireanaibh.



Síle. — Cad é an tairbhe dhéin sé dhó bheith 'ghá chur tré
n-a mhéireanaibh, a Pheig?



Peig. — Ní fheadar an tsaoghal, a Shíle, ach bhí sé 'ghá
dhéanamh, pé 'n Éirinn é, agus níor stad sé dhé go
dtáinig sé abhaile. Bhí sé i bhfonn nídh b'fhearr chun na
mine agus chun na n-ubhall an uair sin 'ná mar a bhí sé
indé roimhe sin, agus d'ith sé a dhóithin díobh. Bhí sé ag
ithe agus ag machtnamh go ceann abhfad. Fé dheire do
stad sé agus bhuail sé buille d'á bhois ar a leath-ghlúin.



“Dar an bportús!” ar seisean, “dá bhfeiceadh
Diarmuid an capall dubh úd ceannuighthe agam, ní fios
cá stadfaidís na ceisteana. Ní bhéadh aon bhreith agam
ar dhul uaidh. Tá sé ró ghéarchúiseach ar fad. Nuair a
thabharfá leath-sgeul dó agus ba dhóigh leat go mbeidhfeá
réidh leis, is amhlaidh a bhéadh sé i n-achran ionat níos
daingne. B'fhéidir, tar éis an tsaoghail, gurab amhlaidh
mar is fearr é nár cheannuigheas capall ná bó. Is cuma
liom ó tá an t-airgead agam. Mharbhóchadh an capall
úd mé, agus ansan ní bhéidís na trí bliaghna deug féin
agam. Agus óir nár cheannuigheas an bhó ní gádh dhom
bheith ag lorg mná chun a crúidhte. B'fhéidir nár bh'fhearr
riamh é mar sgeul. ‘An rud ba mheasa le duine 'ná a
bhás, ní fheadair sé ná gur b'é lár a leasa é’! Déanfad
na bróga so, agus ansan raghad ag triall ar Dhiarmuid
agus tabharfad liom luach dhá phúnt, agus ansan luach
cheithre bpúnt, agus mar sin. Ha! ha! a Dhiarmuid,
seadh! seadh! seadh! Sleamhnóchaidh an sgeul suas a
gan fhios duit. Nár mhór an dallacán mé nár chuimhnigh
ar an slígh sin ar dtúis? Dar nóin ní bhéadh nídh ar


L. 44


bith ba mheasa dhom 'ná ainim airgid do dhul amach orm
láithreach bonn mar sin. Déarfaí gurab amhlaidh do
ghoideas ó dhuine éigin é. Ach nuair curfar amach i
ndiaigh a chéile é, ceapfaidh gach aoinne, nídh nách iongnadh,
gur as mo chéird a bhéidh sé déanta agam.”



Nuair a bhí an méid sin socarughadh aigne déanta aige,
thóg sé greim eile de'n mhin agus d'ith, agus d'aimsigh
sé ubhall eile agus do chogain. Ansan do tharaing sé
chuige a chuid leathair agus a chuid céarach agus a chuid
snáithe agus na meanuithí caola agus na meanuithí
ramhra agus na cip, agus do chrom sé ar obair. Nuair
a bhíodh sé ag obair ba bheus leis bheith ag síor-chrónán,
agus sidé an port is mó a bhíodh ar siúbhal aige:—



Ó! greadadh 's duais ort,
A chailligh ruainnigh
Thug orm fuath ban
Éirean



Go bhfuil dhá chluais ort
Chómh mór le sluasaid
A's pus ró mhór mar
Bheul ort!



Dá bhfaghainn ó'n Ruachtaigh
Go port Abhann Móire
'Gus Malla ó thuaidh mar
Spré leat,



An Claoideach ruadh 'gus
A bhfuil de bhuaibh ann
Ní shínfinn suas mo
Shaoghal leat.


L. 45


Caibidiol a Sé.



Gobnait. — Ba dheas an crónán é. Ach ní fheadar cad
uime gur tugadh “cailleach ruainneach” uirthi. Is
dócha gurab amhlaidh do bhí féasog sgáinte uirthi
mar atá ar Chailleach na mBroc.



Cáit. — Cia dúbhairt go raibh féasóg ar Chailleach na
mBroc?



Gobnait. — Ó, go deimhin, a Cháit, tá sí uirthi. Bhíos-sa
'na h-aice, agus d' fheuchas go cruinn ar a smeigín,
agus tá sé lán de ruibíbh móra fada ramhra agus
iad liath mar a bhéadh guairí. Nuair a chonaic sí
mé 'ghá dtabhairt fé ndeara, do gháir sí agus chimil
sí dem' eudan iad, i dtreó go mb'éigean dom
liúghadh leis an ngigilt.



Cáit. — Is mairg nach ad' shúilibh a chuir sí iad. B'fhéidir
go gcuirfeadh sé thú ó bheith ag feuchaint ar dhaoinibh
chómh droch-mhúinte sin.



Gobnait. — Dómhaise, am briathar mhóide, a Cháit, gur
am' shúilibh a chuir sí iad, feuch! Agus siné a chuir
ag liúirigh mé, agus ní h-é an gigileas. Bhí aon
cheann amháin ortha a bhí chómh mór chómh fada le
snáthaid reamhair, agus chuaidh sé isteach am' shúil,
agus geallaim dhuit nár chuireas a chuimhne dhíom go
ceann tamaill. Ní fheadar, ámhthach, an mbainfidh
sé an droch mhúineadh dhíom.



Cáit. — Éist, a Ghobnait, mar mhagadh bhíos. Ní'l aon
droch mhúineadh ort-sa, agus ní raibh riamh. Ach tá
rud agat ná fuil agam-sa, — tá foidhne agat.
B'fhéidir, dá mbéinn féin ann, go dteipfeadh orm


L. 46


gan feuchaint éigin a thabhairt ar na guairíbh. Ach
an airighean tú, a Pheig, ní fheadar féin an tsaoghal
cad é an paor a bhí ag an bhfear úd na méaracán
ar Shéadna, gur thug sé an aghaidh bhéil úd air i lár
an aonaigh, gan chúis gan adhbhar.



Peig. — Siné díreach a bhí ag milleadh Shéadna. Ní
fheidir sé cad fé ndear d'aoinne a leithéid a dhéanamh.
Is minic 'na dhiaigh sin a bhí sé ar an aonach gceudna ag
díol bróg, agus is 'mó tamall fada a chaith sé ag faire
ar lucht méaracán ag brath air go bhfaigheadh sé lán a
shúl de'n fhear a labhair leis an lá úd, ach ní bhfuair.
Agus tá gach aon deabhramh, dá bhfaghadh, ná raghadh a
chuid droch chainte i n-aisge leis.



Cáit. — Is mór an truagh mar a leigeadh i n-aisge leis
ar dtúis é.



Peig. — Tháinig an sgeul ró obann ar Shéadna. Ní
raibh uain aige cuimhneamh ar cad ba cheart dó a dheunamh,
go mór mór nuair fheuch sé ar fhear na méaracán agus
bhí seisean i bhfeidhil a ghnótha féin, gan suím ar bith aige
i ngnó Shéadna. Is amhlaidh mar a bhí an sgeul ar ball
aige, ní raibh sé ró dheimhnightheach gur bh'é an fear san do
labhair i n-aon chor.



Cáit. — Dómhaise, am briathar 's ambasa gurab é a bhí
agam féin d'á chuimhneamh, leis, go mb'fhéidir nár
bh'é.



Peig. — Seadh, agus nach deas an obair a bhéadh déanta
ag Séadna, dá mbuaileadh sé an duine agus gan
aon chúis aige air?



Cáit. — Ambasa is fíor dhuit.



Peig. — Abhfad 'na dhiaigh sin, nuair a bhíodh Séadna ar
lorg an fhir, is amhlaidh a bhí sé ceapaithe, dá bhfeiceadh
sé é, dul ar dtúis chun cainte leis, agus ansan, nuair
a bhéadh sé déanta amach ó'n gcaint aige cia'cu b'é an


L. 47


fear adúbhairt an chaint úd é nó nár bh'é, bhéadh neart
dó é bhualadh nó gan é bhualadh.



Nóra. — Agus dar nóin, a Pheig, ní bhéadh sé ceart aige
é bhualadh, pé 'cu dúbhairt sé an chaint nó ná
dúbhairt.



Peig. — Ambasa, a Nóra, ní'lim-se 'ghá rádh go mbéadh.
Ach táim 'ghá rádh go raibh sé ceapaithe air, pé 'cu bhí sé
ceart nó ná raibh. Ach ba mhar a chéile é, mar do theip
air aon radharc dh'fhághail air amuich 'ná i mbaile. Ní
bhfuair sé a thásg ná a thuairisg thíos ná thuas, agus fé
dheire d'imthigh an sgéal as a cheann.



Nuair a bhí an dá fhéire bróg críochnuighthe aige, bíodh
a's ná raibh an luach púint de leathar ídighthe, d'imthigh sé
agus thug sé leis luach dhá phúnt, agus ansan luach cheithre
bpúnt. Ansan do thug sé leis beirt ghréasaidhthe eile
ar a bpágh lae, agus fé cheann tamaill beirt eile. Ba
ró ghearr go raibh a ainim i n-áirde sa dúthaigh le feabhas
agus le saoire a bhróg, agus is chuige a thagadh na
ceardaidhthe dob' fhearr, mar isé is fearr a chothuigheadh
agus a dhíoladh iad. Is ag triall air a thagadh na daoine
ba shaidhbhre agus dob' uaisle, ag ceannach bhróg, mar
is i n-a bhrógaibh a bhíodh an mianach dob' fhearr, agus is
ortha bhíodh an déanamh ba dheise. Is ag triall air a
thagadh na daoine bochta ná bíodh airgead na mbróg
oireamhnach acu, mar do thugadh sé cáirde breagh fada
dhóibh, agus nuair a thagadh an cáirde agus ná díoltí na
fiacha, ní bhíodh sé dian san éileamh. Is minic a thagadh
gréasaidhthe ag triall air ná bíodh airgead acu chun
leathair a cheannach, agus go n-iaraidís air raint airgid
a thabhairt ar iasacht dóibh, ionus go mbéadh neart dóibh
bheith ag obair agus ag tuilleamh ruda i n-inead bheith
sgurtha díomhaoin. Ní baoghal gur thug sé an t-eiteachas
d'aoinne acu riamh, agus is 'mó gréasaidhe bocht fé


L. 48


mhuirear throm a bhéadh go minic gan biadh ag á chlainn
ná muc sa dorus aige, mura mbéadh Séadna.



Ag dul go dtí Aifrean an Domhnaigh nó an lae shaoire
dhó, nó ag dul ar aonach nó ar margadh ag díol bróg
dó, is 'mó duine bhíodh ag teacht roimis ar an mbóthar
agus ag glaodhach i leath-taobh air, 'ghá rádh, “Gaibh mo
leath-sgeul, a Shéadna, — bhéadh an dá phúnt úd agam
duit ach gur theip orm an mhuc a dhíol.” Nó, “Go
deimhin, a Shéadna, tá náire orm teacht chun cainte leat
agus gan leath-phingin ded' chuid airgid fós agam duit;
ach do buaileadh mo mhac breóite, agus bhí sé lá agus
fiche 'na luíghe sul a bhfuair sé an t-aoitheó, agus b'éigean
dom beirt bhan fhriotháilte do choimeád ag tabhairt
aireachais dó i gcaitheamh na h-aimsire.”



Bhíodh gach aoinne mar sin agus a thruagh-bhéil féin
aige, agus ní bhíodh d' fhreagra ag Séadna dhóibh ach,
“Ná bíodh ceist ort,” nó “Ní fiú biorán a's é,” nó
“Tóg t'aimsir” — agus geallaim dhuit gurab iad a
thógadh.



Bhí aon fhear amháin gur thug Séadna an t-eiteachas
dó. Agus má 'seadh, isé cuma 'na dtáinig sé sin 'ná
i gculaidh éadaigh uasail, agus é go leathan láidir
deagh-shláinteach agus go breagh círíneach beathuighthe,
agus a dhá láimh go breagh bog geal leabhair gan
rian oibre ná gnótha ortha. Agus seo mar a labhair
sé:—



“Go deimhin, a Shéadna,” ar seisean, “tá ceist agus
ceann-fé orm é bhreith am' bheathaidh orm go gcaithfinn
teacht ag triall ort-sa ag lorg airgid ar iasacht. Ach
do dhéanfadh ceud púnt áise mhór anois dom, agus, do
réir mar airighim, ní dhéanfaidh sé ceataighe mór duit-se
é thabhairt dom. Ní h-é gach aon lá a thiocfaidh mo
leithéid-se 'ghá iaraidh ort.”


L. 49


“Is oth liom ná fuil ceud púnt agam oireamhnach
anois le tabhairt duit,” arsa Séadna.



Do stad an duine uasal agus d'fheuch sé ar Shéadna.
Ní raibh aon choinne i n-aon chor aige leis an bhfreagra
san. D'fheuch sé ar Shéadna mar fheuchfadh sé ar ainimhíghe
éigin neamh-choitchianta. D'fheuch Séadna go seasmhach idir
an dá shúil air. Deirtí go raibh feuchaint ana choímhightheach
ag Séadna nuair curtí fearg air, agus gur bheag aoinne
ná cúbadh roimpi. Do chúb an duine uasal úd roimpi.
D'fheuch sé síos ar an dtalamh, agus ansan d'fheuch sé an
dorus amach, agus ar ball d'fheuch sé ar Shéadna airís
agus is amhlaidh a bhí Séadna ag gáirídhe uime.



“Ó,” ar seisean, “do dhéanfadh deich bpúint a's
dachad an gnó.”



“Is oth liom,” arsa Séadna, “ná fuil deich bpúint
a's dachad oireamhnach agam le tabhairt duit.”



Bhain san an mhórdháil ar fad dé.



“Tabhair dhom deich bpúint,” ar seisean.



“Ní bhfaighir,” arsa Séadna.



“Ní eiteóchthá mé ar aon phúnt amháin,” ar seisean.



“Ní'l sé le fághail agat,” arsa Séadna.



“Feuch, a Shéadna,” ar seisean, “tá a fhios ag an
dtalamh nár itheas biadh agus nár ólas deoch ó mhaidin
indé! Ba mhór an déirc dhuit rud éigin le n-ithe
thabhairt dom.”



Tháinig an fheuchaint úd i súilibh Shéadna. Do shín sé
a mheur chun an doruis.



“Tabhair do bhóthar ort,” ar seisean, “a chladhaire
dhíomhaoin!”



Is beag ná gur léim sé an dorus amach.



Síle. — Agus cogar, a Pheig. Ní fheadar cad a chuir an
droch fheuchaint sin i súilibh Shéadna. Dar ndóich,
ní raibh sé mar sin i gcómhnuidhe.


L. 50


Peig. — Siné díreach a bhí ag cur iongnadh ar na
cómharsanaibh go léir, a Shíle. Mhothuigheadar Séadna
ag athrughadh go mór 'na mheón agus i n'aigne. Is anamh
do labhradh sé ach nuair a labharthí leis, agus ní gháireadh
sé choídhche nach mór. Do chuir sé uaidh ar fad an crónán.
Níor chuimhin le daoinibh cathain airigheadar an “Chailleach
Ruainneach” d'á cáineadh. Nuair a bhíodh sé ag obair
i dteannta na bhfear ní raibh le clos uaidh ó mhaidin go
h-oídhche ach an anál fhada throm agus mion-bhuillí an
chasúir bhig agus tarang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh.
Cheapaidís na fir gur saint chun an airgid do bhí air,
trá's go mbíodh sé ag obair chómh dian. Agus ansan
do bhíodh iongnadh ortha a rádh go sgaradh sé chómh bog
leis, 'ghá thabhairt ar iasacht do dhaoinibh nach raibh breith
acu ar é aisioc go bráth, agus ghá thabhairt dóibh gan
uradh gan banna. Nuair nach labhradh seisean ní
labhraidís féin, agus ní bhíodh le clos uatha ach an anál
fhada throm agus mion-bhuillí na gcasúr mbeag agus
tarang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh. Ba dhóil leat,
dá bhfeictheá iad, gur ag obair ar gheall a bhídís. Nuair
a bhíodh daoine ag gabháil thar an dtigh do stadaidís ag
éisteacht leis an saothar. Agus ansan nuair a ghluais-
idís ortha, deiridís le n-a chéile, “Is beag an iongnadh
airgead ag Séadna! Ní fheacamar riamh ceardaidhthe
ag obair chómh dian. Cothuighean sé go maith iad agus
díolan sé go maith iad, ach má'seadh, bainean sé an obair
asta, má baineadh asta riamh í.”



Idir cheardaidhthibh agus cómharsanaibh, do theip ortha
glan dhá thaobh an sgéil a thabhairt d'á chéile, nó an cheist
sin do réidhteach, .i. cad fé ndear do Shéadna bheith ag
obair chómh dian chun airgid a dhéanamh, agus ansan ag
sgaramhaint leis chómh bog?



Do lean an sgéal ar an gcuma san ar feadh trí


L. 51


mbliaghan. Ansan, pé sligh i n-ar chuaidh an ráfla amach,
bhí sé leathta ar fuid na dúithe go raibh Séadna réidh
chun a phósta. Bhí sé socair go raibh an cleamhnas
déanta agus go raibh an lá ceapaithe. Bhíodar bacaigh
agus lucht siúbhail na dúithe 'ghá n-ollamhughadh féin 'na
chóir. Bhí aon nídh amháin sa sgéal a bhí ait go leór.
Ní raibh aon bheirt socair ar cé 'r bh'í an bhean. Bhí sé
socair ag muintir na sráide gur bh'í inghean Dhiarmuda
Léith í. D' airigh Diarmuid féin an socarughadh chómh
minic ar siúbhal gur chreid sé an uile fhocal dé, agus
geallaim dhuit gurab é a bhí go sásta 'na aigne. Bhí a
fhios aige Séadna bheith saidhbhir agus gan beann ar bith
a bheith aige ar airgead, agus mar sin do cheap sé, nídh
nár bh' iongnadh, ná béadh aon trácht ar spré. Bhí aon
nídh amháin ag déanamh buartha dhó. Bhí lá ceapaithe ag
an bpoibilidheacht chun an phósta. Bhí an lá san i
ngoireacht seachtmhaine dhó, agus níor tháinig Séadna
fós chun aon chainte leis.



“Is dócha,” arsa Diarmuid i n-a aigne féin, “go
dtiocfadh sé, ach gan é bheith ar aigne aon spré do lorg
le Sadhbh. Tá go maith. Bean bhreagh dhathamhail iseadh
í. Cailín ciúin ciallmhar ach ná curfaí fearg uirthi. “Is
fearr bean 'ná spré.” Nach mór an chiall a bhí ag an t-é
adúbhairt é sin ar dtúis! Ní sháróchadh an saoghal an
sean-fhocal.”



D'imthigh dhá lá eile agus ní raibh sgeul ná duain ó
Shéadna. Bhí iongnadh mhór ar Dhiarmuid. Bhí iongnad
ba dhá mhó 'ná san ar Shadhbh.



“Imthigh suas,” ar sise le n-a h-athair, “agus labhair
leis an bhfear san, ó tá sé de neamh-thuisgint air ná
tiocfadh sé féin chun labhartha leat-sa — nó liom-sa.”



Do bhuail Diarmuid suas. Nuair a bhí sé ag teacht i
ngar do thigh Shéadna, d'airigh sé an obair a siúbhal chómh


L. 52


dian agus dá mbéadh an saoghal i n-easba bróg agus
gan aoinne chun iad do dhéanamh ach Séadna agus a lucht
oibre.



Bhuail sé chúca isteach.



“Bail ó Dhia oraibh anso!” ar seisean.



“Dia a's Muire dhuit!” arsa Séadna.



“Mhaiseadh go deimhin féin, a Dhiarmuid,” arsa duine
des na fearaibh, “is mithid duit é. Tá teinneas am'
shúilibh ó bheith ag strac-fheuchaint síos an cosán san le
seachtmhain, 'ghá chuimhneamh ó am go h-am go bhfeicfinn
ag teacht thú.”



“Is greannmhar san de,” arsa Diarmuid, “agus
teinneas am' shúilibh-se agus am' ghualainn ó bheith am'
sheasamh sa dorus agus mo ghuala leis an ursain, agus
ná féadfadh priachán teacht árd an bhóthair anuas a gan
fhios dom, agus gach aon fhear a thagadh am' radharc go
mbínn lán-deimhnightheach gur bh'é Séadna a bhíodh ann, go
dtí go dtagadh sé i ngar dom.”



“Mise!” arsa Séadna.



“Tusa gan amhras!” arsa Diarmuid. “Nach shin é
i mbeulaibh na dtrí bpobal é go bhfuilir féin agus
Sadhbh so agam-sa le pósadh Dé Máirt seo chúgainn?
Agus an dóil leat ná gur cheart dom bheith ag brath
air go mbéadh raint éigin cainte eadrainn sul a
dtiocfadh an Mháirt?”



“Tá dearmhad ort, a Dhiarmuid,” arsa duine des
na fearaibh. “Ní le Sadhbh so agat-sa atá sé le pósadh,
ach le Máire Ghearra, inghean Sheághain Cheataigh thiar, agus
d'á chómhartha san féin, tá Seághan imthighthe go Corcaigh
a d' iaraidh lóin bídh agus díghe chun na cóisreach, agus
ní deirim ná go bhfuil cuireadh fághalta ag á ghaoltaibh
gcóir na Máirte.”



“Tá dearmhad ort-sa, a Mhicil,” arsa fear eile.


L. 53


“Ní le Máire Ghearra atá sé le pósadh, ach le Báb an
Leasa anso thíos. Táid táilliúirí agus mná fuaghála ag
obair ann le trí lá, agus ag gabháil aníos dom ar
maidin indiú do chonac bacaigh ag bailiughadh ann cheana
féin.”



“An bhfeacaidh aoinne riamh bhúr leithéidí?” arsa 'n
ceathramhadh fear. “An rabhais ag an Aifrean Dé
Domhnaigh, a Mhicil? Dá mbéidhfeá ba dheacair duit
gan an sgeul a chloisint a bhí i mbeul an uile dhuine.
'Sé sin go mbéidh Séadna d'á phósadh Dé Máirt seo
chúgainn le Nóra an Tóchair. Agus is ann a bhí na
bacaigh ag dul, agus ní go dtí an Lios. Cuirfead
geall go ndéarfaidh Séadna féin go bhfuil an ceart
agam-sa.”



D'fheuch Séadna ó dhuine go duine acu. Bhí an droch
fheuchaint agus an droch sheasamh 'na shúilibh. Bhí fearg
air, ach do bhrúigh sé féi í.



“Imthigh ort abhaile, a Dhiarmuid,” ar seisean, “agus
bíodh ciall agat. Ní'l aon fhonn pósta orm-sa, agus
ní deirim go mbéidh go fóil.”



Chrom sé a cheann agus dhírigh sé ar obair. Níor
labhradh aon fhocal eile. Do shleamhnuigh Diarmuid
amach, agus isé bhí go leamh dé féin.



Tháinig sé abhaile.



“Seadh!” arsa Sadhbh.



“Seadh go díreach!” arsa Diarmuid.



“Cad é an sgeul é?” arsa Sadhbh.



“Tá sgeul ait,” arsa Diarmuid. “Béidh an dúthaigh
go ceann seacht mbliaghan ó indiú ag steala-mhagadh fé
bheirt againn, fút-sa agus fúm-sa.”



“Conus é sin, airiú?” arsa Sadhbh.



“É bheith tuillte againn,” arsa Diarmuid. Agus do
theip uirthi a thuille cainte a bhaint as.


L. 54


Caibidiol a Seacht.



Nuair a chuadar na fir abhaile, gach fear díobh go dtí
a lóisdín féin, geallaim-se dhuit go raibh eachtra ins
gach tigh. Thánadar na cómharsain isteach ag sguruidh-
eacht. Thug gach gréasaidhe a thuairisg féin ar thurus
Dhiarmuda agus ar fhreagra Shéadna. Do rug gach
cómharsa abhaile leis a innsint féin ar an sgeul. Ní
raibh a leithéid de shult riamh roimhe sin ná riamh ó shin
ar fuid na h-áite. Um an dtaca go dtáinig an Domhnach
ní raibh duine óg ná aosta 'sna trí pobalaibh ná raibh an
sgeul go léir aige agus a thrí oiread curtha leis. Chífeá
na daoine ar na bóithribh 'na dtriúr, 'na gceathrar, 'na
ndeichniúbhar, agus iad ag innsint an sgéil nó ag cur a
thuairisge, agus iad ag tuitim ar a gcosaibh le sult
agus le gáirídhibh. B'fhíor do Dhiarmuid é. Bhí an
dúthaigh ag steala-mhagadh fé'n mbeirt.



Máire Ghearra agus Nóra an Tóchair agus Báb an
Leasa a bhí go buidheach agus go sásta 'na n-aigne tré
a fheabhas mar chuadar as. Ní raghaidís, ach turus
Dhiarmuda bheith chómh h-áiféiseach agus a bhí sé, agus
ainim na géar-chúise go léir ar Dhiarmuid féin.



Nuair a bhíodh a sáith magaidh déanta ag daoinibh fé
Dhiarmuid agus fé Shadhbh, do bhíodh nídh eile ar siúbhal
acu. Do chloiseadar na fir go léir Séadna 'ghá rádh
ná raibh aon fhonn pósta air, agus ná béadh go fóil.
Níor chuir aon fhear acu athrughadh focail sa méid sin
de'n sgeul. D'airigh Máire Ghearra é. D'airigh Nóra
an Tóchair é. D'airigh Báb an Leasa é. D'airigh gach
aoinne é, agus ní raibh duine d'ár airigh é nár choimeád
go cruinn é. B'shin í an cheist acu. B'shin í an adhb.


L. 55


Cad fé ndear do Shéadna a rádh ná raibh aon fhonn
pósta air, agus ná béadh go fóil?



Ní bhéadh meithiol ag obair i bpáirc, ná gasradh ag
gabháil an bóthar, ná sguainne ag dul ag sguruidheacht,
ná cuideachta ag dul ag ól, ná gur bh'í an cheud cheist
do phreabfadh suas eatortha, “Ar airíghis, airiú, cad do
dhéin Diarmuid Liath? Ó, am briathar 's ambasa, go
ndeachaidh sé suas, de shiúbhal a chos, go tigh Shéadna,
agus gur cheap sé, cóir cam díreach, Séadna do thabhairt
leis anuas ar chúl cinn agus é phósadh, láithreach bonn
baill, le Sadhbh, d'aimhdheóin a chúil-fhiacal! An
bhfeacaidh aoinne riamh a leithéid d'obair?”



Ansan, ar ball, deurfadh duine éigin, “Agus cad
dúbhairt Séadna?”



Gheobhadh sé mar fhreagra, “Dúbhairt Séadna leis
imtheacht abhaile agus ciall do bheith aige, ná raibh aon
fhonn pósta air féin agus ná béadh go fóil.”



Ansan d'eireóchadh an cheist, “Cad fé ndear do
Shéadna a leithéid sin do rádh, agus cleamhnaisí d'á
ndéanamh ar fuid na dúithe dhó chómh tiugh le grean?”



Nuair adúbhairt Séadna féin an focal, do leig sé
amach níos mó d'á aigne 'ná cheap sé leigint amach, ach
bhí an fhearg air, agus do bhí an gnó déanta ag Diarmuid
chómh botúnach san, níor fhéad sé foidhneamh leis. Nuair
a bhíodar uile imthighthe abhaile i gcóir na h-oídhche agus
bhí sé i n'aonar 'na shuídhe sa chathaoir shúgáin, bhí an sgeul
ag ruith tré n-a aigne ar an gcuma so:—



“I mbeulaibh na dtrí bpobal! Ní mise chuir i
mbeulaibh na dtrí bpobal é. An breallán! Béidh sé
i mbeulaibh na dtrí bpobal anois — é féin agus Sadhbh.
Humhth! — Is oth liom aon trácht do bheith ar ainim
Mháire Ghearra. Ach cad é mo leigheas air? Dáltha an
sgéil, ní fheadar cad uime gur tugadh Máire Ghearra


L. 56


uirthi agus í chómh h-árd le h-aon mhnaoi ag teacht chun
an phobail. Ní h-iongnadh go mbéadh. Is fear groídhe
cumasach Seághan Ceatach féin. Tá sé amuich air gurabh
é fear is treise ar a chineadh é, agus is fir láidire na
Cárthaigh. Is maiseamhail an bhean í! Ní misde cailín
ciúin ciallmhar a thabhairt uirthi. Trí bliaghna ó shin ní
baoghal go dtráchtfaí ar a h-ainim i n-aonfheacht le
m'ainim-se.



“Is greannmhar an rud san a dhéanfainn, pósadh,
agus gan agam anois ach deich mbliaghna. Is gearr a
bhíodar ag imtheacht mar thrí bliaghnaibh. Is gearr an
mhoill ar thrí bliaghnaibh eile iad do leanmhaint. Siné
leath na h-aimsire imthighthe ansan. ‘Cá beag duit an
cheist sin do chur,’ ar seisean, ‘nuair a bhéimíd ag
gluaiseacht?’ Cad é an mhaith dhom bheith 'ghá cur an uair
sin? Chuir sé brígh na mionn orm. Is dócha ná fuil
dul as anois agam. Is ait atá an sgeul agam. Mé
ag obair agus ag déanamh airgid chómh tiugh le grean,
agus cad 'tá d'á bhárr agam? Is 'mó duine bocht gur
thugas congnamh dó. Is mór é a mbuidhchas — ar a
mbeul. Ní fheadar an bhfuil puínn dé 'na gcroídhe.
Ní fheadar an fearr-de iad ar thugas dóibh. Tá cuid
acu, agus isé mo thuairim gur bh'fhearra dhóibh ná feicidís
aon leath-phingin riamh dé. Tá cuid acu, agus dá
mbéadh an aimsir caithte agus mé imthighthe, ní bhéadh mo
chiach abhfad ortha. Bhéadh sé i n-a áirithe ansan acu, dar
leó féin, nár ghádh dhóibh díol choídhche. Siné a mbuidhchas-
san.



“Pé duine gheabhaidh í béidh bean mhaith aige. Is
minic dh'airigheas gur fearr bean 'ná spré. Tá bean
agus spré ansúd. — Is greannmhar an rud san a dhéan-
fainn, pósadh, agus gan agam anois ach deich mbliaghna.
Is deas an cor a bhéadh ansan uirthi — agus ar a clainn,


L. 57


dá mbéidís aici. Greadadh chuige mar airgead agus
mar sparán agus mar mhargadh! Bhí aigne shuaimhneasach
agam sul ar casadh am' threó iad.”



Sin mar a chaith sé an oídhche. Do bhuail sé amach ar
eirighe lae agus suas an cnoc. Do shuigh sé ar feadh
tamaill ar bhárr caraige móire a bhí ann, gur b'ainim di
Caraig na gCearrbhach. Nuair a gheal an lá agus
d'eirigh an ghrian, agus d'fheuch sé 'na thímpal ar an
radharc áluinn a bhí ó'n gcaraig, d'eirigh an ceó d'á
chroídhe agus tháinig suaimhneas mór ar a aigne.



Gobnait. — Mhaise, go deimhin, a Pheig, is beag ná go
ndeurfainn leis an rud úd adúbhairt Cáit an
Cheóil le n-a fear, nuair a bhain sí an luch as an
mbáisín bainne dhó.



Nóra. — Cad dúbhairt sí leis, a Ghobnait?



Gobnait. — Is amhlaidh a bhí meithiol aige, agus bhíodar
ag suidhe chun bídh, agus bhí bord mór prátaí os a
gcómhair, agus bhí báisín bainne raimhir ar aghaidh
gach fir amach. Do thóg fear an tíghe a bháisín féin,
agus an cheud bholmoc a bhain sé as do nocht sé
luch ann. Do bhagair sé ar Cháit, agus thaisbeáin
sé an luch di. Níor chuir sin corbhuais ar bith
uirthi. Do rug sí ar an mbáisín i n-a láimh chlé.
Chuaidh sí anonn go dorus. Chuir sí an lámh dheas
sa bháisín. D'árduigh sí an luch as agus chaith sí an
dorus amach í, agus ansan do bhuail sí an báisín
ceudna, agus an bainne ceudna ann, os cómhair a
fir. Nuair a chonaic sé cad a bhí déanta aici d'eirigh
sé ó'n mbord i bhfeirg agus d'imthigh sé amach.
Nuair a bhí sé ag gabháil amach, dúbhairt sise, “Go
deimhin, is deacair daoine shásamh. Ní dhéanfadh
bainne agus luch ann an gnó, ná bainne agus luch
as!”


L. 58


Cáit. — Mhaise, dearna leat, a Cháit an Cheóil! Níor
theip an tuathal riamh ort! Cad dúbhairt a fear, a
Ghobnait?



Gobnait. — 'Dhe, cad a bhí le rádh ag an nduine? B'shin
é an udhálta ag Séadna. Nuair a bhí sé gan airgead
ní raibh sé sásta, agus ansan nuair a bhí an sparán
aige agus cead tarang as, ní raibh sé sásta. Bhí
sé chómh deacair do shásamh le fear Cháit an
Cheóil.



Cáit. — 'Sdó, feuch anois, a Ghobnait, ní thuigean tusa
an sgeul i gceart. Nuair a bhí an sparán ag
Séadna d'á fhághail níor thug sé uain dó féin ar an
gcoinghíoll do bhreithniughadh. Ansan, nuair a bhí an
margadh déanta agus é daingean fé bhrígh na mionn,
do bhí uain a dhóithin aige chun machtnaimh. Bhí an
aimsir ag imtheacht ar cos i n-áirde, agus ní raibh
aon fhreagra fághalta aige ar an gceist úd, “Cá
raighmíd an uair sin?” Nach gunta adúbhairt an
Fear Dubh leis é, “Cá beag duit an cheist sin do
chur nuair a bhéidheam ag gluaiseacht?” Nach maith
a thuig Séadna féin an sgeul 'na dhiaigh sin, nuair
adúbhairt sé leis féin, “Cad é an tairbhe dhom bheith
ag cur na ceiste nuair a bhéidheam ag gluaiseacht?”
Níor thuig sé i n-am é.



Gobnait. — Am briathar 's ambasa, a Cháit, go bhfuil
eagal orm gur thuig sé go dian mhaith ó thusach é,
ach a oiread san dúil a bheith sa sparán aige gur
chuma leis. Agus is dóigh liom go raibh a fhios ag
an bhFear nDubh gur thuig sé é, nuair adúbhairt sé
leis, “Táir géar-chúiseach.” Isé mo thuairim gur
thuigeadar an bheirt a chéile go dian mhaith.



Cáit. — “Tar éis a tuigtear gach beart,” a Ghobnait!
Ní sháróchadh an saoghal an sean-fhocal.


L. 59


Nóra. — Pé cuma 'nar thuig sé an sgeul nuair a bhí an
sparán aige d'á fhághail, is dócha gur thuig sé níos
fearr é nuair a bhí an dúthaigh 'ghá phósadh a gan fhios
dó le ceathrar ban, agus a fhios aige féin ná raibh
aige ach deich mbliaghna idir é agus cómhlíonadh an
mhargaidh a dhéin sé leis an bhFear nDubh. Dá
mb'áil leis feuchaint roimis nuair a thug an
t-aingeal an foláramh dó! Dá mbéinn-se 'na
chás, is iad na trí ghuidhe dh'iarfainn, airgead mo
dhóithin ar an saoghal so, saoghal fada fé shéan, agus
an bheatha shíoruidhe 'na dhiaigh. Ansan do bhéadh
neart dó Máire Ghearra nó Báb an Leasa nó Sadhbh
féin a phósadh, dá mba mhaith leis é, gan spleadhachas
do'n Fhear Dubh ná d'á chuid cleas.



Síle. — Cá bhfios duit, a Nóra, ná gur bh'í Nóra an
Tóchair ba rogha leis?



Nóra. — Is dóigh liom gur “Síle” b'ainim do Bháb an
Leasa, agus gur bh'í ba rogha leis.



Peig. — Pé duine acu ba rogha leis, a Nóra, is dóigh
liom go raibh cathughadh a dhóithin air féin nár dhéin
sé mar a dhéanfá-sa.



Nóra. Do dhéin sé go h-áiféiseach é agus go botúnach.
Níor bh'uiriste dhó trí ghuidhe dh'iaraidh ba neamh-
thairbhighe 'ná na trí ghuidhe d'iar sé. Ní fheadar an
tsaoghal cad a bhain dó. Trí ghuidhe le fághail aige
ar a thogha agus ar a thuisgint féin, iad le fághail
aige gan choinghíoll gan chol, agus níor bh'fholáir dó
gabháil de chosaibh ionta, agus ansan sparán do
ghlacadh ar an gcoinghíoll ba chruadha d'ár cuireadh
ar aon duine riamh. Níor bh'iongnadh codla na
h-oídhche d'á bhaint dé, agus droch fheuchaint ag
teacht 'na shúilibh!



Síle. — Agus an é sin a chuir an droch fheuchaint 'na


L. 60


shúilibh! Ó, tuigim anois é. Níor bh'iongnadh liom
dá mbáithfeadh sé é féin, agus a leithéid de chrann
a bheith air.



Peig. — Ní deirim ná go ndéanfadh sé rud éigin d'á
shórt, ach ná tabharfadh sé mar shásamh do'n Fhear Dhubh
é. Deireadh sé go minic i n-a aigne féin, “Is liom na
trí bliaghna déag gan buidhchas dó, agus caithfead iad
go cúl.”



Nóra. — Is truagh nár fhan sé mar a bhí aige ar dtúis, i
dtaoibh le n-a chrann ubhall agus le n-a mhealbhóig
agus le n-a chathaoir shúgáin.



Gobnait. — Agus dar ndóigh, dá bhfanadh sé mar sin, a
Nóra, ní bhéadh aon bhean uasal ag feuchaint 'na
dhiaigh.



Nóra. — Mhaise, ní móide gur bh'fhearra dhó riamh é. Ní
fheicim féin d'uaisleacht i n-a lán acu ach mór-chúis
agus doithigheas agus tarcuisne.



Gobnait. — Á! a Nóra, tá a fhios agam-sa cad fé ndear
é sin uaireanta. Nuair a chíd siad cailíní beaga
ná bíon uasal agus a bhíon níos maiseamhla 'ná iad
féin, bíon éad ortha. Tá eagal orm dá mbéinn-se
uasal go mbéadh éad orm chúgat-sa.



Nóra. — Airiú, cad 'na thaobh, a Ghobnait?



Gobnait. — Fiafruigh de Shíle cad 'na thaobh.



Síle. — Ní fhiafróchaidh sí de Shíle cad 'na thaobh. Innseadh
Gobnait féin anois é, ó tharaing sí an cheist uirthi.



Peig. — Is mór an bhean suilt Gobnait, a Nóra, ach bíon
an ceart aici uaireanta.



Cáit. — Agus dar ndóigh, ní ceart do chailín uasal éad
ná mór-chúis a bheith uirthi má b'é toil Dé an sgiamh
aingilídhe do chur ar chailín bheag íseal.



Síle. — Ní fheadar, a Pheig, na daoine atá gránda ar an
saoghal so an mbéid siad breagh i bhFlathas Dé?


L. 61


Peig. — Ó, a Shíle, a chuid, ní bhéidh aoinne gránda i
bhFlathas Dé, ach gach aoinne níos breaghtha agus
níos maiseamhla 'ná an t-é is breaghtha d'á bhfeacaidh
súil duine riamh ar an saoghal so.



Síle. — Ní gádh dhóibh éad ná mór-chúis a bheith ortha, má
'seadh.



Peig. — Ní bhéidh éad ná mór-chúis ann, a Shíle, ach chómh
beag le h-aon nídh gránda eile.



Síle. — Nach truagh nár ghlac Séadna cómhairle an aingil,
i n-inead bheith ag cuimhneamh ar a mhealbhóig agus ar
a chathaoir shúgáin agus ar a chrann ubhall agus ar
na dailtínibh a bhíodh ag imirt air!



Peig. — Feuch féin nár ghlac. Ach is dócha dá bhfaigheadh
sé an tarna h-iaracht go nglacfadh. Ní bhfuair sé an
tarna h-iaracht. Dhéin sé a mhargadh. Dhéin sé fé bhrígh
na mionn é, agus do bhí air é sheasamh. Bhí a fhios aige
go dian mhaith, chómh luath agus thiocfadh an lá deirineach
de na trí bliaghnaibh déag, go dtiocfadh an t-éilteóir
agus ná béadh aon bhreith ar dul i bhfolach uaidh.



Nuair a thug sé tamall maith 'na shuidhe ar Charaig na
gCearrbhach ag feuchaint 'na thímpal ar an radharc breagh,
do lean sé d'á mhachtnamh:—



“Nach mór a bhí mo chás ag déanamh buartha dhó!
D'airigh sé mé 'ghá rádh go rabhas 'gan bhiadh gan deoch
gan airgead.' Is 'mó duine nach mé a bhí gan bhiadh gan
deoch gan airgead, agus nach maith do sgaoil sé thairis
iad! — ‘Ní'l an margadh ann fós,’ ar seisean.
‘Bíodh 'na mhargadh,’ arsa mise. Ní bhéadh sé sásta
leis an méid sin. Níor mhór dó na greamana dubha
a chur ann. ‘Dar bhrígh na mionn!’ ar seisean. ‘Dar
bhrígh na mionn!’ arsa mise. Dúbhart é gan amhras.
Ní'l dul uaidh agam. Má 'seadh, ní deurfainn é mura
mbéadh an chuma i n-ar mheall sé mé. Ní fheaca riamh


L. 62


am' shúilibh cinn dath ba bhreaghtha 'ná an dath a bhí ar an
mám óir a thaisbeáin sé dhom. Tháinig dúil mhalluighthe
agam ann. Thug sé ceud púnt dom mar mhalairt ar
aon sgilling amháin. ‘Thabharfainn,’ ar seisean, ‘agus
seacht gceud, dá bhféadainn a maith san do lot.’
D'admhuigh sé nár bh'fhéidir a maith do lot, toisg mé 'ghá
tabhairt uaim ar son an tSlánuightheóra. A maith do
lot! Cad chuige an lot? Cad ba ghádh é? Má theip
air maith na sgillinge úd do lot, nár chóir go bhféadfainn
tuille maitheasa a dhéanamh go dteipfeadh a lot air?
Tá an sparán agam. Ba mhór an sult a chuid airgid
féin do chur ag déanamh staincín air. Dar fiadh, sin
mar dhéanfad é! Thabharfadh sé seacht gceud púnt ar
mhaith aon sgillinge amháin do lot. Tá deich mbliaghna
agam. Is 'mó sgilling agus pingin agus púnt fhéadfad
a thabhairt ar son an tSlánuightheóra i gcaitheamh deich
mbliaghan. Béidh saothar air ag casadh le lot na
maitheasa go léir. Seadh! Tá an lámh uachtair agam
air sa méid sin ar aon chuma. Bainfead ceól as an
sparán fós, bíodh a's nach ar an gcuma i n-ar cheapas
ar dtúis é. An cladhaire bitheamhnaigh!”



Bhí sé ag déanamh amach ar eadarthra um an dtaca go
raibh a mhachtnamh críochnuighthe agus a aigne socair aige.
D'eirigh sé 'na sheasamh agus d'fheuch sé 'na thímpal ar
an radharc breagh.



“Tá deich mbliaghna agam, pé i n-Éirinn é,” ar
seisean, agus thug sé aghaidh ar an mbaile.


L. 63


Caibidiol a h-ocht.



Ag teacht i gcómhgar an tíghe do Séadna, d'airigh sé
na fir ag caint go h-árd fé mar bhéadh sgeul mór éigin
ar siúbhal acu. Nuair a tháinig sé isteach do stadadar.
D'fhiafruigh sé dhíobh cad do bhí ar siúbhal acu. Bhí
iongnadh ortha é 'ghá fhiafruighe, mar níor ghnáth leis aon
tsuim a chur 'na gcómhrádh.



“Tá,” arsa duine acu, “muíntir Mhicil a bheith i
mbuairt ar maidin indiú.”



D'fheuch Séadna 'na thímpal.



“Agus cá bhfuil Micheál?” ar seisean.



“D'fhan sé sa bhaile,” arsa 'n fear a labhair. “Tá
báille ag teacht ann ag tógáilt chíosa, agus ní deirim
go bhfuil aon leath-phinge airgid fé dhín tíghe acu.”



Níor dhéin Séadna ach casadh agus imtheacht an dorus
amach.



Baintreach dob' eadh máthair Mhicil. Do dhéin sé
ceann ar agaidh ar thigh na baintrighe. Bhí tosach ar an
mbáille aige agus ní raibh ach san. D'fháiltigh an
bhaintreach roimis.



“Cad tá uaidh sin?” arsa Séadna.



“Tá an cíos,” ar sise.



“An mór é?” ar seisean.



“Fiche púnt,” ar sise.



“Seo,” ar seisean. “Tá púnt sa tseachtmhain ag
dul do Mhicheál. Sin fiche púnt d'á phágh roimh ré agat.”



“Airiú,” ar sise, “cad ar a shon go dtabharfá an
oiread san airgid dom roimh ré?”



“Ar son an tSlánuightheóra,” ar seisean.


L. 64


“Go dtugaidh an Slánuightheóir a luach dhuit!”
ar sise.



Bhí sé imthighthe sul a raibh uain aici ar a thuille a rádh.



Tháinig an báille isteach. Hata bán air. Pluic air.
Pus mór-chúiseach air. Caincín ramhar air. Muineál
beathuighthe air. Casóg bhréide ghlas-caorach air. Bolg
mór air. Tárr leathan air. Colpaí air. Bata trom
draighin duibh 'na láimh. É ag cneadaigh agus ag séideadh.



“Cíos nó seilbh, a bhean an tíghe,” ar seisean.



Gobnait. — Ó, am briathar 's ambasa, a Pheig, nach
bhfeaca eighre riamh ar Sheághan an Aonaigh ach é!



Peig. — Agus nach báille Seághan an Aonaigh, a Ghobnait?



Gobnait. — Ambasa iseadh, dar ndóigh.



Peig. — Cad eile mar sin?



“Cíos nó seilbh, a bhean an tíghe,” ar seisean, díreach
mar a deurfadh Seághan an Aonaigh é.



Do ghlaoidh sí ar a mac.



“Seo, a Mhicil,” ar sise, “cómhairimh é sin agus
tabhair do'n duine mhacánta so é.”



Do leath a shúile ar Mhicil, mar ní fheacaidh sé Séadna
ag tabhairt an airgid d'á mháthair, agus do leath a shúile
ar an mbáille, mar ní raibh aon choinne aige go raibh
aon leath-pinge airgid sa tigh. Ghlac sé an cíos agus
thug sé a bhóthar air, agus isé a bhí go cráidhte cancarach,
mar bhí an áit geallta aige an mhaidion chéadna do
dhuine eile ar bhreib mhaith.



“Seadh!” arsa Séadna, ag teacht abhaile dhó, “Má
bhí gnó idir lámhaibh aige ag lot maitheasa mo sgillinge,
bíodh gnó is mó 'ná é anois aige ag lot tairbhe an
fhichid púnt. Is dóigh liom nach misde dhom an gnó san
d'fhágáil idir é féin agus an bhaintreach.”



Tháinig sé abhaile agus chrom sé ar an obair. Ba
ghearr go raibh Micil isteach 'na dhiaigh, agus do chrom


L. 65


sé ar an obair. Níor labhair aoinne an chuid eile de'n
lá, agus ní raibh le cloisint ann ach bog-fheaduíol na
bhfear, anál fhada throm Shéadna, mion-bhuillí na
gcasúr mbeag agus tarang agus fásgadh an tsnátha
chéaraigh.



Nuair a chuaidh Micil abhaile an oídhche sin, d'inis a
mháthair dó cad dúbhairt Séadna le linn an airgid do
thabhairt dí dhó, go ndúbhairt sé gur ar son an
tSlánuightheóra do bhí sé 'ghá thabhairt dí. Bhí iongnadh
ortha araon, mar níor bh'é a dtuairim riamh go raibh
puínn cráibhtheachta ag baint le Séadna.



Do ghluais Micil ag sguruidheacht agus d'inis sé do
bhuachaill eile é. Ba ghearr go raibh sé fada fairsing ar
fuid na dúithe. D'airigh Diarmuid liath é. D'airigh an
báille é. D'airigh Sadhbh é.



“A dhaid,” arsa Sadhbh, “ar airighis cad a dhéin
Séadna le déanaighe?”



“Níor airigheas agus is cuma liom.”



“Sdó', a dhaid, do cheapamar go raibh ciall aige.”



“Airiú, agus cad do dhéin sé?” arsa Diarmuid.



“Do dhéin sé an tuathal, rud nár theip riamh air,”
ar sise.



“Agus cad é an tuathal is deiriníghe atá déanta
aige?” arsa Diarmuid.



“Tá,” ar sise, “dul agus ceud púnt airgid do
thabhairt do'n tsnamhaire bheag san thuas, máthair Mhichíl
bhacaigh.”



“Airiú, a Shadhbh, ná creid é.”



“Ó, go deimhin, a dhaid, ní'l focal bréige ann. Isé
an báille féin d'inis dom é. Ní fheadar cá bhfuair sé
an t-airgead go léir. Agus dar ndóin, cad é an
tairbhe dhó airgead a bheith aige má's mar sin a cheapas
sé é sgaoileadh uaidh? Is maith a dhéinis an cleamhnas


L. 66


do bhriseadh an uair úd. Ní chuirfinn a chathughadh go
bráth dhíom mé bheith pósta ag amadán.”



“Ambasa, a Shadhbh,” arsa Diarmuid, “ní mise a
bhris é.”



“'Dhe agus darfa liath, a dhuine, cia eile bhris é ach
tusa? Dar ndóigh ní h-amhlaidh a mheasfá a rádh gurab
é Séadna do bhris é!”



“Andaigh, a ghamhain, ní dócha gur bhris aoinne é. Ní
raibh sé ann le briseadh,” arsa Diarmuid.



“Ní raibh sé ann le briseadh!” ar sise. “Ní raibh
agus ní bhéidh! Is deas an saghas duine thú! Ní raibh
sé ann le briseadh! Is deas an chaint í sin uait-se.
Siniad do chómharsain uile agus a gclann curtha i gcrích
acu, agus cad 'tá déanta agat-sa? Ní raibh sé ann
le briseadh! Ní raibh agus ní bhéidh!”



Ansan do chrom sí ar ghol.



D'eirigh Diarmuid agus bhuail sé síos chun an doruis
agus chuir sé a ghuala leis an ursain, agus d'fheuch sé
síos an bóthar, agus ansan d'fheuch sé suas an bóthar.



Cáit. — Dá mbéinn i gcás Dhiarmuda deurfainn léi,
“main do dheór nár chuirir díot!”



Peig. — Ní fheadar, a Cháit. B'fhéidir dá mbéidhfeá i
gcás Dhiarmuda nár bh'fhearra dhuit rud a dhéanfá
'ná an rud a dhéin seisean. Isé is dóichíghe gurab
aige b'fhearr a fhios cad ba cheart dó a dhéanamh.



Cáit. — An stiúsaidhe! Is beag orm í.



Gobnait. — Ar airigh Máire Ghearra é, a Pheig?



Peig. — An Domhnach a bhí chúgainn, bhí sí ag caint le
máthair Mhicil, agus fuair sí tuairisg an sgéil díreach
fé mar a thuit sé amach. Bhí áthas mór go léir uirthi
nuair a thuig sí gur thug sé an t-airgead uaidh ar son
an tSlánuightheóra.



“Agus,” ar sise, “tá súil agam anois go dtuillfidh


L. 67


Micheál an t-airgead san chómh macánta agus dá mba
ná béadh sé fághalta roimh ré aige.”



“Dómhaise,” arsa 'n bhaintreach, “siné iongnadh an
sgéil ar fad. Nuair a bhí sé ag díol na bhfear aréir
do shín sé púnt chun Micil mar ba ghnáth. ‘Ó,’ arsa
Micil, ‘táim díolta cheana.’ ‘Glac é sin uaim’, arsa
Séadna, agus b'éigean dó.”



“Seadh!” arsa Máire Ghearra, “bhídís 'ghá rádh ná
raibh creideamh ag Séadna. Bíodh san mar chómhartha
acu air!”



“Creideamh?” arsa 'n bhaintreach. “Ní fheaca a
leithéid riamh. Dá mairinn míle bliaghan ní chuirfinn as
mo cheann an fheuchaint a thug sé orm nuair adúbhairt
sé an focal agus é ag síneadh an airgid chúgam. ‘Ar
son an tSlánuightheóra,’ ar seisean, agus nuair fheuchas
suas air, bhí an dá shúil aige 'á chur tríom i dtreó go
dtáinig iaracht d'anfha orm ná féadfainn a innsint
duit.”



“Éist, a óinsigh,” arsa Máire. “Cad ba ghádh an
t-anfha?”



“Ó, leig dom féin, a Mháire. Is amhlaidh mar atá
an sgeul, dá bhfeuchainn i gcoinnibh a shúl an tarna
h-uair do thuitfinn,” arsa 'n bhaintreach.



“A Shiobhán!” arsa Máire Ghearra.



“Teacht, a Mháire,” arsa 'n bhaintreach.



“Tá rún agam le tabhairt duit,” ar sise, agus bhí
creathán 'na ballaibh agus 'na guth.



“Ná bíodh ceist ort, a Mháire,” arsa Siobhán.
“Coimeádfad-sa do rún, dá mbéadh m'anam air.”



“Tá a fhios agam-sa go maith go gcoimeádfair, a
Shiobhán, ach tá níos mó agat le déanamh dom 'ná mo
rún a choimeád.”



Do stad sí. Níor labhair Siobhán.


L. 68


“Bhíos tamall de m' shaoghal, a Shiobhán,” ar sise,
“agus do cheapas ná pósfainn choídhche.”



“Ní h-aon tamall mór de d' shaoghal atá caithte,”
arsa Siobhán.



“D'á luíghead é, tá sé buartha go maith le déanaighe,”
arsa Máire.



“Ní fheicim puínn ádhbhar buartha agat,” arsa Siobhán.



“Tá mo chroídhe d'á shníomh le buairt,” ar sise.



Ansan do labhair sí i gcogar le Siobhán agus
chaitheadar tréimhse mór ag cogarnaigh. Nuair a bhí an
chogarnach críochnuighthe acu chuaidh Máire abhaile agus
chuaidh Siobhán a chodla. Ach ní baoghal gur thuit aon
neul codlata ar Mháire ná ar Shiobhán an oídhche sin.



Nuair dh'eirigh Siobhán ar maidin isí a bhí go tuirseach.
Nuair a cheap sí a caidhp a chur ar a ceann, is 'na póca
a chuir sí é. Nuair a cheap sí a bróg a chur ar a cois,
is sa teine a chuir sí í mar chuirfeadh sí fód móna.
Nuair a tháinig sí ar a glúinibh chun na bpaidreacha do
rádh, do theip uirthi focal ar bith a rádh le cruinneas ach
“Go gcuiridh Dia ar mo leas mé! Go gcuiridh Dia 's
Muire Mháthair ar mo leas mé!” Nuair a theastuigh
ó Mhicil a chuid bídh d'fhághail, ní raibh an biadh ollamh
dó. Nuair a cuireadh os a chómhair é, ní raibh sé ach
leath-bheirbhthe. Níor leig sé aon nídh air, ach an biadh do
chaitheamh chómh maith agus d'fhéad sé é.



“Tá rud éigin ar mo mháthair,” ar seisean i n' aigne
féin. “Ní fheadar an tsaoghal cad 'tá ag eirighe fúithi.
Ní h-éidir gurab é an báille úd a bhéadh ag teacht
airís? A mháthair,” ar seisean, “tá rud éigin ag
déanamh buartha dhuit. An raibh a thuille le h-éileamh
ag an mbáille an lá úd?”



“Ach! ní raibh, a Mhicil, oiread agus leath-phinge.
Ní'l blúire orm ach nár chodlas puínn aréir.”


L. 69


“Níor bh'fhearra dhuit rud a dhéanfá anois, a mháthair,”
arsa Micil, “'ná dul agus greas a chodladh dhuit
féin.”



“Is olc an rud codladh d'fhínn an lae, a Mhicil,” ar
sise. “B'fhearr do dhuine foidhne dhéanamh air dá
mb'fhéidir é, i dtreó go mbéadh codladh na h-oídhche go
maith aige.”



Do ghluais Micil suas go tigh Shéadna agus do luígh
sé ar a ghnó. Ní raibh dá ghreim curtha aige nuair siúd
isteach 'na dhiaigh a mháthair. Thóg sé a cheann agus
d'fheuch sé uirthi. Thóg Séadna a cheann agus d'fheuch sé
uirthi.



“A Shéadna,” ar sise, “dá mb'é do thoil é, d'oirfeadh
dhom focal a labhairt leat ad' aonar.”



“A Mhichíl,” arsa Séadna, “dá mb'áil leat-sa bualadh
amach ansan tamaillín.”



Do bhuail Micil amach agus chuir sé a dhrom le claidhe
“Ní fheadar an tsaoghal,” ar seisean leis féin, “cad
atá ag eirighe dhí, nó cad é an fuadar é seo fúithi!”



Bhí tor aitinn taobh leis. Chonaic sé ar an dtor beach
bheag i n-achran i snáith ruadháin alla. Do phreab an
ruadhán alla amach as an áit 'na raibh sé i bhfolach agus
thug sé fé bhreith ar an mbeich mbig. Nuair a chonaic
sise ag teacht é chuir an sgeón dúbailt nirt inti, agus
do bhris sí an snáth agus d'imthigh sí.



Síle. — Ó, am briathar, a Pheig, go bhfeaca-sa rud mar
sin ag ruadhán alla dh'á dhéanamh, ach má 'seadh, ní
beach a bhí sa tsnáith ach cuil, agus do rug an ruadhán
alla ar chaol-drom ar an gcuil, agus am briathar
ná raibh aon mhaith dhí bheith ag crothadh a cos agus ag
únfhairt. Choimeád sé a ghreim chun go raibh sí
socair go leór. Agus ansan dá bhfeicfeá mar
fhill sé sa tsnáith í agus mar a rug sé leis isteach í.


L. 70


Gobnait. — Is dócha gur dhéin sé bagún dí.



Sile. — Do rug sé leis í, pé 'n Éirinn é.



Peig. — Ní rug ruadhán alla Mhicil an bheach leis, mar
d'imthigh sí uaidh. Agus nuair a cheap Micil go raibh an
tamaillín caithte d'fhill sé ar an dtigh. Nuair a bhí sé
ag déanamh ar an ndorus d'airigh sé Séadna a' rádh na
bhfocal so:—



“Ba shaoire dhí an bás is measa do fuair duine
riamh, agus í 'ghá fhághail seacht n-uaire i ndiaigh a chéile,
ná mise 'ghá pósadh!”



Do chas Micil agus chuir sé an talamh dé sul ar airigh
sé a thuille. Ach má chuir, ní túisge bhí sé airís ag an
dtor aitinn 'ná d'eirigh árd-fhearg air.



“Is deas an obair í seo,” ar seisean i n'aigne féin.
“Is leamh an gnó dom' mháthair teacht anso ag déanamh
cleamhnais do Shadhbh Dhiarmud' Léith! Fan go
dtéighead-sa abhaile anocht!”



Le n-a linn sin do chonaic sé a mháthair ag déanamh
air agus aghaidh bhán uirthi ar dhath an bháis. Phreab sé
'na coinne.



“Airiú, a mháthair,” ar seisean, “cad 'tá ort?”



“Éist, éist, a mhic ó!” ar sise i gcogar. “Ní'l aon
rud orm. Imthigh isteach chun do ghnótha. Táid na fir
eile ag teacht láithreach.”



Chuaidh Micil isteach. Bhí an dorus ar dian-leathadh
agus gan duine istigh roimis. Bhí inead Shéadna folamh.
Do shuigh Micil agus do tharaing sé chuige a ghnó.
Thánadar na fir 'na nduine 's 'na nduine. Do
ghluais an obair mar ba ghnáth. Níor fhill Séadna an
lá san.



Síle. — Cogar, a Pheig; dar ndóigh ní h-ag déanamh
cleamhnais do Shadhbh a bhí Siobhán?



Peig. — Cad eile, a Shíle, a chuid?


L. 71


Síle. — Do Mháire Ghearra, gabhaim-se orm. Agus ba
dhóigh liom, dá mbéadh aon chiall ag Micil, go
dtuigfeadh sé an méid sin, feuch!



Gobnait. — Agus cá bhfios duit, a Shíle gur do Mháire
Ghearra a bhí sí ag déanamh an chleamhnais, nó cá
bhfios duit an cleamhnas a bhí aici d'á dhéanamh i
n-aon chor?



Síle. — Ó! go deimhin is beag d'á mhearbhall orm. Cad
air gur thug sí féin agus Máire Ghearra an oídhche
ag cogarnaigh? Cad do bhain codla na h-oídhche
de'n bheirt? Cad é an rún a thug Máire Ghearra
dhí? Tá a fhios agam-sa go maith cad a bhí ar
siúbhal acu, geallaim dhuit é.



Peig. — Is dóigh liom, a Shíle, ná fuilir abhfad ó'n
gceart, agus gur géar-chúisíghe go mór thú 'ná
Micil.


L. 72


Caibidiol an naoi.



Peig. — Níor fhill Séadna an lá san, agus níor fhill
sé an oídhche sin.



D'fhan Micil i bhfeighil na h-áite. Is air a bhí an
iongnadh nuair a fuair sé ná raibh Séadna ag teacht.
Thug sé an oídhche 'sa chathaoir shúgáin. Cheap sé ó am
go h-am go mbéadh Séadna chuige an dorus isteach.
Trí h-uaire do phreab sé 'na shuidhe agus chuaidh sé go
dorus. D'airigh sé ciscéim duine, dar leis féin, gach
uair díobh, agus thabharfadh sé an leabhar gur bh'é Séadna
a bhí ann. An uair dheirineach díobh, cheap sé go bhfeacaidh
sé Séadna féin ag déanamh ar an ndorus, agus do bhog
sé a bheul chun labhartha leis, ach nuair dh'fheuch sé níos
cruinne ní raibh aoinne ann. Níor chuaidh sé go dorus
a thuille. D'fhan sé sa chathaoir i n-aice na teine. Chuir
sé fód móna síos anois agus airís. Bhí sé ansan faid
gach n-fhaid. Cheap sé nár bh'fhéidir aon oídhche bheith chómh
fada. Do bhí uaigneas agus crith-eagla air agus
faitchíos, agus níor fhág san é gan múisiún codlata
bheith air ó am go h-am. Do thuit múisiún díobh air ba
thruime 'ná a chéile, agus do chonaic sé lán an tíghe de
dhaoinibh beaga dubha 'na thímpal, agus iad go léir ar a
thí, agus aon duine uasal amháin ann agus é 'ghá chosaint
ortha. Do shleamhnuigh duine acu isteach ar an dtaobh
thiar de'n duine uasal agus thug sé fobha fé Mhicil, agus
a fhiacla nochtaithe aige.



Do phreab Micil as a chodla. Bhí oiread fraocháin
ins gach braon alluis a bhí leis, agus é ar baill-chrith.



“A Mhuire na bhfeart!” ar seisean, “cad a
dhéanfad? Nó cad d'imthigh ar an oídhche go bhfuil sí


L. 73


chómh fada? Nó cad d'imthigh ar Shéadna, nó cad 'tá
'ghá choimeád? Má oirean dó cleamhnas a dhéanamh le
Sadhbh, nár chóir go mbéadh an lá fada a dhóithin chuige
agus gan bheith ag caitheamh na h-oídhche amuich ar an
gcuma so? Is dorcha an duine é. Is deacair bheith
suas leis. Dubhairt sé gur shaoire dhí bheith marbh 'ná
é 'ghá pósadh, agus siné anois é 'ghá pósadh ar a dhícheal.
Ní fheadar an tsaoghal cad uime gur shaoire dhí bheith
marbh 'ná é 'ghá pósadh. Bá dhóich liom-sa gur shaoire
dhó-san bheith marbh 'ná Sadhbh 'ghá phósadh. Ní phósfainn í
ar a bhfuil d'airgead ag Séadna agus aici féin agus
ag á h-athair i dteannta a chéile, feuch!”



Le n-a linn sin thug sé fé ndeara solus mar bhéadh
eirighe an lae. Chuir san árd-mhisneach air. Ach i gceann
tamaill isé rud d'eirigh 'ná an ghealach. Nuair a
chonaic sé solus na gealaighe ag taithneamh isteach tríd
an bhfinneóig agus anonn ar an gclabhar mar a raibh an
mhealbhóg ar crochadh, agus gan aon leus de sholus an
lae ag teacht, do dhubhuigh agus do ghormuigh aige, i
dtreó, dá leigeadh eagla dhó é, go gcromfadh sé ar ghol.
Nuair a tháinig an solus cruinn ar an mealbhóig do
chuir sé dealbh cinn duine uirthi. Cheap Micil ná feacaidh
sé eighre riamh ach é ar cheann na caillighe sa sgeul
fiannuidheachta, go mbíodh an dá fhiacal ba shia siar 'na
ceann mar dhá mhaide croise aici. Nuair a bhí sé ag
feuchaint tamall air do choruigheadar na súile agus do
bhog an beul mar bhéadh sé chun labhartha. Bhí a fhios ag
Micil go maith ná raibh ann ach an mhealbhóg, ach mar sin
féin do choruigh a chuid fola agus do sheasaimh a ghruaig
agus do ghluais colgrithfín fan chnámha a dhroma.
B'éigean dó a shúile do dhúnadh sul a mbéadh sé ag
feuchaint ar na súilibh úd ag coruighe. Bá ghearr go
mb'éigean dó iad d'osgailt airís le h-eagla agus le


L. 74


sgannradh. Fé dheire do tháinig sgamal ar an ngealaigh,
agus do cuireadh an mhealbhóg 'na riocht féin. Ba mhór
an fhuasgailt é. Ghabh Micil a bhuidhchas le Dia go
dúthrachtach, ná bíodh eagal ort, agus ní foláir nó do
thuit sámh-chodla le n-a linn sin air, mar isé ceud rud
eile a thug sé fé ndeara 'ná an ghrian ag taithneamh ar
an mealbhóig i n-inead na gealaighe, an obair ar siúbhal
'na thímpal, bog-fheaduíol na bhfear, mion-bhuillí na
gcasúr mbeag, agus tarang agus fásgadh an tsnátha
chéaraigh. D'fheuch sé anonn ar inead Shéadna. Bhí
Séadna féin ann, agus é ag obair chómh dian chómh
díchealach agus dá mba ná béadh cuid na h-oídhche aige
go dtí go mbéadh an bhróg san díolta.



D'eirigh Micil agus d'fheuch sé anonn ar a shuidhchán
féin.



“A Mhichíl,” arsa Séadna, “eirigh-se abhaile agus ith
rud éigin agus codail greas eile. Tá págh an lae
indiú tuillte agat tar éis na h-oídhche. Ní gádh dhuit
teacht chun oibre go dtí maidin amáireach.”



Le linn na cainte sin do rádh dhó, d'fheuch sé ar Mhicil,
agus d'á mhéid codla a bhí i súilibh Mhicil, thug sé fé
ndeara an fheuchaint. D'fheuch sé deich mbliaghna níos
sine 'ná mar 'fheuch sé indé roimhe sin. Chomáin Micil
leis abhaile. Ach níor sgar an fheuchaint úd le n-a
chuimhne.



“Tá buairt mhí-chuíbhsach éigin air,” ar seisean i
n'aigne féin. “Ní mór dom é innsint dom' mháthair,
agus a chur 'na cómhairle cad is ceart a dhéanamh.”



Tháinig sé go dtí an tigh, ach má tháinig, ní raibh tásg
ná tuairisg a mháthar ann roimis. Ní raibh críosdaídhe
an Luain ann. Do chuarduigh sé mór-thímpal an tíghe.
Do ghlaoidh sé uirthi. Ní raibh maith dhó ann.



“Ó, mhais'! Ó, mhais'! Ó, mhais'!” ar seisean.


L. 75


“an bhfeacaidh aoinne riamh a leithéid? Chómh siúrálta
agus tá bianna ar mhaide bacaigh, tá sí imthighthe síos go
tigh Dhiarmuda Léith ag críochnughadh an chleamhnais!
Agus cad a dhéanfad? Cad a dhéanfad i n-aon chor?
Ní cheadóchainn ar ór na cruinne Séadna d'á phósadh leis
an ansgian mná san. Ó! Ó! Ó! Cad a dhéanfad i
n-aon chor? Mheasas go raibh ciall agam' mháthair, agus
dar ndóich ní'l fasg aici agus a leithéid sin de chleamhnas
a bheith idir lámhaibh aici. Ní'l rud ar bith agam le
déanamh ach an t-aon rud amháin, an talamh do chur díom
síos láithreach bonn, agus an cleamhnas a bhriseadh sul a
mbéidh sé ró dhéanach. An stiúsaidhe mí-náireach mór-
chúiseach! Humhth! Is beag an iongnadh feuchaint
chríonna chaithte aige! Ní fheadar ó thalamh an domhain
cad é an greim atá acu air. Ní h-éidir gurab amhlaidh
a bhéadh sé tar éis ceangail nó geallamhna éigin a chur
air féin agus go mbéidís anois a d'iaraidh airgid do
bhaint amach? Bhíomair go léir ag magadh fé Dhiarmuid
an lá úd a chuaidh sé suas. B'fhéidir go raibh a fhios
aige féin cad a bhí ar siúbhal aige. ‘Ní'l sprid ná púca
gan fios a chúise aige féin.’ Agus feuch, ní dúbhairt
Séadna, ‘Ní phósfad í,’ ach, 'Ní'l aon fhonn pósta
orm.’ B'fhéidir ná tiocfadh briseadh an chleamhnais chómh
saoráideach chúgam agus cheapas é. — Agus feuch, airiú!
Sidé anso mé ag cur agus ag cúiteamh, agus b'fhéidir
an cleamhnas d'á chríochnughadh agam' mháthair. Nár chúitigh-
thear a saothar léi! Mura deagh-chómharsanach atá sí!”



Bhí sé páirc ó'n dtigh sul a raibh an machtnamh déanach
san críochnuighthe aige, agus é ag déanamh ceann ar
aghaidh síos ar thigh Dhiarmud' Léith, agus é ag cur na
slíghe dhé chómh tiugh i n-Éirinn agus bhí sé sa chois bhacach
í chur dé. Ba ghearr go raibh sé ar aghaidh tíghe Dhiarmuda
amach agus saothar air.


L. 76


Ní raibh Diarmuid sa dorus fós. Bhí sé ró luath sa
lá. Sheasaimh Micil ar aghaidh an doruis amach.



“A mháthair!” ar seisean, i n-árd a chinn 's a ghutha.



Chuir Sadhbh a ceann amach sa dorus, agus greim aráin
aici d'á chogaint.



“A mháthair!” arsa Micil airís. “Tar amach anso
agus siúbhail leat abhaile láithreach. Tá gnó éigin eile
le déanamh agat d'éaghmuis bheith ag teacht anso ad'
mhaidrín lathaighe acu. Má tá cleamhnas le déanamh acu
déinidís féin é nó leigidís dó.”



Do shloig Sadhbh an greim do bhí 'na beul.



“Airiú, greadadh chúgat, a bhacacháin!” ar sise, “Cad
tá anois ort?”



“Bacachán an eadh?” arsa Micil. “Tá mo dhá
dhóithin orm. Ní rabhais-se sásta t'ainim féin agus
ainim t'athar a bheith i mbeul na ndaoine, gan mo mháthair-
se do tharang isteach i nbhúr ngnó. Ach tabharfad-sa
togha an aireachais an rud a theip oraibh féin ná cuirfidh
sibh chun cinn é le n-a congnamh-san. A mháthair! A
mháthair, adeirim!”



“Imthigh leat abhaile, a thulcais, agus ná bí 'gár
mbodhradh! Agus má thógais braon, eirigh a-chodla agus
cuir díot é,” ar sise.



“Deirim leat ná fágfaidh aon chos díom an áit seo
go dtagaidh sí amach,” ar seisean. “Agus deirim rud
eile leat, agus creid uaim é, nach gádh dhuit bheith ag
caitheamh do bhalcaisí dhíot nuair ná pósfaidh Séadna thú.
Ní phósfadh sé thú dá mba ná béadh i n-Éirinn ach tú, a
stiúsaidhe sheanda! A mháthair! A mháthair, adeirim!
Tar anso amach, nó raghad ist ach agus tabharfad amach
ar mo, bhacalainn thú.”



“Airiú, a bhrealláin bhacaigh mura bhfágair an áit sin
agus glanadh as mo radharc go diair, cuirfead cómhartha


L. 77


ort a leanfaidh dhíot an fhaid a bhéidh cos cham ort,” ar
sise, agus ní h-ag caint a bhí sí ach ag sgreadaigh agus
ag léimrigh, agus a gruaig ag rinnce mór-thímpal
a cinn.



D'imthigh sí isteach. Cheap seisean go mbéadh a mháthair
chuige amach. I n-a inead san, is amhlaidh d'fhill Sadhbh
agus árthach 'na láimh. D'osgail sí an dorus agus do
steall sí a raibh san árthach fé n-a cheannachaibh. Ba
mhaith an mhaise aige é, do léim sé i leath-taoibh. Do
ghluais an t-uisge a bhí san árthach treasna an bhóthair
agus gal beirbhthe as.



“A chuirpthigh!” ar seisean. “An amhlaidh a mheasais
mé mharbhadh?”



“Bain an chluas díom,” ar sise, “dá bhfaghthá an
méid sin ná tiocfá anso airís ag lorg do mháthar, an
snamhaire!”



Le n-a linn sin, seo amach Diarmuid agus a chaipín
breac air. Do rug sé ar ghualainn ar Mhicil.



“A Mhicil,” ar seisean, “tá dearmhad éigin ort.
Ní'l do mháthair anso, ná ní raibh, ní fheadar cathain.”



“An ndeirean tú liom é?” arsa Micil.



“Deirim gan amhras,” arsa Diarmuid. “An amhlaidh
ná fuil sí sa bhaile?”



“Ní raibh sí sa bhaile nuair 'fhágas-sa an baile,” arsa
Micil.



“An raibh sí sa bhaile aréir?” arsa Diarmuid.



“Is fíor dhuit go díreach,” arsa Micil. “B'fhéidir
go raibh, agus gurab amhlaidh dh'fhágas am' dhiaigh sa bhaile
í.”



Bhí aithne ag Micil ar Dhiarmuid agus ar a cheisdiughchán,
ach ní raibh sé le dul uaidh chómh saor.



“Stad, a Mhicil,” arsa Diarmuid. “Ná bí 'ghá
leigint ort gur amadán tú, mar ní h-eadh. Cad do


L. 78


chuir ad' cheann í bheith anso ag déanamh cleamhnais do
Shadhbh agus do Shéadna?”



Bhíodar ag siúbhal go socair agus ag druidim
ó'n dtigh, aghaidh Mhicil ar an mbaile, Sadhbh ag
callaireacht 'na ndiaigh, agus Diarmuid ag feitheamh le
freagra.



“Dómhaise go deimhin,” arsa Micil, “do chuir rud
greannmhar. Taidhreamh a déineadh aréir dom. Cheapas
go rabhas i dtigh Shéadna am' aonar, am' shuídhe sa
chathaoir shúgáin agus an mhealbhóg ar m'aghaidh amach ar
crochadh ar an gclabhar. Tháinig dealbh cinn mná ar an
mealbhóig. Do labhair an ceann liom. D'aithnigheas
glór Shadhbh ag teacht as. ‘Tá do mháthair,’ arsa 'n
ceann, ‘ag briseadh a croídhe ag casadh le cleamhnas do
dhéanamh idir mise agus Séadna, ach ba shaoire do
Shéadna an bás ba mheasa a fuair duine riamh 'ná mise
'ghá phósadh.’ Le n-a linn sin do phreabas am' dhúiseacht
agus do phreabas am' shuídhe. Do ghlaodhas ar mo
mháthair. Ní bhfuaras aon fhreagra. Cheapas láithreach
gur anso a bhí sí, agus do leanas í.”



D'fheuch Diarmuid air idir an dá shúil. Níor staon
Micil. Dá bhfaghadh Diarmuid Éire air ní fheudfadh sé
a dhéanamh amach cia'cu fírinne nó éitheach bhí ag Micil
d'á innsint. Do stad sé ar feadh tamaill mhaith. Fé
dheire dúbhairt sé:—



“Tá eagal orm, a Mhicil, gur bh'é taidhreamh na súl
n-osgalta agat é.”



“Dómhaise go deimhin,” arsa Micil, “siné díreach an
sgeul. Ní féidir liom a dhéanamh amach ar an neómat
so, agus ní dócha go ndéanfad amach choídhche, cia'cu
am' chodla nó am' dhúiseacht a bhíos nuair ghlaodhas ar mo
mháthair.”



“Chómhairleóchainn duit,” arsa Diarmuid, “pé


L. 79


taidhrimhthe déanfar duit, gan teacht airís. Imthigh ort
abhaile anois, agus go dtugaidh Dia ciall níos fearr
duit! Do chuadhais as go dian mhaith.”



Do sgaradar.



“Seadh,” arsa Micil leis féin, “ba dhóbair dom an
donas a dhéanamh. Ní fheadar an tsaoghal cár thug mo
máthair an oídhche.”



Nuair a tháinig Micil abhaile, bhí a mháthair ann roimis.
Bhí a h-aghaidh agus a súile ataithe ó bheith ag gol.



“A mháthair,” arsa Micil, “cá raibh an tóramh?”



“Cad a thug abhaile thú, a Mhicil?” ar sise.



“Sdó,” ar seisean, “d'fhanas i bhfeidhil tíghe Shéadna
aréir, mar do thug sé féin an oídhche i mball éigin as
baile, agus ansan ar maidin indiú dúbhairt sé liom
imtheacht abhaile agus greas a chodladh dhom féin; go
raibh págh an lae seo tuillte agam tar éis na h-oídhche.”



“Airiú,” ar sise, “agus cár chaithis an lá ó mhaidin?”



“Bhí an lá go breagh,” ar seisean, “agus ní raibh
tuirse ná codla orm, ach má 'seadh tá ocras anois orm,
geallaim dhuit é.”



Thug sí rud le n-ithe dhó, agus má thug, ba mhaith an
díol air é. Ba ghearr an mhoill air mias mhaith mhór a
ghlanadh. Nuair a bhí a chuid bídh caithte aige do chrom
sé ar chaint.



“A mháthair,” ar seisean.



“Teacht, a Mhicil,” ar sise.



“Níor innsis dom cá raibh an tóramh,” ar seisean.



“Cad a choimeád Séadna as baile i gcaitheamh na
h-oídhche aréir?” ar sise.



“Ní h-i gcaitheamh na h-oídhche aréir amháin a bhí sé as
baile, ach ó mhaidin indé. Nuair a thánaís-se amach ar
maidin indé ó bheith ag caint leis agus tú i riochtaibh
dul i laige, do chuadhas-sa isteach agus ní raibh sé


L. 80


rómham istigh. Níor tháinig sé i gcaitheamh an lae, agus
ansan nuair a bhíodar na fir ag dul abhaile, d'fhanas-sa
bhfeidhil na h-áite. Cheapas an uile neómat go mbéadh
sé chúgam an dorus isteach. Thuit mo chodla orm tráth
éigin de'n oídhche, agus nuair dh'osglas mo shúile, is
amhlaidh a bhíodar go léir ag obair am' thímpal, agus
Séadna ann leis. Agus cogar, a mháthair, tá buairt
mhór éigin air.”



“Dhé, cad í an bhuairt a bhéadh air? Ná fuil a dhóithin
an tsaoghal airgid aige agus an uile dhuine buidheach
dhe?”



“Tá a fhios agam-sa aoinne amháin ná fuil ró bhuidheach
dhé,” arsa Micil.



“Cia h-é sin?” ar sise.



“Tá, Sadhbh Dhiarmuda,” ar seisean.



“Airiú, cad é an chúis?” ar sise.



“Tá,” ar seisean, “cúis a dóithin, mar ná pósfadh
sé í.”



“Dhe, sgeimhle uirthi, an cairiún! Cia phósfadh í sin?”



Do thuit Micil siar ins na trithíbh dubha ag gáirídhe.



“Cairiún! Cairiún! Cairiún!” ar seisean. “Ó
nach truagh nár chuimhnigheas ar an ainim sin ar maidin!”



“Agus cad é an gnó a bhéadh agat dé ar maidin?”
ar sise.



“Ar maidin an lae fé dheire, adeirim,” ar seisean,
“nuair a cuireadh síos ann mé a d'iaraidh leathair, agus
thug sí ‘bacachán’ orm.”



“Thug sí ‘bacachán’ ort!” arsa 'n mháthair. “Dá
mbéinn-se ag éisteacht léi, do 'neósainn di cia h-iad
na bacacháin a bhain léi, agus do 'neósainn rud eile dhi
ná 'neósad duit-se anois, rud a bhainfeadh an mhórdháil
di, geallaim dhuit é.”



“Agus cogar, a mháthair. Má 's é sin do mheas


L. 81


uirthi, cad chuige go ndeachais suas go tigh Shéadna ar
maidin indé a d' iaraidh cleamhnais a dhéanamh idir í féin
agus Séadna?”



“Cleamhnas idir í féin agus Séadna! Airiú, do
bháithfinn mé féin sul a ndéanfainn a leithéid,” ar
sise.



“Má 'seadh, cad chuige dhuit a rádh le Báb an Leasa,
an lá úd a bhí sí anso, ná pósfadh Séadna aon bhean i
n-Éirinn ach Sadhbh?” ar seisean.



“Báb an Leasa? Dhe mhaise, an óinseach, mar do
theastuigh uaim cosg éigin a chur le n-a teangain, agus
gan í bheith 'ghá mhaoidheamh ar fuid na dúithe go bpósfadh
sé í féin, agus an dúthaigh ag magadh fúithi.”



“Dómhaise go deimhin,” arsa Micil, “agus ní'l aon
mhaith dhuit bheith 'ghá cheilt orm, is cleamhnas a bhí idir
lámhaibh agat ar maidin indé.”



“Agus cá bhfios duit-se cad a bhí idir lámhaibh agam?”



“Mar do labhair sé árd, agus d'airigheas an focal
‘ba shaoire dhí bás d'fhághail 'ná mise 'ghá pósadh.’”



“Cogar, a Mhicil,” ar sise. “Dá bhfaghthá-sa do thoil
sa sgeul, cia h-í an bhean do thoghfá dhó?”



“Máire Ghearra gan amhras,” ar seisean.



D'fheuch sí air go geur.



“Agus cad é an chúis,” ar sise, “go dtoghfá Máire
Ghearra dhó seachas aon bhean eile de na mnáibh seo go
bhfuil an saoghal mór 'ghá bpósadh leis?”



“An chéad phuinte 'ná a chéile dhe, a mháthair, ní'l
meas mór agam ar chaint an tsaoghail mhóir. Is cuma
leis an saoghal mór, ach bheith ag caint, cad é díobháil nó
tairbhe na cainte a dhéinean sé go minic. Siné an
saoghal mór 'ghá phósadh le Sadhbh Dhiarmuda. B'fhearra
dhó é féin a bháth'. Ní thoghfá-sa Báb an Leasa dhó. Ní
dheirim olc maith ná donaidhe le Nóra an Tóchair, ach


L. 82


deirim go bhfuil breall ar an saoghal mór, agus go
mb' fhearr liom breall air 'ná a chómhairle a ghlacadh.”



“Agus feuch,” arsa 'n mháthair, “siné an saoghal mór
'ghá phósadh le Máire Ghearra, agus nach maith ná faghan
té aon locht air.”



“Nára' slán comórtas, go deimhin, Máire Ghearra
agus an chuid eile acu! Cá bhfuil leithéid Mháire Ghearra
le fághail! Ní'l ins na seacht bparóistibh. Bean bhreagh
dhathamhail uasal. Bean chiallmhar thuisgionach dheagh-
thabhartha suas, go bhfuil bocht agus saidhbhir buidheach di.
Bean dhiadha dheagh-shomplach, gur fearr-de an pobal
n-a n-éistean sí Aifrean ann. Tá uraim ag olc agus
ag maith dhi. Dá mbéadh beirt bhan ag troid agus go
bhfeicfidís ag teacht í, do stadfaidís go mbéadh sí
gabhtha thársa, chómh maith agus dá mb'é an sagart a
bhéadh ann.”



“Ní fheadar,” arsa 'n mháthair, “dá mbéadh Sadhbh ag
troid ar an mbóthar, an stadfadh sí dá bhfeiceadh sí
Máire ag teacht.”



“Dómhaise, am briathar mhóide, a mháthair,” ar seisean,
“go bhfeacaidh mo dhá shúil í 'ghá dhéanamh, agus nár chuir
aon rud riamh a leithéid d'iongnadh orm, feuch! Bhíos
ag dul soir go tigh na mBúrcach le teachtaireacht.
Nuair a bhíos ag déanamh ar thigh Dhiarmuda d'airigheas
Sadhbh ag callaireacht, aghaidh na muc agus na madraí
aici d'á thabhairt ar chómharsain éigin. Cia gheabhadh anoir
de thigh an chúinne ach Máire Ghearra. Ní túisge a
chonaic Sadhbh í 'ná do stad an challaireacht. Do chrom
sí a ceann, agus d'imthigh sí isteach abhaile go ríghin.”



“Agus nach mór an iongnadh,” arsa 'n mháthair, “nár
choruighis tú féin fadó chun cleamhnais a dhéanamh do
Séadna léi?”



“'Sdó, sin é go díreach an sgéal,” ar seisean. “Do


L. 83


cheapas-sa go ndéanfá-sa fadó é, agus gur cruinne
agus gur dheas-lámhachaíghe chuige thú 'ná mise go mór.”



“Tá eagal orm,” arsa 'n mháthair, “go bhfuil dearmhad
ort sa méid sin. Dá mbéadh cleamhnas d'á shaghas le
déanamh, ceapaim-se ná fuil aoinne is fearr a dhéanfadh
é 'ná thú féin, go mór mór ó tá an oiread san dúil
agat é fheisgint déanta.”



“Go deimhin agus go dearbhtha, a mháthair,” ar seisean,
“tá an ceart sa méid sin agat, pé i n-Éirinn é.
B'fhearr liom 'ná a bhfeaca riamh go bhfeicfinn an
cleamhnas san déanta. Ní raibh aon bheirt riamh níos
oireamhnaíghe d'á chéile 'ná an bheirt. Ba dheacair
maitheasaí Mháire do shárughadh, agus tá seisean maith a
dóithin dí. Ba mhaith liom an cleamhnas a dhéanamh ach
ná feadar conus cur chuige.”



“Conus a chuirfeá chuige ach imtheacht siar go tigh
Sheághain Cheataigh féin, agus glaodhach i leath-taoibh ar an
nduine agus t'aigne do nochtadh dhó? Ansan, má
thaithnean do chaint leis, cuirfidh sé féin os cómhair a
inghíne an sgeul, agus má thaithnean an cleamhnas léi-se
nach shin leath an ghnótha déanta?”



“Dar fiadh,” ar seisean, “tá an ceart agat.
Imtheóchad anois láithreach.” Agus siúd chun siúbhail é.



“Go n-eirighidh leat níos fearr 'ná d'eirigh liom-sa!”
ar sise 'na h-aigne féin.


L. 84


Caibidiol a deich.



Ar maidin, lar na mháireach, bhí Séadna agus a lucht
oibre ag obair ar a lán-dícheal. Bhí bog-fheaduíol na
bhfear, agus mion-bhuillí na gcasúr mbeag, agus tarang
agus fásgadh an tsnátha chéaraigh ar siúbhal chómh dian
agus dá mba ná béadh bróg ná buatais d'á dhéanamh i
n-aon bhall eile ar thalamh tirim na h-Éirean.



“Cé h-é sin aníos?” arsa duine des na fearaibh.
Thóg gach aoinne a cheann ach Micil.



“Seághan Ceatach go deimhin!” arsa duine eile.



Do phreab Séadna 'na shuidhe agus siúd amach é, agus
síos i gcoinnibh Sheághain Cheataigh.



Thug an bheirt tamall mór ag gabháil treasna na
páirce, anonn agus anall, ag caint agus ag cur thré
chéile, ach do bhíodar ró fhada síos, i dtreó nár fhéad
aon duine des na fearaibh focal de'n chaint a dhéanamh
amach. Fé dheire do sgaradar le n-a chéile. Do thug
Seághan Ceatach a aghaidh siar ar a thigh féin. Ach i
n-inead filleadh chun a ghnótha, do thug Séadna a aghaidh
an bóthar soir chun na sráide.



Do léim Micil, agus chaith sé uaidh an bhróg a bhí idir
lámhaibh aige, agus siúd fá dhéin a thíghe féin é ar sodar.



Chómh luath agus tháinig sé ar an dtaoibh istigh de
dhorus, “A mháthair!” ar seisean, “a leithéid seo. Tá
an cleamhnas déanta!”



“Éist do bheul!” ar sise.



“Ó, go deimhin tá,” ar seisean. “Bhí Seághan
Ceatach féin thuas ó chianaibh, agus bhí sé féin agus
Séadna ar feadh uair a' chloig sa pháirc ag caint, agus


L. 85


ansan d'imthigh Seághan Ceatach abhaile agus tá Séadna
imthighthe soir go tigh an tsagairt.”



“Cad a bhí acu d'á rádh sa pháirc?” ar sise.



“Ní fheadar,” ar seisean. “Bhíodar ró fhada
uaim.”



B'fhíor do Mhicil é. Bhí Séadna imthighthe go tigh an
tsagairt, ach má 'seadh, ní chun an chleamhnais a chríoch-
nughadh é.



“Dia dhuit, a Shéadna!” arsa 'n sagart. “Is
cneasda go léir na bróga iad súd a chuiris chúgam an
lá fé dheire.”



“Dia 's Muire dhuit agus Pádraig, a Athair! Tá
áthas orm mar thaithnid na bróga leat. Ach isé rud a
thug anois chun cainte leat mé 'ná mé bheith i gcruadh-
chás.”



“Go deimhin agus go dearbhtha, a Shéadna, is oth liom
san do chlos; agus ní mé amháin, ach ní'l duine ar fuid
na dúithe, íseal ná uasal, bocht ná saidhbhir, nár bh'oth
leó é. Agus go deimhin féin, agus ní i dtaoibh tu
bheith láithreach adeirim é, ba mhaith an ceart dóibh.”



“Is 'mó céim cruaidh gur ghabhas tríd le tamall, a
Athair. Ach sidé an greim is géire d'ár rug riamh ar mo
chroídhe. Tá aithne agat ar inghín Sheághain Cheataigh?”



“Tá gan amhras, a Shéadna. Cia aige ná fuil aithne
ar Mháire? An óig-bhean is creideamhnaíghe sa
pharóiste.”



“Ní'l a leithéid eile ag siúbhal drúchta indiu, a Athair,
agus is amhlaidh mar atá an sgeul agam-sa le fada,
do thabharfainn a bhfuil an tsaoghal agam, agus a raibh
riamh agus a mbéidh go bráth, ar neart a bheith dhom í
phósadh.”



“Is truagh nár innsis an méid sin dom fadó, a mhic
ó. Tá a fhios agam-sa, ar slígh nach misde dhom a


L. 86


innsint duit-se anois, go bhfuil an aigne chéadna ag
Máire dhuit-se atá agat-sa di-se.”



“Cad é sin agat d'á rádh, a Athair?” arsa Séadna,
agus sgeón ann.



“Tá an rud atá ar eólas agam, isé sin gur gioraide
a saoghal do Mháire Ghearra mura bpósfar leat-sa í.
Tá sí dh'á snaoidh amach os cómhair ár súl.”



“Ó! Dia le m'anam!” arsa Séadna. “Tá an sgeul
níosa seacht measa 'ná mar a bheartuigheas!”



“Airiú, an as do mheabhair ataoi?” arsa 'n sagart?



“Ó! ní h-as mo mheabhair, a Athair, ná as mo chéill.
Is ró chruinn atá gach taobh acu agam. Tá bean bhocht
ansúd thiar gur chuireas comaoine bheag uirthi an lá fé
dheire. Tháinig sí, mar mhaithe liom, dar léi, agus do
labhair sí liom ar an ngnó so. Cheapas gur chuireas i
n-iúl dí, soiléir go leór, ná raibh aon bhreith agam ar
chleamhnas a dhéanamh le Máire Ghearra, ná le h-aon
mhnaoi eile. Cheapas go gcuirfeadh sise i n-iúl é do
Mháire féin agus d'á h-athair, agus go raghadh an sgeul
chun suaimhnis gan cheataíghe do dhuine ar bith ach dom
féin. I n-a inead san, is amhlaidh atá mí-ádh éigin d'á
thiomáint ar aghaidh agus d'á chur chun cinn, do'm lom
deirig aimhdheóna. Do tháinig an duine galánta féin i
leith de shiúbhal a chos ar maidin indiú, 'ghá innsint dom
ná raibh aon fhear i n-Éirinn dob' fhearr leis mar
chleamhain 'ná mé. Agus nuair a chuireas i n-iúl dó,
chómh réidh agus d'fhéadas é, ná raibh aon bhreith agam ar
phósadh choídhche, ba dhóich leat gur bh'í an oídhche do thuit
i lár an lae air. Agus anois, mar bhara ar gach ndonas,
tuigim uait-se, a Athair, go bhfuil díobháil sláinte d'á
dhéanamh do Mháire Ghearra féin. Is truagh an sgeul
é! Is truagh agus is tubaisteach an sgeul é!”



D'fheuch an sagart air.


L. 87


“A Shéadna,” ar seisean, “is tú an fear, is
éagsamhlaíghe d'ár bhuail riamh fós umam i n-aon taobh
d'ár thugas m'aghaidh. Nuair a thánaís isteach, do
thuigeas uait ná raibh nídh ar bith ag briseadh do chroídhe
ach gan neart a bheith dhuit Máire Ghearra do phósadh.
Anois, siné a h-athair, le n-a lán-toil féin, 'ghá bronnadh
suas ort, agus ní'l agat le rádh ach gur truagh agus gur
tubaisteach an sgeul é! Cad é mar shaghas duine thú?
Nó cad tá uait?”



“Ní h-iongnadh tú ag cur na ceiste sin, a Athair,”
arsa Séadna. “Is deacair a rádh cad é an saghas
duine mé, ná cad tá uaim. Pé saghas duine mé, tá
an méid seo agam le rádh i dtaoibh an chleamhnais seo:
ba shaoire do Mháire Ghearra an bás is dona d'á bhfuair
daonaidhe riamh 'ná mise 'ghá pósadh. Siné an saghas
duine mé. Dá bhféadfainn teacht suas le duine éigin
do labharfadh léi agus do nochtfadh an sgeul san dí,
agus do thabharfadh cómhairle a leasa dhí, .i. mise do chur
as a h-aigne agus as a croídhe, agus í féin a thabhairt
suas do Dhia mar a thug sí riamh, siné atá uaim. Cheapas
go ndéanfadh an bhaintreach é. Má dhéin, níor tháinig
léi. D'iaras ar Sheághan Cheatach féin ó chianaibh é
dhéanamh. Is baoghal liom ná feadair an duine cad is
maith dhó a dhéanamh. Do thánag chúgat-sa, a Athair, ag
brath air, as méid do thaithíghe agus do thuisgiona agus
do mheabhrach cinn féin, go ndéanfá é, nó go gcómhair-
leóchthá cad is fearr a dhéanamh sa chás.”



“Tá eagal orm, a Shéadna,” arsa 'n sagart, “go
bhfuil éagcóir throm agat d'á déanamh ort féin. Tá
aithne mhaith agam ort le fada. An lá is dealbha d'á
rabhais, níor airigheas luach feóirlinge ag aoinne d'á
chur ad' leith. An lá is neamh-spleadhchaíghe d'á rabhais,
níor h-abradh riamh gur dhéinis éagcóir ar cheardaidhe,


L. 88


ná go raibh a chuid alluis agat gan díol as. Dealbh
ná saidhbhir, níor airigheas duine riamh 'ghá rádh go
bhfeacaidh sé thú ag teacht abhaile ar meisge, sáithte i
mbruighin, ná ag cómhluadar le droch chuideachtain.
Ní'l goid ná fuadach le cur ad' leith. Ní'l dlígh
ná clampar ná achran le cur ad' leith. Na daoine
go bhfuil do chuid acu, ba dheacair iad d'áireamh.
Níor chlos fós gur dhian tú 'ghá éileamh ortha. Do chlos
go minic gur bh'olc an díol ar chuid acu puínn chomaoine
do chur ortha. Ní féidir liom a dhéanamh amach — a'
dtuigean tú mé? — cad é an chúis gur shaoire dhí bás
d'fhághail 'ná tusa 'ghá pósadh.”



“Ná déan a thuille taighde ar an sgeul, a Athair,”
arsa Séadna. “Is ag duine féin is fearr a fhios cá
luighean an bhróg air. Do thánag a d'iaraidh do chómhairle
chun an chleamhnais seo do bhriseadh. Bris é, mura
mian leat í chur d'á losgadh i n-ifrean! Táir ag
áireamh mo mhaitheasaí. Is suarach le h-áireamh iad. Pé
tairbhe atá déanta agam, is ar aon aigne amháin do
dhéineas é. Do dhéineas ar son an tSlánuightheóra é,
ní 'ghá mhaoidheamh ar Dhia é! Ach cad é an tairbhe dhom
é, má dhéinim an éagcóir seo anois?”



“A Shéadna,” arsa 'n sagart, “ceapaim go dtuigim
an sgeul fé dheire. Tuigtear ad' aigne dhuit go
ndéanfá éagcóir ar Mháire Ghearra, dá bpósfá í. Táir
ag diúltadh do'n éagcóir sin ar son an chirt. Táir ag
gabháil de chosaibh ad' chroídhe féin ar son an tSlánuigh-
theóra —”



Ní raibh sé d'uain aige a thuille do rádh. Ní túisge
d'airigh Séadna an focal san, “ar son an tSlánuigh-
theóra,” 'ná bhí sé de léim ar an dtaobh amuich de dhorus
agus é imthighthe.


L. 89


Caibidiol a h-aondeug.



Le n-a linn sin do bhí Micil agus a mháthair ag críoch-
nughadh an chleamhnais ar a ndícheal. Is beag ná go
raibh sé socair acu cia h-iad a bhéadh ar an gcóisre.



D'airigheadar an duine ag teacht chun an tíghe.
Phreabadar 'na suidhe. Bhíodar ag feuchaint an doras
amach. Cia gheabhadh thar an ndorus ach Séadna! D'fhéach
sé isteach ar an mbeirt. Níor bhog sé a bhéal. Níor
dhéin sé ach feuchaint ortha. Ba dhóigh leat gurab
amhlaidh a cheangail an fheuchaint sin de'n talamh iad.
Níor stad sé d'á shiúbhal. Níor dhéin sé ach feuchaint
ortha agus comáint leis.



Níor labhair aoinne de'n bheirt go ceann abhfad. Fé
dheire do labhair an mháthair.



“Seadh!” ar sise. “Cad deirir anois leat féin?”



“Deirim gur neamh-choitchianta an suiríghe é,” arsa
Micil. “Duine réidh chun a phósta, agus é ag dul chun
cainte leis an mnaoi óig, agus é tar éis bheith ag caint
leis an sagart, gan casóg gan hata air, aprún
gréasaidhe air, céir ar a mhéireanaibh, agus coinneal 'na
dhá shúil! Tá an sgeul ag dul sa mhuilion orm.” Agus
do bhuail sé amach agus suas chun a ghnótha. Agus
geallaim dhuit ná raibh an misneach céadna sa chois
bhacach ag gabháil suas a bhí inti ag gabháil síos aige.



Bhí Seághan Ceatach 'na shuidhe sa phárlús, 'na thigh
féin, i n-aice na finneóige. Bhí Máire 'na suidhe ar a
aghaidh amach. Cé chífidís ag teacht chun an dorais ach
Séadna. Do phreab Seághan amach 'na choinnibh.



“Airiú, míle fáilte rómhat, a Shéadna!” ar
seisean.


L. 90


“Go mairir slán, a Sheághain!” arsa Séadna.
“D'oirfeadh dhom focal nó dó do labhairt le Máire,
má 's é do thoil é.”



“Siní ansan istigh agat í. Tá súil agam gur fearr
an chaint atá agat le rádh léi 'ná a bhí agat le rádh liom-sa
ar maidin.”



D'imthigh seisean isteach.



“Ó, míle fáilte rómhat, a Shéadna!” arsa Máire
Ghearra.



“A leithéid seo, a Mháire,” ar seisean. “Tá rún
agam le tabhairt duit. Níor cheapas go mbéadh orm é
thabhairt d'aoinne choídhche. Ach ceapaim anois ná fuil
an ceart déanta agam agus gan teacht níos túisge
agus é thabhairt duit-se. Tá sé ceangailte orm i
láthair Dé gan pósadh.”



Do stad sé. Níor labhair sise go ceann tamaill.



“Is ceangal uasal é,” ar sise ar ball. “Is ceangal
uasal é,” ar sise, “agus is ceangal naomhtha é. Má's
ceangal uasal duit-se é,” ar sise, “ba chóir gur
cheangal uasal dómh-sa é. Ná bíodh ceist ort,” ar sise.
“Coimeádfad-sa do rún. Tá oiread eile de chroídhe
agam agus do bhí le tamall. Is mór an tabharthas a
thug Dia dhuit nuair a sprioc sé t'aigne chun ceangail
de'n tsórd san a ghlacadh ort.”



“Tá an gnó a thug mé déanta agam. Beannacht
Dé leat, a Mháire!” ar seisean. Agus d'imthigh sé gan
labhairt le fear an tíghe.



Nuair do chuaidh sé amach fé'n spéir, do cheap sé gur
luigh sgamal anuas ar mhullach a chinn. Do dhoirchigh an
spéir agus do dhoirchigh an talamh. Tháinig barróg ar a
chliabh. Shamhluigh sé go raibh a chroídhe imthighthe as a chliabh
amach, agus gur bh'é rud a bhí i n-inead a chroídhe aige
'ná mar bhéadh cloch mhór throm. D'fheuch sé soir fá


L. 91


dhéin a thíghe féin, agus má fheuch, tháinig gráin mhillteach
aige ar an dtigh agus ar an áit, ar an gcrann agus
ar an gcathaoir agus ar an mealbhóig, ar an obair, ar
a raibh os cionn tailimh ann, istigh agus amuich. I n-inead
aghaidh a thabhairt ar an mbaile, thug sé aghaidh ar an gcnoc.
Ag gabháil thar tigh cómharsan dó bhí beirt leanbh ag
spórt sa chlós, agus chómh luath agus chonacadar é do
ritheadar isteach ag sgreadaigh.



“Ó, a mham!” arsa duine acu. “Tá duine buile
amuich sa chlós agus d' fheuch sé orm!”



Chuir Séadna an cnoc amach de. Nuair a shrois sé
an fiaradh bhí iongnadh air a luighead tuirse a bhí air agus
an cnoc chómh dian. Bhí radharc áluinn ó'n mullach. Do
chonaic sé an tsráid, agus páirc an aonaigh, agus tigh
Dhiarmuda Léith, agus tigh na baintrighe. Do chonaic sé
a thigh féin agus tigh Sheághain Cheataigh. Dá mbéadh an
radharc seacht n-uaire níos aoibhne, ní bhainfeadh sé an
chloch as a chliabh ná ní thógfadh sé an sgamal d'á cheann.
Bhí plásóg bhreagh mhór leathan chúnlaigh ar bhárr an chnuic,
chómh tirim le leabaidh chlúimh eun, agus chómh bog san
go raghadh duine go glúinibh inti. Do chaith sé é féin
sa phlásóig sin ar a bheul agus ar a aghaidh, agus ní dócha
go raibh ar thalamh tirim na h-Éirean an lá san fear
eile chómh brúighte chómh basgaithe aigne leis.



Fé cheann tamaill do thóg sé a cheann agus d'fheuch
sé siar fan chliatháin an tsléibhe. Chonaic sé an bhean
ag gabháil aniar. Cheap sé ar dtúis gur bhean éigin des
na cómharsanaibh í, a bhí ag gabháil cómhgar an chnuic. Ba
ghearr gur thug sé fé ndeara go raibh sí ag déanamh
ceann ar aghaidh ar an áit i n-a raibh sé féin. Phreab
sé 'na shuidhe. Ba ghearr gur aithin sé í. An bhean
chos-nochtaithe isí a bhí ann!



“Síothcháin Dé ort, a Shéadna!” ar sise.


L. 92


“D'oirfeadh san dom,” ar seisean, “má oir sé
d'aoinne riamh.”



“Feuch!” ar sise, ag osgailt lámha léi. “Siní an
sgilling úd a thugais dom ar son an tSlánuightheóra.”



“Is cuimhin liom é,” ar seisean. “Is 'mó sgilling
a ghaibh trém' láimh ó shin, agus is suarach an sólás dom
indiú iad. Ba shuaimhneasaíghe bhéadh an saoghal agam
dá mba ná feicfinn riamh iad.”



“Is 'mó maith atá déanta agat leó ná béadh déanta
agat dá mba ná feicfeá riamh iad,” ar sise.



“B'fhéidir go bhfuil raint díobhála déanta ná béadh
déanta dá mba ná feicfinn riamh iad,” ar seisean.



“Is treise ar an maith 'ná ar an ndíobháil,” ar sise.



“Is treise ar dhíobháil an lae indiú,” ar seisean,
“ná ar an maith go léir.”



“Conus é sin?” ar sise.



“Dá ndéininn-se mo ghnó an lá úd leis an sgilling
sin agus leis an dá cheann eile a bhí agam 'na teannta,”
ar seisean, “ní chuimhneóchainn riamh ar Mháire Ghearra,
ná í orm. Ní chuirfinn aithne ar bhuairt an lae indiú.
Ní bhéadh mo chroídhe 'na chloich agus mo cheann 'na cheó
agus m'aigne 'na tulach cheardchan mar atá. Ní bhéadh
mo shaoghal gearrtha amach ar thrí bliaghnaibh deug, agus
a leath san féin imthighthe anois.”



“Feuch, a Shéadna,” ar sise, agus d'osgail sí an
lámh eile léi, agus do thaisbeáin sí dhó, ar chroídhe a
dearnan, liathróidín gloine. Agus is amhlaidh a bhí an
liathróidín sin agus í chómh solusmhar agus ná féadfá
feuchaint díreach uirthi nó do dhallfadh sí thú. Agus do
bhí cáithníní soluis ag imtheacht aisti mór-thímpal, mar
bhéadh as an ngréin. Bhí crios beag óir uirthi, agus
slabhra óir as an gcrios.



“Cad é an rud é sin?” arsa Séadna, agus é a


L. 93


d'iaraidh feuchaint ar an liathróid, agus neart an
tsoluis ag baint na súl as.



“Is leat-sa é,” ar sise.



“Cad do bhéarfadh gur liom-sa é?” ar seisean.



“Siné an gníomh a dhéinis ar maidin indiú,” ar sise,
“an gníomh is uaisle d'ár déineadh i n-Éirinn le fada.”



“Cad é an gníomh uasal so a dhéineas-sa ar maidin
indiú, airiú?” ar seisean.



“Do dhéinis,” ar sise, “an bhean is fearr i n-Éirinn
do chur ód' chroídhe ar son an tSlánuightheóra.”



“Cad é mo leigheas air?” ar seisean. “Conus
dh'fhéadfainn a leithéid d'éagcóir a dhéanamh ar a
leithéid de mhnaoi?”



“Do sgarais le n-a leithéid de mhnaoi níos túisge
'ná dhéanfá a leithéid d'éagcóir,” ar sise.



Le n-a linn sin do dhéin sí air suas agus do cuir sí
an slabhra ar a mhuineál, agus do chuir sí an tseóid
isteach na bhrollach, ar aghaidh a chroídhe.



“Coimeád ansan é,” ar sise, “agus an cás is cruadha
a bhéarfaidh choídhche ort, agus an greim is géire a
thiocfaidh ort, ní chaillfidh ar do mhisneach.”



Ní túisge a chuir sí a lámh isteach na bhrollach 'ná
mhothuigh sé mar phleusgfadh rud éigin 'na dhá chluais.
D'imthigh an ceó. Do gheal an spéir agus an talamh.
D'imthigh an bhuile bhuartha as a aigne, agus bhí a chroídhe
féin airís aige.



Ní túisge bhí an focal deirineach ráidhte aici-si 'ná
tháinig ceó éigin bán 'na tímpal a chlúduigh ó n-a radharc
í, agus ansan do leath an ceó amach agus ní raibh sí
ann.



D'fheuch sé 'na thímpal ar an spéir agus ar an dtalamh.
Bhí a aigne chómh suaimhneasach agus bhí sí riamh i gcaitheamh
a shaoghail aige. D'fheuch sé anonn ar an sráid, anonn


L. 94


ar thigh Dhiarmuda Léith, soir ar thigh na baintrighe, anonn
ar a thigh féin, síos ar thigh Sheághain Cheataigh. Chuir sé
smut de gháire as agus thug sé aghaidh ar an mbaile.



Gobnait. — Ní fheadar cad dúbhairt Micil nuair a
chonaic sé ag teacht é.



Peig. — Níor labhair duine acu focal nuair a
chonacadar ag teacht é. D'á ghioracht an aimsir ó
tháinig Seághan Ceatach ar maidin, bhí an sgeul, um an
dtaca san, leathta ar fuid na dúithe go raibh Séadna ar
éadtromacht. Go raibh an cleamhnas nach mór déanta,
gur dhiúltuigh Máire Ghearra do'n phósadh, agus gur
imthigh Séadna as a mheabhair. Go bhfeacathas é i
gcaitheamh an lae ag gluaiseacht tríd an ndúthaigh 'na
bhríste agus 'na léine. Gur mhairbh sé leanbh thuas i
mbárr an bhaile. Ansan gur chuir sé an cnoc amach dé
mar chuirfeadh fiadh buídhe ó'n Mangartain. Go raibh
sé imthighthe go Gleann na nGealt, agus gur dhócha nár
bh'fhios cathain a chasfadh sé. Go raibh gasra ar gach
baile des na seacht mbailtibh mór-thímpal ag briseadh
adhmaid agus ag déanamh geaitirí, ag ollamhughadh
soillse i gcóir na h-oidhche chun dul ar a lorg, agus
gan amhras go bhfuighfí sáithte ar mhullach a chinn i bpoll
éigin é báithte, nó i bpluais charaige, leathta le fuacht
agus le h-ocras.



Cáit. — Nár chúitighthear a saothar leó! B'fhéidir, dá
mbéadh fuacht agus ocras air, gur bheag ag cuid
acu gan puínn suime chur ann.



Peig. — Is fíor dhuit-se sin, a Cháit. Ach má 'seadh,
ní raibh puínn sa mbreis acu ar Shéadna féin sa méid
sin. B'shin é an buachaill ná cuirfeadh puínn suime 'na
gcuid saothair ná 'na gcuid ollmhúcháin, dá mbéadh 'fhios
aige é bheith ar siúbhal, rud ná raibh a fhios aige.



Gobnait. — Ba mhór an spórt iad ag imtheacht san oídhche


L. 95


tré phortachaibh agus tré chnocaibh 'gha cuardach, agus
é go seasgair sa bhaile ag déanamh a chuid bróg,
agus an “Chailleach Ruainneach” mar chrónán
aige.



Peig. — Fágaim le h-uadhacht, a Ghobnait, gur as mo
bheul a bhainis é.



Ní túisge tháinig Séadna isteach 'ná do luigh sé ar
obair, agus ní raibh an trímhadh greim curtha aige go
raibh an “Chailleach Ruainneach” ar siúbhal chómh h-aibigh
agus bhí sí riamh, i dtreó gur fheuchadar na fir ar a
chéile, agus gur shádhuigh Micil an meanuith go daingean
isteach i súil a órdóige.



Síle. — Cad ba ghádh dhó é sin a dhéanamh, a Pheig?



Peig. — Ní fheadar an tsaoghal, a Shíle, murab amhlaidh
a bhí sé ag cuimhneamh ar rud éigin eile an fhaid a
bhí an meanuith aige d'á thiomáint.



Síle. — Tá a fhios agam-sa cad air go raibh sé ag
cuimhneamh.



Peig. — Cad air, a Shíle?



Síle. — Bhí sé 'ghá chuimhneamh gur mhaith leis a fhios a
bheith aige cad dúbhairt Máire Ghearra nuair a
chonaic sí an chéir ar mhéireanaibh Shéadna, agus an
aprún air, agus é ceann-lomrachta, nó ar briseadh
an cleamhnas mar gheall ar an méid sin.



Peig. — Agus dar ndó', a Shíle, má bhí an oiread san
ar a aigne, ní h-iongnadh é ag cur an mheanuithe
tré n-a órdóig.



Síle. — Dúbhairt a mháthair go raibh sé go maith chun
cleamhnais a dhéanamh, agus is dóigh liom-sa ná
raibh aon mhaith ann.



Peig. — Cad 'na thaobh go ndéarfá ná raibh aon mhaith
ann, a Shíle?



Síle. — 'Dhe greadadh chuige, an tuathalán! B'fhearr go


L. 96


mór an díol air cleamhnas a thabhairt dó le briseadh
'ná cleamhnas a thabhairt dó le déanamh.



Gobnait. — Fan go fóil, a Shíle, a chuid. Dar ndó' ní
fhéadfadh aoinne beó an cleamhnas úd a dhéanamh.
Ní fhéadfadh Diarmán féin é dhéanamh. Ná raibh
aigne Shéadna socair 'na choinnibh ó thusach? Ná
dúbhairt sé gur shaoire dhí í losgadh 'na beathaidh 'ná
é 'ghá pósadh?



Síle. — Ní fheadar, a Pheig, cad é an chúis go ndúbhairt
sé an focal san.



Peig. — Cad is dóigh leat féin, a Shíle?



Síle. — Cheapas gurab amhlaidh nár mhaith leis í fhágáil 'na
dhiaigh 'na baintrigh nuair a bhéadh na trí bliaghna
deug istigh. Ach dar ndó' ní h-ionan sin agus í
losgadh 'na beathaidh.



Peig. — Ceapaim-se go raibh níos mó 'ná san ann, a
Shíle. Níor bh'fholáir sgeul an Fhir Dhuibh d'innsint dí
ó thúis go deire, nó é cheilt uirthi ó thúis go deire. Dá
'neósfaí dhí é, agus ansan go bpósfadh sí Séadna, rud
a dhéanfadh sí, do bhrisfeadh a mhachtnamh a sláinte.
Bhéadh sí d'á snaoidh ag galar dóghach, agus ba ghearr a
mhairfeadh sí. Dá mba ná 'neósfaí dhí é, do bhéadh an
feall déanta ag Séadna ba mheasa d'ár déineadh
riamh. Ní fhéadfadh sé an feall san a dhéanamh, agus
bhí a rian air, do theip ortha go léir an cleamhnas a
dhéanamh.



Gobnait. — D'airigheas-sa go raibh aon chleamhnas amháin
agus gur theip ar Dhiarmán é dhéanamh.



Síle. — Cad é an cleamhnas é, a Ghobnait?



Gobnait. — Cleamhnas an Chaoiltigh.



Cáit. — Ó, am briathar 's ambasa, a Ghobnait, gur
airigheas é bheith ar siúbhal. Ach má 'seadh, níor
airigheas é bheith briste. Cad a bhris é, airiú? Bhí


L. 97


iongnadh ar gach aoinne a rádh go bpósfadh sé
Siún.



Gobnait. — Is amhlaidh a bhí sgata áilteóirí cruinnighthe
thoir ag ceardchan Mhicil Gabha, agus bhí Diarmán
ann. Bhíodar 'ghá rádh go raibh feircín óir fé cheann
na leapthan ag an gCaoilteach tar éis teacht thar
faraige dhó. “Níor bh'fhearra dhuit rud a dhéanfá,
a Dhiarmáin,” arsa duine acu, “'ná cleamhnas a
dhéanamh dó.” — “Cia leis go labharfainn?” arsa
Diarmán. — “Le Tadhg Bán,” arsa fear eile. Do
liúghadar go léir agus do gháireadar. Cheap
seisean gur ag moladh an chleamhnais a liúghadar.
Siúd amach é agus soir go tigh an Chaoiltigh. “A
Chaoiltigh,” arsa Diarmán, “tá cleamhnas déanta
agam duit.” — “Go bhfágaidh Dia do shláinte agat,
a Dhiarmuid!” arsa 'n Caoilteach, “agus gan a
fhaid sin de luígheachán na bliaghna ort! Cia h-í
féin?” — “Go réidh, go réidh, a Chaoiltigh! Is
cuma dhuit fós cia h-í féin. Ní 'neósad duit cia
h-í féin. Ní thráchtfad ar a h-ainim leat chun go
mbéidh a fhios agam an bhfuilir ollamh agus ceapaithe
ar phósadh.” — “Táim ollamh agus lán-cheapaithe,”
ar seisean. — “Tá go maith,” arsa Diarmán.
“'Neósad an méid sin dóibh,” agus d'imthigh sé.
Siúd siar é go tigh Thaidhg Bháin. Ní raibh istigh
roimis ach Siún. “A Shiún,” ar seisean, “tá
cleamhnas déanta agam duit.” — “Nár chúitighthear
do shaothar leat!” ar sise. — “Cúiteóchthar,” ar
seisean. “Tá feircín óir fé cheann na leapthan
aige.” — “Tá, agus feircín gaoithe fé chosaibh na
leapthan agat-sa! Cá bhfaigheadh sé é?” — “É
thabhairt leis tar faraige,” ar seisean. — “Airiú,
an é an Caoilteach atá ar siúbhal agat?” ar sise. —


L. 98


“Is é an fear céadna san díreach atá ar siúbhal
agam,” ar seisean. — “An rabhais ag caint leis?”
ar sise. — “Anois díreach a thánag uaidh,” ar
seisean. “Dúbhairt sé,” ar seisean, “go raibh sé
ollamh agus lán-cheapaithe ar thusa phósadh.” — Ní
raibh aon lá ar feadh seachtmhaine 'na dhiaigh san ná
gur cheap sí an uile neómat gur bh'é an Caoilteach
a bhíodh chuici an dorus isteach nuair airigheadh sí
aoinne ag teacht. Fé dheire do bhris ar an bhfoidhne
aici. Siúd soir í go tigh an Chaoiltigh.



Peig. — Níor chuaidh!



Gobnait. — Deirim leat gur chuaidh, agus a ceann i
n-áirde chómh baoth agus bhí sé riamh. Bhí iongnadh
ar an gCaoilteach cad a thug í. Bhí sé chómh fada as
an ndúthaigh, níor aithin sé cia 'r bh'í.



“Fy don't you marry me?” ar sise.



“Fot does I want you for?” ar seisean,
“you head of a fool!”



Cáit. — Tuigim an sgeul go léir anois. Níor ghaibh
Diarmán thar an ndorus ó shin acu, agus níor lúgha
air saighidiúir dearg do bhualadh uime ar an mbóthar
'ná aoinne de'n bheirt, Siún ná a h-athair.



Síle. — Abair as Gaodhluinn é, a Ghobnait.



Gobnait. — “Cad 'na thaobh ná pósan tú mise?” ar
sise. — “Cad é an gnó bhéadh agam díot-sa, a
phlaosg óinsíghe?” ar seisean.



Síle. — Siné. Tuigim anois é. Nach gránda an chaint
an Béarla san! Ní fheadar féin an tsaoghal cad
é an dúil a bhíon ag daoinibh ann. Ní'l acu ach
“fot? fot? fot?” mar bhéadh cearc go mbéadh
diuc uirthi.


L. 99


Caibidiol a dódhéug.



Nóra. — Cogar, a Pheig; dar ndóigh ní raibh ceangal ar
Shéadna gan pósadh.



Peig. — Is dócha, a Nóra, go raibh ceangal air gan an
éagcóir a dhéanamh.



Nóra. — Ní h-é sin a thuig Máire Ghearra uaidh, ach go
raibh ceangal fé leith i láthair Dé air, mar bhéadh
móid mná riaghalta nó bráthar.



Peig. — Cá bhfios duit-se ná dhómh-sa ná gur chuir sé
móid nó ceangal de'n tsórd san air féin sul a
ndeachaidh sé chun cainte léi an lá úd?



Nóra. — Is mar sin a thuig Máire an sgeul, pé i
n-Éirinn é.



Peig. — Tá an ceart agat, a Nóra.



Bhí sí ag caint le máthair Mhicil cúpla lá 'na dhiaigh
san, agus seo mar adúbhairt sí léi:—



“A Shiobhán,” ar sise, “nách mór an iongnadh nár
inis Séadna dhuit an lá fé dheire go raibh sé 'na Chéile
Dé, agus gan bheith 'ghár gcur amú' mar a bhí?”



Síle. — Cad é an rud Céile Dé, a Pheig? Dar ndóigh
ní fhéadfadh duine bheith 'na chéile ag Dia, — moladh
's buidhchas leis!



Cáit. — Ó, go deimhin, a Pheig, d'airigheas mo dhaid
mór 'ghá rádh go raibh daoine ann fadó, agus ná
pósfaidís aon bhean, mar go mbídis pósta ag Dia
na glóire féin; agus siné ainim a thug sé ortha,
Céile Dé.



Síle. — Airiú, moladh go deo le Dia! conus fhéadfaidís
bheith pósta mar sin? Dar ndóigh ní pósadh é sin.


L. 100


Cáit. — Mura mbéidís pósta conus a tabharfaí “céile”
ortha? Nach fear pósta nó bean phósta “céile”?
Nac eadh, a Pheig?



Peig. — 'Seadh, gan amhras.



Síle. — Agus, a Pheig, airiú, conus fhéadfadh fear bheith
pósta ag Dia? Dar ndóigh, ní fhéadfadh fear
bheith pósta ach ag mnaoi? Ar airigh aoinne riamh
a leithéid!



Gobnait. — Aililliú, a Shíle, nach geur-chúiseach ataoi!
Airiú, cia dúbhairt leat-sa ná féadfadh fear bheith
pósta ach ag mnaoi?



Síle. — Dúbhairt Peig liom é an lá fé dheire agus í ag
múineadh na seacht Sacraimíntí dhom. Agus feuch
nár innsis an méid sin dom, a Pheig, go mbíodh
daoine ann fadó agus iad pósta ag Dia an uile
chómhacht!



Cáit. — Do bhíodh, mhaise. D'airigheas-sa mo dhaid mór
'ghá rádh seacht n-uaire, — ní h-eadh, ach seacht n-uaire
déag ar fhichid.



Síle. — Ó, go deimhin is uiriste do Cháit ní Bhuachalla
caint a dhéanamh. Ní h-é gach aoinne go bhfuil athair
mór aige. Bhí athair mór agam-sa leis, tamall, ach
do cailleadh é. Rug an t-éagcruas chun siúbhail é.
Slán beó mar a n-innstear é!



Cáit. — Éist, a Shíle, a chuid! Feuch anois, níor chuimh-
nigheas orm féin go raibh an focal ráidhte agam.
Ó, mhaise, níor theip an tuathal riamh orm! Éist, a
Shíle, a chuid, maith an cailín! Is cuimhin liom-sa
do dhaid mór go dian mhaith. Bhí árd chion agam
air.



Peig. — Do bhí, a Cháit, agus árd chion aige-sean ort-sa.
Is mó an cion a bhí aige ort 'ná bhí aige ar aoinne
eile ar an dtaobh amuich de Shíle féin. Is cuimhin


L. 101


liom go maith, nuair a bhítheá anso, agus nuair a
chuireadh sé Síle ar ghlúin leis, ná bíodh sí sásta
agus ná faghthí suidhe suaimhnis uaithi, d'á óige a bhí
sí, go gcurtí thusa ar an nglúin eile. Ansan ní
fheacaís riamh ach an spórt a bhíodh aige, agus é 'ghá
leigint air bheith ag míogarnaigh, agus sibh-se a
d'iaraidh bheith ag pógadh a chéile a gan fhios dó.



Gobnait. — Ó, am briathar, a Pheig, gur thug sí póg do
Cháit anois!



Síle. — Tabharfad, agus póg eile. Feuch!



Gobnait. — Ó, ambasa, raid leat iad, a 'nghean ó!



Nóra. — Níor innsis dúinn fós, a Pheig, conus a bhéadh
duine 'na Chéile Dé.



Peig. — Cad deireadh do dhaid mór, a Cháit?



Cáit. — Deireadh sé gurab amhlaidh thugaidís an grádh
céadna do Dhia a thugan an fear d'á mhnaoi.



Peig. — Siné díreach é.



Síle. — Am briathar féin, a Pheig, nach le grádh do Dhia —
moladh go deó leis! — ach le h-eagla an Fhir Dhuibh
do dhéin Séadna Céile Dé dhe féin.



Peig. — Ní raibh an Fear Dubh le teacht go mbéadh na
trí bliaghna deug caithte, agus ní raibh bac air í
phósadh san am gcéadna.



Síle. — Nach shin é adeirim? Nuair a thiocfadh sé,
b'fhéidir go mbéarfadh sé an bheirt leis.



Gobnait. — Agus ná taisbeánfadh san, a Shíle, gur le
grádh do Mháire Ghearra féin ná pósfadh sé í?



Peig. — Go díreach, a Ghobnait; agus má thug sé suas
do Dhia an grádh a bhí aige dhi-se, nuair ná féadfadh
sé é thabhairt di féin gan í chur ar chumas an Fhir
Dhuibh, nach shin é díreach an rud a dhéanfadh Céile
Dé dhe, fé mar adúbhairt do shean-athair, a Cháit?



Gobnait. — Is dócha é.


L. 102


Peig. — Ní dócha ach deimhin, a Ghobnait. Ach má
'seadh, ní deirim gur thuig Máire Ghearra an taobh san
de'n sgeul. Dá dtuigeadh, ní dócha go ndéarfadh sí
an méid úd le máthair Mhicil. “Nach mór an iongnadh,”
ar sise, “nár inis sé dhuit gur Chéile Dé é, agus gan
bheith 'ghár gcur amú'!”



“Ní dúbhairt sé focal ar domhan liom, a bhean uasal,”
arsa Siobhán, “ach gur shaoire dhuit an bás ba dhona
d'á bhfuair daonaidhe riamh 'ná é féin dod' phósadh.”



“Bhí sé thiar ag an dtigh againn, tá cúpla lá ó shin
ann,” arsa Máire Ghearra, “an lá úd a bhí Micheál
thiar, agus dúbhairt sé liom féin go raibh ceangal air i
láthair Dé gan pósadh choídhche. Feuch anois tú, a
Shiobhán,” ar sise, “tar fhearaibh an domhain mhóir
bhraonaigh, cé chuimhneóchadh go mbéadh ceangal de'n
tsórd san ar Shéadna? Ní raibh a leithéid d'iongnadh
orm ó'n lá a rugadh mé. Geallaim dhuit,” ar sise,
“gur osgail sé mo shúile dhom. An fear san go
ndeirid daoine ná fuil aon chreideamh aige, agus a
leithéid sin de cheangal air i láthair Dé; agus mise go
bhfuil ainim an chreidimh go léir orm ag briseadh mo
chroídhe a d'iaraidh teacht idir é agus Dia. Nach deas
an obair í sin, a Shiobhán? Ní fheadar an tsaoghal ná'n
domhan le chéile cad a bhain dom, nó cad a dhall mé;
nó cad a chaoch suas m'aigne agus m'inntinn, agus a rádh
go ndéanfainn a leithéid. Cad déarfaid na cómhar-
sain?”



“Ná bíodh ceist ort, a bhean uasal, mar gheall ar an
dtaobh san de'n sgeul. Tá sé socair cheana acu gurab
é Séadna féin a chuaidh siar dod' iaraidh, agus gur
dhiúltuighis láithreach, agus ansan gur imthigh an fear bocht
as a mheabhair,” arsa Siobhán.



“Aililliú!” arsa Máire, “nach gairid an mhoill ortha


L. 103


é shocarughadh! Cad deir Séadna leis an socarughadh
san?” ar sise.



“Focal amach as a bheul,” arsa Siobhán. “Agus
geallaim dhuit nach baoghal go gcuirfidh aoinne aon
cheist air; nó má chuirean, agus go bhfeuchfaidh seisean
ins na súilibh air, bain an chluas díom má chuirean sé
an tarna ceist.”



“Is é duine is éagsamhlaíghe d'ár bhuail riamh umam
é,” arsa Máire. “Bhíos abhfad sul ar fhéadas a
dhéanamh amach cia'cu droch dhuine é nó duine fóghanta
An cheud uair a chonac an fheuchaint úd, do cheapas go
raibh an t-Áirseóir — fíoghar na Croise idir sinn agus
é! — istigh 'na chroídhe, i dtreó nár mhaith liom bualadh
uime ar an mbóthar, ná focal do labhairt leis. Ach
bhíos oídhche ag teacht abhaile ó'n sráid, agus ag gabháil
i leith an Bóthar Leathan dom, do tháinig iaracht de laige
orm, agus do shuídheas ar chloich i lúib de chlaidhe ar
bhóthair. Do thuit mo chodla orm, agus nuair a dhúisigheas
bhí an taom beag imthighthe, ach bhí sé i n-am mhairbh na
h-oídhche. Phreabas am' shuídhe agus thugas aghaidh ar an
mbaile, agus geallaim dhuit ná raibh aon mhairbhitíghe ins
na cosaibh agam. Oídhche bhreagh spéir-ghealaighe dob' eadh
í. Nuair a bhíos, mar déarfá, fiche slat ó'n gcrosaire,
cé gheabhadh aníos Bóthar na Bró ach Seághan na Gealaighe,
an ropaire bitheamhnaigh!”



Síle. — Cé 'r bh'é sin, a Pheig?



Peig. — Sprid dob' eadh é, a bhíodh 'ghá thaisbeáint féin
ansúd, agus bhíodh sé ag marbhadh na ndaoine.



“Nuair a chonac é,” ar sise, “do cheapas láithreach
go rabhas réidh. Le n-a linn sin d'airigheas an duine
ag siúbhal am' dhiaigh. D'fheuchas thar mo ghualainn. Cé
bhéadh ann ach Séadna, agus a dhá shúil ar dearg-lasadh,
agus sgian ar tarang aige, sgian choise duibhe. Do


L. 104


ghluais sé tharm amach agus thug sé aghaidh ar an sprid.
Le n-a linn sin do chonac splannc lasrach, agus láithreach
'na dhiaigh san do chonac Séadna ar an áit agus é 'na
aonar.



“‘'Seadh, a Mháire,’ ar seisean, ‘do chuadhais as go
maith anocht. Do chonac ag gabháil i leith thú, agus bhí
iongnadh orm cad do bheir amuich chómh déanach thú. Do
leanas thú le h-eagla na h-áite seo. Téanam ort
anois go seólad isteach abhaile thú.’



“Ní raibh ionam labhairt, agus is ar éigin a bhí ionam
siúbhal. Níor sgar sé liom chun gur fhág sé shiar ag
dorus m'athar mé. Ó'n lá san go dtí an lá atá indiú
ann níor airigh aoinne, óg ná aosda, focal amach as a
bheul mar gheall ar an ngnó. Ar maidin lar na mháireach,
do fuaradh ag an gcrosaire, mar déarfá, oiread mo
dhoirn de chnapóig glóthaighe agus sgian choise duibhe
sáithte inti. Agus ní deirim go bhfeacaidh aoinne
Seághan na Gealaighe ó shin ins an áit. Cheapas gur
mhór an obair do Shéadna a anam féin do chur sa
chontabhairt sin ar mo shon-sa, agus tháinig uraim mhór
agam dó. Go deimhin, a Shiobhán, ní fhéadfainn a
innsint duit cad é an chuma 'na raibh m'aigne ó'n oídhche
sin go dtí an lá úd a chuaidh sé siar 'ghá innsint dom
go raibh ceangal éigin idir é féin agus Dia, agus nár
bh'fhéidir dó pósadh. Thuigeas ansan gur dhócha gur bh'é
an ceangal san a thug an buaidh dhó ar an sprid.
D'airighinn riamh, daoine a bhíodh tabhartha suas mar sin
ar fad do Dhia, go mbíodh buaidh acu ar an Annsprid.
Nuair a inis sé dhom go raibh ceangal i láthair Dé air
gan pósadh choídhche, do ghlacas i láthair Dé an ceangal
céadna. Agus feuch, a Shiobhán; ní túisge ghlacas 'ná
cheapas gur sgar pé droch nídh a bhí am' aigne liom ar
an neómat san. Chonaicís féin an chuma i n-a rabhas


L. 105


an lá úd dh'iaras ort beart áirithe a dhéanamh dom.
Nuair a chuimhnighim air anois, ceapaim am' aigne nach
foláir nó bhíos as mo mheabhair rud éigin. Pé rud a
bhí orm, tá sé imthighthe glan, — buidhchas mór le Dia na
glóire dh'á chionn!”



“Ámén, a Thighearna!” arsa Siobhán.



Síle. — Agus cogar, a Pheig; nach greannmhar an ainim
ar sprid “Seághan na Gealaighe”? An amhlaidh
ná feictí é ach le solus na gealaighe?



Peig. — Oídhche spéir-ghealaighe dob' eadh an oídhche a
chonaic Máire Ghearra é.



Síle. — Siné díreach é. Agus má 'seadh, cad 'na thaobh
gur tugadh “Seághan na Gealaighe” air, agus go
bhfeictí é nuair ná bíodh an ghealach 'na suídhe i
n-aon chor?



Peig. — Duine saoghalta dob' eadh ar dtúis é, agus
bitheamhnach ab eadh é. Agus is amhlaidh a bhíodh sé amuich
asdoídhche ag goid, le solus na gealaighe. Seághan ab
ainim dó, agus do tugadh Seághan na Gealaighe mar
leas-ainim air, as an ngoid. Bhíodh sé i mBóthar na
Bró asdoídhche, ag faire ar dhaoinibh a bhíodh ag gabháil
an bhóthair déanach 'san oídhche, agus 'ghá robáil. Fé
dheire do mhairbh sé duine ann oídhche dhorcha, agus fé
cheann tamaill duine eile. Ansan thánadar a ndaoine
muinteardha san agus chuadar i bhfolach i n-aice an
bhóthair, agus nuair a bhí sé amach go maith san oídhche
d'imthigh duine acu amach ar an mbóthar agus do leig
sé air bheith ar meisge. Bhí Seághan ag faire, leis, agus
nuair a chonaic sé an fear meisge, dar leis féin, do
léim sé amach agus thug sé féi. Ansan do léimeadar
go léir amach agus do marbhadh Seághan na Gealaighe.
Agus as san amach do chítí an sprid i mBóthar na
Bró, agus do lean “Seághan na Gealaighe” mar
ainim ar an sprid.


L. 106


Caibidiol a trídeug.



Síle. — Agus cogar, a Pheig; nach deas a dhéin Máire
Ghearra é tar éis an tsaoghail!



Peig. — Airiú, cad a dhéin sí, a Shíle?



Síle. — Gheall sí do Shéadna go gcoimeádfadh sí a rún,
agus níor choimeád. Thug sí do Shiobhán é, agus
ní raibh aon cheart aici é thabhairt d'aoinne. Bhí sé
chómh ceangailte uirthi é choimeád agus bhéadh sé ar
shagart an rún a gheobhadh sé i bhfaoisdin a choimeád.



Peig. — Is dócha, a Shíle, gur mar mhaithe le Séadna thug
sí an rún do Shiobhán, i dtreó gur mhóide an uraim
a bhéadh ag Siobhán dó.



Síle. — 'Seadh go díreach! Ní h-eadh, mhaise, ach mar
mhaithe léi féin. Nuair dh'imthigh an measgán
mearaidhe úd d'á h-aigne, tháinig náire uirthi a rádh
gur chuir sí Siobhán ag triall ar Shéadna 'ghá iaraidh
air í phósadh, agus níor bh'fholáir léi an sgeul go
léir d'innsint ansan do Shiobhán, i dtreó ná béadh
aon mhilleán ag Siobhán uirthi.



Peig. — Agus dar ndóigh, a Shíle, má's chuige sin a dhéin
sí é, is dócha ná béadh aon mhilleán ag Séadna féin
uirthi 'na thaobh.



Síle. — D'inis sé dhi fé rún é. Cad é an tairbhe rún
mura gcoimeádfar é? Bhí sé ceart aici an sgeul
d'fhágáil mar a bhí sé, agus gan a thuille cainte
déanamh mar gheall air le h-aoinne beó. Ní bhéadh
aon mhilleán ag Séadna uirthi, an eadh? Tá go
breagh! Ní mar sin is ceart rún a choimeád.
Fagaim le h-uadhacht, a Pheig, nár cheapas go
'neósadh sí do Shiobhán féin é.


L. 107


Peig. — Ba mhaith an bhail uirthi, a Shíle, nach tusa a bhí
ann nuair a bhí sí 'ghá innsint do Shiobhán.



Síle. — Abair é! Geallaim dhuit go ndéarfainn rud
éigin léi ná dúbhairt Siobhán léi. “Ná bíodh ceist
ort, a Shéadna,” ar sise; “coimeádfad-sa do
rún.” Choimeád sí é leis go deas. É sgaoileadh
amach chómh luath agus tháinig sí chun cainte le
Siobhán! Dá ndéanadh aon bhean eile ach Máire
Ghearra é, ní bhéadh leath a iongnadh orm; ach í
siúd, gur cheapas ná leigfeadh sí rún uaithi dá
mbéadh sí le stracadh idir chapaillibh.



Nóra. — Am briathar féin, a Shíle, gur 'mó duine ná
leigfeadh rún uaidh dá mbéadh sé le stracadh idir
chapaillibh, agus 'na thaobh san do sgaoilfeadh uaidh
é nuair ná béadh aoinne 'ghá iaraidh air.



Síle. — Má 'seadh, ní daoine de shaghas Mháire Ghearra
iad.



Cáit. — Cogar, a Shíle, dar ndóigh do bhí rún chómh mór
leis tabhartha aici do Shiobhán cheana, agus cad é an
díobháil a bhí ann, rún eile thabhairt 'na theannta
dhí?



Síle. — B'é a cuid féin é sin. Ní raibh bac uirthi a rogha
rud a dhéanamh le n-a rún féin, ach ní mar sin do
rún duine eile.



Peig. — Tá an ceart agat, a Shíle. Ach tuig an méid
seo. Ní mar a chéile rún fóghanta agus droch
rún. An rún a dhéanfadh díobháil do Shéadna níor
thug sé uaidh i n-aon chor é. An rún a thug sé do
Mháire Ghearra, ní raibh ceangal dian mar sin
uirthi é choimeád, agus a fhios aici gur mhó an tairbhe
'ná an dochar do Shéadna an rún san a thabhairt
uaithi do Shiobhán. Go mór mór ó bhí rún Mháire
féin aici sin cheana.


L. 108


Gobnait. — Agus cogar, a Pheig. Dar ndóigh ní raibh
rún Shéadna ag an sagart.



Peig. — Cé dúbhairt go raibh?



Gobnait. — 'Sdó, ba dhóigh le duine ar an gcuma 'nar
labhair sé go raibh oiread aige dhe agus bhí ag an
mnaoi chos-nochtaithe.



Peig. — Conus é sin?



Gobnait. — Dúbhairt an sagart go raibh Séadna ag
gabháil de chosaibh 'na chroídhe féin ar son an
tSlánuightheóra, agus dúbhairt an bhean chos-
nochtaithe, is dóigh liom, an focal céadna nuair a
chonaic sé ar an gcnoc í. Conus fhéadfaidís bheith
ar an bhfocal gcéadna mura mbéadh go raibh an
rún céadna acu?



Peig. — Is dócha go raibh an rún ag an mnaoi. Ba
dhuine de'n triúr í gur thug sé an déirc dóibh ar
son an tSlánuightheóra, agus níor bhean shaoghalta
í. Ní mar sin do'n tsagart. Ní raibh aon fhios
aige ar an rún, ná aon fhághail aige ar a leithéid
d'fhios a bheith aige.



Gobnait. — Cad a chuir ar an bhfocal gcéadna é mar sin?



Peig. — Ní fheadar an tsaoghal, a Ghobnait, cad a chuir
ar an bhfocal gcéadna é. Nuair airigheas féin an
sgeul ar dtúis, níor chuireas an cheist sin. Is
amhlaidh a cheapas am' aigne gurab amhlaidh a thuig
an sagart go raibh Séadna pósta cheana a gan fhios.



Cáit. — 'Dhe, cad eile? Nach shin é cheapfadh aoinne?



Gobnait. — Airiú, agus cad é an moladh bhéadh ag an
sagart air mar gheall air sin? Ba mhór an buidhchas
ba cheart a bheith air, go deimhin, toisg gan bean a
phósadh agus é pósta cheana!



Cáit. — Nach maith a phós an Pinsinéir Buídhe agus é
pósta cheana.


L. 109


Gobnait. — An rascail! Agus feuch cad d'imthigh air.



Síle. — Cad d'imthigh air, a Ghobnait?



Cáit. — D'imthigh an rud a bhí tuillte aige, a Shíle, é chur
an loch amach.



Gobnait. — D'airigheas-sa gur ró dhóbair go gcrochfaí é.



Cáit. — Mar sin bhí sé amuich air go raibh sé pósta trí
h-uaire, agus gur mhairbh sé an cheud bhean, ach níor
daoradh ann é.



Síle. — Dar ndóigh, ní fhéadfadh sé bheith pósta trí
h-uaire agus an triúr ban beó.



Gobnait. — Ná féadfadh sé a leigint air le gach mnaoi
dhíobh ná raibh sé pósta ach aici féin?



Síle. — Airiú, an bitheamhnach! Nár mhór an éagcóir
agus an t-éitheach dó a leithéid sin a dhéanamh.



Gobnait. — Is dócha gur bheag aige siúd bréag mhór,
agus gur bh'éadtrom aige éagcóir throm.



Cáit. — Is beag an sgeul é bheith imthighthe an loch amach.



Gobnait. — Is beag; agus is beag an sgeul gan puínn
d'á shórd a bheith 'na dhiaigh.



Síle. — Ach cogar, a Pheig. Ní fheadar cad é an buadh
bhí sa tseóid úd a thug an bhean chos-nochtaithe do
Shéadna agus a rádh gur imthigh an bhuairt mhór chómh
tapaidh dhe. Nach truagh gan a leithéid ag gach
aoinne go mbéadh buairt air!



Peig. — Do réir mar a thuigeas-sa an sgeul, a Shíle, a
chuid, ceapaim gur 'mó duine go mbíon an tseóid úd
aige, agus go ndéinean sí maolughadh ar bhuairt dó.



Síle. — Conus é sin, a Pheig?



Peig. — An t-é a bhrúighfidh féi a mhian agus a shéanfaidh
a thoil ar son Dé, nó ar son an tSlánuightheóra,
nó ar son an chirt, béidh cuimhne an ghnímh sin 'na
chroídhe, agus nuair a thiocfaidh buairt air, ní
bhéarfaidh an bhuairt greim ar chroídhe air.


L. 110


Gobnait. — Agus is dócha, d'á mhéid é an mian gurab
eadh is mó é an gníomh.



Peig. — Is eadh san. Agus siné cúis go ndúbhairt an
bhean go raibh an gníomh déanta ag Séadna, an lá
san, dob' uaisle d'ár déineadh i n-Éirinn le fada
roimhe sin — “an bhean dob' fhearr i n-Éirinn do
chur ó n-a chroídhe níos túisge 'ná dhéanfadh sé a
leithéid d'éagcóir uirthi.”



Nóra. — Ba dhóigh liom gur mhór an truagh iad a chur ó
chéile.



Cáit. — Éist do bheul, a Nóra! Nár mhó 'ná san de
thruagh iad a phósadh agus an sgeul mar a bhí sé?



Nóra. — Mhaise, Dia linn, a Cháit! is dócha gur fíor
dhuit é. Ba thruagh an sgeul é mar seó nó mar
siúd. Is truagh cráidhte nár fheuch sé roimis.



Cáit. — Stad go fóil, a Nóra. Ní déarfainn-se go
raibh an sgeul chómh h-olc san ar fad. Bhí an
tseóid úd fághalta ag Séadna, agus an bhuairt
mhór imthighthe as a chroídhe. Bhí a chrónán ar siúbhal
aige chómh h-aerach agus bhí riamh. Má bhíodar na
trí bliaghna deug ag gluaiseacht ar cos-anáirde,
bhí aon tsólás amháin aige. Nuair a thiocfadh an lá
déanach ní bhéadh thíos leis ach é féin. Agus i dtaobh
Mháire Ghearra, ceapaim gur chuaidh sí as go dian
mhaith. Conus a bhéadh an sgeul aici dá ndéineadh
Séadna mar a dhéanfadh an Pinsinéir Buídhe?
Níor dhéin. Ach nuair dh'inis sé dhí go raibh ceangal
i láthair Dé air gan pósadh choídhche, tháinig oiread
eile de chroídhe dhí. Ba dhóigh leat gur seóid uasal
éigin do bronnadh uirthi sin leis. Bhí sí tar éis a
admháil do Shiobhán go raibh a croídhe d'á shníomh le
buairt. Bhí an sníomh san imthighthe. Ba dhóigh liom
féin ná raibh aon rud dob' fhearr do'n bheirt 'ná


L. 111


iad d'á gcur ó chéile mar cuireadh iad. Tá sé
buailte isteach am' aigne nach aon nídh fóghanta bhí
'ghá dtabhairt d'á chéile, agus pé rud a bhí 'ghá gcur
ó chéile gur mar mhaithe leó a bhí sé.



Gobnait. — Ní raibh aon rud 'ghá gcur ó chéile ach ná
déanfadh Séadna an éagcóir.



Cáit. — Cad a chuir 'na chroídhe gan an éagcóir a dhéanamh?
Níor ghádh dhó a innsint d'aoinne beó go raibh rún
aige ná ná raibh. Ní raibh bac air í phósadh. Ní raibh
bac air a rádh leis féin, “Cá bhfios an mairfinn
na trí bliaghna deug féin? Cá bhfios an dtiocfadh
an Fear Dubh úd choídhche, agus an sgannradh fuair
sé nuair a chuir sé an bhúirth éagsamhlach úd as?”
Ceapaim go raibh rud éigin fóghanta 'ghá spriocadh,
agus mura mbéadh go raibh, ná cuirfeadh sé i
n-aghaidh an chleamhnais chómh dian agus chómh seasmhach.
Agus feuch, tá rud eile sa sgeul. An fhaid a bhí
an cleamhnas ar siúbhal, ní raibh ach buairt agus
trioblóid aigne ar an uile dhuine go raibh aon
lámh aige ann, agus go mór mór ar Shéadna agus
ar Mháire Ghearra féin. Ach an uair a bhí sé curtha
i leath-taoibh glan, tháinig oiread eile de chroídhe do
Mháire, agus tháinig a chrónán do Shéadna. Is dóigh
liom gur mhaith go léir an bhail ortha nár leigeadh
chun cinn é.



Síle. — Ní h-ar Mhicil ba cheart a bhuidhchas a bheith ná
deaghaidh sé chun cinn.



Gobnait. — An airighean sibh! Agus í tar éis a rádh,
tá tamall beag ó shin ann, gur bh'é Micil agus
a chuid tuathail fé ndear an cleamhnas a
bhriseadh.



Síle. — Dúbhart ná raibh aon mhaith ann chun cleamhnais a
dhéanamh, agus deirim anois leis é. Ach ní fhágan


L. 112


san ná gur dhéin sé a dhícheal air. Agus do dhéin
Siobhán a dícheal air. Do theip sé ortha go leir
glan. Ní fheadar cad dúbhairt Sadhbh nuair airigh
sí go raibh cleamhnas Mháire Ghearra chómh briste le
n-a cleamhnas féin.



Peig. — Dúbhairt sí rud greannmhar, mhaise. Dúbhairt
sí gur bh'í féin a bhris é, agus aon chleamhnas a bhéadh
d'á dhéanamh do Shéadna, go mbrisfeadh sí ar an gcuma
gcéadna é, nuair ná pósfadh sé í féin.



Cáit. — Gráin uirthi! ní h-ag táiriugadh uirthi é. Ba
mhaith an sgeul a bheith de thubaist uirthi é 'ghá
pósadh.



Nóra. — Cuirfead geall ná déanfadh sé an éagcóir
uirthi sin ach chómh beag agus dhéanfadh sé ar Mháire
Ghearra.



Gobnait. — Éist, a Nóra. Ní gádh dhuit an geall san
a chur. Níor bhaoghal di. Ní deirim go ndéanfadh
an Pinsinéir Buídhe féin an éagcóir sin ar Shadhbh.



Cáit. — Dá ndéineadh, is dócha go ndíolfadh sé as. Ba
mheasa dó Sadhbh chuige 'ná an dlígh.



Gobnait. — Is dócha gurab amhlaidh a bhéadh dithneas air
ag imtheacht an loch amach uaithi.



Cáit. — Cad é an geit a bhainfeadh fear na n-adharc aisti!



Gobnait. — Am briathar mhóide, a Cháit, gurab é mo
thuairim ná maithfeadh sí puínn dó. Má bhainfeadh
sé geit aisti, go mbainfeadh sí geit as. Dá
bhfaghadh sí greim ar adhairc air, nó ar mheigioll, ní
déarfainn ná go mb' fhearr leis bheith sgartha léi.



Nóra — 'Dhe, agus cad a bhéadh ag an eirball d'á
dhéanamh? Dá bhfaghadh sí priocadh nó dhó ó'n
iongain úd, ceapaim go dtiocfadh liúgh aisti.



Gobnait. — Ambasa, a Nóra, is gearr go mbéidh bárr
agat uaim. Níor chuimhnigheas riamh ar an iongain.


L. 113


Bhíos 'ghá chuimhneamh go mb'fhéidir go gcaithfeadh sí
an t-uisge te idir an dá shúil air.



Nóra. — Airiú, cad é an bheann a bhéadh aige siúd ar
uisge te, agus a theó atá an áit as a dtáinig sé?



Cáit. — Tá buaidhte aici ort, a Ghobnait.



Gobnait. — Tá glan. Ní déarfad a thuille.



Síle. — Is maith é sin. Ba ghearr go mbéadh eagla ag
teacht orm. Ba mhór an truagh Séadna bocht agus
a leithéid d' áirithe roimis amach.



Gobnait. — Cá bhfios duit-se, a Shíle, ar bh' áirithe é?



Síle. — Conus é sin, a Ghobnait?



Gobnait. — Cá bhfios duit ar tháinig sé choídhche?



Síle. — 'Dhe, nach air sin a dhéin sé an margadh?



Gobnait. — B'fhéidir, mar adúbhairt Cáit ó chianaibh, gur
cuireadh sgannradh ró mhór air, nuair baineadh an
bhúirth úd as, agus ná tiocfadh sé airís ag éileamh
a mhargaidh le h-eagla go mbainfí búirth eile as.



Síle. — 'Gcloistí! Ar tháinig, a Pheig?



Peig. — Fan leat go fóil, a Shíle, a chuid, agus béidh an
sgeul go léir agat díreach fé mar a thuit sé amach.


L. 114


Caibidiol a ceathairdeug.



Peig. — Mar adúbhart ó chianaibh, nuair a thuig Sadhbh
Dhiarmuda Léith go raibh cleamhnas Mháire Ghearra
briste, dúbhairt sí le gach aoinne gur bh'í féin a bhris
é, agus gur bh'é cúis gur bhris sí é, a bheith geallta ag
Séadna dhi go bpósfadh sé í féin.



Níor chuir aoinne 'na coinnibh. Bhí daoine a chreid é
agus bhí daoine nár chreid é. Ach pé 'cu chreideadar é
nó nár chreideadar, ní baoghal gur chuir aoinne chun an
sgéil d'áiteamh uirthi. Bhíodh sí coitchianta 'ghá mhaoidheamh
gur bh'í féin an cailín a chuirfeadh smacht ar ghiobstéiríbh
de shaghas Bháb an Leasa agus Nóra an Tóchair. Agus
i dtaobh Mháire Ghearra, go raibh iomad meas aici uirthi
féin chun a rádh go bpósfadh sí fear do bhí geallta do
mhnaoi eile.



Síle. — Airiú, nár bh'í an cuirptheach í!



Peig. — Is amhlaidh mar bhí an sgeul aici, a Shíle, i
ndeire bára, d'inis sí an sgeul ar an gcuma san chómh
minic, agus gan aon duine ag cur 'na coinnibh, gur
dóigh liom gur chreid sí féin é fé dheire thiar thall.



Síle. — Conus dh'fhéadfadh sí a chreideamhaint gur gheall
sé í phósadh, agus nár thrácht sé riamh léi air?



Peig. — Ní'l aon tseó, a Shíle, ach a bhoige agus a
shaoráidíghe a chreidimíd an rud a thaithnean linn,
uaireanta, go mór mór má bhímíd chómh ceann-dána
san nach fiú le h-aoinne cómhairle ár leasa a
thabhairt dúinn, agus dá dtugadh, ná glacfaimís
uaidh í.



Gobnait. — Go deimhin is dócha gurab shin mar dh'imthigh
ar Chonn Sheághain Óig. Bhí sé ag teacht abhaile ó'n


L. 115


sráid oídhche, agus d'fhan sé ag ól i n-áit éigin, go
raibh formhór na h-oídhche caithte. Ansan nuair a
bhí sé ag déanamh ar an mbaile, bhí eagla air go
mbéadh a mháthair a' pléidh leis i dtaobh í choimeád an
oídhche go léir ar an dtinteán ag feitheamh leis.
Isé rud a dhéin sé 'ná a leigint air go bhfeacaidh
sé sprid thíos ar an mBóthar Leathan. Do chreid
an mháthair é toisg an ainim aerach a bheith ar an áit.
Ní raibh aon chómharsa a thagadh isteach 'na dhiaigh san
go ceann abhfad ná cuireadh sí fheuchaint ar Chonn
an sgeul dh'innsint. B'é crích an sgéil é go
dtáinig oiread san sgannra ar Chonn roimis an
sprid úd ná feacaidh sé riamh, ná leigfeadh eagla
dhó an Bóthar Leathan a ghabháil tar éis na h-oídhche
a thuitim, dá bhfaghadh sé Éire air.



Peig. — Pé 'cu chreid Sadhbh féin é nó nár chreid, bhí
a lán des na cómharsanaibh a chreid láithreach é, agus
ba ghearr gur chreideadar go léir é. Cheapadar, is
dócha, toisg an deighleáil leathair a bheith idir Dhiarmuid
agus Séadna, go mb'fhéidir go raibh an gheallamhaint
ann. Pé sgéal é, bhí sé socair 'na n-aigne gur mar
gheall ar Shadhbh do theip cleamhnas Mháire Ghearra.
Ansan, nuair a chuimhnigheadar ar an dturus úd
Dhiarmuda suas go tigh Shéadna, thuigeadar go mb'fhéidir
ná raibh Diarmuid chómh mór gan fios a ghnótha féin agus
a shíleadar.



“Á!” adeiridís le n-a chéile, “ní'l sprid ná púca
gan fios a chúise aige féin.”



Micil agus a mháthair a bhí go troma-chroídheach de
dhruim an sgéil. Gan amhras bhí a fhios ag Siobhán ná
raibh baint ar bith ag Sadhbh le briseadh an chleamhnais,
ach ní raibh a fhios san ag Micil. Ach má bhí troma-chroídhe
ar Shiobhán i dtaobh na beirte sin a bheith sgartha go bráth


L. 116


le chéile ar an saoghal so, bhí troma-chroídhe agus cancar
agus buile ar Mhicil i dtaobh a rádh go mbéadh sé de
phláinéid ar Shéadna go dtug sé geallamhaint phósda
do Shadhbh.



Síle. — Agus dar ndóigh níor thug, a Pheig.



Peig. — Cheap Micil gur thug.



Síle. — Ní dhéanfainn dabhta dhe! Nach iongantach
ná teipfeadh air, uair éigin, an tuathal a
cheapadh!



Peig. — 'Sdó, bhí sé i mbeul gach aoinne aici. Bhí sé
leathta ar fuid na dúithe aici. Lasmuich de Shéadna
féin agus de Mháire Ghearra agus de Shiobhán, ní raibh
duine ná daonaidhe ná raibh an sgéal aige fé mar chuir
Sadhbh amach é. Dá mb'é Seághan Ceatach féin é, bhí sé
buailte isteach 'na aigne go raibh geallamhaint pósta
tabhartha ag Séadna do Shadhbh, agus gur bh'í an ghealla-
mhaint sin a bhí ar aigne Shéadna an lá bhíodar ag siúbhal
sa pháirc ar aghaidh tíghe Shéadna amach, é féin agá thafaint
air Máire a phósadh, agus eisean ag admháil méid a
ghrádha dhi, agus sa n-am gcéadna ag cur an uile shaghas
constaice i gcoinnibh an chleamhnais.



Síle. — Agus an é sin a bhí ar siúbhal acu? Conus a
fuaradh amach é, a Pheig?



Peig. — Níor fuaradh amach é gur leath ráfla Shadhbh ar
fuid na h-áite, agus gur airigh Seághan é. Ansan do
bhuail sé buille d'á bhais ar a leath-ghlúin, agus dúbhairt
sé i n'aigne féin, “Ó! Tuigim anois,” ar seisean,
“cad a bhí ar aigne Shéadna an lá úd. Nach mór an
iongnadh,” ar seisean, “nár inis sé dhom, lom díreach,
cad a bhí ar aigne aige, agus gan mé bheith ag dul chómh
dian air, 'ghá chur suas chun mná do phósadh, agus
geallamhaint phósta tabhartha aige do mhnaoi eile?
Dáltha an sgéil,” ar seisean, “ní fheadar cad é an


L. 117


crann a bhí air agus a leithéid de gheallamhaint a thabhairt
uaidh d'á leithéid de mhnaoi.”



Nuair a bhuail Seághan agus an sagart um a chéile do
shocruigheadar an sgeul eatortha ar a sástacht féin.
Go dtí san, do theip ar aoinne acu bun ná bárr d'fhághail
ar an sgeul, ach nuair a bhí ráfla Shadhbh acu do thuigeadar
é go léir tríd síos.



Síle. — Thuigeadar, dar leó féin.



Peig. — Dar leó féin, go díreach. Cheapadar go raibh
bun agus bárr an sgéil go cruinn agus go baileach acu
nuair a bhí fios na geallamhna acu, agus is iad a bhí go
h-athtruaghach agus go dubrónach de bhárr an mhí-ádh a bhí
ar Shéadna, agus an chuma i n-a raibh Sadhbh ag déanamh
toirmisg dó.



“Ní fheadar an tsaoghal,” arsa 'n sagart, “cad é an
mallachar radhairc a bhí air agus a leithéid de
gheallamhaint a thabhairt d'á leithéid de mhnaoi.”



“Is dócha,” arsa Seághan, “gur an fhaid a bhí an
dealbhas air a dhéin sé é. Do gheibheadh sé leathar ar
cáirde go minic ó Dhiarmuid, agus b'fhéidir gur cheap
an fear bocht, dá bpósadh sé Sadhbh, go mbéadh tinteán
tirm teann aige, pé i n-Éirinn é, pé compórd eile
bhéadh aige ná ná béadh.”



“Gabhaim-se orm,” arsa 'n sagart, “ná raibh aon
bhaoghal go bpósfadh sí an uair sin é. Ach mar sin
féin, b'fhéidir nár mhisde léi an gheallamhaint do ghlacadh
uaidh. Ní'l teóra le n-a leithéidí nuair a luíghid siad
amach ar an bhfeall agus ar an gcalaois agus ar an
éitheach.”



“Fágaim le h-uadhacht, a Athair,” arsa Seághan
Ceatach, “gur dócha go bhfuil an ceart agat. Ach ar
a shon san, tá a lán sa sgeul nach féidir a thuisgint.
An lá bhí sé thiar agam' thigh-se, dúbhairt sé gur oir dó


L. 118


cúpla focal a labhairt le Máire. Cheapas ná raibh uain
aige ar dhul isteach nuair a bhí sé imthighthe. Má labhair
sé i n-aon chor níor labhair sé thar an dá fhocal. D'imthigh
sé mar imtheóchadh an t-eun. Pé rud adúbhairt sé, ní
fheaca-sa riamh a leithéid d'athrughadh i n-aon Chríostaidhe
agus a bhí inti sin as san amach. Do tháinig a goile dhi
agus do tháinig a luisne dhi. D'imthigh an mhairbhitíghe
agus an dúire. Ba ghearr go raibh a guth chómh h-aibigh
agus a gáire chómh binn agus dh'airigheas riamh ó n-a
máthair, an lá is óige a bhí sí. Má's amhlaidh dh'inis sé
dhi go raibh geallamhaint tabhartha do Shadhbh aige, is
deacair a rádh go dtógfadh san an ceó d'á croídhe mar
a tógadh é. Ba dhóigh liom gurab é rud a dhéanfadh sé
'ná an galar dóghach a chur ar fad uirthi.”



“Am briathar 's ambasa, a Sheághain,” arsa 'n sagart,
“go bhfuil iongnadh mhór agat d'á chur orm, feuch. An
lá tháinig sé anso chun cainte liom-sa, cheapas, nídh
nárbh' iongnadh, gur chun an chleamhnais a chríochnughadh a
tháinig sé. Dúbhairt sé liom gur bh'fearr leis 'ná a
raibh d'ór agus d'airgead an tsaoghal aige go bhféadfadh
sé Máire phósadh. Cheapas féin go raibh sgeul áthais
agam d'á innsint dó nuair adúbhart leis gur bh'fheasach
dom Máire bheith lán-toilteanach do'n chleamhnas. I n-a
inead san is amhlaidh ba dhóigh leat gur innseas dó go
raibh sí tar éis bháis. ‘Is truagh agus is tubaisteach an
sgeul é,’ ar seisean, agus do sgiúrd sé an doras
amach uaim mar dhéanfadh duine buile.”



“Pé rud adúbhairt sé le Máire, le n-ar baineadh an
galar dóghach di, tá eagla orm go bhfuil greim daingean
éigin ag Sadhbh air, agus mura mbéadh go bhfuil, ná béadh
sise 'ghá mhaoidheamh ar fuid na dúithe mar atá sí, agus
ná sgarfadh seisean chómh bog le mnaoi go raibh oiread
san ceana aige uirthi, agus aici air.”


L. 119


“Agus feuch,” arsa 'n sagart, “ar an dtaobh eile
de'n sgeul. Ní saoráidíghe atá sgartha aige-sean le
Máire 'ná atá sgartha aici-sin leis.”



“Dar fiadh, a Athair, is fíor dhuit é!” arsa Seághan.
“Agus gan éileamh ag aoinne uirthi.”



“Is é an sgeul is éagsamhlaíghe d'ár bhuail riamh fós
umam-sa é,” arsa 'n sagart.



“Nár chóir, a Athair,” arsa Seághan, “má thug sé
geallamhaint do Shadhbh Dhiarmuda, go bhféadfaí teacht
ar bhun-phréimh an sgéil agus an gheallamhaint do chur i
leath-taoibh? Dar ndóigh tá a fhios ag an saoghal ná
fuil sé ceangailte air i láthair Dé an gheallamhaint sin
do sheasamh.”



“Gan amhras,” arsa 'n sagart, “má tá an ghealla-
mhaint ann, ní'l sé ceangailte air í sheasamh.”



“Má tá sí ann, a Athair, an eadh?” arsa Seághan.
“Deabhruighean san gurab é do thuairim-se ná fuil sí
ann. Mura bhfuil sí ann, nár chóir go bhféadfaí cosg a
chur le teangain Shadhbh? Má 's éitheach atá ar siúbhal
aici is mór an truagh é leigint i n-aisge léi. D'á fhaid
a leigfear i n-aisge léi é iseadh is dána leanfaidh sí dhe.
D'á luaithe a cuirfear cosg léi iseadh is lugha an díobháil
a bhéidh déanta aici. Má 's éitheach atá ar siúbhal aici, —
mura bhfuil aon éileamh aici ar Shéadna le ceart
geallamhna, — do bhuadhaigh sí ar a bhfeaca riamh de
mhnáibh, agus do bhuadhaigh Séadna ar a bhfeaca riamh
d'fhearaibh.”



“Conus é sin?” arsa 'n sagart.



“Mura bhfuil aon éileamh ag Sadhbh air,” ar seisean,
“cad 'tá ag teacht idir é agus pósadh m'inghíne?”



“Siní díreach an cheist,” arsa 'n sagart.



“Isí, a Athair,” ar seisean; “agus tá a fhonn orm
leanamhaint siar ar an gceist sin go dtagaidh a réidhteach


L. 120


liom, luath nó mall. Dá mbeitheá am' chás, a Athair,”
ar seisean, “ní ró mhaith do raghadh sé dhuit Sadhbh
Dhiarmuda bheith ag magadh fút ar an gcuma so.”



“Ní'l Sadhbh ag magadh fé aoinne ach fúithi féin, a
Sheághain,” arsa 'n sagart. “Ach ar a shon san, ámh, is
fíor dhuit gur mór an truagh gan smacht a chur ar a
leithéid dá mb'fhéidir é. Agus anois a chuimhnighim air,
ní dócha go raghadh Diarmuid suas chómh dána go tigh
Shéadna, 'ghá fhiafruighe dhe cad a cheap sé dhéanamh i
gcóir na Máirte, mura mbéadh go raibh ceart nó teidiol
éigin aige.”



“Agus feuch féin, a Athair,” arsa Seághan, “cad é
an saghas freagra thug Séadna air. ‘Ní'l aon fhonn
pósta orm,’ ar seisean, ‘agus ní bhéidh go fóil;’ díreach
fé mar a deurfadh sé, ‘ní'lim ollamh fós ar an ngealla-
mhaint úd do chómhlíonadh.’”



“Ambasa, a Sheághain,” arsa 'n sagart, “ní deirim
ná go bhfuil an ceart agat. Tá sé ar naisg aici, agus
is mór an truagh é.”



Síle. — Ómhais', ómhais', ómhaise! Feuch air sin mar
obair! Cad é an donas a bhí ag baint a meabhrach
díobh? Dar ndó', tá a fhios ag an saoghal go
ndeurfadh sé an méid sin cainte agus gan
aon gheallamhaint a bheith air. Ba dheas an
bheirt iad! Cad é an díobháil dom ach an sagart
féin.



Cáit. — Is dó', feuch, a Shíle, a chuid, ní raibh aon eólas
acu ar rún Shéadna, ná aon choinne ar bith acu le
n-a leithéid. Dá mbéadh, b'fhéidir go dtuigfidís an
sgeul chómh maith agus thuigimíd-ne é. Ach conus
fhéadfadh aoinne cuimhneamh air? Níor inis sé
d'aoinne beó é. Níor thrácht sé amach as a bheul
air le h-aoinne d'ár mhair riamh, ó'n gcéad lá go


L. 121


dtí an lá bhí an uair sin ann. Ar thugais fé ndeara
a chruinne agus a fheabhas a choimeád sé é ó'n uile
dhuine d'ár labhair leis? Bhíos ag faire ar an
sgeul, agus bhínn 'ghá cheapadh ó am go h-am go
sleamhnóchadh focal éigin uaidh a leigfeadh amach
é; ach níor shleamhnuigh an smiog ba lúgha uaidh. Ní
raibh aon nidh eile 'ghá chosg air Máire Ghearra a
phósadh ach an rún a bhí aige i n'aigne féin. Ní raibh
eólas ar bith ag an sagart ná ag Seághan Ceatach
ar an rún san. Bhí sé leathta ar fuid na dúithe
ag Sadhbh gur gheall sé í féin a phósadh. Ní raibh
aoinne ag bréagnughadh an sgéil sin. Conus
fhéadfadh aoinne a rádh 'ná go mb'fhéidir go raibh
rud éigin i bhfuirm fírinne sa sgeul? Ceapaim
féin ná féadfadh Seághan Ceatach agus an sagart a
n-aigne do shocarughadh ar aon rud eile ach air seo,
nár bh'fholáir nó go raibh an gheallamhaint ann.



Síle. — Agus dar ndó', ba mhór an éagcóir é, a
Cháit.



Cáit. — Ba mhór, gan amhras, ach cad é an leigheas a bhí
air?



Síle. — Ba dhó' liom gur cheart do dhaoinibh feuchaint
rómpa agus gan an éagcóir a dhéanamh.



Cáit. — Ambasa, a Shíle, ba cheart. Ach ní fhágan san
ná gur minic a crochadh duine san éagcóir agus gan
leigheas ag aoinne air.



Gobnait. — D'airigheas-sa gur crochadh duine mar sin
san éagcóir thiar i n-aice an Rátha Mhóir fadó,
nuair a bhriseadar na Buachaillí Bána an cóisde
agus mharbhadar an fear a bhí 'na ghárda air.



Nóra. — Cad ba ghádh dhóibh é mharbhadh, a Ghobnait?



Gobnait. — Is amhlaidh a cheapadar go raibh páipeur ag
fear an chóisde, agus gach aoinne a bhí 'na cheann ar


L. 122


Bhuachaillíbh Bána go raibh a ainim sa pháipeur san,
agus nuair a raghadh an cóisde go Tráigh-Lí go
gcurfaí armáil amach, agus aon fhear go raibh a
ainim sa pháipeur go mbéarfaí air agus go gcrochfaí
e. Isé rud a bheartuigheadar 'ná teacht roimis an
gcóisde agus an páipeur a bhaint amach ar ais nó
ar éigin. Nuair iaradar an páipeur isé rud a
dhéin an fear a bhí 'na ghárda 'ná caitheamh leó. Bhí
arm teine acu-san chómh maith agus bhí aige-sin, agus
do chaitheadar leis, agus do thuit sé marbh ar an
mbóthar. Ar maidin lar na mháireach do bhuail amach
ar an mbóthar seanduine bocht a bhíodh ag aedhreacht i
gcómhgar na h-áite, agus nuair a chonaic sé an
duine marbh do stad sé ag feuchaint air agus
sgárd 'na shúilibh. Le n-a linn sin do tháinig an
t-arm dearg suas, agus do rugadh ar an seanduine
bocht, agus do cuireadh suas croch láithreach chun a
chrochta.



Síle. — Agus cad chuige é chrochadh gan chúis?



Gobnait. — Ambasa, a Shíle, ba chuma leó súd cia'cu bhí
cúis chuige nó ná raibh. Seanduine bocht simplidhe
dob' eadh é, gan pheacadh. D'iar sé an sagart a
thabhairt chuige, agus do tugadh. Nuair a bhí a
fhaoisdin déanta aige, agus iad 'ghá bhreith suas
chun na croiche, bhí sé ag tuitim i gceann a chos le
sgannradh. Ní fhéadfadh sé siúbhal ná seasamh.
Ansan do labhair an sagart leis agus dúbhairt
sé, “Ní fiú dhuit a leithéid sin d'eagla bheith ort,”
ar seisean. “Ní túisge do sgarfaidh anam le
colainn agat ar an gcroich 'ná bhéidh aoibhneas na
bhFlathas agat láithreach.” — “An ndeirean tú liom
é?” arsa 'n seanduine bocht. — “Deirim gan
amhras,” arsa 'n sagart. “Tá Íosa Críost agus


L. 123


Muire Mháthair ansúd thuas ag feitheamh leat.”
Tháinig neart agus misneach láithreach dó.
“Druididh uaim amach,” ar seisean leó. Chuir sé
an dréimire suas de gan congnamh, agus do
crochadh é. Bhí sé ceithre fichid.



Cáit. — Ba dheas an gníomh é! Dá bhfaghainn lom ortha
do chrochfainn iad mar a chrochfainn madraí uilc.
Na cladhairí gránda! An seanduine bocht!
Agus a fhios acu ná raibh sé agus ná féadfadh sé
bheith ciontach. Nár chóir go mbéadh náire ortha!



Gobnait. — Náire! 'Dhe, cá bhfios dóibh siúd cad a bhain
le náire? Bhídís ag lámhach agus ag crochadh na
ndaoine ins gach aon bhall an uair sin. Nach shin
é an fear san thíos i Mágh Chromdha do bhuail aníos
Gort na Lice maidean Domhnaigh ar muin a chapaill,
agus a ghuna ar a bheulaibh aige, agus nuair a chonaic
sé an duine bocht i n-aice an tuir ar a ghlúinibh ag
rádh na Coróinneach Muire, do sgaoil an pléar
tríd!



Cáit. — Ambasa, a Ghobnait, is fíor dhuit. Do dhéin sé
mar sin é. Bhíos i Mágh Chromdha lá i n-aonfheacht
le Neill, agus thaisbeáin sí dhom é, agus am briathar,
nuair a chonac é, gur choruigh mo chuid fola. Bhí sé
ansúd go liath láidir ag siúbhal na sráide, chómh
dána agus dá mba ná béadh a leithéid déanta aige.
Do theip orm gan nimh mo shúl do chur 'na láimh
dheis. Thug sé fé ndeara mé ag feuchaint ar an
láimh, agus d'iompuigh dath gorm ar an mbitheamhnach.
B'é b'fhada liom go rabhas as a radharc, geallaim
dhuit é.



Síle, — Cé h-é féin, a Cháit?



Cáit. — 'Dhe, an sean chladhaire sin thíos Dochtúir de
Faoite.


L. 124


Síle. — Agus cad 'na thaobh nár crochadh é?



Gobnait. — 'Seadh go díreach! Cad 'na thaobh nár
crochadh é! Cad 'na thaobh nár crochadh M'leachlainn?
Níor crochadh. 'Siad na Cárthaigh a crochadh, nuair a
dhearbhuigh M'leachlainn ortha an gníomh a dhéin sé
féin.



Cáit. — Nach é Cormac mac Cártha a lámhuigh Bob
Hutchison, a Ghobnait?



Gobnait. — Isé, nuair a sheasaimh M'leachlainn ua
Dubhagáin ar an dtaobh thiar de agus chuir sé beul
a ghuna le n-a dhrom, agus dúbhairt sé, “Lámhuigh
é, a Chormaic,” ar seisean, “nó lámhfad-sa thusa!”
Agus dar ndó', ní raibh de na Cárthaigh ann ach
Cormac. Ní raibh Ceallachán ná Tadhg ann i n-aon
chor, agus do crochadh an triúr. Agus ní baoghal,
a Shíle, gur crochadh M'leachlainn.



Síle — 'Sdó, go deimhin, ba dhóigh le duine ort-sa, a
Ghobnait, gurab iad na daoine ciontacha is mó a
théidhean saor, agus gurab iad na daoine macánta
a crochtar. Do crochadh an seanduine thiar i n-aice
an Rátha Mhóir, agus níor crochadh an mhuíntir a
chroch é. Do crochadh na Cárthaigh, agus níor crochadh
M'leachlainn. Níor crochadh Dochtúir de Faoite.



Gobnait. — Ar airighis riamh, a Shíle, cad dúbhairt sean
Sheón Léadar leis an bhfear oibre? “Duine
macánta iseadh mise,” arsa 'n fear oibre. — “Duine
macánta!” arsa Seón. “Imthigh uaim, a dhuine
mhacánta!” ar seisean. “Ní dhéanfadh duine
macánta mo ghnó-sa i n-aon chor.”



Peig. — Fan leat go fóil, a Ghobnait.



“Tá sé ar naisg aici,” arsa 'n sagart, “agus is
mór an truagh é. Ach cad 'tá le déanamh againn?”



“Cad a bhéadh le déanamh againn,” arsa Seághan, “ach


L. 125


an gheallamhaint a chur i leath-taoibh? Ní'l sé ceangailte
ar Shéadna an gheallamhaint do sheasamh. Ní bhéadh sé
ceangailte ar aon fhear beó a bhéadh 'na chás. Is gealla-
mhaint gan éifeacht í.”



“Tá san uile fíor go leór,” arsa 'n sagart, “ach
conus a curfar i leath-taoibh í? Siní an cheist. Cad é
an chéad aitheasg atá le déanamh againn?”



“Is é céad aitheasg a dhéanfainn-se, a Athair,” arsa
Seághan, “dul soir go tigh Dhiarmud' Léith agus an
ceann a bhaint de'n sgeul láithreach dó féin agus do
Shadhbh, agus a innsint dóibh lom díreach ná fuil aon
tairbhe sa gheallamhaint, ná fuil ann ach díth céille dhóibh
bheith ag brath air go bhféadfaidís í chur i bhfeidhm ar an
nduine.”



“Má dhéinir mar sin,” arsa 'n sagart, “ceapaim
gurab é céad aitheasg a dhéanfaidh Sadhbh a fhiafruighe
dhíot go tur agus go teann cé dúbhairt leat teacht chun
cainte léi, nó an é Séadna a chuir chuici tú leis an
dteachtaireacht san, agus má's é, gurab é a cómhairle
féin duit imtheacht abhaile agus aire thabhairt dod' ghnó
féin, agus leigint do Shéadna an cleas céadna
dhéanamh.”



“Má's eadh, a Athair,” ar seisean, “cad déarfá
lem' dhul chun cainte le Séadna féin ar dtúis?”



“Agus cad déarfá leis?” arsa 'n sagart.



“Déarfainn leis,” ar seisean, “gur mór an truagh
dhó a shaoghal a sgaoileadh uaidh ag seasamh geallamhna
gan bhrígh, agus gan ceangal air i láthair Dé an ghealla-
mhaint do chómhlíonadh.”



“Ní fhéadfainn aon tuairim a thabhairt,” arsa 'n
sagart, “fé'n bhfreagra gheabhthá uaidh. Is duine ró
dhoimhinn ró dhorcha é. D'á ghéire thabharfá tuairim fé'n
gcaint a bhéadh le teacht uaidh, nuair a thiocfadh an chaint


L. 126


bhéadh sí seacht míle ó'n dtuairim. Ach do gheallfainn
duit go ndéarfadh sé rud éigin ná béadh coinne agat
leis agus a bhainfeadh ded' bhonnaibh thú.”



“Ní fheadar an tsaoghal, a Athair,” arsa Seághan
“cad is maith dhom a dhéanamh.”



“Ar inis Máire dhuit,” arsa 'n sagart, “cad dúbhairt
Séadna léi an lá bhí sé thiar?”



“Níor inis, a Athair,” ar seisean, “agus níor
fhiafruigheas di é.”



“B'fhéidir,” arsa 'n sagart, “dá mbéadh a fhios agat
cad dúbhairt sé léi an lá san, go dtabharfadh san
oiread eólais ar a aigne dhuit agus a chuirfeadh ar an
mbóthar gceart tú sul a raghfá chun cainte leis.”



“Tá go maith, a Athair,” ar seisean. “Fiafróchad
anois dí é nuair a raghad abhaile, ar a shon nach maith
liom trácht i n-aon chor léi air, le h-eagla go gcuirfeadh
sé aon bhuairt uirthi agus go bhfillfeadh an lionn-dubh
úd airís uirthi.”



“Ní'l agat,” arsa 'n sagart, “ach an sgeul do
tharang anuas chómh réidh, chómh neamhchuiseach agus is
féidir é.”


L. 127


Caibidiol a cúigdeug.



D'imthigh Seághan Ceatach abhaile, agus nuair a fuair
sé an chaoi do tharaing sé anuas an sgeul.



“Ní'l aon tseó, a Mháire,” ar seisean, “ach a bhfuil
de mhaitheas ag Séadna d'á dhéanamh ar fuid na dúithe,
Ní fheadar an tsaoghal conus sheasuighean airgead dó.
Isé mo thuairim ná fuil, nó gur beag má tá, aon duine
bocht sa pharóiste anois ná fuil raint d'á chuid aige.”



“Ní'l, a athair,” ar sise, “ná dá ndéarfá ins na
seacht bparóistíbh is goire dhi. Bíon iongnadh mo
chroídhe orm féin, leis, nuair airighim na daoine ag
caint, conus ná fuil sé briste fadó. Ní 'n-a sgillingibh
ná 'n-a phúntaibh atá an t-airgead ag imtheacht uaidh, ach
i n-a fhichidibh agus 'n-a chéadaibh púnt.”



“Is minic a bhím 'ghá chuimhneamh,” ar seisean, “gur
mór go léir an iongnadh, é bheith 'ghá sgaoileadh uaidh ar
an gcuma san. Dar ndóigh, d'fhéadfadh duine tairbhe
dhéanamh, agus déirc a dhéanamh, agus carthanacht a
dhéanamh, agus gan an éagcóir sin a dhéanamh air féin.
Isé rud adeir a lán 'ná gurab ar éadtromacht
atá sé.”



“Ar éadtromacht!” ar sise. “Is deacair dul
uatha. Dá mbéadh sé 'na spriúnlóir neamh-maitheach do
gheabhaidís locht air. Déarfaidís go raibh sé ag déanamh
an airgid le saint agus le cruadháil. Anois, nuair
nach féidir saint ná spriúnlaitheacht a chur 'na leith, ní
foláir a rádh gur ar éadtromacht atá sé. Is maith an
bhail air gur ró bheag é a shuím 'na gcaint. Pé cúis
atá aige le bheith ag déanamh na maitheasa, is dócha go
bhfuil fios a aigne féin aige.”


L. 128


“Tá daoine a déarfadh gur buairt aigne atá ag
imirt air,” ar seisean, “buairt mhór éigin. Gur chuir
sé ceangal nó geallamhaint nó rud éigin de'n tsórd
san air féin, ceangal éigin nár thuig sé i gceart i
n-am. Ansan nuair a thuig sé é féin agus fuair sé
cad a bhí déanta aige, i n-inead aon iaracht do thabhairt
ar é féin d'fhuasgailt, gurab amhlaidh a chuaidh sé i
n-éadóchas ar fad.”



D'éist Máire. Níor leig sí aon rud uirthi. Bhí
iongnadh a croidhe uirthi.



“Ní h-éidir,” ar sise 'na h-aigne, “gurab amhlaidh
do sgéidh an bhaintreach!”



“Ba chóir,” ar seisean, “dá mbéadh aon rud de'n
tsórd san ar a aigne, go 'neósadh sé dhuit-se é an lá
úd, i dtaobh a's gur ró bheag an uain a thug sé dhó féin
ar phuínn d'innsint duit.”



“Andaigh féin, ba chóir sin,” ar sise go neamhchuiseach.
“Is dócha,” ar sise, “dá mbéadh rud d'á shórd ag
déanamh buartha dhó, go dtabharfadh sé uain dó féin ar
é dh'innsint, agus nuair nár thug, gur maith an cómhartha
ná raibh.” Bhí stoca le n-a h-athair 'na láimh, agus í ag
cur cléithe ann, agus ba dhóigh leat uirthi gur géire bhí
a h-aigne ar an stoca 'na ar an gcaint.



Is ar Sheághan a bhí an iongnadh ansan. “Níor inis
sé riamh di é!” ar seisean i n'aigne féin. “Mhaise,
is dócha,” ar seisean léi, “go bhfuil an ceart agat. Dá
mbéadh sé ag déanamh buartha dhó do thabharfadh sé uain
dó féin ar é dh'innsint.”



“Seo,” ar sise. “Cuir umat anois é, go bhfeicead
an mbéidh sé ad' ghortughadh.”



Síle. — Am briathar féin gur mhaith an bhail uirthi nár leig
sí amach é. Ní bhéadh an meas céadna go bráth
airís agam uirthi, an dá lá 's an fhaid a mhairfeadh


L. 129


sí, feuch! An rógaire! Nach áiseach a bhí an stoca
aici! Aidhe mhaise, a Mháire, níor theip riamh ort.



Gobnait. — Cad a dhéin Seághan ansan, a Pheig?



Peig. — Chómh luath agus bhí caoi aige air, do bhuail sé
soir chun tíghe an tsagairt.



“Seadh, a Athair,” ar seisean, “táim níos daille
anois ar an sgeul 'ná bhíos riamh.”



“Conus é sin?” arsa 'n sagart.



“Pé rud adúbhairt sé le Máire an lá bhí sé thiar,
níor thrácht sé léi ar cheangal ná ar gheallamhaint phósta.”



Ar éigin a bhí an focal as a bheul nuair d'airigheadar
coiscéim ag déanamh ar an ndorus. Do bhuail chúca
isteach — Diarmuid Liath féin!



“Dé bheatha-sa, a Dhiarmuid!” arsa 'n sagart.



“Go mairir, a Athair!” arsa Diarmuid. “Conus
táir, a Sheághain?”



“Go maith, slán a bhéir!” arsa Seághan.



Dhéineadar raint cainte, caint ná raibh puínn suime
ag aoinne acu inti.



Fé dheire dúbhairt Diarmuid, “Dá mb'é do thoil é,
a Athair,” ar seisean, “d'oirfeadh dhom beagán cainte
dhéanamh leat.”



“Ar mhisde leat-sa fanamhaint anso tamaillín, a
Sheághain?” arsa 'n sagart.



“Tá go maith, a Athair,” arsa Seághan. “Ná bacaidh
mise.”



D'imthigheadar isteach i seómra eile.



D'imthigh tamaillín, agus d'imthigh tamall mór 'na
dhiaigh. Fé dheire d'imthigh Diarmuid agus d'fhill an
sagart. Isé a bhí ag feuchaint go greannmhar.



“Seadh, a Sheághain,” ar seisean, “tá do cheist-se
réidhtighthe, pé i n-Éirinn é.”



“Conus é sin, a Athair?” ar seisean.


L. 130


“Tá Sadhbh le pósadh,” arsa 'n sagart.



“Mo ghraidhn mo shúil!” arsa Seághan. “Nach maith
a bhí a fhios agam go raibh an greim dúid aici air agus
ná sgarfadh sí leis!”



“Ní le Séadna atá sí le pósadh,” arsa 'n sagart.



Do stad Seághan, agus do leath a shúile air.



“Ní le Séadna é, an eadh?” ar seisean.



“Ní leis,” arsa 'n sagart. “Ní féidir liom a
dhéanamh amach cé h-é féin. Deir Diarmuid gur duine
uasal é agus gur aníos ó i n-aice an bhaile mhóir i
mball éigin é, agus nach beag de sheó a bhfuil d'ór agus
d'airgead agus de shaidhbhreas aige. Deir sé gur sa
bhaile mhór a pósfar iad. Ní'l uaidh ach cead d'fhághail
uaim-se go bpósfadh an sagart thíos iad. Bronnaim
air iad go fonnmhar, geallaim dhuit é. Ní misde liom
gan aon lámh a bheith agam sa ghnó. Tá eagal orm
gurab olc an gnó é. D'iaras air an sgéal a chur ar
gcúlaibh go ceann raint laetheanta go mbéadh uain agam
ar thuairisg na h-áite thíos do chur, agus ar a dhéanamh
amach cé h-é an duine uasal mór so go bhfuil an
saidhbhreas go léir aige, agus cad é an chúis ná féadfadh
sé bean d'fhághail thíos 'na dhúthaigh féin agus gan teacht
chómh fada ó bhaile ar lorg mná. Ní thaithnean an sgéal ró
mhaith leis an nduine mbocht féin, ach deir sé go bhfuil an
gnó go léir socair ag Sadhbh agus ag an nduine uasal.”



“Ar iompáil na n-each tig atharach na sgéal,” arsa
Seághan. “Ní raibh de choinne agam leis an méid sin
ach oiread agus bhí agam go dtuitfeadh an spéir
uachdarach. Pé deire bhéidh ar an ngnó so, tá deire le
caint Shadhbh i dtaobh aon éilimh a bheith aici ar Shéadna.
Pé 'cu bhí greim geallamhna aici air nó ná raibh, go dtí
seo, ní féidir dí a leigint uirthi níos mó go bhfuil, ná go
raibh riamh. Is olc an ghaoth ná séidean do dhuine éigin.”


L. 131


“Ná codail ar an gcluais sin, a Sheághain,” arsa 'n
sagart. “Ní'l aithne cheart agat ar Shadhbh. Isí bean
is dána d'ár bhuail riamh umam í. Ní chuirfeadh sé
blúire iongnadh orm, dá mba rud é go dteipfeadh an
gnó so uirthi, dá ráineóchadh go bhfágfadh an duine uasal
so Baile Átha Cliath ar an mbóthar aici, í theacht os
cómhair na dúithe airís chómh dána agus bhí sí riamh, 'ghá
chur 'na luíghe orainn go léir go raibh fhiachaibh ar Shéadna
í phósadh.”



“Agus cé chreidfeadh í, a Athair?” arsa Seághan.



“Is dócha,” arsa 'n sagart, “aoinne fheuchfadh isteach
sa sgéal, ná creidfeadh sé í, ach is gnáth le daoine
sgéal de'n tsaghas san do ghlacadh gan feuchaint chuige
puínn. Níor ghéilleas féin riamh do ráidhtibh aoinne gur
thug sé geallamhaint di, go dtí gur chuiris-se 'na luíghe
orm é an lá deirineach úd a bhíomair ag trácht air.
Agus táim deimhnightheach anois go raibh dearmhad ort.
Táim lán-deimhnightheach, pé rud atá ag teacht idir
Shéadna agus pósadh t' inghíne-se, ná bainean sé le
Sadhbh agus ná bainean Sadhbh leis, olc maith ná donaídhe.”



“Tá súil agam,” arsa Seághan, “go bpósfaidh an
duine uasal so í, pé h-é féin. Níor mhór liom dó í.
Dá mbéadh sí árduighthe leis go dtí an baile mór aige,
ba mhór an suaimhneas ar an ndúthaigh é.”



“Tá eagal orm, a Sheághain,” arsa 'n sagart, “nach
mar mhaithe leis an nduine uasal bocht adeirir-se an
méid sin.”



“Dáltha an chait, a Athair,” arsa Seághan. “Mar
mhaithe leis féin a dhéinean an cat crónán.”



“Ach 'na thaobh san a's uile,” arsa 'n sagart, “ní
fios cia'cu de'n bheirt, Sadhbh nó an duine uasal, is mó
bhéidh beirthe ná caillte leis an bpósadh, má théidhean sé
chun cinn. Má's duine uasal fóghanta é, is fada nár


L. 132


tháinig ó'n mbaile mór aon amadán chómh críochnuighthe
leis. Siní an cailín a thabharfaidh fios aitheanta a
chreidimh dó sul a mbéidh sé abhfad pósta aici. Má's
feallaire é, ní maithfear puínn dó. Má cheapan sé i
n'aigne go dtiocfaidh leis smacht a chur ar Shadhbh, tá
an dearmhad ar an bhfear mbocht is mó bhí riamh air.
Níor cuireadh smacht ar Shadhbh i n-am. Do cailleadh a
máthair sul a raibh sí bliaghain iomlán. Thug Diarmuid
a slígh féin di go dtí go raibh sé ró dhéanach, go dtí go
raibh sí imthighthe ó smacht.”



“Ní dóigh liom gur cúrsaidhe smachta é, a Athair,”
arsa Seághan. “Do cailleadh Aoibhlín orm-sa agus
gan Máire bheag ach dhá bhliaghain. Níor chuireas aon
smacht riamh ar an leanbh san. Do tugadh a slígh di,
má tugadh d'aoinne é. Oiread agus labhairt árd léi
níor déineadh é, ní áirmhighim focal feargach a labhairt
léi, ná buille bhualadh uirthi. Agus feuch conus mar
atá an sgéal againn. Chómh siúrálta agus tháir ad'
shuídhe ansan, is túisge chuimhnighean sí ar an rud a bhíos
uaim 'ná mar a chuimhnighim féin air.”



“Gan amhras, a Sheághain,” arsa 'n sagart, “bíon
grástamhlacht i ndaoinibh seachas a chéile, agus bíon an
braon fóghanta i ndaoinibh seachas a chéile, agus an
droch bhraon. Ach mar sin féin, chómh fada agus a
théidhean an choitchiantacht, is fíor é an sean-fhocal agus
ní sáróchar é, ‘Ní bhíon an rath ach mar a mbíon an
smacht.’”



Chomáineadar leó ar an gcuma san ag caint agus
ag cur thré chéile, Seághan Ceatach go sásta i n'aigne
agus go ró bhuidheach de'n duine uasal a tháinig chómh
fada fá dhéin Shadhbh, agus an sagart go neamh-shásta
i n'aigne le h-eagla nach aon chrích fhóghanta a bhéarfad
gnó Shadhbh agus an duine uasail iasachta.


L. 133


Caibidiol a sédeug.



Lar na mháireach a bhí chúgainn, bhí aonach sa tsráid.
Bhí Séadna ar an aonach le h-ualach bróg. Bhí Micil ar
an aonach 'na sheasamh leis an ualach. Bhí máthair Mhicil
ar an aonach ag díol muice raimhre agus ag ceannach
céise. Bhí Seághan Ceatach ar an aonach, agus stoc
mór de bhuaibh seasga aige le díol ó'n gcnoc. Bhí
Máire Ghearra ar an aonach i dteannta a h-athar. Bhí
an báille ar an aonach, chómh plucach, chómh caincíneach,
chómh mórchúiseach, chómh géar-shúileach, chómh tárr-leathan,
chómh colpach, chómh tur agus bhí Seághan an Aonaigh
riamh. Dá bhfeicfeá ag déanamh ort é, ba dhóigh leat air
gurab amhlaidh a bhí bharántas 'na phóca aige ad' choinnibh.
Dá mba ná déanfá ach beannughadh dhó, d'fheuchfadh sé
ort mar fheuchfadh sé ar dhuine a bhéadh chun a bhuailte.



Bhí an uile shaghas eachradh ann, chómh h-iomadamhail
agus bhí an chéad lá úd a tháinig Séadna ann chun capaill
agus bó bainne do cheannach. Bhí lucht cleas ann, agus
lucht rinnce, agus lucht ceóil, agus lucht cartaí, agus
lucht pócaí do phiocadh. Bhí tíncéirí ann as gach áird
idir chian agus cómhgar, agus is iad a bhí go buartha
agus go bladhmanach, go droch mhúinte, go droch bhéasach
agus go droch labhartha. Iad féin agus a mná agus a
gclann ag dul i gcochall a chéile gur dhóigh leat go
maireóbhaidís a chéile, agus 'na thaobh san ná marbhuighdís.



Bhí lucht méaracán ann. Ach má 'seadh, ní raibh fear
méaracán Shéadna ortha, nó má bhí, ní bhfuair Séadna
aon radharc air.



Do ritheadh an rás, fé mar a ritheadh an chéad lá. Bhí
gach aoinne ag faire air. Nuair a bhí sé críochnuighthe


L. 134


bhí gach aoinne ag ruith agus gach aoinne ag liúighrigh, ach
má bhí, níor rith Séadna, ná níor liúigh sé.



Ní túisge bhí an rás í leath-taoibh 'ná d'éirigh troid
idir bheirt tíncéirí mar gheall ar cheannrach asail. Do
phreab tíncéir ba threise 'ná aoinne acu eatortha isteach.
Do chuir sé ó chéile iad agus do thóg sé féin an cheannrach.



Le n-a linn sin d'airigh Séadna na daoine 'na thímpal
ag cogarnaigh.



“Feuch! feuch! feuch!” ar siad. D'fheuch sé sa treó
i n-a rabhadar-san ag feuchaint. Cé chífeadh sé ag
gabháil anuas lár páirce an aonaigh, agus an t-aonach
ag déanamh slíghe dhóibh, ach an bheirt — Sadhbh agus an
duine uasal iasachta!



Bhí culaith chraoidhearg ar dearg-lasadh ar Shadhbh, ó
mhullach talamh. Bhí culaith éadaigh uasail air-sean, agus
isé a bhí go piocaithe bearrtha, go cúmtha córach cothuighthe
cumasach deagh-chroicinn. Do leath a shúile glan ar
Shéadna nuair a thánadar 'na chómhgar. B'é an duine
uasal céadna é ar ar eitigh sé an t-airgead agus ar ar
thug sé “cladhaire díomhaoin”!



Ní fheidir sé ó thalamh an domhain cad ba mhaith dhó a
rádh ná a dhéanamh. Níor dhéin sé ach stad mar a raibh
aige agus éisteacht. Do bhuaileadar thairis, an pháirc
síos, i ngoireacht trí ráinní dhó, gan feuchaint air, gan
é thabhairt fé ndeara ach chómh beag agus dá mba ná béadh
sé ann i n-aon chor. Do bhuaileadar suas ar an dtaobh
eile de'n pháirc, na daoine ag osgailt na slíghe rómpa,
agus ansan ag síneadh na méar fútha, agus ag crothadh
a gceann, agus ag dul ins na tríthíbh. Nuair a chonaic
an tíncéir mór iad do stad sé ag feuchaint ortha, agus
srian an asail ar a chuislinn aige. Nuair a bhíodar
imthighthe thairis d'éaluigh sé 'na ndiaigh agus tharaing sé
an tsrian ortha fé mar a bhéadh sé chun a mbuailte, ach


L. 135


ní baoghal gur bhuail, ná gur mhothuigheadar é, ach ba
dhóigh leat go dtuitfeadh an t-anam tur te as na daoine
a bhí ag feuchaint ar an spórt.



Ní bhfuair Séadna aon tsult ann. Bhí iomarca
iongnadh air.



“A Mhichíl,” ar seisean le Micil, “imthigh suas
chómh géar agus tá sé ad' chosaibh, agus abair le
Diarmuid Liath go n-oirean dom labhairt láithreach
leis.”



Do ghluais Micil. Sul a raibh sé leath na páirce suas
do bhuail Diarmuid uime, agus d'fhilleadar.



“Cé h-é sin i n-aonfheacht le Sadhbh?” arsa
Séadna.



“Ambasa, a Shéadna,” arsa Diarmuid, “ní'l puínn
aithne agam-sa air, ach gur duine uasal é ó i n-aice an
bhaile mhóir.”



“Cad é an ainim atá air?”



“Síogaidhe mac Giolla Phádraig a thugaid a mhuíntir
air.”



“Cé h-iad a mhuíntir?”



“Triúr eile uaisle a tháinig le n-a chois.”



“Cad a thug anso iad?”



“Thánadar ar an aonach.”



“Cad chuige?”



“Ag ceannach eachradh do'n rígh.”



“Cathain a thánadar?”



“Um thráthnóna arú indé.”



“Cár chaitheadar an aimsir ó shin?”



“Bhídís amuich formhór an lae, ach is agam-sa thugaidís
an oídhche.”



“Cad é an fuadar é seo fé Shadhbh?”



“Cleamhnas atá socair idir í féin agus Síogaidhe
mac Giolla Phádraig.”


L. 136


“Cá bhfios duit ná fuil bean cheana ag an nduine
uasal san?”



“Siné díreach adubhairt an sagart aréir nuair a
bhíos ag caint leis. Ach dúbhart-sa leis ná raibh uaim
ach cead dh'fhághail uaidh do shagart éigin sa bhaile mhór
chun iad a phósadh. Gan amhras, ní iarfadh sé an cead
san dá mbéadh sé pósta agus bean cheana sa bhaile mhór
aige.”



“Tuigim,” arsa Séadna. “Cé dhéin an cleamhnas?”



“Is amhlaidh a bhíodar ag magadh agus ag caitheamh
aimsire dhóibh féin an chéad oídhche. Gach aoinne acu
'ghá áiteamh ar an gcuid eile gur thúisge phósfadh Sadhbh
é féin 'ná aoinne dhíobh-san. — ‘Cuirimís ar chrannaibh
é,’ arsa duine acu. — ‘B'fhéidir ná tógfadh sí an t-é go
dtuitfeadh an crann air,’ arsa duine eile acu. Chuir-
eadar chuici an cheist. — ‘Tógfad,’ ar sise, ‘má thuitean
an crann ar an bhfear a thaithnfidh liom.’ Fuaradar go
léir ana shult sa méid sin. Do cuireadh ar chrannaibh
é, agus do thuit an crann ar an bhfear a chonaicís le n-a
cois ó chianaibh. Cheapamar uile ná raibh ann ach magadh,
ach am briathar gur ghlac seisean de chroídhe dháiríribh é.
Nuair a mheas Sadhbh tarang as, ‘Ambasa, a 'nghean
ó,’ ar seisean, ‘ní dhéanfaidh san an gnó dhuit. Dúbhraís
go dtógfá an t-é air go dtuitfeadh an crann, dá
dtuitfeadh an crann ar an bhfear a thaithnfeadh leat.
Tóg mé anois, nó abair ná taithnim leat.’ B'é deire
an aighnis é gur déineadh an cleamhnas.”



“Ar ceannuigheadh puínn capall do'n rígh?” arsa
Séadna.



“An oídhche thánadar,” arsa Diarmuid, “thugadar
dhom, le cur i gcoimeád, bosca mór iarainn agus é
lán go bara d'ór bhuídhe. Bhí muirighean mo dhá lámh
ann. Ar maidin indiu do líonadar a bpócaí as, ag


L. 137


gabháil amach dóibh. Nuair a bhíodh raint capall ceann-
uighthe acu agus díolta asta, agus iad féin agus a
ngiollaí curtha ar bóthar acu, d'fhillidís agus bheiridís
tuille de'n ór leó, agus cheannuighdís tuille. Fé
dheire bhí an bosca folamh. Nuair a bhíodar ag díol as
an raint déanach, bhí trí chéad púnt i n-easnamh ortha.
Ní raibh sé oireamhnach agam-sa, ach bhí sé ag Sadhbh, agus
thug sí dhóibh é ar iasacht go dtí go mbéidís go léir i
bhfochair a chéile sa bhaile mhór.”



“A Mhichíl,” arsa Séadna, “glaoidh ar an mbáille
chúgam. Tá sé ar an aonach.”



“Siné thuas é,” arsa Micil, “ag caint le Seághan
Bolg ua Dála. Béidh sé anuas chúgat láithreach agam.”



Tháinig an báille.



“An 'mó fear agat?” arsa Séadna.



“Ní'l ach fear agus fiche,” arsa 'n báille.



“Cruinnigh iad láithreach tímpal tíghe Dhiarmud' Léith,”
arsa Séadna. “Tá ceathrar bitheamhnach ann agus tá
an t-aonach creachta acu.”



Chuir an báille fead as agus phreab sé chun siúbhail.
Is beag ná gur thuit Diarmuid.



“Is fearra dhuit gan dul fé dhéin an tíghe go fóil,”
arsa Séadna. “Ní'l siad súd gan arm faobhair, agus
má théidhean an sgéal dian ortha béidh fuil acu. Fág
fé Chormac iad. Tá cleas ar an mbata draighin úd
aige a bhain fear láidir d'á bhonnaibh go minic.”



“Cá bhfios duit an bitheamhnaigh iad?” arsa Diarmuid.



“Sean-aithne bheith agam ar duine acu. An fear úd
a bhí le Sadhbh ag siúbhal an aonaigh ó chianaibh, tháinig sé
ag lorg airgid ar iasacht chúgam tá raint bliaghanta ó
shin ann. Nuair eitigheas an t-airgead air, dúbhairt sé
go raibh ocras air. Níor chreideas focal uaidh, agus
bhí a fhios aige nár chreideas. Do leig sé air ó chianaibh


L. 138


nár aithin sé mé, ach d'aithin chómh maith díreach agus
d'aithnigheas-sa é. Má thagan Cormac suas leis curfar
deire le n-a chúrsaíbh agus le n-a chuid uaisleachta go
ceann tamaill.”



Le n-a linn sin d'airigheadar an liúgh fhiaigh i dtreó
tíghe Dhiarmuda suas. Do bhris ar an bhfoidhne ag
Diarmuid.



“Ó!” ar seisean. “Marbhóchar Sadhbh bhocht
eatortha!” Agus do rith sé chómh maith agus bhí rith ag
an nduine mbocht.



Do rug Séadna ar chuislinn air. “Ní'l baoghal
uirthi,” ar seisean, “ach ní mar sin duit-se. Béidh an
t-aonach bailighthe ansúd láithreach. Ní'l aoinne atá
caillte leó súd ná béidh ag cur ortha. Is fearr as an
slígh thusa, le h-eagla go ndéarfadh duine éigin go
raibh rún a ngnótha agat, agus go n-iompóchadh na
daoine ort.”



“Dia le m'anam!” arsa Diarmuid. “Cad a chas
am' treó iad i n-aon chor?”



“Do chas airgead Shadhbh,” arsa Séadna. “Ní raibh
aon bheart eile acu le n-a dtiocfaidís air.”



“Tá an liúighreach ag stad. Táid siad ag dul chun
suaimhnis. Téidhmís suas,” arsa Diarmuid.



“An bhfuil deire na mbróg díolta, a Mhichíl?” arsa
Séadna.



“Tá, ach beagán,” arsa Micil.



“Gaibh an capall, má 'seadh, agus comáin leat
abhaile,” arsa Séadna.


L. 139


Caibidiol a seachtdeug.



Ghluaiseadar ortha suas, Séadna agus Diarmuid
Liath, cos ar chois, go tigh Dhiarmuda.



Ní raibh rómpa ann ach cruinniughadh ban agus leanbh
agus seandaoine, agus an tíncéir mór 'ghá léiriughadh
dhóibh cad a bhí tar éis tuitim amach.



“Cad é sin adeir sé?” arsa Diarmuid le duine acu.



“Deir sé,” arsa 'n duine, “gurab amhlaidh atá
Sadhbh fuaduighthe ag muíntir an rígh, agus go bhfuil
Cormac an Chaincín agus a mhuíntir imthighthe 'na ndiaigh
ar cos-anáirde chun í bhaint díobh, agus í thabhairt leó
abhaile, mar go raibh sí féin agus Cormac réidh chun a
bpósta.”



Chuadar isteach. Ní raibh aoinne rómpa istigh. Chuir-
eadar lámh ar dhorus an tseómra. Bhí sé daingean ó'n
dtaobh istigh. D'fheuchadar ar a chéile.



“Osgail an dorus, pé duine atá ansan!” arsa
Diarmuid.



“Dún-sa dorus an tíghe ar dtúis,” arsa Sadhbh — isí
a bhí ann. Do dhún.



D'osgail sí an dorus agus thaisbeáin sí dhóibh í féin,
agus an clóca dearg uirthi, agus sgeón inti.



“Cad é an donas é seo,” ar sise, “atá ag eiríghe
dos na daoine go léir, nó an ag imtheacht as a meabhair
atáid? Bhíos am' shuídhe sa chathaoir sin ansan. Bhí
Síogaidhe imthighthe amach feuchaint an bhfeicfeadh sé thusa.
Ní raibh sé ach ar éigin imthighthe a' radharc an doruis
nuair airigheas an choisidheacht agus an gleó agus an
t-eirleach amuich. D'fheuchas amach, agus cad do chífinn
ach an t-aonach ag déanamh ar an ndorus i n-aon tsluagh


L. 140


amháin. An báille ar tosach agus a chlaidheamh ar
tarang aige 'na láimh dheis agus a bhata draighin 'na
láimh chlé, bior ar a dhá shúil agus fásgadh 'na bheul. Do
léimeas chun an doruis a dhúnadh, ach bhí sé ró thapaidh
dhom. ‘Ní baoghal duit, a Shadhbh,’ ar seisean, agus
siúd siar sa tseómra é, agus beirt nó triúr i n-
aonfheacht leis. Do rop sé na leapacha agus do rop
sé fútha. An fhaid a bheitheá ag dúnadh do shúl bhí sé
féin agus iad-san amuich airís. D'iompuigh sé ar na
fearaibh. ‘D'imthigheadar,’ ar seisean. ‘Leanam
iad!’ Ansan do cuireadh an liúgh suas go mb'éigin
dom mo mhéireana do shádh am' chluasaibh.”



“Feuch,” arsa Séadna. “Tá cuid de'n airgead
agam-sa. Fuaras é i ndíol na mbróg.”



Agus do tharaing sé aníos as a phóca cúpla píosa
óir. Do rug sé ar cheann acu agus chimil sé de mhuinichle
a chasóige é ar feadh tamaill. Ba ghearr gur imthigh an
dath breagh buídhe, agus gur tháinig i n-a inead dath
glas luaidhe. Dá bhfeicfeá an dá shúil a tháinig do
Shadhbh nuair a chonaic sí an méid sin!



“Cá bhfuaradh é sin?” ar sise.



“Do fuaradh,” arsa Séadna, “sa bhosca úd a tugadh
dhuit-se le cur i gcoimeád. Dá mb'áil leó tuille de'n
dath a chur suas ní móide go bhfaighfí amach chómh luath
an gnó a bhí ar siúbhal acu. Is truagh ná raibh Cormac
cúpla neómat níos túisge. B'fhéidir go dtiocfadh sé
suas leó fós.”



“Ní thuigim cad tá ar siúbhal agat,” arsa Sadhbh.



“Isé atá ar siúbhal agam,” arsa Séadna, “go raibh
ceathrar bitheamhnach ar lóisdín anso agat. Gur airgead
bréagach a bhí sa bhosca. Gach ar ceannuigheadh de
chapaillibh ar an aonach indiu, gur airgead bréagach a
díoladh asta. Gur do'n rígh a ceannuigheadh formhór ar


L. 141


ceannuigheadh de chapaillibh indiu, agus go bhfuil an
dúthaigh creachta. Siné atá ar siúbhal agam.”



D'iompuigh sí uaidh. Thugadar fé ndeara a cosa ag
imtheacht uaithi. Do rug a h-athair idir a dhá láimh uirthi
Mura mbéadh san do bhí sí ar an úrlár acu 'na cnaipe.



Síle. — An cailín bocht! Trí chéad púnt imthighthe! Ba
mhór a' sgrupal é!



Nóra. — Ar chuaidh sí i laige, a Pheig?



Peig. — Am briathar gur chuaidh, agus go raibh a
h-athair tamall maith ag greadadh a bas agus ag caitheamh
uisge uirthi sul a dtáinig sí chuici féin. Agus nuair a
tháinig, isé céad fhocal a labhair sí, “Airiú, greadadh
chúgat!” ar sise, “cad is gádh dhuit mé bhasgadh agus
mé bháth? Cad dob' áil leat-sa anso?” ar sise le
Séadna. “Imthigh leat abhaile,” ar sise. “Ní'l aon
ghnó anso agat.”



Níor leig seisean air gur labhair sí.



“Tá eagal orm,” ar seisean le Diarmuid, “má
bheirtear ortha, gurab olc a raghaid siad as. Tá fearg
ar Chormac. Is dóigh liom nach foláir nó go bhfuil rud
éigin fóghanta beirthe uaidh acu. Ní fheaca riamh ag dul
chun gnótha é le h-oiread binibe. Bhí sórt eagla ar a
ghárda féin roimis. Geallaim dhuit gurab iad a bhí go
tugtha agus go h-ollamh agus go h-imghníomhach, agus nach
baoghal gur thug aoinne acu gach-re-seadh dhó. Ní bhéinn
i gcás an fhir mhóir úd ar rud ná déarfainn, má tagtar
suas leis.”



“Níor bhuail a leithéid de mhí-ádh riamh mé,” arsa
Diarmuid. “Ar an áit seo do rugadh agus do tógadh
mé, agus m'athair rómham, agus mo shean-athair. Ní
raibh luach feóirlinge riamh le cur am' leith, ná i leith
aoinne des na seacht sínsearaibh a tháinig rómham. Ó!
Ó! Ó! A bheith de chrann agus de phláinéid orm iad a


L. 142


bhualadh chúgam an dorus isteach gan chuireadh gan
iaraidh! Iad do thabhairt a n-aghaidh ar an dtigh seo
seachas aon tigh eile sa tsráid 'ná i gcómhgar na sráide!
Cad déarfaid na cómharsain ach gurab amhlaidh a bhí rún
a ndroch bheart agam, agus gurab amhlaidh a bhíos ag
cabhrughadh leó? Má theipean ar Chormac teacht suas
leó, — an mhuíntir go bhfuil a gcuid caillte acu tar éis
an lae, má's filleadh anso dhóibh agus a gcuaird i
n-aistear acu, déarfaidh gach aoinne gur mise fé ndear
é, mura mbéadh gur thugas rabhadh dhóibh ná béidís
imthighthe chómh tapaidh. Ní fágfar cleith os cionn mo
chinn, ná aon chnámh slán am' chorp. Aililliú! Cad é
mar mhí-fhortiún! Cad é mar thubaist! Cad tá le
déanamh agam i n-aon chor, i n-aon chor? Is cruaidh an
sgéal é i ndeire mo shaoghail! Ó! A chreach láidir é!
A chreach láidir é! Cad a dhéanfad? Cad a
dhéanfad?”



“Do bheul dh'éisteacht agus gan bheith 'ghár mbodha-
rúghadh, isé a dhéanfair,” arsa Sadhbh. “Ní thú atá
caillte leis, ach mise. Má gheibhim fám' lámhaibh é,
stracfad an dá shúil amach as a cheann. Agus dáltha
an sgéil, cad é an srangán a bhí fá d'theangain-se,” ar
sise le Séadna, “nár labhair agus sinn ag gabháil thart
páirc an aonaigh síos? Mar 'dh eadh nár thugais fé
ndeara sinn! Thugais go dian mhaith. D'á fheabhas a
leigis ort gan feuchaint orainn, do chonac-sa do shúil
mhillteach orainn. Cad 'na thaobh nár labhrais an uair
sin? Ní raibh mo chuid airgid tabhartha agam-sa dhó an
uair sin. Cad a choimeád do bheul dúnta? Bhí do
theanga bog go leór agat nuair a bhí sé ró dhéanach.
Bhí sé chómh saor agat labhairt an uair sin agus bhí sé
agat labhairt 'na dhiaigh san. Pé donas greama atá
agat ar Chormac nach beag duit cogar a thabhairt dó chun


L. 143


é chomáint as a mheabhair, bhí sé chómh maith agat an cogar
a thugais 'na dhiaigh san dó a thabhairt an uair sin dó,
dá mba mhaith leat an gnó a dhéanamh sa cheart. Níor
dhéinis. Do sgaoilis thart an aimsir go dtí go raibh
mo chuid airgid tabhartha uaim agam, agus an cladhaire
imthighthe. Ní fhéadfadh duine d'á aicme féin an sgéal
a shocarughadh dhó níos deise 'ná shocaruighis dó é. Pé
ball 'na bhfuil sé anois, ní foláir nó tá sé buidheach
díot. Daoine 'ghá mhaoidheamh gur bhuadhais-se ar an
saoghal mór le géar-chúis! 'Seadh go díreach!”



An fhaid a bhí an méid sin cainte ar siúbhal, bhí Séadna
na sheasamh ar aghaidh na beirte amach. A dhá láimh
lastiar d'á dhrom. É ag feuchaint anonn ar an bhfalla,
agus gur dhóigh leat go raibh radharc tríd an bhfalla
aige ar rud éigin a bhí lastiar de. A dhá shúil ar dian-
leathadh, agus gur dhóigh leat ortha gurab amhlaidh a
chídís radharc éigin ná feiceadh súile aon duine eile.
Gan cor aige dh'á chur d'á cheannachaibh. Gan cor aige
dh'á chur d'aon bhall d'á bhallaibh beatha, ach chómh beag
agus dá mbéadh sé gan anam gan anál.



Nuair a chíodh daoine sa mhachtnamh san é, bhíodh sórt
sgáth agus eagla ortha roimis. D'fheuch Sadhbh air.
D'éist sí, d'á mhéid buinne bhí fúithi. D'fheuch sí airís
air, agus am briathar gur dhruid sí uaidh anonn tamall.



Níor dhóigh leat air-sin gur airigh sé focal uaithi an
fhaid a bhí sí ag caint, ná gur thug sé fé ndeara gur
stad sí, ná gur dhruid sí uaidh.



Bhí tuitim na h-oídhche ann. Bhí Cormac agus a
mhuíntir gan filleadh. Bhí cuid de na daoínibh d'imthigh
leó agus nár fhéad coimeád suas leó, ag teacht tar
n-ais i ndiaigh chéile. Cuid acu 'ghá rádh go raibh beirthe
ar na bitheamhnaigh agus cuid acu 'ghá rádh ná raibh. Bhí
gasra acu bailighthe ar lár an bhóthair ar aghaidh tíghe


L. 144


Dhiarmuda amach. Iad ag aighneas agus ag áiteamh ar
a chéile. An tíncéir mór eatartha istigh agus é 'ghá
gceistiughadh.



Phreab Séadna as a mhachtnamh.



“A Dhiarmuid,” ar seisean, “dún an dorus so am'
dhiaigh agus daingnidh go maith é;” agus siúd amach é
agus isteach i lár na muintire a bhí ag caint.



“Ar rugadh ortha?” ar seisean.



“Do rugadh,” arsa duine.



“Níor rugadh,” arsa duine eile.



“'S dó, deirim-se gur rugadh,” arsa 'n chéad
duine.



“Ná feacaidh mo dhá shúil lámh Chormaic ar sgórnaigh
an fhir mhóir úd a bhí ag siúbhal an aonaigh indiu i dteannta
Shadhbh Dhiarmuda? An é radharc mo shúl do mheasfá
bhaint díom?”



“Dáltha an sgéil,” arsa 'n trímhadh duine, “ní fheadar
cad do bheir Sadhbh Dhiarmuda ag siúbhal an aonaigh 'na
theannta.”



“Ní fheadar-sa ach chómh beag leat,” arsa 'n ceathramhadh
duine, “ná ní fheadar cad do bheir ag tigh Dhiarmuda i
n-aon chor iad, isteach 's amach ann, gur dhóich leat gur
leó an áit. Siné dhall mé, agus daoine nach mé. Nuair
chonac iad chómh dána i dtigh Dhiarmuda ní raibh blúire
droich iontaoibhe agam asta. Do rugadar bramach
breágh uaim. Bhéinn lán tsásta dá bhfaighinn deich
bpúint fhichid air. Nuair airigheas an t-éirleach go léir
d'á dhéanamh, agus an t-airgead mór thar na beartaibh
d'á thabhairt ar aon rud i bhfuirm capaill, bhí iongnadh
mo chroídhe orm. D'airigheas na daoine 'ghá rádh ná
raibh ionta ach ceannuighthe. Go raibh airgead an rígh acu.
Go bhfuaradar go bog é agus ná raibh d' fhonn ortha
ach é leigint uatha go bog. Dúbhart liom féin, nídh


L. 145


nár bh' iongnadh, go raibh sé chómh maith agam mo tharang
do bheith agam as ó thárla an chaoi agam. D'iaras trí
fichid. Fuaras é láithreach. Lán mo phóca de phláitíníbh
luadha! Táim creachta acu! Mo bhramach breágh
calma gur chaitheas an bhliaghain 'ghá chothúghadh! Mura
mbéadh mé 'ghá bhfeiscint ag déanamh chómh dána ar thigh
Dhiarmuda Léith ní bhuailfidís an bob san orm.”



“Siní an chaint!” arsa duine eile, agus fearg 'na
ghlór. “Do buaileadh an bob céadna orm-sa, agus
mura mbéadh Diarmuid Liath agus Sadhbh ní buailfí!”



“Tuille 'n donas chun Diarmuda,” arsa Séadna,
“nár fheuch roimis. D'fhágadar beó bocht é féin agus
Sadhbh.” Agus d'inis sé dhóibh tríd síos, ó thusach go
deire, an sgéal, díreach fé mar thuit sé amach.



“Is é crích an sgéil é,” ar seisean, “go bhfuil eagal
orm go n-eirgheóchaidh a chroídhe ar Dhiarmuid mura bhfuil
eirighthe cheana aige air, agus go n-imtheóchaidh Sadhbh bhocht
le craobhachaibh. Trí chéad púnt imthighthe! Ar chnuasaidh
an bheirt riamh! Ní cuimhin liom a leithéid de sgrios.
Ní fheadar ó thalamh an domhain cad dhéanfaid siad.”



“Dar fiadh!” arsa fear an bhramaigh, “d'á olcas atá
an sgéal againne is measa acu-san é. Mura mbéadh
tú 'ghá rádh ní chreidfinn focal dé. Ach dar ndóich ní
foláir nó tá an fhírinne agat. Cad eile bhéarfadh
amach í 'na gaosadán ag siúbhal an aonaigh leis agus an
clóca dearg úd uirthi, ach gur cheap sí lom dáiríríbh go
raibh an cleamhnas déanta?”



“Ins an mbaile mór iseadh bhí an pósadh le déanamh,”
arsa 'n tíncéir mór. “Ní dhéanfadh aon áit ba chómh-
garaíghe an gnó. Ologón ó! Is fada mé ar an saoghal
agus is 'mó bob glic do buaileadh orm le m' ré, ach a
leithéid sin de bhob ní fheaca riamh fós dh'á bhualadh go
dtí indiu, agus ní dócha go bhfeicfead airís.”


L. 146


“Ciacu is mó na bobana a buaileadh ort nó na bobana
a bhuailis?” arsa fear an bhramaigh.



“Fágaim le h-uadhacht,” arsa 'n tíncéir, “nach cuimhin
liom gur bhuaileas aon bhob ar aoinne riamh. Ní cuimhin
go deimhin.”



Dúbhairt sé an chaint chómh leanbaídhe sin gur sgairt
a raibh láithreach ar gháirídhibh. D'airigh Sadhbh na gáirídhe
agus má airigh cheap sí do phreib gur fúithi féin a bhí an
magadh, óir bhí sí d'éis cainte Shéadna do chloistin agus
é ag innsint chúrsaí an chleamhnais. Bhí náire agus fearg
a dóithin uirthi an fhaid a bhí sí ag éisteacht leis, ach nuair
airigh sí an sgairteadh gáire ó n-a raibh ar an mbóthar
d'eirigh sí ar buile. Siúd amach í agus dhírigh sí ortha.
Thug sí aghaidh na muc a's na madraí ar Shéadna airís
mar nár labhair sé i n-am, sul a raibh a cuid airgid
imthighthe ag an “Síogaidhe” úd. Ansan thug sí aghaidh
na muc a's na madraí ar an dtíncéir, mar gheall ar
bheith ag magadh fúithi.



“A phlubaire na gcorcán mbriste!” ar sise, “níor
tháinig sé chun baile dhuit féin ná d'aoinne a bhain leat
ins na seacht sínsearaibh a rádh go mbeitheá ag magadh
fúm-sa.” Ansan do thug sí aghaidh ar fhear an bhramaigh
mar do sgairt sé ar gháirídhibh nuair chonaic sé an oíde
a tugadh ar an dtíncéir. “Is ró bheag an sgéal,” ar
sise, “é dh' imtheacht ort-sa mar dh' imthigh, agus dá
n-imthigheadh sé níosa seacht measa ort. B'fhuirisde
dhuit a aithint, nuair taraingeadh trí fichid púnt duit
ar do bhraimín giobalach, gorta, droich-mhianaigh, nár
dhuine mhacánta tharaing riamh air a leithéid d' airgead.
Ní raibh leigheas agat air. Bhí an tsaint ró láidir
istigh ad' chroídhe. Trí fichid púnt ar stuthairín bramaigh
gan crot air, gan blúire foluígheachta ann, ach oiread le
sean chaora! Greadadh chúgat, a spreallairín! Murab
ort atá an chaint!”


L. 147


“Éist, a Shadhbh!” arsa fear an bhramaigh. “Ná bíodh
ceist ort. Tá sé buailte isteach am' aigne, agus a raibh
de dhaoinibh gan chiall ar an aonach so indiu, nach foláir
nó is ró ghearr go bhfaghfar i mball éigin ar a measg
amadán do phósfaidh gan spré thú.”



Airiú, do léim sí as a corp, agus sul a raibh a fhios
aige cad a bhí chuige bhí an dá láimh go daingean aici 'na
chuid féasóige agus í 'ghá stathadh. Do stath sí anonn é
agus do stath sí anall é. Chuir sé a trí nó a ceathair
de bhéiceanaibh as, mar chuirfeadh gamhain bolláin le linn
na sgéine do chur ar a sgórnaigh. Níor bhuail sé í, cé
gur mhór an fhoidhne aige é. Chuir sé an dá láimh léi
agus do chaith sé uaidh amach í agus do rith sé leis féin.
Ní folamh a thug sise na méireana léi. Ba dhóich leat
go dtuitfeadh an t-anam tur teith as a raibh láithreach
nuair chonacadar an folathachtadh a fuair fear an
bhramaigh agus nuair chonacadar an fhéasóg ar mhéireanaibh
Shadhbh.



Le n-a linn sin bhí na daoine ag filleadh níos líonmhaire
ó leanmhaint na mbitheamhnach. Fé mar thigidís bhíodh
gach aoinne acu 'ghá fhiafraighe cad fé ndeár an sult
nó cad a bhí ar siúbhal. Ba ghearr gur chuireadar a
ndeacraí féin as a gceann agus gur luigh an chaint agus
an trácht agus an cómhrádh go léir ar an matalong a bhí
imthighthe ar Shadhbh agus ar Dhiarmuid Liath.



Síle. — Go deimhin, a Pheig, is dócha mura mbéadh san go
n-imtheóchadh ortha mar adúbhairt Diarmuid féin,
go marbhóchaí iad nó go loisgfí sa tigh iad 'na
mbeathaigh.



Cáit. — Mura mbéadh Séadna bhí an sgéal go h-olc acu.



Síle. — Conus é sin, a Cháit? Dar ndóich má dúbhairt
sé le Diarmuid an dorus do dhúnadh nár osgail
Sadhbh féin é?


L. 148


Cáit. — Ba chuma dúnta nó osgailte é mura mbéadh a
ghlice chuir Séadna cúrsaí an chleamhnais agus na
dtrí gcéad bpúnt i mbéalaibh na ndaoine. Siné
shaor iad ó dhíbhfeirg na ndaoine.



Peig. — Agus bíodh nár thuig Sadhbh é, thug sí árd
chongnamh do Shéadna sa sgéal. Nuair bhíodar ag
feuchaint uirthi agus ag éisteacht léi ar feadh tamaill
isé a dúbhradar le n-a chéile 'ná go raibh sí ag imtheacht
as a meabhair glan. Tháinig beirt bhan d'á cómharsanaibh
agus bhailigheadar leó isteach í. Ansan do leath an
ráfla go raibh sí ar dearg-bhuilc agus go mb'éigean í
cheangal. Chuir san ó bhaoghal ar fad iad. Chreid gach
aoinne ná rabhdar ciontach i ngnó na mbitheamhnach agus
ná raibh aon rún acu air, agus ná raibh aoinne ba theinne
do fágadh 'ná iad.


L. 149


Caibidiol a h-ochtdeug.



Bhí an oídhche ag imtheacht agus ní raibh Cormac ag
filleadh ná aon tuairisg chruinn uaidh. Na daoine do
chaill a gcuid, bhí ceist agus ceann-fé agus náire ag
teacht ortha. An focal úd adúbhairt Sadhbh le fear an
bhramaigh, d'airigheadar é agus do thuigeadar 'na n-aigne
go raibh an ceart aici. Ní raibh aoinne acu féin nár oir
an chaint dó, chómh cruinn agus d'oir sí d'fhear an
bhramaigh. Bhí a fhios acu ná raibh puínn truagha ag
daoinibh dhóibh, agus ní raibh puínn truagha acu féin d'á
chéile. D' inis a dtuisgint féin dóibh, nuair a tugadh
an t-airgead mór dóibh ar na capaillibh, go raibh breis
mhór agus a gceart acu d'á fhághail, — agus ghlacadar é.
Ar ball nuair a tháinig an fhírinne amach do thuigeadar
'na n-aigne nár imthigh ortha ach an rud a bhí tuillte acu,
mar gur thugadar toil do'n droch bheart. Bhíodar ag
bailiughadh leó agus ag imtheacht abhaile, go dúr agus go
dochraideach, go do-shásta agus go díombádhach, go leamh
díobh féin agus de chuaird an lae acu.



Síle. — Feuch gurab iomdha cuma i n-a ndéintear
airgead bréagach d'éaghmuis é dhéanamh de licíníbh
slinne, le diablaidheacht.



Cáit: — Feuch féin sin. Agus feuch, leis, gurab anamh
le fághail duine bhéadh chómh macánta san go
dtiocfadh sé i gcionn seachtmhaine chun an airgid
chirt do chur i n-inead an airgid bhréagaigh, mar
tháinig Micheál Réamoinn.



Gobnait. — Agus dáltha an sgéil, feuch gur beag d'á
bhuidhchas a bhí air. Bhí “a chuid a's a chlú aige” ag
imtheacht dó.


L. 150


Cáit. — Ciacu clú, a Ghobnait, clú na macántachta nó
clú na diablaidheachta?



Gobnait. — Maith an áit go rabhais, a Cháit. Creidim go
raibh an dá chlú aige ag imtheacht dó.



Nóra. — Ní fheadar, a Peig, an raibh aon tsúil go
dtiocfadh an duine uasal thar n-ais chun airgid
chirt do thabhairt dos na daoinibh gur thug sé an
t-airgead bréagach dóibh.



Peig. — Is eagal liom, a Nóra, dá dtigeadh, go
ndéarfadh na daoine céadna san go raibh sé
chómh mór ar buile agus cheapadar Sadhbh féin do
bheith.



Gobnait. — Maise, a Pheig, nach breágh bog réidh a
dhéinean Nóra iaracht beag magaidh fúinn! “Ní
fheadar an raibh aon tsúil go dtiocfadh sé thar
n-ais,” ar sise, chómh maith agus dá mbéadh aon
bhlúire d'á mhearbhall uirthi ná raibh aon tsúil i n-aon
chor le n-a leithéid.



Nóra. — Ó! am briathar 's ambasa, a Ghobnait, agus gan
droch nídh ar mh'anam, gur de chroídhe dháiríríbh
atáim, feuch! Sidé atá orm. Do dhéin Micheál
Réamoinn airgead le diablaidheacht de licínibh
slinne agus thug sé do mhnaoi an tabhairne iad chun
a hata dh'fhághail uaithi. Ní raibh sé sásta, ámh, i n-a
aigne gan teacht airís i gcionn seachtmhaine agus
airgead dleaghthach do thabhairt chuici, agus ní raibh
aon iongnadh 'na thaobh air féin ná ar aoinne eile.
Ach dá bhfillfeadh an duine uasal úd agus airgead
fírinneach do thabhairt dos na daoinibh gur thug sé
an t-airgead bréagach dóibh, déarfaidís go raibh sé
chómh mór as a chéill agus cheapadar Sadhbh do bheith.
Siné atá orm.



Peig. — Sdó feuch, a Nóra, tá so de dheifrígheacht idir


L. 151


an dá sgéal. Fear macánta dob' eadh Mícheál
Réamoinn pé diablaidheacht a bhí aige, ná ná raibh.
Bitheamhnach dob' eadh an duine uasal úd, pé
uaisleacht a bhí aige, ná ná raibh.



Cáit. — Am briathar mhóide gurab é mo thuairim féin
gurab iad na h-uaisle móra na bitheamhnaigh is mó.
Sin é an duine uasal san do chuir amach na 'c
Eóghnaigh. Tá sé ráidhte go bhfuil deich míle púnt
sa mbliaghain aige thall i Sasana. Ní shásóchadh san
é gan teacht anso anall chun na g'c Eóghnach mbocht
agus iad do chaitheamh amach fé'n gclagar oídhche
Nodlag. Bhí an tsean lánmha ann agus an lánmha
óg agus naonbhar clainne. Cómhnaoís do Pheig an
t-é ba shine acu, agus ní raibh an leanbh dob' óige
ach trí seachtmhaine. Nuair bhíodar go léir amuich
agus an fhearthainn ag tuitim 'na taoisgeanaibh
ortha, do dhéin Seaghán óg mhic Eóghain sgailp i
gcoinnibh an chlaidhe mar fhoithin dóibh. Tháinig an
duine uasal agus do leag sé an sgailp.



Nóra. — Ó! Dia linn! a Cháit, ní dócha gur dhéin!



Cáit. — Am briathar gur dhéin. Dúbhairt an báille leis
go raibh púnc éigin dlíghe ann, agus go mbéadh an
obair chéadna aige 'ghá gcur amach ó'n sgailp a bhí
aige 'ghá gcur amach as an dtigh. Do leag sé an
sgailp ortha pé i n-Éirinn é. Agus ansan do bhí
an seanduine bocht ag gol, agus nuair a chonaic an
duine uasal ag gol é, “see,” ar seisean, “how
the old cock cries.”



Síle. — Cad é an rud é sin, a Cháit?



Cáit. — “Feuch,” ar seisean, “mar ghoilean an sean
chocaíghe.”



Síle. — Ó! feuch air sin! Agus é féin 'ghá chur ag
gol!


L. 152


Gobnait. — Is beag ná go ndéarfainn leis an nduine
uasal san an rud úd adúbhairt Máire Phárthaláin
leis an bhfear a rug ím na bliaghna uaithi agus gan
greim dlíghe aici air. “Am briathar,” ar sise,
“gur maith an plan ifrean do bheith ann!”



Peig. — Ó! faire! a Ghobnait. Cá bh'fhios di ná go
raghadh sí féin ann!



Gobnait. — Is dócha nach ó chroídhe adúbhairt sí é, ach an
fhearg do bheith uirthi, agus an chúis aici.



Síle. — Ba dhóich liom nár ghádh d' aoinne é do rádh leis
an nduine uasal do chuir amach na 'c Eóghnaigh agus
do leag an sgailp ortha.



Gobnait. — Cad 'na thaobh, a Shíle?



Síle. — Mar déanfaidh Dia uaidh féin é, moladh go deó
leis!



Peig. — Cad a dhéanfaidh Sé uaidh féin, a chuid?



Síle. — An duine uasal úd do chur go h-ifrean.



Peig. — Cá bh' fhios, a Shíle, ná go ndéanfadh an duine
uasal aithrighe.



Síle. — Ní dhéanfaidh aithrighe an gnó dhó gan an tigh do
chur suas airís agus na 'c Eóghnaigh do chur isteach
ann, slán foláin, mar bhíodar cheana, agus airgead
do thabhairt dóibh tar cheann ar dhéin sé de dhíobháil
dóibh.



Cáit. — Mhaise dearna leat! a Shíle. Siní an chaint go
bhfuil an crot uirthi. Is truagh chráidhte gan tú ag
dhéanamh na ndlíghthe dhúinn. Ba ghearr go gcurfá
na h-uaisle 'na gcómhnuidhe, agus ba ghádh san.
Agus cogar, a Pheig, dar ndóich ní dhéinid na
daoine uaisle aithrighe i n-aon chor.



Peig. — Airiú, cad a chuir an rud san ad' cheann, a
Cháit?



Cáit. — 'Sdó, táim ag éisteacht riamh le n-a ndroch


L. 153


bheartaibh, agus le n-a n-éagcóir, agus leis an
sgrios a bhíon acu dh'á dhéanamh ar dhaoinibh bochta,
'ghá mbrúghadh agus 'ghá meilt agus 'ghá ndíbirt le
fuacht agus le fán, agus níor airigheas riamh gur
dhéin aoinne acu aithrighe 'ná leóirghníomh. Isiad na
daoine bochta a bhíon ag déanamh na h-aithrighe. Is
greannmhar an sgéal é!



Peig. — Ó! go deimhin, a Cháit, déinid daoine uaisle
aithrighe leis. Inghean rígh dob' eadh Gobnait
Bhaile Mhúirne. Agus mac righ dob' eadh Colum
Cille.



Síle. — Ar airighis an méid sin, a Ghobnait?



Gobnait. — Ach! d'airigheas fadó é, a Shíle. Inghean rígh
dob' eadh í. Agus nuair fhág sí tigh a h-athar dúbhairt
an t-aingeal léi gan stad chun cómhnuighthe ach sa
n-ait 'na bhfaghadh sí naoi gcinn d'fhiadhnaibh bána
'na gcodla roímpi. Tháinig sí go dtí áit éigin
agus fuair sí trí cinn acu ann, agus d'fhan sí
tamall beag sa n-áit sin. Ansan do tháinig sí go
Cill Ghobnatan thíos agus fuair sí sé cinn ann.
D'fhan sí tamall mór ansan, agus siné uair a
tugadh Cill Ghobnatan ar an áit. Ansan do tháinig
sí go Baile Mhúirne agus fuair sí na naoi gcinn
ann. D'fhan sí ansan an chuid eile d'á saoghal agus
is ann atá sí curtha.



Cáit. — Cuirfead-sa geall gur fada bhéidh na 'c
Eóghnaigh amuich sul a ndéanfaidh an duine uasal
a chuir amach iad aithrighe agus iad do chur isteach
airís.



Nóra. — Is dócha nach mar a chéile na h-uaisle atá ann
anois agus na h-uaisle bhí ann fadó.



Peig. — Gan amhras, is dócha gur fada go bhfeicfear
naomh ortha.


L. 154


Gobnait. — Conus d'imthigh le Cormac an Chaincín, a
Pheig?



Peig. — Ní raibh tásg ná tuairisg air go ceann seacht-
mhaine ó lá an aonaigh. Chuaidh gach aon rud chun
suaimhnis. Ní feacthas Sadhbh ná a h-athair ar an dtaobh
amuich de dhoras i gcaitheamh na seachtmhaine. An
mhuíntir is mó bhí caillte le h-obair na mbitheamhnach
isiad ba lúgha trácht air. An mhuíntir ná raibh aon rud
acu le cailleamhaint níor stad a mbeul, ach gach aoinne
acu 'ghá shíor-mhaoidheamh dá mbéadh capall aige féin le
díol ná sgarfadh sé chómh mothaolach san leis.



I gcionn seachtmhaine d'fhill Cormac. Tigh Shéadna an
chéad thigh n-ar thug sé aghaidh air. Tháinig Séadna amach
'na choinnibh fé mar tháinig sé amach i gcoinnibh Sheághain
Cheataigh an lá úd.



“Seadh!” arsa Séadna.



“Do crochadh triúr acu,” arsa Cormac. “D'imthigh
Síogaidhe, nó pé ainim atá air. D'á fheabhas dithneas do
dhéineamair do theip orainn teacht suas leó gur shrois-
eamair an chathair. Chuadhas-sa láithreach ag triall ar
mhuíntir an rígh mar a raibh aithne mhaith orm, agus
d'innseas mo sgéal. Ní fheacaís a leithéid d'iongnadh
ar aon daoinibh riamh agus a bhí ortha. ‘Airiú,’ ar siad-
san, ‘do tháinig fear anso chúgainn ó chianaibh agus
d'inis sé an sgéal céadna san dúinn, agus thaisbeáin
sé dhúinn triúr de na bitheamhnachaibh agus ghabhamair
láithreach iad, agus is dócha go gcrochfar amáireach iad.
Dúbhairt sé nár bh'iad ba mhó ba chiontach ach an t-é bhí
'na cheann ortha agus ar thuille dh'á sórd sa Mhúmhain.
Fear gur b'ainim dó Séadna. Fear a bhí ag déanamh
airgid bhréagaigh le fada. Agus d'á chómhartha san féin,
gur bh'aithin do'n dúthaigh é bheith beó bocht laistigh de
chúig nó sé bhliaghnaibh, agus anois go bhfuil sé ar an


L. 155


bhfear is saidhbhre sa Mhúmhain nó b'fhéidir i n-Éirinn.
‘Agus,’ ar siad, ‘tá órdúghadh ó'n rígh, congnamh fear
do ghléasadh láithreach agus imtheacht agus breith ar
Shéadna úd, pé h-é féin, agus é thabhairt chun lámha
anso gabhtha.’ ‘Cá bhfuil an fear d'inis an sgéal san?’
arsa mise. ‘Tá sé anso istigh,’ ar siad. Chuadhmair
isteach. Ní raibh a thuairisg ann. Do ritheadar anonn
's anall 'ghá chuardach. Ní raibh sé le fághail ach mar
shloigfeadh an talamh é. ‘Cá bhfuil an triúr eile?’
arsa mise. ‘Istigh sa charcair,’ ar siad. ‘Feiceam iad
agus ceistigheam iad,’ arsa mise. Chuadhmair isteach
agus cheistigheamair iad, gach fear díobh fé leith. Bhíodar
ar aon fhocal amháin sa méid seo. Go raibh an t-airgead
bréagach d'á dhéanamh i n-áit éigin sa chathair. Ná raibh
fios na h-áite ag aoinne acu féin. Go raibh coróinn
fé'n bpúnt acu d'á fhághail as an airgead do chur amach
ar aontaídhibh agus ar margaídhibh. Gur le mangaireacht
do mhaireadar go dtí gur theangbhaidh an obair seo
leó. Gurab amhlaidh do cuirtí an t-airgead bréagach
chúca go h-áit a gcómhnuighthe. Ná feacadar riamh an
áit 'na mbítí 'ghá dhéanamh 'ná an t-é bhí 'na cheann ar
an ngnó.



“Ní fheacaís riamh ach an iongnadh chroídhe a bhí ar
mhuíntir an rígh nuair dh'airigheadar an méid sin. Ansan
d'innseas-sa dhóibh conus chuiris-se i ndiaigh na mbitheamh-
nach mé, agus chuireas ar a súilibh dóibh conus, mura
mbéadh tusa, nár bh'fhéidir teacht suas leó i n-aon chor.



“Amáireach a bhí chúgainn b'éigean dom dul i láthair
an bhreithimh agus an sgéal d'innsint tríd síos dó.
Ansan do daoradh iad chun a gcrochta mar gheall ar an
ngníomh a bhí déanta acu agus é dhéanamh fé ainim an
rígh. Agus do ceapadh lucht brath agus cuireadh amach
iad ins na chúig árdaibh feuchaint an bhféadfaidís teacht


L. 156


suas leis an Síogaidhe macánta, pé h-é féin nó pé
ball 'na bhfuil sé, agus é thabhairt chun lámha. Do
ceapadh, mar an gcéadna, lucht cuardaigh, chun na h-áite
do dhéanamh amach 'na bhfuil an t-airgead bréagach so
d'á dhéanamh, agus, óir nach foláir nó tá níos mó 'ná
an ceathrar sa ghnó, an chuid eile acu d'fhiadhach agus
greim dh'fhághail ortha sul a mbéidh uain acu ar a thuille
díobhála do dhéanamh. Is 'mó cú ghéar ar shálaibh an
chladhaire um an dtaca so, geallaim dhuit é, agus má
bheirean sé na cosa uatha is mór an iongnadh liom-sa
é. Nuair a thuigeadar a fheabhas do dhéinis-se an bheart
lá an aonaigh agus a ghéire mar chuaidh an sgéal ar an
gceathrar, isé adúbhradar go léir 'ná gur mhór an truagh
gan tú thíos acu féin mar a mbéadh cothrom agat ar an
inntleacht atá agat do chur chun tairbhe.”



“Is eagal liom, a Chormaic,” arsa Séadna, “nuair
a bhí teistiméireacht agat d'á thabhairt dóibh ar m'
inntleacht, murar chuiris leis an bhfírinne nach baoghal
gur bhainis uaithi. Ach is dócha mura mbéadh a ghéire do
leanais-se ar shálaibh an fhir mhóir úd agus a luathacht a
bhís isteach sa chathair 'na dhiaigh, go mbéinn thíos acu um
an dtaca so agus nach ar mhaithe le m' inntleacht é.
Gan amhras do cheap sé droich iaracht do thabhairt fúm.
Is mór an truagh cead a chos agá leithéid. Is olc ó
fhearaibh na cathrach mura dtigid siad suas leis anois
agus a ainim i n-áirde ar fuid na h-Éirean ó'n mbeart
so. Dáltha an sgéil is mór go léir an iongnadh liom
a rádh go raibh sé de dhíth céille air trácht ar ainim an
rígh sa ghnó. Ba cheart dó a fhios do bheith aige ná
féadfadh dul leis abhfad fé ainim an rígh.”



“Isé cheapaim-se,” arsa Cormac, “'ná go raibh a
fhios go maith aige cad a bhí ar siúbhal aige, agus gur
d' aon ghnó ar fad do dhéin sé obair lae an aonaigh.”


L. 157


“Conus san?” arsa Séadna.



“Do réir mar thuigim an sgéal,” arsa Cormac, “is
chúgat-sa is mó bhí sé, agus seo mar cheap sé teacht
ort, dá ruitheadh leis. Nuair bhéadh gnó an aonaigh
críochnuighthe aige d' imtheóchadh sé féin agus Sadhbh síos
go dtí an baile mór. D'fhágfadh sé an triúr eile i
mbun na gcapall, 'ghá mbreith leó go mbuailfeadh cuid
d'á n-aicme féin úmpa ar an slígh agus go nglacfaidís
uatha iad le cur ar aontaídhibh eile d'á ndíol. Nuair
shroisfeadh sé an chathair thiocfadh sé i láthair an bhreithimh
agus dhearbhóchadh sé ort-sa an bheart a bhí déanta
aige féin, gur agat a bhí an t-airgead bréagach agus
gur tú a bhí ag ceannach na gcapall do'n rígh, mar 'dh
eadh, agus ná raibh de ghnó aige féin sa n-áit ach chun an
chleamhnais do dhéanamh agus chun a mhná do thabhairt
leis. Ansan, nuair a bhéadh a thoil imeartha aige ort-sa
agus an chnáib ar do mhuineál aige do phósfadh sé Sadhbh,
agus féuch ansan cé déarfadh gur bhitheamhnach é! Níor
ró dheacair dó an sgéal do chur 'na luíghe ar mhuíntir
na cathrach nuair do 'neósfadh sé dhóibh a luíghead airgead
a bhí agat-sa tá beagán aimsire ó shin ann agus méid
do shaidhbhris anois.”



“Ní dúbhairt aoinne riamh go bhfuair sé airgead
bréagach uaim,” arsa Séadna.



“Ní lúgha 'ná 'fuair,” arsa Cormac. “Nuair a
h-innseadh dómh-sa gur tú thug an cíos do'n bhaintreach
an lá úd fadó, do thrialas an uile phíosa dhé agus bhí
sé go léir chómh dílis agus dá mba amach ó cheardchain
an rígh féin do thiocfadh sé an mhaidion chéadna.”



“Is dócha,” arsa Séadna, “dá mbéadh sé bréagach
go rachadh an sgéal dian orm;” agus chuir sé smuta
gáire as.



“Níor bhaoghal duit aon sgéal do dhul dian ort


L. 158


uaim-se,” arsa Cormac, “an fhaid ná raibh aon éagcóir
agat d'á dhéanamh.” Thárla le n-a linn sin gur fheuch
sé idir an dá shúil ar Shéadna agus má fheuch do stad.



Síle. — Cad 'na thaobh dó stad, a Pheig? Ba dhóich liom,
pé duine go gcuirfeadh an fheuchaint úd Shéadna
sgeón ann, ná ná cuirfeadh, gur dheacair di aon
gheit do bhaint a' Cormac an Chaincín. Gabhaim-se
orm dá mb' é Seághan an Aonaigh a bhéadh ann nach
baoghal go mbainfí aon gheit as. Ní bainfí ach
oiread agus bainfí a' cráin mhuice dá mbéadh sí
ann.



Peig. — Sdó, is amhlaidh mar bhí an sgéal ag Cormac,
bhí rún gránda ag Séadna air. Tamall beag tar éis
an lae úd a tháinig sé ag éileamh sealbha ar an mbaintrigh
do fuair Séadna amach cúrsaí na breibe agus bhí a
fhios ag Cormac go bhfuair. Do theip air a aigne do
chur chun suaimhnis ná an oídhche do chodladh go dtí gur
tháinig sé chun cainte le Séadna agus gur iar sé air
gan gearán do chur isteach air. Dúbhairt Séadna ná
déanfadh dá ngeallfadh Cormac dó gan breab do
ghlacadh airís. Rud a gheall go fonnmhar.



Síle. — Andaigh ba dhána an t-éadan a bhí air. “Níor
bhaoghal duit mise an fhaid ná raibh aon éagcóir
agat d'á dhéanamh.” Níor bh'iongnadh gur baineadh
geit as. Dá mbéadh fios an méid sin ag Sadhbh do
thuigfeadh sí cad é an greim a bhí ag Séadna air.



Peig. — Bhí an greim sin aige air go daingean, agus
bhí a rian air, ní raibh aige ach bagairt air chun é thiomáint
ar siúbhal, pé bog cruaidh an gnó, pé moch déanach an
tráth, pé fliuch fuar an uain.



“An dóich leat an bhfuil aon tseans go mbéarfar
air?” arsa Séadna.



“Táthar 'na dhiaigh go teith ar aon chuma,” arsa Cormac.


L. 159


“Tá fir 'na dhiaigh gur deacair dul uatha, geallaim dhuit
é. Isé a rádh féin ná deachaidh aon bhitheamhnach riamh
fós uatha. Má théidhean sé seo uatha béidh an chraobh
aige.”



“An rabhais ag caint le Diarmuid Liath ó fhillis?”
arsa Séadna.



“Ní rabhas,” ar seisean, “ach d'airigheas gur fhág
Sadhbh an baile agus ná fuil aon tuairisg uirthi. Bhíos
chun dul ann síos anois feuchaint ar tháinig sí, nó an
fíor é i n-aon chor.”



“Raghad-sa leat,” arsa Séadna. “Níor airigheas
focal dé. Is mór an truagh an duine bocht.”



Bhuaileadar ortha soir.


L. 160


Caibidiol a naoideug.



Ní raibh Diarmuid sa dorus rómpa. Bhí an dorus
dúnta. D'osgaladar é agus chuadar isteach. Ní
fheacadar Sadhbh ná Diarmuid. Bhí sean bhean iasachta
'na suidhe i n-aice na teine. Thóg sí a ceann agus
d'fheuch sí ortha agus chrom sí airís é gan labhairt. Bhí
aithne acu uirthi. Cómharsa dob' eadh í. Pails Bhodhar
a tugtaí uirthi, ach má 'seadh ní ró bhodhar do bhí sí, ach
bhí sí ana ríghin.



“Cá bhfuil fear an tigh, a Phails?” arsa Cormac.



“Tá sé gan bheith ar fóghnamh,” ar sise, go ríghin.



“An bhfuil sé 'na luíghe?” arsa Cormac.



“Tá,” ar sise, “agus Máire 'nghean Airt ag tabhairt
aire dhó.”



Le n-a linn sin d'osgail an bhean fhriotháilte dorus
an tseómra. “Dé bhúr mbeatha-sa!” ar sise.



“Cad 'tá ar an nduine seo, a Mháire?” arsa Cormac.



“Tá eagal orm, a Chormaic,” ar sise, “gur taom
beag éagcruais atá air. Slán beó mar a n-innstear
é! Do buaileadh breóite lar na mháireach lae an
aonaigh é, nuair a fuair sé go raibh Sadhbh imthighthe.
Nuair airigh an sagart an t-éirleach a dhéineadar na
bitheamhnaigh úd ar an aonach do tháinig sé féin anso,
agus nuair a fuair sé Diarmuid 'na luíghe agus gan
duine ann do shínfeadh deoch chuige, do chuir sé fios
orm-sa agus do thánag.”



“Ar mhisde dhúinn dul isteach 'ghá fheuchaint?” arsa
Séadna.



“Ach! ní misde, ní misde,” ar sise.



Bhí Cormac istigh cheana féin, gan chead.


L. 161


Síle. — Ní dhéanfainn dabhta dhé!



Peig. — “Cad é an sgéal é, a Dhiarmuid?” arsa
Cormac.



“Dein t'iaraidh thort!” arsa Diarmuid. “Cár
fhágais í?” ar seisean. “Ar rug sé uait í?” ar
seisean. “Is meathta an fear tú agus í leigint leis.”



“Tá sé ar an gcuma san ó thánag,” arsa 'n bhean
fhriotháilte. “Ní stadan a bheul ach ag cur thré chéile.”



“An aithnighean tú mé, a Dhiarmuid?” arsa Séadna.



“An aithnighim thú! Tá sé chómh ceart agam-sa tusa
d'aithint agus tá sé agat-sa mise d'aithint. Tá sé chómh
ceart agat-sa mise d'aithint agus tá sé agam-sa tusa
d'aithint. Tá sé chómh ceart agam-sa tusa d'aithint
agus atá sé agat-sa mise d'aithint —” Thiomáin sé
leis ag filleadh agus ag ath-fhilleadh ar na focalaibh
céadna ar an gcuma san, 'ghá gcasadh gach re dturus,
agus nuair théidheadh tuitim focail air, nó gan an casadh
do dhéanamh cruinn do réir a chéile, théidheadh sé siar
ar an gcaint go dtí go mbíodh a aigne sásta ar í bheith do
réir a chéile aige. Ansan do ghéaruigheadh sé uirthi i
dtreó gur dhóich leat gur geall a bhíodh curtha aige
feuchaint an 'mó uair fhéadfadh sé na focail do rádh as
a chéile gan a anál do tharang. Théidheadh sé chómh dian
san air féin gur dhóich leat go dtachtfadh sé é féin le
h-easba análach. I gcionn tamaill do stad sé de na
ruthagaibh cainte sin agus d'fheuch sé anonn i gcúinne
an tseómra.



“Is mór an náire daoibh go léir é!” ar seisean.



“Siné an fear bocht san thall agus a cheann d'á sgoltadh
le teinneas agus ná feuchfadh aoinne agaibh 'na dhiaigh!”



Síle. — Cé'r bh'é sin, a Pheig?



Peig. — Ní raibh aoinne ann, a Shíle, ach na speabhraídí
do bheith air an bhfear mbocht.


L. 162


Cáit. — Is dóichíghe gur 'na cheann féin a bhí an teinneas.



Peig. — 'Na cheann féin, cad eile?



Cáit. — Am briathar go bhfeaca-sa Séamus so againne
ar an gcuma gcéadna fadó, nuair a bhí an mhéar
theinn aige. An órdóg chlé, órdóg a láimhe, isí 'bhí
teinn. Tháinig speabhraídí air le neart an teinnis
agus bhíodh sé ag glaodhach ar mo mháthair agus ar
Neill, agus 'ghá iaraidh ortha “feuchaint i ndiaigh an
gharsúin úd thall sa chúinne, mar go raibh órdóg ana
theinn aige.”



Nóra. — Seadh ansan tú, a Pheig.



Peig. — D'fhanadar tamall maith ag éisteacht leis ach
do theip ortha aon chaint bhunúsach d'fhághail as.



“Cad é do mheas air, a Mháire?” arsa Séadna leis
an mnaoi fhriotháilte.



“Ní h-é mo thuairim go bhfuil aon bhaoghal air,” ar
sise. “Is cómhartha maith ar an mbreóiteacht na
speabhraídí do bheith chómh h-anamamhail. Ní bhrathaim
aon mhairbhitíghe air. Bíon tart air, ach ní tart ró
mhór é, agus tá meidhg maith dhá bhainne agam d'á thabhairt
dó.”



Thánadar amach as an seómra.



“An bhfuil aon tuairisg ar Shadhbh?” arsa Séadna,
“nó an bhfuil aon fhios ag aoinne air cad é an treó
baill 'nar thug sí a h-aghaidh?”



“Ní fheacaidh aoinne ag imtheacht í ach Pails anso,”
arsa 'n bhean fhriotháilte. “Bhí Pails amuich ar eirghe
lae, lar na mháireach lae an aonaigh. Thug obair na
mbitheamhnach, agus an toirmeasg a lean é, oídhche
chollóideach do'n mhnaoi bhocht. Bhí sí 'na suídhe lasmuich
de dhorus an bhotháin bhig ar an amhsgarnach. Chonaic sí
an bhean ag imtheacht ó'n dtigh seo agus í ar a crom-
ruathar agus caipín a clóca ar a ceann aici. Cá


L. 163


dtabharfadh sí a h-aghaidh ach ar an mbothán agus gan
aon choinne aici Pails do bheith 'na suídhe chómh moch.
Níor thug sí Pails fé ndeara go dtí go raibh sí buailte
léi. D'fheuchadar ar a chéile. Níor labhair aoinne acu.
Is anamh a labhran Pails ach nuair labharthar léi, agus
an uair sin féin ní ró thapaidh chuige í. Chuir Sadhbh an
bóthar soir ó thuaidh dí, ar a cromruathar, bóthar an
bhaile mhóir. Ní feacathas ó shin í beó 'ná marbh, agus
níor airigheas go bhfeacaidh aoinne eile í an mhaidion
san ach Pails anso.”



“Cad 'na thaobh nár labhrais léi, a Phails?” arsa
Cormac.



“Mhaise, ní fheadar,” arsa Pails, go ríghin.



“Chómh siúrálta agus atá bianna ar mhaide bacaigh,”
arsa Cormac, “is i ndiaigh an tSíogaidhe atá sí imthighthe
agus ní le grádh dhó é, 'ná mar mhaithe leis. Is iomdha
cleas glic do dhéin sé i gcaitheamh a shaoghail, ach bheirim
mo lámh a's mh' fhocal dó gurab é cleas is teinne dhó
d'ár dhéin sé riamh an bob a bhuail sé ar Shadhbh lá an
aonaigh. Má's 'na dhiaigh atá sí imthighthe, agus iseadh, dá
dtéidheadh sé isteach i bpoll tráthair i bhfolach uaithi ní
dhéanfaidh sé an gnó dhó. Tiocfaidh sí siúd suas leis
agus cuirfidh sí carabhat caol air, chómh siúrálta agus
atá sgórnach air. Bain an chluas anuas ó'n gceann
díom mura gcuiridh. Is dóich liom dá mbéadh a fhios
aige cad é an saghas í go ngeabhadh sé tháirse. Tá sé
déanach anois aige.”



“Éist, a Chormaic, éist!” arsa 'n bhean fhriotháilte.
“Ná bí ag magadh fút féin. Cad é an gnó bhéadh ag
Sadhbh go dtí an baile mór? Cad fhéadfadh sí dhéanamh
ann? Cia air go bhfuil aithne aici ann? Conus gheabhadh
sí eólus tríd an gcathair sin, ná raibh sí riamh i ngioracht
céad míle dhi? Agus gur dócha ná fuil oiread agus


L. 164


poll francaigh ná go bhfuil aithne aige siúd air, i n-aon
bhall sa bhaile mór. Bíodh orm-sa má mhothuíghean sé
'na dhiaigh í go gcuirfidh sé féin, nó duine éigin uaidh,
deire léi go tapaidh —, má 's ann a thug sí a h-aghaidh,
agus dar ndóich ní dócha gurab ann, nídh nach
iongnadh.”



“Fan leat go fóil,” arsa Cormac. “Ní bhéarfadh
aon ghnó eile ó'n mbaile í ach chun é siúd d'fhiadhach agus
do thabhairt chun lámha. An gníomh do dhéin sé uirthi
féin agus ar a h-athair, níor déineadh is dócha le cuimhne
aoinne atá suas a leithéid eile de ghníomh, le gráinne-
amhlacht agus le spriúnlaitheacht agus le h-éagcóir.
D'fhulaingeóchadh sí í ghearadh 'na miotaibh beaga
sul a' leigfeadh sí i n-aisge leis é, nídh nach locht
uirthi.”



“Dhe 'gus, a dhuine an chroídhe 'stigh, má tá sé chómh
buailte sin isteach ad' aigne go bhfuil sí imthighthe ar an
inntinn sin, cad 'na thaobh ná preaban tú láithreach agus
í do leanmhaint?” arsa 'n bhean fhriotháilte.



“Preabfad, ná bíodh eagal ort,” ar seisean. “Ní
raibh uaim ach a fhios a bheith agam cár thug sí a h-aghaidh.
Is dócha go bhfanfair-se anso go dtí go mbéidh an
duine seo ag teacht chuige féin, nó an chuid is lúgha
dhe, ar láimh shábhála.”



“Fanfad,” ar sise. “Dúbhairt an sagart liom
fanamhaint.”



“Agus, a Shéadna,” ar seisean, “mura bhfuil aon
bhruid ort-sa ná béadh sé chómh maith agat gluaiseacht
i n-aonfheacht liom?”



“Ní gádh san,” arsa Séadna. “Tá bhúr ndóithin
agaibh féin ann.”



“Tá a fhios agam,” arsa Cormac, “gur mhaith le
muíntir an rígh aithne do chur ort, agus go mb'fhéidir
<L 165
gur bh'fhuirisde slígh mhaireachtaint do dhéanamh amach ann
duit ba thairbhíghe 'ná an ghréasaidheacht.”



“Déanfaidh an ghréasaidheacht an gnó go ceann
tamaill eile,” arsa Séadna.



“Seadh! go dtugaidh Dia lá maith dhaoibh go léir!”
arsa Cormac. “Is tapaidh an ghluaiseacht agam airís
é, gan fiú ceó an bhóthair do bhaint de m' brógaibh. Is
truagh gan a bhfuil de chladhairíbh bitheamhnach i n-Éirinn
i n-aon téid amháin agam, ar aon chroich amháin. Is mé
thabharfadh an fásgadh dhóibh! Bhéadh suaimhneas ansan
againn ar feadh tamaill.”



“Bhéadh punan mhór agat!” arsa 'n bhean fhriotháilte.



Síle. — A thiarcais! a Pheig, ní fheadar an amhlaidh nár
chuimhin leis an bhreab.



Peig. — Cad í an bhreab, a Shíle, a chuid?



Síle. — An bhreab úd a thoilidh sé ghlacadh ar sheilbh tíghe
na baintríghe, nuair a bhí sé 'ghá cur amach agus gan
an cíos aici dhó, gur thug Seadna dhi é.



Peig. — Ní fheadar 'n tsaoghal, a Shíle. Is minic droch
chuimhne ag daoinibh ar an rud nach maith leó cuimhne
do choimeád air.



Síle. — Ba chóir go mbéadh náire air.



Peig. — Do dhuine gan náire is usa a ghnó dhéanamh.



Síle. — B'fhéidir é. Ach ní mholaim iad, mar dhaoine gan
náire. Is fearr go mór a thiocfadh sé dhó a bheul
d'éisteacht, agus gan bheith ag déanamh trosgaidh an
chait cheann-fhinn ar an mbitheamhantas.



Gobnait. — Is amhlaidh mar bhí an sgéal aige, díreach
mar bhí ag an bhfear úd i gCill Áirne agus é ag
dul sa bhruíghin. Bhí caincín mór ramhar air mar
bhí ar Chormac. “Bachall” a bhíodh ag daoinibh mar
leasainim air, mar gheall ar an gcaincín. Ghlaoidh
a athair air agus é ag dul isteach sa choímheasgar.


L. 166


“A Dhómhnaill, a mhic ó,” arsa 'n t-athair,
“brostaigh agus tabhair ‘bachall’ ar dhuine éigin
sul a' dtabharfaí ort é.” B' shin é an úrdhálta ag
Cormac. Cheap sé ná raibh aon tslígh b'fhearr 'na
rachadh sé féin ó ainim an bhitheamhnaigh do thabhairt
air 'ná é féin do thabhairt ainime an bhitheamnaigh ar
dhuine éigin eile.



Síle. — Agus dar ndóich, a Pheig, ní shaorfadh san é.
Ná féadfaí é thabhairt air féin 'na dhiaigh san chómh
maith agus dá mba ná tabharfadh sé ar aoinne é?



Peig. — Is dócha gur mhór an nídh leis tusach do bheith
aige féin ar an sgéal, an chéad urchur do bheith
aige, gan bheith thíos ar an gcéad bhearnain. Agus
cad déarfadh na daoine ach nár bh'fholáir nó nár
ghádh dhó féin aon eagla do bheith aige roimis an
ainim, óir, dá mba ghádh, go seachnóchadh sé trácht air.



Cáit. — Is dócha gur bh' shiné an úrdhálta ag Donchadh
beag nuair a ghoid sé sgian Shéamuis. Ní raibh
aoinne ba ghéire ag cuardach 'ná é féin agus í
istigh 'na phóca aige, an spreallairín!



Síle. — Conus a fuaradh í, a Cháit?



Cáit. — Mise a thug fé ndeara í sa phóca. Bhí an póca
ar sileadh lasmuich d'á chasóig aige, mar bhéadh
máilín na bpiast. Bhuaileas-sa mo lámh ar an
máilín agus bhí an sgian istigh ann.



Síle. — An fear bocht! Is tú bhain an phreab as.



Cáit. — Abair é! D' iompuigh a líth ann agus chrom sé
ar ghol.



Síle. — Ar díbreadh é?



Cáit. — Níor díbreadh. Do chosain Neill é. Dúbhairt
sí gurab amhlaidh a chuir duine éigin an sgian sa
phóca a gan fhios dó, mar spórt, agus dúbhairt
mo dhaid go raibh an ceart aici.


L. 167


Gobnait. — Cheap sé, ach a leigint air bheith 'ghá cuardach
ar a dhícheal nár bhaoghal go mbéadh a h-amhras air
féin. Airiú, nár mhaith é!



Peig. — Mhaise, ní raibh ann ach leanbh, a Ghobnait. Ní
raibh aon chiall aige. Agus is dócha nár bh'fhiú
puínn an sgian.



Cáit. — Níor bh'fhiú. Agus isé rud a dhéin Séamus
ansan 'ná í bhronnadh air, agus bhíos-sa ar buile
chuige. B'fhearr liom í chaitheamh sa teine 'ná í
thabhairt dó, agus an feall beag aige d'á dhéanamh
chómh gasda. D'á luíghead í, b' fhéidir, dá ruitheadh
leis, go mbéadh a h-amhras ar dhuine éigin eile, agus
feuch ansan nach deas an obair a bhéadh déanta
aige.



Peig. — Is fíor dhuit sin, a Cháit, “Is fada siar é iarsma
an droich bhirt.”



Gobnait. — Mhaise, beannacht Dé le h-anaman do mharbh,
a Pheig, agus comáin leat ar an sgéal! Choimeád-
faidís sin ansan tú go maidin amáireach ag caint
agus ag áiteamh agus ag abhcóidigheacht agus ag
cur thré chéile.



Nóra. — Agus dar ndóich, a Ghobnait, ní rabhais féin gan
do chion de'n abhcóidigheacht agat; níor leigis leo
ar fad é.



Peig. — Do ghluais Cormac airís, “gan ceó an
bhóthair do bhaint d'á bhrógaibh,” a ndúbhairt sé féin.
Nuair a bhí sé imthighthe do chuaidh Séadna isteach sa
tseómra airís mar a raibh an duine breóite.



“Is fada go dtánaís,” arsa Diarmuid. “Isé an
cleamhnas ó Shamhain go Bealtaine agat é. Bhéadh leath
na dúithe pósda an fhaid atáir ag gabháil dó. Cá
bhfuil sí anois? Bhí sí ansan ó chianaibh. Is fearr bean
'ná spré. Cailín ciúin ciallmhar ach gan fearg do chur


L. 168


uirthi. Ó! faire fút! ná buail! Airiú greadadh
chúgat, ná buail! Feuch air sin!”



“An bhfuil aon airgead sa tigh?” arsa Séadna
leis an mnaoi fhriotháilte.



“Oiread a's leathphingin ruadh!” ar sise.



“Seo,” ar seisean. “Do fuaras raint leathair
uaidh an lá fé dheire. Tá sé chómh maith agam díol as
anois,” agus do shín sé suím airgid chuici.


L. 169


Caibidiol a fiche.



Tháinig Séadna lar na mháireach feuchaint conus bhí an
duine breóite, agus do rug sé leis tuille de'n leathar
a bhí sa tsiopa agus do dhíol as. Ba mhaith mar dhéin.
D'fhág san raint airgid ag an mnaoi fhriotháilte, i dtreó
nuair a fuair Diarmuid an t-aoitheó go raibh neart di
ar bhiadh agus ar dhigh do sholáthar dó, fé mar ba cheart
agus do réir mar a bhí gádh aige leó.



Ba ghearr go raibh sé na shuídhe i n-aice na teine aici
agus flosg an domhain chun an bhídh air. Ach ambasa ní
thugadh sí dhó é ach an méid ba dhóich léi ba mhaith dhó, agus
ní fheacaís riamh ach an troid agus an t-aighneas a bhíodh
aige léi a d'iaraidh tuille dh'fhághail.



Fé mar bhí sé ag dul i bhfeabhas bhídís na cómharsain ag
bailiughadh isteach ag cur a thuairisge agus 'ghá innsint
dó cad í an bhuairt a bhí ortha nuair dh' airigheadar é
bheith 'na luíghe, agus cad é an t-áthas a tháinig ortha
nuair a fuaradar ag teacht chuige féin é.



Nuair a fuair Séadna ag dul i bhfeabhas i gceart é
agus ó bhaoghal, ní thagadh sé chómh minic, agus i gcionn
beagán aimsire do stad sé de theacht.



D'fhan an bhean fhriotháilte ann níos sia 'ná cheap sí
bhí gádh léi, ach an sagart fé ndear san, mar bhí súil aige
ó am go h-am agus ó lá go lá, go dtiocfadh Sadhbh
abhaile. Fé dheire tháinig glaodhach uirthi ó'n dtaobh eile
pharóiste agus b'éigean di gluaiseacht.



Ní raibh de sheift ansan acu ach a iaraidh ar Phail
bhocht teacht gach aon mhaidion agus teine dh'fhadughadh
agus blúire bídh d'ollamhughadh do Dhiarmuid. Níor
fágadh fúithi é ar fad. Ba bheag aon lá ná tugadh


L. 170


máthair Mhicil cuaird ann. Agus an lá ná bíodh sise
ann bhíodh Máire Ghearra féin ann, agus isé adeireadh
na cómharsain 'ná gur mhó an bhreis fheabhusa a théidheadh
ar Dhiarmuid an tamall de lá a thugadh sí ag caint
leis 'ná mar théidheadh air an chuid eile de'n aimsir ar
fad. Deireadh Diarmuid féin go samhluigheadh sé go
dtógthaí an ceó d'á chroídhe nuair a chídheadh sé chuige
an dorus isteach í.



Isé rud adeireadh gach aoinne 'ná gur mhaith an bhail
air gan Sadhbh do bheith i n' aice an fhaid a bhí sé 'na
luíghe, mar ná béadh aon bhreith aige ar theacht chuige
féin an fhaid a bhéadh sí láithreach. Dá mbéadh aoitheó
aige d'á fhághail agus go dtiocfadh aon nídh crosda
uirthi, go spriúchfadh sí agus go gcuirfeadh sí
ath-iompáil air chómh siúrálta agus a bhí Sadhbh mar
ainim uirthi.



Siné cheapadar na cómharsain, ach ní h-é sin a cheap
Diarmuid féin. Dar leis, ní raibh 'ghá choimeád ar
fleasg a dhroma ach gan í bheith ag teacht abhaile ná aon
tuairisg uaithi. Ó mhaidin go h-oídhche ní bhíodh aon
chúrsaí cainte idir é féin agus na daoine thígheadh isteach,
ach “cá raibh sí?” nó “cad a bhí 'ghá coimeádh amuich?”
nó “ciacu beó nó marbh a bhí sí.” “Má bhí sí beó cad
na thaobh na h-aireóchadh duine éigin sgéala uaithi?
Má bhí sí marbh cad 'na thaobh ná tiocfadh tásg a báis ó
thaobh éigin? Dar ndóich ní fhéadfaí í mharbhadh gan a
fhios do bheith ag duine éigin. Dá marbhaidhtí i lár na
h-oídhche í agus an corp do chaitheamh i bpoll éigin, dar
ndóich do geabhfaí lar na mháireach a bhéadh chúgainn é,
agus do leathfadh an sgéal ar fuid na dúithe, agus do
béarfaí ar Shíogaidhe, dá mb' aige bhéadh an gníomh
déanta, agus do crochfaí é. Dá mbéadh oiread eile
gliocais ann ní fhéadfadh sé dul ó Chormac.”


L. 171


Sin mar chaitheadh sé an aimsir ag cur agus ag cúiteamh
nuair a bhíodh aoinne istigh do dhéanfadh éisteacht leis.
Nuair a bhíodh sé i n-a aonar is amhlaidh a bhíodh sé ag
caint leis féin agus ag aighneas leis féin, agus ag
áitheam air féin. Uaireanta sa n-aighneas san leis
féin d'árduigheadh sé a ghlór agus d'airigheadh Pails é
agus bhíodh sí deimhnightheach go mbíodh beirt nó triúr
ann, bhíodh a leithéid sin de ghleó aige.



D'aimhdheóin na buartha bhí an goile go maith aige agus
bhí sé ag teacht chuige féin go tiugh. Ba ghearr go raibh
sé sa dorus agus a ghuala leis an ursain mar ba ghnáth,
ach má 'seadh bhí mí-lítheacht 'na cheannachaibh seachas mar
ba ghnáth, agus thabharfá fé ndeara na balcaisí, ná
rabhdar chómh teann air agus bhídís sul ar buaileadh
breóite an fear bocht. Thabharfá fé ndeara go raibh
raint de'n fheóil imthighthe agus mórán de'n bhlonag.
Bhí an ghuala caol sa chasóig. Bhí an chuisle caol sa
mhuinichle. Bhí an cheathramha caol sa bhríste. Bhí iomad
slíghe ag an bhfear mbocht 'na chuid éadaigh, agus do
bhíodh an ghaoth ag cuardach na gcnámh aige mór-thímpal
ins na póirsibh folamha a bhí idir chroicean agus éadach
aige, i dtreó ná féadadh sé fanmhaint abhfad sa dorus
gan teacht anois agus airís go dtí an teine 'ghá théidh
féin.



Lá, mar déarfá coigthígheas ó fhág sé an leabaidh, do
tháinig sé go dtí an dorus agus baluith na teine go
láidir air. Ní túisge d'fheuch sé an bóthar suas 'ná
chonaic sé an bhean ag gabháil chuige anuas árd an bhóthair.
Ar an gcéad amharc do baineadh iaracht de gheit as mar
cheap sé gur bh' fhíor dheabhrach le Sadhbh í. Níor bhog sé
na súile dhi gur tháinig sí i n-a aice. Bean chnámhach,
gharbh, dob' eadh í. Clóca bréide uirthi. Caipín a clóca
ar a ceann aici. Greim aici 'na láimh chlé ar dhá imeal


L. 172


an chaipín agus é dúnta os cionn a béil aici, i dtreó
ná raibh le feiscint ag Diarmuid d'á ceannachaibh ach a
srón agus súil léi.



Dhéin sí ceann ar aghaidh ar an ndorus, agus an dorus
isteach, agus mura mbéadh gur dhruid sé i leath taobh
uaithi do leagfadh sí é. Suas léi chun na teine agus
do shuígh sí i gcathaoir Dhiarmuda féin. Thug sí a h-aghaidh
ar an dteine agus do leath sí a dhá láimh agus í féin,
ag glacadh an ghoradh, agus ba dhóich leat go raibh gádh
aici leis.



Thóg Pails a ceann sa chúinne agus d'fheuch sí ar an
stróinséir go fada agus go dúr. Do stad Diarmuid
lár an tíghe ag feuchaint sa chúl uirthi. Nuair a bhí sí
teith chuir sí an lámh chlé airís i gcaipín an chlóca agus
dhún sí os cionn a béil é. D'fheuch sí ar Phails amach
as an súil aonair. Ansan d'fheuch sí ar Dhiarmuid.



“Tá cearc ag glaodhach sa tigh seo!” ar sise, agus
is ar éigin fhéadfadh duine a dhéanamh amach ciacu glór
mná bhí aici nó glór fir. “Tá cearc ag glaodhach sa
tigh seo!” ar sise, an tarna h-uair.



“Níor airigheas-sa ag glaodhach í,” arsa Diarmuid.



“Tá cearc ag glaodhach sa tigh seo!” ar sise.



“Srubh! srabh! srubh srabh! srubh srabh!” ar sise.



“Cár ghabhais chúgainn, a 'nghean ó?” arsa Diarmuid.



“Srubh srabh! srubh srabh! srubh srabh!” ar sise.



“Is fada í mo chuaird chúgaibh,” ar sise, “ag teacht
mar mhaithe libh. Is mór an éagcóir sin,” ar sise,
“mise dom' chur chúgaibh anso ó Chúig Uladh ag bhúr
ndíon ar eascáirdibh, chómh maith agus dá mba ná faighfí
duine ba ghiorra ó bhaile agus ba ghiorra gaol daoibh
chun a dhéanta.”



“Cia atá ar ár dtí?” arsa Diarmuid.



Phreab sí 'na suídhe agus thug sí a h-aghaidh air. Níor


L. 173


fheuch sé idir an dá shúil uirthi mar ní raibh radharc aige
ach ar shúil léi. Níor bheag dó san. Ní raibh aon
mhíogarnach ar an súil sin ná aon mhallachar radhairc.
Shín sí chuige amach a lámh dheas. Tharaing sé píosa
airgid as a phóca agus chuir sé ar chroídhe a dearnan
é. Chuir sí puth d'á h-anáil air. Is dócha go raibh sé
níos mó 'ná cheap sí bhéadh sé, mar do baineadh d'á
cosaint í. Shleamhnuigh an greim de chaipín an chlóca
agus do nochtadh a h-aghaidh. Bhí sí ar leath-shúil, agus
bhí casadh 'na beul siar nách mór go dtí an áit 'nar
cheart an chluas do bheith, agus bhí an chluas imthighthe.
Dhruid Diarmuid uaithi i ndiaigh a chúil, agus geallaim
dhuit go raibh eagla air.



“Cia atá ar bhúr dtí?” ar sise. “Tá teine agus
uisge ar bhúr dtí,” ar sise. “Tá galar agus bás ar
bhúr dtí,” ar sise. “Tá neithe ar bhúr dtí ná fuil
puínn coinne agaibh leó,” ar sise. “Mura mbéadh gan
mé bheith abhfad uait do ló ná d' oídhche le trí seacht-
mhainibh do bhéadh a fhios agat um an dtaca so cia h-iad
atá ar do thí,” ar sise le Diarmuid. “Agus ba
chóir,” ar sise, “nár bheag dom de ghnó bheith ad' chosaint-
se, gan bheith ag cosaint t'inghíne leis, d'á fhaid ó chéile
tú féin agus í féin.”



“Cá bhfuil sí?” arsa Diarmuid. “Nó cad 'tá 'ghá
coimeád amuich? Nó cad fé ndeara dhí imtheacht agus
gan sgéal ná duain do chur chúgam abhaile anso go
mbéadh a fhios agam ciacu beó nó marbh atá sí? Is
olc a dhéin sí orm é.” Agus bhí a lámh thíos aige i
bpóca a bhríste agus píosa eile airgid aige d'á
láimhsiáil. Do chonaic sise an méid sin chómh maith agus
dá mbéadh fiche súil aici.



“Ní fada go bhfaighir a tuairisg,” ar sise, agus bhí
an lámh sínte airís aici, “agus ní h-orm-sa is cóir


L. 174


a bhuidhchas do bheith, 'ná uirthi féin ach chómh beag
liom.”



Chuir sé an tarna píosa ar a láimh chuici.



“Cá bhfuil sí?” ar seisean, “nó cathain a thiocfaidh
sí?”



“Tiocfaidh sí an uair is lúgha bhéidh coinne agat léi,”
ar sise. “Tiocfaidh sí an uair is lúgha bhéidh fáilte
agat roímpe.”



“Cad é sin agat d'á rádh, a bhean!” arsa Diarmuid,
“nó cia adúbhairt leat-sa ná béadh fáilte anso roímpe
pé tráth do thiocfadh sí?”



“Deirim an rud atá ar eólus agam,” ar sise, “agus
ní cneasda é m' eólus, ach mura cneasda ní'l leigheas
agam-sa air. Ní mise do chuir ó'n mbaile í. Ní mise
do sheól 'na treó an droch theangabhálaidhe. Má dhéineas
mo dhícheal 'ghá cosaint ar a namhaid ba mhór é mo dhuagh
agus is beag a bhí d'á bhárr agam.”



“Cathain a thiocfaidh sí?” arsa Diarmuid.



Níor dhéin sise ach an lámh chlé do chur airís i gcaipín
an chlóca agus é fhásgadh os cionn a béil mar bhí sé ar
dtúis aici, agus an dorus amach do chur di gan oiread
agus smiog do rádh.



Síle. — Airiú, nár dhoithígheasach an ara í!



Nóra. — Ní fheadar, a Pheig, cad a bhain an tsúil aisti.



Peig. — Ní fheadar 'n tsaoghal, a Nóra.



Gobnait. — Do bhain a droch fhriotal féin, gabhaim-se
orm.



Nóra. — B'fhéidir gurab amhlaidh d'imthigh uirthi fé mar
dh'imthigh ar an mnaoi fheasa úd a tháinig ag triall
ar Neill ní Bhuachalla.



Gobnait. — Cad d'imthigh uirthi, a Nóra?



Nóra. — 'Neósfaidh Cáit duit é, 'sí is fearr a 'neósfaidh é.



Gobnait. — Cad d'imthigh uirthi, a Cháit?


L. 175


Cáit. — Mhaise, níor imthigh leath a raibh tuillte aici, an
rógaire. Ní raibh Neill pósta ach trí seachtmhaine.
Bhí sí istigh sa bhaile agus bhí Éamonn amuich ag
feuchaint i ndiaigh na mbó, mar bhí bó acu tar éis
bheirthe. I gceann tamaill do tháinig sé isteach
agus bhí Neill ag gol. D'fhiafraigh sé dhi cad a bhí
uirthi. B'fhada gur inis sí dhó gurab amhlaidh a bhí
bean feasa ag lorg airgid uirthi, agus 'nuair nár
thug sí an t-airgead di go ndúbhairt sí go mbéadh
Neill 'na baintrigh sul a mbéadh an bhliaghain caithte.
An fhaid a bhí Éamonn amuich i bhfeighil na mbó thug
sé fé ndeara an bhean iasachta ag imtheacht ó'n dtigh
agus bhí a fhios aige cad é an bóthar a ghaibh sí. Níor
dhéin sé aon bhlúire amháin ach breith ar an bhfuip a
bhí ar crochadh i n-aice an doruis agus í shádhadh
suas i muinichle a chasóige agus an dorus amach do
chur dé. Bhí sé imthighthe sul a raibh a fhios ag Neill
cad é an fuadar a bhí féi.



Ba gheárr gur tháinig sé suas leis an mnaoi.



“Cad chuige dhuit,” ar seisean léi, “a rádh le m'
mhnaoí-se go bhfaghainn-se bás fé cheann bliaghna?”



“Ní déarfainn é,” ar sise, “mura mbéadh a fhios
a bheith agam go cruinn.”



“Cia inis duit é?” ar seisean.



“D'inis mo leanán sídhe dhom é,” ar sise.



Do rug sé ar chúl cinn uirthi agus tharaing sé an
fhuip as an muinichle agus do ghaibh sé de'n fhuip
sin uirthi chómh h-áluinn agus do ghabh Conchúbhar
Máighistir riamh ar aon sgoláire d'á raibh ar an
sgoil aige. Nuair a bhí gabhtha go maith aige uirthi
do sgaoil sé uaidh í. “Seadh!” ar seisean léi.
“Nach mór an iongnadh nár inis do leanán sídhe
dhuit go dtabharfainn-se an córughadh san duit.


L. 176


Imthigh anois agus tá rud agat le h-innsint dó ná
raibh a fhios cheana aige. Agus má fheicim-se airís
ag teacht i ngoire mo thíghe thú tabharfad eachtra
níos mó 'ná san duit le breith ag triall ar do
leanán sídhe.” Bhí sgannradh ar Neill le h-eagla
go mbéadh an bhean ag easgainighe ortha. Ach isé
a deireadh Éamonn nár bh'fhearr leis ag abhrán í.



Nóra. — Mhaise, Dia linn! Níor mhaith liom í bheith ag
mallachtaighe orm pé i n-Éirinn é.



Cáit. — Cad é an díobháil fhéadfadh a cuid mallachtaighe
do dhéanamh dhuit nuair ná béadh aon nídh déanta
as an slígh agat?



Nóra. — Cá bh'fhios dom ná go dtuitfeadh mallacht éigin
acu orm ar chuma éigin?



Cáit. — Is uirthi féin a thuitfidís nuair ná béidís tuillte
agat uaithi. Nach uirthi, a Pheig?



Nóra. — Sdó, b'fhéidir gur dhóich liom féin ná béidís
tuillte agam, agus b'fhéidir, ar a shon san, go
mbéidís. Pé 'cu bhéidís tuillte agam nó
ná béidís níor mhaith liom í bheith 'ghá ndéanamh
orm.



Cáit. — Ó! 'sdó, nuair ná béadh leigheas agat air.
Nuair thiocfadh sí agus a déarfadh sí go rabhais chun
báis dh'fhághail sul a mbéadh an bhliaghain istigh, agus
gur inis a leanán sídhe dhi é!



Síle. — Cad do bheir di leanán sídhe bheith aici, a Pheig?
Nó conus a fuair sí é bheith aici? Nach mór an
iongnadh ná faghadh an síobhra aon nídh eile le
déanamh ach bheith 'ghá leanmhaint siúd.



Cáit. — D'airigheas-sa duine 'ghá rádh gurab iad rudaí na
síobhraí, 'ná aingil an uabhair agus na deamhain
aeir. Ach deir Éamonn ná fuil a leithéidí i n-aon
chor ann.


L. 177


Nóra. — Mura mbéadh iad do bheith ann conus do chífí
iad?



Peig. — An bhfeacaís-se féin aon cheann acu riamh, a
Nóra?



Nóra. — Ambasa féin ní fheaca, buidhchas le Dia! Ach is
iomdha duine chonaic iad, dar ndóich.



Peig. — Inis dom aoinne amháin.



Nóra. — Seághan ua h-Iarlaithe. Bhíos ag éisteacht leis
'ghá innsint.



Cáit. — Dhe, an leath-amadán!



Nóra. — Pé 'cu leath-amadán é nó nach eadh do chonaic
sé an sprid.



Síle. — Canad, a Nóra?



Nóra. — 'S amhlaidh do cuireadh ag comáint na mbó é,
tar éis a gcrúidhte, suas go Túirín an Chasúrlaigh,
asdoídhche Dia Domhnaigh. Bhí lán an tíghe de
dhaoinibh bailighthe ag sguruigheacht ann. Ba ghearr
gur sgiúrd Seághan chúca isteach agus sgeón ann
agus coinneal 'na shúilibh le sgannradh agus le
h-anfha.



“Airiú, cad 'tá ort, a Sheághain?” ar siad.



“Ó! an deamhn mé! go bhfeaca sprid!” ar
seisean.



“Airiú, cathain a chonaicís í, a Sheághain?” ar siad



“Ó!” ar seisean, “i gcómhrac lae agus oídhche —
um thráthnóna mór luath — ba threise ar an lá 'ná
ar an oídhche — ní raibh sé dorcha — i lár an lae
gléigil dob' eadh é.” Geallaim dhuit go raibh
gáirídhe ann.



“Cad dúbhairt sí leat, a Sheághain?” ar siad.



“An deamhn mé!” ar seisean, “gur fheuch sí orm
go truaghmhéileach.”



“Agus cad dubhraís léi, a Sheághain?” ar siad.


L. 178


“An deamhn mé!” ar seisean, “gur chuimhnigheas
gur bh'fhearr ruith.”



“Cad é an saghas í, a Sheághain?” ar siad.



“Tá,” ar seisean, “sprid mhuice, i bhfuirm bhuím-
péise stoca.”



Cáit. — Aililiú! Airiú, cad a chonaic sé, a Nóra?



Nóra. — Siní díreach an cheist a bhí acu go léir 'á chur
ar a chéile, nuair cia bhuailfeadh chúca isteach ach
athair Sheághain agus cóta-mór liath air agus a
chaipín breac air. Ní túisge chonaic Seághan an
caipín breac 'ná chuir sé liúgh as. “Ó!” ar
seisean. “Sidí chugaibh isteach í!”



“Mhaise duig ionat! a amadáin!” arsa 'n t-athair.



Cáit. — Agus cá raibh an mhuc, airiú?



Nóra. — Ambasa ach ní fheadar, a Cháit, ach gurab shin é
tuairisg a thug sé féin ar an sprid a chonaic sé.



Peig. — Is dócha gurab amhlaidh 'airigheadh sé daoine 'ghá
rádh gur mheasa sprid d'fheiscint i bhfuirm muice
'ná i bhfuirm aon ainimhíghe eile, agus nuair a bhí an
sgannradh air gur cheap sé gur rud i bhfuirm
muice a bhí ann.



Cáit. — Agus dar ndóich dúbhairt sé féin gur rud i
bhfuirm bhuímpéise stoca do chonaic sé, nuair a
chonaic sé an caipín breac agus an cóta-mór liath.



Nóra. — Andaigh, ní fheadar-sa cad a chonaic sé ná cad
a cheap sé a bhí ann, ach siúd é adúbhairt sé,
“sprid mhuice,” ar seisean, “i bhfuirm bhuímpéise
stoca.”



Cáit. — Dhe, greadadh chuige, an breallán! Mura
mbéadh é bheith i n-a amadán déarfainn gur mhaith
an sgéal cuid de'n fhuip úd a thabhairt dó.
B'fhéidir go mbainfeadh san cuid de na speabh-
raídíbh dé.


L. 179


Síle. — Nár airigheas-sa thusa 'ghá rádh, a Pheig, go
ndúbhairt an sagart ná raibh aon fhios ag lucht
feasa ach iad 'ghá leigint ortha fios do bheith acu?



Peig. — Dúbhairt leis, agus ní'l, ach oiread agus bhí ag
an mnaoi úd adúbhairt go bhfaghadh Éamonn bás fé
cheann bliaghna.



Síle. — Is dócha nár bhain sé an tsúil aiste mar do
baineadh as an mnaoi a tháinig chun Diarmuda.


L. 180


Caibidiol a h-aon a's fiche.



Peig. — Pé rud a bhain an tsúil as an mnaoi a tháinig
chun Diarmuda bhí sí ar leath-shúil. Agus má bhí an
tsúil léi a bhí imthighthe chómh nímhneach leis an súil a bhí
aici ba mhaith an bhail ar Dhiarmuid ná raibh an dá shúil
aici nuair fheuch sí air féin, nó is dócha go gcuirfeadh
sí ath-iompáil air. Níor fhéad an fear bocht aon bhlúire
bídh d'ithe an chuid eile de'n lá san, ach ag cuimhneamh
ar an leath-shúil úd, agus ar an gcirc agus ar an “srubh
srabh,” agus ar an ndroch theangabhálaidhe do bhuail umá
inghín. I dtreó go ndeachaidh Pails amach agus gur
ghlaoidh sí ar chuid de na cómharsanaibh, agus go dtán-
adar isteach, agus go ndúbhradar gur cheart fios do
chur ar an sagart sul a dtiocfadh an oídhche le h-eagla
go rachadh an duine i n-olcas agus go mb' fhéidir gurab
amhlaidh bhéidhfí ag glaodhach ar an sagart i lár na
h-oídhche.



Do cuireadh fios ar an sagart agus do tháinig sé.
Nuair airigh sé ó Dhiarmuid tuairisg na mná feasa do
gháir sé.



“Tá aithne mhaith agam-sa,” ar seisean, “ar an
gcladhaire mná san. Ní raibh sí riamh i gCúig Uladh 'ná
leath na slíghe ó bhaile. Tá a fhios agam-sa cár rugadh
agus cár tógadh í, agus dob' olc an tógáilt í. Ní'l
de chéird aici 'ná de shlígh mhartha ach bheith ag gluaiseacht
ó áit go h-áit 'ghá leigint uirthi go bhfuil fios aici, agus
dar ndoich ní'l ach oiread agus atá ag an iarta san.
Dá mb' áil le daoinibh ciall do bheith acu agus gan bheith
ag tabhairt airgid di, ba ghearr go gcaithfeadh sí gairm
beatha éigin eile do tharang chuici. Ach cé gur minic


L. 181


san d'á innsint do dhaoinibh ní ghlacaid cómhairle agus
ní'l aon mhaith am' chaint. Ní h-aon tairbhe dhom bheith
leó.”



“Agus, a Athair,” arsa Diarmuid, “conus a fuair
sí amach cearc do bheith ag glaodhach sa tigh seo? Nó
conus a fuair sí amach Sadhbh do bheith as baile? Nó
conus a fuair sí amach go rabhas-sa féin i gcon-
tabhairt?”



“Fiannaidheacht! a Dhiarmuid,” arsa 'n sagart.
“Ní'l aon nídh is usa 'ná neithe de'n tsórd san d'fhághail
amach nuair a cheapfadh duine a aigne chuige. Ná raibh
a fhios ag an ndúthaigh cad é an t-éirleach do déineadh
anso lá an aonaigh? Ná raibh a fhios ag an ndúthaigh
Sadhbh do bheith as baile agus tusa do bheith ad' luíghe
le h-éagcruas? Slán beó mar a n-innstear é! Cad
é an bac a bhí uirthi bualadh anso agus ansúd imeasg
na ndaoine agus eólus d'fhághail ar gach aon rud
a bhain leat? Is breagh bog an tslígh é chun airgid
d'fhághail.”



“Ach conus gheabhadh sí amach cearc do bheith ag
glaodhach sa tigh, a Athair?” arsa Diarmuid.



“Is dócha,” arsa 'n sagart, “dá mbéadh cearc ag
glaodhach sa tigh ná béadh aon bhac uirthi teacht suas leis
an méid sin eóluis ach chómh beag agus bhí uirthi teacht
suas leis an gcuid eile.”



“Dá mbéadh cearc ag glaodhach sa tigh!” arsa
Diarmuid. “Dar ndóich, a Athair, mura mbéadh go
raibh ní dócha go ndéarfadh sí é.”



“Is neamhnídh ci'acu,” arsa 'n sagart. “Is obair
leanbaidhe aon tsuím do chur 'na leithéid de sgéal. Ach
ba mhaith liom a fhios do bheith agam ar airigh aoinne eile
an chearc so ag glaodhach.”



“Níor airigheas-sa féin í,” arsa Diarmuid, “agus ní


L. 182


baoghal gur airigh Pails í mar tá sí chómh bodhar le slis,
agus ambriathar nár airigheas aoinne eile 'ghá rádh gur
h-airigheadh í.”



“Siné shamhluigheas,” arsa 'n sagart. “Is dócha,” ar
seisean, “nach foláir nó gur airigh sí siúd rud éigin
de'n ráfla so ar siúbhal i dtaobh Shadhbh, nár stad cos
di ó fhág sí an áit seo go ndeachaidh sí síos go dtí an
baile mór. Ansan gur chuir sí fiadhach agus cuardach
agus tóir i ndiaigh an bhitheamhnaigh úd i dtreó gur rugadh
air agus gur crochadh é. Agus gur thug an rígh do
Shadhbh an trí chéad púnt do rugadh uaithi agus trí chéad
eile mar thuille.”



“Stad! Stad! a Athair,” arsa Diarmuid. “Cad é
sin agat d'á rádh mar sin, a Athair? Conus fhéadfadh
an cailín bocht san dul go dtí an baile mór agus
eólus na catharach do dhéanamh? Cailín beag ná raibh
riamh tar fiche míle ó bhaile!”



“Ní'lim-se ach 'ghá innsint cad é an ráfla d'airigheas,”
arsa 'n sagart. “Is dócha gur airigh an bhean úd an
fheasa, ná fuil aici, an ráfla céadna, agus gur cheap
sí dá mbéadh tusach an sgéal aici dhuit-se go mbainfeadh
si síntiús airgid asat d'á bhárr, agus ní deirim ná gur
bhain.”



“Níor bhain puínn, a Athair,” arsa Diarmuid. “Ach
cad é an saghas ráfla é? Nó cad a cuir ar
bun é?”



“Is amhlaidh a bhíos féin chun teacht anall 'ghá innsint
duit a leithéid do bheith ar siúbhal nuair a tháinig an
teachtaire chúgam 'ghá rádh go raibh eagla ar chuid des
na cómharsain go n-ath-iompóchadh ort.”



“Ba neamhghádh dhóibh sin!” arsa Diarmuid. “Ní
fheaca riamh iad ach amhlaidh. Dá mbéadh aoinne 'ghá
iaraidh ortha ní baoghal go mbéidís chómh tionsgalach!


L. 183


Ag ruith ag cur aistir ar shagart gan ghádh gan
riachtanas! Feuch air sin!”



“Ní fiú biorán a's é,” arsa 'n sagart. “Do thioc-
fainn féin anall ar aon chuma feuchaint an raibh aon
sgéala agat ó Shadhbh nó an raibh aon bhunús leis an
ráfla so ar siúbhal.”



“Níor airigheas focal riamh dé go dtí gur tháinig an
bhean úd agus go ndúbhairt sí gur casadh droch theang-
bhálaidhe éigin ar Shadhbh, nó rud éigin de'n tsórd san,”
arsa Diarmuid.



“Cé h-é an droch theangbhálaidhe adúbhairt sí do casadh
uirthi?” arsa 'n sagart.



“Níor inis sí dhúinn cia r' bh'é féin. Níor thug sí aon
tuairisg dúinn air, agus siné atá ag baint mo mheabhrach
asam,” arsa Diarmuid.



“Do'n réir sin.” arsa 'n sagart, “is dócha gur airigh
sí an chuid eile fé mar airigheas-sa féin é. Cairéiridhthe
do thug leó é mar iongnadh shaoghail agus mar chúrsaí
cainte eatartha, go raibh Cormac an Chaincín sa bhaile
mhór leis, agus gur oibrigh sé féin agus Sadhbh a' láimh
a chéile chun beirthe ar an mbitheamhnach. Gur imireadar
araon an cluiche chómh maith san agus chómh gasta san
go raibh iongnadh a gcroídhe ar mhuíntir an rígh agus ar
an rígh féin, a fheabhas do dhéineadar an gnó. Ansan,
nuair fuair Sadhbh sé chéad púnt i n-inead an trí chéad
a rugadh uaithi, gor socaruigheadh cleamhnas idir í féin
agus Cormac agus go bhfuil an bheirt pósta um an
dtaca so, nó réidh chun a bpósta.”



“Aililiú!” arsa Diarmuid. “Feuch air sin! Ar
airigh aoinne riamh a leithéid! Cheapas ná pósfadh sí é
dá mbéadh saidhbhreas na h-Éirean aige. Is éachtach an
saoghal é. Is éagsamhlach an obair má 's fíor é sin.
Ach is dóichíghe ná fuil aon bhunús leis an sgéal. Ní
fhéadfadh a bheith, nídh nach iongnadh.”


L. 184


“Ní fheadar 'n tsaoghal, a Dhiarmuid,” arsa 'n
sagart. “Is dócha go 'neósfaidh an aimsir, agus nach
fada go dtí san. Ní'l aon sgéalaidhe is fearr 'ná an
aimsir. Ní bhéadh aon iongnadh orm féin dá dtuiteadh
amach go mbéadh beann-lámha de'n fhírinne ann, mar
ráfla.”



“Airiú, a Athair an chroídhe 'stigh,” arsa Diarmuid,
“cad é sin agat d'á rádh! Ní'l aon bheirt sa pharóiste
is neamh-oireamhnaíghe d'á chéile 'ná an bheirt. Dhéanfadh
Sadhbh an gnó go maith, b'fhéidir, dá mbéadh sí pósta
ag fear réidh daingean stuama de shaghas Shéadna thuas
ansan. B'fhéidir go ndéanfadh Cormac an gnó go
maith dá mbéadh sé pósta le mnaoi éigin chiúin fhadar-
adhnach, do thabharfadh a shlígh féin dó ar gach aon tsaghas
cuma. Ach an bheirt sin! Má póstar iad béidh sé n-a
chogadh dhearg acu an dá lá 's 'n fhaid mhairfid.”



“Ní fheadar 'n tsaoghal, a Dhiarmuid,” arsa 'n
sagart. “Is amhlaidh mar atá an sgéal, ní h-é mo
thuairim-se 'ná go mb'fhéidir go mbéadh an saoghal níos
fearr 'ná san acu. Fear stuacach ceann-dána iseadh
Cormac gan amhras. Ní deirim go maithfeadh sise
puínn dó. Ar a shon san agus uile, — an dtuigean tú
mé? — b'fhéidir dá mbéidís pósta go dtuitfeadh amach
gur fearr a réidhteóchadh an bheirt le chéile 'ná mar a
réidhteóchadh aoinne de'n bheirt le duine eile. Do
chonac a leithéid cheana.”



“Do chonaicís a lán, a Athair, gan dabht ar domhan,
ach ní'l aithne cheart agat ar Shadhbh. Ní dómh-sa is ceart
a rádh; ach ní h-aon mhaith a rádh ach an ceart, agus isí
an fhírinne is fearr. Ní dóich liom go bhfuil an fear
san beó indiu ar thalamh tirim na h-Éirean do bhainfeadh
ceart de Shadhbh.”



“Ar an dtaobh amuich d'aon fhear amháin, ní dóich
liom go bhfuil,” arsa 'n sagart. “Agus rud eile atá


L. 185


air,” ar seisean, “ní'l an bhean san beó indiu ar thalamh
tirim na h-Éirean, ná dá n-abrainn sa náisiún is giorra
dhi, do bhainfidh ceart de Chormac mura mbainidh Sadhbh
ceart dé, rud a bhainfidh. Bain an chluas díom mura
mbainidh!”



“Andaigh, a Athair,” arsa Diarmuid, “ba dhóich le
duine ar an gcuma 'na labhran tú go bhfeicean tú
fírinne nó bunús éigin sa ráfla so.”



“Sdó, tá bun agus bárr an sgéil chómh cruinn sin
ag na cairéirídhibh agus iad go léir chómh mór san ar aon
fhocal amháin i n-a innsint, is deacair a rádh ná go
bhfuil fírinne éigin ann,” arsa 'n sagart.



“Ní raibh aon choinne riamh agam go dtuitfeadh a
leithéid amach,” arsa Diarmuid. “Cheapas ná pósfadh
Sadhbh é ach oiread agus bháthfadh sí í féin, agus cheapas
ná feuchfadh seisean ar an dtaobh de'n bhóthar 'na mbéadh
Sadhbh, dá mba ná béadh i n-Éirinn ach í. Isé rud
d'airighinn aici go minic d'á rádh, ná raibh aon fhear i
n-Éirinn ba lúgha uirthi 'ná é, agus ná raibh aon fhear
i n-Éirinn ba ghráinne 'ná é. Má tá an bheirt pósta
do bhuaidh sé ar a bhfeaca riamh.”



“B'fhéidir,” arsa 'n sagart, “má fuair sí an chreid-
eamhaint seo go léir, fé mar a deirtear, ó mhuíntir an
rígh agus ó'n rígh féin, tré a fheabhas do dhéin sí an
bheart agus tógáilt do chur ar an mbitheamhnach úd, agus
má fuair sí sé chéad púnt mar thuarasdal as, go ndéar-
fadh Cormac leis féin gur bh'fhiú dhó feuchaint ar an
dtaobh de'n bhóthar 'na mbéadh sí, agus gur mhó b'fhiú
dhó feuchaint ar an dtaobh san 'ná ar an dtaobh eile.
Agus b'fhéidir nuair a chífeadh Sadhbh Cormac ar an
aigne sin nár chuid ba lúgha 'ná a fhonn do bhéadh uirthi
a rádh 'na h-aigne féin go bhfuil fir le fághail atá níos
gráinne 'ná é.”


L. 186


“Ha! ha! há!” arsa Diarmuid. “Mhaise, cúis
gháire chúgainn, a Athair!” ar seisean. “Cá bh' fhios
ná go mb'fhéidir go bhfuil an sgéal níos fearr 'ná
shíleamair é bheith. ‘An rud ba mheasa le duine 'ná a
bhás ní fheadair sé ná gurab é lár a leasa é.’”



Le n-a linn sin cia bhuailfeadh chúca an dorus isteach
ach an tíncéir mór.


L. 187


Caibidiol a dó a's fiche.



Fear géagach slinneánach, buídhe, dob' eadh an tíncéir
mór. Fear lom láidir. Bhí iaracht de rian na bolg-
aighe ann, agus ní raibh puínn féasóige air. Bhí sé
iaracht bolg-shúileach. Bhí sé fadshrónach, faidleicneach,
deagh-chúmtha 'na bheul agus 'na chorán. Bhíodh fáilte
ins gach cuideachtain roimis mar ní bhíodh sé choídhche ach
ag déanamh spóirt agus suilt agus caitheamh aimsire d'á
mbíodh láithreach.



Bhuail sé chúca isteach agus ní túisge chonaic sé an
sagart 'ná tharaing sé siar beagán. Do shnap sé an
cáibín d'á cheann agus do nocht sé an t-éadan buídhe
maol a bhí air. Agus is air a bhí an multachán mór
cinn agus é go cíordhubh agus go cas.



“Déin ar t' aghaidh, a Phádraig, a mhic ó,” arsa 'n
sagart, agus é ag gáirídhe. “Ní baoghal duit,” ar
seisean. “B'fhéidir,” ar seisean, “go bhféadfá-sa
tuairisg éigin do thabhairt dúinn i dtaobh an ráfla so
atá ar siúbhal tímpal Shadhbh Dhiarmuda agus Chormaic
Báille.”



“Fágaim le h-uadhacht, a Athair,” arsa 'n tíncéir,
“gurab shiné díreach a thug anso anois mé, agus gur
lag a shileas go mbéadh tusach agat' onóir orm. Ní
fearr bheith ag caint air, 'sé mo thuairim láidir ná
féadfadh spideóg iasachta teacht isteach sa pharóiste a
gan fhios duit.”



“D'á ghéire beirt againn, a Phádraig,” arsa 'n
sagart, “ní gádh dhúinn bheith ró mhaoidhmhteach. Bhain
Murainn tusach díom-sa féin agus ba ró dhóbair di
ath-iompáil do chur ar an nduine mbocht so le n-a cuid


L. 188


salmaireachta agus le n-a cuid gliúmála. Dúbhairt sí
go raibh cearc ag glaodhach sa tigh seo, agus dúbhairt
sí gur bhuail droch theangbhálaidhe uim Shadhbh. Agus an
bhfuil a fhios agat cad dúbhairt sí leis? Dúbhairt sí
gur ó Chúig Uladh í féin agus gurab amhlaidh do cuireadh
a-dtuaidh ar fad í chun Sadhbh do chosaint ar a h-
eascáirdibh. Bhíos féin ag gabháil anall feuchaint conus
bhí sé seo ag teacht chun cinn nuair bhuail teachtaire
umam 'ghá rádh liom go raibh eagal ar na cómharsain go
raibh ath-iompáil ag teacht air. Do bhí iongnadh orm
cad do chuirfeadh an ath-iompáil air go dtí gur inis sé
dhom go raibh sí siúd ag caint leis. Is dócha nár thug
sí uain di féin ar iomláine an sgéil do thabhairt léi, le
h-eagla ná béadh tusach aici agus gur lúgh-de an síntiús
do gheabhadh sí é. Is dóich liom go bhfuair sí síntiús
uaidh ach ní raibh puínn aici le h-innsint dó, agus an
méid a bhí, níor dhéin sé ach aigne an duine bhoicht do
chur tré chéile níos mó, agus buairt a dhóithin cheana air.”



“Agus nach mór an iongnadh nár aithnighis í, a
Dhiarmuid,” arsa 'n tíncéir.



“D'airigheas teacht tháirsi go minic, ach ní fheaca riamh
roimhe sin í, agus ní h-uirthi bhíos ag cuimhneamh, nídh
nach iongnadh, ach ar mo leanbh,” arsa Diarmuid.



“Cad é an sórd innsinte d'airighis-se ar an ráfla
so, a Phádraig?” arsa 'n sagart. “Nó an bhfuil aon
bhunús leis?”



“Ambasa, a Athair,” arsa Pádraig, “ní fhéadfadh
bunús níob' fhearr a bheith leis. Ní ráfla ná sgéal
sgéil é, ach fírinne ghlan. An cairéir, Uilig de Búrc,
isé d'inis dómh-sa é. Cormac féin isé d'inis dó-san
é. Is dóich leis go bhfuil Cormac agus Sadhbh pósta
um an dtaca so. Deir Cormac gurab é an rígh féin
do dhéin an cleamhnas.”


L. 189


“'Gcloistí!” arsa Diarmuid.



“Deirim leat ná fuil aon fhocal bréige ann,” arsa
Pádraig. “Ó'n lá do rugadh mé níor airigheas a
leithéid d'eachtra. Bhí a fhios ag Cormac Sadhbh do bheith
imthighthe as baile. Do lean sé ar muin capaill í. Bhí
a fhios aige í bheith 'na cuis agus bíodh go raibh sí raint
aimsire ar an mbóthar sul ar ghluais sé, cheap sé nár
bhaoghal 'ná go dtiocfadh sé suas léi sul a sroisfeadh
sí an chathair. Bhí sé ag cur a tuairisg' agus ag tabhairt
a cómharthaí uaidh fan bhóthair ar feadh abhfad, agus mar
sin do choimeád sé ar feadh abhfad an bóthar do lean
sise agus ba bheag ná go raibh a fhios aige cad é an fhaid
roimis amach a bhí sí. Fé dheire do cuireadh i n-iúil dó
gur ghaibh sí dhá bhóthar. Chuir san amúgh' é, agus isé rud
a dhéin sé ansan 'ná déanamh ceann ar aghaidh ar an
gcathair. Bhí a fhios aige go mbéadh sé sa chathair roímpi,
agus do bhí. Bhí aithne sa chathair air. Do bhí aithne
mhaith ag muíntir an righ air. Chuir sé lucht airm amach
láithreach ar na bóithribh a-ndeas, agus thug sé cómharthaí
Shadhbh dóibh. Ba ghearr go bhfeacadar ag teacht í, ar a
cromruathar agus caipín a clóca ar a ceann aici.
Chuireadar iad féin i n-iúil di, ach ní raibh aon mhaith
dhóibh ann go dtí gur thugadar an cómhartha cruinn di.
Dubhradar léi gur bh'é Cormac Báille do chuir fé n-a
déin iad agus ‘d'á chómhartha san féin’ gur bh'í Pails
bhodhar an t-aoinne amháin a chonaic í ag fágáilt an
bhaile. Shásaimh san í.



“Nuair fhiafraigh Cormac di cad a thug í, dúbhairt sí
leis gur theastaigh uaithi dul chun cainte leis an rígh agus
go gcaithfeadh sí ceart d'fhághail uaidh.



“‘Cad 'tá ag an rígh le déanamh dhuit?’ arsa
Cormac.



“‘Tá,’ ar sise, ‘breith ar an mbitheamhnach a rug mo


L. 190


chuid airgid uaim, agus an t-airgead do bhaint dé agus
do thabhairt tar n-ais dom. Cad é an tairbhe dhúinn
rígh do bheith againn, agus a lucht airm 'na thímpal, mura
bhféadaidh sé sinn do chosaint ar bhitheamhnachaibh?’ ar
sise. ‘Is i n-ainim an rígh do rugadh mo chuid uaim,’ ar
sise, ‘agus ní rachaidh sé gan innsint dó. Ní'l ionam
ach anam aoinne amháin,’ ar sise, ‘ach dá mbéadh anam
agus fiche ionam d'imireóchainn leis siúd iad níos
túisge ná leigfinn i n-aisge leis an bheart chaillte do
dhéin sé. Sloigfidh an talamh é nó tiocfad-sa suas
leis, agus nuair a thiocfad geallaim dhuit go gcuirfead
cathúghadh air nár sgaoil sé thairis mé. Is i n-ainim an
rígh do rug sé mo chuid uaim. Is ó'n rígh atá sásamh le
fághail agam, nó ní rígh é. Má creachadh mé i n-ainim
an rígh nach é is lúgha is gann do'n rígh cead agus
congnamh agus caoi do thabhairt dom ar an mbitheamhnach
d'leanmhaint agus d'fhiadhach chun go mbeiread air? Ní
fhágfad poll ná póirse i n-Éirinn gan cuardach dó.
Beir i láthair an rígh mé,’ ar sise. ‘Beir i láthair an
rígh mé nó rachad féin 'na láthair ar shlígh éigin.’



“B'éigean do Chormac a slígh féin do thabhairt di. Ní
dóich liom go raibh aon chur 'na choinnibh aige. Bhí sé
ag tarang uisge chun a mhuilinn féin sa ghnó. Bhí a
fhios aige pé duine bhéarfadh ar an mbitheamnach agus
thabharfadh chun lámha é go mbéadh a thuarasdal dó go
maith as. Agus bhí a fhios aige ná féadfadh aoinne
congnamh níob' fhearr do bheith aige chun na h-oibre 'ná
congnamh Shadhbh, an fhaid a bhí an fuadar úd fúithi. Thug
sé cead a cinn di.



“‘Béarfad-sa i láthair an rígh thú,’ ar seisean, ‘ach
seachain agus ná déin aon rud a chuirfeadh i bpúnc
mé. Is minic d'airighis an sean-fhocal, “Ní h-ionan
dul go tigh an rígh agus teacht as;” agus, “gur


L. 191


sleamhain iad leacacha an tíghe mhóir.” Is maith an dá
shean-focal iad agus is mairg ná coimeádfadh i n-a
aigne iad go cruinn.”



“‘Ní baoghal duit,’ ar sise. ‘Ní'l uaim ach go
gcurfaí mé am' sheasamh i láthair an rígh agus go
dtabharfaí cead cainte dhom. Ní'l agam le rádh leis
ach go dtáinig duine uasal go tigh m'athar sa Mhumhain;
gur thaisbeáin sé fáinne an rígh dhom. Gur leig sé air
gur ag ceannach capall do'n rígh a bhí sé; gur cheannuigh
sé iad i n-ainim an righ; gur leig sé air liom-sa ná
raibh oiread airgid aige agus dhíolfadh as a raibh ceann-
uighthe aige agus dá dtugainn-se trí chéad púnt ar
iasacht dó, i n-ainim an rígh” ar feadh raint laetheanta
go mbéadh comaoin agam d'á chur ar an rígh agus ná
rachadh san gan innsint dó gur thugas mo thrí chéad
púnt do'n duine uasal san i n-ainim an rígh; gur fhág
san mé féin agus m' athair beó bocht mura bhfuil sé
ar chumas an rígh leigheas do dhéanamh ar an olc do
déineadh i n-a ainim.’



“‘Tá go maith,’ arsa Cormac, ‘ná h-inis d'aoinne
beó an nídh seo atá ar aigne agat. Nuair a bhéidh do
sgéal innste agat abair leis an rígh go n-aithneóchthá an
Síogaidhe dá bhfaghthá radharc air, agus dá mb' é toil a
onóra congnamh fear do chur leat go raghfá ar a lorg
agus go dtabharfá chun lámha é.’



“‘D'aithneóchainn ceann an chuirpthigh,’ ar sise, ‘dá
mbéadh sé ar feadh cheithre h-uaire fichid d'á bheiriughadh i
gcorcán praisge, agus bainfead-sa an forcamás dé,
geallaim dhuit é.’



“D'imthigh Cormac agus fuair sé lóisdín di.
D'imthigh sé ansan agus do labhair sé leis an bhfear a
bhí 'na cheann ar theaghlach an rígh. Bhí aithne aige ortha
go léir.


L. 192


“‘Tá óighean anso ó'n Múmhain,’ ar seisean, ‘agus
deir sí gur rug duine éigin trí chéad púnt uaithi, agus
nach féidir lei teacht suas leis, agus go dtáinig sí chun
gearáin do chur isteach air, i láthair an rígh.’



“‘Is deacair do'n rígh teacht suas leó go léir,’ arsa
'n ceann. ‘Tá fiadhach ar fuid na h-Éirean,’ ar
seisean, ‘le breis agus trí seachtmhaine, ar bhitheamnach
éigin eile agus is dóich liom gur sa Mhúmhain a dhein
sé pé coir atá déanta aige. Támaoid cráidhte, céasda,
ciapaithe, ag Muímhneachaibh.’



“Níor labhair Cormac drud.



“‘Cathain a theastuighean uaithi labhairt leis an rígh?”
arsa 'n ceann.



“‘Pé tráth do cheapfadh an rígh féin,’ arsa Cormac,
agus do shleamhnuigh sé píosa óir isteach i láimh an chinn.



“‘Fan ansan go fóil,’ arsa 'n ceann, agus d'imthigh
sé. Ba ghearr gur fhill sé. ‘Bíodh sí anso um
eadarthra amáireach,’ ar seisean, ‘agus gheabhaidh sí
ceart. Tá ceart le fághail anso ag íseal agus ag
uasal. Bíodh sí anso amáireach um eadarthra agus fág
an chuid eile fúm-sa.’”


L. 193


Caibidiol a trí a's fiche.



“Um eadarthra lar na mháireach bhí an bheirt ag dorus
tíghe an rígh. Tháinig an ceann amach. Chonaic sé
Cormac.



“‘Cá bhfuil sí?” ar seisean.



“‘Sidí í,’ arsa Cormac go réidh.



“‘Téanam, a 'nghean ó,’ arsa 'n ceann.



“Do ghluas sí i n-aonfheacht leis. Chuadar isteach
dorus. D'imthigheadar tré phóirse fhada. Chuireadar
dorus eile dhíobh agus póirse eile. Chuireadar an
trímhadh dorus díobh. Ní póirse a bhí lastigh dé sin ach
páirc bhreagh mhór fhairsing ghrianach, agus í go glas,
agus go bearrtha le speil, agus casáin dheasa tríthi
anonn, agus gainimh ortha. Bhí righ-theaghlach áluinn uasal
sa taobh thall de'n pháirc sin. Thug an ceann aghaidh ar
dhorus an rígh-theaghlaigh sin. Ghluais Sadhbh' na dhiaigh.
Bhuail an ceann buille beag réidh ar an ndorus. Ba
ghearr gur h-osgaladh é. Duine uasal breagh groídhe
cumasach dob' eadh an fear d'osgail é. Bhí caipín
airgid ar a cheann, nó cheap Sadhbh gur bh' airgead é.
Agus bhí clóca síoda air agus bhí tuagh ar a ghualainn
aige, agus í chómh greanta chómh solusmhar le glaine,
agus faobhar uirthi gur dhóich leat go mbainfeadh sí an
ceann de chapall d'aon iaracht. Do labhair an bheirt
fhear le n-a chéile i gcogar ar feadh tamaill. Ansan
do bhagair fear na tuagha ar Shadhbh, agus do lean sí é
agus d'fhan an fear eile amuich.



“Ní túisge a bhí Sadhbh ar an dtaobh istigh de'n dorus
'ná ba dhóbair go leathadh a radharc uirthi. Do chonaic
sí an seómra breagh mór fairsing árd, agus na h-uaisle
'na suídhe ann ar gach taobh. Fir bhreaghtha mhóra


L. 194


dhathamhla dob' eadh iad, agus clócaí síoda ortha agus
slabhraí óir ortha agus búclaí óir 'na mbrógaibh, agus a
chlaidheamh le n-a ais ag gach fear díobh. Ar a h-aghaidh
suas do chonaic sí aon fhear amháin agus ba mhó agus
ba chumasaíghe agus ba dhathamhla é ná aon fhear eile d'á
raibh ann. Bhí coróinn óir ar a cheann agus mar bhéadh
adharca beaga anáirde aisti mór-thímpal. Ar bárr
gach adhaircín acu san do bhí bulla beag óir, agus istigh
i lár gach bulla bhig bhí solas éigin ar lasadh agus ar
crith, mar bhéadh réiltín, oídhche sheaca. Bhí clóca dearg
air, chómh dearg leis an gclóca a bhí ar Shadhbh féin lá
an aonaigh, nó b'fhéidir níos deirge. Bhí a shlat ríogdha
'na láimh dheis aige agus bhí sé 'na shuídhe ar chathaoir
mhór árd gur dhóich leat go raibh an uile bhlúire dhi
déanta d'ór chasta. Nuair a chonaic Sadhbh é bhí a fhios
aici gur bh'é an rígh é. Ach ní raibh sgáth 'ná eagla uirthi
roimhe, mar ní feuchaint chruaidh choímhtheach a bhí aige, ach
feuchaint bhreagh bhog réidh dhuineanda. Bhí an chathaoir
ríogdha féin anáirde ar láithreán a bhí mar adéarfá
leath-troigh níos aoirde 'ná an chuid eile de'n úrlár.
Bhí dhá chathaoir eile ann, cathaoir acu ar gach taobh de'n
láithreán, anuas ar an dtalamh, agus bhí beirt uaisle na
suídhe ortha. Fir chríona liatha dob' eadh iad. An fear
acu a bhí ar dheis an rígh, bhí gruaig fhada liath air, agus
í siar síos leis, ar a shlinneánaibh, agus bhí féasóg fhada
liath air, síos ar a bhrághaid agus ar a bhrollach. Bhí
clóca uaithne air agus bhí cláirseach mhór 'na seasamh i
n-a aice. An fear acu a bhí ar an dtaobh eile de'n rígh
bhí gruaig fhada liath air leis, agus bhí fúnsa óir ar a
cheann, ag coimeád na gruaige siar d'á éadan, agus
bhí féasóg fhada liath air, díreach mar a bhí ar fhear na
cláirsighe. Ach ba thruime agus ba mhó d'fhear é go
mór 'ná fear na cláirsighe.


L. 195


“Bhí Sadhbh ag tabhairt na rudaí sin go léir fé ndeara
agus í ag gabháil an t-úrlár suas fá dhéin an rígh. Nuair
a bhí sí i ngoireacht chúig slata, nó mar sin, dó, do stad
sí.



“‘Druid tamall eile ainíos, a 'nghean ó,’ arsa 'n
rígh. Níor chuir sí cor di.



“‘Druid ainíos. Ná bíodh ceist ort,’ arsa 'n rígh.



“‘Druid suas. Ní'l aon rud le h-imtheacht ort,’
arsa fear na tuagha léi, i gcogar.



“Níor dhéin sí aon bhlúire amháin ach a clóca do
sgaoileadh siar síos di agus dul de léim i bhféasóig
an fhir mhóir a bhí ar láimh chlé an rígh agus díriughadh ar
an bhféasóig do stathadh, fé mar dhéin sí le fear an
bhramaigh oídhche an aonaigh. An darna tarang d'ar
bhain sí as an bhféasóig do ghluais léi, i n-aon sgraith
amháin, idir fhéasóg agus gruaig agus fúnsa óir, agus
cia béadh ann 'na steilibheathaigh aici ach an Síogaidhe
macánta!



“‘Airiú, a bhitheamhnaigh na croiche duibhe!’ ar sise,
‘sín chúgam amach anso láithreach mo chuid airgid a
mheallais uaim i n-ainim an rígh.’



“Ar neómat na baise bhí fiche lámh os a gcionn agus
claidheamh lomrachta ins gach láimh díobh.



“Ná buailtear é,’ arsa 'n rígh. ‘Gabhthar é,’ ar
seisean. ‘Cad as duit-se, a 'nghean ó?’ arsan rígh.



“Do chaith sí í féin ar a dhá glúin os cómhair an rígh.



“‘Ó'n Múmhain, a righ,” ar sise, “agus do tháinig an
fear san an lá fé dheire go tigh m'athar, agus dúbhairt
sé go raibh sé ag ceannach capall duit-se, a rígh, agus
do cheannuigh sé a raibh de chapaillibh ar an aonach an
lá san, agus do dhíol sé airgead bréagach asta, agus
thaisbeáin sé dhómh-sa t'fháinne-se, a rígh, agus dúbhairt
sé ná raibh a dhóithin airgid aige chun díol as a raibh


L. 196


ceannuighthe aige, agus d'iar sé orm trí chéad púnt do
thabhairt dó ad' ainim-se, a rígh, agus thugas dó é. Is
ar éigin a bhí sé tabhartha dhó agam nuair a fuair Séadna
amach gur bhitheamhnach é agus chuir sé Cormac 'na dhiaigh.
Ach do theip ar Chormac teacht suas leis. Agus dar
ndóich ní h-iongnadh gur theip agus é anso istigh go
seasgair agus gruaig fhada liath air agus féasóg fhada
liath. Feuch air sin!’



“‘Go réidh, a 'nghean ó,’ arsa 'n rígh. ‘Cé h-é
Cormac?’



“‘An báille atá againn, a rígh,’ ar sise.



“‘Cá bhfuil sé anois?’ arsa 'n rígh.



“‘Tá sé amuich ag an ngeata, a rígh,’ ar sise.



“‘Tugtar isteach é,’ arsa 'n rígh.



“Do tugadh isteach é. Agus go deimhin, a Athair,
deir Uilig de Búrc, dá mba ná béadh agat ach aon
gháire amháin go ndéanfá é dá bhfeicfeá an dá shúil a
tháinig do Chormac agus an iongnadh agus an alltacht
agus an t-uathbhás a tháinig air, nuair a chonaic sé Sadhbh
ar a glúinibh os cómhair an rígh agus an sgraith gruaige
agus féasóige úd 'na lámhaibh aici agus a clóca laistiar
di ar an úrlár, agus an fear a bhí ag siúbhal an aonaigh
léi, ansúd thuas gabhtha, agus fear na tuagha 'na sheasamh
laistiar dé, ollamh ar a cheann do sgoltadh leis an
dtuaigh dá gcuireadh sé cor dé.



“‘A bháille,’ arsa 'n rígh, ‘cé h-é sin?’



“‘Siné, a rígh,’ arsa Cormac, ‘an fear cheannuigh na
capaill ar aonach an Tobair sa Mhúmhain agus do dhíol
an t-airgead bréagach asta. Bhí ceathrar acu ann, agus
do rugadh ar thriúr acu. Ach do theip orainn teacht
suas leis seo. Agus ní deirim go bhfuil aon chúinne
sa chathair seo, 'ná is dócha i n-Éirinn, gan daoine
anois ann ar a lorg. Ní mór sgéala do chur amach


L. 197


láithreach go bhfuil beirthe air agus gan fir bhochta do
bheith 'ghá marbhadh féin níos sia ag ruith 'na dhiaigh, agus
gan é ann le fághail.”



“‘Go réidh, a bháille,’ arsa 'n rígh, ‘ní deirim ná go
bhfuil iaracht de dhearmhad ort.’



“‘Ó, ní'l, a righ,’ arsa Cormac.



“‘Measaim,’ arsa 'n rígh, ‘go bhfuil, mar ní h-ort
atá an t-aer agus an talamh do choimeád gan tuitim
ar a chéile.’



“Do gháireadar na h-uaisle go léir. D'fheuch
Cormac 'na thímpal ortha agus do leath a bhéal air agus
tháinig bior ar a shúilibh, mar ní fheidir sé cad do chuir
ag gáirídhe iad.



“Ansan do ghlaoidh an rígh chuige ar Shadhbh agus
cheistigh sé í agus bhailigh sé uaithi fios bunús an sgéil
ó thusach go deire, idir chleamhnas agus geallamhaint
phósta agus iasacht airgid agus uile. Agus Síogaidhe
ansúd gabhtha ag éisteacht leó agus fear na tuagha
laistiar dé.



“Nuair bhí a sgéal críochnuighthe ag Sadhbh do tharaing
sí as a póca cuid de'n airgead bhréagach agus thug sí
do'n rígh é. D'fhéuch sé air go géar. Ansan do
ghlaoidh sé ar cheann airm na cathrach a bhí 'na sheasamh
thíos ag an ndorus. Tháinig sé ainíos.



“‘Conus do thárla,’ arsa 'n rígh, ‘gur rugadh ar
thriúr acu agus gur imthigh an ceathramhadh duine?’



“‘Siné bhí a'm dhalladh, a rígh,’ ar seisean. ‘Ach
tuigim anois é. Siné ansan,’ ar seisean, ag síneadh a
mhéire chun Síogaidhe, ‘an fear a dhearbhuigh ar an dtriúr.’
Do ghluais osna chléibh ó n-a raibh láithreach nuair dh'
airigheadar an méid sin. ‘Do dhearbhuigh sé leis,’ arsa
'n ceann-airm, ‘gur bh'é duine a bhí ag déanamh an
airgid bhréagaigh 'ná fear a chómhnuighean sa Mhúmhain


L. 198


gurab ainim dó Séadna, agus gur bh'é do cheannuigh na
capaill ar an aonach ad' ainim-se, a rígh. Agus d'á
chómhartha san féin go raibh sé beó bocht go dtí a bhfuil
le fíor-bheagán aimsire. Ná raibh ann ach gréasaidhe
bocht i mbothán ag bun cnuic agus go bhfuil sé anois
ar an bhfear is saidhbhre agus is neamh-spleághchaíghe i
n-Éirinn. Do ghleusas láithreach congnamh fear chun
imthighthe ceann ar aghaidh ó dheas sa Mhúmhain chun beirthe
ar Shéadna úd, nuair cé bhuailfeadh chúgainn isteach ach
Cormac Báille anso agus é ar thóir na mbitheamhnach,
agus allus air agus ceó bóthair a dhóithin. D'inis sé
sin dúinn láithreach sgéal a bhí bun os cionn ar fad leis
an sgéal eile. Dúbhairt sé linn go raibh togha na
h-aithne aige féin ar Shéadna agus gur dhuine mhacánta
é, agus gur bh'é chuir an tóir i ndiaigh na mbitheamhnach,
agus mura mbéadh é ná béarfaí i n-aon chor ortha.
Cheapas féin an fear d'inis an chéad sgéal do chur os
cómhair Chormaic, ach ní raibh tásg ná tuairisg air. Bhí
sé imthighthe mar shloigfeadh an talamh é. Chuireas lucht
cuardaigh ins gach ball tríd an gcathair. D'imthigheas
féin sa chuardach leó, ach ní raibh aon mhaith dhúinn ann.
Ní raibh sé le fághail thíos ná thuas. Is cuimhin liom,
ámh,’ ar seisean, ‘go maith, go bhfeaca ag gabháil thorm
sa tsráid, agus é ag siúbhal ar a shocaracht, duine d'
uaislibh an rígh agus féasóg fhada liath go breagh bog
sgáinneach air, díreach mar í seó,’ ar seisean ag breith
ar an sgraith a' lámhaibh Shadhbh, ‘agus gruaig bhreagh
throm mar í seo air, agus í siar síos leis ar a ghuailnibh
'n-a fáinníbh ag crith agus ag lúbarnaigh. Is lag a
shíleas an uair sin go raibh an t-é a bhí uaim chómh h-
achmair dom.’



“Ach 'sé crích an sgéil duit é a Athair, gur cuard-
uigheadh tigh an duine uasail agus gur fuaradh ann éacht


L. 199


ar fad d'airgead agus d'ór agus d'olmhaitheas. Agus
go ndúbhairt an rígh nár bh'fholáir a cuid féin do thabhairt
do Shadhbh ar a dhúbailt, agus a rogha d'á raibh ann de
sheóidibh uaisle. Agus na capaill do ceannuigheadh ar
an aonach agus gur díoladh an t-airgead bréagach asta,
dúbhairt sé nár bh'fholáir iad do chuardach agus iad do
chur thar n-ais sa Mhúmhain ag triall ar an muíntir go
mba leó iad. Ansan do órduigh an rígh tigh Shíogaidhe
do ghlanadh agus do shocarughadh agus do chur i dtreó,
agus é thabhairt do Shadhbh, dá mba mhaith léi dul chun
cómhnuighthe ann agus a h-athair do bhreith léi ann, mar
go raibh comaoin mhór curtha aici air, comaoin níos mó
'ná chuir aoinne des na h-uaislibh a bhí 'na thímpal riamh
air, cé gur mhór an iontaoibh a bhí aige asta agus gur
ghairid a ngaol leis. Lar na mháireach an lae sin iseadh
d'airigh Uilig de Búrc i dtaobh an chleamhnais. Isé a
bhí ar siúbhal ag daoinibh 'ná go raibh Sadhbh agus Cormac
le pósadh, agus go raghaidís chun cómhnuighthe sa tigh
mór agus ná raibh aon tseó ach a bhfuair Sadhbh de
shaidhbhreas d'éaghmuis na sé gcéad.”



“Aililiú!” arsa Diarmuid. “Is éachtach an saoghal
é! Cá bhfuil an t-é cheapfadh go bhfeicfí choídhche an
bheirt sin i gcuing phósta!”



“An raghair go dtí an baile mór chun cómhnuighthe, a
Dhiarmuid?” arsa Pádraig.



“Pé ball 'na raghaidh sé,” arsa 'n sagart, “ní
dóich liom go dtiocfaidh aon ath-iompáil an turus
so air.”



“Cathain a bhéidh tú féin ag dul síos go dtí an chathair,
a Athair?” arsa Pádraig.



“Dhe, cad chuige, a Phádraig?” arsa 'n sagart.



“Dhe, cad chuige, a Athair, ach chun iad súd do phósadh!



Dá mbéinn-se ad' chás, a Athair, ní thabharfainn aon


L. 200


chead do mhuíntir na catharach chun an phósta so dhéanamh,
murab ionan a's pósadh Shíogaidhe.”



“Ní raibh aon iontaoibh riamh agam a' pósadh
Shíogaidhe,” arsa 'n sagart, “ná aon lorg agam air.”



“Deir Uilig,” arsa Pádraig, “go ndúbhairt an rígh
go gcaithfeadh sé radharc fhághail ar Shéadna. Aon fhear
chómh géar inntleacht leis gur mór an truagh gan é i
bpost éigin, nó i ngnó éigin, 'na mbéadh tairbhe a
inntleachta le fághail aige féin nó ag duine éigin eile.
Dar leis, dá mbéadh fear de shaghas Shéadna aige mar
cheann airm ní ruithfeadh chómh fada leis an Síogaidhe
macánta.”



“Nach mór an iongnadh,” arsa 'n sagart, “nár inis
Uilig de Búrc, nó duine éigin, do'n rígh, go bhfuil fear
anso againn is géar-chúisíghe go mór 'ná Séadna féin,
agus go raghadh nead cluthmhar i n-aice an rígh chómh maith
dhó agus do raghadh sé d'aoinne! Go mór mór ó ná
fuil a dhá oiread airgid cheana aige agus a theastuighean
uaidh, mar atá ag Séadna.”



“Ní réidhteóch' an áit le m' shláinte, a Athair,” arsa
Pádraig. “Is 'mó duine n-a mbíon dithineas air chun
dul i n-inead sheasgair i n-aice an rígh agus nach sia-de
a shaoghal é nuair a gheibhean sé a thoil! ‘Is sleamhain
iad leacacha an tíghe mhóir.’ Pé h-é Síogaidhe is dóich
liom go dtuigean sé um an dtaca so nach ionan dul
go tigh an rígh agus teacht as. Is maith liom go maith
an rígh — abhfad uaim. Go mbuaidh Dia agus Muire
leis!”



“Am briathar, a Phádraig,” arsa Diarmuid, “gur
dóich liom go bhfuil an ceart agat.”



“Agus dar nóin tá a fhios ag an saoghal, a
Dhiarmuid,” arsa Pádraig, “go raghair-se síos go dtí
an chathair chun cómhnuighthe sa tigh mór i dteannta Shadhbh


L. 201


agus Chormaic chómh luath agus bhéidh an áit ollamh
duit!”



“Am briathar, a Phádraig, nach é mo thuairim go
raghad. Is dóich liom gur b' é rud a dhéanfad 'ná
fanamhaint sa tseana nid seo, mar atá agam. Pé
mór breagh é tigh an tSíogaidhe ní dóich liom go raghad
ag cur isteach ortha ann. B' fhéidir, dáltha thíghe an
rígh, gur bh' usa dul ann 'ná teacht as. B' fhéidir gur
bh' usa fanamhaint as 'ná aon taobh acu. Fanfad-sa
mar a bhfuilim, anso imeasg na gcómharsan, sa n-áit
'na bhfuil mo shaoghal caithte agam, sa n-áit 'nar chaith
m'athair a shaoghal, agus mo shean-athair, agus ní fheadar
an 'mó athair rómpa.”



“Ní deirim 'ná gur maith an chómhairle ar a bhfuil
socair agat, a Dhiarmuid,” arsa 'n sagart.


L. 202


Caibidiol a ceathair a's fiche.



Fé cheann seachtmhaine bhí árd ghleó sa tsráid bheag.
Thánadar lucht airm an rígh agus an fear cinn riain os
a gcionn, agus iad ar a gcapaillibh, agus clóca síoda
ar gach fear díobh. Claidheamh gach fir ar sileadh síos
le maoitheán a chapaill, agus sleagh bhreagh fhada 'na
seasamh anáirde i láimh gach fir, agus fir agus mná
agus aos óg na sráide ag brúth ar a chéile a d'iaraidh
radharc fhághail ortha.



Bhí Sadhbh i n-aonfheacht leó agus Cormac, agus iad
istigh i gcóisde bhreagh, agus dhá chapall de chapaillibh an
rígh ag tarang an chóisde. Bhí clóca dearg ar Shadhbh,
clóca ba dheirge go mór, agus ba bhreaghtha, 'ná an
clóca a bhí uirthi an lá úd an aonaigh. An clóca dubh
úd a bhí uirthi an mhaidion a chonaic Pails ag imtheacht
í, is dócha go raibh sé i bhfolach aici. Bhí slabhra óir ar
a muineál, agus é chómh trom chómh téagartha, ba dhóich
leat, le réidhtheach trucaile. Bhí fáinní móra óir ar a
méireanaibh agus búclaí óir 'na brógaibh. Ní caipín a
bhí ar an gclóca ach cába, agus mór-thímpal le fabhra
an chába, agus ag luíghe anuas ar a slinneánaibh, bhí
sraith de shiogairlíníbh óir go raibh órlach go leith ar faid
i ngach siogairlín acu, agus iad ag crith agus ag
taithneamh agus ag spréacharnaigh fé sholus na gréine le
gach cor d'á gcuireadh an cóisde dhé. I mbrollach an
chlóca, fé n-a brághaid, bhí cnaipe óir a bhí chómh mór le
píosa coróinneach. Síos lasmuich le h-imeal an chlóca
agus mór-thímpal leis an iachtar aige, bhí fabhra d'éadach
snáth-óir a bhí dhá órlach go maith ar leithead, agus é go
greanta agus go solusmhar, gur dhóich leat gur shíog


L. 203


lasrach é nuair a suaithtí é fé 'n ngréin. An fúnsa
óir úd a bhí ar cheann Shíogaidhe nuair a bhí an ghruaig
liath air, bhí sé ar a ceann aici ag coimeád a gruaige.



Bhí Cormac ansúd le n-a h-ais sa chóisde 'na shuidhe.
Ní raibh aon órnáidí air, ámhthach, ach mar a bhí sé riamh.
B' é an báille céadna é. Bhí an pus mórchúiseach
céadna air, agus na pluic, agus an muineál ramhar,
agus an chneadach, díreach fé mar a bhí air an lá úd a
tháinig sé ag éileamh na sealbha ar an mbaintrigh. Má
bhí aon athrughadh ann, sa chneadach iseadh bhí an t-athrughadh.
Bhí sí sin air níos géire 'ná mar ba ghnáth leis.



Do stad an cóisde ar aghaidh tíghe Dhiarmuda Léith
amach. Bhí Diarmuid 'na sheasamh idir dhá lígh an doruis
agus a ghuala les an ursain aige. Do léim Sadhbh
amach as an gcóisde agus siúd chuige anonn í.



“Ó!” ar sise, “airiú cad d'imthigh ort ó shin!” ag
cur a dhá láimh tímpal a mhuiníl agus ag tabhairt cúpla
póg dó. “Airiú, a dhaid,“ ar sise, “ní'l spide fí ort!
Cad d'imthigh ort i n-aon chor!”



“Tháinig taom beag slaodáin orm, a ghamhain,” ar
seisean, “agus is dóich liom go ndeighidh sé i n-achran
ionam níos mó 'ná mar a cheapas a raghadh sé.”



“Taom beag slaodáin!” ar sise. “Tháinig droch
bhreóiteacht éigin ort, agus mura mbéadh go dtáinig ní
bhéadh an driuch san ort. Feuch!” an sise, “tá an
t-éadach 'na mhálaibh tímpal ort! Cad d'imthigh air, a
Phails?” ar sise leis an seana mhnaoí.



Tá sé tar éis éagcruais a chur dé, slán beó mar
a n-innstear é!” arsa Pails, go ríghin.



“Éagcruas!” arsa Sadhbh, “go saoraidh Dia na
glóire sinn! Airiú cad é mar shaghas duine thú, nó
cad é an donas a bhí ag gabháil duit agus a rádh gur
imthighis agus gur chuiris an bhreóiteacht san ort féin


L. 204


gan ghádh gan riachtanas! Is éachtach an obair a rádh ná
féadfadh duine imtheacht ó'n mbaile ar feadh beagán
aimsire agus tú fhágáil i bhfeighil na h-áite gan tú dhul
ag cur éagcruais ort féin le d' chuid buartha agus
díth céille. Feuch an driuch atá anois ort!” Agus
leis sin do chrom sí ar ghol.



Bhuail Cormac isteach 'na diaigh.



“Dar fiadh, a Dhiarmuid,” ar seisean, “ach do chuais
as go maith. Chuais as go dian mhaith, deirim leat é.
Ní raibh aon droich iontaoibh agam asat 'ná aon droch
amhras agam ort, ach 'na thaobh san a's uile níor mheasas
go dtiocfá uaidh chómh maith. Ní foláir nó tá an croídhe
go foláin agus go láidir agat agus a rádh go bhfuilir
chómh curanta tar éis ar chuiris díot.”



“Ní fheadaraís a leath, a Chormaic,” arsa Diarmuid.



“Do bhuail bean chúgam isteach anso tá suim laetheanta
ó shin ann, agus ní fheacaís riamh ach an phreab a bhain
sí asam. Níor baineadh a leithéid de gheit asam ó'n lá
a rugadh mé, agus oídhche an aonaigh féin a chur leis. Is
beag 'ná go ndúbhairt sí suas le m' béal gur marbh-
uigheadh Sadhbh ar an mbóthar, lastuaidh i mball éigin,
agus go bhfeacaidh sí marbh í. Mura mbéadh gur tháinig
an sagart isteach agus gur áitimh sé orm ná raibh aon
bhrígh le n-a caint is dócha go n-eireóch' mo chroídhe
orm.”



“Ach cé r' bh' í féin, ámhthach?” arsa Cormac.



“Go deimhin ní fheadar cé r' bh' í féin. Ní fheaca
riamh roimhe sin am' shúilibh cinn í, agus geallaim dhuit
ná fuil aon lorg agam ar í fheiscint airís,” arsa Diar-
muid. “B' í an bhean í dob' éagsamhlaíghe d'ar bhuail
riamh umam.”



“Cad é an saghas í?” arsa Cormac.



“Droch shaghas. Geallaim dhuit é,” arsa Diarmuid.


L. 205


“B' é rud í 'ná creachoil de mhnaoi chruaidh, gharbh,
chnámhach, agus í ar leath-shúil agus taobh d'á béal siar
go cluais uirthi nach mór, slán mo chómhartha choídhche!”



“Ó, tá sí agam!” arsa Cormac. “Droch shaghas, ní
misde dhuit a rádh. Tá aithne agam-sa ar an stiúsaídhe
sin le fada. Mise bhain an tsúil aisti agus chuir an
mháchail sin uirthi.”



“Tusa!” arsa Diarmuid.



“Mise go díreach, agus 'neósfad duit conus é.”
arsa Cormac. “Is dóich liom go bhfuil deich mbliaghna
ó shin ann,” ar seisean. “Ag teacht abhaile ó Chorcaigh
iseadh bhíos. Bhí sé i n-am mhairbh na h-oídhche. Bhíos ag
gabháil a leith chun Drochaid na dTruip Sídhe. Bhí a
fhios agam an droch ainim a bheith ar an áit ach ní raibh
sgáth ná eagla orm. Ní bhíon aon eagla choídhche orm
roim aon rud de'n tsórd san, pé tráth de'n oídhche
bhéadh ann, nuair a bhím ag déanamh mo ghnótha féin. Ní
féidir dóibh baint le duine a bhíon ag déanamh a ghnótha
féin agus gan é ag cur chúca ná uatha. Ach duine bhéadh
ag dul i n-áiteanaibh aeracha i n-am mhí-thráthamhail agus
le corp dánaidheachta, ní h-aon iongnadh go gcurfaí a
mhalairt de chúram air uaireanta. Ach, pé sgéal é,
féuchaint d'á dtugas thorm cad a chífinn ach an bhean
agus í 'n-a suidhe ar an leath-ladha eile de'n trucail
uaim, agus a drom liom. Nuair a chonac í is dócha
gur tháinig iaracht de laige orm toisg an droch ainim a
bheith ar an áit. Pé rud a tháinig orm níor lean sé
abhfad orm. Ba ghearr gur shamhluigheas mar bhéadh lámh
duine ag dul isteach am' brollach mar a raibh pé pingin
airgid a bhí agam. Ní túisge mhothuigheas an lámh 'ná
thuigeas láithreach gur duine saoghalta a bhí agam agus
do luígheas greim ar an láimh. Lámh curanta láidir
dob' eadh í agus colpa teann córach téagartha uirthi.


L. 206


Do tugadh iaracht ar í bhreith uaim ach ambasa choimeádas
mo ghreim, agus fé mar a tháinig liom mo ghreim a
choimeád do chas mo mhisneach orm agus mo neart.
Nuair a thuig an bhean nár bh' aon mhaith dí bheith ag tarang
d'fhan sí socair, ach níor thug sí a h-aghaidh orm. An
fhaid a bhí sí ag fanmhaint socair, agus mise a d'iaraidh
a dhéanamh amach cé r' bh' í féin, do bhog mo ghreim a
gan fhios dom. Do snapadh an lámh uaim agus do
léim an bhean amach as an dtrucail uaim. Le linn
léimt amach dhí, fé mar a raghadh crúca nó rud éigin i
n-achran 'na cuid éadaigh, do baineadh leagadh aisti.
Thuit sí ar an mbóthar agus do ghluais an roth ar a
ceann. Díreach agus í ag túirliocan ar an mbóthar do
baineadh an dá chois uaithi agus do h-iompuigheadh a
ceann isteach fé 'n roth. Ba bheag nár chuas i laige
ansan dáiríribh. ‘Tá dhá leath déanta dh'á ceann!’
arsa mise liom féin. Do stadas an capall láithreach.
Bhíos deimhnightheach go raibh an bhean marbh, agus gan
aon fhínné agam ach Dia ar an gcuma 'nar thuit an
sgéal amach. Do léimeas amach as an dtrucail. Ag
teacht anall ó m' thaobh féin de'n chapall dom do léim
an bhean suas agus siúd de dhruim an chlaidhe isteach
í, i gcoill a bhí i n-aice an bhóthair ann. ‘Seadh!’ arsa
mise, am' aigne féin, ‘bheirim a bhuidhchas le Dia na
glóire, moladh go deó leis, pé saghas tú, tú bheith
ábalta ar an méid sin a dhéanamh!’ Chomáineas liom
a leith chun an Drochaid agus do stadas ag an dtigh
ósda. Chómh luath agus a chonac an chéad amhsgarnach de
sholus an lae, amach liom agus soir airís go dtí an áit
'na bhfeaca ag dul isteach tar claidh í. Bhí lochán fola
ar an mbóthar sa n-áit 'nar leagadh í agus bhí an fhuil
ar an dtalamh go trom anonn go claidh, agus ar dhrom
an chlaidhe sa n-áit 'nar léim sí isteach. Chuas isteach


L. 207


agus do leanas rian na fola tríd an gcoill soir ó
thuaidh, agus soir ó thuaidh airís tríd an bpáirc a bhí
lastuaidh de'n choill, go dtí go dtánag go dtí tigh
beag, botháinín suarach, a bhí sa chúinne thoir thuaidh de'n
pháirc. Bhí an fhuil ansúd ar an dtalamh isteach go
dorus an tíghe bhig. Chuireas mo lámh ar an laiste. Do
bhog an chómhla rómham isteach. Chuas isteach. Chonac
bean 'na suíghe ar shuíghistín ar aghaidh na teine amach
agus í 'ghá suathadh féin anonn 's anall mar a bhéadh
bean a bhéadh ag déanamh buartha, agus í ag gol go
fuígheach, fé n-a h-anáil.



“‘Bail ó Dhia anso isteach!’ arsa mise. Phreab sí
'na suíghe agus thug sí a h-aghaidh orm. Bhí a ceann
fillte i n-éadach aici ach súil léi agus bhí an tsúil nach
mór dúnta le h-at. Chaith sí í féin ar a dhá glúin.
‘Cumaraí mh' anama ort, a Chormaic!’ ar sise. ‘Ná
tabhair suas do'n dlígh mé an turus so. Tá mo mháthair
agam ansan thíos,’ ar sise, ‘gan mheabhair gan chiall, gan
siúbhal gan rian, gan aithne gan urlabhra, le dhá bhliaghain
agus chúig sheachtmhaine an tSathrainn seo chúghainn. Má
beirtear uaithi anois mé gheabhaidh sí bás do'n ghorta!
Ní bhéidh duine aici a thabharfaidh sagart ná bráthair
chuici, ná shínfidh deoch chuici! Iaraim i n-achainígheachaibh
ort, as ucht Íosa Críosd na bhFlathas, agus as ucht na
Maighdine Muire, agus le h-anaman do mháthar féin,
gan mé bhreith ó'n aindeiseóir sin thíos!’



“Níor bh' aon leas-ainim aindeiseóir a thabhairt ar an
seana mhnaoi, agus níor misde a rádh 'ná gur bh'
aindeiseóir eile an bhean óg, agus an cor a bhí uirthi
tar éis an bhárthain a ghaibh í. Do thugas m'aghaidh ar an
ndorus agus dúbhart mar seo:— ‘Bhíos ag teacht
abhaile ó Chorcaigh aréir,’ arsa mise, ‘agus tháinig bean
éigin isteach sa trucail chúgam, 'ghá leigint uirthi gur


L. 208


sprid í, go saoraidh Dia sinn! Chuir sí a lámh isteach
am' brollach. Cheap sí mo chuid airgid do bhreith uaim,
ach níor eirigh léi. Ní fheadar cad é an gnó bhéadh ag
sprid d'ór 'ná d'airgead. Do luígheas greim ar an
láimh. Ba ghreannmhar an sprid í agus lámh fola agus
feóla uirthi! Cheapas greim a choimheád uirthi agus í
bhreith liom abhaile chun go mbéadh a fhios agam cad é an
saghas an sprid. Ach bhí sí ró thapaidh dom. Do shnap
sí uaim an lámh agus do léim sí as an dtrucail amach.
Do ghluais an roth ar a ceann. Ní raibh leigheas agam-sa
air sin. B' é leamhnughadh Dé, moladh go deó leis!
nar marbhuigheadh láithreach í. Ach is dóich liom gur chuir
an méid sin a dóithin de phionós uirthi an turus so. Ní
fheadar cé h-í ná cé 'ro díobh í,’ arsa mise, ‘ach má
airighim an cleas san 'na diaigh airís nó má gheibhim
radharc mo shúl uirthi amuich ná i mbaile, tabharfad
suas do'n dlígh í,’ arsa mise, — agus chuireas an dorus
amach díom. Is dócha nár cuireadh riamh i ndiaigh aon
Chríosdaidhe oiread beannachtaí beannuighthe agus a
cuireadh am' dhiaigh-se an mhaidion shamhraidh sin, agus
mé ag gabháil an pháirc ó dheas ó'n dtigh bheag san, agus
an ghrian ag eiríghe. Ach ‘ní h-é seo é ach é siúd.’ Tá
nídh nach é sin anois agam le cur os do chómhair-se, a
Dhiarmuid. Táim féin agus Sadhbh anso 'ghá chuimhneamh
nár bh' fhearra dhúinn rud a dhéanfaimís 'ná an chuid
eile d'ár saoghal a chaitheamh i dteannta 'chéile. An
dóich leat an mbéadh aon locht agat orm mar chleamhain,
a Dhiarmuid?”



“Go deimhin agus go dearbhtha, a Chormaic, a mhic ó,”
arsa Diarmuid, “is amhlaidh mar atá an sgéal, ní dóich
liom go bhféadfaí aon fhear fhághail i n-Éirinn is fearr
a bhéadh 'na cheann di 'ná mar a bhéir-se. Agus isé rud
a dúbhairt an sagart féin, an lá airigheamair an chéad


L. 209


ráfla de'n sgéal, 'ná gur mhaith agus gur dhian mhaith
an cleamhnas é, agus ná béadh aon teip ná go mbéadh
an rath air, le congnamh Dé a's sinn slán.”



“Tá go maith,” arsa Cormac. “Fágfad ansan sibh
go fóil agus raghad soir go tigh an tsagairt feuchaint
cathain a bhéidh caoi aige ar theacht agus sinn a phósadh.”


L. 210


Caibidiol a cúig a's fiche.



Um an dtaca san bhí muíntir an rígh tar éis túir
liocan d'á gcapaillibh ar pháirc an aonaigh. D'éaghmuis
na gcapall a bhí acu féin chun marcaidheachta, bhí tréad
mór eile capall acu d'á dtiomáint, agus giollaí 'na
mbun. B' shiniad na capaill a bhí le tabhairt tar n-ais
do na daoinibh gur ceannuigheadh uatha iad an lá úd an
aonaigh, agus gur tugadh an t-airgead bréagach dóibh
asta i n-ainim an rígh. Bhí muíntir na sráide bailighthe
ar an gclaidh, mór-thímpal na páirce, agus bolgshúilí
ortha, ag feuchaint ar fhearaibh an rígh, agus ar na clócaíbh
síoda, agus ar na caipíníbh cogaidh, agus ar na claidhmh-
tibh móra fada a bhí acu, agus ar na claidhmhtibh beaga,
agus ar na gathanaibh breaghtha sleamhne fada a bhí 'na
seasamh anáirde, agus ar na ribíníbh a bhí asta thuas ag
rinnce leis an ngaoith. Ach níor leig fir an rígh ortha
gur bh' aon iongnadh leó aon nídh d'á raibh ann. Níor
dhéineadar aon iongnadh díobh féin ná d' aoinne eile.



Bhí muíntir na tuatha ag teacht, na nduine 's 'na
nduine, mar do cuireadh sgéala chúca sa tímpal, aoinne
gur ceannuigheadh capall uaidh do'n rígh agus gur tugadh
airgead bréagach dó mar dhíoluigheacht ann, ná raibh aige
ach teacht go dtí páirc an aonaigh an lá san agus go
raibh a chapall le fághail aige, dá n-aithnigheadh sé é, ach
go ndéanfadh duine creideamhnach éigin urúdhas air.



Thánadar go léir. Níor bhaoghal go dtiocfadh aoinne
agus go leigfeadh sé air capall a bheith imthighthe uaidh.
Bhí aithne ró mhaith acu go léir ar a chéile. D' aithneóchfí
an cleas san láithreach. Go mór mór, ní fhéadfadh
duine de'n tsórd san fear fhághail a dhéanfadh an t-


L. 211


urúdhas air. Tháinig fear an bhramaigh, agus tháinig
Seághan Ceatach ag déanamh an urúdhais air. Bhí sé
nach mór ar an gcéad duine a fuair a chuid. Sul ar
tugadh a chapall féin d'aoinne do déineadh socarughadh
áirighthe. Do h-órduigheadh gan aoinne de'n mhuíntir n-a
mbéadh a gcapaill fághalta acu d'imtheacht ó'n bpáirc
go dtí go mbéadh an capall déanach tabhartha amach
agus an fear déanach sásta. Isé cúis gur déineadh an
t-órdughadh san 'ná le h-eagla go ndéanfaí aon dear-
mhad i raint na gcapall agus, chun an dearmhaid do
leigheas, nár bh' fholáir na capaill go léir agus na
h-éilteóirí go léir a bheith ar aon láthair.



Bhí daoine creideamhnacha a ndóithin ag na h-
éilteóiríbh chun na n-urúdhas a dhéanamh. Bhí an sagart
ann agus urúdhas aige d'á dhéanamh ar mhórsheisear i
n-aonfheacht. Bhí Cormac ann, mar bhí an sagart
imthighthe ó'n dtígh roimis agus do lean sé é. Bhí Diar-
muid ann, mar ní bhéadh Sadhbh sásta gan é theacht amach
go bhfeicfeadh sé muíntir an rígh agus áilneacht a n-
órnáidí agus méid a ngradaim. Bhí Séadna ann mar
bhí an uile dhuine des na h-éilteóiríbh 'ghá iaraidh air an
t-urúdhas a dhéanamh air féin, pé 'cu bhí urúdhas déanta
ar dhuine eile aige nó ná raibh.



Do glaodhadh na h-éilteóirí agus na h-uraídhe suas
láthair an chinn airm. Bhí fear an bhramaigh ar tusach.
Chonaic sé an bramach, abhfad sul ar glaodhadh air, agus
d'aithin sé é. Chonaic fear eile leis an bramach agus
cheap sé gur leis féin é. Nuair a glaodhadh ar éilteóir
an bhramaigh phreab an bheirt éilteóirí suas.



“Is liom-sa é,” arsa duine acu.



“Ní leat ach liom-sa,” arsa 'n fear eile.



D'fheuch an ceann airm ar na h-uraídhibh. Ní fheidir
aoinne cad ba cheart a dhéanamh. Do labhair Séadna.


L. 212


“Beirtear an bramach amach i lár na páirce,” ar
seisean. “Téidheadh duine de'n bheirt éilteóirí seo go
dtí taobh de'n pháirc agus an duine eile go dtí an
taobh eile. Sgaoiltear ansan de'n bhramach agus
glaoidís araon air. Isé mo thuairim go dtiocfidh an
bramach ag triall ar an éilteóir dleaghthach.”



Do déineadh mar sin. Chómh luath agus fuair an
bramach cead a chinn do rith sé anonn ag triall ar an
bhfear a chothuigh é.



Ba ghearr go raibh na capaill rannta, ach má 'seadh
bhí daoine fós ann a bhí i n-éaghmuis a gcapall féin.
Níor fhéad an lucht cuardaigh teacht suas leis na cap-
aillibh go léir. Na daoine a bhí i n-éaghmuis a gcoda
bhíodar go dúbhach agus go dobrónach, agus isé a dúbhairt
gach aoinne 'ná gur chruaidh an cás é má bhéadh thiar ortha
an tarna lá chómh maith agus bhí thiar ortha an chéad lá.
Bhí gach aoinne ag déanamh truagha dhóibh, agus bhí gach
aoinne ag cur 's ag cúiteamh féuchaint conus ba cheart
an cás 'na rabhdar do thabhairt airís os cómhair an rígh.
Do thuig an uile dhuine, dá mbéadh fios an sgéil i gceart
ag an rígh, go ndéanfadh sé rud éigin dóibh.



Ansan iseadh a dúbhairt fear cinn riain an airm go
raibh órdughadh aige féin ó'n rígh, aoinne ná béadh a
chapall ann le tabhairt dó, fiacha an chapaill a thabhairt
dó. “Ach,” ar seisean, “conus a déanfar amach
fiacha an chapaill agus gan an capall ann!”



Do stad an uile dhuine. Ní fheidir aoinne conus
fhéadfaí fiacha an chapaill a dhéanamh amach agus gan an
capall ann. Ní bhéadh aon chiall le breitheamhantas an
éilteóra do ghlacadh ar fhiacha a chapaill féin. Ní lúgha
'ná bhéadh aon chiall le cothrom an airgid bhréagaigh do
thabhairt, i n-airgead dílis, do gach éilteóir ná raibh a
chapall ann le tabhairt dó. Cad a bhí le déanamh? Bhí


L. 213


an sgéal ag dul sa mhuilion ortha go léir. Na h-éil-
teóirí ag lorg a gcirt go dána fé mar órduigh an rígh
dóibh é. Fear cinn riain an airm i gcruadh-chás, ná
feidir sé an mór ba cheart a thabhairt do gach éilteóir.
Agus gan aoinne ábalta ar aon tuairim a thabhairt fé
luacht dleaghthach na gcapall a bhí gan fághail.



Do labhair Séadna airís.



“Déintear an sgéal do shocarughadh ar an gcuma
so,” ar seisean. “Tugtar anso amach os ár gcómhair
an capall is fearr agus an capall is measa ar na
capaill seo a rainneadh anois. Curtar meas ó bheirt
mholtóirí ar cad is fiú gach capall de'n dá chapall san.
Ansan curtar an luacht mór agus an luacht beag le
chéile agus déintear dhá leath de'n iomláine. Tugtar
oiread airgid agus bhéidh i leath na h-iomláine sin do
gach duine ná fuil a chapall féin ann le tabhairt dó.
Leis an socarughadh san b'fhéidir go mbéidh duine a
gheabhaidh beagán níos mó 'ná a cheart agus duine a
gheabhaidh beagán níos lúgha 'ná a cheart, ach ní mheasaim
gur féidir aon tsocarughadh eile dhéanamh a thiocfaidh
níos giorra do'n cheart.”



Do liúghadar na daoine go léir agus bhuaileadar a
mbasa.



“Siní an chaint! Siní an chaint!” ar siad. “Siné
an moladh ceart!”



D'fheuch an ceann airm ar Shéadna.



“Airiú,” ar seisean, “ní gréasaidhe atá againn
ionat-sa ach breitheamh!”



Do socaruigheadh an sgéal ar an gcuma san agus bhí
gach aoinne sásta.



D'á mhéid dúil a bhí ag na daoine radharc fhághail ar
fhearaibh an rígh agus ar a n-arm agus ara n-éide agus ar
a ngleus agus ar a ngradam, ba mhó 'ná san an dúil


L. 214


a bhí ag muíntir an rígh radharc maith fhághail ar Shéadna,
mar níor stad béal Chormaic an fhaid a bhí sé sa chathair
ach ag trácht ar Shéadna agus ag déanamh iongnadh dhé
agus 'ghá mhaoidheamh ná raibh a leithéid eile i n-Éirinn
le doimhneas aigne agus le géire inntleachta agus le
faidearadha, agus le luas gnímh nuair a bhéadh an gníomh
le déanamh.



An chéad fheuchaint a fuaradar air, agus é ag teacht
isteach sa pháirc i dteannta na ndaoine a thug leó é
chun an urúdhais a dhéanamh, is amhlaidh a tháinig iaracht
de sheirbhthean ortha. “Ach!” ar siad, “Má 'sé sin
é!” Ní raibh ann, dar leó, ach gréasaidhe mar aon
ghréasaidhe, agus ní raibh i gcaint Chormaic ach gaoith.
Ach nuair airigheadar an socarughadh a dhéin sé i dtaobh
na gcapall do leath a súile ortha, agus tháinig iongnadh
a gcroídhe ortha a rádh nár chuimhnigh aoinne acu féin ar
an slígh sin chun an sgéil a shocarughadh.



Nuair a bhí an sgéal socair agus gach aoinne sásta
agus muíntir an rígh ag cuimhneamh ar chasadh abhaile,
tháinig an ceann airm ag triall ar Shéadna agus ghlaoidh
sé i leith taoibh air.



“A leithéid seo, a Shéadna,” ar seisean. “Ag
fágáilt an bhaile dhom thug an rígh foláramh dom tusa do
dhul liom síos nuair a bhéinn ag filleadh, mar gur airigh
sé tuairisg mhór ort agus gur mhaith leis fear de d'
cháil a bheith i n-aice leis thíos aige.”



“Abair leis an rígh, a dhuin'uasail,” arsa Séadna,
“gur neamhnídh liom-sa saidhbhreas saoghalta agus gur
cuma liom beó nó marbh mé féin, seachas toil mo rígh
do chómhlíonadh; gur suarach le rádh iad mo dheagh-
thréithe agus gur beag é m'eólus, ach pé beag mór é
mo dhícheal go ndéanfad é 'na sheirbhís. Iar ar a shoillse
suím beag aimsire thabhairt dom chun an méid cúraim


L. 215


atá ar mo láimh anso do chur i dtreó agus a chur
díom.”



“Cad é an méid aimsire a bhéadh uait?” arsa 'n
ceann airm.



“Bliaghain agus rátha, a dhuin'uasail,” arsa Séadna.



“Tá go maith,” arsa 'n ceann airm.



Isé cúis n-a ndúbhairt Séadna, “bliaghain agus
rátha,” mar ní raibh an uair sin gan caitheamh de na trí
bliaghna deug ach bliaghain agus rátha.



Síle. — Ach, Dia linn! An fear bocht! Cad é an mhaith
dhó a shaoghal! Airiú, nár ghearr an mhoill ar an
aimsir imtheacht!



Gobnait. — Seadh, agus gur dhóich le duine i dtusach na
h-aimsire nár bh' fhios cathain a bhéadh sí caithte.



Nóra. — Agus feuch, dúbhairt a máthair ná béadh Peig
trí bliaghna déag go Bealtaine.



Cáit. — Cathain a dúbhairt sí é sin?



Nóra. — Nach cuimhin leat an oidhche úd a tháinig an
sgannradh ar Shíle agus gur ritheamair go léir? Ní
rabhas-sa imthighthe amach ar fad agus d'airigheas an
méid sin. “Agus gan tú ach trí bliaghna déag
chun na Bealtaine,” ar sise.



Peig. — Pé fada gairid iad na bliaghanta bhíodar
imthighthe ach amháin bliaghain agus rátha, agus bhí an méid
sin féin ag imtheacht go tiugh.



Cáit. — Ní fheadar an tsaoghal conus fhéadadh sé an
oídhche a chodladh, ná aon bhlúire bídh a chaitheamh. Ba
dhóich liom dá mbéinn 'na chás go marbhóch' sé mé
bheith ag cuimhneamh ar an lá a bhí ag teacht. Ní
fheadar ó thalamh an domhain conus fhéad sé an
sgéal a ghlacadh chómh bog.



Peig. — Ba bheag seachtmhain ná tugadh sé cuaird
anonn go tigh an tsagairt, agus an lá a théidheadh sé


L. 216


anonn thugadh sé féin agus an sagart tamall mór i
bhfochair a chéile.



Gobnait. — Dar ndóin, níor thug sé a rún do'n
tsagart.



Peig. — Ní raibh an rún tabhartha aige dhó an lá a bhí
sé ag caint leis i dtaobh an chleamhnais úd Mháire
Ghearra, agus níor thug sé dhó an lá san é, ach ní fheadar-
sa cia 'cu thug sé dhó 'na dhiaigh san é nó nár thug.



Nóra. — Dar ndó, ní fhéadfadh sé é thabhairt dó.



Cáit. — 'Gcloistí uirthi! Dar ndó, ní'l sé ceangailte
ar dhuine rún a choimeád ó shagart.



Peig. — Ní'l sé ceangailte ar dhuine rún a choimeád ó
shagart nuair a bhéadh faoisdin aige d'á dhéanamh
leis an sagart, ach d'fhéadfadh sé bheith ceangailte
air gan an rún a thabhairt dó lasmuich de'n fhaoisdin.



Nóra. — Ó, tuigim. Agus nuair a gheabhadh an sagart
an rún sa bhfaoisdin bhéadh sé ceangailte ar an
sagart féin an rún do choimeád agus gan sgéidh
air.



Peig. — Bhéadh go díreach, fé mar atá ceangailte ar an
sagart rún na bpeacaí a h-innstear dhó a choimeád.
Ach ar aon chuma bhíodh Séadna thall go minic ag
caint leis an sagart agus chaithidís a lán de'n lá i
bhfochair a chéile. Chídhtí Séadna go minic ag dul chun
Comaoine, agus bhíodh áthas ar na daoine d'á bhárr san,
go mór mór toisg ainim an mhí-chreidimh a bheith air i
dtusach bára. Ar dtúis chídhtí ag dul chun Comaoine
dhá uair sa mbliaghain é, um Cháisg agus um Nodlaig,
ansan uair sa rátha, agus i ndeire bára chídhtí ag dul
chun Comaoine é gach aon chéad Domhnach de'n mhí.



Bhí sé féin agus an sagart ar pháirc an aonaigh ag
caint le chéile tar éis na gcapall a bheith rannta.
Tháinig fear cinn riain an airm chúca, ag fágáil slán


L. 217


ag an sagart, agus cé bhuailfeadh chúca, san-am gcéadna
díreach, ach Cormac.



“Seadh, a Athair,” arsa Cormac, “ó tá an méid sin
gnótha déanta agus gach aoinne sásta, b'fhéidir nár
mhisde dhúinn iaracht a thabhairt ar ghnó bheag eile dhéanamh.
Ná h-imthigh, a Shéadna,” ar seisean, “ná thusa, a dhuin'
uasail,” ar seisean leis an gceann airm. “Dhéineabh-
air araon an gnó eile úd chómh maith ní misde liom-sa
sibh araon a bheith i láthair mo ghnótha-sa anois.”



“Mura mbéadh Séadna bhí sé thiar orainn sa ghnó ó
chianaibh,” arsa 'n ceann airm. “Ní'l uaim-se anois ach
slán fhágáilt ag bhúr sagart agus agaibh go léir sul a
dtugad aghaidh ar Bhaile'bhfad-síos. Ach pé gnó é seo
eile atá agat-sa le déanamh, a Chormaic, má 's maith
leat go ndéanfainn-se ríghneas beag mar gheall air,
déanfad é agus fáilte. Tá súil agam go bhfuil t'
aigne-se sásta, a Athair, le gnó an lae,” ar seisean
leis an sagart.



“Ana shásta, a dhuine uasail,” arsa 'n sagart:
“Tabhair mo dheagh-mhéinn agus mo chion go dílis agus
go dúrthachtach do shoillse an rígh, nuair a bhéidh caint
agat leis, agus abair leis ná féadfainn a innsint d'á
shoillse méid an bhuidhchais atá agam, agus againn go
léir, air, mar gheall ar an ngníomh atá déanta aige ar
na daoine bochta so a chaill a gcuid. Abair le n-a
shoillse gur fada a bhéidh cuimhne ag muíntir na h-áite
seo ar an ngníomh uasal san, agus má thagan feidhm i
n-ar ghádh congnamh uainn — nár leigidh Dia go dtioc-
faidh — ach má thagan, abair leis ná fuil fear sa dúthaigh
seo ná h-imireóchaidh a anam go fonnmhar ar son an
rígh.”



Tá a fhios ag an nduin'uasal so, a Athair,” arsa
Cormac, “gur minic a dúbhart-sa féin an chaint sin


L. 218


leis, ó'n lá thug an rígh órdughadh uaidh na capaill seo
do sholáthar agus do thabhairt thar n-ais do na daoine
bochta so.”



“Dúbhraís go deimhin, a Chormaic,” arsa 'n ceann
airm. “Dúbhraís chómh minic sin é, ní baoghal go
ndearmhadfar é. Ach ní h-alaidh dhúinn do ghnó-sa féin
a dhearmhad. Cad é an gnó é seo atá agat féin le
déanamh, a Chormaic? Tá súil agam ná cuirfidh sé
sinn i bpúnc chómh cruaidh leis an bpúnc 'na rabhmair ó
chianaibh go dtí gur réidhtigh Séadna sinn as.”



“Siní an chaint, a Chormaic,” arsa 'n sagart: “Cad
é an gnó é seo atá le déanamh agat?”



“Bhíos thall ag an dtig, a Athair, chun labhartha leat
'na thaobh, ach bhís imthighthe rómham. Dúbhradh liom go
rabhais tagaithe anso agus do leanas t'onóir.”



“Tá go maith,” arsa 'n sagart. “Táimíd go léir
anso anois. Cad 'tá uait, a Chormaic?”



“Tá so, a Athair,” arsa Cormac, “go n-oirean dom
athrughadh beag a dhéanamh ar mo shlígh bheatha.”



“Athrughadh ar do shlígh bheatha!” arsa 'n sagart, agus
iongnadh a chroídhe air mar 'dh eadh. “Ní dócha, a
Chormaic, gur b' í an bháilligheacht a cheapfá a chaitheamh
uait!”



“Adhemhaise, a Athair,” arsa Cormac, “is dóich liom
gur beag d'á mhearbhall atá ort nach í an bháilligheacht a
mheasfainn a chaitheamh uaim, nídh nach iongnadh; ach an
dúil a bheith riamh agat' onóir sa tsult, agus nach foláir
leat anois pas beag magaidh a dhéanamh fúm-sa, ó b'
anamh liom an chaoi thabhairt do t' onóir chuige.”



“Go deimhin agus go dearbhtha, a Chormaic,” arsa 'n
sagart, agus é ag gáirídhe, “ní cúrsaí magaidh ná suilt
ar fad an sgéal. ‘Athrughadh beag,’ a thugan tú air.
Is dóich liom-sa gur b' é rud é 'ná atrughadh ana mhór.


L. 219


Ach bíodh sé beag nó mór, tá aon nídh amháin deimhnigh-
theach. Má 's mar chabhair agus mar chongnamh d'á fear
a ceapadh an bhean, ní dóich liom go mbéidh an fear
eile sin le fághail is mó go mbéidh a bhean 'na cabhair
agus 'na congnamh aige 'ná mar a bhéidh sí agat-sa
nuair a bhéidh Sadhbh pósta agat.”



“Mhaise, tabh'r 'om do lámh bheannuighthe, a Athair!”
arsa Cormac. “Ag magadh nó dáiríribh duit is maith í
do chaint, agus is maith an sás fírinne dh' innsint thú.
Agus cathain a bhéidh sé caothamhail do t' onóir teacht
agus an ceangal a chur orainn?”



“Pé am is fearr a thiocfaidh isteach le d' chaothamhlacht
féin, a Chormaic,” arsa 'n sagart.


L. 220


Caibidiol a sé a's fiche.



Do ceapadh an t-am. Sul a raibh muíntir an rígh
imthighthe as an áit do h-innseadh dóibh go raibh an lá
ceapaithe agus cad é an lá é. Nuair a chuadar abhaile
d' innseadar do'n rígh é. Chomáin an rígh teachtaire ar
siúbhal láithreach le bronntanas fíona do'n chóisire agus
le fáinne do Shadhbh. Dhéin an teachtaire dithineas
maith. Tháinig sé díreach maidion lae an phósta, agus é
tar éis na seachtmhaine thabhairt ar an mbóthar, idir lá
agus oídhche nach mór. Bhí capall agus trucail aige
agus bhí a dhóithin d' ualach ar an gcapall. Bhí ciseán sa
trucail aige, ciseán breagh mór a bhí déanta de shlataibh
loma geala, agus é lán go bara de bhuidéalaibh fíona.
Bhí, is dócha, céad dosaon buidéal ann. Mura raibh sé
os a chionn ní raibh sé fé n-a bhun. Agus bhí a ndóithin
tuíghe stupaithe tímpal na mbuidéal san sul a mbrisfí
iad. Níor briseadh aon bhuidéal díobh, agus níor osgail
an teachtaire aon bhuidéal díobh. Níor osgail go
deimhin. Níor ghádh dhó é. Bhí a dhóithin mór bídh agus
díghe aige d'á n-éaghmuis. I n-éaghmuis an chiseáin agus
na mbuidéal bhí bairille mór fíona sa trucail aige.
Ní raibh níos lúgha 'ná sé fichid galún fíona sa bhairille
sin. Geallaim dhuit go raibh a dhóithin d'ualach ar an
gcapall.



Bhí fáinne óir ag an dteachtaire do Shadhbh, fáinne a
thug an rígh féin uaidh le tabhairt di, fáinne a pósta.
Bhí cloch uasal sa bhfáinne sin a bhí chómh mór le súil
giorfhiadh, ba dhóich leat, agus dhéanfadh an chloch san
solus duit sa doircheacht mar a dhéanfadh teine gheal
áin. Nuair a chonaic Sadhbh an fáinne sin, agus an


L. 221


chloch, bhí sí as a meabhair nach mór le h-aiteas agus le
mórtais agus le mórdháil.



“Ó! a Dhaid,” ar sise, “feuch air sin!”



“Chím é, a ghamhain ó,” arsa Diarmuid. “Dá mbéinn
ad' chás,” ar seisean, “ní h-é gach aoinne go dtais-
beáinfinn an fáinne sin dó. Tá daoine sa tsaoghal, a
Shadhbh, a 'nghean ó, agus níor bh'fhiú leó biorán agus
anam duine seachas greim fhághail ar a leithéid sin.
Chuirfinn fé ghlas é dá mbéinn ad' chás.”



“Ní deirim ná go ndéanfad rud ort, a Dhaid,” ar
sise. “Tá fáinní mo dhóithin agam d'á éaghmuis.” Agus
dhéin sí rud air. Chuir sí isteach airís é sa bhosca bheag
i n-a raibh sé, agus dhún sí an bosca go daingean mar
a bhí sé cheana, agus chuir sí fé ghlas é. Bhí fáinní a
dóithin aici d'á éaghmuis.



Bhí an tráthnóna ag teacht. Na daoine a fuair
cuireadh chun na cóisreach bhíodar ag teacht leis. Tháinig
Seághan Ceatach agus a inghean. Tháinig Báb an leasa
agus a muíntir. Tháinig Nóra an Tóchair agus a beirt
driothár, an bheirt rinnceóirí dob' fhearr a bhí sa dúthaigh.
B' í Nóra féin an rinnceóir mná dob' fhearr a bhí ann.
Tháinig fear an bhramaigh, agus nuair fhiafruigh duine
éigin dé cá raibh an chuid eile d'á chuid féasóige: “Do
stath sí féasóg dob' fhearr 'ná mo chuid féasóige-se,”
ar seisean, “agus is maith an bhail ar bheirt againn gur
dhéin. Mura mbéadh gur dhéin bhéadh an sgéal go h-ain-
deis againn. Bhéinn-se gan mo bhramach agus bhéidhfeá-
sa gan do chuid airgid. Is mó an t-airgead a fuarais
mar gheall ar an bhféasóig a stath Sadhbh 'ná mar a
gheabhthá ar do chapall dá mbéadh sé anois agat.”



“Ach, ní mó,” arsa 'n fear eile. “Ní raibh aon
chapall ar an aonach an lá úd dob' fhearr 'ná é.”



“Déarfainn go mbéadh an ceart ansan agat dá n-


L. 222


airighinn na ceannuightheóirí 'ghá rádh. Ach pé sgéal é ba
bheag an mhaith dhuit-se a fheabhas mura mbéadh an gníomh
a dhéin Sadhbh.



“Abair é,” arsa 'n fear eile.



Tháinig an tíncéir mór ann, agus isé a bhí go grianach
agus go gealgháiriteach, go séimh agus go súil-aibigh, go
h-ollamh agus go deisbhéalach agus go deagh-labhartha.
Níor bhaoghal do'n chuideachtain tocht ná dochma do theacht
ar an gcómhrádh agus é láithreach. Ní bhíodh sé choídhche
gan rud éigin le rádh aige do spriocfadh suas daoine
agus do bhainfeadh gáirí amach, agus do chuirfeadh daoine
ag caint, gan aon choinne acu ná gur bh' iad féin a
chuimhnigh ar an gcaint. Ach nuair a fuair sé cúpla
deoch maith d'fhíon Spáinneach an rígh ní raibh aon teóra
leis. Rud dob' fhearr 'ná a raibh de dheagh-thréithibh eile
ar fad ann, níor bh' fhéidir fearg do chur air. Agus
dá bhfeiceadh sé beirt i riocht tuitim amach le chéile,
bhéadh an fhearg soir siar agus bhéidís ag gáirídhe sul a
mbéadh dhá fhocal cainte déanta aige eatartha.



Bhí Séadna ann agus é go ciúin agus go fadanálach,
mar ba ghnáth leis. A bhéal dúnta agus a dhá shúil ar
dian-leathadh. É ag feuchaint uaidh agus gur dhóich leat
gur b' amhlaidh a bhíodh radharc aige ar an saoghal eile.
'Na shuíghe thuas i dteannta an tsagairt agus Sheághain
Cheataigh a chaith sé an chuid ba mhó de'n oídhche. Ní
labhradh sé puínn uaidh féin, ach nuair a curtí caint air
ní baoghal go leigeadh sé a cheart féin le h-aoinne.



Am briathar go raibh Micil ann, agus máthair Mhicil.



Cáit. — Ní raibh! Agus é tar éis “cairiún” a thabhairt
ar Shadhbh!



Gobnait. — Seachain, a Cháit. Níor thug sé cairiún
uirthi. Is amhlaidh a bhí cathughadh air nár thug.



Cáit. — Thug sé ainim ba mheasa 'ná é uirthi: Thug sé


L. 223


stiúsaídhe sheanda uirthi. Agus ba dhóbair go
ndíoladh sé as.



Peig. — Nuair a tháinig Sadhbh abhaile ó'n gcathair isé
céad rud d'inis Pails di 'ná go dtagadh máthair Mhicil
agus go gcaitheadh sí an oídhche sa tigh go minic, ag
tabhairt aire do'n duine bhreóite an fhaid a bhíodh an
bhean fhriotháilte ag cur greas codlata dhi. D'á olcas
í Sadhbh do rug san greim ar an gcroídhe aici. Sul a
raibh cuireadh fághalta ag aoinne d'imthigh sí siar do
shiúbhal a cos go tigh na baintrighe agus dúbhairt sí leis
an mbaintrigh go gcaithfeadh sí teacht. “Agus,” ar
sise, “mura dtiocfair féin agus Micil chúgainn ní
bhéidh aon chóisre i n-aon chor againn. Leigfead orm go
bhfuil m'athair ró lag fós. Tá sé buailte isteach am'
aigne, mura mbéadh tusa agus inghean Sheághain Cheataigh
gur i n-iúir a bhéadh sé indiu. Ní raibh aon iontaoibh
riamh agam a' mnáibh friotháilte. Is minic a chuir ró-
gaire acu ath-iompáil ar dhuine bhreóite d'aon ghnó chun
lóisdín agus cóir mhaith a choimeád dóibh féin ar feadh
tamaill aimsire sa mbreis. An dtiocfair?” ar sise.



“Ambasa féin tiocfad, nídh nach iongnadh,” arsa 'n
bhean eile. “Cad a bhéarfadh ná tiocfainn!”



“A' dtiocfaidh Micil?” arsa Sadhbh.



“Tiocfaidh, ná bíodh eagal ort,” arsa 'n bhaintreach.
Chómh maith do thánadar.



Is ar Dhiarmuid a bhí an iongnadh agus an alltacht
nuair a chonaic sé Micil ag déanamh críche agus Sadhbh
ag órdúchán air agus ag glaodhach as a ainim air. “A
Mhicil, déin é seo. A Mhicil, déin é siúd. Tar anso, a
Mhicil, agus árduigh é seo am' theannta,” aici, thoir
thiar, thall.



“Moladh go deó le Dia!” arsa Diarmuid, i n' aigne
féin, “ní fios cad a thiocfaidh as dúinn feasda!”


L. 224


Bhí cuideachta mhór ann agus má bhí féin bhí tuille agus
a ndóithin mór bídh agus díghe ann. Dhéin Sadhbh agus a
h-athair an gnó go neamh-mion, agus go fial agus go
fairsing, agus ní baoghal gur tugadh aon fhaillígh i n-
aoinne d'á raibh ann. Nuair a bhí an bórd leigithe amach
ba bhreagh leat feuchaint air. Bórd mór fada leathan
dob' eadh é, ach níor bhórd é, ach dhá bhórd agus iad curtha
as a chéile. Thuas ar cheann an bhúird, ar aghaidh an
tsagairt amach, bhí píosa mairtfheóla agus bhí sé chómh
mór chómh leathan le leath-bhairille. An mhias a bhí fé'n
bpíosa feóla san ní raibh aon nídh ba mhó b' iongnadh
leis an dtíncéir mór 'ná conus a choimeádadh sí gan
briseadh agus a leithéid sin d'ualach uirthi. Ar an
gceann eile de'n bhórd, ar aghaidh an tsagairt óig
amach, bhí ceathramhadh chaoirfheólach gur 'mó ceathramhadh
mhairt ná béadh chómh mór léi. Ar gach taobh de'n bhórd,
síos agus suas, bhí an uile shaghas méise agus iad ag
brúth ar a chéile agus an uile shaghas feóla ortha, idir
bhagún, agus feóil uain, agus laoíghfheóil, agus lachain,
agus géana, agus mionáin gabhar, agus giorfhithe, agus
cearca fraoígh, agus naosgaigh, agus sicíní cearc.



Ceathrar agus dachad do shuigh chun búird i n-aonfheacht
ann an chéad bhabhta. Do chómhairimh Micil iad. Agus
fós is amhlaidh a b'éigean do'n chuideachtain uanuigheacht
a dhéanamh ar a chéile, bhí an oiread san daoine ar an
gcóisre. Fé mar eirigheadh duine shuígheadh duine eile
isteach sa n-inead fhágadh sé. Níor bhaoghal, ámhthach, an
fear deirineach a bheith díobhálach. Nuair a bhíodar go
léir sásta bhí dóithin oiread eile 'na ndiaigh.



D'á mhéid daoine a bhí ar an gcóisre sin an oídhche
sin, idir fhearaibh agus mná, idir óg agus aosta, bhí aon
smaoineamh amháin acu go léir 'na n-aigne. Bhí an
smaoineamh san go glan agus go soiléir 'na n-aigne


L. 225


acu. D'á fheabhas a bhí an biadh agus an deoch agus d'á
mhéid greann agus sult a bhí os cionn an bhídh agus an
díghe, agus d'á mhéid caitheamh aimsire agus gleó a bhí
ar siúbhal, bhí an smaoineamh san istigh acu go léir, bíodh
a's nár labhair aoinne acu oiread agus smiog amach as
a bhéal mar gheall air, le h-aoinne eile acu. B' é
smaoineamh é 'ná a luíghead coinne a bhí ag aoinne d'á
raibh láithreach, tar éis na gcleamhnaistí go léir a bhí d'á
ndéanamh i gcaitheamh na h-aimsire roimhe sin, agus tar
éis na ráflaí go léir a bhí ar siúbhal, i dtaobh Shéadna,
agus Mháire Gearra, agus Nóra an Tóchair, agus Báb
an Leasa, gur bh' é Cormac an Chaincín a bhéadh d'á
phósadh acu sa deire! Bhí a n-aigne lán dé, lán dé,
lán dé. Ach geallaim dhuit nach baoghal gur leig
aoinne amach aon bhlúire dhé.



Is ag cuimhneamh air sin a bhí Micil nuair iar duine
éigin sgian air agus thug sé pláta bagúin chuige. Is ag
cuimhneamh air a bhí Báb an Leasa nuair a dúbhairt sí
“nár bheag léi” agus a pláta sínte amach aici chun
tuille feóla d'fhághail. Is ag cuimhneamh air a bhí Nóra
an Tóchair nuair fhiafruigh duine éigin di an líonfadh sé
glaine fíona chuici agus dúbhairt sí “Cá bh' fhios dómh-sa
san?” i dtreó gur sgeart a raibh láithreach ar gháirídhe.
Is dócha gur ag cuimhneamh air a bhí Máire Ghearra féin
nuair fhiafruigh sí d' fhear an bhramaigh “an mór a fuair
sé ar a chapall lá an aonaigh.”



Bhí aoinne amháin sa chuideachtain, ámhthach, nár chuimh-
nigh, olc maith ná donaídhe, ar an smaoineamh san i
gcaitheamh na h-oídhche. B' é duine é sin 'ná Cormac
féin. Ní raibh aon phioc d'á chuimhneamh aige go raibh a
leithéid sin de smaoineamh i n-aigne aon duine a bhí
láithreach.



Bhí bacaigh agus lucht siúbhail ó'n uile thaobh de'n


L. 226


dúthaigh cruinnighthe amuich ar an mbóthar agus mór-
thímpal an tighe, agus nídh nár bh' iongnadh, b' fhada gur
féadadh feuchaint 'na ndiaigh agus rud le n-ithe agus
le n-ól a thabhairt dóibh. Bhí an smaoineamh céadna úd
'na n-aigne acu-san leis. Choimeádadar istigh é go dtí
go ndéigh an ríghneas i bhfaid agus gur neartuigh an
t-ocras agus tart an fhíona ortha. Ansan do bhris ar
an bhfoidhne acu. Chromadar ar an sgéal a chíoradh agus
ba mhaith chuige iad. Ar ball, ámhthach, nuair a tháinig an
biadh agus an deoch, agus nuair a fuaradar go raibh an
biadh agus an deoch go maith agus go buacach agus go
bríoghmhar agus go deagh-bhlasta, níor leigeadar ortha
gur thráchtadar riamh ar an méid úd — na bitheamhnaigh!



Bhí sé ag druidim amach sa n-oídhche. Bhí a ndóithin
ithte agus ólta ag an gcuideachtain istigh agus ag lucht
na gcos mbriste agus na cúl-chainte amuich. D' fheuch
an sagart ar Dhiarmuid. D' fheuch Diarmuid ar Shadhbh.
D' fheuch Sadhbh ar Chormac. D' fheuch Cormac 'na
thímpal. D' eirigh an chuideachta 'na seasamh. D' imthigh
Sadhbh amach. D' fhill sí láithreach airís agus an clóca
dearg uirthi, agus gur dhóich leat gur choinnle ar lasadh
na siogairlíní óir a bhí ar an gcába.



Ansan do chuaidh an lánmha suas i láthair an tsagairt
agus do pósadh iad.



Nuair a bhíodar pósta agus beannacht na h-Eaglaise
léighte ortha do rug Seághan Ceatach ar phláta ghlan agus
chuir sé giní óir ar an bpláta. Chuir Séadna giní ar
an bpláta. Chuir Máire Ghearra giní uaithi féin air.
Mar sin dóibh sa tímpal. Ní raibh aoinne nár chuir
suím éigin airgid air. Nuair a bhí siúbhalta ortha go
léir tháinig Cormac agus chuir sé trí ghiní ar an bpláta.
Ba mhaith an mhaise ag Sadhbh é, chuir sí trí ghiní uaithi
féin air.


L. 227


“Am briathar, a Athair,” arsa 'n tíncéir mór, “gur
dóich liom gur maith an bhail ar t'onóir nach i mBaile-
'bhfad-síos a déineadh an pósadh so.”



“Am briathar, a Phádraig, gur dóich liom féin leis
é,” arsa 'n sagart, “agus nach lúgha 'ná is maith an
bhail ar a bhfuil anso anocht é. Agus is dóich liom leis
gur b' é is lugha is gann dúinn go léir, a iaraidh ar
Dhia na Glóire, moladh go deó leis! saoghal fada fé
shéan a thabhairt do Chormac agus do Shadhbh, agus má's
maith atáid siad anocht i ngrástaibh Dé agus an tsaoghail
gura' seacht fearr a bhéidh siad bliaghain ó 'nocht, agus
mura fearr nára' measa! Sliocht sleachta ar shliocht
do shleachta, a Dhiarmuid!”



“Amen, a Thighearna!” arsa 'n chuideachta go léir,
airís agus airís eile.



An fhaid a bhí an t- “amen” san ar siúbhal do shleamh-
nuigh an lánmha pósta amach. Bhí an dá chapall agus an
cóiste gabhtha ar aghaidh an doruis amach agus an giolla
thuas i n-a inead féin. Chonaic na bacaigh an cóiste
agus bhailigheadar 'na thímpal. Nuair a bhí Cormac ag
dul isteach sa chóiste chaith sé mám mion-airgid imeasg
na mbacach. Ba dhóich leat go mbainfidís na píopáin
as a chéile a d'iaraidh teacht ar an airgead. An fhaid a
bhíodar ag sgríobáil agus ag brúth agus ag únfairt a
chéile do ghluais an cóiste. Nuair a fuair na bacaigh
ag gluaiseacht é chuireadar liúgh fhiaigh asta. Liúgh árd
dob' eadh í. Liúgh chuthaigh, bhríoghmhar, a chuirfeadh píop-
arnach ad' chluasaibh. Ach, ó'n oídhche sin go dtí an oídhche
atá anocht ann, níor féadadh a dhéanamh amach i gceart
cé 'cu ba liúgh mhagaidh nó liúgh mholta an liúgh.



Ach ba mhar a chéile é. Ba chuma le Sadhbh cé 'cu. Ní
fhéadfadh fear an bhramaigh, ná aon fhear eile, ná bean, a
rádh feasda gur pósadh í gan spré. Má ba liúgh mhagaidh


L. 228


an liúgh níor mhór léi dhóibh bheith ag liúirigh go maidin
má b' aon tsásamh aigne leó é. Má ba liúgh mholta í
b' é sin an moladh i n-aisge. Ní raibh de thoradh aici
ar an moladh ach mar a bhí aici ar an ngaoith. I dtaobh
Chormaic, níor chuimhnigh sé ar mhagadh ná ar mholadh sa
sgéal. Bhí sé mar ba ghnáth leis bheith, lom dáiríribh.
Do ghluais an cóiste an bóthar soir ó thuaidh agus níor
fhan a thuille cuimhne ag Sadhbh ná ag Cormac ar mhagadh
ná ar mholadh.



Bhí Cormac sásta i n-a aigne. Bhí a fhios aige, as an
ngníomh a bhí déanta ag Sadhbh agus as an gcomaoin a
bhí curtha aici ar an rígh nár bhaoghal ná go bhfaghadh a
fear muíntearthas agus fabhar ó'n rígh. Bhí Sadhbh sásta
'n-a h-aigne. Fé dheire thiar thall ba chuma léi cad iad
na cleamhnaistí a brisfí 'ná a slánóchfí. “Fear
stuacach dob' eadh é, ach má b' eadh féin,” dar léi, “cad
a bhí le déanamh ach a shlígh féin a thabhairt dó! Bhéadh an
donas air nó shásóch' san é.” Bhí Diarmuid liath sásta
i n' aigne. Agus aige féin dob' fhearr a fhios cad 'na
thaobh. Bhí na cómharsain go léir ana shásta 'na n-aigne.
Is dócha go raibh a fhios cad 'na thaobh acu-san leis.



Nuair a bhí Sadhbh ag imtheacht thug sí na h-eochracha do
Dhiarmuid. Ach má thug ní ró mhór an t-olmhaitheas d'fhág
sí fé choimeád na nglas. Ag gabháil amach di ghlaoidh
sí i leith taoibh ar mháthair Mhicil.



“Bhéadh sé chómh maith agat-sa fanmhaint anso,” ar
sise, “agus aire thabhairt do'n áit seo. D' fhéadfadh
Micil aire thabhairt do'n tsiopa agus an leathar a dhíol.
Tá an duine bocht so ró aosda. Pé uair is toil le
Dia glaodhach air chun siúbhail ní bhéidh aoinne chun teacht
idir thú agus seilbh an tíghe seo. Tá a fhios agam nach
baoghal go ndéanfair éagcóir ar m'athair. Pé faid a
mhairfidh sé coimeádfad-sa suas é. Pé airgead a


L. 229


dhéanfaidh díol an leathair bíodh sé agat féin agus ag
Micil. An nglacfair an áit?”



“Dhe, glacfad dar nóin,” arsa 'n bhaintreach.
“Seadh, a' nglacfad! Andaigh is greannmhar san
dé! Ní h-eadh,” ar sise, “ach tógfad an áit agus
déanfad mo thigh beag féin do chur chun mná mo dhriothár.
Tá sí ag fágáilt an tíghe 'na bhfuil sí. Agus ansan, dá
ráineóch' go n-oirfeadh dhuit-se an tigh seo d' fhághail
thar n-ais féadfad-sa mo thigh féin d' fhághail thar n-ais
ar an gcuma gcéadna.”



“Tá go maith,” arsa Sadhbh. “Sin raint airgid agat
a dhéanfaidh an gnó go gcuiread chúgat tuille.”



Ar Mhicil a bhí an iongnadh ar ball nuair a dúbhairt
a mháthair leis dul siar agus a chuid éadaigh, agus a cuid
éadaigh féin, a thabhairt leis ainiar agus an glas a chur
ar an ndorus 'na dhiaigh mar ná béidís ag dul abhaile
i n-aon chor.



“Cad 'tá ag eiríghe dhuit, a mháthair?” arsa Micil,
“nó cad 'na thaobh ná béimíd ag dul abhaile? Dar ndó,
ní h-amhlaidh atá aon éileamh eile ar an áit. Ní fhéadfadh
Cormac bheith ag teacht ag éileamh sealbha anois orainn.
Measaim go bhfuil a mhalairt de chúram anois air.”



“Ní'l, a mhic ó,” ar sise, “aon éileamh ar an áit, ná
aoinne ag teacht ag lorg na sealbha orainn.” Agus
d'inis sí dhó an socarughadh a dhéin Sadhbh.



D' fheuch Micil 'na thímpal. “Agus an linn féin an
tigh seo feasda?” ar seisean.



“Iseadh, a mhic ó,” ar sise, “ach go gcaithfimíd aire
mhaith a thabhairt do Dhiarmuid.”



D'fheuch sé 'na thímpal airís. “Is breagh mór fairsing
an tigh é,” ar seisean. “Is beag d'á chuimhneamh a bhí
agam go dtiocfainn féin agus mo mháthair chun cómh
nuighthe ann! Cad é mar athrughadh sa tsaoghal!”


L. 230


“Comáin leat anois, a mhic ó,” ar sise, “agus feuch
i ndiaigh na ndaoine, agus ná déintear faillígh i n-
aoinne, agus ná bíodh tart ná ocras ar aoinne i gcaith-
eamh na h-oídhche. Béid siad go léir ag rinnce láithreach
agus cuirfidh an rinnce tart ortha. Feuch 'na ndiaigh, a
Mhicil, agus bíodh an deoch agus an biadh acu sul a
mbéidh uain acu ar iad d'iaraidh.”



“Tá go maith, a mháthair,” ar seisean.


L. 231


Caibidiol a seacht a's fiche.



Ní raibh aon tseó ach a raibh de cheól agus de rinnce
i gcistín Dhiarmuda an oídhche sin. Bhí beirt phíobairí
ann agus beirt bheidhlidóirí agus fear cláirsighe, i dtreó
ná raibh aon stop leis an gceól. Nuair a stadadh
píobaire bhíodh an píobaire eile ar siúbhal, agus nuair a
stadadh bheidhlidóir bhíodh an bheidhlidóir eile ar siúbhal,
agus ba mhinicíghe bhíodh an cúigear ar siúbhal i n-aon-
fheacht 'ná mar a bhíodh aoinne acu 'na stad — i dtusach
na h-oidhche pé 'r domhan é.



Bhí leac bhreagh mhór leathan sa n-úrlár ann, ar aghaidh
na teine amach, agus dá mbéitheá thíos sa tseómra ag
éisteacht leis an obair thabharfá an leabhar gur cith bróg
a bhí ag tuitim ar an lic sin i gcaitheamh na h-oídhche, ach
go bhfreagraidís na bróga an ceól. Geallaim dhuit go
raibh allus ar Nóra an Tóchair agus ar a beirt driothár
agus gur chuireadar-san allus ba mhó 'ná é ar thuille
d'á raibh ann.



Nuair a bhídís cortha ó bheith ag rinnce bhíodh an deoch
ag Micil dóibh, ach ní leigeadh sé air go mbíodh sé ag
faire ortha chun an díghe a thabhairt dóibh. Ní óladh na
rinnceóirí puínn de'n fhíon. Bhí a fhios acu dá n-ólaidís
puínn dé go raghadh sé ní h-amháin sa cheann acu, ach ins
na cosaibh leis, agus dá dtéidheadh an fíon ins na
cosaibh go raibh deire leis an rinnce.



Shuígheadh an chuideachta tamall, anois agus airís, idir
dhá ghreas rinnce, agus gheibhtí amhrán breagh bríoghmhar
ceólmhar ó dhuine éigin acu. Bhí cuid acu go raibh uchtach
agus guth cinn acu ar áilneacht agus go dtógfadh sé


L. 232


an ceó de chroídhe dhuine éisteacht le sgol maith amhráin
uatha.



Bhí duine des na píobairí go raibh ceól sídhe aige.
Sheinneadh sé an ceól sídhe ar an bpíb go minic, uaidh
féin. Ba ró dheacair, ámhthach, a chur fhiachaibh air é
sheinnt nuair iartí air é. Deireadh sé nár cheart é
sheinnt i láthair daoine mar gur cheól ró aerach é.



Nuair a bhíodar go léir cortha, tnáithte, buailte amach,
traochta, ó'n rinnce d'iaradar ar an bpíobaire an ceól
sídhe do sheinnt dóibh. Dhiúltuigh sé ar feadh abhfad
Dúbhairt sé go raibh an ceól ró aerach agus nár cheart
é sheinnt i gcuideachtain. Thugadar deoch eile d'fhíon
an rígh dhó agus bhíodar ag tathant air choídhche go dtí
go mb' éigean dó géilleadh. Ghleus sé an phíb. Theann
sé an mála. D'éist an chuideachta fé mar bhéidís gan
anam gan anál.



Ba ghearr gur h-airigheadh mar bhéadh gnúsachtach bhreagh
bhog réidh ag gluaiseacht mór-thímpal an tíghe lasmuich.
Ansan shamhluigheadh na daoine mar bhéadh gaoth ag
séideadh leis an ngluaiseacht, agus gur bh' í an ghaoth a
bhí ag déanamh na gnúsachtaighe agus nár bh' í an phíb.
Ansan do ghluais ceól aoibhinn tríd an ngnúsachtach
agus tháinig idir cheól agus gnúsachtach isteach sa tigh.
Do neartuigh ar an ngnúsachtach agus tháinig mar bhéadh
creathán agus luasgadh sa bhfuaim. Ba ghearr gur h-
airigheadh an tarna fuaim agus é ag crith agus ag luas-
gadh ar an gcuma gcéadna, agus an ceól aiteasach
aoibhinn tríd, agus gan é féin agus an ceól agus an
fuaim eile ag baint ó chéile, ach iad ag cabhrughadh
le chéile, i dtreó gur bh'fhearr de an ceól an fuaim
agus gur mhísle de an fuaim an ceól. Ar ball do
labhair an trímhadh fuaim agus é ag crith agus ag luas-
gadh agus ceól aoibhinn tríd, a bhain leis fein. Bhain


L. 233


an trímhadh fuaim sin geit as a raibh láithreach. Thabhar-
faidís an leabhar gur ghlór duine é!



Ansan do ghluais mar bhéadh caise ceóil, de'n cheól
ba mhísle agus ba bhinne, ba chaoíne agus ba chneasda
d'ár airigh aoinne de'n mhuíntir a bhí láithreach riamh
roimhe sin, agus do mheasg sé ar an ngnúsachtach agus
ar an nglór daona agus ar an sórd gaoithe do samh-
luigheadh bheith leó, agus do ghluais an measgadh mór-
thímpal an tíghe i bhfuirm sídhe gaoithe. Bhí ag near-
tughadh ar an nglór agus ar an bhfuaim, agus ag
géarughad ar an measgadh agus ar an gcasadh tímpal,
go dtí gur cheap na daoine go raibh an tsídhe gaoithe
ag rinnce ar fuid an tíghe. Bhíodh sí anso agus bhíodh
sí ansúd. Do léimeadh sí anonn agus do léimeadh sí
anall. Do luígheadh sí síos agus do ritheadh sí fan an
úrláir mór-thímpal, dar leó. Ansan, le léim d'á
dtugadh an ceól, do sgeinneadh sí anáirde imeasg na
mbataí snaidhm agus do sguabadh sí mór-thímpal thuas, i
dtreó gur dhóich leis na daoine go n-airighdís sgiathána
na n-eun inti. Ansan do mheasadh na daoine go
n-airighdís, tríd an gceól, mar bhéadh osnaidheal ghoil.
Ar ball is i n-a thrithíbh gáirí a bhíodh sé. Ansan d'airigh-
eadar go gléineach ag labhairt tríd an gceól mar bhéadh
glór leinbh. Ba ghearr go raibh glór eile leinbh 'ghá
fhreagairt sin, an dá ghlór ag freagairt a chéile agus
ag freagairt an cheóil. Ansan do labhair an trímhadh
glór, mar bhéadh glór mná óige, agus nár airigh aoinne
d'á raibh láithreach aon ghlór daona riamh chómh binn, chómh
h-áluinn, chómh h-aoibhinn leis. Ba ghearr gur fhreagair
glór eile mná an glór san, agus má ba bhinn é an chéad
ghlór, ba bhinne agus ba mhísle 'ná san an tarna glór,
agus iad ag freagairt a chéile agus ag freagairt an
cheóil go cruinn agus go blasta. Ansan, fé mar a


L. 234


h-osgalóchaí dorus éigin, tháinig borradh agus árdughadh
agus neart sa cheól go léir. Do ghéaruigh ar an
ngluaiseacht agus do neartuigh ar an bhfuinneamh agus
tháinig tuille aoibhnis ins na guthanaibh. Iad ag eirighe
os cionn a chéile agus ag tuitim fé bhun a chéile. Iad
ag casadh mór-thímpal ar a chéile. Iad anuas ar an
úrlár. Iad anáirde ar na frathachaibh. Iad sa chúinne seo,
sa chúinne sin, sa chúinne úd. Go dtí go raibh sgáth ag
teacht ar na daoinibh, agus iad ag strac-fheuchaint thar
a nguailnibh feuchaint ar labhair aoinne.



Ansan do neartuigh airís ar an gceól, fé mar a
h-osgalóchaí dorus eile ba mhó 'ná an chéad dorus.
D'eirigh borradh agus neart agus fuaimint ceóil. É
ag iompáil agus ag casadh agus 'ghá iomlosg féin ar
an úrlár, agus fan na bhfallaí, agus fan bhuaic an tíghe
thuas. É tamall 'na bhúirtheach agus tamall 'na liúir-
each. É tamall i n-a árd-ghol agus tamall i n-a ochlán
bróin, gur dhóich leat go mbainfeadh sé osna ó'n gcloich.
É tamall eile 'na sgeartaireacht gháirí agus suilt agus
mórdhála agus mórtaise, gur dhóich leat go dtógfadh
sé na mairbh as an úir. Glórtha na mban agus glórtha
na leanbh ag labhairt agus ag freagairt go soiléir, tríd
an mbúirtheach ba throime, tríd an ngol ba bhrónaíghe,
tríd na gáirí ba shultmhaire, agus ansan do h-airightí
anois agus airís, tríd an éirleach go léir, liach fhada
chaol, choímhtheach, mhillteach a chuireadh fionachrith ar a
raibh láithreach.



Ansan do h-airigheadh, ag gluaiseacht i n-aonfheacht,
mar bhéadh fuaim faraige, an bhúirtheach agus an liúireach
agus an liacharnach, an gol agus an gháirí, glórtha na
leanbh agus glórtha na mban. Iad fillte ar a chéile
agus casta ar a chéile agus brúithte ar a chéile. Iad
fé bhun a chéile agus os cionn a chéile agus istigh i n-a


L. 235


chéile. Iad i n-áit agus i n-áit agus i n-áit eile.
Ansan iad ins gach aon bhall i n-aonfheacht go dtí go
gceapadh na daoine gur istigh 'na gcluasaibh féin a
bhíodh an chaismirt! Ansan do h-airigheadh fuaim eile
sa cheól, fuaim mar bhéadh cogarnach tóirthníghe. Do
ghluais sé fan an úrláir, ag borradh agus ag caolughadh
agus ag fothramáil. Chuaidh sé tré shaileachaibh an tíghe
agus tré adhmad na gcathaoireach agus tré chnámhaibh na
ndaoine, agus é ag crith agus ag luasgadh. Do neart-
uigh air agus do neartuigh air go dtí gur bhailigh sé
chuige na ceólta agus na glórtha eile, agus gur sguab
sé leis mór-thímpal an tíghe iad mar a dhéanfadh cuilith
guarnain. Ansan do neartuigh ar an dtóirthnigh agus
do throimigh uirthi, agus do ghéaruigh an casadh agus an
luasgadh agus an crith sa n-adhmad agus ins na cnámhaibh,
go dtí go raibh luas croídhe agus meidhreán cinn ag
teacht ar gach aoinne a bhí láithreach.



Ansan do ghluais glór leinbh an simné amach. Do
lean glór mná é. Ansan do ghluais glór mná an
simné amach agus do lean glór leinbh é. Ansan do
ghluais liach amach agus do lean liach eile í. Ansan do
ghluais amach an simné an chéad ghlór duine do h-
airigheadh sa cheól. Do lean na ceólta eile iad-san,
ndiaigh ar ndiaigh. Ba ghearr ná raibh le h-aireachtaint
istigh ach an tóirthneach, ag luasgadh agus ag crith.
Ansan do chiúnuigh agus do chiúnuigh ar an dtóirthnigh,
agus do laguigh agus do laguigh ar an luasgadh agus
ar an gcritharnach, do mhaoluigh ar an bhfuinneamh agus
do chlaochluigh ar an neart, go dtí ná raibh sa tóirthnigh
ach gnúsachtach. Ansan do laguigh ar an ngnúsachtach
go dtí ná raibh inti ach anál. Ansan do stad sí.



Do ghlaoidh an coileach!



Ní túisge ghlaoidh an coileach 'ná chuir Báb an Leasa


L. 236


liach aisti agus thuit sí 'na cnaipe. Níor chuir aoinne
cor dé. Ba dhóich leat gur fé dhraoidheacht a bhíodar.
Fé dheire phreab an tíncéir mór 'na shuídhe.



“Airiú, moladh le Dia!” ar seisean, “cad tá oraibh!
Beireadh beirt agaibh ar an gcailín sin, a mhná,” ar
seisean, “agus tógaidh amach fé'n ngaoith í.”



Thógadar amach fé'n ngaoith í agus tháinig sí chuici
féin.



“Cá bhfuil an sagart?” arsa duine éigin.



“Tá sé imthighthe abhaile fadó riamh anocht,” arsa
Micil.



Ba ghearr gur tháinig Báb an Leasa isteach airís agus
í go lán láidir, agus í 'ghá áiteamh go tur ar na mnáibh
a rug amach í nár ghádh dhóibh an saothar, agus gur bh'
oireasa gnótha bhí ortha; ná raibh blúire uirthi ach oiread
le h-aoinne acu féin; gur chirte dhóibh go mór leigint
di féin; gur neamhchúramach a bhíodar!



Do spreag an píobaire suas port ná raibh aon cheól
sídhe ann agus do ghluais an rinnce airís chómh h-aibigh
agus dá mb' é tusach na h-oídhche bhéadh ann. Do ghlaoidh
an coileach airís agus airís ach má ghlaoidh níor chuir Báb
an Leasa ná aoinne eile aon tsuím ann. Do ghluais
an ceól agus an rinnce; na píobairí ag déanamh
uanuigheachta ar a chéile; an leac d'á greadadh leis na
brógaibh; an biadh agus an deoch d'á gcaitheamh fé mar
a thagadh dúil ag aoinne ionta; go dtí gur bhuail solus
an lae chúca an dorus isteach.



Do fuaradh fear na cláirsighe 'na shámh chodla, agus
duine des na píobairíbh ar meisge. Ach ní raibh codla
ná meisge ar fhear an cheóil sídhe, bíodh gur ól sé a
dhóithin de'n fhíon.


L. 237


Caibidiol a h-ocht a's fiche.



Sul a raibh an lá glan i gceart bhí an chuideachta
sgaipithe agus na daoine imthighthe abhaile ach amháin an
tíncéir mór agus fear an cheóil sídhe agus Micil agus
a mháthair. Bhí an ceathrar san ar a ndícheal ag glanadh
an tíghe agus ag cur gach nídh i n-a áit féin. Bhí an
ceól sídhe ag déanamh buartha do Mhicil. Bhí ana dhúil
aige a dhéanamh amach conus a fuair an píobaire sin an
ceól sídhe. D'fhair sé go bhfuair sé lom air agus chuir
sé an cheist chuige.



“Cogar, a Sheághain,” ar seisean. “Is iongantach
an ceól é sin a sheinnis aréir dúinn. Níor airigheas a
leithéid riamh. Ní dóich liom go bhfuil fear eile i n-
Éirinn d' fhéadfadh an ceól san do sheinnt.”



Níor leig Seághan air gur airigh sé é.



“Is dócha,” arsa Micil, “nach é gach aoinne fhéadfadh
ceól mar é dh'fhághail i n-aon chor. Conus a fhuairis-se
an ceól san, a Sheághain?



“Dein t'iaraidh thort, a Mhicil!” arsa Seághan.



Níor chuir sin Micil ó'n sgéal. D'fhan sé go dtí go
raibh Seághan imthighthe agus ansan dúbhairt sé leis an
dtíncéir mór: “Stad, a Phádraig,” ar seisean, “go
n-ithir rud éigin, tar éis na h-oídhche.”



Níor mheas Pádraig go ndéanfadh san aon cheataighe
dhó, agus d'fhan sé.



Ar ball, nuair a bhí rud ithte ag Pádraig agus braon
eile fíona ólta aige, dúbhairt Micil, a-bhaíle-bháige dhó
féin, mar 'dh eadh: “A Phádraig,” ar seisean, “nár
bh' uathbhásach an ceól é siúd a bhí aréir againn! Níor
airigheas a leithéid riamh, agus is minic d'airigheas ceól


L. 238


breagh. Mura mbéadh mo dhá shúil a bheith ag feuchaint
air agus mo dhá chluais a bheith ag éisteacht leis ní chreid-
finn go bhféadfadh aon duine saoghalta a leithéid de
cheól a bhaint a' píb.”



“Agus ní fhéadfadh leis, mura bhfaghadh sé congnamh
chuige,” arsa Pádraig. “Nár thugais fé ndeara an
tsídhe gaoithe! Agus nár airighis na glórtha daona,
agus an gol, agus an gáirí, agus an liacharnach? Ní
túisge thosnuigh an ceól 'ná bhíodar ag bailiughadh isteach
chúgainn. Geallaim dhuit gur dóich liom gur mó go
mór a bhí ann díobh, ag rinnce leis an gceól, 'ná mar
a bhí ann againn féin. Thosnuigheadar ar imtheacht
nuair a bhí glaodhach an choiligh ag druidim leó. Agus
feuch mar a stad an píobaire díreach sul ar ghlaoidh an
coileach. Is mór an iongnadh liom ná beirid siad leó
an píobaire. Dá mbéinn 'na chás ní sheinnfinn an ceól
san pé tathant a déanfaí orm chuige. B'fhearra dhó go
mór ciall a bheith aige. ‘Ní thagan an crúisgín slán ó'n
dtobar i gcómhnuídhe.’”



“Ní fheadar an tsaoghal conus a fuair sé an ceól
san, nó conus a tháinig sé suas leis,” arsa Micil.



“Is minic an cheist sin d'á cur chuige,” arsa
Pádraig, “agus ní faghtar d'fhreagra uaidh choídhche
uirthi ach ‘dein t'iaraidh thort.’”



“Am briathar mhóide,” arsa Micil, “gur chuireas-sa
chuige ó chianaibh í agus gur b' shiné díreach an freagra
thug sé orm. “Dein t'iaraidh thort, a Mhicil,” ar seisean
liom.”



“D'airigheas-sa,” arsa Pádraig, “gur b' amhlaidh a
bhí sé ag teacht abhaile ó Chorcaigh oídhche agus píb nua
ceannuighthe aige, agus gur cuireadh amú' é, bíodh go
raibh toghadh na h-aithne aige ar an áit. Ag déanamh a
leith ar Dhrochad na dTruip Sídhe iseadh chuaidh sé amú”.


L. 239


Tháinig an measgán mearaídhe air agus d'fheuch sé 'na
thímpal, agus is amhlaidh a fuair sé é fein 'ná ar bhruach
abhan, i n-áit nár luígh a shúil riamh air! D'iniúch sé an
talamh fé n-a chosaibh, agus sgairt a bhí i n-a aice ann,
agus pluais charaige a bhí ann, feuchaint an aithneóch' sé
iad, agus níor aithin. Le n-a linn sin d'airigh sé, ar an
dtaobh eile de'n abhainn, an ceól ba bhreaghtha d'ár airigh
sé riamh. Cad deirir leis nár ghleus suas an phíb nua
agus nár chrom ar an gceól gcéadna do sheinnt, i n-
aonfheacht leis an gceólaidhe thall! Bhí an sgairt láidir
riamh aige. Ní chuirfeadh a bhfuil de shíafraíbh i n-Éirinn
eagla air. Ar leagadh na súl bhí an ínse ar bruach na
h-abhan lán de dhaoine agus iad ag gluaiseacht anonn
's anall imeasg a chéile, fé mar a bhéadh saghas éigin
rinnce ar siúbhal acu. Ba ghearr gur h-athruigheadh an
ceól thall. Má déineadh, do chuaidh an fear abhus ar an
athrughadh gan stad gan barathuisle, gan buille chaille-
amhaint. Do casadh an ceól thall an tarna h-uair. Ba
mhaith an mhaise ag an bhfear abhus é, bhí sé istigh ar an
gcasadh an túisge 'na raibh an casadh déanta.



“I n-aghaidh gach casadh agus athrughadh d'á dtéidheadh
ar an gceól théidheadh a chothrom d'athrughadh ar
ghluaiseacht na ndaoine, nó ar an rinnce, má ba rinnce
é. Do lean an sgéal mar sin eatartha, ar dhá thaobh
na h-abhan, go dtí tráth éigin amach sa n-oídhche. Ní
cuimhin leis conus do sgar sé leó, ach nuair a tháinig an
lá is amhlaidh a dhúisigh sé as a chodla agus é istigh i
súil tein'aoile a bhí ar thaobh an bhóthair ann, agus an
phíb nua i n 'aice. Ní túisge bhí sé 'na lán-dúiseacht
'ná ghaibh sé air an phíb agus chrom sé ar an gceól do
sheinnt airís, díreach fé mar a sheinn sé sa n-oídhche é.
Do sheinn sé ó thusach go deire é, airís agus airís, agus
chuir sé isteach go cruinn ann gach casadh agus iompáil


L. 240


agus athrughadh, fé mar a cuireadh ann iad sa n-oídhche
dhó nuair a bhítheas 'ghá sheinnt ar an dtaobh thall de'n
abhainn, go dtí go raibh sé ar eólus aige de ghlan
mheabhair agus nár bhaoghal dó aon chuid dé do dhearmhad
go deó. Nuair a bhí a aigne sásta aige air d'eirigh sé
'na shuídhe agus tháinig sé amach a' súil na tein'aoile
agus d'fheuch sé 'na thímpal. Bhí an bóthar agus na
cladhacha lán de dhaoinibh mór-thímpal na tein'aoile.
Bhíodar ag bailiughadh ann an fhaid a bhí an ceól aige
d'á sheinnt chun taithíghe dhéanamh dé. Fé mar thagadh
duine nó beirt do stadaidís ag éisteacht leis an
gceól go dtí go raibh an áit lán díobh. Bhí iongnadh
agus alltacht ortha, mar bhí a fhios acu go n-airightí an
ceól céadna go minic sa n-áit chéadna, sa n-oídhche, ach
b'shiné an chéad uair riamh a h-airigheadh sa lá é. Nuair
a chonacadar Seághan Aerach ag teacht amach a' súil na
tein'aoileach agus nuair a thuigeadar 'na n-aigne gur
bh' é a bhí ag déanamh an cheóil aeraigh, chrothadar a gcinn
agus dúbhradar eatartha féin ná ruithfeadh leis abhfad
gan é bhreith chun siúbhail. Do bheannuigh sé dhóibh agus
bheannuigheadar dó, ach níor fhiafruigh aoinne acu dhé
cad fé ndeara dhó an ceól san do sheinnt. Bhí sórd
sgáth acu roimis.



“Tháinig sé abhaile agus níor bh'fhada gur buaileadh
breóite é. Níor cheap aoinne go n-eireóch' sé choídhche
ó'n mbreóiteacht san. Dúbhradh gur bh'iad an mhuíntir
n-ar sheinn sé an ceól dóibh a bhí 'ghá bhreith leó i dtreó
go mbéadh píobaire acu féin chómh maith leis an bpíob-
aire a bhí ag an muíntir a bhí ar an dtaobh eile de'n
abhainn, nó b' fhéidir níos fhearr. Ach pé sgéal é do
theip ortha é bhreith leó an uair sin. Tháinig sé chuige
féin d'á n-aimhdheóin agus tá an ceól aige. Agus siné
anois agat, fé mar airigheas-sa féin é, conus mar a


L. 241


fuair Seághan Aerach an ceól sídhe. Ní sheinnean sé ach
go h-anamh é, agus is ró bheag an iongnadh san. Má
thagaid siad 'na thímpal i gcómhnuídhe mar a thánadar
aréir ní foláir nó is mór an dúil atá acu sa cheól a
sheinnean sé, agus má tá an dúil sin acu sa cheól
béarfáid siad leó an ceólaidhe luath nó mall. Ní ceart
dó bheith ag seinnt an cheóil sin i n-aon chor. Is minic
a tugadh cómhairle dhó gan bheith 'ghá sheinnt. Thugas-sa
féin an chómhairle sin dó ach ní raibh aon mhaith dhom ann.
Ní déarfadh sé, ‘déanfad,’ ná ‘ní dhéanfad.’ Ní
fhéadfá a dhéanamh amach cad a bhéadh i n-a aigne aige.
Ní misde ‘Seághan Aerach’ a thabhairt air. Ní dóich
liom go bhfuil blúire eagla aige rómpa.”



“B' fhéidir, a Phádraig,” arsa Micil, “go bhfuil a
fhios aige féin nach gádh dhó aon eagla bheith aige rómpa.
B'fhéidir go bhfuil cáirde maithe aige eatartha agus nach
baoghal dó.”



“B' fhéidir é,” arsa Pádraig. “Ach b' fhearr liom
mé féin do thabhairt suas do Dhia agus gan aon bhaint
i n-aon chor a bheith agam leó ná acu liom. Bhíos tamall
aréir, nuair a bhí an tóirthneach agus an chaismirt mhór
ar siúbhal, agus geallaim dhuit nár bh' fhearr liom áit
'na mbéinn 'ná sa bhaile. Thugas feuchaint sa n-aghaidh
ar an gceólaidhe, agus is beag ná gur mheasas nár bh' é
féin a bhí i n-aon chor ann. Bhí solus éigin 'na shúilibh
agus 'na ghnúis agus tímpal a bhéil, i dtreó gur dhóich
leat go raibh sé ag feuchaint ortha agus gur aithin sé
iad!”



“B' fhéidir go raibh leis,” arsa Micil.



“B'fhéidir é,” arsa Pádraig. “Ach tá aon nídh
amháin deimhnightheach; tá Seághan Aerach ró aerach
dómh-sa.”


L. 242


Caibidiol a naoi a's fiche.



Tar éis chleamhnais Shadhbh agus Chormaic níor bh' fhada
gur déineadh dhá chleamhnas eile. Déineadh cleamhnas
do Bháb an Leasa le driotháir do Nóra an Tóchair,
agus déineadh cleamhnas do Nóra féin le fear de
mhuíntir an rígh. Bhuail sé uimpi ar pháirc an aonaigh
an lá do roinneadh na capaill. Bhí tigh sa chathair aige, i
n-aice an tíghe n-a raibh Cormac agus Sadhbh le dul
chun cómhnuighthe ann. Chómh luath agus chuaidh sé abhaile
d'iar sé cead a chos ar feadh mí agus do fuair. Tháinig
sé agus phós sé Nóra agus rug sé leis í. An driotháir
léi a bhí gan pósadh d'imthigh sé i n-aonfheacht leó, ag
brath air go bhfaghadh sé inead i n-arm an rígh. D' fhág
san an Tóchar agus a raibh ann ag an mBáb agus agá
fear.



Nuair a bhí an méid sin déanta chuaidh gach aon rud
chun suaimhnis. Aon lá, as san amach, dá mbéitheá ag
gabháil thar an dtigh úd Shéadna, d'aireóchthá, mar ba
ghnáth, mion-bhuillí na gcasúr mbeag, bog-fheaduíol na
bhfear, tarang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh. Dá
dtéidhtheá isteach do chífeá an chathaoir shúgáin agus an
mhealbhóg, agus d'aireóchthá an anál fhada throm ó
Shéadna féin, agus é ag obair go dian. Ach níor bhfios
cathain airigh aoinne “greadadh” ná “duais” ar an
“gCailligh Ruainnigh” aige.



Ní fheicfeá Micil ann. Bhí sé thíos i dtigh Dhiarmuda
Léith ag coimeád an tsiopa agus ag díol an leathair
agus ag glacadh an airgid, agus isé a bhí, dar leis
féin, i n' fhear bhunúsach, chreideamhnach. Ba dhóich leat


L. 243


air ná curfadh sé aon bhlúire iongnadh air dá n-iartí
air urúdhas a dhéanamh ar leath na paróiste.



Fé mar a bhí an aimsir ag imtheacht bhíodh daoine 'ghá
thabhairt fé ndeara go raibh athrughadh ag dul ar mheón
agus ar aigne agus ar bheusaibh Shéadna. Thuig an uile
dhuine gur duine fé leith riamh é, agus meón fé leith
aige agus aigne fé leith. Bhí sé 'n-a luíghe ortha go
léir, pé muíntearthas a bhéadh agat leis, ná béadh aon
bhreith agat choídhche ar aon eólus dh'fhághail ar an dtaobh
istigh d'á aigne. Ach mhothuigh daoine, nó mheasadar gur
mhothuigheadar, nár bh' é an Séadna céadna é, le déan-
aighe. Níos, ghnáth leis puínn cainte dhéanamh riamh, ach
le déanaighe is ar éigin a labhradh sé i n-aon chor le
h-aoinne. Nuair a labharthaí leis is beag an chaint a
baintí as, ach an méid a baintí, ba chaint chiúin réidh í.



Uaireanta chomáineadh sé leis ag obair chómh dian san
go mbíodh na sruthana alluis leis. Uaireanta eile d'
fhanadh sé faid gach n-fhaid agus a uille chlé ar a leath-
ghlúin aige, a lámh chlé fé n-a ghiall aige, agus é ag
feuchaint an dorus amach agus anonn ar an gcnuc, agus
gan cor aige d'á chur dé ach mar a bhéadh sé gan anam
gan anál. Is minic, nuair a bhíodh sé sa mhachtnamh san
go bhfeictí an lámh dheas istigh 'na bhrollach aige, fé mar
a bhéadh greim daingean aige ar rud éigin a bhíodh ann
i bhfolach aige. Nuair a thagadh sé a' machtnamh de'n
tsórd san do ghluaisigheadh anál as a chliabh agus osna
ó n-a chroídhe nár bh'fhearr-de thú bheith ag éisteacht leis.
Bhíodh iongnadh a gcroídhe ar na fearaibh, ach ní leigidís
aon nídh ortha. Is amhlaidh a bhíodh eagla acu roimis. Ní
fheadaradar ó thalamh an domhain cad a bhíodh air. Ní
bhíodh acu le rádh ach an rud úd a dúbhairt Micil le n-a
mháthair an chéad lá a thug sé fé ndeara é, nár bh'fholáir
nó bhí buairt mhí-chuíbhsach éigin air. Ach cad í an bhuairt


L. 244


í, nó cad fé ndear í, ní raibh aon phioc d'á chúntas
acu.



Thug Seághan Ceatach fé ndeara an t-athrughadh. Thug
sé fé ndeara an sníomh a bhí ar chroídhe agus ar aigne
an duine, ach bhí sé níos daille 'ná riamh ar cad fé
ndear é. B' shin í Sadhbh pósta agus gan focal ó
aoinne i dtaobh aon gheallamhna phósta idir í féin agus
Séadna. Ó'n lá a bhí Séadna féin thiar ag an dtigh ag
caint le Máire Ghearra níor labhair sise amach as a beul
oiread agus aon fhocal amháin i dtaobh an chleamhnais
ná i dtaobh na cainte a bhí eatartha. Tháinig sgéalta
eile ar chleamhnaisíbh chúca ach ní leigeadh sí d'á h-athair
aon tsuím a chur ionta. Ní thugadh sí de chúis dó ach
ná taithnidís léi.



Bhí sé leathta ar fuid na dúithe an mearbhall aigne
bheith ar Shéadna, ach nuair a chonaic daoine na mná úd
go léir a bheith pósta agus gan blúire suime curtha
aige-sean sa sgéal, is amhlaidh mar a bhí an sgéal ag
lucht cainte bhíodar i gcruadh-chás. Ba mhaith leó a rádh
gur b'amhlaidh a bhí sé ag cailleamhaint a mheabhrach
ndiaigh dhuine éigin de na mnáibh úd, ach ní fhéadfaidís
é sin do rádh. Bhí sé ar an dá chóisre eile, chómh maith
le cóisre Shadhbh, agus ba ró fhuirisde a aithint ná raibh
aon bheann aige ar aoinne de'n bheirt bhan eile ach chómh
beag agus bhí aige ar Shadhbh. Ní fhéadfaí a rádh go raibh
sé ag cailleamhaint a mheabhrach mar gheall ar Mháire
Ghearra mar ní raibh aoinne 'ghá breith uaidh. Ba mhaith
le lucht na cainte a rádh gur b' amhlaidh a bhí ag dul
d'á chiall, gur b' amhlaidh a bhí straighin éigin air a bhain
le n-a chuid fola nó le n-a dhúchas. Ach ní fhéadfaidís
sin do rádh mar ní raibh fear sa pharóiste ba chruinne
breitheamhantas 'ná é, ná ba ghasda cómhairle 'ná é, ná
ba ghéar-chúisíghe ar mholadh beirte 'ná é. B' é crích an


L. 245


sgéil é go mb' éigean do lucht na cainte eiríghe as mar
sgéal. Theip ortha teacht thíos ná thuas air.



Bhí a fhios ag Séadna féin, ámhthach, go dian mhaith, cad
a bhí air. Bhí an bhliaghain déanach des na trí bliaghna
déag ag imtheacht ar cos-anáirde. Fé mar a bhí sé ag
druidim le deire na h-aimsire bhíodh an fear bocht ag
cuimhneamh níos géire agus níos coitchianta ar cad a
bhí roimis, go dtí gur bh' ar éigin a sgaradh an
smaoineamh choídhche leis. Bhíodh a leithéid sin de shníomh
agus d' fhásgadh ar a chroídhe agus ar a aigne ó'n síor-
mhachtnamh ar an aon smaoineamh amháin sin go samh-
luigheadh sé uair a' chloig níos sia 'ná lá, an fhaid a
bhíodh an uair a' chloig ag imtheacht; agus ansan, nuair
a bhíodh an uair a' chloig imthighthe gur dhóich leis ná raibh
dhá neómat inti. Shamhluigheadh sé an lá, an fhaid a bhíodh
an lá d'á chaitheamh, níos sia 'ná seachtmhain, agus nuair
a bhíodh an lá caithte do mheasadh sé ná bíodh fiú aon
uair a' chloig amháin ann. Shamhluigheadh sé gur shia an
oídhche 'ná bliaghain, agus nuair thagadh an mhaidion
shamhluigheadh sé ná bíodh aon oídhche i n-aon chor ann.
Ach, idir uair a' chloig agus neómat agus oídhche agus
lá, shamhluigheadh sé gur bh' amhlaidh a bhídís ag baint an
bhóthair d'á chéile, bhí a leithéid sin de choisigheacht fútha
ag imtheacht — agus gan idir é agus deire na h-aimsire
ach an méid a bhí gan imtheacht díobh!



Is minic, tar éis dul a chodla dhó, nuair a bhíodh sé
sínte ar a leabaidh agus gan aon néal codlata ag
teacht air, ach a chroídhe ag cur dé agus a dhá shúil ar
dian-leathadh, go n-eirigheadh sé agus go n-imthigheadh sé
amach agus suas an cnuc, go dtí go mbíodh sé ar an
bplásóig chúnlaigh mar ar thug an bhean chos-nochtaithe an
tseóid uasal dó. Bhíodh sé ag brath air go mb' fhéidir
go bhfeicfeadh sé ann airís í. Ní fheiceadh, ach ní bhíodh a


L. 246


chuaird i n-aisdear aige. Thuigeadh sé i n' aigne go
mbíodh sí ansúd i n-aice leis agus go n-airigheadh sí a
chaint agus go dtuigeadh sí an bhuairt a bhíodh air. Bhíodh
sé ag aighneas léi agus ag iomaigh léi nuair ná tais-
beánadh sí í féin dó. Bhíodh sé ag rádh na bhfocal a
dúbhairt sise leis an lá chonaic sé í, agus 'ghá gcur i
gcuimhne dhi, agus 'ghá fhiafruíghe dhí ar chuimhin léi an
gheallamhaint a thug sí dhó, agus 'ghá iaraidh uirthi, as ucht
an tSlánuightheóra, gan cailleamhaint air nuair a thioc-
fadh an t-anaithe. Ní thagadh guth ná focal uaithi, ach
má 'seadh ní bhíodh sé gan freagra ar a chaint. Do
buailtí isteach i n-a aigne uaithi, chómh maith agus dá
labhradh sí, “nár ghádh dhó aon eagla bheith air ach a mhain-
íghín a bheith as Dia aige.” Nuair a bhíodh tamall de'n
oídhche caithte mar sin aige 'n-a teannta ar an gcnuc
thagadh suaimhneas air. Do bhogadh an sníomh agus an
fásgadh d'á chroídhe i dtreó go mbíodh iongnadh air cad
a bhaineadh an buaireamh dé. Nuair a chíodh sé amhsgar-
nach an lae ag teacht thugadh sé aghaidh ar an mbaile agus
théidheadh sé agus shíneadh sé ar an leabaidh, mar 'dh eadh
go mbíodh an oídhche caithte aige inti.



Fé dheire ambasa bhí an lá deirineach buailte leis.



“Trí bliaghna déag a's lá amáireach,” ar seisean i
n' aigne féin, “iseadh fhágas an baile chun raint leathair
do cheannach. Bhí trí sgillinge am' póca agam. Níor
bh'fhada le dul iad ach ní raibh agam ach iad. Do h-iaradh
orm iad, ar son an tSlánuightheóra. Thugas uaim iad.
Ní raibh leigheas agam air sin. Conus fhéadfainn iad
do choimeádh! Ní raibh agam ach iad. Bíodh ná raibh
níor liom féin iad. Is le Dia gach nídh. Ní bhéinn ach
ag coimeád a choda féin uaidh, moladh go deó leis!
Níor choimeádas iad ar aon chuma, pé rud a thiocfaidh
as dom anois. — Do cuireadh brígh na mionn orm, go


L. 247


daingean. — Ghlacas orm é, go daingean — le m' thoil
mhacánta.”



Bheireadh sé ar bhróig agus chromadh sé ar obair. Ba
ghearr go gcaitheadh sé uaidh airís í. Bhuaileadh sé amach
agus d'fheuchadh sé 'na thímpal, fé mar a bhéadh súil aige
le duine éigin a theacht. Cheap na fir gur ag súil le
duine éigin a bhí sé agus gur dhócha gur ghearr go
dtiocfadh an duine n-a raibh an tsúil leis. Dá mbéadh
a fhios acu cé leis go raibh an tsúil is dócha gur ghearr
an mhoill a dhéanfaidís sa n-áit! Ní raibh aon bhlúire
d'á fhios acu, agus chomáineadar leó ag obair ar a
ndícheal. Nuair a bhí sé i n-a am staid d'eirigheadar
chun imthighthe abhaile.



“Stadaigh, a fheara,” arsa Séadna. “B' fhéidir go
ráineóch' go mbéinn as baile amáireach agus ná béinn
anso i n-am chun páigh na seachtmhaine thabhairt daoibh.
Tá sé chómh maith agaibh an t-airgead do ghlacadh anois.
Ní mheasaim go bhfuil aon bhaoghal 'ná go ndéanfaidh sibh
an obair go macánta.” Agus shín sé chúca an t-
airgead.



Chómh luath agus bhíodar imthighthe chun siúbhail chuir sé
an cnuc amach dé. Bhí faill árd ar an dtaobh thuaidh
de'n chnuc. Faill na bhFiach a tugtí mar ainim uirthi.
Chuaidh sé agus shuigh sé ar mhullach na faille sin. Bhí
sé ag feuchaint uaidh síos ar na caraigreacha briste a
bhí thíos ag bun na faille agus bhí sé 'ghá chuimhneamh i n-a
aigne cad é an briseadh a gheabhadh cnámha duine dá
gcaithtí le fánaigh é. D'fhág sé an áit sin agus d'imthigh
sé an cnuc siar go dtí go raibh sé ar bhara cnuic eile
a bhí ar an dtaobh thiar de'n ghleann. Caraig na Madraí
dob' ainim do'n chnuc eile sin. Chuaidh sé isteach i
bpluais sa chnuc san. Leaba Diarmuda ainim na
pluaise. Bhí pluais eile ar aghaidh na pluaise sin


L. 248


anonn gur bh'ainim dí Leaba Gráinne. D'fhan sé sa
phluais ar feadh tamaill mhaith, ag cuimhneamh ar ar airigh
sé riamh de sgéalta breaghtha Fiannuigheachta, ar Dhiar-
muid agus ar Ghráinne agus ar Fhionn agus ar an
bhFéinn agus ar a ngnóthaibh go léir. Nuair a bhí tuitim
na h-oídhche ann d'fhill sé chun na plásoíge agus do
luígh sé inti. Bhí an aimsir tirim agus an spéir glan.
Bhí an cúnlach go breagh tirim teith mar bhí an ghrian ag
taithneamh ar an bplásóig i gcaitheamh an lae. Bhí aghaidh
na plásóige ó-dheas, i dtreó go raibh foithin inti ó pé
leóithne beag gaoithe a bhí ann, mar is a-dtuaidh a bhí an
ghaoth. Bhí sé sínte sa phlásóig ag éisteacht le cogarnach
agus le h-anál na gaoithe laige tríd an bhfraoch 'na
thímpal agus gan aon phioc de'n ghaoith ag teacht air
féin. Ó 'n suathadh a thug sé dhó féin ag siúbhal an
chnuic, agus ó bhrothal an chúnlaigh, agus ó'n seothó úd
na gaoithe tríd an bhfraoch, ba ghearr go raibh an fear
bocht 'na chodla go sámh.



Tráth éigin sa n-oídhche do mhothuigh sé mar a bhéadh lámh
duine ar a cheann, agus d'imthigh a chodla dhé. D'imthigh
a chodla dhé chómh glan san gur mheas sé ná raibh meagh-
chaint ruibe i n-aon bhall d'á bhallaibh beatha. D'fheuch
sé thairis. Bhí sí ansúd ar a glúinibh agá ghualainn chlé
agus lámh léi ar a cheann aici agus í ag feuchaint isteach
ins na súilibh air. An bhean chos-nochtaithe isí a bhí ann.
D' fhan sé ag feuchaint uirthi agus í ag feuchaint isteach
n-a shúilibh. Bhí an oídhche 'n-a sméaramhán le doir-
cheacht. Bhí radharc aige ar an spéir os a cionn suas.
Ní raibh gealach ná réiltín ar an spéir, ach í 'na bróin
chíordhubh, go h-árd agus go leathan agus go folamh. Bhí
sé ag feuchaint ar ghnúis na mná, ar a súilibh agus ar
a h-éadan agus ar a h-aghaidh. Ní raibh de sholus aige
chuige ach an solus a bhí ag teacht as an aghaidh féin. Do


L. 249


lean sé ag feuchaint uirthi. Ní raibh leigheas aige air.
Ní fheacaidh sé riamh 'na shúilibh cinn, dar leis, aon aghaidh
duine chómh h-áluinn le h-aghaidh na mná san. Dá
bhfaghadh sé Éire air ní fhéadfadh sé a shúile bhogadh dhi.
Fé mar a lean sé ag feuchaint uirthi do mhéadaigh ar an
áilneacht, agus ar an aoibhneas agus ar an suairceas
a bhí 'na h-éadan agus 'na súilibh agus 'na beul, agus
í díreach mar a bhéadh sí ag bogadh a béil chun labhartha,
agus eisean ag feitheamh go dtiocfadh an focal. Do
ghluais an t-aoibhneas san agus an suairceas san
isteach tré n-a shúilibh agus siar sa n-inchinn aige agus
síos 'na chroídhe agus 'na chliabh, i dtreó gur tháinig a
leithéid sin d'áthas air, agus de shásamh aigne, agus de
shólás croídhe, gur mhaith leis ná fágfadh sé féin ná
ise an áit sin go deó. D'á fhaid agus d'á ghéire fheuch
sé is amhlaidh a bhí a h-éadan ag dul i solusmhaire, agus
a súile ag dul i n-uaisleacht agus i ngrádhmhaire, agus
a beul ag dul i mísleacht agus i séimhe agus i miochaire,
agus a h-aghaidh ag taithneamh le breis soluis agus le
breis aoibhnis agus le breis suaircis, agus í díreach
mar bhéadh sí ag bogadh a béil chun labhartha leis, go
dtí gur cheap sé go raibh a chroídhe ag imtheacht as a
chliabh amach chuici, le neart áthais agus aoibhnis, agus
grádh di.



Fé dheire do labhair sí.



“Táthar chúgat, a Shéadna!” ar sise. “Tá an
namhaid nach mór buailte leat,” ar sise. Agus má ba
mhór an t-áthas agus an t-aoibhneas bheith ag feuchaint
ar a h-aghaidh áluinn uasal, ba mhó 'ná san féin an
t-áthas agus an t-aoibhneas bheith ag éisteacht le guth a
cainte. Ba chuma le Séadna an domhan cé bhí chuige,
ná cá raibh an namhaid, an fhaid a bhí sé ag feuchaint
suas uirthi agus ag éisteacht léi, agus a lámh ar a cheann


L. 250


aici, agus mar bhara ar gach áthas gur thuig sé i n-a
aigne gur le báigh agus le h-ionmhuine agus le grádh
dó féin a tháinigh sí ag triall air, agus a thaisbeáin sí
í féin dó.



“A Shéadna,” ar sise, “táthar chúgat go fíochmhar
agus go malluighthe. Tá do namhaid ag teacht chun
díoghaltais a dhéanamh ort anois mar gheall ar ar dhéinis
d' olc air le trí bliaghna déag. Asdoídhche amáireach
a thiocfaidh sé. Tá raint de dhearmhad air. Is dóich
leis gur ar uair an mheadhon-oídhche asdoídhche amáireach
a bhéidh an aimsir caithte. Ní bhéidh an aimsir caithte go
ceann cheithre h-uaire 'chloig 'na dhiaigh san. B' é an
margadh, fé bhrígh na mionn, an sparán a bheith agat-sa,
agus é fhanmhaint agat, trí bliaghna déag slán. An lá
úd a chuadhais ar an aonach ag ceannach capaill agus bó
bainne do tógadh uait an sparán agus bhí sé as do
sheilbh-se ar feadh cheithre h-uaire 'chloig. Mise a thóg
uait é. Thógas uait é a gan fhios dó-san. Dá gceann-
uightheá an bhó nó an capall an uair sin, agus airgead
do dhíol as an gceannach, bhí an margadh briste agat
agus neart dó a thoil d'imirt ort. Nuair a chonac-sa
an fuadar a bhí fút do thógas uait an sparán i dtreó
dá gceannuightheá nár bhaoghal go ndíolfá. Is chun
leathair a cheannach a fuarais an t-airgead. Tá sé ag
faire ort riamh ó shin feuchaint an gceannóchthá aon rud
ach leathar air. Níor cheannuighis. Ba mhaith an bhail ort
féin nár cheannuighis. Do roinnis a lán de'n airgead
ar shlíghtibh eile ach níor ghoill san ar an margadh. Ní
fhéadfadh aon mhargadh déirc a chosg. Pé airgead a
thugais uait ar son an tSlánuightheóra déirc dob' eadh
é. An t-airgead a chaithis ar aon chuma eile, lasmuich
de cheannach an leathair, is as an obair a tháinig sé
leat féin dob' eadh é.”


L. 251


“Bheirim a bhuidhchas leis an Athair Síoruídhe a chruth-
uigh thú!” arsa Séadna, agus é ag feuchaint suas
uirthi. Ní mar fhreagra ar a caint a dúbhairt sé an
méid sin ach le neart an áthais a bhí istigh 'na chroídhe
toisg í bheith ansúd i n-a aice agus é ag feuchaint suas
uirthi agus ag éisteacht le ceól-ghuth aoibhinn a cainte.



“Ní'l a fhios aige,” ar sise, “gur chaith an sparán
na cheithre h-uaire a' chloig sin as do sheilbh-se. Bhí
fhiachaibh air gan a leigint d'aoinne an sparán a bhreith
uait. Is dóich leis féin nár leig. Tá sé ag feitheamh
le h-uair an mheadhon-oídhche asdoídhche amáireach chun a
thoile d'imirt ort agus díoghaltas a dhéanamh ort mar
gheall ar a bhfuil d' olc déanta agat air le trí bliaghna
déag, ag tabhairt déarca ar son an tSlánuightheóra
amach as an sparán a thug sé féin duit, agus nach chun
na déarca dhéanamh a thug sé dhuit é ach le h-ionchas go
ndéanfadh sé díobháil agus tubaist agus aimhleas duit
féin agus do gach Críosdaidhe a gheabhadh aon leathphinge
isteach 'na láimh de.”



“Bheirim a bhuidhchas leis an Athair Síoruídhe a chruth-
uigh thú, — agus le Críosd a cheannuigh thú, — agus
leis an Spioraid Naomh a bheannuigh thú!” arsa Séadna.
Nuair a bhí an chaint sin ráidhte aige bhí iongnadh air mar
do shamhluigh sé nár bh' é a ghlór féin a bhí ag teacht as
a chliabh ná as a bheul.



“Taisbeán,” ar sise, “an rud úd a thugas duit an
lá úd a sgarais leis an óigmhnaoi fhóghanta ar son an
tSlánuightheóra.”



Tharaing sé an tseóid amach as a bhrollach agus shín
sé chuici í.



“Ní'l sí chómh solusmhar agus bhí sí an lá úd,” ar
sise, “ach ní gearánta dhi,” ar sise, ag glacadh na
liarthóide bige isteach 'na láimh. Le n-a linn sin do


L. 252


las an liarthóid suas airís, ar chroídhe a dearnan,
díreach mar a las sí an chéad lá, i dtreó gur bh' ar éigin
fhéadadh Séadna feuchaint uirthi, agus nuair fheuchadh go
mbíodh smóla beaga gorma os cómhair a shúl, fé mar
a bhéadh ag duine d' fheuchfadh ró dhíreach ar an ngréin.



“Seo,” arsa 'n bhean, “cuir chúgat airís í. Béidh
gnó agat di asdoídhche amáireach.” Agus shín sí chuige
an tseóid. Chuir seisean chuige airís 'na bhrollach í,
mar a raibh sí cheana aige.



D' osgail sise a lámh chlé. Bhí an sgilling ansúd ar
chroídhe a dearnan, an sgilling chéadna a thug sé dhi an
chéad lá úd nuair a bhí sé ag dul ag ceannach an leathair.



“Seo,” ar sise. “Cuir chúgat í seo leis.” Thóg sé
an sgilling agus chuir sé chuige í.



“Éist go cruinn anois, a Shéadna,” arsa 'n bhean,
“leis an méid atá agam le rádh leat. Asdoídhche
amáireach, nuair a bhéidh sé ag déanamh ar uair an
mheadhon-oídhche, tóg an chathaoir shúgáin agus cuir í
díreach sa n-inead 'na raibh sí an lá úd a ceangaladh
í, agus cuir an sgilling sin ar an dtalamh, istigh fé
lár na cathaoireach, agus clúdaigh í i dtreó ná béidh sí
le feisgint. Imthigh féin ansan agus suigh ad' shuídhchán
oibre agus bí ag obair ar do dhícheal. Nuair a thioc-
faidh an namhaid ná leig aon nídh ort, ach lean de'n
obair. Nuair a déarfaidh sé leat gluaiseacht abair leis
fanamhaint go mbéidh an t-am ann. Má thagan leat é
chur 'na shuidhe sa chathaoir béidh an lámh-uachtair agat
air. Ach an airighean tú leat mé?” ar sise. “Aos
rud a déarfaidh sé leat a dhéanamh, ar do bhás ná déin
é. Ná déin aon nídh a déarfaidh sé leat a dhéanamh.”



“Bheirim — a bhuidhchas — leis an Athair — Síor-
uídhe —” An fhaid a bhí Séadna ag rádh na bhfocal
san, agus é ag teip air iad do thabhairt leis, bhí sise


L. 253


ag druidim uaidh, ag druidim uaidh, ag druidim uaidh;
agus bhí an solus ar a h-aghaidh ag dul i luíghead, ag
dul i luíghead, ag dul i luíghead. Bhí fabhraí a shúl san
ag dúnadh ar a chéile, ag dúnadh ar a chéile, ag dúnadh
ar a chéile. Níor tháinig leis an chaint do chríochnughadh
sul a raibh sí imthighthe agus é 'na shámh chodla.


L. 254


Caibidiol a tríochad.



Nuair a tháinig sé as an gcodla san bhí an ghrian ag
taithneamh anoir air agus í eirighthe suas go maith árd
agus í go breagh sobháilceach, gan iomad brothail inti.
Bhí an spéir gan sgamal agus an talamh gan cheó, agus
ba dhóich leat gur chruiceóg bheach a bhí i mball éigin i
n-aice na h-áite agus satha ag eirighe aisti, bhí foghar na
mbeach chómh borb, chómh h-aibigh sin, sa bhfraoch mór-
thímpal. Bhí radharc ag Séadna ar an ndúthaigh ar feadh
fiche míle, soir agus ó-dheas agus siar. B' shiúd iad
shoir Cnoc Ráithín, agus Muisire Beag, agus Muisire
Mór, agus Meall na h-Órnan, agus an Muine Fliuch,
agus an Doire Liath, agus an Chabarach. B' shiúd í shoir
theas Caraig an Ghiolla, agus shoir theas airís an Sléibhín,
i n-aice Mágh Chromtha, agus fiche míle soir uaidh sin, an
ceó os cionn catharach Chorcaighe. B' shiúd iad, ar a
aghaidh ó-dheas díreach, Dún dá Radhairc agus Cill Mhuire
agus Mágh Seanaglais, agus críocha Rosa Cairbre, agus
éacht de thalamh áluinn ar bruach na faraige. B' shiúd
iad thiar theas Seithe agus Neóin agus an chuid eile
acu, mar adúbhairt an file:—



“Uíbh Ráthach gránda na ndragún liath;
Gleann Chártha ná fásan ann arbhar ná biadh;
Na h-árdchnuic ghránda san Dheas-Mhúmhain thiar;
Áiteana d'fhág Pádraig gan beannughadh riamh!”



Nó mar adúbhairt an file eile 'ghá fhreagradh súd:—



“Uíbh Ráthach áluinn na bhfear úr bhfial;
Gleann Chártha 'na bhfásan arbhar a's biadh;
Na h-árdchnuic bhreaghtha san Dheas-Mhúmhain
thiar;
Áiteana d'fhág Pádraig le beannughadh ag
Dia!”


L. 255


Bhí sé ag feuchaint 'na thímpal ortha ar feadh tamaill,
'ghá n-aithint agus 'ghá n-áireamh, agus 'ghá chuimhneamh
gur bheag má bhí radharc eile fé luíghe na gréine chómh
breagh leis an radharc san a bhí leathta amach os cómhair
a shúl féin an mhaidion shamhraidh sin. Ansan iseadh do
phreab suas i n'aigne cúrsaí na h-oídhche agus caint na
mná cos-nochtaithe. Cheap sé ar dtúis nár bh'fholáir nó
gur thaibhreamh a déineadh dó. Sháidh sé a lámh 'na
phóca. Ambasa bhí an sgilling aige 'na phóca, sa phóca
i n-ar chuir sé í nuair a thug an bhean dó í sa n-oídhche.
Bhí rud éigin nár thaibhreamh sa sgéal. Do rith an gnó
go léir chun a aigne do phreib; caint na mná, agus an
sgilling, agus an namhaid, agus an chómhairle a bhí
fághalta aige i dtaobh na cathaoireach. Phreab sé 'n-a
shuídhe. B'shiúd é thall a thigh. Thug sé a dhrom leis
agus d'imthigh sé an cnuc siar. Chuaidh sé suas go bara
Chnuic na n-Ulán agus siar mullach Charaige na Madraí
agus Beul an Mháma anonn agus siar bara Chúm an
Ghadhair.



Bhí an lá ag dul i mbrothalaighe agus bhí tart ag
teacht air. Chuaidh sé isteach i dtigh agus d'iar sé deoch.
D'aithin bean an tíghe é. Ba mhaith an ceart di sin. Ba
mhinic roimhe sin a thug sé síntiús maith airgid di agus
gádh aici leis. Mura mbéadh é ba bheag d'á tuairisg
a bhéadh sa n-áit. Thug sí chuige árthach lán de bhainne
gabhar agus cannta aráin agus briola ime. Chaith sé an
biadh agus bhíodar ag caint. Thuig sise, mar a thuig an
dúthaigh, go raibh buairt éigin air a bhain leis féin. Thug
sí fé ndeara an uair sin é níos soiléire 'ná riamh,
Níor leig sí uirthi, ámhthach, gur thug sí aon rud fé
ndeara. D'eirigh sé agus bhuail sé amach agus cá
dtabharfadh sé aghaidh ach ar Mhullach an Ois suas.
D'fheuch sise 'na dhiaigh agus geallaim dhuit go raibh


L. 256


iongnadh uirthi nuair a chonaic sí ag tabhairt fé 'n gcnuc
é. Ní fheidir sí cad ba mhaith di a dhéanamh. Isé rud
a dhéin sí 'ná iompáil isteach abhaile agus tamall de'n
lá a thabhairt ag gol. Do buaileadh isteach 'na h-aigne
go raibh droch nídh éigin ag teacht air. Chaith sí í féin ar
a glúinibh agus chrom sí ar ghuidhe chun Dé ar a shon,
'ghá iaraidh ar Dhia é thabhairt saor ó gach olc.



Chuir seisean an cnuc suas dé go dtí go raibh sé ar
an láithreán breagh leathan atá thuas ar an bhfíor-mhullach.
Má ba mhór an radharc a bhí aige ar maidin ó'n bplásóig
ba mhó 'ná san an radharc a bhí anois aige, ach níor
bhreaghtha an radharc anois mar ba ghlaine an spéir ar
maidin. Bhí radharc siar aige ar Chlaedigh, agus ar an
Dá Chí, agus ar an Mangartain, agus ar Loch Léin, agus
siar ar Chorán Tuathail agus ar an gcuid eile de na
Cruachaibh Dubha. Nuair a bhí sé cortha de bheith ag
feuchaint ortha do ghluais sé anonn 's anall ar an
mullach ag piocadh na mónadán agus 'ghá n-ithe. Nuair
a bhí tamall caithte aige ortha san do ghluais sé fabhra
an chnuic soir go dtí go raibh sé ar bhara Chnuic Lice
Sgáth, mar a raibh radharc aige ó-thuaidh ar Chlárach agus
soir ó-thuaidh ar fad ar na Gaillte Móra. Nuair a bhí
an ghrian ag tuitim siar d'iompuigh seisean siar airís
go bara Mhullach an Ois. Phioc sé raint eile de na
mónadáin agus ansan thug sé aghaidh síos ar an dtigh 'na
bhfuair sé béile na maidne ann. Is ar an mnaoí a bhí
an iongnadh agus an t-áthas nuair a chonaic sí chuici
isteach é. Ní fheidir sí cár chaith sé an lá, ach ba chuma
léi ó chonaic sí ag teacht slán airís é. Níor dhéin sí,
ámh, ach beannughadh dhó agus fáilte chur roimis go
grianach agus go neamh-iongantach agus gan aon nídh do
leigint uirthi. Agus geallaim dhuit gur ghaibh sí a
bhuidhchas go dúrthachtach le Dia 'n-a h-aigne féin.


L. 257


“Suigh ansan go fóil, a Shéadna,” ar sise, “agus
cuirfidh mé geall leat go ndéanfad-sa sódhluist duit
go mb' fhéidir nár déineadh a leithéid duit le fada.”



Do shuigh sé.



D'imthigh sise amach sa n-iothlainn, go dtí an stáca
arbhair dob' fhearr a bhí ann, agus do stath sí dhá phunan
mhaithe amach as lár an stáca. Thug sí léi isteach an dá
phunan. Do sguab sí leac an tínteáin, agus do nigh
agus do thriomuigh. Ansan do las sí geaitire giúise
agus do dhóigh sí an phunan ar an lic. Níor dóghadh ach
an tuighe agus an lóchán, ámhthach. Níor dóghadh an
gráinne, ach do cruadhadh é go h-áluinn, níos fearr go
mór 'ná mar a chruadhfadh leac an mhuilinn é. Ansan
do bhailigh sí suas an coirce cruaidh agus d'árduigh sí
léi amach é agus do leig sí an ghaoth tríd, i dtreó gur
glanadh as go baileach a raibh de luaithreach an tuighe
agus an lócháin ann. Nuair a bhí sé go breágh glan aici
thug sí léi isteach é agus chuir sí sa bhróin é agus mheil
sí é. Ansan chuir sí tré chriathar gharbh é agus ansan
tré chriathar mhín, i dtreó nár fhan aon bhlúire cátha
ann. Ansan do chuir sí i n-árthach adhmaid an mhin agus
do mheasg sí braon maith nua-uachtair ar an min, agus
chuir sí spionn sa n-árthach agus thug do Shéadna é. D'ith
sé é, agus isé rud a cheap sé i n' aigne 'ná nár chaith
sé riamh, agus nár bhlais sé, biadh dob' fhearr 'ná an
biadh sin, bhí sé chómh foláin agus chómh deagh-bhlasta san,
chómh buacach agus chómh bríoghmhar san.



Nuair a bhí an biadh ithte aige do shín sé chuici an t-
árthach. “Am briathar mhóide, a Neans ní Chathasa,” ar
seisean, “go bhfuil an ceart agat! Isé biadh is deise
d'ár bhlaiseas riamh é. Tá an chraobh agat. Thugais
sódhluist dom, ní misde dhuit a rádh, sódhluist nár
tugadh a leithéid riamh dom go dtí indiu. Agus feuch;


L. 258


ní'l ach fíor bheagán aimsire ó bhí sé amuich sa stáca
agus siné ithte agam é!”



“Cruadhan a chuid tuighe agus lócháin féin é,” ar
sise, “níos fearr go mór 'ná mar a chruadhan leac an
mhuilinn é.”



Bhí an ghrian ag dul fé agus Séadna ag fágáilt an
tíghe sin. Um an dtaca 'na raibh sé ag an bplásóig
bhí tuitim na h-oídhche ann. Um an dtaca 'na raibh sé
sa bhaile bhí smut de thusach na h-oídhche caithte.



Do las sé ceann des na coinnlibh árneáin. Do rug
sé ar an gcathaoir shúgáin agus chuir sé 'na seasamh í,
díreach sa n-áit 'na raibh sí an lá do ceangladh ann í.
Chuir sé an sgilling fúithi istigh i lár bhaill, fé mar a
dúbhradh leis. Chaith sé luaithreán beag anuas ar an
sgilling i dtreó ná feicfí í. Ansan do shuigh sé 'n-a
shuidhchán oibre agus chrom sé ar obair. Nuair a bhí sé
ag obair ar feadh tamaill cheap sé ná féadfadh uair an
mheadhon-oídhche bheith abhfad uaidh. Mheas sé nár rug
aon sgéal dian riamh air ach bheith ansúd ag feitheamh
agus ag faire, feuchaint cathain a thiocfadh an droch
bhuachaill. Mura mbéadh an obair a bheith idir lámhaibh
aige ní fhéadfadh sé go deó an feitheamh do sheasamh.
B' é a dhícheal é sheasamh agus é ag obair chómh dian agus
bhí sé 'na chuisleanaibh an snáth do tharang. Nuair a
mheasadh sé gur cheart uair a' chloig a bheith caithte
d'fheuchadh sé ar a mbíodh déanta aige agus ní bhíodh ann
ach obair leath-uaire a' chloig. Chomáineadh sé leis ag
cur na ngreamana chómh tiugh agus d'fhéadadh sé an
meanuith do shádh. Cheapadh sé ar ball gur cheart dhá
uair a' chloig go maith a bheith imthighthe. D'fheuchadh sé
ar an obair a bhíodh déanta aige agus ní bhíodh ann ach
oiread agus dhéanfadh fear laistigh de cheathramhadh
uaire, agus an obair a dhéanamh ar a shocaracht. Fé


L. 259


dheire do chuir an mearbhall agus an fásgadh agus an
sníomh a bhí ar a aigne faire na h-aimsire as a cheann
ar chuma éigin, i dtreó gur ghluais an aimsir a gan fhios
dó. Ní raibh blúire coinne aige go raibh an aimsir
caithte nuair a mhothuigh sé go h-oban mar bhéadh duine
éigin láithreach. Thóg sé a cheann. Bhí an Fear Dubh 'na
sheasamh ar a aghaidh amach!


L. 260


Caibidiol a h-aon a's tríochad.



D'fheuch an bheirt ar a chéile. Níor ró chneasda an
fheuchaint í ag aon taobh acu. Mhothuigh Séadna an
sgannradh ag teacht air féin, díreach mar a tháinig sé
air an chéad lá. Do rug sé greim daingean ar an
seóid a bhí istigh 'na bhrollach aige. D'imthigh an sgann-
radh dhé. D'fheuch sé go cruinn ar a namhaid. Chonaic
sé na h-adharca agus an t-éadan droch aigeanta, agus
na súile millteacha, fíochmhara, agus an meigiol, agus
an t-eirball, agus an chrúb. Ach do chonaic sé rud ná
feacaidh sé an chéad lá. Chonaic sé ar mhéireanaibh na
lámh ingne móra fada cama, mar a bhéadh ar chrobh
fiolair. Agus bhí bior ar gach iongain díobh chómh caol
chómh géar agus bhí ar an meanuith a bhí 'na láimh aige.
Ba dhóbair airís cailleamhaint ar a mhisneach nuair a
thuig sé i n' aigne cad é an cor a bhéadh air dá dtéidheadh
na h-ingne sin 'na chroicean! D'fháisg sé a lámh airís
ar an seóid a bhí 'na bhrollach aige agus d'imthigh an
sgannradh san leis. Thug an Fear Dubh fé ndeara
conus mar imthigheadh an sgannradh de Shéadna ach níor
thuig sé é. Bhí iongnadh air cad a bhaineadh an t-anaithe
de Shéadna, nó cad a thugadh an misneach dó, nó cad
é an chúis ná féadadh sé féin greim a bhreith láithreach
air.



“Cad 'na thaobh ná fuilir ag gluaiseacht liom?” ar
seisean, fé dheire. “Nach cuimhin leat an margadh?”



“Is cuimhin liom an margadh go dian mhaith,” arsa
Séadna, “ach ní dóich liom gur cuimhin leatsa é.”



Agus is amhlaidh a cheap sé, fé mar a cheap sé ar an


L. 261


gcnuc agus é ag caint leis an mnaoi, nár bh' é a ghlór
féin a bhí ag teacht as a chliabh.



“Nár bh' é an margadh,” arsa 'n Fear Dubh, “mise
do thabhairt oiread airgid duit-se agus cheannóch' leathar
duit ar feadh trí mbliaghan ndéag, agus tusa do theacht
liom nuair a bhéadh an méid sin aimsire caithte?”



“B'shiné an margadh,” arsa Séadna.



“Cad 'na thaobh ná gluaisean tú ort má 'seadh?” ar
seisean.



“Mar ní'l an aimsir caithte,” arsa Séadna.



“Ní'l an aimsir caithte, an eadh!” arsa 'n Fear
Dubh. “Tá trí bliaghna déag anois díreach ó chuireas
mo sparán ad' láimh isteach chúgat.”



“B' fhéidir go bhfuil,” arsa Séadna, “ach ní'l an
sparán trí bliaghna déag am' sheilbh-se fós.”



“Conus san?” arsa 'n Fear Dubh.



“Mar do tógadh uaim ar feadh tamaill é,” arsa
Séadna.



“Do tógadh uait é!” arsa 'n Fear Dubh. “Ní
chreidfinn focal uait!”



“Ní chreidfeá! Má 'seadh cad 'na thaobh ná féadan
tú baint liom?” arsa Séadna.



“Cé thóg uait é?” arsa 'n Fear Dubh.



“Tú féin, is dócha,” arsa Séadna.



“Ní mé!” arsa 'n Fear Dubh.



“Is dócha,” arsa Séadna, ag cur smuta gáire as,
“gur dóich leat gur ceart go gcreidfinn-se thusa.”



“Cathain a tógadh uait é?” arsa 'n Fear Dubh.



“Is dócha gur agat-sa is fearr atá a fhios san,” arsa
Séadna. “Is ort a bhí gan a leigint d'aoinne é thóg-
aint uaim.”



“Agus cheapas nár leigeas,” arsa 'n Fear Dubh.



“Is mór an iongnadh liom a rádh gur fhéad aoinne é


L. 262


bhreith uait a gan fhios dom. Cathain a bhéidh an aimsir
caithte?”



“Nuair a bhéid na trí bliaghna déag caithte,” arsa
Séadna, ag cur smuta eile gáire as.



“Is deisbhéalach atáir!” arsa 'n Fear Dubh, ag baint
fásgadh as na h-inginibh. “Ach fan leat go fóil.
Bainfear cuid de 'n deisbhéalaíghe dhíot ar ball, geall-
aim dhuit é.”



Bhí lámh Shéadna go daingean ar an seóid a bhí istigh
'na bhrollach aige. Do stad an bheirt ag feuchaint ar
a chéile. Séadna 'na shuidhe 'na shuidhchán oibre. An
bhróg 'na láimh chlé aige, anuas ar a leath-ghlúin. An
lámh dheas istigh 'na bhrollach aige. An Fear Dubh 'na
sheasamh ar a aghaidh amach. Iongnadh agus fearg agus
miosgais agus mailís agus droch aigne ag brúth ar a
chéile 'na bhéal agus 'na shúilibh agus thuas sa n-éadan
mharbhthach aige.



“Dá gcaithinn fanmhaint anso go maidin,” ar
seisean, “ní sgarfad anois leat!”



“Ach, ní gádh an fhearg,” arsa Séadna. “Glac réidh
an sgéal. Is ró mhaith atá a fhios agat, nuair a thiocfaidh
an t-am ná fuil aon dul uait agam. Dhéinis do mhar-
gadh daingean a dhóithin, ‘fé bhrígh na mionn’! Thoiligh-
eas-sa chuige gan aon ochó do chur ann. Tá a thoradh
san agam anois. Ba mhaith é an t-airgead an uair
sin, dar liom. Is beag an mhaith anois é. Ba bhreagh
agus dob' fhada an tréimhse aimsire trí bliaghna déag
an uair sin, nuair a bhíodar rómham amach. Cad é an
mhaith iad anois! Ach pé olc maith iad ní foláir iad do
chríochnughadh go macánta dleaghthach. Ní raibh aon cheart
agat teacht go dtí go mbéidís críochnuighthe. Ní 'lid
siad críochnuighthe fós agus ní mór dómh-sa dícheal a
dhéanamh ar an mbróig seo do chríochnughadh má fhéadaim


L. 263


é. Imthigh uaim suas agus suigh sa chathaoir sin thuas
agus leig dom mo ghnó dhéanamh.”



“Is tú an fear is éagsamhlaíghe d'ár bhuail riamh fós
umam!” arsa 'n Fear Dubh. “Ní'l de sgáth 'ná
d'eagla agat rómham ach oiread agus bhéadh agat roimhe
choileán gadhair!”



“Go deimhin is greannmhar san dé,” arsa Séadna, ag
cur sgearta gáire as. “Is dóich leat ó 'tá adharca
agus ingne ort gur ceart dúinn dul i bpoll tráthair
uait. Má 'sé do mhargadh atá uait cómhlíon do thaobh
féin dé, a dhuine! Is liom-sa an aimsir fós. Oirean
dom an bhróg so do chríochnughadh. Taoí-se a'm chosg
air. Tá an margadh agat d'á bhriseadh anois féin. Do
chaillis an méid aimsire a bhí an sparán as mo sheilbh.
An uile neómat atá agat d'á chaitheamh ansan, ag
tabhairt gach re seadh dhom, tá sé ag dul síos ad' choin-
nibh sa chómhaireamh. Bhrisis an margadh nuair a tháinís
anso a'm éileamh agus gan aon cheart agat chúgam go
dtí go mbéadh an t-am ann. Dhéinis dearmhad sa méid
sin. Ní'l aon dearmhad anois ort. Tá a fhios agat go
maith ná fuil an t-am ann fós agus go bhfuil an margadh
agat d'á bhriseadh. Imthigh ansan suas agus suigh sa
chathaoir sin thuas agus ná labhair liom airís go dtigidh
an t-am ceart, nó béidh an margadh sgurtha agat féin
agus mise réidh leat, agus geallaim dhuit nach orm-sa
bhéidh puínn d'á chathughadh. Feuch! Siné an sparán.
Siní an bhróg. Siné an leathar. Is liom-sa an aimsir
fós. Cad dob' áil leat ad' sheasamh ansan a'm chosg
ar mo ghnó! Imthigh suas agus suigh, nó tá an margadh
sgaoilte agus mé sgartha leat.”



Do thusnuigh bárr an eirbaill ar shnap-chasadh, díreach
mar dhéanfadh eirball an chait nuair ba dhóich leis go
mbéadh an franncach chuige amach as an bpoll.


L. 264


“An imtheóchair!” arsa Séadna, agus faobhar
ar a ghlór, agus do bhog sé chun eirighthe, mar 'dh eadh.



Níor dhéin an Fear Dubh ach iompáil agus imtheacht
suas agus suidhe sa chathaoir, fé mar a dúbhradh leis.
Chrom Séadna ar obair. Bhí an Fear Dubh 'na shuidhe
sa chathaoir agus a dhrom le Séadna. Bhí an t-eirball
siar tríd an gcathaoir agus anuas ar an dtalamh, agus
bhí radharc ag Séadna ar an iongain. I gceann tam-
aill, strac-fheuchaint d'á dtug Séadna thairis, thug sé
fé ndeara an ionga agus í ag síneadh agus ag crapadh
agus ag preabarnaigh, mar bhéadh eascú a bhéadh ar lic
theith. Chomáin Séadna leis ag obair chómh maith agus dá
mba ná béadh sa tigh ach é féin. Níor bh'fhada gur airigh
sé únfairt éigin ar siúbhal sa chathaoir. Thóg sé a cheann
agus d'fheuch sé suas. Bhí an Fear Dubh thuas agus é
'ghá únfairt féin agus 'ghá chasadh féin, fé mar a bhéadh
sé a d' iaraidh eirighthe agus ná féadfadh sé é. Phreab
Séadna 'na shuidhe agus siúd suas é. Sheasaimh sé ar
aghaidh an Fhir Dhuibh amach ag feuchaint air. Bhí an Fear
Dubh i gcruadh-chás. Bhí a bheul ar leathadh agus mar
bhéadh runaí leis. Bhí an corán agus an meigiol ar crith
agus ar luasgadh. Bhí an dá adhairc ar bogadh agus iad
ag tuitim anonn 's anall ar a cheann. Bhí an dá láimh
go daingean aige i nglúinibh na cathaoireach, agus na
h-ingne ag dul isteach tríd an adhmad, agus é ag
únfairt agus ag cneadaigh. Bhí an t-eirball siar síos
uaidh, sínte amach agus anuas ar an dtalamh, agus an
ionga ag déanamh díoscáin ar an úrlár.



“Seadh, a phreabaire!” arsa Séadna. “Ní deirim
ná go bhfuil greim agam ort!”



“Ó! a Shéadna, tá go daingean!” ar seisean.



“Ó!” ar seisean, “bog díom go dtí go mbéidh an
t-am ceart ann!”


L. 265


“Foidhne, foidhne!” arsa Séadna. “Ní'l aon nídh
is fearr 'ná an fhoidhne. ‘Buadhan an fhoidhne ar an
gcinneamhaint.’”



“Ó!” arsa 'n Fear Dubh, agus é ag únfairt agus
ag cneadaigh, “buadhan an chinneamhaint seo ar ar
déineadh d'fhoidhne riamh. Sáruighean an chinneamhaint
seo an sean-fhocal. Leig uait mé, a Shéadna, agus ní
thiocfad go dtí go mbéidh an t-am ann.”



“Seadh, agus tiocfair ansan!” arsa Séadna.



“Ní'l aon dithneas mar sin orm-sa. Ní beag liom a
luathacht d'imtheóchair. An aimsir a chaithfir-se ansan
sa chathaoir dheas shúgáin sin, ní'l sí le dul sa chómhair-
eamh eadrainn. Pé easnamh atá ar na trí bliaghna deug
ní raghaidh an t-easnamh i luíghead go dtí go bhfágfair-se
an áit sin. Dá mba mhaith liom-sa thú choimeád ansan
choídhche ní thiocfadh deire na h-aimsire choídhche.”



“Is beag d'á mhearbhall ort,” arsa'n Fear Dubh, “dá
dtoilightheá chuige sin go mbéadh an margadh briste agat
láithreach agus an greim céadna agam-sa ort-sa atá
agat-sa orm-sa anois.”



“Ní gádh dhom toiliughadh chuige, agus mar sin féin
ní gádh dhom iomad dithnis a bheith orm ad' leigint chun
siúbhail. Dá mba agat-sa bhéadh an lámh uachtair agus
neart agat ar na h-ingnibh sin d' imirt orm bhogfá
dhíom! Bhogfá go díreach!” arsa Séadna, agus do
tharaing sé chuige cathaoir agus shuigh sé inti, ar aghaidh
an Fhir Dhuibh amach.



“An fada a choimeádfair anso mé?” arsa 'n Fear
Dubh, agus é, ba dhóich leat, i ndeire an anama.



“Freagair-se cúpla ceist dómh-sa ar dtúis,” arsa
Séadna, go breagh réidh.



“Cuir chúgam iad! Cuir chúgam iad!” arsa 'n Fear
Dubh.


L. 266


“Cad d'imthigh ar fhear na méaracán?” arsa Séadna.



“Tá sé anso ceangailte agat go daingean.”



“Tusa!” arsa Séadna.



“Mise go díreach, thar a bhfeacaís riamh,” arsa 'n
Fear Dubh.



“Agus cad a bhí agat d'á dhéanamh ar an aonach?”
arsa Séadna.



“Bhí a lán agam 'á dhéanamh ann. Aon nídh amháin,
bhíos ag faire ort-sa feuchaint an gceannóchá an capall
úd. Dá gceannuightheá bhí an margadh briste agat agus
greim agam ort.”



“Agus bhogfá dhíom!” arsa Séadna.



“Am briathar ná bogfainn!” arsa 'n Fear Dubh.



“Ní lúgha 'ná bhogfad-sa dhíot-sa — go ceann tam-
aill. I gcás go bhfuil sé chómh maith agat do shuaimhneas
a cheapadh agus foidhne bheith agat. Tá an lámh uachtair
agam ort agus cuirfead mo thoil i bhfeidhm ort an fhaid
atá an chaoi agam air. An rud a dhéanfá-sa orm-sa
dá mbéadh an chaoi agat air. B'fhéidir go mbéadh truagh
agam duit dá mbéadh aon mhaith dhom ann, ach ní bhéadh.
Dá dtugainn-se bogadh ar do phian-sa anois dhíolfá-sa
an cómhar liom ar ball le géire do chur ar mo phian-sa
chómh fada agus d'fhéadfadh do dhícheal é. Tá sé chómh
maith againn bheith macánta díreach i n-ár ndeighleáil le
n-a chéile. Déanfad-sa mo dhícheal d'olc ort-sa anois
agus déin-se do dhícheal d'olc orm-sa ar ball, nó chómh
luath agus bhéidh an chaoi agat air. Is aon nídh amháin
dom olc nó maith do dhéanamh ort anois, i dtaobh a
mbéadh d'á bhárr agam ar ball. Pé maith a déanfaí
dhuit ní bhfaghfaí uait d'á bhárr ach an t-olc. Dhéin do
chuid airgid maitheas mór dómh-sa le trí bliaghna déag.
Is dóich liom gur thugas raint de d' dhlígh féin duit sa
deighleáil. Ní deirim 'ná gur dhéineas mórán uilc ort


L. 267


le trí bliaghna déag, mar dhíoluigheacht as tairbhe do
chod' airgid. Conus a thaithin leat ar dhéineas de mhaith-
eas le d'chuid airgid? Thugas gaoth do'n sparán, nár
thugas? Ar tháinig leat-sa puínn de'n tairbhe do lot?
Is eól duit Cé ar a shon gur thugas uaim do chuid air-
gid. Cad é do mheas ar an sgéal?”



Do sgeart an Fear Dubh ar gháirí, d'á mhéid teinneas
a bhí air.



“Airiú, greadadh chúgat, a amadáin,” ar seisean,
“do thaithin do ghnó go h-áluinn liom. Mise 'ghá lot!
Dar fiadh níor ghádh dhom aon phioc d'á dhuagh fhághail.
Ní fhéadfainn, agus mo mhíle dhícheal a dhéanamh, lot a
dhéanamh ar do chuid maitheasa níos fearr 'ná an lot a
dhéinis féin air, a dhuine gan chiall! Do loitis féin é
agus is tú b' fhearr chuige. ‘Tairbhe,’ a thugan tú ar
do shaothar! Airiú, a bhrealláin, ní tairbhe a bhí agat
d'á dhéanamh formhór na h-aimsire, ach toghadh díobhála.
Isé mo ghnó-sa féin a bhí agat d'á dhéanamh agus ba ró
mhaith chuige thú, agus, go deimhin agus go dearbhtha, is
mise bhí go buídheach díot! Is fearr go mór a dhéinis
mo ghnó-sa 'ná mar fhéadfainn-se féin é dhéanamh.
Dhéinis é níos deise agus níos slachtmhaire agus níos
críochnuighthe 'ná mar fhéadfadh mo dhícheal-sa é dhéanamh.
Ní fhéadfainn-se, agus mo dhícheal a dhéanamh, oiread
tairbhe do lot agus 'tá loitithe agat-sa, ná oiread
díobhála dhéanamh agus 'tá déanta agat le m' chuid
airgid. Is minic a chuireas raint airgid go maith, agus
is 'mó toirmeasg agus aimhleas agus achran agus mios-
gais agus fuil a tháinig as, ach ní deirim ná go bhfuil an
méid airgid a thugas duit-se ar an airgead is fearr a
chuireas riamh.”



Do stad Séadna, agus ní misde dhuit a rádh go raibh
iongnadh air.


L. 268


“Conus san anois?” ar seisean, “nó an amhlaidh a
mheasfá a chur 'na luíghe orm gur droch nídh déirc?”



“Ní droch nídh déirc,” arsa 'n Fear Dubh, “ach níor
dhéirc duit-se airgead nár leat do thabhairt do dhaoinibh
ná raibh puínn gádh acu leis — 'ghá gcur a'd mholadh os
chómhair na dúithe — ‘Ó, aililliú! Nach maith an fear
Séadna! Nach seóigh a bhfuil de thairbhe aige d'á
dhéanamh!’” Agus chuir sé meidhl air féin chun magaidh,
d'á mhéid trioblóid agus teinneas a bhí air.



“Ní chuige sin a thugas uaim an t-airgead,” arsa
Séadna.



“Cá bh' fhios dómh-sa san?” arsa 'n Fear Dubh.



“Fuarais do mholadh go h-árd pé i n-Éirinn é. Agus
bhí lot eile sa sgéal. Is mó go mór an díobháil 'ná
an tairbhe dhéin an t-airgead do chuid acu, dá mba 'na
ghátar go cruaidh féin dóibh é. Tá cuid acu lastíos
anois agam go daingean agus ní h-ann a bhéidís mura
mbéadh tusa thabhairt mo chod' airgid dóibh. Dá leig-
theá dhóibh bás d'fhághail do 'n ghorta is thuas a bhéidís
anois. Thugais déirc dóibh, dar leat, mar olc orm-sa.
Fan go dtéidhmíd síos agus go bhfeicir iad. Ansan
iseadh thuigfir tairbhe do shaothair agus cé air gur dhéinis
an t-olc. Ansan iseadh chídhfir cad é an buidhchas atá
acu ort. Mholadar thú nuair a thugais an t-airgead
dóibh. Gheabhair a mhalairt sin de mholadh uatha nuair a
raghair síos ar ball i n-aonfheacht liom-sa.”



“Measaim,” arsa Séadna, “gur mhaith é do chong-
namh-sa chun a chur fhiachaibh ortha a n-aimhleas do bhaint
as an airgead. Ní dhéanfadh an t-airgead díobháil dóibh
mura mbéadh tusa bheith ag séideadh fútha.”



“Ba ghairid le dul mo dhícheal ortha mura mbéadh
tusa do thabhairt an airgid dóibh,” arsa 'n Fear Dubh.



Do stad Séadna tamall ag feuchaint air.


L. 269


“Fiafruighim an méid seo dhíot,” ar seisean. “Cad
é an bac a bhí ort féin an t-airgead do thabhairt dóibh?
Cad ba ghádh dhuit bheith ag feitheamh liom-sa chun é thabh-
airt dóibh? Nó an ar mhaithe leó nár thugais dóibh é?
Choimeádais uatha é, is dócha, le h-eagla go ndéanfadh
sé díobháil anama dhóibh! Ní h-í sin tásg atá amuich
ort. B' fhéidir go bhfuil éagcóir d'á dhéanamh ort.”



“Cuir uait an magadh!” arsa 'n Fear Dubh. “Ní
h-ar mhaithe leó nár thugas féin dóibh é. Ní'l aon tásg
amuich orm ach an fhírinne. Níor thugas féin dóibh é mar
ní ghlacfaidís uaim é, d'á mhéid dúil a bhí acu ann agus
d'á mhéid gádh a bhí acu leis. Ní h-é gach aoinne dhéan-
fadh an margadh liom a dhéinis-se liom.”



“Is dócha nach é gach aoinne thiocfadh as mar atá
tagaithe as agam-sa,” arsa Séadna.



“Seachain!” arsa 'n Fear Dubh. “Ní'l tagaithe as
agat fós.”



“Fágaimís sin mar atá sé go fóil,” arsa Séadna.



“Glacaimís an gnó i ndiaigh chéile. Socaruighmís gach
nídh fé leith. Dar leat-sa, is mó an díobháil 'ná an
tairbhe a dhéineas nuair a thugas uaim an t-airgead 'na
dhéirc. Is dócha gur cuimhin leat an chéad dhéirc a thugas
uaim as an sparán. Is cuimhin leat an bhaintreach gur
thugas an cíos di i dtreó ná curfaí a' seilbh an tíghe
bhig í. Ba mhaith liom go 'neósfá dhom cad é an díobháil
áirighthe a dhéineas do'n bhaintrigh nuair a thugas an cíos
san di.”



“Is dóich leat,” arsa 'n Fear Dubh, “gur dhéinis ana
ghníomh an lá san. B' fhéidir go gcuirfead iongnadh ort
nuair a déarfad leat gur choisgis gníomh an lá san
dob' fhearr go mór agus dob' uaisle 'ná an gníomh a
dhéinis.”



“Cad é an gníomh uasal a choisgeas an lá san?


L. 270


Cuir a ainim air. Ní dhéanfaidh caint fhánach de'n tsórd
san an gnó. Dá leiginn leat-sa caint fhánach a dhéanamh
ar an gcuma san ní fios cá stadfaimís, agus churfá an
dubh 'na gheal orm agus an geal 'na dhubh. Siní do
cheard. Caith uait an cheard san anois agus labhair
cruinn. Cuir a ainim agus a shloinne ar an ngníomh
uasal a choisgeas an lá thugas an cíos do'n bhaintrigh
amach as do sparán.”



“Labharfad cruinn, ná bíodh eagal ort,” arsa 'n
Fear Dubh. “Dá gcurtí an bhaintreach amach an lá úd
chuirfeadh sí a toil le toil Dé, mar a dhéinean sí i gcómh-
nuidhe, an snamhaire. B' uaisle an gníomh é sin 'ná an
gníomh a dhéinis-se nuair a thugais an cíos di, rud nár
luígheaduigh thú féin blúire ar domhan. An dtuigean
tú an méid sin? Nó an gádh dhom labhairt níos
cruinne?”



“Tá go breagh!” arsa Séadna. “Tá go h-
áluinn!” ar seisean, “go h-áluinn ar fad! Is
dócha,” ar seisean, “gur bh' uaisle 'ná aon taobh acu
an gníomh a bhéadh déanta ag an mbáille dá gcuireadh
sé amach í.”



“Conus san?” arsa 'n Fear Dubh, agus chuir sé
bior ar a dhá shúil.



“Dhe 'sdó feuch anois nach dall ataoí!” arsa
Séadna. “Chuirfeadh sí a toil le toil Dé. Ach nach é
an báille a chuirfeadh fhiachaibh uirthi san do dhéanamh?
Nuair a curtar baintreach amach agus nuair a curtar
í féin agus a páistí bochta le fuacht agus le fán, má
chuirean sí a toil le toil Dé is gníomh uasal é. Ní
h-uirthi féin, ámhthach, is ceart a bhuidhchas do bheith
ach ar an mbáille do chuir amach í. Mura mbéadh
an báille ní déanfaí an gníomh uasal. Ná tuigean
tú?”




L. 271


“Ó, go deimhin is géar-chúiseach an duine thú!” arsa
'n Fear Dubh. “Dá mbéadh oiread agat d'á fhulang
agus atá agam-sa d'á fhulang anso b' fhéidir go mbain-
feadh sé cuid de'n ghéar-chúis díot!”



“Tá leigheas na baintríghe agat air,” arsa
Séadna.



“Cad é an leigheas é sin?” arsa 'n Fear Dubh.



“Do thoil do chur le toil Dé, moladh go deó leis!”
arsa Séadna.



“Ní chuirfinn dá dtugtí réim na bhFlathas dom air!”
arsa 'n Fear Dubh.



“Ó, an eadh!” arsa Séadna. “Ambasa bíodh do
rogha agat féin. ‘Beatha dhuine a thoil, dá mba ag
gabháil d'á thóin sa loch,’ nó mheasas a rádh,
‘sa teine.’ Ach inis an méid seo dhom. An amhlaidh
a mheasfá a rádh, suas le m’ beul, nár dhéineas olc
ort le n-ar thugas de d' chuid airgid do bhochtaibh
Dé?”



“Ní mór a dhéinis,” arsa 'n Fear Dubh, “agus
ní fiú é trácht air seachas an t-olc a dhéinis orm
le gníomh uait féin nár bhain leis an airgead i n-aon
chor.”



“Ní cuimhin liom aon ghníomh a dhéineas dob' fhearr
'ná ar dhéineas de dhéirc leis an airgead,” arsa
Séadna.



“Chuireas-sa namhaid ad' threó agus níor ghéillis
di,” arsa 'n Fear Dubh.



“Namhaid!” arsa Séadna. “Ní raibh aon namhaid
riamh agam ach tú féin. Ní dócha go measfá go ngéill-
finn duit-se an fhaid fhéadfainn an lámh uachtair fhághail
ort.”



“Ba shuarach le rádh mise mar namhaid seachas í
siúd,” arsa 'n Fear Dubh.


L. 272


“Seachas í siúd!” arsa Séadna. “Ní cuimhin liom
a leithéid. Cé r' bh' í féin? Cuir a h-ainim uirthi dhom.
Cruinnigh do chaint. Cuir uait an fhánaidheacht.”



“An bhean a dhéin cloch de d' chroídhe agus ceó de
d' cheann agus tulach ceardchan de t' aigne! An bhfuil
san cruinn a dhóithin duit?” arsa 'n Fear Dubh.


L. 273


Caibidiol a dó a's tríochad.



Do stad Séadna ag feuchaint air. Chimil sé a lámh
d'á shúilibh agus d' fheuch sé airís air. D' fheuch an bheirt
ins na súilibh ar a chéile ar feadh tamaill.



“Is tú an diabhal!” arsa Séadna, fé dheire.



“Ní bhainfeadh an diabhal féin an bhearna dhíot-sa!”
arsa 'n Fear Dubh. “Cheapas go gcuirfeadh an t-
airgead amú' thú. Is anamh duine a gheibhean é ná
déinean aimhleas dó féin agus b' fhéidir d' á lán eile,
mar gheall air. Tagan aimhleas d' á bhárr do'n t-é a
gheibhean é agus aimhleas do'n t-é ná faghan é. An t-é
gheibhean é tagtar ar an mbóthar roimis sa n-oídhche agus
marbhuightear é chun an airgid a bhaint dé. Isé an t-é
ná faghan an t-airgead a mharbhuighean an t-é a gheibhean
é. Sin aimhleas do'n bheirt sin de bhárr an airgid.
Déinean an t-airgead fiche aimhleas nach iad san. Is
'mó duine chaillean a mheabhair le baois agus le uabhar
agus le mór-is-fiú, a bhéadh úmhal go maith dá mbéadh
sé dealbh. Is 'mó duine a dhéinean ciorbhadh ar a
shaoghal le meisgeóireacht nuair a bhíon a phócaí lán,
agus go mairfeadh sé céad dá mbéidís folamh.”



“Is dóich liom go bhfuil iaracht de dhearmhad ort sa
méid sin,” arsa Séadna. “An fear úd a mharbhóch'
duine chun an airgid d' fhághail, cad ba ghádh dhó an
marbhadh san do dhéanamh dá mbéadh a dhóithin airgid
aige féin? Measaim-se go gcuirean pócaí folamha
daoine ar a n-aimhleas chómh minic agus chuirid na pócaí
lána ar a n-aimhleas iad. Is dócha gur eól duit an
sean fhocal: ‘Teasbach dearg nó fíor-riactanas an
dá nídh is fearr chun duine cur ar aimhleas.’”


L. 274


“Siné ball, díreach, 'nar mhillis-se mise glan,” arsa
'n Fear Dubh. “Bhí an fíor-riachtanas ar dtúis ort
agus níor dhéin sé aimhleas duit. Dhéinis an déirc
nuair ná raibh agat ach na trí sgillinge. Nuair a chonac
san bhí a fhios agam ná déanfadh an riachtanas ba ghéire
aon aimhleas duit. Bhíos lán deimhnightheach go ndéan-
fadh an saidhbhreas duit an rud a theip ar an riachtanas.
Níor dhéin. Nuair a chonac ná raibh aon bheann agat ar
an saidhbhreas ach chómh beag leis an riachtanas cheapas
teacht ort ar shlígh eile. Chuireas an namhaid eile úd
ad' threó. Is mór é m' eólus ar dhaoinibh agus is dlúth
é mo thaithíghe ortha. Is minic a chonac duine ná déan-
fadh riachtanas aimhleas dó, agus is minic a chonac
duine ná déanfadh saidhbhreas aimhleas dó. Ach is anamh
riamh a chonac duine ná bainfeadh an namhaid eile úd
d'á bhunaibh é. Níor bhain an namhaid eile sin thusa de
d' bhunaibh agus bhain sin mise de m' bunaibh. Tá teip-
ithe orm a dhéanamh amach cad é an saghas duine thú i
n-aon chor.”



“Namhaid! namhaid! a thugan tú uirthi!” arsa
Séadna. “Ní namhaid í, agus is ró mhaith is eól duit-
se nach eadh. Ní tusa chuir am' threó í. Isé Dia chuir
am' threó í, moladh go deó leis! Dá mbéadh a leithéid
agat-sa le cur am' threó ní baoghal ná go gcurfá a
malairt siúd am' threó. Dá mbéadh namhaid agat 'á
toghadh dhom gan amhras do thoghfá namhaid i gceart.
Cuir uait an camastuíol. Inis an fhírinne. Ní thaith-
nean an fhírinne leat, nídh nach iongnadh, ach tá ort an
fhírinne d'innsint sa chathaoir sin d'á mhéid fuath atá
agat di. Inis an fhírinne dhom. Cad chuige dhuit
namhaid a thabhairt uirthi siúd, agus cad chuige dhuit a
rádh gur tusa chuir am' threo í?”



“D'á mhéid í do chiall agus do thuisgint ní thuigean


L. 275


tú mo ghnó-sa,” arsa 'n Fear Dubh. “Is dóich leat-sa
gur ó n-a namhaid a thagan mí-ádh agus mí-fhortiún agus
aimhleas ar dhuine. Tá dearmhad mór ort. Caradas
agus muíntearthas agus grádh agus ionmhuine isiad a
tharaingean chun aimhleasa leath an tsaoghail, ní h-eadh, ach
formhór an tsaoghail. Béidh duine ar a chosaint féin i
n-aghaidh a namhad ach ní bhéidh sé ar a chosaint féin i n-
aghaidh a charad. Má gheibhean duine cómhairle a
aimhleasa ó n-a namhaid ní ghlacfaidh sé an chómhairle.
Déanfaidh duine rud ar a charaid ná déanfadh sé choídhche
uaidh féin. I n-aghaidh an aon duine amháin a dhéinean a
aimhleas as a chómhairle féin, tá fiche duine agus is
cómhairle ó charaid a chuirean suas chuige iad. Dá
leigtí dhóibh féin b' fhéidir gur b' é a leas a dhéanfaidís.
Dá mba ó namhaid a gheabhaidís an chómhairle ní baoghal
go nglacfaidís an chómhairle. Is minic a dhéin duine
a leas le diúltughadh do chómhairle a gheabhadh sé ó namh-
aid. Ní h-ó n-a namhaid a bhíon duine i gcontabhairt
a aimhleasa choídhche ach ó n-a cháirdibh. D'á dhílse é an
caradas iseadh is mó an chontabhairt agus is measa an
t-aimhleas, mar iseadh is tugtha an géille. Má 's grádh
do mhnaoi a bhéidh ag seóladh an duine ar a aimhleas, sin
deire le cómhairle leasa agus sin deire le cosaint ag
an nduine sin air féin. Sin deire le ciall agus le
meabhair agus le tuisgint agus le breitheamhantas an
duine sin. D'á fheabhas í an bhean iseadh is críochnuighthe
an mhí-chiall sa bhfear. Má thugan bean áluinn, fhógh-
anta, chiallmhar, dhathamhail, óg, grádh a croídhe go h-
iomlán do'n fhear san, agus eisean di sin, déanfaidh
an fear san éagcóir ar a bhreitheamhantas féin agus
déanfaidh fé a aimhleas os cómhair a shúl níos túisge
'ná mar a dhéanfadh sé rud ba dhóich leis ná taithnfeadh
léi-se. Agus déanfaidh sise an cleas céadna díreach


L. 276


níos túisge 'ná mar a dhéanfadh sí an rud ba dhoich léi
ná taithnfeadh leis-sean. Tá breall ar an sean fhocal
sa n-aon nídh amháin sin, pé 'n-Éirinn é. Is maith a
rud teasbach dearg chun duine chur ar a aimhleas, agus
is maith an rud fíor-riachtanas chun duine chur ar a
aimhleas, ach tá rud is fearr chuige 'ná aon taobh acu,
'sé sin grádh, nó caradas, nó ionmhuine. Tá daoine
thíos i n-ifrean anois agam, daoine a dhéin aimhleas
dóibh féin mar gheall ar ghrádh nó ar charadas, agus ní
baoghal go mbéidís ann dá mba ná béadh chun iad do
chur ann ach teasbach nó riachtanas. Is 'mó fear agus
bean gur theip orm glan aon dochar a dhéanamh dóibh le
teasbach ná le riachtanas, agus nár sheasaimh abhfad gan
aimhleas a dhéanamh dóibh féin nuair a chuireas an namhaid
eile úd 'na dtreó. Chuireas, mar a dúbhart leat, an
namhaid eile úd ad' threó-sa, ach ní raibh aon nídh d'á
bhárr agam. Rud is anamh dom, do theip orm aon
bhúntáiste bhreith ort. Ní dóich liom gur duine thu i
n-aon chor, i gceart. Ní thaithnean leat mé thabhairt
namhaid uirthi. Nach í an namhaid is namhadaíghe ag duine
an namhaid is mó dhéanfaidh d'aimhleas dó?”



“Tugaim an t-éitheach duit amach as do bheul féin,”
arsa Séadna. “Níor dhéin sí aon aimhleas dómh-sa
agus d'á bhrígh sin is bréag duit namhaid a thabhairt
uirthi.”



“Níor dhéin sí aimhleas duit, ach ní h-uirthi is ceart a
bhuidhchas san do bheith, ná orm-sa. Dhéin sí a dícheal
chuige agus dhéineas-sa mo dhícheal chuige. Dhéin sise a
dícheal tré mhéid a grádh dhuit. Dhéineas-sa mo dhícheal
agus geallaim dhuit nach tré grádh dhuit é. Theip an
cluiche orainn araon. D'imireas an cheard is fearr a
bhí agam ort, ach tá buaidhte agat orm.”



“Ní mholaim do cheard,” arsa Séadna, “pé meas


L. 277


atá agat féin uirthi. Mheasas a rádh ‘nár chúitighthear
do shaothar leat!’ ach crosaim airís tú. Deirim ó
chroídhe leat, go gcúitighthear do shaothar leat! Ba mhór
an truagh a leithéid de shaothar a dhul gan a chúiteamh.
Chuiris namhaid, dar leat, am' threó-sa. Measaim gur
dhéinis dearmhad i mball éigin ad' chúntaisí. Ní mar
a braithtear a bídhtear go minic. Thugais airgead dómh-
sa le h-ionchas go ndéanfadh sé aimhleas dom. Theip
ort i dtaobh an airgid. Chuiris an namhaid eile, mar
a deirir, am' threó. Do theip ort sa tarna cluiche fé
mar a theip ort sa chéad chluiche. Inis dom go cruinn
cad air go bhfuil a mhilleán agat an cluiche do dhul
ad' choinnibh. Labhair cruinn, léir. Ní thaithnean fánaí-
dheacht cainte liom. Gan amhras is tú chuir am' threó
an t-airgead. Ní chreidim uait gur chuiris aon nídh
eile am' threó. Táir ró oilte ar an éitheach. Ní féidir
do dhuine rud a chreideamhaint uait mura bhfeicidh a dhá
shúil féin é. Inis an fhírinne dhom.”



“Innsim an fhírinne uaireanta,” arsa 'n Fear Dubh,
“agus 'neósfad anois í. 'Neósfad duit í i dtreó go
bhfeicfidh do dhá shúil féin í. Is maith liom í dh' innsint
duit mar tá a fhios agam ná taithnfidh sí go ró mhaith
leat. Cheapas go gcomáinfeadh an t-airgead amú' thú
mar a chomáinean sé gach aoinne a gheibhean é, nach mór.
Cheapas nár bh'fhada go mbéidhtheá agam gan puínn de
d' dhuagh fhághail. Nuair a fuaras ar an aonach tú ag
ceannach an chapaill mheasas go rabhais agam láithreach.
Cheapas go raibh do phort seinnte, nach mór sul a raibh
sé tosnuighthe i gceart. Nuair a chonac ag imtheacht tú
agus gan an ceannach déanta bhí iongnadh orm cad a
bhí ag cur ort. Thugas tarcuisne dhuit os cómhair
na ndaoine feuchaint an bhfillfeá agus an t-airgead
do dhíol. Níor fhillis. Chromais do cheann agus


L. 278


do rithis leat féin mar a dhéanfadh spreallairin
madra —”



“Tuigim,” arsa Séadna. “Comáin leat.”



“Tá óigbhean ansan thiar,” arsa 'n Fear Dubh, “agus
ó'n lá a baisteadh í go dtí an lá atá indiu ann tá
teipithe orm glan filleadh ná feacadh bhaint as a toil
'ná as a h-aigne. Pé toirmeasg a chuirim 'na treó ní
bhainean sé aon bharathuisle aisti. Bhí sí ag teacht ó'n
sráid tráthnóna. Chuireas righneas uirthi. Thuit a
codla uirthi i lúib de'n bhóthar. Nuair a dhúisigh sí as a
codla bhí sé i n-am mhairbh na h-oídhche. Ghluais sí fé
dhéin an bhaile agus í ag crith le h-eagla. Nuair a bhí
sí ag déanamh siar ar Bhóthar na Bró cé bhéadh ar lár
an bhóthair ann roímpi ach an sprid. Shíleas go dtuit-
feadh an t-anam aisti. Chuireas mé féin ad' chlódh-sa.
Bhuaileas tháirse amach. D'aithin sí thusa ionam. Dhéin-
eas ceann ar aghaidh ar an sprid agus sgian choise
duibhe am' láimh agam, mar 'dh eadh. Ba ghearr go raibh
deire leis an sprid. Ansan d' fhilleas ar an óig-
mhnaoi agus dhéineas í thionnlacan siar isteach go dorus
tíghe a h-athar.”



“Dá mbéadh a fhios aici cé bhí 'ghá tionnlacan!”
arsa Séadna.



“Cheap sí gur tusa a bhí 'ghá tionnlacan,” arsa 'n
Fear Dubh, “agus is dóich liom go raibh iaracht de
mhórdháil uirthi a rádh gur chuir aon duine é féin i n-a
leithéid de chontabhairt ar a son. As san amach tháinig
árd uraim aici dhuit-se. Ní fheacaís daonaidhe riamh sa
chás 'na raibh sí ó'n oídhche sin amach. Bhí an sgéal aici
díreach mar a bhí ag an bhfile úd a dúbhairt:—



‘Is bocht an toisg an toisg go bhfuilim i bpéin;
Mo thuisgint ó m' thoil, a's mo thoil ag druidim
ó m' chéill!


L. 279


Ní thuigean mo thoil an toil do'm thuisgint is léir;
Nó má thuigean ní toil léi ach toil a tuisgiona
féin!’



“Bhí a fhios ag an gcailín mbocht go raibh a toil ag
imtheacht bun os cionn le n-a ciall, a toil 'ghá tiomáint
agus a ciall 'ghá tarang siar; a toil ag tabhairt a
croídhe agus a h-aigne suas duit-se, agus a ciall 'ghá
thaisbeáint di go soiléir go raibh óinseach aici d'á
dhéanamh dí féin mar gheall ort. Bhí an chaismirt chómh
dian san 'n-a h-aigne gur imthigh a goile uaithi agus ná
féadadh sí aon neul de'n oídhche do chodladh. Nuair a
chíodh sí thusa, agus dob' orm-sa a bhuidhchas gur mhinic
sin, ba bheag 'ná go n-imthigheadh a raibh de mheabhair an
tsaoghal aici amach as a ceann agus as a h-aigne. 'Na
dhiaigh san, nuair a thuigeadh sí í féin, ba dhóich leat go
ndéanfadh dhá leath d'á croídhe le náire agus le ceann-
fé agus le cathughadh. Fé dheire chuir sí chúgat an
bhaintreach, mar is eól duit.”



“Go gcúitighthear do shaothar leat!” arsa Séadna
go dúrthachtach.



“Tá sé cúitighthe liom cheana go h-iomlán,” arsa 'n
Fear Dubh, “agus is ort-sa atá a bhuidhchas agam. Is
mise chuir ad' threó í. Ná bíodh aon phioc d'á mhearbhall
ort. Do chuireas ad' threó í agus do choimeádas ad'
threó í. Do thuigis méid a maitheasa. Do thuigis
feabhas agus uaisleacht a h-aigne. Do bhreithnighis áil-
neacht a snuadh agus a clódh agus a pearsan gan locht.
Ní raibh bean eile ar t' aithne i n-aon ghaor do bheith
chómh dathamhail léi. Is doimhinn, dorcha, dúblálta an
fear thú. Is beag é eólus aoinne ar an rud a bhíon
istigh ad' chroídhe nuair a oirean duit é choimeád agat
féin, ach níor fhéadais a choimeád uaim-se conus a bhí
an sgéal agat 'na taobh súd. D'á dhoimhne agus d'á


L. 280


dhoirche é do chroídhe níor fhéadais an t-eólus a choimeád
uaim-se go raibh a grádh súd chómh láidir chómh daingean
ionat agus bhí grádh do mhnaoi i gcroídhe aon fhir d'ár
mhair riamh. Níor mheasas go raibh an fear san beó ar
an saoghal so d' fhéadfadh chur 'na choinnibh! Is beag
má chuir aon rud riamh oiread iongnadh orm agus chuir
an freagra úd a thugais ar an mbaintrigh. Má dhéineas
dícheal riamh do dhéineas an uair sin é, chun tusa chur
i dtreó ná féadfá tarang siar. Do bhuadhais orm d'
aimhdheóin mo dhíchil. An bhean is fearr i n-Éirinn
chuiris ód' chroídhe í agus a grádh greamuighthe ionat!
Chuiris ó d' chroídhe í agus a croídhe d'á raobadh le grádh
dhuit! Ní fheadar an duine daona i n-aon chor thú!
Ba chuma leat dá gcurthá sa n-uaigh í! Cad é an
díobháil dom ach an chúis. Do chroídhe féin agus a
croídhe sin do stracadh ó n-a chéile — ar son an —”



“Críochnuigh é!” arsa Séadna.



“Ar son an t-É atá thuas!” arsa 'n Fear Dubh.
“‘Slánuightheóir’ a thugan sibh air. Siné an gníomh
a thug an lámh uachtair duit orm-sa. Siné an gníomh le
n-ar bhrúighis agus le n-ar mhillis mé, agus ní h-é do
chuid déarca gan áird gan tairbhe.”



“Tá a lán cainte déanta agat,” arsa Séadna, “ach
sa chaint go léir ní'l innste agat ach taobh de'n sgéal.
Is fíor dhuit go gcuirean grádh agus caradas agus
muíntearthas agus ionmhuine a lán daoine ar a
n-aimhleas. Ach nach mór an iongnadh ná feicean tú go
gcuirid na neithe céadna san a lán daoine ar a leas
leis? Déanfaidh duine rud ar a charaid ná déanfadh
sé choídhche uaidh féin. Agus déanfaidh duine a leas go
minic, ar chómhairle mhaith ó chara dhílis chiallmhar, an
uair, b' fhéidir, gur b' é a aimhleas a dhéanfadh sé dá
mba ná béadh an cara san aige chun na cómhairle sin a


L. 281


thabhairt dó sa n-am chóir. ‘Má 's grádh do mhnaoi,’
arsa tusa, ‘a bhéidh ag seóladh an duine ar a aimhleas,
sin deire le cosaint ag an nduine air féin.’ Tá go
maith. Ach cuir i gcás gur bean fhóghanta chiallmhar an
bhean, bean a bhreithneóchaidh 'na h-aigne go géar agus
go cruinn na neithe a bhéadh aimhleasta do'n fhear san,
agus a dhéanfaidh a dícheal ar é mhealladh uatha, bean a
bhéidh coitchianta ag guidhe chun Dé ar son an fhir sin,
'ghá iaraidh ar Dhia é chur bun os cionn le gach droch nídh
agus a aigne do spriocadh chun an ruda a dhéanfaidh
tairbhe anama agus chuirp dó, bean a dhéanfaidh úsáid
de'n ghrádh atá ag an bhfear san di chun a chur fhiachaibh
air an droch nídh a thaithnean leis féin do sheachnadh agus
an rud fóghanta a thaithnean léi-se do dhéanamh, nach dóich
leat gur maith an congnamh, i dteannta grásta Dé, an
bhean san chun an fhir sin do chur ar a leas agus chun é
choimeád ó n-a aimhleas? Dar leat-sa ní'l ach ciall
chun duine chur ar a leas, nó mí-chiall chun é chur ar a
aimhleas. Dhéinis féin aimhleas botúnta dhuit féin aon
uair amháin. Ba mhór í do chiall an uair sin. Ach
measaim go raibh breall ar do chiall! Is maith an rud
ciall gan amhras. Ach tá neithe is fearr go mór 'ná
í. Is minic a dhéinean grádh agus muíntearthas agus
caradas agus ionmhuine tairbhe do theipfeadh ar chiall
an domhain. Tá rud nach iad san go léir is fearr 'ná
iad agus 'ná pé ciall a bhéadh ag dul leó. Ní fheadar
an bhfuil aon eólus agat-sa ar an rud san. Isé rud
é 'ná úmhluigheacht. Tá a fhios agam go maith ná taith-
nean an rud san leat-sa. Nuair a bhís ag breithniughadh
ar na neithibh is fearr chun duine chur ar a aimhleas is
mairg dhuit nár dhéin machtnamh beag ar an nídh is fearr
a choisgean aimhleas. An áit 'na mbíon an úmhluigheacht
bíon grásta Dé ann. Is treise go mór grásta Dé


L. 282


chun an duine chur ar a leas 'ná na neithe úd go léir
d'áirighis-se chun an duine chur ar a aimhleas. Ní h-é
an gníomh úd a dhéineas-sa do mhill thú. Níor chóir
puínn de bhuidhchas an ghnímh sin a bheith orm-sa. Dhéin-
eas an gníomh mar ní raibh leigheas agam air. Feabhas
na mná fé ndear é. Ní fhéadfainn a leithéid d'éagcóir
a dhéanamh ar a leithéid de mhnaoi. D'á olcas mé ní
'lim chómh h-olc leat-sa fós. Dá gcurthá bean ná béadh
chómh maith léi am' threó cá bh' fhios ná go n-eireóch' an
cluiche leat níos fearr. 'Neósfad-sa dhuit cad a mhill
thú. Do sháruigh an t-olc ar an olc agat. Do bhuaidh
droch thaobh de d' ghnó ar an ndroch thaobh eile dhé. ‘Ruith
mhadra an dá cháis,’ isé a bhí ort. ‘Ní thagan an dá
thráigh leis an ngobadán.’ Dá bpósainn an uair úd í
conus bhéadh an sgéal anois aici, agus agá clainn, dá
mbéidís ann!”



“Agus nach shiné díreach a bhí uaim!” arsa 'n Fear
Dubh. “Bhís i ngrádh léi chómh mór agus a bhí aon fhear
riamh i ngrádh le mnaoi. Ní fheaca riamh aon bheirt chómh
dlúithte i n-a chéile, chómh mór cion ar a chéile, chómh mór
uraim d'á chéile. Cé mheasfadh go bhféadfá í chur ó d'
chroídhe! Cé mheasfadh go bhféadfadh sise bheith sgartha
leat-sa agus bheith beó! Admhuighim gur bhuaidh an méid
sin orm.”



“Chuireas ó m' chroídhe í ar son an tSlánuightheóra,”
arsa Séadna. “Ní fhéadfainn a leithéid d' éagcóir a
dhéanamh ar a leithéid de mhnaoí. Siné an sgéal go
léir agat. Má 's tú chuir am' threó í is tú féin a mhill
thú féin. Dúbhraís gur theip ort filleadh ná feacadh
bhaint aisti riamh. Níor mhaith an chiall duit tabhairt
fúithi sa ghnó so. Ba chóir go raibh sean aithne agat
uirthi. Cheapais greim fhághail ar bheirt againn agus is
amhlaidh atá greim daingean ort féin anois.”


L. 283


“Tá an éagcóir agat,” arsa 'n Fear Dubh. “Ní h-í
fé ndear an cluiche ghabháil am' choinnibh ach tusa. Phós-
fadh sí thú láithreach dá n-iarthá uirthi thú phósadh. Cad é
sin agam dh'á rádh! Ní raibh ort é iaraidh uirthi. Bhí sí
féin chómh mór san as a meabhair le grádh dhuit gur dhéin
sí rud nár mheasas fhéadfadh sí a dhéanamh pé cor a
bhéarfadh í. D'iar sí ort í phósadh — agus d' eitighis
í! Greadadh chúgat, cad é mar shaghas fir tú! Do
ghníomh-sa isé mhill mé. Uaisleacht an ghnímh sin isé
mhill mé. An bhean san do chur ó d' chroídhe, mar a
dhéinis, níos túisge 'ná dhéanfá an éagcóir. Ní fheadar
an bhfuil fear eile beó d' fhéadfadh a leithéid do dhéan-
amh. Siné mhill mé. Siné chuir tusa ansan agus mise
anso.”



“Do thárla maith go leór,” arsa Séadna; “tusa
ansan agus mise anso. Ní'l aon locht agam-sa ar an
órdughadh san, pé duine fé ndear é.”



“Ní mar sin dómh-sa san,” arsa 'n Fear Dubh.



“‘Moladh gach aoinne an t-ádh mar a gheabhaidh,’”
arsa Séadna.



“Seo! seo! leig uait me!” arsa 'n Fear Dubh.
“Tá an mí-fhortiún ar an áit seó le nímhneacht. Ní
bhfuaras a leithéid de bheiriughadh le fada. Sgeímhle
ort! Leig uait me! Cad dob' áil leat anso dhíom!”



“Go réidh! go réidh!” arsa Séadna. “B' fhéidir
gur fada go mbéidhmís ar aghaidh a chéile mar seo airís
agus tá rud beag eile ag déanamh mearbhaill dom.
Táim ag éisteacht le d' chaint ansan le tamall maith.
Is cruinn an tuairisg atá fághalta agam uait ar a bhfuil
de cheilg agus de chalaoís agus de chleasaibh agus de
chamastuíol imeartha agat orm féin le trí bliaghna
déag. Ní raibh sa chleasaidheacht san go léir, ámhthach, ach
an rud ba cheart d' aoinne a cheapadh bhéadh aige le


L. 284


fághail uait-se. Ach an bheart a dhéinis ar an óig-mhnaoi
sin thiar, gan chúis gan adhbhar, gan ghádh gan riachtanas,
gan í 'ghá thuilleamh uait ar aon tsaghas cuma d'ár
dhealbhuigh Dia (moladh go deo leis!) is dóich liom gur
b' í sin beart is gráinneamhla d'á bhfeacaidh aoinne riamh
déanta ag duine ná ag diabhal! Ní féidir an bheart
san do shárughadh i bhfeall ná i spriúnlaitheacht ná i n-
olcas. Is í beart is caillte í, agus is mailísíghe, is
dóich liom, d'ár déineadh riamh. Faire fút! Ó, faire
fút, a rud ghránda! Agus tú féin, ní h-amháin ag
admháil an ghnímh, ach ag maoidheamh as! Níor mheasas
go raibh do leithéid thíos i n-iachtar ifrinn féin. Gráin
ort! Ó, gráin mo sgart ort! Agus feuch. Deir-
tear go rabhais-se lá ar an aingeal dob' áilne agus ba
ghile agus dob' uaisle agus dob' aoirde cáil d'á raibh
i n-uachtar na bhFlathas thuas! ‘Moladh le Righ na
naomh! is mór 'dir indé agus indiu’ agat. Dob' fhada
síos an tuitim agat é. Ní foláir nó is beag d'á
choinne a bhí agat tamall go mbéarfadh sé ad' bheathaigh
ort tú bheith ceangailte sa chathaoir shúgáin sin agam-
sa!”



“Ní h-é sin atá ag déanamh mearbhaill duit,” arsa
'n Fear Dubh.



“Táim ag teacht chuige,” arsa Séadna. “Is mór de
dhuagh an oilc atá agat d'á fhághail. Is dóich liom gur
mó a gheibhean tú de dhuagh an oilc 'ná mar a fuair
aoinne riamh de dhuagh maitheasa. Agus gan agat de
bhárr do shaothair ach an t-olc. Is mór é t' eólus. Is
mór í do chiall. Is ciall cheannaigh agat í, nó an chuid
is mó dhi. Tá inntleacht ghéar agat. Tá an aigne go
h-aibigh agat. Ní'l d'úsáid agat d'á dhéanamh des na
tréithibh maithe san ach bheith ag saothrughadh an oilc leó.
Ní'l de thoradh ar do shaothar ach an t-olc. Is bocht an


L. 285


sgéal agat é. Ná béadh sé chómh saoráideach agat an
saothar san go léir, agus an t-eólus, agus an innt-
leacht, agus an ghéar-chúis, agus an chiall, má 's ciall
cheannaigh féin í, do chur chun tairbhe éigin do shaoth-
rughadh? B' fhéidir, luath nó mall, go mbéadh rud
éigin i n-éaghmais an oilc de bhárr do shaothair
agat.”



D'fheuch an Fear Dubh ins na súilibh ar Shéadna agus
mheas Séadna ná feacaidh sé riamh feuchaint chómh diab-
laídhe.



“Feuch, a Shéadna,” ar seisean, “níor labhair aoinne
riamh fós ar an gcuma san liom. B' fhéidir dá labhradh
ná béadh an sgéal indiu agam mar atá. Ní cuid ba
lúgha 'ná a fhonn a bhéadh orm do chómhairle ghlacadh agus
rud a dhéanamh ort feasda. B' fhéidir gur bh' fhearr
déanaighe 'ná ró dhéanaighe. Ach cad dob' áil leat anso
dhíom anois? An airighean tú leat mé? Leig uait
mé agus bíodh trí bliaghna déag eile agat!”



“Seadh go díreach!” arsa Séadna. “Agus ansan
má théidhim ar aonach nó ar margadh ag ceannach bó nó
capaill tiocfair-se ad' fhear méaracán agus tabhar-
fair ‘gréasaidhe beag buídhe na mealbhóige’ orm os
cómhair na ndaoine, agus béidh tú ag faire orm, a gan
fhios dom, do ló agus d' oídhche, feuchaint cathain a
dhéanfainn dearmhad. Ní beag liom de'n tsórd san
margaidh.”



“Cuirimís sa mhargadh gan mé teacht ad' ghoire i n-aon
chor i gcaitheamh na h-aimsire,” arsa 'n Fear Dubh.



“Ná aoinne uait,” arsa Séadna.



“Ná aoinne uaim,” arsa 'n Fear Dubh.



“Agus neart a bheith dhom ar aon úsáid is maith
liom a dhéanamh de'n airgead,” arsa Séadna.



“Déin go rogha úsáid de,” arsa 'n Fear Dubh


L. 286


“Ceannaigh a bhfuil de bhuaibh agus de chapaillibh ar
aontaíbh na h-Éirean leis má 's maith leat é.”



“Agus mise do chur brígh na mionn ort-sa fé mar a
chuiris-se orm-sa,” arsa Séadna.



“Táim sásta,” arsa 'n Fear Dubh.



“Abair ‘Bíodh 'na mhargadh!’” arsa Séadna.



“Bíodh 'na mhargadh!” arsa 'n Fear Dubh.



“Fé bhrígh na mionn!” arsa Séadna.



“Fé bhrígh na mionn!” arsa 'n Fear Dubh.



A dhaoine mh' áran agus mh' anama! Ní túisge bhí an
focal san as a bheul ag an bhFear nDubh 'ná bhí sé 'na
shuídhe as an gcathaoir agus a dhá láimh sínte amach aige
chun beirthe ar Shéadna!



“A phreabaire,” ar seisean, “dúbhart ná tiocfainn
ach ní dúbhart go n-imtheóchainn!”



Ba mhaith an mhaise ag Séadna é, do tharaing sé an
lámh dheas amach as a bhrollach agus an tseóid aige
inti, agus d'árduigh sé an lámh i gcoinnibh a namhad.



“Fíoghar na Croise Céasda idir mé agus tú!” ar
seisean, agus dhéin sé Fíoghar na Croise leis an láimh
agus an tseóid inti.



Nuair a chonaic an Fear Dubh an lámh do tharaing sé
siar beagán. Nuair a dúbhairt Séadna na focail
bheannuighthe, le linn Fíoghair na Croise dhéanamh dó, las
an solus sa liarthóid chómh láidir sin go raibh sé ag
taithneamh tríd an láimh amach, i dtreó go raibh radharc
ar na cnámhaibh agus ar na féitheachaibh. Le linn na
bhfocal a chríochnughadh do Shéadna do dhéin liarthóid
teine de'n Fhear Dhubh os cionn na cathaoireach. Ansan
do tháinig mar bhéadh soc caol thíos ar an liarthóid teine
agus do ghluais sí síos tríd an gcathaoir, 'na slabhra
teine, agus síos tríd an dtalamh, sa n-áit díreach 'na
raibh an sgilling.


L. 287


An fhaid a bhí an slabhra teine ag sleamhnughadh síos
tríd an dtalamh do mhothuigh Séadna mar a bhéadh fion-
achrith 'na chroicean agus mar a bhéadh luasgadh fola 'na
bhallaibh beatha agus 'na cholainn agus suas 'na cheann.



“Moladh le Rígh na naomh!” ar seisean.



Bhí a cheann i rachtaibh sgolta le teinneas. Do bhailigh
sé leis, chómh maith agus d' fhéad sé é, go dtí an áit
'na raibh a leabaidh, agus shín sé inti. Bhí sé gan aithne
gan urlabhra láithreach.


L. 288


Caibidiol a trí a's tríochad.



Nuair a dhúisigh sé as a chodla is amhlaidh a fuair sé
é féin agus é ag rádh na bhfocal úd d'fhág sé gan chríoch-
nughadh nuair a bhí sé ag caint leis an mnaoi chos-
nochtaithe ar an gcnuc.



“Bheirim a bhuidhchas leis an Athair Síoruidhe a chruth-
uigh thú! — agus le h-Íosa Críosd a cheannuigh thú! —
agus leis an Spioraid Naomh a bheannuigh thú!”



Dar leis féin is sínte ar an bplásóig a bhí sé, agus
cheap sé go raibh sí ansúd i n' aice, ach gan radharc a
bheith aige uirthi. Nuair a choruigh sé a lámh agus fuair
sé an t-éadach leapthan air bhí iongnadh a chroídhe air. Bhí
iongnadh ba mhó 'ná san air nuair fheuch sé 'na thímpal
agus chonaic sé frathacha an tíghe. Chrom sé ar mhachtnamh
agus ar smaoineamh agus ar chur agus ar chúiteamh i
n'aigne, a d' iaraidh a dhéanamh amach conus a tháinig sé
isteach ó'n gcnuc. Níor bh' fhéidir leis an sgéal a
thuisgint. D' fheuch sé i dtreó na finneóige. Chonaic
sé duine thall i n-aice na finneóige. Bean dob' eadh
í. An bhean fhriotháilte chéadna a bhí ag tabhairt aire do
Dhiarmuid Liath nuair a bhí an bhreóiteacht air, isí a bhí
ann! Tháinig iongnadh agus alltact ar fad ar Shéadna
nuair a chonaic sé í sin. Ní fheidir sé an tsaoghal cad
a thug ann í, ná cad a thug é féin sa n-áit 'na raibh
sé, agus gur amuich ar an gcnuc, ar an bplásóig, do
shín sé chun codlata i dtusach na h-oídhche roim ré, dar
leis. Cad a thug isteach ó'n gcnuc é? Nó má tháinig
sé féin isteach conus nár chuimhin leis teacht isteach?
An amhlaidh a shiúbhluigh sé isteach agus é 'na chodla?
Do mhothuigh sé a chnámha teinn. D'fheuch sé ar a dhá


L. 289


láimh. Ní raibh ionta ach na cnámha. Chuir sé lámh síos
ar a chliabh. Bhí na h-asnaidheacha chómh lom aige le
seana chiseán!



“Ní fheadar ó thalamh an domhain,” ar seisean, i
n' aigne féin, “cad 'tá imthighthe orm!”



Ghlaoidh sé ar an mnaoi. Níor aithin sé a ghlór féin
bhí an glór chómh lag san. Phreab sise chuige anall
láithreach. “Ó, moladh go deó le Dia! a Shéadna,” ar
sise, “tá do chiall agus do mheabhair agat fé dheire!
Tá sé curtha dhíot agat. Ní'l baoghal ort anois, le
congnamh Dé.”



“Cad tá curtha dhíom agam?” ar seisean.



“Tá,” ar sise, “an t-éagcruas cinn ba mheasa d'ár
bhuail riamh umam. Ach tá sé imthighthe, buidhchas mór le
Dia d'á chionn! Ná labhair a thuille anois, taoi 'n tú
ró lag chun puínn cainte dhéanamh. Ní fada go mbéidh
tú láidir do dhóithin chuige, le congnamh Dé. Tá deoch
anso agam duit. Ól uaim é. Déanfaidh sé maitheas
duit. Siné!”



“An fada 'táim anso, a Mháire?” ar seisean.



“Tá trí seachtmhaine ó thánag-sa,” ar sise, “agus is
dóich liom go rabhais breóite trí lá sul ar cuireadh
fios orm.”



Do luigh Séadna siar agus dhún sé a shúile, ach ní chun
codlata é.



“Trí seachtmhaine!” ar seisean i n'aigne. “Cad tá
imthighthe orm i n-aon chor? A Mháire!” ar seisean
leis an mnaoi.



“Teacht! a Shéadna,” ar sise.



“An bhfuil aon tuairim agat do'n chuma 'na dtáinig
an bhreóiteacht orm?” ar seisean.



“D'airigheas iad 'á rádh,” ar sise, “gur dhócha gur
bh'amhlaidh a chodlais amuich agus gur buaileadh droch nídh


L. 290


éigin ar do cheann. Bhí an ceann go h-ana olc agat
pé 'n-Éirinn é. Bhí sé go h-olc i gcaitheamh na h-
aimsire go léir. Is ar éigin fhéadadh ceathrar thú
choimeád sa leabaidh uaireanta. Ach pé mearbhall a bhí
air tá sé imthighthe. Is gearr go mbéidh tú chómh maith
agus bhís riamh. Codail greas anois, a laoigh. Ná déin
a thuille cainte go fóil. Ní raghadh puínn cainte dhuit
fós ach go h-olc. An codla isé dhéanfaidh tairbhe
dhuit. Luigh siar anois, a mhic ó, agus feuch an bhféadfá
greas maith codlata dhéanamh, go breagh agus go socair
agus go sámh.” Agus do shocaruigh sí an peiliúr fé
n-a cheann. “Siné!” ar sise. “Ná labhair a thuille
anois go fóil.”



Dhún sé a shúile 'ghá leigint air gur ag tuitim 'na
chodla a bhí sé. I n-inead aon chodlata dhéanamh, ámhthach,
is amhlaidh a dhírigh sé ar mhachtnamh. Bhí cúis mhachtnaimh
aige. Trí seachtmhaine imthighthe, má b' fhíor caint na
mná friotháilte, agus go dtabharfadh sé féin an leabhar
ná raibh thar trí h-uaire a' chloig ó bhí sé amuich ar an
gcnuc, ar an bplásóig chúnlaigh, ag caint leis an mnaoi
chos-nochtaithe! Pé cor a thabharfadh sé dhó féin ní
fhéadfadh sé a thuille aimsire dh' fhághail ann. Agus
ansan, 'na choinnibh sin thall, cad a bheir chómh lag é agus
a bhí sé! Cad a bheir chómh lom é! Bhí sé chómh lag,
chómh lom, chómh snuighte amach agus bhéadh duine go
mbéadh rátha luíghcháin curtha dhé aige! Conus fhéadfadh
a leithéid d' athrughadh teacht ar a cholainn agus ar a
bhallaibh beatha i n-aon trí h-uaire a' chloig amháin! Má
bhí teinneas agus breóiteacht agus trioblóid air chómh
mór agus a dúbhairt an bhean, nár bh' uathbhásach an obair
a rádh nár fhan aon phioc d'á chuimhne aige! Pé troime
ná sáimhe codlata a bhéadh ar dhuine, nuair a dhúiseóch'
sé as a chodla bhéadh tuairim éigin aige d' fhaid nó do


L. 291


ghioracht na h-aimsire a bhéadh caithte sa chodla aige, bíodh
a's ná cuimhneóch' sé ar aon nídh d'ár thuit amach dó i
gcaitheamh na h-aimsire. Níor mhar sin do Shéadna. Ní
h-é amháin go raibh gach ar thuit amach dó imthighthe as a
chuimhne glan, ach bhí an aimsir féin imthighthe uaidh glan.
Thuig sé i n-a aigne go raibh trí h-uaire a' chloig, nó
mar sin, ó bhí sé ar an gcnuc ag caint leis an mnaoi
chos-nochtaithe, agus thuig sé i n-a aigne nár bh' fhéidir a
thuille aimsire bheith ann. Cá bhfuaradh na trí seacht-
mhaine! B' shiní an cheist.



Bhí an aimsir imthighthe glan as a chuimhne agus as a
aigne. Thabharfadh sé an leabhar ná raibh thar trí h-uaire
'chloig nó mar sin ó bhí sé sa phlásóig ar an gcnuc ag
caint leis an mnaoi chos-nochtaithe. Ní raibh aon bhlúire
cuimhne aige ar ar thuit amach dó ó'n neómat a sgar
sí leis go dtí an neómat 'na dtáinig a mheabhair dó ar
a leabaidh. Bhí an aimsir sin, agus ar thuit amach dó i
gcaitheamh na h-aimsire sin, agus an méid d'á mheabhair
agus d'á chuimhne a bhí ag gabháil leis an aimsir sin, chómh
glan as a aigne agus dá ngearthaí amach as a cheann le
sgiain iad. Ní raibh blúire cuimhne aige ar an lá breagh
a bhí aige ar an gcnuc, ná ar an radharc áluinn, ná
ar na dúthaíbh breaghtha, ná ar shiúbhal na gcnuc dó, ná
ar phiocadh na mónadán dó, ná ar an sódhluist a thug
Neans dó, ná ar an gcuma 'nar fhill sé abhaile, ná
ar an sníomh a bhí ar a aigne agus é ag feitheamh leis
an bhFear nDubh, ná ar theacht an Fhir Dhuibh, ná ar an
abhcóidigheacht a bhí eatartha, ná ar an gcuma 'nar
sgaradar le chéile.



Ba chuimhin leis, ámhthach, na trí bliaghna déag do bheith
istigh.



“Indiu atá sé le teacht,” ar seisean, i n-a aigne
féin. “Is olc an t-am é agus mé chómh lag so. — Ach


L. 292


cad é sin agam d'á rádh?” ar seisean airís. “Deir
sí seo go bhfuil trí seachtmhaine ó buaileadh breóite mé!
Ní rabhas breóite indé. Lar na mháireach an lae indé a
bhí sé le teacht. Is éagsamhlach an sgéal é má 'tá trí
seachtmhaine idir indé agus indiu! Agus má táid na
trí seachtmhaine ann tá an lá imthighthe agus an cladhaire
úd gan teacht! B' fhéidir ná tiocfadh sé i n-aon chor!
Is greannmhar na trí seachtmhaine iad! Cá bhfuil an
tslígh dhóibh! Ní'l tar trí h-uaire 'chloig ó bhíos ag
caint léi, agus ag éisteacht léi, agus ag feuchaint
uirthi. Ó! isí an t-aingeal í! Isí an t-aingeal soluis
í!”



D'fhan sé ar feadh abhfad ag cuimhneamh uirthi, ar a
gnúis áluinn, agus ar an solus a bhí as a súilibh agus
ar a h-éadan agus ar a beul. Chuimhnigh sé ar an gcuma
'na ndéigh an solus ó n-a súilibh-sin isteach 'n-a shúilibh
féin agus siar 'n-a cheann agus síos 'n-a chroídhe. Ba
chuimhin leis an chaint adúbhairt sé féin nuair a mhothuigh
sé an t-áthas a tháinig air agus nuair a bhí sé ag gabháil
a bhuidhchais leis an Athair Síoruidhe a cruthuigh í agus
leis an Aon-Mhac a cheannuigh í agus leis an Spioraid
Naomh a bheannuigh í. Ba chuimhin leis gur labhair sise
ach níor chuimhin leis anois cad dúbhairt sí. Ba chuimhin
leis gur airigh sé a glór agus guth a cainte, ach níor
chuimhin leis gur thuig sé an chaint. Ní raibh aon bhlúire
cuimhne aige ar bhrígh na cainte. Pé fada gairid do
leanfadh sé ag machtnamh níor bh' fhéidir leis d' fhághail
i n-a aigne go raibh d' aimsir idir é agus an uair a
sgar sé léi ar an gcnuc ach an t-aon tamall amháin
de'n oídhche, trí h-uaire 'chloig nó mar sin. An codla
a tháinig air nuair a bhí sí ag sgaramhaint leis, b' shiné
an codla as a raibh sé tar éis dúiseacht an neómat
san, dar leis.


L. 293


Tháinig Diarmuid Liath 'ghá fheuchaint.



“Cad é an fhaid aimsire atá ó buaileadh breóite mé,
a Dhiarmuid?” ar seisean le Diarmuid. “Ní'lim ró
chruinn air.”



“Ní mar sin dómh-sa san,” arsa Diarmuid, “táim
cruinn go maith air agus ní h-iongnadh dhom san. Is
maith an ceart dom bheith cruinn air. Ní fada go mbéidh
trí seachtmhaine ann. Ní baoghal go dtáinig an aimsir
a gan fhios orm. Chómh luath agus d' airigh Micil go
rabhais ad' luíghe do phreab sé ainíos agus b' éigean
dom féin an siopa sheasamh, agus gan mé oireamhnach
air ach go h-olc. Ní'l aon oídhche ó buaileadh breóite
thu nár tháinig sé ainíos. Théidheadh sé síos airís ar
eiríghe lae, ach má théidheadh ba bheag an mhaith thíos é.
'Na chodla sa tsiopa iseadh do gheibhtí é nuair a thagadh
daoine isteach ag lorg leathair. D' fhanadh sé anso ag
tabhairt conganta do'n mhnaoi fhriotháilte go dtí go
dtagadh Máire Ghearra. Is beag aon deire oídhche ná
tagadh Máire. Bhí sí anso ar maidin indiu sul a ndéigh
Micil síos, ach ní raibh aon leus de d' mheabhair tagaithe
dhuit-se an uair sin. Ní aithneóchá aoinne. Ní fheaca
féin riamh aon duine breóite chómh glan as a mheabhair
agus bhís i gcaitheamh na h-aimsire go léir. Ní raibh thúm
ná thám ionat. Nuair a bhíos-sa breóite bhí speabhraídí
orm, ach má bhí féin ní rabhas as mo mheabhair ar fad.
Bhí ciall agus cuimhne agam ar chuma éigin. D' aithnigh-
inn na daoine agus do thuiginn a gcaint agus do
labhrainn leó, bíodh a's ná raibh puínn cruinnis le m'
chaint uaireanta. Ach oiread agus aon fhocal amháin ní
raibh le fághail uait-se amach as do bheul. Do réir
mar a deirtear liom ní dóich liom go dtáinig oiread
agus aon smiog amháin cainte amach as do bheul ó'n lá
a buaileadh breóite thú go dtí gur labhrais indiu le


L. 294


Máire 'nghean Airt. Ní h-é sin féin, ach ba dhóich le
duine ná raibh aon mhothughadh ionat. Ní raibh aon tsuím
agat i n-aon rud. Ní raibh aon choinne ag aoinne go
dtiocfá as. Bhí an sagart anso go minic agus do
theip air aon fhocal fhághail asat. Is dócha nach fada go
mbéidh sé anso anois, agus geallaim dhuit gur b' air a
bhéidh an iongnadh agus an t-áthas. Béidh iongnadh agus
áthas ar gach aoinne. Ní raibh aon tsúil ag aoinne go
gcurfá dhíot é. Ach ambasa tá sé curtha dhíot agat,
buidhchas mór le Dia d'á chionn! An t-é fheuchfadh ort
anois níor dhóich leis i n-aon chor gur tú an fear céadna
a bhí ansan indé. Níor fhéad aoinne a dhéanamh amach
cad a bhí ort. Dúbhairt an bhean fhriotháilte gur bh' éag-
cruas cinn é, ach ní dóich liom gur chreid aoinne í. Chuir
an sagart beirt nó triúr dochtúirí anso i gcaitheamh na
h-aimsire feuchaint an bhféadfaidís aon rud a dhéanamh
dhuit. Níor dhéin aoinne acu ach feuchaint ort agus
imtheacht. Ní fheacaís a leithéid de chéimaighrádh riamh
agus bhí orainn go léir.”



Bhailigh Séadna fírinne an sgéil mar sin ó chómharsain
agus ó chómharsain eile, agus fé dheire do chuaidh 'na
luíghe air nár bh'fholáir nó bhí an aimsir ann, pé cuma
'na bhfuaradh an tslígh dhi. Ach conus a fuaradh an
tslígh, nó conus fhéadfadh breis agus trí seachtmhaine
bheith caithte agus gan i n-a aigne, i gcoinnibh na dtrí
seachtmhaine, ach trí h-uaire 'chloig, do theip glan air a
dhéanamh amach, agus b' éigean dó eiríghe as.



Ach ba mhar a chéile é. Chómh luath agus a tháinig an
chiall agus an mheabhair dó thosnuigh sé ar dhul i bhfeabhas
go tiugh. Thosnuigh an fheóil ar theacht. D'á loime
bhíodar na h-asnaidheacha aige níor bh'fhada go rabhdar
ag dul ó chómhaireamh. Ba ghearr go raibh na géaga ag
dul i ngairbhe d'á chaoile a bhíodar. Tháinig sé chuige


L. 295


féin níos tapamhla 'ná mar a tháinig Diarmuid Liath
féin. Má chuir an saghas luíghcháin a bhí air amú' daoine,
chuir an t-eiríghe a bhí déanta aige amú' níos mó iad.
Nuair a chonaic daoine an saghas galair a bhí air agus
an chuma 'na raibh sé gan mheabhair gan chiall gan aithne
gan urlabhra, dúbhairt cuid acu ná raibh aon bhreith aige
go deó ar eiríghe as an leabaidh 'na raibh sé. Dúbhairt
tuille acu dá ráinigheadh go gcuirfeadh sé an bhreóiteacht
dé gur bheag an mhaith dhó san, mar ná béadh sé choídhche
ach i n' amadán, agus gur bh'fheara dhó bás d' fhághail 'ná
bheith 'na shampla ar an gcuma san os cómhair na
ndaoine. Dúbhairt tuille go mbéadh an sgéal níosa
mheasa aige 'ná san féin, mar go raibh a chaint chómh
millte le n-a chiall agus dá maireadh sé cheithre fichid
bliaghan ná labharfadh sé aon fhocal i gcaitheamh a shaogh-
ail.



Nuair a fuaradar go léir go raibh sé 'na shuídhe agus
ag teacht chuige féin go tiugh, agus a chaint aige, go
h-áluinn agus go bríoghmhar, agus gan lóipín ná lúb
ar lár ar a chiall ná ar a mheabhair, ach é chómh gunta
chómh géarchúiseach agus a bhí sé riamh, bhí áthas mór ortha
gan amhras, ach bhí oiread iongnadh ortha agus a bhí d'
áthas ortha, agus geallaim dhuit go raibh cathughadh a
ndóithin ortha nár éisteadar go dtí go mbéadh a fhios
acu cad a dhéanfad sé. Isé rud a deiridís eatartha
féin 'ná, “Dá mb' aoinne eile bhéadh ann ach é féin
d' fhéadfadh duine tuairim éigin a thabhairt fé 'n rud
a dhéanfadh sé, ach níor thug aoinne riamh fós aon tuairim
fé siúd ach tuairim a chuaidh amú'“


L. 296


Caibidiol a ceathair a's tríochad.



An focal úd a dúbhairt Diarmuid Liath i dtaobh
Mháire Ghearra, 'sé sin gur bheag aon deire oídhche ná
tagadh sí, do chuir an focal san Séadna ag machtnamh.



“Seadh!” ar seisean i n'aigne, “tá an sgéal go
h-ait agam. Dúbhart léi go raibh ceangal orm i láthair
Dé gan pósadh choídhche. Gan amhras do bhí ceangal orm
gan í féin ná aon chailín eile mar í do tharang isteach
sa chontabhairt a bhí rómham, do réir mar a mheasas.
Dúbhairt an cladhaire úd go dtiocfadh sé a'm iaraidh
chómh luath agus bhéadh na trí bliaghna déag caithte. Bhíos
lán deimhnightheach go dtiocfadh sé. Tá an aimsir
caithte. Tá sí caithte agus gan na trí seachtmhaine úd
d' áireamh. Tá an sparán anso agam fós. Tá sé chómh
teann agus bhí sé aon lá i gcaitheamh na h-aimsire. Is
mór an iongnadh nár tháinig sé a'm iaraidh féin nó a
d' iaraidh an sparáin. Is deacair a dhéanamh amach cad
é an brígh atá leis mar sgéal. Is dócha, dá mbéadh sé
le teacht, go dtiocfadh sé an lá a gheall sé. Ní fheadar
cad a chuir dé é. Tá aon nídh amháin deimhnightheach go
leór. Ní h-ar mhaithe liom-sa d' fhan sé gan teacht.
Thiocfadh sé mura mbéadh rud éigin 'á chosg. Cad a
choisg é ar theacht? Cad a choimeád uaim é? Siní an
cheist. Cé choisg é ar theacht? Ba mhór an spórt é dá
bhfanadh an sparán agam d'á aimhdheóin! Níor úsáideas
aon phioc de'n airgead, ach chun leathair a cheannach, ó'n
lá úd a tógadh uaim an sparán ar an aonach. Níor
leig sgannradh dhom dul thar fhocal an mhargaidh. B'
fhéidir ná raibh aon ghádh leis an sgannradh. Má bhí sé


L. 297


chómh seasamhach chun an mhargaidh cad 'na thaobh nár
tháinig sé nuair a bhí na trí bliaghna déag istigh! Má's
rud é nár fhéad sé teacht agus a mhargadh do chur i
bhfeidhm nuair a bhí an aimsir istigh, tá gach aon deabhramh
ná féadfaidh sé baint liom pé úsáid a dhéanfad de'n
airgead. Ní fada go mbainfead triail as an sgéal,
le congnamh Dé, pé 'n-Éirinn é! … Is truagh
cráidhte ná raibh fhios agam ná raibh sé le teacht! …
Ba mhór an obair di teacht anso gach aon oídhche!
… Ach tá sé socair go daingean 'na h-aigne go
bhfuil an ceangal orm, agus gur ceangal é nach féidir
a sgaoileadh … Tá an sgéal go h-ait againn!”



Bhí sí féin agus a h-athair ar an gcéad bheirt a tháinig
'ghá fheuchaint chómh luath agus d' airigheadar aithne agus
urlabhra bheith tagaithe dhó. Tháinig Máire Ghearra féin
go minic 'na dhiaigh sin agus d' inis sí dhó go cruinn, ó
thusach go deire, cad é an saghas an bhreóiteacht a bhí
air agus na cómharthaí a lean í. Ní h-ar an mbreóit-
eacht ná ar na cómharthaíbh a bhíodh Séadna ag cuimhneamh,
agus é ag éisteacht léi, ach ar a mhachtnamh féin. Conus
a 'neósfadh sé dhi cad é an saghas ceangail a bhí air gan
pósadh? Conus a ghlacfadh sise an sgéal nuair a
'neósfaí dhi é? Nuair airigh sí an sgéal ar dtúis i
dtaobh an cheangail dúbhairt sí gur cheangal uasal é,
agus gur cheangal naomhtha é. Cad déarfadh sí anois
dá n-innstí dhi cad é an saghas é agus cad fé ndear
é? Dá n-innseadh sé dhi i dtaobh an sparáin agus i
dtaobh an Fhir Dhuibh agus i dtaobh an mhargaidh, b' fhéidir
gur b' amhlaidh a thiocfadh fuath aici dhó féin agus ná
tiocfadh sí 'ghá fheuchaint a thuille. Agus conus fhéad-
fadh sé a mhíniughadh agus a léiriughadh dhi cad é an saghas
an ceangal gan an sgéal go léir d' innsint di! Ar
an dtaobh eile de'n sgéal conus fhéadfadh sé a fhágáilt


L. 298


níos sia gan innsint di go raibh dearmhad ar a h-aigne
sin i dtaobh an cheangail a bhí air-sean. Nuair inis
sé dhi an chéad lá an ceangal do bheith air do ghlac sí
an sgéal i gcéill a bhí bun os cionn leis an bhfírinne.
D' fhág sé mar sin aici é an uair sin mar cheap sé go
gcuirfeadh deire na dtrí mbliaghan ndéag deire le n-a
shaoghal, agus ansan gur chuma cad é an saghas an cean-
gal agus gur chuma cad fé ndeár é ná cad ba bhun
leis. B' shiné an sgéal go léir ar a mhalairt de chuma
anois, ámhthach. Ní raibh aon bhreith aige ar an ndearmhad
d' fhágáil ar a h-aigne níos sia. Ní raibh aon dul aige
ó fhírinne an sgéil a thabhairt di chómh luath agus dob'
fhéidir é. Ag machtnamh agus ag breithniughadh ar an
méid sin oibre a bhí le déanamh aige iseadh bhíodh sé an
fhaid a bhíodh sise 'ghá innsint dó cad iad na cómharthaí
éagsamhlacha do lean an bhreóiteacht a bhí air, agus cad
é an neart a bhíodh ann nuair a bhíodh a ndóithin mór
ag ceathrar fear le déanamh 'ghá choimeád gan imtheacht
as an leabaidh.



An lá bhí sé thiar ag an dtigh aici, 'ghá innsint di go
raibh ceangal air i láthair Dé gan pósadh choídhche, ní raibh
uaidh ach a chur as a h-aigne-sin amach go raibh aon bhreith
go deó aige ar í féin a phósadh. Nuair a dúbhairt sé an
focal léi dúbhairt sise focal leis. Ní raibh aon choinne
aige leis an bhfocal adúbhairt sí, ach níor chuir sé puínn
suime sa bhfocal an uair sin. Sidé an focal a dúbh-
airt sí. “Má 's ceangal uasal duit-se é,” ar sise,
“ba chóir gur cheangal uasal dómh-sa é.” Chrom sé
ar fhiafruighe dhé féin anois cad é an brígh a bhí aici leis
an bhfocal san, nó ar bh'fhéidir gur bh' amhlaidh a bhéadh
ceangal curtha aici uirthi féin, i láthair Dé, gan pósadh
choídhche!



Bhí smaointe de'n tsórd san agus neithe de'n tsórd


L. 299


san agus machtnamh de'n tsórd san ag ruith tré n'aigne
coitchianta agus é ag teacht chuige féin. Ach, bíodh gur
chuireadar mórán buartha air, agus mórán ceisnimh agus
mórán céimaighráidh, níor chuireadar aon chosg leis an
bhfeabhas a bhí ag dul air. Do lean sé ag cur na feóla
suas agus ag dul i láidireacht agus i misneamhlacht, go
dtí go raibh daoine 'ghá rádh go n-iompóch' sé amach
níos fearr agus níos stóinsighthe agus níos curanta
'na shláinte 'ná mar a bhí sé riamh sul a dtáinig an
bhreóiteacht air.



Mí díreach tar éis na leapthan d' fhágáilt dó, do
bhuail chuige suas ó'n sráid, ar muin capaill, fear cinn
siain an rígh agus fiche marcach i n-aonfheacht leis. Bhí
a chlóca síoda ar gach fear díobh, agus a chaipín cogaidh,
agus a chlaidheamh fada síos le maoitheán a chapaill, agus
a chlaidheamh gearr 'n-a chrios aige, agus a shleagh bhreagh
fhada fhuinnseóige 'n-a seasamh anáirde aige agus ceann
fada caol, de chruaidh gheal ghéar, ag taithneamh agus ag
spréacharnaigh sa ghréin ar an sleagh, agus na ribíní
síoda ag rinnce sa ghaoith, thuas idir adhmad agus
iaran, ar an sleagh. An t-é fheuchadh ar na fearaibh sin
agus do chífeadh na súile glana géara aibeamhla, agus
na gnúiseana daingeana gan staon, agus na cúla
casa, agus na guailne téagartha neartmhara córacha
agus na h-uchta leathana, agus na mása ramhara troma,
na troighthe teanna agus na géaga lúthmhara agus na
dóirne cruadha, déarfadh sé gan amhras nár bh' aon
dóichín iad do'n namhaid a cheapfadh aon chur isteach a
dhéanamh ortha.



“Seadh, a Shéadna,” arsa 'n ceann, “tá an tréimhse
úd caithte. Is dócha go bhfuil gach nídh curtha i dtreó
agat um an dtaca so. Isé is fada leis an rígh go


L. 300


bhfeicfidh sé thíos i n' aice thú. Is ad' iaraidh a thána-
mair.”



“Tá go maith, a dhuin' uasail,” arsa Séadna. “Pé
rud atá i dtreó ná ná fuil, an rud a gheallas-sa
cómhlíonfad é.”



Agus d'imthigh sé leó.



Gobnait. — Ó, a thiarcais, a Pheig! Tá sé 'n-a lá gheal!



Cáit. — Agus feuch! Sidí anso Síle agus a ceann am'
ucht agus í n-a codla go sámh!



Nóra. — Ba mhithid do d' mháthair bheith tagaithe, a Pheig.
Dúbhradar go mbéadh an t-abhras snímhte acu sul a
dtiocfadh an lá ortha.



Peig. — Sidí chúgainn isteach í.



Máire. — Seadh! a chailíní, an raibh uaigneas oraibh?
An bhfuil an sgéal críochnuighthe? “Seafra,” —
nó — “Stiabhna,” nó — greadadh chuige, cad é an
ainim seo agam air?



Peig. — “Séadna,” a mháthair.



Máire. — Ó, 'seadh. “Séadna.” An bhfuil sé marbh?



Cáit. — Ní'l, a Mháire. Tá sé imthighthe le muíntir an
rígh.



Máire. — Chun bheith ag déanamh bróg do'n rígh, is dócha.
Feuch, a Pheig, ná leig uait iad san go fóil. Ná
leig dóibh imtheacht mar imthigheadar an oídhche eile
úd. Thugas-sa rud éigin liom. Béidh sgruid
againn. Cá bhfuil Síle? 'Na codla! Andaigh is
a dhéin an ceart!



CRÍOCH.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services