Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Go mBeannuighthear Dhuit
Title
Go mBeannuighthear Dhuit
Author(s)
Ó Gríobhtha, Micheál,
Pen Name
Cos Obann / MÓG
Composition Date
1925
Publisher
Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teoranta
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Réamh-rádh Gaedheal gasta géar-chúiseach a bhí ag cainnt liom oidhche ar léigheann na Gaedhilge do chuir im’ cheann an scéal so do scríobh. Dubhras-sa go mba mhór an truagh ná raibh breis spéise againn go léir, idir óg agus sean, i léightheoireacht na Gaedhilge. “Is mór an truagh é,” ar seisean; “acht ní mór an-tiongna é agus gan scéal so-léighte againn ó aimsir Fhinn anuas acht a bhfuil i gceathair nó i gcúig de leabhraibh an lae indiu. Is amhlaidh tá ag urmhór de’n saoghal go bhfuil an leisce ’n-a ghalar ortha. Ní bhíonn fonn ortha scéal ar bith a léigheamh mara sciobann an scéalaidhe leis an marcaidheacht iad le taithneamh agus le aoibhneas a scéil. Tá scéálta de’n saghas sin de dhíth ar an nGaedhilg, agus is mí-ádhmharach an t-easba é. Féach a dhuine chóir,” ar seisean, “séard atá uainn - agus glac m’fhocal leis - séard atá uainn chun an Ghaedhilg do chur d’á léigheamh, agus d’á labhairt, ar fuaid na tíre acht Deadwood Dick.” Do rinneas machtnamh ar chainnt mo charad. Ní dóigh liom go raibh iomlán an chirt aige, acht - bhí cuid mhaith de’n cheart aige. Cé gur dhána an gnó damh-sa tabhairt fé n-a leithéid, do bheartuigheas ar dhíchillín mo chroidhe do chur le iarracht chun scéal do chumadh ’n-a mbeadh eachtraí agus beodhacht innste, agus olcas agus maitheas; do chuireas rómham scéal do chumadh ná caithfead an léightear uaidh sul a mbeadh a leath léighte aige. Ní fios dam ar éirigh liom; is é an léightheoir an breitheamh.
Níor léigheas Deadwood Dick riamh acht tuigim gur scéal é tá lán d’eachtraí greannmhara gan deall- ramh, gan cruth na fírinne, gan teagasc gan múineadh gan subháilce. Ar eagla go leonfaí aigne an aosa óig nó go gcuirfí seirbhthean ar dhaoinibh fásta ní bhfaghainn im’ chroidhe scéal do scaoileadh ’n-a mbeadh a bheag nó a mhór de’n dubháilce ’á nochtadh agam gan an t-olcas sin do chothromú go cóir leis an subháilce. Dá bhrigh sin tuigtear nach le dúil i gcneámhaireacht do chumas cneámhaire agus gur chuireas púca an díoghaltais ar thóir a mharbhtha acht chun an múineadh tá i gcaibiodlaibh XXIV agus XXV do chur i n-iúl do’n léightheoir. Mícheál Ó Gríobhtha.
“Go mBeannuighthear dhuit.” Caibidiol I. Do chaitheas seacht mbliadna dem’ shaoghal i n-Albain, i gcathair ceodhaigh, ceobhránaigh Ghlaschú, agus is iomdha duine idir Gaedheal agus Gall, olc, maith agus donaí do casadh orm le linn na haimsire sin; acht casadh orm aon fhear amháin ar a raibh a leithéid sin d’ualach bróin, de chráidhteacht aignidh agus de fháscadh croidhe go mbogtar fós an deor im’ shúil an uair a chuimhnighim ar an scéal iongantach, uathbhásach d’innis sé dham. Ní dóigh liom anois go n-inneosadh sé dham i n-aon chor é muna mbeadh gur mhothuigh sé é féin d’á chor tré mhéid an ualaigh a bhí air, agus gur cheap sé go ndéanfainn fóirithin éigin air. Bheirim a bhuidheachas do Dia go raibh sé im’ chumas fuascailt do thabhairt air; sé sin, gur éirigh liom é chur ar bhealach a leasa. Tá sé imthighthe ar shlighidh na fírinne anois - beannacht dílis Dé le n-a anam! - agus muna mbeadh go bhfuil, ní bheadh an scéal so d’á aithris agam. Ní maith liom a ainm dílis do luadhadh annso; caithfhead mar sin, leas-ainm do thabhairt air. Baistthear Roibeárd Ó Néill air; déanfaidh an t-ainm sin an gnó go maith dhúinn, a léightheoir. Do chaitheas sealad ag obair ag an gcaladh-phort úd Ghlaschú, ag déanamh breathnuithe ar earraibh
allmhara ann, agus b’é Roibeárd an maor ar na fearaibh a bhí ag obair sa chábán ag luchtú agus ag díoluchtú na long. Is annsin do chuireas aithne ar dtúis air, acht go deimhin níor ghéar an aithne í mar níor bhéas leis aoinne a leigint ’n-a chaidreamh. Púca fir ba h-eadh Roibeárd; ní agá chasadh leis anois atáim, acht mar mhíniú ar an scéal. Púca fir ná beannuigheadh agus ná umhluigheadh d’aoinne; ná bíodh d’fháilte aige roimh aon bheannacht d’á bhfearthaí ’n-a chomhair acht súil mhór, dhubh, shoillseach d’iompódh ort fé mar a bheadh olc éigin aige chughat. Púca fir ná labhradh acht go h-annamh - nuair bhíodh dian- ghádh leis; agus annsan, go deimhin féin níor shéimh agus níor bhinn é a ghlór. Rud ba mheasa ná sin ní h-iad a phaidreacha a bhíodh ar siubhal aige i gcomhnuidhe. Bhí fuireann oibre fé n-a chúram annsúd agus ní dóigh liom go bhféadfaidís aon rud do thuigsint dá mbadh ná beadh a cheart tiomanta agus eascainí ann. Ba chruadh-chúiseach na dílleachtaithe na fir úd agus ba bhorb-ráidhteach, Dia-mhasluightheach. Chuiridís seacht rabharta feirge dhíobh sa ló, acht ní raibh fear ortha go léir, dá dhonacht agus dá bhuirbe iad, go leigfeadh an t-eagal dó fearg Roibeáird do mhúscailt. Acht ar a shon san agus uile is minic a múscailtí í: agus le linn an fhearg san do bheith air bhíodh sé ar buile chuthaigh, ghá luascadh mar luascfaí crann daraighe le anfa gaoithe. Nuair bhíodh an fhearg d’á chur de aige théigheadh sé isteach i gcúil an chábáin agus chaitheadh tamall ann ag féachaint go folamh-radharcach ar an dtalamh. Minic adubhras liom féin go raibh ualach éigin d’á iomchur ag Roibeárd nár léir do neach acht
dó féin, agus gur bh’ ualach é bhí ag luighe go trom air. Níl sprid ná púca ann ná bíonn a chiall féin aige; seadh, is dócha, agus a mhí-adh féin, leis. Caibidiol II. Maidean Lá ’le Muire sa bhfóghmhar b’éigean dúinn bheith i bhfeighil ár nghnótha ar a sé a chlog. Do scuireamar annsan ó n-a naoi go dtí a deich agus do chuadhas-sa chun an Aifrinn. Iar bhfilleadh dhain do shuidheas san oifig tamall ag caitheadh mo chéad-lóin. Do chonnacas Roibeárd ag féachaint isteach orm tríd an bhfuinneoig. D’imthigh sé síos an cábán arís; tháinig thar ais, agns rud ab annamh leis, tháinig sé isteach san oifig chugham. “Cread é an lá é seo?” ar seisean. “An cúigmhadh lá déag de Lughnasa,” arsa mise. “Lá ’le Muire,” ar seisean, agus d’imthigh sé. Ba mhór an t-iongna liom Roibeárd do chur ceiste orm i dtaobh an laé úd mar shíleas gur Phailitíneach é, nó duine gan aon tsuim i gcreideamh ná i n-eaglais aige. Bhíos ag braith go labharfadh sé arís liom acht níor labhair. Nuair nár labhair do labhras leis acht ní bhfuaireas de fhreagra uaidh acht na súile móra dubha d’iompódh orm. Do leigeas dó, mar do mhothuigheas go raibh beann an amhrais amach im’ choinne aige. Níor labhramar le n-a chéile arís go dtí lá ’le Stiopháin. Thosnuigheamar ar an obair an mhaidean sin ar a sé a chlog. Ní raibh sa luing acht lucht beag agus do críochnuigheadh an obair ar a deich. D’íocadh na
fir agus do chuadar a bhaile. Lá saoire, le ceart, Lá ’le Stiopháin i nGlaschú, agus ní raibh aon obair bhreathnuithe le déanamh agam-sa dá bhíthin sin; acht dúbhairt Roibeárd ná fuair sé cead an cábán do dhúnadh agus go gcaithfimís fhanamhain ann go dtí a ceathair a chlog. Bhí an lá go h-an-fhuar: é tar éis dhá oidhche sheaca, agus fuacht na báistighe ann. Acht ní raibh an fuacht ag goilleamhaint orm-sa; bhíos go sóghmasach san oifig istigh cois teine, leabhar le léigheamh agam agus tabac le caitheamh. Ní raibh aoinne eile san áit acht Roibeárd, agus bhí sé sin ’n-a sheasamh amuigh le giall an dorais agus é ag siocadghail leis an bhfuacht. Bhí an dá shúil mhóra leathta ar an dtalamh aige. B’fhuiris d’aithint gur bh’fhada ó bhaile a mhachtnamh. An púca bocht! Do chaitheas tamall ag faire air. Badh mhaith liom glaodhach isteach air acht bhí eagla na súl orm. Uch! bhí sé ar creathadh le fuacht agus ba dhearóil agus ba phréachta a shnuadh. Do chuadhas chuige amach. “Tá sé fuar indiu,” arsa mise. D’iompuigh sé an tsúil mhór orm, agus do thóg díom arís í. “Táimíd ag tarraingt ar an mbáistigh,” arsa mise. Acht níor labhair sé. “’Seo, a dhuine,” arsa mise, “tá teine mhaith annso istigh. Tar isteach; tá fáilte rómhat.” Níor labhair sé. Do chuadhas isteach acht níor bh’fhéidir liom aon tsuim do chur im’ leabhar. Tar éis tamaill do chaitheas uaim arís é agus do chuadhas amach. Do chuireas guala le hursain agus do sheasaigheas ag an doras. D’iompuigh Roibeárd cúl liom, agus d’imthigh leis
síos an cábán go míchéadfach. Ba leor sin; do chuadhas isteach agus do shuidheas síos. Acht níor bh’fada dham istigh gur oscladh an dorus, agus do sheasaigh Roibeárd ar an dtáirsigh. “Iarraim maitheamhnas ort,” ar seisean. “Tá fáilte rómhat,” arsa mise. “Agus tar isteach agus suidh síos, má’s é do thoil é.” “Ní fiú mé é, ní fiú mé é,” ar seisean. “Ní fiú mé leigint isteach.” Leagas lámh ar a ghualainn agus do thionnlacas suas chun na teine é, agus chuireas ’n-a shuidhe é. Chaith sé deich nóimeata ann acht níor labhair ceachtar againn. Annsin, d’éirigh sé. “Go raibh maith agat,” ar seisean. “Ní leigfead amach thu, a Mhic Uí Néill,” arsa mise. “Fan annso ag an dteine, agus bíodh ciall agat. Ní chuirfead-sa chughat ná uait. Suidh síos.” Do shuidh. Do chaitheamar deich nóimeata eile gan labhairt. Bhíos féin ag léigheamh an leabhair agus mo mheabhair daingean ann nuair baineadh preab asam. “Tá buaidhreamh orm!” Thuit na focail chomh éagcaoineach truaighmhéileach sin uaidh go ndeachadar go croidhe ionam. Do ghlacas truagh do’n phúca bhocht. “Mhaise, dá bhféadainn-se do bhuaidhreamh do scaipeadh do chuirfinn ar neamh-ní láithreach é,” arsa mise. “Is truagh aoinne a bhfuil buaidhreamh air.” “Is díol truaighe mise gan amhras,” ar seisean. “Acht an mhairg is mó dham is eadh nách féidir le aoinne fóirithin do dhéanamh orm ná fuascailt.” “Ní bheadh a fhios agat,” arsa mise. “Ná ceap gurab amhlaidh tá braith agam-sa rún ar bith do mhealladh
uait acht dá mbeadh tuigsint do scéil agam ca bfios duit ná féadfainn cómhairle do leasa do thabhairt duit?” “Níl rún-chara agam,” ar seisean, “ná duine ar domhan d’á n-inneosainn rún ná duine chuirfeadh oiread sin suime ionam agus go dtiubhradh sé comhairle dham - mara ndéantá-sa é,” ar seisean, agus d’aithnigheas air go raibh sé ag braith ar thruaigh uaim. “Tusa an t-aon duine beo,” ar seisean, “d’á scaoilfinn mo scéal.” “Má’s dóigh leat ná féadfainn cómhairle do leasa do thabhairt duit, ná scaoil do rún liom,” arsa mise. “Acht pé ar bith é, bíodh a fhios agat nach fear scéithte rún mé. Lean do thoil féin anois.” Do chaith sé tamall maith ag machtnamh. “Is fada an scéal mo scéal-sa,” ar seisean, “agus is buan mo bhuaidhreamh. Dá n-éisteá liom - agus gan cur isteach orm - b’fhéidir nár bh’fhearr rud a dhéanfainn ná droch-ghníomhartha baotha mo shaoghail do nochtadh dhuit, mar tá braith éigin agam ort, agus tá ionntaoibh agam asat go bhfuasclóchair an greim seo orm. Bhí scáth agus náire orm go dtí seo acht thógais an scamall díom led’ dhaonnacht nuair chuiris d’fhiachaibh orm suidhe i naimhdheoin dam annso ós cómhair do theine, agus is dóigh liom go mbadh mhaith liom mo rún do thabhairt duit; acht fanadh sé ’n-a rún agatsa, leis.” “Tá fáilte romhat, agus ní baoghal duit,” arsa mise. “Tá go maith,” ar seisean. “Scaoil mo cheann liom agus teasbáinfead duit taidhbhse tháinig idir mé agus Dia; do dheighil ó dhaoinibh mé, agus do rinne duine uatha dhíom imeasc an tsluaigh.”
Caibidiol III. Do leag Roibeárd uille ar chúl na cathaoireach, do leig a leith-cheann ar a bhais agus do chraobhscaoil im’ fhiadhnuise an scéal uathbhásach so leanas: Cé go leigim orm gur Albanach mé - ar eagla go mbrisfí me - ní Albanach mé, ámh, acht Éireannach. Badh chóir go mbeinn im’ Chaitiliceach, leis, acht is fadó riamh do thréigeas an creideamh agus gach nídh d’á ngabhann leis. Do dhiúltuigheas do Dhia agus do Mhuire agus do Mhac Dé do céasadh; do dhiúltaigheas do gach a bhfuil naomhtha ar neamh agus ar talamh ar son díoghaltais. Sin agat bun, barr, cabhail, cnámha agus easnacha mo thaidhbhse. Rugadh agus tógadh mé i niarthar na hÉireann le h-ais na fairge móire: is cuma cia an ceanntar. Bhí gabháltas deas talmhan ag m’athair, agus is damh-sa bhí an talamh ceaptha ’n-a dhiaidh fé mar ba chuibhe agus ba chóir. Ní raibh agam de ghaol a h-aon acht aon deirbhshiúr amháin: Máire ab ainm dí. Máire an chroidhe ghléigil! Tugadh scoil agus léigheann dúinn araon fé mar bhí le fagháil sa chomharsanacht. Bhíos go ceanamhail ar Mháire agus ise mar an gcéadna liom, acht ba cheanamhla ná sin mé féin agus mo mháthair ar a chéile. Is iomdha nidh thárla im’ shaoghal suarach ar a bhfuil buan-chuimhne agam agus is iomdha cuimhneamh gur mhian liom scaramhaint leis, acht ní scarfainn le cuimhneamh m’óige ar a bhfeaca mé riamh. Cuimhneamh órdha é sin a chuireann im’ scáthán ionnraiceas agus grádh agus subháilce na huaire bhíos fé omós máthar. Ó mo chreach! Is mairg do’n té ná déanann cómhairle deagh-
mhná, acht is seacht mairg do’n té ná déanann cómhairle deagh-mháthar! Dá ndéanainn-se cómhairle mo mháthar agus dá mbeadh sé de bhrígh tola ionam géilleadh dhi an t-am do ghéilleas dom’ díchéille féin ní im’ leastar críon do bheinn annso i gcathair Ghlaschú ag daoinibh ná fuil meas madra aca orm. Ní bheinn go deimhin; agus ní bheinn gan meas agam féin orm féin, gan mhaoin gan subháilce gan suairceas gan aoibhneas gan dóchas saoghalta ná síorraidhe, acht mo chroidhe bocht ’n-a chíthréibeach cráidhte tar éis mo shaoghail! Ó, mo léan guirt! Acht cheana, níor thárla aon nídh i rith mo shaoghail go mb’fhiú a áireamh go dtí gur shroicheas fiche bliadhain d’aois. Tosach na tubaiste do bhain dem’ threoir mé long Spáineach do theacht lá gairbh-shíne i mbéal an chuain bhig agus cómharthaí guaise á dhéanamh aici. Bhailigh mórán daoine ar an dtráigh ag féachaint uirthi acht ní raibh fonn ortha dul d’á cabhair agus fóirithin do dhéanamh ar a fuirinn. Ní raibh de phort ag aoinne acht “báthfar iad! báthfar iad acht grásta Dé!” “Badh mhór an feall a mbáthadh gan iarracht do dhéanamh ar iad do thabhairt saor,” arsa m’athair. “Badh mhó ná sin an feall do bháthadh féin,” arsa sean-fhear leis. “Níl ceathrar fear d’á fheabhas ná báthfaí leis an anfa gaoithe agus fairrge sin.” “Tá sí ag déanamh ar Charraig na Rón,” arsa fear eile, “agus brisfear ar an gcarraig í.” “An bhfuil triúr freastalta báid annso?” arsa mise. “Freastalóchad-sa maide rámha,” arsa duine. “Agus mise,” arsa fear eile. “Agus mise,” arsa an trímhadh fear.
Do phreabamar ár gceathrar isteach i mbád agus tugadh congnamh dhúinn chun í chur ar snámh. Chomh luath agus thugamar an chead bhuille dhi do chuir na daoine gártha móra molta linn agus do chuir sin meanma mhór ionainn. Bhí triúr comh-rámhaidhthe agam sa bhád sin nár scannruigheadh riamh agus nár laguigheadh a gcuisle riamh le h-eagla, agus níor bh’fhear gan gníomh mé féin. Acht cia gábhadh righneas scéil? Do chuireamar dínn na tonnta troma fíochmhara go mall agus go righin, agus is iomdha osna agus cnead do baineadh asainn sul a shroicheamar an long. Acht do shroicheamar fé dheire í agus rugamar linn sa bhád an seachtar d’fhuirinn a bhí uirri. Ní baileach do bhíomar ar talamh slán an uair do chonnacamar an long d’á briseadh ar Charraig na Rón, agus do chuaidh an fhuireann go léir ar a nglúinibh agus do ghabhadar buidheachas le Dia! Fuair an seachtar eisteas i dtighthibh na cómharsanachta fé mar bhí slighe oreamhnach dóibh. Tháinig an comh- luingseoir a bhaile linne. Caibidiol IV. Fear óg caol-árd deagh-chúmtha deagh-iomchurtha ba h-eadh é. Sabaistín Cuinceanta ab ainm dó. Cé ná raibh sé acht ceathair fichead bliadhain d’aois bhí a lán de’n domhan siubhalta aige cheana féin agus bhí an-chuid eoluis aige ar chineadhchaibh an domhain agus ar a dteangthaibh agus ar a mbéasaibh. Ní raibh sé dall ar aon nidh de neithibh coitcheanna an tsaoghail,
acht bhí sé de bhéasacht ann gan maoidheamh do dhéanamh as aon rud. Bhí sé chomh múinte sin gurab amhlaidh samhlaigheadh dúinn go mba mhór an onóir dúinn duine d’á uaisleacht do theacht fé dhíon an tighe chughainn i n-aon chor. Go deimhin ní raibh i n-easnamh air d’abhar na h-uaisleachta acht airgead. D’iarr sé ar m’athair é ghlacadh ar tuarastal go ceann bliadna, nó go mbeadh oiread airgid tuillte aige agus bhéarfadh thar lear é. Dubhairt m’athair leis fhanamhain agus fáilte. Chun a cheart do thahairt dó badh chóir dham a rádh nár theib sé orainn riamh i n-aon obair d’ár chuir sé roimhe. Acht ní ’n-a bhuachaill aimsire bhí sé acht ’n-a aoighe. Bhí roinnt mhaith de Shacs-Bhéarla aige; d’fhoghluim sé Gaedhilg uainne agus do mhúin Spáinis dúinn. Fuaireamar go léir a lán aitis san obair sin. Acht ní fada bhí sé ar an dteallach againn nó go rabhamar fé omós aige. Ní amhlaidh chuir sé fé omós sinn, acht do luigheamar fé agus bhí sé d’abaidheas ann gan a thoil do chur ’n-a luighe orainn chomh géar sin agus go mothóchaimís í. Níor chuir. An meabhlaire diablaidhe! [D’éirigh Roibeárd de’n chathaoir de gheit agus lasair ’n-a shúil. Do chogain sé a fhiacla agus do-rinne iarracht le n-a dhá láimh amhail agus dá mbeadh duine éigin d’á thachtadh aige. Bhí a leithéid sin de chuthach air gur chuir sé eagal orm. D’athchuingeas air suidhe síos agus an taom feirge do leigint de féin. D’fhéach sé orm go millteach bagarthach. Do chromas ar bhladar leis go séimh agus i gceann tamaill do shuidh sé síos go tuirseach, suaidhte]. Maith dham an méid sin, ar seisean, agus geallaim duit ná scaoilfead liom féin nios mó.
An uair bhí bliadhain go leith nó mar sin caithte ag Sabaistín fé dhíon an tighe againn tháinig a mheabh- laireacht chun críche. Thárla gur thuit leanbh comharsan de dhruim chapaill agus gur milleadh a cheann, i gcaoi agus go ndubhairt an dochtúir go gcaithfí é chur go Baile Átha Cliath fé chúram fáithliaigh sa chathair sin nó mar a gcuirtí bheadh sé ’n-a ghealt go bráth. D’iarr athair an leinbh ar m’athair mise do leigint go Baile Átha Cliath leis an leanbh. Do leig; agus do chaitheas coicidheas sa chathair. Ar bhfilleadh a bhaile dham do chuala scéal a chuir fearg agus buile orm. Cad a mheasfá bheadh déanta aca an fhaid do bhíos amuigh? Cleamhnas! Seadh, a dhuine, bhí cleamhnas déanta aca do Mháire leis an Spáineach! Agus an talamh á thabhairt mar spréidh do Mháire! “Spréidh?” arsa mise, “An amhlaidh atá sibh as bhur meabhair? Spréidh do thabhairt do mhnaoí d’fhonn í phósadh le fear dealbh!” “Ná cas le fear déirce a bhochtaineacht, agus ná maoidh air an mám mine,” arsa Sabaistín. “Mise an díol déirce feasta ó thárla mo shealbh do bheith ’á bhaint díom agus d’á thabhairt duit-se,” arsa mise. “Ní thuigeann Roibeárd an scéal so chomh maith leat-sa,” arsa Sabaistín lem’ athair. “Ní thuigeann,” arsa m’athair, go h-omósach. “A Roibeáird,” arsa Sabaistín, “ní mar a chéile nós na gcleamhnas i n-Éirinn agus sa Spáin.” “Dar ndóigh ní h-eadh,” arsa m’athair. “Agus dá gceapainn-se ná rabhas im’ dhiongbháil agus im’ fhear oireamhnach do Mháire ní iarrfainn uirthi mé do phósadh. Agus ceapann sí féin, leis, go
bhfuilim oireamhnach di. Cad deirir a Mháire?” ar seisean. Do chrom Máire a ceann agus níor labhair sí. Do labhras féin lem’ mháthair. “Cé rinne an cleamhnas so, a mháthair?” arsa mise. “T’athair,” ar sise. “Ní raibh aon lámh agam- sa ann, agus níor glacadh mo chómhairle. Níor airigheamar riamh a leithéid de shaobhnós.” “Bristear an cleamhnas láithreach,” arsa mise. “Caithfear é bhriseadh,” arsa mo mháthair. “Ní féidir é bhriseadh,” arsa m’athair. “Deirim-se go gcaithfear é bhriseadh,” arsa mise, “nó mara mbristear imtheochad-sa liom lom láithreach agus ní chasfad ar an dtigh seo go deo na ndeor.” “A Roibeáird,” arsa mo mháthair, “ná cuimhnigh ar a leithéid. Fan annso, agus brisfear an cleamhnas.” “Cad ab áil leat bheith ag cainnt mar sin?” ar sa m’athair. “Ná fuil an scríobhnóireacht tarraingthe eadrainn? Ní féidir é bhriseadh.” “Scríobhnóireacht?” ar sise. “Seadh,” ar seisean. “Ó, mo chreach!” ar sise. “Tá donas éigin ag séideadh fút!” “Éistighí!” arsa m’athair. “Éistighí, adeirim. Nach féidir liom mo rogha rud do dhéanamh lem’ chuid féin?” Nuair chualas an chainnt sin ó’m athair, d’éirigheas ar stoll feirge agus thugas aghaidh ar an ndoras. D’éirigh mo mháthair agus rug sí orm. “A Roibeáird, ná h-imthigh, ná h-imthigh!” ar sise. “Brisfead-sa an cleamhnas i n-aimhdheoin dhóibh. Suidh síos a mhic.”
Do bhog sí mé. D’iompuigheas anonn ar m’athair d’fhéachaint cia an freagra bheadh aige ar mo mháthair acht is amhlaidh d’iompuigh sé a cheann uaim. Níor bheag sin. Do chuireas díom mo mháthair go mio chuibheasach agus do chuadhas amach an doras go mí- chéadfach searbhasach. Ochón! do chualas guth mo mháthar ag teacht le gaoith ag glaodhach orm, agus a iarraidh orm teacht ar ais. Acht ní dheaghas. Caibidiol V. Ní raibh mórán airgid agam acht bhí oiread agus bhéarfadh go Americá mé. Níor stadas de’n turraing nó go ndeachas ar bórd luinge ag Cóibh Chorcaighe. D’fhan an long lá sa chuan agus tháinig a lán daoine ar bórd, acht bhíos-sa chomh cráidhte sin im’ chroidhe agus im’ aigne nár thugas áird ná aire ar aon nidh, acht ag féachaint uaim síos go dúbhach dubhrónach sa duibheagán. Fear mé ná gabhann le suathadh go réidh; agus is deacair mé chiúiniú. Um thráthnóna do chrom an long ar ghluaiseacht agus do músclas as an néall. Do shiubhlas go deire na luinge agus d’fhanas annsin go dtí go raibh cruacha agus beanna na h-Éireann ag dul as mo radharc. Thógas lán mo shúl go lán-dúthrachtach de thalamh mo dhúthchais; do mhothuigheas méala mór dam’ chrádh, agus tocht uaignis dam’ thachtadh. Leigeas osna agus cnead asam. An bheann deireannach do chonnacas - níor bheann í i n-aon chor, acht bean. Ba í mo mháthair í, agus í am’ bhagairt tar n-ais chúichi. Thógas mo lámh, agus
do cheileabhras dí. “Slán beo …,” acht níor chríochnuigheas an ceileabhradh. D’airigheas lámh dhá cur timcheall ar mo chrios agus do gheiteas. Rugas ar an láimh. “Ní baoghal duit, a Roibeáird; is mise Sabaistín.” “Sabaistín!” arsa mise, agus iongantas orm. “Seadh, a Roibeáird an chroidhe ghil,” ar seisean, agus do chrom sé ar mo lámh do thalgadh go mín agus go cneasda. “Seadh go deimhin; Sabaistín bocht ag rith id’ dhiaidh-se, a Roibeáird, chun fearg do dhíomais do shéimhiú, má’s féidir. Acht, a Roibeáird, mo thruagh mé agat! Cad do bheir duit bailiú leat ar an gcuma sin gan an scéal do mhíniú dham agus do chur i dtuigsint dam?” Dar ndóigh do rinne an chainnt sin cionntach cam díom-sa ar an láthair. Ní raibh freagra agam le tabhairt ar an gcoir do chuir sé im’ leith. “Dar ndóigh níor thuigeas an cás i n-aon chor, i n-aon chor,” ar seisean. “Agus bheinn dall air fós mara mbeadh do mháthair dhílis. Acht ní túisce bhí tuigsint agam ar an éagcóir do bhí ’á déanamh agam ort, agus níor bh’éagcóir féin é acht feall; feall, a dhuine! níor thúisce tuigsint ná teicheadh. Thuigeas go maith go dtiubharfá t’aghaidh ar Americá agus do leanas thu. Táim sásta im’ aigne anois. Is féidir leat filleadh ó Nua Eabhrach.” “Ba ró-mhaith uait oiread sin suime do chur ionam,” arsa mise. “Agus ní dócha gur thuilleas uait é.” “Á, ná habair sin, a Roibeáird,” ar seisean; “tar éis a bhfuaireas d’altranas agus d’aoigheacht agus de charthannas agus de mhuinntearthas uaibh go léir. Dhé, nárbh mé an t-ubh nide agaibh! Agus im’
ghlugar, leis. Acht, a Roibeáird,” ar seisean, “is mór an tiongna liom-sa go mbraithfá-sa go mbeadh sé de thriolladhasacht agus de shotalacht ionam-sa thusa do chaitheamh as t’áitreabh agus as do cheart. Is mór go deimhin.” Bhí sé am’ chur i bpúnc. Níor fhág sé focal im’ phluic. “Seadh, mhaise,” ar seisean, “do leigis do’n fheirg do chiall nadúrtha do mhúchadh agus do chur ar neamh- nídh, agus d’imthighis amach go dall-intinneach doicheallach. Mise fé ndear do dhichéille, a Roibeáird. Mise an coileán dorraidhe bhain miotóg fiacaile as an láimh do bheathuigh mé! Mo thruagh mé, mo thruagh mé!” Dar ndóigh badh chóir go mbeadh sé de thuigsint ionam gan milleán do chur ar Shabaistín go dtí go mbeadh cruthumhnas iomshlán agam go raibh sé cionntach ann mar scéal. Orm-sa féin do bhí an milleán agus an cionnta agus ní air-siúd. Dubhras leis go raibh aithmhéala orm agus d’iarras maitheamhnas air. Go deimhin ba fial fáilteach é ag tabhairt maitheamhnais dam agus do neartaigh an tuitim amach sin an ceangal cumannachta bhí orainn cheana. Acht ar a shon sin agus uile bhí siosarnach éigin im’ intinn aghá chur i n-iúl dam gurbh’ amhlaidh bhris mo mháthair an cleamhnas d’á aimhdheoin agus d’aimhdheoin m’athar, agus d’á dheascaibh sin gurbh’ éigean do Shabaistín teicheadh. Acht níor leigeas an rún sin leis: is amhlaidh dheineas mo dhícheall chun an rún do mhúchadh agus do cheilt orm féin ar eagla go dtiocfadh aon easaontacht as. “A Roibeáird,” ar seisean, tar éis tamaill, “Níor iarras maitheamhnas ort, agus go deimhin badh chuibhe go ndéanfainn tar éis na callóide go léir,
agus tar éis an t-aistear mío-rathamhail seo do chur ort gan chúis gan ádhbhar acht tré chorp aineolais; agus badh mhaith liom a chlos ód’ bhéal amach ná fuil aon díolchumhdach aghá dhéanamh agat ar aon nidh, agus go maithir ó chroidhe mo chionntacht.” “A Shabaistín,” ar sa mise, “má tá aon rud agam le maitheamh dhuit maithim dhuit é ó chroidhe amach.” Rug sé ar láimh orm agus do chroith sé í. “Bhíos fé chor agus fé chomaoin agat féin agus agad’ mhuinntir cheana,” ar seisean, “acht is mé d’fhear dílis feadhma feasta. Féach, a Roibeáird,” ar seisean, “Cad is dóigh leat a dhéanfair? An dóigh leat go bhfillfir ó Nua Eabhrach?” “Ní fios dam fós,” arsa mise. Is léir as a bhfuil ráidhte agam go raibh an lámh i n-uachtar ag Sabaistín orm arís agus go rabhas fé réir aige. Do luigheas fé’n omós nár luigheadh orm agus do rinneas toil m’fhir thaca agus threora gan é d’á chur d’fhiachaibh orm é dhéanamh. Ba bhreágh liom agam é ag dul anonn. B’álainn an chuideachta é. Do chuadhmar i dtír thall agus do threoruigh Sabaistín mé ar fuaid Chathair Nua Eabhrach. Do chaitheamar seachtmhain ag féachaint ar iongantaisíbh. Do thaithnigh an áit agus na radhairc go maith linn. B’fhuiris mé bhréagadh chun fhanamhaint thall. Ní raibh uaim, is baoghlach, acht gaoth an fhocail. Is amhlaidh bhí braith agam go n-iarrfadh sé orm gan dul a bhaile.
I gceann seachtmhaine dubhras leis go raibh mo chuid airgid caithte. “Ná bac sin,” ar seisean. “Dar ndóigh tá airgead ag gach aon amadán annso, agus badh mhór ar fad an t-amadán an té ná féadfadh airgead do dhéanamh ann. Tá beagán airgid fágtha agam-sa,” ar sé, “agus ní fhéadfainn feidhm ní b’fhearr do bhaint as ná é thabhairt duit-se chun thu bhreith a bhaile. Sé sin, a Roibeáird, má tá fonn ort dul a bhaile.” “B’fhearr liom airgead taistil do shaothrú” arsa mise. “Tá go maith,” ar seisean. “Téighmís ag lorg oibre.” Do chuadhmar, agus fuaireamar obair le déanamh agus tuarastal maith as a dhéanta. Nuair bhí luach an aistir saothruighthe agam do mhothuigheas caitheamh i ndiaidh mo bhaile a’s mo mháthar im’ chroidhe agus dúbhras go rachainn a bhaile. “Mar is maith leat, a Roibeáird,” ar seisean. “Bíodh do rogha féin agat. Acht dá mbadh mhaith leat fhanamhain tamall eile sa chathair seo d’fhanfainn it’ fharra, mar is álainn an chathair í.” “Is álainn gan amhras,” arsa mise; “acht dá bhfanainn annso cad a dhéanfadh mo mhuinntir sa bhaile im’ éagmhais!” “Dhe! níl baoghal ortha,” ar seisean. “Dá mbadh ná beidhfá ann i n-aon chor cad a dheanfaí it’ éagmhais? Agus tá airgead le tuilleamh annso, a mhic ó, rud ná fuil i nÉirinn. Go deimhin duit, a Roibeáird, dá fhaide bheadh t’athair it’ éagmhais agus ag súil led’ theacht thar n-ais ó ló go ló is amhlaidh is mó an fháilte bheadh aige romhat iar bhfilleadh dhuit. Mhairbheochadh sé laogh bréagh beathuighthe dhuit, a dhuine.”
Ba ladmhusach an fear é chun aighneas do dhéanamh; dá mbadh ná beadh an ceart aige d’fhéadfadh sé an mícheart do shuidheamh ort. “Tá athair agus máthair agam-sa sa Spáin,” ar seisean, “agus is beag a ghoilleann sé ortha mise bheith ag imtheacht im’ fhánaí aerach ar fuaid na cruinne. A Roibeáird,” ar sé, “an bhfuil fhios agat cad atá beartuighthe agam-sa le déanamh? An domhan mór braonach do thaisteal agus an saoghal mór corruightheach d’fheicsint! Mara n’imthighir leis an saoghal ní leis an saoghal thu. Mara mbainir aiteas as an saoghal is cuma ann nó as thu. Caithfead tamall annso agus tamall annsúd. Tuillfead airgead le hallus mo cnámh nó le stuaim m’intinne; tiullfead le duadh é, b’fhéidir, acht scaipfead le aoibhneas é. Gluaisfead le tuile na mara saoghalta go dtí go mbristear mo long ar Charraig na Rón, agus má bascthar mé beidh deire le duadh agus le saothar chomh suidhte agus bheidh deire le aoibhneas. Imtheochad le h-aer an tsaoghail agus blaisfead an mhil agus bolathochad an bláth cúmhra agus ní leigfead domboladh ná domblas im’ ghaobhar. Saoghal mór corruightheach agus mise ar barr tuinne!” “Tabharfad aghaidh ar an iarthar,” ar seisean. “Ní dhéanfad cómhnuidhe fada i n-aon áit acht fáiscfead liom siar go lom-díreach go sroichead cathair álainn órdha neamhdha Shain Franciscó. Ní ceart do dhuine bás d’fhagháil gan an chathair sin d’fheicsint agus na cathracha spéireamhla eile as sin ó dheas go Buenos Aireas. Badh mhór an fadú saoghail agus éadtromú croidhe ar dhuine cuairt do thabhairt ar an iarthar. An gcualais riamh trácht ar na sléibhtibh teintighe? Dar ndóigh níor chualais. Seadh,
ní radharc uathbhásach iongantach álainn go dtí Siomboraosa ag spréachadh teine go spéir as. Acht ní dócha go bhfuil aon tsuim agat ’sna neithibh sin. Acht dar ndóigh dá mbadh san ór do bheadh an croidhe ag duine cár chóra dhó dul chun a shainnt do mhaolú le saidhbhreas ná chun an iarthair, áit a rómharthar an mianach buidhe ’n-a scaobaibh as an dtalamh? Bíd spéartha an iarthair go glan solusmhar i gcomhnuidhe agus bíonn croidhe an duine chomh éadtrom leis an spéir. Mise agus mo chapaillín fúm ag triall ar iarthar an tsóghmais!” Fé mar adubhras ní raibh m’aigne ar deighilt ar fad ó’m dhúthaigh agus bhí mian éigin orm casadh a bhaile, acht nuair chualaidh mé racaireacht mholta an iarthair ó Shabhaistín do mhothuigheas mé féin dom’ mhealladh agus mo thoil ag géilleadh agus í á bréagadh uaim. Bí mo chroidhe ag tafant orm dul chun an iarthair agus mo cheann dhá rádh liom gur a bhaile badh chóra dham dul. Níor bh’fhada idir an dá chómhairle mé; do ghéilleas do chogar na meabhlaireachta. Rachainn do’n iarthar! Mairg a leigeas do chómhairle an chuirp an treise d’fhághail ar chómhairle na céille! Níl i ndán dó acht a bhascadh fá dheoigh. Caibidiol VII. Seadh; do thriallamar fé dhéin an iarthair. Dheinimís obair nuair bhíodh call againn le airgead cothuighthe agus taistil. Ní gan duadh ná anshogh do chuireamar dínn an t-aistear fada sin, acht pé ar bith é do shroicheamar
San Franciscó fé dheire. Níor chathair mar a tuairisc í i n-aon chor. Má bhí an spéir go geal ann ní raibh aighthe fear gan scamall, agus bhí oiread práidhinne ar dhaoinibh ann agus bhí ar mhuinntir Nua Eabhrach féin, agus níor bheag de mhuirighin ar aoinne an phráidhinn chéadna. Bhí airgead le tuilleamh ann. Bhíomar araon óg, luath, láidir, agus do thuilleamar é, acht ní i n-aisce fuaireamar é. Ba chathair álainn órdha í gan amhras, acht - d’éirigheamar tuirseach di. Dubhairt Sabaistín go raibh an iomarca aimsire d’á caitheamh againn ar bheagán tairbhe; ná raibh againn de bharr an tsaothair go léir acht lán béil agus clúdach ball gan aiteas gan aoibhneas ’n-ár saoghal, agus gur chóir dúinn aghaidh do thabhairt ar mhianach óir, áit a mbeadh an saidhbhreas agus abhar gach sochair fé n-ar gcosaibh. Le linn na h-uaire sin do rocht scéala go San Franciscó, amhail agus dá mbeithí d’ár gcur ar ár leas, go bhfuair lucht cuardaigh óir mianach breágh saidhbhir i n-áit d’á ngairthí Eas na Bó Deirge. I n-áit éigin i Mecsicó a bhí an ball sin agus thugamar aghaidh ó dheas agus na croidhthe ag preabadh le meisneach ionainn. Bhí roinnt mhaith daoine ann rómhainn agus saothar oibre ortha, acht tháinig ’n-ar ndiaidh ann dól eachtrannach ó gach áird de’n iarthar. Níor cruinnigheadh riamh i n-aon ionad sa domhan a leithéid de dhaoscar draosta dona daonna agus do bailigheadh le chéile i gceann ráithe ag Eas na Bó Deirge. Chuirfeadh sé faobhar fiacal ar an mac mallachtain is barbardha friotal d’á bhfuil i gcaladh-phort Ghlaschú bheith ag éisteacht le sluagh an Easa ar feadh leath-uaire. Ní fhéadfaidís an meon ba lugha éirim do chur i n-iúl d’á chéile gan annlann sailightheachta agus Dia-mhasla.
Ní théigheadh lá ná oidhche tharsta gan callóid agus clampar agus cómhrac, agus níor mhinicí cómhrac ná marbhughadh. Bhí arm teine ag gach duine, agus ar eagla go dteipfeadh teine ortha bhí sceanna ar sileadh ó chrios ag gach n-aon díobh. Bhí gach aon chineál cuirptheóra ann agus is ar éigin fhéadfaí a rádh go raibh duine ar bith ann acht cuirptheoir nó abhar cuirptheora. Óch, a dhuine, b’olc an áit é siúd do mhac mná Éineannaighe; agus má bhíos ar mo sheachaint féin ar aimhleas anama bíodh a bhuidheachas sin agam ar mo mháthair; óir, dá fhaide uaithi mé ní rabhas imthighthe go baileach ó n-a smacht an uair sin. Acht maidir lem’ chumannach, thugas fé ndeara go raibh a mheanma agus a mheisneach ag éirighe; go raibh sé ag scaoileadh leis féin ar nós an daoscair, agus go raibh an focal barbardha ar a theangain aige chomh pras agus bhí ag cách. Níor bh’é Sabaistín droch- labhartha an Easa an Sabaistín modhamhail caoin uasal do bhí fé dhíon tighe againn i nÉirinn. Dá mbeadh ciall agam-sa an uair sin, ní amháin go mbeinn ar mo sheachaint féin acht do dhéanfainn an cosnamh ba threise i n-aghaidh cathuighthe orm féin; sé sin, teicheadh. Acht níor theicheas. Níor ghéilleas do chogar an chogubhais, go mb’ fhearr rith maith ná droch-sheasamh. Níor ritheas; agus mo chumha ghéar, tá a shliocht orm! Do roinneadh an talamh ’n-a stangaibh ar na fearaibh fé mar oir dóibh, agus do ghlac mise agus Sabaistín seacht stanga i gcomhrann; agus do chromamar ar thochailt agus ar rómhar mar chách. Ní go ró-gheal do bhí ár saothar ag éirighe linn - ná le aoinne eile acht oiread, acht amháin corr-dhuine gheibheadh cnapán óir anois agus arís i ngrinneall na h-abhann. Pé tairbhe bhí ag teacht as mar obair is do lucht riartha
an mhianaigh do bhí sé ag dul. Bhí siopaí agus tighthe tábhairne ag an Eas agus ba mhó go mór an saidhbhreas do bhí d’á sealbhú ag lucht na siopaí úd ná ag lucht rómhartha an óir. Caibidiol VIII. Bhí aon tigh tábhairne amháin ann a thaithigheadh Sabaistín ist oidhche. Raincil Grathain ab ainm do’n fhear a bhí ’n-a fheighil. Bhí bean óg dhathamhail aige agus do ghníodh sí freastal sa tigh tábhairne ’n-a fhocair. Is mó cnapán óir do gheibhdís ó lucht na h-íotadh. Ba h-é Raincil an preabaire bitheamhnaigh ba mhó d’ár shiubhail an fód le n-a linn. Trodaire millteach neamh-iongantach agus crochaire urchóideach bagarthach ná raibh d’fhéith ann acht féith na feithide; bhí an bhean bheag go ciúin cneasta; agus, do réir gach tuairisce, cionntach. Acht bhí sí chomh séimh sin le gach comhluadar dá dhonacht go raibh meas uirthi ag gach n-aon. Níor bh’anamh mé féin i dtigh an óil, acht is amhlaidh théighinn ann chun cuideachta do dhéanamh do Shabaistín, mar ní raibh aon dúil san ól riamh agam. Oidhche d’á ndeachamar ann do thairg Raincil gloine fíona dhúinn. Do ghlac Sabaistín uaidh é, acht d’eitigheas féin é. Do rinne sé tafant orm acht d’eitigheas go teann é. Mar sin féin do líon sé an ghloine dham. “Ól é sin,” ar seisean. “Ní ólfad, go raibh maith agat,” arsa mise. “Ol é, má’s é do thoil é,” arsa bean Raincil. “Ná eitigh an bhean,” ar seisean. “Táim ró-bhuidheach díbh araon” arsa mise, “acht níl aon chás agam ann.”
“Agus cad ab áil leat annso, mar sin?” ar seisean. “Dá fhaide thu ag teacht annso le cois do charad annsin ní fheacamar dath do chuid óir fós.” Agus do thóg an bitheamhnach an ghloine agus do ghabh de’n fhíon idir an dá shúil orm. Acht thugas-sa dorn do-sin idir an dá shúil, agus leagadh ar fhleasc a dhroma é le feidhm an bhuille. Do phreab sé ’n-a sheasamh, agus an fhearg ghá thachtadh. An chéad rud do rinne sé gléas lámhaichte do tharraing as a chrios agus go deimhin do cheapas féin go raibh mo ghnó déanta. Ní raibh arm troda ná cosnamha agam. “Go réidh, a Raincil!” Ba h-é Sabaistín do labhair. Do bhí gunnán dírighthe ar Raincil aige. “Cuir uait an uirlis arís!” arsa Sabaistín. “Cuir-se féin uait d’uirlis,” arsa bean Raincil, agus do dhírigh sí gunnán ar Shabaistín. “Gach uirlis go truaill - go tapa!” arsa fear éigin go h-árd-ghlórach ceannasach. Annsin tháinig fear i láthair agus d’fhiosruigh dhínn cad ab fháth leis an gclampar, agus do hinniseadh do é. “Gheobhaidh sibh araon cothrom na féinne,” ar seisean liom-sa agus le Raincil. “Cathain a bheidh sé ullamh?” arsa Raincil. “Ar a sé a chlog ar maidin,” arsa Sabaistín. “Agus bíodh Breasal ’n-a mhaor chirt.” Ba h-é Bhreasal an breitheamh molta ar gach cómhrac aoinfhir, agus deirtí go mbadh cothrom cóir an breitheamh é. “An bhfuil sibh sásta?” arsa Breasal. Dubhramar go rabhamar, agus d’fhógair sé orainn bheith ar an bhfaithche ar a sé a chlog ar maidin gan teip.
Do chuaidh mise agus Sabaistín chun na boithe ’n-a rabhamar ’n-ar gcómhnuidhe. Do mhúin sé dham cionnus urchar do chaitheamh agus aimsiughadh do dhéanamh. “Is ró-bhaoghal liom duit, a Roibeáird,” ar seisean. “Is gnáthach le Raincil námhaid do chlaoidh i ngach cómhrac agus ní slachtmhar an duine thusa i n-éadan gunna. Acht má chaitheann tusa leis chomh luath agus cóimhreochaidh Breasal ‘a trí’ b’fhéidir go n-éirgheochadh leat leagadh do bhaint as. Acht pé ar bith é ná bíodh ciach ná eagal ort, mar má bhíonn criothán id’ láimh teipfidh ort gan amhras. Agus rud eile; bíodh misneach agat, mar dá fheabhas de chómhraiceoir duine agus dá liacht duine mharbhuigheann sé deineann sé dearmad uair éigin agus marbhuighthear é féin. Acht bíodh dánaidheacht daingean agus seasamhacht ionnat.” “B’fhearr liom-sa gar-chómhrac,” arsa mise, “ná cómhrac le piléar.” “Caithfidh tu troid do dhéanamh ar an nós a chleachtaid na daoine fiadhaine seo,” ar seisean. “Acht ar mhaith leat aon scéala do chur a bhaile chun t’athar agus do mháthar? Nó, ar mhaith leat udhacht do dhéanamh?” “Níl rud ar bith le cur i n-údhacht agam,” arsa mise; “agus má thuitim sa chomhrac so leagtar fód orm, agus ná buadharthar m’athair ná mo mháthair le scéala mo bháis.” D’fhágamar an scéal mar sin go maidin. D’éirigheamar go doich agus do chuireas-sa orm an culaidh éadaigh ab fearr a bhí agam agus do ghabhamar araon anonn go faithche an chómhraic. Ní rabhas gan a bheag nó a mhór d’anbhuaine do bheith orm, acht ó’s rud é, arsa mise, im’ aigne, go bhfuil aigne diongbhálta ag Raincil chun mé do mharbhú, mairbeachad é ar dtúis ma’s féidir.
Cuireadh an bheirt againn ’n-ár seasamh ar aghaidh a chéile. Do labhair Raincil go maoidhteach leis an mbreitheamh agus dubhairt gur mhairbh sé cheithre fear déag ar an bhfaithche sin; “agus is é sin thall an cúigmhadh fear déag,” ar seisean. Níor labhair Breasal leis i n-aon chor. Do tharraing sé gunnán as a chrios agus tháinig anall chugham-sa. “Bheirim rabhadh agus for-fhógra dhuit,” ar seisean, “gan do philéar do scaoileadh go dtí go leigead-sa dom chiarsúir tuitim.” Agus do theasbáin sé dham ciarsúir a bhí ’n-a láimh chlé aige. Thug sé an rabhadh agus an for-fhógra céadna do Raincil. Annsin do sheasaidh sé i leath-taoibh timcheall leath-slighe uainn agus do labhair ós árd ionnus go gcloisfeadh gach aoinne é. “Ná caithtear go tuitim do’n chiarsúir,” ar sé, “Nó, an té chaithfidh caithfead-sa leis.” Thóg sé suas an chiarsúir agus do chrom ar chómhaireamh. “A h-aon -: a dó -: a …” Ní raibh an focal “trí” ráidhte aige an uair do chaith Raincil liom. Níor bhuail an piléar me cé go ndeachaidh sé gairid go leor dam. Do chuaidh sé siar tré mhuinchille mo láimhe deise. Acht chomh luath agus chaith Raincil liom d’iompuigh Breasal air agus do chaith leis. Níor chaitheas féin i n-aon chor. Do thuit Raincil. Do chuaidh Breasal anonn chuige agus d’fhéach sé air. “Tá sé marbh!” ar seisean. “Hó, a Shabaistín!” ar seisean; “tar i leith annso. Bheirim dhuit-se an corp so agus cuirim a chúram ort. Tabhair congnamh do’n bhaintreabhaigh chun é d’adhlacadh.”
Caibidiol IX. D’imthigh mise síos chun mo bhotháin agus do shuidheas ann. Do bhí saghas éigin tuirse orm agus do chaitheas an lá istigh. Ní raibh fonn oibre orm, ná fonn caidrimh le aoinne. Bhí léir-mhachtnamh aghá dhéanamh agam ar na neithibh mío-ádhmharacha bhí ag tuitim amach im’ thimcheall agus go mór mór ar dhroch-obair na maidne agus b’é críoch mo mhachtnaimh acht go raibh an iomarca de’n saoghal mhór chorruightheach dhá fheicsint agam, agus nár bh’fheárrde mé é. Do chuireas mo bhalcaisí im’ mháilín um thráthnóna chun mo bhóthar do thabhairt orm agus cúl do thabhairt go bráth ar dhaoscar saothruighthe an óir. Chaitheas tamall ag feitheamh le teacht Shabaistín. Nuair tháinig sé ar tuitim oidhche bhí saothar agus séideán air. “A Roibeáird,” ar seisean, “Caithfimíd teicheadh! Imthighmís. Imthighmís anois, láithreach bonn.” “Tá go maith,” arsa mise, “táim-se ullamh. Bhí beartuighthe agam-sa ar imtheacht, go h-áirithe. Acht cad é an deabhadh so ort-sa maran misde a fhiafruighe dhíot?” “Fuadar nimhe do bheith fé chuid de’n druing seo annso; fuadar ár marbhtha araon mar gheall ar bhás Raincil. Tá an bhaintreabhach bheag d’á spriocadh chuige; agus tá Breasal ar a theicheadh cheana, mar tá oiread uilc aca chuige sin agus tá chughainne.” D’imthigheamar gan a thuilleadh cainnte do dhéanamh agus do thriallamar rómhainn ó dheas. Ní dhearnamar comhnuidhe go rángamar Acapulca. “Badh chóir go mbeimís saor ó thóir annso” arsa
Sabaistín, “agus cuirfimíd fúinn tamall ann.” Ní rabhamar acht trí lá ann nuair thárla eachtra uathbhásach eile dhúinn. Bhíomar ag siubhal na sráide ar ár socracht gan puinn buaidhrimh. Do chonnacamar fear ag teacht aníos ’n-ar gcoinne agus é ar marcaidheacht ar chapaillín tuirseach. Bhí cábóg leathan lachtna ar a cheann, agus súile luatha beo ar faireachán fúithi. Bhí féasóg stothlach dhubh air agus bhí oiread sin luaithre ar a chuid éadaigh go mba léir dúinn go raibh aistear fada curtha dhe aige. D’imthigh sé tharainn suas agus níor bh’fhada go raibh sé imthighthe as ár gcuimhne. Acht ní rabhamar-ne imthighthe as a chuimhne siúd. I gceann uaire nó mar sin thug Sabaistín cogar dam. “Leig siolla ded’ shúil id’ dhiaidh,” ar seisean. Do leigeas, agus cé chífinn acht ridire an bhroncaigh agus é ag siubal go tapa ’n-ár ndiaidh. “Tá ridire an bhroncaigh d’ár leanamhain,” arsa mise. “D’ár dtóruidheacht, an eadh?” ar seisean. “Gan amhras ar domhan,” arsa mise. “Géirighthear na chéadfaidhe ionnat anois,” ar seisean, “mar is dóigh liom go mbeidh gádh againn le gliocas.” Bhí fear na tóra buailte linn um an dtaca sin. Bhí sé díreach ar dtaobh thiar de Shabaistín. Do stad Sabaistín go h-obann agus do bhuail an fear fé. Do leig Sabaistín air go raibh sé ag tuitim agus do chuir sé lámh thar bhraghaid an fhir eile chun taca d’fhághail mar badh dheadh. Rug sé de ghreim mheigill ar fhear an bhroncaigh agus do sciob de an fhéasóg go h-iomlán.
“Á, a Bhreasail, an tú atá ann?” ar seisean. Chuir Breasal gáire as. “Is mé,” ar seisean, “agus nach rathamhail an teagmháil ar a chéile dhúinn é! Acht siubhalaí liom tamall” ar seisean. “Badh mhian liom focal a rádh leat-sa a Shabaistin, má’s é do thoil é. Ní maith liom é rádh leat ar chorp na sráide ar eagla go mbeadh call againn le árd-ghlór do chur asainn. Siubhlaimís.” “Agus mara dtéighmíd leat, a Bhreasail, cad a dhéanfaidh tú?” “Fanfad i n-bhur bhfochair,” ar sa Breasal, “nó go bhfaighmíd caoi oireamhnach chun cainnte.” “Rachaimíd leat,” arsa Sabaistín. Agus d’iom- puigh sé chugham-sa agus do labhair liom as an nGaedhilg. “Seachain an feall,” ar seisean. “Níl neart claoidhte an fhill ann acht a chlaoidheadh le feall.” Do shiubhlamar i n-aoinfeacht leis go rángamar páirc ar imeall na cathrach. “Tá an áit seo oireamhnach,” arsa Breasal; agus do chuadhmar isteach. “Anois, a Shabaistín; cad ’n-a thaobh ar theichis ó Eas na Bó Deirge?” ar seisean. “Mar ba mhaith liom é,” arsa Sabaistin. “Do theichis,” arsa Breasal, “mar gheall ar seacht gcnapáin óir do ghoidis ó bhaintreabhaigh Raincil.” “Thugais t’éitheach,” arsa Sabaistín. “Acht dá ngoidinn féin agus fiche cnapán cad é sin duit-se?” “Inneosad sin duit,” arsa Breasal. “Tá cleamhnas déanta agam léi, agus nach leor sin de chúis agam chughat? Feach, a dhuine chóir,” ar seisean, liomsa. “Seo mar bhí an scéal. Do bhí seacht gcnapáin óir i bhfolach ag Raincil agus nuair rug sé seo agus triúr fear a bhí ag cosgnamh leis an corp
chun an tseomra leabthan do chromadar ar chuardach agus ar fhaghairseáil ar fuaid na h-áite agus fuaireadar an t-ór. Do shaighid sé seo an triúr eile fé n-a chéile, agus nuair bhí an triúr ar lár do bhain sé na cnapáin díobh agus do bhailigh leis. Deir sé go bhfuil éitheach dhá dhéanamh agam. Tá beirt de sna fearaibh úd beo fós agus thugadar fiadhnuise saine uatha agus ba mhar a chéile an dá fhiadhnuise.” “Ní go macánta fuair Raincil na cnapáin,” ar sa Sabaistín. “Agus ní go macánta fuair Sabaistín na cnapáin,” arsa Breasal. “Cad ab áil leat?” arsa Sabaistín. “Go ndéanfá aiseag ar na cnapáin,” arsa Breasal. “Iad do thabhairt duit-se? Iad do thabhairt do dhuine ná fuil ceart aige chucha acht oiread liom féin?” arsa Sabaistín. “An dóigh leat go bhfuilim chomh meathta sin agus go ngéillfinn dod’ thoil-se? Dar go deimhin, ní ghéillfead.” “Cuirfead-sa d’fhiachaibh ort géilleadh,” arsa Breasal. A’s le bagairt súile bhí gunnán tarraingthe as a chrios aige. Acht ní raibh fiú oirid sin de mhoill ar Shabaistín. Bhí a lámh dheas istigh fé bhrollach a chasóige aige; agus go deimhin, bhí amhars agam-sa go raibh greim na láimhe sin ar a mhion-ghunna, agus bhí an ceart agam. Ar éigean bhí an focal “géilleadh” labhartha ag Breasal, agus sula bhfuair sé aga chun aon rud do dhéanamh acht amháin an gléas lámhaichte do tharraingt chuige, do rad Sabaistín piléar leis amach tré n-a chasóig. Thuit Breasal ’n-a chorp.
Caibidiol X. D’fhágamar Acapulca ar deithineas. Ní cuimhin liom na cómhgair agus na h-aithghearra do ghabhamar sa teicheadh dhúinn acht níor bhogamar déine ár ngluaiseachta go rángamar Nua Orléan. Do chuadhmar ar bórd luinge annsin agus do chuadhmar go Pará i dtuaisceart na Brasáile. Do mheasamar sinn féin slán annsin, go h-áirithe, agus do chrom Sabaistín ar aoibhneas do bhaint as an saoghal. Do thaithigheadh sé teach imeartha gach aon oidhche; agus, nidh nach iongna, bhí na cnapáin óir d’á leagha go tapa aige. Fé dheire ní raibh ’n-a sheilbh acht aon chnapán amháin agus do shíreas air an teach imeartha agus Pará féin do thréigean agus dul go dtí áit éigin eile. Do ghéill sé dham, rud ab annamh leis, agus do chinneamar ar dhul go Buenos Aires. Do chuadhmar. Do chaitheamar bliadhain sa chathair álainn sin, agus annsin do thriallamar amach fé’n dtuaith. Do ghabhamar rómhainn ó thuaidh. Sé bhí beartuighthe ’n-ár naigne againn dul fé’n dtuaith agus saoghal mór corruightheach na tuatha ’sna tíorthaibh sin d’fheicsint. Sa ghluaiseacht dúinn do casadh orainn fear ag a raibh réim mhór thalmhan. Dubhairt sé go raibh fir oibre go h-an-ghann ’n-a cheanntar agus go rabhadar ag teastbháil go dian uaidh féin. Do gheall sé tuarastal maith dhúinn dá dtéighmís leis; acht ar eagla gurab amhlaidh chuirfimís amú é dá mbadh ná taithneochadh an obair linn do chuir sé aimsear bliadna orainn. Do chuadhmar leis agus go deimhin féin ba lághach cóir séimh an lánamha é féin agus a bhean. Do thaithnigh an obair
linn; mar, cé go mbímís ag obair go moch agus go déidheanach ní bhíodh le déanamh againn acht obair éadtrom. Bhíomar ’n-ár gcómhnuidhe i dtigh an ghabhálaí agus nuair théighmís a bhaile um thráthnóna b’ionann é nó dul isteach i dteaghlach ár muinntire féin. Ní raibh de chlainn ag an lánamhain acht aon inghean amháin; Muirgheal dob ’eadh a h-ainm sin. An bhean óg bhréagh ba dheise dealbh déanamh agus snódh d’ár casadh riamh ar cheachtar againn; agus níor mhaordha sciamh agus áille a pearsan ná uaisleacht agus módhmhaireacht a h-aigne. Seadh, seadh; an gádha dham a thuilleadh do rádh? Ní gádha dar ndóigh; is so-thuigsiona ná beadh sé de ghaois san óige an chinneamhain a bhí á bagairt orainn do chur dínn, agus go mór mór nuair nár chuireamar ’n-a h-aghaidh - acht a mhalairt. Thugamar araon grádh croidhe do Mhuirghil, acht do chongbhaigheas féin mo rún go daingean im’ chliabh, agus níor bh’eol d’aoinne, fiu í féin, go raibh an galar do-leighiste sin ar mo chroidhe. Acht níor cheil Sabaistín a mheon. Do chrom sé ar bheith ’n-a dhuine uasal arís, agus níor shéimhe agus níor bh’uaisle a iomchar i dtigh m’athar an uair thuiteamar go léir fé n-a chosaibh le neart omóis dó ná a iomchar annsúd. Níor bhaileach sinn mí sa tigh an uair do chrom sé ar pósadh do thafant ar Mhuirghil, acht d’eitigh sí é. Acht níor shaor an t-eiteach ó’n dtafant í; do lean sé de’n tafant ar feadh na bliadna acht ní raibh de thoradh riamh ar a shíorthóireacht acht an freagra fuar. Nuair bhí an bhliadhain caithte againn dubhairt Fearnán (ba h-é sin ainm an ghabhálaí) dubhairt sé linn go raibh ár dtuarastal le fághail againn.
Dubhairt Sabaistín go bhfanfadh sé féin go ceann bliadna eile dá ngabhthaí leis. Dubhras-sa, comh maith, go bhfanfainn. “Ní bheidh acht aon fhear amháin ag teastbháil uaim i gcómhair na bliadna tá rómhainn.” arsa Fearnán. “Tá gach aon rud i dtreo maith againn tar éis saothair na bliadna atá caithte agus beidh sé i gcumas dam féin agus d’aon fhear amháin teacht ar a bhfuil d’obair le déanamh as so amach. Tá buidheachas mór agam oraibh araon agus ní fearr liom duine agaibh seachas an duine eile. Socruígh féin cé agaibh fhanfaidh.” Iar n-a rádh sin dó d’imthigh sé amach agus d’fhág an bheirt againn i bhfochair a chéile. “Seadh, a Roibeáird,” arsa Sabaistín, “ní dócha gur mian leat-sa imtheacht.” “Ní mian,” arsa mise. “Taithnigheann an áit seo go rí-mhaith liom, agus badh mhaith liom fhanamhain ann.” “Agus liom-sa cómh maith,” ar seisean. “Acht ní gádh dhúinn tosnú ar challóid agus ar chlampar mar gheall air; cuirimís ar chrannaibh é.” “Ní fearr cuma ’n-a socróchaimís é,” arsa mise, “Ná le crannaibh; agus dar ndóigh ní fuláir é shocrú ar chuma éigin.” “Ní fuláir,” ar seisean. Annsin do rinneamar an crannchur agus do chuaidh an crann orm-sa. Do thréig mo neart mé agus mo mheabhair agus mo radharc agus m’éisteacht ar feadh tamaill. Ní fheadar an dtug Sabaistín fé ndeara an t-easba do bheith orm, acht má thug níor leig sé air é.
Caibidiol XI. D’éirigheas maidean lá ar n-a bhárach agus do chuireas mé féin i gcóir chun siubhail. Thángas amach sa chistin lem’ bheartán éadaigh. Bhí Muirgheal agus a máthair ann. “An tusa tá ag imtheacht?” arsa an mháthair. “Is me,” arsa mise. “Is orm do chuaidh an crann.” “Is méala le cuid againn thusa do bheith ag imtheacht, a Roibeáird,” arsa an mháthair; agus do bhagair sí a ceann i dtreo a h-ingine. Do thuigeas an tagairt. “An méala leat m’imtheacht, a Mhuirgheal?” arsa mise. D’fhreagair sí ós íseal me. “Is méala,” ar sise. “Imthigheadh sé siúd.” B’é oscailt na bhFlaitheas damhsa an focal san. “Tá go maith a Mhuirgheal,” arsa mise; “ní imtheochad.” Agus do chuadhas ar ais lem’ bheartán. Bhí Fearnán agus Sabaistín imthighthe amach um an taca sin i bhfeighil oibre. Do chuaidh bean a’ thighe amach agus i gceann tamaill tháinig sí féin agus Fearnán thar n-ais. “A Roibeáird,” arsa Fearnán, “ní gádh dhuit imtheacht ó’s toil le Muirghil é. Téighir anonn annsin sa ghort agus tabhair congnamh do Shabaistín. Rachad-sa anonn ar ball chughaibh.” D’inniseas do Shabaistín go raibh cead agam fhanamhain. Tháinig iongantas air ar dtúis agus annsin tháinig fearg air. “Cé thug cead duit fhanamhain?” ar seisean. “Fearnán,” arsa mise. “Thug sé cead gan iarraidh dham.”
“Ní bhfuairis cead uaim-se,” ar seisean. “Ní bheidh annso feasta acht duine againn; tá an áit ro-chumhang do bheirt againn, má thuigir leat me.” “An té gur cumhang leis fágadh,” arsa mise. “Do chuaidh an crann ort-sa aréir,” ar seisean, “Agus do gheallais go n-imtheochthá. Caithfidh tú imtheacht. Níl dul as agat. Tá fhios agam-sa cad atá i gceann agat. Tá an rud céadna ar intinn agam féin. An bhfuil aon réidhteach déanta idir thusa agus Muirgheal?” “Níl, acht amháin go ndubhairt sí liom go mbadh méala léi m’imtheacht,” arsa mise. “Há!” ar seisean. “Is ionann é sin agus réidhteach chun cleamhnas do dhéanamh. Do bhris mise cleamhnas ar mhaithe leat-sa. Díol-se an comhar liom anois agus imthigh as an áit seo.” “Is deimhin dearbhtha ná h-imtheochad,” arsa mise. Do chuaidh sé anonn chun an tighe agus tháinig ar ais arís gan mhoill. Do chrom sé ar bhladar liom a d’iarraidh treise d’fhághail orm le meabhalaireacht acht ní raibh de thoradh air sin aige acht eiteach teann uaim-se. Do dhruid sé chugham i leith agus do sheasaigh an- ghairid dam. Bhí droch-fhéachain mhallaighthe ’n-a shúil. Thuigeas go raibh droch-fhuadar fé. Ní fheaca mé riamh a leithéid de nimhneachas ar ghnúis dhuine ar bith. “Imthigh!” ar seisean. “An gcloisir leat me? Imthigh!” agus do tharraing sé chuige a mhion-ghunna. “Má’s fuadar mo mharbhtha tá fút,” arsa mise, “Is olc an cúiteamh é ar dhuine chuir a anam agus a chorp i gcontabhairt duit chun thu do shaoradh ó bháthadh.” “Dá saorthá seacht n-uaire mé; dá saorthá m’athair agus mo mháthair agus mo sheacht sinnsir romham ní
mhaithfinn duit gan mo thoil do dhéanamh anois,” ar seisean. “Agus dá n-imirightheá bás seacht n-uaire orm ní dhéanfainn do thoil,” arsa mise. Chuir sé béal an ghunna lem’ chliathán. “Téighir a bhaile,” ar seisean, go millteach. “Téighir a bhaile, adeirim leat!” Bhí an bhuile ag borradh ann agus ag teacht chun críche. Má bhí cleas cosanta agam orm féin badh chóir dam é chur i bhfeidhm gan mhoill. Le prap na súl do ghreamuigheas an lámh ’n-a raibh an uirlis agus do chuireas béal na huirlise dhíom. Do ghabh sé de dhorn orm le n-a láimh chlé acht do bhaineas an uirlis de agus do chaitheas uaim í. Annsin iseadh do múscladh an fhearg i gceart ionam-sa. Bhí cothrom cómhraic againn araon. Níor bh’fhear damh-sa Sabaistín. Ní raibh fear árd caol-chnámhach ’n-a fhear riamh d’fhear teann téagartha talamhaidhe. Rugas air agus chroitheas é mar chroithfeadh maistín franncach. (Le linn na h-innsinte seo do Roibeárd d’éirigh sé ’n-a sheasamh agus do léir-aithris dam an chuma ’n-ar láimhsigh sé Sabasitín. Bhí a leithéid sin de chuthach feirge air go dtáinig cubhar bán ar a bhéalaibh. Thugas iarracht ar é do chiuiniú, agus do shuidh sé síos. Níor thosnuigh sé ar an scéal arís go ceann tamaill). Do chroitheas é; d’fháisceas liom isteach é go dian daingean; d’airigheas na h-easnacha d’á gcnagadh ann; chuir sé cnead agus géim as agus níor bhogas mo ghreim nó go ndeachaidh sé i bhfanntais le neart na barróige, agus annsin do theilgeas uaim é. D’fhan sé sínte annsin fé mar bheadh sé marbh, agus is dóigh liom nár bh’fhada uaidh é. Thógas féin an gléas lámhaichte agus chuireas im’ póca é.
D’fhanas tamall maith ag faire air ag súil go dtiocfadh sé chuige féin. Do labhras leis agus do ghlaodhas air agus do chroitheas é, acht comhartha na h-anama níor léir dam ann. B’aindeis an scéal liom-sa é sin, óir dá mhéid mo chúis chuige ní raibh aon díoghbháil déanta aige dham agus níor mhaith liom a bhás do bheith orm. Annsin do chonnacas Fearnán ag teacht. Nuair chonnaic sé Sabaistín sínte i riocht an bháis do ghabh iongantas mór é. “Is olc an obair í seo,” ar sé; “An amhlaidh chuireabhair cómhrac ar a chéile?” Do inniseas an scéal dó. “Anois, an dóigh leat gur fear cionntach mé?” arsa mise. “Ní h-eadh, ní h-eadh,” ar seisean. “Ní raibh leigheas agat air. Acht caithfar rud éigin do dhéanamh. Cabhair éigin nó fóirithin do dhéanamh air; mar ní mhairbheochadh fáscadh lámh fear. Gabh-se an capall agus rachad-sa isteach chun an scéal d’innsint dom mhnaoi agus dom’ inghin. Is maith an chabhair intleacht bhan.” D’imthigh mise agus do ghabhas an capall. Ar dteacht thar n-ais dam go dtí an áit ’n-ar fágadh Sabaistín do leath mo shúile orm. Ní raibh a thuairisc ann acht oiread agus dá sloigtí leis an dtalamh é! Bhí sé imthighthe. Go deimhin féin ba mhór an áibhéis chroidhe dhamh-sa é sin; agus ní raibh aon chathughadh orm i ndiaidh an bhitheamhnaigh. Chuadhas isteach sa tigh agus thugas an scéala dhóibh. Do pléasc an triúr aca amach ar gháirí. Ba mhór an greann leo é. “Imtheacht gan teacht air!” arsa Muirgheal, agus do chuireamar go léir racht gáirí asainn. Is fearrde gach scéal deagh-chríoch.
Caibidiol XII. Seadh, seadh; ní gábha dham an scéal do righniú. Shíleamar dá luathaidhe agus déanfaí an pósadh go mbadh amhlaidh b’fhearr é: go gcuirfeadh sé Sabaistín ó theacht ar ais. Seadh, pósadh mise agus Muirgheal. Cuireadh snadhmna saoghail orainn; snadhmna ná teascfaí nó go scarfadh an bás ó chéile sinn. Och, och, ón, mo sceimhle scéil agus mo leonadh croidhe! níor chian gur scar; níor chian gur scar! Ní amháin go raibh bain-chéile agam-sa, agus bain- chéile mhaith, acht bhí athair agus máthair agam chomh maith. Ní fhéadfadh mo dhearbh-athair agus mo dhearbh- mháthair féin bheith ní ba cheanamhla orm ná athair agus máthair mo mhná. Acht bhí bean agam ná raibh a leithéid le fághail, agus mo mháthair féin do chur chuige. Bíonn seacht ngrádh ag an máthair d’á mac agus gan aige acht aon ghrádh amháin di; go deimhin, is dócha gurab amhlaidh é. Acht bhí seacht ngrádh ag mo mhnaoi dhamh-sa agus bhí seacht ngrádh agam di. Bhí taithneamh na gréine orainn, taithneamh na sláinte, an sonas agus an séan, an rath agus an rathamhnas. Badh dhóigh linn go raibh Dia féin ’n-ar gcómhgar. Níor éirigh scamall ná ceo a dhúibhfeadh ár saoghal orainn. I n-ionad é dhubhadh, ba é toil Dé leanbh mic do bhronnadh orainn. Roibeárd beag; ochón ó, mo Roibeáirdín! Mo leanbh gléigeal álainn ab áilne snódh agus dealbh; mo Roibeáirdín; ochón, ochón! Do chrom Roibeárd ar ghol - agus do leigeas dó. Ní fhéadfainn cur isteach air. Do thosnuigh se arís i gceann tamaill.
Badh dhóigh leat gur anuas ó Fhlaitheas do thuit sé chughainn. Ba h-é Roibeáirdín grian an teaghlaigh againn. “Fan go mbaisttear é,” arsa mo mháthair chéile. “Beidh a sheacht n-oiread meas’ againn air.” Seadh, baisteadh é. Bhí bainis bhaistighe againn air, agus do rinneamar gáirdeachas agus cómhbáidh le n-a chéile. Thugas buidheachas do Dhia an lá úd gur cuireadh im’ cheann an toil agus an meon chun an saoghal mór corruightheach d’fheicsint. Níor mhéala liom é an lá úd. D’éirigh mo thuras go maith liom. D’éirigh, má éirigh. Seadh; seadh; an cúigmhadh lá déag de Lughnasa- agus badh chóir dam cuimhneamh do bheith agam ar an lá céadna - thángas a bhaile um thráthnóna agus do ghlacas mo shuaimhneas i bhfochair mo mhná i gcistinn an tighe. Do chóruigh sí biadh dham agus do chaitheas é. Bhí a h-athair agus a máthair imthighthe go tigh an phobuil chun easpairte, agus ní raibh sa tigh acht mise agus Muirgheal agus an leanbh. Nuair bhí an tráthnóna ag dul i ndéidheanaighe thóg sí suas an leanbh, do bhain de a chuid éadaigh agus do nigh é i gcómhair na h-oidhche. Do thiormaigh sí é agus do chuir air a léintín leabthan, agus annsin do chrom ar spriongar agus ar súgradh leis. Go díreach agus í ar tí é chur isteach sa chliabhán do h-oscladh an doras agus do phreab triúr fear chughainn isteach. Sabaistín agus beirt mhulathach! Á, a mhic ó, pé áit a raibh Sabasitín le breis agus bliadhain ní amhlaidh bhí dearmad ’á dhéanamh aige orm-sa go h-áirithe. Níor ghádh dham a thoisc d’fhios- ru dhé. Ba léir dam an fuadar a bhí fé. B’shin é annsin ós mo chómhair é agus a mhion-ghunna ’n-a láimh aige. Rugas ar choinnleoir práis a bhí ar an
mbórd agus do chaitheas go tréan le Sabaistín é. Do phreab Muirgheall eadrainn agus an leanbh ’n-a baclain aici; agus le linn na h-eadar-ghabhála sin do scaoil Sabaistín piléar liom. Do thuit Sabaistín, agus … do thuit Muirgheal! Thóg na mulathaigh Sabaistín agus d’árduigheadar leo é. Thógas-sa Muirgheal agus d’fhéachas uirthi. Thógas an leanbh agus d’fhéachas air. A Dhia na gComhacht agus na bhFeart! Chonnacas go raibh an fear bocht corruighthe go mór. Bhí criothán ’n-a láimh. Thugas teoch uisce dhó, agus do chrom sé ar an scéal arís. Bhíos gan bean gan leanbh! Do leagas an leanbh ar ucht a mháthar agus do chuadhas ar mo dhá ghlúin le h-ais na gcorp; an dtuigir? Dhá chorp! agus do mhóideas i bhfiadhnuise Dé na gCómhacht ná stadfainn choidhche, ná déanfainn cómhnuidhe, moill ná staonadh; ná déanfainn faoistin le sagart ná aithrighé im’ pheacaíbh nó go mbaininn amach díoghaltas i mbás mo mhná agus mo leinbh. Caibidiol XIII. Ní thráchtfad ar thórramh ná ar shochraid ná ar dhúnadh na h-uaighe. Ní beag liom de shuathadh croidhe agus intinne cabhail an scéil do chur le chéile dhuit. Do scaras le athair agus máthair céile ag geata na reilge agus ní bhfuaireas radharc súl ortha ó’n lá sin go dtí an lá indiu. D’imthigheas orm le díoghrais ar lorg an fheallaire ghránna. Do cheannuigheas mion-
ghunna nua agus chuireas piléir ann. Do shiubhlas go h-aireach, agus dar liom, do bheartuigheas gach nidh le gliocas agus le abaidheas intleachta. Beag a shíleas go mbeadh sé siúd ar mo lorg féin agus nár luga a shainnt san dioghaltas ná mo shainnt-se; agus go mbadh ghéire de lorgaire é. Nár dhóigh leat go mbeadh sé sásta le n-a raibh de mhí-ádh déanta aige cheana? Acht feach ná raibh. Ní raibh an bitheamhnach condha acht seachtmhain ar mo thóir nó go rug sé orm. Do chuireas fúm oidhche i gcathair Bhuenos Aires i dtigh ósta ann. Tugadh seomra leabthan dam thuas fé fhraigh an tighe seacht bhfuinneoga ó thalamh. Do chuadhas do luighe agus do thuit mo chodla orm. Dúisigheadh mé ar éirighe na gréine. Shíleas gur airigheas cnapán an dorais d’á chasadh. Do sceinneas anonn go h-éadtrom tapa agus do sheasuigheas ar chúl an dorais. Chuir mulathach a cheann isteach go h-aireach agus d’fhéach anonn ar an leabain. B’iongna leis ná raibh aoinne inte. Tháinig sé isteach sa seomra. Do chuadhas de léim ’n-a dhiaidh; ragas fé n-a dhá oscaill air, agus do chuireas d’aon rúisc amháin amach tríd an bhfuinneoig é. Acht dá mhéid mo ghliocas agus m’aireachas go dtí sin do mhilleas an scéal ar fad le saobh-bheart do rinneas an uair sin. Do chlaonas me féin amach ’n-a dhiaidh chun é d’fheicsint ag tuitim! Ba h-é sin beart an bhotúin damh-sa agus uair na faille ag mo námhaid. Do chonnacas an spriochaile ag tuitim idir aer agus talamh. Ní raibh sé acht leath-slighe an uair do léim an mulathach eile ar mo mhuin. Chuir sé scian go feirc ionam. Tuiteas ar an urlár. “Ná mairbh é! Seachain, ná mairbh é!”
D’fhéachas ar an té adubhairt na focail sin. Cé bheadh ann, an dóigh leat? Sabaistín. Sab...ais...tín! Do cheangladar mé go daingean, agus go deimhin níor dheacair dóibh é. Annsin do labhair Sabaistín. “A Roibeáird,” ar seisean, “ná tagadh fanntais ná laige ná táimh-néall ort go fóil - go mbead-sa réidh leat. Do gheallas bás duit tamall ó shoin agus ní fuláir dam an gheallamhain sin do chóimh-líonadh nó bheadh mo chogubhas ag pléidh liom. Féach anois, a Roibeáird, mar bheireann an chinneamhain ar gach uile dhuine a ghníos coir. Gearrfar an croiceann ded’ cheann, a Roibeáird, agus fágfar id bheathaidh thu an fhaid agus bhéas an feannadh ar siubhal.” Bhí eolus a chéirde ag an mulathach, agus ní dóigh liom gur chaith sé cúig nóimeat le feannadh mo chinn, acht bhíos-sa i dtámh-shuan a bhfad sul a raibh an drochbheart críochnuighthe aca. Do nocht Roibéard a cheann dam agus do theasbáin a phlait mhaol dam. Ní raibh oiread agus ruibe gruaige air acht amháin fionna beag tanaí a bhí ar bhaic a mhuiníl. Bhí cneas a chinn chomh mín sin go raibh an fhuil dhá teasbáint amach tríd. Go deimhin féin ba mhór an cruthumhnas ar fhirínne an scéil an phlait mhaol sin do nochtadh dham. Fuair muinntir an tighe osta annsin mé i riocht an bháis, agus cé gur cheapadar go rabhas marbh i ndáiríribh do thiomáineadar chun an óisbidéil mé. Beag an tsúil a bhí ag dochtúiríbh an óisbidéil sin go dtiocfainn as. Acht féach go dtángas. Do chaitheas ráithe san óisbidéal sul a raibh sé i gcumas dam siubhal, acht bhí an neart ag teacht ionam do réir a chéile. An lá dubhairt an dochtúir go raibh an baoghal báis curtha dhíom agam d’éirigh mo chroidhe
agus mo mheisneach, agus do mhóideas i n-ath-uair le díograis agus le meanmain go n-imireochainn díoghaltas gan truaigh ar an bitheamhmnach claon lag droch- bheartach, Sabaistín. Caibidiol XIV. Thagadh sagart óg gach aon lá chun an óisbidéil. De shliocht Éireannach ba h-eadh é ná rugadh acht aon ghlún amháin d’á shinnsear thall. Ba mhór é a bháidh agus a mhuinnteardhas liom-sa mar gheall ar chomhgas fola Gaedheal, agus ní fhágfadh sé an teach aon lá gan teacht dam’ fhéachaint. Ba h-é an fear ba láighthe agus ba shéimhe é dá’r casadh orm riamh. Aon lá amháin, tar éis tamall do chaitheamh ag labhairt liom ar an saoghal i n-Éirinn d’fhiafruigh sé dhíom an ndéanfainn faoistin. Dubhras ná féadfainn. “Cia an chiall?” ar seisean. “Mar ná fuilim i riocht rathamhail chuige,” arsa mise. “Ní bhíonn aoinne i riocht rathamhail an fhaid agus bhíonn an peacadh air,” ar seisean. “A athair,” arsa mise, “ní fiú trácht ar a bhfuil de pheacaíbh déanta agam.” “Dá laighead iad, a mhic,” ar sé, “b’fhearrde thú maitheamhnas d’fhagháil ionnta. Cuireann an peaca fonn ar dhuine imtheacht le fán an t-saoghail agus tuilleadh peacaí do dhéanamh.” “A athair,” arsa mise, “níl coir beartuighthe
agam-sa le déanamh acht aon choir amháin agus caithfead an choir sin do dhéanamh.” Tháinig mórán iongantais air. “A mhic mo chroidhe,” ar seisean, “tabhair t’aire, agus ná teilg uait an cháirde thug Dia dhuit chun grás na h-aithrighe d’iarraidh air. Má theilgir, an dóigh leat go dtiubhraidh Sé an chaoi chéadna dhuit ar ball tar éis coir mhór do dhéanamh?” “A athair,” arsa mise, “tuigim go maith gurab amhlaidh táir ar mhaithe liom agus táim buidheach díot. Acht tuig-se, a athair, go dtugas-sa cúl ar Dhia d’fhonn an choir do dhéanamh; agus dá bhfaghainn ór agus saidhbhreas na cruinne agus réalta na spéire ní thréigfinn an t-an-mhian atá orm chun an choir sin do dhéanamh. Ní thréigfinn!” “Mo thruagh thu; mo thruagh thu, a dhuine bhoicht!” ar seisean. D’imthigh sé, acht tháinig sé ar ais arís lá ar n-a bhárach. “A Roibeáird,” ar seisean, go séimh, liom, “an abrair do phaidreacha?” “Paidireoireacht gan súil le leas anama níl ann acht saobhnós. Ní féidir Dia do bhréagadh le cluainireacht,” arsa mise. “Tá an ceart agat, a mhic,” ar seisean. “Acht dá n-iarrainn-se ort do phaidreacha do rádh anocht, an eiteochthá me?” “Ba dhoiligh liom thusa d’eiteach,” arsa mise. Geallas dó go n-abróchainn; agus dubhras. Thagadh sé chugham gach aon lá agus d’fhiosruigheadh díom an ndubhras mo phaidreacha an oidhche roimhe sin agus nuair adeirinn go ndubhras, deireidh sé, “gheobhair grás na h-aithrighe fós, a Roibeáird.” Chaitheadh sé tamall de ghach lá ag tafant na
h-aithrighe orm. Bhí sé chomh séimh sin, chomh caoin cneasta réidh ann féin agus oiread sin de bhuaidh na foighne ann gur oscladh doras dó ná féadfadh sé réabadh le foir-éigean. Fuair sé an treise orm! Do nochtas mo scéal mí-adhmharach dó agus mo mhí-rún díoghaltais. Cheapas go mb’fhéidir dó leigint dam tar éis sin agus go n-admhóchadh sé go raibh an ceart agam, acht is amhlaidh gheuraigh sé ar a shéimh-thafart. Sa deire do ghéilleas. Ní raibh dul uaidh agam. Do gheallas dó go ndéanfainn faoistin agus go dtréigfinn an mí-rún. Ní fheaca mé riamh a leithéid d’áthas ar aoinne agus bhí ar an Athair Eoghar Ó H-Ir an lá úd. Duine le Dia ba h-eadh é. “An t-Athair Eoghan o H-Ir?” arsa mise. “An ndubhrais an tAthair Eoghan o H-Ir?” Ní thug sé aon fhreagra ar mo cheist. Do lean sé de’n scéal - Do chaith sé tamall eile dam’ theagasc agus dam’ ullmhú i gcóir faoistine. Fé dheire bhí sé sásta. “Bí i gcóir i mbárach,” ar seisean. “Cuir do ghuidhe go cráibhtheach anocht chun na Maighdine Glór- mhaire Muire agus iarr uirthi an mí-rún úd do chur amach as do cheann agus as do chuimhneamh. Agus dein-se aithris ar an Slánuightheoir, agus iarr ar Dhia gan aon doicheallacht chroidhe do bheith ionnat acht maitheamhnas do thabhairt dod’ námhaid.” Nuair bhí sé imthighthe do chromas ar mhachtnamh. Bí tuirse orm agus do shíneas tharm ar an leabain. Bhíos lán-tsásta i m’aigne. Bhí an mí-rún scaipthe agus ní raibh aon chathughadh orm ’n-a dhiaidh. Ní raibh aon nídh ag déanamh tinnis dam; agus nár bh’fhearr amhlaidh é? Bhí an dá choir, nó, mar badh chóra dham a rádh, na trí coirthe maithte agam do Sabaistín cheana
féin. Thuit mo chodla orm agus taidhbhrigheadh dam go rabhas ag siubhal na sráide agus go bhfeaca mé Sabaistín. Rugas ar dhá láimh air agus dubhras go maithfinn dó a chionnta fé mar bhí súil le Dia agam go maithfí mo chionnta dham féin. Acht tháinig athrú ar m’aisling agus i n-ionad Shabaistín cad a chífinn acht corp mo mhná agus corp mo leinbh ar a h-ucht! Uch! D’éirigheas de gheit; chuireas liugh buile agus béiceach asam! “Díoghaltas! Díoghaltas! Díoghaltas!” arsa mise. Do chualaidh lucht freastail mé agus do rinneadar a ndícheall chun mé do chiúiniú acht do ritheas uatha amach as an oisbidéal gan fhanamhain le hata do chur orm. Caibidiol XV. Nuair bhíos amuigh fé’n gcathair agus an saoghal mór corruightheach im’ thimcheall tháinig an mí-rún thar n-ais agus do shealbhaigh mo chroidhe agus m’aigne chomh teann daingean sin nár fhéadas gan iongna do dhéanamh de’n mheathtacht chroidhe a bhog me chun é thréigean. Do ghabhas le fonn lem’ chroidhe é; do leanas go dlúth é; thugas cúl ar m’anam-charaid chaoin, agus thugas cúl i n-ath-uair ar Dhia na Glóire. Do thosnuigheas arís ar an lorgaireacht. Ní raibh aon rud eile ar intinn agam. Do chuireas an saoghal so agus an saoghal eile ar díbirt uaim agus níor leigeas d’aon nidh teacht idir mé agus an rud a bhí ’n-a aidhm agam.
Níor theagmhálas le comharthaíbh Shabaistín i inBuenos Aires. Ní raibh a thuairisc ann. Pé áit a ndeachaidh sé ní dheachaidh sé ann d’aistear luinge. D’fhéadas an méid sin do chruthú go suidhte. Acht cá ngeobhadh sé? Ní raghadh sé ó dheas go h-áirithe mar ná raibh a dhóthain de’n saoghal mhór chorruightheach ann. Á, nár chathair mhór chorruightheach Río de Ianéiro agus cathair go raibh tarraingt mhór long uirthi leis? Río gan amhras an chéad chathair ar chóir dham triall fé n-a déin. Acht níor bh’fhuláir dham deabha do dhéanamh, mar bhí leath-bhliadhain caillte cheana agam. Do chuadhas ar bórd luinge agus do chuireas an t-aistear fairrge dhíom ó thuaidh go cathair Río. Do chaitheas seachtmain ag cuairtiú na dteach ósta. Do leiginn orm seomra leabthan d’fhastú i ngach tigh dhíobh; agus do scríbhinn “Sabaistín Cuinceanta” sna leabhraibh aoigheachta. Nuair gheibhinn an réidhteacht chuige do chuirinn a thuairisc, acht a thuairisc ní bhfuaireas. Annsin do chromas ar na cúl-sráideanna do chuairtiú. Aon tráthnóna amháin tar éis saothair gan toradh do chonnacas teach mór brághaid-leathan agus “Suan-Lios Mairnéalach” ’n-a chomharthaíbh ar an bhfár-dorus air. Do chuadhas isteach. Thainig fear beag téagartha beathuighthe buidhe chugham agus d’fhiaf- ruigh dhíom cad a bhí uaim. “Seomra leabthan,” arsa mise. D’oscail sé leabhar. “Cad is ainm duit?” “Breasal,” arsa mise. “An bhfuil sloinne ort?” “Ná bac leis an sloinneadh; ní cuimhin liom é. Cuir síos Breasal.” Do chuir.
“Cad is ainm dod’ luing?” “An Sabaistín Cuinceanta.” “Sabaistín Cuinceanta?” ar seisean. “Ná bí ag magadh fúinn.” “Nílim ag magadh fút,” arsa mise. “Is beag an fonn suilt atá orm.” “An bhfuil do long ag an gcaladh-port?” “Tá; tháinig sí steach ó chiainibh, acht táim-se réidh léi anocht. Beidh long eile agam i mbárach. Acht cad é an t-amhras so tá agat ar an luing úd?” “Níl - amhras ar bith,” ar seisean; “acht nach ait an rud é gurb é sin an t-ainm atá ar fhear an tighe seo?” Do gheit mo chroidhe, acht níor leigeas aon nidh orm. “Is ait, go deimhin,” arsa mise. “An bhfuil fear an tighe istigh anois?” “Níl, agus ní dócha go mbeidh go ceann a bhfad.” “Teasbáin dam mo sheomra, má’s é do thoil é,” arsa mise. Do las sé dhá choinnil agus thug ceann aca dhamh-sa. Annsin do ghabh sé suas an staidhre rómham agus do threoraidh mé go dtí seomra leabthan ar an trímhadh urlár suas. Ba dheas an seomra é. Dubhras go rabhas buidheach de, agus thugas síntús airgid dó. Do ghabh sé mórán buidheachais liom. “Tá fáilte rómhat,” arsa mise. “Acht is é mo mhairg gur fear bocht mé. Dá mbeadh an reidhse agam ní ar dtaobh leis an mbeagán san do bheifá.” “Dá laighead é,” arsa an freastalaí “dá bhfaghainn a oiread ó gach aoinne bheinn im’ fhear saidhbhir.” “Is bocht an dream na mairnéalaigh,” arsa mise; “Acht is dócha go bhfuil tuarastal maith annso agat.” “Mo chreach!” ar seisean. “Tuarastal, arsa
tusa; ní tuarastal go dtí é! Rith mo bhéil de’n fhuigheallach agus de’n bhrúscar agus beagán déirce ó aoighibh.” “Agus cread fáth ná téighir go dtí teach ósta éigin eile, mar sin?” arsa mise. “Fáth, go bhfuilim annso ó bhíos im’ leanbh,” ar seisean. “Táim oiread sin i dtaithighe leis an áit nár mhaith liom cúl do thabhairt air anois.” “Dhe, nach cuma dhuit,” arsa mise, “acht dul go tigh éigin eile agus bail níos fearr do chur ort féin.” Do dhruid sé chugham i leith agus do rinne cogar liom. “Bhí tnúth agam go dtí le déidheanaighe,” ar seisean, “le cleamhnas do dhéanamh le bean an tighe seo agus is é sin do chongbhaidh annso mé. Go deimhin, bhí sí féin toilteannach leis. Badh mhór an áise dhamh-sa teach ósta do bheith agam seachas bheith ag braith ar dhaoinibh eile.” “Agus cia an chiall nár pósadh sibh, mar sin?” arsa mise. “Diabhal damanta de Spáineach do theacht annso buailte le leath-bhliadháin ó shoin agus bréagghail do chur uirthi. Do thréig sí mise agus do ghabh le Cuinceanta. Tá sé aici anois agus b’fhearr léi uaithi é. Acht cogar,” ar sé, “is é an Cuinceanta céadna sin an madra is mustaraighe d’ár casadh orm riamh. Bíonn sé ’n-a dhuine uasal le saoithibh agus ’n-a ropaire cruadhalach droch-mhúinte le bochtaibh. An bhfuil a fhios agat gur bhuail sé mise aréir? Do bhuail, a mhic ó! Acht ní raibh mo scian agam. Dá mbeadh -. Acht fan go mbuailidh sé arís mé-. Díoghaltas; dearg- dhíoghaltas!” “Ní ceart duit bheith ag tnúth le díoghaltas,” arsa mise, - ar eagla go mbainfeadh sé tosach díom féin.
“Ceart!” ar seisean. “Ceart, an eadh? Díom- báidh ort a amadáin! Ceart! Níl cuimhneamh agam- sa ar cheart ná ar chóir, acht a cheart de’n sciain do thabhairt do’n bhitheamhnach úd.” Bhí fearg mhór air. Do shiubhail sé go dorus agus d’fan tamall ag éisteacht. Annsin d’iompuigh sé chugham. “Ar mhaith leat a chraobh choscair d’fheicsint?” ar seisean. “Badh mhaith,” arsa mise. “Lean mé, mar sin,” ar seisean. Do ghabhamar síos an staidhre. Do stad sé os comhair dorais ar an dara lochta. D’oscail se an doras go h-aireach; agus do chuaidh isteach. “Labhair go réidh a’s glaoidh go h-íseal, Bás ar do bhéal, is baoghal bheith cainnteach,” ar seisean. D’árduigh sé an choinneal ós a chionn. “Féach air sin,” ar seisean. “Féach air!” D’féachas. Do leath mo shúile orm. Cad bheadh ann, an dóigh leat? Croiceann plaite! Croiceann mo phlaite féin, a dhuine, ar crocadh ar an mballa ós mo chómhair! Tháinig tocht feirge agus seirbhthin im’ scórnaigh. “Iongantas atá ort, an eadh?” arsa an freas- talaí. “Ná bíodh, mhaise. Dá mbadh aithnid duit é siúd ní bheadh iongantas ort. Ní raibh aon draghan air bás millteach d’imirt ar dhuine nuair bhí tnúth aige le díoghaltas …” “Cé h-é?” arsa mise. “Cé h-é?” ar seisean. “Cé h-é acht Cuinceanta; cé eile dhéanfadh a leithéid? Cuinceanta, gan amhras, do chuir chun báis an té a mba leis an pláitín sin
agus do scúmhaidh pláitín a chinn de le corp millteachta agus fuatha agus díoghaltais. An ropaire gránna droch-bheartach! Éist! Tá sé ag teacht isteach. Rith leat suas agus bíodh bás ar do bhéal agat. Cuimhnigh air sin; bás ar do bhéal.” D’imthigh an giolla síos an staidhre; thógas fhéin an pláitín agus do chuireas im’ phóca é. Do mhúchas an solus. CAIBIDIOL XVI. D’fhéachas síos an staidhre agus do chonnacas riocht fir. Do dhruideas isteach sa tseomra. Ní raibh léas soluis ann ná ar an staidhre acht oiread. Tháinig an fear aníos, acht do ghabh sé suas an staidhre thar dhoras an tseomra. Níor chian go dtáinig fear eile isteach. Chuaidh sé sin, leis, suas tharm. Tháinig an trímhadh fear agus an ceathramhadh agus an cúigmhadh fear aníos, agus do ghabhadar go léir tharm suas. Fé dheire do chualaid mé coiscéim éadtrom chugham. Bean, gan amhras, arsa mise, liom féin, agus do theicheas suas chun mo sheomra féin. Do chuaidh an bhean isteach sa seomra as ar theicheas-sa agus do dhún an doras ’n-a diaidh. Do ghabhas ionad ag giall mo dhorais ag faire síos agus ag fuireach ar mo námhaid. Is dócha gur chaitheas trí uaire a chluig ann; agus bhí fir ag teacht agus ag imtheacht i gcaitheamh na h-aimsire sin, ’n-a nduine anois agus arís ag síor-dhóirseoireacht isteach agus amach. Fé dheire do chuala eochair d’á casadh i nglas an dorais tosaigh. Tháinig fear isteach. Tháinig
sé aníos an staidhre, acht níor bh’fhéidir liom é d’aithniú, ceal soluis. Á, sin é isteach sa seomra ’n-a bhfuil an bhean é! Tá solus an tseomra ar a éadan. Sabaistín! An feallaire claon, bhí sé agam fé dheire, agus ní raibh dul uaim aige. Acht bhí an doras dúnta aige sul ar chuimhnigheas ar an ngníomh do chur i bhfeidhm. Acht pé ar domhan é ní fhéadfainn an bitheamhnach do chur chun báis ós cómhair a mhná. Badh lag liom é sin mar bheart. Dar ndóigh gheobhainn faill ar ball chun an cúntas mór do shocrú agus an fiach práidhineach do dhíol air. Gheobhainn, gan amhras. Chuirfinn piléar - agus ní aon phíléar amháin acht … acht fan; táid siad ag cainnt. Sabaistín: Cá bhfuil an chraobh choscair? An bhean: Ca bfios damh-sa cá bhfuil sé; ní orm-sa tá a chúram. Sabaistín: Ar chaithis amach é? An bhean: Níor chaitheas. Agus tóg do chaoraidheacht díom. Ní raibh aon bhaint agam léis. M’fhuath é. Uch! Sabaistín: Minic adubhrais go gcaithfeá amach é. Cá bhfuil an t-ioscadachán úd Migéul? D’oscail sé an doras agus do chuir gáir ar Mhigéul. Do chuir Migéul uaill fhreagartha as ó íochtar an tighe. Do dhún Sabaistín an doras, agus do thosnuigh an giolla ar an staidhre do chur de aníos, agus é ag cnáimhseáil ar a dhicheall. “Is fada an foighneamh agam leis é,” ar seisean, fé n-a fhiaclaibh; “acht dar chnámha na mairtír má’s droch-fhuadar atá fé anocht - is droch-fhuadar atá fúm-sa, leis.” Do chuaidh an giolla isteach sa seomra. D’fhág sé an doras ar leathadh ’n-a dhiaidh. Seo í an chainnt do chualaidh mise.
Sabaistín: Cá bhfuil an pláitín a bhí ar crochadh ar an mballa annsúd thall? Migéul: Ní fheadar-sa cá bhfuil sé, agus is cuma liom. Sabaistín: Ar thógais é, nó an eol duit aoinne eile d’á thógaint? Migéul: Ní h-eol dam aon nidh. Sabaistín: Tabhair chugham aníos leabhar na n-aoighe. D’imthigh Migéul síos agus tháinig aníos arís agus thug an leabhar do Shabaistín. D’imthigh sé síos arís. Níor labhradh focal go ceann leath-uaire. Annsin do ghoir Sabaistín chuige an giolla arís. Tháinig sé aníos an staidhre agus fearg an-mhór air. “Ní cheapann sé go bhfuil aon rud le déanamh againn acht bheith ag friothálamh air,” ar seisean. “Go mbeiridh an donas leis é féin agus an pláitín salach.” Do chuaidh sé isteach sa seomra. Sabaistín: Cá bhfuil an fear so? An Breasal so? Migéul: Ca b’fhios damh-sa cá bhfuil sé? Sabaistín: An bhfuil sé istigh nó amuigh? Migéul: An amhlaidh cheapann tú ná fuil de chúram orm-sa acht bheith ag faire ar aoighibh an tighe seo féachaint an istigh nó amuigh bheidís. Sabaistín: A chinn-fheircín bhlonoige, ná labhair mar sin liom nó bainfead-sa an choirt ded’ shróin duit. Migéul: Agus an croiceann de phlaosc mo chinn, leis. Ní fios dam go cruinn cad a thárla eatortha annsin acht do chuala buille d’á bhualadh agus fear ag tuitim, agus chualaidh mé an bhean ag glaodhach ar chongnamh
réidhtigh. Annsin do chonnacas an bheirt fhear, agus iad i ngreamannaibh teanna cruadha a chéile ag teacht amach an doras agus ag dul treasna an staidhre anonn go balla, agus anall agus anonn; do chonnacas scian i láimh an ghiolla agus é d’iarraidh í chur i gcroidhe Shabaistín agus Sabaistín a d’iarraidh an scian do chur de. Dá gcaithinn lem’ námhaid ca b’fhios dam ná go mbuailfinn Migéul, agus dá bhíthin sin d’fhanas go socair liom fhéin. Bhí cómhrac cródha láidir d’á dhéanamh ag Migéul, rud nár bhraitheas ar a dhealbh agus ar a dhéanamh. Acht dob óige Sabaistín ná é agus ba ghlice é, san imreasgáil. Thug sé cor coise do Mhigéul agus do thuiteadar araon i ndiaidh cinn síos an staidhre. Chuadar go bun an staidhre ag ionntódh thar a chéile. Annsin do chuir duine aca scread uathbhásach péine as. Do ritheas síos chómh tapaidh agus dob’ fhéidir liom é, acht ní rabhas acht leath-slighe síos nuair chuala an doras tosaigh d’á dhúnadh de phléasc fé mar bheadh duine ag teicheadh ar eagla tóra. Tháinig triúr fear anuas an staidhre agus coinnle ar lasadh aca. Tháinig bean anuas ’n-a ndiaidh agus scannradh uirthi. Chonnacamar corp ’n-a luighe ag bun an staidhre agus scian go feirc ’n-a chroidhe. Ba h-é corp Mhigéil é! Agus bhí mo námhaid imthighthe uaim-se! Bhíos díreach ar tí é leanamhaint an uair do chuir an bhean scréach éachtach scannartha aisti agus do thuit le taobh an chuirp. Ní fios dam ar cailleadh leis an scannradh í nó nár cailleadh, mar níor fhanas ní ba shia.
CAIBIDIOL XVII. D’iompuidheas uatha ar luas le méid mo dhíombádh agus do leanas Sabaistín agus is mé bhí go searbh díom féin. Do chaitheas an oidhche le sealgaireacht sráide ag breathnú aighthe acht mac samhail do Shabaistín níor thárla liom. Do chuadhas síos chun an chaladh- phuirt agus do bhreathnuigheas na longa, acht ní bhfuaireas a thuairisc. Ar n-oscailt na siopaí ar maidin chuadhas isteach i siopa bidh agus do ghlaodhas chupán caife agus greim aráin. Tugadh dam iad. Ní fheadar an mbeadh sé de dhánuidheacht ann teacht isteach - ’n-a leithéid seo d’áit? arsa mise im’ aigne féin. Acht ba bhaoth an smaoineamh é sin, dar liom. Bheadh fuath an phobuil air, dar ndóigh, agus is amhlaidh cheannóchadh sé bairghin aráin agus d’íosadh as a phóca é. Tháinig a lán daoine isteach diaidh i ndiaidh agus do shuidheadar chun búird. Thugas súil ghéar ar ghach uile dhuine aca. Fé dheire, nuair bhíos réidh, do labhras le freastalaí. “An mbeidh aon long ag dul ó thuaidh ó Río indiu?” arsa mise. “Beidh,” ar sé, “An Réaltan ar a h-aondéag, ag dul go Pará.” Bhíos díreach ar tí dhul agus an t-éileamh do dhíol - nuair chonnacas é! Tháinig sé isteach agus do shuidh ar m’aghaidh ag an mbórd. Ba dheacair dam géilleadh do radharc mo shúl féin. Acht b’shin é é gan amhras. Níor ghlacas uamhan ná meathtacht, sceon ná scáth- mhaireacht mar gheall ar an ngníomh a bhí le déanamh. Do láimhsigheas mo mhion-ghunna acht ní fhéadfainn gan
labhairt leis sul a mhairbheochainn é agus a dhroch ghníomhartha do chasadh leis. “Is ádhmharach an teacht agat é,” arsa mise. “An amhlaidh tá an tiomhaltas ar fheabhas?” ar seisean. Do bhain glór a bhéil preab asam. Níor bh’é glór mo námhad é. D’fhéachamar ar a chéile agus ba léir dam nár aithin sé mé. Á, súil riabhach a bhí aige: súil donn a bhí ag Sabaistín; annsin thugas fé ndeara go raibh sé seacht n-órlach ní ba théagraighe ná Sabaistín: agus go deimhin ba mhór an fhaillighe dham gan é sin a thabhairt fé nedara ar dtúis; agus ’n-a theannta sin arís bhí an fear so crom-shlinneánach. Cad a bhí orm i n-aon chur? Acht go deimhin b’iongantach ar fad an chosmhulacht a bhí aige le Sabaistín. Acht níor bh’é é. “Iarraim maitheamhnas ort, a dhuine uasail,” arsa mise. “Tá fáilte rómhat, a dhuine chóir,” ar seisean. “Cheapais gur casadh ar a chéile cheana sinn, acht ní dóigh liom gur casadh. Is minic an dearmhad céadna ’á dhéanamh agam féin.” “Ní cuimhin liom an dearmhad céadna do dhéanamh riamh roimhe seo,” arsa mise. “Féac air sin, anois!” ar seisean. “Nach géar chúiseach an duine thu. Acht maran droch-mhúineamh a fhiafruidhe dhíot cad is ainm dom’ leath-chúplá?” “Cuinceanta: Sabaistín Cuinceanta,” arsa mise. “Cuinceanta?” ar seisean, agus chuir sé seasamh ’n-a shúilibh le neart iongantais mar ba h-eadh. Do chlaon sé a cheann chugham anall. “Cogar i leith,” ar sé. “Nach é sin an fear a bhfuiltear ar a thóir mar gheall ar fear do mharbhú aréir?”
“Is dócha gurb’ é” arsa mise. “Is olc an bhail orm-sa mo chosmhulacht leis, mar sin” ar seisean. “B’fhéidir gurb’ amhlaidh bheifí ar mo thóir-se mar gheall air.” Le linn na cainnte sin thugas fé ndeara garsún do bheith ag teacht ’n-ár dtreo. Do sheasaidh sé fhaid agus bheifá ag bagairt do shúile, leathstiar de chathaoir mo chómharsan. Annsin d’éirigh beirt fhear ó bhórd eile agus thángadar anall. Do ghabhadar ionad ar dheis agus ar chlé. Do labhair duine aca. “A Shabaistín Cuinceanta,” ar seisean, “tá coir d’á chur id’leith; sé sin, go ndearnais Migéul Calúra do dhúnmharbhú go fealltach aréir; agus cuirimíd dod’ ghabháil thu.” Níor labhair an fear focal acht a dhá láimh do shíneadh chucha. Do chuireadar geimheal ortha; agus do shiubhail an triúr fear síos an tsráid. Do shiubhlas féin ’n-a ndiaidh. Níor bh’ fhéidir liom an scéal so thuigsint i n-aon chor. Sa tsiubhal dam, cé chífinn acht an garsún do rinne an fhíseoireacht, agus do leanas é. Do chaith sé tamall maith ag righneáil, ag breathnú so, súd, agus ag aighneas le garsún eile a casadh sa slighe air. Fé dheire do dhírigh sé ar shiubhal go raon- díreach, mear. Thug sé aghaidh ar an gcaladh-phort agus do chuaidh ar bórd “An Réaltan.” I gceann cúig nóimeat tháinig sé i dtír arís agus beartán fé n-a oscaill aige. Annsin do shiubhail sé míle go leith sráide agus do chuaidh isteach i siopa. D’fhéachas ar an bhfár-dorus - “47 Alphons Hualpa: Bréig-riochtóir 47” Do chuadhas isteach. “Bréig-riocht, a dhuine uasail?” arsa fear liom. “Bréig-riocht agus dathughchán,” arsa mise.
“Créad é an dreach ab áil leat, a dhuine uasail? Cia aca b’fhearr leat bheith id’ Spáineach, nó id’ Phuncánach, nó id’ Shasanach, nó id’ Fhrancach …” “Dein Francach díom,” arsa mise. Bhí féasóg thiugh dhubh orm agus leig sé deich nó dó dheag scor de’n deimheas tríthi. Do chrom sé ar m’aghaidh do smearadh le dath. Tharraing sé an dual fé bhun mo shúl, thar m’éadan agus thar mo mhalainn; do chuimil sé dem’ fhabhraibh é, dem’ shróin, dem’ bhéal íochtair agus dem’ bhéal uachtair. “Ar mhaith leat gruaig do chur ort?” ar sé. “Badh mhaith,” arsa mise. Ní raibh sé cúig nóimeat ag cur gruaige orm. “Éirigh anois agus féach sa scáthán,” ar seisean. Do dhearcas sa scáthán. Go deimhin agus go dearbhtha níor aithnigheas me féin. “Tá do cheárd go maith agat,” arsa mise. “Tusa an trímhadh fear ar ar chuireas bréig-riocht indiú,” ar seisean. “An bheirt eile bhí annso rómhat sé theastaigh uatha acht a ndá dhreach do mhalartú d’á chéile. Cad deirir leis sin?” Ní raibh aon rud agam le rádh ’n-a thaobh mar do bhain sé preab mhór asam. D’íocas é ar son a shaothair agus do ghabhas amach. CAIBIDIOL XVIII. Do chromas ar mhachtnamh. Do bhí dreach Shabaistín ar an bhfear do gabhadh. Bhí dreach nadúrtha an fhir sin ar Shabaistín - gan amhras ar domhan; agus
déanadh an malartughadh dreach i gcaoi agus go bhféadfadh Sabaistín éalóghadh as an gcathair i riocht an fhir eile, agus do réir deallraimh, i bhfeighil ghnótha an fhir eile, leis. Muna mbeadh gurab amhlaidh bhí, dhéanfadh sé an gnó do Shabaistín a riocht féin d’athrú. Cuirfí na síothmhaoir de lorg Shabaistín le gabháil an fhir eile; agus ní bheadh le déanamh aige sin acht a aghaidh do nighe i gceann lae nó dhó agus chaithfí é scaoileadh. Acht cia ar bh’ é an fear eile? Fear taistil, gan amhras. Á, do chuimhnigheas ar thurus an gharsúin chun na luinge. Bhí sé réidhtighthe agam fá dheire! Chuadhas síos chun an chaladh-phuirt agus cheannuigheas tuicéad chun dul go Pará. Do ghabhas ar bórd “An Réaltan” agus do ghlacas m’ionad cóir imeasc mo chómh-thaistealaidhthe. Do chuireas gach uile dhuine aca - go fiú na mban - fé ghéar-bhreathnú, acht a shamhail ní raibh ortha. Thugas m’aire annsin ar lucht fheadhma na luinge agus cé go raibh duine nó dhó d’á thoirt agus d’á aoirde ortha ní raibh duine d’á shamhail ortha. Dubhras liom féin seacht n-uaire agus seacht n-uaire fó seacht ná féadfaí bréig-riocht do chur air a cheilfeadh a shnuadh orm. Má bhí aon rud ar saoghal d’á bhféadfainn bheith lán-tsuidhte, b’é sin go raibh Sabaistín ar bórd agus go raibh sé ar fhuirinn na luinge. Acht níor bh’ fhéidir liom é aimsiú. Bhí sé fé dhraoidheacht. Do chaitheamar seacht lá ag dul go Pará. An seachtmhadh lá - agus “An Réaltan” ag déanamh isteach ar bhéal an chuain-do chonnacas an biadhtach ag dul isteach ’n-a bhoith. Tháinig smaoineamh im’ cheann, agus do leanas é. “An bhféadfá a innsint dam, má’s é do thoil é,”
arsa mise, “an bhfuil fear darab ainm Sabaistín Cuinceanta ar bórd agat?” “D’fhéadfainn gan amhras” ar seisean. “Suidh síos.” Do shuidheas. Do chongbhaidh sé a aghaidh iompuighthe uaim ’agus d’oscail sé leabhar. Tharraing sé barr a mhéire síos ar fhaid an leabhair. “Níl,” ar seisean. Agus annsin, fé mar bheadh ath-smaoineamh ’á dhéanamh aige dubhairt - “Sabaistín Cuinceanta? Is dóigh liom gur airigheas an t-ainm sin cheana. Fan. Dar ndóigh, d’airigheas. Nach é sin an fear do mhairbh an fear?” “Is é,” arsa mise. “Agus is dóigh liom go gcualaidh mé an mhaidean a d’fhágamar Río gur gabhadh é,” ar sé. “Níor gabhadh,” arsa mise. “Á, nár gabhadh? Mór an truagh sin. Is dócha go bhfuilir-se ar a thóir,” ar seisean, agus iar n-a rádh sin dó d’oscail sé coifrín agus do thóg amach as tuairgín gairid teann trom. “Créad é sin, led thoil?” arsa mise. “Ná fuil fhios agat cad le n-aghaidh é sin?” ar seisean, agus do chrom sé ar an smaichtín do lúbadh. “Níl,” arsa mise. “É seo,” ar seisean, agus do chuir sé brigh an fhreagra i n-iúl dam le buille éachtach de’n smaichtín sa leath-cheann. Is tapa chuir sé suan orm. Go deimhin, is dócha gur shíl sé go rabhas marbh, mar do strac sé leis mé isteach i gcúil-tseomra agus d’fág annsin mé go faon lag, sínte ar an urlár. Acht ba chruadha mo phlaosc-sa ná mar cheap an bitheamhnach biadhtaigh agus do dhúisigheas as an néall i gceann tamaill. Bhí dubhdán im’ cheann agus do mhothuigheas me féin
go lag. D’fhanas im’ shuidhe ar an urlár nó go dtáinig mo neart ar ais ionam. Annsin thugas iarracht ar an doras d’oscailt, acht bhí sé daingnighthe. Do bhuaileas an dorus agus do bhéiceas acht ní bhfuaireas freagra. Thugas seacht n-iarracht ar an doras do bhaint d’á dhaingnibh acht do theip orm. Scoilt de sheoimrín chumhang dhorcha bhí ann, gan acht aon fhuinneoigín amháin air agus í sin dúnta chómh dlúth sin nár bh’fhéidir liom í oscailt. Nuair bhíos trí uaire a chluig ann bhíos dom’ mhúchadh ceal aeir. Níor bh’fuláir an fhuinneog do bhriseadh. Do bhuaileas í le ceap mo mhion-ghunna agus thuit an ghloine amach ar urlár na luinge. Tháinig fear éigin chun na fuinneoige agus d’fhéach isteach. “Oscail an doras, má’s é do thoil é,” arsa mise leis. “Cad a chongbhaidh annsin thu go dtí seo?” ar sé. “Mo chodla do thuitim orm,” arsa mise. “Níl na h-eochracha againn,” ar seisean, “agus ní féidir fóirithin do dhéanamh ort go dtagaidh an biadhtach nua ar bórd.” “An biadhtach nua?” arsa mise. “Cad a bhain do’n bhiadhtach eile.” “Ó, tá Bairtliméad imthighthe,” ar seisean. “Chomh luath agus feistigheadh an long cois phuirt d’iarr sé a thuarastal agus d’imthigh. Tá na h-eochracha ag an biadhtach nua. Do chonnac féin an cómh-luing seoir ghá dtabhairt dó. Tá sé sa chathair fé láthair acht ní dóigh liom go mbeidh sé a bhfad. Bíodh an fhoighne agat go fóil.”
CAIBIDIOL XIX. Bhí sé ’n-a oidhche dorcha an uair tháinig an biadhtach ar bórd. Do chuala é ag oscailt dorais an tseomra tosaigh. Dho bhuaileas ar mo dhoras. D’oscail sé é. “Cad a bhain duit?” ar seisean. “Codla do thuitim orm,” arsa mise. Do las sé solus agus d’fhéachamar ar a chéile. Do chuadhas-sa i ndiaidh mo chúil go tapa uaidh. Bhí Migéul, an fear do marbhuigheadh, ’n-a sheasamh im’ láthair. Nó a shamhail, ceachtar aca. “An tú Migéul?” arsa mise. Do chrom sé ar gháirí. “Ní mé,” ar seisean, “is mé Manoel, leath-chúpla do Mhigéul.” “An fada ó chualaidh tú scéala uaidh?” arsa mise. “Ráithe,” ar seisean. “Ní h-eol duit, mar sin, go bhfuil do dhearbhráthair marbh,” arsa mise. “Marbh!” ar seisean agus scannradh ’n-a ghnúis. “Marbh? Migéul marbh? Ná h-abair liom, a dhuine, go bhfuil dearbhráithrín mo chroidhe marbh. Ó bhó, cad deir tú?” “Tá Migéul Calúra marbh,” arsa mise. “Déanadh dúnmharbhadh air agus do chonnacas féin ’á mharbhú é.” Do chrom Manoel ar lógóireacht ar nós leinbh. “Eist do bhéal go fóil agus leig dam an scéal d’innsint duit,” arsa mise. Do dhún sé an doras agus do shuidh síos lem’ ais. D’inniseas an scéal go cruinn beacht dó. Do thosnuigh
sé ar an lógóireacht arís agus do ghread a bhasa agus do stoth an ghruaig d’á cheann fé mar bheadh sé as a chéill; gan de phort aige acht “mo leath-chúpla bocht dílis,” agus “dearbhráithrín mo chroidhe,” agus “Cad a dhéanfad ’n-a dhiaidh i n-aon chor, i n-aon chor,” i gcaoi agus go raibh sé dam chor le n-a leamh-chaoineadh. “Stad,” arsa mise; “i n-ainm Chruim, stad de’n phuthghail sin agus ná bí a’m chrádhadh le caoineadh gan chéill. Múscail do mheanma, a dhuine, agus cuimhnigh ar leigheas éigin eile ar an scéal seachas an séideán so gan éifeacht.” Do phreab Manoel ’n-a sheasamh agus tharraing scian as a phóca agus do léim anonn agus anall agus an scian á drantú aige ar shamhail a námhad. “Óch ó! mo dhearbhráithrín agus mo leath-chúpla féin! Mo Mhigéul milis mín macánta nár ghrádhaigh an saoghal ná neithe an tsaoghail ná duine ar bith acht mise, Manoel, a chroidhe!” “Scéal cráidhte ort, agus éirigh as!” arsa mise. “Ó bhó, bhó! mo léan guirt! Acht-dar chnámha na mairtír, dar a bhfuil naomhtha agus damanta, acht ná déanfad stad ná stoanadh choidhche ná go bráth nó go ndéanad íodhbairt chuirp an dúnmharbhthóra i ndíoghal báis mo dhearbh-dhearbh-bhráthar!” “Ciúinigh ort féin, a Mhanoel,” arsa mise. “An biadhtach a bhí ar an luing seo rómhat-sa an fear a mhairbh Migéul.” Thug an chainnt sin ar a mheabhair é. “Cad deir tu? Cad deir tu?” ar seisean. “An é Bairtliméad adeirir do mhairbh é?” “Ná dubhras leat ó chiainibh gurbh’ é Cuinceanta do mhairbh é? Agus is é Cuinceanta an biadhtach do bhí ar an luing seo ag teacht ó Río.”
“Á, seadh, seadh; tuigim an scéal anois,” arsa Manoel. “Agus tá Cuinceanta ar a theicheadh uaim anois agus ní fios cá bhfaighfear é. Acht caithfear é fhagháil. Caithfear; agus é mharbhú!” “An amhlaidh atá fonn ort dul ar a lorg?” arsa mise. “Gan amhras ar domhan; láithreach bonn,” ar seisean. “Éist liom-sa ar dtúis go n-innisead scéal duit,” arsa mise. Agus d’inniseas mo scéal féin dó. Nuair chríochnuigheas é d’fhiafruigheas cia de’n bheirt againn ar mhó cúis chun Shabaistín. “Tusa is mó cúis chuige acht mise is mó olc chuige,” ar seisean. “Ní fhéadfainn an socrú d’fhágaint fút-sa ar eagla go dteipfeadh ort. Rachad-sa leat.” “Triallaimís mar sin,” arsa mise; “tá an iomarca aimsire caillte cheana againn.” “Go réidh, a bhráthair,” arsa Manoel. “Tá mo chiall ag teacht chugham arís. Cuardaighmís an áit seo.” Bhí casóg ar cróchadh ar an mballa. Bhí a fhios agam nár bh’í casóg Shabaistín í mar bhí sí ro- fhairsing dó. Fuaireamar litir i bpóca na casóige. Ní raibh inte acht beagáinín acht bhí moran éifeachta sa bheagán. Seo í an litir. Do choimeádas go cúramach í. Do tharraing sé sparán as a phóca agus do shín chugham é. Bhí an litir go cúramach sa sparán. Seo a raibh inte: “Comhar - gan teip. Fiche fá dhó agus deich acht trí, Cuir ar an ndeis é cuir ar an gclí: Má tá bréag ann dar ndóigh bíodh - Acht bí-se féin ann i gcómhair a naoi.”
Seadh, arsa Roibeárd, ag leanamhaint de’n scéal dó, ní raibh de mhíniú ar an dtómhas sin acht aoin mhíniú amháin. B’fhuiris damh-sa é mhíniú agus fois fátha an scéil agam. Bhí cómhar éigin ag Sabaistín ar Bhairtliméad; agus bhí ionad coinne d’á dhéanamh aige leis chun go ndíolfadh sé an cómhar sin; agus ba h-é an t-ionad é acht teach an bhréig-riochtóra, agus an uain a naoi a chlog. Ba dheimhiniú ar fhírinne a raibh ceaptha agam an litir sin. Níor fhág sé aon amhras orm ná gur bh’é Sabaistín an biadhtach a thug buille na tubaiste dam ar bórd na luinge, agus go rabhas ar cheart-lorg mo námhad go dtí sin. Níor bh’aon mhaitheas bheith ag suathadh an scéil a thuilleadh acht tabhairt fé’n lorgaireacht gan mhoill. Acht ní bheadh Manoel sásta gan tuilleadh faghair- seála do dhéanamh. Do chuadhmar isteach sa chúil- tseomra. Bhí ceirteacha agus neithe éagsamhla ann. Ní raibh aon rud eile ann ar bh’fiú áireamh; acht amháin ná raibh Manoel sásta gan tolgán adhmaid d’oscailt. Bhí tairngí sa bhfailceann agus é greamaidhthe chomh dlúth sin nár bh’fhéidir leis é bhogadh. Fuaireas féin sean-tuagh mheirgeach i gcúil agus thugas dó í. D’éirigh leis an tolgán d’oscailt léi. Ní raibh leath-istigh acht smután teagartha adhmuid. Thóg sé suas é, agus is ar éigin d’fhéad sé é thógaint bhí sé chomh trom sin. Do chrom sé ar an adhmud do bhualadh le cúl na tuaighe. A thiarcais! do thuit an smután as a chéile ’n-a dhá leath agus do scéitheadh píosaí óir amach ar an urlár! Bhí dhá chéad píosa ann. Is amhlaidh bhí cuachadh déanta ar an smután ceann ar n-aghaidh chun an t-ór do chur i dtaisce ann.
CAIBIDIOL XX. Do bhailigheamar chughainn an t-ór ar deithineas agus d’imthigheamar fé’n gcathair. D’fhiosruigheamar eolus i dtaobh long agus traenach agus fuaireamar amach go ndeachaidh long an lá céadna go Atlanta ar a h-aon a chlog. Ar a dódhéag do shroich “An Réaltan” an caladh-phort. “Tá sé imthighthe go Atlanta,” arsa Manoel. “Is baoghalach go bhfuil,” arsa mise; “agus ní bheidh long eile ag dul ann go ceann seachtmhaine.” “B’fhéidir go raibh scáth air roimh aistear fairge eile,” arsa Manoel. “Ní fheadar ar thalamh,” arsa mise; “acht tá rud eile sa scéal. Tá aithne aige ar mhórán daoine sa chathair seo agus b’fhéidir go bhfuil cuairt d’á thabhairt aige ortha.” “Níl, go deimhin,” arsa Manoel. “Tá a fhios ag gach n-aon go bhfuiltear ar a tóir. Pé áit a bhfuil sé tá sé fé cheilt.” Do shocruigheamar ar fhanamhain i bPará go dtí go mbeadh an chéad long eile ag dul go Atlanta. Acht níor fhanamar díomhaoin. Do chuardaigheamar cathair Phará ó bhun go barr acht ní fheacamar aoinne d’á shamhail. Do chaitheamar sé lá le saothar folamh. Tráthnóna déidheanach an sémhadh lae agus ar meanma traochta tré easba toraidh, do chuadhmar isteach i dtig ósta breágh leathan solusmhar chun blúire bidh do chaitheamh agus ár scíth do leigint go ceann tamaill. Nuair bhíomar réidh do chuadhmar go seomra an ionnlaidh.
D’fhéachas féin i scáthán agus thugas fé ndeara go rabhas fé’n mbréig-riocht, agus dubhras le Manoel go mbadh mhian liom m’aghaidh do nighe, acht ní leigfeadh sé dham é. “Is dearbhtha go bhfuil an bitheamhnach úd féin daithte as an nua,” ar seisean. “Agus bíodh ’n-ár gcuimhne againn ná beidh aon bhall d’á chorp so-aitheanta dhúinn acht a shúile amháin. Ní féidir le duine iad sin do chur fé cheilt.” Ar dteacht amach as an seomra sin dúinn do chualamar giolla ag fógairt chluichí. “Tá togha agus rogha gach cluiche thuas. Suas an staidhre libh, a dhaoine uaisle. Togha gach cluiche; imirt a’s aoibhneas. Buailidh suas, a dhaoine uaisle.” Do bhuaileamar. Bhí seomra mór fairsing thuas, soillse ar sileadh ó fraigh, agus tuairim agus caogad bórd agus cluiche fá leith ar gach bórd díobh; fir ag imirt agus fir ag seasamh ’n-a dtimcheall agus gill d’a gcur aca. Rinneamar-ne mór-chuairt an tighe i gcéadóir; do bhreathnuigheamar aighthe agus níor bhacamar leis an imirt. Bhí a mhalairt de chúram orainn. Ní fhéacamar é. Annsin thosnuigheamar ar mór-chuairt eile do dhéanamh chun éisteacht leis an gcainnt a bhí ar siubhal. Do stadamar tamall maith ag roithleoig an scuaibín, áit a raibh na gill d’á gcur go tiugh agus go tábhachtach. Bhí ór ’á chaitheamh ’n-a charnáin ar an mbórd, an roith- leog á casadh, agus fíor-bheagán d’á rádh; intinn agus meanma cinn na bhfear gabhtha le draoidheacht imeartha. Cad deir tu nár ghabh an draoidheacht sin Manoel! “Badh mhaith liom geall-aon gheall amháin-do chur annso,” ar seisean.
“Cuimhnigh ar do mhóid,” arsa mise. “Aon gheall amháin-aon gheall amháin!” ar seisean. Thugas fé ndeara go gcasadh gach cearrbhach an roth do réir mar thagadh an casadh ar a chor, agus gur ar deiseal do thriall ceart a chasta. Dob é fear casta an rotha fear an bhúird agus is leis sin do cuirtí na gill. Bhí fear caol árd ’n-a sheasamh le n-ár n-ais. Bhí sé chómh árd le Sabaistín acht bhí dronn thiar idir a dhá shlinneán air. Bhí lasadh ’n-a aghaidh, leis, agus croimbéal liath ar a bhéal uachtair. Tháinig an fheacht chuige. Caitheadh an t-ór ar gach dath acht amháin an dearg. “Ar mhaith le aon duine uasal geall do chur as an ndearg?” ar seisean. “Aon déag i n-aghaidh a h-aon ar an ndearg.” Do chaith Manoel deich mbonn óir ar an ndearg. Do chas an fear caol árd an roth; do stad an chorróg ar aghaidh an deirg. Bhí buaidhte ag Manoel. Chuir an fear caol árd cnead as. “Taim scriosta - scriosta!” ar seisean. D’iompuigh sé go feargach ar Mhanoel. Ba h-é sin an chéad radharc a fuaireas ar a shúilibh. Sabaistín! bhí beirthe againn air! Acht chomh luath agus chonnaic sé sin Manoel - agus is dearbh gur shíl sé gur bh’é Migéul nó a shamhail do bhí ann - do chuir sé liúgh as agus d’imthigh síos ar fhaid an tseomra mar rithfeadh girrfhiadh ó choin. Do ritheamar- ne ’n-a dhiaidh agus lucht imeartha na gcluichí mar aon linn. Nuair rángamar an tsráid ní raibh a thuairisc againn acht oiread agus dá sloigeadh an talamh é.
Caibidiol XXI. Ní gádh righneas scéil. D’éaluigh ár námhaid uainn agus ní bhfuaireamar a thuilleadh tuairisce air i gcathair Phará. Ba sho-thuigse dhúinn go mbaileochadh sé leis chómh luath agus bheadh an chaoi aige chuige; agus ar an ádhbhar sin, do chinneamar ar duine againn do dhul ó thuaidh sa luing lá ar n-a bhárach go Atlanta agus triall as sin siar go cathair Nua Orléan; agus an duine eile do dhul ar aistear traenach siar agus ó thuaidh tré lár-dhorlaing Americá agus soir go nua Orléan agus casadh leis an bhfear eile sa chathair sin ar uain agus i n-ionad áirithe. Do scaramar re n-a chéile. Ba rogha le Manoel an turas fairrge, agus do ghabh ó thuaidh; thugas-sa fé an turas tuatha agus ghabhas siar. Bhí oiread sin bailte móra agus cathracha rómham sa tslighe nár bh’fhéidir liom triall chómh éascaidh agus cheapamar. Do rinneas an cuardach chómh saothrach dícheallach cruinn agus dá mbeadh gan aon ionad coinne do bheith agam lem’ chumannach; acht níor éirigh liom. Do rochtas nua Orléan ar a shon sin agus uile lá na coinne agus do chuadhas go dtí an t-ionad a bhí ceaptha againn. Ní raibh Manoel ann. Chuadhas ann lá ar n-a bhárach agus lá ar n-a mhanarthar acht ní raibh sé ann. Ba mhór an saobhadh dóchais orm é sin. Ba ró-bhaoghal liom gur bhain toirmeasc éigin dó. Thárla an fiabhras buidhe so bheith go h-an-choitcheann sa chathair le linn na h-uaire sin; agus do smaoineas im’ aigne nár bhfuláir do Mhanoel bheith i Nua Orléan rómham-sa mar ná raibh oiread sin cor agus cam-
bhóthar le cur de aige agus bhí agam-sa, agus dá bhíthín sin go mbadh é ba dhóchaighe acht gur thóg sé an fiabhras buidhe agus go raibh sé i n-óisbidéal leis, nó b’fhéidir marbh. Bhí an ceart agam. Fuair sé bás leis an bhfiabhras trí lá roimh lá na coinne; agus dob’ é sin deire a thóruidheachta sin. Níor chuir bás mo chumannaigh aon draghan orm-sa. Do leanas rómham síar ó thuaidh go San Franciscó; agus as sin ó thuaidh, gan cathair ná baile mór ná baile beag d’fhágaint gan cuardach, nó go rochtas Cluaindíg, agus bhí cúig bliadna caithte agam leis an lorgaireacht an uair rochtas an áit mhí-rathamail sin. B’éigean dam cur fúm tamall ann chun roinnt airgid do shaothrughadh. Níor thaithnigh an áit i n-aon chor liom, acht dá olcas é ní raibh sé chómh dona le Eas na Bó Deirge. Do chaitheas bliadhain ann agus annsin do chuireas rómham an turus fada ó dheas gan maolughadh ar mo rún díoghaltais ná saobhadh dúile ann. Thugas aghaidh ar na cathrachaibh móra agus do chuardaigheas iad. Do luigheas le obair gach aon uair do bhí airgead ag teastbháil uaim agus do chongbhaidheas cóir taistil lem’ dhóchas i gcómhnuidhe. Do shiubhlas urmhór de móir- thír Americá Thuaidh agus do stadas i Nua Eabhrach chun anál do tharraingt ar feadh tamaill agus chun machtnamh do dhéanamh. Ní bhfuaireas aon ruainne de thuarascbháil an chladhaire bhí d’á lorg agam ó d’fhágas Pará ; agus bhí dhá bhliadhain déag caithte agam leis an lorgaireacht. ’Sé smaoineas acht ná raibh sé i n-Americá i n-aon chor; gur baineadh a leithéid sin te gheit as an oidhche do chonnaic sé - mar do shíl sé - samhail an fhir do mhairbh sé, gurbh’ amhlaidh theich sé le n-a anam abhaile chun na Spáinne. Is minic fhillid daoine ar a dteinteán
féin an uair éirighid siad tuirseach de shiubhlóid an domhain, agus b’fhéidir go mbadh amhlaidh aige sin é. Acht ní raibh sé de chineáltas annsúd filleadh a bhaile d’fhéachaint cia an bhail a bhí ar athair ná ar mháthair. Níor fhill Sabaistín ar an Spáin pé áit a ndeaghaidh sé. Annsin do chuimhnigheas ar mo bhaile dhúthchais féin, ar m’athair agus ar mo mháthair. Do mhaitheas dom’ athair an éagcóir a bhí déanta aige orm. Agus ní fheadar, ar sa mise liom féin, an bhfuil mo mháthair bhocht dhílis beo fós. Ní fheadar cia an bhail atá ar Mháire, leis, arsa mise, nó an bhfuil sí pósta fós? “Máire - pósta!” arsa mise. “Dar láthair an tsaoghail - acht rachad a bhaile!” Caibidiol XXII. Thángas anall go h-Éirinn. An lá do chuadhas i dtír sa chóibh do bhreathnuigheas m’aghaidh i scáthán. Bhí féasóg fhada orm agus í ag liathadh; bhíos manntach i dtosach mo bhéil, agus i n-ionad na círe gléigile do bhí agam nuair d’fhágas Éire ní raibh agam acht stairfhiacal fhada bhuidhe annso agus annsúd im’ dhraid. Bhí mo shúile gan solusmharacht gan beodhacht; bhí m’éadan foirbhthe agus buidhthe le gréin; bhí mo leicne lom agus riastaí agus caisimíní ar mo chneas. Níor aithnigheas mé féin acht oiread leis an lá cuireadh fé bhréig-riocht mé. Bhí a leithéid sin de chlaochlódh gné agus dreacha orm nár bhaoghal dam go n-aithneochadh aoinne mé, fiú mo mháthar féin ní bhfaigheadh sí ruainne de chómharthaíbh a leinbh orm.
Má bhí an fhírinne ag an scáthán ní raibh ionam acht fear fiadhain coille do chaith sealad d’á shaoghal ’n-a bhacach bóthair. Chuadhas ag taisteal tíortha chun an saoghal mór corruightheach d’fheiscint agus b’ionann mo chás agus an fear do chuaidh amach ag lorg lomra agus gurbh’ amhlaidh tháinig sé a bhaile lomartha. Do thriallas fé dhéin mo bhaile dhúthchais. D’ionn- suigheas an áit go h-aireach, acht níor ghádh sin. Ní raibh sa tigh ’n-a rugadh mé acht daoine ná raibh aithne agam ortha. D’fhochtas scéala dhíobh agus dubhradar liom gur cheannuigheadar féin an talamh ó mhuinntir Néill, agus gur imthigheadar sin as an gceanntar ar fad agus nár bh’fheas d’aoinne cá ndeaghadar. “Ní fheadar an beo nó marbh do’n sean-lánamhain?” arsa mise. “Bhí an tsean-bhean ’n-a beathaidh nuair ghlacamar seilbh san áit seo,” ar siad, “acht ní raibh lá de’n rath ar an sean-Niallach ó chualaidh sé gur marbhaigheadh a mhac go dtí go ndeachaidh sé san uaigh.” “Agus cé thug an scéala sin dó?” arsa mise. “A chliamhain,” ar siad. “Spáineach éigin darab ainm Sabaistín Cuinceanta.” Níor bheag sin. Do ghabhas amach. A Dhia na bhfeart! Do ghluais an fhuil trem’ fhéithibh ’n-a sruthaibh teo gur bhain sí dhíom éisteacht cluas agus radharc súl. B’éigean dam seasamh le beinn an tighe chun taca d’fhághail ar eagla go dtuitfinn leis an meidhreán a tháinig orm. Máire bheith pósta leis an mbeithidheach úd; í pósta le fear marbhtha fear, ban, agus páistí! Agus é bheith de thriolladhas agus de chneamhaireacht sa bhfeallaire clé claon calaoiseach a leithéid de lag-bheart do dhéanamh! Do bhain sé de’m threoir ar fad me. Ní raibh teora le
n-a chuid olcais. Go deimhin, níor ghoill an dógha croidhe orm ’n-a lán-ghéire go dtí sin. Ní aon bhás amháin a d’imireochainn ar an mbitheamhnach acht an rud a bhí tuillte aige; seacht mbás, dá mb’fhéidir, agus gach bás aca peannaideach. É siúd pósta lem’ dheirbhshír-se - uch! agus - uch! a Dhia, a Dhia! Do chaitheas bliadhain eile leis an lorgaireacht sula bhfuaireas amach é. Agus ní le gastacht do fuaireas é, acht thángas ar a ghnáthóig gan coinne do bheith agam leis. Caibidiol XXIII. An cúigmhadh lá déag de Lughnasa - agus badh chóir go mbeadh cuimhne agam ar an lá - do shiubhlas na bóithre ó n-a naoi a chlog ar maidin go dtí a naoi ist oidhche. Do shuidheas síos go tnáidhte lag ar bhalla íseal cloiche leathsamuigh de thigh ucht-aolda chluthmhar. Níor bh’fhada dham ann an tan do chuala an Choróin Mhuire d’á cantain istigh. Dob’ é sin an chéad uair do chuala an Choróin Mhuire d’á rádh le ciantaibh. D’imthigheas ar eiteoig chuimhne siar thar bhliadhantaibh mo dhíchéille nó go ndearnas leanbh díom féin arís. Ba dhóigh liom go rabhas ar mo ghlúinibh le taobh mo mháthar agus deichneabhar de’n Choróin Mhuire á rádh aici. “Go mbeannuighthar dhuit, a Mhuire, tá bás de sna grástaibh …” Chuireas cluas le h-éisteacht orm féin. Dar go dearbhtha acht ba bhreagh an ceól é. Ceól a chorróchadh
croidhe carraige nó mheanmnóchadh croidhe buadhartha. Bhí sean-bhean ag cantain. “Go mbeannuighthar dhuit, a Mhuire, tá lán de sna grástaibh …” Óch, a mhic ó, an tsean-chuimhne do bogadh ionam! Thabharfainn an leabhar gur lem’ mháthair do bhíos ag éisteacht. Slán iomlán leis an sean-aimsir nuair bhí máthair agam! Mo dhaithníd ghéar agus mo chreach chroidhe chráidhte nach ’n-a fochair a d’fhanas an oidhche úd do shéanas a cómhairle go h-easumhal mí-cheannsa. “A naomh-Mhuire bheannuighthe, a Mháthair Dé …” Leigeas mo cheann ar mo dhá dheárnain agus do scaoileas na deora teo anuas trém’ ladharachaibh. Ní fios dam an fada d’fhanas a’m chaoineadh féin ar an gcuma sin, acht múscladh mé fé dheire le guth mná. “Dia dhuit, a dhuine chóir.” D’fhéachas suas uirthi. Sean-bhean agus caidhpe uirthi agus truagh scríobhtha treasna ar a h-éadan. “Dia agus Muire dhuit,” arsa mise, agus dob’ í sin an chéad ghuidhe chuireas asam le bliadhantaibh. “Éirigh agus tar isteach,” ar sise. Nuair chuala an tsean-bhean ag labhairt tháinig suathadh éigin aignidh orm nár bh’fhéidir liom a thuigsint. Acht do leanas isteach í. Nuair shoillsigh solus an tighe ar a h-éadan b’ar éigean bháis d’fheadas gan breith uirthi agus í d’fháisceadh lem2 chroidhe agus lem’ anam. Ba h-í mo mháthair í! Thug sí cathaoir dam agus do shuidheas síos. D’fhéachas ar dhaltaíbh an teaghlaigh. B’shin í Máire annsin ós mo chómhair ag córughadh na teine. Agus garsún agus gearr-chaile, agus gach uile dhuine ag cur na súl tríom. Do chaitheas díom mo hata i
gcaoi agus go bhfeicfí mo phlait mhaol. Bhí m’aigne ’n-a chíor thuaithbhil. Níor mhian liom labhairt agus níor mhaith liom fhanamhain im’ thost. “Cad is ainm dhuit-se a ógánaigh chóir?” arsa mise leis an ngarsún. “Sabaistín Cuinceanta,” ar seisean, agus do bhain an t-ainm fáscadh as mo chroidhe. Acht cad badh chóra dham a dhéanamh - feitheamh lem’ námhaid nó teicheadh? Teicheadh, b’fhéidir. Seadh, dar ndóigh. Teicheadh sara mairbhighinn fear mo dhearbhsheatharach! Teicheadh sara ndéanainn marbhú i dtigh mo mháthar! Teicheadh gan amhras an fhaid bhí Coróin Mhuire mo mháthar ’n-a cling im’ chluais ; ’n-a cling ceoil. Bhí “go mbeannuighthar dhuit, a Mhuire” ag síor-chasadh orm dam chlaoidh agus dam cheannsú. Chaithfinn géilleadh. Dar ndóigh b’amhlaidh b’fhearr é. Thógas mo hata agus bhíos ar tí éirighe nuair cuireadh a mhalairt de smaoineamh im’ cheann. Do chonnacas an dá chorp! Muirgheal agus Roibeáirdín ar a h-ucht! Deineadh “loch fola de sholus mo shúl” leis an radharc sin. “Is dearbhtha ná teichfead,” arsa mise, agus d’fhóbair dam na focail do labhairt ós árd. Do chuir Máire bainne agus arán ar an mbórd chugham; acht do dhiultuigheas do’n bhiadh. Do bhraitheas boladh fola as. “Cia an chiall ná h-íosfá blúire aráin?” arsa mo mháthair. “Ní fuláir nó tá call agat leis.” “Ith blúire, má’s é do thoil é,” arsa Máire. “Nó ól braon bainne, féin,” arsa an gearrchaile. “Go raibh maith agaibh,” arsa mise. “Acht níl
cás agam i n-an rud. Go deimhin níl uaim acht eisteas na h-oidhche.” “Tá fáilte rómhat,” arsa mo mháthair. “Acht níl aon leaba againn duit.” “Is cuma sin,” arsa mise; “b’fhearr liom fhanamhain cois na teine.” “Is mithid do sna leanbhaíbh dul a chodla anois” arsa mo mháthair. “An bhfuil fear an tighe amuigh?” arsa mise. “Tá,” arsa Máire. Annsin tháinig smaoineamh eile im’ cheann. Rachainn amach fé n-a choinne. B’fhearr go mór sinn do theagmháil le chéile amuigh. D’éirigheas. “Cá bhfuilir ag dul?” arsa mo mháthair. “Is dóigh liom go gcuirfead tamall eile dem’ aistear díom anocht,” arsa mise. “Suidh síos agus bíodh ciall agat,” arsa mo mháthair. “Táir ró-thuirseach chun dul níos sia anocht.” “Déanfad leaba sop i móinfhéar éigin,” arsa mise. “Fan cois na teine,” ar sise, “agus lean ded’ aistear le solus an lae. Suidh síos.” “Go raibh maith agat, a bhean chóir,” arsa mise, “Acht ní shuidhfead. Leig amach me.” “Deirim leat suidhe síos agus ciall éigin do bheith agat,” ar sise. Agus rug sí orm agus do chuir im’ shuidhe síos me. Ní raibh leigheas air.
Caibidiol XXIV. Do chuaidh na leanbhaí d’á leabthachaibh. Do leigeas- sa orm tuitim im’ chodla. D’imthigh uair a chluig go righin mall agus annsin do chuaidh Máire do luighe. Fágadh mo mháthair agus mise ’n-ar n-aonar ar an dteallach acht níor bh’fhada dhúinn ann nuair oscladh an doras agus tháinig duine éigin isteach. Níor osclas féin mo shúile i n-aon chor. “Cé h-é seo?” ar seisean. “Taistealaí bocht tuirseach éigin,” arsa mo mháthair. “Fágtar an connartach bocht annso go maidin. Téighir-se a chodla agus ná bac leis.” “Ní raghad,” ar seisean. “Ní ionntaoibh liom ridirí fáin an bhóthair, agus is mí-adhmharach an béas bheith ghá bhfágaint istigh i n-aon chor.” “Fanfad féin ’n-a fheighil,” ar sise, “agus téighir-se a chodla.” “Deirim leat ná raghad,” ar seisean. “Agus an chéad uair arís a dhéanfaidh sibh teach aoigheachta bacach de’n tigh seo díolfaidh sibh as, agus fógraim oraibh é.” “An fhaid a bhead-sa sa tigh,” arsa mo mháthair go cneasta, “ní dúnfar an doras so ar an deoraí.” D’éirigh sí annsin agus d’imthigh siar ’n-a seomra féin. Do chaith sí tamall ag paidireoireacht, agus do mhothuigheas an áit do bheith go ciúin ’n-a dhiaidh sin. D’osclas súil agus d’fhéachas ar an bhfear thall. Ba h-é é. Chuir an radharc sin ar dearg-bhuile mé. An cladhaire cealgach! Dá mbeinn sraithte le meathtacht agus le miochumas chuirfeadh an t-amarc sin brigh
agus meisneach ionam agus do scaipfeadh m’éadóchas dá olcas é. Bhí beirte agam air fé dheire. Leigeas m’aigne ar fán agus badh dhóigh liom go bhfeaca mé péac ag briseadh talmhan. D’fhás agus d’fhorbair an gas nó go raibh sé ’n-a thor. Tháinig bláth ar an dtor agus b’áille agus ba dheirge de bhláth é ná an rós féin. Bhíos ar tí an bláth do bhaint-fé dheire - fé mhaise! D’fhéachas arís ar mhac mallachtain na croiche agus thugas fé ndeara go raibh a chodla ag tuitim air. Leigeas dó nó go raibh trom-shuan air, agus annsin do chuireas lámh ar uirlis an ghníomha. “A naomh-Mhuire bheannuighthe, a Mháthair Dé …” Bhí an phaidireoireacht ar siubhal arís ag mo mháthair, agus ní buidheach do bhíos di. Chaithfinn fhanamhain go dtí go mbeadh sí ’n-a codla. B’fhuiris dam an cúntas do shocrú an uair úd mara mbeadh í féin agus na paidreacha. Acht ní raibh neart air. “Go mbeannuighthar dhuit a Mhuire …” Créad é an donas a bhí uirthi nó an amhlaidh bhí fonn uirthi an oidhche go léir do chaitheamh le paidireoir- eacht. Bhí m’fhoighne ag trághadh uaim agus deabhthacht ag borradh istigh ionnam. Fé dheire do stad an phaidireoireacht; acht níor bh’fhuláir dam mo ghnó do mhoilliú nó go mbeadh sí ’n-a codla. Dá dhonacht mé bhí an méid sin d’urraim agam dom’ mháthair. Thuit ciúineas go dlúth ar an áit; agus a dhuine, a leithéid de chiuineas! Bhí sé mar bheadh ceo doilbhthe im’ thimcheall ag saothadh mo mheabhrach agus mo mheisnigh agus ag teannadh ar mo chroidhe agus ar mo chuislinn. Do cuireadh an fhuil ’n-a tuiltibh trem’ fhéithibh fé mar seoltar an rabharta tré chaol na mara, ionnus gur chuir an mór-thuargain chroidhe sin eagla orm. Do
chrom an fhuil ar sileadh ’n-a braonaibh ó’m shróin. Chuireas lámh im’ phóca agus tharraingeas amach an pláitín. D’osclas é agus leagas ar an urlár é chun an fhuil do ghabháil. I gceann tamaill do stad an sileadh. Do cheapas go raibh mo mháthair ’n-a codla. Tharraingeas chugham an uirlis. Annsin do chorruigheas mo chathaoir, agus do dhúisigh Sabaistín. D’fhéachamar ar a chéile. Do leigeas-sa mo shúil ar an dtalamh agus do rinne sé sin aithris orm. Chuir an pláitín agus an fhuil iongna ar dtúis air; chonnacas an lí ag tréigean a cheannaighthe agus do chonnacas a shúile á mbolgadh le scannradh. D’fhéach sé orm arís go faon lag meathta fé mar dhéanfadh duine bhraithfeadh an chinneamhain ag teannadh gan truaigh leis. D’éirigheas agus do bheartuigheas uirlis an bháis ós a chómhair. Do labhras go h-íseal amach trém’ fhiaclaibh. “Mise an fear do mharbhuighis,” arsa mise, “agus díolfad an fiach leat anois. Ar mhaith leat aon nidh do rádh liom?” Níor labhair sé. Níor bh’fhéidir leis labhairt; acht ní chuirfeadh sé sin d’éileamh na h-éirice mise. “A chladhaire …” ar sa mise. “Go mbeannuighthar dhuit, a Mhuire.” D’iompuigheas, agus bhí mo mháthair ’n-a seasamh leathstiar díom agus a paidrín ’n-a láimh aici. “Mo náire thu!” ar sise. “Mo náire thu dá ndéantá! Faire go deo! Tabhair dham an uirlis sin.” Do chuireas an uirlis im’ phóca go mí-chéadfach. “A ROIBEÁIRD!” ar sise; agus do chuir sí a lámh im’ phóca agus do thóg uaim an mion-ghunna. Do ghabhas-sa amach fé spéir na h-oidhche ag siubhal go
barr-thuisleach mar bheadh fear meisce. Tháinig sí go doras im’ dhiaidh. Níor labhair sí agus níor ghoil sí, agus - níor ghlaoidh thar m’ais orm. Acht an port a bhí ar siubhal aici ar feadh na hoidhche - bhí sé ’n-a chling im’ chluais. “Go mbeannuighthar thuit!” “Go mbeannuighthar dhuit!” Seadh; seadh; níor thaobhuigheas an áit ó shoin i leith agus ní fios dam cia aca beo nó marbh do námhaid nó do charaid. Acht-níor bhaineas an bláth. Deire lem’ dhíoghaltas-deire lem’ dhóchas! Agus sin agat deire mo scéil. Caibidiol XXV. D’éirigh Roibeárd agus do chuaidh amach fá’n gcábán. Do thuigeas go maith cad ba cheart dam a chóimhir- liughadh dhó acht bhí eagal orm go músclóchainn an ghríosach ann. Ar ádhmharaighe an domhain do chuimhnigheas ar an Athair Eoghan Ó hIr, an sagart séimh cneasta bhí ag tafant na haithrighe air i mBuenos Aires. Bhí aithne agam ar shagart den ainm céadna. Bhí sé i mainistir i dtuaisceart na cathrach - agus ca bhfios dam, arsa mise im’ aigne féin, nach é an sagart céadna é bhí i mBuenos Aires. Agus má’s é tá an báire liom. Do ghoireas Roibeárd chugham isteach. “Beidh freagra agam dhuit imbárach,” arsa mise. D’iompuigh sé sin an tsúil orm agus d’imthigh amach. Do dúnamar an cábán ar a ceathair a chlog agus thugas-sa m’aghaidh ar an mainistir. D’iarras cead
agallamh do déanamh leis an Athair Eoghan. Thainig sé chugham i gceann tamaill. “A Athair” arsa mise, go deabhthach, “an rabhais riamh i mBuenos Aires?” “Is ann a rugadh me,” ar seisean. “Muise, buidheachas le Dia!” arsa mise. Do chuir sé scairt gháire as; acht do chuir sé cosc go h-obann le n-a chuid suilt. “Cad chuige do cheist?” ar seisean. “Scéal beag atá agam duit,” arsa mise, agus do chromas ar scéal Roibeáird d’innsint dó. Chomh luath agus mhothuigh sé comharthaighe Roibeáird ann do phreab sé ’n-a sheasamh. “An rug sé ar an Spáineach?” ar seisean. “Abair, ar mhairbh sé an fear?” “Níor mhairbh,” arsa mise. “Buidheachas le Dia!” ar seisean. “Á, tuigim cad atá uait anois. Seadh, rachad d’á fhéachaint.” “An dtiocfaidh tú imbárach?” arsa mise. “Am proinne - sé sin a h-aon a chlog - síos go dtí an cábán.” “Rachad,” ar sé. Bhí súil agam go labharfadh Roibeárd liom lá ar n-a bhárach, acht níor labhair. Bhí sé ’n-a phúca liom - chomh doicheallach céadna agus bhí riamh. Níor leig sé air gur aithnigh sé i n-aon chor mé agus do leigeas dó. Do scuireadh de’n obair go prap ar a h-aon a chlog. D’imthigh na fir oibre amach; do chuadhas féin isteach san oifig, agus d’imthigh Roibeárd síos go cúl an chábáin agus do shuidh síos. Tháinig an tAthair Eoghan isteach agus ritheas-sa amach ’n-a choinne. “A Athair,” arsa mise, “sin é é thíos annsin sa chúil; beidh sé fút féin agat.” Do chuaidh sé chuige síos agus do sheasaigh ós a chómhair.
I gceann tamaill d’éirigh Roibeárd agus d’umhlaigh dó. Do chroitheadar lámh le n-a chéile. Do chromadar ar shiubhal síos suas agus do chaitheadar uair a chluig ar an gcuma sin, ag siubhal agus ag cainnt. Ar a dó a chlog do chroitheadar lámh le n-a chéile arís agus tháinig an sagart ileith chugham-sa. “Tá do chuid-se den obair déanta,” ar seisean. “Fág fúm-sa anois é.” D’fhágas. Níor mhiste dham é fhágaint fé, agus go deimhin féin níor mhiste liom. I gceann trí lá tháinig an tAthair Eoghan arís agus do caitheadar uair a chluig ag cur ’s ag cúiteamh. Ar dhul amach don sagart thug sé cogar dam. “Tá gach aon nidh i gceart anois” ar seisean. Is dócha go raibh; tá súil agam go raibh, agus creidim go raibh. Acht ní h-é sin críoch an scéil. Is riachtanach don scéalaidhe an fhírinne d’innsint agus í d’innsint ’n-a h-iomlán, agus cé olc maith liom é caithfead críoch an scéil do bhreacadh go fírinneach. An Luan a bhí chughainn dob éigean dúinn bheith i mbun na h-oibre ar a sé a chlog ar maidin. Bhí long ag an bport ag cur earradh éagsamhla aisti. Barraí fada caola iarainn urmhór d’á h-ualach, agus cuirtí tuairim le fiche barra dhíobh i mbeart agus tógtí an beart le crann tógála na luinge. Do chonnac Roibeárd ag dul amach go brághaid an phuirt. Do sheasaigh sé tamall ann agus thug ordú éigin d’á chuid fear. Bhí a chúl le balla an chábáin. Do tógadh beart de sna barraí san aer. Thugas fé ndeara go raibh an beart ar claoine; sé sin, go raibh an t-éadan leathstall ní b’aoirde ná an t’éadan leath ’s t’bhus. Do sceinn ceann de sna barraí agus do bhuail Roibeárd idir an dá shúil. D’fhan an t-éadan eile fé’n gceangal a bhí
ar an mbeart, agus greamuigheadh ceann Roibeáird leis an mballa. Bhí trí ordlach den bharra sáidhte n-a cheann. Chomh luath agus tarraingeadh as é do thuit Roibeárd. Ní gabhadh dham “an scéal do righniú”; - seadh - Bhí Roibeárd n-a chorp! A léightheoir, caith cloch ar a leacht!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services