Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Go mBeannuighthear Dhuit

Title
Go mBeannuighthear Dhuit
Author(s)
Ó Gríobhtha, Micheál,
Pen Name
Cos Obann / MÓG
Composition Date
1925
Publisher
Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teoranta

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Réamh-rádh



Gaedheal gasta géar-chúiseach a bhí ag cainnt liom
oidhche ar léigheann na Gaedhilge do chuir im’ cheann
an scéal so do scríobh.



Dubhras-sa go mba mhór an truagh ná raibh breis spéise
againn go léir, idir óg agus sean, i léightheoireacht
na Gaedhilge.



“Is mór an truagh é,” ar seisean; “acht ní mór
an-tiongna é agus gan scéal so-léighte againn ó aimsir
Fhinn anuas acht a bhfuil i gceathair nó i gcúig de leabhraibh
an lae indiu. Is amhlaidh tá ag urmhór de’n saoghal
go bhfuil an leisce ’n-a ghalar ortha. Ní bhíonn fonn
ortha scéal ar bith a léigheamh mara sciobann an
scéalaidhe leis an marcaidheacht iad le taithneamh agus
le aoibhneas a scéil. Tá scéálta de’n saghas sin de
dhíth ar an nGaedhilg, agus is mí-ádhmharach an t-easba
é. Féach a dhuine chóir,” ar seisean, “séard atá
uainn - agus glac m’fhocal leis - séard atá uainn
chun an Ghaedhilg do chur d’á léigheamh, agus d’á labhairt,
ar fuaid na tíre acht Deadwood Dick.”



Do rinneas machtnamh ar chainnt mo charad.



Ní dóigh liom go raibh iomlán an chirt aige, acht -
bhí cuid mhaith de’n cheart aige.



Cé gur dhána an gnó damh-sa tabhairt fé n-a leithéid,
do bheartuigheas ar dhíchillín mo chroidhe do chur le iarracht
chun scéal do chumadh ’n-a mbeadh eachtraí agus beodhacht
innste, agus olcas agus maitheas; do chuireas rómham
scéal do chumadh ná caithfead an léightear uaidh sul a
mbeadh a leath léighte aige. Ní fios dam ar éirigh liom;
is é an léightheoir an breitheamh.


L. 4


Níor léigheas Deadwood Dick riamh acht tuigim
gur scéal é tá lán d’eachtraí greannmhara gan deall-
ramh, gan cruth na fírinne, gan teagasc gan múineadh
gan subháilce.



Ar eagla go leonfaí aigne an aosa óig nó go gcuirfí
seirbhthean ar dhaoinibh fásta ní bhfaghainn im’ chroidhe
scéal do scaoileadh ’n-a mbeadh a bheag nó a mhór de’n
dubháilce ’á nochtadh agam gan an t-olcas sin do
chothromú go cóir leis an subháilce. Dá bhrigh sin tuigtear
nach le dúil i gcneámhaireacht do chumas cneámhaire
agus gur chuireas púca an díoghaltais ar thóir a mharbhtha
acht chun an múineadh tá i gcaibiodlaibh XXIV agus
XXV do chur i n-iúl do’n léightheoir.



Mícheál Ó Gríobhtha.


L. 5


“Go mBeannuighthear dhuit.”



Caibidiol I.



Do chaitheas seacht mbliadna dem’ shaoghal i n-Albain,
i gcathair ceodhaigh, ceobhránaigh Ghlaschú, agus is iomdha
duine idir Gaedheal agus Gall, olc, maith agus donaí
do casadh orm le linn na haimsire sin; acht casadh
orm aon fhear amháin ar a raibh a leithéid sin d’ualach
bróin, de chráidhteacht aignidh agus de fháscadh croidhe
go mbogtar fós an deor im’ shúil an uair a chuimhnighim
ar an scéal iongantach, uathbhásach d’innis sé dham.



Ní dóigh liom anois go n-inneosadh sé dham i n-aon
chor é muna mbeadh gur mhothuigh sé é féin d’á chor tré
mhéid an ualaigh a bhí air, agus gur cheap sé go
ndéanfainn fóirithin éigin air.



Bheirim a bhuidheachas do Dia go raibh sé im’ chumas
fuascailt do thabhairt air; sé sin, gur éirigh liom
é chur ar bhealach a leasa.



Tá sé imthighthe ar shlighidh na fírinne anois -
beannacht dílis Dé le n-a anam! - agus muna mbeadh
go bhfuil, ní bheadh an scéal so d’á aithris agam.



Ní maith liom a ainm dílis do luadhadh annso;
caithfhead mar sin, leas-ainm do thabhairt air.
Baistthear Roibeárd Ó Néill air; déanfaidh an
t-ainm sin an gnó go maith dhúinn, a léightheoir.



Do chaitheas sealad ag obair ag an gcaladh-phort
úd Ghlaschú, ag déanamh breathnuithe ar earraibh


L. 6


allmhara ann, agus b’é Roibeárd an maor ar na
fearaibh a bhí ag obair sa chábán ag luchtú agus ag
díoluchtú na long.



Is annsin do chuireas aithne ar dtúis air, acht go
deimhin níor ghéar an aithne í mar níor bhéas leis
aoinne a leigint ’n-a chaidreamh.



Púca fir ba h-eadh Roibeárd; ní agá chasadh leis
anois atáim, acht mar mhíniú ar an scéal. Púca fir
ná beannuigheadh agus ná umhluigheadh d’aoinne; ná
bíodh d’fháilte aige roimh aon bheannacht d’á bhfearthaí
’n-a chomhair acht súil mhór, dhubh, shoillseach d’iompódh
ort fé mar a bheadh olc éigin aige chughat. Púca fir
ná labhradh acht go h-annamh - nuair bhíodh dian-
ghádh leis; agus annsan, go deimhin féin níor shéimh
agus níor bhinn é a ghlór.



Rud ba mheasa ná sin ní h-iad a phaidreacha a
bhíodh ar siubhal aige i gcomhnuidhe.



Bhí fuireann oibre fé n-a chúram annsúd agus ní
dóigh liom go bhféadfaidís aon rud do thuigsint dá
mbadh ná beadh a cheart tiomanta agus eascainí
ann. Ba chruadh-chúiseach na dílleachtaithe na fir úd
agus ba bhorb-ráidhteach, Dia-mhasluightheach. Chuiridís
seacht rabharta feirge dhíobh sa ló, acht ní raibh fear
ortha go léir, dá dhonacht agus dá bhuirbe iad, go
leigfeadh an t-eagal dó fearg Roibeáird do mhúscailt.
Acht ar a shon san agus uile is minic a múscailtí í:
agus le linn an fhearg san do bheith air bhíodh sé ar
buile chuthaigh, ghá luascadh mar luascfaí crann daraighe
le anfa gaoithe. Nuair bhíodh an fhearg d’á chur de
aige théigheadh sé isteach i gcúil an chábáin agus chaitheadh
tamall ann ag féachaint go folamh-radharcach ar
an dtalamh. Minic adubhras liom féin go raibh ualach
éigin d’á iomchur ag Roibeárd nár léir do neach acht


L. 7


dó féin, agus gur bh’ ualach é bhí ag luighe go trom
air. Níl sprid ná púca ann ná bíonn a chiall féin
aige; seadh, is dócha, agus a mhí-adh féin, leis.



Caibidiol II.



Maidean Lá ’le Muire sa bhfóghmhar b’éigean dúinn
bheith i bhfeighil ár nghnótha ar a sé a chlog. Do scuireamar
annsan ó n-a naoi go dtí a deich agus do chuadhas-sa
chun an Aifrinn. Iar bhfilleadh dhain do shuidheas san
oifig tamall ag caitheadh mo chéad-lóin.



Do chonnacas Roibeárd ag féachaint isteach orm
tríd an bhfuinneoig. D’imthigh sé síos an cábán arís;
tháinig thar ais, agns rud ab annamh leis, tháinig sé
isteach san oifig chugham.



“Cread é an lá é seo?” ar seisean.



“An cúigmhadh lá déag de Lughnasa,” arsa mise.



“Lá ’le Muire,” ar seisean, agus d’imthigh sé.



Ba mhór an t-iongna liom Roibeárd do chur ceiste
orm i dtaobh an laé úd mar shíleas gur Phailitíneach
é, nó duine gan aon tsuim i gcreideamh ná i n-eaglais
aige. Bhíos ag braith go labharfadh sé arís liom acht
níor labhair. Nuair nár labhair do labhras leis
acht ní bhfuaireas de fhreagra uaidh acht na súile móra
dubha d’iompódh orm. Do leigeas dó, mar do mhothuigheas
go raibh beann an amhrais amach im’ choinne aige.
Níor labhramar le n-a chéile arís go dtí lá ’le Stiopháin.



Thosnuigheamar ar an obair an mhaidean sin ar
a sé a chlog. Ní raibh sa luing acht lucht beag agus
do críochnuigheadh an obair ar a deich. D’íocadh na


L. 8


fir agus do chuadar a bhaile. Lá saoire, le ceart,
Lá ’le Stiopháin i nGlaschú, agus ní raibh aon obair
bhreathnuithe le déanamh agam-sa dá bhíthin sin; acht
dúbhairt Roibeárd ná fuair sé cead an cábán do
dhúnadh agus go gcaithfimís fhanamhain ann go dtí a
ceathair a chlog.



Bhí an lá go h-an-fhuar: é tar éis dhá oidhche sheaca,
agus fuacht na báistighe ann. Acht ní raibh an fuacht
ag goilleamhaint orm-sa; bhíos go sóghmasach san
oifig istigh cois teine, leabhar le léigheamh agam
agus tabac le caitheamh. Ní raibh aoinne eile san
áit acht Roibeárd, agus bhí sé sin ’n-a sheasamh amuigh
le giall an dorais agus é ag siocadghail leis an
bhfuacht. Bhí an dá shúil mhóra leathta ar an dtalamh
aige. B’fhuiris d’aithint gur bh’fhada ó bhaile a mhachtnamh.
An púca bocht! Do chaitheas tamall ag faire air.
Badh mhaith liom glaodhach isteach air acht bhí eagla
na súl orm. Uch! bhí sé ar creathadh le fuacht agus
ba dhearóil agus ba phréachta a shnuadh. Do chuadhas
chuige amach.



“Tá sé fuar indiu,” arsa mise.



D’iompuigh sé an tsúil mhór orm, agus do thóg díom
arís í.



“Táimíd ag tarraingt ar an mbáistigh,” arsa
mise. Acht níor labhair sé.



“’Seo, a dhuine,” arsa mise, “tá teine mhaith annso
istigh. Tar isteach; tá fáilte rómhat.” Níor labhair
sé.



Do chuadhas isteach acht níor bh’fhéidir liom aon tsuim
do chur im’ leabhar. Tar éis tamaill do chaitheas
uaim arís é agus do chuadhas amach. Do chuireas
guala le hursain agus do sheasaigheas ag an doras.
D’iompuigh Roibeárd cúl liom, agus d’imthigh leis


L. 9


síos an cábán go míchéadfach. Ba leor sin; do chuadhas
isteach agus do shuidheas síos.



Acht níor bh’fada dham istigh gur oscladh an dorus,
agus do sheasaigh Roibeárd ar an dtáirsigh.



“Iarraim maitheamhnas ort,” ar seisean.



“Tá fáilte rómhat,” arsa mise. “Agus tar
isteach agus suidh síos, má’s é do thoil é.”



“Ní fiú mé é, ní fiú mé é,” ar seisean. “Ní
fiú mé leigint isteach.”



Leagas lámh ar a ghualainn agus do thionnlacas
suas chun na teine é, agus chuireas ’n-a shuidhe é.
Chaith sé deich nóimeata ann acht níor labhair ceachtar
againn. Annsin, d’éirigh sé.



“Go raibh maith agat,” ar seisean.



“Ní leigfead amach thu, a Mhic Uí Néill,” arsa
mise. “Fan annso ag an dteine, agus bíodh ciall
agat. Ní chuirfead-sa chughat ná uait. Suidh síos.”
Do shuidh.



Do chaitheamar deich nóimeata eile gan labhairt.
Bhíos féin ag léigheamh an leabhair agus mo mheabhair
daingean ann nuair baineadh preab asam.



“Tá buaidhreamh orm!”



Thuit na focail chomh éagcaoineach truaighmhéileach
sin uaidh go ndeachadar go croidhe ionam. Do ghlacas
truagh do’n phúca bhocht.



“Mhaise, dá bhféadainn-se do bhuaidhreamh do
scaipeadh do chuirfinn ar neamh-ní láithreach é,” arsa
mise. “Is truagh aoinne a bhfuil buaidhreamh air.”



“Is díol truaighe mise gan amhras,” ar seisean.
“Acht an mhairg is mó dham is eadh nách féidir le aoinne
fóirithin do dhéanamh orm ná fuascailt.”



“Ní bheadh a fhios agat,” arsa mise. “Ná ceap
gurab amhlaidh tá braith agam-sa rún ar bith do mhealladh


L. 10


uait acht dá mbeadh tuigsint do scéil agam ca bfios
duit ná féadfainn cómhairle do leasa do thabhairt
duit?”



“Níl rún-chara agam,” ar seisean, “ná duine ar
domhan d’á n-inneosainn rún ná duine chuirfeadh
oiread sin suime ionam agus go dtiubhradh sé comhairle
dham - mara ndéantá-sa é,” ar seisean, agus
d’aithnigheas air go raibh sé ag braith ar thruaigh uaim.
“Tusa an t-aon duine beo,” ar seisean, “d’á
scaoilfinn mo scéal.”



“Má’s dóigh leat ná féadfainn cómhairle do leasa
do thabhairt duit, ná scaoil do rún liom,” arsa mise.
“Acht pé ar bith é, bíodh a fhios agat nach fear scéithte
rún mé. Lean do thoil féin anois.”



Do chaith sé tamall maith ag machtnamh.



“Is fada an scéal mo scéal-sa,” ar seisean,
“agus is buan mo bhuaidhreamh. Dá n-éisteá liom
- agus gan cur isteach orm - b’fhéidir nár bh’fhearr
rud a dhéanfainn ná droch-ghníomhartha baotha mo
shaoghail do nochtadh dhuit, mar tá braith éigin agam
ort, agus tá ionntaoibh agam asat go bhfuasclóchair
an greim seo orm. Bhí scáth agus náire orm go dtí
seo acht thógais an scamall díom led’ dhaonnacht nuair
chuiris d’fhiachaibh orm suidhe i naimhdheoin dam annso
ós cómhair do theine, agus is dóigh liom go mbadh mhaith
liom mo rún do thabhairt duit; acht fanadh sé ’n-a
rún agatsa, leis.”



“Tá fáilte romhat, agus ní baoghal duit,” arsa
mise.



“Tá go maith,” ar seisean. “Scaoil mo cheann
liom agus teasbáinfead duit taidhbhse tháinig idir
mé agus Dia; do dheighil ó dhaoinibh mé, agus do rinne
duine uatha dhíom imeasc an tsluaigh.”


L. 11


Caibidiol III.



Do leag Roibeárd uille ar chúl na cathaoireach,
do leig a leith-cheann ar a bhais agus do chraobhscaoil
im’ fhiadhnuise an scéal uathbhásach so leanas:



Cé go leigim orm gur Albanach mé - ar eagla go
mbrisfí me - ní Albanach mé, ámh, acht Éireannach.



Badh chóir go mbeinn im’ Chaitiliceach, leis, acht is
fadó riamh do thréigeas an creideamh agus gach nídh
d’á ngabhann leis. Do dhiúltuigheas do Dhia agus
do Mhuire agus do Mhac Dé do céasadh; do dhiúltaigheas
do gach a bhfuil naomhtha ar neamh agus ar talamh ar son
díoghaltais. Sin agat bun, barr, cabhail, cnámha
agus easnacha mo thaidhbhse.



Rugadh agus tógadh mé i niarthar na hÉireann le h-ais
na fairge móire: is cuma cia an ceanntar. Bhí gabháltas
deas talmhan ag m’athair, agus is damh-sa bhí an talamh
ceaptha ’n-a dhiaidh fé mar ba chuibhe agus ba chóir. Ní
raibh agam de ghaol a h-aon acht aon deirbhshiúr amháin:
Máire ab ainm dí. Máire an chroidhe ghléigil! Tugadh
scoil agus léigheann dúinn araon fé mar bhí le fagháil
sa chomharsanacht. Bhíos go ceanamhail ar Mháire
agus ise mar an gcéadna liom, acht ba cheanamhla ná
sin mé féin agus mo mháthair ar a chéile. Is iomdha
nidh thárla im’ shaoghal suarach ar a bhfuil buan-chuimhne
agam agus is iomdha cuimhneamh gur mhian liom
scaramhaint leis, acht ní scarfainn le cuimhneamh
m’óige ar a bhfeaca mé riamh. Cuimhneamh órdha é sin
a chuireann im’ scáthán ionnraiceas agus grádh agus
subháilce na huaire bhíos fé omós máthar. Ó mo
chreach! Is mairg do’n té ná déanann cómhairle deagh-


L. 12


mhná, acht is seacht mairg do’n té ná déanann cómhairle
deagh-mháthar! Dá ndéanainn-se cómhairle mo mháthar
agus dá mbeadh sé de bhrígh tola ionam géilleadh
dhi an t-am do ghéilleas dom’ díchéille féin ní im’
leastar críon do bheinn annso i gcathair Ghlaschú ag
daoinibh ná fuil meas madra aca orm. Ní bheinn
go deimhin; agus ní bheinn gan meas agam féin orm
féin, gan mhaoin gan subháilce gan suairceas gan
aoibhneas gan dóchas saoghalta ná síorraidhe, acht
mo chroidhe bocht ’n-a chíthréibeach cráidhte tar éis mo
shaoghail! Ó, mo léan guirt!



Acht cheana, níor thárla aon nídh i rith mo shaoghail
go mb’fhiú a áireamh go dtí gur shroicheas fiche bliadhain
d’aois. Tosach na tubaiste do bhain dem’ threoir
mé long Spáineach do theacht lá gairbh-shíne i mbéal
an chuain bhig agus cómharthaí guaise á dhéanamh aici.
Bhailigh mórán daoine ar an dtráigh ag féachaint uirthi
acht ní raibh fonn ortha dul d’á cabhair agus fóirithin
do dhéanamh ar a fuirinn. Ní raibh de phort ag
aoinne acht “báthfar iad! báthfar iad acht grásta
Dé!”



“Badh mhór an feall a mbáthadh gan iarracht do
dhéanamh ar iad do thabhairt saor,” arsa m’athair.



“Badh mhó ná sin an feall do bháthadh féin,” arsa
sean-fhear leis. “Níl ceathrar fear d’á fheabhas
ná báthfaí leis an anfa gaoithe agus fairrge sin.”



“Tá sí ag déanamh ar Charraig na Rón,” arsa
fear eile, “agus brisfear ar an gcarraig í.”



“An bhfuil triúr freastalta báid annso?” arsa
mise.



“Freastalóchad-sa maide rámha,” arsa duine.



“Agus mise,” arsa fear eile.



“Agus mise,” arsa an trímhadh fear.


L. 13


Do phreabamar ár gceathrar isteach i mbád agus
tugadh congnamh dhúinn chun í chur ar snámh. Chomh
luath agus thugamar an chead bhuille dhi do chuir na
daoine gártha móra molta linn agus do chuir sin
meanma mhór ionainn. Bhí triúr comh-rámhaidhthe agam
sa bhád sin nár scannruigheadh riamh agus nár laguigheadh
a gcuisle riamh le h-eagla, agus níor bh’fhear gan
gníomh mé féin. Acht cia gábhadh righneas scéil? Do
chuireamar dínn na tonnta troma fíochmhara go mall
agus go righin, agus is iomdha osna agus cnead do
baineadh asainn sul a shroicheamar an long. Acht
do shroicheamar fé dheire í agus rugamar linn sa
bhád an seachtar d’fhuirinn a bhí uirri. Ní baileach do
bhíomar ar talamh slán an uair do chonnacamar an
long d’á briseadh ar Charraig na Rón, agus do chuaidh
an fhuireann go léir ar a nglúinibh agus do ghabhadar
buidheachas le Dia!



Fuair an seachtar eisteas i dtighthibh na cómharsanachta
fé mar bhí slighe oreamhnach dóibh. Tháinig an comh-
luingseoir a bhaile linne.



Caibidiol IV.



Fear óg caol-árd deagh-chúmtha deagh-iomchurtha ba
h-eadh é. Sabaistín Cuinceanta ab ainm dó. Cé
ná raibh sé acht ceathair fichead bliadhain d’aois bhí
a lán de’n domhan siubhalta aige cheana féin agus bhí
an-chuid eoluis aige ar chineadhchaibh an domhain agus
ar a dteangthaibh agus ar a mbéasaibh. Ní raibh sé
dall ar aon nidh de neithibh coitcheanna an tsaoghail,


L. 14


acht bhí sé de bhéasacht ann gan maoidheamh do dhéanamh
as aon rud. Bhí sé chomh múinte sin gurab amhlaidh
samhlaigheadh dúinn go mba mhór an onóir dúinn duine
d’á uaisleacht do theacht fé dhíon an tighe chughainn i
n-aon chor. Go deimhin ní raibh i n-easnamh air d’abhar
na h-uaisleachta acht airgead. D’iarr sé ar m’athair
é ghlacadh ar tuarastal go ceann bliadna, nó go
mbeadh oiread airgid tuillte aige agus bhéarfadh thar
lear é. Dubhairt m’athair leis fhanamhain agus
fáilte.



Chun a cheart do thahairt dó badh chóir dham a rádh
nár theib sé orainn riamh i n-aon obair d’ár chuir sé
roimhe. Acht ní ’n-a bhuachaill aimsire bhí sé acht ’n-a
aoighe. Bhí roinnt mhaith de Shacs-Bhéarla aige;
d’fhoghluim sé Gaedhilg uainne agus do mhúin Spáinis
dúinn. Fuaireamar go léir a lán aitis san obair
sin. Acht ní fada bhí sé ar an dteallach againn nó
go rabhamar fé omós aige. Ní amhlaidh chuir sé fé
omós sinn, acht do luigheamar fé agus bhí sé d’abaidheas
ann gan a thoil do chur ’n-a luighe orainn chomh géar
sin agus go mothóchaimís í. Níor chuir. An meabhlaire
diablaidhe!



[D’éirigh Roibeárd de’n chathaoir de gheit agus lasair
’n-a shúil. Do chogain sé a fhiacla agus do-rinne
iarracht le n-a dhá láimh amhail agus dá mbeadh duine
éigin d’á thachtadh aige. Bhí a leithéid sin de chuthach
air gur chuir sé eagal orm. D’athchuingeas air
suidhe síos agus an taom feirge do leigint de féin.
D’fhéach sé orm go millteach bagarthach. Do chromas
ar bhladar leis go séimh agus i gceann tamaill do
shuidh sé síos go tuirseach, suaidhte].



Maith dham an méid sin, ar seisean, agus geallaim
duit ná scaoilfead liom féin nios mó.


L. 15


An uair bhí bliadhain go leith nó mar sin caithte ag
Sabaistín fé dhíon an tighe againn tháinig a mheabh-
laireacht chun críche. Thárla gur thuit leanbh comharsan
de dhruim chapaill agus gur milleadh a cheann, i
gcaoi agus go ndubhairt an dochtúir go gcaithfí é chur
go Baile Átha Cliath fé chúram fáithliaigh sa chathair
sin nó mar a gcuirtí bheadh sé ’n-a ghealt go bráth. D’iarr
athair an leinbh ar m’athair mise do leigint go Baile
Átha Cliath leis an leanbh. Do leig; agus do
chaitheas coicidheas sa chathair.



Ar bhfilleadh a bhaile dham do chuala scéal a chuir
fearg agus buile orm. Cad a mheasfá bheadh déanta
aca an fhaid do bhíos amuigh? Cleamhnas! Seadh,
a dhuine, bhí cleamhnas déanta aca do Mháire leis an
Spáineach! Agus an talamh á thabhairt mar spréidh
do Mháire!



“Spréidh?” arsa mise, “An amhlaidh atá sibh as
bhur meabhair? Spréidh do thabhairt do mhnaoí d’fhonn
í phósadh le fear dealbh!”



“Ná cas le fear déirce a bhochtaineacht, agus ná
maoidh air an mám mine,” arsa Sabaistín.



“Mise an díol déirce feasta ó thárla mo shealbh
do bheith ’á bhaint díom agus d’á thabhairt duit-se,”
arsa mise.



“Ní thuigeann Roibeárd an scéal so chomh maith
leat-sa,” arsa Sabaistín lem’ athair.



“Ní thuigeann,” arsa m’athair, go h-omósach.



“A Roibeáird,” arsa Sabaistín, “ní mar a chéile
nós na gcleamhnas i n-Éirinn agus sa Spáin.”



“Dar ndóigh ní h-eadh,” arsa m’athair.



“Agus dá gceapainn-se ná rabhas im’ dhiongbháil
agus im’ fhear oireamhnach do Mháire ní iarrfainn
uirthi mé do phósadh. Agus ceapann sí féin, leis, go


L. 16


bhfuilim oireamhnach di. Cad deirir a Mháire?” ar
seisean.



Do chrom Máire a ceann agus níor labhair sí.



Do labhras féin lem’ mháthair.



“Cé rinne an cleamhnas so, a mháthair?” arsa mise.



“T’athair,” ar sise. “Ní raibh aon lámh agam-
sa ann, agus níor glacadh mo chómhairle. Níor
airigheamar riamh a leithéid de shaobhnós.”



“Bristear an cleamhnas láithreach,” arsa mise.



“Caithfear é bhriseadh,” arsa mo mháthair.



“Ní féidir é bhriseadh,” arsa m’athair.



“Deirim-se go gcaithfear é bhriseadh,” arsa mise,
“nó mara mbristear imtheochad-sa liom lom láithreach
agus ní chasfad ar an dtigh seo go deo na ndeor.”



“A Roibeáird,” arsa mo mháthair, “ná cuimhnigh
ar a leithéid. Fan annso, agus brisfear an
cleamhnas.”



“Cad ab áil leat bheith ag cainnt mar sin?” ar
sa m’athair. “Ná fuil an scríobhnóireacht tarraingthe
eadrainn? Ní féidir é bhriseadh.”



“Scríobhnóireacht?” ar sise.



“Seadh,” ar seisean.



“Ó, mo chreach!” ar sise. “Tá donas éigin ag
séideadh fút!”



“Éistighí!” arsa m’athair. “Éistighí, adeirim.
Nach féidir liom mo rogha rud do dhéanamh lem’ chuid
féin?”



Nuair chualas an chainnt sin ó’m athair, d’éirigheas
ar stoll feirge agus thugas aghaidh ar an ndoras.
D’éirigh mo mháthair agus rug sí orm.



“A Roibeáird, ná h-imthigh, ná h-imthigh!” ar sise.
“Brisfead-sa an cleamhnas i n-aimhdheoin dhóibh. Suidh
síos a mhic.”


L. 17


Do bhog sí mé. D’iompuigheas anonn ar m’athair
d’fhéachaint cia an freagra bheadh aige ar mo mháthair
acht is amhlaidh d’iompuigh sé a cheann uaim. Níor
bheag sin. Do chuireas díom mo mháthair go mio
chuibheasach agus do chuadhas amach an doras go mí-
chéadfach searbhasach. Ochón! do chualas guth mo
mháthar ag teacht le gaoith ag glaodhach orm, agus a
iarraidh orm teacht ar ais. Acht ní dheaghas.



Caibidiol V.



Ní raibh mórán airgid agam acht bhí oiread agus
bhéarfadh go Americá mé. Níor stadas de’n turraing
nó go ndeachas ar bórd luinge ag Cóibh Chorcaighe.
D’fhan an long lá sa chuan agus tháinig a lán daoine
ar bórd, acht bhíos-sa chomh cráidhte sin im’ chroidhe
agus im’ aigne nár thugas áird ná aire ar aon nidh,
acht ag féachaint uaim síos go dúbhach dubhrónach sa
duibheagán. Fear mé ná gabhann le suathadh go réidh;
agus is deacair mé chiúiniú. Um thráthnóna do
chrom an long ar ghluaiseacht agus do músclas as
an néall. Do shiubhlas go deire na luinge agus
d’fhanas annsin go dtí go raibh cruacha agus beanna
na h-Éireann ag dul as mo radharc. Thógas lán
mo shúl go lán-dúthrachtach de thalamh mo dhúthchais;
do mhothuigheas méala mór dam’ chrádh, agus tocht
uaignis dam’ thachtadh. Leigeas osna agus cnead asam.
An bheann deireannach do chonnacas - níor bheann í
i n-aon chor, acht bean. Ba í mo mháthair í, agus í
am’ bhagairt tar n-ais chúichi. Thógas mo lámh, agus


L. 18


do cheileabhras dí. “Slán beo …,” acht níor
chríochnuigheas an ceileabhradh. D’airigheas lámh dhá
cur timcheall ar mo chrios agus do gheiteas. Rugas
ar an láimh.



“Ní baoghal duit, a Roibeáird; is mise Sabaistín.”



“Sabaistín!” arsa mise, agus iongantas orm.



“Seadh, a Roibeáird an chroidhe ghil,” ar seisean,
agus do chrom sé ar mo lámh do thalgadh go mín agus
go cneasda. “Seadh go deimhin; Sabaistín bocht ag
rith id’ dhiaidh-se, a Roibeáird, chun fearg do dhíomais
do shéimhiú, má’s féidir. Acht, a Roibeáird, mo
thruagh mé agat! Cad do bheir duit bailiú leat ar
an gcuma sin gan an scéal do mhíniú dham agus do
chur i dtuigsint dam?”



Dar ndóigh do rinne an chainnt sin cionntach cam
díom-sa ar an láthair. Ní raibh freagra agam le
tabhairt ar an gcoir do chuir sé im’ leith.



“Dar ndóigh níor thuigeas an cás i n-aon chor, i
n-aon chor,” ar seisean. “Agus bheinn dall air
fós mara mbeadh do mháthair dhílis. Acht ní túisce
bhí tuigsint agam ar an éagcóir do bhí ’á déanamh
agam ort, agus níor bh’éagcóir féin é acht feall;
feall, a dhuine! níor thúisce tuigsint ná teicheadh.
Thuigeas go maith go dtiubharfá t’aghaidh ar Americá
agus do leanas thu. Táim sásta im’ aigne anois.
Is féidir leat filleadh ó Nua Eabhrach.”



“Ba ró-mhaith uait oiread sin suime do chur
ionam,” arsa mise. “Agus ní dócha gur thuilleas
uait é.”



“Á, ná habair sin, a Roibeáird,” ar seisean;
“tar éis a bhfuaireas d’altranas agus d’aoigheacht
agus de charthannas agus de mhuinntearthas uaibh go
léir. Dhé, nárbh mé an t-ubh nide agaibh! Agus im’


L. 19


ghlugar, leis. Acht, a Roibeáird,” ar seisean, “is
mór an tiongna liom-sa go mbraithfá-sa go mbeadh
sé de thriolladhasacht agus de shotalacht ionam-sa
thusa do chaitheamh as t’áitreabh agus as do cheart.
Is mór go deimhin.”



Bhí sé am’ chur i bpúnc. Níor fhág sé focal im’
phluic.



“Seadh, mhaise,” ar seisean, “do leigis do’n fheirg
do chiall nadúrtha do mhúchadh agus do chur ar neamh-
nídh, agus d’imthighis amach go dall-intinneach doicheallach.
Mise fé ndear do dhichéille, a Roibeáird. Mise an
coileán dorraidhe bhain miotóg fiacaile as an láimh
do bheathuigh mé! Mo thruagh mé, mo thruagh mé!”



Dar ndóigh badh chóir go mbeadh sé de thuigsint
ionam gan milleán do chur ar Shabaistín go
dtí go mbeadh cruthumhnas iomshlán agam go raibh
sé cionntach ann mar scéal. Orm-sa féin do
bhí an milleán agus an cionnta agus ní air-siúd.
Dubhras leis go raibh aithmhéala orm agus d’iarras
maitheamhnas air. Go deimhin ba fial fáilteach é ag
tabhairt maitheamhnais dam agus do neartaigh an
tuitim amach sin an ceangal cumannachta bhí orainn
cheana. Acht ar a shon sin agus uile bhí siosarnach
éigin im’ intinn aghá chur i n-iúl dam gurbh’ amhlaidh
bhris mo mháthair an cleamhnas d’á aimhdheoin agus
d’aimhdheoin m’athar, agus d’á dheascaibh sin gurbh’
éigean do Shabaistín teicheadh. Acht níor leigeas an rún
sin leis: is amhlaidh dheineas mo dhícheall chun an rún do
mhúchadh agus do cheilt orm féin ar eagla go dtiocfadh
aon easaontacht as.



“A Roibeáird,” ar seisean, tar éis tamaill,
“Níor iarras maitheamhnas ort, agus go deimhin badh
chuibhe go ndéanfainn tar éis na callóide go léir,


L. 20


agus tar éis an t-aistear mío-rathamhail seo do chur
ort gan chúis gan ádhbhar acht tré chorp aineolais;
agus badh mhaith liom a chlos ód’ bhéal amach ná fuil
aon díolchumhdach aghá dhéanamh agat ar aon nidh, agus
go maithir ó chroidhe mo chionntacht.”



“A Shabaistín,” ar sa mise, “má tá aon rud
agam le maitheamh dhuit maithim dhuit é ó chroidhe amach.”



Rug sé ar láimh orm agus do chroith sé í.



“Bhíos fé chor agus fé chomaoin agat féin agus
agad’ mhuinntir cheana,” ar seisean, “acht is mé
d’fhear dílis feadhma feasta. Féach, a Roibeáird,”
ar seisean, “Cad is dóigh leat a dhéanfair? An
dóigh leat go bhfillfir ó Nua Eabhrach?”



“Ní fios dam fós,” arsa mise.



Is léir as a bhfuil ráidhte agam go raibh an lámh i
n-uachtar ag Sabaistín orm arís agus go rabhas fé
réir aige. Do luigheas fé’n omós nár luigheadh orm
agus do rinneas toil m’fhir thaca agus threora gan
é d’á chur d’fhiachaibh orm é dhéanamh. Ba bhreágh liom
agam é ag dul anonn. B’álainn an chuideachta é.



Do chuadhmar i dtír thall agus do threoruigh Sabaistín
mé ar fuaid Chathair Nua Eabhrach. Do chaitheamar
seachtmhain ag féachaint ar iongantaisíbh. Do
thaithnigh an áit agus na radhairc go maith linn.
B’fhuiris mé bhréagadh chun fhanamhaint thall. Ní raibh
uaim, is baoghlach, acht gaoth an fhocail. Is amhlaidh
bhí braith agam go n-iarrfadh sé orm gan dul a bhaile.


L. 21


I gceann seachtmhaine dubhras leis go raibh mo chuid
airgid caithte.



“Ná bac sin,” ar seisean. “Dar ndóigh tá
airgead ag gach aon amadán annso, agus badh mhór
ar fad an t-amadán an té ná féadfadh airgead do
dhéanamh ann. Tá beagán airgid fágtha agam-sa,”
ar sé, “agus ní fhéadfainn feidhm ní b’fhearr do
bhaint as ná é thabhairt duit-se chun thu bhreith a bhaile.
Sé sin, a Roibeáird, má tá fonn ort dul a bhaile.”



“B’fhearr liom airgead taistil do shaothrú” arsa
mise.



“Tá go maith,” ar seisean. “Téighmís ag lorg
oibre.”



Do chuadhmar, agus fuaireamar obair le déanamh
agus tuarastal maith as a dhéanta. Nuair bhí luach
an aistir saothruighthe agam do mhothuigheas caitheamh i
ndiaidh mo bhaile a’s mo mháthar im’ chroidhe agus
dúbhras go rachainn a bhaile.



“Mar is maith leat, a Roibeáird,” ar seisean.
“Bíodh do rogha féin agat. Acht dá mbadh mhaith leat
fhanamhain tamall eile sa chathair seo d’fhanfainn
it’ fharra, mar is álainn an chathair í.”



“Is álainn gan amhras,” arsa mise; “acht dá
bhfanainn annso cad a dhéanfadh mo mhuinntir sa bhaile
im’ éagmhais!”



“Dhe! níl baoghal ortha,” ar seisean. “Dá
mbadh ná beidhfá ann i n-aon chor cad a dheanfaí it’
éagmhais? Agus tá airgead le tuilleamh annso,
a mhic ó, rud ná fuil i nÉirinn. Go deimhin duit, a
Roibeáird, dá fhaide bheadh t’athair it’ éagmhais agus
ag súil led’ theacht thar n-ais ó ló go ló is amhlaidh is
mó an fháilte bheadh aige romhat iar bhfilleadh dhuit.
Mhairbheochadh sé laogh bréagh beathuighthe dhuit, a dhuine.”


L. 22


Ba ladmhusach an fear é chun aighneas do dhéanamh;
dá mbadh ná beadh an ceart aige d’fhéadfadh sé an
mícheart do shuidheamh ort.



“Tá athair agus máthair agam-sa sa Spáin,” ar
seisean, “agus is beag a ghoilleann sé ortha mise
bheith ag imtheacht im’ fhánaí aerach ar fuaid na cruinne.
A Roibeáird,” ar sé, “an bhfuil fhios agat cad atá
beartuighthe agam-sa le déanamh? An domhan mór
braonach do thaisteal agus an saoghal mór corruightheach
d’fheicsint! Mara n’imthighir leis an saoghal ní leis
an saoghal thu. Mara mbainir aiteas as an saoghal
is cuma ann nó as thu. Caithfead tamall annso agus
tamall annsúd. Tuillfead airgead le hallus mo
cnámh nó le stuaim m’intinne; tiullfead le duadh
é, b’fhéidir, acht scaipfead le aoibhneas é. Gluaisfead
le tuile na mara saoghalta go dtí go mbristear mo
long ar Charraig na Rón, agus má bascthar mé beidh
deire le duadh agus le saothar chomh suidhte agus bheidh
deire le aoibhneas. Imtheochad le h-aer an tsaoghail
agus blaisfead an mhil agus bolathochad an bláth
cúmhra agus ní leigfead domboladh ná domblas im’
ghaobhar. Saoghal mór corruightheach agus mise ar
barr tuinne!”



“Tabharfad aghaidh ar an iarthar,” ar seisean. “Ní
dhéanfad cómhnuidhe fada i n-aon áit acht fáiscfead
liom siar go lom-díreach go sroichead cathair álainn
órdha neamhdha Shain Franciscó. Ní ceart do dhuine
bás d’fhagháil gan an chathair sin d’fheicsint agus na
cathracha spéireamhla eile as sin ó dheas go Buenos
Aireas. Badh mhór an fadú saoghail agus
éadtromú croidhe ar dhuine cuairt do thabhairt
ar an iarthar. An gcualais riamh trácht ar na
sléibhtibh teintighe? Dar ndóigh níor chualais. Seadh,


L. 23


ní radharc uathbhásach iongantach álainn go dtí
Siomboraosa ag spréachadh teine go spéir as. Acht
ní dócha go bhfuil aon tsuim agat ’sna neithibh sin. Acht
dar ndóigh dá mbadh san ór do bheadh an croidhe ag
duine cár chóra dhó dul chun a shainnt do mhaolú
le saidhbhreas ná chun an iarthair, áit a rómharthar an
mianach buidhe ’n-a scaobaibh as an dtalamh? Bíd
spéartha an iarthair go glan solusmhar i gcomhnuidhe
agus bíonn croidhe an duine chomh éadtrom leis an
spéir. Mise agus mo chapaillín fúm ag triall
ar iarthar an tsóghmais!”



Fé mar adubhras ní raibh m’aigne ar deighilt ar
fad ó’m dhúthaigh agus bhí mian éigin orm casadh a bhaile,
acht nuair chualaidh mé racaireacht mholta an iarthair
ó Shabhaistín do mhothuigheas mé féin dom’ mhealladh
agus mo thoil ag géilleadh agus í á bréagadh uaim.
Bí mo chroidhe ag tafant orm dul chun an iarthair agus
mo cheann dhá rádh liom gur a bhaile badh chóra dham
dul. Níor bh’fhada idir an dá chómhairle mé; do
ghéilleas do chogar na meabhlaireachta. Rachainn
do’n iarthar! Mairg a leigeas do chómhairle an
chuirp an treise d’fhághail ar chómhairle na céille!
Níl i ndán dó acht a bhascadh fá dheoigh.



Caibidiol VII.



Seadh; do thriallamar fé dhéin an iarthair. Dheinimís
obair nuair bhíodh call againn le airgead cothuighthe agus
taistil. Ní gan duadh ná anshogh do chuireamar dínn
an t-aistear fada sin, acht pé ar bith é do shroicheamar


L. 24


San Franciscó fé dheire. Níor chathair mar a tuairisc
í i n-aon chor. Má bhí an spéir go geal ann ní raibh
aighthe fear gan scamall, agus bhí oiread práidhinne
ar dhaoinibh ann agus bhí ar mhuinntir Nua Eabhrach
féin, agus níor bheag de mhuirighin ar aoinne an
phráidhinn chéadna. Bhí airgead le tuilleamh ann.
Bhíomar araon óg, luath, láidir, agus do thuilleamar
é, acht ní i n-aisce fuaireamar é. Ba chathair álainn
órdha í gan amhras, acht - d’éirigheamar tuirseach di.
Dubhairt Sabaistín go raibh an iomarca aimsire
d’á caitheamh againn ar bheagán tairbhe; ná raibh
againn de bharr an tsaothair go léir acht lán béil
agus clúdach ball gan aiteas gan aoibhneas ’n-ár
saoghal, agus gur chóir dúinn aghaidh do thabhairt ar
mhianach óir, áit a mbeadh an saidhbhreas agus abhar
gach sochair fé n-ar gcosaibh.



Le linn na h-uaire sin do rocht scéala go San
Franciscó, amhail agus dá mbeithí d’ár gcur ar ár
leas, go bhfuair lucht cuardaigh óir mianach breágh
saidhbhir i n-áit d’á ngairthí Eas na Bó Deirge. I n-áit
éigin i Mecsicó a bhí an ball sin agus thugamar aghaidh
ó dheas agus na croidhthe ag preabadh le meisneach
ionainn. Bhí roinnt mhaith daoine ann rómhainn agus
saothar oibre ortha, acht tháinig ’n-ar ndiaidh ann dól
eachtrannach ó gach áird de’n iarthar. Níor cruinnigheadh
riamh i n-aon ionad sa domhan a leithéid de dhaoscar
draosta dona daonna agus do bailigheadh le chéile
i gceann ráithe ag Eas na Bó Deirge. Chuirfeadh sé
faobhar fiacal ar an mac mallachtain is barbardha
friotal d’á bhfuil i gcaladh-phort Ghlaschú bheith ag
éisteacht le sluagh an Easa ar feadh leath-uaire.
Ní fhéadfaidís an meon ba lugha éirim do chur i n-iúl
d’á chéile gan annlann sailightheachta agus Dia-mhasla.


L. 25


Ní théigheadh lá ná oidhche tharsta gan callóid agus
clampar agus cómhrac, agus níor mhinicí cómhrac
ná marbhughadh. Bhí arm teine ag gach duine, agus
ar eagla go dteipfeadh teine ortha bhí sceanna ar
sileadh ó chrios ag gach n-aon díobh. Bhí gach aon
chineál cuirptheóra ann agus is ar éigin fhéadfaí a
rádh go raibh duine ar bith ann acht cuirptheoir nó abhar
cuirptheora. Óch, a dhuine, b’olc an áit é siúd do
mhac mná Éineannaighe; agus má bhíos ar mo sheachaint
féin ar aimhleas anama bíodh a bhuidheachas sin agam
ar mo mháthair; óir, dá fhaide uaithi mé ní rabhas
imthighthe go baileach ó n-a smacht an uair sin. Acht
maidir lem’ chumannach, thugas fé ndeara go raibh
a mheanma agus a mheisneach ag éirighe; go raibh
sé ag scaoileadh leis féin ar nós an daoscair, agus
go raibh an focal barbardha ar a theangain aige chomh
pras agus bhí ag cách. Níor bh’é Sabaistín droch-
labhartha an Easa an Sabaistín modhamhail caoin
uasal do bhí fé dhíon tighe againn i nÉirinn. Dá mbeadh
ciall agam-sa an uair sin, ní amháin go mbeinn ar
mo sheachaint féin acht do dhéanfainn an cosnamh ba
threise i n-aghaidh cathuighthe orm féin; sé sin, teicheadh.
Acht níor theicheas. Níor ghéilleas do chogar an
chogubhais, go mb’ fhearr rith maith ná droch-sheasamh.
Níor ritheas; agus mo chumha ghéar, tá a shliocht orm!



Do roinneadh an talamh ’n-a stangaibh ar na fearaibh
fé mar oir dóibh, agus do ghlac mise agus Sabaistín
seacht stanga i gcomhrann; agus do chromamar ar
thochailt agus ar rómhar mar chách. Ní go ró-gheal do
bhí ár saothar ag éirighe linn - ná le aoinne eile
acht oiread, acht amháin corr-dhuine gheibheadh cnapán
óir anois agus arís i ngrinneall na h-abhann. Pé
tairbhe bhí ag teacht as mar obair is do lucht riartha


L. 26


an mhianaigh do bhí sé ag dul. Bhí siopaí agus tighthe
tábhairne ag an Eas agus ba mhó go mór an saidhbhreas
do bhí d’á sealbhú ag lucht na siopaí úd ná ag lucht
rómhartha an óir.



Caibidiol VIII.



Bhí aon tigh tábhairne amháin ann a thaithigheadh
Sabaistín ist oidhche. Raincil Grathain ab ainm do’n
fhear a bhí ’n-a fheighil. Bhí bean óg dhathamhail aige
agus do ghníodh sí freastal sa tigh tábhairne ’n-a
fhocair. Is mó cnapán óir do gheibhdís ó lucht na h-íotadh.
Ba h-é Raincil an preabaire bitheamhnaigh ba mhó d’ár
shiubhail an fód le n-a linn. Trodaire millteach
neamh-iongantach agus crochaire urchóideach bagarthach
ná raibh d’fhéith ann acht féith na feithide; bhí an bhean
bheag go ciúin cneasta; agus, do réir gach tuairisce,
cionntach. Acht bhí sí chomh séimh sin le gach comhluadar
dá dhonacht go raibh meas uirthi ag gach n-aon. Níor
bh’anamh mé féin i dtigh an óil, acht is amhlaidh théighinn
ann chun cuideachta do dhéanamh do Shabaistín, mar
ní raibh aon dúil san ól riamh agam.



Oidhche d’á ndeachamar ann do thairg Raincil gloine
fíona dhúinn. Do ghlac Sabaistín uaidh é, acht d’eitigheas
féin é. Do rinne sé tafant orm acht d’eitigheas go
teann é. Mar sin féin do líon sé an ghloine dham.



“Ól é sin,” ar seisean.



“Ní ólfad, go raibh maith agat,” arsa mise.



“Ol é, má’s é do thoil é,” arsa bean Raincil.



“Ná eitigh an bhean,” ar seisean.



“Táim ró-bhuidheach díbh araon” arsa mise, “acht
níl aon chás agam ann.”


L. 27


“Agus cad ab áil leat annso, mar sin?” ar
seisean. “Dá fhaide thu ag teacht annso le cois do
charad annsin ní fheacamar dath do chuid óir fós.”
Agus do thóg an bitheamhnach an ghloine agus do ghabh
de’n fhíon idir an dá shúil orm. Acht thugas-sa dorn
do-sin idir an dá shúil, agus leagadh ar fhleasc a dhroma
é le feidhm an bhuille. Do phreab sé ’n-a sheasamh,
agus an fhearg ghá thachtadh. An chéad rud do rinne
sé gléas lámhaichte do tharraing as a chrios agus go
deimhin do cheapas féin go raibh mo ghnó déanta. Ní
raibh arm troda ná cosnamha agam.



“Go réidh, a Raincil!”



Ba h-é Sabaistín do labhair. Do bhí gunnán dírighthe
ar Raincil aige.



“Cuir uait an uirlis arís!” arsa Sabaistín.



“Cuir-se féin uait d’uirlis,” arsa bean Raincil,
agus do dhírigh sí gunnán ar Shabaistín.



“Gach uirlis go truaill - go tapa!” arsa fear
éigin go h-árd-ghlórach ceannasach.



Annsin tháinig fear i láthair agus d’fhiosruigh dhínn
cad ab fháth leis an gclampar, agus do hinniseadh
do é.



“Gheobhaidh sibh araon cothrom na féinne,” ar
seisean liom-sa agus le Raincil.



“Cathain a bheidh sé ullamh?” arsa Raincil.



“Ar a sé a chlog ar maidin,” arsa Sabaistín.



“Agus bíodh Breasal ’n-a mhaor chirt.”



Ba h-é Bhreasal an breitheamh molta ar gach cómhrac
aoinfhir, agus deirtí go mbadh cothrom cóir an breitheamh é.



“An bhfuil sibh sásta?” arsa Breasal.



Dubhramar go rabhamar, agus d’fhógair sé orainn
bheith ar an bhfaithche ar a sé a chlog ar maidin gan
teip.


L. 28


Do chuaidh mise agus Sabaistín chun na boithe ’n-a
rabhamar ’n-ar gcómhnuidhe. Do mhúin sé dham cionnus
urchar do chaitheamh agus aimsiughadh do dhéanamh.



“Is ró-bhaoghal liom duit, a Roibeáird,” ar seisean.



“Is gnáthach le Raincil námhaid do chlaoidh i ngach
cómhrac agus ní slachtmhar an duine thusa i n-éadan
gunna. Acht má chaitheann tusa leis chomh luath agus
cóimhreochaidh Breasal ‘a trí’ b’fhéidir go n-éirgheochadh
leat leagadh do bhaint as. Acht pé ar bith é ná bíodh
ciach ná eagal ort, mar má bhíonn criothán id’ láimh
teipfidh ort gan amhras. Agus rud eile; bíodh misneach
agat, mar dá fheabhas de chómhraiceoir duine agus
dá liacht duine mharbhuigheann sé deineann sé dearmad
uair éigin agus marbhuighthear é féin. Acht bíodh
dánaidheacht daingean agus seasamhacht ionnat.”



“B’fhearr liom-sa gar-chómhrac,” arsa mise, “ná
cómhrac le piléar.”



“Caithfidh tu troid do dhéanamh ar an nós a chleachtaid
na daoine fiadhaine seo,” ar seisean. “Acht ar
mhaith leat aon scéala do chur a bhaile chun t’athar agus
do mháthar? Nó, ar mhaith leat udhacht do dhéanamh?”



“Níl rud ar bith le cur i n-údhacht agam,” arsa
mise; “agus má thuitim sa chomhrac so leagtar
fód orm, agus ná buadharthar m’athair ná mo mháthair
le scéala mo bháis.”



D’fhágamar an scéal mar sin go maidin.



D’éirigheamar go doich agus do chuireas-sa orm
an culaidh éadaigh ab fearr a bhí agam agus do
ghabhamar araon anonn go faithche an chómhraic. Ní
rabhas gan a bheag nó a mhór d’anbhuaine do bheith orm,
acht ó’s rud é, arsa mise, im’ aigne, go bhfuil aigne
diongbhálta ag Raincil chun mé do mharbhú,
mairbeachad é ar dtúis ma’s féidir.


L. 29


Cuireadh an bheirt againn ’n-ár seasamh ar aghaidh
a chéile. Do labhair Raincil go maoidhteach leis an
mbreitheamh agus dubhairt gur mhairbh sé cheithre fear déag
ar an bhfaithche sin; “agus is é sin thall an cúigmhadh
fear déag,” ar seisean. Níor labhair Breasal leis
i n-aon chor. Do tharraing sé gunnán as a chrios agus
tháinig anall chugham-sa.



“Bheirim rabhadh agus for-fhógra dhuit,” ar seisean,
“gan do philéar do scaoileadh go dtí go leigead-sa
dom chiarsúir tuitim.” Agus do theasbáin sé dham
ciarsúir a bhí ’n-a láimh chlé aige. Thug sé an rabhadh
agus an for-fhógra céadna do Raincil. Annsin do
sheasaidh sé i leath-taoibh timcheall leath-slighe uainn
agus do labhair ós árd ionnus go gcloisfeadh gach
aoinne é.



“Ná caithtear go tuitim do’n chiarsúir,” ar sé,
“Nó, an té chaithfidh caithfead-sa leis.”



Thóg sé suas an chiarsúir agus do chrom ar
chómhaireamh.



“A h-aon -: a dó -: a …”



Ní raibh an focal “trí” ráidhte aige an uair do
chaith Raincil liom. Níor bhuail an piléar me cé go
ndeachaidh sé gairid go leor dam. Do chuaidh sé siar
tré mhuinchille mo láimhe deise. Acht chomh luath agus
chaith Raincil liom d’iompuigh Breasal air agus do
chaith leis. Níor chaitheas féin i n-aon chor.



Do thuit Raincil. Do chuaidh Breasal anonn chuige
agus d’fhéach sé air. “Tá sé marbh!” ar seisean.



“Hó, a Shabaistín!” ar seisean; “tar i leith
annso. Bheirim dhuit-se an corp so agus cuirim a
chúram ort. Tabhair congnamh do’n bhaintreabhaigh
chun é d’adhlacadh.”


L. 30


Caibidiol IX.



D’imthigh mise síos chun mo bhotháin agus do shuidheas
ann. Do bhí saghas éigin tuirse orm agus do chaitheas
an lá istigh. Ní raibh fonn oibre orm, ná fonn caidrimh
le aoinne. Bhí léir-mhachtnamh aghá dhéanamh agam
ar na neithibh mío-ádhmharacha bhí ag tuitim amach im’
thimcheall agus go mór mór ar dhroch-obair na maidne
agus b’é críoch mo mhachtnaimh acht go raibh an iomarca
de’n saoghal mhór chorruightheach dhá fheicsint agam,
agus nár bh’fheárrde mé é. Do chuireas mo bhalcaisí
im’ mháilín um thráthnóna chun mo bhóthar do thabhairt
orm agus cúl do thabhairt go bráth ar dhaoscar
saothruighthe an óir. Chaitheas tamall ag feitheamh
le teacht Shabaistín. Nuair tháinig sé ar tuitim
oidhche bhí saothar agus séideán air.



“A Roibeáird,” ar seisean, “Caithfimíd teicheadh!
Imthighmís. Imthighmís anois, láithreach bonn.”



“Tá go maith,” arsa mise, “táim-se ullamh. Bhí
beartuighthe agam-sa ar imtheacht, go h-áirithe. Acht
cad é an deabhadh so ort-sa maran misde a fhiafruighe
dhíot?”



“Fuadar nimhe do bheith fé chuid de’n druing seo
annso; fuadar ár marbhtha araon mar gheall ar
bhás Raincil. Tá an bhaintreabhach bheag d’á spriocadh
chuige; agus tá Breasal ar a theicheadh cheana, mar
tá oiread uilc aca chuige sin agus tá chughainne.”



D’imthigheamar gan a thuilleadh cainnte do dhéanamh
agus do thriallamar rómhainn ó dheas. Ní dhearnamar
comhnuidhe go rángamar Acapulca.



“Badh chóir go mbeimís saor ó thóir annso” arsa


L. 31


Sabaistín, “agus cuirfimíd fúinn tamall ann.”



Ní rabhamar acht trí lá ann nuair thárla eachtra
uathbhásach eile dhúinn. Bhíomar ag siubhal na sráide
ar ár socracht gan puinn buaidhrimh. Do chonnacamar
fear ag teacht aníos ’n-ar gcoinne agus é ar
marcaidheacht ar chapaillín tuirseach. Bhí cábóg
leathan lachtna ar a cheann, agus súile luatha beo
ar faireachán fúithi. Bhí féasóg stothlach dhubh air
agus bhí oiread sin luaithre ar a chuid éadaigh go mba
léir dúinn go raibh aistear fada curtha dhe aige.
D’imthigh sé tharainn suas agus níor bh’fhada go raibh
sé imthighthe as ár gcuimhne. Acht ní rabhamar-ne
imthighthe as a chuimhne siúd.



I gceann uaire nó mar sin thug Sabaistín cogar
dam.



“Leig siolla ded’ shúil id’ dhiaidh,” ar seisean.



Do leigeas, agus cé chífinn acht ridire an bhroncaigh
agus é ag siubal go tapa ’n-ár ndiaidh.



“Tá ridire an bhroncaigh d’ár leanamhain,” arsa
mise.



“D’ár dtóruidheacht, an eadh?” ar seisean.



“Gan amhras ar domhan,” arsa mise.



“Géirighthear na chéadfaidhe ionnat anois,” ar
seisean, “mar is dóigh liom go mbeidh gádh againn
le gliocas.”



Bhí fear na tóra buailte linn um an dtaca sin.
Bhí sé díreach ar dtaobh thiar de Shabaistín. Do
stad Sabaistín go h-obann agus do bhuail an fear
fé. Do leig Sabaistín air go raibh sé ag tuitim
agus do chuir sé lámh thar bhraghaid an fhir eile chun
taca d’fhághail mar badh dheadh. Rug sé de ghreim mheigill
ar fhear an bhroncaigh agus do sciob de an fhéasóg
go h-iomlán.


L. 32


“Á, a Bhreasail, an tú atá ann?” ar seisean.
Chuir Breasal gáire as.



“Is mé,” ar seisean, “agus nach rathamhail an
teagmháil ar a chéile dhúinn é! Acht siubhalaí liom
tamall” ar seisean. “Badh mhian liom focal a rádh
leat-sa a Shabaistin, má’s é do thoil é. Ní maith liom
é rádh leat ar chorp na sráide ar eagla go mbeadh call
againn le árd-ghlór do chur asainn. Siubhlaimís.”



“Agus mara dtéighmíd leat, a Bhreasail, cad a
dhéanfaidh tú?”



“Fanfad i n-bhur bhfochair,” ar sa Breasal, “nó
go bhfaighmíd caoi oireamhnach chun cainnte.”



“Rachaimíd leat,” arsa Sabaistín. Agus d’iom-
puigh sé chugham-sa agus do labhair liom as an nGaedhilg.



“Seachain an feall,” ar seisean. “Níl neart
claoidhte an fhill ann acht a chlaoidheadh le feall.”



Do shiubhlamar i n-aoinfeacht leis go rángamar
páirc ar imeall na cathrach.



“Tá an áit seo oireamhnach,” arsa Breasal;
agus do chuadhmar isteach.



“Anois, a Shabaistín; cad ’n-a thaobh ar theichis ó
Eas na Bó Deirge?” ar seisean.



“Mar ba mhaith liom é,” arsa Sabaistin.



“Do theichis,” arsa Breasal, “mar gheall ar seacht
gcnapáin óir do ghoidis ó bhaintreabhaigh Raincil.”



“Thugais t’éitheach,” arsa Sabaistín. “Acht dá
ngoidinn féin agus fiche cnapán cad é sin duit-se?”



“Inneosad sin duit,” arsa Breasal. “Tá
cleamhnas déanta agam léi, agus nach leor sin de
chúis agam chughat? Feach, a dhuine chóir,” ar seisean,
liomsa. “Seo mar bhí an scéal. Do bhí seacht
gcnapáin óir i bhfolach ag Raincil agus nuair rug sé
seo agus triúr fear a bhí ag cosgnamh leis an corp


L. 33


chun an tseomra leabthan do chromadar ar chuardach
agus ar fhaghairseáil ar fuaid na h-áite agus
fuaireadar an t-ór. Do shaighid sé seo an triúr
eile fé n-a chéile, agus nuair bhí an triúr ar lár do
bhain sé na cnapáin díobh agus do bhailigh leis. Deir
sé go bhfuil éitheach dhá dhéanamh agam. Tá beirt de
sna fearaibh úd beo fós agus thugadar fiadhnuise
saine uatha agus ba mhar a chéile an dá fhiadhnuise.”



“Ní go macánta fuair Raincil na cnapáin,” ar
sa Sabaistín.



“Agus ní go macánta fuair Sabaistín na cnapáin,”
arsa Breasal.



“Cad ab áil leat?” arsa Sabaistín.



“Go ndéanfá aiseag ar na cnapáin,” arsa Breasal.



“Iad do thabhairt duit-se? Iad do thabhairt do
dhuine ná fuil ceart aige chucha acht oiread liom féin?”
arsa Sabaistín. “An dóigh leat go bhfuilim chomh
meathta sin agus go ngéillfinn dod’ thoil-se? Dar
go deimhin, ní ghéillfead.”



“Cuirfead-sa d’fhiachaibh ort géilleadh,” arsa
Breasal. A’s le bagairt súile bhí gunnán tarraingthe
as a chrios aige. Acht ní raibh fiú oirid sin de mhoill
ar Shabaistín. Bhí a lámh dheas istigh fé bhrollach a
chasóige aige; agus go deimhin, bhí amhars agam-sa
go raibh greim na láimhe sin ar a mhion-ghunna, agus
bhí an ceart agam. Ar éigean bhí an focal “géilleadh”
labhartha ag Breasal, agus sula bhfuair sé aga chun
aon rud do dhéanamh acht amháin an gléas lámhaichte
do tharraingt chuige, do rad Sabaistín piléar leis
amach tré n-a chasóig. Thuit Breasal ’n-a chorp.


L. 34


Caibidiol X.



D’fhágamar Acapulca ar deithineas. Ní cuimhin
liom na cómhgair agus na h-aithghearra do ghabhamar
sa teicheadh dhúinn acht níor bhogamar déine ár
ngluaiseachta go rángamar Nua Orléan. Do chuadhmar
ar bórd luinge annsin agus do chuadhmar go Pará
i dtuaisceart na Brasáile. Do mheasamar sinn féin
slán annsin, go h-áirithe, agus do chrom Sabaistín
ar aoibhneas do bhaint as an saoghal. Do thaithigheadh
sé teach imeartha gach aon oidhche; agus, nidh nach iongna,
bhí na cnapáin óir d’á leagha go tapa aige. Fé
dheire ní raibh ’n-a sheilbh acht aon chnapán amháin
agus do shíreas air an teach imeartha agus Pará féin
do thréigean agus dul go dtí áit éigin eile. Do ghéill
sé dham, rud ab annamh leis, agus do chinneamar ar
dhul go Buenos Aires. Do chuadhmar. Do chaitheamar
bliadhain sa chathair álainn sin, agus annsin do
thriallamar amach fé’n dtuaith. Do ghabhamar rómhainn
ó thuaidh. Sé bhí beartuighthe ’n-ár naigne againn dul
fé’n dtuaith agus saoghal mór corruightheach na tuatha
’sna tíorthaibh sin d’fheicsint. Sa ghluaiseacht dúinn
do casadh orainn fear ag a raibh réim mhór thalmhan.
Dubhairt sé go raibh fir oibre go h-an-ghann ’n-a
cheanntar agus go rabhadar ag teastbháil go dian
uaidh féin. Do gheall sé tuarastal maith dhúinn dá
dtéighmís leis; acht ar eagla gurab amhlaidh
chuirfimís amú é dá mbadh ná taithneochadh an obair
linn do chuir sé aimsear bliadna orainn. Do chuadhmar
leis agus go deimhin féin ba lághach cóir séimh an
lánamha é féin agus a bhean. Do thaithnigh an obair


L. 35


linn; mar, cé go mbímís ag obair go moch agus go
déidheanach ní bhíodh le déanamh againn acht obair
éadtrom. Bhíomar ’n-ár gcómhnuidhe i dtigh an
ghabhálaí agus nuair théighmís a bhaile um thráthnóna
b’ionann é nó dul isteach i dteaghlach ár muinntire
féin.



Ní raibh de chlainn ag an lánamhain acht aon inghean
amháin; Muirgheal dob ’eadh a h-ainm sin. An bhean
óg bhréagh ba dheise dealbh déanamh agus snódh d’ár
casadh riamh ar cheachtar againn; agus níor mhaordha
sciamh agus áille a pearsan ná uaisleacht agus
módhmhaireacht a h-aigne. Seadh, seadh; an gádha
dham a thuilleadh do rádh? Ní gádha dar ndóigh; is
so-thuigsiona ná beadh sé de ghaois san óige an
chinneamhain a bhí á bagairt orainn do chur dínn, agus
go mór mór nuair nár chuireamar ’n-a h-aghaidh -
acht a mhalairt. Thugamar araon grádh croidhe do
Mhuirghil, acht do chongbhaigheas féin mo rún go
daingean im’ chliabh, agus níor bh’eol d’aoinne, fiu
í féin, go raibh an galar do-leighiste sin ar mo
chroidhe. Acht níor cheil Sabaistín a mheon. Do chrom
sé ar bheith ’n-a dhuine uasal arís, agus níor shéimhe
agus níor bh’uaisle a iomchar i dtigh m’athar an uair
thuiteamar go léir fé n-a chosaibh le neart omóis dó
ná a iomchar annsúd. Níor bhaileach sinn mí sa tigh
an uair do chrom sé ar pósadh do thafant ar Mhuirghil,
acht d’eitigh sí é. Acht níor shaor an t-eiteach ó’n
dtafant í; do lean sé de’n tafant ar feadh na
bliadna acht ní raibh de thoradh riamh ar a shíorthóireacht
acht an freagra fuar.



Nuair bhí an bhliadhain caithte againn dubhairt
Fearnán (ba h-é sin ainm an ghabhálaí) dubhairt sé
linn go raibh ár dtuarastal le fághail againn.


L. 36


Dubhairt Sabaistín go bhfanfadh sé féin go ceann
bliadna eile dá ngabhthaí leis. Dubhras-sa, comh
maith, go bhfanfainn.



“Ní bheidh acht aon fhear amháin ag teastbháil uaim
i gcómhair na bliadna tá rómhainn.” arsa Fearnán.
“Tá gach aon rud i dtreo maith againn tar éis saothair
na bliadna atá caithte agus beidh sé i gcumas dam féin
agus d’aon fhear amháin teacht ar a bhfuil d’obair
le déanamh as so amach. Tá buidheachas mór agam
oraibh araon agus ní fearr liom duine agaibh seachas
an duine eile. Socruígh féin cé agaibh fhanfaidh.”
Iar n-a rádh sin dó d’imthigh sé amach agus d’fhág an
bheirt againn i bhfochair a chéile.



“Seadh, a Roibeáird,” arsa Sabaistín, “ní dócha
gur mian leat-sa imtheacht.”



“Ní mian,” arsa mise. “Taithnigheann an áit
seo go rí-mhaith liom, agus badh mhaith liom fhanamhain
ann.”



“Agus liom-sa cómh maith,” ar seisean. “Acht
ní gádh dhúinn tosnú ar challóid agus ar chlampar
mar gheall air; cuirimís ar chrannaibh é.”



“Ní fearr cuma ’n-a socróchaimís é,” arsa mise,
“Ná le crannaibh; agus dar ndóigh ní fuláir é shocrú
ar chuma éigin.”



“Ní fuláir,” ar seisean.



Annsin do rinneamar an crannchur agus do chuaidh
an crann orm-sa. Do thréig mo neart mé agus mo
mheabhair agus mo radharc agus m’éisteacht ar feadh
tamaill. Ní fheadar an dtug Sabaistín fé ndeara
an t-easba do bheith orm, acht má thug níor leig sé
air é.


L. 37


Caibidiol XI.



D’éirigheas maidean lá ar n-a bhárach agus do
chuireas mé féin i gcóir chun siubhail. Thángas amach
sa chistin lem’ bheartán éadaigh. Bhí Muirgheal agus
a máthair ann.



“An tusa tá ag imtheacht?” arsa an mháthair.



“Is me,” arsa mise. “Is orm do chuaidh an crann.”



“Is méala le cuid againn thusa do bheith ag imtheacht,
a Roibeáird,” arsa an mháthair; agus do bhagair
sí a ceann i dtreo a h-ingine. Do thuigeas an tagairt.



“An méala leat m’imtheacht, a Mhuirgheal?”
arsa mise. D’fhreagair sí ós íseal me.



“Is méala,” ar sise. “Imthigheadh sé siúd.”



B’é oscailt na bhFlaitheas damhsa an focal san.



“Tá go maith a Mhuirgheal,” arsa mise; “ní
imtheochad.” Agus do chuadhas ar ais lem’ bheartán.



Bhí Fearnán agus Sabaistín imthighthe amach um
an taca sin i bhfeighil oibre. Do chuaidh bean a’ thighe
amach agus i gceann tamaill tháinig sí féin agus
Fearnán thar n-ais.



“A Roibeáird,” arsa Fearnán, “ní gádh dhuit
imtheacht ó’s toil le Muirghil é. Téighir anonn annsin
sa ghort agus tabhair congnamh do Shabaistín. Rachad-sa
anonn ar ball chughaibh.”



D’inniseas do Shabaistín go raibh cead agam
fhanamhain. Tháinig iongantas air ar dtúis agus
annsin tháinig fearg air.



“Cé thug cead duit fhanamhain?” ar seisean.



“Fearnán,” arsa mise. “Thug sé cead gan iarraidh
dham.”


L. 38


“Ní bhfuairis cead uaim-se,” ar seisean. “Ní
bheidh annso feasta acht duine againn; tá an áit
ro-chumhang do bheirt againn, má thuigir leat me.”



“An té gur cumhang leis fágadh,” arsa mise.



“Do chuaidh an crann ort-sa aréir,” ar seisean,



“Agus do gheallais go n-imtheochthá. Caithfidh tú
imtheacht. Níl dul as agat. Tá fhios agam-sa cad
atá i gceann agat. Tá an rud céadna ar intinn
agam féin. An bhfuil aon réidhteach déanta idir
thusa agus Muirgheal?”



“Níl, acht amháin go ndubhairt sí liom go mbadh
méala léi m’imtheacht,” arsa mise.



“Há!” ar seisean. “Is ionann é sin agus
réidhteach chun cleamhnas do dhéanamh. Do bhris mise
cleamhnas ar mhaithe leat-sa. Díol-se an comhar
liom anois agus imthigh as an áit seo.”



“Is deimhin dearbhtha ná h-imtheochad,” arsa mise.
Do chuaidh sé anonn chun an tighe agus tháinig ar ais
arís gan mhoill. Do chrom sé ar bhladar liom a
d’iarraidh treise d’fhághail orm le meabhalaireacht
acht ní raibh de thoradh air sin aige acht eiteach teann
uaim-se.



Do dhruid sé chugham i leith agus do sheasaigh an-
ghairid dam. Bhí droch-fhéachain mhallaighthe ’n-a shúil.
Thuigeas go raibh droch-fhuadar fé. Ní fheaca mé
riamh a leithéid de nimhneachas ar ghnúis dhuine ar bith.



“Imthigh!” ar seisean. “An gcloisir leat me?
Imthigh!” agus do tharraing sé chuige a mhion-ghunna.



“Má’s fuadar mo mharbhtha tá fút,” arsa mise,
“Is olc an cúiteamh é ar dhuine chuir a anam agus
a chorp i gcontabhairt duit chun thu do shaoradh ó bháthadh.”



“Dá saorthá seacht n-uaire mé; dá saorthá m’athair
agus mo mháthair agus mo sheacht sinnsir romham ní


L. 39


mhaithfinn duit gan mo thoil do dhéanamh anois,” ar
seisean.



“Agus dá n-imirightheá bás seacht n-uaire orm
ní dhéanfainn do thoil,” arsa mise.



Chuir sé béal an ghunna lem’ chliathán. “Téighir
a bhaile,” ar seisean, go millteach. “Téighir a bhaile,
adeirim leat!” Bhí an bhuile ag borradh ann agus
ag teacht chun críche. Má bhí cleas cosanta agam
orm féin badh chóir dam é chur i bhfeidhm gan mhoill.
Le prap na súl do ghreamuigheas an lámh ’n-a raibh
an uirlis agus do chuireas béal na huirlise dhíom.
Do ghabh sé de dhorn orm le n-a láimh chlé acht do bhaineas
an uirlis de agus do chaitheas uaim í. Annsin iseadh
do múscladh an fhearg i gceart ionam-sa. Bhí
cothrom cómhraic againn araon. Níor bh’fhear damh-sa
Sabaistín. Ní raibh fear árd caol-chnámhach ’n-a
fhear riamh d’fhear teann téagartha talamhaidhe.
Rugas air agus chroitheas é mar chroithfeadh maistín
franncach.



(Le linn na h-innsinte seo do Roibeárd d’éirigh sé
’n-a sheasamh agus do léir-aithris dam an chuma ’n-ar
láimhsigh sé Sabasitín. Bhí a leithéid sin de chuthach
feirge air go dtáinig cubhar bán ar a bhéalaibh.
Thugas iarracht ar é do chiuiniú, agus do shuidh sé síos.
Níor thosnuigh sé ar an scéal arís go ceann tamaill).



Do chroitheas é; d’fháisceas liom isteach é go dian
daingean; d’airigheas na h-easnacha d’á gcnagadh
ann; chuir sé cnead agus géim as agus níor bhogas
mo ghreim nó go ndeachaidh sé i bhfanntais le neart
na barróige, agus annsin do theilgeas uaim é. D’fhan
sé sínte annsin fé mar bheadh sé marbh, agus is dóigh
liom nár bh’fhada uaidh é. Thógas féin an gléas
lámhaichte agus chuireas im’ póca é.


L. 40


D’fhanas tamall maith ag faire air ag súil go
dtiocfadh sé chuige féin. Do labhras leis agus do
ghlaodhas air agus do chroitheas é, acht comhartha na
h-anama níor léir dam ann. B’aindeis an scéal
liom-sa é sin, óir dá mhéid mo chúis chuige ní raibh aon
díoghbháil déanta aige dham agus níor mhaith liom a
bhás do bheith orm.



Annsin do chonnacas Fearnán ag teacht. Nuair
chonnaic sé Sabaistín sínte i riocht an bháis do ghabh
iongantas mór é. “Is olc an obair í seo,” ar sé;
“An amhlaidh chuireabhair cómhrac ar a chéile?”



Do inniseas an scéal dó. “Anois, an dóigh leat
gur fear cionntach mé?” arsa mise.



“Ní h-eadh, ní h-eadh,” ar seisean. “Ní raibh
leigheas agat air. Acht caithfar rud éigin do
dhéanamh. Cabhair éigin nó fóirithin do dhéanamh air;
mar ní mhairbheochadh fáscadh lámh fear. Gabh-se an
capall agus rachad-sa isteach chun an scéal d’innsint
dom mhnaoi agus dom’ inghin. Is maith an chabhair
intleacht bhan.”



D’imthigh mise agus do ghabhas an capall. Ar
dteacht thar n-ais dam go dtí an áit ’n-ar fágadh
Sabaistín do leath mo shúile orm. Ní raibh a thuairisc
ann acht oiread agus dá sloigtí leis an dtalamh é!
Bhí sé imthighthe. Go deimhin féin ba mhór an áibhéis
chroidhe dhamh-sa é sin; agus ní raibh aon chathughadh orm
i ndiaidh an bhitheamhnaigh. Chuadhas isteach sa tigh agus
thugas an scéala dhóibh. Do pléasc an triúr aca amach
ar gháirí. Ba mhór an greann leo é.



“Imtheacht gan teacht air!” arsa Muirgheal, agus
do chuireamar go léir racht gáirí asainn. Is fearrde
gach scéal deagh-chríoch.


L. 41


Caibidiol XII.



Seadh, seadh; ní gábha dham an scéal do righniú.
Shíleamar dá luathaidhe agus déanfaí an pósadh go
mbadh amhlaidh b’fhearr é: go gcuirfeadh sé Sabaistín
ó theacht ar ais. Seadh, pósadh mise agus Muirgheal.
Cuireadh snadhmna saoghail orainn; snadhmna ná
teascfaí nó go scarfadh an bás ó chéile sinn. Och,
och, ón, mo sceimhle scéil agus mo leonadh croidhe!
níor chian gur scar; níor chian gur scar!



Ní amháin go raibh bain-chéile agam-sa, agus bain-
chéile mhaith, acht bhí athair agus máthair agam chomh
maith. Ní fhéadfadh mo dhearbh-athair agus mo dhearbh-
mháthair féin bheith ní ba cheanamhla orm ná athair agus
máthair mo mhná. Acht bhí bean agam ná raibh a leithéid
le fághail, agus mo mháthair féin do chur chuige. Bíonn
seacht ngrádh ag an máthair d’á mac agus gan aige
acht aon ghrádh amháin di; go deimhin, is dócha gurab
amhlaidh é. Acht bhí seacht ngrádh ag mo mhnaoi dhamh-sa
agus bhí seacht ngrádh agam di. Bhí taithneamh na
gréine orainn, taithneamh na sláinte, an sonas agus
an séan, an rath agus an rathamhnas. Badh dhóigh linn
go raibh Dia féin ’n-ar gcómhgar. Níor éirigh scamall
ná ceo a dhúibhfeadh ár saoghal orainn. I n-ionad é
dhubhadh, ba é toil Dé leanbh mic do bhronnadh orainn.
Roibeárd beag; ochón ó, mo Roibeáirdín! Mo
leanbh gléigeal álainn ab áilne snódh agus dealbh;
mo Roibeáirdín; ochón, ochón!



Do chrom Roibeárd ar ghol - agus do leigeas dó.
Ní fhéadfainn cur isteach air. Do thosnuigh se arís
i gceann tamaill.


L. 42


Badh dhóigh leat gur anuas ó Fhlaitheas do thuit sé
chughainn. Ba h-é Roibeáirdín grian an teaghlaigh
againn.



“Fan go mbaisttear é,” arsa mo mháthair chéile.
“Beidh a sheacht n-oiread meas’ againn air.”



Seadh, baisteadh é. Bhí bainis bhaistighe againn air,
agus do rinneamar gáirdeachas agus cómhbáidh le
n-a chéile. Thugas buidheachas do Dhia an lá úd gur
cuireadh im’ cheann an toil agus an meon chun an saoghal
mór corruightheach d’fheicsint. Níor mhéala liom é
an lá úd. D’éirigh mo thuras go maith liom. D’éirigh,
má éirigh.



Seadh; seadh; an cúigmhadh lá déag de Lughnasa-
agus badh chóir dam cuimhneamh do bheith agam ar an
lá céadna - thángas a bhaile um thráthnóna agus do
ghlacas mo shuaimhneas i bhfochair mo mhná i gcistinn
an tighe. Do chóruigh sí biadh dham agus do chaitheas é.
Bhí a h-athair agus a máthair imthighthe go tigh an phobuil
chun easpairte, agus ní raibh sa tigh acht mise agus
Muirgheal agus an leanbh. Nuair bhí an tráthnóna
ag dul i ndéidheanaighe thóg sí suas an leanbh, do bhain
de a chuid éadaigh agus do nigh é i gcómhair na h-oidhche.
Do thiormaigh sí é agus do chuir air a léintín leabthan,
agus annsin do chrom ar spriongar agus ar súgradh
leis. Go díreach agus í ar tí é chur isteach sa chliabhán
do h-oscladh an doras agus do phreab triúr fear
chughainn isteach. Sabaistín agus beirt mhulathach!
Á, a mhic ó, pé áit a raibh Sabasitín le breis agus
bliadhain ní amhlaidh bhí dearmad ’á dhéanamh aige
orm-sa go h-áirithe. Níor ghádh dham a thoisc d’fhios-
ru dhé. Ba léir dam an fuadar a bhí fé. B’shin
é annsin ós mo chómhair é agus a mhion-ghunna ’n-a
láimh aige. Rugas ar choinnleoir práis a bhí ar an


L. 43


mbórd agus do chaitheas go tréan le Sabaistín é.
Do phreab Muirgheall eadrainn agus an leanbh ’n-a
baclain aici; agus le linn na h-eadar-ghabhála sin
do scaoil Sabaistín piléar liom.



Do thuit Sabaistín, agus … do thuit Muirgheal!
Thóg na mulathaigh Sabaistín agus d’árduigheadar
leo é. Thógas-sa Muirgheal agus d’fhéachas uirthi.
Thógas an leanbh agus d’fhéachas air. A Dhia na
gComhacht agus na bhFeart!



Chonnacas go raibh an fear bocht corruighthe go
mór. Bhí criothán ’n-a láimh. Thugas teoch uisce dhó,
agus do chrom sé ar an scéal arís.



Bhíos gan bean gan leanbh!



Do leagas an leanbh ar ucht a mháthar agus do
chuadhas ar mo dhá ghlúin le h-ais na gcorp; an
dtuigir? Dhá chorp! agus do mhóideas i bhfiadhnuise
Dé na gCómhacht ná stadfainn choidhche, ná déanfainn
cómhnuidhe, moill ná staonadh; ná déanfainn faoistin
le sagart ná aithrighé im’ pheacaíbh nó go mbaininn
amach díoghaltas i mbás mo mhná agus mo leinbh.



Caibidiol XIII.



Ní thráchtfad ar thórramh ná ar shochraid ná ar
dhúnadh na h-uaighe. Ní beag liom de shuathadh croidhe
agus intinne cabhail an scéil do chur le chéile dhuit.
Do scaras le athair agus máthair céile ag geata na
reilge agus ní bhfuaireas radharc súl ortha ó’n lá
sin go dtí an lá indiu. D’imthigheas orm le díoghrais
ar lorg an fheallaire ghránna. Do cheannuigheas mion-


L. 44


ghunna nua agus chuireas piléir ann. Do shiubhlas
go h-aireach, agus dar liom, do bheartuigheas gach nidh
le gliocas agus le abaidheas intleachta. Beag a
shíleas go mbeadh sé siúd ar mo lorg féin agus nár
luga a shainnt san dioghaltas ná mo shainnt-se;
agus go mbadh ghéire de lorgaire é. Nár dhóigh leat
go mbeadh sé sásta le n-a raibh de mhí-ádh déanta aige
cheana? Acht feach ná raibh.



Ní raibh an bitheamhnach condha acht seachtmhain ar
mo thóir nó go rug sé orm.



Do chuireas fúm oidhche i gcathair Bhuenos Aires i
dtigh ósta ann. Tugadh seomra leabthan dam thuas
fé fhraigh an tighe seacht bhfuinneoga ó thalamh. Do
chuadhas do luighe agus do thuit mo chodla orm.
Dúisigheadh mé ar éirighe na gréine. Shíleas gur
airigheas cnapán an dorais d’á chasadh. Do sceinneas
anonn go h-éadtrom tapa agus do sheasuigheas ar
chúl an dorais. Chuir mulathach a cheann isteach go
h-aireach agus d’fhéach anonn ar an leabain. B’iongna
leis ná raibh aoinne inte. Tháinig sé isteach sa seomra.
Do chuadhas de léim ’n-a dhiaidh; ragas fé n-a dhá
oscaill air, agus do chuireas d’aon rúisc amháin
amach tríd an bhfuinneoig é. Acht dá mhéid mo ghliocas
agus m’aireachas go dtí sin do mhilleas an scéal ar
fad le saobh-bheart do rinneas an uair sin. Do
chlaonas me féin amach ’n-a dhiaidh chun é d’fheicsint
ag tuitim! Ba h-é sin beart an bhotúin damh-sa
agus uair na faille ag mo námhaid. Do chonnacas
an spriochaile ag tuitim idir aer agus talamh. Ní
raibh sé acht leath-slighe an uair do léim an mulathach
eile ar mo mhuin. Chuir sé scian go feirc ionam.
Tuiteas ar an urlár.



“Ná mairbh é! Seachain, ná mairbh é!”


L. 45


D’fhéachas ar an té adubhairt na focail sin. Cé
bheadh ann, an dóigh leat? Sabaistín. Sab...ais...tín!
Do cheangladar mé go daingean, agus go deimhin
níor dheacair dóibh é. Annsin do labhair Sabaistín.



“A Roibeáird,” ar seisean, “ná tagadh fanntais
ná laige ná táimh-néall ort go fóil - go mbead-sa
réidh leat. Do gheallas bás duit tamall ó shoin agus
ní fuláir dam an gheallamhain sin do chóimh-líonadh
nó bheadh mo chogubhas ag pléidh liom. Féach anois, a
Roibeáird, mar bheireann an chinneamhain ar gach uile
dhuine a ghníos coir. Gearrfar an croiceann ded’
cheann, a Roibeáird, agus fágfar id bheathaidh thu an
fhaid agus bhéas an feannadh ar siubhal.”



Bhí eolus a chéirde ag an mulathach, agus ní dóigh
liom gur chaith sé cúig nóimeat le feannadh mo chinn,
acht bhíos-sa i dtámh-shuan a bhfad sul a raibh an
drochbheart críochnuighthe aca.



Do nocht Roibéard a cheann dam agus do theasbáin
a phlait mhaol dam. Ní raibh oiread agus ruibe gruaige
air acht amháin fionna beag tanaí a bhí ar bhaic a
mhuiníl. Bhí cneas a chinn chomh mín sin go raibh an
fhuil dhá teasbáint amach tríd. Go deimhin féin ba
mhór an cruthumhnas ar fhirínne an scéil an phlait
mhaol sin do nochtadh dham.



Fuair muinntir an tighe osta annsin mé i riocht
an bháis, agus cé gur cheapadar go rabhas marbh i
ndáiríribh do thiomáineadar chun an óisbidéil mé.



Beag an tsúil a bhí ag dochtúiríbh an óisbidéil sin
go dtiocfainn as. Acht féach go dtángas.



Do chaitheas ráithe san óisbidéal sul a raibh sé i
gcumas dam siubhal, acht bhí an neart ag teacht ionam
do réir a chéile. An lá dubhairt an dochtúir go raibh
an baoghal báis curtha dhíom agam d’éirigh mo chroidhe


L. 46


agus mo mheisneach, agus do mhóideas i n-ath-uair le
díograis agus le meanmain go n-imireochainn díoghaltas
gan truaigh ar an bitheamhmnach claon lag droch-
bheartach, Sabaistín.



Caibidiol XIV.



Thagadh sagart óg gach aon lá chun an óisbidéil. De
shliocht Éireannach ba h-eadh é ná rugadh acht aon ghlún
amháin d’á shinnsear thall. Ba mhór é a bháidh agus a
mhuinnteardhas liom-sa mar gheall ar chomhgas fola
Gaedheal, agus ní fhágfadh sé an teach aon lá gan
teacht dam’ fhéachaint. Ba h-é an fear ba láighthe
agus ba shéimhe é dá’r casadh orm riamh.



Aon lá amháin, tar éis tamall do chaitheamh ag
labhairt liom ar an saoghal i n-Éirinn d’fhiafruigh
sé dhíom an ndéanfainn faoistin. Dubhras ná
féadfainn.



“Cia an chiall?” ar seisean.
“Mar ná fuilim i riocht rathamhail chuige,” arsa
mise.



“Ní bhíonn aoinne i riocht rathamhail an fhaid agus
bhíonn an peacadh air,” ar seisean.



“A athair,” arsa mise, “ní fiú trácht ar a bhfuil
de pheacaíbh déanta agam.”



“Dá laighead iad, a mhic,” ar sé, “b’fhearrde thú
maitheamhnas d’fhagháil ionnta. Cuireann an peaca
fonn ar dhuine imtheacht le fán an t-saoghail agus
tuilleadh peacaí do dhéanamh.”



“A athair,” arsa mise, “níl coir beartuighthe


L. 47


agam-sa le déanamh acht aon choir amháin agus
caithfead an choir sin do dhéanamh.” Tháinig mórán
iongantais air.



“A mhic mo chroidhe,” ar seisean, “tabhair t’aire,
agus ná teilg uait an cháirde thug Dia dhuit chun grás
na h-aithrighe d’iarraidh air. Má theilgir, an dóigh
leat go dtiubhraidh Sé an chaoi chéadna dhuit ar ball
tar éis coir mhór do dhéanamh?”



“A athair,” arsa mise, “tuigim go maith gurab
amhlaidh táir ar mhaithe liom agus táim buidheach díot.
Acht tuig-se, a athair, go dtugas-sa cúl ar Dhia d’fhonn
an choir do dhéanamh; agus dá bhfaghainn ór agus
saidhbhreas na cruinne agus réalta na spéire ní
thréigfinn an t-an-mhian atá orm chun an choir sin do
dhéanamh. Ní thréigfinn!”



“Mo thruagh thu; mo thruagh thu, a dhuine bhoicht!”
ar seisean. D’imthigh sé, acht tháinig sé ar ais arís
lá ar n-a bhárach.



“A Roibeáird,” ar seisean, go séimh, liom, “an
abrair do phaidreacha?”



“Paidireoireacht gan súil le leas anama níl ann
acht saobhnós. Ní féidir Dia do bhréagadh le
cluainireacht,” arsa mise.



“Tá an ceart agat, a mhic,” ar seisean. “Acht
dá n-iarrainn-se ort do phaidreacha do rádh anocht,
an eiteochthá me?”



“Ba dhoiligh liom thusa d’eiteach,” arsa mise.
Geallas dó go n-abróchainn; agus dubhras. Thagadh
sé chugham gach aon lá agus d’fhiosruigheadh díom an
ndubhras mo phaidreacha an oidhche roimhe sin agus nuair
adeirinn go ndubhras, deireidh sé, “gheobhair grás
na h-aithrighe fós, a Roibeáird.”



Chaitheadh sé tamall de ghach lá ag tafant na


L. 48


h-aithrighe orm. Bhí sé chomh séimh sin, chomh caoin
cneasta réidh ann féin agus oiread sin de bhuaidh na
foighne ann gur oscladh doras dó ná féadfadh sé
réabadh le foir-éigean.



Fuair sé an treise orm! Do nochtas mo scéal
mí-adhmharach dó agus mo mhí-rún díoghaltais. Cheapas
go mb’fhéidir dó leigint dam tar éis sin agus go
n-admhóchadh sé go raibh an ceart agam, acht is amhlaidh
gheuraigh sé ar a shéimh-thafart. Sa deire do ghéilleas.
Ní raibh dul uaidh agam. Do gheallas dó go ndéanfainn
faoistin agus go dtréigfinn an mí-rún. Ní fheaca
mé riamh a leithéid d’áthas ar aoinne agus bhí ar an
Athair Eoghar Ó H-Ir an lá úd. Duine le Dia ba
h-eadh é.



“An t-Athair Eoghan o H-Ir?” arsa mise. “An
ndubhrais an tAthair Eoghan o H-Ir?” Ní thug sé
aon fhreagra ar mo cheist. Do lean sé de’n scéal -



Do chaith sé tamall eile dam’ theagasc agus dam’
ullmhú i gcóir faoistine. Fé dheire bhí sé sásta.



“Bí i gcóir i mbárach,” ar seisean. “Cuir do
ghuidhe go cráibhtheach anocht chun na Maighdine Glór-
mhaire Muire agus iarr uirthi an mí-rún úd do chur
amach as do cheann agus as do chuimhneamh. Agus
dein-se aithris ar an Slánuightheoir, agus iarr ar
Dhia gan aon doicheallacht chroidhe do bheith ionnat acht
maitheamhnas do thabhairt dod’ námhaid.”



Nuair bhí sé imthighthe do chromas ar mhachtnamh. Bí
tuirse orm agus do shíneas tharm ar an leabain.
Bhíos lán-tsásta i m’aigne. Bhí an mí-rún scaipthe
agus ní raibh aon chathughadh orm ’n-a dhiaidh. Ní raibh
aon nídh ag déanamh tinnis dam; agus nár bh’fhearr
amhlaidh é? Bhí an dá choir, nó, mar badh chóra dham
a rádh, na trí coirthe maithte agam do Sabaistín cheana


L. 49


féin. Thuit mo chodla orm agus taidhbhrigheadh dam go
rabhas ag siubhal na sráide agus go bhfeaca mé
Sabaistín. Rugas ar dhá láimh air agus dubhras go
maithfinn dó a chionnta fé mar bhí súil le Dia agam
go maithfí mo chionnta dham féin. Acht tháinig athrú
ar m’aisling agus i n-ionad Shabaistín cad a chífinn
acht corp mo mhná agus corp mo leinbh ar a h-ucht!
Uch!



D’éirigheas de gheit; chuireas liugh buile agus
béiceach asam!



“Díoghaltas! Díoghaltas! Díoghaltas!” arsa
mise.



Do chualaidh lucht freastail mé agus do rinneadar
a ndícheall chun mé do chiúiniú acht do ritheas uatha
amach as an oisbidéal gan fhanamhain le hata do
chur orm.



Caibidiol XV.



Nuair bhíos amuigh fé’n gcathair agus an saoghal
mór corruightheach im’ thimcheall tháinig an mí-rún thar
n-ais agus do shealbhaigh mo chroidhe agus m’aigne chomh
teann daingean sin nár fhéadas gan iongna do
dhéanamh de’n mheathtacht chroidhe a bhog me chun é
thréigean. Do ghabhas le fonn lem’ chroidhe é; do leanas
go dlúth é; thugas cúl ar m’anam-charaid chaoin,
agus thugas cúl i n-ath-uair ar Dhia na Glóire.



Do thosnuigheas arís ar an lorgaireacht. Ní raibh
aon rud eile ar intinn agam. Do chuireas an saoghal
so agus an saoghal eile ar díbirt uaim agus níor
leigeas d’aon nidh teacht idir mé agus an rud a bhí
’n-a aidhm agam.


L. 50


Níor theagmhálas le comharthaíbh Shabaistín i inBuenos
Aires. Ní raibh a thuairisc ann. Pé áit a ndeachaidh
sé ní dheachaidh sé ann d’aistear luinge. D’fhéadas
an méid sin do chruthú go suidhte. Acht cá ngeobhadh
sé? Ní raghadh sé ó dheas go h-áirithe mar ná raibh
a dhóthain de’n saoghal mhór chorruightheach ann. Á, nár
chathair mhór chorruightheach Río de Ianéiro agus cathair
go raibh tarraingt mhór long uirthi leis? Río gan
amhras an chéad chathair ar chóir dham triall fé n-a
déin. Acht níor bh’fhuláir dham deabha do dhéanamh,
mar bhí leath-bhliadhain caillte cheana agam. Do
chuadhas ar bórd luinge agus do chuireas an t-aistear
fairrge dhíom ó thuaidh go cathair Río.



Do chaitheas seachtmain ag cuairtiú na dteach ósta.
Do leiginn orm seomra leabthan d’fhastú i ngach tigh
dhíobh; agus do scríbhinn “Sabaistín Cuinceanta”
sna leabhraibh aoigheachta. Nuair gheibhinn an réidhteacht
chuige do chuirinn a thuairisc, acht a thuairisc ní
bhfuaireas.



Annsin do chromas ar na cúl-sráideanna do
chuairtiú. Aon tráthnóna amháin tar éis saothair gan
toradh do chonnacas teach mór brághaid-leathan agus
“Suan-Lios Mairnéalach” ’n-a chomharthaíbh ar an
bhfár-dorus air. Do chuadhas isteach. Thainig fear
beag téagartha beathuighthe buidhe chugham agus d’fhiaf-
ruigh dhíom cad a bhí uaim.



“Seomra leabthan,” arsa mise.



D’oscail sé leabhar.



“Cad is ainm duit?”



“Breasal,” arsa mise.



“An bhfuil sloinne ort?”



“Ná bac leis an sloinneadh; ní cuimhin liom é.
Cuir síos Breasal.” Do chuir.


L. 51


“Cad is ainm dod’ luing?”



“An Sabaistín Cuinceanta.”



“Sabaistín Cuinceanta?” ar seisean. “Ná
bí ag magadh fúinn.”



“Nílim ag magadh fút,” arsa mise. “Is beag
an fonn suilt atá orm.”



“An bhfuil do long ag an gcaladh-port?”



“Tá; tháinig sí steach ó chiainibh, acht táim-se réidh
léi anocht. Beidh long eile agam i mbárach. Acht
cad é an t-amhras so tá agat ar an luing úd?”



“Níl - amhras ar bith,” ar seisean; “acht nach
ait an rud é gurb é sin an t-ainm atá ar fhear an
tighe seo?”



Do gheit mo chroidhe, acht níor leigeas aon nidh orm.



“Is ait, go deimhin,” arsa mise. “An bhfuil fear
an tighe istigh anois?”



“Níl, agus ní dócha go mbeidh go ceann a bhfad.”



“Teasbáin dam mo sheomra, má’s é do thoil é,”
arsa mise.



Do las sé dhá choinnil agus thug ceann aca dhamh-sa.
Annsin do ghabh sé suas an staidhre rómham agus do
threoraidh mé go dtí seomra leabthan ar an trímhadh
urlár suas. Ba dheas an seomra é. Dubhras go
rabhas buidheach de, agus thugas síntús airgid dó. Do
ghabh sé mórán buidheachais liom.



“Tá fáilte rómhat,” arsa mise. “Acht is é mo
mhairg gur fear bocht mé. Dá mbeadh an reidhse agam
ní ar dtaobh leis an mbeagán san do bheifá.”



“Dá laighead é,” arsa an freastalaí “dá bhfaghainn
a oiread ó gach aoinne bheinn im’ fhear saidhbhir.”



“Is bocht an dream na mairnéalaigh,” arsa mise;
“Acht is dócha go bhfuil tuarastal maith annso agat.”



“Mo chreach!” ar seisean. “Tuarastal, arsa


L. 52


tusa; ní tuarastal go dtí é! Rith mo bhéil de’n
fhuigheallach agus de’n bhrúscar agus beagán déirce
ó aoighibh.”



“Agus cread fáth ná téighir go dtí teach ósta éigin
eile, mar sin?” arsa mise.



“Fáth, go bhfuilim annso ó bhíos im’ leanbh,” ar
seisean. “Táim oiread sin i dtaithighe leis an áit
nár mhaith liom cúl do thabhairt air anois.”



“Dhe, nach cuma dhuit,” arsa mise, “acht dul go
tigh éigin eile agus bail níos fearr do chur ort féin.”
Do dhruid sé chugham i leith agus do rinne cogar liom.



“Bhí tnúth agam go dtí le déidheanaighe,” ar seisean,
“le cleamhnas do dhéanamh le bean an tighe seo
agus is é sin do chongbhaidh annso mé. Go deimhin, bhí
sí féin toilteannach leis. Badh mhór an áise dhamh-sa
teach ósta do bheith agam seachas bheith ag braith ar
dhaoinibh eile.”



“Agus cia an chiall nár pósadh sibh, mar sin?”
arsa mise.



“Diabhal damanta de Spáineach do theacht annso
buailte le leath-bhliadháin ó shoin agus bréagghail do chur
uirthi. Do thréig sí mise agus do ghabh le Cuinceanta.
Tá sé aici anois agus b’fhearr léi uaithi é. Acht cogar,”
ar sé, “is é an Cuinceanta céadna sin an madra
is mustaraighe d’ár casadh orm riamh. Bíonn sé
’n-a dhuine uasal le saoithibh agus ’n-a ropaire
cruadhalach droch-mhúinte le bochtaibh. An bhfuil a fhios
agat gur bhuail sé mise aréir? Do bhuail, a mhic ó!
Acht ní raibh mo scian agam. Dá mbeadh -. Acht
fan go mbuailidh sé arís mé-. Díoghaltas; dearg-
dhíoghaltas!”



“Ní ceart duit bheith ag tnúth le díoghaltas,” arsa
mise, - ar eagla go mbainfeadh sé tosach díom féin.


L. 53


“Ceart!” ar seisean. “Ceart, an eadh? Díom-
báidh ort a amadáin! Ceart! Níl cuimhneamh agam-
sa ar cheart ná ar chóir, acht a cheart de’n sciain do
thabhairt do’n bhitheamhnach úd.”



Bhí fearg mhór air. Do shiubhail sé go dorus agus
d’fan tamall ag éisteacht. Annsin d’iompuigh sé
chugham.



“Ar mhaith leat a chraobh choscair d’fheicsint?”
ar seisean.



“Badh mhaith,” arsa mise.



“Lean mé, mar sin,” ar seisean.



Do ghabhamar síos an staidhre. Do stad sé os comhair
dorais ar an dara lochta. D’oscail se an doras
go h-aireach; agus do chuaidh isteach.



“Labhair go réidh a’s glaoidh go h-íseal,



Bás ar do bhéal, is baoghal bheith cainnteach,”
ar seisean.



D’árduigh sé an choinneal ós a chionn.



“Féach air sin,” ar seisean. “Féach air!”



D’féachas. Do leath mo shúile orm. Cad bheadh
ann, an dóigh leat? Croiceann plaite! Croiceann
mo phlaite féin, a dhuine, ar crocadh ar an mballa
ós mo chómhair! Tháinig tocht feirge agus seirbhthin
im’ scórnaigh.



“Iongantas atá ort, an eadh?” arsa an freas-
talaí. “Ná bíodh, mhaise. Dá mbadh aithnid duit é
siúd ní bheadh iongantas ort. Ní raibh aon draghan
air bás millteach d’imirt ar dhuine nuair bhí tnúth
aige le díoghaltas …”



“Cé h-é?” arsa mise.



“Cé h-é?” ar seisean. “Cé h-é acht Cuinceanta;
cé eile dhéanfadh a leithéid? Cuinceanta, gan amhras,
do chuir chun báis an té a mba leis an pláitín sin


L. 54


agus do scúmhaidh pláitín a chinn de le corp millteachta
agus fuatha agus díoghaltais. An ropaire gránna
droch-bheartach! Éist! Tá sé ag teacht isteach.
Rith leat suas agus bíodh bás ar do bhéal agat.
Cuimhnigh air sin; bás ar do bhéal.”



D’imthigh an giolla síos an staidhre; thógas fhéin
an pláitín agus do chuireas im’ phóca é. Do mhúchas an
solus.



CAIBIDIOL XVI.



D’fhéachas síos an staidhre agus do chonnacas riocht
fir. Do dhruideas isteach sa tseomra. Ní raibh léas
soluis ann ná ar an staidhre acht oiread. Tháinig
an fear aníos, acht do ghabh sé suas an staidhre thar
dhoras an tseomra.



Níor chian go dtáinig fear eile isteach. Chuaidh sé
sin, leis, suas tharm. Tháinig an trímhadh fear agus
an ceathramhadh agus an cúigmhadh fear aníos, agus
do ghabhadar go léir tharm suas. Fé dheire do chualaid
mé coiscéim éadtrom chugham. Bean, gan amhras,
arsa mise, liom féin, agus do theicheas suas chun mo
sheomra féin. Do chuaidh an bhean isteach sa seomra
as ar theicheas-sa agus do dhún an doras ’n-a diaidh.



Do ghabhas ionad ag giall mo dhorais ag faire
síos agus ag fuireach ar mo námhaid. Is dócha gur
chaitheas trí uaire a chluig ann; agus bhí fir ag teacht
agus ag imtheacht i gcaitheamh na h-aimsire sin, ’n-a
nduine anois agus arís ag síor-dhóirseoireacht isteach
agus amach. Fé dheire do chuala eochair d’á casadh i
nglas an dorais tosaigh. Tháinig fear isteach. Tháinig


L. 55


sé aníos an staidhre, acht níor bh’fhéidir liom é
d’aithniú, ceal soluis. Á, sin é isteach sa seomra
’n-a bhfuil an bhean é! Tá solus an tseomra ar a
éadan. Sabaistín! An feallaire claon, bhí sé agam
fé dheire, agus ní raibh dul uaim aige. Acht bhí an
doras dúnta aige sul ar chuimhnigheas ar an ngníomh
do chur i bhfeidhm. Acht pé ar domhan é ní fhéadfainn
an bitheamhnach do chur chun báis ós cómhair a mhná.
Badh lag liom é sin mar bheart. Dar ndóigh gheobhainn
faill ar ball chun an cúntas mór do shocrú agus an
fiach práidhineach do dhíol air. Gheobhainn, gan amhras.
Chuirfinn piléar - agus ní aon phíléar amháin acht …
acht fan; táid siad ag cainnt.



Sabaistín: Cá bhfuil an chraobh choscair?



An bhean: Ca bfios damh-sa cá bhfuil sé; ní orm-sa
tá a chúram.



Sabaistín: Ar chaithis amach é?



An bhean: Níor chaitheas. Agus tóg do chaoraidheacht
díom. Ní raibh aon bhaint agam léis. M’fhuath é. Uch!



Sabaistín: Minic adubhrais go gcaithfeá amach é.



Cá bhfuil an t-ioscadachán úd Migéul?



D’oscail sé an doras agus do chuir gáir ar Mhigéul.
Do chuir Migéul uaill fhreagartha as ó íochtar an tighe.
Do dhún Sabaistín an doras, agus do thosnuigh an
giolla ar an staidhre do chur de aníos, agus é ag
cnáimhseáil ar a dhicheall.



“Is fada an foighneamh agam leis é,” ar seisean,
fé n-a fhiaclaibh; “acht dar chnámha na mairtír má’s
droch-fhuadar atá fé anocht - is droch-fhuadar atá
fúm-sa, leis.”



Do chuaidh an giolla isteach sa seomra. D’fhág sé
an doras ar leathadh ’n-a dhiaidh. Seo í an chainnt do
chualaidh mise.


L. 56


Sabaistín: Cá bhfuil an pláitín a bhí ar crochadh
ar an mballa annsúd thall?



Migéul: Ní fheadar-sa cá bhfuil sé, agus is cuma
liom.



Sabaistín: Ar thógais é, nó an eol duit aoinne
eile d’á thógaint?



Migéul: Ní h-eol dam aon nidh.



Sabaistín: Tabhair chugham aníos leabhar na
n-aoighe.



D’imthigh Migéul síos agus tháinig aníos arís agus
thug an leabhar do Shabaistín. D’imthigh sé síos arís.



Níor labhradh focal go ceann leath-uaire. Annsin
do ghoir Sabaistín chuige an giolla arís. Tháinig sé
aníos an staidhre agus fearg an-mhór air.



“Ní cheapann sé go bhfuil aon rud le déanamh againn
acht bheith ag friothálamh air,” ar seisean. “Go
mbeiridh an donas leis é féin agus an pláitín salach.”
Do chuaidh sé isteach sa seomra.



Sabaistín: Cá bhfuil an fear so? An
Breasal so?



Migéul: Ca b’fhios damh-sa cá bhfuil sé?



Sabaistín: An bhfuil sé istigh nó amuigh?



Migéul: An amhlaidh cheapann tú ná fuil de chúram
orm-sa acht bheith ag faire ar aoighibh an tighe seo
féachaint an istigh nó amuigh bheidís.



Sabaistín: A chinn-fheircín bhlonoige, ná labhair
mar sin liom nó bainfead-sa an choirt ded’ shróin
duit.



Migéul: Agus an croiceann de phlaosc mo chinn,
leis.



Ní fios dam go cruinn cad a thárla eatortha annsin
acht do chuala buille d’á bhualadh agus fear ag tuitim,
agus chualaidh mé an bhean ag glaodhach ar chongnamh


L. 57


réidhtigh. Annsin do chonnacas an bheirt fhear, agus
iad i ngreamannaibh teanna cruadha a chéile ag teacht
amach an doras agus ag dul treasna an staidhre
anonn go balla, agus anall agus anonn; do
chonnacas scian i láimh an ghiolla agus é d’iarraidh
í chur i gcroidhe Shabaistín agus Sabaistín a d’iarraidh
an scian do chur de. Dá gcaithinn lem’ námhaid ca
b’fhios dam ná go mbuailfinn Migéul, agus dá bhíthin
sin d’fhanas go socair liom fhéin. Bhí cómhrac cródha
láidir d’á dhéanamh ag Migéul, rud nár bhraitheas
ar a dhealbh agus ar a dhéanamh. Acht dob óige Sabaistín
ná é agus ba ghlice é, san imreasgáil. Thug sé cor
coise do Mhigéul agus do thuiteadar araon i ndiaidh
cinn síos an staidhre. Chuadar go bun an staidhre
ag ionntódh thar a chéile. Annsin do chuir duine aca
scread uathbhásach péine as. Do ritheas síos chómh
tapaidh agus dob’ fhéidir liom é, acht ní rabhas acht
leath-slighe síos nuair chuala an doras tosaigh d’á
dhúnadh de phléasc fé mar bheadh duine ag teicheadh ar
eagla tóra. Tháinig triúr fear anuas an staidhre
agus coinnle ar lasadh aca. Tháinig bean anuas
’n-a ndiaidh agus scannradh uirthi. Chonnacamar
corp ’n-a luighe ag bun an staidhre agus scian go
feirc ’n-a chroidhe. Ba h-é corp Mhigéil é!



Agus bhí mo námhaid imthighthe uaim-se!



Bhíos díreach ar tí é leanamhaint an uair do chuir
an bhean scréach éachtach scannartha aisti agus do
thuit le taobh an chuirp. Ní fios dam ar cailleadh
leis an scannradh í nó nár cailleadh, mar níor fhanas
ní ba shia.


L. 58


CAIBIDIOL XVII.



D’iompuidheas uatha ar luas le méid mo dhíombádh
agus do leanas Sabaistín agus is mé bhí go searbh
díom féin. Do chaitheas an oidhche le sealgaireacht
sráide ag breathnú aighthe acht mac samhail do Shabaistín
níor thárla liom. Do chuadhas síos chun an chaladh-
phuirt agus do bhreathnuigheas na longa, acht ní bhfuaireas
a thuairisc.



Ar n-oscailt na siopaí ar maidin chuadhas isteach
i siopa bidh agus do ghlaodhas chupán caife agus
greim aráin. Tugadh dam iad. Ní fheadar an mbeadh
sé de dhánuidheacht ann teacht isteach - ’n-a leithéid seo
d’áit? arsa mise im’ aigne féin. Acht ba bhaoth an
smaoineamh é sin, dar liom. Bheadh fuath an phobuil
air, dar ndóigh, agus is amhlaidh cheannóchadh sé bairghin
aráin agus d’íosadh as a phóca é. Tháinig a lán daoine
isteach diaidh i ndiaidh agus do shuidheadar chun búird.
Thugas súil ghéar ar ghach uile dhuine aca. Fé dheire,
nuair bhíos réidh, do labhras le freastalaí.



“An mbeidh aon long ag dul ó thuaidh ó Río indiu?”
arsa mise.



“Beidh,” ar sé, “An Réaltan ar a h-aondéag,
ag dul go Pará.”



Bhíos díreach ar tí dhul agus an t-éileamh do dhíol -
nuair chonnacas é! Tháinig sé isteach agus do shuidh
ar m’aghaidh ag an mbórd. Ba dheacair dam géilleadh
do radharc mo shúl féin. Acht b’shin é é gan amhras.
Níor ghlacas uamhan ná meathtacht, sceon ná scáth-
mhaireacht mar gheall ar an ngníomh a bhí le déanamh.
Do láimhsigheas mo mhion-ghunna acht ní fhéadfainn gan


L. 59


labhairt leis sul a mhairbheochainn é agus a dhroch
ghníomhartha do chasadh leis.



“Is ádhmharach an teacht agat é,” arsa mise.



“An amhlaidh tá an tiomhaltas ar fheabhas?” ar
seisean. Do bhain glór a bhéil preab asam. Níor
bh’é glór mo námhad é. D’fhéachamar ar a chéile agus
ba léir dam nár aithin sé mé. Á, súil riabhach a bhí
aige: súil donn a bhí ag Sabaistín; annsin thugas
fé ndeara go raibh sé seacht n-órlach ní ba théagraighe
ná Sabaistín: agus go deimhin ba mhór an fhaillighe
dham gan é sin a thabhairt fé nedara ar dtúis; agus
’n-a theannta sin arís bhí an fear so crom-shlinneánach.
Cad a bhí orm i n-aon chur? Acht go deimhin b’iongantach
ar fad an chosmhulacht a bhí aige le Sabaistín. Acht
níor bh’é é.



“Iarraim maitheamhnas ort, a dhuine uasail,”
arsa mise.



“Tá fáilte rómhat, a dhuine chóir,” ar seisean.
“Cheapais gur casadh ar a chéile cheana sinn, acht ní
dóigh liom gur casadh. Is minic an dearmhad céadna
’á dhéanamh agam féin.”



“Ní cuimhin liom an dearmhad céadna do dhéanamh
riamh roimhe seo,” arsa mise.



“Féac air sin, anois!” ar seisean. “Nach géar
chúiseach an duine thu. Acht maran droch-mhúineamh a
fhiafruidhe dhíot cad is ainm dom’ leath-chúplá?”



“Cuinceanta: Sabaistín Cuinceanta,” arsa mise.



“Cuinceanta?” ar seisean, agus chuir sé seasamh
’n-a shúilibh le neart iongantais mar ba h-eadh. Do
chlaon sé a cheann chugham anall.



“Cogar i leith,” ar sé. “Nach é sin an fear a
bhfuiltear ar a thóir mar gheall ar fear do mharbhú
aréir?”


L. 60


“Is dócha gurb’ é” arsa mise.



“Is olc an bhail orm-sa mo chosmhulacht leis, mar
sin” ar seisean. “B’fhéidir gurb’ amhlaidh bheifí
ar mo thóir-se mar gheall air.”



Le linn na cainnte sin thugas fé ndeara garsún
do bheith ag teacht ’n-ár dtreo. Do sheasaidh sé fhaid
agus bheifá ag bagairt do shúile, leathstiar de chathaoir
mo chómharsan. Annsin d’éirigh beirt fhear ó bhórd
eile agus thángadar anall. Do ghabhadar ionad ar
dheis agus ar chlé. Do labhair duine aca.



“A Shabaistín Cuinceanta,” ar seisean, “tá
coir d’á chur id’leith; sé sin, go ndearnais Migéul
Calúra do dhúnmharbhú go fealltach aréir; agus
cuirimíd dod’ ghabháil thu.”



Níor labhair an fear focal acht a dhá láimh do
shíneadh chucha. Do chuireadar geimheal ortha; agus
do shiubhail an triúr fear síos an tsráid. Do shiubhlas
féin ’n-a ndiaidh. Níor bh’ fhéidir liom an scéal so
thuigsint i n-aon chor. Sa tsiubhal dam, cé chífinn acht
an garsún do rinne an fhíseoireacht, agus do leanas é.



Do chaith sé tamall maith ag righneáil, ag breathnú
so, súd, agus ag aighneas le garsún eile a casadh sa
slighe air. Fé dheire do dhírigh sé ar shiubhal go raon-
díreach, mear. Thug sé aghaidh ar an gcaladh-phort
agus do chuaidh ar bórd “An Réaltan.” I gceann
cúig nóimeat tháinig sé i dtír arís agus beartán fé
n-a oscaill aige. Annsin do shiubhail sé míle go leith
sráide agus do chuaidh isteach i siopa. D’fhéachas ar an
bhfár-dorus -



“47 Alphons Hualpa: Bréig-riochtóir 47”



Do chuadhas isteach.



“Bréig-riocht, a dhuine uasail?” arsa fear liom.



“Bréig-riocht agus dathughchán,” arsa mise.


L. 61


“Créad é an dreach ab áil leat, a dhuine uasail?
Cia aca b’fhearr leat bheith id’ Spáineach, nó id’
Phuncánach, nó id’ Shasanach, nó id’ Fhrancach …”



“Dein Francach díom,” arsa mise.



Bhí féasóg thiugh dhubh orm agus leig sé deich nó dó
dheag scor de’n deimheas tríthi. Do chrom sé ar m’aghaidh
do smearadh le dath. Tharraing sé an dual fé bhun
mo shúl, thar m’éadan agus thar mo mhalainn; do
chuimil sé dem’ fhabhraibh é, dem’ shróin, dem’ bhéal
íochtair agus dem’ bhéal uachtair.



“Ar mhaith leat gruaig do chur ort?” ar sé.



“Badh mhaith,” arsa mise.



Ní raibh sé cúig nóimeat ag cur gruaige orm.



“Éirigh anois agus féach sa scáthán,” ar seisean.



Do dhearcas sa scáthán. Go deimhin agus go dearbhtha
níor aithnigheas me féin.



“Tá do cheárd go maith agat,” arsa mise.



“Tusa an trímhadh fear ar ar chuireas bréig-riocht
indiú,” ar seisean. “An bheirt eile bhí annso rómhat
sé theastaigh uatha acht a ndá dhreach do mhalartú
d’á chéile. Cad deirir leis sin?”



Ní raibh aon rud agam le rádh ’n-a thaobh mar do
bhain sé preab mhór asam. D’íocas é ar son a
shaothair agus do ghabhas amach.



CAIBIDIOL XVIII.



Do chromas ar mhachtnamh. Do bhí dreach Shabaistín
ar an bhfear do gabhadh. Bhí dreach nadúrtha an fhir
sin ar Shabaistín - gan amhras ar domhan; agus


L. 62


déanadh an malartughadh dreach i gcaoi agus go
bhféadfadh Sabaistín éalóghadh as an gcathair i riocht
an fhir eile, agus do réir deallraimh, i bhfeighil ghnótha
an fhir eile, leis. Muna mbeadh gurab amhlaidh bhí,
dhéanfadh sé an gnó do Shabaistín a riocht féin d’athrú.
Cuirfí na síothmhaoir de lorg Shabaistín le gabháil
an fhir eile; agus ní bheadh le déanamh aige sin acht
a aghaidh do nighe i gceann lae nó dhó agus chaithfí é
scaoileadh. Acht cia ar bh’ é an fear eile? Fear
taistil, gan amhras. Á, do chuimhnigheas ar thurus
an gharsúin chun na luinge. Bhí sé réidhtighthe agam
fá dheire!



Chuadhas síos chun an chaladh-phuirt agus cheannuigheas
tuicéad chun dul go Pará. Do ghabhas ar bórd “An
Réaltan” agus do ghlacas m’ionad cóir imeasc mo
chómh-thaistealaidhthe.



Do chuireas gach uile dhuine aca - go fiú na mban -
fé ghéar-bhreathnú, acht a shamhail ní raibh ortha.



Thugas m’aire annsin ar lucht fheadhma na luinge
agus cé go raibh duine nó dhó d’á thoirt agus d’á aoirde
ortha ní raibh duine d’á shamhail ortha. Dubhras liom
féin seacht n-uaire agus seacht n-uaire fó seacht ná
féadfaí bréig-riocht do chur air a cheilfeadh a shnuadh
orm. Má bhí aon rud ar saoghal d’á bhféadfainn bheith
lán-tsuidhte, b’é sin go raibh Sabaistín ar bórd
agus go raibh sé ar fhuirinn na luinge. Acht níor
bh’ fhéidir liom é aimsiú. Bhí sé fé dhraoidheacht.



Do chaitheamar seacht lá ag dul go Pará. An
seachtmhadh lá - agus “An Réaltan” ag déanamh
isteach ar bhéal an chuain-do chonnacas an biadhtach
ag dul isteach ’n-a bhoith. Tháinig smaoineamh im’
cheann, agus do leanas é.



“An bhféadfá a innsint dam, má’s é do thoil é,”


L. 63


arsa mise, “an bhfuil fear darab ainm Sabaistín
Cuinceanta ar bórd agat?”



“D’fhéadfainn gan amhras” ar seisean. “Suidh
síos.”



Do shuidheas. Do chongbhaidh sé a aghaidh iompuighthe
uaim ’agus d’oscail sé leabhar. Tharraing sé barr
a mhéire síos ar fhaid an leabhair.



“Níl,” ar seisean. Agus annsin, fé mar bheadh
ath-smaoineamh ’á dhéanamh aige dubhairt -



“Sabaistín Cuinceanta? Is dóigh liom gur airigheas
an t-ainm sin cheana. Fan. Dar ndóigh, d’airigheas.
Nach é sin an fear do mhairbh an fear?”



“Is é,” arsa mise.



“Agus is dóigh liom go gcualaidh mé an mhaidean a
d’fhágamar Río gur gabhadh é,” ar sé.



“Níor gabhadh,” arsa mise.



“Á, nár gabhadh? Mór an truagh sin. Is dócha
go bhfuilir-se ar a thóir,” ar seisean, agus iar n-a
rádh sin dó d’oscail sé coifrín agus do thóg amach as
tuairgín gairid teann trom.



“Créad é sin, led thoil?” arsa mise.



“Ná fuil fhios agat cad le n-aghaidh é sin?” ar
seisean, agus do chrom sé ar an smaichtín do lúbadh.



“Níl,” arsa mise.



“É seo,” ar seisean, agus do chuir sé brigh an
fhreagra i n-iúl dam le buille éachtach de’n smaichtín
sa leath-cheann. Is tapa chuir sé suan orm. Go deimhin,
is dócha gur shíl sé go rabhas marbh, mar do strac sé
leis mé isteach i gcúil-tseomra agus d’fág annsin
mé go faon lag, sínte ar an urlár. Acht ba chruadha
mo phlaosc-sa ná mar cheap an bitheamhnach biadhtaigh
agus do dhúisigheas as an néall i gceann tamaill.
Bhí dubhdán im’ cheann agus do mhothuigheas me féin


L. 64


go lag. D’fhanas im’ shuidhe ar an urlár nó go
dtáinig mo neart ar ais ionam. Annsin thugas
iarracht ar an doras d’oscailt, acht bhí sé daingnighthe.
Do bhuaileas an dorus agus do bhéiceas acht ní bhfuaireas
freagra. Thugas seacht n-iarracht ar an doras do
bhaint d’á dhaingnibh acht do theip orm.



Scoilt de sheoimrín chumhang dhorcha bhí ann, gan
acht aon fhuinneoigín amháin air agus í sin dúnta chómh
dlúth sin nár bh’fhéidir liom í oscailt. Nuair bhíos
trí uaire a chluig ann bhíos dom’ mhúchadh ceal aeir.
Níor bh’fuláir an fhuinneog do bhriseadh. Do bhuaileas
í le ceap mo mhion-ghunna agus thuit an ghloine amach
ar urlár na luinge. Tháinig fear éigin chun na
fuinneoige agus d’fhéach isteach.



“Oscail an doras, má’s é do thoil é,” arsa mise leis.



“Cad a chongbhaidh annsin thu go dtí seo?” ar sé.



“Mo chodla do thuitim orm,” arsa mise.



“Níl na h-eochracha againn,” ar seisean, “agus
ní féidir fóirithin do dhéanamh ort go dtagaidh an
biadhtach nua ar bórd.”



“An biadhtach nua?” arsa mise. “Cad a bhain
do’n bhiadhtach eile.”



“Ó, tá Bairtliméad imthighthe,” ar seisean.
“Chomh luath agus feistigheadh an long cois phuirt d’iarr
sé a thuarastal agus d’imthigh. Tá na h-eochracha
ag an biadhtach nua. Do chonnac féin an cómh-luing
seoir ghá dtabhairt dó. Tá sé sa chathair fé láthair
acht ní dóigh liom go mbeidh sé a bhfad. Bíodh an fhoighne
agat go fóil.”


L. 65


CAIBIDIOL XIX.



Bhí sé ’n-a oidhche dorcha an uair tháinig an biadhtach
ar bórd. Do chuala é ag oscailt dorais an tseomra
tosaigh. Dho bhuaileas ar mo dhoras. D’oscail sé é.



“Cad a bhain duit?” ar seisean.



“Codla do thuitim orm,” arsa mise.



Do las sé solus agus d’fhéachamar ar a chéile.
Do chuadhas-sa i ndiaidh mo chúil go tapa uaidh.



Bhí Migéul, an fear do marbhuigheadh, ’n-a sheasamh
im’ láthair. Nó a shamhail, ceachtar aca.



“An tú Migéul?” arsa mise. Do chrom sé ar
gháirí.



“Ní mé,” ar seisean, “is mé Manoel, leath-chúpla
do Mhigéul.”



“An fada ó chualaidh tú scéala uaidh?” arsa
mise.



“Ráithe,” ar seisean.



“Ní h-eol duit, mar sin, go bhfuil do dhearbhráthair
marbh,” arsa mise.



“Marbh!” ar seisean agus scannradh ’n-a ghnúis.



“Marbh? Migéul marbh? Ná h-abair liom, a dhuine,
go bhfuil dearbhráithrín mo chroidhe marbh. Ó bhó, cad
deir tú?”



“Tá Migéul Calúra marbh,” arsa mise. “Déanadh
dúnmharbhadh air agus do chonnacas féin ’á mharbhú é.”
Do chrom Manoel ar lógóireacht ar nós leinbh.



“Eist do bhéal go fóil agus leig dam an scéal
d’innsint duit,” arsa mise.



Do dhún sé an doras agus do shuidh síos lem’ ais.
D’inniseas an scéal go cruinn beacht dó. Do thosnuigh


L. 66


sé ar an lógóireacht arís agus do ghread a bhasa agus
do stoth an ghruaig d’á cheann fé mar bheadh sé as a
chéill; gan de phort aige acht “mo leath-chúpla bocht
dílis,” agus “dearbhráithrín mo chroidhe,” agus
“Cad a dhéanfad ’n-a dhiaidh i n-aon chor, i n-aon chor,”
i gcaoi agus go raibh sé dam chor le n-a leamh-chaoineadh.



“Stad,” arsa mise; “i n-ainm Chruim, stad
de’n phuthghail sin agus ná bí a’m chrádhadh le caoineadh
gan chéill. Múscail do mheanma, a dhuine, agus
cuimhnigh ar leigheas éigin eile ar an scéal seachas
an séideán so gan éifeacht.”



Do phreab Manoel ’n-a sheasamh agus tharraing
scian as a phóca agus do léim anonn agus anall
agus an scian á drantú aige ar shamhail a námhad.



“Óch ó! mo dhearbhráithrín agus mo leath-chúpla féin!
Mo Mhigéul milis mín macánta nár ghrádhaigh an
saoghal ná neithe an tsaoghail ná duine ar bith acht
mise, Manoel, a chroidhe!”



“Scéal cráidhte ort, agus éirigh as!” arsa mise.



“Ó bhó, bhó! mo léan guirt! Acht-dar chnámha
na mairtír, dar a bhfuil naomhtha agus damanta,
acht ná déanfad stad ná stoanadh choidhche ná go bráth
nó go ndéanad íodhbairt chuirp an dúnmharbhthóra i
ndíoghal báis mo dhearbh-dhearbh-bhráthar!”



“Ciúinigh ort féin, a Mhanoel,” arsa mise. “An
biadhtach a bhí ar an luing seo rómhat-sa an fear a
mhairbh Migéul.”



Thug an chainnt sin ar a mheabhair é.



“Cad deir tu? Cad deir tu?” ar seisean.
“An é Bairtliméad adeirir do mhairbh é?”



“Ná dubhras leat ó chiainibh gurbh’ é Cuinceanta
do mhairbh é? Agus is é Cuinceanta an biadhtach do
bhí ar an luing seo ag teacht ó Río.”


L. 67


“Á, seadh, seadh; tuigim an scéal anois,” arsa
Manoel. “Agus tá Cuinceanta ar a theicheadh uaim
anois agus ní fios cá bhfaighfear é. Acht caithfear é
fhagháil. Caithfear; agus é mharbhú!”



“An amhlaidh atá fonn ort dul ar a lorg?”
arsa mise.



“Gan amhras ar domhan; láithreach bonn,” ar
seisean.



“Éist liom-sa ar dtúis go n-innisead scéal duit,”
arsa mise. Agus d’inniseas mo scéal féin dó. Nuair
chríochnuigheas é d’fhiafruigheas cia de’n bheirt againn
ar mhó cúis chun Shabaistín.



“Tusa is mó cúis chuige acht mise is mó olc chuige,”
ar seisean. “Ní fhéadfainn an socrú d’fhágaint
fút-sa ar eagla go dteipfeadh ort. Rachad-sa leat.”



“Triallaimís mar sin,” arsa mise; “tá an
iomarca aimsire caillte cheana againn.”



“Go réidh, a bhráthair,” arsa Manoel. “Tá mo
chiall ag teacht chugham arís. Cuardaighmís an áit seo.”



Bhí casóg ar cróchadh ar an mballa. Bhí a fhios
agam nár bh’í casóg Shabaistín í mar bhí sí ro-
fhairsing dó. Fuaireamar litir i bpóca na casóige.
Ní raibh inte acht beagáinín acht bhí moran éifeachta
sa bheagán. Seo í an litir. Do choimeádas go
cúramach í.



Do tharraing sé sparán as a phóca agus do shín
chugham é. Bhí an litir go cúramach sa sparán. Seo
a raibh inte:



“Comhar - gan teip.
Fiche fá dhó agus deich acht trí,
Cuir ar an ndeis é cuir ar an gclí:
Má tá bréag ann dar ndóigh bíodh -
Acht bí-se féin ann i gcómhair a naoi.”


L. 68


Seadh, arsa Roibeárd, ag leanamhaint de’n scéal
dó, ní raibh de mhíniú ar an dtómhas sin acht aoin
mhíniú amháin. B’fhuiris damh-sa é mhíniú agus fois
fátha an scéil agam.



Bhí cómhar éigin ag Sabaistín ar Bhairtliméad;
agus bhí ionad coinne d’á dhéanamh aige leis chun go
ndíolfadh sé an cómhar sin; agus ba h-é an t-ionad é
acht teach an bhréig-riochtóra, agus an uain a naoi a chlog.



Ba dheimhiniú ar fhírinne a raibh ceaptha agam an
litir sin. Níor fhág sé aon amhras orm ná gur bh’é
Sabaistín an biadhtach a thug buille na tubaiste dam
ar bórd na luinge, agus go rabhas ar cheart-lorg mo
námhad go dtí sin.



Níor bh’aon mhaitheas bheith ag suathadh an scéil a
thuilleadh acht tabhairt fé’n lorgaireacht gan mhoill.
Acht ní bheadh Manoel sásta gan tuilleadh faghair-
seála do dhéanamh. Do chuadhmar isteach sa chúil-
tseomra. Bhí ceirteacha agus neithe éagsamhla ann.
Ní raibh aon rud eile ann ar bh’fiú áireamh; acht amháin
ná raibh Manoel sásta gan tolgán adhmaid d’oscailt.
Bhí tairngí sa bhfailceann agus é greamaidhthe chomh
dlúth sin nár bh’fhéidir leis é bhogadh. Fuaireas féin
sean-tuagh mheirgeach i gcúil agus thugas dó í. D’éirigh
leis an tolgán d’oscailt léi. Ní raibh leath-istigh
acht smután teagartha adhmuid. Thóg sé suas é, agus
is ar éigin d’fhéad sé é thógaint bhí sé chomh trom sin.
Do chrom sé ar an adhmud do bhualadh le cúl na tuaighe.



A thiarcais! do thuit an smután as a chéile ’n-a
dhá leath agus do scéitheadh píosaí óir amach ar an
urlár! Bhí dhá chéad píosa ann.



Is amhlaidh bhí cuachadh déanta ar an smután ceann
ar n-aghaidh chun an t-ór do chur i dtaisce ann.


L. 69


CAIBIDIOL XX.



Do bhailigheamar chughainn an t-ór ar deithineas
agus d’imthigheamar fé’n gcathair. D’fhiosruigheamar
eolus i dtaobh long agus traenach agus fuaireamar
amach go ndeachaidh long an lá céadna go Atlanta
ar a h-aon a chlog. Ar a dódhéag do shroich “An
Réaltan” an caladh-phort.



“Tá sé imthighthe go Atlanta,” arsa Manoel.



“Is baoghalach go bhfuil,” arsa mise; “agus ní
bheidh long eile ag dul ann go ceann seachtmhaine.”



“B’fhéidir go raibh scáth air roimh aistear fairge
eile,” arsa Manoel.



“Ní fheadar ar thalamh,” arsa mise; “acht tá
rud eile sa scéal. Tá aithne aige ar mhórán daoine
sa chathair seo agus b’fhéidir go bhfuil cuairt d’á
thabhairt aige ortha.”



“Níl, go deimhin,” arsa Manoel. “Tá a fhios
ag gach n-aon go bhfuiltear ar a tóir. Pé áit a bhfuil
sé tá sé fé cheilt.”



Do shocruigheamar ar fhanamhain i bPará go dtí
go mbeadh an chéad long eile ag dul go Atlanta. Acht
níor fhanamar díomhaoin.



Do chuardaigheamar cathair Phará ó bhun go barr
acht ní fheacamar aoinne d’á shamhail. Do chaitheamar
sé lá le saothar folamh.



Tráthnóna déidheanach an sémhadh lae agus ar meanma
traochta tré easba toraidh, do chuadhmar isteach i
dtig ósta breágh leathan solusmhar chun blúire bidh do
chaitheamh agus ár scíth do leigint go ceann tamaill.
Nuair bhíomar réidh do chuadhmar go seomra an ionnlaidh.


L. 70


D’fhéachas féin i scáthán agus thugas fé ndeara go
rabhas fé’n mbréig-riocht, agus dubhras le Manoel
go mbadh mhian liom m’aghaidh do nighe, acht ní leigfeadh
sé dham é.



“Is dearbhtha go bhfuil an bitheamhnach úd féin daithte
as an nua,” ar seisean. “Agus bíodh ’n-ár gcuimhne
againn ná beidh aon bhall d’á chorp so-aitheanta dhúinn
acht a shúile amháin. Ní féidir le duine iad sin do
chur fé cheilt.”



Ar dteacht amach as an seomra sin dúinn do
chualamar giolla ag fógairt chluichí.



“Tá togha agus rogha gach cluiche thuas. Suas an
staidhre libh, a dhaoine uaisle. Togha gach cluiche;
imirt a’s aoibhneas. Buailidh suas, a dhaoine uaisle.”
Do bhuaileamar. Bhí seomra mór fairsing thuas,
soillse ar sileadh ó fraigh, agus tuairim agus caogad
bórd agus cluiche fá leith ar gach bórd díobh; fir ag
imirt agus fir ag seasamh ’n-a dtimcheall agus gill
d’a gcur aca. Rinneamar-ne mór-chuairt an tighe
i gcéadóir; do bhreathnuigheamar aighthe agus níor
bhacamar leis an imirt. Bhí a mhalairt de chúram
orainn. Ní fhéacamar é.



Annsin thosnuigheamar ar mór-chuairt eile do
dhéanamh chun éisteacht leis an gcainnt a bhí ar siubhal.
Do stadamar tamall maith ag roithleoig an scuaibín,
áit a raibh na gill d’á gcur go tiugh agus go tábhachtach.
Bhí ór ’á chaitheamh ’n-a charnáin ar an mbórd, an roith-
leog á casadh, agus fíor-bheagán d’á rádh; intinn
agus meanma cinn na bhfear gabhtha le draoidheacht
imeartha. Cad deir tu nár ghabh an draoidheacht sin
Manoel!



“Badh mhaith liom geall-aon gheall amháin-do
chur annso,” ar seisean.


L. 71


“Cuimhnigh ar do mhóid,” arsa mise.



“Aon gheall amháin-aon gheall amháin!” ar seisean.



Thugas fé ndeara go gcasadh gach cearrbhach an roth
do réir mar thagadh an casadh ar a chor, agus gur ar
deiseal do thriall ceart a chasta. Dob é fear casta
an rotha fear an bhúird agus is leis sin do cuirtí na
gill.



Bhí fear caol árd ’n-a sheasamh le n-ár n-ais.
Bhí sé chómh árd le Sabaistín acht bhí dronn thiar idir
a dhá shlinneán air. Bhí lasadh ’n-a aghaidh, leis, agus
croimbéal liath ar a bhéal uachtair. Tháinig an fheacht
chuige. Caitheadh an t-ór ar gach dath acht amháin an
dearg.



“Ar mhaith le aon duine uasal geall do chur as an
ndearg?” ar seisean. “Aon déag i n-aghaidh a
h-aon ar an ndearg.”



Do chaith Manoel deich mbonn óir ar an ndearg.



Do chas an fear caol árd an roth; do stad an
chorróg ar aghaidh an deirg. Bhí buaidhte ag Manoel.



Chuir an fear caol árd cnead as.



“Taim scriosta - scriosta!” ar seisean.



D’iompuigh sé go feargach ar Mhanoel. Ba h-é sin
an chéad radharc a fuaireas ar a shúilibh.



Sabaistín! bhí beirthe againn air!



Acht chomh luath agus chonnaic sé sin Manoel - agus
is dearbh gur shíl sé gur bh’é Migéul nó a shamhail do bhí
ann - do chuir sé liúgh as agus d’imthigh síos ar fhaid an
tseomra mar rithfeadh girrfhiadh ó choin. Do ritheamar-
ne ’n-a dhiaidh agus lucht imeartha na gcluichí mar
aon linn. Nuair rángamar an tsráid ní raibh a
thuairisc againn acht oiread agus dá sloigeadh an
talamh é.


L. 72


Caibidiol XXI.



Ní gádh righneas scéil. D’éaluigh ár námhaid uainn
agus ní bhfuaireamar a thuilleadh tuairisce air i
gcathair Phará. Ba sho-thuigse dhúinn go mbaileochadh
sé leis chómh luath agus bheadh an chaoi aige chuige; agus
ar an ádhbhar sin, do chinneamar ar duine againn do
dhul ó thuaidh sa luing lá ar n-a bhárach go Atlanta
agus triall as sin siar go cathair Nua Orléan; agus
an duine eile do dhul ar aistear traenach siar agus
ó thuaidh tré lár-dhorlaing Americá agus soir go nua
Orléan agus casadh leis an bhfear eile sa chathair
sin ar uain agus i n-ionad áirithe.



Do scaramar re n-a chéile. Ba rogha le Manoel
an turas fairrge, agus do ghabh ó thuaidh; thugas-sa
fé an turas tuatha agus ghabhas siar.



Bhí oiread sin bailte móra agus cathracha rómham
sa tslighe nár bh’fhéidir liom triall chómh éascaidh agus
cheapamar. Do rinneas an cuardach chómh saothrach
dícheallach cruinn agus dá mbeadh gan aon ionad coinne
do bheith agam lem’ chumannach; acht níor éirigh liom.
Do rochtas nua Orléan ar a shon sin agus uile lá
na coinne agus do chuadhas go dtí an t-ionad a bhí
ceaptha againn. Ní raibh Manoel ann. Chuadhas ann
lá ar n-a bhárach agus lá ar n-a mhanarthar acht ní
raibh sé ann. Ba mhór an saobhadh dóchais orm é sin.
Ba ró-bhaoghal liom gur bhain toirmeasc éigin dó.
Thárla an fiabhras buidhe so bheith go h-an-choitcheann
sa chathair le linn na h-uaire sin; agus do smaoineas
im’ aigne nár bhfuláir do Mhanoel bheith i Nua Orléan
rómham-sa mar ná raibh oiread sin cor agus cam-


L. 73


bhóthar le cur de aige agus bhí agam-sa, agus dá bhíthín
sin go mbadh é ba dhóchaighe acht gur thóg sé an fiabhras
buidhe agus go raibh sé i n-óisbidéal leis, nó b’fhéidir
marbh. Bhí an ceart agam.



Fuair sé bás leis an bhfiabhras trí lá roimh lá na
coinne; agus dob’ é sin deire a thóruidheachta sin.



Níor chuir bás mo chumannaigh aon draghan orm-sa.
Do leanas rómham síar ó thuaidh go San Franciscó;
agus as sin ó thuaidh, gan cathair ná baile mór ná
baile beag d’fhágaint gan cuardach, nó go rochtas
Cluaindíg, agus bhí cúig bliadna caithte agam leis
an lorgaireacht an uair rochtas an áit mhí-rathamail
sin. B’éigean dam cur fúm tamall ann chun roinnt
airgid do shaothrughadh. Níor thaithnigh an áit i n-aon
chor liom, acht dá olcas é ní raibh sé chómh dona le Eas
na Bó Deirge. Do chaitheas bliadhain ann agus annsin
do chuireas rómham an turus fada ó dheas gan maolughadh
ar mo rún díoghaltais ná saobhadh dúile ann. Thugas
aghaidh ar na cathrachaibh móra agus do chuardaigheas
iad. Do luigheas le obair gach aon uair do bhí airgead
ag teastbháil uaim agus do chongbhaidheas cóir taistil
lem’ dhóchas i gcómhnuidhe. Do shiubhlas urmhór de móir-
thír Americá Thuaidh agus do stadas i Nua Eabhrach
chun anál do tharraingt ar feadh tamaill agus chun
machtnamh do dhéanamh. Ní bhfuaireas aon ruainne
de thuarascbháil an chladhaire bhí d’á lorg agam ó
d’fhágas Pará ; agus bhí dhá bhliadhain déag caithte
agam leis an lorgaireacht.



’Sé smaoineas acht ná raibh sé i n-Americá i n-aon
chor; gur baineadh a leithéid sin te gheit as an oidhche
do chonnaic sé - mar do shíl sé - samhail an fhir do
mhairbh sé, gurbh’ amhlaidh theich sé le n-a anam abhaile
chun na Spáinne. Is minic fhillid daoine ar a dteinteán


L. 74


féin an uair éirighid siad tuirseach de shiubhlóid an
domhain, agus b’fhéidir go mbadh amhlaidh aige sin é.
Acht ní raibh sé de chineáltas annsúd filleadh a bhaile
d’fhéachaint cia an bhail a bhí ar athair ná ar mháthair.
Níor fhill Sabaistín ar an Spáin pé áit a ndeaghaidh sé.



Annsin do chuimhnigheas ar mo bhaile dhúthchais féin,
ar m’athair agus ar mo mháthair. Do mhaitheas dom’
athair an éagcóir a bhí déanta aige orm. Agus ní
fheadar, ar sa mise liom féin, an bhfuil mo mháthair
bhocht dhílis beo fós. Ní fheadar cia an bhail atá ar
Mháire, leis, arsa mise, nó an bhfuil sí pósta fós?
“Máire - pósta!” arsa mise. “Dar láthair an
tsaoghail - acht rachad a bhaile!”



Caibidiol XXII.



Thángas anall go h-Éirinn.



An lá do chuadhas i dtír sa chóibh do bhreathnuigheas
m’aghaidh i scáthán. Bhí féasóg fhada orm agus í ag
liathadh; bhíos manntach i dtosach mo bhéil, agus i
n-ionad na círe gléigile do bhí agam nuair d’fhágas
Éire ní raibh agam acht stairfhiacal fhada bhuidhe annso
agus annsúd im’ dhraid. Bhí mo shúile gan solusmharacht
gan beodhacht; bhí m’éadan foirbhthe agus buidhthe le
gréin; bhí mo leicne lom agus riastaí agus caisimíní
ar mo chneas. Níor aithnigheas mé féin acht oiread
leis an lá cuireadh fé bhréig-riocht mé. Bhí a leithéid
sin de chlaochlódh gné agus dreacha orm nár bhaoghal
dam go n-aithneochadh aoinne mé, fiú mo mháthar féin ní
bhfaigheadh sí ruainne de chómharthaíbh a leinbh orm.


L. 75


Má bhí an fhírinne ag an scáthán ní raibh ionam acht
fear fiadhain coille do chaith sealad d’á shaoghal ’n-a
bhacach bóthair. Chuadhas ag taisteal tíortha chun an
saoghal mór corruightheach d’fheiscint agus b’ionann
mo chás agus an fear do chuaidh amach ag lorg lomra
agus gurbh’ amhlaidh tháinig sé a bhaile lomartha.



Do thriallas fé dhéin mo bhaile dhúthchais. D’ionn-
suigheas an áit go h-aireach, acht níor ghádh sin. Ní raibh
sa tigh ’n-a rugadh mé acht daoine ná raibh aithne agam
ortha. D’fhochtas scéala dhíobh agus dubhradar liom
gur cheannuigheadar féin an talamh ó mhuinntir Néill,
agus gur imthigheadar sin as an gceanntar ar fad
agus nár bh’fheas d’aoinne cá ndeaghadar.



“Ní fheadar an beo nó marbh do’n sean-lánamhain?”
arsa mise.



“Bhí an tsean-bhean ’n-a beathaidh nuair ghlacamar
seilbh san áit seo,” ar siad, “acht ní raibh lá de’n
rath ar an sean-Niallach ó chualaidh sé gur marbhaigheadh
a mhac go dtí go ndeachaidh sé san uaigh.”



“Agus cé thug an scéala sin dó?” arsa mise.



“A chliamhain,” ar siad. “Spáineach éigin darab
ainm Sabaistín Cuinceanta.”



Níor bheag sin. Do ghabhas amach.



A Dhia na bhfeart! Do ghluais an fhuil trem’ fhéithibh
’n-a sruthaibh teo gur bhain sí dhíom éisteacht cluas
agus radharc súl. B’éigean dam seasamh le beinn
an tighe chun taca d’fhághail ar eagla go dtuitfinn
leis an meidhreán a tháinig orm. Máire bheith pósta
leis an mbeithidheach úd; í pósta le fear marbhtha
fear, ban, agus páistí! Agus é bheith de thriolladhas
agus de chneamhaireacht sa bhfeallaire clé claon
calaoiseach a leithéid de lag-bheart do dhéanamh! Do
bhain sé de’m threoir ar fad me. Ní raibh teora le


L. 76


n-a chuid olcais. Go deimhin, níor ghoill an dógha croidhe
orm ’n-a lán-ghéire go dtí sin. Ní aon bhás amháin
a d’imireochainn ar an mbitheamhnach acht an rud a
bhí tuillte aige; seacht mbás, dá mb’fhéidir, agus
gach bás aca peannaideach. É siúd pósta lem’
dheirbhshír-se - uch! agus - uch! a Dhia, a Dhia!



Do chaitheas bliadhain eile leis an lorgaireacht
sula bhfuaireas amach é. Agus ní le gastacht do
fuaireas é, acht thángas ar a ghnáthóig gan coinne do
bheith agam leis.



Caibidiol XXIII.



An cúigmhadh lá déag de Lughnasa - agus badh chóir
go mbeadh cuimhne agam ar an lá - do shiubhlas na
bóithre ó n-a naoi a chlog ar maidin go dtí a naoi ist
oidhche. Do shuidheas síos go tnáidhte lag ar bhalla
íseal cloiche leathsamuigh de thigh ucht-aolda chluthmhar.
Níor bh’fhada dham ann an tan do chuala an Choróin
Mhuire d’á cantain istigh. Dob’ é sin an chéad uair
do chuala an Choróin Mhuire d’á rádh le ciantaibh.
D’imthigheas ar eiteoig chuimhne siar thar bhliadhantaibh
mo dhíchéille nó go ndearnas leanbh díom féin arís.
Ba dhóigh liom go rabhas ar mo ghlúinibh le taobh mo
mháthar agus deichneabhar de’n Choróin Mhuire á rádh
aici.



“Go mbeannuighthar dhuit, a Mhuire, tá bás de sna
grástaibh …”



Chuireas cluas le h-éisteacht orm féin. Dar go
dearbhtha acht ba bhreagh an ceól é. Ceól a chorróchadh


L. 77


croidhe carraige nó mheanmnóchadh croidhe buadhartha.



Bhí sean-bhean ag cantain.



“Go mbeannuighthar dhuit, a Mhuire, tá lán de sna
grástaibh …”



Óch, a mhic ó, an tsean-chuimhne do bogadh ionam!
Thabharfainn an leabhar gur lem’ mháthair do bhíos ag
éisteacht. Slán iomlán leis an sean-aimsir nuair bhí
máthair agam!



Mo dhaithníd ghéar agus mo chreach chroidhe chráidhte
nach ’n-a fochair a d’fhanas an oidhche úd do shéanas a
cómhairle go h-easumhal mí-cheannsa.



“A naomh-Mhuire bheannuighthe, a Mháthair Dé …”



Leigeas mo cheann ar mo dhá dheárnain agus do
scaoileas na deora teo anuas trém’ ladharachaibh.
Ní fios dam an fada d’fhanas a’m chaoineadh féin ar
an gcuma sin, acht múscladh mé fé dheire le guth mná.



“Dia dhuit, a dhuine chóir.”



D’fhéachas suas uirthi. Sean-bhean agus caidhpe
uirthi agus truagh scríobhtha treasna ar a h-éadan.



“Dia agus Muire dhuit,” arsa mise, agus dob’
í sin an chéad ghuidhe chuireas asam le bliadhantaibh.



“Éirigh agus tar isteach,” ar sise.
Nuair chuala an tsean-bhean ag labhairt tháinig
suathadh éigin aignidh orm nár bh’fhéidir liom a thuigsint.
Acht do leanas isteach í. Nuair shoillsigh solus an
tighe ar a h-éadan b’ar éigean bháis d’fheadas gan
breith uirthi agus í d’fháisceadh lem2 chroidhe agus lem’
anam. Ba h-í mo mháthair í!



Thug sí cathaoir dam agus do shuidheas síos.
D’fhéachas ar dhaltaíbh an teaghlaigh. B’shin í Máire
annsin ós mo chómhair ag córughadh na teine. Agus
garsún agus gearr-chaile, agus gach uile dhuine ag
cur na súl tríom. Do chaitheas díom mo hata i


L. 78


gcaoi agus go bhfeicfí mo phlait mhaol. Bhí m’aigne
’n-a chíor thuaithbhil. Níor mhian liom labhairt agus
níor mhaith liom fhanamhain im’ thost.



“Cad is ainm dhuit-se a ógánaigh chóir?” arsa
mise leis an ngarsún.



“Sabaistín Cuinceanta,” ar seisean, agus do
bhain an t-ainm fáscadh as mo chroidhe. Acht cad badh
chóra dham a dhéanamh - feitheamh lem’ námhaid nó
teicheadh?



Teicheadh, b’fhéidir. Seadh, dar ndóigh. Teicheadh
sara mairbhighinn fear mo dhearbhsheatharach! Teicheadh
sara ndéanainn marbhú i dtigh mo mháthar! Teicheadh
gan amhras an fhaid bhí Coróin Mhuire mo mháthar ’n-a
cling im’ chluais ; ’n-a cling ceoil. Bhí “go
mbeannuighthar dhuit, a Mhuire” ag síor-chasadh orm
dam chlaoidh agus dam cheannsú. Chaithfinn géilleadh.
Dar ndóigh b’amhlaidh b’fhearr é.



Thógas mo hata agus bhíos ar tí éirighe nuair
cuireadh a mhalairt de smaoineamh im’ cheann. Do
chonnacas an dá chorp! Muirgheal agus Roibeáirdín
ar a h-ucht! Deineadh “loch fola de sholus mo shúl”
leis an radharc sin.



“Is dearbhtha ná teichfead,” arsa mise, agus
d’fhóbair dam na focail do labhairt ós árd.



Do chuir Máire bainne agus arán ar an mbórd
chugham; acht do dhiultuigheas do’n bhiadh. Do bhraitheas
boladh fola as.



“Cia an chiall ná h-íosfá blúire aráin?” arsa
mo mháthair. “Ní fuláir nó tá call agat leis.”



“Ith blúire, má’s é do thoil é,” arsa Máire.



“Nó ól braon bainne, féin,” arsa an gearrchaile.



“Go raibh maith agaibh,” arsa mise. “Acht níl


L. 79


cás agam i n-an rud. Go deimhin níl uaim acht
eisteas na h-oidhche.”



“Tá fáilte rómhat,” arsa mo mháthair. “Acht
níl aon leaba againn duit.”



“Is cuma sin,” arsa mise; “b’fhearr liom
fhanamhain cois na teine.”



“Is mithid do sna leanbhaíbh dul a chodla anois”
arsa mo mháthair.



“An bhfuil fear an tighe amuigh?” arsa mise.
“Tá,” arsa Máire.



Annsin tháinig smaoineamh eile im’ cheann. Rachainn
amach fé n-a choinne. B’fhearr go mór sinn do
theagmháil le chéile amuigh. D’éirigheas.



“Cá bhfuilir ag dul?” arsa mo mháthair.
“Is dóigh liom go gcuirfead tamall eile dem’
aistear díom anocht,” arsa mise.



“Suidh síos agus bíodh ciall agat,” arsa mo
mháthair. “Táir ró-thuirseach chun dul níos sia anocht.”



“Déanfad leaba sop i móinfhéar éigin,” arsa
mise.



“Fan cois na teine,” ar sise, “agus lean ded’
aistear le solus an lae. Suidh síos.”



“Go raibh maith agat, a bhean chóir,” arsa mise,
“Acht ní shuidhfead. Leig amach me.”



“Deirim leat suidhe síos agus ciall éigin do bheith
agat,” ar sise. Agus rug sí orm agus do chuir im’
shuidhe síos me. Ní raibh leigheas air.


L. 80


Caibidiol XXIV.



Do chuaidh na leanbhaí d’á leabthachaibh. Do leigeas-
sa orm tuitim im’ chodla. D’imthigh uair a chluig go
righin mall agus annsin do chuaidh Máire do luighe.
Fágadh mo mháthair agus mise ’n-ar n-aonar ar an
dteallach acht níor bh’fhada dhúinn ann nuair oscladh
an doras agus tháinig duine éigin isteach. Níor
osclas féin mo shúile i n-aon chor.



“Cé h-é seo?” ar seisean.
“Taistealaí bocht tuirseach éigin,” arsa mo mháthair.
“Fágtar an connartach bocht annso go maidin.
Téighir-se a chodla agus ná bac leis.”



“Ní raghad,” ar seisean. “Ní ionntaoibh liom
ridirí fáin an bhóthair, agus is mí-adhmharach an béas
bheith ghá bhfágaint istigh i n-aon chor.”



“Fanfad féin ’n-a fheighil,” ar sise, “agus
téighir-se a chodla.”



“Deirim leat ná raghad,” ar seisean. “Agus
an chéad uair arís a dhéanfaidh sibh teach aoigheachta
bacach de’n tigh seo díolfaidh sibh as, agus fógraim
oraibh é.”



“An fhaid a bhead-sa sa tigh,” arsa mo mháthair
go cneasta, “ní dúnfar an doras so ar an deoraí.”



D’éirigh sí annsin agus d’imthigh siar ’n-a seomra
féin. Do chaith sí tamall ag paidireoireacht, agus
do mhothuigheas an áit do bheith go ciúin ’n-a dhiaidh sin.
D’osclas súil agus d’fhéachas ar an bhfear thall. Ba
h-é é. Chuir an radharc sin ar dearg-bhuile mé. An
cladhaire cealgach! Dá mbeinn sraithte le meathtacht
agus le miochumas chuirfeadh an t-amarc sin brigh


L. 81


agus meisneach ionam agus do scaipfeadh m’éadóchas
dá olcas é. Bhí beirte agam air fé dheire. Leigeas
m’aigne ar fán agus badh dhóigh liom go bhfeaca mé
péac ag briseadh talmhan. D’fhás agus d’fhorbair
an gas nó go raibh sé ’n-a thor. Tháinig bláth ar an
dtor agus b’áille agus ba dheirge de bhláth é ná an
rós féin. Bhíos ar tí an bláth do bhaint-fé dheire
- fé mhaise!



D’fhéachas arís ar mhac mallachtain na croiche agus
thugas fé ndeara go raibh a chodla ag tuitim air.
Leigeas dó nó go raibh trom-shuan air, agus annsin
do chuireas lámh ar uirlis an ghníomha.



“A naomh-Mhuire bheannuighthe, a Mháthair Dé …”



Bhí an phaidireoireacht ar siubhal arís ag mo
mháthair, agus ní buidheach do bhíos di. Chaithfinn
fhanamhain go dtí go mbeadh sí ’n-a codla. B’fhuiris
dam an cúntas do shocrú an uair úd mara mbeadh
í féin agus na paidreacha. Acht ní raibh neart air.



“Go mbeannuighthar dhuit a Mhuire …”



Créad é an donas a bhí uirthi nó an amhlaidh bhí
fonn uirthi an oidhche go léir do chaitheamh le paidireoir-
eacht. Bhí m’fhoighne ag trághadh uaim agus deabhthacht
ag borradh istigh ionnam. Fé dheire do stad an
phaidireoireacht; acht níor bh’fhuláir dam mo ghnó do
mhoilliú nó go mbeadh sí ’n-a codla. Dá dhonacht mé
bhí an méid sin d’urraim agam dom’ mháthair. Thuit
ciúineas go dlúth ar an áit; agus a dhuine, a leithéid
de chiuineas! Bhí sé mar bheadh ceo doilbhthe im’
thimcheall ag saothadh mo mheabhrach agus mo mheisnigh
agus ag teannadh ar mo chroidhe agus ar mo chuislinn.
Do cuireadh an fhuil ’n-a tuiltibh trem’ fhéithibh fé mar
seoltar an rabharta tré chaol na mara, ionnus gur
chuir an mór-thuargain chroidhe sin eagla orm. Do


L. 82


chrom an fhuil ar sileadh ’n-a braonaibh ó’m shróin.
Chuireas lámh im’ phóca agus tharraingeas amach an
pláitín. D’osclas é agus leagas ar an urlár é
chun an fhuil do ghabháil. I gceann tamaill do stad
an sileadh. Do cheapas go raibh mo mháthair ’n-a codla.
Tharraingeas chugham an uirlis. Annsin do chorruigheas
mo chathaoir, agus do dhúisigh Sabaistín.



D’fhéachamar ar a chéile. Do leigeas-sa mo shúil
ar an dtalamh agus do rinne sé sin aithris orm.
Chuir an pláitín agus an fhuil iongna ar dtúis air;
chonnacas an lí ag tréigean a cheannaighthe agus do
chonnacas a shúile á mbolgadh le scannradh. D’fhéach
sé orm arís go faon lag meathta fé mar dhéanfadh
duine bhraithfeadh an chinneamhain ag teannadh gan
truaigh leis. D’éirigheas agus do bheartuigheas uirlis
an bháis ós a chómhair. Do labhras go h-íseal amach
trém’ fhiaclaibh.



“Mise an fear do mharbhuighis,” arsa mise, “agus
díolfad an fiach leat anois. Ar mhaith leat aon nidh
do rádh liom?”



Níor labhair sé. Níor bh’fhéidir leis labhairt; acht
ní chuirfeadh sé sin d’éileamh na h-éirice mise.



“A chladhaire …” ar sa mise.



“Go mbeannuighthar dhuit, a Mhuire.”



D’iompuigheas, agus bhí mo mháthair ’n-a seasamh
leathstiar díom agus a paidrín ’n-a láimh aici.



“Mo náire thu!” ar sise. “Mo náire thu dá
ndéantá! Faire go deo! Tabhair dham an uirlis
sin.”



Do chuireas an uirlis im’ phóca go mí-chéadfach.



“A ROIBEÁIRD!” ar sise; agus do chuir sí a
lámh im’ phóca agus do thóg uaim an mion-ghunna.



Do ghabhas-sa amach fé spéir na h-oidhche ag siubhal go


L. 83


barr-thuisleach mar bheadh fear meisce. Tháinig sí go
doras im’ dhiaidh. Níor labhair sí agus níor ghoil sí,
agus - níor ghlaoidh thar m’ais orm. Acht an port a
bhí ar siubhal aici ar feadh na hoidhche - bhí sé ’n-a
chling im’ chluais. “Go mbeannuighthar thuit!” “Go
mbeannuighthar dhuit!”



Seadh; seadh; níor thaobhuigheas an áit ó shoin i leith
agus ní fios dam cia aca beo nó marbh do námhaid
nó do charaid. Acht-níor bhaineas an bláth. Deire
lem’ dhíoghaltas-deire lem’ dhóchas! Agus sin agat
deire mo scéil.



Caibidiol XXV.



D’éirigh Roibeárd agus do chuaidh amach fá’n gcábán.
Do thuigeas go maith cad ba cheart dam a chóimhir-
liughadh dhó acht bhí eagal orm go músclóchainn an ghríosach
ann.



Ar ádhmharaighe an domhain do chuimhnigheas ar an
Athair Eoghan Ó hIr, an sagart séimh cneasta bhí ag
tafant na haithrighe air i mBuenos Aires. Bhí aithne
agam ar shagart den ainm céadna. Bhí sé i mainistir
i dtuaisceart na cathrach - agus ca bhfios dam, arsa
mise im’ aigne féin, nach é an sagart céadna é bhí
i mBuenos Aires. Agus má’s é tá an báire liom.



Do ghoireas Roibeárd chugham isteach.
“Beidh freagra agam dhuit imbárach,” arsa mise.
D’iompuigh sé sin an tsúil orm agus d’imthigh amach.
Do dúnamar an cábán ar a ceathair a chlog agus
thugas-sa m’aghaidh ar an mainistir. D’iarras cead


L. 84


agallamh do déanamh leis an Athair Eoghan. Thainig
sé chugham i gceann tamaill.



“A Athair” arsa mise, go deabhthach, “an rabhais
riamh i mBuenos Aires?”



“Is ann a rugadh me,” ar seisean.



“Muise, buidheachas le Dia!” arsa mise.



Do chuir sé scairt gháire as; acht do chuir sé cosc go
h-obann le n-a chuid suilt.



“Cad chuige do cheist?” ar seisean.
“Scéal beag atá agam duit,” arsa mise, agus
do chromas ar scéal Roibeáird d’innsint dó. Chomh
luath agus mhothuigh sé comharthaighe Roibeáird ann do
phreab sé ’n-a sheasamh.



“An rug sé ar an Spáineach?” ar seisean.
“Abair, ar mhairbh sé an fear?”



“Níor mhairbh,” arsa mise.



“Buidheachas le Dia!” ar seisean. “Á, tuigim
cad atá uait anois. Seadh, rachad d’á fhéachaint.”



“An dtiocfaidh tú imbárach?” arsa mise. “Am
proinne - sé sin a h-aon a chlog - síos go dtí an cábán.”



“Rachad,” ar sé.



Bhí súil agam go labharfadh Roibeárd liom lá ar
n-a bhárach, acht níor labhair. Bhí sé ’n-a phúca liom
- chomh doicheallach céadna agus bhí riamh. Níor leig
sé air gur aithnigh sé i n-aon chor mé agus do leigeas dó.



Do scuireadh de’n obair go prap ar a h-aon a chlog.
D’imthigh na fir oibre amach; do chuadhas féin isteach
san oifig, agus d’imthigh Roibeárd síos go cúl an chábáin
agus do shuidh síos. Tháinig an tAthair Eoghan isteach
agus ritheas-sa amach ’n-a choinne.



“A Athair,” arsa mise, “sin é é thíos annsin sa chúil;
beidh sé fút féin agat.”



Do chuaidh sé chuige síos agus do sheasaigh ós a chómhair.


L. 85


I gceann tamaill d’éirigh Roibeárd agus d’umhlaigh
dó. Do chroitheadar lámh le n-a chéile. Do chromadar
ar shiubhal síos suas agus do chaitheadar uair a chluig
ar an gcuma sin, ag siubhal agus ag cainnt. Ar a
dó a chlog do chroitheadar lámh le n-a chéile arís agus
tháinig an sagart ileith chugham-sa.



“Tá do chuid-se den obair déanta,” ar seisean.
“Fág fúm-sa anois é.”



D’fhágas. Níor mhiste dham é fhágaint fé, agus go
deimhin féin níor mhiste liom.



I gceann trí lá tháinig an tAthair Eoghan arís agus
do caitheadar uair a chluig ag cur ’s ag cúiteamh.



Ar dhul amach don sagart thug sé cogar dam.



“Tá gach aon nidh i gceart anois” ar seisean.



Is dócha go raibh; tá súil agam go raibh, agus creidim
go raibh. Acht ní h-é sin críoch an scéil. Is riachtanach
don scéalaidhe an fhírinne d’innsint agus í d’innsint
’n-a h-iomlán, agus cé olc maith liom é caithfead
críoch an scéil do bhreacadh go fírinneach.



An Luan a bhí chughainn dob éigean dúinn bheith i mbun
na h-oibre ar a sé a chlog ar maidin. Bhí long ag an
bport ag cur earradh éagsamhla aisti. Barraí fada
caola iarainn urmhór d’á h-ualach, agus cuirtí tuairim
le fiche barra dhíobh i mbeart agus tógtí an beart
le crann tógála na luinge. Do chonnac Roibeárd
ag dul amach go brághaid an phuirt. Do sheasaigh sé
tamall ann agus thug ordú éigin d’á chuid fear. Bhí
a chúl le balla an chábáin. Do tógadh beart de sna
barraí san aer. Thugas fé ndeara go raibh an beart
ar claoine; sé sin, go raibh an t-éadan leathstall
ní b’aoirde ná an t’éadan leath ’s t’bhus. Do sceinn
ceann de sna barraí agus do bhuail Roibeárd idir
an dá shúil. D’fhan an t-éadan eile fé’n gceangal a bhí


L. 86


ar an mbeart, agus greamuigheadh ceann Roibeáird
leis an mballa. Bhí trí ordlach den bharra sáidhte
n-a cheann. Chomh luath agus tarraingeadh as é do
thuit Roibeárd. Ní gabhadh dham “an scéal do
righniú”; - seadh - Bhí Roibeárd n-a chorp!



A léightheoir, caith cloch ar a leacht!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services