Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Prosodia na Gaedhilge
Title
Prosodia na Gaedhilge
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
An Craoibhín
Composition Date
1710
Publisher
(B.Á.C.: Ollsgoil na hÉireann, 1932)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TRACHTADH BEG AR PHROSODIA NA GAOIDHILGE DÁ NGOIRTEAR FILIDHEACHT NO FEARACHT DÁNA. Aseadh as prosodia ann .i. eólas déanmha dána in a dhualgas féin. Aseadh as dán ann comhrádh comair ciallmhar ceólmhar iar na chuibhriughadh fa theórannaibh cinnte go n-airithe airmhe siolladh agus coimhtheachta fóghar, agus sínteadh. Atáid tri shóirt dána ag an nGaedhilg mar atá Dán Díreach, Bruilingeacht, agus Ogláchas. Acht cheana is ar an nDán nDíreach laibheóram, óir dá mbeith a eólas ag neach ní fhuil dócamhal i bhfoghluim eólais na Bruilin- geachta ná an Ogláchais, etc. D'AISTIBH AN DÁNA DHÍRIGH. Ag leigean thorainn labhairt ar chorr-aistibh nó ar fho-aistibh iomadamhla an Dána Dhírigh, - atáid cúig príomh-aiste ann, .i. Deibhidhe, Séadna, Rannuigheacht Mhór, Casbhairn, agus Rannuigheacht Bheag. etc. D'EALADHNAIBH NO DO RIACHTANASAIBH AN DÁNA DHÍRIGH. Atáid seacht riachtanais aige .i. Nuimhir ceathramhan, Cinnteacht siolladh in gach ceathramhain, Uaim, Comhar- dadh, Rinn agus Áird-rinn, Uaithne agus Ceann. Atá an t-ochtmhadh ní ann as gnáthach san dánacht gé tig thairis .i. Urlann. Atáid na ceithre céad-riachtanais díobh sin coitcheann ag an uile aiste agus ní bhíd na trí riachtanais dhéighean-
nacha acht leannánta ag aistibh d'airithe, mar so síos. Rinn agus Airdrinn ag Deibhidhe Uaithne ag Rannuigheacht Mhóir agus ag Casbhairn. Ceann ag Rannuigheacht Bhig agus ag Sédna. DO'N CHEATHRAMhAIN. Aseadh as ceathromha ann, nuimhir focal i bhfochair aroile, agus in a mbíonn uimhir cinnte siolladh, agus téid dá cheathramhain san leathrann agus dá leathrann san Rann, agus an uimhir rann as áil le neach in a dhán. An tan chuirthear an rann i bhfochair aroile, "Leath- rann "isna h-adhmadaibh, "Comhad" isna duanaibh goirthear do'n leith dhéigheanaigh de, agus Seóladh do'n leith tosaigh, in gach cuid aca. Agus ó do labhramar ar adhmadaibh agus ar dhuanaibh inneósam a n-eidirdheiliughadh. Aseadh as Duan ann .i. Dán 'na mbí gach aon rann go n-a chéill féin, ann féin, go h-iomlán, gan coimhcheangal céille ná siolla ó aon rann oile, agus gach comhad dé go gcéill iomlán ann féin gan riachtanas conganta ó'n tSeóladh da sgarthaoi é féin agus an Seóladh re roile. Acht gé bhíos ceangal céille eatorra an uair bhíd araon, agus nach iomlán an chiall do bhéadh san tSeóladh i n-éagmhais an leath- rainn ..... ....... óir a'ndiaidh an chomhaid do bheith déanta cumthar an Seóladh ris dá réir fein, agus is é ba chúrsa saothruighthe
do cách suim dh'airithe do dhéanamh ar gach aiste dhíobh sin thuas, etc. An t-Adhmad, cheana, dán sin do níodh an file infheadhma ar théama dh'airithe nó ar shlightibh dh'airithe do réir aigeanta an fhile, mar do thogradh féin, agus bí coimhéad na sligheadh sin ar fad san Adhmad, amhail bhíos san óráid. Bí an Seóladh agus an Leath-rann ag tabhairt céille d'á chéile agus is minic nach mbiaidh ciall san leathrann gan congnamh an tSeóladh, agus na roinn ag ceangal céille ré chéile mar is gnáthuighe, ar son gur gnáthach gach rann iomlán ann féin. Agus de bhrigh nach bhfuil dócamhal i ndéanamh na Seóladh i bhfarradh na gComhad nó na Leathrann ar gach aiste, laibheóram ar tús ar dhéanamh na leathrann ar gach aiste, agus 'na dhiaidh sin laibheóram ar na Seóltaibh amhail do labra- mar ar an gcuid oile de na riachtaanasaibh. DO'N CINNTEACHT SIOLLADH. Aseadh as cinnteacht siolladh ann, seacht siolla gan bháthadh do bheith in gach ceathramhain de gach aiste de'n Dán Díreach, mar so: "Iomdha sgél maith ar Mhuire" etc. acht Séadna, ag a mbí ocht siolla san chéad-ceathramhain de'n tSeóladh agus de'n Leathrann, mar so: "Mairg fheuchas ar Inis Ceithleann." DON BHATHADH GUTHAIDhE FHILEATA. De bhrigh go dteagmhann an báthadh guthaidhe sin go minic isna ceathramhnaibh agus nach féidir do neach é féin do coimhéad air, muna bheith eólas aige, do conncas dúinn labhairt annso air, amhail do gheallamar, agus ar tús ar na riachtanasaibh. Atáid ceithre riachtanais aige, .i. focal comhardaigh chríochnaigheas a nguthaidhe, agus iarmbéarla thionns- gnas ó ghuthaidhe, agus an focal comhardaigh do beith i dtosach go neimh-inmheadhonach, agus an guthaidhe deiridh
sin an fhocail agus an guthaidhe-tosaigh an iarmbéarla do bheith gearr mar so . . . . . . . . . . . . . . . . . . Gidheadh an uair bhíos guthaidhe deiridh an fhocail gearr, agus guthaidhe tosaigh an iarmbéarla fada, is éidir báthadh guthaidhe do dhéanamh nó gan a dhéanamh, mar so: Fuaireas bogha ó Bhrian Bhuidhe Fuareas bogha ó Bhrian óg Acht ceana is báidhte is fearr é, óir ní gnáthach - bíodh go mbadh ion-chosanta - gan báthadh é. Mar an gcéadna da rabhaid an dá ghuthaidhe fada ní cóir a mbáthadh: mar so: . . . . . DON UAIM. Aseadh as Uaim ann, dhá fhocal, nach iarmbéarla, da gach ceathromhain do thionnsgnamh ó ghuthaidhe éigin, nó ó chonsoine ionann, mar so: Iomdha sgéal maith ar Mhuire Fa moltar a miorbhuile, Do ghéabh ar an óigh n-iodhoin Scéal is cóir do chreideamhoin. Atáid dhá ghné Úama ann, .i. fíor-Uaim agus Uaim- Ghnúise. Fíor-Uaim .i. an dá fhocal déigheanach de'n cheathramhain do dhéanamh Uama. Uaim-Ghnúise .i. an dá fhocal is foigse do'n fhocal déigheanach de'n cheathra- mhain do dhéanamh Uama; mar so: "d'fhior cogaidh comhailltear síothcháin " Acht cheana, tabhair do d'aire nach déan agus nach
dtoirmisg Iarmbéarla Uaim, agus nach déantar Comh- arda, Uaithne, Rinn, ná Airdrinn re h-Iarmbéarla. Fóghnaidh gach uaim aca ar son a chéile in gach ceathra- mhain, acht an cheathramha dhéigheanach de'n Leathrann, in nach cóir acht Fíor-Uaim. Coimhéad mar an gcéadna nach bhfóghnann - bíodh nach biadh lochtach - iarmbéarla ar bith do theacht idir an Uaim Ghnúise agus focal déigheanach na ceathramhan; mar so: "Do chosnas comha nár mhaith, etc." óir goirid an t-aos dána "Uaim Gharbh" no "Gnúis Gharb" dí sin. Is amhlaidh seachantar sin, an focal déigheanach do bheith 'na ainmnightheach ag an mbréithir, ut. "d'fhior cogaidh comhailtear síothcháin " vel e contra, ut "An cogadh ceart bhuadhaigheas" nó 'na aicid ag substaint mar so, "Gabham chugam connradh maith," nó 'na shubstaint ag aicid, ut. "Ní fear mise as maith connradh" nó 'na ghenedil ó shubstaint eile, ut "Ní comhtrom cogadh Banbha," nó "Ag sin mac na mná tighe." nó 'na bréithir indiaidh anma air a ndéan gníomh, mar so: "As breaghdha an bheansain loitim," nó 'na shubstaint san chás ghearánach stiurfaighear ó bhréithir ghníomhaigh, mar so: "Ní beódha laoch loiteas mnaoi," etc. Ní bhacann Urdhubhadh ná Séimhiughadh ná Lomadh Uaim, acht so in ár ndiaidh .i. an uair thig "h" ar "p"
is eadh as séimhiughadh dhó "f," agus mar sin is "f" do gní Uaim ris, mar sin, ut "Admhaim duit mo pheacadh féin." Gach ionadh in a dteangmhann "h" ar "f" is leis an litir is neasa dhí do nithear Uaim, má's consoine nó guthaidhe í; mar so: "Tagair liom a Fhlaith Éirne" nó "Tagair liom a Fhlaith Life." Agus S: is éagsamhail ó na litribh eile, mar do níthear Uaim ria, etc. Ar tús ní dhéantar Uaim idir S agus ceachtar díobh so .i. B D G M, ná re litir ar bith acht ris an litir gcéadna. Mar an gcéadna ní dhéantar Uaim idir T S indiaidh an phairteagoil "an" acht san módh gcéadna. Gidheadh fóghnaidh an uile S ar a dtig T indiaidh an phairteagail chéadna d'uaim re chéile. Mar an gcéadna ní cóir S ar SH, acht dhá SH nó dhá S nó dhá TS . Mar an gcéadna nuair bhíos SH nó S rompa so L N R ní dhéantar uaim léi acht SH nó S rés an litir gcéadna. DON CHOMHARDADH. Sul laibheóram ar thuarasgbháil an Chomhardaigh caith- feam labhairt ar dhá ní .i. ar roinn fileata na gconsoin- eadh maille re n-a n-uaisle féin thar a chéile, agus ar na Síntibh, óir dogníd na fileadha aithearrach ranna ar na consoinibh tar mar a dubhramar, ag gairm consoineadh ar leith do na consoinibh, ar ngabhail séimhighthe, dúbluighthe, agus cumaisg, mar so síos.
Atá cúig sórt consoine ann, d'á ngoirthear BOG, CRUAIDH, GARBH, TEANN, agus ÉADTROM, agus S nac d'éan-tsórt díobh, óir is eadh ghoireas an Ghaedhealg consoine aimrid di, ar an ádhbhar nach cóir do chomhardadh ria acht í féin, sna crothaibh a mbí, amhail adubhramar. Na trí consoine Boga. C. P. T. Na trí consoine Cruaidhe B. D. G. Na trí consoine Garbha CH. TH F. Na cúig consoine Teanna, mar atá, RR. LL. NN. M. NG. Na seacht gconsoine Éadtroma, mar atá: DH. GH. BH. MH. R. L. N. Agus dobheirid na filidh barr uaisle agus ceannais do chuid díobh seach aroile, mar atáid ar n-a suidhiughadh síos ann so, .i. gach cuid díobh is uaisle ar tús. Ar tús a deirid gurab í S ríoghan na gconsoine. Na trí consoine Boga iar sin. Na trí consoine Cruaidhe iaramh, na trí consoine Garbha iaramh, na cúig consoine Teanna iar sin, agus na seacht gconsoine Éadtroma fa dheóigh. Tabhair do t'aire gurab annamh bhíos M fada acht i ndeireadh focail mar so "Atám" "mám" etc. agus gurab annamh bhíos mar sin, féin, óir is amhlaidh bhíd na consoine Teanna ar dheireadh focail ar n-a gcana- mhain go meadhon, mar laibheóram 'na dhiaigh so, 'na n-áit féin. Atáid trí sínte ann, .i. Síneadh fada, Síneadh gearr, Síneadh Meadhonach. Síneadh fada .i. an siolla do chanamhain go fada mar so: "Bás" "Rós," "Fís." Síneadh gearr nuair atá an siolla do chanamhain go gearr mar so "Bas, Ros, Cailc Fios, Lios etc. Síneadh meadhonach mar atá an siolla do chanamhain gan bheith fada uile ná gearr uile, mar so, "Cainn- teach" "barr" "geall" "Donn."
Is lór sin anois ar na Síntibh, acht is mian linn tuillemh foirceadail do thabhairt uainn orra, acht go roicheam chuige. DO ROINN AN CHOMHARDA AGUS DA THUARASGBAIL. Atá dhá shórt comhardaidh ann, mar atá: Comhardadh Slán agus Comhardadh Brisde. Is eadh is Comhardadh Slán ann .i. gach focal do dhá fhocal do bheir coimh- theacht d'á chéile i n-uimhir siolladh agus i n-ionannas guthaidhe agus fa dtuigthear Cumasg i n-ionamhlacht consoineadh d'aon tsórt nó consoineadh chudrumas iad, agus sin do réir uird na siolladh, acht amháin con- soinidh tosaigh na bhfocal nach iarrann coimhtheacht do chonsoinibh ar bith, acht amháin an uair theagmhas nuimhir is mó iná dá chonsoine i bhfochair aroile gurab cuma cia an t-eagar air a dtiobharthar coimhtheacht dóibh, acht go raibhe coimhtheachtacha. C. roc. P. sop. T. lot. B. ab. D. gad. G. lag. CH. deachmaidh. TH. do leathnoid. F. leanfuidh. LL. ball. RR. barr. NN. gann. M. am. NG. bang. BH. taobh. DH. Aodh. GH. laogh. MH. caomh. R. saor. L. daol. N. faon. is cóir iad sin thuas do chomhardadh. Atá cuid de na coinsoinibh, an uair theagmhas i bhfochair consoineadh dh'airithe iad athruigheas a mbrigh nó a
nádúir díleas féin do chum comharda do dhéanamh, ar a laibheóram arís. Aseadh as Comhardadh Brisde ann, dhá fhocal do bheir coimhtheacht d'a chéile i n-uimhir siolladh agus i n-ionamha- lacht guthaidhe agus sínteadh mar an gComhardadh Slán, gidheadh nach déan condas fa chonsoinibh a dtaobh sóirt na nuimhre, acht amháin nach consoineadh fhoghnas do Chomhardadh Slán bhíos ann. Ní bhacann fós consoin do bheith ar deireadh focail, agus deireadh an fhocail eile do bheith i nguthaidhe, mar so: "Ba: Blas". nó "Cas: Tlacht." nó "Aoi: Aois" nó "Blaoisg: Baois." DO'N RINN agus DO'N AIRDRINN. Aseadh as Rinn agus as Airdrinn ann .i. dhá fhocal, agus focal díobh níos faide d'aon shiolla iná an dara focal do-bheir coimhtheacht mar chomhardadh d'á chéile ó'n gcéad-shiolla amach de'n fhocal is faide dhíobh, agus goirthear Rinn do'n fhocal is giorra agus Aird- rinn do'n fhocal is faide, mar so. Rinn. Aird-rinn. Glas Sonas Tachar Cuartachadh Gabaidh Fuarabhair. UAITHNE. CEANN. URLAINN. DO'N UAITHNE. Aseadh as Uaithne ann, dá fhocal do-bheir coimhtheacht d'á chéile, mar an gcómhardadh, acht i n-ionannas na nguthaithe amháin, agus iarraidh an t-Uaithne coimh- theacht leithne agus caoile isna guthaidhibh agus i ndeireadh na gcumasg, mar so. "Caol, maol, tréan, fal, fial" etc. Acht cheana,
má 's focal il-shiollach bhíos ann, ní beag leis coimteacht caoile agus leithne do bheith san tsiolla dhéigheanach dhíobh, mar so: "Adhbha" agus "biodhbha " "Inmhe" agus "doinmhe " "or-mhaille" agus "seanrighe" DO'N CHEANN. Aseadh is Ceann ann, focal én-shiolla iarras an cheathroma dhéigheanach de'n tSédna do bheith 'na fhocal dhéigheanach aice. DO'N URLAINN. Aseadh as Urlann ann, .i. focal bhíos i dtús na céad- cheathromhan re 'n ab éidir gan comhardadh do chur. Agus an uair nach bí Urlann san leath-rann, "Láin- déanamh" goirthear do'n leath-rann. DE NA HAISTIBH AR TUS, AGUS DO'N DEIBIDhE CÉADUS. Aseadh as deibhidhe ann .i aiste chríochnuigheas an chéad-cheathromha dhí i Rinn, agus an ceathramha dhéigheanach i n-Airdrinn; agus iarras comhardadh ris gach focal de'n cheathramhain dhéigheanaigh, ó sin amach, do bheith san chéad-cheathromhain; óir ní bhí aon fhocal i gceath- ramhoin dhéigheanaigh leath-roinn ar bith, taobh amuigh de'n fhocal dhéigheanach, nach éigin comhardadh do bheith ris san chéad-cheathromhain, ná aon fhocal san chéad cheathromhain, taobh amuigh de'n Urlann, nach éigin comardadh nó Áirdrinn do bheith ris san ceathromhain dhéigheanaigh.
Acht cheana, ní h-iarrthar san t-seóladh acht Rinn agus Airdrinn amháin do chomhardadh ar bith, mar so. Oglách do bhí ag Muire mhóir Nach dtug eiteach na honóir Leis nár b'áil do'n uile bhan Amháin acht Muire Máthar. DO'N TSÉDNA. Aseadh as Sédna ann, aisde ag a mbí ocht siolla san chéid-cheathromhain de'n leathrann agus a seacht san dara ceathromhain, agus chríochnuigheas an gcéad ceathromhain i bhfocal dá shiolla, agus an gceathromhain ndéagheanuigh i bhfocal én-shiolla i ndiaidh focail dói-shiollaidh. etc. Ní gnáth againn an doishiolla thuas go déshiollabhach. Adeir uraicheapt go neimhin- meadhonach muna raibhe iarmbéarla eatorra, mar so: Rí na ndúl an rí do roighne Do-ní úr de'n choinnle chríon, nó Maighre geal fá eitibh eala d'eitil re bhfear ttreagha téid. agus is do'n fhocal én-shiolla sin goirthear Bráighe. Agus an uair bhíos iarmbéarla eidir an mBrághaid agus an focal doi-shiollach sin roimhe adeirthear Bráighe briste ris, agus tógthar mar bhinib gion go gcuirthear mar locht ar an tSédna é, ut: Cuimhnigh go bhfuil a rí id' rolla Fuil na dtrí gColla ar do chúl. Gidheadh, má 's iarmbéarla é cheangaltar re báthadh na nguthaidhe san bhfocal én-shiolla sin bhíos ar
deireadh, fógnaidh amhail nach biadh ann ar én-chor, mar so: Is iongnadh ag fior i bhfomhoir Ciodh fá ttiobhradh onóir d'Aodh. nó Iomda file 'gá bhfuil eige 'Gá fighe i dtoigh oide d'Eóin. Is amhlaidh bhíos Seoladh na Sédna .i. Ocht siolla san chéd-cheathromhain, agus focal doi-shiolach ar deireadh, agus seacht siolla san dara ceathromhain agus focal én-shiolla fá deireadh innti, gan cúntas créad é an focal bhíos roimhe ni h-ionann agus an leath-rann agus an Uaim idir én-shiolla dhéigheanach an tSeólta do choimhtheacht i gcomharda rís an mBrághaid mar so, etc. Trí gártha is gnáth 'na dhúnadh Dúnadh árd 'n a n-ibhthear corm, Gáir na stéad i ndáil na ndeighfhear Gáir théad 's gáir na ngeimheal ngorm. DO'N RANNUIGhEACHT MHOIR. Aseadh as Rannuigheáct Mhór ann .i. Aisde chríoch- nuigheas gach ceathroma i bhfocal én-shiolla, agus in a mbí coimhtheacht Uaithne ag dá fhocal déigheanach an dá cheath- romhain, agus comhardadh re h-Uaithne na chéd cheathromhain san ceathromhain dhéigheanaigh, mar so: Do bheir baing béime ar mo bhladh Druim do char re féile ag fior.
nó Ní héidir don ghuidhe ghnáth Tráth éigin nach bhfuige fiach. nó Tar ais mar do fhéuch Coll Breac na bharr lais ón lionn. Is amhlaidh curthar Seóladh ris .i. dá cheathramhoin do chur re chéile agus focal déigheanach gach ceathromhan díobh ag teacht re chéile mar Uaithne, agus Comhardadh Slán nó Brisde, ris gach focal eile do'n dara ceathromhain do bheith san chéd-cheathromhain, agus focal déigheanach do dhara ceathromhain an tSeolaidh do theacht i gcomharda an leath-roinn mar so File dhá gcarann Chloinn tTáil Ní anann ag Droing da dheoin. Maighre taghaill mara mhóir Foill ar abhainn tana a treóir. nó Dealg atháloidh othras Taidhg, Dar n-antráthaibh tochta an tuilg, Créacht oile ar fheól-fhogail ndeilg Loighe an deirg bheó-ghonaigh bhuirb. Act cheana, ní dhligh Uaithne na céad cheathromhan don tSeoladh coimhtheacht a gcomhardadh ré haon fhocal don rann uile. DON CHASBHAIRNN. Aseadh as Casbhairnn ann .i. aisde chríochnuigheas gach ceathromha a bhfocal trí siolladh, choimhthig re aroile d 'uaithne, mar so. Puirt ríogh Achaidh Fhionnlogha Síodh Chathail a gcomhladha, Dá ghoin d'airm í Iughaine Do mhairbh soin an siodhuighe. Is amhlaidh cuirthear seoladh ria .i. dá cheathromhain
do chur re chéile aga mbia uaithne agus do nós na Rann- uigheachta Móire .i. focal déigheanach an dara ceath- romhan don tSeóladh do theacht re focal déigheanach an leathrainn, mar comhardadh, mar so: Is í an eacluis aoibhneasa In measroigh a miangusa Sriobh tre tholchoibh taobhghlasa Na arthain d'fhior fiabhrasa. DON RANNUIGHEACHT BHIG. Is ionann déanamh don Rannuigheacht mhóir agus don Rannuigheacht Bhig, mar adubhramar; acht gur ab focal doishiollach bhíos ar deireadh gach ceathromhan don Rannui- gheacht Bhig, ut Do teannadh re digh ndrúchta Idh lúbtha um ceangal gcéachta. nó Sreabh go bruach na broin mhaighrea Do luach tfailgeadh n-óir dh'ionladh. nó Bás ó Ghearóid ban gorngha Cros comhdha seanfóid Sadhbha. Ionann modh air a gcurthar seoladh ria agus ris an Rannui- geacht Mhóir acht eidirdheiliughadh na bhfocal n-aoin- shiolladh agus doisiollach i ndeireadh na gceathromhan mar so. M. Rogha na cloinne Conall Togha na droinge a dearam, Tolg dar seoladh rug romham reomhuinn M. Conall tug d'Eoghan fearann.
Atá ní eile a deirthior do bheith 'na riachdanus ar dhán .i. dúnadh nó iadhadh, an uair curthar nuimhir rann re roile, madh a nduan nó a n-adhmad. Agus is eadh as dúnadh ann, .i. gidh bé rann, leathrann, nó ceath- romhadh, focal nó cuid de, madh aonshiolla nó nísa lia nó litir le a dtionsgain an dán, a chríochnughadh san ní céadna etc. Do na consoinibh ar ar labhramar, chudramaigheas nó do ní áit consoine d'aonsórt. Atáid consoinidh dhairidhe ann an uair theagmhas re cneas consoine dhairidhe eile iad athruigheas a mbrigh nadúra féin, K. agus M. a mbrigh chonsoineadh do shórt oile, mar laibheóram síos ann so. Acht cheana sul laibheóram orra tabhair na riaghlaca so síos do t'aire, as an leabhair ceapaireachta - mar fúndamént. 1. Ar ttús ní cóir consoine comharda K. 'na aonar acht re consoine dá aicme féin. 2. Ní bhí feidhm M. comardaidh do chonsoineibh ar ní sa lia 'ná dhá chonsoine ar gach taobh, mar so: "Na lúibsean" agus "drúichtsgreamh," cóir do chomh- ardadh re a roile. 3. Acht so síos. Fuilngidh dhá chonsoine éadroma K. a bhfocal gac M. a mbí san bhfocal eile do chonsoinibh teanna agus éttroma do chomhardadh ris. Ut. "Foghmhar" agus "gormglan." Cóir do chomhardadh. 4. Ní théid S na consoine bhog do bharr a comhardadh mar is follus orra so síos atá lochdach. Nír loisg don toisg sin na tighthe Loisgfidh don toisg oile iad.
nó Daoine bhan gcaisgsin gan crodh San raithsin craoibh Cruachan fuil. .i. iar mbás craoibhe cruachan sin. agus as olc baoi a bromanach air. 5. Fuilngidh an Consoine bog consoine cruaidhe, teanna nó éttroma, mar aon ris. Dá mhéad díobh theagmhas 'na fhochair a bhfocal don chomhardadh agus do níd coimhtheacht re consoine mbog agus gidh bé ar bith con- soine ele K. é acht K. nach p bhiad K. na fhochair mar so "Seachtmhain" "leantar," cóir do don, M. chomhardadh, "geangtnúith" agus "seantuir." 6. Brigh consoine éttroime bhíos ag consoine garbh re cneas consoine bhuig, mar so falc "tacmhong," "slatcholl." 7. Gach áit in a mbí consoine cruaidhe agus consoine gharbh re cneas a chéile, as eadh bhíos ag an gconsoine chruaidh brigh consoine bhuig, agus ag an gconsoine gairbh brigh consoine éttroim, mar so: "Gadchor," "bratrodh," bratradh M. 8. Gach áit a mbí .ch. re cneas S., roimpe nó na diaidh, brigh consoine éttroim bhíos aige mar so. "An teachso" agus "an fearso"; cóir mar chomhardadh iad. "Cneascaomh" agus "treaslaogh" cóir mar chomhardadh iad amhlaidh. 9. Do ní S cumhachta oile mar so; boguigh sí na cúig consoine, mar atá dh, th, b, d, g, roimpe, agus cruaidhighidh sí trí consoine na diaidh go neimhinmheadhonach, .i. ch th agus c. a nén chás, da ngoirthear "c. cumaisg,"
agus isé as "c. cumaisg" ann an tan théid .g. dheiridh focail a ndiaidh S go neimhinmheadhonach, agus .c. thosaigh an fhocail eile a nén choll san chomh-fhocal do réir riaghla na gcomhfhocal. Cruaidhaighidh an S an C cumaisg sin, mar so "Fleasgorr," fleas- góir, M. uatha so "fleasg" agus "corr." do dhruim an bhogtha sin M. do ní S roimpe, is cóir na focailsi uile do chomhardadh re roile .i. an "leathso" agus an "fhleadhso," an "ceapso" agus "ceadso." Agus ní cóir aon dá fhocal díobh do comharda. K. re chéile sul dtig an S na ndiaidh, mar so "leath" "fleadh," "ceap" "cead,": lochdach iad K. uile mar comhardadh. Cuirthear S deiridh fhocail agus S an s: M. bhairr tig na diaidh K air a gcomhardadh le haon S amháin mar so K. an "glassa" agus na "basa," agus cuirthear consoine cruaidh agus consoine garbh re haon chonsoine mbog .i. an uair thig .t. dheiridh focail re casadh a lár an fhocail andiaidh .th. mar so "iota" na "diotdha" nach ndearna "iota" "iongna." Cuirthear mar an gcéadna dhá chonsoine éttroma an uair as a gcasadh thig consoine éttrom aca agus aon chonsoine éttrom a gcoimhtheacht comhardadh mar so. "dol uaidhibh ní ba díor dhamh For ghuailnibh ríogh as ríoghan." Mar an gcéadna an uair thig da, an tsamhluighthe andiaidh .l. nó .n. as consoine theann do chur ris a gcoimhtheacht ag iompodh an .d. sin an da a litir ionainn, agus an litir sin dheiridh an fhocal mar so. "Urra" mar rinn re "saogallda" ag déanamh "saogalla" dhe, nó consoine éttrom nó trom, agus
consoine cruaidh do chur ris. Ag fulang don da consoin K na riocht féin mar so "ordha" mar rinn re "saoghalda". Ó do labhramar an uiread sin air na consoinibh do thaoibh na gcomhardadh, a deuram an beagán so ar na guthaidhibh, etc. An uair theagmhaid dá ghuthaidhe re cneas aroile gearr is cóir an chéad ghuthaidhe dhíobh, más guthaidhe do bhí gearr ariamh iad, mar so .i. "An Laud" an "gaud," cóir do chomhardadh. "An laud" "an diaud," lochdach do chomhardadh. Do gheubha an foghlamach má do rinnemair dearmad a ngnáthughadh leughtha oibreadh na suadh. DON BHRUILINGEACHT. Is é is bruilingheacht ann .i. dán iarras gach ní iarras an dán díreach gan do dhealughadh eatorra in a ndéanamh acht nach bhfoghnann san Bhruilingheacht acht comhardadh brisde, fa a dtuigthear Rinn agus Aird- rinn, agus Uaithne brisde mar so. Aige choimealta na gclogad An cloidheamhsa ag Cathal etc. Níor labhramair ar Uaithne bhrisde mar do labhramar ar an gComardadh brisde, do bhrigh nach raibhe áit san dán díreach ag an Uaithne mbrisde, gidheadh ni fhuil ann acht do nós an chomhardadh bhrisde fa na consoinibh; do níthear an Bhruilingheacht ar gach aisde, mar an ndán ndíreach. .UT. Atá an t-óglachas nar smuain an t-ughdar dfhágbhail amuigh a ndiaidh an dara duilleóige, agus da madh olc leis an léightheóir an litir nó teagar, tuigeadh nach easbaidh dúthrachta acht deifir fo deara etc.
DON OGLACHAS. Is eadh as óglachas ann, gné dhána in nach mbí acht sgáile dána, a gcompráid an dána dhírigh, nach mór an K. ceart iarras. Is éidir a déanamh ar aithris gacha h-aisde. Ar a shon sin is iad Aisdeadha re na gnáithidhe bheith ag dialladh don óglácus .i. Deibhidhe, Seadhna, Rannuigheacht Mhór agus Rannuigheacht Bheag, agus gné eile in a mbí an chéad cheathromha cosmhail re Casbhairn, agus an dara ceathramha cosmhail re Rannoi- gheacht mBig, mar so: A Dhuibhgil an gcluin tú an gháir Sa toighse amuigh go mór-dháil? Ní binn lais gach cluais do chluin Gáir bhainnse Mhic I Dháloigh. An uair bhíos ar lorg Deibhidhe ní iarrann do cheart acht Rinn agus Airdrinn amháin, agus is ionann lais bheith brisde no slán, agus is é ainm ghoirthear dhíobh- san san Ogláchas amus; agus bí an t-amus K. ar uairibh i n-áit reanna agus airdreanna, go mór-mhór san tSeóladh. Dhá fhocal fhoghnas d'amus, mar so: Buan a mhairg do Chorc Cláire Is do mhórshluagh na Máighe. agus ar uairibh eile bí an Rinn 'na focal én-shiolla ag teacht mar amus re siolla déigheanach focail trí siolla mar airdrinn, mar so: Borb a threathan ar gach tráigh Niall mac Eachach Muighmheadháin. cuid oile bhíos de ar aithris Sédna, iarraidh amus an dá bhrághad agus dá gcurthar amus re focal an dá shiolla is feirrde é, agus do nithear gan é, mar so: Gabh a Shíle anaghaidh haignidh Ionar fallaing feiléd sróil Lean don cheard ar ar chrom Áine Tuill bonn taille mar nac cóir.
An chuid bhíos ar aithris Rannuigheachta Móire ní iarrann acht focal éigin aoinsiolla air nach gcuireann beann a bheith 'na uaithne brisde nó slán, nó gan a bheith, acht nach rabhoid 'na n-amus do bheith ar deireadh gach ceath- romhan, agus gach leathrann. Gidheadh caithfidh amus do bheith re focal déigheanach na céd-cheathromhan a náit éigin a gcreataigh na ceathromhan déigheanaighe. ut. Do bheuradh Seaan a Bhál A chead do chách bheith amuigh. Acht cheana dá raibh Seoladh ris caithfidh focal déigheanach an dá leathrann teacht re chéile a namas ut. Dá leigtí go suaimhneach dó Dhá dhigh nó trí dh'ól da chuid, Do bheuradh Seaán a Bhál A chead do chách bheith amuigh. An chuid de leanas Rannuigheacht mBig, ionann deanamh dhí agus don chuid leanas Rannuigheacht Mhór, acht gur ab focail dhá shiolla bhíos ar deireadh gach ceathromhan disi mar so: Ní chluinim sin a chláirseach Fuaras paidheadh am' éisteacht Do bheir Dia a n-íoc a dhochair Roinn sochair do gach éinneach. Ar do chláirsigh go ndunne Ní bhí mo shúile acht druite Ionann leam agus a claisdin Do lámha dfhaicsin uirre. An chuid don óglachas ag a mbí an chéad cheathromha cosmail le Casbhairn, agus an dara ceathromha ré Rann- aigheacht mBig, ní bhfuil do dhéanamh uirre acht an dá
fhocal treshiollach sin an roinn do theacht re chéile dh'amas, agus an dá fhocal deshiollach do theacht re chéile dh'amas mar an gcéadna. ut. Slán uaim don dá aodhaire Go bhfuil a n-earr 'na dtosach d'uamhain fhir na saobhthuicsi Ní bhiú ní as sia dá nochtadh. Finit.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services