Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Prosodia na Gaedhilge

Title
Prosodia na Gaedhilge
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
An Craoibhín
Composition Date
1710
Publisher
(B.Á.C.: Ollsgoil na hÉireann, 1932)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


TRACHTADH BEG AR PHROSODIA NA GAOIDHILGE
DÁ NGOIRTEAR FILIDHEACHT NO FEARACHT DÁNA.



Aseadh as prosodia ann .i. eólas déanmha dána in a
dhualgas féin.



Aseadh as dán ann comhrádh comair ciallmhar ceólmhar
iar na chuibhriughadh fa theórannaibh cinnte go n-airithe
airmhe siolladh agus coimhtheachta fóghar, agus sínteadh.



Atáid tri shóirt dána ag an nGaedhilg mar atá Dán
Díreach, Bruilingeacht, agus Ogláchas. Acht cheana is ar
an nDán nDíreach laibheóram, óir dá mbeith a eólas ag
neach ní fhuil dócamhal i bhfoghluim eólais na Bruilin-
geachta ná an Ogláchais, etc.



D'AISTIBH AN DÁNA DHÍRIGH.



Ag leigean thorainn labhairt ar chorr-aistibh nó ar
fho-aistibh iomadamhla an Dána Dhírigh, - atáid cúig
príomh-aiste ann, .i. Deibhidhe, Séadna, Rannuigheacht
Mhór, Casbhairn, agus Rannuigheacht Bheag. etc.



D'EALADHNAIBH NO DO RIACHTANASAIBH AN
DÁNA DHÍRIGH.



Atáid seacht riachtanais aige .i. Nuimhir ceathramhan,
Cinnteacht siolladh in gach ceathramhain, Uaim, Comhar-
dadh, Rinn agus Áird-rinn, Uaithne agus Ceann.
Atá an t-ochtmhadh ní ann as gnáthach san dánacht gé tig
thairis .i. Urlann.



Atáid na ceithre céad-riachtanais díobh sin coitcheann
ag an uile aiste agus ní bhíd na trí riachtanais dhéighean-


L. 147


nacha acht leannánta ag aistibh d'airithe, mar so
síos.



Rinn agus Airdrinn ag Deibhidhe
Uaithne ag Rannuigheacht Mhóir agus ag Casbhairn.
Ceann ag Rannuigheacht Bhig agus ag Sédna.



DO'N CHEATHRAMhAIN.



Aseadh as ceathromha ann, nuimhir focal i bhfochair
aroile, agus in a mbíonn uimhir cinnte siolladh, agus
téid dá cheathramhain san leathrann agus dá leathrann
san Rann, agus an uimhir rann as áil le neach in a
dhán.



An tan chuirthear an rann i bhfochair aroile, "Leath-
rann "isna h-adhmadaibh, "Comhad" isna duanaibh
goirthear do'n leith dhéigheanaigh de, agus Seóladh
do'n leith tosaigh, in gach cuid aca. Agus ó do
labhramar ar adhmadaibh agus ar dhuanaibh inneósam a
n-eidirdheiliughadh. Aseadh as Duan ann .i. Dán
'na mbí gach aon rann go n-a chéill féin, ann féin, go
h-iomlán, gan coimhcheangal céille ná siolla ó aon
rann oile, agus gach comhad dé go gcéill iomlán ann
féin gan riachtanas conganta ó'n tSeóladh da sgarthaoi
é féin agus an Seóladh re roile. Acht gé bhíos ceangal
céille eatorra an uair bhíd araon, agus nach iomlán an
chiall do bhéadh san tSeóladh i n-éagmhais an leath-
rainn .....
.......
óir a'ndiaidh an chomhaid do bheith déanta cumthar an
Seóladh ris dá réir fein, agus is é ba chúrsa saothruighthe


L. 148


do cách suim dh'airithe do dhéanamh ar gach aiste dhíobh
sin thuas, etc.



An t-Adhmad, cheana, dán sin do níodh an file infheadhma
ar théama dh'airithe nó ar shlightibh dh'airithe do réir
aigeanta an fhile, mar do thogradh féin, agus bí coimhéad
na sligheadh sin ar fad san Adhmad, amhail bhíos san
óráid. Bí an Seóladh agus an Leath-rann ag tabhairt
céille d'á chéile agus is minic nach mbiaidh ciall san
leathrann gan congnamh an tSeóladh, agus na roinn ag
ceangal céille ré chéile mar is gnáthuighe, ar son gur
gnáthach gach rann iomlán ann féin. Agus de bhrigh nach
bhfuil dócamhal i ndéanamh na Seóladh i bhfarradh na
gComhad nó na Leathrann ar gach aiste, laibheóram ar
tús ar dhéanamh na leathrann ar gach aiste, agus 'na
dhiaidh sin laibheóram ar na Seóltaibh amhail do labra-
mar ar an gcuid oile de na riachtaanasaibh.



DO'N CINNTEACHT SIOLLADH.



Aseadh as cinnteacht siolladh ann, seacht siolla
gan bháthadh do bheith in gach ceathramhain de gach aiste
de'n Dán Díreach, mar so:



"Iomdha sgél maith ar Mhuire" etc. acht Séadna, ag
a mbí ocht siolla san chéad-ceathramhain de'n tSeóladh
agus de'n Leathrann, mar so: "Mairg fheuchas ar Inis
Ceithleann."



DON BHATHADH GUTHAIDhE FHILEATA.



De bhrigh go dteagmhann an báthadh guthaidhe sin go
minic isna ceathramhnaibh agus nach féidir do neach é
féin do coimhéad air, muna bheith eólas aige, do conncas
dúinn labhairt annso air, amhail do gheallamar, agus
ar tús ar na riachtanasaibh.



Atáid ceithre riachtanais aige, .i. focal comhardaigh
chríochnaigheas a nguthaidhe, agus iarmbéarla thionns-
gnas ó ghuthaidhe, agus an focal comhardaigh do beith i
dtosach go neimh-inmheadhonach, agus an guthaidhe deiridh


L. 149


sin an fhocail agus an guthaidhe-tosaigh an iarmbéarla
do bheith gearr mar so



. . . . . . . . .
. . . . . . . . .



Gidheadh an uair bhíos guthaidhe deiridh an fhocail gearr,
agus guthaidhe tosaigh an iarmbéarla fada, is éidir
báthadh guthaidhe do dhéanamh nó gan a dhéanamh, mar so:



Fuaireas bogha ó Bhrian Bhuidhe
Fuareas bogha ó Bhrian óg



Acht ceana is báidhte is fearr é, óir ní gnáthach -
bíodh go mbadh ion-chosanta - gan báthadh é. Mar an
gcéadna da rabhaid an dá ghuthaidhe fada ní cóir a
mbáthadh: mar so:



. . . . .



DON UAIM.



Aseadh as Uaim ann, dhá fhocal, nach iarmbéarla,
da gach ceathromhain do thionnsgnamh ó ghuthaidhe
éigin, nó ó chonsoine ionann, mar so:



Iomdha sgéal maith ar Mhuire
Fa moltar a miorbhuile,
Do ghéabh ar an óigh n-iodhoin
Scéal is cóir do chreideamhoin.



Atáid dhá ghné Úama ann, .i. fíor-Uaim agus Uaim-
Ghnúise. Fíor-Uaim .i. an dá fhocal déigheanach de'n
cheathramhain do dhéanamh Uama. Uaim-Ghnúise .i. an
dá fhocal is foigse do'n fhocal déigheanach de'n cheathra-
mhain do dhéanamh Uama; mar so:



"d'fhior cogaidh comhailltear síothcháin "



Acht cheana, tabhair do d'aire nach déan agus nach


L. 150


dtoirmisg Iarmbéarla Uaim, agus nach déantar Comh-
arda, Uaithne, Rinn, ná Airdrinn re h-Iarmbéarla.



Fóghnaidh gach uaim aca ar son a chéile in gach ceathra-
mhain, acht an cheathramha dhéigheanach de'n Leathrann, in
nach cóir acht Fíor-Uaim. Coimhéad mar an gcéadna
nach bhfóghnann - bíodh nach biadh lochtach - iarmbéarla
ar bith do theacht idir an Uaim Ghnúise agus focal
déigheanach na ceathramhan; mar so:



"Do chosnas comha nár mhaith, etc."



óir goirid an t-aos dána "Uaim Gharbh" no "Gnúis
Gharb" dí sin.



Is amhlaidh seachantar sin, an focal déigheanach do
bheith 'na ainmnightheach ag an mbréithir, ut.



"d'fhior cogaidh comhailtear síothcháin "
vel e contra, ut



"An cogadh ceart bhuadhaigheas"
nó 'na aicid ag substaint mar so,



"Gabham chugam connradh maith,"
nó 'na shubstaint ag aicid, ut.



"Ní fear mise as maith connradh"
nó 'na ghenedil ó shubstaint eile, ut



"Ní comhtrom cogadh Banbha,"



"Ag sin mac na mná tighe."
nó 'na bréithir indiaidh anma air a ndéan gníomh, mar so:



"As breaghdha an bheansain loitim,"
nó 'na shubstaint san chás ghearánach stiurfaighear ó
bhréithir ghníomhaigh, mar so:



"Ní beódha laoch loiteas mnaoi," etc.



Ní bhacann Urdhubhadh ná Séimhiughadh ná Lomadh
Uaim, acht so in ár ndiaidh .i. an uair thig "h" ar "p"


L. 151


is eadh as séimhiughadh dhó "f," agus mar sin is "f"
do gní Uaim ris, mar sin, ut



"Admhaim duit mo pheacadh féin."



Gach ionadh in a dteangmhann "h" ar "f" is
leis an litir is neasa dhí do nithear Uaim, má's consoine
nó guthaidhe í; mar so:



"Tagair liom a Fhlaith Éirne"

"Tagair liom a Fhlaith Life."



Agus S: is éagsamhail ó na litribh eile, mar do níthear
Uaim ria, etc. Ar tús ní dhéantar Uaim idir
S agus ceachtar díobh so .i. B D G M, ná re litir ar
bith acht ris an litir gcéadna. Mar an gcéadna ní
dhéantar Uaim idir T S indiaidh an phairteagoil "an"
acht san módh gcéadna. Gidheadh fóghnaidh an uile S ar a
dtig T indiaidh an phairteagail chéadna d'uaim re chéile.



Mar an gcéadna ní cóir S ar SH, acht dhá SH nó dhá
S nó dhá TS .



Mar an gcéadna nuair bhíos SH nó S rompa
so L N R ní dhéantar uaim léi acht SH nó S rés
an litir gcéadna.



DON CHOMHARDADH.



Sul laibheóram ar thuarasgbháil an Chomhardaigh caith-
feam labhairt ar dhá ní .i. ar roinn fileata na gconsoin-
eadh maille re n-a n-uaisle féin thar a chéile, agus ar
na Síntibh, óir dogníd na fileadha aithearrach ranna
ar na consoinibh tar mar a dubhramar, ag gairm
consoineadh ar leith do na consoinibh, ar ngabhail
séimhighthe, dúbluighthe, agus cumaisg, mar so síos.


L. 152


Atá cúig sórt consoine ann, d'á ngoirthear BOG,
CRUAIDH, GARBH, TEANN, agus ÉADTROM, agus S
nac d'éan-tsórt díobh, óir is eadh ghoireas an Ghaedhealg
consoine aimrid di, ar an ádhbhar nach cóir do chomhardadh
ria acht í féin, sna crothaibh a mbí, amhail adubhramar.



Na trí consoine Boga. C. P. T.
Na trí consoine Cruaidhe B. D. G.
Na trí consoine Garbha CH. TH F.
Na cúig consoine Teanna, mar atá, RR. LL. NN.
M. NG.
Na seacht gconsoine Éadtroma, mar atá:
DH. GH. BH. MH. R. L. N.



Agus dobheirid na filidh barr uaisle agus ceannais
do chuid díobh seach aroile, mar atáid ar n-a suidhiughadh
síos ann so, .i. gach cuid díobh is uaisle ar tús.



Ar tús a deirid gurab í S ríoghan na gconsoine.
Na trí consoine Boga iar sin. Na trí consoine
Cruaidhe iaramh, na trí consoine Garbha iaramh, na
cúig consoine Teanna iar sin, agus na seacht gconsoine
Éadtroma fa dheóigh.



Tabhair do t'aire gurab annamh bhíos M fada acht i
ndeireadh focail mar so "Atám" "mám" etc. agus
gurab annamh bhíos mar sin, féin, óir is amhlaidh bhíd
na consoine Teanna ar dheireadh focail ar n-a gcana-
mhain go meadhon, mar laibheóram 'na dhiaigh so, 'na
n-áit féin.



Atáid trí sínte ann, .i. Síneadh fada, Síneadh
gearr, Síneadh Meadhonach. Síneadh fada .i. an siolla
do chanamhain go fada mar so: "Bás" "Rós,"
"Fís." Síneadh gearr nuair atá an siolla do chanamhain
go gearr mar so "Bas, Ros, Cailc Fios, Lios etc.
Síneadh meadhonach mar atá an siolla do chanamhain
gan bheith fada uile ná gearr uile, mar so, "Cainn-
teach" "barr" "geall" "Donn."


L. 153



Is lór sin anois ar na Síntibh, acht is mian linn
tuillemh foirceadail do thabhairt uainn orra, acht go
roicheam chuige.



DO ROINN AN CHOMHARDA AGUS DA
THUARASGBAIL.



Atá dhá shórt comhardaidh ann, mar atá: Comhardadh
Slán agus Comhardadh Brisde. Is eadh is Comhardadh
Slán ann .i. gach focal do dhá fhocal do bheir coimh-
theacht d'á chéile i n-uimhir siolladh agus i n-ionannas
guthaidhe agus fa dtuigthear Cumasg i n-ionamhlacht
consoineadh d'aon tsórt nó consoineadh chudrumas
iad, agus sin do réir uird na siolladh, acht amháin con-
soinidh tosaigh na bhfocal nach iarrann coimhtheacht do
chonsoinibh ar bith, acht amháin an uair theagmhas nuimhir
is mó iná dá chonsoine i bhfochair aroile gurab cuma cia
an t-eagar air a dtiobharthar coimhtheacht dóibh, acht go
raibhe coimhtheachtacha.



C. roc. P. sop. T. lot.
B. ab. D. gad. G. lag.
CH. deachmaidh. TH. do leathnoid. F. leanfuidh.
LL. ball. RR. barr. NN. gann.
M. am. NG. bang.
BH. taobh. DH. Aodh. GH. laogh.
MH. caomh. R. saor. L. daol. N. faon.
is cóir iad sin thuas do chomhardadh.



Atá cuid de na coinsoinibh, an uair theagmhas i bhfochair
consoineadh dh'airithe iad athruigheas a mbrigh nó a


L. 154


nádúir díleas féin do chum comharda do dhéanamh, ar a
laibheóram arís.



Aseadh as Comhardadh Brisde ann, dhá fhocal do
bheir coimhtheacht d'a chéile i n-uimhir siolladh agus i n-ionamha-
lacht guthaidhe agus sínteadh mar an gComhardadh Slán,
gidheadh nach déan condas fa chonsoinibh a dtaobh
sóirt na nuimhre, acht amháin nach consoineadh fhoghnas
do Chomhardadh Slán bhíos ann. Ní bhacann fós consoin
do bheith ar deireadh focail, agus deireadh an fhocail eile
do bheith i nguthaidhe, mar so:



"Ba: Blas". nó "Cas: Tlacht."
nó "Aoi: Aois" nó "Blaoisg: Baois."



DO'N RINN agus DO'N AIRDRINN.



Aseadh as Rinn agus as Airdrinn ann .i. dhá fhocal,
agus focal díobh níos faide d'aon shiolla iná an dara
focal do-bheir coimhtheacht mar chomhardadh d'á chéile
ó'n gcéad-shiolla amach de'n fhocal is faide dhíobh,
agus goirthear Rinn do'n fhocal is giorra agus Aird-
rinn do'n fhocal is faide, mar so.



Rinn. Aird-rinn.
Glas Sonas
Tachar Cuartachadh
Gabaidh Fuarabhair.



UAITHNE. CEANN. URLAINN.
DO'N UAITHNE.



Aseadh as Uaithne ann, dá fhocal do-bheir coimhtheacht
d'á chéile, mar an gcómhardadh, acht i n-ionannas na
nguthaithe amháin, agus iarraidh an t-Uaithne coimh-
theacht leithne agus caoile isna guthaidhibh agus i ndeireadh
na gcumasg, mar so.



"Caol, maol, tréan, fal, fial" etc. Acht cheana,


L. 155


má 's focal il-shiollach bhíos ann, ní beag leis
coimteacht caoile agus leithne do bheith san tsiolla
dhéigheanach dhíobh, mar so:



"Adhbha" agus "biodhbha "
"Inmhe" agus "doinmhe "
"or-mhaille" agus "seanrighe"



DO'N CHEANN.



Aseadh is Ceann ann, focal én-shiolla iarras an
cheathroma dhéigheanach de'n tSédna do bheith 'na fhocal
dhéigheanach aice.



DO'N URLAINN.



Aseadh as Urlann ann, .i. focal bhíos i dtús na céad-
cheathromhan re 'n ab éidir gan comhardadh do chur.
Agus an uair nach bí Urlann san leath-rann, "Láin-
déanamh" goirthear do'n leath-rann.



DE NA HAISTIBH AR TUS, AGUS DO'N DEIBIDhE
CÉADUS.



Aseadh as deibhidhe ann .i aiste chríochnuigheas an
chéad-cheathromha dhí i Rinn, agus an ceathramha dhéigheanach
i n-Airdrinn; agus iarras comhardadh ris gach focal
de'n cheathramhain dhéigheanaigh, ó sin amach, do bheith
san chéad-cheathromhain; óir ní bhí aon fhocal i gceath-
ramhoin dhéigheanaigh leath-roinn ar bith, taobh amuigh de'n
fhocal dhéigheanach, nach éigin comhardadh do bheith ris san
chéad-cheathromhain, ná aon fhocal san chéad cheathromhain,
taobh amuigh de'n Urlann, nach éigin comardadh nó
Áirdrinn do bheith ris san ceathromhain dhéigheanaigh.


L. 156


Acht cheana, ní h-iarrthar san t-seóladh acht Rinn agus
Airdrinn amháin do chomhardadh ar bith, mar so.



Oglách do bhí ag Muire mhóir
Nach dtug eiteach na honóir
Leis nár b'áil do'n uile bhan
Amháin acht Muire Máthar.



DO'N TSÉDNA.



Aseadh as Sédna ann, aisde ag a mbí ocht siolla san
chéid-cheathromhain de'n leathrann agus a seacht san
dara ceathromhain, agus chríochnuigheas an gcéad
ceathromhain i bhfocal dá shiolla, agus an gceathromhain
ndéagheanuigh i bhfocal én-shiolla i ndiaidh focail
dói-shiollaidh. etc. Ní gnáth againn an doishiolla thuas
go déshiollabhach. Adeir uraicheapt go neimhin-
meadhonach muna raibhe iarmbéarla eatorra, mar so:



Rí na ndúl an rí do roighne
Do-ní úr de'n choinnle chríon,





Maighre geal fá eitibh eala
d'eitil re bhfear ttreagha téid.



agus is do'n fhocal én-shiolla sin goirthear Bráighe.
Agus an uair bhíos iarmbéarla eidir an mBrághaid
agus an focal doi-shiollach sin roimhe adeirthear Bráighe
briste ris, agus tógthar mar bhinib gion go gcuirthear
mar locht ar an tSédna é, ut:



Cuimhnigh go bhfuil a rí id' rolla
Fuil na dtrí gColla ar do chúl.



Gidheadh, má 's iarmbéarla é cheangaltar re báthadh
na nguthaidhe san bhfocal én-shiolla sin bhíos ar


L. 157


deireadh, fógnaidh amhail nach biadh ann ar én-chor,
mar so:



Is iongnadh ag fior i bhfomhoir
Ciodh fá ttiobhradh onóir d'Aodh.





Iomda file 'gá bhfuil eige
'Gá fighe i dtoigh oide d'Eóin.



Is amhlaidh bhíos Seoladh na Sédna .i. Ocht siolla san
chéd-cheathromhain, agus focal doi-shiolach ar deireadh,
agus seacht siolla san dara ceathromhain agus focal
én-shiolla fá deireadh innti, gan cúntas créad é an
focal bhíos roimhe ni h-ionann agus an leath-rann
agus an Uaim idir én-shiolla dhéigheanach an tSeólta
do choimhtheacht i gcomharda rís an mBrághaid mar
so, etc.



Trí gártha is gnáth 'na dhúnadh
Dúnadh árd 'n a n-ibhthear corm,
Gáir na stéad i ndáil na ndeighfhear
Gáir théad 's gáir na ngeimheal ngorm.



DO'N RANNUIGhEACHT MHOIR.



Aseadh as Rannuigheáct Mhór ann .i. Aisde chríoch-
nuigheas gach ceathroma i bhfocal én-shiolla, agus in a mbí
coimhtheacht Uaithne ag dá fhocal déigheanach an dá cheath-
romhain, agus comhardadh re h-Uaithne na chéd cheathromhain
san ceathromhain dhéigheanaigh, mar so:



Do bheir baing béime ar mo bhladh
Druim do char re féile ag fior.


L. 158




Ní héidir don ghuidhe ghnáth
Tráth éigin nach bhfuige fiach.





Tar ais mar do fhéuch Coll
Breac na bharr lais ón lionn.



Is amhlaidh curthar Seóladh ris .i. dá cheathramhoin do
chur re chéile agus focal déigheanach gach ceathromhan díobh
ag teacht re chéile mar Uaithne, agus Comhardadh Slán
nó Brisde, ris gach focal eile do'n dara ceathromhain
do bheith san chéd-cheathromhain, agus focal déigheanach
do dhara ceathromhain an tSeolaidh do theacht i
gcomharda an leath-roinn mar so



File dhá gcarann Chloinn tTáil
Ní anann ag Droing da dheoin.



Maighre taghaill mara mhóir
Foill ar abhainn tana a treóir.





Dealg atháloidh othras Taidhg,
Dar n-antráthaibh tochta an tuilg,
Créacht oile ar fheól-fhogail ndeilg
Loighe an deirg bheó-ghonaigh bhuirb.



Act cheana, ní dhligh Uaithne na céad cheathromhan don
tSeoladh coimhtheacht a gcomhardadh ré haon fhocal don
rann uile.



DON CHASBHAIRNN.



Aseadh as Casbhairnn ann .i. aisde chríochnuigheas gach
ceathromha a bhfocal trí siolladh, choimhthig re aroile
d 'uaithne, mar so.



Puirt ríogh Achaidh Fhionnlogha
Síodh Chathail a gcomhladha,
Dá ghoin d'airm í Iughaine
Do mhairbh soin an siodhuighe.



Is amhlaidh cuirthear seoladh ria .i. dá cheathromhain


L. 159


do chur re chéile aga mbia uaithne agus do nós na Rann-
uigheachta Móire .i. focal déigheanach an dara ceath-
romhan don tSeóladh do theacht re focal déigheanach an
leathrainn, mar comhardadh, mar so:



Is í an eacluis aoibhneasa
In measroigh a miangusa
Sriobh tre tholchoibh taobhghlasa
Na arthain d'fhior fiabhrasa.



DON RANNUIGHEACHT BHIG.



Is ionann déanamh don Rannuigheacht mhóir agus don
Rannuigheacht Bhig, mar adubhramar; acht gur ab focal
doishiollach bhíos ar deireadh gach ceathromhan don Rannui-
gheacht Bhig, ut



Do teannadh re digh ndrúchta
Idh lúbtha um ceangal gcéachta.




Sreabh go bruach na broin mhaighrea
Do luach tfailgeadh n-óir dh'ionladh.




Bás ó Ghearóid ban gorngha
Cros comhdha seanfóid Sadhbha.



Ionann modh air a gcurthar seoladh ria agus ris an Rannui-
geacht Mhóir acht eidirdheiliughadh na bhfocal n-aoin-
shiolladh agus doisiollach i ndeireadh na gceathromhan
mar so. M.



Rogha na cloinne Conall
Togha na droinge a dearam,
Tolg dar seoladh rug romham reomhuinn M.
Conall tug d'Eoghan fearann.


L. 160


Atá ní eile a deirthior do bheith 'na riachdanus ar
dhán .i. dúnadh nó iadhadh, an uair curthar nuimhir rann
re roile, madh a nduan nó a n-adhmad. Agus is eadh
as dúnadh ann, .i. gidh bé rann, leathrann, nó ceath-
romhadh, focal nó cuid de, madh aonshiolla nó nísa
lia nó litir le a dtionsgain an dán, a chríochnughadh
san ní céadna etc.



Do na consoinibh ar ar labhramar, chudramaigheas
nó do ní áit consoine d'aonsórt.



Atáid consoinidh dhairidhe ann an uair theagmhas re
cneas consoine dhairidhe eile iad athruigheas a mbrigh
nadúra féin, K. agus M. a mbrigh chonsoineadh do shórt
oile, mar laibheóram síos ann so.



Acht cheana sul laibheóram orra tabhair na riaghlaca
so síos do t'aire, as an leabhair ceapaireachta -
mar fúndamént.



1. Ar ttús ní cóir consoine comharda K. 'na aonar
acht re consoine dá aicme féin.
2. Ní bhí feidhm M. comardaidh do chonsoineibh ar
ní sa lia 'ná dhá chonsoine ar gach taobh, mar so: "Na
lúibsean" agus "drúichtsgreamh," cóir do chomh-
ardadh re a roile.
3. Acht so síos. Fuilngidh dhá chonsoine éadroma K.
a bhfocal gac M. a mbí san bhfocal eile do chonsoinibh
teanna agus éttroma do chomhardadh ris. Ut. "Foghmhar"
agus "gormglan." Cóir do chomhardadh.
4. Ní théid S na consoine bhog do bharr a comhardadh
mar is follus orra so síos atá lochdach.



Nír loisg don toisg sin na tighthe
Loisgfidh don toisg oile iad.


L. 161



Daoine bhan gcaisgsin gan crodh
San raithsin craoibh Cruachan fuil.
.i. iar mbás craoibhe cruachan sin. agus as olc baoi a
bromanach air.



5. Fuilngidh an Consoine bog consoine cruaidhe,
teanna nó éttroma, mar aon ris. Dá mhéad díobh
theagmhas 'na fhochair a bhfocal don chomhardadh agus do níd
coimhtheacht re consoine mbog agus gidh bé ar bith con-
soine ele K. é acht K. nach p bhiad K. na
fhochair mar so "Seachtmhain" "leantar," cóir do
don, M. chomhardadh, "geangtnúith" agus "seantuir."



6. Brigh consoine éttroime bhíos ag consoine
garbh re cneas consoine bhuig, mar so falc
"tacmhong," "slatcholl."



7. Gach áit in a mbí consoine cruaidhe agus consoine
gharbh re cneas a chéile, as eadh bhíos ag an gconsoine
chruaidh brigh consoine bhuig, agus ag an gconsoine
gairbh brigh consoine éttroim, mar so: "Gadchor,"
"bratrodh," bratradh M.



8. Gach áit a mbí .ch. re cneas S., roimpe nó na
diaidh, brigh consoine éttroim bhíos aige mar so.
"An teachso" agus "an fearso"; cóir mar
chomhardadh iad. "Cneascaomh" agus "treaslaogh" cóir
mar chomhardadh iad amhlaidh.



9. Do ní S cumhachta oile mar so; boguigh sí na cúig
consoine, mar atá dh, th, b, d, g, roimpe, agus
cruaidhighidh sí trí consoine na diaidh go neimhinmheadhonach,
.i. ch th agus c. a nén chás, da ngoirthear "c. cumaisg,"


L. 162


agus isé as "c. cumaisg" ann an tan théid .g.
dheiridh focail a ndiaidh S go neimhinmheadhonach, agus .c.
thosaigh an fhocail eile a nén choll san chomh-fhocal
do réir riaghla na gcomhfhocal. Cruaidhaighidh an S an
C cumaisg sin, mar so "Fleasgorr," fleas-
góir, M. uatha so "fleasg" agus "corr." do
dhruim an bhogtha sin M. do ní S roimpe, is cóir na
focailsi uile do chomhardadh re roile .i. an "leathso"
agus an "fhleadhso," an "ceapso" agus "ceadso."
Agus ní cóir aon dá fhocal díobh do comharda. K.
re chéile sul dtig an S na ndiaidh, mar so "leath"
"fleadh," "ceap" "cead,": lochdach iad K. uile
mar comhardadh.



Cuirthear S deiridh fhocail agus S an s: M. bhairr
tig na diaidh K air a gcomhardadh le haon S amháin
mar so K. an "glassa" agus na "basa," agus cuirthear
consoine cruaidh agus consoine garbh re haon chonsoine
mbog .i. an uair thig .t. dheiridh focail re casadh a lár
an fhocail andiaidh .th. mar so "iota" na "diotdha"
nach ndearna "iota" "iongna."



Cuirthear mar an gcéadna dhá chonsoine éttroma an
uair as a gcasadh thig consoine éttrom aca agus aon
chonsoine éttrom a gcoimhtheacht comhardadh mar so.



"dol uaidhibh ní ba díor dhamh
For ghuailnibh ríogh as ríoghan."



Mar an gcéadna an uair thig da, an tsamhluighthe
andiaidh .l. nó .n. as consoine theann do chur ris a
gcoimhtheacht ag iompodh an .d. sin an da a litir
ionainn, agus an litir sin dheiridh an fhocal mar so.
"Urra" mar rinn re "saogallda" ag déanamh
"saogalla" dhe, nó consoine éttrom nó trom, agus


L. 163


consoine cruaidh do chur ris. Ag fulang don da
consoin K na riocht féin mar so "ordha" mar
rinn re "saoghalda".



Ó do labhramar an uiread sin air na consoinibh do
thaoibh na gcomhardadh, a deuram an beagán so ar na
guthaidhibh, etc.



An uair theagmhaid dá ghuthaidhe re cneas aroile
gearr is cóir an chéad ghuthaidhe dhíobh, más guthaidhe do
bhí gearr ariamh iad, mar so .i. "An Laud" an "gaud,"
cóir do chomhardadh. "An laud" "an diaud,"
lochdach do chomhardadh.



Do gheubha an foghlamach má do rinnemair dearmad
a ngnáthughadh leughtha oibreadh na suadh.



DON BHRUILINGEACHT.



Is é is bruilingheacht ann .i. dán iarras gach ní
iarras an dán díreach gan do dhealughadh eatorra in a
ndéanamh acht nach bhfoghnann san Bhruilingheacht acht
comhardadh brisde, fa a dtuigthear Rinn agus Aird-
rinn, agus Uaithne brisde mar so.



Aige choimealta na gclogad
An cloidheamhsa ag Cathal etc.



Níor labhramair ar Uaithne bhrisde mar do labhramar
ar an gComardadh brisde, do bhrigh nach raibhe áit san
dán díreach ag an Uaithne mbrisde, gidheadh ni fhuil ann
acht do nós an chomhardadh bhrisde fa na consoinibh;
do níthear an Bhruilingheacht ar gach aisde, mar an ndán
ndíreach. .UT.
Atá an t-óglachas nar smuain an t-ughdar
dfhágbhail amuigh a ndiaidh an dara duilleóige, agus da
madh olc leis an léightheóir an litir nó teagar, tuigeadh
nach easbaidh dúthrachta acht deifir fo deara etc.


L. 164


DON OGLACHAS.



Is eadh as óglachas ann, gné dhána in nach mbí acht
sgáile dána, a gcompráid an dána dhírigh, nach mór
an K. ceart iarras. Is éidir a déanamh ar aithris
gacha h-aisde. Ar a shon sin is iad Aisdeadha re na
gnáithidhe bheith ag dialladh don óglácus .i. Deibhidhe,
Seadhna, Rannuigheacht Mhór agus Rannuigheacht Bheag,
agus gné eile in a mbí an chéad cheathromha cosmhail re
Casbhairn, agus an dara ceathramha cosmhail re Rannoi-
gheacht mBig, mar so:



A Dhuibhgil an gcluin tú an gháir
Sa toighse amuigh go mór-dháil?
Ní binn lais gach cluais do chluin
Gáir bhainnse Mhic I Dháloigh.



An uair bhíos ar lorg Deibhidhe ní iarrann do cheart
acht Rinn agus Airdrinn amháin, agus is ionann lais
bheith brisde no slán, agus is é ainm ghoirthear dhíobh-
san san Ogláchas amus; agus bí an t-amus K. ar
uairibh i n-áit reanna agus airdreanna, go mór-mhór san
tSeóladh. Dhá fhocal fhoghnas d'amus, mar so:



Buan a mhairg do Chorc Cláire
Is do mhórshluagh na Máighe.



agus ar uairibh eile bí an Rinn 'na focal én-shiolla ag
teacht mar amus re siolla déigheanach focail trí siolla
mar airdrinn, mar so:



Borb a threathan ar gach tráigh
Niall mac Eachach Muighmheadháin.



cuid oile bhíos de ar aithris Sédna, iarraidh amus an dá
bhrághad agus dá gcurthar amus re focal an dá
shiolla is feirrde é, agus do nithear gan é, mar so:



Gabh a Shíle anaghaidh haignidh
Ionar fallaing feiléd sróil
Lean don cheard ar ar chrom Áine
Tuill bonn taille mar nac cóir.


L. 165


An chuid bhíos ar aithris Rannuigheachta Móire ní iarrann
acht focal éigin aoinsiolla air nach gcuireann beann a
bheith 'na uaithne brisde nó slán, nó gan a bheith, acht
nach rabhoid 'na n-amus do bheith ar deireadh gach ceath-
romhan, agus gach leathrann. Gidheadh caithfidh amus do
bheith re focal déigheanach na céd-cheathromhan a náit
éigin a gcreataigh na ceathromhan déigheanaighe. ut.



Do bheuradh Seaan a Bhál
A chead do chách bheith amuigh.



Acht cheana dá raibh Seoladh ris caithfidh focal déigheanach
an dá leathrann teacht re chéile a namas ut.



Dá leigtí go suaimhneach dó
Dhá dhigh nó trí dh'ól da chuid,
Do bheuradh Seaán a Bhál
A chead do chách bheith amuigh.



An chuid de leanas Rannuigheacht mBig, ionann
deanamh dhí agus don chuid leanas Rannuigheacht Mhór,
acht gur ab focail dhá shiolla bhíos ar deireadh gach
ceathromhan disi mar so:



Ní chluinim sin a chláirseach
Fuaras paidheadh am' éisteacht
Do bheir Dia a n-íoc a dhochair
Roinn sochair do gach éinneach.



Ar do chláirsigh go ndunne
Ní bhí mo shúile acht druite
Ionann leam agus a claisdin
Do lámha dfhaicsin uirre.



An chuid don óglachas ag a mbí an chéad cheathromha
cosmail le Casbhairn, agus an dara ceathromha ré Rann-
aigheacht mBig, ní bhfuil do dhéanamh uirre acht an dá


L. 166


fhocal treshiollach sin an roinn do theacht re chéile
dh'amas, agus an dá fhocal deshiollach do theacht
re chéile dh'amas mar an gcéadna. ut.



Slán uaim don dá aodhaire
Go bhfuil a n-earr 'na dtosach
d'uamhain fhir na saobhthuicsi
Ní bhiú ní as sia dá nochtadh.



Finit.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services