Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra an Amadáin Mhóir
Title
Eachtra an Amadáin Mhóir
Author(s)
An Craoibhín,
Compiler/Editor
Ó Rabhartaigh, Toirdhealbhach
Composition Date
1730
Publisher
(B.Á.C.: Ollsgoil na hÉireann, 1928)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Eachtra an Amadáin Mhóir. Ridire neartmhar nós-oirdhearc cródha céillíghe cuimhnech menmnach maisech mallrosgach díoghuin déidghel fosaidh foisdionach fír-ghlic badh dhearbhráthair do Rígh an Domhuin, agus is é do b'ainm do'n ridire sin .i. Ridire an Fhear- ainn Áluinn, do bhrígh go raibh fearann áluinn aige, agus as í badh ben do .i. inghíon Iarla Chornubas do Bhrethnachuibh. Agus is uime adeirthear an t-ainm sin fris .i. Ridire an Fhearainn Áluinn ó ttáid Innsi Bretan. Agus do bhí fairrge do thaobh dhe, agus foraois áluinn fhiadhaigh don taoibh eile don fherann sin, agus do bhí bruighen bhrégha bhioth-dhaingean annsa bhforaois sin, agus do thigdís na longa na láinthimp- chioll, gé go madh líonmhar láiniomdha do bheidís. Agus is amhlaidh do bhí an Ridire sin agus triúr mac aige, agus do bhí ríghphearsa ag gach mac díobh. Agus is amhlaidh do bhí siad go raibh sáith Rígh an Domhuin do mhacaibh a ngach mac díobh, agus ní raibh acht aonmhac ag an Rígh. Mar sin dóibh go raibh an Ridire agus a chlann ag imirt fithchille re aroile. Annsin do labhair an mac badh sine do chloinn an Ridire agus aseadh adubhairt, "A athair ghrádha," ar sé, "is olc linne gan tusa do bheith ad'righ ar an domhan, ar chor gomadh clann ríogh do goirfídhe dhínn féin." "Créad uim a n-abar- thaoi, a mhaca ionmhuine," ar sé, "óir atáid clanna ríogh agus ró-thíghearnuidhe an domhuin ar an mBórd Cruinn ré hamharc agus ré hárdfhoghluim cleasa goile agus gaisgidh d'imirt agus d'fhoghluim gacha blíadhna, agus créd dob áill libhsi do dhéanamh uim an ádbhar sin," ar sé? "Dob'áill linn," ar siad, "bheith ag feithiomh ar Ching Artúr go cenn blíaghna nó go bhfagham 'na uathaidh agus na aonar é, a ndíth a
shlóigh agus a shochuidhe, agus cath d'fhógair air, agus is geis dósan cath d 'obadh agus tuitfidh féin go n-a mhuinntir linne agus goir- fíghear rígh dhíotsa agus clann rígh dhínne, óir atámaoid triúr mac agadsa, agus ní bhfuil ag an Rígh acht aon mhac amháin." Do rinneadar amhlaidh sin, oir do bhádar ag feithiomh ar an Rígh go cenn blíaghna go bhfuaradar na úathaidh agus na aonar é, agus ró fhógradar cath air, agus do thug san sin dóibh, agus ró cuireadh an cath go buan láidir, dibhlionnach. Acht atá aon ní cheana. Do cuireadh an cath, mar badh chóir, orthasan, óir do marbhadh clann an Ridire ré Cing Artúr, agus do gabhadh é féin re muinntir an Rígh, agus do thugadar cen- guilte cruadh-chuibhrigthe a bhfiadhnaise an Rígh é, agus d'fhiaf- ruigh a mhuinntir do'n Rígh créad do dhénadaois ris, nó créad an bás do himeórthaidhe ar an Ridire. "Sgaoil- tear de," ar an Rígh "agus curtar a mesg a mhuinntire féin é." Do rinneadh amhlaidh sin agus tar éis an Ridire do dhul a mesg a mhuintire féin, do bhí go dúbhach dobhrónach tuirsech déarach aithmhélach a ndiaigh a dhroich-chinneamhna, agus ró fhiaf- ruigh a mhuinntear dhe nárbh í cúmha a chloinne do bhí air. Adubhairt an Ridire nárbh eadh, acht an toirchios do bhí a mbroinn a mhná. "Ar an ádhbhar sin," ar sé, "dá mbeireadh sí mac agus go gcluinfedh sé bás a dhearbhráithre do chuirfedh sé roimhe díoghaltas do dhenam ionnta, agus tuitfidh sé féin, mar do thuiteadar a dhearbhráithre roimhe; agus ag sin ádhbhar mo thuirsi agus mo dhobróin," ar an Ridire. Agus do rinnes comhairle, madh comhairle libhsi é, óir atá foraois áluinn iongantach agam," ar sé, "iona mbí bíadh agus deoch do ghnáith, agus dob' áil liom mo bhen féin agus ben eile do chur san bhforaois sin agus léigion dóibh go h-am tuis- mighthe an toirchis, agus madh nighean do bhéara sí gan duine ar bith dá lúadh nó dá labhairt, agus a techt a mesg mo theghlaigh arís, agus madh mac do bhéaras a oileamhain gan mhothughadh gan iomrádh, acht mar nach dtiocfadh san t-saoghal, agus bheith dá oileamhain mar nach dtiocfadh ar an ttalamh, mar nach bhfaicfeadh slóg nó sochuidhe é, agus mar nach bhféadfadh lúth nó lámhach nó clesa goile no gaisge d'imirt nó d'fhóghluim,
nó go ndéntar amadán droich-cheillíghe díothchoisgthe dhe." "Ní chúalamar ríamh comhairle badh fhearr 'ná sin," ar a mhuinntir fris, agus do cinneadh an chomhairle sin leó. Agus do chuireadar ben an Ridire agus ben eile dochum na foraoisi, agus do rug ben an Ridire mac. Agus do sguireadh do thaithídhe na foraoise ó sin amach agus ró hoileadh go hiongantach allata árd-uaibhrech an lenbh go cenn a shecht mbliaghain. Agus adubhairt banaltra an leinbh ré mnaoi an Ridire, "Atá mac agam féin," ar sí, "agus as mór an cennach dham ar mac mná eile gan mo mhac féin d'fhaicsin." "Éirghe na dhiaidh," ar ben an Ridire, "agus tabhair let é, agus na léig éan- duine eile let acht é féin." Téid an bhuime d'fhios an leinbh gus an ccathraigh a raibh sé, agus d'fhiafruigh an mac dá mháthair cá háit a mbíodh sí do bhunadh. "Gibé áit a mbím," ar sí, "ní bhiaidh a fhios agadsa nó ag nech dá mairenn." Agus do ghluais roimpe, agus do len an mac beg í gan fhios, agus ní fhacaigh an mháthair é go ráinig an bhruighion. Do éirigh mac an Ridire agus do chuir a dhá láimh timpchioll mic na ban- altrann. "Léig amach mé," ar mac na banaltrann, "nó brisfidh tú mo chroidhe am chliabh." "Is egla liom go mill- fidh an Ridire sinn ar aon," ar ben an Ridire, "tré mar do léig tú an mac beg let." As annsin ró éirigh an t-Amadán Mór iona shesamh agus do chonnairc an mac beg eile, agus do rug air, agus níor fédadh a sgaradh ó a chéile go cenn imchian d'aimsir. Lá n-aon dár éirigh an t-A. M. agus mac na banaltrann ar fedh na foraoisi, agus do bhí lán a ghlaice do bhonsachuibh cuilinn 'na láimh ag mac na banaltrann. "Créd do níthear díobh sin?" ar an t-A. M. "Do níthear a tteilgen ré chéile," ar mac na banaltrann." "Teilgsi liomsa íad," ar an t-A. M., "go bhfaicfinn sin." Do theilg mac na banaltrann urchar ré lecán cruaidh cámhaill do bhí na ghoire, agus is amlaidh do bhí an lecán agus poll trithe, agus do chuir mac na banaltrann tar an bpoll an t-urchar. "Léig damhsa an t-urchar do chaithiomh," ar an t-A. M. Ró léig, agus do chuir an t-urchar tríd an bpoll. "An ndéantar díobh acht mar sin? "ar an t-A. M. "Do níthear," ar mac na banaltrann, "slegha rinnghéara a mharbhas eich agus daoine dhíobh." "Teilgsi misi," ar an t-A. M., "mar do theilgis
roimhe." Do rine amhlaidh agus do chuir sechad an t-urchar, agus ró thóguibh an t-A. M. an bhonsach agus do theilg í le mac na banaltrann, agus do chuir tríd a dhá shlíasaid an t-urchar ar feadh na foraoisi. An uair ró goirtígheadh mac na banaltrann do sgred agus do éighimh go hárd. Ró chúalaidh an t-A. M. sin agus do thóig mac na banaltrann ar a mhuin dochum na brúighne, agus do cengladh íar sin é, agus do bhí caoicíos ar mhí na luídhe. Agus do éirigh slán as a haithle, agus do chúadar ar aon ar feadh na foraoisi. Agus tarla fiadhach na foraoisi dhóibh. "Créad íad súd?" ar an t-A. M. "Fiadhach h'atharsa súd," ar mac na banaltrann. "Créad do níthear díobh?" ar an t-A. M. "A marbadh agus a n-ithe," ar mac an banaltrann. Dénamaoid amhlaidh sin leó," ar an t-A. M. "Ní bhéramhaois ortha," ar mac na banal- trann. "Do bhéara misi ortha go deimhin," ar an t-A. M., agus do rinne mar do ghell, óir an fíadh fá nesa dhó don fhiadhach, do rith chuige agus do rug ar chaol coisi air agus do bhris a chnámha agus a chroiceann a gcéadóir. Agus ró mharbhsad iomad dona fiadhuibh, agus do fennadh agus do cóirigheadh an fíadhach leó, agus do rugadar chum na bruighne mar sin iad. Agus do nídís mar sin gach laoi. Lá eile do chuadar chum na foraoisi agus tárla groidh an Ridire dhóibh. "Is mór an fiadhach úd," ar an t-A. M. "Ní fíadach súd," ar mac na banaltrann, "acht groidh h'atharsa." "An é a n-ithe do níthear?" ar an t-A. M. "Ní hé," ar mac na banaltrann "acht eich bhíos ag iomchur daoine ó chnoc go cnoc," ar sé. "An áil let dul ar a muin?" ar an t-A. M. "Ní háil," ar mac na banal- trann, "óir ní bhfuil srianta nó diallaidíghe againn do rachadh ortha." "Créad é súd ar deireadh na groidheadh?" ar an t-A. M. "Steud hatharsa súd," ar mac na banaltrann.. "An ndeachaidh duine ar a mhuin riamh?" ar an t-A. M. "Ní dheachaidh," ar mac na banaltrann. Iar n-a chlos sin don A. Mh., do rith ar an ngroidh agus do fuair an steud ar deireadh na groidhe, agus do chuir na cheithre cosaibh a náirde é, agus ag éirghe na shesamh dhó do bhí an t-A. M. ar an gcuid do bhí suas de agus lán a dhuirn do bharusgal slat iona láimh. Agus do bhúail sé ar gach taobh an t-ech gur chuir sé a taobh ris an ngroidh agus a haghaidh a mbéal mhachaire Bretan, agus ró bhí ag siúbhal amhlaidh sin go ráinig an dúnadh ríogha ró-
fhairsiong .i. dúnadh Chathrach an Chuill. Agus do chonnairc puible iomdha agus slógha móra ann agus téid an t-A. M. mar a raibh an troimtheghlach sin agus as íad ró bhí san chruinniúghadh sin .i. Sir Balbhuadh Dé Cornubas agus inghíon d'Artúr agus amadán Artúir. Do bhí beirt do chroicnibh fíadh agus ferbóg uime agus cách ag magadh agus ag fochuidmheadh faoí. Do ghluais an t-A. M. mar a raibh amadán Artúir agus d'fhiafruigh amadán Artúir de cia hé féin. "Misi A. M. na foraoisi, mac mhná an Ridire, dalta na banaltrann, agus dearbhchomhalta mic na banaltrann. Agus cia hé so aguibhsi féin?" ar sé. Amadán Artúir súd," ar siad. "An é súd duine is fearr agaibh?" ar sé. "As é go deimhin," ar siad. "Dá mbeith a leithéid súd do bheirt umamsa," ar an t-A M., "an badh fearr mar amadán mé ioná é?" "Do b'fhearr thusa," ar Sir Balbhuadh. Do rinne inghion Artúir gáire. Mar do chonnairc Sir Balbhuadh sin buailios bas uirthe ionnus gur dhearg a gruaidh agus go ttug déara fá na súilibh. Agus adubhairt gur ghell nách déanfadh gáire nó magadh acht fá'n duine badh feárr ar an láthair. "Agus anois do rinnis gaire fa'n duine is measa ar an láthair." "An misi duine is measa aguibh?" ar an t-A. M. "Gan conntabhairt is tú", ar Sior Balbhuadh. An uair do chúalaidh an t-A. M. an t-imdhearga sin dá fhágháil aige féin ró-ghlúais a fhearg agus a fhuil agus tug síth sanntach ar chaol coisi ar Sior Bhalbhuadh, agus do chroith go feardha fearamhail fíorláidir é; agus do bhuail fan ccloich fá cóimhnesa dhó é, ionnus gur dhearg an láthair dá fhuil. Agus tug an t-A. M. lámh na thimpchioll dá chur na shuidhe, agus mar nár fhéd a chur 'na shuidhe aseadh ró ráidh, "Is dóigh liom go mbíaidh tú coicídhes ar mhí ad luíghe mar do bhí mac an banaltrann," ar sé, agus do rug sítheadh ar stéd Ridire an Fhearainn Áluinn iar sin, agus do ling ar a mhuin agus tug a chúl ré cách agus a aghaidh a mbéal Mhachaire Bretan nó go ráinig gus an mbrúighin. Agus ró léig a sdéd amach agus do chuaidh a mesg na mban agus ró fhiafruigheadar dhe cá raibh ó ró imthigh úatha féin. Ró innis dóibh amhuil mar thárla dhó ó thecht go himthecht, agus adubhairt go ttárla a mbaile mhór é, agus go raibh fithche amadán ann, agus go raibh aon amadán ann dob' fhearr ioná íad uile, agus beirt dob' fhearr ioná a
mbearta uile uime, agus adubhairt sé le na bhuime a leithéid do dhénamh dhó féin. "Cá beart sin?" ar an bhuime. "Beart do chroicennaibh fíadh agus fearbóg," ar sé. "Tabhairsi let ádhbhar na beirte," ar an bhuime, "agus do dhénsa dhuit í." Do chuaidh an t-A. M. fá'n bhforaois agus do mharbh caogad fíadh agus tug leis íad chum na banaltrann agus do rinne beirt dhó dá gcroicennaibh. Agus do ghluais an t-A. M. roimhe isan chonair chéadna no go ráinic dúnadh Artúir. Agus do chonnairc an fhaithche, agus ní lúgha na fithche céd ridire do bhí marbh ó na híochtar go a huachtar uirthe. Iar sin tug amharc thairis agus do chonnairc puball áluinn íongantach allmhardha a níochtar na faithche agus do bhí stéad sduadh-áluinn a ndoras beoil an phobail, agus do bhí mar an ccéadna crann remhair do chéir chorcra ar dearglasadh a ndoras an phubail, agus slegh uillennach imreamhair aithghéar for a hursain agus a húrlainn fúithe, agus pell do chorchair caomh- áluinn ar dherglasadh ann sa phobal, agus ridire cennradharcach roisglethan 'na shuighe san mbrúighin sin. Agus is amhlaidh do bhí an ridire armtha éidighthe agus cathbharrtha agus cotún órdha uime, agus lúireach fhighthe fhaghartha íarnúidhe ar an gcotún, agus clóidhemh aithghéar iongantach agus é lán d'ór áluinn ó a dhéis go a dhornchla. Is annsin roghabh an t-A. M. ursa an phubail iona láimh agus ró fhéch for an ridire agus adubhairt, "Is caomh-thaithnemhach an t-ádhbhar amadáin thú," ar sé. "Ní hamadán misi," ar an ridire. "Créad óile tú no cia thú féin?" ar an t-A. M. "Mac don Ridire Corcra, mac Rígh na hIorruaidhe misi," ar sé, "agus dar do láimhsi saoilim féin nách fuil aon lámh ghaisge san domhan nách bhfuilim ionchómhraic ris 'ar m'fhoghluim agus ar m'úaisle agus ar mo chrúas agus ar mo chalmacht a ccathaibh agus a ccómhlannaibh." Cía ró mharbh an cumach mór daoine si ar an bhfaithche,?" ar an t-A. M. "Inneósad féinsin duit," ar an Ridire Corcra. Smúaineadh do rinne Rígh an Domhuin .i. Cing Artúr, fledh bliaghna do thabhairt d'fhearaibh an domhain go
hiomlán, agus do chuala go raibh cupa ag Rígh na hInnia agus gur ab ar chloidhemh Rígh na hIorruaidhe do fúair sé é, óir ní gnáth ri ar an Ioruaidhe acht gabha. Agus do rinne m'athair se, .i. Righ na hIoruaidhe, cloídemh dob'fherr do bhí san domhan, agus tugas ar an ccupa do Rígh na hInnia é. Agus is é clóidhemh is fearr san domhan anois é. Agus do bhí buadha dó-áirmhe air, agus do bhí ar an ccupa mar an ccéadna. Mar do chuala Righ an domhain sgéala an cupa do bheith ag m'athairsi, do chuir sé Sir Bhalbhuadh dá iarraidh ar iasacht air, go cenn bliadhna, agus tug seision sin dó, agus ní thug an Rígh an cupa uaidh i gcenn na bliadhna." Agus mar do chonnairc misi sin táinig mé dá iarraidh agus ní thugsan dhamh é, agus mar nach dtug, do mharbh mé an méad do chí tusa marbh annsúd. Agus éirghesi anois dá iarraidh agus abair leó an cupa do chur chugam." Ró bhí an Rígh ar thaobh na cathrach an tan sin, agus téid an t-A. M. dá ionnsuidhe. Agus do chonnairc Cing Artúr chuige é, agus d'innis do Sior Bhalbhuadh go bhfacaidh an macaomh óg tar dhoras an dúnadh. "Ná labhair leis," ar Sior Bhalbhuadh, "óir as é shaoilmíd dár bhfurtacht agus dár bhfóirighthin ón éigion agus ón ccás cómh- luinn iona bhfuilmíd." Iar sin tainig an t-A. M. tar dhoras an dúnadh asteach, agus aseadh ró ráidh a chupa do chur chum an Ridire Chorcra. "Ní bhfuil a chupa aguinne," ar Artúr. "Maiseadh créad fár mharbh sé an t-ár mór daoine do chím ar an bhfaithche?" "Misi adubhairt gur bh'fheárr an t-amadán thusa ná eision," ar Cing Artúr, "agus dob fheárr liom go mbíadh a leithéid súd do bheirt agadsa." Dá mbíaidh sin agamsa," ar an t-A. M., "an badh fearr mar amadán mé ioná é?" "Badh fearr thusa go mór," ar an Rígh. "Maiseadh," ar an t-A. M., "caith- fidh sé an chulaith atá uime féin do thabhairt dam ar áis nó ar éigin," agus do ghlúais an t-A. M. mar a raibh an Ridire Corcra. "An dtug tú mo chupa chugam? "ar an Ridire Corcra. "Ní thugas," ar an t-A. M" "óir ní rugadar súd cupa uait, agus ní mó bhéarad duit é, agus tabhairsi an bheirt sin agad dhamhsa agus an searrach corcra." "Is mór an athcuinge sin íarras tú orm," ar an Ridire Corcra, "agus mé a mesg mo námhad agus gan do dhíon agam acht m'arm. Agus dar na déithibh dá bhfóghnaim," ar sé, "dá madh a ccríochaibh áilne na hIorruaidhe do dhéanthá an t-iarr- atas sin, do ghebhthá gan chontabhairt é." "Is éigin
duitsi a tabhairt dhamhsa," ar an t-A. M., agus ní dheárna acht sin do rádh an tan tug síth sanntach ar an t-searrach corcra. Agus mar do chonnairc an Ridire Corcra sin do thóg a shlegh agus tug buille a mbél a ochta ar an A. M., agus do chuir buinne fola tar a bhéal amach. Ró fearguígheadh an t-A. M. ris sin, agus do chuir a dhá láimh fá bhrághaid an Ridire, agus ró thresgair go lár agus go lántalmhuin é, agus níor léig an greim sin amach nó focal tar a bhéal gur sgar a anam ré a chorp. Agus do bhí agá chur na shuighe; agus mar nár fhéd sin aseadh ró ráidh aga fhágbháil, "Biaidh tú coicídhes ar mhí ad luighe mar do bhí mac na banaltrann." Do thogaibh leis an searrach corcra agus éide an Ridire agus do léig dochum an dúnadh é mar a raibh Cing Artúr. "Ag súd an t-oineach is fearr dá ndeárnadh san domhan ríamh," ar Cing Artúr, "óir do thíodhlaic a ech agus a earradh agus a éide don A. M." "Tainig an t-A. M. dá láthair an tan sin". "Do chím," ar an Rígh, "go dtugais let íad." "Tugas, agus ní tré oineach fúaras íad uaidh," ar an t-A. M., "agus is dóigh liom- sa go mbíaidh sé coicídhes tar mhí na luidhe mar do bhí mac na banaltrann." "Do mharbh sé an Ridire Corcra," ar Cing Artúr. "An cenn so do bhuain díomsa má atá san domhan líon a mharbhtha go cenn sechtmaine," ar Sior Balbhuadh. Do chuireadh aos ciuil agus eladhna dá fhios agus fuaradar marbh é. Agus ró hinniseadh an sgél sin do'n Rígh. Agus iar sin do tógbhadh a lecht agus do sgríobhadh a ainm a nOgham, mar bad ghnáthach san aimsir sin. As annsin do fhiafruigh an t-A. M. do'n Rígh an raibh ní bhus mó d'ádhbharaibh amadán aige. "Atá," ar an Rígh, "óir is beg a bhfuil annso a bhfarradh an domhain." "An bhfuil amadán is fearr ná misi ann?" ar an t-A. M. "Ní bhfuil," ar Artúr, "óir ní bhfuil leithéid do bheirte ag amadán san domhan acht thú féin." "Maiseadh," ar an t-A. M., "bísi agus á bhfuil annso bhur n-amadáin agamsa." "Bíamaoid go deimhin," ar Artúr. "Maiseadh, taisgidh si an Searrach Corcra go ndechuinnse fán domhan do dhénamh amadán dá bhfuil ann." Do ghluais roimhe annsin do dhénamh amadán ar fedh an domhain d'á bhfuair ann. Aon do laethibh dó mar sin ag siubhal iona aonar, agus do chonnairc aon ridire dá ionnsúidhe agus each dearg faoi. Agus is é do bhí ann sin .i. An Ridire Dearg, mac Rígh na hIéarusaleim ag techt ó dhúnadh Ching Artúir, óir as
ag Cing Artúr do níthí ridireadha do oirneadh san am sin, agus gibé ainm do bhíodh ar ridire dhíobh ní úaidh sin do sloinntidhe é, acht as dath a arm agus a eich. Iar sin táinig an Ridire gus an láthair, agus aseadh adubhairt an t-A. M., "Is maith an t-ádhbhar amadáin tú," ar sé. "Ní h-ádhbhar amadáin misi," ar an Ridire dearg. "Créad oile? Cía thú?" ar an t-A. M. "Misi an Ridire dearg, mac Rígh na hIerusaleim," ar sé, "agus muna mbeith nách faicthear fuil óinmide fá m'armaibh do thresgórainn go lár thú, agus do thiucfainn idir do cheann agus do choluinn ar son h'anghlóir, agus déin imthecht fesda," ar sé. An uair do chualaidh an t-A. M. cómhrádh an Ridire tug síth sanntach sothapa air agus do ghabh an t-ech do bhí faoi ar chaol coisi gur bhuail í go n-a marcach fó lár agus fó lántalmhuin. As annsin adubhairt an Ridire Dearg, "léig amach mé agus biaidh mé am' amadán agad agus do ghnáith ar do chómhairle." Ró léig amach é gur éirigh go hurmeisneach. Do ghluaiseadar rompa athaidh imchéin go bhfacadar ridire chuca agus each buainrethach séidfedhach díanláidir breac faoi, agus earradh áluinn iongantach fán ccuma chéadna uime. "Cía hé seo chugainn?" ar an t-A. M. "An Ridire Breac, mac Rígh na Siosaile," ar an Ridire Dearg. Táinig an Ridire Brec do láthair, agus do ráidh an t-A. M. "As maith an t-ádhbhar amadáin an Ridire Breac," ar sé. "Ní ádhbhar amadáin mé," ar an Ridire Breac. As annsin do thóguibh an t-A. M. an dorn ró-láidir gur bhuail an t-each iona hédan gur sprech a hinchinn tar sinestruibh a cluas amach agus ró thresgair a marcach go lár agus go lántalmhuin. "Ná marbh mé," ar an Ridire Breac, "agus bíad am' amadán agad." "Dá raibh tú liom mar gach amadán eile dá bhfuil agam," ar an t-A. M. "Bíad go deimhin," ar an Ridire Brec. Agus do ghluaiseadar riompa gan mhoill 'na dtriúr .i. an t-A. M., an Ridire Dearg, agus an Ridire Brec. Is amhlaidh do bhí an Ridire Brec agus grádh dílios do-fhaisnéisi aige ar inghín Rígh Coirbhretan, agus iseadh ró ráidh ris an A. M. go raib an bhen sin a ngar dóibh, agus go ndubhairt sí nách bíadh sí na hamadán " agadsa ná ag duine eile." "Ní heol damhsa amadán mná do dhéanamh," ar an t-A. M., "agus
caithfidh sí bheith na h-amadán agadsa." Is amhlaidh do bhí an bhen sin a ngrianán áluinn, agus do bhí freitech uirthe nách bíadh fear aice acht fear do rachadh do léim ar an doras árd do bhí ar an ngrianán. Do ghluaiseadar rompa don ghrianán. Agus gach uair do thairgeadh an Ridire Brec léim an ghrianáin do thabhairt do locadh air, agus do léigeadh an bhantracht gáir fochuidmheadh faoi. Is annsin do labhair an t-A. M., agus aseadh roráidh, "Créad do bheir ort gan dul suas?" ar sé. "Ní bhfuil sin ar mo chumas " ar an Ridire Breac. "Rachainn ann mar so," ar an t-A. M., agus do rug ar a dhías ridireadha faoi gach asguil dó, agus tug léim árd aigiontach, agus do chuaidh ar lár an ghrianáin a measg na bantrachta. Do dhearc an t-A. M. ar an ríoghuin agus aseadh ró ráidh, "An í súd an bhen adubhrais liomsa?" ar an t-A. M. "As í go deimhin," ar an Ridire Breac. "Maiseadh, beir let í agus déna amadán di," ar sé. Do rinneadh amhlaidh sin, óir do rug an righain leis agus do rinne toil a mhenmnan is a aig- ionta ria. "An ullamh í sin fós?" ar an t-A. M, "Ní headh," ar an Ridire Breac," óir is faide bhíos aon amadán amháin mná dá deanamh na céad amadán fir." "Maiseadh," ar an t-A. M., "fansa ann so nó go madh h-ullamh í súd agus len misi íarsin go dían." Ro imthigh an t-A. M. agus an Ridire Dearg, agus gach tír a ttengmhadh é do níodh amadáin díobh uile idir fhear agus mnaoi. Agus do bhí mar sin ag siubhal an domhain agus do chonnairc cathair oirdhearc fhíor-áluinn agus sruth dá leth- taoibh, agus droiched ar an sruth sin agus faithche fíoráluinn ag ceann an droichid, agus ní lúgha ioná fithche céad pubal áluinn do bhí ar an bhfaithche sin, agus aon ridire idir na ridireadhaibh sin agus beart fhíor-sholusda d'ór dhearg uime. Ró fhíafraigh an t-A. M. do nech díobh cía híad na sluagha do bhí ar an bhfaithce. "Cing Artúr," ar an t-óglác, .i. Rígh an domhuin, atá ar an taobh a bhus don droiched agus an Ridire Dubh, mhac Rígh na Gasguinne, súd do'n taoibh eile .i. ridire cródha tug mionna nách géillfeadh d'Artúr, agus nách bhíadh ní bhus lúgha ioná fithche chéd ridire ar a theghlach," ar an t-óglách, "agus nách bíadh beart badh mhesá iona beart d'ór dhearg fá gach ridire díobh." As annsin do ghluais an t-A. M. mar a raibh Artúr. Ró hinniseadh d'Artúr go raibh an t-A. M. chuige. "Is maith liomsa sin," arsa
Artúr, "óir is dóigh liom gurab dár bhfurtacht táinig ón ccás agus ón éagcomhlann iona bhfuilimíd," ar sé. Táinig an t-A. M. do láthair mar a raibh Artúr agus do bhean- naigh dhó, agus do fhreagair Artúr an beannachadh mar an ccéadna. Agus dfhiafruigh an t-A. M. sgéala dhe. Agus aseadh adubhairt Artúr go raibh sé féin ar siubhal ar feadh an domhuin ag déanamh amadán dósan, agus go ndubhairt an Ridire Dubh, mac Rígh na Gascuinne, "atá annsúd thall " nach bíadh sé na amadán " agadsa ná ag duine eile go bráith." "An annsúd anonn do rachadsa chuige,?" ar an t-A. M. "Aseadh," ar an Rígh, "agus cengail é." "Ní heól damhsa duine do chengal," ar an t-A. M. "Múinfiodsa dhuit a chengal," ar Artúr. Agus tug fá deara duine do thabhairt chuige agus do chengail do chrúadh-chórduighibh caola ríghne cnáibe é. "Tabhraidh damhsa na téda sin," ar an t-A. M., "go gceangluinn an Ridire Dubh leó." Do tugadh amhlaidh sin dó íad, agus do ghlúais d'ionnsuighe an Ridire Dhuibh. "Do chímid dar n-ionn- suídhe," ar fear do mhuinntir an Ridire Dhuibh, "aon mhacaomh, agus is iongantach linn a chor, óir atá earradh agus éide gaisge uime, agus ní bhfuil d'arm aige acht cloidhemh, agus atá lán a dhuirn do thédaibh cnáibe aige." Táinig an t-A. M. do láthair iar sin. "Cia thú féin?" ar an Ridire Dubh. "Misi A. M. na Foraoise, mac mhná an Ridire, dalta na banaltrann agus dearbh-chomhalta mic na banaltrann," ar sé. Créd do b'áill let do dhéanamh dona tédaibh sin ad' láimh?" ar an Ridire Dubh. "Do b'áill liom thusa do bhreith chum Artúir agus amadán do dhénamh díot." As a haithle sin do rug síth sanntach ar an Ridire Dubh agus do thresgair go lántalmhuin é. Mar do chonnarcadar muinn- tear an Ridire Dhuibh sin do nochtadar a n-airm agus a n-iolfhaobhair agus a ngéarlanna ar an A. M. An uair do chonnairc an t-A. M. sin do fearguidheadh a inntinn agus a aigne gur dhíansgaoil ó a chéile iad gur mharbhustar fá dhóirsibh na cathrach íad uile, agus do rug an Ridire Dubh cen- guilte crúadh-chuibhrighthe leis mar a raibh Artúr. Agus is amhlaidh do fuair sé Artúr agus é cengailte crúadh-chuibhrighthe go n-a mhuinntir agus a n-eich uile agus an Searrach Corcra ar mbreith uaidh. "Créad é seo do rinneadh oraibh anois?" ar an t-A. M. "Aon ridire táinig chugainn," ar Artúr, "as dorus bhéil na húamha úd thall ar thaobh an t-sléibhe
agus aon fhear is mó agus is áilne d'fhearaibh dhomhuin, agus d'íarrasa air bheith 'na amadán agadsa, agus adubhairt seision nách bíadh, agus do shir cómhrag aoinfhir orm, agus is géis damhsa cómhrag aoinfhir d 'obadh, agus tugadh sin dó, agus do chrepaill sé na hocht bhfithchid déag each do bhí aguinn, agus do rug leis a mbéal na húamha iad. Agus dar do láimhsi dá dtogradh sé féin do mhuirfeadh sé sinn uile." "An raibh fhios aige gurabh liomsa an Searrach Corcra ó do rug leis é?" " Do bhí go deimhin," ar Artúr. "Dar mo chúis, caithfidh sé an Searrach Corcra agus na h-eich uile do thabhairt uaidh arís, agus é féin do theacht do sgaoileadh dhíotsa agus dod' mhuinntir," ar an t-A. M. "Sgaoil féin díomsa," ar Artúr. "Ní sgaoilfiod go deimhin ó nach mé do chengail thú agus gibé do chengail thú caithfidh sé sgaoile díot," ar an t-A. M. "Sgaoil díomsa" ar an Ridire Dubh, "óir ní bhfuil duine ar bith ann so nách fuil námhadas nó fíoch aige liom." "Ní sgaoilfiod d'aon aguibh óir gibé aguibh a muirfighear muirfidh misi an tí bhus beó agaibh," ar an t-A. M. Gluaisios roimhe iarsin a mbél na húamha agus do bí tamall agá siubhal go ttárla tír dó agus í fá aontuinn fheoir agus fhásaigh. Agus adchonnairc sruth áluinn na thimpchioll, agus trí fiodh- bhuídhe .i. caor, agus an dara fiodhbhuídhe d'fhineamhain, agus an tres fíodhbhuídhe do cholla. Agus do bhí tulach ré taobh an t-srotha sin, agus an macaomh ar an ttulach sin agus na hocht bhfithchid déag each agus an Searrach Corcra iona fhíadhnaisi. Do chuaidh an t-A. M. ar an ttulach sin agus adubhairt ris an ridire, "An raibh a fhios agadsa gur liomsa an Searrach Corcra tugais leat," ar an t-A. M. "Ní raibh go deimhin," ar sé, "agus ó's anois atá fhios agam beirsi na hocht bhfithchid déag each agus an Searrach Corcra let." "Maiseadh," ar an t-A. M., "tarsa féin liom nó go sgaoile tú d'Artúr." "Ní rachad," ar an Ridire, "óir is geis damh gan sgaoile do nech dá ccengluim." "Is briathar damsa," ar an t-A. M., "go ccaithfidh tú do ghesa do sgaoile nó do bhriseadh anois." Iar sin do rug sith sothapa sanntach ar an ridire, agus do ghlac go feardha fíor-láidir é. Agus do rug an ridire mar an ccéadna ar an A. M. agus d'éirgheadar ré chéile agus tugadar cuir bhorba ar a chéile, agus do bhádar athaidh fhada ag sbairnn, agus adubhairt an ridire fá dheóigh, "Sguir díomsa," ar sé, "agus do dheana mé do chómhairle." Do rinne an t-A. M. sin, agus do shuigheadar ar aon
ar an ttulach. "Cía thusa féin?" ar an ridire. "Misi A. M. na foraoisi, srl." Is mór an sgél do leithéid bheith 'na amadán, óir ní duine amaidech thú, agus dúil aithis bhíos ag cách is na hamadánaibh, agus ní mar sin duitsi acht cathmhíleadh cómhraig cómhláidir thú, darab cóir an uile mhaith do dhénamh." "Créad is maith ann," ar an t-A. M., "nó an ridire do goirthear do gach duine?" "Ní headh," ar an ridire, "acht duine do réir a uaisle agus a atharr- dhachta." "An rígh do níthear díotsa,"? ar an t-A. M. "Is é sin is cóir do dhéanadh dhíom," ar an ridire, "óir is rígh m'athair agus mo sheanathair." "Cía hé hathair nó cá h-ainm thú féin?" ar an t-A. M. "Misi Gaoi Gorm- shúileach mac Doilbh .i. Rígh na bhFear bhFionn, agus isé is cómhachtuidhe agus is mó conách san domhan. Óir atáid trí chaogad doras ar an chathraigh iona mbí sé, agus tigid trí chaogad carbad ar gach doras aca amach an uair théid an Rígh iona charbad ar faiththe an dúnadh. Agus tainig foghmhór allata .i. Laochra Lomchosach mac Loisginn lomgh- lúinidh agus do fhásaigh sé an tír seo, óir ní dhiúltar duine ar bith ann fá chomhrag aoinfhir, agus muna mbéadh a dhraoidhecht do dhéantaoi guin-ghaláin don fhoghmhór agus fós ní hionchómhrac aoinfhear ris óir atá trí chaoga d'íarann aithleighte iona luirgfhearsaid chatha agus seacht ndromanna urtha, agus seacht slabhra ar an gcenn bhíos súas di, agus mór- ubhaillmheall ar gach cenn slabhraidh díobh, go madh clos a bhfuaim agus a bhfothram agus a bhfogharghluasacht fá na críochaibh fá chóimhneasa dhó. Agus an tan éirghios an foghmór iona sheasamh, bí fad crainn giúbhais súas don tsíothluirg sin. Agus atá trian na tíresi na fásach uaidh, agus is éigion duine d'fhághail do chómhrag leis gach laoi. Agus is damhsa do ráinig cómhrag an laoi aniogh do thabairt dó, agus badh dhóig liom go ttuitfeadh sé liom muna mbeith gur truailleadh mo croidhe ré do chóimhghleicsi." "Cionnas do thuitfeadh sé leat?" ar an t-A. M. "Leis an gcloídheamhsa agus ré neart mo láimhe agus re méad mo bhuille." "Créad do níthear do'n chloídheamh sin?" ar an t-A. M. "Créad do ní tusa féin dod' chloidheamh?" ar an ridire. "Do ním
a bheith na bheart chatha agam," ar an t-A. M. Do nímse mar so," ar Gaoi Gormshúileach, ag tabhairt a chloídhimh amach, agus do ghearr crann mór d'aoinbhéim. "Do dhéanuinnsi mar sin," ar an t-A. M., agus do tharraing a chloidheamh as a thruaill agus do ghearr seacht gcrainn d'éinbhéim. "As mór do bhuille ar na crannaibh," ar Gaoi Gormshúileach, "agus is dóigh liom nách fuil comhmór do neirt a bpearsuin aoin ridire san domhan. Agus bíodh a fhios agat," ar sé, "gurab mar sin do mharbhthar daoine ré cloidheamh, ó so amach." "Do bhéarsa luach do shaothair duitsi, agus do theagaisg," ar an t-A. M., "ar son an mhéid dod' neart agus dod' chalmacht do bhainios díot, óir bainfiod a dhá láimh do'n Fhear Mhór," ar sé. "Is maith an luach sin," arsa Gaoi Gormshuileach, "óir do bhéinnsi ionchomhrac ré gach neach d'fhearaibh dhomhuin dá mbiadh a n-éaghmais a dhá lámh." Níor chian dóibh mar sin an tan adchonncadar an Fear Mór chuca, agus do chuaidh an t-A. M. 'na choinne. "An tú Gaoi Gormshúileach?" ar an t-aitheach. "Ní mé go deimhin," ar sé, "acht misi A. M. na F., srl." "Créad tug annso thú?" ar an-t-aitheach." "Ar chenn do dhá lámhsa tháinig mé," ar an t-A. M. "Ní lughaide ormsa thú sin a rádh," ar an Fear Mór. As annsin ró thóg an Fear Mór an luirgfhearsad chatha agus tug buille neartmhar náimhdeamhail de d'ionnsuidhe an A. Mh. Mar do chonnairc an t-A. M. an buille chuige tug saoibhléim seachanta air, go ndeachaidh an buille go himchían a dtalmhuin agus sul táinig leis an bhFear Mór an buille do tharrang tar ais tug an t-A. M. béim feardha air d'á chloidhiomh, gur léig a dhá láimh ris an luirg go talamh. "Druid rómham anois," ar an t-A. M., "go mbainidh Gaoi Gormshúilech do chenn díot." Do rinne an Fear Mór amhlaidh sin a naghaidh na tulcha go ráinig an láthair iona raibh Gaoi Gormshúileach, agus do hathghuineadh an Fear Mór ann, óir do bhain G. G. a chenn de. "Gluais rómham anois mar a bhfuil Artúr agus na ridireadha," ar an t-A. M. Do rinne G. G. sin agus do rugadar na hocht bhfithchid déag each agus an Searrach Corcra mar a raibh Artúr. Do innis nech d'Artúr go raibh an t-A. M. chuige agus an ridire do chengail iad maille ris. "Dar mo bhréithir," ar an Rígh, "ní bhfuil fear a ghníomhara nó a ghaisge ar feadh an domhuin acht é féin amháin."
Ráinig an t-A. M. mar a raibh Artúr agus do rinneadar uile comhartha úmhla agus urrama dhó. "Sgaoil d'Artúr agus 'dá mhuinntir," ar an t-A. M. "agus sgaoilfidh misi do'n Ridire Dhubh." Do sgaoil G. G. d'Artúr agus dá mhuinntir agus do sgaoil an t-A. M. do'n Ridire Dhubh. Iar sin do shuigh- eadar a bhfarradh a chéile, agus adubhairt an t-A. M., "Créd fá a dtugais ríoghacht mhagaidh nó fhochaidmhe dhamhsa a Artúir?" ar sé. Do ghabh úamhan agus imeagla mhór an tan sin Artúr, agus aseadh ró ráidh nach ríoghacht mhagaidh no fhochuidh-mheadh tug dó. "Agus ó's duit go follus do gheallas gach ní agus gurab duit d'úmhlúigheadar na cinigheacha go coitchionn do bhéarsa féin duit Ríoghacht an Domhuin amhail atá sí agam féin," ar sé. Agus d'fhógair an Ríoghacht dó mar sin. As annsin adubhairt an t-A. M., "Tigidh do láth- air a Ghaoi Ghormshúiligh," ar sé, "d'fhéachuin an maith do gheabhuinnsi ríoghacht do ghabháil chugam." Adubhairt G. G. gur maith. "Maiseadh," ar an t-A. M., "giodh maith libhsi sin, ní maith liomsa é, óir ní thréigfinn m'am- adánacht féin ar mhaitheas an domhuin go hiomlán, óir is léi do fuaras gach ní d'á bhfuaires ríamh, agus is lé do ghabhas gach neart dár ghabhas." "Maiseadh," ar G. G., "tar liomsa go tír na bhFear bhFíonn, óir as í ró fhóiris ó na hanfhorlann iona raibh, agus beir an Ridire Dubh leat." Do sgaradh ré chéile an tan sin .i. Cing Artúr, agus an t-A. M.. Glúaises an Rígh go na mhuinntir go Coirbhreatuin, agus do ghluais an t-A. M., an Ridire Dubh, agus G. G. a mbéal na huamha céadna. Agus ní cían do chuadar an tan tárla dhóibh a lán do lubhghortaibh áilne iongantacha. "Ag so an tír d'fhóiris-i ó'n ndaoirsine iona raibh," ar G. G. Do ghlúaiseadar riompa agus do chonncadar cathair áluinn a ngar dóibh agus sluagha iomdha ar fhaithche an dúnadh, agus tulach do thaobh de, agus cúig céd ban ar an dtulach sin, agus aoinbhean eatortha agus éagcosg ríoghna uimpe. "An é súd dúnadh hatharsa, a Ghaoi Ghormshúiligh?" ar an t-A. M. "Ní hé," ar G. G., "acht gabhaltas gabha na tíresi atá annsúd agus Gréis inghíon an ghabha an bhean úd adchí tú idir an bhantracht ar an dtulach sin, bean is fearr gliocas agus cómhfhoghluim is na críochaibh is cóimneasa dí. Agus níor leig eagla an fhir mhóir úd do mharbh tusa d'aonduine an tír úd do thaghall." Is annsin ro éirgheadar lucht na cathrach agus an mhéad do bhí ar an ttulach a gcuinne an A. Mhóir, agus do rinneadar comhartha umhla agus urrama dhó, ó bheag go mór - mar do shaor sé ó'n mbruid agus ó'n anfhorlann iona rabh-
adar iad. Do chuadar as sin don chathraigh agus do shuigh an t-A. M. agus Gréis inghíon an Gabha ré taobh a chéile, agus an Ridire Dubh ar a ngualainnsion, agus G. G. iona bhfíodhnaisi. As annsin adubhairt G. G., "An dtaitníghenn an bhean sin leat, a A. Mh.?" ar sé. "Taithnighenn", ar an t-A. M., Maiseadh do b'áill lé bheith ad' fharradhsa anocht." "Is maith liomsa sin, dá raibh tusa agus an Ridire Dub am fharradh." "Ní háill léisi sin," ar G. G., "act í féin is tusa." "Ní heól damhsa," ar an t-A. M., "amadán mná do dhéanamh, acht dob' eól do'n Ridire Breac dá mbiadh sé annso againn anois. Agus an eól duitsi amadán mná do dhéanamh, a Ridire Dhuibh?" ar sé. "Is eól go deimhin," ar an Ridire Dubh. Iar sin do chuireadar Gréis inghion an Ghabha an oidhche sin a bhfarradh an Ridire Dhuibh. Adubhairt an t-A. M. ar n-a mháireach, "Is dóigh liom nách ollamh í sin fós óir is faide bhíos aon amadán amháin mná dá déanamh ná céad amadán fir." "Is faide," ar an Ridire Dubh. Sechtmhuin dóib ag buinsiughadh na feisi sin. Do ghluaiseadar riompa iar sin go dúnadh Rígh na bhFear bhFionn, agus do chonncadar an dúnadh ríogha ró-mhaiseach ró- fhairsiong, agus na slúagha líonmhara ró-aidhbhseacha ar faithche na cathrach, agus tulach aoibhinn úr árd don taobh shiar di, agus ní lugha na deich míle bean do bhí uirthe agus éagcosg ríogna ar gach mnaoi díobh. Agus do bhí righ glic foighidneach a n-eidirmheadhon na slúagha sin. "Cía hí an chathair úd do chím?" ar an t-A. M. "Cathair m'atharsa súd," ar G. G., "agus is mór do chomaoinsi ar an gcathraidh úd," ar sé, "óir níor shuigh tíghearna 'na cathrach úd ar an ttulach úd a bhfuil se anois ré haimsir imchéin, ar úamhan agus ar eagla an fhir mhóir úd do thuit leatsa, agus is ró-mhaith an sgéal tighearna na cathrach úd do shuighe ar an ttulach úd a bhfuil sé anois," ar G. G., "óir níor shuigh ríamh ó ghaibh tighearnas chuige, gan fithche céad ridire aga mbíaidh éagcosg maille ré cómhachta ridire 'na thimpchioll. Agus an bhan- tracht do chí tú, deirbhsiur damhsa is bean-cheann ortha, .i. Méadhbh Mhongbhuidhe, inghíon an Duilbh, agus a bantracht a bhfuil annsúd, agus atá míle bean go n-éagcosg ríoghna 'na bantracht. Agus tiocfuid úile d'fhíorfháiltiúghadh reomhad sa, agus do thabhairt búidheachais duit ar son do sheirbhísi, mar do shaor tú ón mbruid iona rabhadar iad, agus mar do choisg tú an foghmór díobh." Acth cheana do chúadar don chathraigh agus do labhair Rígh na
bhFear bhFionn agus asead ró ráidh, "Is mór an mhaith agus an muinnterdhas do rinne tusa oruinne, a A. Mh." "Ní fhaca mé riamh muinntear badh mhó agus badh fearr ná do mhuinntear," ar an t-A. M. "Biaidh síad na n-amadánaibh uile agadsa," ar an Righ. "Is maith liomsa sin dá raibh tusa ad hamadán agam mar íadsan." "Bíad cheana," ar an Rígh. Ró súigheadh go honórach na hárdmhaithe iar sin, agus tugadh ionad iomchubhaidh do réir uaisle agus atharrdhachta a onóra do gach aon. Do cuireadh Méadhbh Mhongbhúidhe ar ghualainn an A. Mh. "Nách áluinn an bhean sin?" ar G. G. "Is áluinn go deimhin," ar an t-A. M. "Maiseadh b'áill léi bheith farratsa anocht." "Ní misde liom dá raibh an Ridire Dubh am fharradh." "Ní háill léisi sin, acht tú féin amháin gan neach ar bith do bheith aguibh acht tusa do dhéanamh amadáin disi." "Ní heól damhsa amadán mná do dhéanamh," ar an t-A. M. "Ní fhóghnann rígh nách dénann amadán mná," ar G. G. "agus múinfiodsa dhuit amadán mná do dhéanamh." Agus ró mhúin dó mar do bhiadh na farradh an oidhche sin. Ró éirig G. G. go moch ar na mháireach agus d'fhíafruigh do'n A. M. ar badh ollamh í sin fós. "Ní headh," ar an t-A. M.,"agus is fada go madh headh, óir is sáimhe liomsa an t-aon amadán amháin mnása gá déanamh ioná céad amadán fir." Ró fhanadar san chathraigh sin go subhach soimhenmnach ag bainsioghadh na feisi go ceann aimsire faide. As annsin ró fhiafruigh G. G. "an ollamh an t-amadán mná sin fós." "Aseadh go deimhin," ar an t-A. M., "agus is mithid liom dul do dhéanamh tuille amadán mná dham féin." "Agus cionnas ataoisi, a Gh.Gh.," ar sé, "nó an dearnais amadán mná ariamh?" "Ní dhearnas," ar G. G., "agus do b'áill liom dul dá ndéanamh anois." "Cá bhfuil sí," ar an t-A. M. "Atá sí san Cathraigh Iarnuidhe," ar sé, "ré taobh chathrach na hAithne san nGréig, agus as í bean is fearr dealbh agus déanamh, inneall agus eágcosg do mhnáibh an domhuin í, agus ní bhfuil ádhbhar rígh nó róithigearna a dtrí foghalrannaibh an domhuin nách táinig dá hiarraidh agus nách tug grádh díochra dearbhtha dhi, agus tugas-a grádh di mar an ccéadna. Agus ní dheachaidh ag aon na bheathaidh, dá ndeachaidh dá híarraidh nó dá hionnsuidhe, a tabhairt leó, do deoin nó d'aimhdheoin, ar mhéad a cumhachta agus ar threisi a daoine agus ar láidireacht a laochruidhe; agus dob áill liomsa thusa dá fághail dam féin."
"Dar mo bhréithir," ar an t-A. M., "caithfidh sí bheith na hamaid agadsa, agus cá fada uainn í?" ar an t-A. M. Uidhe coicíosa ar mhí timpchioll, agus coicíos san athghairid." "Créad í an athghairid na ngabhthar chuice?" ar an t-A. M. "Go Gleann an Chait Chaoich," ar G. G., "agus is uime a deirtear sin ris .i. a bhfuil d'arrachtaibh allta san domhan is ann atá síad, agus is ann atá an t-arracht is gráinnce san domhan, .i. an Cat Caoch féin. Agus is uaidh do hainmnaigh- thear an gleann, agus ní léigionn an cat sin aoinneach uaidh dá dtéid san bhforaois sin, gurab air sin nach lámhaid daoine a thaghall ré tréimhse fada d'aimsir. Agus as é sin an t-ádhbhar nach géabhmaoidne ann go bráth." "Dar mo bhréithir," ar an t-A. M., "dá mbiadh an gleann sin uidhe mhíosa uaimsi nach géabhuinn acht ann, agus o's é is athgoirid chuige, is ann do ghéabhus mé. Agus gabhsa agus an Ridire Dubh timpchioll agus déanaidh an t-eólas damhsa do'n Ghleann, agus bíadsa ar bhar gceann a gcuan na Cathrach Iarnuídhe." Ró bhí aithreachas ar Gh.G. fá na sgéalaibh sin d'innisin dó. Agus níor léig do dhuine dhul ris san nGleann, agus do ghabh an dias eile timpchioll. Iomthúsa an A. Mh., théid d'ionnsuidhe an Ghleanna go dúbhach a néagmais a mhuinntire, agus do bhí sé aimsear fhada ag siubhal an Ghleanna, agus tárla iliomad feithidíghe agus arrachta air, agus do marbh sé an i riocht luchóige an Ghleanna. Agus do rinne cómhnuide agus do bhain stealla tinntídhe dá chrios agus ró fhadóigh teine mhór. Agus ní cian do bhí amhlaidh sin an tan adchonnairc fúatha agus arrachta fíorghránna na foraoisi chuige ó gach taobh. Agus féachuin dá ttug thairis do chonnairc an cat caoch gránna dásachtach chuige, agus fá huathmhar an beathadhach sin, óir bá comhmór ré heach arrachtach e, agus ba samhalta re gach ionga dá raibh air, agus fá mhó 'ná dorn deas deighmhílidh an aon tsúil do bhí iona cheann, ar mhear-lasadh, agus do thuillfeadh glúin deas deighmhílidh nó fearóglaoich dá mbíadh fillte a náit na súl do bhí na uireasbaidh. Agus do ráidh don chéid-bhréithir, "dar liom is ad' haonar atá tú ag ithe do choda, a A. Mh.," ar an Cat Caoch. "Ní hiongna sin, óir is am' aonar do mharbhas an bíadh," ar an t-A. M., "agus is amhlaidh sin is mian liom a chaithiomh." "Nách ttiubhraidh tú cuid damhsa don bhiadh?" ar an Cat Caoch. "Is córa dhuit bíadh do thabhairt damh ioná a iarraidh orm," ar an t-A. M.,"óir is let féin an
Gleann agus is úait hainmnighthear é, agus is misi an t-aoidheadh ann." "Beag orm duine maith aighniosach do cheann a choda," ar an Cat Caoch. "Ní duine maith thusa," ar an t-A. M., "óir is tú do ní an t-aighnios ris an aoidheadh, agus caithfiodsa mo sháith do'n fheóil do mharbhas féin, agus má bhíonn fuigheall agam ní fearr liom duine dá gcaithfidh é ioná thusa." Agus do chaith an t-A. M. a sháith do'n fheóil agus tug a fuíghioll do'n Chat Chaoch. Agus do chaith an Cat Caoch sin go hathlamh, agus d'íarr tuille. "Dá mbiadh agam ní thiubhrainn," ar an t-A. M. "Tabhair an Searrach Corcra dhamh go n-ithinn é," ar an Cat Caoch. "Créad do dhéanainn féin dom' iomchar amáireach?" ar an t-A. M. "Maiseadh is éigion damhsa a fhághail," ar an Cat Caoch. "Ní mheasaim go dtiocfaidh tusa tar a chenn," ar an t-A. M., "agus ní mó chuirfiodsa chugad é." d'éirigh an Cat Caoch mar fá ghnáth leis, agus do sgread agus do sgréach go hadhfhuamhar aingidhe ionnas nár fháguibh aon bheathadhach allta urchóidech a nuamhaibh poll nó a nalt- bhrúácháibh cnoc nó cairrige gan músgladh, agus an mhéad táinig fá sholus na teine aca ró ionnsuigheadar an t-A. M. ar gach taobh. Acht cheana ró ionnsuidh an t-A. M. íadsan agus do ró-dhíansgáoil ó chéile go h-athlamh íad, agus do mharbh an méd ar a rug díobh. Agus do ráinig an Cat Caoch agus do rug air, agus ní raibh duine ríamh a néigion mar do bhí an t-A. M. "A A. Mh., is eaglach imshníomhach atá tú," ar an Cat Caoch. "Is fíor sin," ar an t-A. M., "agus is é ádhbhar na heagla iona dtárla mé .i. d'eagla tusa do éalódh uaim sul thiucfas an lá, óir do chluinim nách bhfaghthar san lá thú, agus da bhfaicfinnsi radharc san lá ort ní bhéaradh polla sgealbuídhe no úamhacha gleanna uaim gan bhásughadh thú. Agus fós is measa liom go mór gan deoch do bheith agam ioná thusa agus a bhfuil san ngleann so do bheith ar mo thí." "Dá dtugadh duine deoch dhuit, an dtiubhairfeá buidhechas dó tar a chenn?" "Ní duine tusa," ar an t-A. M., "agus dá dtugthá deoch dhamhsa do gheabhuinn uait í." "Siubhail liomsa," ar an Cat Caoch, "agus do ghebhair deoch." Do ghlac an t-A. M. an Searrach Corcra agus do ling ar a mhuin, agus do len an Cat Caoch; agus níor léig eagla an A. Mh. don Chat Chaoch a bheith na ghoire. Agus tárla foraois áluinn dheaghthoraidh dhóibh agus iliomad
finemhna agus ubhalla aipche, agus tortha iomdha éagsamhla eile innte, agus srotha glana, agus éanach fírbhinn, agus iomad bradán ag léimneach is na srothaibh réamhráidhthe sin. Agus tárla bruíghion dóibh, agus gach ré cclár d'iubhar agus d'fhionnbhruinne innte; agus fuinneóga lánshoillseacha do ghloine loinn- eardha ar shlios-sholus na brúighne sin. Agus tíagaid innte íaramh, agus ró badh ríoga ró-áluinn an bhruighion í .i. briocht-ruinneach buaindhealbhach. Agus do chuadar innte an tan sin. Agus ró bhí iliomad do líagaibh lóghmhara agus do gheamaibh gléaghlana criostail agus carmogaill ar na suíghioghadh ar sleasaibh na sólus-bhruighne sin, agus iliomad do dhealbhaibh leomhan leopard agus gríobh-inngneach agus piast n-iongantach ar na bpaintealadh do lámhaibh súadh agus saoir- cheard san mbruighin sin. Agus do bhí catháoir áluinn órdha, agus peall dearg uirthe, ar úrlár na ríoghbhruíghne sin. Agus do shuigh an t-A. M. san ccathaoir sin. Agus do dheasaigh an Cat Caoch an Searrach Corcra, agus do chuir cruithneacht agus fíoruisge iona fhiaghnaisi, agus fágbhas féin an bhrúighion. Agus ní fada do bhí an t-A. M. an t-am do chonnairc an ridire ró-árrachtach chuige asteach ar doras beóil na bruighne, agus adubhairt leis an A. Mh., "Tar liomsa anois," ar sé, "agus do gheabhair feis na hoidhche anocht uaim." "Ní rachad," ar an t-A. M., "óir ní leat táinig mé agus ní mó is let rachas." Táinig an Cat Caoch do láthair íar sin agus d'íarr an t-A. M. leis. "Rachad," ar an t-A. M., agus do rug leis go brúighin éagsamhuil é, go n-iomad ceóil agus oirfide innte. Agus do fúaradar mná agus macaoimh agus aos ciúil agus ealadhna innte, agus ró fhearadar fíorchaoin fáilte ris an A. M. Agus ró chuir an Cat Caoch a chulaith dhe, agus do rinnedh ridire ro-chumhachtach deighdhealbhach de, dob' fhearr cuma agus déanamh, inneall agus éagcosg d'fearaibh an domhuin; agus as eadh ró ráidh, "A A. Mh., is fada agus is cian d'aimsir ó do bhí a bhfáisdine duitsi techt don ghlennso, óir ataid do sgéala re himchían d'aimsir ag cách, agus go háirighthe aguinne, óir is tú A. M. na foraoisi, mac mhná an Ridire, srl., agus is mac dearbhráthar do Righ an Domhuin thú, agus nighíon Iarla Cornubas do Bhreathnachuibh do mháthair. Agus atá sí san bhforaois, agus ní chluin sí do sgéala, agus ní léigionn an eagla di féin nó dod' bhuime an fhoraois d'fágbháil ar eagla an Ridire. Do chluin an Ridire do sgéla agus ní bhfuil fhios aige an tusa a mhac féin." "As mór do na sgéluibh sin nách raibh agamsa gus anocht," ar an t-A. M., "agus innis damhsa cia thú féin nó créd
do bheir a ndeilbh cait tú, agus cumas agad bheith a ndeilbh duine?" "Inneósat sin duit", ar an Cat Caoch agus as eadh ro ráidh. "An tan do cuireadh Tuatha Dé Danann fó dhíamhraibh, agus ro hionnarbadh as Éirinn iad ré clannaibh Míledh, ró sreathnuigheadh agus ró sgaradh fó síothbhróghuibh Iartair Eórpa, agus ar chríochaibh an domhuin, iad, ar leith. As iad dob fhearr annsin .i. Rígh Breac Slaitín, Manannan Mhac Eallóid, agus Bearchan Buileach, agus Aonghus an Bhrógha, agus Fear an Bhéarla Bhinn ós Bóinn, agus Bogha dearg mac an Dághdha, agus Bogha Síth bhFear bhFionn, agus Aodh Muighe Breagh, Céadach, Donn Mór mac Muireadaicc, agus Conn, agus Marcach na Mara, agus Síoghmhall Soineannta, agus lir Síthfionach, agus Fiacha mac lir, agus labhra mac Doirbhe, agus misi Eochaidh Donnmharach; agus Gormghlan inghíon Bhreachuirne, mo mháthairsi. Agus ar ttaistiol gacha críche san domhan damh gus an ionad so, d'fhanas ann maille lé cumhachtaibh Túatha Dé Danann. Agus téighim a ccruth cait, óir is í dealbh is mó gráin uamhan agus eagla ré cách í, agus do ghéilledar agus d'úmhluígheadar beathadhaigh éigciallda urchóidecha ainmhínteacha allta an Ghleannasa damh. Agus do fhollmhuigheas gac críoch ba chóimhneasa dhamh, agus do clos mo thúarusgbháil fón mbioth, agus isé sin an t-ádhbhar fá a n-abarthar Glenn an Chait Chaoich. Agus ró-innis- eadar mo chompánuidh dhamh go ngeabhthása neart agus tigh- earnas gacha críche, agus ar an nglenn so, agus oruinn féin, agus go mbiadh Meadhbh Mhongbhuídhe na mnaoi agad, agus go mbéaradh sí mac maith duit, agus go madh cúmhachtach é maille ré tíghearnas mór do ghabháil dó. Agus atáid seóide iomdha agamsa fá na chómhair .i. cloidheamh nách fágbhann fuíghioll buille nó béime, agus éide ró mhaith nach deargthar ar aoinnech tríd, agus do chidhtear an uile ní aisde, agus ní fhaicthear aoin ní ann, agus cochall maith, agus ní bhfuil san domhan slighe na dtoig- eóradh an tí fá a mbiaidh a dhul nách téid ann gan fuireach. Agus dá raibh leatsa, béaraidh go cuan na Cathrach Íarnúidhe ré taobh Cathrach na hAithne san nGréig Mhóir thú féin agus do mhuinntear a naoinfheacht .i. an Ridire Dubh agus Gaoi Gormshúileach." Tar éis na sgéal sin d'innisin dó do suigheadh na socaidh timchioll an Amadáin Mhóir agus do dáileadh fleadh agus féasta ortha as a haithle, gur bha meisge meadharchaoin uile íad. Íar sin do cóirigheadh iomdha agus árdleaba don A. Mh. agus d'Aoife inghíon Eochaidh Dhuinn. Agus do bhádar trí lá agus teora oidhche fá'n samhlúghadh sin.
Iomthúsa an A. M., ró imthigh roimhe agus d'fháguibh an Searrach Corcra, agus ró ghabh an cochall uime agus ró thóguibh an cochall leis é, agus níor fanadh leis go ráinig cúan na Cathrach Íarnuidhe agus do budh anaoinfheacht é féin agus G. G. agus an Ridire Dubh annsin. "Sgéala dhúinn a A. Mh.," ar siad, "cionnas do chuaidh tú tré Ghlenn an Chait Chaoich. "Atáid sgéala agam," ar an t-A. M., "agus ní rabhadar ariamh roimhe agam, óir do fuaras sgéala gurab dearbhráthair do Righ an domhuin m'áthair, agus gurab í inghion íarla Chornubas do Bhreathnachuibh mo mháthair, agus gach easbaidh sgéala dá raibh orm do fuaireas íad ag Eochaidh Donnmharach .i. an tí dá ngoirthear an Cat Caoch." Do ba mhaith leósan na sgéala sin uile .i. a bheith na mhac dearbhráthar ag Rígh an Domhuin, ó rug treisi agus cumhachta ortha féin. Níor chían dóibh amhlaidh sin an tan adchonncadar an long luchtmhar lánaidhbhseach san ccuan, agus timpchioll trí cclár ós uisge di, agus slios áluinn d'ór dearg na thimpchioll, agus crann cethardha corcra d'ór dhearg na sheasamh ar lár na luinge sin agus gach ré cclár d'iúbhar áluinn is an luing, agus folach do shíoda dheaghmhaiseach ar a tillte, ar na lionaibh do shróll iolbhúadhach ioldathach innte. Agus do ghabh an long sin cúan agus caladhphort a ccómhfhogus dóibh, agus do thóg- bhadar na bruit uaisle dógh . . . . i thuillte na luinge, agus do chúadar innte as a haithle agus do fuaradar cláirsech ceólbhinn chaointéadach ar slios-thosach na luinge móire sin, agus lámhchrann d'iúbhar áluinn éagsamhuil innte, agus téada breágha airgid fhingheal, agus deilg d'ór áthloisgthe a ccor na cláirsighe sin; agus do bhí eoin áilne Afraice ag cantuin cheóil ris na téaduibh sin. Agus an tan do chuaidh an t-A. M. agus na ridireadha sin san luing do chodladar go sámh ris an cceól íar na chlos. Agus ró thóguibh an ghaoth dhíanláidir draidhechta . . . . . na luinge sin, gurab édo mhúsgail íad as a ccodla .i. fuaim tuinne ré trácht a luinge a ccúan na Cathrach Íarnuídhe. "An í an chathairsi ataoi d'iarraidh, a Gh.Gh.? ar an t-A. M. "As í go deimhin," ar G. G. As amhlaidh do bhí an chathair sin agus a lán do bhior- chuailleadhaibh badhbha na h-úrthimpchioll, agus íad uile fá cheann- aibh daoine. Óir an mhéad do ghaisgidheachuibh agus do chlannaibh ríogh agus róthíghernadha an domhuin do thigeadh dá híarraidh nó dá tochmarc, ní fhilledh neach tar a ais díobh gan tuitim uim an ccathraigh sin, agus a ccinn do chur ar na bearaibh sin. As annsin tug an t-A. M. a rogha do Gh.G. inghíon Rígh Gréag
do thabhairt chuige mar a raibh, nó dul dá hionnsúidhe mar a raibh sí féin, agus neart na cathrach do ghabhail. "Is fearr liom a tabhairt chugam," ar G. G., "óir do líonas d'uamhain agus d'imeagla a bhfuil do cheannuibh ríogh agus rófhlatha ar bhearaibh na cathrach úd." As annsin do ghluais an t-A. M. d'ionnsuidhe na cathrach, agus do dhearmuid a chloidheamh san luing, agus adchí iliomad do dhealbhuibh leómhan agus leopard ngríbhningneach ar slios agus ar thaobh an ghríanáin mar a raibh inghíon Rígh Gréag. Agus téid an t-A. M. san ghrianán, agus do fuair iomdhaidh árd chóirighthe ann, agus folach d'ór dhearg uirthe, agus do chuaidh an t-A. M. ar an iomdhaidh agus do fuair éan áluinn Afraice ar cholbha na leaptha, agus ró chuir an t-A. M. a lám ar an éan, agus do sgread an t-éan go haidhbhseach. Agus ba ghnáith leis an éan sin, sin do dhéanamh, agus ceól orgánta do dhéanamh an tan do ghlacadh neach coimhightheach é. Agus do chuir an t-éan sin fir ghonta agus mná ré níodhnaibh inna ttoirchim suain agus fíorchodlata ris an cceól do níod. Agus do thuit an t-A. M. iona chodladh amhlaidh sin. An uair do chúalaidh inghion Rígh Gréag an t-én, d'aithin go rug duine éigin anaithnidh air, agus do ráidh ré mnaoi do'n bhan- tracht dul dá fhios. Agus do chuaidh an bhean do'n Ghrianán agus do chonnairc an macaomh óg amhulchach ar an iomdhaidh, agus dar léi nách facaidh d'fhearaibh domhuin duine badh deigh- dhealbhtha ioná é, agus as eadh ró ráidh "A Dhé Nimhe agus Talmhan, créad do dhéanas mé leat, óir dá ndechuinn d'innsin do sgéal d'inghín Rígh Gréag tiocfaidh do bhás de, agus gibé dochar do gheabhus mé as do los ní mhúisgeólad tú fós." Dob' fhada le h-inghin Rígh Gréag do bhí an bhean sin gan techt dá hionnsuídhe, agus adubhairt lé mnaoi eile don bhantracht dul do'n Ghrianán. Agus an tan do chonnairc an bhean sin an macáomh do rinne mar an ccéadna. Agus ní raibh aoinbhean do'n bhantracht nách tug grádh díochra dofhaisnéisi don A. M. Iar sin téid inghíon Rígh Gréag do'n ghrianán agus fíafruíghes, "Créd an mhoill sin do rinneabhar úaim, a bhantracht?" ar sí. "Atá," ar siad, "macaomh óg amhulchach atá ann so aguinn, agus ní fios dúinn cía hé d'fhear- aibh dhomhuin, agus atá eagla oruinn thusa do thabhairt báis dó." "Druididh súas uaidh," ar sí, "óir bhéaradsa bás dó gan mhoill." "Ní hamhlaidh sin is cóir, acht dúisgthear linne é go bhfionnam cá tír dó, agus curthar an garbhtheghlach timp- chioll an ghrianáin nó go bhfaghaidh bás leó, agus na salaidhsi
an grianán leis, óir is fearr duit sin do dhéanamh, agus do thabhairt ortha, ioná tú féin dá dhénamh." Do cuireadh an Garbhtheghlach a ttimpchioll an ghríanáin agus do dúisgeadh leó é, agus d'fhíafruigh an inghion de cía hé féin. "Misi Amadán Mór na Foraoise, mac mhná an Ridire, dalta na banal- trann agus dearbhchomhalta mic na banaltrann, agus do chúala a nGleann an Chait Chaoich gurab mac dearbhráthar do Rígh an Domhuin mé agus gurab í inghíon Sir Bhalbhuadh Dé Cornuhas de Breathnachuibh mo mháthair. Agus an tusa inghíon Rígh Grég?" ar sé. "Is mé go deimhin," ar sí. "Maiseadh," ar an t-A. M., "atá G. G. agus an Ridire Dubh annsúd amuigh agus ní bhfuil aon amadán mná aca, agus tángas-a ar do chennsa go ndéanaidh G. G. amadán mná dhíot." "As dóigh liom go ndéanaidh an Garbhtheghlach do dhíthchennadh," ar an inghion. "Trúagh sin," ar an t-A. M., "óir dhearmuid mé mo chloidhemh ann mo luing, agus dá ndeachainn na dhiaigh teithfidh an Garbhtheghlach sul a ttí mé arís." Ró éirigh an Garbhtheghlach annsin agus tugadar frasa díana dá n-armaibh diubhraighthe don A. Mh., acht ní thugsan suim ortha agus d'imthigh as an láthair mar a raibh an long, agus do rug ar a chloídhemh, agus d'fhill go hathlamh ar an nGarbhtheghlach arís, agus ró mharbh mórán díobh, agus do rug inghíon Rígh Grég as an ngríanán iona raibh a measg a bantrachta, go ráinig an long mar a raibh G. G., agus adubhairt, "Gabhaidh an dúnadh 's a bhfuil do mhaithios ann, agus do bhéarsa neart agus comhachta dhibh ann," ar sé. Do badh mhaith lé G. G. gach ní díobh sin, agus adubhairt, "As maith liomsa gach ní dá n-abrair do bheith agam." Ro ionnsuigh an t-A. M. an chathair iar sin an dara feacht, agus ró mharbh a bhfuair innte. Agus do rug na sgéala sin ar Rígh Gréag, agus do fógradh tionól agus toichiosdal leis ar faiththe Chathrach na hAithne. As annsin do chruinnigheadar seacht tteallaigh déag na Gréige a ttiompchioll an Rígh ar faithche a dhúnaidh. Mar do chonn- airc an t-A. M. iomad na sluagh ar an bhfaithche, ró ionnsuidh go hathlamh íad, agus níor fhan go ráinig meadhón na slúagh sin, agus is cóimhionann do mharbh an t-A. M. ar gach taobh íad, ionnus gur ionnsuigh gach drong díobh doras na brúighne agus na cathrach. As annsin do hinniseadh do Rígh Gréag gurab é A. M. na F. a bhí ann. "Ní bhíam leis," ar an Rígh, "óir cloinmíd nár gabhadh ris a n-aoin ríoghacht san domhan nár úmhlaigh dó, agus ró hinniseadh dhúinn go bhfuil ag gabhail an domhun agus gach tighearnas do gheibh sé uatha do bhéáramaoidne amhlaidh sin dó é." Ró hinniseadh
sin don A. M., agus as eadh ró ráidh, "Geabhadsa sin," ar sé, "agus inghíon Rígh Gréag do bheith na hamadán ag Gaoi Gormshúileach." Do b-aontuigheadh sin le Rígh Gréag. "Maiseadh, a Ghaoi Ghormshúiligh, fansa, agus an Ridire Dubh, annso, go ndeachuinnsi do dhéanamh amadán fá'n domhan dom féin." Ro ghluais an t-Amadán Mór as críochaibh na Gréige. Annsin tárlaidh a ccrích eile é, agus do bhí cúirteanna iomdha áilne innte. Athaidh fhada dhó ag siubhal innte agus ní thárlaidh duine ar bith air, agus ar mbeith treall mar sin dó adchonnairc dúnadh ríoghdha ró-mhaisech agus cuirp agus colna ríogha ró-áilne 'na bhfaon-luidhe iona mbádhbhaibh buain-shínte ar urlainn an bhaile, ar gach taobh do'n dúnadh. Téid an t-Amadán Mór san dúnadh íar sin agus do fuair congbhadha craoisleathan ar tine san mbruighin sin, agus colna ró-iomdha dá mbruith 'san choire sin. Do bhádar dá fhear déag marbh annsin go bhfoltuibh caoimhe casa cneís- gheala cuirp-shoillsecha ar muin a chéile, agus íad ar lár na bruíghne. Do bhí corp áluinn sneachtuídhe ann, do b'áilne agus do b'fhíorghloine do chorpaibh an domhain, agus do bhí bior fada reamhair trés an ccorp sin, tar san. Agus an tan adchonnairc an t-Amadán Mór an míleadh macánta deighdhealbhach sin ro-líon dá sheirc agus dá shíor-ghrádh, agus adubhairt: - "A Chruthuightheóir Nimhe agus Naomh-Thalmhan, is trúagh liom nách beó do rugas ort, óir dá madh eadh, ní sgarfamaois ré chéile an feadh do mhairfeamaois." An tan chúalaidh an macaomh mórdhálach sin, do bhí ar an mbior, ráidhte an Amadán Mhóir, do labhair go foirbhthe foisdionach, agus adubhairt ris an Amadán Mór, "Sir ormsa gach sgéal is maith let d'fhághail, agus do gheabhair iad." Ar n-a chlos sin do'n Amadán Mor, tug rith sanntach ar an mbior agus tairringios as an macaomh é, agus tug easgra áluinn airgid chuige, agus ro-ibh deoch uaidh, agus d'innis sgéala do'n Amadán Mór, agus adubhairt, "Dá bhfantá le mo sgéaluibhse, go h-iomlán, ní imeóchadh ceachtar aguinn go bráith." "As deimhin nách bhfúigfidh mé an chathairsi nó go raibh a fhíos agam cía dó 'bhfúig- finn í, agus ní fheadar nách tar m'ais do bhíadh an tí ag a mbíadh." "Maiseadh," ar an macaomh, "gach ní is
aithne damhsa do gheabha tú a fhios." "Innis damh ar ttús cía féin nó cía do mharbh an t-ár mórsa 'san chathraigh." "Do gheabhairsi a fhios sin," ar an macaomh. "Críoch na h-Islinne an chríoch so, agus Glinne mac Rígh na h-Islinne misi. Agus tángadar Clann Cain Colnaidh Mic Adhaimh d'ionnsúidhe na críce so, dá milleadh, agus ro h-ionnarbadh ár ccineadh agus a cclanmhaicne leó, agus do loisgeadar a ndúnta agus a ndeaghbhailte uile, agus ro-mharbhadar a slógha agus a sochuidhe, agus ro-fhágbhadar óglách a ttreisi agus a ttighearnas na tíresi dár badh cómhainn Treathan Tollgorm. Agus tug Rígh na h-Islinne misi agus mo dhá dhearbhchomhalta dheug a mbroighdionas dó, agus ag sin ar na bearaibh iad ad'fhíadhnaisi. Agus do h-ionn- arbadh sluagha na cathrach leó acht misi agus an dá fhear déag sin do bhí agam. Agus tar éis an áir sin, do chuir muinn- tear an Fhir Mhóir giolladha dá ionnsuídhe, ag iarraidh air feólmhach d'fhagháil dháif, agus adubhairt an Fear Mór nach buan do mhairimís féin aige, agus go ttreasgóradh sé sinn fá chomhair a mhuinntire agus a chloinne. Mar do chúaladar mo dhá dhearbhchomhalta dhéag fein sin, d'iarradar bás do thabhairt dóibh féin ar ttús, d'eagla go bhfaicfidís bás dá imirt oromsa riompa iona bhfíadhnaisi, agus ag sin ar na bearaibh íad." Níor chían dáif amhlaidh sin an tan do chúaladar búir- fedhach agus béiceach agus tormán na bhFear Mór chuca. Fágbhamaoid an chathair feasda," ar Glinne. "Dá mbéinn dá fágbháil go soiche so," ar an t-Amadán Mór, "ní fhúig- finn anois í, nó go ndíoghluinn do mhaslasa ortha." "Trúagh sin, a Amadáin Mhóir," ar Glinne, "óir muirfidh na Fir Mhóra misi agus tusa. Déanasa imthecht, agus fuireóchadsa le sgealaibh." Tangadar na Fir mhóra chuca an tan sin. "Coisg fear díobh súd, a Ghlinne," ar an t-Amadán Mór, "agus do dhéansa an triúr eile do dhithchennadh." As a h-aithle sin d'ionnsuigh an t-Amadán Mór agus an triúr fathach a chéile, agus do b'é críoch an chómhraicc gur treasgradh leis an Amadán Mór iad, agus do thuit Glinne agus an fear eile ré chéile bonn fría bhonn. "Truagh liom sin," ar an t-Amadán Mór, "óir ní bhfuair bás ariamh duine is measa liom ioná Glinne." Agus do cuireadh leis é, agus do thóg a lia ós a leacht, agus do fearadh a chluiche caointe ris.
Agus fágbhus an chríoch sin na h-Islinne, agus tárla tír áluinn eile dó, agus mórán do dhúntaibh agus do dheaghbhailtibh innte. Agus do chonnairc cathair ríogha ró-mhaiseach, agus ba mhó í iona aon chathair dá bhfacaidh ríamh roimhe sin, agus slúagha móra ar faithche na cathrach sin ag imirt a ccleas ngoile agus gaisge. An tan do chonnairc an t-Amadán Mór iomad na slúagh ag dul gus an dúnadh ríogha ró-mhór sin do len íad gus an dúnadh, agus do shuigh a ndorus na brúighne. Agus mar do chonnarcadar mar sin é, d'fhíaf- ruigheadar dhe cía h-é féin. "Misi Amadán Mór na Foraoisi, mac mhná an Ridire, dalta na banaltrann, agus dearbh-chomhalta mic na banaltrann, agus do chúalas a nGleann an Chait Chaoich gur mac dearbhráthar do Rígh an Domhuin mé, agus is uime do shuighes annso d'egla go rachadh aonduine aguibhsi amach uaim go ndéanainn amadáin díobh." Ro-fhreagair tighearna na cathrach an tan sin é, agus aseadh adubhairt, "Is feasach sinne go ttugadar Ríghthe an domhuin, gus an nGréig, tighearnas agus úmhla dhuit, agus do bhéaram féin amhlaidh sin duit é." "Mais eadh," ar an t-Amadán Mór," innis damhsa cía h-í an chríoch so iona bhfuil sibh." "Dreóluinn an Ghaisge is ainm do'n chrích so," ar an Rígh, "agus misi féin Rígh na Dreó- luinne. Agus is ann sa' chríchsi geibhtear gníomhartha gacha gaisge, agus atáid mic ríogh agus ró-thighearnuídhe dá bhfoghluim innte." "Cía h-í an chríoch so is nesa dhúinn?" ar an t-Amadán Mór. "An Bheirbhe Lochlannach tír is foigsi dhuit," ar an Rígh. "Cá fada úainn an chríoch sin?" ar an t-Amadán Mór. "Uidhe coicíosa ar mhí timpchioll, agus úidhe trí lá agus teóra oidhche san athghairid." "Créad í an athghairid sin ghabhas daoine chuice?" ar an t-Amadán Mór. "An Ghíodhrainn Lochlannach," ar an Rígh. "Aoin nech dá ndeachaidh innte níor fríth aon fhocal dá sgéalaibh ríamh." "Maiseadh," ar an t-Amadán Mór, adhluicsi misi 'san athgoirid chum na Beirbhe Lochlannúidhe." "Truagh sin," ar an Rígh, "tusa agus fir an domhuin, dá ndeachadaois do'n Ghíodhrainn Lochlannaídhe, ní thuicfadaois tar a n-ais go bráth arís." "Créd do-nímse do bhur ttighearnas mar sin," ar an t-Amadán Mór, "óir do- bheirim mo bhríathair go ccaithfidh sibh teacht liom?" Adubhairt an Rígh go rachadaois leis ó do bhí an uile ríoghacht ar a chumas aige, agus gur bh'fhearr leó cumas a láimhe aca 'san Ghíodhrainn agus 'san mBeirbhe 'ná bheith 'n-a aghaidh. Do tionóladh slúagha agus sochúidhe na Dreólluinne, agus do ghluaiseadar féin agus an t-Amadán Mór iar sin,
agus ní bhfuaradar cath ná comhlann go rángadar an Bheirbhe Lochlannach. "Ag súd an Bheirbhe Lochlannach, agus ní léigionn an eagla dhúinn dul innte ná fille tar ar n-ais go críochaibh Lochlonn arís." "Rachadsa libh," ar an t-Amadán Mór, agus do rinne amhlaidh sin, agus do fhilleadar tar a n-ais arís go críochaibh Lochlonn. Agus do bhí ag cuartúghadh na críche athaidh fhada go bhfuair tulaigh aoibhinn agus dá fhithchid céd marbh uirthe agus a n-airm gaisge tré n-a ccorpaibh, agus íad ar ttuitim aghaidh ar aghaidh agus bonn fría bhonn, agus iad ar n-a ttreasgairt fá'n ccuma sin. Tug an t-Amadán Mór féachuin thairis, agus do chonn- airc aon mhacaomh óg áluinn mín macánta mná, do b'fhearr cruith, cuma, agus déanamh do mhnáibh na cruinne ar an ttulaigh sin, agus rosg maisech mall-ghorm iona cionn, agus aghaidh fhíor-áluinn aice, agus mailídhe donna deadh- daite aice, agus gruadha corcra crutháilne, agus déad deagh-mhaiseach amhuil néamhann iona ceann, agus corp seang sneachtuidhe solus-ghlan aice, agus do bhí rogha gach pearsa agus gacha dealbha san domhan iona cruth agus do bhí beart do shról fhíor-áluinn éadrocht ar tonguil 'na timpchioll; agus dias do ridireadha dheaghdhealbhtha ar gach taobh do'n inghín. Agus do bhádar cinn na déisi sin iona h-ucht agus í dá bpógadh go díochra, agus a n-arm fhéin tre chorpuibh a chéile, agus íad ar ccomhthuitim ré chéile. Tainig an t-Amadán Mór do láthair, agus do bheannaigh do'n inghín go céillidhe caoinbhriathrach, agus freagras an inghion é mar an ccéadna. "Is iongna liom," ar an t-Amadán Mór, "an días sin ar ceómhthuitim ré cheilé, agus tusa lán dá ngrádh ar aon. Agus tabhair sgéala damh, a inghean, cía h-íad so, nó cía thú féin, nó an dá fhithchid céad so síos agus súas ar feadh na tulcha, agus íad ar ttuitim ré aroile, agus a n-arm tré chorpaibh a chéile. "Do gheabhairsi a fhios sin uaimsi," ar an inghion. "Atáid trí ranna 'san domhan .i. Rann Eórpa, Rann Afraice, agus Rann Aisia, agus inghion do Rígh na h-Aisia misi, agus tugas luíghe nách mbéinn ag aoinfhear acht fear agá mbíadh dhá fhithchid céd iona theaghlach do laochuibh láinbheódha agus do mhacaibh ríogh agus ridireadha, óir do bhí dhá fhithchid céad ingion áluinn ann mo bhantrachtsa do pósfuídhe ris an tteaghlach sin agá mbéinn; do bhrígh gur mhían liom, an oidhche do pósfuídhe mé féin, an bhantracht uile do phósadh
an oidhche sin. Mar do chúalaidh Mághnus Dubh mac Rígh Lochlann na sgéala sin .i. Mac Cecht mic Iubhair, agus as é sin an gruagach dubh so do chí tú agam, táinig sé dom' thochmaircsi agus dá fhithchid céad mac ríogh mar aon ris, agus tug sé misi mar mhnaoi agus mar chaoimhleannán. Agus tugsad a theaghlach mo bhantracht uile, gach aon díobh do réir a uaisle agus a dhiongmhála féin amhuil ró-bhádar ar gach taobh, agus níor fanadh leó go ttugsad go críochaibh Lochlann sinn. Agus an tan do chualaidh Iollann Or-armach, mac Rígh Grég, sin, tug grádh damh féin tré mhéad mo thuar- asgbhála, agus do bhí dhá fhithchid céd mac ríogh ar a theaghlach mar a' ccéadna. Agus tig dom' leanmhuin go críochaibh Lochlann. Agus tárla Mághnas Dubh dó ag dul chum fiadhaigh, an lá sin, go n-a mhuinntir, gus do bhí mise ar faithche na bruighne an tan sin, agus tainic Rígh Grég ar an bhfaithche agus dá fhithchid céad mac ríogh mar aon ris, agus do thógbhadar misi as lár mo bhantracht. Agus do comhair- ligheadh leo annsin, agus adubhradar," "Cuireamaoid an dá fhithchid céad long táinig linn do'n Ghréig, agus racha- maoid féin do'n Ghíodhruinn Lochlannuídhe, óir is ann is lúgha do íarrfúighear sinn. "Do rinneadh an chomhairle sin leó, agus tángadar do'n Ghíodhruinn Lochlannuídhe, agus atámaoid innte le fithche blíadhain, agus gach neach do thigeadh ann ó shoin anúas do fhanadh aguinn. Agus do mheasadh gach duine dá ccluineadh sin gur bás do gheibheadh gach aon dá ttigeadh innte chugainn. Agus do bhí mac Rígh Lochlann dár n-iarradh ó shoin a leith, ar feadh an domhuin, agus níor fháguibh íath nó insi nó oleán gan iarra dhúinn nó go bhfuair sinn. Agus annsin ro-fhógair cath ar mac Rígh Gréag, agus níor h-obadh an cath sin leis, agus do b'é críoch a ccathaighthe gur thuiteadar ar aon, bonn fría bhonn, tar mo cheannsa. Agus do b'é mac Rígh Lochlann badh annsa liomsa dhíobh, oir do b'é céad fhear dá ttugas grádh é, agus ní dom' dheoin do sgaras ris, agus do chúardaigh an domhan dom' iarra ar mo ghrádh, agus do thuit féin tar mo cheann, agus, ar an ádhbhar sin, ní h-iongna grádh do bheith agam air, agus cúmha do bheith orm 'na dhiaigh. Agus fós ní lugha is cóir dhamh grádh mic Rígh Gréag do bheith agam, óir do bhíos fithche bliaghuin mar mhnaoi aige, agus do thréig sé seacht tteallaigh dég na Gréige, agus seacht ttuaithe a ngach teallach díobh, agus oiread Éirionn nó Alban a ngach tuaith ar mo shon, agus ar ttabhairt cath tar mo shon, agus tuitim 'san ccath sin go n-a mhuinntir, is móide atá a ghrádh agus a chúmha agam, sin: agus is íad sin mo sgéala
dhuit," ar an inghíon, "agus innis féin do sgéala dhamhsa," ar sí. "Misi Amadán Mór na Foraoisi, mac mná an Ridire, dalta na banaltrann, agus dearbhchomhalta mic na banaltrann, agus do chúala mé a nGleann an Chait Chaoich gur mac dearbhráthar do Rígh an Domhuin mé, agus gur ab í inghíon Iarla De Cornubas do Bhreathnachuibh mo mháthair." Agus do bad mhaith leis an inghin na sgéala sin, óir do mheas sí gur bho diongmhála an fear dí féin mac dearbráthar do Rígh an Domhuin. Agus do bhí deire an laoi agus tosach oidhche ann an tan sin. Ro-fhágbhadar an tulach íaramh do chum na bruighne iona ngnáthuigheadh an macaomh mná agus mac Rígh Gréag do bheith. Do fheisiodar an oidhche sin, agus d'éirgheadar ar n-a mháireach, agus do chúadar do'n áit iona raibh mac Rígh Gréag agus mac Rígh Lochlann marbh; agus adubhairt an inghion rission: - "A Amadáin Mhóir," ar sí, "déin si feart le do chloidheamh do'n dias gaisgidheach so." Do rinne sé amhlaidh sin. Do bhí an t-Amadán Mór agus inghion Rígh na h-Islinne go h-aigiontach árd-mheanmnach a bhfochair a chéile íar sin. Agus ní cían do bhádar amhlaidh sin an tan do chonnar- cadar aon óglaoch mór míliota mear-mheanmnach dá n-ionnsuídhe, agus rogha airm agus éadaigh air. Agus ar tteacht do láthair dó, fearas fíorchaoin fáilte ris an Amadán Mór. Agus is amhlaidh do bhí an t-óglach sin agus mías d'airgiod aoingheal iona láimh, agus feóil tuirc ar an méis, agus cruithneacht ar n-a fuine a mil, agus cúach órdha 'san láimh eile dhó, agus í lán do mhil agus d'fhíon shoimhilis ar n-a ccumasg ré chéile. "Ag so," ar an fear sin, "biadh agus deoch uaimsi dhuit, óir ní h-oircheas do dheagh-laoch gan bíadh do thabhairt d'a thighearna, agus is tusa mo thriaithsi agus mo thighearna," ar sé. Do ráidh an inghion, "Ná caith a bhíadh, a Amadáin Mhóir," ar sí, "óir is cumhachtach na daoine a bhíos annso, agus cuirid draoidh- eacht a mbiadh agus a ndigh." Ro-imthigh an t-óglach uatha iar sin agus d'fháguibh an bíadh, agus níor bh'fhios dóibh cá conair ionar ghabh sé úatha. Thar theagasg na h-inghine do ghlac an t-Amadán Mór an chúach agus d'ibh deoch, agus do chaith cuid do'n bhíadh, agus an uair badh áill leis éirghe iona sheasamh do thuiteadar a dhá chois ó n-a ghlúinibh síos de. "Is fíor," ar an t-Amadán Mór, "gur h-imreadh
draoighecht orm, óir do chuadar mo chosa úaim." "Do bheirim mo bhriathar," ar an inghíon, "gurab measa liom do chosa do bheith dod' uireasbaidh, a Amadáin Mhóir, "ná bás an dá fhithchid céad fear n-armach úd do thuit tar mo shon reómhad, óir is mó rigeas a leas tusa anois ioná íad uile. Oir dob' inghíon rígh mé aga raibh an treas chuid do'n domhan, agus ní raibh 'san domhan inghion rígh ionshamhalta riom ar m'uaisle agus ar m'atharrdhacht, agus ní raibh ádhbhar rígh nó ró-fhlatha ó shléibhtibh Rife badh thuaidh go deisgeart Éigipte badh deas, agus ó Inbhear Srotha Deirg go h-Innsibh Breatan nách badh rogha tochmhairce dhamh gach aon aca an tan tugadh do mhac Rígh Lochlonn mé. Is mó rángas a leas thusa d'fhághail ioná íad, óir is am' aonar do bhíos an tan fuaires tu." Ro-imthigheadar chum na bruíghne arís an oidhche sin, agus do rugadar as í go cúmhach cíamhair go ttáinig an lá go n-a lán-shoillsi ar n-a mháireach. Do chaoi an inghíon go trúagh tuirseach. Fiafruigheas an t-Amadán Mór dí créad uim a raibh mar sin. "A Amadáin Mhóir," ar sí "as é m'ádhbhar, mar atá tusa a n-uireasbaidh do chos, óir do ceileadh ór agus airgiod, bíadh agus éadach, eich agus iolmhaithios oruinn as a los." "Déanam ar an ttulaigh úd anonn," ar an t-Amadán Mór. Do chúadar agus ní fheadarsa créd an módh ar a ndeachaidh an t-Amadán ann munab í an inghíon do rug ar a muin lé é. Ní cían do bhádar ann íar rochtuin na tulcha dhóibh an tan do chualadar guth gadhair chuca ag tafann go fír-bhinn. Is annsin do ghabh an t-Amadán Mór an t-sleagh iona láimh ag cloisdin an ghadhair, agus do chonnairc fíadh faiteach foluaimneach fuireachair dá ionnsuidhe, agus do chuir an t-Amadán Mór a mhéar a suaithneadh na sleighe soi-dhiúbhraigthe, agus do chroithesdar í go feardha fíor-láidir, agus do chaith ris an bhfíadh í gur mharbh é. Agus iar sin do chonnairc an gadhar gléigeal ar lorg an fhíadha sin. Beirios an t-Amadán Mór ar an bhfiadh-ghadhar sin go deagh-thapa, agus cuirios cuibhrioch agus ceangal agus iadhadh go h-urlamh air. Agus fillios an t-Amadán Mór arís 'san chonair chéadna, agus do chonnairc óglách mór míliota ar lorg an fhiaidh agus an ghadhair, agus cotún áluinn il-ghréasach uime agus lúireach urbhailleach leabhair lán-daingion uime, agus cloídheamh órdhoirn iontláis iona láimh, agus búadhbhall biotháluinn binn-bhríathrach uim a bhrághaid.
Beannuighes do'n Amadán Mór agus adubhairt ris, "Tabhair mo ghadhar dhamh, a Amadáin Mhóir," ar an t-óglách, "agus ní láimhseochad an fíadh ort." "Is fearr liom an ríogh-ghadhar so agam," ar an t-Amadán Mór, "'ná mo chuid do'n fhíadh, óir atáim gan siubhal gan imtheacht agam." "Do-bhéarsa cumha dhuit," ar an gruagach. "Cá cumha sin," ar an t-Amadán Mór? "Do sháith bídh agus dighe go bráith," ar an gruagach. "Is mó do rigfinnsi sin do leas 'ná an gadhar agus maithios an domhuin ar cheana" ar an t-Amadán Mór. "Do bhéarsa súd duit," ar an gruagach, agus do chuir cuir agus slánta air, do réir mar do bhí 'san aimsir sin, fá'n ccunnradh sin do chomhall. Agus do ghluaiseadar riompa na ttriúr .i. an t-Amadán Mór, an bhean, agus an gruagach. Agus ní cían do bhádar an tan do chonncadar bruighean oirdhcirc ioldathach uatha, agus do chuadar innte, agus do fuaradar inghíon áluinn 'na suighe a ccathaoir órdha, agus brat do shról ríogha ró-mhaiseach ar tonngoile 'na timp- chioll, agus rogha gacha delbha 'san mbrat sin aice, ar chrut, ar inioll agus ar dhéanamh. Do thóguibh an inghíon a rosg agus a ríogh-radharc agus aseadh ro-ráidh, "Cía h-íad súd, a Ghruagaigh?" ar sí. "Mac dearbhráthar do Rígh an Domhain an fear úd, agus as ris adeirtear Amadán Mór na Foraoisi, agus an bhen do chí tú iona fharradh, inghíon do Rígh na h-Aisia í, agus do fuaras mo ghadhar aca agus dob' éigion dhamh a ccothúghadh do bhíadh agus d'éadach an feadh do mhairfidís do thabhairt dóibh tar cheann mo ghadhair do thabhairt damh. "Olc agus úrbháthadh ort," ar an inghion. Is minic do chúadhais a tturas nách budh maith agus ní dhear- nais ríamh turas badh mheasa ioná sin." Mar do chúalaidh an t-Amadán Mór sin is mór do ghoill air, agus is mó do ghoill sé air ioná bheith gan chosuibh. Acht cheana do rugadar as an oidhche sin go dúbhach dobrónach déarach, agus d'éirigh an Gruagach ar n-a mháireach, agus do ghlac a ghai iona láimh, agus adubhairt, "Rachadsa do dhéanamh fíadhaigh dochum na foraoisi, agus coimhéadsa mo bhean go maith." "Ní dhéan," ar an t-Amadán Mór, "agus rachad féin leat maille re mo mhnaoi." "Ná cuireadh caint mo mhnása ort, a Amadáin Mhóir," ar an Gruagach, agus ro-nasg a bhriathair air fá fhuireach agus fá chómhnuidhe do dhéanamh agus gan saobhnós do dhéanamh nó do bheith air, fá ar labhair an ríoghan: agus ro-nasg air fá'n mhnaoi do choimhéad go tille dó féin arís.
D'imthigh an Grúagach agus tainig bean an Ghrúagaigh mar a raibh an t-Amadán Mór, agus do ráidh ris, "Is maith an turas iona ttangais, a Amadáin Mhóir, óir do-bhéarsa rogha bidh, dighe, earradh, agus éadaigh dhuit, amhuil do bheitheá ad' rígh ar an domhan, agus mo thoil féin do dhéanamh." "Cá toil sin," ar an t-Amadán Mór. "Gan mo rún do léigion le h-aoinneach, agus gach rúindíamhair dá mbíaidh agam do léigion leat, agus sin d'fholach ar an nGruagach. "Do dhéansa sin," ar an t-Amadán Mór. "Ann gach ádhbhar is déanta dhuit sin," ar an inghíon. Do gheall an t-Amadán Mór sin dí. "Maiseadh," ar an inghíon, "dá bhfaictheá fear agamsa, ná h-innis do'n Ghruagach é agus déana rún maith air." Do gheall an t-Amadán Mór go ndéanadh sin. Níor chían dóibh mar sin go bhfacadar gaisgeadhach mór allata dá n-ionnsuidhe, agus do chuaidh a n-aoinleabaidh le mnaoi an Ghrúagaidh. Ba lúthgháireach an fear sin agus bean an Ghrúagaigh ré aroile, nó gur chaill sí a h-ionnracas, agus do chuir sin go mór ar an Amadán Mór, agus gan cumas aige ar a bhacáil nó ar a dhíoghailt ar an óglách an- aithnidh. Iar sin d'íarr an t-Amadán Mór ar a mhnaoi a thógbháil go dorus an t-seómra iona rabhadar an cúpla sin, agus do thóguibh a chloidhemh iona láimh, agus ro-dhesaidh a lámh a ndornchladh an chloidhimh. Agus d'fhíafraigh an t-óglach, "Créad do b'áil let do dhéanamh, a Amadáin Mhóir," ar sé? "Measaim nách fuil slíghe agadsa acht so, agus dob' áil liom thusa do chongmháil le Grúagach na bruíghne; óir do gheallas dó a bhean do choiméad, agus ní léigfiod tusa amach go ttille sé." "Ní mar sin do gheallais dhamhsa," ar an inghíon, "acht rún maith do dhéanamh orm gibé ní do dhéanuinn nó do chífeá agam dá dhéanamh." "Do-dhéansa rún ort," ar an t-Amadán Mór, "acht caithfidh an t-óglách an-aithnidh sin maille riot anmhuin ris an ngrúagach." "Maiseadh." ar an t-óglách, "Fuais- geoladsa mé féin uaitsi." "Cá fuasgladh sin," ar an t-Amadán Mór? "Do rogha cos mar is fearr do bhí ríamh," ar an t-óglách. "Glacfadsa sin," ar an t-Amadán Mór, agus tug an t-óglách sin dó mar is fearr do bhí sí aige ríamh. Críoch na láimh-scríbhne 'san Acadamh: is as é an giota .. leanas "Is aimhghlic do thugais mo chos dhamh", ar an t-Amadán Mór, "óir is fearr mo neart anois red' chongbháil nó
roimhe." "Do-bhéara an chos eile dhuit agus leig amach mé." "Géabhadsa sin," ar an t-Amadán Mór, agus do fhéuch faoí. Do fúair a dhá chois aige mar is fearr do bhí aríamh. "Is briathar damhsa," ar an t-Amadán Mór, "nach leigfead amach thú nó go ttí an Grúagach do'n dúnadh." Mar do chúalaidh an t-óglach an-aithnidh sin, tug léim ar chumairce na ríoghna, agus do ghabh an ríoghan do láimh a shaoradh ó láimh an Amadáin Mhóir d'eagla bás do thabhairt dó. Agus is é do bhí annsin Gruagach an dúnadh féin do chuaidh isin riocht sin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services