Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra an Amadáin Mhóir

Title
Eachtra an Amadáin Mhóir
Author(s)
An Craoibhín,
Compiler/Editor
Ó Rabhartaigh, Toirdhealbhach
Composition Date
1730
Publisher
(B.Á.C.: Ollsgoil na hÉireann, 1928)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Eachtra an Amadáin Mhóir.



Ridire neartmhar nós-oirdhearc cródha céillíghe cuimhnech
menmnach maisech mallrosgach díoghuin déidghel fosaidh
foisdionach fír-ghlic badh dhearbhráthair do Rígh an Domhuin,
agus is é do b'ainm do'n ridire sin .i. Ridire an Fhear-
ainn Áluinn, do bhrígh go raibh fearann áluinn aige, agus as í
badh ben do .i. inghíon Iarla Chornubas do Bhrethnachuibh.
Agus is uime adeirthear an t-ainm sin fris .i. Ridire
an Fhearainn Áluinn ó ttáid Innsi Bretan. Agus do bhí
fairrge do thaobh dhe, agus foraois áluinn fhiadhaigh don taoibh
eile don fherann sin, agus do bhí bruighen bhrégha bhioth-dhaingean
annsa bhforaois sin, agus do thigdís na longa na láinthimp-
chioll, gé go madh líonmhar láiniomdha do bheidís. Agus
is amhlaidh do bhí an Ridire sin agus triúr mac aige, agus do bhí
ríghphearsa ag gach mac díobh. Agus is amhlaidh do bhí siad
go raibh sáith Rígh an Domhuin do mhacaibh a ngach mac díobh,
agus ní raibh acht aonmhac ag an Rígh. Mar sin dóibh go raibh
an Ridire agus a chlann ag imirt fithchille re aroile. Annsin do
labhair an mac badh sine do chloinn an Ridire agus aseadh
adubhairt, "A athair ghrádha," ar sé, "is olc linne gan
tusa do bheith ad'righ ar an domhan, ar chor gomadh
clann ríogh do goirfídhe dhínn féin." "Créad uim a n-abar-
thaoi, a mhaca ionmhuine," ar sé, "óir atáid clanna ríogh
agus ró-thíghearnuidhe an domhuin ar an mBórd Cruinn ré
hamharc agus ré hárdfhoghluim cleasa goile agus gaisgidh
d'imirt agus d'fhoghluim gacha blíadhna, agus créd dob áill libhsi
do dhéanamh uim an ádbhar sin," ar sé? "Dob'áill
linn," ar siad, "bheith ag feithiomh ar Ching Artúr go cenn
blíaghna nó go bhfagham 'na uathaidh agus na aonar é, a ndíth a


L. 195


shlóigh agus a shochuidhe, agus cath d'fhógair air, agus is geis dósan
cath d 'obadh agus tuitfidh féin go n-a mhuinntir linne agus goir-
fíghear rígh dhíotsa agus clann rígh dhínne, óir atámaoid
triúr mac agadsa, agus ní bhfuil ag an Rígh acht aon mhac
amháin."



Do rinneadar amhlaidh sin, oir do bhádar ag feithiomh
ar an Rígh go cenn blíaghna go bhfuaradar na úathaidh agus na
aonar é, agus ró fhógradar cath air, agus do thug san sin dóibh,
agus ró cuireadh an cath go buan láidir, dibhlionnach. Acht atá
aon ní cheana. Do cuireadh an cath, mar badh chóir,
orthasan, óir do marbhadh clann an Ridire ré Cing Artúr,
agus do gabhadh é féin re muinntir an Rígh, agus do thugadar cen-
guilte cruadh-chuibhrigthe a bhfiadhnaise an Rígh é, agus d'fhiaf-
ruigh a mhuinntir do'n Rígh créad do dhénadaois ris, nó
créad an bás do himeórthaidhe ar an Ridire. "Sgaoil-
tear de," ar an Rígh "agus curtar a mesg a mhuinntire féin
é." Do rinneadh amhlaidh sin agus tar éis an Ridire do dhul a
mesg a mhuintire féin, do bhí go dúbhach dobhrónach tuirsech
déarach aithmhélach a ndiaigh a dhroich-chinneamhna, agus ró fhiaf-
ruigh a mhuinntear dhe nárbh í cúmha a chloinne do bhí air.
Adubhairt an Ridire nárbh eadh, acht an toirchios do bhí a
mbroinn a mhná. "Ar an ádhbhar sin," ar sé, "dá
mbeireadh sí mac agus go gcluinfedh sé bás a dhearbhráithre
do chuirfedh sé roimhe díoghaltas do dhenam ionnta, agus
tuitfidh sé féin, mar do thuiteadar a dhearbhráithre roimhe;
agus ag sin ádhbhar mo thuirsi agus mo dhobróin," ar an Ridire.
Agus do rinnes comhairle, madh comhairle libhsi é, óir atá
foraois áluinn iongantach agam," ar sé, "iona mbí
bíadh agus deoch do ghnáith, agus dob' áil liom mo bhen féin agus ben eile
do chur san bhforaois sin agus léigion dóibh go h-am tuis-
mighthe an toirchis, agus madh nighean do bhéara sí gan
duine ar bith dá lúadh nó dá labhairt, agus a techt a mesg
mo theghlaigh arís, agus madh mac do bhéaras a oileamhain gan
mhothughadh gan iomrádh, acht mar nach dtiocfadh san t-saoghal,
agus bheith dá oileamhain mar nach dtiocfadh ar an ttalamh, mar
nach bhfaicfeadh slóg nó sochuidhe é, agus mar nach bhféadfadh lúth
nó lámhach nó clesa goile no gaisge d'imirt nó d'fhóghluim,


L. 196


nó go ndéntar amadán droich-cheillíghe díothchoisgthe dhe."
"Ní chúalamar ríamh comhairle badh fhearr 'ná sin," ar a
mhuinntir fris, agus do cinneadh an chomhairle sin leó. Agus
do chuireadar ben an Ridire agus ben eile dochum na foraoisi, agus
do rug ben an Ridire mac. Agus do sguireadh do thaithídhe
na foraoise ó sin amach agus ró hoileadh go hiongantach allata
árd-uaibhrech an lenbh go cenn a shecht mbliaghain. Agus
adubhairt banaltra an leinbh ré mnaoi an Ridire, "Atá
mac agam féin," ar sí, "agus as mór an cennach dham ar
mac mná eile gan mo mhac féin d'fhaicsin." "Éirghe na
dhiaidh," ar ben an Ridire, "agus tabhair let é, agus na léig éan-
duine eile let acht é féin." Téid an bhuime d'fhios an
leinbh gus an ccathraigh a raibh sé, agus d'fhiafruigh an mac dá
mháthair cá háit a mbíodh sí do bhunadh. "Gibé áit a mbím,"
ar sí, "ní bhiaidh a fhios agadsa nó ag nech dá mairenn."
Agus do ghluais roimpe, agus do len an mac beg í gan fhios,
agus ní fhacaigh an mháthair é go ráinig an bhruighion. Do éirigh
mac an Ridire agus do chuir a dhá láimh timpchioll mic na ban-
altrann. "Léig amach mé," ar mac na banaltrann, "nó
brisfidh tú mo chroidhe am chliabh." "Is egla liom go mill-
fidh an Ridire sinn ar aon," ar ben an Ridire, "tré mar
do léig tú an mac beg let." As annsin ró éirigh an
t-Amadán Mór iona shesamh agus do chonnairc an mac beg
eile, agus do rug air, agus níor fédadh a sgaradh ó a chéile go
cenn imchian d'aimsir.



Lá n-aon dár éirigh an t-A. M. agus mac na banaltrann
ar fedh na foraoisi, agus do bhí lán a ghlaice do bhonsachuibh
cuilinn 'na láimh ag mac na banaltrann. "Créd do níthear
díobh sin?" ar an t-A. M. "Do níthear a tteilgen ré
chéile," ar mac na banaltrann." "Teilgsi liomsa íad,"
ar an t-A. M., "go bhfaicfinn sin." Do theilg mac na
banaltrann urchar ré lecán cruaidh cámhaill do bhí na
ghoire, agus is amlaidh do bhí an lecán agus poll trithe, agus do chuir
mac na banaltrann tar an bpoll an t-urchar. "Léig
damhsa an t-urchar do chaithiomh," ar an t-A. M. Ró léig,
agus do chuir an t-urchar tríd an bpoll. "An ndéantar díobh
acht mar sin? "ar an t-A. M. "Do níthear," ar mac na
banaltrann, "slegha rinnghéara a mharbhas eich agus daoine
dhíobh." "Teilgsi misi," ar an t-A. M., "mar do theilgis


L. 197


roimhe." Do rine amhlaidh agus do chuir sechad an t-urchar,
agus ró thóguibh an t-A. M. an bhonsach agus do theilg í le mac
na banaltrann, agus do chuir tríd a dhá shlíasaid an t-urchar
ar feadh na foraoisi. An uair ró goirtígheadh mac na
banaltrann do sgred agus do éighimh go hárd. Ró chúalaidh an
t-A. M. sin agus do thóig mac na banaltrann ar a mhuin dochum
na brúighne, agus do cengladh íar sin é, agus do bhí caoicíos
ar mhí na luídhe. Agus do éirigh slán as a haithle, agus do chúadar
ar aon ar feadh na foraoisi. Agus tarla fiadhach na
foraoisi dhóibh. "Créad íad súd?" ar an t-A. M.
"Fiadhach h'atharsa súd," ar mac na banaltrann. "Créad
do níthear díobh?" ar an t-A. M. "A marbadh agus a n-ithe,"
ar mac an banaltrann. Dénamaoid amhlaidh sin leó,"
ar an t-A. M. "Ní bhéramhaois ortha," ar mac na banal-
trann. "Do bhéara misi ortha go deimhin," ar an t-A. M.,
agus do rinne mar do ghell, óir an fíadh fá nesa dhó don
fhiadhach, do rith chuige agus do rug ar chaol coisi air agus do bhris
a chnámha agus a chroiceann a gcéadóir. Agus ró mharbhsad
iomad dona fiadhuibh, agus do fennadh agus do cóirigheadh
an fíadhach leó, agus do rugadar chum na bruighne mar sin iad.
Agus do nídís mar sin gach laoi.



Lá eile do chuadar chum na foraoisi agus tárla groidh an
Ridire dhóibh. "Is mór an fiadhach úd," ar an t-A. M.
"Ní fíadach súd," ar mac na banaltrann, "acht groidh h'atharsa."
"An é a n-ithe do níthear?" ar an t-A. M.
"Ní hé," ar mac na banaltrann "acht eich bhíos ag iomchur
daoine ó chnoc go cnoc," ar sé. "An áil let dul
ar a muin?" ar an t-A. M. "Ní háil," ar mac na banal-
trann, "óir ní bhfuil srianta nó diallaidíghe againn do rachadh
ortha." "Créad é súd ar deireadh na groidheadh?" ar an
t-A. M. "Steud hatharsa súd," ar mac na banaltrann..
"An ndeachaidh duine ar a mhuin riamh?" ar an t-A. M. "Ní
dheachaidh," ar mac na banaltrann. Iar n-a chlos sin don
A. Mh., do rith ar an ngroidh agus do fuair an steud ar deireadh
na groidhe, agus do chuir na cheithre cosaibh a náirde é, agus ag
éirghe na shesamh dhó do bhí an t-A. M. ar an gcuid do bhí
suas de agus lán a dhuirn do bharusgal slat iona láimh. Agus
do bhúail sé ar gach taobh an t-ech gur chuir sé a taobh ris
an ngroidh agus a haghaidh a mbéal mhachaire Bretan, agus ró
bhí ag siúbhal amhlaidh sin go ráinig an dúnadh ríogha ró-


L. 198


fhairsiong .i. dúnadh Chathrach an Chuill. Agus do chonnairc
puible iomdha agus slógha móra ann agus téid an t-A. M. mar a raibh
an troimtheghlach sin agus as íad ró bhí san chruinniúghadh sin .i.
Sir Balbhuadh Dé Cornubas agus inghíon d'Artúr agus amadán
Artúir. Do bhí beirt do chroicnibh fíadh agus ferbóg uime agus
cách ag magadh agus ag fochuidmheadh faoí. Do ghluais an t-A. M.
mar a raibh amadán Artúir agus d'fhiafruigh amadán Artúir
de cia hé féin.



"Misi A. M. na foraoisi, mac mhná an Ridire, dalta
na banaltrann, agus dearbhchomhalta mic na banaltrann. Agus
cia hé so aguibhsi féin?" ar sé. Amadán Artúir súd,"
ar siad. "An é súd duine is fearr agaibh?" ar sé.
"As é go deimhin," ar siad. "Dá mbeith a leithéid
súd do bheirt umamsa," ar an t-A M., "an badh fearr
mar amadán mé ioná é?" "Do b'fhearr thusa," ar Sir
Balbhuadh. Do rinne inghion Artúir gáire. Mar
do chonnairc Sir Balbhuadh sin buailios bas uirthe ionnus gur
dhearg a gruaidh agus go ttug déara fá na súilibh. Agus
adubhairt gur ghell nách déanfadh gáire nó magadh acht fá'n
duine badh feárr ar an láthair. "Agus anois do rinnis
gaire fa'n duine is measa ar an láthair." "An misi
duine is measa aguibh?" ar an t-A. M. "Gan conntabhairt
is tú", ar Sior Balbhuadh.



An uair do chúalaidh an t-A. M. an t-imdhearga sin dá
fhágháil aige féin ró-ghlúais a fhearg agus a fhuil agus tug síth
sanntach ar chaol coisi ar Sior Bhalbhuadh, agus do chroith go
feardha fearamhail fíorláidir é; agus do bhuail fan ccloich
fá cóimhnesa dhó é, ionnus gur dhearg an láthair dá fhuil. Agus
tug an t-A. M. lámh na thimpchioll dá chur na shuidhe, agus
mar nár fhéd a chur 'na shuidhe aseadh ró ráidh, "Is dóigh
liom go mbíaidh tú coicídhes ar mhí ad luíghe mar do bhí
mac an banaltrann," ar sé, agus do rug sítheadh ar stéd
Ridire an Fhearainn Áluinn iar sin, agus do ling ar a mhuin
agus tug a chúl ré cách agus a aghaidh a mbéal Mhachaire Bretan nó
go ráinig gus an mbrúighin. Agus ró léig a sdéd amach
agus do chuaidh a mesg na mban agus ró fhiafruigheadar dhe cá raibh
ó ró imthigh úatha féin. Ró innis dóibh amhuil mar thárla
dhó ó thecht go himthecht, agus adubhairt go ttárla a mbaile mhór
é, agus go raibh fithche amadán ann, agus go raibh aon amadán ann
dob' fhearr ioná íad uile, agus beirt dob' fhearr ioná a


L. 199


mbearta uile uime, agus adubhairt sé le na bhuime a leithéid
do dhénamh dhó féin. "Cá beart sin?" ar an bhuime.
"Beart do chroicennaibh fíadh agus fearbóg," ar sé.
"Tabhairsi let ádhbhar na beirte," ar an bhuime, "agus do
dhénsa dhuit í." Do chuaidh an t-A. M. fá'n bhforaois agus
do mharbh caogad fíadh agus tug leis íad chum na banaltrann agus
do rinne beirt dhó dá gcroicennaibh.



Agus do ghluais an t-A. M. roimhe isan chonair chéadna no
go ráinic dúnadh Artúir. Agus do chonnairc an fhaithche,
agus ní lúgha na fithche céd ridire do bhí marbh ó na híochtar
go a huachtar uirthe. Iar sin tug amharc thairis agus
do chonnairc puball áluinn íongantach allmhardha a níochtar
na faithche agus do bhí stéad sduadh-áluinn a ndoras
beoil an phobail, agus do bhí mar an ccéadna crann
remhair do chéir chorcra ar dearglasadh a ndoras an
phubail, agus slegh uillennach imreamhair aithghéar for a
hursain agus a húrlainn fúithe, agus pell do chorchair caomh-
áluinn ar dherglasadh ann sa phobal, agus ridire cennradharcach
roisglethan 'na shuighe san mbrúighin sin. Agus is amhlaidh
do bhí an ridire armtha éidighthe agus cathbharrtha agus cotún
órdha uime, agus lúireach fhighthe fhaghartha íarnúidhe ar an
gcotún, agus clóidhemh aithghéar iongantach agus é lán d'ór áluinn
ó a dhéis go a dhornchla. Is annsin roghabh an t-A. M.
ursa an phubail iona láimh agus ró fhéch for an ridire agus
adubhairt, "Is caomh-thaithnemhach an t-ádhbhar amadáin
thú," ar sé. "Ní hamadán misi," ar an ridire. "Créad
óile tú no cia thú féin?" ar an t-A. M. "Mac don
Ridire Corcra, mac Rígh na hIorruaidhe misi," ar sé,
"agus dar do láimhsi saoilim féin nách fuil aon lámh ghaisge
san domhan nách bhfuilim ionchómhraic ris 'ar m'fhoghluim agus
ar m'úaisle agus ar mo chrúas agus ar mo chalmacht a ccathaibh agus a
ccómhlannaibh."



Cía ró mharbh an cumach mór daoine si ar an bhfaithche,?"
ar an t-A. M. "Inneósad féinsin duit," ar an Ridire
Corcra. Smúaineadh do rinne Rígh an Domhuin .i. Cing
Artúr, fledh bliaghna do thabhairt d'fhearaibh an domhain go


L. 200


hiomlán, agus do chuala go raibh cupa ag Rígh na hInnia agus gur
ab ar chloidhemh Rígh na hIorruaidhe do fúair sé é, óir ní
gnáth ri ar an Ioruaidhe acht gabha. Agus do rinne m'athair
se, .i. Righ na hIoruaidhe, cloídemh dob'fherr do bhí san
domhan, agus tugas ar an ccupa do Rígh na hInnia é. Agus is é
clóidhemh is fearr san domhan anois é. Agus do bhí buadha
dó-áirmhe air, agus do bhí ar an ccupa mar an ccéadna.
Mar do chuala Righ an domhain sgéala an cupa do bheith ag
m'athairsi, do chuir sé Sir Bhalbhuadh dá iarraidh ar iasacht
air, go cenn bliadhna, agus tug seision sin dó, agus ní thug an Rígh
an cupa uaidh i gcenn na bliadhna."



Agus mar do chonnairc misi sin táinig mé dá iarraidh
agus ní thugsan dhamh é, agus mar nach dtug, do mharbh mé an méad
do chí tusa marbh annsúd. Agus éirghesi anois dá iarraidh
agus abair leó an cupa do chur chugam." Ró bhí an Rígh ar thaobh
na cathrach an tan sin, agus téid an t-A. M. dá ionnsuidhe.
Agus do chonnairc Cing Artúr chuige é, agus d'innis do Sior
Bhalbhuadh go bhfacaidh an macaomh óg tar dhoras an dúnadh.
"Ná labhair leis," ar Sior Bhalbhuadh, "óir as é shaoilmíd
dár bhfurtacht agus dár bhfóirighthin ón éigion agus ón ccás cómh-
luinn iona bhfuilmíd." Iar sin tainig an t-A. M. tar
dhoras an dúnadh asteach, agus aseadh ró ráidh a chupa do chur
chum an Ridire Chorcra. "Ní bhfuil a chupa aguinne," ar
Artúr. "Maiseadh créad fár mharbh sé an t-ár mór
daoine do chím ar an bhfaithche?" "Misi adubhairt gur
bh'fheárr an t-amadán thusa ná eision," ar Cing Artúr,
"agus dob fheárr liom go mbíadh a leithéid súd do bheirt
agadsa." Dá mbíaidh sin agamsa," ar an t-A. M., "an
badh fearr mar amadán mé ioná é?" "Badh fearr thusa
go mór," ar an Rígh. "Maiseadh," ar an t-A. M., "caith-
fidh sé an chulaith atá uime féin do thabhairt dam ar áis
nó ar éigin," agus do ghlúais an t-A. M. mar a raibh an Ridire
Corcra. "An dtug tú mo chupa chugam? "ar an Ridire
Corcra. "Ní thugas," ar an t-A. M" "óir ní rugadar
súd cupa uait, agus ní mó bhéarad duit é, agus tabhairsi an bheirt
sin agad dhamhsa agus an searrach corcra." "Is mór an
athcuinge sin íarras tú orm," ar an Ridire Corcra,
"agus mé a mesg mo námhad agus gan do dhíon agam acht
m'arm. Agus dar na déithibh dá bhfóghnaim," ar sé, "dá
madh a ccríochaibh áilne na hIorruaidhe do dhéanthá an t-iarr-
atas sin, do ghebhthá gan chontabhairt é." "Is éigin


L. 201


duitsi a tabhairt dhamhsa," ar an t-A. M., agus ní dheárna
acht sin do rádh an tan tug síth sanntach ar an t-searrach
corcra. Agus mar do chonnairc an Ridire Corcra sin do
thóg a shlegh agus tug buille a mbél a ochta ar an A. M., agus do
chuir buinne fola tar a bhéal amach. Ró fearguígheadh an
t-A. M. ris sin, agus do chuir a dhá láimh fá bhrághaid an Ridire,
agus ró thresgair go lár agus go lántalmhuin é, agus níor léig an
greim sin amach nó focal tar a bhéal gur sgar a anam ré
a chorp. Agus do bhí agá chur na shuighe; agus mar nár fhéd sin
aseadh ró ráidh aga fhágbháil, "Biaidh tú coicídhes ar mhí ad
luighe mar do bhí mac na banaltrann."



Do thogaibh leis an searrach corcra agus éide an Ridire agus
do léig dochum an dúnadh é mar a raibh Cing Artúr.



"Ag súd an t-oineach is fearr dá ndeárnadh san domhan
ríamh," ar Cing Artúr, "óir do thíodhlaic a ech agus a earradh agus a
éide don A. M." "Tainig an t-A. M. dá láthair an tan sin".
"Do chím," ar an Rígh, "go dtugais let íad." "Tugas, agus ní
tré oineach fúaras íad uaidh," ar an t-A. M., "agus is dóigh liom-
sa go mbíaidh sé coicídhes tar mhí na luidhe mar do bhí mac
na banaltrann." "Do mharbh sé an Ridire Corcra," ar
Cing Artúr. "An cenn so do bhuain díomsa má atá san
domhan líon a mharbhtha go cenn sechtmaine," ar Sior Balbhuadh.
Do chuireadh aos ciuil agus eladhna dá fhios agus fuaradar marbh
é. Agus ró hinniseadh an sgél sin do'n Rígh. Agus iar
sin do tógbhadh a lecht agus do sgríobhadh a ainm a nOgham, mar
bad ghnáthach san aimsir sin. As annsin do fhiafruigh an
t-A. M. do'n Rígh an raibh ní bhus mó d'ádhbharaibh amadán
aige. "Atá," ar an Rígh, "óir is beg a bhfuil annso a
bhfarradh an domhain." "An bhfuil amadán is fearr ná
misi ann?" ar an t-A. M. "Ní bhfuil," ar Artúr,
"óir ní bhfuil leithéid do bheirte ag amadán san domhan
acht thú féin." "Maiseadh," ar an t-A. M., "bísi agus
á bhfuil annso bhur n-amadáin agamsa." "Bíamaoid go
deimhin," ar Artúr. "Maiseadh, taisgidh si an Searrach
Corcra go ndechuinnse fán domhan do dhénamh amadán dá
bhfuil ann." Do ghluais roimhe annsin do dhénamh amadán
ar fedh an domhain d'á bhfuair ann.



Aon do laethibh dó mar sin ag siubhal iona aonar, agus
do chonnairc aon ridire dá ionnsúidhe agus each dearg faoi.
Agus is é do bhí ann sin .i. An Ridire Dearg, mac Rígh
na hIéarusaleim ag techt ó dhúnadh Ching Artúir, óir as


L. 202


ag Cing Artúr do níthí ridireadha do oirneadh san am
sin, agus gibé ainm do bhíodh ar ridire dhíobh ní úaidh sin do
sloinntidhe é, acht as dath a arm agus a eich. Iar sin
táinig an Ridire gus an láthair, agus aseadh adubhairt an
t-A. M., "Is maith an t-ádhbhar amadáin tú," ar sé. "Ní
h-ádhbhar amadáin misi," ar an Ridire dearg. "Créad
oile? Cía thú?" ar an t-A. M. "Misi an Ridire
dearg, mac Rígh na hIerusaleim," ar sé, "agus muna mbeith
nách faicthear fuil óinmide fá m'armaibh do thresgórainn
go lár thú, agus do thiucfainn idir do cheann agus do choluinn ar
son h'anghlóir, agus déin imthecht fesda," ar sé. An uair
do chualaidh an t-A. M. cómhrádh an Ridire tug síth sanntach
sothapa air agus do ghabh an t-ech do bhí faoi ar chaol coisi
gur bhuail í go n-a marcach fó lár agus fó lántalmhuin. As
annsin adubhairt an Ridire Dearg, "léig amach mé agus
biaidh mé am' amadán agad agus do ghnáith ar do
chómhairle." Ró léig amach é gur éirigh go hurmeisneach.



Do ghluaiseadar rompa athaidh imchéin go bhfacadar
ridire chuca agus each buainrethach séidfedhach díanláidir
breac faoi, agus earradh áluinn iongantach fán ccuma chéadna
uime. "Cía hé seo chugainn?" ar an t-A. M. "An
Ridire Breac, mac Rígh na Siosaile," ar an Ridire
Dearg. Táinig an Ridire Brec do láthair, agus do ráidh
an t-A. M. "As maith an t-ádhbhar amadáin an Ridire
Breac," ar sé. "Ní ádhbhar amadáin mé," ar an Ridire
Breac. As annsin do thóguibh an t-A. M. an dorn
ró-láidir gur bhuail an t-each iona hédan gur sprech a
hinchinn tar sinestruibh a cluas amach agus ró thresgair a
marcach go lár agus go lántalmhuin. "Ná marbh mé," ar an
Ridire Breac, "agus bíad am' amadán agad." "Dá raibh
tú liom mar gach amadán eile dá bhfuil agam," ar an
t-A. M. "Bíad go deimhin," ar an Ridire Brec.



Agus do ghluaiseadar riompa gan mhoill 'na dtriúr .i. an
t-A. M., an Ridire Dearg, agus an Ridire Brec. Is amhlaidh
do bhí an Ridire Brec agus grádh dílios do-fhaisnéisi aige
ar inghín Rígh Coirbhretan, agus iseadh ró ráidh ris an A. M.
go raib an bhen sin a ngar dóibh, agus go ndubhairt sí nách bíadh
sí na hamadán " agadsa ná ag duine eile." "Ní heol
damhsa amadán mná do dhéanamh," ar an t-A. M., "agus


L. 203


caithfidh sí bheith na h-amadán agadsa." Is amhlaidh do bhí
an bhen sin a ngrianán áluinn, agus do bhí freitech uirthe nách
bíadh fear aice acht fear do rachadh do léim ar an doras
árd do bhí ar an ngrianán. Do ghluaiseadar rompa don
ghrianán. Agus gach uair do thairgeadh an Ridire Brec
léim an ghrianáin do thabhairt do locadh air, agus do léigeadh
an bhantracht gáir fochuidmheadh faoi. Is annsin do
labhair an t-A. M., agus aseadh roráidh, "Créad do bheir ort
gan dul suas?" ar sé. "Ní bhfuil sin ar mo chumas "
ar an Ridire Breac. "Rachainn ann mar so," ar an
t-A. M., agus do rug ar a dhías ridireadha faoi gach asguil
dó, agus tug léim árd aigiontach, agus do chuaidh ar lár an
ghrianáin a measg na bantrachta. Do dhearc an t-A. M.
ar an ríoghuin agus aseadh ró ráidh, "An í súd an bhen
adubhrais liomsa?" ar an t-A. M. "As í go deimhin,"
ar an Ridire Breac. "Maiseadh, beir let í agus déna
amadán di," ar sé. Do rinneadh amhlaidh sin, óir do
rug an righain leis agus do rinne toil a mhenmnan is a aig-
ionta ria. "An ullamh í sin fós?" ar an t-A. M,
"Ní headh," ar an Ridire Breac," óir is faide bhíos
aon amadán amháin mná dá deanamh na céad amadán fir."
"Maiseadh," ar an t-A. M., "fansa ann so nó go madh
h-ullamh í súd agus len misi íarsin go dían."



Ro imthigh an t-A. M. agus an Ridire Dearg, agus gach tír
a ttengmhadh é do níodh amadáin díobh uile idir fhear agus
mnaoi. Agus do bhí mar sin ag siubhal an domhain agus do chonnairc
cathair oirdhearc fhíor-áluinn agus sruth dá leth-
taoibh, agus droiched ar an sruth sin agus faithche fíoráluinn
ag ceann an droichid, agus ní lúgha ioná fithche céad pubal
áluinn do bhí ar an bhfaithche sin, agus aon ridire idir na
ridireadhaibh sin agus beart fhíor-sholusda d'ór dhearg uime.
Ró fhíafraigh an t-A. M. do nech díobh cía híad na sluagha
do bhí ar an bhfaithce. "Cing Artúr," ar an t-óglác, .i.
Rígh an domhuin, atá ar an taobh a bhus don droiched agus an
Ridire Dubh, mhac Rígh na Gasguinne, súd do'n taoibh eile
.i. ridire cródha tug mionna nách géillfeadh d'Artúr, agus
nách bhíadh ní bhus lúgha ioná fithche chéd ridire ar a theghlach,"
ar an t-óglách, "agus nách bíadh beart badh mhesá iona beart
d'ór dhearg fá gach ridire díobh." As annsin do ghluais
an t-A. M. mar a raibh Artúr. Ró hinniseadh d'Artúr go
raibh an t-A. M. chuige. "Is maith liomsa sin," arsa


L. 204


Artúr, "óir is dóigh liom gurab dár bhfurtacht táinig
ón ccás agus ón éagcomhlann iona bhfuilimíd," ar sé.



Táinig an t-A. M. do láthair mar a raibh Artúr agus do bhean-
naigh dhó, agus do fhreagair Artúr an beannachadh mar an
ccéadna. Agus dfhiafruigh an t-A. M. sgéala dhe. Agus aseadh
adubhairt Artúr go raibh sé féin ar siubhal ar
feadh an domhuin ag déanamh amadán dósan, agus go ndubhairt
an Ridire Dubh, mac Rígh na Gascuinne, "atá annsúd
thall " nach bíadh sé na amadán " agadsa ná ag duine eile
go bráith." "An annsúd anonn do rachadsa chuige,?" ar
an t-A. M. "Aseadh," ar an Rígh, "agus cengail é."
"Ní heól damhsa duine do chengal," ar an t-A. M.
"Múinfiodsa dhuit a chengal," ar Artúr. Agus tug
fá deara duine do thabhairt chuige agus do chengail do
chrúadh-chórduighibh caola ríghne cnáibe é. "Tabhraidh damhsa
na téda sin," ar an t-A. M., "go gceangluinn an Ridire
Dubh leó." Do tugadh amhlaidh sin dó íad, agus do ghlúais
d'ionnsuighe an Ridire Dhuibh. "Do chímid dar n-ionn-
suídhe," ar fear do mhuinntir an Ridire Dhuibh, "aon
mhacaomh, agus is iongantach linn a chor, óir atá earradh agus éide
gaisge uime, agus ní bhfuil d'arm aige acht cloidhemh, agus atá
lán a dhuirn do thédaibh cnáibe aige." Táinig an t-A. M.
do láthair iar sin. "Cia thú féin?" ar an Ridire Dubh.



"Misi A. M. na Foraoise, mac mhná an Ridire, dalta
na banaltrann agus dearbh-chomhalta mic na banaltrann,"
ar sé. Créd do b'áill let do dhéanamh dona tédaibh sin
ad' láimh?" ar an Ridire Dubh. "Do b'áill liom thusa
do bhreith chum Artúir agus amadán do dhénamh díot." As a
haithle sin do rug síth sanntach ar an Ridire Dubh agus do
thresgair go lántalmhuin é. Mar do chonnarcadar muinn-
tear an Ridire Dhuibh sin do nochtadar a n-airm agus a
n-iolfhaobhair agus a ngéarlanna ar an A. M. An uair
do chonnairc an t-A. M. sin do fearguidheadh a inntinn agus a
aigne gur dhíansgaoil ó a chéile iad gur mharbhustar fá
dhóirsibh na cathrach íad uile, agus do rug an Ridire Dubh cen-
guilte crúadh-chuibhrighthe leis mar a raibh Artúr.



Agus is amhlaidh do fuair sé Artúr agus é cengailte crúadh-chuibhrighthe
go n-a mhuinntir agus a n-eich uile agus an Searrach Corcra
ar mbreith uaidh. "Créad é seo do rinneadh oraibh anois?"
ar an t-A. M. "Aon ridire táinig chugainn," ar Artúr,
"as dorus bhéil na húamha úd thall ar thaobh an t-sléibhe


L. 205


agus aon fhear is mó agus is áilne d'fhearaibh dhomhuin, agus d'íarrasa
air bheith 'na amadán agadsa, agus adubhairt seision nách bíadh,
agus do shir cómhrag aoinfhir orm, agus is géis damhsa cómhrag
aoinfhir d 'obadh, agus tugadh sin dó, agus do chrepaill sé na
hocht bhfithchid déag each do bhí aguinn, agus do rug leis a
mbéal na húamha iad. Agus dar do láimhsi dá dtogradh
sé féin do mhuirfeadh sé sinn uile." "An raibh fhios aige
gurabh liomsa an Searrach Corcra ó do rug leis é?"
" Do bhí go deimhin," ar Artúr. "Dar mo chúis, caithfidh
sé an Searrach Corcra agus na h-eich uile do thabhairt uaidh
arís, agus é féin do theacht do sgaoileadh dhíotsa agus dod'
mhuinntir," ar an t-A. M. "Sgaoil féin díomsa," ar
Artúr. "Ní sgaoilfiod go deimhin ó nach mé do chengail
thú agus gibé do chengail thú caithfidh sé sgaoile díot," ar
an t-A. M. "Sgaoil díomsa" ar an Ridire Dubh, "óir
ní bhfuil duine ar bith ann so nách fuil námhadas nó fíoch
aige liom." "Ní sgaoilfiod d'aon aguibh óir gibé aguibh
a muirfighear muirfidh misi an tí bhus beó agaibh," ar an
t-A. M.



Gluaisios roimhe iarsin a mbél na húamha agus do bí tamall
agá siubhal go ttárla tír dó agus í fá aontuinn fheoir agus fhásaigh.
Agus adchonnairc sruth áluinn na thimpchioll, agus trí fiodh-
bhuídhe .i. caor, agus an dara fiodhbhuídhe d'fhineamhain, agus an
tres fíodhbhuídhe do cholla. Agus do bhí tulach ré taobh an
t-srotha sin, agus an macaomh ar an ttulach sin agus na hocht
bhfithchid déag each agus an Searrach Corcra iona fhíadhnaisi.
Do chuaidh an t-A. M. ar an ttulach sin agus adubhairt ris an
ridire, "An raibh a fhios agadsa gur liomsa an Searrach
Corcra tugais leat," ar an t-A. M. "Ní raibh go deimhin,"
ar sé, "agus ó's anois atá fhios agam beirsi na hocht
bhfithchid déag each agus an Searrach Corcra let." "Maiseadh,"
ar an t-A. M., "tarsa féin liom nó go sgaoile tú
d'Artúr." "Ní rachad," ar an Ridire, "óir is geis
damh gan sgaoile do nech dá ccengluim." "Is briathar
damsa," ar an t-A. M., "go ccaithfidh tú do ghesa do
sgaoile nó do bhriseadh anois." Iar sin do rug sith sothapa
sanntach ar an ridire, agus do ghlac go feardha fíor-láidir é.
Agus do rug an ridire mar an ccéadna ar an A. M. agus
d'éirgheadar ré chéile agus tugadar cuir bhorba ar a chéile,
agus do bhádar athaidh fhada ag sbairnn, agus adubhairt an ridire
fá dheóigh, "Sguir díomsa," ar sé, "agus do dheana mé do
chómhairle." Do rinne an t-A. M. sin, agus do shuigheadar ar aon


L. 206


ar an ttulach. "Cía thusa féin?" ar an ridire. "Misi
A. M. na foraoisi, srl." Is mór an sgél do leithéid bheith
'na amadán, óir ní duine amaidech thú, agus dúil aithis bhíos
ag cách is na hamadánaibh, agus ní mar sin duitsi acht
cathmhíleadh cómhraig cómhláidir thú, darab cóir an uile
mhaith do dhénamh." "Créad is maith ann," ar an t-A. M.,
"nó an ridire do goirthear do gach duine?" "Ní headh,"
ar an ridire, "acht duine do réir a uaisle agus a atharr-
dhachta." "An rígh do níthear díotsa,"? ar an t-A. M.
"Is é sin is cóir do dhéanadh dhíom," ar an ridire, "óir
is rígh m'athair agus mo sheanathair." "Cía hé hathair nó cá
h-ainm thú féin?" ar an t-A. M. "Misi Gaoi Gorm-
shúileach mac Doilbh .i. Rígh na bhFear bhFionn, agus isé is
cómhachtuidhe agus is mó conách san domhan. Óir atáid trí
chaogad doras ar an chathraigh iona mbí sé, agus tigid trí
chaogad carbad ar gach doras aca amach an uair théid
an Rígh iona charbad ar faiththe an dúnadh. Agus tainig
foghmhór allata .i. Laochra Lomchosach mac Loisginn lomgh-
lúinidh agus do fhásaigh sé an tír seo, óir ní dhiúltar
duine ar bith ann fá chomhrag aoinfhir, agus muna mbéadh a
dhraoidhecht do dhéantaoi guin-ghaláin don fhoghmhór agus fós
ní hionchómhrac aoinfhear ris óir atá trí chaoga d'íarann
aithleighte iona luirgfhearsaid chatha agus seacht ndromanna
urtha, agus seacht slabhra ar an gcenn bhíos súas di, agus mór-
ubhaillmheall ar gach cenn slabhraidh díobh, go madh clos a
bhfuaim agus a bhfothram agus a bhfogharghluasacht fá na críochaibh
fá chóimhneasa dhó. Agus an tan éirghios an foghmór iona
sheasamh, bí fad crainn giúbhais súas don tsíothluirg sin.
Agus atá trian na tíresi na fásach uaidh, agus is éigion duine
d'fhághail do chómhrag leis gach laoi. Agus is damhsa do
ráinig cómhrag an laoi aniogh do thabairt dó, agus badh dhóig
liom go ttuitfeadh sé liom muna mbeith gur truailleadh
mo croidhe ré do chóimhghleicsi." "Cionnas do thuitfeadh
sé leat?" ar an t-A. M. "Leis an gcloídheamhsa agus
ré neart mo láimhe agus re méad mo bhuille." "Créad
do níthear do'n chloídheamh sin?" ar an t-A. M. "Créad
do ní tusa féin dod' chloidheamh?" ar an ridire. "Do ním


L. 207


a bheith na bheart chatha agam," ar an t-A. M. Do nímse
mar so," ar Gaoi Gormshúileach, ag tabhairt a
chloídhimh amach, agus do ghearr crann mór d'aoinbhéim.
"Do dhéanuinnsi mar sin," ar an t-A. M., agus do tharraing a
chloidheamh as a thruaill agus do ghearr seacht gcrainn d'éinbhéim.
"As mór do bhuille ar na crannaibh," ar Gaoi
Gormshúileach, "agus is dóigh liom nách fuil comhmór do neirt
a bpearsuin aoin ridire san domhan. Agus bíodh a
fhios agat," ar sé, "gurab mar sin do mharbhthar daoine
ré cloidheamh, ó so amach." "Do bhéarsa luach do shaothair
duitsi, agus do theagaisg," ar an t-A. M., "ar son an mhéid
dod' neart agus dod' chalmacht do bhainios díot, óir bainfiod
a dhá láimh do'n Fhear Mhór," ar sé. "Is maith an luach
sin," arsa Gaoi Gormshuileach, "óir do bhéinnsi ionchomhrac
ré gach neach d'fhearaibh dhomhuin dá mbiadh a n-éaghmais a
dhá lámh."



Níor chian dóibh mar sin an tan adchonncadar an Fear
Mór chuca, agus do chuaidh an t-A. M. 'na choinne. "An
tú Gaoi Gormshúileach?" ar an t-aitheach. "Ní mé
go deimhin," ar sé, "acht misi A. M. na F., srl."
"Créad tug annso thú?" ar an-t-aitheach." "Ar chenn do
dhá lámhsa tháinig mé," ar an t-A. M. "Ní lughaide
ormsa thú sin a rádh," ar an Fear Mór. As annsin ró thóg
an Fear Mór an luirgfhearsad chatha agus tug buille neartmhar
náimhdeamhail de d'ionnsuidhe an A. Mh. Mar do chonnairc
an t-A. M. an buille chuige tug saoibhléim seachanta air,
go ndeachaidh an buille go himchían a dtalmhuin agus sul táinig
leis an bhFear Mór an buille do tharrang tar ais tug an
t-A. M. béim feardha air d'á chloidhiomh, gur léig a dhá
láimh ris an luirg go talamh. "Druid rómham anois,"
ar an t-A. M., "go mbainidh Gaoi Gormshúilech do chenn
díot." Do rinne an Fear Mór amhlaidh sin a naghaidh na
tulcha go ráinig an láthair iona raibh Gaoi Gormshúileach,
agus do hathghuineadh an Fear Mór ann, óir do bhain G. G. a
chenn de. "Gluais rómham anois mar a bhfuil Artúr
agus na ridireadha," ar an t-A. M. Do rinne G. G. sin agus
do rugadar na hocht bhfithchid déag each agus an Searrach Corcra
mar a raibh Artúr. Do innis nech d'Artúr go raibh an
t-A. M. chuige agus an ridire do chengail iad maille ris.
"Dar mo bhréithir," ar an Rígh, "ní bhfuil fear a ghníomhara
nó a ghaisge ar feadh an domhuin acht é féin amháin."


L. 208


Ráinig an t-A. M. mar a raibh Artúr agus do rinneadar uile
comhartha úmhla agus urrama dhó. "Sgaoil d'Artúr agus 'dá
mhuinntir," ar an t-A. M. "agus sgaoilfidh misi do'n Ridire
Dhubh." Do sgaoil G. G. d'Artúr agus dá mhuinntir agus do
sgaoil an t-A. M. do'n Ridire Dhubh. Iar sin do shuigh-
eadar a bhfarradh a chéile, agus adubhairt an t-A. M., "Créd
fá a dtugais ríoghacht mhagaidh nó fhochaidmhe dhamhsa a
Artúir?" ar sé. Do ghabh úamhan agus imeagla mhór an tan
sin Artúr, agus aseadh ró ráidh nach ríoghacht mhagaidh no
fhochuidh-mheadh tug dó. "Agus ó's duit go follus do gheallas gach
ní agus gurab duit d'úmhlúigheadar na cinigheacha go coitchionn
do bhéarsa féin duit Ríoghacht an Domhuin amhail atá sí
agam féin," ar sé. Agus d'fhógair an Ríoghacht dó mar
sin. As annsin adubhairt an t-A. M., "Tigidh do láth-
air a Ghaoi Ghormshúiligh," ar sé, "d'fhéachuin an maith
do gheabhuinnsi ríoghacht do ghabháil chugam." Adubhairt
G. G. gur maith. "Maiseadh," ar an t-A. M., "giodh
maith libhsi sin, ní maith liomsa é, óir ní thréigfinn m'am-
adánacht féin ar mhaitheas an domhuin go hiomlán, óir is
léi do fuaras gach ní d'á bhfuaires ríamh, agus is lé do ghabhas
gach neart dár ghabhas." "Maiseadh," ar G. G., "tar
liomsa go tír na bhFear bhFíonn, óir as í ró fhóiris ó na
hanfhorlann iona raibh, agus beir an Ridire Dubh leat."



Do sgaradh ré chéile an tan sin .i. Cing Artúr, agus an
t-A. M.. Glúaises an Rígh go na mhuinntir go Coirbhreatuin,
agus do ghluais an t-A. M., an Ridire Dubh, agus G. G. a mbéal
na huamha céadna. Agus ní cían do chuadar an tan tárla
dhóibh a lán do lubhghortaibh áilne iongantacha. "Ag so an
tír d'fhóiris-i ó'n ndaoirsine iona raibh," ar G. G. Do
ghlúaiseadar riompa agus do chonncadar cathair áluinn a
ngar dóibh agus sluagha iomdha ar fhaithche an dúnadh, agus tulach
do thaobh de, agus cúig céd ban ar an dtulach sin, agus aoinbhean
eatortha agus éagcosg ríoghna uimpe. "An é súd dúnadh
hatharsa, a Ghaoi Ghormshúiligh?" ar an t-A. M. "Ní
hé," ar G. G., "acht gabhaltas gabha na tíresi atá annsúd
agus Gréis inghíon an ghabha an bhean úd adchí tú idir an bhantracht
ar an dtulach sin, bean is fearr gliocas agus cómhfhoghluim
is na críochaibh is cóimneasa dí. Agus níor leig eagla
an fhir mhóir úd do mharbh tusa d'aonduine an tír úd do
thaghall." Is annsin ro éirgheadar lucht na cathrach agus an
mhéad do bhí ar an ttulach a gcuinne an A. Mhóir, agus
do rinneadar comhartha umhla agus urrama dhó, ó bheag go mór -
mar do shaor sé ó'n mbruid agus ó'n anfhorlann iona rabh-


L. 209


adar iad. Do chuadar as sin don chathraigh agus do shuigh an
t-A. M. agus Gréis inghíon an Gabha ré taobh a chéile, agus an
Ridire Dubh ar a ngualainnsion, agus G. G. iona bhfíodhnaisi.
As annsin adubhairt G. G., "An dtaitníghenn an bhean
sin leat, a A. Mh.?" ar sé. "Taithnighenn", ar an t-A. M.,
Maiseadh do b'áill lé bheith ad' fharradhsa anocht."
"Is maith liomsa sin, dá raibh tusa agus an Ridire Dub
am fharradh." "Ní háill léisi sin," ar G. G., "act í
féin is tusa." "Ní heól damhsa," ar an t-A. M.,
"amadán mná do dhéanamh, acht dob' eól do'n Ridire Breac
dá mbiadh sé annso againn anois. Agus an eól duitsi
amadán mná do dhéanamh, a Ridire Dhuibh?" ar sé. "Is
eól go deimhin," ar an Ridire Dubh. Iar sin do chuireadar
Gréis inghion an Ghabha an oidhche sin a bhfarradh an Ridire
Dhuibh. Adubhairt an t-A. M. ar n-a mháireach, "Is dóigh
liom nách ollamh í sin fós óir is faide bhíos aon amadán
amháin mná dá déanamh ná céad amadán fir." "Is faide,"
ar an Ridire Dubh. Sechtmhuin dóib ag buinsiughadh na feisi
sin.



Do ghluaiseadar riompa iar sin go dúnadh Rígh na bhFear
bhFionn, agus do chonncadar an dúnadh ríogha ró-mhaiseach ró-
fhairsiong, agus na slúagha líonmhara ró-aidhbhseacha ar faithche
na cathrach, agus tulach aoibhinn úr árd don taobh shiar di, agus
ní lugha na deich míle bean do bhí uirthe agus éagcosg ríogna
ar gach mnaoi díobh. Agus do bhí righ glic foighidneach a
n-eidirmheadhon na slúagha sin. "Cía hí an chathair úd do chím?"
ar an t-A. M. "Cathair m'atharsa súd," ar G. G.,
"agus is mór do chomaoinsi ar an gcathraidh úd," ar sé,
"óir níor shuigh tíghearna 'na cathrach úd ar an ttulach úd
a bhfuil se anois ré haimsir imchéin, ar úamhan agus ar eagla
an fhir mhóir úd do thuit leatsa, agus is ró-mhaith an sgéal
tighearna na cathrach úd do shuighe ar an ttulach úd a bhfuil
sé anois," ar G. G., "óir níor shuigh ríamh ó ghaibh tighearnas
chuige, gan fithche céad ridire aga mbíaidh éagcosg
maille ré cómhachta ridire 'na thimpchioll. Agus an bhan-
tracht do chí tú, deirbhsiur damhsa is bean-cheann ortha,
.i. Méadhbh Mhongbhuidhe, inghíon an Duilbh, agus a bantracht a
bhfuil annsúd, agus atá míle bean go n-éagcosg ríoghna 'na
bantracht. Agus tiocfuid úile d'fhíorfháiltiúghadh reomhad
sa, agus do thabhairt búidheachais duit ar son do sheirbhísi, mar
do shaor tú ón mbruid iona rabhadar iad, agus mar do choisg
tú an foghmór díobh."



Acth cheana do chúadar don chathraigh agus do labhair Rígh na


L. 210


bhFear bhFionn agus asead ró ráidh, "Is mór an mhaith agus an
muinnterdhas do rinne tusa oruinne, a A. Mh." "Ní
fhaca mé riamh muinntear badh mhó agus badh fearr ná do
mhuinntear," ar an t-A. M. "Biaidh síad na n-amadánaibh
uile agadsa," ar an Righ. "Is maith liomsa sin dá
raibh tusa ad hamadán agam mar íadsan." "Bíad cheana,"
ar an Rígh. Ró súigheadh go honórach na hárdmhaithe iar sin,
agus tugadh ionad iomchubhaidh do réir uaisle agus atharrdhachta a
onóra do gach aon. Do cuireadh Méadhbh Mhongbhúidhe ar
ghualainn an A. Mh. "Nách áluinn an bhean sin?" ar G. G.
"Is áluinn go deimhin," ar an t-A. M. "Maiseadh
b'áill léi bheith farratsa anocht." "Ní misde liom dá
raibh an Ridire Dubh am fharradh." "Ní háill léisi sin,
acht tú féin amháin gan neach ar bith do bheith aguibh acht tusa
do dhéanamh amadáin disi." "Ní heól damhsa amadán
mná do dhéanamh," ar an t-A. M. "Ní fhóghnann rígh nách
dénann amadán mná," ar G. G. "agus múinfiodsa dhuit
amadán mná do dhéanamh." Agus ró mhúin dó mar do
bhiadh na farradh an oidhche sin. Ró éirig G. G. go moch
ar na mháireach agus d'fhíafruigh do'n A. M. ar badh ollamh
í sin fós. "Ní headh," ar an t-A. M.,"agus is fada go
madh headh, óir is sáimhe liomsa an t-aon amadán amháin
mnása gá déanamh ioná céad amadán fir." Ró fhanadar
san chathraigh sin go subhach soimhenmnach ag bainsioghadh na
feisi go ceann aimsire faide. As annsin ró fhiafruigh
G. G. "an ollamh an t-amadán mná sin fós." "Aseadh
go deimhin," ar an t-A. M., "agus is mithid liom dul do
dhéanamh tuille amadán mná dham féin." "Agus cionnas
ataoisi, a Gh.Gh.," ar sé, "nó an dearnais amadán
mná ariamh?" "Ní dhearnas," ar G. G., "agus do b'áill
liom dul dá ndéanamh anois." "Cá bhfuil sí," ar an
t-A. M. "Atá sí san Cathraigh Iarnuidhe," ar sé, "ré
taobh chathrach na hAithne san nGréig, agus as í bean is fearr
dealbh agus déanamh, inneall agus eágcosg do mhnáibh an domhuin
í, agus ní bhfuil ádhbhar rígh nó róithigearna a dtrí foghalrannaibh
an domhuin nách táinig dá hiarraidh agus nách tug grádh díochra
dearbhtha dhi, agus tugas-a grádh di mar an ccéadna. Agus
ní dheachaidh ag aon na bheathaidh, dá ndeachaidh dá híarraidh
nó dá hionnsuidhe, a tabhairt leó, do deoin nó d'aimhdheoin,
ar mhéad a cumhachta agus ar threisi a daoine agus ar láidireacht
a laochruidhe; agus dob áill liomsa thusa dá fághail dam féin."


L. 211


"Dar mo bhréithir," ar an t-A. M., "caithfidh sí bheith na
hamaid agadsa, agus cá fada uainn í?" ar an t-A. M.
Uidhe coicíosa ar mhí timpchioll, agus coicíos san athghairid."
"Créad í an athghairid na ngabhthar chuice?" ar an t-A. M.
"Go Gleann an Chait Chaoich," ar G. G., "agus is uime a
deirtear sin ris .i. a bhfuil d'arrachtaibh allta san domhan
is ann atá síad, agus is ann atá an t-arracht is gráinnce san
domhan, .i. an Cat Caoch féin. Agus is uaidh do hainmnaigh-
thear an gleann, agus ní léigionn an cat sin aoinneach uaidh
dá dtéid san bhforaois sin, gurab air sin nach lámhaid
daoine a thaghall ré tréimhse fada d'aimsir. Agus as é
sin an t-ádhbhar nach géabhmaoidne ann go bráth." "Dar
mo bhréithir," ar an t-A. M., "dá mbiadh an gleann sin
uidhe mhíosa uaimsi nach géabhuinn acht ann, agus o's é is
athgoirid chuige, is ann do ghéabhus mé. Agus gabhsa agus
an Ridire Dubh timpchioll agus déanaidh an t-eólas damhsa
do'n Ghleann, agus bíadsa ar bhar gceann a gcuan na Cathrach
Iarnuídhe." Ró bhí aithreachas ar Gh.G. fá na sgéalaibh
sin d'innisin dó. Agus níor léig do dhuine dhul ris san
nGleann, agus do ghabh an dias eile timpchioll.



Iomthúsa an A. Mh., théid d'ionnsuidhe an Ghleanna go
dúbhach a néagmais a mhuinntire, agus do bhí sé aimsear fhada ag
siubhal an Ghleanna, agus tárla iliomad feithidíghe agus arrachta
air, agus do marbh sé an i riocht luchóige an Ghleanna.
Agus do rinne cómhnuide agus do bhain stealla tinntídhe dá
chrios agus ró fhadóigh teine mhór. Agus ní cian do bhí amhlaidh
sin an tan adchonnairc fúatha agus arrachta fíorghránna na
foraoisi chuige ó gach taobh. Agus féachuin dá ttug thairis
do chonnairc an cat caoch gránna dásachtach chuige, agus fá
huathmhar an beathadhach sin, óir bá comhmór ré heach arrachtach
e, agus ba samhalta re gach ionga dá raibh air, agus fá mhó 'ná
dorn deas deighmhílidh an aon tsúil do bhí iona cheann,
ar mhear-lasadh, agus do thuillfeadh glúin deas deighmhílidh nó
fearóglaoich dá mbíadh fillte a náit na súl do bhí na
uireasbaidh. Agus do ráidh don chéid-bhréithir, "dar liom
is ad' haonar atá tú ag ithe do choda, a A. Mh.," ar an
Cat Caoch. "Ní hiongna sin, óir is am' aonar do mharbhas
an bíadh," ar an t-A. M., "agus is amhlaidh sin is mian liom
a chaithiomh." "Nách ttiubhraidh tú cuid damhsa don bhiadh?"
ar an Cat Caoch. "Is córa dhuit bíadh do thabhairt damh
ioná a iarraidh orm," ar an t-A. M.,"óir is let féin an


L. 212


Gleann agus is úait hainmnighthear é, agus is misi an t-aoidheadh
ann." "Beag orm duine maith aighniosach do cheann a
choda," ar an Cat Caoch. "Ní duine maith thusa," ar an
t-A. M., "óir is tú do ní an t-aighnios ris an aoidheadh,
agus caithfiodsa mo sháith do'n fheóil do mharbhas féin, agus má
bhíonn fuigheall agam ní fearr liom duine dá gcaithfidh é
ioná thusa." Agus do chaith an t-A. M. a sháith do'n fheóil
agus tug a fuíghioll do'n Chat Chaoch. Agus do chaith an Cat
Caoch sin go hathlamh, agus d'íarr tuille. "Dá mbiadh agam
ní thiubhrainn," ar an t-A. M. "Tabhair an Searrach
Corcra dhamh go n-ithinn é," ar an Cat Caoch. "Créad
do dhéanainn féin dom' iomchar amáireach?" ar an
t-A. M. "Maiseadh is éigion damhsa a fhághail," ar
an Cat Caoch. "Ní mheasaim go dtiocfaidh tusa tar a
chenn," ar an t-A. M., "agus ní mó chuirfiodsa chugad é."
d'éirigh an Cat Caoch mar fá ghnáth leis, agus do sgread agus
do sgréach go hadhfhuamhar aingidhe ionnas nár fháguibh aon
bheathadhach allta urchóidech a nuamhaibh poll nó a nalt-
bhrúácháibh cnoc nó cairrige gan músgladh, agus an mhéad táinig
fá sholus na teine aca ró ionnsuigheadar an t-A. M. ar
gach taobh. Acht cheana ró ionnsuidh an t-A. M. íadsan
agus do ró-dhíansgáoil ó chéile go h-athlamh íad, agus do mharbh
an méd ar a rug díobh. Agus do ráinig an Cat Caoch agus
do rug air, agus ní raibh duine ríamh a néigion mar do bhí
an t-A. M.



"A A. Mh., is eaglach imshníomhach atá tú," ar an Cat
Caoch. "Is fíor sin," ar an t-A. M., "agus is é ádhbhar
na heagla iona dtárla mé .i. d'eagla tusa do éalódh
uaim sul thiucfas an lá, óir do chluinim nách bhfaghthar san
lá thú, agus da bhfaicfinnsi radharc san lá ort ní bhéaradh polla
sgealbuídhe no úamhacha gleanna uaim gan bhásughadh thú.
Agus fós is measa liom go mór gan deoch do bheith agam
ioná thusa agus a bhfuil san ngleann so do bheith ar mo thí."
"Dá dtugadh duine deoch dhuit, an dtiubhairfeá buidhechas
dó tar a chenn?" "Ní duine tusa," ar an t-A. M.,
"agus dá dtugthá deoch dhamhsa do gheabhuinn uait í." "Siubhail
liomsa," ar an Cat Caoch, "agus do ghebhair deoch." Do
ghlac an t-A. M. an Searrach Corcra agus do ling ar a mhuin,
agus do len an Cat Caoch; agus níor léig eagla an A. Mh. don
Chat Chaoch a bheith na ghoire.



Agus tárla foraois áluinn dheaghthoraidh dhóibh agus iliomad


L. 213


finemhna agus ubhalla aipche, agus tortha iomdha éagsamhla eile
innte, agus srotha glana, agus éanach fírbhinn, agus iomad bradán
ag léimneach is na srothaibh réamhráidhthe sin. Agus tárla
bruíghion dóibh, agus gach ré cclár d'iubhar agus d'fhionnbhruinne
innte; agus fuinneóga lánshoillseacha do ghloine loinn-
eardha ar shlios-sholus na brúighne sin. Agus tíagaid
innte íaramh, agus ró badh ríoga ró-áluinn an bhruighion í .i.
briocht-ruinneach buaindhealbhach. Agus do chuadar innte
an tan sin. Agus ró bhí iliomad do líagaibh lóghmhara agus
do gheamaibh gléaghlana criostail agus carmogaill ar na
suíghioghadh ar sleasaibh na sólus-bhruighne sin, agus iliomad do
dhealbhaibh leomhan leopard agus gríobh-inngneach agus piast
n-iongantach ar na bpaintealadh do lámhaibh súadh agus saoir-
cheard san mbruighin sin. Agus do bhí catháoir áluinn órdha,
agus peall dearg uirthe, ar úrlár na ríoghbhruíghne sin. Agus
do shuigh an t-A. M. san ccathaoir sin. Agus do dheasaigh
an Cat Caoch an Searrach Corcra, agus do chuir cruithneacht
agus fíoruisge iona fhiaghnaisi, agus fágbhas féin an bhrúighion.
Agus ní fada do bhí an t-A. M. an t-am do chonnairc an
ridire ró-árrachtach chuige asteach ar doras beóil na
bruighne, agus adubhairt leis an A. Mh., "Tar liomsa anois,"
ar sé, "agus do gheabhair feis na hoidhche anocht uaim." "Ní
rachad," ar an t-A. M., "óir ní leat táinig mé agus ní mó
is let rachas." Táinig an Cat Caoch do láthair íar sin
agus d'íarr an t-A. M. leis. "Rachad," ar an t-A. M., agus
do rug leis go brúighin éagsamhuil é, go n-iomad ceóil
agus oirfide innte. Agus do fúaradar mná agus macaoimh agus
aos ciúil agus ealadhna innte, agus ró fhearadar fíorchaoin fáilte
ris an A. M. Agus ró chuir an Cat Caoch a chulaith dhe,
agus do rinnedh ridire ro-chumhachtach deighdhealbhach de, dob'
fhearr cuma agus déanamh, inneall agus éagcosg d'fearaibh an
domhuin; agus as eadh ró ráidh, "A A. Mh., is fada agus is cian
d'aimsir ó do bhí a bhfáisdine duitsi techt don ghlennso,
óir ataid do sgéala re himchían d'aimsir ag cách, agus go
háirighthe aguinne, óir is tú A. M. na foraoisi, mac
mhná an Ridire, srl., agus is mac dearbhráthar do Righ an
Domhuin thú, agus nighíon Iarla Cornubas do Bhreathnachuibh do
mháthair. Agus atá sí san bhforaois, agus ní chluin sí do
sgéala, agus ní léigionn an eagla di féin nó dod' bhuime an
fhoraois d'fágbháil ar eagla an Ridire. Do chluin an
Ridire do sgéla agus ní bhfuil fhios aige an tusa a mhac féin."



"As mór do na sgéluibh sin nách raibh agamsa gus anocht,"
ar an t-A. M., "agus innis damhsa cia thú féin nó créd


L. 214


do bheir a ndeilbh cait tú, agus cumas agad bheith a ndeilbh duine?"



"Inneósat sin duit", ar an Cat Caoch agus as eadh ro
ráidh. "An tan do cuireadh Tuatha Dé Danann fó
dhíamhraibh, agus ro hionnarbadh as Éirinn iad ré clannaibh
Míledh, ró sreathnuigheadh agus ró sgaradh fó síothbhróghuibh
Iartair Eórpa, agus ar chríochaibh an domhuin, iad, ar leith.
As iad dob fhearr annsin .i. Rígh Breac Slaitín, Manannan
Mhac Eallóid, agus Bearchan Buileach, agus Aonghus an Bhrógha,
agus Fear an Bhéarla Bhinn ós Bóinn, agus Bogha dearg mac
an Dághdha, agus Bogha Síth bhFear bhFionn, agus Aodh Muighe Breagh,
Céadach, Donn Mór mac Muireadaicc, agus Conn, agus Marcach na Mara,
agus Síoghmhall Soineannta, agus lir Síthfionach, agus Fiacha
mac lir, agus labhra mac Doirbhe, agus misi Eochaidh Donnmharach;
agus Gormghlan inghíon Bhreachuirne, mo mháthairsi. Agus ar
ttaistiol gacha críche san domhan damh gus an ionad so,
d'fhanas ann maille lé cumhachtaibh Túatha Dé Danann.
Agus téighim a ccruth cait, óir is í dealbh is mó gráin uamhan
agus eagla ré cách í, agus do ghéilledar agus d'úmhluígheadar beathadhaigh
éigciallda urchóidecha ainmhínteacha allta an Ghleannasa
damh. Agus do fhollmhuigheas gac críoch ba chóimhneasa dhamh,
agus do clos mo thúarusgbháil fón mbioth, agus isé sin an t-ádhbhar
fá a n-abarthar Glenn an Chait Chaoich. Agus ró-innis-
eadar mo chompánuidh dhamh go ngeabhthása neart agus tigh-
earnas gacha críche, agus ar an nglenn so, agus oruinn féin, agus
go mbiadh Meadhbh Mhongbhuídhe na mnaoi agad, agus go
mbéaradh sí mac maith duit, agus go madh cúmhachtach é maille
ré tíghearnas mór do ghabháil dó. Agus atáid seóide iomdha
agamsa fá na chómhair .i. cloidheamh nách fágbhann fuíghioll
buille nó béime, agus éide ró mhaith nach deargthar ar aoinnech
tríd, agus do chidhtear an uile ní aisde, agus ní fhaicthear aoin
ní ann, agus cochall maith, agus ní bhfuil san domhan slighe na dtoig-
eóradh an tí fá a mbiaidh a dhul nách téid ann gan fuireach.
Agus dá raibh leatsa, béaraidh go cuan na Cathrach Íarnúidhe
ré taobh Cathrach na hAithne san nGréig Mhóir thú féin agus
do mhuinntear a naoinfheacht .i. an Ridire Dubh agus Gaoi
Gormshúileach."



Tar éis na sgéal sin d'innisin dó do suigheadh na socaidh
timchioll an Amadáin Mhóir agus do dáileadh fleadh agus féasta
ortha as a haithle, gur bha meisge meadharchaoin uile íad.
Íar sin do cóirigheadh iomdha agus árdleaba don A. Mh. agus
d'Aoife inghíon Eochaidh Dhuinn. Agus do bhádar trí lá agus
teora oidhche fá'n samhlúghadh sin.


L. 215


Iomthúsa an A. M., ró imthigh roimhe agus d'fháguibh an
Searrach Corcra, agus ró ghabh an cochall uime agus ró thóguibh an
cochall leis é, agus níor fanadh leis go ráinig cúan na Cathrach
Íarnuidhe agus do budh anaoinfheacht é féin agus G. G. agus an Ridire
Dubh annsin. "Sgéala dhúinn a A. Mh.," ar siad,
"cionnas do chuaidh tú tré Ghlenn an Chait Chaoich. "Atáid
sgéala agam," ar an t-A. M., "agus ní rabhadar ariamh roimhe
agam, óir do fuaras sgéala gurab dearbhráthair do Righ
an domhuin m'áthair, agus gurab í inghion íarla Chornubas do
Bhreathnachuibh mo mháthair, agus gach easbaidh sgéala dá raibh
orm do fuaireas íad ag Eochaidh Donnmharach .i. an tí dá
ngoirthear an Cat Caoch." Do ba mhaith leósan na sgéala
sin uile .i. a bheith na mhac dearbhráthar ag Rígh an Domhuin,
ó rug treisi agus cumhachta ortha féin.



Níor chían dóibh amhlaidh sin an tan adchonncadar an long
luchtmhar lánaidhbhseach san ccuan, agus timpchioll trí cclár
ós uisge di, agus slios áluinn d'ór dearg na thimpchioll, agus
crann cethardha corcra d'ór dhearg na sheasamh ar lár na
luinge sin agus gach ré cclár d'iúbhar áluinn is an luing, agus
folach do shíoda dheaghmhaiseach ar a tillte, ar na lionaibh
do shróll iolbhúadhach ioldathach innte. Agus do ghabh an
long sin cúan agus caladhphort a ccómhfhogus dóibh, agus do thóg-
bhadar na bruit uaisle dógh . . . . i thuillte na luinge,
agus do chúadar innte as a haithle agus do fuaradar cláirsech
ceólbhinn chaointéadach ar slios-thosach na luinge móire sin,
agus lámhchrann d'iúbhar áluinn éagsamhuil innte, agus téada
breágha airgid fhingheal, agus deilg d'ór áthloisgthe a ccor
na cláirsighe sin; agus do bhí eoin áilne Afraice ag cantuin
cheóil ris na téaduibh sin. Agus an tan do chuaidh an t-A. M.
agus na ridireadha sin san luing do chodladar go sámh ris
an cceól íar na chlos. Agus ró thóguibh an ghaoth dhíanláidir
draidhechta . . . . . na luinge sin, gurab édo mhúsgail íad
as a ccodla .i. fuaim tuinne ré trácht a luinge a
ccúan na Cathrach Íarnuídhe. "An í an chathairsi ataoi
d'iarraidh, a Gh.Gh.? ar an t-A. M. "As í go deimhin,"
ar G. G. As amhlaidh do bhí an chathair sin agus a lán do bhior-
chuailleadhaibh badhbha na h-úrthimpchioll, agus íad uile fá cheann-
aibh daoine. Óir an mhéad do ghaisgidheachuibh agus do chlannaibh
ríogh agus róthíghernadha an domhuin do thigeadh dá híarraidh nó
dá tochmarc, ní fhilledh neach tar a ais díobh gan tuitim uim
an ccathraigh sin, agus a ccinn do chur ar na bearaibh sin. As
annsin tug an t-A. M. a rogha do Gh.G. inghíon Rígh Gréag


L. 216


do thabhairt chuige mar a raibh, nó dul dá hionnsúidhe mar a
raibh sí féin, agus neart na cathrach do ghabhail. "Is fearr
liom a tabhairt chugam," ar G. G., "óir do líonas d'uamhain
agus d'imeagla a bhfuil do cheannuibh ríogh agus rófhlatha ar bhearaibh
na cathrach úd."



As annsin do ghluais an t-A. M. d'ionnsuidhe na
cathrach, agus do dhearmuid a chloidheamh san luing, agus adchí
iliomad do dhealbhuibh leómhan agus leopard ngríbhningneach
ar slios agus ar thaobh an ghríanáin mar a raibh inghíon
Rígh Gréag. Agus téid an t-A. M. san ghrianán, agus
do fuair iomdhaidh árd chóirighthe ann, agus folach d'ór dhearg uirthe,
agus do chuaidh an t-A. M. ar an iomdhaidh agus do fuair éan áluinn
Afraice ar cholbha na leaptha, agus ró chuir an t-A. M. a lám
ar an éan, agus do sgread an t-éan go haidhbhseach. Agus ba
ghnáith leis an éan sin, sin do dhéanamh, agus ceól orgánta do
dhéanamh an tan do ghlacadh neach coimhightheach é. Agus do
chuir an t-éan sin fir ghonta agus mná ré níodhnaibh
inna ttoirchim suain agus fíorchodlata ris an cceól do níod.
Agus do thuit an t-A. M. iona chodladh amhlaidh sin. An
uair do chúalaidh inghion Rígh Gréag an t-én, d'aithin go rug
duine éigin anaithnidh air, agus do ráidh ré mnaoi do'n bhan-
tracht dul dá fhios. Agus do chuaidh an bhean do'n Ghrianán
agus do chonnairc an macaomh óg amhulchach ar an iomdhaidh, agus
dar léi nách facaidh d'fhearaibh domhuin duine badh deigh-
dhealbhtha ioná é, agus as eadh ró ráidh "A Dhé Nimhe agus Talmhan,
créad do dhéanas mé leat, óir dá ndechuinn d'innsin do
sgéal d'inghín Rígh Gréag tiocfaidh do bhás de, agus gibé dochar
do gheabhus mé as do los ní mhúisgeólad tú fós." Dob' fhada
le h-inghin Rígh Gréag do bhí an bhean sin gan techt dá
hionnsuídhe, agus adubhairt lé mnaoi eile don bhantracht dul
do'n Ghrianán. Agus an tan do chonnairc an bhean sin an
macáomh do rinne mar an ccéadna. Agus ní raibh aoinbhean
do'n bhantracht nách tug grádh díochra dofhaisnéisi don
A. M. Iar sin téid inghíon Rígh Gréag do'n ghrianán agus
fíafruíghes, "Créd an mhoill sin do rinneabhar úaim, a
bhantracht?" ar sí. "Atá," ar siad, "macaomh óg
amhulchach atá ann so aguinn, agus ní fios dúinn cía hé d'fhear-
aibh dhomhuin, agus atá eagla oruinn thusa do thabhairt báis dó."



"Druididh súas uaidh," ar sí, "óir bhéaradsa bás dó gan
mhoill." "Ní hamhlaidh sin is cóir, acht dúisgthear linne
é go bhfionnam cá tír dó, agus curthar an garbhtheghlach timp-
chioll an ghrianáin nó go bhfaghaidh bás leó, agus na salaidhsi


L. 217


an grianán leis, óir is fearr duit sin do dhéanamh, agus do
thabhairt ortha, ioná tú féin dá dhénamh." Do cuireadh an
Garbhtheghlach a ttimpchioll an ghríanáin agus do dúisgeadh leó é,
agus d'fhíafruigh an inghion de cía hé féin. "Misi Amadán
Mór na Foraoise, mac mhná an Ridire, dalta na banal-
trann agus dearbhchomhalta mic na banaltrann, agus do chúala a
nGleann an Chait Chaoich gurab mac dearbhráthar do Rígh
an Domhuin mé agus gurab í inghíon Sir Bhalbhuadh Dé Cornuhas
de Breathnachuibh mo mháthair. Agus an tusa inghíon Rígh
Grég?" ar sé. "Is mé go deimhin," ar sí. "Maiseadh,"
ar an t-A. M., "atá G. G. agus an Ridire Dubh annsúd
amuigh agus ní bhfuil aon amadán mná aca, agus tángas-a ar do
chennsa go ndéanaidh G. G. amadán mná dhíot." "As dóigh
liom go ndéanaidh an Garbhtheghlach do dhíthchennadh," ar an
inghion. "Trúagh sin," ar an t-A. M., "óir dhearmuid
mé mo chloidhemh ann mo luing, agus dá ndeachainn na dhiaigh
teithfidh an Garbhtheghlach sul a ttí mé arís." Ró éirigh
an Garbhtheghlach annsin agus tugadar frasa díana dá n-armaibh
diubhraighthe don A. Mh., acht ní thugsan suim ortha agus d'imthigh
as an láthair mar a raibh an long, agus do rug ar a chloídhemh,
agus d'fhill go hathlamh ar an nGarbhtheghlach arís, agus ró mharbh
mórán díobh, agus do rug inghíon Rígh Grég as an ngríanán
iona raibh a measg a bantrachta, go ráinig an long mar a
raibh G. G., agus adubhairt, "Gabhaidh an dúnadh 's a bhfuil do
mhaithios ann, agus do bhéarsa neart agus comhachta dhibh ann," ar
sé. Do badh mhaith lé G. G. gach ní díobh sin, agus adubhairt, "As
maith liomsa gach ní dá n-abrair do bheith agam." Ro
ionnsuigh an t-A. M. an chathair iar sin an dara feacht, agus
ró mharbh a bhfuair innte.



Agus do rug na sgéala sin ar Rígh Gréag, agus do fógradh
tionól agus toichiosdal leis ar faiththe Chathrach na hAithne. As
annsin do chruinnigheadar seacht tteallaigh déag na Gréige
a ttiompchioll an Rígh ar faithche a dhúnaidh. Mar do chonn-
airc an t-A. M. iomad na sluagh ar an bhfaithche, ró ionnsuidh
go hathlamh íad, agus níor fhan go ráinig meadhón na slúagh sin,
agus is cóimhionann do mharbh an t-A. M. ar gach taobh íad,
ionnus gur ionnsuigh gach drong díobh doras na brúighne
agus na cathrach. As annsin do hinniseadh do Rígh Gréag
gurab é A. M. na F. a bhí ann. "Ní bhíam leis," ar an
Rígh, "óir cloinmíd nár gabhadh ris a n-aoin ríoghacht san
domhan nár úmhlaigh dó, agus ró hinniseadh dhúinn go bhfuil ag
gabhail an domhun agus gach tighearnas do gheibh sé uatha
do bhéáramaoidne amhlaidh sin dó é." Ró hinniseadh


L. 218


sin don A. M., agus as eadh ró ráidh, "Geabhadsa sin," ar
sé, "agus inghíon Rígh Gréag do bheith na hamadán
ag Gaoi Gormshúileach." Do b-aontuigheadh sin le Rígh
Gréag. "Maiseadh, a Ghaoi Ghormshúiligh, fansa, agus an
Ridire Dubh, annso, go ndeachuinnsi do dhéanamh amadán
fá'n domhan dom féin."



Ro ghluais an t-Amadán Mór as críochaibh na Gréige.
Annsin tárlaidh a ccrích eile é, agus do bhí cúirteanna iomdha
áilne innte. Athaidh fhada dhó ag siubhal innte agus ní
thárlaidh duine ar bith air, agus ar mbeith treall mar sin dó
adchonnairc dúnadh ríoghdha ró-mhaisech agus cuirp agus
colna ríogha ró-áilne 'na bhfaon-luidhe iona mbádhbhaibh
buain-shínte ar urlainn an bhaile, ar gach taobh do'n dúnadh.
Téid an t-Amadán Mór san dúnadh íar sin agus do fuair
congbhadha craoisleathan ar tine san mbruighin sin, agus
colna ró-iomdha dá mbruith 'san choire sin. Do bhádar dá
fhear déag marbh annsin go bhfoltuibh caoimhe casa cneís-
gheala cuirp-shoillsecha ar muin a chéile, agus íad ar lár
na bruíghne. Do bhí corp áluinn sneachtuídhe ann, do
b'áilne agus do b'fhíorghloine do chorpaibh an domhain, agus
do bhí bior fada reamhair trés an ccorp sin, tar san.
Agus an tan adchonnairc an t-Amadán Mór an míleadh
macánta deighdhealbhach sin ro-líon dá sheirc agus dá
shíor-ghrádh, agus adubhairt: - "A Chruthuightheóir Nimhe agus
Naomh-Thalmhan, is trúagh liom nách beó do rugas ort, óir
dá madh eadh, ní sgarfamaois ré chéile an feadh do
mhairfeamaois."



An tan chúalaidh an macaomh mórdhálach sin, do bhí ar
an mbior, ráidhte an Amadán Mhóir, do labhair go foirbhthe
foisdionach, agus adubhairt ris an Amadán Mór, "Sir
ormsa gach sgéal is maith let d'fhághail, agus do gheabhair
iad." Ar n-a chlos sin do'n Amadán Mor, tug rith sanntach
ar an mbior agus tairringios as an macaomh é, agus tug
easgra áluinn airgid chuige, agus ro-ibh deoch uaidh, agus
d'innis sgéala do'n Amadán Mór, agus adubhairt, "Dá
bhfantá le mo sgéaluibhse, go h-iomlán, ní imeóchadh
ceachtar aguinn go bráith." "As deimhin nách bhfúigfidh
mé an chathairsi nó go raibh a fhíos agam cía dó 'bhfúig-
finn í, agus ní fheadar nách tar m'ais do bhíadh an tí ag
a mbíadh." "Maiseadh," ar an macaomh, "gach ní is


L. 219


aithne damhsa do gheabha tú a fhios." "Innis damh ar ttús
cía féin nó cía do mharbh an t-ár mórsa 'san chathraigh."
"Do gheabhairsi a fhios sin," ar an macaomh. "Críoch na
h-Islinne an chríoch so, agus Glinne mac Rígh na h-Islinne
misi. Agus tángadar Clann Cain Colnaidh Mic Adhaimh
d'ionnsúidhe na críce so, dá milleadh, agus ro h-ionnarbadh
ár ccineadh agus a cclanmhaicne leó, agus do loisgeadar a
ndúnta agus a ndeaghbhailte uile, agus ro-mharbhadar a
slógha agus a sochuidhe, agus ro-fhágbhadar óglách a
ttreisi agus a ttighearnas na tíresi dár badh cómhainn
Treathan Tollgorm. Agus tug Rígh na h-Islinne misi agus
mo dhá dhearbhchomhalta dheug a mbroighdionas dó, agus ag
sin ar na bearaibh iad ad'fhíadhnaisi. Agus do h-ionn-
arbadh sluagha na cathrach leó acht misi agus an dá fhear déag
sin do bhí agam. Agus tar éis an áir sin, do chuir muinn-
tear an Fhir Mhóir giolladha dá ionnsuídhe, ag iarraidh air
feólmhach d'fhagháil dháif, agus adubhairt an Fear Mór nach
buan do mhairimís féin aige, agus go ttreasgóradh sé
sinn fá chomhair a mhuinntire agus a chloinne. Mar do chúaladar
mo dhá dhearbhchomhalta dhéag fein sin, d'iarradar
bás do thabhairt dóibh féin ar ttús, d'eagla go bhfaicfidís
bás dá imirt oromsa riompa iona bhfíadhnaisi, agus ag
sin ar na bearaibh íad."



Níor chían dáif amhlaidh sin an tan do chúaladar búir-
fedhach agus béiceach agus tormán na bhFear Mór chuca.
Fágbhamaoid an chathair feasda," ar Glinne. "Dá mbéinn
dá fágbháil go soiche so," ar an t-Amadán Mór, "ní fhúig-
finn anois í, nó go ndíoghluinn do mhaslasa ortha."
"Trúagh sin, a Amadáin Mhóir," ar Glinne, "óir muirfidh
na Fir Mhóra misi agus tusa. Déanasa imthecht, agus
fuireóchadsa le sgealaibh."



Tangadar na Fir mhóra chuca an tan sin. "Coisg fear
díobh súd, a Ghlinne," ar an t-Amadán Mór, "agus do dhéansa
an triúr eile do dhithchennadh." As a h-aithle sin
d'ionnsuigh an t-Amadán Mór agus an triúr fathach a chéile, agus
do b'é críoch an chómhraicc gur treasgradh leis an Amadán
Mór iad, agus do thuit Glinne agus an fear eile ré chéile
bonn fría bhonn. "Truagh liom sin," ar an t-Amadán
Mór, "óir ní bhfuair bás ariamh duine is measa liom ioná
Glinne." Agus do cuireadh leis é, agus do thóg a lia ós
a leacht, agus do fearadh a chluiche caointe ris.


L. 220


Agus fágbhus an chríoch sin na h-Islinne, agus tárla tír
áluinn eile dó, agus mórán do dhúntaibh agus do dheaghbhailtibh
innte. Agus do chonnairc cathair ríogha ró-mhaiseach, agus
ba mhó í iona aon chathair dá bhfacaidh ríamh roimhe sin, agus
slúagha móra ar faithche na cathrach sin ag imirt a ccleas
ngoile agus gaisge. An tan do chonnairc an t-Amadán
Mór iomad na slúagh ag dul gus an dúnadh ríogha ró-mhór
sin do len íad gus an dúnadh, agus do shuigh a ndorus na
brúighne. Agus mar do chonnarcadar mar sin é, d'fhíaf-
ruigheadar dhe cía h-é féin. "Misi Amadán Mór na
Foraoisi, mac mhná an Ridire, dalta na banaltrann, agus
dearbh-chomhalta mic na banaltrann, agus do chúalas a
nGleann an Chait Chaoich gur mac dearbhráthar do Rígh an
Domhuin mé, agus is uime do shuighes annso d'egla go rachadh
aonduine aguibhsi amach uaim go ndéanainn amadáin
díobh." Ro-fhreagair tighearna na cathrach an tan sin é,
agus aseadh adubhairt, "Is feasach sinne go ttugadar
Ríghthe an domhuin, gus an nGréig, tighearnas agus úmhla
dhuit, agus do bhéaram féin amhlaidh sin duit é." "Mais
eadh," ar an t-Amadán Mór," innis damhsa cía h-í an
chríoch so iona bhfuil sibh." "Dreóluinn an Ghaisge is ainm
do'n chrích so," ar an Rígh, "agus misi féin Rígh na Dreó-
luinne. Agus is ann sa' chríchsi geibhtear gníomhartha gacha
gaisge, agus atáid mic ríogh agus ró-thighearnuídhe dá
bhfoghluim innte." "Cía h-í an chríoch so is nesa dhúinn?"
ar an t-Amadán Mór. "An Bheirbhe Lochlannach tír is
foigsi dhuit," ar an Rígh. "Cá fada úainn an chríoch sin?"
ar an t-Amadán Mór. "Uidhe coicíosa ar mhí timpchioll,
agus úidhe trí lá agus teóra oidhche san athghairid."
"Créad í an athghairid sin ghabhas daoine chuice?" ar an
t-Amadán Mór. "An Ghíodhrainn Lochlannach," ar an
Rígh. "Aoin nech dá ndeachaidh innte níor fríth aon fhocal
dá sgéalaibh ríamh." "Maiseadh," ar an t-Amadán Mór,
adhluicsi misi 'san athgoirid chum na Beirbhe Lochlannúidhe."
"Truagh sin," ar an Rígh, "tusa agus fir an domhuin, dá
ndeachadaois do'n Ghíodhrainn Lochlannaídhe, ní thuicfadaois
tar a n-ais go bráth arís." "Créd do-nímse do bhur
ttighearnas mar sin," ar an t-Amadán Mór, "óir do-
bheirim mo bhríathair go ccaithfidh sibh teacht liom?"
Adubhairt an Rígh go rachadaois leis ó do bhí an uile ríoghacht
ar a chumas aige, agus gur bh'fhearr leó cumas a láimhe aca
'san Ghíodhrainn agus 'san mBeirbhe 'ná bheith 'n-a aghaidh.



Do tionóladh slúagha agus sochúidhe na Dreólluinne,
agus do ghluaiseadar féin agus an t-Amadán Mór iar sin,


L. 221


agus ní bhfuaradar cath ná comhlann go rángadar an Bheirbhe
Lochlannach. "Ag súd an Bheirbhe Lochlannach, agus ní
léigionn an eagla dhúinn dul innte ná fille tar ar n-ais
go críochaibh Lochlonn arís." "Rachadsa libh," ar an
t-Amadán Mór, agus do rinne amhlaidh sin, agus do
fhilleadar tar a n-ais arís go críochaibh Lochlonn.



Agus do bhí ag cuartúghadh na críche athaidh fhada go bhfuair
tulaigh aoibhinn agus dá fhithchid céd marbh uirthe agus a
n-airm gaisge tré n-a ccorpaibh, agus íad ar ttuitim
aghaidh ar aghaidh agus bonn fría bhonn, agus iad ar n-a
ttreasgairt fá'n ccuma sin.



Tug an t-Amadán Mór féachuin thairis, agus do chonn-
airc aon mhacaomh óg áluinn mín macánta mná, do b'fhearr
cruith, cuma, agus déanamh do mhnáibh na cruinne ar an
ttulaigh sin, agus rosg maisech mall-ghorm iona cionn,
agus aghaidh fhíor-áluinn aice, agus mailídhe donna deadh-
daite aice, agus gruadha corcra crutháilne, agus déad
deagh-mhaiseach amhuil néamhann iona ceann, agus corp
seang sneachtuidhe solus-ghlan aice, agus do bhí rogha gach
pearsa agus gacha dealbha san domhan iona cruth agus do
bhí beart do shról fhíor-áluinn éadrocht ar tonguil 'na
timpchioll; agus dias do ridireadha dheaghdhealbhtha ar gach
taobh do'n inghín. Agus do bhádar cinn na déisi sin iona
h-ucht agus í dá bpógadh go díochra, agus a n-arm fhéin tre
chorpuibh a chéile, agus íad ar ccomhthuitim ré chéile.
Tainig an t-Amadán Mór do láthair, agus do bheannaigh
do'n inghín go céillidhe caoinbhriathrach, agus freagras an
inghion é mar an ccéadna. "Is iongna liom," ar an
t-Amadán Mór, "an días sin ar ceómhthuitim ré cheilé,
agus tusa lán dá ngrádh ar aon. Agus tabhair sgéala damh,
a inghean, cía h-íad so, nó cía thú féin, nó an dá fhithchid
céad so síos agus súas ar feadh na tulcha, agus íad ar
ttuitim ré aroile, agus a n-arm tré chorpaibh a chéile.
"Do gheabhairsi a fhios sin uaimsi," ar an inghion. "Atáid
trí ranna 'san domhan .i. Rann Eórpa, Rann Afraice,
agus Rann Aisia, agus inghion do Rígh na h-Aisia misi,
agus tugas luíghe nách mbéinn ag aoinfhear acht fear agá mbíadh
dhá fhithchid céd iona theaghlach do laochuibh láinbheódha agus
do mhacaibh ríogh agus ridireadha, óir do bhí dhá fhithchid céad
ingion áluinn ann mo bhantrachtsa do pósfuídhe ris an
tteaghlach sin agá mbéinn; do bhrígh gur mhían liom, an
oidhche do pósfuídhe mé féin, an bhantracht uile do phósadh


L. 222


an oidhche sin. Mar do chúalaidh Mághnus Dubh mac Rígh
Lochlann na sgéala sin .i. Mac Cecht mic Iubhair, agus as
é sin an gruagach dubh so do chí tú agam, táinig sé dom'
thochmaircsi agus dá fhithchid céad mac ríogh mar aon ris,
agus tug sé misi mar mhnaoi agus mar chaoimhleannán.
Agus tugsad a theaghlach mo bhantracht uile, gach aon díobh
do réir a uaisle agus a dhiongmhála féin amhuil ró-bhádar
ar gach taobh, agus níor fanadh leó go ttugsad go críochaibh
Lochlann sinn. Agus an tan do chualaidh Iollann Or-armach,
mac Rígh Grég, sin, tug grádh damh féin tré mhéad mo thuar-
asgbhála, agus do bhí dhá fhithchid céd mac ríogh ar a theaghlach
mar a' ccéadna. Agus tig dom' leanmhuin go críochaibh
Lochlann. Agus tárla Mághnas Dubh dó ag dul chum fiadhaigh,
an lá sin, go n-a mhuinntir, gus do bhí mise ar faithche
na bruighne an tan sin, agus tainic Rígh Grég ar an
bhfaithche agus dá fhithchid céad mac ríogh mar aon ris, agus
do thógbhadar misi as lár mo bhantracht. Agus do comhair-
ligheadh leo annsin, agus adubhradar," "Cuireamaoid an
dá fhithchid céad long táinig linn do'n Ghréig, agus racha-
maoid féin do'n Ghíodhruinn Lochlannuídhe, óir is ann is
lúgha do íarrfúighear sinn. "Do rinneadh an chomhairle sin
leó, agus tángadar do'n Ghíodhruinn Lochlannuídhe, agus
atámaoid innte le fithche blíadhain, agus gach neach
do thigeadh ann ó shoin anúas do fhanadh aguinn. Agus do
mheasadh gach duine dá ccluineadh sin gur bás do gheibheadh
gach aon dá ttigeadh innte chugainn. Agus do bhí mac Rígh
Lochlann dár n-iarradh ó shoin a leith, ar feadh an domhuin,
agus níor fháguibh íath nó insi nó oleán gan iarra dhúinn
nó go bhfuair sinn. Agus annsin ro-fhógair cath ar mac
Rígh Gréag, agus níor h-obadh an cath sin leis, agus do b'é
críoch a ccathaighthe gur thuiteadar ar aon, bonn fría bhonn,
tar mo cheannsa. Agus do b'é mac Rígh Lochlann badh
annsa liomsa dhíobh, oir do b'é céad fhear dá ttugas grádh
é, agus ní dom' dheoin do sgaras ris, agus do chúardaigh an
domhan dom' iarra ar mo ghrádh, agus do thuit féin tar mo
cheann, agus, ar an ádhbhar sin, ní h-iongna grádh do bheith
agam air, agus cúmha do bheith orm 'na dhiaigh. Agus fós
ní lugha is cóir dhamh grádh mic Rígh Gréag do bheith agam,
óir do bhíos fithche bliaghuin mar mhnaoi aige, agus do thréig
sé seacht tteallaigh dég na Gréige, agus seacht ttuaithe
a ngach teallach díobh, agus oiread Éirionn nó Alban a ngach
tuaith ar mo shon, agus ar ttabhairt cath tar mo shon, agus
tuitim 'san ccath sin go n-a mhuinntir, is móide atá a
ghrádh agus a chúmha agam, sin: agus is íad sin mo sgéala


L. 223


dhuit," ar an inghíon, "agus innis féin do sgéala dhamhsa,"
ar sí. "Misi Amadán Mór na Foraoisi, mac mná an
Ridire, dalta na banaltrann, agus dearbhchomhalta mic
na banaltrann, agus do chúala mé a nGleann an Chait Chaoich
gur mac dearbhráthar do Rígh an Domhuin mé, agus gur ab í
inghíon Iarla De Cornubas do Bhreathnachuibh mo mháthair."
Agus do bad mhaith leis an inghin na sgéala sin, óir do mheas
sí gur bho diongmhála an fear dí féin mac dearbráthar do
Rígh an Domhuin. Agus do bhí deire an laoi agus tosach
oidhche ann an tan sin.



Ro-fhágbhadar an tulach íaramh do chum na bruighne iona
ngnáthuigheadh an macaomh mná agus mac Rígh Gréag do bheith.
Do fheisiodar an oidhche sin, agus d'éirgheadar ar n-a
mháireach, agus do chúadar do'n áit iona raibh mac Rígh
Gréag agus mac Rígh Lochlann marbh; agus adubhairt an
inghion rission: - "A Amadáin Mhóir," ar sí, "déin
si feart le do chloidheamh do'n dias gaisgidheach so."
Do rinne sé amhlaidh sin. Do bhí an t-Amadán Mór agus
inghion Rígh na h-Islinne go h-aigiontach árd-mheanmnach a
bhfochair a chéile íar sin.



Agus ní cían do bhádar amhlaidh sin an tan do chonnar-
cadar aon óglaoch mór míliota mear-mheanmnach dá
n-ionnsuídhe, agus rogha airm agus éadaigh air. Agus ar
tteacht do láthair dó, fearas fíorchaoin fáilte ris an
Amadán Mór. Agus is amhlaidh do bhí an t-óglach sin agus
mías d'airgiod aoingheal iona láimh, agus feóil tuirc
ar an méis, agus cruithneacht ar n-a fuine a mil, agus
cúach órdha 'san láimh eile dhó, agus í lán do mhil agus d'fhíon
shoimhilis ar n-a ccumasg ré chéile. "Ag so," ar an
fear sin, "biadh agus deoch uaimsi dhuit, óir ní h-oircheas
do dheagh-laoch gan bíadh do thabhairt d'a thighearna, agus is
tusa mo thriaithsi agus mo thighearna," ar sé. Do ráidh an
inghion, "Ná caith a bhíadh, a Amadáin Mhóir," ar sí, "óir
is cumhachtach na daoine a bhíos annso, agus cuirid draoidh-
eacht a mbiadh agus a ndigh." Ro-imthigh an t-óglach uatha
iar sin agus d'fháguibh an bíadh, agus níor bh'fhios dóibh cá
conair ionar ghabh sé úatha. Thar theagasg na h-inghine do
ghlac an t-Amadán Mór an chúach agus d'ibh deoch, agus do
chaith cuid do'n bhíadh, agus an uair badh áill leis éirghe iona
sheasamh do thuiteadar a dhá chois ó n-a ghlúinibh síos de.
"Is fíor," ar an t-Amadán Mór, "gur h-imreadh


L. 224


draoighecht orm, óir do chuadar mo chosa úaim." "Do bheirim
mo bhriathar," ar an inghíon, "gurab measa liom
do chosa do bheith dod' uireasbaidh, a Amadáin Mhóir, "ná
bás an dá fhithchid céad fear n-armach úd do thuit tar mo shon
reómhad, óir is mó rigeas a leas tusa anois ioná íad uile.
Oir dob' inghíon rígh mé aga raibh an treas chuid do'n domhan,
agus ní raibh 'san domhan inghion rígh ionshamhalta riom ar
m'uaisle agus ar m'atharrdhacht, agus ní raibh ádhbhar rígh
nó ró-fhlatha ó shléibhtibh Rife badh thuaidh go deisgeart
Éigipte badh deas, agus ó Inbhear Srotha Deirg go h-Innsibh
Breatan nách badh rogha tochmhairce dhamh gach aon aca an tan
tugadh do mhac Rígh Lochlonn mé. Is mó rángas a leas thusa
d'fhághail ioná íad, óir is am' aonar do bhíos an tan fuaires
tu."



Ro-imthigheadar chum na bruíghne arís an oidhche sin,
agus do rugadar as í go cúmhach cíamhair go ttáinig an lá
go n-a lán-shoillsi ar n-a mháireach. Do chaoi an inghíon
go trúagh tuirseach. Fiafruigheas an t-Amadán Mór dí
créad uim a raibh mar sin. "A Amadáin Mhóir," ar sí
"as é m'ádhbhar, mar atá tusa a n-uireasbaidh do chos,
óir do ceileadh ór agus airgiod, bíadh agus éadach, eich
agus iolmhaithios oruinn as a los." "Déanam ar an
ttulaigh úd anonn," ar an t-Amadán Mór. Do chúadar
agus ní fheadarsa créd an módh ar a ndeachaidh an t-Amadán
ann munab í an inghíon do rug ar a muin lé é. Ní cían do
bhádar ann íar rochtuin na tulcha dhóibh an tan do chualadar
guth gadhair chuca ag tafann go fír-bhinn. Is annsin do ghabh
an t-Amadán Mór an t-sleagh iona láimh ag cloisdin an
ghadhair, agus do chonnairc fíadh faiteach foluaimneach
fuireachair dá ionnsuidhe, agus do chuir an t-Amadán
Mór a mhéar a suaithneadh na sleighe soi-dhiúbhraigthe, agus
do chroithesdar í go feardha fíor-láidir, agus do chaith
ris an bhfíadh í gur mharbh é. Agus iar sin do chonnairc an
gadhar gléigeal ar lorg an fhíadha sin. Beirios an
t-Amadán Mór ar an bhfiadh-ghadhar sin go deagh-thapa,
agus cuirios cuibhrioch agus ceangal agus iadhadh go
h-urlamh air. Agus fillios an t-Amadán Mór arís 'san
chonair chéadna, agus do chonnairc óglách mór míliota ar
lorg an fhiaidh agus an ghadhair, agus cotún áluinn il-ghréasach
uime agus lúireach urbhailleach leabhair lán-daingion
uime, agus cloídheamh órdhoirn iontláis iona láimh, agus
búadhbhall biotháluinn binn-bhríathrach uim a bhrághaid.


L. 225


Beannuighes do'n Amadán Mór agus adubhairt ris,
"Tabhair mo ghadhar dhamh, a Amadáin Mhóir," ar an t-óglách,
"agus ní láimhseochad an fíadh ort." "Is fearr liom an
ríogh-ghadhar so agam," ar an t-Amadán Mór, "'ná mo
chuid do'n fhíadh, óir atáim gan siubhal gan imtheacht agam."
"Do-bhéarsa cumha dhuit," ar an gruagach. "Cá cumha
sin," ar an t-Amadán Mór? "Do sháith bídh agus dighe
go bráith," ar an gruagach. "Is mó do rigfinnsi sin do
leas 'ná an gadhar agus maithios an domhuin ar cheana" ar
an t-Amadán Mór. "Do bhéarsa súd duit," ar an
gruagach, agus do chuir cuir agus slánta air, do réir mar
do bhí 'san aimsir sin, fá'n ccunnradh sin do chomhall.
Agus do ghluaiseadar riompa na ttriúr .i. an t-Amadán
Mór, an bhean, agus an gruagach.



Agus ní cían do bhádar an tan do chonncadar bruighean
oirdhcirc ioldathach uatha, agus do chuadar innte, agus
do fuaradar inghíon áluinn 'na suighe a ccathaoir órdha, agus
brat do shról ríogha ró-mhaiseach ar tonngoile 'na timp-
chioll, agus rogha gacha delbha 'san mbrat sin aice, ar chrut,
ar inioll agus ar dhéanamh. Do thóguibh an inghíon a rosg
agus a ríogh-radharc agus aseadh ro-ráidh, "Cía h-íad súd,
a Ghruagaigh?" ar sí. "Mac dearbhráthar do Rígh an
Domhain an fear úd, agus as ris adeirtear Amadán Mór
na Foraoisi, agus an bhen do chí tú iona fharradh, inghíon do
Rígh na h-Aisia í, agus do fuaras mo ghadhar aca agus dob'
éigion dhamh a ccothúghadh do bhíadh agus d'éadach an feadh do
mhairfidís do thabhairt dóibh tar cheann mo ghadhair do
thabhairt damh. "Olc agus úrbháthadh ort," ar an inghion.
Is minic do chúadhais a tturas nách budh maith agus ní dhear-
nais ríamh turas badh mheasa ioná sin."



Mar do chúalaidh an t-Amadán Mór sin is mór do ghoill
air, agus is mó do ghoill sé air ioná bheith gan chosuibh. Acht
cheana do rugadar as an oidhche sin go dúbhach dobrónach
déarach, agus d'éirigh an Gruagach ar n-a mháireach, agus do
ghlac a ghai iona láimh, agus adubhairt, "Rachadsa do
dhéanamh fíadhaigh dochum na foraoisi, agus coimhéadsa
mo bhean go maith." "Ní dhéan," ar an t-Amadán Mór,
"agus rachad féin leat maille re mo mhnaoi." "Ná cuireadh
caint mo mhnása ort, a Amadáin Mhóir," ar an Gruagach,
agus ro-nasg a bhriathair air fá fhuireach agus fá chómhnuidhe
do dhéanamh agus gan saobhnós do dhéanamh nó do bheith air,
fá ar labhair an ríoghan: agus ro-nasg air fá'n mhnaoi do
choimhéad go tille dó féin arís.


L. 226


D'imthigh an Grúagach agus tainig bean an Ghrúagaigh mar
a raibh an t-Amadán Mór, agus do ráidh ris, "Is maith
an turas iona ttangais, a Amadáin Mhóir, óir do-bhéarsa
rogha bidh, dighe, earradh, agus éadaigh dhuit, amhuil do
bheitheá ad' rígh ar an domhan, agus mo thoil féin do
dhéanamh." "Cá toil sin," ar an t-Amadán Mór. "Gan
mo rún do léigion le h-aoinneach, agus gach rúindíamhair
dá mbíaidh agam do léigion leat, agus sin d'fholach ar an
nGruagach. "Do dhéansa sin," ar an t-Amadán Mór.
"Ann gach ádhbhar is déanta dhuit sin," ar an inghíon. Do
gheall an t-Amadán Mór sin dí. "Maiseadh," ar an
inghíon, "dá bhfaictheá fear agamsa, ná h-innis do'n
Ghruagach é agus déana rún maith air." Do gheall an
t-Amadán Mór go ndéanadh sin.



Níor chían dóibh mar sin go bhfacadar gaisgeadhach mór
allata dá n-ionnsuidhe, agus do chuaidh a n-aoinleabaidh le
mnaoi an Ghrúagaidh. Ba lúthgháireach an fear sin agus
bean an Ghrúagaigh ré aroile, nó gur chaill sí a h-ionnracas,
agus do chuir sin go mór ar an Amadán Mór, agus gan
cumas aige ar a bhacáil nó ar a dhíoghailt ar an óglách an-
aithnidh. Iar sin d'íarr an t-Amadán Mór ar a mhnaoi a
thógbháil go dorus an t-seómra iona rabhadar an cúpla
sin, agus do thóguibh a chloidhemh iona láimh, agus ro-dhesaidh
a lámh a ndornchladh an chloidhimh. Agus d'fhíafraigh an
t-óglach, "Créad do b'áil let do dhéanamh, a Amadáin
Mhóir," ar sé? "Measaim nách fuil slíghe agadsa acht
so, agus dob' áil liom thusa do chongmháil le Grúagach na
bruíghne; óir do gheallas dó a bhean do choiméad, agus ní
léigfiod tusa amach go ttille sé." "Ní mar sin do
gheallais dhamhsa," ar an inghíon, "acht rún maith do dhéanamh
orm gibé ní do dhéanuinn nó do chífeá agam dá dhéanamh."
"Do-dhéansa rún ort," ar an t-Amadán Mór, "acht
caithfidh an t-óglách an-aithnidh sin maille riot anmhuin ris
an ngrúagach." "Maiseadh." ar an t-óglách, "Fuais-
geoladsa mé féin uaitsi." "Cá fuasgladh sin," ar an
t-Amadán Mór? "Do rogha cos mar is fearr do bhí
ríamh," ar an t-óglách. "Glacfadsa sin," ar an
t-Amadán Mór, agus tug an t-óglách sin dó mar is fearr
do bhí sí aige ríamh.



Críoch na láimh-scríbhne 'san Acadamh: is as é an giota
.. leanas
"Is aimhghlic do thugais mo chos dhamh", ar an t-Amadán
Mór, "óir is fearr mo neart anois red' chongbháil nó


L. 227


roimhe." "Do-bhéara an chos eile dhuit agus leig amach mé."
"Géabhadsa sin," ar an t-Amadán Mór, agus do fhéuch
faoí. Do fúair a dhá chois aige mar is fearr do bhí aríamh.
"Is briathar damhsa," ar an t-Amadán Mór, "nach
leigfead amach thú nó go ttí an Grúagach do'n dúnadh."



Mar do chúalaidh an t-óglach an-aithnidh sin, tug léim
ar chumairce na ríoghna, agus do ghabh an ríoghan do láimh
a shaoradh ó láimh an Amadáin Mhóir d'eagla bás do
thabhairt dó. Agus is é do bhí annsin Gruagach an dúnadh
féin do chuaidh isin riocht sin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services