Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Táin Bó Geanainn
Title
Táin Bó Geanainn
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ní Ghrádha, Máiréad
Composition Date
1774
Publisher
(B.Á.C.: Ollsgoil na hÉireann, 1926)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TAIN BO GEANAINN Eachtra Clainne Tomáis Mhic Lóbuis, nó Tána Bó Geannain, ris a ráidhtear aiste Sheamuis gharbhghlóraigh Geannain agus Pháidin chirébigh Mhic Conríogh, dís daor- bhallach codromunta ó ar fás substaind agus éifeacht na h-aiste seo 'nár ndéigh. Lá n-aon dár eirigh coimhling corráin, comóradh aonaigh agus luadhradh ar láidireacht idir dís daorbhallach dranntánach do chinél codarsnach Chlainne Tomáis Mhic Láidir Mhic Lóbuis, .i. meitheal mhórádhbhal bhodaigh do bhí ag mór-ghearradh maighidh agus macairí san mbaile dá ngoirtear Lios-Lachtna don taobh ó dheas do Chruachain Connachta, .i. Séamus garbh-ghlórach Mac Geannain agus Páidín círéabach Mac Conríogh a n-anmanna, dís bhrealláin' mhí-shásta, ó dtáinic iomad iomurmhaigh agus ceannairc etorra, ionus gur cáineadh cinéal, agus gur imdheargadh aithreacha, agus gur masluigheadh máithreacha, agus gur greannuigheadh gortuidhe, agus gur maoidheadh meirtne agus meathtacht, agus gur dearbhadh droch-dhuthchas, agus gur luaidheadh leathchuma agus truaillidheacht na díse sin leath ar leath dá chéile; agus ba h-é sin an chéad bhéim laochbhuailte bhí ag an dís chúl-ghaisgidheach sin ar aroile. Gidheadh iar gcaitheamh pruinn agus príomh-dhínéir dhóibh - óir amhail agus mar eirigheas misneach, meanman, agus mór-aigeantacht na n-uasal a n-aimsir feirge nó fíor-chalmachta is fírinneach go n-eirigheann borb-bhasdal agus burmuruas na mbodach ndíomsach naimhdighthe an tráth líonaid a mbruinn agus a méala do chinéal gach cnapasnach, gidheadh, ar dtraothadh a méala agus a mbruinn, traothaigh a dtábhacht agus a misneach agus téid a neart ar neimhnidh, acht cheana, níor thraothuigh teas ná tioslionnadh na díse roimh-ráidhte an tan do h-iomráidheadh arm-ghonadh agus
árd-chomhrac eatorra agus sin ar dheireadh a ndínnéir go ndubhradar an laoidh, ag comhfhreagradh a chéile mar seo . -
Séamus - Innis dom, ' a Pháidín mheirbh, nár sgar ariamh re geirb ar thóin, Cá bhfuair tusa ionnat féin a bheith ag dréim liom pféin ná le mo phór. Páidín - Donus t'fhiafhraighe ort a thráill, do thuill fuath agus gráin na mban, Tá gach aen neach do mo phréimh lán don tsonas go léir thart. S. - I gcuan mharla agus gaineamh chruaidh fuair Mac Geann- ain buaidh ar ghníomh, I mbun caorach agus muc do bhíodh do stoc agus do shíol. P. - Clann Mic Geannain ar mbeith dhóibh ag ithe bhúr bhféir agus flith, Bhiodh sinne, clanna Conríogh, lán do thaois agus do mhin. S. - Éitheach sin, a Pháidín bhric, fuagraim gleic dá chur i gcéill Nó go ndíolfad ar do cheann le neart comhlainn meang do bhéil. P. - Ní rángas a neart is mé óg, tá mo mhéadal fós ag fás. Acht cheana, mo bhráthair Brian bainfidh sé stiall do do thár. S. - Tusa agus do bhráthair Brian an dá gheócach lé ar mian taois, Is air do chuirfinn mo Chubín chrón go dtachtfuinn le mo dhóid an dís. P. - Cuirfeadsa an Chlárach mar gheall, as ucht Bhriain is teann ar lár, Is gibé dhaoibh do loicfeas an troid fágtar é gan bhoin go bráth.
A h-aithle na laoidh sin dubhairt Páidín le Séamus, do bhriathra bagaracha, leigean d'á chrapa crampbheil agus d'á mhuc ar gach mallainn agus d'á bhagar magamhail dho féin, agus nár bh'é an direóil dranntánach dob' aithne dho, óir go raibh bun agus baránta aige do chiarfadh agus do chró- bhrisfeadh a chraicionn agus a chríon-chnámha gan choigilt "agus ainmnigh áit an chatha le chéile ar an láthair seo."
"Déanfadsa áit an chatha d'aínmniughadh do'n chorso .i. ag Lisín Uí Dhunacháin i gcomhgar machaire cruaidh agus móna ionnus má bhristear ár n-airm agus ár n-instremintí slaodbhuailte go bhfuigheam fóda fliucha fíormhóna agus dornóga daingne diúbhraice le freastal agus le fritheála ar a chéile ann; agus ní chuirfead fós fiosraighe ar an uair ná ar an aimsir acht gurab é amárach an lá óir cluinim gurab í an fhéil Pharthaláin atá ann; agus is dual agus is dleacht agus fós is dúthchas dom chinél a bheith bríoghmhar bolgneartmhar i n-aimsir na féile sin, óir is feólmhar an pota agus is méith an meacan agus is bláthmhar an phis agus an pónaire agus is géagach an gubáisde agus is gnáthach geamhdógaí cruithncachtan go coithchinn innte". Agus ar n-a rádh sin do chuir d'fhiachaibh ar chléireach d'á chlann-mhaicne do thárla ar an láthair sin, eadhon, Cuathalán ceannnmhór O Ceirín leitir imdheargach .i. Chailinge do sgríobhadh chun Páidín go borb agus do rinne sé féin a deachtughadh go glic mar seo:
"Freagair mise, a Bhriain Bhruimnigh, a fhir nach soilbhir aigne, Cosain bó comórtais Pháidín, chugat, a dhraigin, Chaillinge, Ar a hocht do'n chlog amárach, má tá dánacht an do chroidhe, A Lisín Uí Dhunacháin amhruidh, bhí armtha am' choinne, O shibhdille go súisde, ó chorrán buana go colltar, Ní bhfuil arm ar bith dá ghéire nach bhfuil ag Séamus ollamh. Cosain bó do bhráthar atá an árach an chomhlainn, Ar do bhás, a mhaoil mheathta, ná lámhaigh a teacht chun dóraing. Brisfead do chnámha críona agus bun do shróine salaiche, Is ní bheidh fiacal id' dhrainntse, acht 'na h-aon mhainnt bailbhe. Teacht chugainn dár bhfreagra ní leigfead duit ar eagla th' anma, Ar dtaobhughadh 'sé do dhubhshlán, a mhuirt thútáin na Banba.
Ar gcríochnughadh na Chaillinge sin agus ar sgaradh le chéile dhóibh gan mhaith ná mór obair do dhéanamh d'á
máighistir an lá san, gluaiseas Séamus go cúthail ceanníseal d'á thigh, agus ba mheirbh, mí-aigeantach 'mun am san é, óir do chaith calmacht agus cumas a croidhe le cáineadh Clainne Conríogh, ionus gur thraothuigh teas agus tréinlíonadh a bhruinne agus a mhéala, agus gur chuimhnigh aige féin go h-aithreach éagcaoineach ar chruas an chonnartha a n-a raibh Cubín fá chríochnughadh an chomhlainn sin, agus ar dteacht go h-ursain a thighe féin do, ní h-adhbhar misnigh ná mór-mheanman fuair ann, acht a bhean-chéile ag gol agus ag géarchaoineadh fá a dtárla d'arguin agus do bhriseadh d'á bothán an lá san. Oir ar mbeith amuigh dhi ag ceangal crotail agus cupóga do tháinig cú ghortach a comharsan don tigh ionus nár fhág oiread uibh éireóige dá raibh de bhiadh nó beatha soghluaiste i gcofair i gceis ná i gcuinneóig, gan chognadh, gan tslugadh, gan chraosól. Mar do chualaigh Séamus failbhe agus fíor-argain a bhotháin a gceann gach imnidhe agus gach anróidh dá raibh air, téid a luighe dh'á leabaigh gan líonadh gan lánphroinneadh agus fós gan lúsra na labhra le n-a mhnaoi ná le n-a leanbhaí, ní nár ghnáthach leis, agus ní do dhéanamh codalta ná ciúinis do chuaidh ann act ag caoineadh crostachta agus cruadhfhortuin an chonnartha a n-a raibh Cubín go ndubhairt an laoidh ann - - - -.
Mo dhonus orm féin anocht, Is mór do rinneas d'olc mo mhná, Chuir mé an Cubín go cruaidh a dtrap Nách sgaoilfear as go bráth. Dá ndéanfainnse basdal go borb A measg meithle, is mo bholg lán, Níor chás nó gur chuireas mo mhart Mar árach as neart mo lámh. Argain mo bhotháin aniudh Le ar chailleas mo chuid agus mó thámh Tá ag fáisdeana dhom gan cheilt Nach dóigh dhomhsa súil ré h-áth. 'S doiligh amárach dul a naghaidh Bhriain Le taosg meulladh nach tiac lán (?) Fear óg éifeachtach brúcht Ag séideadh an drúcht ar chách. Cá bhfios an dtiocfaidh an troch Agus go bhfuighinnse clú agus dhá bha Agus go mbéinn calma go h-éag 'S mo chineadh go tréan fó rath.
Do b'fhéidir go bhfuil se tinn, 'S go mbeith trom-bhriseadh an ghill air féin, Nó gur fhágaidh Páidín amuigh Mo litir is nár chuir í a gcéill. Déanfadsa comhairle dheas Seachanóchad an treas gan díth, A dhul rompa san áit go moch 'Sgan fuireach, níor loic an gníomh. Fuireóchad go bhfeicead am' dháil Tortán éigin mar dháil Bhriain Go n-abrad leis má thig ann Gur leig thairis am an ghliaidh, Gluaisfead annsin dom thigh Is treise mo rith ná mo lámh, Ag imdheargadh clainne Conríogh Cluinfear mo ghlaoi go h-árd. Uamhan mo chroicinn agus mo chnámh Orm araoin agus grádh mo bhó, Agus gidh gur mór m'eagla roimh an mbás Cubín gur chailleas cás is mó.
Ar gcríochnughadh an chómhráidh caointeanaigh sin dó, thuit tatarsnach agus trom-chodhladh air agus mar a bhí a chiall agus a chuimhne lán de smuainighthe siabhartha síor-chon- trartha, ní raibh taidhbhse ná taisbeánadh ó neamh go h-íochtar Aiceron nach raibh dá thaidhbhreamh agus dá thaisbeánadh mar fhís agus mar aisling do, agus ameasg gach mearaighe eile dar leis féin go bhfeaca a naimhde buana .i. Páidín agus Brian ar thalamh an chomhraic, agus iad le chéile marbh gan anam ar a dtuitim araon re chéile i mbuille-chatha dhóibh, mar nach bhfuair siad a gcéile comhraic ann chun a ndíbh- feirge d'imirt air. Do chonnaic mar an gcéadna an Chlárach chaomhadharcach .i. árach an chatha, ceangailte cruaidh- choimhraighthe ar thaobh na tulcha gan fear a feithimh ná a fíor- choimeáda aice ar na tabhairt ann le Páidín, mar chruth- ughadh agus mar dhaingniughadh ar chonnradh an chomhraic. Bíodhgas Séamus as a thatarsnach agus as a throm-chodhladh ar bhfaicsint an amhairc sin do; óir ní fhacaigh ariamh 'na chodhladh ná 'na dhúiseacht aon ní ba h-aoibhne leis 'ná an t-amharc san .i. a naimhde bheith marbh agus an geall gan ghuais, gan ghádh, beirthe aige. Eirghios 'na shuidhe as a lea-
baigh, óir ba sgaradh oidhche agus lae re chéile an tráth sin, agus ní rug d'arm ná d'éide leis acht laidhe líomhtha lán- ghéir ar a thaobh clé agus colpán cnapach cruaidh daingean súisde mar lurga lán-aisdir leis a na láimh, agus ní do dhéanamh cosaint ná cruaidh-bhuailte do thug iad san féin leis, óir do chreid sé a naimhde a bheith marbh roimhe, acht do thug an méid sin d'armaibh athardha leis ionus go mbeadh siad aige ag filleadh 'na n-airm chomhmhaoidhte chosgartha aige agus do ghluais roimhe go troidh-thapánta go ráinic leith-imioll Lisín Uí Dhunacháin; agus do thimcheall sé an talamh fó thrí agus ní bhfuair sé duine ná bó, marbh ná beo ann. Is annsin do ghlac sgáth agus scannradh é, óir do mheas go cinnte gur siabhradh sídhe agus aimsiúghadh aibhiarsóireachta gach fís agus gach feitheamh foir-imeallach dá bhfeaca; agus ba chómh-fhogus ó na thigh é go h-áit a mharbhtha agus a mhór-mhasla agus é gan fear anacail ná eadrain dar leis féin, do dhéanamh síothcáin ná sábháil air. Agus is annsin do ghabh sé ag mallughadh a shinnsir agus a phórchinéil go ndubhairt an laoidh ann:
"Is fada le donus mo phór, Is minic aodhraid gleo ar síth, Is dual dóibh aimseóga agus olc, Urchóid chinnte cnuic is sídhe. Dream nár coisreagadh go fóil, Is líonmhar meang, móid agus bréag Drong nach dtréigeann siabhra suain Crostacht, coirpeacht, uaill is éad. Drong gan urnuighthe gan ord, Aodhras choidhce do'n bholg lán, Bráithre dílse do Bheilzebub, Gidh gar dhamhsa gach glún atá. Is díreach do leanas a méin Ag aodhradh do réir a ngnás Le dtángas anois mo núar San ionad so ar luadh mo bháis. Mar mbeith an aisling aréir Ní thiucfainn agus bhéinn ag triall Agus ní bheith in mo ghealladh acht ceó Nó gur chreideas nár bheo Brian. Mise do b'uaidhbhreach indé Mo mhallacht dom bhéal 'sdom láimh, An cás a bhfuilim anois Níor mheasas a thigheacht am' dháil.
Ait do h-ainmneadh chun troda Is baoghlach liom fam chois an féar Biodh nac dtiocfadh duine dár gcóir A thaisdiol dar ndóigh is éag. Má luidheam
luibhthe dom ceilt Tiocfaidh siad an bheirt a bhfeill, Ag féachaint uaim má eirighim suas Do chifidh an sluagh mo chionn. Gaisge ná méaladh ní buan A dtraothughadh go luath is gnáth, Aiste airís ní chuirfead geall Táim gan teann gibé fáth.
Gidh gearr gairid d'fhuirigh Séamus ar thullaigh an chomh- raic .i. an ceathrughadh cuid d'uair a chloig, do b'fhuide leis é ná trí bliadhna i bpríosún phurgadóra, óir is amhlaidh do bhí sé an feadh sin mar bhog-shibhinne ag siubhal srotha agus ba iad san na clisidh céadfhadhacha agus níor bh'iad na creathaigh cosanta, óir an feadh bhí 'na shuidhe nó 'na luighe a ndíogaibh an leasa 'dhá fhollach ar aon duine dá fhaicsint do shíleadh nach bhfeicfeadh agus nach mothóchadh aon
nó go mbuailfeadh fear an chomhlainn 'na chloigeann é; agus an tan d'eirigheadh 'na leath-sheasamh suas ag déanamh faicsiona nó fíorchoiméad, do shíleadh dá mbeith dall gan tsúilibh trí mhile d'fhearann uadha go bhfeicfeadh é, ní dheineadh éan eitealladh, agus ní chorruigheadh an ghaoth géag chraoibhe ná cluas chorrchopóige nách síleadh gur bh'é fear a mharbha bhíodh ag teacht dá ionnsuidhe, gurabh é trosd agus tormán a naimhde a bhí chuige. .... acht do mheas, ó bhí láidhe aige, uaigh agus áit anacail do thochailt do féin, óir do mheas go cinnte go marbhófaidhe é agus nach mbeith de ghrástaibh ná de ghrádh Dé a na eas- cáirdibh a adhlacan. Gidheadh, níor bh'fhéidir leis act cruth agus compás na h-uaighe do ghearradh an tan do chonnaic a nimchian uaidh ógánach uasal de'n fhairche, d'eirigh a mochthráth na maidne sin d'fhéachaint agus d'fhíorchoiméad fásaigh do bhí a ngar na h-áite sin. Agus ní luaithe fuair Séamus aon amharc air ná gur shíl go cinnte gurabh é Brian agus Páidín do bhí ann agus gidh gur mheirbh mí-aigeantach ó na mhoch-eirghe roimhe sin é, thug a ghealtacht agus a ghuaismheathtacht bith- mheanma dhó ionus gur ghluais roimhe mar luas eilite nó fearbóige nó go ráinig fá thuairim fad urchair bonsaidhe d'á thigh, agus annsin d'fhéach 'na dhiaidh go dána díolúnta,
agus mar nach bhfacaigh tóir ná tréan-leanamhaint air, do ghlac dánacht an mhadra ghirr a ndoras a thighe féin chuige, ionus gur chuir trí ghlaoidh gháibhtheacha glan-gheamhghail as, dhá chur a gcéill gur loic Brian agus Páidín an comhrac do fhreasdal. Iar sin téid isteach d'á bhothán agus fuair a bhean ag eirghe as a h-iomdha agus as a h-ionad suaimhnis, agus d'innis di go tásgach treipleiseach gur loic Brian agus Páidín an comhrach agus d'á bhrígh sin go mba leis féin onóir an chomhraic agus árach an chomhlainn. "Agus uime sin ullmhuigh fleadh agus féasda dhúinn agus bíodh fhios agat go dtiocfaidh cabhlach agus comhluadar d'ár gcleamhnuighthe agus d'ár gcáirdibh agus d'ár gcáirdisíbh Chríost i gcoinne an eadradh so indiu, d'fhios críche an chomhraic agus an chonnartha do ceangladh indé do láthair Chloinne Conríogh. Agus a bhuidhe le mo mhisneach agus le mo mhórthapa mise do bhreith an ghill, agus iad san gan chlú gan oirdhearcas le na saoghal, agus is agatsa, a Una, bhéas sochar na Cláraighe .i. bhó Pháidín phreabánaigh as so amach go bráth. Uime sin dealbhuigh dinnéar taidhbhseach dhúinn agus rachaidh mise do ghlacadh suain agus sámháin dom leabaidh go raibh an phroinn sin ionchaithte, agus dubhairt Séamus an laoidh ann: -
Ollmhuigh gan mhoill ár ndinnéar, Is craosach cithréib an chomhraic. Tiucfaidh indiu dár bhféacaint Cabhlac d'ár gcéile cómhguis. Tiucfaidh ann Diarmuid dranntach Murchadh manntach agus Mághnus, Drong do líonfas a sacáin, Lucht gach alpáin do chárnadh. Líontar an púistiún fairsing Do gach grafain is dúthchas, Cuir gubáisde ann is meacain, Is gan amhras potátaigh rúta. Ná dearmhad fós an práiscín Bhíodh ag ár máithrín críona, Bun agus bárr gach taippe Do ghní an phraiseach bríoghmhar. Ná déansa an t-arán golach Ná lean do shochus Mhághnuis Acht deintear dúinn an tréan-taos O 'sé bhíos bríoghmhar sáitheach.
Bíodh agatsa 'na gcoinne, a Una, Stánadh an chlúdaigh is an tubán Le meanmna mhór fan gcúis seon Lán do chnuasach is do bhrachán.
A h-aithle na laoidh sin téid 'na luighe dhá leabaidh agus thuit a dtromshuan agus a samhán tar éis a bhfuair sé de sgannradh agus d'uathbhás ar thullaigh an chomhraic roimhe sin, agus fágfaimid mar sin é go dtrásda agus labhrfaimid seal eile ar Pháidín agus ar theachtaireacht na Chailinge. Dála Pháidín ar nglacadh leitre na Chailinge dhó do ghluais roimhe mar luas eilite nó fearbóige nó go ráinig go teach Bhriain, a bhráthair, agus ba shona, séanamhail an t-am a n-a ndeachaidh ann chun an comhraic do chur ar aghaidh, óir is í an oidhche sin do bhí féasda na feillearta a dtigh Bhriain agus do bhádar ochtar
a bhfochair Bhriain an oidhche sin, do bhí ag cur finit agus fíorchionn re na bhfoghmhar an lá san, mar atá agus mar a bhí Aindrias na h-airce, Beirnárd na pluice, Cathal na ceirte, Donnchadh na dailce, Eamonn na h-ola, Fearghail na feille, Giolla- Domhnaigh na brille, agus Hannruigh na h-uidhe, agus ró- fháiltigh gach aon díobh go h-allta ollghothach roimh Páidín, agus cheil Páidín go críonna, coimheadach cúis na círéibe go h-aimsir altuighthe, óir ba eolghach iona mbéasa é agus níor shultmhar ná soilbhir an sliocht san nó go mba sáitheach siablíonta > iad. Agus an tan do chaitheadar a leor- dhóthain de chinéal gach cnaparsnach ba dhual cleachtach dhóibh, d'innis Páidín go tásgach, millteach dhóibh an tár agus an tarcuisne thug Séamus Mac Geannain air féin agus ar a shinnsearaibh agus fós mar do rinne coinne an chomhraic leis féin agus le Brian agus mar a bhí an Chlárach uaidh féin a n-árach an chomhraic do fhreastal "agus do chruthughadh mo sgéil," ar Páidín, "seo leitir ó Shéamus cúghatsa." "Ní maith an léightheóir mise," arsa Brian, "agus is binne liom breasaireacht do bhéil féin, a bhráthair Páidín, ag innseacht éifeachta na h-iomarbhaidhe, ná lúbaireacht litreacha ar bith. Gidheadh, mionnuighim fam briathar go bhfreagróchad an comhrac san a naghaidh Shéamuis na sean- cheirte óir is cuimhin liom go ndeárna sé claon-tseanchus agus ceannmhúchadh ar chuid dom mhuintir mar chuaidh leis go nuige seo. Acht is cóir Labhrás an leabhráin do bhí naoi mbliadhna 'na chléireach uisge, agus dar ndóigh liteardha
thrid sin, do thabhairt go ró-mhoch ar maidin chugam go léighidh an leitir seo, agus go gcuiridh freagra uaimse uirthe, agus glacfadsa mar chongnamh uait an deifir sin a dhéanamh." Do mhol cuid de'n chuideachtain an t-aitheasg san Bhriain agus bhí cuid eile ar cneadadh agus ar cnaidh- bhéil fó n-a chlos. Acht cheana do chaitheadar an oidhce 'na trí treana, mar bhí - trian le caint agus le collóid agus le cómhluadh an chomhraic, trian eile le slugadh agus le fíor-ithe agus an treas trian le srannfartaigh agus le suanfartaigh go dtí moch na maidne agus mór-shoillse lae ar na bhárach, agus ní baileach a d'eirig an lá féin nuair a bheannuigh Labhrás an leabhráin go liosda, lábánta ar úrlár an lóisdín sin, óir níor leig eagla a gheill do chailleamhaint do Pháidín aon támh do codladh go dtug leis é. An tan do chuala an chuid- eachta chlaon-bhriathrach sin ceileabhar an chléirigh sin d'á gclainn mhaicne féin d'eirigheadar as a leapacha lán t-suana gan claonadh gan coisreagadh mar ba dhual cleachtadh dhóibh, agus do ghabhadar ag lútáil agus ag lumparnaigh roimh Labhrás agus thugadar leitir na Chaillinge dho agus do léigh í go liosda, lábánta le congnamh Pháidín féin, óir bhí sruth- mheabhair ag Páidín ar fhoirm an pháipéir mar cuala sé í 'dhá deachtughadh os árd a measg na meithle an lá roimhe sin. An uair do chuala Brian na briathra bagarthacha san an pháipéir, do ghlac droch-mhisneach agus marbhántacht chuige, óir shíl go cinnte gur chóir gach ní dá raibh innte a bheith fírinneach mar a shílid clann mhaicne na n-ainbh- fiosán gur Sgriptúir gach sgríbhinn ionus go ndubhairt "A cháirde," ar sé, "cia táimse círéabach, collóideach, coingliceach a dtaibhearnachaibh cómh-óil ní bhfuil cleachtadh ar Chaillinge agam go fóil, agus is maith liom comhairle gach neach dhíbhse do bheith agam fá'n gcúis sin, conus a rachfas mé chum an chomhraic nó fanfas mé as," ionus gur nocht a mheathtacht a ndiaigh a mhór-mhionn an oidhce roimis sin. An tan san do thionsgain siad san ar labhairt uile gan uain agallmha ná lán-chainnte do bheith ag an sinnsear ar an sóisear dhíobhtha an uair nach mbeith fear a smach- tuighthe a láthair; nó gur labhair Labhrás an leabhráin mar ughdar eolach Laidne agus go ndubhairt leo go spreagamhail leigint d'á gcaidéis agus scur d'á lumparnaigh agus fuireach go fosach fuisdeanach le gach cúpla ag cómh- fhreagradh a chéile agus "taisbeanadh gach neach agaibh a
résún féin fó an comhrac do chur ar aghaidh," ar sé, "agus leanadh an claisidhe an dromaidhe sa dlighe sin." An uair do fuair Aindrias na h-airce éisteacht ar éigin, ar impidhe an chléirigh, óir ba h-é ba dhromaidhe tosaigh an lá san, do noct a aingidheacht agus a dhibhfeirg agus a ioldásacht do chum an chomhraic do chur ar aghaidh agus dubhairt an laoidh ann:
"Molaim féin freagair an comhlann ..... Leanaimid gnás na n-uasal. Ó thárla an uair seo linne. Ó sé is bun do'n díomus Beatha líonmhar agus sóchus Ní sgurtha dhúinn ó'n uabhar Ó tig ár gcruacha móra. d'eagla toibhéime ár sleachta Do bhí meathta go drásda Cuirimís ár gcródhacht le tuisgint Ar mhac Geannain go rábach. Ná fágmaoid urrad Chaillinge Do shóirt faision Banba Nach mbeidh againn a néifeacht Go dtigidh teirce an arbha."
Níor leig Bernárd na pluice d'Aindreas na h-airce níos mó dh'á opinion do chraobhsgaoileadh óir do thuig as a ndubhairt méid a dhíomuis, antan a dubhairt an laoidh ann dhá fhreagra:
"Maolaidh do bhriathra, a Aindriais, Tuig gur leanbhas go drásda Dul ar amharc na n-uasal, Acht a bheith ag gluasacht mharla. Anois nár leór mar mhórdháil A bheith 'na gcómhradh 'sna gcaidreamh 'Sgan dream dhúinn go dalba Le cruas calmachta agus gaisce. Faison a n-each 's a ndiallaid Faison a srian 's a hata Ba leór dhúinn ó'n mórfhuil 'Sgan bain fá nósaibh Chaillinge. Bidh sinne uile dána Go dul do láthair troda
Acht an uair a thagas an doghrainn Ní fear comhlainn an bodach. Ba dhéanta dhúinne aithris Ar fhaision sámh gach sóchuis, Acht leigimís dona h-uaislibh Dul a gcruas gníomh comhraic. Ag sin agaibh mo rúnsa A chlann bhruachtach mo cháirde Is má théid sibh chun an chomhlainn Biodh mo mhórbhruim ar bhúr ndáilse.
Do b'fhada le Cathal na ceirte bhí Bernárd na pluice ag múchadh a mheanman agus a mhóraigne fán gcoisde sin, agus go bhfacthas dó aigne éagsamhail eile, dar leis féin, do bheith leisgeamhail fá an gcomhrac do chur ar aghaidh go ndubhairt nach raibh an Chaillinge a bhfoirm dlighe," ar an adhbhar, ar sé, go bhfuil dá phonc neamh-órduighthe ann .i. comhlann neamh-chinnte agus an modh ar a ndéanfar é gan ainmniughadh, óir cluinim go bhfuil dhá am sa ló dá ngoirtear a h-ocht don chlog .i. roimh meadhon lae agus am eile 'na dhiaidh agus ní nochtann an páipéar cia acu sin am cinnte an chomhraic, agus ní nochtann fós an dá gcois nó ar marcuigheacht freagróchaid a chéile. Uime sin, 'sé mheasaimse nach tarcuisne ar mo bhráthair Brian obadh do thabhairt agus dubhairt an laoidh ann: -
"Tá tuisle ins an bpáipéar Nach gnáth-bhéas i chaillinge Ní bhfuil an t-am cinnte Tá millteach le samhailt. Ag a h-ocht do'n chlog amáireach Deir an crágach 'na leitir Agus fa dhó sa ló Bí an tráth sin go minic. Troid coise nó marcshluagh Cibé acu a mhiansan Níor scríobhadh fós san bpáipéar, Ní nár ghnáthbhéas d'ár bhfiannaibh.
Do thuig Donnchadh na dailce do bhí dísgir, droch chomhairleach ann féin go raibh fonn suain agus sádhaile ar Chathal an lá san mar gach lá saoire eile, agus nách raibh dúil aige a dhul d'fhéachaint an chomhraic tar éis ar tugadh do thoibhéim ar dheachtugadh an pháipéir, agus níor leig sin do a chruaidh-sheachrán do labhairt ní ba mhó, agus dubhairt an laoidh ann: -
"Coisg do chamchiall, a Chathail, Do ghní toirmeasg ar chathaibh aonfhir, Dá mbeith dearmad a chaillinge Is é an t-aigne is éifeacht. Ná bac am na h-uaire, 'Sná déansa buaidhreadh do loiceadh, Is fada ó bhaisd ár sinnsear Trátha cinnte san obair. Am maistre agus eadarshuth Agus am gadaracha an phráca, Am na mbó do theacht chun baile, Roinn th' aicme ar na tráthaibh. Maistre na maidne an h-ocht so Ná bí le do chlogaibh ceólach Ní dual duitse, a mhic Áine, Bheith leis an áireamh eolach. An ponc eile a luadhais 'S gurab sinne an marcshluagh díomsach Nach leamh éinní d'ár gcleachtaibh Gan a bheith ar eachaibh líomhtha Rachfaidh muid indiu ag trúipéireacht d'fhéachaint cruaidh-bhéim an chosgair Is biodh a rogha acu tar éis stúidéir Comhrach trúipéir nó troitheach."
Níor bhinn le h-Éamonn na h-ola méid an aontughadh thug Donnchadh na dailce ar an gcomhrac a chur ar aghaidh, de bhrígh gur coirthigheadh agus gur cruaidheadh go minic roimhe sin é le cainnteacha círéibe agus clampair agus ní neamh- fhonn bruighne ná basdal ná buan-aimhréidhtighe bhí air, óir is iad ba ghnáth-bhéas bunaidh dhó acht eagla costuis do chailleadh le cáineacha cléirigh agus dlighe, fá é bheith 'na chomhairleach agus 'na chongnamh fá'n gcomhrac do chur ar aghaidh; ionus go ndubhairt de bhriathraibh dorcha dorúnta, nár mholta do Bhrian a shéan agus a shaidhbhreas do chur i gcontabhairt comhraic ar bith, agus dubhairt
"Ní cóir do lucht saidhbhris Baint faoi aincis, má's féidir, Dar liom is do lucht do-luime Is dual an comhrac aonfhir. Atá dhá urchóid baolach San gcomhrac aonfhir d'imirt, Easgaine bhuan an Phápa Agus treus cásmhar an dlighe.
Sílim go mbfheárr do thoice Gan a bheith loitte ná cántach, Ná bain fó ní nar dhualgas Gidh mór uabhar mo bhráthar. Do mholfuinn choidhche ár gcumas Do nós gach sloinneadh is uaisle Mar mbeith eagla ár ngeall do chailleadh Le h-iomad meanga buaidheartha. Sé suim fós ár spéise A bhfeirg cléireach an Phápa Nach déanfaid dúinn ar nósaibh Pósadh nó baiste gárlaigh.
Ro-labhair Fearghail na feille re Éamonn na h-ola agus dubhairt gur chinnte, cruaidh-sanntach, docht an cheist cána ná cánachas ná costus cléireach ná príomh-easgaine an Phápa do chuimhneamh nó do chur i gceill do'n chuideachtain sin, "agus a fhios agat féin gur náimhde bunaidh d'á gcáirdibh nó d'á sinnsear rómpa an chliar sin, agus lucht stiúruighthe gach dlighe, ar an adhbhar," ar sé, "nach leigid dúinn ár miana ná ár mí-ghrása dúthcais do thathuighe gan bacadh, gan buan toirmeasg do chur orainn, agus ní tréigthe . dhuinn anois a n-am ár sóchais na trí gnáis a chleachtamar ariamh.d á n-aimhdheoin, mar atá buadh bruighne, bréaga, agus bleaspeime." agus ar n-a rádh san dó, do croith. a cheann, a cúm, a cholg-fhéasóg agus a chros-fhiacla amhail mar bheith an comhrac do láthair aige, agus dubhairt: -
"Is anbhfann h-aigne, a Éamuinn, A mhic bhéal-chroim mo bhráthar. 'S gan spéis ag sliocht Thomáis A reacht ná a ro-ghnás Phápa. Atáid easgainte ó dhúthchas, Ní ghlacaid múineadh crábhach, An Pápa ortha ná bagair, Aicme do mhallaigh Pádruig. Do chuaidh a gcoirthe a gcainsior (?) Le gach aimsir d'á dtáinig. Fuireach fó smacht an chléirigh 'Tuige nach féidir dáibhsion. Nadúir neamhcóir na gcoinsías Aicme na mór-mhias d'argain Ní bheidh go bruinne an bhrátha Acu acht béasa dalbha. Buadh bruighne agus bréaga,
Buadh séanta gach ádhbhair, Buadh miothapaidh agus liosdacht Do'n t-sliocht ghiobach so thug Pádruig. Buadh callóide ag Aifreann, Buadh tafainn ar chóisir, Buadh mío-rúin d.á gcáirdibh Thug san do chlanna Lóbuis. Buadh doichill agus dranntáin, Buadh cannráin gan tábhacht, Buadh an-toile ar aonach, Thug an naomh san d'ár máithribh. Anois ní cóir a sheachnadh Buadha ár sleachta coirbthe, Ná cuimhnigh banga Pápa d'aicme gan ghrása foirbhthe. Eagla an dlighe tuaithe Cas is cruaidhe linne, Gidheadh do dhúthchas clampair Ná tréigse ar annsacht ciste. Mar sin, a Éamoinn na h-ola, A fhir a loicfeas ár ndúthchas, Má dhiultair comhrac Shéamuis Ní cóir géilleadh d'á ndúbhrais. 'S ní fhuighinnse aon neach feasda Ag déanamh meathtacht fá'n gcúisso Nach ndéanfainn féin misneach Ó is mé is treise dúthchas."
Níor leig eagla nó fásgadh féasóige Fhearghaile do'n chúpla eile de'n choisde sin aon fhocal do labhairt nó do rádh a n-aghaidh comhraic do chomóradh. Gidheadh níor bh'féidir leo gan a gcumas do chur a gcéill le craobhsgaoileadh éigin críonnachta do chur ar a mbráthair Brian, le h-ucht an chomhlainn, óir do thuig siad go raghadh sé chun an troda ar chomhairle Fhearghail agus na coda eile de'n choisde sin, . ionus go ndubhairt Giolla Domhnaigh na brille: - "Aontuighim go toilteach an comhrac do fhreastal agus do fhreagra, agus de bhrigh gurab nós gnáthach dona h-uaisle le h-ucht catha gábhaigh nó comhlann a dtiomna báis do dhéanamh, agus, ós ag comóradh le n-a mbéasa do trialladh agus do tionnscnadh an troid seo, ná fágadh mo bhráthair Brian anurdáil sin d'á mbéasaibh gan comhlíonadh ria ndul san éigin bhaolach san agus adubhairt an laoidh ann: -
"Ó 'sé is nós dona h-uaislibh le h-ucht guasachta agus gábhaidh A dtiomna báis do dhéanamh lean d'á mbéasa, a bhráthair. Ná bíodh le rádh libhse, A Bhriain is clisde crágadh, Go bhfágfá roinn ded' saidhbhreas Ar iocht ainbhfios do mhnása. Téid na mná san ath-aois Cia tá 'na sean-mhnaoi ghránda Cá bhfios nach bpósfadh críonn-fhear Do bheith ag dith-mheas do ghárlaigh. Gidh doirbh banga an Phápa, Má's fíor ráidhthe an bhíodáin, Beidh an chliar ribh sásta Acu má fhágair liagáid."
Ó nach bhfuair Hannriogh na h-uidhe ó n-a intleacht aon chumaoin eile do chur ar an gcomhairle chogaidh sin, ar a shon san do bhí sé cahach ó nádúr chun toibhéime do thabhairt ar aighneas an Ghiolla Domhnaigh, mar is gnáth-bhéas d'á n-aicme gan dís díob do theacht le céile a gcómh-ráidhtibh ar bith, acht ag ithiomradh ar na h-uaislibh agus ar na h-uird Eaglaise, go ndubhairt an laoidh ann: -
"Éist, éist, a Ghiolla Domhnaigh, Níor chleachtais comhrac iomdha, Do rinnis fá bhás mo bhráthar Le do thrácht ar thiomna. Ní thiucfaidh bás dá ghoire Do shaoghal cloinne Lóbuis. Ní gnáth eagla an éaga Ar chualacht shéanmhar shóchuis. Go dtí an ghorta thuaithe Ní gnáthach smuaineamh éaga A gcroidhthibh cloinne Tomáis, Acu ná ro-chás an aenfhear. An tan do thig teirce an arbha Agus ár mór ar eallach Admhuighim gurab í an fhial-fhuil Do bheir d'ár n-iarsma beatha. Gidheadh, anois a n-am ár ndíomuis, 'Sár mbeatha biadhmhar iomdha Dar liom is tosach éaga Baint fá bhéasa tiomna.
Ionann tiomna agus bronnadh Gach cuid ronna de'n chnuasach, Gidheadh ní dual an fhéile San t-sliocht mhéalach crúbach."
Ó do chuala Brian brostughadh agus ugadh a bhráithre agus é féin díomsach, dío-choiscighthe do chum gach círéibe, do mhéaduigh a bhasdal agus a mhóraidheacht chun an chomh-raic do chur ar aghaidh, agus do chuir d' fhiachaibh ar Labhrás an leabhráin go luath aibéil freagra do scríobhadh ar an Chaillinge, agus do rinne Brian féin a deachtughadh agus do tugadh do Pháidín í, agus dubhairt Brian leis a bhreith go briosg go Séamus, "agus rachad féin gan mhoill go h-áit an chatha agus an chomhlainn agus tuig, a Pháidín," ar sé, "go bhfuil uair chinnte an chomhlainn do láthair againn óir cluinim cogadail an luin, agus ní dhéanfadsa de mhoill acht mo thiomna do chríochnughadh agus triallfad iar sin go Lisín Uí Dhunacháin agus brostuigh- se Briollán na Briollóige go pras chugam ann nó go ndíolfadsa m' fhíoc agus m' fhearg agus mo dhibhfeirg air. Iar sin triallann Páidín go prab leis an aitheasg san Bhriain agus freagra na Chaillinge leis, agus do thionsgain Brian a thiomna do dhéanamh go ndubhairt: - Tiomna Bhriain chorpreamhair 'nár ndiaidh. "Creideadh gach neach dhá léighfidh, dhá n-éistfidh nó dhá bhfeicfidh gurab é seo tiomna éaga Bhriain chéadfach Chairn-cheiti:
Mar táim ag dul a ndoraing Le h-uct comhlainn mhic Geannain Do réir cuimhne agus céille Táim da déanamh gan seachrán. Bheirim m' anam do'n tseanóir Bhios le teann ghlór dh'á chumhdach, Agus creidim tar éis m'éaga Dhósan go ndéanfad dúthracht. Mo chorpán san gcarn aoilidh Cuireadh mo chaoimhtheach d'aontoisg Nó go ndiolaidh lucht na sluasad An bás do fuair ar Shéamus. Fágaim láir na leise Má marbhthar mise a n-éinfheacht Ag Aine mo chéile cumainn An chiardhubh choisfhionn agus céarsach.
Tiomnaim dom' mhac saoghlach Mo chliabhán aoiligh agus sluasad Corrán gort-ghlanta an fhoghmhair Mar aon agus laidhe chruachach. Fágaim mo mheanadh téide Agus mo mheanadh ghéir-ghoib na bpreabán Ag mo mhac beag is óige Mar roinn sóisir d'ár mbeatha. Le m'inghin an mhias bhearnach An mheadar chearnach san losad. Mo ladar agus mo liacha Tiomnaim dom' chliamhain molta. Fágaim fós mo thuairgín Mo dhá bhuailtín mhine bláthmhar Agus púicín beag an t-salainn le m'anam ag na bráithribh. Mo bháiréad huda seasgar Agus mo bháiréad leapa-chluasach Do bheirim iad don tsagart Do chionn saltairt ar m'uachtar."
Ar gcríochnughadh an tiomna san do ghabh an láir leisíneach chuige agus mar nach raibh muinighin aige as a mhaolmhása marcuidheacht dialluide do dhéanam a gcru-adhóig chatha nó cruaidhchomhlann, do chuir ughaim athardha uirthe, mar a bhí adhastar athgharbh, ollghadarach agus srathar dhaingean, dhoimhin, dhruim-leathan dá ngoireann an cuilí-neach "pack-saddle" agus cár-torcuill taoscach, tol-gánach, agus ro-ghabh a chulaith throda agus teagmhála uime, mar a bhí cáithteach chomhdhlúth úr-chnáibe chruaidh- dhaingean i gceangal truisghir timcheall a chrónchuirp agus í go h-uile teanntuighthe, tréincheangailte le córda cruaidh-righin cnáibe, do choiméad a chrónchuirp agus a croiceann chnapuigh ar sháthadh agus taobhtolgánaibh, agus do chuir mór-bháiréad mothlach, maol-bheannach fá n-a cheann agus fá n- a chluasa agus fá n-a chorr-mhuinéal toirteamhail, tréan-daingean, coirt- bhuidhe, agus ciséan treathan mar chlogad cosanta cumhdaigh ar uachtar an ollbháiréid sin do chumhdach a cinn ar chneadhaibh agus ar chruaidh-bhuillí. Ro-ghabh fós arm atargha fair .i. laidhe líomhtha, lán-ghéar ar a thaobh clí agus colltar colgcham céachta ar a thaobh deas. Ro-ghabh iar sin dhá dhaigéar dhuthcais a dhaoraicme mar atá sibhdille seasgtha seandarach, agus buailtín balcmhar,
bárr ghéar, borb-cuilinn, fá chúm agus fá chiumhais na cáith-tighe roimhráidhte ba chorp-lúithreach dho le h-aghaidh daorlot agus dún-mharbhtha do dhéanamh a gcumhgach agus a gcorp-chneasmhaol, agus ro-ghabh fá dheóidh dá chleith phrioca, phriomh-láidir mar dhá chraoisigh chrannreamhair chatha a n-a dhá cráig choirtbhuidhe chlaimhingneacha, agus súisde sleamhan righin, colgchnapánach droighin go gáibhtheach ar a ghuailinn le h-aghaidh slaod- bhuailte, agus téid fá'n inneall agus fá'n ordughadh sin na charbad, eadhon, cárturcaill, agus ro-ghluais roimhe go tarpach, taosgach, tréanuaibhreach go ráinig leath-imeall Lisín Uí Dhunacháin , áit chinnte an chatha agus an chomhlainn, agus an chomhairle choisteamhail sin 'na chuideachtain go cáinteach, collóideach. Agus mar nach bhfuair a chéile comh-raic ann, ná Páidín do chuaidh 'dá mbrostughadh le freagra na Chaillinge, agus fós gur thuig sé féin agus cách eile dh'á chomhairle nach dtáinig uair chinnte an chomhlainn, do thúir-ling ar thulaigh an chomhraic agus do mhionnuigh go mór-ghothach nach bhfágfadh an t-ionad san go tráthnóna go mbeireadh Séamus air, agus go mbaineadh fuil, fulracht agus fíor-shalchar as, agus go bhfaigheadh a bhráthair Páidín geall an chomhraic; agus fágfaimid ag comhall an mhionna san é agus labharfaimid seal eile ar Shéamus agus ar Pháidín do chuaidh leis an bhfreagra cuige. Is cuimhin leat, a léightheóir, mar d'fhágamar Séamus ar a leabaidh codalta tar éis a bhfuair sé de ró agus d 'anró tar éis fillte ó áit an chomhraic dó, agus a chur a gcéill d'á mhnaoi agus d'á bhainchéile an geall agus a clú do bhreith dhó, agus mar a bhí a dhinnéar 'dhá ollmhughadh dho, agus d'á cháirde, agus a chómhbhráithre ag triall agus ag teacht ar cuaird chuige an lá sin d'fhágháil fios críche an chomhlainn. Acht is amhlaidh do bhí sé 'na chodladh go samh-suantach, srannfartach tar éis a bhfuair sé de sgannradh agus d'uathbhás a moch-eirghe na maidne roimhe sin, gur dhúisigh cainnt agus callóid a cháirde, a cómbhráithre agus a cháirdeasaí Chriost a n-am a dhinnéir do bheith ollmhuighthe é, agus ba h-é sin tuairim ar uair an chluig roimh Pháidín do theacht ris an bhfreagra chuige. Eirgheas as a leabaidh go lúthmhar, luthgháireach agus ro-fháiltigh go frithir fíor-aibéil fris na fearaibh sin. Agus ba h-iad san an aicme fíor-ghranda, fíor-ghruama tháinic d'á thigh an tan sin d'fhios críche na Chaillinge: - Tháinig ann Diarmuid dranntach, Murchadh manntach; Niall na Niallacha, Maghnus mealltach, Eoghan na n-órlach
agus mórán eile ba dhíomhaoin le n-a n-áireamh annso. Tháinic ann fós Cuathalán Ceann-mhór Ó Céirín .i. an cléireach do sgríobh an Chaillinge agus de bhrígh go raibh Séamus lán d'íota agus d'ocras do suidheadh búird agus bínnsí go prab dóibh, agus do caith sé féin agus a chomhluadar a leór-. dhóthain de chinéal gach cnaparsnach do ba shíorghnás dóibh; agus do ba fadálach tuirseach do'n léightheóir dá gcuirinn síos annso gach bragaireacht gach bagar agus gach basdal dár h-ionráidheadh le Séamus agus le n-a cháirdibh a n-aghaidh Chlainne Conríogh agus dubhradar uilig d'aon bhéal iar sin go mba chóir do Shéamus dul a seilbh na Cláruidhe .i. bó Pháidín. Iar mbeith ar an gcómhrádh san dóibh, a lár a súbhachais agus a sóláis is ann do tháinic Páidín san doras isteach, agus ro-fhiafhraigh go gáibhtheach, ollghothach an raibh Séamus na seana-cheirte istigh. Do b-innsigheadh do go raibh. " A chríon-cheannaigh, corrbhéalaigh na leitean lobhtha," ar Páidín, " créad nach ag cosnamh do gheill atá tú anois ag áit an chomhraic agus go bhfuil mo bhráthair Brian ann 'do choinne, agus uair chinnte an chomhraic do láthair." "A bhasdaláin bhaoith, bhréin, bhonránaigh na bputátaí fatfhuara," ar Séamus, "is moch ar maidin do bhí mé san ionad sin, agus níor leig an eagla do Bhrian bhruimneach na bun-fhéasóige bearrtha ná dhuitse, a Pháidín phusaich phislinigh an phota bheathlaidh, oiread agus freagra amháin do chur chugam agus dá dhearbhughadh san tá compás na h-uaighe iona gcuirfead bhúr gcrónchuirp ar na thocailt liom ann." "Creidim, a chealgaire chrithmheanmnaigh," ar Páidín, "gurab é an tan do bhí an t-ionad san folamh gan fear do smachtuighthe do rachfá ann. Gidheadh anois ó thárla an uair chinnte ann .i. a h-ocht do'n chlog mar do thoghais féin agus a dheachtuighis agus atá scríobhtha faoi do láimh san Chaillinge agus mara bhfreagróchaidh tú Brian gan mhoill atá ollmhuighthe anois gan amhras ag Lisín Uí Dhunacháin id' choinne, ba liomsa Cubín go bráth do réir ár gconnartha san meithil indé. Agus ar eagla go n-abróchá arís mar a dubhrais ó chiana nach bhfuair tú fiú na freagra, ag sin litir ó Bhrian chugatsa." Teilgeas Páidín an leitir thar dhoras isteach go Séamus agus imthigheas féin go troidh-éasgaidh tapaidh a ndáil Bhriain iar sin, óir níor leig an eagla dho dhul thar dhoras isteach ná fuireach 'na n-aice ní ba shia. 'S annsin d'fhoscail Cuathalán Ceann-mhór, eadhon, cléireach na h-aicme sin, paicéad Bhriain ar úrlár Shéamuis
agus léigh os árd go coitcheann é agus do b' é so an fhuirm an a raibh an omarbháidh a riocht dána: -
"A Shéamuis . . . iasachta "Atá a mbliadhna ag iarraidh troda Ionnsaigh cugham ansan láthair, Id' choinne táimse gan locadh. Fág beannacht ag do cháirde Agus fós ag máthair do chloinne, filleadh airís 'na gcomhdháil Is é dubhshlán do chinidh. Chuiris chugam Chaillinge Mar chéile samhail damhsa, 'Snár bheag liomsa mo mhéirín Dod' chur d'aontaobh gan armaibh. Gluais chugam go tapaidh, A críonfhir craptha thútaigh, 'Sní fhágfad mír ded' chnámha Gan cur a mála-bhrúidhte. Do b'fhearr liomsa go mbéarfuinn Ar leith-ghreim do bhárr do thiaraigh, Go ndéanfuinn díotsa greama Agus beatha do na fiachaibh. Iocfair, a mhic Uí Gheannain, A neart seangáin gan tábhacht, An masla mór mar ghláimhín Do thugais do Pháidín mo bhráthair. Ní áirmhim fós mo chinéal Treibh na mbioradh mbláthmhar, A gcáineadh dhuit mar do rinnis Is é do loitfeas do mhása. Ná lámhaidh a theacht dom' ghoire A gceann th' í.oe agus th' éaga. Ag sin duit mo fhreagra Agus mé gan eagla, a Shéamuis".
Ar léigheamh na freagra san do mholadar cách go coitcheann do Séamus an comhrach do fhreagra gan mhoill, nó go mbeith gan chlú, agus fós gan Cubín, d'aimhdheoin a mhoc-eirghe agus a mhór-bhragaracht as turas na maidne, ar an adhbhar gur bhfeasach é féin gurab ar a h-ocht do'n chlog an lá san do bhí d'fhiachaibh an comhlann do fhreagra gan mhoill do réir a gconnartha indé san meithil agus dubhradar cách gurabh é an t-am céadna do bhí do láthair acu.
Do thug Séamus suadhadh agus sumbhogadh sínte air féin leis sin agus dubhairt go dorrdha táimhleisg nach ceachtar díobhsan do mhothuigh an cás ná an chruadhóg a n-a raibh sé féin fó shaltairt ar thulaigh an chomhraic agus go mb'fhearr leis féin dhá bha do shaothrughadh ar a pháidhe oibre athardha ná dhul san ionad céadna arís ar son aon bhó san domhan; agus a gcúis athnáire sin fá fhuireach as, nach raibh spéis aige féin ann ar aon mhodh. Iar na chlos san d'á mhnaoi bhí barramhlach, barrsgéalach innte féin, óir. deirtear go raibh báidh ag a bunadhas re saoithibh ealadhna gé do cheangal sí í féin le cinéal ceannchrom, codromunta, soin, acht cheana do labhair sí go luath, lán-fheargach ris agus dubhairt: "A mheathánaigh maolchúisigh," ar sí, "cionn nach gcualais gurab ar son aontairbh a d' eirigh mór-chogadh Tána Bó Cuailgne an ar thuit urmhór fearaibh Éireann, agus gurab ar son aon bhó, eadhon, an Mhaol-fliodhas, tháinic cogadh Tána Bó Flidhis agus ní raibh san nGlais-ghaibhnionn acht aon bhó amháin as a dtáinig iomad uilc agus urchóide idir fhearaibh Bolg go h-uile: agus mar sin, a choileánaigh mheirt-nigh, créad fá leigfása th'aon bhó uait do leisge cathughadh ar a son agus tú dána, daoineach, dlúthaicmeach, agus má leigir mionnuighimse de mionnaibh mór-mhiorbhuileach marbhtha an domhain nach sínfead leithead leithphingine dem' chroiceann go bráth leat." 'S annsin do labhair Eoghan na n-órlach agus is é ro-rádhaigh: "Ná bíodh meathtacht ná marbhántacht ort, a bhráthair," ar sé, "óir rachaimid ne id' chuideachtain agus id' ghoire go h-ionad an comhraic agus de bhrígh go bhfuil cuid cumaoine agamsa ar do chéile comhraic tré ar phronnas dom' órluidhe aonaigh air caithfidh sé cuid dem' chomhairle a dhéanamh. Agus déanfad mar a gcéadna anacal agus eadrann duitse ó arm-ghonadh ar bith do bhain riot. Agus beir féin na h-airm is treise agus is eolaighe ar a bhfuilir leat," ar Eoghan, "agus caithfidh sinne an comhrac do chothughadh le n-a samhail so do stuaim ar son go dtugais a rogha féin airm dósan san Challinge." Ba lúsrach luthgháireach Séamus fá gheallamhna coghanta agus eadranna Eoghain go ndubhairt: "Rachadsa ar ionchaibh do chaomhnasa agus ar do chomairce, a chataigh agus a chom-pánaigh, do chum an chomhraic, agus," ar sé, "ós iad arm is eolaighe ar a bhfuilimse abaigh .i. súisde agus corrán- buana agus corrán gort-ghlanta béarfad liom iad, agus
dá gcuirfeása d'fhiachaibh ar Bhrian bhródhach an bhréan bhrocháin mo chorrán gort-ghlanta guib-ghéir do leigean fá n-a cluais chlí gan cothughadh troda liom dá thaobh, is deimhin go ndéanfuinn meathánach leath-chluasach dhe go deireadh an domhain, nó dá dtugthá air le críonacht agus cluanaidheacht a chrág choirtbhuidhe do chur gan chuimhne gan mhothughadh dho féin a lúib mo cham-chorráin bhuana, do dhéanfainn gan amhras meathlámhach maol-mhéarach go deo dhá éis é; agus 'na dhéigh sin dob' fhuiriste dhuit mise d'eadrann agus do cheannsughadh ó slaod-bhualadh súisde uaidh sin amach." Thug Eoghan na n-órlach gach uile gheallamhaint do agus gach uile mhisneach dár bh'fhéidir le bréagaire ar an mbith do thabhairt uaidh d'fhonn é tharraing chun troda agus Chaillinge. Is annsin do ghabh Séamus a chulaith catha agus comhlainn uime mar bhí croiceann cruaidh-stópaidhe capaill cuairsge fá n-a chrónchorp agus ceann cumhdach dluth-thirim, cruaidh-fhearcadthaigh leath-leasuighthe do croiceann sean-chránach mar cinnbheirt nó clogad um a cheann agus garbh-ghad do ghéag ghlas darach ag ceangal agus ag cómhdlúthughadh an chroicinn sin fá n-a bhréan-cholainn, agus ro-chuir súisde seargtha cuilinn agus corrán colg-ghéar fá n-a chruaidh chrios ar a thaobh deas agus corrán gort-ghlanta goib-ghéir ar a ghuailinn go gáibhtheach baoithbheannach agus ro ghluais annsin ans an ughaim fhathachamhail sin go tapánta, troithmhall chun tulaighe na teagmhála, agus ro bhádar trí naonmhar d'á aos ionmhuin 'na úrtimcheall dá bhrostughadh chun an catha .i. naonmhar d'á dheasláimh, naonmhar d'á láimh chlí agus an treas naonmhar 'na dhiaidh go dlúth, deagh-orduighthe .i. Eoghan na n-órlach ag cómh-ghuailnidheacht leis agus ag comh-mhaoidheamh a chaithréime gan choigilt d'eagla athchomhairle do dhéanamh do Shéamus. Agus ní dheárnadar comhnaidhe go rángadar don taobh eile do Lisín Uí Dhunacháin tuairim fad deich gcoiscéim ó' n áit a n-a raibh Brian agus a mhuintir tarraingthe suas a riocht cogaidh go foirmiollach. "Fuireócadsa agus mo bhráithre annso", ar Séamus, "agus eirgidhse, a Eoghain, mar a bhfuil Brian bolgmhór agus deintear leat cumann agus cluanaireacht leis, agus féach an dtiocfaidh chun síothchána liomsa; óir muna mbeith ceist mo gheill do chailleamhaint ormsa agus eagla oirbhire mo mhná agus mo mhuintire agus mo mhaicne ní bhfuil fonn comhraic ormsa indiu mar a bhí indé, agus mar dtigidh chun síothchána liomsa anois tigeadh chun comhraic súisde óir is ó n-a lotaibh is minicighe do fuaireas leigheas."
Téid Eoghan iar sin gus an áit a n-a raibh Brian agus a mhuintir agus beannuigheas dóibh agus fiafhruigheas, amlaidh agus nach mbeith fios an iomrasáin aige, de Bhrian créad a thug an chulaith cholgach choimhightheach san do bheith air, nó créad fá raibh na h-acaraí oibre sin 'na thimcheall agus an lá 'na shaoire. "Ní gan adhbhar atáid agam," ar sé., óir is uime thángas agus thugas liom iad annso indiu do ghearradh cnámh agus croicinn agus do bhain fola, fulrach agus fíor-shalchair as mac Uí Gheannain .i. Séamus do bhráthair." "Coisrigh tú féin, a bharamhlaigh bheódha," ar Eoghan, agus, dein comhartha na croiche céasta a gclár th' aighthe agus th éadain, agos is ró- chosamhail nách gcríochnóchfar an comhrac crosta so leat." "Ní dual. dom' chineadh ná dom' chineál géilleadh do choisreacan an Chaomh-Dhia chomhachtaigh, go speisialta a n-am éigin nó feirge, agus ní mó ná san déanfadsa é anois," ar Brian. "Maise," ar Eoghan, "táim deimh- nightheach go bhfuil cuid dc luibh buadhach na mbeannacht agus na miorbhuille id' bhuxa, .i. tumbaca, agus cuir a bholadh faoi do shróin agus do bhéarfaidh atharach aigne dhuit, óir is é luibh is fearr brígh agus blas de luibheanna an domhain é; agus thug Eoghan mórán molta agus árd-theist ar an tumbaca mar ba mhinic leis, go ndubhairt an laoidh ann mar seo: -
'S mór miorbhuille an tumbaca, Tosach tacair gacha críonacht, Luibh do bheannuigh gach cléireach Agus an t-Athair Séamus Ó Fionnachtaigh. Do ghnidh síothchántaigh naimhde Agus eadrainne an chlann so Lóbuis Is milse 'ná blas na risín Boladh an t-snaoisín sróine. Luibh íocshláinte ar chailleachaibh, Do bheir cabhair dá gcliabhrach, Do bheir d' á súilibh amharc, Agus fóireas an galar fiacal. 'S maith san oidhce an píopa Is ró-mhaith an snaoisín ar maidin An duilleóg is maith gan amhras Faoi an gcarbad dá cagaint.3 Is fullán gail an tsúsa Do lucht múchta agus réama,
Is fullán fós gail na maidne Do lucht saille agus méala. Is mór an t-adhbhar sgíse An púdar snaoise san obair. Mar chaitheann lucht na sumóg Iomad spúnóg go socair. Do lucht casachtaigh is slaodáin Is deagh-ghnás ceart ciallmhar. Agus bainfidh an snaoisín séideán ..... Ní sámh fleadh ná féasda 'Sní sámh aon mhaith dár n-onóir Mara raibh an tombac bríoghmhar Acu go ríoghdha ro-mhór.
Do h-aithle na laoidh sin do chaitheadar sluaisde sár-mhóra snaoisín go sanntach séideánach. agus tháinic Brian chun síothcána agus cumaoine le h- Eoghan, do thaobh síor-mholadh an tombaca ionus gur thuig sé meathtacht agus meirtnighe Bhriain agus go ndubhairt leis gurab é Séamus do chuir uaidh é ag iarraidh an comhrac do cathughadh re súistibh amh.áin." Agus biodh a fhios agat," ar sé, "go ndeárnadh Serjant Major díomsa ar an gcomhlann so indiu agus go bhfuil d'fhiachaibh ormsa féachaint ar ár n-armaibh agus ar an gcomhlann do cur a n-órdughadh chóir agus cinéal gach airm do thréigean acht na h-airm a bhfuil sibh eolach araon ortha .i. Súistí. (" Aontuighimse sin," ar Brian.) Agus bheirim mar asgalacht mo chuid fé.in den' chomhlann duit óir gidh gair do ghaol do Shéamus tá mo pháirtse féin go ro-mhór leat." Iompuighis Eoghan thair ais mar a raibh Séamus. agus ar n-imtheacht dó, fhéachas Brian go caolradharcach ar Pháidín agus ro-ghair a chongnamh go direóil crathach'' agus adubhairt Páidín leis dá bhfaigheadh féin dhá bha nach raghadh niosa giorra dho." "Agus biodh a fhios agat," ar sé, "gurab é mo chuidse do gach aon spórt .i. cuid na mionmhadra do ní na maistínidhe do ghréasadh agus do dhúiseacht cun a bheith ag dian-tafann na seana-bhroc. Agus nach ar ghealluis., a bhráthair Brian an chúis do sheasamh dhamhsa agus ó do ghealluis is éigin duit a chomhlíonadh, nó biodh a fhios agat agus a dheimhin go bhfaigheadsa bó ded' bhuaibh féin má 's beo an dlighe, agus d'fhreagradar a céile san laoidh mar atá ár ndéidh anso: -
B.: Feicimid do neart, a Pháidín, Anois ó táimíd a n-éigin, d'éis a ndeárnais do bhasdal Ag tafann catha ar Shéamus. P.: Nár ghealluis, a Bhriain mheirtnigh, Do chionn dibhfeirge an chléirigh Gan mo chongnamhsa d'iarraidh A gcomhrac gliadh Shéamuis. B.: Má dubhrais focal díomsach Le teas gríosachta agus méala A Pháidín níor chóir ár n-agradh A n-am eagla ár n-éaga. P.: Caithfir mo chúis do sheasamh Do réir geallaimh agus conduir Nó díol do thabhairt sa gCláraigh Táimse, a bhráthair, punncach.
A h-aithle na laoidh sin d'ionnsuigheadar an dís dorrdha direóil, disgirt sin a chéile go ndeachadar fá thuairim fad súisde dar oile agus thógadar suas a gcoimh-n-éinfheacht nó d'aon bhéim an dá shúisde searg-líomhtha sin go feargach, géagach, bolgánta, bagrach., agus níor leig an eagla do cheachtar díobh an fear eile do bhualadh, d'eagla dá mbuailfeadh fear acu an chéad bhuille 'sgan an fear do bhuailfeadh do mharbhadh go h-iomlán do'n bhuille sin nach mbeith dóigh anacail nó eadrainn air nó go mbuailfeadh fear an chomhlainn 'na chloigeann é gan choigilt; ionus go raibh ar an ordughadh san ar feadh trí h-uaire ris an gclog ar mhodh dá dtigeadh duine ó'n Iniadha mhór go h-Éirinn ag iarraidh adhbhar focmhaide, funóide nó baoghal spóirte agus magaidh, is d'fhéachain na díse sin ba thigthe dho, ag féachaint ar a gcultachaibh airm agus cumhdaighthe .i. ciseán agus croiceann capuill mar clogad agus mar corplúithreach agus cinnbheirtne ortha, agus ar a gcreasaibh chruaidh-chnáibe agus garbh-ghadrachaibh ar síneadh suas a súisdí mar craosach chatha agus gan do spreacadh ná do spiorad i gceachtar díobh an fear eile do bhualadh d'éis a ndeárnadar do bhragaracht agus do bhuan-tafann ar a chéile go h-alt na h-uaire sin; agus comhthinól móradhbhal d'á gcleamhnuighthibh agus d'á gclainn-mhaicne ar gach. taobh dhíobh dhá bhfeitheamh agus 'dhá bhféachaint agus deirtear go raibh fuaim lámhach agus boltonus borb-phúdair 'na dtimceall ge be hé. Do bhádar seal fada ar an órdughadh san acht go dtugaidís srang-fhéachaint thart, d'fhios an
raibh gárda nó cosaint ag teacht d'á n-eadrán mar do ghealladar ó chiana dhóibh. Ro labhair Séamus óir 'sé ba bhuan-boirbe, do bhrígh nár caith mórán ná iomarca dighe mar do rinne Brian agus as é ro ráidh, "A mharbháin mheata mhíothlaochtha1 na muis-fheisóige, créad nach mbuaileann tú do bhuille, a chaimiráin chiotaigh, chrosfhiaclaigh," ar Séamus. "Ní dhom is cóir acht dhuitse, óir is tú is sine, a bhasdaláin bhaoith, bhunránaigh, bhréin, na bputátaidhe fat-fhuara," ar Brian. "Is córa dhuitse do bhuille do bhualadh ar dtúis óir is tú do thoisigh an t-imreasán ar dtuis". "Fágaimse a bhreitheamhnas sin ag Lochlann na linnáin," ar Séamus, agus ba fáidh faobhrach fíor-eolach an fear sin eadorthasan le fios agus le fáisdine do dhéanamh, agus dubhairt sé gan amhras go dtiocfadh traothughadh toice agus conáich do'n chúpla san as a ndíomas tré n-a dtógbháil chogaidh a n-aimsir shocruigheachta agus síthe agus páidhe do shaothrughadh go séanmhar, agus dubhairt an laoidh ann:
"Cogadh Shéamuis Uí Gheannain Agus briollan Charn-cheite 'Sé deirim gur tuar daibhris Do lucht saidhbhris agus creidte. An feadh do leigeadh do'n chúpla A bheith go súgach socair Níor bheithte dhóibh le mórdháil Do dhul ag tógbháil chogaidh. Ba leór cogadh an Coimhde Dá n-eisdigh buirbe na bruighne, 'Sgan a bheith anois ag gríosgamh cogaidh A n-am socruigheachta agus síthe. Nach cuimhin libh cogadh Chromuil Do bhain ár lomradh dhinne Do ghnidh cumhachta an ghasúir Státuidh dá phíce. Baolach samhradh na fola Éigin, gorta agus pláighe Do theacht tre na ndíomas Do'n chúpla díscir dána. Tiucfaidh cogadh an Choimhde Tar éis comhraic na díse Traothughadh ár mban 'sár ngárlaigh Dúinne ba h-ádhbhar caointe.
Tiucfaidh doineann agus díleann Tiucfaidh failbhe agus gainne Ó chogadh tubaisteach ár ndíomais Bíam go líonmhar faoi aindeis. Ag sin agaibh mo rúnsa A chúpla bhrúchtmhar na mórmhionn, Agus coisgidh d'bhúr gcomhrac súisde Go h-am brúidhte na bpunann. Ionnsuighidh sgioból fairsing Féachaidh bhur n-acfuinn láidir Agus gibé is truime buille Faghadh sé biseach páighe.
Ar gclos fáisdine an chogaidh, na gainne agus gorta do'n chúpla ceann- fheargach sin níor fhan neart tógbháil a súisde i gceachtar díobhtha tar éis a ndeárnadar do bhragaracht agus do bhuantafann ar a chéile ó thús go deireadh, agus cóimhthionól mór d'á gcáirdibh, d'á gcleamhnuighthe agus d'á gcaoimhaicne ar gach taobh díobh d'fhios críche na dála san. Acht cheana do ghluaiseadar araon ó'n tullaigh gan buaidh catha ná comhlainn, cosguir ná gaisge, ag ceachtar díobh. Gidheadh do bhí Páidín ar na mhárach ag luadh clampuir agus ag éiliughadh an gheill nó go ndubhairt duine sultmhar áithrighthe do bhí ar an láthair gur chailleadar araon an geall, do bhrígh gur loiceadar an dís an comhrac, agus acht go dtigeadh ceart do'n tír go gcaithfeadh baintreacha an phuráisde an dá bha d'fhághail agus iad san do shaothrughadh dhá bha 'na n-ionad ar a bpáidhe oibre athargha nó bheith gan aon bhó. Finit agus críoch ar Thána Bó Geannain agus Clonne-Con-ríogh ag cath Lisín Uí Dhunacháin do'n taobh ó dheas do Chruachain Conachta, ris a ráidhtear Cuisleán Pluincéad indiu. Nótaí. Acaraí, giúirléidí, instrimnití. Lúsra, bladar. Boltonus, boladh. Maistre, cuigeann. Borb-bhasdal, baoth-chaint bhorb. Malladh, mallacht. Burmuruas, dailtínteacht. Muisfheisteach, mór bheólach. Crapa crampbhéil, scaimheanna a chur air féin Pislineach, ronnach. Púistiún, pota. Geamhdógaí, cácaí. Sibhdille, slis. Labánta, liobarnach. Uidhe, taisdeal. Láir na leise, an láir leisíneach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services