Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Táin Bó Geanainn

Title
Táin Bó Geanainn
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ní Ghrádha, Máiréad
Composition Date
1774
Publisher
(B.Á.C.: Ollsgoil na hÉireann, 1926)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




TAIN BO GEANAINN
Eachtra Clainne Tomáis Mhic Lóbuis, nó Tána Bó
Geannain, ris a ráidhtear aiste Sheamuis gharbhghlóraigh
Geannain agus Pháidin chirébigh Mhic Conríogh, dís daor-
bhallach codromunta ó ar fás substaind agus éifeacht
na h-aiste seo 'nár ndéigh.



Lá n-aon dár eirigh coimhling corráin, comóradh aonaigh
agus luadhradh ar láidireacht idir dís daorbhallach
dranntánach do chinél codarsnach Chlainne Tomáis
Mhic Láidir Mhic Lóbuis, .i. meitheal mhórádhbhal
bhodaigh do bhí ag mór-ghearradh maighidh agus macairí
san mbaile dá ngoirtear Lios-Lachtna don taobh
ó dheas do Chruachain Connachta, .i. Séamus garbh-ghlórach
Mac Geannain agus Páidín círéabach Mac Conríogh a
n-anmanna, dís bhrealláin' mhí-shásta, ó dtáinic iomad
iomurmhaigh agus ceannairc etorra, ionus gur cáineadh
cinéal, agus gur imdheargadh aithreacha, agus gur masluigheadh
máithreacha, agus gur greannuigheadh gortuidhe, agus
gur maoidheadh meirtne agus meathtacht, agus gur dearbhadh
droch-dhuthchas, agus gur luaidheadh leathchuma agus truaillidheacht
na díse sin leath ar leath dá chéile; agus ba h-é sin
an chéad bhéim laochbhuailte bhí ag an dís chúl-ghaisgidheach sin
ar aroile.



Gidheadh iar gcaitheamh pruinn agus príomh-dhínéir
dhóibh - óir amhail agus mar eirigheas misneach, meanman,
agus mór-aigeantacht na n-uasal a n-aimsir feirge nó
fíor-chalmachta is fírinneach go n-eirigheann borb-bhasdal
agus burmuruas na mbodach ndíomsach naimhdighthe an tráth
líonaid a mbruinn agus a méala do chinéal gach cnapasnach,
gidheadh, ar dtraothadh a méala agus a mbruinn, traothaigh
a dtábhacht agus a misneach agus téid a neart ar neimhnidh,
acht cheana, níor thraothuigh teas ná tioslionnadh na díse
roimh-ráidhte an tan do h-iomráidheadh arm-ghonadh agus


L. 52


árd-chomhrac eatorra agus sin ar dheireadh a ndínnéir go
ndubhradar an laoidh, ag comhfhreagradh a chéile mar seo . -




Séamus -
Innis dom, ' a Pháidín mheirbh, nár sgar ariamh re geirb
ar thóin,
Cá bhfuair tusa ionnat féin a bheith ag dréim liom
pféin ná le mo phór.
Páidín -
Donus t'fhiafhraighe ort a thráill, do thuill fuath agus
gráin na mban,
Tá gach aen neach do mo phréimh lán don tsonas go léir
thart.
S. - I gcuan mharla agus gaineamh chruaidh fuair Mac Geann-
ain buaidh ar ghníomh,
I mbun caorach agus muc do bhíodh do stoc agus do shíol.
P. - Clann Mic Geannain ar mbeith dhóibh ag ithe bhúr bhféir
agus flith,
Bhiodh sinne, clanna Conríogh, lán do thaois agus do
mhin.
S. - Éitheach sin, a Pháidín bhric, fuagraim gleic dá chur
i gcéill
Nó go ndíolfad ar do cheann le neart comhlainn meang
do bhéil.
P. - Ní rángas a neart is mé óg, tá mo mhéadal fós ag fás.
Acht cheana, mo bhráthair Brian bainfidh sé stiall do
do thár.
S. - Tusa agus do bhráthair Brian an dá gheócach lé ar mian
taois,
Is air do chuirfinn mo Chubín chrón go dtachtfuinn le
mo dhóid an dís.
P. - Cuirfeadsa an Chlárach mar gheall, as ucht Bhriain is
teann ar lár,
Is gibé dhaoibh do loicfeas an troid fágtar é gan
bhoin go bráth.




A h-aithle na laoidh sin dubhairt Páidín le Séamus, do
bhriathra bagaracha, leigean d'á chrapa crampbheil agus
d'á mhuc ar gach mallainn agus d'á bhagar magamhail dho
féin, agus nár bh'é an direóil dranntánach dob' aithne dho,
óir go raibh bun agus baránta aige do chiarfadh agus do chró-
bhrisfeadh a chraicionn agus a chríon-chnámha gan choigilt
"agus ainmnigh áit an chatha le chéile ar an láthair seo."


L. 53


"Déanfadsa áit an chatha d'aínmniughadh do'n chorso
.i. ag Lisín Uí Dhunacháin i gcomhgar machaire cruaidh agus
móna ionnus má bhristear ár n-airm agus ár n-instremintí
slaodbhuailte go bhfuigheam fóda fliucha fíormhóna
agus dornóga daingne diúbhraice le freastal agus le
fritheála ar a chéile ann; agus ní chuirfead fós fiosraighe
ar an uair ná ar an aimsir acht gurab é amárach an lá óir
cluinim gurab í an fhéil Pharthaláin atá ann; agus is dual
agus is dleacht agus fós is dúthchas dom chinél a bheith
bríoghmhar bolgneartmhar i n-aimsir na féile sin, óir is
feólmhar an pota agus is méith an meacan agus is bláthmhar
an phis agus an pónaire agus is géagach an gubáisde
agus is gnáthach geamhdógaí cruithncachtan go coithchinn
innte".



Agus ar n-a rádh sin do chuir d'fhiachaibh ar chléireach
d'á chlann-mhaicne do thárla ar an láthair sin, eadhon,
Cuathalán ceannnmhór O Ceirín leitir imdheargach
.i. Chailinge do sgríobhadh chun Páidín go borb agus do rinne
sé féin a deachtughadh go glic mar seo:




"Freagair mise, a Bhriain Bhruimnigh, a fhir nach soilbhir
aigne,
Cosain bó comórtais Pháidín, chugat, a dhraigin,
Chaillinge,
Ar a hocht do'n chlog amárach, má tá dánacht an do
chroidhe,
A Lisín Uí Dhunacháin amhruidh, bhí armtha am' choinne,
O shibhdille go súisde, ó chorrán buana go colltar,
Ní bhfuil arm ar bith dá ghéire nach bhfuil ag Séamus
ollamh.
Cosain bó do bhráthar atá an árach an chomhlainn,
Ar do bhás, a mhaoil mheathta, ná lámhaigh a teacht chun
dóraing.
Brisfead do chnámha críona agus bun do shróine salaiche,
Is ní bheidh fiacal id' dhrainntse, acht 'na h-aon
mhainnt bailbhe.
Teacht chugainn dár bhfreagra ní leigfead duit ar
eagla th' anma,
Ar dtaobhughadh 'sé do dhubhshlán, a mhuirt thútáin na
Banba.




Ar gcríochnughadh na Chaillinge sin agus ar sgaradh le
chéile dhóibh gan mhaith ná mór obair do dhéanamh d'á


L. 54


máighistir an lá san, gluaiseas Séamus go cúthail
ceanníseal d'á thigh, agus ba mheirbh, mí-aigeantach
'mun am san é, óir do chaith calmacht agus cumas a croidhe le
cáineadh Clainne Conríogh, ionus gur thraothuigh teas agus
tréinlíonadh a bhruinne agus a mhéala, agus gur chuimhnigh
aige féin go h-aithreach éagcaoineach ar chruas an chonnartha
a n-a raibh Cubín fá chríochnughadh an chomhlainn sin, agus
ar dteacht go h-ursain a thighe féin do, ní h-adhbhar misnigh
ná mór-mheanman fuair ann, acht a bhean-chéile ag gol agus
ag géarchaoineadh fá a dtárla d'arguin agus do bhriseadh
d'á bothán an lá san. Oir ar mbeith amuigh dhi ag ceangal
crotail agus cupóga do tháinig cú ghortach a comharsan
don tigh ionus nár fhág oiread uibh éireóige dá raibh de
bhiadh nó beatha soghluaiste i gcofair i gceis ná i gcuinneóig,
gan chognadh, gan tslugadh, gan chraosól. Mar do chualaigh
Séamus failbhe agus fíor-argain a bhotháin a gceann gach
imnidhe agus gach anróidh dá raibh air, téid a luighe dh'á
leabaigh gan líonadh gan lánphroinneadh agus fós gan lúsra
na labhra le n-a mhnaoi ná le n-a leanbhaí, ní nár ghnáthach
leis, agus ní do dhéanamh codalta ná ciúinis do chuaidh
ann act ag caoineadh crostachta agus cruadhfhortuin an
chonnartha a n-a raibh Cubín go ndubhairt an laoidh ann - - - -.




Mo dhonus orm féin anocht,
Is mór do rinneas d'olc mo mhná,
Chuir mé an Cubín go cruaidh a dtrap
Nách sgaoilfear as go bráth.
Dá ndéanfainnse basdal go borb
A measg meithle, is mo bholg lán,
Níor chás nó gur chuireas mo mhart
Mar árach as neart mo lámh.
Argain mo bhotháin aniudh
Le ar chailleas mo chuid agus mó thámh
Tá ag fáisdeana dhom gan cheilt
Nach dóigh dhomhsa súil ré h-áth.
'S doiligh amárach dul a naghaidh Bhriain
Le taosg meulladh nach tiac lán (?)
Fear óg éifeachtach brúcht
Ag séideadh an drúcht ar chách.
Cá bhfios an dtiocfaidh an troch
Agus go bhfuighinnse clú agus dhá bha
Agus go mbéinn calma go h-éag
'S mo chineadh go tréan fó rath.


L. 55


Do b'fhéidir go bhfuil se tinn,
'S go mbeith trom-bhriseadh an ghill air féin,
Nó gur fhágaidh Páidín amuigh
Mo litir is nár chuir í a gcéill.
Déanfadsa comhairle dheas
Seachanóchad an treas gan díth,
A dhul rompa san áit go moch
'Sgan fuireach, níor loic an gníomh.
Fuireóchad go bhfeicead am' dháil
Tortán éigin mar dháil Bhriain
Go n-abrad leis má thig ann
Gur leig thairis am an ghliaidh,
Gluaisfead annsin dom thigh
Is treise mo rith ná mo lámh,
Ag imdheargadh clainne Conríogh
Cluinfear mo ghlaoi go h-árd.
Uamhan mo chroicinn agus mo chnámh
Orm araoin agus grádh mo bhó,
Agus gidh gur mór m'eagla roimh an mbás
Cubín gur chailleas cás is mó.




Ar gcríochnughadh an chómhráidh caointeanaigh sin dó, thuit
tatarsnach agus trom-chodhladh air agus mar a bhí a chiall
agus a chuimhne lán de smuainighthe siabhartha síor-chon-
trartha, ní raibh taidhbhse ná taisbeánadh ó neamh go h-íochtar
Aiceron nach raibh dá thaidhbhreamh agus dá thaisbeánadh mar
fhís agus mar aisling do, agus ameasg gach mearaighe eile
dar leis féin go bhfeaca a naimhde buana .i. Páidín agus
Brian ar thalamh an chomhraic, agus iad le chéile marbh gan
anam ar a dtuitim araon re chéile i mbuille-chatha dhóibh,
mar nach bhfuair siad a gcéile comhraic ann chun a ndíbh-
feirge d'imirt air. Do chonnaic mar an gcéadna an
Chlárach chaomhadharcach .i. árach an chatha, ceangailte cruaidh-
choimhraighthe ar thaobh na tulcha gan fear a feithimh ná a fíor-
choimeáda aice ar na tabhairt ann le Páidín, mar chruth-
ughadh agus mar dhaingniughadh ar chonnradh an chomhraic.
Bíodhgas Séamus as a thatarsnach agus as a throm-chodhladh
ar bhfaicsint an amhairc sin do; óir ní fhacaigh ariamh 'na
chodhladh ná 'na dhúiseacht aon ní ba h-aoibhne leis 'ná an
t-amharc san .i. a naimhde bheith marbh agus an geall gan
ghuais, gan ghádh, beirthe aige. Eirghios 'na shuidhe as a lea-


L. 56


baigh, óir ba sgaradh oidhche agus lae re chéile an tráth sin,
agus ní rug d'arm ná d'éide leis acht laidhe líomhtha lán-
ghéir ar a thaobh clé agus colpán cnapach cruaidh daingean
súisde mar lurga lán-aisdir leis a na láimh, agus ní do
dhéanamh cosaint ná cruaidh-bhuailte do thug iad san féin
leis, óir do chreid sé a naimhde a bheith marbh roimhe, acht do
thug an méid sin d'armaibh athardha leis ionus go mbeadh
siad aige ag filleadh 'na n-airm chomhmhaoidhte chosgartha
aige agus do ghluais roimhe go troidh-thapánta go ráinic
leith-imioll Lisín Uí Dhunacháin; agus do thimcheall sé an
talamh fó thrí agus ní bhfuair sé duine ná bó, marbh ná beo ann.



Is annsin do ghlac sgáth agus scannradh é, óir do mheas
go cinnte gur siabhradh sídhe agus aimsiúghadh aibhiarsóireachta
gach fís agus gach feitheamh foir-imeallach dá bhfeaca;
agus ba chómh-fhogus ó na thigh é go h-áit a mharbhtha agus a
mhór-mhasla agus é gan fear anacail ná eadrain dar leis
féin, do dhéanamh síothcáin ná sábháil air. Agus is annsin
do ghabh sé ag mallughadh a shinnsir agus a phórchinéil
go ndubhairt an laoidh ann:




"Is fada le donus mo phór,
Is minic aodhraid gleo ar síth,
Is dual dóibh aimseóga agus olc,
Urchóid chinnte cnuic is sídhe.
Dream nár coisreagadh go fóil,
Is líonmhar meang, móid agus bréag
Drong nach dtréigeann siabhra suain
Crostacht, coirpeacht, uaill is éad.
Drong gan urnuighthe gan ord,
Aodhras choidhce do'n bholg lán,
Bráithre dílse do Bheilzebub,
Gidh gar dhamhsa gach glún atá.
Is díreach do leanas a méin
Ag aodhradh do réir a ngnás
Le dtángas anois mo núar
San ionad so ar luadh mo bháis.
Mar mbeith an aisling aréir
Ní thiucfainn agus bhéinn ag triall
Agus ní bheith in mo ghealladh acht ceó
Nó gur chreideas nár bheo Brian.
Mise do b'uaidhbhreach indé
Mo mhallacht dom bhéal 'sdom láimh,
An cás a bhfuilim anois
Níor mheasas a thigheacht am' dháil.


L. 57


Ait do h-ainmneadh chun troda
Is baoghlach liom fam chois an féar
Biodh nac dtiocfadh duine dár gcóir
A thaisdiol dar ndóigh is éag.
Má luidheam <i> luibhthe dom ceilt
Tiocfaidh siad an bheirt a bhfeill,
Ag féachaint uaim má eirighim suas
Do chifidh an sluagh mo chionn.
Gaisge ná méaladh ní buan
A dtraothughadh go luath is gnáth,
Aiste airís ní chuirfead geall
Táim gan teann gibé fáth.




Gidh gearr gairid d'fhuirigh Séamus ar thullaigh an chomh-
raic .i. an ceathrughadh cuid d'uair a chloig, do b'fhuide
leis é ná trí bliadhna i bpríosún phurgadóra, óir is amhlaidh
do bhí sé an feadh sin mar bhog-shibhinne ag siubhal srotha
agus ba iad san na clisidh céadfhadhacha agus níor bh'iad
na creathaigh cosanta, óir an feadh bhí 'na shuidhe nó 'na
luighe a ndíogaibh an leasa 'dhá fhollach ar aon duine dá
fhaicsint do shíleadh nach bhfeicfeadh agus nach mothóchadh aon
<nidh> nó go mbuailfeadh fear an chomhlainn 'na chloigeann
é; agus an tan d'eirigheadh 'na leath-sheasamh suas ag
déanamh faicsiona nó fíorchoiméad, do shíleadh dá mbeith
dall gan tsúilibh trí mhile d'fhearann uadha go bhfeicfeadh
é, ní dheineadh éan eitealladh, agus ní chorruigheadh an ghaoth
géag chraoibhe ná cluas chorrchopóige nách síleadh gur bh'é
fear a mharbha bhíodh ag teacht dá ionnsuidhe, gurabh é trosd
agus tormán a naimhde a bhí chuige. ....
acht do mheas, ó bhí láidhe aige, uaigh agus áit anacail do
thochailt do féin, óir do mheas go cinnte go marbhófaidhe é
agus nach mbeith de ghrástaibh ná de ghrádh Dé a na eas-
cáirdibh a adhlacan.



Gidheadh, níor bh'fhéidir leis act cruth agus compás na
h-uaighe do ghearradh an tan do chonnaic a nimchian uaidh
ógánach uasal de'n fhairche, d'eirigh a mochthráth na maidne
sin d'fhéachaint agus d'fhíorchoiméad fásaigh do bhí a ngar
na h-áite sin. Agus ní luaithe fuair Séamus aon amharc
air ná gur shíl go cinnte gurabh é Brian agus Páidín do
bhí ann agus gidh gur mheirbh mí-aigeantach ó na mhoch-eirghe
roimhe sin é, thug a ghealtacht agus a ghuaismheathtacht bith-
mheanma dhó ionus gur ghluais roimhe mar luas eilite nó
fearbóige nó go ráinig fá thuairim fad urchair bonsaidhe
d'á thigh, agus annsin d'fhéach 'na dhiaidh go dána díolúnta,


L. 58


agus mar nach bhfacaigh tóir ná tréan-leanamhaint air, do
ghlac dánacht an mhadra ghirr a ndoras a thighe féin chuige,
ionus gur chuir trí ghlaoidh gháibhtheacha glan-gheamhghail as,
dhá chur a gcéill gur loic Brian agus Páidín an comhrac
do fhreasdal.



Iar sin téid isteach d'á bhothán agus fuair a bhean ag
eirghe as a h-iomdha agus as a h-ionad suaimhnis, agus
d'innis di go tásgach treipleiseach gur loic Brian agus
Páidín an comhrach agus d'á bhrígh sin go mba leis féin
onóir an chomhraic agus árach an chomhlainn. "Agus uime
sin ullmhuigh fleadh agus féasda dhúinn agus bíodh fhios agat
go dtiocfaidh cabhlach agus comhluadar d'ár gcleamhnuighthe
agus d'ár gcáirdibh agus d'ár gcáirdisíbh Chríost i gcoinne
an eadradh so indiu, d'fhios críche an chomhraic agus an
chonnartha do ceangladh indé do láthair Chloinne Conríogh.
Agus a bhuidhe le mo mhisneach agus le mo mhórthapa mise
do bhreith an ghill, agus iad san gan chlú gan oirdhearcas le na
saoghal, agus is agatsa, a Una, bhéas sochar na Cláraighe
.i. bhó Pháidín phreabánaigh as so amach go bráth. Uime
sin dealbhuigh dinnéar taidhbhseach dhúinn agus rachaidh mise
do ghlacadh suain agus sámháin dom leabaidh go raibh an
phroinn sin ionchaithte, agus dubhairt Séamus an laoidh ann: -




Ollmhuigh gan mhoill ár ndinnéar,
Is craosach cithréib an chomhraic.
Tiucfaidh indiu dár bhféacaint
Cabhlac d'ár gcéile cómhguis.
Tiucfaidh ann Diarmuid dranntach
Murchadh manntach agus Mághnus,
Drong do líonfas a sacáin,
Lucht gach alpáin do chárnadh.
Líontar an púistiún fairsing
Do gach grafain is dúthchas,
Cuir gubáisde ann is meacain,
Is gan amhras potátaigh rúta.
Ná dearmhad fós an práiscín
Bhíodh ag ár máithrín críona,
Bun agus bárr gach taippe
Do ghní an phraiseach bríoghmhar.
Ná déansa an t-arán golach
Ná lean do shochus Mhághnuis
Acht deintear dúinn an tréan-taos
O 'sé bhíos bríoghmhar sáitheach.


L. 59


Bíodh agatsa 'na gcoinne, a Una,
Stánadh an chlúdaigh is an tubán
Le meanmna mhór fan gcúis seon
Lán do chnuasach is do bhrachán.




A h-aithle na laoidh sin téid 'na luighe dhá leabaidh agus
thuit a dtromshuan agus a samhán tar éis a bhfuair sé de
sgannradh agus d'uathbhás ar thullaigh an chomhraic roimhe
sin, agus fágfaimid mar sin é go dtrásda agus labhrfaimid
seal eile ar Pháidín agus ar theachtaireacht na Chailinge.



Dála Pháidín ar nglacadh leitre na Chailinge dhó do
ghluais roimhe mar luas eilite nó fearbóige nó go ráinig
go teach Bhriain, a bhráthair, agus ba shona, séanamhail an
t-am a n-a ndeachaidh ann chun an comhraic do chur ar aghaidh,
óir is í an oidhche sin do bhí féasda na feillearta a dtigh
Bhriain agus do bhádar ochtar <mar a h-ainmnightear san
bhfoghmar iad .i. cheithre iomaire buana> a bhfochair Bhriain
an oidhche sin, do bhí ag cur finit agus fíorchionn re na
bhfoghmhar an lá san, mar atá agus mar a bhí Aindrias na
h-airce, Beirnárd na pluice, Cathal na ceirte, Donnchadh
na dailce, Eamonn na h-ola, Fearghail na feille, Giolla-
Domhnaigh na brille, agus Hannruigh na h-uidhe, agus ró-
fháiltigh gach aon díobh go h-allta ollghothach roimh Páidín,
agus cheil Páidín go críonna, coimheadach cúis na círéibe
go h-aimsir altuighthe, óir ba eolghach iona mbéasa é agus
níor shultmhar ná soilbhir an sliocht san nó go mba sáitheach
siablíonta <?> iad. Agus an tan do chaitheadar a leor-
dhóthain de chinéal gach cnaparsnach ba dhual cleachtach dhóibh,
d'innis Páidín go tásgach, millteach dhóibh an tár agus an
tarcuisne thug Séamus Mac Geannain air féin agus ar a
shinnsearaibh agus fós mar do rinne coinne an chomhraic
leis féin agus le Brian agus mar a bhí an Chlárach uaidh féin
a n-árach an chomhraic do fhreastal "agus do chruthughadh
mo sgéil," ar Páidín, "seo leitir ó Shéamus cúghatsa."
"Ní maith an léightheóir mise," arsa Brian, "agus is
binne liom breasaireacht do bhéil féin, a bhráthair Páidín,
ag innseacht éifeachta na h-iomarbhaidhe, ná lúbaireacht
litreacha ar bith. Gidheadh, mionnuighim fam briathar go
bhfreagróchad an comhrac san a naghaidh Shéamuis na sean-
cheirte óir is cuimhin liom go ndeárna sé claon-tseanchus
agus ceannmhúchadh ar chuid dom mhuintir mar chuaidh leis
go nuige seo. Acht is cóir Labhrás an leabhráin do bhí naoi
mbliadhna 'na chléireach uisge, agus dar ndóigh liteardha


L. 60


thrid sin, do thabhairt go ró-mhoch ar maidin chugam go léighidh
an leitir seo, agus go gcuiridh freagra uaimse uirthe,
agus glacfadsa mar chongnamh uait an deifir sin a
dhéanamh." Do mhol cuid de'n chuideachtain an t-aitheasg
san Bhriain agus bhí cuid eile ar cneadadh agus ar cnaidh-
bhéil fó n-a chlos.
Acht cheana do chaitheadar an oidhce 'na trí treana, mar
bhí - trian le caint agus le collóid agus le cómhluadh an
chomhraic, trian eile le slugadh agus le fíor-ithe agus an
treas trian le srannfartaigh agus le suanfartaigh go dtí
moch na maidne agus mór-shoillse lae ar na bhárach, agus
ní baileach a d'eirig an lá féin nuair a bheannuigh Labhrás
an leabhráin go liosda, lábánta ar úrlár an lóisdín sin,
óir níor leig eagla a gheill do chailleamhaint do Pháidín aon
támh do codladh go dtug leis é. An tan do chuala an chuid-
eachta chlaon-bhriathrach sin ceileabhar an chléirigh sin d'á
gclainn mhaicne féin d'eirigheadar as a leapacha lán
t-suana gan claonadh gan coisreagadh mar ba dhual cleachtadh
dhóibh, agus do ghabhadar ag lútáil agus ag lumparnaigh roimh
Labhrás agus thugadar leitir na Chaillinge dho agus do léigh
í go liosda, lábánta le congnamh Pháidín féin, óir bhí sruth-
mheabhair ag Páidín ar fhoirm an pháipéir mar cuala sé í 'dhá
deachtughadh os árd a measg na meithle an lá roimhe sin.



An uair do chuala Brian na briathra bagarthacha san
an pháipéir, do ghlac droch-mhisneach agus marbhántacht
chuige, óir shíl go cinnte gur chóir gach ní dá raibh innte
a bheith fírinneach mar a shílid clann mhaicne na n-ainbh-
fiosán gur Sgriptúir gach sgríbhinn ionus go ndubhairt
"A cháirde," ar sé, "cia táimse círéabach, collóideach,
coingliceach a dtaibhearnachaibh cómh-óil ní bhfuil cleachtadh
ar Chaillinge agam go fóil, agus is maith liom comhairle
gach neach dhíbhse do bheith agam fá'n gcúis sin, conus a
rachfas mé chum an chomhraic nó fanfas mé as," ionus gur
nocht a mheathtacht a ndiaigh a mhór-mhionn an oidhce roimis
sin. An tan san do thionsgain siad san ar labhairt uile
gan uain agallmha ná lán-chainnte do bheith ag an sinnsear
ar an sóisear dhíobhtha an uair nach mbeith fear a smach-
tuighthe a láthair; nó gur labhair Labhrás an leabhráin mar
ughdar eolach Laidne agus go ndubhairt leo go spreagamhail
leigint d'á gcaidéis agus scur d'á lumparnaigh agus
fuireach go fosach fuisdeanach le gach cúpla ag cómh-
fhreagradh a chéile agus "taisbeanadh gach neach agaibh a


L. 61


résún féin fó an comhrac do chur ar aghaidh," ar sé, "agus
leanadh an claisidhe an dromaidhe sa dlighe sin."



An uair do fuair Aindrias na h-airce éisteacht ar
éigin, ar impidhe an chléirigh, óir ba h-é ba dhromaidhe tosaigh
an lá san, do noct a aingidheacht agus a dhibhfeirg agus a
ioldásacht do chum an chomhraic do chur ar aghaidh agus
dubhairt an laoidh ann:




"Molaim féin freagair an comhlann
.....
Leanaimid gnás na n-uasal.
Ó thárla an uair seo linne.
Ó sé is bun do'n díomus
Beatha líonmhar agus sóchus
Ní sgurtha dhúinn ó'n uabhar
Ó tig ár gcruacha móra.
d'eagla toibhéime ár sleachta
Do bhí meathta go drásda
Cuirimís ár gcródhacht le tuisgint
Ar mhac Geannain go rábach.
Ná fágmaoid urrad Chaillinge
Do shóirt faision Banba
Nach mbeidh againn a néifeacht
Go dtigidh teirce an arbha."




Níor leig Bernárd na pluice d'Aindreas na h-airce
níos mó dh'á opinion do chraobhsgaoileadh óir do thuig as
a ndubhairt méid a dhíomuis, antan a dubhairt an laoidh
ann dhá fhreagra:




"Maolaidh do bhriathra, a Aindriais,
Tuig gur leanbhas go drásda
Dul ar amharc na n-uasal,
Acht a bheith ag gluasacht mharla.
Anois nár leór mar mhórdháil
A bheith 'na gcómhradh 'sna gcaidreamh
'Sgan dream dhúinn go dalba
Le cruas calmachta agus gaisce.
Faison a n-each 's a ndiallaid
Faison a srian 's a hata
Ba leór dhúinn ó'n mórfhuil
'Sgan bain fá nósaibh Chaillinge.
Bidh sinne uile dána
Go dul do láthair troda


L. 62


Acht an uair a thagas an doghrainn
Ní fear comhlainn an bodach.
Ba dhéanta dhúinne aithris
Ar fhaision sámh gach sóchuis,
Acht leigimís dona h-uaislibh
Dul a gcruas gníomh comhraic.
Ag sin agaibh mo rúnsa
A chlann bhruachtach mo cháirde
Is má théid sibh chun an chomhlainn
Biodh mo mhórbhruim ar bhúr ndáilse.




Do b'fhada le Cathal na ceirte bhí Bernárd na pluice
ag múchadh a mheanman agus a mhóraigne fán gcoisde sin,
agus go bhfacthas dó aigne éagsamhail eile, dar leis féin,
do bheith leisgeamhail fá an gcomhrac do chur ar aghaidh go
ndubhairt nach raibh an Chaillinge a bhfoirm dlighe," ar an
adhbhar, ar sé, go bhfuil dá phonc neamh-órduighthe ann .i.
comhlann neamh-chinnte agus an modh ar a ndéanfar é gan
ainmniughadh, óir cluinim go bhfuil dhá am sa ló dá
ngoirtear a h-ocht don chlog .i. roimh meadhon lae agus
am eile 'na dhiaidh agus ní nochtann an páipéar cia acu
sin am cinnte an chomhraic, agus ní nochtann fós an dá
gcois nó ar marcuigheacht freagróchaid a chéile. Uime sin,
'sé mheasaimse nach tarcuisne ar mo bhráthair Brian obadh
do thabhairt agus dubhairt an laoidh ann: -

"Tá tuisle ins an bpáipéar
Nach gnáth-bhéas i chaillinge
Ní bhfuil an t-am cinnte
Tá millteach le samhailt.
Ag a h-ocht do'n chlog amáireach
Deir an crágach 'na leitir
Agus fa dhó sa ló
Bí an tráth sin go minic.
Troid coise nó marcshluagh
Cibé acu a mhiansan
Níor scríobhadh fós san bpáipéar,
Ní nár ghnáthbhéas d'ár bhfiannaibh.




Do thuig Donnchadh na dailce do bhí dísgir, droch
chomhairleach ann féin go raibh fonn suain agus sádhaile
ar Chathal an lá san mar gach lá saoire eile, agus nách raibh
dúil aige a dhul d'fhéachaint an chomhraic tar éis ar tugadh
do thoibhéim ar dheachtugadh an pháipéir, agus níor leig sin
do a chruaidh-sheachrán do labhairt ní ba mhó, agus dubhairt
an laoidh ann: -


L. 63



"Coisg do chamchiall, a Chathail,
Do ghní toirmeasg ar chathaibh aonfhir,
Dá mbeith dearmad a chaillinge
Is é an t-aigne is éifeacht.
Ná bac am na h-uaire,
'Sná déansa buaidhreadh do loiceadh,
Is fada ó bhaisd ár sinnsear
Trátha cinnte san obair.
Am maistre agus eadarshuth
Agus am gadaracha an phráca,
Am na mbó do theacht chun baile,
Roinn th' aicme ar na tráthaibh.
Maistre na maidne an h-ocht so
Ná bí le do chlogaibh ceólach
Ní dual duitse, a mhic Áine,
Bheith leis an áireamh eolach.
An ponc eile a luadhais
'S gurab sinne an marcshluagh díomsach
Nach leamh éinní d'ár gcleachtaibh
Gan a bheith ar eachaibh líomhtha
Rachfaidh muid indiu ag trúipéireacht
d'fhéachaint cruaidh-bhéim an chosgair
Is biodh a rogha acu tar éis stúidéir
Comhrach trúipéir nó troitheach."




Níor bhinn le h-Éamonn na h-ola méid an aontughadh
thug Donnchadh na dailce ar an gcomhrac a chur ar aghaidh, de
bhrígh gur coirthigheadh agus gur cruaidheadh go minic roimhe
sin é le cainnteacha círéibe agus clampair agus ní neamh-
fhonn bruighne ná basdal ná buan-aimhréidhtighe bhí air, óir
is iad ba ghnáth-bhéas bunaidh dhó acht eagla costuis do
chailleadh le cáineacha cléirigh agus dlighe, fá é bheith 'na
chomhairleach agus 'na chongnamh fá'n gcomhrac do chur ar
aghaidh; ionus go ndubhairt de bhriathraibh dorcha dorúnta,
nár mholta do Bhrian a shéan agus a shaidhbhreas do chur i
gcontabhairt comhraic ar bith, agus dubhairt




"Ní cóir do lucht saidhbhris
Baint faoi aincis, má's féidir,
Dar liom is do lucht do-luime
Is dual an comhrac aonfhir.
Atá dhá urchóid baolach
San gcomhrac aonfhir d'imirt,
Easgaine bhuan an Phápa
Agus treus cásmhar an dlighe.


L. 64


Sílim go mbfheárr do thoice
Gan a bheith loitte ná cántach,
Ná bain fó ní nar dhualgas
Gidh mór uabhar mo bhráthar.
Do mholfuinn choidhche ár gcumas
Do nós gach sloinneadh is uaisle
Mar mbeith eagla ár ngeall do chailleadh
Le h-iomad meanga buaidheartha.
Sé suim fós ár spéise
A bhfeirg cléireach an Phápa
Nach déanfaid dúinn ar nósaibh
Pósadh nó baiste gárlaigh.




Ro-labhair Fearghail na feille re Éamonn na h-ola agus dubhairt gur
chinnte, cruaidh-sanntach, docht an cheist cána ná cánachas ná costus
cléireach ná príomh-easgaine an Phápa do chuimhneamh nó do chur i gceill
do'n chuideachtain sin, "agus a fhios agat féin gur náimhde bunaidh d'á
gcáirdibh nó d'á sinnsear rómpa an chliar sin, agus lucht stiúruighthe gach
dlighe, ar an adhbhar," ar sé, "nach leigid dúinn ár miana ná ár mí-ghrása
dúthcais do thathuighe gan bacadh, gan buan toirmeasg do chur orainn, agus
ní tréigthe . dhuinn anois a n-am ár sóchais na trí gnáis a chleachtamar
ariamh.d á n-aimhdheoin, mar atá buadh bruighne, bréaga, agus bleaspeime."
agus ar n-a rádh san dó, do croith. a cheann, a cúm, a cholg-fhéasóg agus a
chros-fhiacla amhail mar bheith an comhrac do láthair aige, agus dubhairt:
-

"Is anbhfann h-aigne, a Éamuinn,
A mhic bhéal-chroim mo bhráthar.
'S gan spéis ag sliocht Thomáis
A reacht ná a ro-ghnás Phápa.
Atáid easgainte ó dhúthchas,
Ní ghlacaid múineadh crábhach,
An Pápa ortha ná bagair,
Aicme do mhallaigh Pádruig.
Do chuaidh a gcoirthe a gcainsior (?)
Le gach aimsir d'á dtáinig.
Fuireach fó smacht an chléirigh
'Tuige nach féidir dáibhsion.
Nadúir neamhcóir na gcoinsías
Aicme na mór-mhias d'argain
Ní bheidh go bruinne an bhrátha
Acu acht béasa dalbha.
Buadh bruighne agus bréaga,


L. 65


Buadh séanta gach ádhbhair,
Buadh miothapaidh agus liosdacht
Do'n t-sliocht ghiobach so thug Pádruig.
Buadh callóide ag Aifreann,
Buadh tafainn ar chóisir,
Buadh mío-rúin d.á gcáirdibh
Thug san do chlanna Lóbuis.
Buadh doichill agus dranntáin,
Buadh cannráin gan tábhacht,
Buadh an-toile ar aonach,
Thug an naomh san d'ár máithribh.
Anois ní cóir a sheachnadh
Buadha ár sleachta coirbthe,
Ná cuimhnigh banga Pápa
d'aicme gan ghrása foirbhthe.
Eagla an dlighe tuaithe
Cas is cruaidhe linne,
Gidheadh do dhúthchas clampair
Ná tréigse ar annsacht ciste.
Mar sin, a Éamoinn na h-ola,
A fhir a loicfeas ár ndúthchas,
Má dhiultair comhrac Shéamuis
Ní cóir géilleadh d'á ndúbhrais.
'S ní fhuighinnse aon neach feasda
Ag déanamh meathtacht fá'n gcúisso
Nach ndéanfainn féin misneach
Ó is mé is treise dúthchas."




Níor leig eagla nó fásgadh féasóige Fhearghaile do'n chúpla eile de'n
choisde sin aon fhocal do labhairt nó do rádh a n-aghaidh comhraic do
chomóradh. Gidheadh níor bh'féidir leo gan a gcumas do chur a gcéill le
craobhsgaoileadh éigin críonnachta do chur ar a mbráthair Brian, le
h-ucht an chomhlainn, óir do thuig siad go raghadh sé chun an troda ar
chomhairle Fhearghail agus na coda eile de'n choisde sin, . ionus go
ndubhairt Giolla Domhnaigh na brille: -



"Aontuighim go toilteach an comhrac do fhreastal agus do fhreagra, agus
de bhrigh gurab nós gnáthach dona h-uaisle le h-ucht catha gábhaigh nó
comhlann a dtiomna báis do dhéanamh, agus, ós ag comóradh le n-a mbéasa do
trialladh agus do tionnscnadh an troid seo, ná fágadh mo bhráthair Brian
anurdáil sin d'á mbéasaibh gan comhlíonadh ria ndul san éigin bhaolach san
agus adubhairt an laoidh ann: -


L. 66



"Ó 'sé is nós dona h-uaislibh
le h-ucht guasachta agus gábhaidh
A dtiomna báis do dhéanamh
lean d'á mbéasa, a bhráthair.
Ná bíodh le rádh libhse,
A Bhriain is clisde crágadh,
Go bhfágfá roinn ded' saidhbhreas
Ar iocht ainbhfios do mhnása.
Téid na mná san ath-aois
Cia tá 'na sean-mhnaoi ghránda
Cá bhfios nach bpósfadh críonn-fhear
Do bheith ag dith-mheas do ghárlaigh.
Gidh doirbh banga an Phápa,
Má's fíor ráidhthe an bhíodáin,
Beidh an chliar ribh sásta
Acu má fhágair liagáid."




Ó nach bhfuair Hannriogh na h-uidhe ó n-a intleacht aon chumaoin eile
do chur ar an gcomhairle chogaidh sin, ar a shon san do bhí sé cahach ó
nádúr chun toibhéime do thabhairt ar aighneas an Ghiolla Domhnaigh, mar is
gnáth-bhéas d'á n-aicme gan dís díob do theacht le céile a
gcómh-ráidhtibh ar bith, acht ag ithiomradh ar na h-uaislibh agus ar na
h-uird Eaglaise, go ndubhairt an laoidh ann: -




"Éist, éist, a Ghiolla Domhnaigh,
Níor chleachtais comhrac iomdha,
Do rinnis fá bhás mo bhráthar
Le do thrácht ar thiomna.
Ní thiucfaidh bás dá ghoire
Do shaoghal cloinne Lóbuis.
Ní gnáth eagla an éaga
Ar chualacht shéanmhar shóchuis.
Go dtí an ghorta thuaithe
Ní gnáthach smuaineamh éaga
A gcroidhthibh cloinne Tomáis,
Acu ná ro-chás an aenfhear.
An tan do thig teirce an arbha
Agus ár mór ar eallach
Admhuighim gurab í an fhial-fhuil
Do bheir d'ár n-iarsma beatha.
Gidheadh, anois a n-am ár ndíomuis,
'Sár mbeatha biadhmhar iomdha
Dar liom is tosach éaga
Baint fá bhéasa tiomna.


L. 67


Ionann tiomna agus bronnadh
Gach cuid ronna de'n chnuasach,
Gidheadh ní dual an fhéile
San t-sliocht mhéalach crúbach."




Ó do chuala Brian brostughadh agus ugadh a bhráithre agus é féin
díomsach, dío-choiscighthe do chum gach círéibe, do mhéaduigh a bhasdal agus
a mhóraidheacht chun an chomh-raic do chur ar aghaidh, agus do chuir d'
fhiachaibh ar Labhrás an leabhráin go luath aibéil freagra do scríobhadh ar
an Chaillinge, agus do rinne Brian féin a deachtughadh agus do tugadh do
Pháidín í, agus dubhairt Brian leis a bhreith go briosg go Séamus, "agus
rachad féin gan mhoill go h-áit an chatha agus an chomhlainn agus tuig, a
Pháidín," ar sé, "go bhfuil uair chinnte an chomhlainn do láthair againn óir
cluinim cogadail an luin, agus ní dhéanfadsa de mhoill acht mo thiomna do
chríochnughadh agus triallfad iar sin go Lisín Uí Dhunacháin agus brostuigh-
se Briollán na Briollóige go pras chugam ann nó go ndíolfadsa m' fhíoc agus
m' fhearg agus mo dhibhfeirg air. Iar sin triallann Páidín go prab leis an
aitheasg san Bhriain agus freagra na Chaillinge leis, agus do thionsgain
Brian a thiomna do dhéanamh go ndubhairt: -
Tiomna Bhriain chorpreamhair 'nár ndiaidh. "Creideadh gach neach
dhá léighfidh, dhá n-éistfidh nó dhá bhfeicfidh gurab é seo tiomna éaga
Bhriain chéadfach Chairn-cheiti:




Mar táim ag dul a ndoraing
Le h-uct comhlainn mhic Geannain
Do réir cuimhne agus céille
Táim da déanamh gan seachrán.
Bheirim m' anam do'n tseanóir
Bhios le teann ghlór dh'á chumhdach,
Agus creidim tar éis m'éaga
Dhósan go ndéanfad dúthracht.
Mo chorpán san gcarn aoilidh
Cuireadh mo chaoimhtheach d'aontoisg
Nó go ndiolaidh lucht na sluasad
An bás do fuair ar Shéamus.
Fágaim láir na leise
Má marbhthar mise a n-éinfheacht
Ag Aine mo chéile cumainn
An chiardhubh choisfhionn agus céarsach.


L. 68


Tiomnaim dom' mhac saoghlach
Mo chliabhán aoiligh agus sluasad
Corrán gort-ghlanta an fhoghmhair
Mar aon agus laidhe chruachach.
Fágaim mo mheanadh téide
Agus mo mheanadh ghéir-ghoib na bpreabán
Ag mo mhac beag is óige
Mar roinn sóisir d'ár mbeatha.
Le m'inghin an mhias bhearnach
An mheadar chearnach san losad.
Mo ladar agus mo liacha
Tiomnaim dom' chliamhain molta.
Fágaim fós mo thuairgín
Mo dhá bhuailtín mhine bláthmhar
Agus púicín beag an t-salainn
le m'anam ag na bráithribh.
Mo bháiréad huda seasgar
Agus mo bháiréad leapa-chluasach
Do bheirim iad don tsagart
Do chionn saltairt ar m'uachtar."




Ar gcríochnughadh an tiomna san do ghabh an láir leisíneach chuige agus
mar nach raibh muinighin aige as a mhaolmhása marcuidheacht dialluide do
dhéanam a gcru-adhóig chatha nó cruaidhchomhlann, do chuir ughaim athardha
uirthe, mar a bhí adhastar athgharbh, ollghadarach agus srathar dhaingean,
dhoimhin, dhruim-leathan dá ngoireann an cuilí-neach "pack-saddle" agus
cár-torcuill taoscach, tol-gánach, agus ro-ghabh a chulaith throda agus
teagmhála uime, mar a bhí cáithteach chomhdhlúth úr-chnáibe chruaidh-
dhaingean i gceangal truisghir timcheall a chrónchuirp agus í go h-uile
teanntuighthe, tréincheangailte le córda cruaidh-righin cnáibe, do choiméad
a chrónchuirp agus a croiceann chnapuigh ar sháthadh agus taobhtolgánaibh,
agus do chuir mór-bháiréad mothlach, maol-bheannach fá n-a cheann agus fá n-
a chluasa agus fá n-a chorr-mhuinéal toirteamhail, tréan-daingean, coirt-
bhuidhe, agus ciséan treathan mar chlogad cosanta cumhdaigh ar uachtar an
ollbháiréid sin do chumhdach a cinn ar chneadhaibh agus ar chruaidh-bhuillí.
Ro-ghabh fós arm atargha fair .i. laidhe líomhtha, lán-ghéar ar a thaobh
clí agus colltar colgcham céachta ar a thaobh deas. Ro-ghabh iar sin dhá
dhaigéar dhuthcais a dhaoraicme mar atá sibhdille seasgtha seandarach, agus
buailtín balcmhar,


L. 69


bárr ghéar, borb-cuilinn, fá chúm agus fá chiumhais na cáith-tighe
roimhráidhte ba chorp-lúithreach dho le h-aghaidh daorlot agus dún-mharbhtha
do dhéanamh a gcumhgach agus a gcorp-chneasmhaol, agus ro-ghabh fá dheóidh
dá chleith phrioca, phriomh-láidir mar dhá chraoisigh chrannreamhair chatha
a n-a dhá cráig choirtbhuidhe chlaimhingneacha, agus súisde sleamhan righin,
colgchnapánach droighin go gáibhtheach ar a ghuailinn le h-aghaidh slaod-
bhuailte, agus téid fá'n inneall agus fá'n ordughadh sin na charbad, eadhon,
cárturcaill, agus ro-ghluais roimhe go tarpach, taosgach, tréanuaibhreach go
ráinig leath-imeall Lisín Uí Dhunacháin , áit chinnte an chatha agus an
chomhlainn, agus an chomhairle choisteamhail sin 'na chuideachtain go
cáinteach, collóideach. Agus mar nach bhfuair a chéile comh-raic ann, ná
Páidín do chuaidh 'dá mbrostughadh le freagra na Chaillinge, agus fós gur
thuig sé féin agus cách eile dh'á chomhairle nach dtáinig uair chinnte an
chomhlainn, do thúir-ling ar thulaigh an chomhraic agus do mhionnuigh go
mór-ghothach nach bhfágfadh an t-ionad san go tráthnóna go mbeireadh
Séamus air, agus go mbaineadh fuil, fulracht agus fíor-shalchar as, agus
go bhfaigheadh a bhráthair Páidín geall an chomhraic; agus fágfaimid
ag comhall an mhionna san é agus labharfaimid seal eile ar Shéamus agus
ar Pháidín do chuaidh leis an bhfreagra cuige.



Is cuimhin leat, a léightheóir, mar d'fhágamar Séamus ar a leabaidh
codalta tar éis a bhfuair sé de ró agus d 'anró tar éis fillte ó áit an
chomhraic dó, agus a chur a gcéill d'á mhnaoi agus d'á bhainchéile an geall
agus a clú do bhreith dhó, agus mar a bhí a dhinnéar 'dhá ollmhughadh dho,
agus d'á cháirde, agus a chómhbhráithre ag triall agus ag teacht ar cuaird
chuige an lá sin d'fhágháil fios críche an chomhlainn. Acht is amhlaidh do
bhí sé 'na chodladh go samh-suantach, srannfartach tar éis a bhfuair sé de
sgannradh agus d'uathbhás a moch-eirghe na maidne roimhe sin, gur dhúisigh
cainnt agus callóid a cháirde, a cómbhráithre agus a cháirdeasaí Chriost a
n-am a dhinnéir do bheith ollmhuighthe é, agus ba h-é sin tuairim ar uair an
chluig roimh Pháidín do theacht ris an bhfreagra chuige. Eirgheas as
a leabaidh go lúthmhar, luthgháireach agus ro-fháiltigh go frithir fíor-aibéil
fris na fearaibh sin. Agus ba h-iad san an aicme fíor-ghranda, fíor-ghruama
tháinic d'á thigh an tan sin d'fhios críche na Chaillinge: -
Tháinig ann Diarmuid dranntach, Murchadh manntach; Niall na Niallacha,
Maghnus mealltach, Eoghan na n-órlach


L. 70


agus mórán eile ba dhíomhaoin le n-a n-áireamh annso. Tháinic ann fós
Cuathalán Ceann-mhór Ó Céirín .i. an cléireach do sgríobh an Chaillinge agus
de bhrígh go raibh Séamus lán d'íota agus d'ocras do suidheadh búird agus
bínnsí go prab dóibh, agus do caith sé féin agus a chomhluadar a leór-.
dhóthain de chinéal gach cnaparsnach do ba shíorghnás dóibh; agus do ba
fadálach tuirseach do'n léightheóir dá gcuirinn síos annso gach bragaireacht
gach bagar agus gach basdal dár h-ionráidheadh le Séamus agus le n-a
cháirdibh a n-aghaidh Chlainne Conríogh agus dubhradar uilig d'aon bhéal iar
sin go mba chóir do Shéamus dul a seilbh na Cláruidhe .i. bó Pháidín.
Iar mbeith ar an gcómhrádh san dóibh, a lár a súbhachais agus a sóláis is
ann do tháinic Páidín san doras isteach, agus ro-fhiafhraigh go gáibhtheach,
ollghothach an raibh Séamus na seana-cheirte istigh. Do b-innsigheadh do go
raibh.



" A chríon-cheannaigh, corrbhéalaigh na leitean lobhtha," ar Páidín, "
créad nach ag cosnamh do gheill atá tú anois ag áit an chomhraic agus go
bhfuil mo bhráthair Brian ann 'do choinne, agus uair chinnte an chomhraic do
láthair."



"A bhasdaláin bhaoith, bhréin, bhonránaigh na bputátaí fatfhuara," ar
Séamus, "is moch ar maidin do bhí mé san ionad sin, agus níor leig an eagla
do Bhrian bhruimneach na bun-fhéasóige bearrtha ná dhuitse, a Pháidín
phusaich phislinigh an phota bheathlaidh, oiread agus freagra amháin do
chur chugam agus dá dhearbhughadh san tá compás na h-uaighe iona gcuirfead
bhúr gcrónchuirp ar na thocailt liom ann."



"Creidim, a chealgaire chrithmheanmnaigh," ar Páidín, "gurab é an tan do
bhí an t-ionad san folamh gan fear do smachtuighthe do rachfá ann.
Gidheadh anois ó thárla an uair chinnte ann .i. a h-ocht do'n chlog mar do
thoghais féin agus a dheachtuighis agus atá scríobhtha faoi do láimh san
Chaillinge agus mara bhfreagróchaidh tú Brian gan mhoill atá ollmhuighthe
anois gan amhras ag Lisín Uí Dhunacháin id' choinne, ba liomsa Cubín go
bráth do réir ár gconnartha san meithil indé. Agus ar eagla go n-abróchá
arís mar a dubhrais ó chiana nach bhfuair tú fiú na freagra, ag sin litir ó
Bhrian chugatsa."



Teilgeas Páidín an leitir thar dhoras isteach go Séamus agus imthigheas
féin go troidh-éasgaidh tapaidh a ndáil Bhriain iar sin, óir níor leig an
eagla dho dhul thar dhoras isteach ná fuireach 'na n-aice ní ba shia.
'S annsin d'fhoscail Cuathalán Ceann-mhór, eadhon, cléireach na h-aicme
sin, paicéad Bhriain ar úrlár Shéamuis


L. 71


agus léigh os árd go coitcheann é agus do b' é so an
fhuirm an a raibh an omarbháidh a riocht dána: -




"A Shéamuis . . . iasachta
"Atá a mbliadhna ag iarraidh troda
Ionnsaigh cugham ansan láthair,
Id' choinne táimse gan locadh.
Fág beannacht ag do cháirde
Agus fós ag máthair do chloinne,
filleadh airís 'na gcomhdháil
Is é dubhshlán do chinidh.
Chuiris chugam Chaillinge
Mar chéile samhail damhsa,
'Snár bheag liomsa mo mhéirín
Dod' chur d'aontaobh gan armaibh.
Gluais chugam go tapaidh,
A críonfhir craptha thútaigh,
'Sní fhágfad mír ded' chnámha
Gan cur a mála-bhrúidhte.
Do b'fhearr liomsa go mbéarfuinn
Ar leith-ghreim do bhárr do thiaraigh,
Go ndéanfuinn díotsa greama
Agus beatha do na fiachaibh.
Iocfair, a mhic Uí Gheannain,
A neart seangáin gan tábhacht,
An masla mór mar ghláimhín
Do thugais do Pháidín mo bhráthair.
Ní áirmhim fós mo chinéal
Treibh na mbioradh mbláthmhar,
A gcáineadh dhuit mar do rinnis
Is é do loitfeas do mhása.
Ná lámhaidh a theacht dom' ghoire
A gceann th' í.oe agus th' éaga.
Ag sin duit mo fhreagra
Agus mé gan eagla, a Shéamuis".




Ar léigheamh na freagra san do mholadar cách go coitcheann do Séamus an
comhrach do fhreagra gan mhoill, nó go mbeith gan chlú, agus fós gan Cubín,
d'aimhdheoin a mhoc-eirghe agus a mhór-bhragaracht as turas na maidne, ar an
adhbhar gur bhfeasach é féin gurab ar a h-ocht do'n chlog an lá san do bhí
d'fhiachaibh an comhlann do fhreagra gan mhoill do réir a gconnartha indé
san meithil agus dubhradar cách gurabh é an t-am céadna do bhí do láthair
acu.


L. 72


Do thug Séamus suadhadh agus sumbhogadh sínte air féin leis sin agus
dubhairt go dorrdha táimhleisg nach ceachtar díobhsan do mhothuigh an cás
ná an chruadhóg a n-a raibh sé féin fó shaltairt ar thulaigh an chomhraic
agus go mb'fhearr leis féin dhá bha do shaothrughadh ar a pháidhe oibre
athardha ná dhul san ionad céadna arís ar son aon bhó san domhan; agus a
gcúis athnáire sin fá fhuireach as, nach raibh spéis aige féin ann ar aon
mhodh. Iar na chlos san d'á mhnaoi bhí barramhlach, barrsgéalach innte
féin, óir. deirtear go raibh báidh ag a bunadhas re saoithibh ealadhna gé do
cheangal sí í féin le cinéal ceannchrom, codromunta, soin, acht cheana do
labhair sí go luath, lán-fheargach ris agus dubhairt: "A mheathánaigh
maolchúisigh," ar sí, "cionn nach gcualais gurab ar son aontairbh a d'
eirigh mór-chogadh Tána Bó Cuailgne an ar thuit urmhór fearaibh
Éireann,
agus gurab ar son aon bhó, eadhon, an Mhaol-fliodhas, tháinic cogadh
Tána Bó Flidhis agus ní raibh san nGlais-ghaibhnionn acht aon bhó
amháin as a dtáinig iomad uilc agus urchóide idir fhearaibh Bolg go h-uile:
agus mar sin, a choileánaigh mheirt-nigh, créad fá leigfása th'aon bhó
uait do leisge cathughadh ar a son agus tú dána, daoineach, dlúthaicmeach,
agus má leigir mionnuighimse de mionnaibh mór-mhiorbhuileach marbhtha an
domhain nach sínfead leithead leithphingine dem' chroiceann go bráth leat."
'S annsin do labhair Eoghan na n-órlach agus is é ro-rádhaigh: "Ná
bíodh meathtacht ná marbhántacht ort, a bhráthair," ar sé, "óir rachaimid
ne id' chuideachtain agus id' ghoire go h-ionad an comhraic agus de bhrígh
go bhfuil cuid cumaoine agamsa ar do chéile comhraic tré ar phronnas dom'
órluidhe aonaigh air caithfidh sé cuid dem' chomhairle a dhéanamh. Agus
déanfad mar a gcéadna anacal agus eadrann duitse ó arm-ghonadh ar bith do
bhain riot. Agus beir féin na h-airm is treise agus is eolaighe ar a
bhfuilir leat," ar Eoghan, "agus caithfidh sinne an comhrac do chothughadh
le n-a samhail so do stuaim ar son go dtugais a rogha féin airm dósan san
Challinge."



Ba lúsrach luthgháireach Séamus fá gheallamhna coghanta agus eadranna
Eoghain go ndubhairt: "Rachadsa ar ionchaibh do chaomhnasa agus ar do
chomairce, a chataigh agus a chom-pánaigh, do chum an chomhraic, agus," ar
sé, "ós iad arm is eolaighe ar a bhfuilimse abaigh .i. súisde agus corrán-
buana agus corrán gort-ghlanta béarfad liom iad, agus


L. 73


dá gcuirfeása d'fhiachaibh ar Bhrian bhródhach an bhréan bhrocháin mo
chorrán gort-ghlanta guib-ghéir do leigean fá n-a cluais chlí gan cothughadh
troda liom dá thaobh, is deimhin go ndéanfuinn meathánach leath-chluasach
dhe go deireadh an domhain, nó dá dtugthá air le críonacht agus
cluanaidheacht a chrág choirtbhuidhe do chur gan chuimhne gan mhothughadh
dho féin a lúib mo cham-chorráin bhuana, do dhéanfainn gan amhras
meathlámhach maol-mhéarach go deo dhá éis é; agus 'na dhéigh sin dob'
fhuiriste dhuit mise d'eadrann agus do cheannsughadh ó slaod-bhualadh súisde
uaidh sin amach."



Thug Eoghan na n-órlach gach uile gheallamhaint do agus gach uile
mhisneach dár bh'fhéidir le bréagaire ar an mbith do thabhairt uaidh d'fhonn
é tharraing chun troda agus Chaillinge. Is annsin do ghabh Séamus a
chulaith catha agus comhlainn uime mar bhí croiceann cruaidh-stópaidhe
capaill cuairsge fá n-a chrónchorp agus ceann cumhdach dluth-thirim,
cruaidh-fhearcadthaigh leath-leasuighthe do croiceann sean-chránach mar
cinnbheirt nó clogad um a cheann agus garbh-ghad do ghéag ghlas darach ag
ceangal agus ag cómhdlúthughadh an chroicinn sin fá n-a bhréan-cholainn,
agus ro-chuir súisde seargtha cuilinn agus corrán colg-ghéar fá n-a chruaidh
chrios ar a thaobh deas agus corrán gort-ghlanta goib-ghéir ar a ghuailinn
go gáibhtheach baoithbheannach agus ro ghluais annsin ans an ughaim
fhathachamhail sin go tapánta, troithmhall chun tulaighe na teagmhála,
agus ro bhádar trí naonmhar d'á aos ionmhuin 'na úrtimcheall dá
bhrostughadh chun an catha .i. naonmhar d'á dheasláimh, naonmhar d'á láimh
chlí agus an treas naonmhar 'na dhiaidh go dlúth, deagh-orduighthe .i.
Eoghan na n-órlach ag cómh-ghuailnidheacht leis agus ag comh-mhaoidheamh a
chaithréime gan choigilt d'eagla athchomhairle do dhéanamh do Shéamus.
Agus ní dheárnadar comhnaidhe go rángadar don taobh eile do Lisín Uí
Dhunacháin tuairim fad deich gcoiscéim ó' n áit a n-a raibh Brian agus a
mhuintir tarraingthe suas a riocht cogaidh go foirmiollach.



"Fuireócadsa agus mo bhráithre annso", ar Séamus, "agus eirgidhse, a
Eoghain, mar a bhfuil Brian bolgmhór agus deintear leat cumann agus
cluanaireacht leis, agus féach an dtiocfaidh chun síothchána liomsa; óir
muna mbeith ceist mo gheill do chailleamhaint ormsa agus eagla oirbhire mo
mhná agus mo mhuintire agus mo mhaicne ní bhfuil fonn comhraic ormsa indiu
mar a bhí indé, agus mar dtigidh chun síothchána liomsa anois tigeadh chun
comhraic súisde óir is ó n-a lotaibh is minicighe do fuaireas leigheas."


L. 74


Téid Eoghan iar sin gus an áit a n-a raibh Brian agus a mhuintir agus
beannuigheas dóibh agus fiafhruigheas, amlaidh agus nach mbeith fios an
iomrasáin aige, de Bhrian créad a thug an chulaith cholgach choimhightheach
san do bheith air, nó créad fá raibh na h-acaraí oibre sin 'na thimcheall
agus an lá 'na shaoire. "Ní gan adhbhar atáid agam," ar sé., óir is
uime thángas agus thugas liom iad annso indiu do ghearradh cnámh agus
croicinn agus do bhain fola, fulrach agus fíor-shalchair as mac Uí
Gheannain .i. Séamus do bhráthair."



"Coisrigh tú féin, a bharamhlaigh bheódha," ar Eoghan, agus, dein
comhartha na croiche céasta a gclár th' aighthe agus th éadain, agos is ró-
chosamhail nách gcríochnóchfar an comhrac crosta so leat."
"Ní dual. dom' chineadh ná dom' chineál géilleadh do choisreacan an
Chaomh-Dhia chomhachtaigh, go speisialta a n-am éigin nó feirge, agus ní mó
ná san déanfadsa é anois," ar Brian. "Maise," ar Eoghan, "táim deimh-
nightheach go bhfuil cuid dc luibh buadhach na mbeannacht agus na
miorbhuille id' bhuxa, .i. tumbaca, agus cuir a bholadh faoi do shróin agus
do bhéarfaidh atharach aigne dhuit, óir is é luibh is fearr brígh agus blas
de luibheanna an domhain é; agus thug Eoghan mórán molta agus árd-theist ar
an tumbaca mar ba mhinic leis, go ndubhairt an laoidh ann mar seo: -




'S mór miorbhuille an tumbaca,
Tosach tacair gacha críonacht,
Luibh do bheannuigh gach cléireach
Agus an t-Athair Séamus Ó Fionnachtaigh.
Do ghnidh síothchántaigh naimhde
Agus eadrainne an chlann so Lóbuis
Is milse 'ná blas na risín
Boladh an t-snaoisín sróine.
Luibh íocshláinte ar chailleachaibh,
Do bheir cabhair dá gcliabhrach,
Do bheir d' á súilibh amharc,
Agus fóireas an galar fiacal.
'S maith san oidhce an píopa
Is ró-mhaith an snaoisín ar maidin
An duilleóg is maith gan amhras
Faoi an gcarbad dá cagaint.3
Is fullán gail an tsúsa
Do lucht múchta agus réama,


L. 75


Is fullán fós gail na maidne
Do lucht saille agus méala.
Is mór an t-adhbhar sgíse
An púdar snaoise san obair.
Mar chaitheann lucht na sumóg
Iomad spúnóg go socair.
Do lucht casachtaigh is slaodáin
Is deagh-ghnás ceart ciallmhar.
Agus bainfidh an snaoisín séideán
.....
Ní sámh fleadh ná féasda
'Sní sámh aon mhaith dár n-onóir
Mara raibh an tombac bríoghmhar
Acu go ríoghdha ro-mhór.




Do h-aithle na laoidh sin do chaitheadar sluaisde sár-mhóra snaoisín go
sanntach séideánach. agus tháinic Brian chun síothcána agus cumaoine le h-
Eoghan, do thaobh síor-mholadh an tombaca ionus gur thuig sé meathtacht agus
meirtnighe Bhriain agus go ndubhairt leis gurab é Séamus do chuir uaidh é ag
iarraidh an comhrac do cathughadh re súistibh amh.áin." Agus biodh a fhios
agat," ar sé, "go ndeárnadh Serjant Major díomsa ar an gcomhlann so indiu
agus go bhfuil d'fhiachaibh ormsa féachaint ar ár n-armaibh agus ar an
gcomhlann do cur a n-órdughadh chóir agus cinéal gach airm do thréigean acht
na h-airm a bhfuil sibh eolach araon ortha .i. Súistí. (" Aontuighimse
sin," ar Brian.) Agus bheirim mar asgalacht mo chuid fé.in den' chomhlann
duit óir gidh gair do ghaol do Shéamus tá mo pháirtse féin go ro-mhór
leat." Iompuighis Eoghan thair ais mar a raibh Séamus. agus ar n-imtheacht
dó, fhéachas Brian go caolradharcach ar Pháidín agus ro-ghair a chongnamh
go direóil crathach'' agus adubhairt Páidín leis dá bhfaigheadh féin dhá bha
nach raghadh niosa giorra dho." "Agus biodh a fhios agat," ar sé, "gurab é
mo chuidse do gach aon spórt .i. cuid na mionmhadra do ní na maistínidhe do
ghréasadh agus do dhúiseacht cun a bheith ag dian-tafann na seana-bhroc.
Agus nach ar ghealluis., a bhráthair Brian an chúis do sheasamh dhamhsa
agus ó do ghealluis is éigin duit a chomhlíonadh, nó biodh a fhios agat agus
a dheimhin go bhfaigheadsa bó ded' bhuaibh féin má 's beo an dlighe, agus
d'fhreagradar a céile san laoidh mar atá ár ndéidh anso: -


L. 76




B.: Feicimid do neart, a Pháidín,
Anois ó táimíd a n-éigin,
d'éis a ndeárnais do bhasdal
Ag tafann catha ar Shéamus.



P.: Nár ghealluis, a Bhriain mheirtnigh,
Do chionn dibhfeirge an chléirigh
Gan mo chongnamhsa d'iarraidh
A gcomhrac gliadh Shéamuis.



B.: Má dubhrais focal díomsach
Le teas gríosachta agus méala
A Pháidín níor chóir ár n-agradh
A n-am eagla ár n-éaga.



P.: Caithfir mo chúis do sheasamh
Do réir geallaimh agus conduir
Nó díol do thabhairt sa gCláraigh
Táimse, a bhráthair, punncach.




A h-aithle na laoidh sin d'ionnsuigheadar an dís dorrdha direóil, disgirt
sin a chéile go ndeachadar fá thuairim fad súisde dar oile agus thógadar
suas a gcoimh-n-éinfheacht nó d'aon bhéim an dá shúisde searg-líomhtha sin go
feargach, géagach, bolgánta, bagrach., agus níor leig an eagla do cheachtar
díobh an fear eile do bhualadh, d'eagla dá mbuailfeadh fear acu an chéad
bhuille 'sgan an fear do bhuailfeadh do mharbhadh go h-iomlán do'n bhuille
sin nach mbeith dóigh anacail nó eadrainn air nó go mbuailfeadh fear an
chomhlainn 'na chloigeann é gan choigilt; ionus go raibh ar an ordughadh
san ar feadh trí h-uaire ris an gclog ar mhodh dá dtigeadh duine ó'n Iniadha
mhór go h-Éirinn ag iarraidh adhbhar focmhaide, funóide nó baoghal spóirte
agus magaidh, is d'fhéachain na díse sin ba thigthe dho, ag féachaint ar a
gcultachaibh airm agus cumhdaighthe .i. ciseán agus croiceann capuill mar
clogad agus mar corplúithreach agus cinnbheirtne ortha, agus ar a gcreasaibh
chruaidh-chnáibe agus garbh-ghadrachaibh ar síneadh suas a súisdí mar
craosach chatha agus gan do spreacadh ná do spiorad i gceachtar díobh an
fear eile do bhualadh d'éis a ndeárnadar do bhragaracht agus do bhuan-tafann
ar a chéile go h-alt na h-uaire sin; agus comhthinól móradhbhal d'á
gcleamhnuighthibh agus d'á gclainn-mhaicne ar gach. taobh dhíobh dhá
bhfeitheamh agus 'dhá bhféachaint agus deirtear go raibh fuaim lámhach agus
boltonus borb-phúdair 'na dtimceall ge be hé. Do bhádar seal fada ar an
órdughadh san acht go dtugaidís srang-fhéachaint thart, d'fhios an


L. 77


raibh gárda nó cosaint ag teacht d'á n-eadrán mar do ghealladar ó chiana
dhóibh.



Ro labhair Séamus óir 'sé ba bhuan-boirbe, do bhrígh nár caith mórán ná
iomarca dighe mar do rinne Brian agus as é ro ráidh, "A mharbháin mheata
mhíothlaochtha1 na muis-fheisóige, créad nach mbuaileann tú do bhuille, a
chaimiráin chiotaigh, chrosfhiaclaigh," ar Séamus.



"Ní dhom is cóir acht dhuitse, óir is tú is sine, a bhasdaláin bhaoith,
bhunránaigh, bhréin, na bputátaidhe fat-fhuara," ar Brian. "Is córa dhuitse
do bhuille do bhualadh ar dtúis óir is tú do thoisigh an t-imreasán ar
dtuis".



"Fágaimse a bhreitheamhnas sin ag Lochlann na linnáin," ar Séamus,
agus ba fáidh faobhrach fíor-eolach an fear sin eadorthasan le fios agus le
fáisdine do dhéanamh, agus dubhairt sé gan amhras go dtiocfadh
traothughadh toice agus conáich do'n chúpla san as a ndíomas tré n-a
dtógbháil chogaidh a n-aimsir shocruigheachta
agus síthe agus páidhe do shaothrughadh go séanmhar, agus
dubhairt an laoidh ann:




"Cogadh Shéamuis Uí Gheannain
Agus briollan Charn-cheite
'Sé deirim gur tuar daibhris
Do lucht saidhbhris agus creidte.
An feadh do leigeadh do'n chúpla
A bheith go súgach socair
Níor bheithte dhóibh le mórdháil
Do dhul ag tógbháil chogaidh.
Ba leór cogadh an Coimhde
Dá n-eisdigh buirbe na bruighne,
'Sgan a bheith anois ag gríosgamh cogaidh
A n-am socruigheachta agus síthe.
Nach cuimhin libh cogadh Chromuil
Do bhain ár lomradh dhinne
Do ghnidh cumhachta an ghasúir
Státuidh dá phíce.
Baolach samhradh na fola
Éigin, gorta agus pláighe
Do theacht tre na ndíomas
Do'n chúpla díscir dána.
Tiucfaidh cogadh an Choimhde
Tar éis comhraic na díse
Traothughadh ár mban 'sár ngárlaigh
Dúinne ba h-ádhbhar caointe.


L. 78


Tiucfaidh doineann agus díleann
Tiucfaidh failbhe agus gainne
Ó chogadh tubaisteach ár ndíomais
Bíam go líonmhar faoi aindeis.
Ag sin agaibh mo rúnsa
A chúpla bhrúchtmhar na mórmhionn,
Agus coisgidh d'bhúr gcomhrac súisde
Go h-am brúidhte na bpunann.
Ionnsuighidh sgioból fairsing
Féachaidh bhur n-acfuinn láidir
Agus gibé is truime buille
Faghadh sé biseach páighe.




Ar gclos fáisdine an chogaidh, na gainne agus gorta do'n chúpla ceann-
fheargach sin níor fhan neart tógbháil a súisde i gceachtar díobhtha tar éis
a ndeárnadar do bhragaracht agus do bhuantafann ar a chéile ó thús go
deireadh, agus cóimhthionól mór d'á gcáirdibh, d'á gcleamhnuighthe agus d'á
gcaoimhaicne ar gach taobh díobh d'fhios críche na dála san. Acht cheana do
ghluaiseadar araon ó'n tullaigh gan buaidh catha ná comhlainn, cosguir ná
gaisge, ag ceachtar díobh. Gidheadh do bhí Páidín ar na mhárach ag luadh
clampuir agus ag éiliughadh an gheill nó go ndubhairt duine sultmhar
áithrighthe do bhí ar an láthair gur chailleadar araon an geall, do bhrígh
gur loiceadar an dís an comhrac, agus acht go dtigeadh ceart do'n tír go
gcaithfeadh baintreacha an phuráisde an dá bha d'fhághail agus iad san do
shaothrughadh dhá bha 'na n-ionad ar a bpáidhe oibre athargha nó bheith gan
aon bhó.



Finit agus críoch ar Thána Bó Geannain agus Clonne-Con-ríogh ag cath
Lisín Uí Dhunacháin do'n taobh ó dheas do Chruachain Conachta, ris a
ráidhtear Cuisleán Pluincéad indiu.



Nótaí.
Acaraí, giúirléidí, instrimnití.
Lúsra, bladar.
Boltonus, boladh.
Maistre, cuigeann.
Borb-bhasdal, baoth-chaint bhorb.
Malladh, mallacht.
Burmuruas, dailtínteacht.
Muisfheisteach, mór bheólach.
Crapa crampbhéil, scaimheanna a chur air féin
Pislineach, ronnach.
Púistiún, pota.
Geamhdógaí, cácaí.
Sibhdille, slis.
Labánta, liobarnach.
Uidhe, taisdeal.
Láir na leise, an láir leisíneach.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services