Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Stair na hÉireann - III
Title
Stair na hÉireann - III
Author(s)
Breathnach, Micheál 1881-1908,
Pen Name
Carraig Áine
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
STAIR NA hÉIREANN. I. Mar d'oibrigh na Sasanaigh i n-aghaidh na nGaedheal; an droch-dhligheadh i n-aghaidh na gCaitliocach; mar baineadh an talamh de Ghaedhealaibh; mar mheall Rí Cormac iad; Eoghan Ruadh Ó Néill; teacht Chromail. Ar a bheith imthighthe do na hiarlaíbh shocruigh na Sasanaigh Cúige Uladh a bhaint amach. Mar sin chuireadar buidhean chómhairle ar bun le fios d'fhagháil cé mhéad de Chúige Uladh bhí caillte go dlisteanach ag muinntir an chúigidh. Dar ndóigh, níor mhoill orra déanamh amach gur thuit an cúigeadh go léir ar sheilbh na Sasanach mar gheall ar éirighe amach na nGaedheal. Tar a éis sin roinneadh os cionn leath-mhilliún acra de thalamh cuir orra so a bhí ar chreideamh na nGall agus rinneadh sglábhaidhthe de na Gaedhealaibh i n-Ultaibh. Go haibéil 'na dhiaidh sin cuireadh i bhfeidhm an dligheadh i n-aghaidh na sagart, agus fuaradar ordughadh an tír fhágáil. Ní bheadh duine a bhéarfadh fasgadh ná dídean dóibh nach gcaillfeadh a ghabháltas. Ní raibh cead ag na Caitliocaighibh sgoil ná fóghluim d'fhagháil, ná cead múinteóir d'fhagháil le n-a múnadh ag baile. Fuair na Caitliocaigh ordughadh a dhul go teampall na nGall Domhnach is lá saoire. Duine ar bith nach ngéillfeadh do'n dligheadh so bhí a cheann le cailleadh aige agus duine ar bith a dhiúltóchadh a theacht go teampall na nGall chuirfidhe cáin deich n-uaire níos truime air. Chaith an obair seo dhá bhliadhain ar bun. Annsin cuireadh feis ar bun san tír san mbliadhain 1617 agus cuireadh an ridire Parsons mar uachdarán uirri. Níorbh le leas a dhéanamh a cuireadh ar bun í, acht le easbhaidh nó marach a fhagháil ar na tiodlaibh seilbhe a bhí ag lucht na talmhan ar a ngabháltaisíbh. Budh gheárr
ar an bhfeis fiadhnaise a bhaint amach le n-ar dheimhnigheadar go mbudh leis an righ ó cheart leath- mhilliún acra do thalamh chúigidh Uladh. Ar fhágháil bháis do'n Rígh tháinig Cormac 'na dhiaidh sa gcoróin agus bhí seisean go síorruidhe ar easbhaidh airgid. B'iomdha gealladh maith a thug sé uaidh acht na Gaedhil a thabhairt réir mhaith airgid dó. Gheall sé go mbeadh cead ag na Caitliocaighibh an dligheadh a phlé san gcúirt agus nach gcuirfidhe éileamh ar fhear ar bith a mbeadh a chuid talmhan 'na sheilbh féin nó i seilbh a shinnsear le trí fichid bliadhain. Mealladh na Gaedhil. D'íocadar gála de'n airgead, acht níor thúisge sin déanta aca ná cuireadh an dligheadh níos déine ná riamh ar na sagartaibh agus ar na Caitliocaighibh nach rachadh go dtí teampall na nGall. Sin a raibh aca de bhárr a gcáirdis leis an rígh sanntach so. Ba hí sin an bhliadhain 1628. Cúig bhliadhna 'na dhiaidh sin cuireadh anall Stafford mar fhear ionaid le n-a chur 'na luighe orra go raibh faoi'n rígh a ghealltamais a chóimhlíonadh. Thugadar tuilleadh airgid dó — an rud a bhí uaidh — agus annsin lasg leis go Connachtaibh le iarracht a thabhairt ar an gcúigeadh sin a bhaint amach. Bhí sé ag gabháil do na coisdíbh nó gur leigeadar orra go mbudh leis an rígh Conndae Rosa Comáin, Sligeach agus Muigheó. Sheas Gaillimh i n-a aghaidh. Mar gheall ar a mí-ghéilleadh crochann sé leis lucht Choisde na Gaillimhe. Chuir i bpríosún i mbaile na Gaillimhe iad. Chuir cáin 4,000 púnt an fear orra agus sa deireadh b'éigin dóibh-san Gaillimh a thabhairt suas mar an gcéadna. Bhí fios go gcaithfeadh an cogadh a theacht am eicínt mar gheall ar an éagcóir a bhí ar bun agus thosuigh an cogadh san mbliadhain 1641. Chaith sé aon bhliadhain déag ar siubhal agus sa deireadh budh ag an nGall a bhí an bhuaidh. Tugadh cath iongantach ag Beinn Bhuirb i dTír Eoghain sa mbliadhain 1646. Budh é Eoghan Ruadh Ó Néill a tháinig anall ó'n Spáinn i n-aon turas a bhí mar uachtarán ar na Gaedhealaibh san gcogadh. Budh chumhachtach an t-ár a rinneadar. Mharbhuigheadar os cionn trí mile fear de'n námhaid
agus níor chaill sé féin acht deichneabhar is trí fichid do mharbhuigheadh agus dhá chéad a loiteadh. Dhá n-éirigheadh leis na Gaedhealaibh a bheith ar aon intinn an t-am so cé mar b'fheárr leis an gcogadh a chur ar aghaidh, bheadh leó b'fhéidir, acht faríor, níor bh'fhéidir leó réidhtiughadh le chéile agus i leabaidh a bheith go dílis dúthrachtach dá chéile dóibh, ag fealladh agus ag cliseadh ar a chéile seadh bhídís go minic. Go mí-áthasach do b'in é an t-am go díreach ar tháinig “Cromail an áir” anall, agus le críoch a chur ar an mí-ádh b'in í an bhliadhain ar cailleadh Eoghan Ruadh sa Samhain 1649, an t-aon fhear a mb'fhéidir leis a cheannsughadh agus a smachtughadh. II. “Cromail na mallacht”; mar creachadh agus crádhadh na Gaedhil le n-a linn; mar dhíbir sé na Cait- liocaigh thar lear agus go Connachtaibh. Chualamar go léir trácht ar “mhallacht Chromail.” Ní hiongnadh an droch-mheas a bheith ag na Gaedhealaibh ar a ainm. Ní raibh ann acht dearg-bhitheamhnach. Leig sé air féin gur ag múnadh ciúinis agus críostamhlachta do na Gaedhealaibh a bhí sé nuair a bhí sé ag tabhairt gach sgiúirse agus pionnóis dá ghéire dhóibh. Ní raibh uaidh ar theacht dó acht deireadh a chur leis na Gaedhealaibh. Díoladh na mílte páisdí mar sglábhaidhthibh le ceannachóiríbh as na hIndiachaibh Thiar, an áit a raibh bás ó'n teas agus ó'n sglábhaidheacht i ndán dóibh go luath. Tughadh ordughadh do gach duine nach raibh sásta imtheacht leis as an tír glanadh leis thar an t-Sionainn ar chroiceann a chluas nó go mbeadh a cheann le cailleadh aige dá bhfághthaoi greim air tar éis an oiread so laethannta. Deirtear 'sna cúnntais Ghaedhealacha gur tugadh gan bhuidheachas sé mhíle buachaillí agus gur cuireadh iad thar fairrge anonn ar na hIndiachaibh. Meastar gur díbrigheadh ar fad tuairim céad míle
duine as an tír. Sgaipeadh saighdiúirí ar fud na tíre le na malraigh a bhaint amach agus a chrochadh leó le láimh láidir. Nár bh'iomdha máthair bhocht a raibh a croidhe briste brúighthe agus athair geanamhail a bhí go dólásach ag sgaradh le n-a leanbh múirneach nach mbeadh le feiceáil aca arís go deó na ndeór! Nár bh'iomdha deór a shileadar, nár bh'iomdha trom-osnadh ó chroidhe a leigeadar agus nár bh' úr-ghlas mar bhí cuimhne a leinbh mhúirnigh 'na gcroidhthibh go ndeachadar faoi'n bhfód! Cuireadh fógra amach go mbeadh an ceann le cailleadh ag gach sagart nach mbeadh glanta as an tír ar fad i gcionn fiche lá; sagart ar bith a bhfuighfidhe greim air tar a éis sin bhí an ceann le baint de agus gach uile dhroch-úsáid le fhagháil ar an gcolainn féin. Bhí gach duine a bhéarfadh fasgadh ná dídean do shagart le cur chum báis agus bhí gach ar bhain leis le baint amach; bhí droch-úsáid le tabhairt do gach duine a mbeadh fios aige cá raibh sagart acht nach n-innseóchadh é agus ceapadh cúig phúnt mar luach saothair d'aon duine a bhéarfadh i láthair ceann sagairt. D'imthigh na daoine go caointeach cráidhte agus thugadar aghaidh ar Chonnachtaibh. Bhí gáir agus glór an chaointe le cloisint ar fud na hÉireann, na Gaedhil ag imtheacht ó na tighthibh agus na talta a bhí le céadtaibh bliadhain i seilbh a sinnsear le bheith feasta i seilbh a gcreachadóra, an Sasanach. Ceapadh Cúigeadh Chonnacht dóibh mar áit chómhnuidhthe, ó thárla go raibh an fhairrge agus an tSionainn beagnach thart thimcheall na háite ar nós oileáin. Do hosduigheadh do na Gaedhealaibh gan a dhul níos goire ná cheithre mhíle do'n fhairrge ar aon taobh agus gan a dhul isteach i n-aon bhaile nó go gcuirfidhe chum báis iad. D'imthigh na fir throda beagnach go léir as an tír agus chuaidh go trom-chroidhtheach cráidhte do'n Eoraip. B'fheárr leó an domhan mór a shiubhal agus a bheith i ndíbirt ó na dtírín dúthchais ná bheith faoi chreachadh agus faoi dhaorsacht innte. Chuaidh deich míle i n-arm na Spáinne agus cúig mhíle i n-arm na bPólach. D'imthigh
ar fad 34,000 ar an mbealach so as an tír ó 1651 go dtí 1664, agus ba bheag duine dhíobh a chas ar ais go lá a bháis ar Éirinn. Roinneadh amach an talamh agus mar nach raibh Gaill a sáith aca le cur isteach i n-áit na nGaedheal tugadh cuireadh do Phrotasdúinibh as an Tír-fó-Thuinn a theacht agus cur fútha i n-Éirinn agus tháinig a lán Sasanach as an Oileán Úr agus shocruigheadar i gCúigeadh Mumhan. Is léir nach raibh faoi na Sasanachaibh acht Éire dhéanamh Sasanach in gach rud agus ar gach bealach. Mar dubhras cheana, d'imthigh go leór dhíobh nár imthigh acht a thug na sléibhte amach orra fhéin agus a tharraing go minic 'na dhiaidh sin claidheamh ar son a dtíre agus a gcreidimh. “Tories” (.i. tóraidhthe) a tugadh orra an t-am úd. Níor chaith Cromail acht seal geárr san tír, acht dá ghiorra é, b'iomdha gníomh cosgrach mí- thrócaireach a rinne sé. Mharbhuigh sé fir agus mná agus páisdí chomh maith le chéile agus maidir le truagh ná coinsias ní rabhadar ann. III. Mar d'éirigh na Sasanaigh i n-aghaidh Ríogh Séamus. Mar chuidigh na Gaedhil leis i n-aghaidh Uillím. Briseadh na Bóinne. Cladhairigheacht Shéamuis. Ar fhágháil bháis don Rígh Séarlus sa mbliadhain 1685 rinneadh rí dá dhearbhráthair Séamus. Bhí Séamus 'na Chaitliocach agus mar gheall air sin bhí na Protasdúin i n-a aghaidh go dian. Bhí faoi ó thús na Caitliocaigh a shaoradh ó'n sgiúirse agus ó'n daorsacht a bhí orra le fada. B'in rud nach mbeadh aon ghlacadh leis i Sasana. Ní bheadh aon rí i n-an' a sásughadh acht rí a bheadh ar aon intinn leó féin. Cé an t-iongnadh gur mhór é dóchas na gCaitliocach as Rí Séamus, an fear a bhí geallta ar a dhícheall a
dhéanamh le n-a saoradh? Bhí áthas agus aoibhneas ar fud na tíre 'na measg. Tosuigheadh arís ar altughadh a thabhairt do Dhia os cómhair an Oireachtais. D'imthigh le na sagairt amach ar fud na tíre i lár an lae ghléigil mar ghníodh i bhfad ó shoin. Mar gheall air seo d'éirigh mí-shástuigheacht mhór imeasg na bProtasdún i Sasana agus i n-Éirinn agus bhíodar ar buile mar gheall ar cháirdeas an ríogh leis na Caitliocaighibh. Acht bhí súil aca go bhfuigheadh sé bás go luath gan aon mhac a bheith aige le bheith 'na rígh 'na dhiaidh. Acht níor bh'amhlaidh a thárla, mar rugadh mac dó, agus chuir sin na Sasanaigh ar buile ar fad. Mar sin d'éirigheadar mí-dhílis don Rígh agus chuir cogadh ar bun i n-a aghaidh. Chuireadar fios ar Lochlannaigh, Danair agus Franncaigh a bhí i n-aghaidh na gCaitliocach le cuidiughadh leó i n-a aghaidh. Thairgeadar coróin Shasana do fhlaith as an Tír-fó-Thuinn acht a theacht le troid i n-aghaidh Shéamuis, a athair céile féin. Tháinig sé anall sa mbliadhain 1688 le chabhlach láidir agus cúig mhíle déag fear. Theich Séamus do'n Fhrainnc le faitchíos agus tháinig i dtír ann faoi Nodlaig an bhliadhain sin. D'imthigh an bhainríoghan agus a mhac i ngan fhios sgathamh roimhe sin. Mar dubhras cheana, bhí Éire go dílis ar thaobh Shéamuis agus d'ullmhuigh le cuidiughadh leis, acht bhí Sasana agus Alba go láidir i n-a aghaidh. Bhí na Gaill i n-Éirinnn, ar ndóigh, i n-a aghaidh freisin. Thosuigh na Caitliocaigh ag bailiughadh le chéile le troid ar a shon, acht mar nach rabhadar oilte ar ghléas cogaidh le fada ní raibh goir aca seasamh i gcogadh i n-aghaidh shaighdiúir Uillím — an flaith thar lear — a bhí i gcómhnuidhe cleachtach ó n-a n-óige ar chogadh agus gach ar bhain dó. Ó aimsir Chromail ní raibh (mar tá fhios againn) cead ag aon Chaitliocach gléas troda a bheith 'na sheilbh. Chuir na Protasdúin sgéala amach gur le iad féin a dhúnmharbhadh a bhí na Caitliocaigh ag ullmhughadh i n-ionad cuidiughadh le Séamus. Budh é Riostárd Talbóid, Iarla Thíre Conaill, a bhí ag oibriughadh mar thaoiseach ar son Shéamuis i n-Éirinn.
Bhí sé ag gabháil don Rígh go deó gur chuir sé faoi ndeara dhó a theacht anall go hÉirinn leis an tír sin a chongbháil 'na sheilbh, dá mbadh rud é go gcaillfeadh sé Sasana. Tháinig sé anall le os cionn míle saighdiúr san Márta. Fearadh na mílte fáilte roimhe ar feadh an bhealaigh ó Cheann Sáile go Baile Átha Cliath. Budh é an rud budh mheasa de'n sgéal anois nach raibh na hairm ag na Gaedhealaibh i gcómhair na troda mar theastuigh. Bhí gach rud ag na Protasdúin, mar le leath-chéad bliadhain bhí cead aca do réir dlíghidh airm a dhéanamh, rud nach raibh ag na Caitliocaighibh. Tháinig arm láidir anall go hÉirinn le deich mhíle fear agus tháinig i dtír ag Beannchar i gConndae an Dúin an dara lá déag de Lughnasadh, 1689. Budh é an Diúca Schomberg a bhí 'na thaoiseach orra. Sa samhradh a bhí chugat shocruigh Uilliam tosughadh ar an gcogadh i gceart. Budh é féin an t-árd-thaoiseach ar an arm. Shocruigh sé i mBéal Feirste agus chomh maith le dhá fhichead míle fear aige. Ar chloisint do Shéamas go raibh sé ag teacht, d'imthigh leis i n-a aghaidh le cúig mhíle déag fear. Shocruigh sé féin agus a chuid fear ag béal na Bóinne le Baile Átha Cliath agus Cúige Laighean a choimeád, dá mb'fhéidir é. Acht ní raibh aon ghoir aige seasamh i n-aghaidh Uillím agus buaileadh é, ar ndóigh, sa deireadh. Bhí Séamus agus a chuid fear ar thaobh de'n abhainn agus Uilliam ar an taobh eile. Ní raibh ó Uilliam acht é féin agus a chuid fear a bheith thar an abhainn aon uair amháin agus bheadh leó, agus ní raibh ó Shéamus acht gan a leigean treasna. Budh é an rud budh mheasa de'n sgéal ag Séamus nach raibh gunnaí móra aige le hoibriughadh ar theacht treasna do'n námhaid, agus os cionn leath-chéad dhíobh aca-san. Le gealadh an lae ar maidin Dia Máirt an chéad lá de Iúl, 1690, bhí gach rud ullmhuighthe amach i gcómhair an chatha uathbhásaigh iongantaigh a bhí le tabhairt eatorra. Budh é an “glas” a bhí i n-áirde ag arm Uillím agus an “geal” ag arm Shéamuis. Chuir Uilliam deich míle fear faoi cheannas na dtaoiseach
Dubhghlas agus Schomberg le seilbh a fhagháil ar an droichead ag Slánaighe agus tar a éis sin le dul treasna na habhann. Bhí ceaptha aige do'n arm capall an abhainn a threasnughadh ag Ros na Ríogh le tabhairt faoi arm Shéamuis ar an taobh eile. Bhí an ridire Niall Ó Néill rómpa ag Séamus agus thug cath dóibh ar feadh uaire an chluig, acht loiteadh go marbhthach é féin agus d'éirigh leó a dhul treasna, acht níor thúisge treasna iad ná tháinig buidhean ó Shéamus faoi cheannas Langan. Shocruigheadar ar thaobh cnuic agus bograch idir iad féin agus an námhaid. Mar sin níor leig faitchíos do'n námhaid tabhairt fútha dá mhéid dá raibh aca ann, agus chuireadar fios ar thuilleadh cabhrach a tháinig chuca gan mhoill. Ar fhagháil sgéala do Schomberg (an t-athair) go raibh an t-achrann ar bun idir na Gaedhealaibh agus buidhean Dhubhghlaise agus a mhic, d'orduigh sé dá chuid fear féin a dhul treasna ag an Seandroichead. Mar sin thosuigh orra agus anonn leó agus leath-chéad gunna mór aca ag síor-chaitheamh leis na Gaedhealaibh agus dá gcosaint féin. D'éirigh leó an bealach a dhéanamh réidh go leór — deich míle de na fearaibh troda a b'fheárr a b'fhéidir fhagháil, b'fhéidir, an t-am sin san Eoraip. Thug na Gaedhil a dó nó a trí d'iarrachtaíbh ar a gcur ar gcúl acht chinn orra. Ní raibh aon ghoir aca ar na fearaibh troda oilte cleachtacha a bhí 'na n-aghaidh. Acht budh ghairid go dtug Hamilton agus arm capall na nGaedheal ionnsuighe fútha. Ruaig ar ais dhá bhuidhin, rinne sladadh mór agus mharbhuigh Calimote, árd-thaoiseach chinn de na buidheantaibh. Ar fheicsint do Schomberg an t-ár a bhí 'ghá dhéanamh ag an arm capall agus ar chloisint dó go raibh Calimote marbh, d'imthigh go fíochmhar árd-mhisneamhail chum na nGaedheal. D'fhuagair orra so dá arm a bhí ag rith le na n-anamnachaibh seasamh acht níor bhaileach an chómhairle tugtha aige ná sgubadh an ceann de le buille agus urchar i n-aoinfheacht ó'n taoiseach Thíre Chonaill a tháinig le n-a arm capall go tobann. Bhí Uilliam ag feitheamh go neamhfhoighdeach le sgéala
cé mar d'éirigh le Schomberg. Ar chloisint dó cé mar thárla d'fhuagair dá chuid fear (5,000) a leanamhaint. Lean, agus budh gheárr orra a dhul treasna na habhann. Ar an bpointe 's a bhfuair sé thall é féin rith agus d'ionnsuigh na Gaedhil. Bhí sé féin agus na Gaedhil ag déanamh ar a chéile i n-aoinfheacht acht budh gheárr go raibh sé 'na ghlaodhach ag na Gaedhil mar gur bhaineadar tuairt as an námhaid agus go dtugadar ruagadh dóibh arís. Tháinig an námhaid le chéile an dara huair agus thug iarracht eile gan mhaith. An tríomhadh huair agus thug Uilliam a chuid fear 'na chéile. Thug iarracht láidir dhána eile, acht cuireadh ar gcúl é féin agus a chuid fear arís. Lean na Gaedhil 'na ndiaidh agus dhearmad aon bhealach amháin a chongbháil 'na seilbh, agus ar theacht ar ais dóibh bhí tuilleadh de'n námhaid rómpa ar gach taobh 'san mbealach so, ag sgaoileadh fútha nó gur cuireadh rith is ruaigeadh ar na Gaedhealaibh thréana, acht b'fhada uatha an mhuinghin a chailleadh fós. Budh é seo an t-am ar chaill Séamus an misneach agus ar lasg leis le n-a anam a shábháil go Baile Átha Cliath. Chroch leis an Sáirséalach tréan, an taoiseach, agus a bhuidhean le n-a chumhdach ar an mbealach. Caithfear a rádh gur mhór í fearg an tSáirséalaigh mar gheall air seo. Tháinig Séamus go Baile Átha Cliath tráthnóna an lae sin. Chomhairligh sé gan aon troid a chongbháil ar bun ní b'fhuide acht socrughadh a dhéanamh. Ghluais leis go Cill Mhantáin ar maidin lá'r n-a mhárach, as sin go Ceann Sáile agus thug an Fhrainc anonn air féin — áit a shroich sé an ficheadh lá de Iúl: Cé go ndeachaidh arm Uillím thar an mBóinn, budh bheag eile de ghnóthachtáil a rinneadar an lá úd. Chaill sé féin beagnach an oiread daoine 'sa gcath le Séamus a chlis chomh dona agus chomh cladhaireamhail ar a chuid fear sa deireadh. Ar theacht do na Gaedhealaibh go Baile Átha Cliath fuaireadar sgéala go raibh Séamus imthighthe agus annsin 'seadh thuigeadar i gceart cé an cladhaire a bhí 'san té a rabhadar chomh dílis ag troid ar a shon. Acht imthighthe nó gan a bheith imthighthe dhó bhí orra anois
troid ar son a dtíre agus b'in é a shocruigheadar a dhéanamh. Mar sin gluaiseann leó go Luimneach agus go Béal Átha Luain. Bhí deagh-Ghaedheal cródha os cionn Bhéil Átha Luain an t-am so dar bh'ainm Riostárd De Grás. Chuir Uilliam dhá mhíle déag fear le seilbh an bhaile a ghabháil agus Dubhghlas mar thaoiseach orra. Bhí Béal Átha Luain an t-am so 'na dhá bhaile, leath dhe ar an taobh thiar de'n abhainn ar a dtugtaoi “An Baile Gaedhealach” agus an leath eile ar an taobh thoir ar a dtugtaoi “An Baile Gallda.” Ar thaobh na nGaedheal 'seadh bhí an sean-chaisleán agus na gunnaí. Dhóigh agus leag De Grás “An Baile Gallda” go talamh, bhris sé an droichead agus chuir gach rud ar a thaobh féin i ndeagh-threó le troid a thabhairt uaidh do na Sasanaighibh a bhí ag déanamh air ó Bhaile Átha Cliath. An seachtmhadh lá déag tháinig Dubhghlas go Béal Átha Luain. D'iarr an baile a thabhairt suas dó féin, acht gealladh troid a thabhairt dó 'na leabaidh. Chaitheadar seachtmhain ag sgaoileadh urchar le chéile agus annsin chualaidh Dubhghlas go raibh an Sáirséalach ag teacht air ó Luimneach. Chaill a mhisneach agus imthigheann leis féin agus a dheich mhíle fear ó Bhéal Átha Luain. IV. An troid ag Luimneach agus Béal Átha Luain. An Sáirséalach. Ghluais Uilliam leis le Luimneach a bhaint amach agus ocht míle fichead fear aige. Tháinig Dubhghlas faitchioch freisin le n-a dheich míle fear féin le cuidiughadh leis. Ní raibh de na Gaedhealaibh 'san mbaile acht tuairim deich míle agus bhí ceithre mhíle eile taobh thall de'n abhainn i gConndae an Chláir. D'iarr Uilliam ar theacht dó an baile a thabhairt suas dó, acht ní raibh maith dhó ann. Bhí rún ag an Sáirséalach troid a thabhairt dó. Cheap Tír Chonaill, Lauzan, agus tuilleadh nach mbeadh
goir aca an baile a chosaint agus d'imthigh leó le gach ar fhéadadar de bhiadh agus d'arm go Gaillimh. Acht cé gur mhór a chuaidh so orra níor bhain sé an misneach asta so a d'fhan, agus thosuigh ar an gcathair a chur faoi réir i gcómhair an chatha. Budh é an Frannchach De Boisseleau a bhí 'na thaoiseach ar an mbaile agus an Sáirséalach os cionn an airm capall ar thaobh Chonndae an Chláir de'n abhainn le gan an námhaid a leigean treasna. Chuidigh gach duine go dtí amháin na mná agus na páisdí le De Boisseleau leis an ullmhughadh i gcómhair na troda. Thosuigh an námhaid ag caitheamh na n-urchar isteach, acht ní raibh aca acht malairt, agus i leabaidh a chéile bhí droch-bhail dá chur ar na Sasanaighibh. Acht níor cheap Uilliam gur chall dó aon deifir a bheith air, mar go raibh arm, biadh agus cabhair mhór ag teacht chuige ó Phortláirge le n-a raibh súil aige an lá a bhí chugat. Fuair an Sáirséalach leide air seo agus níor leis do b'fhaillighe é. D'imthigh leis de shiubhal oidhche dorcha le cuid dá chuid fear. Bhí na námhaid socruighthe síos ar a suaimhneas nuair a tháinig an Sáirséalach agus bhí an t-arm go léir acht amháin an lucht faire 'na gcodladh. D'airigh duine aca na daoine ag déanamh chuca acht le iompódh do bhoise bhí an lucht faire dá leagadh agus an t-ár tosuighthe. Músgluigheadh go tobann na saighdiúir, acht budh gheárr ar an Sáirséalach agus a chuid fear ambasgadh agus a ruaigeadh. Gabhadh na hairm, an púdar, agus gach a raibh aca le haghaidh Uillím. Rinneadh aon chárnán mhór amháin dhíobh go léir annsin, annsin cuireadh é trí lasadh nó nár fágadh ann go léir acht aon mheall dóighte briste mí-úsáideach amháin. Ghluais leis an Sáirséalach ar ais. Bhí fios ag na Sasanaighibh go raibh an gníomh déanta agus bhí 'fhios aca nach raibh fear a dhéanta ann acht an t-aon fhear amháin. Cuireadh amach buidhean roimhe ar theacht ar ais dó, le gan a leigean isteach go Luimneach, acht dheamhan maith a bhí dhóibh ann. Tháinig sé dá mbuidheachas. Bhí greann agus áthas agus aoibhneas 'sa mbaile roimhe. Sgaoileadh urchair as na gunnaíbh
móra i n-onóir dó ar son an ghnímh iongantaigh a bhí sé tar éis a dhéanamh, agus gan bhréig dob' iongantach agus budh chliste an gníomh é. Acht budh gheárr go raibh cabhair tagtha chuige Uilliam an dara huair. Tosuigheadh ag sgaoileadh na n-urchair isteach ar fud an bhaile. Budh mhian leis an Sáirséalach na mná agus na páisdí a chur amach ar an gcúlráid acht ní bheadh aon ghlacadh ag na mnáibh tréana leis. Dubhradar go seasfaidís agus go dtroidfidís le taobh a bhfear ar son a mbaile agus a dtíre dúthchais. Agus dob' é sin go díreach a rinneadar. B'iongantach mar bhí gach rud feistighthe amach agus faoi réir i Luimneach ag na Gaedhil an lá úd. Easbaidh bídh an rud budh mheasa a bhí ag gabháil dóibh, acht nár bheag aca sin i gcomórtas le saorsacht nó daorsacht a dtíre? Tugadh cath dian. 'Sa deireadh d'éirigh leis na námhaid a dhul thar bhallaíbh an bhaile mhóir, acht bhí claiseacha geárrtha taobh istigh agus gunnaí móra socruighthe ar gach taobh a rinne marbhughadh millteach orra. Acht níor chuir sin cosg leó agus phléasgadar 'sa deireadh isteach ar fud an bhaile. Ar chloisint go raibh an námhaid 'sa mbaile d'éirigh muinnntir na cathrach le gach cineál airm budh túisge aca gur chuireadar ruaig agus díbirt orra ar ais. Chaith troid ar bun ar feadh trí huaire, agus 'sa deireadh nuair a bhí an námhaid go docht 'na seasamh i n-aghaidh na nGaedheal agus iad beagnach ruaigthe amach 'seadh le gunnaíbh a bhí faoi thalamh i ngan-fhios ag an Gaedhil. Cuireadh ósbuidéal na námhad trí lasadh agus d'a mhéad dá raibh na Gaedhil corruighthe ag an achrann 'na dhiaidh sin thugadar aire agus fóirthin dóibh agus níor chaitheadar urchar go ndeárnadar a mb'fhéidir leó leis an námhaid a shábháil. Sin gníomh nach cóir go ndéanfaidhe dearmad air go deó i stair na tíre.
V. Mar sheas na Gaedhil ag Áth Luain. Teacht St. Ruth. Mar chaill na Gaedhil an baile. Bhí Séamus ag gabháil do rígh na Fraince nó gur chuir sé faoi dara dhó cabhlach a chur anall leis na Francaigh a thabhairt ar ais. Cuireadh anall an cabhlach, agus tugadh ar ais ó Ghaillimh iad so a theich go dtí an chathair sin as Luimneach. Acht chuaidh Iarla Thíre Chonaill do'n Fhrainc ag éileamh cabhrach, agus gealladh sin dó. Mar sin tháinig sé go haoibhneach ar ais leis an déagh-sgéala. Ar a hochtmhadh lá de Bhealtaine, 1691, tháinig cabhlach láidir isteach béal na Sionna le airm, biadh, agus éadach, acht gan aon fhir troda. San gcabhlach tháinig Francach tréan misneamhail díograsach dar bh'ainm St. Ruth mar thaoiseach os cionn an airm. Ní móide gurbh' é leas na hÉireann gur cuireadh é os cionn an tSáirséalaigh. Níor bh' iongnadh dá mbeadh an Sáirséalach beagán mí-shásta agus eadmhar acht níor leig sé sin air féin. Chuir sé Éire agus a saorsacht os cionn gach uile nídh, agus ní raibh uaidh acht cion fir a dhéanamh ar a son. Ghluais le arm Uillím agus rinne ar Bhéal Átha Luain faoi smacht na dtaoiseach Ginckle, Talmash agus Mac Aodha. Ar an mbealach casadh lucht conganta orra agus shroicheadar go léir an baile an 19adh de Bhealtaine. Budh é an taoiseach Mac Gearailt a bhí os cionn an bhaile an tráth so agus fuair sé ordughadh ó St. Ruth an baile go léir a chosaint agus go mbeadh sé féin chuige le cabhair ó Luimneach chomh luath 's b'fhéidir leis é. Throid Mac Gearailt agus a chuid fear ag cosaint an bhaile ar feadh dhá oidhche agus dhá lá gan sgur agus gan aige ó thús acht trí chéad go leith i n-aghaidh os cionn cheithre mhíle de'n námhaid. Bhí an námhaid ag gnóthachtáil sa deireadh, agus tháinig isteach thar bhallaíbh na cathrach. San troid a tugadh eatorra ar a bheith ag déanamh isteach dóibh marbhuigheadh dhá chéad de na Gaedhealaibh. Bhí na Gaedhil dá mbualadh. Bhí an droichead ar a gcúl agus 'sé rud
a bhí uatha an droichead a leagan sul mar bheadh an námhaid go dtí é. Sheasadar go daingean láidir ag ceann an droichid ullmhuighthe ar a n-anamnacha a chailleadh sul leigfidís an námhaid thar an droichead. Tráth a raibh siad-san ag troid bhí tuilleadh dá mbuidhin go dúthrachtach ag oibriughadh ag briseadh agus ag réabadh an droichid ar a gcúl. Budh mhaith a bhí fhios ag an námhaid cé rud a bhí ar siubhal, acht níor bh'fhéidir leó na Gaedhil a chur as an mbealach. Bhíodar chomh daingean le carraigreachaibh 'na n-aghaidh. Sa deireadh thuit cuid de'n droichead. Ar thuitim dó d'éirigh leis na Gaedhealaibh go léir acht aon bhuidhean bheag amháin a bheith ar an taobh slán de'n abhainn, acht tráth a raibh an droichead tuitthe, fuair siad-san iad féin ar thaobh na Sasanach de'n droichead agus gan goir aca acht a gcáirde ar an taobh eile a shroichint. Ní raibh móiméad le cailleadh. Bhí an námhaid go mí-thrócaireach ag deanamh orra. Ní dheárnadar acht iad féin a chaitheamh síos san uisge. Sgaoileadh na hurchair leó acht shnámhadar isteach slán go dtí n-a gcáirde Gaedheal ar an taobh eile. Bhí “An Baile Gallda” anois i seilbh na Sasanach acht bhí “An Baile Gaedhealach” fós i seilbh na nGaedheal agus an droichead briste idir an dá chuid de'n chathair. Ar theacht do St. Ruth seo mar bhí an sgéal. D'ullmhuigh sé gach rud leis an mBaile Gaedhealach a chosaint. Seacht lá fada samhraidh a chaith na Sasanaigh ag iarraidh an baile a bhaint amach. Sa deireadh ní raibh acht na forracha 'na seasamh ag na hurchair. Le sgéal geárr a dhéanamh dhe d'éirigh leis an námhaid saltracha a chur treasna os cionn na habhann san áit a raibh an droichead briste, agus bhí fhios ag na Gaedheal anois go mbainfidhe amach an baile mara leagtaoi an droichead ádhmaid seo. D'éirigh fear dar bh'ainm Custume amach agus dubhairt leis an Gaedhealaibh: “An bhfuil deichneabhar annso a d'fhulaingeochas bás liom-sa ar son na hÉireann?” “Tá!” arsa céad guth i n-éinfheacht. “Má tá,” ar seisean, “caithfear an droichead ádhmaid a leagan agus Béal Átha Luain a shábháil!”
Amach leó le tuaghanna, piocóideacha agus gach gléas briste eile a b'fhéidir leó fhagháil acht bhíodar go léir sínte mín marbh tollta le hurchair ó'n taobh eile de'n abhainn sul mar bhí acht beágan de'n droichead briste aca. Amach le haon fhear déag eile ag briseadh agus ag réabadh agus ag troid san am céadna. Sgaoileadh na hurchair, agus tráth ar sgaip an deatach bhí naonbhar marbh, beirt beó, an droichead ádhmaid briste, agus “An Baile Gaedhealach” sábháilte. Tugadh iarracht láidir eile ar an mbaile a bhaint amach acht buaileadh an námhaid arís. “Tá linn anois!” arsa St. Ruth, “iarracht eile ní'l ionnta a thabhairt. Tá an baile 'nar seilbh, agus beidh siamsa agus greann againn anocht.” Bhí droch-mhisneach mór ag gabháil do na Sasanaigh. Ní raibh fios aca cé b'fheárr iarracht eile a thabhairt nó gan a thabhairt. Sa deireadh cheapadar — glic go leór — nach raibh rud ar bith a b'fhearr a dhéanamh ná iarracht a thabhairt an oidhche chéadna sin nuair a mheasadar gan aon tsúil a bheith ag na Gaedhil leó. B'in é go díreach a rinneadar. Chuir an t-oifigeach a bhí ag faire do na Gaedhil sgéala chuige St. Ruth go raibh an námhaid ar tí iarracht a thabhairt agus ní chreidfeadh sé é. Bhí an Sáirséalach sa láthair. D'iarr sé ar St. Ruth ullmhughadh go beó agus dhul ar ais 'ó'n “Siamsa” acht ní raibh le fagháil aige acht ais- fhreagra. An fhad is bhí na Gaedhil mar so ag díosbóireacht le chéile bhí na Sasanaigh ag teacht treasna, agus bhí an baile bainte amach aca sul mar bhí na Gaedhil faoi réir le n-a dtroid. Thug an méid a d'fhan gan a bheith ag an “Siamsa” troid uatha, acht ní raibh aon ghoir aca ar an námhaid. Imeasg na ndaoine a marbhuigheadh bhí an sean-Ghaedheal cródha Riostárd De Grás a thuit san troid i n-aois a dheich 'gus ceithre fichid. Sin mar chaill na Gaedhil Béal Átha Luain leis an neamhshuim tar éis é bheith 'na seilbh do bhuidheachas an tSasanaigh.
VI. Cath Eachdhroma. Socrughadh Luimnighe, agus mar briseadh é. Teacht na bhFranncach. Thar éis Béal Átha Luain a chailleadh ghluais le St. Ruth go Béal Átha na Sluagh le Ginckle a throid a bhí ag déanamh ar Ghaillimh a bhí i seilbh na nGaedheal. Shocruigh sé an t-arm ag Eachdhruim i gcómhair an chatha agus thasbáin gach socrughadh agus ullmhughadh dá ndeárnaidh sé go mbudh cruinn fad-bhreathnuightheach géar-inntleach lán-smaointeach an taoiseach é. Acht cé go raibh gach uile rud ullmhuighthe aige go hiongantach níor innis sé d'aon duine cé mar bhí faoi an cath a throid agus b'in é a chaill do na Gaedhil é. Chuir sé i n-áit áirithe an Sáirséalach agus d'orduigh dhó gan corrughadh as gan a chead féin agus níor innis sé dhó acht an oiread le fear ar bith eile aon tsocrughadh dá raibh déanta aige. Tugadh an cath ar maidin an dara lá déag de Iúl, 1691. Bhí tuairim cúig mhíle déag fear ag na Gaedhil agus idir 20,000 agus 25,000 ag na Sasanaigh. Bhí na Gaedhil ag buadhadh ó thús an chatha ag feabhas an tsocruighthe a bhí déanta ag St. Ruth roimh ré. Acht thárla dó nó trí de rudaíbh mí-áthasacha do na Gaedhil mar sin féin. Níor fheil na hurchair a bhí ag na fearaibh troda a bhí ag cosaint an chaisleáin ag Eachdhruim na gunnaí agus mar sin níor bh'fhéidir leó aon bhacadh a bhaint as an námhaid a casadh a dtaobh féin de pháirc an chatha, agus mealladh buidhean eile as a n-áit féin a d'fhéadfadh a mbacadh. Acht níor chuir sin aon droch-mhisneach ar St. Ruth, mar bhí sé cinnte dearbhtha go n-éireóchadh leis go geal. Budh shoiléir, dar leis, go gcaithfeadh an bhuadh a bheith aige sa deireadh. Amach leis ar an gcnoc go mórdhálach ag fógairt go raibh an námhaid buailte agus nach raibh anois acht a ruaigeadh rómpa go Baile Átha Cliath. “Anois,” ar seisean, “a chairde, tugtar fútha é!” Acht níor bhaileach na focla as a bhéal ná cloiseadh an sgread chráidhte ó na Gaedhil. Bhain sgannradh do gach duine, agus ar fhéachaint thart ní
raibh le feiceáil acht colann St. Ruth — bhí an ceann sguabtha dhe ag urchar ó ghunna Sasanaigh. Níor bh'iongnadh na Gaedhil a bheith sgannruighthe agus gur thosuigh ag sgaipeadh. Ní raibh fios cé dhe a ndéanfhaidhe taoiseach, bhí an Sáirséalach ar an taobh eile de'n pháirc gan fios cé rud a thárla ná fios cé na socruighthe a bhí déanta roimh ré ag an taoiseach. Thug na Sasanaigh faoi deara go raibh rud éigin bun os cionn agus ag cur mí-shuaimhnis ar na Gaedhil, agus cé go rabhadar ar thob a bheith buailte cheapadar go mb'fhearr mór-iarracht eile a thabhairt. Thug agus d'éirigh leó. Throid go leór de na Gaedhil gan fhios nach raibh St. Ruth ag troid 'na measg. Chaith an troid trí huaire ar siubhal tar éis St. Ruth a mharbhadh. Acht cuireadh sgaipeadh agus ruaigeadh ar na Gaedhil. Níor fágadh Éireannach ar tháinigtheas suas leis gan marbhughadh. Tá áit le feiceáil go dtí an lá tá indiu ann a dtugtar “Gleann na Fola” mar ainm air, mar gur marbhuigheadh ann dhá bhuidhin de na Gaedhil de shiubhal na hoidhche. B'éigean do'n tSáirséalach teicheadh leis an arm capall nuair a thosuigh an ruaig. Chaill na Sasanaigh 3,000 agus na Gaedhil 4,000 san gcath. Ní raibh trócaire le fagháil ag aon Éireannach a dtiocfaidhe suas leis. Na Gaedhil loitthe nár dúnmharbhuigheadh fágadh iad le bás d'fhagháil ó'n bpéin agus ó'n ocras. Budh bheag duine aca a cuireadh agus sa deireadh ní raibh acht na cnámha le fagháil sgaipthe ar fud na háite. Deirtear gur chaith madadh ar feadh leath-bhliadhna ag cumhdach cuirp a mháighisteara a marbhuigheadh sa gcath, agus ar feadh na haimsire sin nár leig sé duine ná beithidheach i n-a aice. Sa deireadh bhí saighdiúr Sasanach ag gabháil an bhealaigh i ngar dó, agus d'ionnnsuigh an madadh é, ag ceapadh go raibh sé ag dul ag corrughadh cnámh a mháighisteara, acht chaith an saighdiúr an madadh bocht dílis agus chuir críoch le n-a chuid cúraim. Ní móide go bhfuil sgéal eile i stair ar dtíre is dólásaighe agus is cráidhte le léigheadh agus is mó a chuirfeadh dólás ar chroidhe Éireannaigh ná cunntas an
dunmharbhuighthe a rinneadh ar na Gaedhil thréana ag Eachdhruim sa mbliadhain 1691. Budh é sin an cath mór deireannach a tugadh ar bháintibh Fáil i n-aghaidh na gCaitliocach agus na bProtasdún. Thug Gaillimh suas deich lá tar a éis sin, agus Sligeach mar an gcéadna. Ní raibh ag an Sáirséalach le déanamh anois acht gach ar fhan aige a thabhairt leis go Luimneach. Thug agus chaith ceithre seachtmhainí ag tabhairt troda do Ginckle. Ba mhaith a bhí fhios ag Ginckle nach gclaonfadh na Gaedhil go bráth go gcinnfeadh orra. Bhí fios aige go mbeadh sé cruaidh aige féin an chathair a bhaint amach. Bhí faitchíos air go mbuailfeadh breóiteacht a arm agus freisin bhí sé ag éirighe gann i mbiadh. Mar sin ní raibh aige acht féachaint le sochrughadh a dhéanamh leis an Sáirséalach. Rinneadh an socrughadh. Gealladh saorsacht do na Caitliocaighibh. Gealladh a gcuid talmhan dóibh agus tugadh cead do na saighdiúir an chathair a fhágháil le bratacha i n-áirde agus tugadh a roghain dóibh a dhul i n-arm na Sasanach nó i n-arm ar bith budh mhaith leó i roinn na hEorpa dá dtoil féin. Ní raibh go leór leór de na saighdiúir sásta ar chor ar bith cur suas de'n achrann ar an mbealach so ná glacadh leis an socrughadh, agus budh trom-chroidhtheach buadhartha brónach iad ar chloisint dóibh go raibh an cath thart agus gan an tsaorsacht ar fágháil. B'iomdha duine a bhris a ghléas troda ar fhagháil an sgéala dhó. Rinneadh an socrughadh so an treas lá de mhí Dheiridh Fóghmhair, 1691. Tá cloch mhór 'na seasamh i Luimneach fós le feicsint ag fearaibh Fáil. Níor bhaileach a bhí an socrughadh déanta ná tháinig cabhlach láidir le trí mhíle saighdiúr agus airm le haghaidh deich míle isteach béal an Sionna le cuidiughadh leis na Gaedhil. Acht 'sé rud dubhairt an Sáirséalach nach bhféadfadh sé a ghealladh a bhriseadh. “Tá an socrughadh déanta anois,” ar seisean, “agus tá an chabhair mall. Dá mbeadh céad míle Francach le cuidiughadh linn anois, ó thárla go dtugamar ár ngealladh agus gur ghlacamar leis an socrughadh, caithfimíd ar ngealladh a choimeád.”
D'orduigh sé dhóibh gan a theacht i dtír agus mar sin níor éirigh an troid. D'imthigh leis na saighdiúir Gaedhealacha as Luimneach le dhul i n-airm eile, agus le brígh na gcnámh a chur ag oibriughadh ar son tíortha eile ó theip orra faríor! 'na dtír dúthchais féin. Bhí brat na bhFrancach ar taobh agus brat na Sasanach i n-áirde ar an taobh eile, agus gan fios cé aca a thoghfadh na saighdiúir. I n-arm na Fraince 'seadh chuaidh an Sáirséalach agus ceithre mhíle déag fear agus níor ghreamuigh de na Sasanaigh acht aon mhíle amháin. Tar éis sgathaimh d'imthigh aon mhíle déag eile i ndiaidh an tSáirséalaigh agus chuaidh don Fhrainc freisin. Throid na Gaedhil i n-arm na Fraince go dílis agus go dúthrachtach agus bhí mór-mheas orra agus faitchíos rómpa ar fud na hEorpa. B'iad a b'fheárr sa mbeárnain bhaoghail i gcómhnuidhe agus nuair a d'fhaighdís an deis ní theipeadh orra an sásamh dearg a bhaint amach de'n Sasanach le faobhar claidhimh ar pháirc an chatha i gcéin. Marbhuigheadh an Sáirséalach i bpáirc an áir ag Landen an 29adh lá de Iúl, 1693. Loiteadh go marbhthach é. Bhí a chuid fola ag teacht go tiugh as an lot, agus sul shéaluigh sé thóig sé cuid dá chuid fola 'na bhois agus dubhairt go brónach: “Mo bhrón go deó, nach ar son na hÉireann atáir ag silt!” Sin focla nach ndearmadóchar choidhche, focla deiridh an tSáirséalaigh. VII. Na dlighthe peannaideacha. Ó'n am sin go haimsir Ghrattan. Mar ghnóthuigh sé. Níor bh'fhada gur bhris na Sasanaigh gach uile ghealladh dá dtugadar, agus i leabaidh ceart agus cóir a thabhairt do na Caitliocaighibh cuireadh “na dlighthe peannaideacha” ar bun 'na n-aghaidh. Cuireadh dlighe ar bun le nach mbeadh cead ag aon Chaitliocach a bheith sa bhfeis, a bheith 'na dhligheadóir, 'na dhochtúir, ná 'na
shaighdiúr. Ní raibh aon chead ag na Caitliocaighibh a bheith ag múnadh ná dá múnadh i n-aon sgoil. Mara mbeidís sásta le múinteachas ó na Protasdúin, ní bheadh dadadh eile le n-a múnadh. Ruaigeadh sagairt agus easbuig agus bhí an saoghal ní budh mheasa ag na Chaitliocaighibh ná bhí i n-aimsir Chromail. Chaith an dlighe seo ag creachadh, ag brúghadh agus ag basgadh na nGaedheal go ceann leath-chéad bliadhain tar éis Socrughadh Luimnigh a bhriseadh. Níor bh'fhéidir leis na Gaedhil dadadh a dhéanamh. Ní raibh na taoisigh ann leis na daoine a threórughadh. Bhí fán agus sgaipeadh ar na Caitliocaighibh. Na sagairt agus na heasbuig nár fhág an tír bhídis ag rádh an aifrinn i n-uaigneas na sléibhte agus na ngleannta do na daoinibh. Budh mhinic a thagadh saighdiúir mhí-thrócaireacha an dlighidh orra go tobann agus a mharbhuightí an sagart agus na daoine ar a bheith ag tabhairt altuighthe dhóibh do Rígh Mór na Glóire. Bhíodh an fheis ar bun i mBaile Átha Cliath agus chaithfeadh gach socrughadh a dhéantaoi san bhfeis a chur anonn go Sasana le glacadh nó gan glacadh leis. Bhí sin amhlaidh ó chuir Poynings an fear ionaid a reacht ar bun sa mbliadhain 1495 i n-aimsir an Seachtmhadh Hannraoi. Budh mhinic cuid de Chlannaibh Gaedhil san bhfeis ag cur i n-aghaidh an dlighidh seo, mar an fhad 's bheadh sé ar bun budh shoiléir nach mbeadh aon ghoir ag na Gaedhil ar a gceart a fhagháil. Cuireadh reacht ar bun i n-aghaidh an dlighidh seo ag Cill Chainnigh sa mbliadhain 1642, acht chuir Cromail deireadh leis, agus cé gur tugadh iarrachta beaga anois is arís ar dheireadh a chur leis an droch-dhligheadh a bhí ag cur d'fhiachaibh ar Fheis na hÉireann a socruighthe a chur go Feis Shasana, níor éirigh leis na Gaedhil a dhéanamh go haimsir Ghrattain sa mbliadhain 1782, nuair a socruigheadh sa bhFeis i n-Éirinn gan aon bhaint ar chor ar bith a bheith ag Feis Shasana le gnóthaíbh na nGaedheal agus gan aon dualgas a bheith orra ó sin amach Feis Shasana a cheadughadh i dtaobh aon tsocruighthe a bhain le gnó na hÉireann.
Níor dheagh-fheis go deimhin a bhí ag Grattan, mar b'é sin an fáth — bhí an fuath i gcroidhthibh go leór de na ballaibh feise i n-aghaidh na gCaitliocach, agus ní raibh cead ag aon Chaitliocach a bheith 'na bhall de'n fheis ar chor ar bith. Bhíodh suim mhór i dtaoibh ruda ar bith a bhaineadh leis na Protasdúin, acht bhíodh go leór dhíobh i n-aghaidh aon fheabhsuighthe ar son na gCaitliocach. Rud eile, bhí go leór Sasanach san bhfeis, daoine budh mheasa, b'fhéidir, ná na seóiníní atá ar an saoghal anois, agus bhídís seo i gcómhnuidhe i gcómhnuidhe i n-aghaidh deagh-reachta Ghrattan a bhí 'na thaoiseach san bhfeis ar thaobh na nGaedheal. Le linn na haimsire seo 'seadh thug na Sasanaigh faoi deara cé mar bhí déantúis Éireannacha ag basgadh cuid dá ndéantúis féin. Mar sin cuireadh dligheadh ar bun le nach mbeadh cead eallach, im, bainne, cáise, éadach ná déantúis na nGaedheal dá ndíol i Sasana. Níor fágadh cead iasgaigh amháin ag aon Éireannach ar thaobh na Sasanach de'n fhairrge. Chuir sin buile mhór ar na Protasdúin, mar b'iad ba mhó a raibh déantúis i n-Éirinn aca, acht ó thárla so sul mar cuireadh dligheadh Ghrattan i bhfeidhm níor bh'fhéidir leó dadadh a dhéanamh i n-a aghaidh, agus mar sin thaobhuigh a mbunáite le Grattan, agus chuidigh leis nó gur socruigheadh an dligheadh ar ar tráchtadh, sa mbliadhain 1782, ag cur i n-aghaidh aon bhaint a bheith ag Feis Shasana le socruighthe Fheise na hÉireann a athrughadh nó a bhriseadh. Bhí an cogadh mór ar siubhal sa mbliadhain 1779 idir Meiriocá agus Sasana agus bhí an Fhrainc ag taobhughadh le Meiriocá. Bhí Sasana i gcruaidh-chás ag troid Mheiriocá a chongbuigh a ceart féin gan bhuidheachas di sa deireadh. B'in é an t-am ar éirigh na Gaedhil go láidir i n-aghaidh dlighidh na Sasanach ag baile agus ag cur i n-aghaidh aon chead a bheith ag Feis Shasana a ndlighthe agus a socruighthe a athrughadh. Ba ghairid go raibh buidheanta láidre ullmhuighthe i mBaile Átha Cliath agus ar fud na hÉireann le troid ar son a gcirt. B'in é a thug ar an Sasanach claonadh agus a gceart
a thabhairt dóibh, mar dubhras cheana sa mbliadhain 1782, nuair a bhí sé i gcontabhairt chruaidh i mbaile 's i gcéin. Tuigimís mar sin nach go toilteanach a thug an Sasanach uaidh, agus nach raibh faoi a bheith dílis dá ghealladh ná dá shocrughadh anois acht an oiread le riamh. VIII. Mar ghnóthuigheadh ar Ghrattan le cleasaidheacht na Sasanach. Cumann na nÉireannach Aontuighthe. Éamonn Mac Gearailt agus Wolf Tone. Mar d'fhéach na Sasanaigh le droch-mhisneach a chur ar na daoinibh i nÉirinn. Ní raibh na Sasanaigh sásta le saorsacht na nGaedheal agus d'oibrigh orra i nÉirinn leis an socrughadh a athrughadh. Chaith an fheis deich mbliadhna ar bun agus ar feadh na haimsire sin chuaidh an tír ar aghaidh ní b'fheárr ná chuaidh le bliadhanta móra fada, le déantúis is eile. Bhí sé i n-a fhaitchíos ar chuid de na Gaedhil go mbriseadh na Sasanaigh na socruighthe arís mar rinne go minic cheana, acht ní raibh aon cheapadh mar sin ag Grattan. Mar tá fhios ag an saoghal, budh mhór a bhí sé ag dul amudha i n-a shíleachtáil, mar níor thúisge an ghnóthachtáil déanta ag an bhfeis ná tosuigheadh ar an obair leis an athrughadh a dhéanamh. Níor bh' ionann chor ar bith an chaoi a ndéantaoi feisire de dhuine an t-am sin agus anois, agus le gleacaidheacht agus beartaidheacht d'éirigh leis na Sasanaigh feisirí a dhéanamh de dhaoinibh a bhí ar aon intinn leo féin, agus mar sin sa deireadh ghnóthuigh an námhaid agus socruigheadh deireadh a chur leis an bhfeis i nÉirinn agus aontuigheacht a bheith ó sin amach idir Éirinn agus Sasana. Sin aontuigheacht a ghnó- thuigheadar le droch-bheartaibh. Bhíodar ar siubhal go deó gur chuireadar muinntir na hÉireann i riocht nach bhféadfaidís fulaing ní b'fhuide le aon smacht ó na Sasanaigh agus gur éirigh na hÉireannaigh Aontuighthe
amach ar fud na tíre 'na n-aghaidh. B'é sin a bhí ó na Sasanaigh, mar go raibh fios maith aca nach mbeadh aon strómh orra buadhadh orra agus droch-mhisneach agus mí-mhuinghin a chur ar fud na tíre agus an socrughadh a bhí uatha a chur i bhfeidhm. Tugadh go cruinn faoi deara cé mar bhí na Sasanaigh ag iarraidh a bheith i n-uachtar sa bhfeis, cé mar bhíodar ag fagháil feisirí nuadha le cuidiughadh leó — feisirí a cheapadar féin le beartaidheacht agus cleasaidheacht — agus ba shoiléir do na daoinibh cé rud a bhí fútha agus uatha a dhéanamh. Níor bh' iongnadh mar sin gur cuireadh Cumann na nÉireannach Aontuighthe ar bun le troid i n-aghaidh na hoibre seo. Budh é Wolf Tone, Protasdún agus dligheadóir foghlumtha, a chuir ar bun é i mBéal Feirsde sa mbliadhain 1791. Cuireadh an Connradh ar bun le gnó na feise a choimeád gan truailliughadh mar bhí, le ceart na nGaedheal a chongbháil agus leis na Cait- liocaigh a shaoradh ó'n daor-smacht a bhí orra 'na dtír féin le fada. Acht níor mhisde leis an riaghaltas é — go deimhin bhí tuairim mhaith aca cé mar thárlóchadh. Acht níor bhain aon droch-mhisneach mar sin féin do'n Chonnradh. Bhí súil aca le cabhair ó'n bhFrainc, agus chuaidh ar aghaidh ag neartughadh an Chonnartha go dúthrachtach nó nár bh'fhada go raibh gar do leath-mhilliún daoine aca agus go leór dhíobh ag a raibh gléis troda. Budh mhór an criothnughadh a cuireadh 'sna Sasanaigh aon lá amháin ar sheól cabhlach láidir ó'n bhFrainc isteach Cuan Baoi. B' iad Grouchy agus Hoche a bhí os cionn na bhfear, acht faríor! níor éirigh leis an gcabhlach aon leas a dhéanamh, mar tháinig anfadh gála agus stoirme go tobann a ruaig na soithigh agus iad ag feitheamh le teacht luinge a dtaoisigh Hoche a bhí ag déanamh chuca. B'fhéidir gur chaill an stoirm sin saorsacht d'Éirinn. Cheap na Sasanaigh nach raibh dadadh a b'fheárr le déanamh ná tosughadh agus an troid a chur ar bun gan aon mhoill, ar fhaitchíos go n-éireóchadh na Gaedhil ró-neartmhar dóibh. Mar sin sgaoileadar amach ar fud na tíre os cionn leath-chéad míle saighdiúr le ár agus sléachtadh a dhéanamh ar na daoinibh a bhí sa
gconnradh. Ní'l duine a ndeirtí go mbíodh aon bhaint aige leis an gConnradh nach gcrochtaoi. Bhí an ceann le baint freisin d'aon duine a dhéanfadh ball de'n Chonnradh de dhuine ar bith eile. Na saighdiúir Ghaedhealacha a bhí i seirbhís an riaghaltais agus a raibh aon cheapadh gan iad a bheith go dian i n-aghaidh muinn- tire a dtíre féin, cuireadh go Sasana iad agus cuireadh saighdiúir Shasanacha 'na n-áit. Leis an obair seo bhí súil ag na Sasanaigh go n-eireóchadh na Gaedhil amach i gcogadh 'na n-aghaidh. Acht ní raibh taoisigh na nGaedheal sásta tosughadh chomh luath sin. D'éirigh leis an riaghaltas gan mac máthar d'árd-choisde an chonnartha a fhágháil gan a ghabháil agus gach cúnntas agus páipéir dár bhain leó an dara lá déag de Mhárta, 1798, i mBaile Átha Cliath, acht d'éirigh le aon duine amháin, Éamonn mac Gearailt, gan a bheith sa láthair agus níor rugadh air-sean. Tairgeadh míle púnt ar a cheann go luath 'na dhiaidh sin. Chuir sé faoi ndeara gan aon mhoill a dhéanamh acht tosughadh ar an troid. B'fhuras d'aithne dhó go raibh fios maith ag an riaghaltas ar gach rud i dtaoibh an chonnartha de bhárr spíodóirí agus brathadóirí. Socruigheadh tosughadh ar an achrann an 23adh lá de Bhealtaine. Bhí an tóir go dian ar an nGearaltach sul mar thosóchadh an troid, acht brathadh é agus rugthas air i dtigh Niocláis Uí Mhurchadha ar 153 Sráid Shan Tomás, i mBaile Átha Cliath, ar a hochtmhadh lá déag — cúig lá sul bhí an t-achrann le tosughadh faoi n-a chúram. B'iongantach mar d'oibrigh sé ar bheith 'ghá ghabháil dó, acht d'ionnsuigh ceathrar nó cúigear saighdiúr é i n-éinfheacht. Chuir duine aca urchar thríd, loit fear eile é agus sa deireadh d'ionnsuigheadar go léir é, acht, má loiteadh an Gearaltach, ní raibh aca-san acht malairt, mar thug sé féin buille marbhthach do bheirt aca. Thugadar leó é go dtí an Caisleán agus ar an mbealach, ar a chloisint do na daoinibh gur bh' é an Gearaltach tréan a bhí i ngreim aca, hionnnsuigheadh iad. Bhí an-troid idir na saighdiúir i mBaile Átha Cliath agus na Gaedhil an lá sin. Sa deireadh tháinig an
t-arm capall agus d'éirigh leó a chrochadh leó. Fuair sé bás an 14adh de Mheitheamh — agus gach rud 'ghá ullmhughadh i gcómhair an deagh-Ghaedhil a chrochadh. Fuair a mhuinntir cead a chur agus tá sé curtha ag Cill Uarbuirge, i mBaile Átha Cliath. Go luath 'na dhiaidh sin rugthas ar bheirt thaoiseach eile as an gconnradh — an bheirt dearbhráthar, Seaghán agus Hannraoi Sheares a ndeárnadh brathadóireacht orra freisin, agus a crochadh i ngreim lámh 'na chéile. IX. Na hÉireannaigh Aontuighthe. Cath Chaisleán a' Bharra. Mar buaileadh na Gaedhil agus na Franncaigh. B'olc an sgéal seo a bheith déanta roimh an éirighe amach agus ba bhrónach na Gaedhil mar gheall ar thriúr chomh han-mhaith agus chomh fior-dhílis a bheith sgartha leó. An lá a bhí socruighthe tosuigheadh an troid i gCill Dara, i gConndae na Midhe, agus i gConndae Aontroma, acht thar gach Conndae i nÉirinn sheas Conndae Locha Garman go hiongantach ar son na hÉireann an t-am so, agus b'iongantach agus budh thréan mar chuidigh cuid de na sagairt leó, go háirithe an t-athair Seaghán, agus an t-Athair Mícheál Ó Murchadha, an t-Athair De Róiste, agus an t-Athair Mac Loingsigh. Níos tréine agus níos déine ar son a dtíre dúthchais ní móide gur sheas laochra agus tír-ghrádhuightheóirí riamh ná mar rinneadh i Loch Garman agus i gConndae Chille Mantáin an t-am úd. Thar gach daoine eile sheas muintir Bhroin as Baile Mhághnuis, Mícheál ó Duibhir, Éamonn ó Caidhin, Holt, Haicéad, agus Mac Gearailt. An ficheadh lá de Lughnasadh, 1798, tháinig cabhlach beag le cabhair ó'n bhFrainc faoi'n taoiseach Humbert agus sheól isteach Cuan Chille Alaidh. Ní raibh mórán le míle fear aige. D'éirigh buachaillí dóchasacha misneamhla Chonndae Mhuigheó agus chuidigh leis. Bhíodar ag fagháil bhuaidhe go breágh ar na Sasanaigh,
acht sa deireadh i n-aghaidh an trí mhíle cuireadh ó Bhaile Átha Cliath deich míle fhichead a bhasg agus a chuir rith agus ruaig ar na Gaedhil, agus a fuair buadh amach is amach orra ag Béal Átha na Muice an t-ochtmhadh lá de mhí Mheadhoin an Fhógmhair, 1798. Dá dtagadh cabhair ní budh thúisge badh mhór an gar é, acht nuair a thángadar bhí sé mall. Sul buaileadh iad, ámh, ag Béal Átha na Muice ghnóthuigheadar go breágh in dhá cath a thugadar féin agus an námhaid ag Caisleán a' Bharra agus Carraig a' Chait. Coicthighis tar a éis sin tháinig cabhlach eile agus Napper Taindí mar thaoiseach agus ceann eile 'na dhiaidh sin faoi Bhónaparte agus Wolfe Tone. Tugadh troid ar fairrge idir an cabhlach deireannach a tháinig agus cabhlach láidir Shasanach. Rugthas ar lucht cabhrach na nGaedheal agus 'na measg Wolfe Tone. Teilgeadh é le crochadh acht thug sé féin nó duine éigin eile bás dó féin an oidhche sul bhí sé le crochadh, agus ní raibh de shásamh ag náimhdibh a thíre gur chrochadar é. Ní raibh ionnta so a dhóirt a gcuid fola ar son a dtíre i ndeireadh na hochtmhadh haoise déag acht Gaedhil a ghrádhuigh a dtír dhúthchais le grádh croidhe, fir léigheannta, a bhí uasal ionnta féin, agus measamhail orra féin gan béim ar a gcliú ná a gcáil. Bhí misneach, spioraid, dúthracht agus croidheamhlacht na hóige agus tír-ghrádh aca. Ní raibh uatha acht saorsacht a dtíre. B'ar a shon sin a throideadar, agus a thuiteadar go hóg, agus is ar a shon sin atá a n-ainmneacha anois agus a bhéas an fhad is beó an Gaedheal go grádhmhar agus go mór-mheasamhail i n-a chroidhe agus i n-a intinn. X. Mar socruigheadh an Aontuigheacht idir Éirinn agus Sasana le brathadh agus beartaidheacht. Riobard Emmet, mar d'oibrigh sé. Tar a éis seo nuair a bhí an tír go tnáithte brónach 'seadh thug an riaghaltas iarracht eile ar Aontuigheacht
a shocrughadh idir Sasana agus Éirinn. An chéad iarracht a tugadh san bhfeis budh é an riaghaltas a buaileadh, agus budh mhór aoibhneas agus bród na nGaedheal mar gheall air. Chaith an díosbóireacht os cionn fiche uaire ar siubhal, acht níor bhain a bhualadh ar an gcéad iarracht an misneach de Thighearna an Chaisleáin Riabhaigh a bhí 'na thaoiseach san bhfeis ar thaobh an riaghaltais. Ní raibh aige le déanamh acht fiche feisire eile nó mar sin a ghnóthughadh do'n riaghaltas. Sin é a leag sé amach dó féin a dhéanamh sa deireadh le brathadh, mealladh, cleasaidheacht agus beartaidheacht budh mheasa ná a chéile. Gheall sé do na heasbuig Chaitliocacha go saorfaidhe na Caitliocaigh ó'n daorsacht a bhí orra le fada dá socróchaidhe mar budh mhian leis féin. Chuir i dtuigsint do na Protasdúin cé an chontabhairt 'n-a mbeidís faoi na Caitliocaigh sa deireadh mara gcuidigheadh siad leis féin agus leis an riaghaltas. Is cosamhail gur mheall sé cuid de na heasbuig le n-a bhladaireacht béil, acht bhí furmhór na gCaitliocach i n-aghaidh aon tsocruighthe a bhéarfadh saorsacht dá gcreideamh acht a neartóchadh slabhraí na daorsachta ar a dtír san am chéadna, agus mar sin ní raibh glacadh aca le n-a chuid cainnte. Sa deireadh cuireadh os cómhair na feise an dara huair an rún a bhí faoi Thighearna an Chaisleáin Riabhaigh a shocrughadh agus a buaileadh an chéad uair. Bhí Grattan tinn breóite an t-am so, acht tugadh i n-aon turas go Baile Átha Cliath é le cur i n-aghaidh an rúin. Rinne sé óráid iongantach agus chumhachtach i n-a aghaidh ar feadh dhá uaire. Chaith an díosbóireacht sé huaire déag ar siubhal. Sa deireadh cuireadh an rún os cómhair na feise agus bhuaidh Thighearna an Chaisleáin Riabhaigh. Socruigheadh an Aontuigheacht sa mbliadhain 1800. Tá sí gan briseadh ó shoin. Sin mar baineadh ár saorsacht dínn le cleasaidheacht Thighearna an Caisleáin Riabhaigh i n-Éirinn agus Phitt i Sasana. Sin é an socrughadh atá na Gaedhil ó shoin ag iarraidh a bhriseadh. Sin é an socrughadh is cionntach le furmhór dhonais na hÉireann ó'n lá sin go dtí an lá tá indiu ann. Sin é
an socrughadh nár fhág cead ag Gaedhil aire a thabhairt dá ngnóthaíbh féin, ná a ndlighthe féin a dhéanamh, agus sin é an socrughadh mí-áthasach d'Éirinn nach mbeidh a clann sásta ná suaimhneach go deó go mbeidh deireadh leis. Go luath 'na dhiaidh seo 'seadh thug an t-óglaoch tréanmhar agus an fíor-Ghaedheal Riobard Emmet iarracht eile ar shaorsacht a ghnóthughadh acht theip air. D'oibrigh sé go raibh na mílte 'na mballaibh dá Chonnradh i mBaile Átha Cliath agus leag amach dó féin Caisleán Bhaile Átha Cliath a ghabháil agus annsin an cogadh a chur ar bun ar fud na gcúigeadh. B'iad an bheirt fhear cabhrach a b'fhearr a bhí aige Tomás Ruiséal agus Mícheál Ó Duibhir as Cill Mantáin. Acht, nuair a thug sé an iarracht agus gach rud ullmhuighthe amach aige roimh ré go hiongantach, teipeadh air agus chlis an iarracht, fuair an riaghaltas fios cruinn cé rud a bhí ar bun. D'orduigh a cháirde d'Emmet teicheadh leis go beó as an tír, acht chuir sé a theicheadh ar cáirde cúpla lá. Sin é budh chionntach le n-a ghabháil. Bhí sé féin agus óig-bhean uasal, inghean Uí Churraoin, an dligheadóir, i ngrádh le chéile agus budh ar cuairt chuici a bhí sé ag dul nuair a rugadh air. Teilgeadh é le n-a chrochadh. Deirtear go bhfaca sé féin agus a ghrádh a chéile agus é 'ghá thabhairt go dtí an chroch. Crochadh é i dtús a óige agus a mhaitheasa agus cuireadh deireadh leis mar gheall ar a dhílseacht dá thír. Ní'l aon lá go deó nach mbeidh cuimhne ag Clanna Gaedhil air agus árd-mheas ar a ainm. Crochadh é an ficheadh lá de mhí Mheádhoin Fóghmhair, 1803. Rugthas ar an Ruiséalach agus crochadh é go luath 'na dhiaidh sin. Crochadh go leór leór i mBaile Átha Cliath a bhí sa gConnradh. Caitheadh a bhfad 's a bhfad i ndiaidh Mhichil Uí Dhuibhir acht sa deireadh gealladh nach ndéan- faidhe dadadh air dá dtugadh sé suas. Thug acht briseadh na geallta agus cuireadh i gcéin go hÁstrália é.
XI. Saorsacht na gCaitliocach. Dómhnall Ó Conaill. An gorta mór. An cailleadh i n-Éirinn, agus an imirce aisti. Bhí na Gaedhil buailte anois. Bhí an tír tnáithte. Bhíodar mí-mhisneamhail fá aon troid a chuir ar bun arís tar éis teipeadh ar Emmet. Bhí an Aontuigheacht socruighthe agus an tsaorsacht caillte. Sin mar bhí an sgéal i n-Éirinn. B'iomdha duine i n-Éirinn a chuidigh leis an Aon- tuigheacht mar gheall ar gur gealladh go saorfaidhe na Caitliocaigh agus nach mbeadh aon sgiúirse ag gabháil dóibh ní b'fhuide. Bhí Pitt i Sasana sásta sin a bheith amhlaidh, acht bhí an Tríomhad Seóirse, rí Shasana, go láidir i n-a aghaidh agus b'fheárr leis rud ar bith ná na Caitliocaigh a shaoradh i n-Éirinn ná i Sasana. Mar sin ní raibh aon bhaoghal go gcóimhlíonfaidhe na gealltamais a tugadh roimh an Aontuigheacht a shocrughadh. Acht níor bh'fhada 'na dhiaidh seo gur ghnóthuigh an fear cumasach agus an cainnteóir iongantach, agus an Gaedheal neartmhar dána, Dómhnall Ó Conaill, saorsacht na gCaitliocach i bhfeis Shasana. Rinneadh feisire dhe i gConndae an Chláir agus budh é an chéad Chaitliocach é a bhí i bhfeis Shasana ó cuireadh an dligheadh i n-aghaidh na gCaitliocach i bhfeidhm. Bhíodh cruinnighthe iongantacha chuige a dtagadh na mílte daoine aige ar siubhal ar fud na tíre. Bhí sé 'na Ghaedhilgeóir ó nádúr, acht ní bhíodh focal de'n Ghaedhilge aige ag na cruinnighthibh acht “Béarla mór.” Mar sin caithfear milleán a thabhairt dó i dtaoibh na teangan faoi nach ndearnaidh sé dadadh ar a son. B'ait agus b'aisteach an rud gan Éireannach mar é a thuigsint cé rud a b'fhéidir le teangain na nGaedheal a dhéanamh ar son gach a mbaineadh le saorsacht na tíre. San am sin bhí furmhór na ndaoine 'na nGaedhil- geóiríbh, agus go dearbhtha bhí Ó Conaill cionntach i gcuid de'n tarcuisne agus de'n dí-mheas a d'éirigh ag
na Gaedhil dí i bhfad 'na dhiaidh sin. “Is fearr sompla ná teagasg,” agus b'é sompla an Bhéarla a thug seisean uaidh. B'iongantach de'n tsaoghal mar d'oibrigh sé agus mar ghríosuigh sé na daoine ar fud na tíre. Bhí sé faoi árd-mheas agus faoi onóir ar fud na hÉireann ag na Caitliocaigh, a bhí fíor-dhílis dó agus ullmhuighthe le n-a chómhairle a ghlacadh. Bhí sé i n-aghaidh troda le faobhar claidhimh ar son saorsachta na gCaitliocach. Ní raibh aon cheapadh aige go mbeadh aon ghoir ag Éirinn Sasana a throid. Gheall sé go ngnóthóchadh sé saorsacht na gCaitliocach gan achrann a chur ar bun agus ghnóthuigh sé sin dóibh sa deireadh sa mbliadhain 1829. Tar a éis sin thug sé iarracht láidir ar dheireadh a chur leis an Aontuigheacht idir Sasana agus Éirinn agus an fheis a chur ar bun arís i mBaile Átha Cliath le gnótha na hÉireann a shocrughadh acht b'fhada ó na Sasanaigh a bheith ullmhuighthe ar sin a thabhairt uatha. Nuair a bhí sé ag oibhriughadh go dian ag gríosadh na nGaedheal mar so 'seadh tháinig an gorta. Loic an síol, lobhuigh na fataí agus cailleadh na mílte leis an ocras. Nach minic a chualamar “na seandaoine” ag trácht ar an am uathbhásach úd, na daoine ag fagháil bháis cois na gclaidheacha agus ag tuitim as a seasamh le lagar ocrais! Agus thug an riaghaltas i Sasana cead sin a thárlughadh agus cead an oiread coirce a thabhairt as an tír aon bhliadhain amháin is chothóchadh na daoine ar feadh bliadhanta an ghorta! Ní raibh fataí le ceannach ar aon airgead. Tugadh amach go Meiriocá go leór leór le hoibriughadh le n-a mbeatha a shaothrughadh annsin, acht cailleadh go leór leór dhíobh sul thángadar i dtír chor ar bith. Cailleadh beag nach milliún duine i n-Éirinnn tar éis an ghorta mhóir (1846-'47) acht ceithre mhilliún as hocht milliún de dhaoinibh a bhí san tír roimhe sin. Bhris an droch-shaoghal so croidhe Uí Chonaill a bhí anois 'na shean-fhear thugtha agus gan é 'na chumas aon chabhair a thabhairt i ndeireadh a shaoghail. Bhí go leór
fíor-Ghaedheal i n-Éirinn gan a bheith ar aon intinn leis. Chómhairligh sé nár cheart ná cóir d'aon duine éirighe go teann agus troid le faobhar claidhimh ar son saorsachta a thíre acht iarrachta a thabhairt ar an mbealach a ndeárnaidh sé féin. Ní raibh aon ghlacadh leis an teagasg so — nádúrach go leór — ag go leór i n-Éirinn agus d'fhágadar a Chumann agus chuir Cumann eile ar bun dóibh féin. Ó'n lá sin go dtí an lá so tá dá dhream i n-Éirinn — na daoine a chreideas gurab ag na feisiríbh atá ceart a bhaint amach agus iad so nach gcreideann go bhfuil aon ghoir aca mórán leasa a dhéanamh d'Éirinn ar an t-slighe atá ceaptha amach aca, agus atá ag oibriughadh ag iarraidh spioraid na Gaedhealtachta agus na saorsachta a choimeád ar lasadh i n-Éirinn 'na mbealach áirithe féin. Mar deir mé cheana, bhí croidhe Uí Chonaill briste agus d'fhág sé Éire le dhul do'n Róimh nuair a bhí 'fhios aige go mba gheárr an bás uaidh, acht cailleadh é ar an mbealach ag Genóa. Budh mhór é brón na gCaitliocach ar fud an domhain acht go háirithe i nÉirinn 'na dhiaidh. Budh é crann seasta a gcirt i gcómhnuidhe, agus níor bh' iongnadh iad go dólásach 'na dhiaidh. Shaoruigh sé seacht milliún Caitliocach ó gach daorsacht dá raibh dá gciapadh le fada mar gheall ar a gcreideamh. Thug Uilliam Smith Ó Briain, Mac Uí Mheachair, an Mistéálach agus fíor-Ghaedhil eile iarracht eile ar throid thar a éis seo, ach theip orra agus cuireadh iad i ndíbirt ó Éirinn mar gheall air. XII. Na Fínghíní i gcéin. A n-iarracht ar Chanada a bhaint amach. Na scolta “Náisiúnta.” Meathadh na Gaedhilge. Leathnughadh an Bhéarla, agus Connradh na Gaedhilge. Mar dubhras cheana d'fhág na mílte agus na milliúin Éire agus chuaidh i gcéin do'n Oileán Úr, go Sasana, agus go tíortha coimhightheacha eile. Tar éis an ghorta
mhóir ní raibh duine nach nglanadh an cíos nach mbeadh le caitheamh amach as a theach agus a chuid talmhan. Mar sin b'éigin do na míltibh glanadh leó go brónach cráidhte as an tír agus na talta a fhágáil ag cothughadh bulán do'n chreachadóir. Bhí ceal feóla ar na Sasanaigh agus mheasadar nach raibh aon rud a b'fheárr le déanamh ná ruaig a chur ar na Gaedhil, an talamh a bhaint dhíobh agus eallach a chothughadh air. Budh bhrónach buaidheartha an tír í Éire an t-am sin, acht budh luthgháirach geal-gháireach na Sasanaigh ar fheiceáil dóibh mar bhí na Gaedhil ag imtheacht ó n-a dtír dúthchais ar fud an domhain mhóir. Bhíodar ag déanamh gaisge nach mbeadh sa deireadh Caitliocach le fagháil i n-Éirinn nach mbeadh imthighthe. Acht dá mheasa dá raibh an saoghal aca bhí daoine fós féin i nÉirinn nach raibh an misneach caillte aca, agus cuireadh “Cumann na bhFínghíní” ar bun arís — cé go raibh go leór de mhuinntir na tíre i n-a aghaidh. Bhí cogadh mór ar siubhal i Meiriocá ó 1861 go dtí 1865, agus bhí na mílte Éireannach san arm. Bhíodar go léir dílis do “Chumann na bhFínghíní” agus ar ndóigh go daingean i n-aghaidh Shasana. Tráth ar cuireadh críoch ar an gcogadh shocruigheadar iarracht a thabhairt ar Chanada a bhaint de Shasana agus cnead ó chroidhe a bhaint as tír a gcreachta. Donasach go leór chuir na Státaí 'na n-aghaidh. Tháinig na mílte Éireannaigh as gach ceárn de'n tír sa mbliadhain 1866 leis an troid a thabhairt, acht níor bh' é amháin go raibh an Sasanach i gCanada ullmhuighthe 'na n-aghaidh, acht bhí Méiriocá féin ullmhuighthe ar bhacadh a bhaint asta, agus chuir longa catha ar na lochaibh agus ar an abhainn rómpa. Mar sin féin d'éirigh le aon bhuidhin amháin a dhul treasna agus baile a bhaint amach, acht mar gheall ar an gcaoi a raibh Meiriocá ag oibriughadh 'na n-aghaidh b'éigin dóibh sguireadh de'n achrann. Gheall an taoiseach a bhí ar Chumann na bhFínghíní i Meiriocá go dtiocfadh sé ar ais go hÉirinn go luath leis an gcogadh a chur ar bun, acht níor tháinig, agus budh mhór mar chuaidh ar na Gaedhil ag baile.
Tar éis ama so budh mhinic a tasbánadh, níorbh é amháin i n-Éirinn acht i Sasana agus i Meiriocá, go raibh an spioraid ar lasadh i gCumann na bhFínghíní. Tá fios againn go léir mar crochadh an tAilíneach, Mac Uí Lorcáin, agus Mac Uí Bhriain i Manchester mar gheall gur cuireadh 'na leith go dtugadar iarracht ar dhuine de na Fínghíníbh a bhaint amach a bhí dhá thabhairt go dtí an príosún, agus tá fios againn go bhfuair an triúr bás agus iad ag guidhe: “Go saoraidh Dia Éire!” I leabaidh a chéile i rith na haimsire seo bhí an Béarla agus an t-oideachas Gallda a bhí dá múnadh 'sna scoltachaibh ag truailliughadh intinne agus aigneadh an Ghaedhil ó gnóthuigheadh cead múinteachais do na Caitliocaigh. I ngan fhios dó féin bhí sé dhá dhéanamh Gallda. Cuireadh na scoltacha ar bun le sin a dhéanamh agus i rith na haimsire atá caithte ó shoin is mór de shin atá déanta agus leathnuighthe aca. Bhí teanga na nGaedheal ionnta gan meas gan onóir. Ní raibh sé riachtanach ionnta eólas ar bith a chur ar stair ná ar sheanchus na hÉireann. Ní raibh ag tasdáil ionnta acht Béarlóirí a dhéanamh de na Gaedhil, agus is go ró-mhaith a d'éirigh sin leó. Cuireadh os cionn na scolta cumhachtóirí Gallda gan suim ar bith i n-oideachas Gaedhealach le haghaidh na bpáisdí, ná aon tsuim san tír ná san teangaidh. Mar sin i leabaidh a chéile d'éirigh ceal eólais agus ceal measa ar an nGaedhilge. Na daoine a fuair an t-oideachas Gallda d'éirigheadar mór ionnta féin, measamhail ar an mBéarla, agus mí-mheasamhail ar a dteangaidh féin. Na haithreacha agus na máithreacha ag a raibh an teanga go beó bríoghmhar blasta cheapadar go mb'fheárr sguireadh de bheith dá labhairt agus gan a bheith aca acht — “an teanga bhreágh bhríoghmhar a bhí faoi árd-mheas agus faoi onóir” — “an teanga a d'fhéad- fadh daoine uaisle a dhéanamh dá gcloinn as a mbainidís biadh agus slighe bheathadh — an teanga a bheadh úsáideach dóibh i gcéin agus ag baile.” Budh bheag duine i n-Éirinn acht amháin an t-Árd-
easbog Mac Héil nach mar sin a bhí an sgéal aige. Ar na teallaigh ag baile i leabaidh teangan binne ceólmhaire na bhFiann, i leabaidh na teangan a labhair Oisín an chaointe i ndiaidh Fhinn agus na Féinne, an teanga 'n-ar athruigh Naomh Pádruig na Gaedhil ó phágántacht; 'na ndearnaidh Colm Cille a chuid bróin ar imtheacht dó i gcéin; a labhair Brian a threasgair an Danar agus an Lochlannach ag Cluain Tarbh, a labhair Séafraidh Ó Dómhnaill, Fiacha Ó Broin, Aodh Ó Néill, Aodh Ó Dómhnaill, an Sáirséalach, agus na mílte laochra Gaedheal agus gaisgidhigh eile a sheas go daingean ar son saorsachta na Fáile ní raibh anois le cloisint ar fud na tíre go léir beagnach acht teanga Ghallda Chromail, teanga an sgriosadóra atá 'ghár gcreachadh, 'ghár mealladh agus 'ghár nGalldughadh le bliadhanta móra fada. Filidheacht iongantach, sean- sgéalta, agus seanchus na nGaedheal bhí dhá gcailleadh agus dhá leigean chun dearmada i leabaidh a chéile. Níor bh' iad dánta bríoghmhara fuinneamhla Eoghain Ruaidh ná an Cheitinnigh ná amhráin fhilidheachta simplidhe Chonnacht a b'fheárr leó seo a bhí ag fagháil an oideachais seo. An chuid aca a n-éirigheadh grádh do'n léigheadh aca chor ar bith budh ar an mBéarla a bhíodh a n-intinn leagtha, acht bhí go leór a d'fhág na scolta a bhí gan aon Bhéarla acht an Béarla briste suarach a múineadh dóibh ag baile i leabaidh a dteangan dúthchais. Tá fhios ag an saoghal gur mar sin a bhí an sgéal agus ní féidir a shárughadh. Is iongantach ar fad nár tuigeadh ó thús cé an tairbhe a thiocfadh as na scoileanna agus as an oideachas so — má's tairbhe is cóir a thabhairt air. Níor thuig acht fíor- chorr-Ghaedheal é ar chuma ar bith, agus bhí a shliocht orra. Múchadh agus dalladh an intinn agus an spioraid Ghaedhealach bunáite i ngan-fhios dóibh féin. Thuig na Gaill go maith nach raibh rud ar an saoghal a b'fheárr leis an nGalldachas agus an tseóinínteacht a leath- nughadh ná oideachas Gallda a thabhairt do na Gaedhil, agus mí-mheas agus tarcuisne a chur aca ar a dteangaidh féin, agus neamhshuim 'na dtír agus 'na
stair. Sin é a rinneadar agus tá fios ag an saoghal chomh maith is d'éirigh leó. Acht míle altughadh le Dia, tá an saoghal ag athrughadh go mór i n-Éirinn ó cuireadh Connradh na Gaedhilge ar bun sa mbliadhain 1893. Marach í bheadh sean-teanga mheasamhail ársa cheólmhar na nGaedheal i gcontabhairt a caillte go deó. Seo í an Chonnradh indiu i n-aois a haon bhliadhna déag go beó bríoghmhar láidir ach gach taobh dhínn, ag cur misnigh ins na Gaedhil, ag cur i dtuigsint dóibh go soiléir cé rud a bhaineas le náisiúntacht agus le fíor-Ghaedheal- tacht, ag cur measa aca arís ar shean-teangaidh a dtíre féin a bhí le fada an lá faoi dhí-mheas agus faoi tharcuisne, agus ag athchuinghe ar an nGaedheal a dhul ar aghaidh ins an saoghal mar is ceart agus is cóir dó a dhul. Féach thart, a léightheóir, agus dearc id thimcheall. Míle glóire agus altughadh le Dia, tá deagh-chómharthaí agus deagh-chosamhlachta agat le tabhairt faoi deara. Tá an “Fheis,” an “Chéilidhe,” an “Sgoruidheacht,” an “Pléráca,” agus “an t-Oireachtas” féin agat le feiceáil san tír. Tá na Gaedhil agat le feiceáil i dteannta a chéile go dúthrachtach ag foghluim na teangan. Tá malraigh óga agat le feiceáil agus le cloisint ag léigheadh a dteangan dúthchais go blasta. Tá sean-cheól na nGaedheal agat le cloisint le binneas ar fud na tíre, na rinncí Gaedhealacha dhá rinnce, na béasa Gaedhealacha dhá gcleachtadh, na déantúis Ghaedhealacha ag dul ar aghaidh ó lá go lá, spioraid na Gaedhealtachta ag leathnughadh, an tír-ghradh ag daingniughadh, na craobhacha ag neartughadh, agus snas agus cosamhlacht na Gaedheal- tachta le tabhairt go soiléir faoi deara ar fud na Fódla — agus cé dá bhárr? Cé mhúsgail ó throm-shuan na neamhshhuime na daoine agus a chuir iad ag oibriughadh agus ag smaoineadh go Gaedhealach? Is furas a fhreagairt — Connradh na Gaedhilge a d'fhás suas le goirid agus a bhfuil anois greim daingean láidir aici ar intinn agus ar aigneadh gach fíor-Éireannaigh. Tá anois seacht gcéad craobh de'n Chonnradh ar fud na tíre, agus ní i n-Éirinn amháin acht i Sasana, i n-Albain,
i Meiriocá atá craobhacha agus cáirde an Chonnartha le fagháil. Tá a timthirí ag gríosadh agus ag bros- tughadh na ndaoine ar fud na tíre le cuidiughadh leis an teangaidh. Tá sí, mar tá fhios againn, dhá múnadh in go leór de scoltachaibh na hÉireann agus sa deireadh thiar thall tá buadh mhór gnóthuighthe ag an gConnradh ar lucht stiúrtha an oideachais i mBaile Átha Cliath agus cead an Ghaedhilge agus an Béarla a mhúnadh chomh maith le chéile i scoltachaibh na hÉireann. Tá sgríbhneóirí óga ag éirighe suas annso is annsúd de bhárr an Chonnartha, agus ag an Oireachtas bliadhan- tamhail i mBaile Átha Cliath is féidir le fearaibh Fáil tabhairt faoi deara chomh tréan is tá an Ghaedhealtacht ag dul ar aghaidh, an obair mhór atá déanta, an t-athrughadh mór atá tagtha, agus deagh-cosamhlachta go mbeidh, le congnamh Dé, an báire linn amach annso, agus Éire dhíl agus gach a mbaineann léithi i seilbh “Chaitlín Ní Uallacháin.” CRÍOCH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services