Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Stair na hÉireann - III

Title
Stair na hÉireann - III
Author(s)
Breathnach, Micheál 1881-1908,
Pen Name
Carraig Áine
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


STAIR NA hÉIREANN.



I.



Mar d'oibrigh na Sasanaigh i n-aghaidh na nGaedheal;
an droch-dhligheadh i n-aghaidh na gCaitliocach; mar
baineadh an talamh de Ghaedhealaibh; mar mheall
Rí Cormac iad; Eoghan Ruadh Ó Néill; teacht
Chromail.



Ar a bheith imthighthe do na hiarlaíbh shocruigh na
Sasanaigh Cúige Uladh a bhaint amach. Mar sin
chuireadar buidhean chómhairle ar bun le fios d'fhagháil
cé mhéad de Chúige Uladh bhí caillte go dlisteanach ag
muinntir an chúigidh. Dar ndóigh, níor mhoill orra
déanamh amach gur thuit an cúigeadh go léir ar sheilbh
na Sasanach mar gheall ar éirighe amach na nGaedheal.
Tar a éis sin roinneadh os cionn leath-mhilliún acra de
thalamh cuir orra so a bhí ar chreideamh na nGall agus
rinneadh sglábhaidhthe de na Gaedhealaibh i n-Ultaibh.
Go haibéil 'na dhiaidh sin cuireadh i bhfeidhm an dligheadh
i n-aghaidh na sagart, agus fuaradar ordughadh an tír
fhágáil. Ní bheadh duine a bhéarfadh fasgadh ná dídean
dóibh nach gcaillfeadh a ghabháltas. Ní raibh cead ag na
Caitliocaighibh sgoil ná fóghluim d'fhagháil, ná cead
múinteóir d'fhagháil le n-a múnadh ag baile. Fuair
na Caitliocaigh ordughadh a dhul go teampall na nGall
Domhnach is lá saoire. Duine ar bith nach ngéillfeadh
do'n dligheadh so bhí a cheann le cailleadh aige agus
duine ar bith a dhiúltóchadh a theacht go teampall na
nGall chuirfidhe cáin deich n-uaire níos truime air.
Chaith an obair seo dhá bhliadhain ar bun. Annsin
cuireadh feis ar bun san tír san mbliadhain 1617 agus
cuireadh an ridire Parsons mar uachdarán uirri.
Níorbh le leas a dhéanamh a cuireadh ar bun í, acht le
easbhaidh nó marach a fhagháil ar na tiodlaibh seilbhe a
bhí ag lucht na talmhan ar a ngabháltaisíbh. Budh gheárr


L. 2


ar an bhfeis fiadhnaise a bhaint amach le n-ar
dheimhnigheadar go mbudh leis an righ ó cheart leath-
mhilliún acra do thalamh chúigidh Uladh.



Ar fhágháil bháis do'n Rígh tháinig Cormac 'na dhiaidh
sa gcoróin agus bhí seisean go síorruidhe ar easbhaidh
airgid. B'iomdha gealladh maith a thug sé uaidh acht na
Gaedhil a thabhairt réir mhaith airgid dó. Gheall sé go
mbeadh cead ag na Caitliocaighibh an dligheadh a phlé
san gcúirt agus nach gcuirfidhe éileamh ar fhear ar bith
a mbeadh a chuid talmhan 'na sheilbh féin nó i seilbh a
shinnsear le trí fichid bliadhain. Mealladh na Gaedhil.
D'íocadar gála de'n airgead, acht níor thúisge sin
déanta aca ná cuireadh an dligheadh níos déine ná
riamh ar na sagartaibh agus ar na Caitliocaighibh nach
rachadh go dtí teampall na nGall. Sin a raibh aca de
bhárr a gcáirdis leis an rígh sanntach so. Ba hí sin
an bhliadhain 1628. Cúig bhliadhna 'na dhiaidh sin cuireadh
anall Stafford mar fhear ionaid le n-a chur 'na luighe
orra go raibh faoi'n rígh a ghealltamais a chóimhlíonadh.
Thugadar tuilleadh airgid dó — an rud a bhí uaidh — agus
annsin lasg leis go Connachtaibh le iarracht a thabhairt
ar an gcúigeadh sin a bhaint amach. Bhí sé ag gabháil
do na coisdíbh nó gur leigeadar orra go mbudh leis
an rígh Conndae Rosa Comáin, Sligeach agus Muigheó.
Sheas Gaillimh i n-a aghaidh. Mar gheall ar a mí-ghéilleadh
crochann sé leis lucht Choisde na Gaillimhe. Chuir i
bpríosún i mbaile na Gaillimhe iad. Chuir cáin 4,000
púnt an fear orra agus sa deireadh b'éigin dóibh-san
Gaillimh a thabhairt suas mar an gcéadna.



Bhí fios go gcaithfeadh an cogadh a theacht am eicínt
mar gheall ar an éagcóir a bhí ar bun agus thosuigh an
cogadh san mbliadhain 1641. Chaith sé aon bhliadhain
déag ar siubhal agus sa deireadh budh ag an nGall a
bhí an bhuaidh. Tugadh cath iongantach ag Beinn Bhuirb
i dTír Eoghain sa mbliadhain 1646. Budh é Eoghan
Ruadh Ó Néill a tháinig anall ó'n Spáinn i n-aon
turas a bhí mar uachtarán ar na Gaedhealaibh san
gcogadh. Budh chumhachtach an t-ár a rinneadar.
Mharbhuigheadar os cionn trí mile fear de'n námhaid


L. 3


agus níor chaill sé féin acht deichneabhar is trí fichid
do mharbhuigheadh agus dhá chéad a loiteadh. Dhá
n-éirigheadh leis na Gaedhealaibh a bheith ar aon intinn
an t-am so cé mar b'fheárr leis an gcogadh a chur ar
aghaidh, bheadh leó b'fhéidir, acht faríor, níor bh'fhéidir
leó réidhtiughadh le chéile agus i leabaidh a bheith go
dílis dúthrachtach dá chéile dóibh, ag fealladh agus ag
cliseadh ar a chéile seadh bhídís go minic. Go mí-áthasach
do b'in é an t-am go díreach ar tháinig “Cromail an
áir” anall, agus le críoch a chur ar an mí-ádh b'in í
an bhliadhain ar cailleadh Eoghan Ruadh sa Samhain 1649,
an t-aon fhear a mb'fhéidir leis a cheannsughadh agus a
smachtughadh.



II.
“Cromail na mallacht”; mar creachadh agus crádhadh
na Gaedhil le n-a linn; mar dhíbir sé na Cait-
liocaigh thar lear agus go Connachtaibh.



Chualamar go léir trácht ar “mhallacht Chromail.”
Ní hiongnadh an droch-mheas a bheith ag na Gaedhealaibh
ar a ainm. Ní raibh ann acht dearg-bhitheamhnach. Leig
sé air féin gur ag múnadh ciúinis agus críostamhlachta
do na Gaedhealaibh a bhí sé nuair a bhí sé ag tabhairt
gach sgiúirse agus pionnóis dá ghéire dhóibh. Ní raibh
uaidh ar theacht dó acht deireadh a chur leis na
Gaedhealaibh. Díoladh na mílte páisdí mar sglábhaidhthibh
le ceannachóiríbh as na hIndiachaibh Thiar, an áit a raibh
bás ó'n teas agus ó'n sglábhaidheacht i ndán dóibh go
luath. Tughadh ordughadh do gach duine nach raibh sásta
imtheacht leis as an tír glanadh leis thar an t-Sionainn
ar chroiceann a chluas nó go mbeadh a cheann le
cailleadh aige dá bhfághthaoi greim air tar éis an oiread
so laethannta. Deirtear 'sna cúnntais Ghaedhealacha
gur tugadh gan bhuidheachas sé mhíle buachaillí agus gur
cuireadh iad thar fairrge anonn ar na hIndiachaibh.
Meastar gur díbrigheadh ar fad tuairim céad míle


L. 4


duine as an tír. Sgaipeadh saighdiúirí ar fud na tíre
le na malraigh a bhaint amach agus a chrochadh leó le
láimh láidir. Nár bh'iomdha máthair bhocht a raibh a
croidhe briste brúighthe agus athair geanamhail a bhí go
dólásach ag sgaradh le n-a leanbh múirneach nach mbeadh
le feiceáil aca arís go deó na ndeór! Nár bh'iomdha
deór a shileadar, nár bh'iomdha trom-osnadh ó chroidhe
a leigeadar agus nár bh' úr-ghlas mar bhí cuimhne a
leinbh mhúirnigh 'na gcroidhthibh go ndeachadar faoi'n
bhfód!



Cuireadh fógra amach go mbeadh an ceann le cailleadh
ag gach sagart nach mbeadh glanta as an tír ar fad
i gcionn fiche lá; sagart ar bith a bhfuighfidhe greim
air tar a éis sin bhí an ceann le baint de agus gach
uile dhroch-úsáid le fhagháil ar an gcolainn féin. Bhí
gach duine a bhéarfadh fasgadh ná dídean do shagart le
cur chum báis agus bhí gach ar bhain leis le baint amach;
bhí droch-úsáid le tabhairt do gach duine a mbeadh fios
aige cá raibh sagart acht nach n-innseóchadh é agus
ceapadh cúig phúnt mar luach saothair d'aon duine a
bhéarfadh i láthair ceann sagairt.



D'imthigh na daoine go caointeach cráidhte agus
thugadar aghaidh ar Chonnachtaibh. Bhí gáir agus glór
an chaointe le cloisint ar fud na hÉireann, na Gaedhil
ag imtheacht ó na tighthibh agus na talta a bhí le céadtaibh
bliadhain i seilbh a sinnsear le bheith feasta i seilbh a
gcreachadóra, an Sasanach. Ceapadh Cúigeadh Chonnacht
dóibh mar áit chómhnuidhthe, ó thárla go raibh an fhairrge
agus an tSionainn beagnach thart thimcheall na háite
ar nós oileáin. Do hosduigheadh do na Gaedhealaibh
gan a dhul níos goire ná cheithre mhíle do'n fhairrge ar
aon taobh agus gan a dhul isteach i n-aon bhaile nó go
gcuirfidhe chum báis iad.



D'imthigh na fir throda beagnach go léir as an tír
agus chuaidh go trom-chroidhtheach cráidhte do'n Eoraip.
B'fheárr leó an domhan mór a shiubhal agus a bheith i
ndíbirt ó na dtírín dúthchais ná bheith faoi chreachadh agus
faoi dhaorsacht innte. Chuaidh deich míle i n-arm na
Spáinne agus cúig mhíle i n-arm na bPólach. D'imthigh


L. 5


ar fad 34,000 ar an mbealach so as an tír ó 1651 go
dtí 1664, agus ba bheag duine dhíobh a chas ar ais go lá
a bháis ar Éirinn.



Roinneadh amach an talamh agus mar nach raibh Gaill
a sáith aca le cur isteach i n-áit na nGaedheal tugadh
cuireadh do Phrotasdúinibh as an Tír-fó-Thuinn a theacht
agus cur fútha i n-Éirinn agus tháinig a lán Sasanach
as an Oileán Úr agus shocruigheadar i gCúigeadh
Mumhan. Is léir nach raibh faoi na Sasanachaibh acht
Éire dhéanamh Sasanach in gach rud agus ar gach bealach.
Mar dubhras cheana, d'imthigh go leór dhíobh nár imthigh acht
a thug na sléibhte amach orra fhéin agus a tharraing go
minic 'na dhiaidh sin claidheamh ar son a dtíre agus
a gcreidimh. “Tories” (.i. tóraidhthe) a tugadh orra
an t-am úd. Níor chaith Cromail acht seal geárr san
tír, acht dá ghiorra é, b'iomdha gníomh cosgrach mí-
thrócaireach a rinne sé. Mharbhuigh sé fir agus mná
agus páisdí chomh maith le chéile agus maidir le truagh
ná coinsias ní rabhadar ann.



III.



Mar d'éirigh na Sasanaigh i n-aghaidh Ríogh Séamus.
Mar chuidigh na Gaedhil leis i n-aghaidh Uillím.
Briseadh na Bóinne. Cladhairigheacht Shéamuis.



Ar fhágháil bháis don Rígh Séarlus sa mbliadhain 1685
rinneadh rí dá dhearbhráthair Séamus. Bhí Séamus 'na
Chaitliocach agus mar gheall air sin bhí na Protasdúin
i n-a aghaidh go dian. Bhí faoi ó thús na Caitliocaigh a
shaoradh ó'n sgiúirse agus ó'n daorsacht a bhí orra le
fada. B'in rud nach mbeadh aon ghlacadh leis i Sasana.
Ní bheadh aon rí i n-an' a sásughadh acht rí a bheadh ar
aon intinn leó féin.



Cé an t-iongnadh gur mhór é dóchas na gCaitliocach
as Rí Séamus, an fear a bhí geallta ar a dhícheall a


L. 6


dhéanamh le n-a saoradh? Bhí áthas agus aoibhneas ar
fud na tíre 'na measg. Tosuigheadh arís ar altughadh
a thabhairt do Dhia os cómhair an Oireachtais. D'imthigh
le na sagairt amach ar fud na tíre i lár an lae
ghléigil mar ghníodh i bhfad ó shoin. Mar gheall air seo
d'éirigh mí-shástuigheacht mhór imeasg na bProtasdún i
Sasana agus i n-Éirinn agus bhíodar ar buile mar
gheall ar cháirdeas an ríogh leis na Caitliocaighibh.
Acht bhí súil aca go bhfuigheadh sé bás go luath gan aon
mhac a bheith aige le bheith 'na rígh 'na dhiaidh. Acht
níor bh'amhlaidh a thárla, mar rugadh mac dó, agus
chuir sin na Sasanaigh ar buile ar fad. Mar sin
d'éirigheadar mí-dhílis don Rígh agus chuir cogadh ar
bun i n-a aghaidh. Chuireadar fios ar Lochlannaigh,
Danair agus Franncaigh a bhí i n-aghaidh na gCaitliocach
le cuidiughadh leó i n-a aghaidh. Thairgeadar coróin
Shasana do fhlaith as an Tír-fó-Thuinn acht a theacht le
troid i n-aghaidh Shéamuis, a athair céile féin.



Tháinig sé anall sa mbliadhain 1688 le chabhlach láidir
agus cúig mhíle déag fear. Theich Séamus do'n
Fhrainnc le faitchíos agus tháinig i dtír ann faoi
Nodlaig an bhliadhain sin. D'imthigh an bhainríoghan agus
a mhac i ngan fhios sgathamh roimhe sin.



Mar dubhras cheana, bhí Éire go dílis ar thaobh
Shéamuis agus d'ullmhuigh le cuidiughadh leis, acht bhí
Sasana agus Alba go láidir i n-a aghaidh. Bhí na Gaill
i n-Éirinnn, ar ndóigh, i n-a aghaidh freisin. Thosuigh na
Caitliocaigh ag bailiughadh le chéile le troid ar a shon,
acht mar nach rabhadar oilte ar ghléas cogaidh le fada
ní raibh goir aca seasamh i gcogadh i n-aghaidh shaighdiúir
Uillím — an flaith thar lear — a bhí i gcómhnuidhe
cleachtach ó n-a n-óige ar chogadh agus gach ar bhain dó.
Ó aimsir Chromail ní raibh (mar tá fhios againn) cead
ag aon Chaitliocach gléas troda a bheith 'na sheilbh.
Chuir na Protasdúin sgéala amach gur le iad féin a
dhúnmharbhadh a bhí na Caitliocaigh ag ullmhughadh i n-ionad
cuidiughadh le Séamus.



Budh é Riostárd Talbóid, Iarla Thíre Conaill, a bhí
ag oibriughadh mar thaoiseach ar son Shéamuis i n-Éirinn.


L. 7


Bhí sé ag gabháil don Rígh go deó gur chuir sé faoi
ndeara dhó a theacht anall go hÉirinn leis an tír sin
a chongbháil 'na sheilbh, dá mbadh rud é go gcaillfeadh
sé Sasana. Tháinig sé anall le os cionn míle saighdiúr
san Márta. Fearadh na mílte fáilte roimhe ar feadh an
bhealaigh ó Cheann Sáile go Baile Átha Cliath.



Budh é an rud budh mheasa de'n sgéal anois nach
raibh na hairm ag na Gaedhealaibh i gcómhair na troda
mar theastuigh. Bhí gach rud ag na Protasdúin, mar
le leath-chéad bliadhain bhí cead aca do réir dlíghidh
airm a dhéanamh, rud nach raibh ag na Caitliocaighibh.



Tháinig arm láidir anall go hÉirinn le deich mhíle
fear agus tháinig i dtír ag Beannchar i gConndae an
Dúin an dara lá déag de Lughnasadh, 1689. Budh é
an Diúca Schomberg a bhí 'na thaoiseach orra. Sa
samhradh a bhí chugat shocruigh Uilliam tosughadh ar an
gcogadh i gceart. Budh é féin an t-árd-thaoiseach ar
an arm. Shocruigh sé i mBéal Feirste agus chomh maith
le dhá fhichead míle fear aige. Ar chloisint do Shéamas
go raibh sé ag teacht, d'imthigh leis i n-a aghaidh le cúig
mhíle déag fear. Shocruigh sé féin agus a chuid fear
ag béal na Bóinne le Baile Átha Cliath agus Cúige
Laighean a choimeád, dá mb'fhéidir é. Acht ní raibh aon
ghoir aige seasamh i n-aghaidh Uillím agus buaileadh é,
ar ndóigh, sa deireadh.



Bhí Séamus agus a chuid fear ar thaobh de'n abhainn
agus Uilliam ar an taobh eile. Ní raibh ó Uilliam acht
é féin agus a chuid fear a bheith thar an abhainn aon
uair amháin agus bheadh leó, agus ní raibh ó Shéamus
acht gan a leigean treasna. Budh é an rud budh
mheasa de'n sgéal ag Séamus nach raibh gunnaí móra
aige le hoibriughadh ar theacht treasna do'n námhaid,
agus os cionn leath-chéad dhíobh aca-san.



Le gealadh an lae ar maidin Dia Máirt an chéad
lá de Iúl, 1690, bhí gach rud ullmhuighthe amach i
gcómhair an chatha uathbhásaigh iongantaigh a bhí le tabhairt
eatorra. Budh é an “glas” a bhí i n-áirde ag arm
Uillím agus an “geal” ag arm Shéamuis. Chuir
Uilliam deich míle fear faoi cheannas na dtaoiseach


L. 8


Dubhghlas agus Schomberg le seilbh a fhagháil ar an
droichead ag Slánaighe agus tar a éis sin le dul
treasna na habhann. Bhí ceaptha aige do'n arm capall
an abhainn a threasnughadh ag Ros na Ríogh le tabhairt
faoi arm Shéamuis ar an taobh eile. Bhí an ridire Niall
Ó Néill rómpa ag Séamus agus thug cath dóibh ar
feadh uaire an chluig, acht loiteadh go marbhthach é féin
agus d'éirigh leó a dhul treasna, acht níor thúisge
treasna iad ná tháinig buidhean ó Shéamus faoi cheannas
Langan. Shocruigheadar ar thaobh cnuic agus bograch
idir iad féin agus an námhaid. Mar sin níor leig
faitchíos do'n námhaid tabhairt fútha dá mhéid dá raibh
aca ann, agus chuireadar fios ar thuilleadh cabhrach a
tháinig chuca gan mhoill.



Ar fhagháil sgéala do Schomberg (an t-athair) go
raibh an t-achrann ar bun idir na Gaedhealaibh agus
buidhean Dhubhghlaise agus a mhic, d'orduigh sé dá chuid
fear féin a dhul treasna ag an Seandroichead. Mar
sin thosuigh orra agus anonn leó agus leath-chéad
gunna mór aca ag síor-chaitheamh leis na Gaedhealaibh
agus dá gcosaint féin. D'éirigh leó an bealach a
dhéanamh réidh go leór — deich míle de na fearaibh troda
a b'fheárr a b'fhéidir fhagháil, b'fhéidir, an t-am sin
san Eoraip. Thug na Gaedhil a dó nó a trí d'iarrachtaíbh
ar a gcur ar gcúl acht chinn orra. Ní raibh aon ghoir
aca ar na fearaibh troda oilte cleachtacha a bhí 'na
n-aghaidh. Acht budh ghairid go dtug Hamilton agus
arm capall na nGaedheal ionnsuighe fútha. Ruaig ar
ais dhá bhuidhin, rinne sladadh mór agus mharbhuigh
Calimote, árd-thaoiseach chinn de na buidheantaibh.



Ar fheicsint do Schomberg an t-ár a bhí 'ghá dhéanamh
ag an arm capall agus ar chloisint dó go raibh
Calimote marbh, d'imthigh go fíochmhar árd-mhisneamhail
chum na nGaedheal. D'fhuagair orra so dá arm a bhí
ag rith le na n-anamnachaibh seasamh acht níor bhaileach
an chómhairle tugtha aige ná sgubadh an ceann de le
buille agus urchar i n-aoinfheacht ó'n taoiseach Thíre
Chonaill a tháinig le n-a arm capall go tobann.



Bhí Uilliam ag feitheamh go neamhfhoighdeach le sgéala


L. 9


cé mar d'éirigh le Schomberg. Ar chloisint dó cé
mar thárla d'fhuagair dá chuid fear (5,000) a
leanamhaint. Lean, agus budh gheárr orra a dhul treasna
na habhann. Ar an bpointe 's a bhfuair sé thall é
féin rith agus d'ionnsuigh na Gaedhil. Bhí sé féin agus
na Gaedhil ag déanamh ar a chéile i n-aoinfheacht acht
budh gheárr go raibh sé 'na ghlaodhach ag na Gaedhil mar
gur bhaineadar tuairt as an námhaid agus go dtugadar
ruagadh dóibh arís. Tháinig an námhaid le chéile an dara
huair agus thug iarracht eile gan mhaith. An tríomhadh
huair agus thug Uilliam a chuid fear 'na chéile. Thug
iarracht láidir dhána eile, acht cuireadh ar gcúl é féin
agus a chuid fear arís. Lean na Gaedhil 'na ndiaidh
agus dhearmad aon bhealach amháin a chongbháil 'na seilbh,
agus ar theacht ar ais dóibh bhí tuilleadh de'n námhaid
rómpa ar gach taobh 'san mbealach so, ag sgaoileadh
fútha nó gur cuireadh rith is ruaigeadh ar na Gaedhealaibh
thréana, acht b'fhada uatha an mhuinghin a chailleadh fós.



Budh é seo an t-am ar chaill Séamus an misneach
agus ar lasg leis le n-a anam a shábháil go Baile Átha
Cliath. Chroch leis an Sáirséalach tréan, an taoiseach,
agus a bhuidhean le n-a chumhdach ar an mbealach.
Caithfear a rádh gur mhór í fearg an tSáirséalaigh mar
gheall air seo. Tháinig Séamus go Baile Átha Cliath
tráthnóna an lae sin. Chomhairligh sé gan aon troid a
chongbháil ar bun ní b'fhuide acht socrughadh a dhéanamh.
Ghluais leis go Cill Mhantáin ar maidin lá'r n-a mhárach,
as sin go Ceann Sáile agus thug an Fhrainc anonn air
féin — áit a shroich sé an ficheadh lá de Iúl:



Cé go ndeachaidh arm Uillím thar an mBóinn, budh
bheag eile de ghnóthachtáil a rinneadar an lá úd.
Chaill sé féin beagnach an oiread daoine 'sa gcath le
Séamus a chlis chomh dona agus chomh cladhaireamhail ar
a chuid fear sa deireadh.



Ar theacht do na Gaedhealaibh go Baile Átha Cliath
fuaireadar sgéala go raibh Séamus imthighthe agus
annsin 'seadh thuigeadar i gceart cé an cladhaire a
bhí 'san té a rabhadar chomh dílis ag troid ar a shon.
Acht imthighthe nó gan a bheith imthighthe dhó bhí orra anois


L. 10


troid ar son a dtíre agus b'in é a shocruigheadar a
dhéanamh. Mar sin gluaiseann leó go Luimneach agus
go Béal Átha Luain. Bhí deagh-Ghaedheal cródha os cionn
Bhéil Átha Luain an t-am so dar bh'ainm Riostárd
De Grás. Chuir Uilliam dhá mhíle déag fear le seilbh
an bhaile a ghabháil agus Dubhghlas mar thaoiseach orra.
Bhí Béal Átha Luain an t-am so 'na dhá bhaile, leath dhe
ar an taobh thiar de'n abhainn ar a dtugtaoi “An
Baile Gaedhealach” agus an leath eile ar an taobh
thoir ar a dtugtaoi “An Baile Gallda.” Ar thaobh
na nGaedheal 'seadh bhí an sean-chaisleán agus na
gunnaí. Dhóigh agus leag De Grás “An Baile
Gallda” go talamh, bhris sé an droichead agus chuir
gach rud ar a thaobh féin i ndeagh-threó le troid a
thabhairt uaidh do na Sasanaighibh a bhí ag déanamh air ó
Bhaile Átha Cliath. An seachtmhadh lá déag tháinig
Dubhghlas go Béal Átha Luain. D'iarr an baile a
thabhairt suas dó féin, acht gealladh troid a thabhairt
dó 'na leabaidh. Chaitheadar seachtmhain ag sgaoileadh
urchar le chéile agus annsin chualaidh Dubhghlas go raibh
an Sáirséalach ag teacht air ó Luimneach. Chaill a
mhisneach agus imthigheann leis féin agus a dheich mhíle
fear ó Bhéal Átha Luain.



IV.



An troid ag Luimneach agus Béal Átha Luain. An
Sáirséalach.



Ghluais Uilliam leis le Luimneach a bhaint amach agus
ocht míle fichead fear aige. Tháinig Dubhghlas faitchioch
freisin le n-a dheich míle fear féin le cuidiughadh leis.
Ní raibh de na Gaedhealaibh 'san mbaile acht tuairim
deich míle agus bhí ceithre mhíle eile taobh thall de'n
abhainn i gConndae an Chláir. D'iarr Uilliam ar theacht
dó an baile a thabhairt suas dó, acht ní raibh maith dhó
ann. Bhí rún ag an Sáirséalach troid a thabhairt dó.
Cheap Tír Chonaill, Lauzan, agus tuilleadh nach mbeadh


L. 11


goir aca an baile a chosaint agus d'imthigh leó le
gach ar fhéadadar de bhiadh agus d'arm go Gaillimh.
Acht cé gur mhór a chuaidh so orra níor bhain sé an
misneach asta so a d'fhan, agus thosuigh ar an gcathair
a chur faoi réir i gcómhair an chatha. Budh é an
Frannchach De Boisseleau a bhí 'na thaoiseach ar an
mbaile agus an Sáirséalach os cionn an airm capall
ar thaobh Chonndae an Chláir de'n abhainn le gan an
námhaid a leigean treasna. Chuidigh gach duine go
dtí amháin na mná agus na páisdí le De Boisseleau
leis an ullmhughadh i gcómhair na troda. Thosuigh an
námhaid ag caitheamh na n-urchar isteach, acht ní raibh
aca acht malairt, agus i leabaidh a chéile bhí droch-bhail
dá chur ar na Sasanaighibh. Acht níor cheap Uilliam
gur chall dó aon deifir a bheith air, mar go raibh arm,
biadh agus cabhair mhór ag teacht chuige ó Phortláirge
le n-a raibh súil aige an lá a bhí chugat. Fuair an
Sáirséalach leide air seo agus níor leis do b'fhaillighe
é. D'imthigh leis de shiubhal oidhche dorcha le cuid dá
chuid fear. Bhí na námhaid socruighthe síos ar a
suaimhneas nuair a tháinig an Sáirséalach agus bhí an
t-arm go léir acht amháin an lucht faire 'na gcodladh.
D'airigh duine aca na daoine ag déanamh chuca acht le
iompódh do bhoise bhí an lucht faire dá leagadh agus
an t-ár tosuighthe. Músgluigheadh go tobann na
saighdiúir, acht budh gheárr ar an Sáirséalach agus a
chuid fear ambasgadh agus a ruaigeadh. Gabhadh na
hairm, an púdar, agus gach a raibh aca le haghaidh
Uillím. Rinneadh aon chárnán mhór amháin dhíobh go
léir annsin, annsin cuireadh é trí lasadh nó nár fágadh
ann go léir acht aon mheall dóighte briste mí-úsáideach
amháin. Ghluais leis an Sáirséalach ar ais. Bhí fios ag
na Sasanaighibh go raibh an gníomh déanta agus bhí
'fhios aca nach raibh fear a dhéanta ann acht an t-aon
fhear amháin. Cuireadh amach buidhean roimhe ar theacht
ar ais dó, le gan a leigean isteach go Luimneach,
acht dheamhan maith a bhí dhóibh ann. Tháinig sé dá
mbuidheachas. Bhí greann agus áthas agus aoibhneas
'sa mbaile roimhe. Sgaoileadh urchair as na gunnaíbh


L. 12


móra i n-onóir dó ar son an ghnímh iongantaigh a bhí
sé tar éis a dhéanamh, agus gan bhréig dob' iongantach
agus budh chliste an gníomh é.



Acht budh gheárr go raibh cabhair tagtha chuige Uilliam
an dara huair. Tosuigheadh ag sgaoileadh na n-urchair
isteach ar fud an bhaile. Budh mhian leis an Sáirséalach
na mná agus na páisdí a chur amach ar an gcúlráid
acht ní bheadh aon ghlacadh ag na mnáibh tréana leis.
Dubhradar go seasfaidís agus go dtroidfidís le taobh
a bhfear ar son a mbaile agus a dtíre dúthchais. Agus
dob' é sin go díreach a rinneadar. B'iongantach mar
bhí gach rud feistighthe amach agus faoi réir i Luimneach
ag na Gaedhil an lá úd. Easbaidh bídh an rud budh
mheasa a bhí ag gabháil dóibh, acht nár bheag aca sin i
gcomórtas le saorsacht nó daorsacht a dtíre?
Tugadh cath dian. 'Sa deireadh d'éirigh leis na námhaid
a dhul thar bhallaíbh an bhaile mhóir, acht bhí claiseacha
geárrtha taobh istigh agus gunnaí móra socruighthe ar
gach taobh a rinne marbhughadh millteach orra. Acht
níor chuir sin cosg leó agus phléasgadar 'sa deireadh
isteach ar fud an bhaile. Ar chloisint go raibh an
námhaid 'sa mbaile d'éirigh muinnntir na cathrach le
gach cineál airm budh túisge aca gur chuireadar ruaig
agus díbirt orra ar ais. Chaith troid ar bun ar feadh
trí huaire, agus 'sa deireadh nuair a bhí an námhaid
go docht 'na seasamh i n-aghaidh na nGaedheal agus iad
beagnach ruaigthe amach 'seadh le gunnaíbh a bhí faoi
thalamh i ngan-fhios ag an Gaedhil. Cuireadh ósbuidéal
na námhad trí lasadh agus d'a mhéad dá raibh na
Gaedhil corruighthe ag an achrann 'na dhiaidh sin thugadar
aire agus fóirthin dóibh agus níor chaitheadar urchar go
ndeárnadar a mb'fhéidir leó leis an námhaid a shábháil.
Sin gníomh nach cóir go ndéanfaidhe dearmad air go
deó i stair na tíre.


L. 13


V.



Mar sheas na Gaedhil ag Áth Luain. Teacht St. Ruth.
Mar chaill na Gaedhil an baile.



Bhí Séamus ag gabháil do rígh na Fraince nó gur
chuir sé faoi dara dhó cabhlach a chur anall leis na
Francaigh a thabhairt ar ais. Cuireadh anall an cabhlach,
agus tugadh ar ais ó Ghaillimh iad so a theich go dtí
an chathair sin as Luimneach. Acht chuaidh Iarla Thíre
Chonaill do'n Fhrainc ag éileamh cabhrach, agus gealladh
sin dó. Mar sin tháinig sé go haoibhneach ar ais leis
an déagh-sgéala. Ar a hochtmhadh lá de Bhealtaine,
1691, tháinig cabhlach láidir isteach béal na Sionna
le airm, biadh, agus éadach, acht gan aon fhir troda.
San gcabhlach tháinig Francach tréan misneamhail
díograsach dar bh'ainm St. Ruth mar thaoiseach os
cionn an airm. Ní móide gurbh' é leas na hÉireann
gur cuireadh é os cionn an tSáirséalaigh. Níor bh'
iongnadh dá mbeadh an Sáirséalach beagán mí-shásta
agus eadmhar acht níor leig sé sin air féin. Chuir sé
Éire agus a saorsacht os cionn gach uile nídh, agus ní
raibh uaidh acht cion fir a dhéanamh ar a son.



Ghluais le arm Uillím agus rinne ar Bhéal Átha Luain
faoi smacht na dtaoiseach Ginckle, Talmash agus
Mac Aodha. Ar an mbealach casadh lucht conganta
orra agus shroicheadar go léir an baile an 19adh de
Bhealtaine. Budh é an taoiseach Mac Gearailt a bhí
os cionn an bhaile an tráth so agus fuair sé ordughadh
ó St. Ruth an baile go léir a chosaint agus go
mbeadh sé féin chuige le cabhair ó Luimneach chomh luath
's b'fhéidir leis é. Throid Mac Gearailt agus a chuid
fear ag cosaint an bhaile ar feadh dhá oidhche agus dhá
lá gan sgur agus gan aige ó thús acht trí chéad go
leith i n-aghaidh os cionn cheithre mhíle de'n námhaid.
Bhí an námhaid ag gnóthachtáil sa deireadh, agus tháinig
isteach thar bhallaíbh na cathrach. San troid a tugadh
eatorra ar a bheith ag déanamh isteach dóibh marbhuigheadh
dhá chéad de na Gaedhealaibh. Bhí na Gaedhil dá
mbualadh. Bhí an droichead ar a gcúl agus 'sé rud


L. 14


a bhí uatha an droichead a leagan sul mar bheadh an
námhaid go dtí é. Sheasadar go daingean láidir ag
ceann an droichid ullmhuighthe ar a n-anamnacha a
chailleadh sul leigfidís an námhaid thar an droichead.
Tráth a raibh siad-san ag troid bhí tuilleadh dá mbuidhin
go dúthrachtach ag oibriughadh ag briseadh agus ag
réabadh an droichid ar a gcúl. Budh mhaith a bhí fhios
ag an námhaid cé rud a bhí ar siubhal, acht níor bh'fhéidir
leó na Gaedhil a chur as an mbealach. Bhíodar chomh
daingean le carraigreachaibh 'na n-aghaidh. Sa deireadh
thuit cuid de'n droichead. Ar thuitim dó d'éirigh leis
na Gaedhealaibh go léir acht aon bhuidhean bheag amháin
a bheith ar an taobh slán de'n abhainn, acht tráth a raibh
an droichead tuitthe, fuair siad-san iad féin ar thaobh
na Sasanach de'n droichead agus gan goir aca acht
a gcáirde ar an taobh eile a shroichint. Ní raibh
móiméad le cailleadh. Bhí an námhaid go mí-thrócaireach
ag deanamh orra. Ní dheárnadar acht iad féin a
chaitheamh síos san uisge. Sgaoileadh na hurchair leó
acht shnámhadar isteach slán go dtí n-a gcáirde Gaedheal
ar an taobh eile. Bhí “An Baile Gallda” anois i
seilbh na Sasanach acht bhí “An Baile Gaedhealach” fós
i seilbh na nGaedheal agus an droichead briste idir an
dá chuid de'n chathair. Ar theacht do St. Ruth seo
mar bhí an sgéal. D'ullmhuigh sé gach rud leis an
mBaile Gaedhealach a chosaint. Seacht lá fada samhraidh
a chaith na Sasanaigh ag iarraidh an baile a bhaint amach.
Sa deireadh ní raibh acht na forracha 'na seasamh ag na
hurchair. Le sgéal geárr a dhéanamh dhe d'éirigh leis
an námhaid saltracha a chur treasna os cionn na
habhann san áit a raibh an droichead briste, agus bhí
fhios ag na Gaedheal anois go mbainfidhe amach an baile
mara leagtaoi an droichead ádhmaid seo.



D'éirigh fear dar bh'ainm Custume amach agus
dubhairt leis an Gaedhealaibh:



“An bhfuil deichneabhar annso a d'fhulaingeochas bás
liom-sa ar son na hÉireann?”



“Tá!” arsa céad guth i n-éinfheacht.



“Má tá,” ar seisean, “caithfear an droichead
ádhmaid a leagan agus Béal Átha Luain a shábháil!”


L. 15


Amach leó le tuaghanna, piocóideacha agus gach gléas
briste eile a b'fhéidir leó fhagháil acht bhíodar go léir
sínte mín marbh tollta le hurchair ó'n taobh eile de'n
abhainn sul mar bhí acht beágan de'n droichead briste
aca.



Amach le haon fhear déag eile ag briseadh agus ag
réabadh agus ag troid san am céadna. Sgaoileadh
na hurchair, agus tráth ar sgaip an deatach bhí naonbhar
marbh, beirt beó, an droichead ádhmaid briste, agus
“An Baile Gaedhealach” sábháilte. Tugadh iarracht
láidir eile ar an mbaile a bhaint amach acht buaileadh
an námhaid arís.



“Tá linn anois!” arsa St. Ruth, “iarracht eile
ní'l ionnta a thabhairt. Tá an baile 'nar seilbh, agus
beidh siamsa agus greann againn anocht.”



Bhí droch-mhisneach mór ag gabháil do na Sasanaigh.
Ní raibh fios aca cé b'fheárr iarracht eile a thabhairt
nó gan a thabhairt. Sa deireadh cheapadar — glic go
leór — nach raibh rud ar bith a b'fhearr a dhéanamh ná
iarracht a thabhairt an oidhche chéadna sin nuair a
mheasadar gan aon tsúil a bheith ag na Gaedhil leó.
B'in é go díreach a rinneadar. Chuir an t-oifigeach a
bhí ag faire do na Gaedhil sgéala chuige St. Ruth
go raibh an námhaid ar tí iarracht a thabhairt agus ní
chreidfeadh sé é. Bhí an Sáirséalach sa láthair. D'iarr
sé ar St. Ruth ullmhughadh go beó agus dhul ar ais
'ó'n “Siamsa” acht ní raibh le fagháil aige acht ais-
fhreagra.



An fhad is bhí na Gaedhil mar so ag díosbóireacht
le chéile bhí na Sasanaigh ag teacht treasna, agus bhí
an baile bainte amach aca sul mar bhí na Gaedhil faoi
réir le n-a dtroid. Thug an méid a d'fhan gan a bheith
ag an “Siamsa” troid uatha, acht ní raibh aon ghoir
aca ar an námhaid. Imeasg na ndaoine a marbhuigheadh
bhí an sean-Ghaedheal cródha Riostárd De Grás a thuit
san troid i n-aois a dheich 'gus ceithre fichid.



Sin mar chaill na Gaedhil Béal Átha Luain leis an
neamhshuim tar éis é bheith 'na seilbh do bhuidheachas an
tSasanaigh.


L. 16


VI.



Cath Eachdhroma. Socrughadh Luimnighe, agus mar
briseadh é. Teacht na bhFranncach.



Thar éis Béal Átha Luain a chailleadh ghluais le St.
Ruth go Béal Átha na Sluagh le Ginckle a throid a bhí
ag déanamh ar Ghaillimh a bhí i seilbh na nGaedheal.
Shocruigh sé an t-arm ag Eachdhruim i gcómhair an chatha
agus thasbáin gach socrughadh agus ullmhughadh dá
ndeárnaidh sé go mbudh cruinn fad-bhreathnuightheach
géar-inntleach lán-smaointeach an taoiseach é. Acht cé
go raibh gach uile rud ullmhuighthe aige go hiongantach
níor innis sé d'aon duine cé mar bhí faoi an cath a
throid agus b'in é a chaill do na Gaedhil é.



Chuir sé i n-áit áirithe an Sáirséalach agus d'orduigh
dhó gan corrughadh as gan a chead féin agus níor innis
sé dhó acht an oiread le fear ar bith eile aon
tsocrughadh dá raibh déanta aige. Tugadh an cath ar
maidin an dara lá déag de Iúl, 1691. Bhí tuairim
cúig mhíle déag fear ag na Gaedhil agus idir 20,000
agus 25,000 ag na Sasanaigh. Bhí na Gaedhil ag buadhadh
ó thús an chatha ag feabhas an tsocruighthe a bhí déanta
ag St. Ruth roimh ré. Acht thárla dó nó trí de rudaíbh
mí-áthasacha do na Gaedhil mar sin féin. Níor fheil na
hurchair a bhí ag na fearaibh troda a bhí ag cosaint an
chaisleáin ag Eachdhruim na gunnaí agus mar sin níor
bh'fhéidir leó aon bhacadh a bhaint as an námhaid a casadh
a dtaobh féin de pháirc an chatha, agus mealladh buidhean
eile as a n-áit féin a d'fhéadfadh a mbacadh.



Acht níor chuir sin aon droch-mhisneach ar St. Ruth,
mar bhí sé cinnte dearbhtha go n-éireóchadh leis go geal.
Budh shoiléir, dar leis, go gcaithfeadh an bhuadh a bheith
aige sa deireadh. Amach leis ar an gcnoc go
mórdhálach ag fógairt go raibh an námhaid buailte
agus nach raibh anois acht a ruaigeadh rómpa go Baile
Átha Cliath. “Anois,” ar seisean, “a chairde, tugtar
fútha é!” Acht níor bhaileach na focla as a bhéal ná
cloiseadh an sgread chráidhte ó na Gaedhil. Bhain
sgannradh do gach duine, agus ar fhéachaint thart ní


L. 17


raibh le feiceáil acht colann St. Ruth — bhí an ceann
sguabtha dhe ag urchar ó ghunna Sasanaigh.



Níor bh'iongnadh na Gaedhil a bheith sgannruighthe agus
gur thosuigh ag sgaipeadh. Ní raibh fios cé dhe a
ndéanfhaidhe taoiseach, bhí an Sáirséalach ar an taobh
eile de'n pháirc gan fios cé rud a thárla ná fios cé
na socruighthe a bhí déanta roimh ré ag an taoiseach.
Thug na Sasanaigh faoi deara go raibh rud éigin bun
os cionn agus ag cur mí-shuaimhnis ar na Gaedhil, agus
cé go rabhadar ar thob a bheith buailte cheapadar go
mb'fhearr mór-iarracht eile a thabhairt. Thug agus
d'éirigh leó. Throid go leór de na Gaedhil gan fhios
nach raibh St. Ruth ag troid 'na measg. Chaith an
troid trí huaire ar siubhal tar éis St. Ruth a mharbhadh.
Acht cuireadh sgaipeadh agus ruaigeadh ar na Gaedhil.
Níor fágadh Éireannach ar tháinigtheas suas leis gan
marbhughadh. Tá áit le feiceáil go dtí an lá tá indiu
ann a dtugtar “Gleann na Fola” mar ainm air,
mar gur marbhuigheadh ann dhá bhuidhin de na Gaedhil
de shiubhal na hoidhche. B'éigean do'n tSáirséalach
teicheadh leis an arm capall nuair a thosuigh an ruaig.
Chaill na Sasanaigh 3,000 agus na Gaedhil 4,000 san
gcath. Ní raibh trócaire le fagháil ag aon Éireannach
a dtiocfaidhe suas leis. Na Gaedhil loitthe nár
dúnmharbhuigheadh fágadh iad le bás d'fhagháil ó'n bpéin
agus ó'n ocras. Budh bheag duine aca a cuireadh
agus sa deireadh ní raibh acht na cnámha le fagháil
sgaipthe ar fud na háite. Deirtear gur chaith madadh
ar feadh leath-bhliadhna ag cumhdach cuirp a mháighisteara
a marbhuigheadh sa gcath, agus ar feadh na haimsire sin
nár leig sé duine ná beithidheach i n-a aice. Sa deireadh
bhí saighdiúr Sasanach ag gabháil an bhealaigh i ngar dó,
agus d'ionnnsuigh an madadh é, ag ceapadh go raibh sé
ag dul ag corrughadh cnámh a mháighisteara, acht chaith
an saighdiúr an madadh bocht dílis agus chuir críoch le
n-a chuid cúraim.



Ní móide go bhfuil sgéal eile i stair ar dtíre is
dólásaighe agus is cráidhte le léigheadh agus is mó
a chuirfeadh dólás ar chroidhe Éireannaigh ná cunntas an


L. 18


dunmharbhuighthe a rinneadh ar na Gaedhil thréana ag
Eachdhruim sa mbliadhain 1691. Budh é sin an cath mór
deireannach a tugadh ar bháintibh Fáil i n-aghaidh na
gCaitliocach agus na bProtasdún. Thug Gaillimh
suas deich lá tar a éis sin, agus Sligeach mar an
gcéadna. Ní raibh ag an Sáirséalach le déanamh anois
acht gach ar fhan aige a thabhairt leis go Luimneach.
Thug agus chaith ceithre seachtmhainí ag tabhairt troda
do Ginckle. Ba mhaith a bhí fhios ag Ginckle nach
gclaonfadh na Gaedhil go bráth go gcinnfeadh orra.
Bhí fios aige go mbeadh sé cruaidh aige féin an chathair
a bhaint amach. Bhí faitchíos air go mbuailfeadh
breóiteacht a arm agus freisin bhí sé ag éirighe gann
i mbiadh. Mar sin ní raibh aige acht féachaint le
sochrughadh a dhéanamh leis an Sáirséalach. Rinneadh
an socrughadh. Gealladh saorsacht do na Caitliocaighibh.
Gealladh a gcuid talmhan dóibh agus tugadh cead do
na saighdiúir an chathair a fhágháil le bratacha i n-áirde
agus tugadh a roghain dóibh a dhul i n-arm na Sasanach
nó i n-arm ar bith budh mhaith leó i roinn na hEorpa
dá dtoil féin. Ní raibh go leór leór de na saighdiúir
sásta ar chor ar bith cur suas de'n achrann ar an
mbealach so ná glacadh leis an socrughadh, agus budh
trom-chroidhtheach buadhartha brónach iad ar chloisint dóibh
go raibh an cath thart agus gan an tsaorsacht ar
fágháil. B'iomdha duine a bhris a ghléas troda ar
fhagháil an sgéala dhó.



Rinneadh an socrughadh so an treas lá de mhí Dheiridh
Fóghmhair, 1691. Tá cloch mhór 'na seasamh i Luimneach
fós le feicsint ag fearaibh Fáil. Níor bhaileach a bhí
an socrughadh déanta ná tháinig cabhlach láidir le trí
mhíle saighdiúr agus airm le haghaidh deich míle isteach
béal an Sionna le cuidiughadh leis na Gaedhil.
Acht 'sé rud dubhairt an Sáirséalach nach bhféadfadh
sé a ghealladh a bhriseadh. “Tá an socrughadh déanta
anois,” ar seisean, “agus tá an chabhair mall. Dá
mbeadh céad míle Francach le cuidiughadh linn anois,
ó thárla go dtugamar ár ngealladh agus gur ghlacamar
leis an socrughadh, caithfimíd ar ngealladh a choimeád.”


L. 19


D'orduigh sé dhóibh gan a theacht i dtír agus mar sin
níor éirigh an troid. D'imthigh leis na saighdiúir
Gaedhealacha as Luimneach le dhul i n-airm eile, agus
le brígh na gcnámh a chur ag oibriughadh ar son tíortha
eile ó theip orra faríor! 'na dtír dúthchais féin. Bhí
brat na bhFrancach ar taobh agus brat na Sasanach i
n-áirde ar an taobh eile, agus gan fios cé aca a
thoghfadh na saighdiúir. I n-arm na Fraince 'seadh chuaidh
an Sáirséalach agus ceithre mhíle déag fear agus níor
ghreamuigh de na Sasanaigh acht aon mhíle amháin. Tar
éis sgathaimh d'imthigh aon mhíle déag eile i ndiaidh an
tSáirséalaigh agus chuaidh don Fhrainc freisin. Throid
na Gaedhil i n-arm na Fraince go dílis agus go
dúthrachtach agus bhí mór-mheas orra agus faitchíos
rómpa ar fud na hEorpa. B'iad a b'fheárr sa
mbeárnain bhaoghail i gcómhnuidhe agus nuair a d'fhaighdís
an deis ní theipeadh orra an sásamh dearg a bhaint
amach de'n Sasanach le faobhar claidhimh ar pháirc an
chatha i gcéin. Marbhuigheadh an Sáirséalach i bpáirc
an áir ag Landen an 29adh lá de Iúl, 1693. Loiteadh
go marbhthach é. Bhí a chuid fola ag teacht go tiugh
as an lot, agus sul shéaluigh sé thóig sé cuid dá chuid
fola 'na bhois agus dubhairt go brónach: “Mo bhrón
go deó, nach ar son na hÉireann atáir ag silt!”
Sin focla nach ndearmadóchar choidhche, focla deiridh an
tSáirséalaigh.



VII.



Na dlighthe peannaideacha. Ó'n am sin go haimsir
Ghrattan. Mar ghnóthuigh sé.



Níor bh'fhada gur bhris na Sasanaigh gach uile ghealladh
dá dtugadar, agus i leabaidh ceart agus cóir a
thabhairt do na Caitliocaighibh cuireadh “na dlighthe
peannaideacha” ar bun 'na n-aghaidh. Cuireadh dlighe
ar bun le nach mbeadh cead ag aon Chaitliocach a bheith
sa bhfeis, a bheith 'na dhligheadóir, 'na dhochtúir, ná 'na


L. 20


shaighdiúr. Ní raibh aon chead ag na Caitliocaighibh a
bheith ag múnadh ná dá múnadh i n-aon sgoil. Mara
mbeidís sásta le múinteachas ó na Protasdúin, ní
bheadh dadadh eile le n-a múnadh. Ruaigeadh sagairt
agus easbuig agus bhí an saoghal ní budh mheasa ag na
Chaitliocaighibh ná bhí i n-aimsir Chromail.



Chaith an dlighe seo ag creachadh, ag brúghadh agus ag
basgadh na nGaedheal go ceann leath-chéad bliadhain tar
éis Socrughadh Luimnigh a bhriseadh. Níor bh'fhéidir leis
na Gaedhil dadadh a dhéanamh. Ní raibh na taoisigh ann
leis na daoine a threórughadh. Bhí fán agus sgaipeadh
ar na Caitliocaighibh. Na sagairt agus na heasbuig
nár fhág an tír bhídis ag rádh an aifrinn i n-uaigneas
na sléibhte agus na ngleannta do na daoinibh. Budh
mhinic a thagadh saighdiúir mhí-thrócaireacha an dlighidh orra
go tobann agus a mharbhuightí an sagart agus na daoine
ar a bheith ag tabhairt altuighthe dhóibh do Rígh Mór na
Glóire.



Bhíodh an fheis ar bun i mBaile Átha Cliath agus
chaithfeadh gach socrughadh a dhéantaoi san bhfeis a chur
anonn go Sasana le glacadh nó gan glacadh leis. Bhí
sin amhlaidh ó chuir Poynings an fear ionaid a reacht
ar bun sa mbliadhain 1495 i n-aimsir an Seachtmhadh
Hannraoi. Budh mhinic cuid de Chlannaibh Gaedhil san
bhfeis ag cur i n-aghaidh an dlighidh seo, mar an fhad 's
bheadh sé ar bun budh shoiléir nach mbeadh aon ghoir ag
na Gaedhil ar a gceart a fhagháil.



Cuireadh reacht ar bun i n-aghaidh an dlighidh seo ag
Cill Chainnigh sa mbliadhain 1642, acht chuir Cromail
deireadh leis, agus cé gur tugadh iarrachta beaga anois
is arís ar dheireadh a chur leis an droch-dhligheadh a bhí
ag cur d'fhiachaibh ar Fheis na hÉireann a socruighthe a
chur go Feis Shasana, níor éirigh leis na Gaedhil a
dhéanamh go haimsir Ghrattain sa mbliadhain 1782,
nuair a socruigheadh sa bhFeis i n-Éirinn gan aon
bhaint ar chor ar bith a bheith ag Feis Shasana le gnóthaíbh
na nGaedheal agus gan aon dualgas a bheith orra ó
sin amach Feis Shasana a cheadughadh i dtaobh aon
tsocruighthe a bhain le gnó na hÉireann.


L. 21


Níor dheagh-fheis go deimhin a bhí ag Grattan, mar
b'é sin an fáth — bhí an fuath i gcroidhthibh go leór de
na ballaibh feise i n-aghaidh na gCaitliocach, agus ní
raibh cead ag aon Chaitliocach a bheith 'na bhall de'n
fheis ar chor ar bith. Bhíodh suim mhór i dtaoibh ruda
ar bith a bhaineadh leis na Protasdúin, acht bhíodh go
leór dhíobh i n-aghaidh aon fheabhsuighthe ar son na
gCaitliocach. Rud eile, bhí go leór Sasanach san
bhfeis, daoine budh mheasa, b'fhéidir, ná na seóiníní
atá ar an saoghal anois, agus bhídís seo i gcómhnuidhe
i gcómhnuidhe i n-aghaidh deagh-reachta Ghrattan a bhí 'na
thaoiseach san bhfeis ar thaobh na nGaedheal.



Le linn na haimsire seo 'seadh thug na Sasanaigh
faoi deara cé mar bhí déantúis Éireannacha ag basgadh
cuid dá ndéantúis féin. Mar sin cuireadh dligheadh
ar bun le nach mbeadh cead eallach, im, bainne, cáise,
éadach ná déantúis na nGaedheal dá ndíol i Sasana.
Níor fágadh cead iasgaigh amháin ag aon Éireannach
ar thaobh na Sasanach de'n fhairrge. Chuir sin buile
mhór ar na Protasdúin, mar b'iad ba mhó a raibh
déantúis i n-Éirinn aca, acht ó thárla so sul mar
cuireadh dligheadh Ghrattan i bhfeidhm níor bh'fhéidir leó
dadadh a dhéanamh i n-a aghaidh, agus mar sin thaobhuigh
a mbunáite le Grattan, agus chuidigh leis nó gur
socruigheadh an dligheadh ar ar tráchtadh, sa mbliadhain
1782, ag cur i n-aghaidh aon bhaint a bheith ag Feis
Shasana le socruighthe Fheise na hÉireann a athrughadh
nó a bhriseadh.



Bhí an cogadh mór ar siubhal sa mbliadhain 1779 idir
Meiriocá agus Sasana agus bhí an Fhrainc ag taobhughadh
le Meiriocá. Bhí Sasana i gcruaidh-chás ag troid
Mheiriocá a chongbuigh a ceart féin gan bhuidheachas di
sa deireadh. B'in é an t-am ar éirigh na Gaedhil go
láidir i n-aghaidh dlighidh na Sasanach ag baile agus
ag cur i n-aghaidh aon chead a bheith ag Feis Shasana a
ndlighthe agus a socruighthe a athrughadh. Ba ghairid go
raibh buidheanta láidre ullmhuighthe i mBaile Átha Cliath
agus ar fud na hÉireann le troid ar son a gcirt.
B'in é a thug ar an Sasanach claonadh agus a gceart


L. 22


a thabhairt dóibh, mar dubhras cheana sa mbliadhain 1782,
nuair a bhí sé i gcontabhairt chruaidh i mbaile 's i
gcéin. Tuigimís mar sin nach go toilteanach a thug
an Sasanach uaidh, agus nach raibh faoi a bheith dílis
dá ghealladh ná dá shocrughadh anois acht an oiread le
riamh.



VIII.



Mar ghnóthuigheadh ar Ghrattan le cleasaidheacht na
Sasanach. Cumann na nÉireannach Aontuighthe.
Éamonn Mac Gearailt agus Wolf Tone. Mar
d'fhéach na Sasanaigh le droch-mhisneach a chur ar na
daoinibh i nÉirinn.



Ní raibh na Sasanaigh sásta le saorsacht na nGaedheal
agus d'oibrigh orra i nÉirinn leis an socrughadh a
athrughadh. Chaith an fheis deich mbliadhna ar bun agus
ar feadh na haimsire sin chuaidh an tír ar aghaidh ní
b'fheárr ná chuaidh le bliadhanta móra fada, le
déantúis is eile. Bhí sé i n-a fhaitchíos ar chuid de
na Gaedhil go mbriseadh na Sasanaigh na socruighthe
arís mar rinne go minic cheana, acht ní raibh aon
cheapadh mar sin ag Grattan. Mar tá fhios ag an
saoghal, budh mhór a bhí sé ag dul amudha i n-a shíleachtáil,
mar níor thúisge an ghnóthachtáil déanta ag an bhfeis
ná tosuigheadh ar an obair leis an athrughadh a dhéanamh.



Níor bh' ionann chor ar bith an chaoi a ndéantaoi
feisire de dhuine an t-am sin agus anois, agus le
gleacaidheacht agus beartaidheacht d'éirigh leis na
Sasanaigh feisirí a dhéanamh de dhaoinibh a bhí ar aon
intinn leo féin, agus mar sin sa deireadh ghnóthuigh
an námhaid agus socruigheadh deireadh a chur leis an
bhfeis i nÉirinn agus aontuigheacht a bheith ó sin amach
idir Éirinn agus Sasana. Sin aontuigheacht a ghnó-
thuigheadar le droch-bheartaibh. Bhíodar ar siubhal go
deó gur chuireadar muinntir na hÉireann i riocht nach
bhféadfaidís fulaing ní b'fhuide le aon smacht ó na
Sasanaigh agus gur éirigh na hÉireannaigh Aontuighthe


L. 23


amach ar fud na tíre 'na n-aghaidh. B'é sin a bhí ó na
Sasanaigh, mar go raibh fios maith aca nach mbeadh aon
strómh orra buadhadh orra agus droch-mhisneach agus
mí-mhuinghin a chur ar fud na tíre agus an socrughadh
a bhí uatha a chur i bhfeidhm. Tugadh go cruinn faoi
deara cé mar bhí na Sasanaigh ag iarraidh a bheith i
n-uachtar sa bhfeis, cé mar bhíodar ag fagháil feisirí
nuadha le cuidiughadh leó — feisirí a cheapadar féin le
beartaidheacht agus cleasaidheacht — agus ba shoiléir do
na daoinibh cé rud a bhí fútha agus uatha a dhéanamh.



Níor bh' iongnadh mar sin gur cuireadh Cumann na
nÉireannach Aontuighthe ar bun le troid i n-aghaidh na
hoibre seo. Budh é Wolf Tone, Protasdún agus
dligheadóir foghlumtha, a chuir ar bun é i mBéal Feirsde
sa mbliadhain 1791. Cuireadh an Connradh ar bun le
gnó na feise a choimeád gan truailliughadh mar bhí, le
ceart na nGaedheal a chongbháil agus leis na Cait-
liocaigh a shaoradh ó'n daor-smacht a bhí orra 'na dtír
féin le fada. Acht níor mhisde leis an riaghaltas é —
go deimhin bhí tuairim mhaith aca cé mar thárlóchadh.



Acht níor bhain aon droch-mhisneach mar sin féin do'n
Chonnradh. Bhí súil aca le cabhair ó'n bhFrainc, agus
chuaidh ar aghaidh ag neartughadh an Chonnartha go
dúthrachtach nó nár bh'fhada go raibh gar do leath-mhilliún
daoine aca agus go leór dhíobh ag a raibh gléis troda.
Budh mhór an criothnughadh a cuireadh 'sna Sasanaigh
aon lá amháin ar sheól cabhlach láidir ó'n bhFrainc isteach
Cuan Baoi. B' iad Grouchy agus Hoche a bhí os
cionn na bhfear, acht faríor! níor éirigh leis an gcabhlach
aon leas a dhéanamh, mar tháinig anfadh gála agus
stoirme go tobann a ruaig na soithigh agus iad ag
feitheamh le teacht luinge a dtaoisigh Hoche a bhí ag
déanamh chuca. B'fhéidir gur chaill an stoirm sin
saorsacht d'Éirinn. Cheap na Sasanaigh nach raibh dadadh
a b'fheárr le déanamh ná tosughadh agus an troid a
chur ar bun gan aon mhoill, ar fhaitchíos go n-éireóchadh
na Gaedhil ró-neartmhar dóibh. Mar sin sgaoileadar
amach ar fud na tíre os cionn leath-chéad míle saighdiúr
le ár agus sléachtadh a dhéanamh ar na daoinibh a bhí sa


L. 24


gconnradh. Ní'l duine a ndeirtí go mbíodh aon bhaint
aige leis an gConnradh nach gcrochtaoi. Bhí an ceann
le baint freisin d'aon duine a dhéanfadh ball de'n
Chonnradh de dhuine ar bith eile. Na saighdiúir
Ghaedhealacha a bhí i seirbhís an riaghaltais agus a raibh
aon cheapadh gan iad a bheith go dian i n-aghaidh muinn-
tire a dtíre féin, cuireadh go Sasana iad agus cuireadh
saighdiúir Shasanacha 'na n-áit.



Leis an obair seo bhí súil ag na Sasanaigh go
n-eireóchadh na Gaedhil amach i gcogadh 'na n-aghaidh.
Acht ní raibh taoisigh na nGaedheal sásta tosughadh chomh
luath sin. D'éirigh leis an riaghaltas gan mac máthar
d'árd-choisde an chonnartha a fhágháil gan a ghabháil agus
gach cúnntas agus páipéir dár bhain leó an dara lá
déag de Mhárta, 1798, i mBaile Átha Cliath, acht
d'éirigh le aon duine amháin, Éamonn mac Gearailt,
gan a bheith sa láthair agus níor rugadh air-sean.
Tairgeadh míle púnt ar a cheann go luath 'na dhiaidh sin.
Chuir sé faoi ndeara gan aon mhoill a dhéanamh acht
tosughadh ar an troid. B'fhuras d'aithne dhó go raibh
fios maith ag an riaghaltas ar gach rud i dtaoibh an
chonnartha de bhárr spíodóirí agus brathadóirí.



Socruigheadh tosughadh ar an achrann an 23adh lá de
Bhealtaine. Bhí an tóir go dian ar an nGearaltach sul
mar thosóchadh an troid, acht brathadh é agus rugthas air
i dtigh Niocláis Uí Mhurchadha ar 153 Sráid Shan Tomás,
i mBaile Átha Cliath, ar a hochtmhadh lá déag — cúig lá
sul bhí an t-achrann le tosughadh faoi n-a chúram.
B'iongantach mar d'oibrigh sé ar bheith 'ghá ghabháil dó,
acht d'ionnsuigh ceathrar nó cúigear saighdiúr é i
n-éinfheacht. Chuir duine aca urchar thríd, loit fear
eile é agus sa deireadh d'ionnsuigheadar go léir é,
acht, má loiteadh an Gearaltach, ní raibh aca-san acht
malairt, mar thug sé féin buille marbhthach do bheirt
aca. Thugadar leó é go dtí an Caisleán agus ar
an mbealach, ar a chloisint do na daoinibh gur bh' é
an Gearaltach tréan a bhí i ngreim aca, hionnnsuigheadh
iad. Bhí an-troid idir na saighdiúir i mBaile Átha Cliath
agus na Gaedhil an lá sin. Sa deireadh tháinig an


L. 25


t-arm capall agus d'éirigh leó a chrochadh leó. Fuair
sé bás an 14adh de Mheitheamh — agus gach rud 'ghá
ullmhughadh i gcómhair an deagh-Ghaedhil a chrochadh.
Fuair a mhuinntir cead a chur agus tá sé curtha ag
Cill Uarbuirge, i mBaile Átha Cliath.



Go luath 'na dhiaidh sin rugthas ar bheirt thaoiseach
eile as an gconnradh — an bheirt dearbhráthar, Seaghán
agus Hannraoi Sheares a ndeárnadh brathadóireacht
orra freisin, agus a crochadh i ngreim lámh 'na chéile.



IX.



Na hÉireannaigh Aontuighthe. Cath Chaisleán a' Bharra.
Mar buaileadh na Gaedhil agus na Franncaigh.



B'olc an sgéal seo a bheith déanta roimh an éirighe
amach agus ba bhrónach na Gaedhil mar gheall ar thriúr
chomh han-mhaith agus chomh fior-dhílis a bheith sgartha leó.
An lá a bhí socruighthe tosuigheadh an troid i gCill Dara,
i gConndae na Midhe, agus i gConndae Aontroma,
acht thar gach Conndae i nÉirinn sheas Conndae Locha
Garman go hiongantach ar son na hÉireann an t-am
so, agus b'iongantach agus budh thréan mar chuidigh cuid
de na sagairt leó, go háirithe an t-athair Seaghán,
agus an t-Athair Mícheál Ó Murchadha, an t-Athair
De Róiste, agus an t-Athair Mac Loingsigh. Níos
tréine agus níos déine ar son a dtíre dúthchais ní
móide gur sheas laochra agus tír-ghrádhuightheóirí riamh
ná mar rinneadh i Loch Garman agus i gConndae Chille
Mantáin an t-am úd. Thar gach daoine eile sheas
muintir Bhroin as Baile Mhághnuis, Mícheál ó Duibhir,
Éamonn ó Caidhin, Holt, Haicéad, agus Mac Gearailt.



An ficheadh lá de Lughnasadh, 1798, tháinig cabhlach
beag le cabhair ó'n bhFrainc faoi'n taoiseach Humbert
agus sheól isteach Cuan Chille Alaidh. Ní raibh mórán
le míle fear aige. D'éirigh buachaillí dóchasacha
misneamhla Chonndae Mhuigheó agus chuidigh leis.
Bhíodar ag fagháil bhuaidhe go breágh ar na Sasanaigh,


L. 26


acht sa deireadh i n-aghaidh an trí mhíle cuireadh ó Bhaile
Átha Cliath deich míle fhichead a bhasg agus a chuir rith
agus ruaig ar na Gaedhil, agus a fuair buadh amach is
amach orra ag Béal Átha na Muice an t-ochtmhadh lá de
mhí Mheadhoin an Fhógmhair, 1798. Dá dtagadh cabhair ní
budh thúisge badh mhór an gar é, acht nuair a thángadar
bhí sé mall. Sul buaileadh iad, ámh, ag Béal Átha na
Muice ghnóthuigheadar go breágh in dhá cath a thugadar
féin agus an námhaid ag Caisleán a' Bharra agus
Carraig a' Chait.



Coicthighis tar a éis sin tháinig cabhlach eile agus
Napper Taindí mar thaoiseach agus ceann eile 'na
dhiaidh sin faoi Bhónaparte agus Wolfe Tone. Tugadh
troid ar fairrge idir an cabhlach deireannach a tháinig
agus cabhlach láidir Shasanach. Rugthas ar lucht cabhrach
na nGaedheal agus 'na measg Wolfe Tone. Teilgeadh
é le crochadh acht thug sé féin nó duine éigin eile bás
dó féin an oidhche sul bhí sé le crochadh, agus ní raibh
de shásamh ag náimhdibh a thíre gur chrochadar é.



Ní raibh ionnta so a dhóirt a gcuid fola ar son a
dtíre i ndeireadh na hochtmhadh haoise déag acht Gaedhil
a ghrádhuigh a dtír dhúthchais le grádh croidhe, fir
léigheannta, a bhí uasal ionnta féin, agus measamhail
orra féin gan béim ar a gcliú ná a gcáil. Bhí misneach,
spioraid, dúthracht agus croidheamhlacht na hóige agus
tír-ghrádh aca. Ní raibh uatha acht saorsacht a dtíre.
B'ar a shon sin a throideadar, agus a thuiteadar go
hóg, agus is ar a shon sin atá a n-ainmneacha anois
agus a bhéas an fhad is beó an Gaedheal go grádhmhar
agus go mór-mheasamhail i n-a chroidhe agus i n-a intinn.



X.



Mar socruigheadh an Aontuigheacht idir Éirinn agus
Sasana le brathadh agus beartaidheacht. Riobard
Emmet, mar d'oibrigh sé.



Tar a éis seo nuair a bhí an tír go tnáithte brónach
'seadh thug an riaghaltas iarracht eile ar Aontuigheacht


L. 27


a shocrughadh idir Sasana agus Éirinn. An chéad
iarracht a tugadh san bhfeis budh é an riaghaltas a
buaileadh, agus budh mhór aoibhneas agus bród na
nGaedheal mar gheall air. Chaith an díosbóireacht os
cionn fiche uaire ar siubhal, acht níor bhain a bhualadh
ar an gcéad iarracht an misneach de Thighearna an
Chaisleáin Riabhaigh a bhí 'na thaoiseach san bhfeis ar
thaobh an riaghaltais. Ní raibh aige le déanamh acht
fiche feisire eile nó mar sin a ghnóthughadh do'n
riaghaltas. Sin é a leag sé amach dó féin a dhéanamh
sa deireadh le brathadh, mealladh, cleasaidheacht agus
beartaidheacht budh mheasa ná a chéile. Gheall sé do
na heasbuig Chaitliocacha go saorfaidhe na Caitliocaigh
ó'n daorsacht a bhí orra le fada dá socróchaidhe mar
budh mhian leis féin. Chuir i dtuigsint do na
Protasdúin cé an chontabhairt 'n-a mbeidís faoi na
Caitliocaigh sa deireadh mara gcuidigheadh siad leis
féin agus leis an riaghaltas. Is cosamhail gur mheall
sé cuid de na heasbuig le n-a bhladaireacht béil, acht
bhí furmhór na gCaitliocach i n-aghaidh aon tsocruighthe
a bhéarfadh saorsacht dá gcreideamh acht a neartóchadh
slabhraí na daorsachta ar a dtír san am chéadna, agus
mar sin ní raibh glacadh aca le n-a chuid cainnte.
Sa deireadh cuireadh os cómhair na feise an dara huair
an rún a bhí faoi Thighearna an Chaisleáin Riabhaigh a
shocrughadh agus a buaileadh an chéad uair. Bhí Grattan
tinn breóite an t-am so, acht tugadh i n-aon turas
go Baile Átha Cliath é le cur i n-aghaidh an rúin.
Rinne sé óráid iongantach agus chumhachtach i n-a aghaidh
ar feadh dhá uaire. Chaith an díosbóireacht sé huaire
déag ar siubhal. Sa deireadh cuireadh an rún os
cómhair na feise agus bhuaidh Thighearna an Chaisleáin
Riabhaigh. Socruigheadh an Aontuigheacht sa mbliadhain
1800. Tá sí gan briseadh ó shoin. Sin mar baineadh ár
saorsacht dínn le cleasaidheacht Thighearna an Caisleáin
Riabhaigh i n-Éirinn agus Phitt i Sasana. Sin é an
socrughadh atá na Gaedhil ó shoin ag iarraidh a bhriseadh.
Sin é an socrughadh is cionntach le furmhór dhonais na
hÉireann ó'n lá sin go dtí an lá tá indiu ann. Sin é


L. 28


an socrughadh nár fhág cead ag Gaedhil aire a thabhairt
dá ngnóthaíbh féin, ná a ndlighthe féin a dhéanamh, agus
sin é an socrughadh mí-áthasach d'Éirinn nach mbeidh a
clann sásta ná suaimhneach go deó go mbeidh deireadh
leis.



Go luath 'na dhiaidh seo 'seadh thug an t-óglaoch
tréanmhar agus an fíor-Ghaedheal Riobard Emmet
iarracht eile ar shaorsacht a ghnóthughadh acht theip air.
D'oibrigh sé go raibh na mílte 'na mballaibh dá
Chonnradh i mBaile Átha Cliath agus leag amach dó
féin Caisleán Bhaile Átha Cliath a ghabháil agus annsin
an cogadh a chur ar bun ar fud na gcúigeadh. B'iad
an bheirt fhear cabhrach a b'fhearr a bhí aige Tomás
Ruiséal agus Mícheál Ó Duibhir as Cill Mantáin. Acht,
nuair a thug sé an iarracht agus gach rud ullmhuighthe
amach aige roimh ré go hiongantach, teipeadh air agus
chlis an iarracht, fuair an riaghaltas fios cruinn cé
rud a bhí ar bun. D'orduigh a cháirde d'Emmet
teicheadh leis go beó as an tír, acht chuir sé a theicheadh
ar cáirde cúpla lá. Sin é budh chionntach le n-a
ghabháil. Bhí sé féin agus óig-bhean uasal, inghean
Uí Churraoin, an dligheadóir, i ngrádh le chéile agus
budh ar cuairt chuici a bhí sé ag dul nuair a rugadh air.
Teilgeadh é le n-a chrochadh. Deirtear go bhfaca sé
féin agus a ghrádh a chéile agus é 'ghá thabhairt go dtí
an chroch. Crochadh é i dtús a óige agus a mhaitheasa
agus cuireadh deireadh leis mar gheall ar a dhílseacht
dá thír. Ní'l aon lá go deó nach mbeidh cuimhne ag
Clanna Gaedhil air agus árd-mheas ar a ainm. Crochadh
é an ficheadh lá de mhí Mheádhoin Fóghmhair, 1803.
Rugthas ar an Ruiséalach agus crochadh é go luath 'na
dhiaidh sin. Crochadh go leór leór i mBaile Átha Cliath
a bhí sa gConnradh. Caitheadh a bhfad 's a bhfad i ndiaidh
Mhichil Uí Dhuibhir acht sa deireadh gealladh nach ndéan-
faidhe dadadh air dá dtugadh sé suas. Thug acht briseadh
na geallta agus cuireadh i gcéin go hÁstrália é.


L. 29


XI.



Saorsacht na gCaitliocach. Dómhnall Ó Conaill. An
gorta mór. An cailleadh i n-Éirinn, agus an
imirce aisti.



Bhí na Gaedhil buailte anois. Bhí an tír tnáithte.
Bhíodar mí-mhisneamhail fá aon troid a chuir ar bun
arís tar éis teipeadh ar Emmet. Bhí an Aontuigheacht
socruighthe agus an tsaorsacht caillte. Sin mar bhí an
sgéal i n-Éirinn.



B'iomdha duine i n-Éirinn a chuidigh leis an Aon-
tuigheacht mar gheall ar gur gealladh go saorfaidhe na
Caitliocaigh agus nach mbeadh aon sgiúirse ag gabháil
dóibh ní b'fhuide. Bhí Pitt i Sasana sásta sin a bheith
amhlaidh, acht bhí an Tríomhad Seóirse, rí Shasana, go
láidir i n-a aghaidh agus b'fheárr leis rud ar bith ná
na Caitliocaigh a shaoradh i n-Éirinn ná i Sasana. Mar
sin ní raibh aon bhaoghal go gcóimhlíonfaidhe na
gealltamais a tugadh roimh an Aontuigheacht a
shocrughadh. Acht níor bh'fhada 'na dhiaidh seo gur
ghnóthuigh an fear cumasach agus an cainnteóir
iongantach, agus an Gaedheal neartmhar dána, Dómhnall
Ó Conaill, saorsacht na gCaitliocach i bhfeis Shasana.
Rinneadh feisire dhe i gConndae an Chláir agus budh
é an chéad Chaitliocach é a bhí i bhfeis Shasana ó cuireadh
an dligheadh i n-aghaidh na gCaitliocach i bhfeidhm.



Bhíodh cruinnighthe iongantacha chuige a dtagadh na
mílte daoine aige ar siubhal ar fud na tíre. Bhí sé
'na Ghaedhilgeóir ó nádúr, acht ní bhíodh focal de'n
Ghaedhilge aige ag na cruinnighthibh acht “Béarla mór.”
Mar sin caithfear milleán a thabhairt dó i dtaoibh na
teangan faoi nach ndearnaidh sé dadadh ar a son.
B'ait agus b'aisteach an rud gan Éireannach mar é
a thuigsint cé rud a b'fhéidir le teangain na nGaedheal
a dhéanamh ar son gach a mbaineadh le saorsacht na
tíre. San am sin bhí furmhór na ndaoine 'na nGaedhil-
geóiríbh, agus go dearbhtha bhí Ó Conaill cionntach i
gcuid de'n tarcuisne agus de'n dí-mheas a d'éirigh ag


L. 30


na Gaedhil dí i bhfad 'na dhiaidh sin. “Is fearr sompla
ná teagasg,” agus b'é sompla an Bhéarla a thug
seisean uaidh.



B'iongantach de'n tsaoghal mar d'oibrigh sé agus
mar ghríosuigh sé na daoine ar fud na tíre. Bhí sé
faoi árd-mheas agus faoi onóir ar fud na hÉireann ag
na Caitliocaigh, a bhí fíor-dhílis dó agus ullmhuighthe
le n-a chómhairle a ghlacadh. Bhí sé i n-aghaidh troda
le faobhar claidhimh ar son saorsachta na gCaitliocach.
Ní raibh aon cheapadh aige go mbeadh aon ghoir ag
Éirinn Sasana a throid. Gheall sé go ngnóthóchadh sé
saorsacht na gCaitliocach gan achrann a chur ar bun
agus ghnóthuigh sé sin dóibh sa deireadh sa mbliadhain
1829.



Tar a éis sin thug sé iarracht láidir ar dheireadh a
chur leis an Aontuigheacht idir Sasana agus Éirinn
agus an fheis a chur ar bun arís i mBaile Átha Cliath
le gnótha na hÉireann a shocrughadh acht b'fhada ó na
Sasanaigh a bheith ullmhuighthe ar sin a thabhairt uatha.



Nuair a bhí sé ag oibhriughadh go dian ag gríosadh na
nGaedheal mar so 'seadh tháinig an gorta. Loic an
síol, lobhuigh na fataí agus cailleadh na mílte leis an
ocras. Nach minic a chualamar “na seandaoine” ag
trácht ar an am uathbhásach úd, na daoine ag fagháil
bháis cois na gclaidheacha agus ag tuitim as a seasamh
le lagar ocrais! Agus thug an riaghaltas i Sasana
cead sin a thárlughadh agus cead an oiread coirce a
thabhairt as an tír aon bhliadhain amháin is chothóchadh na
daoine ar feadh bliadhanta an ghorta! Ní raibh fataí
le ceannach ar aon airgead. Tugadh amach go
Meiriocá go leór leór le hoibriughadh le n-a mbeatha
a shaothrughadh annsin, acht cailleadh go leór leór dhíobh
sul thángadar i dtír chor ar bith. Cailleadh beag nach
milliún duine i n-Éirinnn tar éis an ghorta mhóir
(1846-'47) acht ceithre mhilliún as hocht milliún de
dhaoinibh a bhí san tír roimhe sin.



Bhris an droch-shaoghal so croidhe Uí Chonaill a bhí
anois 'na shean-fhear thugtha agus gan é 'na chumas aon
chabhair a thabhairt i ndeireadh a shaoghail. Bhí go leór


L. 31


fíor-Ghaedheal i n-Éirinn gan a bheith ar aon intinn leis.
Chómhairligh sé nár cheart ná cóir d'aon duine éirighe
go teann agus troid le faobhar claidhimh ar son
saorsachta a thíre acht iarrachta a thabhairt ar an
mbealach a ndeárnaidh sé féin. Ní raibh aon ghlacadh
leis an teagasg so — nádúrach go leór — ag go leór i
n-Éirinn agus d'fhágadar a Chumann agus chuir Cumann
eile ar bun dóibh féin. Ó'n lá sin go dtí an lá so
tá dá dhream i n-Éirinn — na daoine a chreideas gurab
ag na feisiríbh atá ceart a bhaint amach agus iad so
nach gcreideann go bhfuil aon ghoir aca mórán leasa
a dhéanamh d'Éirinn ar an t-slighe atá ceaptha amach
aca, agus atá ag oibriughadh ag iarraidh spioraid na
Gaedhealtachta agus na saorsachta a choimeád ar lasadh
i n-Éirinn 'na mbealach áirithe féin. Mar deir mé
cheana, bhí croidhe Uí Chonaill briste agus d'fhág sé
Éire le dhul do'n Róimh nuair a bhí 'fhios aige go mba
gheárr an bás uaidh, acht cailleadh é ar an mbealach ag
Genóa. Budh mhór é brón na gCaitliocach ar fud an
domhain acht go háirithe i nÉirinn 'na dhiaidh. Budh é
crann seasta a gcirt i gcómhnuidhe, agus níor bh'
iongnadh iad go dólásach 'na dhiaidh. Shaoruigh sé seacht
milliún Caitliocach ó gach daorsacht dá raibh dá
gciapadh le fada mar gheall ar a gcreideamh. Thug
Uilliam Smith Ó Briain, Mac Uí Mheachair, an
Mistéálach agus fíor-Ghaedhil eile iarracht eile ar
throid thar a éis seo, ach theip orra agus cuireadh iad
i ndíbirt ó Éirinn mar gheall air.



XII.



Na Fínghíní i gcéin. A n-iarracht ar Chanada a bhaint
amach. Na scolta “Náisiúnta.” Meathadh na
Gaedhilge. Leathnughadh an Bhéarla, agus Connradh
na Gaedhilge.



Mar dubhras cheana d'fhág na mílte agus na milliúin
Éire agus chuaidh i gcéin do'n Oileán Úr, go Sasana,
agus go tíortha coimhightheacha eile. Tar éis an ghorta


L. 32


mhóir ní raibh duine nach nglanadh an cíos nach mbeadh
le caitheamh amach as a theach agus a chuid talmhan.
Mar sin b'éigin do na míltibh glanadh leó go brónach
cráidhte as an tír agus na talta a fhágáil ag cothughadh
bulán do'n chreachadóir. Bhí ceal feóla ar na
Sasanaigh agus mheasadar nach raibh aon rud a b'fheárr
le déanamh ná ruaig a chur ar na Gaedhil, an talamh
a bhaint dhíobh agus eallach a chothughadh air. Budh bhrónach
buaidheartha an tír í Éire an t-am sin, acht budh
luthgháirach geal-gháireach na Sasanaigh ar fheiceáil dóibh
mar bhí na Gaedhil ag imtheacht ó n-a dtír dúthchais ar
fud an domhain mhóir. Bhíodar ag déanamh gaisge nach
mbeadh sa deireadh Caitliocach le fagháil i n-Éirinn
nach mbeadh imthighthe. Acht dá mheasa dá raibh an saoghal
aca bhí daoine fós féin i nÉirinn nach raibh an misneach
caillte aca, agus cuireadh “Cumann na bhFínghíní”
ar bun arís — cé go raibh go leór de mhuinntir na tíre
i n-a aghaidh.



Bhí cogadh mór ar siubhal i Meiriocá ó 1861 go dtí
1865, agus bhí na mílte Éireannach san arm. Bhíodar
go léir dílis do “Chumann na bhFínghíní” agus ar
ndóigh go daingean i n-aghaidh Shasana. Tráth ar
cuireadh críoch ar an gcogadh shocruigheadar iarracht a
thabhairt ar Chanada a bhaint de Shasana agus cnead ó
chroidhe a bhaint as tír a gcreachta. Donasach go leór
chuir na Státaí 'na n-aghaidh. Tháinig na mílte
Éireannaigh as gach ceárn de'n tír sa mbliadhain 1866
leis an troid a thabhairt, acht níor bh' é amháin go raibh
an Sasanach i gCanada ullmhuighthe 'na n-aghaidh, acht bhí
Méiriocá féin ullmhuighthe ar bhacadh a bhaint asta, agus
chuir longa catha ar na lochaibh agus ar an abhainn
rómpa. Mar sin féin d'éirigh le aon bhuidhin amháin
a dhul treasna agus baile a bhaint amach, acht mar
gheall ar an gcaoi a raibh Meiriocá ag oibriughadh 'na
n-aghaidh b'éigin dóibh sguireadh de'n achrann. Gheall an
taoiseach a bhí ar Chumann na bhFínghíní i Meiriocá go
dtiocfadh sé ar ais go hÉirinn go luath leis an
gcogadh a chur ar bun, acht níor tháinig, agus budh mhór
mar chuaidh ar na Gaedhil ag baile.


L. 33


Tar éis ama so budh mhinic a tasbánadh, níorbh é
amháin i n-Éirinn acht i Sasana agus i Meiriocá, go
raibh an spioraid ar lasadh i gCumann na bhFínghíní.
Tá fios againn go léir mar crochadh an tAilíneach,
Mac Uí Lorcáin, agus Mac Uí Bhriain i Manchester
mar gheall gur cuireadh 'na leith go dtugadar iarracht
ar dhuine de na Fínghíníbh a bhaint amach a bhí dhá
thabhairt go dtí an príosún, agus tá fios againn go
bhfuair an triúr bás agus iad ag guidhe: “Go saoraidh
Dia Éire!”



I leabaidh a chéile i rith na haimsire seo bhí an
Béarla agus an t-oideachas Gallda a bhí dá múnadh
'sna scoltachaibh ag truailliughadh intinne agus aigneadh
an Ghaedhil ó gnóthuigheadh cead múinteachais do na
Caitliocaigh. I ngan fhios dó féin bhí sé dhá dhéanamh
Gallda. Cuireadh na scoltacha ar bun le sin a
dhéanamh agus i rith na haimsire atá caithte ó shoin is
mór de shin atá déanta agus leathnuighthe aca.



Bhí teanga na nGaedheal ionnta gan meas gan onóir.
Ní raibh sé riachtanach ionnta eólas ar bith a chur ar
stair ná ar sheanchus na hÉireann. Ní raibh ag
tasdáil ionnta acht Béarlóirí a dhéanamh de na Gaedhil,
agus is go ró-mhaith a d'éirigh sin leó. Cuireadh os
cionn na scolta cumhachtóirí Gallda gan suim ar bith
i n-oideachas Gaedhealach le haghaidh na bpáisdí, ná
aon tsuim san tír ná san teangaidh. Mar sin i
leabaidh a chéile d'éirigh ceal eólais agus ceal measa
ar an nGaedhilge. Na daoine a fuair an t-oideachas
Gallda d'éirigheadar mór ionnta féin, measamhail ar
an mBéarla, agus mí-mheasamhail ar a dteangaidh féin.
Na haithreacha agus na máithreacha ag a raibh an
teanga go beó bríoghmhar blasta cheapadar go
mb'fheárr sguireadh de bheith dá labhairt agus gan a
bheith aca acht — “an teanga bhreágh bhríoghmhar a bhí faoi
árd-mheas agus faoi onóir” — “an teanga a d'fhéad-
fadh daoine uaisle a dhéanamh dá gcloinn as a mbainidís
biadh agus slighe bheathadh — an teanga a bheadh úsáideach
dóibh i gcéin agus ag baile.”



Budh bheag duine i n-Éirinn acht amháin an t-Árd-


L. 34


easbog Mac Héil nach mar sin a bhí an sgéal aige.
Ar na teallaigh ag baile i leabaidh teangan binne
ceólmhaire na bhFiann, i leabaidh na teangan a labhair
Oisín an chaointe i ndiaidh Fhinn agus na Féinne, an
teanga 'n-ar athruigh Naomh Pádruig na Gaedhil ó
phágántacht; 'na ndearnaidh Colm Cille a chuid bróin
ar imtheacht dó i gcéin; a labhair Brian a threasgair
an Danar agus an Lochlannach ag Cluain Tarbh, a
labhair Séafraidh Ó Dómhnaill, Fiacha Ó Broin, Aodh
Ó Néill, Aodh Ó Dómhnaill, an Sáirséalach, agus na
mílte laochra Gaedheal agus gaisgidhigh eile a sheas
go daingean ar son saorsachta na Fáile ní raibh anois
le cloisint ar fud na tíre go léir beagnach acht teanga
Ghallda Chromail, teanga an sgriosadóra atá 'ghár
gcreachadh, 'ghár mealladh agus 'ghár nGalldughadh le
bliadhanta móra fada. Filidheacht iongantach, sean-
sgéalta, agus seanchus na nGaedheal bhí dhá gcailleadh
agus dhá leigean chun dearmada i leabaidh a chéile.
Níor bh' iad dánta bríoghmhara fuinneamhla Eoghain
Ruaidh ná an Cheitinnigh ná amhráin fhilidheachta simplidhe
Chonnacht a b'fheárr leó seo a bhí ag fagháil an
oideachais seo. An chuid aca a n-éirigheadh grádh do'n
léigheadh aca chor ar bith budh ar an mBéarla a bhíodh a
n-intinn leagtha, acht bhí go leór a d'fhág na scolta a
bhí gan aon Bhéarla acht an Béarla briste suarach a
múineadh dóibh ag baile i leabaidh a dteangan dúthchais.
Tá fhios ag an saoghal gur mar sin a bhí an sgéal agus
ní féidir a shárughadh.



Is iongantach ar fad nár tuigeadh ó thús cé an tairbhe
a thiocfadh as na scoileanna agus as an oideachas so —
má's tairbhe is cóir a thabhairt air. Níor thuig acht fíor-
chorr-Ghaedheal é ar chuma ar bith, agus bhí a shliocht orra.
Múchadh agus dalladh an intinn agus an spioraid
Ghaedhealach bunáite i ngan-fhios dóibh féin. Thuig na
Gaill go maith nach raibh rud ar an saoghal a b'fheárr
leis an nGalldachas agus an tseóinínteacht a leath-
nughadh ná oideachas Gallda a thabhairt do na Gaedhil,
agus mí-mheas agus tarcuisne a chur aca ar a
dteangaidh féin, agus neamhshuim 'na dtír agus 'na


L. 35


stair. Sin é a rinneadar agus tá fios ag an saoghal
chomh maith is d'éirigh leó. Acht míle altughadh le Dia,
tá an saoghal ag athrughadh go mór i n-Éirinn ó cuireadh
Connradh na Gaedhilge ar bun sa mbliadhain 1893.
Marach í bheadh sean-teanga mheasamhail ársa cheólmhar
na nGaedheal i gcontabhairt a caillte go deó. Seo í
an Chonnradh indiu i n-aois a haon bhliadhna déag go
beó bríoghmhar láidir ach gach taobh dhínn, ag cur misnigh
ins na Gaedhil, ag cur i dtuigsint dóibh go soiléir
cé rud a bhaineas le náisiúntacht agus le fíor-Ghaedheal-
tacht, ag cur measa aca arís ar shean-teangaidh a dtíre
féin a bhí le fada an lá faoi dhí-mheas agus faoi
tharcuisne, agus ag athchuinghe ar an nGaedheal a dhul
ar aghaidh ins an saoghal mar is ceart agus is cóir dó
a dhul. Féach thart, a léightheóir, agus dearc id
thimcheall. Míle glóire agus altughadh le Dia, tá
deagh-chómharthaí agus deagh-chosamhlachta agat le
tabhairt faoi deara. Tá an “Fheis,” an “Chéilidhe,”
an “Sgoruidheacht,” an “Pléráca,” agus “an
t-Oireachtas” féin agat le feiceáil san tír. Tá na
Gaedhil agat le feiceáil i dteannta a chéile go
dúthrachtach ag foghluim na teangan. Tá malraigh óga
agat le feiceáil agus le cloisint ag léigheadh a
dteangan dúthchais go blasta. Tá sean-cheól na
nGaedheal agat le cloisint le binneas ar fud na tíre,
na rinncí Gaedhealacha dhá rinnce, na béasa Gaedhealacha
dhá gcleachtadh, na déantúis Ghaedhealacha ag dul ar
aghaidh ó lá go lá, spioraid na Gaedhealtachta ag
leathnughadh, an tír-ghradh ag daingniughadh, na craobhacha
ag neartughadh, agus snas agus cosamhlacht na Gaedheal-
tachta le tabhairt go soiléir faoi deara ar fud na
Fódla — agus cé dá bhárr? Cé mhúsgail ó throm-shuan
na neamhshhuime na daoine agus a chuir iad ag oibriughadh
agus ag smaoineadh go Gaedhealach? Is furas a
fhreagairt — Connradh na Gaedhilge a d'fhás suas le
goirid agus a bhfuil anois greim daingean láidir aici
ar intinn agus ar aigneadh gach fíor-Éireannaigh. Tá
anois seacht gcéad craobh de'n Chonnradh ar fud na
tíre, agus ní i n-Éirinn amháin acht i Sasana, i n-Albain,


L. 36


i Meiriocá atá craobhacha agus cáirde an Chonnartha
le fagháil. Tá a timthirí ag gríosadh agus ag bros-
tughadh na ndaoine ar fud na tíre le cuidiughadh leis
an teangaidh. Tá sí, mar tá fhios againn, dhá múnadh
in go leór de scoltachaibh na hÉireann agus sa
deireadh thiar thall tá buadh mhór gnóthuighthe ag an
gConnradh ar lucht stiúrtha an oideachais i mBaile Átha
Cliath agus cead an Ghaedhilge agus an Béarla a mhúnadh
chomh maith le chéile i scoltachaibh na hÉireann. Tá
sgríbhneóirí óga ag éirighe suas annso is annsúd de
bhárr an Chonnartha, agus ag an Oireachtas bliadhan-
tamhail i mBaile Átha Cliath is féidir le fearaibh Fáil
tabhairt faoi deara chomh tréan is tá an Ghaedhealtacht
ag dul ar aghaidh, an obair mhór atá déanta, an
t-athrughadh mór atá tagtha, agus deagh-cosamhlachta go
mbeidh, le congnamh Dé, an báire linn amach annso,
agus Éire dhíl agus gach a mbaineann léithi i seilbh
“Chaitlín Ní Uallacháin.”



CRÍOCH.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services