Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Troid agus an t-Uaigneas
Title
An Troid agus an t-Uaigneas
Author(s)
Ó Beirn, Liam, An tAthair,
Pen Name
Beirneach, An
Composition Date
1926
Publisher
Mac Ghuill, M.H. agus a Mhac, Teó
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN TROID AGUS AN t-UAIGNEAS LEAN DO'N tSOLUS Fáightear fuagradh roimh gach cor saoghalta: ach ar a shon sin, tagann an t-iompódh chíodh go ndeir linn go dtagann sé roimh ré nó le n-ar bhfaillighe fhéin go minic. Pébi leithsgéal bhíos leis, is aisteach an nídh go mbíonn daille ag gabháil do'n chine daoine - go bhfuil súile againn agus nach bhfeicthear dhúinn, go bhfuil cluasa againn gan cloistint, go dtug Dia tuisgint dúinn agus nach bhfuil aireachas ná áirdeall ionnainn tráigh agus tráth a fhreastal mar budh chóir. Agus ní hé nach mbíonn tnúthán an domhain againn leis an nídh ceart, ach sé fhearacht na cuile agus na coinnle é: lastar an choinneal agus éirigheann an chuil amach as an dorchadus a' déanamh thart-thart leis an solus go dtéidheann sí i mbéal a cinn róimpi. Déantar stolp di faoi dheireadh de bhárr a bheith ro-ghnathach agus ro-theann ag cur ladar agus ladhar sa gcontubhairt. Ó's a' trácht ar sholus é, tá mar deir siad, solas agus solas ann. Mar a gcéadna, ní hé chaon tsolas a gcuireann chuile dhuinc suim ann. "Nach deas é an solas ag éirghe lae," arsan duine dóchasach. Ach ní shásuigheann sin an té úd eile a gcuireann glóir na gréine a' dul 'un grinnill na céadta smuaineadh ina intinn. Solas le teas meadhón lae bhí ó sheanóir mhaigeamhail na Gréige nuair tháinig Alastar Mór le suaitheantas a' breathnú air. Sean-sgéal é ó láimh Phlútairc, ach mar sin féin is fiú é aithrist. Bhíodh an Gréigeach groigh úd agus bairille aige a' taithighe ann d'oidhche agus de ló. Níor bheag sin le daoine a tharraint air; agus bhíodh na táinte a' triall ó mhaidin go
faoithe a' dearcadh air, a' déanamh iongantuis dhe agus - mar bheadh faoi láthair - a bharamhail chríonna fhéin ag chuile mhac máthar acu. Deirtear nach leigfheadh an leisg dó cur chucu ná uatha: ach deir daoine eile gur le neamhthuille- amaidheacht, le neimhspleádh agus le teann spídeamhlachta bhíodh sé. Ar aon chor, bhí a thír árdnósach le n-a linn: ach bhíodh amadánacht gan chunndas ar bun aici ar a shon sin. Pé hacu sgéal é, bhí mo dhuine mar bhí sé go gcuala Alastar trácht air (agus chaithfheadh seisean chuile iongantas fheiceál). Cheap an flaith fíor-uasal go mbeadh lán a shúl agus breith a bhéil aige fhéin. Ní dheachaidh leis: níor cuireadh suim ná suaiméad ann ag béal an bhairille ach an oiread 's dá mbudh tuata a' dul an tslighe é. "Céard seo atá uait?" arsa Alastar. "Tá, deis na gréine," arsa fear an bhairille. Agus mara ndearna sé méanfhaghadh sin a raibh ann i leabaidh bheith a' briseadh na gcnámh ann féin le umhalóid do'n lus mór flaitheamhail bhí i láthair. Baineadh Alastar as a chleachtadh. Cheapfhá dá bhrígh sin go bhfaca sé liaigh na bhFiann. Ach bhí Gréigeach ag cuimilt le Gréigeach: arsan flaith leis an gcomhluadar: - "Meireach gur mise Alastar, b'ait liom bheith mar an té údan." Solas eile solas na fírinne. Dubhradh le Ughdarás Mhór: - "Beidh eolas na fírinne agaibh agus déanfha an fhírinne sibh a' shaoradh."
Ach is féidir an solas seo a mhúchadh ná a leigean as. Daoine 'ghníos freastal dó agus daoine nach ndéanann. Beidh file Gearmáineach agus feallsamh Franncach ann choidhche: beidh siad ar an déith dheiridh a' tóruigheacht léarguis. Ní hionann sin agus an té leanas do threóir an tsoluis ó thús agus nach sgaoileann as a amharc é go mbaintear amach an cuan ceart - cuan na fírinne. Agus má's mar sin do dhuine a dtagann mearbhall eoluis air ná chuireas é fhéin i gcorr an chochaill le faillighe nó uaibhreas, is measa go mór fada an náisiún bhíos ar mhíó-
staid ná i bhfudairnéis agus a cionnta fhéin leis. Beidh trácht go deo na ndeor ar an gcaoi ar bhreathnuigh Dia an Duine anuas as árd an bhóthair ar phríomh-chathair A thíre. Bhris A ghul Air agus d'innis Sé cé'n fáth. "Ní thuigeann tú," arsa Seisean, "céard é do leas. Do rinnis dícheannadh agus géirleanmhaint orthu sin a shanntuigh do bheárna-bhaoghail a chosaint. Cé acu fáidh nár ghabh tú de chlocha air? Agus anois féin, i leabaidh buntáiste bhreith ar lá deiridh na trócaire, tá fúth do Choimirc a chur Dá chois agus a chéasadh. Ach tiucfha lá eile ort," agus c. Féach fhéin go dtáinig agus ar Bheatsaíd agus ar Choraidsíon agus ar Cheaphárnum! Ar an gcuma chéadna tiucfha "lá eile" - lá an chunn- duis - ar náisiún nach ndéanann comhthrom ná féinne le chách. Ní'l a leithsgéal le gabháil. Tá corp agus anam ag náisiún mar tá ag an duine. Tá glan-toil aici ar an mbealach céadna; tá ciall agus réasún aici; agus, má's olc maith léithe é, tá coinsias aici le fuagairt uirthi nuair bhíos sí a bhruach tuite - ar thí feall a imirt uirthi fhéin ná ar chine ná ar chrích eile. Faraor go leigeann náisiún ó am go ham an spriogadh le n-a cluais agus tagann "an lá"! Uireasbhaidh eoluis, uireasbhaidh léarguis, is cionntach go gnáthach le gach creach cogaidh. Seanbheart é ag lucht cumais agus riaghaltuis na sluaighte chongbháil i ndorchadas. I n-aice baile, féachadh agus féachtar fós an beart seo. Níor bh'fhiú. Stíobhardach ar bith go ndóirtfhí deor d'fhuil na tíre seo ar a shon. Ach is fada, fada ó dubhradh i dtosach "This is Ireland's war" (!), agus mheall tighearnaí talmhan na tuataí bochta gan léargas bhí ar a gcoimirc. Na fóidíní dúithche ba shin iad an tír í. Tig leis an mBéarla fhéin bheith searbh corr uair! "Cogadh
an Chreidimh," arsa na cneámhairí. Ní magadh! Cogadh an Chreidimh" go deimhin, agus Berwick ar fhairrge! Ní headh. Ach toradh an dorchaduis muinntear na hÉireann ná muinntear ar bith eile thabhairt isteach i gcogadh nach mbaineann dóbhtha. Is ait a bhí' fhios sin ag sean Uellington nuair a chomhairligh sé ar ndaoine chongbháil gan oideachas gan eolas agus nach mbeadh gainne saighdiúir i Sasana ar an bhfaid sin. Mar sin de, a Éireannaigh chroidhe, bí ar do shon féin. Congbhuigh chugat féin. Má tá tú i mbairille ná i ndabhach, ná i n-áit bhig áirgeamhail leat féin, IS LEAT FÉIN É: agus ná sgar leis, má tá riar do chás agat, go mbí tú lán chinnte ar mhaltraid níos fearr. Má tá tú a' smúrthacht timcheall na háite sin, dá dhonacht é tig leat do cheann a thógáil i solus an lae. Má thagann dorchadas nó smúit ar bith ort, bíodh do thrilseán féin i n-aice leat: ná bac leis an teine-ghealáin cuirfhear ó náimhide ós do chomhair. Beidh Alastracha na haimsire, nó daoine uatha, a' breathnú ort. Beidh dream a' bagairt ort agus ghá rádh gur i dteach na ngealt budh cheart duine mar thusa bheith (- ná i bpríosún -) faoi rádh 's nach mbeidh tú soghluaiste le dhul san achrann nuair a sgreadfhas an Bhean Ruadh ort lá an aonaigh go bhfuil "Mac Sheáin Éamuinn buailte." Ach bain searradh asad féin mara mbeidh fonn ort meangadh gáirí dhéanamh an lá sin. Cromfha brathadóir ar an mbladar ag iarraidh do mheallta. Ach mar pharúl ort, ná téirigh a' dréim chainte leis. Má fhiafhruigheann sé dhaot (- ó d'fhiafh- ruigh cheana -) "céard tá uait?" agus má shamhluigheann sé "..........." leat, leig faoi go tapaidh. "Crap leat, a chneámhaire," arsa tusa. "Mara mbeidh buaidh ar chnoc agam bíodh suaimhneas ar sop agam: beidh mise ar dheis na gréine."
AN TROID AGUS AN tUAIGNEAS "Ní chloisfheá trácht ar phúcaí ná ar dhaoine maithe anois chor ar bith," arsa Seán le Séamus. "Ní'l ionamh againn air; tá rudaí eile ar ar n-aire." Mar siúd do Shéamus. Cheapfhá le breathnú ar an mbeirt nár léar do cheachtar acu "cat ar chóiste," mar dubhairt siod. Ach tig leis an té bhíos geam-chaoch, claonshúileach bheith géar grinn agus baramhail chruinn chothrom bheith aige faoi rith agus riocht an tsaoghail cho maith leis an té is caolradharcaighe ar bith. Agus nach rabhamar sa tír seo lá de'n tsaoghal cho sónta sin gur cheapamar nach bhféadfhaoi sgaramhaint le sgéalta sídhe, ná le aistighil 's iongantas lucht na gcnoc, lucht na seacht n-aimsear agus gach 's ar bhain leóbhtha? Ach ní teir é atá orainn-ne amháin. Féach an spriosán de dhuine beag meirgeach thall úd a bhíos - é fhéin 's a dhream - ag congbháil ughdar céille agus ceann réidhtigh an domhain ó chodladh na hoidhche. Géar-chaint, deágh-chaint, cas-chaint agus b'fhéidir, cúl-chaint bhíos ar bord acu. Ach deir a cháirde, idir chneámhaire 's chúl-báire, gur "draoi" atá ann - nach bhfuil teacht dá uireasbhaidh ag an domhain mór. Fear-na-beárnan i Sasana é má's fíor. Cé hiongnadh mar a gcéadna go mbeadh uaigneas ar dhaoine leamha leath-réidhe mar sinn-ne th'réis ar dhóghamar ariamh de ghiúmhasaigh an gheimhridh, má tá sgaradh na gcumann eadrainn féin agus na sgéalta sídhe! Má's 'na chodladh atá an púca go mbudh slán suan dó! Ach má d'fhág sé sinn gan cead gan comhairle, - hear slán! Péarba rud is cor dó, tuilleann sé an deágh-fhocal uainn
agus aimhdeáil nach i n-ainm a tubaiste a bhuail sé isteach abuilmid an chéad lá riamh. Cogar, a dhuine! Céard adéarfhas Sasana le Seorsa an draoi i ndeireadh na dála? Is ait an t-uisge súl tair- fhéachaint dá mbeadh am fuireachta againn. Arís de, - "tá go leor ar ar n-aire," mar dubhairt Súil Gheam. Ach tá nídh amháin riachtanach: caithfhear ar gcomhartha cine - ar dteanga fhéin - chur i n-uachtar agus i n-uaisle, téidheadh teanga ar bith eile i n-ísle bhrígh' ná téidheadh. Le bliadhnta fada anuas támuid clogtha cluas bhodhar ag chuile dhream a' teacht anall a' bhreathnú orainn. An sean-sgéal i gcomhnuidhe é - cúram gan cion. Is beag a bhéaradh dóbhtha ar gcasadh thart agus ar gcomhaireamh le cipín támuid cho haisteach, salach sin. Páirt dá mhí-ádh freisin go bhfuilmid cho biseamhail leis na cait! Mar dtáinig an Draoi fhéin thagadh neach de'n Bhruidhin le "snáith' eise" eicínt. Tá 's againn cho deachair 's bhí sé fuilingt leóbhtha. B'iongantach an seasamh againn é. Agus dá mbudh dona maol ba mheasa Mullach: bhí ar ngaolta agus ar gcáirde, go mbudh dóbhtha fhéin a hinnstear é, a' milleadh fúinn ar a dtáirm amuigh agus sa mbaile. Caint agus río-rádh ó mhaidin go faoithe! Ní raibh tada dhá dhéanamh acu ach ag chur taca le sprus-Bhéarla go bog bréagach. Maidir le ar dteangaidh fhéin, níor bh'fhéidir leis an leaduidhe a lúbadh ná a labhairt chor ar bith: ní leigfheadh an leisg dó stró nó easonóir chur air féin dá foghluim ná dá cleachtadh. Deir tú go bhfuil deireadh le n-a dtéarma? Táim i n-aimhreas: ach go dtugaidh Dia dhúinn! Péarba caoi a mbeidh an chúis féachfhamuid, faoi n-ar mbeith slán, ar ngliceas d'réir mar tá ar n-oideachas. Tá slighe bheag shleamhain againn faoi láthair ar go leor rudaí dhéanamh go ciúin caoitheamhail: agus nuair bhíos an tslat mhéaraidheachta agat seal geárr dá laighead, téidheann sé roichte leis an té úd eile do ghreim a bhogadh agus a sgaoileadh mur leigfheá leis
le do ghlan-toil féin. Ach beidhfhear go mór 'n-ar n-aghaidh: ní'l ceall dá cheilt. Inseo agus insiúd beidh sgoil 's coláiste agus a ndáltaí go gointe le goic 's gob troda faoi rádh 's go mbeadh locht ghá fhághail ar a mbealaigh 's ar a mbéasa. Beidh na páipéir mhóra, mar ba cleachtach leóbhtha, a' rupadh agus a' réabadh. Beidh ollamhain agus ughdair a' bagairt go millteach. Beidh an donas 's a mháthair 'n-ar n-aghaidh. Ach is ait í comhairle Chealltachair sa sean sgéal: - "Cath do thabhairt dóibh, gion go bhfuilmid leat nó trian riú."
AN CAILLEACH Tá cailleach de'n chomhursanacht seo a' foghluim bháis le fada agus síleadh le chuile fhreastal agus faire nach raibh baoghal uirthi. Féachadh drugaí agus dochtúirí léithe: ach ní raibh maith na frighde leóbhtha agus le goirid a' dul 'un donachta ar fad atá sí. Is gnás linn coiste chur ar chorr-dhuine sul má dtéidheann an tsíorraidheacht eadrainn agus iad. Sin mar táthar gha- dhéanamh leis an gcailligh: ní breitheamhnas é. Tugadh síos di go mba caile bhí innti chuile lá ariamh - go dtáinig sí ó dhroch bhunadh agus gur le droch oideachus seadh tóigeadh í. Corp rupaire bhí innti 'na cailín óg; agus ní fhuair sí aipeachan céille le aois ná aimsir. Ní fhaca duine dhá maireann croidhe, carantus ná síodamhlacht a' siubhal léithe. Droch éadáil í a chaith a saoghal le troid agus clampur - a haghaidh ar chuile dhuine aici agus aghaidh chuile dhuine uirthi. Tá dreishiúr aici bhfuil Brighid uirthi, agus ní mó ná socruighthe bhí an bheirt acu gur ionnsuigh siad a chéile. Bhí Brighid bhocht lag lom th'réis racht tinnis a chur di agus shanntuigh do chaile buntáiste bhreith uirthi. Sgéal fada ar an seachrán an chaoi ar chaill sí a cuid talmhan agus a maoin shaoghalta gan bun ar a speitir' aici fhéin ná aigeán a clann ach a' fuirseadh na déirce go dtí le goirid. An chailleach is dreishiúr di ba chionntach. Go deimhin bhí fúithe an cleas céadna imirt ar Mháire Nic Fhranca. Sé a raibh aici dhá bhárr dualgas an tslisne gach uair dár fhéach sí leis an mbeart sin. Chuaidh an chailleach seo agus sagart an pharráiste i n-árach a chéile. Ach bíodh a innseacht sin ar na seandaoine ó's acu
is fearr atá a thabhairt amach mar chuid mhaith eile nach é. Ná drannamuis leis an gcúis sin ach a rádh go ndeachaidh sí ó smacht ar an sagart agus gur tharraing sí mallacht Dé uirthi fhéin. Tháinig "an trom trom" le n-a linn: ba geárr gur mharbhuigh sí a fear. Thug sí "bata 's bóthar" d'fhear eile gur ghlac sí le fuaránach tháinig anoir amach 's nár chuir tada múisíom air ó mhaidin go faoithe ach a bheathú. Bhíodh amhrán ag na seandaoine agus 'sé an t-amhrán é:- "Goidé sin do'n té sin nach mbaineann sin dó." Sgaoileadh thart an cás ach amháin go raibh gaol cleamhnuis i n-iachtar tíre agus é ar bhruach na fairrge mar támuid féin. Gheall sé bun agus bárr a mhaide dhi. Lá dá raibh sé ag teacht ar a tháirm tháinig gála millteach air. D'éirigh an fhairrge. Briseadh an currach agus caitheadh é fhéin 'un tíre 'na troslach i ndáil le bheith mín marbh. Leis an téagla rinne sé slapaireacht síos abhaile. Sul dá bhfuair sé lideadh eile ar a theacht mhaoluigh an fhearg. Go buidheach beannachtach gheall sé, ó thug Dia saor slán é, nach rachadh sé aríst a' saigheadóireacht le báirsigh ná a' tarraint achrainn air féin. Do réir mar bhí an chuid ba sine dá clann a' méadú, ba mhian leóbhtha seasamh ar a sláinte féin. Is dóigh go rabhadar ghá náiriú ag an gcaoi a mbíodh an chailleach ar siubhal. Bhog siad leóbhtha amach go hoileán eile atá achar maith taobh thiar dhaoinn. Céard déarfhá le clainn Bhrighde chuaidh iad féin- dream acu - a' déanamh cuideamhlachta leóbhtha ar an oileán chéadna? Ní chreidfheá nach aon daoine amháin bhí ionntu agus meas an domhain acu ar a chéile. Ba gheárr gur shíl an chailleach sa mbaile go mbudh cheart dóbhtha, uile go léir, comhairle agus cead a ghlachadh léithe fhéin ar chuile bhealach. D'éist siad léithe go ceann sgathaimh. Insin dubhairt siad go rabhadar féin i ndon aire thabhairt dá ngnothaí- go raibh siad réidh léithe - agus gan súil a bheith aici uaidhe sin amach, le brabach dhá mbárr na oibliogáid ar bith uatha. Siar léithe go dtéidheadh sí ag
gabháil orthu. Rug sí thall orthu: rug siad-san uirthi agus thugadar dreas breágh bhuailte dhi d'fhág saibhín aireach uirthi uaidhe sin i leith. Ní magadh nár bh'fhíor do'n té adubhairt gur le ging dá geanntracha fhéin sgaoiltear an dair. Pébi sgéal é, chuir an maisdín de mháthair claonadh ar a béasa agus chuaidh lucht an oileáin - go mór-mhór clann Bhrighde - 'un ratha i gcuid agus i maoin i sonas agus sláinte. Ach, Dia eadrainn agus an anachain, is millteach an rud droch-shompla. Lá de'n tsaoghal, bhí Máire Nic Fhranca ar mhná fhiúntacha na tíre. Bhí sí deas, cóir, socair, suaimhneach agus sásta. Ro-shásta agus ro-shuaimhneach seadh bhí sí. Thoisigh an diabhal ag gabháil dá mhaidí croise uirthi gur chaill sí caoitheamhlacht agus cáidheacht, agus gur iompuigh sí amach mar a comharsain. D'íoc sí fhéin ann: chuir fear eile "a cuid ar shlige dhi," agus ba chorrach an saoghal bhí ag an gcailleach- s'againn féin cho fhad's mhair an té údan. Do réir mar bhíodh clann na caillighe ag imtheacht i bhfad ó bhaile, bhídís ar a gcomhairle fhéin. Bhíodh clann Bhrighde ag imtheacht mar a gcéadna: ach, má bhíodh, bhíodh cion agus cuimhne acu ar an tsean-bhean d'fhág siad sa mbaile. Ó tháinig treóir ionntu, thug siad riar a cás dá máthair. Thóig sin a croidhe léithe, agus is beag nach ndéarfhá go dtáinig cruth na hóige ar ais aríst uirthi. Fuair sí fuarú ó ghadharamhlacht na caillighe agus roinnt bheag ar ais as ar baineadh dhi san éagcóir. Ina cheann sin, bhíodh cuid do'n chlainn - boglacháin óga shónta gan gearradh gan gangaid - a' tabhairt mhóna agus uisge isteach chuig an gcaile, ag cartadh easrach na mbó, ag giotamáil agus ag cipiléaracht ar fud an tighe aici. Níor chuir Brighid suim ann: níor dhuine aimhreasach ariamh fhéin í. Níor thuig sí go mbídís mar sin a' tnúth le ubhla agus milseáin fhághail, agus níor airigh sí go raibh na fiacla beagnach lobhtha ina gceann. Ach an chuid acu bhí grinn géar - á! bu búnai! - bhí an ghráin ar an gcailligh acu go díreach glan mar bheadh ag duine ar cneámhaire an lae 'ndé.
Cér bh'iongnadh an ghráin a bheith uirthi acu nuair a thoisigh muinntear a tighe fhéin ag éirghe i n-áirde a' dul ina haghaidh a' sronacanacht léithe agus a' seachadadh cainte. Thoisigh siad orthu mar deirim. Bhí an bheatha ro-gharbh: bhíodar ro-mhoch a' dul i n-éadan oibre agus ro-fhada gan sgur tráthnóna: ní rabhadar a' fághail airgead-póca le bail - gan trácht ar laetheanta saoire - mar bhíodh ag clainn na gcomhursan ar feadh na bliadhna. Agus níor bh'fhiú deich triuf an sgéal gur thoisigh an chlann nighine iad féin. Céard nach raibh uatha agus ag gabháil dóbhtha? Bhí na ba ro-shalach le dhul i n-aice leóbhtha: chuirfheadh nigheadh na soitheach oidhreach ar a lámha. Cé dheasóchadh éadach ná stocaí? Siamsa, damhsa, stocaí síoda, cotaí móra de chroiceann róin - ní airighim spéacláirí agus fiacla bréige! Mar sin, bhí an saoghal a' dul ina haghaidh. Céard a bhí aici le déanamh? Bhagair sí orthu ach fuair sí gach ar le focal. D'fhéach sí leis an mbladar agus chuadar-san 'un dánachta. Bhí deireadh le n-a smacht agus níor chabhair a cheilt. Thoisigh sí ag amhlóid agus ag cannrán ag caoineadh agus a' rádh go raibh seo siúd ar fud na háite ghá ghoid agus ghá fhuadach uirthi. Cheap sí go mb'í Bearta Mhór ba chionntach le gan im bheith sa maistriú agus gan ubh bheith i ndhiaidh na gcearc i mbéal an fhóghmhair. Rinne corr-dhuine meangadh gáirí, agus d'fhan an sgéal mar bhí sé go bhfaca sí Bearta lá a' tabhairt meacan gan cead gan iarraidh as ceap na bPléamonnach. Tharraing sí uirthi agus d'iomard sí an -im, na huibheacha agus céad rud leóbhtha ar an mnaoi mhóir. Ach bhí Bearta i ndon cur chuici: tá's ag an saoghal "nach mbíonn sé 'na cheol i gcomhnuidhe ag Bean a' Phíobaire." As an gcaint, ar ndóigh, thagas na buillí. Shíl mac Mháire Nic Fhranca agus cúpla saor cloiche a gcosg. Go breágh sónta d'fhág siad a gcuid oibre agus rug siad thall ar an mbeirt bhan. Ach ba theann láidir an bleitheach mná Bearta: chuaidh sí sa muirtéal agus dhall sí
na saortha. Níor mhór léithe dhó a bhfuair mac seo Mháire: cheap sí nach raibh uaidhe ach leithsgéal - go raibh sean-ghangaid ag gabháil dó. Ach is ar éigin ariamh thug an chailleach na cosa léithe. Leis an slámadh agus leis an leonadh fuair sí, ní dhearna sí buille sa mbéim thabhairt ó shoin. Agus, díonta na fírinne, ní saor slán atá Bean a' Phíobaire: tá sí corruighthe go mór i n-a hintinn ach go bhfuil an óige aici. Ní'l 'fhios ag lucht na mbailte cé acu luibheanna, snáithe leonta nó meacan-a'-choimpre is fearr do'n bheirt. Tá dochtúir thiar sna hoileáin adeir go dtiucfhadh an chailleach thríd dá mb'fhéidir leis féin freastal uirthi. Ní'l a bhád sáthach láidir, adeir sé: agus tá na muca mara contabhair- teach an tráth seo 'bhliadhain. Ní'l 'fhios agam! Eadrainn féin, 'sí mo bharamhail nach bhfuil sa bhfear céadna ach dosmór. Cé chuala leigheas ar bith bheith aige-san ach "foghairt bhuidhe"? Sa gcás láithreach bheadh "snaidhm na bpéist" chuile phiuc cho fóghantach." Hiarradh ar fhear leighis theacht as Baile-na-Ros. Fear maith cliste. Ar a shon sin, tá sé chomh righin leisgeamhail gur leis an tubaiste bheith a' tnúth leis. Faoi láthair, ní thig leis corruighe: tá an bhruithtíneach agus bruitheálach ar na páistí sa mbaile aige. Deir le fear feasa Bhaile-na-gCimbreach gur gnothaí cuisleóra Bearta Mhór a leigheas, agus dá mbeadh an cás sin réidh nár stró ar bith i ndeireadh na gealaighe purgóid a ghleas do'n chailligh. Cé hí an chailleach? Sin a thomhas ort. Ach aireach dhuit! Glac chomhairle agus ná déan uisleóireacht do dhuine ar bith: bíonn teir ar an obair sin. Má tá miodóg agat congbhuigh glan géar í: ní'l 'fhios agat nach mbeadh ort neas- góid a leigean in do theach fhéin th'réis an earraigh.
GLIOMADÓIREACHT Dá mbeadh do chailleadh go deo leis ní fheicfheá losgán istigh i gCliar Iath. Agus go deimhin ní deacair duine a chasadh leat do mhuinntir an oileáin nach bhfaca ceann ariamh. Deirtear go raibh fear acu lá tao'muigh de ghearradh a' spealadóireacht nuair d'éirigh losgán mór amach roimh lainn na speile chuige agus go raibh iongantas ar mo dhuine. "Dar lí," arsa seisean (a' tabhairt mionna an oileáin), "mur fánach an áit a bhfuightheá gliomach." D'fhan an sgéal mar sin, ach tá a chiall féin leis an bhfocal. Ach mur sgéal é is cosamhail le ceann é naré má tá sníomh bog orthu istigh úda tá tochardadh cruaidh orthu. Ní hionann iad 's daoine eile: do dhubhshlán brabach cainte fhághail orthu. Gan furmhór na hÉireann mar iad! Ach dá mbeadh, deirtear nach mbeadh siubhal an bhóthair againn le fiafhruighe. Mar sin féin bheadh an chraobh go réidh ag clainn Chliar Iatha: bheadh siad sásta le leath-fhocal; is fánach an áit a bhfághann siad gliomach. Caidéis chaoitheamhail na gcarad an eadh? Dreóch dhi? Ní'lim ghá rádh ar aon chor gur dochar ar bith bheith beagán fiafhruighteach: caithfear an saoghal chur thart le bás na caillighe agus le pósadh na mná óige. Bheadh an sgéal sáthach ceart meireach na cosa cuirtear faoi n-a lán dá gcloistear agus an chaoi mbíonn dream cliste a' baint slighe bheatha amach as a fheabhas agus thig leóbhtha eolas a phiochadh as beagán ádhbhair. Roimhe seo nuair ba mhian le dligheadóir nó le fear mar é ceist a réidhteach, dá mbeadh a' dul air, d'éireóchadh leis ó am go ham faoi sgáth na
ceiste fánaighe. Ach le goirid, chíodh gur mór le rádh an onóir, tá an beart úda ghá chleachtadh aigeán a lán. Níor loit Máire lacha ná cearc ar a comharsain ariamh. An onóir! Mar deir siad i n-áiteacha, "bhí galra rún agus cúram gan cion" ag gabháil di: budh dona an mhaidin í nó bheadh fhios aici céard a bhí ar a suipéar acu tigh Bhrighd' an oidhche roimhe sin. D'innseóchadh mac óg Bhrighde ach d'innseóchadh sé mar a gcéadna gur cheisnigh Máire é agus leis sin bheadh an ceol dóirte. Cuimhnigh bean na honóra uirthi fhéin. "Tae," arsa sise, "bhí againn-ne a réir: bheitheá inseo nuair nach mbeadh tada againn." "Mh'anam gur leite agus bainne caorach a bhí againn féin agus nach raibh leath caill' air." Ní thógfhá ar Mhicilín a rádh go raibh sé subhach sáthach a' dul a chodladh dhó. B'féidir nach ar foghnamh a réidhteóchadh a béile fhéin le Máire meireach sgéal Mhicilín. Ach tá daoine 'n ar bhfud nach Micilín agus nach Máire. Beidh fhios sin agat má bhíonn tú lá breágh eicínt ar cholbh an bhothair ag cur deis ar do rothar agus teach fada fairsing le d'ais a mbeidh "cruit faoi choróin" tao'muigh ós cionn an doruis ann. Is geárr uait go n-éireócha bleitheach mór fir amach chugat agus "cruit faoi choróin" abhus agus tall ar na cnaipí ina chulaidh dhuibh. Beidh sé a' borradh le brothall an lae, a chum leath-sgaoilte, a lámha ina phócaí agus é a' stolladh tobac. Buailfhe sé anall go mall righin abuil tú. Mura mbí aithne ná eolas aige ort is amhlaidh is fearr leis. Cuirfhe sé "goirim 's coisreacan" ort ina bhealach fhéin. "Good morning" - agus ar a' toirt beidh 's agat cér b'as é. Seachain a dtiuradh an mac-mhallachtan duit Co. - a shamhailt leis. Beidh conntanós eicínt le fághail agat i gcionn tamuill as ucht go bhfuil col ceathar nó col seisear leat i gCill - óir is as chuile chon- stábla ar foghnamh sa gceanntar seo (?). Ach sé is dócha gur b'eisean dhéanfhas an roinn mhór de'n chaint le do
bhogadh- sé sin niá leigean tusa leis. Ní fhiafhrócha sé dhaot go glan baileach cáide tháinig tú. Toiseócha sé a' baint fhóide ag cannrán faoi dhonacht na mbóthar: ní bheidh rud ar bith ceart - na cnuic mhóra, na clocha briste, madraí míomhúinte, mudhlach agus muca. Leite agus bainne caorach - te! te!! Fainic a ndéarfhá go mb' í sin do shlighe-sa. Ach má chasann tú do theanga faoi do chúil-fhiacail go ró-luath nó má bhíonn gruaim ort i leabaidh fonn cainte, beidh sé lán chinnte (agus beidh an ceart aige) gur Sinnféinidhe ar na hailt tú. Pébi cor a chuirfheas tú dhaot beidh brabach eoluis aige ort mura dtughaidh tú slat dá thomhas féin dó agus maidhm na cainte a leigean go tromach tramach anuas ar Chill - ná ar áit fhiúntaigh eicínt i n-aice leis. Sé do leas é má ghlacann tú an chomhairle úd thug Capablanca do Chumann na Fithchille sa tír seo: - "Bí d'ionnsuidhteach mhaith agus bíodh dhá bhall agat ag coiméad an bhaill." Má's amhlaidh bheas tusa ar d'aireachus rachaidh do dhuine ar ais "gan gliomach" agus ní éireócha sé amach go ceann tamuill eile.
TÍR AGUS TEANGA "Is iomdha cor sa saoghal" adeir tú agus ní'l rádh in' aghaidh. Má's fíor na hughdair, tá an ghrian ós ar gcionn a' baint seacht gcéad agus fiche míle bealaigh amach gach móiméad a chloig. Cuir leis seo casadh laetheamhail na cruinne agus an leigean reatha atá léithe a' dul timcheall na gréine, agus caithfhe tú aimhdeachtáil nach iongantas má bhíonn róroithleagán i gceann na ndaoine, anois agus aríst, dá mbeadh gan leithsgéal eile saoghalta bheith leis. Ach sean mharcaidheacht í nach dtugtar faoi deara agus nach dtiurthar go lá an Luain nuair a bainfhear na beodha agus na mairbh as a gcleachtadh. Gan tráct ar dhul thart na cruinne, tá rudaí sa saoghal seo ag athrú agus athruighthe le uair agus aimsir ó chuaidh an duilleabhar sa ngual, an sliogán sa gcailc agus an chuil san ómra. An chuil féin! Nach aisteach agus nach árdnósach an tiomba atá aici! Ní raibh ceann mar é ag coimeád cuirp do rígh ar bith dá raibh sa Domhain Thoir, agus ní bheidh go deo. Is suarach i n-ar súile sinn-ne an nídh a mbíonn áilneacht ina thimcheall. Nár dubhradh linn i bhfad ó shoin nach raibh Solamh fhéin ina uile ghlóir mar bhláth an mhacaire le iongantus an aoibhnis? Chan oiread leis sin, is beag an rud is buaine 'ná an duine - gan suim ná súiméad a chur i mbreághthacht ná i mbród. Ní mar is mian linn-ne is mian le Dia: an rud a gceapann an saoghal fad na síorraidheachta dhó' ní bhíonn ann ach mar bheadh sgáile na gréine a' dul thríd an ngloine. Tagann smúit agus néall ar lonnradh agus ar lasair; críonann agus cróiligheann an duine bhí
teann cruaidh láidir; meathann sé fhéin agus sliocht a láimhe le aois agus aimsir ach go maireann ruidín fánach eicínt anois agus aríst faoi bhrúighís agus bhrusgar na gcian. Go fiú na teangan labhruigheas na mílte duine i dtír, caill- tear i rith an tsaoghail í. Má mhaireann di, bíonn sí ag athrú agus ag cur crotha an tsuaitheantuis uirthi fhéin le chuile chor go dtéidheann sí thar aithne faoi dheireadh thiar. Bíonn siocair bháis ag teangaidh. Cuireann gabháltas tíre an teanga bhunadhasach dhá cois nuair a théidheas an bunadh ó rath le daorsacht. Thairis sin féin, tagann cruth aisteach ar theangaidh le maltraid oideachuis, le maltraid creidimh, le maltraid riaghaltuis nó le maltraid ar bith eile chuireas feabhas ná truailleacht ar bhéasa na ndaoine nó ar an mbealach bhíos leóbhtha mar nósa buin. Ní liachtaighe reacht ar dhaoine ná cor ina dteangaidh. Féach chaoi 'r cuireadh an phrímh-theanga i bhfudairnéis mar deirtear linn sa mBíobla (Gen. xi., 1-9). Tháinig rachmall agus móiréis ar na daoine. Raibh fútha aithgiorra dhéanamh le dhul 'un na bhflaitheas, nó raibh casán an bháis ro-fhada righin? Is dóigh gur theastuigh uatha dhul suas bog, te - mar bheadh Red Rout againn thiar inseo - agus slighe le theacht ar ais mura dtaithneóchadh leóbhtha. Nár bh'é an feall é nach raibh gluaisteán spéire acu; bheadh ciall eicínt leis ná seirbhís thar mar tá faoi láthair. Go deimhin bhí leithsgéal ag muinntir Bhabail: - "Déanamuis cathair dúinn féin, agus túir a sroichfhe a bhárr go neamh, agus déanamuis ainm dúinn féin, ar eagla go sgapfhaoi sinn ar fud na talmhan go huile." Ach buaileadh, mar déarfhá idir "a' gob 's a' tsúil" iad. D'fhág mearbhall cainte rud eile ar a n-aire ag an dream dona shanntuigh dhul ar neamh agus gan a bhuidheachas ar Dhia ach ar dhaoine. "Déanamuis ainm," arsa siadsan! Rinneadar ceann, ach ní ar an gcaoi ar cheapadar. Cianta fada 'na dhiaidh sin go dtáinig muinntear na
Gréige 'un cinn agus muinntear na Róimhe 'na ndiaidh sin aríst. D'fhás teanga, litireacht, léigheann agus eolas ins gach tír acu. Ba túisge leis an nGréig. B'fhada gur chuir an Róimh bláth dhi; ba mhall righin í ag aipeachan le hais na Gréige, agus bhí a shliocht ar a toradh mar sheas sé treimhse fhada gan téidheadh gan meathadh go raibh seal agus séasúr tabhartha aige. Bíodh 's go raibh sí buille luath le hais na Róimhe, ní cóir dúinn ar a shon sin, rádh go mba fás-na-haon-oidhche bhí 'san Ghréig. Bhí réim faoi leith aici mar deirm. Bhí maltraid snás uirthi i n-óige agus i n-aois thar mar bhí ar an Róimh. Ní saoghal fada fhághas faitheach, ná fáidh ach an oiread. Is amhlaidh bhí an sgéal ag an nGréig le cumas, le ealadhain, le léigheann agus eolus. D'éirigh sí suas 'na buinneán luath láidir. Mhéaduigh sí i neart agus i stuaim ar chaoi faoi dheireadh go raibh a cliú i bhfad 's i ngeárr ar áilneacht a healadhan agus ar éifeacht a heoluis. Ach mo thruagh! Eitinne na háilneachta ba siocair bháis do'n nGréig. Bhí sí álainn aereach ó thús go deireadh. Bhí sí álainn aoibhinn agus, páirt dá mhí-ádh, bhí 's aici fhéin sin. Bhí aghaidh an domhain uirthi mar ghioll ar a háilneacht. Sin a raibh uaithe: ba chuma léithe ach í fhéin a bheith ar bárr le chuile áilneacht - i n-ealadhain i n-eolus - le feabhas foghluma agus feall- samhnachta. "Is cuma liom dá mbeadh gan agam ach lá agus mé go céimeamhail," arsa Cuchulainn. A fhearacht sin ag an nGréig: saoghal sultmhar ar nós cho-fhad's-rachas- sé-téidheadh-sé bhí aici. Ní raibh aire ná áirdeall aici ar an nídh is riachtanaighe do thír. Níor fhoghluim sí an chaoi le fad saoghail fhághail ná, mar déarthaoi faoi dhuine chaomh chroidheamhail - "níor thug sí aire dhá sláinte nuair a bhí sí lúthmhar láidir i mbláth na hóige." Dá mbeadh a haghaidh le sainnt ar an domhan i leabaidh aghaidh an domhain a bheith uirthi fhéin agus ar a healadhain, dá mbeadh 's aici le n-a talta beaga cheartú, dá mbudh fhéidir léithe a daoine a
chongbháil go bun teann le chéile, bheadh athrú sgéil sa saoghal indiu. Eitinne na hamplachta, nó mar bheadh Eitinne chraosach, seadh d'fhág an Róimh ar lár. Thóg sí a ceann go teann dána ó thús. Ughdar breágh láidir bhí innti. Le folláine na fairrge agus le cumhracht na créafóige d'éirigh sí suas go dathamhail dóigheamhail. Ó tháinig spreacadh dhi bhí crúb ar a cuid aici. Níor chaill sí leis an mboige é ná le mealltacht an bhladuir. Mar "chách" bhí spéis san áilneacht aici; ach i dtús a saoghal bhí sí ro-bhaileach le bheith caithmheach agus bhí an iomarca stróinéise fúithe le lúb síos ar bith a leigean ina gnóthaí. Chuaidh a cumhacht thar thír agus talamh. Ins gach áit dá raibh cumhacht aici, thug sí eolas ar riaghaltas agus ar a teangaidh fhéin do na daoine. Ach ní i n-aisge thug sí oideachas agus eolas. Do réir mar bhí a cumhacht agus ceannas a' leathnú aici seadh is mó bhí cuid agus maoin a' tárlódh uirthi. Bhí saidhbhreas ghá chárnadh aici sa mbaile. Shéid sin faoi uaill agus leitheadacht i ndream dá daoine; chuidigh sé le leisg agus leaduidheacht i ndream eile - nó le chuile dhream má's é sin é. Sa gcaoi sin, dá mhéid dá dtáinig is amhlaidh is mó theastuigh go raibh, mar deirim, an Róimh i n-eangacha na heitinne faoi dheireadh. Cailleadh í: d'imthigh a ceannas agus a cumhacht ach d'fhan biseamhlacht na teangan agus tá a sliocht go leathan láidir ar fud na cruinne indiu. Mar seo dhom a trácht ar oidheadh na sean teangadh uasal. Ní gan fáth sin, óir bíonn agus beidh go bráth cliú agus caithréim tíre fuaighte le n-a teangaidh. Má's olc maith linn é, caithfhe ar dteanga fhéin bheith cos ar chois le n-ar leas ná le n-ar léan. Ní thig léithe dhul ar aghaidh gan cumhacht na tíre bheith ina cosamar: agus ní féidir le tír buille sa mbéim thabhairt gan a teanga bheith mar acar agus mar thaca aici. Tá tír agus teanga, uime sin, i
dtuilliomaidh a chéile againn: gan teanga tá an tír balbh, gan tír tá an teanga bacach. Ach ná síleadh duine ar bith nach bhfuil go leor leor eile thar theangaidh do riachtanus ar thír. Ní aimhreas linn gur ab ait an nídh teanga bhreágh lúbach líomhtha. D'indeóin go raibh sin sa nGréig agus sa Róimh níor chongbhuigh sé léan agus lear uatha faoi dheireadh thiar. Dá mbeadh sgéal na dtír úda gan sroicheachtáil cho fada linn chor ar bith, budh cheart go gcuirfheadh sgéal ar dtíre fhéin ar ar n-aireachas sinn. Ach támuid tabhartha do'n aithrist; ní thig linn tada le bail fheiceál againn féin; caithfheamuid dhul i bhfad ó bhaile agus ar thóir na ndroch éadail. A lucht na ngraiméar, mo thruagh ghéar sibh i dtréim leis an "analógacht" údan bhíos a' dul 'un aimhréidhe oraibh cho minic sin! Ní hobair dúinn a bheith a' sníomh a sgéil go caol righin. Tugadh daoine faoi deara go bhfuil úsáid riachtanach dhlistionach do theangaidh. Dubhairt an duine úd leis an duine eile sa Domhan Thoir: - "Déanamuis brící...... baile mór, agus fágamuis túir 'nar ndiaidh." Dubairt an Gréigeach cliste: - "Ceapamuis dramaí agus déanamuis teampuill faoi chomhair na ndia." "Canamuis tréithre ar n-arm agus ar ndaoine," arsa file na Róimhe. Gan bacadh leis an sean-saoghal, féach fhéin céard atá ar bun ar fud an domhain indiu: daoine léigheanta - crainn soillse na cruinne má's fíor - a' bagairt solas na bhFlaitheas a mhúcadh. Duine dall nach dtuigeann go bhfuil go leor de bheodhachan ná de bhasgadh tíre ina teangaidh. Ach nach fad' ó cuireadh Críostaidhthe ar a n-aireachas? "Bíodh 's go labhróchainn le teangthacha daoine agus aingeal, ní'l ionnam ach fuaim phráis nó cimbeal clingíneach" (Cor. I., caib. xiii. 1) arsa Pól Mór Naomhtha. Cé thuig brígh agus tairbhe teangadh é?
AN RÓIMH 'NA hOTHAR BHÁIS Muna bhfuil tuata corónta críocnuighthe ann, tagann sé i n-intinn chuile dhuine faoi láthair a fhiafhruighe cé'n chaoi a dtáinig na tíortha atá anois a' baint na sgartach as a chéile 'un cinn agus i gcéim - céard a thóg a gceann leóbhtha agus céard a rinne cho teann dána iad i n-aghaidh cumhachta agus cumais na gcomharsan. Ná tógtar orainn é má bhíonn lom na fírinne searbh: caithfheamuid bheith ag caint nuair atháthar ghá chasadh linn gur cine bodhar balbh sinn gan teanga dár gcuid féin. Ní díth-mhian atá ar lucht an iomordta ná is amhlaidh bheas an cás. Agus anois ó's cosamhail do na tíortha aranta achrannacha úd bheith a' dul ar gcúl i leabaidh bheith a' dul ar aghaidh, b'fhéidir nár mhiste ar bith é dá ndéanfhamuis na cinn tsiocracha bás bhí ag sean náisiúin do cómhaireamh thart. Nílim ghá cheapadh go ndéanfha sin fionna feanna maitheasa do'n dream atá a' réabadh a chéile agus a' léirsgrios an tsaoghail: ní dhéanfha ná dá mbeinn-se ag sgríbhneóireacht agus tusa, a léightheóir, ag léigheamh go leághfhadh na súile i n-ar gceann. Cad chuige a mbeadh tuataí mar sinn-ne ag samhailt chomhairle ná céille le daoine atá, má's fíor dóbhtha fhéin, i ndon cosa crainn chur faoi na cearca. Nach ndeir duine acu thall sa bhFrainnc go dtiuraidh sé dubhshlán Dé. "Warten sie ein wenig," ars' an Gearmánach nuair a chuala sé trácht ar an áidhbhéil: "fan go mbí mise réidh leis agus beidh rud eile ar ' aire aige." Nach mór an feall go síleann daoine go mairfhe rígheacht ar feadh na síorraidheachta. Ní'l ach rígheacht amháin a mhair
a mhaireas agus a mhairfheas: ach dubhairt an Té chuir ar bun í regnum meum non est de hoc mundo ("ní de'n tsaoghal seo mo rígheacht-sa"). Ní hobair dúinn trácht ar an rígheacht seo atá gan cip gan claidheamh gan gunna gan pléasgán agus bheas beo bríoghmhar ar a shon sin cho fada's bheas an saoghal ar suidheachan. Tá's Cé chuir ar bun í; tá's cé'n chaoi a ndeachaidh sí ar aghaidh d'indeoin ar shíl dochar agus díogbháil a dhéanamh uirthi; agus tá's, freisin, nach bhfuil fios ná fághail ar sliocht ná ar síolradh na ndaoine a shanntuigh a cur i n-ísle bhrígh' sa n-am chuaidh thart. Mar is feasach dá lán, bhí rígheachta agus ríghte móra sa saoghal i bhfad roimh an Róimh agus roimh chumhacht na Róimhe. Bhí eolas agus foghluim ar fud na hAisia, san Éigipt, sa nGréig leis na cianta sul dár éirigh cáil na Róimhe. Bhí cumhacht saoghalta dhá réir sna háiteacha céadna. D'imthigh siad: tháinig meathadh ar réim agus ar rachmull acu; tháinig smúit ar a n-ealadhain agus ar n-intleacht i ndiaidh a chéile gur facas deireadh le mórdhacht na Róimhe fhéin i rith an tsaoghail. Is fada an innseacht atá ar an gcaoi a ndeachaidh a ceannas agus a céim 'un fáin. Ach tig linn an sgéal a ghiorrú ghá rádh gur leig Dia le láimh an diabhail nó gur choisg agus gur smachtuigh Sé í sa n-am bhí fóghantach feileamhnach le rún mór na síorraidheachta thabhairt 'un cinn. Caithfhe leagan eile bheith air mur nach maith le dream ar leith géilleadh go bhfuil baint ná páirt ag Dia le gnóthaí an tsaoghail. A leithide seo, mar dhóigh dhe, ná a leithide siúd de dhuine ba cionntach - ríghte meathta, méirleacha agus cladhairí claonta 'san arm, cladhairí agus cneámhairí mar cheann-phuirt orthu ghá gcingireacht i mbealach a mbasgtha! Tír agus talamh gan coimheas gan cómhaireamh: sin siocair eile - agus ceann dár fhíre. Bhíodh na tíortha agus na talta úd i bhfad ó bhaile faoi smacht an airm agus an t-arm féin faoi smacht dhuine-gan-smacht nár ghlac cead ná comhairle
agus nach raibh fiafhruighe siar air ach an mála sa mbaile a chongbháil líonta le ór agus airgead. Cér cheist dá sásóchadh ór agus airgead an dream sa mbaile! Bhí na boicht ann le beathú agus b'éigean baois a bhladar mar i gcomhnuidhe. Rugas thall ar gach nídh dhá úsáidighe agus dá áilne - cruithneacht, órna, ómra, séada, síoda agus ollamhathas - seoladh go huilig iad go cathair na Róimhe. Seoladh fós i leith na sglábhuidhthe agus na hainmhidhthe éigciallta go mbeadh duine agus damh sgaoilte i n-éadan a chéile a' déanamh siamsa do mháighistirí mhillteacha an domhain. Agus tabhair faoi deara go mbudh mhór an onóir do ghladaire (gladiator) bhocht ghallda a mharbhadh i láthair na sluadh agus a n-impireóra: Ave! Caesar. Morituri te salutant. Uaisle an domhain! Chaithfheadh siad-san fuil dhaonna fheiceál ghá tabhairt sul dá mbeadh ithe agus ól a gcoda ionntu ó oidhche go maidin. Chaithfheadh na déithe bréige, iad féin, bheith buidheach subhach sásta agus solamar eicínt acu. Bíodh 's agat go raibh an Rómhánach cráibhtheach ina bhealach fhéin ach mar chreachaire an lae 'ndiu gur le n-a ghoile ghníodh sé an t-altú. Faoi láthair, 'sé an rí ceann an creidimh ag "cách": sa Róimh ó nuair thug grádh an fhiúntais orthu impireóir do bheith acu, ba mhinic ina dhia mhór é gan fiú fanacht le n-a bhás shaoghalta. Bhí teampuill fhada fhairsinge ann - ceann do chuile dhia. Ba bhreágh iad na foirgnighthe le breathnú orthu tao'muigh: tao'stigh bhí siad fuar folamh. Ach nach mbeadh na déithe sásta le muirtéal a' snaídhmeadh na gcloch mór, gearrtha, gléasta? "Agus cé'n chaoi," adeir tú, "a ndeachaidh an saoghal ar aghaidh gan na páipéir?" Dá dhonacht dá raibh na Rómhánaigh, ní raibh mallacht na bpáipéar ag gabháil dóbhtha. Is doiligh thig linn a thuisgint go raibh teacht d'uireasbhaidh fir mar Northcliffe Shasana. Pébi sgéal é, ní raibh páipéir acu leis an dubh chur ar an mbán ná le n-a mbrostú 'um cogaidh. Ní raibh tada acu mar gheóistí móra na cathrach s' againn féin
le dhá láimh a' dóghadh agus láimh a' tárrtháil - réir na híocaidheachta. Ní raibh cheana: ach i sgáth na dteampull mór folamh, i n-allaí siamsa agus, go mór mhór, sna folcaí te - na thermae - bhíodh mathshluagh daoine ag éisteacht le failipéaraidhthe agus le feallsamhain a mbíodh faobhar ar a nguth ag cur dhaobhtha. Is dócha go mbíodh ceárdcha acu freisin (mar bhíodh aigeán ar sinnsear féin) le scapadh chur ar sgéal ar chaoi nach mbíodh orthu an oiread seo sa lá íoc ar bhréig. Ar i bhfaid seo bhí daoine a' fághail ocruis i mbaile mór robairneach na Róimhe. Imeasg an uabhair bhí gainne agus gorta. Dá mhéad a gustal, bhí lear agus leathtrom amuigh agus sa mbaile uirthi. Bhí bochtáin, baintreacha agus díleachtuidhthe le fághail go fairsing sa n-aicíd sa n-anró, sa n-anshógh, agus sa mbreóidhteacht: fágadh ar fán iad gan fóirthin, gan freastal, gan fliuchadh a mbéal. Ina cheann bhíodh creach agus céasad ins gach réigiún dá raibh cumhacht na Rómhánach ann. Cé chrosfhadh orthu mar sin féin nach raibh an ceart acu? Ba mhairg do'n tír bheadh gan lámh láidir dhá cosaint féin orthu. Vae victis! Ar an gcaoi sin caithfhidhe léargas thabhairt do'n domhan agus gan daoine ar bith eile i ndon a dhéanta ach na Rómhánaigh amháin! Bíodh achrann ar bith ar siubhal, ní ag Hannibal, nó ag Iugurtha, nó ag Mithridatés bheadh an ceart. Ní headh ná ag Armínius ach gur éirigh leis. Bhfuil faice nua sa saoghal seo? Mar sin do'n Róimh ar feadh na gcian gur phléasg an bolgán. Dubhras cheana go mbíodh ór is airgead agus earraidhe dhá dhaoire a' tárlódh isteach uirthi ó bhliadhain go bliadhain. Mhéaduigh maol ar charnán ag móruaisle na cathrach. Bhailigh na meádhon tsluaighte cuid agus maoin iad féin. Chuidigh sin agus athrú dlighidh le neamh-mhaitheas agus neimh-spleádhachas. Bhí réigiúin mhóra le cosaint, ach bhíodar lom sgriosta gan tada le fághail ionntu: ar an ádhbhar sin
thoisigh an t-arm agus bhuannacht a' dul i n-ísle bhrígh'. Déantaoi réidhteach i bhus agus tall: bhíodh cáirdeas le dream agus curtaoi foighid-an-sparáin i ndream eile. Brúightí cumann agus comaoin thoir agus tiar. Ach ó'n lá a facas nach raibh an Róimh i ndon a harm féin a chur ar pairc-an-áir go luath láidir, ó'n lá sin amach bhí deireadh le n-a smacht. Ní de leigean reatha d'éirigh sí: chuaidh sí ar gcúl go mall righin. Ba mhór agus ba bhreágh a réim agus a céim. Sgaoil sí í fhéin amach le n-a linn mar ghníos an tuair-cheatha thagas sa spéir roimh an bhfliuchán: d'fhás sí ar duibhe, lúb sí síos sa dorchadus. Ach tháinig boige na nGrásta faoi dheireadh agus d'aipigh foghmhar d'fhlaitheas Dé.
AN GANDAL BÁN Bliadhain sa taca seo bhíodh dhá ghandal ar an mbóthar idir mo theach-sa agus teach-a'-phobuil. Ba mhinic leóbhtha aighneas a chur orm. Anois agus aríst, dhéanainn allúntas dá ndícéille. Rud eile dhe, nuair bhíos gandal agus a chomh- luadar i n-aice a ndoruis féin, ní'l obliogáid dá laighead orthu deágh-chomharsanacht fhuagairt ar fhear bhealaigh ná bhóthair. 'Dar a shon! Is mór le rádh "Selfdetermination" i gcumann an charn-aoiligh. Ach ní thuigeann daoine an chuis sin. Pébi sgéal é, fuair gandal acu siod ar chleachtach leóbhtha m'ionnsuidhe giorrachan saoghail de bhárr a bheith ro- dhúluighthe dhó. Nuair d'fheicfhinn é ar m'aghaidh ná a' déanamh orm, céarba deifir bheadh orm maidin ghlas fhliuch, bheadh sé ar eir' agam an deifir sin a mhaolú agus a bheith ar m'aireachus. Corr-mhaidin d'fhágainn róroithleagán ina cheann aige le speich de mo chois. An chéad mhaidin eile bheadh sé i riocht dhul thrí mo rothar dá thabhairt le tuisgint dom nach raibh claon air an cogadh a chosg. Dona go leor agam-sa agus bhí go maith aige-san. Chuaidh an lá 'un sínte, agus déarfhá le teacht an earraigh go ndeachaidh fonn troda an ghandail 'un cinn. Duine ná deoraidhe ní raibh a' dul thairis. Ach mo léan an t-éan bocht! Lá dona dealruighthe, cé thiucfhadh an bealach ach cipe de "chiar-chróna." Is dóigh gur cheap an gandal go mba mise bhí ann aige nó go raibh mé ar a bhfud: thug sé iarracht fútha ach ní dheachaidh leis Bhíodh an dara gandal, mar dubhairt mé cheana ar mo
shlighe. Tá sé ann i gcomhnuidhe. An dál fhad 's mairfheas sé, caithfhear a rádh ina thaobh nach é méad a mhisnigh thugas slán thar anachain na bliadhna é. Bleitheach mór bán é bhíos chuile mhaidin ghá thuar féin ar cholbh an bhóthair th'réis éirighe as an linn dó. Bí ag caint ar an deághdhuine a leigean thart! Má's i gceartlár an bhóthair do'n ualach úd - ó's minic an cás - is ar éigin chorróchas sé cos thar a chéile leis an mbealach fhágáil do dheághdhuine ná do dhrochdhuine. Beidh sé annsin 'na stána rómhat, a stumán le talamh, agus cuma na gruaime ar chuile ordlach dhé. Sínfhe sé a ghob amach agus a mhuinéal. Nuair bheas tú a' teannadh leis ná bac go deo le n-a ghaethe troda. Go díreach a's tú a' dul thairis, beidh stuadh 'na mhuinéal agus ruibh an domhain ann. Ach ní rachaidh sé níos fuide leat. Cho luath 'nÉirinn 's bheas an chontubhairt thart toiseócha sé ag grágghail, tiucfha tochas ina sgiatháin, craithfhe sé iad, rachaidh sé abuil an comhluadar bhíos iad féin ag grágghail. Sínfhe siad-san amach a nguib, craithfhe siad na sgiatháin. Cuirfhe seisean a sgiatháin i gcóir aríst ar ais: déanfha siad-san an cleas céadna. Siúbhlfha seisean thart 'na measg. Sínfhe sé amach an gob aríst eile. Seo í an obair chugat! Toiseócha sé air a' siosarnaigh: toiseócha siad-san ag cur leis - ag glacadh buidheachuis leis as ucht a dtabhairt saor slán - eisean rinne an ghaisg agus ghnóthuigh an cogadh! I n-ómóid agus le umhlóid do'n "mheasardhact," is ceart an fhírinne, lán na fírinne, agus lom na fírinne dhéanamh. Ar an ádhbhar sin amhduighthear nach mbíonn an gandal cho goiceanta chuile am. Dá mbeadh an gábhadh dhá ríre a' dul an bótar, feiceadh an gandal cairt ná cárr, cloiseadh sé troimpléasg ar bith, budh ghlan an coisidhe é ag greadadh leis agus a chúram 'na dhiaidh ar fhaitchíos go n-éireóchadh bris ná beárna dóbhtha le faillighe. "Pleidhce amadáin," arsa tusa, "ach nach bhfuil amadán ar bith gan a chiall féin." Tuigim leat. Cé mhéad againn ar a shon sin, mar an
gandal bán sa gcríonnacht: nó an amadán aon raic eisean? Fóill ort! Nach é adeir daoine linn atá sa n-eolus - má tá - nach bhfuil cor ná cleas ná cluainidh acht sa duine gan a macsamhail de chor agus de chleas a bheith i n-ainmhidhe eicínt agus ar chaoi eicínt. Cé nach gcuala faoi chríonnacht na nathracha nimhe agus faoi mhacántacht na gcoluim? Nach fad' ó cuireadh daoine gan treóir i gcomhsamhlacht na gcaorach? Nár baisteadh sionnach ar dhuine ar fhág a thíoránacht féin cuimhne fhada air? "Spáin do mhadadh dhom," arsa Hector Malot, "agus innseócha mé cé thú: bíonn uaisleacht eicínt a' siubhal le madadh an duine uaisail, sgraiste madaidh bhíos ag leaduidhe, bíonn cneámhaireacht i madadh an chneámhaire agus corp rógaire madadh an ghaduidhe." Nuair a bhí gábhadh 's baoghal ar fud na tíre sheas na tréin sa mbeárnain- cuid acu tháinig as agus cuid acu a thuit. Níor bh'é sin do dhream eile: ní raibh fághail ná feiceál orthu i gcaill agus i gcruadhóig. Ní hé go raibh díth-mhian ar na fallsóirí ladar a chur sa gcaint: ó'n áit 'ná chéile chomhairligh siad nach raibh tada mar a fhoighid. D'fhreagair lucht na hoibre agus d'fhiafhruigh an rabhthar a' tabhairt an chomhairle sin do'n té bhí ar chúl a chinn sa teinidh. Stop an chaint leis sin. Anois aríst déarfhá go bhfuil gobaireacht ar bun chíodh go gcuirfheadh a sgáile fhéin faitchíos arthu roimhe seo. Ba chumasach é an comhrádh agus an chaismirt gur thionnsgain an teannadh i gceart. Ar chlos agus ar fheiceál céard a bhí a teacht, leig curaidh na n-árdán agus cladhairí na bpáipéar leóbhtha fhéin. Cé raibh formhór na ndaoine atá i n-áiteacha árdnósacha ná atá a' tabhairt chomhairle i n-aisge dhuinn glacadh le "crúsga meallta." Tá saoghal breágh beadaidhe acu siúd: níor airigh an fear sáthach an fear leath- sháthach ariamh ná anois féin. Ach cér b'áil linn ag caint!
CÉ ACU? Is doiligh na ceisteanna le fuasgailt iad seo: - An é athrú saoghail chuireas athrú ar theangaidh; nó an í an teanga chuireas athrú ar an saoghal? Dubhramar an lá faoi dheireadh gur chuir teanga na hÉireann trí crutha dhi agus tá's againn go mba cruadhtan clampair agus cogaidh ba cinntsiocair le gach cruth acu. Feiceamuis cé'n chaoi raibh an sgéal i gcorr-áit eile ar fud an domhain ó am go ham. Bhí trí teangthacha i n-úsáid i dtír na n-Iúdach le linn ar Slánuightheóra. Bhí an Laidean ann óir ba leis na Rómhánaigh an tír san am sin; bhí an Ghréigis ann mar nach mbeadh Rómhánach ar foghnamh nó foghluimte go ceart gan a bheith i ndon teanga na nGréigeach a labhairt; agus bhí teanga choithcheannta na tíre ann - toradh géibhinn as an mBaibilean- an Éabhrais bhriste. D'fhág an daorsacht, mar sin, dhá theangaidh le cois i measg na n-Iúdach: féiríní as domhnaidheacht a buadh b'eadh teangthacha iasachta na Róimhe. I dtaobh na Gréigise, caithfhear a thabhairt suas di go mb'í an teanga ba bhreághtha de na sean teangthacha í ar bhealaigh. Is aisteach an chaoi ar éirigh léithe agus an clampar de dhlúth agus d'inneach innti. Ní bhíodh suidhe foruis ag an nGréigeach: chaithfheadh sé bheith i gclampar ná i gcleasaidheacht. Dá mbeadh sé gan a bheith ar siubhal le ceachtar acu siúd, chaithfheadh sé bheith ag ceapadh bréag. Abair féin go mb'é bhí i ndon slacht a chur ar an mbréig go binn milis mealltach. Gan teastus iomlán thabhairt ar a thréithre, is leor dhúinn a rádh gur éirigh leis idir chath agus chaismirt, teanga a thíre thabhairt 'un feabhuis. Mhara raibh
ciné uasal aige, bhí teanga uasal aige d'indeoin na bradghaile agus na mbréag. Má's iongantach leat sin, cuimhnigh nach leasú cúmhra théidheas leis na tortha is milse. Bhí teanga bhreágh bhríoghmhar ag na Rómánaigh nuair a bhriseadar isteach ar chumhacht na Gréige. Go deimhin bh'fhada a' blaispíneacht iad le teangaidh na tíre úd. Ach is groigh an sgéal é gur chuireadar an oiread sin spéise i dteangaidh na ndaoine tháinig faoi smacht acu gur chromadar orthu ar a dtáirm dá foghluim. Bheadh sin ceart go leor meireach gur fhoghluim an Rómhánach níos mó go mór fada ná an teanga nua ó'n nGréigeach. Ní raibh tada ariamh nár shann- tuigh maighistrí an domhain sompla dhe a bhlaiseadh. Ba mhian leóbhtha an t-olc agus an mhaith bheith acu. Cé'r cheist ach iad dona go leor mar bhíodar. Bhí blas na nuadhachta ar dhramaí 's ar dhánta na nGréidheach. Bhí a dteampuill le n-a gcuid colamhan gan a leithidí eile le fághail ar dhruim an domhain; bhí a gcuid iomhaigh snoighte thar cion - ba chuma iad a bheith lom nochtuighthe i snas na neamh-náireachta ó ba de'n áilneacht an ghráin ar an gcuma sin. Chaithfheadh chuile áilleachán bheith a freastal ar dhiabhalaidheacht agus ar dhíomhaoineas. Leanas do'n obair sin: ach tagann díoghaltas agus tháinig sé. Thuit an trioll ar an treall acu. Dá fheabhas a n-eolas agus a bhfoghluim chuir an t-uabhar agus an gháirseamhlacht ó rath na Rómhánaigh. Indiu ní'l ach sliocht a dteangan san Eadáil agus sleachta san bhFrainnc, san Spáinn agus i n-áiteacha nach iad - gan tíortha Laidne Mheiriceá chur san gcómhaireamh. Sé bun-chiall a ndeirm go dtig le bláth breágh theacht ar theangaidh, agus snuadh na háilneachta ar an tír dár teanga í agus iad le chéile ar an bhfaid seo 'na n-othair báis. Go deimhin is sothuisge go leigtear an teanga 'un faillighe agus 'un fiadhántuis nuair a bristear cumhacht tíre. Ach do réir nádúir bíonn sliocht uirthi mar shólás. Má thagann taom ar teangaidh le torann agus gleo, tagann
aiséirghe freisin lá eicínt, bíodh 's gur le míoshuaimhneas féin agus le imreas thagann sí. Mar ab é bláth bán na hóige 'sé bláth bán na háilneachta bhí ar theangaidh na Frainnce i n-aimsir Louis XVI, agus ní gan a bheith corrach dhi bhí roinn de'n domhan le n-a linn. Cé'n sórt saoghal bhí acu i Sasana agus Seacspaer ar siubhal le drámaidheacht i bpoll agus i bprochlais? A' raibh Miltean "caoch" i gcomhnaidhe ar a shuaimhneas ag ceapadh duan? Ar feadh na bliadhna seo tá i ndáil le bheith caithte, bhí trácht mór ag lucht léighinn ar fhear a mhair san Eadáil sé chéad bliadhan ó shoin. Dá mbudh Éireannach é, agus seinneadh sé mar aingeal as na Flaithis, ní bheadh a bheagán ná a mhórán le rádh ag cuid againn faoi: ní bheadh an sgéal sáthach fiúntach le n-ar mbleid a chur ann. Ach is i bhFlorans, cathair aoibhinn na háilneachta rugadh agus tógadh Dante an file. Má bhí cuma dheas féin ar an gcathair úd, bhí slám ós a cionn agus Dante 'na fhear óg. Bhí dhá dhream dá daoine i n-árach a chéile. Gachar le achar bhídís i n-uachtar. Bhíodh lucht fabhair gan chunndas ar gach taobh: dá mbudh é an Pápa é, rinneadh a bhladar go mb'éigean dó, mar dubhairt siod, "lámh a chur ina chumhachta." Le chuile chaoi, díbrigheadh Dante agus a dhaoine- óir chaithfheadh an file bheith mar chách. Níor fhill sé ar ais go lá a bháis, ach mar fhill ná lá a bháis féin, cloiseadh uaidhe ar fud an domhain mhóir. Indiu, ní bheadh fhios cé mb'iad lucht a dhíbeartha meireach a ndroch bhéasa fhéin. Ní mar sin dó-san: tá fhios cé mb'é. Tá fhios fós cé hé chuir smeach i dteangaidh a thíre agus d'fhág oighridheacht i bhfuirm duain - oighridheacht gheobhas modh agus meas an dál fhad's bheas spéis ag aos eoluis i n-aoibhneas briathar binn. Nach mór mar seo againn Leam agus Tomson, agus rl., thug Béarla breágh do'n domhan ina mbuaidhreadh ina mbrón agus ina n-anshógh! Déantar gairm mhór de bhrígh gur éirigh le Burns ar a bhoig-mhisge, le Cupar ar mire, le Grae ionanns ar an gcuma chéadna agus iad ag ceapadh duan.
Céard nach ndéanfhadh siad ar dheágh-staid? Ach ba mhó go mór fada an t-oideachas bhí ag ar gCéitíneach fhéin, is mó an sólás agus an téagar i leabhar leis 'ná tá i ngach 's ar sgríobh na hughdair údan ó thús go deireadh. Ní san sócamhal chum sé agus chuir sé le chéile a chuid oibre. Ní raibh an anachair chroidhe chéadna ar na hughdair ghallda sin 's bhí ar Dhubhaltach Mac Firbisigh ná ar an bhFlaithbheartach: ní raibh cumhacht a dtíre ar lár. Bhí comhluadar agus compóirt saoghalta eicínt ag an té ba dona acu le hais mar bhí ag an Mistealach, ag Séarlus Ciceam agus ag a lán eile dár sgríobh i mBéarla faoi chúis na hÉireann. Nuair bhíodh Silbhió Peliceó go deas cuideamhail a' mealladh agus a' déanamh mórtachuis leis an dubhán-alla ar feadh an uaignis bhí sé tréigthe go leor. Ach faoi dheireadh nuair chuir sé a lear i gcósáird d'éagcaoin Seán Buidhe fhéin a leathtrom go binn bog-úrach. Tá's againn daoine innseóchas sgéal searbh do Sheán. Beidh toradh tairbheach ar an sgéal sin: is fiú é fuireach leis.
TEANGA PHÁDRUIC AGUS CHOLUIM Cloistear caint ar theangaidh Phádruic agus Choluim, ar "Shean-Ghaedhilge," nuair bhíos daoine a séideadh. Is fad' an lá ó caitheadh i leithridh an cruth cainte bhí i mbéal ar sean- naomh. Gan trácht ar an gcaoi ar labhradar, dá bhfeicfheá mar sgríobh na naoimh 's na sgoláirí bhí na céadta bliadhan féin na ndiaidh, bheitheá cho measgtha leis an bhfear bocht maordha a d'fhiafhruigh de'n tsagart cé acu na bricíní dearga ná na baillíní dubha an t-Aifreann. Bhíodh na sean daoine ghá rádh gur chuir Éire coill di trí huaire. Thiuchfhadh dhi. Ar aon chor, ní féidir a shéanadh gur ab é an tríomhadh cruth faoi láthair é ag teangaidh na hÉireann ó tosuigheadh dá sgríobhadh ar dtús. Sean Ghaedhilge an chéad chruth, Gaedhilge Mheádhon an dara cruth, agus tá casadh eile uirthi indiu. Déarfhá, beagnach, gur a' dul 'un feabhais atá sí. Ní hionann sin agus neithe eile, tá luisne na hóige uirthi fós i leabaidh bheith breóidhte briste dhi ó aois agus aimsir. Ní thig linn a rádh go baileach cáide ó thosuigh ar sinnsear leis an tSean-Ghaedhilge mar nach raibh aon sgríbhneóireacht le bail acu go dtáinig Pádruic 's a chomhlucht le foghluim saoghalta agus spioradáilte ar a bhfud. Bhíodh Ógham acu. Ach d'éis móide de'n úsáid a rinneadh de'n t-slighe sin ar leachtaí agus ar leacracha, bhí sí ro-mhíostuamdha le n-a cleachtadh as éadan. Ní'l rádh i n-aghaidh go mb'fhéidir go raibh sgríbhneóireacht ag corr dhuine roimh an am úd - go díreach mar bhí an creideamh ag duine i bhfad ó chéile. Rud amháin atá cinnte gur le linn Phádruic 's na naomh bhí go
haithgheárr 'na dhiaidh seadh thug léigheann agus liteardhacht an chéad chéim 'un cinn. Na manaigh agus na mainistreacha ó thús a thionnsgail agus a bhrostuigh an t-athrú iongantach ar fhoghluim agus ar fheabhas na tíre. Ins gach áit dár thóg na háruis bheannuighthe a gceann, tháinig i n-aenfheacht le rath saoghalta, spreacadh agus aipeachan ar oideachas na ndaoine. Is geall le leadáin na mainistreacha céadna agus na naoimh chuir ar bun iad a chómhaireamh. Go lá-an-Luain, ní bheidh tuairim ná tuisgint cheart ar iomlán a n-oibre. Ní hé amháin go raibh na h-ealadhna diadha ghá múnadh agus ghá bhfoghluim ins gach sgoil mhóir ar fud na mainistreach; bhí ealadhna agus finn-eolas saoghalta le fághail ionntu nach raibh a macasamhail eile ar dhruim na cruinne. Nuair bhí Laidean' Gréigis agus fiú an Éabhrais acu cho beacht briosg sin, cé'r bh'iongnadh a dteanga fhéin bheith ar bhárr na mbeann le feabhas. Is gnás linn a rádh faoi láthair nach lughaide an trócaire a roinnt. Cér ba tráth ar dubhradh an chaint mar siúd, is sine go mór fada a brígh agus a toradh i measg na n-Éireannach. Is ait an chaoi ar bhris agus a mbriseann an fiúntas agus flaitheamhlacht amach. Bronntanuis spiorad- áilte iad nach sgarfha leis an mbunadh Gaedhealach go deo. Ar an ádhbhar sin - téidheadh an té ar mian leis 'n-ar mbéal- ní fonn fáin agus deoraidheachta thug ar sgoth na sean mhanach éirighe amach rómpa. Lean siad do'n ordú bhí ina gcinneamhaint i gcomhar le toil Dé. D'fhág siad, fhearacht Athair na n-Aicme, a ndúithche, a ngaolta agus a ndaoine le slán agus beannacht. Chuireadar fútha san iargcúlacht i bhfad ó bhaile le go mbeadh solas i n-áit an dorchaduis agus an saoghal thrí lasadh ag teas agus téagar na fírinne- "Níor lughaide an trócaire a roinnt!" Ó'n am 'ná céile, thagadh slám agus gábhadh orthu. Ach le chuile strácáil thagaidís thríd lean sonas agus séan a
n-iarracht ar Eagluis Dé a leathnú. Ní raibh áit dár cuireadh mainistir agus sgoil ar bun nach ndeachaidh eolas agus oideachas 'un cinn san áit chéadna. Má bhí an fearann fada fiadhain, bhíodh an fóghmhar fial fairsing ach na manaigh bheith a' taithighe agus ag obair ann. Bhí agus tá glan chuimhne ar an obair úd. Munar sheas na háruis féin na céadta bliadhan, sheas a sleachta i bhfoirnighthe ins na hionaid chéadna ná ina gcomharsanacht. Ach tharsta sin féin, feiceamuis. Ag imtheacht do na manaigh as an tír seo thugadar a lán leabhar leóbhtha. Ina cheann sin, sgríobhadar féin tuilleadh mar bhíodh fuireann acu ins gach mainistir agus b'é a n-obair shaoghalta leabhra a cheapadh ná a n-aithsgríobhadh. B'fhada righin a bheadh an sgríbhneóir budh tapaidhe ag cur leabhair le chéile. D'fhág sin leabhra daor gann. Le linn na haimsire úd, agus i bhfad 'na diaidh, bhíodh meas mór agus áirdeall ar leith orthu. Le chuile chaoi agus cúram d'fhan MSS. sna sean áiteacha go raibh a lá tabhartha - gan iad i n-úsáid ní ba mhó. Agus nár bh'ait a mhaise do'n Eagluis chuile lá riamh go raibh cion aici ar rudaí aosta ársa agus go mór mhór ar gach sean oighridheacht a bhain le n-a gnóthaí fhéin. Díonta na fírinne, bhíodh sí sgaithte agus ba bheag é a dicheall di fhéin. Théidheadh teach agus troscán agus maoin ó rath. Níor dhóchaighe sin ná a gcur ó rath ag sgladuidhthe "ciar chrón" an tsean-tsaoghail. Cé hiongnadh go raibh sgapadh agus spíonadh ar leabhra? Bíomuis buidheach beannachtach gur thárrthuigh na manaigh cuid acu ó bhruighin ó bhrúighis agus ó bhrusgar na gcian. Ní achar cho fada sin é ó fríoth leabhra luachmhara caithte thart i n-áiteacha cúil gan suim gan spéis ionntu - ní raibh fhios céard a bhain dóbhtha. I Laidin bhí a bhfurmhór sgríobhtha: ach chinn go raibh gluaiseanna Gaedhilge leóbhtha - míniú na Laidne nó ciall a raibh sgríobhtha 'sna leabhra. Faoi láthair tá an cás druim-ar-ais: sí an Laidean ar slighe le ciall na Gaedhilge úd féin fhuasgailt óir is Sean Ghaedhilge í. Abair féin gur obair i n-aghaidh na
n-aitheanta í thuisgint. Ach bíonn saoi, agus ní mór dó sin, sásta le leath-fhocal. Fághann an fhoighid bhíos aige luach- saothair mór chíodh nach ceann mealltach é réir mar mheasas an tuata dhó. Dá mbudh i n-airgead agus i n-ór bheadh an luachsaothair úd, cé chúiteóchadh leis an mbuidhin bhig, thar sáile agus sa mbaile, thug agus atá fós a' tabhairt, a saoghal agus a sláinte do'n obair? Nach réidh linn teanga Phádruic agus Choluim thabhairt ar air!
NÁ PÁIPÉIR MHÓRA Táthair ghá rádh nach dtig le daoine úsáid choitcheannta dhéanamh faoi láthair dár dteangaidh. Tá sé le feiceál againn uile go léir nach bhfuil sí dá cleachtadh mar is ceart. Is mór ar ngráin, mar dhóigh dhe, ar dhaoine aosta nach labhruigheann í chois an teallaigh ach mar dhallamlóig ar aos óg bhíos a éisteacht leóbhtha. Anois nach bhfuil an cleas céadna ghá dhéanamh ag daoine a rabhamar a tnúth le n-a ndeágh-shompla, ach cead cainte bheith acu. Léigheamar go leor le mí i leith 's tuilleadh: i ndeireadh na dála má tá an t-amharc a leathnú orainn, ní hé clódh na Gaedhilge is cionntach leis. Bhíodh corr-fhocal inseo agus insiúd. Sé fhearacht na sean-daoine ar na hailt é - a' déanamh caoitheamhlachta i riocht 's nach mbeadh fhios ag tuataí go raibh daoine cliste (?) foghluimte a seachadadh cainte dhá chéile. Tuige, i n-ainm Dé dhúinn, nach dtig linn aghaidh cheart chneasta chur ar an obair feasta choidhche? Ní'l aon mhaith a' fanacht le daoine nach bhfuil uatha ach a bheith a stolladh Béarla ós comhair dála agus i lár aonaigh. Rachaidh a gcáil 'sna páipéir agus nach cuma céard a thiucfhas as ach a n-ainm bheith thíos le óráid bhreágh bhríoghmhair? An tsean- mharcuidheacht i gcomhnaidhe! Tá a mhilleán ar Dhomhnall Ó Conaill gur b'é d'fhág Béarla agus páipéir ghallda sa tír. Nach deas réidh an rud an chaint? Má samhluighthear bealaigh eile Dhomhnaill le fir mhóra an lae indiu, sé freagradh dhuine gur ab iomdha uisge chuaidh le fánaidh ó bhí sin ann. 'Seadh, uaiste! Tá uisge dul le fánaidh fós: ní'l muileann na Gaedhilge a meilt go teann. Ní hé an fiodán atá calctha. Céard ná cé is cionntach - an tarrae, an cómhla ná muilleóir gan rath? Biodh fios againn nach dteastuigheann teanga Ghaedhealach
ó pháipéar mhór ar bith i mB'l' Áth' Cliath. Tá na "mion- pháipéir" beagnach chuile ordlach cho dona. Nach breágh an chaoi: - "Déan mar deir siad," corr-uair! Má fhaghann lucht na bpáipéar úd - beag 's mór - cead a gcinn, ní bheidh cleach- tadh ar a dteangaidh ag na daoine ná acu-san go mbeidh nead ag an gcuaich dhá cuid féin. Ach ní hobair a thógáil orthu: fághann siad an oiread sin freastail go ndeir siad leóbhtha fhéin nach ceart athrú ná iompódh a dhéanamh d'fhágfhadh mío- chomhgar dá laighead orthu-san. B'fhéidir gur foisge bheinn do'n fhírinne dá ndéarfhainn go síleann fear mór an pháipéir nach ceart na neithe seo dhéanamh ar aon chor ach le n-a chead féin. Nach ndeir sé linn de ghlan Bhéarla go dteastuigheann a leithide seo agus nach bhfuil call le n-a leithide siúd de rud sa tír. "Mise atá ann," arsa Rí Mór na Frainnce fadó. "Mar is mian linn-ne bheas dlighe do thír 's do thalamh i n-Éirinn," arsa lucht na bhpáipéar mór. Tá fhios againn gur fhág an Cogadh Mór "gearradh" ionnainn le n-a lán neitheadh thuisgint. Go deimhin tá go leor de'n olc 's de'n mhaith leagtha ar an gcogadh céadna thar mar thuill sé. Ní'lim ghá shamhailt nach dtug sé leideadh dhúinn ar chaime Shasana theaspáint as a nua do'n domhan, agus nár chuidigh sé linn ar bhealaigh eile freisin. Gan aimhreas ar bith, budh dhaoine dona sinn dá mbeidheamuis ina leith. Ach chóns bhí an Cogadh Mór ar siubhal, ní chuile dhuine thuig i gceart míchneastacht na bpáipéar. Nuair a thionnsgail ar gCogadh fhéin fuaramar léargas nach cóir dúinn a dhear- mad go réidh. Amuigh agus sa mbaile fuair lucht na bpáipéar - fíor chathracha seo na honóra - seachadadh deas ar son a gcomhairle. Bhí a shliocht orthu: séideadh de réir mar híocadh. Ariamh fhéin ní raibh deágh theastas ar an gcaoi mbíodh an fhírinne dá sgagadh ag na páipéir mhóra sa tír seo. Nach ar an gcuma chéadna atá siad anois? Tá siad mar bhí siad; agus mar bhí siad beidh siad. Is iomdha sin cur 'un iúil agus casadh bhíos ar chruth an
pháipéir. Bíonn sé tíorghrádhamhail. "Ó, a Shaoirse," arsa Maideam Roland, "nach millteach a lán a cuirtear in do leith!" Tugann an páipéar eolas ar airgead agus ar mhargadh-an-airgid. Fáightear cunndas ann faoi rástaí agus faoi chaiple rása. Ní'l duine ar foghnamh bhíos ghá phósadh ná a' brath ar phósadh nach mbíonn fios a thréithre againn cho cruinn, baileach ón bpáipéar agus dá mbudh comharsa-bhéil-doruis dúinn an té údan ó cuireadh bannlámh de chóta air. Ach nuair bhíos "an ceol dóirtthe" agus na daoine breágh' a' sgaradh le n-a gcuid airgid nó le chéile seadh bhaineas na páipéir an tsreang de'n mhála. Mar sin do chéad rud eile - beidh siad ós do chomhair, agus léigh iad nó fág iad. Shanntuigheas a rádh - "nach mbaineann sin dúinn." Ach ní abróchad mar is fiú iad béasa agus bealaigh na bpáipéar fhaire le bheith san aireachas orthu. Fainic a Laoigh ó! Má bhíonn tusa, ná do dhaoine leat, idir dhá chomhairle, ná leigí rún ná claonta le fear an pháipéir mhóir agus ná leigí dhó breitheamhnas a chasadh agus a chamadh. Má lúban tú oiread amén tá leis. Tabhair faoi deara nach mbíonn ar gcara gan treóir nuair is dóigh leis go bhfuil a' dul air. Cuirfhe sé caint dhuine mhóir eicínt ós do chomhair agus 'ndóighthe fhéin is foras na daoine sin fhághail faoi láthair: tá siad cho fairsing le móin agus séala ar leith ag fear an pháipéir ar a chuid féin. San am chuaidh thart, bhídís a' dul as a gcranna cumhachta - ní raibh fhios acu ar bh'é an t-aer ná an talamh bhí ghá gcongbháil suas. "Caithfhe siad siubhal go réidh anois: mar an té úd sa' mBíobla, ní'l ionntu oibriú agus is náireach leóbhtha an t-iarratas" - sin seabhóid. Bíomuis cinnte go bhféachfha siad beart eicínt: gan cearrbach ar bith bíonn an chontubhairt ina gcosamar. Cér dhochar sin meireach cho sásta 's tá Seán. Tig leis a rádh mar dubhairt Jugurtha fadó faoi'n Róimh: -
urbem venalem et mature perituram, si emptorem invenerit.
AN AISTIGHIL Saoghal aisteach an saoghal seo agus is beag lá éirigheas orainn gan a chlos gur ab eadh. Ní abruighthear in' aghaidh óir támuid cho cleachtach ar shean-ghnás go sgaoileann gach duine thairis é. Má bhíonn cantal ag gabháil do dhuine nó má bhíonn sé 'n' ainle glacfhar leis do'n chor sin: ní toradh mór fhághas a chaint má's rud é go mbíonn sí buille as bealach sgaithte nó nach mbíonn sí ceart ciallmhar mar chaint chuile dhuine. Míle buidheachas le Dia nach bhfuil cosg ar shiosgadh na seabhóide. Meireach é ní thuigfheadh ar gcomharsa a chlisteacht féin. An té bhíos ag éisteacht linn, bíonn sé gan focal as a phluic agus an inchinn ag oibriú aige ag cómhaireamh thart aos na gealaighe ná ag agairt Dé a chiall agus a shláinte fhágáil ag chuile chréatúr. Seadh, nach fear mar chách an fear is fearr ar bith - sean fhocal eile as ciste ciallmhar na gcianta! Tá go maith mur gcasann, san aimsir atá ann, duine eicínt an cás druim ar ais dhá rádh go mbeadh an saoghal ina stána dá mbeadhmuis uile go léir ar deil. Ach ní baoghalach do'n chríonnacht; agus ní bhraitheann an cantalán céard bhíos i n-intinn an duine eile 'chan oiread. Bogfha an chomharsa isteach chugat san árd-tráthnóna. Beidh sibh a' siosgadh tobac go mbeidh bhur gcarbuid i ndáil le bheith loisgthe. Déanfha seisean méanfach agus caithfhe tusa trion- sgailt mara gcéadna. Déarfha seisean gur "aisteach an saoghal é" agus ní bheidh sé de mhisneach agat-sa húm ná hám a rádh thar a theacht leis. Fan go réidh, a chladhaire. Nach ar an gcuma chéadna atá an saoghal mór fada fairsing. Tá na daoine agus na náisiúin ar bhealach mar bhíos tusa agus do chara ag cur na
hoidche tharaibh agus gan mian nó rún ag ceachtar agaibh argúint a chur ar suidheachan ná aithis a bhaint as an duine eile. Tabhair faoi deara nach ndeirim go bhfuil an saoghal glan díreach mar chúirt-na-deataighe sin agaibh-se. Ní ar shon mise dhá rádh é ós do chomhair, ach tá sibh-se go leor mór níos cneasta agus níos carthannaighe ná mar bhíos na náisiúin le chéile 's ná mar bhíos lucht a stiúrtha eatru fhéin. Déarfha lus mór eicínt, agus na táinte ag éisteacht leis, gur "crochadóir críochnuighthe" an Turcach: is fiú dhó sin a rádh. Cuirfhe fleangach ar foghnamh as an arm leis. Beidh baramhail agus breitheamhnas ghá sheachadadh thart go dtéidh an chúis cho fada le fear an pháipéir. Ní beag a luaithe. Ní hé amháin go mbeidh seisean a' séideadh ar a tháirm, ach beidh sé a stollraighciúch ó mhoch na maidne go tár an mheadhon-oidhche. Fearacht fhleangaigh an airm, is ar sin atá a bheatha agus a mhaireachtáil. Beidh sé i ngealta mar ghioll ar an éagcóir - agus gan críostaidhe bhéil-bheo a' rádh in' aghaidh. Is cuma cé deir "'seadh" nó "ní h-eadh," beidh an focal deiridh aige-san. "Diabhal corónta" adeir sé an Turcach, agus go gcrochtar é cho hárd leis an ngealaigh, ní bheidh foras againn sa saoghal seo - ná b'fhéidir sa saoghal eile. Is ionann an cás má chuireann muinntear na hÉigipte ná muinntear na n-Indiacha gíog astu. B'ionann an cás, freisin, nuair bhí faoi dhream ar leith an Ghearmáin a chreachadh chíodh go mba deacair drannadh léithe chóns bhí Mam Mhór ina háilleacán tao'bhus de ghearradh. Páirt dá mhí-ádh go bhfuil an galra seo tógálach- Ní aicíd í leanas do'n Mheiricín, do'n tSasanach agus dá "mhac-an-uicht" (an Brughaidh) sna hOileáin. Téidheann sí thart cho sgodalach sgafánta leis an ngaoith Mhárta. Faoi láthair cé na daoine ar foghnamh nach bhfuil a' friothmhagadh' ná níos measa, faoi mhuinntir na hÉireann ag cur deis orthu agus a suidhiú i mbreitheamhnus ar céard budh cheart a
dhéanamh leóbhtha. Ghlacfhá le cúram gan cion dá dhonacht é. Ach leis an milleán agus an magadh seo, cheapfhá go raibh ciall ag chuile thír chuile lá ariamh agus nár dúbhradh sa sean saoghal leis an té bhí saor de lucht an mhilleáin an chéad chloch a chaitheamh. Éist leis an Sasanach - an diabhal ag cur dhrainc air féin leis an bpeacadh - éist leis mar deirim, agus shílfheá nach raibh Cogadh-na-Rós ann ariamh le linn a shinnsir, nár mhúch agus nár dhúnmharbhuigh Sasanaigh tuata, agus tánaiste. Cé thug dícheannadh ar Shéarlus Shasana agus ar Mháire na hAlban roimhe sin? Cé bhánuigh cill agus teampall a' fágáil an láthair folamh san ionad a raibh áras agus altóir ag Mac Dé? Cé rinne uaisle (?) de dheasgadh agus de ghraidiléis a dtíre? Cé rinne neadracha-na-gcuach i dtalta agus i bhforbaí na hEagluise? Céard d'fhág an tslat- mhéaraidheachta ag an mbunadh Tiudorach agus sean uaisle meathta ar a suaimhneas? Cé rinne gach coir acu agus cé mar dearnadh? Bhí fhios sin ag Séamus, agus sé an t-eolas bhí aige ar gnás ghránna a dhaoine thug dó fhéin baint as na cosa gan fasgadh fionnóige ar choill ná ar chorrach aige i dtalamh Shasana. "D'imthigh sin," adeir siad. Fainic! Duine dána adeir nach dtiucfha a leithide ar ais aríst go bráth. Ní'l críoch ar fud na cruinne nár suathadh agus nár traochadh ar an gcuma sin nó ar chaoi eicínt mar é. Cómhair thart iad - an Fhrainnc, an Spáinn, an Eadáil, agus rl. Níor choimirce dhóbhtha oideachas, léigheann, eolas, cáil ná an chríostamhlacht 'chan oiread. Dá mbudh Samhairle fhéin é, nár éirigh a dhaoine colgach le chéile: ní ar an bpoinnte boise a slíocadh a chuid féasóige. Ní go maith tháinig rabharta na feirge dhó de bhrígh go raibh Macsamillean ghá bhrúghadh air ins na Mecsicóí agus uisge-faoi-thalamh ag Sasana ina ceann-réidhtigh, mar dhóigh dhe, i n-achrann na Stát. Mar seo bhí an sgéal. Bhí iongantas (?) ar Shasana nó b' "aisteach léithe" an chaoi a raibh muinntear Mheiriceá thrí na chéile: b'olc léithe, amach 's amach, an chaoi a raibh straimp
ar thráchtáil an domhain i ngioll ar an achrann céadna. Ach tugamuis faoi deara agus tuigeamuis de ghlan-tuisgint go mb'í Sasana fhéin "an domhan" sa gcúis seo agus ins gach cúis mar í. Crónán an chait aríst eile! Thoisigh "an domhan" uirthi: bhí Sasana mar is gnás léithe ar a son féin. Ach ní théidheann bearta i bhfad: nuair bhíos droch rún i n-intinn an droch dhuine sé toil Dé nach i gcomhnaidhe is féidir a cheilt nó a chaomhaint. Briseadh agus basgadh na "gcol ceathar-thar-lear" bhí ó Shasana: dá mb'fhéidir a saigheadadh 'un a chéile bheadh an saoghal socair agus síothchán ar fud an domhain. Ó thús féin, sa sgéal seo, chlis an chaoitheamhlacht agus an chúthaileacht ar Shasana. Bhí caimiléaraidhthe thar cion ag obair aici ach ní dheachaidh leóbhtha. "Tá sé ina chogadh," ars an Ruiséalach i ndáil Shasana, "idir dhá dhream ins na Státa Aontuighthe. DEIR AR nDLIGHEADÓIRÍ LINN GUR COGADH DHÁ RÍRE É AGUS NACH BHFUIL BAINT AGAINN CUIDEA- CHAN LEÓBHTHA AR AON TAOBH. Caithfhear a fhágáil eatru agus fanacht ionnainn féin - gan roinnt ná páirt le ceachtar acu." Ní maith sgéal gan an dara ceann. "Táthar a déanamh éagcóra orainn-ne," arsa teachta na Stát ó Thuaidh agus é a' teacht sna gais' aite: "ní'l fúinn thar mheas méirligh thabairt do'n dream ó Dheas." Ní raibh an Sasanach i sáinn' ariamh d'uireasbhaidh leithsgéil. Dubhairt sé go raibh air féin a lucht tráchtála chur ar a n-aireachus le go ndéanfhaidhe caladh-faoi-thoirmeasg a sheachaint, agus rl. "Níor bh'achar fada fuireach go mbeadh fios mo sgéil-sa agaibh," ars an teachta. Uaidhe sin amach ní raibh ag na Státa ó Thuaidh ach bheith ag áirdeall agus ag éisteacht. Chuir an teachta bhí acu cluas chogadh ar féin i Sasana agus ordóg faoi n-a chúilfhiacail aige ar shon a thíre. Seal beag eile agus ní raibh fiú cosamhlacht na caoitheamh
lachta le fághail. Thoisigh an río-rádh ag an bhfear seo agus ag an bhfear sin. Bhí a bharamhail féin ag gach fear acu faoi an gcogadh. Mar seo dhóbhtha: - "Nár bh' AISTEACH aiciseach an aicme muinntear na Stát ó Thuaidh? An ar mhaithe leis an bhfear dubh ar fad bhíthear? Ar bh'é an t-éad bhí ag gabháil do'n dream thuas ar chaoi go mba mhór leóbhtha an dream thíos bheith a' dul ar aghaidh?" Chluinfheá céad ceist agus leagan amach ar an sgéal. Chugat an fear feiceálach! Gráin ar urlár é go coitcheannta. Ach ar a shon sin, déanann a bhfeiceann sé garaidheacht mhór orainn ach áird thabhairt air. Mar seo adeir sé: - "Thréis Aifrinn ní'l críostaidhe ar dhruim talmhan cho foighdeach leis an Spáinneach: ní'l dul thar an nGearmáineach le socracht ach sgárd leanna do dhéantas a thighe bheith ós a chomhair - sin agus ceol: tabhair tuiteán a thíre do'n Turcach i n-aenfheacht le oiread méaracáin de chuaichín caife agus is geall le críostaidhe é go sámh síodamhail leis an saoghal: fan uainn féin agus ná cuir fearg orainn má bhíonn braon sa gcorraic againn. Ní hé sin do'n Sasanach. Ní bheidh seisean ceart cuideamhail choidhche ná go deo go mbeidh sé subhach sathách go caisín. Ní bhíonn sé de chroidhe ná de mhisneach aige faice ar fiú brath air chur ar bun gan cóisir: ní bhíonn obair ar bith críochnuighthe le bail aige gan méilseára bheith go sásta slachtmhar ar a dheireadh. Ina leithide sin d'ócáid bíonn a chiall agus a chuimhne ar a chomhairle fhéin ag óráideach Shasanach: bíonn lucht a éisteachta sochomhairleach sochmaidh. Dá bhfeicfheá na laochra líonta úd agus cuanaidhe eicínt acu go binn bréagach i séis chainte mar sin, is beag a bhéaradh dhuit a rádh leat féin nach faoi bhlaoisg a chinn bhíos inchinn an tSasanaigh ach istigh ina bhruithlín." Is cuma cé raibh an inchinn acu ach thoisigh intleacht na
Sasanach ag cur di. Thoisigh an sgáil'-i-mbuidéal cho mear mór-chúiseach leis an seible seiceallach nár sgaoil agus nár cheangail iallacha a bhróg le bliadhanta fada roimhe sin. Bhí an gútaire utra agus an sgré caol caithte ar aon phort. Thoisigh siad orthu uile go léir, mar deirim, dhá fuagairt ós árd a gcinn go raibh anacal na dtuata na dtriath agus na dtighearna a' dul a chois croidhe leóbhtha. Ach mo dhearmad! Cér fhágamar ar gcáirde lucht na bpáipéar? Iadsan bheith a' dul 'un faillighe agus ocras ar fhigheadóirí an chudáis nuair nach raibh fághail ar an gcudás féin! I gcomraidheacht na cráibhtheachta chrom "Times Londain" ar an mBíobla. Mar ba gnás le lucht an pháipéir úd, leig siad orthu fhéin go bhfuair siad sgéal bhéil na fírinne sna leabhra diadha nár chuir crosadh, má b'fhíor, ar mhoghaidheacht nó sglábhaidheacht. Bhí lideadh breágh ag gach sgáthán an cheirt. Nuair a ghoireas coileach goireann chuile choileach: lean na míon-pháipéir na páipéir mhóra go díreach mar lean na tuataí na tighearnaí. "An chóir chaol díreach atá uainn: tá lionn-dubh 's léan orainn faoi leathtrom na ndaoine." Ach go mí-ádhmhar, ní raibh na baill mhóra idir thighearna agus pháipéar ar aen- sgéal. Má bhí lámh a' tárrtháil bhí lámh a' dóghadh. Ba chuma é ach bualadh bos bheith ann do lucht an airgid agus do chumhacht Shasana. "Smior in do láimh a ghaidi: bíodh múr 's múisíom mar tá siad!" Chóns bhí an sgéal mar sin i Sasana chuir na Státaí ó Dheas teachtaí 'un bealaigh a' tarraint ar Londain agus ar Pháras na Frainnce. Bhíodar i luing bhig faoi bhratach Shasana. Fuair caiptín ó Thuaidh focal faoi agus níor leig sé lúb síos ina chuid oibre: gabhas thall ar na teachtaí i mbéal a' ghaiste agus gan iad thar 250 míle ó chaladh Habhana. Nídh nach iongnadh, dubhairt furmhór a cháirde go mb'ait a chruthuigh sé. Tao'bhus d'iompuigh ridirí Shasana ar an tsean bheart. "Ba tuatach an nídh," arsa siad-san, "a leithidh dá imirt ar dhuine dhá shuaraighe - gan caillteanas dár gcaithréim a
chómhaireamh." Cé gheobhadh ann féin aon spídeamhlacht fhéachaint leóbhtha ar chaladh ná ar chladach? Dream nach raibh ionntu ach fás-na-haonoidhche, ná síleadh siadsan go mbeidh an sgéal ar nós-chuma-liom agus sean bhratach Shasana faoi tharcuisne." Breathnuigh nár dhochar ar bith teachtaí ó Dheas bheith ar luing an phosta, agus nach raibh i bhfuagradh an Ruiséalaigh ach caint ó thús. As sin amach bhí na madraí ghá gcur ar fhuinneóga: thoisigh Sasana ag ughamachan ar chogadh. B'éigean do'n Mheiricín ó Thuaidh géilleadh do'n bhagairt agus na teachtaí leigean 'un bealaigh - bhí an lámh láidir ag Modh Chuain. Uaidhe sin amach mhéaduigh dásacht Shasana. Bhí fionnrosg ghá dhéanamh. Ach níor shásuigh sin an tír chóir chiallmhar gur cuireadh luingseacha cogaidh ar fhairrge le íonáras a dhéanamh ar thráchtáil na Stát ó Thuaidh. Níor tugadh áird ar fhuaghradh ná ar chasaoid. "Bíonn glaimh ag mall-chuin nuair chailleann sí fiadh, 'S cead cainte ag fear chaillte na himeartha thiar." "Tá cabhlach acu ó Dheas," ars' an Sasanach go neimh- spléidheamhail. D'fhreagair an fear eile: - "SLÁN AN TÉ SHAORTHUIGHEAS, abair: ach beidh lá eile ar sin agus beidh fhios cér fríoth." Bhreacuigh an lá úda gan bhuidheachus do Shasana. Shíl sise deágh-chomhursanacht fhuagairt aríst ar ais ar an taobh eile. "Ní miste liom," arsa Samhairle, "ach beidh breith mo bhéil agam." B'AISTEACH A MHAISE DHÓ margadh a shamhailt ná cur isteach ar thada: ach bhí leis agus b'éigean do Sheán cómhaireamh amach. Dubhairt na Páipéir Mhóra gur mairg adeir cómhrádh gan tslacht - gur thuig siad féin sin ó thús - go raibhthear ghá thaidhbhriú dhóbhtha go mb' amhlaidh bheadh an sgéal ach nach bhfuil riachan le "AISTIGHIL" an tsaoghal seo.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services