Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Troid agus an t-Uaigneas

Title
An Troid agus an t-Uaigneas
Author(s)
Ó Beirn, Liam, An tAthair,
Pen Name
Beirneach, An
Composition Date
1926
Publisher
Mac Ghuill, M.H. agus a Mhac, Teó

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN TROID AGUS AN t-UAIGNEAS



LEAN DO'N tSOLUS



Fáightear fuagradh roimh gach cor saoghalta: ach ar a shon
sin, tagann an t-iompódh chíodh go ndeir linn go dtagann
sé roimh ré nó le n-ar bhfaillighe fhéin go minic. Pébi
leithsgéal bhíos leis, is aisteach an nídh go mbíonn daille ag
gabháil do'n chine daoine - go bhfuil súile againn agus nach
bhfeicthear dhúinn, go bhfuil cluasa againn gan cloistint,
go dtug Dia tuisgint dúinn agus nach bhfuil aireachas ná
áirdeall ionnainn tráigh agus tráth a fhreastal mar budh
chóir. Agus ní hé nach mbíonn tnúthán an domhain againn
leis an nídh ceart, ach sé fhearacht na cuile agus na coinnle
é: lastar an choinneal agus éirigheann an chuil amach as an
dorchadus a' déanamh thart-thart leis an solus go dtéidheann
sí i mbéal a cinn róimpi. Déantar stolp di faoi dheireadh
de bhárr a bheith ro-ghnathach agus ro-theann ag cur ladar
agus ladhar sa gcontubhairt.



Ó's a' trácht ar sholus é, tá mar deir siad, solas agus
solas ann. Mar a gcéadna, ní hé chaon tsolas a gcuireann
chuile dhuinc suim ann. "Nach deas é an solas ag éirghe
lae," arsan duine dóchasach. Ach ní shásuigheann sin an té
úd eile a gcuireann glóir na gréine a' dul 'un grinnill na
céadta smuaineadh ina intinn. Solas le teas meadhón lae
bhí ó sheanóir mhaigeamhail na Gréige nuair tháinig Alastar
Mór le suaitheantas a' breathnú air. Sean-sgéal é ó láimh
Phlútairc, ach mar sin féin is fiú é aithrist.



Bhíodh an Gréigeach groigh úd agus bairille aige a' taithighe
ann d'oidhche agus de ló. Níor bheag sin le daoine a
tharraint air; agus bhíodh na táinte a' triall ó mhaidin go


L. 6


faoithe a' dearcadh air, a' déanamh iongantuis dhe agus -
mar bheadh faoi láthair - a bharamhail chríonna fhéin ag chuile
mhac máthar acu. Deirtear nach leigfheadh an leisg dó cur
chucu ná uatha: ach deir daoine eile gur le neamhthuille-
amaidheacht, le neimhspleádh agus le teann spídeamhlachta
bhíodh sé. Ar aon chor, bhí a thír árdnósach le n-a linn: ach bhíodh
amadánacht gan chunndas ar bun aici ar a shon sin. Pé hacu
sgéal é, bhí mo dhuine mar bhí sé go gcuala Alastar trácht
air (agus chaithfheadh seisean chuile iongantas fheiceál). Cheap
an flaith fíor-uasal go mbeadh lán a shúl agus breith a bhéil
aige fhéin. Ní dheachaidh leis: níor cuireadh suim ná suaiméad
ann ag béal an bhairille ach an oiread 's dá mbudh tuata a'
dul an tslighe é. "Céard seo atá uait?" arsa Alastar.
"Tá, deis na gréine," arsa fear an bhairille. Agus mara
ndearna sé méanfhaghadh sin a raibh ann i leabaidh bheith a'
briseadh na gcnámh ann féin le umhalóid do'n lus mór
flaitheamhail bhí i láthair. Baineadh Alastar as a chleachtadh.
Cheapfhá dá bhrígh sin go bhfaca sé liaigh na bhFiann. Ach bhí
Gréigeach ag cuimilt le Gréigeach: arsan flaith leis an
gcomhluadar: - "Meireach gur mise Alastar, b'ait liom
bheith mar an té údan."



Solas eile solas na fírinne. Dubhradh le Ughdarás
Mhór: - "Beidh eolas na fírinne agaibh agus déanfha an
fhírinne sibh a' shaoradh." <Eo. viii. 32.> Ach is féidir an
solas seo a mhúchadh ná a leigean as. Daoine 'ghníos
freastal dó agus daoine nach ndéanann. Beidh file
Gearmáineach agus feallsamh Franncach ann choidhche: beidh
siad ar an déith dheiridh a' tóruigheacht léarguis. Ní hionann
sin agus an té leanas do threóir an tsoluis ó thús agus
nach sgaoileann as a amharc é go mbaintear amach an cuan
ceart - cuan na fírinne.



Agus má's mar sin do dhuine a dtagann mearbhall eoluis
air ná chuireas é fhéin i gcorr an chochaill le faillighe nó
uaibhreas, is measa go mór fada an náisiún bhíos ar mhíó-


L. 7


staid ná i bhfudairnéis agus a cionnta fhéin leis. Beidh
trácht go deo na ndeor ar an gcaoi ar bhreathnuigh Dia an
Duine anuas as árd an bhóthair ar phríomh-chathair A thíre.
Bhris A ghul Air agus d'innis Sé cé'n fáth. "Ní thuigeann
tú," arsa Seisean, "céard é do leas. Do rinnis
dícheannadh agus géirleanmhaint orthu sin a shanntuigh do
bheárna-bhaoghail a chosaint. Cé acu fáidh nár ghabh tú de
chlocha air? Agus anois féin, i leabaidh buntáiste bhreith ar
lá deiridh na trócaire, tá fúth do Choimirc a chur Dá chois
agus a chéasadh. Ach tiucfha lá eile ort," agus c. Féach fhéin go
dtáinig agus ar Bheatsaíd agus ar Choraidsíon agus ar
Cheaphárnum!



Ar an gcuma chéadna tiucfha "lá eile" - lá an chunn-
duis - ar náisiún nach ndéanann comhthrom ná féinne le chách.
Ní'l a leithsgéal le gabháil. Tá corp agus anam ag
náisiún mar tá ag an duine. Tá glan-toil aici ar an
mbealach céadna; tá ciall agus réasún aici; agus, má's
olc maith léithe é, tá coinsias aici le fuagairt uirthi nuair
bhíos sí a bhruach tuite - ar thí feall a imirt uirthi fhéin ná
ar chine ná ar chrích eile. Faraor go leigeann náisiún ó
am go ham an spriogadh le n-a cluais agus tagann "an
lá"!



Uireasbhaidh eoluis, uireasbhaidh léarguis, is cionntach go
gnáthach le gach creach cogaidh. Seanbheart é ag lucht cumais
agus riaghaltuis na sluaighte chongbháil i ndorchadas. I n-aice
baile, féachadh agus féachtar fós an beart seo. Níor bh'fhiú.
Stíobhardach ar bith go ndóirtfhí deor d'fhuil na tíre seo ar
a shon. Ach is fada, fada ó dubhradh i dtosach "This is
Ireland's war" (!), agus mheall tighearnaí talmhan na
tuataí bochta gan léargas bhí ar a gcoimirc. Na fóidíní
dúithche ba shin iad an tír í.



Tig leis an mBéarla fhéin bheith searbh corr uair! "Cogadh


L. 8


an Chreidimh," arsa na cneámhairí. Ní magadh! Cogadh
an Chreidimh" go deimhin, agus Berwick ar fhairrge! Ní
headh. Ach toradh an dorchaduis muinntear na hÉireann ná
muinntear ar bith eile thabhairt isteach i gcogadh nach
mbaineann dóbhtha. Is ait a bhí' fhios sin ag sean Uellington
nuair a chomhairligh sé ar ndaoine chongbháil gan oideachas
gan eolas agus nach mbeadh gainne saighdiúir i Sasana ar
an bhfaid sin.



Mar sin de, a Éireannaigh chroidhe, bí ar do shon féin.
Congbhuigh chugat féin. Má tá tú i mbairille ná i ndabhach,
ná i n-áit bhig áirgeamhail leat féin, IS LEAT FÉIN É:
agus ná sgar leis, má tá riar do chás agat, go mbí tú lán
chinnte ar mhaltraid níos fearr. Má tá tú a' smúrthacht
timcheall na háite sin, dá dhonacht é tig leat do cheann a
thógáil i solus an lae. Má thagann dorchadas nó smúit ar
bith ort, bíodh do thrilseán féin i n-aice leat: ná bac leis
an teine-ghealáin cuirfhear ó náimhide ós do chomhair.
Beidh Alastracha na haimsire, nó daoine uatha, a' breathnú
ort. Beidh dream a' bagairt ort agus ghá rádh gur i dteach
na ngealt budh cheart duine mar thusa bheith (- ná i
bpríosún -) faoi rádh 's nach mbeidh tú soghluaiste le dhul
san achrann nuair a sgreadfhas an Bhean Ruadh ort lá an
aonaigh go bhfuil "Mac Sheáin Éamuinn buailte." Ach
bain searradh asad féin mara mbeidh fonn ort meangadh
gáirí dhéanamh an lá sin. Cromfha brathadóir ar an mbladar
ag iarraidh do mheallta. Ach mar pharúl ort, ná téirigh a'
dréim chainte leis. Má fhiafhruigheann sé dhaot (- ó d'fhiafh-
ruigh cheana -) "céard tá uait?" agus má shamhluigheann
sé "..........." leat, leig faoi go tapaidh. "Crap
leat, a chneámhaire," arsa tusa. "Mara mbeidh buaidh ar
chnoc agam bíodh suaimhneas ar sop agam: beidh mise ar
dheis na gréine."


L. 9


AN TROID AGUS AN tUAIGNEAS



"Ní chloisfheá trácht ar phúcaí ná ar dhaoine maithe anois
chor ar bith," arsa Seán le Séamus.



"Ní'l ionamh againn air; tá rudaí eile ar ar n-aire."
Mar siúd do Shéamus. Cheapfhá le breathnú ar an mbeirt
nár léar do cheachtar acu "cat ar chóiste," mar dubhairt
siod. Ach tig leis an té bhíos geam-chaoch, claonshúileach
bheith géar grinn agus baramhail chruinn chothrom bheith aige
faoi rith agus riocht an tsaoghail cho maith leis an té is
caolradharcaighe ar bith.



Agus nach rabhamar sa tír seo lá de'n tsaoghal cho sónta
sin gur cheapamar nach bhféadfhaoi sgaramhaint le sgéalta
sídhe, ná le aistighil 's iongantas lucht na gcnoc, lucht na
seacht n-aimsear agus gach 's ar bhain leóbhtha? Ach ní teir é
atá orainn-ne amháin. Féach an spriosán de dhuine beag
meirgeach thall úd a bhíos - é fhéin 's a dhream - ag congbháil
ughdar céille agus ceann réidhtigh an domhain ó chodladh na
hoidhche. Géar-chaint, deágh-chaint, cas-chaint agus b'fhéidir,
cúl-chaint bhíos ar bord acu. Ach deir a cháirde, idir
chneámhaire 's chúl-báire, gur "draoi" atá ann - nach bhfuil
teacht dá uireasbhaidh ag an domhain mór. Fear-na-beárnan
i Sasana é má's fíor. Cé hiongnadh mar a gcéadna go
mbeadh uaigneas ar dhaoine leamha leath-réidhe mar sinn-ne
th'réis ar dhóghamar ariamh de ghiúmhasaigh an gheimhridh, má tá
sgaradh na gcumann eadrainn féin agus na sgéalta sídhe!
Má's 'na chodladh atá an púca go mbudh slán suan dó!
Ach má d'fhág sé sinn gan cead gan comhairle, - hear slán!
Péarba rud is cor dó, tuilleann sé an deágh-fhocal uainn


L. 10


agus aimhdeáil nach i n-ainm a tubaiste a bhuail sé isteach
abuilmid an chéad lá riamh.



Cogar, a dhuine! Céard adéarfhas Sasana le Seorsa
an draoi i ndeireadh na dála? Is ait an t-uisge súl tair-
fhéachaint dá mbeadh am fuireachta againn.



Arís de, - "tá go leor ar ar n-aire," mar dubhairt
Súil Gheam. Ach tá nídh amháin riachtanach: caithfhear ar
gcomhartha cine - ar dteanga fhéin - chur i n-uachtar agus i
n-uaisle, téidheadh teanga ar bith eile i n-ísle bhrígh' ná
téidheadh. Le bliadhnta fada anuas támuid clogtha cluas
bhodhar ag chuile dhream a' teacht anall a' bhreathnú orainn.
An sean-sgéal i gcomhnuidhe é - cúram gan cion. Is beag a
bhéaradh dóbhtha ar gcasadh thart agus ar gcomhaireamh le cipín
támuid cho haisteach, salach sin. Páirt dá mhí-ádh freisin go
bhfuilmid cho biseamhail leis na cait! Mar dtáinig an Draoi
fhéin thagadh neach de'n Bhruidhin le "snáith' eise" eicínt.
Tá 's againn cho deachair 's bhí sé fuilingt leóbhtha.
B'iongantach an seasamh againn é. Agus dá mbudh dona
maol ba mheasa Mullach: bhí ar ngaolta agus ar gcáirde,
go mbudh dóbhtha fhéin a hinnstear é, a' milleadh fúinn ar a
dtáirm amuigh agus sa mbaile. Caint agus río-rádh ó
mhaidin go faoithe! Ní raibh tada dhá dhéanamh acu ach ag
chur taca le sprus-Bhéarla go bog bréagach. Maidir le ar
dteangaidh fhéin, níor bh'fhéidir leis an leaduidhe a lúbadh
ná a labhairt chor ar bith: ní leigfheadh an leisg dó stró nó
easonóir chur air féin dá foghluim ná dá cleachtadh.



Deir tú go bhfuil deireadh le n-a dtéarma? Táim i
n-aimhreas: ach go dtugaidh Dia dhúinn! Péarba caoi a mbeidh
an chúis féachfhamuid, faoi n-ar mbeith slán, ar ngliceas
d'réir mar tá ar n-oideachas. Tá slighe bheag shleamhain
againn faoi láthair ar go leor rudaí dhéanamh go ciúin
caoitheamhail: agus nuair bhíos an tslat mhéaraidheachta agat
seal geárr dá laighead, téidheann sé roichte leis an té úd
eile do ghreim a bhogadh agus a sgaoileadh mur leigfheá leis


L. 11


le do ghlan-toil féin. Ach beidhfhear go mór 'n-ar n-aghaidh:
ní'l ceall dá cheilt. Inseo agus insiúd beidh sgoil 's
coláiste agus a ndáltaí go gointe le goic 's gob troda
faoi rádh 's go mbeadh locht ghá fhághail ar a mbealaigh 's ar
a mbéasa. Beidh na páipéir mhóra, mar ba cleachtach
leóbhtha, a' rupadh agus a' réabadh. Beidh ollamhain agus
ughdair a' bagairt go millteach. Beidh an donas 's a
mháthair 'n-ar n-aghaidh. Ach is ait í comhairle Chealltachair
sa sean sgéal: - "Cath do thabhairt dóibh, gion go bhfuilmid
leat nó trian riú."


L. 12


AN CAILLEACH



Tá cailleach de'n chomhursanacht seo a' foghluim bháis le
fada agus síleadh le chuile fhreastal agus faire nach raibh
baoghal uirthi. Féachadh drugaí agus dochtúirí léithe: ach ní
raibh maith na frighde leóbhtha agus le goirid a' dul 'un
donachta ar fad atá sí.



Is gnás linn coiste chur ar chorr-dhuine sul má dtéidheann
an tsíorraidheacht eadrainn agus iad. Sin mar táthar gha-
dhéanamh leis an gcailligh: ní breitheamhnas é.



Tugadh síos di go mba caile bhí innti chuile lá ariamh -
go dtáinig sí ó dhroch bhunadh agus gur le droch oideachus
seadh tóigeadh í. Corp rupaire bhí innti 'na cailín óg;
agus ní fhuair sí aipeachan céille le aois ná aimsir. Ní
fhaca duine dhá maireann croidhe, carantus ná síodamhlacht
a' siubhal léithe. Droch éadáil í a chaith a saoghal le troid
agus clampur - a haghaidh ar chuile dhuine aici agus aghaidh
chuile dhuine uirthi.



Tá dreishiúr aici bhfuil Brighid uirthi, agus ní mó ná
socruighthe bhí an bheirt acu gur ionnsuigh siad a chéile. Bhí
Brighid bhocht lag lom th'réis racht tinnis a chur di agus
shanntuigh do chaile buntáiste bhreith uirthi. Sgéal fada ar
an seachrán an chaoi ar chaill sí a cuid talmhan agus a maoin
shaoghalta gan bun ar a speitir' aici fhéin ná aigeán a clann
ach a' fuirseadh na déirce go dtí le goirid. An chailleach is
dreishiúr di ba chionntach. Go deimhin bhí fúithe an cleas
céadna imirt ar Mháire Nic Fhranca. Sé a raibh aici dhá
bhárr dualgas an tslisne gach uair dár fhéach sí leis an
mbeart sin.



Chuaidh an chailleach seo agus sagart an pharráiste i n-árach
a chéile. Ach bíodh a innseacht sin ar na seandaoine ó's acu


L. 13


is fearr atá a thabhairt amach mar chuid mhaith eile nach é.
Ná drannamuis leis an gcúis sin ach a rádh go ndeachaidh sí ó
smacht ar an sagart agus gur tharraing sí mallacht Dé uirthi
fhéin. Tháinig "an trom trom" le n-a linn: ba geárr gur
mharbhuigh sí a fear. Thug sí "bata 's bóthar" d'fhear eile
gur ghlac sí le fuaránach tháinig anoir amach 's nár chuir
tada múisíom air ó mhaidin go faoithe ach a bheathú.



Bhíodh amhrán ag na seandaoine agus 'sé an t-amhrán é:-
"Goidé sin do'n té sin nach mbaineann sin dó." Sgaoileadh
thart an cás ach amháin go raibh gaol cleamhnuis i n-iachtar tíre
agus é ar bhruach na fairrge mar támuid féin. Gheall sé bun
agus bárr a mhaide dhi. Lá dá raibh sé ag teacht ar a tháirm
tháinig gála millteach air. D'éirigh an fhairrge. Briseadh
an currach agus caitheadh é fhéin 'un tíre 'na troslach i ndáil
le bheith mín marbh. Leis an téagla rinne sé slapaireacht
síos abhaile. Sul dá bhfuair sé lideadh eile ar a theacht
mhaoluigh an fhearg. Go buidheach beannachtach gheall sé, ó
thug Dia saor slán é, nach rachadh sé aríst a' saigheadóireacht
le báirsigh ná a' tarraint achrainn air féin.



Do réir mar bhí an chuid ba sine dá clann a' méadú, ba
mhian leóbhtha seasamh ar a sláinte féin. Is dóigh go rabhadar
ghá náiriú ag an gcaoi a mbíodh an chailleach ar siubhal. Bhog
siad leóbhtha amach go hoileán eile atá achar maith taobh thiar
dhaoinn. Céard déarfhá le clainn Bhrighde chuaidh iad féin-
dream acu - a' déanamh cuideamhlachta leóbhtha ar an oileán
chéadna? Ní chreidfheá nach aon daoine amháin bhí ionntu
agus meas an domhain acu ar a chéile.



Ba gheárr gur shíl an chailleach sa mbaile go mbudh cheart
dóbhtha, uile go léir, comhairle agus cead a ghlachadh léithe
fhéin ar chuile bhealach. D'éist siad léithe go ceann
sgathaimh. Insin dubhairt siad go rabhadar féin i ndon aire
thabhairt dá ngnothaí- go raibh siad réidh léithe - agus gan
súil a bheith aici uaidhe sin amach, le brabach dhá mbárr na
oibliogáid ar bith uatha. Siar léithe go dtéidheadh sí ag


L. 14


gabháil orthu. Rug sí thall orthu: rug siad-san uirthi agus
thugadar dreas breágh bhuailte dhi d'fhág saibhín aireach uirthi
uaidhe sin i leith. Ní magadh nár bh'fhíor do'n té adubhairt gur
le ging dá geanntracha fhéin sgaoiltear an dair. Pébi
sgéal é, chuir an maisdín de mháthair claonadh ar a béasa
agus chuaidh lucht an oileáin - go mór-mhór clann Bhrighde -
'un ratha i gcuid agus i maoin i sonas agus sláinte.



Ach, Dia eadrainn agus an anachain, is millteach an rud
droch-shompla. Lá de'n tsaoghal, bhí Máire Nic Fhranca ar
mhná fhiúntacha na tíre. Bhí sí deas, cóir, socair, suaimhneach
agus sásta. Ro-shásta agus ro-shuaimhneach seadh bhí sí.
Thoisigh an diabhal ag gabháil dá mhaidí croise uirthi gur chaill
sí caoitheamhlacht agus cáidheacht, agus gur iompuigh sí amach
mar a comharsain. D'íoc sí fhéin ann: chuir fear eile "a
cuid ar shlige dhi," agus ba chorrach an saoghal bhí ag an
gcailleach- s'againn féin cho fhad's mhair an té údan.



Do réir mar bhíodh clann na caillighe ag imtheacht i bhfad ó
bhaile, bhídís ar a gcomhairle fhéin. Bhíodh clann Bhrighde ag
imtheacht mar a gcéadna: ach, má bhíodh, bhíodh cion agus cuimhne
acu ar an tsean-bhean d'fhág siad sa mbaile. Ó tháinig treóir
ionntu, thug siad riar a cás dá máthair. Thóig sin a croidhe
léithe, agus is beag nach ndéarfhá go dtáinig cruth na hóige
ar ais aríst uirthi. Fuair sí fuarú ó ghadharamhlacht na
caillighe agus roinnt bheag ar ais as ar baineadh dhi san
éagcóir. Ina cheann sin, bhíodh cuid do'n chlainn - boglacháin
óga shónta gan gearradh gan gangaid - a' tabhairt mhóna
agus uisge isteach chuig an gcaile, ag cartadh easrach
na mbó, ag giotamáil agus ag cipiléaracht ar fud an tighe
aici. Níor chuir Brighid suim ann: níor dhuine aimhreasach
ariamh fhéin í. Níor thuig sí go mbídís mar sin a' tnúth le
ubhla agus milseáin fhághail, agus níor airigh sí go raibh na
fiacla beagnach lobhtha ina gceann. Ach an chuid acu bhí grinn
géar - á! bu búnai! - bhí an ghráin ar an gcailligh acu go
díreach glan mar bheadh ag duine ar cneámhaire an lae 'ndé.


L. 15


Cér bh'iongnadh an ghráin a bheith uirthi acu nuair a thoisigh
muinntear a tighe fhéin ag éirghe i n-áirde a' dul ina haghaidh
a' sronacanacht léithe agus a' seachadadh cainte. Thoisigh siad
orthu mar deirim. Bhí an bheatha ro-gharbh: bhíodar ro-mhoch a'
dul i n-éadan oibre agus ro-fhada gan sgur tráthnóna: ní
rabhadar a' fághail airgead-póca le bail - gan trácht ar
laetheanta saoire - mar bhíodh ag clainn na gcomhursan ar
feadh na bliadhna. Agus níor bh'fhiú deich triuf an sgéal
gur thoisigh an chlann nighine iad féin. Céard nach raibh uatha
agus ag gabháil dóbhtha? Bhí na ba ro-shalach le dhul i n-aice
leóbhtha: chuirfheadh nigheadh na soitheach oidhreach ar a lámha.
Cé dheasóchadh éadach ná stocaí? Siamsa, damhsa, stocaí
síoda, cotaí móra de chroiceann róin - ní airighim spéacláirí
agus fiacla bréige!



Mar sin, bhí an saoghal a' dul ina haghaidh. Céard a bhí
aici le déanamh? Bhagair sí orthu ach fuair sí gach ar le focal.
D'fhéach sí leis an mbladar agus chuadar-san 'un dánachta.
Bhí deireadh le n-a smacht agus níor chabhair a cheilt. Thoisigh sí
ag amhlóid agus ag cannrán ag caoineadh agus a' rádh go raibh
seo siúd ar fud na háite ghá ghoid agus ghá fhuadach uirthi.
Cheap sí go mb'í Bearta Mhór ba chionntach le gan im bheith
sa maistriú agus gan ubh bheith i ndhiaidh na gcearc i mbéal
an fhóghmhair.



Rinne corr-dhuine meangadh gáirí, agus d'fhan an sgéal
mar bhí sé go bhfaca sí Bearta lá a' tabhairt meacan gan
cead gan iarraidh as ceap na bPléamonnach. Tharraing sí
uirthi agus d'iomard sí an -im, na huibheacha agus céad rud
leóbhtha ar an mnaoi mhóir. Ach bhí Bearta i ndon cur chuici:
tá's ag an saoghal "nach mbíonn sé 'na cheol i gcomhnuidhe
ag Bean a' Phíobaire." As an gcaint, ar ndóigh, thagas na
buillí. Shíl mac Mháire Nic Fhranca agus cúpla saor cloiche
a gcosg. Go breágh sónta d'fhág siad a gcuid oibre agus
rug siad thall ar an mbeirt bhan. Ach ba theann láidir an
bleitheach mná Bearta: chuaidh sí sa muirtéal agus dhall sí


L. 16


na saortha. Níor mhór léithe dhó a bhfuair mac seo Mháire:
cheap sí nach raibh uaidhe ach leithsgéal - go raibh sean-ghangaid
ag gabháil dó. Ach is ar éigin ariamh thug an chailleach na
cosa léithe. Leis an slámadh agus leis an leonadh fuair
sí, ní dhearna sí buille sa mbéim thabhairt ó shoin. Agus,
díonta na fírinne, ní saor slán atá Bean a' Phíobaire: tá
sí corruighthe go mór i n-a hintinn ach go bhfuil an óige aici.



Ní'l 'fhios ag lucht na mbailte cé acu luibheanna, snáithe
leonta nó meacan-a'-choimpre is fearr do'n bheirt. Tá
dochtúir thiar sna hoileáin adeir go dtiucfhadh an chailleach
thríd dá mb'fhéidir leis féin freastal uirthi. Ní'l a bhád
sáthach láidir, adeir sé: agus tá na muca mara contabhair-
teach an tráth seo 'bhliadhain.



Ní'l 'fhios agam! Eadrainn féin, 'sí mo bharamhail nach
bhfuil sa bhfear céadna ach dosmór. Cé chuala leigheas ar
bith bheith aige-san ach "foghairt bhuidhe"? Sa gcás láithreach
bheadh "snaidhm na bpéist" chuile phiuc cho fóghantach."



Hiarradh ar fhear leighis theacht as Baile-na-Ros. Fear
maith cliste. Ar a shon sin, tá sé chomh righin leisgeamhail
gur leis an tubaiste bheith a' tnúth leis. Faoi láthair, ní
thig leis corruighe: tá an bhruithtíneach agus bruitheálach ar
na páistí sa mbaile aige.



Deir le fear feasa Bhaile-na-gCimbreach gur gnothaí
cuisleóra Bearta Mhór a leigheas, agus dá mbeadh an cás
sin réidh nár stró ar bith i ndeireadh na gealaighe purgóid
a ghleas do'n chailligh.



Cé hí an chailleach? Sin a thomhas ort. Ach aireach dhuit!
Glac chomhairle agus ná déan uisleóireacht do dhuine ar
bith: bíonn teir ar an obair sin. Má tá miodóg agat
congbhuigh glan géar í: ní'l 'fhios agat nach mbeadh ort neas-
góid a leigean in do theach fhéin th'réis an earraigh.


L. 17


GLIOMADÓIREACHT



Dá mbeadh do chailleadh go deo leis ní fheicfheá losgán
istigh i gCliar Iath. Agus go deimhin ní deacair duine a
chasadh leat do mhuinntir an oileáin nach bhfaca ceann ariamh.
Deirtear go raibh fear acu lá tao'muigh de ghearradh a'
spealadóireacht nuair d'éirigh losgán mór amach roimh lainn
na speile chuige agus go raibh iongantas ar mo dhuine.
"Dar lí," arsa seisean (a' tabhairt mionna an oileáin),
"mur fánach an áit a bhfuightheá gliomach."



D'fhan an sgéal mar sin, ach tá a chiall féin leis an
bhfocal. Ach mur sgéal é is cosamhail le ceann é naré má
tá sníomh bog orthu istigh úda tá tochardadh cruaidh orthu.
Ní hionann iad 's daoine eile: do dhubhshlán brabach cainte
fhághail orthu. Gan furmhór na hÉireann mar iad! Ach dá
mbeadh, deirtear nach mbeadh siubhal an bhóthair againn le
fiafhruighe. Mar sin féin bheadh an chraobh go réidh ag clainn
Chliar Iatha: bheadh siad sásta le leath-fhocal; is fánach an
áit a bhfághann siad gliomach. Caidéis chaoitheamhail na
gcarad an eadh? Dreóch dhi?



Ní'lim ghá rádh ar aon chor gur dochar ar bith bheith beagán
fiafhruighteach: caithfear an saoghal chur thart le bás na
caillighe agus le pósadh na mná óige. Bheadh an sgéal
sáthach ceart meireach na cosa cuirtear faoi n-a lán dá
gcloistear agus an chaoi mbíonn dream cliste a' baint
slighe bheatha amach as a fheabhas agus thig leóbhtha eolas a
phiochadh as beagán ádhbhair. Roimhe seo nuair ba mhian le
dligheadóir nó le fear mar é ceist a réidhteach, dá mbeadh
a' dul air, d'éireóchadh leis ó am go ham faoi sgáth na


L. 18


ceiste fánaighe. Ach le goirid, chíodh gur mór le rádh an
onóir, tá an beart úda ghá chleachtadh aigeán a lán.



Níor loit Máire lacha ná cearc ar a comharsain
ariamh. An onóir! Mar deir siad i n-áiteacha, "bhí
galra rún agus cúram gan cion" ag gabháil di: budh dona
an mhaidin í nó bheadh fhios aici céard a bhí ar a suipéar acu
tigh Bhrighd' an oidhche roimhe sin. D'innseóchadh mac óg
Bhrighde ach d'innseóchadh sé mar a gcéadna gur cheisnigh
Máire é agus leis sin bheadh an ceol dóirte. Cuimhnigh bean
na honóra uirthi fhéin. "Tae," arsa sise, "bhí againn-ne
a réir: bheitheá inseo nuair nach mbeadh tada againn."
"Mh'anam gur leite agus bainne caorach a bhí againn féin
agus nach raibh leath caill' air." Ní thógfhá ar Mhicilín a rádh
go raibh sé subhach sáthach a' dul a chodladh dhó. B'féidir nach
ar foghnamh a réidhteóchadh a béile fhéin le Máire meireach
sgéal Mhicilín.



Ach tá daoine 'n ar bhfud nach Micilín agus nach Máire.
Beidh fhios sin agat má bhíonn tú lá breágh eicínt ar cholbh an
bhothair ag cur deis ar do rothar agus teach fada fairsing le
d'ais a mbeidh "cruit faoi choróin" tao'muigh ós cionn
an doruis ann. Is geárr uait go n-éireócha bleitheach mór
fir amach chugat agus "cruit faoi choróin" abhus agus tall
ar na cnaipí ina chulaidh dhuibh. Beidh sé a' borradh le brothall
an lae, a chum leath-sgaoilte, a lámha ina phócaí agus é a'
stolladh tobac. Buailfhe sé anall go mall righin abuil tú.
Mura mbí aithne ná eolas aige ort is amhlaidh is fearr leis.
Cuirfhe sé "goirim 's coisreacan" ort ina bhealach fhéin.
"Good morning" - agus ar a' toirt beidh 's agat cér
b'as é. Seachain a dtiuradh an mac-mhallachtan duit
Co. - a shamhailt leis. Beidh conntanós eicínt le
fághail agat i gcionn tamuill as ucht go bhfuil col ceathar
nó col seisear leat i gCill - óir is as chuile chon-
stábla ar foghnamh sa gceanntar seo (?). Ach sé is dócha
gur b'eisean dhéanfhas an roinn mhór de'n chaint le do


L. 19


bhogadh- sé sin niá leigean tusa leis. Ní fhiafhrócha sé dhaot
go glan baileach cáide tháinig tú. Toiseócha sé a' baint
fhóide ag cannrán faoi dhonacht na mbóthar: ní bheidh rud ar
bith ceart - na cnuic mhóra, na clocha briste, madraí
míomhúinte, mudhlach agus muca.



Leite agus bainne caorach - te! te!! Fainic a ndéarfhá
go mb' í sin do shlighe-sa. Ach má chasann tú do theanga
faoi do chúil-fhiacail go ró-luath nó má bhíonn gruaim ort
i leabaidh fonn cainte, beidh sé lán chinnte (agus beidh an
ceart aige) gur Sinnféinidhe ar na hailt tú. Pébi cor
a chuirfheas tú dhaot beidh brabach eoluis aige ort mura
dtughaidh tú slat dá thomhas féin dó agus maidhm na cainte
a leigean go tromach tramach anuas ar Chill - ná ar
áit fhiúntaigh eicínt i n-aice leis. Sé do leas é má ghlacann
tú an chomhairle úd thug Capablanca do Chumann na Fithchille
sa tír seo: - "Bí d'ionnsuidhteach mhaith agus bíodh dhá bhall
agat ag coiméad an bhaill." Má's amhlaidh bheas tusa ar
d'aireachus rachaidh do dhuine ar ais "gan gliomach" agus ní
éireócha sé amach go ceann tamuill eile.


L. 20


TÍR AGUS TEANGA



"Is iomdha cor sa saoghal" adeir tú agus ní'l rádh in'
aghaidh. Má's fíor na hughdair, tá an ghrian ós ar gcionn a'
baint seacht gcéad agus fiche míle bealaigh amach gach
móiméad a chloig. Cuir leis seo casadh laetheamhail na
cruinne agus an leigean reatha atá léithe a' dul timcheall
na gréine, agus caithfhe tú aimhdeachtáil nach iongantas má
bhíonn róroithleagán i gceann na ndaoine, anois agus aríst,
dá mbeadh gan leithsgéal eile saoghalta bheith leis. Ach sean
mharcaidheacht í nach dtugtar faoi deara agus nach dtiurthar
go lá an Luain nuair a bainfhear na beodha agus na mairbh
as a gcleachtadh.



Gan tráct ar dhul thart na cruinne, tá rudaí sa saoghal
seo ag athrú agus athruighthe le uair agus aimsir ó chuaidh an
duilleabhar sa ngual, an sliogán sa gcailc agus an chuil
san ómra. An chuil féin! Nach aisteach agus nach árdnósach
an tiomba atá aici! Ní raibh ceann mar é ag coimeád
cuirp do rígh ar bith dá raibh sa Domhain Thoir, agus ní bheidh
go deo. Is suarach i n-ar súile sinn-ne an nídh a mbíonn
áilneacht ina thimcheall. Nár dubhradh linn i bhfad ó shoin
nach raibh Solamh fhéin ina uile ghlóir mar bhláth an mhacaire le
iongantus an aoibhnis? Chan oiread leis sin, is beag an
rud is buaine 'ná an duine - gan suim ná súiméad a chur
i mbreághthacht ná i mbród. Ní mar is mian linn-ne is mian
le Dia: an rud a gceapann an saoghal fad na síorraidheachta
dhó' ní bhíonn ann ach mar bheadh sgáile na gréine a' dul
thríd an ngloine. Tagann smúit agus néall ar lonnradh
agus ar lasair; críonann agus cróiligheann an duine bhí


L. 21


teann cruaidh láidir; meathann sé fhéin agus sliocht a láimhe
le aois agus aimsir ach go maireann ruidín fánach eicínt
anois agus aríst faoi bhrúighís agus bhrusgar na gcian.
Go fiú na teangan labhruigheas na mílte duine i dtír, caill-
tear i rith an tsaoghail í. Má mhaireann di, bíonn sí ag
athrú agus ag cur crotha an tsuaitheantuis uirthi fhéin le chuile
chor go dtéidheann sí thar aithne faoi dheireadh thiar.



Bíonn siocair bháis ag teangaidh. Cuireann gabháltas
tíre an teanga bhunadhasach dhá cois nuair a théidheas an
bunadh ó rath le daorsacht. Thairis sin féin, tagann cruth
aisteach ar theangaidh le maltraid oideachuis, le maltraid
creidimh, le maltraid riaghaltuis nó le maltraid ar bith
eile chuireas feabhas ná truailleacht ar bhéasa na ndaoine
nó ar an mbealach bhíos leóbhtha mar nósa buin. Ní liachtaighe
reacht ar dhaoine ná cor ina dteangaidh.



Féach chaoi 'r cuireadh an phrímh-theanga i bhfudairnéis mar
deirtear linn sa mBíobla (Gen. xi., 1-9). Tháinig rachmall
agus móiréis ar na daoine. Raibh fútha aithgiorra dhéanamh
le dhul 'un na bhflaitheas, nó raibh casán an bháis ro-fhada
righin? Is dóigh gur theastuigh uatha dhul suas bog, te - mar
bheadh Red Rout againn thiar inseo - agus slighe le theacht
ar ais mura dtaithneóchadh leóbhtha. Nár bh'é an feall é nach
raibh gluaisteán spéire acu; bheadh ciall eicínt leis ná
seirbhís thar mar tá faoi láthair. Go deimhin bhí leithsgéal
ag muinntir Bhabail: - "Déanamuis cathair dúinn féin,
agus túir a sroichfhe a bhárr go neamh, agus déanamuis
ainm dúinn féin, ar eagla go sgapfhaoi sinn ar fud na
talmhan go huile." Ach buaileadh, mar déarfhá idir "a'
gob 's a' tsúil" iad. D'fhág mearbhall cainte rud eile
ar a n-aire ag an dream dona shanntuigh dhul ar neamh agus
gan a bhuidheachas ar Dhia ach ar dhaoine. "Déanamuis
ainm," arsa siadsan! Rinneadar ceann, ach ní ar an
gcaoi ar cheapadar.



Cianta fada 'na dhiaidh sin go dtáinig muinntear na


L. 22


Gréige 'un cinn agus muinntear na Róimhe 'na ndiaidh sin
aríst. D'fhás teanga, litireacht, léigheann agus eolas ins
gach tír acu. Ba túisge leis an nGréig. B'fhada gur chuir
an Róimh bláth dhi; ba mhall righin í ag aipeachan le hais na
Gréige, agus bhí a shliocht ar a toradh mar sheas sé treimhse
fhada gan téidheadh gan meathadh go raibh seal agus séasúr
tabhartha aige.



Bíodh 's go raibh sí buille luath le hais na Róimhe, ní cóir
dúinn ar a shon sin, rádh go mba fás-na-haon-oidhche bhí 'san
Ghréig. Bhí réim faoi leith aici mar deirm. Bhí maltraid
snás uirthi i n-óige agus i n-aois thar mar bhí ar an Róimh.
Ní saoghal fada fhághas faitheach, ná fáidh ach an oiread. Is
amhlaidh bhí an sgéal ag an nGréig le cumas, le ealadhain,
le léigheann agus eolus. D'éirigh sí suas 'na buinneán
luath láidir. Mhéaduigh sí i neart agus i stuaim ar chaoi
faoi dheireadh go raibh a cliú i bhfad 's i ngeárr ar áilneacht a
healadhan agus ar éifeacht a heoluis. Ach mo thruagh!



Eitinne na háilneachta ba siocair bháis do'n nGréig. Bhí
sí álainn aereach ó thús go deireadh. Bhí sí álainn aoibhinn
agus, páirt dá mhí-ádh, bhí 's aici fhéin sin. Bhí aghaidh an
domhain uirthi mar ghioll ar a háilneacht. Sin a raibh uaithe:
ba chuma léithe ach í fhéin a bheith ar bárr le chuile áilneacht -
i n-ealadhain i n-eolus - le feabhas foghluma agus feall-
samhnachta. "Is cuma liom dá mbeadh gan agam ach lá
agus mé go céimeamhail," arsa Cuchulainn. A fhearacht
sin ag an nGréig: saoghal sultmhar ar nós cho-fhad's-rachas-
sé-téidheadh-sé bhí aici. Ní raibh aire ná áirdeall aici ar an
nídh is riachtanaighe do thír. Níor fhoghluim sí an chaoi le fad
saoghail fhághail ná, mar déarthaoi faoi dhuine chaomh
chroidheamhail - "níor thug sí aire dhá sláinte nuair a bhí sí
lúthmhar láidir i mbláth na hóige." Dá mbeadh a haghaidh
le sainnt ar an domhan i leabaidh aghaidh an domhain a bheith
uirthi fhéin agus ar a healadhain, dá mbeadh 's aici le n-a
talta beaga cheartú, dá mbudh fhéidir léithe a daoine a


L. 23


chongbháil go bun teann le chéile, bheadh athrú sgéil sa saoghal
indiu.



Eitinne na hamplachta, nó mar bheadh Eitinne chraosach,
seadh d'fhág an Róimh ar lár. Thóg sí a ceann go teann
dána ó thús. Ughdar breágh láidir bhí innti. Le folláine na
fairrge agus le cumhracht na créafóige d'éirigh sí suas
go dathamhail dóigheamhail. Ó tháinig spreacadh dhi bhí crúb
ar a cuid aici. Níor chaill sí leis an mboige é ná le
mealltacht an bhladuir. Mar "chách" bhí spéis san áilneacht
aici; ach i dtús a saoghal bhí sí ro-bhaileach le bheith caithmheach
agus bhí an iomarca stróinéise fúithe le lúb síos ar bith a
leigean ina gnóthaí.



Chuaidh a cumhacht thar thír agus talamh. Ins gach áit dá
raibh cumhacht aici, thug sí eolas ar riaghaltas agus ar a
teangaidh fhéin do na daoine. Ach ní i n-aisge thug sí
oideachas agus eolas. Do réir mar bhí a cumhacht agus
ceannas a' leathnú aici seadh is mó bhí cuid agus maoin a'
tárlódh uirthi. Bhí saidhbhreas ghá chárnadh aici sa mbaile.
Shéid sin faoi uaill agus leitheadacht i ndream dá daoine;
chuidigh sé le leisg agus leaduidheacht i ndream eile - nó
le chuile dhream má's é sin é. Sa gcaoi sin, dá mhéid dá
dtáinig is amhlaidh is mó theastuigh go raibh, mar deirim, an
Róimh i n-eangacha na heitinne faoi dheireadh. Cailleadh í:
d'imthigh a ceannas agus a cumhacht ach d'fhan biseamhlacht na
teangan agus tá a sliocht go leathan láidir ar fud na
cruinne indiu.



Mar seo dhom a trácht ar oidheadh na sean teangadh uasal.
Ní gan fáth sin, óir bíonn agus beidh go bráth cliú agus
caithréim tíre fuaighte le n-a teangaidh. Má's olc maith
linn é, caithfhe ar dteanga fhéin bheith cos ar chois le n-ar
leas ná le n-ar léan. Ní thig léithe dhul ar aghaidh gan
cumhacht na tíre bheith ina cosamar: agus ní féidir le tír
buille sa mbéim thabhairt gan a teanga bheith mar acar agus
mar thaca aici. Tá tír agus teanga, uime sin, i


L. 24


dtuilliomaidh a chéile againn: gan teanga tá an tír balbh,
gan tír tá an teanga bacach. Ach ná síleadh duine ar bith
nach bhfuil go leor leor eile thar theangaidh do riachtanus ar
thír. Ní aimhreas linn gur ab ait an nídh teanga bhreágh
lúbach líomhtha. D'indeóin go raibh sin sa nGréig agus sa
Róimh níor chongbhuigh sé léan agus lear uatha faoi dheireadh
thiar. Dá mbeadh sgéal na dtír úda gan sroicheachtáil cho
fada linn chor ar bith, budh cheart go gcuirfheadh sgéal ar
dtíre fhéin ar ar n-aireachas sinn. Ach támuid tabhartha do'n
aithrist; ní thig linn tada le bail fheiceál againn féin;
caithfheamuid dhul i bhfad ó bhaile agus ar thóir na ndroch
éadail. A lucht na ngraiméar, mo thruagh ghéar sibh i dtréim
leis an "analógacht" údan bhíos a' dul 'un aimhréidhe
oraibh cho minic sin!



Ní hobair dúinn a bheith a' sníomh a sgéil go caol righin.
Tugadh daoine faoi deara go bhfuil úsáid riachtanach
dhlistionach do theangaidh. Dubhairt an duine úd leis an
duine eile sa Domhan Thoir: - "Déanamuis brící......
baile mór, agus fágamuis túir 'nar ndiaidh." Dubairt an
Gréigeach cliste: - "Ceapamuis dramaí agus déanamuis
teampuill faoi chomhair na ndia." "Canamuis tréithre ar
n-arm agus ar ndaoine," arsa file na Róimhe. Gan bacadh
leis an sean-saoghal, féach fhéin céard atá ar bun ar fud
an domhain indiu: daoine léigheanta - crainn soillse na
cruinne má's fíor - a' bagairt solas na bhFlaitheas a mhúcadh.
Duine dall nach dtuigeann go bhfuil go leor de bheodhachan
ná de bhasgadh tíre ina teangaidh. Ach nach fad' ó cuireadh
Críostaidhthe ar a n-aireachas? "Bíodh 's go labhróchainn le
teangthacha daoine agus aingeal, ní'l ionnam ach fuaim
phráis nó cimbeal clingíneach" (Cor. I., caib. xiii. 1) arsa
Pól Mór Naomhtha. Cé thuig brígh agus tairbhe teangadh
é?


L. 25


AN RÓIMH 'NA hOTHAR BHÁIS



Muna bhfuil tuata corónta críocnuighthe ann, tagann sé
i n-intinn chuile dhuine faoi láthair a fhiafhruighe cé'n chaoi
a dtáinig na tíortha atá anois a' baint na sgartach as a
chéile 'un cinn agus i gcéim - céard a thóg a gceann leóbhtha
agus céard a rinne cho teann dána iad i n-aghaidh cumhachta
agus cumais na gcomharsan. Ná tógtar orainn é má bhíonn
lom na fírinne searbh: caithfheamuid bheith ag caint nuair
atháthar ghá chasadh linn gur cine bodhar balbh sinn gan teanga
dár gcuid féin. Ní díth-mhian atá ar lucht an iomordta ná is
amhlaidh bheas an cás.



Agus anois ó's cosamhail do na tíortha aranta achrannacha
úd bheith a' dul ar gcúl i leabaidh bheith a' dul ar aghaidh,
b'fhéidir nár mhiste ar bith é dá ndéanfhamuis na cinn
tsiocracha bás bhí ag sean náisiúin do cómhaireamh thart.
Nílim ghá cheapadh go ndéanfha sin fionna feanna maitheasa
do'n dream atá a' réabadh a chéile agus a' léirsgrios an
tsaoghail: ní dhéanfha ná dá mbeinn-se ag sgríbhneóireacht
agus tusa, a léightheóir, ag léigheamh go leághfhadh na súile
i n-ar gceann. Cad chuige a mbeadh tuataí mar sinn-ne ag
samhailt chomhairle ná céille le daoine atá, má's fíor dóbhtha
fhéin, i ndon cosa crainn chur faoi na cearca. Nach ndeir
duine acu thall sa bhFrainnc go dtiuraidh sé dubhshlán Dé.
"Warten sie ein wenig," ars' an Gearmánach nuair a
chuala sé trácht ar an áidhbhéil: "fan go mbí mise réidh leis
agus beidh rud eile ar ' aire aige."



Nach mór an feall go síleann daoine go mairfhe rígheacht
ar feadh na síorraidheachta. Ní'l ach rígheacht amháin a mhair


L. 26


a mhaireas agus a mhairfheas: ach dubhairt an Té chuir ar bun í
regnum meum non est de hoc mundo ("ní de'n tsaoghal
seo mo rígheacht-sa"). Ní hobair dúinn trácht ar an
rígheacht seo atá gan cip gan claidheamh gan gunna gan
pléasgán agus bheas beo bríoghmhar ar a shon sin cho fada's
bheas an saoghal ar suidheachan. Tá's Cé chuir ar bun í; tá's
cé'n chaoi a ndeachaidh sí ar aghaidh d'indeoin ar shíl dochar
agus díogbháil a dhéanamh uirthi; agus tá's, freisin, nach bhfuil
fios ná fághail ar sliocht ná ar síolradh na ndaoine a
shanntuigh a cur i n-ísle bhrígh' sa n-am chuaidh thart.



Mar is feasach dá lán, bhí rígheachta agus ríghte móra
sa saoghal i bhfad roimh an Róimh agus roimh chumhacht na
Róimhe. Bhí eolas agus foghluim ar fud na hAisia, san
Éigipt, sa nGréig leis na cianta sul dár éirigh cáil na
Róimhe. Bhí cumhacht saoghalta dhá réir sna háiteacha céadna.
D'imthigh siad: tháinig meathadh ar réim agus ar rachmull acu;
tháinig smúit ar a n-ealadhain agus ar n-intleacht i ndiaidh
a chéile gur facas deireadh le mórdhacht na Róimhe fhéin i
rith an tsaoghail.



Is fada an innseacht atá ar an gcaoi a ndeachaidh a
ceannas agus a céim 'un fáin. Ach tig linn an sgéal a
ghiorrú ghá rádh gur leig Dia le láimh an diabhail nó gur
choisg agus gur smachtuigh Sé í sa n-am bhí fóghantach
feileamhnach le rún mór na síorraidheachta thabhairt 'un cinn.
Caithfhe leagan eile bheith air mur nach maith le dream ar leith
géilleadh go bhfuil baint ná páirt ag Dia le gnóthaí an
tsaoghail. A leithide seo, mar dhóigh dhe, ná a leithide siúd
de dhuine ba cionntach - ríghte meathta, méirleacha agus
cladhairí claonta 'san arm, cladhairí agus cneámhairí mar
cheann-phuirt orthu ghá gcingireacht i mbealach a mbasgtha!
Tír agus talamh gan coimheas gan cómhaireamh: sin siocair
eile - agus ceann dár fhíre. Bhíodh na tíortha agus na talta
úd i bhfad ó bhaile faoi smacht an airm agus an t-arm féin
faoi smacht dhuine-gan-smacht nár ghlac cead ná comhairle


L. 27


agus nach raibh fiafhruighe siar air ach an mála sa mbaile a
chongbháil líonta le ór agus airgead.



Cér cheist dá sásóchadh ór agus airgead an dream sa
mbaile! Bhí na boicht ann le beathú agus b'éigean baois a
bhladar mar i gcomhnuidhe. Rugas thall ar gach nídh dhá
úsáidighe agus dá áilne - cruithneacht, órna, ómra, séada,
síoda agus ollamhathas - seoladh go huilig iad go cathair na
Róimhe. Seoladh fós i leith na sglábhuidhthe agus na hainmhidhthe
éigciallta go mbeadh duine agus damh sgaoilte i n-éadan
a chéile a' déanamh siamsa do mháighistirí mhillteacha an
domhain. Agus tabhair faoi deara go mbudh mhór an onóir
do ghladaire (gladiator) bhocht ghallda a mharbhadh i láthair na
sluadh agus a n-impireóra: Ave! Caesar. Morituri te
salutant. Uaisle an domhain! Chaithfheadh siad-san fuil
dhaonna fheiceál ghá tabhairt sul dá mbeadh ithe agus ól a
gcoda ionntu ó oidhche go maidin. Chaithfheadh na déithe
bréige, iad féin, bheith buidheach subhach sásta agus solamar
eicínt acu. Bíodh 's agat go raibh an Rómhánach cráibhtheach
ina bhealach fhéin ach mar chreachaire an lae 'ndiu gur le n-a
ghoile ghníodh sé an t-altú. Faoi láthair, 'sé an rí ceann an
creidimh ag "cách": sa Róimh ó nuair thug grádh an fhiúntais
orthu impireóir do bheith acu, ba mhinic ina dhia mhór é gan
fiú fanacht le n-a bhás shaoghalta. Bhí teampuill fhada
fhairsinge ann - ceann do chuile dhia. Ba bhreágh iad na
foirgnighthe le breathnú orthu tao'muigh: tao'stigh bhí siad fuar
folamh. Ach nach mbeadh na déithe sásta le muirtéal a'
snaídhmeadh na gcloch mór, gearrtha, gléasta?



"Agus cé'n chaoi," adeir tú, "a ndeachaidh an saoghal ar
aghaidh gan na páipéir?" Dá dhonacht dá raibh na Rómhánaigh,
ní raibh mallacht na bpáipéar ag gabháil dóbhtha. Is doiligh
thig linn a thuisgint go raibh teacht d'uireasbhaidh fir mar
Northcliffe Shasana. Pébi sgéal é, ní raibh páipéir acu
leis an dubh chur ar an mbán ná le n-a mbrostú 'um cogaidh.
Ní raibh tada acu mar gheóistí móra na cathrach s' againn féin


L. 28


le dhá láimh a' dóghadh agus láimh a' tárrtháil - réir na
híocaidheachta. Ní raibh cheana: ach i sgáth na dteampull
mór folamh, i n-allaí siamsa agus, go mór mhór, sna folcaí
te - na thermae - bhíodh mathshluagh daoine ag éisteacht le
failipéaraidhthe agus le feallsamhain a mbíodh faobhar ar a
nguth ag cur dhaobhtha. Is dócha go mbíodh ceárdcha acu
freisin (mar bhíodh aigeán ar sinnsear féin) le scapadh chur
ar sgéal ar chaoi nach mbíodh orthu an oiread seo sa lá íoc ar
bhréig.



Ar i bhfaid seo bhí daoine a' fághail ocruis i mbaile mór
robairneach na Róimhe. Imeasg an uabhair bhí gainne agus
gorta. Dá mhéad a gustal, bhí lear agus leathtrom amuigh
agus sa mbaile uirthi. Bhí bochtáin, baintreacha agus
díleachtuidhthe le fághail go fairsing sa n-aicíd sa n-anró,
sa n-anshógh, agus sa mbreóidhteacht: fágadh ar fán iad gan
fóirthin, gan freastal, gan fliuchadh a mbéal. Ina cheann
bhíodh creach agus céasad ins gach réigiún dá raibh cumhacht
na Rómhánach ann. Cé chrosfhadh orthu mar sin féin nach raibh
an ceart acu? Ba mhairg do'n tír bheadh gan lámh láidir
dhá cosaint féin orthu. Vae victis! Ar an gcaoi sin
caithfhidhe léargas thabhairt do'n domhan agus gan daoine ar
bith eile i ndon a dhéanta ach na Rómhánaigh amháin! Bíodh
achrann ar bith ar siubhal, ní ag Hannibal, nó ag Iugurtha,
nó ag Mithridatés bheadh an ceart. Ní headh ná ag
Armínius ach gur éirigh leis. Bhfuil faice nua sa saoghal
seo?



Mar sin do'n Róimh ar feadh na gcian gur phléasg an
bolgán. Dubhras cheana go mbíodh ór is airgead agus
earraidhe dhá dhaoire a' tárlódh isteach uirthi ó bhliadhain go
bliadhain. Mhéaduigh maol ar charnán ag móruaisle na
cathrach. Bhailigh na meádhon tsluaighte cuid agus maoin iad
féin. Chuidigh sin agus athrú dlighidh le neamh-mhaitheas agus
neimh-spleádhachas. Bhí réigiúin mhóra le cosaint, ach bhíodar
lom sgriosta gan tada le fághail ionntu: ar an ádhbhar sin


L. 29


thoisigh an t-arm agus bhuannacht a' dul i n-ísle bhrígh'.
Déantaoi réidhteach i bhus agus tall: bhíodh cáirdeas le
dream agus curtaoi foighid-an-sparáin i ndream eile.
Brúightí cumann agus comaoin thoir agus tiar. Ach ó'n lá
a facas nach raibh an Róimh i ndon a harm féin a chur ar
pairc-an-áir go luath láidir, ó'n lá sin amach bhí deireadh
le n-a smacht. Ní de leigean reatha d'éirigh sí: chuaidh sí ar
gcúl go mall righin. Ba mhór agus ba bhreágh a réim agus
a céim. Sgaoil sí í fhéin amach le n-a linn mar ghníos an
tuair-cheatha thagas sa spéir roimh an bhfliuchán: d'fhás sí ar
duibhe, lúb sí síos sa dorchadus. Ach tháinig boige na
nGrásta faoi dheireadh agus d'aipigh foghmhar d'fhlaitheas Dé.


L. 30


AN GANDAL BÁN



Bliadhain sa taca seo bhíodh dhá ghandal ar an mbóthar idir
mo theach-sa agus teach-a'-phobuil. Ba mhinic leóbhtha aighneas
a chur orm. Anois agus aríst, dhéanainn allúntas dá
ndícéille. Rud eile dhe, nuair bhíos gandal agus a chomh-
luadar i n-aice a ndoruis féin, ní'l obliogáid dá laighead
orthu deágh-chomharsanacht fhuagairt ar fhear bhealaigh ná
bhóthair. 'Dar a shon! Is mór le rádh "Selfdetermination"
i gcumann an charn-aoiligh. Ach ní thuigeann daoine an chuis
sin. Pébi sgéal é, fuair gandal acu siod ar chleachtach
leóbhtha m'ionnsuidhe giorrachan saoghail de bhárr a bheith ro-
dhúluighthe dhó. Nuair d'fheicfhinn é ar m'aghaidh ná a'
déanamh orm, céarba deifir bheadh orm maidin ghlas fhliuch,
bheadh sé ar eir' agam an deifir sin a mhaolú agus a bheith
ar m'aireachus. Corr-mhaidin d'fhágainn róroithleagán ina
cheann aige le speich de mo chois. An chéad mhaidin eile
bheadh sé i riocht dhul thrí mo rothar dá thabhairt le tuisgint
dom nach raibh claon air an cogadh a chosg.



Dona go leor agam-sa agus bhí go maith aige-san.
Chuaidh an lá 'un sínte, agus déarfhá le teacht an earraigh
go ndeachaidh fonn troda an ghandail 'un cinn. Duine ná
deoraidhe ní raibh a' dul thairis. Ach mo léan an t-éan bocht!
Lá dona dealruighthe, cé thiucfhadh an bealach ach cipe de
"chiar-chróna." Is dóigh gur cheap an gandal go mba mise
bhí ann aige nó go raibh mé ar a bhfud: thug sé iarracht fútha
ach ní dheachaidh leis



Bhíodh an dara gandal, mar dubhairt mé cheana ar mo


L. 31


shlighe. Tá sé ann i gcomhnuidhe. An dál fhad 's mairfheas
sé, caithfhear a rádh ina thaobh nach é méad a mhisnigh thugas
slán thar anachain na bliadhna é. Bleitheach mór bán é bhíos
chuile mhaidin ghá thuar féin ar cholbh an bhóthair th'réis éirighe
as an linn dó. Bí ag caint ar an deághdhuine a leigean
thart! Má's i gceartlár an bhóthair do'n ualach úd - ó's
minic an cás - is ar éigin chorróchas sé cos thar a chéile leis
an mbealach fhágáil do dheághdhuine ná do dhrochdhuine. Beidh
sé annsin 'na stána rómhat, a stumán le talamh, agus cuma
na gruaime ar chuile ordlach dhé. Sínfhe sé a ghob amach
agus a mhuinéal. Nuair bheas tú a' teannadh leis ná bac go
deo le n-a ghaethe troda. Go díreach a's tú a' dul thairis,
beidh stuadh 'na mhuinéal agus ruibh an domhain ann. Ach ní
rachaidh sé níos fuide leat. Cho luath 'nÉirinn 's bheas an
chontubhairt thart toiseócha sé ag grágghail, tiucfha tochas ina
sgiatháin, craithfhe sé iad, rachaidh sé abuil an comhluadar
bhíos iad féin ag grágghail. Sínfhe siad-san amach a nguib,
craithfhe siad na sgiatháin. Cuirfhe seisean a sgiatháin i gcóir
aríst ar ais: déanfha siad-san an cleas céadna. Siúbhlfha
seisean thart 'na measg. Sínfhe sé amach an gob aríst eile.
Seo í an obair chugat! Toiseócha sé air a' siosarnaigh:
toiseócha siad-san ag cur leis - ag glacadh buidheachuis leis
as ucht a dtabhairt saor slán - eisean rinne an ghaisg agus
ghnóthuigh an cogadh!



I n-ómóid agus le umhlóid do'n "mheasardhact," is ceart
an fhírinne, lán na fírinne, agus lom na fírinne dhéanamh.
Ar an ádhbhar sin amhduighthear nach mbíonn an gandal cho
goiceanta chuile am. Dá mbeadh an gábhadh dhá ríre a' dul
an bótar, feiceadh an gandal cairt ná cárr, cloiseadh sé
troimpléasg ar bith, budh ghlan an coisidhe é ag greadadh leis
agus a chúram 'na dhiaidh ar fhaitchíos go n-éireóchadh bris ná
beárna dóbhtha le faillighe. "Pleidhce amadáin," arsa
tusa, "ach nach bhfuil amadán ar bith gan a chiall féin."
Tuigim leat. Cé mhéad againn ar a shon sin, mar an


L. 32


gandal bán sa gcríonnacht: nó an amadán aon raic eisean?



Fóill ort! Nach é adeir daoine linn atá sa n-eolus -
má tá - nach bhfuil cor ná cleas ná cluainidh acht sa duine
gan a macsamhail de chor agus de chleas a bheith i n-ainmhidhe
eicínt agus ar chaoi eicínt. Cé nach gcuala faoi chríonnacht
na nathracha nimhe agus faoi mhacántacht na gcoluim? Nach
fad' ó cuireadh daoine gan treóir i gcomhsamhlacht na
gcaorach? Nár baisteadh sionnach ar dhuine ar fhág a
thíoránacht féin cuimhne fhada air? "Spáin do mhadadh
dhom," arsa Hector Malot, "agus innseócha mé cé thú:
bíonn uaisleacht eicínt a' siubhal le madadh an duine uaisail,
sgraiste madaidh bhíos ag leaduidhe, bíonn cneámhaireacht
i madadh an chneámhaire agus corp rógaire madadh an
ghaduidhe."



Nuair a bhí gábhadh 's baoghal ar fud na tíre sheas na tréin
sa mbeárnain- cuid acu tháinig as agus cuid acu a thuit.
Níor bh'é sin do dhream eile: ní raibh fághail ná feiceál orthu
i gcaill agus i gcruadhóig. Ní hé go raibh díth-mhian ar na
fallsóirí ladar a chur sa gcaint: ó'n áit 'ná chéile chomhairligh
siad nach raibh tada mar a fhoighid. D'fhreagair lucht na
hoibre agus d'fhiafhruigh an rabhthar a' tabhairt an chomhairle
sin do'n té bhí ar chúl a chinn sa teinidh. Stop an chaint leis
sin. Anois aríst déarfhá go bhfuil gobaireacht ar bun chíodh
go gcuirfheadh a sgáile fhéin faitchíos arthu roimhe seo. Ba
chumasach é an comhrádh agus an chaismirt gur thionnsgain
an teannadh i gceart. Ar chlos agus ar fheiceál céard a
bhí a teacht, leig curaidh na n-árdán agus cladhairí na
bpáipéar leóbhtha fhéin. Cé raibh formhór na ndaoine atá
i n-áiteacha árdnósacha ná atá a' tabhairt chomhairle i n-aisge
dhuinn glacadh le "crúsga meallta." Tá saoghal breágh
beadaidhe acu siúd: níor airigh an fear sáthach an fear leath-
sháthach ariamh ná anois féin. Ach cér b'áil linn ag caint!


L. 33


CÉ ACU?



Is doiligh na ceisteanna le fuasgailt iad seo: - An é
athrú saoghail chuireas athrú ar theangaidh; nó an í an teanga
chuireas athrú ar an saoghal? Dubhramar an lá faoi dheireadh
gur chuir teanga na hÉireann trí crutha dhi agus tá's againn
go mba cruadhtan clampair agus cogaidh ba cinntsiocair
le gach cruth acu. Feiceamuis cé'n chaoi raibh an sgéal i
gcorr-áit eile ar fud an domhain ó am go ham.



Bhí trí teangthacha i n-úsáid i dtír na n-Iúdach le linn ar
Slánuightheóra. Bhí an Laidean ann óir ba leis na Rómhánaigh
an tír san am sin; bhí an Ghréigis ann mar nach mbeadh
Rómhánach ar foghnamh nó foghluimte go ceart gan a bheith
i ndon teanga na nGréigeach a labhairt; agus bhí teanga
choithcheannta na tíre ann - toradh géibhinn as an mBaibilean-
an Éabhrais bhriste. D'fhág an daorsacht, mar sin, dhá
theangaidh le cois i measg na n-Iúdach: féiríní as
domhnaidheacht a buadh b'eadh teangthacha iasachta na Róimhe.



I dtaobh na Gréigise, caithfhear a thabhairt suas di go mb'í
an teanga ba bhreághtha de na sean teangthacha í ar bhealaigh.
Is aisteach an chaoi ar éirigh léithe agus an clampar de
dhlúth agus d'inneach innti. Ní bhíodh suidhe foruis ag
an nGréigeach: chaithfheadh sé bheith i gclampar ná i
gcleasaidheacht. Dá mbeadh sé gan a bheith ar siubhal le
ceachtar acu siúd, chaithfheadh sé bheith ag ceapadh bréag.
Abair féin go mb'é bhí i ndon slacht a chur ar an mbréig
go binn milis mealltach. Gan teastus iomlán thabhairt ar a
thréithre, is leor dhúinn a rádh gur éirigh leis idir chath agus
chaismirt, teanga a thíre thabhairt 'un feabhuis. Mhara raibh


L. 34


ciné uasal aige, bhí teanga uasal aige d'indeoin na
bradghaile agus na mbréag. Má's iongantach leat sin,
cuimhnigh nach leasú cúmhra théidheas leis na tortha is milse.



Bhí teanga bhreágh bhríoghmhar ag na Rómánaigh nuair a
bhriseadar isteach ar chumhacht na Gréige. Go deimhin bh'fhada
a' blaispíneacht iad le teangaidh na tíre úd. Ach is groigh
an sgéal é gur chuireadar an oiread sin spéise i dteangaidh
na ndaoine tháinig faoi smacht acu gur chromadar orthu ar
a dtáirm dá foghluim. Bheadh sin ceart go leor meireach
gur fhoghluim an Rómhánach níos mó go mór fada ná an
teanga nua ó'n nGréigeach. Ní raibh tada ariamh nár shann-
tuigh maighistrí an domhain sompla dhe a bhlaiseadh. Ba
mhian leóbhtha an t-olc agus an mhaith bheith acu. Cé'r cheist
ach iad dona go leor mar bhíodar. Bhí blas na nuadhachta
ar dhramaí 's ar dhánta na nGréidheach. Bhí a dteampuill le
n-a gcuid colamhan gan a leithidí eile le fághail ar dhruim
an domhain; bhí a gcuid iomhaigh snoighte thar cion - ba chuma
iad a bheith lom nochtuighthe i snas na neamh-náireachta ó ba
de'n áilneacht an ghráin ar an gcuma sin. Chaithfheadh chuile
áilleachán bheith a freastal ar dhiabhalaidheacht agus ar
dhíomhaoineas. Leanas do'n obair sin: ach tagann díoghaltas
agus tháinig sé. Thuit an trioll ar an treall acu. Dá
fheabhas a n-eolas agus a bhfoghluim chuir an t-uabhar agus
an gháirseamhlacht ó rath na Rómhánaigh. Indiu ní'l ach sliocht
a dteangan san Eadáil agus sleachta san bhFrainnc, san
Spáinn agus i n-áiteacha nach iad - gan tíortha Laidne
Mheiriceá chur san gcómhaireamh.



Sé bun-chiall a ndeirm go dtig le bláth breágh theacht ar
theangaidh, agus snuadh na háilneachta ar an tír dár teanga
í agus iad le chéile ar an bhfaid seo 'na n-othair báis.



Go deimhin is sothuisge go leigtear an teanga 'un
faillighe agus 'un fiadhántuis nuair a bristear cumhacht tíre.
Ach do réir nádúir bíonn sliocht uirthi mar shólás. Má
thagann taom ar teangaidh le torann agus gleo, tagann


L. 35


aiséirghe freisin lá eicínt, bíodh 's gur le míoshuaimhneas
féin agus le imreas thagann sí. Mar ab é bláth bán na
hóige 'sé bláth bán na háilneachta bhí ar theangaidh na
Frainnce i n-aimsir Louis XVI, agus ní gan a bheith corrach
dhi bhí roinn de'n domhan le n-a linn. Cé'n sórt saoghal bhí
acu i Sasana agus Seacspaer ar siubhal le drámaidheacht
i bpoll agus i bprochlais? A' raibh Miltean "caoch" i
gcomhnaidhe ar a shuaimhneas ag ceapadh duan?



Ar feadh na bliadhna seo tá i ndáil le bheith caithte, bhí trácht
mór ag lucht léighinn ar fhear a mhair san Eadáil sé chéad
bliadhan ó shoin. Dá mbudh Éireannach é, agus seinneadh sé
mar aingeal as na Flaithis, ní bheadh a bheagán ná a mhórán le
rádh ag cuid againn faoi: ní bheadh an sgéal sáthach fiúntach
le n-ar mbleid a chur ann. Ach is i bhFlorans, cathair aoibhinn
na háilneachta rugadh agus tógadh Dante an file. Má bhí
cuma dheas féin ar an gcathair úd, bhí slám ós a cionn agus
Dante 'na fhear óg. Bhí dhá dhream dá daoine i n-árach a
chéile. Gachar le achar bhídís i n-uachtar. Bhíodh lucht fabhair
gan chunndas ar gach taobh: dá mbudh é an Pápa é, rinneadh
a bhladar go mb'éigean dó, mar dubhairt siod, "lámh a
chur ina chumhachta." Le chuile chaoi, díbrigheadh Dante agus
a dhaoine- óir chaithfheadh an file bheith mar chách. Níor fhill
sé ar ais go lá a bháis, ach mar fhill ná lá a bháis féin,
cloiseadh uaidhe ar fud an domhain mhóir. Indiu, ní bheadh fhios
cé mb'iad lucht a dhíbeartha meireach a ndroch bhéasa fhéin.
Ní mar sin dó-san: tá fhios cé mb'é. Tá fhios fós cé hé
chuir smeach i dteangaidh a thíre agus d'fhág oighridheacht i
bhfuirm duain - oighridheacht gheobhas modh agus meas an dál
fhad's bheas spéis ag aos eoluis i n-aoibhneas briathar binn.



Nach mór mar seo againn Leam agus Tomson, agus rl., thug
Béarla breágh do'n domhan ina mbuaidhreadh ina mbrón
agus ina n-anshógh! Déantar gairm mhór de bhrígh gur éirigh
le Burns ar a bhoig-mhisge, le Cupar ar mire, le Grae
ionanns ar an gcuma chéadna agus iad ag ceapadh duan.


L. 36


Céard nach ndéanfhadh siad ar dheágh-staid? Ach ba mhó go
mór fada an t-oideachas bhí ag ar gCéitíneach fhéin, is mó
an sólás agus an téagar i leabhar leis 'ná tá i ngach 's
ar sgríobh na hughdair údan ó thús go deireadh. Ní san
sócamhal chum sé agus chuir sé le chéile a chuid oibre. Ní
raibh an anachair chroidhe chéadna ar na hughdair ghallda sin 's
bhí ar Dhubhaltach Mac Firbisigh ná ar an bhFlaithbheartach: ní
raibh cumhacht a dtíre ar lár. Bhí comhluadar agus compóirt
saoghalta eicínt ag an té ba dona acu le hais mar bhí ag an
Mistealach, ag Séarlus Ciceam agus ag a lán eile dár
sgríobh i mBéarla faoi chúis na hÉireann. Nuair bhíodh
Silbhió Peliceó go deas cuideamhail a' mealladh agus a'
déanamh mórtachuis leis an dubhán-alla ar feadh an uaignis
bhí sé tréigthe go leor. Ach faoi dheireadh nuair chuir sé a
lear i gcósáird d'éagcaoin Seán Buidhe fhéin a leathtrom
go binn bog-úrach. Tá's againn daoine innseóchas sgéal
searbh do Sheán. Beidh toradh tairbheach ar an sgéal sin:
is fiú é fuireach leis.


L. 37


TEANGA PHÁDRUIC AGUS CHOLUIM



Cloistear caint ar theangaidh Phádruic agus Choluim, ar
"Shean-Ghaedhilge," nuair bhíos daoine a séideadh. Is fad'
an lá ó caitheadh i leithridh an cruth cainte bhí i mbéal ar sean-
naomh. Gan trácht ar an gcaoi ar labhradar, dá bhfeicfheá mar
sgríobh na naoimh 's na sgoláirí bhí na céadta bliadhan féin
na ndiaidh, bheitheá cho measgtha leis an bhfear bocht maordha
a d'fhiafhruigh de'n tsagart cé acu na bricíní dearga ná na
baillíní dubha an t-Aifreann.



Bhíodh na sean daoine ghá rádh gur chuir Éire coill di trí
huaire. Thiuchfhadh dhi. Ar aon chor, ní féidir a shéanadh gur
ab é an tríomhadh cruth faoi láthair é ag teangaidh na
hÉireann ó tosuigheadh dá sgríobhadh ar dtús. Sean
Ghaedhilge an chéad chruth, Gaedhilge Mheádhon an dara cruth,
agus tá casadh eile uirthi indiu. Déarfhá, beagnach, gur a'
dul 'un feabhais atá sí. Ní hionann sin agus neithe eile,
tá luisne na hóige uirthi fós i leabaidh bheith breóidhte briste
dhi ó aois agus aimsir.



Ní thig linn a rádh go baileach cáide ó thosuigh ar sinnsear
leis an tSean-Ghaedhilge mar nach raibh aon sgríbhneóireacht
le bail acu go dtáinig Pádruic 's a chomhlucht le foghluim
saoghalta agus spioradáilte ar a bhfud. Bhíodh Ógham acu.
Ach d'éis móide de'n úsáid a rinneadh de'n t-slighe sin ar
leachtaí agus ar leacracha, bhí sí ro-mhíostuamdha le n-a
cleachtadh as éadan. Ní'l rádh i n-aghaidh go mb'fhéidir go
raibh sgríbhneóireacht ag corr dhuine roimh an am úd - go
díreach mar bhí an creideamh ag duine i bhfad ó chéile. Rud
amháin atá cinnte gur le linn Phádruic 's na naomh bhí go


L. 38


haithgheárr 'na dhiaidh seadh thug léigheann agus liteardhacht an
chéad chéim 'un cinn. Na manaigh agus na mainistreacha ó
thús a thionnsgail agus a bhrostuigh an t-athrú iongantach ar
fhoghluim agus ar fheabhas na tíre. Ins gach áit dár thóg na
háruis bheannuighthe a gceann, tháinig i n-aenfheacht le rath
saoghalta, spreacadh agus aipeachan ar oideachas na
ndaoine.



Is geall le leadáin na mainistreacha céadna agus na
naoimh chuir ar bun iad a chómhaireamh. Go lá-an-Luain, ní
bheidh tuairim ná tuisgint cheart ar iomlán a n-oibre. Ní hé
amháin go raibh na h-ealadhna diadha ghá múnadh agus ghá
bhfoghluim ins gach sgoil mhóir ar fud na mainistreach; bhí
ealadhna agus finn-eolas saoghalta le fághail ionntu nach
raibh a macasamhail eile ar dhruim na cruinne. Nuair bhí
Laidean' Gréigis agus fiú an Éabhrais acu cho beacht briosg
sin, cé'r bh'iongnadh a dteanga fhéin bheith ar bhárr na mbeann
le feabhas.



Is gnás linn a rádh faoi láthair nach lughaide an trócaire
a roinnt. Cér ba tráth ar dubhradh an chaint mar siúd, is
sine go mór fada a brígh agus a toradh i measg na
n-Éireannach. Is ait an chaoi ar bhris agus a mbriseann an
fiúntas agus flaitheamhlacht amach. Bronntanuis spiorad-
áilte iad nach sgarfha leis an mbunadh Gaedhealach go deo.
Ar an ádhbhar sin - téidheadh an té ar mian leis 'n-ar mbéal-
ní fonn fáin agus deoraidheachta thug ar sgoth na sean
mhanach éirighe amach rómpa. Lean siad do'n ordú bhí ina
gcinneamhaint i gcomhar le toil Dé. D'fhág siad, fhearacht
Athair na n-Aicme, a ndúithche, a ngaolta agus a ndaoine
le slán agus beannacht. Chuireadar fútha san iargcúlacht
i bhfad ó bhaile le go mbeadh solas i n-áit an dorchaduis agus
an saoghal thrí lasadh ag teas agus téagar na fírinne-



"Níor lughaide an trócaire a roinnt!"



Ó'n am 'ná céile, thagadh slám agus gábhadh orthu. Ach le
chuile strácáil thagaidís thríd lean sonas agus séan a


L. 39


n-iarracht ar Eagluis Dé a leathnú. Ní raibh áit dár cuireadh
mainistir agus sgoil ar bun nach ndeachaidh eolas agus
oideachas 'un cinn san áit chéadna. Má bhí an fearann fada
fiadhain, bhíodh an fóghmhar fial fairsing ach na manaigh bheith
a' taithighe agus ag obair ann. Bhí agus tá glan chuimhne ar
an obair úd. Munar sheas na háruis féin na céadta
bliadhan, sheas a sleachta i bhfoirnighthe ins na hionaid chéadna
ná ina gcomharsanacht. Ach tharsta sin féin, feiceamuis.



Ag imtheacht do na manaigh as an tír seo thugadar a lán
leabhar leóbhtha. Ina cheann sin, sgríobhadar féin tuilleadh
mar bhíodh fuireann acu ins gach mainistir agus b'é a n-obair
shaoghalta leabhra a cheapadh ná a n-aithsgríobhadh. B'fhada
righin a bheadh an sgríbhneóir budh tapaidhe ag cur leabhair le
chéile. D'fhág sin leabhra daor gann. Le linn na haimsire
úd, agus i bhfad 'na diaidh, bhíodh meas mór agus áirdeall
ar leith orthu. Le chuile chaoi agus cúram d'fhan MSS. sna
sean áiteacha go raibh a lá tabhartha - gan iad i n-úsáid ní
ba mhó. Agus nár bh'ait a mhaise do'n Eagluis chuile lá
riamh go raibh cion aici ar rudaí aosta ársa agus go mór
mhór ar gach sean oighridheacht a bhain le n-a gnóthaí fhéin.
Díonta na fírinne, bhíodh sí sgaithte agus ba bheag é a dicheall
di fhéin. Théidheadh teach agus troscán agus maoin ó rath.
Níor dhóchaighe sin ná a gcur ó rath ag sgladuidhthe "ciar
chrón" an tsean-tsaoghail. Cé hiongnadh go raibh sgapadh
agus spíonadh ar leabhra? Bíomuis buidheach beannachtach gur
thárrthuigh na manaigh cuid acu ó bhruighin ó bhrúighis agus ó
bhrusgar na gcian. Ní achar cho fada sin é ó fríoth leabhra
luachmhara caithte thart i n-áiteacha cúil gan suim gan spéis
ionntu - ní raibh fhios céard a bhain dóbhtha. I Laidin bhí a
bhfurmhór sgríobhtha: ach chinn go raibh gluaiseanna Gaedhilge
leóbhtha - míniú na Laidne nó ciall a raibh sgríobhtha 'sna
leabhra. Faoi láthair tá an cás druim-ar-ais: sí an Laidean
ar slighe le ciall na Gaedhilge úd féin fhuasgailt óir is
Sean Ghaedhilge í. Abair féin gur obair i n-aghaidh na


L. 40


n-aitheanta í thuisgint. Ach bíonn saoi, agus ní mór dó sin,
sásta le leath-fhocal. Fághann an fhoighid bhíos aige luach-
saothair mór chíodh nach ceann mealltach é réir mar mheasas
an tuata dhó. Dá mbudh i n-airgead agus i n-ór bheadh an
luachsaothair úd, cé chúiteóchadh leis an mbuidhin bhig, thar
sáile agus sa mbaile, thug agus atá fós a' tabhairt, a
saoghal agus a sláinte do'n obair?



Nach réidh linn teanga Phádruic agus Choluim thabhairt
ar air!


L. 41


NÁ PÁIPÉIR MHÓRA



Táthair ghá rádh nach dtig le daoine úsáid choitcheannta
dhéanamh faoi láthair dár dteangaidh. Tá sé le feiceál
againn uile go léir nach bhfuil sí dá cleachtadh mar is ceart.
Is mór ar ngráin, mar dhóigh dhe, ar dhaoine aosta nach
labhruigheann í chois an teallaigh ach mar dhallamlóig ar aos
óg bhíos a éisteacht leóbhtha. Anois nach bhfuil an cleas
céadna ghá dhéanamh ag daoine a rabhamar a tnúth le n-a
ndeágh-shompla, ach cead cainte bheith acu. Léigheamar go
leor le mí i leith 's tuilleadh: i ndeireadh na dála má tá
an t-amharc a leathnú orainn, ní hé clódh na Gaedhilge is
cionntach leis. Bhíodh corr-fhocal inseo agus insiúd. Sé
fhearacht na sean-daoine ar na hailt é - a' déanamh
caoitheamhlachta i riocht 's nach mbeadh fhios ag tuataí go raibh
daoine cliste (?) foghluimte a seachadadh cainte dhá chéile.



Tuige, i n-ainm Dé dhúinn, nach dtig linn aghaidh cheart
chneasta chur ar an obair feasta choidhche? Ní'l aon mhaith a'
fanacht le daoine nach bhfuil uatha ach a bheith a stolladh
Béarla ós comhair dála agus i lár aonaigh. Rachaidh a gcáil
'sna páipéir agus nach cuma céard a thiucfhas as ach a
n-ainm bheith thíos le óráid bhreágh bhríoghmhair? An tsean-
mharcuidheacht i gcomhnaidhe! Tá a mhilleán ar Dhomhnall
Ó Conaill gur b'é d'fhág Béarla agus páipéir ghallda sa
tír. Nach deas réidh an rud an chaint? Má samhluighthear
bealaigh eile Dhomhnaill le fir mhóra an lae indiu, sé
freagradh dhuine gur ab iomdha uisge chuaidh le fánaidh ó bhí
sin ann. 'Seadh, uaiste! Tá uisge dul le fánaidh fós:
ní'l muileann na Gaedhilge a meilt go teann. Ní hé an
fiodán atá calctha. Céard ná cé is cionntach - an tarrae,
an cómhla ná muilleóir gan rath?



Biodh fios againn nach dteastuigheann teanga Ghaedhealach


L. 42


ó pháipéar mhór ar bith i mB'l' Áth' Cliath. Tá na "mion-
pháipéir" beagnach chuile ordlach cho dona. Nach breágh an
chaoi: - "Déan mar deir siad," corr-uair! Má fhaghann lucht
na bpáipéar úd - beag 's mór - cead a gcinn, ní bheidh cleach-
tadh ar a dteangaidh ag na daoine ná acu-san go mbeidh nead
ag an gcuaich dhá cuid féin. Ach ní hobair a thógáil orthu:
fághann siad an oiread sin freastail go ndeir siad leóbhtha
fhéin nach ceart athrú ná iompódh a dhéanamh d'fhágfhadh mío-
chomhgar dá laighead orthu-san. B'fhéidir gur foisge bheinn
do'n fhírinne dá ndéarfhainn go síleann fear mór an pháipéir
nach ceart na neithe seo dhéanamh ar aon chor ach le n-a chead
féin. Nach ndeir sé linn de ghlan Bhéarla go dteastuigheann
a leithide seo agus nach bhfuil call le n-a leithide siúd de
rud sa tír. "Mise atá ann," arsa Rí Mór na Frainnce
fadó. "Mar is mian linn-ne bheas dlighe do thír 's do
thalamh i n-Éirinn," arsa lucht na bhpáipéar mór.



Tá fhios againn gur fhág an Cogadh Mór "gearradh"
ionnainn le n-a lán neitheadh thuisgint. Go deimhin tá go
leor de'n olc 's de'n mhaith leagtha ar an gcogadh céadna
thar mar thuill sé. Ní'lim ghá shamhailt nach dtug sé leideadh
dhúinn ar chaime Shasana theaspáint as a nua do'n domhan,
agus nár chuidigh sé linn ar bhealaigh eile freisin. Gan
aimhreas ar bith, budh dhaoine dona sinn dá mbeidheamuis ina
leith. Ach chóns bhí an Cogadh Mór ar siubhal, ní chuile dhuine
thuig i gceart míchneastacht na bpáipéar. Nuair a thionnsgail
ar gCogadh fhéin fuaramar léargas nach cóir dúinn a dhear-
mad go réidh. Amuigh agus sa mbaile fuair lucht na bpáipéar
- fíor chathracha seo na honóra - seachadadh deas ar son a
gcomhairle. Bhí a shliocht orthu: séideadh de réir mar híocadh.
Ariamh fhéin ní raibh deágh theastas ar an gcaoi mbíodh an
fhírinne dá sgagadh ag na páipéir mhóra sa tír seo. Nach
ar an gcuma chéadna atá siad anois? Tá siad mar bhí siad;
agus mar bhí siad beidh siad.



Is iomdha sin cur 'un iúil agus casadh bhíos ar chruth an


L. 43


pháipéir. Bíonn sé tíorghrádhamhail. "Ó, a Shaoirse," arsa
Maideam Roland, "nach millteach a lán a cuirtear in do
leith!" Tugann an páipéar eolas ar airgead agus ar
mhargadh-an-airgid. Fáightear cunndas ann faoi rástaí
agus faoi chaiple rása. Ní'l duine ar foghnamh bhíos ghá
phósadh ná a' brath ar phósadh nach mbíonn fios a thréithre
againn cho cruinn, baileach ón bpáipéar agus dá mbudh
comharsa-bhéil-doruis dúinn an té údan ó cuireadh bannlámh
de chóta air. Ach nuair bhíos "an ceol dóirtthe" agus na
daoine breágh' a' sgaradh le n-a gcuid airgid nó le chéile
seadh bhaineas na páipéir an tsreang de'n mhála. Mar
sin do chéad rud eile - beidh siad ós do chomhair, agus léigh
iad nó fág iad. Shanntuigheas a rádh - "nach mbaineann
sin dúinn." Ach ní abróchad mar is fiú iad béasa agus
bealaigh na bpáipéar fhaire le bheith san aireachas orthu.
Fainic a Laoigh ó! Má bhíonn tusa, ná do dhaoine leat,
idir dhá chomhairle, ná leigí rún ná claonta le fear an
pháipéir mhóir agus ná leigí dhó breitheamhnas a chasadh agus
a chamadh. Má lúban tú oiread amén tá leis.



Tabhair faoi deara nach mbíonn ar gcara gan treóir nuair
is dóigh leis go bhfuil a' dul air. Cuirfhe sé caint dhuine
mhóir eicínt ós do chomhair agus 'ndóighthe fhéin is foras na
daoine sin fhághail faoi láthair: tá siad cho fairsing le móin
agus séala ar leith ag fear an pháipéir ar a chuid féin. San
am chuaidh thart, bhídís a' dul as a gcranna cumhachta - ní
raibh fhios acu ar bh'é an t-aer ná an talamh bhí ghá gcongbháil
suas. "Caithfhe siad siubhal go réidh anois: mar an té úd
sa' mBíobla, ní'l ionntu oibriú agus is náireach leóbhtha an
t-iarratas" - sin seabhóid. Bíomuis cinnte go bhféachfha
siad beart eicínt: gan cearrbach ar bith bíonn an chontubhairt
ina gcosamar. Cér dhochar sin meireach cho sásta 's tá
Seán. Tig leis a rádh mar dubhairt Jugurtha fadó faoi'n
Róimh: - <O> urbem venalem et mature perituram, si
emptorem invenerit.


L. 44


AN AISTIGHIL



Saoghal aisteach an saoghal seo agus is beag lá éirigheas
orainn gan a chlos gur ab eadh. Ní abruighthear in' aghaidh óir
támuid cho cleachtach ar shean-ghnás go sgaoileann gach duine
thairis é. Má bhíonn cantal ag gabháil do dhuine nó má
bhíonn sé 'n' ainle glacfhar leis do'n chor sin: ní toradh mór
fhághas a chaint má's rud é go mbíonn sí buille as bealach
sgaithte nó nach mbíonn sí ceart ciallmhar mar chaint chuile
dhuine. Míle buidheachas le Dia nach bhfuil cosg ar shiosgadh
na seabhóide. Meireach é ní thuigfheadh ar gcomharsa a
chlisteacht féin. An té bhíos ag éisteacht linn, bíonn sé gan
focal as a phluic agus an inchinn ag oibriú aige ag
cómhaireamh thart aos na gealaighe ná ag agairt Dé a chiall
agus a shláinte fhágáil ag chuile chréatúr. Seadh, nach fear
mar chách an fear is fearr ar bith - sean fhocal eile as ciste
ciallmhar na gcianta! Tá go maith mur gcasann, san
aimsir atá ann, duine eicínt an cás druim ar ais dhá rádh
go mbeadh an saoghal ina stána dá mbeadhmuis uile go léir
ar deil.



Ach ní baoghalach do'n chríonnacht; agus ní bhraitheann an
cantalán céard bhíos i n-intinn an duine eile 'chan oiread.
Bogfha an chomharsa isteach chugat san árd-tráthnóna. Beidh
sibh a' siosgadh tobac go mbeidh bhur gcarbuid i ndáil le bheith
loisgthe. Déanfha seisean méanfach agus caithfhe tusa trion-
sgailt mara gcéadna. Déarfha seisean gur "aisteach an
saoghal é" agus ní bheidh sé de mhisneach agat-sa húm ná
hám a rádh thar a theacht leis.



Fan go réidh, a chladhaire. Nach ar an gcuma chéadna atá
an saoghal mór fada fairsing. Tá na daoine agus na
náisiúin ar bhealach mar bhíos tusa agus do chara ag cur na


L. 45


hoidche tharaibh agus gan mian nó rún ag ceachtar agaibh
argúint a chur ar suidheachan ná aithis a bhaint as an duine
eile. Tabhair faoi deara nach ndeirim go bhfuil an saoghal
glan díreach mar chúirt-na-deataighe sin agaibh-se. Ní ar
shon mise dhá rádh é ós do chomhair, ach tá sibh-se go leor
mór níos cneasta agus níos carthannaighe ná mar bhíos na
náisiúin le chéile 's ná mar bhíos lucht a stiúrtha eatru fhéin.
Déarfha lus mór eicínt, agus na táinte ag éisteacht leis,
gur "crochadóir críochnuighthe" an Turcach: is fiú dhó sin
a rádh. Cuirfhe fleangach ar foghnamh as an arm leis. Beidh
baramhail agus breitheamhnas ghá sheachadadh thart go dtéidh
an chúis cho fada le fear an pháipéir. Ní beag a luaithe.
Ní hé amháin go mbeidh seisean a' séideadh ar a tháirm, ach
beidh sé a stollraighciúch ó mhoch na maidne go tár an
mheadhon-oidhche. Fearacht fhleangaigh an airm, is ar sin atá
a bheatha agus a mhaireachtáil. Beidh sé i ngealta mar ghioll
ar an éagcóir - agus gan críostaidhe bhéil-bheo a' rádh in'
aghaidh. Is cuma cé deir "'seadh" nó "ní h-eadh," beidh
an focal deiridh aige-san. "Diabhal corónta" adeir sé
an Turcach, agus go gcrochtar é cho hárd leis an ngealaigh,
ní bheidh foras againn sa saoghal seo - ná b'fhéidir sa saoghal
eile.



Is ionann an cás má chuireann muinntear na hÉigipte ná
muinntear na n-Indiacha gíog astu. B'ionann an cás,
freisin, nuair bhí faoi dhream ar leith an Ghearmáin a chreachadh
chíodh go mba deacair drannadh léithe chóns bhí Mam Mhór
ina háilleacán tao'bhus de ghearradh.



Páirt dá mhí-ádh go bhfuil an galra seo tógálach- Ní
aicíd í leanas do'n Mheiricín, do'n tSasanach agus dá
"mhac-an-uicht" (an Brughaidh) sna hOileáin. Téidheann sí
thart cho sgodalach sgafánta leis an ngaoith Mhárta. Faoi
láthair cé na daoine ar foghnamh nach bhfuil a' friothmhagadh' ná
níos measa, faoi mhuinntir na hÉireann ag cur deis orthu
agus a suidhiú i mbreitheamhnus ar céard budh cheart a


L. 46


dhéanamh leóbhtha. Ghlacfhá le cúram gan cion dá dhonacht é. Ach
leis an milleán agus an magadh seo, cheapfhá go raibh ciall ag
chuile thír chuile lá ariamh agus nár dúbhradh sa sean saoghal
leis an té bhí saor de lucht an mhilleáin an chéad chloch a
chaitheamh. Éist leis an Sasanach - an diabhal ag cur dhrainc
air féin leis an bpeacadh - éist leis mar deirim, agus
shílfheá nach raibh Cogadh-na-Rós ann ariamh le linn a shinnsir,
nár mhúch agus nár dhúnmharbhuigh Sasanaigh tuata, agus
tánaiste. Cé thug dícheannadh ar Shéarlus Shasana agus ar
Mháire na hAlban roimhe sin? Cé bhánuigh cill agus teampall
a' fágáil an láthair folamh san ionad a raibh áras agus altóir
ag Mac Dé? Cé rinne uaisle (?) de dheasgadh agus de
ghraidiléis a dtíre? Cé rinne neadracha-na-gcuach i dtalta
agus i bhforbaí na hEagluise? Céard d'fhág an tslat-
mhéaraidheachta ag an mbunadh Tiudorach agus sean uaisle
meathta ar a suaimhneas? Cé rinne gach coir acu agus cé
mar dearnadh? Bhí fhios sin ag Séamus, agus sé an t-eolas
bhí aige ar gnás ghránna a dhaoine thug dó fhéin baint as na
cosa gan fasgadh fionnóige ar choill ná ar chorrach aige i
dtalamh Shasana. "D'imthigh sin," adeir siad. Fainic!
Duine dána adeir nach dtiucfha a leithide ar ais aríst go bráth.



Ní'l críoch ar fud na cruinne nár suathadh agus nár
traochadh ar an gcuma sin nó ar chaoi eicínt mar é.
Cómhair thart iad - an Fhrainnc, an Spáinn, an Eadáil, agus rl.
Níor choimirce dhóbhtha oideachas, léigheann, eolas, cáil ná
an chríostamhlacht 'chan oiread. Dá mbudh Samhairle fhéin é,
nár éirigh a dhaoine colgach le chéile: ní ar an bpoinnte boise
a slíocadh a chuid féasóige. Ní go maith tháinig rabharta na
feirge dhó de bhrígh go raibh Macsamillean ghá bhrúghadh air
ins na Mecsicóí agus uisge-faoi-thalamh ag Sasana ina
ceann-réidhtigh, mar dhóigh dhe, i n-achrann na Stát.



Mar seo bhí an sgéal. Bhí iongantas (?) ar Shasana nó
b' "aisteach léithe" an chaoi a raibh muinntear Mheiriceá thrí
na chéile: b'olc léithe, amach 's amach, an chaoi a raibh straimp


L. 47


ar thráchtáil an domhain i ngioll ar an achrann céadna. Ach
tugamuis faoi deara agus tuigeamuis de ghlan-tuisgint
go mb'í Sasana fhéin "an domhan" sa gcúis seo agus ins
gach cúis mar í. Crónán an chait aríst eile! Thoisigh "an
domhan" uirthi: bhí Sasana mar is gnás léithe ar a son féin.
Ach ní théidheann bearta i bhfad: nuair bhíos droch rún i
n-intinn an droch dhuine sé toil Dé nach i gcomhnaidhe is
féidir a cheilt nó a chaomhaint. Briseadh agus basgadh na
"gcol ceathar-thar-lear" bhí ó Shasana: dá mb'fhéidir a
saigheadadh 'un a chéile bheadh an saoghal socair agus síothchán
ar fud an domhain.



Ó thús féin, sa sgéal seo, chlis an chaoitheamhlacht agus an
chúthaileacht ar Shasana. Bhí caimiléaraidhthe thar cion ag
obair aici ach ní dheachaidh leóbhtha. "Tá sé ina chogadh," ars
an Ruiséalach i ndáil Shasana, "idir dhá dhream ins na Státa
Aontuighthe. DEIR AR nDLIGHEADÓIRÍ LINN GUR COGADH
DHÁ RÍRE É AGUS NACH BHFUIL BAINT AGAINN CUIDEA-
CHAN LEÓBHTHA AR AON TAOBH. Caithfhear a fhágáil eatru
agus fanacht ionnainn féin - gan roinnt ná páirt le ceachtar
acu."



Ní maith sgéal gan an dara ceann. "Táthar a déanamh
éagcóra orainn-ne," arsa teachta na Stát ó Thuaidh agus é
a' teacht sna gais' aite: "ní'l fúinn thar mheas méirligh
thabairt do'n dream ó Dheas."



Ní raibh an Sasanach i sáinn' ariamh d'uireasbhaidh leithsgéil.
Dubhairt sé go raibh air féin a lucht tráchtála chur ar a
n-aireachus le go ndéanfhaidhe caladh-faoi-thoirmeasg a
sheachaint, agus rl.



"Níor bh'achar fada fuireach go mbeadh fios mo sgéil-sa
agaibh," ars an teachta. Uaidhe sin amach ní raibh ag na
Státa ó Thuaidh ach bheith ag áirdeall agus ag éisteacht.
Chuir an teachta bhí acu cluas chogadh ar féin i Sasana agus
ordóg faoi n-a chúilfhiacail aige ar shon a thíre.



Seal beag eile agus ní raibh fiú cosamhlacht na caoitheamh


L. 48


lachta le fághail. Thoisigh an río-rádh ag an bhfear seo agus
ag an bhfear sin. Bhí a bharamhail féin ag gach fear acu faoi
an gcogadh. Mar seo dhóbhtha: - "Nár bh' AISTEACH aiciseach
an aicme muinntear na Stát ó Thuaidh? An ar mhaithe leis
an bhfear dubh ar fad bhíthear? Ar bh'é an t-éad bhí ag gabháil
do'n dream thuas ar chaoi go mba mhór leóbhtha an dream
thíos bheith a' dul ar aghaidh?" Chluinfheá céad ceist agus
leagan amach ar an sgéal.



Chugat an fear feiceálach! Gráin ar urlár é go
coitcheannta. Ach ar a shon sin, déanann a bhfeiceann sé
garaidheacht mhór orainn ach áird thabhairt air. Mar seo
adeir sé: - "Thréis Aifrinn ní'l críostaidhe ar dhruim
talmhan cho foighdeach leis an Spáinneach: ní'l dul thar an
nGearmáineach le socracht ach sgárd leanna do dhéantas a
thighe bheith ós a chomhair - sin agus ceol: tabhair tuiteán a
thíre do'n Turcach i n-aenfheacht le oiread méaracáin de
chuaichín caife agus is geall le críostaidhe é go sámh
síodamhail leis an saoghal: fan uainn féin agus ná cuir
fearg orainn má bhíonn braon sa gcorraic againn.



Ní hé sin do'n Sasanach. Ní bheidh seisean ceart cuideamhail
choidhche ná go deo go mbeidh sé subhach sathách go caisín. Ní
bhíonn sé de chroidhe ná de mhisneach aige faice ar fiú brath
air chur ar bun gan cóisir: ní bhíonn obair ar bith críochnuighthe
le bail aige gan méilseára bheith go sásta slachtmhar ar a
dheireadh. Ina leithide sin d'ócáid bíonn a chiall agus a
chuimhne ar a chomhairle fhéin ag óráideach Shasanach: bíonn
lucht a éisteachta sochomhairleach sochmaidh. Dá bhfeicfheá na
laochra líonta úd agus cuanaidhe eicínt acu go binn bréagach
i séis chainte mar sin, is beag a bhéaradh dhuit a rádh leat
féin nach faoi bhlaoisg a chinn bhíos inchinn an tSasanaigh ach
istigh ina bhruithlín."



Is cuma cé raibh an inchinn acu ach thoisigh intleacht na


L. 49


Sasanach ag cur di. Thoisigh an sgáil'-i-mbuidéal cho mear
mór-chúiseach leis an seible seiceallach nár sgaoil agus nár
cheangail iallacha a bhróg le bliadhanta fada roimhe sin.
Bhí an gútaire utra agus an sgré caol caithte ar aon phort.
Thoisigh siad orthu uile go léir, mar deirim, dhá fuagairt ós
árd a gcinn go raibh anacal na dtuata na dtriath agus na
dtighearna a' dul a chois croidhe leóbhtha. Ach mo dhearmad!
Cér fhágamar ar gcáirde lucht na bpáipéar? Iadsan bheith
a' dul 'un faillighe agus ocras ar fhigheadóirí an chudáis
nuair nach raibh fághail ar an gcudás féin! I gcomraidheacht
na cráibhtheachta chrom "Times Londain" ar an mBíobla.
Mar ba gnás le lucht an pháipéir úd, leig siad orthu fhéin
go bhfuair siad sgéal bhéil na fírinne sna leabhra diadha nár
chuir crosadh, má b'fhíor, ar mhoghaidheacht nó sglábhaidheacht.
Bhí lideadh breágh ag gach sgáthán an cheirt. Nuair a ghoireas
coileach goireann chuile choileach: lean na míon-pháipéir na
páipéir mhóra go díreach mar lean na tuataí na tighearnaí.
"An chóir chaol díreach atá uainn: tá lionn-dubh 's léan
orainn faoi leathtrom na ndaoine." Ach go mí-ádhmhar,
ní raibh na baill mhóra idir thighearna agus pháipéar ar aen-
sgéal. Má bhí lámh a' tárrtháil bhí lámh a' dóghadh. Ba chuma
é ach bualadh bos bheith ann do lucht an airgid agus do
chumhacht Shasana. "Smior in do láimh a ghaidi: bíodh múr 's
múisíom mar tá siad!"



Chóns bhí an sgéal mar sin i Sasana chuir na Státaí ó
Dheas teachtaí 'un bealaigh a' tarraint ar Londain agus ar
Pháras na Frainnce. Bhíodar i luing bhig faoi bhratach Shasana.
Fuair caiptín ó Thuaidh focal faoi agus níor leig sé lúb síos
ina chuid oibre: gabhas thall ar na teachtaí i mbéal a' ghaiste
agus gan iad thar 250 míle ó chaladh Habhana. Nídh nach
iongnadh, dubhairt furmhór a cháirde go mb'ait a chruthuigh sé.
Tao'bhus d'iompuigh ridirí Shasana ar an tsean bheart.
"Ba tuatach an nídh," arsa siad-san, "a leithidh dá imirt
ar dhuine dhá shuaraighe - gan caillteanas dár gcaithréim a


L. 50


chómhaireamh." Cé gheobhadh ann féin aon spídeamhlacht
fhéachaint leóbhtha ar chaladh ná ar chladach? Dream nach raibh
ionntu ach fás-na-haonoidhche, ná síleadh siadsan go mbeidh
an sgéal ar nós-chuma-liom agus sean bhratach Shasana faoi
tharcuisne." Breathnuigh nár dhochar ar bith teachtaí ó Dheas
bheith ar luing an phosta, agus nach raibh i bhfuagradh an
Ruiséalaigh ach caint ó thús. As sin amach bhí na madraí ghá
gcur ar fhuinneóga: thoisigh Sasana ag ughamachan ar chogadh.
B'éigean do'n Mheiricín ó Thuaidh géilleadh do'n bhagairt
agus na teachtaí leigean 'un bealaigh - bhí an lámh láidir ag
Modh Chuain.



Uaidhe sin amach mhéaduigh dásacht Shasana. Bhí fionnrosg
ghá dhéanamh. Ach níor shásuigh sin an tír chóir chiallmhar gur
cuireadh luingseacha cogaidh ar fhairrge le íonáras a dhéanamh
ar thráchtáil na Stát ó Thuaidh. Níor tugadh áird ar fhuaghradh
ná ar chasaoid.



"Bíonn glaimh ag mall-chuin nuair chailleann sí fiadh,
'S cead cainte ag fear chaillte na himeartha thiar."



"Tá cabhlach acu ó Dheas," ars' an Sasanach go neimh-
spléidheamhail. D'fhreagair an fear eile: - "SLÁN AN
TÉ SHAORTHUIGHEAS, abair: ach beidh lá eile ar sin agus
beidh fhios cér fríoth." Bhreacuigh an lá úda gan bhuidheachus
do Shasana. Shíl sise deágh-chomhursanacht fhuagairt aríst ar
ais ar an taobh eile. "Ní miste liom," arsa Samhairle,
"ach beidh breith mo bhéil agam." B'AISTEACH A MHAISE
DHÓ margadh a shamhailt ná cur isteach ar thada: ach bhí leis
agus b'éigean do Sheán cómhaireamh amach.



Dubhairt na Páipéir Mhóra gur mairg adeir cómhrádh gan
tslacht - gur thuig siad féin sin ó thús - go raibhthear ghá
thaidhbhriú dhóbhtha go mb' amhlaidh bheadh an sgéal ach nach
bhfuil riachan le "AISTIGHIL" an tsaoghal seo.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services