Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beathafhéinscríbhinn Naoimh Treasa leis an Leanbh Íosa
Title
Beathafhéinscríbhinn Naoimh Treasa leis an Leanbh Íosa
Original Title
The Story of a Soul
Author(s)
Aistrithe ag an Athair Benedicht,
Translator
Benedicht, An tAthair, OCD
Composition Date
1926
Publisher
Siúracha Lughaidh Naofa, Coillte Mach
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Beathafhéinscríbhinn Naoimh Treasa leis an Leanbh Íosa. An tAth. Benedicht, O.C.D. d'aistrigh ón bhFrainncís. Roimh-fhocal. Is ró-mhithid dúinn-ne, na Gaedheala, "L'Histoire d'une Ame," .i. Beathafhéinscríbhinn N. Treasa leis an Leanbh Íosa, do bheith againn 'i dteangain mhilis bhlasta bhuig ár náisiúin féin': go mór-mór anois, tar héis a Canóndúcháin, ó's rud é go bhfuil sí dá h-onórú ar fuaid an domhain mhóir ó eirghe na gréine go dtí a fuinneadh, agus go bhfuil an leabhar iongantach taitneamhach doimhin sin do scríobh sí, go bhfuil sin d'á léigheamh i dteangthacha iolardha na náisiún agus i gcanamhaintí na dtreabh. Mar tá brí éigin agus cumhracht ósnádurtha ag gabháil tré gahc leathanach den leabhar sin a théigheas i bhfeidhm i gcroidhe an duine, agus a tharrain- geas chun Dé é. Bíodh a fhiadhnaise sin ar na daionibh clúmhala léigheanta do tháinic isteach 'san Eaglais Chatoilicigh nó do hiom- puigheadh ar ais chun De ó bhealach a n-aimhleasa tré léightheóireacht an leabhair sin "L'Histoire d'une Ame." Ní h-áidhbhéil a rádh go bhfuil sé ar phríomh-leabhraí spioradálta na h-Eaglaise anois, agus mairfidh sé, leis, mar ní théigheann leabhar den tsaghas sin i seandacht a choidhche. Is fearr go mall ná go ró-mhall, deirtear, agus táimíd ag brath ar an aistriúchán Gaedhealach de "L'Histoire d'une Ame" do chur i gcló anois fá dheire thiar. Ach sul má sgaoilfimíd an Scéal féin chugaibh, a léightheóirí geanúla, béidir go mba mhaith libh a fhios a bheith agaibh go cruinn céard a thug ar Ste. Thérése de l'Enfant Jésus scéal a beatha do scríobhadh, cé'n chionntsiocair a bhí le "L'Histoire d'une Ame." Éistfimíd mar sin go fóill beag leis an deirbhshiúr is sine le Therese féin .i. Máire, do chuiaidh isteach i gCarmal Lisieux roimh Therese agus a mhaireann an fós (an tSr. Máire le Croidhe ró-naofa Íosa a hainm). Seo mar a innsigheann sí 'sna Tuarascbhála Canóndacha: "I dtús na bliana 1895 is eadh do thárla seo. Tránóna geimhridh amháin, ag an gcaitheamh-aimsire bhíomar i gcuideacht' a chéile, san tseaomra, cois na teineadh, an Mháthair Airchinneach .i. an tSr. Agnès de Jésus (Pauline), an tSr. Thérèse agus mé féin. Do chrom an tSr. Thérèse ar roinnt eachtraí do bhain le n-a leanbhánacht a dh'innseacht dúinn. Leis, dubhras féin ós íseal
leis an Mháthair Airchinneach: 'An féidir, a Mháthair, go dtug- ann tusa cead do'n tSr. Thérèse bheith ag ceapadh filíochta leis an nduine seo agus an duine eile úd do shásamh, agus nach gcuir- eann tú d'ualach uirthe scéal a leanbhánachta do scríobhadh? Cad é mar chailliúnt dúinn-ne, dá bhfághadh an tSr. Thérèse bás, agus go gcaillfimís mion-tuairisgí a naoidheandachta a bhfuil spéis chómh mór sin againn ionnta!' Do smaointigh an Mháthair Agnès tamaillín, agus annsin dhruid sí anonn leis an tSr. Thérèse. Bhí sise ag meangadh gháiridhe, cionn's gur chuala sí, béidir, rud éigin dá ndubhramar, agus gur shíl sí go raibh fonn orainn greann a dhéanamh. D'órduigh an Mháthair Agnès di scéal a leanbhánachta do scríobhadh, agus adubhairt léithe go mba mhaith léithe féin an scéal sin a fháil mar bhronntanas i gcóir a Lá- fhéile (an 21adh Eanair)." Chuir an tSr. Thérèse chun na hoibre go húmhal ómósach, agus do scríobhadh sí píosa anois is aríst do réir mar a bhíodh ionbhaidh aici, i riocht is gur chríochnuigh sí a scríbhinn i dtús na bliana 1896. Bhí sí tar héis blaiin do chaitheamh leis an obair. Tháinic an 20adh Eanair, figil lá fhéile N. Agnès; agus um thránóna an lae sin, ar theacht isteach ins an Chóraidh do'n tSr. Thérèse i gcóir na h-urnuighe, chuaidh sí anonn mar a raibh an Mháthair Air- chinneach (an Mháthair Agnès de Jésus), gur leig sí í féin ar a glúine ós a comhair, agus gur sheachaid di an láimhscríbhinn 'n-a raibh scéal a leanbhánachta scríobhtha. Do chrom an Mháthair Agnès a ceann ag gabháil a buidheachais léithe, ghlac sí an láimhscríbhinn, agus chuir uaithi ar a suidheachán í gan í a dh'oscailt. D'imigh mí agus dhá mhí thart, agus ní raibh se d'ionbhaidh ag an Mháthair Agnès an scríbhinn do léigheamh. Ach níor fhéad sí gan fíor-shubháilceas a deirbhshiúra do thabhairt faoi ndeara, mar níor thaisbeán sí seo aon fhiosracht faoi'n láimhscríbhinn, ná níor chuir sí ceist ar an Mháthair Agnès ariamh fúithi, na níor fhiafruigh dhi cé'n bharamhail a bhí aici d'á saothar. Agus nuair adubhairt an Mháthair Urr. uaithe féin léithe nár léigh sí fós í, níor thaisbeán sí an mhí-shástacht ba lugha ar bith. Fá dheoidh, i n-earrach na bliana céadna 1896, nuair a bhí a téarma mar uachtarán curtha isteach ag an Máthair Agnès, bhí deis aici an láimhscríbhinn do léigheamh, agus chonnaic sí cé mar do bhí bunáite na scríbhinne ag cur síos ar naoidheandacht agus ar leanbhánacht na Sr. Thérèse; agus b'shin é an rud do h-iarradh uirthe, leis. Ní raibh ach tuairisg
an-ghearr ar a beatha 'san Chlochar. B'é teidiol do thug an tSr Thérèse féin ar a scríbhinn ná: "Histoire printanière d'une petite Fleur blanche." Is ionann an scríbhinn sin agus an chéad ocht gcaibidil de'n leabhar "L'Histoire d'une Ame." An t-é a léighfeas iad, bhéarfaidh sé fá ndeara an stíl saoráideach oscailteach "intime" ata ionnta - páiste ag labhairt le n-a máthair ó n-a croidhe amach. Ach cheana, bhí an Mháthair Agnès go h-an-bhuartha faoi rádh is nár scríobh an tSr. Thérèse tuasrsgabháil éigin ar a beatha 'san Charmal freisin. Céard a bhí le déanamh? Ní raibh sí féin 'n-a h-uachta- rán a thuille, agus mar sin de ní fhéadfadh sí a chur de dhualgas ar a dheirbhshiúr leanacht d'á scéal; agus annsin aríst, shíl sí go mbéidir nach dtuigfeadh an Mháthair Airchinneach nua .i. an Mháthair M. Gonzaga, tábhacht an scéil sin, fé mar do thuig sí féin é. Agus mar sin de níor leómhuigh sí labhairt léithe faoi. Ach faoi dheire thiar, nuair do chonnaic sí go raibh Thérèse tinn, agus go raibh faitíos uirthi go bhfuighbheadh sí bás go luath, níor fhéad sí gan labhairt leis an Mháthair Airchinneadh. An 2adh lá de mhí an Mheithimh 1897 a bhí ann, cheithre mhí roimh bás an Naoimhín. Um thránóna an lae sin, chuaidh an Mháthair Agnès go seomra na Máthar Urr. M. Gonzaga agus adubhairt léithe: "A Mháthair, ní fhéadaim suaimhneas a bheith agam go n-innsighidh mé rún duit. Nuair a bhíos-sa i m'uachtarán, do scríobh an tSr. Thérèse cunntas dom ar a leanbhánacht, d'fhonn pléisiúr do thabhairt dom agus do réir mar d'órduigheas féin di a dhéanamh. An lá cheana, do léigheas an cunntas sin, agus tá sé go h-áluinn ar fad agus go simplí taitneamhach. Ach sílim féin gur rí-bheag a gheobhfá ann le tásg ar an tSr. Thérèse do chur le chéile tar héis a báis, mar níl cur-síos ar bith ann ar a beatha 'san Chlochar. Anois, dá dtugthá-sa órdú dhi, tiocfadh leis an tSr. Thérèse neithe i bhfad ní b'áilne do scríobhadh ná mar atá scríobhtha aice." D'aontuigh an Mháthair M. Gonzaga le sin a dhéanamh, agus an lá dár gcionn d'órduigh sí don tSr. Thérèse leanacht de scéal a bheatha. Rug Thérèse ar a peann aríst, cidh go raibh sí go tinn lag fann. Ba mhór an strómh uirthe an dara scríbhinn seo do chur lé chéile, mar gheall ar an breóiteacht agus mar gheall ar an gcaoi a mbíodh na nóibhísigh ag teacht chuici i gcomhnuí ag iarraidh comhairle uirthe. "Ní'l a fhios agam céard atáim a' scríobhadh," dubhairt sí lá amháin. Agus lá eile a raibh sí go h-an-tuirseach ar fad, dubhairt sí: "Táim ag scríobhadh i dtaobh na carthannachta; ní
thig liom scríobhadh mar ba mhaith liom; ní thig liom mo chuid smaointe do nochtadh i gceart, ach mar sin féin d'éirigh liom an rud a bhí ar m'aigne do chur síos. Caithfidh tusa an scríbhinn seo do cheartú, agus déan í do cheartú leis, gan scrupall." Lá eile fós dubhairt sí leis an Mháthair Agnès: "A Mháthair ionmhuin, bíodh a fhios agat, má tá rud ar bith a cheapfas tusa badh cheart a chur le scríbhinn mo bheatha nó do bhaint di, go mbéad-sa ar aon intinn ar fad leat 'sna rudaí sin. Cuimhingh air sin i gcomhnuí, agus ná bíodh scrupall ar bith agat." I dtús míosa an Iúil 1897 do sguir sí de'n scríobhnóireacht. Ní raibh innti a thuille a dhéanamh. Tá an leathanach deiridh scríobhtha le peann-luaidhe, mar bhí sí ró-lag leis an peann do láimhseáil. Tá an abairt deireannach scríobhtha go mí-chinnte neamh-chothrom. Nárbh fhéidir linn a rádh: Sin é an Naoimhín go fann, nuair a thuiteas an peann as a láimh. "Tá mo sháith scríobhtha agam, béidh go leor ann do chách, ach amháin do na bealaigh neamh-choitianta," ar sise leis an Mh. Agnès. Is ionann an dara scríbhinn sin agus na caibidil IX., agus X. de "L'Histoire d'une Ame" (Edition complète, 1923). Is ar son a deirbhshiúra Máire (an tSr. Marie de Sacré Coeur-) do scríobh Thérèse caibidiol XI., 'san mbliain 1896. Agus tar héis a báis do scríobh na mná-rialta féin an caibidiol deir- eannach (XII.). Mar sin de, tá againn i "L'Histoire d'une Ame" trí cinn de láimhscríbhinní (gan caibidiol xii. do chóimhreamh), mar atá: (I) Caibidil I.-VIII. do'n Mháthair Agnès (a deirbhshiúr Pauline), do scríobhadh i rith na bliana 1895; (2) Caibidil IX.-X., don Mháthair M. Gonzaga, do scríobhadh i gcaitheamh míosa an Mheithimh 1897; (3) Caibidiol XI. don tSr. Marie du Sacrè-Coeur (a deirbhshiúr Marie), do scríobhadh i mí Meadhon-Fhoghmhair, 1896. Seo dhaoibh anois na láimh-scríbhinní sin díreach mar a tháinic- eadar ó pheann N. Thérèse de l'Enfant Jésus féin, ach amháin go bhfuilid roinnte 'n-a gcaibidil annseo. Muna bhfághaidh sibh fíor- áilneacht agus líomhthacht bhog na Frainncíse bhunaidh ar an aistriú- chán seo, bíodh a mhilleán sin orm-sa. Deir na h-Eadáiligh: "Traduttore traditore," agus is dócha go bhfuil cuid mhór den cheart acubh; ach 'n-a dhiaidh sin caithfear na h-aistriúcháin a dhéanamh. Is mian liom mo mhór-bhuidheachas do chur i n-umhail annseo do'n
Dr. Pádraic de Brún, Ollamh i Mágh Nuadhat, ar son an chineál- tais le n-ar chuir sé leagan breá Gaedhealach ar na giotaí filidh- eachta a bhí 'san leabhar ó n-a ndearnas an t-aistriú seo. Is mór an feabhas agus an slacht ar an leabhaar seo an fhilidheacht sin ó dhuine de na filí is mó cáil d'á bhfuil againn i gClár Fódla indiu. Is mian liom fós mo bhuidheachas do ghabháIl ó mo chroidhe amach le Mnáibh-Rialta Lúghaidh Naomhtha i gClochar Choillte Mágha, mar is iad atá a' foillsiú an leabhair seo, agus is iad a thóg costas na clódóireachta agus a duadh agus a deacrachtaí ortha féin go flaitheamhlach. Muna mbéadh an chaoi ar chuidigheadar liom an t-aistriú do dhéanamh, agus muna mbéadh an chaoi ar chuireadar rompa an LS. a dh'fhoillsiú i n-aimhdheoin an chostais, ní bheadh an leabhar seo ar fáil indiu, ná a choidhche béidir! Pé slacht atá ar an leabhar anois, idir phioctúirí agus eile, bíodh a bhuidheachas sin ag cách ar fhlaitheamhlacht fhíor-Ghaedhealaigh na mBan-rialta sin a bhfuil comhnuí ortha 'san Iarthar Órdha mar a maireann an t-sean- spioraid Ghaedhealach i gcomhnuí. Ná cuirtear im' leith-se ach pé locht nó lúb-ar-lár atá ann. Is cóir dhom freisin mo bhuidheachas féin agus buidheachas na mBan-rialta réamhráidhte do thabhairt do Bhainisteoir an Irish Homeland as ucht cead a thabhairt dúinn an t-aistriú seo, a bhí d'á chur i gcló 'san irisleabhar sin, dh'fhoillsiú, agus 'n-a cheann sin as ucht a dtug sé de chomhairle agus de chuidiú dhúinn go fonn- mhar fíor-chneasta ó thús deire leis na blocanna do chur ar fáil agus leis an leabhar do thabhairt fríd an chlódóireacht. Go gcúitighidh Mac Dé agus Treasa Bheag a gcineáltas agus a bhflaitheamhlacht leobhtha sin agus le daoinibh gnaoidheamhla eile do chuidigh liom friesin, i bhfus ar an saoghal seo agus ar an saoghal thall - sin é mo ghuidhe. An tAth. Benedict, O.C.D. Lá Fhéile Lughaidh Naomhtha, 25.8.'26.
Beathafhéinscríbhinn Naoimh Treasa Leis an Leanbh Íosa. CAIBIDIOL I. Is duit-se, a Mháthair mhuirneach a Mháthair faoi dhó liom, atáim ar tí scéal m'anama dh'innseacht. An lá a d'iarrais orm é, bhíos a' measadh go mbéidir go gcuirfeadh sin mo chroidhe tré chéile; ach thug Íosa le tuigsint dom ó shoin go gcuirfinn áthas Air-sin le do thoil-se do dhéanamh go húmhal gan ceisneamh. Crom- fad, d'á bhrí sin, ar thrócairí an Tiarna do chanadh, amhail mar a chanfas mé ar feadh na síorruíochta iad. Roimh bhreith ar an bpeann dom, do leigeas mé féin ar mo ghlúiní ós comhair deilbhe údan na Maighdine Muire, do chruthuigh dhúinn-ne chó minic sin grá agus coimrighe Bhainríoghna na bhFlaith- eas orainn, agus do ghuidheas í mo lámh do threorú ionnós nach scríobhfainn oiread agus aon fhocal amháin nach dtaithneóch 'léithe- se. Ar n-osgailt na Soisgéal annsin dom, do leagas mo shúile ar na bréithribh seo: "Chuaidh Íosa suas ar an gcnoc, agus do ghlaoidh Sé chuige na daoine ba thoil leis féin." 1 Sin é anois duit go díreach rúindiamhar mo ghairme-se, agus mo bheatha go léir, agus go mór-mhór rúindiamhar na bpribhléidí do bhronn Íosa ar m'anam. Ní h-iad na daoine gur fiú iad é a ghlaodhas Sé, ach na daoine is toil leis féin. Mar adeir N. Pól: "An t-é a bhfuil truagh agam dó déanfad trócaire air, agus an t-é a ndéanfad trócaire air, déanfad air í. 2 D'á bhrí sin, ní h-ó thoil an duine nó ó ghluaiseacht an duine, ach is ó thrócaire Dé (a thagas an toghadh)." 3 B'fhada mé 'á fhiafruighe dhíom féin cé'n fáth a mbéadh grá fá leith ag Dia do dhaoine thar a chéile, cé'n fáth nach bhfuighbhidís uilig an tómhas céadna d'Á ghrásta Uaidh. B'iongantach liom an chaoi ar bhronn Sé tíodhlaicthe éagsamhla neamhchoitianta ar pheacachaibh móra mar N. Pól, N. Aibhistín, N. Máire Magdalén agus a lán
eile nach iad, ar chuir Sé ialach ortha, déarfá, A ghrásta do ghlacadh. Agus ag léigheadh beathaí na Naomh dhom, b'iongantach liom freisin an chaoi a ndearna ár dTiarna anmanna toghtha áithride do mhuirniú ó lá a mbeirthe go lá a mbáis, gan constaic ar bith do choimeádfadh gan eirighe suas Chuige féin iad do leigint isteach ar a gcasán, agus gan leigint don pheaca éadach glan gléigeal a mbaiste do thruailliú a choidhche. Agus d'fhiafruighinn díom féin annsin cad chuige a gcaithfeadh na daoine bochta fiadhaine, cuir i gcás, bás a fháil 'na gcéadtaibh agus 'na míltibh gan ainm Dé do chloisteál féin. Do dheonuigh Íosa teagasc do thabhairt dom faoi'n rúindiamhar sin. Chuir sé ós comhair mo shúl dom leabhar na nádúra, agus tuigeadh dhom go bhfuil áilneacht ag baint le gach bláth dár chruthuigh Sé, agus nach ndéanann drithle an róis nó báine na lile nach ndéan- aid cumhracht na salchuaiche bige gleoite dh'fhuadach uaithe, agus nach lugha-de simplíocht sár-thaithneamhach an nóinín iad. Agus tuigeadh dhom, dá mb'áil leis na bláthaibh go léir bheith 'na rósaibh, go gcaillfeadh an nádúir a sgiamhacht earrachúil, agus nach mbéadh na machairí clúduighthe le bláithíní a thuille. Is é a fhearacht sin ag garrdha beo an Tiarna, ag na hanmannaibh, é. B'é toil Dé na naoimh mhóra do chruthú agus féadtar iad-sin do chur i gcomórtas leis na lilibh agus leis na rósaibh; ach do chruthuigh sé freisin naoimh eile is lúgha ná iad, agus caithfidh siad seo a bheith sásta le bheith 'n-a nóiníní nó 'na salchuachaibh beaga, a chuirfeas áthas ar Dhia nuair a dhearcas sé anuas ortha mar a bhfuilid ag á n-A chosaibh. Dá mhéid an lúthgháir a bhíos ar na bláthaibh sin ag déanamh A thoile dhóibh, is amhlaidh is fearr agus is foirfe a bhíd. Agus do thuigeas rud eile fós .i. an t-anam is simplí ar bith, nach gcuireann i gcoinnibh grásta Dé, go dtaisbeántar grá Dé ann chó maith céadna is a taisbeántar ins an anam is aoirde é. Agus ár ndóigh, ó's dual don ghrá é féin a dh'ísliú, dá mbéadh na hanmanna go léir cosúil le hanmannaí na nDochtúirí naofa do shoillsigh an Eaglais, is é an rud a samhlóchthaoi ach nach mbéadh Dia 'ghÁ ísliú féin a dhóthain ag teacht anuas chuca. Chruthuigh Sé, áfach, an naoidheanán gan céill gan tuigsint nach mbíonn le cloisteál uaidh ach gach aon scread lag-ghlórach; chruthuigh Sé, leis, an duine bocht fiadhain nach bhfuil aige le n-a threorú ach dlí na nádúra amháin; agus chun a gcroidhthe siúd iseadh is deonuightheach leis É féin a dh'ísliú!
Bláthana an bháin iad-sin a gcuireann a simplíocht aoibhneas ar A chroidhe; agus le hÉ féin a dh'ísliú chómh mór sin is eadh a dhéanann Dia A mhórdhacht gan teora do thaisbeáint. Fé mar a thaithnigheas an ghrian gheal ar an gcéadrus mhór árd agus ar an mbláithín bheag bhídeach i n-éinfheacht, sin mar a shoillsigheas an Réaltann Diadha gach aon anam ar leithligh, idir bheag agus mór, agus téigheann gach nídh i sochar do gach anam fá leith, amhail mar atá na séasúir leagtha amach, 'san nádúir, i riocht 's go gcuir- fidh siad an nóinín is lúgha féin ag eascar 'n-a ló cheart féin. Ach, a mháithrín, caithfidh sé go bhfuilir 'á fhiafruighe dhíot féin mar seo cá stadfad ar chor ar bith, toisg nár dhubhras aon nídh go dtí seo a bhfuil aon chosúlacht aige le scéal mo bheatha; ach nár órduighis dom scríobhadh liom gan cosg gan ceangal do réir mar a thiocfadh na smaointe isteach im' aigne? Agus mar sin de ní h-í mo bheatha i gceart a gheobhfas tú ins an scríbhinn seo, ach mo chuid smaointe i dtaobh na ngrást do bhronn Dia orm. An stáid 'na bhfuilim anois cuireann sí ar mo chumas breathnú uaim siar thar na bliantaibh; arae do haibigheadh m'anam i suacán na bhfromhtha laistigh agus lasmuigh. Agus anois, fearacht an bhláith i ndiaidh na doinnine, árduighim mo cheann, agus chím dá bhfíoradh ionnam bréithre na sailme: "Is é an Tiarna m'aodhaire, ní bheidh easbaidh orm ná anas. Bheir sé orm luighe 'san mhínleach úr; treóruigheann Sé láimh leis na h-uisgeachaibh ciuine mé. Treoruigheann Sé m'anam gan í a thuirsiú… Ach dá dtéighinn síos go gleann scáile an bháis féin, ní bhéadh eagla orm roimh olc ar bith, mar béir-se i n-éindtigh liom, a Thiarna." 1 Is fíor dhom! óir bhí Dia atruaghach dhomh-sa ariamh agus lán de chineáltas, fadfhuilingeach agus ró-thrócaireach! Agus dá dheasgaibh sin tá lúthgháir chroidhe orm teacht i ngar dhuit-se, a mháthair dhil, le n-A mhór-mhaitheas do-labhartha do chanadh. Is duit-se amháin atáim a' dul ag scríobhadh scéil an bhláithín do stathadh le hÍosa; agus cuideóchaidh an smaoineadh sin liom labhairt go saoráideach gan ceangal, gan a bheith dom' bhodhradh féin mar gheall ar an stíl, ná mar gheall ar na seachráin iomadúla a dhéanfad; mar tuigeann croidhe máthar a leanbh i dtóláimh, fiú amháin nuair nach mbíonn ann ach a bheith ag briotaireacht. Táim- se cinnte dhe, dá bhrí sin, go dtuigfir-se mé, mar is tú do mhúnluigh mo chroidhe-se agus do thoirbhir d'Íosa é.
Chítear dhom, dá mbéidir le bláithín labhairt, go n-innseóch' sé go simplí a ndearna Dia ar a shon, gan a bheith ag féachaint le n-A chuid tabhartas do cheilt. Ní abróchadh sé, fé scáth na h-úmh- luigheachta mar dhóigh dhe, go bhfuil sé gan sgiamhacht gan cumhracht, go bhfuil a dhrithle machluighthe ón ngréin, go bhfuil a ghas briste ón ngairbhshíon, dá mba é a gcontrárdha siúd ar fad do bhéarfadh sé fá deara ann féin. Agus an bláth atá ar tí a scéal dh'innseacht annseo tá áthas air tabhartaisí Íosa dh'aithris ós árd agus gurbh i n-aisge do bhronn Sé air gach tabhartas ariamh aca. Is maith is eol dó nach raibh ann féin nídh ar bith a d'fhéadfadh súile Íosa do tharraint chuige; agus gurbh í mór-thrócaire Dé amháin do rinne gach deagh-thabhartas do charnadh air. B'é Dia do thug air borradh suas i n-ithir naofa a bhí lán de chumhracht na h-óigheachta, b'É do chuir ocht gcinn de lilí gléigeala ag fás annsúd roimhe. Do chosain Sé ar shionnán nimhneach an tsaoil, tré n-A mhór-ghrá, é; mar ní túisge a bhí a choróinnín ag eascar ná d'árduigh Íosa leis go Sléibh Charmail é le n-a athchur i ngáirdín toghtha na Maighdine Muire. Ag sin duit, a mháithrín, cunntas athchumair i mbeagán briathar ar a ndearna Dia ar mo shon; agus anois déanfad cur-síos cruinn ar mo naoidheandacht, mar tá a fhios agam go bhfuighbhir-se sásamh agus pléisiúr 'san dtuarascbháil seo cidh go mba liosta le cách eile í. Agus rud eile dhe, na seanchuimhní a chuirfeas mé síos duit annseo bainid siad leat-sa freisin, toisg gurbh i n-éindtigh leat-sa do chaitheas mo leanbhánacht, agus gur duine de chlainn na dtuismightheóirí naofa úd mé, do thug an aire chéadna agus an muirniú céadna dhúinn araon. Ó! go gcuiridh siad a mbeannacht ar an nduine is lugha d'á gclainn, agus go gcuidighidh siad léithe trócairí an Tiarna do chanadh! Scéal seo m'anma go teacht isteach 'san Charmal dom, féad- aim é do roinnt 'n-a thrí chuid atá deighilte go maith ó n-a chéile: 'sa chéad chuid níl ach tamall gearr .i. ó dúisigheadh mo thuigsint ionnam nó gur imigh ár máthair mhuirneach uainn a bhaile go flaitheas Dé, 'sé sin le rádh, go rabhas i n-aois mo cheithre mblian agus ocht míosa. Ach má's achar gearr féin é sin, tá go leor sean-chuimhní ag baint leis. B'é toil Dé mo thuigsint dh'oscailt go h-an-mhoch ar fad, agus imeachtaí mo naoidheandachta do ghearradh isteach chomh doimhin sin im' chuimhne is go bhfuilid ós mo chomhair anois, amhail is dá mba
indé do thuitfidís amach. B'amhlaidh ba mhian le h-Íosa, gan aimhreas, go gcuirfinn aithne ar an máthair do-sháruighthe a bhí tugtha Aige dhom, agus go mbéadh meas d'á réir agam uirthi. Céad fairíor géar! Ba ró-ghairid gur thóg A lámh dhiadha chun siubhail uaim í le n-a coróinniú ins na Flaithis. I gcaitheamh mo shaoil go léir chuir Dia grá thart-timcheall orm; agus na céad-chuimhní a thig chugam anois cuimhní ar mheangaidh geala gháiridhe agus ar mhuirniú chaoin chineálta is eadh iad. Ach má chuir Sé an oiread sin grádha i mo thimcheall chuir Sé grá 'san gcroidhín s'agam féin mar an gcéadna, mar chruthuigh Sé 'n-a chroidhe cheanúil íogmhar é. Níl innseacht sgéil ar an gcion iongantach mór a bhí agam ar mo dheaide agus ar mo mhaimín, agus ó bhíos go h-an-taisbeántach, chuirinn mo chion i n-iúl dóibh ar mhíle slí. Ach cheana, na seifteana do bhíodh agam chuige-sin an tráth úd bainid gáire asam anois, ag cuimhneamh dhom ortha. Thugais dom, a mháthair, isteach i mo lámhaí na litreacha do sheól mo mhaimín chugat an uair sin, an fhaid a bhís i do dhalta i gClochar na Cuairtigheachta ag Le Mans. Cuimhnighim go rí-mhaith ar na heachtraí a aithristear ionnta; is é is fusa dhom, áfach, giotaí áithride de na litreacha fíor-thaitneamhacha sin do chur síos annseo díreach mar atáid, bíodh is gur ró-mholtach orm féin atáid go minic, de dheasgaibh grádha ár máthar dhom, 'd'eile. Seo dhuit focal ó mo mhaimín ag neartú le n-a ndubhras ar ball faoi'n gcaoi a gcuirinn mo ghean i n-iúl do mo thuismightheoirí: "Tá an naoidheanán 'na toice bheag nach bhfuil a samhail le fáil. Tagann sí i leith chugam dhom phógadh, agus ag guidhe an bháis dom 'san am chéadna! "Ó! nach mé a bhéadh sásta dá bhfághthá bás, a mhaimín bhocht!" Ceartuightear í, agus cuireann sin árd- iongantas uirthe, agus gabhann sí a leithscéal 'á rádh: "Le go rachfá chun na bhFlaitheas, sin é an fáth a mba mhaith liom go bhfuighbheá bás, mar deirir féin go gcaithfidh duine bás a fháil le dul annsúd." Agus bíonn sí ag guidhe an bháis d'á hathair mar an gcéadna, nuair a thagas na rachtaí grádha uirthe mar sin. "Ní mian leis an dtoice bhig seo mé a thréigint a choidhche; bíonn sí le mo chois i dtóláimh agus leanann sí go glionndarach mé, go mór-mhór 'san ngáirdín. Ach nuair nach mbím-se ann, ní h-áil léithe fanacht ann ar chor ar bith, agus tosuigheann sí ag gol chomh fuigheach sin go gcaithtear í do thabhairt ar ais chugam féin aríst. Ar an gcuma chéadna, ní rachadh sí suas an staighre 'n-a haonar gan glaodhach orm ó choiscéim go coiscéim 'á rádh: "A mhaimín, a
mhaimín!" Ní lia coiscéim ná glaodh "a mhaimín" aici! Agus má bhíonn sé de mhí-ádh orm-sa dearmad a dhéanamh oiread is aon uair amháin ar "seadh, a stóirín!" do fhreagairt, fanann sí ann- súd gan cor do chur dhi le dul suas nó le teacht anuas." Bhí mo thrí bliana i ndáil le bheith slánuighthe agam, nuair do scríobh sí mar a leanas: "…D'fhiafruigh Treasa bheag dhíom an lá cheana an rachadh sí chun na bhflaitheas. "Rachaidh, a mhaoineach," arsa mise léithe, "má bhíonn tú i do pháiste mhaith."— "Á, a mhaimín," ar sise annsin, "agus muna mbeinn go maith is go h-Ifreann do rachainn mar sin an eadh? Ach tá a fhios agam-féin céard a dhéanfainn d'imeoch- ainn liom i d'fhochair-se, a mhaimín, i n-áit a mbeitheá-sa ins na Flaithis, agus annsin dhéanfá mé d'fháisgeadh go teann teann le d'ucht. Agus cé'n chaoi a d-tiocfadh le Dia na glóire breith orm annsin?" Thuigeas ón bhféachaint a bhí 'n-a súilibh go raibh sí lán-chinnte dhe nach bhféadfadh Dia, moladh go deo Leis, cur chuici ná uaithi ach í a bheith foluighthe i mbaclain a máthar. "Tá cion mór ag Máire ar a deirbhshiúirín, mar leanbh is eadh í a chuireas áthas agus aoibhneas orainn uilig. Is iongantach go deo chomh soinneannda oscailteach is atá sí. B'ait leat bheith ag féachaint uirthe agus í ag ritheacht i mo dhiaidh-se le n-a faoisdin a dhéanamh liom: "A mhaimín, thugas súnc do Chéline uair amháin, bhuaileas uair amháin í, ach ní dhéanfad aríst é, le congnamh Dé." Ní túisge a bhíos an rud is lugha ar bith as bealach déanta aici ná caithfidh 'chuile dhuine a fhios sin a bheith aige. Indé, stróic sí stiall beag d'órnáid go timpisteach, agus bhí sí chómh buartha cráidhte sin d'á bhárr go mba thruagh Mhuire leat í; agus níorbh fhuláir léithe a innseacht dá hathair láithreach bonn. Ar theacht isteach dhó- sin cheithre huaire a chluig 'na dhiaidh sin, ní raibh aoinne ag cuimh- neamh ar an dtimpist a thuille; ach siúd léithe ins an rith chuig Máire chun a rádh léithe: "Abair le mo dheaide láithreach gur stróiceas an órnáid." D'fhan sí 'na seasamh annsúd, mar a bhéadh cuirptheach ag fuireach le n-a dhaorbhreith; ach is é an chaoi a bhfuil tuairm aici 'na cloigeann bheag istigh gurab usaide a maith- fear dhi, má dhéanann sí í féin do dhaoradh." Agus ó thárla go gcastar ainm ár n-athar ionmhuine orm ann- seo, bheir sin sean-chuimhní aoibhne áithride i mo cheann. Nuair do fhilleadh sé isteach, do rithinn-se amach 'n-a airicis i gcomhnuí 'gcomhnuí, agus bhuailinn fúm ar leathbhútais leis; agus annsin bheireadh sé leis ar an ndóigh sin mé thríd an teach nó ins an
Treasa bheag agus a Máthair.
ngáirdín. Deireadh mo mhaimín leis agus í ag gáiridhe go ndeineadh sé mo thoil-se i ngach aon rud: "Cad dob' áil leat ag cainnt," adeireadh seisean 'á freagradh, "Nach í an Rioghan í!" Annsin do ghlacadh sé chuige 'n-a bhaclain mé, do thógadh sé suas go hárd mé, do chuireadh sé i mo shuidhe ar a ghualainn mé, agus do phógadh agus do mhuirnigheadh mé ar gach aon tsaghas cuma. Ach cheana ní fhéadaim a rádh gur mhill sé mé. Is maith is cuimh- neach liom lá dá rabhas dom' luasgadh féin ar mo mhian anonn is anall ar an luasgán, nuair do chuaidh m'athair thar brághaid agus ghlaoidh sé orm: "gabh i leith, a rioghan bheag, agus tabhair dhom póg!" Ach níorbh áil liom féin corruighe, agus cidh gur neamh- ghnáthach liom a leithéid a dhéanamh, d'fhanas annsin agus do fhreag- ras go teanntásach: "Gabh féin i leith chugam-sa, a dheaide!" Ní thug sé aon áird orm, áfach, agus b'aige a bhí an ceart. Bhí Máire láithreach. "Shoraidh uait, a ruidín mhí-mhúinte," ar sise liom, "mura sunnda an mhaise dhuit é a leithéid sin de fhreagra do thabhairt ar d'athair!" Níor bheag sin; siúd liom amach as mo luasgán mí-adhmharach láithreach bonn, mar bhí an ceacht tar héis dul i gcion ionnam go croidhe! Baineadh mac-alla as cheithre fallaí an tighe leis na gártha chaointe agus chroidhe-bhrú do chuireas asam. Do lasgas liom de sciotán suas an staighre, agus ní baol gur ghlaodhas "a mhaimín" ó choiscéim go coiscéim do'n chor seo; b'é b'fhada liom go bhfághainn mo dheaide, agus go ndéan- ainn réidhteach leis — rud do rinneadh gan pioc moille. Ní fhéadainn a bheith sásta i m'intinn dá gceapainn go rabhas tar héis buairt do chur ar mo thuismightheoirí ionmhuine; agus níorbh fhuláir liom mo mhí-ghníomhartha d'amhdachtáil láithreach, amhail mar a chruthóchas an t-eachtra beag seo mo naoidheaneachta atá innsighthe ag mo mháthair féin: "Maidin amháin, ba mhian liom Treasa bheag do phógadh roimh theacht anuas dom; ach ó bhí a chosamhlacht uirthe go raibh sí 'n-a sámh- chodladh, bhí drugall orm í do dhúiseacht, nó go ndubhairt Máire liom: "A mhaimín," ar sise, "ní'l sí 'n-a codladh ar chor ar bith, ag leigint uirthe atá sí, táim lán-chinnte dhe." Leis sin, chromas féin síos ós a cionn le n-a pógadh, ach ní túisge do chromas ná d'fholuigh sise í fém faoi n-a pluid agus adubhairt liom mar a déarfadh siota: "Ní h-áil liom go bhfeicfí mé." Bhíos mí- shásta go maith go deimhin, agus thugas sin le tuigsint di freisin. Dhá nóiméid 'n-a dhiaidh sin chualas ag gol í, agus d'fhéadfá a rádh gurbh orm-sa a bhí an t-iongantas nuair do chonnaiceas le mo thaobh
gan aon achar í! B'amhlaidh a bhí sí tar héis eirghe aniar as a leabthain bhig gan cabhair gan congnamh, agus teacht anuas an staighre agus í cos-nochttha, agus gach aon tuisle d'á bhaint aisti ag a léine-oidhche a bhí ní b'fhuide ná í féin. Bhí na frasa deor le n-a gruadhnaibh beaga. "A mhaimín," ar sise liom agus í gh'á caitheamh féin ag mo ghlúinibh, "A Mhaimín, bhíos mí-mhúinte, maith dhom é!" Agus ár ndóigh, ba ró-ghairid an mhoill orm féin an maithteanas do thabhairt di. Do ghlacas mo stóirín chugam i m'ucht, do theannas le mo chroidhe í, agus do mhúchas le pógaibh í." Cuimhnighim freisin ar an gcion an-mhór a bhí agam an uair sin féin ar mo cháirdeas-Chríost ionmhuin, 1 a bhí díreach tar héis a cuid foghluma do chríochnú annsin i gClochar na Cuartigheachta. Bíodh nach gceaptaí orm é, bhínn ag tabhairt sunndais d'á n-abruightí agus d'á ndeintí mór-dtimcheall orm, agus feictear dhom go raibh an bharamhail chéadna agam de rudaí an tráth úd is atá anois. D'éistinn go haireach leis na neithe do bhíodh aici á mhúineadh do Chéline; agus d'fhonn cead a fháil dul isteach 'n-a seomra le linn na gceacht, bhínn go h-an-mhaith agus ghnínn gach a n-abruigheadh sí liom. Dá dheasgaibh sin bheireadh sí go leor leor féiríní dhom agus bíodh nárbh fhiú puinn ionnta féin iad, chuiridís ríméad an domhain orm. Féadaim a rádh go raibh an-bhród agam as mo bheirt deirbhshiúr mhór! Ach ó b'fhada liom i gcéin uaim Pauline, b'uirthe siúd a bhínn ag smaoineadh ó mhaidin go faoithin. Ní raibh ann ach go raibh m'urlabhra ag teacht chugam, nuair d'fhiafruigheadh mo mhaimín díom: "Céard air a bhfuilir a' smaoineadh?" agus ní bhíodh de fhreagra agam-sa a choidhche ach: "Tá, a mhaimín, ar Phauline." Uaireanta, chloisinn iad 'á rádh go mbéadh Pauline 'n-a mnaoi- rialta; agus annsin, cidh nár mhó ná go maith do thuigeas cé'n bhrí a bhí leis, do smaointighinn i m'aigne féin: "Agus mise freisin, béad i mo mhnaoi-rialta." Sin ceann de na céad- chuimhní atá agam; agus ó shoin i leith ní tháinic aon athrú ar mo rún. Ar an gcuma sin b'é d'eisiompláir-se do tharraing chun Céile na nÓgh mé, ó bhí dhá bhliain d'aois féin agam. Ó, a mháthair mhilis, nach iomdha sin machtnamh agus seanchuimhne aoibhinn ba mhian liom a dh'aithris duit annseo, i dtaobh neithe a bhaineas linn-ne beirt amháin! Ach bhéarfadh sin ró-fhada ó bhaile mé… Bhí grá agus gean mór i mo chroidhe agam ar mo dheirbhshiúr ion- 1 Máire, an duine ba shine de'n chlainn.
mhuin Leonie, leis, agus ní raibh agam ach malairt. Um thránóna, iar bhfilleadh a bhaile ó n-a cuid ceacht di, d'fhanadh sí istigh le haire a thabhairt domh-sa, an fhaid a bhíodh an teaghlach go léir amuigh ag spaisteoireacht. Samhluightear dhom go gcloisim fós fhéin na crónáin thaitneamhacha do bhíodh dhá ngabháil aici go binn bog- ghlórach le mé a chur i mo chodladh. Tá cuimhne an-mhaith agam ar a Céad-Chomaoin. Is cuimhneach liom freisin an gearrchaile bhocht, a compánach, dá dtug ár máthair mhuirneach culaith nua éadaigh, do réir an ghnáis áilne a bhí ar n-a chleachtadh ag na clanna deisiúla i n-Alencon. Níor scar an tochrán sin le Leonie ar feadh nóiméid amháin i gcaitheamh an lae shona údan, agus um thránóna ag an árd-dinnéar, cuireadh 'n-a suidhe ag ceann-cláir í. Mo bhrón! Bhíos féin ró-bheag le fanacht i mo shuidhe i gcóir na féile cráibhthighe sin; ach, mar sin féin, ní rabhas gan mír bheag éigin di a fháil — a bhuidheachas sin le m'athair lághach cineálta, mar tháinic sé féin, nuair a bhí na sóghmhlaistí d'á gcur thart, agus píosa deas leis d'á ríoghan bhig. Agus anois tá orm labhairt ar chaoimhtheach bheag mo leanbhánachta .i. Céline. Na seanchuimhní a bhaineas léithe-se táid chómh hioma- dúil sin nach bhfuil a fhios agam cé'cu aca is ceart dom a thoghadh. Thuigeamar beirt a chéile ar fheabhas, ach bhíos féin ní ba bheodhúla go mór ná ise, agus ba lugha go mór an soinneandas a bhí ionnam ná mar a bhí innte-se. Seo litir a chruthóchas dhuit, a mháthair dhil, chómh mánla mín is a bhí Céilne agus chómh h-olc is a bhíos féin. Bhíos i ndáil le trí bliana d'aois an uair sin agus bhí Céline sé bliana go leith d'aois. "Tá Céline bheag s'agam-sa tugtha ar fad don t-subháilceas, ach maidir leis an toice bhig, is doiligh a rádh céard a dhéanfas sí amach annseo, tá sí chómh beag bídeach éidtreórach sin go fóill! Páiste an-ghasta is eadh í, ach níl sí baol ar chomh mín le n-a deirbh- shiúr, agus go mór-mhór tá sí ceanndána thar na beartaibh. Nuair atá "ní headh" ráidhte aici, ní'l 'san mbith bán an rud a chuirfeadh ialach uirthe géilleadh; d'fhéadfaí í do chur síos 'san t-soilléar agus í a fhágáil ann an lá ar fad, agus ní bhainfeadh sin féin "'seadh" aisti. Ba thúisge léithi codladh annsúd thíos!" Bhí locht eile fós ionnam, nach labhruigheann mo mhaimín air i n-a cuid litreach ar chor ar bith, agus b'é locht é ná féin-ghrá an- mhór. Ní beag liom an dá eachtra seo thíos mar shomplaí de'n féin-ghrá sin: Lá n-aon, is cosamhail gur theastuigh ó mo mháthair a fheiceál chómh
leitheadach postamhail is a bhíos féin, mar dubhairt sí liom, agus í ag meangadh gáiridhe: "A Threasa bheag, má phógann tú an talamh, bhéarfaidh mé pinginn duit." Pinginn! ba shaidhbhreas liom é. Agus níor chall dom m'aoirde do chromadh síos puinn an uair sin le n-a ghnóthú, arae bhíos chómh beag bídeach sin nach raibh ach achar an-ghearr idir mé agus an talamh. Agus i n-aimhdheoin sin is uilig d'éirigh an díomas ionnam istigh, agus do dhírigheas mé féin chómh díreach le slat, agus adubhras le mo mhaimín: "Ó! ní phógfad, a mháithrín, b'fhearr liom déanamh d'uireasbhaidh na pinginne." Uair eile, bhíomar le dul amach fán dtuaith ar cuairt ag cáirde linn, agus dúbhairt mo mhaimín le Máire an chulaith ba dheise dá raibh agam do chur umam, ach gan na rightheacha do bheith nochttha agam. Focal níor labhruigheas féin, agus leigeas orm nach raibh aon rogha agam, rud nach ceart a bheith ag páistibh ag an aois sin, ach bhíos 'á rádh liom féin i m'aigne ar feadh an achair: "Agus mar sin féin, nach mbéinn i bhfad ní ba ghalánta le mo chuid rightheacha gleoite nochttha!" Ó bhí meón den tsaghas sin ionnam, táim lánchinnte dhe, dá mba dhrochthuismightheoirí a bhéadh agam le mé a thógáilt, go rachainn i n-olcas go tiugh, agus go mbadh é mo chailleadh go síorruí féin a dhéanfainn, béidir. Ach bhí Íosa ag cumhdach A leannáin bhig, agus chuir Sé a cuid lochtaí go léir i dtairbhe dhi, mar nuair do brúghadh faoi chois go moch iad, b' amhlaidh do chuidigheadar léithe le dul ar aghaidh ar shlí na foirfeachta. Agus go deimhin, ó bhí féin-grá agus grá don mhaith ionnam i n-éinfeacht, ba leor a rádh liom aon uair amháin: "Ní ceart seo nó siúd a dhéanamh," agus níor bhaol go mbéadh fonn ar bith orm a dhéanamh aríst a thuille. Tá áthas orm a fheiceál i litreacha mo mhaimín ionmhuine gur mhó an sólás do chuirinn uirthe do réir mar a bhíos ag dul i n-aois. Ní raibh ach an deagh-shompla faoi mo shúile agam ariamh, agus bhí sé ag luighe le nádúir go mbéadh fonn orm é a leanúint. Seo mar do scríobh sí 'san mbliain 1876: "Dá mb' í Treasa féin í, is mian léithe siúd bheith ag féachaint le h-íodhbairtí a dhéanamh chomh maith le duine. Tá Máire tar héis paidríní a thabhairt dá driféaracha beaga do rinneadh i n-aon úim amháin le go bhféadfaidh siad a gcuid gníomhartha subháilicis do chóimhreamh. Déanaid comhairlí fíor-spioradálta i gcuideacht, a chéile, agus is rí-ghreannmhar na comhairlí iad, go deimhin. An lá cheana d'fhiafruigh Céline: "Cionnus is féidir go bhfuil Dia
mór na glóire i n-abhlainn chomh beag bídeach sin?" Agus do fhreagair Treasa í: "Ach ní mór an iongnadh é mar sin féin, ó's rud é go bhfuil Dia uile-chomhachtach! Agus cad is ciall le hÉ a bheith uile-chomhachtach? — sin mar adéarfá go bhfuil ar A chumas a rogha rud' a dhéanamh!"" "Ach is é an rud is fearr ar bith Treasa a fheiceál ag cur a láimhe 'na póca bheag céad uair 'sa ló le cloichín d'á paidrín do tharraint anuas gach aon uair a mbíonn sí tar héis íodhbairt a dhéanamh. "An bheirt leanbh seo níl scarúint le déanamh ortha, agus is leor mar chaitheamh-aimsire d'á chéile iad. Thug an bhuime coileach beag agus cearc bheag do Threasa, agus ar an bpoinnte, thug an leanbh an coileach d'á deirbhshiúr. Gach lá, tar héis an dinnéir, téigheann sise fá choinne a coiligh, agus beireann sí air féin agus ar an gcirc d'aon iarracht amháin; agus siúd leob araon suas chun na teineadh annsin go mbuailid fútha ar an dteinteán ag súgradh dóibh féin ar feadh i bhfad. "Maidin amháin, thóg Treasa 'n-a ceann eirghe aniar as a leab- thain bhig féin le dul isteach i n-aon leabthain le Céline. Bhí an bhanóglach 'á tóruigheacht le n-a cuid éadaigh do chur uirthe, agus nuair a fuair sí amharc uirthe fá dheire thiar, dubhairt an leanbh léithe, agus í ag barrógú a deirbhshiúra 'san am chéadna, agus 'á fáisgeadh go teann teann le n-a hucht: "Leig dhom fhéin, a Louise a chuid, nach bhfeiceann tú féin gurab é dálta na gceaircín mbán againn é, nach dtig linn scaradh le n-a chéile!" Is fíor go deo nach bhféadainn a bheith sásta i n-éaghmais Céline B'fhearr liom éirghe ón mbord gan mo dessert go léir a bheith ithte agam, ná gan ise do leanacht ar an bpoinnte a n-éirigheadh sí. D'iompuighinn thart annsin i gcathaoir mhóir na leanbh, agus níorbh fhuláir liom teacht anuas go beo, agus d'imthighimís linn ag déanamh siamsa buil a chéile. Dia Domhnaigh d'fhanadh maimín 'san mbaile le haire a thabhairt domh-sa, ó bhíos ró-bheag le dul go teach a' phobail. Ar na hocáidí sin bhínn go ciúin deagh-iomcharach agus mé ag dul thart ar mo bhairricíní. Ach ní túisge do chloisinn an doras d'á oscailt, ná siúd ag pléasgadh le háthas mé, agus do lasgainn liom i n-airicis mo dheirbhshiúirín ionmhuine, agus deirinn léithe: "Ó, a Chéline, a rún, tabhair dhom an t-arán beannuithe go beo!" Lá n-aon, thárla nach raibh aon arán aice ar chor ar bith!… céard a déanfaí! Níorbh fhéidir liom-sa déanamh d'á uireasbhaidh; mar bheirinn
m'aifreann ar an bhféasta sin. Smaointigheas ar sheift bhreá: "Níl aon arán beannuithe indiu leat, mar sin déan é!" Leis sin d'oscail sí an chomhra, thóg amach an t-arán, ghearr ruainne dhe, agus adubhairt Ave Maria ós a chionn de ghlór mall solmánta; annsin do sheachaid sí domh-sa go glionndarach caithréimeach é. Do ghearras féin comhartha na Croise orm, agus d'itheas an t-arán go cráibhtheach beannachtach, agus fuaireas blas ceart an aráin bheannuithe air go díreach. Lá n-aon, is dóigh gurbh é an chaoi ar bhraith Léonie go raibh sí ró- mhór le bábógaí dh'imirt a thuille, mar tháinic sí mar a raibh an bheirt againn-ne, agus cliabhán léithe lán d'éadaigh agus de phíosaí beaga gleoite de stuif agus de mhion-rudaí eile den tsaghas sin, agus a bábóg féin 'n-a luighe ortha, agus adubhairt sí linn: "Seo, a dheirbhshiúiríní," ar sise, "Toghaidh!" D'fhéach Céline ar an gcliabhán agus do ghlac sí liathróidín olna. Mhacht- nuigheas féin ar feadh nóiméid, agus annsin shíneas amach mo lámh 'á rádh: "Toghaim-se an t-iomlán," agus d'árduigheas liom chuile rud, idir chliabhán agus bábóg gan oiread agus "i gcead duit-se" a rádh. I n-eachtra sin mo naoidheandachta tá mar a bhéadh bun-rún mo bheatha go léir. Ní ba dheireannaí, nuair a chonnaiceas slí na foirfeachta róm amach, thuigeas go gcaithfeadh duine, le bheith 'n-a naomh, go gcaithfeadh sé mórán d'fhuilingt, an rud is fearr agus is foirfe do thóruigheacht i dtóláimh, agus é fhéin do dhearmadadh. Thuigeas go bhfuil a lán céimeann 'san naofacht, go bhfuil saor-thoil ag gach aon anam le freagairt do na cuiridh a bheir Dia dhóibh, leis an mbeagán nó an mórán a dhéanamh le grá Dhó; i bhfocal amháin le toghadh dhóibh féin as na h-íodhbairtí a iarrann Sé ortha. Annsin, dubhras aríst, fé mar adubhras i laethibh mo naoidheandachta: "A Dhia dhil, toghaim féin an t-iomlán! Ní leor liom bheith i mo leath-naomh; ní chuireann sé scáth ná eagla orm fuilinnt ar Do shon-sa. Níl ach an t-aon nídh amháin is eagal liom .i. mo thoil do chongbháilt agam féin — tóg-sa uaim í, a Dhia, arae toghaim gach aon nídh is toil Leat-sa!" Ach táim ar fuaidreamh, a mháthair mhilis, mar ní ceart dom cur síos duit go fóill ar m'óige; is ar an naoidheanán agus í i n-aois a trí nó a ceathair de bhliantaibh atáim ag labhairt i gcomhnuí. Is cuimhneach liom brionglóid a bhí agam an tráth úd, agus buaileadh isteach go doimhin i mo chuimhne í:
Do taibhrigheadh domh go rabhas ag dul a' spaisteoireacht i m'aonar 'san ngáirdín, nuair do chonnaiceas go tobann dhá dhiabhailín ghránda i n-aice an ghrianáin, agus iad ag damhsadh go lúthmhar troigh-éasgaidh ar bhairille aoil, i n-aimhdheoin na slabhraí dtrom iarainn a bhí ar a gcuid cos aca. Thugadar aon fhéachaint amháin orm-sa i dtosach le n-a súile lasánta spréacharnacha, agus annsin, fé mar a ghabhfadh uamhan iad, chonnaiceas iad 'ghá gcaitheamh féin síos i bhfaiteadh na súl go tóin na bairille, agus ag teacht amach aiste ní fheadar cé'n bealach agus ag greadadh leo le dul i bhfolach fé dheire thiar 'san tseomra-nígheacháin a bhí comhthrom leis an ngáirdín. Ar a fheiceál dom féin go rabhadar chomh sceinneid- each faiteach sin, tháinic fonn orm a fháil amach céard a bhí fútha a dhéanamh. Chuireas dhíom mo chéad-scannradh, agus dhruideas anonn leis an bhfuinneóig… Bhí na diabhailíní bochta annsúd agus iad ag ritheacht ar na bordaibh, agus gan a fhios acubh cé'n chaoi a dtiocfadh leob éalódh as m'amharc-sa. Dhruididís i leith ó am go h-am, agus dhearcaidís amach go h-imnidheach mí-shuaimhneach thríd na plánaí; agus annsin, nuair a chídís go rabhas féin ann i gcomhnuí, siúd leob aríst ag rith, amhail is dá mbéidís ar mire. Gan aimhreas, níl aon ní neamhchoitianta ag baint leis an mbrionglóid sin. Ach creidim féin gur bhain Dia feidhm aiste le n-a chruthú dhom nach call don anam atá ar stáid na ngrást eagla ar bith a bheith air roimh na deamhain, mar nach bhfuil ionnta ach meathtacháin mhíolaochdha a bhféadfadh féachaint leinbh féin an ruaig do chur ortha. Ó! a mháthair mhuirneach, nach sonasach séanmhar a bhíos an tráth úd! Níorbh é amháin go rabhas ag cromadh ar aoibhneas a fháil 'san mbeatha, ach bhí tóir agam ar na subháilcí, leis. Bhí an meón céadna ionnam, dar liom, is atá indiu, mar bhí smácht an-mhór agam orm féin i ngach a ndéanainn an uair sin féin. Bhí curtha róm agam gan casaoid a dhéanamh a choidhche, nuair do tógfaí uaim na rudaí do bhain liom; agus b'fhearr liom bheith i mo thost, nuair do daortaí 'san éagcóir mé, ná mo leith-scéal do ghabháil. Ní raibh aon luach-saothair agam d'á bhárr sin, áfach mar ghnínn go nádúrthach é. Á! nach go ró-luath a d'imigh blianta aoibhneacha gréineacha údan mo naoidheandachta, agus nach milis bog an lorg atá fágtha aca i lár mo chroidhe! Is aoibhinn liom bheith ag cuimhneamh ar na laeth-
eannta a dtugadh deaide go dtí an pavillon 1 sinn, agus go mór- mhór, ar na siubhlóidí Domhnaigh 'na dtionnlacadh ár máthair ion- mhuin sinn i gcomhnuí. Mothuighim fós fhéin na smaointe doimhne fileata do músgluightí i mo chroidhe ag dearcadh dhom ar na gort- aibh arbhair órnuighthe leis an chailleach dhearg agus le goirmíní agus le nóiníní. Ba bhreá liom, an uair sin féin, na cian-radhairc, an spás, na croinnte móra; i bhfocal amháin, chuireadh an nádúir áluinn uilig aoibhneas ar mo chroidhe agus thógadh sí suas m'anam chun na bhflaitheas. Ba mhinic do bhuaileadh bochtáin umainn le linn na siubhlóidí fada sin, agus b'í Treasa bheag do cuirtí ag tabhairt na déirce dhóibh i dtóláimh — rud do chuireadh árd-áthas uirthe-se. Ba mhinic, leis, go mba bhuan le n-ár n-athair ionmhuin an bóthar d'á ríoghain bhig, agus go dtabharfadh sé ar ais chun a' tighe í, cidh nár thaithn sin léithe-se 'chor ar bith! Annsin, d'fhonn í do shásamh, ghníodh Céline a cliabhán beag do líonadh le nóiníní, agus iar bhfilleadh isteach dhóibh bheireadh sí dhi iad. Ó! is fíor go raibh chuile nídh ag meangadh liom ar an t-saol seo. Gheibhinn bláthana ar mo chasán ó choiscéim go coiscéim, agus an meón soilbhir do bhí agam rinne sé mo bheatha do ghealadh freisin. Ach bhí téarma nua i mo bheatha le tosnú gan mhoill. Mar, ó bhíos le bheith i mo chéile ag Íosa chomh luath sin, níor mhór dhom fuilinnt ó mo leanbhánacht féin i leith. Amhail mar a thosuigheas bláthana an earraigh ag préamhú faoi'n tsneachta fhuar agus go scéithid chomh luath is a spalpann an ghrian gheal anuas ortha, sin mar do b'éigean don bhláithín, a bhfuilim-se ag scríobhadh a scéil, dubh- gheimhreadh na dtrialta do chur dhe agus leigint a chailís bheag a líonadh le drúcht na ndeor… 1 Gabháltas beag a bhí ag M. Martin láimh leis an mbaile mhór.
CAIBIDIOL II. Tá cuimhne an-mhaith agam fós i mo chroidhe istigh ar bhreoiteacht ár máthar, agus ar ar thárla le linn na breoiteachta sin. Cuimh- nighim go h-áithrid ar na seachtainí deireannacha do chaith sí ar an t-saol seo thíos. Bhíomar-na, Céline agus mé féin, mar a bhéadh beirt deoruidhe bocht dearóil! Gach maidin thagadh an bhean uasal N. 'nár gcoinnibh, agus chaithimís an lá buil sí. Maidin amháin, thárla nach raibh sé d'ionbhaidh againn ár gcuid paidreacha do rádh roimh imeacht dúinn, agus ar an mbealach dubhairt Céline liom-sa ós íseal: "An gcaithfimíd a rádh léithe nach bhfuil ár gcuid paid- reacha ráidhte againn?" — "Ó, caithfidh, d'eile!" adeirim féin léithe. Agus leis sin, do leig sí a rún go cúthalach sgáthmhar leis an mnaoi uasail seo, agus dubhairt sise láithreach: "Tá go maith, a ingheanacha liom!" ar sise, "féadfaidh sibh iad do rádh anois mar sin"; agus d'fhág sí annsúd i seomra mór sinn, agus d'imigh léithe. Do dhearc Céline orm-sa agus a cuid súl ar leathadh uirthe le h-alltacht, agus níor thaise dhom féin é, go deimhin. Dubhras léithe: "Á! ní mar sin do dhéanfadh maimín linn! Deireadh sise na paidreacha i n-éinfheacht linn i gcomhnuí." I gcaitheamh an lae ní fhéadaimís gan a bheith ag smaoineadh ar ár máithrín ionmhuin, i n-aimhdheoin gach siamsa agus caitheamh-aimsire dá mbítí ag iarraidh a dhéanamh dhúinn. Is cuimhneach liom gur tugadh apricót breá do Chéline lá, agus ar a fháil di do chogair sí i leith chugam-sa: "Ní íosfaimíd é, ach béarfad-sa a bhaile liom chuig maimín é." Ach faraoir géar! Bhí ár máthair mhuirneach ró- thinn feasta le toradh na talmhan a dh'ithe, agus ní raibh sásamh i ndán di a thuille go sásóchaí i bhFlaitheas na ngrást í le glóire Dé, agus go n-ólfadh sí i gcuibhreann Íosa an fíon rúindiamhrach ar ar labhair Sé ag an tSéaras deireannach, nuair do gheall Sé go riarfadh Sé orainn i Rígheacht A Athar é. Chuaidh ceremóint bhreá na hOla Deireannaí 'n-a luighe go mór ar mo chroidhe. Chím fós an áit 'nar cuireadh ar mo ghlúiní mé; agus cluinim fós féin uchláin chráidhte ár n-athar bhoicht. Lá
ar n-a bhárach tar héis báis ár máithrín, 1 ghlac sé chuige ar a bhaclain mé: "Tarra uait isteach," ar seisean liom, "go dtugaidh tú an phóg dheireannach do do mháithrín mhilis ar an tsaol seo." Agus chuireas féin mo bhruasa le baithis fhuair reoidhte mo mháithrín ionmhuine gan oiread is focal a rádh. Ní cuimhneach liom gur chaoineas mórán. Na mothucháin dhoimhne a bhí a' brúchtaoil i mo chliabh níor nochtuigheas d'aoinne iad, ach mé go ciuin tostach ag breathnú thart agus cluas le h-éisteacht orm ar feadh an achair. Agus chonnaiceas go leor rudaí freisin ba mhaith leó a chongbháilt i bhfolach orm. Uair amháin, fuaireas mé féin i m'aonar ós comhair na comhnrann amach ins an áit a raibh sí curtha 'n-a seasamh 'san pasáiste, agus stadas tamall maith ag dearcadh uirthe. Ní fhacas aon cheann acubh ariamh roimhe sin, ach mar sin féin thuigeas a scéal! Bhíos chomh beag bídeach an tráth úd is go raibh orm mo cheann do thógáilt le h-amharc a fháil uirthe ar fad, agus ba mhillteach mór agus ba dhubhach doilgheasach liom í… Cúig bliana déag ní ba dheireannaí casadh i láthair comhnrann eile mé .i. comhnra ár Máthar naofa Genevièvé 2, agus samhluigheadh dhom go rabhas i laethibh mo naoidheandachta aríst! Tháinic na sean- chuimhní ag baint na sál d'á chéile i mo chroidhe. B'í an Treasa bheag cheanann chéadna a bhí ag dearcadh, ach bhí sí tar h-éis méadú, agus ba bheag léithe an chomhnra anois. Níor chall di a ceann do thógáilt le h-amharc a fháil uirthe; ní thógfadh sí a ceann feasta ach le dearcadh suas uaithi ag machtnamh ar na Flaithis, agus b'aoibhinn aiteasach léithe an machtnamh sin, arae bhí an fromhadh tar h-éis a h-anam d'aibiú agus do neartú, i dtreo nárbh fhéidir le rud ar bith annseo thíos brón nó buairt do chur uirthe a thuille. An lá ar chuir an Eaglais a beannacht ar chaomh-chorpán mo mhaimín ionmhuine, níor fhág Dia na glóire i mo dhílleacht ar fad mé, arae do bhronn Sé máthair eile orm, agus do leig Sé dhom í do thoghadh uaim féin. Bhíomar bailighthe le chéile, an cúigear againn, agus sinn ag féachaint ar a chéile go brónach. Ar n-a fheiceál dár mbanaltra cé'n cumhaidh mhór a bhí orainn, ghabh truagh dhúinn í, agus d'iompuigh sí chuig Céline agus chugam féin agus adubhairt: "Mo thrí thruaighe sibh, a chréatúiríní, gan aon mháthair a bheith agaibh feasta." Leis sin, do chaith Céline í féin ar ucht Mháire 'á rádh: "Tusa a bhéas i do mhaimín againn feasta mar sin!" 1 Fuair Mme. Martin bás an 28adh lá de Mhí na Lughnasa, 1877, ag 11 a chlog 'san oidhche. Bhí 46 bliana d'aois aici. 2 An Mháthair Urr. Geneviève de Sainte Thérèse, fothuightheoir Charmail Lisieux. Tá gearr-chunntas ar a beatha curtha amach ag na mná-rialta.
Agus ó ba ghnáthach liom-sa Céline do leanacht i dtóláimh, níor mhisde dhom aithris do dhéanamh uirthe i ngníomh fóghanta de'n tsaghas sin, leis; ach do mheasas go mbéidir go mbéadh cumhaidh ar Phauline agus go n-aireóch' sí í féin go h-aonraic uaigneach cheal ingean bheag a bheith aici-se mar an gcéadna. Annsin do dhearcas ort go ceanúil, d'fholuigheas mo cheann beag ar d'ochras agus adubhras: "Pauline a bhéas mar mhaimín agam féinig!" Mar adubhras cheana, ba ón uair sin i leith dob' éigean dom teacht isteach 'san dara téarma de mo ré, agus b'é an téarma ba mhó dólás dom é, go mór-mhór ó d'imigh an té a bhí toghtha agam mar mháthair altroma dhom isteach 'san Charmal. Síneann an téarma sin aniar ó aois mo cheithre mblian go leith nó go rabhas cheithre bliana déag, mar b'shin é an t-am ar fhill meón mo naoidheandachta orm an ath-uair i n-ainneóin gurbh fhearr do thuigeas tábhacht agus mór-bhrí na beatha faoi seo. Níor thúisge a bhí ár maimín caillte ná tháinic, mar is eól duit a mháithrín, athrú iomlán ar mo mheón shoilbhir shuairc. Agus mise, a bhí chomh breá oscailteach croidhiúl roimhe sin, d'éirigheas faiteach mín agus as cuimse mothuightheach. Ba mhinic do chuireadh féachaint amháin ag sileadh na súl mé; níorbh fhuláir gan aoinne a bheith ag cur chugam nó uaim; ní fhéadainn cur suas le comhluadar strainséirí, agus ní fhilleadh mo shoilbhreas orm ach i gcroidhe ár dteaghlaigh féin istigh. Bhíodh gach cineáltas agus muirniú ní ba mó ná a chéile dá bhfáil agam i gcomhnuí annsúd. Bhí croidhe ceanúil ag ár n-athair ariamh, agus cheapfá go dtáinic mar a bhéadh grá máthar isteach 'san chroidhe sin anois; agus 'n-a cheann sin, bhraitheas go rabhais féin agus Máire 'nbhúr máithreacha chomh lághach cineálta is do b'fhéidir le h-aoinne a bheith. Á! muna mbéadh go ndearna Dia gaethe A ghréine gile do chur anuas ar A bhláithín, ní thiocfadh leis an talamh anróiteach seo do ghnáthú a choidhche. Bhí sé ró-lag ró-lúbach go fóill leis an ndeártan agus an gairbhshíon dh'fhuilinnt, agus níor mhór dhó an teas agus an drúcht bog tais agus leóithní séimhe an earraigh, agus ní raibh aon cheann de na beannachtaibh sin de dhíth air ariamh fiú amháin iar dteacht do shneachta fuar na dtrialta anuas air. Ní raibh caitheamh-'n-a dhiaidh orm ar chor ar bith ag fágáil Alencon 1 dúinn, mar is breá le páistibh an t-athrú agus an rud is 1 Bhí dritháir mná M. Martin pósta, agus ba i Lisieux a bhí comhnuí air féin agus ar a theaghlach. Theastuigh ó M. Martin a chlann inghean do thabhairt i bhfogus dóibh-sin, le go bhféadfadh a n-aintín iad dh'oidiú. B'shin é do thug air Alencon do thréigint.
neamhghnáthach, agus mar sin de bhí glionndar croidhe orm ag teacht go Lisieux dhúinn. Tá cuimhne mhaith agam ar an aistear agus ar ár dteacht chun tighe m'oncail tránóna; chím fós mo bheirt chol- cheathar bheag, Siubhán agus Máire, agus iad ag fuireach linn ar an dtáirsigh i gcuideachta' m'aintín, Ó! nach mé a bhí go buidheach 'mo chroidhe istigh d'ár ngaolta geanúla as ucht na fíor-chaoin fáilte do chuireadar róinn! Lá ar n-a bhárach, do tionnlacadh go dtí ár n-áitreabh nua sinn .i. Les Buissonnets, ball ciúin iargcúlta láimh leis an promenade bhreá dá ngoirthear Jardin de l'étoile. B'fhacthas dom go raibh an teach go h-áluinn: an deagh-radharcán (belvédère) ó n-a bhféadfaí breathnú i bhfad i gcéin, an gáirdín Sasanach ós comhair an tighe amach, agus garrdha mór eile ar chúl an tighe; ba nuaidh- eacht taitneamhach le mo shamhluíocht óig na neithe sin uilig. Agus go deimhin, b'iomdha sin áthas mór do tháinic orainn 'san áitreabh niamhrach údan, agus b'iomdha sin eachtra do thuit amach ann i lár an teaghlaigh, nach feidir a leigint i ndearmad a choidhche. Mar adubhras cheana, bhínn féin i mo dheoruí bhocht aonraic i ngach aon áit eile, bhínn ag caoineadh, agus mhothuighinn go rabhas gan máthair feasta! Ach annsúd istigh do ghealadh mo chroidhe an ath-uair agus d'fhilleadh an meangadh suairc orm aríst. Níor thúisge i mo dhúiseacht mé ná gheibhinn póg agus barróg uait-se, agus annsin deirinn mo chuid paidreacha le d'ais. 'N-a dhiaidh sin do mhúinfeá mo cheacht-léightheóireachta dhom, agus is cuimhneach liom gurbh é an focal "Neamh" an chéad fhocal a bhíos i n-ann a léigheamh asam féin. Ar a bheith thart don cheacht, théighinn suas go dtí an deagh-radharcán mar a gcomhnuigheadh deaide de ghnáth. Á! nach mé a bhíodh go glionndarach nuair a bhíodh marcanna maithe agam le taisbeáint dó! Gach tránóna d'imighinn amach i n-éindtigh leis ag spaisteoireacht ar feadh tamaill, agus thugaimís cuairt ar an Naomh-Shacraiméad i dteampol amháin lá, agus i dteampol eile an lá dár gcionn. B'shin mar do casadh isteach i séipéilín an Charmail de'n chéad uair mé. "Féach, a ríoghan bheag," arsa m'athair liom, "lais- tigh den chrannghail sin, tá mná-rialta naofa a bhíos ag guidhe Dé do shíor." Ba lag a shíleas go mbéinn féin 'n-a measg naoi mbliana 'n-a dhiaidh sin; agus go bhfuighbhinn an oiread sin grásta ó Dhia annsúd istigh 'san Charmal Bheannuithe sin! I ndiaidh na siubhlóide d'fhillin isteach a bhaile, agus ghnínn mo chuid ceacht d'ullmhú; agus annsin thugainn an chuid eile den am ag
ropadh liom thart timcheall ar m'athair 'san ngáirdín. Ní raibh a fhios agam le bábógaí a dh'imirt, agus b'é caitheamh-aimsire do b'fhearr liom ná a bheith ag ullmhú measgán de shíolta agus de chairt na gcrann. Nuair do thagadh dath breá ar an measgán de bhárr mo shaothair, do thairginn do m'athair láithreach é i gcupán bheag ghleoite do mheallfadh duine ar bith chun an rud a bhí istigh ann do bhlaiseadh. Agus do sguireadh m'athair caoin d'á chuid oibre ar an toirt, thagadh meangadh ar a bhéal, agus leigeadh sé air go raibh sé 'á ól. Bheith ag saothrú na mbláth, b'shin rud eile do thaithn go mór liom, agus ghnínn caitheamh-aimsire dhom féin ag tógáil altóiríní i lagán a bhí i lár falla mo gháirdín. Nuair a bhéadh chuile shórt réidh agam, rithinn liom i leith chuig m'athair, agus do leathfadh a shúile air, mar dhóigh dhe, agus dhéanfadh sé iongantas de mo chuid altóirí breaghtha, d'fhonn áthas do chur orm féin, mar ba shár-oibreacha liom-sa iad! Ní chuirfinn deire leis an scéal seo a choidhche, dá mb' áil liom na céadta eachtra eile den tsaghas sin a bhfuil cuimhne agam ortha d'innseacht duit. Á, cé'n chaoi a bhféadfainn cur síos i gceart ar an gcineáltas iongantach mór do thaisbeán m'athair ionmhuin d'á ríoghain bhig? B'aoibhinn liom na laetheanta 'n-a dtugadh mo rí ionmhuin- b'shin é an t-ainm ceana a bhí agam air — amach i n-éindtigh leis ag iasgaireacht mé. Corr-uair bheirinn féin iarracht ar iasgaireacht le mo dhorugha bhig; ach b'é rud do b'fhearr liom de ghnáth ná dul ar fhód fá leith agus suidheamh fúm ar an bhféar mbláthmhar. Annsin is eadh d'eirigheadh na smaointe doimhne diamhra i mo chroidhe, agus cidh nach raibh a fhios agam céard ba mhachtnamh ann, bhíodh m'anam dh'á thumadh féin i bhfíor-urnuighe. D'éistinn leis na tormáin i gcéin uaim agus le monabhar na gaoithe. Seóltaí chugam ar uairibh, leis, corr-nóta neamh-chinnte de cheól na said- iúirí ón mbaile mhór, agus chuireadh sin cumhaidh bhog mhilis ar mo chroidhe. Ba dheoruíocht liom an talamh agus b'fhada liom go dtéighinn a bhaile go Flaitheas na ngrást! Ní airighimís an iarnóin ag imeacht, agus ba ghairid gur mhithid dúinn filleadh ar Les Buissonnets. Ach shul dá gcuirimís ár gcuid úirlisí i dtoll a chéile d'ithinn féin an lón a bhíodh agam i mo chiseán bheag. Ach mo nuar! An toirtín breá milseánta, do bhíodh ullmhuighthe agat-sa dhom, bhíodh athrú snódha tagtha air. I n-ionad an datha bhreá a bhí air, ní bhíodh le feiceál agam ach dath odhar-dhearg tuartha. Mhéaduigheadh sin ar mo chumhaidh, agus
cuirtí 'n-a luighe orm go mba i bhFlaitheas Dé amháin a bhéadh an t-áthas gan ceo gan scamall. Ó's ag cainnt ar scamaill dom é, cuireann sin i gcuimhne dhom lá 'n-ar dhorchuigh spéartha breaghtha gorma na tuaithe ós ár gcionn. Ba ghearr gur thosuigh an tóirneach ag búirtheach go tolgach tréan, agus an teinntreach spréacharnach ag lasadh 'nár dtimcheall. Bhíos féin ag iompáil deiseall is tuaithbheall le lán na súl do bhaint as an radharc iongantach mórdha sin. I gcionn tamaill chonnaiceas an teinntreach ag tuitim i bpáirc i bhfogus dúinn, agus i n-ionad aon sgeón dá luighead do theacht orm dá dheasgaibh sin, b'amhlaidh a bhí ríméad an domhain orm; b'fhacthas dom go raibh Rí na nDúl gar go maith dhom annsúd! Ach má bhíos féin go lán t-sásta, ní h-amhlaidh a bhí m'athair ionmhuin, agus ba ghearr go dtáinic sé dhom' tharraint as mo thaidhbhreamh. Bhí na braonacha lonnracha ag spréacharnaighil cheana féin ar an bhféar fúinn agus ar na nóiníní móra a bhí ní b'aoirde ná mé féin, agus níor mhór dhúinn dul treasna a lán páirceann shul dá mbéidir linn an bóthar mór do bhaint amach. Do ghlac sé chuige ar a bhaclain mé, i n-aimhdheoin an ualaigh mhóir dorughana a bhí air, agus ar an mbealach dhúinn bhíos féin ag breathnú uaim síos ar na péarlaí lonnracha údan, agus aithmhéala orm mórnach nárbh thíos 'na measg a bhíos dom fhliuchadh agus dom' bháthadh leo. Feictear dhom nár dhubhras leat cheana, gur mhinic do bheirinn déirceana do na bochtáin le linn mo shiubhlóidí laethiúl ag Lisieux, fé mar do ghnínn ag Alencon. Lá n-aon chonnaiceamar chugainn sean-duine bocht agus é ag tarraint na gcos 'n-a dhiaidh le duadh mór agus le cabhair a chuid maidí-croise. Chuaidh mé féin anonn chuige le mo phíosa airgid do thabhairt dó; ach do dhearc sé orm go brónach ar feadh tamaillín, agus annsin do chraith sé a cheann, tháinic meangadh doilgheasach ar a bhéal, agus dhiúltuigh sé de mo dhéirc do ghlacadh. Ní fhéadaim a rádh cé mar a chuaidh sin go croidhe ionnam. B'áil liom fóirthint air agus é do shólású, agus i n-a ionad sin, b'é an chaoi a rabhas tar héis ceannfé agus buairt do chur air, béidir! Ní fuláir nó do thuig sé chéard a bhí i m'aigne, mar ba ghairid go bhfacas ag iompódh ar ais é agus ag meangadh liom ó chian. Díreach ar an nóiméid sin, bhí m'athair tar héis toirtín do cheannach dhom, agus tháinic fonn mór orm rith i ndiaidh an t-sean-duine agus mo thoirtín do thabhairt dó, mar dubhras liom féin: "Ní ghlacfadh sé an t-airgead, ach is cinnte go mba bhreá leis toirtín a fháil."
Ach níor chorruigheas 'n-a dhiaidh sin, pé ar bith cé'n faitíos do- thuigse a bhí dom' chongbháilt siar; bhí mo chroidhe go trom i m'chliabh, agus ní raibh ann ach gur fhéadas na deora do chosg. Fá dheoidh, áfach, chuimhnigheas gur chualas go bhfághtar gach athchuinge dá n-iarrtar ar Dhia lá na Céad-Chomaoine, agus chuir an smaoineadh sin sólás orm láithreach. Cidh nach raibh ach sé bliana d'aois agam an uair sin, dubhras liom féin: "Déarfad paidir ar son mo shean-duine bhoicht lá mo Chéad-Chomaoine, fá n-a bheith slán dom." Agus cúig bliana 'n-a dhiaidh sin, do chóimhlíonas mo rún go dílis. B'é mo thuairim láidir ariamh ó shoin gur tugadh áird agus toradh ar an bpaidir bhig leanbaigh úd adubhras ar son an bhaill sin de bhallaibh fulaingeacha Chríost. Do réir mar a bhíos ag éirghe suas bhí mo ghrá do Dhia ag dul i méid freisin, agus bheirinn mo chroidhe suas Dó go minic ag rádh na h-ofrála do mhúin mo mháthair dhom. Ghnínn mo dhícheall ar a bheith taithneamhach Leis i ngach a ndéanainn, agus bhínn go haireach áirdeallach sar a gcuirfinn fearg nó buairt Air a choidhche. Ach lá amháin, rinneas míghníomh mór, agus is maith is fiú dhom é dh'inn- seacht annseo; ádhbhar mór úmhluigheachta agus ceannfé dhom féin é, agus creidim go raibh croidhe-bhrúgha fírinneach agam mar gheall air. Mí na Bealtaine a bhí ann san mbliain 1878. Do bhraith tusa go rabhas ró-bheag le dul chun an Teampuil i gcóir paidreacha míosa Mhuire gach tránóna, agus mar sin de d'fhanainn san mbaile mar aon leis an mbuime, agus deirinn mo chuid paid- reacha ós comhair m'altórach féin, a bhíodh feistighthe socruighthe agam ar mo nós féin. Bhí chuile ní chomh beag bídeach sin, idir choinnleóirí agus árthaigh na mbláth, agus rl., gur leor dhá bhuaiceas bheaga le n-a soillsiú go hiomlán. Corr-uair, d'fhonn tíoghbhus do dhéanamh ar mo chuid buaiceas, bheireadh Victoire cúpla smut de choinneal dom, mar iongantas, ach b'annamh é. Tránóna áithrid, bhíomar ar tí tosnuighthe ar na paidreacha, agus dúbhras féin le Victoire: "Ar mhisde leat an Memorare do thosnú, táim-se ag dul a' lasadh na mbuaiceas." Do leig sí uirthe go raibh sí ag tosnú, agus annsin dhearc sí orm-sa agus chuaidh ins na tríthibh gáire. Nuair a chonnaiceas féin mo chuid buaiceas luachmhara d'á n-ídiú go mear, d'athchuingeas uirthe aríst an Memorare do rádh go beo. Ach focal níor dhubhairt sí annsin féin, ach í annsúd agus gach aon sgairt gháire aisti! Chuir sin le báine ar fad mé, phreabas im' shuidhe, chuireas uaim mo mhíne ghnáthach,
bhuaileas buille trom le mo leath-chois ar an úrlár, agus adubhras go taodach árdghlórach: "A Victoire, is dána mí-mhúinte an cailín thú!" An cailín bocht! Ní fonn gáiridhe a bhí uirthe anois. Bhí sí ag dearcadh orm agus gan innti labhairt le h-aon-chorp ion- gantais; agus annsin do thaisbeán sí dhom an dá smut de choinneal a bhí i bhfolach aici dhom faoi n-a práisgín — ach bhí sé ró- dheireannach aici. Mo chreach is mo bhrón! Tar héis dom bheith ag gol le teann cuthaigh, do shileas na frasa deor le teann croidhe- bhrúgha agus aithreachais. Bhí náire shaolta orm agus ceannfé agus buairt ró-mhór, agus rinneas rún daingean diongmhálta gan a leithéid de thuathal a dhéanamh aríst a choidhche. Tamaillín 'n-a dhiaidh sin, chuaidh mé chun faoisdine de'n chéad uair. Is aoibhinn liom cuimhneamh air sin! Bhítheá-sa, a mháthair ionmhuin, 'á rádh liom: "A Threasa bheag, a thaisce, ní do dhuine atá tú a dul ag amhdachtáil do chuid peaca ach do Dhia na glóire É féin!" Agus buaileadh an fhírinne sin isteach i m'aigne chomh maith sin gur fhiafruigheas díot go dáiríreach an mbéadh orm a rádh leis an t-sagart, M. l'abbé Ducellier 1 "go raibh grá agam dhó ó mo chroidhe go h-iomlán," ó thárla gur le Dia a bhíos le labhairt 'n-a phearsain siúd. Ar a bheith oilte dhom go maith roimh-ré i ngach a mba chóir dhoim a dhéanamh, chuaidh mé isteach 'san mbosca-faoisdine agus leigeas mé féin ar mo dhá ghlúin; ach ar tharraint an t-sleamhnáin siar don tsagart, ní fhaca sé duine ar bith roimhe, mar bhíos chomh beag bídeach sin is go raibh mo cheann thíos faoi'n gcláirín ar a leagtar na lámhaí. Dubhairt sé liom annsin eirghe im' sheasamh, agus d'éirigheas láithreach. Thugas m'aghaidh air go díreach le go bhfeicfinn ní b'fhearr é, rinneas m'fhaoisdin agus fuaireas a bheannacht le creideamh beó láidir; mar bhí tusa tar héis a rádh liom go ndéanfadh deora Íosagáin m'anam do ghlanadh agus d'ionnladh ar an nóiméid solmánta sin. Cuimhnighim ar an gcomhairle do thug an sagart dom; do mhol sé dhom go háithrid cráibhtheacht a bheith agam don Mhaighdin tuire, agus chuireas róm a dhá oiread grádha do thabhairt di feasta, cidh go raibh grá an-mhór agam uirthi cheana féin. Fá dheire thiar shíneas chuige isteach mo phaidrín le go gcuirfeadh sé a bheannacht air, agus 'n-a dhiaidh sin tháinic mé amach as an mhbosca-faoisdine chomh haoibhinn éadtrom-chroidheach sin nár 1 Príomh-shagart Árdteampuil Saint Pierre i Lisieux. D'éag sé san mbliain 1917.
mhothuigheas áthas chomh mór sin orm ariamh roimhe sin. Bhí an clap- sholus ann. Ar theacht chomh fada le lampa-sráide dhúinn, stadas agus tharraingeas an paidrín nua-bheannuithe aníos as mo phóca, agus thosuigh orm 'á chasadh thart agus 'á athchasadh ar gach aon tsaghas cuma: "Céard air a bhfuilir ag breathnú, a Threasa bheag?" d'fhiafruighis féin díom. "Tá, ar mo pháidrín," adeirim-se, "féachaint ce'n déanamh atá ar phaidrín bheannuithe." Agus bhain an freagra simplí sin gáire asat-sa. Do mhothuigheas féin ionnam go ceann i bhfad na grásta a bhí fáighte agam, agus uaidh sin amach théighinn chun faoisdine i gcóir na bhféilte mór. Ní misde dhom a rádh go ndéanadh na faoisdiní sin mo chroidhe beag do líonadh le háthas. Na féilte!… Á, nach mór a chuireas an focal sin amháin i gcuimhne dhom!… Na féilte… nach agam-sa a bhí an grá dhóibh! Ba bhreá cliste uait-se, go deimhin, na rúindiamhra foluightheacha do bhain le gach ceann aca do léiriú agus do mhíniú dhom. Ba gheall le laetheanta i bhFlaitheas Dé dhom na laetheanta úd gan aon agó. B'é rud do thaithnigheadh liom go mór-mhór ná cóimhshiúbhail Chuirp-Chríost. Nárbh áluinn aoibhinn an rud bheith ag craitheadh na mbláth faoi chosaibh Chríost féin? Ach shul dá leiginn-se dhóibh tuitim go talamh, dhéanainn iad do radadh uaim suas go h-árd, agus níorbh áthas go dtí an t-áthas a bhíodh orm nuair do chínn duilleogaí mo chuid rósaí ag teangmháil leis an dTais- beanadán bheannuithe féin. Na féilte! Má b'annamh iad na féilte móra féin, castaí chugainn le deire gach seachtaine féile do b'ionmhuin le mo chroidhe .i. an Domhnach. Nár bheannuithe an lá é! Lá fhéile Dé féin, lá na sabbóide nó na sgíthe. Ar dtúis, théigheadh an teaghlach go léir chun an Árd-Aifrinn; agus is cuimhneach liom go gcaithimís teacht anuas le haghaidh na seanmóire — toisg ár suidheachán féin do bheith ró-fhada ón gcrannóig — agus áit a fháil i lár an teampuil, rud nárbh fhurust a dhéanamh. Níor luaithe do chíodh na daoine Treasa bheag agus a hathair, áfach, ná bhídís go léir go bruidiúil ag tairsgint chathaoireach dhóibh. Thagadh áthas-croidhe ar m'oncail, nuair a chíodh sé chuige sinn, 'nár mbeirt; a "ghath beag gréine" do bheireadh sé orm féin, agus deireadh sé gur phictiúir é do chuireadh aoibhneas ar a chroidhe, an pátriarc oirdheirc sin a fheiceál agus a inghean bheag i ngreim láimhe aige. Ach ba chuma liom féin cé aca bítí ag féachaint orm nó nach mbítí, mar b'é mo chúram go léir éisteacht go haireach leis an tsagart. Seanmóir ar Pháis ár
dTiarna b'shin í an chéad seanmóir do thuigeas, agus ba mhór do chorruigh sí mé. Bhí cúig bliana go leith agam an uair úd, agus uaidh sin i leith bhínn i n-ann brí agus teagasc na seanmóintí go léir do thabhairt liom. Am ar bith a mbéadh an sagart ag cur síos ar Shan Treasa, chromfadh m'athair i leith chugam-sa agus deireadh sé liom ós íseal: "Bí ag éisteacht go haireach anois, mar is ar do phátrún naofa féin atá sé ag labhairt." Agus d'éistinn go h-aireach, leis, ach caithfead a amhdachtáil gur mhinicí a bhínn ag dearcadh ar m'athair ná ar an tseanmóiridhe. B'iomdha sin rud do léighinn ar a chúntanós bhreá uasal! Uaireanta thagadh na frasa deor le n-a shúile dá mhíle buidheachas. Shílfeá air, le linn éisteachta leis na fírínní síorruí dhó, nach raibh sé ar an dtalamh tadhaill seo a thuille; chítí dhom féin go mbíodh a anam agus a chroidhe ar fuaidreamh i saol eile ar fad. Fairíor géar cráidhte! Chaithfeadh sé na blianta buana brónacha do chur dhe fós shul dá n-oscluightí na Flaithis aoibhne roimhe, agus go ndéanfadh an Tiarna deora géara guirte A sheirbhísigh dhílis do thriomú le n-A láimh dhiadha féin… Ach dála na nDomhnach-ba ró-mhear a d'imigheadh an lá aoibhinn aiteasach sin thart, agus ní raibh sé gan beagáinín den chumhaidh a bheith ag baint leis. Bhíodh áthas gan mhairg gan bhrón orm go dtí Completorium, ach ar a bheith thart do na paidreacha sin, thagadh cumhaidh ar mo chroidhe, ag machtnamh dhom go gcaithfinn m'aghaidh do thabhairt ar an mbeatha aríst an lá dár gcionn, agus dul i n-éadan mo chuid oibre, agus a bheith ag casadh le ceachta a fhogh- luim; mhothuigheadh mo chroidhe deoruíocht an tsaoil anróitigh seo, agus b'fhada liom go dtagadh suaimhneas agus sabbóid na bhFlaith- eas, an Domhnach gan faoithin gan foircheann a bhéas againn i n-ár bhfíor-Athardha! Roimh filleadh isteach chuig Les Buissonnets dhúinn, bheireadh ár n-aintín cuireadh dhúinn, ó dhuine go duine, leis an iarnóin do chaitheamh i n-éindtigh léithe; agus is mé a bhíodh go lán t-sásta nuair do thagadh mo sheal-sa. B'aoibhinn liom a bheith ag éisteacht le gach a n-abruigheadh m'oncail; do chuirinn suim 'n-a chuid cómhrádh trom-chiallmhar; ach ní móide go raibh aon cheapadh aige go mbíodh an oiread sin spéise agam féin ann. Bhíodh uamhan i dteannta an áthais orm, áfach, tráth a gcuireadh sé i mo shuidhe ar a leath-ghlúin mé, agus é ag gabháil Barbe-bleue de ghlór uathbhásach
I dtráthaibh an h-ocht a chlog thagadh m'athair fá mo choinne. Agus ag filleadh a bhaile dhúinn is cuimhneach liom go mbínn ag breathnú uaim suas ar na réaltógaí le h-aiteas agus le h-iongantas do- labhartha. Bhí dosgán amháin de phéarlaí óir i ndoimhneas na bhFlaitheas (.i. Crios Oríon) a mba bhreá liom a bheith ag féachaint air go háithrid, mar thugas fá ndeara go raibh déanamh na leitre T air, agus ar an mbealach dhúinn, deirinn le m'athair ionmhuin: "Féach suas uait, a dheaide, tá m'ainm-se scríobhtha ins na Flaithis!" Annsin d'iarainn air mé do threórú toisg nárbh áil liom bheith ag féachaint ar an dtalamh anróiteach seo a thuille, agus ghluaisinn róm gan aire agam ar raon mo shiubhail, mo cheainnín crochta go h-árd 'san aer agam, agus mé ag breathnú uaim suas ar chruinneacán gorm réaltógach na spéire gan sos gan sgíth. Agus anois céard a fhéadfas mé a rádh faoi na geamh-oidhcheanna gheimhridh ag Les Buissonnets? Tar héis cluiche táiplise a dh'imirt dúinn, léigheadh Máire nó tusa an "Bhliain Liteargóideach," agus 'n-a dhiaidh sin, roinnt leathanach de leabhar éigin a gcuirfí spéis ann agus a bhfuighbhí tairbhe as i n-éinfheacht. I gcaitheamh an achair sin is é an áit a mbínn féin ach ar ghlúiní m'athar, agus ar a bheith thart don léightheóireacht, thosóchadh seisean ag gabháil na gcrónán gceólmhar d'á ghlór bhreá amhail is dá mbéadh sé ag iarraidh mé do chur i mo chodladh. Annsin leagfainn-se mo cheann ar a ucht, agus dhéanfadh seisean mé do luasgadh anonn is anall go bog réidh… Fá dheoidh, ghabhaimís suas leis na paidreacha do rádh agus annsúd aríst ba i n-aice m'athar a bhínn-se, agus ní bhíodh orm ach féachaint air-sin chun a thuigsint cé mar a ghuidheas na naoimh. Iar sin, chuirtheá-sa a chodladh mé; agus d'fhiafruighinn díot i gcomhnuí' 'gcomhnuí: "An rabhas go maith indiu? An bhfuil Dia sásta liom? An mbéidh na h-aingil bheaga ag eitilt thart timcheall orm i rith na hoidhche?" "Béidh, a stóirín," b'shin é an freagra a bhíodh agat i dtóláimh; dá bhfághainn a mhalairt de fhreagra, thabharfainn an oidhche go léir ag gol. I ndiaidh an cheistiúcháin sin, bheireadh tusa agus Máire póg dhom, agus fágtaí Treasa bheag 'n-a haonar 'san dorchadas. Measaim gur mhór an gar dhom gur cuireadh ialach orm ó laethibh mo naoidheandachta i leith mo scáthmhaireacht agus m'eagla do bhrú fúm. Uaireanta chuirtheá-sa i m'aonar mé, tránóna thiar, fá choinne rud' éigin go seomra cúlráideach, agus ní bhíodh aon ghlacadh
agat le h-obadh, ach an oiread; níor mhór dhom sin, leis, mar, ach ab é sin, d'eireóchainn go h-an-uaisneach sceinnideach. Anois, áfach, is rí-dheacair geit a bhaint asam. Is iongantach liom an chaoi arbh' fhéidir leat mé do thógáil chomh grádhmhar geanúil sin gan mé do mhilleadh, mar ní leigtheá locht ar bith thart. Níor cheartuighis ariamh mé gan ádhbhar; ach ní lugha 'ná mar a bhogais ariamh ó aon rud a bhéadh socruighthe agat — agus b'agam-sa a bhí a fhios sin go maith freisin. Do leiginn mo chuid rún go léir leat-sa, agus ghnítheá gach aon aimhreas agus cruaidhcheist do léiriú dhom. Lá n-aon, dubhras leat go mbíodh iongnadh orm faoi rádh is nach dtugann Dia an ghlóir chéadna do na fíréin go léir ins na Flaithis; mar bhí faitíos orm nach mbéidís uilig sonasach. Ní dhearna tusa ach mé do chur i gcoinne gloine móire m'athar, agus annsin do chuiris le taoibh mo mhéaracáin bhig féin í. Dho líonais iad araon d'uisge, agus d'fhiafruighis díom-sa cé aca ba láine, dar liom. Dubhras féin go rabhadar araon chómh lán le n-a chéile, agus nárbh fhéidir a thuille uisge dó dhoirteadh isteach i n-aon cheann aca thar an méid a bhí ionnta a ghabháil. Chuiris i dtuigsint dom annsin nach mbéadh an duine is lúgha de na fíréin ag éad leis an té is aoirde ins na Flaithis. Sin mar do bheirtheá do m'anam an bheatha a bhíodh a dhiotháil air, leis na rúndiamhra is aoirde féin do chur i n-oiriúnt dom' aigne. Nach orm-sa a bhíodh an ríméad nuair a thagadh lá bronnta na nduaiseann gach bliain! Cidh nach mbíodh aoinne ach mé féin ag iomaidh, cuirtí an ceart i bhfeidhm go cruinn annsin féin, agus i gcomhnuí; ní fhághainn ach na duaiseanna do bhíodh tuillte go maith agam. Bhíodh an croidhe ag preabarnaigh go tréan agam, le linn éisteachta le mo bhreith dhom agus le linn na nduaiseann agus na gcraobh a fháil dom ó mo "Rí" i bhfiadhnaise an teaghlaigh go léir. Ba gheall le Lá an Bhreitheamhnais é, shílinn! Céad faoiríor géar! Ag féachaint ar ár n-athair an tráth úd dom, agus é chomh seabhrach suairc sin, ní raibh aon cheapadh agam go raibh na trialta móra i ndán dó. Lá amháin, áfach, do thais- beán Dia dhom i bhfís iongantaigh macsamhail beo an umáird údan a bhí le teacht air. Bhí deaide ar shiubhal agus ní raibh súil leis a bhaile go ró-luath. Bhí an tránóna ann, tuairim 's a dó nó a trí a chlog, agus bhí an ghrian ag deallradh go lonnrach soillseach, agus bhí cuma aoibhinn meidhreach ar an nádúir uile go léir. Bhíos féin i m'aonar i
n-aice fuinneoige ar aghaidh an gháirdín mhóir istéach, agus na smaointe aiteasacha ag dul tré m'aigne, nuair do chon- naiceas fear róm amach ós comhair an tighe-nigheacháin agus é éaduighste ar nós m'athar go díreach, é árd mar eisean, leis, agus an siubhal céadna faoi, ach amháin go raibh sé cromtha go mór 'n-a cheann sin agus aosta. 'Seadh "aosta" adeirim, chun crot a phearsanachta 'n-a hiomlán do chur i n-iúl duit, arae ní raibh aon radharc agam ar a cheann-aghaidh mar gheall ar an mbinndéal tiugh le n-a raibh a cheann clúduighthe. Bhí sé ag gluaiseacht leis go mall réidh cúramach le ciumhais mo gháirdín bhig féin. Ní túisge do chonnaiceas é, ná ghabh néamhaireacht neamh-shaolta éigin mé, agus chuireas scread asam de ghlór árd creathach: "A dheaide! a dheaide!…" Ach ní raibh aon chosúlacht ar an nduine rúindiamhrach gur chuala sé mé ar chor ar bith, mar do lean sé d'á shiubhal gan iompódh thart féin, i riocht is go raibh sé ag déanamh ar roinnt crann giumhaise a bhí 'n-a seasamh i lár casáin mhóir an gháirdín. Bhíos féin ag súil le h-é do fheiceál ag teacht amach ar an dtaoibh eile de na croinnte móra sin; ach bhí an "fhís fháidhiúl" imighthe ar cheal uaim! Thuit sin go léir amach i n-aon nóiméad amháin; ach nóiméad do b'eadh é do gearradh isteach chomh doimhin sin i mo chroidhe go bhfuil a chuimhne ós comhair m'aigne indiu féin, i ndiaidh na mblianta go léir, chomh glan chomh soiléir is dá mba í an fhís féin a bhéadh ann. Bhí Máire i n-éindtigh leat-sa, a mháithrín, i seomra eile i ngar dhom, agus tháinic cineál uamhain oraibh araon, nuair a chuala sibh mise ag glaodhach ar dheaide. Níor leig Máire a dhath uirthi, áfach, ach rith sí i leith chugam-sa agus adubhairt: "Cad chuige a bhfuilir ag glaodhach ar t'athair ar an gcuma sin, agus é ar shiubhal ag Alencon?" D'innsigheas féin di céard a bhíos tar héis a fheic- eál; agus d'fhonn mé do chiúiniú, dubhradh liom gurbh é an chaoi a ndearna an cailín-aimsire a ceann do chlúdach le n-a práisgín i n-áit a raibh fonn uirthe geit do bhaint asam-sa. Ach nuair do ceistigheadh Victoire dubhairt sí nár fhág sí an chistineach chor ar bith; agus pé aca sin é, bhíos féin cinnte dearbhtha gurbh "fhear do chonnaiceas agus gurbh é mac-samhail m'athar an fear úd go díreach." Annsin chuamar go léir amach ar chúl na gcrann mór, ach ní raibh tada le feiceál ann rómhainn, agus dúbhrais-se liom gan cuimh- neamh air a thuille. Airiú! gan cuimhneamh air a thuille! B'shin rud nach raibh ar mo chumas a dhéanamh. Ba ró-mhinic do chuireadh mo shamhluíocht an fhís rúindiamhrach sin ós mo chómhair aríst, agus
ba mhinic do bheirinn iarracht ar an mbrat a bhí ag ceilt brí na físe orm do tharraint i leath-taoibh; agus bhíos lán-chinnte go nochtfaí a ciall go h-iomlán dom lá éigin. Agus anois tá a fhios agat gach ní, a mháthair ionmhuin! Tuigir féin anois gurbh é ár n-athair go fíor do thug Rí na bhfeart le feiceál domh-sa, agus é ag gluaiseacht roimhe go cromtha creap- allta leis an aois, agus comhartha a umáird ró-mhóir 1 ar a chún- tanós uasal agus ar a cheann liath. Fé mar a bhí Aghaidh adhramhail Íosa foluighthe le linn A Pháise, níorbh fhuláir aghaidh A sheirbhísigh dhílis a bheith foluighthe i gcaitheamh laetheanta a úmhluighthe mar an gcéadna, i riocht go mba mhóide a bhéadh sé ag deallradh ins na Flaithis. Á! nach iongantach é leamhnú Dé ag taisbeáint na croise luachmhaire sin dúinn roimhré, amhail mar a bheir athair lide d'á chlainn faoi na neithe móra atá aige 'á ullmhú dhóibh, agus amhail mar is aoibhinn leis féin tré mhéid a ghrádha dhóibh, bheith ag féachaint ar an rachmus gan teora a bhéas mar oighreacht aca! Ach fiafruighim dhíom féin annseo: "Cé'n fáth gur do leanbh do thug Dia an fhaisnéis sin, agus a rádh go gcaillfí le cumhaidh agus le dólás í dá dtuigeadh sí a brí?" Cé'n fáth? Sin ceann de na rúindiamhra do-scrúduighthe údan nach dtuigfimíd go dtéigh- imíd go Flaitheas Dé mar a mbéimíd ag déanamh iongantais díobh go síorruí suthain! A Dhia dhil, nach Tú atá go maith dhúinn! Nach iongantach mar a dhéanann Tú sinn do fhromhadh do réir ár nirt agus ár n-acfuinne! Ní raibh sé de mhisneach ionnam an tráth úd smaoineadh féin, gan uamhan do theacht orm, go bhféadfadh m'athair bás a fháil 'chor ar bith. Lá amháin, bhí sé thuas ar bhárr dréimire, agus nuair a chonnaic sé mise annsúd buailte leis an ndréimire thíos, dubhairt sé liom: "Druid siar as sin, a ríoghan bheag, mar má thuitim, déanfaidh mé thú do bhascadh." Ach tháinic cradhsgal orm féin láithreach bonn, agus ní dhearna mé ach teannadh isteach ní ba ghoire fós do'n dréimire, á rádh liom féin: "Ar a laghad, má thuiteann deaide, ní bhéidh sé de dhólás orm é a fheiceál ag fáil bháis; gheobhfad féin bás i n-aoinfheacht leis." Ní fhéadfainn a rádh cé'n cion mór a bhí agam air! Do chuireadh a thréartha go léir iongantas agus áthas orm. Tráth a mbéadh sé 1 'San mbliain 1 bhuail a lán taom pairilíse M. Martin, agus tar héis dóibh baill-bheatha an t-sean-duine naofa do bhuaileadh agus d'fhágáil n-a gceann agus 'n-a gceann, do ghoilleadar go h-an-mhór ar a thuigse go dtí lá a bháis. B'éigean é do thabhairt isteach i lámhaí coimhthigheacha féin ar feadh trí mbliain…
ag nochtadh a chuid smaointe faoi neithe móra tábhachtacha dhom, amhail is dá mba ghirseach mhór mé, deirinn-se leis go simplí: "Táim lán-chinnte dhe, a dheaide, dá labhruightheá ar an gcuma sin leis na daoine móra atá 'san Rialtas, go dtógfaidís chun siubhail thú le rí a dhéanamh dhíot; agus sin é an uair a mbéadh an rath agus an séan ar an bhFrainnc thar mar a bhí ariamh. Ach cheana, bheitheá féin gan sonas gan suaimhneas, fearacht na ríghthe go léir; agus thairis sin, ní bhéitheá id' rí agam féinín féin amháin feasta, agus ar an ádhbhar sin, is fearr liom gan aon aithne a bheith acubh ort ar chor ar bith." Bhí a sé nó a seacht de bhliantaibh agam tráth a bhfacas an bhóchna mhór de'n chéad uair, agus ba mhór a chuaidh an radharc sin 'n-a luighe orm i riocht is nárbh fhéidir liom mo shúile do bhogadh dhi. Chuireadh a maordhacht agus búirthighil na dtonn dtréan chuiridís mórdhacht agus mór-chumhacht Rí na bhfeart i n-iúl dom. Is cuimh- neach liom go raibh fear agus bean uasal ar an dtráigh lá, agus iad ag dearcadh orm féin agus ag déanamh iongantais díom ar feadh i bhfad, nó gur fhiafruigheadar de m'athair, fá dheire, ar leis-sin mé, agus dubhradar gur chailín an-dóigheamhail ar fad mé. Ach rinne m'athair comhartha dhóibh láithreach gan aon phlámás a dhéanamh liom. Bhí ríméad orm féin, áfach, an chainnt sin do chloisteál, mar níor shíleas go raibh aon dathamhlacht ag baint liom 'chor ar bith, mar gheall ar a chúramaí a bhítheá-sa, a mháithrín, gan oiread is focal a rádh a bhéarfadh orm mo shimplíocht agus mo shoineanndas páis- tiúl do chailleadh! Agus ó thárla nach gcreidinn aoinne ach tusa amháin, ní dhearnas ach brí bheag de bhréithribh bladair agus d'fhéachaintí iongantais agus de mholtaibh na ndaoine úd ach an oiread, agus níor chuimhnigheas ortha a thuille. Um thránóna an lae sin, ag an uair 'n-a gceapfá go mbíonn an ghrian ghlórmhar d'á fothragadh féin i n-aigéin mhóir na dtonn, agus eitreach áluinn shoillseach ag síneadh uaithi aniar, d'imigh mise agus tusa gur shuidheamar fúinn ar charraig aonraic. D'fhanas tamall fada annsúd ag dearcadh uaim siar ar an eitrigh órdha údan, mar dubhrais-se liom go mba shamhaltas í ar ghrásta Dé ag soillsiú chonaire na n-anmnacha ndílis ar an tsaol seo thíos. Annsin shamhluigheas mo chroidhe féin le curraichín éadtrom go n-a sheol bán gleóite i lár na h-eitrighe sin, agus chuireas róm gan leigint dó imeacht as amharc Íosa a choidhche, ionnós go bhféadfadh sé seóladh leis go lúthmhar éadtrom síothchanta ag déanamh ar chladach na bhFlaitheas.
CAIBIDIOL III. Bhí ocht mbliana go leith agam nuair do tháinic Léonie amach as scoil-iostais na mban-rialta mBenedichtíneach, agus chuaidh mise isteach 'san Abdaine 'n-a háit. An rang 'nar cuireadh mé, bhí gach dalta d'á raibh ann ní ba mhó ná mé féin; agus bhí duine acubh, a raibh cheithre bliana déag d'aois aici, agus cidh gur shuarach a h-éirim aigne, b'í do b'fhearr a thuig cionnus an meas agus an chreidiúint nár dhual di a fháil ó n-a cómhdhaltaí. Nuair a chonnaic sí siúd go bhfághainn-se na marcanna ba mhó i gcóir na n-aistí i gcomhnuí beagnach, i n-aimdheoin go rabhas chómh hóg sin, agus go raibh cion ag na mnáibh-rialta go léir orm, bhuail éad í d'á chionn sin agus ghníodh sí mé do chiapadh ar gach bealach dárbh fhéidir léithi mar gheall ar na buadha beaga úd. Agus bhíos féin chómh scáthmhar mín sin nárbh fhéidir liom mé fhéin do chosaint, agus ní dhéanainn ach fanacht i mo thost agus a bheith ag bog-chaoineachán dhom féin. Ní raibh aon eolas agat-sa, a mháithrín, ná ag Céline ar mo mhairgne ar chor ar bith; ach ní raibh subháilceas mo dhóithin agam le h-éirghe ós cionn na dtrioblóidí sin, i riocht is go raibh mo chroidhín bocht cráidhte go mór acubh. Gach tránóna, áfach, d'fhéadainn filleadh a bhaile agus do ghealadh mo chroidhe aríst annsin. Do léiminn suas ar ghlúine m'athar agus d'innsighinn dó faoi na marcanna a bhíodh fáighte agam, agus bheireadh a phóg-san orm mo bhuairt agus mo thrioblóidí go léir do dhearmadadh. Nach mé a bhí go ríméadach ag innseacht dom do m'athair cé mar d'éirigh liom 'san chéad aiste dár scríobhas. Bhí an maximum fáighte agam, agus b'é an luachsaothair do bronnadh orm ach píosa beag gleoite airgid, agus do chuireas i dtaisge i mo bhoisgín le haghaidh na mbocht é, agus d'éirigheadh liom píosa beag eile do chur leis gach Diardaoin, geall leis, 'n-a dhiaidh sin. Bhí call agam leis an lághaidheacht sin, go deimhin. Ba mhór an chabhair é don bhláithín a fhréamha boga do shádhadh isteach go minic i n-ithir thoghtha dhúthchasaigh a theaghlaigh féin, mar an súgh a bhí a dhiotháil air le n-a bheathú ní raibh sé le fáil aige i n-aon áit eile.
Bhíodh lá saoire agam gach Diardaoin, ach níorbh ionann í agus na saoirí do bheirtheá-sa dhom ar chor ar bith, mar do chaithinn a mbun- áite siúd buil m'athar ar an ndeagh-radharcán (belvédère). Ach anois, ó thárla nach raibh a fhios agam le h-imirt ar nós na gcailíní eile, bhraithinn nár chompánach taithneamhach dhóibh mé. Ghnínn mo dhícheall, áfach, ar aithris a dhéanamh ortha, ach b'shin a mbíodh d'á bhárr agam. B'ar éigin a d'fhéadainn déanamh i n-éaghmais Céline ar chor ar bith, agus 'na diaidh sin, b'í mo chol-cheathar Máirín is mó a mbíodh tóir agam ar a comhluadar, mar leigeadh sí dhom na cluichí ba rogha liom féin d'imirt. Bhí aondacht mhór chroidhe agus toile eadrainn an uair sin féin, mar a bhéadh Dia 'á chur i bhfios dúinn roimh-ré go ndéanfaimís beirt an bheatha rialta chéadna do ghabháil chugainn 'n-a dhiaidh sin, 'san Charmal. 1 Ar a bheith buil ár n-oncail dúinn, ba mhinic do chromadh Máire agus Treasa bheag ar a bheith 'n-a mbeirt díthreabhach an-díochra, mar dhóigh dhe, gan de shealbhas aca ach boithín bocht suarach, goirtín arbhair, agus gáirdín 'nar bhféidir leo glasraí do chur. B'é an socrú a bhíodh aca ach go ndéanfaidís sealuidheacht d'á chéile ag obair, i gcruth's go bhféadfaidís an síor-mhachtnamh agus an tsíor-urnuighe do choimeád ar siubhal .i. duine aca do bheith ag paidreóracht an fhaid a bhéadh an duine eile ag obair. Ghnímís gach nídh maille leis an maordhacht agus leis an dtost is dual do dhaoinibh-rialta. Dá dtéighimís ag spaisteóireacht, níor shos dúinn ar an tsráid féin: dhéanfadh an bheirt dhíthreabhach an Paidrín do rádh ar an mbealach, ag cóimhreamh na ndeichneabhar ar a méaraibh 'san chaoi nach dtabharfadh cách a gcráibhtheacht faoi 1 Chuaidh Marie Guérin isteach i gCarmal Lisieux an 15adh lá de mhí na Lughnasa, 1895, agus tugadh Sr. Marie de l'Eucharistie mar ainm uirthi. B'iad na subháilcí ba mhó a bhí le tabhairt faoi ndeara innti ach spiorad na bochtaineachta agus an fhoighid mhór le n-ar iomchar sí na fuilinntí buana a ndeachaidh sí thríotha: "Níl a fhios agam ar fhuilingeas mar badh chóir dhom," adubhairt sí féin le linn a breoiteachta deiridh, "ach chítear dhom go bhfuil Thérèse ag cur a mothuchán féin isteach i mo chroidhe, agus go bhfuil a féin-tugthacht siúd agam-sa, leis. Ó! dá mbéidir liom bás a fháil tré ghrá! Agus go deimhin níorbh aon iongnadh é dá bhfághainn, ó thárla gur duine de'n díorma d'íodhbairtí beaga mé a d'iarr sí ar Dhia na glóire. …is é mo dhúil bás a fháil 'á rádh le h- Íosa go bhfuil grá agam Dó." Agus do cóimhlíonadh an dúil sin. D'éag sí an 14adh lá de mhí an Aibreáin, 1905, i n-aois a cheithre mblian is tríochad. Siod iad na bréithre deireannacha do labhair sí: "Níl eagla orm roimh an mbás! Ó, cad é mar shíothcháin!… Ní ceart dúinn faitíos a bheith orainn roimh an bhfuilinnt… Bheir Dia neart dúinn i gcomhnuí… a Íosa mo ghrá Thú!"
ndeara. Lá amháin, áfach, rinne an díthreabhach Treasa dearmad uirthe féin: tugadh toirtín di i gcóir an lóin, agus, roimh chaitheamh an toirtín di, do ghearr sí comhartha mór na croise uirthe féin, i riocht is go ndearna a lán daoine coimhightheacha mion-gháire fúithi. Théigheadh ár n-aondacht toile chun cnuic orainn ar uairibh. Tránóna amháin, ag filleadh ón Abdaine dhúinn, cheapamar módhamh- lacht na n-aonaránach do chleachtadh. Dubhras féin le Máire: "Treóruigh mé, mar táim a' dul ag dúnadh mo shúl." "Agus dúnfad-sa mo shúile, leis," ar sise dhom' fhreagairt; agus rinneamar araon ár dtoil féin. Ba ar an gcasán-cos a bhíomar ag siubhal, agus mar sin de níor bhaoghal dúinn na carróistí. Chuamar ar aghaidh go háluinn ar feadh tamaillín agus glionndar- croidhe ar an mbeirt díthreabhach éidtreórach de bhárr siubhlóide seo na súl ndúnta, ach leis sin thuiteadar araon 'n-a spreas ar mhullach roinnt boscaí a bhí lasmuigh de dhoras siopa, gur leagadar bun ós cionn iad agus gur cuireadh a raibh ionnta ar fuaid na háite d'aon phlimp amháin. Siúd amach fear an t-siopa annsin láithreach bonn, agus é le cuthach, chun a chuid gréithrí do bhailiú le chéile; ach maidir leis an mbeirt dall deóntach, bhailigheadar siúd leo gan cabhair gan congnamh chómh mear is a bhí 'n-a gcosaibh, agus bhí an dá shúil ar dearg-oscailt aca anois, agus an dá chluais freisin, chun éisteacht leis an íde béil a thug Siubhán dóibh agus a bhí tuillte go maith aca, cidh go gceapfá uirthe go raibh sise chómh feargach leis an siopadóir bhocht féin! Níor dhubhras aon nídh fós faoi'n mbaint nua a bhí idir Céline agus mé féin. Ó theacht go Lisieux dhúinn do malairtigheadh an scéal eadrainn; b'ise an toice bheag lán d'ealadhain feasta, agus bhí Treasa 'n-a tochrán mín mánla ach ró-thugtha don chaoin- eachán. Agus ar an ádhbhar sin bhí gádh aici le cosantóir, agus cia d'fhéadfadh cur-síos ar an gcalmacht agus ar an neamh-eagla le n-a ndearna mo dheirbhshiúirín ionmhuin mé do chosaint? Bhronn- aimís féiríní beaga ar a chéile go minic, agus chuiridís lúthgháir an domhain mhóir orainn araon. Á! b'shin an t-am nach rabhamar tuirseach den tsaol; bhí ár n-anam go bog úr fós agus é ag eascar ar nós an bhláith earrachúla, agus ag súghadh drúcht na maidne chuige go h-aiteasach; b'é an feochán bog céadna a bhí ag luasgadh ár gcóróiníní araon. Bhíodh na h-áthais chéadna againn beirt, agus mhothuigheas sin go mór-mhór an lá a rinne mo Chéline ionmhuin a céad-Chomaoin!
Bhíos féin seacht mbliana d'aois an uair sin agus ní rabhas ag dul chun na hAbdaine go fóill. Nach suairc an chuimhne atá agam ar a hullmhú! Gach tránóna i gcaitheamh na seachtainí ndeireannach, labhruightheá-sa, a mháithrín, léithe faoi'n ngníomh mhór a bhí sí le déanamh; agus bhínn-se ag éisteacht agus fonn mór orm mé féin dh'ullmhú mar an gcéadna, agus nuair adeirtí liom imeacht toisg mé a bheith ró-bheag fós, bhíodh an croidhe go trom im' chliabh agam, mar níorbh iomarcach liom cheithre bliana d'ullmhúchán i gcóir teachta Íosa. Tránóna amháin chualas na bréithre seo d'á rádh le Céline: "Caithfidh tú beatha úr-nua do thosnú, ó lá do chéad-Chomaoine amach." Agus chuireas róm ar an láthair sin gan fanacht go dtagadh lá mo chéad-Chomaoine féin ar chor ar bith, ach beatha úr- nua do thosnú i n-éinfheacht le Celine. I gcaitheamh Cúrsaí Spioradálta a h-ollmhuighthe d'fhan sí ar aoidheacht 'san Abdaine, agus b'fhada liom a bhí sí uaim, go deimhin. Ach fá dheoidh, tháinic an lá sonasach. Nach bog milis an lorg a d'fhág sé i lár mo chroidhe! Bhí sé mar a bhéadh blaiseadh roimhré de mo chéad-Chomaoin féin. Á! nár mhór agus nár líonmhar iad na grásta do fuaireas an lá údan! Bhí sé ar na laethibh do b'aoibhne de mo bheatha, dar liom. Táim tar héis dul siar tamall leis an gcuimhne shonasach shuairc sin do mheabhrú dhuit. Caithfead trácht anois ar an scarúint dólásach dár dhóbair an croidhe do bhriseadh i mo chliabh, nuair do sciob Íosa chun siubhail uaim mo mháithrín a raibh mo chroidhe agus m'anam innti. Dubhras féin léithe lá amháin gurbh é mo dhúil imeacht i n-éindtigh léithi isteach i bhfásach uaigneach i gcéin, agus b'é an freagra do thug sí orm ach gurbh shin é a dúil féin, leis, ach go bhfuireochadh sí go mbínn-se sáitheach mór le h-imeacht 'n-a cuideachta'. An gheallúint do-chóimhlíonta sin go ghlac Treasa bheag i ndáiríribh í, agus nach uirthe a bhí an dólás-croidhe annsin nuair a chuala sí a Pauline ionmhuin ag labhairt le Máire agus á rádh go raibh sí le dul isteach 'san Charmal gan mhoill! Ní raibh aon eolas agam féin ar an gCarmal, ach do thuigeas go raibh sí le mé do thréigint agus le dul isteach i gClochar, do thuigeas nach raibh sí le fuireach liom-sa. Cé'n chaoi a dtiocfadh liom an dólás mór a bhí ar mo chroidhe do chur i n-iúl duit? Ar ala na h-uaire do chonnaiceas an bheatha fé ar atá sí innti féin go fíor, líonta de phiantaibh agus de scarúintí gan sos gan faoiseamh, agus shileas na frasa diana deór.
Níor thuigeas an uair sin an t-áthas a thig ón bhféin-íodhbairt. Bhíos go h-an-lag, chómh lag sin gur mhór an bheannacht ó Dhia é, dar liom, gur fhéadas an fromhadh mór sin a dh'iomchur ar chor ar bith, gan bás a fháil, arae bhí sé i bhfad thar mo chumas do réir gach aon chosúlachta. Cuimhneochad a choidhche ar an gcaoi a ndearna mo mháithrín mé do shólású go lághach cineálta. Mhínigh sí beatha an Chlochair dhom, agus féach! Tránóna amháin agus mé im' aonar ag machtnamh dhom féin i mo chroidhe istigh ar an bpeictiúir den bheatha rialta a bhí curtha ós mo chomhair aice, mhothuigheas gurbh é an Carmal an fásach ar mhian le Dia mé féin do chur i bhfolach ann mar an gcéadna- Mhothuigheas chómh láidir sin é is nár fhan aon phioc d'á aimhreas i m'intinn, agus níorbh aon taidhbhreamh leinbh a bhí ann ach an oiread, ach an chinnteacht gurbh' é Dia féin a bhí dhom' ghlaodhach. An mothú sin nach dtig liom a chur i gcéill d'fhág sé síothcháin mhór i mo chroidhe. An lá dár gcionn do nochtuigheas mo dhúil duit-se, agus b'é do thuairim-se gurbh í toil Dé í, i riocht is gur gheallais dom go dtabharfá chun an Charmail gan mhoill mé le go bhféadfainn an Mháthair Airchinneach a fheiceál, agus mo rún dh'innseacht di-siúd. Domhnach do toghadh i gcóir na cuairte solmánta sin. Ach ba mhór an cheataighe liom a chloisteál go raibh mo chol-ceathar Máire, a bhí sáthach óg fós leis na mná-rialta Carméilíteacha a fheiceál, go raibh sí le mé do thionnlacain. Níorbh fhuláir liom, áfach, seift éigin do cheapadh le bheith i m'aonar, agus seo é an rud do bhear- tuigheas: dúbhras le Máire, ó thárla go raibh sé de phribhléid againn labhairt leis an Mháthair Urramaigh féin, go gcaithfimís a bheith go h-an-mhúinte agus ár gcuid rún do nochtadh di; agus chuige sin nár mhór dhúinn teacht amach as an bpárlús ar feadh tamaillín, duine i ndiaidh an duine eile, le deis a thabhairt d'á chéile labhairt léithi go hoscailteach. D'aontuigh Máire liom gan ceisneamh, i n-aimhdheoin gur leasg léithe rúin nach raibh aice ar chor ar bith do nochtadh, agus ar an ndóigh sin d'fhéadas bheith i m'aonar leis an Mháthair Marie de Gonzague. Ar chloisteál mo scéil mhóir rúnmhair di-se, dubhairt sí go raibh gairm agam ceart go leor, ach má bhí fhéin go gcaithfinn fanacht go mbíodh mo shé bliana déag slánuighthe agam, mar nach nglactar iarrthóirí i n-aois a naoi mbliana. B'éigean dom foighneamh, i n-aimhdheoin na dúile móire a bhí agam dul isteach i n-éindtigh leat-sa, agus mo chéad-Chomaoin a ghlacadh an lá a gheobhfá an Aibíd. Fá dheire thiar tháinic an 2adh lá de Dheire Fóghmhair! Lá guil
agus beannachtaí do b'eadh an lá úd, go deimhin, 'nar stath Íosa an chéad cheann d'Á bhláthana, an bláth toghtha a bhí le bheith 'n-a Mháthair d'á dhriféarachaí roinnt blian 'n-a dhiaidh sin. 'Fhad is a bhí ár n-athair ionmhuin, mar aon le m'oncail agus le Máire, ag cur Shléibhe Charmail suas de le n-a íodhbairt do thoirbhirt do Dhia, thug m'aintín Céline agus Léonie agus mé féin chun an Aifrinn- Bhíomar ag gol go fuigheach, i dtreo go raibh na daoine ag déanamh iongantais dínn, nuair a chonnaiceadar ag dul isteach i dteach a' phobuil sinn; ach níor choinnigh sin mise gan caoineadh. Bhíos á fhiafruighe dhíom féin cé'n chaoi arbh fhéidir go dtaithneóch' an ghrian ar an t-saoghal seo a thuille! Chífear dhuit béidir, a Mháithrín, go bhfuilim ag áidhbhéil faoi'n gcumhaidh a bhí orm, agus tuigim féin go maith leis nár cheart go ngoillfeadh an scarúint úd orm chomh mór sin. Ach cheana, caith- fead a amhdachtáil nach raibh m'anam aibidh ná foirfighthe fós nó i ngar dhó féin; níor mhór dhom dhul tré mhórán suacán agus fuilinnthí shul dá mb'fhéidir liom tráigh na síothchána do bhaint amach agus blaiseadh de thoradh bhreá mhilis na féin-tugthachta agus an ghrádha iomláin. Um thránóna an lae úd an 2adh lá de Dheire Fóghmhair, 1882, chonnaiceas mo Phauline ionmhuin, Soeur Agnes de Jésus feasta, laistigh de chrannghail an Charmail. Ó! nach mé a d'fhuiling 'san phárlús sin! Ó thárla gurb é scéal m'anama atá agam 'á scríobhadh, chítear dhom go gcaithfead chuile nídh a dh'innseacht. Bhail, amhduighim gur neamhní liom céad-fhuilinntí na scarúinte i gcomórtas leis na pianta a ndeachaidh mé thríotha 'n-a dhiaidh sin, Mise, ar ghnáthach liom cómhráidhte fada rúnmhara a bheith agam le mo mháithrín agus mo chroidhe do nochtadh dhi, ba ar éigin saoghail do gheibhinn cúpla nóiméid dom féin i ndeire cuairte an líontighe; agus i gcaitheamh an dá nóiméid sin féin ní dhéanainn ach na deora do shileadh, nídh nach iongnadh, agus d'imthighinn liom agus an croidhe briste i mo chliabh. Níor thuigeas nárbh fhéidir leath-uair a' chluig an duine do thabhairt dúinn agus sin go minic, agus nárbh fhuláir bunáite an ama do thabhairt d'ár n-athair agus do Mháire; níor thuigeas sin, agus deirinn liom féin i mo chroidhe istigh: Tá Pauline caillte ar fad agam-sa! Do ghoill an dólás chómh mór sin ar mo chroidhe agus ar m'aigne gur ghearr gur buaileadh go h-an-bhreoite mé. An tinneas a tháinic orm níl aimhreas ar bith nárbh é éad an deamhain ba chionntsiocair leis, toisg é a bheith go feargach
fíochmhar de dheasgaibh an chéad dul-isteach sin 'san Charmal, agus gur theastuigh uaidh díoltas do bhaint díom-sa ar son na díoghbhála móire a dhéanfadh ár dteaghlach dhó ní ba dheireannaí. Ach ní raibh a fhios aige go raibh Bainríoghan na bhFlaitheas ag cúmhdach a bláithín go dílis, go raibh sí ag meangadh leis ó neamh anuas, agus go raibh sí réidh leis an eascal do chosg ar an nóiméid chéadna 'n-a mbéadh a ghas lag lúbach ar tí a bhriste go deó. I ndeire na bliana sin 1882 do ghabh tinneas-cinn mé; ach cidh gur lean sé gan faoiseamh, bhíos i n-ann é a dh'fhuilinnt, agus níor chuir sé ó mo chuid foghluma mé. Do mhair sé go dtí Cásg na bliana dár gcionn, 1883. Um an dtaca sin chuaidh m'athair go Páiris i n-éindigh le Máire agus le Léonie, agus d'fhág sé Céline agus mé féin ar choimrighe m'oncail agus m'aintín. Tránóna dá rabhas i m'aonar le m'oncail, thosuigh air ag labhairt liom ar mo mhaimín agus ar na laetheanta a bhí imighthe thart chómh grádhmhar geanúil sin gur corruigheadh go mór mé agus nár fhéadas gan gol. Agus do corruigheadh é féin, leis, nuair a thug sé mo mhothuightheacht féin faoi ndeara; b'iongantach leis na smaointe doimhne a bhí agam 'á nochtadh dhó, i n-aimhdheóin m'óige, agus do chuir sé roimhe chuile shaghas siamsa do chur ar fáil dom i gcaitheamh na laetheanta saoire. Ach cheana, bhí a mhalairt ceaptha ag Dia dhom. An tránóna céadna úd, d'éirigh mo thinneas-cinn go h-an-dona amach, agus do ghabh craitheadh aisteach éigin mé, agus do lean sé orm an oidhche go léir. Bhí m'aintín mar a bhéadh máthair dhom, agus níor imigh sí uaim ar feadh oiread is nóiméid féin. Níl cur-síos ar an gcineáltas le n-a dtug sí aire dhom i gcaitheamh na breoiteachta sin, go cneasta foighdeach gan staonadh. Ní call dom a rádh go raibh an-bhuairt ar fad ar m'athair bocht, iar bhfilleadh ó Pháiris dó, nuair do fuair sé roimhe mé chómh claoidhte tréith-lag sin. Shíl sé gan mhoill go raibh an bás orm; ach d'fhéadfadh Íosa a rádh leis: "Ní chun báis an bhreoiteacht seo, ach chun glóire Dé, ionnus go dtabharfaí glóire do Mhac Dé tríthe." 1 Agus, go deimhin, tugadh glóir do Dhia thríd an bhfromhadh sin! Tugadh glóir Dhó leis an gcaoi ar ghlac m'athair agus mo dhriféaracha, agus Máire go mór-mhór, le n-A thoil naofa. Nach mór a d'fhuiling Máire mar gheall orm! Tá mo chroidhe lán de bhuidheachas don ndeirbhshiúr ionmhuin sin. Do chuireadh a croidhe féin i bhfios di cad iad na neithe a mbíodh gádh agam leo, agus ní 1 Eóin xi. 14.
misde a rádh gur cómhachtaí go mór fada croidhe máthar ná eolas agus ealadhain na ndochtúirí is mó cáil. Bhí an lá ag teannadh linn, áfach, a rabhais-se, a Mháthair dhil, leis an Aibíd a fháil, agus ní labhruightí 'n-a thaobh i mo láthair-se ar fhaitíos go ndéanfaí buairt dom, mar síleadh nach mbéadh ar mo chumas dul go dtí an Charmal. Ach chreideas féin go láidir i mo chroidhe istigh go dtabharfadh Dia na glóire mar shólás dom mo Phauline ionmhuin a fheiceál aríst an lá sin. Bhraitheas go mbéadh an Fhéile sin 'n-a féile shona gan néal, mar bhí a fhios agam nach ndéanfadh Íosa A leannán do bhuaidhreadh tré gan mise do bheith láithreach, tar héis a raibh fuilingthe aici i rith breóiteachta a h-inghine bige. Agus níor chaill Íosa orm; mar d'fhéadas mo mháithrín ionmhuin do bharrógadh agus suidheamh ar a glúinibh, mé féin d'fholú faoi n-a brat agus a pógaí milse a fháil; d'fhéadas í a fheiceál agus í ag féachaint go háluinn faoi n-a culaith bháin. Ó, ba bhreá go léir an lá é i gceart-lár mo fhromhtha bhrónaigh! Ach ba ró-luath a d'imigh an lá sin nó an uair sin thart, agus ba ghearr go raibh orm eirghe isteach 'san charbad do rug chun siubhail i bhfad ón gCarmal mé! Ar shroichint Les Buissonnets dhúinn cuireadh i mo luighe mé, cidh nár airigheas mé féin tuirseach ar chor ar bith. Ach an lá dár gcionn do ghabh an tinneas aríst mé, agus chuaidh sé i n-olcas chomh mór sin gur ceapadh nach raibh leigheasadh i mo chionn go deó. Ní thig liom an bhreoiteacht aisteach sin do mhíniú i gceart. Bhínn a' rádh rudaí gan smaoineadh ortha ar chor ar bith, agus bhínn ag déanamh rudaí, leis, mar a bhéadh duine 'á chur d'fhiachaibh orm iad a dhéanamh do m'aimhdeóin. Ceaptaí orm go mbínn ag rámh- allaigh i gcómhnuí beagnach, ach mar sin féin táim cinnte dhe nár chailleas mo mheabhair ná mo thuisgint ar feadh oiread is nóiméid amháin. Ba mhinic a d'fhanainn annsúd i meirbhthean ar feadh i bhfad, i dtreó nach mbíodh ar mo chumas an cor ba lugha féin do chur dhíom. Ach i n-aimhdheoin an lagachair neamhchoitianta sin, chloisinn go gléineach gach a ndeirtí thart timcheall orm, fiú amháin nuair do labhruightí ós íseal; agus cuimhnighim air sin anois féin. Agus annsin an scannradh agus an t-uathbhás do chuireadh an mac mallachtain orm! Bhíodh eagla orm roimh chuile shórt rudaí: chítí dhom go raibh aigéin áibhéiseacha thart ar mo leabthain; agus tairgní áithride a bhí daingnighthe i bhfalla mo sheómra, samhluightí dhom gur mhéarana fada dubha dóighte iad, dtreo go gcuiridís ag screadghail le h-aon-chorp uathbháis mé.
Lá dá raibh m'athair ag féachaint orm go tostach agus a hata 'n-a láimh aige, do claochluigheadh an hata go tobann i gcruth ghránda éigin, agus do ghabh a leithéid sin d'uamhan mé gur imigh m'athair bocht uaim agus é ag uchlán. Ach má cheaduigh Dia don deamhan teacht i ngar dhom go foir- imeallach, chuir Sé aingil so-fheicse chugam freisin le mé do shólású agus do neartú. Ní imigheadh Máire uaim a choidhche, agus ní thaisbeánadh sí tuirse ná dochma, cuma cé'n trioblóid a thugainn di; mar níorbh fhéidir liom a bheith suaimhneasach i n-a héaghmais. Fhad is a bhéadh sí ag caitheamh a cuid bídh, dheineadh Victoire mé do chúmhdach, ach an uair sin féin bhínn ag gol agus ag glaodhach: "A Mháire! A Mháire!" Agus ní fhéadadh sí dul amach ach amháin chun an Aifrinn nó le cuairt do thabhairt ort-sa; mar b'annsin amháin a bhínn go ciúin go bhfilleadh sí. Agus annsin Léonie! agus mo Chéline ionmhuin féin! Nach iad a bhí go maith dhom leis! Gach Domhnach d'fhanaidís sáidhte istigh ins an tseomra sin ar feadh i bhfad i n-éindtigh le páiste bocht a raibh a chosúlacht uirthe go raibh sí as a meabhair. Á! a dheirbhsiúir- íní ionmhuine; nach mór a thugas le fuilinnt daoibh! Bhí m'oncail agus m'aintín go lághach cineálta dhom, leis. Thagadh m'aintín dhom' fhéachaint gach lá, agus bheireadh sí chuile shaghas sóghluistí chugam. 1 Ba mhór mar do méaduigheadh ar mo ghean ar na gaoltaibh geanúla úd le linn na breoiteachta sin. Thuigeas ní b'fhearr ná riamh fírinne na cainnte adeireadh ár n-athair ionmhuin linn go minic: "Cuimhnighidh air i gcomhnuí, a chlann ó! go bhfuil gean an-mhór an-dhílis ag bhúr n-oncail agus ag bhúr n-aintín oraibh." Do cuireadh sin i bhfios dó féin, leis, i laethibh a shean-aoise; agus anois, ní baol ná go ndéanfaidh sé iad do chumhdach agus do 1 Rinne Thérèse an cinéaltas máthardha sin do chúitiú léithe ó árdaibh na bhFlaitheas. I rith breoiteachta deireannaí Mme. Guérin, do chúmhdaigh Thérèse go so-fheicse í. Maidin amháin fríothadh go suaimhneasach áthasach í: "Bhíos ag fuilinnt go mór," ar sise, "ach bhí Thérèse ag faire orm go caoin cineálta. Mhothuigheas cois mo leapthan í i gcaitheamh na hoidhche go léir. Do phóg sí go minic mé, agus chuir sin misneach an-mhór orm." Do chaith Mme. Guérin a beatha go naofa deagh-shomplach agus fuair sí bás naofa i n-aois a dhá bliain is caogad- "Tá áthas orm bás a fháil," deireadh sí agus meangadh geal-gháireach ar a béal, "Nach mór go léir an sólás é dul agus Dia na glóire a fheiceál! A Íosa, mo ghrá thú! Toirbheirim mo bheatha Dhuit thar cheann na sagart, mar do rinne treasa bheag." Agus leis sin d'éag sí. An 13adh lá de mhí na Feabhra, 1900, a bhí ann. Do thug M. Guérin mórán blianta ag cosaint na h-eaglaise le n-a chuid sgríbhinní, agus chaith sé a mhaoin ag cuidiú le deagh-oibreacha do chongbháilt ar siubhal. Fuair sé bás naofa, 'n-a Threasóir d'Ord an Charmail, an 28adh lá de Mheadhon Foghmhair, 1909, i n-aois a naoi mbliana is trí fichid.
bheannú ar son an chineáltais agus na dílseachta le n-a dtugadar aire dhó! Nuair a bhíodh faoiseamh beag agam ó mo phiantaibh, b'é rud ba mhó do chuireadh áthas orm ná a bheith ag fíghe choróinneach de nóiníní agus de lus mínle don Mhaighdin Bheannuithe. Mí áluinn na Bealtaine a bhí ann, agus bhí an nádúir go léir gh'á clúdach féin le bláthana an earraigh; ní raibh ach an t-aon "bhláithín" amháin a bhí ag meath agus cosúlacht air go raibh sé seargtha go deo! Ach bhí a ghrian gheal féin aige i ngar dhó, agus b'í grian í ná dealbh mhíor- bhailteach na Maighdine Muire. Ba mhinic agus ba rí-mhinic a ghníodh an bláithín a choróinnín d'iompáil i dtreo na Réaltann beannuithe sin. Lá de na laetheanta sin, chonnaiceas m'athair ag teacht isteach i mo sheomra; agus ba gheall le duine a bhéadh go h-an-bhuartha é. Chuaidh sé anonn mar a raibh Máire go dtug sé a lán píosaí óir dhi, agus bhí féachaint an-bhrónach ar a aghaidh ar feadh an achair, gur iarr sé uirthi scríobhadh chuig Páiris ag iarraidh Nóbhéna Aifreann ag neimidh Notre-Dame pes Victoires (Muire na mBuaidh), 'théint is go leigheasóchadh Dia a ríoghan bheag chlaoidhte. Do corruigheadh go mór mé ar fheiceál a chreidimh agus a ghrádha dhom, agus tháinic Fonn an-mhór orm éirghe im' shuidhe agus a rádh leis go rabhas leigheasta. Ach mo nuar! Níor fhéad mo mhianta míorbhailt a dhéanamh, agus níor mhór míorbhailt an-mhór, go deimhin, le mé do thárrtháil ón mbás — níor mhór sin! Agus rinne Notre-Dame pes Victoires an mhíorbhailt sin dom go feilimionta. Domhnach amháin i rith an Nóbhéna úd, chuaidh Máire amach 'san ngáirdín agus d'fhág sí mise fé chúram Léonie a bhí ag léigheamh dhi féin i n-aice na fuinneóige. I gcionn tamaillín thosuigh orm ag glaodhach de ghlór íseal: "A Mháire! a Mháire!" Bhí Léonie cleachtach ar a bheith- ag éisteacht liom ag éagcaoin agus ag olagón ar an gcuma sin i dtóláimh, agus ní thug sí aon áird ar mo ghlaodh. Annsin do ghlaodhas aríst ós árd agus d'fhill Máire orm. Chonnaiceas go rí-mhaith ag teacht isteach í; ach fairíor géar! B'shin é an chéad uair nár aithnigheas í. Thosuigheas a' tóruigheacht thart orm i ngach aon bhall, do bhreathnuigheas uaim go h-imnidheach amach 'san ngáirdín, agus annsin chromas ar ghlaodhach aríst: "A Mháire, a Mháire!" Ní fhéadfainn a rádh cé mar d'fhuil- ingeas féin le linn na coimhlinnte uathbhásaí do-mhínighthe sin, agus ní móide nár fhuiling Máire ní ba ghéire fós ná a Treasa bhocht!
Fá dheire thiar nuair a bhí sé cinnte uirthe í féin do chur i n-aithne dhom, d'iompuigh sí chuig Léonie, agus adubhairt cúpla focal léithe i gcogar, agus d'imigh léithe go mí-lítheach craitheach. I gcionn tamaillín d'iomchar Léonie go dtí an fhuinneóg mé, agus annsin chonnaiceas Máire uaim 'san ngáirdín gan í a dh'aithneachtáil fós féin. Bhí sí ag siubhal leithe go mall réidh; ag síneadh a lámha amach chugam-sa, ag meangadh liom, agus ag glaodhach orm go báidhiúl caoin: "A Threasa, a Threasa bheag, a stóirín!" Ach chinn sé uirthe de'n iarracht sin aríst; agus leis sin, tháinic sí isteach agus leig í féin ar a glúinibh cois mo leabthan agus í ag bog-chaoineachán- D'iompuigh sí i dtreo na Maighdine glórmhaire Muire, agus do ghuidh sí go dian dúthrachtach í, mar a dhéanfadh máthair a bhéadh 'á iarraidh go dtárrthóchaí a mac ón mbás agus nach mbéidh sásta go bhfághaidh sí a h-athchuinge. Rinne Léonie agus Céline aithris uirthe, agus glór creidimh do b'eadh a nglór, agus chuaidh sé suas gur bhrúgh sé isteach doras na bhFlaith- eas roimhe. Ó thárla nach raibh fóirthint le fáil agam ar talamh, agus ó bhíos ionann's a bheith caillte leis na piantaibh, d'iompuigheas féin chun mo Mháthar neamhdha freisin, agus d'iarras go bog is go cruaidh uirthe truagh a bheith aici dhom fá dheire thiar. Beodhuigheadh an dealbh go tobann! D'éirigh an Mhaighdean go h-an-dóigheamhail ar fad, chómh dóigheamhail sin nach bhféadfad aon chur-síos ceart a dhéanamh a choidhche ar an ndóighiúlacht neamhdha a bhí ag baint léithe. Bhí sochmaidheacht, gnaoidhiúlacht, agus lághaidh- eacht do-labhartha le léigheamh ar a haghaidh; ach b'é an rud a chuaidh go croidhe ionnam thar gach rud eile ach an meangadh gléigeal a bhí ar a béal! Leis sin d'imigh mo chuid pianta go léir uaim, do bhuinnigh an dá dheór mhóra amach ó mo rosgaibh agus shnígheadar síos go ciúin… Deora áthais agus lúthgháire neamhdha amháin do b'eadh iad! "Do dhruid an Mhaighdean Bheannuithe anall chugam! Agus bhí sí ag meangadh liom!… Nach aoibhinn Mac Dé dhom!" B'shin mar do smaointigheas i m'aigne féin, "Ach ní innseóchad d'aoinne faoi, mar dá n-innsighinn, d'imeoch' m'aoibhneas ar ceal uaim." Iar sin d'ísligheas mo shúile gan strómh gan iarracht, agus d'aith- nigheas mo Mháire ionmhuin féin! Bhí sí annsúd ag féachaint orm go ceanúil, agus ba gheall le duine a bhéadh corruighthe go mór í agus b'fhacthas dom go raibh tuairm éigin aice cé'n grás mór a bhí fáighte agam féin. Ó! níl aimhreas ar bith nárbh ise agus a guidhe láidir impidheach do fuair dhom an grás mór do-labhartha sin .i. "mion-gháiridhe na Maighdine Muire"! Nuair a chonnaic sí mo dhá
An Mhaighdean Mhuire ag leigheas Treasa.
shúil greamuighthe ins an ndeilbh, dubhairt sí léithe féin: "Tá Treasa leigheasta!" Agus bhí. Bhí an bláithín le borradh suas an ath-uair, mar bhí gath soillseach ó n-a ghréin gheanúil tar h-éis é do ghoradh agus é dh'fhuascailt ó 'n-a námhaid fhíochmhar go deó! "Bhí an geimhreadh gáibhtheach imighthe thart, agus bhí deire leis an bhfearthainn fhuair." 1 agus do neartuigh bláithín na Maighdine Muire chomh maith sin go raibh sé ag sgéithchint ar shliabh shaidhbhir thorthach Charmail cúig bliana 'n-a dhiaidh sin. Mar adubhras ar ball, bhí tuairim mhaith ag Máire nárbh é amháin gur bhronn an Mhaighdean bheannuithe mo shláinte orm, ach go dtug sí grás foluighthe éigin dom mar an gcéadna; agus nuair a bhíos i m'aonar léithe, agus gur cheistigh sí go báidhiúl mealltach mé, níor fhéadas gan géilleadh dhi. B'iongantach liom an chaoi a raibh eolas aice ar mo rún, cidh nár labhruigheas féin oiread is focal amháin faoi, agus annsin do scaoileas an scéal go léir chuice. Mo léan géar! Ní raibh aon bhreall orm; bhí m'aoibhneas le h-imeacht ar ceal agus le n-a athrú 'n-a shearbhas dom. Go ceann cheithre mblian 'n-a dhiaidh sin, bhí cuimhne an ghráis do-labhartha úd 'n-a fíor-shiocair dóláis agus buartha dhom i mo chroidhe; agus ní raibh suaimhneas ná aoibhneas i ndán dom go bhfághainn aríst i bhfiadhnaise Notre-Dame des Victoires iad, 'n-a neimhidhe bhean uithe. Fuaireas aoibhneas iomlán annsúd aríst. Ach labhróchad ar an ndara grás úd amach annseo. Seo mar do hiompuigheadh m'áthas chun dóláis dom: D'innsigheas go simplí oscailteach do Mháire faoi "mo ghrás," agus ar chloisteál mo scéil di, d'iarr sí cead orm é a dh'aithris do na mná-rialta ag an Carmal, agus níor fhéadas í dh'eiteach. An chéad chuairt eile a thugamar ar an gCarmal bheannuithe sin, bhí áthas an-mhór orm féin mo Phauline ionmhuin féin a fheiceál aríst agus Aibíd na Maighdine Beannuithe uirthe. Nár shonasach an uair é dhúinn araon! Nach mór a bhí againn le rádh le n-a chéile, agus a liachtaí pianta agus dólás a rabhamar tar héis dul tríotha! Maidir liom-sa, is ar éigin a d'fhéadas labhairt féin; bhí mo chroidhe ró-lán… Bhí an Mháthair gheanúil Marie de Gonzague ann leis, agus nach í a bhí go caoin cneasta liom! Chonnaiceas mná-rialta eile fosta, agus do cheistigheadar faoi mhíorbhailt mo leighisthe mé: d'fhiaf- ruigh duine amháin díom an raibh an leanbh Íosa ar a baclain ag an 1 cant. ii. 11.
Mhaighdin Mhuire; agus d'fhiafruigh duine eile an raibh na h-aingil gh'á tionnlacain, agus rl. Chuir an ceistiúchán sin go léir tré chéile mé, agus bhuaidhrigh sé mo chroidhe. Ní raibh de fhreagra agam féin ach: "B'fhacthas dom go raibh an Mhaighdean ghlórmhar go h-an-dóigheamhail ar fad; chonnaiceas ag déanamh orm í agus ag meangadh liom." Ach ó thugas faoi ndeara gur cheap na mná-rialta a mhalairt ar fad, bhí faitíos orm gurbh é an chaoi a rabhas tar héis bréag a dh'innseacht. Á! dá gcoimeádainn mo rún agam féin, bhéadh m'aoibhneas agam mar an gcéadna. Ach b'í an Mhaighdean Muire féin do cheaduigh an dólás sin do theacht orm ar mhaithe le m'anam; mar muna mbéadh sin, béidir go sleamhnóch' an mór-is-fiú isteach im' chroidhe. Fé mar do thárla, áfach, ní raibh agam ach an t-úmhlú, i riocht nárbh fhéidir liom féachaint orm féin gan ceann-fé an-mhór do theacht orm. A Dhia dá bhfóghnaim! is Agat-sa amháin atá a fhios cé mar d'fhuilingeas!
CAIBIDIOL IV. Ag cur síos dom ar an gcuairt úd chun an Charmail, cuimhnighim, leis, ar an gcéad chuairt do thugas air tar héis tusa dhul isteach ann. Ar maidin an lae sin bhíos 'á fhiafruí dhíom féin cé'n t-ainm a bhéarfaí orm ní ba dheireannaí. B'fheasach mé Sr. Thérèse de Jésus amháin a bheith ann cheana féin; ach i n-aimh- dheóin sin badh charghas liom sgaradh le m'ainm bhreá féin .i. Treasa. Leis sin, smaointigheas ar Íosagán a raibh grá chómh mór sin agam Air, agus dubhras liom féin: "Ó! nach orm-sa a bhéadh an t-áthas mór dá ngoirthí Treasa leis an Leanbh Íosa dhíom!" Ach níor nochtuigheas an dúil sin ar dhóigh ar bith; agus, féach! i lár an chómhráidh dhúinn, dubhairt an Mháthair Airchinneach liom: "Nuair a thiocfas tusa isteach chugainn annseo, a chuidín, bhéarfar Treasa leis an Leanbh Íosa ort!" Ba mhór í mo lúthgháir, go deimhin; mar b'fhacthas dom gur chomhartha ceana ar leith ó Íosagán an chaoi ar fhreagair ár smaointe d'á chéile ar an ócáid sin. Níor labhruigheas fós leat, a Mháthair mhuirneach, faoi'n tóir mhór a bhí agam ar an léightheóireacht agus ar na pictiúirí, cidh gur beag rud ba mhó do chuireadh lúthgháir orm agus ba mhó do bhros- tuigheadh chun cleachtuighthe na subháilcí mé ná na pictiúirí do thaisbeánthá féin dom. Ní airighinn an t-am ag dul thart, ag dearcadh ortha dhom. "Bláithín an Chime Dhiadha," cuir i gcás, nach mór do chuireadh sé i dtuisgint dom! D'fhanainn mar a bhéinn i dtaidhbhreamh ag féachaint air. D'ofráilinn mé féin d'Íosa le bheith i mo bhláithín Dó; theastuigh uaim É do shólású; b'é mo dhúil-se, leis, teannadh suas láimh leis an bPáilliún, le go mbéadh Sé ag féachaint orm do shíor agus go ndéanfadh Sé mé do stathadh Dhó féin. Ó thárla nach raibh aon mhaith liom ag imirt, thabharfainn mo chuid aimsire ar fad ag léightheóireacht, dá mbéidir é. Tráthamhail go leor bhí aingil so-fheicse agam le mé do threórú agus le leabhraí d'fheilfeadh do m'aois do thoghadh dhom, leabhraí do bhéarfadh siamsa dhom agus do bheathóch' m'intinn agus mo chroidhe 'san am chéadna, Ní fhéadainn ach sgathamh an-ghearr do thabhairt leis an gcaitheamh-
aimsire sin a rabhas chómh tórtha sin air, agus b'iomdha sin íodhbairt a b'éigean dom a dhéanamh d'á dheasgaibh; mar ní túisge a bhíodh an t-am istigh ná chuirinn ialach orm féin sguireadh láithreach bonn, dá mba i gceart-lár an ghiota ba spéisiúla féin a bhéinn a' léigheamh. Maidir leis an lorg d'fhágadh na léightheóir- eachtaí sin ar m'aigne, caithfead a amhdachtáil go gcuirtí fíreacht rudamhail na beatha i ndoiléire orm roinnt, ag léigheamh scéalta áithride ridireachta dhom. Nuair do léighinn faoi ghníomhartha móra tírghrádhacha bhanlaochraí na Frainnce, go mór-mhór, Shiubháin d'Airc, cur i gcás, thagadh fonn mór orm aithris a dhéanamh ortha. Fuaireas grás áithrid an uair úd, agus cheapas ariamh ó shoin go raibh sé ar na grástaibh ba mhó dá bhfuaireas le mo bheó; mar ní thugadh Dia solus ósnádúrtha dhom an tráth úd, fé mar a bheir Sé anois dhom é. Chuir Íosa i dtuigsint dom nach bhfuil ach an t-aon fhíor-ghlóire amháin ann .i. an ghlóire a mhairfeas go síorruí; agus nach bhfuil aon chall do dhuine, chun na glóire sin do bhaint amach, gníomhartha iongantacha a dhéanamh, ach é féin do chur i bhfolach ó shúilibh dhaoine agus ó n-a shúilibh féin i gcruth's nach mbeidh a fhios ag a láimh chlé céard a dhéanann a láimh dheas. Agus ag machtnamh dhom annsin gur chun na glóire do shealbhú do rugadh mé féin, agus ag beartú dhom im' aigne cé'n chaoi a dtiocfadh liom í do bhaint amach, foillsigheadh dhom im' chroidhe istigh nach bhfeicfeadh súile dhaoine mo ghlóire féin a choidhche, mar gurbh í glóir a bhí i ndán domh-sa ná mé a bheith i mo naomh. Ceapfar, béidir, gur shunnda an mhaise dhomh-sa an dúil sin a bheith agam, má cuimhnightear ar a raibh de lochtaí ionnam, agus ar a bhfuil díobhtha ionnam fós féin, agus a liachtaí blian atá caithte agam 'san Chlochar. Ach mar sin féin airighim an dóchas dásachtach céadna i gcomhnuí go mbéad i mo "naomh mhór." Ní ar mo mhórluachtaí féin atáim ag brath, mar níl mórluachtaí ar bith agam; ach tá mo dhóchas curtha agam ins an Té atá 'n-a Shubháilceas féin agus 'n-a Naofacht féin. Is Eisean amháin a chífeas mo lag-iarrachtaí agus a bhéas sásta leo, agus a thógfas suas Chuige féin mé agus a chuirfeas A mhórluachtaí féin umam agus a dhéanfas naomh dhíom. Níor mheasas an uair sin nárbh fhuláir mórán a dh'fhuilint leis an naofacht do shroichint, ach ba ghairid an mhoill ar Dhia na glóire an fhírinne dhoimhin sin do nochtadh dhom, thríd na fromhtha úd ar thráchtas ortha thuas. Agus anois leanfad dem' sheanchas ón áit ar sguireas dhe ar ball.
Trí mhí i ndiaidh mo leighisghthe thug m'athair leis ar thuras pléisiúir mé, agus b'shin é an t-am ar thosuigheas ag cur eolais ar an t-saoghal. Bhí chuile nídh go haiteasach aoibhinn aerach thart timcheall orm; rinneadh cúram díom féin agus iongantas; i bhfocal amháin, ní raibh ach bláthana d'á gcraitheadh ar mo chasán ar feadh cúig lá déag. Is fíor go deo an nídh adeir leabhar na h-Eagna: "Déanann draoidheacht na mbaoisreadh an croidhe neamh-urchóideach féin do mhealladh." 1 Is ró-fhurust' croidhe an duine do mhealladh, nuair nach bhfuil ach deich mbliana d'aois aige; agus caithfead a rádh gur mhothuigheas féin dúil éigin 'san gcinéal sin beatha freisin. Fairíor géar! nach maith atá a fhios ag muinn- tir an t-saoghail le seirbhís Dé a dhéanamh gan na pléisiúirí talmhaidhe do chur uatha! Nach beag a mhachtnuighid ar an mbás! Agus mar sin féin, cuid mhór de na daoinibh ar chuireas-sa aithne ortha an uair sin agus a bhí go h-óg saidhbhir sonasach, tá an bás tar héis iad do sciobadh chun siubhail leis ó shoin! Is maith liom imeacht liom siar ar bhóithrín na smaointe agus féachaint ar na h-áitreabha breághtha áirgeamhla mar a raibh comhnuí ortha, agus a fhiafruí dhíom féin cá bhfuilid anois, agus cad é an tairbhe dhóibh anois na caisleáin agus na machairí móra mar a bhfacas féin iad agus seasgaireacht agus sóghachas na beatha seo acubh. Agus tuigtear dhom gur "baois gach nídh ar an t-saoghal seo ach amháin grá do thabhairt do Dhia agus A thoil agus A réir a dhéanamh." 2 Béidir gurbh é an chaoi ar theastuigh ó Íosa eolas a thabhairt dom ar an t-saoghal shul dá dtagadh Sé isteach i mo chroidhe den chéad uair, i riocht is go dtiocfadh liom rogha ní ba chinnte a dhéanamh ar an mbóthar a bhéadh le gabháil agam ón uair sin amach. Mairfidh cuimhne mo Chéad-Chomaoine go deo i mo chroidhe, mar lá aoibhinn gan duairceas gan néal do b'eadh é. Chítear dhom nach bhféadfainn a bheith ullmhuighthe ní b'fhearr. An cuimhneach leat, a Mháithrín, an leabhrán gleoite luachmhar do thugais féin dom trí mhí roimh an lá mór? An modh simplí údan rinne sé mé dh'ullmhú go leanúnach agus go tapaidh. Má bhíos ag tnúthán le mo Chéad- Chomaoin le fada féin, níorbh fhuláir mo chroidhe do ghríosadh níos mó fós agus é do líonadh le bláthana úra, do réir mar a bhí sé leagtha amach 'san láimhscríbhinn luachmhair úd. Mar sin de, ghnínn a lán íodhbairtí agus a lán gníomhartha grádha gach lá, mar a bhéadh dornán de bhláthana cumhra ionnta; bhíodh salchuacha ortha, 1 Eagna iv. 12. 2 "Aithris ar Chríost," l. 1, c. 1. 3.
uaireanta, agus rósaí; agus goirmíní, nóiníní agus lus mínle, ar uairibh, leis; i bhfocal amháin, d'fhéachas le chuile chineál bláthana a chnuasacht d'fhonn cliabhán a dhéanamh d'Íosagán i mo chroidhe. Agus annsin bhí Máire agam mar oide i d'ionad-sa. Gach tránóna d'fhanainn tamall fada 'n-a cuideachta' ag éisteacht go cíocrach le n-a bréithribh; nárbh áluinn iad na neithe adeireadh sí liom! Chítear dhom go dtáinic a croidhe mór flaithiúl ar fad isteach i mo chliabh-sa. Fé mar do mhúineadh na seadairí i n-allód ceird na n-arm d'á gclainn, b'shin mar do mhúin sise dhomh-sa le cath na beatha d'fhearadh, ag gríosadh mo dhíograise agus ag tais- beáint craoibhe glórmhaire an bhuaidhe dhom. Labhruigheadh sí liom freisin faoi'n tsaidhbhreas síorruí is féidir linn a thiomsú gan strómh gan iarracht gach lá, agus chuireadh sí i n-iúl dom go mba mhór go léir an truagh gabháil de chosaibh ann, nuair nach bhfuil orainn ach cromadh síos, mar adéarfá, le n-a bhailiú. Nach í a bhí go buadh-bhriathrach go deimhin! Ba bhreá liom go leor daoine eile a bheith ag éisteacht le n-a teagasc doimhin an uair sin chomh maith liom féin, mar mheasas, dá mb'iad na peacaigh ba mhó féin iad, go ndéanfaí iad dh'iompáil, ag éisteacht léithe dhóibh, agus go dtréigfidís a gcuid maoine saolta chun gan ach iolmhaitheas síorruí na bhFlaitheas do shaothrú feasta. Ag an uair sin dhéanfainn urnuighe go fonnmhar, ach bhraith Máire go rabhas cráibhtheach go leor cheana féin, agus níor cheaduigh sí dhom ach mo chuid paidreach béil amháin do rádh. Lá n-aon, d'fhiafruigh duine de mo mháistreásaí 'san Abdaine dhíom céard a bhínn a dhéanamh i gcaitheamh na laetheanta a mbíodh saoire againn, nuair d'fhanainn 'san mbaile ag Les Buissonnets. Do fhreagras féin go cúthalach, "Tá, a Mháthair, imighim liom go minic agus cuirim mé féin i bhfolach i mo sheomra i gcúinne ciúin folamh mar a dtig liom mé a dhúnadh isteach go réidh le bratachaí mo leapthan, agus ar a bheith annsúd dom, machtnuighim…" "Ach céard air a bhír ag machtnamh?" arsa'n bhean-rialta liom agus í ag gáiridhe. "Bím ag machtnamh ar Dhia, ar dhíombuaine na beatha seo, ar an t-síorruíocht; i bhfocal amháin, bím ag machtnamh!" Ní dhearna mo mháistreás dearmad air sin, agus ba mhinic 'n-a dhiaidh sin do chuireadh sí i gcuimhne dhom an t-am a mbínn ag machtnamh, 'á fhiafruighe dhíom an rabhas ag machtnamh fós… Tuigim féin anois gurbh fhíor-urnuighe a bhíodh agam 'á dhéanamh an tráth úd, 'n-a ndéanadh Dia mo chroidhe do theagascadh 'san chiúineadas. Na trí míosa a bhí agam le mé féin a dh'ullmhú i gcóir mo Chéad-
Chomaoine d'imigheadar thart go h-an-mhear, agus ba ghairid go raibh orm dul ar fos agus comhnuí 'san Abdaine im' iostasóir i gcaitheamh na laetheanta sin ar fad. Á! nárbh aoibhinn an fos é sin! Ní shílim féin go bhfuil a leithéid d'áthas le fáil i n-aon áit eile ach amháin 'san Chlochar; mar ní bhíonn ach broscán beag páistí ann, agus mar gheall air sin is fusa do na mnáibh-rialta aire ar leith do thabhairt do gach duine acubh. Bhí ár máistreásaí féin mar a bhéadh máithreacha dhúinn le cineáltas agus le cúram i gcaitheamh na laetheanta sin; bhí, agus tá mo chroidhe lán de bhuidheachas dóibh anois féin, agus mé ag scríobhadh na línte seo. Agus thugas faoi ndeara gur mhó an aire a thugadar dhom féin ná dom' chomhdhaltaí, cidh nach bhfuil a fhios agam cé'n fáth. Gach tránóna thagadh an phríomh-mháistreás agus a lóchrann beag léithe, agus tharraingeadh sí siar bratachaí mo leapthan go réidh agus phógadh go miochair ar an mbaithis mé. Bhí sí chómh lághach cineálta sin dom nár fhéadas gan a rádh léithe tránóna amháin: "Ó, a Mháthair, tá cion mór agam ort, agus ar an ádhbhar sin, táim le rún mór do nochtadh dhuit." Agus annsin tharraingeas amach go mall maordha leabhrán luachmhar an Charmail a bhí foluighthe agam faoi'n adhairt, agus thaisbeánas di go ríméadach bródúil é. D'oscail sí go cúramach é, agus dhearc thríd le spéis agus chuir sí i bhfios dom annsin chómh maith is a bhí Dia na glóire dhom. Agus b'fhíor dhi; mar mhothuigheas féin go minic i rith na gCúrsaí Spioradálta sin gur beag leanbh, atá gan máthair mar a bhíos-sa, a gheibheas an oiread cúraim agus cineáltais is a fuaireas féin an tráth úd. D'éistinn go h-aireach leis na léigheachtaí do thug an sagart Domin dúinn, agus ghnínn athchumaireacht díobh do scríobhadh síos. Ach níor bhacas le mo chuid smaointe féin do scríobhadh ar chor ar bith, mar dubhras liom féin go gcuimhneóchainn ortha go réidh; agus b'amhlaidh a bhí. Nach orm-sa a bhíodh an lúthgháir mhór bheith láithreach ag na Tráthana go léir ar nós na mban-rialta féin! Cuirtí sonnrú ionnam i measg mo chómhdhalta mar gheall ar chrois mhóir do sheachaid Léonie dhom, agus a bhí ar iomchar agam i mo chrios ar nós na missiunéirí, gur ceapadh gurbh ag déanamh aithrise ar mo dheirbhshiúr Charmelítigh a bhíos. Agus ba chuice-se, go deimhin, do ritheadh mo smaointe agus mo chroidhe go minic! B'fheasach mé ise do bheith ar fos, freisin; ach ní chun go dtabharfadh Íosa É féin di a bhí sise ar fos, ach chun go dtabharfadh sí í féin go h-iom- lán d'Íosa agus sin ar lá mo Chéad-Chomaoine féin. Do mhéaduigh sin ar áthas na laetheanta údan do chaitheas ar an uaigneas.
Fá dheire thiar do gheal an lá mór dhom féin, an lá is aoibhnighe agus is sona i mbeatha an duine! Nach grádhmhar ceanúil mar a chuimhnighim ar chuile mhion-eachtra d'ár thárla i gcaitheamh an lae neamhdha sin! An dúiseacht áthasach le bánú an lae, barrógaí báidhiúla urramacha na mban-rialta agus na gcailíní mór, an seomra maisiúcháin lán de chultacha sneacht-bhána 'nar gléasadh amach sinn uilig; agus go mór-mhór an chaoi ar ghluaiseamar linn isteach 'san tséipéal ag canadh cantainne na maidne: "A altóir bheannuithe mar a bhfuil na hAingil ag adhradh!" Ach ní fhéadfainn gach rud a dh'innseacht, dá mbéadh a fhonn sin orm féin, rud nach bhfuil… tá neithe áithride a chailleas a gcumhracht chomh luath is a nochtuightear do'n aer iad; agus tá smaointe foluighthe 'sa chroidhe istigh nach féidir a nochtadh i bhfoclaibh daonda, gan a mbrí dhoimhin neamhdha do chailleadh láithreach mar an gcéadna! Á! nár mhilis í an chéad phóg úd do thug Íosa do m'anam! Póg ghrádha do b'eadh í, go deimhin! D'airigheas go raibh grá Aige-sin domh-sa, agus dubhras féin freisin: "Tá grá agam Duit, agus bheirim mé féin Duit go deo is a choidhche!" Níor éiligh Íosa aon ní orm, ná níor iarr Sé aon íodhbairt. Bhíodh Sé féin agus Treasa bheag ag féachaint ar a chéile le fada roimhe sin, agus thuigeadar a chéile… ach an teacht le chéile a bhí ann an lá sin ní féachaint badh cheart do thabhairt air ach aontú. Ní beirt a bhí ionnainn feasta; bhí Treasa imighthe ar ceal ar nós an bhraoinín uisge a thuiteas isteach i lár na fairrge móire, agus bhí Íosa fágtha ann 'n-A aonar; b'Eisean an Máistir, an Rí feasta! Mar nach raibh Treasa tar héis a iarraidh Air a saoirse do thógáilt uaithe? Chuireadh an t-saoirse sin eagla uirthe; d'airigheadh sí í féin chomh lag lúbach sin gur mhian léithe í féin do tháthú le Neart Dé go bráth. Agus, féach! bhí a háthas chómh mór chómh doimhin sin nár fhéad sí a choimeád 'n-a croidhe, agus ba ghairid go raibh na frasa deor le n-a malaibh le teann lúthgháire. Chuir sin iongantas ar a com- pánachaí i riocht is go rabhadar 'á fhiafruighe d'á chéile 'n-a dhiaidh sin: "Céard a chuir ag gol mar sin í? Nó an é an chaoi a raibh rud éigin ag déanamh buartha d'á coinsias? Ní headh, b'é an rud a bhí ag goilleadh uirthe ach gan a máthair a bheith láithreach nó an deirbhshiúr sin léithe atá 'n-a Carmelíteach agus a bhfuil cion chomh mór sin aici uirthe!" Agus níor thuig aoinne nach bhféadann croidhe bocht dearóil an duine, ar theacht d'áthas uile na bhFlaitheas
isteach ann, nach bhféadann sé an t-áthas sin go léir do choimeád ann féin gan na deora do shileadh… Cé'n chaoi a bhféadfadh uireasbhaidh mo mháthar a bheith ag déanamh buartha dhom lá mo Chéad-Chomaoine? Mar bhí Neamh agam i lár mo chléibh, agus nuair a thug Íosa cuairt orm, thug mo mháthair ionmhuin cuairt orm mar an gcéadna… Ní lúgha ná mar a bhíos ag gol mar gheall ar gan tusa a bheith láithreach, arae bhíomar ní ba ghoire d'á chéile ná riamh! Níorbh shin é údar mo ghuil 'chor ar bhith, ach deirim aríst gurbh é an t-áthas amháin, 'seadh, an t-áthas doimhin do-inniste a bhí ag líonadh mo chroidhe. Um thránóna, rinneas an gníomh-coisreacáin don Mhaighdin ghlórmhair do rádh i n-ainm mo chómhdhalta. Is cosamhail gurbh é an fáth a ndearna na mná-rialta mise do thoghadh chuige sin toisg gur fágadh gan mo mháthair talmhaidhe ó thús mo leanbhánachta mé. Á! chuireas mo chroidhe go léir 'san gcoisreacán sin don Mhaighdin Mhuire, agus d'iarras go dúthrachtach uirthe mé do chúmhdach! B'fhacthas dom gur dhearc sí anuas go geanúil ar a bláithín agus go dtáinic meangadh ar a béal aríst. Chuimhnigheas ar an meangadh so-fheicse eile úd le n-a ndearna sí mé do leigheas agus dh'fhuas- cailt; bhí a fhios agam go maith cé'n chomaoin mhór a bhí curtha aici orm! Agus an mhaidin seo, an 8adh Bealtaine, nárbh í féin do tháinic anuas aríst chun a h-Íosa, "'bláth an bháin agus lile na ngleanntán" 1 do chur isteach i gcailís m'anama! Um thránóna an lae shona sin, rug m'athair ar láimh ar a ríoghain bhig agus ghluais leis fé dhéin an Charmail, agus chonnaiceas mo Phauline ionmhuin agus í anois 'n-a céile ag Íosa; chonnaiceas faoi n-a brat bán mar mo bhrat-sa agus faoi n-a coróinn rósaí í. Bhí áthas gan mhairg ar mo chroidhe; bhíos ag súil le teacht isteach chuice gan mhoill agus fanacht annsúd taobh léithe go dtéighimís go Flaitheas Dé… Bhíos go buidheach beannachtach, leis, ar son na féile do h-ullmhuigheadh dhom ag Les Buissonnets. An t-uaireadán gleoite do sheachaid m'athair ionmhuin dom chuir sé árd-áthas orm; ach mar sin féin, bhí mo shonas go ciuin ciuin, agus níorbh fhéidir le nídh ar bith síothcháin doimhin inmheadhonach m'anama do mhearú. Fá dheire thiar chuir an oidhche deire leis an tránóna aoibhinn sin; mar, dá mb'iad na laetheanta is aoibhní féin iad, is é an dorchadas a ndeire. Níl ach an t-aon lá amháin .i. lá na Céad-Chomaoine ins
na Flaithis, lá na Comaoine síorruí, a bhéas 'n-a lá gan faoithin gan foircheann! An lá dár gcionn bhí cineál cumhaidh nó uaignis orm. Níor shásamh do mo chroidhe na héadaigh deasa agus na bronntanais a bhí fáighte agam! B'é Íosa amháin a d'fhéadfadh mé do shásamh feasta, agus b'é do b'fhada liom go nglacainn aríst 'san Chomaoin Naofa É. Diardaoin Deasgabhála iseadh do ghlacas an tarna Comaoin sin, agus bhí sé de shólás agam ar an ócáid sin dul ar mo ghlúinibh idir m'athair agus Máire ag an mBord Naofa. Do shileas na frasa deor aríst mar gheall ar an suairceas do- inniste a bhí i mo chroidhe; chuimhnigheas ar bhréithribh N. Póil: "Ní mé atá beo feasta, ach Críost atá beo ionnam." 1 Agus dubhras iad aríst agus aríst eile. Ón lá sin 'n-a dtug Íosa an tarna cuairt ar m'anam, ní raibh uaim a thuille ach É do ghlacadh, agus ceaduightí sin dom ar na féiltibh móra. Faoiríor! b'fhada liom ó n-a chéile iad mar fhéiltí, an tráth úd!… Na tránóntaí roimh na laetheanta aoibhneacha sin, ghníodh Máire mé dh'ullmhú amhail mar a rinne sí le h-aghaidh mo Chéad-Chomaoine. Tránóna amháin, is cuimhneach liom gur labhair sí liom ar an bhfuilinnt, 'á rádh liom nár mhóide go n-iarrfadh Dia orm féin bóthar na bhfuilinntí do ghabháil 'chor ar bith, ach go ndéanfadh Sé mé dh'iomchar ar nós naoidheanáin i gcomhnuí. An mhaidin dár gcionn i ndiaidh mo Chomaoine, chuimhnigheas ar na bréithribh sin agus tháinic dúil mhór agam 'san bhfuilinnt, agus cuireadh i n-iúl dom im' chroidhe istigh go raibh mórán croiseann agus fuilinntí i ndán dom. Bhí m'anam chómh lán de shóláis an uair sin nach raibh a leithéidí agam riamh roimhe ná ó shoin. Ba 'san bhfuilinnt a bhí mo dhúil agam, agus chonnaiceas áilneachtaí innti, cidh nár thuigeas i gceart iad fós. Bhí dúil mhór eile agam .i. gan ach Dia amháin do ghrádhú, gan áthas ná sólás a fháil ach Ann-siúd amháin. Ba mhinic, le linn m'altúcháin, adeirinn an phaidir bheag seo as Aithris ar Chríost: "A Íosa, a shuairceas do-labhartha, iompuigh chun searbhais dom gach sólás colnaidhe." 2 Thagadh na bréithre sin as mo bhéal gan iarracht, deirinn iad mar adéarfadh leanbh rud éigin a chuirfeadh cara leis 'n-a cheann, gan é do thuigsint i gceart. Innseochad duit amach annseo, a Mháthair ionmhuin, cé mar do rinne Íosa mo dhúil do chóimhlíonadh, cé mar do bhí Sé féin amháin 'n-a Shuairceas 1 Gal. ii. 20. 2 Aithris ar Chr., l. 111. c. xxvi. 3.
do-labhartha dom i gcomhnuí. Dá n-innsighinn duit faoi sin anois, chaithfinn cur síos duit annseo roimh-ré ar mo bheatha agus mé im' ghearrchaile, agus tá mórán mion-tuairisgí agam le h-aithris duit fós ar mo leanbhánacht. Tamaillín i ndiaidh mo Chéad-Chomaoine chuadhas isteach ar fos aríst ag ullmhú le haghaidh mo Dhul-faoi-láimh-easbuig. Bhíos go h-an-dícheallach dhom' réidhteach féin i gcóir cuairte an Spioraid Naoimh, mar níorbh fhéidir liom a thuigsint cé'n fáth nach ndéanfadh duine ullmhú an-mhaith ar fad le Sacraiméad sin an ghrádha do ghlacadh. Ní dearnadh an cheremóint ar an lá a bhí socruighthe, agus d'á chionn sin d'fhéadas fanacht ar fos ar feadh tamaillín eile, agus ba mhór an sólás dom sin. Á! nach orm-sa a bhí an lúthgháir! Fearacht na n-Aspol, bhíos ag súil go h-áthasach leis an tSólásuidhe a bhí geallta dhúinn, smaointigheas go mba ghairid go mbéinn i mo Chríostuidhe chríochnuighthe, agus go mbéadh crois rúindiamhrach an tSacraiméid do-labhartha seo gearrtha ar mo bhaithis go síorruí. Níorbh é stolladh mór gaoithe na céad-Chingcíse d'airigheas, ach an leoithne shéimh gur chuala Elias a monabhar ar shliabh Hóreb. Fuaireas neart chun fuilinnte an lá sin, agus ba ghéar do theastuigh an neart céadna uaim, mar bhí mairtíreacht m'anama le tosnú gan mórán moille. Ar a bheith thart do na féiltí aoibhneacha do-dhearmadtha sin, b'éigean dom filleadh ar an scoil-iostais aríst. D'éirigheadh go geal liom i mo chuid foghluma, agus bhínn i n-ann ciall na rudaí do thabhairt liom agus do chongbháilt go réidh; ach ba rí-dheacair liom rud ar bith a fhoghluim de ghlan-mheabhair, cé's moite de'n Teagasc Críostuidhe, mar d'fhéadainn sin a fhoghluim go maith. Bheireadh an Séipleánach a ollamh beag orm, mar gheall ar Treasa a bheith mar ainm orm, is dóigh. Le linn an chaitheamh-aimsire, théighinn go minic ar fhód fé leith, agus annsin dhearcainn le h-aiteas ar mo chómhdhaltaí agus tad ag ropadh leo go meidhreach éadtrom, agus bhínn féin ag smaoin- eadh go doimhin ar feadh an achair. B'shin é an caitheamh-aimsire ba rogha liom. Bhí mireog eile ceaptha agam, leis, do thaithnigheadh go mór liom; ghnínn na h-éiníní marbha do bhéadh 'n-a luighe faoi na croinntibh móra do thóruigheacht go cúramach agus a adhlacadh go caithréimeach, iad go léir ins an t-aon roilig amháin faoi'n bhfód chéadna. Uaireanta eile, d'innsighinn scéalta, agus thagadh cuid de na cailíní móra féin ag éisteacht liom go minic; ach ba ghairid gur choisg ár máistreás chríonna mé ar leanacht de mo chuid
sgéaluidheachta, mar níorbh ag seanchas (discourir) badh mhian léith sinn a bheith ach ag rith (courir). 'San am sin, do thoghas mar cháirde dhom beirt ghearrchaile a bhí cómhnaois liom féin. Ach, nach cumhang é croidhe an duine! B'éigean do dhuine acubh dul a bhaile ar feadh roinnt míosa, agus 'fhad is a bhí sí ar shiubhal ní dhearnas féin dearmad uirthe, agus D'fháiltigheas go ceanúil áthasach roimpi, iar bhfilleadh dhi. Mo léan cráidhte! Ní raibh aici ach féachaint fhuar-chúiseach domh-sa! Níor thuig sí mo charadas agus ba mhór do ghoill sin orm; níor thóruigheas a chómh-ghuagach sin de chion a thuille. Gheall Dia croidhe dílis daingean dom féin, áfach, i dtreó, nuair a bheir se grá do dhuine, go ngrádhuigheann sé é go deire. Agus mar sin de, guidhim ar son na cómhdhalta údan i gcomhnuí, agus tá grá agam uirthe fós féin. Chonnaiceas mórán de na daltaí ag claoidheadh le duine nó le Duine eile de na maistreásaí go sonnradhach, agus bhí fonn orm féin aithris a dhéanamh ortha, ach níor éirigh liom. Agus go deimhin ba mhór an bheannacht ó Dhia é nár éirigh, mar do fainiceadh ar mhórán díoghbhála ar an gcuma sin mé. Gabhaim mo mhór-bhuidheachas le Dia na glóire as ucht a thabhairt orm gan ach searbhas a fháil i gcaradais an t-saoghail seo ariamh! Mar, leis an gcinéal croidhe atá agam, leigfinn mé do ghabháil agus m'eiteógaí do ghearradh; agus annsin cé'n chaoi a bhféadfainn "eitilt liom agus suaimhneas a fháil?" 1 Cionnus is féidir le croidhe atá tugtha do charadas daonda, é féin do tháthú go dlúth le Dia? Creidim féin nach féidir é. Chonnaiceas go leor leor anmnacha, do mealladh leis an lóchrann bhréagach sin, chonnaiceas iad d'á radadh féin isteach ann, ar nós na bhféileacán, gur dóigheadh a gcuid eiteogaí agus gur fhilleadar go gonta créachnuighthe annsin ar Íosa, ar an teine dhiadha sin a dhóigheas ach nach n-ídigheann! Á! tá a fhios agam gurbh é an chaoi a bhfaca Íosa go rabhas féin ró-lagbhrígheach leis an gcath do sheasamh, dá dtagadh orm; is cinnte go ndéanfainn mé féin do loisgeadh ar fad le lóchrann bréagach na gcréatúirí: ach níor dheallruigh sé ar mo shúilibh ariamh. Déanann na h-anmnacha láidre iad féin do ghearradh amach ó na neithibh sin le grá do Dhia, agus gheibhid áthas d'á gcroidh- thibh ar an gcuma sin, ach ní bhfuaireas féin ach buairt agus dólás 1 Sailm, liv. 6
ionnta. Is follus, mar sin de, nach bhfuil aon luachsaothair ag dul dom as ucht mé féin do chongbháilt saor ó na caidrimh dhío- mbuana sin, mar gurbh í mór-thrócaire Dé amháin a rinne mé d'fhainiceadh ortha. Mara mbéadh Eisean, amhduighim go mbéidir dhom tuitim chomh h-íseal leis an Mhagdalén féin; agus na bréithre doimhne do labhair an Slánuightheóir leis an bhFairisíneach Símón, déanaid ceol go binn i mo chroidhe. Tá a fhios agam "an t-é gur lúgha a maithtear dó, gur lúgha é a ghrá": 1 ach tá a fhios agam, leis, gur mó do mhaith Íosa dhomh-sa ná do N. Magdalén féin. Á! dá bhféadainn an nídh a mhothuighim do nochtadh! Seo dhuit solúid ar chaoi ar bith, agus béidir go léireóchadh sí mo smaoineadh roinnt: Cuirimíd i gcás go bhfuil dochtúir cliste ann a bhfuil mac aige. Buaileann an mac sin um chloich lá ar a bhealach go mbain- tear tuisle as agus go mbristear géag leis. Tagann a athair láithreach bonn, tógann sé suas go grádhmhar é, déanann a chuid créachta do cheangailt agus do chúramadh agus cuireann a chuid eolais ar fad i bhfeidhm le n-a gcneasú. Leigheastar an mac Gan mhoill, agus gabhann sé a bhuidheachas le n-a athair. Níl aimhreas ar bith nach ceart don mhac sin athair chómh cineálta sin do ghrádhú, mar tá a chúis go maith aige. Ach cuirimíd i gcás aríst gurab é an chaoi a bhfághann an t-athair amach go bhfuil cloch chontabh- airteach ar bhealach a mhic, go dtógann sé an chloch chun siubhail as an mbealach roimh-ré i ngan-fhios do gach aoinne. Níl a fhios ag an mac sin cé'n chontabhairt mhór agus an timpist a ndearna lághaidheacht roimhfheiceálach a athar é d'fhainiceadh ortha, agus ó thárla nach bhfuil, is cinnte gur lúgha an grá a bhéas aige d'á athair ná dá mbéadh sé tar héis é do thabhairt slán ó ghortú marbhthach. Ach má ráinigheann dó fírinne an scéil do chloisteál, nach mó, dar leat, an grá a bhéas aige d'á athair! Tá go maith — Is mise an leanbh sin do slánuigheadh tré ghrá roimhfheiceálach an Athar sin "nár chuir A Bhriathar Uaidh chun fíoraon do ghlaodhach chun aithrighe ach chun peacach do ghlaodhach chun aithrighe." 2 Is mian Leis go mbéadh grá agam Dhó, toisg gur mhaith Sé ní hamháin mórán ach an t-iomlán dom. Níor fhan Sé go dtugainn féin grá mór Dhó-sin, mar a thug N. Magdalén, ach chuir Sé i bhfios dom cé mar do ghrádhuigh Sé féin mise le grá roimhfheiceálach do-inniste, i riocht is go rachadh mo ghrá-sa Dhó chun díthcéille féin anois!
Chualas daoine 'á rádh go minic i gCúrsaí Spioradálta agus ar ócáidibh eile nár fríothadh fós anam íodhan neamhchionntach a raibh oiread grá aige is a bhíos ag an anam aithrigheach. Á! b'ait liom-sa an rádh sin do shárú! Ach táim ar fuaidreamh i bhfad ó m'ádhbhar, agus ní go maith atá a fhios agam cá dtosnóchad aríst… Le linn na gCúrsaí Spioradálta do rinneas roimh mo dhara Comaoin Naofa is eadh do tháinic galar uathbhásach na scrupall orm. Caithfidh duine gabháil thríd an mhairtíreacht seo le go dtuigidh sé i gceart í. Ní fhéadfainn a innseacht cé mar d'fhuilingeas i gcaitheamh dhá bhlian, geall leis! Mo smaointe agus mo ghníomh- artha go léir, d'á shimplíocht nó d'á shuaraigheacht iad, ba chúis imní agus buartha dhom iad. Ní bhíodh suaimhneas le fáil agam ach amháin tar héis dom gach uile rud a innseacht do Mháire, agus ba dhoiligh liom sin a dhéanamh, leis, mar níorbh fhuláir liom gach aon smaoineadh aisteach áibhéiseach do nochtadh dhi. Bhéadh suaimhneas beag agam annsin, tar héis m'ualaigh do chur dhíom dom: ach d'imigheadh an suaimhneas sin uaim le luas lasrach aríst, agus thosuigheadh mo mhairtíreacht an ath-uair! A Dhia mhóir! nach iomdha sin gníomh-foighde a thugas ar mo dheirbhshiúr ionmhuin a dhéanamh! An bhliain sin i rith na laetheanta saoire, do chaitheamar coicís cois-fhairrge. Agus rinne ár n-aintín, a bhí chómh lághach máithriúl sin i gcomhnuí d'á páistibh i Les Buissonnets, rinne sí chuile shaghas siamsa do chur ar fáil dúinn: marcaidheacht ar asal, iasgach, agus rl. Bhíomar millte aice freisin, leis na héadaigh galánta do bheireadh sí dhúinn. Is cuimhneach liom go dtug sí dhom féin roinnt ribíní spéar-ghorm lá. Bhíos chomh páistiúil sin fós, i naimhdheoin go raibh dhá bhliain déag go leith d'aois agam, gur chuir sé ríméad orm m'fholt dualach do cheangailt leis na ribíní deasa sin. Bhuail a leithéid sin de scrupall mé 'n-a dhiaidh sin, áfach, go ndeachas chuig faoisdín ag Trouville féin, agus gur innsigheas faoi'n bpléisiúr pháistiúil sin, mar ba pheacadh liom é. Múineadh ceacht dom annsúd a chuaidh i sochar dhom go mór: Bhíodh méagram 'n-a ceann ag mo chol-ceathar Máire go h-an- mhinic: agus ar na hócáidibh sin, ghníodh m'aintín í do mhuirniú agus na h-ainmneacha ba cheanúla ar bith do thabhairt uirthe, ach leanfadh Máire uirthe ag sileadh na súl agus gach aon "Uch! Tá tinneas-cinn orm!" aice. Agus ó thárla go mbíodh tinneas- cinn orm féin gach uile lá mórnach, cidh nach mbínn ag éagcaoin faoi, nár cheapas aithris a dhéanamh ar Mháire tránóna
amháin! Chuige sin bhuaileas fúm ar chathaoir shócamhlaigh i gcúinne an t-seomra agus thosuigh orm ag gol. Ba ghairid go dtáinic mo chol-ceathar mhór Siubhán, a raibh cion mór agam uirthe, anall chugam go deifreach; tháinic m'aintín, leis, gur fhiafruigh sí dhíom cé'n fáth a rabhas ag gol. D'fhreagras féin, ar nós Máire: "Tá tinneas-cinn orm!" Ach is cosamhail nach ndeachaidh sé go maith dhomh-sa bheith ag éagcaoin; mar níor fhéadas ariamh a áiteamh ortha gurbh é an tinneas-cinn do chuir ag gol mé. I n-ionad mé do mhuirniú, mar ba ghnáthach léithe a dhéanamh, do labhair m'ain- tín liom mar a labhróchadh sí le duine fásta. Agus rinne Siubhán mé do mhilleánadh féin go mín, 'á chur i n-umhail dom go raibh brón uirthe faoi rádh is nach rabhas chómh h-iontaoibheach oscailteach le m'aintín is badh chóir dhom a bheith, mar nár innsigheas di fíor- thrúig mo ghuil, agus gur shíl sí féin gur scrupall mór a bhí ag déanamh buartha dhom. Ní bhfuaireas ach an rud a bhí tuillte agam, agus chuireas róm gan aithris a dhéanamh ar dhaoinibh eile aríst go h-éag. Thuigeas fabhal-scéal an asail agus an mhaidrín. Ba mise an t-asal, do chonnaic an muirniú do tugadh don mhaidrín, agus do sháith a chrúb mhór liopaisteach féin suas ar an mbórd d'fhonn na barrógaí a fháil mar an gcéadna. Munar cuireadh chun bealaigh mé le Greadadh maith leis an mbata féin, fearacht an asail bhoicht, fuaireas an íocaidheacht a bhí ag dul dom, áfach, agus ní baoghal go raibh fonn orm aríst a choidhche sunndas daoine do tharraint orm féin. Ach iomthúsa mairtíreachta móire úd na scrúpall. B'é an rud do tháinic aisti gur bhreoigh sí mé fá dheire, i riocht is gur chaitheas an scoil-iostais a fhágáil, agus mé i n-aois mo thrí mblian déag. Annsin d'fhonn m'oideachas do chríochnú, bheireadh m'athair leis ag triall ar mhnaoi léigheannta áithrid mé go minic 'san tseachtain, agus gheibhinn ceachtaí sár-mhaithe uaithe sin. Bhí an dá bhuntáiste ag baint leis na ceachtaibh sin, mar ghnídís mé do theagasc agus 'san am chéadna thugaidís deis dom leis an saoghal a fheiceál. 'San t-seomra sin go n-a chuid trosgáin seanda agus a chuid leabhar agus páipéirí ar gach taobh, bhínn láithreach le linn mórán cuairtí. B'í máthair mo mhúinteóra ba mhó a ghníodh an chainnt do choimeád ar siubhal; ach ní mórán a d'fhéadainn féin a fhoghluim na laetheanta sin. Bhíodh mo cheann cromtha agam ós cionn mo leabhair, ach chloisinn chuile nídh, fiú amháin na neithe a b'fhearr dhom gan iad do chloisteál. Déarfadh bean amháin go raibh folt breá áluinn agam, agus d'fhiafróch' duine eile, ag dul amach dhi,
cé leis an ghirseach dhóigheamhail sin. Ní ceaptaí go gcloisinn féin an chainnt sin 'chor ar bith, agus ba phlámásaí mar gheall air sin í, i dtreo go mothuighinn glionndar croidhe ag teacht orm le linn éisteachta léithe dhom — rud do chuir i dtuigsint dom cé'n féin-ghrádh mór a bhí ionnam. Tá truagh i mo chroidhe agam do na h-anmnacha a cailltear. Nach ró-fhurusta imeacht ar seachrán ar chonairí bláthmhara an t-saoghail mhóir! Is cinnte go bhfuighbhidh an té atá beagán uasal- aigeanta mórán searbhais i ngach suairceas saoghalta, agus ní fhéadfadh baoth-mholadh díombuan folmhas mór do-theóranta a mhianta do líonadh ná do shású. Ach, deirim aríst é, muna mbéadh gur tógadh mo chroidhe-se suas chun Dé ó thús, dá mbéadh an saoghal ag meangadh liom go mealltach ó rugadh mé, céard a d'imeóchadh orm 'chor ar bith? Ó! a Mháthair mhilis, nach mé a fhéadas trócairí an Tiarna do chanadh go buidheach beannachtach le lán-chroidhe! Fé mar adeir leabhar na hEagna, nach ndearna Sé mé "do thógáil chun siubhail as an t-saoghal sar a n-atharóch' an mhalluightheacht mo thuigsint, agus sar a meallfadh ceilg m'anam?" 1 Um an dtaca seo chuireas róm mé féin do choisreacadh ar bhealach fá leith don Mhaighdin ghlórmhair agus d'iarras cead dul isteach i gCuallacht Leanbh-Mhuire. Chuige sin níorbh fhuláir dhom dul go dtí an Clochar faoi dhó 'san tseachtain, agus níor bheag an íodhbairt dom é sin a dhéanamh, mar gheall ar chómh cúthail is a bhíos. Bhí an-chion agam ar mo mhaistreásaí geanúla, gan aimhreas, agus béad lán-bhuidheach díobh go h-éag; ach, mar adubhras cheana, ní raibh aon chara ar leith agam 'n-a measg, fé mar a bhí ag furmhór na sean-daltaí eile, a mbéidir liom sgathamh fada do thabhairt 'n-a cuideachtain. Agus mar sin de, d'oibrighinn liom go ciuin tostach go mbíodh an ceacht láimh-oibre thart, agus ó thárla nach dtugadh aoinne sunndas dom, d'éaluighinn liom annsin suas go dtí córaidh an t-séipéil go dtagadh m'athair i mo choinne. Le linn na cuairte ciúine sin iseadh do gheibhinn m'aon t-sólás amháin: mar nár é Íosa m'Aon-Chara feasta? Níorbh fhéidir liom labhairt ach Leis-siúd amháin; na cómhráidhte a bhíodh agam le daoine, dá mb'iad na cómhráidhte cráibhtheacha féin iad, do thuirsighidís m'anam. Is fíor go dtagadh cumhaidh orm uaireanta agus mé i m'aonarán annsúd, agus is cuimhneach liom go n-abruigh-
inn go minic annsin, d'fhonn mé féin do shólású, an líne seo de dhán áluinn a d'aithrisigheadh ár n-athair ionmhuin dúinn: "Do long is eadh an talamh seo, ní h-é do bhaile dhúthchais é!" Nuair a bhíos im' pháistín, chuireadh na foclaí sin misneach orm. Agus anois féin, i n-aimhdheoin go ndéanann na blianta mórán d'ár smaointe cráibhtheacha páistiúla do scaipeadh, cuireann soluíd sin na luinge áthas ar mo chroidhe agus cuidigheann sé liom deor- uíocht na beatha seo dh'iomchar. Nach n-abruigheann leabhar na h-Eagna féin gur "cosamhail beatha an duine leis an luing a dh'imigheann tríd an uisge, agus nuair a bhíonn sí imighthe nach féidir a rian a fháil?" 1 Ag machtnamh ar na neithibh sin dom, breathnuighim uaim isteach 'san tSíorruíocht; chítear dhom go bhfuilim buailte le tráigh na bhFlaitheas cheana féin! Chítear dhom go bhfuil Íosa dhom' bharr- ógadh… Creidim go bhfeicim an Mhaighdean Ghlórmhar ag teacht i m'airicis i n-éindtigh le m'athair agus le mo mháthair agus leis na cheithre aingil bheaga, mo dhritháracha agus mo dhriféaracha! Agus chítear dhom go bhfuil agam fá dheoidh fíor-bheatha shíorruí an teaghlaigh go deo is a choidhche! Ach b'iomdha sin scarúint a bhí le fuilinnt agam go fóill ar talamh, shul dá bhféadfainn suaimhneas síorruí ár n-Athardha neamhdha do bheith agam. An bhliain chéadna a ndearnadh Leanbh- Mhuire dhíom, thóg sí féin chun siubhail uaim mo Mháire ionmhuin féin, 2 an t-aon taca amháin a bhí ag m'anam. B'í an t-aon chomhairleoir a bhí agam í, ó d'imighis féin uaim, agus bhí cion chómh mór sin agam uirthe is nárbh fhéidir liom maireachtáil 'n-a h-éag- muis. Ar n-a chloisteál dom go raibh sí le h-imeacht, chuireas róm gan aon phléisiúr a fháil i nídh ar bith ar an dtalamh seo a thuille. Shileas na frasa diana deor: ach, ar ndóigh, ba nós liom a bheith ag gol an uair sin. Níorbh iad na rudaí móra amháin do chuireadh ag gol mé, ach na rudaí beaga suaracha go minic. Seo dhuit roinnt somplaí a chruthóchas gurbh amhlaidh a bhí. Bhí dúil mhór agam na subháilcí do chleachtadh, ach b'aisteach an chaoi a gcuirinn chuige. Níor ghnáthach liom friothálamh orm féin: ghníodh Céline mo sheomra do thógáilt dom, agus ní dhéanainn féin 2 Chuaidh sí isteach i gCarmal Lisieux an 15adh lá de Dheire Fóghmhair, 1886, agus tugadh Soeur Marie du Sacré-Coeur uirthe.
giotamáil ar bith 'san teach. Uaireanta, áfach, d'fhonn áthas do chur ar Dhia, ghnínn féin an leabaidh do chóiriú, nó nuair a bhéadh Céline amuigh tránóna, chuirfinn a cuid plannda agus bláthana isteach dhi. Ar son Dé amháin is eadh do ghnínn na neithe sin, mar adubhras, agus ar an ádhbhar sin ní raibh aon cheart agam bheith ag súil le buidheachas ó dhaoinibh. Ach mo léan cráidhte! a mhalairt ar fad do thárluigheadh, mar dá mbéadh sé de mhí-ádh ar Chéline dearmad a dhéanamh ar a h-áthas agus a h-iongantas do thais- beáint de bhárr mo mhion-ghníomhartha, bhínn mí-shásta agus chuirinn sin i n-umhail di, leis, le mo chuid deór. Dá ráinigheadh dhom buairt do chur ar aoinne dom' aimhdheoin féin, i n-ionad é do scaoileadh tharm, bhínn chómh cráidhte sin mar gheall air go n-éirighinn tinn; agus b'amhlaidh do mhéaduigheadh sin ar mo locht i n-ionad é do laghdú. Agus nuair a d'fhéachfainn le mé féin do shólású mar gheall ar an locht féin, do ghoilinn aríst annsin mar gheall ar gur ghoileas roimhe sin. Is fíor go ndéanainn mé féin do chiapadh mar gheall ar chuile shaghas rudaí! A áthrach sin ar fad a dhéanaim anois. Thug Dia d'Á ghrástaibh dhom gan leigint d'aon rud díombuan annseo thíos mé do bhuaidh- readh. Nuair a chuimhnighim ar na laetheanta atá imighthe thart, gabhaim mo mhór-bhuidheachas le Dia, mar rinne A ghrásta agus A thíodhlaicthe mé dh'athrú chómh mór sin gurab ar éigin a d'aithneóchthaí mé. Nuair a bhí Máire imighthe uaim isteach 'san Charmal agus nár fhéadas mo chuid trioblóidí a nochtadh dhi a thuille, d'iompuigheas suas i dtreó na bhFlaitheas. Chuireas m'athchuinge suas chun an cheathrair d'ár gclainn a bhí imighthe suas ann róm, mar mheasas, ó thárla nárbh eól do na h-anmnacha neimh-chionntacha sin buaireamh ná eagla riamh, go mbéadh truagh acubh d'á ndeirbhshiúirín bhocht a bhí ag fuilinnt ar talamh. Labhruigheas leo go simplí páistiúl 'á rádh leo gur mise an duine do b'óige de'n chlainn, agus mar gheall air sin gur dhomh-sa ba mhó do thugadh mo thúismightheoirí agus mo dhriféar- acha gean agus muirniú i gcomhnuí; agus dá mbéidís féin annseo thíos go fóill, gur chinnte go dtabharfaidís an gean céadna dhom; má bhíodar ins na Flaithis féin, nár fhág sin gur cheart dóibh dearmad a dhéanamh dhíomsa, ach a mhalairt: mar, ó bhí ar a gcumas tarraint as cistí Dé féin, go gcaithfidís an t-síothcháin a fháil asta dhom féin, agus a chruthú dhom ar an ndóigh sin go bhféad- tar grádhú annsúd thuas freisin. Tugadh freagra agus toradh ar mo ghuidhe gan aon achar; ba
ghairid gur bhris tonntracha móra geanúla na síothchána isteach ar m'anam. Cuireadh i n-umhail dom gur grádhuigheadh mé ní h-amháin ar talamh ach ar neamh, leis! Ón uair sin i leith do méaduigheadh go mór ar mo chráibhtheacht do mo dhearbhráthairíní agus do mo dheirbhshiúiríní atá ins na Flaithis. B'ait liom a bheith ag labhairt leo agus ag cur-síos dóibh ar bhuairtí na deoruíochta seo agus ar an ndúil a bhí agam teacht chuca gan mhoill go dtí an Athardha síorruí.
CAIBIDIOL V. Má bhí Dia na glóire ag dóirteadh A ghrásta anuas orm go flaithiúl líonmhar féin, b'fhada uaim iad do thuilleadh ar bhealach ar bith. Is fíor go raibh dúil mhór agam i gcomhnuí na subháilcí do chleachtadh, ach nach iomdha sin locht agus mí-fhoirbhtheacht a bhí measgtha le mo ghníomharthaibh! Bhíos chómh mothuightheach sin ar fad nárbh fhéidir cur suas liom; agus ní raibh maith ar bith a bheith ag cainnt ná ag pléidhe liom faoi, mar bhí sé ag dul díom an locht mí-thaithneamhach sin do cheartú. Agus cé'n chaoi a raibh sé de dhánaidheacht ionnam mar sin bheith ag súil le dul isteach 'san Charmal gan mhoill? Níor mhór míorbhailt bheag do thabharfadh orm fás agus neartú ar ala na h-uaire; agus ar an lá do-dhearmadtha úd, an 25adh lá de mhí na Nodlag 1886, rinne Dia an mhíorbhailt shár-riachtanach sin. An Nodlaig sin, an oidhche bheannuithe úd, rinne Íosagán, an naoidheanán geanúil nua-bheirthe, fuarloch soluis do dhóirteadh isteach i m'anam gur scaip Sé doircheacht mo dhubh-oidhche. Rinne Sé É féin lag agus íseal ar mo shon-sa chun mise do dhéanamh láidir misniúl; chuir Sé umam A chuid arm agus treallmha féin, agus uaidh sin amach bhíos ag buadhchaint róm, ar nós an fharaire a ghabhas a shlí go lúthmhar éadtrom buadhach. Do triomuigheadh fuarán mo chuid deór agus ní bhuinnighidís 'n-a dhiaidh sin ach go h-annamh agus ar éigin. Innseochad anois duit, a Mháithrín, cé'n ócáid 'n-a bhfuaireas an grás ró-luachmhar sin le n-ar iompuigheadh agus le n-ar claoch- luigheadh go h-iomlán mé: Iar bhfilleadh ar Les Buissonnets dhúinn i ndiaidh Aifrinn an mheadhon-oidhche, bhí a fhios agam go bhfuighbhinn mo bhrógaí 'san gclúid, mar a gheibhinn i laethibh mo naoidheandachta iad, agus iad líonta de shóghluistí — rud a chruthuigheas duit gur naoidheanán fós ag cách mé. Dá mb'é m'athair féin é, bhíodh áthas air mo ríméad d'fheiceál agus mo ghártha aiteasacha do chlos do réir mar a tharrainginn gach aon iongantas nua amach as na brógaí draoidh- eachta, agus mhéaduigheadh a áthas sin ar m'aoibhneas féin. Ach
cheana, bhí an uair tagtha 'nar mhian le h-Íosa mé dh'fhuascailt ó mhí-fhoirbhtheachtaí na naoidheandachta agus a cuid áthas neamh- urchóideach féin do thógáilt uaim. Agus i n-aimhdheoin gur ghnáthach le m'athair mé do mhuirniú i gcomhnuí 'gcómhnuí, do cheaduigh Íosa nach ndearna sé ach múisíam do thaisbeáint ar an ócáid seo. Ag dul suas go dtí mo sheómra dhom, chualas a' rádh na bhfocal seo é, agus chuadar go smior ionnam: "Iongantas ró-pháistiúil é seo feasta do ghearrchaile chómh mór le Treasa, agus tá súil agam gur ab í seo an bhliain deiridh a bhéas sé againn." Ó thuig Céline mo mhothuightheacht ró-mhór, dubhairt sí liom ós íseal: "Ná téirigh síos láithreach, fan annseo go fóillín; bhéitheá ag gol go ró-mhór, ag féachaint ar na h-iongantaisí dhuit, i bhfiadh- naise d'athar." Ach níorbh í an Treasa chéadna a bhí ann a thuille. …Bhí Íosa tar héis a croidhe do chlaochlódh! Do bhrúghas siar mo dheóra agus síos liom go beo go dtí an tseomra-bídh: choisgeas preabarnach thréan mo chroidhe, ghlacas chugam mo bhróga gur tharraingeas na féiríní asta go h-áthasach, agus mé ag féachaint chómh sonasach séanmhar le ríoghain ar feadh an achair. Bhí m'athair féin ag gáiridhe go séimh mar seo, agus ní raibh aon rian mí-shástachta ar a cheann-aghaidh a thuille, agus maidir le Céline b'fhacthas di-se gurbh ag brionglóid a bhí sí! Ach níor bhrionglóid é 'chor ar bith ach lom-chlár na fírinne: Bhí Treasa bheag tar héis a neart-anama a fháil ar ais go deo deo, an neart- anama sin do chaill sí i n-aois a cheithre mblian go leith. An oidhche shoillseach údan is eadh do thosuigh an tríomhadh téarma de mo bheatha, agus is é an téarma is áilne orthubh go léir é, an téarma is láine de ghrástaibh Dé. An gnó nár éirigh liom féin a dhéanamh i mórán blianta, rinne Íosa i bhfaiteadh na súl dom é, mar ní raibh Uaidh ach mo dheaghthoil a fheiceál. Níor mhisde dhomh- sa a rádh, mar adubhairt na h-Aspoil: "A Mháistir, tá an oidhche caithte agam ag obair, agus níor thógas aon nídh." 1 Bhí Íosa níos cineálta dhom féin ná d'Á dheisciobuil, mar do rug Sé féin ar an lion gur sgaoil Sé amach é, agus gur tharraing Sé isteach annsin é lán d'iasgaibh; rinne Sé iasgaire ar anmnacha dhíom… tháinic grá Dé isteach im' chroidhe mar aon le dúil mhór mé féin do dhearmadadh i dtóláimh, agus uaidh sin i leith bhí sonas agam. Domhnach amháin, le linn mo leabhar-urnuighthe do dhúnadh dhom i ndiaidh an Aifrinn, do sgiorr pictiúir ár dTiarna ar an gCroich
Chéasta amach beagán ó na duilleógaí, i riocht is gur fhéadas lámh Leis a fheiceál agus í tollta agus ag tabhairt fola. Ar n-a fheiceál sin dom, ghabh mothú nua do-inniste mé láithreach. Bhí mo chroidhe d'á réabadh le dólás ag féachaint ar an bhfuil ró-luachmhair sin dom agus í ag tuitim síos go talamh gan duine ná deoruidhe ann a mbéadh fonn air í do bhailiú chuige; agus chuireas róm fanacht do shíor ag bun na Croise 'san spioraid le drúcht diadha sin an t-slánuithe do ghabháil chugam féin agus le n-a dhóirteadh ar na h-anmnachaí annsin. Ón lá sin i leith, bhíodh an scread do chuir Íosa As ag fáil bháis Dó .i. "Tá tart orm!" bhíodh sin ag déanamh mac-alla i lár mo chléibh ag gach nóiméid agus ag adhnadh dhíograis agus dhúthrachta nua ionnam nach raibh a leithéid ionnam ariamh cheana. B'é mo mhian deoch a thabhairt do mo Shlánuitheóir ionmhuin; agus bhí íota na n-anmnacha 'gham loisceadh féin mar an gcéadna, agus níorbh fhuláir liom na peacaigh bochta do thárrtháil ó lasracha ifrinn na bpian ar ais nó ar éigin. D'fhonn mo dhíogras do chur ar lasadh, chuir Íosa féin i n-umhail dom gan mhoill gur thaithn mo mhianta Leis. Chualas iomrádh ar chuirptheach mór, dárbh ainm Pranzini, a bhí daortha chun báis de dheasgaibh na ndúnmharbhtha n-uathbhásach a bhí déanta aige, agus a raibh imní mhór dhó ar fhaitíos go ndamnóchaí go síorruí é, mar bhí sé gan aon chomhartha aithreachais do thaisbeáint go nuige sin. Theastuigh uaim féin é do thárrtháil ón mí-ádh deireannach do- fhóirthe sin. Chuige sin tharraingeas chugam chuile ghléas spiorad- álta dhár fhéadas smaointiú ortha; agus ó bhí a fhios agam nach bhféadfainn aon ní a dhéanamh asam féin, d'ofráileas mórluachtaí do-chuimsighthe ár Slánuitheóra agus maoin na h-Eaglaise thar a cheann. An gcaithfead a rádh? Bhíos cinnte dearbhtha dhe i lár mo chroidhe istigh go dtabharfaí áird ar mo ghuidhe. Ach d'fhonn misneach do chur orm féin le leanacht do mo chuid paidreóireachta ar son na n-anmnacha, dubhras an phaidir shimplí seo: "A Dhia dhil, táim cinnte dhe go dtabharfair maithteanas don aindeiseóir seo Pranzini; tá an oiread sin muiníne agam as Do mhór- thrócaire do-chuimsighthe is go gcreidfinn sin dá mba nach ndéan- fadh sé faoisdin féin agus nach ndéanfadh sé aon chómhartha aith- reachais do thaisbeáint 'chor ar bith. Ach is é mo chéad pheacach é; agus mar gheall air sin, nílim 'á iarraidh Ort ach cómhartha aith- reachais do thabhairt dom, le mé fhéin do shólású amháin." Tugadh toradh ar mo ghuidhe go baileach! Ní cheaduigheadh ár n'athair dhúinn ariamh na páipéirí-nuaidheachta do léigheamh; ach
mar sin féin níorbh easúmhluigheacht liom féin silleadh do thabhairt ar an ngiota 'n-a raibh cur-síos ar Phranzini. Lá ar n-a bhárach tar héis a churtha chun báis, foscluighim go cíocrach an páipéar "La Croix," agus meas-tú céard a chím ann ós cómhair mo shúl? …Á! do bhris na deora amach ó mo rosgaibh le chómh corruighthe is a bhíos, agus b'éigean dom greadadh liom. Chuaidh Pranzini suas ar an gcroich gan aithrighe gan absolóid; bhí na crochadóirí 'á tharraint anonn fé dhéin blocáin an bháis cheana féin, nuair féach! iompuigheann sé ar ais go tobann, mar a chuirfeadh Dia 'n-a chroidhe é, beireann ar an gCrois do shín an sagart chuige agus pógann créachta beannuithe an t-Slánuitheóra chomh maith le trí h-uaire!… Mar sin de, an cómhartha a bhí uaim bhí sé fáighte agam. Agus ba shólásach an cómhartha dhom é, go deimhin! Mar nárbh i bhfiadhnaise créachta Íosa, ag féachaint ar A chuid fola diadha ag buinniú asta dhom, do chuaidh íota na n-anmnacha i n-achrann im' chroidhe? B'é mo dhúil an Fhuil ró-ghlan sin do thabhairt le n-ól dóibh, chun a gcuid smál go léir do ghlanadh dhíobh: agus do ghreamuigh bruasa mo "chéad-gheine" de chréachta sin Mhic Dé! Cad é mar fhreagra do-inniste! Á! an dúil a bhí agam anmnacha do shábháil do méaduigheadh uirthi i n-aghaidh an lae, ó tugadh an aisge iongantach aonaránach sin dom. Chítí dhom go gcloisinn Íosa 'á rádh liom de ghlór bog íseal, mar adubhairt Sé leis an mnaoi Shamaritánaigh: "Tabhair dhom deoch!" 1 Fíor-mhalairtiú grádha a bhí ann: do dhóirtinn Fuil Íosa ar na h-anmnachaí, agus annsin do sheachadainn na h-anmnacha céadna údan d'Íosa agus iad níghte go glan gléigeal 'san ndrúcht sin ó árdaibh Chalbhaire. B'shin mar do shíleas A thart do mhúchadh, ach dá mhéid dá dtugainn le n-ól Dó, b'amhlaidh ba mhó an tart a bhí ag teacht ar mh'anam bhocht dearóil féin, agus b'í an íota sin an tuarasdal ba rogha liom thar nídh ar bith eile. Bhí Dia tar héis mé do scaoileadh saor amach i mbeagán aimsire ón gcearcall chumhang a raibh comhnuí orm ann go dtí sin. Bhí an choiscéim mhór tugtha; ach mo nuar! Ba bhuan an bóthar a bhí róm amach go fóill. Ó bhíos fuascluighthe ó mo chuid scrupall agus ó m'íogmhaireacht ró-mhóir, do neartuigheadh agus do leathanuigheadh m'aigne. Bhí tóir agam ar an Uaisle agus ar an Áilne i gcomhnuí riamh, agus um an dtaca seo tháinic dúil an-mhór agam 'san léigheann agus
'san eolas. Níor leor liom ceachtaí mo mháistreása, ghnínn ádhbhair-léighinn eile ar leith dh'fhoghluim asam féin: agus tháinic d'á chionn sin gur mhó a d'fhoghluimeas an uair sin i roinnt míosa ná mar a bhí foghlumtha agam i gcaitheamh na mblianta fada roimhe sin. Á! nach fíor nach raibh 'san ndúthracht sin ach baois agus buaidhreamh aigne? De dheasgaibh an mhianaigh dhásachtaigh a bhí ionnam, bhíos buailte anois leis an nóiméid ba chontabhairtí de mo bheatha ar fad. Ach rinne Dia beart i mo thaobh do réir mar adeir Ezechiel 'n-a thairngreachtaí: "Bhíos ag gabháil an treó agus do chonnaiceas tú, agus féach, am do lucht grádha ab eadh an t-am agat: agus do leathas m'fhalaing ort. Thugas dearbhú dhuit, agus do luigheas isteach i gconnradh leat, adeir an Tiarna Dia, agus ba liom féin tú. Agus do nígheas tú le h-uisge, agus d'ungas tú le h-ola. Do chuireas éide ioldathach umat, do ghléasas tú le h-órnáidibh, agus do chuireas práisléidí ar do lámhaibh, agus do chuireas slabhra timpal ar do mhuineál. Do gléasadh thú le h-ór agus le h-airgead, agus do h-éidigheadh thú le línéadach mín, agus le gréas, agus le h-ioldathanaibh, agus bhíodh plúr mín agat le n-ithe, agus mil agus ola, agus do rinneadh an-sciamhach thú, agus do h-árduigh- eadh thú chun bheith ad' bhainríoghain." 1 'Seadh! rinne Íosa na neithe sin uilig ar mo shon-sa! Thiocfadh liom dul siar ar gach aon bhriathar den ngiota fíor-áluinn sin agus a thaisbeáint gur fíoradh ionnam féin iad; ach ní beag liom mar dheimhne air sin na grásta ar innsigheas duit fútha ó chianaibhín. Mar sin de, ní labhróchad annseo ach amháin ar an mbeatha do riar Dia orm go fial flaithiúlach. B'í beatha a bhí agam do m'anam le fada roimhe sin ná an plúr mín atá le fáil i "nAithris ar Chríost." B'shin é an t-aon leabhar amháin do ghníodh maitheas dom, mar ní raibh an stór luachmhar atá foluighthe ins an tSoisgéal ní raibh sé bainte amach agam go fóill. Ní chuirinn an leabhrán úd uaim a choidhche. Bhítí ag déanamh grinn faoi sin 'san mbaile, agus ba mhinic d'fhoscluigheadh m'aintín go mearbhallach é go n-iarradh sí orm an caibidiol a bhéadh faoi n-a súile a rádh de ghlan-mheabhair. Nuair a bhíos cheithre bliana déag d'aois agus an dúil mhór sin agam i n-eolas, chonnaic Dia nár mhór dhom "neart meala agus ola chomh maith leis an bplúr mín úd." Agus an mhil agus an ola sin thug Sé orm iad a fháil i gcómhthráchtais an t-sagairt Arminjon
Treasa agus Céline ag Les Buissonnets.
ar "dheire an t-saoghail seo agus ar rúindiamhra an t-saoghail atá le teacht." Chuireadh léightheóireacht an leabhair sin aoibhneas nár shaolta ar mo chroidhe; mhothuigheas roimhré na neithe atá ullamh ag Dia don mhuinntir a bheir grá Dhó; agus nuair a chonn- aiceas nach raibh aon chómórtas idir an luachsaothair síorruí sin agus fuilinntí éadtroma na beatha seo, b'é mo dhúil Íosa do ghrádhú, É do ghrádhú ó mo chroidhe go h-iomlán, agus mo ghean do chur i n-umhail Dó ar mhíle slí 'fhad is a bhí sé ar mo chumas sin a dhéanamh. B'í Céline mo chaoimhtheach ionmhuin ó Nodlaig go mór-mhór, agus ba di-se do nochtuighinn rúin mo chroidhe. B'é toil Íosa sinn do dhul ar aghaidh i gcuideacht 'a chéile, agus chuige sin, rinne Sé ceangal eadrainn 'nár gcroidhe ba threise ná ceangal nó gaol fola. Rinne Sé anam-dhriféaracha dhínn. Fíoradh ionnainn bréithre údan ár n-Athar N. Eóin na Croise, 'n-a Chaintic Spioradálta: Bíonn triall na n-ainnear go tapaidh le tnúth 'sa tslí Atá rianta cheana sa bheatha led' shiubhal, a Chríost; A gciall soin d'fhaduigh do lasair, is mhúscail t'fhíon Mianta glana na bhFlathas gcumhra 'na gcroidhe. 'Seadh, ba lúthmhar troigh-éasgaidh do leanamar lorga Íosa! Na sméaróidí lasracha a bhí curtha Aige 'nár gcroidhthibh, an fíon deagh-bhlasta do bheireadh Sé le n-ól dúinn, chuireadar as amharc orainn néithe díombuana an t-saoghail seo, agus ní bhíodh ag éirghe as ár gcroidhthibh ach mianta glana agus osnaidheacha grádha amháin. Nach suairc liom cuimhneamh ar na cómhráidhte a bhíodh againn an tráth úd! Gach tránóna, ar an ndeaghradharcán, bhímís i bhfochair a chéile ag breathnú uainn suas ar chruinneacán gorm na spéire a's é clúduighthe le réaltógaí órdha. Chítear dhom go bhfághaimís grásta móra annsúd. Mar adeir Aithris ar Chríost: "Déan- ann Dia É fhéin a dh'fhoillsiú le mórán soluis ar uairibh, agus ar uairibh, leis, taisbeánann Sé É féin go mín milis i soluídibh agus i samhalaibh." 1 B'shin mar do thaisbeánadh Sé É féin dúinn-ne 'nár gcroidhthibh; ach nárbh éadtrom tríd-fheicseanach an brat a bhí eadrainn! Níorbh fhéidir aon aimhreas a bheith orainn; bhí an creideamh agus an dóchas ag imeacht ar ceal 'nár n-anmnachaí: mar chuir an Grá ar ár gcumas an tÉ a rabhamar ar A thóir dh'fháil
annseo ar talamh féin. "Fuaireamar 'n-a aonar É, agus thug Sé A phóg dhúinn i gcruth's nach bhféadfadh aoinne sinn do thar- cuisniú ní ba mhó." 1 Ní raibh na teangmháilí diadha sin gan a dtoradh do thabhairt; thagadh liom na subháilcí do chleachtadh go fonnmhar agus go nádúrtha. I dtosach, tugtaí an comhrac inmheadhonach faoi ndeara ar mo cheann-aghaidh; ach i leabaidh a chéile d'éirigheadh liom mé féin do shéanadh go réidh, ar an gcéad nóiméid féin. Dubhairt Íosa: "An t-é go bhfuil aige tabharfar dhó, agus béidh flúirse aige." 2 Nuair a bhínn-se freagarthach dílis d'aon ghrás amháin, bheireadh Seisean mórán grásta eile dhom 'n-a cheann sin. Bheireadh Sé É féin dom 'san Chomaoin Naofa ní ba mhinicí ná mar do leómhfainn féin a bheith ag súil leis. B'é an rud a bhí curtha róm agam na Comaoineacha do cheaduigheadh m'anamchara dhom do ghlacadh go dílis dúthrachtach ach gan a iarraidh air a choidhche a n-uimhir do mhéadú. Indiu, áfach, ní mar sin do dhéanfainn beart 'chor ar bith, arae táim lán-chinnte dhe gur cóir do dhuine an dúil atá aige 'san Chomaoin Naofa do nochtadh d'á anamchara. Ní chun comhnuidhthe 'san chibórium óir a thúirlingeas Sé ó Neamh gach aon lá, ach d'fhonn neamh eile a fháil, .i. an neamh atá i lár ár n-anmnacha féin, mar is annsúd is aoibhinn Leis comhnuí a dhéanamh. Ach ó chonnaic Íosa mo dhúil féin do chuir Sé i gcroidhe m'oide- faoisdine an Chomaoin Naofa do cheadú dhom go minic 'san t-seachtain, agus ó thárla gurbh Uaidh féin go díreach do thagadh na ceadanna sin, chuiridís áthas an-mhór orm. Ní abruighinn aon ní, an tráth úd, faoi mo mhóthúcháin inmheadhonacha; an bóthar a bhíos ag gabháil bhí sé chomh soillseach fíor-dhíreach 's nach raibh call agam le treoruí ar bith cé's moite d'Íosa féin. B'fhacthas dom gur cos- amhail an t-anamchara le scathán fírinneach tré n-a ndéanann an Tiarna É fhéin do thaisbeáint do na h-anmnachaí; agus mheasas nach raibh Dia ag cur eadarmheadhontóra ar bith idir É féin agus mise, ach gurbh é an chaoi a raibh Sé féin ag oibriú go díreach ar m'anam. Nuair a bheir garrdhadóir cúram ar leith do thoradh áithrid toisg gur mian leis a aibiú roimh an t-séasúr, is cinnte nach bhfuil sé ar intinn aige an toradh sin dh'fhágáil annsúd ar an gcrann, ach 'séard a dhéanfas sé é do stathadh agus do fhriothálamh ar bhórd breá saidhbhir. Chuige sin, leis, is eadh a bhí Íosa ag bronnadh A
ghrást chomh fial sin ar A bhláithín féin. Theastuigh Uaidh A mhór- thrócaire do chur ar foillsiú ionnam-sa; fé mar adubhairt Sé féin, uair, tráth a dtáinic gáirdeachas ar A spioraid: "Admhuigh- im duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talmhan, mar gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus eoluis, agus gur fhoillsighis iad do na leanbhaí." 1 Toisg mé a bheith go h-úiríseal lag-bhrígheach, d'ísligh Sé É féin chugam, agus rinne Sé mé do theagasc go mín milis i dtaobh rúindiamhra A ghrádha. Amhail mar adeir N. Eóin na Croise i gCaintic na h-anama: Gan treoruidhe liom ná grian ar ród, Ach lóchrann iadhta im' chléibh, Is fearr do sheól an grádh mo shiubhal Ná súile i lár an lae, Mar a raibh Leannán mo chroidhe istigh Do thuig go cruinn mo scéal. B'é an Carmal an t-áitreabh údan; ach chaithfinn gabháil tré mhórán fromhtha go fóill shul dá mbéidir liom "suidheamh síos faoi sgáil an t-É do b'annsa lem' chroidhe." 2 Ach bhí glaodhach an Tiarna ag éirghe chomh síor-iarratach sin anois go ndéanfainn mé féin do theilgean isteach ins na lasracha teineadh féin go fonnmhar, dá gcaithinn dul tríotha, d'fhonn freagairt do ghlaodhach Íosa. Ní bhfuaireas ach an t-aon duine amháin .i. mo Phauline ionmhuin, le misneach do chur orm chun mo ghairme do leanacht. Innte-se fuaireas mac-alla binn m'anama féin, agus mara mbéadh í, is cinnte nach mbainfinn an tráigh bheannuithe sin amach go deo, mar a raibh sí féin go slán sábháilte le cúig bliana roimhe sin. 'Seadh, le cúig bliana bhíos scartha leat-sa, a Mháthair mhuirneach, gur shíleas go rabhais caillte agam go deo: ach nuair a tháinic an fromhadh orm b'í do lámh-sa do thaisbeán dom an bóthar a bhí le gabháil agam. Bhí géar-ghádh agam leis an t-sólás sin go deimhin, mar na cuairtí do thugainn ar an gCarmal ba chúis dóláis dom iad feasta, mar nárbh fhéidir liom labhairt faoi'n dúil a bhí agam dul isteach ann gan daoine a bheith ag cur i mo choinnibh. Bhraith Máire go rabhas ró-óg, agus d'á dheasgaibh sin bhí sí ag déanamh a díchill ar gach aon bhac do chur i mo bhealach. Ní bhfuaireas ach cnapstarraí agus constaicí róm ó thús. Agus annsin aríst ní raibh sé de mhisneach
agam focal amháin a rádh le Céline, agus ba mhór mar do ghoill an tost sin orm, mar ba rí-dheacair liom aon ní do cheilt uirthe-se! Ba ghairid, áfach, gur chuir an deirbhshiúr ionmhuin sin eólas ar mo rún aiste féin, agus níorbh é amháin nár fhéach sí le cosg do chur liom, ach ghlac sí leis an íodhbairt le h-uchtach an-mhór. Ó thárla gurbh é a dúil féin, leis, bheith 'n-a mnaoi-rialta, bhéadh sé de cheart aice imeacht róm-sa; ach fé mar do thugadh na mar- tíreacha a bpóg dheiridh go h-áthasach dá mbráithribh a bhí ag dul amach rómpa leis an gcómhrac dh'fhearadh 'san aréna, b'shin mar do cheaduigh sise dhom féin imeacht uaithe, agus ghlac sí páirt 'n-a raibh le fuilinnt agam, amhail is dá mb'í a gairm féin a bhéadh i gceist. Mar sin de, níor chall dom aon eagla a bheith orm roimh Céline; ach ní raibh a fhios agam beó cé'n chaoi a mb'fhearr dhom mo rún do nochtadh do m'athair. Cionnus a d'iarrfainn air a ríoghan bheag do leigint chun siubhail uaidh, agus é tar h-éis na beirte inghean ba shine leis d'íodhbairtiú cheana? Agus 'n-a cheann sin, chonnaic- eamar an bhliain sin é agus é buailte síos le taom sáitheach trom pairilise, agus cidh go dtáinic sé chuige féin as gan mhoill, níor fhág sin nach rabhamar imnidheach go maith faoi i gcomhnuí i gcóir an ama le teacht. Á! nach mór a d'fhuilingeas i mo chroidhe féin istigh shul dár labhruigheas! Ach cheana chaithfinn mo scéal do shocrú. Bhí mo cheithre bliana déag go leith i ndáil le bheith slánuighthe agam, agus ní raibh ach sé míosa idir mé agus Oidhche aoibhinn Nodlag, agus bhí rún agam dul isteach 'san Charmal ag an uair chéadna 'n-a bhfuair- eas grás m'iompuighthe an bhliain roimhe sin. Domhnach Cingcíse an lá do thoghas le mo rún mór do nochtadh do m'athair. An lá sin go léir bhíos 'á iarraidh ar an Spioraid Naomh A sholus do chur chugam agus ag impidhe ar na h-Aspolaibh guidhe ar mo shon, agus na foclaí a bhéadh le rádh agam do chur i mo cheann. Mar nárbh ortha-san a bhí ó cheart cuidiú leis an leanbhán faiteach a bhí ceaptha ag Dia na glóire le bheith. 'n-a h-aspol do na h-aspolaibh féin maille le n-a cuid urnuighthe agus íodhbairtí? Um thránóna an lae sin iar bhfilleadh ón bhFeasgarán dúinn fuaireas an deis a bhí uaim. Bhí m'athair tar héis dul amach le suidheamh síos 'san ngarrdha, agus bhí sé annsúd is a dhá láimh buailte ar a chéile aige agus é ag machtnamh ar iongantaisí na nádúra. Bhí an ghrian ghlórmhar ag dul faoi agus ag óradh barra na gcrann mór le n-a gaethibh deireannacha, agus bhí na h-éanlaithe
beaga ag cóimhcheadal phaidreach na h-oidhche dhóibh féin. Bhí lonnradh neamhdha ar aghaidh breá áluinn m'athar, agus bhraitheas go raibh a chroidhe lán de shíocháin. Dhruideas anonn gur shuidheas síos le n-a ais, agus bhí mo shúile fliuch le deoraibh cheana féin. Dhearc sé anuas orm le caoineas do-inniste, leag sé mo cheann 'n-a ucht agus adubhairt liom: "Goidé an mhairgne atá ar mo ríoghain bhig fhéin? Ná ceil orm é!" Leis sin d'éirigh sé, mar a bhéadh sé ag iarraidh a thocht féin do cheilt, agus ghluais leis go mall réidh agus é dhom' fháisgeadh le n-a chroidhe ar feadh an achair. Labhruigheas féin leis tré mo dheóraibh faoi'n gCarmal agus faoi'n dúil a bhí agam dul isteach ann go luath; agus annsin do ghoil sé féin! Ach cheana ní dhubhairt sé aon ní liom a d'fhéadfadh mé do chur ó mo ghairm do leanacht; ní dhearna sé ach a chur i n-umhail dom go rabhas go h-an-óg fós le rún chómh tábhachtach sin do ghlacadh. Agus nuair do leanas féin orm ag pléidhe mo chúise go dícheallach, ba ghairid go raibh m'athair ionmhuin ar aon intinn liom, mar bhí sé ionraic flaithiúil ó dhúthchas. Leanamar d'ár spais- teoireacht ar feadh i bhfad; bhí sólás agus suaimhneas ar mo chroidhe-se, agus ní raibh m'athair ag sileadh na ndeór a thuille. Labhair sé liom mar a labhróch' naomh. Dhruid sé anonn le falla íseal, agus thaisbeán sé dhom bláithíní bána ba chosamhail le lilibh beaga bídeacha. Do stath sé ceann de na bláithíní sin agus sheachaid domh-sa é, agus labhair sé liom faoi'n gcúram le n-ar chuir Dia na glóire ag eascar é agus le n-a ndearna Sé é do chosaint is do choimeád go dtí an lá sin. Ba le scéal mo bheatha féin a bhíos ag éisteacht, shíleas, i ngeall ar an gcosamhlacht iongantach a bhí idir an bhláth bheag agus Treasa bheag. Ghlacas an bláithín úd mar thaise; chonnaiceas go ndearna m'athair, nuair do stath sé é, na fréamhacha go léir do thabhairt leis gan iad do bhriseadh, mar a bhéadh sé i ndán do'n bhláithín fás an ath-uair i n-ithir ní ba shaidhbhre. An gníomh céadna sin bhí m'athair ionmhuin tar héis é a dhéanamh ar mo shon féin, ag ceadú dhom gleann sin an aoibhnis do thréigint, mar ar chaitheas céad- laetheanta mo bheatha, agus imeacht liom ag triall ar Shliabh Charmail. Ghreamuigheas mo bhláithín bán de pheictiúir Mhuire na mBuaidh (Notre Dame des Victoires): tá an Mhaighdean bhean- nuithe ag féachaint air go geal-gháireach séimh, agus shílfeá go bhfuil an bláithín 'n-a ghlaic ag Íosagán. Tá sé annsúd i gcómhnuí, ach tá a ghas briste i n-aice na fréimhe anois. Níl aimhreas ar bith nach bhfuil Dia 'á chur i bhfios dom leis an gcómhartha sin gur gearr go
mbrisidh Seisean geimhleacha A bhláithín féin is nach bhfágfaidh Sé ar an dtalamh seo le seargadh é… Tar héis cead a fháil óm' athair dhom, shíleas nach raibh bac orm imeacht liom fé dhéin an Charmail gan cosg. Ach mo dhá dhólás! nuair do nochtuigheas mo rún do m'oncail, 'séard adubhairt sé gurbh é a mhór-bharamhail féin go raibh sé i gcoinnibh na críonnachta ar fad mé do dhul isteach i n-Órd cruaidh mar sin agus gan ach cúig bliana déag dh'aois agam; go mbéifí ag déanamh éagcóra ar an Eaglais le ceadú do leanbh a leithéid sin de mhódh beatha do thógáil uirthe féin. Agus adubhairt sé go gcuirfeadh sé féin 'n-a choinnibh ar chuile bhealach dárbh fhéidir leis, agus nár mhór míorbhailt le n-a thabhairt air a thuairim dh'athrú. B'fhollus dom go raibh sé fánach agam a bheith ag pléidhe leis, agus d'imigh liom agus brón an domhain mhóir ar mo chroidhe. Ní raibh de shólás agam ach an urnuighe; d'iarras ar Íosa an mhíor- bhailt fhéidhmiúl sin do dhéanamh, mar, muna ndéanfadh, nach dtioc- fadh liom A ghlaodhach do fhreagairt. D'imigh tamall maith thart, agus ní shílfeá ar m'oncail go raibh sé ag cuimhneamh ar an gcómhrádh údan a thuille: ach cuireadh i n-umhail dom 'n-a dhiaidh sin go raibh, agus go rabhas féin i m'ádhbhar machtnaimh dhó go minic. B'é toil Íosa, shul dár chuir Sé loinnir dhóchais ag soillsiú i mo chroidhe, mairtíreacht dólásach eile a thabhairt dom le fuilinnt ar feadh trí lá. Ó! níor thuigeas ariamh chómh maith sin cé'n bhuairt ró-mhór a d'fhuiling an Mhaighdean bheannuithe agus Ióseph Naofa agus iad ag imeacht rómpa tré shráideacha Ierúsalem ag tóruigh- eacht an Leinbh Íosa. Fuaireas mé féin i bhfásach uaigneach coimhthigheach; nó ba chosamhail m'anam le curraichín so-bhriste do sgaoilfí amach gan luamaire ar bhárr na bhfáganna bhfraochmhar. Tá a fhios agam go raibh Íosa annsúd agus É 'n-A chodladh i mo bháidín, ach cé'n chaoi a bhféadfainn É a fheiceál le chómh dorcha duaibhseach is a bhí an oidhche? Dá mbriseadh an stoirm amach go h-oscailteach, béidir go soillseóch' an teinntreach thríd na néalta ós mo chionn. Ní ró-mhaith an solus a bheir an teinntreach uaithi go deimhin, ach mar sin féin chuirfeadh sé ar mo chumas amharc amháin a fháil ar ghrá geal mo chroidhe. Ach níor bhris is níor shoillsigh… bhí sé 'n-a oidhche, 'n-a dhubh-oidhche dhorcha! agus bhí uaigneas agus brón an bháis ar mo chroidhe! Fearacht Íosa i nGáirdín an Dóláis, mhothuigheas mé féin go h-aonraic, gan sólás le fáil agam ó Dhia ná ó dhaoine. Agus cheapfá go raibh an nádúir féin ag déanamh cómhbhróin liom: i gcaitheamh na dtrí lá
úd bhí sé ag clasgairt bháistighe gan stad, agus gath amháin d'á solus níor chuir an ghrian ag lonnradh anuas orainn. Thugas sin faoi ndeara i gcomhnuí riamh; ar gach ócáid de mo bheatha bhí cosamhlacht m'anama le feiceál ar aghaidh na nádúra. Nuair a bhínn ag gol do ghoileadh na spéartha mar aon liom: nuair a bhínn go h-áthasach aiteasach aríst, ní bhéadh néal amháin ag dorchú na spéartha ngorm. An ceathrú lá, an Satharn a bhí ann, thugas cuairt ar m'oncail. D'fhéadfá a rádh gurbh orm-sa a bhí an t-iongantas nuair a fuaireas amach go raibh athrú iomlán tar héis teacht air i mo thaobh-se! Ar an gcéad dul-síos thug sé isteach i n-a sheómra príobháideach mé, cidh nár chuireas i gcéill dó ar bhealach ar bhith gur mhian liom sin. Annsin thosuigh air dhom' mhilleánadh go caoin faoi rádh's go rabhas rud beag cotamhail mí-shuaimhneach 'n-a láthair, agus dubhairt sé liom nach raibh aon chall leis an mhíorbhailt úd ní ba mhó, mar gur iarr sé ar Dhia A thoil naofa do chur i n-umhail dó, agus go ndearna Dia amhlaidh. Níorbh é an duine céadna 'chor ar bith é. Thug sé póg is barróg dhom go báidhiúl miochair, agus adubhairt liom de ghlór craitheach corruighthe: "Imigh leat i síocháin, a thaisce, thú is mian le h-Íosa a stathadh: ní chuirfead-sa 'n-A choinnibh." Nach mé a bhí go h-áthasach éadtrom-chroidheach ag filleadh ar Les Buissonnets dhom, agus bhí na spéartha breághtha gorma ós mo chionn gan néal gan scamall anois! I m'anam féin istigh bhí an oidhche imthighthe thart mar an gcéadna. Do dhúisigh Íosa agus chuir Sé an t-áthas i mo chroidhe, agus ní raibh búirthighil na dtonn le cloisteál agam ní ba mhó: i n-ionad gaoithe móire an fhromhtha, bhí feochán deas séimh ag líonadh mo sheóil gur shíleas go rabhas buailte leis an dtráigh! Mo léan géar! Bhí go leór eascal le breith orm fós, i riocht is go mbíodh faitíos orm ar uairibh nach dtiocfadh liom an tráigh úd, a rabhas ag déanamh uirthe le dúil mo chroidhe, do bhaint amach a choidhche. I ndiaidh mé aontú m'oncail a fháil, chualas uait-se, a Mháthair, nach gceadóch' Uachtarán an Charmail dom dul isteach go mbíodh mo bhliain is fiche slánuighthe agam. B'shin constaic nár smaointigh aoinne uirthi 'chor ar bith, agus b'í an chonstaic ba mhó agus ba dho-ghluaiste acubh uilig í. Níor chailleas m'uchtach, áfach, ach d'imigh liom i n-éindtigh le m'athair go mínighinn mo scéal dhó. Bhí sé doicheallach go maith róm, agus níor fhéadas athrú meóin do chur air. D'fhágamar i n-ár ndiaidh é agus "ní cheadóchaidh"
daingean docht againn uaidh. "Ach níl ionnam féin," ar seis- ean, "ach fear-ionaid an Easbuig: agus má's rud é go gcead- óchaidh seisean an dul-isteach seo, ní bhéidh aon ní le rádh agam-sa annsin." Ar theacht amach as teach na sagart dúinn bhí sé ag clasgairt bháistighe: agus mo nuar! bhí na néalta móra duaibhseacha ar foluamhain thart ar spéartha m'anama féin mar an gcéadna. Ní raibh a fhios ag m'athair céard do b'fhearr dhó a dhéanamh le mé do shólású. Gheall sé dom go dtabharfadh sé go Bayeux mé, dá dtogruighinn é: agus ghlacas leis an t-socrú sin go buidheach beannachtach. B'iomdha sin rud do thuit amach shul dár fhéadamar an t-aistear sin do dhéanamh. Go foirimeallach, bhí mo bheatha mar ba ghnáthach: bhíos ag foghluim, agus thar gach nídh eile, bhíos ag dul ar aghaidh i ngrá Dé. Uaireanta bhíodh lingeadh croidhe agus fíor-tháimhnéal spioradálta agam. Tránóna amháin, ní raibh a fhios agam cé'n chaoi a n-abróchainn le h-Íosa cé'n grá mór a bhí agam Air agus cé'n dúil mhór a bhí agam go dtabharfaí glóire agus ómós Dó i ngach aon bhall: agus smaoinigheas nach n-éireóch' oiread is aon ghníomh-grádha amháin as aigéin Ifrinn go deo, agus chuir an smaoineadh sin brón orm. Agus leis sin dubhras nár mhisde liom mé féin do theilgean isteach i n-aigéin sin na bpian is na ndia-mhasladh, le go mbéadh duine ann do ghrádhóch' ar feadh na síorruíochta É. Ní fhéadfadh sin glóire do thabhairt Dó, ó's rud é nach bhfuil Uaidh ach aoibhneas do thabhairt dúinn; ach an t-é atá i ngrá, ní fuláir leis fiche rud díthcéillidhe mar sin do rádh. Ach má labhruigheas ar an gcuma sin féin, ní h-amhlaidh nach raibh dúil agam dul ar Neamh; ach b'é an Grá mo Neamh an uair sin, agus mhothuigheas, tré mhéid mo dhúile, nach bhféadfadh ní ar bith mé do dheighilt ó mo Ghrá dhil dhiadha féin a rabhas faoi dhraoidheacht Aige… Um an dtaca sin thug Dia mar shólás dom teangmháil le h-an- mnacha bheirte leanbh. Seo mar do thárla: Bhí máthair bhocht áithrid chlainne tinn, agus le linn a breoiteachta thugas féin aire ar leith d'á beirt inghean bheag, agus an duine ba shine den bheirt ní raibh sí sé bliana d'aois fós. Chuireadh sé áthas an-mhór orm a fheiceál cé mar do chreididís go simplí soineannda gach a n-abruighinn leo. Caithfidh sé go gcuireann an Baisteadh síol na subháilcí ndiadha go h-an-doimhin i gcroidhe an duine, ós rud é gur leór an t-súil atá aige le luachsaothair thall chun a thabhairt air, ó laethibh a leanbhánachta féin, é féin do shéanadh i bhfus ar an t-saoghal seo.
Nuair ba mhian liom mo bheirt leanbhán a fheiceál go lághach cineálta d'á chéile 'séard a ghnínn, i n-ionad áilleáin agus soghluistí do ghealladh dhóibh, labhairt leo faoi'n luachsaothair shíorruí a bhéarfas Íosagán do na páistí mánla béasacha. An duine ba shine acubh, a raibh a tuigsint ag neartú agus ag dul i n-abaigheacht, dhearcadh sí orm go ríméadach aiteasach, agus chuireadh sí na mílte ceist deas suimiúl chugam faoi Íosagán agus faoi n-A Neamh áluinn aoibhinn. Ghealladh sí dhom annsin go dúthrachtach go ngéillfeadh sí d'á deirbhshiúr i gcomhnuí, agus deireadh sí freisin nach ndéan- fadh sí dearmad go bráth ar cheachtaí na "mná-uaisle móire"- mar a thugadh sí orm féin. Ag féachaint ar na h-anmnachaí neimhchionntacha sin dom, b'fhacthas dom gur gheall le meall mór céireach buige iad, ar a bhféadtar gach aon chineál luirg do ghreanadh: agus fairíor géar! lorg an uilc, leis, chomh maith céadna le lorg na maithe. Annsin iseadh do thuigeas bréithre Íosa: "An t-é a thabharfas sgannal do dhuine den mhuinntir bheag seo a chreideas ionnam-sa, b'fhearr dhó go gcuirfí bró muilinn ar a mhuineál agus é chaitheamh isteach i ndoimhneacht na fairrge." 1 Á! nach iomdha sin anam a d'eireóch' go h-árdaibh na naofachta dá ndéantaí iad do sheóladh ar an mbóthar cheart ó thús! Tá a fhios agam nach bhfuil gádh ag Dia le h-aoinne chun anmnacha do naomhú; ach, fé mar a leigeann Sé do gharrdhadóir cliste planndaí neamhchoitianta moiglidhe do thógáilt, ag tabhairt an eólais riachtanaigh dhó chuige sin, cidh gurab É féin amháin a thugas an fás: sin mar is mian Leis cabhair a fháil i ngnó diadha naomh- uighthe na n-anmnacha. Céard a thárlóch' dá ndéanadh garrdhadóir ciotach a chuid crann do nódhú go mí-cheart? Dá mba nach dtuig- feadh sé nádúir gach aon phlannda ar leith agus dá mb'áil leis, cuir i gcás, rósaí do chur ag gabhlú ar chrann peithseóige? Cuireann sin i gcuimhne dhom go raibh agam i measg mo chod' éanlaithe, tráth, buidheóg do chanadh go h-iongantach binn ar fad; bhí gleóiseach beag agam, leis, dá dtugainn aire ar leith, mar gur ghlacas chugam é, ar theacht amach as an nead dó. An cime bocht dearóil seo, ó thárla nach raibh deis aige ariamh ar cheól a thúis- mightheoirí féin dh'fhoghluim uatha agus nach mbíodh le cloisteál aige ó mhaidin go faoithin ach cantaireacht bhreá aiteasach na buidheóige, shíl sé aithris a dhéanamh uirthi seo — rud nach furust'
do ghleóiseach a dhéanamh, go deimhin! B'ait leat iarrachtaí an éinín bhoicht sin a fheiceál, mar strómh an-mhór do b'eadh é ar a ghuth bog binn é féin do chur ar aon dul le nótaí árd-fhuaimneacha a mháistir. Ach d'éirigh leis sin a dhéanamh, rud do chuir an- iongantas ar fad orm féin, i dtreó gurbh ionann a chantaireacht is cantaireacht na buidheóige ar gach bealach. Tá a fhios agat-sa, a Mháithrín, cia do mhúin dom féin le canadh ó bhíos im' pháistín! Tá a fhios agat cad iad na glórtha do chuir faoi dhraoidheacht mé! Agus anois táim ag súil, i n-aimhdheóin mo lagbhrígheachta, leis an Caintic-ghrádha údan, ar chualas a cuid nótaí cómhfhuaimneacha go minic annseo thíos, do chanadh ar feadh na Síorruíochta… Ach cá bhfuilim 'chor ar bith! Thug na smaointe sin ró-fhada ó bhaile mé… fillfead láithreach ar scéal mo ghairme. An 31adh Deire Fóghmhair d'imigh linn ag triall ar Bhayeux, mé féin is m'athair, agus bhí mo chroidhe lán de dhóchas, cidh go raibh sgáth orm fosta, ag smaoiniú dhom go rabhas le dul i láthair an easbuig féin. B'shin é an chéad uair ariamh agam ag dul ar cuairt gan mo dhriféaracha a bheith i n-éindtigh liom, agus ar easbog do bhí mo thriall, leis! Agus mise, nár chall dom labhairt ariamh ach amháin le freagra do thabhairt ar na ceisteanna do chuirtí chugam, chaithfinn labhairt anois agus na cúiseana a bhí agam le bheith ag iarraidh dul isteach 'san Charmal do nochtadh agus do léiriú, le go gcruthóchainn go raibh gairm agam i ndáiríribh. Ba mhór go léir an iarracht dom mo sgáthmhaireacht do bhrú fúm chómh mór sin! Ó, is fíor go deo "nach bhfuil rud ar bith do- dhéanta ag an ngrá, mar is féidir leis féin gach ní, dar leis, agus is ceaduighthe dhó gach nídh." 1 B'é grá Íosa amháin, cinnte, a d'fhéadfadh mé do choimeád gan stríocadh roimh na deacrachtaí sin agus roimh na deacrachtaí do bhuail umam 'n-a dhiaidh sin; mar b'éigean dom m'aoibhneas do cheannach ar fhromhthaí móra. Is suarach liom indiu, ár ndóigh, an luach do thugas air, agus níor mhisde liom pianta i bhfad ní ba dhólásaí d'fhuilinnt d'fhonn é do shóláthar dhom féin, dá mba nach mbéadh sé agam fós. Bhí fuarloch báistighe ag tuitim, ar theacht go teach an easbuig dhúinn. D'fháiltigh an sagart Révérony, an Bhiocáir Coitcheann, róinn go caoin fáilidhe, ach chuir ár dteacht beagán iongantais air, cidh gurbh é féin do shocruigh dáta ár n-aistir. Thug sé na deóra
Treasa agus a h-Athair.
faoi ndeara i mo shúile-se agus adubhairt liom: "Á! tchím na súghógaí annsin; fainic an dtaisbeánfá don easbog iad!" Chuamar isteach tré sheomraí móra áirgeamhla 'nar mhothuigheas mé féin chómh beag bídeach le míoltóg, agus mé 'á fhiafruí dhíom féin céard a leómhfainn a rádh 'chor ar bith! Bhí an t-easbog ag siubhal anonn is anall i n-éindtigh le beirt shagart ar fhoradh: chonnaiceas an Bhiocáir Urr. ag labhairt cúpla focal leis agus ag teacht ar ais i n-éindtigh leis annsin go dtí an seomra mar a rabhamar féin ag fuireach. Annsúd bhí trí cinn de chathaoireacha móra sócamhla curtha cois an teallaigh 'n-a raibh teine bhreá mhór ar fadú. Nuair a chonnaic m'athair an t-easbog ag teacht isteach, leig sé é féin ar a dhá ghlúin i m'aice-se le n-a bheannacht a fháil, agus annsin dubhairt a Mórdhacht linn suidheamh síos. Thairg an sagart Révérony an chathaoir mhór a bhí i lár baill dom féin: ghabhas mo leithscéal go béasach, ach ní raibh aon t-sásamh air go nglacainn í, agus adubhairt sé go gcaithfinn a thaisbeáint gur thuigeas céard ba úmhlaigheacht ann. Leis sin bhuaileas fúm innti láithreach gan ceisneamh, agus bhí náire orm nuair a chonnaiceas é féin ag fáil chathaoire coitianta, agus mise sáidhte annsúd i suidheachán mór millteach a dtoillfeadh ceathrar mar mé féin ann go réidh agus ar a socamhlacht, i bhfad ní ba mhó ar a socamhlacht ná mar a bhíos-sa, mar b'fhada uaim a bheith ar mo shocamhlacht go deimhin! Bhí súil agam go labhróch' m'athair; ach dubhairt sé liom féin fios fátha ár gcuairte dh'innseacht. Rinneas amhlaidh chomh buadh-bhriathrach is a bhí ionnam a dhéanamh, cidh gur thuigeas go rí-mhaith go mb'fhearr do chuideóch' focal amháin ón Uachtarán liom ná mo chuid-se cainnte go léir. Fairíor! ba mhó a bhí a fhreasabh- racht ag labhairt i mo choinnibh ná ar mo shon. D'fhiafruigh an t-easbog dhíom an rabhas i bhfad ag tnúthán leis an gCarmal. "Ó, tá, a Thiarna, le fada 'riamh." "Ach ní féidir go bhfuilir ag smaoineadh air le cúig bliana déag ar chaoi ar bith!" arsa'n sagart Révérony, agus é ag gáiridhe. "Is fíor sin," adeirim-se, "ach is beag nach bhfuil; mar b'é mo dhúil ariamh, ó bhíos trí bliana dh'aois, mé féin do thabhairt do Dhia." Thug an t-easbog iarracht ar a áiteamh orm go mbadh chóir dhom fanacht tamall eile buil m'athar, mar shíl sé go dtaithneóchadh sin le m'athair. Ach nach ar a Mhórdhacht a bhí an t-iongantas go léir
nuair do rinne m'athair mise do chosaint! 'á rádh go deas réidh go rabhamar ag brath ar dhul chun na Róimhe i n-éindtigh le h-oilith- reacht na fairche agus nach staonfainn féin a choidhche go labhróchainn leis an bPápa muna mbéadh an cead a bhí uaim fáighte agam roimhe sin. Ach cheana, dubhradh go gcaithfí labhairt le h-Uachtarán an Charmail shul dá mbéidir aon socrú cinnte a dhéanamh. Níorbh fhéidir liom rud ar bith a chloisteál ba mhó do chuirfeadh brón orm ná sin, mar bhí a fhios agam chómh daingean docht is a bhí seisean i gcoinnibh mo dhul-isteach. Agus d'á dheasgaibh sin, níor chuimhnigheas a thuille ar chomhairle an t-sagairt Révérony, agus níorbh é amháin gur thaisbeánas mo shúghógaí don easbog ach shileas go frasach ós a chomhair iad. B'fhollus dom gur bogadh é, mar rinne sé mé do mhuirniú thar mar do mhuirnigh sé leanbh ar bith eile le n-a bheó, do réir mar a chualas ó shoin. "Níl gach aon nídh caillte, a thaisce," ar seisean, "ach is maith liom go bhfuilir le turas na Róimhe do thabhairt i n-éindtigh le t'athair: déanfaidh sin do ghairm do láidriú. Áthas badh chóir a bheith ort, a leanbh, i n-ionad tú a bheith ag gol! Thairis sin, táim féin ag brath ar dhul go Lisieux an t-seachtain seo chugainn, agus annsin labhróchad leis an Uachtarán Urr. fút; agus is cinnte go bhfuighbhir mo fhreagra, nuair a bhéas tú 'san Iodáil." Iar sin do sheól a Mhórdhacht amach 'san ngáirdín sinn, agus chuir sé suim mhór 'san eachtra bheag a d'innis m'athair dhó fúm-sa .i. go ndearnas mo chuid gruaige do chur suas an mhaidin chéadna sin, le go mbreathnóchainn ní ba shine ná mar a bhíos. Ní dhearna an t-easbog dearmad air sin ach an oiread! Agus indiu féin, tá a fhios agam nach labhruigheann sé le duine ar bith i dtaobh a inghine bige gan scéilín na gruaige dh'aithris. B'fhearr liom féin, go deimhin, nár nochtuigheadh mo rún beag 'chor ar bith. Do thionn- laic an Bhiocáir Coitcheann go dtí an doras sinn, agus dubhairt sé nár facthas a leithéid de rud ariamh: athair a raibh an oiread dile aige a leanbh do thoirbhirt do Dhia is a bhí aice-se í féin d'ofráil. Bhí orainn filleadh ar Lisieux gan aon fhreagra fábharach a bheith fáighte againn. B'fhacthas dom go raibh gach aon rud caillte orm ar fad; d'á ghoire dá rabhas ag druideamhaint le ceann mo chúrsa, b'amhlaidh ba mhó a bhí gach ní ag dul i n-aimhréidh orm. Ach mar sin féin, bhí síocháin mhór agam i bhfíor-íochtar mo chroidhe an t-am go léir, mar nach raibh uaim ach toil Dé do dhéanamh.
CAIBIDIOL VI. Trí lá i ndiaidh an aistir sin go Bayeux, bhíos le turas i bhfad ní ba shia do thabhairt .i. Turas na Cathrach Síorruí. Chuir an turas deiridh seo nádacht neithe díombuan an t-saoghail seo i n-umhail dom. Ach mar sin féin chonnaiceas leachtaí móra oirdhearca, d'infhiúchas iongantaisí na gaoise agus an Chreidimh; agus thar gach nídh eile, do shiúbhlas ar an dtalamh chéadna mar ar shiúbhlaigh na h-Asbail, an talamh do fliuchadh le fuil na Mairtíreach, agus do leathnuigheadh m'anam ó theangmhuigh sé leis na neithibh naofa sin. Táim go lán-tsásta go ndeachas chun na Róimhe: ach tuigim go maith cé'n fáth ar shíl daoine áithride gur d'fhonn athrú meóin i dtaobh na beatha rialta do chur orm do thug m'athair leis ar an aistear sin mé. Bhí go leor rudaí ann, cinnte, do dhéanfadh dochar do ghairm nár láidir daingean. Ar an gcéad dul síos casadh Céline agus mé féin isteach i measg na ndaoine mór go léir, mar b'iad ba mhó a bhí ar an oilithreacht. Á! ní dhearna na teidil sin uaisleachta sinn do mhealladh ar bhealach ar bith, mar tuigeadh dhúinn nach raibh ionnta go léir ach lóchán na baoise. Chuimhnigheas ar bhréithribh "Aithris ar Chríost": "Ná cuir suim i mór-chlú ná i sgáile mór-ainme." 1 Thuigeas nach 'san ainm ach 'san anam laistigh atá an fhíor-uais- leacht. Deir an Fáidh linn go dtabharfaidh Dia ainm nua ar A sheirbhíseachaibh, 2 agus léightear fós ag N. Eóin: "Do'n té a bhéarfas buadh, bhéarfad cloch bhán agus scríobhtha ar an gcloich ainm nua nach aithne d'aoinne ach amháin don té a gheibheas í." 3 Mar sin de is ar Neamh amháin a chuirfimíd eolas ar ár gcuid teidiol uaisleachta. Annsin iseadh "a gheobhfas gach duine ó Dhia an moladh a bhéas ag dul dó," 4 agus an té do thogh an bhocht- aineacht agus an úmhlaigheacht agus an dí-mheas annseo thíos le grá do Dhia, is eisean a bhéas ar an nduine is uaisle agus is aoirde agus is saidhbhre thuas i bhflaitheas Dé. An dara nídh d'fhoghluimeas baineann sé leis na sagartaibh.
Go dtí sin níor fhéadas príomh-chuspóir an Charmail leasuighthe do thuigsint ariamh: bheith ag guidhe ar son na bpeacach thaithn sin go h-an-mhór ar fad liom, ach bheith ag guidhe ar son na sagart, a raibh a n-anmnacha chomh glan gléigeal leis an gcriostal féin, mar a shíleas, b'shin rud do chuireadh iongnadh orm! Ach cuireadh brí mo ghairme i dtuigsint dom 'san Eadáil. Agus níor ró-fhada an t-aistear é le fírinne chómh tábhachtach sin a fhoghluim. I rith na míosa a thugamar ann casadh mórán sagart naofa orm; agus chonnaiceas, má ghníonn a n-oirdhearcas ró-uasal iad do thógáilt suas ós cionn na n-Aingeal féin, nach bhfuil ionnta 'n-a dhiaidh sin is uile ach daoine laga tuitmeacha. Ar an ádhbhar sin, má thais- beánann na sagairt naofa féin, a dtugann Íosa salann na talmhan ortha, má thaisbeánaid go bhfuil gádh acubh le paidreacha, céard adéarfar fútha seo atá pathfhuar mainneachtnach? Nár dhubhairt Íosa féin aríst: "Má théigheann an salann i leamhas cionnus a déanfar salann aríst de?" 1 Ó, a Mháthair ionmhuin, nach áluinn í ár ngairm-ne! Is orainn-ne, is ar an gCarmal atá salann na talmhan do chongbháilt gan dul i leamhas! Déanaimíd ár gcuid paidreach agus ár gcuid íodh- bairtí dh'ofráil thar cheann asbol an Tiarna; ní fuláir dhúinn féin bheith 'nár n-asboil dóibh sin, 'fhad is a dhéanaid-sin an Sois- géal do theagasc d'ár mbráithribh, maille le n-a mbréithribh agus le n-a ndeagh-shompla. Nach uasal is nach árd é an gnó s'againne! Ach cheana, caithfead cosg do chur liom féin annseo, mar airighim, dá sgaoilinn le mo pheann i dtaobh na neithe sin, nach stadfadh sé a choidhche… Bhéarfad roinnt mion-tuairisgí dhuit, a Mháithrín, ar mo thuras: An 4adh lá de mhí na Samhna ar a trí a chlog ar maidin, do ghluais linn tré shráideacha Lisieux a bhí 'n-a throm-shuan faoi dhorchadas na h-oidhche go fóill. Bhí mórán smaointe ag eirghe i mo chroidhe; mhothuigheas go rabhas ag imeacht róm amach 'san neamh-aithnid; bhí tuairim agam go raibh neithe móra i ndán dom annsúd thíos! Ar theacht go Páirís dúinn, thaisbeán m'athair iongantaisí uilig na cathrach sin dúinn: ach ní raibh ach an t-aon cheann amháin acubh a raibh dúil agam féin ann .i. Notre Dame Des Victoires (Séipéal Mhuire na mBuaidh). Na neithe do mhothuigheas annsúd 'n-a Neimidh, ní fhéadfainn a gcur i gcéill. Na grásta do bhronn sí orm ba
gheall le grásta mo Chéad Chomaoine iad: tháinic síocháin is aoibhneas isteach i mo chroidhe… Annsúd is eadh adubhairt mo Mháthair mhuirneach, an Mhaighdean Muire, liom go soiléir gurbh í féin go fíor do mhion-gháirigh liom agus do leighisigh mé. Nach mé a d'iarr uirthe go dian dúthrachtach mé do chúmhdach go h-éag is a choidhche agus mian mo chroidhe do chóimhlíonadh le mé d'fholú faoi n-a falluing maighdeanúil féin! D'iarras uirthe fosta gach siocair pheacaidh do choimeád i bhfad uaim. Bhí a fhios agam go gcasfaí go leor rudaí orm ar an mbealach a d'fhéadfadh cur as dom: ní raibh aon eolas agam ar an olc go dtí sin agus bhí faitíos orm go gcuirfinn eolas air. Níor thuigeas fós "gur ghlan gach ní do'n ghlan," 1 nach bhfeiceann an duine glan-chroidheach cóir an t-olc i rud ar bith, mar nach 'sna rudaibh neamh-mhothuightheacha atá an t-olc i n-aon-chor ach 'sna croidhthibh neamhghlana. D'iarras ar Ióseph Naofa, leis, mé do chúmhdach, mar bhí mo chráibhtheacht dó-sin fighte le mo chráibhtheacht do'n Mhaighdin ghlórmhair ó bhíos im' pháistín. Gach lá deirinn an phaidir úd: "A Ióseph Naofa, a athair is a chosnamhaidhe na maighdean…" B'fhacthas dom mar sin de go raibh coimrighe agus cumhdach maith agam agus nár bhaoghal dom aon droch-ní. Tar h-éis dúinn sinn féin do choisreacadh do Chroidhe Íosa i dTeampol Montmartre, d'imigheamar ó Pháiris an 7adh lá de mhí na Samhna. Bhíothas ag tabhairt ainme Naoimh éigin ar gach aon cheann de charróistibh an traein, agus cinneadh go dtabharfaí an onóir sin do dhuine de na sagartaibh a bhí i ngach carróiste, le h-ainm a phátrúin nó pátrúin a pharróiste do thoghadh. Agus féach! i láthair na n-oilithrí go léir, chualamar "Máirtín Naofa" 'á thabhairt ar ár gcarróiste féin. Chuir an caoin-smaoineadh sin árd-áthas ar m'athair, agus chuaidh sé láithreach ag gabháil a bhuidheachais le Mthrn. Legoux, Árd-Bhiocáir Coutances, agus stiúrthóir na h-oilithreachta. Ní bhíodh d'ainm ag a lán daoine air 'n-a dhiaidh sin ach "an duine uasal Máirtín naofa." Bhí an sagart Révérony dhom' infhiúchadh go grinn le linn an aistir; do chínn uaim é agus é ag breathnú orm. Ag an mbórd, am ar bith nach mbéinn ar a aghaidh amach, d'éirigheadh leis cromadh isteach le go bhféadfadh sé mé a fheiceál agus do chloisteál. Sílim go raibh sé sásta de bhárr a infhiúcháin, mar, ar theacht go ceann-cúrsa dhúinn, b'fhacthas dom go raibh sé fábharach go maith
dhom. Deirim "ar theacht go ceann cúrsa dhúinn," arae, 'san Róimh féin, b'fhada uaidh a bheith 'n-a charaid 'sa chúirt dom, mar a innseochad duit ar ball. Roimh theacht go ceann cúrsa ár n-oilithreachta dhúinn, thriallamar thríd an Eilbhéis go n-a sléibhte árda a bhfuil a mbeanna sneachtacha foluighthe i néaltaibh neimhe, go n-a h-easa crónánacha, go n-a gleanntaí doimhne atá lán den raithnigh áird agus den bhfraoch chorcra. Áilneachtaí úd na nádúra, atá scaipthe chomh fairsing sin ar gach taobh, nár mhór ar fad an maitheas do rinneadar do m'anam, a Mháthair mhuirneach! Nár thógadar suas é chuig an Té do dheónuigh a leithéidí de shár-oibreacha iongantacha do chaitheamh anuas ar an dtalamh deorata seo nach mairfidh ach lá! Uaireanta, tógtaí suas sinn go bárr na sléibhte, agus chímís síos fúinn annsin na h-alltracha uathbhásacha nach bhféadfaí a ndoimhneas do mheas, agus fonn ortha, shílfeá, sinn do shloigeadh síos. 'N-a dhiaidh sin aríst ghluaisfimís thar shráidbhaile seasgair go n-a thighthibh teolaidhe, go n-a chlogchás gleoite, a raibh na néalta éadtroma ar foluamhain go ciuin ós a chionn. Annsin aríst, sgoithfimís loch mór leathan go n-a chuid tonntrach ciuin gléigeal, a raibh a ndath odhar-ghlas 'ghá mheasgadh féin le solus glórmhar na gréine a bhí ag dul faoi. Cé'n chaoi a bhféadfad cur síos duit ar na mothúcháin do músg- luigheadh ionnam ag dearcadh ar an radharc fileata maordha mór- iongantach údan dom? Chuir sé iongantaisí na bhFlaitheas i n-umhail dom… Agus annsin do cuireadh an bheatha rialta ós mo chomhair go díreach mar atá sí, maille le n-a cuid cumhang- rachtaí agus le n-a cuid mion-íodhbairtí laetheamhail a déantar i ngan-fhios don t-saoghal. Tuigeadh dhom a usacht a bhéadh sé do dhuine annsin éirghe clóchaiseach agus a bheith ag síor-fhéachaint air féin, agus dearmad a dhéanamh ar chrích agus ar chuspóir áird uasail a ghairme; agus dubhras liom féin mar seo: "Tráth a mbéarfaidh am na dtrialta orm amach annseo, nuair a bhéad i mo chime 'san Charmal, agus gan ach giodán beag bídeach de chruinneacán na spéire le feiceál agam, cuimhneóchad ar an lá seo, agus cuirfidh an pictiúir seo uchtach orm. Ag machtnamh dhom ar mhórdhacht agus ar mhór-chumhacht Dé ní thabharfad suandas do mo chuid cúram beag suarach féin. Bhéarfad grá agus gean mo chroidhe Dhó-siúd amháin, agus ní bhéidh sé de mhí-ádh orm greamú de neithibh suaracha, ó tá mo chroidhe tar héis tuairim éigin a fháil anois de na neithibh atá ullamh Aige don mhuinntir a bheir grá Dhó."
Tar héis oibreacha Dé na gcómhacht do scrúdú dhom, d'fhéadas oibreacha A chréatúirí d'infhiúchadh mar an gcéadna. B'í Milano an chéad chathair de chathrachaibh na h-Eadáile a dtugamar cuairt uirthe. Rinneamar staidéar ar leith ar a h-árdteampol de mharmar geal go n-a chuid dealbh do-airmhighthe. Bhí furmhór na mban chómh faiteach sgáthmhar sin gur fhanadar annsúd agus a n-aighthe foluighthe idir a lámhaí acubh nuair nach raibh ach an chéad phíosa den staighre curtha dhíobh acubh, ach Céline agus mé féin do leanamar-ne na h-oilithrí dásachtacha suas is suas ariamh gur bhaineamar amach an clogcháisín is aoirde ar fad, agus b'shin é an ait a raibh an radharc breá foirleathan againn ar chathair Milano n-a h-iomlán, agus ba gheall le míoltógaí beaga bídeacha na daoine thíos fúinn. Ar theacht anuas ón árdán sin dúinn, thosuigheamar ar ár gcuid marcaidheachta i gcarbadaibh, agus do mhaireadar sin go ceann míosa i riocht is go rabhas féin sáith- each go deo de bheith ag gabháil thart ar an gcuma sin, gan sgíth gan tuirse. Chuir an Campo Santo aiteas is áthas mór orainn. Na dealbha de marmar geal, a gceapfá ortha go bhfuilid beó le chomh gaois- mhear is do ghearr fonsura an rionnaidhe amach iad, táid scaipthe ar fuaid páirce móire sin na marbh le cineál neamh-chúramachta nach bhfuil gan a taithneamhacht féin ag baint léithe. Is beag nach mbéadh fonn ort labhairt leis na daoine fáithchiallacha sin agus iad do shólású, le chómh ciúin críostúil a's atá an dólás a's an brón atá le léigheamh ar a ndreach! Nach iongantach go deo na sár-oibreacha iad! Annseo, tá leanbh ós do chómhair agus é ag craitheadh bláthana ar uaigh a athar; déanann tú dearmad ar thruimeacht an mharmair, agus chítear dhuit go bhfuil na duilleógaí míne éad- troma ag sleamhnú go réidh thríd a mhéaraibh. I n-áit eile, cheapfá go bhfuil caille éadtrom na mbaintreabhach agus na ribíní le n-a bhfuil folt leabhair dualach na ngearrchailí ceangailte go bhfuilid ar foluamhain leis an ngaoith. Bhíomar féin ag cur ár n-iongantais i n-umhail d'á chéile go h-árdbhriathrach; ach bhí sean-fhear i n-ár n-aice, agus Franncach do b'eadh é, leis, do leanadh i ngach aon bhall sinn, agus is cosamhail nár fhéad sé féin an sásamh céadna do bhaint as na mór-iongantaisí údan, mar dubhairt sé go díombádhach: "Á! nach áidhbhéileach an drong iad na Franncaigh seo!" B'fhacthas dom féin go mb'fhearr don bhfear bhocht sin fanacht 'san mbaile. Níor bhain sé sásamh ar bith as a thuras ach é ag síor-chasaoid: bhí sé mí-shásta leis na
cathrachaibh, leis na tighthibh-ósta, leis na daoinibh, le chuile shórt. Bhí a mhalairt de mheón ar fad ag m'athair, mar bhíodh sé ar a shocamhlacht cuma cé'n áit a mbéadh sé, agus ba mhinic d'fhéachadh sé leis an gcomhursain doicheallach gruamdha sin do shású agus gealán do chur ar a chroidhe. Thairgeadh sé a ionad féin dó 'san charbad agus i n-áiteacha eile, agus leis an mórchroidheacht ba dhual dó thaisbeánadh sé deagh-thaobh na neithe don duine seo, ach ní raibh gar a bheith leis, ní bhainfeadh an saol mór gáire as! Nach iomdha sin cineál daoine do casadh orainn! Agus nach suimiúil an rud é staidéar a dhéanamh ar an t-saoghal, nuair atá duine ar thí imeacht as go deo! A mhalairt de radharc ar fad a bhí róinn ag Venezia. I n-ionad tormáin na gcathrach mór, ní cloistear annsúd, i lár na tostachta, ach glórtha na mbádóirí Bhéiníseach agus monabhar na dtonn is na maidí rámha ag gearradh tríotha. Tá a h-áilneacht féin ag baint leis an gcathair sin, gan aimhreas, ach cathair dhuairc is eadh í. Dá mb'é Brugh na nDóis féin é go n-a chuid mór-áilneachta go léir tá sé duairc mar an gcéadna. Níor cloiseadh anois le fada riamh 'n-a chuid prochlaiseann athfhuaimneach mac-alla glórtha na rialtóirí agus iad ag tabhairt bhreithe bháis nó bheathadh ins na hallaí a ndeachamar thríotha. Agus na daoráin mhí-ádhmharacha do h-adhlactaí 'n-a mbeathaidh 'sna huachaisibh dorcha sin, ní fhuil- ingid ionnta a thuille. Ag dul thríd na carcair uathbhásacha sin dom, samhluigheadh dhom go rabhas ar ais i n-aimsir na mairtíreach aríst. An t-áitreabh duaibhseach údan, dhéanfainn comhnuí ann go fonnmhar dá mb'é admháil mo Chreidimh a bhéadh i gceist; ach ba ghairid gur mhúsgail guth an treoruidhe as mo thaidhbhreamh mé, agus chuaidh mé treasna "droichid na n-osnaidheach," ar ar tugadh an t-ainm sin mar gheall ar na h-osnaidheacha faoisimh do leigeadh na cimí bochta asta, ag dul amach chun an bháis dóibh, mar b'fhearr leo an bás féin ná a bheith sáidhte istigh 'sna h-uachaisibh uathbhásacha faoi-thalmhuidhe sin. D'fhágamar slán ag Venezia agus tháiniceamar go Padua, mar a dtugamar modh agus onóir do theangain Antoine Naofa. Iar sin, thriallamar go Bologna, mar a bhfacamar corp Chaitríona N., a bhfuil lorg póige an Leinbh Íosa le feiceál fós féin ar a h-aghaidh. Bhí ríméad mór orm nuair a bhíomar ag déanamh ar Loreto. Nach maith a rinne an Mhaighdean Bheannuithe an áit sin do thoghadh leis an Teach naofa do chur i dtaisge ann! Annsúd tá gach nídh go bocht simplí céad-aimsireach fós féin: caitheann na mná a
gcultacha deasa dúthchasacha Iodáileacha i gcomhnuí, agus níl glactha acubh le faisiún Pháiris, fearacht na mban ins na cathrach- aibh eile. Chuir Loreto aoibhneas ar mo chroidhe, gan aon agó! Ach céard a fhéadfad a rádh faoi'n Teach naofa? Ba mhór mar do corruigheadh mo chroidhe ionnam agus mé annsúd faoi dhíon an tighe chéadna 'nar chómhnuigh an Teaghlach naofa tráth, ag féachaint dom ar na fallaí ar dhearc súile Mhic Dé ortha go minic, ag siubhal dom ar an urlár do fliuchadh le hallus N. Ióseph agus mar ar iomchar Muire Íosagán 'n-a baclain tar héis di É a dh'iomchar 'n-a broinn mhaighdeanúil. Chonnaiceas an seoimrín 'n-ar chuala an Mhaighdean ghlórmhar teachtaireacht an Aingil. Chuireas mo pháidrín isteach i gcuach Íosagáin. Nach suairc í an chuimhne atá agam ar na neithibh sin go léir! Ach b'é an sólás ba mhó dá raibh againn Íosa do ghlacadh isteach 'nár gcroidhthibh 'n-A theach féin, i dtreo go ndearnadh teampol beo Dhó dínn, agus sin 'san áit chéadna do beannuigheadh le n-A láithreacht diadha. Do réir gnáis na Róimhe ní coimeádtar an Naomh-Shacraiméad ach i n-aon altóir amháin ins na teampuil; agus is ag an altóir sin amháin a riarann na sagairt an Chomaoin Naofa ar na daoinibh. Ag Loreto tá an altóir sin ins an mbais- leach 'n-a bhfuil an Teach naofa curtha i dtaisge, mar a bhéadh néamhainn lóghmhar i scrín de mharmar geal. Ach ní dhéanfadh sin an gnó dhúinn-ne 'chor ar bith. Ba 'san néamhainn féin, agus níorbh 'san scrín, do b'áin linn-ne Arán na n-Aingeal do chaitheamh. Do lean deaide na h-oilithrí eile go cneasta, mar ba ghnáthach leis, ach ní raibh a ingheanacha chomh h-ómósach leis, mar thugadar sin a n-aghaidh ar an Santa Casa. Tráthamhail go leor, bhí sagart, a raibh pribhléid ar leith aige, an thí an tAifreann do léigheamh ann, agus chuireamar i bhfios dó céard a bhí uainn. Agus láithreach bonn, fuair an sagart cineálta sin dhá abhlainn bheaga agus leag ar an mullán iad; agus tuigfir féin, a Mháthair dhil, cé'n lúthgháir dho-inniste do chuir an Chomaoin Naofa sin orainn! Ní fhéadfainn féin cur síos uirthe i bhfoclaibh daonda. Cad é mar shuairceas a bhéas againn amach annseo tráth a mbéidh an Chomaoin síorruí againn i n-áitreabh Rí na bhFlaitheas? Annsin ní bhéidh deire le n-ár n-áthas a choidhche, ní chuirfidh cumhaidh na scarúinte isteach air níos mó, ní bhéidh aon chall dúinn na fallaí do naomhuigheadh le n-A láithreacht diadha do scríobadh i ngan fhios, mar a rinneamar-ne; mar budh linn féin A theach feasta ar feadh na síorruíochta. Ní h-áil Leis A theach talmhaidhe do thabhairt
dúinn, is leor Leis é do thaisbeáint dúinn ionnós go bhfoghlumóchai- mís uaidh ár ndúil do chur 'san ndealbhas agus 'san mbeatha fholuighthe. Is é árus atá i n-áirighthe dhúinn Aige ná A bhruighean glórmhar féin mar a bhfeicfimíd É, ní faoi chlúid nó faoi ghné naoidheanáin nó faoi ghné aráin, ach fé mar atá Sé Ann féin i soillseacht A ghlóire do-chuimsighthe! Anois is ar an Róimh a chaithfeas mé labhairt: 'seadh, ar an Róimh, mar a rabhas ag súil le sólás a fháil, agus mar nach bhfuair- eas mo nuar! ach an chrois. Bhí an oidhche ann ag teannadh leis an gcathair dhúinn, agus bhíos féin i mo chodladh 'san charróiste, ach dúisigheadh mé leis an sgread: Roma! Roma! do chuir lucht an stáisiúin asta agus a chuaidh ó bhéal go béal annsin go h-árd- fhuaimneach i measg na n-oilithrí. Níorbh ag brionglóid a bhíos, bhíos 'san Róimh fá dheóidh! Lasmuigh de na fallaí iseadh do chaitheamar an chéad lá, agus b'é an lá do b'aoibhnighe é freisin, béidir. Tá lorg na sean- aimsire is na h-ársaigheachta ar na fothracha agus ar na leachtaí annsúd fós: ach i lár na cathrach istigh, ag féachaint ar na tighthibh- ósta agus ar na siopaí dhuit, ní bhéadh a fhios agat nach i bPáiris na Frainnce a bheitheá. Tá cuimhne shuairc ar leith agam ar an ngeábh sin do thugamar tré bhruachbhailtí na Róimhe. Cé'n chaoi a bhféad- fainn cur síos duit ar an mothú do chuaidh tré mo chroidhe ag an gColosseo? B'shin é annsúd ós mo chómhair é fá dheire thiar, an t-aréna mar ar dhóirt an oiread sin mairtíreach a gcuid fola amach ar son Íosa! Bhíos ar thí an fód sin do naomhuigheadh le n-a gcuid cómhrac glórmhar do phógadh; ach mo dhíombáidh is mo nuar! Cuireadh i bhfios dom gurab amhlaidh do h-árduigheadh an talamh i rith na gcéadta blian i riocht is go bhfuil an fíor-aréna thíos tarraint ar naoi slat faoi'n bhfód. De dheasgaibh na d-tochailtí go léir níl i lár baill ach carn mór cosamair, agus fál do- threasnuighthe thart timcheall leis na daoine do chongbháilt gan dul isteach ann. Ach ar ndóigh ní leigeann an faitíos do dhuine ar bith dul síos i measg na bhfothrach gcontabhairteach údan. Ach an rabhas féin tar héis teacht chun na Róimhe agus gan dul síos 'san gColosseo? Ní fhéadfadh sin a bheith amhlaidh! Ní thugas sunndas do chainnt an treóruidhe a thuille, mar ní raibh uaim feasta ach mo bhealach a dhéanamh síos go dtí an aréna ar ais nó ar éigin! Aithristear dhúinn 'san tSoisgéal gur fhan Magdalén i n-aice na h-uaighe gan imeacht agus go gcromadh sí síos go minic le
féachaint isteach innti, nó go bhfaca sí an bheirt aingeal fá dheire thiar. Fearacht Mhagdalén, bhíos féin ag féachaint uaim síos freisin nó go bhfacas, ní beirt aingeal, ach an rud a bhí uaim; agus leis sin, chuireas glaodh aitis asam agus dubhras le Céline: "Tarra uait! lean mise, béimíd i n-ann dul síos mar seo!" Siúd síos linn de sgiotán, ag siubhal ar na fothrachaibh a bhí ag tabhairt uatha faoi n-ár gcosaibh; agus bhí daide 'n-a stangaire ag féachaint orainn agus ag glaodhach orainn ó chian. Ach ní raibh aon áird againn ar aoinne feasta. Amhail mar a thagas breis mhisnigh ag na seadairí ar a bheith 'san mbearna-bhaoil dóibh, b'shin mar do bhí ár n-áthas féin ag dul i méid do réir mar a bhíomar d'ár gcorrthú agus do réir na contabhairte a rabhamar ag dul tríthe d'fhonn an áit a bhí uainn do bhaint amach. Bhí Céline ní b'áirdeallaí ná mé féin, mar bhí sí tar héis éisteacht go cruinn Le cainnt an treoruidhe. Chuimhnigh sí gur labhair sé faoi lic áithrid a raibh comhartha na croise gearrtha uirthe agus go ndubhairt sé gurbh shin é an láthar a dtroideadh na mairtírigh; agus thosuigh sí 'á tóruigheacht, agus ba ghairid an mhoill uirthe í a fháil. Annsin chuamar ar ár nglúine ar an láthair bheannuithe sin gur chuireamar araon an ghuidhe chéadna ó n-ár gcroidhe suas chun Athar na ngrást… Bhí mo chroidhe ag preabarnaigh go tréan agam nuair do chuireas mo bhruasa leis an gcréafóig sin do deargadh le fuil na gcéad-Chríostaidhthe. D'iarras ar Íosa a thabhairt dom, d'Á ghrástaibh, mé féin do bheith i mo mhairtíreach ar A shon freisin, agus mhothuigheas i bhfíor-íochtar mo chroidhe go raibh éistithe Aige le mo ghuidhe. Níor mhair an t-eachtra sin go léir ach tamaillín. D'árduighea- mar linn glac cloichín agus annsin thosuigheamar ag strapadóir- eacht aníos na fallaí bagarthacha aríst. Nuair a chonnaic m'athair cé'n ríméad mór a bhí orainn, ní bhfuair sé 'n-a chroidhe sinn do mhilleánadh; agus thugas faoi ndeara go raibh sé bródamhail féin asainn mar gheall ar chomh misniúil is a bhíomar. I ndiaidh an Cholosseo a fheiceál dúinn, chuamar ag féachaint ar na Catacombaí. Annsúd, d'éirigh le Céline agus liom féin éalódh isteach i sean-tuamba N. Cecilia agus síneadh siar ann taobh le taobh go dtugamar linn as cuid de'n ithir do naomhuigheadh le n-a taisí beannuithe. Roimh theacht chun na Róimhe dhom ní raibh aon chráibhtheacht ar leith agam don naomh sin. Ach nuair a thugas cuairt ar a teach agus gur chualas "Ríoghan na cómhfhuaimneachta" d'á thabhairt uirthe i ngeall ar an gcantainn mhaighdeanúil do bhíodh
sí a chanadh i lár a croidhe d'á Céile diadha, mhothuigheas ní h-amháin cráibhtheacht ach searc agus gean i mo chroidhe dhi. B'í mo rogha de na naoimh í feasta, mo chara chroidhe. B'é an rud ba mhó do thaithnigh liom innte a féin-tugthacht agus a muinín gan teora, do chuir ar a cumas anmnacha nach raibh tóir acubh ar aon rud ach ar shóghachas saoghalta do "mhaighdiniú." Is cosamhail N. Cecilia leis an gcéile 'san Chaintic. Bhí sí mar a bhéadh "córaidh i lár an tsluaigh ar mhachaire an áir" 1 dar liom. Ní raibh 'n-a beatha ach cantaireacht cheólmhar i gcomhnuí riamh i lár na bhfromhtha ba mhó féin. Agus, ar ndóigh, ní h-aon iongnadh é sin, mar "bhí Leabhar na Soisgéal 'n-a luighe ar a croidhe," 2 agus bhí Céile na nÓgh 'n-a chomhnuí 'n-a croidhe istigh. An chuairt ar theampol N. Agnes chuir sí árd-áthas orm leis, mar sean-chara liom ó bhíos im'pháiste do b'eadh ise. Thugas iarracht ar cheann d'á cuid taisí a fháil i gcóir mo mháithrín féin, Agnes de Jésus, ach chinn sé orm. Ach má d'eitigh na daoine mé, tháinic Dia na glóire féin ag cuidiú liom. Thuit cloichín de mharmar dearg ag mo chosaibh, i n-áit ar bogadh é de mhósdachán luachmhar áithrid atá annsúd ó aimsir N. Agnes féin i leith. B'í an naoimhín chaoin í féin a bhí ag tabhairt chuimhneacháin dom ar a teach! Thugamar sé lá ag fiosrú na n-iongantas is tábhachtaí dá bhfuil le feiceál 'san Róimh; agus an seachtú lá chonnaiceas an t-ion- gantas ba mhó acubh uilig: Leo XIII. B'fhada liom go dtáinic an lá sin, agus bhí cineál eagla orm roimhe 'san am chéadna, mar b'air a bhí mo ghairm ag brath, ó thárla nach raibh aon fhreagra fáighte agam ón Easbog; agus mar sin de, b'é cead an Phápa an t-aon dóchas amháin a bhí fágtha agam anois. Ach bhéadh orm féin an cead a iarraidh, dá mb'áil liom é a fháil! Chaithfinn a bheith chómh dána sin is go leomhfainn labhairt leis an bPápa féin i bhfiadhnaise a lán cairdionál agus árdeasbog agus easbog! Níorbh fhéidir liom smaoiniú féin air gan creathadh ball do theacht orm. Ar maidin Dia Domhnaigh an 20adh lá de mhí na Samhna, chuamar isteach 'san Vaticán go séipéal an Phápa. Bhíomar i láthair ag a Aifreann ar a hocht a chlog; agus le linn an Aifrinn sin chuir sé i n-umhail dúinn le n-a chráibhtheacht chaondúthrachtaigh, mar ba chuibhe d'fhear-ionaid Íosa Críost, gurbh é an tAthair Naofa go fíor é. Bhí na bréithre sólásacha seo i Soisgéal an lae sin: "Ná bíodh
eagla oraibh a thréad bheag, óir is é toil bhúr n-Athar rígheacht do thabhairt daoibh." 1 Agus tháinic muinín an-mhór isteach i mo chroidhe. Ní raibh aon eagla orm féin, ach bhí dóchas láidir agam go mba ghairid go mbéadh rígheacht an Charmail i mo sheilbh. Níor chuimhnigheas, áfach, ar na bréithribh eile úd do labhair Íosa: "Tugaim-se dhaoibh-se rígheacht, fé mar a thug m'athair dómh-sa," 2 sin mar adéarfá go bhfuil croiseana agus fromhtha agam i n-áir- ighthe dhaoibh, agus is ag dul tríotha sin daoibh, a déanfar fiúntach sibh le mo rígheacht do shealbhú. "Bhí ar Chríost na neithe sin d'fhuilinnt agus teacht ar an gcuma sin isteach 'n-a ghlóire. 3 Is fíor go n-ólfaidh sibh mo chailís; ach suidhe ar mo dheis nó ar mo chlí, ní h-agam-sa atá sin a thabhairt daoibh-se ach don mhuinntir go bhfuil sé ceapaithe ag m'Athair dhóibh." 4 Léigheadh Aifreann eile i ndiaidh Aifrinn an Phápa, mar altú, agus annsin thosuigh an éisteacht. Bhí an Pápa 'n-a shuidhe ar chathaoir áird shócamhlaigh, agus éide bhán air agus cába de'n dath chéadna. Bhí préaláidí agus daoine móra eaglaiseacha eile 'n-a seasamh thart air. Do réir an ghnáis, théigheadh gach oilithre ar a ghlúine, phógadh cos an Phápa agus a lámh annsin, agus gheibheadh a bheannacht; iar sin, do leagadh beirt de na gáirdaí-uaisle a lámhaí ar a ghuailne mar chomhartha dhó gur ceart dó Eirghe agus imeacht leis isteach i seomra eile agus a ionad do thabhairt do'n chéad duine eile. Focal níor labhruigheadh ar feadh an achair; ach bhíos féin lán- cheaptha ar labhairt nuair adubhairt an sagart Révérony, a bhí 'n-a sheasamh ar dheis an Phápa, linn go tobann de ghlór árd go raibh sé coiscthe orainn go daingean labhairt leis an Athair Naofa. D'iompuigheas chuig Céline gur cheistigheas le m'fhéachaint í; bhí mo chroidhe i riocht sgoilteadh i mo chliabh… "Labhair leis," ar sise. Nóiméid eile agus bhíos ag glúinibh an Phápa. Phógas a chos agus annsin shín sé chugam a lámh. Leis sin do dhearcas suas air agus mo shúile fliuch le deoraibh, agus ghuidheas go himpidheach é mar seo: "A Athair ró-naofa, tá athchuinge mhór agam le hiarraidh oraibh!" Chrom sé a cheann chugam láithreach go raibh a aghaidh ionnann's a bheith buailte le m'aghaidh-se; agus shílfeá go raibh a chuid súl dubh doimhin ag féachaint isteach i gceart-lár m'anama.
"A Athair ró-naofa," adeirim-se, "aithcim oraibh i n-onóir do bhúr n-Iúbilae cead a thabhairt dom dul isteach 'san Charmal i n-aois mo chúig mblian déag!" Bhí Árd-Bhiocáir Bayeux ag éisteacht agus iongantas is múisiam air, go ndubhairt sé: "A Athair ró-naofa, leanbh í seo gur mian léithe dul isteach 'san Charmal; ach tá na huachtaráin ag scrúdú na ceiste i láthair na huaire seo." "Tá go maith, a leanbh," arsa'n Pápa liom féin annsin. "déan do réir mar a órdóchas na huachtaráin duit!" Bhuaileas mo dhá láimh ar a chéile annsin agus leagas ar a ghlúine iad, agus thugas aon iarracht amháin Eile: "Ach, a Athair ró-naofa, dá dtugadh sibh-se an cead dom, ní bhéadh aon chur 'na choinnibh ag aoinne annsin!" Dhearc sé go grinn orm, agus labhair sé na bréithre seo, agus béim a ghutha d'á bhualadh aige go fuaimneach géar ar gach siolla: "Ceap do shuaimhneas, a leanbh, rachaidh tú isteach má's é toil Dé é." Bhíos ar tí labhartha aríst, nuair a thug beirt de na gárdaí- uaisle comhartha dhom eirghe. Agus ar n-a fheiceál dóibh nár leor sin, rugadar ar lámhaí orm agus chuidigh an sagart Révérony leo mé do thógáilt, arae bhíos annsúd fós agus mo dhá bhois dlúithte le chéile ar ghlúine an Phápa. Nuair a bhíos curtha i mo sheasamh mar sin acubh, do leag an tAthair naofa a lámh go mín ar mo bhruasa, agus annsin thóg sé suas í le mé do bheannú agus do bhreathnuigh sé i mo dhiaidh, ag imeacht dom, ar feadh i bhfad. Bhí m'athair go h-an-bhuartha nuair a fuair sé ag gol go fuigheach mé i ndiaidh na héisteachta, mar, ó thárla go ndeachaidh sé róm-sa amach, ní raibh aon eolas aige ar m'eachtra 'chor ar bith. Bhí an t-Árd-Bhiocáir go h-an-chineálta ar fad dó-sin, agus do chuir sé i n-aithne do'n Phápa é mar athair beirte Bhan-rialta Carmélí- teach. Agus rinne an tAthair naofa a lámh do leagadh ar a cheann uasal, mar chomhartha geana ar leith, mar a bhéadh sé ag cur séala rúindiamhraigh air i n-ainm Chríost féin. Ach anois ó tá sé i bhFlaitheas na ngrást, an t-athair sin cheathrair Carmelíteach, ní h-í lámh fhir-ionaid Íosa atá leagtha ar a bhaithis, ag tairngreacht a mhairtíreachta dhó, ach is í lámh Chéile na n-ógh, Rí na bhFlaitheas féin, atá leagtha ar an mbaithis ghlóirighthe sin gan bogadh dhi go bráth ná a choidhche. Bhíos go brónach cráidhte go deimhin; ach ó bhíos tar héis a raibh ionnam a dhéanamh d'fhonn glaodh an Tiarna do fhreagairt,
Treasa ag Cosaibh an Phápa Léo XIII.
caithfead a rádh gur airigheas síocháin mhór i bhfíor-íochtar mo chroidhe, i n-aimhdheoin mo chuid deór. Ach cheana ní raibh an t-síocháin sin ach i ndoimhneas m'anama thíos, mar bhí sé ag cur thar maoil le searbhas agus le díombáidh… Agus bhí Íosa 'n-A thost… shíleas gurbh é an chaoi a raibh Sé imighthe uaim ar fad, mar ní raibh an rud ba lúgha féin ann do chuirfeadh i n-umhail dom go raibh Sé láithreach. An lá sin aríst níor leómhuigh an ghrian í féin do thaisbeáint; agus bhí spéartha glana gorma na hEadáile clúduighthe le néalta duaibhseacha agus ag sileadh gan sos mar aon liom féin. Á! b'shin deire le mo dhóchas, agus ní raibh suim ná spéis agam i m'aistear a thuille, ó bhí sé cinnte orm an t-aon rud amháin a bhí uaim a fháil. Ach badh chóir go gcuirfeadh bréithre deireannacha an Phápa sólás orm, mar fíor-thairngreacht a bhí ionnta. Agus go deimhin, b'é an rud ba thoil le Dia do rinneadh, i n-aimhdheoin na gconstaicí go léir, mar níor cheaduigh Sé do na daoinibh a dtoil féin ach A thoil-se do chur i ngníomh. Tamall roimhe sin do sheachadas mé féin d'Íosagán le bheith im' áilleán bheag Dhó. Dubhras Leis an uair sin gan mé a bheith Aige mar áilleán luachmhar nach ndéanann na leanbhaí ach féachaint air gan a lámhaí do leagadh air a choidhche; ach mé do láimhseáil mar a bhéadh liathróidín gan mhaith ann, a d'fhéadfadh Sé a chaitheamh Uaidh ar an dtalamh, gabháil de chosaibh ann, a tholladh, a chur ar leath-taoibh i gcúinne, nó a theannadh le n-A chroidhe, do réir mar a thogróchadh Sé. I bhfocal amháin, theastuigh uaim siamsa a dhéanamh d'Íosagán agus mé féin do thabhairt suas d'Á mhianta leanbaidhe. Agus anois bhí éistithe Aige le mo ghuidhe! 'San Róimh rinne Íosa A áilleán beag do tholladh… B'amhlaidh theastuigh Uaidh a fheiceál, is dócha, céard a bhí istigh ann… agus annsin, ó bhí Sé sásta le n-a bhfaca Sé ann, leig Sé Uaidh A liathróidín agus thuit Sé n-a chodladh. Céard a rinne Sé 'fhad is a bhí Sé 'n-a chodladh go ciuin sámh mar sin, agus céard a d'imigh ar an liathróidín tréigthe? Taidhbhrigheadh d'Íosagán go raibh Sé ag imirt fós, go raibh Sé ag tógáilt an liathróidín agus 'ghá scaoileadh Uaidh gach ré seal, go gcuireadh Sé i bhfad Uaidh ar rothlugadh é, agus gur theann Sé le n-A chroidhe fá dheoidh é gan leigint dó éalódh as A láimhín aríst a choidhche. Tuigir-se, a Mháthair dhil, cé'n dólás a bhí ar an liathróidín nuair a fuair sé é féin caithte annsúd ar an dtalamh! Ach
mar sin féin ní dheachaidh se i n-éadóchas i n-aimhdheoin an t-saoghail. Roinnt laetheanta i ndiaidh an 20adh Samhna thug m'athair cuairt ar an mBráthair Oirbh. Símeón, stiúrthóir agus fothuightheóir Choláiste N. Ióseph. Casadh an sagart Révérony air 'san teach, agus rinne m'athair é do mhilleánadh go caoin faoi rádh is nár chuidigh sé liom i m'iarracht dócamhlaigh. D'innis sé an scéal go léir don Bhráthair Simeón annsin. Chuir an sean-duine cneasta spéis mhór ann, agus scríobh sé síos roinnt nótaí féin faoi, agus adubhairt go corruighthe: "Sin rud nach bhfeictear i bhfus 'san Eadáil!" Lá ar n-a bháireach i ndiaidh lae mhóir na héisteachta, bhí orainn gluaiseacht linn ó dheas fé dhéin Napoli agus Pompei. Leig an Vesuvio mórán búirtheach tolgach tréan as, mar a bhéadh sé ag fáiltiú róinn, agus chuir sé losgadh mór deataigh suas amach as a lár. Is uathbhásach go deo an lorg atá fágtha aige ar Phompei! Cuirtear i gcuimhne dhuit annsúd mór-chumhacht Rí na ndúl a "dhearcas ar an dtalamh agus a chuireas ag criothnú é, a theang- mhuigheas leis na sléibhte agus go gcuirid deatach asta." 1 Bhí fonn orm dul ag spaisteóireacht liom féin isteach i measg na bhfothrach sin le machtnamh a dhéanamh ar nádacht agus ar sho-bhristeacht neithe an t-saoghail seo; ach bhí sé fánach agam a bheith ag súil le ciúineadas den t-saghas sin. Ag Napoli bhí marcaidheacht bhreá againn suas go mainistir Shan Martino atá suidhte ar bhárr cnuic mhóir a bhfuil radharc áluinn uaidh ar an gcathair 'n-a hiomlán thíos faoi. Ach ag teacht anuas dúinn, d'imigh na capaill leo ar cosanáirde, agus mura mbéadh ár gcuid Aingeal Coimhdeachta, ní shílim go sroich- fimís ár dteach-ósta oirdhearc go slán a choidhche. Ní ag áidhbhéil atáim nuair adeirim teach-ósta "oirdhearc"; mar, le linn an turais sin go léir, ba 'sna tighthibh-ósta móra stáidiúla do chuireamar fúinn i gcomhnuí. Ní raibh an oiread sin de shóghachas saoghalta thart orm féin le mo bheó. Ach is fíor go deó nach i n-iolmhaitheas ná i maoin an t-saoghail atá sonas le fáil. Bhéinn féin ní ba shona seacht n-uaire i mbothán bocht ceann-tuighe, agus a dhóchas agam go bhféadfainn dul isteach 'san Charmal, ná mar a bhíos annsúd sna tighthibh sin go n-a gcuid síonáilí óruighthe, go n-a gcuid staighrí marmair, go n-a gcuid figheachán agus cuirtíní síoda, agus an dólás agus an searbhas i mo chroidhe.
Á! do mhothuigheas nach ins na neithibh atá thart timcheall orainn ach i bhfíor-íochtar ár gcroidhe féin atá fíor-áthas le fáil. Tig le duine an t-áthas sin a bheith aige i gcarcar duaibhseach chómh maith céadna is dá mba i mbrugh an rí a bhéadh comhnuí air. Táim féin i bhfad níos sona anois 'san Charmal, i lár na bhfromhtha inmheadhonach agus foirimeallach féin, ná mar a bhíos 'san t-saoghal, an áit nach raibh rud ar bith de dhíth orm, go mór-mhór suairceas caoin teaghlaigh m'athar. Ach má bhí m'anam lán de bhrón agus de dhuairceas féin, níor leigeas do dhaoine eile aon cheó do thabhairt faoi ndeara orm, mar shíleas nach raibh aon eolas ag aoinne ar m'iarratas don Phápa. Ba ghairid, áfach, gur cuireadh i gcéill dom nárbh amhlaidh a bhí. Lá n-aon, thárla go rabhas-sa agus Céline linn féin 'san gcarróiste, i n-áit a raibh na hoilithrí tar héis túirling le dul go dtí an buffet, nuair do chonnaiceas Mthrn. Légoux ag teacht go doras ár gcarróiste. Dhearc sé go grinn orm féin agus annsin tháinic meangadh gáire ar a bhéal agus dubhairt sé liom: "Bhail, cé'n chaoi a bhfuil ár gCarmelíteach óg?" Thuigeas annsin go raibh mo rún ag na hoilithrí go léir, agus thairis sin, tuigeadh sin dom ón gcaoi a mbreathnuigheadh cuid de na hoilithrí orm go caoin cómhbhrónach; ach níor labhair aoinne acubh liom faoi, agus ar ndóigh ba mhór an gar é sin. Ag Assisi thárla eachtra beag dhom. Tar héis cuairt do thabhairt dúinn ar na háiteacha do naomhuigheadh le subháilcí N. Proinnsias agus N. Clára, chailleas búcla mo chreasa 'san mhainistir. Bhíos chómh fada sin 'á thóruigheacht agus 'á cheangailt den ribín aríst go raibh na cóistí go léir, cé's moite de chóiste Árd-Bhiocáir Bhayeux, imighthe, ar theacht amach go dtí an doras dom. Céard a bhí le déanamh? An gcaithfinn lasgadh liom i ndiaidh na gcóistí a bhí imighthe as amharc orm cheana féin agus mé féin do chur i mbaoghal caillte ár dtraen, nó an n-iarrfainn ar an t-sagart Révérony marcaidheacht do thabhairt dom ar a chóiste féin? Cheapas gurbh é an rud ba chríona dhom a iarraidh air. D'fhéachas le gan mo chúthalacht do thaisbeáint agus mhínigheas dó an chaoi a rabhas i sáinn. Bhí sé féin tré n-a chéile annsin, mar bhí a chóiste loma-lán cheana. Ach thuirling duine de na fearaibh gnaoidheamhla sin láithreach gur chuir sé mise i mo shuidhe i n-a áit féin, is go ndeachaidh sé féin suas le hais an tiománuidhe. Ní fhacais mo shamhail ariamh agus mé annsúd ach iorradh rua a mbéarfaí air i súil-ribe! B'fhada uaim a bheith ar mo shócamhlacht
go deimhin i gceart-lár na ndaoine mór sin go léir, agus an duine ba mhó a raibh sgáth orm roimhe annsúd go díreach ós mo chomhair amach! Caithfead a rádh, áfach, go raibh sé go h-an-chineálta dhom, agus d'iompuigheadh sé i leith chugam ó am go ham le labhairt liom faoi'n gCarmal, agus gheall sé dhom go ndéanfadh sé a chion féin le mo mhian do chóimhlíonadh ionnós go bhfeadfainn dul isteach 'san Charmal i n-aois mo chúig mblian déag. Íocshláinte do chréacht mo chroidhe do b'eadh an cómhrádh sin, cidh nár chuir sé deire le mo phiantaibh. Ní raibh iontaoibh agam as daoinibh feasta, ba ar Dhia amháin a bhí mo sheasamh. Ach má bhíos go brónach trom-chroidheach féin, níor fhág sin mé gan spéis mhór do chur ins na háiteacha naofa a dtugamar cuairt ortha. Ag Firenze (Florans) bhí áthas orm corp N. Magdalén de Pazzi a fheiceál i lár Córaidh na mban-rialta gCarmelíteach. Theastuigh ó na hoilithrí go léir a gcuid paidríní do chur ag teang- mháil le tuamba na naoimhe, ach ní raibh ach mo láimhín féin amháin a bhí sáitheach beag le sleamhnú isteach tré phuill na crannghaile. Agus mar sin de thuit sé ar mo chrannaibh-se an dualgas mór uasal sin, do mhair ar feadh i bhfad, do dhéanamh, agus bhí bród mór orm d'á dheasgaibh. Níorbh é sin an chéad uair agam ag fáil pribhléidí de'n tsaghas sin. 'San Róimh i dTeampol Santa Croce di Gerusalemme taisbeánadh dhúinn roinnt píosaí d'adhmad na Fíor-Chroise, dhá dheilg as an gCoróinn Dheilgnigh agus ceann de na tairgní beannuithe. D'fhonn amharc maith a fháil ortha, tharraingeas féin siar gur leigeas do na daoinibh eile féachaint ortha róm; agus annsin nuair a bhí an manach a bhfuil cúram na stór luachmhar sin air ar tí a gcur ar ais ar an altóir aríst, d'iarras air ar mhisde dhom iad do thadhalladh. Dubhairt sé nár mhisde, ach b'fhacthas dom gur shíl sé nach n-eireóch' liom. Shíneas féin méirín liom isteach tré oscailt a bhí 'san gcreathar i riocht is gur theang- mhuigh sé leis an dtairgne luachmhair sin do fliuchadh le fuil Íosa. Mar a chíonn tú, a Mháithrín, bhíos dho m'iomchar féin le h-Íosa mar a dhéanfadh leanbh a cheapas go bhfuil gach nídh ceaduighthe dhó, agus gur leis féin stóir agus maoin a athar. Ar theacht tré Phisa agus tré Ghenova dhúinn, d'fhilleamar ar an bhFrainnc ar cheann de na bealaighibh is áilne dá bhféadfaí a fheiceál. Uaireanta bhíomar ag gluaiseacht linn cois-fhairrge: agus lá amháin bhí an bóthar-iarainn chomh gar sin do'n uisge de dheasgaibh an anaithe mhóir a bhí ann, go raibh na fáganna ag teacht
isteach ar ár mullach, beagnach. 'N-a dhiaidh sin, thriallamar tré mhachairí móra a bhí clúduighthe le croinntibh óráistí, le h-ola- chrainn, agus le croinntibh gleoite iubhair. Le tuitimín na h-oidhche bhí na bailtí iomadúla cuain ag soillsiú le n-a gcuid lóchrann spréacharnach, agus thosuigh na réaltógaí ag lonnradh 'n-a gceann agus n-a gceann ins na spéartha glas-ghorma ós ár gcionn. An radharc sár-áluinn draoidheachta sin d'fhágas i mo dhiaidh é gan mhairg gan bhrón: bhí mo chroidhe ag súil le h-iongantaisí agus le h-áilneachtaí eile ar fad! Bhí m'athair ag brath ar mé do thabhairt leis ar thuras eile go h-Ierusalem, ach cidh go raibh dúil mhór agam, nídh nach iongnadh, na h-áiteacha naofa mar ar chómhnuigh ár Slánuitheóir ar talamh dh'fheiceál, bhíos sáitheach d'oilithreachtaí an t-saoghail seo, agus ní raibh uaim feasta ach áilneachtaí na bhFlaitheas; agus d'fhonn na háilneachtaí sin do thabhairt d'anmnachaí, b'é mo dhúil mé féin do dhúnadh isteach im'chime 'san Charmal chomh luath i nÉirinn is do b'fhéidir liom. Ach mo léan géar! mhothuigheas gurbh iomdha sin comhrac agus cruaidh-fhulang a bhí róm fós, shul dá bhfeicinn dóirse mo charcair bheannuithe d'á n-oscailt le mé do leigint isteach. Níor laghduigheadh ar mo mhuinín, áfach, agus bhíos ag súil le dul-isteach an 25adh lá de Mhí na Nodlag. Ní túisge a bhíomar ar ais i Lisieux ná thugamar cuairt ar an gCarmal. Ó, a Mháthair dhil! an gcuimhnigheann tú ar an gcómhrádh sin a bhí againn, agus ar an gcaoi ar fhágas an scéal go léir fút- sa, ó bhí cinnte ar mo dhícheall féin aon rath a dhéanamh. Dubhrais liom scríobhadh chuig an Easbog agus a gheallúint do chur i gcuimhne dhó; agus rinneas amhlaidh láithreach. Nuair a bhí an litir curtha 'san phost agam, shíleas go bhfuighbhinn an cead gan aon mhoill le go bhféadfainn imeacht liom. Ach mo nuar! d'imigh na laetheanta is na laetheanta thart agus bhí an freagra gan teacht i gcomhnuí! Tháinic an Nodlaig féin, agus bhí Íosa 'n-A chodladh fós. Bhí A liathróidín caithte annsúd ar an dtalamh Aige, agus féachaint féin ní thug Sé air! Ba mhór an fromhadh é sin, gan aon agó; ach an Té a mbíonn A chroidhe ag faire do shíor, chuir Sé i gcéill dom go ndéanann Sé míorbhailtí ar son an duine nach bhfuil ach oiread gráinne mus- táird de chreideamh aige, d'fhonn neartú leis an gcreideamh sin ó tá sé chómh lag; ach nach ndearna Sé míorbhailtí ar son A gcarad ionmhuin, ar son A mháthar féin, gan a gcreideamh do thrialadh ar dtúis. Nár leig Sé Lasarus bás a fháil, cidh gur chuir Marta
agus Máire scéal Chuige 'á rádh Leis go raibh sé breoite? Agus ag Bainfheis Chána, nuair a d'iarr an Mhaighdean ghlórmhar Air fóirthint ar fhear a' tighe, nár fhreagair Sé nach raibh A thráth tagtha go fóill? Ach tar héis iad do thrialadh Dhó, cad é mar luach- saothair do bhronn Sé ortha! Déantar fíon de'n uisge, tógtar Lasarus ón mbás… B'shin mar a rinne mo Ghrá Geal le n-A Threasa bhig féin fosta: do thrial Sé ar feadh i bhfad í, agus annsin do chóimhlíon Sé a mianta go léir. B'í an chrois aríst do bhronn Íosa orm mar sheachadadh Lae- Coille, 1888. Fuaireas litir ón Mháthair Marie de Gonzague 'á rádh liom go raibh freagra an Easbuig aice féin ó lá-Fhéile na Leanbh Neam-chionntach, go raibh cead agam ón bhfreagra sin teacht isteach láithreach, ach go raibh sé socruighthe aice féin gan mé do ghlacadh isteach go mbíodh an Carghaos thart! Ag smaoineadh ar an mhoill mhóir fhada sin dom, níor fhéadas na deóra do chosg. Do ghoill an fromhadh sin orm ar bhealach ar leith: mar, gach cuibhreach agus ceangal dá raibh dhom' chongbháilt 'san t-saoghal bhíodar briste réabtha, agus féach! B'í an Airc bheannuithe í féin do'n chor seo a bhí ag diúltú an colmán dearóil do leigint isteach! Cé mar do chaitheas na trí míosa úd 'nar fhuilingeas chómh mór sin ach 'n-a bhfuaireas grásta líonmhara de gach saghas freisin? Bhí fonn orm ar dtúis gan cur as dom féin agus gan a bheith chomh cruaidh orm féin is ba ghnáthach liom. Ach ba ghairid go dtug Dia na glóire le tuigsint dom chóm luachmhar is a bhí an t-am sin a bhí agam, agus annsin chuireas róm claoidheadh le mo bheatha chruaidh agus le básúchán ní ba dhúthrachtaighe ná riamh. Ach nuair adeirim "básúchán," ní hiad píonóis agus peannaidí na naomh atá i gceist agam. B'fhada uaim féin, go deimhin, a bheith cosúil leis na naoimh mhóra a ghníos an uile shaghas smachtúcháin agus léasúcháin do Chleachtadh ó laethibh a leanbhánachta féin i leith. B'é an t-aon bhásúchán amháin do chleachtuighinn-se, mo thoil féin do bhriseadh, freagra mí-fhoighdeach do bhrú' chugam, mion-ghníomhartha carthannachta do dhéanamh gan aon bhrí ró-mhór a dhéanamh dhíobh, agus na mílte rud eile de'n tsaghas sin. Bhíos dhom' ullmhú féin, leis na rudaí beaga suaracha sin do dhéanamh, chun a bheith im' chéile ag Íosa, agus ní chreidfeá ach an chaoi ar méaduigheadh ar an bhféin- tugthacht agus ar an úmhluigheacht agus ar na súbháilcibh eile i mo chroidhe i gcaitheamh an achair sin agus mé ag fanacht go foighdeach.
CAIBIDIOL VII. An Luan, an 9adh lá de mhí an Aibreáin, 1888, b'shin é an lá do socruigheadh le haghaidh mo dhul-isteach 'san gClochar. B'ar an lá gcéadna sin a bhíothas ag ceileabhradh Féile Teachtair- eachta an Aingil 'san Charmal, i n-áit ar cuireadh ar ath-lá í i ngeall ar an gCarghaos. Tránóna an lae roimhe sin, bhí bunadh an tighe bailighthe le chéile thart ar bhord sin an teaghlaigh mar a rabhas féin le suidheamh de'n uair dheiridh. Na hapieux seo nach mór mar a chéasaid an croidhe! Ag an uair sin a mba mhian leat go ndéanfaí dearmad ort ar fad ní chloisfidh tú ach na bréithre is caoine ó gach aoinne, mar a bhéidís ag iarraidh a thabhairt ort pianta na scarúinte do mhothú níos mó fós. Ar maidin an lae féin thugas an fhéachaint deireanach ar Les Buissonnets, ar nead seascair úd mo leanbhánachta, agus d'imigh liom fé dhéin an Charmail. D'éisteas an tAifreann binn agus mo ghaolta ionmhuine thart timcheall orm, fé mar a bhíodar an tránóna roimhe sin. Ag an gComaoin Naofa, nuair a bhí Íosa tar héis teacht isteach 'n-a gcroidhthibh, ní raibh le clos agam ach gach aon uchlán uatha. Am thaobh-sa de, deór níor shileas: ach ag siubhal rómpa amach dhom ag triall ar dhoras an chaisil bhí mo chroidhe ag bualadh chómh tréan is gur shíleas go dtuitfinn mín marbh ar an láthair sin. Á! cad é mar chéasadh-croidhe! Cad é mar chomhrac cruaidh! Ní mór dul thríd le n-a thuigsint i gceart. Thugas póg do gach duine de mo ghaoltaibh agus leigeas mé féin ar mo dhá ghlúin i bhfiadhnaise m'athar le n-a bheannacht a fháil. Tháinic sé féin ar a ghlúine annsin gur chuir sé a bheannacht orm, agus bhí na deora ag tuitim ó n-a rosgaibh. Caithfidh sé gur chuir an radharc úd lúthgháir ar aingealaibh Dé .i. an sean-duine sin agus é ag toirbhirt a leinbh don Tiarna agus í i mborradh agus i mbláth a h-óige. Agus annsin druideadh dóirse an Charmail i mo dhiaidh fá dheoidh, agus annsúd istigh, fáiltigheadh róm go ceanúil le pógaí is le barrógaí mo dhriféaracha ionmhuin féin, a bhí mar mháith- reacha agam agus mé im' leanbh, agus muinntire an teaghlaigh nua
seo nach dtuigtear 'san t-saoghal lasmuigh a bhfíor-ghrá agus a lághaidheacht. Bhí mian mo chroidhe cóimhlíonta fá dheire thiar, agus ní fhéad- fainn a chur i gcéill cé'n t-síocháin suairc fhíor-dhoimhin do mhothuigheas i lár mo chléibh. Agus tá an t-síocháin chéadna sin agam le hocht mbliana go leith anois, mar níor imigh sí uaim riamh, fiú amháin i lár na dtrialta ba mhó dá dtáinic orm. Thaithn gach rud 'san gClochar liom thar cionn; b'fhacthas dom gurbh amuigh i bhfásach éigin i gcéin a bhíos, agus mo chillín ciuin go h-áithrid bhí aiteas agus glionndar-croidhe orm a bheith istigh ann. Ach deirim aríst go raibh mo shonas go ciuin ciuin; ní raibh an leoithne ba lugha féin ag suathadh na n-uisgeacha míne ar a raibh mo churraichín ag seóladh leis, agus ní raibh néal ar bith ag dorchú na spéartha ngorm ós mo chionn. Á! d'airigheas go raibh mo luach saothair fáighte agam go h-iomlán as ucht a ndeachas thríd! Nach orm-sa a bhí an t-áthas mór agus mé 'á rádh liom féin: "Táim annseo anois go bráth is a choidhche!" Agus níorbh aoibhneas duthain díombuan é ach an oiread, ná ní raibh sé le himeacht ar ceal uaim i ndiaidh meallta na gcéad- laetheanta. Na meallta! rinne Dia, tré n-A mhór-thrócaire, mé do chosaint ortha i gcomhnuí riamh. Fuaireas an bheatha-rialta go díreach mar a bhíos ag súil léithi, agus níor chuir íodhbairt ar bith iongnadh orm, cidh gur lia na deilgní ná na rósaí ar mo chasán i dtosach. Ar an gcéad dul-síos, ní bhíodh de bheatha agam do m'anam ach arán laetheamhail na tiormachta i lár mo chroidhe. Agus 'n-a cheann sin do cheaduigh Dia go ndéanadh ár Máthair mé do thráchtáil go h-an-ghéar, agus sin i ngan-fhios di féin go minic. Ní raibh uair ar bith 'n-a gcastaí orm í nach mbéadh rud éigin aice le casadh liom. Uair amháin is cuimhneach liom gur fhágas líon dubháin alla ar liobarnadh 'san gclabhstar, agus go ndubhairt sí liom ós comhair na mban-rialta go léir: "Is furust' a aithint gur girseach cúig mbliana déag a scuabas na clabhstair s'againn-ne! Muna bocht an scéal againn é, go deimhin! Imigh leat go beo agus déan an líon dubháin alla sin do scuabadh chun bealaigh, agus féach chuige go mbéidh tú níos cúramaí feasta." Nuair a bhíodh léigheacht spioradálta agam uaithe anois is aríst, agus go mbíodh orm uair a' chluig do chaitheamh 'n-a cuideachtain, is dhom' mhilleánadh a bhíodh sí bunáite an ama. Agus b'é an rud ba mhó do ghoilleadh orm ach nach raibh a fhios agam le mo chuid locht do
Iomradharc ar Charmal Lisieux. N.B. — An chrois bheag bhán a chítear 'san ngriangrafadh seo, tá sí faoi bhun fuinneóige an Otharlainn 'n-a bhfuair an tSr. Treasa bás.
cheartú: mo roighinteas, mar shompla, agus m'easbaidh dhúthrachta ins na hoibreacha éagsamhla thríd an teach. Lá n-aon, dubhras liom féin gur cinnte go mbadh mhaith leis an Mháthair Urr. go dtabharfainn féin mo chuid saor-ama ag obair, cidh gur ag paidreóracht a caithtear do ghnáth é, agus mar sin de do tharraingeas chugam mo shnáthad bheag agus d'oibrigh liom gan na súile do thógáilt. Ach ó theastuigh uaim bheith dílis agus gach nídh a dhéanamh ar son Íosa amháin, ní raibh aon fhios ag aoinne faoi sin ariamh. I rith aimsire m'iarrthóireachta do chuireadh ár Máistreás amach go dtí an garrdha ag baint lustain mé gach tránóna ag leath- uair i ndiaidh a cheathair. Ba mhór an píonós dom é sin, go mór- mhór, ó bhíodh sé de mhí-ádh orm bualadh leis an Mháthair Marie de Gonzague ar mo bhealach amach i gcómhnuí beagnach. Tránóna dár casadh orm ar an ndóigh sin í, dubhairt sí: "Ní dhéanann an leanbh seo tada 'chor ar bith! Cad í mar nóibhíseach í seo is a rádh go gcaithtear í do chur amach ag spaisteoireacht chuile lá?" Agus b'shin mar do bhíodh sí dhom' lochtú is dhom' mhilleánadh do shíor. Ó, a Mháthair mhuirneach, nach mé atá lán-bhuidheach de Dhia as ucht oileamhaint chomh neartmhar chomh luachmhar sin do thabhairt dom! Cad é mar ghrás thar luach! Céard a d'imeóch' orm 'chor ar bith dá mba go mbéinn, mar a shíl go leor daoine 'san tsaoghal, i m'áilleán agus im'pheata ag na siúracha? I n-ionad Dia a fheiceál i mo chuid uachtarán, béidir nach bhféachfainn ach ar an nduine amháin, agus mo chroidhe do coimeádadh chomh glan chomh saor sin 'san tsaoghal, béidir go gclaoidhfeadh sé le daoinibh 'san gClochar. Ach do fainiceadh ar an mí-ádh ró-mhór sin mé, céad moladh le Dia! Níorbh iad na fromhtha sin thuas amháin a bhíodh agam, áfach, ach mórán fromhtha eile ba ghéire fós ná iad, i dtreo go dtig liom a rádh le fírinne go raibh an fulang mar chompánach agam ón gcéad lá a dtáinic mé isteach 'san gClochar agus gur ghlacas chugam le flosg is le grá é. An cuspóir a bhí curtha róm agam do nochtuigh- eas é 'san scrúdú solmánta a raibh orm dul faoi, roimh mo Dhílsiúchán: "D'fhonn anmnacha do thárrtháil agus go mór-mhór chun a bheith ag guidhe ar son na sagart is eadh do tháinic mé isteach annseo." Nuair is mian le duine críoch áithrid do bhaint amach, ní fuláir dhó an gléas oireamhnach le n-a haghaidh sin do tharraint chuige. Do chuir Íosa i dtuigsint domh-sa go mba thríd an Chrois
a bhéarfadh Sé anmnacha dhom, agus ar an ádhbhar sin dhá liachtaí croiseann dá gcastaí orm b'amhlaidh ba mhóide mo dhúil 'san bhfuilinnt iad. Ar feadh cúig mblian b'é bóthar sin na croise a bhí le gabháil agam do shíor, ach b'agam féin amháin a bhí a fhios sin. B'shin é díreach an bláithín foluighthe ba mhian liom a sheachadadh d'Íosa, an bláithín nach dtéigheann a chumhracht amach uaidh ach suas i dtreo na bhFlaitheas amháin. Ní rabhas thar dhá mhí 'san gClochar nuair a rinne an sagart Pichon féin iongantas de'n chaoi a raibh Dia ag oibriú i m'anam; b'fhacthas dó gur dhúthracht leinbh a bhí ionnam agus gur bhóthar mín réidh an bóthar a bhíos a' gabháil. Muna mbéadh an deacracht a bhí agam le mo chuid smaointe do chur i gcéill, gheobhfainn sólás mór ón gcómhrádh a bhí agam leis an t-sagart sin. Rinneas faoisdin choitcheann leis ar chaoi ar bith, agus annsin do labhair sé na bréithre seo: "Deimhnighim dhuit i láthair Dé agus na Maighdine Muire agus na Naomh go léir nach ndearnais oiread is aon pheaca marbhtha amháin le do bheó; déan do mhór-bhuidheachas do ghabháil le Dia as ucht a ndearna Sé ar do shon i n-aisge gan tú féin 'á thuilleamh ar bhealach ar bith." Gan mé féin 'á thuilleamh! Á! níor dhoiligh liom sin do chreis- dint! D'airigheas go maith mo lag-bhrígheacht agus mo mhí-fhoirfeacht, agus bhí mo chroidhe ag cur thar maoil le buidheachas. Bhíodh buairt agus imní mhór orm go dtí sin ar fhaitíos go mbéinn tar héis éadach glan gléigeal mo bhaiste do thruailliú am éigin, ach an deimhne sin as béal sagairt de'n tsaghas a bhíodh ó n-ár Máthair N. Treasa .i. "sagart a raibh léigheann agus naofacht aige i n-éinfheacht," b'fhacthas dom gurbh ó Dhia féin do tháinic sé. Dubhairt an sagart caoin sin liom fosta: "Ár dTiarna Íosa Críost féin go raibh mar Uachtarán agus mar Mháistir agat i dtóláimh, a leanbh!" Agus bhí, agus 'n-A Anamchara dhom freisin. Ní hamhlaidh is mian liom a rádh, áfach, go raibh mo chroidhe dúnta roimh mo chuid uachtarán, mar ní hé amháin nár cheileas mothucháin mh'anama orthubh, ach rinneas mo dhícheall ar bheith i mo leabhar ar oscailt dóibh i gcomhnuí riamh. Fíor-naomh do b'eadh ár Máistreás, duine de fhíor-shliocht na gcéad-Charmelíteach. Bhínn féin 'n-a cuideachtain gach uile ré soluis, mar do mhúineadh sí dhom le mo chuid oibre do dhéanamh. Níl innseacht scéil ar a lághaidheacht agus ar a cineáltas dom, agus bhí cion mór agus árd-mheas agam uirthe; ach 'n-a dhiaidh sin is uile, níorbh fhéidir liom mo chroidhe dh'oscailt. Na neithe a bhí
ag tárlú i m'anam ní fhéadainn iad do chur i gcéill, bhíodh na foclaí cearta i n-easnamh orm, i riocht is gur mhór an crádh-croidhe is an mhairtíreacht dom na cómhráidhte spioradálta a bhíodh agam léithe. Lá n-aon, b'fhacthas dom gur thuig bean-rialta aosta áithrid i gceart mé, mar dubhairt sí liom le linn an chaitheamh-aimsire: "Chítear dhom, a thaisce, nach mórán a bhíos agat-sa le rádh leis na huachtaráin." "Agus cé'n fáth a gceapann tú sin, a Mháthair?" adeirim-se. "Tá," ar sise, "toisg d'anam a bheith go h-an-shimplí: ach nuair a bhéas tú foirfe, béidh tú níos simplí fós; d'á ghoire dhá dtagann an t-anam do Dhia is amhlaidh is mó a simplítear é." Bhí an ceart ag an Mháthair sin. Ach an deacracht sin a bhí agam le mo chroidhe a dh'oscailt ba mhór an fromhadh dhom í, i n-aimhdheoin gurbh í mo shimplíocht ba chionntsiocair léithi. Táim simplí indiu, leis, ach mar sin féin tig liom mo chuid smaointe do nochtadh gan strómh gan iarracht. Dubhras ar ball go raibh Íosa mar anamchara agam. Is ar éigin a bhí an sagart Pichon tar héis cúram m'anama do thógáilt air féin nuair do chuir a uachtaráin go Canada é. Agus ó thárla nach bhfághainn ach aon litir amháin uaidh 'san mbliain, ba ghairid an mhoill ar an mbláithín a bhí athchurtha ar Shliabh Charmail iompáil chuig an t-Árd-anamchara, gur thosuigh sé ag scéitheachaint ar foscadh na Croise, mar a raibh deora Mhic Dé agus A chuid fola mar dhrúcht aige, agus A Aghaidh adhramhail 'n-a ghréin ghil ag taithneamh anuas air. Níor thuigeas go dtí sin cad iad na stóir mhóra luachmhara atá foluighthe i nAghaidh Naomhtha an tSlánuitheóra; b'í mo Mháithrín do thug eolas dom ortha. Amhail mar do chuaidh sí amach roimh a triúr driféaracha fé dhéin an Charmail roimhe sin, b'shin mar do chéad-chuir sí eolas anois ar na rúindiamhra grádha atá foluighthe i nAghaidh ár gCéile; agus annsin do nochtuigh sí dhomh-sa iad, agus thuigeas a mbrí… Thuigeas ní b'fhearr ná riamh céard is fíor-ghlóire ann. An tÉ "nach mbaineann A ríoghacht leis an saoghal seo" 1 thaisbeán Sé dhom nach bhfuil ach an t-aon ríoghamh- lacht amháin gur fiú dúil do chur innte, mar atá, "gan a iarraidh go mbéadh aithne orainn ag daoine ná go gcuirfí suim ionainn," 2 ach ár n-áthas a fháil i ndrochmheas orainn féin. B'é mo dhúil
"go mbéadh m'aghaidh féin foluighthe ó shúilibh chách, fé mar do foluigheadh Aghaidh Íosa, agus nach n-aithneóch' aoinne ar an dtalamh mé." 1 Ní raibh uaim feasta ach go ndéanfaí dearmad orm ar fad le go bhféadfainn fuilinnt i ngan-fhios do chách. Nach mór í an trócaire le n-a ndearna an Tiarna mé do sheóladh i gcomhnuí riamh! Níor chuir Sé mian i mo chroidhe ariamh gan é do chóimhlíonadh, agus sin é an fáth gur mhilis liom A chailís searbh. I ndeire míosa na Bealtaine, 1888, bhí féile shona Dílsiúcháin Mháire, an duine ba shine againn, ann, agus bhí sé de phribhléid ag Thérèse, Benjamin na clainne, í do choróinniú le rósaí ar lá aoibhinn úd a bainfheise spioradálta; ach i ndiaidh an lae sin tháinic an fromhadh ar ár dteaghlach an ath-uair. Ó bhuail an chéad taom pairlise ár n-athair, thugamar faoi ndeara gur rí-fhurust' é do thuirsiú. Le linn ár n-aistir fé dhéin na Róimhe lia mhinic do chonnaiceas lorg na claoidhteachta agus an fhulaing ar a éadan. Ach b'é rud ba mhó do chuir áthas agus iongantas orm ná an chaoi a raibh sé ag dul ar aghaidh ar shlí na naofachta; bhí buaidhte aige ar a bheódhamhlacht nádúrtha ar fad, agus shílfeá gurbh ar éigin do bhaineadh neithe an t-saoghail seo dhó 'chor ar bith. Béidir nár mhisde dhom sompla amháin d'á shubháilceas do chur síos duit annseo, a Mháithrín: Le linn na hoilithreachta chun na Róimhe do b'fhada leis na taistealaidhthe na laetheanta is na hoidhcheanta 'san traen, agus do thosuighidís ag imirt cártaí agus níorbh annamh a bhíodh clampar agus cibeal eatortha de dheasgaibh na gcárta gcéadna. Lá n-aon d'iarr na himirtheóirí orainn féin comhar do dhéanamh leo, ach do dhiúltuigheamar 'á rádh nach raibh aon mhaith linn ag imirt; agus thairis sin, níorbh fhada linn-ne an t-am 'chor ar bith, ach b'amhlaidh ba ró-ghairid linn é le lán ár súl do bhaint as na h-iol- radhairc fhíor-áilne a bhí ag éirghe ós ár gcomhair ar gach taobh a mbreathnuighimís. Ba ghairid, áfach, gur thosuigheadar ag clamh- sán fúinn, i riocht is go raibh ar ár n-athair ionmhuin sinn do chosaint, 'á chur i gcuimhne dhóibh go mín gurbh ar oilithreacht a bhíomar agus nach rabhthas ag tabhairt go leor ama don phaidreóracht. Leis sin dubhairt duine de na himirtheóirí sin go borb, gan cuimhneamh air féin ná ar an urraim atá ag dul don cheann liath: "Is mór an gar," ar seisean, "nach bhfuil mórán fairisíneach ar an t-saoghal!" Focal níor fhreagair m'athair: bhí cosamhlacht
lúthgháire naofa féin air, agus tamaillín 'n-a dhiaidh sin, fuair sé deis le lámh do chraitheadh leis an bhfear úd agus do labhair sé focal cneasta leis 'san am chéadna i dtreo go gceapfadh aoinne gurbh é an chaoi nár chuala sé an tarcuisne sin 'chor ar bith, nó má chuala go raibh sé dearmadtha aige. Thairis sin, tá a fhios agat féin, a Mháithrín, nárbh é sin an chéad uair aige ag maitheamh do dhaoinibh. Tá fiadhnaise ár máthar againn agus fiadhnaise gach duine a raibh aithne acubh air 'á dheimhniú nár labhair sé focal amháin ariamh i gcoinnibh na carthan- achta. Bhí a chreideamh beó láidir agus a chroidhe flaithiúl i n-ann gach fromhadh a dh'fhuilinnt. Seo mar a d'innis sé do dhuine d'á cháirde faoi mo dhul-isteach féin 'san Charmal: "D'imigh mo ríoghan bheag uaim indé isteach 'san Charmal. Is é Dia amháin a fhéadas a leithéid d'íodhbairt a dh'éileamh; ach cuidigheann Sé liom chómh mór sin go bhfuil mo chroidhe ag cur thar maoil le h-áthas i n-aimhdheoin mo chuid deór." Bhí luachsaothair, do réir a shubháilcí, ag dul don t-seirbhíseach dhílis sin; agus an luachsaothair sin d'iarr sé féin ar Dhia é. Ó, a Mháithrín, an cuimhneach leat an lá úd a ndubhairt sé linn 'san phárlús: "A chlann ó! táim tar héis filleadh ó Alencon. Fuaireas an oiread sin grásta agus sólás i dteampol na Maigh- dine Muire annsúd gur chuireas an phaidir seo suas chun Dé: "A Dhia dhil, tá sé seo iomarcach ar fad, tá sin! An iomarca aoibhnis atá agam; ní féidir dul chun na bhFlaitheas ar an ndóigh seo: is mian liom rud éigin a fhuilinnt ar Do shon-sa!" Agus rinneas mé féin dh'ofráil mar…" Do shéalthuigh an focal "íodhbairt" ar a bhruasa, níor leómhuigh sé é do rádh 'nár Láthair- ne, ach thuigeamar brí a scéil! Cuimhnigheann tú féin go maith, a Mháithrín, ar ár ndóláis shearbha go léir! Níl aon chall domh-sa mion-tuairisg do thabhairt annseo ar na cuimhní cráidhteacha údan… Ach cheana bhí an lá ag teannadh linn 'n-a rabhas leis an Aibíd a fháil. Tháinic m'athair chuige féin as an tarna taom, cidh nach raibh súil ag aoinne go dtiocfadh, agus, mar sin de, shocruigh an tEasbog go mbéadh an cheremóint ann an 10adh lá de Mhí an Eanair. B'fhada liom a bhíos ag fuireach; ach nárbh áluinn go deo an lá- fhéile é 'n-a dhiaidh sin! Ní raibh rud ar bith ar iarraidh, dá mb'é an sneachta féin é. Ar innsigheas duit fós, a Mháthair dhil, faoi'n tóir mhóir a bhí agam ar an t-sneachta i gcomhnuí riamh? Nuair nach raibh ionnam
ach pataire bheag bhídeach chuireadh a ghileacht glionndar is aiteas ar mo chroidhe. Céard fá ndeara dhom taithneamh do thabhairt do'n tsneachta ar an gcuma sin? Béidir, ó thárla gurbh i lár an gheimhridh do rugadh mé, go raibh an talamh clúduighthe le n-a bhrat gléigeal sneachtach an chéad uair ariamh ar leagas súil air. Uime sin bhí dúil agam an nádúir a fheiceál faoi n-a brat gléigeal mar mé féin an lá a bhéinn ag fáil na hAibíde. Ach an lá roimhe sin bhí an aimsir chomh bog nádúrthach is dá mb'é an t-earrach a bhéadh ann, agus bhí deire dúile bainte agam de'n t-sneachta. An 10adh lá féin ar maidin, ní raibh aon athrú ann! Do chuireas uaim, mar sin de, mo mhian páistiúil do-chóimhlíonta, agus ghluais liom amach as an gClochar. Bhí mo dhaide ag fuireach liom ag doras an chaisil. Dhruid sé i leith chugam agus na deóra le n-a shúile gur fháisg sé le n-a chroidhe mé 'á rádh: "Á! seo chugamh í fá dheoidh, mo ríoghan bheag féin!" Annsin chuir sé a lámh i mo láimh-se agus ghluais linn go solmánta isteach 'san t-séipéal. Lá a chaithréime do b'eadh an lá údan, a lá-fhéile dheiridh ar an t-saoghal seo thíos! Bhí a chlann go léir toirbheirthe do Dhia aige, 1 ba le Dia gach duine acubh feasta. Nuair adubhairt Céline leis go dtréigfeadh sí féin an saoghal lá éigin, freisin, le dul isteach 'san Charmal, bhí an oiread sin áthais air gur fhreagair sé: "Téanam ort," ar seisean, "i n-éindtigh liom isteach i láthair an Naomh-Shacraiméid go dtugaimíd altú d'Íosa ar son na ngrást go léir atá aige 'á bhronnadh ar an dteaghlach s' againne, agus ar son na h-onóra a bheir Sé dhomh-sa le céilí do thoghadh Dhó féin i mo theach. Is fíor go dtug Dia onóir an-mhór dhom nuair d'iarr Sé mo chlann orm. Dá mbéadh rud éigin ní b'fhearr agam, bhéarfainn Dó é go fonnmhar." B'é féin an rud sin do b'fhearr! "Agus do ghlac an Tiarna Chuige mar íodhbairt lán-loiscthe é, do thriail Sé é ar nós an óir 'sa bhfúirnéis, agus fuair Sé A dhiongbhálta féin ann." 2 Ar bhfilleadh isteach 'san gClochar dhomh-sa i ndiaidh na cere- móinte lasmuigh, do thús-chan an t-Easbog an "Te Deum." Chuir sagart i bhfios dó nár cheart an chantainn sin do chanadh ach amháin le linn Dílsiúcháin, ach ó bhí tús curtha leis an iomann sin 1 Thug Léonie sgathamh i gClochar leis na Cláirísigh bhochta, ach bhí an t-Ord sin ró-chruaidh d'á sláinte lag, agus b'éigean dí filleadh a bhaile. Tamall 'n-a dhiaidh sin glacadh isteach i gClochar na Cuartigheachta ag Caen í, agus tugadh Soeur Francoise-Thérèse mar ainm uirthi.
buidheachais do leanadh air go deire. Nárbh fhuláir an fhéile sin a bheith 'n-a féile iomlán beachtuighthe ar gach bealach, ó thárla gurbh í tús agus deire na bhféiltí eile go léir í? Ar theacht isteach 'san gClochar dhom d'fhéachas ar dtúis ar m'Íosagán gleoite, 1 a bhí ag dearcadh anuas orm go geal-gháireach ó lár na mbláth agus na soillsí; agus ag breathnú uaim dhom annsin amach 'san gclós, chonnaiceas go raibh sé clúduighthe le sneachta! Cad é mar chaoin- eas d'á thaisbeáint dom ag Íosa! É ag cóimhlíonadh dúile A fhiancée bige agus ag riaradh an t-sneachta uirthí! Cá bhfuil an duine, dhá chómhachtaí é, a dtiocfadh leis oiread is aon chalóg amháin sneachta do chur ag tuitim as na spéartha le h-aiteas do chur ar ghrádh a chroidhe? Rinne 'chuile dhuine iongantas mór den t-sneachta sin, mar ba rud neamhchoitianta ar fad leo é, mar gheall ar an saghas aimsire a bhí ann; agus tá 'fhios agam gur labhair mórán daoine ó shoin, ar chloisteál faoi mo dhúil dóibh, gur labhruigheadar go minic faoi mhíorbhailt bhig an lae úd a bhfuaireas an Aibíd, agus gurbh aisteach leo an tóir sin a bheith agam ar an t-sneachta… Sin mar is fearr liom é! Déanann sin deonuightheacht do-thuigse Chéile na maighdean do chur ar foillsiú níos soiléire fós, 'á thaisbeáint gurab ionmhuin Leis na lilí atá go glan gléigeal ar nós an t-sneachta. Tháinic an t-Easbog chugainn isteach i ndiaidh na ceremóinte, agus bhí sé go h-an-lághach atharúil domh-sa. Do chuir sé i gcuimhne dhom, agus na sagairt go léir thart air ag éisteacht, mo chuairt ar Bhayeux, mo thuras fé dhéin na Róimhe, agus ní baoghal go ndearna sé dearmad ar scéilín mo ghruaige casta-suas ach an oiread. Annsin ghlac sé mo cheann idir a dhá bhois gur mhuirnigh sé ar feadh i bhfad mé. Le n-a linn sin mhachtnuigheas féin i mo chroidhe istigh ar an gcaoi a ndéanfaidh Íosa mé do mhuirniú is do bharrógadh gan mórán moille i bhfiadhnaise na Naomh go léir, agus do chuir an machtnamh sin suairceas do-inniste orm — bhí sé mar a bhéadh blaiseadh roimh-ré de ghlóir is d'aoibhneas na bhFlaitheas. Mar adubhras ó chianaibhín, an lá úd, an 10adh lá de mhí an Eanair, b'é lá caithréime ár n-athar ionmhuine é; chítear dhom féin nár mhisde an lá-fheile údan do chur i gcomórtas le dul-isteach Íosa i n-Ierúsalem, Domhnach na n-Iúbhar. Fearacht a Mháistir Íosa Críost, tháinic a pháis dólásach air siúd, leis, i ndiaidh an ghradaim 1 Bhí sé de chúram uirthi go lá a báis dealbh úd an Leinbh Íosa d'órnáideadh.
aon-lae sin. Agus amhail mar chuaidh fuilinntí Íosa tré chroidhe A Mháthar Bheannuithe, b'shin mar do mhothuigheamar féin i bhfíor- íochtar ár gcroidhthe pianta géara agus úmhlúcháin an t-é ba mheasa linn ar talamh… I mí an Mheithimh, 1888, tráth a raibh faitíos orainn go raibh pairlis inchinne le n-ár n-athair do bhualadh, is cuimhneach liom gur chuireas-sa iongnadh ar ár Máistreás lá, 'á rádh léithe: "Táim ag fuilinnt go mór, a Mháthair, ach mothuighim go dtig liom níos mó fós a fhuilinnt." Ní raibh aon cheapadh agam an uair úd go raibh fromhadh chomh mór sin i ndán dúinn. Ní raibh a fhios agam go gcaith- feadh ár n-athair grádhach cailís chómh searbh sin a dh'ól an 12adh lá de mhí na Feabhra, mí i ndiaidh an lae a bhfuaireas féin an Aibíd! …Á! ní dhubhras annsin go bhféadfainn níos mó a fhuilinnt! An dólás agus an doilgheas croidhe a bhí orainn ní féidir iad do chur síos i bhfoclaí, agus ní fhéachfad-sa le n-a scríobhadh annseo… Béidh áthas orainn amach annseo i bhFlaitheas na ngrást, ag cur síos dúinn i gcuideacht' a chéile ar laetheanta duairce seo ár ndeoruidheachta. 'Seadh, trí bliana úd mairtíreachta ár n-athar b'iad na blianta ba shona is ba thorthaighe d'ár mbeatha go léir iad, dar liom, agus dá mbéadh mo rogha agam, b'fhearr liom iad ná na sóláis agus na támhghailí is aoirde féin. Ag smaoineadh ar an stór ró-luachmhar sin dom, deirim go buidheach beannachtach ó mo chroidhe amach: "Moladh go deo leat, a Dhia, ar son na mblian ngrásmhar do chaitheamar faoi bhuairt is faoi bhrón." 1 Ó, a Mháthair mhuirneach, nár luachmhar is nár shuairc í ár gcrois ró-shearbh, mar nár éirigh as ár gcroidhthibh uilig ach osnaidheacha grádha agus mór-bhuidheachais! Níorbh ag siubhal a bhíomar feasta ach ag ritheacht, 'seadh ag eitilt linn ar chasán na foirbhtheachta. Léonie agus Céline, cidh go rabhadar annsúd i lár an t-saoghail, níor bhaineadar leis an saoghal a thuille. Na litreacha do scríobh- aidís againne an tráth úd, táid lán d'úmhlacht iongantach do thoil Dé. Agus na cómhráidhte a bhíodh agam féin le Céline 'san phárlus! Á! níorbh é amháin nach ndearna crannghail an Charmail sinn do dhealú ó n-a chéile, ach b'amhlaidh do dhlúthuigh sí le n-a chéile sinn ní ba dhaingne ná riamh: b'iad na smaointe céadna, na mianta céadna, an grá céadna d'Íosa agus d'anmnachaí a bhí ag líonadh ár gcroidhthe araon. Oiread is focal amháin faoi neithibh talmhaidhe ní labhruighimís a choidhche. Agus fé mar do ghnímís,
tráth, ag Les Buissonnets, bhímís ag breathnú uainn, níor le súile an chuirp feasta ach le súile an chroidhe, amach thar teorainn na talmhan tadhaill seo agus na haimsire: agus d'fhonn sonas síorruí suthain do shealbhú gan mhoill, do thoghamar an fulang agus an dí-mheas mar chómhroinn ar an t-saoghal seo thíos. An dúil a bhí agam 'san bhfulang bhí sí sásuighthe go maith. Ach mar sin féin níor laghduigheadh ar an dtóir a bhí agam air: agus an chráidhteacht a bhí ar mo chroidhe ba ghairid gur luigh sí isteach ar m'anam bhocht mar an gcéadna. Bhí an tiormacht ag dul i méid; ní raibh sólás le fáil agam ó Dhia ná ó dhaoinibh; ach i n-aimhdheoin sin ní raibh 'sa mbith bán duine ba shona ná mise i gceart-lár uisgeacha úd an dóláis a d'iarras féin chomh h-impidheach dúthrachtach sin ar Dhia. Sin mar do chaitheas aimsir mo luaidhteachta, ach mo nuar! ba ró-fhada liom í. I ndeire na bliana, dubhairt ár Máthair liom gan a bheith ag smaoineadh ar mo Dhílsiúchán do dhéanamh ar chor ar bith, mar go raibh an t-Uachtarán eaglaiseach go daingean 'n-a choinnibh. B'éigean dom fuireach go ceann ocht míosa eile! Ba rí-dheacair liom ar dtúis foighneamh faoi ualach na h-íodhbairte móire sin; ach ba ghairid gur shoillsigh an solus diadha i mo chroidhe. As leabhar leis an t-sagairt Surin .i. Bun-Rúin na Beatha Spioradálta, is eadh do gheibhinn ádhbhar mo chuid machtnamh an tráth úd. Lá n-aon, le linn na hurnuighe, tuigeadh dhom go raibh mór-chuid den bhféin-ghrá measgtha leis an ndúil sin a bhí agam mo mhóideana do thabhairt: mar, ó thárla gurbh áilleán beag le hÍosa mé chun sóláis agus aitis do chur Air, nár chóir dhom ialach a chur Air mo thoil-se do dhéanamh i n-ionad leigint Dó A thoil féin do dhéanamh i mo thaobh. Agus thuigeas 'n-a cheann sin nach mbéadh an bhrídeach taitneamhach le n-a céile lá na bainfheise muna mbéadh sí gléasta amach go breá órnáideach le héadaigh áilne, agus b'fhollus dom nach raibh aon ullmhú den t-saghas sin déanta agam féin go fóill. Annsin dubhras le hÍosa mar seo: "Ní iarrfad Ort a thuille leigint dom mo Dhílsiúchán a dhéanamh. Fuireóchad go foighdeach chómh fada is a thogróchas Tú féin é. Tá aon rud amháin, áfach, nach dtig liom a fhuilinnt .i. go gcuirfí mo dhlúthú Leat ar gcúl, tré mo locht féin. Uime sin oibreóchad liom anois go dian dícheallach le héadach fíor-áluinn órnáidighthe le néamhanna agus le seódaibh de chuile shaghas do shníomhadh dhom féin. Agus nuair a chífeas Tú go bhfuil an t-éadach seo sáitheach áluinn, táim cinnte
nach mbéidh bac ná moill Ort annsin mé do ghlacadh Chugat féin mar chéile." Do dhírigheas ar an obair annsin le misneach úr-nua. Ón am a bhfuaireas an Aibíd bhí soillsí móra bronnta orm ag Dia i dtaobh foirbhtheachta na beatha-rialta, go háithrid i dtaobh móide na bochtaineachta. Le linn aimsire m'iarrthóireachta, bhíodh tóir agam ar na neithibh deasa foiristineacha i gcóir m'oibre agus níorbh fhuláir liom gach rud feidhmiúl a bheith agam faoi mo láimh. Ach do chuir Íosa suas liom go foighdeach, arae ní maith Leis gach aon rud do nochtadh do'n anam 'san am chéadna; is ionnduail nach dtugann Sé A sholus do'n anam ach uidh ar n-uidh. I dtosach mo bheatha spioradálta, nuair a bhí a trí déag nó a ceathair déag de bhliantaibh agam, d'fhiafruighinn díom féin céard a thiocfadh liom a fhoghluim ní ba dheireannaí, mar b'fhacthas dom nach bhféadfainn an fhoirbhtheacht do thuigsint ní b'fhearr. Ach ba ghairid gur tuigeadh dhom, dá fhaide a ghluaiseas duine ar aghaidh ar an mbóthar sin, gurab amhlaidh is fuide ó cheann cúrsa é, dar leis. Táim sásta anois mé féin a fheiceál go mí-fhoirbhthe a choidhche, agus cuireann sin lúthgháir orm fhéin. Ach iomthúsa na gceacht údan do mhúin an Tiarna dhom. Tránóna amháin i ndiaidh an Chompletorium chuaidh mé i gcoinne mo lóchrainn go dtí an áit mar a mbídís do ghnáth, ach ní raibh sé ann róm. Bhí tost mór na hoidhche ann i riocht is nár fhéadas dul 'á éileamh. Dubhras liom féin gurbh é an chaoi a dtug siúr eile mo lóchrann-sa chun siubhail léithi a' measadh gurbh é a ceann fhéin a bhí ann. Agus b'amhlaidh a bhí. Ach an mbéadh orm féin uair a' chluig mhór fhada a chaitheamh 'san ndorchadas de dheasgaibh an tuath- ail sin? Agus go díreach an tránóna úd bhíos ag brath ar mhórán oibre a dhéanamh. Muna mbéadh solus na ngrást i mo chroidhe is cinnte go ndéanfainn casaoid: de dheasgaibh an t-soluis sin, níorbh é amháin nach raibh mairgniú ar bith orm, ach bhíos go lúth- gháireach ag machtnamh dhom gurab é is bochtaineacht dáiríribh ann duine do bheith sásta nuair a baintear dhe ní h-amháin na rudaí áisiúla ach fós na rudaí riachtanacha. Agus tháinic loinnir ó Neamh isteach i m'anam thríd an dorchadas a bhí thart orm lasmuigh. Tháinic an-dúil ar fad agam faoi'n am seo ins na rudaí ba mhíothmhaire agus ba neamh-oiriúnaí. Bhí áthas orm d'á chionn sin nuair a chonnaiceas an crúiscín gleoite a bhí agam d'á thógáil chun bealaigh as ár seóimrín agus sean-chrúsca mór eagach d'á chur 'n-a áit. Bheirinn iarrachtaí móra fosta ar gan mo leithscéal do
An tSr. Treasa 'n-a Nóibhíseach.
ghabháil, rud ba rí-dheacair liom a dhéanamh, go mór-mhór le n-ár Máistreás, mar nárbh áil liom aon rud do cheilt uirthe-se. An chéad bhuadh dá rugas níor mhór le rádh é go deimhin, ach dar liom ba dhaor a d'íocas air. Soitheach beag a d'fhág ní mé cé'n duine ar lic fuinneóige fríothadh briste é. Shíl ár Máistreás gur mise a d'fhág as a áit cheart mar sin é, agus dubhairt sí liom a bheith níos cúramaí feasta, mar go rabhas go h-an-straoilleach; i bhfocal amháin, bhí cuma na mí-shástachta uirthe i gceart. Phógas féin an talamh gan focal amháin a rádh, agus gheallas di go mbéinn níos slachtmhaire feasta. Mar adubhras ar ball ba mhór dócamhlach liom na mion-ghníomhartha sin, mar gheall ar laghad mo shubháilcis, agus bhíodh orm cuimhneamh go ndéanfaí gach aon rud do nochtadh Lá an Bhreitheamhnais. Bhínn ag iarraidh na mion-shubháilcí go mór-mhór do chleachtadh faoi cheilt; ghnínn falaingeacha na Siúrach do chornadh nuair a d'fhágaidís 'n-a ndiaidh iad, agus d'fhéachainn le gach soighleas a dhéanamh dhóibh am ar bith a bhfuighbhinn an deis. Tháinic dúil agam 'san mbásúchán, leis, ach ní ceaduightí dhom an dúil sin do shásamh ar bhealach ar bith. M'fhéin-ghrá do bhású b'shin é an t-aon ní amháin do ceaduigheadh dhom, agus go deimhin ba mhó an maitheas a rinne sin dom ná na básúcháin cholnaidhe go léir. Ach cheana bhí an Mhaighdean Muire ag cabhrú liom le héadach úd m'anama a dh'ullmhú. Agus ní túisge a bhí sé ullamh ná chuaidh na constaicí go léir ar neamhní gur socruigheadh go mbéadh mo Dhílsiúchán ann an 8adh lá de mhí Mheadhon-Fóghmhair, 1890. A bhfuil inniste agam annseo i mbeagán briathar níor mhór scéal mór fada le n-a innseacht 'n-a iomlán; ach tá mórán mór leathanach den scéal sin nach léighfear ar an t-saol seo go bráth…
CAIBIDIOL VIII. An gcaithfead cur síos duit, a Mháithrín, ar na Cúrsaí Spior- adálta do rinneas le haghaidh mo Dhílsiúcháin? B'fhada uaim gach sólás i gcaitheamh na laetheanta sin; ní raibh agam ach tiormacht gan taise i mo chroidhe gur shíleas go rabhas ionann 's bheith fágtha ar fad. Bhí Íosa 'nA chodladh i mo churraichín mar ba ghnáthach Leis. Á! chím gurab annamh a leigeas na hanamnacha Dhó codladh go sámh ionnta. Tá an Máistir geanúil sin chomh tuirseach sáruighthe ó bheith ag síor-thabhairt Uaidh do chách, 's go nglacann Sé go fonnmhar leis an suaimhneas a bheirim féin Dó. Ní móide go ndúiseóchaidh Sé a choidhche go mbeiridh fos mór na síorruíochta orm; ach i n-ionad aon bhrón a bheith orm d'á dheasgaibh sin, is amhlaidh atá lúthgháir agus glionndar croidhe orm. Is fada ó bheith i mo naomh mé, go deimhin: agus ní beag a bhfuil ráidhte agam ar ball le sin a chruthú. I n-ionad áthas a bheith orm de bhárr mo thiormachta, ba chóir dom a cheapadh gurab iad m'easbaidh chaon-dúthrachta is mo neamhdhílseacht is cionn- tsiocair léithe. Badh chóir dhom bheith ag mairgniú is ag déanamh bróin i ngeall ar an gcaoi a dtuitim i mo chodladh go minic le linn na n-urnuighthe agus na n-altúchán. Agus féach! ní bhíonn buairt ná brón dá laghad orm! Arae tuigtear dhom féin go mbíonn an cion mór céadna ag túismightheoirí ar a bpáistíní pé aca 'na gcodladh nó 'n-a ndúiseacht do na páistíní sin; tuigtear dhom fós go gcuireann na dochtúirí a gcuid othar 'n-a gcodladh le créacht-ghearradh a dhéanamh ortha: agus tuigtear dhom aríst "go bhfeiceann an Tiarna ár lagbhrígheacht, go gcuimhnigheann Sé nach bhfuil ionainn ach luaithreamhán." 1 Mar sin de, na Cúrsaí Spioradálta sin roimh mo Dhílsiúchán bhíodar lán de thiormacht, ar nós na gcúrsa go léir do rinneas ó shoin. Ach mar sin féin foillsightí dhom i ngan-fhios dom féin céard a bhíodh le déanamh agam le toil Dé a choimhlíonadh agus leis na subháilcí do chleachtadh. Thugas sin faoi deara go minic nach
mian le hÍosa aon stór do thabhairt dom le cur i dtaisce. Riar- ann Sé orm beatha úr-nua ó nóiméid go céile; gheibhim ionnam féin í, gan a fhios a bheith agam cé'n chaoi a dtagann sí ann. Creidim gurab É Íosa féin atá foluighthe i bhfíor-íochtar mo chroidhín bhoicht, agus gurab Eisean a oibrigheas ionnam ar dhóigh rúindiamhrach agus a chuireas i n-umhail dom céard is toil Leis do dhéanfainn ar an nóiméid seo i láthair. Tamaillín roimh mo dhílsiúchán fuaireas beannacht an Phápa ó'n Róimh thríd an Bhráthair Oirbh. Simeón; agus ba mhór an gar go dtáinic an bheannacht chéadna sin, mar táim cinnte gurbh í do chuidigh liom an ceann-ab'-fhearr a fháil ar an gcathú do b'fhíochmhaire dár bhuail umam le mo bheó. Tránóna an lae roimh an Dílsiúchán, tráth a mbíonn duine go lúthgháireach suairc do ghnáth, thuit sé in mo cheann go tobann nach raibh i mo ghairm ach taidhreamh agus siabhrán. Bhí an mac mallach- tain, mar b'é a bhí ann, bhí sé 'á áiteamh orm nach raibh aon luigheadh agam le gairm bheatha an Charmail 'chor ar bith, agus nach rabhas ach ag mealladh na n-Uachtarán le bheith ag iarraidh an bealach sin do ghabháil agus gan aon ghairm agam chuige. D'éirigh an doircheacht chomh duaibhseach tiugh sin i mo chroidhe nár léar dhom ach an t-aon ní amháin .i. nach raibh aon ghairm do'n bheatha-rialta agam, agus ó thárla nach raibh, go gcaithfinn an saoghal mór amach do thabhairt orm féin. Á! nach mé a bhí go ciaptha cráidhte! Céard a bhí le déanamh i gcruadhchás chomh do-fhuascluighthe sin? Chuireas róm an rud do b'fhearr a dhéanamh .i. an cathú sin do nochtadh d'ár Máistreás gan aon mhoill. Ghlaodhas liom amach as an gCóraidh uirthe, agus cidh go raibh náire agus ceann-fé orm d'á bhárr, d'innsigheas gach aon rud go lom díreach dhi. Bhí léargus ní ba ghéire aice-se ná mar a bhí agam féin, agus ní dhearna sí ach gáiridhe faoi'n scéal ar fad agus a rádh liom gan imní ná mí-shuaimhneas ar bith a bheith orm. Thairis sin, an gníomh úmhluigheachta a bhí déanta agam chuir sé an ruaig ar an ndeamhan mar a bhéadh comhacht draoidheachta ann. Séard a bhí uaidh mé do chongbháilt gan mo chathú do nochtadh agus mé do tharraint isteach 'n-a líontaibh ar an ndóigh sin. Ach chuireas féin a chuid cleas ar neamhní; agus mar bhárr ar mo ghníomh umhluigheachta d'innsigheas gach aon rud d'ár Máthair freisin, agus rinne a freagra sólásach gach aimhreas agus buairt do scaipeadh go glan agus go hiomlán. Ar maidin an 8adh Meadhon-Foghmhair tháinic tuile mhór síochána
isteach i mo chroidhe, agus san t-síocháin sin atá ós cionn gach céadfadh 1 thugas mo mhóideana beannuithe. D'fhéadfá a rádh gur mise a d'iarr na grásta líonmhara an mhaidin úd! Bhraitheas gur "Ríoghan" go fíor mé feasta, agus bhaineas feidhm as mo theidiol le beannachta saidhbhre fairsinge an Rí a fháil d'Á mhur- sanaigh míobhuidheacha. Níor dhearmadas aoinne: B'é mo dhúil i's mo ghuidhe go ndéanfaí peacuigh uilig an domhain mhóir d'iompáil an lá sin, agus go scaoilfí saor amach 'chuile anam dá raibh i ngéibheann 'san Phurgadóireacht. Bhí an nóta seo ar iomchar agam i m'ucht, leis, ag iarraidh a raibh uaim féin. "A Íosa, a Chéile Dhiadha, tabhair dhom nach saileóchar a choidhche éadach gléigeal mo bhaiste! Tóg Chugat féin mé shul dhá leigtheá dhom m'anam do thruailliú annseo thíos leis an míghníomh toilteanach is lugha ar bith a dhéanamh. Nár thóirighead is nár fhághad a choidhche ach Thú féin amháin! Go mba neamhní liomsa gach créatúir agus go mba neamhní leo siúd mé féin! Nár bhainidh aon ní ar an t-saol seo do mo shíocháin! "A Íosa dhil! Ní iarraim Ort ach síocháin!… 'Seadh, síocháin, agus thar gach ní grá mór gan críoch gan teora! A Íosa! go bhfághad bás i mo mhairtíreach ar Do shon-sa. Tabhair dhom mairtíreacht an chroidhe nó mairtíreacht na colna — ní headh, acht tabhair dhom iad araon i n-éinfheacht, a Mhúirnín mh'anama! "Cuidigh liom mo dhualgaisí do choimhlíonadh go cruinn beacht is go hiomlán; nár chuiridh aoinne suim ná spéis ionnam; go ndéantar dearmad orm ar fad; go sataltar faoi chois mé ar nós an ghráinnín gainmhe. Toirbheirim mé féin Duit-se, a Ghrá dhil, le go ndéanfaidh Tú do thoil naofa do choimhlíonadh ionnam go hiomlán gan a bheith ar chumas aon chréatúra bac ná cosg do chur leis go héag." Um thránóna an lae shona sin chuireas mo choróinn rósaí uaim ag cosaibh na Maighdine Beannuithe, do réir an ghnáis, agus ní raibh cumhaidh ar bith ar mo chroidhe; d'airigheas nach ndéanfadh an aimsir m'aoibhneas do bhaint díom… Lá Beirthe na Maighdine Muire! Nárbh áluinn go deo an lá fhéile é 'n-a ndearnadh céile d'Íosa dhíom! B'í an Mhaighdean bheag bheannuithe aon-lae a bhí ag seachadadh a blátha bhig do'n Leanbh Bheag Íosa. Bhí chuile rud go beag bídeach an lá údan cé's moite de na grásta a fuaireas féin, agus an t-síocháin agus an
lúthgháir a bhí ar mo chroidhe ag breathnú uaim suas dom ar na réal- tógaí lonnracha tránóna thiar, agus ag machtnamh dhom go mbéinn ag eitilt liom gan mhoill go Flaitheas na ngrást le mé féin d'aontú le mo Chéile diadha i lár an aoibhnis síorruí annsúd thuas. An 24adh lá de'n mhí chéadna bhí ceremóint Glacadh-na-Caille ann. Féile bhrónach dheórach do b'eadh í ar gach bealach. Níor leig an tinneas do m'athair teacht le n-a ríoghan bheag do bheannú; agus Mthrn. Hugonin a bhí le bheith i láthair i gcóir na ceremóinte, thuit rud éigin amach ag an nóiméid deireanach do choimeád gan teacht é; agus bhí go leór rudaí eile freisin do chuir brón agus duairceas ar an bhFéile sin… Bhí an t-síocháin, áfach, an t-síocháin chéadna i dtóláimh, agam i n-íochtar mo chailíse. An lá údan, b'é toil Íosa nár fhéadas na deóra do chosg… agus níor tuigeadh siocair na ndeór sin… Is fíor gur fhulaingeas fromhtha i bhfad ní ba mhó ná an ceann sin gan gol; ach má fhulaingeas, bhí grásta comhachtacha Dé ag cuidiú liom annsin; an 24adh lá úd, áfach, d'fhág Íosa taoibh le mo ghustal féin mé, agus thaisbeánas chomh suarach agus a bhí an gustal sin. Ocht lá i ndiaidh mo Ghlacadh-na-Caille, phós ár gcol-ceathair Siubhán Guérin, phós sí an Dochtúir La Néele. An chéad uair a dtáinic sí ar cuairt chugainn i ndiaidh na bainfheise, chualas í ag cur-síos ar an gcaoi a raibh sí ag déanamh an uile shaghas rudaí le pléisiúr a thabhairt dá fear, agus d'airigheas mo chroidhe ag preabarnaigh i mo chliabh: "Ní bheidh sé le rádh," arsa mise liom féin, "go ndéanfaidh bean 'san t-saol níos mó ar son a céile, nach bhfuil ann ach duine, ná mar a dhéanfad-sa ar son Íosa, Céile m'anama féin." Agus chromas le dúthracht úr-nua ar mo dhícheall do dhéanamh le bheith taithneamhach i ngach aon rud le mo Chéile diadha, le Rí na ríogh, do dheónuigh mé do thógáilt suas agus mé d'aontú leis féin. Ar léigheamh leitre "Foláramh-na-Bainfheise" 1 dhom, rinneas féin an cuireadh seo a leanas do chumadh mar chaitheamh-aimsire dhom féin, agus léigheas do na nóibhísigh é, le go gcuirfinn i dtuisgint dóibh an rud a chuaidh 'na luighe chomh doimhin sin ar m'aigne féin .i. nach bhfuil ach neamhní i nglóire na bpósta dtal- mhuidhe i gcomórtas leis na teidil uaisleachta a bronntar ar chéilí Íosa: 1 Lettre de faire-part du mariage — Litir í seo a cuirtear amach i n-ainm túismightheóiri agus gaolta an t-é atá le pósadh 'á chur i bhfios dá gcáirdibh go bhfuil an pósadh le bheith ann, agus ag tabhairt chuiridh dhóibh.
"Ó Dhia Uile-Chomhachtach, Cruthuightheóir neimhe agus talmhan, Árd-Rialtóir na cruinne, agus ó'n Mhaighdin Ghlórmhair Mhuire, Bainríoghan mór-shluagh na bhFlaitheas, Buadh is Beannacht! Tugtar faisnéis duit leis an leitir seo ar phósadh spioradálta a Mic ró-uasail, Íosa, Rí na ríogh agus Tiarna na dtiarna, le Treasa Bhig Ní Mháirtín atá anois 'n-a Bainfhlaith is 'n-a Baintiarna ar na ríoghachtaí do thug a Céile diadha mar spré Leis, mar atá leanbhánacht Íosa agus A Pháis ó n-a dtagann chuici a cuid teidiol uaisleachta: LEIS AN LEANBH ÍOSA AGUS LEIS AN AGHAIDH NAOFA. "Níor féadadh cuireadh do thabhairt duit chun na Bainfheise do ceileabhradh ar Shliabh Carmail an 8adh lá de Mheadhon Foghmhair, 1890, mar nach raibh cead ag aoinne ach ag slóighte na bhFlaitheas amháin bheith i láthair. Ach iarrtar ort teacht go dtí an Chéilidhe- chuimhneacháin a bhéas ann i mbárach, lá na Síorruíochta, an lá a thiocfas Íosa Mac Dé idir néaltaibh Neimhe le gradam agus le comhacht A mhórdhachta chun breitheamhntais do thabhairt ar bheóibh agus ar mharbhaibh. "Ó's rud é go bhfuil an uair neamh-chinnte go fóill, iarrtar ort a bheith réidh agus faire a dhéanamh." An bhliain i ndiaidh mo Dhílsiúcháin fuaireas grásta móra le linn na gCúrsa Spioradálta coitcheann. Pionós mór dhom na Cúrsaí Spioradálta le seanmóintí, do ghnáth; an bhliain sin, áfach, ní hamhlaidh a bhí. Rinneas mé féin d'ullmhú le n-a n-aghaidh le Nóbhéna an-dúthrachtach, mar shíleas go rabhas le mórán a fhuilinnt! Bhí sé amuigh ar an tsagart gurbh fhearr é chun peacach dh'iom- páil ná chun daoine-rialta do sheóladh ar aghaidh ar shlíghe na foir- feachta. Bhail, peacach an-mhór atá ionnam féin mar sin, arae rinne Dia na Glóire mé do shólású thríd an tsagart naofa sin. Bhíos dom' chiapadh an uair úd leis an uile shaghas dólás inmheadh- onach, agus gan ar mo chumas iad do nochtadh, mar a shíleas. Agus, féach! ag labhairt leis an tsagart sin dom, d'eirigh liom mo chroidhe a dh'oscailt go háluinn i riocht is gur thuig sé gach aon rud go cruinn fiú amháin nuair nárbh fhéidir liom ach leath- fhocal a rádh. Do sgaoil an sagart amach fá lán-tseóil mé ar dhromchla bóchna móire na muiníne is an ghrádha a bhí dhom' tharraingt chomh tréan sin cheana féin, ach nach leomhuighinn corruighe ó'n dtráigh. Dubhairt sé liom nach gcuireadh mo lochtaí buaireamh ar Dhia: "Ar an nóiméid seo," ar seisean, "táim-se ag labhairt leat i n-A ainm siúd, agus deirim leat go bhfuil Sé lán-tsásta le d'anam."
Ó! nach mé a bhí go haiteasach ar chloisteál na cainnte sin dom! Níor chualas aoinne 'á rádh ariamh go nuige sin go bhféadfadh lochtaí an duine gan buaireamh do chur ar Dhia. Chuir an deimhniú sin áthas an domhain mhóir orm, chuidigh sé liom deóruíocht na beatha léanmhaire seo d'iomchar go foighdeach. Agus 'na cheann sin, ní raibh ann ach mac-alla smaointe mo chroidhe féin; mar chreideas féin le fada riamh go bhfuil an Tiarna níos cineálta ná máthair, agus ní ar aon chroidhe máthar amháin atá eolas doimhin agam-sa! Tá a fhios agam go mbíonn an mháthair réidh i dtóláimh le mí-chneastachtaí neamhthoilteanacha a leinbh do mhaitheamh. Nach iomdha sin uair do cuireadh an fhírinne shuairc sin 'n-a luighe orm féin! Ní dhéanfadh imdheargadh ná ceartú ar bith mé do bhogadh mar do bhogfadh aon bharróg amháin uait-se mé, a Mháithrín mhilis. 'Sé an cineál duine atá ionnam-sa go ndéanann an faitíos mé do chur ar gcúl; ach bheir an grádh orm gluaiseacht ar aghaidh go lúthmhar éadtrom gasta! Dhá mhí i ndiaidh na gCúrsa dtorthach sin, d'imthigh ár bhFothuigh- theóir Oirbh. an Mháthair Geneviève de Sainte Thérèse, ó n-ár gCarmail bheag le dul isteach i gCarmal na bhFlaitheas. Ach sul má labhróchad leat faoi n-a bás, badh mhaith liom a dh'innseacht duit, a Mháithrín, cé'n lúthgháir mhór atá orm faoi rádh is gur chaitheas mórán blianta i n-éindigh le naomh nach bhfuil sé thar ár gcumas aithris a dhéanamh uirthe, duine do naomhuigheadh le subháilcí foluighthe coitchianta. Fuaireas féin sóláis mhóra uaithe go minic. Domhnach amháin ag dul isteach ins an otharlann dom le mo chuairt bheag a dhéanamh, chonnaiceas beirt de na máithreacha aosta róm istigh 'n-a cuideachtain. Bhíos ag tarraingt siar go réidh, nuair do ghlaoidh sí i leith orm agus adubhairt liom, mar a bhéadh Dia ag labhairt tríthi: "Fan ort go fóilleach, a thaisce, tá focal amháin agam le rádh leat: bíonn tú 'á shíor-iarraidh orm róisín spioradálta a thabhairt duit: agus is mian liom an ceann seo a sheachadadh dhuit indiu: Déan seirbhís Dé maille le síocháin agus le h-áthas; Dia na síochána iseadh ár nDia-na. Déan do mhachtnamh air sin, a leanbh." Ní dhearnas ach mo bhuidheachas do ghabháil léithe go mín agus teacht amach; ach bhíos chomh suaighte is gur bhris na deóra faoi mo shúilibh, mar bhíos cinnte go raibh Dia tar héis stáid m'anama do nochtadh dhi. An lá údan bhí mo smaointe dhom' chiapadh nó go rabhas brónach beagnach agus gan a fhios agam a thuille, de dheascaibh
na doircheachta is an duaircis, an raibh grá ag Dia dhom 'chor ar bith. Tuigfir féin, a Mháthair ionmhuin, cé'n lúthgháir mhór agus an sólás a tháinic isteach i mo chroidhe ag scaipeadh na doircheachta go léir… An Domhnach d'ár gcionn bhí fonn orm a fháil amach cé'n foillsiú a bhí fáighte ag an Mháthair Geneviève, ach dubhairt sí liom nach bhfuair sí foillsiú ar bith. Agus ba mhó an t-iongantas a bhí orm annsin, mar b'fhollus dom an chaoi a raibh Íosa 'n-a croidhe agus gur thríd Íosa d'oibrighead sí is do labhruigheadh sí. Á! sin i an naofacht is fírinnighe, dar liom féin, is í an naofacht is naofa í; 'sí atá uaim-se fosta, mar níl aon mhealladh a' baint léithe. An lá ar imthigh an Mháthair gheanúil sin ó dheóruíocht an tsaoghail seo go hathardha na bhFlaitheas, fuaireas-sa grás mór ar leith ó Dhia. B'shin é an chéad uair ariamh a rabhas i láthair le linn bás a fháil do dhuine, agus ba bhreá go deó liom é mar radharc! Ach i rith na dá uair' a' chluig a chaitheas ar cholbha a leabthan agus í ag saothrú an bháis, ghabh neamhmhothuightheacht éigin mé; agus bhíos buartha dá dheasgaibh sin, nuair, féach! ar an nóiméid chéadna nar shéalthuigh ár máthair, tháinic athrú iomlán ar mo chroidhe. I bhfaiteadh na súl, mhothuigheas mé féin lán de lúthgháir agus de dhúthracht do-inniste, mar a bhéadh anam aoibhinn ár máthar tar héis cuid de'n t-sonas a bhí aici féin faoi seo do thabhairt dom; mar táim lán-chinnte go ndeachaidh a hanam glan díreach isteach i gCathair gheal na Glóire. Lá n-aon, nuair a bhí sí beó, dubhras léithi: "A Mháthair, ní rachaidh tusa go Purgadóireacht 'chor ar bith." "Tá súil le Dia agam nach rachaidh!" ar sise go caoin. Is cinnte nach dtiocfadh le Dia na glóire gan toradh a thabhairt ar an ndóchas lán-umhal san; agus ní beag dhúinn mar dheimhne air na tíodhlaicthe líonmhara atá fáighte againn tré n-a h-eadarghuidhe. Bhí fuadar faoi na siúracha go léir ag iarraidh taise éigin do bhain le n-ár Máthair ionmhuin fháil, agus tá a fhios agat-sa, a Mháithrín, cé'n ceann atá i dtaisce agam féin go cúramach. Le linn a bás-chomhraic thugas deór faoi ndeara ar fhabhar léithi agus é ag lonnrú mar a bhéadh néamhann lóghmhar ann. An deór údan, an deór deireanach d'ár shil sí ar talamh, níor thuit sé; chonnaic- eas annsúd ag lonnrú fós é nuair a bhí a corpán leagtha ós cionn cláir san Chóraidh. Annsin thugas liom stiall bheag de lín-éadach mhín gur éaluigheas isteach go dtí an corpán tránóna thiar i ngan fhios do chách, agus anois tá deór deireanach naoimh i mo sheilbh agam.
Ní mórán suime a chuirim i mo chuid brionglóidí, agus pé acu san é, is annamh a bhíos brionglóid samhaltach agam: is minic mé 'á fhiafruighe dhíom féin cé'n fáth nach mbíonn Dia i m'inntinn níos minicí agus mé i mo chodladh, ó thárla go mbím ag smaoineadh Air ó mhaidin go faoithin. Faoi choilltibh, faoi bhláthana, faoi shruthláin cheólmhara, faoi'n bhfairrge mhóir is mó a bhím ag brion- glóid. Chím páistíní deasa, beirim ar fhéileacáin agus ar éanlaithe nach bhfacas a leithéidí ariamh. Mar is follus duit, a Mháithrín, má tá cuma fileata ar mo chuid brionglóidí, nílid rúndiamhrach ar bhealach ar bith. Oidhche amháin, áfac, iar mbás na Máthar Geneviève, bhí brion- glóid ní ba shólásaí agam. B'fhacthas dom go raibh an Mháthair naofa ag tabhairt rud' éigin d'ár bhain léithi do gach duine againn. Ach nuair a tháinic mo sheal-sa, shíleas nach rabhas le rud ar bith a fháil, mar bhí a lámhaí folamh. Do dhearc sí orm go cineálta agus adubhairt liom chomh maith le trí h-uaire: "Fágaim mo chroidhe agat-sa." Mí i ndiaidh an bháis naofa sin, sé sin le rádh i ndeire na bliana 1891, do luigh an galar treascarthach sin, an ulpóg, go trom ar ár gcoimhthionól. Ní tháinic ach taom éadtrom orm-sa i riocht is gur fhéadas bheith im' shuidhe, mé féin agus beirt bhan-rialta eile. Níl léigheadh ná innseacht scéil ar an gcuma bhrónach anróiteach a bhí ar ár gCarmal i gcaitheamh na laetheanta léanmhar sin. Na siúracha a bhí go han-dona bhí siúracha eile, nach raibh ach tarraint na gcos ionnta féin ar éigin, ag tabhairt aire dhóibh. Bhí an bás ag déanamh léirsgriosa ar gach taobh, agus níor thúisce a bhíodh siúr básuighthe ná caithtí imtheacht uaithe láithreach ionns ar dhuine eile. Oidhche chinn mo naoi mblian déag do cuireadh brón mór orm tré bhás ár Máthar Fo-Uachtaráin, a rabhas féin i láthair le linn a bás-chomhraic i n-éindtigh leis an otharuidhe. Agus fuair beirt eile bás go h-aibéil 'n-a dhiaidh sin. Bhíos féin im' aonar annsin san Éardam, agus níl a fhios agam beó cé'n chaoi a raibh sé ar mo chumas an obair go léir a dhéanamh. Maidin amháin nuair do múscluigheadh na siúracha, mhothuigheas mar a bhéadh rud éigin 'á rádh liom go raibh an tSiúr Magdalén ar shlí na fírinne. Bhí dorchadas 'san phasáiste agus gan duine ar bith de na siúracha ag teacht amach as na cillíní. Chuireas róm dul isteach i seoimrín na siúrach Magdalén, agus cinnte go leór, bhí sí annsúd agus a cuid éadaigh uirthi a's í sínte siar go mín
marbh ar a leapthain. Ní raibh sgáth dá laghad orm; ritheas liom go beó go dtí an Éardam go dtugas liom an choinneal-Mhuire is gur chuireas coróinn rósaí ar a ceann. I lár an léirsgriosa go léir d'airigheas lámh Dé orainn agus A Chroidhe Ró-Naofa ghár gcúmhdach go grádhmhar geanúil! Shéalthuigh ár siúracha go ciúin síochánta gan mhairg gan bhrón, mar bhí an fhíor-bheatha shíorruí rompa thall. Bhí an lúthgháir neamhdha ag lonnrú ar a n-aighthe agus shílfeá orthubh nach marbh a bhíodar 'chor ar bith ach 'n-a gcodladh go sámh. I gcaitheamh na seachtainí buan dólásach sin d'fhéadas féin an Chomaoin Naofa do ghlacadh gach maidin. Á! nár shuairc an sólás dom é! Rinne Íosa mé do mhilleadh leis an gcineáltas sin go ceann i bhfad, ní b'fhuide ná A chéilí díbhse, mar ar a bheith thart do'n ulpóig, thagadh Sé chugam gach maidin go ceann roinnt míosa fós, cidh nach raibh an sólás sin ag na mnáibh-rialta eile chor ar bith. Níor iarras féin an éisceacht sin, ach bhí áthas an-mhór orm mé féin d'aontú le Grádh mo chroidhe gach maidin. Bhí áthas orm leis gur bh'fhéidir liom na soithigh naofa do láimhseáil agus na lín-éadaigh bheaga a raibh Corp Íosa le luighe orthubh d'ullmhú. D'airigheas go gcaithfinn a bheith go h-an-dhíog- raiseach, agus ba mhinic mé ag cuimhneamh ar bhréithribh an fháidh: "Bídhidh naofa, sibh-se a iomchruigheas soithigh an Tiarna." 1 Céard a déarfad leat, a Mháithrín, faoi na h-altúcháin do ghnínn an tráth úd, agus i gcomhnuí, i ndiaidh na Comaoine Naofa? Níl am ar bith is lugha a mbíonn sólás nó suairceas agam! Agus ar ndóigh, luigheann sin le nádúr, ó's rud é nach mar shásamh dhom féin is mian liom Íosa do ghlacadh isteach im' chroidhe ach le sólás do chur Air féin amháin. Samhluighim m'anam le sgreablach beag talmhan, agus iarraim ar an Maighdin Bheannuithe an luifearnach, sé sin le rádh, mo chuid mí-fhoirfeacht, a ghlanadh chun bealaigh as; annsin aithcim uirthi puball breá áirgeamhail do chur suas i gcóir Íosa, agus é d'órnáideadh ar a rogha caoi. Bheirim cuireadh annsin do na hAingil agus do na Naoimh teacht isteach ann agus cainticí-grádha do chanadh. Chídhtear dhom go mbíonn Íosa go lán t-sásta leis an bhfáilte mhóir chaithréimigh a cuirtear Roimhe; agus bím féin rann-pháirteach 'n-A gháirdeachas. Ach ní fhágann sin nach dtagann na mearúcháin agus an codladh dhom' chiapadh; agus is minic a chuirim róm leanacht dem' altú an lá go léir, cionn's go ndéanaim chomh mainneachtnach sin ar maidin é.
An tSr. Treasa 'san Éardam.
Chíonn tú, a Mháthair ionmhuin, nach é bealach an fhaitís a ghabhaim- Se 'chor ar bith: tig liom bheith go sona sásta i dtóláimh agus tairbhe a bhaint as mo thrioblóidí beaga go léir. Agus bheir an Tiarna féin cuireadh dhom gluaiseacht liom ar aghaidh ar an mbealach sin. Maidin amháin thárla go rabhas buartha, rud ba neamh- ghnáthach liom, ag dul suas dom leis an gComaoin Naofa do ghlacadh. Le roinnt laetheanta roimhe sin ní raibh abhlainní go leór ann agus ní fhághainn féin ach blódh. Agus an mhaidin údan rinneas an machtnamh seo, gan mórán d'á chúis a bheith agam: "Muna bhfághaidh mé ach leath-abhlann indiu, tuigfear dhom go bhfuil mar a bhéadh drugall ar Íosa teacht isteach im' chroidhe!" Téighim ar mo ghlúine… Ó! a lúthgháir nach féidir a innseacht! Stadann an sagart annsúd ós mo chomhair go dtugann sé dhom dhá abhlainn agus iad deighilte go maith ó n-a chéile! Nár bhinn an freagra é sin? Nach iomdha ádhbhar buidheachais agus altuighthe do Dhia atá agam- sa, a Mháthair dhil! Innseóchad rún beag páistiúil eile dhuit: Thaisbeán Dia an trócaire chéadna dhomh-sa is do thaisbeáin sé do Sholamh rí. Gach aon dúil d'á raibh agam ariamh do sásuigheadh iad; ní h-amháin na dúile a bhí agam 'san bhfoirfeacht ach fós na dúile gur thuigeas féin a mbaois cidh nár bhlaiseas de'n bhaois sin. Ó thárla go rabhais-se mar chuspóir agam i gcomhnuí riamh, níor bhfuláir liom aithris a dhéanamh ort i ngach aon rud. Chonnaiceas ag gaisdiú phictiúiríní fíor-áluinn agus ag Ceapadh duanógaí breágh thú, agus bhínn ag smaoineadh go mb'aoibhinn dom féin dá mb'fhéidir liom gaisdidheacht a dhéanamh fosta, 1 agus mo chuid smaointe do nochtadh i bhfilíocht d'fhonn maitheas a dhéanamh mágcuairt díom. Ach níor bh'áil liom na tíodhlaicthe aiceanta sin a iarraidh ar Dhia, agus mar sin de, d'fhan mo mhian i bhfolach i n-íochtar mo chroidhe. Ach bhí Íosa annsúd istigh 'san gcroidhín bhocht sin mar an gcéadna, agus do dheónuigh Sé a chuir i dtuigsint 1 Bhí an mian sin i dtaisce 'n-a croidhe ag Treasa ó bhí sí 'n-a leanbh. I bhfad 'n-a dhiaidh sin dubhairt sí féin mar leanas: Bhí deich mbliana d'aois agam an lá a dubhairt m'athair le Céline go rabh sé ag brath ar í a chur ag foghluim gaisdidheachta. Bhíos féin i láthair agus mé ag éad léithi i ngeall ar an bhfaill bhreá a bhí aici. Dubhairt m'athair liom: "Agus tusa, a rioghan bheag, nár mhaith leat-sa gaisdiedhacht a fhoghluim, leis!" Bhíos ar tí a fhreagairt go haiteasach go mba bhreá liom é, ach labhair Máire agus chuir sí i n-iúl dó nár bh'ionann éirim do Céline agus domh-sa. D'aontuigh m'athair léithe go réidh; agus b'fhacthas dom féin go raibh deis mhaith agam le h-íodhbairt mhór dh'ofráil d'Íosa agus d'fhanas i mo thost. Bhí dúil chomh mór agam an ghaisdidheacht a fhoghluim is go bhfiafruighim díom féin indiu cé'n chaoi a rabhas i n-ann mé féin do chongbáilt gan labhairt.
dom uair amháin eile nach bhfuil i ngach ní saolta ach ceó. D'eirigh liom mórán oibreacha gaisdidheachta a dhéanamh agus duanógaí do cheapadh, i dtreó go raibh iongantas mór ar na Siúracha; agus thug Dia dhom maitheas do dhéanamh d'anmnachaí áithride. Agus fé mar do chonnaic Solamh, "nuair d'iompuigh sé agus do dhearc ar oibreacha a lámh agus a raibh d'á nduadh fáighte aige i n-aistear, nach bhfuil i ngach ní fé luighe na gréine ach baois agus buaireamh aigne," 1 d'fhoghluimeas féin mar an gcéadna tré chiall cheannuighthe gurab é an t-aon t-sonas amháin atá ar an dtalamh seo duine féin do cheilt, agus fanacht i n-ainbhfios iomlán neithe an tsaoghail seo. Thuigeas nach bhfuil ins na hoibreacha go léir, gan an grá' ach neamhní, dá mb'iad na hoibreacha is iongantaí ar bith iad. 'N-áit aon dochar a dhéanamh dhom nó m'anam do ghortú, 'sé rud a ghníos tiodhlaicthe iomadúla an Tiarna mé do tharraingt Chuige féin, mar chím gurab É féin amháin atá gan chlaodhchlódh agus gurab É féin amháin a fhéadas na dúile móra gan teóra atá im' chroidhe do shásamh. Ó's ag cainnt ar mo dhúile dhom é, innseóchad duit faoi dhúile de shaghas eile a bhí agam agus do dheónuigh Íosa a choimhlíonadh, freisin: dúile leanbaidhe dob' eadh iad, ar nós na dúile a bhí agam 'san tsneachta an lá a rabhas ag fáil na hAibíde. Tá a fhios agat, a Mháithrín, cé'n tóir mhór atá agam ar bhláthana. Tráth a ndearnas cime dhíom féin san Charmal i n-aois mo chúig mblian déag, chuireas suas go deó de'n phléisiúr a bhíodh agam ag ropadh liom ar na bántaibh agus iad clúduithe le bláthana áilne ioldathacha an earraigh. Agus féach! ní raibh an oiread sin bláth- ana agam ariamh is a bhí agam ó tháinic mé isteach 'san Charmal. Nós é amuigh ar an tsaoghal go ndéanann na céilí dornáin deasa bláthana do sheachadadh d'á mbrídeacha: agus níor chlis Íosa ar a bhrídeach bhig féin… Na bláthana go léir is mó a bhfuil tóir agam orthubh, an chailleach dhearg, goirmíní, nóiníní móra, cuirtí chugham isteach iad 'n-a gceathanna fairsinge i gcóir A altórach. Bhí bláithín amháin do b'ionmhuin liom .i. an coireán coilleach, bhí sin ar iarraidh ó'n gcnuasacht, agus bhí dúil mhór agam é a fheiceál aríst. Agus féach! tháinic sé sin isteach chugam le goirid freisin 'á chur i n-umhail dom go dtugann Dia na bhfeart luach-saothair fó chéad ar an t-saoghal seo féin do'n druing a thréigeas gach ní ar A shon. Bhí dúil amháin agam gan coimhlíonadh go fóill, agus b'í an dúil
ba dhoimhne d'á raibh agam í, agus an ceann ba dho-choimhlíonta i ngeall ar a lán fáthanna. B'í dúil í ná Céline do theacht isteach i gCarmal Lisieux. Ach cheana bhí sí íodhbairthe agam go hiomlán do Dhia agus d'fhágas faoi Dhia amháin í le go ndéanfadh Sé A thoil naofa do choimhlíonadh innti. Dá gcaitheadh sí imtheacht go dtí na réigiúin do b' imigcéiniúla féin, níor mhisde liom é, dá mb'é toil Dé é: ach theastuigh uaim í a fheiceál n-a céile ag Íosa, mar a bhíos-sa. Á! nach mé a d'fhuiling ag machtnamh dhom ar an gcaoi a rabh sí i lár an t-saoghail i gcontabhairtí nár chuireas féin eólas orthubh ariamh! An gean a bhí agam uirthe bhí sé mar a bhéadh gean máthar ar a leanbh, mar níor bhfuláir liom a h-anam a chúmhdach agus do thabhairt slán. Lá n-aon, bhí sí le dul go sgoruidh- eacht saoltánach i n-éindtigh le m'aintín agus le mo chol-ceathair. Ar n-a chloisteál sin dom bhíos ní ba bhuartha ná riamh, pé ar bith cé'n fáth a bhí leis, gur shileas na frasa deór 'á iarraidh agus 'á athchuinge ar Íosa í do chongbháilt gan damhsadh… Agus b'shin é díreach an rud do thuit amach! Níor fhág Sé ar chumas A leannáin ionmhuine rinnce an tránóna údan- cidh gurbh í a bhí i n-ann rinnce go foisdineach deas do ghnáth — agus a cómh- rinnceóir féin níor fhéad seisean damhsadh ach oiread le chéile, níor fhéad sé ach siubhal anonn is anall go mall solmánta agus an ainnir le n-a chois, rud do chuir iongnadh an-mhór ar a raibh cruinn. Iar sin d'éaluigh an t-óigfhear sin i leathtaoibh agus náire shaolta air, agus níor leig an náire sin dó an t-úrlár do thabhairt air féin an oidhche sin aríst. Mhéaduigh an t-eachtra iongantach sin ar mo mhuinín as Dia, mar chuir sé i n-umhail dom go soiléir go raibh séala Íosa ar mo dheirbhshiúr ionmhuin fosta. Anuiridh an 29adh lá de mhí an Iúil, thóg an Tiarna chuige féin ár n-athair naofa tar héis a ndeachaidh sé thríd! Le dhá bhliain roimhe sin bhí m'oncail 'á chúmhdach 'n-a theach féin agus ag tabhairt aire dhó go lághach cineálta. Ach bhí sé chomh lag chomh claoidhte sin de bhárr a bhreóiteachta nach bhfacamar féin é ach an t-aon uair amháin san phárlús i rith na tréimhse fada sin go léir. Á! an cuimhneach leat an cómhrádh deireanach údan, a Mháithrín! Nuair a bhíomar le slán a fhágáil aige, d'fhéach sé suas uaidh agus shín a mhéar i dtreó na bhflaitheas, agus d'fhan mar sin ar feadh i bhfad gan focal aige le n-a smaoineadh do chur i gcéill dúinn ach an t-aon fhocal amháin úd: "Au Ciel!!!" 1 do labhair sé de ghlór craitheach agus na deóra dhá dhalladh. 1 Níl aon dá fhocal againn i nGaedhilg leis an "au ciel" sin a dh'aist- riú — "Auf Wiedersehen im Himmel" adéarfaí 'san Ghearmáinis. "Céad slán libh go h-éag" an chiall atá leis, mórán, 'san abairt seo.
Ar dhul isteach i bhFlaitheas na nGrást dó, bhí na geimhleacha a bhí ag coimeád a aingeal-sóláis amuigh san t-saoghal, bhíodar briste réabtha. Ach ní fhanann na haingil ar talamh: ní túisce a bhíos a ngnó déanta acubh ná imthighid leo ar ais ag triall ar Dhia; sin é an fáth a bhfuil sciatháin acubh, ar ndóigh! Mar sin de, do thug Céline iarracht ar eitilt léithi fé dhéin an Charmail. Mo léan géar! d'éirigh na deacrachtaí móra ar gach taobh, gur shíl- eamar nach bhféadfaí aon rud do shocrú. Lá n-aon, nuair a bhí gach ní ag dul i n-aimhréidh uirthe ní ba mheasa ná riamh, dubhras féin le h-Íosa i ndiaidh na Comaoine Naofa: "A Íosa dhil, is eól Duit cé'n dúil mhór a bhí agam go mbéadh fromhadh agus fuilinntí m'athar mar Phurgadóireacht dó. Agus anois, ba mhian liom a fhios a bheith agam ar tugadh toradh ar mo phaidreacha. Nílim 'á iarraidh Ort labhairt liom, nílim 'á iarraidh ach go dtabharfá comhartha dhom: Tá a fhios agat chomh daingean is atá an tSiúr N. i gcoinnibh teacht-isteach Chéline; bhail, má's rud é nach gcuirfidh an tSiúr sin i gcoinnibh Céline níos mó, béidh sin mar fhreagra Uait-se, agus déarfair liom thríd an gcomhartha sin go ndeachaidh m'athair glan díreach chun na bhflaitheas." Ó! a thrócaire gan teora! a dheónuigheacht do-inniste! Rinne Rí na bhFeart, a bhfuil croidhe an duine 'n-A láimh Aige agus a fhéadas an croidhe sin d'iompáil do réir mar a thogruigheas Sé, rinne Sé aigne na Siúrach údan d'athrú. B'í an chéad duine do casadh orm í tamaillín i ndiaidh mo Chomaoine, gur ghlaoidh sí i leith orm, agus chonnaiceas na deóra faoi n-a súile. Labhair sí liom faoi theacht-isteach Chéline 'á chur i bhfios dom nach raibh uaithe féin feasta ach Céline a fheiceál 'n-ár measc! Ba ghairid gur chuir an t-Easbog na constaicí deireanacha ar neamhní i dtreo gur fhéadais-se, a Mháithrín, na dóirse a fhoscailt le fáiltiú roimh an gcolmán bhocht dearóil. 1 Anois níl dúil ar bith agam a thuille ach amháin Íosa do ghrádhú thar na beartaibh! 'Seadh, 'sé an GRÁ amháin atá dhom' tharraingt. Níl dúil agam feasta 'san bhfuilinnt nó 'san mbás cidh gurab ionmhuin liom iad araon! B'fhada mé ag glaodhach ortha mar theach- tairí áthais chugam… D'fhuilingeas chomh mór is gur shíleas go rabhas buailte le tráigh na bhFlaitheas! Chreideas ariamh, ó bhíos im' pháistín féin, go ndéanfaí an bláithin do stathadh i n-earrach a ré: ach anois is í an fhéin-tugthacht do Dhia amháin a sheólas do 1 An 14adh lá de Mheadhon Foghmhair, 1894, a bhí ann. An tSr. Gene- viève de la Sainte-Face do tugadh ar Chéline 'san gClochar.
shíor mé, agus níl aon chompás eile agam ach í. Ní fhéadaim aon ní a iarraidh go dúilmhear feasta ach amháin go gcoimhlíontar toil Dé go h-iomlán i mo thaobh. Tig liom na bréithre seo as caintic ár n-athar, N. Eóin na Croise do rádh: I dtigh Míodhchuarta mo Ghrádha Chuir deoch láidir mé chun suain, An dúthaigh 'na diaidh níor léir Is chuaidh mo thréad ar fán uaim. Dem' shaoghal feasta 'na sheirbhís Deinim íodhbairt go hiomlán, Níl tréad agam féin ná airm, 'Sé m'aon ghairm amháin an grádh. Nó aríst: Ó'n gcéad uair d'á bhfaca-sa im' bealach radharc mo Leannáin, A mhéin is a shearc chomh neartmhar i bhfeidhm orm tá Go ngéilleann mo lag is mo dhaingean i mbladhm geal a ghrást' Agus céile dó feasta 'seadh m'anam 's é leighte le grádh. Ó, a Mháthair ionmhuin, nach breá suairc réidh é bealach an ghrádha! Féadann duine tuitim gan aimhreas, féadann sé bheith mí-dhílis ar uairibh: ach ó tá fhios ag an ngrá le tairbhe a bhaint as gach aon rud, is rí-ghairid an mhoill air gach aon ní nach dtaith- nigheann le hÍosa do loisgeadh amach, go nach bhfágann sé i bhfíor- íochtar an chroidhe ach síocháin doimhin umhal. Á! nach mór é an sólás a fuaireas as Scríbhinní N. Eoin na Croise! B'iad an t-aon ádhbhar léightheóireachta spioradálta a bhíodh agam iad, tráth a raibh a seacht déag nó a h-ocht déag de bhliantaibh agam. 'N-a dhiaidh sin, áfach, ní fhághainn blas ná suair- ceas i leabhar spioradálta ar bith; agus is mar sin atá an scéal, agam fós féin. Ní túisce a fhoscluighim leabhar, dá mb'é an ceann is áilne agus is taithneamhaí féin é, ná druidtear mo chroidhe agus ní thuigim an ní a léighim; nó má thuigim, ní fhéadann m'aigne machtnamh a dhéanamh ar ar léigheas. Ach tagann an Scríbhinn Diadha agus "Aithris ar Chríost" le cabhair chugam i mo chruadhchás: ionnta-sin bainim amach manna foluighthe bríoghmhar glan. Ach 'siad na Soisgéil go háithrid is mó a bheir ádhbhar mo chuid machtnamh dom i gcóir na hurnuighe;
gheibhim ionnta a mbíonn de dhíth ar m'anam bhocht. Nochtuightear dhom ionnta solus nua agus brí nua rúindiamhrach i dtóláimh. Tá a fhios agam agus tuigim, ó thárla gur mhothuigheas féin é, "go bhfuil Righeacht Dé istigh ionnainn." 1 Níl gádh ag Íosa le leabhraí nó le hOllamhain chun anamnacha do theagasc; déanann Sé féin, Ollamh na n-Ollamhain, iad do theagasc gan callán focal. Char chualas ag labhairt ariamh É, ach tá a fhios agam go bhfuil Sé i mo chroidhe. Déanann Sé mé do sheóladh ar mo leas ó nóiméid go céile; cuireann Sé soillsí nua, nár léar dhom go dtí sin, ag lonnrú i lár mo chroidhe díreach nuair a bhíos gádh agam leo. Agus ní le linn na hurnuighe is mó a chuireas Sé na soillsí sin ag lonnrú, ach i rith an lae agus mé go dícheallach i n-éadan mo chuid oibre. Ó! a Mháithrín, ní misde dhomh-sa, go deimhin, tar héis a bhfuil fáighte agam de ghrástaibh ó Dhia, canadh, mar aon leis an t-sail- meadóir, "go bhfuil an Tiarna go maith, go maireann A thrócaire go síorruí!" 2 Chítear dhom, dá bhfághadh gach duine an oiread tabhartaisí ó Dhia is atá fáighte agam-sa, nach mbéadh eagla ar aoinne Roimhe a thuille ach go mbéadh Grá gan teóra ag gach aoinne Dhó; agus nach ndéanfadh aoinne an míghníomh is lugha a choidhche, agus sin le grá Dhó agus ní le faitíos Roimhe. Ach cheana, tuigim nach bhféadann na hanmnacha go léir a bheith cosamhail le n-a chéile; ní fuláir clanna éagsamhla acubh a bheith ann le honóir ar leith do thabhairt do gach aon cheann dh'fhoirfeachtaí Dé na gcomhacht. A THRÓCAIRE dho-chuimsighthe is í atá tugtha Aige domh-sa, agus is tríd an scathán sár-iongantach sin a dhearc- aim ar an gcuid eile d'Á sháirbhríoghaibh. Agus d'á dheascaibh sin chím iad uile go léir ag lonnrú le grá: A Cheartas féin thar cheann ar bith eile acubh, dá n-abruighinn é, chím clúduighthe le grá é. Nach mór go léir an chúis lúthgháire dhúinn machtnamh air go bhfuil Dia na glóire go ceart, sin mar adéarfá, go gcuimhnigheann Sé ar ár lagbhríoghacht, gurab eól Dó go rí-mhaith sobhristeacht nádúra an duine! Cad chuige a mbéadh eagla orm dá bhrígh sin? An t-Athair ró-cheart a mhaitheas a mhí-ghníomhartha do'n leanbh doscuidhtheach fáin chomh caoin chomh trócaireach san, nach gcaithfidh Sé a cheartas do thaisbeáint domh-sa, leis, ó thárla "go bhfuilim 'n-A fhochair i gcomhnuí?" 3 'San mbliain 1895 tugadh dom a thuigsint ní b'fhearr fós ná riamh cé'n dúil mhór atá ag Íosa go dtabharfaí grá Dhó. Ag
machtnamh dhom, lá, ar na daoine a ghníos iad féin do thabhairt suas mar íodhbairtí do cheartas Dé, d'fhonn na pionóis agus na peanaidí atá i n-áirighthe do na peacachaibh bochta do chur i leathtaobh uatha, le n-a dtarraingt anuas ortha féin, ba mhór misniúil fial liom an ofráil sin, ach níor airigheas go raibh fonn ar bith orm féin í a dhéanamh. "A Dhia dhil!" arsa mise annsin Leis i bhfíor-iochtar mo chroidhe. "An é Do cheartas amháin a gheobhfas a chuid íodhbairtí lán-loiscithe? Nach bhfuil call ag Do ghrá trócaireach leo mar an gcéadna? Caithtear drochmheas ar an ngrá sin, agus cuirtear i leathtaoibh é i ngach aon bhall… na croidhthe a mb'áil Leat Do ghrá do Thabhairt dóibh go fial, iompuighid chun na gcréat- úirí d'fhonn a n-aoibhneas a fháil ionnta sin i gcaidreamh díombuan suarach, i n-ionad iad féin do chaitheamh isteach i D'ucht-sa agus teine mhór áluinn Do ghrá gan teóra do ghábháil chúca féin. "A Dhia, a chuid de'n t-saoghal, an bhfanfaidh Do ghrá, a gcaith- tear drochmheas Air, an bhfanfaidh sé istigh i Do chroidhe mar sin? Chítear dhom fhéin, dá bhfághthá daoine a dhéanfadh iad féin d'ofráil mar íodhbairtí lán-loiscthe do Do ghrá, go ndéanfá iad dh'ídiú go mear, agus go mba bhreá Leat na lasracha móra lághaidheachta do-chuimsighthe atá foluighthe fáisgthe i Do chroidhe do scaoileadh amach gan cosg. "Má's rud é gurab áil le Do cheartas, cidh nach dtéigheann sé níos sia ná an saoghal seo, é féin do chur i ngníomh, nach mó ná sin go mór is áil le Do Ghrá Trócaireach anmnacha do chur ar lasadh, mar "téigheann Do thrócaire suas chun na bhFlaitheas féin!" 1 A Íosa mhilis! go mba mise an íodhbairt sona sin, déan D'íodh- bairtín dh'ídiú le teine Do ghrádha diadha." Is eól duit-se, a Mháthair dhil, ó's tú do thug cead dom mé féin d'ofráil do Dhia ar an ndóigh sin, cad iad na lasracha nó, ba chóra a rádh, na tuilte tréana de ghrástaibh Dé do stealladh isteach ar m'anam láithreach tar héis na hofrála údan do dhéanamh dhom an 9adh lá de mhí an Mheithimh, 1895. 2… Á! ó'n lá údan i leith, téigheann an grá thríom is thríom agus thart timcheall orm lasmuigh; ó nóiméid go nóiméid déanann an grá trócaireach sin mé d'athnuadhchaint agus do ghlanadh go nach bhfágann sé lorg dá laghad de'n pheaca ar mo chroidhe. Ní féidir liom faitíos a bheith orm roimh an Phurgadóireacht, ní féidir sin; tá a fhios agam nárbh fhiú mé
dul isteach féin buil na n-anmnacha naofa i n-áit sin a nglanta; ach tá a fhios agam freisin gur fearr go mór teine an ghrádha chun duine do naomhú ná teine na Purgadóireachta; tá a fhios agam nach féidir go mba mhian le hÍosa fuilinntí do chur orainn i n-aistear, agus nach gcuirfeadh Sé i mo chroidhe-se na mianta a mhothuighim ann, muna mbéadh gur toil Leis iad do shásamh… Sin a dtig liom a innseacht duit, a Mháithrín, faoi bheatha do Threasa bige féin. Is agat féin is fearr a fhios céard tá innti is a bhfuil déanta ag Íosa ar a son; agus mar sin de ní thógfaidh tú orm é muna ndubhras ach fíor-bheagán féin faoi scéal mo bheatha 'san Chlochar. Cad é an chríoch a bhéas le "Scéal seo an Bhláithín Bháin"? …An bláithín do stathadh 'n-a úireacht a déanfar b'fhéidir, nó é d'ath-chur i n-ithir choimhightheach i gcéin… Níl a fhios agam é. Ach tá rud amháin ar chaoi ar bith a bhfuilim cinnte faoi, .i. go ndéanfaidh trócaire Dé mé do thionnlacan go héag, agus go mbéad buidheach go deó deó de'n Mháthair gheanúil do thoirbhir d'Íosa mé. Beidh áthas orm go síorruí suthain bheith ar cheann de na bláthaibh 'n-a coróinn, agus canfad go síorruí mar aon leis an Mháthair ionmhuin sin cantainn síor-nua an Ghrádha agus an Mhór- bhuidheachais…
CAIBIDIOL IX. 1 A Mháthair Urr., chuiris i bhfios dom go mbadh mhaith leat go leanfainn orm ag canadh Trócairí an Tiarna dhuit-se go gcríoch- nuighead scéal mo bheatha. Ní háil liom aon cheistiúchán a dhéanamh, ach ní fhéadaim gan gáiridhe ag breith ar an bpeann dom an ath-uair le neithe a dh'innseacht a bhfuil eolas chomh maith agat féin orthubh is atá agam-sa. Déanfad rud ort, ar chaoi ar bith. Ní mian liom a fhiafruighe cé'n gnó a bhéas agat de'n láimhscríbhinn seo; go deimhin duit, a Mháthair, dá ndéantá í do dhóghadh ós comhair mo dhá shúl, gan í do léigheamh féin, níor mhisde liom é. Creideann na Siúracha i gcoitchinne go ndearnais mé do mhuirniú agus do mhilleadh ar gach aon t-saghas cuma ó tháinic mé isteach 'san gClochar. Ach cheana, "ní fheiceann an duine ach an ghnúis, is é Dia amháin a chíos an croidhe." 2 Ó! a Mháthair, táim lán-bhuidheach dhíot faoi rádh is nár choigilis ariamh mé; bhí a fhios ag Íosa nár mhór d'Á bhláithín uisce bríoghmhar an úmhlúcháin, mar bhí sé ró-lag ró-lúbach le préamhú gan an uisce sin, agus is ort-sa is cóir dhó a bhuidheachas a bheith ar son an tabharthais ró-luachmhair sin. Le roinnt míosa anuas, áfach, tá athrú iomlán curtha ag an dTiarna ar an gcaoi a dtugann Sé ar A bhláithín fás; is dóigh gurbh amhlaidh do chonnaic Sé go raibh uisce a dhóithin aige cheana, agus mar sin de, leigeann Sé do'n bhláithín fás anois faoi thaith- neamh te teolaidhe na gréine lonnraighe. Níl Aige dhó feasta ach A mheangadh geal gáire, agus is tríot sa, a Mháthair Urr., a bheir Sé sin dom, mar an gcéadna. 'N ár an bláithín do sheargadh is amhlaidh a chuireas an ghrian gheanúil sin ag borradh is ag fás go bríoghmhar é. Congbhuigheann sé go cúramach i n-íochtar a chailíse na braonacha luachmhara drúchta do doirteadh anuas air, tráth; agus cuirfidh na braonacha luachmhara sin i gcuimhne dhó do shíor go 1 Do'n Mháthair Urr. Marie de Gonzague an caibidiol seo agus an chéad chaibidiol eile. I mí an Mheithim{h}, 1897, tuairim is cheithre mhí roimh bhás Thérèse is eadh do scríobhadh iad (féach an Réamhrádh).
bhfuil sé lag-bhrígheach, bídeach, éidtreórach. D'fhéadfadh na créatúirí go léir cromadh anuas chugam agus iongantas a dhéanamh dhíom agus mé do mholadh go hárd; ní chuirfeadh sin uilig an scáile is lugha de mhór-is-fiú baoth ar an bhfíor-áthas a mhothuighim i lár mo chroidhe nuair a chím nach bhfuil ionnam ach neamhní agus neamhní amháin. Ach má deirim nach gcuirfinn suim dá luighead ins na moltaibh go léir, nílim ag tagairt 'chor ar bith don ghrá a bheir tusa dhom, a Mháthair, ná do'n iontaoibh atá agat asam, mar is mór agam iad-san, gan aimhreas; airighim, áfach, nach call dom eagla a bheith orm feasta, go dtig liom iad do ghlacadh chugam go h-áthasach agus mo mhór-bhuidheachas do ghabháil le Dia ar son ar chuir Sé de mhaitheas ionnam. Má's é A thoil go bhféachfainn níos fearr lasmuigh ná mar atáim i mo chroidhe istigh, ní misde liom sin ó thárla go bhféadann Sé a rogha rud' a dhéanamh. A Dhia dhil! nach éagsamhail iad na bealaighe a ndéanann Tú na h-anamnacha do sheóladh ortha! Ag léigheamh beathaí na Naomh dhúinn, chímíd go bhfuil cuid mhór acubh nár fhág an cuimhneachán is lugha ná an scríbhinn is lugha ná tada 'na ndiaidh. Agus tá cuid eile acubh, fearacht ár Máthar N. Treasa, a rinne saidhbhreas luachmhar a dteagaisc do bhronnadh ar an Eaglais, agus nach raibh eagla orthubh "Rún an Rí dh'fhoillsiú," 1 le go ndéanfadh anmnacha eile aithne do chur Air agus grá do thabhairt Dó. Cé acubh de'n dá nídh sin is mó a thaithnigheas le Dia? Chítear dhom féin go dtaithnigheann gach aon nidh acubh leis chomh maith le n-a chéile. Ní dhearna cáirde ionmhuine sin an Tiarna ach análú an Spioraid Naoimh do leanacht, agus nach n-abruigheann Seisean tré bhéal an fháidh: "Abair leis an bhfíoraon go bhfuil gach nídh 'n-a cheart." 2 'Seadh, tá gach nídh 'n-a cheart nuair nach loirgtear ach toil Dé, agus sin é an fáth go bhféachfad féin, cidh nach bhfuil ionnam ach bláithín dealbh, le toil Íosa do dhéanamh agus le sásamh do thabhairt duit-se, atá 'n-A ionad annseo thíos i m'aice. Tá a fhios agat, a Mháthair, gurbh é mian mo chroidhe ariamh bheith i mo naomh; ach mo nuar! bhraithinn i gcomhnuidhe, nuair a chuirinn mé féin i gcomórtas leis na naoimh, go bhfuil an oiread deif- ríochta eatortha súd agus mise is atá le feiceál san nadúir idir an sliabh mhór árd a bhfuil a bhárr foluighthe i néaltaibh neimhe agus an gráinnín gainmhe a sataltar faoi chosaibh daoine. Ach i
n-ionad aon droch-mhisneach do bheith orm, 'séard adeirinn liom féin: "Ní fhéadfadh Dia dúil do-shásta do chur i gcroidhe an duine; agus, ar an ádhbhar sin, féadaim-se, i n-aimhdheóin mo shuaraigheachta, féachaint le bheith i mo naomh. Ní thig liom fás! Caithfead cur suas liom féin fé mar atáim, agus leis na mí-fhoirbh- theachtaí iomadúla atá ionnam. Ach is mian liom féachaint le dul chun na bhFlaitheas ar bhealaichín nua ar fad, bealaichín gearr fíor-dhíreach. Aois nua-cheapadóireachta an aois seo 'n-a mairimíd; ní call do dhuine strómh do chur air féin feasta le dul suas staighre, arae déanann tógadán an gnó go háluinn do na daoine saidhbhre a bhfuil a leithéid de ghléas áisiúil acubh. Ba mhaith liom-sa, fosta, tógadán dh'aimsiú le mé féin dh'árdú suas chuig Íosa, mar táim ró-bheag ró-bhídeach, le staighre aisdreánach na foirbhtheachta do chur dhíom." Annsin chuaidh mé a' tóruigheacht san Scríbhinn Diadha féachaint an bhfuighbhinn tuairisc an Tógadáin a bhí uaim, agus do léigheas na bréithre seo do tháinic as béal na h-Eagna síorruí féin: "An t-é atá 'na THOCHRÁN, tagadh sé chugam-sa." 1 Agus mar sin de, chuadhas ag triall ar Dhia, mar bhraitheas go raibh an rud a rabhas ar a thóir fáighte agam. Do léigheas liom aríst annsin go bhfionnainn céard a dhéanfadh Sé ar son an tochráin, agus seo é an nídh do fuaireas: "Amhail mar a ghníos máthair a leanbh do bharrógadh, sin mar a dhéanfad-sa sibh-se do shólású, iomcharóchad i m'ucht sibh, agus cuirfead i nbhúr suidhe ar mo ghlúinibh sibh." 2 Á! char chualas ariamh bréithre is mó do chuir áthas ar mo chroidhe ná na bréithre caoine ceólmhara sin. Is iad Do lámhaí-se, a Íosa dhil, an tógadán le n-a gcaithfear mise do thógáilt suas chun na bhFlaitheas! Chuige sin ní hé amháin nach call dom fás, ach is amhlaidh a chaithfead fanacht go beag bídeach, agus bheith ag dul i luighead i n-aghaidh an lae. A Dhia liom! tá Do chaoineas agus Do chineáltas dom níos mó ná aon nídh arbh fhéidir liom bheith ag súil leis, agus is mian liom-sa anois Do mhór-thrócaire do chanadh! "A Dhia, thugais teagasc dom ó m'óige, agus rinneas-sa do mhór- oibreacha d'fhoillsiú go dtí an lá atá indiu ann, agus leanfad liom 'á bhfoillsiú go gcríonad le haois." 3 An dtiocfaidh an t-sean-aois sin orm-sa nó an éagfad go h-óg gan mhoill? Chítear dhom féin go bhféadfainn éagadh anois chomh maith le níos deireannaí: Is ionann dhá mhíle bliain agus fiche bliain nó lá amháin féin i láthair Dé na gcomhacht!
Ach ná beir leat, a Mháthair, gur mian le do leanbh thú do thréigint, nó gur mó an grás léithe bás a fháil le bánú an lae ná le tuitimín na hoidhche. 'Sé rud is fearr léithe, agus 'sé rud a bhfuil dúil aice ann ná toil Íosa do choimhlíonadh. Anois, áfach, ó thárla go bhfuil a chosamhlacht ann go bhfuil Íosa le teacht chuici gan mhoill chun í do thabhairt chun siubhail Leis go Cathair gheal na glóire, tá áthas ar a croidhe; is eól di, agus thuig sí ariamh, nach bhfuil gádh ag Dia le aoinne chun maitheasa do dhéanamh ar an dtalamh, agus gur lugha fós an gádh atá Aige léithi-se. Idir an dá linn tá a fhios agam, a Mháthair Urr., cad is toil leat-sa. Is mian leat go ndéanfainn gnó éadtrom taithneamhach i d'aice féin, agus déanfad an gnó sin do chríochnú ó árdaibh na bhFlaitheas. Dubhrais liom mar adubhairt Íosa le N. Peadar: "Déan mo chuid uan do chothú." Agus ar n-a chloisteál sin domh- sa tháinic sgáth orm agus iongnadh, mar d'airigheas go rabhas ró- bheag ró-lag-bhríoghach i gcóir na hoibre sin, agus d'iarras ort do chuid uan do chothú tú féin agus mise dh'fhágáil 'na bhfochair mar phríbhléid amháin. Ghéillis beagán do m'athchuinge réasúnta, agus i n-ionad mé d'ainmniú mar mháthair orthubh, 'sé rud a thugais orm ná a bpríomh-chompánach; 1 ach 'san am chéadna, d'órduighis dom iad do sheóladh amach ar na mínlighe torthacha fasgúile, na luibheanna is fearr agus is neartmhaire do thaisbeáint dóibh, agus iad a chur san áirdeall ar na bláthanna lonnracha nach bhfuil ionnta ach nimh, agus nach cóir do na huain baint leo a choidhche ach amháin le gabháil de chosaibh ionnta. Ach cionnus is féidir, a Mháthair, nár chuir m'óige agus m'easbaidh chiall-cheannuighthe eagla ort? Cionnus is féidir nach bhfuil imní ort ar fhaitchíos go leigfinn do do chuid uan imtheacht ar fán? Ach béidir gur chuimhnighis, ag cur a gcúraim orm-sa dhuit, gur deónuightheach le Dia eagna do thabhairt do naoidheanaibh go minic. Is beag duine ar an dtalamh nach ndéanann comhacht Dé do thomhas do réir a gcaol-inntinne féin! Admhuightear go mbíonn éisceachtaí i ngach aon bhall annseo thíos; ach níl aon cheart ag Dia na Glóire éisceachtaí a dhéanamh 'chor ar bith, dar le daoinibh. Tá a fhios agam go bhfuil sé 'na shean-rádh leis na ciantaibh nach dtagann ciall roimh aois; mar, an Rí naofa Dáibhid féin nuair a bhí sé 1 Bhí sí 'na Máistreás ar na Nóibhísigh gan a theidiol sin a bheith aici.
óg, chan sé do'n Tiarna: "Táim go h-óg agus faoi tharcuisne." Ach 'san tSailm chéadna sin deir sé gan scáth gan eagla: "Tá tuigsint agam ós cionn na seanóirí féin, ó thóirigheas Do thoil-se. Lóchrann dom' chosaibh do bhriathar, agus solas dom' chonairibh. Do dhearbhuigheas agus do cheapas breitheana do chirt-se do choimeád." 1 Níor neamh-chríonacht leat-sa, a Mháthair, a rádh liom féin lá amháin go raibh Íosa ag soillsiú m'anama agus ag tabhairt céille agus tuigsiona na mblian dom. Táim ró-bheag anois le mór-is- fiú a bheith orm, táim ró-bheag fosta le bheith i n-ann ráidhte breaghtha do ríomhadh 'á chur i gcéill go bhfuilim go h-an-umhal, mar dhóigh dhe. Is fearr liom géilleadh gan bhréig gan áidhbhéil "go ndearna an t-É atá comhachtach neithe móra dhom," 2 agus is é an nídh is mó acubh uilig gur thaisbeáin Sé dhom mo shuaraigheacht agus mo lagbhríoghacht iomlán. Is iomdha cineál fromhtha a ndeachaidh m'anam tríotha, is mór a d'fhuilingeas ar an tsaoghal seo thíos! Tráth a rabhas im' leanbh, ba le brón d'fhuilinginn; ach anois glacaim chugam go h-áthasach síochánta gach toradh searbh. Caithfidh tú aithne agus eólas doimhin a bheith agat orm, a Mháthair, le gan gáire a dhéanamh ag léigheamh na leathanach seo dhuit; mar an bhfuil duine ar bith is lugha a bhfuil fromhtha agus fuilintí aige ná mar atá agam-sa, do réir gach cosamhlachta? Á! Dá mbéadh fhios ag daoine cé'n mhairtíreacht a bhfuilim ag dul tríthi le bliain anuas, nach orthubh a bhéadh an t-iongantas go léir! Ó's rud é gurab é do thoil é, féachfad le cur síos duit uirthi annseo, cidh nach féidir na neithe seo a nochtadh i bhfoclaí daonda, agus dá mhéid dhá n-abróchad, ní bheidh iomlán an scéil agat 'n-a dhiaidh sin. I rith an Charghais anuiridh bhíos chómh breá láidir folláin is a bhí ariamh, agus mhair an neart sin go háluinn go Cáisg i n-aimhdheoin an trosgaidh chruaidh do rinneas gan faoisiú ar bith. Dia hAoine an Chéasta, áfach, le moch na maidne, thug Íosa comhartha dhom go mba ghairid go mbéinn ag imeacht liom ag triall Air go Flaitheas na nGrást. Ó! nach suairc liom an chuimhne sin! Oidhche Diardaoin roimhe sin, ó thárla nach raibh cead agam fanacht ag an dTuamba an oidhche go léir, d'fhilleas isteach i mo chillín ag meadhon oidhche. Ní baileach a bhí mo cheann leagtha ar an adhairt agam nuair d'airigheas an sruthlán te tréan ag buinniú
aníos go dtí mo bhruasa. Shíleas go raibh an bás orm agus bhí mo chroidhe i riocht sgoilte le teann lúthgháire. Ach ó bhí mo lampa beag múchta agam, chuireas srian le m'fhiosracht go maidin agus thuiteas im' chodladh go sámh. Ag a cúig a' chlog ar maidin nuair do dúisigheadh sinn, chuimh- nigheas láithreach go raibh scéal áthasach le foghluim agam. Dhruid- eas anonn leis an fhuinneóig, agus cinnte go leór, chonnaiceas go raibh mo chiarsúir lán le fuil. Ó! a Mháthair, nár bhinn an scéal é! Bhíos lán-chinnte gurbh é Íosa féin, ar lá-cuimhne sin A bháis, a bhí ag cur A chéad ghlaoidh chugam, mar a bhéadh monabhar bog íseal ó chian 'á rádh liom go raibh Sé ag teacht. Mhothuigheas dúthracht an-mhór ionnam le linn an Chéad-Trátha agus le linn an Chaibidil, agus annsin d'imthigh liom gan pioc moille ionns ar mo Mháthair le mo scéal mór áthas ach dh'innseacht di. Níor airigheas tuirse ná pian dá laghad orm, agus mar sin de fuaireas an cead go réidh leis an gCarghas do chríochnú fé mar a bhí tosnuithe agam. Aoine sin an Chéasta chuaidh mé tré chruadálachtaí uilig an Charmail gan faoisiú ar bith. Á! ba mhilis éadtrom liom iad mar chruadálachtaí an lá úd thar ariamh… Bhí mo chroidhe ag cur thar maoil le lúthgháir ag machtnamh dhom go mbéinn ag dul chun na bhFlaitheas gan mhoill. Tránóna an lae shona sin d'fhilleas isteach i mo sheómra go h-aiteasach, agus bhíos ag tuitim im' chodladh nuair thug Íosa dhom an comhartha céadna a bhí tugtha Aige dhom an oidhche roimhe sin, go rabhas le dul isteach 'san mbeatha shíorruí gan mórán moille. Bhí creideamh chomh beó chomh soiléir sin agam an tráth úd gurbh é smaoineadh ar Fhlaitheas Dé an t-aon aoibhneas amháin a bhí agam. Níor bhféidir liom a chreisdint go bhfuil daoine gan creideamh ann, agus bhínn 'á áiteamh orm féin gurbh i gcoinnibh a smaointe féin a bhídís ag labhairt nuair do shéanaidís saoghal eile a bheith ann. Le linn laetheanta lonnrach na Cásga, áfach, chuir Íosa i dtuig- sint dom go bhfuil anmnacha gan creideamh gan dóchas ann, anmnacha a ghníos droch-úsáid de ghrástaibh Dé, agus a chailleas ar an ndóigh sin na stóir luachmhara údan, cidh gurab ionnta amháin atá fuarán na bhfíor-áthas n-íodhan. Do cheaduigh Sé gur luigh an doircheacht ba thiugha agus ba dhuaibhsighe isteach ar m'anam, agus go mb'ádhbhar cómhraic agus crádh-croidhe dhom an smaoineadh ar Fhlaitheas Dé, a bhí mar shólás suairc agam i gcomhnuí riamh ó bhíos im' pháistín. Ní ar feadh roinnt laetheanta nó ar feadh roinnt seachtmhainí do mhair an fromhadh sin; táim ag fuilinnt anois leis na míosaibh
móra fada, agus faoiseamh ná fuascailt níl fáighte agam fós féin. Ba mhaith liom bheith i n-ann na neithe a mhothuighim do chur i gcéill, ach ní féidir é! Caithfidh duine gabháil tríd an lintéir duaibh- seach seo chun a thuigsint a dhoircheacht atá sé. Ach féachfad le cunntas éigin do thabhairt air tré sholuíd: Cuirim i gcás gur rugadh i dtír mé a bhfuil ceódhanna tiugha duaibh- seacha thart timcheall uirthi, i riocht is nach bhfacas ariamh aghaidh áluinn na nádúra ná oiread is gath amháin ó'n ngréin. Is fíor gur chualas iomrádh ar na mór-iongantaisí sin go minic ó bhíos im' leanbh: is feasach mé, an tír 'na bhfuilim anois, nach í m'athardha í, ach go bhfuil tír eile ann a gcaithfead a bheith ag súil léithi do shíor. Agus ní scéal scéil do cumadh le duine de lucht áitreabhtha tíre seo na gceó é sin ach an oiread, ach scéal fírinne nach féidir a shárú; arae, tháinic Rí athardha údan na gréine gile go tír seo an dorchadais gur chaith Sé trí bliana is tríochad 'nár measg… Céad fairíor géar! "taithneann an solus sa dorchadas, agus níor ghlac an dorchadas é, ná níor thuig sé gurbh É solus an domhain É." 1 Ach do ghlac do leanbh Do sholus diadha, a Thiarna! Iarrann sí maithteanas ort ar son a bráthar díchreidmheach, tá sí sásta arán an dóláis dh'ithe chomh fada is a thogróchas Tusa é, agus suidheann sí síos le grá Dhuit-se ag bord seo an t-searbhais mar a gcaitheann na peacuigh bochta a gcuid, agus ní mian léithi éirighe ó'n mbórd sin go dtugaidh Tusa an comhartha dhí. Ach nach bhféadann sí a rádh Leat i n-a hainm féin agus i n-ainm a bráthar coirtheach: "A Dhia, déan trócaire orainn óir is peacuigh sinn!" 2 Cuir uait fíoraonta sinn! Iad sin uilig nach bhfuil solus lóchrainn an chreidimh acubh go bhfeicidh siad an lóchrann sin ag lonnrú anois fá dheóidh! A Dhia dhil, má's éigin do dhuine a bhfuil grá aici Dhuit an bórd a truailligheadh leo siúd do ghlanadh, táim go lán-tsásta arán na ndeór dh'ithe ó'n mbórd sin im' aonar go mbeiridh Tú leat mé isteach i Righeacht do Shoillse; níl acht an t-aon athchuinge amháin agam ghá iarraidh Ort .i. gan leigint dom fearg a chur Ort a choidhche. Dubhras leat ar ball, a Mháthair, go rabhas cinnte i gcomhnuí riamh, ó bhíos im' leanbh, go n-imtheóchainn i bhfad ó mo thír dhorcha cheodhach lá éigin. Chreideas sin ariamh, ní hamháin mar gheall ar ar chualas ó dhaoinibh eile, ach mhothuigheas féin i mo chroidhe istigh, de
thairbhe na mianta mór doimhin a bhí agam, mhothuigheas go raibh tír eile, réigiún ní b'áilne i n-dán dom mar áitreabh buan lá éigin san am le teacht, amhail mar a thug aigne ghéar ghrinn ghaoismhear Chríostóra Columbus air an Domhan Nua do roimh-mhothú. Ach féach! na ceódhana atá thart orm brúghaid isteach de shiota ar m'anam agus luighid thart timcheall air chomh dubh duaibhseach is nach léar dhom anois cosamhlacht féin an athardha údan a mbínn ag súil leis go muiníneach… Tá gach aon ní imighthe ar ceal uaim!… Nuair a bhíos mo chroidhe tinn tuirseach ó'n ndorchadas atá thart timcheall air agus gur mian liom faoiseamh beag a thabhairt air leis an t-sólás bhríoghmhar a gheibhtear ó mhachtnamh ar an mbeatha shíorruí le teacht, méaduightear faoi dhó ar mo dhólás. Chítear dhom go gcuireann an dorchadas a ghlór le glór lucht' an dí-chreidimh 'á rádh liom go sgigiúil fonóideach: "Táir-se ag súil leis an tsolus, agus le h-athardha áluinn aoibhinn, táir ag súil le Cruthuightheóir na n-iongantas sin do shealbhú amach annseo, creideann tú go rachaidh tú amach lá éigin as an ndorchadas seo mar a bhfuilir i do dheoruí: Téanam ort! Téanam!… Cuir fáilte roimh an mbás a bhéarfas duit ní an rud a bhfuilir ag dréim leis, ach oidhche is duaibhsighe fós, dubh-oidhche na neamh- nídheachta!…" Ach, a Mháthair, an cur-síos sin ar mo fhromhadh tá sé chomh neamh-iomlán is atá an fhioghair gharbh neamhchríochnuighthe i gcomórtas leis an macsamhail lán-déanta a chuireas an péintéir ós a chomhair mar eisiomplár. Ní mian liom, áfach, a thuille do scríobhadh faoi, ar fhaitchíos go ndéanfainn diamhasladh… Is eagal liom go bhfuil an iomarca ráidhte agam cheana féin. Á, nár aifrighidh Dia orm é! Tá a fhios Aige go maith go gcuirim ialach orm féin oibreacha an chreidimh a dhéanamh, i n-aimhdheóin go bhfuilim gan sólás gan suairceas an Chreidimh a bheith agam. Rinneas níos mó gníomhartha creidimh le bliain anuas ná mar a rinneas le mo bheó. Gach aon uair a mbuaileann mo namhaid an cuaille-chomhraic ag tabhairt mo dhubhshláin agus dhom' ghriogadh chun troda, déanaim-se mar a dhéanfadh faraire groidhe: Ó's eól dom gur meathta an mhaise do dhuine dias-chath dh'fhearadh, 'séard a ghním mo dhruim a dh'iompáil le m'áirseóir gan oiread is féachaint amháin a thabh- airt air. Annsin rithim ag triall ar Íosa, agus deirim Leis go bhfuilim réidh le mo chuid fola go léir do dhoirteadh amach chun a dheimhniú go bhfuil Neamh ann, agus deirim Leis aríst go bhfuilim go lán-tsásta le gan a bheith i n-ann an Neamh áluinn sin, atá i
n-áirighthe dhom thall, d'fheiceál le súile m'anama i bhfus ar an t-saoghal seo, le h-ionchas go mba dheónuightheach Leis í a dh'fhos- cailt i gcóir na síorruidheachta do na h-anacróirí bochta gan creideamh. Féadaim a rádh, dá bhrígh sin, fós féin, i n-aimhdheóin na trialach seo a bhaineas gach sólás díom, "Cuirir áthas orm, a Thiarna, le gach a ndéanair." 1 Mar an bhfuil aon áthas is mó ná an t-áthas a thig ó'n bhfuilinnt a iomchruightear le grá Dhuit-se? Dá ghéire í an fhuilinnt agus dá laghad dá bhfeiceann daoine í, is amhlaidh is mó an lúthgháir a chuireas sí Ort-sa, a Dhia dhil! Agus dá mba nach bhfeictheá féin í, rud nach féidir, bhéinn go lán-tsásta fuilinnt annsin féin, mar shúil's go dtiocfadh liom, tré mo chuid deór, oiread is locht amháin i n-aghaidh an Chreidimh do chosg nó leór- ghníomh do dhéanamh ann. Beidh tú a' measadh, béidir, a Mháthair, go bhfuilim ag áidhbhéil beagán faoi dhubh-oidhche seo m'anama. Má's do réir na nduanta do chumas i mbliana a bhéarfas tú breith, chífear dhuit gan aimhreas nach bhfuil agam ach sólás is suairceas, agus gur leanbh mé a bhfuil brat an Chreidimh ionann 's bheith stróicthe ó'n a chéile ós comhair a súl! Agus mar sin féin… ní brat atá ann feasta, ní headh! ach falla mór árd atá ag eirighe suas chun na bhFlaitheas féin, agus ag folú na spéartha réaltógach ó mo shúile! Nuair a chanaim i dtaoibh aoibhnis na bhFlaitheas agus i dtaobh Dia do shealbhú ar feadh na síorruíochta, ní airighim féin aon áthas dá bhárr: mar ní chanaim ach amháin an ní is mian liom a chreisdint. Caithfead a rádh go dtagann gath beag bídeach gréine corr-uair ag taithneamh i m'oidhche dhuaibhsigh, agus annsin bíonn deire leis an gcrádh-croidhe ar feadh nóiméidín bhig amháin. Ach 'na dhiaidh sin aríst, ag cuimhneamh ar an léas beag solais sin dom, is measa-de dorchadas m'oidhche é. Á! níor mhothuigheas chomh maith sin ariamh go bhfuil an Tiarna go cineálta trócaireach. Níor chuir Sé an chrois throm sin orm go dtí an am a rabhas i n-ann í dh'iomchar: dá dtagadh sí orm roimhe seo is cinnte go gcuirfeadh sí droch-mhisneach orm. Anois, áfach, ní dhéanann sí ach aon ní amháin .i. gach aon tsásamh nádúrtha do bhaint as an dúil atá agam dul go Flaitheas Dé. Chítear dhom, a Mháthair, nach bhfuil tada dhom' chongbháilt gan eitilt liom anois: mar níl dúile móra agam a thuille cé's
moite de'n dúil atá agam grádhú go gcailltear le neart grádha mé… Táim saor, níl aon eagla orm roimh rud ar bith, dá mb'é an rud sin féin é is mó a mbíodh eagla orm roimhe, tráth, .i. bheith breóite go ceann i bhfad agus bheith i mo thrillín ar an gcóimhthionól annseo dá dheasgaibh sin. Má's é toil Dé dhom é, táim go lán- tsásta maireachtáil go ceann mórán blianta fós ag fuilinnt i mo cholainn agus i m'anam. Ó! níl eagla orm roimh bheatha fhada, níl sin! Ní stríocfad roimh an gcomhrac. "Is é an Tiarna an charraig ar a bhfuil mo sheasamh, is É a neartuigheas mo lámhaí chun an chatha agus mo mhéara chun an chogaidh: Is É mo liúreach É, is Ann a chuirim mo dhóchas." 1 Char iarras ar Dhia ariamh mé bás a fháil go h-óg; is fíor gur chreideas i dtóláimh go bhfuighbhinn, ach ní dhearnas féin aon ní leis an mbás do thabhairt orm. Is minic a bhíos an Tiarna sásta leis an ndúil a bhíos againn oibriú chun A ghlóra, agus is eól duit, a Mháthair, gur mór iad na dúile a bhí agam-sa! Is eól duit freisin, gurab iomdha sin cailís searbh a thug Íosa le n-ól dom de dheasgaibh mo dheirbhshiúrach ionmhuin! Á! bhí an ceart ag an Rí naofa Dáibhid nuair do chan sé "Féach, nach maith é agus nach soilbhir bráithre do mhaireachtaint i dteannta chéile i n-aondacht chroidhe!" 2 Ach is i lár na n-íodhbairtí is na bhfuilinntí a chaithfeas an aondacht sin a bheith ar an dtalamh seo. Ní chun a bheith im' chomhnuí i bhfochair mo dheirbhshiúrach a tháinic mise isteach 'san Charmail bheannuighthe seo, ní headh! ach a mhalairt ar fad, mar d'airigheas roimh-ré go mbadh ádhbhar fuilinntí agus íodhbairtí dhom é, nuair nach mian le duine géilleadh do'n nádúir i n-aon rud. Cé'n chaoi a bhféadtar a rádh go bhfuil sé níos foirbhthe duine dh'imeacht i bhfad ó n-a ghaoltaibh? An raibh milleán ag aoinne riamh ar dhritháireacha mar gheall ar gur throideadar ar an láthair- chatha chéadna agus gur ghluaiseadar le cois a chéile le craobh na mairtíreachta do thabhairt leo? Is fíor go gcuirid misneach ar a chéile; ach san am chéadna mairtíreacht do gach duine acubh is eadh é bheith ag féachaint ar a chéile ag fuilinnt. Is é a dhálta sin ag daoine i mainistir é, mar mairtíreacht is eadh an bheatha-rialta, leis, fé mar adeir na Diadhairí. Nuair a thoirbhireas duine a chroidhe d'Íosa ní chailleann an croidhe sin a lághaidheacht nádúrtha, ach is amhlaidh a méaduightear ar an lághaidheacht sin mar go ndéantar níos glaine agus níos diadha í.
Leis an lághaidheacht sin is eadh a ghrádhuighim-se thusa, a Mháthair, agus mo dhriféaracha mar an gcéadna, agus tá áthas orm an cath do thabhairt i n-éindigh leo chun glóra Rí na bhFlaitheas. Ach bhéinn réidh freisin le h-imeacht liom go láthair-chatha eile dá gcuireadh an Taoiseach diadha i n-iúl dom go mb'é A thoil é; ní bhéadh aon chall le h-órdú, níor bheag liom féachaint nó comhartha féin Uaidh. B'é mo thuairim ariamh, ó tháinic mé isteach san Charmal, muna dtugadh Íosa leis abhaile go Flaitheas na nGrást go luath mé, go gcaithfinn imeacht liom ar nós cuilm úd Nóe, go bhfosglóch' Íosa fuinneóg na hAirce, lá éigin, á rádh liom eitilt i bhfad i gcéin go tír choimhthighigh i measg na ndíchreidmheach, agus craobh an ola-chrainn ar iomchar agam. Thug an smaoineadh sin orm eirighe ar foluamhain ós cionn neithe an t-saoghail seo. Ó thuigeas go mb'fhéidir sgarúintí a bheith ann 'san Charmal féin, thugas iarracht ar mo chroidhe do choimeád ag síor-mhachtnamh ar Neamh. Bhíos toilteanach, ní h-amháin imeacht i mo dheóruí imeasg na gcoigcríoch an-aithnid mé féin, ach rud ba mhó do ghoill orm ar fad, bhíos toilteanach mo dhriféaracha ionmhuine a fheiceál ag imeacht. Agus, fé mar do thárla, do h-éiligheadh beirt acubh i gcóir Carmail Saigon, do fothuigheadh ó'n mainistir s'againne. Bhí sé i gceist ar feadh tamaill go gcuirfí chun siubhail chun na mainistreach sin iad. Á! focal amháin ní abróchainn le n-a gcongbháilt siar, cidh go raibh an croidhe d'á réabadh im' chliabh, ag smaoineadh dhom ar an fuilinntí móra a bheadh rómpa ann… Anois, áfach, tá sin uilig thart, mar chuir na h-uachdaráin cosg iomlán le n-a n-imeacht; an chailís sin ní dhearnas ach í do chur le mo bheóla, ach d'fhéadas a searbhas a bhlaiseadh go maith. Béidir nach misde dhom a innseacht duit, a Mháthair, cé'n fáth ar mhaith liom freagairt do ghlaodhach ár Máithreach ó Hanoi, má ghníonn an Mhaighdean Muire mé do leigheas. Dheallróch' an scéal nach mór do dhuine gairm ar leith a bheith aige le maireachtáil ins na Carmail eachtrannacha i gcéin, agus gurab iomdha duine a shíleas go bhfuil an ghairm sin aige, agus nach mbíonn. Ach dubhrais-se liom-sa, a Mháthair, go bhfuil an ghairm sin agam, agus gurab í mo shláinte amháin atá mar chonstaic 'gham chongbháilt annseo. Á! Dá gcaithinn an cliabhán clúthmhar seo do thréigint lá éigin, ní gan cumhaidh agus brise-croidhe a d'imeóchainn uaidh. Ní croidhe cruaidh neamh-mhothuightheach mo chroidhe-se, ach croidhe a fhéadas mórán a fhuilinnt, agus sin é díreach an fáth gur mian liom gach uile shaghas fuilinntí d'á bhféadfadh mo chroidhe a mhothú, do
thabhairt d'Íosa. Annseo tá gean agat-sa orm, a Mháthair, agus ag na siúracha go léir, agus is suairc liom an gean sin. Sin é an fáth a mba mhaith liom imeacht go mainistir mar nach mbéadh aithne ag aoinne orm, mar a bhféadfainn deóruíocht an chroidhe dh'fhuilinnt. Ní ag súil le h-obair thairbheach a dhéanamh i gCarmal Hanoi do thréigfinn gach aon ní is annsa liom ar an dtalamh, ní headh! mar is ró-mhaith is eól dom mo bheag-mhaitheas is mo neamh-éifeacht: ní rachainn ann ach chun toile Dé amháin a dhéanamh agus chun mé féin a fhágáil go h-iomlán 'n-A lámhaí. Airighim nach mbéadh aon mhealladh i ndán dom ann, mar nuair nach mbíonn súil ag duine le rud ar bith ach leis an bhfuilinnt amháin, ádhbhar iongantais dó iseadh é má thig áthas beag ar bith air, agus thairis sin, is í an fhuilinnt féin an t-áthas is mó ar fad, nuair a cuirtear dúil innti mar stór luachmhar. Táim tinn anois, áfach, agus gan leigheas i ndán dom; ach, mar sin féin, fanaim i síocháin. Is fada nach liom féin mé a thuille ach le h-Íosa amháin… agus féadfaidh Seisean, dá bhrígh sin, A rogha rud' a dhéanamh liom. Thug Sé dhom dúil do chur i ndeóruíocht iomlán, agus d'fhiafruigh Sé dhíom an mbéinn sásta an chailís sin a dh'ól; agus láithreach bonn shíneas amach mo lámh le breith uirthe, ach tharraing Seisean siar uaim í 'á chur i n-umhail dom gur leór Leis an deagh-thoil a bhí agam. A Dhia! nach mór iad na trioblóidí agus an buaireamh aigne a ndéanann duine é féin do shaoradh uatha tré mhóid na h-umhluigh- eachta! Nach sonasach séanmhar a bhíos an duine rialta atá umhal ómósach! Ós rud é nach bhfuil de chompás ná de stiúir aige ach toil an uachdaráin bíonn sé cinnte i dtóláimh go bhfuil sé ar an mbóthar cheart, agus ní bhíonn imní ná eagla air a choidhche go rachaidh sé amú, fiú amháin má chítear dhó go bhfuil dul-amú ar na h-uachtar- áin féin. Ach ní túisce a iompuigheas duine a shúile i leath- taoibh ón gcompás do-mheallta sin ná imigheann an t-anam ar fuaidreamh tré bhealaighe tirme mar a dtéigheann uisce na ngrást i ndísg air gan mhoill. Is tusa, a Mháthair, an compás atá tugtha ag Íosa domh-sa le mé do sheóladh go slán sabháilte go tráigh na Síorruíochta. Is suairc liom féachaint ort-sa agus toil Íosa do dhéanamh annsin. Leis an gcaoi ar cheaduigh Sé na cathuighthe sin i gcoinnibh an Chreidimh do theacht orm, mhéaduigh Íosa ar "spioraid an Chreidimh" im' chroidhe, agus cuireann an creideamh sin ar mo chumas Íosa a fheiceál i d'anam-sa, agus É ag cur A órduithe
caoine i n-umhail dom tríot. Tá a fhios agam go maith, a Mháthair, go ndéanann tú ualach na h-umhluigheachta d'éadtromú go mór dhom; ach chítear dhom, do réir mar a mhothuighim im' chroidhe, nach dtiocfadh aon athrú orm agus nach laghdóchaí ar an ngean atá agam ort, dá mbéitheá dian orm féin, mar thuigfinn nach mbéadh ann ach toil Dé dá chur i n-umhail dom ar bhealach eile ar mhaithe le m'anam. Fuaireas grásta líonmhara saidhbhre ó Dhia i mbliana, agus ceann de na grástaibh is mó acubh is eadh é, dar liom, gur tugadh dhom aithne na carthannachta do thuigsint 'n-a h-iomlán. Níor thuigeas i gceart ariamh roimhe seo brí dhoimhin briathair úd an tSlánuitheóra: "Agus tá an tarna haithne cosamhail leis an gcéad cheann: grádhfaidh tú do chomhursa mar thú féin." 1 Rinneas mo dhícheall i dtóláimh ar Dhia do ghrádhú thar gach ní, agus ar an gcuma sin is eadh do bhaineas amach brí rúnda na mbriathar eile seo: "Ní h-é gach aoinne adeir liom-sa, a Thiarna, A Thiarna, do raghaidh isteach i righeacht na bhflaitheas, ach an t-é a dhéanfaidh toil m'Athar atá ins na flaithis, siné a raghaidh isteach i righeacht na bhflaitheas." 2 Toil sin an Athar, chuir Íosa i n-iúl dom céard é, tráth a dtug sé A Aithne Nua d'Á chuid Aspol ag an Séaras deireanach 'á rádh leo "grá a bheith acubh dá chéile, fé mar a thug Seisean grá dhóibh-sin." 3… Annsin thosuigheas ag machtnamh ar cé mar do ghrádhuigh Íosa A dheisciobuil, agus chonnaiceas nár mar gheall ar a dtréartha nádúrtha do thug Sé grá dhóibh, mar b'fhollus dom gur dhrong aineólach a bhí ionnta, agus a gcinn lán de smaointe tal- mhuidhe. Agus i n-aimhdheóin sin, bheir Sé A bhráithre, A cháirde ortha' is mian Leis iad d'fheiceál 'n-A fhochair i righeacht A Athar, agus d'fhonn an righeacht sin a dh'fhoscailt dóibh gheibheann Sé bás ar chrann na croise 'á rádh "nach bhfuil ag aon duine grá is mó ná seo, go dtabharfadh duine a anam ar son a charad." 4 Ag machtnamh ar bhréithribh sin Íosa dhom, cuireadh ar mo shúile dhom chómh mí-fhoirbhthe is a bhí an grá a bhí agam-sa do mo shiúracha; ba léar dhom nach raibh grá agam dhóibh fé mar a bheir Íosa grá dhóibh. Á! tuigim anois gurab é is fíor-charthanacht ann cur suas le lochtaibh ár gcomharsan, gan iongnadh a dhéanamh d'á chuid lagachar, agus deagh-shompla dhúinn féin a fheiceál i ngach aon
cheann dá shubháilcí, dá laghad iad. Ach thar gach ní d'fhoghluimeas nach ceart do'n charthanacht fanacht i bhfolach i n-íochtar an chroidhe, mar "ní dheineann aoinne lóchrann do lasadh agus annsin é do chur fé bhéal árthaigh, ach ar choinnleóir, ionnós go bhfeicfidh na daoine a thagas isteach an solus." 1 Chítear dhom, a Mháthair, gurab í an charthanacht an lóchrann sin a chaithfeas solas agus sólás do thabhairt ní hamháin do na daoine is annsa liom ach fós d'á bhfuil sa teach. Nuair d' órduigh Dia d'Á mhuinntir 'san tSean-Reacht a gcomh- arsa do ghrádhú mar iad féin, bhí Sé féin gan teacht anuas ar an dtalamh fós; agus ó bhí a fhios Aige cé'n grá mór atá ag an nduine air féin, níor fhéad Sé aon ní ba mhó a dh'éileamh air. Ach nuair a thug Íosa an aithne nua d'A chuid aspol 'á rádh: "Sidí m'aithne-se," 2 ní h-é amháin ár gcomharsa do ghrádhú mar sinn féin a éiligheas Sé, ach fós ár gcomharsa do ghrádhú mar a ghrádh- uigheas Sé féin é agus mar a ghrádhóchas Sé go dtí críochnú an t-saoil é. A Íosa dhil! Tá a fhios agam nach n-órduigheann Tú aon ní atá do-dhéanta; is eól Duit mo lag-bhrígheacht agus mo mhí- fhoirbhtheacht níos fearr ná mar is eól dom féin iad; tá a fhios Agat nach n-eireóchaidh liom a choidhche mo shiúracha do ghrádhú fé mar a ghrádhuigheas Tusa iad, muna ndéanaidh Tú féin iad a ghrádhú thríom mar an gcéadna. Is mian Leat an grás sin do thabhairt dom: uime sin iseadh do thugais an aithne nua sin dúinn. Ó! is suairc liom an aithne sin! mar deimhnigheann sí dhom gurab é Do thoil-se gach aoinne a bhfuil sé de dhualgas orm grá a thabhairt dóibh a ghrádhú thríom Thú féin. 'Seadh, airighim gurab é Íosa amháin a bhíos ag oibriú ionnam nuair a bhím carthanach. Dá mhéid d'á mbéidh mé dlúithte le hÍosa is amhlaidh is fearr a ghrádhóchad mo shiúracha go léir. Nuair is mian liom an grá sin do mhéadú im' chroidhe agus go gcuireann an deamhan lochtaí na siúrach seo nó na siúrach eile úd ós comhair mo shúl, déanaim-Se a cuid subháilcí agus a cuid deagh-rún do thór- uigheacht láithreach: deirim liom féin, má chonnaiceas ag tuitim uair amháin í féin, gur féidir gur rug sí mórán buadh roimhe sin agus go gceileann sí tré umhluigheacht iad: agus 'n-a cheann sin, an rud is peaca liom-sa go mbéidir gur subháilce é mar gheall ar
an intinn a bhí aice. Agus ní deacair liom sin a chreisdint, mar gur thuit rud den tsaghas sin amach dhom féin, uair. Lá n-aon, le linn an chaitheamh-aimsire, tháinic an dóirseóir ag iarraidh lámh-chonganta le haghaidh gnótha áithride. Bhí fonn páistiúil orm féin bheith ag gabháil do'n ghnó sin, agus b'orm-sa go díreach thuit an crann. Thosuigh orm láithreach ag cornadh m'obair-shnáthaide, ach rinneas amhlaidh go mall réidh le go mbéadh a ceann féin cornuighthe róm ag an tsiúir ba ghoire dhom, mar bhí a fhios agam go raibh dúil aice-se an gnó sin do dhéanamh, agus theastuigh uaim áthas do chur uirthi le m'áit do thabhairt di. An tsiúr a d'iarr an congnamh, ar n-a fheiceál di nach rabhas-sa ag brostú orm, dubhairt sí go geal-gháireach: "Á! bhí tuairim mhaith agam nach gcuirfeá an péarla sin i do choróinn, bhís ró-mhall!" Agus chreid na mná-rialta go léir go rabhas tar héis géilleadh do'n nádúir san chás sin. Ní chreidfeá ach an maitheas mór do rinne an t-eachtra beag sin dom, dhom choimeád gan breith obann do thabhairt ar dhaoine. Agus 'na cheann sin, coimeádann sé an mór-is-fiú uaim féin, nuair a moltar mé, mar deirim liom féin: Ó thárla gur féidir a cheapadh gur mí-fhoirbhtheachtaí mo ghníomhartha beaga fóghanta, is féidir mar an gcéadna dul-amú a bheith ar dhaoine nuair a thugaid subháilce ar an rud nach bhfuil ann ach mí-fhoirbhtheacht; agus deirim mar aon le N. Pól: "Is neamh-ní liom-sa sibh ag breith breithe orm ná duine ar bith eile; ná ní bheirim breith orm féin. Is ag an Tiarna atá breith do bhreith orm." 1 'Seadh, is é an Tiarna, is é Íosa, a bheireann breith orm! agus d'fhonn breith fábharach a fháil Uaidh nó d'fhonn dul saor ó bhreith, is mian liom smaointe carthanacha a bheith agam i gcomhnuí, mar deir Íosa féin: "Ná tugaidh breith, agus ní tabharfar breith oraibh." 2 Fillfead anois ar na Soiscéil mar a ndéanann Íosa a mhíniú dhom go soiléir cad í an aithne nua seo a bheir Sé féin dúinn. Léaghtar ag N. Maitiú: "Do chualabhair cionnus mar a dubhradh: bíodh grá agat do d' charaid agus fuath agat do d' naimhdibh. Ach deirim-se libh-se: bíodh grá agaibh d'bhur naimhdibh, deinidh guidhe ar son na muinntire a dhéanann crádh agus tromaidheacht oraibh." 3 Ní castar naimhde orainn san Charmal, cinnte, ach mar sin féin, bíonn cómhbháidh againn le daoine seachas a chéile; bíonn dúil againn i gcomhluadar siúrach áithride, agus tá siúr eile ann,
béidir, agus chuirfimís timcheall mór orainn féin d'fhonn í do sheachnadh. Ach an tsiúr eile sin, deir Íosa liom go gcaithfead grá do thabhairt di, agus bheith ag guidhe ar a son, fiú amháin nuair a chífí dhom nach bhfuil grá aice-se dhomh-sa: "Má thugann sibh grá do'n mhuinntir a thugann grá dhaoibh, cad é an buidheachas is cóir a bheith oraibh? Tugann peacacha grá do'n mhuinntir a thugann grá dhóibh." 1 Agus ní leór an grá sin do bheith againn i n-ár gcroidhe, ach caithfimíd é a chur i ngníomh. Cuireann sé áthas orainn do réir nádúra gar a dhéanamh do charaid, ach ní carthanacht é sin, mar déanann na peacacha an rud céadna. Rud eile fós a mhúineas Íosa dhom: "Gach aoinne a iarrfas rud ort, tabhair dó é; agus má bheireann duine do chuid uait ná héilimh thar n-ais air é." 2 Rud do thabhairt do'n t-é a iarras orainn é, níl sin chomh réidh ná chomh suairc leis an rud do thairg- sint dó uainn féin; agus ní deacair rud a thabhairt do'n t-é a iarras go deas fáilidhe é; ach má bhíonn sé de mhí-ádh ar an t-sírtheóir labhairt go borb, cuirfidh an croidhe stailc suas láithreach muna mbídh sé daingnighthe i bhfíor-charthanacht: béidh fiche leith-scéal aige annsin le h-eiteach do thabhairt do'n t-é a iarras rud air ar an ndóigh sin; agus déanfaimíd a mí- chneastacht do chur ar a súilibh do'n tsiúr sin shul dá dtugaimíd di mar ghrá-Dia an rud a éiligheas sí; nó caithfimíd tamall fada ag cur is ag cúiteamh faoi chonstaicí agus faoi chirt nach bhfuil bun ná bárr leo, shul dá ndéanaimíd gar beag di a bhéad déanta againn fiche uair an fhaid a bhíomar ag cainnt. Ach, má's deacair rud do thabhairt do gach aoinne a iarras orainn é, is dá dheacra fós "ár gcuid do leigint uainn gan a dh'éileamh thar n-ais." Deirim, a Mháthair, gur deacair é, ach badh chirte dhom a rádh go bhfeictear dhúinn gur deacair é; mar "is suairc mo chuing-se," adeir an Tiarna, "agus is éadtrom m'ualach," 3 nuair a glactar leis an gcuing sin go fonnmhar, airightear a suairceas láithreach. Bhíos a' rádh gurab é toil Íosa nach n-éileóchainn mo chuid thar n-ais; agus ar ndóigh, ba chóir nach mbéadh deacracht ar bith annsin dom, ós rud é nach liom féin aon rud d'á bhfuil agam: Badh chóir go mbéadh áthas orm, dá bhrí sin, nuair a ráinigheann dom an bhochtaineacht do mhóthú, ó thárla go bhfuil móid solamánta na bochtaineachta tugtha agam. Shíleas, tráth, nach rabhas cean-
gailte le rud ar bith, ach ó tháinic bréithre Íosa ag lonnrú ós mo chomhair, chím go bhfuil mórán mí-fhoirbhtheachta ag baint liom. Nuair a théighim i n-éadan mo phéinteálachta, cuir i gcás, agus go bhfeicim na sguaibíní tré n-a chéile, nó má bhíonn riaghlóid nó miodóg ar iarraidh, bíonn mo chuid foighde ionnann's a bheith imthighthe ó smacht orm, agus caithim breith uirthi le mo dhá láimh chun mé féin do choimeád gan na neithe sin a bhíos ar iarraidh d'éileamh go casaoideach cannránach. Na rudaí ró-riachtanacha sin, féadaim iad a iarraidh ár ndóigh, agus nuair a iarraim go humhal iad, níl sin i gcoinnibh aithne úd Íosa, ach a mhalairt, mar ní dhéanaim ach mo lámh do shíneadh amach i gcóir déirce, ar nós na mbochtán; má tugtar eiteach dóibh- sin, ní bhíonn aon iongnadh ortha, arae níl aon rud ag dul dóibh ó aoinne. Á! nach mór an tsíocháin a thagas isteach sa chroidhe nuair a éirigheas sé os cionn mothúchán na nádúra! Níl áthas ar bith ion-churtha leis an áthas a bhíos ar an t-é atá bocht san spioraid, níl sin! Má iarrann sé nídh go h-umhal agus má's rud é nach é amháin go dtugtar eiteach dhó, ach go bhféachtar fós leis an rud atá aige do bhaint de, déanann sé beart do réir comhairle an Tiarna: "Má's mian le duine an dlí do chur ort agus do chasóg do bhreith leis, sgaoil leis do bhrat 'n-a theannta." 1 Ár mbrat do scaoileadh uainn, is ionann sin, dar liom, is a rádh gur chóir dúinn cur suas de gach aon cheart d'á bhfuil againn, agus a bheith 'n-ár seirbhísigh agus 'nár sclábuidhthe do chách. Nuair atá a bhrat sgaoilte uaidh ag duine is fusa dhó siubhal agus rith' agus mar sin de, deir Íosa aríst: "Agus an t-é a chuirfidh fhiachaibh ort dul leis míle shlighe do t'aimhdheóin, eirigh dhá mhíle eile leis dod' dheóin." 2 Ní leór dom rud do thabhairt do'n t-é a iarras orm é, ní leór sin; caithfead teacht roimh an dúil atá ag an duine, agus a thaisbeáint go bhfuilim faoi chomaoin aige agus gur onóir liom gar a dhéanamh dhó, agus má tógtar uaim rud go bhfuil gnó agam féin de, caithfead a thaisbeáint go bhfuil áthas orm faoi gur tógadh uaim é. Ach cheana, ní h-i gcómhnuí a thig liom bréithre an tSoiscéil do chur i ngníomh do réir na leitre; caithim mo shiúracha a dh'eit- each ar rud éigin uaireanta. Ach nuair atá an charthanacht go daingean sa chroidhe, nochtann sí í féin lasmuigh, agus tá dóigh deas fáilidhe le duine a dh'eiteach ar rud nach bhféadtar a thabhairt
dó, i dtreó go gcuireann an t-eiteach oiread áthais air is do chuirfeadh an tabharthas féin. Is fíor, an t-é a bhíos réidh i gcomh- nuí le soighleas a dhéanamh do chách, gur ró-éasgaidh le daoine teacht chuige go minic ag iarraidh chonganta; ach mar sin féin, ní ceart dom na siúracha a mbíonn rud ag teastáil uatha go minic do sheachnadh toisc eagla a bheith orm go gcaithfinn iad d'eiteach, mar deir an Tiarna aríst, "Má's mian le duine iasacht do lorg ort ná h-iompuigh uaidh." 1 Ní ceart dom, ach an oiread, bheith carthanach garach le go bhfeic- fidh daoine mé a bheith amhlaidh, nó mar shúil is go ndéanfaidh an tsiúr a gcuidighim léithe lámh chonganta do thabhairt domh-sa, uair eile; mar dubhairt an Tiarna aríst: "Má thugann sibh iasacht do'n mhuinntir ó n-ar dóigh libh go mbéidh iasacht le fáil agaibh, cad é an buidheachas is cóir a bheith oraibh? Óir tugaid na peacacha iasachtaí uatha do pheacachaibh ag súil le n-a gcothrom a fháil thar n-ais. Ach deinidh-se maith, agus tugaidh iasacht uaibh, gan súil le ní dá bhárr, agus béidh bhúr luach-saothair líonmhar." 2 Ó! is líonmhar é an luach-saothair ar an tsaol seo féin. Ar an mbealach seo, is í an chéad choiscéim is dócamhlaighe." Iasacht do thabhairt uainn gan súil le nídh dá bhárr," is doiligh linn sin do dhéanamh; b'fhearr linn an rud do bhronnadh, mar an rud a bhronnaimíd ní linn-ne é feasta. Nuair a thagas duine chugat 'á rádh go lán-dáiríreach: "A shiúr ionmhuin, tá gnó agam dhíot go ceann tamaill ach ná bíodh imní ort, mar tá cead agam ó n-ár Máthair, agus an t-am seo a bheir thú dhom cúiteóchaidh mé leat aríst é." Is cinnte go mb'fhearr le duine a rádh go lom díreach: "Bronnaim an t-am seo ort," nuair atá a fhios aige go rí-mhaith nach gcúiteóchar leis a choidhche é; agus shásóch' an freagra sin an féin-ghrá, mar is flaitheamhlaighe de ghníomh rud do bhronnadh ná rud a thabhairt ar iasacht, agus cuirtear i n-umhail do'n tsiúr úd 'san am chéadna nach mórán ionntaoibhe atá againn as a cuid geallúintí. Á! nach mór atá teagasc Íosa bun-ós-cionn le mothúchán na nádúra! Ní thiocfadh linn é do thuigsint féin, ní áirighim é do chur i ngníomh, gan cuideadh gan grásta Dé. A Mháthair ionmhuin, chím go ndearnas mo chuid smaointe do mhíniú go rí-dhona de'n iarraidh seo seachas ariamh. Níl a fhios agam cé'n chaoi a bhféadfaidh tú suim ná spéis do chur ins na smaointe
seo atá measgtha tré n-a chéile. Ach ní saothar liteardha atá agam 'á scríobhadh; agus má's liosta leat an cur-síos fadálach seo ar an gcarthanacht féin, chífir ar a laghad go raibh an deagh- thoil ag do pháistín. Fairíor géar! Caithfead a admháil gur fada uaim féin an ní a thuigim do chleachtadh: ach mar sin féin, an dúil atá agam é do chleachtadh bheir sí sólás agus síocháin dom. Má ráinigheann dom locht éigin i gcoinnibh na carthanachta do dhéanamh, éirighim aríst láithreach; agus le roinnt míosa anuas, ní bhíonn cathú ná coimhlint agam a thuille, i dtreó go dtig liom a rádh mar aon le N. Eóin na Croise: "Tá mo theach go léir go suaimhneasach." 'Sé an rud is cionn-tsiocair leis an tsíocháin doimhin inmheadhonaigh sin, dar liom, ach cath áithrid ar éirigh liom an buadh do bhreith ann. Ó rugas an buadh sin tagann slóighte na bhflaitheas le cabhair chugam le nach ngortóchar níos mó mé, i ndiaidh mé troid a dhéanamh go calma ar an ócáid seo a n-innseóchad duit faoi anois. Siúr naofa áithrid ar an gcoimhthionól-s'againne bhí sé de bhuaidh aice díombáidh do chur orm i ngach aon rud. Bhí lámh ag an mac mallachtain sa scéal, mar níl aimhreas ar bith nárbh eisean do thaisbeánadh dhom an oiread sin neithe mí-thaitheanamhach innti. Mar sin de, ó thárla nárbh áil liom géilleadh do'n ghráin nádúrtha do mhothuighinn, dubhras liom féin nár leór dhom an charthanacht a bheith agam im' chroidhe, ach gur chóir dhom í do chur i ngníomh. Chuireas róm annsin gach aon ní do dhéanamh ar son na siúrach sin díreach mar a dhéanfainn ar son an t-é is annsa liom. Am ar bith a gcastaí orm í chuirinn paidir bheag suas chun Dé ar a son, agus d'ofráilinn Dó a subháilcí agus a mór-luachtaí. D'airigheas gur thaithn sin go mór le h-Íosa, mar níl dealbhadóir ar bith nach mbíonn lúthgháir air nuair a moltar saothar a lámh, agus ní taise do Dhealbhadóir diadha na n-anmnacha é, mar bíonn lúthgháir Air siúd mar an gcéadna nuair nach stadtar ag féachaint ar an dtaobh amuigh, ach go dtéightear isteach i dteampoll inmheadhonach na h-anama, mar a bhfuil comhnuí Air féin, agus go moltar a mhór- áilneacht. Agus níor leór liom bheith ag guidhe go minic ar son an t-é sin a bheireadh an oiread sin ócáidí catha dhom. D'fhéachainn le soighleas a dhéanamh dhí gach aon uair a bhfuighbhinn an deis, agus nuair a bhíodh fonn orm freagra giorraisc borb do thabhairt uirthi, bhrúghainn chugam é agus ghnínn gáiridhe soineanta séimh léithi
agus annsin d'fhéachainn le h-ádhbhar eile cómhráidh do tharraint anuas, mar deirtear i nAithris ar Chríost "gur tairbhighe dhúinn leigint do gach aoinne a mheón féin a bheith aige, ná bheith sáidhte i n-imreasán cainnte." 1 Agus ba mhinic, leis, nuair a bhéadh an deamhan gham' chiapadh go tréan agus go bhféadfainn glanadh liom as an mbealach gan leigint do'n t-siúr sin mo chomhrac inmheadhonach do thabhairt faoi ndeara, do theichfinn ar nós saighdiúra meathta ag teicheadh ó pháirc an áir. …Agus d'éirigh liom chomh maith sin go ndubhairt sí liom go h-aiteasach lá amháin: "A Shiúr Treasa leis an Leanbh Íosa, ar mhisde leat a rádh liom cé'n fáth a bhfuil cion chómh mór sin agat orm-sa? Níl uair 'na gcastar orm thú nach mbíonn meangadh gléigeal agat dom." Á! b'é Íosa a bhí foluighthe 'na croidhe, b'Eisean a thug dhom cion a bheith agam uirthi, mar is É a ghníos milis gach aon ní searbh! Bhíos ag labhairt leat ar ball, a Mháthair, faoi'n tseift deiridh atá agam le gan a bheith buailte i gcathaibh na beatha, .i. an teicheadh. An tseift bheag-onórach sin bhaininn feidhm aisti nuair a bhíos im' nóibhíseach, agus chruthuigh sí go rí-mhaith i gcomhnuí. Seo dhuit sompla breá amháin a bhainfeas gáire asat, dar liom. Bhís-se tinn le tamall le criothán nár bheag i riocht is go rabhamar imnidheach go maith fút. Maidin amháin, bhíos-sa ag teacht go dtí do sheómra go ciúin réidh le h-eochracha crannghaile na Comaoine do chur ar ais ann, mar bhíos im' éardamóir ag an am sin. Bhí lúthgháir orm im' chroidhe 'stigh an deis sin a fháil le tú fheiceál, ach níor leigeas sin orm ar bhealach ar bith. Duine de d'ingheanacha, áfach, a bhí lán de dhíogras naofa, níorbh fhuláir léithe na h-eochracha do bhaint díom i n-áit ar shíl sí go ndéanfainn- se thú a dhúiseacht. Dubhras léithe chomh deas fáilidhe is a bhí ionnam nár mhian liom-sa truisneach a dhéanamh ach oiread léithi féin, agus thairis sin, gurbh é mo cheart-sa na h-eochracha do thabhairt ar ais. Tuigim anois go mb'é an rud do b'fhearr agus do b'fhoirbhthe géilleadh go h-umhal; an uair úd, áfach, níor thuigeas sin agus chuaidh mé isteach 'na diaidh, d'á h-aimhdheóin. Ba ghairid gur thuit an tubaiste amach. Leis an gcallán a bhí d'á dhéanamh againn dúisigheadh thusa, a Mháthair, agus d'oscail tú na súile, agus orm-sa a bhí an milleán go léir! An tsiúr a rabhas tar héis bheith a' coimhlint léithe, thosuigh uirthi láithreach ag
tabhairt óráide uaithe, agus b'é tús agus deire a scéil: "B'í an tsiúr Treasa leis an Leanbh Íosa a bhí ag déanamh an challáin." Bhí fonn an domhain mhóir orm mé féin do chosaint: ach tráthamhail go leór, thuit smaoineadh breá ciallmhar isteach i mo cheann: Dubh- ras liom féin gur chinnte, dá dtosuighinn ag iarraidh mé féin do chosaint is do cheartú, go gcaillfinn síocháin m'anama; agus ó thárla, 'na cheann sin, go rabhas ró-lagbhrígheach le héisteacht le mo dhaoradh gan freagra do thabhairt, b'fhollus dom nach raibh le déanamh agam ach teicheadh chun mé féin do thabhairt slán ó'n nguais. Níor luaithe an smaoineadh sin i mo cheann ná rinneas beart dá réir. D'imthigh liom… ach bhí an croidhe a' preabarnaigh chomh tréan agam is nár fhéadas dul i bhfad gur shuidheas síos ar an staighre le toradh mo bhuaidh do bhlaiseadh ar mo shócamhlacht. Cinnte go leor, is aisteach an cineál gaisgidheachta é sin; ach má's eadh féin, sílim gur fearr rith maith ná droch-sheasamh, lá ar bith. Céad fairíor géar! ag smaoineadh ar an am a rabhas im' nóibhís- each dhom, chím go soiléir a liachtaí mí-fhoirbhtheacht a bhí ionnam! Ní fhéadaim gan gáiridhe anois faoi rudaí áithride. Á! nach maith do rinne an Tiarna dhom é nuair do thóg Sé m'anam suas agus do thug eiteógaí dhi! Ní fhéadfadh líonta uilig na sealgairí eagla do chur orm feasta; mar "Is i n-aistear a caithtear líon ós cómhair súl lucht sciathán." 1 Amach annseo, béidir go bhfeicfead go bhfuil an t-am 'na bhfuilim anois, go bhfuil sé lán de mhí-fhoirbhtheachtaí mar an gcéadna, ach ní dhéanaim iongantas de rud ar bith a thuille; ní chuireann sé brón orm ná buairt a fheiceál nach bhfuil ionnam ach lagachar ar fad; ach is é an chaoi a maoidhim as mar lagachar, agus táim ag súil le mí-fhoirbhtheachtaí nua a fháil ionnam féin i n-aghaidh an lae. Tig liom a rádh le fírinne gur mó an maitheas a ghníos na soillsí sin i dtaobh mo nádachta dhom ná na soillsí i dtaobh an chreidimh. Ag cuimhneamh dhom "go ndéanann an charthanacht gach peaca do chlúdach," 2 tarraingim as an mianach saidhbhir sin do h-oscluigheadh le h-Íosa 'n-a Shoiscéal Naomhtha. Rannsuighim i ndoimhneas A chuid briathar adhramhail, agus deirim mar aon le Dáibhid: "Do ritheas i slighe t'aitheanta nuair a leathanuighis mo chroidhe." 3 Agus is í an charthanacht amháin a fhéadas mo chroidhe-se do leathnú.
…A Íosa! Ó thosuigh an lasair bhog shuairc sin 'gham loisceadh agus 'gham ídiú, rithim liom go lúthmhar glionndarach ar bhóthar na h-aithne nuaidhe seo Agat-sa, agus is é mo dhúil ritheacht ar an mbóthar sin go dtagaidh an lá aoibhinn 'n-a bhféadfad dul isteach buil díormaí na nÓgh agus Tú do leanacht ar fuaid do righeachta do-theoranta, ag canadh Do Chaintinne nuaidhe — Caintinn an Ghrádha.
CAIBIDIOL X. A Mháthair Oirmh., thug Dia na glóire dhom, d'Á ghrástaibh, doimh- neas diamhrach na carthanachta do ghrinnealadh, agus dá mbéidir liom a dtuigim 'n-a taobh do chur i gcéill, ba cheól ó Neamh leat mo scéal. Ach, mo nuar! Níl agam ach cainnt bhriotach stadach an leinbh, agus muna mbéadh go bhfuil bréithre Íosa mar thaca agam, bhéadh fonn orm a iarraidh ort leigint dom fanacht im' thost. Nuair adeir Íosa liom: "rud do thabhairt do gach aoinne a iarrfas orm é, agus má bheireann aoinne mo chuid uaim, gan é d'éileamh thar n-ais," sílim nach iad neithe an tsaoghail seo amháin atá i gceist Aige ach na neithe a thagas ó neamh mar an gcéadna. Agus, ar ndóigh, ní liom féin iad siúd ná iad seo: chuireas suas de na céad-neithe sin tré mhóid na bochtaineachta, agus maidir leis na neithe eile, nílid agam ach ar iasacht ó Dhia, agus má thogruigheann Sé iad a bhaint díom aríst ní ceart dom bheith ag casaoid d'á dheascaibh sin. Na smaointe doimhne pearsanta, áfach, lasracha na h-intinne agus an chroidhe, saidhbhreas iad sin a gclaoidhimíd leis, mar a bhéadh rud éigin d'ár gcuid féin ann, nach bhfuil aon cheart ag aoinne baint dó. Má dhéanaim-se, cuir i gcás, solus éigin, do tháinic chugam le linn na h-urnuighe, do nochtadh do dhuine de na siúracha agus go bhfoillsigheann sise ós árd é annsin, mar dh'eadh gurbh uaithi féin do tháinic sé, shílfeá go bhfuil sí ag glacadh seilbhe ar rud is liom-sa; nó má labhruigheann duine focal comhgarach barramhail le n-a compánach ós íseal le linn an chaitheamh- aimsire, agus go ndéanann sí seo an focal san do rádh ós árd gan leigint uirthi cé uaithi a dtáinic an focal, is geall le goid é sin, dar leis an sealbhadóir, agus cidh nach ndéanann sí casaoid ná éileamh, ní cuid is lugha ná a fhonn a bhíos uirthi, agus cuirfidh sí i bhfios do chách go deas réidh, ach a bhfághaidh sí an deis, gur léithi-se ó cheart an focal sin nó an smaoineadh sin. Ní thiocfadh liom-sa, a Mháthair, mothúcháin shuaracha sin na nádura do léiriú dhuit chomh maith sin muna mbéadh go rabhadar agam féin. Agus muna mbéadh gur órduighis dom éisteacht leis
na nóibhíseachaibh agus iad ag innsint dom faoi na cathuighthe a bhíos acubh féin, ba bhreá liom a bheith i n-ann a áiteamh orm féin gurab agam-sa amháin a bhí na mothúcháin sin. Ach is mór d'fhogh- luimeas ag coimhlíonadh an dualgais sin dom, agus go mór-mhór cuireadh ialach orm an rud do bhíos a theagasc dóibh-sin do chleachtadh mé féin i dtosach. Féadaim a rádh anois le fírinne, tré ghrástaibh Dé, nach bhfuil aon chlaoidheadh agam le maitheasaí an chroidhe agus an aigne ach an oiread agus atá agam le maitheasaí an tsaoghail seo. Má ráinigheann dom rud éigin do cheapadh agus do rádh a thaithnigheas le mo shiúracha, ní misde liom iad do ghabháil seilbhe air amhail is dá mba rud leo fhéin é: mar ní liom-sa an smaoineadh sin ach leis an Spioraid Naoimh, mar deir N. Pól linn "nach dtig linn "a Athair" a rádh le Dia i n-éaghmais Spioraid sin an Ghrádha." Féadann Sé, dá bhrígh sin, feidhm do bhaint asam-sa le deagh- smaoineadh do thabhairt d'anam eile, agus ní ceart dom a bheith a' measadh gur liom-sa an smaoineadh sin. Agus thairis sin, cidh nach bhfuil aon droch-mheas agam ar na smaointe breághtha a aontuigheas duine le Dia, mar sin féin tuigim le fada ariamh go gcaithimíd a bheith áirdeallach agus gan barraidheacht ionntaoibhe a bheith againn asta. Dá mb'iad na h-ionanálúcháin is aoirde féin iad, is neamh-ní iad gan na h-oibreacha. Is fíor go bhféadann daoine eile mórán tairbhe a fháil asta, má ghabhaid a mbuidheachas go h-umhal le Dia as ucht a thabhairt dóibh bheith rannpháirteach i bhfleadh shaidhbhir dhuine a bhfuil pribhléidí móra fáighte aige Uaidh. Ach má éirigheann an duine sin mórdhálach as féin de dheascaibh a shaidhbhris agus go n-abruigh- eann sé paidir an Fhairisínigh, is cuma é nó duine a bhéadh ag fáil bháis leis an ocras agus togha gacha bídh agus rogha gacha dighe leagtha ar an mbórd ós a chómhair, agus na h-aoidheadha ag déanamh a gcoda go súbhach ar feadh an achair agus ag caitheamh súilfhéachainte éadmhaire, béidir, ar an t-é gur leis an rachmus sin uilig. Á! is fíor go deo gurab é Dia amháin a bhfuil eólas Aige ar an gcroidhe! Nach beag suarach iad smaointe an duine! Nuair a chíonn sé duine a bhfuil níos mó soillse aige ná mar atá aige féin, 'sé an rud a tuigtear dhó ach gur mó an grá atá ag Dia do'n duine sin ná dhó féin. Ach an amhlaidh nach bhfuil sé de cheart ag Dia anois, mar a bhí i gcomhnuí riamh, feidhm a bhaint as duine d'Á chréatúirí leis an mbeatha a bhíos a dhíotháil ortha do riaradh ar an gcuid eile d'Á chlainn? Le linn Fárao féin, i n-allód, bhí
an ceart sin ag Rí na gcomhacht fós, mar deir Sé leis an Rí sin 'san Sgríbhinn Diadha: "Is chuige a thógas suas tú chun go dtaisbeánfainn mo chomhacht ionnat, agus go bhfógróchthaidhe m'ainm ar fuaid an domhain go léir." 1 D'imthigh na céadta is na mílte bliain thart ó labhair Dia na bréithre sin, agus ní tháinic athrú ar A mhodh oibrighthe: rinne Sé daoine áithride do thoghadh i gcomhnuí riamh le n-A ghnó do dhéanamh 'sna h-anmnachaí. An canbhás do gaisdigheadh leis an gceárduidhe dá mbéidir leis smaoineadh agus labhairt, is cinnte nach mbéadh sé ag casaoid faoi'n gcaoi ar tadhalladh agus ar aththadhalladh leis an scuaibín é; ní mó ná mar a bhéadh sé ag éad leis an scuaibín, mar bhéadh a fhios aige nach ar an úirlis sin ach ar an gceárduidhe is ceart dó a bhuidheachas a bheith ar son na h-áilneachta atá curtha air. Agus an scuaibín féin, ní fhéadfadh sé a bheith ag maoidheamh as an sár- obair do rinneadh leis, mar thuigfeadh sé nach mbíonn na ceárduidhthe i dteannta a choidhche, ach gurab é an chaoi a mbíd a' dul chun spairne leis na deacrachtaí, agus gurab iad na h-úirlisí is laige agus is neamh-oiriúnaighe a mbainid feidhm asta uaireanta, mar chaitheamh-aimsire dhóibh féin. A Mháthair Oirmh. scuaibín mise a thogh Íosa le n-A íomháigh do phéinteál 'sna h-anmnachaí do chuiris-se faoi mo chúram. Bíonn a lán scuaibíní ag an gceárduidhe. Ní mór dhó dhá cheann, ar a laghad; an chéad cheann, agus is é an ceann is úsáidighe é, déanann sé na bun-línte agus na bun-dathanna do phéinteál, agus déanann sé an canbhás go léir do chlúdach i bhfíor-bheagán aimsire; an tarna ceann .i. an ceann beag, is leis sin a déan- tar sonnradhachtaí bídeacha an phictiúra. Is tusa, a Mháthair, an scuab luachmhar a mbeireann Íosa air go grádhmhar 'n-A láimh, nuair is mian leis obair mhór éigin do dhéanamh i n-anam do chlainne; agus is mise an scuaibín beag bídeach a mbaineann Sé feidhm as 'n-a dhiaidh sin leis na mion-rudaí eile do dhéanamh. Tuairim 's an 8adh lá de mhí na Nodlag, 1892, is eadh do rug Sé ar a scuaibín de'n chéad uair; cuimhneóchad a choidhche ar an dtráth úd, mar ba líonmhar iad na grásta Do fuaireas le n-a linn. Ar theacht isteach 'san Charmal dom, fuaireas róm ins an Nóibh- íseachlann compánach a bhí seacht mbliana ní ba shine ná mé, agus i n-aimhdheóin a raibh de bhliantaibh aice tharm-sa, d'éirigh fíor-
chaidreamh eadrainn. Agus d'fhonn an caradas sin, a raibh a chosamhlacht air go gcuideóch' sé linn i gcleachtadh na subháilcí, do chongbháil ar siubhal, tugadh cead dúinn cómhráidhte spioradálta a bheith againn. Chuir mo chompánach ionmhuin aoibheall is áthas croidhe orm le chomh mánla oscailteach soineanda is a bhí sí; ach b'iongantach liom, mar sin féin, an deifríocht a bhí idir an grá a bhí aice dhuit-se, a Mháthair, agus an grá a bhí agam féin duit; agus 'na cheann sin, ba dhaithnid liom mórán rudaí a bhíodh aice á dhéanamh. Ach chuir Dia i n-iúl dom an uair sin féin go mbíonn anmnacha áithride ann a bhfanann A thrócaire leo go foighdeach fadaradhnach, agus nach dtugann Sé A sholus dóibh ach uidh ar n-uidh; agus mar sin de, bhíos áirdeallach sar a rachainn Roimhe sa ghnó. Lá n-aon, ag machtnamh ar an gcead sin do tugadh dhúinn le bheith ag cómhrádh le n-a chéile "d'fhonn ár ngrá do'n Chéile Diadha do chur ar lasadh 'nár gcroidhthibh," mar adeir ár mBunreachtaí, b'fhollus dom nach raibh na comhráidhte s' againne ag cuidiú linn chuige sin 'chor ar bith, agus ba mhór an brón liom sin. Buaileadh isteach im' aigne go gcaithfinn labhairt go lom díreach gan scáth gan eagla, sin nó éirighe as na comhráidhtibh sin ar fad ó thárla gur gheall le comhráidhtibh carad amuigh ar an tsaoghal iad. D'athchuingheas ar Íosa bréithre caoine bríoghmhara do chur i mo bhéal nó labhairt tríom É féin. Thug Sé toradh ar mo phaidir; mar "an t-é a fhéachas suas Chuige bhéarfar solus dó," 1 agus "tá solus éirighthe 'san ndoircheacht dóibh sin a bhfuil an croidhe ionnraic acubh." 2 Baineann an chéad abairt sin dom féin, agus do mo charaid a bhaineas an tarna ceann, mar bhí croidhe cóir ionnraic aice go cinnte. An chéad uair eile a ndeachamair chun cainnte le chéile níor thúisce do chonnaic mo shiúirín bhocht mé ná ba léar dí nárbh é an duine céadna a bhí ionnam a thuille, agus shuidh sí síos lem' ais agus í ag deargadh go cluasaibh; annsin, d'fháisceas le mo chroidhe í gur innsigheas di go caoin fáilidhe a raibh im' aigne. Thaisbeánas di céard is fíor-ghrá ann, chruthuigheas di nach raibh sí ach ag tabhairt ghrádha dhí féin nuair a bheireadh sí grá nádúrtha d'á Máthair Airchinneach, d'innsigheas di faoi na h-íodhbairtí do chaitheas féin a dhéanamh de dheasgaibh an ghrádha sin, tar héis mé do theacht isteach 'san gClochar i dtosach; agus ba ghearr go raibh sí ag sileadh na súl mar aon liom féin. D'admhuigh sí go humhal
go raibh an éagcóir aice, agus gurbh fhíor dhomhsa a ndubhras, agus thug sí gealladh dhom go gcromfadh sí ar bheatha úr-nua, agus d'iarr orm a cuid locht do chur i n-iúl di i dtóláimh. Uaidh sin amach bhí caradas fíor-spioradálta eadrainn, agus fíoradh ionainn bréithre an Spioraid Naoimh: "Dritháir a gheibheann congnamh ó dhritháir, is cathair láidir é." 1 Ó! a Mháthair, is eól duit go maith nach ag iarraidh mo chompánach d'iompáil uait-se a bhíos; níor theastuigh uaim ach a chur i bhfios di gur le h-íodhbairtí a cothuightear an fíor-ghrá, agus dá mhéid dhá ndiúltuigheann duine do shóláis agus do shástachtaí nádúrtha gurab amhlaidh is treise agus is neamh-fhéiniúla a bhéas a ghean. Is cuimhneach liom nuair a bhíos im' iarrthóir go mbíodh an oiread sin dúile agam uaireanta mé féin do shásamh agus braoinín beag sóláis a fháil uait-se, go gcaithinn greadadh liom go mear thar do sheómra agus greim docht do chongbháilt ar ráil an staighre le gan filleadh ar ais ort. Thuitfeadh sé im' cheann go raibh fiche cead agam le h-iarraidh ort, cidh nach mbíodh ionnta uilig ach leith- scéal chun géilleadh do mo dhúil nádúrthach agus mé féin do shásamh. Nach orm-sa atá an lúthgháir anois faoi go ndearnas mé féin do shéanadh ó'n gcéad lá a dtáinic mé isteach sa Chlochar! An luach-saothair atá geallta do'n druing a throideas go misniúil, tá sé agam cheana féin. Ní airighim orm féin gur call dom sóláis an chroidhe do shéanadh orm féin a thuille, mar tá mo chroidhe daingnighthe i nDia… agus toisc gurbh Dhó-sin amháin do thugas gean mo chroidhe, mhéaduigh mo chroidhe i leabaidh a chéile nó go dtig leis anois na daoine is ionmhuin leis do ghrádhú le cion atá i bhfad níos doimhne ná dá mbéinn tar héis mé féin do chur i bhfastódh i ngrá miseach neamh-thorthach. D'innsigheas duit ar ball faoi'n gcéad phíosa oibre ba dheon- uightheach le hÍosa agus leat-sa, a Mháthair, a dhéanamh le nbhúr scuaibín. Ach ní raibh annsin ach mar a bhéadh ullmhú do'n t-sár- obair do thugais dó le déanamh ó shoin. Níor thúisce istigh i dteampol na n-anmnacha mé ná thuigeas ar an gcéad amharc go raibh an gnó thar mo chumas; agus fearacht an naoidheanáin a ghníos a cheann fionn do fholú ar ghualainn a athar, nuair a ghabhas uamhan é, do chuireas mé féin i mbaclain Dé láith- reach, agus dubhras Leis: "Chíonn Tú féin, a Thiarna, go bhfuilim
ró-bheag le Do chlann do chothú; ach má's áil Leat a mbéidh ag teastáil ó gach duine ar leith acubh do roinnt orthubh thríom-sa, déan mo láimhín do líonadh; agus annsin riarfad-sa Do rachmus reidhsiúil ar na h-anmnacha do réir mar a thiocfaid chugam ag iarraidh a gcoda, agus fanfad mar a bhfuilim gan imeacht as Do bhaclain agus gan mo cheann d'iompáil i leath-taoibh féin. Nuair a gheobhfas duine aca an deagh-bhlas milis ar a chuid, beidh fhios agam nach orm-sa ach Ort-sa is cóir dhi a bhuidheachas sin a bheith; ach má dhéanann sí casaoid toisc gur searbh léithe an rud a sheach- aidim di, ní chuirfidh sin as do mo shíocháin, mar féachfad le n-a chur 'n-a luighe uirthi gurab Uaitse a thig an biadh sin, agus ní baoghal go ndéanfad a mhalairt de bhiadh do sholáthar dhi." Ó thuigeas ar an gcuma sin nárbh fhéidir liom tada a dhéanamh asam féin, b'fhacthas dom go ndearna sin m'obair do shimpliú go mór. Ní dhéanainn ach mé féin do tháthú ní ba dhlúithe ná ariamh le Dia im' chroidhe istigh, mar bhí fhios agam go dtabharfaí gach aon rud eile dhom annsin. Agus bhí a shliocht orm, níor chlis Dia orm riamh. Am ar bith a mbíodh beatha de dhíth ar anmnacha na siúrach, gheibhinn mo lámhaí lán le n-a naghaidh. Dá ndéanainn beart ar a mhalairt de chaoi, dá mba ar mo neart agus ar mo ghustal féin a bhéinn ag brath, ba ghairid an mhoill orm stríocadh agus cur suas de'n obair, deirim-se leat é. Ag dearcadh ar na h-anmnacha do dhuine ó chian, chítear dhó gur furasta maitheas a dhéanamh dóibh, iad do chur ar lasadh Le grá do Dhia, agus iad do mhúnlú do réir tuairmí agus smaointe dhuine féin. Ach nuair a dhruideas sé isteach i n-a n-aice, cuirtear 'na luighe air go bhfuil sé chomh deacair do-dhéanta maitheas a dhéanamh dóibh gan cabhair gan grásta Dé is atá sé an ghrian do chur ag taithneamh ar an leath-chruinne s'againne i lár na hoidhche. Tuigtear dhó go gcaithfidh sé a chuid tuairmí pearsanta féin do dhearmadadh ar fad agus na hanmnacha do sheóladh, ní ar a dhóigh féin ná ar bhealach ar leith d'á chuid féin, ach ar an gconaire a leagas Íosa amach dhóibh. Agus ní shin é an rud is deacra 'chor ar bith: séard is mó a ghoilleas orm féin a bheith d'fhiachaibh orm na lochtaí agus na mí-fhoirbhtheachtaí is lugha féin do thabhairt fé ndeara ionnta agus an cogadh d'fhógairt ortha go deire. Tá sé de mhío-rath orm — sin é a bhíos ar tí a rádh, ach ní abróchad é, mar ba mheathtacht liom é — agus mar sin de, 'séard adeirim, go bhfuil sé de rath ar mo Shiúracha, ó chuireas mé féin i mbaclain Íosa, mé bheith mar a bhéadh faireadóir ag breathnú uaidh síos ar an
námhaid ó'n dtúirín is aoirde i mbárr an chaisleáin. Ní bhíonn rud ar bith ann nach bhfeicim; cuireann mo léargus grinn iongantas orm féin go minic, agus chítear dhom nár mhilleán ar bith ar Iónas teitheadh ó láthair an Tiarna i riocht is nach mbéadh air léirsgrios Ninebheh d'fhógairt. B'fhearr liom go mór fada go gcáinfí míle uair mé ná go gcaithfinn féin duine eile do lochtú oiread is aon uair amháin; ach airighim nach foláir an gnó sin a bheith 'na ádhbhar fuilinntí dhom, mar nuair a ghníos duine beart do réir gluaiseachta na nádúra amháin, ní féidir go dtuigfidh an t-é a ceartuightear a lochtaí, mar 'séard a déarfas sí: "An t-Siúr seo a bhfuil mo chúram uirthi, tá múisiam uirthi, agus is orm-sa a chuireas sí an múisiam i bhfeidhm, i n-aimhdheóin go bhfuil na deagh-rúin is fearr ar bith agam." A Mháthair, caithim mé féin do shéanadh agus d'íodhbairtiú i ngach aon ghnó, agus 'san ngnó seo chomh maith céadna. Má bhíonn litir le scríobhadh agam, mothuighim nach ndéanfaidh sí aon mhaith- eas, muna mbídh cineál drugaill orm í do scríobhadh, agus muna scríobhaidh mé le h-órdú m'uachdaráin amháin í. Bím 'san áirdeall orm féin, le linn labhartha leis na nóibhíseachaibh dhom, le mé féin do smachtú, agus ní chuirim aon cheist chúcha do shásóch' m'fhiafruightheacht féin. Má chromann duine acubh ar rud spéisiúl a innseacht, agus go bhfágann sí annsin é gan a chríochnú, agus rud éigin eile gur liosta liom féin bheith ag éisteacht leis do tharraingt anuas, ní leigim dhom féin an dearmad sin do chur i gcuimhne dhí: mar chítear dhom nach dtig le duine ceó maitheasa a dhéanamh le bheith ag tóruigheacht a thairbhe nó a shástachta féin. Tá a fhios agam, a Mháthair, gur dolba le do chuid uan mé! …Dá léighidís na leathanaigh seo, déarfaidís nach bhfuil a chosamhlacht orm gur deacair liom ar bhealach ar bith bheith ag rith 'na ndiaidh le n-a thaisbeáint dóibh go bhfuil a lomra breá sailighthe acubh, nó le triopall dá gcuid olna a d'fhágadar i bhfastódh i ndriseacha an chasáin do thabhairt thar n-ais chuca. Féadfaidh na h-uain bheaga a rogha rud' a rádh: ach is eól dóibh 'na gcroidhe istigh go bhfuil cion mór láidir agam ortha. Níl aon bhaoghal go ndéanfad aithris ar an bhfear tuarastail, "a fhágas na caoire agus a theitheas nuair a chíonn sé an mactíre ag teacht," 1 níl sin. Táim réidh le m'anam do thabhairt ar a son, agus an cion atá
agam ortha tá sé chomh h-íodhan sin nach bhfuil dúil agam go mbéadh eólas ar bith acubh air. Níor fhéachas ariamh le n-a gcroidhthibh do tharraingt chugam féin, míle altú le Dia, mar thuigeas gurbh é rud a bhí le déanamh agam-sa ná iad a sheóladh chun Dé agus chugat-sa, a Mháthair, atá 'n-A ionad annseo thíos ós a gcionn agus d'á gcaithfid grá agus ómós do thabhairt d'á dheasgaibh sin. Dubhras gurab iomdha sin rud a dh'fhoghluimeas le linn daoine eile do theagascadh dhom. Ar an gcéad dul síos chonnaiceas gurab iad na cathuighthe is na comhraic chéadna, mórán, a bhíos ag na h-anmnacha go léir; ach ar an dtaoibh eile dhe, gur mór ar fad an t-idirdhealú a bhíos eatortha, agus mar gheall ar an idirdhealú sin go gcaithfear gan iad uilig do sheóladh ar an ndóigh chéadna. Tá cuid acubh ann agus airighim nach fuláir dhom mé féin a dh'ísliú 'na láthair, agus gan eagla a bheith orm mé féin a dh'úmhlú le mo chuid cathuighthe féin agus a liachtaí uair do buadhadh orm dh'amhdachtáil dóibh. Annsin nochtaid féin go h-éasgaidh na lochtaí a bhíos ag déanamh imní dhóibh, agus cuireann sé áthas orthubh a fheiceál go dtuigim iad ó n-a ndeachas féin thríd. Tá daoine eile ann, áfach, agus is í an daingneacht nach mór a chur i ngníomh leo; caith- fear gan bogadh a choidhche ó rud ar bith dá ndubhradh. Ní bhéadh ann ach lagachar, dá ndéanadh duine é féin a dh'úmhlú sa chás sin. Thug Dia dhom, d'á ghrástaibh, gan eagla ar bith a bheith orm roimh an gcath; caithfead mo dhualgas do choimhlíonadh pé ar bith céard a thiocfas as dom. Ní h-annamh dom cainnt mar seo do chloisteál: "Má's áil leat rud ar bith a fháil agam-sa, caithfidh tú mé do ghlacadh go cneasta réidh-chúiseach; níl gar dhuit an láimh-láidir dh'imirt orm mar ní bhéidh tada d'á bhárr agat." Ach tá a fhios agam nach mbíonn aoinne 'na bhreitheamh mhaith nuair is í a chúis féin atá i gceist, agus an leanbh a gcuireann an liaigh fá ndeara dhó dul faoi chréachtghearradh piantach, cloisfear ag sgreadghail é, agus é á rádh dhá dhonacht dh'á raibh an galar gur measa an leigheas; ach má mhothuigheann sé é féin i sláinte mhaith aríst i gcionn tamaillín, béidh lúthgháir agus gliondar croidhe air bheith i n-ann ropadh leis agus imirt aríst. Is é a fhearacht sin ag na h-anmnacha é: is gairid an mhoill ortha a thuigsint gur fearr beagán searbhais ná barraidheacht misleachta, agus ní misde leo é sin do rádh ós árd ach an oiread. B'iongantach leat an t-athrú iomlán a thagas ar dhuine acubh uaireanta ó lá go céile. Tagann duine chugam 'á rádh: "Bhí an ceart agat indé, nuair a bhís go cruaidh orm. Chuir sin olc orm
ar dtúis, ach 'na dhiaidh sin mhachtnuigheas ar an scéal go léir, agus chonnaiceas nach raibh agat ach an ceart ar fad. Ag dul amach as do sheómra dhom, shíleas go raibh deire le réidhteach eadrainn, agus dubhras liom féin: "rachad ag triall ar an Mháthair, agus déarfad léithe nach rachad i gcuideachtain na Siúrach Treasa níos mó"; ach d'airigheas gurbh é an mac mallachtain a bhí ag séideadh fúm ar an gcuma sin, agus annsin shamhluigheas go rabhais-se ag guidhe ar mo shon, agus do chiúinigheas agus thosuigh an solus ag lonnrú. Déan mé do shoillsiú go h-iomlán anois, mar is chuige sin do tháinic mé." Agus bíonn áthas an domhain orm féin claonadh mo chroidhe do leanacht agus biadh eile, nach bhfuil chomh searbh sin, do riaradh ar mo shiúirín… Bíonn, ach… Tugaim fé deara go gcaithfead a bheith ar m'fhaithchillt sul a n-abróchainn an iomarca, mar d'fhéad- fadh focal amháin an teach breá do tógadh leis an oiread sin deór do leagadh go talamh! Má bhíonn sé de mhí-ádh orm an ruidín is lugha ar bith a rádh a bhfuil a chosamhlacht air go mbogann sé na fírinní cruadha do labhruigheas an lá roimhe sin, chím mo shiúirín ag féachaint le greamú de na géagaibh… annsin tosuighim ag guidhe, bheirim féachaint inmheadhonach amháin ar an Mhaighdin Bheannuithe, agus bíonn an buadh ag Íosa i gcomhnuidhe! Á! is iad na paidreacha agus an féin-íodhbairtiú mo neart go léir, is iad mo threallmha do-bhriste iad; is fearr go mór iad ná na bréithre go léir chun croidhe an duine do bhogadh, mar is eól dom féin ó chiall-cheannuighthe. I rith an Charghais, tá dhá bhliain ó shoin ann, tháinic duine de na nóibhíseachaibh ag triall orm agus í go glionndarach. "Dá mbéadh a fhios agat," ar sise liom, "cé'n bhrionglóid a bhí agam aréir. Taidhbhrigheadh dhom go rabhas buil mo dhearbhsheathar atá chomh saoltach sin, agus go rabhas ag iarraidh í do tharraingt ó bhaosra an t-saoghail. Chuige sin bhíos ag míniú na bhfocal seo as do chaintic: "Maireachtáil tré ghrá" dhi: Aoibhinn mo chailleamhaint a choidhche, A Íosa, id' Chroidhe-se na féile: Na buadha ba liom 's na blátha Fút-sa fágaim gan éileamh. "Mhothuigheas go raibh mo chuid cainnte ag dul i gcion 'n-a croidhe agus do chuir sin lúthgháir an-mhór orm. Ar maidin indiu,
sé an rud a bhíos á cheapadh ach go mb'fhéidir gurab é toil Dé go dtabharfainn an anam sin Dó. Dá scríobhainn chuice i gcóir na Cásga agus scéal mo bhrionglóide a dh'innseacht di, agus a rádh léithe gur mian le h-Íosa í a bheith mar chéile Aige féin! Goidé do bharramhail-se?" Dubhras féin nár mhisde dhi an cead a dh'iarraidh, ar chuma ar bith. Ó thárla nach raibh an Carghas i ndáil le bheith thart ar chor ar bith fós, rinnis-se, a Mháthair, iongnadh d'iarratas chomh h-an- tráthach sin, agus d'fhreagrais, mar a chuirfeadh Dia féin id' chroidhe é, gur le paidreacha is mó a chaitheas na Carmelítigh anmnacha do thárrtháil agus nach le litreacha. Ar chloisteál an fhreagra sin domh-sa, dubhras le mo shiúirín ionmhuin: "Caithfimíd cur chun na h-oibre agus bheith ag paidreóireacht go tréan: nach orainn a bhéadh an ríméad, dá dtugtaí toradh ar ár bpaidreacha i ndeire an Charghais!" Ó! a thrócaire dho-chuimsighthe Rí na bhFeart! Ag deire an Charghais, bhí anam eile dhá coisreacadh féin d'Íosa! Míorbhúilt ó ghrástaibh Dé do b'eadh é, míorbhúilt do h-oibrigheadh trí chaondúthracht nóibhísigh úmhaile! Nach mór go léir í comhacht na h-urnuighe! Tá sí mar a bhéadh bainríoghan a dtig léithe labhairt leis an rí i gcomhnuí agus a rogha rud' a fháil uaidh. Agus ní call do dhuine, le go n-éistfí leis, paidir bhreá bhuadh-fhoclach, do cumadh i gcóir na h-ócáide, a léigh- eamh as leabhar: dá mbadh amhlaidh a bhéadh an scéal, badh mhór an díol truaighe mise go deimhin! Cé's moite de na Tráthana diadha a mbíonn sé de shólás agam iad a rádh gach lá, cidh nach fiú mé é, ní bhíonn sé de mhisneach agam dul ar lorg na bpaidreacha mbreá 'sna leabhraí: cuireann sin tinn- eas-cinn orm, tá an oiread sin acubh ann! Agus annsin, táid uilig níos áilne ná a chéile! Mar sin de, ós rud é nach bhféad- aim iad go léir a rádh agus nach mbíonn a fhios agam cé'ca aca is fearr dhom a thoghadh, déanaim mar a ghníos na leanbhaí nach dtig leo léigheamh: deirim go díreach le Dia na rudaí is mian liom a rádh Leis, agus tuigeann Sé mé i gcomhnuí. 'Sé rud an urnuighe, dar liom-sa, ná lingeadh-croidhe, féachaint símplí i dtreó na bhFlaitheas, glaodhach altuighthe agus grádha i gceart-lár an dóláis nó i n-am an gháirdeachais! I bhfocal amháin, rud éigin uasal ósnádúrtha is eadh í, a ghníos an croidhe do leathanú agus do dhlúthú le Dia. Amantaí, nuair a bhíonn an tiormacht ag goilleadh chomh mór sin ar mo chroidhe is nach dtig liom oiread a's aon deagh-smaoineadh amháin a tharraingt as, 'séard a
ghním Pater nó Avé do rádh go mall réidh; cuireann na paidreacha sin amháin aiteas ar mo chroidhe, bheirid beatha dhiadha do m'anam agus is leór dhi iad. Ach cá bhfuilim chor ar bith? Seo aríst ar fuaidreamh mé i meascán smaointe… Ná tóg orm an fhánuidheacht cainnte seo, a Mháthair! Caithfead a admháil gur scáinne aimhréidhteach an scéal so, go deimhin. Ach, mo nuar! ní fhéadfainn a mhalairt a dhéanamh: scríobhaim liom do réir mar a thagas na smaointe chugam, caithim mo líon isteach go mearbhallach i sruthlán mo chroidhe, agus seachaidim dhuit na h-iasga beaga do réir mar a thig liom breith ortha. Ar na nóibhísigh bhíos ag cainnt, 'seadh: Is minic adeirid liom: "Bíonn freagra agat i gcóir chuile nídh, shíleas tú do chur i dteannta de'n iarraidh sin… Cá mbaineann tú amach an teagasc seo a bheir tú dhúinn?" Tá cuid acubh chomh símplí sin go gcreidid go bhfuil sé ar mo chumas léigheamh 'n-a n-anmnachaibh, toisc gur ráinigh dhom, gan foillsiú ó Dhia, na smaointe a bhí 'na gcroidhthibh do fhoillsiú dhóibh. An duine ba shine ortha bhí buaireamh an-mhór ag goilleadh uirthe, agus bhí sí lán-cheaptha ar a cheilt orm-sa. Bhí sí tar héis oidhche dhoiligheasach bhrónach do chur di gan leigint di féin oiread a's deór amháin do shileadh, ar fhaitíos go scéithfeadh a cuid súl dearg uirthe. Tagann sí chun cainnte liom agus í ag breathnú go hait- easach glionndarach, agus labhruigheann liom mar ba ghnáthach léithe nó níos caoine fós dá mb'fhéidir é. Ní dhubhras féin ach: "Tá buairt éigin ort, a leanbh, táim cinnte dhe!" Leis sin, d'fhéach sí orm le h-iongantas do-innste… An scaoll a bhí uirthe bhí sé chomh mór is gur ghabh sé mé féin mar an gcéadna, agus chuaidh mothú ósnádúrtha éigin tríom. D'airigheas go raibh Dia annsúd gar go maith dhúinn… i ngan-fhios dom féin-mar níl sé de bhuaidh agam léigheamh 'sna hanmnachaí — bhíos tar héis focail Dia-análuighthe do labhairt, agus d'fhéadas an duine úd do shólású go hiomlán annsin. Agus anois innseóchad duit, a Mháthair, faoi'n dtairbhe is mó d'á bhfuaireas i gcuideachta na nóibhíseach. Tá a fhios agat go bhfuil gach nídh ceaduighthe dhóibh, agus go bhféadaid chuile ní d'á dtagann isteach 'na n-aigne, idir olc a's maith, do rádh liom-sa. Agus is usaide dhóibh sin a dhéanamh liom-sa toisc gan an urraim chéadna bheith ag dul dom agus a bhéadh ag dul do Mháistreás. Ní fhéadaim a rádh gurab ar bhóthar na n-úmhlúchán a sheólas Dia
mé go foirimeallach; is leór Leis mé d'úmhlú i lár mo chroidhe istigh. Éirigheann gach rud go geal liom i súilibh daoine, is é bóthar contabhairteach na n-onórach (má's féidir a leithéid a bheith ann i gClochar) atáim ag gabháil, agus tuigim cé'n fáth a ndéanann Dia na h-uachtaráin do sheóladh ar an mbóthar sin. Mar, dá gceapadh na siúracha gur dhuine beag-mhaitheasach gan stuaim gan éirim aigne mise, ní fhéadfá-sa, a Mháthair, mé do chur ag cuidiú leat. Uime sin is eadh do chaith Dia brat thart timcheall ar mo chuid locht go léir, idir inmheadhonach agus foirimeallach. Agus tig d'á chionn sin go bhfághaim moladh ó na nóibhíseachaibh uaireanta, ach moladh gan plámás gan lústar a bhíosh ann, mar tá fhios agam go gcreidid an rud adeirid liom. Ní chuireann sin aon éirighe-in- áirde orm, áfach, mar cuimhnighim i dtóláimh ar mo lagachar ró- mhór. Uaireanta, áfach, sanntuighim go mór rud éigin seachas na bréithre moltacha do chloisteál, i n-áit a n-éirigheann m'anam tuirseach sáitheach de'n bhiadh ró-mhilis sin, agus annsin déanann Íosa méisín spíosrach folachta agus go leór bhinéigre thríd do riaradh orm: ní bhíonn rud ar bith i n-easnamh air ach an ola, agus is fearr-de an blas an t-easnamh sin. Na nóibhísigh is iad a sheachadas an fholacht úd dom agus sin ag an uair is lugha a mbíonn coinne agam léithe. Tógann Dia suas an brat a cheileas mo chuid mí-fhoirbhtheacht ortha; agus tráth a bhfeic- eann mo shiúracha ionmhuine mé fé mar atáim ionnam féin go fíor, chítear dhóibh nach bhfuilim mar ba mhaith leo mé a bheith. Cuirid glionndar croidhe orm leis an gcaoi a n-innsighid dom go lom díreach faoi na cathuighthe a bhíos aca de mo dheasgaibh, agus faoi na rudaí a chíd ionnam nach dtaithnigheann leo; i bhfocal amháin, labhruighid liom chómh hoscailteach díreach a's dá mba dhuine eile ar fad a bhéadh i gceist, mar is eól dóibh go gcuirid áthas orm le labhairt liom ar an gcuma sin. Go deimhin, is mó ná áthas é. 'Sé rud é ná fleadh bhreá aoibhinn a líonas mo chroidhe le sólás. Cionnus is féidir go gcuireann rud atá chómh mór sin i gcoinnibh na nádúra a leithéid sin d'aoibhneas ar an gcroidhe? Ní chreid- finn féin é, muna mbeadh gur bhlaiseas de'n aoibhneas sin. Lá dá rabhas ag dúil le húmhlú, thárla go dtug iarrthóir óg chómh fairsing fial dom é is gur chuimhnigheas ar Shéméi agus é ag easgainí ar Dháibhid, agus dubhras im' aigne mar aon leis an Rí naofa: "Is é an Tiarna féin a d'órduigh dhó na neithe sin go léir do chasadh liom." 1
Sin mar a bheir Dia aire dhom. Ní h-i gcomhnuí a fhéadas Sé biadh bríoghmhar na n-úmhlúchán bhfoirimeallach do riaradh orm; ach anois a's aríst cothuigheann Sé mé "leis na grabhrógaí a thuiteas ó bhórd na clainne."1 Ó! nach mór í A thrócaire! A Mháthair ionmhuin, ó's rud é go bhfuilim ag iarraidh trócaire dho-chuimsighthe sin an Tiarna do chanadh dhuit i bhfus ar an t-saol seo féin, caithfead innseacht duit faoi fhíor-thairbhe eile do bhaineas amach as mo ghnó bheag. Roimhe sin, nuair do chínn siúr liom ag déanamh rud' éigin nár thaithn liom agus a bhí i n-aghaidh na riaghla, dar liom, deirinn liom féin: "Á! nár mhéanair dom dá bhféadainn rabhadh do thabhairt di agus a lochtaí do thaisbeáint dí!" Tháinic athrú meóin orm, áfach, ag cleachtadh mo cheirde dhom. Má ráinigheann dom anois rud éigin as bealach a fheiceál, leigim osna faoisimh 'á rádh liom fém: "Ó! nach mór an gar nach nóibhíseach í agus nach bhfuil sé de dhualgas ormsa í do cheartú!" Annsin tugaim iarracht ar a leithscéal do ghabháil, agus cuirim 'n-a leith an deagh-rún atá aice gan aimhreas. A Mháthair Oirmh., an aire go léir a bheir tusa dhom le linn mo bhreoiteachta, is iomdha sin ceacht i dtaobh na carthanachta do theagasc sí dhom. Ní daor leat leigheas ar bith, agus muna ndéanaidh ceann amháin aon mhaitheas dom tarraingeann tú ceann eile chugat aríst agus aríst eile. Nuair a théighim go dtí an caitheamh-aimsire, nach tú a bhíos go cúramach dhom' fhainiceadh ar gach séideán gaoithe, dá laghad! Anois braithim gur cóir domh-sa a bheith chómh cúramach athtruaghach i dtaobh breóiteachta spioradálta na siúrach a's atáir-se i dtaobh mo bhreóiteachta colnaidhe féin. Tá tugtha faoi ndeara agam na mná-rialta is naofa gurab iad is mó a tugtar grá dhóibh; bíonn tóir ag cách ar a gcómhrádh agus ar a gcomhluadar. Déantar gach soighleas dóibh gan a bheith ortha a iarraidh: i bhfocal amháin, na h-anmnacha sin a bhfuil sé ar a gcumas cur suas le h-easbaidh chúraim agus chneastachta, tugann gach aoinne grá agus gean dóibh. Fíortar ionnta bréithre seo N. Eóin na Croise: "Tugadh gach ní fóghanta dhom ó'n lá ar chuireas suas d'á dtóruigheacht dom féin." Na daoine mí-fhoirbhthe, áfach, fágtar annsúd iad: ní cuirtear chuca ná uatha ach do réir riaghlach múinteachais na beatha-rialta: ach seachnuightear a gcomhluadar ar fhaitíos go n-abróchaí rud éigin, béidir, do ghortóch' iad. Nuair a deirim "daoine
mí-fhoirbhthe," ní h-iad na mí-fhoirbhtheachtaí spioradálta amháin atá i gceist agam, mar na daoine is naofa féin ní bhéid foirbhthe go hiomlán ach ar Neamh; ach fós an easbaidh stuama, agus oideach- ais, agus an tógálachas a bhíos ar dhaoine áithride: na rudaí sin uilig a chuireas as do dhaoine eile. Tá a fhios agam go maith go bhfuil na galair sin do-leigheasta agus gan fóirthin i ndán dóibh; ach tá a fhios agam freisin go leanfá-sa, a Mháthair, ag tabhairt aire dhomhsa agus ag iarraidh faoiseamh do chur ar fáil dom, dá maireadh mo bhreóiteacht go ceann mórán blianta féin. 'Sé an rud is iontuigthe dhom-sa as sin uilig ach gur cóir dhom comhluadar na siúrach nach dtaithnigheann liom do réir nádúra do lorg, agus bheith im' Shamaritánach fóghanta dhóibh. Is minic gur leor focal caoin fáilidhe nó meangadh séimh gáiridhe leis an chian agus an duairceas do thógáil de'n chroidhe atá d'á shnoighe le brón. Ach cheana, ní ag súil leis an nduine do shólású amháin is mian liom a bheith carthanach: muna mbéadh uaim ach sin, tá a fhios agam go dtiocfadh droch-mhisneach orm gan aon achar, mar an focal a labhruightear leis an intinn is fearr ar bith, bainfear ciall mhí- cheart ar fad as, béidir. Agus mar sin de, 'san chaoi nach mbéad ag cur mo chuid ama nó mo chuid dúthrachta amú, déanaim mo dhícheall ar oibriú ar son Íosa amháin le h-áthas do chur Air, agus le bheith freagarthach do'n chomhairle seo a bheir Sé dhúinn 'san tSoisgéal. "Nuair a dhéanfair dínnéar nó suipéar ná glaoidh ar do cháirdibh, ná ar do bhráithre, ná ar do ghaolta, ná ar do chómharsanaibh saidhbhre, le h-eagla go dtabharfaidís sin cuireadh thar a cheann duit-se, agus go dtabharfaidís do chuid thar n-ais duit. Ach nuair a dhéanfair féasta glaoidh chugat na daoine bochta, na daoine gortuighthe, na bacaigh, na daill: agus déan- faidh t'Athair, a chíonn fé cheilt, an cúiteamh leat." 1 Cé'n féasta fhéadaim-se a thairgsint do mo shiúracha ach amháin féasta spioradálta na carthanachta caoine áthasaighe? Ní h-eól dom féasta ar bith eile, agus is mian liom aithris a dhéanamh ar N. Pól, mar rinne seisean gáirdeachas le lucht áthais. Is fíor go sileadh sé deóra le lucht deór do shileadh, agus ní fuláir na deora do bheith d'á sileadh uaireanta ag an bhféasta is mian liomsa a thabhairt: ach déanfad mo dhícheall i gcomhnuí le go n-iompófar na deóra chun aitis a's gáiridhe, mar "is ionmhuin le Dia an t-é a thugas le fonn." 2
Is cuimhneach liom gníomh carthanachta do chuir Dia im' chroidhe a dhéanamh nuair nach raibh ionnam ach nóibhíseach. Agus cidh gur gníomh beag bídeach ann féin é, tá mo luach-saothar tugtha dhom cheana féin ar a shon, gan fanacht go dtéighead chun na bhflaitheas, ag an Athair neamhdha "a chíos fé cheilt." Shul dhár chaill an t-Siúr N. Peadar lúth na ngéag ar fad, níorbh fhuláir duine éigin dh'éirghe ó'n urnuighe gach tránóna ag deich nóiméad roimh a sé a chlog le n-a treorú go dtí an phroinnteach. Ó bhí a fhios agam féin a dheacracht a bhí sé í do shásamh (go deimhin, níorbh fhéidir é) ba dhoiligh liom a thabhairt orm féin mo sheirbhís do thairgsint dí. Ach níorbh áil liom an deis bhreá sin do leigint uaim gan tairbhe, mar chuimhnigheas ar bhréithribh Íosa: "An fhaid a dheineabhair é do dhuine de'n chuid is suaraighe de m'bráithribh annseo, do dheineabhair dómh-sa é." 1 Mar sin de do thairgeas mé féin di mar threóruidhe, agus ní gan duadh a d'fhéadas a áiteamh uirthe glacadh liom. Annsin chuireas chun na h-oibre chómh dícheallach deagh-chroidheach is gur éirigh liom thar bárr. Gach tránóna, nuair do chínn ag craitheadh a h-uaireadáin-gainmhe í, bhíodh a fhios agam gurbh ionann sin agus a rádh: Téanam ort. Leis sin, mhúscluighinn a mbíodh de mhisneach i mo chroidhe, agus d'éirighinn, agus b'shin é an uair a dtosuigheadh an obair go léir. Níorbh fhuláir a stól do thógáilt agus do bhreith liom ar dhóigh fé leith gan deifir gan deabhadh, agus annsin ghluaisimís linn cois ar chois. 'Séard a bhíodh le déanamh agam an tsiúr bhocht do leanacht agus mé i ngreim láimhe 'n-a crios le n-a coimeád gan tuitim. Dhéanainn sin chómh mín réidh is a bhíodh ionnam, ach dá mbaintí tuisle aiste, shílfeadh sí láithreach nach raibh greim ceart agam uirthi agus go raibh sí le tuitim. "Och, och! 'gcúntas Dé! Tá tú ag dul ró-sgioptha, déanfar sprúdhánaí dhíom," adeireadh sí. Annsin nuair a thabharfainn iarracht ar shiubhal go réidh, déarfadh sí: "Cá'il tú? Tarra uait, ní airighim do lámh, tá tú dhom' leigint uait, tuitfidh mé!… Ó! bhí an ceart agam nuair adubhras go rabhaish ró-óg le mé a threórú." Fá dheire thiar bhainimís an proinnteach amach go slán sábháilte. Ach annsin bhíodh deacrachtaí eile rómhainn: chaithinn m'othar bhocht do chur 'n-a suidhe 'n-a h-áit agus a bheith cúramach sul a ngortóchainn í; agus annsin a cuid muinchillí do chornadh suas
agus sin ar dhóigh fá leith aríst. Agus iar sin, d'fhéadfainn imeacht. Ach thugas faoi deara gur mhór ar fad an strómh uirthe a cuid aráin do ghearradh, agus ní imighinn uaithe go mbíodh an gar beag deireannach sin déanta agam dhí. Agus ó thárla nár iarr sí féin é sin orm ariamh, ba mhór do chuaidh mo chineáltas ar a croidhe, agus ba leis an ngníomh sin a d'éirigh liom, i ngan-fhios dom féin, a h-ionntaoibh iomlán do ghnóthú, agus go mór-mhór leis an gcaoi (do réir mar a chualas ní ba dheireannaí) a ndéanainn an meangadh ba ghile dá raibh agam léithe tar h-éis na mion- ghníomhartha sin uilig do bheith déanta agam. A Mháthair, is fada agus is cian anois ó rinneas an gníomh carthanachta sin, ach fágann Dia a chuimhne im' chroidhe fós féin mar a bhéadh feochán bog cumhra ó Neamh ann. Tránóna geimhridh amháin, bhíos i mbun mo ghnímh carthanachta, mar ba ghnáthach liom. Bhí sé fuar, bhí sé 'n-a oidhche… leis sin chualas chugam ó chian fuaimeana binne ó úirlisí éagsamhla ceóil, agus shamhluigheas dom féin seómra breá áirgeamhail agus é leagtha amach le trosgán saidhbhir, agus a chuid órnáidí órdha ag spréacharnach faoi na lóch- rainn shoillseacha: agus 'san t-seómra sin gasra de bhruinnealla óga agus iad gléasta go galánta péacach, agus iad ag éisteacht le n-a lán cluainidheachta, agus cómhrádh seafóideach saoltach ar siubhal aca. Annsin do dhearcas síos ar mo shiúirín bhocht ós mo chómhair. I n-ionad an cheóil, ní raibh le clos agam ach gach aon chnead casaoideach uaithe; i n-ionad na n-órnáidí n-órdha ní raibh le feiceál agam ach fallaí loma an chlabhstair s'againne agus an marbh-sholus ag lonnrú ortha ar éigin. Do chuir an comórtas sin lúthgháir agus sólás ar mo chroidhe, agus do bhronn Dia an oiread sin de sholus na fírinne orm- an Solus sin nach bhfuil i lonnrú bréagach na bpléisiúirí saolta ach dorchadas le n-a ais- nach dtabharfainn na deich nóiméidí do chaithinn le mo ghníomh carthanachta ar mhíle bliain de na céilidhthe saoltacha údan. Á! má's féidir an oiread sin áthais agus aoibhnis a bheith againn anois féin i lár na bhfuilinntí agus an chómhraic, ag machtnamh dhúinn ar an gcaoi a ndearna Dia sinn do tharraingt isteach as an t-saol, cad é mar aoibhneas a bhéas againn annsúd thuas, nuair a chífimíd, i lár na glóire síorruí agus an t-suaimhnis gan críoch gan foircheann, an grás mór do bhronn Sé orainn dhár dtoghadh le comhnuí a dhéanamh 'san teach seo, mar nach é geata na bhFlaitheas é, go fíor? Ní h-i gcómhnuí do gheibhinn suairceas agus sólás i gcleachtadh
na carthanachta; ach ar theacht isteach 'sa Chlochar dom i dtosach, dheonuigh Íosa a chur i n-iúl dom gur mór an t-ádhbhar suaircis É féin a fheiceál 'n-A chéilí: mar sin de, dhéanainn an t-Siúr N. Peadar do threórú leis an oiread cúraim agus grádha agus dá mb'é Íosa féin a bhéadh agam ann. Dubhras leat ó chianaibhín, a Mháthair, nár shuairc liom cleachtadh na carthanachta i gcomhnuí. Agus le sin a dheimhniú dhuit, innseochad duit anois faoi chúpla ceann de na comhraic iomadúla a bhíodh agam: Ar feadh i bhfad, bhíos i bhfogus do shiúr áithrid le linn na h-urnaighe, a bhíodh ag síor-dhéanamh torainn le n-a paidrín nó le ní mé cé'n rud. Béidir gur mise an t-aon duine amháin do chloiseadh í, mar tá cluas an-ghéar agam; ach ar chaoi ar bith, níl cur-síos ná innseacht-sgéil ar an gcaoi a mbínn ciaptha cráidhte ag an dtorann chéadna sin! Ba mhinic a bhíodh fonn orm mo cheann a d'iompáil thart le féachaint ar an t-siúr sin chun go gcuirfeadh sí deire leis an dtorann. Ach mhothuighinn i mo chroidhe go mb'fheárr dhom cur suas leis go foighdeach le grá do Dhia agus fós le gan an t-siúr sin do ghortú. Mar sin de, d'fhanainn go ciúin socair, ach amanntaí bhíodh an t-allus liom 'n-a shruthlán, agus chaithinn a bheith sásta le gan aon urnuighe ach urnuighe na fuilinnte do dhéanamh. Fá dheire thiar thugas iarracht ar ghlacadh leis an gciapadh sin go h-áthasach, i lár mo chroidhe ar a laghad; ghnínn mo dhícheall le taithneamh do thabhairt do'n ghliogarnaigh chiapálaigh sin. I n-ionad bheith ag iarraidh gan a chloisteál- rud nárbh fhéidir- is amhlaidh do chuirinn cluas orm féin le h-éisteacht leis go h-aireach, mar a bhéadh cuirm-cheóil breá cómh- fhuaimneach ann; agus thugainn am na h-urnuighe (níorbh í urnuighe an t-suaimhnis í, go deimhin) ag ofráil an cheóil sin d'Íosa. Uair eile, bhíomar ag gabháil do'n nígheachán, agus bhí siúr áithrid ós mo chómhair amach, agus le linn na gciarsúirí do nígheadh dí, bhí gach aon steallóg de'n uisge shalach dh'á spréachadh aice ar mo mhullach. B'é an chéad rud a tháinic im' aigne ach druideamhaint siar agus mo lámh do chuimilt de m'éadan le taisbeáint di go mbéinn buidheach di ach í a bheith ní ba chúramaí. Ach smaointigheas láithreach go mbudh mhór an díthcéille dhom diúltú do shaidhbhreas do tairgeadh chómh fial sin dom, agus níor leigeas dom féin mo chráidhteacht do thaisbeáint ar bhealach ar bith. A chodarsnacht sin, thugas iarracht ar dúil do chur ins an uisge shalach, i riocht is go rabhas ag éirghe cleachtach ar an stealladh aisteach sin i gcionn leath
uair' a chluig: agus chuireas róm filleadh chómh minic is do b'fhéidir liom ar an áit sin mar a raibh an rachmus reidhseamhail sin d'á riaradh orm i n-aisge. Chíonn tú féin, a Mháthair, nach bhfuil ionnam ach duine beag bídeach nach bhfuil ar a chumas ach rudaí beaga bídeacha dh'ofráil do Dhia: agus na ruidíní sin féin a bheir an oiread sin síochána do'n chroidhe, is minic a ráinigheann dom iad do leigint uaim gan déanamh. Ach ní chuireann sin beag-uchtach ar bith orm, bím sásta le beagán níos lúgha de'n t-síocháin a bheith agam, agus cuirim róm a bheith níos áirdeallaí an chéad uair eile. Ó! nach mór an sonas a bhronnas Dia na glóire orm! Nach furusta agus nach suairc an gnó é A thoil do dhéanamh ar an dtalamh! Thug Sé dhom i gcomhnuí riamh na neithe a mbíodh dúil agam ionnta, nó ba chóra dhom a rádh go dtug Sé orm dúil a chur ins na neithibh ba mhian Leis féin a thabhairt dom. Tamaillín roimh theacht do na cathuighthe i n-aghaidh an Chreidimh orm, cuir i gcás, bhínn 'á rádh liom fhéin: "Níl fuilinntí móra foirimeallacha agam, agus níl fuilinntí inmheadhonacha i ndán dom ach an oiread, muna ndéanaidh Dia mo chonair spioradálta a dh'atharú, agus ní shílim go ndéanfaidh. Agus mar sin fhéin ní fhéadfad maireachtáil go suaimhneasach mar seo i gcómhnuí. Céard a dhéanfas Sé liom mar sin?" Ba ghairid an mhoill Air freagra do thabhairt orm, agus do chuir an freagra sin i n-iúl dom nach mbíonn easbaidh seifte a choidhche ar an t-É a bhfuil grá agam Dhó; mar, cidh nár athruigh Sé mo chonair, thug Sé dhom an fromhadh mór úd le searbhas folláin do mheasgadh leis an t-suairceas go léir. Ní h-é amháin nuair a bhíos Sé ag brath ar thrialta do chur orm a bheir Dia rabhadh agus roimh-mhothú agus dúil ionnta dom. Bhí dúil áithrid agam le fada riamh nár shíleas go bhféadfaí í do shásamh a choidhche .i. bráthair-shagart a bheith agam. Ba mhinic dom ag smaoineadh, muna mbéadh gur imigh mo dhearbhráthairíní féin uaim go Flaitheas Dé, go mbéadh sé de shólás agam iad a fheiceál ag dul suas ar an altóir: agus bhíodh caitheamh-'na-dhiaidh orm toisg gan an sólás sin a bheith agam! Agus féach, chuaidh Dia thar mo dhúil ar fad — mar ní raibh uaim ach an t-aon bhráthair-shagart amháin do chuimhneóch' orm gach maidin le linn an Aifrinn-agus d'aontuigh Sé mé le beirt d'á chuid sagart le ceangail spiorad- álta na h-anama. Innseóchad duit go cruinn, a Mháthair, cé mar do rinne Dia na gcómhacht mo dhúil do chóimhlíonadh.
B'í ár Máthair N. Treasa féin do chuir mo chéad bhráthair chugam mar bhronntanas i gcóir a lá-fhéile 'san mbliain 1895. Lá nígheacháin a bhí ann agus bhíos ag gabháil do mo chuid oibre go dícheallach, nuair do ghlaoidh an Mháthair Agnès de Jésus, a bhí'n a h-uachtarán ag an am sin, i leath-taobh orm gur léigh sí litir dom ó chliar-sgoláire adubhairt gur chuir N. Treasa 'n-a cheann Siúr a dh'iarraidh a ghlacfadh a shlánú féin agus slánú na n-anmnacha a mbéadh sé ag obair 'na measg ní ba dheireannaí, mar chúram ar leith uirthe féin. Agus an duine do bhéarfaí dhó mar shiúr, gheall sé go gcuimhneóch 'sé uirthe i gcómhnuí le linn an Aifrinn do rádh dhó. Mise do toghadh le bheith im'shiúirín do'n mhissiunéir fáis- tineach sin. Ní fhéadfainn a chur i gcéill duit, a Mháthair, cé'n lúthgháir mhór a bhí orm. Leis an gcaoi ar sásuigheadh mo dhúil ar bhealach nach raibh aon choinne agam leis, do múscluigheadh áthas im' chroidhe a bhféad- fainn áthas leanbaidhe do thabhairt air, mar ní fuláir dhom imeacht siar go dtí laethibh mo leanbhánachta le cuimhne a fháil ar na h-áthais sin atá chómh beó láidir is nach dtig leis an gcroidhe iad do ghabháil. Níor bhlaiseas de'n chineál sin aoibhnis le fada de bhliantaibh roimhe sin. Mhothuigheas go raibh m'anam nua ar an dtaobh sin, mar a leagfaí méara ar théadaibh ceóil ann nár baineadh fuaim asta ariamh cheana. Ó thuigeas go maith cé'n dualgas trom a bhí orm anois, do chuireas chun na h-oibre go dícheallach dúthrachtach agus do scríobh- ainn corr-litir chuig mo bhráthair nua ó am go h-am. Is fíor, gan aimhreas, gur leis an urnuighe agus leis an bhféin-íodhbairtiú is mó a dtugtar congnamh do na missiunéiribh. Uaireannta, áfach, nuair is toil le h-Íosa beirt d'aontú le chéile chun A ghlóire do chur chun cinn, ceaduigheann Sé dhóibh a gcuid smaointe do chur i n-umhail d'á chéile le go ndéanfaidís a chéile do ghríosadh chun Dé do ghrádhú níos mó. Tá a fhios agam nach mór cead ráidhte na n-uachtarán a bheith ann chuige sin; mar, muna mbídh an cead sin ann, chítear dhom gur mó an díoghbháil ná an maitheas do dhéanfadh an cómhfhreagrachas iarrtha sin do'n Charmélítigh, ar a laghad, a bhfuil sé de dhualgas uirthe do réir na Riaghla bheith ag síor-mhachtnamh ar Dhia amháin. I n-ionad í do dhlúthú le Dia, 'sé an rud a dhéanfadh an cómhfhreag- rachas sin, cídh nach scríobhfadh sí ach go h-annamh féin, cur as di na h-aigne gan gádh gan tairbhe. Shílfeadh sí, béidir, go mbéadh sí ag déanamh a lán maitheasa, nuair nach mbéadh tada
aice dh'á dhéanamh ach mearúchán neamh-riachtanach ghá shóláthar aici dhí féin. Ach, a Mháthair dhil, seo mé féin anois imighthe ar fuaidreamh i gcur-síos nach raibh call leis ach oiread le chéile… Ní chuir- fead uaim a choidhche an fhánaidheacht cainnte seo, agus ní foláir nó béidh tú tuirseach go maith, ag léigheam na láimhscríbhinne seo dhuit! Gabh mo leathscéal, agus leig dhom tosnú i gceart aríst. Anuraidh, i ndeire míosa na Bealtaine, iseadh do fuaireas an tarna bráthair agus is tú a thug dom é. Nuair adubhras leat gur shíleas, ó bhíos tar h-éis mo mhórluachtaí suaracha dh'ofráil ar son duine amháin de shagartaibh Dé, nach dtiocfadh liom iad d'ofráil an ath-uair ar son duine eile, b'é freagra a thugais orm ná go ndéanfadh an úmhluigheacht mo mhórluachtaí do dhúbailt. B'shin é an tuairim a bhí agam fhéin fosta, agus ó's rud é gur chóir do dhíogras na gCarmélíteach a bheith chómh foirleathan leis an domhan go léir, táim ag súil, le cuidiú Dé, le congnamh do thabhairt do níos mó ná beirt de na missiunéirí. Guidhim ar a son uilig, gan dearmad a dhéanamh ar na sagairt choitianta, a mbíonn a gcuid oibre chómh deacair céadna, uaireanta, le h-obair na n-aspol atá ag craobhsgaoileadh an tSoisgéil do na daoinibh gan creideamh. I bhfocal amháin, is mian liom a bheith im' "inghin dílis do'n Eag- lais" ar nós ár Máthar N. Treasa, agus bheith ag guidhe do réir intinne Fhir-ionaid Íosa Críost; sin é an cuspóir mór coitcheann atá agam i mo bheatha go léir. Ach fé mar a bhéadh baint faoi leith agam le h-oibreacha mo dhear- bhráithríní ionmhuin, dá saoghaluigheadh Dia iad, gan neamart a dhéanamh i mo chuid paidreacha ar son na h-Eaglaise i gcoitchinne mar gheall air sin, sin mar atá baint faoi leith agam anois leis an mbeirt seo atá tugtha ag Íosa dhom. Is leo araon a bhfuil agam, mar sílim go bhfuil Dia ró-mhaith ró-fhlaitheamhlach le roinnt a dhéanamh eatortha: tá Sé chómh saidhbhir sin go dtugann Sé dhom gan tomhais gach a n-iarraim Air, cidh nach mbím dhom' bhodhradh féin le sreangán fada athchuingí do chur suas Chuige. Mar, cídh nach bhfuil agam ach an bheirt bhráthar agus mo shiúiríní féin, na nóibhísigh, dá mb'áil liom na rudaí a bhíos ag teastáil ó gach duine ar leith acubh do chóimhreamh go cruinn, níor mhór dhom an lá ar fad le n-a dhéanamh, agus annsin féin bhéadh faitíos mór orm go ndéanfainn dearmad ar rud tábhachtach éigin. Ní fheileann na módhtha aimhréidhteacha do na h-anmnacha simplí, agus ó táim-se
ar an ndruing sin, do chuir Dia féin módh deas simplí i n-iúl dom le mo dhualgas do chóimhlíonadh. Maidin amháin, i ndiaidh na Comaoine Naofa, do chuir Sé i dtuigsint dom brí na mbriathar seo: "Tarraing mé, béimíd ag rith id' dhiaidh chun cumhrachta d'oinimintí." 1 A Íosa dhil! níl aon chall dom, mar sin, a rádh: déan na h-anmnacha a bhfuil grá agam dóibh do tharraingt mar aon liom féin. Ní beag an focailín sin: "Tarraing mé." An t-é a cuirtear fé dhraoidh- eacht le baluth cumhra Do chuid oinimintí, ní fhéadfadh sé rith 'n-a aonar, mar tarraingtear 'n-a dhiaidh na h-anmnacha go léir a bhfuil grá aige ortha; agus sin mar gheall ar an gcaoi a bhfuil sé féin d'á tharraingt. Fé mar a scuabas an fuarloch chun bealaigh leis síos chun na fairrge gach a gcastar air ar a bhealach, an té a theilgeas é féin isteach i n-aigéin Do ghrádha-sa atá gan teora gan tráigh déanann sé a chuid stór uilig do tharraingt 'n-a dhiaidh mar a' gcéadna. Na h-anmnacha a d'aontuighis le m'anam féin, a Íosa, is eól Duit gurab shin iad mo stóir-se. Tú féin a thug dhom iad, agus mar sin de lámhaim Do bhréithre féin do ghabháil chugam, na bréithre úd do labhruighis an tránóna deireannach d'ár chaithis i do thaistealuidhe so-mharbhtha ar an dtalamh so. A Íosa, a ghrá dhíl! Ní h-eól dom cathain a bhéas deire le mo dheoruidheacht féin… is iomdha tránóna fós, béidir, a thabhar- fad annseo thíos ag canadh Do thrócairí. Ach, fá dheoidh, tiocfaidh an tránóna deireannach orm-sa freisin… agus annsin is mian liom a bheith i n-ann a rádh leat: "Do shoillsigheas-sa thú ar an dtalamh so; tá an obair déanta agam a thugais dom le déanamh. Agus do nochtas t'ainm do sna daoine a thugais dom as an saoghal; ba leat-sa iad, agus thugais domh-sa iad. Tá a fhios acu anois gurab uait-se gach nídh d'á dtugais dómh-sa. Óir, na bréithre a thugais dom, do thugas dóibh iad; agus do ghlacadar iad, agus is eól dóibh go fíor gur uait-se a tháinic mé, agus do chreideadar gur tú do chur uait mé. Guidhim ortha seo a thugais-se dhom; mar is leat-sa iad. Nílim-se ar an saoghal feasta, agus táid siad so ar an saoghal, agus táim-se ag dul ag triall ort-sa. A Athair Naomhtha, coimeád, at'ainm féin, an mhuíntir a thugais dómh-sa, ionus go mba h-aon iad, fé mar is aon sinne. An fhaid a bhíos
'n-a bhfochair ar an saoghal do choimeádas iad at'ainm-se… Ach anois táim ag teacht ag triall ort-sa; agus tá an chaint seo agam 'á rádh ar an saoghal, ionus go mbéadh acu, iomlán ionnta féin, an t-áthas is liomsa… Nílim 'ghá iarraidh go dtógfá as an saoghal iad, ach go gcoimeádfá saor ó'n olc iad. Ní de'n tsaoghal iad, fé mar nach de'n tsaoghal mise… Ní h-ar a son amháin, ámhthach, atáim ag guidhe, ach, mar an gcéadna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam tré n-a mbriathar. A Athair, na daoine seo a thugais dom, is mian liom, an áit 'n-a bhfuilim-se, iad-san do bheith ann mar aon liom; ionus go bhfeicfidís mo ghlóire, an ghlóire do thugais-se dhom, agus go n-aithneóchadh an saoghal gur chuiris-se uait mé, agus gur thugais grá dhóibh seo fé mar a thugais grá dhómh-sa." 1 'Seadh, a Íosa mhilis, sin é ba mhian liom a rádh mar aon Leat féin, roimh eitilt dom suas ag triall Ort. Béidir gur dána an mhaise agam é, ach ní h-eadh… mar nár cheaduighis féin dom le fada riamh bheith dána dásachtach Leat? Ar nós athar an mhic doscuidhthigh ag labhairt leis an mac ba shine dhó, dubhrais-se liom- sa: "Is leat a bhfuil agam." 2 Is liom Do bhréithre, d'á bhrí sin, agus ní misde dhom feidhm do bhaint asta le beannachtaí an Athair neamhdha do tharraingt anuas ar an mhuíntir is ionmhuin liom. Tá a fhios agat, a Dhia dhil, nach raibh uaim ariamh ach Tú féin amháin do ghrádhú, agus nach bhfuil de ghloire uaim ach é sin. Chuaidh Do ghrá geal rómham amach ó laethibh mo naoidheandachta i leith, do mhéaduigh sé mar aon liom, agus tá sé anois 'n-a aigéin ádhbhal- mhóir nach dtig liom a doimhneas do ghrinnealladh ná do mheas. Déanann an grá an grá do tharraingt, agus lingeann mo ghrá-sa suas fá Do dhéin-se, agus badh mhian leis an aigéan atá á tharr- aingt do líonadh; ach mo nuar! níl ann ach mar a bhéadh braoinín uisge ag tuitim isteach 'sa bhóchna mhóir. Má's liom Tú do ghrádhú fé mar a ghrádhuighir-se mise, ní fuláir dhom Do ghrá féin a fháil ar iasacht Uait; annsin amháin a bhéas suaimhneas agam. Ó, a Íosa! chítear dhom nach bhféadfá níos mó grádha do thabhairt d'aoinne ná mar atá tugtha Agat domh-sa, agus sin é an fáth a ndéanaim de dhánaidheacht a iarraidh Ort "an mhuíntir do thugais dhom do ghrádhú fé mar do ghrádhuighis mé féin." Nuair a bhéimíd ins na Flaithis amach annseo, má chífead gur mó
An tSr. Treasa i nGáirdín an Chlochair.
an gean atá Agat ortha-san ná orm féin, béidh lúthgháir orm d'á dheasgaibh sin, mar admhuighim anois féin gur feárr atá an gean sin tuillte acubh ná mar atá agam-sa. Annseo thíos, áfach, ní fhéadaim smaoineadh ar aon ghrá a bhéadh ion-churtha leis an ngrá a bhronnais orm-sa, gan mé dh'á thuilleamh ar bhealach ar bith. A Mháthair dhil, cuireann a bhfuil scríobhtha agam annseo ion- gantas mór orm féin, mar ní raibh sé ar intinn agam a scríobhadh chor ar bith. Ag rádh na bhfocal úd dom ón tSoisgéal: "Na bréithre a thugais dom, do thugais dóibh iad," ní h-ar mo bhráithribh a bhíos ag cuimhneamh i n-aon chor ach ar mo shiúiríní, na nóibhísigh, amháin; mar nílim-se i n-ann na missiuinéirí do theagasc. B'é an rud do scríobhas ar a son sin paidir úd Íosa: "Nílim 'ghá iarraidh go dtógfá as an saoghal iad… ní h-ar a son amháin atáim ag guidhe, ach, mar an gcéadna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionnat tré na mbriathar. "Mar, cé'n chaoi a bhféadfainn dearmad a dhéanamh de na h-anamnacha a thabharfas siad do Dhia tré n-a gcuid fuilinntí agus seanmóireachta? Ach níor mhínigheas fós go h-iomlán an chiall a bhainim as bréithribh úd na Cantainne naofa: "Tarraing sinn, béimíd ag rith…" Dubhairt Íosa: "Ní fhéadfadh aoinne teacht chugam-sa gan an t-Athair a chuir uaidh mé 'ghá tharraingt chugam." 1 Agus annsin deir Sé aríst: "Gach aoinne a iarrann, tugtar dó; agus gach aoinne a loirgeann, gheibheann sé: agus gach aoinne a bhuaileann, oscaltar dó." 2 Agus fós, "Má iarrann sibh aon rud ar an Athair am'ainm tabharfaidh Sé daoibh é." 3 Ní foláir nó b'shin é an fáth ar chuir an Spiorad Naomh na bréithre sin, "Tarraing mé, ríthfimíd," i mbéal an fháidh i bhfad sul dhár rugadh an Slánuightheóir. Nuair a iarraimíd go ndéanfaí sinn do tharraingt, 'sé rud a bhíos uainn ná dlúth-aontú leis an nídh a bhfuilimíd faoi dhraoidh- eacht aige. Dá mbéadh meabhair agus tuigsint ag an dteine agus ag an iarann agus go n-abróchadh an t-iarann leis an dteine: "Tarraing mé," nár chruthú é sin gurbh é an rud a bhéadh uaidh ach é féin d'aontú leis an teine chómh dlúth sin is go mbéadh baint aige le n-a substaint? Bhail, sin é díreach mo ghuidhe-se. Iarraim ar Íosa mé do tharraingt isteach i lasracha A ghrádha, agus mé a dh'aontú Leis féin chómh dlúth chómh daingean is gurab Eisean amháin
a bhéas beo ionnam feasta agus a ghníomhóchas tríom. Mothuighim, d'á threise d'á mbéidh teine an ghrádha ar lasadh i mo chroidhe agus d'á mhinicí d'á n-abróchad: "Tarraing mé," gurab amhlaidh is mó a rithfeas na h-anmnacha, a bhainfeas le m'anam féin, i ndiaidh a nGrádha chun cumhrachta A oinimintí. Rithfid, rithfimíd uilig i gcuideachta a chéile: mar, na h-an- mnacha atá ar lasadh le grá ní thig leo fanacht 'n-a gcómhnuí. Féadaid, gan aimhreas, fanacht ag cosaibh Íosa ag éisteacht le n-A bhréithribh binne lasardha. Agus cidh nach dtugaid tada Dhó, dar le daoinibh, is mó go mór a bheirid Dó ná mar a bheir Marta atá "ana-bhruideamhail ag déanamh mórán gnótha." 1 Ní h-iad a h-oibreacha, ámhthach, a bhfuil locht le fáil ag Íosa orra ach amháin a giodam agus a bruideamhlacht. Mar do ghníodh A Mháthair bheannuithe féin na h-oibreacha céadna sin, toisg go mbíodh uirthe na béilí a ullmhú do'n Teaghlach Naofa. Do thuig na naoimh go léir é sin, agus iad-súd go h-áithrid, béidir, do rinne an domhan do líonadh le solus teagaisc an t-Soisgéil. N. Pól, N. Aibhistín, N. Tomás Aquinas, N. Eóin na Croise, N. Treasa agus na céadta eile de cháirdibh ionmhuine Dé, nárbh 'san urnuighe a fuaireadar an teagasc doimhin sin a chuireas iongantas ar na daoinibh is mó léigheann? Dubhairt duine léigheannta tráth: "Tabhair dhom buthal agus crann-tógála, agus tógfad suas an chruinne." An rud nár fhéad Archimedes a shóláthar, do fuair na naoimh é. Thug Dia n'uile chómhacht féin buthal dóibh, mar atá: É féin, É féin amháin. Agus b'é crann-tógála a bhí acubh ná an urnuighe, an urnuighe a chuireas daoine ar lasadh le teine an ghrádha; agus b'shin mar do thógadar suas an domhan, sin mar a ghníos na naoimh atá ar an dtalamh seo fós ag troid é do thógáilt suas, agus sin mar a dhéanfaid é do thógáilt suas go deo is a choidhche. Níl a thuille le rádh agam anois, a Mháthair, ach amháin a innseacht duit céard a thuigim le "cumhracht oinimintí mo ghrádha." Ó tá Íosa imighthe uainn suas ar Neamh, ní fhéadaim A leanacht ach amháin ar na lorga atá fágtha Aige 'n-A dhiaidh! Á! nach breá solusmhar na lorga iad! Nach breá bríoghmhar an chumhracht diadha a thagas uatha! Ní bhíonn orm ach féachaint amháin do thabhairt ar an Soisgéal naofa; agus fághaim láithreach an baluth cumhra a thagas ó bheatha Íosa, agus cuirtear i bhfios dom cé'n taobh a gcaithim
m'aghaidh do thabhairt. Ní go dtí an chéad áit ach go dtí an áit is ísle a rithim. Leigim do'n bhFairisíneach dul suas, agus deirim féin go muiníneach paidir úmhal an Phuibliocánaigh. Ach is ar Mhagdalén na ndeór is mó a ghním aithris, mar an dásacht iongantach (nó, grádhmhar, badh chóra dhom a rádh) sin a bhí aice agus a chuireas áthas ar Chroidhe Íosa, cuireann sí aiteas ar mo chroidhe féin mar an gcéadna. Ní mar gheall ar gur fainiceadh ar gach aon pheaca marbhtha le mo bheó mé a dh'éirighim suas chun Dé le muinín agus le grá. Á! dá mbéadh a bhféadfaí a dhéanamh de choirthibh uathbhásacha ar mh'anam, braithim nach gcaillfinn aon phioc de'n mhuinín mhóir seo; rachainn ag triall ar mo Shlánuitheóir geanúil agus mo chroidhe briste le brón agus le h-aithreachas, agus chaithfinn mé féin 'n-A ucht. Tá a fhios agam gurab ionmhuin Leis an leanbh doscuidhtheach fáin: tá éistithe agam leis na bréithribh do labhair Sé le N. Mag- dalén agus leis an mnaoi gur rugadh uirthe i n-adhaltranas, agus fós leis an mnaoi Shamaritánaigh. Ní fhéadfadh aoinne scáth ná eagla do chur orm, ní fhéadfadh sin! Mar tá fhios agam-sa cé'n mhuinín mhór is cóir dúinn a bheith againn as A ghrá agus as A thrócaire. Tá a fhios agam go n-imeóch' na coirthe iomadúla sin uilig ar ceal i bhfaiteadh na súl ar nós an bhraoinín uisge do caithfí isteach i dteine mhóir lasraigh. Aithristear i mBeathaibh Aithreach an Fhásaigh cé mar do rinne duine acubh peacach puiblidhe, a raibh a droch-ghníomhartha 'n-a dtrúig scannail do'n taobh-tíre ar fad, a iompáil chun Dé. An peacach bocht mná sin, do bhog grásta Dé a croidhe, agus bhí sí ag leanacht an Naoimh agus ag brath ar dhul isteach 'san bhFásach le h-aithrighe chruaidh do dhéanamh annsúd. Ach an chéad oidhche d'á turas, sul dhár fhéad sí a h-áit uaigneach do bhaint amach 'chor ar bith, réabadh le teann aithreachais agus grádha na cuibhreacha a bhí 'ghá congbháilt ar an dtalamh, agus ar an nóiméid chéadna chonnaic an t-aonarán naofa na h-aingil agus iad ag iomchur a h-anama suas go h-ucht Dé. Sin agat sompla breá follusach de'n rud a bhíos ag iarraidh a rádh, ach ní féidir na neithe sin do nochtadh i bhfoclaí daonda…
CAIBIDIOL XI. A dheirbhshiúr ionmhuin, 1 tá tú 'á iarraidh orm cuimhneachán éigin a fhágáil agat… Agus ó thárla go bhfuil a chead sin agam ó n-ár Máthair, is aoibhinn liom teacht chun cainnte leat, a shiúirín faoi dhó liom, leat-sa a thug do ghuth dom ar iasacht, nuair a bhíos féin gan urlabhra fós, agus a gheall d'Íosa thar mo cheann nach dtóireóchainn a choidhche ach A thoil agus A réir-sin do dhéanamh. An leanbh úd do thoirbhiris do Dhia is í atá ag labhairt leat anocht, a cháirdeas-Chríost ionmhuin, agus is í a ghrádhuigheas thú mar a ghrádhuigheas an leanbh a mháthair… Ar Neamh amháin a bhéas a fhios agat cé'n mór-bhuidheachas atá i mo chroidhe. A shiúirín ionmhuin, badh mhian leat éisteacht leis na rúin a nochtas Íosa do do pháistín. Na rúin chéadna sin, tá a fhios agam go nochtann Sé dhuit féin iad, leis, mar is tú do mhúin domh-sa leis an teagasc diadha do thiomsú. Ar chaoi ar bith, féachfad le beagán a rádh go stadach briotach, cidh go bhfuil a fhios agam nach féidir cur síos i bhfoclaí daonda ar na neithe seo nach dtig leis an gcroidhe féin iad do mhothú ná do mheas ach ar éigin… Ná bí a' measadh go bhfuilim ag gluaiseacht liom go h-éasgaidh aiteasach i lár na sólás, mar níl: is é mo shólás ar fad gan aon t-sólás a bheith agam ar an dtalamh. Déanann Íosa mé do theagasc ós íseal gan É Féin do thaisbeáint agus gan leigint dom A ghlór do chloisteál: agus ní thríd na leabhraí é ach an oiread, mar léighim agus ní thuigim. Uaireanta, áfach, cuireann focal éigin sólás orm, mar do chuir an ceann seo do fuaireas tránóna indiu, tar h-éis m'urnuighe do dhéanamh dhom i lár na tiormachta: "Seo é an Máistir a bheirim dhuit, múinfidh Seisean duit gach a gcaithfidh tú a dhéanamh. Is mian liom tú do chur ag léigheamh i leabhar na beatha 'n-a bhfuil ealadhain an ghrádha le fáil." 2 Ealadhain an ghrádha! Á! is binn le cluasaibh m'anama an briathar sin. Níl uaim féin ach an ealadhain sin! Tar h-éis dom maoin 1 D'á deirbhshiúr féin, Máire (.i. Sr. Marie du Sacré-Coeur, a mhaireas fós i gCarmal Lisieux) an caibidiol seo. 2 Ár dTiarna a dubhairt sin le N. Marguerite Marie.
uile mo theaghlaigh do thabhairt uirthi, ar nós na céile ins an Chaintic, is neamhní liom a bhfuil tugtha again. 'Sé an grá an t-aon stór amháin a bhfuil dúil agam ann, mar tuigim go rí-mhaith gurab é an grá amháin a dtig leis sinn do dhéanamh taithneamhach le Dia. Taisbeánann Íosa dhom an t-aon bhóthar amháin a sheólas chun na fúirnéise diadha sin: agus is é bóthar é ná féin-tugthacht agus muinín iomlán an pháistín a chodlas gan scáth gan imní ar bhaclain a athar." An t-é atá 'n-a thochrán, tagadh sé chugam-sa," adeir an Spiorad Naomh féin tré bhéal Solaimh; agus deir Spiorad sin an ghrádha i n-áit eile fós "go dtugtar trócaire do'n t-é atá beag." 1 Agus deir Isaias, fáidh, linn 'n-A ainm cé mar "a dhéanfas Sé a thréad do chothú an lá deireannach mar dhéanfadh aodhaire; go gcruinneóchaidh Sé na h-uain le 'n-A bhaclain, agus go dtógfaidh Sé suas iad 'n-A ucht." 2 Agus fé mar nár leór an deimhniú agus an dearbhú sin uilig, deir an fáidh céadna, ar dhearc a shúile grinne roimh-ré isteach i ndoimhneas na síorruíochta, deir sé aríst i n-ainm an Tiarna: "Beidh sibh a bhúr n-iomchur ar na cíochaibh; agus béidh siad ag bhúr mbréagadh ar ghlúinibh; ar nós duine go mbéadh an mháthair 'ghá bhréagadh is eadh a chuirfead- sa sólás oraibh." Ó! a shiúirín ionmhuin! iar n-éisteacht le n-a leithéid sin de chainnt dúinn, níl againn le déanamh ach toisteadh agus deóra buidheachais agus grádha do shileadh… Á! dá mothuigheadh gach duine lag lochtach de mo shaghas-sa, dá mothuighidís na neithe a mhothuighim féin, níl oiread is duine amháin a bhainfeadh súil de bhárr sléibhe an ghrádha do shroichint, ó's rud é nach iad na gníomh- artha móra a iarras Íosa ach an fhéin-tugthacht agus an buidheachas. "Ní ghlacfad," adeir Sé, "gamhna as do theaghlach, ná reithí as do thréadaibh. Óir is liomsa beithigh uile na gcoillte, na h-ainmhighthe ar na cnocaibh agus na ba. Tá aithne agam ar éanlaithe uile an aeir. Dá mbéadh ocras orm, ní abróchainn leat-sa é: óir is liom-sa féin an chruinne agus a bhfuil inntí. An amhlaidh a íosfad-sa feóilte tarbh, nó a dh'ólfad fuil reithí? Íodhbair chun Dé íodhbairt mholta agus altuighthe." 3 Mar sin de, sin a n-éiligheann Íosa orainn! Ní h-iad ár n-oibreacha atá uaidh ach ár ngrádh. An Dia mór céadna sin adeir nach bhfuil aon chall Dó a rádh linn-ne, má tá ocras Air, níor lag
Leis deoch uisge a iarraidh ar an mhnaoi Shamaritánaigh… Bhí tart Air!!! Ach nuair adubhairt Sé: "Tabhair dhom deoch," b'é grá A chréatúra dearóile a bhí ó Chruthuightheóir na cruinne. B'í íota an ghrádha a bhí Air. Agus tá an íota chéadna sin Air anois seachas ariamh. Míobhuidh- eachas agus neamh-shuim, sin a mbíonn le fáil Aige ó mhuinntir an t-saoil; agus i measg A dheisgiobal féin is fíor-chorr-dhuine a thugas é féin suas go h-iomlán do lághaidheacht A ghrádha gan teora. Nach aoibhinn dúinn-ne a thuigeas rúin dhoimhne ár gCéile diadha! Á, dá mb'áil leat-sa na neithe atá ar eólas agat do scríobhadh síos, nár bhreá go deó an cur-síos a bhéadh le léigheamh againn! Ach tá a fhios agam gur fearr leat rúin an Rí do chongbháilt i dtaisge i bhfíor-íochtar do chroidhe… Agus deirir liomsa "gurab onórach an rud é oibreacha Rí na bhfeart dh'fhoillsiú ós árd." 1 Agat-sa atá an ceart, dar liom, fanacht i do thost, mar ní féidir rúin dhoimhne dhiamhra Neimhe do chur i gcéill i bhfoclaí daonda. Im thaobh-se de, tar h-éis mórán mór leathanach do scríobhadh dhom, d'aireóchainn nach mbéadh tús curtha agam le mo scéal an uair sin féin. Tá an oiread sin umradharc éagsamhail agus nuances do-áirmhighthe ann, gurab é cláirín an Dathadóra diadha amháin a fhéadfas, i ndiaidh oidhche na beatha seo, na dathana do chur ar fáil dom le n-a dtiocfaidh liom na radhairc iongantacha a nochtas Sé ós comhair súl m'anama do dhathú. Ach ó's mian leat, a dheirbhshiúr ionmhuin, eólas cruinn do chur ar mhothúcháin uilig mo chroidhe, agus ó's maith leat go gcuirfinn síos i scríbhinn mian mór sólásach mo bheatha, agus mo "theagasc beag," mar a bheir tú féin air, déanfad sin duit ins na leathanaigh seo thíos. Is le h-Íosa a labhróchad i riocht is go mbudh fhusaide dhom mo chuid smaointe do nochtadh. Chífear dhuit, béidir, go mbéidh crot na h-áidhbhéile ar mo ráidhtibh uaireannta; tig liom a rádh leat, áfach, nach bhfuil áidhbhéil ar bith i mo chroidhe: síocháin agus calm amháin atá ann. A Íosa dhil, nach grádhmhar geanúil mar a sheólas Tú m'anam bhocht dearóil!… Bhí an stoirm ag búirthighil go torannach tréan ann ó lá-fhéile Do bhuaidh, ó lá sona na Cásga nó gur chuiris gath glan gléigeal
de Do ghrásta ag lonnrú i m'oidhche dhuaibhsigh, lá áithrid i mí na Bealtaine… Ag smaoineadh dhom ar na brionglóidí diamhaire a bheir Tú do Do cháirdibh ionmhuine uaireannta, bhíos 'á rádh liom féin nach raibh an sólás sin fá mo choinne-se; nach raibh agam-sa ach an oidhche, an oidhche dhubh dhorcha i gcómhnuí 'gcómhnuí. Agus thuit mo chodladh orm i lár na stoirme fraochmhaire. An mhaidin d'ár gcionn, nuair a bhí an chéad amhsgarnach de sholus an lae ag teacht, taidhbhrigheadh dhom go rabhas ag spaisteóireacht ar phóirse agus gan duine im' fhochair ach ár Máthair amháin, nuair a chonnaiceas go tobann triúr ban-rialta Carmelíteach faoi n-a gcuid falaingeacha agus caillí móra. Ní raibh a fhios agam beó cé'n chaoi a dtáiniceadar isteach, ach thuigeas gurbh ó Neamh do thrialladar chugainn. "Ó, nárbh aoibhinn Dia dhom," arsa mise liom féin, "dá mbéidir liom éadan duine de na mnáibh-rialta sin a fheiceál!" Leis sin, fé mar a bhéadh freagra d'á thabhairt ar mo ghuidhe, do dhruid an duine ab' aoirde de'n triúr Naomh i leith chugam agus thuiteas féin ar mo dhá ghlúin. Ó, a aoibhneas do-innste! Thóg sí suas a caille, nó badh chóra dhom a rádh gur leath sí tharm í agus gur chlúduigh sí léithi mé. D'aithnigheas láithreach gurbh í an Mháthair Oirbh. Anna le h-Íosa, Fothuightheóir Charmail na Frainnce, 1 a bhí agam ann. Bhí dóigheamhlacht nár shaolta ar a h-aghaidh: ní raibh gath ar bith ag teacht uaidh, ach mar sin féin, i n-aimhdheóin na caille tiugha a bhí 'ghár gclúdach araon, d'fhéadas an t-aghaidh neamhdha sin a fheiceál agus é ag lonnrú le solus bog a bhí 'san aghaidh féin, shílfeá. Do phóg an naomh go báidhiúl miochair mé, agus nuair a chonnaic- 1 An Mháthair Oirbh., Anna le h-Íosa, ar a dtugtaí Anne de Lobera 'sa tsaol, rugadh 'san Spáinn í 'san mbliain 1545. Chúaidh sí istach 'sa Charmal 'san gcéad mhainistir do cuireadh ar bun ag Avila .i. Mainistir N. Ióseph, 'san mblian 1570, agus ba ghairid go raibh sí 'n-a cómhairleóir agus n-a congantóir ag N. Treasa, a thugadh "a h-inghean agus a coróinn" uirthí. Deireadh N. Eóin na Croise a bhí mar anamchara aici ar feadh cheithre mblian déag, deireadh sé gur "aingeal i riocht duine" a bhí inntí, agus bhí d'árdmheas ag cách ar a críonacht agus ar a naofacht, go dtagadh na daoine ba léigheannta féin ag iarraidh comhairle uirthe 'n-a gcuid cruadhchás agus b'oracul leo a cuid freagra. Do lean sí lorg na Máthar N. Treasa go dílis, agus b'é a bhí ceaptha ag Dia dí, ná an spioraid nua do choimeád gan traochadh gan laghdú 'sna Carmail leasuighthe. Chuir sí trí cinn de Mhains- treacha ar bun 'san Spáinn, agus annsin thug sí an Carmal nua-leasuighthe chun na Frainnce, agus chun na Beilge. Fuair sí bás i gcúmhracht na naof- achta i gClochar na gCarmelíteach ag Brussels an 4adh lá de mhí an Mhárta, 1621. An 3adh lá Bealtaine, 1878, do chur an Pápa, Leo XIII., a ainm leis an Reacht ag tabhairt Cúise a Beannúcháin isteach.
eas go raibh sí chómh ceanúil sin orm, do leómhuigheas an cheist seo do chur uirthi: "A Mháthair mhuirneach, abair liom, má's é do thoil é, an bhfágfaidh Dia i bhfad eile ar an dtalamh seo mé? An dtiocfaidh Sé go luath i mo choinne?" Do mhion-gháirigh sí go séimh: "Tiocfaidh Sé, a chuidín, go luath… go h-an-luath …geallaim-se sin dhuit." "Agus, a Mháthair," adeirim féin aríst, "abair liom an n-éiligheann Dia rud ar bith eile orm thar mo chuid mion-ghníomhartha suaracha agus mo mhianta; an bhfuil Sé sásta liom?" Leis sin, tháinic lonnrú nua ar a h-éadan agus b'fhacthas dom go raibh sí ag breathnú i bhfad ní ba gheanúla ná roimhe sin. "Ní éiligheann Dia rud ar bith eile ort," ar sí liom, "tá Sé sásta, agus lán-tsásta…" Agus rug sí ar mo cheann idir a dhá bois agus phóg chómh ceanúil miochair mé is nach bhfuil cur-síos ar mhilseacht a barrógaí. Bhí lúthgháir mhór ar mo chroidhe, ach chuimhnigh- eas ar mo shiúrachaibh, agus bhíos ar tí grásta a dh'iarraidh dóibh- siúd leis… ach mo léan cráidhte! do dhúisigheas. Ní thiocfadh liom a rádh leat cé'n glionndar mór a bhí orm. Tá mórán míosa imighthe thart anois ó bhí an bhrionglóid iongantach sin agam, ach maireann a cuimhne i mo chroidhe gan aon phioc d'á h-úireacht ná d'á suairceas neamhdha do chailleadh. Chím fós féin féachaint agus meangadh geanúil séimh na mná rialta naofa úd, agus mothuighim fós féin, dar liom, na pógaí agus na barrógaí do thug sí dhom. A Íosa dhil!" Dubhrais leis an ngaoith agus leis, an bhfairrge fanamhaint socair, agus tháinic ciúnas mór." 1 Iar ndúiseacht dom, chreideas agus mhothuigheas go bhfuil Neamh ann, agus go bhfuil an Neamh sin lán d'anmnacha a bhfuil cion acubh orm, mar a bhéadh ag máthair ar a leanbh. Maireann an mothúchán sin i mo chroidhe i gcómhnuí, agus is suairc liom é, go mór-mhór ó thárla nach raibh cráibhtheacht ar bith agam, mórán, do'n Mháthair Anna le h-Íosa go dtí sin; níor chuireas paidir suas chuici riamh agus ní smaointighinn féin uirthi ach nuair do chloisinn daoine ag cur síos uirthi, agus b'annamh é, go deimhin. Anois, áfach, tuigim cé mar a bhíodh sise ag síor-chuimhneamh orm-sa, agus méaduigheann sin ar an ngean atá agam ní h-amháin uirthi-se ach fós ar áitreabhaigh uilig na bhFlaitheas. A Íosa, a Ghrá dhil! ní raibh 'san ngrás sin ach mar a bhéadh ullmhú do na grásta móra do bhronnais orm ó shoin. Leig dom iad
do chur i gcuimhne Dhuit indiu, agus maith dhom mo dhíth-céille, má fhéachaim le mo mhianta agus mo shúilí atá i ndáil le bheith gan teora do chur síos annseo… maith dhom, agus tabhair faoiseamh ar mo chroidhe le n-a bhfuil sé ag súil leis do bhronnadh air! Bheith i mo chéile Agat féin, a Íosa! Bheith i mo Charmelíteach, bheith i mo mháthair d'anmnacha tré m'aontú Leat-sa, shílfeá go mbadh leór liom sin. Ach ní h-eadh, mar mothuighim gairmí eile fós i mo chroidhe: mothuighim gairm ionnam féin chun bheith i mo shead- aire, agus i mo shagart, agus i m'asbol, agus i mo dhochtúir, agus i mo mhairtíreach… Badh mhian liom na gníomhartha is laochda do dhéanamh; mothuighim misneach dásachtach an Chrosadóra i mo chroidhe; badh mhian liom tuitim ar mhachaire an áir ag cosaint na h-Eaglaise. Gairm an t-sagairt! Cé'n grá, a Íosa dhil, le n-a nglacfainn i mo lámhaí Thú, tar h-éis do mo bhréithre Tú do thabhairt anuas ó Neamh! Cé'n grá le n-a ndáilfinn do dhaoinibh Thú! Ach, mo nuar! cidh go bhfuil dúil agam 'san t-sagartacht, déanaim iongantas d'úirísleacht Shan Proinnsias d'Assisi, agus bím ag éad leis, i dtreó go mbudh mhaith liom aithris a dhéanamh air agus diúltú d'oirdhearcas na sagartachta. Cionnus is féidir na mianta contrárdha seo do thabhairt le chéile? Badh mhian liom na h-anmnacha dh'shoillsiú ar nós na bhfáidh agus na ndochtúirí. Badh mhian liom imeacht rómham ar fuaid an domhain mhóir agus d'Ainm do chraobhsgaoileadh, agus Do Chrois ghlórmhar do chur 'na seasamh i dtalamh na bpágánach. Ach níor leór liom missiún amháin: badh mhian liom an Soisgéal do chraobhsgaoileadh ag an am chéadna i ngach áird de'n domhan agus ins na h-oileáin is imigcéiniúla féin. Badh mhian liom bheith mo mhissiunéir ní h-ar feadh roinnt blian amháin ach ó thús aimsire i leith agus go dtí críochnú an t-saoghail. Ach, thar gach nídh eile badh mhian liom bheith i mo mhairtíreach: an mhairtíreacht! bh'shin mian mo chroidhe ó m'óige: agus do mhéadúigh an mian sin mar aon liom i mo chillín chiú in 'san Charmal. Ach dhíthchéille eile é sin; mar ní h-aon chineál amháin martíreachta a bhéadh uaim, níor mhór dom iad uilig le mé do shásamh… Badh mhian liom go ndéanfaí mé do sciúrsáil agus do chéasadh, mar Thusa, a chéile ionmhuin… Badh mhian liom go bhfeannfaí mé, ar nós N. Partholáin, nó go dteilgfidhe isteach 'san ola ghalaigh mé ar nós N. Eóin; nó go ndéanfadh na beithidhigh allta mé do bhrúgh'
le n-a bhfiaclaí ar nós N. Ignáis ó Antioch, go mbéinn im' arán do Dhia. Badh mhian liom fós mo sgórnach do nochtadh do bhéal an chlaidhimh, ar nós N. Agnès agus N. Cecilia; agus badh mhian liom ainm Íosa do rádh agus mé ceangailte leis an gcuaille lasrach, ar nós N. Siubháin d'Airc! Ag machtnamh dom ar na fuilinntí do-innste a gcaithfidh na Críostuidhthe dul tríotha nuair a thiocfas an t-Ainchríost, preabann mo chroidhe i mo chliabh, agus badh mhian liom go mbéadh na fuilinntí sin i n-áirighthe dhom féin. Oscail, a Íosa dhil, Leabhar na Beatha a bhfuil gníomhartha na Naomh uilig curtha síos Agat ann: na gníomhartha úd, badh mhian liom iad uilig a bheith déanta agam féin ar do Shon! Cé'n freagra a thabharfas Tú ar a leithéid sin de chainnt gan áird? An bhfuil fé luighe na gréine indiu duine amháin is laige nó is éidtreóraighe ná mé féin? Ach mar gheall ar mo lagbhrígh- eacht féin, ba dheónuightheacht Leat mo mhianta páistiúla do chóimhlíonadh; agus is áil Leat indiu mianta eile atá níos mó ná an domhan go léir do chóimhlíonadh… Ó bhí na mianta sin dhom' chrádh is dhom' chéasadh, d'oscluigheas Eipistlí N. Póil ag tóruigheacht leighis nó íocshláinte domo chráidh- teacht ionnta. B'é an rud ar leagas mo shúile air acht caibidiol a dó-dhéag agus caibidiol a trí déag d'á chéad Eipistil chun na gCorintiánach. Do léigheas annsúd nach dtig le gach aoinne a bheith 'n-a n-absolaibh, nó 'n-a bhfáidhibh, nó 'n-a lucht teagaisg i n-aoin- fheacht, go bhfuil baill éagsamhla 'san Eaglais agus nach bhféadfadh an t-súil a bheith 'n-a láimh 'san am chéadna. Freagra soiléir so-thuigse a bhí ann, ach níor shásuigh sé mo mhianta ar fad, ná ní thug sé síocháin dom. "Annsin d'ísligheas mé féin i bhfíor-dhoimhneas mo nádachta, agus do tógadh suas chómh h-árd sin mé gur fhéadas an rud a bhí uaim a bhaint amach." 1 Níor chailleas uchtach ach léigheas liom gur chuir an chómhairle seo sólás orm. "Cuiridh dúil ins na tabharthaistibh is fearr. Agus taisbeánaim daoibh slighe atá níos uaisle fós." 2 Mínigheann N. Pól cé mar nach bhfuil ins an tiodhlaicí is fearr féin ach neamhní, gan an grá, agus gurab í an charthanacht an bóthar is réidhe agus is uaisle le gabháil ag triall ar Dhia go slán sábháilte. Bhí síocháin fáighte agam fá dheóidh. Ag féachaint ar chorp rúindiamhrach na h-Eaglaise dhom, níor
fhéadas mé fhéin a dh'aithneachtáil i n-aon cheann de na ballaibh beatha a raibh N. Pól ag cur síos ortha, nó béidir gurbh é an chaoi ar theastuigh uaim mé féin a dh'aithneachtáil i ngach aon cheann acu. B'é an grá do thug eochair mo ghairme dhom. Tuigeadh dhom, má tá corp ag an Eaglais a bhfuil baill-bheatha éagsamhla air, nach bhfuil an ball is riachtanaí agus is uaisle in-easnamh air: tuigeadh dhom go bhfuil croidhe aici, agus go bhfuil an croidhe sin ar lasadh le grá. Tuigeadh dhom gurab é an grá amháin a chuireas baill na h-Eaglaise ag obair, agus dá múchtaí an grá, nach ndéanfadh na h-asbuil an Soisgéal do chraobhsgaoileadh a thuille, agus go ndiúltóch' na mairtírigh d'á gcuid fola do dhóirteadh. Thuigeas go bhfuil na gairmí uilig 'san ngrá, gurab é an grá gach ní, go líonann sé gach am agus gach áit, mar go bhfuil sé síorruí. Annsin leis an racht áthais do tháinic orm, do sgairteas amach: "A Íosa, a Ghrá! tá mo ghairm fáighte agam fá dheoidh. Is é an grá mo ghairm-se. Tá m'áit féin bainte amach agam i n-ucht Eaglaise Dé, agus is Tú féin a thug an áit sin dom, a Dhia dhil: i gcroidhe mo Mháthar, an Eaglais, béad-sa i mo ghrá… Ar an gcuma sin béad i m'uile ní; ar an gcuma sin, leis, cóimhlíonfar mian mo chroidhe." Ach chad chuige dhom "racht áthais" a thabhairt air? Ní shin é an focal ceart 'chor ar bhith: mar is í an t-síocháin atá i mo chroidhe, an t-síocháin chiúin socair a thagas ar chroidhe an mháirnéalaigh nuair a gheibheann sé amharc ar an rabhachán a chuireas i bhfios dó go bhfuil sé ag déanamh ar an gcuan. A rabhacháin lonnraigh an Ghrádha! Tá a fhios agam le mo bhealach a dhéanamh go dtí an áit 'n-a bhfuilir, tá an chaoi fáighte again ar do chuid lasrach do ghabháil chugam! Níl ionnam ach leanbh gan bhrí gan neart; ach is é mo lagar féin a bheir dásacht agus dánuigheacht dom le mé féin do thoirbhirt i m'íodhbairt do Do ghrá, a Íosa mhilis! I n-allód, ní ghlacfadh Dia mór na gcómhacht ach íodhbairtí glana gan smál: níor mhór íodhbairtí iomlána le h-éiric do thabhairt d'Á cheartas diadha. Ach d'imigh dlighe na h-eagla agus tháinic dlighe an ghrádha 'n-a h-áit, agus rinne an grá sin mise, nach bhfuil ionnam ach créa- túirín lagbhrígheach gan mhaith, do thoghadh mar íodhbairt! Ach, ar ndóigh, nach shin é díreach an toghadh is dual do'n ghrá a dhéanamh? Mar, chun go ndéanfaí an grá do shásamh go h-iomlán, ní mór dhó é féin dh'ísliú chun na neamhnídheachta agus an neamhnídheacht sin do chlaochlódh 'n-a teine.
A Dhia liom, tá a fhios agam gur "leis an ngrá amháin a ghníthear aisíoc ar son an ghrádha." 1 Agus mar gheall air sin, do thóirigheas agus do fuaireas bealach le faoiseamh do thabhairt ar mo chroidhe, agus is é bealach é ná grá ar ghrá do thabhairt Duit-se, a chuid dhe'n t-saol! "Deinidh daoine muintreadha dhaoibh féin leis an saidhbhreas claon seo, i dtreo, nuair a bhéidh sibh claoidhte, go nglacfaidís sibh isteach ins na tighthibh síorruí." 1 Sin é an chómhairle do chuiris féin ar Do dheisciobuil, a Thiarna, tar h-éis Duit a rádh leo "go bhfuil clann an t-saoghail seo níos gasta 'ná clann an t-soluis do réir a gcinéil féin." 2 Duine de chlainn an t-soluis mise, agus thuigeas gur saidhbhreas claon na mianta úd a bhí agam bheith i m'uile ní agus gach gairm a bheith agam i n-éinfeacht; agus mar sin de bhaineas feidhm asta le daoine muintreadha a dhéanamh dhom féin. Ag cuimhneamh dhom ar ghuidhe Eliséus nuair a d'iarr sé ar Elias fáidh a spioraid do thabhairt dó ar dúbailt, tháinic mé i bhfiadhnaise na Naomh agus na n-Aingeal agus adubhras leo: "Mise an duine is lugha d'ár chruthuigh Dia na glóire; is eol dom mo suaraigheacht, ach is eól dom, leis, cé mar a bhíos áthas ar chroidhthibh uaisle flaitheamhlacha maitheas a dhéanamh. Táim 'á iarraidh oraibh, d'á bhrí sin, a áit- reabhaigh séanmhara na bhFlaitheas, mé do ghlacadh im' leanbh chugaibh. Libh-se amháin pé glóire a bhainfead amach le nbhúr gcongnamh. Éistigidh go ceannsa le mo ghuidhe, agus fághaidh dhom, aithcim oraibh, dhá chuid de bhúr ngrá do Dhia!" A Thiarna! ní leómhfainn m'athchuinge do mheas ná do bhreithniú, ar fhaitíos go mbrúghfaí síos mé faoi ualach mo mhianta dásachtach! Níl de leithsgéal agam ach gur leanbh mé: ní smaointigheann na leanbhaí ar bhrí iomlán a gcuid cainnte. Ach dá dtagadh sé 'san saoghal go gcuirfí a dtuismightheóirí 'san gcathaoir ríoghdha, badh ró-ghairid an mhoill ar na tuismightheóirí sin mianta a leanbhán, is measa leo ná amharc a súl, do shásamh. D'fhonn pléisiúr a thabhairt dóibh déanfaid na rudaí is díthcéillidhe féin agus géillfid dóibh barraidheacht uaireanta. Bhail, duine de chlainn na h-Eaglaise mise. Agus bainríoghan is eadh an Eaglais ó tá sí mar Chéile Agat-sa, a Rí na Cruinne! Ní h-iad rachmus ná glóir, dá mb'í glóir na bhFlaitheas féin í, a bhfuil dúil agam féin ionnta. Is do mo bhráithribh, na h-Aingil
agus na Naoimh, atá an ghlóir ag dul ó cheart. Ní bhéidh de ghlóire agam féin ach an loinnir a thiocfas chugam ó éadan mo Mháthar. Ach an grá, sin é a dh'iarraim-se! Ní h-eol dom feasta ach an t-aon ní amháin .i. Tusa go ghrádhú, a Íosa mhilis! Tá coisgthe orm oibreacha móra a dhéanamh, ní thig liom an Soisgéal do chraobh- sgaoileadh ná mo chuid fola do dhoirteadh… ach nach cuma san? Tá mo bhráithre ag obair im' ionad, agus mise, an leanbhán, fanaim i bhfogus do'n chathaoir ríoghdha, agus grádhuighim thar ceann na ndíorma atá amuigh ar mhachaire an áir. Ach cé'n chaoi a gcuirfead mo ghrá i gcéill, ó's iad na gníomh- artha a chruthuigheas an grá a bheith ann? Déanfaidh an leanbhán bláthana do chraitheadh… déanfaidh sé a chumhrachtaí do chur thart ar chathaoir ríoghdha Dé, canfaidh sé caintic an Ghrádha d'á ghlór bog binn suairc! Sin mar a ídeófar mo bheatha dhíombuan ós Do chomhair-se, a Mhuirnín mh'anama! Ní thig liom mo ghrá do chur i n-umhail Duit ach le bláthana do chraitheadh: sin mar adéarfá gan aon íodhbairt bheag dá laghad do leigint uaim, ná féachaint ná focal féin: ach tairbhe do bhaint as na gníomhartha is lugha féin agus iad a dhéanamh tré ghrá. Is mian liom fuilinnt tré ghrá, agus an sólás féin do ghlacadh tré ghrá; agus sin mar a dhéanfas mé bláthana do chraitheadh. Ní bhéidh aon bhláth d'á mbuail- fidh umam nach ndéanfad a dhuilleóga do chraitheadh i Do láthair-se …agus annsin canfad ceol, canfad ceol i dtóláimh, fiú amháin má chaithim mo chuid róisíní do chnuasacht i lár na ndeilgní; agus ní dhá fhaide agus d'á ghéire dhá mbéidh na deilgní sin nach amhlaidh is binne a bhéas mo chantaireacht. Ach cé'n gnó a bhéas Agat, a Íosa dhil, demo bhláthanna agus demo chantaireacht? An múr cumhartha sin, na duilleógaí boga beag- mhaitheasacha sin, an chantaireacht ghrádhmhar sin ag éirghe ó mo chroidhín, tá a fhios agam go gcuirfid aiteas agus aoibhneas Ort, mar sin féin. Cuirfidh na ruidíní suaracha sin áthas Ort; agus béidh muintir na h-Eaglaise ar Neamh go lúthgháireach d'á ndeascaibh i dtreó go ndéanfaid súgradh le n-a leanbhán agus go mbaileóchaid na duilleógaí sin le n-a gcur tré Do lámhaí-se, a Shlánuightheóir ionmhuin, d'fhonn mórluacht gan teóra do chur ionnta; agus annsin déanfaid iad a sgaoileadh anuas ar an mhuinntir atá ag fuilinnt 'san Phurgadóireacht le n-a dteine do mhúchadh, agus ar an mhuinntir atá ar an dtalamh seo fós ag troid leis an mbuaidh do thabhairt dóibh 'san ngleic. Mo ghrá Thú, a Íosa mhilis! Tá grá agam Dhuit-se agus do mo
mháthair, an Eaglais: tuigim "gur fearr agus gur tairbhighe an gníomh-grádha is lugha ar bith ná na h-oibreacha eile go léir agus a gcur le chéile." 1 Ach an bhfuil an grá íodhan sin i mo chroidhe-se? Na mianta móra do-theoranta seo atá agam, béidir nach bhfuil ionnta ach taidhreamh agus díthcéille? Má's amhlaidh atá, deónuigh solus a thabhairt dom; mar tá a fhios Agat nach bhfuil uaim ach an fhírinne. Má's mianta ró-dhásachtacha mo mhianta, déan iad do mhúchadh agus do chur ar ceal; mar is iad an céasadh is géire d'á bhféadfainn a fhuilinnt iad. Caithfead a admháil, áfach, muna dtagaidh liom na h-áird ar chuireas dúil ionnta do shroichint lá éigin, gur mó an suairceas a bhéas fáighte agam i mo mháirtíreacht agus i mo dhíthcéille ná mar a bhlaisfead i lár na n-áthas síorruí féin; 'sé sin le rádh, muna mbainidh Tusa dhíom, tré mhíorbhúilt, cuimhne na ndóchas ndúilmhar a bhí agam ar an dtalamh seo. A Íosa! A Íosa! Má tá an dúil i Do ghrá chómh suairc sin ar fad, cad é mar shuairceas an grá sin do shealbhú go sona sásta go deó is a choidhche? Cé'n chaoi a bhféadann duine lag lochtach de mo shaghas-sa bheith ag dúil le forlíontacht an ghrádha? Cad é mar rúindiamhar é seo? Ó, a Íosa, a Aon-Chara liom! Cé'n fáth nach do na h-anmnachaí móra, do na fiolair a dtig leob imeacht ar foluamhain ins na spéarthaibh uachtaracha, a choinnigheas Tú na dúile móra dásachtacha sin? Mo léan cráidhte! Níl ionnam féin ach éinín bocht dearóil agus gan orm ach cluimhreach éadtrom; ní fiolar mé, ach tá súile agus croidhe an fhiolair agam, tá sin; mar, i n-aimh- dheóin mo shuaraigheachta ró-mhóire, lámhaim glinneamhaint ar Ghréin Diadha an Ghrádha, agus tá fonn an domhain mhóir orm lingeadh suas de sciotán ag triall Uirthi! Badh mhian liom eitilt, badh mhian liom aithris a dhéanamh ar na fiolair: ach, m'eiteógaí a dh'árdú, sin a bhfuil ionnam a dhéanamh; tá sé thar mo chumas beag suarach eitilt liom suas ins na spéarthaibh. Céard atá le h-imeacht orm? An amhlaidh a caillfear le buairt mé, toisg mé a bheith chómh lag-bríoghach éidtreórach sin? Ó, ní h-eadh! Ní dhéanfad brón féin mar gheall air. Is mian liom fanacht annsúd go muiníneach dásachtach ag glinneamhaint ar mo Ghréin Diadha go mbeiridh an bás orm. Ní fhéadfadh an ghaoth ná an bháisteach ná aon ní eile eagla do chur orm: agus má thagann na scamaill mhóra agus Réalt an Ghrádha dh'fholú, i riocht is
go bhfeicfear dhom nach gcreidim aon ní eile a bheith ann ach oidhche na beatha seo, sin é an uair a mbéidh áthas iomlán orm agus a gcaithfead muinín mhór gan teora a bheith agam as Dia, agus ní baoghal go gcorróchad ón láthair sin, mar béidh a fhios agam go bhfuil mo Ghrian gheanúil ag taithneamh i gcómhnuí lastall de na scamallaibh duaibhseacha úd! A Dhia dhíl! Tuigim go nuige sin cé'n grá mór atá Agat dom. Ach tá a fhios Agat gur minic a dhéanaim féin faillighe 'san t-aon ghnó amháin seo atá agam, go n-imighim ar fuaidreamh Uait, go bhfliuchtar m'eiteógaí laga ins na locháin uisge ar an dtalamh anróiteach seo! Annsin "bím ag éigheamh ar nós gearrchaigh áinle," 1 agus cuireann m'éigheamh gach rud i bhfios Duit, agus cuimhnigheann Tú air, a Thrócaire gan teora, "nach chun na bhfíoraon do ghlaodhach a tháinic Tú, ach chun na bpeacach do ghlaodhach." 2 Ach má thugann Tú an chluas bhodhar do ghéar-ghol casaoideach Do chréatúirín dearóile, má thogruigheann Tú fanacht i bhfolach go fóill, táim-se sásta fanacht annsúd do mo fhliuchadh, agus an fuacht dom' phréachadh agus dom' dhallrú, agus glacfad go fonnmhar leis an bhfuilinnt sin atá tuillte go maith agam. A Réalt ionmhuin! tá áthas orm mé féin a dh'aireachtáil chómh lagbhrigheach suarach sin i Do láthair, agus tá síocháin i mo chroidhe… Tá a fhios agam go bhfuil truagh ag fiolair uilig Do Chúirte neamhdha dhom, go ndéanaid mé do chúmhdach agus do chosaint ar na con- fhuadaigh .i. na deamhain a bhíos ar thí mo shlugtha. Níl aon eagla orm rompa mar dheamhain, ní dóibh-siúd atáim i ndán mar chreich ach do'n Fhiolar dhiadha! A Bhriathar, a Shlánuightheóir! Is tú an Fiolar is annsa liom féin, agus is Tú atá dhom tharraingt; is Tú do thuirling ar an dtalamh anróiteach deorata seo, mar ar fhuilingis agus mar a bhfuairis bás, d'fhonn na h-anmnacha go léir do thógáilt suas agus do theilgint isteach i gceart-lár na Tríonóide, áitreabh Síorruí an Ghrádha! Is Tú, leis, iar n-imeacht Duit suas uainn aríst chun an t-soluis do-rochtuighthe, a fhanas i bhfolach againn i ngleann seo na ndeór fé ghné na h-abhlainne báine, agus sin chun mise do bheathú le Do shubstaint féinín féin. A Íosa dhíl! Leig dom a rádh Leat go dtéigheann Do ghrá chun díthcéille féin, …agus ag féachaint ar an ndíthcéille sin domh-sa, an amhlaidh nach áil Leat go sceinnfeadh mo chroidhe suas fá Do dhéin? Cé'n chaoi a mbéadh teora ar bith le mo mhuinín?
Á! is feasach mé go ndearna na Naoimh rudaí amaideacha ar Do shon-sa freisin; rinneadar neithe móra toisg gurbh fhiolair iad! Ní leigeann mo shuaraigheacht domh-sa neithe móra do dhéanamh, agus is í an díthcéille atá ag baint liom ach bheith ag súil go nglacfaidh Do ghrá liom mar íodhbairt; is é mo dhíthcéille fós é bheith ag brath ar na h-Aingil agus ar na Naoimh le go bhféadfad eitilt liom fá Do dhéin-se le Do chuid sciathán féin, a Fhiolair ionmhuin! Chómh fada is a thogróchas Tú féin é, fuireóchad annseo mar a bhfuilim agus mo dhá shúil greamuighthe Ionnat-sa; is é mo dhúil go gcuirfeadh D'fhéachaint diadha faoi dhraoidheacht mé; is é mo dhúil, leis, bheith i mo chreich ag Do ghrá. Táim ag súil le Tú do lingeadh anuas orm lá éigin chun mé do thabhairt chun siubhail Leat go h-áitreabh an Ghrádha, agus annsin déanfair mé do theilgean isteach fá dheoidh 'san aigéin lasraigh úd le go mbéad i m'íodhbairt aoibhinn ag an nGrá sin go deo is a choidhche. A Íosa! nach truagh gan mé i n-ann a innseacht do na h-anmnachaí beaga go léir faoi Do dheónuigheacht do-labhartha! Braithim, dá mbéidir Leat duine is laige ná mé féin a fháil-rud nach féidir — go mba bhreá Leat tiodhlaicí níos saidhbhre fós do bhronnadh air, ar chunndar go dtabharfadh an duine sin é féin suas go h-iomlán agus go muiníneach do Do thrócaire dho-chuimsighthe! Ach chad chuige na mianta seo i dtaobh rúin Do Ghrádha a nochtadh, a Íosa mhilis? Nach Tú féin amháin do theagasc domh-sa iad, agus nach bhféadann Tú iad a dh'fhoillsiú do dhaoinibh eile mar an gcéadna? Féadann Tú go cinnte, mar is eól dom, agus athchuingim Ort a dhéanamh: Iarraim Ort D'fhéachaint diadha do leagadh ar mhórán anamnacha beag; iarraim Ort díorma d'íodhbairtí beaga, a bhfuighbhidh Do Ghrá a dhiongbháil féin ionnta, do thoghadh Dhuit féin ar an t-saol seo!!!…
CAIBIDIOL XII. Ar Chnoc Chalbhaire — Treasa Bheag ag imeacht léithi a bhaile go Flaitheas na nGrást. "Tá mórán mór leathanach de'n scéal seo nach léighfear ar an t-saol seo go bráth -" B'í Treasa Bheag féin adubhairt an chainnt sin, agus deirimíd-ne go láidir í annseo aríst. Tá fuilinntí ann nach bhfuil sé ceaduighthe a nochtadh annseo thíos mar go gcoimeádann Dia i bhfolach go cúramach iad nó go ndéanfaidh Sé féin iad dh'fhoillsiú amach annseo faoi sholus glórmhar síorruí na bhFlaitheas. Fuilinntí de'n t-saghas sin do b'eadh bunáite na bhfuilinntí do bheo-ghoin croidhe íogmhar N. Thérèse de l'Enfant Jésus, i dtreo go síleann a lán daoine, béidir, gur thriall sí thríd an t-saol seo i lár na ngáirí ngléigeal agus na lághaidheachta caoine, agus nach raibh aici ariamh ach gaethe geanúla gréine an earraigh agus nár mhothuigh sí fearthainn fhuar an fhóghmhair ná gaoth ghéar sheacamhail an gheimhridh gháibhthigh 'chor ar bith. Is mór mar d'fhulaing Thérèse ar an dtalamh seo. Agus nuair a bhí sí ag dul chun báis d'iarr sí féin go gcuirfí sin i n-umhail do dhaoinibh i ndiaidh a báis, mar bhí a fhios aici go ndéanfadh lorg sin na Croise a bhí gearrtha isteach ar a beatha go ndéanfadh sé fíoracht a missiúin do dheimhniú d'á lán. Gidheadh, ní mar gheall ar an gcéasadh croidhe sin a chreid sí go raibh glactha ag Dia Léithi mar íodhbairt lán-loiscthe d'Á Ghrá Thrócaireach; is é ádhbhar fá n-ar chreid sí sin cionn 's gur mhothuigh sí "na tuilte tréana cineáltais agus lághaidheachta do- chuimsighthe atá foluighthe fáiscthe i gCroidhe Íosa d'á ndoirteadh isteach ar ah-anam." Is fíor go ndúbhairt sí, mar fhreagra ar na daoinibh áithride nach raibh úmhal géilleamhnach go leór faoi láimh Dé: "An t-é," ar sí, "a ofráileas é féin mar íodhbairt do'n ghrá, caithfidh sé bheith réidh leis an uile shaghas pianta agus dólás a fhuilinnt." Ach má dubhairt sí sin féin, dubhairt sí aríst le duine fíor-naofa eile a mbíodh eagla uirthe i gcomhnuí roimh an gcrois: "Cé'n fáth a mbéadh faitíos ort tú féin do thoirbhirt
i d'íodhbairt do Ghrá Thrócaireach Dé? Dá mba do cheartas Dé a bheitheá 'ghod' thoirbhirt féin níor mhisde dhuit faitíos a bheith ort, béidir; an Grá trócaireach, áfach, béidh truagh aige do do lagar agus glacfaidh sé thú le caoineas agus le trócaire." Chonnaiceamar cé'n íodhbairt mhór a rinne Thérèse an lá a d'imigh sí ó n-a h-athair ionmhuin, a raibh cion chómh mór sin aige uirthi, agus ó'n teaghlach úd mar ar chaith sí laetheanta sona gréineacha a leanbhánachta. Ach béidir go gceapfadh duine nach ngoillfeadh an scarúint sin go mór uirthi, ó thárla go raibh beirt deirbhshiúr léithe, an bheirt úd d'oil agus do mhúnluigh í, go rabhadar istigh 'san Charmal le fáiltiú roimpi; b'é an chaoi, áfach, gur mhéaduigh sin ar an gcrádh croidhe aice. Déantaí an tost agus an t-uainnearas do choimeád go beacht 'san mhainistir, i dtreó nach mbíodh deis aici a driféaracha a fheiceál ach le linn an chaitheamh- aimsire i gcuideachta na mban-rialta eile. Ar na h-ócáidibh sin thiocfadh léithi go minic, muna mbéadh an Chaoi a mbíodh sí d'á síor-shéanadh féin, dul anonn agus suidhe le h-ais duine d'á beirt deirbhshiúr; ach 'séard do ghníodh sí "comhluadar na siúrach ba lúgha do thaithn léithe do lorg"; i riocht is nárbh fhéidir a thabhairt faoi ndeara cia acu bhí cion ar leith aici ar a driféaracha féin nó nach raibh. Ní raibh sí i bhfad 'san Chlochar nuair do tugadh mar chongantóir 'san phroinnteach í do'n t-Sr. Agnès de Jésus, a Pauline ionmhuin féin, agus chuir sin a lán íodhbairtí 'n-a casán. Bhí a fhios ag Thérèse go raibh sé coisgthe aon fhocal neimhriachtanach do labhairt, agus ar an ádhbhar sin níor leig sí di fhéin oiread is focal amháin do rádh 'n-a taobh féin: "Ó, a Mháithrín!" ar sise i bhfad 'n-a dhiaidh sin, "nach mise a d'fhuiling an tráth úd… níorbh fhéidir liom mo chroidhe do nochtadh dhuit, agus do cheapainn annsin 'nár thuigis mé ní ba mhó!…" Do choimeád Thérèse an tost mór laochda sin ar feadh cúig mblian nó go ndearnadh uachtarán de'n t-Sr. Agnès de Jésus. Um thráthnóna an lae úd a raibh an toghadh sin ann, ní fuláir nó bhí croidhe Thérèse ag preabarnaigh le teann lúthgháire ag smaoineadh nár mhisde dhi feasta labhairt le n-a "máithrín" gan cosg an toirmeasg agus rúin a croidhe do nochtadh di mar do ghníodh í tráth. Do cheaduigh Dia, áfach, gurbh í Treasa an duine b'annamhaighe a mbíodh deis aici an Cheann-mháthair a dh'fheiceál. …Roinnt blian 'n-a dhiaidh sin, d'fhéad sí a rádh: "Tá áthas orm bás a fháil faoi cheannus uachtaráin eile, mar cuireann sin
ar mo chumas mo chreideamh 'san uachtaránacht do chur i ngníomh." Theastuigh ón Naoimhín bheith 'n-a fíor-Charmelítigh do réir eisiompláire na Máthar N. Treasa féin. Chuige sin bhíodh sí ag síor-mhachtnamh ar Dhia nuair nach gcuireadh an cineál oibre a bhéadh aici á dhéanamh isteach ar an machtnamh sin. Lá n-aon bhí nóibhíseach ag dul isteach i n-a seomra, agus do stad sí nuair a thug sí faoi ndeara an fhéachaint neamhdha a bhí ar aghaidh Thérèse. Is amhlaidh a bhí sí annsúd agus í ag fuagháil léithi go dícheallach, ach 'san am chéadna bhí a chosamhlacht uirthe go raibh sí ag dlúth-mhachtnamh ar Dhia. "Céard air a bhfuilir ag machtnamh?" d'fhiafruigh an t-siúr óg dhi. "Tá," ar sise, "ar an Pater. Nach binn go deo an t-ainm é "ár n-Athair" do thabhairt ar Dhia!…" Agus bhí na deóra ag lonnrú 'n-a caomh-rosgaibh. "Ní thuigim féin," ar sise, uair eile, "céard a bhéas agam ar Neamh thar mar atá agam anois. Is fíor go bhfeicfead Dia annsin; ach maidir le mé bheith 'n-A chuideachta, táim ann cheana féin annseo ar an dtalamh." Bhí beó-lasair Ghrádha 'ghá h-ídiú. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an dtuarasgbháil seo a bheir sí féin dúinn: "Beagán laetheanta tar h-éis m'Ofráil do ghrá Trócaireach Dé do dhéanamh dhom, bhíos 'san Chóraidh agus mé ag cromadh ar Thuras na Croise do thabhairt, nuair do mhothuigheas mé féin do mo ghoineadh go tobann le gath teineadh a bhí chómh te chómh géar is gur shíleas go bhfuighfinn bás ar an láthair sin. Tá sé ag cinnt orm an táimhnéall sin do mhíniú; ní fhéadfainn samhail do thabhairt ar ghéire nó ar bhríogh- mhaireacht na lasrach úd. B'fhacthas dom go raibh comhacht do- fheicse éigin dhom' theilgean isteach go h-iomlán 'san teine. Ó! cad é mar theine! Cad é mar shuairceas!" Agus nuair d'fhiafruigh an Mháthair dhi arbh 'shin é an chéad uair a raibh táimhnéall de'n t-saghas sin aici, dubhairt sí: "Is iomdha sin táimhnéall grádha a bhí agam, a Mháthair, agus is cuimh- neach liom ceann amháin, go mór-mhór, a bhí agam nuair a bhíos im' nóibhíseach, mar d'fhanas i bhfad ón t-saol seo ar feadh seachtaine an t-am sin. Ní fhéadaim aon chur-síos ceart do thabhairt air, ach bhíos ag dul thart le corp nár liom féin i n-aon chor, shíleas; bhí mar a bhéadh brat leathta amach thart ar neithibh an t-saoil seo ghá bhfolú ó mo shúilibh. Níorbh fhíor-lasair bheó, áfach, a bhí dhom' ídiú an uair sin, agus bhí ar mo chumas an gáirdeachas sin go léir a dh'fhuilinnt gan baoghal ar bith go réabfaí cuibhreacha mo cholna d'á
dheasgaibh, ach an lá eile úd a rabhas ag cainnt air ó chianaibhín, dá maireadh an táimhnéall nóiméad eile nó bráthaidh eile féin, bhí m'anam scartha le mo cholainn… Ach, mo léan cráidhte! Fuaireas mé féin ar an dtalamh an ath-uair, agus d'fhill an tiormacht orm gan aon mhoill le comhnuí a dhéanamh im' chroidhe!" Tamaillín eile fós, a íodhbairtín chaoin an Ghrádha! Tá lámh Dé tar h-éis na saighde lasraighe do tharraingt siar, ach créacht mharbhuightheach is eadh an chréacht atá déanta aici i lár do chléibh… B'é rud do tháinic as a dlúth-aontú le Dia ná smacht an-mhór a bheith ag an t-Sr. Thérèse uirthi féin i ngach a ndéanadh sí; d'fhás na subháilcí go léir 'n-a croidhe agus do neartuigheadar go buacach. Ná beireadh aoinne leis, áfach, gur fhás na bláthana ioldathacha áilne sin uilig 'n-a croidhe gan duadh gan dócamhail di féin. "Ní bhíonn aon torthamhlacht ar an dtalamh seo gan fuil- inntí, fuilinntí corpardha, dólás spioradálta, trialta nach bhfeiceann aoinne ach Dia amháin iad go minic. Nuair a mhothuighimíd na deagh-smaointe agus na deagh-rúin d'á músgailt 'n-ar gcroidh- thibh, le linn beatha na Naomh do léigheamh dúinn, ní ceart go mbadh leor linn grinneas agus líomhthacht na n-úghdar do mholadh, fé mar nach mbéadh ionnta ach leabhair choitianta: ach badh chóir dhúinn cuimhneamh ar an luach a b'éigin dóibh a thabhairt gan aimhreas ar an mhaith a oibrighid anois i ngach duine againn." 1 Agus má dhéanann an "Naoimhín" s'againne claochlódh iongantach do chur ar chroidhthibh an oiread sin daoine indiu, má tá sí ag déanamh maitheasa ar fuaid an domhain mhóir go foirleathan, tig linn a bheith cinnte dhe gur cheannuigh sí an maitheas sin ar an luach chéadna ar ar cheannuigh Íosa ár n-anmnacha .i. na fuilinntí agus an chrois. Ceann de na fuilinntí ba mhó dá raibh aici do b'eadh an comhrac calma do thug sí 'n-a coinnibh féin, d'fhonn a nádúir uaibhreach fhuinneamhail do thabhairt faoi smacht. Ní raibh inntí ach páistín nuair do chuir sí roimpí gan a leithsgéal do ghabháil agus gan casaoid a dhéanamh a choidhche; agus ón lá a tháinic sí isteach 'san Charmal ní raibh uaithi ach bheith 'n-a cumhal do na siúracha eile; agus mar gheall air sin ghníodh sí a dícheall le bheith úmhal do chách. Tránóna amháin, le linn a breoiteachta, bhí na mná-rialta ag teacht i dteannta a chéile go dtí díthreibh an Chroidhe ró-Naofa le duan do chanadh ann: agus do thriall an tSr. Treasa ann go mall dócamhlach, cidh go raibh sí claoidhte cheana féin ón éagcruas.
Ach ar shroichint na h-áite dhí, b'éigean di suidheamh síos. Níor thúisge 'n-a suidhe í, áfach, ná rinne duine de na siúracha comhartha di éirghe. D'éirigh Treasa láithreach, agus d'fhan 'n-a seasamh go deire, i n-aimhdheoin na tuirse agus na claoidhteachta a bhí uirthi. Chomhairligh an otharuidhe dhi, uair amháin, siubhlóid bheag a dhéanamh ar feadh ceathrú uaire a chluig gach lá 'san ngáirdín. Ba órdu le Thérèse an chomhairle sin. Tránóna d'á raibh sí ag spais- teóireacht mar sin go mall-triallach dócamhlach, thug duine de na siúracha faoi deara cé'n strómh mór a bhí uirthi, agus dubhairt léithi: "B'fhearr dhuit go mór fada do sgíth a leigint, mar ní fhéadfadh do shiubhlóid aon mhaitheas a dhéanamh dhuit nuair atáir chómh tréith-lag fann sin: nílir ach dhod' thuirsiú féin, níl sin! …Is fíor dhuit sin," ars'an tSr. Thérèse go réidh fáilthidhe, "ach an bhfuil a fhios agat céard a bheir neart domh?… Bhel! déanaim mo shiubhlóid ar son na missiúnéirí. Smaoinighim go bhfuil duine aca amuigh annsúd i n-imigcéin atá tuirseach sáruighthe, béidir, ó shíor-thaisteal tíortha ar mhaithe leis na h-anmnacha; agus d'fhonn a thuirse-siúd do laghdú, ofráilim mo thuirse féin do Dhia." Bheireadh sí somplaí solusmhara neimhfhéiniúlachta d'á cuid nóibhíseach! Bliain amháin do chuir ár ndaoine muinnteardha agus fir oibre an Chlochair, do chuireadar dornáin bláthana chugainn isteach le h-aghaidh lá-fhéile na Ceann-Máthar. Bhí Thérèse 'a socrú go deas fíor-chuiméir, nuair adubhairt Siúr thuatach léithe go míchéadfach: "Níl moill ar dhuine 'aithint gurab ó do mhuinntir féin do tháinic na fleasgáin mhóra sin; cuirfear bláthana na mbocht ar gcúl, nídh nach iongnadh!" Ní thug an "Naoimhín" de fhreagra uirthi ach meangadh séimh, agus thosuigh uirthi láithreach ag cur bhláthana na mbocht 'san ionad ba mhó a bhfeicfí iad, i n-aimh- dheoin neamhchrotamhlachta an t-socruighthe sin. Rinne an t-Siúr úd iongantas mór d'á leithéid sin de shubháilceas, gur imigh léithi ionns' ar an Mháthair Oirmh. agus gur chionntuigh sí í féin 'n-a mícharthanacht agus í ag moladh foighde agus úmhluigheachta na Siúrach Thérèse go hárd. Nuair a bhí an tSr. Thérèse sínte siar i gcodladh chiúin an bháis, dhruid an t-Siúr chéadna úd anonn, agus chuir a h-éadan le troightheachaibh fuara reoidhte ár Naoimhín, le creideamh láidir 'n-a comhacht agus d'iarr maithteanas uirthi 'n-a locht. Agus ar an nóiméad chéadna sin do leigheasadh go h-iomlán í ó fhuil-ghanntanas inchinneach a bhí uirthi le bliantaibh
fada roimhe sin agus nár fhág ar a cumas léightheóireacht nó urnuighe-intinne do dhéanamh. I n-áit teicheadh ó na h-úmhlúcháin b'amhlaidh do thóirigheadh Treasa Bheag go cíocrach iad. B'shin é do thug uirthi í féin do thairgsint mar chongantóir do Shiúr áithrid a raibh a fhios ag cách a dheacracht a bhí sé í do shásamh; agus do glacadh le n-a tairgsint fhial. Lá d'á raibh sí tar h-éis sgamhláil mhór a fháil, d'fhiafruigh duine de na nóibhísígh dhi cé'n fáth a raibh sí ag breathnú chómh h-aoibheamhail glionndarach sin; agus d'fhéadfá a rádh gurbh uirthi a bhí an t-iongantas go léir ar chloisteál an fhreagra seo dhi: "Tá," arsa Thérèse, "toisg go bhfuil an t-Siúr N. tar h-éis rudaí géara a rádh liom. Ó! nach mór an t-áthas a chuir sí orm! B'ait liom bualadh léithi anois le go bhféadfainn meangadh a dhéanamh léithi." Ní baileach a bhí an chainnt sin ráidhte aici nuair do bualadh cnag ar an ndorus agus siúd isteach an t-Siúr chéadna úd, agus d'fhéad an nóibhíseach a fheiceál le n-a dhá súil féin cé mar a mhaitheas na Naoimh. "Bhínn ar foluamhain i bhfad ós cionn neithe an t-saoil seo," adubhairt sí ní ba dheireannaí, "i riocht is nach ndéanadh na h-úmhlúcháin ach mé do láidriú." I dteannta na subháilcí eile b'iongantach go deo an misneach a bhí aici. Ó'n gcéad lá ariamh a dtáinic sí isteach 'san Chlochar do ceaduigheadh dhi an Riaghail ghéar chruadálach s'againne do leanacht 'n-a h-iomlán, cé's moite de'n trosgadh. Uaireannta, bheireadh a compánaigh 'san nóibhíseachlann a dreach mí-lítheach faoi ndeara, agus d'fhéachaidís le faoisiú ó Thráthana na h-oidhche nó ó mhoich- éirghe na maidne a fháil di. Ach ní ghéilleadh an Mháthair Airchin- neach 1 d'á n-athchuingí. "Duine a bhfuil an mianach sin innti," adeireadh sí, "ní ceart caitheamh léithi amhail is dá mba pháiste í; níl faoisiú ar bith ag teastáil ó'n-a leithéid. Leig di féin, tá Dia ag neartú léithi. Agus pé acu sin é, má's rud é go bhfuil sí tinn, badh cheart di féin teacht chugam le sin a rádh." Ach bhí sé mar bhun-rún ag Thérèse gur ceart do dhuine dul ar aghaidh go mbídh a bhfuil de neart ann ídighthe ar fad sul má dhéanfas sé casaoid. Nach iomdha uair a thriall sí go dtí an Chóraidh ist oidhche i gcóir na h-Iarmheirge agus meabhrán agus tinneas- cinn 'ghá pianadh go géar! "Tá ionnam siubhal fós," adeireadh sí léithi féin, "agus mar sin de, is ceart domh bheith i mbun mo dhualgaisí." Agus thug an fuinneamh fearúil sin uirthi gníomhartha 1 An Mháthair Oirmh. Marie de Gonzague. Fuair sí bás an 17adh lá de mhí na Nodhlag, 1904, i r-aois a h-aon bhliana déag is trí fichid.
fíor-laochda do dhéanamh. Ní mó ná go maith do réidhtigheadh biadh bocht tearc an Charmail le n-a goile lag; do chuireadh miasa áithride tinneas uirthi, ach d'éirigh léithi é sin a cheilt chómh cúramach 's nach dtug aoinne faoi ndeara ariamh é. Bean-rialta a bhíodh 'n-a suidhe le n-a taoibh 'san phroinnteach, thug sí iarracht ar a fháil amach cad iad na miasa a mbíodh tóir ag an tSr. Thérèse ortha, ach do chinn sé uirthi. Agus ó chonnaic Siúracha na cistinighe go raibh sí chómh so-shásta neamh-thormasach sin, bheiridís an fuigh- leach dhi i dtóláimh. Níor nochtadh a básúchán ariamh nó gur órduigh- eadh dhi, le linn a breoiteachta deireannaighe, a rádh cad iad na neithe do ghníodh dochar di. "Nuair is é toil Íosa go gcaithfimíd fuilinnt, níl aon dul as againn. Cuir i gcás, nuair a bhí an tSr. Máire le Croidhe Íosa (.i. a deirbhshiúr féin, Máire) 'n-a soláth- ruidhe, bhí sí mar a bhéadh máthair dhom le cineáltas, agus shíl gach aoinne, nídh nach iongnadh, go rabhas millte aici. Ach nach iomdha sin íodhbairt do chuir sí orm! Mar b'amhlaidh do ghníodh sí friothálamh orm do réir a blais féin, cidh go raibh a mhalairt de bhlas ar fad agam-sa!" Do chuireadh sí a féin-íodhbairtiú i ngníomh i ngach aon rud. Gach obair chruaidh dhócamhlach níorbh fhuláir léithi-se í a dhéanamh, agus bheireadh sí do Dhia láithreach gach a n-iarradh Sé uirthi agus sin le lán-chroidhe. "Tráth a rabhas im' iarrthóir," ar sise, "bhí básúcháin chorpardha áithride, a cleachtuightear 'sna mains- treacha s'againne, agus ba ghráin liom iad a dhéanamh; ach níor ghéilleas do'n ghráin sin ariamh. Chítí dhom go mbíodh an Chroch Chéasta atá 'san chlós amuigh, go mbíodh sin ag dearcadh anuas orm go h-impidheach agus ag iarraidh na n-íodhbairtí úd orm." Bhí sí chómh faireach fírbheacht sin nach leigeadh sí uaithe gan cóimhlíonadh an ceann ba lúgha d'órduighthibh nó de mholtaibh a Ceann-Mháthar nó aon cheann de mhion-riaghlacha na mainstreach. Deireadh bean- rialta aosta áithrid a thug a dílseacht iongantach ins na rudaí sin faoi ndeara, deireadh sí gur naomh í. Ní mórán básúcháin nó píonóis chorpardha amach ó'n Riaghail do chleachtuigheadh sí, mar chuir an Spioraid Naomh i dtuigsint di gur tairbhighe go mór fada bású na toile agus an chroidhe. Thárla, áfach, gur éirigh sí tinn mar gheall ar chroisín iarainn, a ndeachaidh a bhioracha géara isteach 'na cneas, do chaitheamh ró-fhada. "Ní ghoillfeadh rud beag bídeach de'n tsórt sin orm," ar sise, "muna mbéadh gur theastuigh ó Dhia a chur i n-umhail dom nach bhfuil píonóis ghéara na Naomh fá mo choinne-se ná fá choinne na n-anmnacha
mbeag a leanfas an bealach céadna seo na leanbhánachta spioradálta." Easbaidh na teineadh 'san ngeimhreadh b'shin é an píonós corp- ordha ba ghéire d'ár fhuiling sí 'san Charmal. Is furust' a thuig- sint cé mar do ghoillfeadh geimhreadh buan gáibhtheach Normandie maille le taise an aeir thart timcheall ar Lisieux ar pháisde moiglidhe mar í. Nuair a bhíodh an aimsir go h-an-fhuar amach, théigheadh sí chun na teineadh i seomra an Chóimhthionóil i ndiaidh na h-Iarmheirge istoidhche le n-a goradh a dhéanamh ar feadh cúpla nóiméid tar h-éis í a bheith d'á cughnáladh leis an bhfuacht ó mhoch na maidne. Ach níorbh fhuláir dhi annsin, le n-a seoimrín a bhaint amach, dul amach fé'n aer agus trí fichid slat nó mar sin do shiubhal tríd na clabhstair, agus annsin an staighre do chur dhi, agus dul tríd an Phasáiste fhuar lom, i dtreó, pé teas beag a bhéadh fáighte aice ó'n teine, go mbíodh sé imighthe glan uaithi shul dá sroicheadh sí a seóimrín 'chor ar bith. Tháinic d'á chionn sin, nuair do shíneadh sí siar ar an leapthain agus gan ach an dá phluid éad- troma 'ghá clúdach, nach bhfághadh sí ach codladh corruighthe tearc. Agus b'iomdha sin oidhche bhuan nár chodail sí néal ar bith ach í 'n-a luighe annsúd ag craitheadh leis an bhfuacht go maidin. Thiocfadh léithi faoiseamh agus furtacht a fháil go réidh, dá n-innsigheadh sí do Mháistréas na Nóibhíseach ó thús an chaoi a raibh an scéal aici, ach do thogair sí an ghéar-fhuilingt sin do ghlacadh gan casaoid, agus focal ní dhubhairt sí faoi ariamh nó go raibh sí ar leaba a báis, agus annsin do labhair sí na bréithre láidre seo: "B'é an fuacht an fulang corpordha ba mhó d'á raibh agam annseo 'san Chlochar: d'fhuilingeas chómh mór sin ón bhfuacht i's go mbínn ionan's bheith caillte leis!" Ach, cidh go dtug a croidhe mór fial uirthe glacadh go fonnmhar leis an bpíonós ró-ghéar sin, chuir sí i gcéill 'san am chéadna go h-úmhal ómósach, má cheaduigh Dia na fuilinntí géara sin féin, nár thoil Leis iad, agus go mbadh mhaith an rud atharú agus maothú a dhéanamh ann feasta. Easbaidh Chríonnachta agus fromhadh ar Dhia a bhí ann, dár léithi, an Riaghail do chur i bhfeidhm agus i n-éifeacht gan cuimhneamh ar éagsamhlachtaí tíortha agus teasa agus nirt daoine. Is cuimhneach linn glaodhach úd Aoine an Chéasta, nuair a chuala an tSr. Thérèse, amhail mar adeir sí féin, "mar a bhéadh mon- abhar bog íseal ó chian ag cur sgéala chuici go raibh an Céile ag teacht." Chaithfeadh sí na míosa fada dólásacha do chur
dí go fóill, áfach, shul dá dtagadh an uair 'n-a sgaoilfí saor ó chuibhreacha na colna í. Aoine úd an Chéasta d'éirigh léithi a chur 'n-a luighe ar an Mháthair Airchinneach nárbh fhiú tada an sgéidhe- fola sin a bhí aici, i riocht 's go dtug sise (toisg nárbh eól dí a dhonacht a bhí ar an tSr. Thérèse) cead di na píonóis go léir atá curtha síos 'san Riaghal i gcóir an lae sin do dhéanamh. Tránóna an lae úd chonnaic duine d'á cuid nóibhíseach ag glanadh na bhfuin- neóg í. Bhí dath mí-lítheach ar a gruadhnaibh agus i n-aimhdheóin a dúthrachta b'fhurust' aithint uirthi go raibh sí claoidhte amach. Ar n-a fheiceál do'n nóibhíseach go raibh sí chómh traochta tréith- lag sin, bhris an gol uirthi gur iarr sí cead uirthi faoiseamh éigin do shólathar dhí. Ach do choisg a Máistréas óg sin uirthi go daingean 'á rádh gurbh é ba lúgha ba ghann di beagán a fhuilinnt an lá sin 'nar fhuiling Íosa céasadh agus bás thar a ceann-sa. Níor chuala a driféaracha féin tada faoi'n gcéad sgéidhe-fola úd go dtí Bealtaine na bliana 1897; agus nuair a thosuigh an Mháthair Agnès de Jésus 'á milleánadh go caoin mar gheall ar an sgéal do cheilt uirthi, 'séard a dubhairt Thérèse: "Ó, a Mháithrín mhuir- neach," ar sise, "badh cheart duit bheith buidheach de Dhia faoi nár dhubhras tada leat! Mar, dá mbéadh a fhios agat chómh dona is a bhíos, ghoillfeadh sé go ró-mhór ort, nuair a chífeá a luighead aire a bhíothas a thabhairt dom!" Tamaillín 'n-a dhiaidh sin bhuail casacht láidir leanamhnach í, agus do chuir sin imní ar an Mháthair Urr., gur órduigh sí biadh bríoghmhar do thabhairt di, agus do stad an chasachtach go ceann roinnt míosa. "Fuascaltóir ró-mhall-triallach an galar so," arsa ár siúirín ionmhuin annsin, "is ar an ngrá amháin atáim ag brath." Bhí dúil mhór aici imeacht go Carmal Hanoí a bhí 'á síor-iarraidh orainn, agus mar sin de, chrom sí ar Nóbhéna i n-ónóir do Theoph- ane Beannuithe Vénard le súil go leighseóchaí go h-iomlán í. Céad faoiríor géar! I n-ionad biseach a fháil, is amhlaidh d'éirigh sí níos measa i ndiaidh an Nóbhéna sin. Tar h-éis "gluaiseacht tríd an t-saol d'ár naoimhín ag déanamh tairbhthe," ar nós Íosa féin, tar h-éis dearmadadh agus mí-thuigsint daoine a fhuilinnt di mar Eisean, bhí sí le n-A lean- acht anois go bárr Cnuic aisdréanaigh Chailbheirí. Ó bhí taithighe ag an Mháthair Airchinneach ar í a fheiceál ag fuilinnt i gcomhnuí agus ag dul ar aghaidh go misniúl 'n-a aimhdheoin sin, thug sí cead di leanacht de ghnáth-cúrsaí laethiúla an chóimhthionóil, cidh go gcuireadh cuid acu tuirse an-mhór uirthi. Tránóna thiar, chaitheadh
sí an staighre go dtí an suan-lios do chur suas dhí gan cabhair gan congnamh, agus í ag stad ó choiscéim go coiscéim le n-a h-anál do tharraingt. Bhaineadh sí a seoimrín amach le duadh mór, ach bhíodh sí chómh traochta sin nár mhór dhí, amanntaí, mar adubhairt sí féin ní ba dheireannaí, uair a' chluig le n-a cuid éadaigh do bhaint dí. Agus i ndiaidh an t-saothar sin uilig, ba ar leapthain chruaidh a chaitheadh sí luighe go maidin. Tháinic d'á chionn sin gur mór a d'fhuilingeadh sí i gcaitheamh na n-oidhcheanna; agus nuair do fiafruigheadh dhi an mbéadh congnamh nó faoiseamh éigin ag teastáil uaithi, agus í ag fuilinnt ar an gcuma sin, 'séard adubhairt sí: "Ó, níl go deimhin! Táim go lán-tsásta bheith i seomra atá achar maith ó na siúracha eile, i gcruth 's nach gcloisfidh siad mé. Is maith liom fuilinnt im' aonar; mar ní túisge a tugtar cómhshólás agus aire ar leith dhom ná imigheann mo shonas uaim." Ba mhinic do b'éigean dóigheadh piantach do dhéanamh ar a cliathán. Lá d'á raibh sí tar h-éis na ngéar-phianta sin a dh'fhuil- innt, bhí sí ag leigint a sgíthe le linn an chaitheamh-aimsire, nuair do chuala sí chuici ó'n gcistinigh an chainnt seo: "Gheobhfaidh an tSr. Treasa leis an Leanbh Íosa bás go luath, agus níl a fhios agam beirthe ná beó céard a fhéadfas ár Máthair a innseacht fúithi i ndiaidh a báis. Béidh sí i gcruadhchás go deimhin, mar cidh gur duine caoin grádhmhar an tSiúirín seo, is cinnte nach ndearna sí tada ariamh arbh fhiú a aithris." An otharuidhe a bhí buil na Siúrach Treasa agus a chuala an chainnt sin mar an gcéadna, dubhairt sí leis an Naoimhín: "Anois, a chuid, dá mba ar bharamhail daoine a bhéitheá ag brath, dhéanfadh an chainnt sin tú do dhímhealladh go maith!" "Á! maidir le baramhail daoine," arsa Thérèse, "thug Dia dhom gan suim dá laghad do chur innti. Innseóchad duit faoi eachtra bheag do chuir i n-iúl dom go feilimionta a luighead áird is ceart a thabhairt ar an mbaramhail sin: "Roinnt laetheanta tar h-éis na h-Aibíde a fháil dom, thárla dhom dul go dtí seomra ár Máthar. Bhí duine de na Siúracha tuatacha ann róm, agus ní túisge a chonnaic sí mé ná dubhairt sí leis an Mháthair: "Is mór an chreideamhaint duit, a Mháthair, an nóibhí- seach seo go deimhin! Nach í atá ag breathnú go breá sgafánta, bail ó Dhia a's ó Mhuire uirthi! Tá súil le Dia agam go mbéidh sí i n-ann an Riaghail do chóimhlíonadh go ceann mórán blianta!" Bhíos féin lán-tsásta leis an moladh sin; ach, láithreach 'n-a dhiaidh sin, tháinic siúr bhán-chailleach eile isteach go ndubhairt sí liom: Uch, a Shiúr Treasa, a bhuidhneach, is geall le duine a bhéadh
tuirseach sáruighthe thú! Cuireann do dhreach mí-lítheach scannradh orm: má mhaireann do'n stáid sin, tá faitíos orm nach fada a bhéas tú i n-ann an Riaghail do chóimhlíonadh!" Ní raibh ach sé bliana déag d'aois agam an tráth úd: ach mar sin féin, thug an t-eachtra beag sin an oiread sin céille dhom nár chuireas suim ná spéis i mbaramhla guagacha dhaoine ó shoin i leith." "Ach deirtear nár fhuilingis puinn ariamh?" Ar n-a chlois- teál sin do'n tSr. Treasa do gháirigh sí go séimh íseal agus rug sí ar ghloine 'n-a raibh comhgaisí ar dhath corcra caordhearg. "An bhfeiceann tú an ghloine bheag sin?" ar sise; "shílfeá le féachaint uirthi gurab í an deoch is deagh-bhlasta ar bith atá innti; agus i n-ionad sin, is í an deoch is seirbhe d'á gcaithim a ól í. Bhail, samhaltas ar mo bheatha-sa is eadh an ghloine sin: bhí sí ag deallramh le dathana geala niamhracha i súilibh dhaoine i gcomhnuí riamh; b'fhacthas dóibh gur dheoch dheagh-bhlasta mhilis a bhíodh agam 'ghá ól; ach b'é an searbhas a bhí ann ariamh! An searbhas, adeirim, ach mar sin féin, ní raibh mo bheatha searbh, mar bhí a fhios agam le h-áthas agus milseacht do bhaint as gach aon nídh searbh." "Táir ag fuilinnt go mór i láthair na h-uaire seo, nach bhfuil?" "Tá, ach nach raibh dúil mo chroidhe 'san bhfuilinnt le fada riamh!" "Is mór a ghoilleas sé orrainn," adeireadh na nóibhísigh léithi, "tú a fheiceál ag fuilinnt mar sin agus gan a fhios againn nach gcaithfidh tú níos mó fós a fhuilinnt." "Ó, ná bíodh brón ná buairt oraibh mar gheall orm, mar is é an chaoi a bhfuil an sgéal agam anois nach dtig liom fuilinnt feasta, toisg gur suairc liom gach fuilinnt. Fairis sin, ní ceart daoibh a bheith do bhúr mbuaidhreadh féin mar gheall air na trioblóidí nó na dóláis atá i ndán dúinn, béidir: níl annsin ach mar a bhéadh cur-isteach ar leamhnú agus ar lán-chumhacht Rí na bhFeart! Sinn-ne atá ag gabháil bóthar an Ghrádha, ní ceart dúinn leigint do rud ar bith sinn do bhuaidhreadh. I dtaca liom-sa dhe, dá mba nach ndéanfainn mo chuid pianta dh'fhuilinnt ó nóiméad go céile, brisfí ar an bhfoighid agam gan aon achar: ní fheicim ach an nóiméad atá anois ann, déanaim dearmad ar an nóiméad atá imighthe thart, agus ní baol go mbím ag déanamh imní faoi'n am nach dtáinic fós. Má chaillean daoine uchtach, má théighid i n-éadóchas féin ar uairibh, 'séard is cionntsiocair leis sin iad a bheith dh'á gciapadh féin ag smaoiniú ar an am atá imighthe thart nó ar an am le teacht. Bídhidh ag guidhe ar mo shon, mar sin féin,
mar is minic gurab é an uair a bhím ag iarraidh ar shlóightibh na bhFlaitheas teacht le cabhair chugam, is mó a bhíos dólás ar mo chroidhe!" "Agus cionnus is féidir nach dtagann droch-mhisneach ort i lár an dóláis sin go léir?" "'Sé an rud a dhéanaim ach iompáil chun Dé agus chun na Naomh uilig, agus mo mhór-bhuidheachas do ghabháil leo an uair sin féin, mar tuigtear dom gurab é an chaoi a dteastuigheann uatha a fheiceál cé'n mhuinín daingean dílis do-ghluaiste atá agam asta… Ní i n-aisdear, áfach, a d'éisteas féin le bréithribh Iób: "Dá ndéanfadh Dia mé do mharbhú féin, chuirfinn mo dhóchas Ann 'n-a dhiaidh sin féin." 1 Caithfead a admháil, áfach, nárbh i n-aon lá amháin a d'éirigh liom mé féin do dhaingniú ar árd- chéim din na féin-tugthachta iomláine: ach táim ann anois go daingean, agus is é an Tiarna féin do thóg suas mé agus do chuir annsúd mé!" "Tá mo chroidhe lom-lán de thoil Íosa," ar sí aríst, "agus mar sin de, nuair a thagas rud éigin eile isteach air, ní théigheann sé síos go h-íochtar, ní fhéadann sé ach sgiorradh thairis go h-éas- gaidh ar nós ola do dóirtfidhe ar bhárr an uisge ghlé. Muna mbéadh go bhfuil mo chroidhe lán roimh-ré, muna mbéadh agam le n-a líonadh ach na mothúcháin áthais a's bróin a bhíos ag déanamh sealaidheachta d'á chéile ann 'chuile ré soluis, ní bhéadh agam annsin go deimhin ach fuarloch searbh an dóláis! Anois, áfach, níl ann ach go mbaineann teacht agus imtheacht na mothúchán sin le bárr mh'anama ar éigin: agus bíonn an t-síocháin doimhin seo agam do shíor nach dtig le nídh ar bith a baint díom." Ach mar sin féin, bhí an t-iomdhorchadas duaibhseach thart timcheall ar a h-anam. Agus 'n-a cheann sin, bhí na cathuighthe i gcoinnibh an Chreidimh 'á síor-chiapadh, i n-aimhdheoin a díchill 'á ndíbirt aríst agus aríst eile: agus bhaineadar-sin di gach sólás d'á mbéadh le fáil aici as an smaoineadh go mbadh ghearr uaithi an bás. "Dá mbéinn gan an fromhadh do-thuigse seo a bheith agam," adubhairt sí féin, "sílim go gcaillfí le h-aon-chorp lúthgháire mé, ag smaoiniú dhom gur gearr go mbídh mé ag imeacht liom as an tsaol seo ag triall ar Dhia." B'é rud a theastuigh ó Dhia, thríd an bhfromhadh sin, ná í do ghlanadh go beacht agus go h-iomlán i gcruth 's go bhféadfadh sí, ní h-amháin
gluaiseacht go tapamhail troigh-éasgaidh, ach eitilt léithi ar bhealaichín úd na muiníne agus na féin-tugthachta. Tá a cuid cainnte féin againn 'á dheimhniú sin aríst agus aríst eile: "Is cuma liom mo bhás nó mo bheó anois; dá dtugadh Dia mo rogha dhom, ní dhéanfainn aon cheann acu do thoghadh: ní toil liom ach an ní is toil Leis féin; an rud a ghníos Seisean, is é is rogha liom! "Águs deir sí fós: "Níl scáth ná eagla orm roimh na comhraic dheireannacha ná roimh phianta mo bhreoiteachta, d'á mhéid iad. Thug Dia na glóire cabhair agus congnamh dhom i gcómhnuí riamh: Do chumhdaigh agus do sheól Sé le n-Á láimh mé go slán sábháilte ó bhíos im' pháistín féin… agus is Áir atá mo sheasamh anois. Féadfaidh na fuilinntí a bheith géar thar mo bhear- taibh, ach is deimhin liom nach dtréigfidh Seisean mé a choidhche." Ní fuláir nó do chuir an mhuinín láidir daingean sin fearg an-mhór ar an Áirseóir, a ghníos a sheacht ndícheall le daoine do chur i n-éadóchas, nuair a bhíd ag saothrú an bháis. Lá n-aon, dubhairt Thérèse leis an Mháthair Agnès de Jésus: "Ghabh dólás mór éigin mé aréir, agus mhéaduigh ar an ndorchadas i mo thimcheall. Chualas mar a bhéadh guth malluighthe an-aithnid éigin 'á rádh liom: "An bhfuilir cinnte go bhfuil Grá ag Dia dhuit? Ar tháinic Sé féin chugat 'á rádh leat go bhfuil? Ní h-í baramhail druinge ar bith a dhéanfas tú do cheartú nó do chosnamh ós Á chomhair-sin." B'fhada mé dom' chrádh leis na smaointe sin, nuair do tugadh dhom do nóta tráthamhail sólásach. Chuiris i gcuimhne dhom ann, a Mhaithrín, na tiodhlaicí iomadúla do bhronn Íosa orm, agus dubhrais liom, mar a bhéadh Dia tar h-éis mo dhóláis a dh'fhoillsiú dhuit, go raibh grá an-mhór ag Dia dhom agus go rabhas leis an gcoróinn síorruí a fháil Uaidh gan aon mhoill. Bhí an ciúineadas agus an t-síocháin ag filleadh orm aríst, nuair do bhuail smaoineadh eile mé: "An gean atá ag mo mhaithrín orm is é fé ndeára di na bréithre seo do scríobhadh." Thuit sé im' cheann láithreach leabhar na Soisgéal a dh'oscailt agus d'oscluigh- eas go mearbhallach é gur leagas mo shúile ar an abairt seo nach dtugas suandas di ariamh roimhe sin: "An t-é a chuir Dia uaidh labhrann sé bréithre Dé; mar ní do réir tomhais a thugann Dia an Spioraid Uaidh." 1 Chuir an chainnt sin sólás iomlán orm agus thuiteas im' chodladh go suaimhneasach sásta. Is tú, a Mháithrín, a chuir Dia chugam-sa, agus is ceart dom tú do chreisdint mar go labhruigheann tú bréithre Dé."
I mí na Lúghnasa d'fhan sí ar feadh mórán laetheanta mar a bhéadh sí i bhfanntais agus í 'á shíor-iarraidh orainn paidreacha a chur d'á rádh ar a son. B'shin é an chéad uair ariamh a bhfacamar a leithéid sin de racht uirthi. Agus i lár an dóláis do-mhínighthe sin chloismís í 'á rádh: "Ó, is ceart guidhe go tréan ar lucht saoth- ruighthe an bháis! Dá mbéadh a fhios ag daoinibh …" Oidhche amháin, d'iarr sí ar an otharuidhe an t-Uisge Coisreacan do chraitheadh ar an leapthain, agus adubhairt: "Tá an deamhan annseo i m'aice. Ní fheicim é, ach mothuighim é… Tá sé dhom' chiapadh, agus tá greim daingean docht aige orm le gan leigint dom faoiseamh ná furtacht a fháil. Méaduigheann sé mo phianta d'fhonn mé do chur i n-éadóchas… Agus ní fhéadaim paidir féin a rádh! Ní fhéadaim ach féachaint ar an Mhaighdin Ghlórmhair agus "a Íosa" do rádh! Paidir an-riachtanach is eadh an phaidir úd adeirtear gach tránóna 'san Chompletorium: "Díbir uainn, a Dhia, gach droch-thaidhbhreamh agus samhluigheacht saobh na h-oidhche!" (Procul recedant somnia et noctium phantasmata.) Mothuighim rud rúindiamhrach éigin ionnam. Ní ar mo shon féin atáim ag fuilinnt ach ar son anama eile… agus cuireann sin olc ar an áirseóir." Do las an otharuidhe an choinneal- Mhuire agus do theich an mac mallachtain leis gan filleadh aríst. Ach bhí dólás mór ar an tSr. Treasa go deire. Lá d'á raibh sí ag dearcadh uaithi suas ar na spéartha, dubhradh léithi: "Is gearr eile anois go mbídh tú annsúd thuas ós cionn na spéartha ngorm sin: nach tú atá ag dearcadh ortha le grádh!" Rinne sí meangadh séimh gáiridhe, agus dubhairt sí leis an Mháthair Agnès de Jésus 'n-a dhiaidh sin: "A Mháthair ionmhuin, níl a fhios ag na Siúracha an chaoi a bhfuilim ag fuilinnt! Ní rabhas ach ag déanamh iongantais d'áilneacht na spéartha so-fheicse sin ar ball: tá an neamh eile foluighthe ó mo shúile ar fad… Ba dhaithnid liom ar dtúis an chainnt sin adubhradh liom, ach annsin chualas an guth i lár mo chroidhe 'á rádh liom: "Ba le grá do Dhia a bhís ag dearcadh suas chun na bhFlaitheas, mar, ó's rud é go bhfuil do chroidhe tugtha suas ar fad do'n ghrá, fágtar lorg diadha sin an ghrádha ar do ghníomhartha go léir, d'á shuairigheacht iad." Agus chuir sin sólás orm láithreach." Uaireannta, áfach, i n-aimhdheoin an iomdhorchadais a bhí 'ghá timcheallú do shíor, d'oscluigheadh an Séighleóir Diadha dorus a carcair dhuaibhsigh roinnt, agus annsin do phreabadh an croidhe 'n-a cliabh le teann aitis agus muiníne agus grádha.
Lá d'á raibh sí ag spaisteóireacht 'san ngáirdín agus duine de na mnáibh-rialta le n-a taobh mar thaca, do stad sí le h-iongantas a dhéanamh de radharc fíor-áluinn do chonnaic sí ós a cómhair .i. cearc bheag bhán agus a h-ál gleoite ar fasgadh go sócamhlach fá n-a cuid sciathán aici. Ba ghearr gur bhris na deóra fá n-a rosgaibh, agus d'iompuigh sí chuig a compánaigh agus adubhairt léithi: "Ní thig liom fanacht annseo níos fuide; téighimís isteach go beo…" Agus iar dteacht isteach 'n-a seóimrín di, do lean sí ag sileadh na ndeór go fras ar feadh i bhfad agus gan inntí focal féin do rádh. Nuair a bhí an dreas sin guil curtha dhi aici, thug sí féachaint neamhdha ar a deirbhshiúr agus adubhairt: "Ag cuimhneamh ar Íosa a bhí mé," ar sí, "agus ar an gcomórtas áluinn taithneamhach ar bhain Sé feidhm as le n-A lághaidheacht do chur i n-iúl dúinn. Sin mar do rinne Sé domh-sa é i gcaitheamh mo shaoghail go léir: Rinne Sé mé do chumhdach faoi n-A sciathánaibh i gcomhnuí riamh! Ní fhéadaim a chur i gcéill duit céard a chuaidh thríd mo chroidhe ar ball. Is maith an bhail orm, go deimhin, go gcoimeádann Dia É féin i bhfolach ó mo shúilibh agus nach dtais- beánann Sé éifeacht agus iarsmaí A mhór-thrócaire dhom ach go h-annamh agus "tríd na laitisibh," 1 mar adéarfaí. Mothuighim nach mbéadh ionnam an suairceas ró-mhór dh'fhuilinnt ná dh'iomchar." An 5adh lá de mhí an Mheithimh, 1897, chromamar ar Nóbhéna do rádh i n-onóir do Mhaighdin na mBuaidh (Notre-Dame des Vic- toires), le h-ionchas go bhfágfadh Dia agus an Mhaighdean Bhuadhach ár siúirín ionmhuin againn go ceann tamaill eile, mar shólás agus mar réaltann soillseach na subháilcí. Bhí dóchas againn go gcuirfeadh Muire a bláithín féin ag borradh go bríoghmhar an ath-uair le míorbhúilt. Ach ní thug sí toradh ar ár nguidhe ach oiread le Theophane Beannuithe Vénard, agus b'éigean dúinn ár gcroidhe d'ullmhú i gcóir na scarúinte do thiocfadh anois gan mhoill. I dtús míosa an Iúil d'éirigh sí chómh dona is go raibh orainn í do thabhairt anuas go dtí an otharlann. Nuair a chonnaic an Mháthair Agnès de Jésus an cillín folamh, agus a fhios aici go maith nach dtaobhóch' an tSr. Treasa an cillín céadna sin aríst a choidhche, dubhairt sí leis an tSr. Treasa: "Nach orm-sa a bhéas an chumhaidh mhór amach annseo, ag féachaint ar an gcillín sin dom, nuair nach mbéidh tusa 'nár measg a thuille?"
"Agus d'fhonn sólás do chur ort fhéin annsin, a Mháithrín," adeir Thérèse léithi, "cuimhneóchaidh tú go bhfuilim-se i n-aoibh- neas síorruí na bhFlaitheas annsúd thuas, agus gurbh' 'san chillín chiúin sin do shaothruigheas mór-chuid dem' aoibhneas. Mar is mór," ar sise, ag dearcadh uaithi suas chun na bhFlaitheas, "is mór mar a d'fhuilingeas ann; agus badh mhian liom bás a fháil ann anois." Ag dul isteach 'san otharlann di, b'é céad rud ar leag sí súil air ná dealbh mhíorbhúilteach úd na Maighdine Muire, a bhí curtha 'san tseomra againn roimpi. Níl cur-síos ar an bhféachaint a bhí 'n-a rosgaibh! "Céard a chíonns tú?" d'fhiafruigh a deirbhshiúr, Máire, dhí (an deirbhshiúr chéadna a bhí i láthair an lá úd fadó a rinne an Mhaighdean ghlórmhar Treasa Bheag do leigheas go míor- bhúilteach thríd an dealbh sin, a bhí ós cómhair a súl anois). D'fhreag- air an tSr. Treasa: "Ní fhacas ariamh í ag breathnú chómh h-áluinn a's atá sí indiu! …ach 'n-a dhiaidh sin féin níl ann indiu ach an dealbh; an lá úd fadó, níorbh í an dealbh amháin a bhí ann, mar is eól duit féin…" Ba mhinic di, 'n-a dhiaidh sin, sólás de'n tsaghas sin a fháil ó Mhuire. Tránóna amháin, dubhairt sí: "Ó, nach agamsa atá an grá mór ar an Mhaighdin Mhuire! Dá mba shagart mé, nach mé a labhróch' go bríoghmhar buadh-fhoclach fúithi! Cuirtear ós ár gcomh- air í mar dhuine nach dtig le h-aoinne dul 'n-a gar ná 'n-a gaobhar, nuair badh chóir a theasbáint gur féidir agus gur furust' aithris a dhéanamh uirthe. Is mó de'n mháthair ná de'n bhainríoghain atá ag baint léithi! Chualas daoine 'á rádh go gcuireann deallradh a h-áilneachta urdhubhadh agus múchadh ar ghlóire na naomh uilig, fé mar a mhúchas an ghrian solus na réaltóg, iar n-éirghe dhí. Ach ar chuala aoinne ariamh a leithéid sin de sgéal? Máthair do chur glóire a clainne ar ceal! Am thaobh-se dhe, tá a mhalairt de thuairm ar fad agam: sílim-se gurab amhlaidh a dhéanfas sí glóir na bhfíoraon do mhéadú go mór… An Mhaighdean Muire! Nach iongantach chómh simplí is a bhí a beatha? Agus do lean uirthi ag cur síos go binn-bhriathrach taitneamhach ar an dTeaghlach Naofa nó go rabhamar ag déanamh iongna di. Bhí fromhadh géar i ndán di gan mórán moille. Ó'n 16adh lá de mhí Lughnasa go dtí an 30adh lá de Mheadhon Fóghmhair, lá a Com- aoine síorruí, níorbh fhéidir léithi an Chomaoin naofa do ghlacadh ní ba mhó, toisg baol urlacain-fola a bheith uirthi do shíor. An raibh aoinne ariamh ba mhó a raibh dúil aige i n-Arán na n-Aingeal ná
mar a bhí ag an naoimhín seo? Nach iomdha uair, i rith na bliana deireannaighe do chaith sí ar an dtalamh, i lár an dubh-gheimhridh féin, a chonnaiceamar ag éirghe í le bánú an lae leis an gComaoin Naofa a fháil, tar h-éis í bheith d'á traochadh le piantaibh i gcaitheamh na h-oidhche! Ba shuarach léithi a gcaithfeadh sí dhul tríd ach a bheith ar a cumas Íosa do ghlacadh isteach 'n-a croidhe. Sul ar fágadh i n-éaghmais an Mhanna neamhdha sin í, áfach, thagadh Íosa chuici go minic. Bhí solmántacht fá leith ag baint leis an gComaoin Naofa do ghlac sí an 16adh lá de mhí an Iúil, lá-fhéile Maighdine Charmail. An oidhche roimhe sin do cheap sí an duanóg seo a leanas, le go gcanfaí í an mhaidin dár gcionn: Fíor-chara Tú, a Íosa, má's bíognach i gclódh mé, Ní lag Leat, dá aoirde Tú, ísle mo sheomra, Ó tair chun an Chroidhe-seo, a Chríost an Altóra, Ó tair chun an chroidhe, atá claoidhte gan fóir uait. Seo amháin mo phaidir ód' mhaitheas, a Thighearna, Bás d'fhághail le neart geana iar nglacadh Comaoine, Ná fág mé 'sa bheatha nuair ghairim ort, a Íosa, Tair chun mo chroidhe-se. Ar maidin lae na Féile bhí leacracha na gclabhstar clúduighthe Le bláthana na mbánta agus le duilleóigíní-rós ag fáiltiú roimh Chríost. Sagart óg, a bhí le n-a chéad Aifreann a léigheamh an mhaidin chéadna sin 'san t-séipéilín s'againne, b'é do thug an Lón-aistir isteach chuig ár n-othairín. Agus do chan an tSr. Máire leis an Naomh-Shacraiméad, a raibh fuaimeanna nár shaolta 'n-a glór binn ceólmhar, do chan sí an rann seo as duan do cheap Thérèse i bhfad roimhe sin: Bás d'fhagháil le grádh, mairtíreacht aoibhinn, An bás thar bárr d'athchuingighim le díograis, Ná spáráilidh cláirseacha, a Chaoin-Cherubíní, Tá ráidhte an lá so gur críoch dom' dhíbirt. Ó theintrigh na saighde bíodh treighid im' chléibh Sa tír seo nach meidhreach dom' adhnadh le faobhar, A Íosagáin d'adhraim, go n-éirghidh lem' mhéin, Bás d'fhagháil le grádh. Beagán laetheannta 'n-a dhiaidh sin bhí an tSr. Treasa ag dul i n-olcas go mór, i dtreó go mb'éigean an Ola dheireannach do chur
uirthi ar an 30adh lá de mhí an Iúil. Bhí sí go h-áthasach annsin, agus dubhairt sí linn: "Tá doras mo charcair ar leath-oscailt cheana féin, agus tá lúthgháir ar mo chroidhe, go mór-mhór ó dheimhnigh ár n-Athair Uachtarán dom indiu go bhfuil m'anam chómh glan gléigeal anois le h-anam an leinbh nua-bhaistithe." Shíl sí, nídh nárbh iongnadh, go raibh sí le h-imeacht a bhaile go Flaitheas Dé gan a thuille moille. Ní raibh aon cheapadh aici go raibh an dá mhí mhóra fhada de mháirtíreacht roimpi amach go fóill! Lá n-aon, dubhairt sí leis an Mháthair Airchinneach: "A Mháthair, aithcim ort cead a thabhairt dom bás a fháil… leig dom m'anam dh'ofráil ar son a léithéid seo d'intinn…" Agus nuair do h-eitigheadh í ar an athchuinge sin: "Tá go maith," ar sise, "ach tá a fhios again-sa go bhfuil dúil ag Dia na glóire i gcrobhaing bheag bhídeach de chaoraibh fíneamhna nach áil le h-aoinne a seachadadh Dhó, go gcaithfidh Sé féin teacht agus í a ghoid… Níl aon rud agam féin 'á iarraidh, mar dá n-iarrainn, bhéinn ag Dul i leathtaoibh ó bhóthar réidh rí-dhíreach na féin-tugthachta. Ach iarraim ar an Mhaighdin Mhuire an teidiol sin "an gaduidhe," do thug Íosa Air féin 'san t-Soisgéal, do chur i gcuimhne Dhó, mar shúil 's go dtiocfaidh Sé do mo ghoid-se anois." Tugadh dhi, lá amháin, glac de dhiasaibh arbhair, agus ghlac sí ceann de na diasaibh a bhí chómh torthach trom sin le gráinní go raibh sí ag cromadh síos ar an ngas, agus do dhearc Thérèse go grinn uirthi ar feadh tamaill… agus annsin dubhairt sí leis an Mháthair: "Is geall leis an ndias sin m'anam-sa: Rinne Dia A ghrásta líonmhara do chruachadh orm dhom féin agus d'á lán nach mé!… Ó! is mian liom cromadh síos go h-umhal úiríseal i dtóláimh faoi ualach saidhbhir fairsing na dtiodh- laicí neamhdha, agus a admháil gurab ó Dhia amháin a thig gach tiodhlaice aca." Ní raibh aon dul amú uirthi 'san méid sin, mar bhí a croidhe ag cur thar maol le grásta reidhsiúla Dé… agus b'fhurust' aithint uirthi gurabh é Spioraid Dé féin a bhí 'ghá mholadh féin thríd an bhéilín sin nár chan ariamh gó! Nárbh Spiorad céadna sin na Fírinne a thug ar N. Treasa Mhóir ó Avila a scríobhadh: "Na h-anmnacha a bhfuil an dlúthú iomlán seo le Dia sroichte aca, bíodh árd-mheas aca ortha féin maille le dásacht naofa úmhal, bíodh cuimhne aca do shíor ar na grástaibh móra saidhbhre atá fáighte aca ó Dhia, agus bídís 'san áirdeall sul a gcreidfidís gur gníomh úirísleachta é gan na grásta do bhronn Dia ortha a admháil.
Mar, má chuimhnigheann duine go dílis ar na maitheasaí do rinneadh dhó, is follus gur móide a ghrá d'á mhaithdhéantóir an chuimhne sin. Ach an t-é nach bhfuil a fhios aige cad é an rachmus mór atá 'n-a sheilbh, cé'n chaoi a bhféadfaidh sé an rachmus sin do roinnt agus do thabhairt uaidh go flaithiúl fial?" Níorbh é sin an t-aon uair amháin do labhair Treasa Bheag s'againne bréithre fíor-fháidhiúla. I mí an Aibreáin, 1895, nuair a bhí sí i dtogha na sláinte fós, dubhairt sí le duine de na mnáibh- rialta aosta: "Gheobhfad-sa bás go luath: Nílim 'á rádh gur i gceann roinnt míosa a gheobhfad bás,: ach i gceann a dó nó a trí de bhliantaibh ar an gcuid is fuide dhe: tuigtear dhom sin ó 'n-a bhfuil ag tárlú i m'anam istigh." Bhíodh na nóibhísigh ag déanamh iongna de'n chaoi a mbíodh sí i n-ann smaointe rúnda a gcroidhe dh'aimsiú agus a thuigsint: "Seo é an bealach atá liom," ar sise leó, "ní labhruighim libh a choidhche gan paidir bheag do chur suas chun na Maighdine Muire roimh-ré 'á iarraidh uirthi na bréithre is mó a rachas i sochar dhaoibh do chur i mo cheann. Agus is minic a bhíos iongna orm féin faoi na rudaibh a theagascaim daoibh. Mothuighim, le linn an teagaisc do thabhairt uaim dhom, gurab é Íosa féin a bhíos ag Labhairt libh thríd mo bhéal-sa, agus mar sin de nach mbíonn aon dul-amú orm." Le linn a breóiteachta, bhí duine d'á driféaracha féin ag déanamh bróin lá gur chaill sí uchtach, geall leis, ag smaoiniú dhi ar an scarúint do-sheachanta a bhí ag teannadh leo. Láithreach 'n-a dhiaidh sin bhuail an deirbhshiúr sin isteach 'san otharlann, gan a dhath a leigint uirthi faoi'n mbuairt mhóir a bhí 'á ciapadh, agus d'fhéadfá 'á rádh gurbh uirthi a bhí an iongna, nuair adubhairt Thérèse léithi, de ghlór mall brónach: "Ní ceart dúinn-ne bheith ag caoi a's ag gol ar nós daoine nach bhfuil aon dóchas acu!" Duine d'ár Máithreacha a tháinic isteach ag déanamh a cuairte, rinne sí gar beag éigin do Threasa. "Nár mhéanair domh," ars' an Mháthair sin léithi féin, "dá n-abradh an naoimhín seo: "Cúiteochad sin leat ó Neamh."" Agus ar an nóiméad chéadna sin d'iompuigh Thérèse chuici agus adubhairt: "A Mháthair, cúiteóchad sin leat ó Neamh!" Is é an rud is iongantaighe ar fad, áfach, ach gur thuig sí, do réir gach cosamhlachta, an missiún ar leith a bhí leagtha amach di ar an saol seo. Shílfeá uirthi go raibh an brat a bhí ag folú an ama le teacht ó n-a súile, go raibh sin tarraingthe i leath-taobh roimpi,
mar ba mhinic adubhairt sí neithe linn a bhí le teacht, agus tuigimíd ó n-ar thárla ó shoin gurbh fhíor-thairngreachtaí a bhí ionnta: "Ní thugas aon ní do Dhia riamh ach grá," ar sí, "agus is le grá a dhéanfas Seisean aisíoc liom. Tar h-éis mo bháis, scaoil- fead anuas cioth de rósaibh." Bhí Siúr áithrid ag labhairt léithi faoi aoibhneas na bhFlaitheas. Do chuir an tSr. Treasa isteach uirthi 'á rádh: "Ní shin é an rud atá dhom' tharraingt chor ar bith…" "Agus céard é féin, mar sin?" "Tá, an Grá! grá do thabhairt, grá a fháil, agus filleadh ar an dtalamh leis an Grá do chur d'á ghrádhú." Tráthnóna amháin d'fháiltigh sí roimh an Mháthair Agnès de Jésus go h-aiteasach: "A Mháthair," ar sise, "chualas chugam ar ball roinnt nótaí de chuirm-ceóil ó chian, agus ar feadh tamaillín bhíos ag smaoineamh gur gearr go gcloisidh mé an t-oirfideadh ceólmhar nár chuala cluas duine a leithéid ariamh fós. Ach níor mhair lúthgháir an dóchais sin ach nóiméid. Níl ach an t-aon dóchas dúilmhar amháin a chuireas mo chroidhe ag preabarnaigh im' chliabh, mar atá, an grá a tabharfar dhom, agus an grá a fhéadfad féin a thabhairt! "Braithim go bhfuil mo mhissiún ar tí tosnú, agus is é missiún é ná Dia na glóire do chur d'Á ghrádhú fé mar a ghrádhuighim féin É …agus eolus do dhéanamh d'anamnacha ar an mbealaichín s'agam-sa. Is mian liom mo ré ins na Flaithis a thabhairt ag déanamh maitheasa ar fuaid an t-saoil seo. Ní rud do- dhéanta é sin, mar déanann na h-Aingil sinn-ne do chúmhdach, bíodh go bhfuilid annsúd thuas i ndoimhneas radhairc na Diachta féin. Ní fhéadfad-sa suaimhneas ar bith do ghlacadh go dtí críochnú an t-saoil, ní fhéadfaidh sin! Ach nuair a bhéas an t-ain- geal tar h-éis a rádh: "Ní bhéidh aimsir ann níos mó," 1 annsin is eadh a fhéadfas mé suaimhneas agus aoibhneas a bheith agam, toisc go mbéidh uimhir na bhfíoraon iomlán." "Cé'n bealaichín sin atá agat le taisbeáint do na daoinibh?" "Is é bealach na leanbhánachta spioradálta é, bóthar na muiníne agus na féin-tugthachta iomláine. Na dóigheana beaga do chleachtuigheas féin agus a d'éirigh chómh geal sin liom, is mian liom iad do chur i n-umhail do dhaoinibh eile fosta, agus a rádh leo nach bhfuil ach an t-aon rud amháin le déanamh annseo thíos, mar atá:
bláthana na mion-íodhbairtí do chraitheadh ós cómhair Íosa, agus É do bhréagadh le barrógaí! Sin mar do bhréagas féin É, agus sin é an fáth a mbéidh an oiread sin fáilte Aige róm!" "Dá mbéinn 'bhúr seóladh amú ar bhealaichín seo an Ghrádha," ar sise le n-a nóibhísigh, "ní baol go scaoilfinn libh i bhfad. Thiocfainn ar ais chugaibh ar an dá luathas le n-a rádh libh bóthar éigin eile do ghabháil. Ach muna dtagaidh mé, creididh na bréithre seo uaim-se: ní féidir linn a choidhche an iomarca muiníne a bheith againn as Dia, an t-É atá chómh comhachtach, chómh trócaireach sin! D'á mhéid í ár muinín As, is amhlaidh is mó a gheibhimíd Uaidh!… An lá roimh lá-fhéile Maighdine an Charmail, dubhairt nóibhíseach léithi: "Dá gcailltí ar maidin i mbárach i ndiaidh na Comaoine Naofa thú, nárbh áluinn go deo an bás agat é! Bhéadh sé chómh h-áluinn sin go mbadh leor liom mar shólás é i ndiaidh an dóláis go léir." Agus d'fhreagair Thérèse í go bríoghmhar: "Bás a fháil i ndiaidh na Comaoine Naofa! Agus ar lá-fhéile mór solmánta! Ní h-amhlaidh a thárlóchas chor ar bith, ní h-eadh! Mar ní fhéadfadh na h-anmnacha beaga aithris a dhéanamh ar sin. Ar an mbeal- aichín s'agam-sa níl ach rudaí an-choitianta. Gach a ndéanaim féin ní fuláir na h-anmnacha beaga a bheith i n-ann a dhéanta mar an gcéadna." Ba mhinic do tugtaí rósaí ag triall uirthi, agus ghníodh sí na duilleóigíní do chraitheadh ar a crois agus gach aon phóg aici 'á thabhairt do'n chrois 'san am chéadna. Lá d'á raibh na seóidíní luachmhara sin ag tuitim uaithi go talamh, "Bailigidh chugaibh na duilleóigíní sin go cúramach," ar sise, "fóghanfaidh siad amach annseo le pléisiúr a dhéanamh do dhaoinibh eile. Ná caillidh oiread 's aon cheann amháin acubh." (D'fhoghnuigheadar ó shoin ní h-amháin le pléisiúr a dhéanamh do dhaoinibh, ach fós le míorbhúiltí a dh'oibriú.) Uair eile dubhairt sí le n-a Máithrín: "Gheobhfad mórán grásta ar Neamh do na daoinibh a bhí go maith dhom i bhfus ar an saol seo. Maidir leat-sa, a Mháithrín, gheobhfad an oiread sin duit nach mbéidh gnó agat d'á lán acubh; ach cuirfidh siad lúthgháir ort agus sólás." Bhí Siúr áithrid ann a raibh aimhreas uirthi faoi fhoighid na Siúrach Treasa. Ach lá d'á raibh sí 'san otharlann ag déanamh a cuairte, chonnaic sí lonnrú neamhdha an áthais ar aghaidh na Siúrach Treasa
agus d'fhiafruigh di cé'n fáth a raibh sí chómh h-áthasach sin. "Tá," arsa'n Naoimhín, "toisg go mothuighim an phian ghéar seo ag dul tríom. Rinneas mo dhícheall i gcómhnuí riamh leis an bhfuilinnt do ghrádhú agus le fáiltiú roimpi." "Nuair a bhím ag fuilinnt go mór," ar sise, uair eile, "nuair a ráinigheann neithe cruadha míothaitneamhacha dhom, i n-ionad bheith gruamdha nó duairc d'á mbárr, is amhlaidh a ghním meangadh gáire. I dtosach ní h-i gcómhnuí a d'éirigheadh liom sin a dhéanamh. Anois, áfach, tá sé mar nós again, agus is mé atá go lán-tsásta faoi gur shaothruigheas é mar nós." "Cé'n fáth a bhfuilir chómh ríméadach sin ar maidin, a mhaoineach?" d'fhiafruigh an Mháthair Agnès de Jésus di. "Tá, a Mháithrín," arsa Treasa Bheag, "toisg go raibh dhá phian bheaga le fuilinnt agam ar ball! Níl rud ar bith is mó a chuireas ríméad orm ná na pianta beaga seo." Agus uair eile: "Bhí a lán le fuilinnt agat indiu, nach raibh?" "Bhí, ach is amhlaidh is maith liom a bheith ag fuilinnt… is maith liom gach a dtugann Dia na Glóire dhom." "Is uathbhásach an chaoi a bhfuilir a' fuilinnt." "Ó, ní h-eadh go deimhin! Cé'n chaoi a mb'uathbhásach le h-íodh- bairtín Grádha na neithe a chuireas an Céile diadha chuige? Ní thugann Sé dhom ach a mbíonn ar mo chumas a fhuilinnt ó nóiméad go céile, sin a' méid. Agus má dhéanann Sé na fuilinntí a mhéadú an chéad nóiméid eile, méaduigheann Sé mo neart d'á réir. Ní fhéadfainn go deó, áfach, fuilinntí níos géire a dh'iar- raidh Air, mar táim ró-bheag ró-lag-bhrígheach chuige sin. Fuil- inntí liom féin a bhéadh ionnta annsin, agus chaithfinn iad a dh'iomchar im' aonar; agus níor fhéadas rud ar bith a dhéanamh asam féin ariamh gan cabhair ó Dhia na gcomhacht." B'shin mar do labhair sí ar leaba a báis, an mhaighdean chríonna chiallmhar sin a raibh a lóchrann lán d'ola na subháilcí agus é ar lasadh aici go deire. Má deir an Spiorad Naomh linn i Leabhar na Sean-Fhocal go "n-aithnightear teagasc fir ó n-a fhoighid," 1 ní misde do'n druing a chuala cainnt na Siúrach Treasa a teagasc do chreisdint anois, ó tá deimhne a foighde do-ghluaiste curtha aici go daingean ar an dteagasc sin. Nuair a thugadh an doctúir cuairt uirthi, níorbh fhéidir leis a mhór-iongantas do cheilt orainn: "Á! dá mbéadh a fhios agaibh an
chaoi a bhfuil sí ag fuilinnt! Ní fhacas le mo bheó aoinne arbh fhéidir leis an oiread sin a fhuilinnt agus a bheith chómh h-áthasach croidhiúl sin 'san am chéadna. Aingeal atá innti gan aon agó!" Bhíomar 'á chur i n-umhail dó cé'n brón mór a bhí orainn mar gheall ar ár stóirín do chailleadh. "Ní fhéadfad a leigheas," ar seisean; "ní le h-aghaidh an t-saoil seo í." Ar n-a thabhairt faoi deara dhó go raibh sí ag dul i n-ísle-bhríghe go mór, d'órduigh sé deoch neartmhar áithrid di. Ba dhaithnid le Treasa sin i dtosach, mar gheall ar an gcostas; ach dubhairt sí linn annsin: "Ní daithnid liom níos mó na dighthe daora cos- tasacha seo a dh'ól, mar do léigheas faoi N. Gertrúde agus cé mar a bhíodh lúthgháir uirthi, ag machtnamh di go gcúiteóchadh Dia an t-iomlán le n-ár maithdhéantóirí, do réir mar adubhairt Íosa féin: "An fhaid a dheineabhar é do dhuine de'n chuid is lugha de m'bráithribh annseo, do dheineabhair domhsa é."" 1 "Is deimhin liom nach bhfuil luibh ná lusra íce ann do leighseóch' mé," ar sise aríst, "ach is é an chaoi go bhfuil margadh déanta agam le Dia le go gcuirfidh Seisean an aire agus an cúram seo go léir i sochar do na missiúnéiribh bochta nach bhfuil sé dh'ionbhaidh ná de chaoi acubh aire a thabhairt dóibh féin." Má bhí Treasa Bheag go fial flaithiúl le n-a Céile diadha, níor sáruigheadh Eisean i bhflaitheamhlacht di-se, mar chuireadh Sé A ghean i n-umhail ar a lán slighthe beaga. Bláthana breághtha cumhra ó n-a muinntir a bhéadh ann, uaireannta: uair eile, thiocfadh spideóigín gleoite teanntásach isteach ag léimnigh thart ar a leapthain, agus é ag dearcadh uirthi go muinntreach agus ag déanamh mórtais léithi go gceapfá go raibh sean-aithne aca ar a chéile. "A Mháthair," adeirfeadh sí annsin, "déanann cineál- tas caoin an Tiarna mé do chorruighe go mór; do'n taobh amuigh, táim dom' mhuirniú Aige ar gach aon t-saghas cuma… Agus tá an t-iomdhorchadas duaibhseach i mo chroidhe a's im' anam i gcomhnuí! …Is mór mar atáim ag fuilinnt, is mór sin! Ach má' seadh féin, is iongantach go deo an t-síocháin mhór atá ar mo chroidhe. Gach mian d'á raibh agam táid cóimhlíonta… tá muinín mhór agam as Dia agus dóchas láidir." Sgathamh 'n-a dhiaidh sin d'aithris sí an t-eachtra beag taith- neamhach seo: "Oidhche amháin, le linn an toist mhóir, tháinic an otharuidhe isteach chugam gur chuir sí buidéal uisge ghalaigh le mo
chosaibh agus gur dhathuigh sí mo chliabhrach le h-ídín. Bhíos ar lasadh leis an éagcruas agus caillte leis an tart, i dtreó nár fhéadas gan mo chasaoid a dhéanamh leis an dTiarna faoi'n droch-bhail a bhí orm. "A Íosa dhil," adeirim Leis, "chíonn Tú féin go bhfuilim tré theinidh cheana féin, agus seo tuille teasa agus teineadh 'á thabhairt chugam anois! Dá mbéadh leath-ghloine uisge féin agam i n-ionad na neithe seo uilig nár mhó go mór an faois- eamh agus an fionnfhuaras a bhéarfadh sin dom!… A Íosa dhil, tá tart an-mhór ar Do pháistín! Ach tá áthas orm 'san am chéadna an t-amhgar seo a fhuilinnt, amhail mar a d'fhuilingis Féin é tráth, d'fhonn anmnacha do shábháil Duit." "D'imigh an otharuidhe gan mórán moille, agus shíleas, nídh nach iongnadh, nach bhfeicfinn aríst í go maidin. Ach nach orm-sa a bhí an t-iongantas go léir, nuair d'fhill sí isteach chugam i gcionn cúpla nóiméid, agus deoch bhreá fhionn-fhuar léithi: "'Sé an chaoi a rabhas 'á cheapadh ar ball go mbéidir go mbéadh tart ort, a chuid," ar sise, "bhéarfaidh mé deoch mhaith bhríoghmhar mar seo dhuit gach oidhche feasta." Do dhearcas uirthi le h-iongantas, agus ní raibh ionnam focal do rádh, agus nuair do fágadh liom féin aríst mé, thosuigheas ag sileadh na ndeór go fras. Ó! nach maith É Íosa, agus nach lághach cineálta! Nach furust' A Chroidhe Naofa do bhogadh!" An 6adh lá de Mheadhon Fóghmhair fuair sí deimhne an-áithrid ar ghrá Chroidhe Íosa dhi, agus deimhne do b'eadh í do chuir árd-áthas uirthi. Taise de Théophane Beannuithe Vénard a bhí ann. Ba mhinic dhi roimhe sin a bheith 'á iarraidh orainn rud éigin do bhain le n-a caraid naofa do chur ar fáil di. Ach ó chonnaic sí nach rabhthas 'á sholáthar, níor labhair sí faoi'n scéal ní ba mhó. Agus mar sin de, bhí iongnadh agus áthas croidhe uirthi nuair do sheachaid an Mháthair Airchinneach an taise luachmhar dhi. Do phóg sí an taise aríst agus aríst eile agus níorbh áil léithi a leigint uaithi go h-éag. Fiafróchaidh duine, béidir, cé'n fáth a raibh an cion mór neamh- choitianta sin ag Treasa ar Théophane Beannuithe Vénard? I gcómhrádh a bhí aici le n-a driféaracha ionmhuine féin d'innis sí dhóibh cé'n fáth: "Naoimhín beag bídeach iseadh Théophane Vénard," ar sise, "beatha choitianta neamh-iongantach is eadh a bheatha. Bhí grá mór aige ar an Mhaighdin Ghlórmhair; bhí cion mór aige ar a mhuinntir féin." Agus annsin do bhrúgh sí ar na foclaí deireannacha sin: "Bhí, agus tá cion mór agam-sa ar mo mhuinntir freisin! Ní thuigim na naoimh nach raibh cion acubh ar a
muinntir!… Na litreacha deireannacha do scríobh sé chuig a ghaolta, tá giotaí asta scríobhtha síos agam dhaoibh-se mar chuimh- niúchán: Is iad mo chuid-se smaointe iad mar an gcéadna, is cosamhail a anam le m'anam féin." Nach gceapfadh duine ar bith gurbh ó chroidhe agus ó pheann ár Naoimhín féin do tháinic na giotaí seo a leanas: "Ní fhághaim aon rud ar an saol seo a d'fhéadfadh sonas a thabhairt domh. Tá mo chroidhe ró-mhór le go bhféadfadh rud ar bith a dtugtar sonas air annseo thíos é do shásamh. Imigheann mo smaointe ar foluamhain fé dhéin na Síorruíochta; tá an aimsir i ndáil le bheith caithte! Tá mo chroidhe chómh suaimhneasach leis an loch chiúin nó leis na spéartha gorma. Níl aon chaitheamh-'na- dhiaidh orm ag imeacht as an saol seo dhom: is amhlaidh atá íota orm agus mé ag dúil le h-uisgeachaibh na beatha síorruí… "Tamaillín eile anois, agus tréigfidh m'anam an talamh, béidh deire Le mo dheoruidheacht, agus béidh an comhrac cruaidh thart. Táim ag dul suas chun na bhFlaitheas! Táim le dul isteach i n-áitreabh úd na bhFíoraon mar a bhfeicfead áilneachtaí nach bhfaca súil duine a leithéidí fós ariamh, mar a gcloisfead an t-oirfideadh ceólmhar nár chuala cluas duine a leithéid fós, mar a mbéidh áthas agus aoibhneas agam nár bhlais an croidhe a leithéidí fós ariamh… Féach! an lá seo a rabhamar uilig ag tnúthán leis go dúilmhar, tá sé buailte liom-sa fá dheóidh! Is fíor go deó gurab iad laga an t-saoil seo a thoghas Dia chun lucht nirt do dhalladh. Ní ar mo neart féin atáim ag brath, ach ar neart an t-É do bhuaidh ar chomhachtaibh ifrinn ar Chrann na Croise. "Níl ionnam ach bláithín earrachúil atá ag an nGarrdhadóir diadha 'á stathadh mar phléisiúr Dhó féin. Bláthanna is eadh sinn uile go léir atá curtha i ngáirdín seo an Tiarna agus a stathas Dia 'n-a gceann agus 'n-a gceann: tamaillín níos túisge nó tamaillín níos deireannaí… Mise, nach bhfuil ionnam ach bláithín díombuan aon-lae, táim ag imeacht liom rómhaibh amach! Lá éigin amach annseo, casfar ar a chéile aríst sinn uile go léir i gCathair gheal na glóire, agus béidh áthas agus aoibhneas againn i gcuideachta a chéile go síorruí sutháin." An tSr. Treasa leis an Leanbh Íosa, (agus í ag baint féidhm as bréithribh an mhairtírigh naofa, Théophane Vénard.) Lá éigin, tarraint ar dheire Mheadhon Fóghmhair, bhíothas ag innseacht do Threasa faoi chainnt áithrid adubhradh le linn an
chaitheamh-aimsire i dtaobh freagrachta na druinge a mbíonn cúram na n-anmnacha ortha. Leis sin do bhíodhg sí nóiméad gur labhair sí na bréithre breághtha seo: "Tugtar trócaire do'n té atá beag! 1 Agus is féidir fanacht beag faoi na cúraim is mó agus is aoirde féin. Agus nach bhfuil scríobhtha go n-éireóchaidh Dia i mbreitheamhnais an lá deireannach chun go saorfaidh Sé gach mín ar talamh? 2 Ní "chun go dtabharfaidh Sé breith ortha," adeir sé, ach "chun go saorfaidh Sé iad"!" Ach cheana, bhí rabharta an dóláis ag tuileadh go tréan. Bhí ár Siúirín ionmhuin chómh claoidhte sin mar seo nach raibh innti an cor ba lúgha féin do chur di gan cuidiú. Daoine a bheith ag cainnt i bhfogus di, dá mba ós íseal féin é, ní fhéadfadh sí fuilinnt leis; agus leis an gcaoi a raibh an t-éagcruas 'á traochadh, ní raibh ar a cumas focal amháin do labhairt gan strómh agus mórthuirse. D'á dhonacht dh'á raibh sí, áfach, bhí aoibh an gháire ar a beolaibh i dtóláimh. Uaireanta, béidir, do chífí scamall beag ag éalú leis treasna a h-éadain míne, i n-áit a mbéadh imnidhe uirthi ar fhaitíos go raibh sí ag cur barraidheachta trioblóide ar na Siúracha. Go dtí an dara lá roimh a bás, níorbh áil léithi duine ar bith a bheith i n-éindtigh léithe i gcaitheamh na h-oidhche. I n-aimhdheóin a gcuireadh Thérèse d'fhainiceacha uirthi, áfach, d'éaluigheadh an otharuidhe isteach ag amharc uirthi i rith na h-oidhche go minic. Uair d'ár bhuail sí isteach ar an gcuma sin, fuair sí an tSr. Treasa agus a dhá láimh dlúithte le n-a chéile aici agus í ag féachaint suas chun na bhFlaitheas. "Céard atá tú a dhéanamh 'chor ar bith?" ar sise; "ag iarraidh néal beag codlata a fháil badh cheart duit a bheith an tráth seo d'oidhche, a chuid." "Ach, a Shiúr liom, ní fhéadaim codladh leis an gcaoi a bhfuilim ag fuilinnt! agus mar sin de, bím ag guidhe…" "Agus céard a bhíonn tú a rádh le h-Íosa?" "Ní abruighim rud ar bith Leis; ní dhéanaim ach' grá a thabhairt Dó!" "Ó! nach maith é Dia!…" adeireadh sí, uaireanta. "Caith- fidh sé go bhfuil Sé go h-iongantach maith, go deimhin, ó's rud é go dtugann Sé an neart domh le n-a bhfuil le fuilinnt agam a dh'iom- chur go foighdeach."
Lá n-aon, dubhairt sí leis an Mháthair Airchinneach: "A Mháthair, badh mhaith liom stáid m'anama do nochtadh dhuit; ach táim chómh corruighthe sin nach bhfuil ionnam a dhéanamh go fóill beag." Tránóna an lae sin, chuir Thérèse chuici na línte seo agus iad scríobhtha le peann-luaidhe de láimh chraitheach: "A Dhia dá bhfóghnaim! Nach Tú atá go maith d'íodhbairtín Do Ghrádha thró- cairigh! Anois féin, nuair atá na fuilinntí foirimeallacha seo Agat 'á chur orm i dteannta trialta m'anama, ní thig liom a rádh: "Tá dóláis an bháis im' thimcheall." 1 Ach is amhlaidh a sgairtim amach le mór-bhuidheachas: "Má's i lár sgamail an bháis féin a shiubhlóchad, ní bheidh eagla orm roimh dhroch-nídh, toisg Tú a bheith agam, a Thiarna." 2 "Síleann daoine áithride go bhfuil eagla ort roimh an mbás," arsa'n Mháthair Agnès léithi. "Agus béidir fós go mbéadh," arsa Thérèse, "ní bhím ag brath ar mo ghustal féin a choidhche, mar is eól dom nach bhfuil ionnam ach lagachar. Is mian liom, áfach, sásamh do bhaint as an mothú síochána a bheir Dia dhom fá láthair. Ní beag liom a luathacht a thiocfas a mhalairt de mhothú. "D'fhiafruigh an Séipléanach díom an rabhas sásta bás a fháil, agus séard a dubhras leis: "Ó, a Athair, is le bheith beó is doiligh liomsa a bheith sásta… Fáilte na bhfáiltí a chuirfeas mé roimh an mbás!" "Ná bíodh brón ort, a Mháithrín, má bhéidh mé ag fuilinnt go mór ag an nóiméid deireannach agus gan aon chomhartha aoibhnis ná áthais agam 'á thaisbeáint. Ár dTiarna Íosa Críost féin nach mar íodhbairt-grádha a d'éag Sé, agus féach an ghleic chruaidh a bhí Aige!…" An 29adh de Mheadhon-Fóghmhair .i. an lá roimh lá a báis, ag a naoi a chlog 'san oidhche, bhí an tSr. Geneviève de la Sainte Face (Céline) i seomra na Siúrach Thérèse ag déanamh a cuairte, nuair a chualadar araon go gléineach torann eiteógaí chuca ón ngáirdín, agus láithreach 'na dhiaidh sin do thuirling féarán, nach raibh a fhios cá dtáinic sé, thuirling sin ar lic na fuinneóige amuigh agus é ag corracú. I gcionn cúpla nóiméid d'imigh leis aríst ins na spéirthibh uatha. B'iongantach leis an mbeirt deirbhshiúr teacht an éin chaointigh sin, agus chuimhnigheadar ar bhréithribh na Caintice: "Tá glór an fhéaráin le clos, tá an geimhreadh imighthe cheana
féin, do stad an fhearthainn agus d'imigh sí: éirigh a ghrá liom, a cholúr liom, agus tar." Faoi dheire thiar, d'éirigh lá geal aoibhinn na síorruíochta ar ár Naoimhín! Diardaoin a bhí ann, an 30adh lá de Mheadhon Fóghmhair. Ar maidin an lae sin, do dhearc sí ar dheilbh na Maighdine Muire agus adubhairt linn: "Nach mé do ghuidh go dian dúthrachtach í aréir!… ach b'é an comhrac cruaidh gan faoiseamh gan sólás a bhí ann… Tá aer an t-saoil seo ag cailleadh orm; cathain a bheidh aer glan na bhFlaitheas agam?" Ag a dó a chlog d'éirigh sí aniar 'sa leabaidh, rud nach raibh inntí a dhéanamh le roinnt seachtainí roimhe sin, gur sgairt sí amach: "A Mháthair, tá an chailís lán go béal! Ní chreidfinn go deó go bhféadfadh duine an oiread sin a fhuilinnt… níl a fhios agam cé'n t-siocair atá leis, munab í an dúil mhór atá agam anmnacha do shábháil í…" Agus go h-aibéil 'n-a dhiaidh sin aríst: "Is fíor ar scríobhas faoi'n dúil a bhí agam 'san bhfuilinnt, is fíor go deimhin! Níl aithmhéala ar bith orm faoi go dtugas mé féin suas go h-iomlán do'n Ghrá." Agus dubhairt sí na bréithre deireannacha sin aríst agus aríst eile. Tamaillín 'n-a dhiaidh sin dubhairt sí: "A Mháthair, déan mé a dh'ullmhú le bás maith a fháil." Do chuir an Mháthair airchinneach misneach uirthi leis na bréithribh seo: "Tá tú réidh go maith, a leanbh, le dul i bhfiadhnaise Dé, mar thuig tú i gcómhnuí riamh subháilce na h-úmhluigheachta." "Is fíor dhuit sin, a Mháthair, tig liom a rádh nár thóirigheas aon rud ariamh ach an fhírinne… Thuigeas céard is úmhluigheacht chroidhe ann!" Níor mhisde dí, go deimhin, an teist bhreá fhírinneach sin do thabhairt uirthi féin. Ag leath-uair tar h-éis a ceathair, tránóna, bhí cómharthaí cróilidhe an bháis le tabhairt faoi ndeara uirthi, agus cuireadh fios ar an gcóimhthionól. Ní túisge a chonnaic an tSr. Treasa na mná-rialta ag bailiú isteach ná do ghabh sí a buidheachas leó le meangadh geal sochmaidhe. Annsin rug sí ar a crois 'n-a láimhíní tanaidhe lagbhrígheacha leis an gcomhrac deireannach a dh'fhearadh. Bhí an fuar-allus ag tuitim anuas le n-a gruadhnaibh go fras; bhí sí ar crith… Ach an luamaire eólach atá buailte leis an gcuan ní chailleann ar a mhisneach i lár na stoirme fraochmhaire, agus ar an gcuma gcéadna chonnaic an mhaighdean chalma seo s'againne, a raibh an creideamh beó láidir 'n-a croidhe aici
An tSr. Treasa ag Séalthú — "A Dhia! mo ghrá… Thú!"
chonnaic sí an rabhachán lonnrach i bhfogus di ar thráigh na Síorruidh- eachta, agus thug sí an tréan-iarracht deireannach ar an gcuan do bhaint amach. Nuair do baineadh clog na mainistreach i gcóir an Angelus tránóna, do dhearc an tSr. Treasa go grinn ar Réalt na Mara, ar dheilbh na Maighdine Glórmhaire gan Teimheal, agus bhí féachaint do-inniste 'n-a caomh-rosgaibh. Nach raibh an uair tagtha fá dheoidh 'n-a bhféadfaí a bréithre féin do chanadh: Do chonnac, a Mháthair, miongháire do bheol Ar maidin mo shaoghail, Ná bronnfair miongháire do ghrádha orm fós Ar scaradh do'n ghréin. "A Mháthair," ar sise le n-a h-uachtarán, ar a seacht a chlog nó mar sin, "nach í an chróilidhe í?… Nach bhfuil an bás agam?…" "Is í an chróilidhe í cinnte, a thaisgidh, ach béidir gur mian le h-Íosa do chuid pianta do bhuanú go fóillín." Ar n-a chloisteál sin di, dubhairt sí de ghlór bhog chaointeach: "Tá go maith, mar sin… bíodh mar atá… Ó! níorbh mhaith liom níos lúgha a fhuilinnt!…" Annsin do dhearc sí ar a Crois agus adubhairt: "Ó!… mo ghrá go deo É… A Dhia, mo ghrá… Thú!!!!!" B'shin iad na foclaí deireannacha do labhair sí. Ní baileach a bhíodar ráidhte aici nuair do thuit sí siar go tobann, agus bhí a ceann beagán fiar-dheasach aici ar nós duine de na maighdeana- mhairtíreacha a bhéadh 'á cur féin i dtreó do bhéal an chlaidhimh; nó, badh chóra a rádh, ar nós duine a bhéadh 'n-a íodhbairt-ghrádha agus é a' dúil leis an ngath lasrach ó'n t-Saighdeóir Diadha, a thabharfas air bás a fháil… Bíodhgann sí suas de sciotán, mar a bhéadh guth nach saolta ag glaodhach uirthi, foscluigheann a súile 'n-a bhfuil an t-síocháin neamhdha agus an lúthgháir dho-inniste le tabhairt faoi ndeara, agus dearcann sí uaithi ar rud éigin beagáinín ós cionn deilbhe na Maighdine Muire. D'fhan sí mar sin ag dearcadh uaithi an fhaid a bheitheá a' rádh an Credo gur shéalthuigh sí go ciuin ciuin, agus gur thóg an Fiolar Diadha A chreach luachmhar chun siubhail leis go Cathair gheal na glóire síorruí…
Roinnt laetheanta sul má fuair sí bás, dubhairt an tSr. Treasa: "An bás tré ghrá a bhfuil dúil agam ann, bás ar nós báis Íosa ar Chrann na Croise is eadh é." Agus tugadh áird agus toradh ar a dúil, mar bhí an dorchadas agus an dólás ar a croidhe go deire. Ach má bhí féin, ní misde dhúinn a rádh 'san am chéadna gur fíoradh innti an tairngreacht bhreá úd atá ag N. Eóin na Croise i dtaobh na n-anmnacha a ídightear le grá Dé: "Éagaid i dtáimhnéal iongantach agus le foghanna fíochmhara fíor-thaithneamhacha an Ghrádha 'á dtraochadh, ar nós na h-eala a mbíonn a cantaireacht ag dul i mbinneas do réir mar a bhíos an bás ag teannadh léithi. B'shin é a thug ar Dháibhidh a rádh: "Is luachmhar i radharc an Tiarna bás A naomh"; mar, sin é an uair a sceinneann tréan-tuile an ghrádha amach ón anam go dtuiteann sí isteach i mbóchna mhóir Ghrádha Dé." Ní túisge a bhí a h-anam glan gléigeal imighthe ag triall ar Chéile na n-Ógh ná tháinic meangadh sochmaidhe séimh ar a h-aghaidh. Chuireamar craobh phailme 'n-a glaic — an chraobh chéadna sin a gheobhfaí gan dreóghadh gan críonadh trí bliana déag 'n-a dhiaidh sin nuair do tógadh aníos an chómhnra de'n chéad uair (an 6adh lá de Mheadhon Foghmhair, 1910). Ag an uair chéadna thosuigh rudaí iongantacha áithride ag tuitim amach 'san mhainistir; agus béidir nach misde dhúinn cuid aca a aithris annseo. An chéad rud aca, thugamar cunntas air cheana féin, .i. an tSiúr úd do leigheasadh láithreach bonn ó fhuil-ghanntanas inchinneach nuair do phóg sí troightheacha ár marbhánaigh naofa agus do chuimil a h-éadan díobh. Fuair bean-rialta eile baluth breá cumhra salchuach 'n-a seomra cidh nach raibh bláth ar bith ann. Duine eile fós, mhothuigh sí an phóg mhilis úr a thug duine do-fheicse éigin di. Beirt bhan-rialta a bhí buil a chéile, chonnaic duine aca loinnir 'san spéir agus chonnaic an duine eile coróinn shoillseach a bhí dh'á h-árdú féin suas ó'n dtalamh go ndeachaidh sí ó léargus ortha 'sna glinntibh. An Satharn agus an Domhnach d'ár gcionn bhí na daoine ag teacht 'n-a dtáintibh go crannghail an Chóraidh s'againne le féachaint ar an "ríoghain bhig' agus í sínte annsúd faoi chiuineadas eol- chaireach agus faoi mhaordhacht chaithréimigh an bháis. Chuireadar isteach na céadta paidrín agus bonn agus go fiú na seód le go ndéanfaimís iad do chur ag teangmháil le caomh-chorpán ár Naoimhín.
Tachrán deich mbliana a bhí ar na daoinibh do tháinic, fuair sé baluth cumhra lilí, rud nárbh fhéidir a mhíniú, toisg gur bhláthana tacair a raibh de bhláthana ar an gcomhrain. Lá na sochraide, an 4adh lá de Dheire Fóghmhair, bhí gasra líonmhar sagart bailighthe thart ar ár marbhánach chaoin; agus ar ndóigh, bhí an onóir sin tuillte go maith aici, mar nárbh í a ghuidh go dúth- rachtach i gcómhnuí ar son na sagart. Agus annsin cuireadh beannacht deireannach na h-Eaglaise ar an ngráinnín luachmhar arbhair gur caitheadh isteach 'san úir é le bás a fháil agus le toradh a thabhairt uaidh… Fíoradh go h-áluinn ó shoin briathar úd an Bhuanuidhe Dhiadha: "Mura bhfághaidh an gráinne arbhair a thuiteann 'sa talamh bás, ní bhíonn ann ach é féin; ach má gheibheann sé bás tugann sé toradh mór uaidh." Is ionnduail go bhfanann an toradh sin i bhfolach annseo thíos, ach b'é toil Dé, do'n chor seo, an toradh do thaisbeáint dúinn i bhfus ar an t-saol seo féin le go mbreathnóchaimís thart timcheall orainn agus go mbainfimís lán na súl as an bhfóghmhar bhreá reidh- siúl atá ag gealadh cheana féin, tré eadarghuidhe ár Naoimhín, i ngach bhall ón nDomhan Thoir go dtí an Domhan Thiar … Míle altú le Rí na bhFeart ar son an fhóghmhair sin! Mar is É féin amháin Príomh-Úghdar na mór-iongantas sin uile go léir. Ámén, a Thiarna!
I. AR THÁRLA Ó SHOIN. "Is mian liom mo ré ins na Flaithis do thabhairt ag déanamh maitheasa ar fuaid an tsaoil seo," adubhairt Treasa Bheag, uair, agus dubhairt sí fós: "Tar héis mo bháis scaoilfead anuas cioth de rósaibh!" Chómh maith do scaoil; mar ba dheonuightheach le Rí na glóire a mianta móra do chóimhlíonadh go h-iomlán. Nuair do cuireadh "Scéal a h-Anama" i gcló de'n chéad uair, thaithn sé chómh mór sin le daoine gur ghearr go rabhthas 'á lorg go cíocrach i ngach aon bhall. Tháinic d'á chionn sin gur cromadh ar an leabhar sár-iongantach sin dh'aistriú i dteangthachaibh iolardha na náisiún. D'fhás cráibhtheacht agus grádh dhi gan aon achar i measg daoine de gach cine agus treabhchas i gcéin agus i gcomhgar. Tosuigheadh ag guidhe chuici agus ag iarraidh aiscí agus athchuingí uirthi. Leis sin do dhírigh sise ar a cuid róisíní do scaoileadh anuas ó Árdaibh na bhFlaitheas, 'n-a gceann agus 'n-a gceann chun tosaigh agus annsin 'n-a gceathannaibh fairsinge fiala gan sos gan sguireadh. Agus ní h-áidhbhéil a rádh nach bhfuil tír ná treabh fé luighe na gréine indiu nach bhfuil a gcion féin fáighte aca de na róisínibh míorbhailteacha sin .i. leighiseana ar ghalaraibh iomadúla, cabhair agus furtacht i n-am an ghátair, sláinte anama agus aith- righe thráthamhail do'n pheacach bhocht a bhí ar fán ó Chríost le fada de bhliantaibh, iompáil chun an chreidimh do dhaoinibh a bhí ag siubhal rompa i ndoircheacht an dí-chreidimh, agus éagsamhlacht mhór neithe iongantach eile badh liosta le h-áireamh. Tá na ceathanna míorbhailteacha sin ag tuitim i gcomhnuí, agus bíodh go bhfuil seacht gcinn de leabhraibh lán d'á dtuairsgí againn, níl cunntas iomlán againn 'n-a dtaobh 'n-a dhiaidh sin, ná baol air. An chéad nídh eile — tosuigheadh ar labhairt faoi Chúis Naomhuighthe na Siúrach Treasa do chur fé bhrághaid na h-Eaglaise. Bhí an vox populi le clos ó chian agus ó chómhgar agus iad 'á iarraidh d'aon-ghuth go ndéanfaí a "naoimhín" do chur suas ar na h-altóir-
ibh dóibh. Do chrom lucht ceannais na h-Eaglaise ar a Cúis d'infhiúchú agus do phléidhe. An 10adh lá de Mheitheamh na bliana 1914 do rinne an Pápa Pius X. Tabhairt-isteach na Cúise do shighniú. An 14adh lá de mhí na Lughnasa, 1921, do chuir A. N. Benedicht XV. an Reacht amach um Laochas na subháilcí do chleach- tuigh Cumhal seo Dé. Annsin do rinneadh dhá cheann d'á cuid míorbhailtí do mhion-scrúdú go géar gur chuir A. N. Pius XI. deimhne agus séala údaráis na h-Eaglaise ortha, an 11adh lá de mhí na Feabhra, 1923. Bhí gach nídh i gceart agus i gcóir annsin, agus an 29adh lá d'Aibreán na bliana céadna sin (1923) rinne an Pápa Pius XI. an tSiúr Treasa do bheannachadh go solmánta caithréimeach i gCathair na Róimhe. Do lean taumaturga na linne seo uirthi ag múrghail a cuid róisín anuas ar gach taobh. Cuireadh dhá mhíorbhailt úr-nua léithi fé mholadh agus fé scrúdú na h-Eaglaise gur chuir sise a deimhne údarásach ortha i mí na Márta, 1925. Annsin tháinic lá mór caithréimeach Thérèse — an 17adh lá de mhí na Bealtaine, 1925. Duine ar bith a raibh sé de mhór-phribhléid aige bheith i bPríomh- Chathair na Críostuigheachta an uair sin, cuimhneochaidh sé a choidhche ar an lá do-dhearmadtha do-sháruighthe úd 'n-ar canónduigheadh an t-Siúr Treasa leis an Leanbh Íosa. Chonnaiceamar an lá sin gan bhréig gan áidhbhéil annsúd "an sluagh mór nárbh fhéidir d'aoinne a chóimhreamh as na cineachaibh go léir agus as na pobulaibh go léir agus as na teangthachaibh go léir" — iad annsúd ó gach áird, ó'n gCian-Oirthear agus ó'n gCian-Iarthar, agus Treasa Bheag 'ghá dtarraint agus 'ghá dtarraint nó go gceapfá go raibh sí le feiceál aca ós comhair a súl faoi na mílte lampa aibhléise i nÁrdteampol sin an domhain mhóir .i. Teampol Pheadair 'san Róimh. Annsin nuair do léigh an Pápa Reacht údarásach a Canóndúcháin amach agus do thosuigh an mór-shluagh do-áirmhighthe sin ag canadh an Te Deum d'aon ghlór mór cómhfhuaimneach amháin, ní fhéadfá gan cuimhneamh ar bhréithribh N. Eóin, ag cur síos dó ar an Ierúsalem Nua: "Do chualas mar a bhéadh glór ó shluagh mhór, agus mar a bhéadh glór ó uisgeachaibh iomadamhla, agus mar a bhéadh glór ó thóirthneachaibh torannacha, agus iad 'á rádh: Aillelúia." Bhíomar annsúd fé bhrat agus fé choimirce Thérèse, idir chléir agus tuatach, idir íseal a's uasal, idir shaidhbhir a's daidhbhir, gan deifridheacht ná idirdhealú ann "idir Iúdach agus Gréagach," agus sinn ag moladh Dé i n-aoinfheacht faoi go ndearna Sé an
naoimhín chaoin seo do chur chugainn agus do ghlóiriú le n-ár linn féin mar lóchrann d'ár gcosaibh agus mar shólás d'ár gcroidhthibh i n-aois seo an dorchadais agus an díomais agus an dí-chreidimh. Dia Domhnaigh, an 17adh lá de mhí na Bealtaine, a bhí ann. Dá saoghluigheadh Dia an tSiúr Treasa go dtí an lá sin ní bhéadh sí ach dhá bhliain déag is dachad d'aois! Is láidir éifeachtúil a h-eadarghuidhe agus a h-eadarghabháil i gCathair na Naomh anois. Téighimís ag triall uirthi go muiníneach i n-am an ghátair agus an amhgair agus an dóláis. Leanaimís a lorg go dílis, mar deir sí féin: "Is siúrálta slán é mo bhealach-sa," agus thairis sin tá údarás na h-Eaglaise againn anois 'á dheimhniú dhúinn gurab inleanta a lorg agus a teagasc. A Threasa bheag chaoin, déan eolas dúinn ar chasán na naoidhean mbeag, soirbhigh dhúinn i nguais, treoruigh slán tré dheoruíocht na beatha seo sinn go dtagaimíd go dtí an áit mar a bhfuilir féin buil Dé agus A Mháthar Bheannuithe i gCathair cheólmhair na Naomh!
An tSr. Treasa i ndiaidh a Báis. "Bás d'fhághail le grádh, mairtíreacht aoibhinn. An bás thar bárr d'athchuingighim le díograis."
II. GNÍOMH OFRÁLA DO GHRÁDH TRÓCAIREACH DÉ. (N. Thérèse leis an Leanbh Íosa do chum. 1) A Dhia dhil! a Thríonóid naofa! is é mo dhúil Tú do ghrádhú agus Tú do chur Dod' ghrádhú, mo dhúthracht do chaitheamh chun glóire na hEaglaise naofa leis na hanamnachaí atá ar an dtalamh do thárrtháil, agus leis na hanamnacha bochta atá ag fuilinnt na bpian san Phurgadóir dh'fhuascailt. Is é mo dhúil Do Thoil-se do choimhlíonadh go hiomlán, agus teacht chun na céime sin glóire atá ceaptha Agat i Do Rígheacht domh; i bhfocal amháin, is é mo dhúil bheith i mo naomh, ach mothuighim m'easbaidh nirt, agus táim Do ghrádhuighis chomh mór sin mé is go dtugais T'Aon-Mhac féin dom mar Shlánuightheoir agus mar Chéile, agus ar an ádhbhar sin is liom-sa stór do-chuimsighthe A uasal-luaidheachtaí, agus déanaim an stór sin d'ofráil Duit-se anois go háthasach, á iarraidh Ort gan breathnú orm ach tré Aghaidh naofa Íosa agus 'n-A Chroidhe atá ar lasadh le GRÁ. Ofráilim Duit fós mórluacht uile a bhfuil de naoimh ar Neamh agus ar talamh, a ngníomhartha grádha agus gníomhartha grádha na nAingeal naofa; agus ofráilim Duit fá dheire thiar, a Thríonóid Bheannuithe, GRÁ agus mórluacht na Maighdine glórmhaire, mo Mháthair mhilis; is di siúd a bheirim suas m'ofráil á athchuinge uirthi í do sheachadadh Dhuit-se. Dubhairt a Mac muirneach, mo Chéile grádhach, nuair a bhí Sé annseo thíos ar an talamh, dubhairt Sé: "Má iarrann sibh aon rud ar an Athair i m'ainm tabharfaidh Sé dhaoibh é." Táim cinnte dhe, d'á bhrí sin, go dtabharfair áird ar na dúilibh seo atá agam féin; tá a fhios agam, a Dhia dhil, nach dá mhéid dárab áil Leat a thabhairt dúinn nach amhlaidh is mó na dúile a chuireas Tú ionainn. Mothuighim féin dúile móra gan teorainn
i mo chroidhe, agus is le muinín mhóir a iarraim Ortsa teacht agus seilbh do ghabháil ar mh' anam. Á! ní fhéadaim an Chomaoin Naofa Do ghlacadh chomh minic is ba mhaith liom féin, ach nach bhfuilir-se Uile-Chomhachtach, a Thiarna?… Fan ionnam, d'á bhrí sin, fé mar a bheitheá san Pháilliún, agus ná himigh ó D'íodhbairtín a choidhche… Ba mhian liom sólás do chur Ort i ngeall ar mhíobhuidheachas na ndrochdhaoine, agus aithcim Ort mo shaoirse, le n-a bhféadfainn buairt nó fearg do chur Ort, do bhaint díom; agus má ráinigh- eann dom tuitim ar uairibh tré mo lagar féin, go ndéanaidh D'fhéachaint Diadha m'anam do ghlanadh láithreach agus mo lochtaí go léir do loisceadh amach, ar nós na teine a ghníos gach aon rud dh'atharú innti féin… Bheirim mo bhuidheachas Leat, a Dhia na glóire, as ucht a bhfuil tugtha Agat de Do ghrástaibh dhom, agus go háithrid as ucht a thabhairt orm dul tré suacán na fuilinnte. Is mé a bhéas go haoibhinn áthasach ag féachaint dom Ort an Lá Deireannach agus slat ríoghdha na Croiche Céasta ar iomchar Agat; agus ó thárla gur dheonuightheach Leat an Chrois ró-luachmhar sin do thabhairt mar chómhroinn dom i bhfus, táim ag súil le bheith cosamhail Leat féin ar Neamh agus le lorga beannuithe Do Pháise a fheiceál ag soillsiú ar mo chorp ghlóirighthe… Táim ag súil le dul isteach i n-aoibhneas Farat san Athardha i ndiaidh deoruíochta na beatha seo, ach ní mian liom mórluacht do chruinniú le haghaidh na bhFlaitheas; is é mo mhian oibriú le grá Dhuit féin amháin, ní theastuigheann uaim ach áthas do chur Ort-sa, agus Do Chroidhe Naofa do shólású, agus anamnacha a bhéarfas grá Dhuit ar feadh na síorruíochta do thárrtháil. Um thránóna mo ré i bhfus tiocfad ós Do chomhair agus mo lámhaí folamh, mar nílim á iarraidh Ort, a Thiarna, m'oibreacha do chóimhreamh. Níl fíoraontacht, dá mhéid, nach bhfuil smál uirthi i Do láthair-se. Agus ar an ádhbhar sin is é mo dhúil-se D'fhíor- aontacht féin do chur umam agus seilbh shíorruí Ort féin d'fháil ó Do Ghrá. Níl de Chathaoir ríoghdha ná de Choróin uaim ach Thú féin amháin, a GHRÁ dhil!… Is neamhní Leat-sa an aimsir, is ionann aon lá amháin agus míle blian i Do láthair. Agus ar an ádhbhar sin tig Leat mé a ullmhú ar ala na h-uaire le teacht ós Dho chómhair… *Agus anois d'fhonn aon ghníomh mór Grádha iomláin amháin a dhéanamh de mo bheatha ar fad OFRÁILIM MÉ FÉIN MAR ÍODH-
BAIRT LÁNLOISCTHE DO DO GHRÁ THRÓCAIREACH, á athchuinge Ort mé dh'ídiú gan sos gan faoiseamh, agus na tuilte tréana cineáltais agus lághaidheachta do-chuimsighthe atá fáisgthe Ionnat do scaoileadh isteach ar mh'anam, agus ar an gcuma sin go rabhad i mo mhairtíreach ag Do Ghrá, a Dhia liom! Go ndéanaidh an Mhairtíreacht sin mé a ullmhú le teacht i Do láthair, agus go dtugaidh sí orm annsin bás a fháil fá dheoidh, agus go lingidh m'anam leis gan cuing gan ceangal isteach i mbarróig shíorruí DO GHRÁDHA THRÓCAIRIGH FÉIN… Is mian liom an Ofráil seo 1 d'athnuadhchaint Duit na mílte milliún uair le gach aon bhuille dá dtugann mo chroidhe go n-imighidh na scáileana ar neamhní agus go bhféadaidh mé mo Ghrá do chur i niúl Duit aghaidh ar aghaidh go síorruí suthain!… Marie Francoise Thérèse de l'Enfant Jésus et de la Sainte Face, Rel. Carm. ind. Lá Fhéile na Tríonóide ró-Naofa, An 9adh lá de mhí an Mheithimh i mbliain ár dTiarna 1895. 1 Tá na loghanna seo a leanas ag baint leis an Ofráil sin ón reannán* go dtí a deire .i. "Agus anois d'fhonn… go síorruí suthain." (i.) Logha 300 lá gach aon uair a nabruightear go cráibhtheach agus go haithrigheach í. (ii.) Logha iomlán, uair sa mhí, ar na coingheallacha coitianta, do gach aoinne adéarfas gach aon lá i gcaitheamh na míosa í.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services