Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beathafhéinscríbhinn Naoimh Treasa leis an Leanbh Íosa

Title
Beathafhéinscríbhinn Naoimh Treasa leis an Leanbh Íosa
Original Title
The Story of a Soul
Author(s)
Aistrithe ag an Athair Benedicht,
Translator
Benedicht, An tAthair, OCD
Composition Date
1926
Publisher
Siúracha Lughaidh Naofa, Coillte Mach

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Beathafhéinscríbhinn
Naoimh Treasa leis an Leanbh Íosa.



An tAth. Benedicht, O.C.D.
d'aistrigh ón bhFrainncís.



Roimh-fhocal.



Is ró-mhithid dúinn-ne, na Gaedheala, "L'Histoire d'une
Ame," .i. Beathafhéinscríbhinn N. Treasa leis an Leanbh Íosa, do
bheith againn 'i dteangain mhilis bhlasta bhuig ár náisiúin féin':
go mór-mór anois, tar héis a Canóndúcháin, ó's rud é go bhfuil
sí dá h-onórú ar fuaid an domhain mhóir ó eirghe na gréine go dtí
a fuinneadh, agus go bhfuil an leabhar iongantach taitneamhach
doimhin sin do scríobh sí, go bhfuil sin d'á léigheamh i dteangthacha
iolardha na náisiún agus i gcanamhaintí na dtreabh. Mar tá brí
éigin agus cumhracht ósnádurtha ag gabháil tré gahc leathanach den
leabhar sin a théigheas i bhfeidhm i gcroidhe an duine, agus a tharrain-
geas chun Dé é. Bíodh a fhiadhnaise sin ar na daionibh clúmhala
léigheanta do tháinic isteach 'san Eaglais Chatoilicigh nó do hiom-
puigheadh ar ais chun De ó bhealach a n-aimhleasa tré léightheóireacht
an leabhair sin "L'Histoire d'une Ame." Ní h-áidhbhéil a rádh
go bhfuil sé ar phríomh-leabhraí spioradálta na h-Eaglaise anois,
agus mairfidh sé, leis, mar ní théigheann leabhar den tsaghas sin
i seandacht a choidhche.



Is fearr go mall ná go ró-mhall, deirtear, agus táimíd ag
brath ar an aistriúchán Gaedhealach de "L'Histoire d'une Ame"
do chur i gcló anois fá dheire thiar. Ach sul má sgaoilfimíd an
Scéal féin chugaibh, a léightheóirí geanúla, béidir go mba mhaith
libh a fhios a bheith agaibh go cruinn céard a thug ar Ste. Thérése
de l'Enfant Jésus scéal a beatha do scríobhadh, cé'n chionntsiocair
a bhí le "L'Histoire d'une Ame." Éistfimíd mar sin go fóill
beag leis an deirbhshiúr is sine le Therese féin .i. Máire, do
chuiaidh isteach i gCarmal Lisieux roimh Therese agus a mhaireann
an fós (an tSr. Máire le Croidhe ró-naofa Íosa a hainm).
Seo mar a innsigheann sí 'sna Tuarascbhála Canóndacha:



"I dtús na bliana 1895 is eadh do thárla seo. Tránóna
geimhridh amháin, ag an gcaitheamh-aimsire bhíomar i gcuideacht' a
chéile, san tseaomra, cois na teineadh, an Mháthair Airchinneach .i.
an tSr. Agnès de Jésus (Pauline), an tSr. Thérèse agus mé féin.
Do chrom an tSr. Thérèse ar roinnt eachtraí do bhain le n-a
leanbhánacht a dh'innseacht dúinn. Leis, dubhras féin ós íseal


L. x


leis an Mháthair Airchinneach: 'An féidir, a Mháthair, go dtug-
ann tusa cead do'n tSr. Thérèse bheith ag ceapadh filíochta leis
an nduine seo agus an duine eile úd do shásamh, agus nach gcuir-
eann tú d'ualach uirthe scéal a leanbhánachta do scríobhadh?
Cad é mar chailliúnt dúinn-ne, dá bhfághadh an tSr. Thérèse bás,
agus go gcaillfimís mion-tuairisgí a naoidheandachta a bhfuil
spéis chómh mór sin againn ionnta!' Do smaointigh an Mháthair
Agnès tamaillín, agus annsin dhruid sí anonn leis an tSr.
Thérèse. Bhí sise ag meangadh gháiridhe, cionn's gur chuala sí,
béidir, rud éigin dá ndubhramar, agus gur shíl sí go raibh fonn
orainn greann a dhéanamh. D'órduigh an Mháthair Agnès di scéal
a leanbhánachta do scríobhadh, agus adubhairt léithe go mba mhaith
léithe féin an scéal sin a fháil mar bhronntanas i gcóir a Lá-
fhéile (an 21adh Eanair)."



Chuir an tSr. Thérèse chun na hoibre go húmhal ómósach, agus do
scríobhadh sí píosa anois is aríst do réir mar a bhíodh ionbhaidh
aici, i riocht is gur chríochnuigh sí a scríbhinn i dtús na bliana
1896. Bhí sí tar héis blaiin do chaitheamh leis an obair. Tháinic
an 20adh Eanair, figil lá fhéile N. Agnès; agus um thránóna an
lae sin, ar theacht isteach ins an Chóraidh do'n tSr. Thérèse i
gcóir na h-urnuighe, chuaidh sí anonn mar a raibh an Mháthair Air-
chinneach (an Mháthair Agnès de Jésus), gur leig sí í féin ar a
glúine ós a comhair, agus gur sheachaid di an láimhscríbhinn 'n-a
raibh scéal a leanbhánachta scríobhtha. Do chrom an Mháthair Agnès
a ceann ag gabháil a buidheachais léithe, ghlac sí an láimhscríbhinn,
agus chuir uaithi ar a suidheachán í gan í a dh'oscailt.



D'imigh mí agus dhá mhí thart, agus ní raibh se d'ionbhaidh ag an
Mháthair Agnès an scríbhinn do léigheamh. Ach níor fhéad sí gan
fíor-shubháilceas a deirbhshiúra do thabhairt faoi ndeara, mar níor
thaisbeán sí seo aon fhiosracht faoi'n láimhscríbhinn, ná níor chuir
sí ceist ar an Mháthair Agnès ariamh fúithi, na níor fhiafruigh dhi
cé'n bharamhail a bhí aici d'á saothar. Agus nuair adubhairt an
Mháthair Urr. uaithe féin léithe nár léigh sí fós í, níor thaisbeán
sí an mhí-shástacht ba lugha ar bith.



Fá dheoidh, i n-earrach na bliana céadna 1896, nuair a bhí
a téarma mar uachtarán curtha isteach ag an Máthair Agnès,
bhí deis aici an láimhscríbhinn do léigheamh, agus chonnaic
sí cé mar do bhí bunáite na scríbhinne ag cur síos ar
naoidheandacht agus ar leanbhánacht na Sr. Thérèse; agus
b'shin é an rud do h-iarradh uirthe, leis. Ní raibh ach tuairisg


L. xi


an-ghearr ar a beatha 'san Chlochar. B'é teidiol do thug an tSr
Thérèse féin ar a scríbhinn ná: "Histoire printanière d'une
petite Fleur blanche." Is ionann an scríbhinn sin agus an chéad
ocht gcaibidil de'n leabhar "L'Histoire d'une Ame." An t-é
a léighfeas iad, bhéarfaidh sé fá ndeara an stíl saoráideach
oscailteach "intime" ata ionnta - páiste ag labhairt le n-a
máthair ó n-a croidhe amach.



Ach cheana, bhí an Mháthair Agnès go h-an-bhuartha faoi rádh is nár
scríobh an tSr. Thérèse tuasrsgabháil éigin ar a beatha 'san Charmal
freisin. Céard a bhí le déanamh? Ní raibh sí féin 'n-a h-uachta-
rán a thuille, agus mar sin de ní fhéadfadh sí a chur de dhualgas
ar a dheirbhshiúr leanacht d'á scéal; agus annsin aríst, shíl sí go
mbéidir nach dtuigfeadh an Mháthair Airchinneach nua .i. an Mháthair
M. Gonzaga, tábhacht an scéil sin, fé mar do thuig sí féin é.
Agus mar sin de níor leómhuigh sí labhairt léithe faoi. Ach faoi
dheire thiar, nuair do chonnaic sí go raibh Thérèse tinn, agus go
raibh faitíos uirthi go bhfuighbheadh sí bás go luath, níor fhéad sí gan
labhairt leis an Mháthair Airchinneadh. An 2adh lá de mhí an
Mheithimh 1897 a bhí ann, cheithre mhí roimh bás an Naoimhín. Um
thránóna an lae sin, chuaidh an Mháthair Agnès go seomra na
Máthar Urr. M. Gonzaga agus adubhairt léithe: "A Mháthair,
ní fhéadaim suaimhneas a bheith agam go n-innsighidh mé rún duit.
Nuair a bhíos-sa i m'uachtarán, do scríobh an tSr. Thérèse cunntas
dom ar a leanbhánacht, d'fhonn pléisiúr do thabhairt dom agus do
réir mar d'órduigheas féin di a dhéanamh. An lá cheana, do
léigheas an cunntas sin, agus tá sé go h-áluinn ar fad agus go
simplí taitneamhach. Ach sílim féin gur rí-bheag a gheobhfá ann
le tásg ar an tSr. Thérèse do chur le chéile tar héis a báis, mar
níl cur-síos ar bith ann ar a beatha 'san Chlochar. Anois, dá
dtugthá-sa órdú dhi, tiocfadh leis an tSr. Thérèse neithe i bhfad ní
b'áilne do scríobhadh ná mar atá scríobhtha aice."



D'aontuigh an Mháthair M. Gonzaga le sin a dhéanamh, agus an
lá dár gcionn d'órduigh sí don tSr. Thérèse leanacht de scéal a
bheatha. Rug Thérèse ar a peann aríst, cidh go raibh sí go tinn
lag fann. Ba mhór an strómh uirthe an dara scríbhinn seo do chur
lé chéile, mar gheall ar an breóiteacht agus mar gheall ar an gcaoi
a mbíodh na nóibhísigh ag teacht chuici i gcomhnuí ag iarraidh comhairle
uirthe. "Ní'l a fhios agam céard atáim a' scríobhadh," dubhairt
sí lá amháin. Agus lá eile a raibh sí go h-an-tuirseach ar fad,
dubhairt sí: "Táim ag scríobhadh i dtaobh na carthannachta; ní


L. xii


thig liom scríobhadh mar ba mhaith liom; ní thig liom mo chuid
smaointe do nochtadh i gceart, ach mar sin féin d'éirigh liom an
rud a bhí ar m'aigne do chur síos. Caithfidh tusa an scríbhinn
seo do cheartú, agus déan í do cheartú leis, gan scrupall." Lá
eile fós dubhairt sí leis an Mháthair Agnès: "A Mháthair
ionmhuin, bíodh a fhios agat, má tá rud ar bith a cheapfas tusa badh
cheart a chur le scríbhinn mo bheatha nó do bhaint di, go mbéad-sa
ar aon intinn ar fad leat 'sna rudaí sin. Cuimhingh air sin i
gcomhnuí, agus ná bíodh scrupall ar bith agat."



I dtús míosa an Iúil 1897 do sguir sí de'n scríobhnóireacht.
Ní raibh innti a thuille a dhéanamh. Tá an leathanach deiridh scríobhtha
le peann-luaidhe, mar bhí sí ró-lag leis an peann do láimhseáil.
Tá an abairt deireannach scríobhtha go mí-chinnte neamh-chothrom.
Nárbh fhéidir linn a rádh: Sin é an Naoimhín go fann, nuair a
thuiteas an peann as a láimh.



"Tá mo sháith scríobhtha agam, béidh go leor ann do chách, ach
amháin do na bealaigh neamh-choitianta," ar sise leis an Mh. Agnès.



Is ionann an dara scríbhinn sin agus na caibidil IX., agus X.
de "L'Histoire d'une Ame" (Edition complète, 1923).
Is ar son a deirbhshiúra Máire (an tSr. Marie de Sacré Coeur-)
do scríobh Thérèse caibidiol XI., 'san mbliain 1896. Agus tar
héis a báis do scríobh na mná-rialta féin an caibidiol deir-
eannach (XII.).



Mar sin de, tá againn i "L'Histoire d'une Ame" trí cinn de
láimhscríbhinní (gan caibidiol xii. do chóimhreamh), mar atá:
(I) Caibidil I.-VIII. do'n Mháthair Agnès (a deirbhshiúr Pauline),
do scríobhadh i rith na bliana 1895; (2) Caibidil IX.-X., don
Mháthair M. Gonzaga, do scríobhadh i gcaitheamh míosa an Mheithimh
1897; (3) Caibidiol XI. don tSr. Marie du Sacrè-Coeur (a
deirbhshiúr Marie), do scríobhadh i mí Meadhon-Fhoghmhair, 1896.



Seo dhaoibh anois na láimh-scríbhinní sin díreach mar a tháinic-
eadar ó pheann N. Thérèse de l'Enfant Jésus féin, ach amháin go
bhfuilid roinnte 'n-a gcaibidil annseo. Muna bhfághaidh sibh fíor-
áilneacht agus líomhthacht bhog na Frainncíse bhunaidh ar an aistriú-
chán seo, bíodh a mhilleán sin orm-sa. Deir na h-Eadáiligh:
"Traduttore traditore," agus is dócha go bhfuil cuid mhór den
cheart acubh; ach 'n-a dhiaidh sin caithfear na h-aistriúcháin a
dhéanamh.



Is mian liom mo mhór-bhuidheachas do chur i n-umhail annseo do'n


L. xiii


Dr. Pádraic de Brún, Ollamh i Mágh Nuadhat, ar son an chineál-
tais le n-ar chuir sé leagan breá Gaedhealach ar na giotaí filidh-
eachta a bhí 'san leabhar ó n-a ndearnas an t-aistriú seo. Is mór
an feabhas agus an slacht ar an leabhaar seo an fhilidheacht sin ó
dhuine de na filí is mó cáil d'á bhfuil againn i gClár Fódla indiu.



Is mian liom fós mo bhuidheachas do ghabháIl ó mo chroidhe amach le
Mnáibh-Rialta Lúghaidh Naomhtha i gClochar Choillte Mágha, mar is
iad atá a' foillsiú an leabhair seo, agus is iad a thóg costas na
clódóireachta agus a duadh agus a deacrachtaí ortha féin go
flaitheamhlach. Muna mbéadh an chaoi ar chuidigheadar liom an
t-aistriú do dhéanamh, agus muna mbéadh an chaoi ar chuireadar
rompa an LS. a dh'fhoillsiú i n-aimhdheoin an chostais, ní bheadh an
leabhar seo ar fáil indiu, ná a choidhche béidir! Pé slacht atá
ar an leabhar anois, idir phioctúirí agus eile, bíodh a bhuidheachas
sin ag cách ar fhlaitheamhlacht fhíor-Ghaedhealaigh na mBan-rialta sin
a bhfuil comhnuí ortha 'san Iarthar Órdha mar a maireann an t-sean-
spioraid Ghaedhealach i gcomhnuí. Ná cuirtear im' leith-se ach pé
locht nó lúb-ar-lár atá ann.



Is cóir dhom freisin mo bhuidheachas féin agus buidheachas na
mBan-rialta réamhráidhte do thabhairt do Bhainisteoir an Irish
Homeland as ucht cead a thabhairt dúinn an t-aistriú seo, a bhí
d'á chur i gcló 'san irisleabhar sin, dh'fhoillsiú, agus 'n-a cheann
sin as ucht a dtug sé de chomhairle agus de chuidiú dhúinn go fonn-
mhar fíor-chneasta ó thús deire leis na blocanna do chur ar fáil
agus leis an leabhar do thabhairt fríd an chlódóireacht.



Go gcúitighidh Mac Dé agus Treasa Bheag a gcineáltas agus a
bhflaitheamhlacht leobhtha sin agus le daoinibh gnaoidheamhla eile do
chuidigh liom friesin, i bhfus ar an saoghal seo agus ar an saoghal
thall - sin é mo ghuidhe.



An tAth. Benedict, O.C.D.



Lá Fhéile Lughaidh Naomhtha, 25.8.'26.


L. 1


Beathafhéinscríbhinn Naoimh Treasa
Leis an Leanbh Íosa.



CAIBIDIOL I.



Is duit-se, a Mháthair mhuirneach a Mháthair faoi dhó liom, atáim
ar tí scéal m'anama dh'innseacht. An lá a d'iarrais orm é,
bhíos a' measadh go mbéidir go gcuirfeadh sin mo chroidhe tré
chéile; ach thug Íosa le tuigsint dom ó shoin go gcuirfinn áthas
Air-sin le do thoil-se do dhéanamh go húmhal gan ceisneamh. Crom-
fad, d'á bhrí sin, ar thrócairí an Tiarna do chanadh, amhail mar a
chanfas mé ar feadh na síorruíochta iad.



Roimh bhreith ar an bpeann dom, do leigeas mé féin ar mo
ghlúiní ós comhair deilbhe údan na Maighdine Muire, do chruthuigh
dhúinn-ne chó minic sin grá agus coimrighe Bhainríoghna na bhFlaith-
eas orainn, agus do ghuidheas í mo lámh do threorú ionnós nach
scríobhfainn oiread agus aon fhocal amháin nach dtaithneóch 'léithe-
se. Ar n-osgailt na Soisgéal annsin dom, do leagas mo shúile
ar na bréithribh seo: "Chuaidh Íosa suas ar an gcnoc, agus do
ghlaoidh Sé chuige na daoine ba thoil leis féin." 1 Sin é anois duit
go díreach rúindiamhar mo ghairme-se, agus mo bheatha go léir,
agus go mór-mhór rúindiamhar na bpribhléidí do bhronn Íosa ar
m'anam. Ní h-iad na daoine gur fiú iad é a ghlaodhas Sé, ach na
daoine is toil leis féin. Mar adeir N. Pól: "An t-é a bhfuil
truagh agam dó déanfad trócaire air, agus an t-é a ndéanfad
trócaire air, déanfad air í. 2 D'á bhrí sin, ní h-ó thoil an duine
nó ó ghluaiseacht an duine, ach is ó thrócaire Dé (a thagas an
toghadh)." 3



B'fhada mé 'á fhiafruighe dhíom féin cé'n fáth a mbéadh grá fá
leith ag Dia do dhaoine thar a chéile, cé'n fáth nach bhfuighbhidís uilig
an tómhas céadna d'Á ghrásta Uaidh. B'iongantach liom an chaoi
ar bhronn Sé tíodhlaicthe éagsamhla neamhchoitianta ar pheacachaibh
móra mar N. Pól, N. Aibhistín, N. Máire Magdalén agus a lán


L. 2


eile nach iad, ar chuir Sé ialach ortha, déarfá, A ghrásta do ghlacadh.
Agus ag léigheadh beathaí na Naomh dhom, b'iongantach liom freisin
an chaoi a ndearna ár dTiarna anmanna toghtha áithride do mhuirniú
ó lá a mbeirthe go lá a mbáis, gan constaic ar bith do choimeádfadh
gan eirighe suas Chuige féin iad do leigint isteach ar a gcasán,
agus gan leigint don pheaca éadach glan gléigeal a mbaiste do
thruailliú a choidhche. Agus d'fhiafruighinn díom féin annsin cad
chuige a gcaithfeadh na daoine bochta fiadhaine, cuir i gcás, bás a
fháil 'na gcéadtaibh agus 'na míltibh gan ainm Dé do chloisteál
féin.



Do dheonuigh Íosa teagasc do thabhairt dom faoi'n rúindiamhar
sin. Chuir sé ós comhair mo shúl dom leabhar na nádúra, agus
tuigeadh dhom go bhfuil áilneacht ag baint le gach bláth dár chruthuigh
Sé, agus nach ndéanann drithle an róis nó báine na lile nach ndéan-
aid cumhracht na salchuaiche bige gleoite dh'fhuadach uaithe, agus nach
lugha-de simplíocht sár-thaithneamhach an nóinín iad. Agus
tuigeadh dhom, dá mb'áil leis na bláthaibh go léir bheith 'na rósaibh,
go gcaillfeadh an nádúir a sgiamhacht earrachúil, agus nach mbéadh
na machairí clúduighthe le bláithíní a thuille.



Is é a fhearacht sin ag garrdha beo an Tiarna, ag na hanmannaibh,
é. B'é toil Dé na naoimh mhóra do chruthú agus féadtar iad-sin
do chur i gcomórtas leis na lilibh agus leis na rósaibh; ach do
chruthuigh sé freisin naoimh eile is lúgha ná iad, agus caithfidh siad
seo a bheith sásta le bheith 'n-a nóiníní nó 'na salchuachaibh beaga, a
chuirfeas áthas ar Dhia nuair a dhearcas sé anuas ortha mar a
bhfuilid ag á n-A chosaibh. Dá mhéid an lúthgháir a bhíos ar na
bláthaibh sin ag déanamh A thoile dhóibh, is amhlaidh is fearr agus
is foirfe a bhíd.



Agus do thuigeas rud eile fós .i. an t-anam is simplí ar bith,
nach gcuireann i gcoinnibh grásta Dé, go dtaisbeántar grá Dé
ann chó maith céadna is a taisbeántar ins an anam is aoirde é.
Agus ár ndóigh, ó's dual don ghrá é féin a dh'ísliú, dá mbéadh na
hanmanna go léir cosúil le hanmannaí na nDochtúirí naofa do
shoillsigh an Eaglais, is é an rud a samhlóchthaoi ach nach mbéadh Dia
'ghÁ ísliú féin a dhóthain ag teacht anuas chuca. Chruthuigh Sé, áfach,
an naoidheanán gan céill gan tuigsint nach mbíonn le cloisteál
uaidh ach gach aon scread lag-ghlórach; chruthuigh Sé, leis, an duine
bocht fiadhain nach bhfuil aige le n-a threorú ach dlí na nádúra
amháin; agus chun a gcroidhthe siúd iseadh is deonuightheach leis
É féin a dh'ísliú!


L. 3


Bláthana an bháin iad-sin a gcuireann a simplíocht aoibhneas
ar A chroidhe; agus le hÉ féin a dh'ísliú chómh mór sin is eadh a
dhéanann Dia A mhórdhacht gan teora do thaisbeáint. Fé mar a
thaithnigheas an ghrian gheal ar an gcéadrus mhór árd agus ar an
mbláithín bheag bhídeach i n-éinfheacht, sin mar a shoillsigheas an
Réaltann Diadha gach aon anam ar leithligh, idir bheag agus mór,
agus téigheann gach nídh i sochar do gach anam fá leith, amhail mar
atá na séasúir leagtha amach, 'san nádúir, i riocht 's go gcuir-
fidh siad an nóinín is lúgha féin ag eascar 'n-a ló cheart féin.
Ach, a mháithrín, caithfidh sé go bhfuilir 'á fhiafruighe dhíot féin
mar seo cá stadfad ar chor ar bith, toisg nár dhubhras aon nídh
go dtí seo a bhfuil aon chosúlacht aige le scéal mo bheatha; ach
nár órduighis dom scríobhadh liom gan cosg gan ceangal do réir
mar a thiocfadh na smaointe isteach im' aigne? Agus mar sin de
ní h-í mo bheatha i gceart a gheobhfas tú ins an scríbhinn seo, ach mo
chuid smaointe i dtaobh na ngrást do bhronn Dia orm.



An stáid 'na bhfuilim anois cuireann sí ar mo chumas breathnú
uaim siar thar na bliantaibh; arae do haibigheadh m'anam i
suacán na bhfromhtha laistigh agus lasmuigh. Agus anois, fearacht
an bhláith i ndiaidh na doinnine, árduighim mo cheann, agus chím dá
bhfíoradh ionnam bréithre na sailme: "Is é an Tiarna m'aodhaire,
ní bheidh easbaidh orm ná anas. Bheir sé orm luighe 'san mhínleach
úr; treóruigheann Sé láimh leis na h-uisgeachaibh ciuine mé.
Treoruigheann Sé m'anam gan í a thuirsiú… Ach dá dtéighinn
síos go gleann scáile an bháis féin, ní bhéadh eagla orm roimh
olc ar bith, mar béir-se i n-éindtigh liom, a Thiarna." 1



Is fíor dhom! óir bhí Dia atruaghach dhomh-sa ariamh agus lán
de chineáltas, fadfhuilingeach agus ró-thrócaireach! Agus dá
dheasgaibh sin tá lúthgháir chroidhe orm teacht i ngar dhuit-se, a
mháthair dhil, le n-A mhór-mhaitheas do-labhartha do chanadh. Is
duit-se amháin atáim a' dul ag scríobhadh scéil an bhláithín do
stathadh le hÍosa; agus cuideóchaidh an smaoineadh sin liom
labhairt go saoráideach gan ceangal, gan a bheith dom' bhodhradh
féin mar gheall ar an stíl, ná mar gheall ar na seachráin iomadúla
a dhéanfad; mar tuigeann croidhe máthar a leanbh i dtóláimh, fiú
amháin nuair nach mbíonn ann ach a bheith ag briotaireacht. Táim-
se cinnte dhe, dá bhrí sin, go dtuigfir-se mé, mar is tú do
mhúnluigh mo chroidhe-se agus do thoirbhir d'Íosa é.


L. 4


Chítear dhom, dá mbéidir le bláithín labhairt, go n-innseóch'
sé go simplí a ndearna Dia ar a shon, gan a bheith ag féachaint le
n-A chuid tabhartas do cheilt. Ní abróchadh sé, fé scáth na h-úmh-
luigheachta mar dhóigh dhe, go bhfuil sé gan sgiamhacht gan cumhracht,
go bhfuil a dhrithle machluighthe ón ngréin, go bhfuil a ghas briste ón
ngairbhshíon, dá mba é a gcontrárdha siúd ar fad do bhéarfadh sé fá
deara ann féin.



Agus an bláth atá ar tí a scéal dh'innseacht annseo tá áthas air
tabhartaisí Íosa dh'aithris ós árd agus gurbh i n-aisge do bhronn
Sé air gach tabhartas ariamh aca. Is maith is eol dó nach raibh
ann féin nídh ar bith a d'fhéadfadh súile Íosa do tharraint chuige;
agus gurbh í mór-thrócaire Dé amháin do rinne gach deagh-thabhartas
do charnadh air. B'é Dia do thug air borradh suas i n-ithir naofa
a bhí lán de chumhracht na h-óigheachta, b'É do chuir ocht gcinn de
lilí gléigeala ag fás annsúd roimhe. Do chosain Sé ar shionnán
nimhneach an tsaoil, tré n-A mhór-ghrá, é; mar ní túisge a bhí a
choróinnín ag eascar ná d'árduigh Íosa leis go Sléibh Charmail é
le n-a athchur i ngáirdín toghtha na Maighdine Muire.



Ag sin duit, a mháithrín, cunntas athchumair i mbeagán briathar
ar a ndearna Dia ar mo shon; agus anois déanfad cur-síos
cruinn ar mo naoidheandacht, mar tá a fhios agam go bhfuighbhir-se
sásamh agus pléisiúr 'san dtuarascbháil seo cidh go mba liosta le
cách eile í. Agus rud eile dhe, na seanchuimhní a chuirfeas mé síos
duit annseo bainid siad leat-sa freisin, toisg gurbh i n-éindtigh
leat-sa do chaitheas mo leanbhánacht, agus gur duine de chlainn na
dtuismightheóirí naofa úd mé, do thug an aire chéadna agus an
muirniú céadna dhúinn araon.



Ó! go gcuiridh siad a mbeannacht ar an nduine is lugha d'á
gclainn, agus go gcuidighidh siad léithe trócairí an Tiarna do
chanadh!



Scéal seo m'anma go teacht isteach 'san Charmal dom, féad-
aim é do roinnt 'n-a thrí chuid atá deighilte go maith ó n-a chéile:
'sa chéad chuid níl ach tamall gearr .i. ó dúisigheadh mo thuigsint
ionnam nó gur imigh ár máthair mhuirneach uainn a bhaile go flaitheas
Dé, 'sé sin le rádh, go rabhas i n-aois mo cheithre mblian agus ocht
míosa. Ach má's achar gearr féin é sin, tá go leor sean-chuimhní
ag baint leis.



B'é toil Dé mo thuigsint dh'oscailt go h-an-mhoch ar fad, agus
imeachtaí mo naoidheandachta do ghearradh isteach chomh doimhin sin
im' chuimhne is go bhfuilid ós mo chomhair anois, amhail is dá mba


L. 5


indé do thuitfidís amach. B'amhlaidh ba mhian le h-Íosa, gan
aimhreas, go gcuirfinn aithne ar an máthair do-sháruighthe a bhí tugtha
Aige dhom, agus go mbéadh meas d'á réir agam uirthi. Céad
fairíor géar! Ba ró-ghairid gur thóg A lámh dhiadha chun siubhail
uaim í le n-a coróinniú ins na Flaithis. I gcaitheamh mo shaoil go
léir chuir Dia grá thart-timcheall orm; agus na céad-chuimhní
a thig chugam anois cuimhní ar mheangaidh geala gháiridhe agus ar
mhuirniú chaoin chineálta is eadh iad. Ach má chuir Sé an oiread sin
grádha i mo thimcheall chuir Sé grá 'san gcroidhín s'agam féin mar
an gcéadna, mar chruthuigh Sé 'n-a chroidhe cheanúil íogmhar é.
Níl innseacht sgéil ar an gcion iongantach mór a bhí agam ar mo
dheaide agus ar mo mhaimín, agus ó bhíos go h-an-taisbeántach,
chuirinn mo chion i n-iúl dóibh ar mhíle slí. Ach cheana, na seifteana
do bhíodh agam chuige-sin an tráth úd bainid gáire asam anois, ag
cuimhneamh dhom ortha.



Thugais dom, a mháthair, isteach i mo lámhaí na litreacha do sheól
mo mhaimín chugat an uair sin, an fhaid a bhís i do dhalta i gClochar
na Cuairtigheachta ag Le Mans. Cuimhnighim go rí-mhaith ar na
heachtraí a aithristear ionnta; is é is fusa dhom, áfach, giotaí
áithride de na litreacha fíor-thaitneamhacha sin do chur síos annseo
díreach mar atáid, bíodh is gur ró-mholtach orm féin atáid go
minic, de dheasgaibh grádha ár máthar dhom, 'd'eile.



Seo dhuit focal ó mo mhaimín ag neartú le n-a ndubhras ar ball
faoi'n gcaoi a gcuirinn mo ghean i n-iúl do mo thuismightheoirí:



"Tá an naoidheanán 'na toice bheag nach bhfuil a samhail le fáil.
Tagann sí i leith chugam dhom phógadh, agus ag guidhe an bháis dom
'san am chéadna! "Ó! nach mé a bhéadh sásta dá bhfághthá bás,
a mhaimín bhocht!" Ceartuightear í, agus cuireann sin árd-
iongantas uirthe, agus gabhann sí a leithscéal 'á rádh: "Le
go rachfá chun na bhFlaitheas, sin é an fáth a mba mhaith liom go
bhfuighbheá bás, mar deirir féin go gcaithfidh duine bás a fháil le
dul annsúd." Agus bíonn sí ag guidhe an bháis d'á hathair mar an
gcéadna, nuair a thagas na rachtaí grádha uirthe mar sin.



"Ní mian leis an dtoice bhig seo mé a thréigint a choidhche; bíonn
sí le mo chois i dtóláimh agus leanann sí go glionndarach mé, go
mór-mhór 'san ngáirdín. Ach nuair nach mbím-se ann, ní h-áil
léithe fanacht ann ar chor ar bith, agus tosuigheann sí ag gol chomh
fuigheach sin go gcaithtear í do thabhairt ar ais chugam féin aríst.
Ar an gcuma chéadna, ní rachadh sí suas an staighre 'n-a haonar gan
glaodhach orm ó choiscéim go coiscéim 'á rádh: "A mhaimín, a


L. 6


mhaimín!" Ní lia coiscéim ná glaodh "a mhaimín" aici! Agus
má bhíonn sé de mhí-ádh orm-sa dearmad a dhéanamh oiread is aon
uair amháin ar "seadh, a stóirín!" do fhreagairt, fanann sí ann-
súd gan cor do chur dhi le dul suas nó le teacht anuas."



Bhí mo thrí bliana i ndáil le bheith slánuighthe agam, nuair do
scríobh sí mar a leanas:



"…D'fhiafruigh Treasa bheag dhíom an lá cheana an rachadh
sí chun na bhflaitheas. "Rachaidh, a mhaoineach," arsa mise léithe,
"má bhíonn tú i do pháiste mhaith."— "Á, a mhaimín," ar sise annsin,
"agus muna mbeinn go maith is go h-Ifreann do rachainn mar sin
an eadh? Ach tá a fhios agam-féin céard a dhéanfainn d'imeoch-
ainn liom i d'fhochair-se, a mhaimín, i n-áit a mbeitheá-sa ins na
Flaithis, agus annsin dhéanfá mé d'fháisgeadh go teann teann le
d'ucht. Agus cé'n chaoi a d-tiocfadh le Dia na glóire breith
orm annsin?" Thuigeas ón bhféachaint a bhí 'n-a súilibh go raibh
sí lán-chinnte dhe nach bhféadfadh Dia, moladh go deo Leis, cur
chuici ná uaithi ach í a bheith foluighthe i mbaclain a máthar.



"Tá cion mór ag Máire ar a deirbhshiúirín, mar leanbh is eadh í
a chuireas áthas agus aoibhneas orainn uilig. Is iongantach go deo
chomh soinneannda oscailteach is atá sí. B'ait leat bheith ag
féachaint uirthe agus í ag ritheacht i mo dhiaidh-se le n-a faoisdin a
dhéanamh liom: "A mhaimín, thugas súnc do Chéline uair amháin,
bhuaileas uair amháin í, ach ní dhéanfad aríst é, le congnamh Dé."
Ní túisge a bhíos an rud is lugha ar bith as bealach déanta aici ná
caithfidh 'chuile dhuine a fhios sin a bheith aige. Indé, stróic sí stiall
beag d'órnáid go timpisteach, agus bhí sí chómh buartha cráidhte
sin d'á bhárr go mba thruagh Mhuire leat í; agus níorbh fhuláir
léithe a innseacht dá hathair láithreach bonn. Ar theacht isteach dhó-
sin cheithre huaire a chluig 'na dhiaidh sin, ní raibh aoinne ag cuimh-
neamh ar an dtimpist a thuille; ach siúd léithe ins an rith chuig
Máire chun a rádh léithe: "Abair le mo dheaide láithreach gur
stróiceas an órnáid." D'fhan sí 'na seasamh annsúd, mar a
bhéadh cuirptheach ag fuireach le n-a dhaorbhreith; ach is é an chaoi a
bhfuil tuairm aici 'na cloigeann bheag istigh gurab usaide a maith-
fear dhi, má dhéanann sí í féin do dhaoradh."



Agus ó thárla go gcastar ainm ár n-athar ionmhuine orm ann-
seo, bheir sin sean-chuimhní aoibhne áithride i mo cheann. Nuair do
fhilleadh sé isteach, do rithinn-se amach 'n-a airicis i gcomhnuí
'gcomhnuí, agus bhuailinn fúm ar leathbhútais leis; agus annsin
bheireadh sé leis ar an ndóigh sin mé thríd an teach nó ins an


L. 6a


Treasa bheag agus a Máthair.


L. 7


ngáirdín. Deireadh mo mhaimín leis agus í ag gáiridhe go
ndeineadh sé mo thoil-se i ngach aon rud: "Cad dob' áil leat ag
cainnt," adeireadh seisean 'á freagradh, "Nach í an Rioghan í!"
Annsin do ghlacadh sé chuige 'n-a bhaclain mé, do thógadh sé suas go
hárd mé, do chuireadh sé i mo shuidhe ar a ghualainn mé, agus do
phógadh agus do mhuirnigheadh mé ar gach aon tsaghas cuma.



Ach cheana ní fhéadaim a rádh gur mhill sé mé. Is maith is cuimh-
neach liom lá dá rabhas dom' luasgadh féin ar mo mhian anonn is
anall ar an luasgán, nuair do chuaidh m'athair thar brághaid agus
ghlaoidh sé orm: "gabh i leith, a rioghan bheag, agus tabhair dhom
póg!" Ach níorbh áil liom féin corruighe, agus cidh gur neamh-
ghnáthach liom a leithéid a dhéanamh, d'fhanas annsin agus do fhreag-
ras go teanntásach: "Gabh féin i leith chugam-sa, a dheaide!" Ní
thug sé aon áird orm, áfach, agus b'aige a bhí an ceart. Bhí
Máire láithreach. "Shoraidh uait, a ruidín mhí-mhúinte," ar sise
liom, "mura sunnda an mhaise dhuit é a leithéid sin de fhreagra
do thabhairt ar d'athair!" Níor bheag sin; siúd liom amach as
mo luasgán mí-adhmharach láithreach bonn, mar bhí an ceacht tar héis
dul i gcion ionnam go croidhe! Baineadh mac-alla as cheithre
fallaí an tighe leis na gártha chaointe agus chroidhe-bhrú do chuireas
asam. Do lasgas liom de sciotán suas an staighre, agus ní
baol gur ghlaodhas "a mhaimín" ó choiscéim go coiscéim do'n chor
seo; b'é b'fhada liom go bhfághainn mo dheaide, agus go ndéan-
ainn réidhteach leis — rud do rinneadh gan pioc moille.



Ní fhéadainn a bheith sásta i m'intinn dá gceapainn go rabhas
tar héis buairt do chur ar mo thuismightheoirí ionmhuine; agus
níorbh fhuláir liom mo mhí-ghníomhartha d'amhdachtáil láithreach, amhail
mar a chruthóchas an t-eachtra beag seo mo naoidheaneachta atá
innsighthe ag mo mháthair féin:



"Maidin amháin, ba mhian liom Treasa bheag do phógadh roimh
theacht anuas dom; ach ó bhí a chosamhlacht uirthe go raibh sí 'n-a sámh-
chodladh, bhí drugall orm í do dhúiseacht, nó go ndubhairt Máire
liom: "A mhaimín," ar sise, "ní'l sí 'n-a codladh ar chor ar bith,
ag leigint uirthe atá sí, táim lán-chinnte dhe." Leis sin, chromas
féin síos ós a cionn le n-a pógadh, ach ní túisge do chromas ná
d'fholuigh sise í fém faoi n-a pluid agus adubhairt liom mar a
déarfadh siota: "Ní h-áil liom go bhfeicfí mé." Bhíos mí-
shásta go maith go deimhin, agus thugas sin le tuigsint di freisin.
Dhá nóiméid 'n-a dhiaidh sin chualas ag gol í, agus d'fhéadfá a rádh
gurbh orm-sa a bhí an t-iongantas nuair do chonnaiceas le mo thaobh


L. 8


gan aon achar í! B'amhlaidh a bhí sí tar héis eirghe aniar as a
leabthain bhig gan cabhair gan congnamh, agus teacht anuas an
staighre agus í cos-nochttha, agus gach aon tuisle d'á bhaint aisti
ag a léine-oidhche a bhí ní b'fhuide ná í féin. Bhí na frasa deor le
n-a gruadhnaibh beaga. "A mhaimín," ar sise liom agus í gh'á
caitheamh féin ag mo ghlúinibh, "A Mhaimín, bhíos mí-mhúinte, maith
dhom é!" Agus ár ndóigh, ba ró-ghairid an mhoill orm féin an
maithteanas do thabhairt di. Do ghlacas mo stóirín chugam i
m'ucht, do theannas le mo chroidhe í, agus do mhúchas le pógaibh í."
Cuimhnighim freisin ar an gcion an-mhór a bhí agam an uair sin
féin ar mo cháirdeas-Chríost ionmhuin, 1 a bhí díreach tar héis a cuid
foghluma do chríochnú annsin i gClochar na Cuartigheachta. Bíodh
nach gceaptaí orm é, bhínn ag tabhairt sunndais d'á n-abruightí
agus d'á ndeintí mór-dtimcheall orm, agus feictear dhom go
raibh an bharamhail chéadna agam de rudaí an tráth úd is atá anois.
D'éistinn go haireach leis na neithe do bhíodh aici á mhúineadh do
Chéline; agus d'fhonn cead a fháil dul isteach 'n-a seomra le linn
na gceacht, bhínn go h-an-mhaith agus ghnínn gach a n-abruigheadh sí
liom. Dá dheasgaibh sin bheireadh sí go leor leor féiríní dhom
agus bíodh nárbh fhiú puinn ionnta féin iad, chuiridís ríméad an
domhain orm.



Féadaim a rádh go raibh an-bhród agam as mo bheirt deirbhshiúr
mhór! Ach ó b'fhada liom i gcéin uaim Pauline, b'uirthe siúd a
bhínn ag smaoineadh ó mhaidin go faoithin. Ní raibh ann ach go raibh
m'urlabhra ag teacht chugam, nuair d'fhiafruigheadh mo mhaimín
díom: "Céard air a bhfuilir a' smaoineadh?" agus ní bhíodh de
fhreagra agam-sa a choidhche ach: "Tá, a mhaimín, ar Phauline."
Uaireanta, chloisinn iad 'á rádh go mbéadh Pauline 'n-a mnaoi-
rialta; agus annsin, cidh nár mhó ná go maith do thuigeas cé'n
bhrí a bhí leis, do smaointighinn i m'aigne féin: "Agus mise
freisin, béad i mo mhnaoi-rialta." Sin ceann de na céad-
chuimhní atá agam; agus ó shoin i leith ní tháinic aon athrú ar mo
rún. Ar an gcuma sin b'é d'eisiompláir-se do tharraing chun
Céile na nÓgh mé, ó bhí dhá bhliain d'aois féin agam. Ó, a mháthair
mhilis, nach iomdha sin machtnamh agus seanchuimhne aoibhinn ba mhian
liom a dh'aithris duit annseo, i dtaobh neithe a bhaineas linn-ne
beirt amháin! Ach bhéarfadh sin ró-fhada ó bhaile mé…



Bhí grá agus gean mór i mo chroidhe agam ar mo dheirbhshiúr ion-



1 Máire, an duine ba shine de'n chlainn.


L. 9


mhuin Leonie, leis, agus ní raibh agam ach malairt. Um thránóna,
iar bhfilleadh a bhaile ó n-a cuid ceacht di, d'fhanadh sí istigh le
haire a thabhairt domh-sa, an fhaid a bhíodh an teaghlach go léir amuigh
ag spaisteoireacht. Samhluightear dhom go gcloisim fós fhéin na
crónáin thaitneamhacha do bhíodh dhá ngabháil aici go binn bog-
ghlórach le mé a chur i mo chodladh. Tá cuimhne an-mhaith agam
ar a Céad-Chomaoin. Is cuimhneach liom freisin an gearrchaile
bhocht, a compánach, dá dtug ár máthair mhuirneach culaith nua
éadaigh, do réir an ghnáis áilne a bhí ar n-a chleachtadh ag na clanna
deisiúla i n-Alencon. Níor scar an tochrán sin le Leonie ar
feadh nóiméid amháin i gcaitheamh an lae shona údan, agus um
thránóna ag an árd-dinnéar, cuireadh 'n-a suidhe ag ceann-cláir í.
Mo bhrón! Bhíos féin ró-bheag le fanacht i mo shuidhe i gcóir na
féile cráibhthighe sin; ach, mar sin féin, ní rabhas gan mír bheag
éigin di a fháil — a bhuidheachas sin le m'athair lághach cineálta, mar
tháinic sé féin, nuair a bhí na sóghmhlaistí d'á gcur thart, agus
píosa deas leis d'á ríoghan bhig.



Agus anois tá orm labhairt ar chaoimhtheach bheag mo leanbhánachta
.i. Céline. Na seanchuimhní a bhaineas léithe-se táid chómh hioma-
dúil sin nach bhfuil a fhios agam cé'cu aca is ceart dom a thoghadh.
Thuigeamar beirt a chéile ar fheabhas, ach bhíos féin ní ba bheodhúla
go mór ná ise, agus ba lugha go mór an soinneandas a bhí ionnam
ná mar a bhí innte-se. Seo litir a chruthóchas dhuit, a mháthair dhil,
chómh mánla mín is a bhí Céilne agus chómh h-olc is a bhíos féin.
Bhíos i ndáil le trí bliana d'aois an uair sin agus bhí Céline sé
bliana go leith d'aois.



"Tá Céline bheag s'agam-sa tugtha ar fad don t-subháilceas,
ach maidir leis an toice bhig, is doiligh a rádh céard a dhéanfas sí
amach annseo, tá sí chómh beag bídeach éidtreórach sin go fóill!
Páiste an-ghasta is eadh í, ach níl sí baol ar chomh mín le n-a deirbh-
shiúr, agus go mór-mhór tá sí ceanndána thar na beartaibh. Nuair
atá "ní headh" ráidhte aici, ní'l 'san mbith bán an rud a chuirfeadh
ialach uirthe géilleadh; d'fhéadfaí í do chur síos 'san t-soilléar
agus í a fhágáil ann an lá ar fad, agus ní bhainfeadh sin féin
"'seadh" aisti. Ba thúisge léithi codladh annsúd thíos!"



Bhí locht eile fós ionnam, nach labhruigheann mo mhaimín air i
n-a cuid litreach ar chor ar bith, agus b'é locht é ná féin-ghrá an-
mhór. Ní beag liom an dá eachtra seo thíos mar shomplaí de'n
féin-ghrá sin:



Lá n-aon, is cosamhail gur theastuigh ó mo mháthair a fheiceál chómh


L. 10


leitheadach postamhail is a bhíos féin, mar dubhairt sí liom, agus í
ag meangadh gáiridhe: "A Threasa bheag, má phógann tú an
talamh, bhéarfaidh mé pinginn duit." Pinginn! ba shaidhbhreas
liom é. Agus níor chall dom m'aoirde do chromadh síos puinn an
uair sin le n-a ghnóthú, arae bhíos chómh beag bídeach sin nach raibh ach
achar an-ghearr idir mé agus an talamh. Agus i n-aimhdheoin sin
is uilig d'éirigh an díomas ionnam istigh, agus do dhírigheas mé
féin chómh díreach le slat, agus adubhras le mo mhaimín: "Ó!
ní phógfad, a mháithrín, b'fhearr liom déanamh d'uireasbhaidh na
pinginne."



Uair eile, bhíomar le dul amach fán dtuaith ar cuairt ag cáirde
linn, agus dúbhairt mo mhaimín le Máire an chulaith ba dheise dá
raibh agam do chur umam, ach gan na rightheacha do bheith nochttha
agam. Focal níor labhruigheas féin, agus leigeas orm nach raibh
aon rogha agam, rud nach ceart a bheith ag páistibh ag an aois
sin, ach bhíos 'á rádh liom féin i m'aigne ar feadh an achair:
"Agus mar sin féin, nach mbéinn i bhfad ní ba ghalánta le mo
chuid rightheacha gleoite nochttha!"



Ó bhí meón den tsaghas sin ionnam, táim lánchinnte dhe, dá mba
dhrochthuismightheoirí a bhéadh agam le mé a thógáilt, go rachainn i
n-olcas go tiugh, agus go mbadh é mo chailleadh go síorruí féin a
dhéanfainn, béidir. Ach bhí Íosa ag cumhdach A leannáin bhig, agus
chuir Sé a cuid lochtaí go léir i dtairbhe dhi, mar nuair do brúghadh
faoi chois go moch iad, b' amhlaidh do chuidigheadar léithe le dul ar
aghaidh ar shlí na foirfeachta. Agus go deimhin, ó bhí féin-grá agus
grá don mhaith ionnam i n-éinfeacht, ba leor a rádh liom aon uair
amháin: "Ní ceart seo nó siúd a dhéanamh," agus níor bhaol go
mbéadh fonn ar bith orm a dhéanamh aríst a thuille. Tá áthas orm a
fheiceál i litreacha mo mhaimín ionmhuine gur mhó an sólás do
chuirinn uirthe do réir mar a bhíos ag dul i n-aois. Ní raibh ach an
deagh-shompla faoi mo shúile agam ariamh, agus bhí sé ag luighe
le nádúir go mbéadh fonn orm é a leanúint. Seo mar do scríobh
sí 'san mbliain 1876:



"Dá mb' í Treasa féin í, is mian léithe siúd bheith ag féachaint
le h-íodhbairtí a dhéanamh chomh maith le duine. Tá Máire tar héis
paidríní a thabhairt dá driféaracha beaga do rinneadh i n-aon
úim amháin le go bhféadfaidh siad a gcuid gníomhartha subháilicis
do chóimhreamh. Déanaid comhairlí fíor-spioradálta i gcuideacht,
a chéile, agus is rí-ghreannmhar na comhairlí iad, go deimhin. An
lá cheana d'fhiafruigh Céline: "Cionnus is féidir go bhfuil Dia


L. 11


mór na glóire i n-abhlainn chomh beag bídeach sin?" Agus do
fhreagair Treasa í: "Ach ní mór an iongnadh é mar sin féin, ó's
rud é go bhfuil Dia uile-chomhachtach! Agus cad is ciall le hÉ
a bheith uile-chomhachtach? — sin mar adéarfá go bhfuil ar A chumas a
rogha rud' a dhéanamh!""



"Ach is é an rud is fearr ar bith Treasa a fheiceál ag cur a
láimhe 'na póca bheag céad uair 'sa ló le cloichín d'á paidrín do
tharraint anuas gach aon uair a mbíonn sí tar héis íodhbairt a
dhéanamh.



"An bheirt leanbh seo níl scarúint le déanamh ortha, agus is
leor mar chaitheamh-aimsire d'á chéile iad. Thug an bhuime coileach
beag agus cearc bheag do Threasa, agus ar an bpoinnte, thug an
leanbh an coileach d'á deirbhshiúr. Gach lá, tar héis an dinnéir,
téigheann sise fá choinne a coiligh, agus beireann sí air féin agus
ar an gcirc d'aon iarracht amháin; agus siúd leob araon suas
chun na teineadh annsin go mbuailid fútha ar an dteinteán ag
súgradh dóibh féin ar feadh i bhfad.



"Maidin amháin, thóg Treasa 'n-a ceann eirghe aniar as a leab-
thain bhig féin le dul isteach i n-aon leabthain le Céline. Bhí an
bhanóglach 'á tóruigheacht le n-a cuid éadaigh do chur uirthe, agus
nuair a fuair sí amharc uirthe fá dheire thiar, dubhairt an leanbh
léithe, agus í ag barrógú a deirbhshiúra 'san am chéadna, agus 'á
fáisgeadh go teann teann le n-a hucht: "Leig dhom fhéin, a Louise
a chuid, nach bhfeiceann tú féin gurab é dálta na gceaircín mbán
againn é, nach dtig linn scaradh le n-a chéile!"



Is fíor go deo nach bhféadainn a bheith sásta i n-éaghmais Céline
B'fhearr liom éirghe ón mbord gan mo dessert go léir a bheith ithte
agam, ná gan ise do leanacht ar an bpoinnte a n-éirigheadh sí.
D'iompuighinn thart annsin i gcathaoir mhóir na leanbh, agus níorbh
fhuláir liom teacht anuas go beo, agus d'imthighimís linn ag
déanamh siamsa buil a chéile.



Dia Domhnaigh d'fhanadh maimín 'san mbaile le haire a thabhairt
domh-sa, ó bhíos ró-bheag le dul go teach a' phobail. Ar na hocáidí
sin bhínn go ciúin deagh-iomcharach agus mé ag dul thart ar mo
bhairricíní. Ach ní túisge do chloisinn an doras d'á oscailt, ná
siúd ag pléasgadh le háthas mé, agus do lasgainn liom i n-airicis
mo dheirbhshiúirín ionmhuine, agus deirinn léithe: "Ó, a Chéline, a
rún, tabhair dhom an t-arán beannuithe go beo!" Lá n-aon, thárla
nach raibh aon arán aice ar chor ar bith!… céard a déanfaí!
Níorbh fhéidir liom-sa déanamh d'á uireasbhaidh; mar bheirinn


L. 12


m'aifreann ar an bhféasta sin. Smaointigheas ar sheift bhreá:
"Níl aon arán beannuithe indiu leat, mar sin déan é!" Leis
sin d'oscail sí an chomhra, thóg amach an t-arán, ghearr ruainne dhe,
agus adubhairt Ave Maria ós a chionn de ghlór mall solmánta;
annsin do sheachaid sí domh-sa go glionndarach caithréimeach é.
Do ghearras féin comhartha na Croise orm, agus d'itheas an
t-arán go cráibhtheach beannachtach, agus fuaireas blas ceart
an aráin bheannuithe air go díreach.



Lá n-aon, is dóigh gurbh é an chaoi ar bhraith Léonie go raibh sí ró-
mhór le bábógaí dh'imirt a thuille, mar tháinic sí mar a raibh an
bheirt againn-ne, agus cliabhán léithe lán d'éadaigh agus de
phíosaí beaga gleoite de stuif agus de mhion-rudaí eile den
tsaghas sin, agus a bábóg féin 'n-a luighe ortha, agus adubhairt sí
linn: "Seo, a dheirbhshiúiríní," ar sise, "Toghaidh!" D'fhéach
Céline ar an gcliabhán agus do ghlac sí liathróidín olna. Mhacht-
nuigheas féin ar feadh nóiméid, agus annsin shíneas amach mo
lámh 'á rádh: "Toghaim-se an t-iomlán," agus d'árduigheas liom
chuile rud, idir chliabhán agus bábóg gan oiread agus "i gcead
duit-se" a rádh.



I n-eachtra sin mo naoidheandachta tá mar a bhéadh bun-rún mo
bheatha go léir. Ní ba dheireannaí, nuair a chonnaiceas slí na
foirfeachta róm amach, thuigeas go gcaithfeadh duine, le bheith 'n-a
naomh, go gcaithfeadh sé mórán d'fhuilingt, an rud is fearr agus
is foirfe do thóruigheacht i dtóláimh, agus é fhéin do dhearmadadh.
Thuigeas go bhfuil a lán céimeann 'san naofacht, go bhfuil saor-thoil
ag gach aon anam le freagairt do na cuiridh a bheir Dia dhóibh, leis
an mbeagán nó an mórán a dhéanamh le grá Dhó; i bhfocal amháin le
toghadh dhóibh féin as na h-íodhbairtí a iarrann Sé ortha. Annsin,
dubhras aríst, fé mar adubhras i laethibh mo naoidheandachta:
"A Dhia dhil, toghaim féin an t-iomlán! Ní leor liom bheith i mo
leath-naomh; ní chuireann sé scáth ná eagla orm fuilinnt ar Do
shon-sa. Níl ach an t-aon nídh amháin is eagal liom .i. mo thoil
do chongbháilt agam féin — tóg-sa uaim í, a Dhia, arae toghaim gach
aon nídh is toil Leat-sa!"



Ach táim ar fuaidreamh, a mháthair mhilis, mar ní ceart dom cur
síos duit go fóill ar m'óige; is ar an naoidheanán agus í i
n-aois a trí nó a ceathair de bhliantaibh atáim ag labhairt i
gcomhnuí.



Is cuimhneach liom brionglóid a bhí agam an tráth úd, agus
buaileadh isteach go doimhin i mo chuimhne í:


L. 13


Do taibhrigheadh domh go rabhas ag dul a' spaisteoireacht i
m'aonar 'san ngáirdín, nuair do chonnaiceas go tobann dhá
dhiabhailín ghránda i n-aice an ghrianáin, agus iad ag damhsadh go
lúthmhar troigh-éasgaidh ar bhairille aoil, i n-aimhdheoin na slabhraí
dtrom iarainn a bhí ar a gcuid cos aca. Thugadar aon fhéachaint
amháin orm-sa i dtosach le n-a súile lasánta spréacharnacha, agus
annsin, fé mar a ghabhfadh uamhan iad, chonnaiceas iad 'ghá gcaitheamh
féin síos i bhfaiteadh na súl go tóin na bairille, agus ag teacht
amach aiste ní fheadar cé'n bealach agus ag greadadh leo le dul
i bhfolach fé dheire thiar 'san tseomra-nígheacháin a bhí comhthrom leis
an ngáirdín. Ar a fheiceál dom féin go rabhadar chomh sceinneid-
each faiteach sin, tháinic fonn orm a fháil amach céard a bhí fútha a
dhéanamh. Chuireas dhíom mo chéad-scannradh, agus dhruideas
anonn leis an bhfuinneóig… Bhí na diabhailíní bochta annsúd
agus iad ag ritheacht ar na bordaibh, agus gan a fhios acubh cé'n
chaoi a dtiocfadh leob éalódh as m'amharc-sa. Dhruididís i leith
ó am go h-am, agus dhearcaidís amach go h-imnidheach mí-shuaimhneach
thríd na plánaí; agus annsin, nuair a chídís go rabhas féin
ann i gcomhnuí, siúd leob aríst ag rith, amhail is dá mbéidís
ar mire.



Gan aimhreas, níl aon ní neamhchoitianta ag baint leis an
mbrionglóid sin. Ach creidim féin gur bhain Dia feidhm aiste
le n-a chruthú dhom nach call don anam atá ar stáid na ngrást
eagla ar bith a bheith air roimh na deamhain, mar nach bhfuil ionnta
ach meathtacháin mhíolaochdha a bhféadfadh féachaint leinbh féin an
ruaig do chur ortha.



Ó! a mháthair mhuirneach, nach sonasach séanmhar a bhíos an tráth
úd! Níorbh é amháin go rabhas ag cromadh ar aoibhneas a fháil 'san
mbeatha, ach bhí tóir agam ar na subháilcí, leis. Bhí an meón
céadna ionnam, dar liom, is atá indiu, mar bhí smácht an-mhór
agam orm féin i ngach a ndéanainn an uair sin féin. Bhí curtha
róm agam gan casaoid a dhéanamh a choidhche, nuair do tógfaí uaim
na rudaí do bhain liom; agus b'fhearr liom bheith i mo thost, nuair
do daortaí 'san éagcóir mé, ná mo leith-scéal do ghabháil. Ní
raibh aon luach-saothair agam d'á bhárr sin, áfach mar ghnínn go
nádúrthach é.



Á! nach go ró-luath a d'imigh blianta aoibhneacha gréineacha údan
mo naoidheandachta, agus nach milis bog an lorg atá fágtha aca i
lár mo chroidhe! Is aoibhinn liom bheith ag cuimhneamh ar na laeth-


L. 14


eannta a dtugadh deaide go dtí an pavillon 1 sinn, agus go mór-
mhór, ar na siubhlóidí Domhnaigh 'na dtionnlacadh ár máthair ion-
mhuin sinn i gcomhnuí. Mothuighim fós fhéin na smaointe doimhne
fileata do músgluightí i mo chroidhe ag dearcadh dhom ar na gort-
aibh arbhair órnuighthe leis an chailleach dhearg agus le goirmíní
agus le nóiníní. Ba bhreá liom, an uair sin féin, na cian-radhairc,
an spás, na croinnte móra; i bhfocal amháin, chuireadh an nádúir
áluinn uilig aoibhneas ar mo chroidhe agus thógadh sí suas m'anam
chun na bhflaitheas.



Ba mhinic do bhuaileadh bochtáin umainn le linn na siubhlóidí
fada sin, agus b'í Treasa bheag do cuirtí ag tabhairt na déirce
dhóibh i dtóláimh — rud do chuireadh árd-áthas uirthe-se. Ba mhinic,
leis, go mba bhuan le n-ár n-athair ionmhuin an bóthar d'á ríoghain
bhig, agus go dtabharfadh sé ar ais chun a' tighe í, cidh nár thaithn
sin léithe-se 'chor ar bith! Annsin, d'fhonn í do shásamh, ghníodh
Céline a cliabhán beag do líonadh le nóiníní, agus iar bhfilleadh
isteach dhóibh bheireadh sí dhi iad.



Ó! is fíor go raibh chuile nídh ag meangadh liom ar an t-saol seo.
Gheibhinn bláthana ar mo chasán ó choiscéim go coiscéim, agus an
meón soilbhir do bhí agam rinne sé mo bheatha do ghealadh freisin.
Ach bhí téarma nua i mo bheatha le tosnú gan mhoill. Mar, ó bhíos
le bheith i mo chéile ag Íosa chomh luath sin, níor mhór dhom fuilinnt
ó mo leanbhánacht féin i leith. Amhail mar a thosuigheas bláthana
an earraigh ag préamhú faoi'n tsneachta fhuar agus go scéithid
chomh luath is a spalpann an ghrian gheal anuas ortha, sin mar do
b'éigean don bhláithín, a bhfuilim-se ag scríobhadh a scéil, dubh-
gheimhreadh na dtrialta do chur dhe agus leigint a chailís bheag a
líonadh le drúcht na ndeor…



1 Gabháltas beag a bhí ag M. Martin láimh leis an mbaile mhór.


L. 15


CAIBIDIOL II.



Tá cuimhne an-mhaith agam fós i mo chroidhe istigh ar bhreoiteacht
ár máthar, agus ar ar thárla le linn na breoiteachta sin. Cuimh-
nighim go h-áithrid ar na seachtainí deireannacha do chaith sí ar an
t-saol seo thíos. Bhíomar-na, Céline agus mé féin, mar a bhéadh
beirt deoruidhe bocht dearóil! Gach maidin thagadh an bhean uasal
N. 'nár gcoinnibh, agus chaithimís an lá buil sí. Maidin amháin,
thárla nach raibh sé d'ionbhaidh againn ár gcuid paidreacha do rádh
roimh imeacht dúinn, agus ar an mbealach dubhairt Céline liom-sa
ós íseal: "An gcaithfimíd a rádh léithe nach bhfuil ár gcuid paid-
reacha ráidhte againn?" — "Ó, caithfidh, d'eile!" adeirim féin
léithe. Agus leis sin, do leig sí a rún go cúthalach sgáthmhar leis
an mnaoi uasail seo, agus dubhairt sise láithreach: "Tá go maith,
a ingheanacha liom!" ar sise, "féadfaidh sibh iad do rádh anois
mar sin"; agus d'fhág sí annsúd i seomra mór sinn, agus
d'imigh léithe. Do dhearc Céline orm-sa agus a cuid súl ar
leathadh uirthe le h-alltacht, agus níor thaise dhom féin é, go deimhin.
Dubhras léithe: "Á! ní mar sin do dhéanfadh maimín linn!
Deireadh sise na paidreacha i n-éinfheacht linn i gcomhnuí."



I gcaitheamh an lae ní fhéadaimís gan a bheith ag smaoineadh ar ár
máithrín ionmhuin, i n-aimhdheoin gach siamsa agus caitheamh-aimsire
dá mbítí ag iarraidh a dhéanamh dhúinn. Is cuimhneach liom gur
tugadh apricót breá do Chéline lá, agus ar a fháil di do chogair sí i
leith chugam-sa: "Ní íosfaimíd é, ach béarfad-sa a bhaile liom
chuig maimín é." Ach faraoir géar! Bhí ár máthair mhuirneach ró-
thinn feasta le toradh na talmhan a dh'ithe, agus ní raibh sásamh i
ndán di a thuille go sásóchaí i bhFlaitheas na ngrást í le glóire
Dé, agus go n-ólfadh sí i gcuibhreann Íosa an fíon rúindiamhrach ar
ar labhair Sé ag an tSéaras deireannach, nuair do gheall Sé go
riarfadh Sé orainn i Rígheacht A Athar é.



Chuaidh ceremóint bhreá na hOla Deireannaí 'n-a luighe go mór
ar mo chroidhe. Chím fós an áit 'nar cuireadh ar mo ghlúiní mé;
agus cluinim fós féin uchláin chráidhte ár n-athar bhoicht. Lá


L. 16


ar n-a bhárach tar héis báis ár máithrín, 1 ghlac sé chuige ar a
bhaclain mé: "Tarra uait isteach," ar seisean liom, "go
dtugaidh tú an phóg dheireannach do do mháithrín mhilis ar an tsaol
seo." Agus chuireas féin mo bhruasa le baithis fhuair reoidhte mo
mháithrín ionmhuine gan oiread is focal a rádh. Ní cuimhneach liom
gur chaoineas mórán. Na mothucháin dhoimhne a bhí a' brúchtaoil i
mo chliabh níor nochtuigheas d'aoinne iad, ach mé go ciuin tostach ag
breathnú thart agus cluas le h-éisteacht orm ar feadh an achair.
Agus chonnaiceas go leor rudaí freisin ba mhaith leó a chongbháilt
i bhfolach orm. Uair amháin, fuaireas mé féin i m'aonar ós
comhair na comhnrann amach ins an áit a raibh sí curtha 'n-a seasamh
'san pasáiste, agus stadas tamall maith ag dearcadh uirthe.
Ní fhacas aon cheann acubh ariamh roimhe sin, ach mar sin féin
thuigeas a scéal! Bhíos chomh beag bídeach an tráth úd is go raibh
orm mo cheann do thógáilt le h-amharc a fháil uirthe ar fad, agus ba
mhillteach mór agus ba dhubhach doilgheasach liom í…



Cúig bliana déag ní ba dheireannaí casadh i láthair comhnrann eile
mé .i. comhnra ár Máthar naofa Genevièvé 2, agus samhluigheadh dhom
go rabhas i laethibh mo naoidheandachta aríst! Tháinic na sean-
chuimhní ag baint na sál d'á chéile i mo chroidhe. B'í an Treasa
bheag cheanann chéadna a bhí ag dearcadh, ach bhí sí tar h-éis méadú,
agus ba bheag léithe an chomhnra anois. Níor chall di a ceann do
thógáilt le h-amharc a fháil uirthe; ní thógfadh sí a ceann feasta ach
le dearcadh suas uaithi ag machtnamh ar na Flaithis, agus b'aoibhinn
aiteasach léithe an machtnamh sin, arae bhí an fromhadh tar h-éis a
h-anam d'aibiú agus do neartú, i dtreo nárbh fhéidir le rud ar
bith annseo thíos brón nó buairt do chur uirthe a thuille.



An lá ar chuir an Eaglais a beannacht ar chaomh-chorpán mo
mhaimín ionmhuine, níor fhág Dia na glóire i mo dhílleacht ar fad
mé, arae do bhronn Sé máthair eile orm, agus do leig Sé dhom í do
thoghadh uaim féin. Bhíomar bailighthe le chéile, an cúigear againn,
agus sinn ag féachaint ar a chéile go brónach. Ar n-a fheiceál dár
mbanaltra cé'n cumhaidh mhór a bhí orainn, ghabh truagh dhúinn í, agus
d'iompuigh sí chuig Céline agus chugam féin agus adubhairt:
"Mo thrí thruaighe sibh, a chréatúiríní, gan aon mháthair a bheith
agaibh feasta." Leis sin, do chaith Céline í féin ar ucht Mháire 'á
rádh: "Tusa a bhéas i do mhaimín againn feasta mar sin!"



1 Fuair Mme. Martin bás an 28adh lá de Mhí na Lughnasa, 1877, ag
11 a chlog 'san oidhche. Bhí 46 bliana d'aois aici.



2 An Mháthair Urr. Geneviève de Sainte Thérèse, fothuightheoir Charmail
Lisieux. Tá gearr-chunntas ar a beatha curtha amach ag na mná-rialta.


L. 17


Agus ó ba ghnáthach liom-sa Céline do leanacht i dtóláimh, níor
mhisde dhom aithris do dhéanamh uirthe i ngníomh fóghanta de'n
tsaghas sin, leis; ach do mheasas go mbéidir go mbéadh cumhaidh ar
Phauline agus go n-aireóch' sí í féin go h-aonraic uaigneach cheal
ingean bheag a bheith aici-se mar an gcéadna. Annsin do dhearcas
ort go ceanúil, d'fholuigheas mo cheann beag ar d'ochras agus
adubhras: "Pauline a bhéas mar mhaimín agam féinig!"



Mar adubhras cheana, ba ón uair sin i leith dob' éigean dom
teacht isteach 'san dara téarma de mo ré, agus b'é an téarma ba
mhó dólás dom é, go mór-mhór ó d'imigh an té a bhí toghtha agam mar
mháthair altroma dhom isteach 'san Charmal. Síneann an téarma
sin aniar ó aois mo cheithre mblian go leith nó go rabhas cheithre
bliana déag, mar b'shin é an t-am ar fhill meón mo naoidheandachta
orm an ath-uair i n-ainneóin gurbh fhearr do thuigeas tábhacht agus
mór-bhrí na beatha faoi seo.



Níor thúisge a bhí ár maimín caillte ná tháinic, mar is eól
duit a mháithrín, athrú iomlán ar mo mheón shoilbhir shuairc. Agus
mise, a bhí chomh breá oscailteach croidhiúl roimhe sin, d'éirigheas
faiteach mín agus as cuimse mothuightheach. Ba mhinic do chuireadh
féachaint amháin ag sileadh na súl mé; níorbh fhuláir gan aoinne a
bheith ag cur chugam nó uaim; ní fhéadainn cur suas le comhluadar
strainséirí, agus ní fhilleadh mo shoilbhreas orm ach i gcroidhe ár
dteaghlaigh féin istigh. Bhíodh gach cineáltas agus muirniú ní ba
mó ná a chéile dá bhfáil agam i gcomhnuí annsúd. Bhí croidhe
ceanúil ag ár n-athair ariamh, agus cheapfá go dtáinic mar a
bhéadh grá máthar isteach 'san chroidhe sin anois; agus 'n-a cheann
sin, bhraitheas go rabhais féin agus Máire 'nbhúr máithreacha chomh
lághach cineálta is do b'fhéidir le h-aoinne a bheith. Á! muna
mbéadh go ndearna Dia gaethe A ghréine gile do chur anuas ar A
bhláithín, ní thiocfadh leis an talamh anróiteach seo do ghnáthú a
choidhche. Bhí sé ró-lag ró-lúbach go fóill leis an ndeártan agus
an gairbhshíon dh'fhuilinnt, agus níor mhór dhó an teas agus an drúcht
bog tais agus leóithní séimhe an earraigh, agus ní raibh aon cheann
de na beannachtaibh sin de dhíth air ariamh fiú amháin iar dteacht
do shneachta fuar na dtrialta anuas air.



Ní raibh caitheamh-'n-a dhiaidh orm ar chor ar bith ag fágáil
Alencon 1 dúinn, mar is breá le páistibh an t-athrú agus an rud is



1 Bhí dritháir mná M. Martin pósta, agus ba i Lisieux a bhí comhnuí air
féin agus ar a theaghlach. Theastuigh ó M. Martin a chlann inghean do thabhairt
i bhfogus dóibh-sin, le go bhféadfadh a n-aintín iad dh'oidiú. B'shin é do
thug air Alencon do thréigint.


L. 18


neamhghnáthach, agus mar sin de bhí glionndar croidhe orm ag teacht
go Lisieux dhúinn. Tá cuimhne mhaith agam ar an aistear agus ar
ár dteacht chun tighe m'oncail tránóna; chím fós mo bheirt chol-
cheathar bheag, Siubhán agus Máire, agus iad ag fuireach linn ar an
dtáirsigh i gcuideachta' m'aintín, Ó! nach mé a bhí go buidheach 'mo
chroidhe istigh d'ár ngaolta geanúla as ucht na fíor-chaoin fáilte
do chuireadar róinn!



Lá ar n-a bhárach, do tionnlacadh go dtí ár n-áitreabh nua sinn .i.
Les Buissonnets, ball ciúin iargcúlta láimh leis an promenade
bhreá dá ngoirthear Jardin de l'étoile. B'fhacthas dom go raibh
an teach go h-áluinn: an deagh-radharcán (belvédère) ó n-a
bhféadfaí breathnú i bhfad i gcéin, an gáirdín Sasanach ós comhair
an tighe amach, agus garrdha mór eile ar chúl an tighe; ba nuaidh-
eacht taitneamhach le mo shamhluíocht óig na neithe sin uilig. Agus
go deimhin, b'iomdha sin áthas mór do tháinic orainn 'san áitreabh
niamhrach údan, agus b'iomdha sin eachtra do thuit amach ann i lár
an teaghlaigh, nach feidir a leigint i ndearmad a choidhche. Mar
adubhras cheana, bhínn féin i mo dheoruí bhocht aonraic i ngach aon áit
eile, bhínn ag caoineadh, agus mhothuighinn go rabhas gan máthair
feasta! Ach annsúd istigh do ghealadh mo chroidhe an ath-uair agus
d'fhilleadh an meangadh suairc orm aríst.



Níor thúisge i mo dhúiseacht mé ná gheibhinn póg agus barróg
uait-se, agus annsin deirinn mo chuid paidreacha le d'ais. 'N-a
dhiaidh sin do mhúinfeá mo cheacht-léightheóireachta dhom, agus is
cuimhneach liom gurbh é an focal "Neamh" an chéad fhocal a bhíos i
n-ann a léigheamh asam féin. Ar a bheith thart don cheacht, théighinn
suas go dtí an deagh-radharcán mar a gcomhnuigheadh deaide de
ghnáth. Á! nach mé a bhíodh go glionndarach nuair a bhíodh marcanna
maithe agam le taisbeáint dó!



Gach tránóna d'imighinn amach i n-éindtigh leis ag spaisteoireacht
ar feadh tamaill, agus thugaimís cuairt ar an Naomh-Shacraiméad i
dteampol amháin lá, agus i dteampol eile an lá dár gcionn.
B'shin mar do casadh isteach i séipéilín an Charmail de'n chéad
uair mé. "Féach, a ríoghan bheag," arsa m'athair liom, "lais-
tigh den chrannghail sin, tá mná-rialta naofa a bhíos ag guidhe Dé do
shíor." Ba lag a shíleas go mbéinn féin 'n-a measg naoi mbliana
'n-a dhiaidh sin; agus go bhfuighbhinn an oiread sin grásta ó Dhia
annsúd istigh 'san Charmal Bheannuithe sin!



I ndiaidh na siubhlóide d'fhillin isteach a bhaile, agus ghnínn mo
chuid ceacht d'ullmhú; agus annsin thugainn an chuid eile den am ag


L. 19


ropadh liom thart timcheall ar m'athair 'san ngáirdín. Ní raibh
a fhios agam le bábógaí a dh'imirt, agus b'é caitheamh-aimsire do
b'fhearr liom ná a bheith ag ullmhú measgán de shíolta agus de chairt
na gcrann. Nuair do thagadh dath breá ar an measgán de bhárr
mo shaothair, do thairginn do m'athair láithreach é i gcupán bheag
ghleoite do mheallfadh duine ar bith chun an rud a bhí istigh ann do
bhlaiseadh. Agus do sguireadh m'athair caoin d'á chuid oibre ar an
toirt, thagadh meangadh ar a bhéal, agus leigeadh sé air go raibh
sé 'á ól.



Bheith ag saothrú na mbláth, b'shin rud eile do thaithn go mór liom,
agus ghnínn caitheamh-aimsire dhom féin ag tógáil altóiríní i lagán
a bhí i lár falla mo gháirdín. Nuair a bhéadh chuile shórt réidh agam,
rithinn liom i leith chuig m'athair, agus do leathfadh a shúile air,
mar dhóigh dhe, agus dhéanfadh sé iongantas de mo chuid altóirí
breaghtha, d'fhonn áthas do chur orm féin, mar ba shár-oibreacha
liom-sa iad! Ní chuirfinn deire leis an scéal seo a choidhche, dá
mb' áil liom na céadta eachtra eile den tsaghas sin a bhfuil cuimhne
agam ortha d'innseacht duit. Á, cé'n chaoi a bhféadfainn cur síos
i gceart ar an gcineáltas iongantach mór do thaisbeán m'athair
ionmhuin d'á ríoghain bhig?



B'aoibhinn liom na laetheanta 'n-a dtugadh mo rí ionmhuin-
b'shin é an t-ainm ceana a bhí agam air — amach i n-éindtigh leis ag
iasgaireacht mé. Corr-uair bheirinn féin iarracht ar iasgaireacht
le mo dhorugha bhig; ach b'é rud do b'fhearr liom de ghnáth ná dul ar
fhód fá leith agus suidheamh fúm ar an bhféar mbláthmhar. Annsin
is eadh d'eirigheadh na smaointe doimhne diamhra i mo chroidhe,
agus cidh nach raibh a fhios agam céard ba mhachtnamh ann, bhíodh
m'anam dh'á thumadh féin i bhfíor-urnuighe. D'éistinn leis na
tormáin i gcéin uaim agus le monabhar na gaoithe. Seóltaí
chugam ar uairibh, leis, corr-nóta neamh-chinnte de cheól na said-
iúirí ón mbaile mhór, agus chuireadh sin cumhaidh bhog mhilis ar mo
chroidhe. Ba dheoruíocht liom an talamh agus b'fhada liom go
dtéighinn a bhaile go Flaitheas na ngrást!



Ní airighimís an iarnóin ag imeacht, agus ba ghairid gur mhithid
dúinn filleadh ar Les Buissonnets. Ach shul dá gcuirimís ár
gcuid úirlisí i dtoll a chéile d'ithinn féin an lón a bhíodh agam i
mo chiseán bheag. Ach mo nuar! An toirtín breá milseánta,
do bhíodh ullmhuighthe agat-sa dhom, bhíodh athrú snódha tagtha air. I
n-ionad an datha bhreá a bhí air, ní bhíodh le feiceál agam ach dath
odhar-dhearg tuartha. Mhéaduigheadh sin ar mo chumhaidh, agus


L. 20


cuirtí 'n-a luighe orm go mba i bhFlaitheas Dé amháin a bhéadh an
t-áthas gan ceo gan scamall.



Ó's ag cainnt ar scamaill dom é, cuireann sin i gcuimhne dhom
lá 'n-ar dhorchuigh spéartha breaghtha gorma na tuaithe ós ár gcionn.
Ba ghearr gur thosuigh an tóirneach ag búirtheach go tolgach tréan,
agus an teinntreach spréacharnach ag lasadh 'nár dtimcheall. Bhíos
féin ag iompáil deiseall is tuaithbheall le lán na súl do bhaint as
an radharc iongantach mórdha sin. I gcionn tamaill chonnaiceas
an teinntreach ag tuitim i bpáirc i bhfogus dúinn, agus i n-ionad
aon sgeón dá luighead do theacht orm dá dheasgaibh sin, b'amhlaidh
a bhí ríméad an domhain orm; b'fhacthas dom go raibh Rí na nDúl
gar go maith dhom annsúd! Ach má bhíos féin go lán t-sásta,
ní h-amhlaidh a bhí m'athair ionmhuin, agus ba ghearr go dtáinic sé
dhom' tharraint as mo thaidhbhreamh. Bhí na braonacha lonnracha ag
spréacharnaighil cheana féin ar an bhféar fúinn agus ar na nóiníní
móra a bhí ní b'aoirde ná mé féin, agus níor mhór dhúinn dul
treasna a lán páirceann shul dá mbéidir linn an bóthar mór do
bhaint amach. Do ghlac sé chuige ar a bhaclain mé, i n-aimhdheoin
an ualaigh mhóir dorughana a bhí air, agus ar an mbealach dhúinn
bhíos féin ag breathnú uaim síos ar na péarlaí lonnracha údan,
agus aithmhéala orm mórnach nárbh thíos 'na measg a bhíos dom
fhliuchadh agus dom' bháthadh leo.



Feictear dhom nár dhubhras leat cheana, gur mhinic do bheirinn
déirceana do na bochtáin le linn mo shiubhlóidí laethiúl ag Lisieux,
fé mar do ghnínn ag Alencon. Lá n-aon chonnaiceamar chugainn
sean-duine bocht agus é ag tarraint na gcos 'n-a dhiaidh le duadh
mór agus le cabhair a chuid maidí-croise. Chuaidh mé féin anonn
chuige le mo phíosa airgid do thabhairt dó; ach do dhearc sé orm
go brónach ar feadh tamaillín, agus annsin do chraith sé a cheann,
tháinic meangadh doilgheasach ar a bhéal, agus dhiúltuigh sé de mo
dhéirc do ghlacadh. Ní fhéadaim a rádh cé mar a chuaidh sin go
croidhe ionnam. B'áil liom fóirthint air agus é do shólású, agus
i n-a ionad sin, b'é an chaoi a rabhas tar héis ceannfé agus buairt
do chur air, béidir!



Ní fuláir nó do thuig sé chéard a bhí i m'aigne, mar ba ghairid go
bhfacas ag iompódh ar ais é agus ag meangadh liom ó chian. Díreach
ar an nóiméid sin, bhí m'athair tar héis toirtín do cheannach dhom,
agus tháinic fonn mór orm rith i ndiaidh an t-sean-duine agus mo
thoirtín do thabhairt dó, mar dubhras liom féin: "Ní ghlacfadh
sé an t-airgead, ach is cinnte go mba bhreá leis toirtín a fháil."


L. 21


Ach níor chorruigheas 'n-a dhiaidh sin, pé ar bith cé'n faitíos do-
thuigse a bhí dom' chongbháilt siar; bhí mo chroidhe go trom i
m'chliabh, agus ní raibh ann ach gur fhéadas na deora do chosg.
Fá dheoidh, áfach, chuimhnigheas gur chualas go bhfághtar gach
athchuinge dá n-iarrtar ar Dhia lá na Céad-Chomaoine, agus chuir an
smaoineadh sin sólás orm láithreach. Cidh nach raibh ach sé bliana
d'aois agam an uair sin, dubhras liom féin: "Déarfad paidir
ar son mo shean-duine bhoicht lá mo Chéad-Chomaoine, fá n-a bheith
slán dom." Agus cúig bliana 'n-a dhiaidh sin, do chóimhlíonas mo
rún go dílis. B'é mo thuairim láidir ariamh ó shoin gur tugadh
áird agus toradh ar an bpaidir bhig leanbaigh úd adubhras ar son
an bhaill sin de bhallaibh fulaingeacha Chríost.



Do réir mar a bhíos ag éirghe suas bhí mo ghrá do Dhia ag dul i
méid freisin, agus bheirinn mo chroidhe suas Dó go minic ag rádh na
h-ofrála do mhúin mo mháthair dhom. Ghnínn mo dhícheall ar a bheith
taithneamhach Leis i ngach a ndéanainn, agus bhínn go haireach
áirdeallach sar a gcuirfinn fearg nó buairt Air a choidhche. Ach lá
amháin, rinneas míghníomh mór, agus is maith is fiú dhom é dh'inn-
seacht annseo; ádhbhar mór úmhluigheachta agus ceannfé dhom féin
é, agus creidim go raibh croidhe-bhrúgha fírinneach agam mar gheall
air.



Mí na Bealtaine a bhí ann san mbliain 1878. Do bhraith tusa
go rabhas ró-bheag le dul chun an Teampuil i gcóir paidreacha
míosa Mhuire gach tránóna, agus mar sin de d'fhanainn san
mbaile mar aon leis an mbuime, agus deirinn mo chuid paid-
reacha ós comhair m'altórach féin, a bhíodh feistighthe socruighthe
agam ar mo nós féin. Bhí chuile ní chomh beag bídeach sin, idir
choinnleóirí agus árthaigh na mbláth, agus rl., gur leor dhá bhuaiceas
bheaga le n-a soillsiú go hiomlán. Corr-uair, d'fhonn tíoghbhus
do dhéanamh ar mo chuid buaiceas, bheireadh Victoire cúpla
smut de choinneal dom, mar iongantas, ach b'annamh é.



Tránóna áithrid, bhíomar ar tí tosnuighthe ar na paidreacha, agus
dúbhras féin le Victoire: "Ar mhisde leat an Memorare do
thosnú, táim-se ag dul a' lasadh na mbuaiceas." Do leig sí
uirthe go raibh sí ag tosnú, agus annsin dhearc sí orm-sa agus chuaidh
ins na tríthibh gáire. Nuair a chonnaiceas féin mo chuid buaiceas
luachmhara d'á n-ídiú go mear, d'athchuingeas uirthe aríst an
Memorare do rádh go beo. Ach focal níor dhubhairt sí annsin féin,
ach í annsúd agus gach aon sgairt gháire aisti! Chuir sin le báine
ar fad mé, phreabas im' shuidhe, chuireas uaim mo mhíne ghnáthach,


L. 22


bhuaileas buille trom le mo leath-chois ar an úrlár, agus adubhras
go taodach árdghlórach: "A Victoire, is dána mí-mhúinte an
cailín thú!" An cailín bocht! Ní fonn gáiridhe a bhí uirthe anois.
Bhí sí ag dearcadh orm agus gan innti labhairt le h-aon-chorp ion-
gantais; agus annsin do thaisbeán sí dhom an dá smut de
choinneal a bhí i bhfolach aici dhom faoi n-a práisgín — ach bhí sé ró-
dheireannach aici. Mo chreach is mo bhrón! Tar héis dom bheith
ag gol le teann cuthaigh, do shileas na frasa deor le teann croidhe-
bhrúgha agus aithreachais. Bhí náire shaolta orm agus ceannfé
agus buairt ró-mhór, agus rinneas rún daingean diongmhálta gan
a leithéid de thuathal a dhéanamh aríst a choidhche.



Tamaillín 'n-a dhiaidh sin, chuaidh mé chun faoisdine de'n chéad
uair. Is aoibhinn liom cuimhneamh air sin! Bhítheá-sa, a mháthair
ionmhuin, 'á rádh liom: "A Threasa bheag, a thaisce, ní do dhuine
atá tú a dul ag amhdachtáil do chuid peaca ach do Dhia na glóire É
féin!" Agus buaileadh an fhírinne sin isteach i m'aigne chomh
maith sin gur fhiafruigheas díot go dáiríreach an mbéadh orm a rádh
leis an t-sagart, M. l'abbé Ducellier 1 "go raibh grá agam dhó ó
mo chroidhe go h-iomlán," ó thárla gur le Dia a bhíos le labhairt
'n-a phearsain siúd.



Ar a bheith oilte dhom go maith roimh-ré i ngach a mba chóir dhoim
a dhéanamh, chuaidh mé isteach 'san mbosca-faoisdine agus leigeas
mé féin ar mo dhá ghlúin; ach ar tharraint an t-sleamhnáin siar don
tsagart, ní fhaca sé duine ar bith roimhe, mar bhíos chomh beag
bídeach sin is go raibh mo cheann thíos faoi'n gcláirín ar a leagtar
na lámhaí. Dubhairt sé liom annsin eirghe im' sheasamh, agus
d'éirigheas láithreach. Thugas m'aghaidh air go díreach le go
bhfeicfinn ní b'fhearr é, rinneas m'fhaoisdin agus fuaireas a
bheannacht le creideamh beó láidir; mar bhí tusa tar héis a rádh
liom go ndéanfadh deora Íosagáin m'anam do ghlanadh agus
d'ionnladh ar an nóiméid solmánta sin. Cuimhnighim ar an
gcomhairle do thug an sagart dom; do mhol sé dhom go háithrid
cráibhtheacht a bheith agam don Mhaighdin tuire, agus chuireas róm
a dhá oiread grádha do thabhairt di feasta, cidh go raibh grá an-mhór
agam uirthi cheana féin.



Fá dheire thiar shíneas chuige isteach mo phaidrín le go gcuirfeadh
sé a bheannacht air, agus 'n-a dhiaidh sin tháinic mé amach as an
mhbosca-faoisdine chomh haoibhinn éadtrom-chroidheach sin nár



1 Príomh-shagart Árdteampuil Saint Pierre i Lisieux. D'éag sé san
mbliain 1917.


L. 23


mhothuigheas áthas chomh mór sin orm ariamh roimhe sin. Bhí an clap-
sholus ann. Ar theacht chomh fada le lampa-sráide dhúinn, stadas
agus tharraingeas an paidrín nua-bheannuithe aníos as mo phóca,
agus thosuigh orm 'á chasadh thart agus 'á athchasadh ar gach aon
tsaghas cuma: "Céard air a bhfuilir ag breathnú, a Threasa
bheag?" d'fhiafruighis féin díom. "Tá, ar mo pháidrín,"
adeirim-se, "féachaint ce'n déanamh atá ar phaidrín bheannuithe."
Agus bhain an freagra simplí sin gáire asat-sa. Do mhothuigheas
féin ionnam go ceann i bhfad na grásta a bhí fáighte agam, agus
uaidh sin amach théighinn chun faoisdine i gcóir na bhféilte mór.
Ní misde dhom a rádh go ndéanadh na faoisdiní sin mo chroidhe
beag do líonadh le háthas.



Na féilte!… Á, nach mór a chuireas an focal sin amháin i
gcuimhne dhom!… Na féilte… nach agam-sa a bhí an grá
dhóibh! Ba bhreá cliste uait-se, go deimhin, na rúindiamhra
foluightheacha do bhain le gach ceann aca do léiriú agus do mhíniú
dhom. Ba gheall le laetheanta i bhFlaitheas Dé dhom na laetheanta
úd gan aon agó. B'é rud do thaithnigheadh liom go mór-mhór ná
cóimhshiúbhail Chuirp-Chríost. Nárbh áluinn aoibhinn an rud bheith
ag craitheadh na mbláth faoi chosaibh Chríost féin? Ach shul dá
leiginn-se dhóibh tuitim go talamh, dhéanainn iad do radadh uaim
suas go h-árd, agus níorbh áthas go dtí an t-áthas a bhíodh orm nuair
do chínn duilleogaí mo chuid rósaí ag teangmháil leis an dTais-
beanadán bheannuithe féin.



Na féilte! Má b'annamh iad na féilte móra féin, castaí
chugainn le deire gach seachtaine féile do b'ionmhuin le mo chroidhe
.i. an Domhnach. Nár bheannuithe an lá é! Lá fhéile Dé féin, lá na
sabbóide nó na sgíthe. Ar dtúis, théigheadh an teaghlach go léir
chun an Árd-Aifrinn; agus is cuimhneach liom go gcaithimís
teacht anuas le haghaidh na seanmóire — toisg ár suidheachán féin
do bheith ró-fhada ón gcrannóig — agus áit a fháil i lár an teampuil,
rud nárbh fhurust a dhéanamh. Níor luaithe do chíodh na daoine
Treasa bheag agus a hathair, áfach, ná bhídís go léir go bruidiúil ag
tairsgint chathaoireach dhóibh. Thagadh áthas-croidhe ar m'oncail,
nuair a chíodh sé chuige sinn, 'nár mbeirt; a "ghath beag gréine" do
bheireadh sé orm féin, agus deireadh sé gur phictiúir é do chuireadh
aoibhneas ar a chroidhe, an pátriarc oirdheirc sin a fheiceál agus a
inghean bheag i ngreim láimhe aige. Ach ba chuma liom féin cé aca
bítí ag féachaint orm nó nach mbítí, mar b'é mo chúram go léir
éisteacht go haireach leis an tsagart. Seanmóir ar Pháis ár


L. 24


dTiarna b'shin í an chéad seanmóir do thuigeas, agus ba mhór do
chorruigh sí mé. Bhí cúig bliana go leith agam an uair úd, agus
uaidh sin i leith bhínn i n-ann brí agus teagasc na seanmóintí go
léir do thabhairt liom.



Am ar bith a mbéadh an sagart ag cur síos ar Shan Treasa,
chromfadh m'athair i leith chugam-sa agus deireadh sé liom ós
íseal: "Bí ag éisteacht go haireach anois, mar is ar do phátrún
naofa féin atá sé ag labhairt." Agus d'éistinn go h-aireach,
leis, ach caithfead a amhdachtáil gur mhinicí a bhínn ag dearcadh
ar m'athair ná ar an tseanmóiridhe. B'iomdha sin rud do léighinn
ar a chúntanós bhreá uasal! Uaireanta thagadh na frasa deor
le n-a shúile dá mhíle buidheachas. Shílfeá air, le linn éisteachta
leis na fírínní síorruí dhó, nach raibh sé ar an dtalamh tadhaill seo
a thuille; chítí dhom féin go mbíodh a anam agus a chroidhe ar
fuaidreamh i saol eile ar fad. Fairíor géar cráidhte! Chaithfeadh
sé na blianta buana brónacha do chur dhe fós shul dá n-oscluightí
na Flaithis aoibhne roimhe, agus go ndéanfadh an Tiarna deora
géara guirte A sheirbhísigh dhílis do thriomú le n-A láimh dhiadha
féin…



Ach dála na nDomhnach-ba ró-mhear a d'imigheadh an lá aoibhinn
aiteasach sin thart, agus ní raibh sé gan beagáinín den chumhaidh a
bheith ag baint leis. Bhíodh áthas gan mhairg gan bhrón orm go dtí
Completorium, ach ar a bheith thart do na paidreacha sin, thagadh
cumhaidh ar mo chroidhe, ag machtnamh dhom go gcaithfinn m'aghaidh
do thabhairt ar an mbeatha aríst an lá dár gcionn, agus dul i
n-éadan mo chuid oibre, agus a bheith ag casadh le ceachta a fhogh-
luim; mhothuigheadh mo chroidhe deoruíocht an tsaoil anróitigh seo,
agus b'fhada liom go dtagadh suaimhneas agus sabbóid na bhFlaith-
eas, an Domhnach gan faoithin gan foircheann a bhéas againn i
n-ár bhfíor-Athardha!



Roimh filleadh isteach chuig Les Buissonnets dhúinn, bheireadh ár
n-aintín cuireadh dhúinn, ó dhuine go duine, leis an iarnóin do
chaitheamh i n-éindtigh léithe; agus is mé a bhíodh go lán t-sásta
nuair do thagadh mo sheal-sa. B'aoibhinn liom a bheith ag éisteacht
le gach a n-abruigheadh m'oncail; do chuirinn suim 'n-a chuid
cómhrádh trom-chiallmhar; ach ní móide go raibh aon cheapadh aige
go mbíodh an oiread sin spéise agam féin ann. Bhíodh uamhan i
dteannta an áthais orm, áfach, tráth a gcuireadh sé i mo shuidhe
ar a leath-ghlúin mé, agus é ag gabháil Barbe-bleue de ghlór
uathbhásach


L. 25


I dtráthaibh an h-ocht a chlog thagadh m'athair fá mo choinne. Agus
ag filleadh a bhaile dhúinn is cuimhneach liom go mbínn ag breathnú
uaim suas ar na réaltógaí le h-aiteas agus le h-iongantas do-
labhartha. Bhí dosgán amháin de phéarlaí óir i ndoimhneas na
bhFlaitheas (.i. Crios Oríon) a mba bhreá liom a bheith ag féachaint
air go háithrid, mar thugas fá ndeara go raibh déanamh na leitre
T air, agus ar an mbealach dhúinn, deirinn le m'athair ionmhuin:
"Féach suas uait, a dheaide, tá m'ainm-se scríobhtha ins na
Flaithis!" Annsin d'iarainn air mé do threórú toisg nárbh áil
liom bheith ag féachaint ar an dtalamh anróiteach seo a thuille,
agus ghluaisinn róm gan aire agam ar raon mo shiubhail, mo
cheainnín crochta go h-árd 'san aer agam, agus mé ag breathnú
uaim suas ar chruinneacán gorm réaltógach na spéire gan sos
gan sgíth.



Agus anois céard a fhéadfas mé a rádh faoi na geamh-oidhcheanna
gheimhridh ag Les Buissonnets? Tar héis cluiche táiplise a dh'imirt
dúinn, léigheadh Máire nó tusa an "Bhliain Liteargóideach,"
agus 'n-a dhiaidh sin, roinnt leathanach de leabhar éigin a gcuirfí
spéis ann agus a bhfuighbhí tairbhe as i n-éinfheacht. I gcaitheamh an
achair sin is é an áit a mbínn féin ach ar ghlúiní m'athar, agus
ar a bheith thart don léightheóireacht, thosóchadh seisean ag gabháil na
gcrónán gceólmhar d'á ghlór bhreá amhail is dá mbéadh sé ag
iarraidh mé do chur i mo chodladh. Annsin leagfainn-se mo cheann
ar a ucht, agus dhéanfadh seisean mé do luasgadh anonn is anall
go bog réidh…



Fá dheoidh, ghabhaimís suas leis na paidreacha do rádh agus annsúd
aríst ba i n-aice m'athar a bhínn-se, agus ní bhíodh orm ach féachaint
air-sin chun a thuigsint cé mar a ghuidheas na naoimh. Iar sin,
chuirtheá-sa a chodladh mé; agus d'fhiafruighinn díot i gcomhnuí'
'gcomhnuí: "An rabhas go maith indiu? An bhfuil Dia sásta
liom? An mbéidh na h-aingil bheaga ag eitilt thart timcheall orm
i rith na hoidhche?" "Béidh, a stóirín," b'shin é an freagra a
bhíodh agat i dtóláimh; dá bhfághainn a mhalairt de fhreagra,
thabharfainn an oidhche go léir ag gol. I ndiaidh an cheistiúcháin
sin, bheireadh tusa agus Máire póg dhom, agus fágtaí Treasa
bheag 'n-a haonar 'san dorchadas.



Measaim gur mhór an gar dhom gur cuireadh ialach orm ó laethibh
mo naoidheandachta i leith mo scáthmhaireacht agus m'eagla do bhrú
fúm. Uaireanta chuirtheá-sa i m'aonar mé, tránóna thiar, fá
choinne rud' éigin go seomra cúlráideach, agus ní bhíodh aon ghlacadh


L. 26


agat le h-obadh, ach an oiread; níor mhór dhom sin, leis, mar,
ach ab é sin, d'eireóchainn go h-an-uaisneach sceinnideach. Anois,
áfach, is rí-dheacair geit a bhaint asam. Is iongantach liom an chaoi
arbh' fhéidir leat mé do thógáil chomh grádhmhar geanúil sin gan mé
do mhilleadh, mar ní leigtheá locht ar bith thart. Níor cheartuighis
ariamh mé gan ádhbhar; ach ní lugha 'ná mar a bhogais ariamh ó aon
rud a bhéadh socruighthe agat — agus b'agam-sa a bhí a fhios sin go
maith freisin.



Do leiginn mo chuid rún go léir leat-sa, agus ghnítheá gach aon
aimhreas agus cruaidhcheist do léiriú dhom. Lá n-aon, dubhras
leat go mbíodh iongnadh orm faoi rádh is nach dtugann Dia an ghlóir
chéadna do na fíréin go léir ins na Flaithis; mar bhí faitíos orm
nach mbéidís uilig sonasach. Ní dhearna tusa ach mé do chur i
gcoinne gloine móire m'athar, agus annsin do chuiris le taoibh
mo mhéaracáin bhig féin í. Dho líonais iad araon d'uisge, agus
d'fhiafruighis díom-sa cé aca ba láine, dar liom. Dubhras féin
go rabhadar araon chómh lán le n-a chéile, agus nárbh fhéidir a thuille
uisge dó dhoirteadh isteach i n-aon cheann aca thar an méid a bhí
ionnta a ghabháil. Chuiris i dtuigsint dom annsin nach mbéadh
an duine is lúgha de na fíréin ag éad leis an té is aoirde ins na
Flaithis. Sin mar do bheirtheá do m'anam an bheatha a bhíodh a
dhiotháil air, leis na rúndiamhra is aoirde féin do chur i n-oiriúnt
dom' aigne.



Nach orm-sa a bhíodh an ríméad nuair a thagadh lá bronnta na
nduaiseann gach bliain! Cidh nach mbíodh aoinne ach mé féin ag
iomaidh, cuirtí an ceart i bhfeidhm go cruinn annsin féin, agus i
gcomhnuí; ní fhághainn ach na duaiseanna do bhíodh tuillte go maith
agam. Bhíodh an croidhe ag preabarnaigh go tréan agam, le linn
éisteachta le mo bhreith dhom agus le linn na nduaiseann agus na
gcraobh a fháil dom ó mo "Rí" i bhfiadhnaise an teaghlaigh go léir.
Ba gheall le Lá an Bhreitheamhnais é, shílinn!



Céad faoiríor géar! Ag féachaint ar ár n-athair an tráth úd
dom, agus é chomh seabhrach suairc sin, ní raibh aon cheapadh agam
go raibh na trialta móra i ndán dó. Lá amháin, áfach, do thais-
beán Dia dhom i bhfís iongantaigh macsamhail beo an umáird údan
a bhí le teacht air.



Bhí deaide ar shiubhal agus ní raibh súil leis a bhaile go ró-luath.
Bhí an tránóna ann, tuairim 's a dó nó a trí a chlog, agus bhí an
ghrian ag deallradh go lonnrach soillseach, agus bhí cuma aoibhinn
meidhreach ar an nádúir uile go léir. Bhíos féin i m'aonar i


L. 27


n-aice fuinneoige ar aghaidh an gháirdín mhóir istéach, agus
na smaointe aiteasacha ag dul tré m'aigne, nuair do chon-
naiceas fear róm amach ós comhair an tighe-nigheacháin agus é
éaduighste ar nós m'athar go díreach, é árd mar eisean, leis,
agus an siubhal céadna faoi, ach amháin go raibh sé cromtha
go mór 'n-a cheann sin agus aosta. 'Seadh "aosta" adeirim,
chun crot a phearsanachta 'n-a hiomlán do chur i n-iúl duit,
arae ní raibh aon radharc agam ar a cheann-aghaidh mar gheall
ar an mbinndéal tiugh le n-a raibh a cheann clúduighthe. Bhí sé ag
gluaiseacht leis go mall réidh cúramach le ciumhais mo gháirdín
bhig féin. Ní túisge do chonnaiceas é, ná ghabh néamhaireacht
neamh-shaolta éigin mé, agus chuireas scread asam de ghlór árd
creathach: "A dheaide! a dheaide!…" Ach ní raibh aon
chosúlacht ar an nduine rúindiamhrach gur chuala sé mé ar chor ar
bith, mar do lean sé d'á shiubhal gan iompódh thart féin, i riocht is go
raibh sé ag déanamh ar roinnt crann giumhaise a bhí 'n-a seasamh i
lár casáin mhóir an gháirdín. Bhíos féin ag súil le h-é do fheiceál
ag teacht amach ar an dtaoibh eile de na croinnte móra sin; ach
bhí an "fhís fháidhiúl" imighthe ar cheal uaim!



Thuit sin go léir amach i n-aon nóiméad amháin; ach nóiméad do
b'eadh é do gearradh isteach chomh doimhin sin i mo chroidhe go bhfuil
a chuimhne ós comhair m'aigne indiu féin, i ndiaidh na mblianta go
léir, chomh glan chomh soiléir is dá mba í an fhís féin a bhéadh ann.



Bhí Máire i n-éindtigh leat-sa, a mháithrín, i seomra eile i ngar
dhom, agus tháinic cineál uamhain oraibh araon, nuair a chuala sibh
mise ag glaodhach ar dheaide. Níor leig Máire a dhath uirthi, áfach,
ach rith sí i leith chugam-sa agus adubhairt: "Cad chuige a bhfuilir
ag glaodhach ar t'athair ar an gcuma sin, agus é ar shiubhal ag
Alencon?" D'innsigheas féin di céard a bhíos tar héis a fheic-
eál; agus d'fhonn mé do chiúiniú, dubhradh liom gurbh é an chaoi
a ndearna an cailín-aimsire a ceann do chlúdach le n-a práisgín
i n-áit a raibh fonn uirthe geit do bhaint asam-sa. Ach nuair do
ceistigheadh Victoire dubhairt sí nár fhág sí an chistineach chor ar
bith; agus pé aca sin é, bhíos féin cinnte dearbhtha gurbh "fhear do
chonnaiceas agus gurbh é mac-samhail m'athar an fear úd go díreach."
Annsin chuamar go léir amach ar chúl na gcrann mór, ach ní raibh
tada le feiceál ann rómhainn, agus dúbhrais-se liom gan cuimh-
neamh air a thuille. Airiú! gan cuimhneamh air a thuille! B'shin
rud nach raibh ar mo chumas a dhéanamh. Ba ró-mhinic do chuireadh
mo shamhluíocht an fhís rúindiamhrach sin ós mo chómhair aríst, agus


L. 28


ba mhinic do bheirinn iarracht ar an mbrat a bhí ag ceilt brí na
físe orm do tharraint i leath-taoibh; agus bhíos lán-chinnte go
nochtfaí a ciall go h-iomlán dom lá éigin.



Agus anois tá a fhios agat gach ní, a mháthair ionmhuin! Tuigir
féin anois gurbh é ár n-athair go fíor do thug Rí na bhfeart le
feiceál domh-sa, agus é ag gluaiseacht roimhe go cromtha creap-
allta leis an aois, agus comhartha a umáird ró-mhóir 1 ar a chún-
tanós uasal agus ar a cheann liath. Fé mar a bhí Aghaidh adhramhail
Íosa foluighthe le linn A Pháise, níorbh fhuláir aghaidh A sheirbhísigh
dhílis a bheith foluighthe i gcaitheamh laetheanta a úmhluighthe mar an
gcéadna, i riocht go mba mhóide a bhéadh sé ag deallradh ins na
Flaithis. Á! nach iongantach é leamhnú Dé ag taisbeáint na
croise luachmhaire sin dúinn roimhré, amhail mar a bheir athair lide
d'á chlainn faoi na neithe móra atá aige 'á ullmhú dhóibh, agus
amhail mar is aoibhinn leis féin tré mhéid a ghrádha dhóibh, bheith ag
féachaint ar an rachmus gan teora a bhéas mar oighreacht aca!



Ach fiafruighim dhíom féin annseo: "Cé'n fáth gur do leanbh
do thug Dia an fhaisnéis sin, agus a rádh go gcaillfí le cumhaidh
agus le dólás í dá dtuigeadh sí a brí?" Cé'n fáth? Sin ceann
de na rúindiamhra do-scrúduighthe údan nach dtuigfimíd go dtéigh-
imíd go Flaitheas Dé mar a mbéimíd ag déanamh iongantais díobh
go síorruí suthain! A Dhia dhil, nach Tú atá go maith dhúinn!
Nach iongantach mar a dhéanann Tú sinn do fhromhadh do réir ár
nirt agus ár n-acfuinne! Ní raibh sé de mhisneach ionnam an
tráth úd smaoineadh féin, gan uamhan do theacht orm, go bhféadfadh
m'athair bás a fháil 'chor ar bith. Lá amháin, bhí sé thuas ar bhárr
dréimire, agus nuair a chonnaic sé mise annsúd buailte leis an
ndréimire thíos, dubhairt sé liom: "Druid siar as sin, a
ríoghan bheag, mar má thuitim, déanfaidh mé thú do bhascadh."
Ach tháinic cradhsgal orm féin láithreach bonn, agus ní dhearna mé
ach teannadh isteach ní ba ghoire fós do'n dréimire, á rádh liom
féin: "Ar a laghad, má thuiteann deaide, ní bhéidh sé de dhólás
orm é a fheiceál ag fáil bháis; gheobhfad féin bás i n-aoinfheacht
leis."



Ní fhéadfainn a rádh cé'n cion mór a bhí agam air! Do chuireadh a
thréartha go léir iongantas agus áthas orm. Tráth a mbéadh sé



1 'San mbliain 1 bhuail a lán taom pairilíse M. Martin, agus tar
héis dóibh baill-bheatha an t-sean-duine naofa do bhuaileadh agus d'fhágáil
n-a gceann agus 'n-a gceann, do ghoilleadar go h-an-mhór ar a thuigse go
dtí lá a bháis. B'éigean é do thabhairt isteach i lámhaí coimhthigheacha féin
ar feadh trí mbliain…


L. 29


ag nochtadh a chuid smaointe faoi neithe móra tábhachtacha dhom,
amhail is dá mba ghirseach mhór mé, deirinn-se leis go simplí:
"Táim lán-chinnte dhe, a dheaide, dá labhruightheá ar an gcuma sin
leis na daoine móra atá 'san Rialtas, go dtógfaidís chun
siubhail thú le rí a dhéanamh dhíot; agus sin é an uair a mbéadh
an rath agus an séan ar an bhFrainnc thar mar a bhí ariamh. Ach
cheana, bheitheá féin gan sonas gan suaimhneas, fearacht na ríghthe
go léir; agus thairis sin, ní bhéitheá id' rí agam féinín féin
amháin feasta, agus ar an ádhbhar sin, is fearr liom gan aon aithne
a bheith acubh ort ar chor ar bith."



Bhí a sé nó a seacht de bhliantaibh agam tráth a bhfacas an bhóchna
mhór de'n chéad uair, agus ba mhór a chuaidh an radharc sin 'n-a
luighe orm i riocht is nárbh fhéidir liom mo shúile do bhogadh dhi.
Chuireadh a maordhacht agus búirthighil na dtonn dtréan chuiridís
mórdhacht agus mór-chumhacht Rí na bhfeart i n-iúl dom. Is cuimh-
neach liom go raibh fear agus bean uasal ar an dtráigh lá, agus iad
ag dearcadh orm féin agus ag déanamh iongantais díom ar feadh i
bhfad, nó gur fhiafruigheadar de m'athair, fá dheire, ar leis-sin mé,
agus dubhradar gur chailín an-dóigheamhail ar fad mé. Ach rinne
m'athair comhartha dhóibh láithreach gan aon phlámás a dhéanamh liom.
Bhí ríméad orm féin, áfach, an chainnt sin do chloisteál, mar níor
shíleas go raibh aon dathamhlacht ag baint liom 'chor ar bith, mar
gheall ar a chúramaí a bhítheá-sa, a mháithrín, gan oiread is focal
a rádh a bhéarfadh orm mo shimplíocht agus mo shoineanndas páis-
tiúl do chailleadh! Agus ó thárla nach gcreidinn aoinne ach tusa
amháin, ní dhearnas ach brí bheag de bhréithribh bladair agus
d'fhéachaintí iongantais agus de mholtaibh na ndaoine úd ach an
oiread, agus níor chuimhnigheas ortha a thuille.



Um thránóna an lae sin, ag an uair 'n-a gceapfá go mbíonn an
ghrian ghlórmhar d'á fothragadh féin i n-aigéin mhóir na dtonn,
agus eitreach áluinn shoillseach ag síneadh uaithi aniar, d'imigh
mise agus tusa gur shuidheamar fúinn ar charraig aonraic.
D'fhanas tamall fada annsúd ag dearcadh uaim siar ar an eitrigh
órdha údan, mar dubhrais-se liom go mba shamhaltas í ar ghrásta
Dé ag soillsiú chonaire na n-anmnacha ndílis ar an tsaol seo thíos.
Annsin shamhluigheas mo chroidhe féin le curraichín éadtrom go n-a
sheol bán gleóite i lár na h-eitrighe sin, agus chuireas róm gan
leigint dó imeacht as amharc Íosa a choidhche, ionnós go bhféadfadh
sé seóladh leis go lúthmhar éadtrom síothchanta ag déanamh ar
chladach na bhFlaitheas.


L. 30


CAIBIDIOL III.



Bhí ocht mbliana go leith agam nuair do tháinic Léonie amach as
scoil-iostais na mban-rialta mBenedichtíneach, agus chuaidh mise
isteach 'san Abdaine 'n-a háit. An rang 'nar cuireadh mé, bhí
gach dalta d'á raibh ann ní ba mhó ná mé féin; agus bhí duine acubh,
a raibh cheithre bliana déag d'aois aici, agus cidh gur shuarach a
h-éirim aigne, b'í do b'fhearr a thuig cionnus an meas agus an
chreidiúint nár dhual di a fháil ó n-a cómhdhaltaí. Nuair a chonnaic
sí siúd go bhfághainn-se na marcanna ba mhó i gcóir na n-aistí i
gcomhnuí beagnach, i n-aimdheoin go rabhas chómh hóg sin, agus go
raibh cion ag na mnáibh-rialta go léir orm, bhuail éad í d'á chionn
sin agus ghníodh sí mé do chiapadh ar gach bealach dárbh fhéidir léithi
mar gheall ar na buadha beaga úd. Agus bhíos féin chómh scáthmhar
mín sin nárbh fhéidir liom mé fhéin do chosaint, agus ní dhéanainn
ach fanacht i mo thost agus a bheith ag bog-chaoineachán dhom féin.
Ní raibh aon eolas agat-sa, a mháithrín, ná ag Céline ar mo
mhairgne ar chor ar bith; ach ní raibh subháilceas mo dhóithin agam
le h-éirghe ós cionn na dtrioblóidí sin, i riocht is go raibh mo
chroidhín bocht cráidhte go mór acubh.



Gach tránóna, áfach, d'fhéadainn filleadh a bhaile agus do
ghealadh mo chroidhe aríst annsin. Do léiminn suas ar ghlúine
m'athar agus d'innsighinn dó faoi na marcanna a bhíodh fáighte
agam, agus bheireadh a phóg-san orm mo bhuairt agus mo thrioblóidí
go léir do dhearmadadh. Nach mé a bhí go ríméadach ag innseacht dom
do m'athair cé mar d'éirigh liom 'san chéad aiste dár scríobhas.
Bhí an maximum fáighte agam, agus b'é an luachsaothair do
bronnadh orm ach píosa beag gleoite airgid, agus do chuireas i
dtaisge i mo bhoisgín le haghaidh na mbocht é, agus d'éirigheadh
liom píosa beag eile do chur leis gach Diardaoin, geall leis,
'n-a dhiaidh sin. Bhí call agam leis an lághaidheacht sin, go deimhin.
Ba mhór an chabhair é don bhláithín a fhréamha boga do shádhadh isteach
go minic i n-ithir thoghtha dhúthchasaigh a theaghlaigh féin, mar an súgh
a bhí a dhiotháil air le n-a bheathú ní raibh sé le fáil aige i n-aon áit
eile.


L. 31


Bhíodh lá saoire agam gach Diardaoin, ach níorbh ionann í agus na
saoirí do bheirtheá-sa dhom ar chor ar bith, mar do chaithinn a mbun-
áite siúd buil m'athar ar an ndeagh-radharcán (belvédère). Ach
anois, ó thárla nach raibh a fhios agam le h-imirt ar nós na gcailíní
eile, bhraithinn nár chompánach taithneamhach dhóibh mé. Ghnínn mo
dhícheall, áfach, ar aithris a dhéanamh ortha, ach b'shin a mbíodh d'á
bhárr agam.



B'ar éigin a d'fhéadainn déanamh i n-éaghmais Céline ar chor ar
bith, agus 'na diaidh sin, b'í mo chol-cheathar Máirín is mó a mbíodh
tóir agam ar a comhluadar, mar leigeadh sí dhom na cluichí ba rogha
liom féin d'imirt. Bhí aondacht mhór chroidhe agus toile eadrainn
an uair sin féin, mar a bhéadh Dia 'á chur i bhfios dúinn roimh-ré
go ndéanfaimís beirt an bheatha rialta chéadna do ghabháil chugainn
'n-a dhiaidh sin, 'san Charmal. 1



Ar a bheith buil ár n-oncail dúinn, ba mhinic do chromadh Máire
agus Treasa bheag ar a bheith 'n-a mbeirt díthreabhach an-díochra, mar
dhóigh dhe, gan de shealbhas aca ach boithín bocht suarach, goirtín
arbhair, agus gáirdín 'nar bhféidir leo glasraí do chur. B'é
an socrú a bhíodh aca ach go ndéanfaidís sealuidheacht d'á chéile
ag obair, i gcruth's go bhféadfaidís an síor-mhachtnamh agus an
tsíor-urnuighe do choimeád ar siubhal .i. duine aca do bheith ag
paidreóracht an fhaid a bhéadh an duine eile ag obair. Ghnímís
gach nídh maille leis an maordhacht agus leis an dtost is dual do
dhaoinibh-rialta. Dá dtéighimís ag spaisteóireacht, níor shos
dúinn ar an tsráid féin: dhéanfadh an bheirt dhíthreabhach an
Paidrín do rádh ar an mbealach, ag cóimhreamh na ndeichneabhar ar
a méaraibh 'san chaoi nach dtabharfadh cách a gcráibhtheacht faoi



1 Chuaidh Marie Guérin isteach i gCarmal Lisieux an 15adh lá de mhí na
Lughnasa, 1895, agus tugadh Sr. Marie de l'Eucharistie mar ainm uirthi.
B'iad na subháilcí ba mhó a bhí le tabhairt faoi ndeara innti ach spiorad na
bochtaineachta agus an fhoighid mhór le n-ar iomchar sí na fuilinntí buana a
ndeachaidh sí thríotha: "Níl a fhios agam ar fhuilingeas mar badh chóir
dhom," adubhairt sí féin le linn a breoiteachta deiridh, "ach chítear dhom go
bhfuil Thérèse ag cur a mothuchán féin isteach i mo chroidhe, agus go bhfuil
a féin-tugthacht siúd agam-sa, leis. Ó! dá mbéidir liom bás a fháil tré
ghrá! Agus go deimhin níorbh aon iongnadh é dá bhfághainn, ó thárla gur
duine de'n díorma d'íodhbairtí beaga mé a d'iarr sí ar Dhia na glóire.
…is é mo dhúil bás a fháil 'á rádh le h- Íosa go bhfuil grá agam Dó."
Agus do cóimhlíonadh an dúil sin. D'éag sí an 14adh lá de mhí an
Aibreáin, 1905, i n-aois a cheithre mblian is tríochad. Siod iad na bréithre
deireannacha do labhair sí: "Níl eagla orm roimh an mbás! Ó, cad é
mar shíothcháin!… Ní ceart dúinn faitíos a bheith orainn roimh an
bhfuilinnt… Bheir Dia neart dúinn i gcomhnuí… a Íosa mo
ghrá Thú!"


L. 32


ndeara. Lá amháin, áfach, rinne an díthreabhach Treasa dearmad
uirthe féin: tugadh toirtín di i gcóir an lóin, agus, roimh
chaitheamh an toirtín di, do ghearr sí comhartha mór na croise
uirthe féin, i riocht is go ndearna a lán daoine coimhightheacha
mion-gháire fúithi.



Théigheadh ár n-aondacht toile chun cnuic orainn ar uairibh.
Tránóna amháin, ag filleadh ón Abdaine dhúinn, cheapamar módhamh-
lacht na n-aonaránach do chleachtadh. Dubhras féin le Máire:
"Treóruigh mé, mar táim a' dul ag dúnadh mo shúl." "Agus
dúnfad-sa mo shúile, leis," ar sise dhom' fhreagairt; agus
rinneamar araon ár dtoil féin. Ba ar an gcasán-cos a bhíomar
ag siubhal, agus mar sin de níor bhaoghal dúinn na carróistí.
Chuamar ar aghaidh go háluinn ar feadh tamaillín agus glionndar-
croidhe ar an mbeirt díthreabhach éidtreórach de bhárr siubhlóide
seo na súl ndúnta, ach leis sin thuiteadar araon 'n-a spreas ar
mhullach roinnt boscaí a bhí lasmuigh de dhoras siopa, gur leagadar
bun ós cionn iad agus gur cuireadh a raibh ionnta ar fuaid na
háite d'aon phlimp amháin. Siúd amach fear an t-siopa annsin
láithreach bonn, agus é le cuthach, chun a chuid gréithrí do bhailiú le
chéile; ach maidir leis an mbeirt dall deóntach, bhailigheadar siúd
leo gan cabhair gan congnamh chómh mear is a bhí 'n-a gcosaibh, agus
bhí an dá shúil ar dearg-oscailt aca anois, agus an dá chluais
freisin, chun éisteacht leis an íde béil a thug Siubhán dóibh agus a
bhí tuillte go maith aca, cidh go gceapfá uirthe go raibh sise chómh
feargach leis an siopadóir bhocht féin!



Níor dhubhras aon nídh fós faoi'n mbaint nua a bhí idir Céline
agus mé féin. Ó theacht go Lisieux dhúinn do malairtigheadh an
scéal eadrainn; b'ise an toice bheag lán d'ealadhain feasta,
agus bhí Treasa 'n-a tochrán mín mánla ach ró-thugtha don chaoin-
eachán. Agus ar an ádhbhar sin bhí gádh aici le cosantóir, agus
cia d'fhéadfadh cur-síos ar an gcalmacht agus ar an neamh-eagla
le n-a ndearna mo dheirbhshiúirín ionmhuin mé do chosaint? Bhronn-
aimís féiríní beaga ar a chéile go minic, agus chuiridís lúthgháir
an domhain mhóir orainn araon. Á! b'shin an t-am nach rabhamar
tuirseach den tsaol; bhí ár n-anam go bog úr fós agus é ag
eascar ar nós an bhláith earrachúla, agus ag súghadh drúcht na
maidne chuige go h-aiteasach; b'é an feochán bog céadna a bhí
ag luasgadh ár gcóróiníní araon. Bhíodh na h-áthais chéadna
againn beirt, agus mhothuigheas sin go mór-mhór an lá a rinne mo
Chéline ionmhuin a céad-Chomaoin!


L. 33


Bhíos féin seacht mbliana d'aois an uair sin agus ní rabhas ag
dul chun na hAbdaine go fóill. Nach suairc an chuimhne atá agam
ar a hullmhú! Gach tránóna i gcaitheamh na seachtainí ndeireannach,
labhruightheá-sa, a mháithrín, léithe faoi'n ngníomh mhór a bhí sí le
déanamh; agus bhínn-se ag éisteacht agus fonn mór orm mé féin
dh'ullmhú mar an gcéadna, agus nuair adeirtí liom imeacht toisg
mé a bheith ró-bheag fós, bhíodh an croidhe go trom im' chliabh agam,
mar níorbh iomarcach liom cheithre bliana d'ullmhúchán i gcóir teachta
Íosa.



Tránóna amháin chualas na bréithre seo d'á rádh le Céline:
"Caithfidh tú beatha úr-nua do thosnú, ó lá do chéad-Chomaoine
amach." Agus chuireas róm ar an láthair sin gan fanacht go
dtagadh lá mo chéad-Chomaoine féin ar chor ar bith, ach beatha úr-
nua do thosnú i n-éinfheacht le Celine.



I gcaitheamh Cúrsaí Spioradálta a h-ollmhuighthe d'fhan sí ar
aoidheacht 'san Abdaine, agus b'fhada liom a bhí sí uaim, go
deimhin. Ach fá dheoidh, tháinic an lá sonasach. Nach bog milis
an lorg a d'fhág sé i lár mo chroidhe! Bhí sé mar a bhéadh blaiseadh
roimhré de mo chéad-Chomaoin féin. Á! nár mhór agus nár líonmhar
iad na grásta do fuaireas an lá údan! Bhí sé ar na laethibh do
b'aoibhne de mo bheatha, dar liom.



Táim tar héis dul siar tamall leis an gcuimhne shonasach shuairc
sin do mheabhrú dhuit. Caithfead trácht anois ar an scarúint
dólásach dár dhóbair an croidhe do bhriseadh i mo chliabh, nuair do
sciob Íosa chun siubhail uaim mo mháithrín a raibh mo chroidhe agus
m'anam innti. Dubhras féin léithe lá amháin gurbh é mo dhúil
imeacht i n-éindtigh léithi isteach i bhfásach uaigneach i gcéin, agus
b'é an freagra do thug sí orm ach gurbh shin é a dúil féin, leis, ach
go bhfuireochadh sí go mbínn-se sáitheach mór le h-imeacht 'n-a
cuideachta'. An gheallúint do-chóimhlíonta sin go ghlac Treasa
bheag i ndáiríribh í, agus nach uirthe a bhí an dólás-croidhe annsin
nuair a chuala sí a Pauline ionmhuin ag labhairt le Máire agus á
rádh go raibh sí le dul isteach 'san Charmal gan mhoill! Ní raibh aon
eolas agam féin ar an gCarmal, ach do thuigeas go raibh sí le mé do
thréigint agus le dul isteach i gClochar, do thuigeas nach raibh sí le
fuireach liom-sa.



Cé'n chaoi a dtiocfadh liom an dólás mór a bhí ar mo chroidhe do
chur i n-iúl duit? Ar ala na h-uaire do chonnaiceas an bheatha fé
ar atá sí innti féin go fíor, líonta de phiantaibh agus de
scarúintí gan sos gan faoiseamh, agus shileas na frasa diana deór.


L. 34


Níor thuigeas an uair sin an t-áthas a thig ón bhféin-íodhbairt.
Bhíos go h-an-lag, chómh lag sin gur mhór an bheannacht ó Dhia é, dar
liom, gur fhéadas an fromhadh mór sin a dh'iomchur ar chor ar bith,
gan bás a fháil, arae bhí sé i bhfad thar mo chumas do réir gach aon
chosúlachta. Cuimhneochad a choidhche ar an gcaoi a ndearna mo
mháithrín mé do shólású go lághach cineálta. Mhínigh sí beatha an
Chlochair dhom, agus féach! Tránóna amháin agus mé im' aonar ag
machtnamh dhom féin i mo chroidhe istigh ar an bpeictiúir den
bheatha rialta a bhí curtha ós mo chomhair aice, mhothuigheas gurbh é an
Carmal an fásach ar mhian le Dia mé féin do chur i bhfolach ann mar
an gcéadna- Mhothuigheas chómh láidir sin é is nár fhan aon phioc
d'á aimhreas i m'intinn, agus níorbh aon taidhbhreamh leinbh a bhí ann
ach an oiread, ach an chinnteacht gurbh' é Dia féin a bhí dhom' ghlaodhach.
An mothú sin nach dtig liom a chur i gcéill d'fhág sé síothcháin mhór
i mo chroidhe.



An lá dár gcionn do nochtuigheas mo dhúil duit-se, agus b'é
do thuairim-se gurbh í toil Dé í, i riocht is gur gheallais dom go
dtabharfá chun an Charmail gan mhoill mé le go bhféadfainn an
Mháthair Airchinneach a fheiceál, agus mo rún dh'innseacht di-siúd.



Domhnach do toghadh i gcóir na cuairte solmánta sin. Ach ba
mhór an cheataighe liom a chloisteál go raibh mo chol-ceathar Máire,
a bhí sáthach óg fós leis na mná-rialta Carméilíteacha a fheiceál, go
raibh sí le mé do thionnlacain. Níorbh fhuláir liom, áfach, seift
éigin do cheapadh le bheith i m'aonar, agus seo é an rud do bhear-
tuigheas: dúbhras le Máire, ó thárla go raibh sé de phribhléid
againn labhairt leis an Mháthair Urramaigh féin, go gcaithfimís a
bheith go h-an-mhúinte agus ár gcuid rún do nochtadh di; agus
chuige sin nár mhór dhúinn teacht amach as an bpárlús ar feadh
tamaillín, duine i ndiaidh an duine eile, le deis a thabhairt d'á
chéile labhairt léithi go hoscailteach. D'aontuigh Máire liom gan
ceisneamh, i n-aimhdheoin gur leasg léithe rúin nach raibh aice ar chor
ar bith do nochtadh, agus ar an ndóigh sin d'fhéadas bheith i m'aonar
leis an Mháthair Marie de Gonzague. Ar chloisteál mo scéil
mhóir rúnmhair di-se, dubhairt sí go raibh gairm agam ceart go
leor, ach má bhí fhéin go gcaithfinn fanacht go mbíodh mo shé bliana
déag slánuighthe agam, mar nach nglactar iarrthóirí i n-aois a naoi
mbliana. B'éigean dom foighneamh, i n-aimhdheoin na dúile móire
a bhí agam dul isteach i n-éindtigh leat-sa, agus mo chéad-Chomaoin
a ghlacadh an lá a gheobhfá an Aibíd.



Fá dheire thiar tháinic an 2adh lá de Dheire Fóghmhair! Lá guil


L. 35


agus beannachtaí do b'eadh an lá úd, go deimhin, 'nar stath Íosa
an chéad cheann d'Á bhláthana, an bláth toghtha a bhí le bheith 'n-a
Mháthair d'á dhriféarachaí roinnt blian 'n-a dhiaidh sin. 'Fhad is a
bhí ár n-athair ionmhuin, mar aon le m'oncail agus le Máire, ag cur
Shléibhe Charmail suas de le n-a íodhbairt do thoirbhirt do Dhia, thug
m'aintín Céline agus Léonie agus mé féin chun an Aifrinn-
Bhíomar ag gol go fuigheach, i dtreo go raibh na daoine ag déanamh
iongantais dínn, nuair a chonnaiceadar ag dul isteach i dteach a'
phobuil sinn; ach níor choinnigh sin mise gan caoineadh. Bhíos á
fhiafruighe dhíom féin cé'n chaoi arbh fhéidir go dtaithneóch' an ghrian
ar an t-saoghal seo a thuille!



Chífear dhuit béidir, a Mháithrín, go bhfuilim ag áidhbhéil faoi'n
gcumhaidh a bhí orm, agus tuigim féin go maith leis nár cheart go
ngoillfeadh an scarúint úd orm chomh mór sin. Ach cheana, caith-
fead a amhdachtáil nach raibh m'anam aibidh ná foirfighthe fós nó i
ngar dhó féin; níor mhór dhom dhul tré mhórán suacán agus
fuilinnthí shul dá mb'fhéidir liom tráigh na síothchána do bhaint amach
agus blaiseadh de thoradh bhreá mhilis na féin-tugthachta agus an
ghrádha iomláin.



Um thránóna an lae úd an 2adh lá de Dheire Fóghmhair, 1882,
chonnaiceas mo Phauline ionmhuin, Soeur Agnes de Jésus feasta,
laistigh de chrannghail an Charmail. Ó! nach mé a d'fhuiling 'san
phárlús sin! Ó thárla gurb é scéal m'anama atá agam 'á
scríobhadh, chítear dhom go gcaithfead chuile nídh a dh'innseacht.
Bhail, amhduighim gur neamhní liom céad-fhuilinntí na scarúinte i
gcomórtas leis na pianta a ndeachaidh mé thríotha 'n-a dhiaidh sin,
Mise, ar ghnáthach liom cómhráidhte fada rúnmhara a bheith agam le
mo mháithrín agus mo chroidhe do nochtadh dhi, ba ar éigin saoghail do
gheibhinn cúpla nóiméid dom féin i ndeire cuairte an líontighe;
agus i gcaitheamh an dá nóiméid sin féin ní dhéanainn ach na deora
do shileadh, nídh nach iongnadh, agus d'imthighinn liom agus an croidhe
briste i mo chliabh.



Níor thuigeas nárbh fhéidir leath-uair a' chluig an duine do
thabhairt dúinn agus sin go minic, agus nárbh fhuláir bunáite an
ama do thabhairt d'ár n-athair agus do Mháire; níor thuigeas sin,
agus deirinn liom féin i mo chroidhe istigh: Tá Pauline caillte ar
fad agam-sa! Do ghoill an dólás chómh mór sin ar mo chroidhe
agus ar m'aigne gur ghearr gur buaileadh go h-an-bhreoite mé.



An tinneas a tháinic orm níl aimhreas ar bith nárbh é éad an
deamhain ba chionntsiocair leis, toisg é a bheith go feargach


L. 36


fíochmhar de dheasgaibh an chéad dul-isteach sin 'san Charmal, agus
gur theastuigh uaidh díoltas do bhaint díom-sa ar son na díoghbhála
móire a dhéanfadh ár dteaghlach dhó ní ba dheireannaí. Ach ní raibh
a fhios aige go raibh Bainríoghan na bhFlaitheas ag cúmhdach a bláithín
go dílis, go raibh sí ag meangadh leis ó neamh anuas, agus go raibh
sí réidh leis an eascal do chosg ar an nóiméid chéadna 'n-a mbéadh
a ghas lag lúbach ar tí a bhriste go deó.



I ndeire na bliana sin 1882 do ghabh tinneas-cinn mé; ach cidh
gur lean sé gan faoiseamh, bhíos i n-ann é a dh'fhuilinnt, agus níor
chuir sé ó mo chuid foghluma mé. Do mhair sé go dtí Cásg na
bliana dár gcionn, 1883. Um an dtaca sin chuaidh m'athair go
Páiris i n-éindigh le Máire agus le Léonie, agus d'fhág sé
Céline agus mé féin ar choimrighe m'oncail agus m'aintín.
Tránóna dá rabhas i m'aonar le m'oncail, thosuigh air ag labhairt
liom ar mo mhaimín agus ar na laetheanta a bhí imighthe thart chómh
grádhmhar geanúil sin gur corruigheadh go mór mé agus nár
fhéadas gan gol. Agus do corruigheadh é féin, leis, nuair a thug
sé mo mhothuightheacht féin faoi ndeara; b'iongantach leis na
smaointe doimhne a bhí agam 'á nochtadh dhó, i n-aimhdheóin m'óige,



agus do chuir sé roimhe chuile shaghas siamsa do chur ar fáil dom i
gcaitheamh na laetheanta saoire. Ach cheana, bhí a mhalairt ceaptha
ag Dia dhom. An tránóna céadna úd, d'éirigh mo thinneas-cinn go
h-an-dona amach, agus do ghabh craitheadh aisteach éigin mé, agus
do lean sé orm an oidhche go léir. Bhí m'aintín mar a bhéadh
máthair dhom, agus níor imigh sí uaim ar feadh oiread is nóiméid
féin. Níl cur-síos ar an gcineáltas le n-a dtug sí aire dhom i
gcaitheamh na breoiteachta sin, go cneasta foighdeach gan staonadh.



Ní call dom a rádh go raibh an-bhuairt ar fad ar m'athair bocht,
iar bhfilleadh ó Pháiris dó, nuair do fuair sé roimhe mé chómh
claoidhte tréith-lag sin. Shíl sé gan mhoill go raibh an bás orm;
ach d'fhéadfadh Íosa a rádh leis: "Ní chun báis an bhreoiteacht seo,
ach chun glóire Dé, ionnus go dtabharfaí glóire do Mhac Dé
tríthe." 1 Agus, go deimhin, tugadh glóir do Dhia thríd an bhfromhadh
sin! Tugadh glóir Dhó leis an gcaoi ar ghlac m'athair agus mo
dhriféaracha, agus Máire go mór-mhór, le n-A thoil naofa. Nach
mór a d'fhuiling Máire mar gheall orm! Tá mo chroidhe lán de
bhuidheachas don ndeirbhshiúr ionmhuin sin. Do chuireadh a croidhe
féin i bhfios di cad iad na neithe a mbíodh gádh agam leo, agus ní



1 Eóin xi. 14.


L. 37


misde a rádh gur cómhachtaí go mór fada croidhe máthar ná eolas
agus ealadhain na ndochtúirí is mó cáil.



Bhí an lá ag teannadh linn, áfach, a rabhais-se, a Mháthair dhil, leis
an Aibíd a fháil, agus ní labhruightí 'n-a thaobh i mo láthair-se ar
fhaitíos go ndéanfaí buairt dom, mar síleadh nach mbéadh ar mo
chumas dul go dtí an Charmal. Ach chreideas féin go láidir i
mo chroidhe istigh go dtabharfadh Dia na glóire mar shólás dom mo
Phauline ionmhuin a fheiceál aríst an lá sin. Bhraitheas go mbéadh
an Fhéile sin 'n-a féile shona gan néal, mar bhí a fhios agam nach
ndéanfadh Íosa A leannán do bhuaidhreadh tré gan mise do bheith
láithreach, tar héis a raibh fuilingthe aici i rith breóiteachta a
h-inghine bige. Agus níor chaill Íosa orm; mar d'fhéadas mo
mháithrín ionmhuin do bharrógadh agus suidheamh ar a glúinibh, mé
féin d'fholú faoi n-a brat agus a pógaí milse a fháil; d'fhéadas
í a fheiceál agus í ag féachaint go háluinn faoi n-a culaith bháin.
Ó, ba bhreá go léir an lá é i gceart-lár mo fhromhtha bhrónaigh!
Ach ba ró-luath a d'imigh an lá sin nó an uair sin thart, agus ba
ghearr go raibh orm eirghe isteach 'san charbad do rug chun siubhail i
bhfad ón gCarmal mé! Ar shroichint Les Buissonnets dhúinn
cuireadh i mo luighe mé, cidh nár airigheas mé féin tuirseach ar chor
ar bith. Ach an lá dár gcionn do ghabh an tinneas aríst mé, agus
chuaidh sé i n-olcas chomh mór sin gur ceapadh nach raibh leigheasadh i
mo chionn go deó.



Ní thig liom an bhreoiteacht aisteach sin do mhíniú i gceart.
Bhínn a' rádh rudaí gan smaoineadh ortha ar chor ar bith, agus bhínn
ag déanamh rudaí, leis, mar a bhéadh duine 'á chur d'fhiachaibh orm
iad a dhéanamh do m'aimhdeóin. Ceaptaí orm go mbínn ag rámh-
allaigh i gcómhnuí beagnach, ach mar sin féin táim cinnte dhe nár
chailleas mo mheabhair ná mo thuisgint ar feadh oiread is nóiméid
amháin. Ba mhinic a d'fhanainn annsúd i meirbhthean ar feadh i
bhfad, i dtreó nach mbíodh ar mo chumas an cor ba lugha féin
do chur dhíom. Ach i n-aimhdheoin an lagachair neamhchoitianta sin,
chloisinn go gléineach gach a ndeirtí thart timcheall orm, fiú
amháin nuair do labhruightí ós íseal; agus cuimhnighim air sin
anois féin. Agus annsin an scannradh agus an t-uathbhás do
chuireadh an mac mallachtain orm! Bhíodh eagla orm roimh chuile
shórt rudaí: chítí dhom go raibh aigéin áibhéiseacha thart ar mo
leabthain; agus tairgní áithride a bhí daingnighthe i bhfalla mo
sheómra, samhluightí dhom gur mhéarana fada dubha dóighte iad,
dtreo go gcuiridís ag screadghail le h-aon-chorp uathbháis mé.


L. 38


Lá dá raibh m'athair ag féachaint orm go tostach agus a hata 'n-a
láimh aige, do claochluigheadh an hata go tobann i gcruth ghránda
éigin, agus do ghabh a leithéid sin d'uamhan mé gur imigh m'athair
bocht uaim agus é ag uchlán.



Ach má cheaduigh Dia don deamhan teacht i ngar dhom go foir-
imeallach, chuir Sé aingil so-fheicse chugam freisin le mé do
shólású agus do neartú. Ní imigheadh Máire uaim a choidhche, agus
ní thaisbeánadh sí tuirse ná dochma, cuma cé'n trioblóid a
thugainn di; mar níorbh fhéidir liom a bheith suaimhneasach i n-a
héaghmais. Fhad is a bhéadh sí ag caitheamh a cuid bídh, dheineadh
Victoire mé do chúmhdach, ach an uair sin féin bhínn ag gol agus ag
glaodhach: "A Mháire! A Mháire!" Agus ní fhéadadh sí dul
amach ach amháin chun an Aifrinn nó le cuairt do thabhairt ort-sa;
mar b'annsin amháin a bhínn go ciúin go bhfilleadh sí.



Agus annsin Léonie! agus mo Chéline ionmhuin féin! Nach iad
a bhí go maith dhom leis! Gach Domhnach d'fhanaidís sáidhte istigh
ins an tseomra sin ar feadh i bhfad i n-éindtigh le páiste bocht a
raibh a chosúlacht uirthe go raibh sí as a meabhair. Á! a dheirbhsiúir-
íní ionmhuine; nach mór a thugas le fuilinnt daoibh! Bhí m'oncail
agus m'aintín go lághach cineálta dhom, leis. Thagadh m'aintín
dhom' fhéachaint gach lá, agus bheireadh sí chuile shaghas sóghluistí
chugam. 1 Ba mhór mar do méaduigheadh ar mo ghean ar na gaoltaibh
geanúla úd le linn na breoiteachta sin. Thuigeas ní b'fhearr ná
riamh fírinne na cainnte adeireadh ár n-athair ionmhuin linn go
minic: "Cuimhnighidh air i gcomhnuí, a chlann ó! go bhfuil gean
an-mhór an-dhílis ag bhúr n-oncail agus ag bhúr n-aintín oraibh."
Do cuireadh sin i bhfios dó féin, leis, i laethibh a shean-aoise;
agus anois, ní baol ná go ndéanfaidh sé iad do chumhdach agus do



1 Rinne Thérèse an cinéaltas máthardha sin do chúitiú léithe ó árdaibh
na bhFlaitheas. I rith breoiteachta deireannaí Mme. Guérin, do chúmhdaigh
Thérèse go so-fheicse í. Maidin amháin fríothadh go suaimhneasach áthasach
í: "Bhíos ag fuilinnt go mór," ar sise, "ach bhí Thérèse ag faire orm go
caoin cineálta. Mhothuigheas cois mo leapthan í i gcaitheamh na hoidhche go
léir. Do phóg sí go minic mé, agus chuir sin misneach an-mhór orm." Do
chaith Mme. Guérin a beatha go naofa deagh-shomplach agus fuair sí bás
naofa i n-aois a dhá bliain is caogad- "Tá áthas orm bás a fháil," deireadh
sí agus meangadh geal-gháireach ar a béal, "Nach mór go léir an sólás é
dul agus Dia na glóire a fheiceál! A Íosa, mo ghrá thú! Toirbheirim
mo bheatha Dhuit thar cheann na sagart, mar do rinne treasa bheag." Agus
leis sin d'éag sí. An 13adh lá de mhí na Feabhra, 1900, a bhí ann.



Do thug M. Guérin mórán blianta ag cosaint na h-eaglaise le n-a chuid
sgríbhinní, agus chaith sé a mhaoin ag cuidiú le deagh-oibreacha do chongbháilt
ar siubhal. Fuair sé bás naofa, 'n-a Threasóir d'Ord an Charmail, an
28adh lá de Mheadhon Foghmhair, 1909, i n-aois a naoi mbliana is trí fichid.


L. 39


bheannú ar son an chineáltais agus na dílseachta le n-a dtugadar
aire dhó!



Nuair a bhíodh faoiseamh beag agam ó mo phiantaibh, b'é rud ba
mhó do chuireadh áthas orm ná a bheith ag fíghe choróinneach de nóiníní
agus de lus mínle don Mhaighdin Bheannuithe. Mí áluinn na
Bealtaine a bhí ann, agus bhí an nádúir go léir gh'á clúdach féin le
bláthana an earraigh; ní raibh ach an t-aon "bhláithín" amháin a bhí
ag meath agus cosúlacht air go raibh sé seargtha go deo! Ach bhí a
ghrian gheal féin aige i ngar dhó, agus b'í grian í ná dealbh mhíor-
bhailteach na Maighdine Muire. Ba mhinic agus ba rí-mhinic a
ghníodh an bláithín a choróinnín d'iompáil i dtreo na Réaltann
beannuithe sin.



Lá de na laetheanta sin, chonnaiceas m'athair ag teacht isteach i
mo sheomra; agus ba gheall le duine a bhéadh go h-an-bhuartha é.
Chuaidh sé anonn mar a raibh Máire go dtug sé a lán píosaí óir dhi,
agus bhí féachaint an-bhrónach ar a aghaidh ar feadh an achair, gur
iarr sé uirthi scríobhadh chuig Páiris ag iarraidh Nóbhéna Aifreann
ag neimidh Notre-Dame pes Victoires (Muire na mBuaidh),
'théint is go leigheasóchadh Dia a ríoghan bheag chlaoidhte. Do
corruigheadh go mór mé ar fheiceál a chreidimh agus a ghrádha dhom,
agus tháinic Fonn an-mhór orm éirghe im' shuidhe agus a rádh leis
go rabhas leigheasta. Ach mo nuar! Níor fhéad mo mhianta
míorbhailt a dhéanamh, agus níor mhór míorbhailt an-mhór, go
deimhin, le mé do thárrtháil ón mbás — níor mhór sin! Agus
rinne Notre-Dame pes Victoires an mhíorbhailt sin dom go
feilimionta.



Domhnach amháin i rith an Nóbhéna úd, chuaidh Máire amach 'san
ngáirdín agus d'fhág sí mise fé chúram Léonie a bhí ag léigheamh
dhi féin i n-aice na fuinneóige. I gcionn tamaillín thosuigh orm
ag glaodhach de ghlór íseal: "A Mháire! a Mháire!" Bhí
Léonie cleachtach ar a bheith- ag éisteacht liom ag éagcaoin agus ag
olagón ar an gcuma sin i dtóláimh, agus ní thug sí aon áird ar mo
ghlaodh. Annsin do ghlaodhas aríst ós árd agus d'fhill Máire orm.
Chonnaiceas go rí-mhaith ag teacht isteach í; ach fairíor géar!
B'shin é an chéad uair nár aithnigheas í. Thosuigheas a' tóruigheacht
thart orm i ngach aon bhall, do bhreathnuigheas uaim go h-imnidheach
amach 'san ngáirdín, agus annsin chromas ar ghlaodhach aríst:
"A Mháire, a Mháire!" Ní fhéadfainn a rádh cé mar d'fhuil-
ingeas féin le linn na coimhlinnte uathbhásaí do-mhínighthe sin, agus
ní móide nár fhuiling Máire ní ba ghéire fós ná a Treasa bhocht!


L. 40


Fá dheire thiar nuair a bhí sé cinnte uirthe í féin do chur i n-aithne
dhom, d'iompuigh sí chuig Léonie, agus adubhairt cúpla focal
léithe i gcogar, agus d'imigh léithe go mí-lítheach craitheach.



I gcionn tamaillín d'iomchar Léonie go dtí an fhuinneóg mé,
agus annsin chonnaiceas Máire uaim 'san ngáirdín gan í a
dh'aithneachtáil fós féin. Bhí sí ag siubhal leithe go mall réidh;
ag síneadh a lámha amach chugam-sa, ag meangadh liom, agus ag
glaodhach orm go báidhiúl caoin: "A Threasa, a Threasa bheag, a
stóirín!" Ach chinn sé uirthe de'n iarracht sin aríst; agus leis
sin, tháinic sí isteach agus leig í féin ar a glúinibh cois mo leabthan
agus í ag bog-chaoineachán- D'iompuigh sí i dtreo na Maighdine
glórmhaire Muire, agus do ghuidh sí go dian dúthrachtach í, mar a
dhéanfadh máthair a bhéadh 'á iarraidh go dtárrthóchaí a mac ón
mbás agus nach mbéidh sásta go bhfághaidh sí a h-athchuinge. Rinne
Léonie agus Céline aithris uirthe, agus glór creidimh do b'eadh
a nglór, agus chuaidh sé suas gur bhrúgh sé isteach doras na bhFlaith-
eas roimhe. Ó thárla nach raibh fóirthint le fáil agam ar talamh,
agus ó bhíos ionann's a bheith caillte leis na piantaibh, d'iompuigheas
féin chun mo Mháthar neamhdha freisin, agus d'iarras go bog is go
cruaidh uirthe truagh a bheith aici dhom fá dheire thiar.



Beodhuigheadh an dealbh go tobann! D'éirigh an Mhaighdean go
h-an-dóigheamhail ar fad, chómh dóigheamhail sin nach bhféadfad aon
chur-síos ceart a dhéanamh a choidhche ar an ndóighiúlacht neamhdha a bhí
ag baint léithe. Bhí sochmaidheacht, gnaoidhiúlacht, agus lághaidh-
eacht do-labhartha le léigheamh ar a haghaidh; ach b'é an rud a chuaidh go
croidhe ionnam thar gach rud eile ach an meangadh gléigeal a bhí ar a
béal! Leis sin d'imigh mo chuid pianta go léir uaim, do bhuinnigh
an dá dheór mhóra amach ó mo rosgaibh agus shnígheadar síos go
ciúin… Deora áthais agus lúthgháire neamhdha amháin do b'eadh
iad! "Do dhruid an Mhaighdean Bheannuithe anall chugam! Agus
bhí sí ag meangadh liom!… Nach aoibhinn Mac Dé dhom!" B'shin
mar do smaointigheas i m'aigne féin, "Ach ní innseóchad d'aoinne
faoi, mar dá n-innsighinn, d'imeoch' m'aoibhneas ar ceal uaim."
Iar sin d'ísligheas mo shúile gan strómh gan iarracht, agus d'aith-
nigheas mo Mháire ionmhuin féin! Bhí sí annsúd ag féachaint orm
go ceanúil, agus ba gheall le duine a bhéadh corruighthe go mór í
agus b'fhacthas dom go raibh tuairm éigin aice cé'n grás mór a bhí
fáighte agam féin. Ó! níl aimhreas ar bith nárbh ise agus a guidhe
láidir impidheach do fuair dhom an grás mór do-labhartha sin .i.
"mion-gháiridhe na Maighdine Muire"! Nuair a chonnaic sí mo dhá


L. 40a


An Mhaighdean Mhuire ag leigheas Treasa.


L. 41


shúil greamuighthe ins an ndeilbh, dubhairt sí léithe féin: "Tá
Treasa leigheasta!" Agus bhí. Bhí an bláithín le borradh suas
an ath-uair, mar bhí gath soillseach ó n-a ghréin gheanúil tar h-éis
é do ghoradh agus é dh'fhuascailt ó 'n-a námhaid fhíochmhar go deó!
"Bhí an geimhreadh gáibhtheach imighthe thart, agus bhí deire leis an
bhfearthainn fhuair." 1 agus do neartuigh bláithín na Maighdine
Muire chomh maith sin go raibh sé ag sgéithchint ar shliabh shaidhbhir
thorthach Charmail cúig bliana 'n-a dhiaidh sin.



Mar adubhras ar ball, bhí tuairim mhaith ag Máire nárbh é amháin
gur bhronn an Mhaighdean bheannuithe mo shláinte orm, ach go dtug sí
grás foluighthe éigin dom mar an gcéadna; agus nuair a bhíos i
m'aonar léithe, agus gur cheistigh sí go báidhiúl mealltach mé, níor
fhéadas gan géilleadh dhi. B'iongantach liom an chaoi a raibh eolas
aice ar mo rún, cidh nár labhruigheas féin oiread is focal amháin
faoi, agus annsin do scaoileas an scéal go léir chuice. Mo
léan géar! Ní raibh aon bhreall orm; bhí m'aoibhneas le h-imeacht
ar ceal agus le n-a athrú 'n-a shearbhas dom. Go ceann cheithre
mblian 'n-a dhiaidh sin, bhí cuimhne an ghráis do-labhartha úd 'n-a
fíor-shiocair dóláis agus buartha dhom i mo chroidhe; agus ní
raibh suaimhneas ná aoibhneas i ndán dom go bhfághainn aríst i
bhfiadhnaise Notre-Dame des Victoires iad, 'n-a neimhidhe bhean
uithe. Fuaireas aoibhneas iomlán annsúd aríst. Ach labhróchad
ar an ndara grás úd amach annseo.



Seo mar do hiompuigheadh m'áthas chun dóláis dom:



D'innsigheas go simplí oscailteach do Mháire faoi "mo ghrás,"
agus ar chloisteál mo scéil di, d'iarr sí cead orm é a dh'aithris
do na mná-rialta ag an Carmal, agus níor fhéadas í dh'eiteach.
An chéad chuairt eile a thugamar ar an gCarmal bheannuithe sin,
bhí áthas an-mhór orm féin mo Phauline ionmhuin féin a fheiceál
aríst agus Aibíd na Maighdine Beannuithe uirthe. Nár shonasach
an uair é dhúinn araon! Nach mór a bhí againn le rádh le n-a chéile,
agus a liachtaí pianta agus dólás a rabhamar tar héis dul tríotha!
Maidir liom-sa, is ar éigin a d'fhéadas labhairt féin; bhí mo
chroidhe ró-lán…



Bhí an Mháthair gheanúil Marie de Gonzague ann leis, agus nach í
a bhí go caoin cneasta liom! Chonnaiceas mná-rialta eile fosta,
agus do cheistigheadar faoi mhíorbhailt mo leighisthe mé: d'fhiaf-
ruigh duine amháin díom an raibh an leanbh Íosa ar a baclain ag an



1 cant. ii. 11.


L. 42


Mhaighdin Mhuire; agus d'fhiafruigh duine eile an raibh na h-aingil
gh'á tionnlacain, agus rl. Chuir an ceistiúchán sin go léir tré chéile
mé, agus bhuaidhrigh sé mo chroidhe. Ní raibh de fhreagra agam féin
ach: "B'fhacthas dom go raibh an Mhaighdean ghlórmhar go
h-an-dóigheamhail ar fad; chonnaiceas ag déanamh orm í agus
ag meangadh liom."



Ach ó thugas faoi ndeara gur cheap na mná-rialta a mhalairt ar
fad, bhí faitíos orm gurbh é an chaoi a rabhas tar héis bréag a
dh'innseacht. Á! dá gcoimeádainn mo rún agam féin, bhéadh
m'aoibhneas agam mar an gcéadna. Ach b'í an Mhaighdean Muire
féin do cheaduigh an dólás sin do theacht orm ar mhaithe le m'anam;
mar muna mbéadh sin, béidir go sleamhnóch' an mór-is-fiú isteach
im' chroidhe. Fé mar do thárla, áfach, ní raibh agam ach an t-úmhlú,
i riocht nárbh fhéidir liom féachaint orm féin gan ceann-fé an-mhór
do theacht orm. A Dhia dá bhfóghnaim! is Agat-sa amháin atá a
fhios cé mar d'fhuilingeas!


L. 43


CAIBIDIOL IV.



Ag cur síos dom ar an gcuairt úd chun an Charmail, cuimhnighim,
leis, ar an gcéad chuairt do thugas air tar héis tusa
dhul isteach ann. Ar maidin an lae sin bhíos 'á fhiafruí dhíom féin
cé'n t-ainm a bhéarfaí orm ní ba dheireannaí. B'fheasach mé
Sr. Thérèse de Jésus amháin a bheith ann cheana féin; ach i n-aimh-
dheóin sin badh charghas liom sgaradh le m'ainm bhreá féin .i. Treasa.
Leis sin, smaointigheas ar Íosagán a raibh grá chómh mór sin agam
Air, agus dubhras liom féin: "Ó! nach orm-sa a bhéadh an t-áthas
mór dá ngoirthí Treasa leis an Leanbh Íosa dhíom!" Ach níor
nochtuigheas an dúil sin ar dhóigh ar bith; agus, féach! i lár an
chómhráidh dhúinn, dubhairt an Mháthair Airchinneach liom: "Nuair
a thiocfas tusa isteach chugainn annseo, a chuidín, bhéarfar Treasa
leis an Leanbh Íosa ort!" Ba mhór í mo lúthgháir, go deimhin;
mar b'fhacthas dom gur chomhartha ceana ar leith ó Íosagán an chaoi
ar fhreagair ár smaointe d'á chéile ar an ócáid sin.



Níor labhruigheas fós leat, a Mháthair mhuirneach, faoi'n tóir
mhór a bhí agam ar an léightheóireacht agus ar na pictiúirí, cidh gur
beag rud ba mhó do chuireadh lúthgháir orm agus ba mhó do bhros-
tuigheadh chun cleachtuighthe na subháilcí mé ná na pictiúirí do
thaisbeánthá féin dom. Ní airighinn an t-am ag dul thart, ag
dearcadh ortha dhom. "Bláithín an Chime Dhiadha," cuir i gcás,
nach mór do chuireadh sé i dtuisgint dom! D'fhanainn mar a
bhéinn i dtaidhbhreamh ag féachaint air. D'ofráilinn mé féin
d'Íosa le bheith i mo bhláithín Dó; theastuigh uaim É do shólású;
b'é mo dhúil-se, leis, teannadh suas láimh leis an bPáilliún, le
go mbéadh Sé ag féachaint orm do shíor agus go ndéanfadh Sé mé
do stathadh Dhó féin.



Ó thárla nach raibh aon mhaith liom ag imirt, thabharfainn mo chuid
aimsire ar fad ag léightheóireacht, dá mbéidir é. Tráthamhail go
leor bhí aingil so-fheicse agam le mé do threórú agus le leabhraí
d'fheilfeadh do m'aois do thoghadh dhom, leabhraí do bhéarfadh siamsa
dhom agus do bheathóch' m'intinn agus mo chroidhe 'san am chéadna,
Ní fhéadainn ach sgathamh an-ghearr do thabhairt leis an gcaitheamh-


L. 44


aimsire sin a rabhas chómh tórtha sin air, agus b'iomdha sin
íodhbairt a b'éigean dom a dhéanamh d'á dheasgaibh; mar ní
túisge a bhíodh an t-am istigh ná chuirinn ialach orm féin sguireadh
láithreach bonn, dá mba i gceart-lár an ghiota ba spéisiúla féin a
bhéinn a' léigheamh. Maidir leis an lorg d'fhágadh na léightheóir-
eachtaí sin ar m'aigne, caithfead a amhdachtáil go gcuirtí fíreacht
rudamhail na beatha i ndoiléire orm roinnt, ag léigheamh scéalta
áithride ridireachta dhom. Nuair do léighinn faoi ghníomhartha
móra tírghrádhacha bhanlaochraí na Frainnce, go mór-mhór, Shiubháin
d'Airc, cur i gcás, thagadh fonn mór orm aithris a dhéanamh ortha.
Fuaireas grás áithrid an uair úd, agus cheapas ariamh ó shoin
go raibh sé ar na grástaibh ba mhó dá bhfuaireas le mo bheó; mar ní
thugadh Dia solus ósnádúrtha dhom an tráth úd, fé mar a bheir Sé
anois dhom é.



Chuir Íosa i dtuigsint dom nach bhfuil ach an t-aon fhíor-ghlóire
amháin ann .i. an ghlóire a mhairfeas go síorruí; agus nach bhfuil
aon chall do dhuine, chun na glóire sin do bhaint amach, gníomhartha
iongantacha a dhéanamh, ach é féin do chur i bhfolach ó shúilibh dhaoine
agus ó n-a shúilibh féin i gcruth's nach mbeidh a fhios ag a láimh chlé
céard a dhéanann a láimh dheas. Agus ag machtnamh dhom annsin gur
chun na glóire do shealbhú do rugadh mé féin, agus ag beartú dhom
im' aigne cé'n chaoi a dtiocfadh liom í do bhaint amach, foillsigheadh
dhom im' chroidhe istigh nach bhfeicfeadh súile dhaoine mo ghlóire féin
a choidhche, mar gurbh í glóir a bhí i ndán domh-sa ná mé a bheith i mo
naomh. Ceapfar, béidir, gur shunnda an mhaise dhomh-sa an dúil
sin a bheith agam, má cuimhnightear ar a raibh de lochtaí ionnam,
agus ar a bhfuil díobhtha ionnam fós féin, agus a liachtaí blian
atá caithte agam 'san Chlochar. Ach mar sin féin airighim an
dóchas dásachtach céadna i gcomhnuí go mbéad i mo "naomh mhór."
Ní ar mo mhórluachtaí féin atáim ag brath, mar níl mórluachtaí ar
bith agam; ach tá mo dhóchas curtha agam ins an Té atá 'n-a
Shubháilceas féin agus 'n-a Naofacht féin. Is Eisean amháin a
chífeas mo lag-iarrachtaí agus a bhéas sásta leo, agus a thógfas
suas Chuige féin mé agus a chuirfeas A mhórluachtaí féin umam
agus a dhéanfas naomh dhíom. Níor mheasas an uair sin nárbh
fhuláir mórán a dh'fhuilint leis an naofacht do shroichint, ach ba
ghairid an mhoill ar Dhia na glóire an fhírinne dhoimhin sin do
nochtadh dhom, thríd na fromhtha úd ar thráchtas ortha thuas.



Agus anois leanfad dem' sheanchas ón áit ar sguireas dhe ar
ball.


L. 45


Trí mhí i ndiaidh mo leighisghthe thug m'athair leis ar thuras
pléisiúir mé, agus b'shin é an t-am ar thosuigheas ag cur eolais ar
an t-saoghal. Bhí chuile nídh go haiteasach aoibhinn aerach thart
timcheall orm; rinneadh cúram díom féin agus iongantas; i
bhfocal amháin, ní raibh ach bláthana d'á gcraitheadh ar mo chasán ar
feadh cúig lá déag. Is fíor go deo an nídh adeir leabhar na
h-Eagna: "Déanann draoidheacht na mbaoisreadh an croidhe
neamh-urchóideach féin do mhealladh." 1 Is ró-fhurust' croidhe an
duine do mhealladh, nuair nach bhfuil ach deich mbliana d'aois aige;
agus caithfead a rádh gur mhothuigheas féin dúil éigin 'san gcinéal
sin beatha freisin. Fairíor géar! nach maith atá a fhios ag muinn-
tir an t-saoghail le seirbhís Dé a dhéanamh gan na pléisiúirí
talmhaidhe do chur uatha! Nach beag a mhachtnuighid ar an mbás!
Agus mar sin féin, cuid mhór de na daoinibh ar chuireas-sa aithne
ortha an uair sin agus a bhí go h-óg saidhbhir sonasach, tá an bás
tar héis iad do sciobadh chun siubhail leis ó shoin! Is maith liom
imeacht liom siar ar bhóithrín na smaointe agus féachaint ar na
h-áitreabha breághtha áirgeamhla mar a raibh comhnuí ortha, agus a
fhiafruí dhíom féin cá bhfuilid anois, agus cad é an tairbhe dhóibh
anois na caisleáin agus na machairí móra mar a bhfacas féin iad
agus seasgaireacht agus sóghachas na beatha seo acubh. Agus
tuigtear dhom gur "baois gach nídh ar an t-saoghal seo ach amháin
grá do thabhairt do Dhia agus A thoil agus A réir a dhéanamh." 2
Béidir gurbh é an chaoi ar theastuigh ó Íosa eolas a thabhairt dom ar
an t-saoghal shul dá dtagadh Sé isteach i mo chroidhe den chéad uair,
i riocht is go dtiocfadh liom rogha ní ba chinnte a dhéanamh ar an
mbóthar a bhéadh le gabháil agam ón uair sin amach.



Mairfidh cuimhne mo Chéad-Chomaoine go deo i mo chroidhe, mar
lá aoibhinn gan duairceas gan néal do b'eadh é. Chítear dhom nach
bhféadfainn a bheith ullmhuighthe ní b'fhearr. An cuimhneach leat, a
Mháithrín, an leabhrán gleoite luachmhar do thugais féin dom trí mhí
roimh an lá mór? An modh simplí údan rinne sé mé dh'ullmhú go
leanúnach agus go tapaidh. Má bhíos ag tnúthán le mo Chéad-
Chomaoin le fada féin, níorbh fhuláir mo chroidhe do ghríosadh níos
mó fós agus é do líonadh le bláthana úra, do réir mar a bhí sé
leagtha amach 'san láimhscríbhinn luachmhair úd. Mar sin de,
ghnínn a lán íodhbairtí agus a lán gníomhartha grádha gach lá, mar a
bhéadh dornán de bhláthana cumhra ionnta; bhíodh salchuacha ortha,



1 Eagna iv. 12. 2 "Aithris ar Chríost," l. 1, c. 1. 3.


L. 46


uaireanta, agus rósaí; agus goirmíní, nóiníní agus lus mínle,
ar uairibh, leis; i bhfocal amháin, d'fhéachas le chuile chineál bláthana
a chnuasacht d'fhonn cliabhán a dhéanamh d'Íosagán i mo chroidhe.



Agus annsin bhí Máire agam mar oide i d'ionad-sa. Gach
tránóna d'fhanainn tamall fada 'n-a cuideachta' ag éisteacht go
cíocrach le n-a bréithribh; nárbh áluinn iad na neithe adeireadh sí
liom! Chítear dhom go dtáinic a croidhe mór flaithiúl ar fad
isteach i mo chliabh-sa. Fé mar do mhúineadh na seadairí i n-allód
ceird na n-arm d'á gclainn, b'shin mar do mhúin sise dhomh-sa le
cath na beatha d'fhearadh, ag gríosadh mo dhíograise agus ag tais-
beáint craoibhe glórmhaire an bhuaidhe dhom. Labhruigheadh sí liom
freisin faoi'n tsaidhbhreas síorruí is féidir linn a thiomsú gan
strómh gan iarracht gach lá, agus chuireadh sí i n-iúl dom go mba
mhór go léir an truagh gabháil de chosaibh ann, nuair nach bhfuil
orainn ach cromadh síos, mar adéarfá, le n-a bhailiú. Nach í a bhí
go buadh-bhriathrach go deimhin! Ba bhreá liom go leor daoine eile
a bheith ag éisteacht le n-a teagasc doimhin an uair sin chomh maith
liom féin, mar mheasas, dá mb'iad na peacaigh ba mhó féin iad,
go ndéanfaí iad dh'iompáil, ag éisteacht léithe dhóibh, agus go
dtréigfidís a gcuid maoine saolta chun gan ach iolmhaitheas
síorruí na bhFlaitheas do shaothrú feasta.



Ag an uair sin dhéanfainn urnuighe go fonnmhar, ach bhraith Máire
go rabhas cráibhtheach go leor cheana féin, agus níor cheaduigh sí dhom
ach mo chuid paidreach béil amháin do rádh. Lá n-aon, d'fhiafruigh
duine de mo mháistreásaí 'san Abdaine dhíom céard a bhínn a
dhéanamh i gcaitheamh na laetheanta a mbíodh saoire againn, nuair
d'fhanainn 'san mbaile ag Les Buissonnets. Do fhreagras féin
go cúthalach, "Tá, a Mháthair, imighim liom go minic agus cuirim
mé féin i bhfolach i mo sheomra i gcúinne ciúin folamh mar a dtig
liom mé a dhúnadh isteach go réidh le bratachaí mo leapthan, agus
ar a bheith annsúd dom, machtnuighim…" "Ach céard air a
bhír ag machtnamh?" arsa'n bhean-rialta liom agus í ag gáiridhe.
"Bím ag machtnamh ar Dhia, ar dhíombuaine na beatha seo, ar an
t-síorruíocht; i bhfocal amháin, bím ag machtnamh!" Ní dhearna
mo mháistreás dearmad air sin, agus ba mhinic 'n-a dhiaidh sin do
chuireadh sí i gcuimhne dhom an t-am a mbínn ag machtnamh, 'á
fhiafruighe dhíom an rabhas ag machtnamh fós… Tuigim féin
anois gurbh fhíor-urnuighe a bhíodh agam 'á dhéanamh an tráth úd, 'n-a
ndéanadh Dia mo chroidhe do theagascadh 'san chiúineadas.



Na trí míosa a bhí agam le mé féin a dh'ullmhú i gcóir mo Chéad-


L. 47


Chomaoine d'imigheadar thart go h-an-mhear, agus ba ghairid go
raibh orm dul ar fos agus comhnuí 'san Abdaine im' iostasóir i
gcaitheamh na laetheanta sin ar fad. Á! nárbh aoibhinn an fos é
sin! Ní shílim féin go bhfuil a leithéid d'áthas le fáil i n-aon áit
eile ach amháin 'san Chlochar; mar ní bhíonn ach broscán beag
páistí ann, agus mar gheall air sin is fusa do na mnáibh-rialta
aire ar leith do thabhairt do gach duine acubh. Bhí ár máistreásaí
féin mar a bhéadh máithreacha dhúinn le cineáltas agus le cúram i
gcaitheamh na laetheanta sin; bhí, agus tá mo chroidhe lán de
bhuidheachas dóibh anois féin, agus mé ag scríobhadh na línte seo.
Agus thugas faoi ndeara gur mhó an aire a thugadar dhom féin ná
dom' chomhdhaltaí, cidh nach bhfuil a fhios agam cé'n fáth.



Gach tránóna thagadh an phríomh-mháistreás agus a lóchrann beag
léithe, agus tharraingeadh sí siar bratachaí mo leapthan go réidh agus
phógadh go miochair ar an mbaithis mé. Bhí sí chómh lághach cineálta
sin dom nár fhéadas gan a rádh léithe tránóna amháin: "Ó, a
Mháthair, tá cion mór agam ort, agus ar an ádhbhar sin, táim le
rún mór do nochtadh dhuit." Agus annsin tharraingeas amach go
mall maordha leabhrán luachmhar an Charmail a bhí foluighthe agam
faoi'n adhairt, agus thaisbeánas di go ríméadach bródúil é.
D'oscail sí go cúramach é, agus dhearc thríd le spéis agus chuir sí
i bhfios dom annsin chómh maith is a bhí Dia na glóire dhom. Agus
b'fhíor dhi; mar mhothuigheas féin go minic i rith na gCúrsaí
Spioradálta sin gur beag leanbh, atá gan máthair mar a bhíos-sa,
a gheibheas an oiread cúraim agus cineáltais is a fuaireas féin
an tráth úd.



D'éistinn go h-aireach leis na léigheachtaí do thug an sagart
Domin dúinn, agus ghnínn athchumaireacht díobh do scríobhadh síos.
Ach níor bhacas le mo chuid smaointe féin do scríobhadh ar chor ar
bith, mar dubhras liom féin go gcuimhneóchainn ortha go réidh; agus
b'amhlaidh a bhí. Nach orm-sa a bhíodh an lúthgháir mhór bheith láithreach
ag na Tráthana go léir ar nós na mban-rialta féin! Cuirtí
sonnrú ionnam i measg mo chómhdhalta mar gheall ar chrois mhóir do
sheachaid Léonie dhom, agus a bhí ar iomchar agam i mo chrios ar nós
na missiunéirí, gur ceapadh gurbh ag déanamh aithrise ar mo
dheirbhshiúr Charmelítigh a bhíos. Agus ba chuice-se, go deimhin, do
ritheadh mo smaointe agus mo chroidhe go minic! B'fheasach mé
ise do bheith ar fos, freisin; ach ní chun go dtabharfadh Íosa É
féin di a bhí sise ar fos, ach chun go dtabharfadh sí í féin go h-iom-
lán d'Íosa agus sin ar lá mo Chéad-Chomaoine féin. Do mhéaduigh
sin ar áthas na laetheanta údan do chaitheas ar an uaigneas.


L. 48


Fá dheire thiar do gheal an lá mór dhom féin, an lá is aoibhnighe
agus is sona i mbeatha an duine! Nach grádhmhar ceanúil mar a
chuimhnighim ar chuile mhion-eachtra d'ár thárla i gcaitheamh an lae
neamhdha sin! An dúiseacht áthasach le bánú an lae, barrógaí
báidhiúla urramacha na mban-rialta agus na gcailíní mór, an
seomra maisiúcháin lán de chultacha sneacht-bhána 'nar gléasadh
amach sinn uilig; agus go mór-mhór an chaoi ar ghluaiseamar linn
isteach 'san tséipéal ag canadh cantainne na maidne:



"A altóir bheannuithe mar a bhfuil na hAingil ag adhradh!"
Ach ní fhéadfainn gach rud a dh'innseacht, dá mbéadh a fhonn sin orm
féin, rud nach bhfuil… tá neithe áithride a chailleas a gcumhracht
chomh luath is a nochtuightear do'n aer iad; agus tá smaointe
foluighthe 'sa chroidhe istigh nach féidir a nochtadh i bhfoclaibh daonda,
gan a mbrí dhoimhin neamhdha do chailleadh láithreach mar an
gcéadna!



Á! nár mhilis í an chéad phóg úd do thug Íosa do m'anam! Póg
ghrádha do b'eadh í, go deimhin! D'airigheas go raibh grá Aige-sin
domh-sa, agus dubhras féin freisin: "Tá grá agam Duit, agus
bheirim mé féin Duit go deo is a choidhche!" Níor éiligh Íosa aon
ní orm, ná níor iarr Sé aon íodhbairt. Bhíodh Sé féin agus
Treasa bheag ag féachaint ar a chéile le fada roimhe sin, agus
thuigeadar a chéile… ach an teacht le chéile a bhí ann an lá sin
ní féachaint badh cheart do thabhairt air ach aontú.



Ní beirt a bhí ionnainn feasta; bhí Treasa imighthe ar ceal ar
nós an bhraoinín uisge a thuiteas isteach i lár na fairrge móire,
agus bhí Íosa fágtha ann 'n-A aonar; b'Eisean an Máistir, an Rí
feasta! Mar nach raibh Treasa tar héis a iarraidh Air a saoirse
do thógáilt uaithe? Chuireadh an t-saoirse sin eagla uirthe;
d'airigheadh sí í féin chomh lag lúbach sin gur mhian léithe í féin do
tháthú le Neart Dé go bráth.



Agus, féach! bhí a háthas chómh mór chómh doimhin sin nár fhéad sí
a choimeád 'n-a croidhe, agus ba ghairid go raibh na frasa deor le
n-a malaibh le teann lúthgháire. Chuir sin iongantas ar a com-
pánachaí i riocht is go rabhadar 'á fhiafruighe d'á chéile 'n-a dhiaidh
sin: "Céard a chuir ag gol mar sin í? Nó an é an chaoi a raibh
rud éigin ag déanamh buartha d'á coinsias? Ní headh, b'é an rud
a bhí ag goilleadh uirthe ach gan a máthair a bheith láithreach nó an
deirbhshiúr sin léithe atá 'n-a Carmelíteach agus a bhfuil cion chomh
mór sin aici uirthe!" Agus níor thuig aoinne nach bhféadann
croidhe bocht dearóil an duine, ar theacht d'áthas uile na bhFlaitheas


L. 49


isteach ann, nach bhféadann sé an t-áthas sin go léir do choimeád
ann féin gan na deora do shileadh…



Cé'n chaoi a bhféadfadh uireasbhaidh mo mháthar a bheith ag déanamh
buartha dhom lá mo Chéad-Chomaoine? Mar bhí Neamh agam i lár
mo chléibh, agus nuair a thug Íosa cuairt orm, thug mo mháthair
ionmhuin cuairt orm mar an gcéadna… Ní lúgha ná mar a bhíos
ag gol mar gheall ar gan tusa a bheith láithreach, arae bhíomar ní ba
ghoire d'á chéile ná riamh! Níorbh shin é údar mo ghuil 'chor ar bhith,
ach deirim aríst gurbh é an t-áthas amháin, 'seadh, an t-áthas
doimhin do-inniste a bhí ag líonadh mo chroidhe.



Um thránóna, rinneas an gníomh-coisreacáin don Mhaighdin
ghlórmhair do rádh i n-ainm mo chómhdhalta. Is cosamhail gurbh é an
fáth a ndearna na mná-rialta mise do thoghadh chuige sin toisg gur
fágadh gan mo mháthair talmhaidhe ó thús mo leanbhánachta mé.
Á! chuireas mo chroidhe go léir 'san gcoisreacán sin don Mhaighdin
Mhuire, agus d'iarras go dúthrachtach uirthe mé do chúmhdach!
B'fhacthas dom gur dhearc sí anuas go geanúil ar a bláithín agus
go dtáinic meangadh ar a béal aríst. Chuimhnigheas ar an meangadh
so-fheicse eile úd le n-a ndearna sí mé do leigheas agus dh'fhuas-
cailt; bhí a fhios agam go maith cé'n chomaoin mhór a bhí curtha aici
orm! Agus an mhaidin seo, an 8adh Bealtaine, nárbh í féin do
tháinic anuas aríst chun a h-Íosa, "'bláth an bháin agus lile na
ngleanntán" 1 do chur isteach i gcailís m'anama!



Um thránóna an lae shona sin, rug m'athair ar láimh ar a ríoghain
bhig agus ghluais leis fé dhéin an Charmail, agus chonnaiceas mo
Phauline ionmhuin agus í anois 'n-a céile ag Íosa; chonnaiceas
faoi n-a brat bán mar mo bhrat-sa agus faoi n-a coróinn
rósaí í. Bhí áthas gan mhairg ar mo chroidhe; bhíos ag súil le
teacht isteach chuice gan mhoill agus fanacht annsúd taobh léithe go
dtéighimís go Flaitheas Dé…



Bhíos go buidheach beannachtach, leis, ar son na féile do
h-ullmhuigheadh dhom ag Les Buissonnets. An t-uaireadán
gleoite do sheachaid m'athair ionmhuin dom chuir sé árd-áthas orm;
ach mar sin féin, bhí mo shonas go ciuin ciuin, agus níorbh fhéidir
le nídh ar bith síothcháin doimhin inmheadhonach m'anama do mhearú.
Fá dheire thiar chuir an oidhche deire leis an tránóna aoibhinn sin;
mar, dá mb'iad na laetheanta is aoibhní féin iad, is é an dorchadas
a ndeire. Níl ach an t-aon lá amháin .i. lá na Céad-Chomaoine ins


L. 50


na Flaithis, lá na Comaoine síorruí, a bhéas 'n-a lá gan faoithin
gan foircheann!



An lá dár gcionn bhí cineál cumhaidh nó uaignis orm. Níor
shásamh do mo chroidhe na héadaigh deasa agus na bronntanais a bhí
fáighte agam! B'é Íosa amháin a d'fhéadfadh mé do shásamh feasta,
agus b'é do b'fhada liom go nglacainn aríst 'san Chomaoin
Naofa É. Diardaoin Deasgabhála iseadh do ghlacas an tarna
Comaoin sin, agus bhí sé de shólás agam ar an ócáid sin dul ar mo
ghlúinibh idir m'athair agus Máire ag an mBord Naofa. Do
shileas na frasa deor aríst mar gheall ar an suairceas do-
inniste a bhí i mo chroidhe; chuimhnigheas ar bhréithribh N. Póil:
"Ní mé atá beo feasta, ach Críost atá beo ionnam." 1 Agus
dubhras iad aríst agus aríst eile. Ón lá sin 'n-a dtug Íosa an
tarna cuairt ar m'anam, ní raibh uaim a thuille ach É do ghlacadh,
agus ceaduightí sin dom ar na féiltibh móra. Faoiríor!
b'fhada liom ó n-a chéile iad mar fhéiltí, an tráth úd!…



Na tránóntaí roimh na laetheanta aoibhneacha sin, ghníodh Máire
mé dh'ullmhú amhail mar a rinne sí le h-aghaidh mo Chéad-Chomaoine.
Tránóna amháin, is cuimhneach liom gur labhair sí liom ar an
bhfuilinnt, 'á rádh liom nár mhóide go n-iarrfadh Dia orm féin
bóthar na bhfuilinntí do ghabháil 'chor ar bith, ach go ndéanfadh Sé
mé dh'iomchar ar nós naoidheanáin i gcomhnuí. An mhaidin dár
gcionn i ndiaidh mo Chomaoine, chuimhnigheas ar na bréithribh sin agus
tháinic dúil mhór agam 'san bhfuilinnt, agus cuireadh i n-iúl dom
im' chroidhe istigh go raibh mórán croiseann agus fuilinntí i ndán
dom. Bhí m'anam chómh lán de shóláis an uair sin nach raibh a
leithéidí agam riamh roimhe ná ó shoin. Ba 'san bhfuilinnt a bhí mo
dhúil agam, agus chonnaiceas áilneachtaí innti, cidh nár thuigeas i
gceart iad fós.



Bhí dúil mhór eile agam .i. gan ach Dia amháin do ghrádhú, gan
áthas ná sólás a fháil ach Ann-siúd amháin. Ba mhinic, le linn
m'altúcháin, adeirinn an phaidir bheag seo as Aithris ar Chríost:
"A Íosa, a shuairceas do-labhartha, iompuigh chun searbhais dom
gach sólás colnaidhe." 2 Thagadh na bréithre sin as mo bhéal gan
iarracht, deirinn iad mar adéarfadh leanbh rud éigin a chuirfeadh
cara leis 'n-a cheann, gan é do thuigsint i gceart. Innseochad
duit amach annseo, a Mháthair ionmhuin, cé mar do rinne Íosa mo
dhúil do chóimhlíonadh, cé mar do bhí Sé féin amháin 'n-a Shuairceas



1 Gal. ii. 20. 2 Aithris ar Chr., l. 111. c. xxvi. 3.


L. 51


do-labhartha dom i gcomhnuí. Dá n-innsighinn duit faoi sin anois,
chaithfinn cur síos duit annseo roimh-ré ar mo bheatha agus mé
im' ghearrchaile, agus tá mórán mion-tuairisgí agam le h-aithris
duit fós ar mo leanbhánacht.



Tamaillín i ndiaidh mo Chéad-Chomaoine chuadhas isteach ar fos
aríst ag ullmhú le haghaidh mo Dhul-faoi-láimh-easbuig. Bhíos go
h-an-dícheallach dhom' réidhteach féin i gcóir cuairte an Spioraid
Naoimh, mar níorbh fhéidir liom a thuigsint cé'n fáth nach ndéanfadh
duine ullmhú an-mhaith ar fad le Sacraiméad sin an ghrádha do
ghlacadh. Ní dearnadh an cheremóint ar an lá a bhí socruighthe,
agus d'á chionn sin d'fhéadas fanacht ar fos ar feadh tamaillín
eile, agus ba mhór an sólás dom sin. Á! nach orm-sa a bhí an
lúthgháir! Fearacht na n-Aspol, bhíos ag súil go h-áthasach leis an
tSólásuidhe a bhí geallta dhúinn, smaointigheas go mba ghairid go
mbéinn i mo Chríostuidhe chríochnuighthe, agus go mbéadh crois
rúindiamhrach an tSacraiméid do-labhartha seo gearrtha ar mo
bhaithis go síorruí. Níorbh é stolladh mór gaoithe na céad-Chingcíse
d'airigheas, ach an leoithne shéimh gur chuala Elias a monabhar ar
shliabh Hóreb. Fuaireas neart chun fuilinnte an lá sin, agus ba
ghéar do theastuigh an neart céadna uaim, mar bhí mairtíreacht
m'anama le tosnú gan mórán moille.



Ar a bheith thart do na féiltí aoibhneacha do-dhearmadtha sin,
b'éigean dom filleadh ar an scoil-iostais aríst. D'éirigheadh go
geal liom i mo chuid foghluma, agus bhínn i n-ann ciall na rudaí
do thabhairt liom agus do chongbháilt go réidh; ach ba rí-dheacair
liom rud ar bith a fhoghluim de ghlan-mheabhair, cé's moite de'n
Teagasc Críostuidhe, mar d'fhéadainn sin a fhoghluim go maith.
Bheireadh an Séipleánach a ollamh beag orm, mar gheall ar Treasa
a bheith mar ainm orm, is dóigh.



Le linn an chaitheamh-aimsire, théighinn go minic ar fhód fé leith,
agus annsin dhearcainn le h-aiteas ar mo chómhdhaltaí agus tad
ag ropadh leo go meidhreach éadtrom, agus bhínn féin ag smaoin-
eadh go doimhin ar feadh an achair. B'shin é an caitheamh-aimsire ba
rogha liom. Bhí mireog eile ceaptha agam, leis, do thaithnigheadh go
mór liom; ghnínn na h-éiníní marbha do bhéadh 'n-a luighe faoi na
croinntibh móra do thóruigheacht go cúramach agus a adhlacadh go
caithréimeach, iad go léir ins an t-aon roilig amháin faoi'n bhfód
chéadna. Uaireanta eile, d'innsighinn scéalta, agus thagadh cuid
de na cailíní móra féin ag éisteacht liom go minic; ach ba ghairid
gur choisg ár máistreás chríonna mé ar leanacht de mo chuid


L. 52


sgéaluidheachta, mar níorbh ag seanchas (discourir) badh mhian
léith sinn a bheith ach ag rith (courir).



'San am sin, do thoghas mar cháirde dhom beirt ghearrchaile a
bhí cómhnaois liom féin. Ach, nach cumhang é croidhe an duine!
B'éigean do dhuine acubh dul a bhaile ar feadh roinnt míosa, agus
'fhad is a bhí sí ar shiubhal ní dhearnas féin dearmad uirthe, agus
D'fháiltigheas go ceanúil áthasach roimpi, iar bhfilleadh dhi. Mo
léan cráidhte! Ní raibh aici ach féachaint fhuar-chúiseach domh-sa!
Níor thuig sí mo charadas agus ba mhór do ghoill sin orm; níor
thóruigheas a chómh-ghuagach sin de chion a thuille. Gheall Dia
croidhe dílis daingean dom féin, áfach, i dtreó, nuair a bheir se
grá do dhuine, go ngrádhuigheann sé é go deire. Agus mar sin de,
guidhim ar son na cómhdhalta údan i gcomhnuí, agus tá grá agam
uirthe fós féin.



Chonnaiceas mórán de na daltaí ag claoidheadh le duine nó le
Duine eile de na maistreásaí go sonnradhach, agus bhí fonn orm
féin aithris a dhéanamh ortha, ach níor éirigh liom. Agus go deimhin
ba mhór an bheannacht ó Dhia é nár éirigh, mar do fainiceadh ar mhórán
díoghbhála ar an gcuma sin mé. Gabhaim mo mhór-bhuidheachas le
Dia na glóire as ucht a thabhairt orm gan ach searbhas a fháil i
gcaradais an t-saoghail seo ariamh! Mar, leis an gcinéal
croidhe atá agam, leigfinn mé do ghabháil agus m'eiteógaí do
ghearradh; agus annsin cé'n chaoi a bhféadfainn "eitilt liom
agus suaimhneas a fháil?" 1 Cionnus is féidir le croidhe atá
tugtha do charadas daonda, é féin do tháthú go dlúth le Dia?
Creidim féin nach féidir é. Chonnaiceas go leor leor anmnacha,
do mealladh leis an lóchrann bhréagach sin, chonnaiceas iad d'á
radadh féin isteach ann, ar nós na bhféileacán, gur dóigheadh
a gcuid eiteogaí agus gur fhilleadar go gonta créachnuighthe
annsin ar Íosa, ar an teine dhiadha sin a dhóigheas ach nach
n-ídigheann!



Á! tá a fhios agam gurbh é an chaoi a bhfaca Íosa go rabhas féin
ró-lagbhrígheach leis an gcath do sheasamh, dá dtagadh orm; is
cinnte go ndéanfainn mé féin do loisgeadh ar fad le lóchrann
bréagach na gcréatúirí: ach níor dheallruigh sé ar mo shúilibh
ariamh. Déanann na h-anmnacha láidre iad féin do ghearradh
amach ó na neithibh sin le grá do Dhia, agus gheibhid áthas d'á gcroidh-
thibh ar an gcuma sin, ach ní bhfuaireas féin ach buairt agus dólás



1 Sailm, liv. 6


L. 53


ionnta. Is follus, mar sin de, nach bhfuil aon luachsaothair ag
dul dom as ucht mé féin do chongbháilt saor ó na caidrimh dhío-
mbuana sin, mar gurbh í mór-thrócaire Dé amháin a rinne mé
d'fhainiceadh ortha. Mara mbéadh Eisean, amhduighim go mbéidir
dhom tuitim chomh h-íseal leis an Mhagdalén féin; agus na bréithre
doimhne do labhair an Slánuightheóir leis an bhFairisíneach Símón,
déanaid ceol go binn i mo chroidhe. Tá a fhios agam "an t-é
gur lúgha a maithtear dó, gur lúgha é a ghrá": 1 ach tá a fhios agam,
leis, gur mó do mhaith Íosa dhomh-sa ná do N. Magdalén féin.
Á! dá bhféadainn an nídh a mhothuighim do nochtadh! Seo dhuit
solúid ar chaoi ar bith, agus béidir go léireóchadh sí mo smaoineadh
roinnt:



Cuirimíd i gcás go bhfuil dochtúir cliste ann a bhfuil mac
aige. Buaileann an mac sin um chloich lá ar a bhealach go mbain-
tear tuisle as agus go mbristear géag leis. Tagann a athair
láithreach bonn, tógann sé suas go grádhmhar é, déanann a chuid
créachta do cheangailt agus do chúramadh agus cuireann a chuid
eolais ar fad i bhfeidhm le n-a gcneasú. Leigheastar an mac
Gan mhoill, agus gabhann sé a bhuidheachas le n-a athair. Níl
aimhreas ar bith nach ceart don mhac sin athair chómh cineálta sin do
ghrádhú, mar tá a chúis go maith aige. Ach cuirimíd i gcás aríst
gurab é an chaoi a bhfághann an t-athair amach go bhfuil cloch chontabh-
airteach ar bhealach a mhic, go dtógann sé an chloch chun siubhail as
an mbealach roimh-ré i ngan-fhios do gach aoinne. Níl a fhios ag
an mac sin cé'n chontabhairt mhór agus an timpist a ndearna
lághaidheacht roimhfheiceálach a athar é d'fhainiceadh ortha, agus ó
thárla nach bhfuil, is cinnte gur lúgha an grá a bhéas aige d'á athair
ná dá mbéadh sé tar héis é do thabhairt slán ó ghortú marbhthach.
Ach má ráinigheann dó fírinne an scéil do chloisteál, nach mó, dar
leat, an grá a bhéas aige d'á athair! Tá go maith — Is mise an
leanbh sin do slánuigheadh tré ghrá roimhfheiceálach an Athar sin
"nár chuir A Bhriathar Uaidh chun fíoraon do ghlaodhach chun aithrighe
ach chun peacach do ghlaodhach chun aithrighe." 2 Is mian Leis go
mbéadh grá agam Dhó, toisg gur mhaith Sé ní hamháin mórán ach an
t-iomlán dom. Níor fhan Sé go dtugainn féin grá mór Dhó-sin,
mar a thug N. Magdalén, ach chuir Sé i bhfios dom cé mar do
ghrádhuigh Sé féin mise le grá roimhfheiceálach do-inniste, i riocht
is go rachadh mo ghrá-sa Dhó chun díthcéille féin anois!


L. 54


Chualas daoine 'á rádh go minic i gCúrsaí Spioradálta agus ar
ócáidibh eile nár fríothadh fós anam íodhan neamhchionntach a raibh
oiread grá aige is a bhíos ag an anam aithrigheach. Á! b'ait
liom-sa an rádh sin do shárú!



Ach táim ar fuaidreamh i bhfad ó m'ádhbhar, agus ní go maith atá
a fhios agam cá dtosnóchad aríst…



Le linn na gCúrsaí Spioradálta do rinneas roimh mo dhara
Comaoin Naofa is eadh do tháinic galar uathbhásach na scrupall orm.
Caithfidh duine gabháil thríd an mhairtíreacht seo le go dtuigidh sé i
gceart í. Ní fhéadfainn a innseacht cé mar d'fhuilingeas i
gcaitheamh dhá bhlian, geall leis! Mo smaointe agus mo ghníomh-
artha go léir, d'á shimplíocht nó d'á shuaraigheacht iad, ba chúis



imní agus buartha dhom iad. Ní bhíodh suaimhneas le fáil agam ach
amháin tar héis dom gach uile rud a innseacht do Mháire, agus ba
dhoiligh liom sin a dhéanamh, leis, mar níorbh fhuláir liom gach aon
smaoineadh aisteach áibhéiseach do nochtadh dhi. Bhéadh suaimhneas
beag agam annsin, tar héis m'ualaigh do chur dhíom dom: ach
d'imigheadh an suaimhneas sin uaim le luas lasrach aríst, agus
thosuigheadh mo mhairtíreacht an ath-uair! A Dhia mhóir! nach iomdha
sin gníomh-foighde a thugas ar mo dheirbhshiúr ionmhuin a dhéanamh!



An bhliain sin i rith na laetheanta saoire, do chaitheamar coicís
cois-fhairrge. Agus rinne ár n-aintín, a bhí chómh lághach máithriúl
sin i gcomhnuí d'á páistibh i Les Buissonnets, rinne sí chuile
shaghas siamsa do chur ar fáil dúinn: marcaidheacht ar asal,
iasgach, agus rl. Bhíomar millte aice freisin, leis na héadaigh
galánta do bheireadh sí dhúinn. Is cuimhneach liom go dtug sí
dhom féin roinnt ribíní spéar-ghorm lá. Bhíos chomh páistiúil sin
fós, i naimhdheoin go raibh dhá bhliain déag go leith d'aois agam,
gur chuir sé ríméad orm m'fholt dualach do cheangailt leis na
ribíní deasa sin. Bhuail a leithéid sin de scrupall mé 'n-a dhiaidh
sin, áfach, go ndeachas chuig faoisdín ag Trouville féin, agus gur
innsigheas faoi'n bpléisiúr pháistiúil sin, mar ba pheacadh liom é.



Múineadh ceacht dom annsúd a chuaidh i sochar dhom go mór:



Bhíodh méagram 'n-a ceann ag mo chol-ceathar Máire go h-an-
mhinic: agus ar na hócáidibh sin, ghníodh m'aintín í do mhuirniú
agus na h-ainmneacha ba cheanúla ar bith do thabhairt uirthe, ach
leanfadh Máire uirthe ag sileadh na súl agus gach aon "Uch!
Tá tinneas-cinn orm!" aice. Agus ó thárla go mbíodh tinneas-
cinn orm féin gach uile lá mórnach, cidh nach mbínn ag
éagcaoin faoi, nár cheapas aithris a dhéanamh ar Mháire tránóna


L. 55


amháin! Chuige sin bhuaileas fúm ar chathaoir shócamhlaigh i gcúinne
an t-seomra agus thosuigh orm ag gol. Ba ghairid go dtáinic mo
chol-ceathar mhór Siubhán, a raibh cion mór agam uirthe, anall
chugam go deifreach; tháinic m'aintín, leis, gur fhiafruigh sí
dhíom cé'n fáth a rabhas ag gol. D'fhreagras féin, ar nós Máire:
"Tá tinneas-cinn orm!" Ach is cosamhail nach ndeachaidh sé go
maith dhomh-sa bheith ag éagcaoin; mar níor fhéadas ariamh a
áiteamh ortha gurbh é an tinneas-cinn do chuir ag gol mé. I n-ionad
mé do mhuirniú, mar ba ghnáthach léithe a dhéanamh, do labhair m'ain-
tín liom mar a labhróchadh sí le duine fásta. Agus rinne Siubhán
mé do mhilleánadh féin go mín, 'á chur i n-umhail dom go raibh brón
uirthe faoi rádh is nach rabhas chómh h-iontaoibheach oscailteach le
m'aintín is badh chóir dhom a bheith, mar nár innsigheas di fíor-
thrúig mo ghuil, agus gur shíl sí féin gur scrupall mór a bhí ag



déanamh buartha dhom. Ní bhfuaireas ach an rud a bhí tuillte agam,
agus chuireas róm gan aithris a dhéanamh ar dhaoinibh eile aríst
go h-éag. Thuigeas fabhal-scéal an asail agus an mhaidrín.
Ba mise an t-asal, do chonnaic an muirniú do tugadh don mhaidrín,
agus do sháith a chrúb mhór liopaisteach féin suas ar an mbórd
d'fhonn na barrógaí a fháil mar an gcéadna. Munar cuireadh chun
bealaigh mé le Greadadh maith leis an mbata féin, fearacht an
asail bhoicht, fuaireas an íocaidheacht a bhí ag dul dom, áfach, agus
ní baoghal go raibh fonn orm aríst a choidhche sunndas daoine do
tharraint orm féin.



Ach iomthúsa mairtíreachta móire úd na scrúpall. B'é an rud
do tháinic aisti gur bhreoigh sí mé fá dheire, i riocht is gur chaitheas
an scoil-iostais a fhágáil, agus mé i n-aois mo thrí mblian déag.
Annsin d'fhonn m'oideachas do chríochnú, bheireadh m'athair leis ag
triall ar mhnaoi léigheannta áithrid mé go minic 'san tseachtain,
agus gheibhinn ceachtaí sár-mhaithe uaithe sin. Bhí an dá bhuntáiste
ag baint leis na ceachtaibh sin, mar ghnídís mé do theagasc agus
'san am chéadna thugaidís deis dom leis an saoghal a fheiceál.
'San t-seomra sin go n-a chuid trosgáin seanda agus a chuid
leabhar agus páipéirí ar gach taobh, bhínn láithreach le linn mórán
cuairtí. B'í máthair mo mhúinteóra ba mhó a ghníodh an chainnt do
choimeád ar siubhal; ach ní mórán a d'fhéadainn féin a fhoghluim
na laetheanta sin. Bhíodh mo cheann cromtha agam ós cionn mo
leabhair, ach chloisinn chuile nídh, fiú amháin na neithe a b'fhearr
dhom gan iad do chloisteál. Déarfadh bean amháin go raibh folt
breá áluinn agam, agus d'fhiafróch' duine eile, ag dul amach dhi,


L. 56


cé leis an ghirseach dhóigheamhail sin. Ní ceaptaí go gcloisinn
féin an chainnt sin 'chor ar bith, agus ba phlámásaí mar gheall air
sin í, i dtreo go mothuighinn glionndar croidhe ag teacht orm le
linn éisteachta léithe dhom — rud do chuir i dtuigsint dom cé'n
féin-ghrádh mór a bhí ionnam.



Tá truagh i mo chroidhe agam do na h-anmnacha a cailltear.
Nach ró-fhurusta imeacht ar seachrán ar chonairí bláthmhara an
t-saoghail mhóir! Is cinnte go bhfuighbhidh an té atá beagán uasal-
aigeanta mórán searbhais i ngach suairceas saoghalta, agus ní
fhéadfadh baoth-mholadh díombuan folmhas mór do-theóranta a
mhianta do líonadh ná do shású. Ach, deirim aríst é, muna
mbéadh gur tógadh mo chroidhe-se suas chun Dé ó thús, dá mbéadh
an saoghal ag meangadh liom go mealltach ó rugadh mé, céard a
d'imeóchadh orm 'chor ar bith? Ó! a Mháthair mhilis, nach mé a
fhéadas trócairí an Tiarna do chanadh go buidheach beannachtach le
lán-chroidhe! Fé mar adeir leabhar na hEagna, nach ndearna Sé
mé "do thógáil chun siubhail as an t-saoghal sar a n-atharóch'
an mhalluightheacht mo thuigsint, agus sar a meallfadh ceilg
m'anam?" 1



Um an dtaca seo chuireas róm mé féin do choisreacadh ar
bhealach fá leith don Mhaighdin ghlórmhair agus d'iarras cead dul
isteach i gCuallacht Leanbh-Mhuire. Chuige sin níorbh fhuláir dhom
dul go dtí an Clochar faoi dhó 'san tseachtain, agus níor bheag an
íodhbairt dom é sin a dhéanamh, mar gheall ar chómh cúthail is a bhíos.
Bhí an-chion agam ar mo mhaistreásaí geanúla, gan aimhreas, agus
béad lán-bhuidheach díobh go h-éag; ach, mar adubhras cheana, ní
raibh aon chara ar leith agam 'n-a measg, fé mar a bhí ag furmhór na
sean-daltaí eile, a mbéidir liom sgathamh fada do thabhairt 'n-a
cuideachtain. Agus mar sin de, d'oibrighinn liom go ciuin
tostach go mbíodh an ceacht láimh-oibre thart, agus ó thárla nach
dtugadh aoinne sunndas dom, d'éaluighinn liom annsin suas go
dtí córaidh an t-séipéil go dtagadh m'athair i mo choinne.



Le linn na cuairte ciúine sin iseadh do gheibhinn m'aon t-sólás
amháin: mar nár é Íosa m'Aon-Chara feasta? Níorbh fhéidir
liom labhairt ach Leis-siúd amháin; na cómhráidhte a bhíodh agam le
daoine, dá mb'iad na cómhráidhte cráibhtheacha féin iad, do
thuirsighidís m'anam. Is fíor go dtagadh cumhaidh orm uaireanta
agus mé i m'aonarán annsúd, agus is cuimhneach liom go n-abruigh-


L. 57


inn go minic annsin, d'fhonn mé féin do shólású, an líne seo de
dhán áluinn a d'aithrisigheadh ár n-athair ionmhuin dúinn:



"Do long is eadh an talamh seo, ní h-é do bhaile dhúthchais é!"



Nuair a bhíos im' pháistín, chuireadh na foclaí sin misneach orm.
Agus anois féin, i n-aimhdheoin go ndéanann na blianta mórán d'ár
smaointe cráibhtheacha páistiúla do scaipeadh, cuireann soluíd
sin na luinge áthas ar mo chroidhe agus cuidigheann sé liom deor-
uíocht na beatha seo dh'iomchar. Nach n-abruigheann leabhar na
h-Eagna féin gur "cosamhail beatha an duine leis an luing a
dh'imigheann tríd an uisge, agus nuair a bhíonn sí imighthe nach
féidir a rian a fháil?" 1



Ag machtnamh ar na neithibh sin dom, breathnuighim uaim isteach
'san tSíorruíocht; chítear dhom go bhfuilim buailte le tráigh na
bhFlaitheas cheana féin! Chítear dhom go bhfuil Íosa dhom' bharr-
ógadh… Creidim go bhfeicim an Mhaighdean Ghlórmhar ag
teacht i m'airicis i n-éindtigh le m'athair agus le mo mháthair agus
leis na cheithre aingil bheaga, mo dhritháracha agus mo dhriféaracha!
Agus chítear dhom go bhfuil agam fá dheoidh fíor-bheatha shíorruí
an teaghlaigh go deo is a choidhche!



Ach b'iomdha sin scarúint a bhí le fuilinnt agam go fóill ar
talamh, shul dá bhféadfainn suaimhneas síorruí ár n-Athardha
neamhdha do bheith agam. An bhliain chéadna a ndearnadh Leanbh-
Mhuire dhíom, thóg sí féin chun siubhail uaim mo Mháire ionmhuin
féin, 2 an t-aon taca amháin a bhí ag m'anam. B'í an t-aon
chomhairleoir a bhí agam í, ó d'imighis féin uaim, agus bhí cion chómh
mór sin agam uirthe is nárbh fhéidir liom maireachtáil 'n-a h-éag-
muis. Ar n-a chloisteál dom go raibh sí le h-imeacht, chuireas
róm gan aon phléisiúr a fháil i nídh ar bith ar an dtalamh seo a
thuille. Shileas na frasa diana deor: ach, ar ndóigh, ba nós liom
a bheith ag gol an uair sin. Níorbh iad na rudaí móra amháin do
chuireadh ag gol mé, ach na rudaí beaga suaracha go minic. Seo
dhuit roinnt somplaí a chruthóchas gurbh amhlaidh a bhí.



Bhí dúil mhór agam na subháilcí do chleachtadh, ach b'aisteach an
chaoi a gcuirinn chuige. Níor ghnáthach liom friothálamh orm féin:
ghníodh Céline mo sheomra do thógáilt dom, agus ní dhéanainn féin



2 Chuaidh sí isteach i gCarmal Lisieux an 15adh lá de Dheire Fóghmhair,
1886, agus tugadh Soeur Marie du Sacré-Coeur uirthe.


L. 58


giotamáil ar bith 'san teach. Uaireanta, áfach, d'fhonn áthas do
chur ar Dhia, ghnínn féin an leabaidh do chóiriú, nó nuair a bhéadh
Céline amuigh tránóna, chuirfinn a cuid plannda agus bláthana
isteach dhi. Ar son Dé amháin is eadh do ghnínn na neithe sin, mar
adubhras, agus ar an ádhbhar sin ní raibh aon cheart agam bheith ag
súil le buidheachas ó dhaoinibh. Ach mo léan cráidhte! a mhalairt ar
fad do thárluigheadh, mar dá mbéadh sé de mhí-ádh ar Chéline
dearmad a dhéanamh ar a h-áthas agus a h-iongantas do thais-
beáint de bhárr mo mhion-ghníomhartha, bhínn mí-shásta agus chuirinn
sin i n-umhail di, leis, le mo chuid deór.



Dá ráinigheadh dhom buairt do chur ar aoinne dom' aimhdheoin
féin, i n-ionad é do scaoileadh tharm, bhínn chómh cráidhte sin mar
gheall air go n-éirighinn tinn; agus b'amhlaidh do mhéaduigheadh sin
ar mo locht i n-ionad é do laghdú. Agus nuair a d'fhéachfainn le
mé féin do shólású mar gheall ar an locht féin, do ghoilinn aríst
annsin mar gheall ar gur ghoileas roimhe sin. Is fíor go ndéanainn
mé féin do chiapadh mar gheall ar chuile shaghas rudaí!



A áthrach sin ar fad a dhéanaim anois. Thug Dia d'Á ghrástaibh
dhom gan leigint d'aon rud díombuan annseo thíos mé do bhuaidh-
readh. Nuair a chuimhnighim ar na laetheanta atá imighthe thart,
gabhaim mo mhór-bhuidheachas le Dia, mar rinne A ghrásta agus A
thíodhlaicthe mé dh'athrú chómh mór sin gurab ar éigin a d'aithneóchthaí
mé.



Nuair a bhí Máire imighthe uaim isteach 'san Charmal agus nár
fhéadas mo chuid trioblóidí a nochtadh dhi a thuille, d'iompuigheas
suas i dtreó na bhFlaitheas. Chuireas m'athchuinge suas chun an
cheathrair d'ár gclainn a bhí imighthe suas ann róm, mar mheasas, ó
thárla nárbh eól do na h-anmnacha neimh-chionntacha sin buaireamh ná
eagla riamh, go mbéadh truagh acubh d'á ndeirbhshiúirín bhocht a bhí ag
fuilinnt ar talamh. Labhruigheas leo go simplí páistiúl 'á rádh leo
gur mise an duine do b'óige de'n chlainn, agus mar gheall air sin
gur dhomh-sa ba mhó do thugadh mo thúismightheoirí agus mo dhriféar-
acha gean agus muirniú i gcomhnuí; agus dá mbéidís féin annseo
thíos go fóill, gur chinnte go dtabharfaidís an gean céadna dhom;
má bhíodar ins na Flaithis féin, nár fhág sin gur cheart dóibh
dearmad a dhéanamh dhíomsa, ach a mhalairt: mar, ó bhí ar a
gcumas tarraint as cistí Dé féin, go gcaithfidís an t-síothcháin
a fháil asta dhom féin, agus a chruthú dhom ar an ndóigh sin go bhféad-
tar grádhú annsúd thuas freisin.



Tugadh freagra agus toradh ar mo ghuidhe gan aon achar; ba


L. 59


ghairid gur bhris tonntracha móra geanúla na síothchána isteach ar
m'anam. Cuireadh i n-umhail dom gur grádhuigheadh mé ní h-amháin
ar talamh ach ar neamh, leis! Ón uair sin i leith do méaduigheadh
go mór ar mo chráibhtheacht do mo dhearbhráthairíní agus do mo
dheirbhshiúiríní atá ins na Flaithis. B'ait liom a bheith ag labhairt
leo agus ag cur-síos dóibh ar bhuairtí na deoruíochta seo agus
ar an ndúil a bhí agam teacht chuca gan mhoill go dtí an Athardha
síorruí.


L. 60


CAIBIDIOL V.



Má bhí Dia na glóire ag dóirteadh A ghrásta anuas orm go
flaithiúl líonmhar féin, b'fhada uaim iad do thuilleadh ar bhealach
ar bith. Is fíor go raibh dúil mhór agam i gcomhnuí na subháilcí do
chleachtadh, ach nach iomdha sin locht agus mí-fhoirbhtheacht a bhí
measgtha le mo ghníomharthaibh! Bhíos chómh mothuightheach sin ar fad
nárbh fhéidir cur suas liom; agus ní raibh maith ar bith a bheith ag
cainnt ná ag pléidhe liom faoi, mar bhí sé ag dul díom an locht
mí-thaithneamhach sin do cheartú. Agus cé'n chaoi a raibh sé de
dhánaidheacht ionnam mar sin bheith ag súil le dul isteach 'san
Charmal gan mhoill? Níor mhór míorbhailt bheag do thabharfadh
orm fás agus neartú ar ala na h-uaire; agus ar an lá
do-dhearmadtha úd, an 25adh lá de mhí na Nodlag 1886, rinne
Dia an mhíorbhailt shár-riachtanach sin. An Nodlaig sin, an
oidhche bheannuithe úd, rinne Íosagán, an naoidheanán geanúil
nua-bheirthe, fuarloch soluis do dhóirteadh isteach i m'anam gur
scaip Sé doircheacht mo dhubh-oidhche. Rinne Sé É féin lag agus
íseal ar mo shon-sa chun mise do dhéanamh láidir misniúl; chuir
Sé umam A chuid arm agus treallmha féin, agus uaidh sin amach
bhíos ag buadhchaint róm, ar nós an fharaire a ghabhas a shlí go
lúthmhar éadtrom buadhach. Do triomuigheadh fuarán mo chuid
deór agus ní bhuinnighidís 'n-a dhiaidh sin ach go h-annamh agus
ar éigin.



Innseochad anois duit, a Mháithrín, cé'n ócáid 'n-a bhfuaireas
an grás ró-luachmhar sin le n-ar iompuigheadh agus le n-ar claoch-
luigheadh go h-iomlán mé:



Iar bhfilleadh ar Les Buissonnets dhúinn i ndiaidh Aifrinn an
mheadhon-oidhche, bhí a fhios agam go bhfuighbhinn mo bhrógaí 'san
gclúid, mar a gheibhinn i laethibh mo naoidheandachta iad, agus iad
líonta de shóghluistí — rud a chruthuigheas duit gur naoidheanán fós
ag cách mé. Dá mb'é m'athair féin é, bhíodh áthas air mo ríméad
d'fheiceál agus mo ghártha aiteasacha do chlos do réir mar a
tharrainginn gach aon iongantas nua amach as na brógaí draoidh-
eachta, agus mhéaduigheadh a áthas sin ar m'aoibhneas féin. Ach


L. 61


cheana, bhí an uair tagtha 'nar mhian le h-Íosa mé dh'fhuascailt ó
mhí-fhoirbhtheachtaí na naoidheandachta agus a cuid áthas neamh-
urchóideach féin do thógáilt uaim. Agus i n-aimhdheoin gur ghnáthach
le m'athair mé do mhuirniú i gcomhnuí 'gcómhnuí, do cheaduigh Íosa
nach ndearna sé ach múisíam do thaisbeáint ar an ócáid seo.
Ag dul suas go dtí mo sheómra dhom, chualas a' rádh na bhfocal seo
é, agus chuadar go smior ionnam: "Iongantas ró-pháistiúil
é seo feasta do ghearrchaile chómh mór le Treasa, agus tá súil
agam gur ab í seo an bhliain deiridh a bhéas sé againn." Ó thuig
Céline mo mhothuightheacht ró-mhór, dubhairt sí liom ós íseal:
"Ná téirigh síos láithreach, fan annseo go fóillín; bhéitheá ag
gol go ró-mhór, ag féachaint ar na h-iongantaisí dhuit, i bhfiadh-
naise d'athar." Ach níorbh í an Treasa chéadna a bhí ann a thuille.
…Bhí Íosa tar héis a croidhe do chlaochlódh!



Do bhrúghas siar mo dheóra agus síos liom go beo go dtí an
tseomra-bídh: choisgeas preabarnach thréan mo chroidhe, ghlacas
chugam mo bhróga gur tharraingeas na féiríní asta go h-áthasach,
agus mé ag féachaint chómh sonasach séanmhar le ríoghain ar feadh
an achair. Bhí m'athair féin ag gáiridhe go séimh mar seo, agus ní
raibh aon rian mí-shástachta ar a cheann-aghaidh a thuille, agus maidir
le Céline b'fhacthas di-se gurbh ag brionglóid a bhí sí! Ach níor
bhrionglóid é 'chor ar bith ach lom-chlár na fírinne: Bhí Treasa
bheag tar héis a neart-anama a fháil ar ais go deo deo, an neart-
anama sin do chaill sí i n-aois a cheithre mblian go leith.



An oidhche shoillseach údan is eadh do thosuigh an tríomhadh téarma
de mo bheatha, agus is é an téarma is áilne orthubh go léir é, an
téarma is láine de ghrástaibh Dé. An gnó nár éirigh liom féin a
dhéanamh i mórán blianta, rinne Íosa i bhfaiteadh na súl dom é,
mar ní raibh Uaidh ach mo dheaghthoil a fheiceál. Níor mhisde dhomh-
sa a rádh, mar adubhairt na h-Aspoil: "A Mháistir, tá an oidhche
caithte agam ag obair, agus níor thógas aon nídh." 1 Bhí Íosa níos
cineálta dhom féin ná d'Á dheisciobuil, mar do rug Sé féin ar an
lion gur sgaoil Sé amach é, agus gur tharraing Sé isteach annsin é
lán d'iasgaibh; rinne Sé iasgaire ar anmnacha dhíom…
tháinic grá Dé isteach im' chroidhe mar aon le dúil mhór mé féin do
dhearmadadh i dtóláimh, agus uaidh sin i leith bhí sonas agam.



Domhnach amháin, le linn mo leabhar-urnuighthe do dhúnadh dhom
i ndiaidh an Aifrinn, do sgiorr pictiúir ár dTiarna ar an gCroich


L. 62


Chéasta amach beagán ó na duilleógaí, i riocht is gur fhéadas lámh
Leis a fheiceál agus í tollta agus ag tabhairt fola. Ar n-a
fheiceál sin dom, ghabh mothú nua do-inniste mé láithreach. Bhí mo
chroidhe d'á réabadh le dólás ag féachaint ar an bhfuil ró-luachmhair
sin dom agus í ag tuitim síos go talamh gan duine ná deoruidhe
ann a mbéadh fonn air í do bhailiú chuige; agus chuireas róm
fanacht do shíor ag bun na Croise 'san spioraid le drúcht diadha
sin an t-slánuithe do ghabháil chugam féin agus le n-a dhóirteadh ar
na h-anmnachaí annsin. Ón lá sin i leith, bhíodh an scread do chuir
Íosa As ag fáil bháis Dó .i. "Tá tart orm!" bhíodh sin ag
déanamh mac-alla i lár mo chléibh ag gach nóiméid agus ag adhnadh
dhíograis agus dhúthrachta nua ionnam nach raibh a leithéid ionnam
ariamh cheana. B'é mo mhian deoch a thabhairt do mo Shlánuitheóir
ionmhuin; agus bhí íota na n-anmnacha 'gham loisceadh féin mar an
gcéadna, agus níorbh fhuláir liom na peacaigh bochta do thárrtháil
ó lasracha ifrinn na bpian ar ais nó ar éigin.



D'fhonn mo dhíogras do chur ar lasadh, chuir Íosa féin i n-umhail
dom gan mhoill gur thaithn mo mhianta Leis. Chualas iomrádh ar
chuirptheach mór, dárbh ainm Pranzini, a bhí daortha chun báis de
dheasgaibh na ndúnmharbhtha n-uathbhásach a bhí déanta aige, agus a
raibh imní mhór dhó ar fhaitíos go ndamnóchaí go síorruí é, mar bhí
sé gan aon chomhartha aithreachais do thaisbeáint go nuige sin.
Theastuigh uaim féin é do thárrtháil ón mí-ádh deireannach do-
fhóirthe sin. Chuige sin tharraingeas chugam chuile ghléas spiorad-
álta dhár fhéadas smaointiú ortha; agus ó bhí a fhios agam nach
bhféadfainn aon ní a dhéanamh asam féin, d'ofráileas mórluachtaí
do-chuimsighthe ár Slánuitheóra agus maoin na h-Eaglaise thar
a cheann. An gcaithfead a rádh? Bhíos cinnte dearbhtha dhe i lár
mo chroidhe istigh go dtabharfaí áird ar mo ghuidhe. Ach d'fhonn
misneach do chur orm féin le leanacht do mo chuid paidreóireachta
ar son na n-anmnacha, dubhras an phaidir shimplí seo: "A Dhia
dhil, táim cinnte dhe go dtabharfair maithteanas don aindeiseóir
seo Pranzini; tá an oiread sin muiníne agam as Do mhór-
thrócaire do-chuimsighthe is go gcreidfinn sin dá mba nach ndéan-
fadh sé faoisdin féin agus nach ndéanfadh sé aon chómhartha aith-
reachais do thaisbeáint 'chor ar bith. Ach is é mo chéad pheacach é;
agus mar gheall air sin, nílim 'á iarraidh Ort ach cómhartha aith-
reachais do thabhairt dom, le mé fhéin do shólású amháin."



Tugadh toradh ar mo ghuidhe go baileach! Ní cheaduigheadh ár
n'athair dhúinn ariamh na páipéirí-nuaidheachta do léigheamh; ach


L. 63


mar sin féin níorbh easúmhluigheacht liom féin silleadh do thabhairt
ar an ngiota 'n-a raibh cur-síos ar Phranzini. Lá ar n-a bhárach
tar héis a churtha chun báis, foscluighim go cíocrach an páipéar
"La Croix," agus meas-tú céard a chím ann ós cómhair mo shúl?
…Á! do bhris na deora amach ó mo rosgaibh le chómh corruighthe
is a bhíos, agus b'éigean dom greadadh liom. Chuaidh Pranzini
suas ar an gcroich gan aithrighe gan absolóid; bhí na crochadóirí
'á tharraint anonn fé dhéin blocáin an bháis cheana féin, nuair
féach! iompuigheann sé ar ais go tobann, mar a chuirfeadh Dia
'n-a chroidhe é, beireann ar an gCrois do shín an sagart chuige agus
pógann créachta beannuithe an t-Slánuitheóra chomh maith le
trí h-uaire!…



Mar sin de, an cómhartha a bhí uaim bhí sé fáighte agam.
Agus ba shólásach an cómhartha dhom é, go deimhin! Mar nárbh i
bhfiadhnaise créachta Íosa, ag féachaint ar A chuid fola diadha
ag buinniú asta dhom, do chuaidh íota na n-anmnacha i n-achrann im'
chroidhe? B'é mo dhúil an Fhuil ró-ghlan sin do thabhairt le n-ól
dóibh, chun a gcuid smál go léir do ghlanadh dhíobh: agus do ghreamuigh
bruasa mo "chéad-gheine" de chréachta sin Mhic Dé! Cad é mar
fhreagra do-inniste! Á! an dúil a bhí agam anmnacha do shábháil
do méaduigheadh uirthi i n-aghaidh an lae, ó tugadh an aisge iongantach
aonaránach sin dom. Chítí dhom go gcloisinn Íosa 'á rádh liom de
ghlór bog íseal, mar adubhairt Sé leis an mnaoi Shamaritánaigh:
"Tabhair dhom deoch!" 1 Fíor-mhalairtiú grádha a bhí ann: do
dhóirtinn Fuil Íosa ar na h-anmnachaí, agus annsin do sheachadainn
na h-anmnacha céadna údan d'Íosa agus iad níghte go glan gléigeal
'san ndrúcht sin ó árdaibh Chalbhaire. B'shin mar do shíleas A
thart do mhúchadh, ach dá mhéid dá dtugainn le n-ól Dó, b'amhlaidh ba
mhó an tart a bhí ag teacht ar mh'anam bhocht dearóil féin, agus b'í
an íota sin an tuarasdal ba rogha liom thar nídh ar bith eile.



Bhí Dia tar héis mé do scaoileadh saor amach i mbeagán aimsire
ón gcearcall chumhang a raibh comhnuí orm ann go dtí sin. Bhí an
choiscéim mhór tugtha; ach mo nuar! Ba bhuan an bóthar a bhí róm
amach go fóill.



Ó bhíos fuascluighthe ó mo chuid scrupall agus ó m'íogmhaireacht
ró-mhóir, do neartuigheadh agus do leathanuigheadh m'aigne. Bhí
tóir agam ar an Uaisle agus ar an Áilne i gcomhnuí riamh, agus
um an dtaca seo tháinic dúil an-mhór agam 'san léigheann agus


L. 64


'san eolas. Níor leor liom ceachtaí mo mháistreása, ghnínn
ádhbhair-léighinn eile ar leith dh'fhoghluim asam féin: agus tháinic
d'á chionn sin gur mhó a d'fhoghluimeas an uair sin i roinnt míosa
ná mar a bhí foghlumtha agam i gcaitheamh na mblianta fada roimhe
sin. Á! nach fíor nach raibh 'san ndúthracht sin ach baois agus
buaidhreamh aigne?



De dheasgaibh an mhianaigh dhásachtaigh a bhí ionnam, bhíos buailte
anois leis an nóiméid ba chontabhairtí de mo bheatha ar fad. Ach
rinne Dia beart i mo thaobh do réir mar adeir Ezechiel 'n-a
thairngreachtaí: "Bhíos ag gabháil an treó agus do chonnaiceas
tú, agus féach, am do lucht grádha ab eadh an t-am agat: agus do
leathas m'fhalaing ort. Thugas dearbhú dhuit, agus do luigheas
isteach i gconnradh leat, adeir an Tiarna Dia, agus ba liom féin
tú. Agus do nígheas tú le h-uisge, agus d'ungas tú le h-ola.
Do chuireas éide ioldathach umat, do ghléasas tú le h-órnáidibh,
agus do chuireas práisléidí ar do lámhaibh, agus do chuireas
slabhra timpal ar do mhuineál. Do gléasadh thú le h-ór agus le
h-airgead, agus do h-éidigheadh thú le línéadach mín, agus le gréas,
agus le h-ioldathanaibh, agus bhíodh plúr mín agat le n-ithe, agus
mil agus ola, agus do rinneadh an-sciamhach thú, agus do h-árduigh-
eadh thú chun bheith ad' bhainríoghain." 1



'Seadh! rinne Íosa na neithe sin uilig ar mo shon-sa! Thiocfadh
liom dul siar ar gach aon bhriathar den ngiota fíor-áluinn sin agus
a thaisbeáint gur fíoradh ionnam féin iad; ach ní beag liom mar
dheimhne air sin na grásta ar innsigheas duit fútha ó chianaibhín.
Mar sin de, ní labhróchad annseo ach amháin ar an mbeatha do riar
Dia orm go fial flaithiúlach. B'í beatha a bhí agam do m'anam le
fada roimhe sin ná an plúr mín atá le fáil i "nAithris ar Chríost."
B'shin é an t-aon leabhar amháin do ghníodh maitheas dom, mar ní
raibh an stór luachmhar atá foluighthe ins an tSoisgéal ní raibh sé
bainte amach agam go fóill. Ní chuirinn an leabhrán úd uaim a
choidhche. Bhítí ag déanamh grinn faoi sin 'san mbaile, agus ba
mhinic d'fhoscluigheadh m'aintín go mearbhallach é go n-iarradh sí
orm an caibidiol a bhéadh faoi n-a súile a rádh de ghlan-mheabhair.
Nuair a bhíos cheithre bliana déag d'aois agus an dúil mhór sin
agam i n-eolas, chonnaic Dia nár mhór dhom "neart meala agus
ola chomh maith leis an bplúr mín úd." Agus an mhil agus an ola
sin thug Sé orm iad a fháil i gcómhthráchtais an t-sagairt Arminjon


L. 64a


Treasa agus Céline ag Les Buissonnets.


L. 65


ar "dheire an t-saoghail seo agus ar rúindiamhra an t-saoghail
atá le teacht." Chuireadh léightheóireacht an leabhair sin aoibhneas
nár shaolta ar mo chroidhe; mhothuigheas roimhré na neithe atá
ullamh ag Dia don mhuinntir a bheir grá Dhó; agus nuair a chonn-
aiceas nach raibh aon chómórtas idir an luachsaothair síorruí sin
agus fuilinntí éadtroma na beatha seo, b'é mo dhúil Íosa do
ghrádhú, É do ghrádhú ó mo chroidhe go h-iomlán, agus mo ghean do
chur i n-umhail Dó ar mhíle slí 'fhad is a bhí sé ar mo chumas sin
a dhéanamh.



B'í Céline mo chaoimhtheach ionmhuin ó Nodlaig go mór-mhór, agus
ba di-se do nochtuighinn rúin mo chroidhe. B'é toil Íosa sinn do
dhul ar aghaidh i gcuideacht 'a chéile, agus chuige sin, rinne Sé
ceangal eadrainn 'nár gcroidhe ba threise ná ceangal nó gaol
fola. Rinne Sé anam-dhriféaracha dhínn.



Fíoradh ionnainn bréithre údan ár n-Athar N. Eóin na Croise,
'n-a Chaintic Spioradálta:



Bíonn triall na n-ainnear go tapaidh le tnúth 'sa tslí
Atá rianta cheana sa bheatha led' shiubhal, a Chríost;
A gciall soin d'fhaduigh do lasair, is mhúscail t'fhíon
Mianta glana na bhFlathas gcumhra 'na gcroidhe.



'Seadh, ba lúthmhar troigh-éasgaidh do leanamar lorga Íosa!
Na sméaróidí lasracha a bhí curtha Aige 'nár gcroidhthibh, an fíon
deagh-bhlasta do bheireadh Sé le n-ól dúinn, chuireadar as amharc
orainn néithe díombuana an t-saoghail seo, agus ní bhíodh ag éirghe
as ár gcroidhthibh ach mianta glana agus osnaidheacha grádha amháin.



Nach suairc liom cuimhneamh ar na cómhráidhte a bhíodh againn an
tráth úd! Gach tránóna, ar an ndeaghradharcán, bhímís i bhfochair
a chéile ag breathnú uainn suas ar chruinneacán gorm na spéire
a's é clúduighthe le réaltógaí órdha. Chítear dhom go bhfághaimís
grásta móra annsúd. Mar adeir Aithris ar Chríost: "Déan-
ann Dia É fhéin a dh'fhoillsiú le mórán soluis ar uairibh, agus ar
uairibh, leis, taisbeánann Sé É féin go mín milis i soluídibh agus
i samhalaibh." 1 B'shin mar do thaisbeánadh Sé É féin dúinn-ne
'nár gcroidhthibh; ach nárbh éadtrom tríd-fheicseanach an brat
a bhí eadrainn! Níorbh fhéidir aon aimhreas a bheith orainn; bhí
an creideamh agus an dóchas ag imeacht ar ceal 'nár n-anmnachaí:
mar chuir an Grá ar ár gcumas an tÉ a rabhamar ar A thóir dh'fháil


L. 66


annseo ar talamh féin. "Fuaireamar 'n-a aonar É, agus thug
Sé A phóg dhúinn i gcruth's nach bhféadfadh aoinne sinn do thar-
cuisniú ní ba mhó." 1



Ní raibh na teangmháilí diadha sin gan a dtoradh do thabhairt;
thagadh liom na subháilcí do chleachtadh go fonnmhar agus go nádúrtha.
I dtosach, tugtaí an comhrac inmheadhonach faoi ndeara ar mo
cheann-aghaidh; ach i leabaidh a chéile d'éirigheadh liom mé féin do
shéanadh go réidh, ar an gcéad nóiméid féin. Dubhairt Íosa:
"An t-é go bhfuil aige tabharfar dhó, agus béidh flúirse aige." 2
Nuair a bhínn-se freagarthach dílis d'aon ghrás amháin, bheireadh
Seisean mórán grásta eile dhom 'n-a cheann sin. Bheireadh Sé É
féin dom 'san Chomaoin Naofa ní ba mhinicí ná mar do leómhfainn
féin a bheith ag súil leis. B'é an rud a bhí curtha róm agam na
Comaoineacha do cheaduigheadh m'anamchara dhom do ghlacadh go
dílis dúthrachtach ach gan a iarraidh air a choidhche a n-uimhir do
mhéadú. Indiu, áfach, ní mar sin do dhéanfainn beart 'chor ar bith,
arae táim lán-chinnte dhe gur cóir do dhuine an dúil atá aige 'san
Chomaoin Naofa do nochtadh d'á anamchara. Ní chun comhnuidhthe
'san chibórium óir a thúirlingeas Sé ó Neamh gach aon lá, ach d'fhonn
neamh eile a fháil, .i. an neamh atá i lár ár n-anmnacha féin, mar
is annsúd is aoibhinn Leis comhnuí a dhéanamh.



Ach ó chonnaic Íosa mo dhúil féin do chuir Sé i gcroidhe m'oide-
faoisdine an Chomaoin Naofa do cheadú dhom go minic 'san
t-seachtain, agus ó thárla gurbh Uaidh féin go díreach do thagadh na
ceadanna sin, chuiridís áthas an-mhór orm. Ní abruighinn aon ní,
an tráth úd, faoi mo mhóthúcháin inmheadhonacha; an bóthar a bhíos ag
gabháil bhí sé chomh soillseach fíor-dhíreach 's nach raibh call agam le
treoruí ar bith cé's moite d'Íosa féin. B'fhacthas dom gur cos-
amhail an t-anamchara le scathán fírinneach tré n-a ndéanann an
Tiarna É fhéin do thaisbeáint do na h-anmnachaí; agus mheasas
nach raibh Dia ag cur eadarmheadhontóra ar bith idir É féin agus
mise, ach gurbh é an chaoi a raibh Sé féin ag oibriú go díreach ar
m'anam.



Nuair a bheir garrdhadóir cúram ar leith do thoradh áithrid toisg
gur mian leis a aibiú roimh an t-séasúr, is cinnte nach bhfuil sé ar
intinn aige an toradh sin dh'fhágáil annsúd ar an gcrann, ach
'séard a dhéanfas sé é do stathadh agus do fhriothálamh ar bhórd
breá saidhbhir. Chuige sin, leis, is eadh a bhí Íosa ag bronnadh A


L. 67


ghrást chomh fial sin ar A bhláithín féin. Theastuigh Uaidh A mhór-



thrócaire do chur ar foillsiú ionnam-sa; fé mar adubhairt Sé
féin, uair, tráth a dtáinic gáirdeachas ar A spioraid: "Admhuigh-
im duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talmhan, mar gur cheilis
na neithe seo ar lucht eagna agus eoluis, agus gur fhoillsighis iad
do na leanbhaí." 1 Toisg mé a bheith go h-úiríseal lag-bhrígheach,
d'ísligh Sé É féin chugam, agus rinne Sé mé do theagasc go mín
milis i dtaobh rúindiamhra A ghrádha. Amhail mar adeir N. Eóin
na Croise i gCaintic na h-anama:



Gan treoruidhe liom ná grian ar ród,
Ach lóchrann iadhta im' chléibh,
Is fearr do sheól an grádh mo shiubhal
Ná súile i lár an lae,
Mar a raibh Leannán mo chroidhe istigh
Do thuig go cruinn mo scéal.



B'é an Carmal an t-áitreabh údan; ach chaithfinn gabháil tré
mhórán fromhtha go fóill shul dá mbéidir liom "suidheamh síos faoi
sgáil an t-É do b'annsa lem' chroidhe." 2 Ach bhí glaodhach an
Tiarna ag éirghe chomh síor-iarratach sin anois go ndéanfainn mé
féin do theilgean isteach ins na lasracha teineadh féin go fonnmhar,
dá gcaithinn dul tríotha, d'fhonn freagairt do ghlaodhach Íosa.



Ní bhfuaireas ach an t-aon duine amháin .i. mo Phauline ionmhuin,
le misneach do chur orm chun mo ghairme do leanacht. Innte-se
fuaireas mac-alla binn m'anama féin, agus mara mbéadh í, is
cinnte nach mbainfinn an tráigh bheannuithe sin amach go deo, mar a
raibh sí féin go slán sábháilte le cúig bliana roimhe sin. 'Seadh, le
cúig bliana bhíos scartha leat-sa, a Mháthair mhuirneach, gur shíleas
go rabhais caillte agam go deo: ach nuair a tháinic an fromhadh
orm b'í do lámh-sa do thaisbeán dom an bóthar a bhí le gabháil agam.
Bhí géar-ghádh agam leis an t-sólás sin go deimhin, mar na cuairtí
do thugainn ar an gCarmal ba chúis dóláis dom iad feasta, mar
nárbh fhéidir liom labhairt faoi'n dúil a bhí agam dul isteach ann
gan daoine a bheith ag cur i mo choinnibh. Bhraith Máire go rabhas
ró-óg, agus d'á dheasgaibh sin bhí sí ag déanamh a díchill ar gach aon
bhac do chur i mo bhealach. Ní bhfuaireas ach cnapstarraí agus
constaicí róm ó thús. Agus annsin aríst ní raibh sé de mhisneach


L. 68


agam focal amháin a rádh le Céline, agus ba mhór mar do ghoill an
tost sin orm, mar ba rí-dheacair liom aon ní do cheilt uirthe-se!
Ba ghairid, áfach, gur chuir an deirbhshiúr ionmhuin sin eólas ar
mo rún aiste féin, agus níorbh é amháin nár fhéach sí le cosg do
chur liom, ach ghlac sí leis an íodhbairt le h-uchtach an-mhór. Ó
thárla gurbh é a dúil féin, leis, bheith 'n-a mnaoi-rialta, bhéadh sé
de cheart aice imeacht róm-sa; ach fé mar do thugadh na mar-
tíreacha a bpóg dheiridh go h-áthasach dá mbráithribh a bhí ag dul
amach rómpa leis an gcómhrac dh'fhearadh 'san aréna, b'shin mar do
cheaduigh sise dhom féin imeacht uaithe, agus ghlac sí páirt 'n-a
raibh le fuilinnt agam, amhail is dá mb'í a gairm féin a bhéadh i
gceist.



Mar sin de, níor chall dom aon eagla a bheith orm roimh Céline;
ach ní raibh a fhios agam beó cé'n chaoi a mb'fhearr dhom mo rún do
nochtadh do m'athair. Cionnus a d'iarrfainn air a ríoghan bheag do
leigint chun siubhail uaidh, agus é tar h-éis na beirte inghean ba
shine leis d'íodhbairtiú cheana? Agus 'n-a cheann sin, chonnaic-
eamar an bhliain sin é agus é buailte síos le taom sáitheach trom
pairilise, agus cidh go dtáinic sé chuige féin as gan mhoill, níor
fhág sin nach rabhamar imnidheach go maith faoi i gcomhnuí i gcóir
an ama le teacht.



Á! nach mór a d'fhuilingeas i mo chroidhe féin istigh shul dár
labhruigheas! Ach cheana chaithfinn mo scéal do shocrú. Bhí mo
cheithre bliana déag go leith i ndáil le bheith slánuighthe agam, agus
ní raibh ach sé míosa idir mé agus Oidhche aoibhinn Nodlag, agus bhí
rún agam dul isteach 'san Charmal ag an uair chéadna 'n-a bhfuair-
eas grás m'iompuighthe an bhliain roimhe sin.



Domhnach Cingcíse an lá do thoghas le mo rún mór do nochtadh do
m'athair. An lá sin go léir bhíos 'á iarraidh ar an Spioraid Naomh
A sholus do chur chugam agus ag impidhe ar na h-Aspolaibh guidhe
ar mo shon, agus na foclaí a bhéadh le rádh agam do chur i mo
cheann. Mar nárbh ortha-san a bhí ó cheart cuidiú leis an leanbhán
faiteach a bhí ceaptha ag Dia na glóire le bheith. 'n-a h-aspol do
na h-aspolaibh féin maille le n-a cuid urnuighthe agus íodhbairtí?
Um thránóna an lae sin iar bhfilleadh ón bhFeasgarán dúinn
fuaireas an deis a bhí uaim. Bhí m'athair tar héis dul amach le
suidheamh síos 'san ngarrdha, agus bhí sé annsúd is a dhá láimh
buailte ar a chéile aige agus é ag machtnamh ar iongantaisí na
nádúra. Bhí an ghrian ghlórmhar ag dul faoi agus ag óradh barra na
gcrann mór le n-a gaethibh deireannacha, agus bhí na h-éanlaithe


L. 69


beaga ag cóimhcheadal phaidreach na h-oidhche dhóibh féin. Bhí
lonnradh neamhdha ar aghaidh breá áluinn m'athar, agus bhraitheas
go raibh a chroidhe lán de shíocháin. Dhruideas anonn gur shuidheas
síos le n-a ais, agus bhí mo shúile fliuch le deoraibh cheana féin.
Dhearc sé anuas orm le caoineas do-inniste, leag sé mo cheann
'n-a ucht agus adubhairt liom: "Goidé an mhairgne atá ar mo
ríoghain bhig fhéin? Ná ceil orm é!" Leis sin d'éirigh sé, mar
a bhéadh sé ag iarraidh a thocht féin do cheilt, agus ghluais leis go
mall réidh agus é dhom' fháisgeadh le n-a chroidhe ar feadh an achair.
Labhruigheas féin leis tré mo dheóraibh faoi'n gCarmal agus
faoi'n dúil a bhí agam dul isteach ann go luath; agus annsin do
ghoil sé féin! Ach cheana ní dhubhairt sé aon ní liom a d'fhéadfadh
mé do chur ó mo ghairm do leanacht; ní dhearna sé ach a chur i
n-umhail dom go rabhas go h-an-óg fós le rún chómh tábhachtach sin do
ghlacadh. Agus nuair do leanas féin orm ag pléidhe mo chúise go
dícheallach, ba ghairid go raibh m'athair ionmhuin ar aon intinn liom,
mar bhí sé ionraic flaithiúil ó dhúthchas. Leanamar d'ár spais-
teoireacht ar feadh i bhfad; bhí sólás agus suaimhneas ar mo
chroidhe-se, agus ní raibh m'athair ag sileadh na ndeór a thuille.
Labhair sé liom mar a labhróch' naomh. Dhruid sé anonn le falla
íseal, agus thaisbeán sé dhom bláithíní bána ba chosamhail le lilibh
beaga bídeacha. Do stath sé ceann de na bláithíní sin agus
sheachaid domh-sa é, agus labhair sé liom faoi'n gcúram le n-ar
chuir Dia na glóire ag eascar é agus le n-a ndearna Sé é do
chosaint is do choimeád go dtí an lá sin.



Ba le scéal mo bheatha féin a bhíos ag éisteacht, shíleas, i ngeall
ar an gcosamhlacht iongantach a bhí idir an bhláth bheag agus Treasa
bheag. Ghlacas an bláithín úd mar thaise; chonnaiceas go ndearna
m'athair, nuair do stath sé é, na fréamhacha go léir do thabhairt
leis gan iad do bhriseadh, mar a bhéadh sé i ndán do'n bhláithín fás
an ath-uair i n-ithir ní ba shaidhbhre. An gníomh céadna sin bhí
m'athair ionmhuin tar héis é a dhéanamh ar mo shon féin, ag ceadú
dhom gleann sin an aoibhnis do thréigint, mar ar chaitheas céad-
laetheanta mo bheatha, agus imeacht liom ag triall ar Shliabh
Charmail. Ghreamuigheas mo bhláithín bán de pheictiúir Mhuire na
mBuaidh (Notre Dame des Victoires): tá an Mhaighdean bhean-
nuithe ag féachaint air go geal-gháireach séimh, agus shílfeá go bhfuil
an bláithín 'n-a ghlaic ag Íosagán. Tá sé annsúd i gcómhnuí, ach tá
a ghas briste i n-aice na fréimhe anois. Níl aimhreas ar bith nach
bhfuil Dia 'á chur i bhfios dom leis an gcómhartha sin gur gearr go


L. 70


mbrisidh Seisean geimhleacha A bhláithín féin is nach bhfágfaidh Sé ar
an dtalamh seo le seargadh é…



Tar héis cead a fháil óm' athair dhom, shíleas nach raibh bac orm
imeacht liom fé dhéin an Charmail gan cosg. Ach mo dhá dhólás!
nuair do nochtuigheas mo rún do m'oncail, 'séard adubhairt sé
gurbh é a mhór-bharamhail féin go raibh sé i gcoinnibh na críonnachta
ar fad mé do dhul isteach i n-Órd cruaidh mar sin agus gan ach
cúig bliana déag dh'aois agam; go mbéifí ag déanamh éagcóra
ar an Eaglais le ceadú do leanbh a leithéid sin de mhódh beatha do
thógáil uirthe féin. Agus adubhairt sé go gcuirfeadh sé féin 'n-a
choinnibh ar chuile bhealach dárbh fhéidir leis, agus nár mhór míorbhailt
le n-a thabhairt air a thuairim dh'athrú.



B'fhollus dom go raibh sé fánach agam a bheith ag pléidhe leis,
agus d'imigh liom agus brón an domhain mhóir ar mo chroidhe. Ní
raibh de shólás agam ach an urnuighe; d'iarras ar Íosa an mhíor-
bhailt fhéidhmiúl sin do dhéanamh, mar, muna ndéanfadh, nach dtioc-
fadh liom A ghlaodhach do fhreagairt. D'imigh tamall maith thart,
agus ní shílfeá ar m'oncail go raibh sé ag cuimhneamh ar an gcómhrádh
údan a thuille: ach cuireadh i n-umhail dom 'n-a dhiaidh sin go raibh,
agus go rabhas féin i m'ádhbhar machtnaimh dhó go minic.



B'é toil Íosa, shul dár chuir Sé loinnir dhóchais ag soillsiú
i mo chroidhe, mairtíreacht dólásach eile a thabhairt dom le fuilinnt
ar feadh trí lá. Ó! níor thuigeas ariamh chómh maith sin cé'n bhuairt
ró-mhór a d'fhuiling an Mhaighdean bheannuithe agus Ióseph Naofa
agus iad ag imeacht rómpa tré shráideacha Ierúsalem ag tóruigh-
eacht an Leinbh Íosa. Fuaireas mé féin i bhfásach uaigneach
coimhthigheach; nó ba chosamhail m'anam le curraichín so-bhriste do
sgaoilfí amach gan luamaire ar bhárr na bhfáganna bhfraochmhar.
Tá a fhios agam go raibh Íosa annsúd agus É 'n-A chodladh i mo
bháidín, ach cé'n chaoi a bhféadfainn É a fheiceál le chómh dorcha
duaibhseach is a bhí an oidhche? Dá mbriseadh an stoirm amach go
h-oscailteach, béidir go soillseóch' an teinntreach thríd na
néalta ós mo chionn. Ní ró-mhaith an solus a bheir an teinntreach
uaithi go deimhin, ach mar sin féin chuirfeadh sé ar mo chumas amharc
amháin a fháil ar ghrá geal mo chroidhe. Ach níor bhris is níor
shoillsigh… bhí sé 'n-a oidhche, 'n-a dhubh-oidhche dhorcha! agus bhí
uaigneas agus brón an bháis ar mo chroidhe! Fearacht Íosa i
nGáirdín an Dóláis, mhothuigheas mé féin go h-aonraic, gan
sólás le fáil agam ó Dhia ná ó dhaoine. Agus cheapfá go raibh an
nádúir féin ag déanamh cómhbhróin liom: i gcaitheamh na dtrí lá


L. 71


úd bhí sé ag clasgairt bháistighe gan stad, agus gath amháin d'á
solus níor chuir an ghrian ag lonnradh anuas orainn. Thugas sin
faoi ndeara i gcomhnuí riamh; ar gach ócáid de mo bheatha bhí
cosamhlacht m'anama le feiceál ar aghaidh na nádúra. Nuair a
bhínn ag gol do ghoileadh na spéartha mar aon liom: nuair a bhínn
go h-áthasach aiteasach aríst, ní bhéadh néal amháin ag dorchú na
spéartha ngorm.



An ceathrú lá, an Satharn a bhí ann, thugas cuairt ar m'oncail.
D'fhéadfá a rádh gurbh orm-sa a bhí an t-iongantas nuair a fuaireas
amach go raibh athrú iomlán tar héis teacht air i mo thaobh-se!
Ar an gcéad dul-síos thug sé isteach i n-a sheómra príobháideach
mé, cidh nár chuireas i gcéill dó ar bhealach ar bhith gur mhian liom
sin. Annsin thosuigh air dhom' mhilleánadh go caoin faoi rádh's go
rabhas rud beag cotamhail mí-shuaimhneach 'n-a láthair, agus dubhairt
sé liom nach raibh aon chall leis an mhíorbhailt úd ní ba mhó, mar gur
iarr sé ar Dhia A thoil naofa do chur i n-umhail dó, agus go ndearna
Dia amhlaidh. Níorbh é an duine céadna 'chor ar bith é. Thug sé
póg is barróg dhom go báidhiúl miochair, agus adubhairt liom de
ghlór craitheach corruighthe: "Imigh leat i síocháin, a thaisce,
thú is mian le h-Íosa a stathadh: ní chuirfead-sa
'n-A choinnibh."



Nach mé a bhí go h-áthasach éadtrom-chroidheach ag filleadh ar
Les Buissonnets dhom, agus bhí na spéartha breághtha gorma ós
mo chionn gan néal gan scamall anois! I m'anam féin istigh
bhí an oidhche imthighthe thart mar an gcéadna. Do dhúisigh Íosa agus
chuir Sé an t-áthas i mo chroidhe, agus ní raibh búirthighil na dtonn le
cloisteál agam ní ba mhó: i n-ionad gaoithe móire an fhromhtha, bhí
feochán deas séimh ag líonadh mo sheóil gur shíleas go rabhas
buailte leis an dtráigh! Mo léan géar! Bhí go leór eascal le
breith orm fós, i riocht is go mbíodh faitíos orm ar uairibh nach
dtiocfadh liom an tráigh úd, a rabhas ag déanamh uirthe le dúil mo
chroidhe, do bhaint amach a choidhche.



I ndiaidh mé aontú m'oncail a fháil, chualas uait-se, a Mháthair,
nach gceadóch' Uachtarán an Charmail dom dul isteach go mbíodh
mo bhliain is fiche slánuighthe agam. B'shin constaic nár smaointigh
aoinne uirthi 'chor ar bith, agus b'í an chonstaic ba mhó agus ba
dho-ghluaiste acubh uilig í. Níor chailleas m'uchtach, áfach, ach
d'imigh liom i n-éindtigh le m'athair go mínighinn mo scéal dhó.
Bhí sé doicheallach go maith róm, agus níor fhéadas athrú meóin do
chur air. D'fhágamar i n-ár ndiaidh é agus "ní cheadóchaidh"


L. 72


daingean docht againn uaidh. "Ach níl ionnam féin," ar seis-
ean, "ach fear-ionaid an Easbuig: agus má's rud é go gcead-
óchaidh seisean an dul-isteach seo, ní bhéidh aon ní le rádh agam-sa
annsin." Ar theacht amach as teach na sagart dúinn bhí sé ag
clasgairt bháistighe: agus mo nuar! bhí na néalta móra
duaibhseacha ar foluamhain thart ar spéartha m'anama féin mar
an gcéadna. Ní raibh a fhios ag m'athair céard do b'fhearr dhó a
dhéanamh le mé do shólású. Gheall sé dom go dtabharfadh sé go
Bayeux mé, dá dtogruighinn é: agus ghlacas leis an t-socrú
sin go buidheach beannachtach.



B'iomdha sin rud do thuit amach shul dár fhéadamar an t-aistear
sin do dhéanamh. Go foirimeallach, bhí mo bheatha mar ba ghnáthach:
bhíos ag foghluim, agus thar gach nídh eile, bhíos ag dul ar aghaidh i
ngrá Dé. Uaireanta bhíodh lingeadh croidhe agus fíor-tháimhnéal
spioradálta agam.



Tránóna amháin, ní raibh a fhios agam cé'n chaoi a n-abróchainn
le h-Íosa cé'n grá mór a bhí agam Air agus cé'n dúil mhór a bhí
agam go dtabharfaí glóire agus ómós Dó i ngach aon bhall: agus
smaoinigheas nach n-éireóch' oiread is aon ghníomh-grádha amháin as
aigéin Ifrinn go deo, agus chuir an smaoineadh sin brón orm.
Agus leis sin dubhras nár mhisde liom mé féin do theilgean isteach
i n-aigéin sin na bpian is na ndia-mhasladh, le go mbéadh duine ann
do ghrádhóch' ar feadh na síorruíochta É. Ní fhéadfadh sin glóire
do thabhairt Dó, ó's rud é nach bhfuil Uaidh ach aoibhneas do thabhairt
dúinn; ach an t-é atá i ngrá, ní fuláir leis fiche rud díthcéillidhe
mar sin do rádh. Ach má labhruigheas ar an gcuma sin féin, ní
h-amhlaidh nach raibh dúil agam dul ar Neamh; ach b'é an Grá mo
Neamh an uair sin, agus mhothuigheas, tré mhéid mo dhúile, nach
bhféadfadh ní ar bith mé do dheighilt ó mo Ghrá dhil dhiadha féin a
rabhas faoi dhraoidheacht Aige…



Um an dtaca sin thug Dia mar shólás dom teangmháil le h-an-
mnacha bheirte leanbh. Seo mar do thárla: Bhí máthair bhocht áithrid
chlainne tinn, agus le linn a breoiteachta thugas féin aire ar leith
d'á beirt inghean bheag, agus an duine ba shine den bheirt ní raibh
sí sé bliana d'aois fós. Chuireadh sé áthas an-mhór orm a fheiceál
cé mar do chreididís go simplí soineannda gach a n-abruighinn leo.
Caithfidh sé go gcuireann an Baisteadh síol na subháilcí ndiadha
go h-an-doimhin i gcroidhe an duine, ós rud é gur leór an t-súil
atá aige le luachsaothair thall chun a thabhairt air, ó laethibh a
leanbhánachta féin, é féin do shéanadh i bhfus ar an t-saoghal seo.


L. 73


Nuair ba mhian liom mo bheirt leanbhán a fheiceál go lághach cineálta
d'á chéile 'séard a ghnínn, i n-ionad áilleáin agus soghluistí do
ghealladh dhóibh, labhairt leo faoi'n luachsaothair shíorruí a bhéarfas
Íosagán do na páistí mánla béasacha. An duine ba shine acubh,
a raibh a tuigsint ag neartú agus ag dul i n-abaigheacht, dhearcadh
sí orm go ríméadach aiteasach, agus chuireadh sí na mílte ceist
deas suimiúl chugam faoi Íosagán agus faoi n-A Neamh áluinn
aoibhinn. Ghealladh sí dhom annsin go dúthrachtach go ngéillfeadh
sí d'á deirbhshiúr i gcomhnuí, agus deireadh sí freisin nach ndéan-
fadh sí dearmad go bráth ar cheachtaí na "mná-uaisle móire"-
mar a thugadh sí orm féin.



Ag féachaint ar na h-anmnachaí neimhchionntacha sin dom,
b'fhacthas dom gur gheall le meall mór céireach buige iad, ar a
bhféadtar gach aon chineál luirg do ghreanadh: agus fairíor géar!
lorg an uilc, leis, chomh maith céadna le lorg na maithe. Annsin
iseadh do thuigeas bréithre Íosa: "An t-é a thabharfas sgannal
do dhuine den mhuinntir bheag seo a chreideas ionnam-sa, b'fhearr
dhó go gcuirfí bró muilinn ar a mhuineál agus é chaitheamh isteach i
ndoimhneacht na fairrge." 1 Á! nach iomdha sin anam a d'eireóch'
go h-árdaibh na naofachta dá ndéantaí iad do sheóladh ar an
mbóthar cheart ó thús!



Tá a fhios agam nach bhfuil gádh ag Dia le h-aoinne chun anmnacha
do naomhú; ach, fé mar a leigeann Sé do gharrdhadóir cliste
planndaí neamhchoitianta moiglidhe do thógáilt, ag tabhairt an
eólais riachtanaigh dhó chuige sin, cidh gurab É féin amháin a thugas
an fás: sin mar is mian Leis cabhair a fháil i ngnó diadha naomh-
uighthe na n-anmnacha. Céard a thárlóch' dá ndéanadh garrdhadóir
ciotach a chuid crann do nódhú go mí-cheart? Dá mba nach dtuig-
feadh sé nádúir gach aon phlannda ar leith agus dá mb'áil leis, cuir
i gcás, rósaí do chur ag gabhlú ar chrann peithseóige?



Cuireann sin i gcuimhne dhom go raibh agam i measg mo chod'
éanlaithe, tráth, buidheóg do chanadh go h-iongantach binn ar fad;
bhí gleóiseach beag agam, leis, dá dtugainn aire ar leith, mar gur
ghlacas chugam é, ar theacht amach as an nead dó. An cime bocht
dearóil seo, ó thárla nach raibh deis aige ariamh ar cheól a thúis-
mightheoirí féin dh'fhoghluim uatha agus nach mbíodh le cloisteál
aige ó mhaidin go faoithin ach cantaireacht bhreá aiteasach na
buidheóige, shíl sé aithris a dhéanamh uirthi seo — rud nach furust'


L. 74


do ghleóiseach a dhéanamh, go deimhin! B'ait leat iarrachtaí an
éinín bhoicht sin a fheiceál, mar strómh an-mhór do b'eadh é ar a
ghuth bog binn é féin do chur ar aon dul le nótaí árd-fhuaimneacha
a mháistir. Ach d'éirigh leis sin a dhéanamh, rud do chuir an-
iongantas ar fad orm féin, i dtreó gurbh ionann a chantaireacht is
cantaireacht na buidheóige ar gach bealach.



Tá a fhios agat-sa, a Mháithrín, cia do mhúin dom féin le canadh
ó bhíos im' pháistín! Tá a fhios agat cad iad na glórtha do chuir
faoi dhraoidheacht mé! Agus anois táim ag súil, i n-aimhdheóin
mo lagbhrígheachta, leis an Caintic-ghrádha údan, ar chualas a cuid
nótaí cómhfhuaimneacha go minic annseo thíos, do chanadh ar feadh
na Síorruíochta…



Ach cá bhfuilim 'chor ar bith! Thug na smaointe sin ró-fhada ó
bhaile mé… fillfead láithreach ar scéal mo ghairme.



An 31adh Deire Fóghmhair d'imigh linn ag triall ar Bhayeux, mé
féin is m'athair, agus bhí mo chroidhe lán de dhóchas, cidh go raibh
sgáth orm fosta, ag smaoiniú dhom go rabhas le dul i láthair an
easbuig féin. B'shin é an chéad uair ariamh agam ag dul ar cuairt
gan mo dhriféaracha a bheith i n-éindtigh liom, agus ar easbog
do bhí mo thriall, leis! Agus mise, nár chall dom labhairt ariamh
ach amháin le freagra do thabhairt ar na ceisteanna do chuirtí
chugam, chaithfinn labhairt anois agus na cúiseana a bhí agam le
bheith ag iarraidh dul isteach 'san Charmal do nochtadh agus do léiriú,
le go gcruthóchainn go raibh gairm agam i ndáiríribh.



Ba mhór go léir an iarracht dom mo sgáthmhaireacht do bhrú fúm
chómh mór sin! Ó, is fíor go deo "nach bhfuil rud ar bith do-
dhéanta ag an ngrá, mar is féidir leis féin gach ní, dar leis, agus
is ceaduighthe dhó gach nídh." 1 B'é grá Íosa amháin, cinnte, a
d'fhéadfadh mé do choimeád gan stríocadh roimh na deacrachtaí
sin agus roimh na deacrachtaí do bhuail umam 'n-a dhiaidh sin;
mar b'éigean dom m'aoibhneas do cheannach ar fhromhthaí móra.
Is suarach liom indiu, ár ndóigh, an luach do thugas air, agus níor
mhisde liom pianta i bhfad ní ba dhólásaí d'fhuilinnt d'fhonn é do
shóláthar dhom féin, dá mba nach mbéadh sé agam fós.



Bhí fuarloch báistighe ag tuitim, ar theacht go teach an easbuig
dhúinn. D'fháiltigh an sagart Révérony, an Bhiocáir Coitcheann,
róinn go caoin fáilidhe, ach chuir ár dteacht beagán iongantais air,
cidh gurbh é féin do shocruigh dáta ár n-aistir. Thug sé na deóra


L. 74a


Treasa agus a h-Athair.


L. 75


faoi ndeara i mo shúile-se agus adubhairt liom: "Á! tchím na
súghógaí annsin; fainic an dtaisbeánfá don easbog iad!"



Chuamar isteach tré sheomraí móra áirgeamhla 'nar mhothuigheas
mé féin chómh beag bídeach le míoltóg, agus mé 'á fhiafruí dhíom
féin céard a leómhfainn a rádh 'chor ar bith! Bhí an t-easbog ag
siubhal anonn is anall i n-éindtigh le beirt shagart ar fhoradh:
chonnaiceas an Bhiocáir Urr. ag labhairt cúpla focal leis agus ag
teacht ar ais i n-éindtigh leis annsin go dtí an seomra mar a
rabhamar féin ag fuireach. Annsúd bhí trí cinn de chathaoireacha
móra sócamhla curtha cois an teallaigh 'n-a raibh teine bhreá mhór
ar fadú.



Nuair a chonnaic m'athair an t-easbog ag teacht isteach, leig
sé é féin ar a dhá ghlúin i m'aice-se le n-a bheannacht a fháil, agus
annsin dubhairt a Mórdhacht linn suidheamh síos. Thairg an sagart
Révérony an chathaoir mhór a bhí i lár baill dom féin: ghabhas mo
leithscéal go béasach, ach ní raibh aon t-sásamh air go nglacainn í,
agus adubhairt sé go gcaithfinn a thaisbeáint gur thuigeas céard ba
úmhlaigheacht ann. Leis sin bhuaileas fúm innti láithreach gan
ceisneamh, agus bhí náire orm nuair a chonnaiceas é féin ag fáil
chathaoire coitianta, agus mise sáidhte annsúd i suidheachán mór
millteach a dtoillfeadh ceathrar mar mé féin ann go réidh
agus ar a socamhlacht, i bhfad ní ba mhó ar a socamhlacht ná
mar a bhíos-sa, mar b'fhada uaim a bheith ar mo shocamhlacht
go deimhin! Bhí súil agam go labhróch' m'athair; ach dubhairt sé
liom féin fios fátha ár gcuairte dh'innseacht. Rinneas amhlaidh
chomh buadh-bhriathrach is a bhí ionnam a dhéanamh, cidh gur thuigeas go
rí-mhaith go mb'fhearr do chuideóch' focal amháin ón Uachtarán liom
ná mo chuid-se cainnte go léir. Fairíor! ba mhó a bhí a fhreasabh-
racht ag labhairt i mo choinnibh ná ar mo shon.



D'fhiafruigh an t-easbog dhíom an rabhas i bhfad ag tnúthán leis
an gCarmal.



"Ó, tá, a Thiarna, le fada 'riamh."



"Ach ní féidir go bhfuilir ag smaoineadh air le cúig bliana déag
ar chaoi ar bith!" arsa'n sagart Révérony, agus é ag gáiridhe.



"Is fíor sin," adeirim-se, "ach is beag nach bhfuil; mar b'é
mo dhúil ariamh, ó bhíos trí bliana dh'aois, mé féin do thabhairt do
Dhia."



Thug an t-easbog iarracht ar a áiteamh orm go mbadh chóir dhom
fanacht tamall eile buil m'athar, mar shíl sé go dtaithneóchadh sin le
m'athair. Ach nach ar a Mhórdhacht a bhí an t-iongantas go léir


L. 76


nuair do rinne m'athair mise do chosaint! 'á rádh go deas réidh
go rabhamar ag brath ar dhul chun na Róimhe i n-éindtigh le h-oilith-
reacht na fairche agus nach staonfainn féin a choidhche go labhróchainn
leis an bPápa muna mbéadh an cead a bhí uaim fáighte agam
roimhe sin.



Ach cheana, dubhradh go gcaithfí labhairt le h-Uachtarán an Charmail
shul dá mbéidir aon socrú cinnte a dhéanamh. Níorbh fhéidir liom
rud ar bith a chloisteál ba mhó do chuirfeadh brón orm ná sin, mar
bhí a fhios agam chómh daingean docht is a bhí seisean i gcoinnibh mo
dhul-isteach. Agus d'á dheasgaibh sin, níor chuimhnigheas a thuille
ar chomhairle an t-sagairt Révérony, agus níorbh é amháin gur
thaisbeánas mo shúghógaí don easbog ach shileas go frasach ós a
chomhair iad. B'fhollus dom gur bogadh é, mar rinne sé mé do
mhuirniú thar mar do mhuirnigh sé leanbh ar bith eile le n-a bheó,
do réir mar a chualas ó shoin.



"Níl gach aon nídh caillte, a thaisce," ar seisean, "ach is
maith liom go bhfuilir le turas na Róimhe do thabhairt i n-éindtigh le
t'athair: déanfaidh sin do ghairm do láidriú. Áthas badh chóir a
bheith ort, a leanbh, i n-ionad tú a bheith ag gol! Thairis sin, táim
féin ag brath ar dhul go Lisieux an t-seachtain seo chugainn, agus
annsin labhróchad leis an Uachtarán Urr. fút; agus is cinnte go
bhfuighbhir mo fhreagra, nuair a bhéas tú 'san Iodáil."



Iar sin do sheól a Mhórdhacht amach 'san ngáirdín sinn, agus
chuir sé suim mhór 'san eachtra bheag a d'innis m'athair dhó fúm-sa
.i. go ndearnas mo chuid gruaige do chur suas an mhaidin chéadna
sin, le go mbreathnóchainn ní ba shine ná mar a bhíos. Ní dhearna
an t-easbog dearmad air sin ach an oiread! Agus indiu féin,
tá a fhios agam nach labhruigheann sé le duine ar bith i dtaobh a
inghine bige gan scéilín na gruaige dh'aithris. B'fhearr liom féin,
go deimhin, nár nochtuigheadh mo rún beag 'chor ar bith. Do thionn-
laic an Bhiocáir Coitcheann go dtí an doras sinn, agus dubhairt
sé nár facthas a leithéid de rud ariamh: athair a raibh an oiread
dile aige a leanbh do thoirbhirt do Dhia is a bhí aice-se í féin
d'ofráil.



Bhí orainn filleadh ar Lisieux gan aon fhreagra fábharach a bheith
fáighte againn. B'fhacthas dom go raibh gach aon rud caillte orm
ar fad; d'á ghoire dá rabhas ag druideamhaint le ceann mo
chúrsa, b'amhlaidh ba mhó a bhí gach ní ag dul i n-aimhréidh orm. Ach
mar sin féin, bhí síocháin mhór agam i bhfíor-íochtar mo chroidhe an
t-am go léir, mar nach raibh uaim ach toil Dé do dhéanamh.


L. 77


CAIBIDIOL VI.



Trí lá i ndiaidh an aistir sin go Bayeux, bhíos le turas i bhfad
ní ba shia do thabhairt .i. Turas na Cathrach Síorruí. Chuir an turas
deiridh seo nádacht neithe díombuan an t-saoghail seo i n-umhail
dom. Ach mar sin féin chonnaiceas leachtaí móra oirdhearca,
d'infhiúchas iongantaisí na gaoise agus an Chreidimh; agus thar
gach nídh eile, do shiúbhlas ar an dtalamh chéadna mar ar shiúbhlaigh
na h-Asbail, an talamh do fliuchadh le fuil na Mairtíreach, agus do
leathnuigheadh m'anam ó theangmhuigh sé leis na neithibh naofa sin.



Táim go lán-tsásta go ndeachas chun na Róimhe: ach tuigim go
maith cé'n fáth ar shíl daoine áithride gur d'fhonn athrú meóin i
dtaobh na beatha rialta do chur orm do thug m'athair leis ar an
aistear sin mé. Bhí go leor rudaí ann, cinnte, do dhéanfadh
dochar do ghairm nár láidir daingean.



Ar an gcéad dul síos casadh Céline agus mé féin isteach i
measg na ndaoine mór go léir, mar b'iad ba mhó a bhí ar an
oilithreacht. Á! ní dhearna na teidil sin uaisleachta sinn do
mhealladh ar bhealach ar bith, mar tuigeadh dhúinn nach raibh ionnta go
léir ach lóchán na baoise. Chuimhnigheas ar bhréithribh "Aithris ar
Chríost": "Ná cuir suim i mór-chlú ná i sgáile mór-ainme." 1
Thuigeas nach 'san ainm ach 'san anam laistigh atá an fhíor-uais-
leacht. Deir an Fáidh linn go dtabharfaidh Dia ainm nua ar A
sheirbhíseachaibh, 2 agus léightear fós ag N. Eóin: "Do'n té a
bhéarfas buadh, bhéarfad cloch bhán agus scríobhtha ar an gcloich
ainm nua nach aithne d'aoinne ach amháin don té a gheibheas í." 3
Mar sin de is ar Neamh amháin a chuirfimíd eolas ar ár gcuid
teidiol uaisleachta. Annsin iseadh "a gheobhfas gach duine ó
Dhia an moladh a bhéas ag dul dó," 4 agus an té do thogh an bhocht-
aineacht agus an úmhlaigheacht agus an dí-mheas annseo thíos le
grá do Dhia, is eisean a bhéas ar an nduine is uaisle agus is
aoirde agus is saidhbhre thuas i bhflaitheas Dé.



An dara nídh d'fhoghluimeas baineann sé leis na sagartaibh.


L. 78


Go dtí sin níor fhéadas príomh-chuspóir an Charmail leasuighthe do
thuigsint ariamh: bheith ag guidhe ar son na bpeacach thaithn sin go
h-an-mhór ar fad liom, ach bheith ag guidhe ar son na sagart, a raibh
a n-anmnacha chomh glan gléigeal leis an gcriostal féin, mar a
shíleas, b'shin rud do chuireadh iongnadh orm! Ach cuireadh brí mo
ghairme i dtuigsint dom 'san Eadáil. Agus níor ró-fhada an
t-aistear é le fírinne chómh tábhachtach sin a fhoghluim. I rith na
míosa a thugamar ann casadh mórán sagart naofa orm; agus
chonnaiceas, má ghníonn a n-oirdhearcas ró-uasal iad do thógáilt
suas ós cionn na n-Aingeal féin, nach bhfuil ionnta 'n-a dhiaidh sin
is uile ach daoine laga tuitmeacha. Ar an ádhbhar sin, má thais-
beánann na sagairt naofa féin, a dtugann Íosa salann na
talmhan ortha, má thaisbeánaid go bhfuil gádh acubh le paidreacha,
céard adéarfar fútha seo atá pathfhuar mainneachtnach? Nár
dhubhairt Íosa féin aríst: "Má théigheann an salann i leamhas
cionnus a déanfar salann aríst de?" 1



Ó, a Mháthair ionmhuin, nach áluinn í ár ngairm-ne! Is orainn-ne,
is ar an gCarmal atá salann na talmhan do chongbháilt gan dul i
leamhas! Déanaimíd ár gcuid paidreach agus ár gcuid íodh-
bairtí dh'ofráil thar cheann asbol an Tiarna; ní fuláir dhúinn
féin bheith 'nár n-asboil dóibh sin, 'fhad is a dhéanaid-sin an Sois-
géal do theagasc d'ár mbráithribh, maille le n-a mbréithribh agus
le n-a ndeagh-shompla. Nach uasal is nach árd é an gnó s'againne!
Ach cheana, caithfead cosg do chur liom féin annseo, mar airighim,
dá sgaoilinn le mo pheann i dtaobh na neithe sin, nach stadfadh sé a
choidhche…



Bhéarfad roinnt mion-tuairisgí dhuit, a Mháithrín, ar mo
thuras:



An 4adh lá de mhí na Samhna ar a trí a chlog ar maidin, do ghluais
linn tré shráideacha Lisieux a bhí 'n-a throm-shuan faoi dhorchadas
na h-oidhche go fóill. Bhí mórán smaointe ag eirghe i mo chroidhe;
mhothuigheas go rabhas ag imeacht róm amach 'san neamh-aithnid; bhí
tuairim agam go raibh neithe móra i ndán dom annsúd thíos! Ar
theacht go Páirís dúinn, thaisbeán m'athair iongantaisí uilig na
cathrach sin dúinn: ach ní raibh ach an t-aon cheann amháin acubh a
raibh dúil agam féin ann .i. Notre Dame Des Victoires (Séipéal
Mhuire na mBuaidh). Na neithe do mhothuigheas annsúd 'n-a Neimidh,
ní fhéadfainn a gcur i gcéill. Na grásta do bhronn sí orm ba


L. 79


gheall le grásta mo Chéad Chomaoine iad: tháinic síocháin is
aoibhneas isteach i mo chroidhe… Annsúd is eadh adubhairt
mo Mháthair mhuirneach, an Mhaighdean Muire, liom go soiléir
gurbh í féin go fíor do mhion-gháirigh liom agus do leighisigh mé.
Nach mé a d'iarr uirthe go dian dúthrachtach mé do chúmhdach go h-éag
is a choidhche agus mian mo chroidhe do chóimhlíonadh le mé d'fholú
faoi n-a falluing maighdeanúil féin! D'iarras uirthe fosta gach
siocair pheacaidh do choimeád i bhfad uaim.



Bhí a fhios agam go gcasfaí go leor rudaí orm ar an mbealach
a d'fhéadfadh cur as dom: ní raibh aon eolas agam ar an olc go
dtí sin agus bhí faitíos orm go gcuirfinn eolas air. Níor
thuigeas fós "gur ghlan gach ní do'n ghlan," 1 nach bhfeiceann an
duine glan-chroidheach cóir an t-olc i rud ar bith, mar nach 'sna
rudaibh neamh-mhothuightheacha atá an t-olc i n-aon-chor ach 'sna
croidhthibh neamhghlana. D'iarras ar Ióseph Naofa, leis, mé do
chúmhdach, mar bhí mo chráibhtheacht dó-sin fighte le mo chráibhtheacht
do'n Mhaighdin ghlórmhair ó bhíos im' pháistín. Gach lá deirinn an
phaidir úd: "A Ióseph Naofa, a athair is a chosnamhaidhe na
maighdean…" B'fhacthas dom mar sin de go raibh coimrighe
agus cumhdach maith agam agus nár bhaoghal dom aon droch-ní.



Tar h-éis dúinn sinn féin do choisreacadh do Chroidhe Íosa i
dTeampol Montmartre, d'imigheamar ó Pháiris an 7adh lá de mhí na
Samhna. Bhíothas ag tabhairt ainme Naoimh éigin ar gach aon cheann
de charróistibh an traein, agus cinneadh go dtabharfaí an onóir
sin do dhuine de na sagartaibh a bhí i ngach carróiste, le h-ainm a
phátrúin nó pátrúin a pharróiste do thoghadh. Agus féach! i láthair
na n-oilithrí go léir, chualamar "Máirtín Naofa" 'á thabhairt ar
ár gcarróiste féin. Chuir an caoin-smaoineadh sin árd-áthas ar
m'athair, agus chuaidh sé láithreach ag gabháil a bhuidheachais le
Mthrn. Legoux, Árd-Bhiocáir Coutances, agus stiúrthóir na
h-oilithreachta. Ní bhíodh d'ainm ag a lán daoine air 'n-a dhiaidh
sin ach "an duine uasal Máirtín naofa."



Bhí an sagart Révérony dhom' infhiúchadh go grinn le linn an
aistir; do chínn uaim é agus é ag breathnú orm. Ag an mbórd,
am ar bith nach mbéinn ar a aghaidh amach, d'éirigheadh leis cromadh
isteach le go bhféadfadh sé mé a fheiceál agus do chloisteál.
Sílim go raibh sé sásta de bhárr a infhiúcháin, mar, ar theacht go
ceann-cúrsa dhúinn, b'fhacthas dom go raibh sé fábharach go maith


L. 80


dhom. Deirim "ar theacht go ceann cúrsa dhúinn," arae, 'san
Róimh féin, b'fhada uaidh a bheith 'n-a charaid 'sa chúirt dom, mar a
innseochad duit ar ball.



Roimh theacht go ceann cúrsa ár n-oilithreachta dhúinn, thriallamar
thríd an Eilbhéis go n-a sléibhte árda a bhfuil a mbeanna sneachtacha
foluighthe i néaltaibh neimhe, go n-a h-easa crónánacha, go n-a
gleanntaí doimhne atá lán den raithnigh áird agus den bhfraoch
chorcra. Áilneachtaí úd na nádúra, atá scaipthe chomh fairsing
sin ar gach taobh, nár mhór ar fad an maitheas do rinneadar do
m'anam, a Mháthair mhuirneach! Nár thógadar suas é chuig an Té
do dheónuigh a leithéidí de shár-oibreacha iongantacha do chaitheamh
anuas ar an dtalamh deorata seo nach mairfidh ach lá!



Uaireanta, tógtaí suas sinn go bárr na sléibhte, agus chímís
síos fúinn annsin na h-alltracha uathbhásacha nach bhféadfaí a
ndoimhneas do mheas, agus fonn ortha, shílfeá, sinn do shloigeadh
síos. 'N-a dhiaidh sin aríst ghluaisfimís thar shráidbhaile seasgair
go n-a thighthibh teolaidhe, go n-a chlogchás gleoite, a raibh na néalta
éadtroma ar foluamhain go ciuin ós a chionn. Annsin aríst,
sgoithfimís loch mór leathan go n-a chuid tonntrach ciuin gléigeal,
a raibh a ndath odhar-ghlas 'ghá mheasgadh féin le solus glórmhar na
gréine a bhí ag dul faoi.



Cé'n chaoi a bhféadfad cur síos duit ar na mothúcháin do músg-
luigheadh ionnam ag dearcadh ar an radharc fileata maordha mór-
iongantach údan dom? Chuir sé iongantaisí na bhFlaitheas i
n-umhail dom… Agus annsin do cuireadh an bheatha rialta ós
mo chomhair go díreach mar atá sí, maille le n-a cuid cumhang-
rachtaí agus le n-a cuid mion-íodhbairtí laetheamhail a déantar i
ngan-fhios don t-saoghal. Tuigeadh dhom a usacht a bhéadh sé do
dhuine annsin éirghe clóchaiseach agus a bheith ag síor-fhéachaint air
féin, agus dearmad a dhéanamh ar chrích agus ar chuspóir áird
uasail a ghairme; agus dubhras liom féin mar seo: "Tráth a
mbéarfaidh am na dtrialta orm amach annseo, nuair a bhéad
i mo chime 'san Charmal, agus gan ach giodán beag bídeach de
chruinneacán na spéire le feiceál agam, cuimhneóchad ar an lá
seo, agus cuirfidh an pictiúir seo uchtach orm. Ag machtnamh dhom
ar mhórdhacht agus ar mhór-chumhacht Dé ní thabharfad suandas do mo
chuid cúram beag suarach féin. Bhéarfad grá agus gean mo
chroidhe Dhó-siúd amháin, agus ní bhéidh sé de mhí-ádh orm greamú
de neithibh suaracha, ó tá mo chroidhe tar héis tuairim éigin a fháil
anois de na neithibh atá ullamh Aige don mhuinntir a bheir grá Dhó."


L. 81


Tar héis oibreacha Dé na gcómhacht do scrúdú dhom, d'fhéadas
oibreacha A chréatúirí d'infhiúchadh mar an gcéadna. B'í Milano
an chéad chathair de chathrachaibh na h-Eadáile a dtugamar cuairt
uirthe. Rinneamar staidéar ar leith ar a h-árdteampol de
mharmar geal go n-a chuid dealbh do-airmhighthe. Bhí furmhór na
mban chómh faiteach sgáthmhar sin gur fhanadar annsúd agus a
n-aighthe foluighthe idir a lámhaí acubh nuair nach raibh ach an chéad
phíosa den staighre curtha dhíobh acubh, ach Céline agus mé féin do
leanamar-ne na h-oilithrí dásachtacha suas is suas ariamh gur
bhaineamar amach an clogcháisín is aoirde ar fad, agus b'shin
é an ait a raibh an radharc breá foirleathan againn ar chathair
Milano n-a h-iomlán, agus ba gheall le míoltógaí beaga bídeacha
na daoine thíos fúinn. Ar theacht anuas ón árdán sin dúinn,
thosuigheamar ar ár gcuid marcaidheachta i gcarbadaibh, agus
do mhaireadar sin go ceann míosa i riocht is go rabhas féin sáith-
each go deo de bheith ag gabháil thart ar an gcuma sin, gan sgíth
gan tuirse.



Chuir an Campo Santo aiteas is áthas mór orainn. Na dealbha
de marmar geal, a gceapfá ortha go bhfuilid beó le chomh gaois-
mhear is do ghearr fonsura an rionnaidhe amach iad, táid scaipthe ar
fuaid páirce móire sin na marbh le cineál neamh-chúramachta nach
bhfuil gan a taithneamhacht féin ag baint léithe. Is beag nach mbéadh
fonn ort labhairt leis na daoine fáithchiallacha sin agus iad do
shólású, le chómh ciúin críostúil a's atá an dólás a's an brón atá
le léigheamh ar a ndreach! Nach iongantach go deo na sár-oibreacha
iad! Annseo, tá leanbh ós do chómhair agus é ag craitheadh
bláthana ar uaigh a athar; déanann tú dearmad ar thruimeacht an
mharmair, agus chítear dhuit go bhfuil na duilleógaí míne éad-
troma ag sleamhnú go réidh thríd a mhéaraibh. I n-áit eile, cheapfá
go bhfuil caille éadtrom na mbaintreabhach agus na ribíní le n-a
bhfuil folt leabhair dualach na ngearrchailí ceangailte go bhfuilid
ar foluamhain leis an ngaoith.



Bhíomar féin ag cur ár n-iongantais i n-umhail d'á chéile go
h-árdbhriathrach; ach bhí sean-fhear i n-ár n-aice, agus Franncach do
b'eadh é, leis, do leanadh i ngach aon bhall sinn, agus is cosamhail
nár fhéad sé féin an sásamh céadna do bhaint as na mór-iongantaisí
údan, mar dubhairt sé go díombádhach: "Á! nach áidhbhéileach an
drong iad na Franncaigh seo!" B'fhacthas dom féin go mb'fhearr
don bhfear bhocht sin fanacht 'san mbaile. Níor bhain sé sásamh ar
bith as a thuras ach é ag síor-chasaoid: bhí sé mí-shásta leis na


L. 82


cathrachaibh, leis na tighthibh-ósta, leis na daoinibh, le chuile shórt.
Bhí a mhalairt de mheón ar fad ag m'athair, mar bhíodh sé ar a
shocamhlacht cuma cé'n áit a mbéadh sé, agus ba mhinic d'fhéachadh sé
leis an gcomhursain doicheallach gruamdha sin do shású agus gealán
do chur ar a chroidhe. Thairgeadh sé a ionad féin dó 'san charbad
agus i n-áiteacha eile, agus leis an mórchroidheacht ba dhual dó
thaisbeánadh sé deagh-thaobh na neithe don duine seo, ach ní raibh gar
a bheith leis, ní bhainfeadh an saol mór gáire as! Nach iomdha
sin cineál daoine do casadh orainn! Agus nach suimiúil an rud é
staidéar a dhéanamh ar an t-saoghal, nuair atá duine ar thí imeacht
as go deo!



A mhalairt de radharc ar fad a bhí róinn ag Venezia. I n-ionad
tormáin na gcathrach mór, ní cloistear annsúd, i lár na tostachta,
ach glórtha na mbádóirí Bhéiníseach agus monabhar na dtonn is na
maidí rámha ag gearradh tríotha. Tá a h-áilneacht féin ag baint
leis an gcathair sin, gan aimhreas, ach cathair dhuairc is eadh í.
Dá mb'é Brugh na nDóis féin é go n-a chuid mór-áilneachta go



léir tá sé duairc mar an gcéadna. Níor cloiseadh anois le
fada riamh 'n-a chuid prochlaiseann athfhuaimneach mac-alla glórtha
na rialtóirí agus iad ag tabhairt bhreithe bháis nó bheathadh ins na
hallaí a ndeachamar thríotha. Agus na daoráin mhí-ádhmharacha
do h-adhlactaí 'n-a mbeathaidh 'sna huachaisibh dorcha sin, ní fhuil-
ingid ionnta a thuille. Ag dul thríd na carcair uathbhásacha sin
dom, samhluigheadh dhom go rabhas ar ais i n-aimsir na mairtíreach
aríst. An t-áitreabh duaibhseach údan, dhéanfainn comhnuí ann go
fonnmhar dá mb'é admháil mo Chreidimh a bhéadh i gceist; ach ba
ghairid gur mhúsgail guth an treoruidhe as mo thaidhbhreamh mé,
agus chuaidh mé treasna "droichid na n-osnaidheach," ar ar
tugadh an t-ainm sin mar gheall ar na h-osnaidheacha faoisimh do
leigeadh na cimí bochta asta, ag dul amach chun an bháis dóibh, mar
b'fhearr leo an bás féin ná a bheith sáidhte istigh 'sna h-uachaisibh
uathbhásacha faoi-thalmhuidhe sin.



D'fhágamar slán ag Venezia agus tháiniceamar go Padua, mar
a dtugamar modh agus onóir do theangain Antoine Naofa. Iar
sin, thriallamar go Bologna, mar a bhfacamar corp Chaitríona N.,
a bhfuil lorg póige an Leinbh Íosa le feiceál fós féin ar a h-aghaidh.



Bhí ríméad mór orm nuair a bhíomar ag déanamh ar Loreto.
Nach maith a rinne an Mhaighdean Bheannuithe an áit sin do thoghadh
leis an Teach naofa do chur i dtaisge ann! Annsúd tá gach nídh
go bocht simplí céad-aimsireach fós féin: caitheann na mná a


L. 83


gcultacha deasa dúthchasacha Iodáileacha i gcomhnuí, agus níl
glactha acubh le faisiún Pháiris, fearacht na mban ins na cathrach-
aibh eile. Chuir Loreto aoibhneas ar mo chroidhe, gan aon agó!
Ach céard a fhéadfad a rádh faoi'n Teach naofa? Ba mhór mar do
corruigheadh mo chroidhe ionnam agus mé annsúd faoi dhíon an tighe
chéadna 'nar chómhnuigh an Teaghlach naofa tráth, ag féachaint dom
ar na fallaí ar dhearc súile Mhic Dé ortha go minic, ag siubhal
dom ar an urlár do fliuchadh le hallus N. Ióseph agus mar ar
iomchar Muire Íosagán 'n-a baclain tar héis di É a dh'iomchar
'n-a broinn mhaighdeanúil. Chonnaiceas an seoimrín 'n-ar chuala
an Mhaighdean ghlórmhar teachtaireacht an Aingil. Chuireas mo
pháidrín isteach i gcuach Íosagáin. Nach suairc í an chuimhne atá
agam ar na neithibh sin go léir!



Ach b'é an sólás ba mhó dá raibh againn Íosa do ghlacadh isteach
'nár gcroidhthibh 'n-A theach féin, i dtreo go ndearnadh teampol
beo Dhó dínn, agus sin 'san áit chéadna do beannuigheadh le n-A
láithreacht diadha. Do réir gnáis na Róimhe ní coimeádtar an
Naomh-Shacraiméad ach i n-aon altóir amháin ins na teampuil;
agus is ag an altóir sin amháin a riarann na sagairt an Chomaoin
Naofa ar na daoinibh. Ag Loreto tá an altóir sin ins an mbais-
leach 'n-a bhfuil an Teach naofa curtha i dtaisge, mar a bhéadh
néamhainn lóghmhar i scrín de mharmar geal. Ach ní dhéanfadh
sin an gnó dhúinn-ne 'chor ar bith. Ba 'san néamhainn féin, agus
níorbh 'san scrín, do b'áin linn-ne Arán na n-Aingeal do chaitheamh.
Do lean deaide na h-oilithrí eile go cneasta, mar ba ghnáthach
leis, ach ní raibh a ingheanacha chomh h-ómósach leis, mar thugadar
sin a n-aghaidh ar an Santa Casa.



Tráthamhail go leor, bhí sagart, a raibh pribhléid ar leith aige,
an thí an tAifreann do léigheamh ann, agus chuireamar i bhfios dó
céard a bhí uainn. Agus láithreach bonn, fuair an sagart cineálta
sin dhá abhlainn bheaga agus leag ar an mullán iad; agus tuigfir
féin, a Mháthair dhil, cé'n lúthgháir dho-inniste do chuir an Chomaoin
Naofa sin orainn! Ní fhéadfainn féin cur síos uirthe i bhfoclaibh
daonda. Cad é mar shuairceas a bhéas againn amach annseo tráth
a mbéidh an Chomaoin síorruí againn i n-áitreabh Rí na bhFlaitheas?
Annsin ní bhéidh deire le n-ár n-áthas a choidhche, ní chuirfidh cumhaidh
na scarúinte isteach air níos mó, ní bhéidh aon chall dúinn na fallaí
do naomhuigheadh le n-A láithreacht diadha do scríobadh i ngan fhios,
mar a rinneamar-ne; mar budh linn féin A theach feasta ar feadh
na síorruíochta. Ní h-áil Leis A theach talmhaidhe do thabhairt


L. 84


dúinn, is leor Leis é do thaisbeáint dúinn ionnós go bhfoghlumóchai-
mís uaidh ár ndúil do chur 'san ndealbhas agus 'san mbeatha
fholuighthe. Is é árus atá i n-áirighthe dhúinn Aige ná A bhruighean
glórmhar féin mar a bhfeicfimíd É, ní faoi chlúid nó faoi ghné
naoidheanáin nó faoi ghné aráin, ach fé mar atá Sé Ann féin i
soillseacht A ghlóire do-chuimsighthe!



Anois is ar an Róimh a chaithfeas mé labhairt: 'seadh, ar an
Róimh, mar a rabhas ag súil le sólás a fháil, agus mar nach bhfuair-
eas mo nuar! ach an chrois. Bhí an oidhche ann ag teannadh leis an
gcathair dhúinn, agus bhíos féin i mo chodladh 'san charróiste, ach
dúisigheadh mé leis an sgread: Roma! Roma! do chuir lucht an
stáisiúin asta agus a chuaidh ó bhéal go béal annsin go h-árd-
fhuaimneach i measg na n-oilithrí. Níorbh ag brionglóid a bhíos,
bhíos 'san Róimh fá dheóidh!



Lasmuigh de na fallaí iseadh do chaitheamar an chéad lá, agus
b'é an lá do b'aoibhnighe é freisin, béidir. Tá lorg na sean-
aimsire is na h-ársaigheachta ar na fothracha agus ar na leachtaí
annsúd fós: ach i lár na cathrach istigh, ag féachaint ar na tighthibh-
ósta agus ar na siopaí dhuit, ní bhéadh a fhios agat nach i bPáiris na
Frainnce a bheitheá. Tá cuimhne shuairc ar leith agam ar an ngeábh
sin do thugamar tré bhruachbhailtí na Róimhe. Cé'n chaoi a bhféad-
fainn cur síos duit ar an mothú do chuaidh tré mo chroidhe ag an
gColosseo? B'shin é annsúd ós mo chómhair é fá dheire thiar, an
t-aréna mar ar dhóirt an oiread sin mairtíreach a gcuid fola
amach ar son Íosa! Bhíos ar thí an fód sin do naomhuigheadh le n-a
gcuid cómhrac glórmhar do phógadh; ach mo dhíombáidh is mo nuar!
Cuireadh i bhfios dom gurab amhlaidh do h-árduigheadh an talamh i
rith na gcéadta blian i riocht is go bhfuil an fíor-aréna thíos
tarraint ar naoi slat faoi'n bhfód. De dheasgaibh na d-tochailtí
go léir níl i lár baill ach carn mór cosamair, agus fál do-
threasnuighthe thart timcheall leis na daoine do chongbháilt gan
dul isteach ann. Ach ar ndóigh ní leigeann an faitíos do dhuine
ar bith dul síos i measg na bhfothrach gcontabhairteach údan.



Ach an rabhas féin tar héis teacht chun na Róimhe agus gan dul
síos 'san gColosseo? Ní fhéadfadh sin a bheith amhlaidh! Ní
thugas sunndas do chainnt an treóruidhe a thuille, mar ní raibh uaim
feasta ach mo bhealach a dhéanamh síos go dtí an aréna ar ais nó ar
éigin!



Aithristear dhúinn 'san tSoisgéal gur fhan Magdalén i n-aice
na h-uaighe gan imeacht agus go gcromadh sí síos go minic le


L. 85


féachaint isteach innti, nó go bhfaca sí an bheirt aingeal fá dheire
thiar. Fearacht Mhagdalén, bhíos féin ag féachaint uaim síos
freisin nó go bhfacas, ní beirt aingeal, ach an rud a bhí uaim; agus
leis sin, chuireas glaodh aitis asam agus dubhras le Céline:
"Tarra uait! lean mise, béimíd i n-ann dul síos mar seo!"
Siúd síos linn de sgiotán, ag siubhal ar na fothrachaibh a bhí ag
tabhairt uatha faoi n-ár gcosaibh; agus bhí daide 'n-a stangaire
ag féachaint orainn agus ag glaodhach orainn ó chian. Ach ní raibh
aon áird againn ar aoinne feasta.



Amhail mar a thagas breis mhisnigh ag na seadairí ar a bheith
'san mbearna-bhaoil dóibh, b'shin mar do bhí ár n-áthas féin ag dul
i méid do réir mar a bhíomar d'ár gcorrthú agus do réir na
contabhairte a rabhamar ag dul tríthe d'fhonn an áit a bhí uainn do
bhaint amach. Bhí Céline ní b'áirdeallaí ná mé féin, mar bhí sí
tar héis éisteacht go cruinn Le cainnt an treoruidhe. Chuimhnigh sí
gur labhair sé faoi lic áithrid a raibh comhartha na croise gearrtha
uirthe agus go ndubhairt sé gurbh shin é an láthar a dtroideadh na
mairtírigh; agus thosuigh sí 'á tóruigheacht, agus ba ghairid an
mhoill uirthe í a fháil. Annsin chuamar ar ár nglúine ar an láthair
bheannuithe sin gur chuireamar araon an ghuidhe chéadna ó n-ár
gcroidhe suas chun Athar na ngrást… Bhí mo chroidhe ag
preabarnaigh go tréan agam nuair do chuireas mo bhruasa leis an
gcréafóig sin do deargadh le fuil na gcéad-Chríostaidhthe.
D'iarras ar Íosa a thabhairt dom, d'Á ghrástaibh, mé féin do bheith
i mo mhairtíreach ar A shon freisin, agus mhothuigheas i bhfíor-íochtar
mo chroidhe go raibh éistithe Aige le mo ghuidhe.



Níor mhair an t-eachtra sin go léir ach tamaillín. D'árduighea-
mar linn glac cloichín agus annsin thosuigheamar ag strapadóir-
eacht aníos na fallaí bagarthacha aríst. Nuair a chonnaic m'athair
cé'n ríméad mór a bhí orainn, ní bhfuair sé 'n-a chroidhe sinn do
mhilleánadh; agus thugas faoi ndeara go raibh sé bródamhail féin
asainn mar gheall ar chomh misniúil is a bhíomar.



I ndiaidh an Cholosseo a fheiceál dúinn, chuamar ag féachaint ar
na Catacombaí. Annsúd, d'éirigh le Céline agus liom féin
éalódh isteach i sean-tuamba N. Cecilia agus síneadh siar ann
taobh le taobh go dtugamar linn as cuid de'n ithir do naomhuigheadh
le n-a taisí beannuithe. Roimh theacht chun na Róimhe dhom ní raibh
aon chráibhtheacht ar leith agam don naomh sin. Ach nuair a thugas
cuairt ar a teach agus gur chualas "Ríoghan na cómhfhuaimneachta"
d'á thabhairt uirthe i ngeall ar an gcantainn mhaighdeanúil do bhíodh


L. 86


sí a chanadh i lár a croidhe d'á Céile diadha, mhothuigheas ní h-amháin
cráibhtheacht ach searc agus gean i mo chroidhe dhi. B'í mo rogha
de na naoimh í feasta, mo chara chroidhe. B'é an rud ba mhó
do thaithnigh liom innte a féin-tugthacht agus a muinín gan teora,
do chuir ar a cumas anmnacha nach raibh tóir acubh ar aon rud ach ar
shóghachas saoghalta do "mhaighdiniú." Is cosamhail N. Cecilia leis
an gcéile 'san Chaintic. Bhí sí mar a bhéadh "córaidh i lár an
tsluaigh ar mhachaire an áir" 1 dar liom. Ní raibh 'n-a beatha ach
cantaireacht cheólmhar i gcomhnuí riamh i lár na bhfromhtha ba mhó
féin. Agus, ar ndóigh, ní h-aon iongnadh é sin, mar "bhí Leabhar
na Soisgéal 'n-a luighe ar a croidhe," 2 agus bhí Céile na nÓgh 'n-a
chomhnuí 'n-a croidhe istigh.



An chuairt ar theampol N. Agnes chuir sí árd-áthas orm leis,
mar sean-chara liom ó bhíos im'pháiste do b'eadh ise. Thugas
iarracht ar cheann d'á cuid taisí a fháil i gcóir mo mháithrín féin,
Agnes de Jésus, ach chinn sé orm. Ach má d'eitigh na daoine
mé, tháinic Dia na glóire féin ag cuidiú liom. Thuit cloichín de
mharmar dearg ag mo chosaibh, i n-áit ar bogadh é de mhósdachán
luachmhar áithrid atá annsúd ó aimsir N. Agnes féin i leith. B'í
an naoimhín chaoin í féin a bhí ag tabhairt chuimhneacháin dom ar a
teach!



Thugamar sé lá ag fiosrú na n-iongantas is tábhachtaí dá bhfuil
le feiceál 'san Róimh; agus an seachtú lá chonnaiceas an t-ion-
gantas ba mhó acubh uilig: Leo XIII. B'fhada liom go dtáinic
an lá sin, agus bhí cineál eagla orm roimhe 'san am chéadna, mar
b'air a bhí mo ghairm ag brath, ó thárla nach raibh aon fhreagra fáighte
agam ón Easbog; agus mar sin de, b'é cead an Phápa an t-aon
dóchas amháin a bhí fágtha agam anois. Ach bhéadh orm féin an cead
a iarraidh, dá mb'áil liom é a fháil! Chaithfinn a bheith chómh dána
sin is go leomhfainn labhairt leis an bPápa féin i bhfiadhnaise
a lán cairdionál agus árdeasbog agus easbog! Níorbh fhéidir
liom smaoiniú féin air gan creathadh ball do theacht orm.



Ar maidin Dia Domhnaigh an 20adh lá de mhí na Samhna, chuamar
isteach 'san Vaticán go séipéal an Phápa. Bhíomar i láthair ag a
Aifreann ar a hocht a chlog; agus le linn an Aifrinn sin chuir sé
i n-umhail dúinn le n-a chráibhtheacht chaondúthrachtaigh, mar ba chuibhe
d'fhear-ionaid Íosa Críost, gurbh é an tAthair Naofa go fíor é.
Bhí na bréithre sólásacha seo i Soisgéal an lae sin: "Ná bíodh


L. 87


eagla oraibh a thréad bheag, óir is é toil bhúr n-Athar rígheacht do
thabhairt daoibh." 1 Agus tháinic muinín an-mhór isteach i mo
chroidhe. Ní raibh aon eagla orm féin, ach bhí dóchas láidir agam go
mba ghairid go mbéadh rígheacht an Charmail i mo sheilbh. Níor
chuimhnigheas, áfach, ar na bréithribh eile úd do labhair Íosa:
"Tugaim-se dhaoibh-se rígheacht, fé mar a thug m'athair dómh-sa," 2
sin mar adéarfá go bhfuil croiseana agus fromhtha agam i n-áir-
ighthe dhaoibh, agus is ag dul tríotha sin daoibh, a déanfar fiúntach
sibh le mo rígheacht do shealbhú. "Bhí ar Chríost na neithe sin
d'fhuilinnt agus teacht ar an gcuma sin isteach 'n-a ghlóire. 3
Is fíor go n-ólfaidh sibh mo chailís; ach suidhe ar mo dheis nó ar
mo chlí, ní h-agam-sa atá sin a thabhairt daoibh-se ach don mhuinntir
go bhfuil sé ceapaithe ag m'Athair dhóibh." 4



Léigheadh Aifreann eile i ndiaidh Aifrinn an Phápa, mar altú,
agus annsin thosuigh an éisteacht.



Bhí an Pápa 'n-a shuidhe ar chathaoir áird shócamhlaigh, agus éide
bhán air agus cába de'n dath chéadna. Bhí préaláidí agus daoine
móra eaglaiseacha eile 'n-a seasamh thart air. Do réir an ghnáis,
théigheadh gach oilithre ar a ghlúine, phógadh cos an Phápa agus a
lámh annsin, agus gheibheadh a bheannacht; iar sin, do leagadh
beirt de na gáirdaí-uaisle a lámhaí ar a ghuailne mar chomhartha
dhó gur ceart dó Eirghe agus imeacht leis isteach i seomra eile
agus a ionad do thabhairt do'n chéad duine eile.



Focal níor labhruigheadh ar feadh an achair; ach bhíos féin lán-
cheaptha ar labhairt nuair adubhairt an sagart Révérony, a bhí
'n-a sheasamh ar dheis an Phápa, linn go tobann de ghlór árd go raibh
sé coiscthe orainn go daingean labhairt leis an Athair Naofa.
D'iompuigheas chuig Céline gur cheistigheas le m'fhéachaint í; bhí
mo chroidhe i riocht sgoilteadh i mo chliabh… "Labhair leis,"
ar sise.



Nóiméid eile agus bhíos ag glúinibh an Phápa. Phógas a chos
agus annsin shín sé chugam a lámh. Leis sin do dhearcas suas air
agus mo shúile fliuch le deoraibh, agus ghuidheas go himpidheach é
mar seo: "A Athair ró-naofa, tá athchuinge mhór agam le
hiarraidh oraibh!" Chrom sé a cheann chugam láithreach go raibh a
aghaidh ionnann's a bheith buailte le m'aghaidh-se; agus shílfeá
go raibh a chuid súl dubh doimhin ag féachaint isteach i gceart-lár
m'anama.


L. 88


"A Athair ró-naofa," adeirim-se, "aithcim oraibh i n-onóir
do bhúr n-Iúbilae cead a thabhairt dom dul isteach 'san Charmal i
n-aois mo chúig mblian déag!"



Bhí Árd-Bhiocáir Bayeux ag éisteacht agus iongantas is
múisiam air, go ndubhairt sé: "A Athair ró-naofa, leanbh í seo
gur mian léithe dul isteach 'san Charmal; ach tá na huachtaráin ag
scrúdú na ceiste i láthair na huaire seo."



"Tá go maith, a leanbh," arsa'n Pápa liom féin annsin.
"déan do réir mar a órdóchas na huachtaráin duit!" Bhuaileas
mo dhá láimh ar a chéile annsin agus leagas ar a ghlúine iad, agus
thugas aon iarracht amháin Eile: "Ach, a Athair ró-naofa, dá
dtugadh sibh-se an cead dom, ní bhéadh aon chur 'na choinnibh ag
aoinne annsin!"



Dhearc sé go grinn orm, agus labhair sé na bréithre seo, agus
béim a ghutha d'á bhualadh aige go fuaimneach géar ar gach siolla:
"Ceap do shuaimhneas, a leanbh, rachaidh tú isteach má's é toil
Dé é."



Bhíos ar tí labhartha aríst, nuair a thug beirt de na gárdaí-
uaisle comhartha dhom eirghe. Agus ar n-a fheiceál dóibh nár leor
sin, rugadar ar lámhaí orm agus chuidigh an sagart Révérony
leo mé do thógáilt, arae bhíos annsúd fós agus mo dhá bhois
dlúithte le chéile ar ghlúine an Phápa. Nuair a bhíos curtha i mo
sheasamh mar sin acubh, do leag an tAthair naofa a lámh go mín ar
mo bhruasa, agus annsin thóg sé suas í le mé do bheannú agus do
bhreathnuigh sé i mo dhiaidh, ag imeacht dom, ar feadh i bhfad.



Bhí m'athair go h-an-bhuartha nuair a fuair sé ag gol go fuigheach
mé i ndiaidh na héisteachta, mar, ó thárla go ndeachaidh sé róm-sa
amach, ní raibh aon eolas aige ar m'eachtra 'chor ar bith. Bhí
an t-Árd-Bhiocáir go h-an-chineálta ar fad dó-sin, agus do chuir
sé i n-aithne do'n Phápa é mar athair beirte Bhan-rialta Carmélí-
teach. Agus rinne an tAthair naofa a lámh do leagadh ar a
cheann uasal, mar chomhartha geana ar leith, mar a bhéadh sé ag cur
séala rúindiamhraigh air i n-ainm Chríost féin.



Ach anois ó tá sé i bhFlaitheas na ngrást, an t-athair sin cheathrair
Carmelíteach, ní h-í lámh fhir-ionaid Íosa atá leagtha ar a bhaithis,
ag tairngreacht a mhairtíreachta dhó, ach is í lámh Chéile na n-ógh,
Rí na bhFlaitheas féin, atá leagtha ar an mbaithis ghlóirighthe sin
gan bogadh dhi go bráth ná a choidhche.



Bhíos go brónach cráidhte go deimhin; ach ó bhíos tar héis a
raibh ionnam a dhéanamh d'fhonn glaodh an Tiarna do fhreagairt,


L. 88a


Treasa ag Cosaibh an Phápa Léo XIII.


L. 89


caithfead a rádh gur airigheas síocháin mhór i bhfíor-íochtar mo
chroidhe, i n-aimhdheoin mo chuid deór. Ach cheana ní raibh an
t-síocháin sin ach i ndoimhneas m'anama thíos, mar bhí sé ag cur
thar maoil le searbhas agus le díombáidh… Agus bhí Íosa 'n-A
thost… shíleas gurbh é an chaoi a raibh Sé imighthe uaim ar fad,
mar ní raibh an rud ba lúgha féin ann do chuirfeadh i n-umhail dom
go raibh Sé láithreach.



An lá sin aríst níor leómhuigh an ghrian í féin do thaisbeáint;
agus bhí spéartha glana gorma na hEadáile clúduighthe le néalta
duaibhseacha agus ag sileadh gan sos mar aon liom féin. Á!
b'shin deire le mo dhóchas, agus ní raibh suim ná spéis agam i
m'aistear a thuille, ó bhí sé cinnte orm an t-aon rud amháin a bhí
uaim a fháil. Ach badh chóir go gcuirfeadh bréithre deireannacha an
Phápa sólás orm, mar fíor-thairngreacht a bhí ionnta. Agus go
deimhin, b'é an rud ba thoil le Dia do rinneadh, i n-aimhdheoin
na gconstaicí go léir, mar níor cheaduigh Sé do na daoinibh a
dtoil féin ach A thoil-se do chur i ngníomh.



Tamall roimhe sin do sheachadas mé féin d'Íosagán le bheith
im' áilleán bheag Dhó. Dubhras Leis an uair sin gan mé a bheith
Aige mar áilleán luachmhar nach ndéanann na leanbhaí ach féachaint
air gan a lámhaí do leagadh air a choidhche; ach mé do láimhseáil
mar a bhéadh liathróidín gan mhaith ann, a d'fhéadfadh Sé a
chaitheamh Uaidh ar an dtalamh, gabháil de chosaibh ann, a tholladh,
a chur ar leath-taoibh i gcúinne, nó a theannadh le n-A chroidhe, do
réir mar a thogróchadh Sé. I bhfocal amháin, theastuigh uaim
siamsa a dhéanamh d'Íosagán agus mé féin do thabhairt
suas d'Á mhianta leanbaidhe.



Agus anois bhí éistithe Aige le mo ghuidhe! 'San Róimh rinne
Íosa A áilleán beag do tholladh… B'amhlaidh theastuigh Uaidh
a fheiceál, is dócha, céard a bhí istigh ann… agus annsin, ó
bhí Sé sásta le n-a bhfaca Sé ann, leig Sé Uaidh A liathróidín
agus thuit Sé n-a chodladh. Céard a rinne Sé 'fhad is a bhí Sé
'n-a chodladh go ciuin sámh mar sin, agus céard a d'imigh ar an
liathróidín tréigthe? Taidhbhrigheadh d'Íosagán go raibh Sé ag
imirt fós, go raibh Sé ag tógáilt an liathróidín agus 'ghá scaoileadh
Uaidh gach ré seal, go gcuireadh Sé i bhfad Uaidh ar rothlugadh é,
agus gur theann Sé le n-A chroidhe fá dheoidh é gan leigint dó
éalódh as A láimhín aríst a choidhche.



Tuigir-se, a Mháthair dhil, cé'n dólás a bhí ar an liathróidín
nuair a fuair sé é féin caithte annsúd ar an dtalamh! Ach


L. 90


mar sin féin ní dheachaidh se i n-éadóchas i n-aimhdheoin an
t-saoghail.



Roinnt laetheanta i ndiaidh an 20adh Samhna thug m'athair cuairt
ar an mBráthair Oirbh. Símeón, stiúrthóir agus fothuightheóir
Choláiste N. Ióseph. Casadh an sagart Révérony air 'san teach,
agus rinne m'athair é do mhilleánadh go caoin faoi rádh is nár
chuidigh sé liom i m'iarracht dócamhlaigh. D'innis sé an scéal
go léir don Bhráthair Simeón annsin. Chuir an sean-duine
cneasta spéis mhór ann, agus scríobh sé síos roinnt nótaí féin
faoi, agus adubhairt go corruighthe: "Sin rud nach bhfeictear i
bhfus 'san Eadáil!"



Lá ar n-a bháireach i ndiaidh lae mhóir na héisteachta, bhí orainn
gluaiseacht linn ó dheas fé dhéin Napoli agus Pompei. Leig
an Vesuvio mórán búirtheach tolgach tréan as, mar a bhéadh sé ag
fáiltiú róinn, agus chuir sé losgadh mór deataigh suas amach as a
lár. Is uathbhásach go deo an lorg atá fágtha aige ar Phompei!
Cuirtear i gcuimhne dhuit annsúd mór-chumhacht Rí na ndúl a
"dhearcas ar an dtalamh agus a chuireas ag criothnú é, a theang-
mhuigheas leis na sléibhte agus go gcuirid deatach asta." 1 Bhí
fonn orm dul ag spaisteóireacht liom féin isteach i measg na
bhfothrach sin le machtnamh a dhéanamh ar nádacht agus ar
sho-bhristeacht neithe an t-saoghail seo; ach bhí sé fánach agam a
bheith ag súil le ciúineadas den t-saghas sin.



Ag Napoli bhí marcaidheacht bhreá againn suas go mainistir
Shan Martino atá suidhte ar bhárr cnuic mhóir a bhfuil radharc
áluinn uaidh ar an gcathair 'n-a hiomlán thíos faoi. Ach ag
teacht anuas dúinn, d'imigh na capaill leo ar cosanáirde, agus
mura mbéadh ár gcuid Aingeal Coimhdeachta, ní shílim go sroich-
fimís ár dteach-ósta oirdhearc go slán a choidhche. Ní ag áidhbhéil
atáim nuair adeirim teach-ósta "oirdhearc"; mar, le linn an
turais sin go léir, ba 'sna tighthibh-ósta móra stáidiúla do
chuireamar fúinn i gcomhnuí. Ní raibh an oiread sin de shóghachas
saoghalta thart orm féin le mo bheó. Ach is fíor go deó nach i
n-iolmhaitheas ná i maoin an t-saoghail atá sonas le fáil. Bhéinn
féin ní ba shona seacht n-uaire i mbothán bocht ceann-tuighe, agus a
dhóchas agam go bhféadfainn dul isteach 'san Charmal, ná mar a
bhíos annsúd sna tighthibh sin go n-a gcuid síonáilí óruighthe, go n-a
gcuid staighrí marmair, go n-a gcuid figheachán agus cuirtíní
síoda, agus an dólás agus an searbhas i mo chroidhe.


L. 91


Á! do mhothuigheas nach ins na neithibh atá thart timcheall orainn
ach i bhfíor-íochtar ár gcroidhe féin atá fíor-áthas le fáil. Tig
le duine an t-áthas sin a bheith aige i gcarcar duaibhseach chómh
maith céadna is dá mba i mbrugh an rí a bhéadh comhnuí air. Táim
féin i bhfad níos sona anois 'san Charmal, i lár na bhfromhtha
inmheadhonach agus foirimeallach féin, ná mar a bhíos 'san t-saoghal,
an áit nach raibh rud ar bith de dhíth orm, go mór-mhór suairceas
caoin teaghlaigh m'athar.



Ach má bhí m'anam lán de bhrón agus de dhuairceas féin, níor
leigeas do dhaoine eile aon cheó do thabhairt faoi ndeara orm, mar
shíleas nach raibh aon eolas ag aoinne ar m'iarratas don Phápa.
Ba ghairid, áfach, gur cuireadh i gcéill dom nárbh amhlaidh a bhí.
Lá n-aon, thárla go rabhas-sa agus Céline linn féin 'san gcarróiste,
i n-áit a raibh na hoilithrí tar héis túirling le dul go dtí an
buffet, nuair do chonnaiceas Mthrn. Légoux ag teacht go doras
ár gcarróiste. Dhearc sé go grinn orm féin agus annsin
tháinic meangadh gáire ar a bhéal agus dubhairt sé liom: "Bhail,
cé'n chaoi a bhfuil ár gCarmelíteach óg?" Thuigeas annsin go
raibh mo rún ag na hoilithrí go léir, agus thairis sin, tuigeadh sin
dom ón gcaoi a mbreathnuigheadh cuid de na hoilithrí orm go
caoin cómhbhrónach; ach níor labhair aoinne acubh liom faoi, agus
ar ndóigh ba mhór an gar é sin.



Ag Assisi thárla eachtra beag dhom. Tar héis cuairt do
thabhairt dúinn ar na háiteacha do naomhuigheadh le subháilcí
N. Proinnsias agus N. Clára, chailleas búcla mo chreasa 'san
mhainistir. Bhíos chómh fada sin 'á thóruigheacht agus 'á cheangailt
den ribín aríst go raibh na cóistí go léir, cé's moite de chóiste
Árd-Bhiocáir Bhayeux, imighthe, ar theacht amach go dtí an doras
dom. Céard a bhí le déanamh? An gcaithfinn lasgadh liom i
ndiaidh na gcóistí a bhí imighthe as amharc orm cheana féin agus mé
féin do chur i mbaoghal caillte ár dtraen, nó an n-iarrfainn ar
an t-sagart Révérony marcaidheacht do thabhairt dom ar a chóiste
féin? Cheapas gurbh é an rud ba chríona dhom a iarraidh air.



D'fhéachas le gan mo chúthalacht do thaisbeáint agus mhínigheas dó
an chaoi a rabhas i sáinn. Bhí sé féin tré n-a chéile annsin, mar bhí
a chóiste loma-lán cheana. Ach thuirling duine de na fearaibh
gnaoidheamhla sin láithreach gur chuir sé mise i mo shuidhe i n-a
áit féin, is go ndeachaidh sé féin suas le hais an tiománuidhe.
Ní fhacais mo shamhail ariamh agus mé annsúd ach iorradh rua a
mbéarfaí air i súil-ribe! B'fhada uaim a bheith ar mo shócamhlacht


L. 92


go deimhin i gceart-lár na ndaoine mór sin go léir, agus an duine
ba mhó a raibh sgáth orm roimhe annsúd go díreach ós mo chomhair
amach! Caithfead a rádh, áfach, go raibh sé go h-an-chineálta dhom,
agus d'iompuigheadh sé i leith chugam ó am go ham le labhairt liom
faoi'n gCarmal, agus gheall sé dhom go ndéanfadh sé a chion féin
le mo mhian do chóimhlíonadh ionnós go bhfeadfainn dul isteach 'san
Charmal i n-aois mo chúig mblian déag. Íocshláinte do chréacht mo
chroidhe do b'eadh an cómhrádh sin, cidh nár chuir sé deire le mo
phiantaibh. Ní raibh iontaoibh agam as daoinibh feasta, ba ar Dhia
amháin a bhí mo sheasamh.



Ach má bhíos go brónach trom-chroidheach féin, níor fhág sin mé
gan spéis mhór do chur ins na háiteacha naofa a dtugamar cuairt
ortha. Ag Firenze (Florans) bhí áthas orm corp N. Magdalén
de Pazzi a fheiceál i lár Córaidh na mban-rialta gCarmelíteach.
Theastuigh ó na hoilithrí go léir a gcuid paidríní do chur ag teang-
mháil le tuamba na naoimhe, ach ní raibh ach mo láimhín féin amháin
a bhí sáitheach beag le sleamhnú isteach tré phuill na crannghaile.
Agus mar sin de thuit sé ar mo chrannaibh-se an dualgas mór
uasal sin, do mhair ar feadh i bhfad, do dhéanamh, agus bhí bród
mór orm d'á dheasgaibh.



Níorbh é sin an chéad uair agam ag fáil pribhléidí de'n tsaghas
sin. 'San Róimh i dTeampol Santa Croce di Gerusalemme
taisbeánadh dhúinn roinnt píosaí d'adhmad na Fíor-Chroise, dhá
dheilg as an gCoróinn Dheilgnigh agus ceann de na tairgní
beannuithe. D'fhonn amharc maith a fháil ortha, tharraingeas féin
siar gur leigeas do na daoinibh eile féachaint ortha róm; agus
annsin nuair a bhí an manach a bhfuil cúram na stór luachmhar sin
air ar tí a gcur ar ais ar an altóir aríst, d'iarras air ar
mhisde dhom iad do thadhalladh. Dubhairt sé nár mhisde, ach
b'fhacthas dom gur shíl sé nach n-eireóch' liom. Shíneas féin méirín
liom isteach tré oscailt a bhí 'san gcreathar i riocht is gur theang-
mhuigh sé leis an dtairgne luachmhair sin do fliuchadh le fuil Íosa.
Mar a chíonn tú, a Mháithrín, bhíos dho m'iomchar féin le h-Íosa mar
a dhéanfadh leanbh a cheapas go bhfuil gach nídh ceaduighthe dhó, agus
gur leis féin stóir agus maoin a athar.



Ar theacht tré Phisa agus tré Ghenova dhúinn, d'fhilleamar
ar an bhFrainnc ar cheann de na bealaighibh is áilne dá bhféadfaí
a fheiceál. Uaireanta bhíomar ag gluaiseacht linn cois-fhairrge:
agus lá amháin bhí an bóthar-iarainn chomh gar sin do'n uisge de
dheasgaibh an anaithe mhóir a bhí ann, go raibh na fáganna ag teacht


L. 93


isteach ar ár mullach, beagnach. 'N-a dhiaidh sin, thriallamar tré
mhachairí móra a bhí clúduighthe le croinntibh óráistí, le h-ola-
chrainn, agus le croinntibh gleoite iubhair. Le tuitimín na
h-oidhche bhí na bailtí iomadúla cuain ag soillsiú le n-a gcuid
lóchrann spréacharnach, agus thosuigh na réaltógaí ag lonnradh 'n-a
gceann agus n-a gceann ins na spéartha glas-ghorma ós ár gcionn.
An radharc sár-áluinn draoidheachta sin d'fhágas i mo dhiaidh é gan
mhairg gan bhrón: bhí mo chroidhe ag súil le h-iongantaisí agus le
h-áilneachtaí eile ar fad!



Bhí m'athair ag brath ar mé do thabhairt leis ar thuras eile go
h-Ierusalem, ach cidh go raibh dúil mhór agam, nídh nach iongnadh, na
h-áiteacha naofa mar ar chómhnuigh ár Slánuitheóir ar talamh
dh'fheiceál, bhíos sáitheach d'oilithreachtaí an t-saoghail seo, agus
ní raibh uaim feasta ach áilneachtaí na bhFlaitheas; agus d'fhonn na
háilneachtaí sin do thabhairt d'anmnachaí, b'é mo dhúil mé féin do
dhúnadh isteach im'chime 'san Charmal chomh luath i nÉirinn is do
b'fhéidir liom. Ach mo léan géar! mhothuigheas gurbh iomdha sin
comhrac agus cruaidh-fhulang a bhí róm fós, shul dá bhfeicinn
dóirse mo charcair bheannuithe d'á n-oscailt le mé do leigint
isteach. Níor laghduigheadh ar mo mhuinín, áfach, agus bhíos ag
súil le dul-isteach an 25adh lá de Mhí na Nodlag.



Ní túisge a bhíomar ar ais i Lisieux ná thugamar cuairt ar an
gCarmal. Ó, a Mháthair dhil! an gcuimhnigheann tú ar an gcómhrádh
sin a bhí againn, agus ar an gcaoi ar fhágas an scéal go léir fút-
sa, ó bhí cinnte ar mo dhícheall féin aon rath a dhéanamh. Dubhrais
liom scríobhadh chuig an Easbog agus a gheallúint do chur i gcuimhne
dhó; agus rinneas amhlaidh láithreach. Nuair a bhí an litir curtha
'san phost agam, shíleas go bhfuighbhinn an cead gan aon mhoill le go
bhféadfainn imeacht liom. Ach mo nuar! d'imigh na laetheanta is
na laetheanta thart agus bhí an freagra gan teacht i gcomhnuí!
Tháinic an Nodlaig féin, agus bhí Íosa 'n-A chodladh fós. Bhí A
liathróidín caithte annsúd ar an dtalamh Aige, agus féachaint
féin ní thug Sé air!



Ba mhór an fromhadh é sin, gan aon agó; ach an Té a mbíonn
A chroidhe ag faire do shíor, chuir Sé i gcéill dom go ndéanann Sé
míorbhailtí ar son an duine nach bhfuil ach oiread gráinne mus-
táird de chreideamh aige, d'fhonn neartú leis an gcreideamh sin ó
tá sé chómh lag; ach nach ndearna Sé míorbhailtí ar son A gcarad
ionmhuin, ar son A mháthar féin, gan a gcreideamh do thrialadh ar
dtúis. Nár leig Sé Lasarus bás a fháil, cidh gur chuir Marta


L. 94


agus Máire scéal Chuige 'á rádh Leis go raibh sé breoite? Agus
ag Bainfheis Chána, nuair a d'iarr an Mhaighdean ghlórmhar Air
fóirthint ar fhear a' tighe, nár fhreagair Sé nach raibh A thráth tagtha
go fóill? Ach tar héis iad do thrialadh Dhó, cad é mar luach-
saothair do bhronn Sé ortha! Déantar fíon de'n uisge, tógtar
Lasarus ón mbás… B'shin mar a rinne mo Ghrá Geal le n-A
Threasa bhig féin fosta: do thrial Sé ar feadh i bhfad í, agus
annsin do chóimhlíon Sé a mianta go léir.



B'í an chrois aríst do bhronn Íosa orm mar sheachadadh Lae-
Coille, 1888. Fuaireas litir ón Mháthair Marie de Gonzague
'á rádh liom go raibh freagra an Easbuig aice féin ó lá-Fhéile na
Leanbh Neam-chionntach, go raibh cead agam ón bhfreagra sin teacht
isteach láithreach, ach go raibh sé socruighthe aice féin gan mé do
ghlacadh isteach go mbíodh an Carghaos thart! Ag smaoineadh ar an
mhoill mhóir fhada sin dom, níor fhéadas na deóra do chosg. Do
ghoill an fromhadh sin orm ar bhealach ar leith: mar, gach cuibhreach
agus ceangal dá raibh dhom' chongbháilt 'san t-saoghal bhíodar
briste réabtha, agus féach! B'í an Airc bheannuithe í féin do'n
chor seo a bhí ag diúltú an colmán dearóil do leigint isteach!
Cé mar do chaitheas na trí míosa úd 'nar fhuilingeas chómh mór
sin ach 'n-a bhfuaireas grásta líonmhara de gach saghas freisin?
Bhí fonn orm ar dtúis gan cur as dom féin agus gan a bheith chomh
cruaidh orm féin is ba ghnáthach liom. Ach ba ghairid go dtug Dia
na glóire le tuigsint dom chóm luachmhar is a bhí an t-am sin a bhí
agam, agus annsin chuireas róm claoidheadh le mo bheatha chruaidh
agus le básúchán ní ba dhúthrachtaighe ná riamh.



Ach nuair adeirim "básúchán," ní hiad píonóis agus peannaidí
na naomh atá i gceist agam. B'fhada uaim féin, go deimhin, a
bheith cosúil leis na naoimh mhóra a ghníos an uile shaghas smachtúcháin
agus léasúcháin do Chleachtadh ó laethibh a leanbhánachta féin i leith.
B'é an t-aon bhásúchán amháin do chleachtuighinn-se, mo thoil féin do
bhriseadh, freagra mí-fhoighdeach do bhrú' chugam, mion-ghníomhartha
carthannachta do dhéanamh gan aon bhrí ró-mhór a dhéanamh dhíobh, agus
na mílte rud eile de'n tsaghas sin. Bhíos dhom' ullmhú féin, leis
na rudaí beaga suaracha sin do dhéanamh, chun a bheith im' chéile ag
Íosa, agus ní chreidfeá ach an chaoi ar méaduigheadh ar an bhféin-
tugthacht agus ar an úmhluigheacht agus ar na súbháilcibh eile i mo
chroidhe i gcaitheamh an achair sin agus mé ag fanacht go foighdeach.


L. 95


CAIBIDIOL VII.



An Luan, an 9adh lá de mhí an Aibreáin, 1888, b'shin é
an lá do socruigheadh le haghaidh mo dhul-isteach 'san gClochar.
B'ar an lá gcéadna sin a bhíothas ag ceileabhradh Féile Teachtair-
eachta an Aingil 'san Charmal, i n-áit ar cuireadh ar ath-lá í i
ngeall ar an gCarghaos. Tránóna an lae roimhe sin, bhí
bunadh an tighe bailighthe le chéile thart ar bhord sin an teaghlaigh
mar a rabhas féin le suidheamh de'n uair dheiridh. Na hapieux
seo nach mór mar a chéasaid an croidhe! Ag an uair sin a mba
mhian leat go ndéanfaí dearmad ort ar fad ní chloisfidh tú ach na
bréithre is caoine ó gach aoinne, mar a bhéidís ag iarraidh a thabhairt
ort pianta na scarúinte do mhothú níos mó fós.



Ar maidin an lae féin thugas an fhéachaint deireanach ar Les
Buissonnets, ar nead seascair úd mo leanbhánachta, agus d'imigh
liom fé dhéin an Charmail. D'éisteas an tAifreann binn agus
mo ghaolta ionmhuine thart timcheall orm, fé mar a bhíodar an
tránóna roimhe sin. Ag an gComaoin Naofa, nuair a bhí Íosa tar
héis teacht isteach 'n-a gcroidhthibh, ní raibh le clos agam ach gach
aon uchlán uatha. Am thaobh-sa de, deór níor shileas: ach ag
siubhal rómpa amach dhom ag triall ar dhoras an chaisil bhí mo
chroidhe ag bualadh chómh tréan is gur shíleas go dtuitfinn mín
marbh ar an láthair sin. Á! cad é mar chéasadh-croidhe! Cad é
mar chomhrac cruaidh! Ní mór dul thríd le n-a thuigsint i
gceart.



Thugas póg do gach duine de mo ghaoltaibh agus leigeas mé
féin ar mo dhá ghlúin i bhfiadhnaise m'athar le n-a bheannacht a fháil.
Tháinic sé féin ar a ghlúine annsin gur chuir sé a bheannacht orm,
agus bhí na deora ag tuitim ó n-a rosgaibh. Caithfidh sé gur chuir
an radharc úd lúthgháir ar aingealaibh Dé .i. an sean-duine sin agus
é ag toirbhirt a leinbh don Tiarna agus í i mborradh agus i mbláth a
h-óige. Agus annsin druideadh dóirse an Charmail i mo dhiaidh fá
dheoidh, agus annsúd istigh, fáiltigheadh róm go ceanúil le pógaí
is le barrógaí mo dhriféaracha ionmhuin féin, a bhí mar mháith-
reacha agam agus mé im' leanbh, agus muinntire an teaghlaigh nua


L. 96


seo nach dtuigtear 'san t-saoghal lasmuigh a bhfíor-ghrá agus a
lághaidheacht.



Bhí mian mo chroidhe cóimhlíonta fá dheire thiar, agus ní fhéad-
fainn a chur i gcéill cé'n t-síocháin suairc fhíor-dhoimhin do
mhothuigheas i lár mo chléibh. Agus tá an t-síocháin chéadna sin
agam le hocht mbliana go leith anois, mar níor imigh sí uaim
riamh, fiú amháin i lár na dtrialta ba mhó dá dtáinic orm. Thaithn
gach rud 'san gClochar liom thar cionn; b'fhacthas dom gurbh
amuigh i bhfásach éigin i gcéin a bhíos, agus mo chillín ciuin go
h-áithrid bhí aiteas agus glionndar-croidhe orm a bheith istigh ann.
Ach deirim aríst go raibh mo shonas go ciuin ciuin; ní raibh an
leoithne ba lugha féin ag suathadh na n-uisgeacha míne ar a raibh mo
churraichín ag seóladh leis, agus ní raibh néal ar bith ag dorchú na
spéartha ngorm ós mo chionn. Á! d'airigheas go raibh mo luach
saothair fáighte agam go h-iomlán as ucht a ndeachas thríd! Nach
orm-sa a bhí an t-áthas mór agus mé 'á rádh liom féin: "Táim
annseo anois go bráth is a choidhche!"



Agus níorbh aoibhneas duthain díombuan é ach an oiread, ná
ní raibh sé le himeacht ar ceal uaim i ndiaidh meallta na gcéad-
laetheanta. Na meallta! rinne Dia, tré n-A mhór-thrócaire, mé
do chosaint ortha i gcomhnuí riamh. Fuaireas an bheatha-rialta go
díreach mar a bhíos ag súil léithi, agus níor chuir íodhbairt ar bith
iongnadh orm, cidh gur lia na deilgní ná na rósaí ar mo chasán i
dtosach.



Ar an gcéad dul-síos, ní bhíodh de bheatha agam do m'anam ach
arán laetheamhail na tiormachta i lár mo chroidhe. Agus 'n-a
cheann sin do cheaduigh Dia go ndéanadh ár Máthair mé do thráchtáil
go h-an-ghéar, agus sin i ngan-fhios di féin go minic. Ní raibh uair
ar bith 'n-a gcastaí orm í nach mbéadh rud éigin aice le casadh liom.
Uair amháin is cuimhneach liom gur fhágas líon dubháin alla ar
liobarnadh 'san gclabhstar, agus go ndubhairt sí liom ós comhair na
mban-rialta go léir: "Is furust' a aithint gur girseach cúig
mbliana déag a scuabas na clabhstair s'againn-ne! Muna
bocht an scéal againn é, go deimhin! Imigh leat go beo agus déan
an líon dubháin alla sin do scuabadh chun bealaigh, agus féach chuige
go mbéidh tú níos cúramaí feasta."



Nuair a bhíodh léigheacht spioradálta agam uaithe anois is aríst,
agus go mbíodh orm uair a' chluig do chaitheamh 'n-a cuideachtain, is
dhom' mhilleánadh a bhíodh sí bunáite an ama. Agus b'é an rud ba
mhó do ghoilleadh orm ach nach raibh a fhios agam le mo chuid locht do


L. 96a


Iomradharc ar Charmal Lisieux.



N.B. — An chrois bheag bhán a chítear 'san ngriangrafadh seo, tá sí
faoi bhun fuinneóige an Otharlainn 'n-a bhfuair
an tSr. Treasa bás.


L. 97


cheartú: mo roighinteas, mar shompla, agus m'easbaidh dhúthrachta
ins na hoibreacha éagsamhla thríd an teach.



Lá n-aon, dubhras liom féin gur cinnte go mbadh mhaith leis an
Mháthair Urr. go dtabharfainn féin mo chuid saor-ama ag obair, cidh
gur ag paidreóracht a caithtear do ghnáth é, agus mar sin de do
tharraingeas chugam mo shnáthad bheag agus d'oibrigh liom gan na
súile do thógáilt. Ach ó theastuigh uaim bheith dílis agus gach nídh
a dhéanamh ar son Íosa amháin, ní raibh aon fhios ag aoinne faoi
sin ariamh.



I rith aimsire m'iarrthóireachta do chuireadh ár Máistreás
amach go dtí an garrdha ag baint lustain mé gach tránóna ag leath-
uair i ndiaidh a cheathair. Ba mhór an píonós dom é sin, go mór-
mhór, ó bhíodh sé de mhí-ádh orm bualadh leis an Mháthair Marie de
Gonzague ar mo bhealach amach i gcómhnuí beagnach. Tránóna dár
casadh orm ar an ndóigh sin í, dubhairt sí: "Ní dhéanann an leanbh
seo tada 'chor ar bith! Cad í mar nóibhíseach í seo is a rádh
go gcaithtear í do chur amach ag spaisteoireacht chuile lá?"
Agus b'shin mar do bhíodh sí dhom' lochtú is dhom' mhilleánadh do
shíor.



Ó, a Mháthair mhuirneach, nach mé atá lán-bhuidheach de Dhia as ucht
oileamhaint chomh neartmhar chomh luachmhar sin do thabhairt dom!
Cad é mar ghrás thar luach! Céard a d'imeóch' orm 'chor ar bith dá
mba go mbéinn, mar a shíl go leor daoine 'san tsaoghal, i m'áilleán
agus im'pheata ag na siúracha? I n-ionad Dia a fheiceál i mo
chuid uachtarán, béidir nach bhféachfainn ach ar an nduine amháin,
agus mo chroidhe do coimeádadh chomh glan chomh saor sin 'san
tsaoghal, béidir go gclaoidhfeadh sé le daoinibh 'san gClochar.
Ach do fainiceadh ar an mí-ádh ró-mhór sin mé, céad moladh le
Dia!



Níorbh iad na fromhtha sin thuas amháin a bhíodh agam, áfach, ach
mórán fromhtha eile ba ghéire fós ná iad, i dtreo go dtig liom a
rádh le fírinne go raibh an fulang mar chompánach agam ón gcéad
lá a dtáinic mé isteach 'san gClochar agus gur ghlacas chugam le
flosg is le grá é. An cuspóir a bhí curtha róm agam do nochtuigh-
eas é 'san scrúdú solmánta a raibh orm dul faoi, roimh mo
Dhílsiúchán: "D'fhonn anmnacha do thárrtháil agus go mór-mhór
chun a bheith ag guidhe ar son na sagart is eadh do tháinic mé isteach
annseo." Nuair is mian le duine críoch áithrid do bhaint amach,
ní fuláir dhó an gléas oireamhnach le n-a haghaidh sin do tharraint
chuige. Do chuir Íosa i dtuigsint domh-sa go mba thríd an Chrois


L. 98


a bhéarfadh Sé anmnacha dhom, agus ar an ádhbhar sin dhá liachtaí
croiseann dá gcastaí orm b'amhlaidh ba mhóide mo dhúil 'san
bhfuilinnt iad. Ar feadh cúig mblian b'é bóthar sin na croise a bhí
le gabháil agam do shíor, ach b'agam féin amháin a bhí a fhios sin.
B'shin é díreach an bláithín foluighthe ba mhian liom a sheachadadh
d'Íosa, an bláithín nach dtéigheann a chumhracht amach uaidh ach suas
i dtreo na bhFlaitheas amháin.



Ní rabhas thar dhá mhí 'san gClochar nuair a rinne an sagart
Pichon féin iongantas de'n chaoi a raibh Dia ag oibriú i m'anam;
b'fhacthas dó gur dhúthracht leinbh a bhí ionnam agus gur bhóthar mín
réidh an bóthar a bhíos a' gabháil. Muna mbéadh an deacracht a bhí
agam le mo chuid smaointe do chur i gcéill, gheobhfainn sólás mór
ón gcómhrádh a bhí agam leis an t-sagart sin. Rinneas faoisdin
choitcheann leis ar chaoi ar bith, agus annsin do labhair sé na
bréithre seo: "Deimhnighim dhuit i láthair Dé agus na Maighdine
Muire agus na Naomh go léir nach ndearnais oiread is aon
pheaca marbhtha amháin le do bheó; déan do mhór-bhuidheachas do
ghabháil le Dia as ucht a ndearna Sé ar do shon i n-aisge gan tú
féin 'á thuilleamh ar bhealach ar bith."



Gan mé féin 'á thuilleamh! Á! níor dhoiligh liom sin do chreis-
dint! D'airigheas go maith mo lag-bhrígheacht agus mo mhí-fhoirfeacht,
agus bhí mo chroidhe ag cur thar maoil le buidheachas. Bhíodh buairt
agus imní mhór orm go dtí sin ar fhaitíos go mbéinn tar héis
éadach glan gléigeal mo bhaiste do thruailliú am éigin, ach an
deimhne sin as béal sagairt de'n tsaghas a bhíodh ó n-ár Máthair
N. Treasa .i. "sagart a raibh léigheann agus naofacht aige i
n-éinfheacht," b'fhacthas dom gurbh ó Dhia féin do tháinic sé.
Dubhairt an sagart caoin sin liom fosta: "Ár dTiarna Íosa
Críost féin go raibh mar Uachtarán agus mar Mháistir agat i
dtóláimh, a leanbh!" Agus bhí, agus 'n-A Anamchara dhom
freisin. Ní hamhlaidh is mian liom a rádh, áfach, go raibh mo
chroidhe dúnta roimh mo chuid uachtarán, mar ní hé amháin nár
cheileas mothucháin mh'anama orthubh, ach rinneas mo dhícheall ar
bheith i mo leabhar ar oscailt dóibh i gcomhnuí riamh.



Fíor-naomh do b'eadh ár Máistreás, duine de fhíor-shliocht
na gcéad-Charmelíteach. Bhínn féin 'n-a cuideachtain gach uile
ré soluis, mar do mhúineadh sí dhom le mo chuid oibre do dhéanamh.
Níl innseacht scéil ar a lághaidheacht agus ar a cineáltas dom,
agus bhí cion mór agus árd-mheas agam uirthe; ach 'n-a dhiaidh sin
is uile, níorbh fhéidir liom mo chroidhe dh'oscailt. Na neithe a bhí


L. 99


ag tárlú i m'anam ní fhéadainn iad do chur i gcéill, bhíodh na foclaí
cearta i n-easnamh orm, i riocht is gur mhór an crádh-croidhe is
an mhairtíreacht dom na cómhráidhte spioradálta a bhíodh agam
léithe.



Lá n-aon, b'fhacthas dom gur thuig bean-rialta aosta áithrid i
gceart mé, mar dubhairt sí liom le linn an chaitheamh-aimsire:
"Chítear dhom, a thaisce, nach mórán a bhíos agat-sa le rádh leis
na huachtaráin." "Agus cé'n fáth a gceapann tú sin, a
Mháthair?" adeirim-se. "Tá," ar sise, "toisg d'anam a
bheith go h-an-shimplí: ach nuair a bhéas tú foirfe, béidh tú níos
simplí fós; d'á ghoire dhá dtagann an t-anam do Dhia is amhlaidh
is mó a simplítear é."



Bhí an ceart ag an Mháthair sin. Ach an deacracht sin a bhí
agam le mo chroidhe a dh'oscailt ba mhór an fromhadh dhom í, i
n-aimhdheoin gurbh í mo shimplíocht ba chionntsiocair léithi. Táim
simplí indiu, leis, ach mar sin féin tig liom mo chuid smaointe
do nochtadh gan strómh gan iarracht.



Dubhras ar ball go raibh Íosa mar anamchara agam. Is ar
éigin a bhí an sagart Pichon tar héis cúram m'anama do thógáilt
air féin nuair do chuir a uachtaráin go Canada é. Agus ó thárla
nach bhfághainn ach aon litir amháin uaidh 'san mbliain, ba ghairid an
mhoill ar an mbláithín a bhí athchurtha ar Shliabh Charmail iompáil chuig
an t-Árd-anamchara, gur thosuigh sé ag scéitheachaint ar foscadh
na Croise, mar a raibh deora Mhic Dé agus A chuid fola mar
dhrúcht aige, agus A Aghaidh adhramhail 'n-a ghréin ghil ag taithneamh
anuas air.



Níor thuigeas go dtí sin cad iad na stóir mhóra luachmhara
atá foluighthe i nAghaidh Naomhtha an tSlánuitheóra; b'í mo Mháithrín
do thug eolas dom ortha. Amhail mar do chuaidh sí amach roimh a
triúr driféaracha fé dhéin an Charmail roimhe sin, b'shin mar do
chéad-chuir sí eolas anois ar na rúindiamhra grádha atá foluighthe
i nAghaidh ár gCéile; agus annsin do nochtuigh sí dhomh-sa iad,
agus thuigeas a mbrí… Thuigeas ní b'fhearr ná riamh céard is
fíor-ghlóire ann. An tÉ "nach mbaineann A ríoghacht leis an
saoghal seo" 1 thaisbeán Sé dhom nach bhfuil ach an t-aon ríoghamh-
lacht amháin gur fiú dúil do chur innte, mar atá, "gan a iarraidh
go mbéadh aithne orainn ag daoine ná go gcuirfí suim ionainn," 2
ach ár n-áthas a fháil i ndrochmheas orainn féin. B'é mo dhúil


L. 100


"go mbéadh m'aghaidh féin foluighthe ó shúilibh chách, fé mar do
foluigheadh Aghaidh Íosa, agus nach n-aithneóch' aoinne ar an dtalamh
mé." 1 Ní raibh uaim feasta ach go ndéanfaí dearmad orm ar
fad le go bhféadfainn fuilinnt i ngan-fhios do chách.



Nach mór í an trócaire le n-a ndearna an Tiarna mé do sheóladh
i gcomhnuí riamh! Níor chuir Sé mian i mo chroidhe ariamh gan é do
chóimhlíonadh, agus sin é an fáth gur mhilis liom A chailís searbh.



I ndeire míosa na Bealtaine, 1888, bhí féile shona Dílsiúcháin
Mháire, an duine ba shine againn, ann, agus bhí sé de phribhléid ag
Thérèse, Benjamin na clainne, í do choróinniú le rósaí ar lá
aoibhinn úd a bainfheise spioradálta; ach i ndiaidh an lae sin
tháinic an fromhadh ar ár dteaghlach an ath-uair. Ó bhuail an chéad
taom pairlise ár n-athair, thugamar faoi ndeara gur rí-fhurust'
é do thuirsiú. Le linn ár n-aistir fé dhéin na Róimhe lia mhinic do
chonnaiceas lorg na claoidhteachta agus an fhulaing ar a éadan.
Ach b'é rud ba mhó do chuir áthas agus iongantas orm ná an chaoi
a raibh sé ag dul ar aghaidh ar shlí na naofachta; bhí buaidhte
aige ar a bheódhamhlacht nádúrtha ar fad, agus shílfeá gurbh ar éigin
do bhaineadh neithe an t-saoghail seo dhó 'chor ar bith.



Béidir nár mhisde dhom sompla amháin d'á shubháilceas do chur
síos duit annseo, a Mháithrín:



Le linn na hoilithreachta chun na Róimhe do b'fhada leis na
taistealaidhthe na laetheanta is na hoidhcheanta 'san traen, agus do
thosuighidís ag imirt cártaí agus níorbh annamh a bhíodh clampar
agus cibeal eatortha de dheasgaibh na gcárta gcéadna. Lá
n-aon d'iarr na himirtheóirí orainn féin comhar do dhéanamh leo,
ach do dhiúltuigheamar 'á rádh nach raibh aon mhaith linn ag imirt;
agus thairis sin, níorbh fhada linn-ne an t-am 'chor ar bith, ach
b'amhlaidh ba ró-ghairid linn é le lán ár súl do bhaint as na h-iol-
radhairc fhíor-áilne a bhí ag éirghe ós ár gcomhair ar gach taobh a
mbreathnuighimís. Ba ghairid, áfach, gur thosuigheadar ag clamh-
sán fúinn, i riocht is go raibh ar ár n-athair ionmhuin sinn do
chosaint, 'á chur i gcuimhne dhóibh go mín gurbh ar oilithreacht a
bhíomar agus nach rabhthas ag tabhairt go leor ama don phaidreóracht.



Leis sin dubhairt duine de na himirtheóirí sin go borb, gan
cuimhneamh air féin ná ar an urraim atá ag dul don cheann liath:
"Is mór an gar," ar seisean, "nach bhfuil mórán fairisíneach
ar an t-saoghal!" Focal níor fhreagair m'athair: bhí cosamhlacht


L. 101


lúthgháire naofa féin air, agus tamaillín 'n-a dhiaidh sin, fuair sé
deis le lámh do chraitheadh leis an bhfear úd agus do labhair sé focal
cneasta leis 'san am chéadna i dtreo go gceapfadh aoinne gurbh
é an chaoi nár chuala sé an tarcuisne sin 'chor ar bith, nó má chuala
go raibh sé dearmadtha aige.



Thairis sin, tá a fhios agat féin, a Mháithrín, nárbh é sin an
chéad uair aige ag maitheamh do dhaoinibh. Tá fiadhnaise ár
máthar againn agus fiadhnaise gach duine a raibh aithne acubh air
'á dheimhniú nár labhair sé focal amháin ariamh i gcoinnibh na carthan-
achta. Bhí a chreideamh beó láidir agus a chroidhe flaithiúl i n-ann
gach fromhadh a dh'fhuilinnt. Seo mar a d'innis sé do dhuine d'á
cháirde faoi mo dhul-isteach féin 'san Charmal: "D'imigh mo
ríoghan bheag uaim indé isteach 'san Charmal. Is é Dia amháin a
fhéadas a leithéid d'íodhbairt a dh'éileamh; ach cuidigheann Sé
liom chómh mór sin go bhfuil mo chroidhe ag cur thar maoil le
h-áthas i n-aimhdheoin mo chuid deór."



Bhí luachsaothair, do réir a shubháilcí, ag dul don t-seirbhíseach
dhílis sin; agus an luachsaothair sin d'iarr sé féin ar Dhia é.
Ó, a Mháithrín, an cuimhneach leat an lá úd a ndubhairt sé linn
'san phárlús: "A chlann ó! táim tar héis filleadh ó Alencon.
Fuaireas an oiread sin grásta agus sólás i dteampol na Maigh-
dine Muire annsúd gur chuireas an phaidir seo suas chun Dé:
"A Dhia dhil, tá sé seo iomarcach ar fad, tá sin! An iomarca
aoibhnis atá agam; ní féidir dul chun na bhFlaitheas ar an ndóigh
seo: is mian liom rud éigin a fhuilinnt ar Do shon-sa!" Agus
rinneas mé féin dh'ofráil mar…" Do shéalthuigh an focal
"íodhbairt" ar a bhruasa, níor leómhuigh sé é do rádh 'nár Láthair-
ne, ach thuigeamar brí a scéil!



Cuimhnigheann tú féin go maith, a Mháithrín, ar ár ndóláis
shearbha go léir! Níl aon chall domh-sa mion-tuairisg do thabhairt
annseo ar na cuimhní cráidhteacha údan…



Ach cheana bhí an lá ag teannadh linn 'n-a rabhas leis an Aibíd a
fháil. Tháinic m'athair chuige féin as an tarna taom, cidh nach
raibh súil ag aoinne go dtiocfadh, agus, mar sin de, shocruigh an
tEasbog go mbéadh an cheremóint ann an 10adh lá de Mhí an Eanair.
B'fhada liom a bhíos ag fuireach; ach nárbh áluinn go deo an lá-
fhéile é 'n-a dhiaidh sin! Ní raibh rud ar bith ar iarraidh, dá mb'é
an sneachta féin é.



Ar innsigheas duit fós, a Mháthair dhil, faoi'n tóir mhóir a bhí
agam ar an t-sneachta i gcomhnuí riamh? Nuair nach raibh ionnam


L. 102


ach pataire bheag bhídeach chuireadh a ghileacht glionndar is aiteas
ar mo chroidhe. Céard fá ndeara dhom taithneamh do thabhairt
do'n tsneachta ar an gcuma sin? Béidir, ó thárla gurbh i lár an
gheimhridh do rugadh mé, go raibh an talamh clúduighthe le n-a bhrat
gléigeal sneachtach an chéad uair ariamh ar leagas súil air. Uime
sin bhí dúil agam an nádúir a fheiceál faoi n-a brat gléigeal mar
mé féin an lá a bhéinn ag fáil na hAibíde. Ach an lá roimhe sin
bhí an aimsir chomh bog nádúrthach is dá mb'é an t-earrach a bhéadh
ann, agus bhí deire dúile bainte agam de'n t-sneachta. An
10adh lá féin ar maidin, ní raibh aon athrú ann! Do chuireas uaim,
mar sin de, mo mhian páistiúil do-chóimhlíonta, agus ghluais liom
amach as an gClochar.



Bhí mo dhaide ag fuireach liom ag doras an chaisil. Dhruid sé i
leith chugam agus na deóra le n-a shúile gur fháisg sé le n-a chroidhe
mé 'á rádh: "Á! seo chugamh í fá dheoidh, mo ríoghan bheag féin!"
Annsin chuir sé a lámh i mo láimh-se agus ghluais linn go solmánta
isteach 'san t-séipéal. Lá a chaithréime do b'eadh an lá údan, a
lá-fhéile dheiridh ar an t-saoghal seo thíos! Bhí a chlann go léir
toirbheirthe do Dhia aige, 1 ba le Dia gach duine acubh feasta.
Nuair adubhairt Céline leis go dtréigfeadh sí féin an saoghal lá
éigin, freisin, le dul isteach 'san Charmal, bhí an oiread sin
áthais air gur fhreagair sé: "Téanam ort," ar seisean, "i
n-éindtigh liom isteach i láthair an Naomh-Shacraiméid go dtugaimíd
altú d'Íosa ar son na ngrást go léir atá aige 'á bhronnadh ar an
dteaghlach s' againne, agus ar son na h-onóra a bheir Sé dhomh-sa
le céilí do thoghadh Dhó féin i mo theach. Is fíor go dtug Dia
onóir an-mhór dhom nuair d'iarr Sé mo chlann orm. Dá mbéadh
rud éigin ní b'fhearr agam, bhéarfainn Dó é go fonnmhar." B'é
féin an rud sin do b'fhearr! "Agus do ghlac an Tiarna Chuige
mar íodhbairt lán-loiscthe é, do thriail Sé é ar nós an óir 'sa
bhfúirnéis, agus fuair Sé A dhiongbhálta féin ann." 2



Ar bhfilleadh isteach 'san gClochar dhomh-sa i ndiaidh na cere-
móinte lasmuigh, do thús-chan an t-Easbog an "Te Deum."
Chuir sagart i bhfios dó nár cheart an chantainn sin do chanadh ach
amháin le linn Dílsiúcháin, ach ó bhí tús curtha leis an iomann sin



1 Thug Léonie sgathamh i gClochar leis na Cláirísigh bhochta, ach bhí an t-Ord
sin ró-chruaidh d'á sláinte lag, agus b'éigean dí filleadh a bhaile. Tamall
'n-a dhiaidh sin glacadh isteach i gClochar na Cuartigheachta ag Caen í, agus
tugadh Soeur Francoise-Thérèse mar ainm uirthi.


L. 103


buidheachais do leanadh air go deire. Nárbh fhuláir an fhéile sin a
bheith 'n-a féile iomlán beachtuighthe ar gach bealach, ó thárla gurbh í
tús agus deire na bhféiltí eile go léir í? Ar theacht isteach 'san
gClochar dhom d'fhéachas ar dtúis ar m'Íosagán gleoite, 1 a bhí ag
dearcadh anuas orm go geal-gháireach ó lár na mbláth agus na
soillsí; agus ag breathnú uaim dhom annsin amach 'san gclós,
chonnaiceas go raibh sé clúduighthe le sneachta! Cad é mar chaoin-
eas d'á thaisbeáint dom ag Íosa! É ag cóimhlíonadh dúile A
fhiancée bige agus ag riaradh an t-sneachta uirthí! Cá bhfuil an
duine, dhá chómhachtaí é, a dtiocfadh leis oiread is aon chalóg
amháin sneachta do chur ag tuitim as na spéartha le h-aiteas do
chur ar ghrádh a chroidhe?



Rinne 'chuile dhuine iongantas mór den t-sneachta sin, mar
ba rud neamhchoitianta ar fad leo é, mar gheall ar an saghas
aimsire a bhí ann; agus tá 'fhios agam gur labhair mórán daoine
ó shoin, ar chloisteál faoi mo dhúil dóibh, gur labhruigheadar go
minic faoi mhíorbhailt bhig an lae úd a bhfuaireas an Aibíd, agus
gurbh aisteach leo an tóir sin a bheith agam ar an t-sneachta…
Sin mar is fearr liom é! Déanann sin deonuightheacht do-thuigse
Chéile na maighdean do chur ar foillsiú níos soiléire fós, 'á
thaisbeáint gurab ionmhuin Leis na lilí atá go glan gléigeal ar
nós an t-sneachta.



Tháinic an t-Easbog chugainn isteach i ndiaidh na ceremóinte,
agus bhí sé go h-an-lághach atharúil domh-sa. Do chuir sé i gcuimhne
dhom, agus na sagairt go léir thart air ag éisteacht, mo chuairt ar
Bhayeux, mo thuras fé dhéin na Róimhe, agus ní baoghal go ndearna
sé dearmad ar scéilín mo ghruaige casta-suas ach an oiread.
Annsin ghlac sé mo cheann idir a dhá bhois gur mhuirnigh sé ar feadh i
bhfad mé. Le n-a linn sin mhachtnuigheas féin i mo chroidhe istigh
ar an gcaoi a ndéanfaidh Íosa mé do mhuirniú is do bharrógadh gan
mórán moille i bhfiadhnaise na Naomh go léir, agus do chuir an
machtnamh sin suairceas do-inniste orm — bhí sé mar a bhéadh
blaiseadh roimh-ré de ghlóir is d'aoibhneas na bhFlaitheas.



Mar adubhras ó chianaibhín, an lá úd, an 10adh lá de mhí an Eanair,
b'é lá caithréime ár n-athar ionmhuine é; chítear dhom féin nár
mhisde an lá-fheile údan do chur i gcomórtas le dul-isteach Íosa
i n-Ierúsalem, Domhnach na n-Iúbhar. Fearacht a Mháistir Íosa
Críost, tháinic a pháis dólásach air siúd, leis, i ndiaidh an ghradaim



1 Bhí sé de chúram uirthi go lá a báis dealbh úd an Leinbh Íosa
d'órnáideadh.


L. 104


aon-lae sin. Agus amhail mar chuaidh fuilinntí Íosa tré chroidhe A
Mháthar Bheannuithe, b'shin mar do mhothuigheamar féin i bhfíor-
íochtar ár gcroidhthe pianta géara agus úmhlúcháin an t-é ba mheasa
linn ar talamh…



I mí an Mheithimh, 1888, tráth a raibh faitíos orainn go raibh
pairlis inchinne le n-ár n-athair do bhualadh, is cuimhneach liom gur
chuireas-sa iongnadh ar ár Máistreás lá, 'á rádh léithe: "Táim
ag fuilinnt go mór, a Mháthair, ach mothuighim go dtig liom níos mó
fós a fhuilinnt." Ní raibh aon cheapadh agam an uair úd go raibh
fromhadh chomh mór sin i ndán dúinn. Ní raibh a fhios agam go gcaith-
feadh ár n-athair grádhach cailís chómh searbh sin a dh'ól an 12adh lá
de mhí na Feabhra, mí i ndiaidh an lae a bhfuaireas féin an Aibíd!
…Á! ní dhubhras annsin go bhféadfainn níos mó a fhuilinnt!
An dólás agus an doilgheas croidhe a bhí orainn ní féidir iad do
chur síos i bhfoclaí, agus ní fhéachfad-sa le n-a scríobhadh annseo…



Béidh áthas orainn amach annseo i bhFlaitheas na ngrást, ag cur
síos dúinn i gcuideacht' a chéile ar laetheanta duairce seo ár
ndeoruidheachta. 'Seadh, trí bliana úd mairtíreachta ár n-athar
b'iad na blianta ba shona is ba thorthaighe d'ár mbeatha go léir iad,
dar liom, agus dá mbéadh mo rogha agam, b'fhearr liom iad ná na
sóláis agus na támhghailí is aoirde féin. Ag smaoineadh ar an
stór ró-luachmhar sin dom, deirim go buidheach beannachtach ó mo
chroidhe amach: "Moladh go deo leat, a Dhia, ar son na mblian
ngrásmhar do chaitheamar faoi bhuairt is faoi bhrón." 1



Ó, a Mháthair mhuirneach, nár luachmhar is nár shuairc í ár gcrois
ró-shearbh, mar nár éirigh as ár gcroidhthibh uilig ach osnaidheacha
grádha agus mór-bhuidheachais! Níorbh ag siubhal a bhíomar feasta
ach ag ritheacht, 'seadh ag eitilt linn ar chasán na foirbhtheachta.



Léonie agus Céline, cidh go rabhadar annsúd i lár an t-saoghail,
níor bhaineadar leis an saoghal a thuille. Na litreacha do scríobh-
aidís againne an tráth úd, táid lán d'úmhlacht iongantach do thoil
Dé. Agus na cómhráidhte a bhíodh agam féin le Céline 'san
phárlus! Á! níorbh é amháin nach ndearna crannghail an Charmail
sinn do dhealú ó n-a chéile, ach b'amhlaidh do dhlúthuigh sí le n-a chéile
sinn ní ba dhaingne ná riamh: b'iad na smaointe céadna, na
mianta céadna, an grá céadna d'Íosa agus d'anmnachaí a bhí ag



líonadh ár gcroidhthe araon. Oiread is focal amháin faoi neithibh
talmhaidhe ní labhruighimís a choidhche. Agus fé mar do ghnímís,


L. 105


tráth, ag Les Buissonnets, bhímís ag breathnú uainn, níor le súile
an chuirp feasta ach le súile an chroidhe, amach thar teorainn na
talmhan tadhaill seo agus na haimsire: agus d'fhonn sonas
síorruí suthain do shealbhú gan mhoill, do thoghamar an fulang agus
an dí-mheas mar chómhroinn ar an t-saoghal seo thíos.



An dúil a bhí agam 'san bhfulang bhí sí sásuighthe go maith. Ach
mar sin féin níor laghduigheadh ar an dtóir a bhí agam air: agus
an chráidhteacht a bhí ar mo chroidhe ba ghairid gur luigh sí isteach ar
m'anam bhocht mar an gcéadna. Bhí an tiormacht ag dul i méid;
ní raibh sólás le fáil agam ó Dhia ná ó dhaoinibh; ach i n-aimhdheoin
sin ní raibh 'sa mbith bán duine ba shona ná mise i gceart-lár
uisgeacha úd an dóláis a d'iarras féin chomh h-impidheach dúthrachtach
sin ar Dhia.



Sin mar do chaitheas aimsir mo luaidhteachta, ach mo nuar!
ba ró-fhada liom í. I ndeire na bliana, dubhairt ár Máthair liom
gan a bheith ag smaoineadh ar mo Dhílsiúchán do dhéanamh ar chor ar
bith, mar go raibh an t-Uachtarán eaglaiseach go daingean 'n-a
choinnibh. B'éigean dom fuireach go ceann ocht míosa eile!
Ba rí-dheacair liom ar dtúis foighneamh faoi ualach na h-íodhbairte
móire sin; ach ba ghairid gur shoillsigh an solus diadha i mo
chroidhe.



As leabhar leis an t-sagairt Surin .i. Bun-Rúin na Beatha
Spioradálta, is eadh do gheibhinn ádhbhar mo chuid machtnamh an
tráth úd. Lá n-aon, le linn na hurnuighe, tuigeadh dhom go raibh
mór-chuid den bhféin-ghrá measgtha leis an ndúil sin a bhí agam mo
mhóideana do thabhairt: mar, ó thárla gurbh áilleán beag le hÍosa
mé chun sóláis agus aitis do chur Air, nár chóir dhom ialach a chur
Air mo thoil-se do dhéanamh i n-ionad leigint Dó A thoil féin do
dhéanamh i mo thaobh. Agus thuigeas 'n-a cheann sin nach mbéadh an
bhrídeach taitneamhach le n-a céile lá na bainfheise muna mbéadh sí
gléasta amach go breá órnáideach le héadaigh áilne, agus b'fhollus
dom nach raibh aon ullmhú den t-saghas sin déanta agam féin go
fóill. Annsin dubhras le hÍosa mar seo: "Ní iarrfad Ort a
thuille leigint dom mo Dhílsiúchán a dhéanamh. Fuireóchad go
foighdeach chómh fada is a thogróchas Tú féin é. Tá aon rud amháin,
áfach, nach dtig liom a fhuilinnt .i. go gcuirfí mo dhlúthú Leat ar
gcúl, tré mo locht féin. Uime sin oibreóchad liom anois go dian
dícheallach le héadach fíor-áluinn órnáidighthe le néamhanna agus le
seódaibh de chuile shaghas do shníomhadh dhom féin. Agus nuair a
chífeas Tú go bhfuil an t-éadach seo sáitheach áluinn, táim cinnte


L. 106


nach mbéidh bac ná moill Ort annsin mé do ghlacadh Chugat féin
mar chéile."



Do dhírigheas ar an obair annsin le misneach úr-nua. Ón am a
bhfuaireas an Aibíd bhí soillsí móra bronnta orm ag Dia i dtaobh
foirbhtheachta na beatha-rialta, go háithrid i dtaobh móide na
bochtaineachta. Le linn aimsire m'iarrthóireachta, bhíodh tóir
agam ar na neithibh deasa foiristineacha i gcóir m'oibre agus
níorbh fhuláir liom gach rud feidhmiúl a bheith agam faoi mo láimh.
Ach do chuir Íosa suas liom go foighdeach, arae ní maith Leis gach
aon rud do nochtadh do'n anam 'san am chéadna; is ionnduail
nach dtugann Sé A sholus do'n anam ach uidh ar n-uidh.



I dtosach mo bheatha spioradálta, nuair a bhí a trí déag nó a
ceathair déag de bhliantaibh agam, d'fhiafruighinn díom féin céard
a thiocfadh liom a fhoghluim ní ba dheireannaí, mar b'fhacthas dom nach
bhféadfainn an fhoirbhtheacht do thuigsint ní b'fhearr. Ach ba
ghairid gur tuigeadh dhom, dá fhaide a ghluaiseas duine ar aghaidh
ar an mbóthar sin, gurab amhlaidh is fuide ó cheann cúrsa é, dar
leis. Táim sásta anois mé féin a fheiceál go mí-fhoirbhthe a
choidhche, agus cuireann sin lúthgháir orm fhéin.



Ach iomthúsa na gceacht údan do mhúin an Tiarna dhom. Tránóna
amháin i ndiaidh an Chompletorium chuaidh mé i gcoinne mo
lóchrainn go dtí an áit mar a mbídís do ghnáth, ach ní raibh sé ann
róm. Bhí tost mór na hoidhche ann i riocht is nár fhéadas dul 'á
éileamh. Dubhras liom féin gurbh é an chaoi a dtug siúr eile mo
lóchrann-sa chun siubhail léithi a' measadh gurbh é a ceann fhéin a bhí
ann. Agus b'amhlaidh a bhí. Ach an mbéadh orm féin uair a'
chluig mhór fhada a chaitheamh 'san ndorchadas de dheasgaibh an tuath-
ail sin? Agus go díreach an tránóna úd bhíos ag brath ar mhórán
oibre a dhéanamh. Muna mbéadh solus na ngrást i mo chroidhe is
cinnte go ndéanfainn casaoid: de dheasgaibh an t-soluis sin,
níorbh é amháin nach raibh mairgniú ar bith orm, ach bhíos go lúth-
gháireach ag machtnamh dhom gurab é is bochtaineacht dáiríribh ann
duine do bheith sásta nuair a baintear dhe ní h-amháin na rudaí
áisiúla ach fós na rudaí riachtanacha. Agus tháinic loinnir ó
Neamh isteach i m'anam thríd an dorchadas a bhí thart orm lasmuigh.
Tháinic an-dúil ar fad agam faoi'n am seo ins na rudaí ba
mhíothmhaire agus ba neamh-oiriúnaí. Bhí áthas orm d'á chionn sin
nuair a chonnaiceas an crúiscín gleoite a bhí agam d'á thógáil chun
bealaigh as ár seóimrín agus sean-chrúsca mór eagach d'á chur 'n-a
áit. Bheirinn iarrachtaí móra fosta ar gan mo leithscéal do


L. 106a


An tSr. Treasa 'n-a Nóibhíseach.


L. 107


ghabháil, rud ba rí-dheacair liom a dhéanamh, go mór-mhór le n-ár
Máistreás, mar nárbh áil liom aon rud do cheilt uirthe-se.



An chéad bhuadh dá rugas níor mhór le rádh é go deimhin, ach dar
liom ba dhaor a d'íocas air. Soitheach beag a d'fhág ní mé cé'n
duine ar lic fuinneóige fríothadh briste é. Shíl ár Máistreás
gur mise a d'fhág as a áit cheart mar sin é, agus dubhairt sí liom
a bheith níos cúramaí feasta, mar go rabhas go h-an-straoilleach;
i bhfocal amháin, bhí cuma na mí-shástachta uirthe i gceart. Phógas
féin an talamh gan focal amháin a rádh, agus gheallas di go mbéinn
níos slachtmhaire feasta. Mar adubhras ar ball ba mhór dócamhlach
liom na mion-ghníomhartha sin, mar gheall ar laghad mo shubháilcis,
agus bhíodh orm cuimhneamh go ndéanfaí gach aon rud do nochtadh
Lá an Bhreitheamhnais.



Bhínn ag iarraidh na mion-shubháilcí go mór-mhór do chleachtadh
faoi cheilt; ghnínn falaingeacha na Siúrach do chornadh nuair a
d'fhágaidís 'n-a ndiaidh iad, agus d'fhéachainn le gach soighleas a
dhéanamh dhóibh am ar bith a bhfuighbhinn an deis. Tháinic dúil agam
'san mbásúchán, leis, ach ní ceaduightí dhom an dúil sin do shásamh
ar bhealach ar bith. M'fhéin-ghrá do bhású b'shin é an t-aon ní
amháin do ceaduigheadh dhom, agus go deimhin ba mhó an maitheas a
rinne sin dom ná na básúcháin cholnaidhe go léir.



Ach cheana bhí an Mhaighdean Muire ag cabhrú liom le héadach úd
m'anama a dh'ullmhú. Agus ní túisge a bhí sé ullamh ná chuaidh na
constaicí go léir ar neamhní gur socruigheadh go mbéadh mo
Dhílsiúchán ann an 8adh lá de mhí Mheadhon-Fóghmhair, 1890. A bhfuil
inniste agam annseo i mbeagán briathar níor mhór scéal mór
fada le n-a innseacht 'n-a iomlán; ach tá mórán mór leathanach
den scéal sin nach léighfear ar an t-saol seo go bráth…


L. 108


CAIBIDIOL VIII.



An gcaithfead cur síos duit, a Mháithrín, ar na Cúrsaí Spior-
adálta do rinneas le haghaidh mo Dhílsiúcháin? B'fhada uaim gach
sólás i gcaitheamh na laetheanta sin; ní raibh agam ach tiormacht
gan taise i mo chroidhe gur shíleas go rabhas ionann 's bheith fágtha
ar fad. Bhí Íosa 'nA chodladh i mo churraichín mar ba ghnáthach Leis.
Á! chím gurab annamh a leigeas na hanamnacha Dhó codladh go sámh
ionnta. Tá an Máistir geanúil sin chomh tuirseach sáruighthe ó
bheith ag síor-thabhairt Uaidh do chách, 's go nglacann Sé go fonnmhar
leis an suaimhneas a bheirim féin Dó. Ní móide go ndúiseóchaidh
Sé a choidhche go mbeiridh fos mór na síorruíochta orm; ach i
n-ionad aon bhrón a bheith orm d'á dheasgaibh sin, is amhlaidh atá
lúthgháir agus glionndar croidhe orm.



Is fada ó bheith i mo naomh mé, go deimhin: agus ní beag a
bhfuil ráidhte agam ar ball le sin a chruthú. I n-ionad áthas a
bheith orm de bhárr mo thiormachta, ba chóir dom a cheapadh gurab
iad m'easbaidh chaon-dúthrachta is mo neamhdhílseacht is cionn-
tsiocair léithe. Badh chóir dhom bheith ag mairgniú is ag déanamh
bróin i ngeall ar an gcaoi a dtuitim i mo chodladh go minic le
linn na n-urnuighthe agus na n-altúchán. Agus féach! ní bhíonn
buairt ná brón dá laghad orm! Arae tuigtear dhom féin go
mbíonn an cion mór céadna ag túismightheoirí ar a bpáistíní pé
aca 'na gcodladh nó 'n-a ndúiseacht do na páistíní sin; tuigtear
dhom fós go gcuireann na dochtúirí a gcuid othar 'n-a gcodladh le
créacht-ghearradh a dhéanamh ortha: agus tuigtear dhom aríst
"go bhfeiceann an Tiarna ár lagbhrígheacht, go gcuimhnigheann Sé
nach bhfuil ionainn ach luaithreamhán." 1



Mar sin de, na Cúrsaí Spioradálta sin roimh mo Dhílsiúchán
bhíodar lán de thiormacht, ar nós na gcúrsa go léir do rinneas ó
shoin. Ach mar sin féin foillsightí dhom i ngan-fhios dom féin
céard a bhíodh le déanamh agam le toil Dé a choimhlíonadh agus leis
na subháilcí do chleachtadh. Thugas sin faoi deara go minic nach


L. 109


mian le hÍosa aon stór do thabhairt dom le cur i dtaisce. Riar-
ann Sé orm beatha úr-nua ó nóiméid go céile; gheibhim ionnam féin
í, gan a fhios a bheith agam cé'n chaoi a dtagann sí ann. Creidim
gurab É Íosa féin atá foluighthe i bhfíor-íochtar mo chroidhín bhoicht,
agus gurab Eisean a oibrigheas ionnam ar dhóigh rúindiamhrach agus
a chuireas i n-umhail dom céard is toil Leis do dhéanfainn ar an
nóiméid seo i láthair.



Tamaillín roimh mo dhílsiúchán fuaireas beannacht an Phápa
ó'n Róimh thríd an Bhráthair Oirbh. Simeón; agus ba mhór an gar
go dtáinic an bheannacht chéadna sin, mar táim cinnte gurbh í do
chuidigh liom an ceann-ab'-fhearr a fháil ar an gcathú do b'fhíochmhaire
dár bhuail umam le mo bheó.



Tránóna an lae roimh an Dílsiúchán, tráth a mbíonn duine go
lúthgháireach suairc do ghnáth, thuit sé in mo cheann go tobann nach
raibh i mo ghairm ach taidhreamh agus siabhrán. Bhí an mac mallach-
tain, mar b'é a bhí ann, bhí sé 'á áiteamh orm nach raibh aon luigheadh
agam le gairm bheatha an Charmail 'chor ar bith, agus nach rabhas ach
ag mealladh na n-Uachtarán le bheith ag iarraidh an bealach sin do
ghabháil agus gan aon ghairm agam chuige. D'éirigh an doircheacht
chomh duaibhseach tiugh sin i mo chroidhe nár léar dhom ach an t-aon ní
amháin .i. nach raibh aon ghairm do'n bheatha-rialta agam, agus ó
thárla nach raibh, go gcaithfinn an saoghal mór amach do thabhairt
orm féin.



Á! nach mé a bhí go ciaptha cráidhte! Céard a bhí le déanamh i
gcruadhchás chomh do-fhuascluighthe sin? Chuireas róm an rud do
b'fhearr a dhéanamh .i. an cathú sin do nochtadh d'ár Máistreás
gan aon mhoill. Ghlaodhas liom amach as an gCóraidh uirthe, agus
cidh go raibh náire agus ceann-fé orm d'á bhárr, d'innsigheas gach
aon rud go lom díreach dhi. Bhí léargus ní ba ghéire aice-se ná mar
a bhí agam féin, agus ní dhearna sí ach gáiridhe faoi'n scéal ar fad
agus a rádh liom gan imní ná mí-shuaimhneas ar bith a bheith orm.
Thairis sin, an gníomh úmhluigheachta a bhí déanta agam chuir sé an
ruaig ar an ndeamhan mar a bhéadh comhacht draoidheachta ann.
Séard a bhí uaidh mé do chongbháilt gan mo chathú do nochtadh agus
mé do tharraint isteach 'n-a líontaibh ar an ndóigh sin. Ach
chuireas féin a chuid cleas ar neamhní; agus mar bhárr ar mo
ghníomh umhluigheachta d'innsigheas gach aon rud d'ár Máthair
freisin, agus rinne a freagra sólásach gach aimhreas agus buairt
do scaipeadh go glan agus go hiomlán.



Ar maidin an 8adh Meadhon-Foghmhair tháinic tuile mhór síochána


L. 110


isteach i mo chroidhe, agus san t-síocháin sin atá ós cionn gach
céadfadh 1 thugas mo mhóideana beannuithe. D'fhéadfá a rádh gur
mise a d'iarr na grásta líonmhara an mhaidin úd! Bhraitheas gur
"Ríoghan" go fíor mé feasta, agus bhaineas feidhm as mo
theidiol le beannachta saidhbhre fairsinge an Rí a fháil d'Á mhur-
sanaigh míobhuidheacha. Níor dhearmadas aoinne: B'é mo dhúil i's
mo ghuidhe go ndéanfaí peacuigh uilig an domhain mhóir d'iompáil
an lá sin, agus go scaoilfí saor amach 'chuile anam dá raibh i
ngéibheann 'san Phurgadóireacht. Bhí an nóta seo ar iomchar
agam i m'ucht, leis, ag iarraidh a raibh uaim féin.



"A Íosa, a Chéile Dhiadha, tabhair dhom nach saileóchar a choidhche
éadach gléigeal mo bhaiste! Tóg Chugat féin mé shul dhá leigtheá
dhom m'anam do thruailliú annseo thíos leis an míghníomh toilteanach
is lugha ar bith a dhéanamh. Nár thóirighead is nár fhághad a choidhche
ach Thú féin amháin! Go mba neamhní liomsa gach créatúir agus go
mba neamhní leo siúd mé féin! Nár bhainidh aon ní ar an t-saol
seo do mo shíocháin!



"A Íosa dhil! Ní iarraim Ort ach síocháin!… 'Seadh,
síocháin, agus thar gach ní grá mór gan críoch gan teora! A Íosa!
go bhfághad bás i mo mhairtíreach ar Do shon-sa. Tabhair dhom
mairtíreacht an chroidhe nó mairtíreacht na colna — ní headh, acht
tabhair dhom iad araon i n-éinfheacht, a Mhúirnín mh'anama!



"Cuidigh liom mo dhualgaisí do choimhlíonadh go cruinn beacht
is go hiomlán; nár chuiridh aoinne suim ná spéis ionnam;
go ndéantar dearmad orm ar fad; go sataltar faoi chois mé ar
nós an ghráinnín gainmhe. Toirbheirim mé féin Duit-se, a Ghrá
dhil, le go ndéanfaidh Tú do thoil naofa do choimhlíonadh ionnam
go hiomlán gan a bheith ar chumas aon chréatúra bac ná cosg do
chur leis go héag."



Um thránóna an lae shona sin chuireas mo choróinn rósaí
uaim ag cosaibh na Maighdine Beannuithe, do réir an ghnáis, agus
ní raibh cumhaidh ar bith ar mo chroidhe; d'airigheas nach ndéanfadh
an aimsir m'aoibhneas do bhaint díom…



Lá Beirthe na Maighdine Muire! Nárbh áluinn go deo an lá
fhéile é 'n-a ndearnadh céile d'Íosa dhíom! B'í an Mhaighdean
bheag bheannuithe aon-lae a bhí ag seachadadh a blátha bhig do'n
Leanbh Bheag Íosa. Bhí chuile rud go beag bídeach an lá údan cé's
moite de na grásta a fuaireas féin, agus an t-síocháin agus an


L. 111


lúthgháir a bhí ar mo chroidhe ag breathnú uaim suas dom ar na réal-
tógaí lonnracha tránóna thiar, agus ag machtnamh dhom go mbéinn
ag eitilt liom gan mhoill go Flaitheas na ngrást le mé féin
d'aontú le mo Chéile diadha i lár an aoibhnis síorruí annsúd thuas.



An 24adh lá de'n mhí chéadna bhí ceremóint Glacadh-na-Caille
ann. Féile bhrónach dheórach do b'eadh í ar gach bealach. Níor
leig an tinneas do m'athair teacht le n-a ríoghan bheag do bheannú;
agus Mthrn. Hugonin a bhí le bheith i láthair i gcóir na ceremóinte,
thuit rud éigin amach ag an nóiméid deireanach do choimeád gan
teacht é; agus bhí go leór rudaí eile freisin do chuir brón agus
duairceas ar an bhFéile sin… Bhí an t-síocháin, áfach, an
t-síocháin chéadna i dtóláimh, agam i n-íochtar mo chailíse. An lá
údan, b'é toil Íosa nár fhéadas na deóra do chosg… agus níor
tuigeadh siocair na ndeór sin… Is fíor gur fhulaingeas
fromhtha i bhfad ní ba mhó ná an ceann sin gan gol; ach má
fhulaingeas, bhí grásta comhachtacha Dé ag cuidiú liom annsin;
an 24adh lá úd, áfach, d'fhág Íosa taoibh le mo ghustal féin mé,
agus thaisbeánas chomh suarach agus a bhí an gustal sin.



Ocht lá i ndiaidh mo Ghlacadh-na-Caille, phós ár gcol-ceathair
Siubhán Guérin, phós sí an Dochtúir La Néele. An chéad uair a
dtáinic sí ar cuairt chugainn i ndiaidh na bainfheise, chualas í ag
cur-síos ar an gcaoi a raibh sí ag déanamh an uile shaghas rudaí
le pléisiúr a thabhairt dá fear, agus d'airigheas mo chroidhe ag
preabarnaigh i mo chliabh: "Ní bheidh sé le rádh," arsa mise liom
féin, "go ndéanfaidh bean 'san t-saol níos mó ar son a céile,
nach bhfuil ann ach duine, ná mar a dhéanfad-sa ar son Íosa, Céile
m'anama féin." Agus chromas le dúthracht úr-nua ar mo dhícheall
do dhéanamh le bheith taithneamhach i ngach aon rud le mo Chéile diadha,
le Rí na ríogh, do dheónuigh mé do thógáilt suas agus mé d'aontú
leis féin.



Ar léigheamh leitre "Foláramh-na-Bainfheise" 1 dhom, rinneas
féin an cuireadh seo a leanas do chumadh mar chaitheamh-aimsire
dhom féin, agus léigheas do na nóibhísigh é, le go gcuirfinn i
dtuisgint dóibh an rud a chuaidh 'na luighe chomh doimhin sin ar
m'aigne féin .i. nach bhfuil ach neamhní i nglóire na bpósta dtal-
mhuidhe i gcomórtas leis na teidil uaisleachta a bronntar ar
chéilí Íosa:



1 Lettre de faire-part du mariage — Litir í seo a cuirtear amach i
n-ainm túismightheóiri agus gaolta an t-é atá le pósadh 'á chur i bhfios dá
gcáirdibh go bhfuil an pósadh le bheith ann, agus ag tabhairt chuiridh dhóibh.


L. 112


"Ó Dhia Uile-Chomhachtach, Cruthuightheóir neimhe agus talmhan,
Árd-Rialtóir na cruinne, agus ó'n Mhaighdin Ghlórmhair Mhuire,
Bainríoghan mór-shluagh na bhFlaitheas, Buadh is Beannacht! Tugtar
faisnéis duit leis an leitir seo ar phósadh spioradálta a Mic
ró-uasail, Íosa, Rí na ríogh agus Tiarna na dtiarna, le Treasa
Bhig Ní Mháirtín atá anois 'n-a Bainfhlaith is 'n-a Baintiarna
ar na ríoghachtaí do thug a Céile diadha mar spré Leis, mar atá
leanbhánacht Íosa agus A Pháis ó n-a dtagann chuici a cuid teidiol
uaisleachta: LEIS AN LEANBH ÍOSA AGUS LEIS AN AGHAIDH
NAOFA.



"Níor féadadh cuireadh do thabhairt duit chun na Bainfheise do
ceileabhradh ar Shliabh Carmail an 8adh lá de Mheadhon Foghmhair,
1890, mar nach raibh cead ag aoinne ach ag slóighte na bhFlaitheas
amháin bheith i láthair. Ach iarrtar ort teacht go dtí an Chéilidhe-
chuimhneacháin a bhéas ann i mbárach, lá na Síorruíochta, an lá a
thiocfas Íosa Mac Dé idir néaltaibh Neimhe le gradam agus le
comhacht A mhórdhachta chun breitheamhntais do thabhairt ar bheóibh
agus ar mharbhaibh.



"Ó's rud é go bhfuil an uair neamh-chinnte go fóill, iarrtar
ort a bheith réidh agus faire a dhéanamh."



An bhliain i ndiaidh mo Dhílsiúcháin fuaireas grásta móra le
linn na gCúrsa Spioradálta coitcheann. Pionós mór dhom na
Cúrsaí Spioradálta le seanmóintí, do ghnáth; an bhliain sin, áfach,
ní hamhlaidh a bhí. Rinneas mé féin d'ullmhú le n-a n-aghaidh le
Nóbhéna an-dúthrachtach, mar shíleas go rabhas le mórán a fhuilinnt!
Bhí sé amuigh ar an tsagart gurbh fhearr é chun peacach dh'iom-
páil ná chun daoine-rialta do sheóladh ar aghaidh ar shlíghe na foir-
feachta. Bhail, peacach an-mhór atá ionnam féin mar sin, arae
rinne Dia na Glóire mé do shólású thríd an tsagart naofa sin.



Bhíos dom' chiapadh an uair úd leis an uile shaghas dólás inmheadh-
onach, agus gan ar mo chumas iad do nochtadh, mar a shíleas.
Agus, féach! ag labhairt leis an tsagart sin dom, d'eirigh liom
mo chroidhe a dh'oscailt go háluinn i riocht is gur thuig sé gach
aon rud go cruinn fiú amháin nuair nárbh fhéidir liom ach leath-
fhocal a rádh. Do sgaoil an sagart amach fá lán-tseóil mé ar
dhromchla bóchna móire na muiníne is an ghrádha a bhí dhom' tharraingt
chomh tréan sin cheana féin, ach nach leomhuighinn corruighe ó'n dtráigh.
Dubhairt sé liom nach gcuireadh mo lochtaí buaireamh ar Dhia:
"Ar an nóiméid seo," ar seisean, "táim-se ag labhairt leat
i n-A ainm siúd, agus deirim leat go bhfuil Sé lán-tsásta le
d'anam."


L. 113


Ó! nach mé a bhí go haiteasach ar chloisteál na cainnte sin dom!
Níor chualas aoinne 'á rádh ariamh go nuige sin go bhféadfadh
lochtaí an duine gan buaireamh do chur ar Dhia. Chuir an deimhniú
sin áthas an domhain mhóir orm, chuidigh sé liom deóruíocht na
beatha léanmhaire seo d'iomchar go foighdeach. Agus 'na cheann
sin, ní raibh ann ach mac-alla smaointe mo chroidhe féin; mar
chreideas féin le fada riamh go bhfuil an Tiarna níos cineálta
ná máthair, agus ní ar aon chroidhe máthar amháin atá eolas
doimhin agam-sa! Tá a fhios agam go mbíonn an mháthair réidh
i dtóláimh le mí-chneastachtaí neamhthoilteanacha a leinbh do
mhaitheamh. Nach iomdha sin uair do cuireadh an fhírinne shuairc
sin 'n-a luighe orm féin! Ní dhéanfadh imdheargadh ná ceartú
ar bith mé do bhogadh mar do bhogfadh aon bharróg amháin uait-se
mé, a Mháithrín mhilis. 'Sé an cineál duine atá ionnam-sa go
ndéanann an faitíos mé do chur ar gcúl; ach bheir an grádh
orm gluaiseacht ar aghaidh go lúthmhar éadtrom gasta!



Dhá mhí i ndiaidh na gCúrsa dtorthach sin, d'imthigh ár bhFothuigh-
theóir Oirbh. an Mháthair Geneviève de Sainte Thérèse, ó n-ár
gCarmail bheag le dul isteach i gCarmal na bhFlaitheas.



Ach sul má labhróchad leat faoi n-a bás, badh mhaith liom a
dh'innseacht duit, a Mháithrín, cé'n lúthgháir mhór atá orm faoi rádh
is gur chaitheas mórán blianta i n-éindigh le naomh nach bhfuil sé
thar ár gcumas aithris a dhéanamh uirthe, duine do naomhuigheadh le
subháilcí foluighthe coitchianta. Fuaireas féin sóláis mhóra
uaithe go minic.



Domhnach amháin ag dul isteach ins an otharlann dom le mo chuairt
bheag a dhéanamh, chonnaiceas beirt de na máithreacha aosta róm
istigh 'n-a cuideachtain. Bhíos ag tarraingt siar go réidh, nuair
do ghlaoidh sí i leith orm agus adubhairt liom, mar a bhéadh Dia ag
labhairt tríthi: "Fan ort go fóilleach, a thaisce, tá focal
amháin agam le rádh leat: bíonn tú 'á shíor-iarraidh orm róisín
spioradálta a thabhairt duit: agus is mian liom an ceann seo a
sheachadadh dhuit indiu: Déan seirbhís Dé maille le síocháin
agus le h-áthas; Dia na síochána iseadh ár nDia-na. Déan do
mhachtnamh air sin, a leanbh."



Ní dhearnas ach mo bhuidheachas do ghabháil léithe go mín agus
teacht amach; ach bhíos chomh suaighte is gur bhris na deóra faoi mo
shúilibh, mar bhíos cinnte go raibh Dia tar héis stáid m'anama
do nochtadh dhi. An lá údan bhí mo smaointe dhom' chiapadh nó go
rabhas brónach beagnach agus gan a fhios agam a thuille, de dheascaibh


L. 114


na doircheachta is an duaircis, an raibh grá ag Dia dhom 'chor ar
bith. Tuigfir féin, a Mháthair ionmhuin, cé'n lúthgháir mhór agus
an sólás a tháinic isteach i mo chroidhe ag scaipeadh na doircheachta
go léir…



An Domhnach d'ár gcionn bhí fonn orm a fháil amach cé'n foillsiú
a bhí fáighte ag an Mháthair Geneviève, ach dubhairt sí liom nach
bhfuair sí foillsiú ar bith. Agus ba mhó an t-iongantas a bhí orm
annsin, mar b'fhollus dom an chaoi a raibh Íosa 'n-a croidhe agus
gur thríd Íosa d'oibrighead sí is do labhruigheadh sí. Á! sin i
an naofacht is fírinnighe, dar liom féin, is í an naofacht is naofa
í; 'sí atá uaim-se fosta, mar níl aon mhealladh a' baint léithe.



An lá ar imthigh an Mháthair gheanúil sin ó dheóruíocht an tsaoghail
seo go hathardha na bhFlaitheas, fuaireas-sa grás mór ar leith ó
Dhia. B'shin é an chéad uair ariamh a rabhas i láthair le linn bás
a fháil do dhuine, agus ba bhreá go deó liom é mar radharc! Ach i
rith na dá uair' a' chluig a chaitheas ar cholbha a leabthan agus í ag
saothrú an bháis, ghabh neamhmhothuightheacht éigin mé; agus bhíos
buartha dá dheasgaibh sin, nuair, féach! ar an nóiméid chéadna nar
shéalthuigh ár máthair, tháinic athrú iomlán ar mo chroidhe. I
bhfaiteadh na súl, mhothuigheas mé féin lán de lúthgháir agus de
dhúthracht do-inniste, mar a bhéadh anam aoibhinn ár máthar tar
héis cuid de'n t-sonas a bhí aici féin faoi seo do thabhairt dom;
mar táim lán-chinnte go ndeachaidh a hanam glan díreach isteach i
gCathair gheal na Glóire.



Lá n-aon, nuair a bhí sí beó, dubhras léithi: "A Mháthair, ní
rachaidh tusa go Purgadóireacht 'chor ar bith." "Tá súil le Dia
agam nach rachaidh!" ar sise go caoin. Is cinnte nach dtiocfadh
le Dia na glóire gan toradh a thabhairt ar an ndóchas lán-umhal
san; agus ní beag dhúinn mar dheimhne air na tíodhlaicthe líonmhara
atá fáighte againn tré n-a h-eadarghuidhe.



Bhí fuadar faoi na siúracha go léir ag iarraidh taise éigin do
bhain le n-ár Máthair ionmhuin fháil, agus tá a fhios agat-sa, a
Mháithrín, cé'n ceann atá i dtaisce agam féin go cúramach. Le
linn a bás-chomhraic thugas deór faoi ndeara ar fhabhar léithi agus
é ag lonnrú mar a bhéadh néamhann lóghmhar ann. An deór údan,
an deór deireanach d'ár shil sí ar talamh, níor thuit sé; chonnaic-
eas annsúd ag lonnrú fós é nuair a bhí a corpán leagtha ós cionn
cláir san Chóraidh. Annsin thugas liom stiall bheag de lín-éadach
mhín gur éaluigheas isteach go dtí an corpán tránóna thiar i ngan
fhios do chách, agus anois tá deór deireanach naoimh i mo sheilbh agam.


L. 115


Ní mórán suime a chuirim i mo chuid brionglóidí, agus pé
acu san é, is annamh a bhíos brionglóid samhaltach agam: is minic
mé 'á fhiafruighe dhíom féin cé'n fáth nach mbíonn Dia i m'inntinn
níos minicí agus mé i mo chodladh, ó thárla go mbím ag smaoineadh
Air ó mhaidin go faoithin. Faoi choilltibh, faoi bhláthana, faoi
shruthláin cheólmhara, faoi'n bhfairrge mhóir is mó a bhím ag brion-
glóid. Chím páistíní deasa, beirim ar fhéileacáin agus ar
éanlaithe nach bhfacas a leithéidí ariamh. Mar is follus duit, a
Mháithrín, má tá cuma fileata ar mo chuid brionglóidí, nílid
rúndiamhrach ar bhealach ar bith.



Oidhche amháin, áfac, iar mbás na Máthar Geneviève, bhí brion-
glóid ní ba shólásaí agam. B'fhacthas dom go raibh an Mháthair
naofa ag tabhairt rud' éigin d'ár bhain léithi do gach duine againn.
Ach nuair a tháinic mo sheal-sa, shíleas nach rabhas le rud ar bith
a fháil, mar bhí a lámhaí folamh. Do dhearc sí orm go cineálta
agus adubhairt liom chomh maith le trí h-uaire: "Fágaim mo
chroidhe agat-sa."



Mí i ndiaidh an bháis naofa sin, sé sin le rádh i ndeire na bliana
1891, do luigh an galar treascarthach sin, an ulpóg, go trom ar ár
gcoimhthionól. Ní tháinic ach taom éadtrom orm-sa i riocht is
gur fhéadas bheith im' shuidhe, mé féin agus beirt bhan-rialta eile.
Níl léigheadh ná innseacht scéil ar an gcuma bhrónach anróiteach a
bhí ar ár gCarmal i gcaitheamh na laetheanta léanmhar sin. Na
siúracha a bhí go han-dona bhí siúracha eile, nach raibh ach tarraint
na gcos ionnta féin ar éigin, ag tabhairt aire dhóibh. Bhí an
bás ag déanamh léirsgriosa ar gach taobh, agus níor thúisce a
bhíodh siúr básuighthe ná caithtí imtheacht uaithe láithreach ionns ar
dhuine eile.



Oidhche chinn mo naoi mblian déag do cuireadh brón mór orm
tré bhás ár Máthar Fo-Uachtaráin, a rabhas féin i láthair le linn
a bás-chomhraic i n-éindtigh leis an otharuidhe. Agus fuair beirt
eile bás go h-aibéil 'n-a dhiaidh sin. Bhíos féin im' aonar annsin
san Éardam, agus níl a fhios agam beó cé'n chaoi a raibh sé ar
mo chumas an obair go léir a dhéanamh.



Maidin amháin nuair do múscluigheadh na siúracha, mhothuigheas
mar a bhéadh rud éigin 'á rádh liom go raibh an tSiúr Magdalén ar
shlí na fírinne. Bhí dorchadas 'san phasáiste agus gan duine ar
bith de na siúracha ag teacht amach as na cillíní. Chuireas róm
dul isteach i seoimrín na siúrach Magdalén, agus cinnte go leór,
bhí sí annsúd agus a cuid éadaigh uirthi a's í sínte siar go mín


L. 116


marbh ar a leapthain. Ní raibh sgáth dá laghad orm; ritheas liom
go beó go dtí an Éardam go dtugas liom an choinneal-Mhuire is
gur chuireas coróinn rósaí ar a ceann. I lár an léirsgriosa
go léir d'airigheas lámh Dé orainn agus A Chroidhe Ró-Naofa ghár
gcúmhdach go grádhmhar geanúil! Shéalthuigh ár siúracha go ciúin
síochánta gan mhairg gan bhrón, mar bhí an fhíor-bheatha shíorruí
rompa thall. Bhí an lúthgháir neamhdha ag lonnrú ar a n-aighthe
agus shílfeá orthubh nach marbh a bhíodar 'chor ar bith ach 'n-a gcodladh
go sámh.



I gcaitheamh na seachtainí buan dólásach sin d'fhéadas féin
an Chomaoin Naofa do ghlacadh gach maidin. Á! nár shuairc an
sólás dom é! Rinne Íosa mé do mhilleadh leis an gcineáltas sin
go ceann i bhfad, ní b'fhuide ná A chéilí díbhse, mar ar a bheith
thart do'n ulpóig, thagadh Sé chugam gach maidin go ceann roinnt
míosa fós, cidh nach raibh an sólás sin ag na mnáibh-rialta eile
chor ar bith. Níor iarras féin an éisceacht sin, ach bhí áthas
an-mhór orm mé féin d'aontú le Grádh mo chroidhe gach maidin.



Bhí áthas orm leis gur bh'fhéidir liom na soithigh naofa do
láimhseáil agus na lín-éadaigh bheaga a raibh Corp Íosa le luighe
orthubh d'ullmhú. D'airigheas go gcaithfinn a bheith go h-an-dhíog-
raiseach, agus ba mhinic mé ag cuimhneamh ar bhréithribh an fháidh:
"Bídhidh naofa, sibh-se a iomchruigheas soithigh an Tiarna." 1



Céard a déarfad leat, a Mháithrín, faoi na h-altúcháin do
ghnínn an tráth úd, agus i gcomhnuí, i ndiaidh na Comaoine Naofa?
Níl am ar bith is lugha a mbíonn sólás nó suairceas agam! Agus
ar ndóigh, luigheann sin le nádúr, ó's rud é nach mar shásamh dhom
féin is mian liom Íosa do ghlacadh isteach im' chroidhe ach le sólás
do chur Air féin amháin. Samhluighim m'anam le sgreablach beag
talmhan, agus iarraim ar an Maighdin Bheannuithe an luifearnach,
sé sin le rádh, mo chuid mí-fhoirfeacht, a ghlanadh chun bealaigh as;
annsin aithcim uirthi puball breá áirgeamhail do chur suas i gcóir
Íosa, agus é d'órnáideadh ar a rogha caoi. Bheirim cuireadh
annsin do na hAingil agus do na Naoimh teacht isteach ann agus
cainticí-grádha do chanadh. Chídhtear dhom go mbíonn Íosa go lán
t-sásta leis an bhfáilte mhóir chaithréimigh a cuirtear Roimhe;
agus bím féin rann-pháirteach 'n-A gháirdeachas. Ach ní fhágann
sin nach dtagann na mearúcháin agus an codladh dhom' chiapadh;
agus is minic a chuirim róm leanacht dem' altú an lá go léir,
cionn's go ndéanaim chomh mainneachtnach sin ar maidin é.


L. 116a


An tSr. Treasa 'san Éardam.


L. 117


Chíonn tú, a Mháthair ionmhuin, nach é bealach an fhaitís a ghabhaim-
Se 'chor ar bith: tig liom bheith go sona sásta i dtóláimh agus
tairbhe a bhaint as mo thrioblóidí beaga go léir. Agus bheir an
Tiarna féin cuireadh dhom gluaiseacht liom ar aghaidh ar an mbealach
sin. Maidin amháin thárla go rabhas buartha, rud ba neamh-
ghnáthach liom, ag dul suas dom leis an gComaoin Naofa do ghlacadh.
Le roinnt laetheanta roimhe sin ní raibh abhlainní go leór ann agus
ní fhághainn féin ach blódh. Agus an mhaidin údan rinneas an
machtnamh seo, gan mórán d'á chúis a bheith agam: "Muna
bhfághaidh mé ach leath-abhlann indiu, tuigfear dhom go bhfuil mar a
bhéadh drugall ar Íosa teacht isteach im' chroidhe!" Téighim ar mo
ghlúine… Ó! a lúthgháir nach féidir a innseacht! Stadann an
sagart annsúd ós mo chomhair go dtugann sé dhom dhá abhlainn
agus iad deighilte go maith ó n-a chéile! Nár bhinn an freagra
é sin?



Nach iomdha ádhbhar buidheachais agus altuighthe do Dhia atá agam-
sa, a Mháthair dhil! Innseóchad rún beag páistiúil eile dhuit:
Thaisbeán Dia an trócaire chéadna dhomh-sa is do thaisbeáin sé do
Sholamh rí. Gach aon dúil d'á raibh agam ariamh do sásuigheadh iad;
ní h-amháin na dúile a bhí agam 'san bhfoirfeacht ach fós na dúile
gur thuigeas féin a mbaois cidh nár bhlaiseas de'n bhaois sin. Ó
thárla go rabhais-se mar chuspóir agam i gcomhnuí riamh, níor
bhfuláir liom aithris a dhéanamh ort i ngach aon rud. Chonnaiceas
ag gaisdiú phictiúiríní fíor-áluinn agus ag Ceapadh duanógaí
breágh thú, agus bhínn ag smaoineadh go mb'aoibhinn dom féin dá
mb'fhéidir liom gaisdidheacht a dhéanamh fosta, 1 agus mo chuid
smaointe do nochtadh i bhfilíocht d'fhonn maitheas a dhéanamh
mágcuairt díom. Ach níor bh'áil liom na tíodhlaicthe aiceanta sin
a iarraidh ar Dhia, agus mar sin de, d'fhan mo mhian i bhfolach i
n-íochtar mo chroidhe. Ach bhí Íosa annsúd istigh 'san gcroidhín
bhocht sin mar an gcéadna, agus do dheónuigh Sé a chuir i dtuigsint



1 Bhí an mian sin i dtaisce 'n-a croidhe ag Treasa ó bhí sí 'n-a leanbh.
I bhfad 'n-a dhiaidh sin dubhairt sí féin mar leanas: Bhí deich mbliana
d'aois agam an lá a dubhairt m'athair le Céline go rabh sé ag brath ar í a
chur ag foghluim gaisdidheachta. Bhíos féin i láthair agus mé ag éad léithi i
ngeall ar an bhfaill bhreá a bhí aici. Dubhairt m'athair liom: "Agus tusa,
a rioghan bheag, nár mhaith leat-sa gaisdiedhacht a fhoghluim, leis!" Bhíos ar
tí a fhreagairt go haiteasach go mba bhreá liom é, ach labhair Máire agus
chuir sí i n-iúl dó nár bh'ionann éirim do Céline agus domh-sa. D'aontuigh
m'athair léithe go réidh; agus b'fhacthas dom féin go raibh deis mhaith agam
le h-íodhbairt mhór dh'ofráil d'Íosa agus d'fhanas i mo thost. Bhí dúil chomh
mór agam an ghaisdidheacht a fhoghluim is go bhfiafruighim díom féin indiu
cé'n chaoi a rabhas i n-ann mé féin do chongbáilt gan labhairt.


L. 118


dom uair amháin eile nach bhfuil i ngach ní saolta ach ceó. D'eirigh
liom mórán oibreacha gaisdidheachta a dhéanamh agus duanógaí
do cheapadh, i dtreó go raibh iongantas mór ar na Siúracha; agus
thug Dia dhom maitheas do dhéanamh d'anmnachaí áithride. Agus fé
mar do chonnaic Solamh, "nuair d'iompuigh sé agus do dhearc ar
oibreacha a lámh agus a raibh d'á nduadh fáighte aige i n-aistear,
nach bhfuil i ngach ní fé luighe na gréine ach baois agus buaireamh
aigne," 1 d'fhoghluimeas féin mar an gcéadna tré chiall cheannuighthe
gurab é an t-aon t-sonas amháin atá ar an dtalamh seo duine
féin do cheilt, agus fanacht i n-ainbhfios iomlán neithe an tsaoghail
seo. Thuigeas nach bhfuil ins na hoibreacha go léir, gan an grá'
ach neamhní, dá mb'iad na hoibreacha is iongantaí ar bith iad.
'N-áit aon dochar a dhéanamh dhom nó m'anam do ghortú, 'sé rud a
ghníos tiodhlaicthe iomadúla an Tiarna mé do tharraingt Chuige
féin, mar chím gurab É féin amháin atá gan chlaodhchlódh agus gurab
É féin amháin a fhéadas na dúile móra gan teóra atá im' chroidhe
do shásamh.



Ó's ag cainnt ar mo dhúile dhom é, innseóchad duit faoi dhúile
de shaghas eile a bhí agam agus do dheónuigh Íosa a choimhlíonadh,
freisin: dúile leanbaidhe dob' eadh iad, ar nós na dúile a bhí
agam 'san tsneachta an lá a rabhas ag fáil na hAibíde. Tá a
fhios agat, a Mháithrín, cé'n tóir mhór atá agam ar bhláthana.
Tráth a ndearnas cime dhíom féin san Charmal i n-aois mo chúig
mblian déag, chuireas suas go deó de'n phléisiúr a bhíodh agam ag
ropadh liom ar na bántaibh agus iad clúduithe le bláthana áilne
ioldathacha an earraigh. Agus féach! ní raibh an oiread sin bláth-
ana agam ariamh is a bhí agam ó tháinic mé isteach 'san Charmal.



Nós é amuigh ar an tsaoghal go ndéanann na céilí dornáin
deasa bláthana do sheachadadh d'á mbrídeacha: agus níor chlis
Íosa ar a bhrídeach bhig féin… Na bláthana go léir is mó a
bhfuil tóir agam orthubh, an chailleach dhearg, goirmíní, nóiníní
móra, cuirtí chugham isteach iad 'n-a gceathanna fairsinge i gcóir
A altórach. Bhí bláithín amháin do b'ionmhuin liom .i. an coireán
coilleach, bhí sin ar iarraidh ó'n gcnuasacht, agus bhí dúil mhór agam
é a fheiceál aríst. Agus féach! tháinic sé sin isteach chugam le
goirid freisin 'á chur i n-umhail dom go dtugann Dia na bhfeart
luach-saothair fó chéad ar an t-saoghal seo féin do'n druing a
thréigeas gach ní ar A shon.



Bhí dúil amháin agam gan coimhlíonadh go fóill, agus b'í an dúil


L. 119


ba dhoimhne d'á raibh agam í, agus an ceann ba dho-choimhlíonta i
ngeall ar a lán fáthanna. B'í dúil í ná Céline do theacht isteach i
gCarmal Lisieux. Ach cheana bhí sí íodhbairthe agam go hiomlán
do Dhia agus d'fhágas faoi Dhia amháin í le go ndéanfadh Sé A
thoil naofa do choimhlíonadh innti. Dá gcaitheadh sí imtheacht go
dtí na réigiúin do b' imigcéiniúla féin, níor mhisde liom é, dá
mb'é toil Dé é: ach theastuigh uaim í a fheiceál n-a céile ag
Íosa, mar a bhíos-sa. Á! nach mé a d'fhuiling ag machtnamh dhom
ar an gcaoi a rabh sí i lár an t-saoghail i gcontabhairtí nár chuireas
féin eólas orthubh ariamh! An gean a bhí agam uirthe bhí sé mar a
bhéadh gean máthar ar a leanbh, mar níor bhfuláir liom a h-anam a
chúmhdach agus do thabhairt slán. Lá n-aon, bhí sí le dul go sgoruidh-
eacht saoltánach i n-éindtigh le m'aintín agus le mo chol-ceathair.
Ar n-a chloisteál sin dom bhíos ní ba bhuartha ná riamh, pé ar bith
cé'n fáth a bhí leis, gur shileas na frasa deór 'á iarraidh agus 'á
athchuinge ar Íosa í do chongbháilt gan damhsadh… Agus
b'shin é díreach an rud do thuit amach! Níor fhág Sé ar chumas A
leannáin ionmhuine rinnce an tránóna údan- cidh gurbh í a bhí
i n-ann rinnce go foisdineach deas do ghnáth — agus a cómh-
rinnceóir féin níor fhéad seisean damhsadh ach oiread le chéile,
níor fhéad sé ach siubhal anonn is anall go mall solmánta
agus an ainnir le n-a chois, rud do chuir iongnadh an-mhór ar a
raibh cruinn. Iar sin d'éaluigh an t-óigfhear sin i leathtaoibh agus
náire shaolta air, agus níor leig an náire sin dó an t-úrlár do
thabhairt air féin an oidhche sin aríst. Mhéaduigh an t-eachtra
iongantach sin ar mo mhuinín as Dia, mar chuir sé i n-umhail dom
go soiléir go raibh séala Íosa ar mo dheirbhshiúr ionmhuin fosta.



Anuiridh an 29adh lá de mhí an Iúil, thóg an Tiarna chuige féin ár
n-athair naofa tar héis a ndeachaidh sé thríd! Le dhá bhliain roimhe
sin bhí m'oncail 'á chúmhdach 'n-a theach féin agus ag tabhairt aire
dhó go lághach cineálta. Ach bhí sé chomh lag chomh claoidhte sin de
bhárr a bhreóiteachta nach bhfacamar féin é ach an t-aon uair amháin
san phárlús i rith na tréimhse fada sin go léir. Á! an cuimhneach
leat an cómhrádh deireanach údan, a Mháithrín! Nuair a bhíomar
le slán a fhágáil aige, d'fhéach sé suas uaidh agus shín a mhéar i
dtreó na bhflaitheas, agus d'fhan mar sin ar feadh i bhfad gan focal
aige le n-a smaoineadh do chur i gcéill dúinn ach an t-aon fhocal
amháin úd: "Au Ciel!!!" 1 do labhair sé de ghlór craitheach
agus na deóra dhá dhalladh.



1 Níl aon dá fhocal againn i nGaedhilg leis an "au ciel" sin a dh'aist-
riú — "Auf Wiedersehen im Himmel" adéarfaí 'san Ghearmáinis.
"Céad slán libh go h-éag" an chiall atá leis, mórán, 'san abairt seo.


L. 120


Ar dhul isteach i bhFlaitheas na nGrást dó, bhí na geimhleacha
a bhí ag coimeád a aingeal-sóláis amuigh san t-saoghal, bhíodar
briste réabtha. Ach ní fhanann na haingil ar talamh: ní túisce a
bhíos a ngnó déanta acubh ná imthighid leo ar ais ag triall ar Dhia;
sin é an fáth a bhfuil sciatháin acubh, ar ndóigh! Mar sin de,
do thug Céline iarracht ar eitilt léithi fé dhéin an Charmail. Mo
léan géar! d'éirigh na deacrachtaí móra ar gach taobh, gur shíl-
eamar nach bhféadfaí aon rud do shocrú. Lá n-aon, nuair a bhí gach
ní ag dul i n-aimhréidh uirthe ní ba mheasa ná riamh, dubhras féin
le h-Íosa i ndiaidh na Comaoine Naofa: "A Íosa dhil, is eól
Duit cé'n dúil mhór a bhí agam go mbéadh fromhadh agus fuilinntí
m'athar mar Phurgadóireacht dó. Agus anois, ba mhian liom a
fhios a bheith agam ar tugadh toradh ar mo phaidreacha. Nílim 'á
iarraidh Ort labhairt liom, nílim 'á iarraidh ach go dtabharfá
comhartha dhom: Tá a fhios agat chomh daingean is atá an tSiúr
N. i gcoinnibh teacht-isteach Chéline; bhail, má's rud é nach
gcuirfidh an tSiúr sin i gcoinnibh Céline níos mó, béidh sin mar
fhreagra Uait-se, agus déarfair liom thríd an gcomhartha sin go
ndeachaidh m'athair glan díreach chun na bhflaitheas."



Ó! a thrócaire gan teora! a dheónuigheacht do-inniste! Rinne
Rí na bhFeart, a bhfuil croidhe an duine 'n-A láimh Aige agus a
fhéadas an croidhe sin d'iompáil do réir mar a thogruigheas Sé,
rinne Sé aigne na Siúrach údan d'athrú. B'í an chéad duine do
casadh orm í tamaillín i ndiaidh mo Chomaoine, gur ghlaoidh sí i
leith orm, agus chonnaiceas na deóra faoi n-a súile. Labhair sí
liom faoi theacht-isteach Chéline 'á chur i bhfios dom nach raibh uaithe
féin feasta ach Céline a fheiceál 'n-ár measc! Ba ghairid gur
chuir an t-Easbog na constaicí deireanacha ar neamhní i dtreo gur
fhéadais-se, a Mháithrín, na dóirse a fhoscailt le fáiltiú roimh an
gcolmán bhocht dearóil. 1



Anois níl dúil ar bith agam a thuille ach amháin Íosa do ghrádhú
thar na beartaibh! 'Seadh, 'sé an GRÁ amháin atá dhom' tharraingt.
Níl dúil agam feasta 'san bhfuilinnt nó 'san mbás cidh gurab
ionmhuin liom iad araon! B'fhada mé ag glaodhach ortha mar theach-
tairí áthais chugam… D'fhuilingeas chomh mór is gur shíleas go
rabhas buailte le tráigh na bhFlaitheas! Chreideas ariamh, ó bhíos
im' pháistín féin, go ndéanfaí an bláithin do stathadh i n-earrach
a ré: ach anois is í an fhéin-tugthacht do Dhia amháin a sheólas do



1 An 14adh lá de Mheadhon Foghmhair, 1894, a bhí ann. An tSr. Gene-
viève de la Sainte-Face do tugadh ar Chéline 'san gClochar.


L. 121


shíor mé, agus níl aon chompás eile agam ach í. Ní fhéadaim aon
ní a iarraidh go dúilmhear feasta ach amháin go gcoimhlíontar toil
Dé go h-iomlán i mo thaobh. Tig liom na bréithre seo as caintic
ár n-athar, N. Eóin na Croise do rádh:



I dtigh Míodhchuarta mo Ghrádha
Chuir deoch láidir mé chun suain,
An dúthaigh 'na diaidh níor léir
Is chuaidh mo thréad ar fán uaim.



Dem' shaoghal feasta 'na sheirbhís
Deinim íodhbairt go hiomlán,
Níl tréad agam féin ná airm,
'Sé m'aon ghairm amháin an grádh.



Nó aríst:



Ó'n gcéad uair d'á bhfaca-sa im' bealach radharc mo Leannáin,
A mhéin is a shearc chomh neartmhar i bhfeidhm orm tá
Go ngéilleann mo lag is mo dhaingean i mbladhm geal a ghrást'
Agus céile dó feasta 'seadh m'anam 's é leighte le grádh.




Ó, a Mháthair ionmhuin, nach breá suairc réidh é bealach an
ghrádha! Féadann duine tuitim gan aimhreas, féadann sé bheith
mí-dhílis ar uairibh: ach ó tá fhios ag an ngrá le tairbhe a bhaint
as gach aon rud, is rí-ghairid an mhoill air gach aon ní nach dtaith-
nigheann le hÍosa do loisgeadh amach, go nach bhfágann sé i bhfíor-
íochtar an chroidhe ach síocháin doimhin umhal.



Á! nach mór é an sólás a fuaireas as Scríbhinní N. Eoin na
Croise! B'iad an t-aon ádhbhar léightheóireachta spioradálta
a bhíodh agam iad, tráth a raibh a seacht déag nó a h-ocht déag de
bhliantaibh agam. 'N-a dhiaidh sin, áfach, ní fhághainn blas ná suair-
ceas i leabhar spioradálta ar bith; agus is mar sin atá an
scéal, agam fós féin. Ní túisce a fhoscluighim leabhar, dá mb'é
an ceann is áilne agus is taithneamhaí féin é, ná druidtear mo
chroidhe agus ní thuigim an ní a léighim; nó má thuigim, ní fhéadann
m'aigne machtnamh a dhéanamh ar ar léigheas.



Ach tagann an Scríbhinn Diadha agus "Aithris ar Chríost" le
cabhair chugam i mo chruadhchás: ionnta-sin bainim amach manna
foluighthe bríoghmhar glan. Ach 'siad na Soisgéil go háithrid is mó
a bheir ádhbhar mo chuid machtnamh dom i gcóir na hurnuighe;


L. 122


gheibhim ionnta a mbíonn de dhíth ar m'anam bhocht. Nochtuightear
dhom ionnta solus nua agus brí nua rúindiamhrach i dtóláimh.
Tá a fhios agam agus tuigim, ó thárla gur mhothuigheas féin é, "go
bhfuil Righeacht Dé istigh ionnainn." 1 Níl gádh ag Íosa le leabhraí
nó le hOllamhain chun anamnacha do theagasc; déanann Sé féin,
Ollamh na n-Ollamhain, iad do theagasc gan callán focal. Char
chualas ag labhairt ariamh É, ach tá a fhios agam go bhfuil Sé i mo
chroidhe. Déanann Sé mé do sheóladh ar mo leas ó nóiméid go céile;
cuireann Sé soillsí nua, nár léar dhom go dtí sin, ag lonnrú i
lár mo chroidhe díreach nuair a bhíos gádh agam leo. Agus ní le
linn na hurnuighe is mó a chuireas Sé na soillsí sin ag lonnrú,
ach i rith an lae agus mé go dícheallach i n-éadan mo chuid oibre.



Ó! a Mháithrín, ní misde dhomh-sa, go deimhin, tar héis a bhfuil
fáighte agam de ghrástaibh ó Dhia, canadh, mar aon leis an t-sail-
meadóir, "go bhfuil an Tiarna go maith, go maireann A thrócaire
go síorruí!" 2 Chítear dhom, dá bhfághadh gach duine an oiread
tabhartaisí ó Dhia is atá fáighte agam-sa, nach mbéadh eagla ar
aoinne Roimhe a thuille ach go mbéadh Grá gan teóra ag gach aoinne
Dhó; agus nach ndéanfadh aoinne an míghníomh is lugha a choidhche,
agus sin le grá Dhó agus ní le faitíos Roimhe.



Ach cheana, tuigim nach bhféadann na hanmnacha go léir a bheith
cosamhail le n-a chéile; ní fuláir clanna éagsamhla acubh a bheith
ann le honóir ar leith do thabhairt do gach aon cheann dh'fhoirfeachtaí
Dé na gcomhacht. A THRÓCAIRE dho-chuimsighthe is í atá tugtha
Aige domh-sa, agus is tríd an scathán sár-iongantach sin a dhearc-
aim ar an gcuid eile d'Á sháirbhríoghaibh. Agus d'á dheascaibh
sin chím iad uile go léir ag lonnrú le grá: A Cheartas féin
thar cheann ar bith eile acubh, dá n-abruighinn é, chím clúduighthe le
grá é. Nach mór go léir an chúis lúthgháire dhúinn machtnamh air go
bhfuil Dia na glóire go ceart, sin mar adéarfá, go gcuimhnigheann
Sé ar ár lagbhríoghacht, gurab eól Dó go rí-mhaith sobhristeacht
nádúra an duine! Cad chuige a mbéadh eagla orm dá bhrígh sin?
An t-Athair ró-cheart a mhaitheas a mhí-ghníomhartha do'n leanbh
doscuidhtheach fáin chomh caoin chomh trócaireach san, nach gcaithfidh
Sé a cheartas do thaisbeáint domh-sa, leis, ó thárla "go bhfuilim
'n-A fhochair i gcomhnuí?" 3



'San mbliain 1895 tugadh dom a thuigsint ní b'fhearr fós ná
riamh cé'n dúil mhór atá ag Íosa go dtabharfaí grá Dhó. Ag


L. 123


machtnamh dhom, lá, ar na daoine a ghníos iad féin do thabhairt suas
mar íodhbairtí do cheartas Dé, d'fhonn na pionóis agus na peanaidí
atá i n-áirighthe do na peacachaibh bochta do chur i leathtaobh uatha, le
n-a dtarraingt anuas ortha féin, ba mhór misniúil fial liom an
ofráil sin, ach níor airigheas go raibh fonn ar bith orm féin í a
dhéanamh.



"A Dhia dhil!" arsa mise annsin Leis i bhfíor-iochtar mo
chroidhe. "An é Do cheartas amháin a gheobhfas a chuid íodhbairtí
lán-loiscithe? Nach bhfuil call ag Do ghrá trócaireach
leo mar an gcéadna? Caithtear drochmheas ar an ngrá sin, agus
cuirtear i leathtaoibh é i ngach aon bhall… na croidhthe a mb'áil
Leat Do ghrá do Thabhairt dóibh go fial, iompuighid chun na gcréat-
úirí d'fhonn a n-aoibhneas a fháil ionnta sin i gcaidreamh díombuan
suarach, i n-ionad iad féin do chaitheamh isteach i D'ucht-sa agus
teine mhór áluinn Do ghrá gan teóra do ghábháil chúca féin.



"A Dhia, a chuid de'n t-saoghal, an bhfanfaidh Do ghrá, a gcaith-
tear drochmheas Air, an bhfanfaidh sé istigh i Do chroidhe mar sin?
Chítear dhom fhéin, dá bhfághthá daoine a dhéanfadh iad féin d'ofráil
mar íodhbairtí lán-loiscthe do Do ghrá, go ndéanfá iad
dh'ídiú go mear, agus go mba bhreá Leat na lasracha móra
lághaidheachta do-chuimsighthe atá foluighthe fáisgthe i Do chroidhe do
scaoileadh amach gan cosg.



"Má's rud é gurab áil le Do cheartas, cidh nach dtéigheann
sé níos sia ná an saoghal seo, é féin do chur i ngníomh, nach mó ná
sin go mór is áil le Do Ghrá Trócaireach anmnacha do chur ar lasadh,
mar "téigheann Do thrócaire suas chun na bhFlaitheas féin!" 1
A Íosa mhilis! go mba mise an íodhbairt sona sin, déan D'íodh-
bairtín dh'ídiú le teine Do ghrádha diadha."



Is eól duit-se, a Mháthair dhil, ó's tú do thug cead dom mé féin
d'ofráil do Dhia ar an ndóigh sin, cad iad na lasracha nó, ba
chóra a rádh, na tuilte tréana de ghrástaibh Dé do stealladh isteach
ar m'anam láithreach tar héis na hofrála údan do dhéanamh dhom
an 9adh lá de mhí an Mheithimh, 1895. 2… Á! ó'n lá údan i leith,
téigheann an grá thríom is thríom agus thart timcheall orm lasmuigh;
ó nóiméid go nóiméid déanann an grá trócaireach sin mé
d'athnuadhchaint agus do ghlanadh go nach bhfágann sé lorg dá laghad
de'n pheaca ar mo chroidhe. Ní féidir liom faitíos a bheith orm
roimh an Phurgadóireacht, ní féidir sin; tá a fhios agam nárbh fhiú mé


L. 124


dul isteach féin buil na n-anmnacha naofa i n-áit sin a nglanta; ach
tá a fhios agam freisin gur fearr go mór teine an ghrádha chun
duine do naomhú ná teine na Purgadóireachta; tá a fhios agam
nach féidir go mba mhian le hÍosa fuilinntí do chur orainn i
n-aistear, agus nach gcuirfeadh Sé i mo chroidhe-se na mianta a
mhothuighim ann, muna mbéadh gur toil Leis iad do shásamh…



Sin a dtig liom a innseacht duit, a Mháithrín, faoi bheatha do
Threasa bige féin. Is agat féin is fearr a fhios céard tá innti
is a bhfuil déanta ag Íosa ar a son; agus mar sin de ní thógfaidh
tú orm é muna ndubhras ach fíor-bheagán féin faoi scéal mo bheatha
'san Chlochar.



Cad é an chríoch a bhéas le "Scéal seo an Bhláithín Bháin"?
…An bláithín do stathadh 'n-a úireacht a déanfar b'fhéidir, nó
é d'ath-chur i n-ithir choimhightheach i gcéin… Níl a fhios agam é.
Ach tá rud amháin ar chaoi ar bith a bhfuilim cinnte faoi, .i. go
ndéanfaidh trócaire Dé mé do thionnlacan go héag, agus go
mbéad buidheach go deó deó de'n Mháthair gheanúil do thoirbhir
d'Íosa mé.



Beidh áthas orm go síorruí suthain bheith ar cheann de na bláthaibh
'n-a coróinn, agus canfad go síorruí mar aon leis an Mháthair
ionmhuin sin cantainn síor-nua an Ghrádha agus an Mhór-
bhuidheachais…


L. 125


CAIBIDIOL IX. 1



A Mháthair Urr., chuiris i bhfios dom go mbadh mhaith leat go
leanfainn orm ag canadh Trócairí an Tiarna dhuit-se go gcríoch-
nuighead scéal mo bheatha. Ní háil liom aon cheistiúchán a dhéanamh,
ach ní fhéadaim gan gáiridhe ag breith ar an bpeann dom an ath-uair
le neithe a dh'innseacht a bhfuil eolas chomh maith agat féin orthubh
is atá agam-sa. Déanfad rud ort, ar chaoi ar bith. Ní mian
liom a fhiafruighe cé'n gnó a bhéas agat de'n láimhscríbhinn seo; go
deimhin duit, a Mháthair, dá ndéantá í do dhóghadh ós comhair mo
dhá shúl, gan í do léigheamh féin, níor mhisde liom é.



Creideann na Siúracha i gcoitchinne go ndearnais mé do
mhuirniú agus do mhilleadh ar gach aon t-saghas cuma ó tháinic mé
isteach 'san gClochar. Ach cheana, "ní fheiceann an duine ach an
ghnúis, is é Dia amháin a chíos an croidhe." 2 Ó! a Mháthair, táim
lán-bhuidheach dhíot faoi rádh is nár choigilis ariamh mé; bhí a fhios
ag Íosa nár mhór d'Á bhláithín uisce bríoghmhar an úmhlúcháin, mar
bhí sé ró-lag ró-lúbach le préamhú gan an uisce sin, agus is ort-sa
is cóir dhó a bhuidheachas a bheith ar son an tabharthais ró-luachmhair
sin.



Le roinnt míosa anuas, áfach, tá athrú iomlán curtha ag an
dTiarna ar an gcaoi a dtugann Sé ar A bhláithín fás; is dóigh
gurbh amhlaidh do chonnaic Sé go raibh uisce a dhóithin aige cheana,
agus mar sin de, leigeann Sé do'n bhláithín fás anois faoi thaith-
neamh te teolaidhe na gréine lonnraighe. Níl Aige dhó feasta
ach A mheangadh geal gáire, agus is tríot sa, a Mháthair Urr., a bheir
Sé sin dom, mar an gcéadna. 'N ár an bláithín do sheargadh is
amhlaidh a chuireas an ghrian gheanúil sin ag borradh is ag fás go
bríoghmhar é. Congbhuigheann sé go cúramach i n-íochtar a chailíse
na braonacha luachmhara drúchta do doirteadh anuas air, tráth;
agus cuirfidh na braonacha luachmhara sin i gcuimhne dhó do shíor go



1 Do'n Mháthair Urr. Marie de Gonzague an caibidiol seo agus an
chéad chaibidiol eile. I mí an Mheithim{h}, 1897, tuairim is cheithre mhí roimh
bhás Thérèse is eadh do scríobhadh iad (féach an Réamhrádh).


L. 126


bhfuil sé lag-bhrígheach, bídeach, éidtreórach. D'fhéadfadh na
créatúirí go léir cromadh anuas chugam agus iongantas a dhéanamh
dhíom agus mé do mholadh go hárd; ní chuirfeadh sin uilig an
scáile is lugha de mhór-is-fiú baoth ar an bhfíor-áthas a mhothuighim
i lár mo chroidhe nuair a chím nach bhfuil ionnam ach neamhní agus
neamhní amháin.



Ach má deirim nach gcuirfinn suim dá luighead ins na moltaibh
go léir, nílim ag tagairt 'chor ar bith don ghrá a bheir tusa dhom, a
Mháthair, ná do'n iontaoibh atá agat asam, mar is mór agam
iad-san, gan aimhreas; airighim, áfach, nach call dom eagla a
bheith orm feasta, go dtig liom iad do ghlacadh chugam go h-áthasach
agus mo mhór-bhuidheachas do ghabháil le Dia ar son ar chuir Sé de
mhaitheas ionnam. Má's é A thoil go bhféachfainn níos fearr
lasmuigh ná mar atáim i mo chroidhe istigh, ní misde liom sin ó
thárla go bhféadann Sé a rogha rud' a dhéanamh.



A Dhia dhil! nach éagsamhail iad na bealaighe a ndéanann Tú
na h-anamnacha do sheóladh ortha! Ag léigheamh beathaí na Naomh
dhúinn, chímíd go bhfuil cuid mhór acubh nár fhág an cuimhneachán is
lugha ná an scríbhinn is lugha ná tada 'na ndiaidh. Agus tá cuid
eile acubh, fearacht ár Máthar N. Treasa, a rinne saidhbhreas
luachmhar a dteagaisc do bhronnadh ar an Eaglais, agus nach raibh
eagla orthubh "Rún an Rí dh'fhoillsiú," 1 le go ndéanfadh anmnacha
eile aithne do chur Air agus grá do thabhairt Dó. Cé acubh de'n
dá nídh sin is mó a thaithnigheas le Dia? Chítear dhom féin go
dtaithnigheann gach aon nidh acubh leis chomh maith le n-a chéile. Ní
dhearna cáirde ionmhuine sin an Tiarna ach análú an Spioraid
Naoimh do leanacht, agus nach n-abruigheann Seisean tré bhéal an
fháidh: "Abair leis an bhfíoraon go bhfuil gach nídh 'n-a cheart." 2
'Seadh, tá gach nídh 'n-a cheart nuair nach loirgtear ach toil Dé,
agus sin é an fáth go bhféachfad féin, cidh nach bhfuil ionnam ach
bláithín dealbh, le toil Íosa do dhéanamh agus le sásamh do thabhairt
duit-se, atá 'n-A ionad annseo thíos i m'aice.



Tá a fhios agat, a Mháthair, gurbh é mian mo chroidhe ariamh bheith
i mo naomh; ach mo nuar! bhraithinn i gcomhnuidhe, nuair a chuirinn
mé féin i gcomórtas leis na naoimh, go bhfuil an oiread deif-
ríochta eatortha súd agus mise is atá le feiceál san nadúir
idir an sliabh mhór árd a bhfuil a bhárr foluighthe i néaltaibh neimhe
agus an gráinnín gainmhe a sataltar faoi chosaibh daoine. Ach i


L. 127


n-ionad aon droch-mhisneach do bheith orm, 'séard adeirinn liom
féin: "Ní fhéadfadh Dia dúil do-shásta do chur i gcroidhe an
duine; agus, ar an ádhbhar sin, féadaim-se, i n-aimhdheóin mo
shuaraigheachta, féachaint le bheith i mo naomh. Ní thig liom fás!
Caithfead cur suas liom féin fé mar atáim, agus leis na mí-fhoirbh-
theachtaí iomadúla atá ionnam. Ach is mian liom féachaint
le dul chun na bhFlaitheas ar bhealaichín nua ar fad, bealaichín
gearr fíor-dhíreach. Aois nua-cheapadóireachta an aois seo 'n-a
mairimíd; ní call do dhuine strómh do chur air féin feasta le
dul suas staighre, arae déanann tógadán an gnó go háluinn do
na daoine saidhbhre a bhfuil a leithéid de ghléas áisiúil acubh.
Ba mhaith liom-sa, fosta, tógadán dh'aimsiú le mé féin
dh'árdú suas chuig Íosa, mar táim ró-bheag ró-bhídeach, le staighre
aisdreánach na foirbhtheachta do chur dhíom."



Annsin chuaidh mé a' tóruigheacht san Scríbhinn Diadha féachaint
an bhfuighbhinn tuairisc an Tógadáin a bhí uaim, agus do léigheas
na bréithre seo do tháinic as béal na h-Eagna síorruí féin:
"An t-é atá 'na THOCHRÁN, tagadh sé chugam-sa." 1 Agus mar
sin de, chuadhas ag triall ar Dhia, mar bhraitheas go raibh an rud a
rabhas ar a thóir fáighte agam. Do léigheas liom aríst annsin go
bhfionnainn céard a dhéanfadh Sé ar son an tochráin, agus seo é an
nídh do fuaireas: "Amhail mar a ghníos máthair a leanbh do
bharrógadh, sin mar a dhéanfad-sa sibh-se do shólású, iomcharóchad
i m'ucht sibh, agus cuirfead i nbhúr suidhe ar mo ghlúinibh sibh." 2



Á! char chualas ariamh bréithre is mó do chuir áthas ar mo chroidhe
ná na bréithre caoine ceólmhara sin. Is iad Do lámhaí-se, a
Íosa dhil, an tógadán le n-a gcaithfear mise do thógáilt suas
chun na bhFlaitheas! Chuige sin ní hé amháin nach call dom fás, ach
is amhlaidh a chaithfead fanacht go beag bídeach, agus bheith ag dul
i luighead i n-aghaidh an lae. A Dhia liom! tá Do chaoineas agus
Do chineáltas dom níos mó ná aon nídh arbh fhéidir liom bheith ag
súil leis, agus is mian liom-sa anois Do mhór-thrócaire do chanadh!
"A Dhia, thugais teagasc dom ó m'óige, agus rinneas-sa do mhór-
oibreacha d'fhoillsiú go dtí an lá atá indiu ann, agus leanfad
liom 'á bhfoillsiú go gcríonad le haois." 3



An dtiocfaidh an t-sean-aois sin orm-sa nó an éagfad go h-óg
gan mhoill? Chítear dhom féin go bhféadfainn éagadh anois
chomh maith le níos deireannaí: Is ionann dhá mhíle bliain agus
fiche bliain nó lá amháin féin i láthair Dé na gcomhacht!


L. 128


Ach ná beir leat, a Mháthair, gur mian le do leanbh thú
do thréigint, nó gur mó an grás léithe bás a fháil le bánú
an lae ná le tuitimín na hoidhche. 'Sé rud is fearr léithe,
agus 'sé rud a bhfuil dúil aice ann ná toil Íosa do choimhlíonadh.
Anois, áfach, ó thárla go bhfuil a chosamhlacht ann go bhfuil Íosa
le teacht chuici gan mhoill chun í do thabhairt chun siubhail Leis go
Cathair gheal na glóire, tá áthas ar a croidhe; is eól di, agus
thuig sí ariamh, nach bhfuil gádh ag Dia le aoinne chun maitheasa
do dhéanamh ar an dtalamh, agus gur lugha fós an gádh atá Aige
léithi-se.



Idir an dá linn tá a fhios agam, a Mháthair Urr., cad is toil
leat-sa. Is mian leat go ndéanfainn gnó éadtrom taithneamhach
i d'aice féin, agus déanfad an gnó sin do chríochnú ó árdaibh
na bhFlaitheas. Dubhrais liom mar adubhairt Íosa le N. Peadar:
"Déan mo chuid uan do chothú." Agus ar n-a chloisteál sin domh-
sa tháinic sgáth orm agus iongnadh, mar d'airigheas go rabhas ró-
bheag ró-lag-bhríoghach i gcóir na hoibre sin, agus d'iarras ort do
chuid uan do chothú tú féin agus mise dh'fhágáil 'na bhfochair mar
phríbhléid amháin. Ghéillis beagán do m'athchuinge réasúnta, agus
i n-ionad mé d'ainmniú mar mháthair orthubh, 'sé rud a thugais orm
ná a bpríomh-chompánach; 1 ach 'san am chéadna, d'órduighis dom iad
do sheóladh amach ar na mínlighe torthacha fasgúile, na luibheanna
is fearr agus is neartmhaire do thaisbeáint dóibh, agus iad a chur
san áirdeall ar na bláthanna lonnracha nach bhfuil ionnta ach nimh,
agus nach cóir do na huain baint leo a choidhche ach amháin le gabháil
de chosaibh ionnta.



Ach cionnus is féidir, a Mháthair, nár chuir m'óige agus
m'easbaidh chiall-cheannuighthe eagla ort? Cionnus is féidir nach
bhfuil imní ort ar fhaitchíos go leigfinn do do chuid uan imtheacht
ar fán? Ach béidir gur chuimhnighis, ag cur a gcúraim orm-sa
dhuit, gur deónuightheach le Dia eagna do thabhairt do naoidheanaibh
go minic.



Is beag duine ar an dtalamh nach ndéanann comhacht Dé do
thomhas do réir a gcaol-inntinne féin! Admhuightear go mbíonn
éisceachtaí i ngach aon bhall annseo thíos; ach níl aon cheart ag Dia
na Glóire éisceachtaí a dhéanamh 'chor ar bith, dar le daoinibh. Tá
a fhios agam go bhfuil sé 'na shean-rádh leis na ciantaibh nach dtagann
ciall roimh aois; mar, an Rí naofa Dáibhid féin nuair a bhí sé



1 Bhí sí 'na Máistreás ar na Nóibhísigh gan a theidiol sin a bheith aici.


L. 129


óg, chan sé do'n Tiarna: "Táim go h-óg agus faoi tharcuisne."
Ach 'san tSailm chéadna sin deir sé gan scáth gan eagla: "Tá
tuigsint agam ós cionn na seanóirí féin, ó thóirigheas Do thoil-se.
Lóchrann dom' chosaibh do bhriathar, agus solas dom' chonairibh.
Do dhearbhuigheas agus do cheapas breitheana do chirt-se do
choimeád." 1



Níor neamh-chríonacht leat-sa, a Mháthair, a rádh liom féin lá
amháin go raibh Íosa ag soillsiú m'anama agus ag tabhairt céille
agus tuigsiona na mblian dom. Táim ró-bheag anois le mór-is-
fiú a bheith orm, táim ró-bheag fosta le bheith i n-ann ráidhte
breaghtha do ríomhadh 'á chur i gcéill go bhfuilim go h-an-umhal, mar
dhóigh dhe. Is fearr liom géilleadh gan bhréig gan áidhbhéil "go
ndearna an t-É atá comhachtach neithe móra dhom," 2 agus is é an
nídh is mó acubh uilig gur thaisbeáin Sé dhom mo shuaraigheacht agus
mo lagbhríoghacht iomlán.



Is iomdha cineál fromhtha a ndeachaidh m'anam tríotha, is mór a
d'fhuilingeas ar an tsaoghal seo thíos! Tráth a rabhas im' leanbh,
ba le brón d'fhuilinginn; ach anois glacaim chugam go h-áthasach
síochánta gach toradh searbh. Caithfidh tú aithne agus eólas
doimhin a bheith agat orm, a Mháthair, le gan gáire a dhéanamh
ag léigheamh na leathanach seo dhuit; mar an bhfuil duine ar bith is
lugha a bhfuil fromhtha agus fuilintí aige ná mar atá agam-sa, do
réir gach cosamhlachta? Á! Dá mbéadh fhios ag daoine cé'n
mhairtíreacht a bhfuilim ag dul tríthi le bliain anuas, nach orthubh
a bhéadh an t-iongantas go léir! Ó's rud é gurab é do thoil é,
féachfad le cur síos duit uirthi annseo, cidh nach féidir na neithe
seo a nochtadh i bhfoclaí daonda, agus dá mhéid dhá n-abróchad, ní
bheidh iomlán an scéil agat 'n-a dhiaidh sin.



I rith an Charghais anuiridh bhíos chómh breá láidir folláin is a bhí
ariamh, agus mhair an neart sin go háluinn go Cáisg i n-aimhdheoin
an trosgaidh chruaidh do rinneas gan faoisiú ar bith. Dia hAoine
an Chéasta, áfach, le moch na maidne, thug Íosa comhartha dhom go
mba ghairid go mbéinn ag imeacht liom ag triall Air go Flaitheas
na nGrást. Ó! nach suairc liom an chuimhne sin!



Oidhche Diardaoin roimhe sin, ó thárla nach raibh cead agam
fanacht ag an dTuamba an oidhche go léir, d'fhilleas isteach i mo
chillín ag meadhon oidhche. Ní baileach a bhí mo cheann leagtha ar an
adhairt agam nuair d'airigheas an sruthlán te tréan ag buinniú


L. 130


aníos go dtí mo bhruasa. Shíleas go raibh an bás orm agus bhí
mo chroidhe i riocht sgoilte le teann lúthgháire. Ach ó bhí mo
lampa beag múchta agam, chuireas srian le m'fhiosracht go
maidin agus thuiteas im' chodladh go sámh.



Ag a cúig a' chlog ar maidin nuair do dúisigheadh sinn, chuimh-
nigheas láithreach go raibh scéal áthasach le foghluim agam. Dhruid-
eas anonn leis an fhuinneóig, agus cinnte go leór, chonnaiceas
go raibh mo chiarsúir lán le fuil. Ó! a Mháthair, nár bhinn an scéal
é! Bhíos lán-chinnte gurbh é Íosa féin, ar lá-cuimhne sin A bháis,
a bhí ag cur A chéad ghlaoidh chugam, mar a bhéadh monabhar bog
íseal ó chian 'á rádh liom go raibh Sé ag teacht.



Mhothuigheas dúthracht an-mhór ionnam le linn an Chéad-Trátha
agus le linn an Chaibidil, agus annsin d'imthigh liom gan pioc
moille ionns ar mo Mháthair le mo scéal mór áthas ach dh'innseacht di.
Níor airigheas tuirse ná pian dá laghad orm, agus mar sin de
fuaireas an cead go réidh leis an gCarghas do chríochnú fé mar a bhí
tosnuithe agam. Aoine sin an Chéasta chuaidh mé tré chruadálachtaí
uilig an Charmail gan faoisiú ar bith. Á! ba mhilis éadtrom liom
iad mar chruadálachtaí an lá úd thar ariamh… Bhí mo chroidhe ag
cur thar maoil le lúthgháir ag machtnamh dhom go mbéinn ag dul chun
na bhFlaitheas gan mhoill.



Tránóna an lae shona sin d'fhilleas isteach i mo sheómra go
h-aiteasach, agus bhíos ag tuitim im' chodladh nuair thug Íosa dhom
an comhartha céadna a bhí tugtha Aige dhom an oidhche roimhe sin, go
rabhas le dul isteach 'san mbeatha shíorruí gan mórán moille.
Bhí creideamh chomh beó chomh soiléir sin agam an tráth úd gurbh é
smaoineadh ar Fhlaitheas Dé an t-aon aoibhneas amháin a bhí agam.
Níor bhféidir liom a chreisdint go bhfuil daoine gan creideamh ann,
agus bhínn 'á áiteamh orm féin gurbh i gcoinnibh a smaointe féin a
bhídís ag labhairt nuair do shéanaidís saoghal eile a bheith ann.



Le linn laetheanta lonnrach na Cásga, áfach, chuir Íosa i dtuig-
sint dom go bhfuil anmnacha gan creideamh gan dóchas ann, anmnacha
a ghníos droch-úsáid de ghrástaibh Dé, agus a chailleas ar an ndóigh
sin na stóir luachmhara údan, cidh gurab ionnta amháin atá fuarán
na bhfíor-áthas n-íodhan. Do cheaduigh Sé gur luigh an doircheacht
ba thiugha agus ba dhuaibhsighe isteach ar m'anam, agus go mb'ádhbhar
cómhraic agus crádh-croidhe dhom an smaoineadh ar Fhlaitheas Dé, a
bhí mar shólás suairc agam i gcomhnuí riamh ó bhíos im' pháistín.
Ní ar feadh roinnt laetheanta nó ar feadh roinnt seachtmhainí do
mhair an fromhadh sin; táim ag fuilinnt anois leis na míosaibh


L. 131


móra fada, agus faoiseamh ná fuascailt níl fáighte agam fós féin.
Ba mhaith liom bheith i n-ann na neithe a mhothuighim do chur i gcéill,
ach ní féidir é! Caithfidh duine gabháil tríd an lintéir duaibh-
seach seo chun a thuigsint a dhoircheacht atá sé. Ach féachfad le
cunntas éigin do thabhairt air tré sholuíd:



Cuirim i gcás gur rugadh i dtír mé a bhfuil ceódhanna tiugha duaibh-
seacha thart timcheall uirthi, i riocht is nach bhfacas ariamh aghaidh
áluinn na nádúra ná oiread is gath amháin ó'n ngréin. Is fíor
gur chualas iomrádh ar na mór-iongantaisí sin go minic ó bhíos im'
leanbh: is feasach mé, an tír 'na bhfuilim anois, nach í m'athardha
í, ach go bhfuil tír eile ann a gcaithfead a bheith ag súil léithi do
shíor. Agus ní scéal scéil do cumadh le duine de lucht áitreabhtha
tíre seo na gceó é sin ach an oiread, ach scéal fírinne nach féidir
a shárú; arae, tháinic Rí athardha údan na gréine gile go tír seo
an dorchadais gur chaith Sé trí bliana is tríochad 'nár measg…
Céad fairíor géar! "taithneann an solus sa dorchadas, agus
níor ghlac an dorchadas é, ná níor thuig sé gurbh É solus an domhain
É." 1



Ach do ghlac do leanbh Do sholus diadha, a Thiarna! Iarrann sí
maithteanas ort ar son a bráthar díchreidmheach, tá sí sásta arán
an dóláis dh'ithe chomh fada is a thogróchas Tusa é, agus suidheann sí
síos le grá Dhuit-se ag bord seo an t-searbhais mar a gcaitheann
na peacuigh bochta a gcuid, agus ní mian léithi éirighe ó'n mbórd
sin go dtugaidh Tusa an comhartha dhí. Ach nach bhféadann sí a
rádh Leat i n-a hainm féin agus i n-ainm a bráthar coirtheach:
"A Dhia, déan trócaire orainn óir is peacuigh sinn!" 2 Cuir
uait fíoraonta sinn! Iad sin uilig nach bhfuil solus lóchrainn an
chreidimh acubh go bhfeicidh siad an lóchrann sin ag lonnrú anois fá
dheóidh! A Dhia dhil, má's éigin do dhuine a bhfuil grá aici Dhuit
an bórd a truailligheadh leo siúd do ghlanadh, táim go lán-tsásta
arán na ndeór dh'ithe ó'n mbórd sin im' aonar go mbeiridh Tú
leat mé isteach i Righeacht do Shoillse; níl acht an t-aon athchuinge
amháin agam ghá iarraidh Ort .i. gan leigint dom fearg a chur Ort
a choidhche.



Dubhras leat ar ball, a Mháthair, go rabhas cinnte i gcomhnuí
riamh, ó bhíos im' leanbh, go n-imtheóchainn i bhfad ó mo thír dhorcha
cheodhach lá éigin. Chreideas sin ariamh, ní hamháin mar gheall ar ar
chualas ó dhaoinibh eile, ach mhothuigheas féin i mo chroidhe istigh, de


L. 132


thairbhe na mianta mór doimhin a bhí agam, mhothuigheas go raibh tír
eile, réigiún ní b'áilne i n-dán dom mar áitreabh buan lá éigin
san am le teacht, amhail mar a thug aigne ghéar ghrinn ghaoismhear
Chríostóra Columbus air an Domhan Nua do roimh-mhothú. Ach féach!
na ceódhana atá thart orm brúghaid isteach de shiota ar m'anam
agus luighid thart timcheall air chomh dubh duaibhseach is nach léar
dhom anois cosamhlacht féin an athardha údan a mbínn ag súil leis go
muiníneach… Tá gach aon ní imighthe ar ceal uaim!…



Nuair a bhíos mo chroidhe tinn tuirseach ó'n ndorchadas atá
thart timcheall air agus gur mian liom faoiseamh beag a thabhairt
air leis an t-sólás bhríoghmhar a gheibhtear ó mhachtnamh ar an
mbeatha shíorruí le teacht, méaduightear faoi dhó ar mo dhólás.
Chítear dhom go gcuireann an dorchadas a ghlór le glór lucht' an
dí-chreidimh 'á rádh liom go sgigiúil fonóideach: "Táir-se ag
súil leis an tsolus, agus le h-athardha áluinn aoibhinn, táir ag
súil le Cruthuightheóir na n-iongantas sin do shealbhú amach annseo,
creideann tú go rachaidh tú amach lá éigin as an ndorchadas seo
mar a bhfuilir i do dheoruí: Téanam ort! Téanam!… Cuir
fáilte roimh an mbás a bhéarfas duit ní an rud a bhfuilir ag
dréim leis, ach oidhche is duaibhsighe fós, dubh-oidhche na neamh-
nídheachta!…"



Ach, a Mháthair, an cur-síos sin ar mo fhromhadh tá sé chomh
neamh-iomlán is atá an fhioghair gharbh neamhchríochnuighthe i gcomórtas
leis an macsamhail lán-déanta a chuireas an péintéir ós a chomhair
mar eisiomplár. Ní mian liom, áfach, a thuille do scríobhadh faoi,
ar fhaitchíos go ndéanfainn diamhasladh… Is eagal liom go
bhfuil an iomarca ráidhte agam cheana féin. Á, nár aifrighidh Dia
orm é! Tá a fhios Aige go maith go gcuirim ialach orm féin
oibreacha an chreidimh a dhéanamh, i n-aimhdheóin go bhfuilim gan
sólás gan suairceas an Chreidimh a bheith agam. Rinneas níos mó
gníomhartha creidimh le bliain anuas ná mar a rinneas le mo bheó.



Gach aon uair a mbuaileann mo namhaid an cuaille-chomhraic ag
tabhairt mo dhubhshláin agus dhom' ghriogadh chun troda, déanaim-se
mar a dhéanfadh faraire groidhe: Ó's eól dom gur meathta an
mhaise do dhuine dias-chath dh'fhearadh, 'séard a ghním mo dhruim
a dh'iompáil le m'áirseóir gan oiread is féachaint amháin a thabh-
airt air. Annsin rithim ag triall ar Íosa, agus deirim Leis go
bhfuilim réidh le mo chuid fola go léir do dhoirteadh amach chun a
dheimhniú go bhfuil Neamh ann, agus deirim Leis aríst go bhfuilim
go lán-tsásta le gan a bheith i n-ann an Neamh áluinn sin, atá i


L. 133


n-áirighthe dhom thall, d'fheiceál le súile m'anama i bhfus ar an
t-saoghal seo, le h-ionchas go mba dheónuightheach Leis í a dh'fhos-
cailt i gcóir na síorruidheachta do na h-anacróirí bochta gan
creideamh.



Féadaim a rádh, dá bhrígh sin, fós féin, i n-aimhdheóin na trialach
seo a bhaineas gach sólás díom, "Cuirir áthas orm, a Thiarna,
le gach a ndéanair." 1 Mar an bhfuil aon áthas is mó ná an t-áthas
a thig ó'n bhfuilinnt a iomchruightear le grá Dhuit-se? Dá ghéire í
an fhuilinnt agus dá laghad dá bhfeiceann daoine í, is amhlaidh is
mó an lúthgháir a chuireas sí Ort-sa, a Dhia dhil! Agus dá mba nach
bhfeictheá féin í, rud nach féidir, bhéinn go lán-tsásta fuilinnt
annsin féin, mar shúil's go dtiocfadh liom, tré mo chuid deór,
oiread is locht amháin i n-aghaidh an Chreidimh do chosg nó leór-
ghníomh do dhéanamh ann.



Beidh tú a' measadh, béidir, a Mháthair, go bhfuilim ag áidhbhéil
beagán faoi dhubh-oidhche seo m'anama. Má's do réir na nduanta
do chumas i mbliana a bhéarfas tú breith, chífear dhuit gan aimhreas
nach bhfuil agam ach sólás is suairceas, agus gur leanbh mé a bhfuil
brat an Chreidimh ionann 's bheith stróicthe ó'n a chéile ós comhair a
súl! Agus mar sin féin… ní brat atá ann feasta, ní headh!
ach falla mór árd atá ag eirighe suas chun na bhFlaitheas féin, agus
ag folú na spéartha réaltógach ó mo shúile!



Nuair a chanaim i dtaoibh aoibhnis na bhFlaitheas agus i dtaobh
Dia do shealbhú ar feadh na síorruíochta, ní airighim féin aon
áthas dá bhárr: mar ní chanaim ach amháin an ní is mian
liom a chreisdint. Caithfead a rádh go dtagann gath beag
bídeach gréine corr-uair ag taithneamh i m'oidhche dhuaibhsigh, agus
annsin bíonn deire leis an gcrádh-croidhe ar feadh nóiméidín bhig
amháin. Ach 'na dhiaidh sin aríst, ag cuimhneamh ar an léas beag
solais sin dom, is measa-de dorchadas m'oidhche é.



Á! níor mhothuigheas chomh maith sin ariamh go bhfuil an Tiarna
go cineálta trócaireach. Níor chuir Sé an chrois throm sin orm go
dtí an am a rabhas i n-ann í dh'iomchar: dá dtagadh sí orm roimhe
seo is cinnte go gcuirfeadh sí droch-mhisneach orm. Anois, áfach,
ní dhéanann sí ach aon ní amháin .i. gach aon tsásamh nádúrtha do
bhaint as an dúil atá agam dul go Flaitheas Dé.



Chítear dhom, a Mháthair, nach bhfuil tada dhom' chongbháilt gan
eitilt liom anois: mar níl dúile móra agam a thuille cé's


L. 134


moite de'n dúil atá agam grádhú go gcailltear le neart grádha
mé… Táim saor, níl aon eagla orm roimh rud ar bith, dá mb'é
an rud sin féin é is mó a mbíodh eagla orm roimhe, tráth, .i. bheith
breóite go ceann i bhfad agus bheith i mo thrillín ar an gcóimhthionól
annseo dá dheasgaibh sin. Má's é toil Dé dhom é, táim go lán-
tsásta maireachtáil go ceann mórán blianta fós ag fuilinnt i mo
cholainn agus i m'anam. Ó! níl eagla orm roimh bheatha fhada, níl
sin! Ní stríocfad roimh an gcomhrac. "Is é an Tiarna an
charraig ar a bhfuil mo sheasamh, is É a neartuigheas mo lámhaí
chun an chatha agus mo mhéara chun an chogaidh: Is É mo liúreach É,
is Ann a chuirim mo dhóchas." 1 Char iarras ar Dhia ariamh mé bás
a fháil go h-óg; is fíor gur chreideas i dtóláimh go bhfuighbhinn,
ach ní dhearnas féin aon ní leis an mbás do thabhairt orm.



Is minic a bhíos an Tiarna sásta leis an ndúil a bhíos againn
oibriú chun A ghlóra, agus is eól duit, a Mháthair, gur mór iad na
dúile a bhí agam-sa! Is eól duit freisin, gurab iomdha sin cailís
searbh a thug Íosa le n-ól dom de dheasgaibh mo dheirbhshiúrach ionmhuin!
Á! bhí an ceart ag an Rí naofa Dáibhid nuair do chan sé "Féach,
nach maith é agus nach soilbhir bráithre do mhaireachtaint i dteannta
chéile i n-aondacht chroidhe!" 2 Ach is i lár na n-íodhbairtí is na
bhfuilinntí a chaithfeas an aondacht sin a bheith ar an dtalamh seo.
Ní chun a bheith im' chomhnuí i bhfochair mo dheirbhshiúrach a tháinic
mise isteach 'san Charmail bheannuighthe seo, ní headh! ach a mhalairt
ar fad, mar d'airigheas roimh-ré go mbadh ádhbhar fuilinntí agus
íodhbairtí dhom é, nuair nach mian le duine géilleadh do'n nádúir
i n-aon rud.



Cé'n chaoi a bhféadtar a rádh go bhfuil sé níos foirbhthe duine
dh'imeacht i bhfad ó n-a ghaoltaibh? An raibh milleán ag aoinne
riamh ar dhritháireacha mar gheall ar gur throideadar ar an láthair-
chatha chéadna agus gur ghluaiseadar le cois a chéile le craobh na
mairtíreachta do thabhairt leo? Is fíor go gcuirid misneach ar a
chéile; ach san am chéadna mairtíreacht do gach duine acubh is eadh
é bheith ag féachaint ar a chéile ag fuilinnt.



Is é a dhálta sin ag daoine i mainistir é, mar mairtíreacht is
eadh an bheatha-rialta, leis, fé mar adeir na Diadhairí. Nuair
a thoirbhireas duine a chroidhe d'Íosa ní chailleann an croidhe sin
a lághaidheacht nádúrtha, ach is amhlaidh a méaduightear ar an
lághaidheacht sin mar go ndéantar níos glaine agus níos diadha í.


L. 135


Leis an lághaidheacht sin is eadh a ghrádhuighim-se thusa, a Mháthair,
agus mo dhriféaracha mar an gcéadna, agus tá áthas orm an cath
do thabhairt i n-éindigh leo chun glóra Rí na bhFlaitheas. Ach bhéinn
réidh freisin le h-imeacht liom go láthair-chatha eile dá gcuireadh
an Taoiseach diadha i n-iúl dom go mb'é A thoil é; ní bhéadh aon
chall le h-órdú, níor bheag liom féachaint nó comhartha féin Uaidh.



B'é mo thuairim ariamh, ó tháinic mé isteach san Charmal, muna
dtugadh Íosa leis abhaile go Flaitheas na nGrást go luath mé, go
gcaithfinn imeacht liom ar nós cuilm úd Nóe, go bhfosglóch' Íosa
fuinneóg na hAirce, lá éigin, á rádh liom eitilt i bhfad i gcéin
go tír choimhthighigh i measg na ndíchreidmheach, agus craobh an
ola-chrainn ar iomchar agam. Thug an smaoineadh sin orm eirighe
ar foluamhain ós cionn neithe an t-saoghail seo.



Ó thuigeas go mb'fhéidir sgarúintí a bheith ann 'san Charmal
féin, thugas iarracht ar mo chroidhe do choimeád ag síor-mhachtnamh
ar Neamh. Bhíos toilteanach, ní h-amháin imeacht i mo dheóruí
imeasg na gcoigcríoch an-aithnid mé féin, ach rud ba mhó do
ghoill orm ar fad, bhíos toilteanach mo dhriféaracha ionmhuine a
fheiceál ag imeacht. Agus, fé mar do thárla, do h-éiligheadh beirt
acubh i gcóir Carmail Saigon, do fothuigheadh ó'n mainistir
s'againne. Bhí sé i gceist ar feadh tamaill go gcuirfí chun siubhail
chun na mainistreach sin iad. Á! focal amháin ní abróchainn le n-a
gcongbháilt siar, cidh go raibh an croidhe d'á réabadh im' chliabh, ag
smaoineadh dhom ar an fuilinntí móra a bheadh rómpa ann…



Anois, áfach, tá sin uilig thart, mar chuir na h-uachdaráin
cosg iomlán le n-a n-imeacht; an chailís sin ní dhearnas ach í
do chur le mo bheóla, ach d'fhéadas a searbhas a bhlaiseadh go maith.



Béidir nach misde dhom a innseacht duit, a Mháthair, cé'n fáth
ar mhaith liom freagairt do ghlaodhach ár Máithreach ó Hanoi, má
ghníonn an Mhaighdean Muire mé do leigheas. Dheallróch' an scéal
nach mór do dhuine gairm ar leith a bheith aige le maireachtáil ins na
Carmail eachtrannacha i gcéin, agus gurab iomdha duine a shíleas
go bhfuil an ghairm sin aige, agus nach mbíonn. Ach dubhrais-se
liom-sa, a Mháthair, go bhfuil an ghairm sin agam, agus gurab í mo
shláinte amháin atá mar chonstaic 'gham chongbháilt annseo.



Á! Dá gcaithinn an cliabhán clúthmhar seo do thréigint lá éigin,
ní gan cumhaidh agus brise-croidhe a d'imeóchainn uaidh. Ní
croidhe cruaidh neamh-mhothuightheach mo chroidhe-se, ach croidhe a
fhéadas mórán a fhuilinnt, agus sin é díreach an fáth gur mian liom
gach uile shaghas fuilinntí d'á bhféadfadh mo chroidhe a mhothú, do


L. 136


thabhairt d'Íosa. Annseo tá gean agat-sa orm, a Mháthair, agus
ag na siúracha go léir, agus is suairc liom an gean sin. Sin é an
fáth a mba mhaith liom imeacht go mainistir mar nach mbéadh aithne
ag aoinne orm, mar a bhféadfainn deóruíocht an chroidhe dh'fhuilinnt.
Ní ag súil le h-obair thairbheach a dhéanamh i gCarmal Hanoi do
thréigfinn gach aon ní is annsa liom ar an dtalamh, ní headh! mar
is ró-mhaith is eól dom mo bheag-mhaitheas is mo neamh-éifeacht: ní
rachainn ann ach chun toile Dé amháin a dhéanamh agus chun mé féin a
fhágáil go h-iomlán 'n-A lámhaí. Airighim nach mbéadh aon mhealladh
i ndán dom ann, mar nuair nach mbíonn súil ag duine le rud
ar bith ach leis an bhfuilinnt amháin, ádhbhar iongantais dó iseadh
é má thig áthas beag ar bith air, agus thairis sin, is í an fhuilinnt
féin an t-áthas is mó ar fad, nuair a cuirtear dúil innti mar stór
luachmhar.



Táim tinn anois, áfach, agus gan leigheas i ndán dom; ach, mar
sin féin, fanaim i síocháin. Is fada nach liom féin mé a thuille ach
le h-Íosa amháin… agus féadfaidh Seisean, dá bhrígh sin, A
rogha rud' a dhéanamh liom. Thug Sé dhom dúil do chur i ndeóruíocht
iomlán, agus d'fhiafruigh Sé dhíom an mbéinn sásta an chailís sin
a dh'ól; agus láithreach bonn shíneas amach mo lámh le breith uirthe,
ach tharraing Seisean siar uaim í 'á chur i n-umhail dom gur leór
Leis an deagh-thoil a bhí agam.



A Dhia! nach mór iad na trioblóidí agus an buaireamh aigne
a ndéanann duine é féin do shaoradh uatha tré mhóid na h-umhluigh-
eachta! Nach sonasach séanmhar a bhíos an duine rialta atá umhal
ómósach! Ós rud é nach bhfuil de chompás ná de stiúir aige ach
toil an uachdaráin bíonn sé cinnte i dtóláimh go bhfuil sé ar an
mbóthar cheart, agus ní bhíonn imní ná eagla air a choidhche go rachaidh
sé amú, fiú amháin má chítear dhó go bhfuil dul-amú ar na h-uachtar-
áin féin. Ach ní túisce a iompuigheas duine a shúile i leath-
taoibh ón gcompás do-mheallta sin ná imigheann an t-anam ar
fuaidreamh tré bhealaighe tirme mar a dtéigheann uisce na ngrást
i ndísg air gan mhoill.



Is tusa, a Mháthair, an compás atá tugtha ag Íosa domh-sa le
mé do sheóladh go slán sabháilte go tráigh na Síorruíochta. Is
suairc liom féachaint ort-sa agus toil Íosa do dhéanamh annsin.
Leis an gcaoi ar cheaduigh Sé na cathuighthe sin i gcoinnibh an
Chreidimh do theacht orm, mhéaduigh Íosa ar "spioraid an
Chreidimh" im' chroidhe, agus cuireann an creideamh sin ar mo
chumas Íosa a fheiceál i d'anam-sa, agus É ag cur A órduithe


L. 137


caoine i n-umhail dom tríot. Tá a fhios agam go maith, a
Mháthair, go ndéanann tú ualach na h-umhluigheachta d'éadtromú
go mór dhom; ach chítear dhom, do réir mar a mhothuighim im'
chroidhe, nach dtiocfadh aon athrú orm agus nach laghdóchaí ar an
ngean atá agam ort, dá mbéitheá dian orm féin, mar thuigfinn
nach mbéadh ann ach toil Dé dá chur i n-umhail dom ar bhealach eile
ar mhaithe le m'anam.



Fuaireas grásta líonmhara saidhbhre ó Dhia i mbliana, agus
ceann de na grástaibh is mó acubh is eadh é, dar liom, gur tugadh
dhom aithne na carthannachta do thuigsint 'n-a h-iomlán. Níor
thuigeas i gceart ariamh roimhe seo brí dhoimhin briathair úd an
tSlánuitheóra: "Agus tá an tarna haithne cosamhail leis an
gcéad cheann: grádhfaidh tú do chomhursa mar thú féin." 1 Rinneas
mo dhícheall i dtóláimh ar Dhia do ghrádhú thar gach ní, agus ar an
gcuma sin is eadh do bhaineas amach brí rúnda na mbriathar eile
seo: "Ní h-é gach aoinne adeir liom-sa, a Thiarna, A Thiarna,
do raghaidh isteach i righeacht na bhflaitheas, ach an t-é a dhéanfaidh
toil m'Athar atá ins na flaithis, siné a raghaidh isteach i righeacht na
bhflaitheas." 2



Toil sin an Athar, chuir Íosa i n-iúl dom céard é, tráth a dtug
sé A Aithne Nua d'Á chuid Aspol ag an Séaras deireanach 'á
rádh leo "grá a bheith acubh dá chéile, fé mar a thug Seisean grá
dhóibh-sin." 3… Annsin thosuigheas ag machtnamh ar cé mar do
ghrádhuigh Íosa A dheisciobuil, agus chonnaiceas nár mar gheall ar a
dtréartha nádúrtha do thug Sé grá dhóibh, mar b'fhollus dom gur
dhrong aineólach a bhí ionnta, agus a gcinn lán de smaointe tal-
mhuidhe. Agus i n-aimhdheóin sin, bheir Sé A bhráithre, A cháirde ortha'
is mian Leis iad d'fheiceál 'n-A fhochair i righeacht A Athar, agus
d'fhonn an righeacht sin a dh'fhoscailt dóibh gheibheann Sé bás ar chrann
na croise 'á rádh "nach bhfuil ag aon duine grá is mó ná seo, go
dtabharfadh duine a anam ar son a charad." 4



Ag machtnamh ar bhréithribh sin Íosa dhom, cuireadh ar mo shúile
dhom chómh mí-fhoirbhthe is a bhí an grá a bhí agam-sa do mo shiúracha;
ba léar dhom nach raibh grá agam dhóibh fé mar a bheir Íosa grá
dhóibh. Á! tuigim anois gurab é is fíor-charthanacht ann cur
suas le lochtaibh ár gcomharsan, gan iongnadh a dhéanamh d'á chuid
lagachar, agus deagh-shompla dhúinn féin a fheiceál i ngach aon


L. 138


cheann dá shubháilcí, dá laghad iad. Ach thar gach ní d'fhoghluimeas
nach ceart do'n charthanacht fanacht i bhfolach i n-íochtar an chroidhe,
mar "ní dheineann aoinne lóchrann do lasadh agus annsin é do chur
fé bhéal árthaigh, ach ar choinnleóir, ionnós go bhfeicfidh na daoine
a thagas isteach an solus." 1 Chítear dhom, a Mháthair, gurab í
an charthanacht an lóchrann sin a chaithfeas solas agus sólás do
thabhairt ní hamháin do na daoine is annsa liom ach fós d'á bhfuil
sa teach.



Nuair d' órduigh Dia d'Á mhuinntir 'san tSean-Reacht a gcomh-
arsa do ghrádhú mar iad féin, bhí Sé féin gan teacht anuas ar an
dtalamh fós; agus ó bhí a fhios Aige cé'n grá mór atá ag an
nduine air féin, níor fhéad Sé aon ní ba mhó a dh'éileamh air. Ach
nuair a thug Íosa an aithne nua d'A chuid aspol 'á rádh: "Sidí
m'aithne-se," 2 ní h-é amháin ár gcomharsa do ghrádhú mar sinn
féin a éiligheas Sé, ach fós ár gcomharsa do ghrádhú mar a ghrádh-
uigheas Sé féin é agus mar a ghrádhóchas Sé go dtí críochnú an
t-saoil é.



A Íosa dhil! Tá a fhios agam nach n-órduigheann Tú aon ní
atá do-dhéanta; is eól Duit mo lag-bhrígheacht agus mo mhí-
fhoirbhtheacht níos fearr ná mar is eól dom féin iad; tá a fhios
Agat nach n-eireóchaidh liom a choidhche mo shiúracha do ghrádhú fé mar
a ghrádhuigheas Tusa iad, muna ndéanaidh Tú féin iad a ghrádhú
thríom mar an gcéadna. Is mian Leat an grás sin do thabhairt
dom: uime sin iseadh do thugais an aithne nua sin dúinn. Ó!
is suairc liom an aithne sin! mar deimhnigheann sí dhom gurab é
Do thoil-se gach aoinne a bhfuil sé de dhualgas orm grá a thabhairt
dóibh a ghrádhú thríom Thú féin.



'Seadh, airighim gurab é Íosa amháin a bhíos ag oibriú ionnam
nuair a bhím carthanach. Dá mhéid d'á mbéidh mé dlúithte le hÍosa
is amhlaidh is fearr a ghrádhóchad mo shiúracha go léir. Nuair is
mian liom an grá sin do mhéadú im' chroidhe agus go gcuireann an
deamhan lochtaí na siúrach seo nó na siúrach eile úd ós comhair mo
shúl, déanaim-Se a cuid subháilcí agus a cuid deagh-rún do thór-
uigheacht láithreach: deirim liom féin, má chonnaiceas ag tuitim
uair amháin í féin, gur féidir gur rug sí mórán buadh roimhe sin
agus go gceileann sí tré umhluigheacht iad: agus 'n-a cheann sin,
an rud is peaca liom-sa go mbéidir gur subháilce é mar gheall ar


L. 139


an intinn a bhí aice. Agus ní deacair liom sin a chreisdint, mar
gur thuit rud den tsaghas sin amach dhom féin, uair.



Lá n-aon, le linn an chaitheamh-aimsire, tháinic an dóirseóir ag
iarraidh lámh-chonganta le haghaidh gnótha áithride. Bhí fonn
páistiúil orm féin bheith ag gabháil do'n ghnó sin, agus b'orm-sa
go díreach thuit an crann. Thosuigh orm láithreach ag cornadh
m'obair-shnáthaide, ach rinneas amhlaidh go mall réidh le go mbéadh
a ceann féin cornuighthe róm ag an tsiúir ba ghoire dhom, mar bhí a
fhios agam go raibh dúil aice-se an gnó sin do dhéanamh, agus
theastuigh uaim áthas do chur uirthi le m'áit do thabhairt di. An
tsiúr a d'iarr an congnamh, ar n-a fheiceál di nach rabhas-sa ag
brostú orm, dubhairt sí go geal-gháireach: "Á! bhí tuairim mhaith
agam nach gcuirfeá an péarla sin i do choróinn, bhís ró-mhall!"
Agus chreid na mná-rialta go léir go rabhas tar héis géilleadh
do'n nádúir san chás sin.



Ní chreidfeá ach an maitheas mór do rinne an t-eachtra beag
sin dom, dhom choimeád gan breith obann do thabhairt ar dhaoine.
Agus 'na cheann sin, coimeádann sé an mór-is-fiú uaim féin,
nuair a moltar mé, mar deirim liom féin: Ó thárla gur féidir
a cheapadh gur mí-fhoirbhtheachtaí mo ghníomhartha beaga fóghanta, is
féidir mar an gcéadna dul-amú a bheith ar dhaoine nuair a
thugaid subháilce ar an rud nach bhfuil ann ach mí-fhoirbhtheacht;
agus deirim mar aon le N. Pól: "Is neamh-ní liom-sa sibh ag
breith breithe orm ná duine ar bith eile; ná ní bheirim breith
orm féin. Is ag an Tiarna atá breith do bhreith orm." 1 'Seadh,
is é an Tiarna, is é Íosa, a bheireann breith orm! agus d'fhonn
breith fábharach a fháil Uaidh nó d'fhonn dul saor ó bhreith, is mian
liom smaointe carthanacha a bheith agam i gcomhnuí, mar deir Íosa
féin: "Ná tugaidh breith, agus ní tabharfar breith oraibh." 2



Fillfead anois ar na Soiscéil mar a ndéanann Íosa a mhíniú dhom
go soiléir cad í an aithne nua seo a bheir Sé féin dúinn. Léaghtar
ag N. Maitiú: "Do chualabhair cionnus mar a dubhradh: bíodh
grá agat do d' charaid agus fuath agat do d' naimhdibh. Ach
deirim-se libh-se: bíodh grá agaibh d'bhur naimhdibh, deinidh guidhe
ar son na muinntire a dhéanann crádh agus tromaidheacht oraibh." 3



Ní castar naimhde orainn san Charmal, cinnte, ach mar sin
féin, bíonn cómhbháidh againn le daoine seachas a chéile; bíonn
dúil againn i gcomhluadar siúrach áithride, agus tá siúr eile ann,


L. 140


béidir, agus chuirfimís timcheall mór orainn féin d'fhonn í do
sheachnadh. Ach an tsiúr eile sin, deir Íosa liom go gcaithfead
grá do thabhairt di, agus bheith ag guidhe ar a son, fiú amháin nuair a
chífí dhom nach bhfuil grá aice-se dhomh-sa: "Má thugann sibh grá
do'n mhuinntir a thugann grá dhaoibh, cad é an buidheachas is cóir
a bheith oraibh? Tugann peacacha grá do'n mhuinntir a thugann grá
dhóibh." 1 Agus ní leór an grá sin do bheith againn i n-ár gcroidhe,
ach caithfimíd é a chur i ngníomh. Cuireann sé áthas orainn do
réir nádúra gar a dhéanamh do charaid, ach ní carthanacht é sin,
mar déanann na peacacha an rud céadna.



Rud eile fós a mhúineas Íosa dhom: "Gach aoinne a iarrfas
rud ort, tabhair dó é; agus má bheireann duine do chuid uait ná
héilimh thar n-ais air é." 2 Rud do thabhairt do'n t-é a iarras
orainn é, níl sin chomh réidh ná chomh suairc leis an rud do thairg-
sint dó uainn féin; agus ní deacair rud a thabhairt do'n t-é
a iarras go deas fáilidhe é; ach má bhíonn sé de mhí-ádh ar an
t-sírtheóir labhairt go borb, cuirfidh an croidhe stailc suas
láithreach muna mbídh sé daingnighthe i bhfíor-charthanacht: béidh
fiche leith-scéal aige annsin le h-eiteach do thabhairt do'n t-é
a iarras rud air ar an ndóigh sin; agus déanfaimíd a mí-
chneastacht do chur ar a súilibh do'n tsiúr sin shul dá dtugaimíd
di mar ghrá-Dia an rud a éiligheas sí; nó caithfimíd tamall
fada ag cur is ag cúiteamh faoi chonstaicí agus faoi chirt nach bhfuil
bun ná bárr leo, shul dá ndéanaimíd gar beag di a bhéad déanta
againn fiche uair an fhaid a bhíomar ag cainnt.



Ach, má's deacair rud do thabhairt do gach aoinne a iarras
orainn é, is dá dheacra fós "ár gcuid do leigint uainn gan a
dh'éileamh thar n-ais." Deirim, a Mháthair, gur deacair é, ach
badh chirte dhom a rádh go bhfeictear dhúinn gur deacair é; mar
"is suairc mo chuing-se," adeir an Tiarna, "agus is éadtrom
m'ualach," 3 nuair a glactar leis an gcuing sin go fonnmhar,
airightear a suairceas láithreach.



Bhíos a' rádh gurab é toil Íosa nach n-éileóchainn mo chuid
thar n-ais; agus ar ndóigh, ba chóir nach mbéadh deacracht ar bith
annsin dom, ós rud é nach liom féin aon rud d'á bhfuil agam:
Badh chóir go mbéadh áthas orm, dá bhrí sin, nuair a ráinigheann dom
an bhochtaineacht do mhóthú, ó thárla go bhfuil móid solamánta
na bochtaineachta tugtha agam. Shíleas, tráth, nach rabhas cean-


L. 141


gailte le rud ar bith, ach ó tháinic bréithre Íosa ag lonnrú ós mo
chomhair, chím go bhfuil mórán mí-fhoirbhtheachta ag baint liom.
Nuair a théighim i n-éadan mo phéinteálachta, cuir i gcás, agus go
bhfeicim na sguaibíní tré n-a chéile, nó má bhíonn riaghlóid nó
miodóg ar iarraidh, bíonn mo chuid foighde ionnann's a bheith
imthighthe ó smacht orm, agus caithim breith uirthi le mo dhá láimh
chun mé féin do choimeád gan na neithe sin a bhíos ar iarraidh
d'éileamh go casaoideach cannránach.



Na rudaí ró-riachtanacha sin, féadaim iad a iarraidh ár ndóigh,
agus nuair a iarraim go humhal iad, níl sin i gcoinnibh aithne úd
Íosa, ach a mhalairt, mar ní dhéanaim ach mo lámh do shíneadh amach
i gcóir déirce, ar nós na mbochtán; má tugtar eiteach dóibh-
sin, ní bhíonn aon iongnadh ortha, arae níl aon rud ag dul dóibh ó
aoinne. Á! nach mór an tsíocháin a thagas isteach sa chroidhe
nuair a éirigheas sé os cionn mothúchán na nádúra! Níl áthas ar
bith ion-churtha leis an áthas a bhíos ar an t-é atá bocht san spioraid,
níl sin! Má iarrann sé nídh go h-umhal agus má's rud é nach é
amháin go dtugtar eiteach dhó, ach go bhféachtar fós leis an rud atá
aige do bhaint de, déanann sé beart do réir comhairle an Tiarna:
"Má's mian le duine an dlí do chur ort agus do chasóg do bhreith
leis, sgaoil leis do bhrat 'n-a theannta." 1



Ár mbrat do scaoileadh uainn, is ionann sin, dar liom, is
a rádh gur chóir dúinn cur suas de gach aon cheart d'á bhfuil againn,
agus a bheith 'n-ár seirbhísigh agus 'nár sclábuidhthe do chách. Nuair
atá a bhrat sgaoilte uaidh ag duine is fusa dhó siubhal agus rith'
agus mar sin de, deir Íosa aríst: "Agus an t-é a chuirfidh
fhiachaibh ort dul leis míle shlighe do t'aimhdheóin, eirigh dhá mhíle eile
leis dod' dheóin." 2 Ní leór dom rud do thabhairt do'n t-é a
iarras orm é, ní leór sin; caithfead teacht roimh an dúil atá ag
an duine, agus a thaisbeáint go bhfuilim faoi chomaoin aige agus
gur onóir liom gar a dhéanamh dhó, agus má tógtar uaim rud go
bhfuil gnó agam féin de, caithfead a thaisbeáint go bhfuil áthas
orm faoi gur tógadh uaim é.



Ach cheana, ní h-i gcómhnuí a thig liom bréithre an tSoiscéil
do chur i ngníomh do réir na leitre; caithim mo shiúracha a dh'eit-
each ar rud éigin uaireanta. Ach nuair atá an charthanacht go
daingean sa chroidhe, nochtann sí í féin lasmuigh, agus tá dóigh
deas fáilidhe le duine a dh'eiteach ar rud nach bhféadtar a thabhairt


L. 142


dó, i dtreó go gcuireann an t-eiteach oiread áthais air is do
chuirfeadh an tabharthas féin. Is fíor, an t-é a bhíos réidh i gcomh-
nuí le soighleas a dhéanamh do chách, gur ró-éasgaidh le daoine
teacht chuige go minic ag iarraidh chonganta; ach mar sin féin, ní
ceart dom na siúracha a mbíonn rud ag teastáil uatha go minic
do sheachnadh toisc eagla a bheith orm go gcaithfinn iad d'eiteach,
mar deir an Tiarna aríst, "Má's mian le duine iasacht do
lorg ort ná h-iompuigh uaidh." 1



Ní ceart dom, ach an oiread, bheith carthanach garach le go bhfeic-
fidh daoine mé a bheith amhlaidh, nó mar shúil is go ndéanfaidh an
tsiúr a gcuidighim léithe lámh chonganta do thabhairt domh-sa, uair
eile; mar dubhairt an Tiarna aríst: "Má thugann sibh iasacht
do'n mhuinntir ó n-ar dóigh libh go mbéidh iasacht le fáil agaibh, cad
é an buidheachas is cóir a bheith oraibh? Óir tugaid na peacacha
iasachtaí uatha do pheacachaibh ag súil le n-a gcothrom a fháil thar
n-ais. Ach deinidh-se maith, agus tugaidh iasacht uaibh, gan súil
le ní dá bhárr, agus béidh bhúr luach-saothair líonmhar." 2



Ó! is líonmhar é an luach-saothair ar an tsaol seo féin. Ar an
mbealach seo, is í an chéad choiscéim is dócamhlaighe." Iasacht
do thabhairt uainn gan súil le nídh dá bhárr," is doiligh linn sin
do dhéanamh; b'fhearr linn an rud do bhronnadh, mar an rud a
bhronnaimíd ní linn-ne é feasta. Nuair a thagas duine chugat 'á
rádh go lán-dáiríreach: "A shiúr ionmhuin, tá gnó agam dhíot
go ceann tamaill ach ná bíodh imní ort, mar tá cead agam ó
n-ár Máthair, agus an t-am seo a bheir thú dhom cúiteóchaidh mé
leat aríst é." Is cinnte go mb'fhearr le duine a rádh go lom
díreach: "Bronnaim an t-am seo ort," nuair atá a fhios aige
go rí-mhaith nach gcúiteóchar leis a choidhche é; agus shásóch' an
freagra sin an féin-ghrá, mar is flaitheamhlaighe de ghníomh rud
do bhronnadh ná rud a thabhairt ar iasacht, agus cuirtear i n-umhail
do'n tsiúr úd 'san am chéadna nach mórán ionntaoibhe atá againn
as a cuid geallúintí.



Á! nach mór atá teagasc Íosa bun-ós-cionn le mothúchán na
nádúra! Ní thiocfadh linn é do thuigsint féin, ní áirighim é do
chur i ngníomh, gan cuideadh gan grásta Dé.



A Mháthair ionmhuin, chím go ndearnas mo chuid smaointe do
mhíniú go rí-dhona de'n iarraidh seo seachas ariamh. Níl a fhios agam
cé'n chaoi a bhféadfaidh tú suim ná spéis do chur ins na smaointe


L. 143


seo atá measgtha tré n-a chéile. Ach ní saothar liteardha atá
agam 'á scríobhadh; agus má's liosta leat an cur-síos fadálach
seo ar an gcarthanacht féin, chífir ar a laghad go raibh an deagh-
thoil ag do pháistín.



Fairíor géar! Caithfead a admháil gur fada uaim féin an
ní a thuigim do chleachtadh: ach mar sin féin, an dúil atá agam
é do chleachtadh bheir sí sólás agus síocháin dom. Má ráinigheann
dom locht éigin i gcoinnibh na carthanachta do dhéanamh, éirighim
aríst láithreach; agus le roinnt míosa anuas, ní bhíonn cathú
ná coimhlint agam a thuille, i dtreó go dtig liom a rádh mar aon
le N. Eóin na Croise: "Tá mo theach go léir go suaimhneasach."
'Sé an rud is cionn-tsiocair leis an tsíocháin doimhin inmheadhonaigh
sin, dar liom, ach cath áithrid ar éirigh liom an buadh do bhreith ann.
Ó rugas an buadh sin tagann slóighte na bhflaitheas le cabhair
chugam le nach ngortóchar níos mó mé, i ndiaidh mé troid a
dhéanamh go calma ar an ócáid seo a n-innseóchad duit faoi
anois.



Siúr naofa áithrid ar an gcoimhthionól-s'againne bhí sé de
bhuaidh aice díombáidh do chur orm i ngach aon rud. Bhí lámh ag an
mac mallachtain sa scéal, mar níl aimhreas ar bith nárbh eisean do
thaisbeánadh dhom an oiread sin neithe mí-thaitheanamhach innti.
Mar sin de, ó thárla nárbh áil liom géilleadh do'n ghráin nádúrtha
do mhothuighinn, dubhras liom féin nár leór dhom an charthanacht a
bheith agam im' chroidhe, ach gur chóir dhom í do chur i ngníomh.
Chuireas róm annsin gach aon ní do dhéanamh ar son na siúrach sin
díreach mar a dhéanfainn ar son an t-é is annsa liom. Am ar
bith a gcastaí orm í chuirinn paidir bheag suas chun Dé ar a son,
agus d'ofráilinn Dó a subháilcí agus a mór-luachtaí. D'airigheas
gur thaithn sin go mór le h-Íosa, mar níl dealbhadóir ar bith nach
mbíonn lúthgháir air nuair a moltar saothar a lámh, agus ní taise
do Dhealbhadóir diadha na n-anmnacha é, mar bíonn lúthgháir Air siúd
mar an gcéadna nuair nach stadtar ag féachaint ar an dtaobh
amuigh, ach go dtéightear isteach i dteampoll inmheadhonach na
h-anama, mar a bhfuil comhnuí Air féin, agus go moltar a mhór-
áilneacht.



Agus níor leór liom bheith ag guidhe go minic ar son an t-é
sin a bheireadh an oiread sin ócáidí catha dhom. D'fhéachainn le
soighleas a dhéanamh dhí gach aon uair a bhfuighbhinn an deis, agus
nuair a bhíodh fonn orm freagra giorraisc borb do thabhairt uirthi,
bhrúghainn chugam é agus ghnínn gáiridhe soineanta séimh léithi


L. 144


agus annsin d'fhéachainn le h-ádhbhar eile cómhráidh do tharraint
anuas, mar deirtear i nAithris ar Chríost "gur tairbhighe dhúinn
leigint do gach aoinne a mheón féin a bheith aige, ná bheith sáidhte
i n-imreasán cainnte." 1



Agus ba mhinic, leis, nuair a bhéadh an deamhan gham' chiapadh go
tréan agus go bhféadfainn glanadh liom as an mbealach gan leigint
do'n t-siúr sin mo chomhrac inmheadhonach do thabhairt faoi ndeara,
do theichfinn ar nós saighdiúra meathta ag teicheadh ó pháirc an áir.
…Agus d'éirigh liom chomh maith sin go ndubhairt sí liom go
h-aiteasach lá amháin: "A Shiúr Treasa leis an Leanbh Íosa, ar
mhisde leat a rádh liom cé'n fáth a bhfuil cion chómh mór sin agat
orm-sa? Níl uair 'na gcastar orm thú nach mbíonn meangadh
gléigeal agat dom." Á! b'é Íosa a bhí foluighthe 'na croidhe,
b'Eisean a thug dhom cion a bheith agam uirthi, mar is É a ghníos
milis gach aon ní searbh!



Bhíos ag labhairt leat ar ball, a Mháthair, faoi'n tseift deiridh
atá agam le gan a bheith buailte i gcathaibh na beatha, .i. an teicheadh.
An tseift bheag-onórach sin bhaininn feidhm aisti nuair a bhíos im'
nóibhíseach, agus chruthuigh sí go rí-mhaith i gcomhnuí. Seo dhuit
sompla breá amháin a bhainfeas gáire asat, dar liom.



Bhís-se tinn le tamall le criothán nár bheag i riocht is go
rabhamar imnidheach go maith fút. Maidin amháin, bhíos-sa ag
teacht go dtí do sheómra go ciúin réidh le h-eochracha crannghaile
na Comaoine do chur ar ais ann, mar bhíos im' éardamóir ag an
am sin. Bhí lúthgháir orm im' chroidhe 'stigh an deis sin a fháil le
tú fheiceál, ach níor leigeas sin orm ar bhealach ar bith. Duine de
d'ingheanacha, áfach, a bhí lán de dhíogras naofa, níorbh fhuláir
léithe na h-eochracha do bhaint díom i n-áit ar shíl sí go ndéanfainn-
se thú a dhúiseacht. Dubhras léithe chomh deas fáilidhe is a bhí
ionnam nár mhian liom-sa truisneach a dhéanamh ach oiread léithi
féin, agus thairis sin, gurbh é mo cheart-sa na h-eochracha do
thabhairt ar ais. Tuigim anois go mb'é an rud do b'fhearr agus
do b'fhoirbhthe géilleadh go h-umhal; an uair úd, áfach, níor
thuigeas sin agus chuaidh mé isteach 'na diaidh, d'á h-aimhdheóin.



Ba ghairid gur thuit an tubaiste amach. Leis an gcallán
a bhí d'á dhéanamh againn dúisigheadh thusa, a Mháthair, agus d'oscail
tú na súile, agus orm-sa a bhí an milleán go léir! An tsiúr a
rabhas tar héis bheith a' coimhlint léithe, thosuigh uirthi láithreach ag


L. 145


tabhairt óráide uaithe, agus b'é tús agus deire a scéil: "B'í
an tsiúr Treasa leis an Leanbh Íosa a bhí ag déanamh an challáin."
Bhí fonn an domhain mhóir orm mé féin do chosaint: ach tráthamhail
go leór, thuit smaoineadh breá ciallmhar isteach i mo cheann: Dubh-
ras liom féin gur chinnte, dá dtosuighinn ag iarraidh mé féin do
chosaint is do cheartú, go gcaillfinn síocháin m'anama; agus
ó thárla, 'na cheann sin, go rabhas ró-lagbhrígheach le héisteacht le
mo dhaoradh gan freagra do thabhairt, b'fhollus dom nach raibh le
déanamh agam ach teicheadh chun mé féin do thabhairt slán ó'n nguais.
Níor luaithe an smaoineadh sin i mo cheann ná rinneas beart dá
réir. D'imthigh liom… ach bhí an croidhe a' preabarnaigh chomh
tréan agam is nár fhéadas dul i bhfad gur shuidheas síos ar an
staighre le toradh mo bhuaidh do bhlaiseadh ar mo shócamhlacht.
Cinnte go leor, is aisteach an cineál gaisgidheachta é sin; ach
má's eadh féin, sílim gur fearr rith maith ná droch-sheasamh, lá
ar bith.



Céad fairíor géar! ag smaoineadh ar an am a rabhas im' nóibhís-
each dhom, chím go soiléir a liachtaí mí-fhoirbhtheacht a bhí ionnam!
Ní fhéadaim gan gáiridhe anois faoi rudaí áithride. Á! nach maith
do rinne an Tiarna dhom é nuair do thóg Sé m'anam suas agus do
thug eiteógaí dhi! Ní fhéadfadh líonta uilig na sealgairí eagla
do chur orm feasta; mar "Is i n-aistear a caithtear líon ós
cómhair súl lucht sciathán." 1



Amach annseo, béidir go bhfeicfead go bhfuil an t-am 'na
bhfuilim anois, go bhfuil sé lán de mhí-fhoirbhtheachtaí mar an
gcéadna, ach ní dhéanaim iongantas de rud ar bith a thuille; ní
chuireann sé brón orm ná buairt a fheiceál nach bhfuil ionnam ach
lagachar ar fad; ach is é an chaoi a maoidhim as mar lagachar,
agus táim ag súil le mí-fhoirbhtheachtaí nua a fháil ionnam féin i
n-aghaidh an lae. Tig liom a rádh le fírinne gur mó an maitheas
a ghníos na soillsí sin i dtaobh mo nádachta dhom ná na soillsí i
dtaobh an chreidimh.



Ag cuimhneamh dhom "go ndéanann an charthanacht gach peaca do
chlúdach," 2 tarraingim as an mianach saidhbhir sin do h-oscluigheadh
le h-Íosa 'n-a Shoiscéal Naomhtha. Rannsuighim i ndoimhneas A
chuid briathar adhramhail, agus deirim mar aon le Dáibhid: "Do
ritheas i slighe t'aitheanta nuair a leathanuighis mo chroidhe." 3
Agus is í an charthanacht amháin a fhéadas mo chroidhe-se do leathnú.


L. 146


…A Íosa! Ó thosuigh an lasair bhog shuairc sin 'gham loisceadh
agus 'gham ídiú, rithim liom go lúthmhar glionndarach ar bhóthar na
h-aithne nuaidhe seo Agat-sa, agus is é mo dhúil ritheacht ar an
mbóthar sin go dtagaidh an lá aoibhinn 'n-a bhféadfad dul isteach
buil díormaí na nÓgh agus Tú do leanacht ar fuaid do righeachta
do-theoranta, ag canadh Do Chaintinne nuaidhe — Caintinn an
Ghrádha.


L. 147


CAIBIDIOL X.



A Mháthair Oirmh., thug Dia na glóire dhom, d'Á ghrástaibh, doimh-
neas diamhrach na carthanachta do ghrinnealadh, agus dá mbéidir
liom a dtuigim 'n-a taobh do chur i gcéill, ba cheól ó Neamh leat mo
scéal. Ach, mo nuar! Níl agam ach cainnt bhriotach stadach an
leinbh, agus muna mbéadh go bhfuil bréithre Íosa mar thaca agam,
bhéadh fonn orm a iarraidh ort leigint dom fanacht im' thost.



Nuair adeir Íosa liom: "rud do thabhairt do gach aoinne a
iarrfas orm é, agus má bheireann aoinne mo chuid uaim, gan é
d'éileamh thar n-ais," sílim nach iad neithe an tsaoghail seo amháin
atá i gceist Aige ach na neithe a thagas ó neamh mar an gcéadna.
Agus, ar ndóigh, ní liom féin iad siúd ná iad seo: chuireas suas
de na céad-neithe sin tré mhóid na bochtaineachta, agus maidir
leis na neithe eile, nílid agam ach ar iasacht ó Dhia, agus má
thogruigheann Sé iad a bhaint díom aríst ní ceart dom bheith ag
casaoid d'á dheascaibh sin.



Na smaointe doimhne pearsanta, áfach, lasracha na h-intinne
agus an chroidhe, saidhbhreas iad sin a gclaoidhimíd leis, mar a
bhéadh rud éigin d'ár gcuid féin ann, nach bhfuil aon cheart ag
aoinne baint dó. Má dhéanaim-se, cuir i gcás, solus éigin,
do tháinic chugam le linn na h-urnuighe, do nochtadh do dhuine de na
siúracha agus go bhfoillsigheann sise ós árd é annsin, mar dh'eadh
gurbh uaithi féin do tháinic sé, shílfeá go bhfuil sí ag glacadh
seilbhe ar rud is liom-sa; nó má labhruigheann duine focal
comhgarach barramhail le n-a compánach ós íseal le linn an chaitheamh-
aimsire, agus go ndéanann sí seo an focal san do rádh ós árd
gan leigint uirthi cé uaithi a dtáinic an focal, is geall le goid é
sin, dar leis an sealbhadóir, agus cidh nach ndéanann sí casaoid
ná éileamh, ní cuid is lugha ná a fhonn a bhíos uirthi, agus cuirfidh
sí i bhfios do chách go deas réidh, ach a bhfághaidh sí an deis, gur
léithi-se ó cheart an focal sin nó an smaoineadh sin.



Ní thiocfadh liom-sa, a Mháthair, mothúcháin shuaracha sin na
nádura do léiriú dhuit chomh maith sin muna mbéadh go rabhadar
agam féin. Agus muna mbéadh gur órduighis dom éisteacht leis


L. 148


na nóibhíseachaibh agus iad ag innsint dom faoi na cathuighthe a
bhíos acubh féin, ba bhreá liom a bheith i n-ann a áiteamh orm féin
gurab agam-sa amháin a bhí na mothúcháin sin. Ach is mór d'fhogh-
luimeas ag coimhlíonadh an dualgais sin dom, agus go mór-mhór
cuireadh ialach orm an rud do bhíos a theagasc dóibh-sin do chleachtadh
mé féin i dtosach.



Féadaim a rádh anois le fírinne, tré ghrástaibh Dé, nach bhfuil
aon chlaoidheadh agam le maitheasaí an chroidhe agus an aigne ach an
oiread agus atá agam le maitheasaí an tsaoghail seo. Má
ráinigheann dom rud éigin do cheapadh agus do rádh a thaithnigheas
le mo shiúracha, ní misde liom iad do ghabháil seilbhe air amhail is
dá mba rud leo fhéin é: mar ní liom-sa an smaoineadh sin ach leis
an Spioraid Naoimh, mar deir N. Pól linn "nach dtig linn "a
Athair" a rádh le Dia i n-éaghmais Spioraid sin an Ghrádha."
Féadann Sé, dá bhrígh sin, feidhm do bhaint asam-sa le deagh-
smaoineadh do thabhairt d'anam eile, agus ní ceart dom a bheith
a' measadh gur liom-sa an smaoineadh sin.



Agus thairis sin, cidh nach bhfuil aon droch-mheas agam ar na
smaointe breághtha a aontuigheas duine le Dia, mar sin féin
tuigim le fada ariamh go gcaithimíd a bheith áirdeallach agus gan
barraidheacht ionntaoibhe a bheith againn asta. Dá mb'iad na
h-ionanálúcháin is aoirde féin iad, is neamh-ní iad gan na
h-oibreacha. Is fíor go bhféadann daoine eile mórán tairbhe a
fháil asta, má ghabhaid a mbuidheachas go h-umhal le Dia as ucht a
thabhairt dóibh bheith rannpháirteach i bhfleadh shaidhbhir dhuine a bhfuil
pribhléidí móra fáighte aige Uaidh. Ach má éirigheann an duine
sin mórdhálach as féin de dheascaibh a shaidhbhris agus go n-abruigh-
eann sé paidir an Fhairisínigh, is cuma é nó duine a bhéadh ag fáil
bháis leis an ocras agus togha gacha bídh agus rogha gacha dighe
leagtha ar an mbórd ós a chómhair, agus na h-aoidheadha ag déanamh
a gcoda go súbhach ar feadh an achair agus ag caitheamh súilfhéachainte
éadmhaire, béidir, ar an t-é gur leis an rachmus sin uilig.



Á! is fíor go deo gurab é Dia amháin a bhfuil eólas Aige ar
an gcroidhe! Nach beag suarach iad smaointe an duine! Nuair
a chíonn sé duine a bhfuil níos mó soillse aige ná mar atá
aige féin, 'sé an rud a tuigtear dhó ach gur mó an grá atá ag Dia
do'n duine sin ná dhó féin. Ach an amhlaidh nach bhfuil sé de cheart
ag Dia anois, mar a bhí i gcomhnuí riamh, feidhm a bhaint as duine
d'Á chréatúirí leis an mbeatha a bhíos a dhíotháil ortha do riaradh
ar an gcuid eile d'Á chlainn? Le linn Fárao féin, i n-allód, bhí


L. 149


an ceart sin ag Rí na gcomhacht fós, mar deir Sé leis an Rí sin
'san Sgríbhinn Diadha: "Is chuige a thógas suas tú chun go
dtaisbeánfainn mo chomhacht ionnat, agus go bhfógróchthaidhe
m'ainm ar fuaid an domhain go léir." 1 D'imthigh na céadta is na
mílte bliain thart ó labhair Dia na bréithre sin, agus ní tháinic
athrú ar A mhodh oibrighthe: rinne Sé daoine áithride do thoghadh i
gcomhnuí riamh le n-A ghnó do dhéanamh 'sna h-anmnachaí.



An canbhás do gaisdigheadh leis an gceárduidhe dá mbéidir
leis smaoineadh agus labhairt, is cinnte nach mbéadh sé ag casaoid
faoi'n gcaoi ar tadhalladh agus ar aththadhalladh leis an scuaibín é;
ní mó ná mar a bhéadh sé ag éad leis an scuaibín, mar bhéadh a fhios
aige nach ar an úirlis sin ach ar an gceárduidhe is ceart dó a
bhuidheachas a bheith ar son na h-áilneachta atá curtha air. Agus an
scuaibín féin, ní fhéadfadh sé a bheith ag maoidheamh as an sár-
obair do rinneadh leis, mar thuigfeadh sé nach mbíonn na
ceárduidhthe i dteannta a choidhche, ach gurab é an chaoi a mbíd a'
dul chun spairne leis na deacrachtaí, agus gurab iad na h-úirlisí
is laige agus is neamh-oiriúnaighe a mbainid feidhm asta uaireanta,
mar chaitheamh-aimsire dhóibh féin.



A Mháthair Oirmh. scuaibín mise a thogh Íosa le n-A íomháigh
do phéinteál 'sna h-anmnachaí do chuiris-se faoi mo chúram. Bíonn
a lán scuaibíní ag an gceárduidhe. Ní mór dhó dhá cheann, ar a
laghad; an chéad cheann, agus is é an ceann is úsáidighe é,
déanann sé na bun-línte agus na bun-dathanna do phéinteál,
agus déanann sé an canbhás go léir do chlúdach i bhfíor-bheagán
aimsire; an tarna ceann .i. an ceann beag, is leis sin a déan-
tar sonnradhachtaí bídeacha an phictiúra. Is tusa, a Mháthair, an
scuab luachmhar a mbeireann Íosa air go grádhmhar 'n-A láimh,
nuair is mian leis obair mhór éigin do dhéanamh i n-anam do
chlainne; agus is mise an scuaibín beag bídeach a mbaineann
Sé feidhm as 'n-a dhiaidh sin leis na mion-rudaí eile do dhéanamh.
Tuairim 's an 8adh lá de mhí na Nodlag, 1892, is eadh do rug
Sé ar a scuaibín de'n chéad uair; cuimhneóchad a choidhche ar an
dtráth úd, mar ba líonmhar iad na grásta Do fuaireas le n-a
linn.



Ar theacht isteach 'san Charmal dom, fuaireas róm ins an Nóibh-
íseachlann compánach a bhí seacht mbliana ní ba shine ná mé, agus i
n-aimhdheóin a raibh de bhliantaibh aice tharm-sa, d'éirigh fíor-


L. 150


chaidreamh eadrainn. Agus d'fhonn an caradas sin, a raibh a
chosamhlacht air go gcuideóch' sé linn i gcleachtadh na subháilcí,
do chongbháil ar siubhal, tugadh cead dúinn cómhráidhte spioradálta
a bheith againn. Chuir mo chompánach ionmhuin aoibheall is áthas
croidhe orm le chomh mánla oscailteach soineanda is a bhí sí;
ach b'iongantach liom, mar sin féin, an deifríocht a bhí idir an
grá a bhí aice dhuit-se, a Mháthair, agus an grá a bhí agam féin duit;
agus 'na cheann sin, ba dhaithnid liom mórán rudaí a bhíodh aice á
dhéanamh. Ach chuir Dia i n-iúl dom an uair sin féin go mbíonn
anmnacha áithride ann a bhfanann A thrócaire leo go foighdeach
fadaradhnach, agus nach dtugann Sé A sholus dóibh ach uidh ar n-uidh;
agus mar sin de, bhíos áirdeallach sar a rachainn Roimhe sa ghnó.



Lá n-aon, ag machtnamh ar an gcead sin do tugadh dhúinn le bheith
ag cómhrádh le n-a chéile "d'fhonn ár ngrá do'n Chéile Diadha do
chur ar lasadh 'nár gcroidhthibh," mar adeir ár mBunreachtaí,
b'fhollus dom nach raibh na comhráidhte s' againne ag cuidiú linn
chuige sin 'chor ar bith, agus ba mhór an brón liom sin. Buaileadh
isteach im' aigne go gcaithfinn labhairt go lom díreach gan scáth
gan eagla, sin nó éirighe as na comhráidhtibh sin ar fad ó thárla
gur gheall le comhráidhtibh carad amuigh ar an tsaoghal iad.
D'athchuingheas ar Íosa bréithre caoine bríoghmhara do chur i mo
bhéal nó labhairt tríom É féin. Thug Sé toradh ar mo phaidir;
mar "an t-é a fhéachas suas Chuige bhéarfar solus dó," 1 agus
"tá solus éirighthe 'san ndoircheacht dóibh sin a bhfuil an croidhe
ionnraic acubh." 2 Baineann an chéad abairt sin dom féin, agus
do mo charaid a bhaineas an tarna ceann, mar bhí croidhe cóir
ionnraic aice go cinnte.



An chéad uair eile a ndeachamair chun cainnte le chéile níor
thúisce do chonnaic mo shiúirín bhocht mé ná ba léar dí nárbh é an
duine céadna a bhí ionnam a thuille, agus shuidh sí síos lem' ais
agus í ag deargadh go cluasaibh; annsin, d'fháisceas le mo
chroidhe í gur innsigheas di go caoin fáilidhe a raibh im' aigne.
Thaisbeánas di céard is fíor-ghrá ann, chruthuigheas di nach raibh sí
ach ag tabhairt ghrádha dhí féin nuair a bheireadh sí grá nádúrtha d'á
Máthair Airchinneach, d'innsigheas di faoi na h-íodhbairtí do
chaitheas féin a dhéanamh de dheasgaibh an ghrádha sin, tar héis mé
do theacht isteach 'san gClochar i dtosach; agus ba ghearr go raibh
sí ag sileadh na súl mar aon liom féin. D'admhuigh sí go humhal


L. 151


go raibh an éagcóir aice, agus gurbh fhíor dhomhsa a ndubhras, agus
thug sí gealladh dhom go gcromfadh sí ar bheatha úr-nua, agus d'iarr
orm a cuid locht do chur i n-iúl di i dtóláimh. Uaidh sin amach bhí
caradas fíor-spioradálta eadrainn, agus fíoradh ionainn
bréithre an Spioraid Naoimh: "Dritháir a gheibheann congnamh
ó dhritháir, is cathair láidir é." 1



Ó! a Mháthair, is eól duit go maith nach ag iarraidh mo chompánach
d'iompáil uait-se a bhíos; níor theastuigh uaim ach a chur i bhfios
di gur le h-íodhbairtí a cothuightear an fíor-ghrá, agus dá mhéid dhá
ndiúltuigheann duine do shóláis agus do shástachtaí nádúrtha
gurab amhlaidh is treise agus is neamh-fhéiniúla a bhéas a ghean.



Is cuimhneach liom nuair a bhíos im' iarrthóir go mbíodh an
oiread sin dúile agam uaireanta mé féin do shásamh agus braoinín
beag sóláis a fháil uait-se, go gcaithinn greadadh liom go mear
thar do sheómra agus greim docht do chongbháilt ar ráil an staighre
le gan filleadh ar ais ort. Thuitfeadh sé im' cheann go raibh fiche
cead agam le h-iarraidh ort, cidh nach mbíodh ionnta uilig ach leith-
scéal chun géilleadh do mo dhúil nádúrthach agus mé féin do
shásamh. Nach orm-sa atá an lúthgháir anois faoi go ndearnas mé
féin do shéanadh ó'n gcéad lá a dtáinic mé isteach sa Chlochar!
An luach-saothair atá geallta do'n druing a throideas go misniúil,
tá sé agam cheana féin. Ní airighim orm féin gur call dom
sóláis an chroidhe do shéanadh orm féin a thuille, mar tá mo chroidhe
daingnighthe i nDia… agus toisc gurbh Dhó-sin amháin do thugas
gean mo chroidhe, mhéaduigh mo chroidhe i leabaidh a chéile nó go dtig
leis anois na daoine is ionmhuin leis do ghrádhú le cion atá i
bhfad níos doimhne ná dá mbéinn tar héis mé féin do chur i
bhfastódh i ngrá miseach neamh-thorthach.



D'innsigheas duit ar ball faoi'n gcéad phíosa oibre ba dheon-
uightheach le hÍosa agus leat-sa, a Mháthair, a dhéanamh le nbhúr
scuaibín. Ach ní raibh annsin ach mar a bhéadh ullmhú do'n t-sár-
obair do thugais dó le déanamh ó shoin.



Níor thúisce istigh i dteampol na n-anmnacha mé ná thuigeas ar
an gcéad amharc go raibh an gnó thar mo chumas; agus fearacht an
naoidheanáin a ghníos a cheann fionn do fholú ar ghualainn a athar,
nuair a ghabhas uamhan é, do chuireas mé féin i mbaclain Dé láith-
reach, agus dubhras Leis: "Chíonn Tú féin, a Thiarna, go bhfuilim


L. 152


ró-bheag le Do chlann do chothú; ach má's áil Leat a mbéidh ag
teastáil ó gach duine ar leith acubh do roinnt orthubh thríom-sa,
déan mo láimhín do líonadh; agus annsin riarfad-sa Do rachmus
reidhsiúil ar na h-anmnacha do réir mar a thiocfaid chugam ag
iarraidh a gcoda, agus fanfad mar a bhfuilim gan imeacht as Do
bhaclain agus gan mo cheann d'iompáil i leath-taoibh féin. Nuair
a gheobhfas duine aca an deagh-bhlas milis ar a chuid, beidh fhios
agam nach orm-sa ach Ort-sa is cóir dhi a bhuidheachas sin a bheith;
ach má dhéanann sí casaoid toisc gur searbh léithe an rud a sheach-
aidim di, ní chuirfidh sin as do mo shíocháin, mar féachfad le n-a
chur 'n-a luighe uirthi gurab Uaitse a thig an biadh sin, agus ní
baoghal go ndéanfad a mhalairt de bhiadh do sholáthar dhi."



Ó thuigeas ar an gcuma sin nárbh fhéidir liom tada a dhéanamh
asam féin, b'fhacthas dom go ndearna sin m'obair do shimpliú
go mór. Ní dhéanainn ach mé féin do tháthú ní ba dhlúithe ná ariamh
le Dia im' chroidhe istigh, mar bhí fhios agam go dtabharfaí gach aon
rud eile dhom annsin. Agus bhí a shliocht orm, níor chlis Dia orm
riamh. Am ar bith a mbíodh beatha de dhíth ar anmnacha na siúrach,
gheibhinn mo lámhaí lán le n-a naghaidh. Dá ndéanainn beart ar a
mhalairt de chaoi, dá mba ar mo neart agus ar mo ghustal féin a
bhéinn ag brath, ba ghairid an mhoill orm stríocadh agus cur suas
de'n obair, deirim-se leat é.



Ag dearcadh ar na h-anmnacha do dhuine ó chian, chítear dhó gur
furasta maitheas a dhéanamh dóibh, iad do chur ar lasadh Le grá
do Dhia, agus iad do mhúnlú do réir tuairmí agus smaointe dhuine
féin. Ach nuair a dhruideas sé isteach i n-a n-aice, cuirtear
'na luighe air go bhfuil sé chomh deacair do-dhéanta maitheas a
dhéanamh dóibh gan cabhair gan grásta Dé is atá sé an ghrian do chur
ag taithneamh ar an leath-chruinne s'againne i lár na hoidhche.
Tuigtear dhó go gcaithfidh sé a chuid tuairmí pearsanta féin do
dhearmadadh ar fad agus na hanmnacha do sheóladh, ní ar a dhóigh
féin ná ar bhealach ar leith d'á chuid féin, ach ar an gconaire a
leagas Íosa amach dhóibh. Agus ní shin é an rud is deacra 'chor
ar bith: séard is mó a ghoilleas orm féin a bheith d'fhiachaibh orm
na lochtaí agus na mí-fhoirbhtheachtaí is lugha féin do thabhairt fé
ndeara ionnta agus an cogadh d'fhógairt ortha go deire.



Tá sé de mhío-rath orm — sin é a bhíos ar tí a rádh, ach ní abróchad
é, mar ba mheathtacht liom é — agus mar sin de, 'séard adeirim,
go bhfuil sé de rath ar mo Shiúracha, ó chuireas mé féin i mbaclain
Íosa, mé bheith mar a bhéadh faireadóir ag breathnú uaidh síos ar an


L. 153


námhaid ó'n dtúirín is aoirde i mbárr an chaisleáin. Ní bhíonn
rud ar bith ann nach bhfeicim; cuireann mo léargus grinn iongantas
orm féin go minic, agus chítear dhom nár mhilleán ar bith ar Iónas
teitheadh ó láthair an Tiarna i riocht is nach mbéadh air léirsgrios
Ninebheh d'fhógairt. B'fhearr liom go mór fada go gcáinfí
míle uair mé ná go gcaithfinn féin duine eile do lochtú oiread
is aon uair amháin; ach airighim nach foláir an gnó sin a bheith 'na
ádhbhar fuilinntí dhom, mar nuair a ghníos duine beart do réir
gluaiseachta na nádúra amháin, ní féidir go dtuigfidh an t-é a
ceartuightear a lochtaí, mar 'séard a déarfas sí: "An
t-Siúr seo a bhfuil mo chúram uirthi, tá múisiam uirthi, agus is
orm-sa a chuireas sí an múisiam i bhfeidhm, i n-aimhdheóin go bhfuil
na deagh-rúin is fearr ar bith agam."



A Mháthair, caithim mé féin do shéanadh agus d'íodhbairtiú i
ngach aon ghnó, agus 'san ngnó seo chomh maith céadna. Má bhíonn
litir le scríobhadh agam, mothuighim nach ndéanfaidh sí aon mhaith-
eas, muna mbídh cineál drugaill orm í do scríobhadh, agus muna
scríobhaidh mé le h-órdú m'uachdaráin amháin í. Bím 'san
áirdeall orm féin, le linn labhartha leis na nóibhíseachaibh dhom,
le mé féin do smachtú, agus ní chuirim aon cheist chúcha do
shásóch' m'fhiafruightheacht féin.



Má chromann duine acubh ar rud spéisiúl a innseacht, agus go
bhfágann sí annsin é gan a chríochnú, agus rud éigin eile gur liosta
liom féin bheith ag éisteacht leis do tharraingt anuas, ní leigim
dhom féin an dearmad sin do chur i gcuimhne dhí: mar chítear dhom
nach dtig le duine ceó maitheasa a dhéanamh le bheith ag tóruigheacht
a thairbhe nó a shástachta féin.



Tá a fhios agam, a Mháthair, gur dolba le do chuid uan mé!
…Dá léighidís na leathanaigh seo, déarfaidís nach bhfuil a
chosamhlacht orm gur deacair liom ar bhealach ar bith bheith ag rith
'na ndiaidh le n-a thaisbeáint dóibh go bhfuil a lomra breá sailighthe
acubh, nó le triopall dá gcuid olna a d'fhágadar i bhfastódh i
ndriseacha an chasáin do thabhairt thar n-ais chuca. Féadfaidh na
h-uain bheaga a rogha rud' a rádh: ach is eól dóibh 'na gcroidhe
istigh go bhfuil cion mór láidir agam ortha. Níl aon bhaoghal go
ndéanfad aithris ar an bhfear tuarastail, "a fhágas na caoire
agus a theitheas nuair a chíonn sé an mactíre ag teacht," 1 níl sin.
Táim réidh le m'anam do thabhairt ar a son, agus an cion atá


L. 154


agam ortha tá sé chomh h-íodhan sin nach bhfuil dúil agam go mbéadh
eólas ar bith acubh air. Níor fhéachas ariamh le n-a gcroidhthibh do
tharraingt chugam féin, míle altú le Dia, mar thuigeas gurbh é rud
a bhí le déanamh agam-sa ná iad a sheóladh chun Dé agus chugat-sa,
a Mháthair, atá 'n-A ionad annseo thíos ós a gcionn agus d'á
gcaithfid grá agus ómós do thabhairt d'á dheasgaibh sin.



Dubhras gurab iomdha sin rud a dh'fhoghluimeas le linn daoine
eile do theagascadh dhom. Ar an gcéad dul síos chonnaiceas
gurab iad na cathuighthe is na comhraic chéadna, mórán, a bhíos ag na
h-anmnacha go léir; ach ar an dtaoibh eile dhe, gur mór ar fad
an t-idirdhealú a bhíos eatortha, agus mar gheall ar an idirdhealú
sin go gcaithfear gan iad uilig do sheóladh ar an ndóigh chéadna.
Tá cuid acubh ann agus airighim nach fuláir dhom mé féin a dh'ísliú
'na láthair, agus gan eagla a bheith orm mé féin a dh'úmhlú le mo chuid
cathuighthe féin agus a liachtaí uair do buadhadh orm dh'amhdachtáil
dóibh. Annsin nochtaid féin go h-éasgaidh na lochtaí a bhíos ag
déanamh imní dhóibh, agus cuireann sé áthas orthubh a fheiceál go
dtuigim iad ó n-a ndeachas féin thríd. Tá daoine eile ann, áfach,
agus is í an daingneacht nach mór a chur i ngníomh leo; caith-
fear gan bogadh a choidhche ó rud ar bith dá ndubhradh. Ní bhéadh ann
ach lagachar, dá ndéanadh duine é féin a dh'úmhlú sa chás sin.



Thug Dia dhom, d'á ghrástaibh, gan eagla ar bith a bheith orm roimh
an gcath; caithfead mo dhualgas do choimhlíonadh pé ar bith céard
a thiocfas as dom. Ní h-annamh dom cainnt mar seo do chloisteál:
"Má's áil leat rud ar bith a fháil agam-sa, caithfidh tú mé do
ghlacadh go cneasta réidh-chúiseach; níl gar dhuit an láimh-láidir
dh'imirt orm mar ní bhéidh tada d'á bhárr agat." Ach tá a fhios
agam nach mbíonn aoinne 'na bhreitheamh mhaith nuair is í a chúis féin
atá i gceist, agus an leanbh a gcuireann an liaigh fá ndeara dhó
dul faoi chréachtghearradh piantach, cloisfear ag sgreadghail é,
agus é á rádh dhá dhonacht dh'á raibh an galar gur measa an
leigheas; ach má mhothuigheann sé é féin i sláinte mhaith aríst i
gcionn tamaillín, béidh lúthgháir agus gliondar croidhe air bheith
i n-ann ropadh leis agus imirt aríst. Is é a fhearacht sin ag
na h-anmnacha é: is gairid an mhoill ortha a thuigsint gur fearr
beagán searbhais ná barraidheacht misleachta, agus ní misde leo
é sin do rádh ós árd ach an oiread.



B'iongantach leat an t-athrú iomlán a thagas ar dhuine acubh
uaireanta ó lá go céile. Tagann duine chugam 'á rádh: "Bhí an
ceart agat indé, nuair a bhís go cruaidh orm. Chuir sin olc orm


L. 155


ar dtúis, ach 'na dhiaidh sin mhachtnuigheas ar an scéal go léir,
agus chonnaiceas nach raibh agat ach an ceart ar fad. Ag dul
amach as do sheómra dhom, shíleas go raibh deire le réidhteach
eadrainn, agus dubhras liom féin: "rachad ag triall ar an
Mháthair, agus déarfad léithe nach rachad i gcuideachtain na Siúrach
Treasa níos mó"; ach d'airigheas gurbh é an mac mallachtain a bhí
ag séideadh fúm ar an gcuma sin, agus annsin shamhluigheas go
rabhais-se ag guidhe ar mo shon, agus do chiúinigheas agus thosuigh an
solus ag lonnrú. Déan mé do shoillsiú go h-iomlán anois, mar
is chuige sin do tháinic mé."



Agus bíonn áthas an domhain orm féin claonadh mo chroidhe do
leanacht agus biadh eile, nach bhfuil chomh searbh sin, do riaradh ar mo
shiúirín… Bíonn, ach… Tugaim fé deara go gcaithfead a
bheith ar m'fhaithchillt sul a n-abróchainn an iomarca, mar d'fhéad-
fadh focal amháin an teach breá do tógadh leis an oiread sin deór
do leagadh go talamh! Má bhíonn sé de mhí-ádh orm an ruidín is
lugha ar bith a rádh a bhfuil a chosamhlacht air go mbogann sé na
fírinní cruadha do labhruigheas an lá roimhe sin, chím mo shiúirín ag
féachaint le greamú de na géagaibh… annsin tosuighim ag
guidhe, bheirim féachaint inmheadhonach amháin ar an Mhaighdin
Bheannuithe, agus bíonn an buadh ag Íosa i gcomhnuidhe! Á! is iad
na paidreacha agus an féin-íodhbairtiú mo neart go léir, is iad
mo threallmha do-bhriste iad; is fearr go mór iad ná na bréithre
go léir chun croidhe an duine do bhogadh, mar is eól dom féin ó
chiall-cheannuighthe.



I rith an Charghais, tá dhá bhliain ó shoin ann, tháinic duine de na
nóibhíseachaibh ag triall orm agus í go glionndarach. "Dá
mbéadh a fhios agat," ar sise liom, "cé'n bhrionglóid a bhí agam
aréir. Taidhbhrigheadh dhom go rabhas buil mo dhearbhsheathar atá
chomh saoltach sin, agus go rabhas ag iarraidh í do tharraingt ó
bhaosra an t-saoghail. Chuige sin bhíos ag míniú na bhfocal seo as
do chaintic: "Maireachtáil tré ghrá" dhi:



Aoibhinn mo chailleamhaint a choidhche,
A Íosa, id' Chroidhe-se na féile:
Na buadha ba liom 's na blátha
Fút-sa fágaim gan éileamh.



"Mhothuigheas go raibh mo chuid cainnte ag dul i gcion 'n-a
croidhe agus do chuir sin lúthgháir an-mhór orm. Ar maidin indiu,


L. 156


sé an rud a bhíos á cheapadh ach go mb'fhéidir gurab é toil Dé go
dtabharfainn an anam sin Dó. Dá scríobhainn chuice i gcóir na
Cásga agus scéal mo bhrionglóide a dh'innseacht di, agus a rádh
léithe gur mian le h-Íosa í a bheith mar chéile Aige féin! Goidé do
bharramhail-se?" Dubhras féin nár mhisde dhi an cead a
dh'iarraidh, ar chuma ar bith.



Ó thárla nach raibh an Carghas i ndáil le bheith thart ar chor ar
bith fós, rinnis-se, a Mháthair, iongnadh d'iarratas chomh h-an-
tráthach sin, agus d'fhreagrais, mar a chuirfeadh Dia féin id'
chroidhe é, gur le paidreacha is mó a chaitheas na Carmelítigh
anmnacha do thárrtháil agus nach le litreacha. Ar chloisteál an
fhreagra sin domh-sa, dubhras le mo shiúirín ionmhuin: "Caithfimíd
cur chun na h-oibre agus bheith ag paidreóireacht go tréan: nach
orainn a bhéadh an ríméad, dá dtugtaí toradh ar ár bpaidreacha i
ndeire an Charghais!" Ó! a thrócaire dho-chuimsighthe Rí na
bhFeart! Ag deire an Charghais, bhí anam eile dhá coisreacadh
féin d'Íosa! Míorbhúilt ó ghrástaibh Dé do b'eadh é, míorbhúilt
do h-oibrigheadh trí chaondúthracht nóibhísigh úmhaile!



Nach mór go léir í comhacht na h-urnuighe! Tá sí mar a bhéadh
bainríoghan a dtig léithe labhairt leis an rí i gcomhnuí agus a rogha
rud' a fháil uaidh. Agus ní call do dhuine, le go n-éistfí leis,
paidir bhreá bhuadh-fhoclach, do cumadh i gcóir na h-ócáide, a léigh-
eamh as leabhar: dá mbadh amhlaidh a bhéadh an scéal, badh mhór
an díol truaighe mise go deimhin!



Cé's moite de na Tráthana diadha a mbíonn sé de shólás agam iad
a rádh gach lá, cidh nach fiú mé é, ní bhíonn sé de mhisneach agam dul
ar lorg na bpaidreacha mbreá 'sna leabhraí: cuireann sin tinn-
eas-cinn orm, tá an oiread sin acubh ann! Agus annsin, táid
uilig níos áilne ná a chéile! Mar sin de, ós rud é nach bhféad-
aim iad go léir a rádh agus nach mbíonn a fhios agam cé'ca aca
is fearr dhom a thoghadh, déanaim mar a ghníos na leanbhaí nach
dtig leo léigheamh: deirim go díreach le Dia na rudaí is mian
liom a rádh Leis, agus tuigeann Sé mé i gcomhnuí.



'Sé rud an urnuighe, dar liom-sa, ná lingeadh-croidhe, féachaint
símplí i dtreó na bhFlaitheas, glaodhach altuighthe agus grádha
i gceart-lár an dóláis nó i n-am an gháirdeachais! I bhfocal
amháin, rud éigin uasal ósnádúrtha is eadh í, a ghníos an croidhe do
leathanú agus do dhlúthú le Dia. Amantaí, nuair a bhíonn an
tiormacht ag goilleadh chomh mór sin ar mo chroidhe is nach dtig liom
oiread a's aon deagh-smaoineadh amháin a tharraingt as, 'séard a


L. 157


ghním Pater nó Avé do rádh go mall réidh; cuireann na
paidreacha sin amháin aiteas ar mo chroidhe, bheirid beatha dhiadha
do m'anam agus is leór dhi iad.



Ach cá bhfuilim chor ar bith? Seo aríst ar fuaidreamh mé i
meascán smaointe… Ná tóg orm an fhánuidheacht cainnte seo,
a Mháthair! Caithfead a admháil gur scáinne aimhréidhteach an
scéal so, go deimhin. Ach, mo nuar! ní fhéadfainn a mhalairt
a dhéanamh: scríobhaim liom do réir mar a thagas na smaointe
chugam, caithim mo líon isteach go mearbhallach i sruthlán mo chroidhe,
agus seachaidim dhuit na h-iasga beaga do réir mar a thig liom
breith ortha.



Ar na nóibhísigh bhíos ag cainnt, 'seadh: Is minic adeirid liom:
"Bíonn freagra agat i gcóir chuile nídh, shíleas tú do chur i
dteannta de'n iarraidh sin… Cá mbaineann tú amach an
teagasc seo a bheir tú dhúinn?" Tá cuid acubh chomh símplí sin
go gcreidid go bhfuil sé ar mo chumas léigheamh 'n-a n-anmnachaibh,
toisc gur ráinigh dhom, gan foillsiú ó Dhia, na smaointe a bhí 'na
gcroidhthibh do fhoillsiú dhóibh.



An duine ba shine ortha bhí buaireamh an-mhór ag goilleadh uirthe,
agus bhí sí lán-cheaptha ar a cheilt orm-sa. Bhí sí tar héis oidhche
dhoiligheasach bhrónach do chur di gan leigint di féin oiread a's
deór amháin do shileadh, ar fhaitíos go scéithfeadh a cuid súl dearg
uirthe. Tagann sí chun cainnte liom agus í ag breathnú go hait-
easach glionndarach, agus labhruigheann liom mar ba ghnáthach
léithe nó níos caoine fós dá mb'fhéidir é. Ní dhubhras féin ach:
"Tá buairt éigin ort, a leanbh, táim cinnte dhe!" Leis sin,
d'fhéach sí orm le h-iongantas do-innste… An scaoll a bhí
uirthe bhí sé chomh mór is gur ghabh sé mé féin mar an gcéadna, agus
chuaidh mothú ósnádúrtha éigin tríom. D'airigheas go raibh Dia
annsúd gar go maith dhúinn… i ngan-fhios dom féin-mar níl
sé de bhuaidh agam léigheamh 'sna hanmnachaí — bhíos tar héis focail
Dia-análuighthe do labhairt, agus d'fhéadas an duine úd do shólású
go hiomlán annsin.



Agus anois innseóchad duit, a Mháthair, faoi'n dtairbhe is mó
d'á bhfuaireas i gcuideachta na nóibhíseach. Tá a fhios agat go
bhfuil gach nídh ceaduighthe dhóibh, agus go bhféadaid chuile ní d'á
dtagann isteach 'na n-aigne, idir olc a's maith, do rádh liom-sa.
Agus is usaide dhóibh sin a dhéanamh liom-sa toisc gan an urraim
chéadna bheith ag dul dom agus a bhéadh ag dul do Mháistreás.



Ní fhéadaim a rádh gurab ar bhóthar na n-úmhlúchán a sheólas Dia


L. 158


mé go foirimeallach; is leór Leis mé d'úmhlú i lár mo chroidhe
istigh. Éirigheann gach rud go geal liom i súilibh daoine, is é
bóthar contabhairteach na n-onórach (má's féidir a leithéid a bheith
ann i gClochar) atáim ag gabháil, agus tuigim cé'n fáth a ndéanann
Dia na h-uachtaráin do sheóladh ar an mbóthar sin. Mar, dá
gceapadh na siúracha gur dhuine beag-mhaitheasach gan stuaim gan
éirim aigne mise, ní fhéadfá-sa, a Mháthair, mé do chur ag cuidiú
leat. Uime sin is eadh do chaith Dia brat thart timcheall ar mo
chuid locht go léir, idir inmheadhonach agus foirimeallach. Agus
tig d'á chionn sin go bhfághaim moladh ó na nóibhíseachaibh uaireanta,
ach moladh gan plámás gan lústar a bhíosh ann, mar tá fhios agam go
gcreidid an rud adeirid liom. Ní chuireann sin aon éirighe-in-
áirde orm, áfach, mar cuimhnighim i dtóláimh ar mo lagachar ró-
mhór. Uaireanta, áfach, sanntuighim go mór rud éigin seachas
na bréithre moltacha do chloisteál, i n-áit a n-éirigheann m'anam
tuirseach sáitheach de'n bhiadh ró-mhilis sin, agus annsin déanann
Íosa méisín spíosrach folachta agus go leór bhinéigre thríd do
riaradh orm: ní bhíonn rud ar bith i n-easnamh air ach an ola,
agus is fearr-de an blas an t-easnamh sin.



Na nóibhísigh is iad a sheachadas an fholacht úd dom agus sin ag
an uair is lugha a mbíonn coinne agam léithe. Tógann Dia suas an
brat a cheileas mo chuid mí-fhoirbhtheacht ortha; agus tráth a bhfeic-
eann mo shiúracha ionmhuine mé fé mar atáim ionnam féin go fíor,
chítear dhóibh nach bhfuilim mar ba mhaith leo mé a bheith. Cuirid
glionndar croidhe orm leis an gcaoi a n-innsighid dom go lom
díreach faoi na cathuighthe a bhíos aca de mo dheasgaibh, agus faoi na
rudaí a chíd ionnam nach dtaithnigheann leo; i bhfocal amháin,
labhruighid liom chómh hoscailteach díreach a's dá mba dhuine eile
ar fad a bhéadh i gceist, mar is eól dóibh go gcuirid áthas orm le
labhairt liom ar an gcuma sin. Go deimhin, is mó ná áthas é.
'Sé rud é ná fleadh bhreá aoibhinn a líonas mo chroidhe le sólás.
Cionnus is féidir go gcuireann rud atá chómh mór sin i gcoinnibh
na nádúra a leithéid sin d'aoibhneas ar an gcroidhe? Ní chreid-
finn féin é, muna mbeadh gur bhlaiseas de'n aoibhneas sin.



Lá dá rabhas ag dúil le húmhlú, thárla go dtug iarrthóir óg chómh
fairsing fial dom é is gur chuimhnigheas ar Shéméi agus é ag
easgainí ar Dháibhid, agus dubhras im' aigne mar aon leis an Rí
naofa: "Is é an Tiarna féin a d'órduigh dhó na neithe sin go
léir do chasadh liom." 1


L. 159


Sin mar a bheir Dia aire dhom. Ní h-i gcomhnuí a fhéadas Sé
biadh bríoghmhar na n-úmhlúchán bhfoirimeallach do riaradh orm;
ach anois a's aríst cothuigheann Sé mé "leis na grabhrógaí a
thuiteas ó bhórd na clainne."1 Ó! nach mór í A thrócaire!



A Mháthair ionmhuin, ó's rud é go bhfuilim ag iarraidh trócaire
dho-chuimsighthe sin an Tiarna do chanadh dhuit i bhfus ar an t-saol
seo féin, caithfead innseacht duit faoi fhíor-thairbhe eile do
bhaineas amach as mo ghnó bheag. Roimhe sin, nuair do chínn siúr
liom ag déanamh rud' éigin nár thaithn liom agus a bhí i n-aghaidh na
riaghla, dar liom, deirinn liom féin: "Á! nár mhéanair dom
dá bhféadainn rabhadh do thabhairt di agus a lochtaí do thaisbeáint
dí!" Tháinic athrú meóin orm, áfach, ag cleachtadh mo cheirde
dhom. Má ráinigheann dom anois rud éigin as bealach a fheiceál,
leigim osna faoisimh 'á rádh liom fém: "Ó! nach mór an gar nach
nóibhíseach í agus nach bhfuil sé de dhualgas ormsa í do cheartú!"
Annsin tugaim iarracht ar a leithscéal do ghabháil, agus cuirim
'n-a leith an deagh-rún atá aice gan aimhreas.



A Mháthair Oirmh., an aire go léir a bheir tusa dhom le linn mo
bhreoiteachta, is iomdha sin ceacht i dtaobh na carthanachta do
theagasc sí dhom. Ní daor leat leigheas ar bith, agus muna
ndéanaidh ceann amháin aon mhaitheas dom tarraingeann tú ceann
eile chugat aríst agus aríst eile. Nuair a théighim go dtí an
caitheamh-aimsire, nach tú a bhíos go cúramach dhom' fhainiceadh ar
gach séideán gaoithe, dá laghad! Anois braithim gur cóir domh-sa
a bheith chómh cúramach athtruaghach i dtaobh breóiteachta spioradálta
na siúrach a's atáir-se i dtaobh mo bhreóiteachta colnaidhe féin.



Tá tugtha faoi ndeara agam na mná-rialta is naofa gurab iad
is mó a tugtar grá dhóibh; bíonn tóir ag cách ar a gcómhrádh agus
ar a gcomhluadar. Déantar gach soighleas dóibh gan a bheith ortha
a iarraidh: i bhfocal amháin, na h-anmnacha sin a bhfuil sé ar a
gcumas cur suas le h-easbaidh chúraim agus chneastachta, tugann
gach aoinne grá agus gean dóibh. Fíortar ionnta bréithre seo
N. Eóin na Croise: "Tugadh gach ní fóghanta dhom ó'n lá ar
chuireas suas d'á dtóruigheacht dom féin."



Na daoine mí-fhoirbhthe, áfach, fágtar annsúd iad: ní cuirtear
chuca ná uatha ach do réir riaghlach múinteachais na beatha-rialta:
ach seachnuightear a gcomhluadar ar fhaitíos go n-abróchaí rud
éigin, béidir, do ghortóch' iad. Nuair a deirim "daoine


L. 160


mí-fhoirbhthe," ní h-iad na mí-fhoirbhtheachtaí spioradálta amháin atá
i gceist agam, mar na daoine is naofa féin ní bhéid foirbhthe go
hiomlán ach ar Neamh; ach fós an easbaidh stuama, agus oideach-
ais, agus an tógálachas a bhíos ar dhaoine áithride: na rudaí
sin uilig a chuireas as do dhaoine eile. Tá a fhios agam go
maith go bhfuil na galair sin do-leigheasta agus gan fóirthin i
ndán dóibh; ach tá a fhios agam freisin go leanfá-sa, a Mháthair,
ag tabhairt aire dhomhsa agus ag iarraidh faoiseamh do chur ar fáil
dom, dá maireadh mo bhreóiteacht go ceann mórán blianta féin.



'Sé an rud is iontuigthe dhom-sa as sin uilig ach gur cóir dhom
comhluadar na siúrach nach dtaithnigheann liom do réir nádúra do
lorg, agus bheith im' Shamaritánach fóghanta dhóibh. Is minic gur
leor focal caoin fáilidhe nó meangadh séimh gáiridhe leis an chian
agus an duairceas do thógáil de'n chroidhe atá d'á shnoighe le brón.
Ach cheana, ní ag súil leis an nduine do shólású amháin is mian liom
a bheith carthanach: muna mbéadh uaim ach sin, tá a fhios agam go
dtiocfadh droch-mhisneach orm gan aon achar, mar an focal a
labhruightear leis an intinn is fearr ar bith, bainfear ciall mhí-
cheart ar fad as, béidir. Agus mar sin de, 'san chaoi nach
mbéad ag cur mo chuid ama nó mo chuid dúthrachta amú, déanaim
mo dhícheall ar oibriú ar son Íosa amháin le h-áthas do chur Air,
agus le bheith freagarthach do'n chomhairle seo a bheir Sé dhúinn
'san tSoisgéal. "Nuair a dhéanfair dínnéar nó suipéar ná
glaoidh ar do cháirdibh, ná ar do bhráithre, ná ar do ghaolta, ná
ar do chómharsanaibh saidhbhre, le h-eagla go dtabharfaidís sin
cuireadh thar a cheann duit-se, agus go dtabharfaidís do chuid thar
n-ais duit. Ach nuair a dhéanfair féasta glaoidh chugat na daoine
bochta, na daoine gortuighthe, na bacaigh, na daill: agus déan-
faidh t'Athair, a chíonn fé cheilt, an cúiteamh leat." 1



Cé'n féasta fhéadaim-se a thairgsint do mo shiúracha ach amháin
féasta spioradálta na carthanachta caoine áthasaighe? Ní h-eól
dom féasta ar bith eile, agus is mian liom aithris a dhéanamh ar
N. Pól, mar rinne seisean gáirdeachas le lucht áthais. Is fíor
go sileadh sé deóra le lucht deór do shileadh, agus ní fuláir na
deora do bheith d'á sileadh uaireanta ag an bhféasta is mian liomsa
a thabhairt: ach déanfad mo dhícheall i gcomhnuí le go n-iompófar
na deóra chun aitis a's gáiridhe, mar "is ionmhuin le Dia an t-é
a thugas le fonn." 2


L. 161


Is cuimhneach liom gníomh carthanachta do chuir Dia im' chroidhe
a dhéanamh nuair nach raibh ionnam ach nóibhíseach. Agus cidh gur
gníomh beag bídeach ann féin é, tá mo luach-saothar tugtha dhom
cheana féin ar a shon, gan fanacht go dtéighead chun na bhflaitheas,
ag an Athair neamhdha "a chíos fé cheilt."



Shul dhár chaill an t-Siúr N. Peadar lúth na ngéag ar fad, níorbh
fhuláir duine éigin dh'éirghe ó'n urnuighe gach tránóna ag deich
nóiméad roimh a sé a chlog le n-a treorú go dtí an phroinnteach.
Ó bhí a fhios agam féin a dheacracht a bhí sé í do shásamh (go deimhin,
níorbh fhéidir é) ba dhoiligh liom a thabhairt orm féin mo sheirbhís
do thairgsint dí. Ach níorbh áil liom an deis bhreá sin do leigint
uaim gan tairbhe, mar chuimhnigheas ar bhréithribh Íosa: "An
fhaid a dheineabhair é do dhuine de'n chuid is suaraighe de m'bráithribh
annseo, do dheineabhair dómh-sa é." 1



Mar sin de do thairgeas mé féin di mar threóruidhe, agus ní
gan duadh a d'fhéadas a áiteamh uirthe glacadh liom. Annsin
chuireas chun na h-oibre chómh dícheallach deagh-chroidheach is gur éirigh
liom thar bárr. Gach tránóna, nuair do chínn ag craitheadh a
h-uaireadáin-gainmhe í, bhíodh a fhios agam gurbh ionann sin agus a
rádh: Téanam ort.



Leis sin, mhúscluighinn a mbíodh de mhisneach i mo chroidhe, agus
d'éirighinn, agus b'shin é an uair a dtosuigheadh an obair go léir.
Níorbh fhuláir a stól do thógáilt agus do bhreith liom ar dhóigh fé
leith gan deifir gan deabhadh, agus annsin ghluaisimís linn cois
ar chois. 'Séard a bhíodh le déanamh agam an tsiúr bhocht do
leanacht agus mé i ngreim láimhe 'n-a crios le n-a coimeád gan
tuitim. Dhéanainn sin chómh mín réidh is a bhíodh ionnam, ach dá
mbaintí tuisle aiste, shílfeadh sí láithreach nach raibh greim
ceart agam uirthi agus go raibh sí le tuitim. "Och, och! 'gcúntas
Dé! Tá tú ag dul ró-sgioptha, déanfar sprúdhánaí dhíom,"
adeireadh sí. Annsin nuair a thabharfainn iarracht ar shiubhal
go réidh, déarfadh sí: "Cá'il tú? Tarra uait, ní airighim do
lámh, tá tú dhom' leigint uait, tuitfidh mé!… Ó! bhí an ceart
agam nuair adubhras go rabhaish ró-óg le mé a threórú."



Fá dheire thiar bhainimís an proinnteach amach go slán sábháilte.
Ach annsin bhíodh deacrachtaí eile rómhainn: chaithinn m'othar
bhocht do chur 'n-a suidhe 'n-a h-áit agus a bheith cúramach sul a
ngortóchainn í; agus annsin a cuid muinchillí do chornadh suas


L. 162


agus sin ar dhóigh fá leith aríst. Agus iar sin, d'fhéadfainn
imeacht. Ach thugas faoi deara gur mhór ar fad an strómh uirthe
a cuid aráin do ghearradh, agus ní imighinn uaithe go mbíodh an
gar beag deireannach sin déanta agam dhí. Agus ó thárla nár
iarr sí féin é sin orm ariamh, ba mhór do chuaidh mo chineáltas ar
a croidhe, agus ba leis an ngníomh sin a d'éirigh liom, i ngan-fhios
dom féin, a h-ionntaoibh iomlán do ghnóthú, agus go mór-mhór leis
an gcaoi (do réir mar a chualas ní ba dheireannaí) a ndéanainn
an meangadh ba ghile dá raibh agam léithe tar h-éis na mion-
ghníomhartha sin uilig do bheith déanta agam.



A Mháthair, is fada agus is cian anois ó rinneas an gníomh
carthanachta sin, ach fágann Dia a chuimhne im' chroidhe fós féin
mar a bhéadh feochán bog cumhra ó Neamh ann. Tránóna geimhridh
amháin, bhíos i mbun mo ghnímh carthanachta, mar ba ghnáthach liom.
Bhí sé fuar, bhí sé 'n-a oidhche… leis sin chualas chugam ó chian
fuaimeana binne ó úirlisí éagsamhla ceóil, agus shamhluigheas dom
féin seómra breá áirgeamhail agus é leagtha amach le trosgán
saidhbhir, agus a chuid órnáidí órdha ag spréacharnach faoi na lóch-
rainn shoillseacha: agus 'san t-seómra sin gasra de bhruinnealla
óga agus iad gléasta go galánta péacach, agus iad ag éisteacht
le n-a lán cluainidheachta, agus cómhrádh seafóideach saoltach
ar siubhal aca. Annsin do dhearcas síos ar mo shiúirín bhocht ós
mo chómhair. I n-ionad an cheóil, ní raibh le clos agam ach gach aon
chnead casaoideach uaithe; i n-ionad na n-órnáidí n-órdha ní raibh
le feiceál agam ach fallaí loma an chlabhstair s'againne agus an
marbh-sholus ag lonnrú ortha ar éigin. Do chuir an comórtas sin
lúthgháir agus sólás ar mo chroidhe, agus do bhronn Dia an oiread
sin de sholus na fírinne orm- an Solus sin nach bhfuil i lonnrú
bréagach na bpléisiúirí saolta ach dorchadas le n-a ais-
nach dtabharfainn na deich nóiméidí do chaithinn le mo ghníomh
carthanachta ar mhíle bliain de na céilidhthe saoltacha údan.



Á! má's féidir an oiread sin áthais agus aoibhnis a bheith againn
anois féin i lár na bhfuilinntí agus an chómhraic, ag machtnamh
dhúinn ar an gcaoi a ndearna Dia sinn do tharraingt isteach as an
t-saol, cad é mar aoibhneas a bhéas againn annsúd thuas, nuair a
chífimíd, i lár na glóire síorruí agus an t-suaimhnis gan críoch
gan foircheann, an grás mór do bhronn Sé orainn dhár dtoghadh le
comhnuí a dhéanamh 'san teach seo, mar nach é geata na bhFlaitheas
é, go fíor?



Ní h-i gcómhnuí do gheibhinn suairceas agus sólás i gcleachtadh


L. 163


na carthanachta; ach ar theacht isteach 'sa Chlochar dom i dtosach,
dheonuigh Íosa a chur i n-iúl dom gur mór an t-ádhbhar suaircis É
féin a fheiceál 'n-A chéilí: mar sin de, dhéanainn an t-Siúr
N. Peadar do threórú leis an oiread cúraim agus grádha agus dá
mb'é Íosa féin a bhéadh agam ann.



Dubhras leat ó chianaibhín, a Mháthair, nár shuairc liom cleachtadh
na carthanachta i gcomhnuí. Agus le sin a dheimhniú dhuit, innseochad
duit anois faoi chúpla ceann de na comhraic iomadúla a bhíodh
agam:



Ar feadh i bhfad, bhíos i bhfogus do shiúr áithrid le linn na
h-urnaighe, a bhíodh ag síor-dhéanamh torainn le n-a paidrín nó le
ní mé cé'n rud. Béidir gur mise an t-aon duine amháin do
chloiseadh í, mar tá cluas an-ghéar agam; ach ar chaoi ar bith,
níl cur-síos ná innseacht-sgéil ar an gcaoi a mbínn ciaptha
cráidhte ag an dtorann chéadna sin! Ba mhinic a bhíodh fonn orm
mo cheann a d'iompáil thart le féachaint ar an t-siúr sin chun go
gcuirfeadh sí deire leis an dtorann. Ach mhothuighinn i mo chroidhe
go mb'fheárr dhom cur suas leis go foighdeach le grá do Dhia agus
fós le gan an t-siúr sin do ghortú. Mar sin de, d'fhanainn go
ciúin socair, ach amanntaí bhíodh an t-allus liom 'n-a shruthlán,
agus chaithinn a bheith sásta le gan aon urnuighe ach urnuighe na
fuilinnte do dhéanamh. Fá dheire thiar thugas iarracht ar ghlacadh
leis an gciapadh sin go h-áthasach, i lár mo chroidhe ar a laghad;
ghnínn mo dhícheall le taithneamh do thabhairt do'n ghliogarnaigh
chiapálaigh sin. I n-ionad bheith ag iarraidh gan a chloisteál-
rud nárbh fhéidir- is amhlaidh do chuirinn cluas orm féin le
h-éisteacht leis go h-aireach, mar a bhéadh cuirm-cheóil breá cómh-
fhuaimneach ann; agus thugainn am na h-urnuighe (níorbh í urnuighe
an t-suaimhnis í, go deimhin) ag ofráil an cheóil sin d'Íosa.



Uair eile, bhíomar ag gabháil do'n nígheachán, agus bhí siúr áithrid
ós mo chómhair amach, agus le linn na gciarsúirí do nígheadh dí,
bhí gach aon steallóg de'n uisge shalach dh'á spréachadh aice ar mo
mhullach. B'é an chéad rud a tháinic im' aigne ach druideamhaint
siar agus mo lámh do chuimilt de m'éadan le taisbeáint di go
mbéinn buidheach di ach í a bheith ní ba chúramaí. Ach smaointigheas
láithreach go mbudh mhór an díthcéille dhom diúltú do shaidhbhreas
do tairgeadh chómh fial sin dom, agus níor leigeas dom féin mo
chráidhteacht do thaisbeáint ar bhealach ar bith. A chodarsnacht sin,
thugas iarracht ar dúil do chur ins an uisge shalach, i riocht is go
rabhas ag éirghe cleachtach ar an stealladh aisteach sin i gcionn leath


L. 164


uair' a chluig: agus chuireas róm filleadh chómh minic is do b'fhéidir
liom ar an áit sin mar a raibh an rachmus reidhseamhail sin d'á
riaradh orm i n-aisge.



Chíonn tú féin, a Mháthair, nach bhfuil ionnam ach duine beag
bídeach nach bhfuil ar a chumas ach rudaí beaga bídeacha dh'ofráil
do Dhia: agus na ruidíní sin féin a bheir an oiread sin síochána
do'n chroidhe, is minic a ráinigheann dom iad do leigint uaim gan
déanamh. Ach ní chuireann sin beag-uchtach ar bith orm, bím sásta
le beagán níos lúgha de'n t-síocháin a bheith agam, agus cuirim
róm a bheith níos áirdeallaí an chéad uair eile.



Ó! nach mór an sonas a bhronnas Dia na glóire orm! Nach
furusta agus nach suairc an gnó é A thoil do dhéanamh ar an
dtalamh! Thug Sé dhom i gcomhnuí riamh na neithe a mbíodh dúil
agam ionnta, nó ba chóra dhom a rádh go dtug Sé orm dúil a chur
ins na neithibh ba mhian Leis féin a thabhairt dom. Tamaillín
roimh theacht do na cathuighthe i n-aghaidh an Chreidimh orm, cuir i
gcás, bhínn 'á rádh liom fhéin: "Níl fuilinntí móra foirimeallacha
agam, agus níl fuilinntí inmheadhonacha i ndán dom ach an oiread,
muna ndéanaidh Dia mo chonair spioradálta a dh'atharú, agus ní
shílim go ndéanfaidh. Agus mar sin fhéin ní fhéadfad maireachtáil
go suaimhneasach mar seo i gcómhnuí. Céard a dhéanfas Sé liom
mar sin?"



Ba ghairid an mhoill Air freagra do thabhairt orm, agus do chuir
an freagra sin i n-iúl dom nach mbíonn easbaidh seifte a choidhche
ar an t-É a bhfuil grá agam Dhó; mar, cidh nár athruigh Sé mo
chonair, thug Sé dhom an fromhadh mór úd le searbhas folláin do
mheasgadh leis an t-suairceas go léir.



Ní h-é amháin nuair a bhíos Sé ag brath ar thrialta do chur orm a
bheir Dia rabhadh agus roimh-mhothú agus dúil ionnta dom. Bhí
dúil áithrid agam le fada riamh nár shíleas go bhféadfaí í do
shásamh a choidhche .i. bráthair-shagart a bheith agam. Ba mhinic dom
ag smaoineadh, muna mbéadh gur imigh mo dhearbhráthairíní féin
uaim go Flaitheas Dé, go mbéadh sé de shólás agam iad a fheiceál
ag dul suas ar an altóir: agus bhíodh caitheamh-'na-dhiaidh orm
toisg gan an sólás sin a bheith agam! Agus féach, chuaidh Dia thar
mo dhúil ar fad — mar ní raibh uaim ach an t-aon bhráthair-shagart
amháin do chuimhneóch' orm gach maidin le linn an Aifrinn-agus
d'aontuigh Sé mé le beirt d'á chuid sagart le ceangail spiorad-
álta na h-anama. Innseóchad duit go cruinn, a Mháthair, cé mar
do rinne Dia na gcómhacht mo dhúil do chóimhlíonadh.


L. 165


B'í ár Máthair N. Treasa féin do chuir mo chéad bhráthair chugam
mar bhronntanas i gcóir a lá-fhéile 'san mbliain 1895. Lá
nígheacháin a bhí ann agus bhíos ag gabháil do mo chuid oibre go
dícheallach, nuair do ghlaoidh an Mháthair Agnès de Jésus, a bhí'n
a h-uachtarán ag an am sin, i leath-taobh orm gur léigh sí litir dom
ó chliar-sgoláire adubhairt gur chuir N. Treasa 'n-a cheann Siúr
a dh'iarraidh a ghlacfadh a shlánú féin agus slánú na n-anmnacha a
mbéadh sé ag obair 'na measg ní ba dheireannaí, mar chúram ar
leith uirthe féin. Agus an duine do bhéarfaí dhó mar shiúr, gheall
sé go gcuimhneóch 'sé uirthe i gcómhnuí le linn an Aifrinn do rádh
dhó. Mise do toghadh le bheith im'shiúirín do'n mhissiunéir fáis-
tineach sin.



Ní fhéadfainn a chur i gcéill duit, a Mháthair, cé'n lúthgháir mhór a
bhí orm. Leis an gcaoi ar sásuigheadh mo dhúil ar bhealach nach raibh
aon choinne agam leis, do múscluigheadh áthas im' chroidhe a bhféad-
fainn áthas leanbaidhe do thabhairt air, mar ní fuláir dhom imeacht
siar go dtí laethibh mo leanbhánachta le cuimhne a fháil ar na h-áthais
sin atá chómh beó láidir is nach dtig leis an gcroidhe iad do
ghabháil. Níor bhlaiseas de'n chineál sin aoibhnis le fada de
bhliantaibh roimhe sin. Mhothuigheas go raibh m'anam nua ar an
dtaobh sin, mar a leagfaí méara ar théadaibh ceóil ann nár
baineadh fuaim asta ariamh cheana.



Ó thuigeas go maith cé'n dualgas trom a bhí orm anois, do
chuireas chun na h-oibre go dícheallach dúthrachtach agus do scríobh-
ainn corr-litir chuig mo bhráthair nua ó am go h-am. Is fíor, gan
aimhreas, gur leis an urnuighe agus leis an bhféin-íodhbairtiú is mó
a dtugtar congnamh do na missiunéiribh. Uaireannta, áfach,
nuair is toil le h-Íosa beirt d'aontú le chéile chun A ghlóire do
chur chun cinn, ceaduigheann Sé dhóibh a gcuid smaointe do chur i
n-umhail d'á chéile le go ndéanfaidís a chéile do ghríosadh chun Dé
do ghrádhú níos mó.



Tá a fhios agam nach mór cead ráidhte na n-uachtarán a bheith ann
chuige sin; mar, muna mbídh an cead sin ann, chítear dhom gur
mó an díoghbháil ná an maitheas do dhéanfadh an cómhfhreagrachas
iarrtha sin do'n Charmélítigh, ar a laghad, a bhfuil sé de dhualgas
uirthe do réir na Riaghla bheith ag síor-mhachtnamh ar Dhia amháin. I
n-ionad í do dhlúthú le Dia, 'sé an rud a dhéanfadh an cómhfhreag-
rachas sin, cídh nach scríobhfadh sí ach go h-annamh féin, cur as di
na h-aigne gan gádh gan tairbhe. Shílfeadh sí, béidir, go
mbéadh sí ag déanamh a lán maitheasa, nuair nach mbéadh tada


L. 166


aice dh'á dhéanamh ach mearúchán neamh-riachtanach ghá shóláthar aici
dhí féin.



Ach, a Mháthair dhil, seo mé féin anois imighthe ar fuaidreamh i
gcur-síos nach raibh call leis ach oiread le chéile… Ní chuir-
fead uaim a choidhche an fhánaidheacht cainnte seo, agus ní foláir
nó béidh tú tuirseach go maith, ag léigheam na láimhscríbhinne
seo dhuit! Gabh mo leathscéal, agus leig dhom tosnú i gceart
aríst.



Anuraidh, i ndeire míosa na Bealtaine, iseadh do fuaireas an
tarna bráthair agus is tú a thug dom é. Nuair adubhras leat gur
shíleas, ó bhíos tar h-éis mo mhórluachtaí suaracha dh'ofráil ar son
duine amháin de shagartaibh Dé, nach dtiocfadh liom iad d'ofráil
an ath-uair ar son duine eile, b'é freagra a thugais orm ná go
ndéanfadh an úmhluigheacht mo mhórluachtaí do dhúbailt. B'shin é
an tuairim a bhí agam fhéin fosta, agus ó's rud é gur chóir do
dhíogras na gCarmélíteach a bheith chómh foirleathan leis an domhan
go léir, táim ag súil, le cuidiú Dé, le congnamh do thabhairt do
níos mó ná beirt de na missiunéirí. Guidhim ar a son uilig, gan
dearmad a dhéanamh ar na sagairt choitianta, a mbíonn a gcuid
oibre chómh deacair céadna, uaireanta, le h-obair na n-aspol
atá ag craobhsgaoileadh an tSoisgéil do na daoinibh gan creideamh.
I bhfocal amháin, is mian liom a bheith im' "inghin dílis do'n Eag-
lais" ar nós ár Máthar N. Treasa, agus bheith ag guidhe do réir
intinne Fhir-ionaid Íosa Críost; sin é an cuspóir mór coitcheann
atá agam i mo bheatha go léir.



Ach fé mar a bhéadh baint faoi leith agam le h-oibreacha mo dhear-
bhráithríní ionmhuin, dá saoghaluigheadh Dia iad, gan neamart a
dhéanamh i mo chuid paidreacha ar son na h-Eaglaise i gcoitchinne
mar gheall air sin, sin mar atá baint faoi leith agam anois leis
an mbeirt seo atá tugtha ag Íosa dhom. Is leo araon a bhfuil
agam, mar sílim go bhfuil Dia ró-mhaith ró-fhlaitheamhlach le roinnt
a dhéanamh eatortha: tá Sé chómh saidhbhir sin go dtugann Sé dhom
gan tomhais gach a n-iarraim Air, cidh nach mbím dhom' bhodhradh
féin le sreangán fada athchuingí do chur suas Chuige.



Mar, cídh nach bhfuil agam ach an bheirt bhráthar agus mo shiúiríní
féin, na nóibhísigh, dá mb'áil liom na rudaí a bhíos ag teastáil ó gach
duine ar leith acubh do chóimhreamh go cruinn, níor mhór dhom an lá
ar fad le n-a dhéanamh, agus annsin féin bhéadh faitíos mór orm go
ndéanfainn dearmad ar rud tábhachtach éigin. Ní fheileann na
módhtha aimhréidhteacha do na h-anmnacha simplí, agus ó táim-se


L. 167


ar an ndruing sin, do chuir Dia féin módh deas simplí i n-iúl
dom le mo dhualgas do chóimhlíonadh.



Maidin amháin, i ndiaidh na Comaoine Naofa, do chuir Sé i
dtuigsint dom brí na mbriathar seo: "Tarraing mé, béimíd
ag rith id' dhiaidh chun cumhrachta d'oinimintí." 1 A Íosa dhil!
níl aon chall dom, mar sin, a rádh: déan na h-anmnacha a bhfuil
grá agam dóibh do tharraingt mar aon liom féin. Ní beag an
focailín sin: "Tarraing mé." An t-é a cuirtear fé dhraoidh-
eacht le baluth cumhra Do chuid oinimintí, ní fhéadfadh sé rith 'n-a
aonar, mar tarraingtear 'n-a dhiaidh na h-anmnacha go léir a
bhfuil grá aige ortha; agus sin mar gheall ar an gcaoi a bhfuil sé
féin d'á tharraingt.



Fé mar a scuabas an fuarloch chun bealaigh leis síos chun na
fairrge gach a gcastar air ar a bhealach, an té a theilgeas é
féin isteach i n-aigéin Do ghrádha-sa atá gan teora gan tráigh
déanann sé a chuid stór uilig do tharraingt 'n-a dhiaidh mar a'
gcéadna. Na h-anmnacha a d'aontuighis le m'anam féin, a Íosa,
is eól Duit gurab shin iad mo stóir-se. Tú féin a thug dhom iad,
agus mar sin de lámhaim Do bhréithre féin do ghabháil chugam, na
bréithre úd do labhruighis an tránóna deireannach d'ár chaithis i
do thaistealuidhe so-mharbhtha ar an dtalamh so.



A Íosa, a ghrá dhíl! Ní h-eól dom cathain a bhéas deire le mo
dheoruidheacht féin… is iomdha tránóna fós, béidir, a thabhar-
fad annseo thíos ag canadh Do thrócairí. Ach, fá dheoidh, tiocfaidh
an tránóna deireannach orm-sa freisin… agus annsin is
mian liom a bheith i n-ann a rádh leat:



"Do shoillsigheas-sa thú ar an dtalamh so; tá an obair
déanta agam a thugais dom le déanamh. Agus do nochtas
t'ainm do sna daoine a thugais dom as an saoghal; ba leat-sa
iad, agus thugais domh-sa iad. Tá a fhios acu anois gurab
uait-se gach nídh d'á dtugais dómh-sa. Óir, na bréithre a thugais
dom, do thugas dóibh iad; agus do ghlacadar iad, agus is eól
dóibh go fíor gur uait-se a tháinic mé, agus do chreideadar gur
tú do chur uait mé. Guidhim ortha seo a thugais-se dhom; mar is
leat-sa iad. Nílim-se ar an saoghal feasta, agus táid siad so
ar an saoghal, agus táim-se ag dul ag triall ort-sa. A Athair
Naomhtha, coimeád, at'ainm féin, an mhuíntir a thugais dómh-sa,
ionus go mba h-aon iad, fé mar is aon sinne. An fhaid a bhíos


L. 168


'n-a bhfochair ar an saoghal do choimeádas iad at'ainm-se…
Ach anois táim ag teacht ag triall ort-sa; agus tá an chaint seo
agam 'á rádh ar an saoghal, ionus go mbéadh acu, iomlán ionnta
féin, an t-áthas is liomsa… Nílim 'ghá iarraidh go dtógfá
as an saoghal iad, ach go gcoimeádfá saor ó'n olc iad. Ní de'n
tsaoghal iad, fé mar nach de'n tsaoghal mise… Ní h-ar a son
amháin, ámhthach, atáim ag guidhe, ach, mar an gcéadna, ar son na
ndaoine a chreidfidh ionam tré n-a mbriathar. A Athair, na daoine
seo a thugais dom, is mian liom, an áit 'n-a bhfuilim-se, iad-san
do bheith ann mar aon liom; ionus go bhfeicfidís mo ghlóire, an
ghlóire do thugais-se dhom, agus go n-aithneóchadh an saoghal gur
chuiris-se uait mé, agus gur thugais grá dhóibh seo fé mar a
thugais grá dhómh-sa." 1



'Seadh, a Íosa mhilis, sin é ba mhian liom a rádh mar aon Leat
féin, roimh eitilt dom suas ag triall Ort. Béidir gur dána an
mhaise agam é, ach ní h-eadh… mar nár cheaduighis féin dom le
fada riamh bheith dána dásachtach Leat? Ar nós athar an mhic
doscuidhthigh ag labhairt leis an mac ba shine dhó, dubhrais-se liom-
sa: "Is leat a bhfuil agam." 2 Is liom Do bhréithre, d'á bhrí
sin, agus ní misde dhom feidhm do bhaint asta le beannachtaí an
Athair neamhdha do tharraingt anuas ar an mhuíntir is ionmhuin
liom.



Tá a fhios agat, a Dhia dhil, nach raibh uaim ariamh ach Tú féin
amháin do ghrádhú, agus nach bhfuil de ghloire uaim ach é sin. Chuaidh
Do ghrá geal rómham amach ó laethibh mo naoidheandachta i leith, do
mhéaduigh sé mar aon liom, agus tá sé anois 'n-a aigéin ádhbhal-
mhóir nach dtig liom a doimhneas do ghrinnealladh ná do mheas.



Déanann an grá an grá do tharraingt, agus lingeann mo ghrá-sa
suas fá Do dhéin-se, agus badh mhian leis an aigéan atá á tharr-
aingt do líonadh; ach mo nuar! níl ann ach mar a bhéadh braoinín
uisge ag tuitim isteach 'sa bhóchna mhóir. Má's liom Tú do ghrádhú
fé mar a ghrádhuighir-se mise, ní fuláir dhom Do ghrá féin a fháil
ar iasacht Uait; annsin amháin a bhéas suaimhneas agam. Ó,
a Íosa! chítear dhom nach bhféadfá níos mó grádha do thabhairt
d'aoinne ná mar atá tugtha Agat domh-sa, agus sin é an fáth a
ndéanaim de dhánaidheacht a iarraidh Ort "an mhuíntir do thugais
dhom do ghrádhú fé mar do ghrádhuighis mé féin."



Nuair a bhéimíd ins na Flaithis amach annseo, má chífead gur mó


L. 168a


An tSr. Treasa i nGáirdín an Chlochair.


L. 169


an gean atá Agat ortha-san ná orm féin, béidh lúthgháir orm d'á
dheasgaibh sin, mar admhuighim anois féin gur feárr atá an gean
sin tuillte acubh ná mar atá agam-sa. Annseo thíos, áfach, ní
fhéadaim smaoineadh ar aon ghrá a bhéadh ion-churtha leis an ngrá a
bhronnais orm-sa, gan mé dh'á thuilleamh ar bhealach ar bith.



A Mháthair dhil, cuireann a bhfuil scríobhtha agam annseo ion-
gantas mór orm féin, mar ní raibh sé ar intinn agam a scríobhadh
chor ar bith.



Ag rádh na bhfocal úd dom ón tSoisgéal: "Na bréithre a
thugais dom, do thugais dóibh iad," ní h-ar mo bhráithribh a bhíos ag
cuimhneamh i n-aon chor ach ar mo shiúiríní, na nóibhísigh, amháin;
mar nílim-se i n-ann na missiuinéirí do theagasc. B'é an rud
do scríobhas ar a son sin paidir úd Íosa: "Nílim 'ghá iarraidh
go dtógfá as an saoghal iad… ní h-ar a son amháin atáim ag
guidhe, ach, mar an gcéadna, ar son na ndaoine a chreidfidh
ionnat tré na mbriathar. "Mar, cé'n chaoi a bhféadfainn
dearmad a dhéanamh de na h-anamnacha a thabharfas siad do Dhia
tré n-a gcuid fuilinntí agus seanmóireachta?



Ach níor mhínigheas fós go h-iomlán an chiall a bhainim as bréithribh
úd na Cantainne naofa: "Tarraing sinn, béimíd ag rith…"
Dubhairt Íosa: "Ní fhéadfadh aoinne teacht chugam-sa gan an
t-Athair a chuir uaidh mé 'ghá tharraingt chugam." 1 Agus annsin
deir Sé aríst: "Gach aoinne a iarrann, tugtar dó; agus gach
aoinne a loirgeann, gheibheann sé: agus gach aoinne a bhuaileann,
oscaltar dó." 2 Agus fós, "Má iarrann sibh aon rud ar an
Athair am'ainm tabharfaidh Sé daoibh é." 3 Ní foláir nó b'shin
é an fáth ar chuir an Spiorad Naomh na bréithre sin, "Tarraing
mé, ríthfimíd," i mbéal an fháidh i bhfad sul dhár rugadh an
Slánuightheóir.



Nuair a iarraimíd go ndéanfaí sinn do tharraingt, 'sé rud a
bhíos uainn ná dlúth-aontú leis an nídh a bhfuilimíd faoi dhraoidh-
eacht aige. Dá mbéadh meabhair agus tuigsint ag an dteine agus
ag an iarann agus go n-abróchadh an t-iarann leis an dteine:
"Tarraing mé," nár chruthú é sin gurbh é an rud a bhéadh uaidh ach é
féin d'aontú leis an teine chómh dlúth sin is go mbéadh baint aige
le n-a substaint? Bhail, sin é díreach mo ghuidhe-se. Iarraim
ar Íosa mé do tharraingt isteach i lasracha A ghrádha, agus mé a
dh'aontú Leis féin chómh dlúth chómh daingean is gurab Eisean amháin


L. 170


a bhéas beo ionnam feasta agus a ghníomhóchas tríom. Mothuighim,
d'á threise d'á mbéidh teine an ghrádha ar lasadh i mo chroidhe agus
d'á mhinicí d'á n-abróchad: "Tarraing mé," gurab amhlaidh is
mó a rithfeas na h-anmnacha, a bhainfeas le m'anam féin, i ndiaidh
a nGrádha chun cumhrachta A oinimintí.



Rithfid, rithfimíd uilig i gcuideachta a chéile: mar, na h-an-
mnacha atá ar lasadh le grá ní thig leo fanacht 'n-a gcómhnuí.
Féadaid, gan aimhreas, fanacht ag cosaibh Íosa ag éisteacht le n-A
bhréithribh binne lasardha. Agus cidh nach dtugaid tada Dhó, dar
le daoinibh, is mó go mór a bheirid Dó ná mar a bheir Marta atá
"ana-bhruideamhail ag déanamh mórán gnótha." 1 Ní h-iad a
h-oibreacha, ámhthach, a bhfuil locht le fáil ag Íosa orra ach amháin
a giodam agus a bruideamhlacht. Mar do ghníodh A Mháthair
bheannuithe féin na h-oibreacha céadna sin, toisg go mbíodh uirthe
na béilí a ullmhú do'n Teaghlach Naofa.



Do thuig na naoimh go léir é sin, agus iad-súd go h-áithrid,
béidir, do rinne an domhan do líonadh le solus teagaisc an
t-Soisgéil. N. Pól, N. Aibhistín, N. Tomás Aquinas, N. Eóin
na Croise, N. Treasa agus na céadta eile de cháirdibh ionmhuine
Dé, nárbh 'san urnuighe a fuaireadar an teagasc doimhin sin a
chuireas iongantas ar na daoinibh is mó léigheann?



Dubhairt duine léigheannta tráth: "Tabhair dhom buthal agus
crann-tógála, agus tógfad suas an chruinne." An rud nár
fhéad Archimedes a shóláthar, do fuair na naoimh é. Thug Dia
n'uile chómhacht féin buthal dóibh, mar atá: É féin, É féin
amháin. Agus b'é crann-tógála a bhí acubh ná an urnuighe,
an urnuighe a chuireas daoine ar lasadh le teine an ghrádha; agus
b'shin mar do thógadar suas an domhan, sin mar a ghníos na naoimh
atá ar an dtalamh seo fós ag troid é do thógáilt suas, agus sin
mar a dhéanfaid é do thógáilt suas go deo is a choidhche.



Níl a thuille le rádh agam anois, a Mháthair, ach amháin a innseacht
duit céard a thuigim le "cumhracht oinimintí mo ghrádha." Ó
tá Íosa imighthe uainn suas ar Neamh, ní fhéadaim A leanacht ach
amháin ar na lorga atá fágtha Aige 'n-A dhiaidh! Á! nach breá
solusmhar na lorga iad! Nach breá bríoghmhar an chumhracht diadha
a thagas uatha! Ní bhíonn orm ach féachaint amháin do thabhairt ar
an Soisgéal naofa; agus fághaim láithreach an baluth cumhra a
thagas ó bheatha Íosa, agus cuirtear i bhfios dom cé'n taobh a gcaithim


L. 171


m'aghaidh do thabhairt. Ní go dtí an chéad áit ach go dtí an áit is
ísle a rithim. Leigim do'n bhFairisíneach dul suas, agus deirim
féin go muiníneach paidir úmhal an Phuibliocánaigh. Ach is ar
Mhagdalén na ndeór is mó a ghním aithris, mar an dásacht
iongantach (nó, grádhmhar, badh chóra dhom a rádh) sin a bhí aice agus
a chuireas áthas ar Chroidhe Íosa, cuireann sí aiteas ar mo chroidhe
féin mar an gcéadna.



Ní mar gheall ar gur fainiceadh ar gach aon pheaca marbhtha le
mo bheó mé a dh'éirighim suas chun Dé le muinín agus le grá.
Á! dá mbéadh a bhféadfaí a dhéanamh de choirthibh uathbhásacha ar
mh'anam, braithim nach gcaillfinn aon phioc de'n mhuinín mhóir seo;
rachainn ag triall ar mo Shlánuitheóir geanúil agus mo chroidhe
briste le brón agus le h-aithreachas, agus chaithfinn mé féin 'n-A
ucht. Tá a fhios agam gurab ionmhuin Leis an leanbh doscuidhtheach
fáin: tá éistithe agam leis na bréithribh do labhair Sé le N. Mag-
dalén agus leis an mnaoi gur rugadh uirthe i n-adhaltranas, agus
fós leis an mnaoi Shamaritánaigh. Ní fhéadfadh aoinne scáth ná
eagla do chur orm, ní fhéadfadh sin! Mar tá fhios agam-sa cé'n
mhuinín mhór is cóir dúinn a bheith againn as A ghrá agus as A
thrócaire. Tá a fhios agam go n-imeóch' na coirthe iomadúla sin
uilig ar ceal i bhfaiteadh na súl ar nós an bhraoinín uisge do
caithfí isteach i dteine mhóir lasraigh.



Aithristear i mBeathaibh Aithreach an Fhásaigh cé mar do rinne
duine acubh peacach puiblidhe, a raibh a droch-ghníomhartha 'n-a
dtrúig scannail do'n taobh-tíre ar fad, a iompáil chun Dé. An
peacach bocht mná sin, do bhog grásta Dé a croidhe, agus bhí sí
ag leanacht an Naoimh agus ag brath ar dhul isteach 'san bhFásach
le h-aithrighe chruaidh do dhéanamh annsúd. Ach an chéad oidhche d'á
turas, sul dhár fhéad sí a h-áit uaigneach do bhaint amach 'chor ar
bith, réabadh le teann aithreachais agus grádha na cuibhreacha a bhí
'ghá congbháilt ar an dtalamh, agus ar an nóiméid chéadna chonnaic
an t-aonarán naofa na h-aingil agus iad ag iomchur a h-anama
suas go h-ucht Dé.



Sin agat sompla breá follusach de'n rud a bhíos ag iarraidh a
rádh, ach ní féidir na neithe sin do nochtadh i bhfoclaí daonda…


L. 172


CAIBIDIOL XI.



A dheirbhshiúr ionmhuin, 1 tá tú 'á iarraidh orm cuimhneachán éigin
a fhágáil agat… Agus ó thárla go bhfuil a chead sin agam ó
n-ár Máthair, is aoibhinn liom teacht chun cainnte leat, a shiúirín
faoi dhó liom, leat-sa a thug do ghuth dom ar iasacht, nuair a bhíos
féin gan urlabhra fós, agus a gheall d'Íosa thar mo cheann nach
dtóireóchainn a choidhche ach A thoil agus A réir-sin do dhéanamh.



An leanbh úd do thoirbhiris do Dhia is í atá ag labhairt leat
anocht, a cháirdeas-Chríost ionmhuin, agus is í a ghrádhuigheas thú
mar a ghrádhuigheas an leanbh a mháthair… Ar Neamh amháin a
bhéas a fhios agat cé'n mór-bhuidheachas atá i mo chroidhe.



A shiúirín ionmhuin, badh mhian leat éisteacht leis na rúin a
nochtas Íosa do do pháistín. Na rúin chéadna sin, tá a fhios agam
go nochtann Sé dhuit féin iad, leis, mar is tú do mhúin domh-sa
leis an teagasc diadha do thiomsú. Ar chaoi ar bith, féachfad le
beagán a rádh go stadach briotach, cidh go bhfuil a fhios agam nach
féidir cur síos i bhfoclaí daonda ar na neithe seo nach dtig leis
an gcroidhe féin iad do mhothú ná do mheas ach ar éigin…



Ná bí a' measadh go bhfuilim ag gluaiseacht liom go h-éasgaidh
aiteasach i lár na sólás, mar níl: is é mo shólás ar fad gan aon
t-sólás a bheith agam ar an dtalamh. Déanann Íosa mé do
theagasc ós íseal gan É Féin do thaisbeáint agus gan leigint dom
A ghlór do chloisteál: agus ní thríd na leabhraí é ach an oiread,
mar léighim agus ní thuigim. Uaireanta, áfach, cuireann focal
éigin sólás orm, mar do chuir an ceann seo do fuaireas tránóna
indiu, tar h-éis m'urnuighe do dhéanamh dhom i lár na tiormachta:
"Seo é an Máistir a bheirim dhuit, múinfidh Seisean duit gach a
gcaithfidh tú a dhéanamh. Is mian liom tú do chur ag léigheamh i
leabhar na beatha 'n-a bhfuil ealadhain an ghrádha le fáil." 2
Ealadhain an ghrádha! Á! is binn le cluasaibh m'anama an briathar
sin. Níl uaim féin ach an ealadhain sin! Tar h-éis dom maoin



1 D'á deirbhshiúr féin, Máire (.i. Sr. Marie du Sacré-Coeur, a mhaireas
fós i gCarmal Lisieux) an caibidiol seo.



2 Ár dTiarna a dubhairt sin le N. Marguerite Marie.


L. 173


uile mo theaghlaigh do thabhairt uirthi, ar nós na céile ins an
Chaintic, is neamhní liom a bhfuil tugtha again. 'Sé an grá an
t-aon stór amháin a bhfuil dúil agam ann, mar tuigim go rí-mhaith
gurab é an grá amháin a dtig leis sinn do dhéanamh taithneamhach
le Dia.



Taisbeánann Íosa dhom an t-aon bhóthar amháin a sheólas chun na
fúirnéise diadha sin: agus is é bóthar é ná féin-tugthacht agus
muinín iomlán an pháistín a chodlas gan scáth gan imní ar bhaclain
a athar." An t-é atá 'n-a thochrán, tagadh sé chugam-sa," adeir
an Spiorad Naomh féin tré bhéal Solaimh; agus deir Spiorad sin
an ghrádha i n-áit eile fós "go dtugtar trócaire do'n t-é atá
beag." 1 Agus deir Isaias, fáidh, linn 'n-A ainm cé mar "a
dhéanfas Sé a thréad do chothú an lá deireannach mar dhéanfadh
aodhaire; go gcruinneóchaidh Sé na h-uain le 'n-A bhaclain, agus
go dtógfaidh Sé suas iad 'n-A ucht." 2 Agus fé mar nár leór an
deimhniú agus an dearbhú sin uilig, deir an fáidh céadna, ar
dhearc a shúile grinne roimh-ré isteach i ndoimhneas na síorruíochta,
deir sé aríst i n-ainm an Tiarna: "Beidh sibh a bhúr n-iomchur
ar na cíochaibh; agus béidh siad ag bhúr mbréagadh ar ghlúinibh;
ar nós duine go mbéadh an mháthair 'ghá bhréagadh is eadh a chuirfead-
sa sólás oraibh."



Ó! a shiúirín ionmhuin! iar n-éisteacht le n-a leithéid sin de
chainnt dúinn, níl againn le déanamh ach toisteadh agus deóra
buidheachais agus grádha do shileadh… Á! dá mothuigheadh gach
duine lag lochtach de mo shaghas-sa, dá mothuighidís na neithe a
mhothuighim féin, níl oiread is duine amháin a bhainfeadh súil de
bhárr sléibhe an ghrádha do shroichint, ó's rud é nach iad na gníomh-
artha móra a iarras Íosa ach an fhéin-tugthacht agus an buidheachas.



"Ní ghlacfad," adeir Sé, "gamhna as do theaghlach, ná reithí
as do thréadaibh. Óir is liomsa beithigh uile na gcoillte, na
h-ainmhighthe ar na cnocaibh agus na ba. Tá aithne agam ar éanlaithe
uile an aeir. Dá mbéadh ocras orm, ní abróchainn leat-sa é:
óir is liom-sa féin an chruinne agus a bhfuil inntí. An amhlaidh
a íosfad-sa feóilte tarbh, nó a dh'ólfad fuil reithí? Íodhbair
chun Dé íodhbairt mholta agus altuighthe." 3



Mar sin de, sin a n-éiligheann Íosa orainn! Ní h-iad ár
n-oibreacha atá uaidh ach ár ngrádh. An Dia mór céadna sin adeir
nach bhfuil aon chall Dó a rádh linn-ne, má tá ocras Air, níor lag


L. 174


Leis deoch uisge a iarraidh ar an mhnaoi Shamaritánaigh…
Bhí tart Air!!! Ach nuair adubhairt Sé: "Tabhair dhom deoch,"
b'é grá A chréatúra dearóile a bhí ó Chruthuightheóir na cruinne.
B'í íota an ghrádha a bhí Air.



Agus tá an íota chéadna sin Air anois seachas ariamh. Míobhuidh-
eachas agus neamh-shuim, sin a mbíonn le fáil Aige ó mhuinntir an
t-saoil; agus i measg A dheisgiobal féin is fíor-chorr-dhuine a
thugas é féin suas go h-iomlán do lághaidheacht A ghrádha gan teora.



Nach aoibhinn dúinn-ne a thuigeas rúin dhoimhne ár gCéile diadha!
Á, dá mb'áil leat-sa na neithe atá ar eólas agat do scríobhadh síos,
nár bhreá go deó an cur-síos a bhéadh le léigheamh againn! Ach tá
a fhios agam gur fearr leat rúin an Rí do chongbháilt i dtaisge i
bhfíor-íochtar do chroidhe… Agus deirir liomsa "gurab
onórach an rud é oibreacha Rí na bhfeart dh'fhoillsiú ós árd." 1



Agat-sa atá an ceart, dar liom, fanacht i do thost, mar ní
féidir rúin dhoimhne dhiamhra Neimhe do chur i gcéill i bhfoclaí
daonda.



Im thaobh-se de, tar h-éis mórán mór leathanach do scríobhadh
dhom, d'aireóchainn nach mbéadh tús curtha agam le mo scéal an
uair sin féin. Tá an oiread sin umradharc éagsamhail agus
nuances do-áirmhighthe ann, gurab é cláirín an Dathadóra diadha
amháin a fhéadfas, i ndiaidh oidhche na beatha seo, na dathana do
chur ar fáil dom le n-a dtiocfaidh liom na radhairc iongantacha
a nochtas Sé ós comhair súl m'anama do dhathú.



Ach ó's mian leat, a dheirbhshiúr ionmhuin, eólas cruinn do chur
ar mhothúcháin uilig mo chroidhe, agus ó's maith leat go gcuirfinn síos
i scríbhinn mian mór sólásach mo bheatha, agus mo "theagasc
beag," mar a bheir tú féin air, déanfad sin duit ins na leathanaigh
seo thíos. Is le h-Íosa a labhróchad i riocht is go mbudh fhusaide dhom
mo chuid smaointe do nochtadh. Chífear dhuit, béidir, go mbéidh
crot na h-áidhbhéile ar mo ráidhtibh uaireannta; tig liom a rádh
leat, áfach, nach bhfuil áidhbhéil ar bith i mo chroidhe: síocháin agus
calm amháin atá ann.



A Íosa dhil, nach grádhmhar geanúil mar a sheólas Tú m'anam bhocht
dearóil!…



Bhí an stoirm ag búirthighil go torannach tréan ann ó lá-fhéile
Do bhuaidh, ó lá sona na Cásga nó gur chuiris gath glan gléigeal


L. 175


de Do ghrásta ag lonnrú i m'oidhche dhuaibhsigh, lá áithrid i mí na
Bealtaine…



Ag smaoineadh dhom ar na brionglóidí diamhaire a bheir Tú do
Do cháirdibh ionmhuine uaireannta, bhíos 'á rádh liom féin nach raibh
an sólás sin fá mo choinne-se; nach raibh agam-sa ach an oidhche,
an oidhche dhubh dhorcha i gcómhnuí 'gcómhnuí. Agus thuit mo chodladh
orm i lár na stoirme fraochmhaire.



An mhaidin d'ár gcionn, nuair a bhí an chéad amhsgarnach de sholus
an lae ag teacht, taidhbhrigheadh dhom go rabhas ag spaisteóireacht ar
phóirse agus gan duine im' fhochair ach ár Máthair amháin, nuair a
chonnaiceas go tobann triúr ban-rialta Carmelíteach faoi n-a
gcuid falaingeacha agus caillí móra. Ní raibh a fhios agam beó
cé'n chaoi a dtáiniceadar isteach, ach thuigeas gurbh ó Neamh do
thrialladar chugainn. "Ó, nárbh aoibhinn Dia dhom," arsa
mise liom féin, "dá mbéidir liom éadan duine de na
mnáibh-rialta sin a fheiceál!" Leis sin, fé mar a bhéadh freagra
d'á thabhairt ar mo ghuidhe, do dhruid an duine ab' aoirde de'n
triúr Naomh i leith chugam agus thuiteas féin ar mo dhá ghlúin. Ó,
a aoibhneas do-innste! Thóg sí suas a caille, nó badh chóra dhom a
rádh gur leath sí tharm í agus gur chlúduigh sí léithi mé.



D'aithnigheas láithreach gurbh í an Mháthair Oirbh. Anna le
h-Íosa, Fothuightheóir Charmail na Frainnce, 1 a bhí agam ann.



Bhí dóigheamhlacht nár shaolta ar a h-aghaidh: ní raibh gath ar bith ag
teacht uaidh, ach mar sin féin, i n-aimhdheóin na caille tiugha a bhí
'ghár gclúdach araon, d'fhéadas an t-aghaidh neamhdha sin a fheiceál
agus é ag lonnrú le solus bog a bhí 'san aghaidh féin, shílfeá.



Do phóg an naomh go báidhiúl miochair mé, agus nuair a chonnaic-



1 An Mháthair Oirbh., Anna le h-Íosa, ar a dtugtaí Anne de Lobera
'sa tsaol, rugadh 'san Spáinn í 'san mbliain 1545. Chúaidh sí istach 'sa
Charmal 'san gcéad mhainistir do cuireadh ar bun ag Avila .i. Mainistir
N. Ióseph, 'san mblian 1570, agus ba ghairid go raibh sí 'n-a cómhairleóir
agus n-a congantóir ag N. Treasa, a thugadh "a h-inghean agus a coróinn"
uirthí. Deireadh N. Eóin na Croise a bhí mar anamchara aici ar feadh cheithre
mblian déag, deireadh sé gur "aingeal i riocht duine" a bhí inntí, agus bhí
d'árdmheas ag cách ar a críonacht agus ar a naofacht, go dtagadh na daoine
ba léigheannta féin ag iarraidh comhairle uirthe 'n-a gcuid cruadhchás agus
b'oracul leo a cuid freagra. Do lean sí lorg na Máthar N. Treasa go
dílis, agus b'é a bhí ceaptha ag Dia dí, ná an spioraid nua do choimeád gan
traochadh gan laghdú 'sna Carmail leasuighthe. Chuir sí trí cinn de Mhains-
treacha ar bun 'san Spáinn, agus annsin thug sí an Carmal nua-leasuighthe
chun na Frainnce, agus chun na Beilge. Fuair sí bás i gcúmhracht na naof-
achta i gClochar na gCarmelíteach ag Brussels an 4adh lá de mhí an Mhárta,
1621.



An 3adh lá Bealtaine, 1878, do chur an Pápa, Leo XIII., a ainm leis an
Reacht ag tabhairt Cúise a Beannúcháin isteach.


L. 176


eas go raibh sí chómh ceanúil sin orm, do leómhuigheas an cheist seo
do chur uirthi: "A Mháthair mhuirneach, abair liom, má's é do
thoil é, an bhfágfaidh Dia i bhfad eile ar an dtalamh seo mé? An
dtiocfaidh Sé go luath i mo choinne?" Do mhion-gháirigh sí go
séimh: "Tiocfaidh Sé, a chuidín, go luath… go h-an-luath
…geallaim-se sin dhuit." "Agus, a Mháthair," adeirim
féin aríst, "abair liom an n-éiligheann Dia rud ar bith eile
orm thar mo chuid mion-ghníomhartha suaracha agus mo mhianta;
an bhfuil Sé sásta liom?"



Leis sin, tháinic lonnrú nua ar a h-éadan agus b'fhacthas dom go
raibh sí ag breathnú i bhfad ní ba gheanúla ná roimhe sin. "Ní
éiligheann Dia rud ar bith eile ort," ar sí liom, "tá Sé sásta,
agus lán-tsásta…" Agus rug sí ar mo cheann idir a dhá
bois agus phóg chómh ceanúil miochair mé is nach bhfuil cur-síos ar
mhilseacht a barrógaí. Bhí lúthgháir mhór ar mo chroidhe, ach chuimhnigh-
eas ar mo shiúrachaibh, agus bhíos ar tí grásta a dh'iarraidh dóibh-
siúd leis… ach mo léan cráidhte! do dhúisigheas.



Ní thiocfadh liom a rádh leat cé'n glionndar mór a bhí orm. Tá
mórán míosa imighthe thart anois ó bhí an bhrionglóid iongantach sin
agam, ach maireann a cuimhne i mo chroidhe gan aon phioc d'á
h-úireacht ná d'á suairceas neamhdha do chailleadh. Chím fós féin
féachaint agus meangadh geanúil séimh na mná rialta naofa úd,
agus mothuighim fós féin, dar liom, na pógaí agus na barrógaí
do thug sí dhom. A Íosa dhil!" Dubhrais leis an ngaoith agus leis,
an bhfairrge fanamhaint socair, agus tháinic ciúnas mór." 1



Iar ndúiseacht dom, chreideas agus mhothuigheas go bhfuil Neamh
ann, agus go bhfuil an Neamh sin lán d'anmnacha a bhfuil cion acubh
orm, mar a bhéadh ag máthair ar a leanbh. Maireann an mothúchán
sin i mo chroidhe i gcómhnuí, agus is suairc liom é, go mór-mhór ó
thárla nach raibh cráibhtheacht ar bith agam, mórán, do'n Mháthair
Anna le h-Íosa go dtí sin; níor chuireas paidir suas chuici
riamh agus ní smaointighinn féin uirthi ach nuair do chloisinn
daoine ag cur síos uirthi, agus b'annamh é, go deimhin.



Anois, áfach, tuigim cé mar a bhíodh sise ag síor-chuimhneamh
orm-sa, agus méaduigheann sin ar an ngean atá agam ní h-amháin
uirthi-se ach fós ar áitreabhaigh uilig na bhFlaitheas.



A Íosa, a Ghrá dhil! ní raibh 'san ngrás sin ach mar a bhéadh
ullmhú do na grásta móra do bhronnais orm ó shoin. Leig dom iad


L. 177


do chur i gcuimhne Dhuit indiu, agus maith dhom mo dhíth-céille, má
fhéachaim le mo mhianta agus mo shúilí atá i ndáil le bheith gan teora
do chur síos annseo… maith dhom, agus tabhair faoiseamh ar
mo chroidhe le n-a bhfuil sé ag súil leis do bhronnadh air!



Bheith i mo chéile Agat féin, a Íosa! Bheith i mo Charmelíteach,
bheith i mo mháthair d'anmnacha tré m'aontú Leat-sa, shílfeá go mbadh
leór liom sin. Ach ní h-eadh, mar mothuighim gairmí eile fós i
mo chroidhe: mothuighim gairm ionnam féin chun bheith i mo shead-
aire, agus i mo shagart, agus i m'asbol, agus i mo dhochtúir, agus
i mo mhairtíreach… Badh mhian liom na gníomhartha is laochda
do dhéanamh; mothuighim misneach dásachtach an Chrosadóra i mo
chroidhe; badh mhian liom tuitim ar mhachaire an áir ag cosaint na
h-Eaglaise.



Gairm an t-sagairt! Cé'n grá, a Íosa dhil, le n-a nglacfainn i
mo lámhaí Thú, tar h-éis do mo bhréithre Tú do thabhairt anuas ó
Neamh! Cé'n grá le n-a ndáilfinn do dhaoinibh Thú! Ach, mo
nuar! cidh go bhfuil dúil agam 'san t-sagartacht, déanaim
iongantas d'úirísleacht Shan Proinnsias d'Assisi, agus bím ag
éad leis, i dtreó go mbudh mhaith liom aithris a dhéanamh air agus
diúltú d'oirdhearcas na sagartachta. Cionnus is féidir na
mianta contrárdha seo do thabhairt le chéile?



Badh mhian liom na h-anmnacha dh'shoillsiú ar nós na bhfáidh agus na
ndochtúirí. Badh mhian liom imeacht rómham ar fuaid an domhain
mhóir agus d'Ainm do chraobhsgaoileadh, agus Do Chrois ghlórmhar
do chur 'na seasamh i dtalamh na bpágánach. Ach níor leór liom
missiún amháin: badh mhian liom an Soisgéal do chraobhsgaoileadh
ag an am chéadna i ngach áird de'n domhan agus ins na h-oileáin is
imigcéiniúla féin. Badh mhian liom bheith mo mhissiunéir ní
h-ar feadh roinnt blian amháin ach ó thús aimsire i leith agus go dtí
críochnú an t-saoghail.



Ach, thar gach nídh eile badh mhian liom bheith i mo mhairtíreach: an
mhairtíreacht! bh'shin mian mo chroidhe ó m'óige: agus do
mhéadúigh an mian sin mar aon liom i mo chillín chiú in 'san Charmal.
Ach dhíthchéille eile é sin; mar ní h-aon chineál amháin martíreachta
a bhéadh uaim, níor mhór dom iad uilig le mé do shásamh…



Badh mhian liom go ndéanfaí mé do sciúrsáil agus do chéasadh,
mar Thusa, a chéile ionmhuin… Badh mhian liom go bhfeannfaí mé,
ar nós N. Partholáin, nó go dteilgfidhe isteach 'san ola ghalaigh mé
ar nós N. Eóin; nó go ndéanfadh na beithidhigh allta mé do bhrúgh'


L. 178


le n-a bhfiaclaí ar nós N. Ignáis ó Antioch, go mbéinn im' arán do
Dhia. Badh mhian liom fós mo sgórnach do nochtadh do bhéal an
chlaidhimh, ar nós N. Agnès agus N. Cecilia; agus badh mhian liom
ainm Íosa do rádh agus mé ceangailte leis an gcuaille lasrach,
ar nós N. Siubháin d'Airc!



Ag machtnamh dom ar na fuilinntí do-innste a gcaithfidh na
Críostuidhthe dul tríotha nuair a thiocfas an t-Ainchríost, preabann
mo chroidhe i mo chliabh, agus badh mhian liom go mbéadh na fuilinntí
sin i n-áirighthe dhom féin. Oscail, a Íosa dhil, Leabhar na Beatha
a bhfuil gníomhartha na Naomh uilig curtha síos Agat ann: na
gníomhartha úd, badh mhian liom iad uilig a bheith déanta agam féin
ar do Shon!



Cé'n freagra a thabharfas Tú ar a leithéid sin de chainnt gan
áird? An bhfuil fé luighe na gréine indiu duine amháin is laige
nó is éidtreóraighe ná mé féin? Ach mar gheall ar mo lagbhrígh-
eacht féin, ba dheónuightheacht Leat mo mhianta páistiúla do
chóimhlíonadh; agus is áil Leat indiu mianta eile atá níos mó
ná an domhan go léir do chóimhlíonadh…



Ó bhí na mianta sin dhom' chrádh is dhom' chéasadh, d'oscluigheas
Eipistlí N. Póil ag tóruigheacht leighis nó íocshláinte domo chráidh-
teacht ionnta. B'é an rud ar leagas mo shúile air acht caibidiol
a dó-dhéag agus caibidiol a trí déag d'á chéad Eipistil chun na
gCorintiánach. Do léigheas annsúd nach dtig le gach aoinne a bheith
'n-a n-absolaibh, nó 'n-a bhfáidhibh, nó 'n-a lucht teagaisg i n-aoin-
fheacht, go bhfuil baill éagsamhla 'san Eaglais agus nach bhféadfadh
an t-súil a bheith 'n-a láimh 'san am chéadna.



Freagra soiléir so-thuigse a bhí ann, ach níor shásuigh sé mo
mhianta ar fad, ná ní thug sé síocháin dom. "Annsin d'ísligheas
mé féin i bhfíor-dhoimhneas mo nádachta, agus do tógadh suas
chómh h-árd sin mé gur fhéadas an rud a bhí uaim a bhaint amach." 1
Níor chailleas uchtach ach léigheas liom gur chuir an chómhairle seo
sólás orm. "Cuiridh dúil ins na tabharthaistibh is fearr. Agus
taisbeánaim daoibh slighe atá níos uaisle fós." 2



Mínigheann N. Pól cé mar nach bhfuil ins an tiodhlaicí is fearr
féin ach neamhní, gan an grá, agus gurab í an charthanacht an bóthar
is réidhe agus is uaisle le gabháil ag triall ar Dhia go slán
sábháilte. Bhí síocháin fáighte agam fá dheóidh.



Ag féachaint ar chorp rúindiamhrach na h-Eaglaise dhom, níor


L. 179


fhéadas mé fhéin a dh'aithneachtáil i n-aon cheann de na ballaibh
beatha a raibh N. Pól ag cur síos ortha, nó béidir gurbh é an chaoi ar
theastuigh uaim mé féin a dh'aithneachtáil i ngach aon cheann acu.
B'é an grá do thug eochair mo ghairme dhom. Tuigeadh dhom, má
tá corp ag an Eaglais a bhfuil baill-bheatha éagsamhla air, nach bhfuil
an ball is riachtanaí agus is uaisle in-easnamh air: tuigeadh dhom
go bhfuil croidhe aici, agus go bhfuil an croidhe sin ar lasadh le
grá. Tuigeadh dhom gurab é an grá amháin a chuireas baill na
h-Eaglaise ag obair, agus dá múchtaí an grá, nach ndéanfadh na
h-asbuil an Soisgéal do chraobhsgaoileadh a thuille, agus go
ndiúltóch' na mairtírigh d'á gcuid fola do dhóirteadh. Thuigeas
go bhfuil na gairmí uilig 'san ngrá, gurab é an grá gach ní, go
líonann sé gach am agus gach áit, mar go bhfuil sé síorruí.



Annsin leis an racht áthais do tháinic orm, do sgairteas amach:
"A Íosa, a Ghrá! tá mo ghairm fáighte agam fá dheoidh. Is é
an grá mo ghairm-se. Tá m'áit féin bainte amach agam i n-ucht
Eaglaise Dé, agus is Tú féin a thug an áit sin dom, a Dhia dhil: i
gcroidhe mo Mháthar, an Eaglais, béad-sa i mo ghrá… Ar an
gcuma sin béad i m'uile ní; ar an gcuma sin, leis, cóimhlíonfar
mian mo chroidhe."



Ach chad chuige dhom "racht áthais" a thabhairt air? Ní shin é an
focal ceart 'chor ar bhith: mar is í an t-síocháin atá i mo chroidhe,
an t-síocháin chiúin socair a thagas ar chroidhe an mháirnéalaigh
nuair a gheibheann sé amharc ar an rabhachán a chuireas i bhfios dó
go bhfuil sé ag déanamh ar an gcuan. A rabhacháin lonnraigh an
Ghrádha! Tá a fhios agam le mo bhealach a dhéanamh go dtí an áit
'n-a bhfuilir, tá an chaoi fáighte again ar do chuid lasrach do
ghabháil chugam!



Níl ionnam ach leanbh gan bhrí gan neart; ach is é mo lagar féin
a bheir dásacht agus dánuigheacht dom le mé féin do thoirbhirt i
m'íodhbairt do Do ghrá, a Íosa mhilis! I n-allód, ní ghlacfadh
Dia mór na gcómhacht ach íodhbairtí glana gan smál: níor mhór
íodhbairtí iomlána le h-éiric do thabhairt d'Á cheartas diadha.
Ach d'imigh dlighe na h-eagla agus tháinic dlighe an ghrádha 'n-a
h-áit, agus rinne an grá sin mise, nach bhfuil ionnam ach créa-
túirín lagbhrígheach gan mhaith, do thoghadh mar íodhbairt! Ach, ar
ndóigh, nach shin é díreach an toghadh is dual do'n ghrá a dhéanamh?
Mar, chun go ndéanfaí an grá do shásamh go h-iomlán, ní mór dhó é
féin dh'ísliú chun na neamhnídheachta agus an neamhnídheacht sin do
chlaochlódh 'n-a teine.


L. 180


A Dhia liom, tá a fhios agam gur "leis an ngrá amháin a ghníthear
aisíoc ar son an ghrádha." 1



Agus mar gheall air sin, do thóirigheas agus do fuaireas bealach
le faoiseamh do thabhairt ar mo chroidhe, agus is é bealach é ná grá
ar ghrá do thabhairt Duit-se, a chuid dhe'n t-saol!



"Deinidh daoine muintreadha dhaoibh féin leis an saidhbhreas
claon seo, i dtreo, nuair a bhéidh sibh claoidhte, go nglacfaidís
sibh isteach ins na tighthibh síorruí." 1 Sin é an chómhairle do chuiris
féin ar Do dheisciobuil, a Thiarna, tar h-éis Duit a rádh leo "go
bhfuil clann an t-saoghail seo níos gasta 'ná clann an t-soluis
do réir a gcinéil féin." 2



Duine de chlainn an t-soluis mise, agus thuigeas gur saidhbhreas
claon na mianta úd a bhí agam bheith i m'uile ní agus gach gairm a
bheith agam i n-éinfeacht; agus mar sin de bhaineas feidhm asta
le daoine muintreadha a dhéanamh dhom féin. Ag cuimhneamh dhom
ar ghuidhe Eliséus nuair a d'iarr sé ar Elias fáidh a spioraid do
thabhairt dó ar dúbailt, tháinic mé i bhfiadhnaise na Naomh agus na
n-Aingeal agus adubhras leo: "Mise an duine is lugha d'ár
chruthuigh Dia na glóire; is eol dom mo suaraigheacht, ach is eól
dom, leis, cé mar a bhíos áthas ar chroidhthibh uaisle flaitheamhlacha
maitheas a dhéanamh. Táim 'á iarraidh oraibh, d'á bhrí sin, a áit-
reabhaigh séanmhara na bhFlaitheas, mé do ghlacadh im' leanbh chugaibh.
Libh-se amháin pé glóire a bhainfead amach le nbhúr gcongnamh.
Éistigidh go ceannsa le mo ghuidhe, agus fághaidh dhom, aithcim oraibh,
dhá chuid de bhúr ngrá do Dhia!"



A Thiarna! ní leómhfainn m'athchuinge do mheas ná do bhreithniú, ar
fhaitíos go mbrúghfaí síos mé faoi ualach mo mhianta dásachtach!
Níl de leithsgéal agam ach gur leanbh mé: ní smaointigheann na
leanbhaí ar bhrí iomlán a gcuid cainnte. Ach dá dtagadh sé 'san
saoghal go gcuirfí a dtuismightheóirí 'san gcathaoir ríoghdha, badh
ró-ghairid an mhoill ar na tuismightheóirí sin mianta a leanbhán, is
measa leo ná amharc a súl, do shásamh. D'fhonn pléisiúr a thabhairt
dóibh déanfaid na rudaí is díthcéillidhe féin agus géillfid dóibh
barraidheacht uaireanta.



Bhail, duine de chlainn na h-Eaglaise mise. Agus bainríoghan
is eadh an Eaglais ó tá sí mar Chéile Agat-sa, a Rí na Cruinne!
Ní h-iad rachmus ná glóir, dá mb'í glóir na bhFlaitheas féin í, a
bhfuil dúil agam féin ionnta. Is do mo bhráithribh, na h-Aingil


L. 181


agus na Naoimh, atá an ghlóir ag dul ó cheart. Ní bhéidh de ghlóire
agam féin ach an loinnir a thiocfas chugam ó éadan mo Mháthar.
Ach an grá, sin é a dh'iarraim-se! Ní h-eol dom feasta ach
an t-aon ní amháin .i. Tusa go ghrádhú, a Íosa mhilis! Tá coisgthe
orm oibreacha móra a dhéanamh, ní thig liom an Soisgéal do chraobh-
sgaoileadh ná mo chuid fola do dhoirteadh… ach nach cuma san?
Tá mo bhráithre ag obair im' ionad, agus mise, an leanbhán,
fanaim i bhfogus do'n chathaoir ríoghdha, agus grádhuighim thar
ceann na ndíorma atá amuigh ar mhachaire an áir.



Ach cé'n chaoi a gcuirfead mo ghrá i gcéill, ó's iad na gníomh-
artha a chruthuigheas an grá a bheith ann? Déanfaidh an leanbhán
bláthana do chraitheadh… déanfaidh sé a chumhrachtaí do chur
thart ar chathaoir ríoghdha Dé, canfaidh sé caintic an Ghrádha d'á
ghlór bog binn suairc! Sin mar a ídeófar mo bheatha dhíombuan
ós Do chomhair-se, a Mhuirnín mh'anama! Ní thig liom mo ghrá do
chur i n-umhail Duit ach le bláthana do chraitheadh: sin mar
adéarfá gan aon íodhbairt bheag dá laghad do leigint uaim, ná
féachaint ná focal féin: ach tairbhe do bhaint as na gníomhartha
is lugha féin agus iad a dhéanamh tré ghrá. Is mian liom fuilinnt
tré ghrá, agus an sólás féin do ghlacadh tré ghrá; agus sin mar a
dhéanfas mé bláthana do chraitheadh. Ní bhéidh aon bhláth d'á mbuail-
fidh umam nach ndéanfad a dhuilleóga do chraitheadh i Do láthair-se
…agus annsin canfad ceol, canfad ceol i dtóláimh, fiú
amháin má chaithim mo chuid róisíní do chnuasacht i lár na ndeilgní;
agus ní dhá fhaide agus d'á ghéire dhá mbéidh na deilgní sin nach
amhlaidh is binne a bhéas mo chantaireacht.



Ach cé'n gnó a bhéas Agat, a Íosa dhil, demo bhláthanna agus demo
chantaireacht? An múr cumhartha sin, na duilleógaí boga beag-
mhaitheasacha sin, an chantaireacht ghrádhmhar sin ag éirghe ó mo
chroidhín, tá a fhios agam go gcuirfid aiteas agus aoibhneas Ort,
mar sin féin. Cuirfidh na ruidíní suaracha sin áthas Ort;
agus béidh muintir na h-Eaglaise ar Neamh go lúthgháireach d'á
ndeascaibh i dtreó go ndéanfaid súgradh le n-a leanbhán agus
go mbaileóchaid na duilleógaí sin le n-a gcur tré Do lámhaí-se,
a Shlánuightheóir ionmhuin, d'fhonn mórluacht gan teóra do chur
ionnta; agus annsin déanfaid iad a sgaoileadh anuas ar an
mhuinntir atá ag fuilinnt 'san Phurgadóireacht le n-a dteine do
mhúchadh, agus ar an mhuinntir atá ar an dtalamh seo fós ag troid
leis an mbuaidh do thabhairt dóibh 'san ngleic.



Mo ghrá Thú, a Íosa mhilis! Tá grá agam Dhuit-se agus do mo


L. 182


mháthair, an Eaglais: tuigim "gur fearr agus gur tairbhighe an
gníomh-grádha is lugha ar bith ná na h-oibreacha eile go léir agus a
gcur le chéile." 1 Ach an bhfuil an grá íodhan sin i mo chroidhe-se?
Na mianta móra do-theoranta seo atá agam, béidir nach bhfuil
ionnta ach taidhreamh agus díthcéille? Má's amhlaidh atá,
deónuigh solus a thabhairt dom; mar tá a fhios Agat nach bhfuil
uaim ach an fhírinne. Má's mianta ró-dhásachtacha mo mhianta,
déan iad do mhúchadh agus do chur ar ceal; mar is iad an céasadh
is géire d'á bhféadfainn a fhuilinnt iad. Caithfead a admháil,
áfach, muna dtagaidh liom na h-áird ar chuireas dúil ionnta do
shroichint lá éigin, gur mó an suairceas a bhéas fáighte agam i mo
mháirtíreacht agus i mo dhíthcéille ná mar a bhlaisfead i lár na
n-áthas síorruí féin; 'sé sin le rádh, muna mbainidh Tusa dhíom,
tré mhíorbhúilt, cuimhne na ndóchas ndúilmhar a bhí agam ar an
dtalamh seo. A Íosa! A Íosa! Má tá an dúil i Do ghrá chómh
suairc sin ar fad, cad é mar shuairceas an grá sin do shealbhú
go sona sásta go deó is a choidhche?



Cé'n chaoi a bhféadann duine lag lochtach de mo shaghas-sa bheith ag
dúil le forlíontacht an ghrádha? Cad é mar rúindiamhar é seo?
Ó, a Íosa, a Aon-Chara liom! Cé'n fáth nach do na h-anmnachaí
móra, do na fiolair a dtig leob imeacht ar foluamhain ins na
spéarthaibh uachtaracha, a choinnigheas Tú na dúile móra dásachtacha
sin? Mo léan cráidhte! Níl ionnam féin ach éinín bocht
dearóil agus gan orm ach cluimhreach éadtrom; ní fiolar mé,
ach tá súile agus croidhe an fhiolair agam, tá sin; mar, i n-aimh-
dheóin mo shuaraigheachta ró-mhóire, lámhaim glinneamhaint ar
Ghréin Diadha an Ghrádha, agus tá fonn an domhain mhóir orm lingeadh
suas de sciotán ag triall Uirthi! Badh mhian liom eitilt, badh
mhian liom aithris a dhéanamh ar na fiolair: ach, m'eiteógaí a
dh'árdú, sin a bhfuil ionnam a dhéanamh; tá sé thar mo chumas
beag suarach eitilt liom suas ins na spéarthaibh.



Céard atá le h-imeacht orm? An amhlaidh a caillfear le buairt
mé, toisg mé a bheith chómh lag-bríoghach éidtreórach sin? Ó, ní
h-eadh! Ní dhéanfad brón féin mar gheall air. Is mian liom
fanacht annsúd go muiníneach dásachtach ag glinneamhaint ar mo
Ghréin Diadha go mbeiridh an bás orm. Ní fhéadfadh an ghaoth
ná an bháisteach ná aon ní eile eagla do chur orm: agus má
thagann na scamaill mhóra agus Réalt an Ghrádha dh'fholú, i riocht is


L. 183


go bhfeicfear dhom nach gcreidim aon ní eile a bheith ann ach oidhche
na beatha seo, sin é an uair a mbéidh áthas iomlán orm agus a
gcaithfead muinín mhór gan teora a bheith agam as Dia, agus ní
baoghal go gcorróchad ón láthair sin, mar béidh a fhios agam go
bhfuil mo Ghrian gheanúil ag taithneamh i gcómhnuí lastall de na
scamallaibh duaibhseacha úd!



A Dhia dhíl! Tuigim go nuige sin cé'n grá mór atá Agat
dom. Ach tá a fhios Agat gur minic a dhéanaim féin faillighe 'san
t-aon ghnó amháin seo atá agam, go n-imighim ar fuaidreamh Uait,
go bhfliuchtar m'eiteógaí laga ins na locháin uisge ar an dtalamh
anróiteach seo! Annsin "bím ag éigheamh ar nós gearrchaigh
áinle," 1 agus cuireann m'éigheamh gach rud i bhfios Duit, agus
cuimhnigheann Tú air, a Thrócaire gan teora, "nach chun na bhfíoraon
do ghlaodhach a tháinic Tú, ach chun na bpeacach do ghlaodhach." 2



Ach má thugann Tú an chluas bhodhar do ghéar-ghol casaoideach Do
chréatúirín dearóile, má thogruigheann Tú fanacht i bhfolach go
fóill, táim-se sásta fanacht annsúd do mo fhliuchadh, agus an
fuacht dom' phréachadh agus dom' dhallrú, agus glacfad go fonnmhar
leis an bhfuilinnt sin atá tuillte go maith agam. A Réalt
ionmhuin! tá áthas orm mé féin a dh'aireachtáil chómh lagbhrigheach
suarach sin i Do láthair, agus tá síocháin i mo chroidhe…
Tá a fhios agam go bhfuil truagh ag fiolair uilig Do Chúirte neamhdha
dhom, go ndéanaid mé do chúmhdach agus do chosaint ar na con-
fhuadaigh .i. na deamhain a bhíos ar thí mo shlugtha. Níl aon eagla
orm rompa mar dheamhain, ní dóibh-siúd atáim i ndán mar chreich
ach do'n Fhiolar dhiadha!



A Bhriathar, a Shlánuightheóir! Is tú an Fiolar is annsa liom
féin, agus is Tú atá dhom tharraingt; is Tú do thuirling ar an
dtalamh anróiteach deorata seo, mar ar fhuilingis agus mar a
bhfuairis bás, d'fhonn na h-anmnacha go léir do thógáilt suas agus
do theilgint isteach i gceart-lár na Tríonóide, áitreabh Síorruí
an Ghrádha! Is Tú, leis, iar n-imeacht Duit suas uainn aríst chun
an t-soluis do-rochtuighthe, a fhanas i bhfolach againn i ngleann seo
na ndeór fé ghné na h-abhlainne báine, agus sin chun mise do bheathú
le Do shubstaint féinín féin. A Íosa dhíl! Leig dom a rádh
Leat go dtéigheann Do ghrá chun díthcéille féin, …agus ag
féachaint ar an ndíthcéille sin domh-sa, an amhlaidh nach áil Leat go
sceinnfeadh mo chroidhe suas fá Do dhéin? Cé'n chaoi a mbéadh
teora ar bith le mo mhuinín?


L. 184


Á! is feasach mé go ndearna na Naoimh rudaí amaideacha ar Do
shon-sa freisin; rinneadar neithe móra toisg gurbh fhiolair iad!
Ní leigeann mo shuaraigheacht domh-sa neithe móra do dhéanamh, agus
is í an díthcéille atá ag baint liom ach bheith ag súil go nglacfaidh
Do ghrá liom mar íodhbairt; is é mo dhíthcéille fós é bheith ag
brath ar na h-Aingil agus ar na Naoimh le go bhféadfad eitilt
liom fá Do dhéin-se le Do chuid sciathán féin, a Fhiolair ionmhuin!
Chómh fada is a thogróchas Tú féin é, fuireóchad annseo mar
a bhfuilim agus mo dhá shúil greamuighthe Ionnat-sa; is é mo dhúil
go gcuirfeadh D'fhéachaint diadha faoi dhraoidheacht mé; is é mo
dhúil, leis, bheith i mo chreich ag Do ghrá. Táim ag súil le Tú do
lingeadh anuas orm lá éigin chun mé do thabhairt chun siubhail Leat
go h-áitreabh an Ghrádha, agus annsin déanfair mé do theilgean
isteach fá dheoidh 'san aigéin lasraigh úd le go mbéad i m'íodhbairt
aoibhinn ag an nGrá sin go deo is a choidhche.



A Íosa! nach truagh gan mé i n-ann a innseacht do na
h-anmnachaí beaga go léir faoi Do dheónuigheacht do-labhartha!
Braithim, dá mbéidir Leat duine is laige ná mé féin a fháil-rud
nach féidir — go mba bhreá Leat tiodhlaicí níos saidhbhre fós do
bhronnadh air, ar chunndar go dtabharfadh an duine sin é féin suas
go h-iomlán agus go muiníneach do Do thrócaire dho-chuimsighthe!



Ach chad chuige na mianta seo i dtaobh rúin Do Ghrádha a nochtadh,
a Íosa mhilis? Nach Tú féin amháin do theagasc domh-sa iad,
agus nach bhféadann Tú iad a dh'fhoillsiú do dhaoinibh eile
mar an gcéadna? Féadann Tú go cinnte, mar is eól dom, agus
athchuingim Ort a dhéanamh: Iarraim Ort D'fhéachaint diadha
do leagadh ar mhórán anamnacha beag; iarraim Ort díorma
d'íodhbairtí beaga, a bhfuighbhidh Do Ghrá a dhiongbháil féin
ionnta, do thoghadh Dhuit féin ar an t-saol seo!!!…


L. 185


CAIBIDIOL XII.



Ar Chnoc Chalbhaire — Treasa Bheag ag imeacht léithi a bhaile go
Flaitheas na nGrást.



"Tá mórán mór leathanach de'n scéal seo nach léighfear ar an
t-saol seo go bráth -" B'í Treasa Bheag féin adubhairt an
chainnt sin, agus deirimíd-ne go láidir í annseo aríst. Tá
fuilinntí ann nach bhfuil sé ceaduighthe a nochtadh annseo thíos mar
go gcoimeádann Dia i bhfolach go cúramach iad nó go ndéanfaidh
Sé féin iad dh'fhoillsiú amach annseo faoi sholus glórmhar síorruí
na bhFlaitheas. Fuilinntí de'n t-saghas sin do b'eadh bunáite na
bhfuilinntí do bheo-ghoin croidhe íogmhar N. Thérèse de l'Enfant
Jésus, i dtreo go síleann a lán daoine, béidir, gur thriall sí
thríd an t-saol seo i lár na ngáirí ngléigeal agus na lághaidheachta
caoine, agus nach raibh aici ariamh ach gaethe geanúla gréine an
earraigh agus nár mhothuigh sí fearthainn fhuar an fhóghmhair ná gaoth
ghéar sheacamhail an gheimhridh gháibhthigh 'chor ar bith.



Is mór mar d'fhulaing Thérèse ar an dtalamh seo. Agus nuair
a bhí sí ag dul chun báis d'iarr sí féin go gcuirfí sin i n-umhail
do dhaoinibh i ndiaidh a báis, mar bhí a fhios aici go ndéanfadh
lorg sin na Croise a bhí gearrtha isteach ar a beatha go ndéanfadh
sé fíoracht a missiúin do dheimhniú d'á lán.



Gidheadh, ní mar gheall ar an gcéasadh croidhe sin a chreid sí go
raibh glactha ag Dia Léithi mar íodhbairt lán-loiscthe d'Á Ghrá
Thrócaireach; is é ádhbhar fá n-ar chreid sí sin cionn 's gur
mhothuigh sí "na tuilte tréana cineáltais agus lághaidheachta do-
chuimsighthe atá foluighthe fáiscthe i gCroidhe Íosa d'á ndoirteadh
isteach ar ah-anam." Is fíor go ndúbhairt sí, mar fhreagra ar na
daoinibh áithride nach raibh úmhal géilleamhnach go leór faoi láimh
Dé: "An t-é," ar sí, "a ofráileas é féin mar íodhbairt do'n
ghrá, caithfidh sé bheith réidh leis an uile shaghas pianta agus dólás a
fhuilinnt." Ach má dubhairt sí sin féin, dubhairt sí aríst le
duine fíor-naofa eile a mbíodh eagla uirthe i gcomhnuí roimh an
gcrois: "Cé'n fáth a mbéadh faitíos ort tú féin do thoirbhirt


L. 186


i d'íodhbairt do Ghrá Thrócaireach Dé? Dá mba do cheartas Dé a
bheitheá 'ghod' thoirbhirt féin níor mhisde dhuit faitíos a bheith
ort, béidir; an Grá trócaireach, áfach, béidh truagh aige do
do lagar agus glacfaidh sé thú le caoineas agus le trócaire."



Chonnaiceamar cé'n íodhbairt mhór a rinne Thérèse an lá a
d'imigh sí ó n-a h-athair ionmhuin, a raibh cion chómh mór sin aige
uirthi, agus ó'n teaghlach úd mar ar chaith sí laetheanta sona
gréineacha a leanbhánachta. Ach béidir go gceapfadh duine nach
ngoillfeadh an scarúint sin go mór uirthi, ó thárla go raibh beirt
deirbhshiúr léithe, an bheirt úd d'oil agus do mhúnluigh í, go rabhadar
istigh 'san Charmal le fáiltiú roimpi; b'é an chaoi, áfach, gur
mhéaduigh sin ar an gcrádh croidhe aice. Déantaí an tost agus an
t-uainnearas do choimeád go beacht 'san mhainistir, i dtreó nach
mbíodh deis aici a driféaracha a fheiceál ach le linn an chaitheamh-
aimsire i gcuideachta na mban-rialta eile. Ar na h-ócáidibh
sin thiocfadh léithi go minic, muna mbéadh an Chaoi a mbíodh sí d'á
síor-shéanadh féin, dul anonn agus suidhe le h-ais duine d'á beirt
deirbhshiúr; ach 'séard do ghníodh sí "comhluadar na siúrach ba
lúgha do thaithn léithe do lorg"; i riocht is nárbh fhéidir a thabhairt
faoi ndeara cia acu bhí cion ar leith aici ar a driféaracha féin nó
nach raibh.



Ní raibh sí i bhfad 'san Chlochar nuair do tugadh mar chongantóir
'san phroinnteach í do'n t-Sr. Agnès de Jésus, a Pauline ionmhuin
féin, agus chuir sin a lán íodhbairtí 'n-a casán. Bhí a fhios ag
Thérèse go raibh sé coisgthe aon fhocal neimhriachtanach do labhairt,
agus ar an ádhbhar sin níor leig sí di fhéin oiread is focal amháin
do rádh 'n-a taobh féin: "Ó, a Mháithrín!" ar sise i bhfad 'n-a
dhiaidh sin, "nach mise a d'fhuiling an tráth úd… níorbh fhéidir
liom mo chroidhe do nochtadh dhuit, agus do cheapainn annsin 'nár
thuigis mé ní ba mhó!…"



Do choimeád Thérèse an tost mór laochda sin ar feadh cúig
mblian nó go ndearnadh uachtarán de'n t-Sr. Agnès de Jésus.
Um thráthnóna an lae úd a raibh an toghadh sin ann, ní fuláir nó bhí
croidhe Thérèse ag preabarnaigh le teann lúthgháire ag smaoineadh
nár mhisde dhi feasta labhairt le n-a "máithrín" gan cosg
an toirmeasg agus rúin a croidhe do nochtadh di mar do ghníodh
í tráth. Do cheaduigh Dia, áfach, gurbh í Treasa an duine
b'annamhaighe a mbíodh deis aici an Cheann-mháthair a dh'fheiceál.
…Roinnt blian 'n-a dhiaidh sin, d'fhéad sí a rádh: "Tá áthas
orm bás a fháil faoi cheannus uachtaráin eile, mar cuireann sin


L. 187


ar mo chumas mo chreideamh 'san uachtaránacht do chur i
ngníomh."



Theastuigh ón Naoimhín bheith 'n-a fíor-Charmelítigh do réir
eisiompláire na Máthar N. Treasa féin. Chuige sin bhíodh sí ag
síor-mhachtnamh ar Dhia nuair nach gcuireadh an cineál oibre a
bhéadh aici á dhéanamh isteach ar an machtnamh sin. Lá n-aon bhí
nóibhíseach ag dul isteach i n-a seomra, agus do stad sí nuair a thug
sí faoi ndeara an fhéachaint neamhdha a bhí ar aghaidh Thérèse. Is
amhlaidh a bhí sí annsúd agus í ag fuagháil léithi go dícheallach, ach
'san am chéadna bhí a chosamhlacht uirthe go raibh sí ag dlúth-mhachtnamh
ar Dhia. "Céard air a bhfuilir ag machtnamh?" d'fhiafruigh an
t-siúr óg dhi. "Tá," ar sise, "ar an Pater. Nach binn go
deo an t-ainm é "ár n-Athair" do thabhairt ar Dhia!…"
Agus bhí na deóra ag lonnrú 'n-a caomh-rosgaibh. "Ní thuigim
féin," ar sise, uair eile, "céard a bhéas agam ar Neamh thar mar
atá agam anois. Is fíor go bhfeicfead Dia annsin; ach maidir
le mé bheith 'n-A chuideachta, táim ann cheana féin annseo ar an
dtalamh."



Bhí beó-lasair Ghrádha 'ghá h-ídiú. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an
dtuarasgbháil seo a bheir sí féin dúinn: "Beagán laetheanta
tar h-éis m'Ofráil do ghrá Trócaireach Dé do dhéanamh dhom, bhíos
'san Chóraidh agus mé ag cromadh ar Thuras na Croise do thabhairt,
nuair do mhothuigheas mé féin do mo ghoineadh go tobann le gath
teineadh a bhí chómh te chómh géar is gur shíleas go bhfuighfinn bás
ar an láthair sin. Tá sé ag cinnt orm an táimhnéall sin do
mhíniú; ní fhéadfainn samhail do thabhairt ar ghéire nó ar bhríogh-
mhaireacht na lasrach úd. B'fhacthas dom go raibh comhacht do-
fheicse éigin dhom' theilgean isteach go h-iomlán 'san teine.
Ó! cad é mar theine! Cad é mar shuairceas!"



Agus nuair d'fhiafruigh an Mháthair dhi arbh 'shin é an chéad uair
a raibh táimhnéall de'n t-saghas sin aici, dubhairt sí: "Is
iomdha sin táimhnéall grádha a bhí agam, a Mháthair, agus is cuimh-
neach liom ceann amháin, go mór-mhór, a bhí agam nuair a bhíos im'
nóibhíseach, mar d'fhanas i bhfad ón t-saol seo ar feadh seachtaine
an t-am sin. Ní fhéadaim aon chur-síos ceart do thabhairt air,
ach bhíos ag dul thart le corp nár liom féin i n-aon chor, shíleas;
bhí mar a bhéadh brat leathta amach thart ar neithibh an t-saoil seo ghá
bhfolú ó mo shúilibh. Níorbh fhíor-lasair bheó, áfach, a bhí dhom'
ídiú an uair sin, agus bhí ar mo chumas an gáirdeachas sin go léir a
dh'fhuilinnt gan baoghal ar bith go réabfaí cuibhreacha mo cholna d'á


L. 188


dheasgaibh, ach an lá eile úd a rabhas ag cainnt air ó chianaibhín,
dá maireadh an táimhnéall nóiméad eile nó bráthaidh eile féin,
bhí m'anam scartha le mo cholainn… Ach, mo léan cráidhte!
Fuaireas mé féin ar an dtalamh an ath-uair, agus d'fhill an
tiormacht orm gan aon mhoill le comhnuí a dhéanamh im' chroidhe!"



Tamaillín eile fós, a íodhbairtín chaoin an Ghrádha! Tá lámh Dé
tar h-éis na saighde lasraighe do tharraingt siar, ach créacht
mharbhuightheach is eadh an chréacht atá déanta aici i lár do chléibh…



B'é rud do tháinic as a dlúth-aontú le Dia ná smacht an-mhór a
bheith ag an t-Sr. Thérèse uirthi féin i ngach a ndéanadh sí; d'fhás
na subháilcí go léir 'n-a croidhe agus do neartuigheadar go
buacach. Ná beireadh aoinne leis, áfach, gur fhás na bláthana
ioldathacha áilne sin uilig 'n-a croidhe gan duadh gan dócamhail di
féin. "Ní bhíonn aon torthamhlacht ar an dtalamh seo gan fuil-
inntí, fuilinntí corpardha, dólás spioradálta, trialta nach
bhfeiceann aoinne ach Dia amháin iad go minic. Nuair a mhothuighimíd
na deagh-smaointe agus na deagh-rúin d'á músgailt 'n-ar gcroidh-
thibh, le linn beatha na Naomh do léigheamh dúinn, ní ceart go mbadh
leor linn grinneas agus líomhthacht na n-úghdar do mholadh, fé mar
nach mbéadh ionnta ach leabhair choitianta: ach badh chóir dhúinn
cuimhneamh ar an luach a b'éigin dóibh a thabhairt gan aimhreas ar an
mhaith a oibrighid anois i ngach duine againn." 1 Agus má dhéanann
an "Naoimhín" s'againne claochlódh iongantach do chur ar chroidhthibh
an oiread sin daoine indiu, má tá sí ag déanamh maitheasa ar
fuaid an domhain mhóir go foirleathan, tig linn a bheith cinnte dhe
gur cheannuigh sí an maitheas sin ar an luach chéadna ar ar cheannuigh
Íosa ár n-anmnacha .i. na fuilinntí agus an chrois.



Ceann de na fuilinntí ba mhó dá raibh aici do b'eadh an comhrac
calma do thug sí 'n-a coinnibh féin, d'fhonn a nádúir uaibhreach
fhuinneamhail do thabhairt faoi smacht. Ní raibh inntí ach páistín
nuair do chuir sí roimpí gan a leithsgéal do ghabháil agus gan
casaoid a dhéanamh a choidhche; agus ón lá a tháinic sí isteach 'san
Charmal ní raibh uaithi ach bheith 'n-a cumhal do na siúracha eile;
agus mar gheall air sin ghníodh sí a dícheall le bheith úmhal do chách.



Tránóna amháin, le linn a breoiteachta, bhí na mná-rialta ag
teacht i dteannta a chéile go dtí díthreibh an Chroidhe ró-Naofa le
duan do chanadh ann: agus do thriall an tSr. Treasa ann go mall
dócamhlach, cidh go raibh sí claoidhte cheana féin ón éagcruas.


L. 189


Ach ar shroichint na h-áite dhí, b'éigean di suidheamh síos. Níor
thúisge 'n-a suidhe í, áfach, ná rinne duine de na siúracha comhartha
di éirghe. D'éirigh Treasa láithreach, agus d'fhan 'n-a seasamh
go deire, i n-aimhdheoin na tuirse agus na claoidhteachta a bhí
uirthi.



Chomhairligh an otharuidhe dhi, uair amháin, siubhlóid bheag a dhéanamh
ar feadh ceathrú uaire a chluig gach lá 'san ngáirdín. Ba órdu
le Thérèse an chomhairle sin. Tránóna d'á raibh sí ag spais-
teóireacht mar sin go mall-triallach dócamhlach, thug duine de na
siúracha faoi deara cé'n strómh mór a bhí uirthi, agus dubhairt
léithi: "B'fhearr dhuit go mór fada do sgíth a leigint, mar ní
fhéadfadh do shiubhlóid aon mhaitheas a dhéanamh dhuit nuair atáir
chómh tréith-lag fann sin: nílir ach dhod' thuirsiú féin, níl sin!
…Is fíor dhuit sin," ars'an tSr. Thérèse go réidh fáilthidhe,
"ach an bhfuil a fhios agat céard a bheir neart domh?… Bhel!
déanaim mo shiubhlóid ar son na missiúnéirí. Smaoinighim go
bhfuil duine aca amuigh annsúd i n-imigcéin atá tuirseach sáruighthe,
béidir, ó shíor-thaisteal tíortha ar mhaithe leis na h-anmnacha;
agus d'fhonn a thuirse-siúd do laghdú, ofráilim mo thuirse féin do
Dhia."



Bheireadh sí somplaí solusmhara neimhfhéiniúlachta d'á cuid
nóibhíseach! Bliain amháin do chuir ár ndaoine muinnteardha agus
fir oibre an Chlochair, do chuireadar dornáin bláthana chugainn
isteach le h-aghaidh lá-fhéile na Ceann-Máthar. Bhí Thérèse 'a
socrú go deas fíor-chuiméir, nuair adubhairt Siúr thuatach léithe go
míchéadfach: "Níl moill ar dhuine 'aithint gurab ó do mhuinntir
féin do tháinic na fleasgáin mhóra sin; cuirfear bláthana na
mbocht ar gcúl, nídh nach iongnadh!" Ní thug an "Naoimhín" de
fhreagra uirthi ach meangadh séimh, agus thosuigh uirthi láithreach ag
cur bhláthana na mbocht 'san ionad ba mhó a bhfeicfí iad, i n-aimh-
dheoin neamhchrotamhlachta an t-socruighthe sin. Rinne an t-Siúr úd
iongantas mór d'á leithéid sin de shubháilceas, gur imigh léithi
ionns' ar an Mháthair Oirmh. agus gur chionntuigh sí í féin 'n-a
mícharthanacht agus í ag moladh foighde agus úmhluigheachta na
Siúrach Thérèse go hárd. Nuair a bhí an tSr. Thérèse sínte siar
i gcodladh chiúin an bháis, dhruid an t-Siúr chéadna úd anonn, agus
chuir a h-éadan le troightheachaibh fuara reoidhte ár Naoimhín, le
creideamh láidir 'n-a comhacht agus d'iarr maithteanas uirthi
'n-a locht. Agus ar an nóiméad chéadna sin do leigheasadh go
h-iomlán í ó fhuil-ghanntanas inchinneach a bhí uirthi le bliantaibh


L. 190


fada roimhe sin agus nár fhág ar a cumas léightheóireacht nó
urnuighe-intinne do dhéanamh.



I n-áit teicheadh ó na h-úmhlúcháin b'amhlaidh do thóirigheadh
Treasa Bheag go cíocrach iad. B'shin é do thug uirthi í féin do
thairgsint mar chongantóir do Shiúr áithrid a raibh a fhios ag cách a
dheacracht a bhí sé í do shásamh; agus do glacadh le n-a tairgsint
fhial. Lá d'á raibh sí tar h-éis sgamhláil mhór a fháil, d'fhiafruigh
duine de na nóibhísígh dhi cé'n fáth a raibh sí ag breathnú chómh
h-aoibheamhail glionndarach sin; agus d'fhéadfá a rádh gurbh
uirthi a bhí an t-iongantas go léir ar chloisteál an fhreagra seo dhi:
"Tá," arsa Thérèse, "toisg go bhfuil an t-Siúr N. tar h-éis
rudaí géara a rádh liom. Ó! nach mór an t-áthas a chuir sí orm!
B'ait liom bualadh léithi anois le go bhféadfainn meangadh a
dhéanamh léithi." Ní baileach a bhí an chainnt sin ráidhte aici nuair
do bualadh cnag ar an ndorus agus siúd isteach an t-Siúr chéadna
úd, agus d'fhéad an nóibhíseach a fheiceál le n-a dhá súil féin cé
mar a mhaitheas na Naoimh. "Bhínn ar foluamhain i bhfad ós
cionn neithe an t-saoil seo," adubhairt sí ní ba dheireannaí,
"i riocht is nach ndéanadh na h-úmhlúcháin ach mé do láidriú."



I dteannta na subháilcí eile b'iongantach go deo an misneach a bhí
aici. Ó'n gcéad lá ariamh a dtáinic sí isteach 'san Chlochar do
ceaduigheadh dhi an Riaghail ghéar chruadálach s'againne do leanacht
'n-a h-iomlán, cé's moite de'n trosgadh. Uaireannta, bheireadh
a compánaigh 'san nóibhíseachlann a dreach mí-lítheach faoi ndeara,
agus d'fhéachaidís le faoisiú ó Thráthana na h-oidhche nó ó mhoich-
éirghe na maidne a fháil di. Ach ní ghéilleadh an Mháthair Airchin-
neach 1 d'á n-athchuingí. "Duine a bhfuil an mianach sin innti,"
adeireadh sí, "ní ceart caitheamh léithi amhail is dá mba pháiste
í; níl faoisiú ar bith ag teastáil ó'n-a leithéid. Leig di féin,
tá Dia ag neartú léithi. Agus pé acu sin é, má's rud é go bhfuil
sí tinn, badh cheart di féin teacht chugam le sin a rádh." Ach bhí
sé mar bhun-rún ag Thérèse gur ceart do dhuine dul ar aghaidh
go mbídh a bhfuil de neart ann ídighthe ar fad sul má dhéanfas
sé casaoid. Nach iomdha uair a thriall sí go dtí an Chóraidh
ist oidhche i gcóir na h-Iarmheirge agus meabhrán agus tinneas-
cinn 'ghá pianadh go géar! "Tá ionnam siubhal fós," adeireadh sí
léithi féin, "agus mar sin de, is ceart domh bheith i mbun mo
dhualgaisí." Agus thug an fuinneamh fearúil sin uirthi gníomhartha



1 An Mháthair Oirmh. Marie de Gonzague. Fuair sí bás an 17adh lá
de mhí na Nodhlag, 1904, i r-aois a h-aon bhliana déag is trí fichid.


L. 191


fíor-laochda do dhéanamh. Ní mó ná go maith do réidhtigheadh
biadh bocht tearc an Charmail le n-a goile lag; do chuireadh miasa
áithride tinneas uirthi, ach d'éirigh léithi é sin a cheilt chómh cúramach
's nach dtug aoinne faoi ndeara ariamh é. Bean-rialta a bhíodh
'n-a suidhe le n-a taoibh 'san phroinnteach, thug sí iarracht ar a
fháil amach cad iad na miasa a mbíodh tóir ag an tSr. Thérèse
ortha, ach do chinn sé uirthi. Agus ó chonnaic Siúracha na cistinighe
go raibh sí chómh so-shásta neamh-thormasach sin, bheiridís an fuigh-
leach dhi i dtóláimh. Níor nochtadh a básúchán ariamh nó gur órduigh-
eadh dhi, le linn a breoiteachta deireannaighe, a rádh cad iad na
neithe do ghníodh dochar di. "Nuair is é toil Íosa go gcaithfimíd
fuilinnt, níl aon dul as againn. Cuir i gcás, nuair a bhí an tSr.
Máire le Croidhe Íosa (.i. a deirbhshiúr féin, Máire) 'n-a soláth-
ruidhe, bhí sí mar a bhéadh máthair dhom le cineáltas, agus shíl gach
aoinne, nídh nach iongnadh, go rabhas millte aici. Ach nach iomdha
sin íodhbairt do chuir sí orm! Mar b'amhlaidh do ghníodh sí
friothálamh orm do réir a blais féin, cidh go raibh a mhalairt de
bhlas ar fad agam-sa!"



Do chuireadh sí a féin-íodhbairtiú i ngníomh i ngach aon rud.
Gach obair chruaidh dhócamhlach níorbh fhuláir léithi-se í a dhéanamh,
agus bheireadh sí do Dhia láithreach gach a n-iarradh Sé uirthi agus
sin le lán-chroidhe. "Tráth a rabhas im' iarrthóir," ar sise,
"bhí básúcháin chorpardha áithride, a cleachtuightear 'sna mains-
treacha s'againne, agus ba ghráin liom iad a dhéanamh; ach níor
ghéilleas do'n ghráin sin ariamh. Chítí dhom go mbíodh an Chroch
Chéasta atá 'san chlós amuigh, go mbíodh sin ag dearcadh anuas orm
go h-impidheach agus ag iarraidh na n-íodhbairtí úd orm." Bhí sí
chómh faireach fírbheacht sin nach leigeadh sí uaithe gan cóimhlíonadh
an ceann ba lúgha d'órduighthibh nó de mholtaibh a Ceann-Mháthar nó
aon cheann de mhion-riaghlacha na mainstreach. Deireadh bean-
rialta aosta áithrid a thug a dílseacht iongantach ins na rudaí
sin faoi ndeara, deireadh sí gur naomh í.



Ní mórán básúcháin nó píonóis chorpardha amach ó'n Riaghail do
chleachtuigheadh sí, mar chuir an Spioraid Naomh i dtuigsint di
gur tairbhighe go mór fada bású na toile agus an chroidhe. Thárla,
áfach, gur éirigh sí tinn mar gheall ar chroisín iarainn, a ndeachaidh
a bhioracha géara isteach 'na cneas, do chaitheamh ró-fhada. "Ní
ghoillfeadh rud beag bídeach de'n tsórt sin orm," ar sise,
"muna mbéadh gur theastuigh ó Dhia a chur i n-umhail dom nach bhfuil
píonóis ghéara na Naomh fá mo choinne-se ná fá choinne na n-anmnacha


L. 192


mbeag a leanfas an bealach céadna seo na leanbhánachta
spioradálta."



Easbaidh na teineadh 'san ngeimhreadh b'shin é an píonós corp-
ordha ba ghéire d'ár fhuiling sí 'san Charmal. Is furust' a thuig-
sint cé mar do ghoillfeadh geimhreadh buan gáibhtheach Normandie
maille le taise an aeir thart timcheall ar Lisieux ar pháisde
moiglidhe mar í. Nuair a bhíodh an aimsir go h-an-fhuar amach,
théigheadh sí chun na teineadh i seomra an Chóimhthionóil i ndiaidh
na h-Iarmheirge istoidhche le n-a goradh a dhéanamh ar feadh cúpla
nóiméid tar h-éis í a bheith d'á cughnáladh leis an bhfuacht ó mhoch na
maidne. Ach níorbh fhuláir dhi annsin, le n-a seoimrín a bhaint
amach, dul amach fé'n aer agus trí fichid slat nó mar sin do
shiubhal tríd na clabhstair, agus annsin an staighre do chur dhi, agus
dul tríd an Phasáiste fhuar lom, i dtreó, pé teas beag a bhéadh
fáighte aice ó'n teine, go mbíodh sé imighthe glan uaithi shul dá
sroicheadh sí a seóimrín 'chor ar bith. Tháinic d'á chionn sin, nuair
do shíneadh sí siar ar an leapthain agus gan ach an dá phluid éad-
troma 'ghá clúdach, nach bhfághadh sí ach codladh corruighthe tearc.
Agus b'iomdha sin oidhche bhuan nár chodail sí néal ar bith ach í 'n-a
luighe annsúd ag craitheadh leis an bhfuacht go maidin. Thiocfadh
léithi faoiseamh agus furtacht a fháil go réidh, dá n-innsigheadh
sí do Mháistréas na Nóibhíseach ó thús an chaoi a raibh an scéal aici,
ach do thogair sí an ghéar-fhuilingt sin do ghlacadh gan casaoid,
agus focal ní dhubhairt sí faoi ariamh nó go raibh sí ar leaba a
báis, agus annsin do labhair sí na bréithre láidre seo: "B'é
an fuacht an fulang corpordha ba mhó d'á raibh agam annseo 'san
Chlochar: d'fhuilingeas chómh mór sin ón bhfuacht i's go mbínn
ionan's bheith caillte leis!"



Ach, cidh go dtug a croidhe mór fial uirthe glacadh go fonnmhar
leis an bpíonós ró-ghéar sin, chuir sí i gcéill 'san am chéadna go
h-úmhal ómósach, má cheaduigh Dia na fuilinntí géara sin féin, nár
thoil Leis iad, agus go mbadh mhaith an rud atharú agus maothú
a dhéanamh ann feasta. Easbaidh Chríonnachta agus fromhadh ar
Dhia a bhí ann, dár léithi, an Riaghail do chur i bhfeidhm agus i
n-éifeacht gan cuimhneamh ar éagsamhlachtaí tíortha agus teasa
agus nirt daoine.



Is cuimhneach linn glaodhach úd Aoine an Chéasta, nuair a chuala
an tSr. Thérèse, amhail mar adeir sí féin, "mar a bhéadh mon-
abhar bog íseal ó chian ag cur sgéala chuici go raibh an
Céile ag teacht." Chaithfeadh sí na míosa fada dólásacha do chur


L. 193


dí go fóill, áfach, shul dá dtagadh an uair 'n-a sgaoilfí saor ó
chuibhreacha na colna í. Aoine úd an Chéasta d'éirigh léithi a chur
'n-a luighe ar an Mháthair Airchinneach nárbh fhiú tada an sgéidhe-
fola sin a bhí aici, i riocht 's go dtug sise (toisg nárbh eól dí
a dhonacht a bhí ar an tSr. Thérèse) cead di na píonóis go léir atá
curtha síos 'san Riaghal i gcóir an lae sin do dhéanamh. Tránóna
an lae úd chonnaic duine d'á cuid nóibhíseach ag glanadh na bhfuin-
neóg í. Bhí dath mí-lítheach ar a gruadhnaibh agus i n-aimhdheóin a
dúthrachta b'fhurust' aithint uirthi go raibh sí claoidhte amach.
Ar n-a fheiceál do'n nóibhíseach go raibh sí chómh traochta tréith-
lag sin, bhris an gol uirthi gur iarr sí cead uirthi faoiseamh éigin
do shólathar dhí. Ach do choisg a Máistréas óg sin uirthi go
daingean 'á rádh gurbh é ba lúgha ba ghann di beagán a fhuilinnt an lá
sin 'nar fhuiling Íosa céasadh agus bás thar a ceann-sa. Níor
chuala a driféaracha féin tada faoi'n gcéad sgéidhe-fola úd go
dtí Bealtaine na bliana 1897; agus nuair a thosuigh an Mháthair
Agnès de Jésus 'á milleánadh go caoin mar gheall ar an sgéal do
cheilt uirthi, 'séard a dubhairt Thérèse: "Ó, a Mháithrín mhuir-
neach," ar sise, "badh cheart duit bheith buidheach de Dhia faoi nár
dhubhras tada leat! Mar, dá mbéadh a fhios agat chómh dona is a
bhíos, ghoillfeadh sé go ró-mhór ort, nuair a chífeá a luighead aire
a bhíothas a thabhairt dom!"



Tamaillín 'n-a dhiaidh sin bhuail casacht láidir leanamhnach í, agus
do chuir sin imní ar an Mháthair Urr., gur órduigh sí biadh bríoghmhar
do thabhairt di, agus do stad an chasachtach go ceann roinnt míosa.
"Fuascaltóir ró-mhall-triallach an galar so," arsa ár siúirín
ionmhuin annsin, "is ar an ngrá amháin atáim ag brath."
Bhí dúil mhór aici imeacht go Carmal Hanoí a bhí 'á síor-iarraidh
orainn, agus mar sin de, chrom sí ar Nóbhéna i n-ónóir do Theoph-
ane Beannuithe Vénard le súil go leighseóchaí go h-iomlán í.
Céad faoiríor géar! I n-ionad biseach a fháil, is amhlaidh d'éirigh
sí níos measa i ndiaidh an Nóbhéna sin.



Tar h-éis "gluaiseacht tríd an t-saol d'ár naoimhín ag
déanamh tairbhthe," ar nós Íosa féin, tar h-éis dearmadadh agus
mí-thuigsint daoine a fhuilinnt di mar Eisean, bhí sí le n-A lean-
acht anois go bárr Cnuic aisdréanaigh Chailbheirí. Ó bhí taithighe
ag an Mháthair Airchinneach ar í a fheiceál ag fuilinnt i gcomhnuí
agus ag dul ar aghaidh go misniúl 'n-a aimhdheoin sin, thug sí
cead di leanacht de ghnáth-cúrsaí laethiúla an chóimhthionóil, cidh go
gcuireadh cuid acu tuirse an-mhór uirthi. Tránóna thiar, chaitheadh


L. 194


sí an staighre go dtí an suan-lios do chur suas dhí gan cabhair gan
congnamh, agus í ag stad ó choiscéim go coiscéim le n-a h-anál
do tharraingt. Bhaineadh sí a seoimrín amach le duadh mór, ach
bhíodh sí chómh traochta sin nár mhór dhí, amanntaí, mar adubhairt
sí féin ní ba dheireannaí, uair a' chluig le n-a cuid éadaigh do
bhaint dí. Agus i ndiaidh an t-saothar sin uilig, ba ar leapthain
chruaidh a chaitheadh sí luighe go maidin. Tháinic d'á chionn sin gur
mór a d'fhuilingeadh sí i gcaitheamh na n-oidhcheanna; agus nuair do
fiafruigheadh dhi an mbéadh congnamh nó faoiseamh éigin ag teastáil
uaithi, agus í ag fuilinnt ar an gcuma sin, 'séard adubhairt sí:
"Ó, níl go deimhin! Táim go lán-tsásta bheith i seomra atá
achar maith ó na siúracha eile, i gcruth 's nach gcloisfidh siad mé.
Is maith liom fuilinnt im' aonar; mar ní túisge a tugtar
cómhshólás agus aire ar leith dhom ná imigheann mo shonas uaim."



Ba mhinic do b'éigean dóigheadh piantach do dhéanamh ar a
cliathán. Lá d'á raibh sí tar h-éis na ngéar-phianta sin a dh'fhuil-
innt, bhí sí ag leigint a sgíthe le linn an chaitheamh-aimsire, nuair
do chuala sí chuici ó'n gcistinigh an chainnt seo: "Gheobhfaidh an
tSr. Treasa leis an Leanbh Íosa bás go luath, agus níl a fhios agam
beirthe ná beó céard a fhéadfas ár Máthair a innseacht fúithi i
ndiaidh a báis. Béidh sí i gcruadhchás go deimhin, mar cidh gur
duine caoin grádhmhar an tSiúirín seo, is cinnte nach ndearna sí
tada ariamh arbh fhiú a aithris." An otharuidhe a bhí buil na Siúrach
Treasa agus a chuala an chainnt sin mar an gcéadna, dubhairt sí
leis an Naoimhín: "Anois, a chuid, dá mba ar bharamhail daoine
a bhéitheá ag brath, dhéanfadh an chainnt sin tú do dhímhealladh go
maith!" "Á! maidir le baramhail daoine," arsa Thérèse,
"thug Dia dhom gan suim dá laghad do chur innti. Innseóchad
duit faoi eachtra bheag do chuir i n-iúl dom go feilimionta a
luighead áird is ceart a thabhairt ar an mbaramhail sin: "Roinnt
laetheanta tar h-éis na h-Aibíde a fháil dom, thárla dhom dul go
dtí seomra ár Máthar. Bhí duine de na Siúracha tuatacha ann
róm, agus ní túisge a chonnaic sí mé ná dubhairt sí leis an
Mháthair: "Is mór an chreideamhaint duit, a Mháthair, an nóibhí-
seach seo go deimhin! Nach í atá ag breathnú go breá sgafánta,
bail ó Dhia a's ó Mhuire uirthi! Tá súil le Dia agam go mbéidh
sí i n-ann an Riaghail do chóimhlíonadh go ceann mórán blianta!"
Bhíos féin lán-tsásta leis an moladh sin; ach, láithreach 'n-a
dhiaidh sin, tháinic siúr bhán-chailleach eile isteach go ndubhairt sí
liom: Uch, a Shiúr Treasa, a bhuidhneach, is geall le duine a bhéadh


L. 195


tuirseach sáruighthe thú! Cuireann do dhreach mí-lítheach scannradh
orm: má mhaireann do'n stáid sin, tá faitíos orm nach fada a
bhéas tú i n-ann an Riaghail do chóimhlíonadh!" Ní raibh ach sé
bliana déag d'aois agam an tráth úd: ach mar sin féin, thug
an t-eachtra beag sin an oiread sin céille dhom nár chuireas suim
ná spéis i mbaramhla guagacha dhaoine ó shoin i leith."



"Ach deirtear nár fhuilingis puinn ariamh?" Ar n-a chlois-
teál sin do'n tSr. Treasa do gháirigh sí go séimh íseal agus rug
sí ar ghloine 'n-a raibh comhgaisí ar dhath corcra caordhearg.



"An bhfeiceann tú an ghloine bheag sin?" ar sise; "shílfeá le
féachaint uirthi gurab í an deoch is deagh-bhlasta ar bith atá innti;
agus i n-ionad sin, is í an deoch is seirbhe d'á gcaithim a ól í.
Bhail, samhaltas ar mo bheatha-sa is eadh an ghloine sin: bhí sí ag
deallramh le dathana geala niamhracha i súilibh dhaoine i gcomhnuí
riamh; b'fhacthas dóibh gur dheoch dheagh-bhlasta mhilis a bhíodh agam
'ghá ól; ach b'é an searbhas a bhí ann ariamh! An searbhas, adeirim,
ach mar sin féin, ní raibh mo bheatha searbh, mar bhí a fhios agam le
h-áthas agus milseacht do bhaint as gach aon nídh searbh."



"Táir ag fuilinnt go mór i láthair na h-uaire seo, nach bhfuil?"



"Tá, ach nach raibh dúil mo chroidhe 'san bhfuilinnt le fada
riamh!"



"Is mór a ghoilleas sé orrainn," adeireadh na nóibhísigh
léithi, "tú a fheiceál ag fuilinnt mar sin agus gan a fhios againn
nach gcaithfidh tú níos mó fós a fhuilinnt."



"Ó, ná bíodh brón ná buairt oraibh mar gheall orm, mar is é
an chaoi a bhfuil an sgéal agam anois nach dtig liom fuilinnt
feasta, toisg gur suairc liom gach fuilinnt. Fairis sin, ní
ceart daoibh a bheith do bhúr mbuaidhreadh féin mar gheall air na
trioblóidí nó na dóláis atá i ndán dúinn, béidir: níl annsin
ach mar a bhéadh cur-isteach ar leamhnú agus ar lán-chumhacht Rí na
bhFeart! Sinn-ne atá ag gabháil bóthar an Ghrádha, ní ceart dúinn
leigint do rud ar bith sinn do bhuaidhreadh. I dtaca liom-sa dhe,
dá mba nach ndéanfainn mo chuid pianta dh'fhuilinnt ó nóiméad
go céile, brisfí ar an bhfoighid agam gan aon achar: ní fheicim
ach an nóiméad atá anois ann, déanaim dearmad ar an nóiméad
atá imighthe thart, agus ní baol go mbím ag déanamh imní faoi'n
am nach dtáinic fós. Má chaillean daoine uchtach, má théighid i
n-éadóchas féin ar uairibh, 'séard is cionntsiocair leis sin iad a
bheith dh'á gciapadh féin ag smaoiniú ar an am atá imighthe thart nó
ar an am le teacht. Bídhidh ag guidhe ar mo shon, mar sin féin,


L. 196


mar is minic gurab é an uair a bhím ag iarraidh ar shlóightibh na
bhFlaitheas teacht le cabhair chugam, is mó a bhíos dólás ar mo
chroidhe!"



"Agus cionnus is féidir nach dtagann droch-mhisneach ort i
lár an dóláis sin go léir?"



"'Sé an rud a dhéanaim ach iompáil chun Dé agus chun na Naomh
uilig, agus mo mhór-bhuidheachas do ghabháil leo an uair sin féin,
mar tuigtear dom gurab é an chaoi a dteastuigheann uatha a
fheiceál cé'n mhuinín daingean dílis do-ghluaiste atá agam
asta… Ní i n-aisdear, áfach, a d'éisteas féin le bréithribh
Iób: "Dá ndéanfadh Dia mé do mharbhú féin, chuirfinn mo
dhóchas Ann 'n-a dhiaidh sin féin." 1 Caithfead a admháil, áfach,
nárbh i n-aon lá amháin a d'éirigh liom mé féin do dhaingniú ar árd-
chéim din na féin-tugthachta iomláine: ach táim ann anois go
daingean, agus is é an Tiarna féin do thóg suas mé agus do
chuir annsúd mé!"



"Tá mo chroidhe lom-lán de thoil Íosa," ar sí aríst, "agus
mar sin de, nuair a thagas rud éigin eile isteach air, ní théigheann
sé síos go h-íochtar, ní fhéadann sé ach sgiorradh thairis go h-éas-
gaidh ar nós ola do dóirtfidhe ar bhárr an uisge ghlé. Muna
mbéadh go bhfuil mo chroidhe lán roimh-ré, muna mbéadh agam
le n-a líonadh ach na mothúcháin áthais a's bróin a bhíos ag déanamh
sealaidheachta d'á chéile ann 'chuile ré soluis, ní bhéadh agam annsin
go deimhin ach fuarloch searbh an dóláis! Anois, áfach, níl ann
ach go mbaineann teacht agus imtheacht na mothúchán sin le bárr
mh'anama ar éigin: agus bíonn an t-síocháin doimhin seo agam do
shíor nach dtig le nídh ar bith a baint díom."



Ach mar sin féin, bhí an t-iomdhorchadas duaibhseach thart timcheall
ar a h-anam. Agus 'n-a cheann sin, bhí na cathuighthe i gcoinnibh an
Chreidimh 'á síor-chiapadh, i n-aimhdheoin a díchill 'á ndíbirt aríst
agus aríst eile: agus bhaineadar-sin di gach sólás d'á mbéadh
le fáil aici as an smaoineadh go mbadh ghearr uaithi an bás. "Dá
mbéinn gan an fromhadh do-thuigse seo a bheith agam," adubhairt sí
féin, "sílim go gcaillfí le h-aon-chorp lúthgháire mé, ag smaoiniú
dhom gur gearr go mbídh mé ag imeacht liom as an tsaol seo ag
triall ar Dhia."



B'é rud a theastuigh ó Dhia, thríd an bhfromhadh sin, ná í do ghlanadh
go beacht agus go h-iomlán i gcruth 's go bhféadfadh sí, ní h-amháin


L. 197


gluaiseacht go tapamhail troigh-éasgaidh, ach eitilt léithi ar
bhealaichín úd na muiníne agus na féin-tugthachta. Tá a cuid
cainnte féin againn 'á dheimhniú sin aríst agus aríst eile:
"Is cuma liom mo bhás nó mo bheó anois; dá dtugadh Dia mo rogha
dhom, ní dhéanfainn aon cheann acu do thoghadh: ní toil liom ach
an ní is toil Leis féin; an rud a ghníos Seisean, is é is rogha
liom! "Águs deir sí fós: "Níl scáth ná eagla orm roimh
na comhraic dheireannacha ná roimh phianta mo bhreoiteachta, d'á
mhéid iad. Thug Dia na glóire cabhair agus congnamh dhom i
gcómhnuí riamh: Do chumhdaigh agus do sheól Sé le n-Á láimh mé go
slán sábháilte ó bhíos im' pháistín féin… agus is Áir atá mo
sheasamh anois. Féadfaidh na fuilinntí a bheith géar thar mo bhear-
taibh, ach is deimhin liom nach dtréigfidh Seisean mé a choidhche."



Ní fuláir nó do chuir an mhuinín láidir daingean sin fearg
an-mhór ar an Áirseóir, a ghníos a sheacht ndícheall le daoine
do chur i n-éadóchas, nuair a bhíd ag saothrú an bháis. Lá n-aon,
dubhairt Thérèse leis an Mháthair Agnès de Jésus: "Ghabh
dólás mór éigin mé aréir, agus mhéaduigh ar an ndorchadas i mo
thimcheall. Chualas mar a bhéadh guth malluighthe an-aithnid éigin
'á rádh liom: "An bhfuilir cinnte go bhfuil Grá ag Dia dhuit?
Ar tháinic Sé féin chugat 'á rádh leat go bhfuil? Ní h-í baramhail
druinge ar bith a dhéanfas tú do cheartú nó do chosnamh ós Á
chomhair-sin." B'fhada mé dom' chrádh leis na smaointe sin, nuair
do tugadh dhom do nóta tráthamhail sólásach. Chuiris i gcuimhne
dhom ann, a Mhaithrín, na tiodhlaicí iomadúla do bhronn Íosa orm,
agus dubhrais liom, mar a bhéadh Dia tar h-éis mo dhóláis a
dh'fhoillsiú dhuit, go raibh grá an-mhór ag Dia dhom agus go rabhas
leis an gcoróinn síorruí a fháil Uaidh gan aon mhoill. Bhí an
ciúineadas agus an t-síocháin ag filleadh orm aríst, nuair do
bhuail smaoineadh eile mé: "An gean atá ag mo mhaithrín orm is
é fé ndeára di na bréithre seo do scríobhadh." Thuit sé im'
cheann láithreach leabhar na Soisgéal a dh'oscailt agus d'oscluigh-
eas go mearbhallach é gur leagas mo shúile ar an abairt seo nach
dtugas suandas di ariamh roimhe sin: "An t-é a chuir Dia uaidh
labhrann sé bréithre Dé; mar ní do réir tomhais a thugann Dia an
Spioraid Uaidh." 1 Chuir an chainnt sin sólás iomlán orm agus
thuiteas im' chodladh go suaimhneasach sásta. Is tú, a Mháithrín, a
chuir Dia chugam-sa, agus is ceart dom tú do chreisdint mar go
labhruigheann tú bréithre Dé."


L. 198


I mí na Lúghnasa d'fhan sí ar feadh mórán laetheanta mar a bhéadh
sí i bhfanntais agus í 'á shíor-iarraidh orainn paidreacha a chur
d'á rádh ar a son. B'shin é an chéad uair ariamh a bhfacamar a
leithéid sin de racht uirthi. Agus i lár an dóláis do-mhínighthe sin
chloismís í 'á rádh: "Ó, is ceart guidhe go tréan ar lucht saoth-
ruighthe an bháis! Dá mbéadh a fhios ag daoinibh …" Oidhche
amháin, d'iarr sí ar an otharuidhe an t-Uisge Coisreacan do
chraitheadh ar an leapthain, agus adubhairt: "Tá an deamhan
annseo i m'aice. Ní fheicim é, ach mothuighim é… Tá sé dhom'
chiapadh, agus tá greim daingean docht aige orm le gan leigint
dom faoiseamh ná furtacht a fháil. Méaduigheann sé mo phianta
d'fhonn mé do chur i n-éadóchas… Agus ní fhéadaim paidir
féin a rádh! Ní fhéadaim ach féachaint ar an Mhaighdin Ghlórmhair
agus "a Íosa" do rádh! Paidir an-riachtanach is eadh an
phaidir úd adeirtear gach tránóna 'san Chompletorium: "Díbir
uainn, a Dhia, gach droch-thaidhbhreamh agus samhluigheacht saobh na
h-oidhche!" (Procul recedant somnia et noctium phantasmata.)
Mothuighim rud rúindiamhrach éigin ionnam. Ní ar mo shon féin
atáim ag fuilinnt ach ar son anama eile… agus cuireann
sin olc ar an áirseóir." Do las an otharuidhe an choinneal-
Mhuire agus do theich an mac mallachtain leis gan filleadh aríst.
Ach bhí dólás mór ar an tSr. Treasa go deire.



Lá d'á raibh sí ag dearcadh uaithi suas ar na spéartha, dubhradh
léithi: "Is gearr eile anois go mbídh tú annsúd thuas ós cionn
na spéartha ngorm sin: nach tú atá ag dearcadh ortha le grádh!"
Rinne sí meangadh séimh gáiridhe, agus dubhairt sí leis an Mháthair
Agnès de Jésus 'n-a dhiaidh sin: "A Mháthair ionmhuin, níl a
fhios ag na Siúracha an chaoi a bhfuilim ag fuilinnt! Ní rabhas
ach ag déanamh iongantais d'áilneacht na spéartha so-fheicse sin
ar ball: tá an neamh eile foluighthe ó mo shúile ar fad…
Ba dhaithnid liom ar dtúis an chainnt sin adubhradh liom, ach annsin
chualas an guth i lár mo chroidhe 'á rádh liom: "Ba le grá do
Dhia a bhís ag dearcadh suas chun na bhFlaitheas, mar, ó's rud
é go bhfuil do chroidhe tugtha suas ar fad do'n ghrá, fágtar
lorg diadha sin an ghrádha ar do ghníomhartha go léir, d'á
shuairigheacht iad." Agus chuir sin sólás orm láithreach."



Uaireannta, áfach, i n-aimhdheoin an iomdhorchadais a bhí 'ghá
timcheallú do shíor, d'oscluigheadh an Séighleóir Diadha dorus a
carcair dhuaibhsigh roinnt, agus annsin do phreabadh an croidhe 'n-a
cliabh le teann aitis agus muiníne agus grádha.


L. 199


Lá d'á raibh sí ag spaisteóireacht 'san ngáirdín agus duine de
na mnáibh-rialta le n-a taobh mar thaca, do stad sí le h-iongantas
a dhéanamh de radharc fíor-áluinn do chonnaic sí ós a cómhair .i.
cearc bheag bhán agus a h-ál gleoite ar fasgadh go sócamhlach fá
n-a cuid sciathán aici. Ba ghearr gur bhris na deóra fá n-a
rosgaibh, agus d'iompuigh sí chuig a compánaigh agus adubhairt
léithi: "Ní thig liom fanacht annseo níos fuide; téighimís
isteach go beo…" Agus iar dteacht isteach 'n-a seóimrín di,
do lean sí ag sileadh na ndeór go fras ar feadh i bhfad agus gan
inntí focal féin do rádh. Nuair a bhí an dreas sin guil curtha
dhi aici, thug sí féachaint neamhdha ar a deirbhshiúr agus adubhairt:
"Ag cuimhneamh ar Íosa a bhí mé," ar sí, "agus ar an gcomórtas
áluinn taithneamhach ar bhain Sé feidhm as le n-A lághaidheacht do
chur i n-iúl dúinn. Sin mar do rinne Sé domh-sa é i gcaitheamh mo
shaoghail go léir: Rinne Sé mé do chumhdach faoi n-A sciathánaibh
i gcomhnuí riamh! Ní fhéadaim a chur i gcéill duit céard a chuaidh
thríd mo chroidhe ar ball. Is maith an bhail orm, go deimhin, go
gcoimeádann Dia É féin i bhfolach ó mo shúilibh agus nach dtais-
beánann Sé éifeacht agus iarsmaí A mhór-thrócaire dhom ach go
h-annamh agus "tríd na laitisibh," 1 mar adéarfaí. Mothuighim
nach mbéadh ionnam an suairceas ró-mhór dh'fhuilinnt ná dh'iomchar."



An 5adh lá de mhí an Mheithimh, 1897, chromamar ar Nóbhéna do
rádh i n-onóir do Mhaighdin na mBuaidh (Notre-Dame des Vic-
toires), le h-ionchas go bhfágfadh Dia agus an Mhaighdean Bhuadhach
ár siúirín ionmhuin againn go ceann tamaill eile, mar shólás agus
mar réaltann soillseach na subháilcí. Bhí dóchas againn go
gcuirfeadh Muire a bláithín féin ag borradh go bríoghmhar an
ath-uair le míorbhúilt. Ach ní thug sí toradh ar ár nguidhe ach
oiread le Theophane Beannuithe Vénard, agus b'éigean dúinn
ár gcroidhe d'ullmhú i gcóir na scarúinte do thiocfadh anois gan
mhoill.



I dtús míosa an Iúil d'éirigh sí chómh dona is go raibh orainn í
do thabhairt anuas go dtí an otharlann. Nuair a chonnaic an
Mháthair Agnès de Jésus an cillín folamh, agus a fhios aici go
maith nach dtaobhóch' an tSr. Treasa an cillín céadna sin aríst
a choidhche, dubhairt sí leis an tSr. Treasa:



"Nach orm-sa a bhéas an chumhaidh mhór amach annseo, ag féachaint
ar an gcillín sin dom, nuair nach mbéidh tusa 'nár measg a thuille?"


L. 200


"Agus d'fhonn sólás do chur ort fhéin annsin, a Mháithrín,"
adeir Thérèse léithi, "cuimhneóchaidh tú go bhfuilim-se i n-aoibh-
neas síorruí na bhFlaitheas annsúd thuas, agus gurbh' 'san chillín
chiúin sin do shaothruigheas mór-chuid dem' aoibhneas. Mar is
mór," ar sise, ag dearcadh uaithi suas chun na bhFlaitheas, "is
mór mar a d'fhuilingeas ann; agus badh mhian liom bás a fháil
ann anois."



Ag dul isteach 'san otharlann di, b'é céad rud ar leag sí súil
air ná dealbh mhíorbhúilteach úd na Maighdine Muire, a bhí curtha
'san tseomra againn roimpi. Níl cur-síos ar an bhféachaint a bhí
'n-a rosgaibh! "Céard a chíonns tú?" d'fhiafruigh a deirbhshiúr,
Máire, dhí (an deirbhshiúr chéadna a bhí i láthair an lá úd fadó a
rinne an Mhaighdean ghlórmhar Treasa Bheag do leigheas go míor-
bhúilteach thríd an dealbh sin, a bhí ós cómhair a súl anois). D'fhreag-
air an tSr. Treasa: "Ní fhacas ariamh í ag breathnú chómh
h-áluinn a's atá sí indiu! …ach 'n-a dhiaidh sin féin níl ann
indiu ach an dealbh; an lá úd fadó, níorbh í an dealbh amháin a
bhí ann, mar is eól duit féin…"



Ba mhinic di, 'n-a dhiaidh sin, sólás de'n tsaghas sin a fháil ó
Mhuire. Tránóna amháin, dubhairt sí: "Ó, nach agamsa atá
an grá mór ar an Mhaighdin Mhuire! Dá mba shagart mé, nach mé
a labhróch' go bríoghmhar buadh-fhoclach fúithi! Cuirtear ós ár gcomh-
air í mar dhuine nach dtig le h-aoinne dul 'n-a gar ná 'n-a gaobhar,
nuair badh chóir a theasbáint gur féidir agus gur furust' aithris a
dhéanamh uirthe. Is mó de'n mháthair ná de'n bhainríoghain atá
ag baint léithi! Chualas daoine 'á rádh go gcuireann deallradh
a h-áilneachta urdhubhadh agus múchadh ar ghlóire na naomh uilig,
fé mar a mhúchas an ghrian solus na réaltóg, iar n-éirghe dhí.
Ach ar chuala aoinne ariamh a leithéid sin de sgéal? Máthair
do chur glóire a clainne ar ceal! Am thaobh-se dhe, tá a mhalairt
de thuairm ar fad agam: sílim-se gurab amhlaidh a dhéanfas sí
glóir na bhfíoraon do mhéadú go mór… An Mhaighdean Muire!
Nach iongantach chómh simplí is a bhí a beatha? Agus do lean
uirthi ag cur síos go binn-bhriathrach taitneamhach ar an dTeaghlach
Naofa nó go rabhamar ag déanamh iongna di.



Bhí fromhadh géar i ndán di gan mórán moille. Ó'n 16adh lá de
mhí Lughnasa go dtí an 30adh lá de Mheadhon Fóghmhair, lá a Com-
aoine síorruí, níorbh fhéidir léithi an Chomaoin naofa do ghlacadh ní
ba mhó, toisg baol urlacain-fola a bheith uirthi do shíor. An raibh
aoinne ariamh ba mhó a raibh dúil aige i n-Arán na n-Aingeal ná


L. 201


mar a bhí ag an naoimhín seo? Nach iomdha uair, i rith na bliana
deireannaighe do chaith sí ar an dtalamh, i lár an dubh-gheimhridh féin,
a chonnaiceamar ag éirghe í le bánú an lae leis an gComaoin
Naofa a fháil, tar h-éis í bheith d'á traochadh le piantaibh i gcaitheamh
na h-oidhche! Ba shuarach léithi a gcaithfeadh sí dhul tríd ach a bheith
ar a cumas Íosa do ghlacadh isteach 'n-a croidhe.



Sul ar fágadh i n-éaghmais an Mhanna neamhdha sin í, áfach, thagadh
Íosa chuici go minic. Bhí solmántacht fá leith ag baint leis an
gComaoin Naofa do ghlac sí an 16adh lá de mhí an Iúil, lá-fhéile
Maighdine Charmail. An oidhche roimhe sin do cheap sí an duanóg
seo a leanas, le go gcanfaí í an mhaidin dár gcionn:



Fíor-chara Tú, a Íosa, má's bíognach i gclódh mé,
Ní lag Leat, dá aoirde Tú, ísle mo sheomra,
Ó tair chun an Chroidhe-seo, a Chríost an Altóra,
Ó tair chun an chroidhe, atá claoidhte gan fóir uait.
Seo amháin mo phaidir ód' mhaitheas, a Thighearna,
Bás d'fhághail le neart geana iar nglacadh Comaoine,
Ná fág mé 'sa bheatha nuair ghairim ort, a Íosa,
Tair chun mo chroidhe-se.



Ar maidin lae na Féile bhí leacracha na gclabhstar clúduighthe
Le bláthana na mbánta agus le duilleóigíní-rós ag fáiltiú roimh
Chríost. Sagart óg, a bhí le n-a chéad Aifreann a léigheamh an
mhaidin chéadna sin 'san t-séipéilín s'againne, b'é do thug an
Lón-aistir isteach chuig ár n-othairín. Agus do chan an tSr.
Máire leis an Naomh-Shacraiméad, a raibh fuaimeanna nár
shaolta 'n-a glór binn ceólmhar, do chan sí an rann seo as duan
do cheap Thérèse i bhfad roimhe sin:



Bás d'fhagháil le grádh, mairtíreacht aoibhinn,
An bás thar bárr d'athchuingighim le díograis,
Ná spáráilidh cláirseacha, a Chaoin-Cherubíní,
Tá ráidhte an lá so gur críoch dom' dhíbirt.
Ó theintrigh na saighde bíodh treighid im' chléibh
Sa tír seo nach meidhreach dom' adhnadh le faobhar,
A Íosagáin d'adhraim, go n-éirghidh lem' mhéin,
Bás d'fhagháil le grádh.



Beagán laetheannta 'n-a dhiaidh sin bhí an tSr. Treasa ag dul i
n-olcas go mór, i dtreó go mb'éigean an Ola dheireannach do chur


L. 202


uirthi ar an 30adh lá de mhí an Iúil. Bhí sí go h-áthasach annsin,
agus dubhairt sí linn: "Tá doras mo charcair ar leath-oscailt
cheana féin, agus tá lúthgháir ar mo chroidhe, go mór-mhór ó dheimhnigh
ár n-Athair Uachtarán dom indiu go bhfuil m'anam chómh glan
gléigeal anois le h-anam an leinbh nua-bhaistithe."



Shíl sí, nídh nárbh iongnadh, go raibh sí le h-imeacht a bhaile go
Flaitheas Dé gan a thuille moille. Ní raibh aon cheapadh aici go
raibh an dá mhí mhóra fhada de mháirtíreacht roimpi amach go fóill!



Lá n-aon, dubhairt sí leis an Mháthair Airchinneach: "A
Mháthair, aithcim ort cead a thabhairt dom bás a fháil… leig
dom m'anam dh'ofráil ar son a léithéid seo d'intinn…"
Agus nuair do h-eitigheadh í ar an athchuinge sin: "Tá go maith,"
ar sise, "ach tá a fhios again-sa go bhfuil dúil ag Dia na glóire
i gcrobhaing bheag bhídeach de chaoraibh fíneamhna nach áil le h-aoinne
a seachadadh Dhó, go gcaithfidh Sé féin teacht agus í a ghoid…
Níl aon rud agam féin 'á iarraidh, mar dá n-iarrainn, bhéinn ag
Dul i leathtaoibh ó bhóthar réidh rí-dhíreach na féin-tugthachta. Ach
iarraim ar an Mhaighdin Mhuire an teidiol sin "an gaduidhe," do
thug Íosa Air féin 'san t-Soisgéal, do chur i gcuimhne Dhó, mar
shúil 's go dtiocfaidh Sé do mo ghoid-se anois."



Tugadh dhi, lá amháin, glac de dhiasaibh arbhair, agus ghlac sí
ceann de na diasaibh a bhí chómh torthach trom sin le gráinní go raibh
sí ag cromadh síos ar an ngas, agus do dhearc Thérèse go grinn
uirthi ar feadh tamaill… agus annsin dubhairt sí leis an
Mháthair: "Is geall leis an ndias sin m'anam-sa:
Rinne Dia A ghrásta líonmhara do chruachadh orm dhom féin
agus d'á lán nach mé!… Ó! is mian liom cromadh síos go
h-umhal úiríseal i dtóláimh faoi ualach saidhbhir fairsing na dtiodh-
laicí neamhdha, agus a admháil gurab ó Dhia amháin a thig gach
tiodhlaice aca."



Ní raibh aon dul amú uirthi 'san méid sin, mar bhí a croidhe ag
cur thar maol le grásta reidhsiúla Dé… agus b'fhurust'
aithint uirthi gurabh é Spioraid Dé féin a bhí 'ghá mholadh féin thríd
an bhéilín sin nár chan ariamh gó! Nárbh Spiorad céadna sin na
Fírinne a thug ar N. Treasa Mhóir ó Avila a scríobhadh: "Na
h-anmnacha a bhfuil an dlúthú iomlán seo le Dia sroichte aca,
bíodh árd-mheas aca ortha féin maille le dásacht naofa úmhal, bíodh
cuimhne aca do shíor ar na grástaibh móra saidhbhre atá fáighte aca
ó Dhia, agus bídís 'san áirdeall sul a gcreidfidís gur gníomh
úirísleachta é gan na grásta do bhronn Dia ortha a admháil.


L. 203


Mar, má chuimhnigheann duine go dílis ar na maitheasaí do rinneadh
dhó, is follus gur móide a ghrá d'á mhaithdhéantóir an chuimhne sin.
Ach an t-é nach bhfuil a fhios aige cad é an rachmus mór atá 'n-a
sheilbh, cé'n chaoi a bhféadfaidh sé an rachmus sin do roinnt agus do
thabhairt uaidh go flaithiúl fial?"



Níorbh é sin an t-aon uair amháin do labhair Treasa Bheag
s'againne bréithre fíor-fháidhiúla. I mí an Aibreáin, 1895, nuair a
bhí sí i dtogha na sláinte fós, dubhairt sí le duine de na mnáibh-
rialta aosta: "Gheobhfad-sa bás go luath: Nílim 'á rádh gur i
gceann roinnt míosa a gheobhfad bás,: ach i gceann a dó nó a trí
de bhliantaibh ar an gcuid is fuide dhe: tuigtear dhom sin ó
'n-a bhfuil ag tárlú i m'anam istigh."



Bhíodh na nóibhísigh ag déanamh iongna de'n chaoi a mbíodh sí i
n-ann smaointe rúnda a gcroidhe dh'aimsiú agus a thuigsint:
"Seo é an bealach atá liom," ar sise leó, "ní labhruighim libh a
choidhche gan paidir bheag do chur suas chun na Maighdine Muire
roimh-ré 'á iarraidh uirthi na bréithre is mó a rachas i sochar
dhaoibh do chur i mo cheann. Agus is minic a bhíos iongna orm féin
faoi na rudaibh a theagascaim daoibh. Mothuighim, le linn an
teagaisc do thabhairt uaim dhom, gurab é Íosa féin a bhíos ag
Labhairt libh thríd mo bhéal-sa, agus mar sin de nach mbíonn aon
dul-amú orm."



Le linn a breóiteachta, bhí duine d'á driféaracha féin ag déanamh
bróin lá gur chaill sí uchtach, geall leis, ag smaoiniú dhi ar an
scarúint do-sheachanta a bhí ag teannadh leo. Láithreach 'n-a dhiaidh
sin bhuail an deirbhshiúr sin isteach 'san otharlann, gan a dhath a
leigint uirthi faoi'n mbuairt mhóir a bhí 'á ciapadh, agus d'fhéadfá
'á rádh gurbh uirthi a bhí an iongna, nuair adubhairt Thérèse léithi,
de ghlór mall brónach: "Ní ceart dúinn-ne bheith ag caoi a's ag
gol ar nós daoine nach bhfuil aon dóchas acu!"



Duine d'ár Máithreacha a tháinic isteach ag déanamh a cuairte,
rinne sí gar beag éigin do Threasa. "Nár mhéanair domh,"
ars' an Mháthair sin léithi féin, "dá n-abradh an naoimhín seo:
"Cúiteochad sin leat ó Neamh."" Agus ar an nóiméad chéadna
sin d'iompuigh Thérèse chuici agus adubhairt: "A Mháthair,
cúiteóchad sin leat ó Neamh!"



Is é an rud is iongantaighe ar fad, áfach, ach gur thuig sí, do
réir gach cosamhlachta, an missiún ar leith a bhí leagtha amach di ar
an saol seo. Shílfeá uirthi go raibh an brat a bhí ag folú an ama
le teacht ó n-a súile, go raibh sin tarraingthe i leath-taobh roimpi,


L. 204


mar ba mhinic adubhairt sí neithe linn a bhí le teacht, agus tuigimíd
ó n-ar thárla ó shoin gurbh fhíor-thairngreachtaí a bhí ionnta: "Ní
thugas aon ní do Dhia riamh ach grá," ar sí, "agus is le grá
a dhéanfas Seisean aisíoc liom. Tar h-éis mo bháis, scaoil-
fead anuas cioth de rósaibh."



Bhí Siúr áithrid ag labhairt léithi faoi aoibhneas na bhFlaitheas.
Do chuir an tSr. Treasa isteach uirthi 'á rádh: "Ní shin é an rud
atá dhom' tharraingt chor ar bith…"



"Agus céard é féin, mar sin?"



"Tá, an Grá! grá do thabhairt, grá a fháil, agus filleadh ar
an dtalamh leis an Grá do chur d'á ghrádhú."



Tráthnóna amháin d'fháiltigh sí roimh an Mháthair Agnès de Jésus
go h-aiteasach: "A Mháthair," ar sise, "chualas chugam
ar ball roinnt nótaí de chuirm-ceóil ó chian, agus ar feadh
tamaillín bhíos ag smaoineamh gur gearr go gcloisidh mé an
t-oirfideadh ceólmhar nár chuala cluas duine a leithéid ariamh
fós. Ach níor mhair lúthgháir an dóchais sin ach nóiméid. Níl
ach an t-aon dóchas dúilmhar amháin a chuireas mo chroidhe ag
preabarnaigh im' chliabh, mar atá, an grá a tabharfar dhom,
agus an grá a fhéadfad féin a thabhairt!



"Braithim go bhfuil mo mhissiún ar tí tosnú, agus is é missiún
é ná Dia na glóire do chur d'Á ghrádhú fé mar a ghrádhuighim féin É
…agus eolus do dhéanamh d'anamnacha ar an mbealaichín
s'agam-sa. Is mian liom mo ré ins na Flaithis a thabhairt ag
déanamh maitheasa ar fuaid an t-saoil seo. Ní rud do-
dhéanta é sin, mar déanann na h-Aingil sinn-ne do chúmhdach,
bíodh go bhfuilid annsúd thuas i ndoimhneas radhairc na Diachta
féin. Ní fhéadfad-sa suaimhneas ar bith do ghlacadh go dtí
críochnú an t-saoil, ní fhéadfaidh sin! Ach nuair a bhéas an t-ain-
geal tar h-éis a rádh: "Ní bhéidh aimsir ann níos mó," 1 annsin
is eadh a fhéadfas mé suaimhneas agus aoibhneas a bheith agam,
toisc go mbéidh uimhir na bhfíoraon iomlán."



"Cé'n bealaichín sin atá agat le taisbeáint do na daoinibh?"



"Is é bealach na leanbhánachta spioradálta é, bóthar na
muiníne agus na féin-tugthachta iomláine. Na dóigheana beaga
do chleachtuigheas féin agus a d'éirigh chómh geal sin liom, is mian
liom iad do chur i n-umhail do dhaoinibh eile fosta, agus a rádh leo
nach bhfuil ach an t-aon rud amháin le déanamh annseo thíos, mar atá:


L. 205


bláthana na mion-íodhbairtí do chraitheadh ós cómhair Íosa, agus É
do bhréagadh le barrógaí! Sin mar do bhréagas féin É, agus sin
é an fáth a mbéidh an oiread sin fáilte Aige róm!"



"Dá mbéinn 'bhúr seóladh amú ar bhealaichín seo an Ghrádha,"
ar sise le n-a nóibhísigh, "ní baol go scaoilfinn libh i bhfad.
Thiocfainn ar ais chugaibh ar an dá luathas le n-a rádh libh bóthar
éigin eile do ghabháil. Ach muna dtagaidh mé, creididh na bréithre
seo uaim-se: ní féidir linn a choidhche an iomarca muiníne a
bheith againn as Dia, an t-É atá chómh comhachtach, chómh trócaireach
sin! D'á mhéid í ár muinín As, is amhlaidh is mó a gheibhimíd
Uaidh!…



An lá roimh lá-fhéile Maighdine an Charmail, dubhairt nóibhíseach
léithi: "Dá gcailltí ar maidin i mbárach i ndiaidh na Comaoine
Naofa thú, nárbh áluinn go deo an bás agat é! Bhéadh sé chómh
h-áluinn sin go mbadh leor liom mar shólás é i ndiaidh an dóláis
go léir."



Agus d'fhreagair Thérèse í go bríoghmhar: "Bás a fháil i
ndiaidh na Comaoine Naofa! Agus ar lá-fhéile mór solmánta!
Ní h-amhlaidh a thárlóchas chor ar bith, ní h-eadh! Mar ní fhéadfadh
na h-anmnacha beaga aithris a dhéanamh ar sin. Ar an mbeal-
aichín s'agam-sa níl ach rudaí an-choitianta. Gach a ndéanaim
féin ní fuláir na h-anmnacha beaga a bheith i n-ann a dhéanta
mar an gcéadna."



Ba mhinic do tugtaí rósaí ag triall uirthi, agus ghníodh sí na
duilleóigíní do chraitheadh ar a crois agus gach aon phóg aici 'á
thabhairt do'n chrois 'san am chéadna. Lá d'á raibh na seóidíní
luachmhara sin ag tuitim uaithi go talamh, "Bailigidh chugaibh na
duilleóigíní sin go cúramach," ar sise, "fóghanfaidh siad amach
annseo le pléisiúr a dhéanamh do dhaoinibh eile. Ná caillidh
oiread 's aon cheann amháin acubh." (D'fhoghnuigheadar ó shoin ní
h-amháin le pléisiúr a dhéanamh do dhaoinibh, ach fós le míorbhúiltí
a dh'oibriú.)



Uair eile dubhairt sí le n-a Máithrín: "Gheobhfad mórán
grásta ar Neamh do na daoinibh a bhí go maith dhom i bhfus ar an saol
seo. Maidir leat-sa, a Mháithrín, gheobhfad an oiread sin duit
nach mbéidh gnó agat d'á lán acubh; ach cuirfidh siad lúthgháir ort
agus sólás."



Bhí Siúr áithrid ann a raibh aimhreas uirthi faoi fhoighid na Siúrach
Treasa. Ach lá d'á raibh sí 'san otharlann ag déanamh a cuairte,
chonnaic sí lonnrú neamhdha an áthais ar aghaidh na Siúrach Treasa


L. 206


agus d'fhiafruigh di cé'n fáth a raibh sí chómh h-áthasach sin. "Tá,"
arsa'n Naoimhín, "toisg go mothuighim an phian ghéar seo ag dul
tríom. Rinneas mo dhícheall i gcómhnuí riamh leis an bhfuilinnt do
ghrádhú agus le fáiltiú roimpi."



"Nuair a bhím ag fuilinnt go mór," ar sise, uair eile, "nuair
a ráinigheann neithe cruadha míothaitneamhacha dhom, i n-ionad
bheith gruamdha nó duairc d'á mbárr, is amhlaidh a ghním meangadh
gáire. I dtosach ní h-i gcómhnuí a d'éirigheadh liom sin a dhéanamh.
Anois, áfach, tá sé mar nós again, agus is mé atá go lán-tsásta
faoi gur shaothruigheas é mar nós."



"Cé'n fáth a bhfuilir chómh ríméadach sin ar maidin, a
mhaoineach?" d'fhiafruigh an Mháthair Agnès de Jésus di.



"Tá, a Mháithrín," arsa Treasa Bheag, "toisg go raibh dhá
phian bheaga le fuilinnt agam ar ball! Níl rud ar bith is mó a
chuireas ríméad orm ná na pianta beaga seo."



Agus uair eile: "Bhí a lán le fuilinnt agat indiu, nach raibh?"



"Bhí, ach is amhlaidh is maith liom a bheith ag fuilinnt… is
maith liom gach a dtugann Dia na Glóire dhom."



"Is uathbhásach an chaoi a bhfuilir a' fuilinnt."



"Ó, ní h-eadh go deimhin! Cé'n chaoi a mb'uathbhásach le h-íodh-
bairtín Grádha na neithe a chuireas an Céile diadha chuige? Ní
thugann Sé dhom ach a mbíonn ar mo chumas a fhuilinnt ó nóiméad
go céile, sin a' méid. Agus má dhéanann Sé na fuilinntí a
mhéadú an chéad nóiméid eile, méaduigheann Sé mo neart d'á
réir. Ní fhéadfainn go deó, áfach, fuilinntí níos géire a dh'iar-
raidh Air, mar táim ró-bheag ró-lag-bhrígheach chuige sin. Fuil-
inntí liom féin a bhéadh ionnta annsin, agus chaithfinn iad a
dh'iomchar im' aonar; agus níor fhéadas rud ar bith a dhéanamh
asam féin ariamh gan cabhair ó Dhia na gcomhacht."



B'shin mar do labhair sí ar leaba a báis, an mhaighdean chríonna
chiallmhar sin a raibh a lóchrann lán d'ola na subháilcí agus é ar
lasadh aici go deire. Má deir an Spiorad Naomh linn i Leabhar
na Sean-Fhocal go "n-aithnightear teagasc fir ó n-a fhoighid," 1
ní misde do'n druing a chuala cainnt na Siúrach Treasa a teagasc
do chreisdint anois, ó tá deimhne a foighde do-ghluaiste curtha
aici go daingean ar an dteagasc sin.



Nuair a thugadh an doctúir cuairt uirthi, níorbh fhéidir leis a
mhór-iongantas do cheilt orainn: "Á! dá mbéadh a fhios agaibh an


L. 207


chaoi a bhfuil sí ag fuilinnt! Ní fhacas le mo bheó aoinne arbh
fhéidir leis an oiread sin a fhuilinnt agus a bheith chómh h-áthasach
croidhiúl sin 'san am chéadna. Aingeal atá innti gan aon agó!"
Bhíomar 'á chur i n-umhail dó cé'n brón mór a bhí orainn mar gheall
ar ár stóirín do chailleadh. "Ní fhéadfad a leigheas," ar
seisean; "ní le h-aghaidh an t-saoil seo í."



Ar n-a thabhairt faoi deara dhó go raibh sí ag dul i n-ísle-bhríghe go
mór, d'órduigh sé deoch neartmhar áithrid di. Ba dhaithnid le
Treasa sin i dtosach, mar gheall ar an gcostas; ach dubhairt sí
linn annsin: "Ní daithnid liom níos mó na dighthe daora cos-
tasacha seo a dh'ól, mar do léigheas faoi N. Gertrúde agus cé
mar a bhíodh lúthgháir uirthi, ag machtnamh di go gcúiteóchadh Dia an
t-iomlán le n-ár maithdhéantóirí, do réir mar adubhairt Íosa
féin: "An fhaid a dheineabhar é do dhuine de'n chuid is lugha de
m'bráithribh annseo, do dheineabhair domhsa é."" 1 "Is deimhin
liom nach bhfuil luibh ná lusra íce ann do leighseóch' mé," ar sise
aríst, "ach is é an chaoi go bhfuil margadh déanta agam le Dia le
go gcuirfidh Seisean an aire agus an cúram seo go léir i sochar
do na missiúnéiribh bochta nach bhfuil sé dh'ionbhaidh ná de chaoi
acubh aire a thabhairt dóibh féin."



Má bhí Treasa Bheag go fial flaithiúl le n-a Céile diadha, níor
sáruigheadh Eisean i bhflaitheamhlacht di-se, mar chuireadh Sé A
ghean i n-umhail ar a lán slighthe beaga. Bláthana breághtha cumhra
ó n-a muinntir a bhéadh ann, uaireannta: uair eile, thiocfadh
spideóigín gleoite teanntásach isteach ag léimnigh thart ar a
leapthain, agus é ag dearcadh uirthi go muinntreach agus ag
déanamh mórtais léithi go gceapfá go raibh sean-aithne aca ar a
chéile. "A Mháthair," adeirfeadh sí annsin, "déanann cineál-
tas caoin an Tiarna mé do chorruighe go mór; do'n taobh amuigh,
táim dom' mhuirniú Aige ar gach aon t-saghas cuma… Agus tá
an t-iomdhorchadas duaibhseach i mo chroidhe a's im' anam i gcomhnuí!
…Is mór mar atáim ag fuilinnt, is mór sin! Ach má' seadh
féin, is iongantach go deo an t-síocháin mhór atá ar mo chroidhe.
Gach mian d'á raibh agam táid cóimhlíonta… tá muinín mhór
agam as Dia agus dóchas láidir."



Sgathamh 'n-a dhiaidh sin d'aithris sí an t-eachtra beag taith-
neamhach seo: "Oidhche amháin, le linn an toist mhóir, tháinic an
otharuidhe isteach chugam gur chuir sí buidéal uisge ghalaigh le mo


L. 208


chosaibh agus gur dhathuigh sí mo chliabhrach le h-ídín. Bhíos ar lasadh
leis an éagcruas agus caillte leis an tart, i dtreó nár fhéadas
gan mo chasaoid a dhéanamh leis an dTiarna faoi'n droch-bhail
a bhí orm. "A Íosa dhil," adeirim Leis, "chíonn Tú féin go
bhfuilim tré theinidh cheana féin, agus seo tuille teasa agus
teineadh 'á thabhairt chugam anois! Dá mbéadh leath-ghloine uisge
féin agam i n-ionad na neithe seo uilig nár mhó go mór an faois-
eamh agus an fionnfhuaras a bhéarfadh sin dom!… A Íosa dhil,
tá tart an-mhór ar Do pháistín! Ach tá áthas orm 'san am chéadna
an t-amhgar seo a fhuilinnt, amhail mar a d'fhuilingis Féin é tráth,
d'fhonn anmnacha do shábháil Duit."



"D'imigh an otharuidhe gan mórán moille, agus shíleas, nídh
nach iongnadh, nach bhfeicfinn aríst í go maidin. Ach nach orm-sa a
bhí an t-iongantas go léir, nuair d'fhill sí isteach chugam i gcionn
cúpla nóiméid, agus deoch bhreá fhionn-fhuar léithi: "'Sé an chaoi
a rabhas 'á cheapadh ar ball go mbéidir go mbéadh tart ort, a
chuid," ar sise, "bhéarfaidh mé deoch mhaith bhríoghmhar mar seo
dhuit gach oidhche feasta." Do dhearcas uirthi le h-iongantas,
agus ní raibh ionnam focal do rádh, agus nuair do fágadh liom
féin aríst mé, thosuigheas ag sileadh na ndeór go fras. Ó!
nach maith É Íosa, agus nach lághach cineálta! Nach furust' A
Chroidhe Naofa do bhogadh!"



An 6adh lá de Mheadhon Fóghmhair fuair sí deimhne an-áithrid ar
ghrá Chroidhe Íosa dhi, agus deimhne do b'eadh í do chuir árd-áthas
uirthi. Taise de Théophane Beannuithe Vénard a bhí ann. Ba
mhinic dhi roimhe sin a bheith 'á iarraidh orainn rud éigin do bhain le
n-a caraid naofa do chur ar fáil di. Ach ó chonnaic sí nach
rabhthas 'á sholáthar, níor labhair sí faoi'n scéal ní ba mhó. Agus
mar sin de, bhí iongnadh agus áthas croidhe uirthi nuair do sheachaid
an Mháthair Airchinneach an taise luachmhar dhi. Do phóg sí an taise
aríst agus aríst eile agus níorbh áil léithi a leigint uaithi go h-éag.
Fiafróchaidh duine, béidir, cé'n fáth a raibh an cion mór neamh-
choitianta sin ag Treasa ar Théophane Beannuithe Vénard?
I gcómhrádh a bhí aici le n-a driféaracha ionmhuine féin d'innis sí
dhóibh cé'n fáth: "Naoimhín beag bídeach iseadh Théophane
Vénard," ar sise, "beatha choitianta neamh-iongantach is eadh a
bheatha. Bhí grá mór aige ar an Mhaighdin Ghlórmhair; bhí cion mór
aige ar a mhuinntir féin." Agus annsin do bhrúgh sí ar na foclaí
deireannacha sin: "Bhí, agus tá cion mór agam-sa ar mo
mhuinntir freisin! Ní thuigim na naoimh nach raibh cion acubh ar a


L. 209


muinntir!… Na litreacha deireannacha do scríobh sé chuig a
ghaolta, tá giotaí asta scríobhtha síos agam dhaoibh-se mar chuimh-
niúchán: Is iad mo chuid-se smaointe iad mar an gcéadna, is
cosamhail a anam le m'anam féin."



Nach gceapfadh duine ar bith gurbh ó chroidhe agus ó pheann ár
Naoimhín féin do tháinic na giotaí seo a leanas:



"Ní fhághaim aon rud ar an saol seo a d'fhéadfadh sonas a
thabhairt domh. Tá mo chroidhe ró-mhór le go bhféadfadh rud ar
bith a dtugtar sonas air annseo thíos é do shásamh. Imigheann mo



smaointe ar foluamhain fé dhéin na Síorruíochta; tá an aimsir i
ndáil le bheith caithte! Tá mo chroidhe chómh suaimhneasach leis
an loch chiúin nó leis na spéartha gorma. Níl aon chaitheamh-'na-
dhiaidh orm ag imeacht as an saol seo dhom: is amhlaidh atá íota
orm agus mé ag dúil le h-uisgeachaibh na beatha síorruí…



"Tamaillín eile anois, agus tréigfidh m'anam an talamh,
béidh deire Le mo dheoruidheacht, agus béidh an comhrac cruaidh
thart. Táim ag dul suas chun na bhFlaitheas! Táim le dul isteach
i n-áitreabh úd na bhFíoraon mar a bhfeicfead áilneachtaí nach
bhfaca súil duine a leithéidí fós ariamh, mar a gcloisfead an
t-oirfideadh ceólmhar nár chuala cluas duine a leithéid fós, mar
a mbéidh áthas agus aoibhneas agam nár bhlais an croidhe a leithéidí
fós ariamh… Féach! an lá seo a rabhamar uilig ag tnúthán
leis go dúilmhar, tá sé buailte liom-sa fá dheóidh! Is fíor go
deó gurab iad laga an t-saoil seo a thoghas Dia chun lucht nirt do
dhalladh. Ní ar mo neart féin atáim ag brath, ach ar neart an t-É
do bhuaidh ar chomhachtaibh ifrinn ar Chrann na Croise.



"Níl ionnam ach bláithín earrachúil atá ag an nGarrdhadóir
diadha 'á stathadh mar phléisiúr Dhó féin. Bláthanna is eadh sinn
uile go léir atá curtha i ngáirdín seo an Tiarna agus a stathas
Dia 'n-a gceann agus 'n-a gceann: tamaillín níos túisge nó
tamaillín níos deireannaí… Mise, nach bhfuil ionnam ach
bláithín díombuan aon-lae, táim ag imeacht liom rómhaibh amach!
Lá éigin amach annseo, casfar ar a chéile aríst sinn uile go léir
i gCathair gheal na glóire, agus béidh áthas agus aoibhneas againn
i gcuideachta a chéile go síorruí sutháin."



An tSr. Treasa leis an Leanbh Íosa, (agus í ag baint féidhm as
bréithribh an mhairtírigh naofa, Théophane Vénard.)



Lá éigin, tarraint ar dheire Mheadhon Fóghmhair, bhíothas ag
innseacht do Threasa faoi chainnt áithrid adubhradh le linn an


L. 210


chaitheamh-aimsire i dtaobh freagrachta na druinge a mbíonn
cúram na n-anmnacha ortha. Leis sin do bhíodhg sí nóiméad gur
labhair sí na bréithre breághtha seo:



"Tugtar trócaire do'n té atá beag! 1 Agus is féidir
fanacht beag faoi na cúraim is mó agus is aoirde féin. Agus
nach bhfuil scríobhtha go n-éireóchaidh Dia i mbreitheamhnais an lá
deireannach chun go saorfaidh Sé gach mín ar talamh? 2 Ní "chun
go dtabharfaidh Sé breith ortha," adeir sé, ach "chun go saorfaidh
Sé iad"!"



Ach cheana, bhí rabharta an dóláis ag tuileadh go tréan. Bhí ár
Siúirín ionmhuin chómh claoidhte sin mar seo nach raibh innti an cor
ba lúgha féin do chur di gan cuidiú. Daoine a bheith ag cainnt i
bhfogus di, dá mba ós íseal féin é, ní fhéadfadh sí fuilinnt leis;
agus leis an gcaoi a raibh an t-éagcruas 'á traochadh, ní raibh ar a
cumas focal amháin do labhairt gan strómh agus mórthuirse. D'á
dhonacht dh'á raibh sí, áfach, bhí aoibh an gháire ar a beolaibh i dtóláimh.
Uaireanta, béidir, do chífí scamall beag ag éalú leis treasna
a h-éadain míne, i n-áit a mbéadh imnidhe uirthi ar fhaitíos go raibh
sí ag cur barraidheachta trioblóide ar na Siúracha. Go dtí
an dara lá roimh a bás, níorbh áil léithi duine ar bith a bheith i
n-éindtigh léithe i gcaitheamh na h-oidhche. I n-aimhdheóin a gcuireadh
Thérèse d'fhainiceacha uirthi, áfach, d'éaluigheadh an otharuidhe
isteach ag amharc uirthi i rith na h-oidhche go minic. Uair d'ár
bhuail sí isteach ar an gcuma sin, fuair sí an tSr. Treasa agus a
dhá láimh dlúithte le n-a chéile aici agus í ag féachaint suas chun
na bhFlaitheas.



"Céard atá tú a dhéanamh 'chor ar bith?" ar sise; "ag iarraidh
néal beag codlata a fháil badh cheart duit a bheith an tráth seo
d'oidhche, a chuid."



"Ach, a Shiúr liom, ní fhéadaim codladh leis an gcaoi a bhfuilim
ag fuilinnt! agus mar sin de, bím ag guidhe…"



"Agus céard a bhíonn tú a rádh le h-Íosa?"



"Ní abruighim rud ar bith Leis; ní dhéanaim ach' grá a thabhairt
Dó!"



"Ó! nach maith é Dia!…" adeireadh sí, uaireanta. "Caith-
fidh sé go bhfuil Sé go h-iongantach maith, go deimhin, ó's rud é go
dtugann Sé an neart domh le n-a bhfuil le fuilinnt agam a dh'iom-
chur go foighdeach."


L. 211


Lá n-aon, dubhairt sí leis an Mháthair Airchinneach: "A
Mháthair, badh mhaith liom stáid m'anama do nochtadh dhuit; ach
táim chómh corruighthe sin nach bhfuil ionnam a dhéanamh go fóill
beag."



Tránóna an lae sin, chuir Thérèse chuici na línte seo agus iad
scríobhtha le peann-luaidhe de láimh chraitheach: "A Dhia dá
bhfóghnaim! Nach Tú atá go maith d'íodhbairtín Do Ghrádha thró-
cairigh! Anois féin, nuair atá na fuilinntí foirimeallacha seo
Agat 'á chur orm i dteannta trialta m'anama, ní thig liom a
rádh: "Tá dóláis an bháis im' thimcheall." 1



Ach is amhlaidh a sgairtim amach le mór-bhuidheachas: "Má's i
lár sgamail an bháis féin a shiubhlóchad, ní bheidh eagla orm roimh
dhroch-nídh, toisg Tú a bheith agam, a Thiarna." 2



"Síleann daoine áithride go bhfuil eagla ort roimh an mbás,"
arsa'n Mháthair Agnès léithi. "Agus béidir fós go mbéadh,"
arsa Thérèse, "ní bhím ag brath ar mo ghustal féin a choidhche,
mar is eól dom nach bhfuil ionnam ach lagachar. Is mian liom,
áfach, sásamh do bhaint as an mothú síochána a bheir Dia dhom fá
láthair. Ní beag liom a luathacht a thiocfas a mhalairt de mhothú.



"D'fhiafruigh an Séipléanach díom an rabhas sásta bás a fháil,
agus séard a dubhras leis: "Ó, a Athair, is le bheith beó is
doiligh liomsa a bheith sásta… Fáilte na bhfáiltí a chuirfeas
mé roimh an mbás!"



"Ná bíodh brón ort, a Mháithrín, má bhéidh mé ag fuilinnt go
mór ag an nóiméid deireannach agus gan aon chomhartha aoibhnis ná
áthais agam 'á thaisbeáint. Ár dTiarna Íosa Críost féin nach
mar íodhbairt-grádha a d'éag Sé, agus féach an ghleic chruaidh a bhí
Aige!…"



An 29adh de Mheadhon-Fóghmhair .i. an lá roimh lá a báis, ag a
naoi a chlog 'san oidhche, bhí an tSr. Geneviève de la Sainte Face
(Céline) i seomra na Siúrach Thérèse ag déanamh a cuairte, nuair
a chualadar araon go gléineach torann eiteógaí chuca ón ngáirdín,
agus láithreach 'na dhiaidh sin do thuirling féarán, nach raibh a fhios
cá dtáinic sé, thuirling sin ar lic na fuinneóige amuigh agus é ag
corracú. I gcionn cúpla nóiméid d'imigh leis aríst ins na
spéirthibh uatha. B'iongantach leis an mbeirt deirbhshiúr teacht
an éin chaointigh sin, agus chuimhnigheadar ar bhréithribh na Caintice:
"Tá glór an fhéaráin le clos, tá an geimhreadh imighthe cheana


L. 212


féin, do stad an fhearthainn agus d'imigh sí: éirigh a ghrá
liom, a cholúr liom, agus tar."



Faoi dheire thiar, d'éirigh lá geal aoibhinn na síorruíochta ar ár
Naoimhín! Diardaoin a bhí ann, an 30adh lá de Mheadhon Fóghmhair.
Ar maidin an lae sin, do dhearc sí ar dheilbh na Maighdine Muire
agus adubhairt linn: "Nach mé do ghuidh go dian dúthrachtach í
aréir!… ach b'é an comhrac cruaidh gan faoiseamh gan sólás a
bhí ann… Tá aer an t-saoil seo ag cailleadh orm; cathain
a bheidh aer glan na bhFlaitheas agam?"



Ag a dó a chlog d'éirigh sí aniar 'sa leabaidh, rud nach raibh inntí
a dhéanamh le roinnt seachtainí roimhe sin, gur sgairt sí amach:
"A Mháthair, tá an chailís lán go béal! Ní chreidfinn go deó go
bhféadfadh duine an oiread sin a fhuilinnt… níl a fhios agam
cé'n t-siocair atá leis, munab í an dúil mhór atá agam anmnacha
do shábháil í…"



Agus go h-aibéil 'n-a dhiaidh sin aríst: "Is fíor ar scríobhas
faoi'n dúil a bhí agam 'san bhfuilinnt, is fíor go deimhin! Níl
aithmhéala ar bith orm faoi go dtugas mé féin suas go h-iomlán
do'n Ghrá." Agus dubhairt sí na bréithre deireannacha sin aríst
agus aríst eile.



Tamaillín 'n-a dhiaidh sin dubhairt sí: "A Mháthair, déan mé a
dh'ullmhú le bás maith a fháil." Do chuir an Mháthair airchinneach
misneach uirthi leis na bréithribh seo: "Tá tú réidh go maith, a
leanbh, le dul i bhfiadhnaise Dé, mar thuig tú i gcómhnuí riamh
subháilce na h-úmhluigheachta."



"Is fíor dhuit sin, a Mháthair, tig liom a rádh nár thóirigheas aon
rud ariamh ach an fhírinne… Thuigeas céard is úmhluigheacht
chroidhe ann!" Níor mhisde dí, go deimhin, an teist bhreá
fhírinneach sin do thabhairt uirthi féin.



Ag leath-uair tar h-éis a ceathair, tránóna, bhí cómharthaí
cróilidhe an bháis le tabhairt faoi ndeara uirthi, agus cuireadh
fios ar an gcóimhthionól. Ní túisge a chonnaic an tSr. Treasa
na mná-rialta ag bailiú isteach ná do ghabh sí a buidheachas leó le
meangadh geal sochmaidhe. Annsin rug sí ar a crois 'n-a láimhíní
tanaidhe lagbhrígheacha leis an gcomhrac deireannach a dh'fhearadh.
Bhí an fuar-allus ag tuitim anuas le n-a gruadhnaibh go fras;
bhí sí ar crith… Ach an luamaire eólach atá buailte leis an
gcuan ní chailleann ar a mhisneach i lár na stoirme fraochmhaire,
agus ar an gcuma gcéadna chonnaic an mhaighdean chalma seo
s'againne, a raibh an creideamh beó láidir 'n-a croidhe aici


L. 212a


An tSr. Treasa ag Séalthú — "A Dhia! mo ghrá… Thú!"


L. 213


chonnaic sí an rabhachán lonnrach i bhfogus di ar thráigh na Síorruidh-
eachta, agus thug sí an tréan-iarracht deireannach ar an gcuan do
bhaint amach.



Nuair do baineadh clog na mainistreach i gcóir an Angelus
tránóna, do dhearc an tSr. Treasa go grinn ar Réalt na Mara,
ar dheilbh na Maighdine Glórmhaire gan Teimheal, agus bhí féachaint
do-inniste 'n-a caomh-rosgaibh. Nach raibh an uair tagtha fá
dheoidh 'n-a bhféadfaí a bréithre féin do chanadh:



Do chonnac, a Mháthair, miongháire do bheol
Ar maidin mo shaoghail,
Ná bronnfair miongháire do ghrádha orm fós
Ar scaradh do'n ghréin.



"A Mháthair," ar sise le n-a h-uachtarán, ar a seacht a chlog
nó mar sin, "nach í an chróilidhe í?… Nach bhfuil an bás
agam?…"



"Is í an chróilidhe í cinnte, a thaisgidh, ach béidir gur mian le
h-Íosa do chuid pianta do bhuanú go fóillín."



Ar n-a chloisteál sin di, dubhairt sí de ghlór bhog chaointeach:



"Tá go maith, mar sin… bíodh mar atá… Ó! níorbh
mhaith liom níos lúgha a fhuilinnt!…"



Annsin do dhearc sí ar a Crois agus adubhairt: "Ó!…
mo ghrá go deo É… A Dhia, mo ghrá… Thú!!!!!"



B'shin iad na foclaí deireannacha do labhair sí. Ní baileach a
bhíodar ráidhte aici nuair do thuit sí siar go tobann, agus bhí a
ceann beagán fiar-dheasach aici ar nós duine de na maighdeana-
mhairtíreacha a bhéadh 'á cur féin i dtreó do bhéal an chlaidhimh; nó,
badh chóra a rádh, ar nós duine a bhéadh 'n-a íodhbairt-ghrádha agus é
a' dúil leis an ngath lasrach ó'n t-Saighdeóir Diadha, a thabharfas
air bás a fháil…



Bíodhgann sí suas de sciotán, mar a bhéadh guth nach saolta ag
glaodhach uirthi, foscluigheann a súile 'n-a bhfuil an t-síocháin
neamhdha agus an lúthgháir dho-inniste le tabhairt faoi ndeara, agus
dearcann sí uaithi ar rud éigin beagáinín ós cionn deilbhe na
Maighdine Muire.



D'fhan sí mar sin ag dearcadh uaithi an fhaid a bheitheá a' rádh an
Credo gur shéalthuigh sí go ciuin ciuin, agus gur thóg an Fiolar
Diadha A chreach luachmhar chun siubhail leis go Cathair gheal na
glóire síorruí…


L. 214


Roinnt laetheanta sul má fuair sí bás, dubhairt an tSr.
Treasa: "An bás tré ghrá a bhfuil dúil agam ann, bás
ar nós báis Íosa ar Chrann na Croise is eadh é." Agus
tugadh áird agus toradh ar a dúil, mar bhí an dorchadas agus an
dólás ar a croidhe go deire. Ach má bhí féin, ní misde dhúinn
a rádh 'san am chéadna gur fíoradh innti an tairngreacht bhreá úd
atá ag N. Eóin na Croise i dtaobh na n-anmnacha a ídightear le
grá Dé:



"Éagaid i dtáimhnéal iongantach agus le foghanna fíochmhara
fíor-thaithneamhacha an Ghrádha 'á dtraochadh, ar nós na h-eala a
mbíonn a cantaireacht ag dul i mbinneas do réir mar a bhíos an
bás ag teannadh léithi. B'shin é a thug ar Dháibhidh a rádh: "Is
luachmhar i radharc an Tiarna bás A naomh"; mar, sin é an uair a
sceinneann tréan-tuile an ghrádha amach ón anam go dtuiteann sí
isteach i mbóchna mhóir Ghrádha Dé."



Ní túisge a bhí a h-anam glan gléigeal imighthe ag triall ar
Chéile na n-Ógh ná tháinic meangadh sochmaidhe séimh ar a h-aghaidh.
Chuireamar craobh phailme 'n-a glaic — an chraobh chéadna sin a
gheobhfaí gan dreóghadh gan críonadh trí bliana déag 'n-a dhiaidh
sin nuair do tógadh aníos an chómhnra de'n chéad uair (an 6adh lá de
Mheadhon Foghmhair, 1910).



Ag an uair chéadna thosuigh rudaí iongantacha áithride ag tuitim
amach 'san mhainistir; agus béidir nach misde dhúinn cuid aca a
aithris annseo. An chéad rud aca, thugamar cunntas air cheana
féin, .i. an tSiúr úd do leigheasadh láithreach bonn ó fhuil-ghanntanas
inchinneach nuair do phóg sí troightheacha ár marbhánaigh naofa agus
do chuimil a h-éadan díobh. Fuair bean-rialta eile baluth breá
cumhra salchuach 'n-a seomra cidh nach raibh bláth ar bith ann. Duine
eile fós, mhothuigh sí an phóg mhilis úr a thug duine do-fheicse éigin
di. Beirt bhan-rialta a bhí buil a chéile, chonnaic duine aca
loinnir 'san spéir agus chonnaic an duine eile coróinn shoillseach
a bhí dh'á h-árdú féin suas ó'n dtalamh go ndeachaidh sí ó léargus
ortha 'sna glinntibh.



An Satharn agus an Domhnach d'ár gcionn bhí na daoine ag
teacht 'n-a dtáintibh go crannghail an Chóraidh s'againne le féachaint
ar an "ríoghain bhig' agus í sínte annsúd faoi chiuineadas eol-
chaireach agus faoi mhaordhacht chaithréimigh an bháis. Chuireadar
isteach na céadta paidrín agus bonn agus go fiú na seód le go
ndéanfaimís iad do chur ag teangmháil le caomh-chorpán ár
Naoimhín.


L. 215


Tachrán deich mbliana a bhí ar na daoinibh do tháinic, fuair sé
baluth cumhra lilí, rud nárbh fhéidir a mhíniú, toisg gur bhláthana
tacair a raibh de bhláthana ar an gcomhrain.



Lá na sochraide, an 4adh lá de Dheire Fóghmhair, bhí gasra líonmhar
sagart bailighthe thart ar ár marbhánach chaoin; agus ar ndóigh,
bhí an onóir sin tuillte go maith aici, mar nárbh í a ghuidh go dúth-
rachtach i gcómhnuí ar son na sagart.



Agus annsin cuireadh beannacht deireannach na h-Eaglaise ar an
ngráinnín luachmhar arbhair gur caitheadh isteach 'san úir é le bás
a fháil agus le toradh a thabhairt uaidh…



Fíoradh go h-áluinn ó shoin briathar úd an Bhuanuidhe Dhiadha:
"Mura bhfághaidh an gráinne arbhair a thuiteann 'sa talamh bás,
ní bhíonn ann ach é féin; ach má gheibheann sé bás tugann sé
toradh mór uaidh."



Is ionnduail go bhfanann an toradh sin i bhfolach annseo thíos,
ach b'é toil Dé, do'n chor seo, an toradh do thaisbeáint dúinn i
bhfus ar an t-saol seo féin le go mbreathnóchaimís thart timcheall
orainn agus go mbainfimís lán na súl as an bhfóghmhar bhreá reidh-
siúl atá ag gealadh cheana féin, tré eadarghuidhe ár Naoimhín, i
ngach bhall ón nDomhan Thoir go dtí an Domhan Thiar …



Míle altú le Rí na bhFeart ar son an fhóghmhair sin! Mar is É
féin amháin Príomh-Úghdar na mór-iongantas sin uile go léir.
Ámén, a Thiarna!


L. 216


I.



AR THÁRLA Ó SHOIN.



"Is mian liom mo ré ins na Flaithis do thabhairt ag déanamh
maitheasa ar fuaid an tsaoil seo," adubhairt Treasa Bheag,
uair, agus dubhairt sí fós: "Tar héis mo bháis scaoilfead
anuas cioth de rósaibh!" Chómh maith do scaoil; mar ba
dheonuightheach le Rí na glóire a mianta móra do chóimhlíonadh go
h-iomlán.



Nuair do cuireadh "Scéal a h-Anama" i gcló de'n chéad uair,
thaithn sé chómh mór sin le daoine gur ghearr go rabhthas 'á lorg go
cíocrach i ngach aon bhall. Tháinic d'á chionn sin gur cromadh ar an
leabhar sár-iongantach sin dh'aistriú i dteangthachaibh iolardha na
náisiún. D'fhás cráibhtheacht agus grádh dhi gan aon achar i measg
daoine de gach cine agus treabhchas i gcéin agus i gcomhgar.
Tosuigheadh ag guidhe chuici agus ag iarraidh aiscí agus athchuingí
uirthi. Leis sin do dhírigh sise ar a cuid róisíní do scaoileadh
anuas ó Árdaibh na bhFlaitheas, 'n-a gceann agus 'n-a gceann chun
tosaigh agus annsin 'n-a gceathannaibh fairsinge fiala gan sos
gan sguireadh. Agus ní h-áidhbhéil a rádh nach bhfuil tír ná treabh
fé luighe na gréine indiu nach bhfuil a gcion féin fáighte aca de na
róisínibh míorbhailteacha sin .i. leighiseana ar ghalaraibh iomadúla,
cabhair agus furtacht i n-am an ghátair, sláinte anama agus aith-
righe thráthamhail do'n pheacach bhocht a bhí ar fán ó Chríost le fada de
bhliantaibh, iompáil chun an chreidimh do dhaoinibh a bhí ag siubhal
rompa i ndoircheacht an dí-chreidimh, agus éagsamhlacht mhór
neithe iongantach eile badh liosta le h-áireamh. Tá na ceathanna
míorbhailteacha sin ag tuitim i gcomhnuí, agus bíodh go bhfuil
seacht gcinn de leabhraibh lán d'á dtuairsgí againn, níl cunntas
iomlán againn 'n-a dtaobh 'n-a dhiaidh sin, ná baol air.



An chéad nídh eile — tosuigheadh ar labhairt faoi Chúis Naomhuighthe
na Siúrach Treasa do chur fé bhrághaid na h-Eaglaise. Bhí an
vox populi le clos ó chian agus ó chómhgar agus iad 'á iarraidh
d'aon-ghuth go ndéanfaí a "naoimhín" do chur suas ar na h-altóir-


L. 217


ibh dóibh. Do chrom lucht ceannais na h-Eaglaise ar a Cúis
d'infhiúchú agus do phléidhe. An 10adh lá de Mheitheamh na bliana
1914 do rinne an Pápa Pius X. Tabhairt-isteach na Cúise do
shighniú. An 14adh lá de mhí na Lughnasa, 1921, do chuir A. N.
Benedicht XV. an Reacht amach um Laochas na subháilcí do chleach-
tuigh Cumhal seo Dé. Annsin do rinneadh dhá cheann d'á cuid
míorbhailtí do mhion-scrúdú go géar gur chuir A. N. Pius XI.
deimhne agus séala údaráis na h-Eaglaise ortha, an 11adh lá de
mhí na Feabhra, 1923. Bhí gach nídh i gceart agus i gcóir annsin,
agus an 29adh lá d'Aibreán na bliana céadna sin (1923) rinne an
Pápa Pius XI. an tSiúr Treasa do bheannachadh go solmánta
caithréimeach i gCathair na Róimhe.



Do lean taumaturga na linne seo uirthi ag múrghail a cuid
róisín anuas ar gach taobh. Cuireadh dhá mhíorbhailt úr-nua léithi
fé mholadh agus fé scrúdú na h-Eaglaise gur chuir sise a deimhne
údarásach ortha i mí na Márta, 1925. Annsin tháinic lá mór
caithréimeach Thérèse — an 17adh lá de mhí na Bealtaine, 1925.
Duine ar bith a raibh sé de mhór-phribhléid aige bheith i bPríomh-
Chathair na Críostuigheachta an uair sin, cuimhneochaidh sé a choidhche
ar an lá do-dhearmadtha do-sháruighthe úd 'n-ar canónduigheadh
an t-Siúr Treasa leis an Leanbh Íosa. Chonnaiceamar an lá sin
gan bhréig gan áidhbhéil annsúd "an sluagh mór nárbh fhéidir
d'aoinne a chóimhreamh as na cineachaibh go léir agus as na pobulaibh
go léir agus as na teangthachaibh go léir" — iad annsúd ó gach
áird, ó'n gCian-Oirthear agus ó'n gCian-Iarthar, agus Treasa
Bheag 'ghá dtarraint agus 'ghá dtarraint nó go gceapfá go raibh
sí le feiceál aca ós comhair a súl faoi na mílte lampa aibhléise
i nÁrdteampol sin an domhain mhóir .i. Teampol Pheadair 'san
Róimh.



Annsin nuair do léigh an Pápa Reacht údarásach a Canóndúcháin
amach agus do thosuigh an mór-shluagh do-áirmhighthe sin ag canadh an
Te Deum d'aon ghlór mór cómhfhuaimneach amháin, ní fhéadfá gan
cuimhneamh ar bhréithribh N. Eóin, ag cur síos dó ar an Ierúsalem
Nua: "Do chualas mar a bhéadh glór ó shluagh mhór, agus mar a
bhéadh glór ó uisgeachaibh iomadamhla, agus mar a bhéadh glór ó
thóirthneachaibh torannacha, agus iad 'á rádh: Aillelúia."
Bhíomar annsúd fé bhrat agus fé choimirce Thérèse, idir chléir
agus tuatach, idir íseal a's uasal, idir shaidhbhir a's daidhbhir,
gan deifridheacht ná idirdhealú ann "idir Iúdach agus Gréagach,"
agus sinn ag moladh Dé i n-aoinfheacht faoi go ndearna Sé an


L. 218


naoimhín chaoin seo do chur chugainn agus do ghlóiriú le n-ár linn
féin mar lóchrann d'ár gcosaibh agus mar shólás d'ár gcroidhthibh
i n-aois seo an dorchadais agus an díomais agus an dí-chreidimh.
Dia Domhnaigh, an 17adh lá de mhí na Bealtaine, a bhí ann. Dá
saoghluigheadh Dia an tSiúr Treasa go dtí an lá sin ní bhéadh sí
ach dhá bhliain déag is dachad d'aois!



Is láidir éifeachtúil a h-eadarghuidhe agus a h-eadarghabháil i
gCathair na Naomh anois. Téighimís ag triall uirthi go muiníneach
i n-am an ghátair agus an amhgair agus an dóláis. Leanaimís
a lorg go dílis, mar deir sí féin: "Is siúrálta slán é mo
bhealach-sa," agus thairis sin tá údarás na h-Eaglaise againn
anois 'á dheimhniú dhúinn gurab inleanta a lorg agus a teagasc.



A Threasa bheag chaoin, déan eolas dúinn ar chasán na naoidhean
mbeag, soirbhigh dhúinn i nguais, treoruigh slán tré dheoruíocht
na beatha seo sinn go dtagaimíd go dtí an áit mar a bhfuilir féin
buil Dé agus A Mháthar Bheannuithe i gCathair cheólmhair na Naomh!


L. 218a


An tSr. Treasa i ndiaidh a Báis.
"Bás d'fhághail le grádh, mairtíreacht aoibhinn.
An bás thar bárr d'athchuingighim le díograis."


L. 219


II.
GNÍOMH OFRÁLA DO GHRÁDH TRÓCAIREACH DÉ.



(N. Thérèse leis an Leanbh Íosa do chum. 1)



A Dhia dhil! a Thríonóid naofa! is é mo dhúil Tú do ghrádhú agus
Tú do chur Dod' ghrádhú, mo dhúthracht do chaitheamh chun glóire na
hEaglaise naofa leis na hanamnachaí atá ar an dtalamh do
thárrtháil, agus leis na hanamnacha bochta atá ag fuilinnt na
bpian san Phurgadóir dh'fhuascailt. Is é mo dhúil Do Thoil-se
do choimhlíonadh go hiomlán, agus teacht chun na céime sin glóire
atá ceaptha Agat i Do Rígheacht domh; i bhfocal amháin, is é mo
dhúil bheith i mo naomh, ach mothuighim m'easbaidh nirt, agus táim



Do ghrádhuighis chomh mór sin mé is go dtugais T'Aon-Mhac féin
dom mar Shlánuightheoir agus mar Chéile, agus ar an ádhbhar sin is
liom-sa stór do-chuimsighthe A uasal-luaidheachtaí, agus déanaim
an stór sin d'ofráil Duit-se anois go háthasach, á iarraidh Ort
gan breathnú orm ach tré Aghaidh naofa Íosa agus 'n-A Chroidhe atá
ar lasadh le GRÁ.



Ofráilim Duit fós mórluacht uile a bhfuil de naoimh ar Neamh
agus ar talamh, a ngníomhartha grádha agus gníomhartha grádha na
nAingeal naofa; agus ofráilim Duit fá dheire thiar, a Thríonóid
Bheannuithe, GRÁ agus mórluacht na Maighdine glórmhaire, mo
Mháthair mhilis; is di siúd a bheirim suas m'ofráil á athchuinge
uirthi í do sheachadadh Dhuit-se. Dubhairt a Mac muirneach, mo
Chéile grádhach, nuair a bhí Sé annseo thíos ar an talamh, dubhairt Sé:
"Má iarrann sibh aon rud ar an Athair i m'ainm tabharfaidh Sé
dhaoibh é." Táim cinnte dhe, d'á bhrí sin, go dtabharfair áird ar
na dúilibh seo atá agam féin; tá a fhios agam, a Dhia dhil, nach dá
mhéid dárab áil Leat a thabhairt dúinn nach amhlaidh is mó na dúile
a chuireas Tú ionainn. Mothuighim féin dúile móra gan teorainn


L. 220


i mo chroidhe, agus is le muinín mhóir a iarraim Ortsa teacht agus
seilbh do ghabháil ar mh' anam. Á! ní fhéadaim an Chomaoin Naofa
Do ghlacadh chomh minic is ba mhaith liom féin, ach nach bhfuilir-se
Uile-Chomhachtach, a Thiarna?… Fan ionnam, d'á bhrí sin, fé
mar a bheitheá san Pháilliún, agus ná himigh ó D'íodhbairtín a
choidhche…



Ba mhian liom sólás do chur Ort i ngeall ar mhíobhuidheachas na
ndrochdhaoine, agus aithcim Ort mo shaoirse, le n-a bhféadfainn
buairt nó fearg do chur Ort, do bhaint díom; agus má ráinigh-
eann dom tuitim ar uairibh tré mo lagar féin, go ndéanaidh
D'fhéachaint Diadha m'anam do ghlanadh láithreach agus mo lochtaí
go léir do loisceadh amach, ar nós na teine a ghníos gach aon rud
dh'atharú innti féin…



Bheirim mo bhuidheachas Leat, a Dhia na glóire, as ucht a bhfuil
tugtha Agat de Do ghrástaibh dhom, agus go háithrid as ucht a
thabhairt orm dul tré suacán na fuilinnte. Is mé a bhéas go
haoibhinn áthasach ag féachaint dom Ort an Lá Deireannach agus
slat ríoghdha na Croiche Céasta ar iomchar Agat; agus ó thárla
gur dheonuightheach Leat an Chrois ró-luachmhar sin do thabhairt mar
chómhroinn dom i bhfus, táim ag súil le bheith cosamhail Leat féin
ar Neamh agus le lorga beannuithe Do Pháise a fheiceál ag soillsiú
ar mo chorp ghlóirighthe…



Táim ag súil le dul isteach i n-aoibhneas Farat san Athardha i
ndiaidh deoruíochta na beatha seo, ach ní mian liom mórluacht do
chruinniú le haghaidh na bhFlaitheas; is é mo mhian oibriú le grá
Dhuit féin amháin, ní theastuigheann uaim ach áthas do chur Ort-sa,
agus Do Chroidhe Naofa do shólású, agus anamnacha a bhéarfas grá
Dhuit ar feadh na síorruíochta do thárrtháil.



Um thránóna mo ré i bhfus tiocfad ós Do chomhair agus mo
lámhaí folamh, mar nílim á iarraidh Ort, a Thiarna, m'oibreacha do
chóimhreamh. Níl fíoraontacht, dá mhéid, nach bhfuil smál uirthi i
Do láthair-se. Agus ar an ádhbhar sin is é mo dhúil-se D'fhíor-
aontacht féin do chur umam agus seilbh shíorruí Ort féin d'fháil ó
Do Ghrá. Níl de Chathaoir ríoghdha ná de Choróin uaim ach Thú
féin amháin, a GHRÁ dhil!…



Is neamhní Leat-sa an aimsir, is ionann aon lá amháin agus
míle blian i Do láthair. Agus ar an ádhbhar sin tig Leat mé a
ullmhú ar ala na h-uaire le teacht ós Dho chómhair…



*Agus anois d'fhonn aon ghníomh mór Grádha iomláin amháin a
dhéanamh de mo bheatha ar fad OFRÁILIM MÉ FÉIN MAR ÍODH-


L. 221


BAIRT LÁNLOISCTHE DO DO GHRÁ THRÓCAIREACH, á athchuinge
Ort mé dh'ídiú gan sos gan faoiseamh, agus na tuilte tréana
cineáltais agus lághaidheachta do-chuimsighthe atá fáisgthe Ionnat
do scaoileadh isteach ar mh'anam, agus ar an gcuma sin go rabhad
i mo mhairtíreach ag Do Ghrá, a Dhia liom!



Go ndéanaidh an Mhairtíreacht sin mé a ullmhú le teacht i Do
láthair, agus go dtugaidh sí orm annsin bás a fháil fá dheoidh,
agus go lingidh m'anam leis gan cuing gan ceangal isteach i
mbarróig shíorruí DO GHRÁDHA THRÓCAIRIGH FÉIN…



Is mian liom an Ofráil seo 1 d'athnuadhchaint Duit na mílte
milliún uair le gach aon bhuille dá dtugann mo chroidhe go n-imighidh
na scáileana ar neamhní agus go bhféadaidh mé mo Ghrá do chur i
niúl Duit aghaidh ar aghaidh go síorruí suthain!…



Marie Francoise Thérèse de l'Enfant Jésus
et de la Sainte Face,
Rel. Carm. ind.



Lá Fhéile na Tríonóide ró-Naofa,



An 9adh lá de mhí an Mheithimh i mbliain ár dTiarna 1895.



1 Tá na loghanna seo a leanas ag baint leis an Ofráil sin ón reannán*
go dtí a deire .i. "Agus anois d'fhonn… go síorruí suthain."



(i.) Logha 300 lá gach aon uair a nabruightear go cráibhtheach agus go
haithrigheach í.



(ii.) Logha iomlán, uair sa mhí, ar na coingheallacha coitianta, do gach
aoinne adéarfas gach aon lá i gcaitheamh na míosa í.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services