nneach is a bhláth na s, faoi chláir go (tréithlag). Lag tréith mo chás tú (a) Uilliam cháidh Uí Laoghaire, a chlúfhir álainn thuill cáil do d' ghaolta, ba gheal do gháire is ba bhreá do chaomhdhreach, is ba lúfar láidir do lámh i dtréan dtreas. I dtreas na lann ba neamhchranda an béine Uilliam greanta greannmhar mear meannmhar léidmheach, i meon an tSamhradh is neamhghann do bhéarfadh beatha is abhlann do dhream na déarca. Bhí déarcúil fialmhar caoinbhriathrach fáilteach, fearúil iars cráifeach, flathúil grámhar, is i dtúis ch ar lár é! Ar lár faoi liagaibh mo phian tú (a) cháidhfhir, de bhláth na bhfiallach ba niamhdha (i) gClár Luirc, a phlúr na bhfialfhear do riaradh táinte, mo chumha go dian tú ar iarradh ó Mháire! Is a Mháire niamhghlan ní Bhriain airdchéimeach, de chrú na dtriathaibh do rialaigh Éire, mo phúr is mo chiach tú go ciamhar léanmhar, ag fearadh diansruith i ndiaidh do chéile. Ní raibh céile b'fhearr ná dob' áille tréithe, ag bean i gClár Luirc ná ráib na féil, fear fiúntach fáthach mear álainn gaosmh, gealghnúiseach grámhar glac láidir tréan. Ba thréan an ghárda (i) gcúl báire an béine, is a chinn-a tláchtmhar ar mhaigh nó ar aonach, dob' é cabhair na ngátar é in am an éigin, do bhíodh in áras de ghnáth ar béile. Is iomdha béile cuibhrinn roinn croí na féile ar bhochtaibh Íosa, de shíor le daonnacht, bhíodh a chistean líonta de dhroim an éagmais do fuair an taoiseach, do thaoibh a dhéirceacht. Déirc is díolaim do ghníodh le féileacht, in am na da... <--->nmhar éagnairc, an truá críonach faonmhar, geibhid fáil aíocht ón saorfhlaith. Na flatha groíthe ó'r síolradh an féinics, ba mhór le ríomh iad i gcríochaibh Éibhir, Lughaidh Mac Íthe an príomhstoc aosmhar, roimh chlanna Míleadh thug scíth go hÉirinn. Tá Éire teimhleach mórthimpeall tréimhse, agus scamall cíordhubh ar ioghair na gréine, níl éanlaith grinnmhar i gcrainn go scléipeach, ó éag an tíosach geal croí na féile. Dob' fhiall dob' fháilteach is ba ghrámhar éagnairc, do dhrong gan fháltas ro ga . . . don donán cráite is don ál i n, teacht go háras Uilliam cháidh Uí Laoghaire. (A) Uí Laoghaire láidir de rás na saorcheap, fuair i gClár Luirc de bharr a laochais, créad an fáth dhuit don arrac géilleadh, is a liacht fear álainn óna dtugais réim leat. Bhí réim na Cóige ag an mórfhear gníomhach, i gcleasa mórtais (i) lámhach ord is líoga, is fras do sheolfadh liathróid i nglinntibh, cia cloíodh a chrógacht le fóirneart Chlíodhna. Más í Clíodhna an órfhoilt, Meidhm, Mór nó Aoibheall, chaith saighead ina threoidh go híogair, Madhla óra chríonna, cuirim aoi de ló agus d'oíche. An oíche traochadh mo laoch mear gníomhach, bhí teimheal nó éiclips ar rae na soilse, crainn ag pléascach le héagan gaoithe i Lisín aerach Uí Laoghaire líoga. Ba líoga léadmhach meann éarlamh cásach, gníomhúil laochmhar maithmhéineach táscach, saoithiúil saothrach fíréanta cráifeach, an tsaoi sruithléannda Uilliam séimh mhic Dáibhí. Tá Dáith a ghlémhac go déarach cásmhar, tré bhás an bhéine ba thréine (i) gCl<ár Luirc>, ná feaca in Éire riamh laoch ... ach Mac Fínghín caomh Duibh, mo lé Tá cách go buartha i nduairceas líonmhar, a leoin dil shuaimhnigh dob' uaisle gníomhartha; do chéile stuama neamhshuairc do d' chaoineadh, a chreach na dtruan bhocht, monuar thú sínte! Sínte faonlag i gcré mo chás tú, (a) fhir chailce bhéasaigh dob' fhéile dáilimh, a chrú na saorfhlaith do shéanais t'áitreabh, do chlann do chéile is do thréigis Pádraig. (A) Pádraig shéimh ghil (Uí) Laoghaire charthanaigh, m'ochlán le éarach cathamhail, i ndéidh ar aon do ghreannaigh tú, mo dhíomb<áidh> chéile deacra. Ó deacra, an béine caithréimeach caithiseach do bhí ina réimse comh tréan le hAlastram, guíodh lucht léite na ndréachda ceangail so chum Rí na raelte thabhairt réim na bhFlaitheas dó. I bhFlaitheas grásmhar go sámh bithbhuanmhar, go raibh (a) anam sáitheadh (i) gcomhdháil na sluaite, naoimh is fáidhe ina dháil faoi shuairceas, ag sin críoch mo ráite ar an dtásc do chuala. An Ceangal: Mo chumha mo cheas mo chnead mo chrá is mo chiach, mo púr mo chreach mo chneadh is mo phráinn go dian, (an) fhear gart do chleacht na táinte riar, (gan lúth) gan neart i bhfeart go tláit fá liag! (Fa liag ar) ceal le seal, tá an saorfhear fial, (plúr) na bhflaith i dtreas nár cáineadh riamh, níor dhún a dhearc is níor chrap a lámh ó riar, is níor diúlta neach ina theach ar dháil den bhia. Bia le searc do chleacht an dáimh do riar ar dhream na sac, ina theach ba ghnáth a dtriall; do múchadh tart na lag san tSamhra dhian, monuar ar ceal fá leac an sárfhear Uilliam! (A) Uilliam mo chreach, do bhean is a hál breá fionn, go ciamhair ceas gan gean, ag tál na súl, mo chiach do theach ar meath gan cárta cúil, is mo phian ar fad do leacht gan gártha cumha! An Feartlaoi: Fá m'chlúidse faon tá an maon geal úr gan cheas, do bhí ina shaol comh tréan le cú na dtreas, laoch fiúntach caomh, ba ghléire lúth is neart, Uilliam Ó Laoghaire, an béine an túr is an flaith. 20 I dreamt last night I espied nine ladies, on nine grey lions, in embroidered raiment, with nine delightful bright lit tapers, approaching nigh me sighing nd wailing. With speedy strides and lively paces, the sacred nine drew nigh and faced me, I screamed out thrice, much like a dreamer, then charming Clio cried "be easy!" The dame then smiled and desired me alter my mind from fright, and to write a charming elegiac rhyme, in stylish order, on Will Leary's might, whom life departed. I paused awhile, lest my eyes were eclipsed, or else I might be annoyed by demons, till Thalia inspir my mind completely, of this night I wish him. he doleful news the Muse related, condoles all whom that knew the Phenix, both rich and poor ar uefully wailing, the sudden doom of puissant Leary. This noble sage was grave and stately, stout courageous brave and strenuous, sincere upright benign and pleasing, (... tt) praise and mild polite and faithful. He was gentle meek discreet and graceful, generous keen spiet free and well natured, courteous meet (...) de sweet and genuine, praiseworthy indeed genteel and s. {B 1826ls 19T} {U 0401} {C Prós} Do Sheaghán Ó Riain .i. Seaghán Shéamais, fear forasta, fial, sobhéasach, chaoinbhriathrach, shéimhfhriotalach, noch do chónaíodh i gCúilín na Pise, i bparóiste Ghréine, do fuair bás somholta i mBaile Mhurchadh, in iarthar Chontae Luimnigh, agus do hadhlaiceadh i nDún Ó gCuanach, in iarthar na Contae céanna, A.D. MDCCCXX. {B 1833ls 19L} {U 0452} Dochum an éigis shruithléannta, sobhéasach, séimhfhriotalach, Eoghan grinnbhriathrach, soghrách, etc ua Comhraidhe re líonmhaireacht seirce agus úrgháirdeachas croí, agus fós le fíorghrámhaireacht, admhaím do chomhartha cumainn agus cáirdeachais do ghlacadh ó lámha mo róchara ionmhain .i. Seaghán maithmhéineach, fíréanta Mac Ionnrachta. Fear is róbhuíoch díotsa, agus d'aicim ormsa a bacht do chuir chugat agus chum tuilleadh d'fheadhmannaigh na tearmann sin ionna gcónaír, etc. Fógraim caidreamh ort a shaoi sholabhartha etc. Séamas ua Caoindealbháin. {B 1845ls 19L} {U 0401} Ag so cuimhniú os Uilliam mheann uasal ghlac láidir Uí Laoghaire le Séamas Ua Caoindealbháin, Ráth Chathail. Fonn: Muiris Bán nó Gheallais dhamhsa is do rinn tú bréag liom.