Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filíocht Shéamais Uí Chaoindealbháin

Title
Filíocht Shéamais Uí Chaoindealbháin
Author(s)
Ó Caoindealbháin, Séamas,
Compiler/Editor
Ó Cearbhaill, Pádraig
Composition Date
1836
Publisher
(Tráchtas neamhfhoilsithe, 1980)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




Filíocht Shéamais Uí Chaoindealbháin
Tráchtas le haghaidh na céime M.A. (Modh B),
arna chur isteach ag Pádraig Colm Ó Cearbhaill,
B.A. (Léann Cheilteach)



Is díth ar m'aigne a bhanart<h> la caomh gheal,
do shín ar leaba, gan easmailt, a taobh leis,
ag caoi faoi mhairg is ag fearthainn a déara,
gach oíche Earraigh gan amharc a céile.




Is trua do bhuime san tuile ó frith tú ar lár,
is do chlann ag sileadh go frithir fras fuíoch lag-thláith.


L. xvi


Mo chumha do theach bhí seal go soilseach sámh,
ina mbíodh aíocht is flea ag fear is ag mnaoi le fáil,
dá dtigheadh i bhfad gheibheadh cead chum suí id' dháil,
is fáilte gheal dóibh stad go dtí míthráth.



Is cuige go minic bhíodh titim is tnaoidh dáimhe,
is ceol dá sheinm go milis ag aois dána,
laoithe dá ríomhadh i liogar na Gaoidhilg ársa,
is proinn is loise dá dtigeadh, go grinn fáilteach.


L. xvii


Ba bhreá an buinne é le cumas is tréithe,
chum báire d'imirt le fuinneamh a ghéaga,
ní fearr ná rithfeadh mear-chuthaigh chuim léime,
is ag lámhach na lice dob' ursa tar chéadta é.


L. xxiii


{B 1910c >19}
{G M Lm}
U 0452
A Mhíchíl de Brún cén bhuairt seo timpeall do thí?
táir ite gach lá ag na ráigiúin a thagann ón chlaí,
níor fhágadar práta ag do pháistí a chuirfeá chun síl,
is sciobadh ó d'dháil iad go neamhspleách don ngearr-chat buí.



Bhí lachain is bárdail ann go hard ag seinm do Jim,
nuair a cuireadh chun fáin é i lár na hoíche sin amuigh,
gan choite ná bád aige a thabharfadh é slán chun poirt,
ach Timmy sa snámh is Caoinleán chomh fuar leis an sioc.



A fhir úd a thuirling ón nGleann aniar,
is tharraing do bhearradh chugam roimh labhairt na n-éan,
seasaigh is dathaigh is dún do bhéal,
is gan dearmad go mbainfeadsa an clúmh de d'ghéill.


L. xxiv


A Mhicil Healy cad a chaoch tú,
agus dul ar éigean ó Rí na ngrást?
b'fhearr lá an tsléibhe an tAthair gléigeal,
ná ceaintín soup is giall scadáin.



A shagairt álainn calma,
tá ní agam duit le fógairt;
punt tobac a cailleadh
idir an Ráth is Gleann Mhórdha;
chaill Tadhg bocht dealbh é,
a cheannaigh ar luach a chóta é;




L. xxv


an té a fuair é is ná tabharfaidh uaidh é,
go gcaitear ar a thórramh é!


L. xxviii


B 1836 19L
GzzzzzL
U 0401

Aig seo Marbhna Shéamuis uaisil Ghléimeinig Uí Chaoindealbháin do
chómhnuig a Rath chathail a gContae Luimne agus do báthadag go
cinnéamhnach mífhortúnach a nEamhuinn na Féile san gcontae reamraite,


L. xxix


an 9mhadh lá don mhíosa Márta, aois an Tighearna 1836 .i. Féile
fáigeamhúil fódhlamta fíor léigheanta agus ceart-bhreitheamhuin
na súag Éigse san gcóntae réamhráite agus leatha Módha go huille
re Mícheál úa Núnainn ó Dhúinn linneasa an cúgmhadh lá fitchiod
do Mhárta Aois an Tighearna 1836."




Cuir dair ar mhuin is trí choll ina gcomhgar scríobh,
is teora C go huis is iodha ar V,
an naomhadh lá den Mhárta is doilbh le ríomh,
do torchra ar lár an áth an ascath mo scíos.


L. xxx


Mo chrá mo thuirse mar cinneadh san linn do bhá,
a bhláth na gcuradh is gan duine de d' bhuíon id' dháil,
ach capall is giolla nach d'imigh san doimhean ar snámh,
is d'fhág mo shullaire cumasach thíos gur bádh.


L. xxxiii


B 1821-23ls 19T



air na fhághail air


L. xxxiv


íasacht go húmhal áiseamhail ó Thadhg an deaghfhar cráibhtheach
inige stuama, Uá Conaill.




Seo an meamar do sgríobhas a n-áimsir iomad fuádhachta
a cCorca mar ríomhthar Innse Chuilin chúantach
as leabhar do bhí ag Tadhg úa Conaill úasal,
Mac Muire dá dhíoghn ar naímhid 's ar aicme an uabhair.




B 1824 19T
críoch ré Séamus úa caoindealbháin an fithcheamhadh lá do mhí meadhain
sámhradh, 'san mblíaghain d'aois chríost, MDCCCXXIV,...


L. xxxv


B 1836c 19L



Mo chumha tréan, mo léan tú a bhfeart faoi chlúid,
i gCill na Móna ar feo lag sínte in úir,
da mbiadhfá beo ba mhór do ghean le greann
ag fáiltiú reomham 's do gheobhainn do phóg gan mheang.


L. xxxvi


B 1833 19L

Má do dhíolfadh Ó Caoindealbháin an leabhar so
do cheannóchaidh Eóghan Ó Cómhraidhe é, ag Tearmainn
na nGealt, a Luimneach, 1833.


L. lxxv


B 1836c 19L



Ní fáidh chum seanchais do bhreacadh ná scríobh mé,
ná dáimh chuim labhartha ar mhaitheas a ghníomhartha,
atá bard Ráth Chathail chuim seasamh sa tslí sin,
inar bhard a ranna ar cheannflatha na tíre.



Cá ngabhann uaim Uileag nó tuilleadh den chléir cheart,
nó Diarmaid Ó Conaill, fear friotail dea-mhéineach,
Mícheál an curadh de cine caoin Bhéarra,
ná fágfaidh mise cuim tuilleadh caoi i m'aonar.




L. lxxx


. . . ceol dá sheinm go milis ag aois dána,
laoithe dá riomhadh i liogar na Gaoidhilg ársa,
is proinn is loise dá dtigeadh go grinn fáilteach.




Séamas Ó Caoindealbháin .i. ollamh lánfhoghlamtha
léarthuigseanach ins na hilbhéarlaibh . . ."


L. xcvii


B 1815-20 19T
U 0452



Agalladh Oisin agus Pháttraicc agus Iomláine a ngníomhartha.



B 1817-18 19T
Re Seamus Ó Caoindealbháin ... re luas láimha gan teannta búird ná bínse
...


L. ciii


B 1834 19L
Air na sgríobh go deifireach, re Séamas Ua Caoindealbháin
(Ráthcaithill Ghlasaoibhinn) an Naemhadh la do chéideamh san
mb<l>iain d'aois criost, a laoi mar leanas,




Muin, fíonamhuil, air ttúis chúgham glaodhaim,
Duir go dlúith, lé túirling taobh,
beith gan phúnc, na cclúid go glé,
leath luis is cúig, trí iúbhair is aon.


L. civ


B 1815-20 19T

Agalladh Oisin agus Pháttraicc agus Iomláine a ngníomhartha.
Ar na Aithsgríobhadh líomsa go gléair ceart cóimlíonta,
do réir mo bharamhlach féin, gan dadadh Nodaíghe ná
focalaibh deamhra, noch is réil do gach léitheoir iomth-
núthach Gaoilead<h> go léigheadhfa an Iolagall so go
fuin, Séamus Ua Caoindealbháin.


L. cvi


B 1822-24 19T
U 0401
Figheadóir ó Fhíodhanach a cCóntaé Luimineach, iar na bheith air
stuidéar a cCorca Mhór Múmhan.



B 1846-47 19L
An eis chuim Parathais iar na tharraing ó Shaicsbhéarla go teangain
bhriochtnuighthe na Ngaoigheal.


L. cvii


ré Séamus ua Cultháin ua Caoindealbháin Ó Fhíodnach an
Áithsgéitinne accontae Luimneach 'san Mbliaghain d'aois
Chríost m.DCCC.XLVI.


L. 1


B 1809 19T
U 0452

1



Ar bhás an Chaptaein Silvester Ó Súilleabháin



Is doilbh an sceol i gClár Fódla chóiche,
ceann cosnaimh na dtreon ar feo fá líogaibh,
Mac Fínghín Duibh cróga d'fhóir na mílte,
i gCill Mac Ealóg, mo lá bróin sínte!



Sínte san uaigh monuar an féinics,
an ríbhile buach d'fhuil uaibhreach Éibhir,
an prionsa gan ghruaim dob' uaisle tréithe,
thugadh na sluaite ó chruabhreith saor leis.



Leis saor chum baile do tharraingeadh Gael bocht,
bhíodh daor faoi ghlasaibh ag danair le céasadh,
le feabhas a phearsan dob' eagal leo sméideadh,
ar an gcrobhaire greannmhar ceannasach léadmhar.



Ba léadmhar an prionsa é i dtriúchaibh Éireann,
Mac Fínghín clúúil de phlúr na féile,
leon soilbhir subhach gaisciúil gníomhéachtach,
lag marbh san úir, m'fhadchumhsa an tréanfhear!



Tréanfhear meacanta meanmnach treonmhar,
tréanfhear draganta calma cróga,
tréanfhear tapa b'fhearr gaisce i gClár Fódla,
d'fhíorfhuil cheannasaigh Chairbre is Eoghain.


L. 2


D'fhuil Eoghain is Chairbre d'eascair an saorfhlaith,
agus prionsaí greanta ghníodh gaisce agus laochas,
Ó Ceallacháin Chaisil is Ó Donnabháin réalta,
Ó Donnchadha an Ghleanna agus Ó Súilleabháin Bhéarra.



Tá Béarra faoi smúit, gan lonradh gréine,
agus Gleann Ó Ruachta go huaibhreach léanmhar,
Neidín faoi ghruaim, gan suairceas scléipe,
agus Doirín na gCuach níl cuaill ná craobh air.



Níl craobh ná crann i ngleann ná i ngaorthadh,
nár chrom a gceann is nár cham a ngéaga,
níl iasc ar Leamhain nár dhall le héiclips,
ó cailleadh an prionsa, planda <d>en tréanfhuil.



Tréanfhuil cheannasach clanna Ghadéalus,
Iarlaí ghradaim agus ardfhlaith Éilge,
Mac Carrtha, Mac Dhonnchadha, is Mac Guibhir tréitheach,
Mac Giolla Choda, crua-Antils agus Léisigh.



Léisigh is Gearaltaigh ghreannmhar Mhéinne,
agus Brúnaigh uaisle fuair bua féile,
Iarlaí Chinn Mara na bhfearannaibh saora,
Ridirí an Ghleanna agus Mac Conmara a dhlúthghaolta.



Bhí a ghaol go dlúth le de Cúrsa tréitheach
is le Ó Conchubhair fuair clú le daonnacht,
le maithibh gach prionsa sciúrd ó Ghaedheal Ghlas,
le Brian Bórúimhe is le Conn thug céad cath.


L. 3


I gcath na lann níor chranda an laoch é,
cé frítheadh go fann mo chrobhaire gléigeal,
ag sladaí ranntach sleamhain dubhghnéitheach,
do bhuail sa gceann le feall, cruabhéim air.



Ní cruabhéim gaisce do threascair an saorfhlaith,
dá chaoleach cneasta nar chleachtaigh ann a bhéasa
ach síbhean beasa thug taitneamh is méin dó,
dá cheann bhain a hata, le geasaibh do thraoch é.



A thraochadh ba dheacair i gcomhlannaibh géarchath,
bhí gníomh is gaisce is tapa ina ghéagaibh,
ba shamhail le hEachtair, laoch neartmhar na Trae é,
ag siúl ar faichibh Ráth Chathail na gcraobh ghlas.



I Ráth Chathail na gcraobh ghlas d'éag an taoiseach,
prionsa na nGael fuair géill na ríochta,
tá Clanna Mhilésius le chéile ag caíghol,
ó teilgeadh é in úirchré fá líogaibh.



Tá líogaibh glasa Chinn Mara ag dúchaint,
is Cill Áirne an aitis faoi scamaill ghráiniúla,
Gleann Átha na gcrannaibh ag meathadh is ag lúbadh
Cill Eoin na meala is Ard Tuilighe smúiteach.



Ta smúit ina ceathannaibh leagaithe ar spéartha,
ó chuan an Daingin go faiche Bhinn Éadair.
níl cuach ná creabhar lon seabhac ná naoscach,
míol buí broc sionnach, nár dalladh le héiclips.


L. 4


Tá éiclips scamallach leagaithe ar Phoebus,
i dTuaith Ó Siosta na bhfionnbhrog aolta,
tá oileán Dairbhre go dobhair ó éagais,
gan scléip gan aiteas, go cathaitheach déarach.



Is déarach doilbh atá ainnir na gcíoch geal,
do dheirfiúr cheana bhí greannmhar díleas,
go faíoch ag baile Ráth Chathail go bhfíonta,
id' chaí gach maidean go hatuirseach cloíte.



Cloíte ó tá cíoná na críche,
creach na mbochtán m'ochlán fé líogaibh,
mo bheannacht go bráth is cách liom guí air,
go cathair na ngrás i ndáil mhic Íosa.



A mhic Mhuire na ngrás fuair bás dár saoradh,
is d'fhulaing an pháis i bpáirt Chlainne Ébha,
gairm chugat láithreach i d' phálás naofa,
anam an ardfhlaith, dob' áilne tréithe.



Bhí tréithe calma ann, gaisce agus laochas,
déirc is carthanacht oineach is daonracht,
féile taitneamhacht greannmhaireacht naofacht,
foirceann moladh mairbh, is is doilbh an scéal é.



An Feartlaoi:
Fútsa a lic atá sínte an saoi gan cháim,
de chrú na ríthe d'fhíorfhuil Shúilleabháin,
laoch uasal groí na naoidhil in Inse Fáil,
is is dubhach an laoi ag insint oidhe mo ráib.


L. 5


B 1813 19T
2



Oidhe an Chait ghlais



Ag seo síos i laoi le héifeacht
na blianta is aois dár dTiarna naofa,
trí ceann ar fhíonmhuin taoibh le glédhair,
amhancholl dís is íodha aonair.



An Chéad Roinn



A éigse an tseanchais aicim bhur nguí go fras,
i nGaeilge ghasta achomair líofa bheacht,
chum Rí na nAspal do dhealbhaigh aer is neamh
ceandail is carra ar an asaire chloígh mo chat!



Táimh is creathadh go ndeacha 'na shlí ó neamh,
gráin is mairg go dtagaidh 'na bhaill gan fuireach,
náire is aithis, masla míchlú is mírath,
le pian 'na bhaitheas ná scaipfidh go héag don spreas!



Bás gan sagart gan aifreann go bhfaighidh an spreas,
i dteaghlach dhealbh gan faireachas mná ná fear,
gan soilse ar lasadh ar a chreatlach buí mar reacht,
gan píopa tobac le caitheamh pinch snaois ná dram!



An cancar dearg go dtigidh 'na dhrandal cas,
gan leigheas ná fortacht go gcreimidh a shrón 's a chab,
luibhre dearthacha is daitheacha dubha dá shlad,
le díogha gach ainimh go stad<a>idh a mhún 'na shlait!


L. 6


Go leighidh mar s<h>neachta an gaige thug éag dom chat,
a radharc go gcaillidh gan aiseag arís tar ais,
Rí na nAingeal go leag<a>idh 'na mhaoil an teach,
is guím dó farradh sin, an mhallacht don F<h>éin tug Art!



Go bhfeic<e>ad an spangartach asaire sínte i scailp,
líonta do chneácha dearga ó mhaoil go hailt,
a bhéal ar leathadh aige a' drannadh le híota is tart,
is gan aon ag freastal air do chuirfeadh braon dí 'na chlab!



Go bhfeicead an folaire in othrach sínte i gclais,
cloíte treascartha amhail do bhí mo chat,
míola gorma dá pholladh sa gcinn isteach,
ag bruíon 's a' caismirt le huireasa slí ar a chneas!



Ár is eascar go dtaga 'na dháil fá seach,
is álgas daingean, gan aiseacadh tráth ná seal,
an cladhaire fleascaigh do mhairbh gan fáth mo chat,
ar ghreim d'fheoil ghalair do bhí seachtain ar mhéis ina spaid!



Bascadh is brú ina chlúid gan lúth gan ruith,
is grán ina chúl is a shúile ag mún ina sruith,
go mbristear a ghúnga i mbearnain chúng sa tsioc,
is galar dubhach air d'fhúigfidh suaite a dhruich!



Aicim is éim as ucht Aonmhic Dé na bhfeart,
ar an Athair geal Séamas séimh Ristiún na bhflea
an tsailm do léamh le fraoch is dúthracht ceart,
ag cur seacht ngalair an tsléibhe ar an mbaothlach do chloígh mo chat!


L. 7


Aicim arís as ucht Íosa ar phlúr na bhflaith,
an tan do rachadh in aibíd a ghuí chuir suas go neamh
báthadh na coinnle agus dúnadh bíobla an reacht',
agus buaileadh le fraoch an cloigín le droim an spreas'!



Is i d' gharraíse a athair ghil gheanmnadh do fríth mo chat,
cloíte treascartha marbh lagbhríoch i gclais,
(a) aghaidh bheag ceansaithe greadaithe ó chúlaibh ceap,
is fíormhac fleascaigh dá c<h>aitheamh dá dhroim in scairt!



Ar an ábhar sin labhair is tabhair do ghuí gan fuireach,
is léigh sailm na mallacht tar éis aifrinn go líofa fras,
mill is mallaigh an fleascach de shíolrach spreas,
coinnealbháigh an gaige is ón eaglais deighil é amach!



A shuadhaibh aicim bhur gcaradas grinn le searc,
idir thuata is shagart fir eagna gaois' is beart,
ar cuairt má rachann an t-asaire buí in bhúr measc,
a chruachruit gread<a>idh is cuirigí laoi le m' stair!



Ar dtúis ort aicim a Dhonnchadh Uí Chéirín chaoin,
ó Chnoc na gCaiseal darb gasta ó d' bhéal gach laoi,
más triall dom ranna i d'amharc i d' dháil nó i d' shlí,
táth<a>igh astu ná heitigh go brách m'impí!



Mo léan mo mhilleadh nach feasach mé féin cá mbíonn,
an gléghas tuigseanach, Uileag Ó Céirín caoimh,
an t-éigeas cliste séimhfhriotal na mbréithre grinn
is gléir 's is lainneach do chuirf<e>adh le m' shaothar laoi.


L. 8


De réir mar chluinim tá file ceartbhriathrach grinn,
i nGallbhaile Eatharla nó i bhfogas don áit do bhíonn,
Diarmaid (a) ainm, de chine na Rianach caoimh,
mo pháirt má ghabhann beidh agam ina chairdeas Críost.



Ainm an asaire chealgaigh bhréin le ríomh,
go diamhair achomair gasta le héirim pinn,
go glé chuir file i gcruafhriotalaibh Gaeilge síos,
óir, roimhe ceathair is eatarthu léirigh dís.



Má tá file le ceacht is reachtaibh iúile,
do thuigeas go beacht na dreachtaibh subhachais,
ó Eatharla aneas go baile a dhúchais,
an té threascair mo chat fúig ainm dúinne!



An Dara Roinn



Ní raibh cat comh breá leis i gClár Luirc aoibhinn,
ná a shamhail le fáil ó thráigh na díleann
do bhí croíúil láidir álainn gníomhach,
is monuar go brách mo pháintheach cloíte!



Níor dhíon don ghall-luch poll ná áirse,
ar theacht na Samhan ná in am an cháite,
dá maireadh Mathamhain ba rogha léi bás d'fháil
is anois ós fann é, foghailfid m'áras.


L. 9


Ní raibh go feasach a shamhail i gClár Luirc,
do sheinneadh crónán chomh binn le cláirseach,
do bhréagadh linbh is daoine ársa,
is do thugadh an chearc uisce go minic chum M<h>áire



Do thugadh an tradhna isteach ón bport leis,
do thugadh ón scairt an lon is an smólach,
do thugadh an creabhar is an gabhairín roth leis,
is an breac ón linn leis, ní nár dhóigh libh.



Do thugadh an míol buí isteach ar néoin leis,
is an páintheach coinín as goirtín D<h>omhnaill,
na gealbhain tí as díon an tseomra,
is an chuaithín bhinn a chloí níor mheoin leis.



Do thugadh ón mhoing na meannáin aeir leis,
an pilibín míog is an faoileán gléigeal,
na cearca fraoigh ó dhroim an tsléibhe,
is den chéirseach reimhir do níodh a bhéile.



Do bhréagadh go minic an leanbh do b'óige,
le crónán milis do sheinneadh mar cheol chruit,
ba chliste do bheireadh ar iomall a chóta,
dá tharraingt ón dtine le heagla a dhóite.



Is lúfar aibidh do phreabfadh in airde,
i mbarr crainn úll is do thugadh seacán as,
do thugadh go minic leis lacha nú bárdal,
feadóigín mhilis agus pitrisc álainn.


L. 10


Do thugadh is dearfa, as barra an chaisleáin leis,
cága seabhaca is druide ina dtáinte,
do thugadh ón bhfionnán na cearca feá leis,
colúir is gearr goirt le tuilleadh ná tráchtaim.



Ní raibh a shamhailt thalamh na Fódla,
seangchat dathannach bastallach córach,
tréitheach taitneamhach meanmnach deoraidh,
leonta greannmhar acfainneach treorach.



Ba dheas é a cheann is a chealtair ghleoite,
ba dheas í a gheanc is a ghreann féasóige,
ba dheas é a d<h>rom is a chom ba chórach,
is a mhásaibh teann chomh sleamhain le hómra.



Ní raibh go feasach a shamhail san Eoraip,
ar lúth ar mire ar goile is ar deoraíocht,
ní raibh laoch ná curadh cursan ná ollamh,
ar fhód na cruinne ná raibh sealad dó (ag) fónamh.



I dtúis a bheatha do thug seal i gcoláiste
ag aoireacht leabhar do Féinúsa Fársa
d'fhan i bhfarraid na flatha go fáthach,
riamh go ndeachadh an ascath chum ársacht'.



Do bhí ina dhiaidh sin sealad ag Niall mac Féinus,
an aoire leabhar go ndeachadh don Éigipt,
d'f<h>an go socair i bhfochair an éigis,
go mómharach meanmnach gur rugadh Gadélus.


L. 11


Tug Niúil mar chumha é do Mhaoise naofa,
an uair do leigheas a leanbh ó ainimh na péiste,
do bhí go sothaimh i bhfochair an tséimhfhir,
go tabhairt an phobail ó dhochair na hÉigipt'.



An tan rug Maoise clann Israel saor leis,
is bádh an bhuíon do bhí ar tí a dtraochta,
do rinn catas scith i gcríoch na hÉigipt',
don tír ón loing gur fhill Mac Féinis.



Do bhí sealad arís i bhfochair an éigis,
ag cantaireacht grinn is ag seinm ar théadaibh,
do bhí scaitheamh beag eile i bhfochair Ghadélus,
do dtug d'Easrú é mar chumha am éaga.



Do bhí scaitheamh sócúil fá chlú san Éigipt,
go soilbhir subhach ag Easrú mic Gaedheal Glas,
agus sealad ag Srú ina chúrsúir éasca,
gur hionnarbadh an prionsa ar lúth go Créta.



D'fhan go lainneach i bhfochair shliocht Ghaoidhil Glais,
i gcaitheamh a n-eachtra ar muir is ar tíortha,
i ndiaidh ar ndiaidh ó churadh go taoiseach,
go ráinig fá dheireadh mac Bile, mear Mílidh.



Do bhí sé sealad ag Golamh lámhthréitheach,
i gceannas Easpáinne ar mhághaibh ag pléireacht,
tug an ardfhlaith arán agus réim dhó,
go freastalach fáilteach in áras raelta.


L. 12


Do bhí ina dhiaidh scaitheamh ag maraibh Mhilésian,
ar an eachtra ag taisteal go hÉirinn,
an tan do cuireadh le draíocht i ndroim le chéile,
do ráinig phélis i dtír na dTuatha Déithe.



Do bhí ansin sealad i sealbh Mhic Gréine,
is ina pheata ceana idir Banba is Éire,
gur thriall aniar ó iarthar Bhéarra,
an triar do bhí ag marthain de chlanna Mhilésian.



An tan do ghabhadar ceannas na hÉireann,
tar éis chlainne Chearmada le gaisce do thraochadh,
do roinneadar eatarthu talamh is gréithre,
is do ráinig an taistealach i gcion ranna chum Éibhir.



Do bhí aige sealad ina theachtaire éasca,
ag fiach is ag sealg is ag iompar a scéithe,
gur thit an ascath uim cheasacht a chéile,
lena bhráthair dearbh i dtreasa Thuath Ghéisille.



Do ling phélis chum reatha ar marbhadh Éibhir,
is níor rinn scíth go ndeachadh go caladh Bhinn Éadair,
do bhí gríobh ar bharra na binne ag féachaint,
ina chúl chuir gafa agus d'fhuadaigh go spéir é.



Do bhí tréimhse fada ag fulang na péine,
is an ghríobh ag imeacht go firb trí néalta,
gur thuirling scaitheamh in ithreach diamhair,
i dtuaisceart Phrygia is do scaoil uaidh phélis.


L. 13


Ag sin an t-am do bhí Hercules cróga
ag triall is ag taisteal go cathair na dTrojans,
ina dháil do casadh an soirbhchat deoraidh,
is do chuir buataisí greanta do chroicnibh leoin air.



Nuair tháinig an ascath go feargach fraochmhar,
is do réab an chathair go talamh le chéile,
níor fhág cloch os cionn cloiche ná falla gan réabadh,
agus phélis ina fhochair ag déanamh an éirligh.



Do bhí ina dhiaidh sin sealad ag Eachtair mear tréitheach,
go greannmhar amharcach i gcathair na Traethe,
gur éaladh an ealabhean thaitneamhach Helen,
is mac Priamh dá deasca le hAicill do traochadh.



Do bhí ansin sealad ag Aicill mac Phélis,
ar mbreith bua catha ar an arg mar léitear,
le meang is cealg do mhairbh an tréanfhear,
le reatha dá arm dó ar oscailt na héide.



Do bhí ag Jason sealad ag faire an lomra órga,
is dá thabhairt abhaile ó Chalsis go cróga,
do thug tréimhse fada i gcathair na Róimhe,
gur g<h>luais ar aistear le habhac go Fódla.



Nuair gabhadar talamh is caladh i mBinn Éadair,
d'imigh an t-abhac go firb troighéasca
do ling phélis chum reatha trí chorraithe is chaothach',
is níor rinn scíth ná sosadh go ráinig in Éamhain.


L. 14


D'fhan go soilbhir sealad in Éamhain,
i bhfochair na flatha Mac Neasa na ngréithre,
do bhí trealla i seilbh mhic Uisneach na gcaoleach,
go greannmhar lainneach gur imigh le Déirdre.



An tan d'éalaigh clann Uisnigh is a n-ainnir le chéile,
do ghaibh éad is mire rí Uladh ar léadh dhó,
do ghluais phélis chum reatha go hatuirseach déarach,
go ráinig Dún Dealgan ar maidin go fraochmhar.



Nuair éirghe Cú Chulainn ar maidin go leonmhar,
do chonairc fé choisbheart an feargaphus córach,
do thóg ar a chuislinn é, is chimil gach smól de,
do rug chum na tine é, is tug ithe agus ól dó.



D'f<h>an i bhfochair Choin gCulainn trí ráithe,
go ndeachadh go hAlbain ag triall ar an mBlán<a>id,
do ling chum reatha go feargach cátas,
tré choillte is achrainn go ráinig mac Dáire.



Do bhí ansin sealad ag Conraoi mac Dáire,
i gCathair C<h>onraoi go freastalach fáilteach,
nó go ndeachadh an arg ghníomhthapa tar sáile,
tar ais le Cú Chulainn ag triall ar an mBláthnaid.



Ar dtabhairt na hainnire as daingean a hárais,
go hiath ghlas Bhanba na machairí áille,
i gcaitheamh an eachtra ar talamh is ar sáile,
d'fhan catas ag baile i gcathair mhic Dáire.


L. 15


Ar dteacht abhaile don ascath ghlacláidir,
is tug leis an caile d'imir cealg an bháis air,
chum focal na faire an gaise gur bháin sí,
go dtáinig laoch Uladh is gur mhairbh mac Dáire.



Do rug an chú chalma abhaile leis Phélis,
arís go Dún Dealgan ag sealgaireacht éanlaith',
ar ór ná ar airgead, ní scarfadh an laoch leis,
an griada gur marbhadh i dtreasaibh Mhuirtheimhne,



Do bhí ina dhiaidh sin sealad i bhfochair Chonaill Chearnaigh,
ina ruathar dearg ag treascairt na dtáinte,
go raibh lánghad dara de cheannaibh fear áille,
dá dtabhairt abhaile aige in éiric a bhráthar.



Do bhí sé sealad ag Cathaoir ollghníomhach,
i gCath Mhaighe hÁgha gur leagadh an míle,
bhí tréimhse fada i dTeamhair na Ríthe,
i bhfochair Choinn chalma, cheann ar Cath Líogdha.



Do bhí tréimhse fada ag Cumhall Ó Baoiscne,
go lúfar innealta ag iompar a chraoisigh,
gur thit an churadh ghníomh iomdha mhear líoga,
i gcath Chnuc<h>a le cuisleana Ghoill Ghníomhach



Ag sin an tan do fuair Mac Móirne é,
Goll curata crua ba bhuaine i gcomhrac,
d'f<h>an go soirbh i bhfochair an treoinfhir,
ag iompar airm gur shealbhaigh Eoghan é.


L. 16


Do bhí sé tamall i bhfochair an leoin sin,
Mogh Nuadhat calma threascradh slóite,
ní raibh ar marthain laoch eile ba chróga,
i Muigh Léana le cealg do leagadh an treonfhear.



Do bhí sé sealad i bhfochair rí Féine,
Fionn mhac Cumhaill mhac Airt mhic tréinfhir,
d'imigh ón dtriath sin sealad ag straeireacht,
go ndeachadh go teaghlach Ardrí Éireann.



Do bhí ansin sealad i seilbh Airt Aonfhir,
is ina dhiaidh sin scaitheamh ag Toroilbh tréitheach;
rug Conn neartmhar mac Bacaigh na binne as Éire é,
anonn tar treathan go Madra Maol é.



Ansin do bhí sealad ag Alastram chróga,
<ag> fiach talaimh is mara i ndiaidh Ridire an Lóchrainn,
in Oileán na Crutha nuair cuireadh ina chló é,
tug do Sir Bal. é le cumann don óigfhear.



Do bhí sé sealad ag an ridire óg sin,
agus seal beag eile ag Ridire an Lóchrainn,
ag Ridire an Ghaisce bhí scaitheamh ina dheoidh sin
is mheas Comhfhada Comhleathan a bhreith leis le fórsa.



Do chonairc Conn neartmhar mear meanmnach tréitheach,
Comhfhada Comhleathan ag déanamh an éigin,
do ling an bile ina choinne go héasca,
is do bhuail béim choilg air, chuir ar chúl scéithe é.


L. 17


Do chuaidh Conn ina chulaith aistir chum triall ar Chéarnait,
ó iath na Sagsan is níor dhearmad phélis,
do bhí treall i bhfarraid an ascath ghníomh éachtaigh,
ag fiach is ag sealg go bhfuair arg na Féine é.



Do bhí sé sealad, ag Diarmaid déidgheal,
ag tabhairt sleá na gcréacht aniar is an aoinbhean,
trínar cailleadh clann Toroibh éachtaigh,
Sal, Daithlion is Cróchan tréitheach.



Do bhí sealad ag Eoghan mac Olioll Óluim,
i gcath Mhaighe Mhuchruimhe in inneall chum comhraic,
nó gur thit an ridire le hiomarca fórsa,
is Mac Con dá bhíthin fuair ceannas na Fódhla.



Do bhí sealad ag Cian mac Olioll Óluim,
gur thit le Fearghus don dara comhlann,
mar aon lena bhráthair álainn cróga,
Eochaidh Taobhfhada tréitheach deoraidh.



Do bhí sé sealad beag eile ina dheoidh sin,
ag Tadhg mhic Céin mhic Olioll Óluim,
I meán Chath críonna do bhí gníomhach cróga,
nuair leagadh Fearghus le Lughaidh mac Eoghain.



An tan do mharbhadh na trí Feargaoisigh,
le láimh Lughaidh Lágha i meán Chath Chríonna,
do fuair Cormac Ulfhada ceannas na críche,
is rug leis catas dá dhún ríoga.


L. 18


Do bhí ina fhochair go soirbh ina ríbhrog,
i dtigh cleithe gur tachtadh é de dheascaibh na ndraoithe,
is ann do bhí scaitheamh ag Cairbre Lithfeachair,
le Simeon mac Chuirb gur marbhadh an míle.



Ansan dó sealad ag Oscar na mbéimeann,
ba mheann i dtreasaibh i gcleasa is i dtréithe,
i gCath Gabhra do leagadh an churadh ghlac ghléigeal,
le meang sleá Chairbre d'easpa na héide.



Do bhí ag Fiachadh Sraibhthine sealad in aoibhneas,
i gCath Dubhc<h>omair do leagadh na mílfheár,
leis na trí Colla ná hobfadh ó aon neach
Colla Uais is Meann is Colla dhá Chríche



Bhí seal ag Colla Uais i gceannas na hinse,
go hamharcach suairc gur deineadh athríoga,
da bhí ansan scaitheamh ag Muireadhach tíreach,
ag fiach is ag sealg is ag freastal de shíor air.



Do bhí phélis sealad go taitneamhach aoibhinn,
ag Eochaidh Muighmhe<adh> óin mac Muireadhaigh Tírigh;
do bhí scaitheamh eile ag Criomhthainn mac Fiodhaigh,
nó gur cailleadh de nimh na dí é.



Do bhí tréimhse fada aige Niall mear tréitheach,
ag tabhairt naoi mbraighde ó chríocha imigéine;
ina dhiaidh sin sealad ag a mhac Laoghaire,
i gceannas na ríochta ar theacht Phádraig naofa.


L. 19


Do bhí se sealad ag Conall gníomhéachtach,
Mac Néill chalma do rinn codladh i mBinn Éadair,
nuair tháinig an ascath tar treathan mar léitear,
go barr na binne is do rug cumann a chléibh leis.



Do bhí se sealad ag Cormac cráifeach,
Mac Chuilleannáin gheanmnaigh mheanmnaigh ghrámhar,
ba thriath is ba easpag i gCaiseal an t-ardfhlaith,
gur thit da c<h>apall i dtreasaibh Mhaighe Ailbhe.



Do bhí ina dhiaidh sin scaitheamh go soilbhir scléipeach,
ag Ceallachán Chaisil ag sealg is ag pléireacht,
gur chuir Sitric cealgach teachta le scéala,
c<h>um Béibhionn do thabhairt don arg mar chéile.



An tan do bhí an curadh gníomh iomdha mar léitear,
i mbraighdeanas ceangailte ag clanna Turgesius,
do ling catas chum reatha go feargach fraochmhar,
leis na Muimhnigh chalma chum a bhflatha do shaoradh.



An uair do scaoileadh an ceangal de Cheallachán tréitheach,
is do tháinig abhaile go Caiseal na n-aolbhrog,
do bhí phélis sealad ansin ag Cinnéide,
go meidhreach meanmnach ag seinm ar théadaibh.



Do bhí sé sealad i seilbh Maoil Mhórdha,
ag tabhairt seolchrann go Ceann Chora na bóirmhe,
an tan d'imigh cnaipe as a fhallaing le fórsa,
do tharraing an t-imreas inar treascradh slóite.


L. 20


Do bhí sé sealad ina bhonnaire ag Brian Bóirmhe,
i dteach Chinn Chora na shithealach órga,
mar a mbíodh ficheall dá himirt ag treonaibh,
seoda is airgead dá bhronnadh ar ollamh.



Do bhí ina dhiaidh sin scaitheamh ag Murchadh chróga,
i gCath Chluain Tairbh ag coscairt is ag leonadh,
gur thit an curadh ghíomhfhoirtil san ngleo sin,
ar mbreith bua caismeartha ar Dhanair an fhóirnirt.



Do ghluais phélis chum reatha go hatuirseach deorach,
ó mhá Chluain Tairbh ar leagadh na dtreonfhear;
d'fhúig slán is beannacht ag flatha na Fódhla,
is d'imigh le habhac go tír na hóige.



D'fhan ina fhochair go socair, síothóilte;
do chimil fé ola do chuir deilbh cait óig air;
chuir buataisí greanta air de chraiceann fearbóige,
agus slabhra fiondruine timpeall a gheoise.



Do bhí go soilbhir toiltheanach deontach,
i bhfochair an abhaic ag cantaireacht ceoil dó,
go ndeachadh Donn Fírinne síos go slóiteach,
is go dtug leis aníos é arís le fórsa.



Do bhí ag Donn mac gConair go lainneach ina shíbhruíon,
i ngrianán sultmhar ar mullach Chnoic Fírinne,
bhí bliain is triochad ag Domhnall Maoileadh
is do ráinig mise nuair d'imigh an draíocht de.


L. 21


Ag sin agaibh eachtra beatha agus gníomhartha,
an ghléchait mheanmnaigh dhathannaigh aoibhinn;
a Éigse ghreannmhar aicim arís sibh,
an léamh na staire seo, cuiridh leis píosa.


L. 22


B 1815c 19T
3
SÉAMAS Ó CAOINDEALBHÁIN cct



Fonn: Bean an tábhairne gan aon locht



Tré m'aisling araoir cois taoibh Bunóice,
is mé (ag) machnamh ar gníomhartha an tsaoil go brónach,
is ar chlanna meara Míleadh, saorshinsear na Fódhla,
atá aige búraibh dhá gcuibhreach doscaoilte le córda;
is an dtuigeann tú mo chás, a bhean an tábhairne na ndrólann?



Do smaoiníos arís ar an ríbhile cróga,
Bonaparte groí, d'fhúig cloíte na crónphoic,
is ar na cruachatha ghníomh do bhí in íochtar na Fódhla,
aige tréanchlanna Gaoidhil do dhírigh na bóithre;
is an dtuigeann tú mo chás, a bhean an tábhairne na ndrólann?



Táine líonrith ar mo chroí agus mé ag síorshileadh deora,
is d'amharcas go cruinn mórthimpeall na Fódhla;
níorbh fhada dhom gur shínraigh le m' thaoibh bruinneall mhómharach,
mhodhúil gheanúil naointe is a píp mar an ómra;
is an dtuigeann tú mo chás, a bhean an tábhairne na ndrólann?



Bhí caora agus lítis ina caoinleacain chórach,
gan géille ar aon taoibh acu, ag coimheascar is ag comhrac,


L. 23


ba chamarsach tais cíortha cas slinnmhach bhí a hórfholt,
go trisleach daite buí tiugh ina slaoda go feoir léi,
is an dtuigeann tú mo chás, a bhean an tábhairne na ndrólann?



Do labhras go caoin leis an ríogan mhómhar,
is d'fhiafras go cruinn arbh í M<e>adhbh nó Mór í?
freagra níor fríth dom de dhroim a gnótha,
gur fhiafras arís, an ó Thír na nÓg í?
is an dtuigeann tú mo chás, a bhean an tábhairne na ndrólann?



"An tú an ainnir bhean chaoin tug Naois tar bóchna,
nó Banba an ghrinn im' líonta do seoladh,
nó an eala ghealchíoch d'fhúig cloíte treon-Tailc
ag Oscar na ngníomh, i gcoimheascar comhraic?"
is an dtuigeann tú mo chás, a bhean an tábhairne na ndrólann?



"Nó an féidir gur tú an chúileann do fuair an t-úll órga,
nó an ainnir ghealghnúiseach ar srúill do chuir bróinte,
Pallas mhodhúil nó Iuno nó an chlúbhruinneall Fódla?
nocht feasta do rún dom is ná fúig mé i ndóchas",
is an dtuigeann tú mo chás, a bhean an tábhairne na ndrólann?



"<An> de d' dheascasa fríth clann Fhinn ar feochan,
na laochra gníomh lámh chruinn san gcomhrac,
nó an tú tharraing Oisín go Tír na nÓg leat,


L. 24


nó an ainnir dhá dhroim inar cloíodh na Trojans?"
is an dtuigeann tú mo chás, a bhean an tábhairne na ndrólann?



Do labhair liom an chúileann chiúin tais mhaorga,
go cneasta milis modhúil is adúirt gurbh í Éire í,
bhí ag tíocht ar a dúchas le cuntas chum Gaeil bhocht,
'tá <in> anbhroid ag búraibh dhá dturnadh gan traocha;
is an dtuigeann tú mo chás, a bhean an tábhairne gan aon locht?



"Céad fáilte romhat a Ríogan arís chum do choróineach,
is gheobhair seilbh cheart do ríochta gan buíochas do crónphoic,
beidh tinte cnámha ag Gaoidhil bhoicht le hintinn is mórtas,
bior faoi fheoil le gríos agus fíonta roimhe Bhona'",
is an dtuigeann tú mo chás, a bhean an tábhairne na ndrólann?



"Is fada clanna Gaoidhil bhoicht ag caí-ghol le géibhinn" (ar sí),
"gan suairceas gan aoibhneas gan saidhbhreas sa tsaol so,
dá ruagairt tré thíortha (ag) déana cíosa do mheirligh,
faoi iomad taxaisí is cruadlíthe lucht Béarla",
is an dtuigeann tú mo chás, a bhean an tábhairne gan aon locht?


L. 25


"Tógthaidh bhúr gcroí le hintinn scléipe" (ar sí),
"cé fada sibh cloíte cnaíte tréithlag,
murab ionann is roimhe seo beidh saoirse aige Gaeil bhoicht,
is gheobhair fearann claímh cois Daoile gan buíochas",
is an dtuigeann tú mo chás, a bhean an tábhairne gan aon locht?


L. 26


B 1818c 19T
4



AN FEAR CÉANNA cct



Fonn: Garden of Daisies



Tré m'aisling dom ar leabain chluithir
maidin m<h>och im' aonar, fal dal -
tráth do dhearcas taobh liom ainnir
chneasta mhilis mhaorga, fal dal -
bhí (a) dlaoifholt daite casta
tiugh óirchamarsach slim péarlach,
go trisleach frinseach craipinneach
tais bachallach buí dréimreach,
búclach slinnmhach snamthach,
ag feacadh léi ina slaodaibh. fal dal -



Ba ghile a héadan geanamhail
ná eala ar sruith lá gréine, fal dal -
is ba bhinne feis a tanaghoib
ná cantain guith na n-éanlaith, fal dal -
a coimín seang geal sneachtamhail,
is a dhá cíoch chruinne ghéara,
a leabhairchroibh d'fhúig tarraingthe
go ceansaithe ar línéadach
sionnaigh broic is barcanna,
creabhair lachain loin is naoscaigh. fal dal -


L. 27


Do bhíog mo chroí le hanfa
an tan d'amharcas an réaltain fal dal -
do bhí mo bhaill ar baillchrith,
is ghaibh mearbhaill mo chéadfa, fal dal -
do phreabas suas go tapamhail
le heagla tré m' néalta,
is do labhras go cneasta
leis an eala-bhruinneall mhaorga,
d'fhiafras ar marbh í,
bean leasa, nó gein tsaolta? fal dal -



"An tú an Déirdre dhéidgheal shoineanta,
dá droim gur cloíodh na céadta, fal dal -
nó Dál-lí chlaon chealgach
d'fhúig Samson gníomhach tréithlag, fal dal -
nó Hero mhaorga mhaiseamhail,
dá taitneamh gur badh Leandar
nó Heléna mhodhúil gheanamhail,
do éalaigh óna céile,
i gcath na Trae gur treascradh,
dhá deascaibh Eachtair tréitheach?" fal dal -



"Nó (an) den triúr do phléigh an t-úll tú
cneas nochtaithe le chéile, fal dal -
nó an tú ar dtúis chuir muilte ar sreabh,
nó an fhinnbhean ón Léithchraig, fal dal -
nó an réaltan mhaorga bhanamhail,
tráth d'imigh óna céile
d'fhúig saoit<h>e Gaeil in anbhroid,


L. 28


ag danair oilc dá gcéasa,
nó Blánaid shéimh na hAlban
de dhroim na faille traochadh?" fal dal -



"Nó an tú ghráigh Mac Éasan calma,
roshaortha an lomra aerga, fal dal -
nó an stáidbhean álainn gheanamhail,
chuir geasa i ndáil rí Féine, fal dal -
nó Dejanira ghreannmhar
do ghargnigh an léine
do chloígh a céile gaisceamhail
i dtreathantine chraosach,
nó an de Thuatha Dé Danann tú,
bhí seal i gceannas Éireann?" fal dal -



"An tú Flora nó Cassandra?
Iole nó Alcmene fal dal -
nó Minerva chló ghreannmhar,
dilbile bua na Gréige, fal dal -
éachtach dhéidgheal thaitneamhach,
tug Iolan ón Tuircéis leis,
bean Mheargaigh na n-arm ghlas,
nó Fionnabheartach mhaorga,
nó an eala-bhruinneall gheanamhail,
tré anchruit do thréig Tailc? fal dal -


L. 29


Do labhair liom an ainnir chailce
chneasta mhilis mhaorga, fal dal -
"ní aon dár luais i d' ranna mé,
cia is aithnid dhom na béithe, fal dal -
is mé an chéile bhéasach bhanamhail,
bhí sealad ag Mac Gréine,
is is fada mé faoi tharcaisne
ag Gallphoic dhom chéasadh;
anois tá an dáta caite acu,
is is gradamach bheidh Gaeil bhoicht." fal dal -



"Trí chéad bliain bhí ceapaithe
do ghrathain shliocht an Bhéarla, fal dal -
chum bheith i réim go ceannasach,
lánghradamach in Éirinn, fal dal -
ó aimsir Lúitir mhallaithe,
do scrúd an Reformation
tug a chúl don aifreann,
tré ainbhios an tsaogail,
do thréig an Mhaighdean bheannaithe,
is Lucifer do thaobhnaigh." fal dal -



Níl samhairle ranntach Shagsanach,
ó Thigh Dhonnchadha go Béarra, fal dal -
ná seolfam síos go Cocytus
ina ngrathain chlamh le chéile, fal dal -
gach drong nach greann leo an t-aifreann,
do thréig an Mhaighdean Naofa,
tug masla don Rí beannaithe


L. 30


ag briseadh aitheanta gan traocha,
caithfid stríocadh feasta dhúinn,
is praiseach in áit tae acu. fal dal -



Beidh sceimhle cruaidh is gearra clúimh
ar Ghallphoic na hÉireann, fal dal -
tar linntibh rua na farraige
aige clanna mear Milésius, fal dal -
beidh béithe rialta is manachaibh
i mainistreachaibh aolmhar
is in eaglais bhreá bheannaithe,
ag cantain sailm naofa;
beidh suadha is éigse an tseanchais
ag ceapadh ranna Gaeilge, fal dal -



Beidh ár is díth ar Sagsanaigh,
i gCorcaigh is i gCeann tSáile, fal dal -
ag an Ráth, Trá Lí is i dTairbeart,
san Daingean is i gCill Áirne, fal dal -
i Luimneach is i gCeatharlach,
i gCaiseal is i bPort Láirge,
is tláith a b<h>eid sa nGaillimh,
i gCluain Meala is i nDún Pádraig
Baile Átha Cliath, Loch Garman,
Baile Átha Luain is Droichead Átha. fal dal -


L. 30


Ag seo síos go hachomair,
bliain treascartha na meirligh, fal dal -
De réir mar léitear tarngaire
Mhaolseachlainn na nDéisibh
trí choll ar aonmhuin leagaithe,
is eatarthu suíodh rédhair,
a seacht is a trí, dá cheathair,
agus táthaigh iad lena chéile,
an dáta bhí is tá ceapaithe,
chum Gallphoic do thraocha, fal dal -


L. 32


B 1818 19T
5
Do chuala tásc do chráigh na céadta,
is d'fhúig na táinte go cásmhar céasta,
Giobún mac Seagháin mo cháidhfhear tréitheach,
geal-shoilbhfhear fáilteach, a bhás is léan liom.



Is léan liom ar lár i mbláth a shaogail,
fear curanta cáidh dob' áille tréithe,
laoch soilbhir breá mear álainn maorga,
cosantach gardach dá námhaid ná staonfadh.



Ní staonfadh tráth dá námhaid lá aonaigh,
i gcathair i sráid ná ar mhá na dtréanfhear,
ógbhile gan smáilc de bhláth na saorcheap,
is is dainid dá bhráithre ar lár an féinics.



Féinics greannmhar meanmnach tréanmhar,
lúfar fearamhail flaitheamhail laochmhar,
cróga calma ceannasach léadmhach,
leonmhar leabharghlan carthanach déarcach.



Bhí déirc is carthanacht oineach is daonnacht,
féile is fairsinge im' fharaire gléigeal,
tréine is dragantacht meanmna is méin ghlan,
tréithe is calmacht gaisce is laochas.


L. 33


Bhí laochas is gaisce go fiosach san tréanfhear,
réim is gradam ó mhaithibh gach préimhe,
laoch gan chealg do chleachtaigh dea-bhéasa,
agus gléghas tapa de shleachtaibh na saorcheap.



De cheap na craoibhe, fiodh gan éalaing,
mo leon gan phoimp, de shíol na dtréanfhear,
dea-laoch mear groí ná stríocfadh d'aon neach
ó Mháigh go Daoil dar airde tréithe.



Bhí tréithe is gníomhartha gníomh is béasa,
is cáil na saoithe i gcroí na féile,
ba ghrámhar caoin é (ag) roinn na déarca,
cia riamh níor stríoc dá bhíobha ar aonach.



Chum aonaigh mar thiogadh an scafaire maorga,
is caoleach cuithigh mear innealta éadrom,
ina chrobhaire curanta urramach léadmhar,
a bhíobha go gcritheadh le heagla an tréanfhir.



Tréanfhear acfainneach fearamhail fórsach,
bronntach cabharthach eagantach eolach,
gníomhach meanmnach maiseamhach lonrach,
cróga calma tapamhail beoga.



Is beoga tapa do phreabadh ina dhiallait,
is is lúfar aibidh do thugadh an fia isteach,
gealchrobhaire marcaigh críonn' tuigseanach ciallmhar,
do fhúig a charaid go hatuirseach ciachmhar.


L. 34


ís ciachfar cathach tá t'athair id' dhiaidhse,
an seanlaoch freastalach flaitheamhail fialmhar,
do dheartháir ceana róghairid go liathfaidh,
le cumha ó leagadh lag marbh faoi liag thú.



Fá liag, lag marbh, mo dhainid tú (a) ghnímh fhir,
is t'ál breá leanbh de d'easba is díth liom,
is do chéile chailce mhodhúil ghreannmhar dhílis,
go déarach dobhair gach maidin ag caí-ghol.



Tá gol is caí go líonmhar deorach,
cois dá thaoibh Daoile ag mílte id' chógas,
is gártha sí na tíre i d' dheoidhse,
sa mBaile Uí Ghuillín do hallaí brónach.



Is brónach atuirseach ceasathach déarach,
ceasta cathach do charaid ó éagais,
a Ghi<o>búin ghil ghasta bhí flaitheamhail féastach,
go glé thuill urraim gach foireann de d' ghaolta.



Do ghaolta cé fairsing, is dearbh gur baolach
a réim go leagfar, is go gcaithfidh siad staona,
amhail gach aicme dá chalmacht tréithe,
róthréigeann a misneach nuair thiteann a gceann féinne.



Ba cheann féinne (é) an seabhac ag maithibh na tíre,
is rílaoch greanta nár chleachtaigh neamhchinnteacht,
treonfhear fearanta eagnach críonna,
i ngleo ná (i) gcaismirt dá namhaid ní stríocfadh.


L. 35


Ní stríocfadh tráth an ráib gheal laochmhar
aon troigh dhá námhaid i mbearnain baogail,
dá bhfaigheadh claíomh ina láimh is fáth roimh réidh aige,
do bhainfeadh spás den bhás gan buíochas.



Gan buíochas dá namhaid do chleachtaigh an séimhfhear
réim is gradam i bhfarrad gach séimhfhir,
ba thréan an taca é san gcathair am daortha,
do léigeadh abhaile ón mbarra na céadta.



Tá céadta dhe d' charaid go hatuirseach déarach,
ón Ráth go Seanaid is as sin go Claonghlais;
tá mná bocht leanbh, lucht anacra is déarca
i ngéibheann dealbh, go cathach ó éagais.



Éagadh obann fuair an seabhac mear álainn,
ag triall chum baile tar éis taisteal tar sáile,
ó iath na Sagsan go greannmhar grámhar,
is triath na bhflaitheas go roinne leis grása!



Grása geala agus beannacht go uamhain,
i ndáil na n-aingeal chum anam an tsuaircfhir,
réim is gradam i gcathair an tsuaimhnis,
ag sin is dearbh, tásc marbh do chuala.



An Feartlaoi:
Is fútsa a líog tá sínte an fairire cáidh,
bhí meanmnach gníomhach caoin tais soilbhir grách,
is é Giobún mear groí gealchroíoch, an bile gan cháim,
ó Bhaile Uí Ghuillín nár stríoc aon scaitheamh dá námhaid.


L. 36


Dá námhaid ní stríocfadh, croí gan ghangaid gan phlás,
gan chogal gan teimheal gan phoimp gan chealg gan phráisc,
an seabhac mear groí, de shíol na foirinne b'fhearr,
gan bhladar gan bhaois, is den bhuíon sin Gi<o>bún mac
Seagháin.



A Ghiobúin mac Seagháin, (a) fhir áidh de shleachtaibh na laoich,
is doilbh an tásc do bhás i mBanba an ghrinn,
tá fearaibh is mná go cásmhar atuirseach faíoch,
ó leagadh ar lár lag tláith thú, marbh fá líog.




L. 37


B 1820ls 19T
6
AN FEAR CÉANNA cct



Fonn: Cois taobh an chuain



Seal do bhíos-sa im' luí cois Daoile
maidin aoibhinn aerach,
do dhearcas ríogan ghrámhar naointe
bhráid gheal mhín tais mhaorga;
an tan shamhlaíos í, do phreab mo chroí
le taitneamh grinn don réiltean<n>,
ina leacain chaoin bhí caora is lítis,
ba chrathach cíortha a craobhfhoilt.



Ba bhaoth an ní liom féin mar ghníomh,
ná bréithre grinn idir éigse,
gan fios fóirlíonta d'fháil ón ríon,
arbh fhada aníos do théarnaigh;
níor labhair sí gur dhruidis síos
le hainnir chaoin na gclaonrosc,
is gur cheistíos í de ráite grinn,
arbh aon í de shímhnáibh Éireann?



"An tú an Déirdre mhín tais dhéidgheal naointe
tar toinn le Naois do éalaigh,
nó Helen chaoin dá droim gur cloíodh
san ár mac Príomh is a ghaolta,
nó Dálalí ba scriostóir cinn
ag Samson groí gníomh éachtach,
nó péarla an ghrinn dob' áille gnaoi
chuir d'asarlaíocht rí Féine?"


L. 38


"Nó (an) den triúr do phléigh an t-úll
ar an sliabh os cionn na Trae thú,
nó an Chéarnait chiúin dob' áille gnúis,
chuir muilte ar srúill go saorthach,
nó an ghailthean óg ba séimhe cló,
faoi fháil a bróin d'fhúig Éire,
nó Niamh fhoilt óir, ar Chnoc an Fhómhair,
do chloígh mac Treoin is a ghaolta?"



"Nó an fíor gur tú an réaltain mhodhúil
tug rí laoch Mumhan i gcéin leis,
do iompaigh an tsrúill ó diúgadh, fionn,
an tan tháine an Chú dá héileamh;
nó an stáidbhean chiúin bhí i gcáil is i gclú
is i gceangal dlúth Mac Gréine,
nó an bhéib gan smúit do ghráigh Mac Cumhaill,
is í Taise lonrach Taobhgheal?"



Do labhair béib na mallrosc claon
go séimh i mbréithre múinte,
is adúirt gur céile í do Mhac Gréine
is Éire mhaorga an tsubhachais,
"tá (ag) tíocht le scéala chugaibh, is géillidh,
ó imigéin tar triúcha,
go bhfuil na céadta d'fhíorfhuil Ghaedheal Glas
ag triall faoi dhéin sliocht Lúitir."


L. 39


"Dé bheatha chugainn a spéirbhean chiúin,
is nocht do rún le éifeacht,
an bhfuil cabhair nó cúna i bhfogas dúinn
do scaipeadh smúit de Ghaeil bhoicht?
dob' aite liom a n-amharc súd,
ná saibhreas Mumhan le chéile,
ag triall tar srúill go lódmhar longmhar,
ag treascairt búir an Bhéarla."



Is é dúirt an chúileann mhaorga liom,
"ná bíodh ort púir is géill dom,
go bhfuil curaidh is trúip den fhíorfhuil chumhra
ag triall go ciumhais na hÉireann;
a n-amharc súd do dhearca tú,
le fearta is cúna an Aonmhic,
ag réabadh dúnta is bailte búraibh,
is ní dainid liomsa a ngéibhinn!"



"A spéirbhean shuairc ná hime uaim
go bhfaighead fios uait le saorghuith,
cá fada uainn, de réir mar luair,
go mbeidh an ruaig ar mheirligh?"
"Beidh scaoile cruaidh ar sí ar luas,
ar an ngrathain uaill le chéile,
is Gaoidhil gan ghruaim ag scrios na gcluas
anuas de scuaine an Bhéarla."


L. 40


Gach óigfhear groí de phórshliocht Gaoidhil
tug móide grinn bheith saorthach,
is ba chróga cruinn i gcomhlann gníomh
chum coróin a ríochta shaoradh,
tógbhaidis a nglór go binn,
tá an leon ag tíocht tar tréanmhuir
i ndáil cúnta linn, i ngleo na gclaíomh,
chum cóip an fhaill do thraochadh.



De réir mar luadar laoithe is duanta
draoithe suadha is éigse,
beidh scaoile is ruaga de dhroim gach cuain
ar chlaonshliocht thruaill an Bhéarla,
is an rás do ghluais ón Spáinn ar cuaird
chum ardfhuil uasal Ghaedheal Ghlas
ón dtráth sin suas ina n-áitribh duail,
go brách, gan uamhan meirligh.


L. 41


B 1820ls 19T
7
Céad fáilte romhaibh don tír seo, a lánú uasal aoilchnis,
de phríomhthreibh cháidh na craoibhe dá airde fuair cáil;
ba cheannasach bhur sinsear in annalaibh na ríochta,
d'fholaibh uabhar Ghaoidhil Ghlais is Mhíleadh Easpáinn';
is é Peadar óg Mac Suibhne an leogan cróga gníomhach,
is an bile borb bríomhar ná stríocfadh dá námhaid,
an soilbhfhear mear croímhar is a mhaighre mánla taoibh leis,
is í Lucinda mhodhúil naointe an chaoinbhruinneall stáid.



Tá éanlaith i gcrainn go scléipeach, a<g> cantain ceoil ar ghéaga,
an druid an lon is an chéirseach ar comhthéada go binn,
gadhair is adhairc dá séideadh agus Rynard reompa ar saothar
i Ráth Chathail aoibhinn aerach na gcraobh ghlas de shíor,
an allamhuc san gaortha dá bhfreagairt súd le saorghuith,
le meidhir, is deimhin na scéalta go bhfuil spéirbhruinneall chaoin
pósta ag ráib gheal tréitheach, de bhrolla-stoc Dhoinn tSléibhe,
is de chlanna mear Milésius, mar a léifead gan mhoill.


L. 42


Níl file grinn ná éigeas, dár léaimh riamh stair as Chéitinn,
ná in annalaibh na hÉireann ná géillfidh go cruinn,
nach ráite baois mo bhréithre ar líonmhaireacht bhur ngaolta,
Mac Carrtha Mór is a ghéaga is Ó Néill dob' ardrí,
Ceallachán caoin tréitheach Chaisil chaoin na gcaoleach,
is Ó Súilleabháin gníomhéachtach, an tréanbhile groí,
is é an prionsa, plúr na féile, gan phúir do bhúir ná staonfadh,
Mac Fínghín Duibh an saorfhlaith; mo léan é san gcill!



Dá maireadh súd ina sheánrith, is an Brúnach uasal láimh leis,
Routledge mear álainn an ráib gheal gan teimheal,
an tIarla clainne Carrthach is an crobhaire Domhnall
Spáinneach,
Cormac Óg láidir, Ó Dála is Ó Caoimh,
Ó Donnabháin an sárfhear de cheap na craoibhe b'áille,
Ó Donnchadha agus táin eile d'ardfhlatha grinn,
bheadh soilse is tinte cnámha acu, is fíon dá roinn le gardas,
don mhaighre bhráid gheal mhánla is dá cáidhfhear mear groí.


L. 43


Mo léan le lua is le n-áireamh nár mhair an Brúnach cáidh mear,
amhail chonnac tráth é ina lán-neart is i ngníomh,
bheadh éigse is dáimh is fáidh fhir dhá riar go síthiúil
fáilteach,
i Ráth Chathail aoibhinn álainn le gardas don dís;
bheadh uaisle Gaoidhil ag tarla anoir is aniar ina dtáintibh,
ag amharc na comhdháile is rí rá acu ag ól fíon,
is bheadh fleá dá roinn ag Máire Ní Shúilleabháin na mbánghlac,
iníon ghrinn an ardfhlaith dob' áille san ríocht.


L. 44


B 1820c 19T
8



MAIRBHNE DO CHAN SÉAMAS Ó CAOINDEALBHÁIN



Mo chumha go bráth thú, a Sheagháin mhic Séamais,
sa nDún ar lár, gan fáil ar théarnamh;
a fhir chlúúil cháidh de bhláth na saorcheap,
ó thúis go bás do d' námhaid ná staonfadh.



Ní staonfadh Seaghán go bráth dá bhíob<h>a,
is níor stríoc do chách i gcáil dá airde,
mo chrobhaire breá cáidh mear álainn gníomhach,
de phlúr na sárfhear, nár thláith lá bruíne.



Bruíon níor chleachtaigh an faraire tréitheach,
tuargain treasa ná caismirt lá aonaigh,
ach suairceas cneasta i bhfar<r>aid na saorfhlaith,
gan uaill gan chealg gan mhairg gan chlaoinbheart.



Beart chlaon ná chleasach níorbh aithnid do m' laoch mear
i gcúrsa (a) bheatha, ná i gcaitheamh a shaogail,
fear groí mear tapam<h>ail cneasta sobhéasach,
d'úirshliocht seabhac is chruithneacht na Riaineach.



A Riainig<h> chalma is fada liom uaim thú,
san Dún faoi leacaibh i bhfar<r>aid na gcuanach,
monuar thú (i) bpearsain a mharcaigh an tsuaircis
ar shlua na marbh, is danair gan tuargain.


L. 45


Is tuargain treasa do mharbh na Riainigh,
ó Thuamhain go Caiseal is as sin go Claonghlais,
gach suaircfhear seascair ag locadh na gcaorach,
do bhain an talamh ón bhfaraire gléghlan.



Ba ghlan a ghnaoi is ba chaoin a chaomhdhreach,
ba ghlan a shlí a bhaill is a chéadfa,
ba ghlan a ghníomh is a ghníomhartha saolta,
is ba ghlan gan cíoladh a chroí le féile.



Do bhí féile is fairsinge in m' fharaire grámhar,
déirc is carthanacht oineach is páirteacht,
fear álainn searcamhail freastalach deáthach,
tarrthach tabharthach fearamhail fáilteach.



B'fháilteach an t-ionad gabháil chuige ina sheáinrith,
is ba gháireach lainneach gach friotal dá ráite;
de réir mar chluinim dob' fhuiris suí láimh leis
i gCúilín na Pise i ndáil soileadh is leann Márta.



Leann Márta is beatha uisce do scaipeadh mo cháidhfhear,
i dtigh an tábhairne in rachadh, is ag baile ar a cháirdibh;
ní raibh a shámhail ó Caiseal go Bearnain,
gealchrobhaire marcaigh, mear meanmnach grámhar.


L. 46


Ba ghrámhar greannmhar leanbaí béasach,
beoga meanmnach ceannasach gaosmhar,
an treonfhear calma gasta glanmhéineach,
de phlúr na seabhac is clanna Gadéaluis.



Ó Ghaedheal Glas d'eascair na fearchoin thréana,
ó'r fhás an faraire greannmhar tréitheach,
na Riainigh chearta dob' fhearra i gClár Éibhir,
ba ghéag dá maithibh Seaghán calma Shéamais.



Séamas (a) ainm go dearbh le hinsint,
is luím fá m' gheasa gurb aithreach croí liom
mo ráib gheal-ghreanta mhear mheanmnach gaoismhar,
tréithlag marbh, le seachtain fá líogaibh.



Fá líog lag marbh mo dhanaid le m' réidh thú,
is do chéile chneasta de d'easnamh, is léan liom,
tá an chaoinbhean bhanamhail mhaiseamhail bhéasach,
ag caí gach maidean go hatuirseach déarach.



Tá déara glasa léi ag freasa gan traochadh,
is ní gan ábhar di ag sileadh na mbraonaibh,
tugais láimhseáil fhairsing di ar marga aonaigh,
is marcaíocht shochair ar eachra ghléasta.



Ba ghléasta acfainneach ceannasach suaimhneach
do bhí an Riaineach greannmhar sealad i gCuanach,
ba thréan a charaid ó Chaiseal go Tuamhain,
is mo léan le mairg ná feaca é dá uaghchur.


L. 47


Ní cuirfí san uaigh mo shuaircfhear gníomhach,
go n-abrainn duain dó i gcluasa mílte,
muna mbeadh gur leagadh trí huaire i dTuath Chloigín mé,
is an talamh máguaird ag luascadh im' thimpeall.



Timpeall do ghabhas go Cuilinn Ó gCuanach,
gan lúid im' ballaibh is m'aigne buartha,
go dtánga go tigh Rucaird, glanbhile gan duairceas,
geal-Bhúrcach lainneach do hoileadh le suairceas.



Ba shuairc ba shoirbh is ba shoilbhir páirteach,
is ba ghrámhar lainneach an fhoireann de d'cháirde
do tháinig id' choinne go Luimneach bhárcach,
idir mhnáibh is fearaibh ar eachraí áille.



Dob' álainn an aicme na fearaibh réamhráite,
os cionn do mhairbh ag cartadh biotáille;
d'fhúig sú na bratha san laithigh ar lár mé,
idir Lom na nEachra is Tiobraid Árann.



I dTobraid Árann ba mhinic mo shéimhfhear
i gcomhdháil na foirinne churata thréithigh;
is i gCúilín na Pise ba thú cara na cléire,
is gan anois acu i d'ionad ach raispíní caorach.



Ní caora ceathartha an t-ailbhín claon so,
ach caora galair sliocht fleascach is baothlach,
agus caora ghearraigh an talamh ó m' laochmear,
díbirt fhada orthu ó thearmainn Gréine!


L. 48


Grian na bhFlaitheas ar anam an cháidhfhir,
i ndáil na n-aingeal na n-apstal is na bhfáidhe,
Pól is Peadar, Eoin Baiste is a mháthair,
is na Maighdine Beannaithe, banaltra an Ardmhic.



A Mhic Mhuire na ngrás 'tá lán de dhaonnacht,
is d'fhuiling an pháis is bás dár saoradh,
tabhair beatha an tsóláis id' áras réalta,
d'anam an cháidhfhir, áilim féin ort.



Éim is aicim ort a Bhanaltra chíoch gheal,
is a bhanríon bheannaithe gheanmnaí naíonta,
labhairt i bpearsain le d' leanbh geal, Íosa,
tré mhaitheamh a pheacaí don fharaire chroí gheal.



Ba gheal a chroí is ba chaoin a bhréithre,
ba thais a ghnaoi is ba bhinn a shaorghuith,
ba ghasta a ghníomh is a ghníomhartha saolta,
is le startha grinn, ba ghnaoi leis éisteacht.



D'éisteadh tráth lem' dhán go héagnairc,
is branda ón Spáinn ar clár is daorphuins;
mo chúig céad slán le barr na féile,
is mo chumha go bráth thú a Sheagháin Mhic Séamais.



An Feartlaoi nó an tEpitaph:
Fúmsa thíos tá sínte faraire cáidh,
de mhaithibh na nGaoidheal, de shíolrach Golamh Easpáinn',
soilbhfhear groí gealchroíoch mear calma náir,
gan chogal gan teimheal gan phoimp gan chealg gan cháim.


L. 49


B 1819-22 19T
9
SÉAMAS Ó CAOINDEALBHÁIN DON ATHAIR UILLIAM MAC GEARAILT



Tá sagart glanmhéineach caoinbhréithreach carthanach,
fíréanda geanmnach cráifeach,
(i) gCnoc an Doire na n-aolbhrog, de shaorcheap na nGearaltach,
dá éarlamh i seanchas dála;
leon soilbhir séanmhar séimhgheal searcamhail,
maorga meanmnach grámhar,
mear ceannasach léidmheach tréitheach calma,
ná staonfadh i dtreasa dá námhaid.



Níl sagart ins an dóiseas comh eolach comh eagnach,
comh beolach dea-labhartha comh tréitheach,
comh curata comh deoraidh comh cróga comh calma,
comh fóiritheach comh measartha le m' laochmear;
is binnghlórach an t-óigfhear é ar bhord an aifrinn,
glórmhar beannaithe naofa,
ag craobhscaoileadh an tsoiscéil dá t<h>ionól go taitneamhach,
is dá dtreoradh chum peaca do thréigean.



Is dearbh nach bhfuil cléireach in Éirinn comh geanmnach,
comh léadmhar comh ceannasach comh mórga,
leis an nGearaltach séimh de phréimhshliocht na bhfearchoin,
ná tréigfeadh a charaid lá comhraic;
an faraire gléghlan is gléire labhartha,
le bréithre beannaithe glórmhar,
ag teagasc a thréad mar naomh ó Pharthas,
go saorthach ainglí beoghuith.


L. 50


Níl sagart le fáil i gClár Luirc Bhanba,
is áille labhartha is bréithre,
ná an soilbhfhear cáidh seo de bhláth na nGearaltach,
táidhleach tabharthach tréadmhar;
ógbhile glan fáthach láidir acfainneach,
grámhar greannmhar gaosmhar,
séimhfhriotalach páirteach cairdeach caraideach,
grásmhar cabharthach béasach.



Níl easpag ná pápa, deánach ná reathaire,
is breátha labhartha agus saorghuith,
ná an faraire cráifeach cáidh seo thagraim,
do ghráigh an Eaglais naofa;
níor cheangail riamh páirt le táin na Sacsana,
sliocht Mhártain mhallaithe chraosaigh,
is gallchlann Sheagháin coinnealbháite Chailbhin,
'na bhfuil gráin is eascaine Dé orthu!



Do shiúil mé go déanach Clár Éibhir is Sacsana,
Bohémia agus talamh na hEaspáinne,
críoch na Portaingéile Tuircéis agus Albain,
an Ghréig agus ríocht na Gearmáine;
is iomdha sagart caoinbhréithreach san réim sin do dhearcasa,
soiscéalaí reataire is bráthair,
is ní fheaca ceachtar den chléir is gléire ná an Gearaltach,
gné ghlan geanmnach cráifeach.


L. 51


Is é barr is crích mo scéil díbh, á éigse an tseanchais,
eagnaí ghreannmhar ghrámhar,
gur ó bhile na préimhe is gléire, Gearaltach
éarlamh ceannasach, d'fhás sé;
de shíol Cheallacháin chaomh ghil thréithigh chalma,
saorfhlaith Chaisil a mháthair,
d'fhúig clanna Thurgesius faonlag treascartha
ina réim sin, is tuilleadh ná tráchtaim.


L. 52


B 1823 19T
U 0401
10
DIARMAID Ó CONAILL cct



Tré m'aisling dom araoir do dhearcas ainnir chaoin,
inar gheanúil a gnaoi is a scéimh ghlan;
a leaca leabhair mhín is a déid ar dhath an aoil,
a claondearc is a braoithe maorga,
a mama deasa cruinn ar seangchruit gan teimheal,
is a caoltroigh gan bhaois go néata,
foltaibh a cinn go fite snoite slim,
go craipinneach ag tíocht go féar léi.



An tan do dhearcas í, is léir gur phreab mo chroí
le héigean searc is grinn don réiltheann,
is go mb'fhearra liom fá thrí ná saibhreas an tsaoil,
go mbeinn seal ina coim ag pléireacht;
go ndeachasa ina diaidh, is mheasas léi labhairt
an tráth mhúscail mo cheann as néalta,
is an uair fuaireas mo mheabhair is ea thuiteas féin go fann,
mar nárbh fhiosach mé ar shamhailt nó naomh í.



Is a Shéamais a ghrinnfhir chalma ghroí
Uí Chaoindealbháin, (a) fhir leogain,
is fearr gaisce is gníomh eagna agus gaois,
tabhaim dhuit ríocht Cóige,
taistil gan mhoill dom thearmainn scéin,
is tarraing do chlaíomh comhraic,
is feasaigh don mhnaoi cá bhfuil a fearann nó a tír,
nó an duine den tsíol chóir í.


L. 53


B 1823 19T
U 0452
11
AN FREAGRA LE SÉAMAS Ó CAOINDEALBHÁIN



A Dhiarmaid mhic Seagháin Uí Chonaill chaoin cháidh,
fir reicithe an dáin dírigh,
do d' shamhailse ba náir gan labhairt i dtráth,
le hainnir na mbánchíocha;
rachadsa gan spás gan eagla ná tlás,
go tearmainn ghlas álainn íodha,
is má castar liom an bháb, go dearbh dhuit mo lámh,
go gcaithfidh sí cineál dom insint.



Fhir shoilbhir gan teimheal de mhaithibh clanna Gaoidhil,
is bhrolla-shliocht ghlan Mhíleadh Easpáinne,
cár ghabh t'eagna is do ghaois, ná fós do ranna grinn,
is gan labhairt leis an ríogan álainn;
éirigh is preab id' shuí go fras mar éan do chraoibh,
go rachaimid go linn na cláimhe,
mar a gcaithfir cuntas cruinn do thabhairt ins an mnaoi,
muna dtigidh sí gan scíth im' láthair.



Ar m'easpairtibh do bhíos, nuair amharcas le m' thaoibh,
an eala-bhruinneall aoibhinn álainn,
ba gheanamhail a gnaoi, ba mhaiseamhail a haoir,
ba thaitneamhach a píp is a bráid gheal,
a rosca glasa cruinn, mar réalta seaca bhí,
is a mala dheas chaoil chomhsháitheach,
a béilín tanaí caoin is a déid mar bhláth an draighin,
nó mar shneachta geal aon oíche i mbarr cnoic.


L. 54


Ba chamarsach cíortha craipinneach frinseach,
bachallach buí tiubh néamhrach
do bhí furcaibh a cinn, ina sraithibh léi síos,
go snaimtheach cas trilseach péarlach,
bhí caora is líth ag pléireacht gan scíth
ina leacain tais naíonta mhaorga,
is gan ceachtar den dís ag tréigean na slí,
ach ag caismirt is ag bruíon ina héadan.



An tan dhearcas go glinn, ó mhullach go rinn,
an ainnir gheal mhín mhaorga,
do phreabas gan scíth ar amharc a gnaoi,
le taitneamh don chaoinréiltheann,
go ndeachas ina coim, mar ascath i mbun claímh,
is m'easpairtib<h> d'fhíor-thréigeas,
is d'agallas í a hainm do ríomh,
i dteanga na grinn-Gaeilge.



Nó an dá deascaibh do fríth lag marbh mac Priam,
an churadh ba ghníomh éachtach,
i gcathair na Traí ba chalma an laoich
an faraire groí tréitheach,
nó an ainnir da droim inar treascradh Naois,
dár ghairm an draoi Deirdre,
nó Eithne gheal chaoin tug Conall don bhinn,
is an codladh dá s<h>íorthraochadh?



Nó an chúileann chúlbhuí chuir geasa i ndáil Fhinn,
rinn seanduine críon tláith dhe,
go dtáinig a bhuíon ó Almhain aníos,
gur dhalladar brí an fháinne,
nó an eala bhean chaoin ba chealgach croí,
d'fhúig Samson mear-ghníomhach lán lag,
is do chimil an deimheas de mhullach a chinn,
do shladaigh a bhrí is a shláinte?


L. 55


Nó an Chéarnait chiúin chuir muileann ar dtúis,
go hinnealta ar srúill sréabh ghlas,
nó an ainnir gheal chlúúil, ba thaitneamhach gnúis,
fuair seilbh an úill aerga,
nó an Bhláthnait gan smúit, an bhé ba chosúil
le scáil an lonradh gréine,
dá deasca an chú gur mhairbh laoch Mumhan,
an ascathmhear lúfar tréitheach?



Fochtaim arís den mhascalach mhíonla,
bhanamhail mhín tais mhaorga,
arbh ainm di Aoibhill, cara na Muimhneach,
charthanach chaoin ón Léithchraig,
nó an ainnir ghealchíoch dá ngairmthear Clíodhna
thaitneamhach aoibhinn aerach,
nó an tusa an tí d'fhúig Inis Fiodh Bhuí
faoi tharcaisne is dímheas meirleach?



Nó an tú an ainnir bhean chaoin bhí i ndeilbh claimhsí,
do cheangal an triar saorfhlaith,
nó an ceachtar den dís thú, d'imigh le baois,
chum reatha de dhroim an tsléibhe,
nó an tú Banba an ghrinn bean chéile Mhic Cuill,
Fódla ghealchíoch nó Éire,
fios freagra faighim, a bhruinneall ná moill mé,
ach tabhair dhom roinn faisnéise.


L. 56


d'fhreagair an bhrídeach mhascalach mhíonla,
bhanamhail mhín tais álainn,
"ní ceachtar den bhuíon do rinnis a ríomh mé,
ach cara na nGaoidheal is a máthair,
do thaisteal araoir tar treathan do scíth,
go hInis ghlas aoibhinn Fháilge,
le teachtaireacht chruinn go mbeidh lomscrios claímh
ar shliocht Chailbhin is shíolrach Mhártain."



"Céad fáilte reomhad faoi thrí a Scóta déidgheal chaoin,
is aithris dúinn go cruinn gan cháirde,
bhfuil an chabhair ag teacht tar toinn do réifidh ár gceasnaí,
nó an fada bheidh daoirse i gClár Luirc?"
"Go dearbh duit" ar sí, "is ró-ghearr go mbeidh gach críth,
go soirbh lainneach aoibhinn páirteach,
agus Sagsanaibh ag caí, gan stát ná fearann claímh,
do gheabhairse (i) bPastorine an dáta.



"Beidh Gallshliocht gan mhoill, is Cailbhinigh ag caí,
go hatuirseach lagbhríoch gan faosamh,
gan fearannaibh gan chríth, eachra ná tíos,
in anchruith ag Gaoidhil dá léirscrios;
ní bheidh deachmhaithe ná cíos sraitheanna ná íoc,
ná taxanna in aghaidh an mhí ar Éirinn,
is beidh ministéirí Chríost go ceannasach sa tír,
ag canadh salm grinn go naofa."


L. 57


"De réir mar luadar naoimh, rinn tairngreacht a scríobh,
beidh fanatics lagbhríoch gan cháirde,
faoi tharcaisne aige Gaoidhil in anbhroid gach laoi,
gan sosadh ló go n-oíche i gClár Luirc;
ag seo an dáta dhuit go cruinn, i nGaeilge ghasta caoin,
go hachomair le ríomh is áirigh,
trí cheann ar M is D is dó choll an cúigmhadh mír,
eatarthu cur b ae., táthaigh.


L. 58


B 1824 19T
12



SÉAMAS Ó CAOINDEALBHÁIN CCT A.D. 1824



Fonn: Rodney's Glory



Éistidh le m' dhréacht a chaoimhshliocht Gaoidhil,
is le m' theagasc cidh faon mé i spré is i maoin,
taithleach le chéile is éagnairc bídh,
dil taitneamhach díleas páirteach;
deirim libh tréigidh craos na dí,
iomarbhá aonaigh scréacha is bruíon,
aicme dhrochmhéinigh, nach saobh bhur slí,
ag gearradh is ag raobadh plaoisc is baill,
is mallacht na cléire in aghaidh an rae in bhur mbaill,
nó sciolpadh lucht dlí ar bhur bhfáltas.



Fáltas is maoin lucht bruíne is ágha,
sciolpann lucht dlí, má bhíonn le fáil,
is a reachtaire dlíonn gé is caora d'fháil,
uan banbh nó minseach álainn;
is minic cruashnaidhm chaoin den chnáibh
ar uimhir den bhuidhin seo is cuibhreach lámha,
dá stathadh is dá straoilleadh ar ghírle brád,
ag an lomaire ciacrach, caoifeach táir,
is na carcra dá líonadh dhíbh gach lá,
is gach aicme eile síoch glanpháirteach.


L. 59


Is páirteach do bhíonn Pailintínigh táir,
is gach aicme eile caoifeach i gcríochaibh Fáil,
deabhadh ná bruíon ní bhíonn go brách
idir Gallaibh ó naíon go hársacht;
ní mar sin do bhíonn sliocht Gaoidhil mo chás,
ach ag stolladh is ag ciorrbhadh cinn is cnámh,
ar an ábhar san bíd, beid choíche is táid
bocht dealbh lagbhríoch, faoi dhaoirse ag cách,
gan earra gan mhaoin gan chrích gan cháil,
in anacra an tsaoil dá gcáible.



Cáible na gcéadta de caomhfhine Gaoidhil
i gClár Éibhir le tréimhse gan faosamh aindlí,
dá dtraochadh mo léanchreach le claonéachtaí fill,
in iomadh dár ngníomhartha fíráille;
de dheascaibh a mbaothacht a saofacht is a mbaois,
do hionnarbadh ina dtréadaibh ár ngaolta thar thoinn,
i gcríocha imigéin gan cléire dá ndíon,
fá mhoghsaine daor le géarsmacht Gaill,
go doilbh dubhach céasta déarach faíoch,
faoi tharcaisne i dtír gan cháirde.



A cháirde grách is a shliocht ársa Gaoidhil,
mo theagasc i dtráth más áil libh í,
tugaidh aire dhom rá ins gach ard den chríoch,
nó is dearbh gur díbh nach fearrde;
ceangailidh páirt le gardas Críost,
seacanaidh ál na cránach duibhe,
is gach aicme eile tá de ghnáth ar bhur dtí,
is is gairid díbh caomhna an Airdmhic.


L. 60


A Mhic Mhuire na ngrás d'fhulaing páis inár dtaoibh,
is do pheannaigh do d' ghrá sliocht Ádhaimhe is Íbh,
leasaigh i dtráth mígnás na nGaoidhil,
ort aicim tríd dhiacht is daonnacht;
mo dhalladh mo chás nach náir an gníomh
do chreideamh ginearálta ins gach áit ina mbíd,
bheith ag stolladh is ag tnáitheadh cnámha is cinn,
is sliocht Cailbhin is Mhártain ag gáirí thríd,
ag scige faoi chách ag lámhach na líog,
gan sosa stad scíth ná staonadh.



Staonaigíse, an tsíth is fearr,
óir is beannaithe an bhuíon a ní an tsíocháin,
tugaidh aire go grinn do laoi os ard
an eagailsigh aoibh sruithléannta;
is é an tAthair Uilliam caoin-mhear gníomhach cáidh,
Mac Gearailt gealchroích an tsaoi neamhspleách,
gléfharaire groí dea-ghníomharthach grách,
de mhaithibh na fíodh nár stríoc dá námhaid,
a theagasc tá bríomhar díbh gach lá,
is a bhreallshliocht Gaoidhil leis éistidh!


L. 61


B 1824-25 19T
13
SÉAMAS Ó CAOINDEALBHÁIN CCT



Fonn: Lomaire crochta as chrann (etc.)



Madan aoibhinn aerach, go seascair is mé im'aonar,
ar leaba chluthar ghréis ghlan go héagnairc im' luí,
do dhearcas aindear néamhrach mhodhúil gheanúil caoin mhaorga,
ghrua chorcra chnis ghléigeal fras-dhéarach lem' thaoibh;
bhí dlaoithe grinn ina slaodaibh léi síos go frinseach dréimreach,
go búclach casta péarlach tiugh craobhfholtach buí;
a dreach ar dhath na gcaora, trí shneachta aon oíche (ag) pléireacht,
is a dhá cíoch chruinne ghéara cheann chaola gan teimheal.



Do bhíog mo chroí trém' néalta, is ghaibh creatha is uabhar cléibh mé,
tan d'amharcas an chaomhbhruinneall dhéidgheal leam thaoibh,
a dearca cruinne chlaona mar réalta seaca ar aer ghlan,
is a mala ghearra chaol tais mar ghlétharraing pinn;
a leabhairchroibh ba ghléire chuir gréis ar bhrata daora,
sionnig broic is béithribh leoin faolchoin is gríbh,
an eilit mhaoil is a céile is na gadhair dhá bhfiach ar saothar,
fearainn breaca is géise agus gleairchearca fraoigh.


L. 62


Tráth mhúscail mé as mo néaltaibh, is tapa fras do léimeas,
m'imeagla do thréig mé, is do théarnigh mo bhrí,
is d'fhiosras don raeltin go cneasta caoin i nGaeilge,
cúis a caí is a géarghoil, nó ar bhaolach dhom í,
nó ar cheachtair í de bhéithibh an úill ag plé le chéile,
nó an aindear chailce Céarnait chuir gleair-roith ar linn,
dá bhíthin sin gur saoradh a hanacra is a daorbhroid,
ó mheilt na brón ina haonar in éiric a gnímh.



Nó an dá deasca fríth go faonlag i dtreas na gclaíomh an saorfhlaith,
Eachtair grí mear tréitheach gníomhéachtach mac Príomh,
nó an mhascalach chaoin mhaorga, d'fhúig clanna Gaoidhil faoi dhaorsmacht,
ag camshliocht na meirleach do thréig creideamh Chríost,
nó an eala bhean chneasghléigeal do chuaigh ar ceal ó Éamhain,
le gean is cumann cléibhe is léirshearc do Naois,
nó an aindear tug Mac Néill leis go barr na binne ar éigean,
Fódla chríon nó Éire nó céile Mhic Cuill?



D'fhreagair sí go gaosmhar, i dteanga ghrinn na Gaeilge,
is dubhairt gurb í bean chéile í Mhic Gréine na ndraoi,
bhí anacra le tréimhse aige saithe thruaill an Bhéarla,
dá creimeadh is dá créime dá céasa is dá cnaí;


L. 63


"ag sin fáth mo ghéarghoil" ar sí, "do saoithibh Éireann,
is an líomhnadh chím ar Ghaeil bhocht dhá séideadh tar toinn,
dá gcrochadh is dá n-aolchur ag bréanshliocht Mhártain chraosaigh,
agus faire oíche is lae orthu aige claonlomairí."



"Le fearta is congnadh an Aonmhic fuair peannaid croise is céasadh,
beidh Gallchoin go tréithlag faoi Fhéile na Naoimh,
is lomscrios na Féinne ar gach lomaire fill éithigh
dá bhfuil i bhfearann Éibhir mar aon lena síol;
níl Swadléir ná Quaker, Solas Nua na Presbetérian,
lorgaire ná meirleach do shéan creideamh Chríost
ná caithfidh stríocadh is géilleadh do reacht is riail na cléire,
is a mbíobla tacair bréige do thréigean gan mhoill."



"De réir mar luadar fáidhe sruithe suadh is dáimhe,
do tharngair go fáidh ghlic ar dhála gach aois,
beidh an scuaine coinnealbháite nár ghráigh an tÁbhé
Máire,
go hanacrach dícháirdeach dá gcáible aige Gaoidhil;
beidh Gearóid adhartha ag Sátan mar aon le Piaras Báile,
Sibéal glas is mála uirthi lán de bhíoblaí,
Tiobóid leamh is a bhráithre, a chleamhnaithe is a cháirde,
ceangailte do Mhártan idir Sheaghán is Hanraí."


L. 64


Aicim ar Mhac Mháire mhódhúil mharthanach chaoin chráifeach,
d'fhuilaing pian is crá ghoin na páise inár dtaoibh,
ár gcreideamh ginearálta bheith seasamhach in ardmheas,
is reacht is dlíthe Mhártain gan cháirde do chloí;
an ghrathan choinnealbháite seo d'ionnarbadh tar sáile,
go dealbh bocht dícháirdiúil, gan áitreamh gan tíos,
is gach eaglaiseach fáthach róghráigh an Mhaighdean ghrásmhar
bheith ceannasach i gClár Luirc gan spleáchas dá nímhid.



Eoghain chaomh ghil Uí Chaomhánaigh, a shuaircfhir uallach
fáidhghlic,
de phréimhshliocht uasal ársa is d'ardfhlatha gnímh,
a bhláth is a phlúr na dáimhe, ort aicim go caoinráiteach,
má amharcair an dán seo ná cáin mise thríd,
ach ceartaigh é is bláth<a>igh is do ranna grinn leis táthaigh,
agus stiúirigh soir chum Seagháin é go hAth na nglaslíog,
an t-éigeas cliste fáthach séimhfhriotalach ildánach,
is scriosaigí síol Mhártain ná gránn buime Chríost!



Ceangal:
Mo chumha mo chneasna mo mhairg is crá mo chroí,
mo phúir mo pheannaid mo dhanaid is fáth mo chaí,
sliocht Lúitear chalcaigh, an aicme nach grá le Críost,
go súgach seascair i bhfearannaibh ársa Gaoidheal.


L. 65


B 1827c 19T
U 0401
14



BUÍ BHÉARRA GHLAS MHUIMHNEACH NA SÉAD, AG CCT



Fonn: Lomaire crochta as chrann



Araoir is mé go brónach, ar fheorainn mhín aeraigh,
i gcoim choille ghéag ghlaise ar thaobh Ghleanna Duibhe,
le m' thaoibh do shuigh an Spéirbhean is a ciabhaibh
casta dréimreach,
ag tíocht go buí tiugh péarlach ina slaodaibh léi síos;
bhí caor is sneachta in éineacht ag caismirt treasa
tréanmhar,
is gan ceachtar acu (ag) géilleadh ina séimhleacain chaoin,
a mala ghearra chaol dheas is a rosc mar dhrúcht an
fhéir ghlais,
a dá chruinn mhama ghéara gan claochladh ar a clí.



Is fíor go rabhas tréimhse, gan bhrí gan phreab im' ghéaga,
is nárbh fheasach dom cá taobh as ar théarnaigh im' shlí,
gur éiríos suas go héasca agus d'fhiosras den réaltean,
"cá ríocht cá treibh cá tréad duit a spéirbhruinneall mhín?
nó an tú thar lear thug scaoth leat de bhantracht na Gréige,
is do cheangail flaith na Féinne go daor docht le draíocht,
nó an bhean bhí i gceart mar chéile ag Fínghín groí mac Aodha Dhuibh,
fuair clú agus réim in Éirinn, is gléghairm rí?"


L. 66


"Nó an den dís bhan chaomh tú, ba chlann do Thuathal Téachtmhar,
gur cailleadh iad go héasca le meirleach amhchaoin,
nó an tú do chuir na Baodhbaibh ag foghlaim draíocht is claonbheart,
gur treascradh an laoch mear go faonlag dhá ndroim,
nó an tú do dhóigh an glébhrat le ainbhios mímhéineach,
do tharraing Cath Mhaighe nÉalta is do ghaolta ann gur cloíodh,
nó an ainnir álainn déidgheal do dhiúltadh d'F<h>ionn mar chéile,
is do thaisteal triúchaibh Éireann le tréanmhac Uí Dhuibhinn?"



d'fhreagair sí go séimh dom, i dteanga mhilis Ghaeilge,
"ní ceachtar díobh dár léighis mé, cia léir dom an bhuíon,
m'ainm ceart duit Éire tá le seal ag staeireacht,
ag adhaltranas na meirleach do théarnaigh thar toinn;
is róghearr go mbeid sin faonlag, gan fleá gan fíon gan féasta,
gan paca binn ar thaobh cnoic, ná glaoch ar a gcíos,
beidh gearradh cinn is géaga ar gach ailp acu gan faosamh,
do rinn an pháis do raobadh is do shéan creideamh Chríost."


L. 67


"Tá buíon ag teacht go léadmhar i mbarcaibh dighin ar tréanmhuir,
le lannaibh líofa faobhair chum meirleacha chloí,
dream an oilc do chéas sinn le Achtaibh docht gach féile,
is an deichmhadh cuid dár saothar dá gcléir do bhuain dínn,
beadh fuil a gcroí dhá taosca mar thuile (ag) teacht le taobh chnoic
na danair dhúra dhaora rinn eirleach ar Ghaoidhil,
an aicme thoghann mar bhéile feoil Dé hAoine is féasta,
aitheanta Dé raonaid is raobaid a dhlí."



"Aithris don chléir chirt is ná dearmad an éigse,
nach plás ná canadh bréagach mo bhréithre, ach fíor;
le ráite ghlan na naomhaibh is gairid uainn an téarma,
go lasfar dúnta méithphoic, is ní léan liom a gcrích;
na Gallchonaibh chraosacha tháine chugainn go hÉire;
do fuair a bhfearainn tsaora gan éiliomh gan díol,
ruaigfear iad le chéile as chríochaibh Inis Éilge
is beidh Clár Luirc ina dhéidh sin ag Gaelaibh gan chíos."



Stadfad feasta is éistfead, im' rannaibh ní bhfuil éifeacht,
ar sheanchas na laochra ní léir dom cur síos,
do chríon do mheath do chlaochladh mo mheabhair mo chroí agus m'éirim,
tá pairthis i m' ghéaga is mo scéimh treafa ag aois;
fúigfead é faoi Shéamas, oidhre cheart Uíbh Laoghaire,
bile blasta léannta na séimhfhriotal ghrinn,


L. 68


bíodh a cheann a pheann is a mhéaraibh le fonn ag teacht le chéile,
go gcuiridh sliocht na bhfaolchoin chum caorann ina loing.



An Ceangal:
A bhile gan bhéim is a Shéamais chalma shuairc,
de shleachtaibh na laoch, nár staon i dtreasa dá chrua,
cuirim caingean chugat féin, is ná héim mé, freagair mo dhuain,
ag gearra na méithphoc claon faid mhairfidh do luail!


L. 69


B 1827c 19T
U 0452
15



OIDHRE CHEART DHÍLEAS SHINSEAR UÍBH LAOGHAIRE
NA MÍ CCT, ag freagairt ar an bhfonn chéanna,
("Lomaire crochta as chrann")



A Mhíchíl ghasta thréithigh Uí Shúilleabháin shruith-léannda,
de phlúr na bhfear ná staonfadh i dtréan dtreas na gclaíomh,
do ranna ghrinn má thréigir i dteanga mhín na Gaeilge,
ní cheapfad laoi ná véarsa le m' shaogal a shaoi;
ar an ábhar sin tabhair géille dom ráite (a) chroí na féile,
tá meabhair id' cheann is éifeacht, ciall éirim is gaois,
níl éalaing pinn ná géig ort, ná pairthis id' mhéaraibh,
a cháidhfhir cailce is gléire de phréimhshliocht Fhínghín.



Tré m'aisling dom go déanach ar mhaoilinn cnoic go haonra,
i ngarán choille ghéag ghlaise dhéamhair im' luí,
do dhearcas ainnir néamhrach ghrua chorcra chneas gléigeal,
ag caí is ag freasadh déaraibh ag téarnamh le m' thaoibh;
bhí líothra (a) cinn ina slaodaibh léi síos go frinseach péarlach,
ina ndlaoithe casta dréimreach tiugh craobhfholtach slim,
a dreach is a pearsa éagnairc, is a píp ar lí na géise,
mar bhláth an draighean bhí (a) déide is a réilt dhearc gan teimheal.




L. 70


An tráth do dhearcas taobh liom an ealabhruinneall mhaorga,
is firb fras do léimeas tré m' néalta le scíth,
ghaibh mearbhall mo chéadfa creatha croí agus cléibhe,
Táine pairthis im' ghéaga is do chlaochladh mo bhrí,
gur éiríos suas go héasca (an) tan fuaireas fuaradh is faosamh,
is d'f<h>iosras den raeltean i ngléghuith na nGaoidhil,
arbh í Áine í (i) ndíoghal a héigne,
do chréim a chluas den tsaorfhlaith,
nó Scéine chailce dhéidgheal, bean chéile Aimhirgín?



"An tú Eithne brolla ghléigeal bhí ar dhaltachas ag Déisibh,
is d'itheadh go prímhéasca ar a béile feoil naoidhin,
nó Béara chailce ghlédhreach do rinn an bhrat órghréasach,
don bhile táidhleach éarlamh ghníomh éachtach mhear ghroí,
nó an ríogan bhanúil bhéasach ina bleachtaire chaith tréimhse,
gur snaidhmeadh í le saorfhlaith de phréimhfhine Gaoidhil,
nó an chúileann chúnnla mhaorga, thug an iúrach iúr d'Airt aonair,
do mhúch a thart is d'aontaigh mar chéile leis luí?"


L. 71


"An tú Eithne gheanúil Órach, thug gean do Dhaithí dheoraidh,
is do ghaibh mianghas d'fheoil mhoilt is óg-ghein ina broinn,
nó Eithne Uathach córach, do thit go faon i gcomhrac,
mar aon le triath na Cóige i ngleo Chille Osnaidhe,
nó Aoife mhiochair mhómhair do fuair an iodh nó an órnasc,
ón gcoin ba chliste (i) gcomhlainn do léonaigh Conmhaoil,
nó Síoda máthair Eogain thuill ceannas críche is mór-mheas,
nó Eithne Chonaill oirirc rug treonfhear ón mbinn?"



"An tú Feidhlim dheilbh ghléigeal, do bhronn a mac go haontach,
d'Íngeanach mhodhúil éagnairc do thréig a hiníon,
nó Fionnabhartach mhaorga, Tea greannmhar nó an aonbhean,
nó máthair áil na ndéithibh ó nglaotar Dá Chích,
nó an tú do chuir an tréanfhlaith ag taisteal triúch ina haonar,
mórthimpeall chríche Éireann chum géilleadh dá dhlí,
nó an ainnir bhean óg-ghnéitheach, dá droim gur cloíodh Turgesius,
nó an de bhéithibh Inis Éilge tú, a spéirbhean gan teimheal?"


L. 72


D'fhreagair sí go héasca sobhlasta beachtadh béasach,
is dúirt "ní haon dár léighis mé, cia is bé mé (de) shliocht Ghaoidhil,
bhí snaidhmithe le hÉibhir i gceangal chuing na cléire,
le hÉireamhóin na gcaoleach is le glémhacaibh Ír,
le Tuathal táidhleach Téachtmhar is le Feidhlim Reachtmhar éarlamh,
le Conn is a mhac Airt aonair, is le saorshleachtaibh Íth,
gur hionnarbadh mo ghaolta le danair oilc as Éire,
(an) tan d'éalaigh Rí na Bréifne go clé le Mac Maoil."



"Céad fáilte reomhad a raeltean go hInis aoibhin Éilge,
is feasaigh dom le d' shaorthoil (an) bhfuil faosamh lámh linn,
nó an fada bheam faoi dhaorsmacht in anacra is i ndaorbhroid
ag sliocht Mhártain chalcaigh chraosaigh, do thréig buime Chríost?"
"Deirim leat is géillidh, gur gearr go bhfeicfear meirligh
gan eachra gan éadach gan méithrios gan fíon,
agus clanna mear Milésius i bhfearann Luirc le chéile,
go ceannasach caithréimeach ina n-aolbhrogaibh grinn."


L. 73


"Is gearr go mbeidh sliocht Ghaedheal Ghlais go soirbh lainneach séanlith,
ag ionnarbadh is ag claochladh síol mheirligh an fhill,
an ghrathain chuthaigh chraosaigh do shéan an creideamh aonda,
an t-aifreann an chléir an corp naofa is fuil Chríost;
caithfidh ministéirí a ndeachmhaithe do thréigean,
cealla shratha is gléibibh, a ngréithre is a maoin,
is beidh lomscrios na Féinne ar na Gallchoin le chéile,
in Inis aoibhinn Éilge, faoi Fhéile na Naoimh."



Ag so laoi le héirim is aisti baintear éifeacht,
ina bhfuil dáta is aois an Aon Mhic i nGaeilge go cruinn,
ina mbeidh Gallchoin go faonlag, an lomaire is an meirleach,
an lorgaire is an Quaker dhá dtraochadh aige Gaoidhil;
cuir ceann ar mhuin is glédhair go beacht i gcionn a chéile,
is dúbail seasca taobh leo, dá aon agus trí,
triochad dís is caogad le amhancholl ina haonar,
a dó is a trí agus glaotar trí héasca ar an líon.


L. 74


An Ceangal:
Mo phúir mo pheannaid mo cheasna mo chrá is mo chiach,
mo chumha mo dheacair mo mhairg is mo phráinn go dian,
sliocht Liútair chalcaithe ar eachraibh áille (ag) fiach,
is Gaoidhil go dealbh faoi tharcaisne ag ál an Diabhail.



Éim is aicim ar athair na ngrása fial,
is ar (a) Aonmhac mharthanach d'fhuiling an pháis le pian,
sliocht Mhártain mhallaithe, an aicme mhíghnámhach iar,
do chloí is do leagadh le galaraibh áir is gliadh.


L. 75


B 1824-35 19T
16
AN RÍ CÍARRAÍOCH, SONN
Séamas Ó Caoindealbháin cct.



Ceol: "Táimse im' chodladh"



Trí m'aisling araoir im' luí go seascair
cois taoibh an ghleanna, faoi gháir na n-éan,
is mé (ag) machnamh ar shuidheachan Inse Bhanba,
is ar ghníomha danair ag cáible Gaeil;
tráth dhearcas an tsíbhean chaoin tais mharthanach,
mhaiseamhail naíonta mhíonla bhanamhail,
is a hionailt dá coinleacht tríd an machaire,
is a dlaoithe (ag) feacadh go fáinneach léi.



An uair dhearcas an dís le m' thaoibh, do phreabas,
gan scíth im' sheasamh ar bharr an fhéir,
agus fiosaim den ríon cá tír nó baile dhi,
inse cathair nó áras gléir,
nó an ainnir í bhí fá dhraíocht nó geasa,
bean leasa nó síobhra de shíchlann Bhanba,
nó ar cheachtar den bhuíon í fríth le geasaireacht,
laoithe seangail agus ráite léinn?



Nó an dá deasca do fríth mac Phriamh is a ghasra
cloíte marbh, faoi gháir na laoch,
agus cathair na Traí ina caoithre dearga,
go cinnte ar lasadh le fáinne an lae,


L. 76


nó an ainnir ghealchíoch dá droim gur treascradh
an faraire groí, Conraoi mear calma,
bean chara na Muimhneach Aoibhill greannmhar,
Clíodhna cneasta nó Áine caomh?



"Nó an ceachtar den dís do ling chum reatha tú,
ar shíneadh an abhaill chum bláth na mbé,
nó an ghailtean mhodhúil mhín d'fhúig Gaoidhil faoi tharcaisne,
cnáite ag danair dá gcrá in aghaidh an rae,
nó an ghailteanach ghrinn i ndáil Fhinn chuir geasa,
nó an ainnir thar toinn rug Naois go hAlbain,
nó Eithne ghealchíoch, dá droim gur treascradh
na mílte seabhac le láimh mhic Néill?"



D'fhreagair an réilteann dhéidgheal mharthanach,
bhéasach bhanamhail mhaorga mhodhúil,
"ní ceachtar den méid sin mé, cia is aithnid dom
béithe taitneamhach' áille an domhain;
is mé bean chara na nGael tá le tréimhse in anbhroid,
i gcríocha imigéin dom chéasadh ag Gallchoin,
go dtáinig an féinneach, laoch na Banba,
do shéidfidh danair de bharr na dtonn."



"(A) ainnir na gclaonroisc, éim is aicim ort,
réigh mo cheasna is ná fág mé i m' dhall,
óir ní thuigim do bhréithre ar laoch na Banba,
ach léigh dom (a) ainm, soiléir dom mheabhair;


L. 77


d'fhreagair an bhéib gheal mhéin ghlan aigeanta,
go heagnaí éasca gaosmhar greannmhar,
"Domhnall do ghlaoim air, tréanmhar Chonallach,
do shéidfidh danair as Éire (ag) damhas."



Cara mo chléibhse, laoch na Banba,
a thréithe (a) achtaibh a dhlí is a riail,
guím faid ar a shaol is tréimhse seasmhach,
is traochadh ar eascara roimhe is ina dhiaidh;
caithfidh Sacsana staonadh is géilleadh feasta dhó,
is achtanna saora léigean eadrainn,
nó scarfar ó chéile Éire is fearann Gall,
is séidfear an Tarbh go linn na bpian.


L. 78


B 1824 19T
17
SÉAMAS Ó CAOINDEALBHÁIN CCT DO D<H>OMHNAILL Ó CONAILL



A Éirinn nach aerach an rá le maíomh,
ár nglébhile éachtach nach tláith i ngníomh,
fear réitigh ár ngéibhinn gan scáth gan baoigheal,
gan bhuíochas don chlaonsproit i nGráinne Mhaoil.



Gach tréanursa fraoch cuthaigh ársa Gaoidhil,
ná staonfadh i mbaolsiosma a<g> carnadh Gaill,
mar aon liomsa taoscadh an cárt gan fuíoll,
dá mb'éigean dó a léine chum fháil do dhíol.



Ní baol anois ná réifear bhur bpráinn go deimhin,
is ná séidfear as Éire gan spás na Gaill,
má cuiream le chéile gan spleáchas puinn,
is cíos éirce na hÉireann do t<h>ál gan mhoill.



Faoi t<h>uairim fadshaol agus sláinte an tsaoi
mear meanmnach aerach luath láidir groí,
nár traochadh le meirligh an Oráiste Bhuí,
is marar traochadh, go dtraochaidh na táinte dhíob!



Iarraim gach triat<h> ollamh fáidh agus saoi,
gach sagart san iath is suaircshlat grinn,
a mbriathra go ciallmhar do tháthamh linn,
le dianghean is géarshearc don ráib seo rím.


L. 79


An Ceangal:
A D<h>omhnaill Uí Chonaill mo m<h>uithlin im' chroí tú beo,
is tú muithlin gach muithlin is muirn do bhuíon go deo,
gan muithlin gan sonas gan fuinneamh gan bhrí gan treoir,
ach tubaist is donas, gan chumas ag do naimhid a stóir.


L. 80


B 1833 19L
18



A ghlébhile léannta na mbréithre grinn,
de phréimhshliocht na saorfhlaith ba ghléire gníomh,
do théarnadh do dhréacht chugam go héasca aníos,
gan éalaing ina mhéadair, níor léadh ina scríobh.



G scríobh anagar is (i) ngrafadh mo chríon láimhe,
ba ghnaoi liom t'fhreagairt a dhalta na grinn-dáimhe
i laoithe seangail, (i) míntheanga na nGaoidheal ársa,
gé (a) shaoi is dearbh, gurb annamh mé (ag) sníomh dánta.



Do dhánsa (a) chomhfhir, is éagnairc taitneamhach leam,
is do lámh, (cidh shéanais) tá éadrom cliste ar an bpeann,
do cháil is t'éirim ar véarsa cheapa gan mheall,
is an leathan is an caol gan bhéim do scanair le greann.



Is greannmhar caoin tais míonla cailce gléasmhar,
gan lothar ag díonadh a gclí a gcneas ná a gcaomhdhreach,
an chaogad aoileann mhiochair chneasta dhéidgheal,
do chuirim síos, (a) fhir ghrinn, le searc do d' chaomhna.



Ní hé caomhnas na mbéithe ná (a) gcleasa mírúin,
ná (a) réilmheas gur éagadar flatha fíor Mumhan,
ná claochladh na héigse, is ró-aithreach liom,
ach Gaeil bhoicht mo léan chreach, faoi tharcaisne ag búir.


L. 81


Tá búir le fada go seascair i gClár Chuinn uais,
drúiseach cealgach calcaithe táirchliach, truaill,
agus úirshliocht ascath na dtreasa faoi ghráinchuing chrua,
go púrach dealbh, is dearbh nach gaoi a lua.



Luaim duit feasta (a) fhir ghasta na mbréithre grinn,
nach suadh mé chleachtaigh ná thaithigh le héirim cinn
duain ná ranna do cheapadh, mar éigse an ghaois,
ach nuair is cruaidh don chailligh go gcaithfidh a snáithe shníomh.



Ag sníomh na rann ba ghreann liom seal le d' taobhsa,
a ghníomh fhir mheann gan mheang gan ealc gan éalaing,
dá luíghid mo mheabhair, is mo cheann ar ceal le tréimhse,
ba líonmhar leann is branda agam ina bhléine.



Bléidh ná corn ní b<h>laisid de leann ná (de) bheoir,
d'uisce beatha ná (de) dhramanna tíortha teo,
ná súlach bratha dár ceapa le hintleacht bheo,
luím fá m' gheasa go rachad i gcuibhreann Eoghain.



(A) Eoghain dhil cháidh de bhláthshliocht saoithe gléir,
nár staon dá námha in ágh ná (i) mbearnain bhaoil,
a p<h>lúr na ndámh, gan cháim gan teimheal gan chlaon,
ag sin mo dhán is ná cáin mé thríd (a) f<h>ir ghlé.


L. 82


B 1835 19L



19
Do chuala tásc grod os ard go déanach,
is is tásc tar tháscaibh é chráigh na céadta,
so an tásc ochlánach d'fhúig táinte ag déarghol,
is é tásc Uilliam láidir ghil cháidh Uí Laoghaire.



(A) Uí Laoghaire ghrámhar ghlac láidir éarl<amh>,
(de) phlúr na sárfhear dob' áille tré<ithe>,
S<pái>nneach is a bhláth na s<aorcheap>,
faoi chláir go (tréithlag).



Lag tréith mo chás tú (a) Uilliam cháidh Uí Laoghaire,
a chlúfhir álainn thuill cáil do d' ghaolta,
ba gheal do gháire is ba bhreá do chaomhdhreach,
is ba lúfar láidir do lámh i dtréan dtreas.



I dtreas na lann ba neamhchranda an béine
Uilliam greanta greannmhar mear meannmhar léidmheach,
i meon an tSamhradh is neamhghann do bhéarfadh
beatha is abhlann do dhream na déarca.



Bhí déarcúil fialmhar caoinbhriathrach fáilteach,
fearúil iars<mach> cráifeach,
flathúil grámhar,
is i dtúis <mo chia>ch ar lár é!


L. 83


Ar lár faoi liagaibh mo phian tú (a) cháidhfhir,
de bhláth na bhfiallach ba niamhdha (i) gClár Luirc,
a phlúr na bhfialfhear do riaradh táinte,
mo chumha go dian tú ar iarradh ó Mháire!



Is a Mháire niamhghlan ní Bhriain airdchéimeach,
de chrú na dtriathaibh do rialaigh Éire,
mo phúr is mo chiach tú go ciamhar léanmhar,
ag fearadh diansruith i ndiaidh do chéile.



Ní raibh céile b'fhearr ná dob' áille tréithe,
ag bean i gClár Luirc ná ráib na féil<e>,
fear fiúntach fáthach mear álainn gaosmh<ar>,
gealghnúiseach grámhar glac láidir tréan<mhar>.



Ba thréan an ghárda (i) gcúl báire an béine,
is a chinn-a tláchtmhar ar mhaigh nó ar aonach,
dob' é cabhair na ngátar é in am an éigin,
do bhíodh in<a> áras de ghnáth ar béile.



Is iomdha béile cuibhrinn roinn croí na féile
ar bhochtaibh Íosa, de shíor le daonnacht,
bhíodh a chistean líonta de dhroim an éagmais
do fuair an taoiseach, do thaoibh a dhéirceacht.



Déirc is díolaim do ghníodh le féileacht,
in am na da... <--->nmhar éagnairc,
an truá<n> críonach faonmhar,
geibhid fáil<te> aíocht ón saorfhlaith.


L. 84


Na flatha groíthe ó'r síolradh an féinics,
ba mhór le ríomh iad i gcríochaibh Éibhir,
Lughaidh Mac Íthe an príomhstoc aosmhar,
roimh chlanna Míleadh thug scíth go hÉirinn.



Tá Éire teimhleach mórthimpeall tréimhse,
agus scamall cíordhubh ar ioghair na gréine,
níl éanlaith grinnmhar i gcrainn go scléipeach,
ó éag an tíosach geal croí na féile.



Dob' fhiall dob' fháilteach is ba ghrámhar éagnairc,
do dhrong gan fháltas ro ga . . .
don donán cráite is don ál i n<daorbhroid>,
teacht go háras Uilliam cháidh Uí Laoghaire.



(A) Uí Laoghaire láidir de rás na saorcheap,
fuair i gClár Luirc de bharr a laochais,
créad an fáth dhuit don arrac géilleadh,
is a liacht fear álainn óna dtugais réim leat.



Bhí réim na Cóige ag an mórfhear gníomhach,
i gcleasa mórtais (i) lámhach ord is líoga,
is fras do sheolfadh liathróid i nglinntibh,
cia cloíodh a chrógacht le fóirneart Chlíodhna.



Más í Clíodhna an órfhoilt, Meidhm, Mór nó Aoibheall,
chaith saighead ina threoidh go híogair,
Madhla<n> <N>óra chríonna,
cuirim aoi<r> de ló agus d'oíche.


L. 85


An oíche traochadh mo laoch mear gníomhach,
bhí teimheal nó éiclips ar rae na soilse,
crainn ag pléascach le héagan gaoithe
i Lisín aerach Uí Laoghaire líoga.



Ba líoga léadmhach meann éarlamh cásach,
gníomhúil laochmhar maithmhéineach táscach,
saoithiúil saothrach fíréanta cráifeach,
an tsaoi sruithléannda Uilliam séimh mhic Dáibhí.



Tá Dáith a ghlémhac go déarach cásmhar,
tré bhás an bhéine ba thréine (i) gCl<ár Luirc>,
ná feaca in Éire riamh laoch ...
ach Mac Fínghín caomh Duibh, mo lé<ir le cách é!>



Tá cách go buartha i nduairceas líonmhar,
a leoin dil shuaimhnigh dob' uaisle gníomhartha;
do chéile stuama neamhshuairc do d' chaoineadh,
a chreach na dtruan bhocht, monuar thú sínte!



Sínte faonlag i gcré mo chás tú,
(a) fhir chailce bhéasaigh dob' fhéile dáilimh,
a chrú na saorfhlaith do shéanais t'áitreabh,
do chlann do chéile is do thréigis Pádraig.



(A) P<h>ádraig shéimh ghil (Uí) Laoghaire charthanaigh,
m'ochlán le <d>éarach cathamhail,
i ndéidh <t>ar aon do ghreannaigh tú,
mo dhíomb<áidh> chéile deacra.


L. 86


Ó deacra, an béine caithréimeach caithiseach
do bhí ina réimse comh tréan le hAlastram,
guíodh lucht léite na ndréachda ceangail so
chum Rí na raelte thabhairt réim na bhFlaitheas dó.



I bhFlaitheas grásmhar go sámh bithbhuanmhar,
go raibh (a) anam sáitheadh (i) gcomhdháil na sluaite,
naoimh is fáidhe ina dháil faoi shuairceas,
ag sin críoch mo ráite ar an dtásc do chuala.



An Ceangal:
Mo chumha mo cheas mo chnead mo chrá is mo chiach,
mo p<h>úr mo chreach mo chneadh is mo phráinn go dian,
(an) <clú>fhear gart do chleacht na táinte riar,
(gan lúth) gan neart i bhfeart go tláit<h> fá liag!



(Fa liag ar) ceal le seal, tá an saorfhear fial,
(plúr) na bhflaith i dtreas nár cáineadh riamh,
níor dhún a dhearc is níor chrap a lámh ó riar,
is níor d<h>iúlta neach ina theach ar dháil den bhia.



Bia le searc do chleacht an dáimh do riar
ar dhream na sac, ina theach ba ghnáth a dtriall;
do múchadh tart na lag san tSamhra dhian,
monuar ar ceal fá leac an sárfhear Uilliam!



(A) Uilliam mo chreach, do bhean is a hál breá fionn,
go ciamhair ceas gan gean, ag tál na súl,
mo chiach do theach ar meath gan cárta cúil,
is mo phian ar fad do leacht gan gártha cumha!


L. 87


An Feartlaoi:
Fá m'chlúidse faon tá an maon geal úr gan cheas,
do bhí ina shaol comh tréan le cú na dtreas,
laoch fiúntach caomh, ba ghléire lúth is neart,
Uilliam Ó Laoghaire, an béine an túr is an flaith.


L. 88


20



I dreamt last night I espied nine ladies,
on nine grey lions, in embroidered raiment,
with nine delightful bright lit tapers,
approaching nigh me sighing <a>nd wailing.



With speedy strides and lively paces,
the sacred nine drew nigh and faced me,
I screamed out thrice, much like a dreamer,
then charming Clio cried "be easy!"



The dame then smiled and desired me alter
my mind from fright, and to write a charming
elegiac rhyme, in stylish order,
on Will Leary's might, whom life departed.



I paused awhile, lest my eyes were eclipsed,
or else I might be annoyed by demons,
till Thalia inspir<ed> my mind completely,
of this night I wish him.



<T>he doleful news the Muse related,
condoles all whom that knew the Phenix,
both rich and poor ar <r>uefully wailing,
the sudden doom of puissant Leary.


L. 89


This noble sage was grave and stately,
stout courageous brave and strenuous,
sincere upright benign and pleasing,
(... tt) praise and mild polite and faithful.



He was gentle meek discreet and graceful,
generous keen sp<r>iet free and well natured,
courteous meet (...) de sweet and genuine,
praiseworthy indeed genteel and <courageou>s.




L. 129


B 1826ls 19T
U 0401



Do Sheaghán Ó Riain .i. Seaghán Shéamais, fear forasta, fial, sobhéasach,
chaoinbhriathrach, shéimhfhriotalach, noch do chónaíodh i gCúilín na Pise,
i bparóiste Ghréine, do fuair bás somholta i mBaile Mhurchadh, in
iarthar Chontae Luimnigh, agus do hadhlaiceadh i nDún Ó gCuanach, in
iarthar na Contae céanna, A.D. MDCCCXX.


L. 163


B 1833ls 19L
U 0452
Dochum an éigis shruithléannta, sobhéasach, séimhfhriotalach, Eoghan
grinnbhriathrach, soghrách, etc ua Comhraidhe re líonmhaireacht seirce agus
úrgháirdeachas croí, agus fós le fíorghrámhaireacht, admhaím do chomhartha
cumainn agus cáirdeachais do ghlacadh ó lámha mo róchara ionmhain .i.
Seaghán maithmhéineach, fíréanta Mac Ionnrachta. Fear is róbhuíoch
díotsa, agus d'aicim ormsa a b<heann>acht do chuir chugat agus chum
tuilleadh d'fheadhmannaigh na tearmann sin ionna gcónaír, etc.



Fógraim caidreamh ort a shaoi sholabhartha etc. Séamas ua
Caoindealbháin.


L. 166


B 1845ls 19L
U 0401



Ag so cuimhniú <mí>os Uilliam mheann uasal ghlac láidir Uí Laoghaire le
Séamas Ua Caoindealbháin, Ráth Chathail. Fonn: Muiris Bán
nó Gheallais dhamhsa is do rinn tú bréag liom.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services