Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra Mhacaoimh an Iolair
Title
Eachtra Mhacaoimh an Iolair
Author(s)
Ó Corcrán, Brian,
Compiler/Editor
de Teiltiún, Iorard agus Laoide, Seosamh
Composition Date
1651
Publisher
(B.Á.C.: Pádruig Ó Briain, 1912)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EACHTRA MHACAOIMH AN IOLAIR Mhic Ríogh na Sorcha. Rí ro ghabh flaitheas agus forlamhas for chríochaibh na Sorcha feacht n-aill dar bhó cómhainm Risteard mac Seoin mic Mathafuil, agus ba diadha cráibhtheach cumasach eagnaidh eolach ilbhéarlach i n-ilteangaidh críoch agus cineadhach an rí sin, agus ba tais tiorm-ghlan treabhar-thorthach an tír le réimheas an ríogh chéadna sin, agus tug mnaoi a dhiongmhála chuige agus rug sí gein mhín mhacánta mhong-bhuidhe mhall-rosgach mhic dhó, agus baistear an mac sin iaromh do ghnáth agus d'úsáid na heaglaise, agus tugadh Risteard óg d'ainm fair. Tugadh an mac sin dá oileamhain agus dá áird-leasughadh do dhruing d'uaislibh agus d'árd-mhaithibh críche na Sorcha gur bhó seacht mbliadhna d'aois agus d'aimsir é, agus tugadh iar sin maighistridhe móir-eólcha foirghlidhe fír-ghlioca chuige dá fhoghluim agus dá fhír-theagasg, gur bhó feasach fír-eolach eagnaidh iúlmhar ealadhnach i dteangthaibh gacha tíre agus i gceart gacha cinéil agus i mbéarla gacha buidhne agus i nduibheagán gacha deigh-léighinn é. Agus ar mbeith lán-fhoghlumtha dhó fón ionnus sin, is é ní tug dá úidh agus dá aire, alla agus uaignis, feadha agus fásaighe, áird agus ioltuatha tíre do thathaidhe agus do thaisteal agus do shír-shiubhal maille re beagán cuideachta go gconaibh agus go ngadhraibh agus go n-iomad n-ilghréas gacha sealga agus gacha fiadhaigh leis ar cheana, óir ní raibhe ceard ná ealadha ar bith ba tocha leis iná bheith ag seilg fhiadh agus fhearb, thorc, bhroc agus mhíoltadh muighe, agus chinéal gacha ilphiast n-allmhurdha eile ar cheana noch do theagmhadh dó i bhfeadhaibh agus i bhfásaighibh agus i bhfáin-ghleanntaibh agus i bhforaoisibh fásaigh na tíre agus ar gach leith
dhe, agus an tan trá no theagmhadaois díthreabhaigh agus aos uird agus adhartha an Choimdhe go coimhdhiochra fris, do-bheireadh dá úidh agus dá aire go mór iad, agus do-níodh feasgar agus comhnuidhe maille friú, agus no bhíodh ag binn-ghabháil a shalm agus a shaltrach, agus ag eadarghuidhe an Dúileamhan go diochra agus ag itche an Choimdhe chumhachtaigh im thrócaire agus im ghrásaibh anma agus cuirp d'fhagháil dó féin agus dá iardraighe i maille fris; agus do lean an forthormach anma sin de .i. Ridire na Sealga dá ghairm de ó sin amach. Cidh trácht ro toirrcheadh an ríoghan an dara feacht agus rug mac n-oile agus baistear an mac sin agus tugadh Seon d'ainm fair. Ro hoileadh agus ro háird-leasuigheadh an mac sin ag oideadhaibh oileamhna, ag fisibh agus ag feallsamhnaibh fír-ghlioca an tíre, ro múineadh agus ro mearadh, ro forbadh agus ro foghlumadh amhail do rinneadh an chéad mhac gur bhó haosmhar infheadhma é, agus is é ní is mó tug dá úidh agus dá aire dul dá fhoghluim i gceardchaidh chleas ngoile agus ngaisgidh agus do críochnuigheadh sin leis gur bhó hinghill in-fheadhma é i n-ilcheardaibh gnímh-éachtacha na gcríoch agus na gcineadhach go coimhlíonmhar i n-a uirthimcheall agus gur bhó hoide fír-ghlic foghlumtha agus airsigh iorghoile agus leomhan leadarthach i gcathaibh, i gcliathaibh agus i gcomhlonnaibh é, gur líonsad na críocha go coimhleathan d'alladh agus d'oirdhearcas agus d'árd-chlú anma goile agus gaisgidh an óig-mhic ríogh sin, agus ro ghabhadh tuillmhe agus tuarastal ó ríoghaibh agus ó ruireachaibh agus ó ro-thighearnaidhibh agus ó thaoiseachaibh troda agus teagmhála na gcríoch agus na gcineadhach ar gach taoibh dhe, agus Ridire an Ghaisgidh ba forainm siubhail dó. Dála Risteird óig mhic Ríogh na Sorcha, iomorro, iar gcaitheamh páirte móire dá aois agus dá aimsir i socracht
a fhlaithis agus ar gcur trill dá mhaoth-aimsir thairis dó i ngnás agus i n-úsáid fhiadhaigh gacha hilphiast agus i ngéir-eolas na gcumas neimhionchomórtais agus na dtreathan sárbhuadhach réamhráite sin, mar do chualabhar, agus ar mbeith inchéile agus ionchuinge dhó, ba mithigh le n-a athair sail a cheannsaighthe .i. áilleacán searcamhail gorm-rosgach agus sgathán glórach glan-áluinn líth-gheal deigh-mhéineamhail so-aigeanta do cheangal fris ré linn a bheo féin, agus fiafruighis de-sean cia hí a ghrádh do mhnáibh na cruinne go coimhiomlán. "Ar inghin Ríogh na Sgeithía do chuireas mo chrann," ar sé, "óir tugas tuile trom-ghrádha agus sruth síor-adhbhal seirce dá toichim agus dá tuarasgbháil," ar sé, "óir do thuit mo thoil, agus do dhoirteas mh'aigneadh dhi tré mhéad na tuarasgbhála do-chluinim uirre." Cuiris an rí teachta go Rí na Sgeithía ag iarraidh cleamhnasa fair d'oighre na Sorcha no go n-airgfeadh agus go loisgfeadh an Sgeithía go huilidhe. Ar gclos an chuinghe chéadna sin do Rígh na Sgeithía cruinnighis maithe, mór-uaisle agus trom-chomhairligh a ríoghachta agus a leathain-tighearnais i n-éin-ionadh dá fhéachain créad an chomhairle do-chífidhe dhóibh im thochmhairc a inghine do shinsear chloinne Ríogh Sorcha, agus is é do-chonncas dóibh tar éis mion-rannsaighthe do dhéanamh ar gach ní fo leith a thoil do dheonughadh do Rígh na Sorcha, óir do measadh leo, muna dtoilighdís an cleamhnas do chur ar a aghaidh, go gcuirfeadh-san bun ar a fhocal, óir do ba líonmhaire agus do ba neartmhaire go mór i sluaightibh agus i sochraidibh é iná iad-san iar dteacht ré chéile dhóibh d'aitheasg éin-fhir. Aithrisis Rí Sgeithía a intinn agus a aonta féin im an ní céadna do na teachtaibh sin Ríogh na Sorcha agus adubhairt
gur bh'fhearr leis grádh Ríogh na Sorcha iná a fhuath, agus go dtiubhradh dá bhrígh sin a thoil féin dó. Fillid na teachta iaromh agus faisnéidhid aitheasg na Sgíthíans do Rígh na Sorcha. Ba luinneach lúthgháireach an rí dhe sin. Cidh trácht, cruinnighis an rí gach airsigh iorghoile agus gach beithir bheodha bharramhail bhuain-tiodhlaictheach ghéir-eolach i gcleasaibh goile agus gaisgidh, agus gach dreagan dian dásachtach do-fhulaing dá bhfuair i gcríochaibh na Sorcha, agus do ghluais ré n-a mhór-shluagh go ríoghacht na Sgeithía. Mór-fháiltighis Rí na Sgeithía roimh Rígh na Sorcha agus roimh a mhuintir, agus níor bh'fhada dhóibh amhlaidh sin an tan do críochnuigheadh an cleamhnas sin eatorra, agus do rónsad prímh-fhéasta generálta an phósta. Athaidh fhada dhóibh amhlaidh sin i bhfarradh Ríogh na Sgeithía, agus buanughadh onóra na nua-chuinge réamhráite sin maille re hór agus re hairgead do thabhairt d'éigsibh agus d'fhileadhaibh agus d'fheallsamhnaibh, do lucht ciuil, iuil agus ealadhna na gcríoch agus na gcinéal baoi ann go húr fairsing foirleathan sgapthach fiarlaoideach neimhchinnte, ionnus nár bh'ionchomórtais ré tochmhairc mhic ríogh ná ro-fhlatha i n-aon aimsir ris féin é. Sgaoilid prímh-cheannphuirt an fhéasta sin iaromh agus gach aon aca ó sin amach fo seach ag glacadh a gceada ó Rígh na Sgeithía agus ón ríogh-chúirt chéadna, agus Rí na Sorcha agus an óg-lánamhain sin go n-a mór-shluaghaibh, iar bhfágbháil iomchomhairc beathadhdh agus sláinte ag cách uile, ag imtheacht dá ndúintibh agus dá ndeagh-árasaibh féin; agus árduighid na seolta snasta snáith-gheala siuil i n-uachtar na n-árdchrann agus ní haithristear a n-eachtra iná a n-imtheachta no go rángadar cuanta na Sorcha.
Téid na sluaigh i dtír iar sin agus fá mór lúthgháire agus láin-mheanma cáich rompa, agus mar an gcéadna téid na sluaigh gan buan-sgaoileadh go móir-theaghlach an ríogh agus caithid an bhanais mhór-adhbhal do bhí dá hullmhughadh rompa an feadh do bhádar 'san Sgeithía ré hoighre Ríogh na Sorcha agus risin inghin sin Ríogh na Sgeithía; agus caithid an óg-lánamhain sin páirt dá n-aimsir go subhach sáimh fón ionnus sin i dteaghlach thighe a n-athar fo rian toicthe agus tsochair agus mór-mhuirne, gan uireasbhaidh seodadh iná maoine iná mór-mhaitheasa ar bith eile orra, dar leo féin, acht ag ól agus ag aoibhneas i bhfarradh a chéile gach laoi. Dála Ríogh na Sorcha, iomorro, iar gcaitheamh treasa dá aois agus dá aimsir dhó go sáimh socair i n-a thighearnas ráinig buaidhreadh báis agus airdheana éaga agus oidheadha é agus fuair bás críostaidhe go mbuaidh n-ungtha, n-aithrighe agus n-adhnaicthe, agus ro chruinnigheadar iaromh maithe agus mór-uaisle críche na Sorcha .i. taoisigh gacha tuaithe, prímh-cheannphuirt gacha pobail agus ceannadhairt gacha cinidh, giuisdísidhe an dlighidh agus trom-chomhairligh na tíre ar aon bhall agus ar aon ionadh, agus is eadh iomrádhsad, nár bhó cubhaidh agus nár bhó cosmhail ríoghacht na Sorcha do bheith i mbaintreabhachas aon tamall ó do fhágaibh an Fír-dhia forórdha oighre díleas ar an rígh, a ghairm chuca no go rightí é; agus ro cinneadh an chomhairle sin aca agus ro gairmeadh Risteard, agus ro teagaisgeadh dhó ar tús reachta ríogh agus smachta flatha agus teagasg tuaithe agus gach ní ar cheana ba díor agus ba dligheadh do rígh agus do ro-thighearna do dhéanamh dhó; agus tairbhighthear iar sin dó coróin chuanna cheardamhail chumhdaigh chloch-órdha dhlúith-ghlan drithleannach
rionn-ghlan ríoghamhail ro-mhaiseach i n-ionchomhartha ríogh agus ro-thighearna. Agus do tugadh slat dhíreach dhath-ghlan dheagh-mhaiseach i n-a láimh dheis dhírigh dhuinn-ingnigh ag a shighneadh agus ag a chomharthadh dhó-san agus do chách i gcoitchinne go bhfuair sé an ríoghacht do réir ghnáis agus dlighidh gan cham gan locht coimhdhíreach risin tslait sin, agus gur chóir dhó-san a congbháil mar sin ó sin amach, agus do goireadh ainm ríogh gan fhrasabhra dhe iar sin. Sléachtais iaromh don Choimdhe cháidh chumhachtach agus don Tríonnóid tré-phearsannaigh, agus áilis grás anma agus cuirp d'fhagháil dó féin agus dá iardraighe i maille fris. Téid iar sin don phioláid ríoghdha ro-mhaisigh agus i n-a chathaoir bhreitheamhnais iar dtain agus furáilis maithe agus mór-uaisle críche na Sorcha do ghairm chuige, agus adubhairt go raibhe uireasbhaidh mhór fair .i. gan ceann goile agus gaisgidh, einigh agus eangnamha, agus airsigh iorghoile agus imdheaghla na Sorcha, agus ceannphort cathaighthe na gcríoch do bheith aige .i. Seon a dhearbhráthair dá ngoirthí Ridire an Ghaisgidh. Dála Ridire an Ghaisgidh, iomorro, do cuireadh teachta agus taidhleoiridhe ar feadh na gcríoch agus na gcinéal go coimh-leathan no go bhfríoth é, agus ar bhfagháil sgéil bháis a athar agus ríoghtha a dhearbhráthar dhó, tig leis na teachtaibh go ráinig an tSorcha, agus ar dteacht do láthair dhó, mór-fháiltighis a dhearbhráthair agus maithe agus mór-uaisle críche na Sorcha roimhe, agus ar léigean a sgíthe, agus ar gcur a mheirtnighe dhe, iarrais dúthaigh agus forba agus roinn fhineachais ar a dhearbhráthair, agus ar n-a fhagháil sin go toileamhail do ón
rígh, tug buidheachas mór dhó, agus éagcaoinis ris gan mnaoi a dhiongmhála do bheith aige. Fiafruighis an rí dhe cia hí an bhean ba hannsa leis d'iarraidh no do thabhairt chuige. "Do chuala," ar sé, "go bhfuil inghean áluinn aontomha ag Rígh na Persía agus tugas tuile trom-ghrádha agus sruth síor-adhbhal seirce dá toichim agus dá tuarasgbháil." Cuiris an rí iaromh teachta agus taidhleoiridhe d'iarraidh cleamhnasa dhá dhearbhráthair ar Rí na Persía agus tug an rí éaradh tochmhairce orra. Ro fhillsead na teachta fá mhéala agus fá aithis, agus do lonnuigheadh agus do luath-fhearguigheadh an rí tríd sin, agus tug gairm shluaigh agus sochraide dá mhuintir fó chríochaibh na Sorcha go huilidhe agus do chuir litreacha ar amus a cháirdeadh d'iarraidh conganta sluaigh agus sochraide orra, agus ba feirrde dhó, óir ba líonmhar na sluaigh táinig chuige ó n-a cháirdibh fán am sin. Cidh trácht, ar dtionól agus ar dtiomsughadh an tsluaigh sin i n-a ndrongaibh agus i n-a ndiormadhaibh, i n-a gcathaibh agus i n-a gcéadaibh agus i n-a gcóirighthibh as gach áird a rabhadar, ro ghabh an rí inneall aistir agus imtheachta air, agus ní haithristear sonna a ghníomhartha ar feadh an eachtra no go rángadar ríoghacht na Persía, agus ag rochtain imliocáin na tíre dhóibh do sgaoilsead tromlach an tsluaigh annsin i n-a sgeimhioltachaibh siubhlacha sárluatha agus i n-a gceithearnaibh cliste calma céadfadhacha cois-éadtroma agus i n-a ndrongaibh díomsacha dírimhe do-fhasdóigh agus i n-a sgeimhioltaibh fairsinge foirleathna fá gach cuid don tír fá coimhneasa dhóibh agus do chruinnigheadar buar agus bótháinte, cruidh agus ceathra, maoine agus mór-mhaitheasa, agus groigheacha sguaib-leabhra na tíre, agus maill-tréada muc agus caorach na críche go coimhleathan, agus
tugsad an tír i n-a doighir dhonn-ruaidh dhearg-lasrach agus i n-a smúdánaibh smál-chorcra smál-aoisle, i n-a brodáil teineadh trithiomraidhetricheamh-ruaidhe agus i n-a dobhar- néallaibh dorcha drithleannacha do-fhaisnéise agus i n-a conair chreach agus i n-a hadhbhaidh ealbha agus fhiadhaigh. Agus ar dtionól agus ar dtiomsughadh do na mór-shluaghaibh sin as gach áird i n-a rabhadar go Tulaigh an Bhona mar a raibhe Rí na Sorcha agus bun an tsluaigh, furáilis an rí coimhéad do chur ar na creachaibh agus foslongphort do dhéanamh do na sluaghaibh go léir-thionóilte. Do rónadh samhlaidh aca go ham suain-mheadhra agus caithmhe coda dhóibh, agus ro ghabhsad ag proinniughadh tomhaltais iar dtain i n-a ndeisibh agus i n-a dtriaraibh agus i n-a gcomhlánaibh gur bhó subhach sáitheach so-mheanmnach uile iad. Agus iar bproinniughadh dhóibh ro ghabhsad ag faisnéis agus ag nua-innisin a n-áird-éachta agus a n-imtheachta féin for chara an chaomh-laithe anuas go nuige sin. Dála Ríogh na Persía, do-bhéarar ós áird seal oile: - Ar gcruinniughadh dá mhaithibh agus dá mhór-uaislibh dá ionnsaighe d'éagcaoin a gcreach, a n-aindligheadh agus a mór-easbhadha féin risin rígh dóibh, ro ghabhsad ag aithbhear agus ag iomaithbhear air féin agus ar a inghin, agus ag a rádh nár bh'fhiú iad araon gach a dtáinig d'olc as an inghin go nuige sin, agus iomad d'fholaibh uaisle agus do mhacaibh ríogh agus ro-fhlatha ar a dtug sí éaradh tochmhairce go nuige sin. "Géabhad-sa mo leithsgéal féin libh-se," ar Rí na Persía; "do rónadh turgnamh fleidhe móire leam-sa roimhe so agus do tóchuireadh maithe agus mór-uaisle na ríoghachta chugam i n-am sgaraidh an tighe n-óla, agus do cuas uainn ar cheann na hinghine úd, agus do éar teacht, agus níor mhiadh ná maise linn sin, óir is iomdha flaith uasal agus
mac ríogh ar a dtug éaradh go nuige sin do réir mar adeirthí-se anois. Agus do cuas arís dá hiarraidh agus do éar teacht, agus do cuas an treas uair dá hiarraidh agus adubhairt sise nach dtiocfadh muna bhfaghadh sí a breith féin agus do gheallas-sa sin di, agus do ghabh sí cuir agus rátha orm im a chomhall sin di, agus is í breath rug an inghean gan a tabhairt d'fhior go bráth acht dá rogha féin, agus tugas-sa na coinghill sin di re luadh, agus ní tháinig éin-fhear dá hiarraidh ó sin a leith nach éarfadh sí a dhul leis agus níor bhriseas-sa mo ghealladh ná mo choinghioll d'éin-fhear aca ó sin a leith." Gabhthar an leithsgéal sin ón rígh leo, agus tugadh an inghean féin do láthair chuca do ghabháil a leithsgéil, agus is eadh adubhairt: "A mhaithe agus a mhór-uaisle na Persía," ar sí, "is amhlaidh tárla súd damh-sa," ar sí, ".i. lá n-aon ro bhádas im ghrianán ghloinidhe ghorm-fhuinneogach agus tuitis toirchim suain agus síor-chodalta orm, agus tárfas fís amhra agus aislinge iongnadh dhamh .i. mo rogha do dhá ní d'fhagháil damh .i. mo sháith d'fhior agus d'fhearchéile d'fhagháil damh ar uaisle agus ar athardhacht, ar dheilbh agus ar dhéanamh, ar mhaoinibh agus ar mhór-mhaitheas, agus síth agus sáimhe agus socracht ag mh'athair ré linn an chleamhnasa sin agus a bheith aimrid dhamh féin go bráth, no easbhadha do-áirmhe agus díoghbhála do-fhaisnéise do theagmháil damh féin agus dom athair agus daoibh-se as mo los ar tús, agus fear maith do bheith agam iar dtain, do ba cubhaidh dhamh mar chéile agus do ba díol tochmharca agus cleamhnasa dom athair, agus go mbeidís clann mhaith agam ris neoch do-ghéabhadh geall clúidh agus gaisgidh, allaidh agus oirdhearcais, einigh agus eangnamha ar na críochaibh
go coimhleathan, agus is í rogha rugas-sa díobh sin gan a bheith aimrid dom dheoin féin, óir is beag an foghnamh do-níthear do dhuine no do chrann no d'ainmhidhe aimrid ar bith ar cheana; agus do bhrígh gur tairngireadh an dá olc mhóra sin do theacht as mo los, níor admhas an aislinge sin gus anois, agus measaim gurab é súd an t-olc mór sin do tairngireadh damh, agus i gcruth gurab é, atáim ar bhur gcomhairle-se anois, gidh b'é ní bhus áil libh do dhéanamh leam a los bhur n-anbhforlainn." Cidh trácht, ar gclos na leithsgéal sin ar gach leith do mhaithibh na Persía, is í comhairle ar ar chinnsead, ó nár bh'fhéidir a n-olc iná a ndíoghbháil féin do leasughadh riú agus fós nár dhíol ann bás na hinghine do thabhairt, agus ó nár bh'eadh, a theachta do chur i gceann Ríogh na Sorcha dá fhuráil air an inghean do bhreith leis tar cheann aisig a gcruidh agus gceathra, a maoine agus a mór-mhaitheasa d'fhagháil dóibh féin do ridhisi. Do rónadh samhlaidh aca, agus freagrais Rí na Sorcha teachta Ríogh na Persía agus adubhairt gurab é sin do bhí sé d'iarraidh, agus go madh beag a ndearna i bhfochair a ndiongnadh muna bhfaghadh sé í. Dála na hinghine, iomorro, do daingnigheadh i gcleamhnas ré mac Ríogh na Sorcha í, agus tug léar-aisiog tar a ceann, agus iompuighidh Rí na Sorcha fá bhuaidh chosgair agus comhmaoidhmhe go a thír féin agus an inghean leis, agus do rinne fleadh mhór adhbhal, agus banais bhuain-tiodhlaictheach dá dhearbhráthair agus d'inghin Ríogh na Persía. Mar sin dóibh go ceann trill i bhfarradh Ríogh na Sorcha, agus sgaoilid na
sluaigh iar sin agus lucht comhráidh na bainse sin dá n-ionadaibh dísle deagh-chubhaidhe féin. Beiris Ridire an Ghaisgidh a bhean agus a bhandála agus a mhuintear féin go huilidhe leis dá dhúthaigh dhílis, agus dá bhaile bunaidh agus dá árasaibh caithmhe conáigh féin, agus do bhí ann ag caitheamh a mhaoine agus a mhór-mhaitheasa agus ré cur a chlúidh agus a allaidh agus a oirdhearcais féin go ceann aimsire. Cidh trácht, beiris inghean Ríogh na Persía gein shochraidh shaoir-dhéanmhach mhaordha mhacánta mhín-dealbhach mhic do Ridire an Ghaisgidh. Acht atá ní cheana, do rug sí mór-sheisear mac dó diaidh i ndiaidh. Méaduighthear agus maisighthear an chlann sin ar dheilbh agus ar dhéanamh, ar mhodh, ar bhéasaibh, ar éagcosg agus ar innioll tar chlannaibh ríogh agus ro-thighearnadh na gcríoch agus na gcineadhach fá coimhneasa dhóibh go coimhleathan, agus ní rug inghean Ríogh na Sgeithía do Rígh na Sorcha risin ré sin acht éin-inghean áluinn iolchrothach. Acht atá ní cheana, do bhí Ridire an Ghaisgidh agus inghean Ríogh na Persía oidhche áirighthe i bhfochair a chéile i n-a gcuilceadh agus i n-a gcaoimh-leabaidh, agus gabhais neamhchodladh é, agus fiafruighis a bhean de créad táinig fris an oidhche sin gan chodladh seach gach oidhche eile. "Inneosad sin duit-se, a bhean agus a bhainchéile," ar sé, "atáim ag sgrúdain agus ag smuaineadh ann mo mheanmain," ar sé, "gan easbhaidh fuinn ná fearainn ná maoine ná mór-mhaitheasa orm, agus cliamhain ríogh dá ghairm dhíom, agus gan ainm ríogh do bheith orm, agus fós inghean athar agus máthar is measa iná thusa 'n-a bainríoghain ós do chionn, agus sáith an ríogh is cumhachtaighe isin domhan do chloinn againn, agus gan acht clann ruire no dhuine uasail dá ghairm dhíobh." "Ní cóir dhuit-se sin do rádh, agus ná cuir brígh isin
droch-smuaineadh sin," ar inghean Ríogh na Persía, "óir atámaoid go maith mar atá, agus gach ní do gheall Dia dhúinn coimheollaidh sé dhúinn é, agus is leór sin uaidh," ar sí. "Ní hé sin an smuaineadh do rinneas-sa," ar sé, "acht timdhibhe saoghail an ríogh do theacht tríom féin, agus ainm ríogh gan fhrasabhra do ghairm dhíom, agus bainríoghan na Sorcha dhíot-sa agus clann ríogh dár gcloinn." "Ceil agus ná can an comhrádh sin adeire, a ghiolla," ar an inghean, "óir is feill-ghníomh fíor-ghránna rob' áil leat do dhéanamh .i. bás do imirt for éan-mhac t'athar agus do mháthar, agus an tí tug roinn dúthaighe fearainn agus muintire dhuit, agus do chaith é féin agus a chumhachta agus a cháirde uile dom bhuain-se amach ar éigin duit, agus gurab tú féin agus do chlann is oighridhe dísle diongmhála i ríoghacht na Sorcha go huilidhe, agus ar chorp an ríogh féin. Ní eile fós, gur chaith sé an chuid is treise dá aois agus dá aimsir, agus dá réir sin gurab fearr dhuit tighearnas d'fhagháil go maith agus do thoil Dé iná a fhagháil go holc agus Dia agus daoine do bheith 'n-a dhiaidh ort." "Léig freagra agus foillsiughadh na cainte sin díot, a inghean," ar Ridire an Ghaisgidh, "óir tuingim-se a dtuingid mo thuatha agus luighim fó árd-rannchaibh nimhe agus naomh-thalmhan nach déan-sa codladh iná comhsanadh, proinniughadh iná tomhaltas no go gcríochnuighthear an smuaineadh úd": - agus tug iar sin éirghe athlamh éinfhir air féin agus gabhais a bhuaidh-earradh catha agus a aibíd iorghoile, agus a threalamh troda agus tachair, agus a chulaidh chomhraic uime agus do ghluais iaromh go n-iomad curadh agus cath-mhíleadh i n-a fharradh i n-athghoirid gacha conaire do shiubhal na héan-oidhche sin go ráinig i n-iomfhogus do chathraigh Ríogh
na Sorcha agus fágbhais a dhaoine i ndiormadhaibh agus i n-iom-fholach annsin, agus ní rug leis dá mhuintir acht éin-ghiolla grádha baoi aige féin, agus adubhairt go raibhe gnóthaidhe seicréideacha aige leisin rígh, agus nach rachadh leis dá ndéanamh acht é féin, agus gidh b'é huair no ponc i n-a gcuirfeadh sé an giolla dá dtoghairm-sean a ionnsaighe go tinneasnach. Dála Ríogh na Sorcha, iomorro, is amhlaidh do ghnáthaigheadh sé a aimsear do chaitheamh .i. do éirgheadh go moch as a leabaidh i n-a shír-sheasamh, agus do-bheireadh léim laochda láin-éasgaidh aiste, sul do éirgheadh grian as a chiorclaibh comhghlana codalta, agus ní bheireadh d'earradh no d'éadach leis acht an léine shreabhnaidhe sróil do bhíodh ria n-a gheil-chneas, agus brat fairsing fionnfhuar do ghairbh-eagar réidh-ruainnigh tairse sin uime aneachtair, agus buachaill beag do bhíodh aige le hiomchar a sgéithe agus a chlaidhimh, agus do fhosgladh dorus an airbhir do bhí aige os cionn an ghrianán i n-a gcodladh sé, agus do dhruideadh i n-a dhiaidh é, agus is annsin do ghnáthaigheadh a urnuighthe do dhéanamh isin am sin gach laoi ar a ghlúnaibh agus do bhíodh ag binn-ghabháil a shalm agus a shaltrach agus ag eadarghuidhe an Dúileamhan go diochra im thrócaire agus im ghrásaibh anma agus cuirp d'fhagháil dó féin agus dá iardraighe maille fris. An uair, iomorro, do thigeadh am éirghe do chách i gcoitchinne do fhágbhadh-san an t-airbhear agus do thigeadh dá ghrianán ghloinidhe ghorm-fhuinneogach agus dá sheomra slis-gheal sár-chodalta, do ghabhadh a earradh aonaigh agus áird-oireachtais uime iar sin agus do théigheadh ar fhairsneach na faithche fód-ghlaise féar-uaine chuige agus do-bheireadh treas ar sheilg agus ar sháir-fhiadhach agus treas eile ar ghnóthaidhibh a thíre agus a
thalmhan agus ag réidhiughadh eidir tréanaibh agus anbhfonnaibh agus ag caitheamh proinne agus tomhaltais i n-aimsir an mheadhóin laoi iar dtain, agus ag fuasgladh ceast agus caingean ó chách i gcoitchinne go fuineadh néill nóna agus go dul do luighe don ghréin agus do-bheireadh aire dá urnuighthibh agus dá easbartain iar sin. Acht atá ní cheana, is amhlaidh tárla don rígh a bheith an uair sin i moch-dheaghail na maidne i n-a aonar 'san airbhear ar a ghlúinibh ós an líg chloiche adubhramar ag foghnamh don Choimdhe chumhachtach. Cidh trácht ba feasach Ridire an Ghaisgidh gurab mar sin do chaitheadh an rí a aimsir agus do rinne é féin armtha éidighthe i n-a uathadh agus i n-a aonarán ar amus an gharrdha agus an airbhir i n-a raibhe an rí ar a ghlúinibh féin san ngrain-líg chloiche adubhramar, agus iarrais fosgladh ar an mbuachaill. Foilsighis an buachaill dó an rí bheith ag binn-ghabháil a shalm agus a shaltrach agus nár chubhaidh duine do dhul 'n-a cheann no go sguireadh sé dá urnuighthibh. Ar n-a chlos sin do Sheon, bagrais ceann an bhuachalla do bhriseadh. Dearcais an buachaill air go friochnamhach agus tuigis ar a éagcosg agus ar a innioll go raibhe tar éis feill-ghníomha do dhéanamh no ar tí a dhéanta, agus téid mar a raibhe an rí agus foillsighis dó Seon do bheith isin doras ag iarraidh fosluicthe. "Léigthear isteach mo dhearbhráthair," ar an rí. "Ní hamhlaidh sin is cóir," ar an buachaill, "no go rabhair-se ameasg do theaghlaigh isin gcúirt, óir ní cosmhaile ris deigh-ghníomh do dhéanamh iná feill-ghníomh, uair atá sé armtha éidighthe, agus do ruamnuigheadar a ruisg i n-a chionn agus do chlaochláidh a dhealbh chobhsaidh chaoin-déanmhach ar droich-dhealbh agus ar droch-dhath."
"Ceil agus ná can ní-sa mhó dot dhroich-innsgne ná dot mhí-urlabhra, a bhuachaill," ar an rí. "Agus ní hamhlaidh sin atá an t-adhbhar," ar sé, "acht is eachtrannaigh no allmhuraigh táinig i ndúthaigh mo dhearbhráthar, agus is d'iarraidh conganta sluaigh agus sochraide orm-sa táinig sé, agus is tríd sin ro fheargaigh agus ro luinnigh agus ro chlaochláidh a dhealbh agus a dhéanamh mar sin, - agus léigthear isteach go luath é." Fosglais an buachaill an doras go luath ar fhuráileamh an ríogh, acht gér dheacair leis é, agus léigis Seon isteach agus do rinne ar amus an ríogh mar a raibhe go díreach ar a ghlúinibh, agus is é beannughadh do rinne dhó .i. mionn bhláith bhuadhach mhín-déanmhach chumhduighthe chros-órdha chlais-leathan choilg-dhíreach dhatha dhias-fhada chúl-reamhar chlaidhimh do bhí aige do thabhairt amach as a thruaill taisgeadha agus as a thinnteach bodhbha agus as a chulaidh chumhdaigh, agus sáithis i leith a dhroma fo thrí isin rígh go crois é gur mharbh gan fhuireach é, agus fillis ar an mbuachaill iar sin agus teasgais a cheann dá mheidhe d'éan-bhuille claidhimh agus goiris ar a ghiolla féin chuige agus furáilis air a mhuintear féin do ghairm chuige go tinneasnach agus ar mbreith air dhóibh fuaradar an móir-ghníomh sin ullamh tar a gceann. Cidh trácht do éirgheadar easbuig agus sruithe, saoithe agus sagairt na cathrach fán am sin agus do bhádar ag binn-ghabháil a salm agus a saltrach ar bharr agus ar thaibhlibh an tuir agus do chonncadar an feill-ghníomh sin ag a dhéanamh agus do éirgheadar aodhairidhe cruidh agus ceathra agus lucht moich-éirghe an bhaile mhóir fán am sin, bantracht agus bandála na cúirte céadna sin ar fhuinneogaibh fairsinge
foirleathna fír-dhéanmhacha agus ar ghrianánaibh gloinidhe glan-sholuis na cathrach, drong dhíobh ag foghnamh don Choimdhe chumhachtach agus drong eile ag druine agus ag deagh-fhuagháil amhail fá béas dóibh, agus do chonncadar sin mar an gcéadna an feill-ghníomh agus an mhóir-fheall sin ag a déanamh. Do léigeadar a ngola árda acaointeacha agus a n-éimhidhe fada fíor-thruagha agus a sgreada cruadh-chasta comharca asta go ndearnadar lucht na cúirte agus na cathrach éirghe athlamh éinfhir ré clos an fhuachais sin uile dhóibh gur ba fairsing foirleathan fíor-aidhbhseach an móir-ghníomh sin ar fhud na cathrach uile. Acht atá ní cheana, ní har aithreachas ná ar athmhaoltas do chuaidh sin ag Seon, acht ro fhuagair doirse agus finistre na cúirte agus na cathrach d'fhosgladh dhó agus é féin agus a shluagh do léigean isteach go luath. Furáilis an t-easbog agus aos uird na cathrach, a huaisle agus a hárd-mhaithe agus príomh-chomhairligh na Sorcha do thabhairt chuige, agus do iarr orra a ríoghadh gan mhailís. Ar gcruinniughadh i n-éan-chomhairle dhóibh uile, adubhradar d'aitheasg aon-bheoil nár bh'inríoghtha fear feille ar bith agus do éaradar eisean uime sin. Luath-lonnuighis agus mór-fhearguighis Seon iaromh tríd sin agus tig ar aghaidh na cúirte mar a bhfacaidh an t-áirdeasbog agus an chomhairle agus is eadh ro ráidh riú an tan sin; - "Luighim fón bhFír-dhia bhforórdha agus fó na déibh aicsidhe agus neamh-aicsidhe agus fó árd-rannchaibh nimhe agus naomh-thalmhan, muna dtigthí amach agus mo ríoghadh gan mhailís amhail is dual, go n-imeorad brón báis agus beag-shaoghail oraibh féin agus ar an méad ghéabhas bhur bpáirt isin gcathraigh."
Ar n-a chlos sin dóibh ro imeagluigheadar go mór agus adubhradar nár dhócha Seon do mharbhadh mhic a athar agus a mháthar féin gan choigill iná sin do dhéanamh orra féin dó, agus tigsead d'éan-toil agus d'éin-mhéin chuige, gion gurab ar a mhian tángadar chuige, agus do chuirsead coróin air agus tugsad gairm ríogh gan fhrasabhra dhó ós áird, agus gach sollamhain nach raibhe do mhian ar chách do dhéanamh dhó, do rónsad ar a eagla dhó í, agus tugsad iaromh easbuig agus sruithe agus cliar na cúirte agus na cathrach dá n-úidh agus dá n-aire dul os cionn chuirp an ríogh, agus ro ghabhsad ag a éagnach go mór agus ag caoineadh a bháis agus ag tabhairt a theas-mholta dísle féin fair, agus an t-áirdeasbog go sunradhach, agus do rinne an laoi:
Beannacht ar th'anmain, a fhir, A Ristird óig shuairc shaoir-ghil; A Rígh na Sorcha gan bhéim, Th'orchra do chách is oilbhéim. Ba mhaith an chríoch-sa réd linn, A churaidh chalma chúl-fhinn; Iasg i bhfír-shreabh, cnuas i gcoill, Cruach ar gach fír-bheag fearoinn. Claon gach crann, líonmhar gach slat, Fíonmhar gach flaith fád chumhacht; Ní dhearnaidh feall fúd acht so, A Rígh sheangmhair na Sorcha.
Ba follus rath Dé id ghar, Gan fhiach gan fhuath gan uabhar, A rígh nár bh'fhallsa i n-am óil, Ba minic th'almsa ar altóir. Sibh i ndé ba cumhdach ceall, Bocht Dé, agus ord aifreann, Do b'aoibhinn id bhrugh fial fionn Do cheann i ndiu gidh ísioll. Ó nach eol leigheas id ghoin, Guidhmíd Íosa let anmain; Leat, a rígh chruith-mhín gan locht, Chuirmíd ár míle beannacht. Beannacht.
A haithle na laoidhe sin curthar corp an ríogh i n-oileadrom órdha agus bearar go heaglais chaitheadrálta na cathrach dá thórramh agus dá adhlacadh é, maille ré hoirmhidin agus ré honóir mhóir, agus do tógbhadh a lia ós a leacht lighe agus do fearadh a chluiche caointe ag cách i gcoitchinne, agus gabhais an rí nua sin teora lá agus teora hoidhche ag cruinniughadh éadála, maoine agus mór-mhaitheasa a dhearbhráthar, ag suidhiughadh agus ag socrachadh muintire na cúirte agus na cathrach agus ag déanamh cáirdeasa agus caradraidh dhó féin riú. Baoi ridire grádhach do chomhairle sheicréidigh an ríogh
sin neoch do marbhadh, neach ba hannsa leis féin d'fhearaibh an bheatha, agus is de do goirthidhe Ridire na Comhairle, agus táinig do láthair an ríogh óig sin, agus is eadh adubhairt ag beannachadh dhó: "Do chonách id chéimeannaibh agus do rath id ríogh-ghlacaibh, do ghal agus do ghaisgeadh a los th'airm agus th'iolfhaobhair, agus go meala tú do ríghe agus do fhlaitheas, a rígh-mhílidh, is maith agus is conáich an gníomh do rinnis .i. rí ar gcaitheamh tréimhse móire dá aois agus dá aimsir do mharbhadh dhuit, agus an ríoghacht do bheith agat féin agus ag do chloinn ó sin amach, agus nár chubhaidh ainm ná gairm ba uirísle ná clann ríogh do ghairm dot chloinn agus bainríoghan na Sorcha dá máthair; agus is aithnidh dhamh-sa uireasbhaidh mhór ort i ndiaidh an deagh-ghníomha úd gan déanamh fós, .i. inghean Ríogh na Sgeithía noch atá taobh-throm torrach, gabhthar agus cuibhrighthear leat-sa í, agus curthar i n-áit daingin í go ceann naoi míos, mar nach bia amharc iná iomagallmha daoineadh aice; agus mása mhac bhéaras sí básuighthear go hobann é, agus más' inghean bhéaras, athchurthar agus ionnarbthar í féin agus an inghean eile atá aice i gcríochaibh ciana coimhightheacha; agus is mar sin rachas an móir-ghníomh úd gan díoghailt go bruinne an bhrátha agus go foircheann an bheatha." Ro hurgháirdigheadh an rí uime sin go ndubhairt: "Is tairis linne an chomhairle sin, a Ridire na Comhairle," ar sé, "agus anos thuigmíd gurab cubhaidh comhadhais duit-se an t-ainm sin do bheith ort .i. Ridire na Comhairle, agus ba hárdughadh céime agus gradaim duit rém linn-se an chomhairle ghrádhach sin tugais damh. Agus ní bhia coimhéad na mná ag duine ar bith acht agat-sa féin, agus bíodh do rogha
cathrach dá bhfuil isin tír so agat saor agus ag do shliocht id dhiaidh dá chionn sin." Gabhais Ridire na Comhairle a rogha cathrach go n-a fearann saor ar bhord na fairrge mar a raibhe cuan luinge agus tráigh thoirrtheach agus inbhear éisg. Furáilis Ridire na Comhairle saoir agus máisiúin do thabhairt chuige agus tor diorroid daingean díothoghlaidhe do dhéanamh dhó agus a thógbháil ó thalamh agus a thrí cheathramhna isin bhfairrge, agus gan acht aon cheathramha i dteannta tíre dhe. Do bhádar seacht ndoirse re n-a ndrud agus ré n-a n-osgladh ó thalamh gus an bhfuinneoig do bhí ar an tseomra uachtarach do bhí os cionn fairrge don chaisleán agus aon doras amhlag iarainn ghairbh i bhfoirimeall agus i dteannta na sráide go híochtarach ar an tor sin. Iar mbeith ollamh fa thoil a mheanman féin mar sin don chaisleán, cuiris an ríoghan agus a hinghean ar an tseomra uachtarach sin noch do bhí ós cionn na fairrge agus i n-áit nach raibhe amharc duine ná tíre aca, agus ro fágbhadh beatha mheasardha aca, agus ro fhág glas agus géibheann ar gach ndoras ó sin síos go doras na sráide. Fá dubhach iad-san mar sin, óir ní fhaicdís gnúis dhaonna ar bith ná radharc tíre ná talmhan, féir, feadha ná fíoruisge, acht an bhóchna bhioth-bhorb agus an sáile sriuibh-ghlas sruth-líonmhar, agus neoill eadarbhuasacha an aeidhéir, agus comhghluasacht na ndúl agus na n-áird-reannach uasta gach laoi. No bhídís lán do dhoghra agus do dhoghailse agus do chomhghul agus do ghearán agus ag síor-dheorfadhaigh gach laoi agus an ríoghan go sunradhach ag a smuaineadh i n-a meanmain gur mheasa lé iná a láimhdionas agus iná bás a héin-fhir phósta dá madh mac do bhéaradh sí a bheith ag a fheitheamh dhá chur chum báis mar sin i n-a fiadhnaise.
Dála Ridire na Comhairle do thigeadh dá gcuartughadh gach lá nó gach dara lá d'fhios na ríoghna agus an toirrchis agus gach uair no fhiafruigheadh an rí sgéala na ríoghna dhe adeireadh-san nach dtáinig am tuismeadha don inghin fós agus dá dtigeadh go bhfuigheadh-san sgéala uaithe go prab. Cidh trácht, ar n-iomlánadh naoi míos d'inghin Ríogh na Sgeithía gabhais breasa bríogha agus alladh iodhna í, agus beiris gein mhín mhacánta shéimhidhe shochraidh shíothchánta bhláith bhaill-gheal bhéal-chorcra ghasda gheanamhail ghnúis-áluinn mhéir-leabhair mhic don mhór-thuismeadh sin. Glacaid eidir a dhá láimh é agus glanais agus géar-ionnlais é, agus mar do chonnairc an bhainríoghan an naoidhin n-áluinn an tan sin, agus pógais go dil agus go diochra é agus biathais do lacht a coirr-chíoch mbláith mbaill-gheal mbuin-reamhar féin é, agus léigis i n-a fiadhnaise ar an doras árd é, agus caoidhis go frasach falcmhar fíor-nimhneach ós a chionn go ndubhairt: "A árd-rígh neimhe agus naomh-thalmhan," ar sí, "agus a chruthuightheoir na ndúl agus a choimsightheoir na cruinne ceathardha, is mairg dár deonuigheadh th'iomchar i n-a bhruinne féin go nuige so, agus gan d'aon mhac aige féin iná ag th'athair acht tú agus gan a chead aige th'oileamhain ná th'altrom ó so suas go bráth," agus léigis for a glúinibh í iar sin agus iarrais ar an Tríonnóid thoghaidhe thré-phearsanaigh deagh-chomhairle do mhúnadh dhi um an mac do chur isin bhfairrge sul do-chífeadh sí féin dá chur dochum báis é nó léigean dó no go mbéaradh Ridire na Comhairle air d'fhéachain an dtiocfadh tré ghrásaibh Dé ann deagh-chroidhe do imirt fair. Gairid bheag iar sin di go bhfacadar an acuil uasal, .i.
an t-éan dá ngoirthear an t-iolar chuca a fraighthibh na fiormameinte agus a néallaibh eadarbhuasacha an aidheoir, gur thuirling ar thairsigh an doruis áird agus sínis an dá chrobh chrágacha caim-ingneacha crobh-bhuidhe i dtimcheall an leinbh agus fuadaighis leis i néallaibh cithe agus i gcoimhdeacht na gaoithe glóraighe é ós cionn na haibhéise allmhurdha iongantaighe eochair-ghuirme agus na bóchna bronn-fhairsinge bioth-ghairbhe, go ndeachaidh as rinn a ruisg agus a radhairc uatha. Agus ar n-a fhaicsin sin don bhainríoghain agus dá hinghin, buailid a mbasa agus brisid a mbruit, tairngid a bhfuilt agus a bhfionnaidh agus sgreadaid go truagh tuirseach, agus léigid a ngola árda acaointeacha agus a n-éimhidhe fada fíor-thruagha agus snighid frasa falcmhara fíor-fhliucha drúcht-mhóra donn-bhraonacha tar a ngruadhaibh gnúis-gheala glan-chorcra agus is suaill nach dtángadar airdheana báis agus buain-éaga agus timdhibhe saoghail don ríoghain ag faicsin an fhuadaigh sin a héin-mhic. Agus do b'fhearr lé annsin a bheith fa ainbhreith Ridire na Comhairle iná a fhuadach as a fiadhnaise mar sin, agus tuitis féin i dtaisibh agus i dtáimhnéallaibh báis, agus ar mbeith athaidh mar sin di, éirghis agus gabhais ag aithbhir iomaithbhir ar an gcinneamhain gcealgaigh gcruth-ghránna go ndubhairt: "A shaoghail thréan-mhallachtaigh ghearr-choinghiollaigh chealgaigh dhroch-thubaistigh, is beag dhamh-sa mo mhallacht ort ón chéad uair ro thógbhais mo cheann liom ar tosach agus tugais mo rogha céile agus tochmhairce dhamh d'fhearaibh na talmhan, agus an uair ba ríoghan ar an tSorcha go soilléir mé, do thaisbéanais do dhraint ghránna dhoidhealbha dhamh
an tan ro bheanais Rí na Sorcha dhíom agus nach dtugais éan-bhás agus éan-oidheadh dhúinn araon, agus ó nár thograis sin do dhéanamh, is truagh nár léigis an t-aon-mhac díleas diongmhála úd an ríogh beo agam d'fhéachain an dtiubhradh Dia dhó a athair do dhíoghailt uair éigin, agus go madh hurgháirdiughadh meanman agus aigeanta dhamh-sa bheith ag éisteacht re foghar a ghotha agus re binn-bhriathraibh a bhéil i n-ionadh a athar go nuige sin, agus fós ó nár thoilighis sin, is truagh nach feasach mé féin go dtiocfaidh isin saoghal ní éigin do-bhéaradh Ridire na Comhairle agus Ridire an Ghaisgidh comh bocht leam féin anocht gan rún faicsiona a gcloinne iná a mban aca-san go bráth, d'fhéachain an dtiocfadaois mar atáim-se gan mac gan fear," agus do rinne an laoi mbig-se:
Mallacht ort, a chinneamhain, Lér tógbhadh mé ó thosaigh. Och! is truagh do mhilleabhair Mise tar mhnáibh an domhain. D'airdrígh Sorcha saobh-uaine Tugais mise mar chéile; 'S truagh nach leabaidh aon-uaighe Fuaras agus mo chéid-fhear. Ó nach eadh acht mh'fhuireach-sa Tar éis mh'éan-ghráidh is mh'annsa, Truagh nach mair mo chuideachta Agam gan guais a mharbhtha. Och! is truagh mo smioragán, Mac Ridire na Sealga,
'Na chrobhaibh le hiolarán Uaim isin sáile searbh-ghlan. Gan mo shúil ré' amharc-san Ar n-imtheacht uaim mar thaidhbhse, Cuan mo chuirp is mh'anma-sa 'N-a chuid eoin ós cionn fairrge. A Ridire na Comhairle 'S a Ridire an Ghaisgidh, Truagh gan d'fhiachaibh oraibh-se Gan bhar gclann go bráth d'fhaicsin. Ó's tú féin, a chinneamhain, Tug ar tús damh-sa mh'amharc; Ó's leis mé do mhilleabhair Is beag leam ort mo mhallacht. Mallacht.
A haithle na laoidhe sin adubhairt an ríoghan: "Sguireann dár ngéar-chaoineadh, a inghean," ar sí, "glanam ar ngnúise agus ár nglan-aighthe, óir is gairid go dtí Ridire na Comhairle chugainn, agus dá bhfaghadh mar so sinn, is droch-bharamhail do-bhéaradh dhúinn agus do badh féidir gurab é ár mbás do thiocfadh as," agus do rónsad samhlaidh. Dála Ríogh na Sorcha, iomorro, ro smuain i n-a mheanmain féin go dtáinig barr ós cionn trí ráithe ó do chuir sé inghean Ríogh na Sgeithía le Ridire na Comhairle agus nach dtug sgéala an toirrcheasa chuige agus is í baramhail do bhean as sin, go rug an ríoghan mac agus, do bhrígh na ngrádh agus na gcumhacht ró-mhór do bhí aige féin ó n-a n-athair agus ó
inghin Ríogh na Sgeithía roimhe sin, gur chuir sé an mac dá oileamhain agus dá leasughadh ós ísiol no go madh hinfheadhma é as a gcoireochadh sé bás a athar air féin agus ar a chloinn uair éigin, agus gur imir sé gliocas agus míochoinghioll air féin mar sin, agus fógrais ughmacha dhó go tinneasnach, agus ní comhnuidhe do rinne go ndeachaidh go cúirt Ridire na Comhairle. Mór-fháiltighis an Ridire roimh an rígh. "Is tairise dhúinn, dár ndóigh, an fháilte sin," bhar an rí, "agus bearar ar cuairt chum na ríoghna sinn go bhfeasmís an clannmhar í." Do rónadh samhlaidh agus ar ndearcadh don rígh ar an ríoghain go friochnamhach, mar nach bhfuair inneall mná toirrche uirre rannsaighis an caisléan go maith ó a bharr gó a bhun agus, mar nach bhfuair clann aice iná innte dá mheas féin, tug mná iúlmhara glioca chuige dá dhearbhadh dhó an budh torrach í, agus ar n-a faicsin sin dóibh adubhradar nár bh'eadh. "A Ridire na Comhairle," ar an rí, "caidhe an toirrcheas adubhrais do bheith ag inghin Ríogh na Sgeithía." "Ní fheadar, a thighearna," ar sé, "acht muna bhfuil sé innte fós nó muna ndearna sí féin droch-bheart éigin fris d'eagla go gcuirfimís-ne chum báis i n-a fiadhnaise féin é," ar an Ridire. "Is deimhin linn nár mhill sí cuan a bronn féin fós," ar an rí, "agus go madh mheisde lé a luas do mhillfeadh duine eile é; agus ní hamhlaidh sin atá an chúis," ar an rí, "acht do chuireabhair-se an leanbh dá oileamhain agus dá leasughadh fa choinne mh'uilc-se do dhéanamh uair éigin; gidheadh cheana, ní ba cuma leat-sa an t-olc sin dá
ndearntar orm-sa é;" agus ar n-a rádh sin tángadar datha iomdha éagsamhla don rígh ré fuasmadh agus ré fiuchadh na feirge do fadóidheadh faoi ó na bacánaibh aeidhidh neoch is máthair don fheirg. Criothnuighis agus imeagluighis Ridire na Comhairle go mór ag faicsin an ríogh ar an ordughadh agus ar an inneall sin agus ré cloisteacht a bhriathar agus ro bhaoi ag síor-ghabháil a leithsgéil, agus níor ghabh an rí sin uaidh, agus ba luinneach lúthgháireach an ríoghan ó bheith ag éisteacht leis na boirb-bhriathraibh sin an ríogh agus do smuain aice féin i n-a meanmain go dtiocfadh tré mhóir-mhiorbhuilibh Dé agus na Tríonnóide tré-phearsanaighe bás d'imirt for Ridire na Comhairle isin bhfeill agus isin bhfionghail do thionnsgain i n-aghaidh a héin-mhic féin go nuige sin. Cidh trácht, is gairid do bhí a n-iomagallmha cainte sin eidir an rígh agus Ridire na Comhairle an tan táinig bruth agus borrfadh agus dásacht díomais isin rígh, agus furáilis cimidh crapailte cruaidh-chuibhrighthe do dhéanamh do Ridire na Comhairle agus mar nach bhfuair admháil an toirrcheasa, furáilis a chrochadh i bhfiadhnaise a mhná agus a chloinne agus a mhuintire, agus is ar éigin do tárrthuigheadh a bhean agus a chlann air gan a gcrochadh i bhfiadhnaise cháich, agus cuiridh sé turnaidhe eile os cionn an bhaile agus na dúthaighe sin tug sé don Ridire roimhe sin, gurab mar sin do chruthaigh an Fírdhia forórdha feall Ridire na Comhairle ar an ríoghain go nuige sin. Acht cheana do rinne an rí cuartughadh géar cruaidh ar an ríoghain ag iarraidh admhála an toirrcheasa uirre,
agus mar nach bhfuair adubhairt gur chóir a básughadh go hobann, acht adubhradar maithe agus mór-uaisle a mhuintire ris nár chóir sin do dhéanamh, agus gur chóra a hathchur agus a hionnarbadh as an gcrích go coimhiomlán i n-áit nach béaradh an rí amharc uirre féin ná ar a hinghin, agus nach gcluinfeadh a sgéala ó sin amach go bráth. Do críochnuigheadh an chomhairle sin aca agus tug an rí gairm os áird tuitim do bheith aige féin ar mhaoin agus ar mhór-mhaitheas aon duine do-bhéaradh biadh ná deoch dhi féin iná dá hinghin ó cheann seacht lá amach, agus furáilis sgaoileadh dhi ar an bhfoirm sin, agus fágbhais an rí an baile iaromh ar ndéanamh an chrochaidh agus an ionnarbtha sin dó, gurab mar sin do rug an Fírdhia forórdha agus uasal-athair na cruinne breith dhíreach ar Ridire na Comhairle isin bhfeill do thionnsgain in-aghaidh a thighearna agus a bhaintighearna agus an oighre dílis diongmhála do thoiligh Dia do theacht eatorra. Dála na ríoghna agus a hinghine féin, do chuadar i gcomhairle agus do smuaineadar go bhfuighbhidís féin bás don ghorta sul do fhuigfeadaois an tír sin, agus gurab chuige sin do chuir an rí an fuagra sin amach fán tír; "agus a inghean dil," ar sí, "is aithnidh dhamh-sa mar racham féin as ón ghairm úd, óir reacfam na héadaighe líoga leann-mhaiseacha atá againn re mnáibh uaisle éigin isin tír no isin gcathraigh, agus ceinneocham éadaighe beaga bochta agus cuirfeam dealbh ghránna dhuibh-niata ar ár ngnúisibh agus ar ár nglan-aighthibh agus biam ag iarraidh déirce ó thír go tír no go bhfagham eolus ar Sgeithía go bhfionnam an
mbéaram ar a dhul beo ar amus mh'athar," ar sí. Do rónadh samhlaidh leis na caoimh-ingheanaibh agus gluaisid rompa ar an samhlughadh sin agus iad ar dhroch-inneall bhocht dheireoil ó thigh go tigh agus ó bhaile go baile, agus an t-ionadh i n-a bhfaghdaois fleadh agus féasta roimhe sin níor mhó ná mír beag no sprúilleach do teilgthí chugtha annsin, agus do aithnigheadaois cách uile agus ní aithnigheadh aon iad. Cúirt charad agus choigéile don ríoghain i n-a raibhe sí go minic roimhe sin agus tárla dhi oidhche áirighthe a bheith innte go deireoil droch-bhiadhach agus ar smuaineadh don ríoghain a fheabhas do-gheibheadh sí féin a bheith lé isin gcúirt sin roimhe sin, gabhais tuirse mhór agus dubhachas dearmhair í ag smuaineadh an tsaidhbhris fuair sí ar tús agus a bochtaine féin fán am sin, agus do chan an laoidh:
Maith anocht mo chulaidh-se, Culaidh mhná gan fear nuachair, Lorg is ceirt na cumhaile Is déirc ó gach mnaoi uasail. Cách againn dá n-aithneachadh 'S gan aithne ag aon orainn; Sinn ag dul re faiteachas 'San gcúirt do charmaois romhainn. Mise agus mh'aon-mhacámh Go ngnúisibh dubha dorcha, Ag imtheacht 'n-ár n-aonarán Ar fhud críche na Sorcha.
An mír beag do-bheirinn-se Do bhochtaibh Ríogh an richidh, Mar chuid mhóir do-gheibhim-se Dhamh féin agus dom inghin. An tí sin 'gá bhfaghainn-se Rogha gach sóirt go sonairt, Beannacht uaim re n'anmain-sean Ó nach gcualas a chomhmaith. Maith anocht.
A haithle na laoidhe sin ro ghabhsad rompa ó thigh go tigh ag iarraidh déirce i gcrothaibh bhan bocht no go rángadar an Sgeithía fa dheireadh, agus léigmíd dínn a n-imtheachta ó sin amach. Acht laibheoram seal eile don iolar neoch rug an naoidhin mbig adubhramar i n-a chrobhaibh leis ón ríoghain roimhe sin ós cionn na fairrge, óir is í sin uair agus aimsear tarla lá Sanct Dáibhí ann go sunradhach, agus do ba do gheasaibh Ching Artúir mhic Iubhair mhic Ambróis mhic Ughdair mhic Constantín Chinn Dragúin dul do chaitheamh fleidhe no féasta gan iongnadh nuaidhe neamhghnáthach éigin d'fhagháil, agus is don Ridire Dubh mac Ríogh Franc tarla an lá sin seacha an teaghlaigh dul d'iarraidh an iongantais sin go Magh na nIongnadh. Agus téid ann agus ba fada leisin rígh baoi sé amuigh agus leanais féin i n-a uathadh agus i n-a aonarán é, agus tuirlingis ag Cartha na mBuadh ar Magh na nIongnadh mar a bhfuair an Ridire Dubh agus ro sguirsead a n-eachraidh annsin agus suidhis an rí
agus a dhruim re Cartha na mBuadh agus dearcais an cheathair-áird ar gach taoibh dhe, mar atá, soir agus siar, ba dheas agus ba thuaidh, go bhfacaidh an acuil uasal, .i. an t-éan dá ngoirthear an t-iolar, chuige a fraighthibh na fiormameinte agus a néallaibh eadarbhuasacha an aidheoir agus tuirlingis go háiseach i bhfarradh agus i bhfochair an ríogh agus léigis an naoidhin n-áluinn n-iolchrothaigh sin ar bhinn bhruit an ríogh as a chrobhaibh seach aon bhaill eile, agus ar ndul dó féin dá iomaire no trí uatha amach, tuitis i dtaisibh agus i dtáimh-néallaibh báis go lár agus go lán-talmhain amhail no bheith gan anam ann, agus gabhais lúthgháire mhór an rí fris an n-aisgidh mbig d'fhagháil ón éan agus adubhairt gurab é an Fírdhia forórdha do chuir an tiodhlacadh sin chuige, agus gan mac ná inghean aige roimhe sin, agus adubhairt go ndiongnadh oighre díleas diongmhála air féin de, agus tuigis fós gurab í truime an eire sin do bhí leis an iolar agus a thabhairt as rann imchian éigin don domhan tug i dtaisibh agus i dtáimhnéallaibh mar sin é, agus furáilis ar an Ridire Dubh páirt don lón do bhí aca do thabhairt i n-a fhiadhnaise don iolar, agus ar n-éirghe as an táimhnéall sin dó, ithis a leor-dhaothain don mbiadh sin agus éirghis go háird-cheannach iar sin, agus croithis agus clúimhis é féin go maith agus léigis gaoth fo n-a sgiathánaibh agus cromais a cheann mar do bheith ag gabháil a cheada ag an rígh agus do-ní comhartha umhla agus urrama i n-a fhiadhnaise agus éirghis as a bhfiadhnaise mar sin go ndeachaidh as rinn a ruisg agus a radhairc uatha, agus ní dó labhras an stair feasta. Acht atá ní cheana, furáilis Rí an Domhain ar an Ridire
nDubh, an mac sin tug Dia dhó féin, a bhreith leis mar dhalta uaidh féin, agus inghean ríogh nó tighearna d'fhagháil chuige dá oileamhain, "agus tabhairt cruidh agus ceathra, buar agus bó-tháinte, ór agus airgead ionnmhais dom chuid-se leis di, agus innis do chách i gcoitchinne gurab mac diongmhála dhamh-sa é, agus gairmthear Macaomh an Iolair d'ainm dhe, agus déanam feasta ón magh, óir is lór dhúinn d'iongantas an mhagha indiu beathadhach brúideamhail mar atá an t-éan úd do thabhairt leinbh bhig mhaoith leis i n-a chrobhaibh gan fhuiliughadh gan fhoirdheargadh fair agus a fhágbháil ar bheinn mo bhruit-se dhó seach baill eile agus gurab feoil is beatha nádúrtha dhó agus gan é féin dá ithe." Gabhaid iaromh a n-eachraidh agus cuiris an Ridire Dubh a dhalta i mbeinn a bhruit agus ní dearnadh oireiseamh ná comhnuidhe leo no go rángadar Dúnadh an Halla Dheirg agus goiris an Ridire Dubh inghean Iarla Chairrge an Sguir do Lochlannaibh chuige, agus innisis di mac do theacht dochum an ríogh agus gur chuir sé chuice-se dá oileamhain agus dá altrom é, agus go bhfuigheadh seoide, maoine agus mór-mhaitheasa ón rígh agus uaidh féin dá chionn sin. Altuighis an inghean le Dia an rí d'fhuráil oileamhna a mhic uirre féin agus gabhais chuice é go lúthgháireach, agus toirbhris lacht a corr-chíoch mbuinn-leathan mbarr-chaol féin dó agus oilis agus altromais an leanbh i dtigh an Ridire Dhuibh ó sin amach go ceann a dhá bhliadhan déag, agus ba heagnaidhe eolach ilbhéarlach agus ba fír-ghlic fuireachair i gcluithchibh lúibe agus liathróide é, agus i ndiubhraigthibh bonnsach agus i gcur chamán i gcionn a ocht mbliadhan é, agus ní headh amháin acht níor hullmhuigheadh fear a aoise ná a
aimsire riamh is fearr do hullmhuigheadh iná é i gceardaibh goile agus gaisgidh, i lúth agus i lámhach agus i gcur arm. Lá n-aon tarla imreasain iomána eidir mac an Ridire Dhuibh mhic Ríogh Franc agus mac an Ridire Ghil mhic Ríogh Ghréag ar fhaithche chathrach Chamalóide agus do chruinnigheadar an mhacradh i n-a dtimcheall re haghaidh na himreasna agus baoi Macaomh an Iolair 'n-a chodladh an uair sin, agus beadhgais as a chodladh agus téid amach mar fuair an iomáin ar siubhal. Cuidighis le n-a dhearbh-chomhalta agus cuiris an iomáin ar mhac an Ridire Ghil go ndubhairt gurab tré leathtrom do cuireadh an báire sin air féin, agus adubhairt mac an Ridire Dhuibh nach raibhe sé féin ag iarraidh conganta ar Mhacaomh an Iolair, agus go mbéaradh féin buaidh na hiomána, bíodh nach biadh sé aige. "Olc do dhéantá-sa mo chongnamh-sa do tharcaisniughadh," ar Macaomh an Iolair, "agus gurab feirrde thú mo chongnamh do bheith agat, agus dá dhearbhadh sin cuiridh-se bhur gcamáin araon ré chéile agus do-bhéar-sa báire oraibh." Féachaid sin leis maille re feirg mhóir. Gidheadh, cuiris Macaomh an Iolair an báire orra fo thrí. Líonais nimh agus racht uabhair mac an Ridire Ghil tríd sin agus adubhairt nár chás leis oil nó athais d'fhagháil ó mhac ríogh no roi-thighearna acht a fhagháil ó mhac éin nó eathaide, gan fios a chrú ná a chiníl acht mar mhac iolair dhá ghairm dhe. "An friom-sa chanas tú na briathra imdheargtha sin?" ar Macaomh an Iolair. "Is friot go deimhin," ar mac an Ridire Ghil. "Nach mac do Ching Artúr mé?" ar Macaomh an Iolair.
"Is deimhin liom nach eadh," ar mac an Ridire Ghil, "óir ní bhfuil fios do mháthar againn agus atámaoid ro-ainbhfiosach ann th'athair mar an gcéadna." Ro himdheargadh go mór fa dhreich óig ildhealbhaigh Mhacaoimh an Iolair uime sin agus ro chriothnuigheadar a bhaill agus ro ruamnuigheadar a ruisg agus ro chomhchumaisg-eadar a chéadfadha chorpardha re cloisteacht na mbriathar sin agus fógrais troid chamán ar mhac an Ridire Ghil. Freagrais mac an Ridire Ghil sin dó, agus tugsad tulgan tinneasnach agus briseadh bodhbha bioth-urlamh agus síth-ghléas sanntach sár-lúthmhar dá gcamánaibh cruaidh-ríghne croim-cheannacha i gceannaibh agus i gcorpaibh a chéile. Cidh trácht, tógbhais Macaomh an Iolair an láimh ndeis ndírigh ndoinn-ingnigh leis an gcamán agus buailis mac an Ridire Ghil i gcleith a chinn agus a cheann-mhullaigh gur chuir a inchinn i n-a caobaibh cró agus i n-a bróin bhric fhola tar sheinistribh a chinn agus a chluas amach seachtair. Ar n-a fhaicsin sin do mhuintir mhic an Ridire Ghil agus dá cháirdibh, ro chruinnighsead as gach leith i n-a thimcheall do dhíoghail a chréacht, agus níor bh'fhurusa dhóibh sin, óir baoi d'fheabhas imdheaghla an Mhacaoimh air féin nár bh'fhéidir leo urchóid do dhéanamh dhó nó go rug a chara agus a choigle féin air .i. an Ridire Dubh, agus eadarghánais ar a chéile iad agus beiris an Macaomh leis don chúirt, agus léigis ar a ghlúinibh é i bhfiadhnaise an ríogh go ndubhairt: "A rígh agus a thighearna agus a athair ionmhain," ar sé, "gus anois do shaoileas gur mhac díleas diongmhála duit mé, agus gabhaim do chomairce; má's fíor sin, innis damh
é nó tabhair mo bhunadh cineoil d'fhearaibh uaisle no anuaisle an domhain damh." Sochtais an rí go fada tríd an sgéal sin do chluinsin dó, agus gabhais tuirse agus trom-neimheéile é agus dearcais an rí ar an Macaomh go friochnamhach, agus adubhairt: "Ní maith liom-sa thusa dá iarraidh sin orm," ar sé, "agus go ndiongnainn mo dhíchioll maitheasa duit mar mhac díleas go bráth, agus ó do iarrais orm é, inneosad duit an mhéad atá dot sgéalaibh agam." Téid iaromh an rí an tan sin i gceann na sgéal sin d'innisin dó-san amhail do sgríobhamar anuas go nuige so. Cidh trácht, ar gcluinsin do Mhacaomh an Iolair gan fios a athar ná a mháthar do bheith aige ón rígh acht mar sin, tigid datha éagsamhla dhe agus tug maise ar mhíomhaise agus deilbh maith ar dhroch-dheilbh, agus is suaill nach dtángadar airgheana báis agus buain-éaga chuige, agus níor mhaith leis an rígh sin, go ndubhairt: - "A mhic agus a dhalta ionmhuin," ar sé, "ná cuireadh súd ort-sa, óir do-bhéar-sa cumhdach mic ríogh nó tighearna dhuit an gcéin mhairfead." "A rígh agus a thighearna, ná habair-se sin," ar Macaomh an Iolair, "óir tuingim-se a dtuingid mo thuatha agus luighim fó ard-rannchaibh nimhe agus naomh-thalmhan nach déan-sa suan ná sádhaile, codladh ná comhnuidhe go bráth no go gcuartuighear an chruinne cheathardha ó thurgabháil ghréine gó a fuineadh, no go bhfaghar fios mo bhunaidh chineoil agus mh'athardha dísle féin d'fholaibh uaisle no anuaisle an domhain mhóir," agus is cuma do bhí ag a rádh agus iarrais grádha ridire agus gairm ghaisgeadhaigh ar an rígh. Tug an rí sin dó, gér leasg leis a thabhairt dá chomh-óg-san do dhuine, ar son gur dearbh leis gur ba hinghill
infheadhma é i gcleasaibh goile agus gaisgidh, i lúth agus i lámhach agus i gcur arm. Acht cheana, ro hoirneadh i ngrádhaibh ridire agus ro-ghaisgeadhaigh é agus tug an rí a chulaidh chatha agus chomhlainn, agus a threalamh troda agus tachair, agus a aibíd áigh agus iorghoile féin eidir each agus earradh dhó, agus ro mhealsad cách i gcoimhnéinfheacht, agus ro thiomain iar sin cead agus ceileabhradh ag an rígh agus ag an mór-theaghlach agus gabhais a chead aige agus ag a oide agus ag a bhuime, ag bantracht agus ag bandálaibh na cúirte agus na cathrach, agus luighis socht agus athtuirse adhbhal-mhór ar an rígh agus ar mhaithibh agus ar mhór-uaislibh Dhúnaidh an Halla Dheirg agus ro shnighsead frasa falcmhara fíor-aighmhéile tar bláth agus tar brollach agus tar gruadhaibh ban agus bandála bláth-bhraighdeacha, uasal agus árd-fhlaith agus ainnear agus óg-bhan, aos ciuil, oirfide agus ealadhan, agus an Ridire Dubh agus inghean Iarla Chairrge an Sguir seach cáich. Acht atá ní cheana, gabhais Macaomh an Iolair a chead, agus fágbhais iomchomharc beathadh agus sláinte ag an rígh agus ag an Ridire Dubh, agus ag inghin Iarla Chairrge an Sguir agus ag an teaghlach uile sgeo mhacha, mná agus ingheana, agus do rinne an laoidh:
Géabhad mo chead ag an rígh; Cuirfead re a thír mo chúl, Gion go bhfeadar thuaidh nó theas Gá treabh ar ar déanta dhún.
Ó theaghlach cúirte an ríogh Och! faríor is déanta dhún, 'S ó Dhúnadh an Halla Dheirg 'S ón macraidh gan ceilg 'n-a rún. Óm oide díleas ag dul Fear rom theagaisg i gcur arm; 'N-a bhrugh do-gheibhinn gach fíon, An Ridire Dubh mac Ríogh Franc. Inghean Iarla Chairrge an Sguir An bhuime rom chuir i bhfás, Ní bhiaidh neach gan fios a sgéal, Altrom a géag mbaill-gheal mbán. Mac mise don rígh i ndé - Do mhac Iubhair féin níor nár - 'S ní fheadar i ndiu cá treabh Dhá bhfuilim ó neamh go lár. Ó éirgheas grian ruithneach rán Go bhfuinneann sál fá n-a dhlaoi, Ní bhia ball damh-sa gan fhios Go bhfaghad ann fios mo ghaoil. Coisg-se dhíom, a bhuime dhil; Ní turus mar sin do ním. Damh ciodh damhna bróin nach beag, Géabhad mo chead ag an rígh. Géabhad.
A haithle na laoidhe sin gabhais Macaomh an Iolair an chulaidh chumhdaigh sin an ríogh uime agus téid do dheigh-léim ar an each sin fuair ón rígh agus téid ar fairsneach na faithche fód-ghlaise. Acht atá ní cheana, ar ndéanamh treasa marcaigheachta i bhfiadhnaise an ríogh dhó agus luchta an teaghlaigh i gcoimhnéinfheacht, tiomnais ceileabhradh fa dhó agus fa thrí uaidh don rígh agus don teaghlach agus go mór-mhór dá oide agus dá bhuime, agus léigis i gceann aistir agus imtheachta é cara an chaomh-laoi. Mar sin dó go dtarla i ngleann uaigneach fhásaigh, agus sguiris a each, agus do-ní fian-bhoith fhoslongphuirt dó féin agus faduighis torc teineadh tricheamh-ruaidhe agus tug a aghaidh ar an ngleann agus dúisgis agh allaidh agus marbhais d'éan-urchar sleighe í, agus do-ní fulacht na bhfear ndeithbhreach uirre iaromh, agus caithis a leor-dhaothain feola agus fíoruisge agus codlais iar dtain agus éirighis i moch-dheaghail na maidne moiche ar n-a mhárach. Gabhais innioll aistir agus imtheachta air féin agus léigis ar a aghaidh é ar feadh agus ar fiarlaoid an ghleanna go dtáinig deireadh agus deoidh an laoi agus do rinne mar an gcéadna an oidhche sin. Acht atá ní cheana, éirghis ar n-a mhárach agus do chonnairc magh maiseach mín-sgothach, agus tír thaithneamhach thirim agus fearann fairsing féar-líonmhar agus féachain dá dtug ar a chomhair do chonnairc marcach chuige isin magh gach ndíreach agus druidis 'n-a choinne agus 'n-a chomhdháil agus is amhlaidh fuair annsin é, eadhón, inghean chruthach chaomh-áluinn agus falabhraigh uaine fúithe. Beannuighis an inghean dó do bhriathraibh milse miochardha agus freagrais Macaomh an Iolair an beannachadh
d'fhuighlibh áilgheana agus do chaoineas comhráidh agus fiafruighis sgéala iaromh don inghean agus fios a hanma agus a ciníl. "Ó'n bhfalabhraigh uaine so hainmnighthear mé," ar sí, "óir is Inghean na Falabhrach Uaine goirthear dhíom agus atáim ag teitheamh ré tamall roimh an bhfear ag a bhfuilim agus gnáthaighim dol ar fhaosamh agus ar chomairce daoineadh uasal go nuige so, agus ní dearnadh comairce dhamh air fós, agus do chuala gurab é Cing Artúir mac Iubhair mhic Ambróis rí is líonmhaire laochradh agus is calma curadh agus is truime thairpthighe teaghlach isin domhan go huilidhe, agus dob' áil liom a dhol ar a fhaosamh agus ar a chomairce d'fhios an roichfeadh leis mo chosnamh no mo chaomhna, agus iarraim d'athchuinghidh, a mharcaigh úd, a hucht th'uaisle agus th'fholuigheachta sgéala d'innisin damh ó do inniseas mo sgéala féin duit." "Innisim," ar Macaomh an Iolair, "gurab marcach do mhuintir Ching Artúir me, agus gurab le gnóthaidhibh atáim ag imtheacht ar fud an domhain." "Maiseadh," ar an inghean, "iarraim-se d'aisgidh agus d'athchuinghidh ort-sa filleadh leam féin i gceann Ríogh an Domhain agus cuidiughadh leis mé féin do chosnamh agus mo chomairce do ghabháil do láimh d'fhéachain an mbiadhmís aige anocht, óir is eagail leam-sa breith ar slighe no ar bealach orm." "Ní hurusa damh sin," ar Macaomh an Iolair, "óir is é indiú an treas lá ó do fhágbhas Dúnadh an Halla Dheirg agus atáim fá dhírim mharcaigheachta ó sin a leith." "Béaraidh m'each-sa sinn ar aon lé an uair cuirfidhthear th'each féin," ar an inghean, "óir atá sí deagh-fhulaing deagh-ualaigh agus i n-a muirighneach comh maith agus do
dhéana sí na huile aithghiorra dhúinn isin mball nach biaidh eolus againn féin ann." Faomhais Macaomh an Iolair an ní sin, acht gér leasg leis é, agus an feadh do rug a láidreacht dá each féin do bhádar i gcomhmarcaigheacht ar aon, agus an tan ro cuireadh í do chuadar ar aon ar an bhfalabhraigh uaine, agus ní haithristear a n-imtheachta go rángadar cathair Chamalóide, agus tuirlingid ar an bhfaithche mar a bhfuaradar an rí, agus beannachais an inghean dó, agus cuiris í féin ar a fhaosamh agus ar a chomairce. Fiafruighis an rí adhbhar a himeagla don inghin. Innsis an inghean dó amhail adubhramar romhainn, agus gabhais an rí do láimh a cosnamh ar fhearaibh an domhain uile. Agus is móide do ghabh an rí sin do láimh, .i. an uair táinig an ríoghan sin do láthair, ní raibhe cnámh go méad n-ordlaigh dhe ó a bhonn gó a bhathais nár líon dá seirc agus dá síor-ghrádh. Fiafruighis an rí dhi samhail a fir, agus ro innis dó gurab ridire ro-árrachtach agus gaisgeadhach gnímh-éachtach é, agus gurab ar éigin do rug sé í féin leis ó thús, agus gurab dá bhrígh sin tarla fuath aice air, agus nár fhéad an fuath sin do chlaochlódh riamh, agus nach raibhe isin gcríostaidheacht rí ná ro-fhlaith do shaoilfeadh sí dhá hanacal ná dhá himdheaghail nach deachaidh sí seal éigin dá fhéachain agus nach bhfuair é go nuige sin, "agus fós is do thréidhibh an fhir sin ag a rabhas .i. feadán guth-bhinn glan-airgid bhíos aige agus an uair sheinneas é fir ghonta agus mná ré n-iodhnaibh agus laoich ar n-a leadradh agus curaidh ar n-a gcnáimh-ghearradh do chuirfeadh i n-a dtoirchim suain
agus síor-chodalta re cloisteacht an cheoil tsíthe sin, agus is ón gceol sin goirthear Ridire an Chiuil de." Cidh trácht beiris an rí an inghean don dúnadh, agus roinnis a theaghlach go huilidhe ar dhoirsibh an dúnaidh ó a bhun gó a bharr agus cuiris an inghean i seomra dhaingean dhirrid baoi i bhfíor-uachtar na cúirte agus iomad glas agus géibheann air, agus lóchrann loinneardha lasamhain ar lasadh ar lár an tseomra agus céad ridire ro-chalma im an Ridire Dhubh mac Ríogh Franc istigh agus amuigh ar gach taoibh don dorus agus Sior Bhalbhuaidh agus céad ridire ar phríomh-dhorus an dúnaidh agus céad ridire eile im Mhacaomh an Iolair i stábla na n-each ag coimhéad na falabhrach uaine, agus mór-theaghlach an ríogh ag faire agus ag forchoimhéad dóibh sin uile, agus an rí féin ar barr na cúirte ag coimhéad dóibh agus ag siubhal eidir lucht an choimhéada sin d'eagla go gcoideolaidís no go n-imeochadh amaoile ar bith orra fán gcoimhéad sin do ghlacadar do láimh. Ar ndul tar mheadhón oidhche don aimsir, táinig Ridire an Chiuil ar an bhfaithche agus mar do chonnairc an chathair cheann-árd chúpladhach agus an bhruidhean bheann-chorr bhláith-dhéanmhach ar lasadh do shoillsibh don taoibh istigh uile do aithin go raibhe coimhéad maith ar an inghin, agus tug an feadán glan-airgid baoi aige amach agus do ghabh ag a sheinm go séimhidhe sítheamhail agus re cloisteacht an chiuil sin don mhéad do bhí ó bhallaíbh agus ó mhúraibh na cathrach amach do thuiteadar i n-a dtoirchim suain agus síor-chodalta agus do-ní an gcéadna re lucht coimhéada an doruis agus re gach dreim ar cheana ó sin suas go nuige an seomra uachtarach i n-a raibhe an rí agus an inghean agus gér dhoiligh sin, cuiris
i n-a dtoirchim suain iad mar an gcéadna, ionnus gur chuir a dhá láimh go ciuin agus go háiseach i dtimcheall na hinghine agus tógbhais ós a ur agus ós a árd-ghualainn í agus ní dearnadh comhnuidhe leis no go ráinig fairsneach na faithche fód-ghlaise féar-uaine chuige agus léigis go lár agus go lán-talmhain í agus níor mothuigheadh aon ní dhe sin, agus cuartuighis an baile iar sin no go bhfuair an stábla agus seinnis an feadán do Mhacaomh an Iolair agus dá chomhluadar curadh agus cuiris i n-a gcodladh mar an gcéadna iad agus goidis an fhalabhraigh uaine uatha. Musglais an inghean iar sin agus furáilis Ridire an Chiuil uirre, madh olc maith lé é, dol for muin na falabhrach uaine agus ní haithristear a n-imtheachta as sin ar aon nó go rángadar Dún Chairrge Duibhe .i. baile bunaidh agus cúirt chomhnuidhthe Ridire an Chiuil agus ní dó leanmíd go fóill. Cidh trácht ar musgladh do Mhacaomh an Iolair tug lámh ar a ghnúis agus ar a ghlan-aghaidh agus fuair an lá go n-a lán soillse aige agus dearcais i n-a thimcheall agus ní bhfuair an fhalabhraigh uaine aige, agus fuair a chomhluadar curadh agus caith-mhíleadh i n-a dtoirchim suain agus síor-chodalta agus smuainis annsin go rugadh an macaomh mná uatha mar aon risin bhfalabhraigh uaine agus ní raibhe ó dhorus na faithche gus an dorus uachtarach baoi ar an seomra i n-a raibhe an inghean aon duine nach bhfuair i n-a gcodladh, agus musglais uile iad. Tuitis lionndubh agus mí-aigneadh mór ar an rígh tríd sin seach cáich go ndubhairt Macaomh an Iolair, "A rígh agus a thighearna, ná bíodh mí-mheanma ná droch-mheisneach ort-sa um dhála na hinghine úd, óir tuingim-se a
dtuingid mo thuatha nach bhfuil ó thurgabháil ghréine gó a fuineadh iath ná inse iná oileán nach iarrfad no go bhfaghad sgéala na hinghine úd chugad-sa do ridhisi." "Dá ndearnair sin," ar an rí, "beir neart sluagh agus sochaidhe leat dá hiarraidh." "Ní bhéar," ar Macaomh an Iolair, "acht mé féin im uathadh agus im aonarán, agus dá dtí leam, is lór duit-se é, agus muna dtí, acht mh'fhágbháil as a los, féadaidh tusa neart sluagh agus sochaidhe do chur dá hiarraidh ó sin amach." "Maiseadh," ar an rí, "baramhluighim-se gurab tar muir agus tar mór-fhairrge táinig an inghean úd chugainn agus fear a tóruidheachta 'n-a diaidh, gurab uime sin mholaim dhuit-se an curach buadha bord-chobsaidh atá agam-sa do bhreith leat neoch do chuir inghean Ríogh Thíre fa Thuinn mar shéad soineamhail suirghe chugam agus is dá bhuadhaibh ar suidhe dhuit ann, dá n-iarrair ar fheartaibh Dé agus an churaigh, gidh b'é ball i n-a mbiaidh do thriall no do ghnóthaidhe do bhreith ann, go mbéaraidh sé ann sin thú gan amhras gan iomrall ná gan aird-mhearughadh n-eoluis ar bith, agus is dá bhuadhaibh fós gurab coimh-dheas sheolas sé ar muir agus imthigheas le gaoith agus i n-a haghaidh." "Atá fleasg dhraoidheachta aige agus an uair fhúigfeas tú é, buail an fhleasg air agus ní ba léar do dhuine d'fhearaibh an talmhan é go bhfille tú féin chuige arís." "Beir buaidh agus beannachtain, a rígh agus a thighearna," ar Macaomh an Iolair, "ar an adhbhar gurab é sin congnamh lorgaireachta is mó do bhí 'n-a riachtanas orm, agus is buadhach atáim anois, óir ní bhfuair aon duine riamh congnamh lorgaireachta is fearr ná é."
Gluaisis Macaomh an Iolair go haithghearr iar sin agus tiomnais cead agus ceileabhradh don rígh agus don Ridire Dubh agus d'inghin Iarla Chairrge an Sguir agus don teaghlach uile ó sin amach, agus gluaisis go ciumhais an chuain agus an chalaidh agus cuiris a churach ar muir agus ar mór-fhairrge agus suidhis agus iarrais ar fheartaibh Dé agus ar bhuadhaibh an churaigh iúl díreach do dhéanamh dhó gus an áit i n-a raibhe Inghean na Falabhrach Uaine agus ní haithristear a imtheachta ná a eachtra iar sin go ceann cúig lá ndéag, agus i gcionn na ré agus na haimsire sin dearcais Macaomh an Iolair go grinn agus go glan-radharcach i gceathair-áird na háibhéise iongantaighe uaidh gach ndíreach no go bhfaca ionshamhail oiléin i bhfad uaidh agus téid ar a amus go haithghearr, agus ar n-a rochtain téid isteach ann agus buailis an curach dá fhleisg dhraoidheachta gur fhág fa dhall-chiach é, agus téid féin suas i n-árd an oiléin, agus fuair sé buinne cloch-bhláith ceathar-uilleannach caisléin i mullach na cairrge sin thuas agus aon dorus i n-a cheirt-mheadhón, agus druidis Macaomh an Iolair amach ó bhun an chaisléin, agus cuiris i n-a choirchibh reatha rinn-luaithe é féin agus i n-a réimibh roi-reatha agus lingis d'urlannaibh a shleighe agus do chrannaibh a chraoisighe, agus do éirigh do bhaoith-léim éadtrom eadar-bhuasach no gur thuirling ar an dorus árd sin agus téid don dara léim ar urlár an chaisléin, agus is amhlaidh fuair inghean áluinn ór-fholtach ann agus í caomh-chruthach ceann-áluinn déid-gheal dearsgnaidhe dreach-sholus suairc suilbhir so-ghrádhach 'n-a huathadh agus 'n-a haonar istigh agus suidhis féin i n-a fochair agus i n-a farradh agus gabhais ag
suirghe agus ag sibhionradh ria, agus ag fiafruighe agus ag fochtain sgéal di. Freagrais an inghean é go so-ghrádhach agus innsis ar tús dó gurab í féin Niamh Chinn-fhionn, inghean Ríogh na hIndia, agus nach raibhe mac ríogh no roi-thighearna isin gcruinne go comhlán nach raibhe dá hiarraidh ar a hathair agus go dtugadh éaradh tochmhairce uile orra, "agus go dtugadar triúr fomhóiridh fuinnmhidhe fíor-ghránna leo mé," ar sí, "d'aimhdheoin mh'athar agus mo mháthar agus na hIndia uile, agus atáim aca le bliadhain gan dúil dhaonna d'fhaicsin frisin ré sin gus indiu; agus ar mo thabhairt leo don dún-sa dhóibh ro éirigh imreasain mhór adhbhal agus teagmháil tharbhdha theintidhe thinneasnach throim-dhíoghaltach eatorra umam-sa dia fhios cia haca ag a mbeinn mar mhnaoi do bhunadh, agus do chomhraiceadar ré chéile go toll-bhorb tinneasnach troim-dhíoghaltach agus go fraochda feardha forránach agus go greannach gruamdha gairbh-bhéimeannach gan fios tláis ná time ar cheachtar dhíobh acht a bheith ag leodh agus ag leadradh a chéile. Trí lá agus teora hoidhche dhóibh ar an ordughadh sin gan ceangal gaoil ná páirte ag ceachtar dhíobh ré aroile frisin ré sin amhail ba triúr dearg-námhad iad. "Do bhí mise dá bhfeitheamh mar sin," ar sí, "lán do lúthgháire agus do lonnachas i riocht go muirbhfidís féin a chéile 'n-a dtriúr, agus do smuain mé arís nach raibhe maith dhamh féin ann sin, óir dá maireadh éan-duine aca go mbeinn féin aige go bráth. "Do itcheas agus do ghuidheas go diochra ima fhuireach ar mo bhreith féin fán gcúis sin agus do fhaomhsad sin damh-sa agus do ghabhas cuir agus rátha gréine agus éasga agus aeidhéir orra im
chomhall na breithe do-bhéarainn eatorra agus do radsadar sin damh, agus is eadh adubhart-sa riú: "Ó's libh féin mise do bhunadh agus do sheilbh dhílis, cuirim geasa agus airmearta oraibh gan luighe liom féin no go bhfaghthaoi mo mhacasamhla-sa ar dheilbh agus ar dhéanamh, ar éagcosg agus ar innioll, ar uaisle agus ar athardhacht do dhias ban eile, ionnus go mbia bean ag gach fear agaibh dhínn ó sin amach," agus go mbeinn féin réidh leo ó sin suas, agus go gcoimhéadfadaois a ngaol agus a bpáirt iar sin. "Adubhradar-san, gér dhoiligh dhóibh sin do dhéanamh, go ndéandaois é agus nach gcaillfeadaois a ngeasa go nuige sin, ó nach raibhe dul díobh agam-sa, agus atáid frisin mbliadhain sin atáim aca ag súr agus ag iarraidh na gcríoch agus na gcineadhach i n-a dtimchioll d'fhios an bhfuighdaois mo shamhail-se gan iomarcaidh gan easbhaidh agus ní bhfuaradar ó shin ale agus ní beag leam-sa a luas do-ghéabhaid iad sin, agus cidh b'é siubhal do-níd isin ló tigid annso gach n-oidhche." "Gá hanmanna goirthear do na fearaibh sin," ar Macaomh an Iolair, "agus caidhe na hairm ghaisgidh ar ar treise iad?" "Gruig, Graig agus Gruggan a n-anmanna," ar an inghean, "agus clann do Gharbh mac Dolair ó imlibh Mara dToirrian iad; agus luirgfheirsde catha atá aca go slabhradhaibh síth-ríghne sáir-iarainn agus go n-ubhall-mheallaibh imreamhra iarainn ar na slabhradhaibh sin go dteasgfadaois clúmh ré gaoith no fionnadh i n-aghaidh srotha le gach aon fhaobhar dá bhfuil orra, agus is iad sin airm ar ar treise iad, agus is curaidhe calma cumsacha cnáimh-reamhra iad; agus gér mhaith linne th'fhurán-sa agus
th'éintigheas do bheith againn, is ró-mhaith linn gan iad sin do bhreith ort againn anocht, gidh b'é thú d'fholaibh uaisle no anuaisle an domhain mhóir." "Gidh b'é mé," ar eisean, "ní fhúigeabh an ball-sa no go bhfaicear an triúr sin." "Ní dom dheoin-se do-ní tú sin," ar sise. I gcionn trill iar sin do chonncadar an triúr athach sin chuca fán am soin agus mar fuaradar Macaomh an Iolair rompa istigh, do thaod a ngean gné gránna gáire agus forbhfaoilteachais iad agus do altaigheadar ris na déibh aeidheardha an oiread sin d'fheolmhach do chur chuca do chum a suipéir. "Gidh suilbhir sibh-se, a thriúr tréan-bhathlach, roimh an bhfeolmhach sin, ní bhfuarabhair ariamh feolmhach bhus frithre libh ag a chosgairt iná é go dtoil do Dhia," ar Macaomh an Iolair. Mar do chualadar na hathaigh sin, .i. freagra easaontaidh an ridire óig amhulchaigh sin orra, do chuadar féin i muinghin a n-airm agus a n-iolfhaobhair agus do iarr Macaomh an Iolair comhrac aoinfhir orra. "Ní thiubhram," ar siad, "óir, gidh ní-sa lia ná so do bheimís, do bheith ar gcongnamh féin ag a chéile, agus an mhéad atámaoid anois biaidh ar gcongnamh féin againn," ar Gruig mac Ghairbh. "Maiseadh," ar Macaomh an Iolair, "cuirim féin Áirdrí neimhe agus naomh-thalmhan do chosg bhur n-ainmhian agus bhur n-iomarcach orm féin," agus is cuma do bhaoi dá rádha agus nochtais a chlaidheamh clais-leathan coilg-dhíreach agus ionnsaighid an ceathrar sin a chéile agus ro ghabhsad ag imirt a gcleas ngoile agus ngaisgidh ar a chéile gan fios tláis
ná time ar cheachtar dhíobh go deoidh agus go deireadh an laoi, agus mar nach bhfacadar na bathlaigh baoghal aca ag cosgairt na feola do chum a suipéir ro ghabhsad comh-fhosadh comhraic go maidin. Acht atá ní cheana, níor cháirdeamhail carthannach éin-tigheas na beag-bhuidhne sin ré chéile go maidin, agus níor chomhthrom leighis iad, óir ro chuirsead na fomhóraigh losa íce agus braona balsaim i n-a gcneadhaibh agus i n-a gcréachtaibh gur bha hóg slán iad, agus do bhádar a chneadha féin gan leigheas gan leasughadh ar Mhacaomh an Iolair; agus ní mór do chodladh ná do chomhsanadh do rónsad ar leith an oidhche sin go maidin agus éirghid i moch-dheaghail na maidne moiche ar n-a mhárach agus ro ghabhsad an comhlann céadna do láimh. Agus ba cneadhach créachtach cró-linnteach fraochdach fuileach fobhartach galach gnúis-dhearg groid-bhéimneach aighmhéil allata ainiarmhartach a gcomhlann ar gach leith. Acht atá ní cheana, bádar ar a gcleasaibh goile agus gaisgidh agus ar a rogha comhrac ar an ordughadh sin gan fios tláis ná time ar cheachtar aca go dul do luighe don ghréin gan leagadh gan leonadh ar cheachtar dhíobh frisin ré sin no gur feargaigheadh go mór na fomhóraigh tríd sin go ndubhairt Gruig mac Ghairbh: "A bhráithre ionmhaine," ar sé, "do b'annamh libh-se a leithéide so do imtheacht oraibh go nuige so, agus dá madh iomad sluagh no sochaidhe do theigéabmhadh dhúinn is lán láidir do chlaoifimís iad, agus nach buadhmaoid ar aon mhacaomh óg amhulchach, agus é d'ár bhfurtamhlughadh comh mór agus so, agus luathaidh bhur lámha agus méadaighidh bhur mbuilleadha ar an ridire óg agus tugaidh
aimsear dá bhur suipéar d'ullmhughadh dhíbh ó nach bhfuil bhur n-atharrach féin d'fheadhmanntachaibh agaibh." Cidh trácht, ar ngabháil na greasaireachta sin do na tréin-fhearaibh, ro ghabhsad síth-ghléas saoitheach sár-lúthmhar dá n-armaibh for an Macaomh. Adubhairt Macaomh an Iolair annsin: "Ó nach bhfuil fear mo laoidhidh ná mo chomhmolta féin ó Dhúnadh an Halla Dheirg a leith agam is oircheas damh cuimhniughadh ar an gcleas ndíoghraiseach do rinne an Ridire Dubh dhamh fa choinne an éigeantais;" agus leis sin bogais agus beartaighis, casais agus cruaidh-chroithis an claidheamh clais-leathan colg-dhíreach do bhí aige agus do-ní faobhar-chleas i n-a thimcheall de. Agus do bhaoi do luas na himdheaghla tug air féin nár léar dhóibh-sean aon chnáimh go méad n-ordlaigh dhe ó a bhonn gó a bhathais agus baoi do dhlús agus do dhéine an iombuailte tug ar a armaibh gur comh-luath do bheanadh a chlaidheamh féin agus a bhuille dhóibh-sean agus an buille do-bheireadh gach fear aca-san chuige. Acht atá ní cheana, níor sguir don fhaobhar-chleas sin go ndearna cumach cnáimh-ghearrtha agus goin ghalann agus áigheadha foghailte feol-sgaoilte don triúr tréan-bhathlach sin agus beanais a dtrí cinn dhíbh, agus teilgis i bhfiadhnaise Néimhe Cinn-fhinne iad ag comhmaoidheamh an ghníomha sin. Adubhairt Niamh nach dearna fear a aosa iná a aimsire ariamh gníomh ba cudroma iná an gníomh sin do rinne Macaomh an Iolair. Gidheadh sin, ní deagh-shlán táinig sé féin ón ghníomh sin agus ón mhór-chomhrac, óir ba hiomdha cneadha doimhne do-leighis agus créachta cneas-ghearrtha craos-fhosluigthe air ó thuargain na dtréin-mhíleadh sin noch do thuit leis agus tuitis iaromh i
dtaisibh agus i dtáimhnéallaibh báis an gcéin bhádar a chneadha agus a chréachta ag sileadh agus ag tibearsain fola ar gach leith dhe. Tig an inghean chuige iar sin agus cuiris meanma agus mór-mheisneach ann re laoidheadh agus re comhmoladh na ngníomh do rinne agus tug a lór-dhaothain dighe chuige gur fhás brígh agus borrfadh mór ann gur éirigh 'n-a shuidhe, agus rug lé ar leabaidh othrais é go ndubhairt fris: "A Mhacaoimh óig amhulchaigh, ó taoi anois gan uamhan ná imeagla ort féin iná orm-sa, innis bunadhas do chiníl agus fios th'anma dhamh-sa agus díoghrais gach sgeoil dá bhfuil agad ó sin amach," ar an inghean. "Atáim-se cneádhach créachtach," ar sé, "agus ní ham sgéalaidheachta dhamh go fóill agus déantar mo leigheas agus mo leasughadh leat-sa, agus, mása slán mé do-ghéabhair-se mo sgéala agus muna ba headh acht marbh, ní bhfuil feidhm agad-sa ná ag aon duine eile ar mo sgéalaibh go bruinne mbrátha agus go foircheann an bheatha, agus do rinneadar an laoidh mbig so síos eatorra féin araon:
Innis sgéala, a mhacaoimh, A óig alt-chaoin gan uabhar: Anois ó taoi gan omhan Cá domhan duit, cá dualgas? O taoim-se go cneadhach créachtach, Leat-sa déantar mo leigheas, Is dá dtí mé óm othras Mo sgéal ort-sa ní cheileabh.
Dá bhfaghthaoi leat-sa an Iubhrach Do bhíodh ag ionnladh na mbodach, Níor bh'fhearr leagha na cruinne Agad uile 'ná a fromhadh. Ar ghrádh th'einigh, a inghean, Fóir-se mh'imneadh is mh'ochán, Do bhalsuim na mbodach marbh-sa Dhamh-sa is déantar brochán. Dá madh leam d'éis do leighis Thú féin, a dheighfhir dhearc-chuirr, Do dhéanainn uirre dícheall, An Iubhrach líth-gheal do leanfainn. Luidghim fóm armaibh gaisgidh Do luach th'aistir fám luighe, Go madh leat-sa iar mo leigheas Mé tar gach ndeighfhear sa chruinne. Éirghis Niamh go hathlamh Is gabhthar lé 'gá hiarraidh An Iubhrach do bhí i n-uaigneas Go bhfuair-se í fa dhiamhair. Brochán íce gan fuireach - Fá buidheach bean a dhéanta - Do-ní Niamh d'íoc a ghalair Leis gur chabhair a chréachta.
O taoi-se go subhach sleamhain Tar an fheadhain ar ar chinnis, Do sgéala dhúinn, a dheighfhir, Ar ghrádh th'einigh innis. Innis.
A haithle na laoidhe sin gabhais an inghean ag fiafraighe sgéal do Mhacaomh an Iolair agus innisis di gach sgéala dá raibhe aige agus adhbhar a thurais tar muir agus tar mór-fhairrge don dul sin. Ceanglaid cuir agus rátha cleamhnasa re chéile annsin ar bheagán fiadhnaise. Innisidh an inghean dó-san go gcualaidh féin iomrádh tóchaime agus tuarasgbhála Ridire an Chiuil .i. fomhóir Chairrge Duibhe ag cloinn Ghairbh mhic Dolair agus gur bh'fhíor-chara agus géar-chompánach dhóibh féin é agus nár bh'urusa a chlaoi i ngaisgeadh ar bith ná i ngliocas dá mhéad a chlaoi i ngaisgeadh ar bith ná i ngliocas dá mhéad ná i síodhaigheacht ar bith. "Maiseadh," ar Macaomh an Iolair, "gidh b'é cruth i n-a bhfuil sé, ní féidir leam-sa mórán comhnuidhthe do dhéanamh no go bhfaicthear é féin agus Inghean na Falabhrach Uaine." Acht aon ní cheana ar léigean a sgíse agus ar gcur a mheirtnighe agus neimhe a chneadh agus a chréacht de dhó, gluaisis féin agus inghean Ríogh na hIndía agus cuirid roighne séad na bhfomhórach isin gcurach agus an beagán do mhair don bhalsuim íce baoi ag na fomhórchaibh agus tugsad aghaidh ar muir agus ar mór-fhairrge agus iarrais Macaomh an Iolair ar fheartaibh Dé agus ar bhuadhaibh an churaigh eolas do dhéanamh dhóibh ar amus Dhúnaidh Chairrge Duibhe .i. baile Ridire an Chiuil agus in gach iath eile i n-ar badh mhaith dhóibh dul. Acht gidh b'é siubhal fairrge do rinneadar, ní haithristear a
n-imtheachta go bhfacadar mar thoirt oiléin fhásaigh i gcomhfhogus dóibh agus do ghabhsad cuan agus caladhphort i dtrácht gheal ghainmhidhe an oiléin sin agus buailis an tslat gheal draoidheachta baoi aige for an gcurach gur fhágaibh i n-iomfholach i n-aice na mara é, agus gluaisid rompa iar sin go bhfuaradar an t-oiléan fíor-áluinn fásaigh dob' fhearr féar agus uisge dá bhfacadar ariamh, agus, ar mbeith athaidh fhada ag siubhal an oiléin dóibh, do chonncadar cathair cheann-árd chúpladhach agus iostadh ríoghdha ro-mhaiseach agus bruidhean bhláith bheann-chorr bhuaidh-dhéanmhach uathaibh do thairrngeadar dá hionnsaighe agus fuaradar halla bláith-bheannach breac-fhuinneogach agus ríoghan roisg-leathan chaomh chuirp-sheang chneas-áluinn bhanda bhanamhail bhéal-chorcra bhinn-bhriathrach ag cur chórthair ann agus bantrachta bláithe baill-gheala béil-bhinne briathar-chruinne 'n-a huirthimcheall ag uaim n-óir-ghréas n-áluinn n-iongantach agus gan aoinfhear dá bhfaire ná dá bhforchoimhéad, agus stéad dubh duaibhseach dath-álainn bras beann-chorr béil-íseal aidhbhseach allata uicht-leathan cluais-bheag ceann-árd gob-chaol cinn-bheag cos-luath cruinn-shiubhlach ailt-reamhar éadtrom iongan-chruinn sleamhain suaimhneach sliasad-bhláith gníomh-árd gaisgeamhail cos-luath cíor-dhubh ceart-bhallach ar mhainséar dhathach dheigh-dhéanmhach ar slios an ríogh-halla sin, agus ughaim órdha éagsamhail ioldathach i n-áirde os a cionn, agus ga farránta foinnmhidhe feidhm-láidir ceann-chruaidh cros-fhairsing ceathair-uilleannach ar an slios céadna láimh riú sin.
Acht cheana fáiltighis an ríoghan rompa agus go háirighthe roimh an mnaoi agus furáilis uirre suidhe i n-a fochair agus i n-a farradh féin. Dearcais Macaomh an Iolair ar feadh an tighe agus tug grádh a anma don each ar n-a faicsin dó agus cuiris a hughaim uirre agus glacais an ga adubhramar agus téid forsan each agus imthighis amach ar fairsneach na faithche fód-ghlaise agus do bhí 'gá marcaigheacht agus dá mín-fhéachain agus níor bh'fhada dhó mar sin go bhfacaidh beag-bhuidhean ghaisgidheach chuige san raon gach ndíreach agus príomh-laoch fearamhail feidhm-láidir i n-urthosach na buidhne sin agus guail-eire feolmhaigh d'fhiadhach an fhásaigh ar gach aon aca. Ba machtnughadh meanman agus mór-aigeanta leo aithne an eich duibh fán marcach anaithnidh agus gurab inneall troda agus tachair baoi fair ag teacht dá n-ionnsaighe, agus gabhaidh díoghrais a gcleas ngoile agus ngaisgidh chuca fa choinne an mharcaigh anaithnidh agus níor bh'fheirrde dhóibh, óir sporais Macaomh an Iolair an t-each i n-a gcoinne agus i n-a gcomhdháil, agus níor ghabh tlás ná time é gur chuir an t-each tríotha gur sgaoileadh agus gur sganradh ó chéile iad. Tógbhais Macaomh an Iolair an láimh leabhair lán-tapaidh ós ur agus ós uachtar a árd-ghualainn agus buailis buille farránta fíor-láidir d'urlainn an ghaoi réidh reamhair baoi aige ar an Ridire ro-árrachta do bhaoi i n-a cheannphort ar an gcuideachta agus cuiris i lorg a chinn agus a cheann-mhullaigh go lár agus go lán-talmhain é agus sul do éirigh as sin do cheangail go cruaidh cuibhrighthe é agus cuiris crios a chlaidhimh agus sgíth-leathrach a sgéithe go
daingean do-sgaoilte air, agus gabhaid a mhuintear raon madhma agus mór-theithmhe chuca ag a fhaicsin sin. Beiris Macaomh an Iolair an Ridire leis ceangailte ar an ordughadh sin i bhfiadhnaise a mhná agus a bhuidhneach bhantrachta agus bandála, agus furáilis umhal fosaigh agus fothraigthe do dhéanamh dhó féin agus an t-each dubh do chórughadh agus do bhiathadh ar a mainséar féin. Bádar mar sin go ham caithmhe agus codalta ar gach taoibh gan caoineas comhráidh ná áineas iomagallmha do dhéanamh re aroile, no gur labhair fear an tighe i gceann na ré agus na haimsire go ndubhairt: "A ridire agus a ró-ghaisgeadhaigh úd nach bhfacamar agus nár chleachtamar go nuige so, is maith do-ghéabhthá-sa, ó do chuaidh agad orainn féin agus nár chuir aon ghaisgeadhach romhad isin gcruth so sinn, sgaoileadh dhínn ó 'nois agus mé féin agus an t-oiléan so agus an chríoch go huilidhe do bheith ar do chumas féin feasta agus go gcaithfead féin congnamh mo láimhe agus mo lainne ar do shon ó so amach." "Dá madh deimhin leam-sa sin," ar Macaomh an Iolair, "do sgaoilfinn díot." "Cuirim-se grian agus éasga agus aidhéar i gcor agus i slánughadh orm go gcoimheolla mé súd duit," ar an Ridire. Sgaoilis Macaomh an Iolair dhe iar sin agus fiafraighis a ainm agus a shloinneadh dhe. "Ridire ró-árrachta agus gaisgeadhach gnímh-éachtach nár claoidheadh i gcomhthrom catha ná comhraic mé ariamh go nuige tusa dom fhorrach, agus fuaras geall clúidh ó mhórán d'fhearaibh an bheatha ar
neart mo láimhe agus ar chruas mo chlaidhimh agus ar mhéad mo bhuille, agus is ón oiléan-sa hainmnighthear mé, .i. Gruagach an Oiléin Fhásaigh goirthear dhíom, agus ó do bhí i gcinneadh dhuit-se mo chlaoi lem chulaidh féin, biad agad ar son do ghaisgidh agus th'iochta maithe orm, agus Béathuinde inghean Ríogh na Gréige Bige an bhean úd agam, agus is ar neart mo láimhe agus ar mhéad mo bhuille tugas leam í agus ní feasach a hathair cá háird d'áirdibh an domhain mhóir i n-a bhfuil sí féin ná an beagán bantrachta úd i n-a farradh, agus is iad sin mo sgéal-sa agad, agus is maith leam ní éigin dot sgéalaibh-se d'fagháil anois." "Do-ghéabhair beagán de sin," ar Macaomh an Iolair, ".i. Ridire ró-óg agus gaisgeadhach do mhuintir Ching Artúir mhic Iubhair mhic Ambróis mé," ar sé, "agus Niamh Chinn-fhionn, inghean Ríogh na hIndía an bhean úd do-chí im fhochair noch do bheanas do neart mo láimhe agus do cheart mo chlaidhimh do thriúr fomhórach foinnmhidhe fíor-árrachta .i. trí mic Gairbh mhic Dolair ó imlibh Mara dToirrían agus is é fáth mo thurais tar muir agus tar móir-fhairrge do lorgaireacht mná tugadh as cumairce mo thriath agus mo thighearna .i. Inghean na Falabhrach Uaine, bean Ridire an Chiuil, agus ní feasach mé do cheithre háirdibh an bheatha cá hiath no inse no oiléan a dtug sí a haghaidh; gidheadh tugas mo mhóid nach bhfillfinn go bráth no go mbeirinn an bhean sin leam no bunadhas a sgéil go Rígh an Domhain agus is maith leam do chongnamh-sa agus do chuidiughadh d'fhagháil chuige sin." "Dar mo chubhais, ámh," ar Gruagach an Oiléin, "ní
hí sin céad-uair do sáruigheadh cumairce na mná sin, agus ní hurusa duit-se a breith tar ais d'áis no d'éigion." "An eolach thusa orra?" ar Macaomh an Iolair. "Is eadh go deimhin," ar Gruagach an Oiléin, "óir is cara agus is compánach dhamh-sa Ridire an Chiuil, agus is deimhin leam nach deachaidh ar chúl sgéithe ná claidhimh riamh ridire ná gaisgeadhach atá ionchomhraic ris ar fheabhas a ghaoise agus a ghliocais, agus ar iomad a ealadhnach ndoilbhthe ndraoidheachta agus síodhaigheachta ar cheana." "Ní bhéaraid sin uile gan fhéachain uaim-se é," ar Macaomh an Iolair. "Do-bhéar-sa mo chongnamh agus mo chuidiughadh dhuit," ar Gruagach an Oiléin, "gidh doiligh dhamh é, agus ní hiomdha go bhfuil ó thurgabháil gréine go a fuineadh a shamhail, agus is fear tuarastail dó mise, óir is é tug an t-each dubh úd atá agad-sa dhamh, agus ní hiomdha go bhfuil ó thurgabháil gréine cuingir each is fearr iná í féin agus an fhalabhraigh uaine agus is ar iomad a ealadhnach ndraoidheachta is mó is uamhan é, óir ní bhfuil ón míol mór muiridhe gus an gcorr-mhíoltóig gcaoil gcuirp-sheing riocht i n-ar b'áil leis dol nach dtéid sé ann." "Má'seadh," ar Macaomh an Iolair, "amhail tug seisean an t-each dubh sin agus an ga i dtuarastal uaidh féin duit-se, do-bheirim-se uaim féin duit anois iad, agus ní hé sin amháin acht gach ní bhias agam i n-a mbiaidh do spéis, budh leat é."
Altuighis Gruagach an Oiléin an tiodhlacadh sin fuair ó Mhacaomh an Iolair, agus ro ghabhsad ag caoineas comhráidh agus ag áineas iomagallmha ré chéile ó sin amach, agus tugadh nuadh gacha bídh agus sean gacha dighe chuca gursad measga meadhair-chaoin iad agus do deargadh iomdhaidh agus aird-leabaidh do Mhacaomh an Iolair agus dá mhnaoi, agus do rónsad suan agus sádhaile go maidin agus anaid annsin go ceann seachtmhaine sa tigh sin Ghruagaigh an Oiléin ag léigean a sgíthe agus ag cur a meirtnighe dhíobh agus ag déanamh eoluis an Oiléin Fhásaigh ag cur a gcumainn agus a gcaradraidh ar a chéile. I gcionn na ré agus na haimsire sin adubhairt Macaomh an Iolair: "A Ghruagaigh an Oiléin," ar sé, "is damhna meatha d'fhear mo thurais féin comhnuidhe fada aon bhaill do dhéanamh agus is mithidh dhamh triall ar amus Chairrge Duibhe, agus lámh do thabhairt ar aithghearrughadh ar ngnóthaidheadh." "Is doiligh agus is docamhlach triall agus tionnsgnamh an turais sin," ar Gruagach an Oiléin. "Gidh doiligh, ní ghéabh-sa cath ná cumha tar a cheann," ar Macaomh an Iolair. "Gurab maith rachas duit," ar an Gruagach, "gion go ndeachaidh go maith d'aon duine romhaibh riamh." "Cá fios duit-se, a Ghruagaigh," ar Macaomh an Iolair, "nach damh-sa do deonaigheadh ó Dhia díoghailt a uilc agus a anbhforluinn ar Ridire an Chiuil," agus do rinne an laoi:
Éirigh suas is déanam triall, A Ghruagaigh, dár ghiall gach dream; Lór dh'ár meath comhnuidhe cian; Mithidh dhuit triall is teacht leam. Ní hé an triall is doiligh dhúinn Acht dul d'fhoghail múir na mbeann. Th'aire dhuit, a Mhacaoimh mhín, Ní tearc rí do chuir 'n-a cheann. Má do chlaoi-sean toir is tiar, Ní ghéabh-sa gan triall dá fhios; Nach dtuitfidh liom a los an uilc, A Ghruagaigh, dhuit cá fios? Ní bhiam ris acht is dearbh dúinn Nár sheas ariamh ar chúl arm Aon laoch dhá dtiubhradh sleagh shiuil Ridire an Chiuil go madh marbh. Beanfad-sa do thoil Mhic Dé A cheann dá mhéidhe seach gach ball, An Charraig Dhubh gidh cruaidh an céim Is géabhad féin a los mh'arm. A laoich ó Dhún an Halla Dheirg, Do-bhéar-sa gan cheilg mo bhann
Do chomhall mo gheallta dhuit, 'S is baoghal duit neimh a lann. Ar ghrádh th'einigh coisg dá luadh - Dul dá shoighin ní tuar gliadh. A Ghruagaigh Oiléin na mBuadh, Éirigh suas is déanam triall. Éirigh.
A haithle na laoidhe sin do thiomnadar ceileabhradh dá mnáibh agus dá muintir agus ro ghabhadar a gcead aca agus gluaisid rompa go ngléire arm agus iolfhaobhar i n-a n-uathadh agus i n-a n-aonarán go rángadar an curach réamhráite agus ar n-a rochtain dóibh, do chuadar ann agus ro ghabhsad an bhóchna go bioth-urlamh agus do éirigh an fhairrge i n-a cnocaibh coguasacha ceann-gharbha agus i n-a tonnaibh tul-bhorba tinneasnacha agus i n-a léibheannaibh luaimneacha lán-chubhracha agus i n-a mothar mhí-chéillidhe mhór-anfadhach agus i n-a háibhéis allmhurdha iasg-iongantaigh, agus i n-a ceathaibh cnuais-fhliucha cioth-bhraonacha agus i n-a gadánaibh glóracha grinnioll-gharbha gur mhúidh agus gur mhearlas an sáile searbh-ghlas sruth-líonmhar agus iomad na n-ilphiast n-éagsamhail n-iongantach ar gach taobh do thosach agus do dheireadh an churaigh feadh trí lo go n-oidhche isin éigean-dáil agus isin anbhforrán sin. Iar sin árduighis an ghaoth i n-aice na néall bhfoir-imiollach agus íslighis a glór agus a gearán i n-aice mhara agus mhór-fhairrge agus do éirigh féith ciuin cobhsaidh coimhleathan ar an áibhéis n-iongantaigh n-eochair-ghuirm agus dearcais
Macaomh an Iolair agus Gruagach an Oiléin uathaibh go díreach agus do chonnairc Gruagach an Oiléin mar shamhail inse no oiléin uadha agus múinis do Mhacaomh é agus do sheolsad an curach gan fhios gan airiughadh do mhuintir an oiléin go rángadar bun na Cairrge Duibhe. "Is amhlaidh atá an charraig so," ar an Gruagach, "ní bhfuil acht éin-tslighe suas innte agus ní thoilleann acht aon duine i n-éinfheacht san slighe sin, agus atá dhá daingne, dá mbeidís fir dhomhain uile fá n-a bun, ná badh bheag aon duine amháin dá gcongbháil i bhfus agus atá tor diorraid dí-thoghlaidhe cuanna cloch-bhláith ceathair-uilleannach caisléin i mullach na cairrge úd agus gan acht aon doras árd i bhfad ó lár agus ó lán-talmhain air, agus ní théid colann daonna isteach ann ré rópaidhibh undáis acht madh Ridire an Chiuil amháin agus adeirid cách gurab le draoidheacht théid sin féin ann." "Ní misde," ar Macaomh an Iolair, "ní raibhe don mhacraidh dá raibhe mise aon duine do b'fhearr cliseadh colna ná mé féin, agus gá fios nach rachainn isteach gan airiughadh do Ridire an Chiuil." "Ní rachair, dar ndóigh," ar an Gruagach, "agus dá ndeachthá, is mór an locht air sin gan mo chuidiughadh-sa do bheith agad ann." Gluaisid rompa iar sin gan mhothughadh no go rángadar bun an chaisléin agus druidis Macaomh an Iolair athaidh amach uadha agus léigis i n-a choirchibh gáibhtheacha glan-reatha tar ais arís é go ráinig i n-aice an chaisléin agus
éirghis do bhaoith-léim árd aeidhéardha d'urlannaibh a shleagh agus do chrannaibh a chraoiseach gur thuirling ar dhorus árd an chaisléin agus is amhlaidh fuair Ridire an Chiuil agus a cheann i n-ucht a mhná .i. Inghean na Falabhrach Uaine agus é féin i n-a thoirchim suain agus síor-chodalta agus é armtha éidighthe, agus feadán guth-bhinn glan-airgid ré a gcanadh an ceol síthe adubhramar romhain ar clár re n-a thaoibh. Ar n-a fhaicsin don inghin chuice mar sin do theibh a gean glé-mhaiseach gáire í. Dála Mhacaomh an Iolair tairngis an claidheamh clais-leathan cros-órdha coilg-dhíreach baoi aige as a thruaill taisgeadha agus as a thinnteach bodhbha agus sáithis i gcompar a chroidhe agus i gceart-mheadhón a chléibh i Ridire an Chiuil é agus do rinne goin ghalann agus áigheadha foghailte feol-sgaoilte dhe agus beanais a cheann dá cholainn iaromh, agus, an uair do shaoil Gruagach an Oiléin Macaomh an Iolair a bheith gan anmain istigh, is amhlaidh do chonnairc chuige ar amus an doruis áird é agus ceann Ridire an Chiuil ris i n-a láimh, agus teilgis mar phreasánta do chum an Ghruagaigh amach é, agus cuiris téad amach ar cheann an Ghruagaigh agus beiris isteach é agus gabhais gáirdeachas agus géar-lúthgháire an inghean re faicsin an ghníomha sin agus an chomhluadair rug uirre, agus do rinne umhal fosaigh agus fothraigthe do na ridireadhaibh sin agus ro ansad trí lá agus teora hoidhche isin dúnadh sin ag tóchaitheamh bídh agus leanna agus ag léigean a sgíse agus ag cur mheirtnighe na fairrge dhíobh. Cidh trácht ar gcaitheamh na haimsire sin, adubhairt
Macaomh an Iolair ó do chuirsead críoch a gcuarta fa bhuaidh an Dúnaidh Chairrge Duibhe gur mhithidh dhóibh a fhágbháil agus filleadh d'fhios a mban agus a muintire. "Is fíor sin," ar Gruagach an Oiléin, "agus do-bheirim-se mo bhriathar nach dearnadh cuartughadh riamh is sona agus is séanamhla ná do chuartughadh annso, agus nach dtugadh riamh foiléim is buadhamhla iná an foiléim tugais agus dá bhfuarais a cheann re n-a bhuain do Ridire an Chiuil, agus dá mbeith i n-a dhúsgadh, nár bh'urus a chlaoi a neart goile no gaisgidh, agus go raibhe do bharr gaoise agus gliocais aige agus d'ealadhnaibh doilbhthe draoidheachta go snámhadh sé faoi an bhfairrge agus ós a cionn, agus fós gurab iomdha críoch agus cinéal bhias go subhach so-bhrónach agus go mór-lúthgháireach agus bhias i n-a gcáirdibh dísle diongmhála agad-sa a los an deagh-ghníomha sin do rinnis, óir do ba mór dhíobh do bhí i ndaoirse agus i ndocamhal agus i mbroid bhunaidh ag an mílidh do thuit leat." Iar sin adubhairt Macaomh an Iolair gur mhithidh dhóibh Dún Chairrge Duibhe do fhágbháil ó do rinneadar a dturus ann. Do bhí Inghean na Falabhrach Uaine ag innsin sgéal agus ghníomh agus chaithréime Ridire an Chiuil dóibh go nuige sin agus do rinne Macaomh an Iolair agus Gruagach an Oiléin an laoi eatorra:
Éirigh, a Ghruagaigh an Oiléin, 'S bíom go roiréidh fán dún-sa; Is fágbham é gan árus, Gan cádhas d'fhear a dhúnta.
Béaram linn ógh na ngeal-lámh Mar leannán go mac Iubhair; Maith an séan d'éis ar n-aistir - Don bhais-ghil bhus buaidh bhunaidh. Líonfam ar long do shéadaibh, Cuid do bhréagaibh an tsaoghail, Atá anois ar ar gcumas Ní nár bh'urus dar maoraibh. Ní misde dhúinn a mhaoidheammh Ní thug aoinfhear 'sa domhan, Do ráidh Gruagach an Oiléin, Foiléim suarach ba sona. Fada ó chéile an cnuasach Do-bheirthí le nuachar di-se, Bé na Falabhrach Uaine - Uime níor luaidheadh mise. Is iomdha dá lucht ceannaigh Lé'r meadhair clos na sgéal-sa. Duit-se, a Mhacaoimh an Iolair Tug Dia siocair a dhéanta. A bhuidhe risin gCoimdhe Buaidh damh gan doilghe d'fhagháil, Tuitim codhnaigh na Cairrge d'éis gach airde do ghabháil.
Iar gcur dúin críche ár gcuarta Is ó nach bhfuarsain toibhéim: Is d'fhagháil sgéal do nuachair Éirigh, a Ghruagaigh an Oiléin. Éirigh.
A haithle na laoidhe sin do rónsad éirghe athlamh aoinfhir agus ro chuirsead maoine agus mór-mhaitheasa agus roighne séad an dúnaidh isin gcurach, agus do bhaoi dá líonmhaire nár thoillsead ann; acht long luchtmhar lán-aidhbhseach do bhaoi ag Ridire an Chiuil re haghaidh cíosa agus cánachais do thógbháil agus do chur tar muinchinn mhara agus mhór-fhairrge chuige agus ro chuirsead a lucht innte do na huile mhaitheas agus mhór-éadáil dá raibhe isin dúnadh agus ro cheangail siad an curach dhi agus do chuadar féin innte agus ro thógaibhsead a seolta áille ioldathacha i mbarraibh a gcrann gcoimhdhíreach seasmhach sár-láidir siubhail agus ro sheolsad an fhairrge go fairsing foir-neartmhar fíor-árrachta agus an áibhéis iongantach iasgach ilphiastach agus an bhóchna bharr-gheal bhioth-thonnach bhoirb-neartmhar agus an sáile sruibh-ghlas sruith-linnteach iasg-líonmhar; agus ní haithristear a n-imtheachta a sunda an dála go rángadar oirear áluinn imeall-bhláith Oiléin an Fhásaigh agus tugsad leithead a taoibhe dá luing don trácht gheal ghainmhidhe agus gluaisid ar amus dhúnaidh agus dheagh-bhaile Ghruagaigh an Oiléin bhail a rabhadar a mná agus a mbandála. Ba forbhfaoilidh cách ré chéile dhíobh. Teora haimsire mar sin dóibh ag ól agus ag aoibhneas i bhfochair agus i
bhfarradh a chéile agus ag urgháirdiughadh meanman agus aigeanta. Triallaidh iaromh Macaomh an Iolair agus Inghean na Falabhrach Uaine agus fágbhaid inghean Ríogh na hIndía i bhfochair Ghruagaigh an Oiléin agus ní haithristear a n-imtheachta no go rángadar cathair Chamalóide agus dúnadh an Halla Dheirg agus tuirlingid ar fhaithche an dúnaidh agus, mar do chuaidh aithne forra, táinig Cing Artúr agus an Ridire Dubh agus Sior Bhalbhuaidh agus an teaghlach uile amach i gcoinne agus i gcomhaircis na beag-chuideachta sin, agus do thoirbhreadar teora póg do Mhacaomh an Iolair agus do mhór-fháiltigheadar roimh Inghin na Falabhrach Uaine. Fochtais agus fiafruighis Cing Artúr sgéala a n-eachtra agus a n-imtheachta dhíobh araon agus go sunradhach do Mhacaomh an Iolair. Innisidh sin dó ó thús go deireadh agus sgéala na hinghine tar gach ní, fá mar do chualabhair anuas go soiche so, agus a rogha do bheith ag Cing Artúr annsin a congbháil aige féin mar mhnaoi agus mar bhain-chéile no a tabhairt dá rogha féin d'fhior eile noch do bheith iomchubhaidh aice no cead do thabhairt di filleadh dia tír féin arís. "Is í mo rogha-sa," ar an rí, "an bhean do bheith agam féin." Bearar isteach don dúnadh iar sin, acht cheana do rinne an rí banais bhuan-thiodhlaictheach re hInghin na Falabhrach Uaine agus is gairid do an Macaomh an Iolair an uair tug lámh ar imtheacht agus gabhais an rí agus Inghean na Falabhrach Uaine dhá thoirmeasg go díchiollach agus ag furáil comhthadh mór fair, agus ó nár fhaomh-somh sin do ghlacadh gan dul do thadhall agus do thaisteal an domhain mhóir "nó go bhfaghad ní éigin d'fhios mo sgeoil féin"
bronnais an Inghean an Fhalabhraigh Uaine dhó do chongnamh do chum an turuis sin, agus ba maith an séad sin, óir ba coimhdheas ar muir agus ar tír í. Gabhais a chead iaromh, agus ní dearnadh oiriseamh ná comhnuidhe leis go ráinig Oiléan an Fhásaigh agus ar mbeith treall ann dó ag léigean a sgíse agus ag comhluadair re n-a mhnaoi, is í comhairle ar an chinnsead eisean agus Gruagach an Oiléin do imtheacht i n-a uathadh agus i n-a n-aonarán agus a gcuingir each leo, óir ba hionann iolbhuadha dhóibh sin, agus do thiomnadar cead agus ceileabhradh dá mnáibh, agus dá dteaghlach agus ro ghabhsad rompa ar a gceart-aghaidh gach ndíreach ag cuartughadh críoch, inseadh agus oiléan go coimhleathan d'fhéachain an bhfuighbheadaois nó an gcluinfeadaois aoin-ní do sgéalaibh Mhacaoimh an Iolair. I gcionn trill iar sin agus iar gcuartughadh urmhóir an domhain mhóir dhóibh, tárla críocha agus cinéala fairsinge fásaigh, maighnis agus machairidhe fáis-réidhe chuca, agus bádar dá siubhal iar sin ar a gceart-aghaidh gan faicsin daoineadh iná áitreibhe, eallaigh iná airnéise ar bith go fuineadh agus go feasgar, gurab annsin do chualadar gul árd accaointeach agus éimhighdhe fada fíor-thruagha ban go ndubhairt Macaomh an Iolair gur chóir dhóibh dol d'fhios adhbhair gola na mban agus go madh féidir go bhfuighbheadaois sgéala na tíre sin uatha. Tigid annsin agus fuaradar dias ban 'na suidhe ann agus dias deaghlaoch marbh fútha agus iad ag gol go bocht truaghánta ós a gcionn, agus beannuighis an marcshluagh do na hingheanaibh agus fiafraighis Macaomh an Iolair sgéala dhíobh agus adhbhar a nguil d'áirighthe agus fios na tíre sin i n-a dtárladar féin. Ba hiongnadh
adhbhal-mhór agus ba machtnughadh meanman agus mór-aigeanta leis na mnáibh an marcshluagh do bheith i n-a n-ainbhfios féin agus i n-ainbhfios na tíre agus adhbhair a nguil féin mar sin. Do labhair an bhean ba sine díobh agus adubhairt: - "Shaoilmíd-ne nach don ríoghacht-sa sibh-se, a mharcshluaigh anaithnidh, an uair atáthaoi comh ainbhfiosach agus sin ionnainn féin agus i n-adhbhar ar nguil." "Is marcshluagh coigcríche sinn go deimhin," ar Macaomh an Iolair, "agus is maith linn sgéala d'fhagháil uaibh-se." "Má 'seadh," ar an inghean, "is í so an Sgeithía chloc-órdha agus is inghean do Rígh na Sgeithía mise agus is inghean damh-sa an cailín so im fhochair agus Rí na Sorcha a hathair agus ro marbhadh é le mac a athar féin agus a mháthar i bhfeill agus i bhfionghail, agus atá rioghacht na Sorcha aige féin agus ag a chloinn ó sin a leith, agus is amhlaidh tárla mise an uair sin do marbhadh mh'fhear pósta agus mé taobh-throm torrach agus gan do chloinn agam acht an inghean-sa agus an toirrcheas sin, agus do fhuráil an fear sin do rinne an fheall mé féin agus an inghean-sa do chur i gcuibhreach agus i gceangal i dtor comhdhaingean chloiche go bhfeasadh créad an toirrcheas do bhí agam ar fheacht, dá madh inghean do bhiadh agam, ar n-athchur agus ar n-ionnarbadh as ríoghacht na Sorcha go huilidhe, agus dá madh mac do bhéarainn, a chur chum báis im fhiadhnaise is nach gcluinfidhe a sgéala ó sin amach. "Acht atá ní cheana, rugas-sa gein mhaiseach mhín-áluinn mhic agus, ar n-a bheith tamall im fhiadhnaise mar sin sul do rugadar na coimhéadaidhthe orm, táinig an
acuil uasal dá ngoirthear an t-iolar chugam as néallaibh eadarbhuasacha an aidheoir agus as fraighthibh na fiormaiminte ar foluamhain, gur thuirling isteach ar an dorus árd do bhaoi ar an tor sin bhail a rabhas-sa, agus fuaduighis an naoidhin i n-a chrobhaibh leis ar n-a cheangal damh-sa i mbeirtibh agus i mbréidíníbh beaga os cionn na fairrge go ndeachaidh as rinn mo ruisg agus mo radhairc go nach feas dúinn créad a dhíol no a oidheadh ó sin a leith acht go measaim munar thuit sé san bhfairrge gur ith an t-iolar i n-áit éigin é. "Acht cheana, ar dteacht don rígh agus don lucht coimhéada chugam, mar nach bhfuaradar an leanbh agam, do shéanas nach rabhas torrach, agus iar bhfagháil bhaoghail báis damh tríd sin do léigeadh amach mé agus do hionnarbadh mé féin agus mh'inghean as an tír agus ní héidir linn leath ná trian a dtárla d'aindeise dhúinn d'innisin no d'fhaisnéis díbh-se. Acht bámar ar an iomluaighill sin ag iarraidh déirce ó thigh go tigh agus ó thír go tír no go rángamar dúnadh agus deagh-árus mh'athar-sa isin gcrích-se agus atámaoid innte ó sin a leith, agus do bhí do mhéad mo chumhadh-sa i ndiaidh mh'éin-fhir phósta agus mh'éin-mhic nár fhaomhas feis re fear ná re leannán ar bith ó sin a leith. "Dála Ríogh na Sorcha, iomorro, .i. an fear sin do rinne an fheall, do chualaidh ó lucht míorúin éigin dom athair-se go rugas-sa mac an uair sin, agus gur chuir Ridire na Comhairle agus mise dhá oileamhain agus dá leasughadh don tír-se i lúib mh'athar-sa é, agus go madh dóigh go dtiocfadh dhe sin agus dom athair-se bás mh'fhir phósta féin agus athar mo chloinne do choiriughadh air
féin uair éigin, agus do thaoibh an bhreathnuighthe sin agus an droch-smuaintighthe do rinne sé, táinig dhe sluagh mór agus sochraide adhbhal do thionól agus do thiomsughadh agus teacht don tír-se agus do chuir teachta do chum mh'athar-sa dá iarraidh air mise agus an mac sin agus an inghean so do thabhairt dó, no go dtiubhradh an tír so fá ghoin gae agus chlaidhimh agus go dtiubhradh ár féinneadh agus fear-óglach innte agus do b'í freagra mh'athar-sa air annsin, nár bh'ainbhfeasaighe Rí na Sorcha féin isin mac bhí aige, .i. mise agus mh'inghean, nach dtiubhradh dhó-san sinn, agus fós go madh fearr leis go mbeith an mac sin beo aige, agus dá mbeith nach dtiubhradh tar ceann tíre ná talmhan é. "Ar n-a chlos sin do Rígh na Sorcha, fógrais cath ar mh'athair-se agus ní thug sé cáirde dhó re cruinniughadh a mhuintire ná a thíre chuige, agus mar nach bhfuair, tug gáir chruinnighthe dá thír féin, agus ar mbeith air dhóibh, do rinne sé foslongphort re hucht an tsluaigh mhóir sin agus atáid re seachtmhain ucht re hucht, agus aghaidh ar aghaidh, agus troid agus tachar gach laoi eatorra, agus laoich ar n-a leadradh agus curaidh ar n-a gcnáimh-ghearradh uatha araon agus is i mbárach atá lá an mhór-chatha eatorra, agus is iad so mo dhias dearbhráthar-sa .i. clann chruthach chaomh-áluinn an ríogh atá annso fúm iar n-a marbhadh i dtroid agus i dtachar an laoi indiu agus is iad sin ar ndroch-sgéala féin agaibh-se, agus dá mbeidís ní ba fearr againn, do-bhéarmís díbh-se iad, a mharcshluaigh anaithnidh úd, agus is maith linn ní éigin dá bhur sgéalaibh-se féin d'fhagháil anois."
"Ní bhfuil do sgéalaibh againn," ar Macaomh an Iolair, "acht gur marcshluagh coigcríche sinn féin atá ag iarraidh tuillmhe agus tuarastail, agus, dá dtogradh th'athair ar bhfastógh, go gcuideochamaois leis." Gabhais gáirdeachas mór an inghean tríd sin, agus adubhairt go bhfuighbhidís a mbreith féin ó n-a hathair agus níor bh'fhada dhóibh mar sin an uair do chonncadar lucht iomchuir na gcorp chuca agus rugadar leo go dúnadh agus go deagh-árus Ríogh na Sgeithía iad, agus táinig an rí agus beagán marcshluaigh as an bhfoslongphort do chur orduighthe ar fhaire agus ar onórughadh na gcorp sin a chloinne go héis an mhór-chatha go bhfeasadh cia dhá rachadh a bhuaidh no a dhíombuaidh. Dála Macaoimh an Iolair agus Gruagaigh an Oiléin, ro ghabhsad slighe ar leith don chathraigh agus ro ghabhsad ag áineas iomagallmha eatorra féin go ndubhairt Macaomh an Iolair risin nGruagach: "Altuighim féin anois re hÁirdrígh nimhe agus naomh-thalmhan agus re Coimsightheoir na cruinne ceathardha go bhfuil páirt d'fhios mo shloinnte agus chinéal bunaidh mh'athardha agam féin anois, agus go n-aithnighim gurab mé féin an naoidhin mbig úd rug an t-iolar i n-a chrobhaibh leis agus gurab í an Tríonnóid thoghaidhthe thré-phearsannach rom chuir go Cing Ártúr mé agus gurab ón iolar úd gairmthear Macaomh an Iolair dhíom, agus fós gurab í súd mo mháthair, agus gurab é mh'athair do thuit isin bhfeill úd, agus is maith an séan agus an solamh ar a dtángamar don tír-se," ar sé, "óir fuaras fios mh'athar innte agus cuirfeam an cath mór úd i mbárach le Rígh na Sgeithía agus muirbhfidhthear Rí na Sorcha leam-sa
i ndíoghail mh'athar, óir ní sheasaid le neart ar láimheine araon." "Is maith an séan go deimhin ar ar éirghis amach," ar Gruagach an Oiléin, "agus biaidh tú id rígh ar an Sorcha i mbárach gan contabhairt, iar n-oirleach agus iar n-athchumadh th'easgcarad, agus do rinne an laoi:
Aoibhinn ár dtoisg don tír-se - Ní hadhbhar sgíse ár dturas - Cuirfeam cath ann gan cáirde 'S béid ar náimhde ar ár gcumas. Is aoibhinn leam-sa a bhfaicsin Tar éis mh'aistir is mh'ansháigh, Mo mháthair seach gach inghin Dá gruaidh thibhridh ní ra-náir. Mo dheirbhshiúr maith a héagcosg - Mo chean féachain a bán-ghlan - Mo shean-athair, cúis aigneadh, Béad 'n-a chaidreamh i mbárach. Och, a Ghruagaigh an Oiléin, Mo thoibhéim riamh ní mhaoidhim; Dá raibhe an cath ar ar gcumas, Mo thuras ann budh aoibhinn. Aoibhinn.
A haithle na laoidhe sin do rinneadar go díreach ar an dún agus gér mhór doilgheas an ríogh, fáiltighis roimh an marcshluagh anaithnidh mar do fhaisnéis an inghean a sgéala dhó roimhe sin gur mharcshluagh tuillmhe agus tuarastail iad. Geallais an rí a mbreith féin dóibh
do chionn teacht leis do chur an chatha i n-aghaidh Ríogh na Sorcha ar n-a bhárach, agus do ceangladh an connradh sin eatorra, agus tugadar cáirde i n-a dtuarastal go bhfeasdaois cia lé rachadh buaidh an chatha, agus a bhfoghnamh agus a bhfeidhm féin isin chath dhó. Caithid proinn agus tomhaltas iaromh an oidhche sin agus éirghid go moch ar n-a bhárach agus ceanglaid a gcuirp i n-a gcath-éideadhaibh catha agus comhluinn agus i n-a n-earradhaibh troda agus tachair agus gluaisid i gcuideachta an ríogh ar amus an chatha agus an fhoslongphuirt. Do heagradh agus do horduigheadh an cath eatorra go ceachtardha agus do chuadar do láthair an iombuailte agus i n-ionadaibh comhchosmhaile an chomhluinn agus tugsad frasa fíor-neimhneacha fliuch-bhraonacha agus deabhtha diana dásachtacha do-eadrána dá n-armaibh diubhraigthe diaroile, agus tugsad aghaidh ar aghaidh agus ucht ré hucht annsin agus ro ghabhsad ag oirleach agus ag athchumadh, ag leo agus ag leadradh a chéile gursad iomdha iolardha annsin .i. laoich ag a leadradh agus curaidh dá gcnáimh-ghearradh agus mílidh dá mór-theasgadh, agus óig dhá ndíothláithriughadh. Ba hiomdha ann cuirp ag clismearnaigh agus beoil ag baistearnaigh agus buinn ag bánughadh agus súile ag siabhradh. Do bhí do thruime agus d'aidhbhle an mharbhtha ar na cathaibh ceachtardha gurab beag nach snámhdaois na cuirp ar na sruithlinntibh fola flann-ruaidhe do bhí ann i bhfántaibh agus i n-uiríslibh an mhuighe. Acht cheana, mar do chonnairc Macaomh an Iolair agus Gruagach an Oiléin sluighe agus sluagh-mharbhadh ar mhuintir Ríogh na Sgeithía seachnóin an chatha, do lonnuigheadh agus
do luath-fhearguigheadh go mór iad agus tugsad amus ar an gcró chatha i n-a raibhe Rí na Sorcha. Bogais agus beartuighis, craithis agus cruaidh-chasais Macaomh an Iolair an reamhar-gha ruadh-cheannach baoi i n-a láimh. Ceartuighis agus cudramuighis i lár ochta agus ur-bhruinne Ríogh na Sorcha é agus do chuir fad láimhe laoich do chrann na sleighe tar fiaclaibh a dhroma amach. Sganrais agus sgaoilis an cró catha baoi i n-a thimcheall agus dícheannais an rí i bhfiadhnaise a mhuintire, maoidhis agus mór-bhrisis an cath ar chloinn an ríogh agus ar a mhuintir, iar dtuitim an ríogh féin mar sin. Fógrais Macaomh an Iolair cosg do mharbhadh an tsluaigh, agus furáilis braighde do dhéanamh do mhaithibh an tsluaigh sin na Sorcha agus do rónadh samhlaidh ar a fhuráileamh agus do gabhadh móirsheisear mac Ríogh na Sorcha leo agus tugadh i gcuibhreach agus i gceangal go Macaomh an Iolair iad agus do chruinnigheadar na sluaigh sin na Sgeithía go mbuaidh gcosgair agus gcomhmaoidhmhe i dtimcheall Ríogh na Sgeithía agus Macaoimh, agus gach ar ghabhadar do mhaithibh na Sorcha leo i láimh, agus ar gcur chríche dhóibh ar an gcath mar sin, iarrais Macaomh a thuarastal ar an rígh. Ro ráidh an rí ris: "Ní fhuil breith dá mhéad bhéarair orm-sa agus í agam nach ba leat í maille le toil mhaith." "Is lór liom-sa sin uait," ar Macaomh an Iolair, "agus atá sgéal beag eile agam re n-a innsin duit, a rígh agus a ró-athair," ar sé, "óir is mise an mac úd do bhí an rí úd d'iarraidh ort-sa, agus is mé do rug an t-iolar i n-a chrobhaibh leis ót inghin-se agus is é an rí úd na Sorcha noch do thuit liom do mharbh mh'athair i bhfeill agus
is ag Cing Artúr do hoileadh mé go nuige so." Cidh trácht ro innis a eachtra agus a imtheachta féin ó thosach go deireadh don rígh, dá inghin agus do mhaithibh na críche ó sin amach. Ar n-a chloistin sin do chách i gcoitchinne agus ar mbreith na haithne fírinnighe air, is suaill nach bhfuaradar bás don lúthgháir agus is beag nár phlúchsad do phoógaibh é, agus ba mó sa chách lúthgháir an ríogh roimhe agus do iarradar cách air móirsheisear mac an ríogh sin do chrochadh i ndíoghail an droch-ghníomha do rinne a n-athair. "Ní dhingéan," ar Macaomh an Iolar, "óir ní raibhe cuid ná comairle ag an gcloinn don fheill do rinne a n-athair, agus do thuit sé féin i n-a dhroich-ghníomh," agus ba lúthgháireach an chlann thríd sin, agus tugadh maithe agus mór-uaisle an tsluaigh chuca do láthair agus furáilis Macaomh an Iolair sgaoileadh don mhéad do bhí ceangailte don tsluagh sin na Sorcha agus iarraid clann an ríogh air grása do dhéanamh orra féin agus go mbeadaois fa n-a bhreith ríoghdha féin ó sin amach. Ghabhais Macaomh an Iolair sin do láimh agus tigid uile iar sin go dúnadh agus do deagh-árus Ríogh na Sgeithía, agus Macaomh an Iolair agus Gruagach an Oiléin i n-aoinfheacht riú. Tug chuige an beagán baoi aige d'fhuidheall na balsuime do bhean sé do chloinn Ghairbh mhic Dolair agus do chuir i gcneadhaibh agus i gcréachtaibh chloinne Ríogh na Sgeithía í, gur éirgheadar sleamhain sláin-chréachtach do chumhachtaibh Dé agus na híocshláinte sin. Cidh trácht, do rónadh mór-thurgnamh fleidhe agus féasta
le Rígh na Sgeithía do lúthgháir gach neithe dá ndubhramar agus tré aithbheodhughadh a chloinne. I gceann athaidh dá éise sin is í comhairle ar ar chinn Macaomh an Iolair, a mháthair agus a dheirbhshiúr agus gach ar mhair do shluaghaibh na Sorcha agus clann an ríogh do léigean roimhe don tSorcha agus é féin agus Gruagach an Oiléin d'fhilleadh ar cheann Inghine Ríogh na hIndía agus a luinge go hOiléan an Fásaigh, agus gabhaid a gcead uile ag an rígh agus ag maithibh na Sgeithía, agus ní haithristear a n-imtheachta no go rángadar Oiléan an Fhásaigh, agus ar léigean a sgíse ann dóibh, cuiris Macaomh an Iolair an long sin do bhí ag Ridire an Chiuil agus roinn dá raibhe innte do mhaoinibh agus do mhór-mhaitheas éadála ré Gruagach an Oiléin agus ré hinghin Ríogh na hIndía roimhe go críochaibh na Sorcha agus gabhais féin a chead ag maithibh Oiléin an Fhásaigh agus ní fos ná comhnuidhe do rinne go ráinig cathair Chamalóide mar a raibhe Cing Artúr agus Inghean na Falabhrach Uaine agus teaghlach an Bhuird Chruinn. Do mhór-fháiltigheadar maithe agus mór-uaisle cathrach Camalóide roimh Macaomh, agus ro ghabh an rí ag fiafruighe agus ag fochtain sgéal de. Innisidh Macaomh an Iolair a eachtra agus a imtheachta féin ó thús go deireadh dhó agus dá oide .i. an Ridire Dubh mac Ríogh Franc agus ba ro-fhor-bhfaoilteach iad uile ré clos na sgéal sin agus gach buaidh dá rug-san go nuige sin. Acht cheana gabhais a chead ar n-a bhárach agus fágbhais iomchomharc beathadh agus sláinte ag an rígh agus ag a theaghlach
sgeo mhacaibh, mhnáibh, ingheanaibh, laochaibh agus chléirchibh agus fágbhais a churach ag an rígh agus beiris a bhuime chíche féin leis .i. inghean Iarla Chairrge an Sguir agus ní haithristear a n-imtheachta no go rángadar dúnadh deagh-árusa agus baile bunaidh Ríogh na Sorcha mar a bhfuair a mháthair agus a dheirbhshiúr roimhe agus maithe agus mór-uaisle na Sorcha uile eidir thuaith agus eaglais fa n-a chomhair agus do thoirbhreadar uile é do phógaibh milse miochardha. Do chruinnigheadar iomorro sruithe agus saoithe agus seanóiridhe, easbuig agus ollamhain agus aos gacha healadhna ó áirdibh na críche go coimhleathan agus tugsad gairm ríogh gan fhrasabhra dhó ann sin. Adubhradar cách uile d'áitheasg aoinfhir nár bh'ionann fagháil na ríoghachta sin dó-san agus don tí ag a raibhe roimhe sin .i. Ridire an Ghaisgidh. Cidh trácht, tug-san clann Ridire an Ghaisgidh chuige agus tug forba agus fineachas dóibh, agus tug inghean Iarla Chairrge an Sguir mar mhnaoi agus mar bhainchéile don mhac ba sine don chloinn sin. Acht cheana baoi an rí óg sin agus maithe agus mór-uaisle críche na Sorcha ag caitheamh fleidhe agus féasta agus ag déanamh bhainse a ríoghachta agus a ró-thighearna is go ceann míosa agus easbuig, sruithe agus saoithe na Sorcha ag múineadh agus ag mór-theagasg Macaoimh an Iolair im gach ní budh cóir agus budh dleacht do rígh agus do thighearna do dhéanamh frisin ré sin agus baoi féin ag stiúradh agus ag follamhnughadh críche na Sorcha dó réir teagaisg cháich ar feadh a ré agus a aimsire amach, agus
rug inghean Ríogh na hIndía clann mhacánta mhór-mhaith mhaiseach don rígh óg sin agus budh hiad ba hoighridhe dísle diongmhála air féin agus ar an tSorcha go coitchionn ó sin amach i ndiaidh a bháis. Gurab í eachtra agus imtheachta Mhacaoimh an Iolair agus feall Ridire an Ghaisgidh ar a dhearbhráthair féin go nuige sin. CRÍOCH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services