Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Mhacaoimh an Iolair

Title
Eachtra Mhacaoimh an Iolair
Author(s)
Ó Corcrán, Brian,
Compiler/Editor
de Teiltiún, Iorard agus Laoide, Seosamh
Composition Date
1651
Publisher
(B.Á.C.: Pádruig Ó Briain, 1912)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



EACHTRA MHACAOIMH AN IOLAIR
Mhic Ríogh na Sorcha.



Rí ro ghabh flaitheas agus forlamhas for chríochaibh na Sorcha
feacht n-aill dar bhó cómhainm Risteard mac Seoin mic
Mathafuil, agus ba diadha cráibhtheach cumasach eagnaidh
eolach ilbhéarlach i n-ilteangaidh críoch agus cineadhach an rí
sin, agus ba tais tiorm-ghlan treabhar-thorthach an tír le
réimheas an ríogh chéadna sin, agus tug mnaoi a dhiongmhála
chuige agus rug sí gein mhín mhacánta mhong-bhuidhe
mhall-rosgach mhic dhó, agus baistear an mac sin iaromh do ghnáth agus
d'úsáid na heaglaise, agus tugadh Risteard óg d'ainm fair.



Tugadh an mac sin dá oileamhain agus dá áird-leasughadh
do dhruing d'uaislibh agus d'árd-mhaithibh críche na Sorcha gur
bhó seacht mbliadhna d'aois agus d'aimsir é, agus tugadh iar sin
maighistridhe móir-eólcha foirghlidhe fír-ghlioca chuige dá
fhoghluim agus dá fhír-theagasg, gur bhó feasach fír-eolach
eagnaidh iúlmhar ealadhnach i dteangthaibh gacha tíre agus
i gceart gacha cinéil agus i mbéarla gacha buidhne agus i
nduibheagán gacha deigh-léighinn é. Agus ar mbeith
lán-fhoghlumtha dhó fón ionnus sin, is é ní tug dá úidh agus dá aire,
alla agus uaignis, feadha agus fásaighe, áird agus ioltuatha
tíre do thathaidhe agus do thaisteal agus do shír-shiubhal maille
re beagán cuideachta go gconaibh agus go ngadhraibh agus go
n-iomad n-ilghréas gacha sealga agus gacha fiadhaigh leis
ar cheana, óir ní raibhe ceard ná ealadha ar bith ba tocha leis
iná bheith ag seilg fhiadh agus fhearb, thorc, bhroc agus mhíoltadh
muighe, agus chinéal gacha ilphiast n-allmhurdha eile ar cheana
noch do theagmhadh dó i bhfeadhaibh agus i bhfásaighibh agus i
bhfáin-ghleanntaibh agus i bhforaoisibh fásaigh na tíre agus ar gach leith


L. 2


dhe, agus an tan trá no theagmhadaois díthreabhaigh agus aos uird
agus adhartha an Choimdhe go coimhdhiochra fris, do-bheireadh
dá úidh agus dá aire go mór iad, agus do-níodh feasgar agus
comhnuidhe maille friú, agus no bhíodh ag binn-ghabháil a shalm agus
a shaltrach, agus ag eadarghuidhe an Dúileamhan go diochra agus
ag itche an Choimdhe chumhachtaigh im thrócaire agus im ghrásaibh
anma agus cuirp d'fhagháil dó féin agus dá iardraighe i maille
fris; agus do lean an forthormach anma sin de .i. Ridire
na Sealga dá ghairm de ó sin amach.



Cidh trácht ro toirrcheadh an ríoghan an dara feacht agus
rug mac n-oile agus baistear an mac sin agus tugadh Seon
d'ainm fair. Ro hoileadh agus ro háird-leasuigheadh an mac
sin ag oideadhaibh oileamhna, ag fisibh agus ag feallsamhnaibh
fír-ghlioca an tíre, ro múineadh agus ro mearadh, ro forbadh
agus ro foghlumadh amhail do rinneadh an chéad mhac gur
bhó haosmhar infheadhma é, agus is é ní is mó tug dá úidh agus
dá aire dul dá fhoghluim i gceardchaidh chleas ngoile agus
ngaisgidh agus do críochnuigheadh sin leis gur bhó hinghill
in-fheadhma é i n-ilcheardaibh gnímh-éachtacha na gcríoch agus na
gcineadhach go coimhlíonmhar i n-a uirthimcheall agus gur bhó
hoide fír-ghlic foghlumtha agus airsigh iorghoile agus leomhan
leadarthach i gcathaibh, i gcliathaibh agus i gcomhlonnaibh é, gur
líonsad na críocha go coimhleathan d'alladh agus d'oirdhearcas
agus d'árd-chlú anma goile agus gaisgidh an óig-mhic ríogh sin, agus
ro ghabhadh tuillmhe agus tuarastal ó ríoghaibh agus ó ruireachaibh
agus ó ro-thighearnaidhibh agus ó thaoiseachaibh troda agus teagmhála
na gcríoch agus na gcineadhach ar gach taoibh dhe, agus Ridire an
Ghaisgidh ba forainm siubhail dó.



Dála Risteird óig mhic Ríogh na Sorcha, iomorro, iar
gcaitheamh páirte móire dá aois agus dá aimsir i socracht


L. 3


a fhlaithis agus ar gcur trill dá mhaoth-aimsir thairis dó i
ngnás agus i n-úsáid fhiadhaigh gacha hilphiast agus i ngéir-eolas
na gcumas neimhionchomórtais agus na dtreathan sárbhuadhach
réamhráite sin, mar do chualabhar, agus ar mbeith inchéile
agus ionchuinge dhó, ba mithigh le n-a athair sail a cheannsaighthe
.i. áilleacán searcamhail gorm-rosgach agus sgathán glórach
glan-áluinn líth-gheal deigh-mhéineamhail so-aigeanta do
cheangal fris ré linn a bheo féin, agus fiafruighis de-sean
cia hí a ghrádh do mhnáibh na cruinne go coimhiomlán.



"Ar inghin Ríogh na Sgeithía do chuireas mo chrann," ar
sé, "óir tugas tuile trom-ghrádha agus sruth síor-adhbhal
seirce dá toichim agus dá tuarasgbháil," ar sé, "óir do thuit
mo thoil, agus do dhoirteas mh'aigneadh dhi tré mhéad
na tuarasgbhála do-chluinim uirre."



Cuiris an rí teachta go Rí na Sgeithía ag iarraidh
cleamhnasa fair d'oighre na Sorcha no go n-airgfeadh agus
go loisgfeadh an Sgeithía go huilidhe.



Ar gclos an chuinghe chéadna sin do Rígh na Sgeithía
cruinnighis maithe, mór-uaisle agus trom-chomhairligh a
ríoghachta agus a leathain-tighearnais i n-éin-ionadh dá fhéachain
créad an chomhairle do-chífidhe dhóibh im thochmhairc a inghine
do shinsear chloinne Ríogh Sorcha, agus is é do-chonncas dóibh
tar éis mion-rannsaighthe do dhéanamh ar gach ní fo leith
a thoil do dheonughadh do Rígh na Sorcha, óir do measadh
leo, muna dtoilighdís an cleamhnas do chur ar a aghaidh, go
gcuirfeadh-san bun ar a fhocal, óir do ba líonmhaire agus do
ba neartmhaire go mór i sluaightibh agus i sochraidibh é iná
iad-san iar dteacht ré chéile dhóibh d'aitheasg éin-fhir.



Aithrisis Rí Sgeithía a intinn agus a aonta féin im an ní
céadna do na teachtaibh sin Ríogh na Sorcha agus adubhairt


L. 4


gur bh'fhearr leis grádh Ríogh na Sorcha iná a fhuath, agus go
dtiubhradh dá bhrígh sin a thoil féin dó.



Fillid na teachta iaromh agus faisnéidhid aitheasg na
Sgíthíans do Rígh na Sorcha.



Ba luinneach lúthgháireach an rí dhe sin. Cidh trácht,
cruinnighis an rí gach airsigh iorghoile agus gach beithir bheodha
bharramhail bhuain-tiodhlaictheach ghéir-eolach i gcleasaibh
goile agus gaisgidh, agus gach dreagan dian dásachtach
do-fhulaing dá bhfuair i gcríochaibh na Sorcha, agus do ghluais ré
n-a mhór-shluagh go ríoghacht na Sgeithía.



Mór-fháiltighis Rí na Sgeithía roimh Rígh na Sorcha agus
roimh a mhuintir, agus níor bh'fhada dhóibh amhlaidh sin an tan
do críochnuigheadh an cleamhnas sin eatorra, agus do rónsad
prímh-fhéasta generálta an phósta. Athaidh fhada dhóibh
amhlaidh sin i bhfarradh Ríogh na Sgeithía, agus buanughadh
onóra na nua-chuinge réamhráite sin maille re hór agus re
hairgead do thabhairt d'éigsibh agus d'fhileadhaibh agus
d'fheallsamhnaibh, do lucht ciuil, iuil agus ealadhna na gcríoch agus na
gcinéal baoi ann go húr fairsing foirleathan sgapthach
fiarlaoideach neimhchinnte, ionnus nár bh'ionchomórtais ré
tochmhairc mhic ríogh ná ro-fhlatha i n-aon aimsir ris féin é.



Sgaoilid prímh-cheannphuirt an fhéasta sin iaromh agus
gach aon aca ó sin amach fo seach ag glacadh a gceada ó
Rígh na Sgeithía agus ón ríogh-chúirt chéadna, agus Rí na Sorcha agus
an óg-lánamhain sin go n-a mór-shluaghaibh, iar bhfágbháil
iomchomhairc beathadhdh agus sláinte ag cách uile, ag imtheacht dá
ndúintibh agus dá ndeagh-árasaibh féin; agus árduighid na
seolta snasta snáith-gheala siuil i n-uachtar na n-árdchrann
agus ní haithristear a n-eachtra iná a n-imtheachta
no go rángadar cuanta na Sorcha.


L. 5


Téid na sluaigh i dtír iar sin agus fá mór lúthgháire
agus láin-mheanma cáich rompa, agus mar an gcéadna
téid na sluaigh gan buan-sgaoileadh go móir-theaghlach an
ríogh agus caithid an bhanais mhór-adhbhal do bhí dá hullmhughadh
rompa an feadh do bhádar 'san Sgeithía ré hoighre Ríogh
na Sorcha agus risin inghin sin Ríogh na Sgeithía; agus caithid an
óg-lánamhain sin páirt dá n-aimsir go subhach sáimh fón
ionnus sin i dteaghlach thighe a n-athar fo rian toicthe agus
tsochair agus mór-mhuirne, gan uireasbhaidh seodadh iná
maoine iná mór-mhaitheasa ar bith eile orra, dar leo
féin, acht ag ól agus ag aoibhneas i bhfarradh a chéile gach
laoi.



Dála Ríogh na Sorcha, iomorro, iar gcaitheamh treasa
dá aois agus dá aimsir dhó go sáimh socair i n-a thighearnas
ráinig buaidhreadh báis agus airdheana éaga agus oidheadha é agus
fuair bás críostaidhe go mbuaidh n-ungtha, n-aithrighe agus
n-adhnaicthe, agus ro chruinnigheadar iaromh maithe agus
mór-uaisle críche na Sorcha .i. taoisigh gacha tuaithe,
prímh-cheannphuirt gacha pobail agus ceannadhairt gacha cinidh,
giuisdísidhe an dlighidh agus trom-chomhairligh na tíre ar aon
bhall agus ar aon ionadh, agus is eadh iomrádhsad, nár bhó cubhaidh
agus nár bhó cosmhail ríoghacht na Sorcha do bheith i
mbaintreabhachas aon tamall ó do fhágaibh an Fír-dhia forórdha
oighre díleas ar an rígh, a ghairm chuca no go rightí é;
agus ro cinneadh an chomhairle sin aca agus ro gairmeadh
Risteard, agus ro teagaisgeadh dhó ar tús reachta ríogh agus
smachta flatha agus teagasg tuaithe agus gach ní ar cheana ba
díor agus ba dligheadh do rígh agus do ro-thighearna do dhéanamh
dhó; agus tairbhighthear iar sin dó coróin chuanna
cheardamhail chumhdaigh chloch-órdha dhlúith-ghlan drithleannach


L. 6


rionn-ghlan ríoghamhail ro-mhaiseach i n-ionchomhartha ríogh
agus ro-thighearna.



Agus do tugadh slat dhíreach dhath-ghlan dheagh-mhaiseach i
n-a láimh dheis dhírigh dhuinn-ingnigh ag a shighneadh agus ag
a chomharthadh dhó-san agus do chách i gcoitchinne go bhfuair sé
an ríoghacht do réir ghnáis agus dlighidh gan cham gan locht
coimhdhíreach risin tslait sin, agus gur chóir dhó-san a
congbháil mar sin ó sin amach, agus do goireadh ainm ríogh gan
fhrasabhra dhe iar sin.



Sléachtais iaromh don Choimdhe cháidh chumhachtach agus don
Tríonnóid tré-phearsannaigh, agus áilis grás anma agus cuirp
d'fhagháil dó féin agus dá iardraighe i maille fris. Téid
iar sin don phioláid ríoghdha ro-mhaisigh agus i n-a chathaoir
bhreitheamhnais iar dtain agus furáilis maithe agus mór-uaisle
críche na Sorcha do ghairm chuige, agus adubhairt go raibhe
uireasbhaidh mhór fair .i. gan ceann goile agus gaisgidh,
einigh agus eangnamha, agus airsigh iorghoile agus imdheaghla na
Sorcha, agus ceannphort cathaighthe na gcríoch do bheith aige
.i. Seon a dhearbhráthair dá ngoirthí Ridire an Ghaisgidh.



Dála Ridire an Ghaisgidh, iomorro, do cuireadh teachta
agus taidhleoiridhe ar feadh na gcríoch agus na gcinéal go
coimh-leathan no go bhfríoth é, agus ar bhfagháil sgéil bháis a athar
agus ríoghtha a dhearbhráthar dhó, tig leis na teachtaibh go
ráinig an tSorcha, agus ar dteacht do láthair dhó,
mór-fháiltighis a dhearbhráthair agus maithe agus mór-uaisle críche na
Sorcha roimhe, agus ar léigean a sgíthe, agus ar gcur a
mheirtnighe dhe, iarrais dúthaigh agus forba agus roinn fhineachais ar a
dhearbhráthair, agus ar n-a fhagháil sin go toileamhail do ón


L. 7


rígh, tug buidheachas mór dhó, agus éagcaoinis ris gan mnaoi
a dhiongmhála do bheith aige.



Fiafruighis an rí dhe cia hí an bhean ba hannsa leis
d'iarraidh no do thabhairt chuige. "Do chuala," ar sé, "go
bhfuil inghean áluinn aontomha ag Rígh na Persía agus tugas
tuile trom-ghrádha agus sruth síor-adhbhal seirce dá toichim
agus dá tuarasgbháil." Cuiris an rí iaromh teachta agus
taidhleoiridhe d'iarraidh cleamhnasa dhá dhearbhráthair ar Rí na
Persía agus tug an rí éaradh tochmhairce orra.



Ro fhillsead na teachta fá mhéala agus fá aithis, agus do
lonnuigheadh agus do luath-fhearguigheadh an rí tríd sin, agus tug
gairm shluaigh agus sochraide dá mhuintir fó chríochaibh na
Sorcha go huilidhe agus do chuir litreacha ar amus a
cháirdeadh d'iarraidh conganta sluaigh agus sochraide orra, agus ba
feirrde dhó, óir ba líonmhar na sluaigh táinig chuige ó n-a
cháirdibh fán am sin. Cidh trácht, ar dtionól agus ar
dtiomsughadh an tsluaigh sin i n-a ndrongaibh agus i n-a
ndiormadhaibh, i n-a gcathaibh agus i n-a gcéadaibh agus i n-a gcóirighthibh
as gach áird a rabhadar, ro ghabh an rí inneall aistir agus
imtheachta air, agus ní haithristear sonna a ghníomhartha ar
feadh an eachtra no go rángadar ríoghacht na Persía,
agus ag rochtain imliocáin na tíre dhóibh do sgaoilsead
tromlach an tsluaigh annsin i n-a sgeimhioltachaibh
siubhlacha sárluatha agus i n-a gceithearnaibh cliste calma
céadfadhacha cois-éadtroma agus i n-a ndrongaibh díomsacha
dírimhe do-fhasdóigh agus i n-a sgeimhioltaibh fairsinge
foirleathna fá gach cuid don tír fá coimhneasa dhóibh agus do
chruinnigheadar buar agus bótháinte, cruidh agus ceathra, maoine
agus mór-mhaitheasa, agus groigheacha sguaib-leabhra na tíre, agus
maill-tréada muc agus caorach na críche go coimhleathan, agus


L. 8


tugsad an tír i n-a doighir dhonn-ruaidh dhearg-lasrach
agus i n-a smúdánaibh smál-chorcra smál-aoisle, i n-a
brodáil teineadh trithiomraidhetricheamh-ruaidhe agus i n-a dobhar-
néallaibh dorcha drithleannacha do-fhaisnéise agus i n-a conair chreach
agus i n-a hadhbhaidh ealbha agus fhiadhaigh. Agus ar dtionól agus ar
dtiomsughadh do na mór-shluaghaibh sin as gach áird i n-a
rabhadar go Tulaigh an Bhona mar a raibhe Rí na Sorcha
agus bun an tsluaigh, furáilis an rí coimhéad do chur ar na
creachaibh agus foslongphort do dhéanamh do na sluaghaibh go
léir-thionóilte. Do rónadh samhlaidh aca go ham suain-mheadhra
agus caithmhe coda dhóibh, agus ro ghabhsad ag proinniughadh
tomhaltais iar dtain i n-a ndeisibh agus i n-a dtriaraibh agus i
n-a gcomhlánaibh gur bhó subhach sáitheach so-mheanmnach
uile iad. Agus iar bproinniughadh dhóibh ro ghabhsad ag
faisnéis agus ag nua-innisin a n-áird-éachta agus a n-imtheachta
féin for chara an chaomh-laithe anuas go nuige sin.



Dála Ríogh na Persía, do-bhéarar ós áird seal oile: -
Ar gcruinniughadh dá mhaithibh agus dá mhór-uaislibh dá
ionnsaighe d'éagcaoin a gcreach, a n-aindligheadh agus a
mór-easbhadha féin risin rígh dóibh, ro ghabhsad ag aithbhear agus
ag iomaithbhear air féin agus ar a inghin, agus ag a rádh nár
bh'fhiú iad araon gach a dtáinig d'olc as an inghin go nuige
sin, agus iomad d'fholaibh uaisle agus do mhacaibh ríogh agus
ro-fhlatha ar a dtug sí éaradh tochmhairce go nuige sin.



"Géabhad-sa mo leithsgéal féin libh-se," ar Rí na
Persía; "do rónadh turgnamh fleidhe móire leam-sa
roimhe so agus do tóchuireadh maithe agus mór-uaisle na
ríoghachta chugam i n-am sgaraidh an tighe n-óla, agus do cuas
uainn ar cheann na hinghine úd, agus do éar teacht, agus níor
mhiadh ná maise linn sin, óir is iomdha flaith uasal agus


L. 9


mac ríogh ar a dtug éaradh go nuige sin do réir mar
adeirthí-se anois. Agus do cuas arís dá hiarraidh agus
do éar teacht, agus do cuas an treas uair dá hiarraidh agus
adubhairt sise nach dtiocfadh muna bhfaghadh sí a breith
féin agus do gheallas-sa sin di, agus do ghabh sí cuir agus rátha
orm im a chomhall sin di, agus is í breath rug an inghean gan
a tabhairt d'fhior go bráth acht dá rogha féin, agus tugas-sa
na coinghill sin di re luadh, agus ní tháinig éin-fhear dá
hiarraidh ó sin a leith nach éarfadh sí a dhul leis agus níor
bhriseas-sa mo ghealladh ná mo choinghioll d'éin-fhear aca
ó sin a leith."



Gabhthar an leithsgéal sin ón rígh leo, agus tugadh an
inghean féin do láthair chuca do ghabháil a leithsgéil, agus is
eadh adubhairt: "A mhaithe agus a mhór-uaisle na Persía,"
ar sí, "is amhlaidh tárla súd damh-sa," ar sí, ".i. lá
n-aon ro bhádas im ghrianán ghloinidhe ghorm-fhuinneogach
agus tuitis toirchim suain agus síor-chodalta orm, agus tárfas
fís amhra agus aislinge iongnadh dhamh .i. mo rogha do dhá ní d'fhagháil
damh .i. mo sháith d'fhior agus d'fhearchéile d'fhagháil
damh ar uaisle agus ar athardhacht, ar dheilbh agus ar dhéanamh,
ar mhaoinibh agus ar mhór-mhaitheas, agus síth agus sáimhe agus socracht
ag mh'athair ré linn an chleamhnasa sin agus a bheith aimrid
dhamh féin go bráth, no easbhadha do-áirmhe agus díoghbhála
do-fhaisnéise do theagmháil damh féin agus dom athair agus daoibh-se
as mo los ar tús, agus fear maith do bheith agam iar dtain,
do ba cubhaidh dhamh mar chéile agus do ba díol tochmharca
agus cleamhnasa dom athair, agus go mbeidís clann
mhaith agam ris neoch do-ghéabhadh geall clúidh agus gaisgidh,
allaidh agus oirdhearcais, einigh agus eangnamha ar na críochaibh


L. 10


go coimhleathan, agus is í rogha rugas-sa díobh sin gan a
bheith aimrid dom dheoin féin, óir is beag an foghnamh
do-níthear do dhuine no do chrann no d'ainmhidhe aimrid ar
bith ar cheana; agus do bhrígh gur tairngireadh an dá olc
mhóra sin do theacht as mo los, níor admhas an aislinge
sin gus anois, agus measaim gurab é súd an t-olc mór
sin do tairngireadh damh, agus i gcruth gurab é, atáim ar
bhur gcomhairle-se anois, gidh b'é ní bhus áil libh do
dhéanamh leam a los bhur n-anbhforlainn."



Cidh trácht, ar gclos na leithsgéal sin ar gach leith do
mhaithibh na Persía, is í comhairle ar ar chinnsead, ó nár
bh'fhéidir a n-olc iná a ndíoghbháil féin do leasughadh riú
agus fós nár dhíol ann bás na hinghine do thabhairt, agus ó nár
bh'eadh, a theachta do chur i gceann Ríogh na Sorcha dá
fhuráil air an inghean do bhreith leis tar cheann aisig a
gcruidh agus gceathra, a maoine agus a mór-mhaitheasa d'fhagháil
dóibh féin do ridhisi.



Do rónadh samhlaidh aca, agus freagrais Rí na Sorcha
teachta Ríogh na Persía agus adubhairt gurab é sin do bhí
sé d'iarraidh, agus go madh beag a ndearna i bhfochair a
ndiongnadh muna bhfaghadh sé í.



Dála na hinghine, iomorro, do daingnigheadh i gcleamhnas
ré mac Ríogh na Sorcha í, agus tug léar-aisiog tar a
ceann, agus iompuighidh Rí na Sorcha fá bhuaidh chosgair agus
comhmaoidhmhe go a thír féin agus an inghean leis, agus do rinne
fleadh mhór adhbhal, agus banais bhuain-tiodhlaictheach dá
dhearbhráthair agus d'inghin Ríogh na Persía. Mar sin dóibh go
ceann trill i bhfarradh Ríogh na Sorcha, agus sgaoilid na


L. 11


sluaigh iar sin agus lucht comhráidh na bainse sin dá
n-ionadaibh dísle deagh-chubhaidhe féin.



Beiris Ridire an Ghaisgidh a bhean agus a bhandála agus a
mhuintear féin go huilidhe leis dá dhúthaigh dhílis, agus dá
bhaile bunaidh agus dá árasaibh caithmhe conáigh féin, agus do bhí
ann ag caitheamh a mhaoine agus a mhór-mhaitheasa agus ré cur a
chlúidh agus a allaidh agus a oirdhearcais féin go ceann aimsire.



Cidh trácht, beiris inghean Ríogh na Persía gein shochraidh
shaoir-dhéanmhach mhaordha mhacánta mhín-dealbhach mhic
do Ridire an Ghaisgidh. Acht atá ní cheana, do rug sí
mór-sheisear mac dó diaidh i ndiaidh. Méaduighthear agus
maisighthear an chlann sin ar dheilbh agus ar dhéanamh, ar
mhodh, ar bhéasaibh, ar éagcosg agus ar innioll tar chlannaibh
ríogh agus ro-thighearnadh na gcríoch agus na gcineadhach fá
coimhneasa dhóibh go coimhleathan, agus ní rug inghean Ríogh na
Sgeithía do Rígh na Sorcha risin ré sin acht éin-inghean
áluinn iolchrothach. Acht atá ní cheana, do bhí Ridire an
Ghaisgidh agus inghean Ríogh na Persía oidhche áirighthe i
bhfochair a chéile i n-a gcuilceadh agus i n-a gcaoimh-leabaidh,
agus gabhais neamhchodladh é, agus fiafruighis a bhean de créad
táinig fris an oidhche sin gan chodladh seach gach oidhche eile.



"Inneosad sin duit-se, a bhean agus a bhainchéile," ar sé,
"atáim ag sgrúdain agus ag smuaineadh ann mo mheanmain,"
ar sé, "gan easbhaidh fuinn ná fearainn ná maoine ná
mór-mhaitheasa orm, agus cliamhain ríogh dá ghairm dhíom, agus
gan ainm ríogh do bheith orm, agus fós inghean athar agus máthar
is measa iná thusa 'n-a bainríoghain ós do chionn, agus sáith
an ríogh is cumhachtaighe isin domhan do chloinn againn, agus
gan acht clann ruire no dhuine uasail dá ghairm dhíobh."



"Ní cóir dhuit-se sin do rádh, agus ná cuir brígh isin


L. 12


droch-smuaineadh sin," ar inghean Ríogh na Persía, "óir
atámaoid go maith mar atá, agus gach ní do gheall Dia dhúinn
coimheollaidh sé dhúinn é, agus is leór sin uaidh," ar sí.



"Ní hé sin an smuaineadh do rinneas-sa," ar sé, "acht
timdhibhe saoghail an ríogh do theacht tríom féin, agus ainm
ríogh gan fhrasabhra do ghairm dhíom, agus bainríoghan na
Sorcha dhíot-sa agus clann ríogh dár gcloinn."



"Ceil agus ná can an comhrádh sin adeire, a ghiolla," ar an
inghean, "óir is feill-ghníomh fíor-ghránna rob' áil leat
do dhéanamh .i. bás do imirt for éan-mhac t'athar agus do
mháthar, agus an tí tug roinn dúthaighe fearainn agus muintire
dhuit, agus do chaith é féin agus a chumhachta agus a cháirde uile dom
bhuain-se amach ar éigin duit, agus gurab tú féin agus do
chlann is oighridhe dísle diongmhála i ríoghacht na Sorcha
go huilidhe, agus ar chorp an ríogh féin. Ní eile fós, gur
chaith sé an chuid is treise dá aois agus dá aimsir, agus dá réir
sin gurab fearr dhuit tighearnas d'fhagháil go maith agus do
thoil Dé iná a fhagháil go holc agus Dia agus daoine do bheith
'n-a dhiaidh ort."



"Léig freagra agus foillsiughadh na cainte sin díot,
a inghean," ar Ridire an Ghaisgidh, "óir tuingim-se a
dtuingid mo thuatha agus luighim fó árd-rannchaibh nimhe
agus naomh-thalmhan nach déan-sa codladh iná comhsanadh,
proinniughadh iná tomhaltas no go gcríochnuighthear an
smuaineadh úd": - agus tug iar sin éirghe athlamh éinfhir
air féin agus gabhais a bhuaidh-earradh catha agus a aibíd iorghoile,
agus a threalamh troda agus tachair, agus a chulaidh chomhraic
uime agus do ghluais iaromh go n-iomad curadh agus cath-mhíleadh
i n-a fharradh i n-athghoirid gacha conaire do shiubhal na
héan-oidhche sin go ráinig i n-iomfhogus do chathraigh Ríogh


L. 13


na Sorcha agus fágbhais a dhaoine i ndiormadhaibh agus i
n-iom-fholach annsin, agus ní rug leis dá mhuintir acht
éin-ghiolla grádha baoi aige féin, agus adubhairt go raibhe
gnóthaidhe seicréideacha aige leisin rígh, agus nach rachadh
leis dá ndéanamh acht é féin, agus gidh b'é huair no ponc i
n-a gcuirfeadh sé an giolla dá dtoghairm-sean a
ionnsaighe go tinneasnach.



Dála Ríogh na Sorcha, iomorro, is amhlaidh do ghnáthaigheadh
sé a aimsear do chaitheamh .i. do éirgheadh go moch
as a leabaidh i n-a shír-sheasamh, agus do-bheireadh léim laochda
láin-éasgaidh aiste, sul do éirgheadh grian as a chiorclaibh
comhghlana codalta, agus ní bheireadh d'earradh no d'éadach
leis acht an léine shreabhnaidhe sróil do bhíodh ria n-a
gheil-chneas, agus brat fairsing fionnfhuar do ghairbh-eagar
réidh-ruainnigh tairse sin uime aneachtair, agus buachaill
beag do bhíodh aige le hiomchar a sgéithe agus a chlaidhimh, agus
do fhosgladh dorus an airbhir do bhí aige os cionn an
ghrianán i n-a gcodladh sé, agus do dhruideadh i n-a dhiaidh
é, agus is annsin do ghnáthaigheadh a urnuighthe do dhéanamh
isin am sin gach laoi ar a ghlúnaibh agus do bhíodh ag
binn-ghabháil a shalm agus a shaltrach agus ag eadarghuidhe an
Dúileamhan go diochra im thrócaire agus im ghrásaibh anma agus
cuirp d'fhagháil dó féin agus dá iardraighe maille fris. An
uair, iomorro, do thigeadh am éirghe do chách i gcoitchinne
do fhágbhadh-san an t-airbhear agus do thigeadh dá ghrianán
ghloinidhe ghorm-fhuinneogach agus dá sheomra slis-gheal
sár-chodalta, do ghabhadh a earradh aonaigh agus áird-oireachtais
uime iar sin agus do théigheadh ar fhairsneach na faithche
fód-ghlaise féar-uaine chuige agus do-bheireadh treas ar sheilg agus
ar sháir-fhiadhach agus treas eile ar ghnóthaidhibh a thíre agus a


L. 14


thalmhan agus ag réidhiughadh eidir tréanaibh agus anbhfonnaibh agus
ag caitheamh proinne agus tomhaltais i n-aimsir an mheadhóin
laoi iar dtain, agus ag fuasgladh ceast agus caingean ó chách i
gcoitchinne go fuineadh néill nóna agus go dul do luighe
don ghréin agus do-bheireadh aire dá urnuighthibh agus dá
easbartain iar sin.



Acht atá ní cheana, is amhlaidh tárla don rígh a bheith an
uair sin i moch-dheaghail na maidne i n-a aonar 'san
airbhear ar a ghlúinibh ós an líg chloiche adubhramar ag
foghnamh don Choimdhe chumhachtach. Cidh trácht ba feasach
Ridire an Ghaisgidh gurab mar sin do chaitheadh an rí a
aimsir agus do rinne é féin armtha éidighthe i n-a uathadh agus i
n-a aonarán ar amus an gharrdha agus an airbhir i n-a raibhe
an rí ar a ghlúinibh féin san ngrain-líg chloiche
adubhramar, agus iarrais fosgladh ar an mbuachaill. Foilsighis
an buachaill dó an rí bheith ag binn-ghabháil a shalm agus a
shaltrach agus nár chubhaidh duine do dhul 'n-a cheann no go
sguireadh sé dá urnuighthibh. Ar n-a chlos sin do Sheon,
bagrais ceann an bhuachalla do bhriseadh. Dearcais an
buachaill air go friochnamhach agus tuigis ar a éagcosg agus ar
a innioll go raibhe tar éis feill-ghníomha do dhéanamh no
ar tí a dhéanta, agus téid mar a raibhe an rí agus foillsighis
dó Seon do bheith isin doras ag iarraidh fosluicthe.



"Léigthear isteach mo dhearbhráthair," ar an rí.



"Ní hamhlaidh sin is cóir," ar an buachaill, "no go
rabhair-se ameasg do theaghlaigh isin gcúirt, óir ní
cosmhaile ris deigh-ghníomh do dhéanamh iná feill-ghníomh, uair
atá sé armtha éidighthe, agus do ruamnuigheadar a ruisg
i n-a chionn agus do chlaochláidh a dhealbh chobhsaidh
chaoin-déanmhach ar droich-dhealbh agus ar droch-dhath."


L. 15


"Ceil agus ná can ní-sa mhó dot dhroich-innsgne ná dot
mhí-urlabhra, a bhuachaill," ar an rí. "Agus ní hamhlaidh
sin atá an t-adhbhar," ar sé, "acht is eachtrannaigh no
allmhuraigh táinig i ndúthaigh mo dhearbhráthar, agus is
d'iarraidh conganta sluaigh agus sochraide orm-sa táinig sé,
agus is tríd sin ro fheargaigh agus ro luinnigh agus ro chlaochláidh a
dhealbh agus a dhéanamh mar sin, - agus léigthear isteach go
luath é."



Fosglais an buachaill an doras go luath ar fhuráileamh
an ríogh, acht gér dheacair leis é, agus léigis Seon isteach agus
do rinne ar amus an ríogh mar a raibhe go díreach ar a
ghlúinibh, agus is é beannughadh do rinne dhó .i. mionn bhláith
bhuadhach mhín-déanmhach chumhduighthe chros-órdha chlais-leathan
choilg-dhíreach dhatha dhias-fhada chúl-reamhar chlaidhimh
do bhí aige do thabhairt amach as a thruaill taisgeadha agus
as a thinnteach bodhbha agus as a chulaidh chumhdaigh, agus sáithis
i leith a dhroma fo thrí isin rígh go crois é gur mharbh gan
fhuireach é, agus fillis ar an mbuachaill iar sin agus teasgais a
cheann dá mheidhe d'éan-bhuille claidhimh agus goiris ar a
ghiolla féin chuige agus furáilis air a mhuintear féin do
ghairm chuige go tinneasnach agus ar mbreith air dhóibh
fuaradar an móir-ghníomh sin ullamh tar a gceann.



Cidh trácht do éirgheadar easbuig agus sruithe, saoithe agus
sagairt na cathrach fán am sin agus do bhádar ag binn-ghabháil
a salm agus a saltrach ar bharr agus ar thaibhlibh an
tuir agus do chonncadar an feill-ghníomh sin ag a dhéanamh agus
do éirgheadar aodhairidhe cruidh agus ceathra agus lucht
moich-éirghe an bhaile mhóir fán am sin, bantracht agus bandála
na cúirte céadna sin ar fhuinneogaibh fairsinge


L. 16


foirleathna fír-dhéanmhacha agus ar ghrianánaibh gloinidhe
glan-sholuis na cathrach, drong dhíobh ag foghnamh don Choimdhe
chumhachtach agus drong eile ag druine agus ag deagh-fhuagháil
amhail fá béas dóibh, agus do chonncadar sin mar an
gcéadna an feill-ghníomh agus an mhóir-fheall sin ag a
déanamh.



Do léigeadar a ngola árda acaointeacha agus a n-éimhidhe
fada fíor-thruagha agus a sgreada cruadh-chasta comharca
asta go ndearnadar lucht na cúirte agus na cathrach éirghe
athlamh éinfhir ré clos an fhuachais sin uile dhóibh gur ba
fairsing foirleathan fíor-aidhbhseach an móir-ghníomh sin
ar fhud na cathrach uile.



Acht atá ní cheana, ní har aithreachas ná ar athmhaoltas
do chuaidh sin ag Seon, acht ro fhuagair doirse agus finistre
na cúirte agus na cathrach d'fhosgladh dhó agus é féin agus a shluagh
do léigean isteach go luath. Furáilis an t-easbog agus
aos uird na cathrach, a huaisle agus a hárd-mhaithe agus
príomh-chomhairligh na Sorcha do thabhairt chuige, agus do iarr orra
a ríoghadh gan mhailís.



Ar gcruinniughadh i n-éan-chomhairle dhóibh uile, adubhradar
d'aitheasg aon-bheoil nár bh'inríoghtha fear feille
ar bith agus do éaradar eisean uime sin. Luath-lonnuighis
agus mór-fhearguighis Seon iaromh tríd sin agus tig ar aghaidh
na cúirte mar a bhfacaidh an t-áirdeasbog agus an chomhairle
agus is eadh ro ráidh riú an tan sin; - "Luighim fón
bhFír-dhia bhforórdha agus fó na déibh aicsidhe agus neamh-aicsidhe
agus fó árd-rannchaibh nimhe agus naomh-thalmhan, muna
dtigthí amach agus mo ríoghadh gan mhailís amhail is dual, go
n-imeorad brón báis agus beag-shaoghail oraibh féin agus ar an
méad ghéabhas bhur bpáirt isin gcathraigh."


L. 17


Ar n-a chlos sin dóibh ro imeagluigheadar go mór agus
adubhradar nár dhócha Seon do mharbhadh mhic a athar agus a
mháthar féin gan choigill iná sin do dhéanamh orra féin
dó, agus tigsead d'éan-toil agus d'éin-mhéin chuige, gion gurab
ar a mhian tángadar chuige, agus do chuirsead coróin air agus
tugsad gairm ríogh gan fhrasabhra dhó ós áird, agus gach
sollamhain nach raibhe do mhian ar chách do dhéanamh dhó, do
rónsad ar a eagla dhó í, agus tugsad iaromh easbuig agus
sruithe agus cliar na cúirte agus na cathrach dá n-úidh agus dá
n-aire dul os cionn chuirp an ríogh, agus ro ghabhsad ag a
éagnach go mór agus ag caoineadh a bháis agus ag tabhairt
a theas-mholta dísle féin fair, agus an t-áirdeasbog go
sunradhach, agus do rinne an laoi:




Beannacht ar th'anmain, a fhir,
A Ristird óig shuairc shaoir-ghil;
A Rígh na Sorcha gan bhéim,
Th'orchra do chách is oilbhéim.



Ba mhaith an chríoch-sa réd linn,
A churaidh chalma chúl-fhinn;
Iasg i bhfír-shreabh, cnuas i gcoill,
Cruach ar gach fír-bheag fearoinn.



Claon gach crann, líonmhar gach slat,
Fíonmhar gach flaith fád chumhacht;
Ní dhearnaidh feall fúd acht so,
A Rígh sheangmhair na Sorcha.


L. 18


Ba follus rath Dé id ghar,
Gan fhiach gan fhuath gan uabhar,
A rígh nár bh'fhallsa i n-am óil,
Ba minic th'almsa ar altóir.



Sibh i ndé ba cumhdach ceall,
Bocht Dé, agus ord aifreann,
Do b'aoibhinn id bhrugh fial fionn
Do cheann i ndiu gidh ísioll.



Ó nach eol leigheas id ghoin,
Guidhmíd Íosa let anmain;
Leat, a rígh chruith-mhín gan locht,
Chuirmíd ár míle beannacht.
Beannacht.




A haithle na laoidhe sin curthar corp an ríogh i
n-oileadrom órdha agus bearar go heaglais chaitheadrálta
na cathrach dá thórramh agus dá adhlacadh é, maille ré
hoirmhidin agus ré honóir mhóir, agus do tógbhadh a lia ós a
leacht lighe agus do fearadh a chluiche caointe ag cách i
gcoitchinne, agus gabhais an rí nua sin teora lá agus teora
hoidhche ag cruinniughadh éadála, maoine agus mór-mhaitheasa
a dhearbhráthar, ag suidhiughadh agus ag socrachadh muintire
na cúirte agus na cathrach agus ag déanamh cáirdeasa agus
caradraidh dhó féin riú.



Baoi ridire grádhach do chomhairle sheicréidigh an ríogh


L. 19


sin neoch do marbhadh, neach ba hannsa leis féin d'fhearaibh
an bheatha, agus is de do goirthidhe Ridire na Comhairle,
agus táinig do láthair an ríogh óig sin, agus is eadh adubhairt
ag beannachadh dhó: "Do chonách id chéimeannaibh agus do
rath id ríogh-ghlacaibh, do ghal agus do ghaisgeadh a los th'airm
agus th'iolfhaobhair, agus go meala tú do ríghe agus do fhlaitheas, a
rígh-mhílidh, is maith agus is conáich an gníomh do rinnis .i. rí
ar gcaitheamh tréimhse móire dá aois agus dá aimsir do
mharbhadh dhuit, agus an ríoghacht do bheith agat féin agus ag do
chloinn ó sin amach, agus nár chubhaidh ainm ná gairm ba
uirísle ná clann ríogh do ghairm dot chloinn agus bainríoghan
na Sorcha dá máthair; agus is aithnidh dhamh-sa uireasbhaidh
mhór ort i ndiaidh an deagh-ghníomha úd gan déanamh fós,
.i. inghean Ríogh na Sgeithía noch atá taobh-throm torrach,
gabhthar agus cuibhrighthear leat-sa í, agus curthar i n-áit
daingin í go ceann naoi míos, mar nach bia amharc iná
iomagallmha daoineadh aice; agus mása mhac bhéaras sí
básuighthear go hobann é, agus más' inghean bhéaras,
athchurthar agus ionnarbthar í féin agus an inghean eile atá aice i
gcríochaibh ciana coimhightheacha; agus is mar sin rachas an
móir-ghníomh úd gan díoghailt go bruinne an bhrátha agus
go foircheann an bheatha."



Ro hurgháirdigheadh an rí uime sin go ndubhairt: "Is
tairis linne an chomhairle sin, a Ridire na Comhairle,"
ar sé, "agus anos thuigmíd gurab cubhaidh comhadhais duit-se
an t-ainm sin do bheith ort .i. Ridire na Comhairle, agus ba
hárdughadh céime agus gradaim duit rém linn-se an chomhairle
ghrádhach sin tugais damh. Agus ní bhia coimhéad na
mná ag duine ar bith acht agat-sa féin, agus bíodh do rogha


L. 20


cathrach dá bhfuil isin tír so agat saor agus ag do shliocht
id dhiaidh dá chionn sin."



Gabhais Ridire na Comhairle a rogha cathrach go n-a
fearann saor ar bhord na fairrge mar a raibhe cuan
luinge agus tráigh thoirrtheach agus inbhear éisg. Furáilis
Ridire na Comhairle saoir agus máisiúin do thabhairt chuige
agus tor diorroid daingean díothoghlaidhe do dhéanamh dhó
agus a thógbháil ó thalamh agus a thrí cheathramhna isin bhfairrge,
agus gan acht aon cheathramha i dteannta tíre dhe. Do bhádar
seacht ndoirse re n-a ndrud agus ré n-a n-osgladh ó thalamh
gus an bhfuinneoig do bhí ar an tseomra uachtarach do
bhí os cionn fairrge don chaisleán agus aon doras amhlag
iarainn ghairbh i bhfoirimeall agus i dteannta na sráide go
híochtarach ar an tor sin. Iar mbeith ollamh fa thoil a
mheanman féin mar sin don chaisleán, cuiris an ríoghan
agus a hinghean ar an tseomra uachtarach sin noch do bhí ós
cionn na fairrge agus i n-áit nach raibhe amharc duine ná
tíre aca, agus ro fágbhadh beatha mheasardha aca, agus ro fhág
glas agus géibheann ar gach ndoras ó sin síos go doras
na sráide. Fá dubhach iad-san mar sin, óir ní fhaicdís
gnúis dhaonna ar bith ná radharc tíre ná talmhan, féir,
feadha ná fíoruisge, acht an bhóchna bhioth-bhorb agus an sáile
sriuibh-ghlas sruth-líonmhar, agus neoill eadarbhuasacha
an aeidhéir, agus comhghluasacht na ndúl agus na n-áird-reannach
uasta gach laoi. No bhídís lán do dhoghra agus do
dhoghailse agus do chomhghul agus do ghearán agus ag síor-dheorfadhaigh
gach laoi agus an ríoghan go sunradhach ag a smuaineadh
i n-a meanmain gur mheasa lé iná a láimhdionas agus iná
bás a héin-fhir phósta dá madh mac do bhéaradh sí a bheith
ag a fheitheamh dhá chur chum báis mar sin i n-a fiadhnaise.


L. 21


Dála Ridire na Comhairle do thigeadh dá gcuartughadh
gach lá nó gach dara lá d'fhios na ríoghna agus an toirrchis
agus gach uair no fhiafruigheadh an rí sgéala na ríoghna dhe
adeireadh-san nach dtáinig am tuismeadha don inghin fós
agus dá dtigeadh go bhfuigheadh-san sgéala uaithe go prab.
Cidh trácht, ar n-iomlánadh naoi míos d'inghin Ríogh na
Sgeithía gabhais breasa bríogha agus alladh iodhna í, agus beiris
gein mhín mhacánta shéimhidhe shochraidh shíothchánta bhláith
bhaill-gheal bhéal-chorcra ghasda gheanamhail ghnúis-áluinn
mhéir-leabhair mhic don mhór-thuismeadh sin.



Glacaid eidir a dhá láimh é agus glanais agus géar-ionnlais
é, agus mar do chonnairc an bhainríoghan an naoidhin
n-áluinn an tan sin, agus pógais go dil agus go diochra é agus
biathais do lacht a coirr-chíoch mbláith mbaill-gheal
mbuin-reamhar féin é, agus léigis i n-a fiadhnaise ar an doras árd
é, agus caoidhis go frasach falcmhar fíor-nimhneach ós a chionn
go ndubhairt: "A árd-rígh neimhe agus naomh-thalmhan," ar
sí, "agus a chruthuightheoir na ndúl agus a choimsightheoir na
cruinne ceathardha, is mairg dár deonuigheadh th'iomchar i
n-a bhruinne féin go nuige so, agus gan d'aon mhac aige féin
iná ag th'athair acht tú agus gan a chead aige th'oileamhain ná
th'altrom ó so suas go bráth," agus léigis for a glúinibh í
iar sin agus iarrais ar an Tríonnóid thoghaidhe
thré-phearsanaigh deagh-chomhairle do mhúnadh dhi um an mac do
chur isin bhfairrge sul do-chífeadh sí féin dá chur dochum
báis é nó léigean dó no go mbéaradh Ridire na
Comhairle air d'fhéachain an dtiocfadh tré ghrásaibh Dé
ann deagh-chroidhe do imirt fair.



Gairid bheag iar sin di go bhfacadar an acuil uasal, .i.


L. 22


an t-éan dá ngoirthear an t-iolar chuca a fraighthibh na
fiormameinte agus a néallaibh eadarbhuasacha an aidheoir,
gur thuirling ar thairsigh an doruis áird agus sínis an dá
chrobh chrágacha caim-ingneacha crobh-bhuidhe i dtimcheall an
leinbh agus fuadaighis leis i néallaibh cithe agus i gcoimhdeacht na
gaoithe glóraighe é ós cionn na haibhéise allmhurdha
iongantaighe eochair-ghuirme agus na bóchna bronn-fhairsinge
bioth-ghairbhe, go ndeachaidh as rinn a ruisg agus a radhairc
uatha. Agus ar n-a fhaicsin sin don bhainríoghain agus dá
hinghin, buailid a mbasa agus brisid a mbruit, tairngid a
bhfuilt agus a bhfionnaidh agus sgreadaid go truagh tuirseach, agus
léigid a ngola árda acaointeacha agus a n-éimhidhe fada
fíor-thruagha agus snighid frasa falcmhara fíor-fhliucha
drúcht-mhóra donn-bhraonacha tar a ngruadhaibh gnúis-gheala
glan-chorcra agus is suaill nach dtángadar airdheana
báis agus buain-éaga agus timdhibhe saoghail don ríoghain ag
faicsin an fhuadaigh sin a héin-mhic.



Agus do b'fhearr lé annsin a bheith fa ainbhreith Ridire
na Comhairle iná a fhuadach as a fiadhnaise mar sin, agus
tuitis féin i dtaisibh agus i dtáimhnéallaibh báis, agus ar mbeith
athaidh mar sin di, éirghis agus gabhais ag aithbhir iomaithbhir
ar an gcinneamhain gcealgaigh gcruth-ghránna go ndubhairt:
"A shaoghail thréan-mhallachtaigh ghearr-choinghiollaigh
chealgaigh dhroch-thubaistigh, is beag dhamh-sa mo mhallacht
ort ón chéad uair ro thógbhais mo cheann liom ar tosach
agus tugais mo rogha céile agus tochmhairce dhamh d'fhearaibh na
talmhan, agus an uair ba ríoghan ar an tSorcha go soilléir
mé, do thaisbéanais do dhraint ghránna dhoidhealbha dhamh


L. 23


an tan ro bheanais Rí na Sorcha dhíom agus nach dtugais éan-bhás
agus éan-oidheadh dhúinn araon, agus ó nár thograis sin do
dhéanamh, is truagh nár léigis an t-aon-mhac díleas
diongmhála úd an ríogh beo agam d'fhéachain an dtiubhradh
Dia dhó a athair do dhíoghailt uair éigin, agus go madh
hurgháirdiughadh meanman agus aigeanta dhamh-sa bheith ag éisteacht
re foghar a ghotha agus re binn-bhriathraibh a bhéil i n-ionadh
a athar go nuige sin, agus fós ó nár thoilighis sin, is truagh
nach feasach mé féin go dtiocfaidh isin saoghal ní éigin
do-bhéaradh Ridire na Comhairle agus Ridire an Ghaisgidh
comh bocht leam féin anocht gan rún faicsiona a gcloinne
iná a mban aca-san go bráth, d'fhéachain an dtiocfadaois
mar atáim-se gan mac gan fear," agus do rinne an laoi
mbig-se:




Mallacht ort, a chinneamhain,
Lér tógbhadh mé ó thosaigh.
Och! is truagh do mhilleabhair
Mise tar mhnáibh an domhain.



D'airdrígh Sorcha saobh-uaine
Tugais mise mar chéile;
'S truagh nach leabaidh aon-uaighe
Fuaras agus mo chéid-fhear.



Ó nach eadh acht mh'fhuireach-sa
Tar éis mh'éan-ghráidh is mh'annsa,
Truagh nach mair mo chuideachta
Agam gan guais a mharbhtha.



Och! is truagh mo smioragán,
Mac Ridire na Sealga,


L. 24


'Na chrobhaibh le hiolarán
Uaim isin sáile searbh-ghlan.



Gan mo shúil ré' amharc-san
Ar n-imtheacht uaim mar thaidhbhse,
Cuan mo chuirp is mh'anma-sa
'N-a chuid eoin ós cionn fairrge.



A Ridire na Comhairle
'S a Ridire an Ghaisgidh,
Truagh gan d'fhiachaibh oraibh-se
Gan bhar gclann go bráth d'fhaicsin.



Ó's tú féin, a chinneamhain,
Tug ar tús damh-sa mh'amharc;
Ó's leis mé do mhilleabhair
Is beag leam ort mo mhallacht.
Mallacht.




A haithle na laoidhe sin adubhairt an ríoghan:
"Sguireann dár ngéar-chaoineadh, a inghean," ar sí,
"glanam ar ngnúise agus ár nglan-aighthe, óir is gairid
go dtí Ridire na Comhairle chugainn, agus dá bhfaghadh mar
so sinn, is droch-bharamhail do-bhéaradh dhúinn agus do badh
féidir gurab é ár mbás do thiocfadh as," agus do rónsad
samhlaidh.



Dála Ríogh na Sorcha, iomorro, ro smuain i n-a
mheanmain féin go dtáinig barr ós cionn trí ráithe ó do chuir
sé inghean Ríogh na Sgeithía le Ridire na Comhairle agus nach
dtug sgéala an toirrcheasa chuige agus is í baramhail do
bhean as sin, go rug an ríoghan mac agus, do bhrígh na ngrádh
agus na gcumhacht ró-mhór do bhí aige féin ó n-a n-athair agus ó


L. 25


inghin Ríogh na Sgeithía roimhe sin, gur chuir sé an mac dá
oileamhain agus dá leasughadh ós ísiol no go madh hinfheadhma
é as a gcoireochadh sé bás a athar air féin agus ar a
chloinn uair éigin, agus gur imir sé gliocas agus míochoinghioll
air féin mar sin, agus fógrais ughmacha dhó go tinneasnach,
agus ní comhnuidhe do rinne go ndeachaidh go cúirt Ridire
na Comhairle.



Mór-fháiltighis an Ridire roimh an rígh. "Is tairise
dhúinn, dár ndóigh, an fháilte sin," bhar an rí, "agus bearar
ar cuairt chum na ríoghna sinn go bhfeasmís an clannmhar
í." Do rónadh samhlaidh agus ar ndearcadh don rígh ar
an ríoghain go friochnamhach, mar nach bhfuair inneall mná
toirrche uirre rannsaighis an caisléan go maith ó a bharr
gó a bhun agus, mar nach bhfuair clann aice iná innte dá
mheas féin, tug mná iúlmhara glioca chuige dá dhearbhadh
dhó an budh torrach í, agus ar n-a faicsin sin dóibh
adubhradar nár bh'eadh.



"A Ridire na Comhairle," ar an rí, "caidhe an toirrcheas
adubhrais do bheith ag inghin Ríogh na Sgeithía."



"Ní fheadar, a thighearna," ar sé, "acht muna bhfuil sé
innte fós nó muna ndearna sí féin droch-bheart éigin
fris d'eagla go gcuirfimís-ne chum báis i n-a fiadhnaise
féin é," ar an Ridire.



"Is deimhin linn nár mhill sí cuan a bronn féin fós,"
ar an rí, "agus go madh mheisde lé a luas do mhillfeadh
duine eile é; agus ní hamhlaidh sin atá an chúis," ar an
rí, "acht do chuireabhair-se an leanbh dá oileamhain agus dá
leasughadh fa choinne mh'uilc-se do dhéanamh uair éigin;
gidheadh cheana, ní ba cuma leat-sa an t-olc sin dá


L. 26


ndearntar orm-sa é;" agus ar n-a rádh sin tángadar
datha iomdha éagsamhla don rígh ré fuasmadh agus ré fiuchadh
na feirge do fadóidheadh faoi ó na bacánaibh aeidhidh
neoch is máthair don fheirg. Criothnuighis agus
imeagluighis Ridire na Comhairle go mór ag faicsin an ríogh
ar an ordughadh agus ar an inneall sin agus ré cloisteacht
a bhriathar agus ro bhaoi ag síor-ghabháil a leithsgéil,
agus níor ghabh an rí sin uaidh, agus ba luinneach
lúthgháireach an ríoghan ó bheith ag éisteacht leis na
boirb-bhriathraibh sin an ríogh agus do smuain aice féin i n-a
meanmain go dtiocfadh tré mhóir-mhiorbhuilibh Dé agus na
Tríonnóide tré-phearsanaighe bás d'imirt for Ridire
na Comhairle isin bhfeill agus isin bhfionghail do
thionnsgain i n-aghaidh a héin-mhic féin go nuige sin.



Cidh trácht, is gairid do bhí a n-iomagallmha cainte sin
eidir an rígh agus Ridire na Comhairle an tan táinig bruth agus
borrfadh agus dásacht díomais isin rígh, agus furáilis cimidh
crapailte cruaidh-chuibhrighthe do dhéanamh do Ridire na
Comhairle agus mar nach bhfuair admháil an toirrcheasa,
furáilis a chrochadh i bhfiadhnaise a mhná agus a chloinne agus
a mhuintire, agus is ar éigin do tárrthuigheadh a bhean agus a
chlann air gan a gcrochadh i bhfiadhnaise cháich, agus cuiridh
sé turnaidhe eile os cionn an bhaile agus na dúthaighe sin
tug sé don Ridire roimhe sin, gurab mar sin do chruthaigh
an Fírdhia forórdha feall Ridire na Comhairle ar an
ríoghain go nuige sin.



Acht cheana do rinne an rí cuartughadh géar cruaidh
ar an ríoghain ag iarraidh admhála an toirrcheasa uirre,


L. 27


agus mar nach bhfuair adubhairt gur chóir a básughadh go
hobann, acht adubhradar maithe agus mór-uaisle a mhuintire
ris nár chóir sin do dhéanamh, agus gur chóra a hathchur agus
a hionnarbadh as an gcrích go coimhiomlán i n-áit nach
béaradh an rí amharc uirre féin ná ar a hinghin, agus nach
gcluinfeadh a sgéala ó sin amach go bráth.



Do críochnuigheadh an chomhairle sin aca agus tug an rí
gairm os áird tuitim do bheith aige féin ar mhaoin agus ar
mhór-mhaitheas aon duine do-bhéaradh biadh ná deoch dhi
féin iná dá hinghin ó cheann seacht lá amach, agus furáilis
sgaoileadh dhi ar an bhfoirm sin, agus fágbhais an rí an
baile iaromh ar ndéanamh an chrochaidh agus an ionnarbtha sin
dó, gurab mar sin do rug an Fírdhia forórdha agus
uasal-athair na cruinne breith dhíreach ar Ridire na
Comhairle isin bhfeill do thionnsgain in-aghaidh a thighearna
agus a bhaintighearna agus an oighre dílis diongmhála do thoiligh
Dia do theacht eatorra.



Dála na ríoghna agus a hinghine féin, do chuadar i
gcomhairle agus do smuaineadar go bhfuighbhidís féin bás don
ghorta sul do fhuigfeadaois an tír sin, agus gurab chuige
sin do chuir an rí an fuagra sin amach fán tír; "agus
a inghean dil," ar sí, "is aithnidh dhamh-sa mar racham féin
as ón ghairm úd, óir reacfam na héadaighe líoga
leann-mhaiseacha atá againn re mnáibh uaisle éigin isin tír no
isin gcathraigh, agus ceinneocham éadaighe beaga bochta agus
cuirfeam dealbh ghránna dhuibh-niata ar ár ngnúisibh agus
ar ár nglan-aighthibh agus biam ag iarraidh déirce ó thír go
tír no go bhfagham eolus ar Sgeithía go bhfionnam an


L. 28


mbéaram ar a dhul beo ar amus mh'athar," ar sí.



Do rónadh samhlaidh leis na caoimh-ingheanaibh agus gluaisid
rompa ar an samhlughadh sin agus iad ar dhroch-inneall bhocht
dheireoil ó thigh go tigh agus ó bhaile go baile, agus an t-ionadh i
n-a bhfaghdaois fleadh agus féasta roimhe sin níor mhó ná mír
beag no sprúilleach do teilgthí chugtha annsin, agus do
aithnigheadaois cách uile agus ní aithnigheadh aon iad.



Cúirt charad agus choigéile don ríoghain i n-a raibhe sí go
minic roimhe sin agus tárla dhi oidhche áirighthe a bheith innte
go deireoil droch-bhiadhach agus ar smuaineadh don ríoghain a
fheabhas do-gheibheadh sí féin a bheith lé isin gcúirt sin
roimhe sin, gabhais tuirse mhór agus dubhachas dearmhair í ag
smuaineadh an tsaidhbhris fuair sí ar tús agus a bochtaine
féin fán am sin, agus do chan an laoidh:




Maith anocht mo chulaidh-se,
Culaidh mhná gan fear nuachair,
Lorg is ceirt na cumhaile
Is déirc ó gach mnaoi uasail.



Cách againn dá n-aithneachadh
'S gan aithne ag aon orainn;
Sinn ag dul re faiteachas
'San gcúirt do charmaois romhainn.



Mise agus mh'aon-mhacámh
Go ngnúisibh dubha dorcha,
Ag imtheacht 'n-ár n-aonarán
Ar fhud críche na Sorcha.


L. 29


An mír beag do-bheirinn-se
Do bhochtaibh Ríogh an richidh,
Mar chuid mhóir do-gheibhim-se
Dhamh féin agus dom inghin.



An tí sin 'gá bhfaghainn-se
Rogha gach sóirt go sonairt,
Beannacht uaim re n'anmain-sean
Ó nach gcualas a chomhmaith.
Maith anocht.




A haithle na laoidhe sin ro ghabhsad rompa ó thigh go
tigh ag iarraidh déirce i gcrothaibh bhan bocht no go
rángadar an Sgeithía fa dheireadh, agus léigmíd dínn a n-imtheachta
ó sin amach.



Acht laibheoram seal eile don iolar neoch rug an
naoidhin mbig adubhramar i n-a chrobhaibh leis ón ríoghain
roimhe sin ós cionn na fairrge, óir is í sin uair agus
aimsear tarla lá Sanct Dáibhí ann go sunradhach, agus do
ba do gheasaibh Ching Artúir mhic Iubhair mhic Ambróis mhic
Ughdair mhic Constantín Chinn Dragúin dul do chaitheamh
fleidhe no féasta gan iongnadh nuaidhe neamhghnáthach
éigin d'fhagháil, agus is don Ridire Dubh mac Ríogh
Franc tarla an lá sin seacha an teaghlaigh dul d'iarraidh
an iongantais sin go Magh na nIongnadh. Agus téid ann
agus ba fada leisin rígh baoi sé amuigh agus leanais féin i
n-a uathadh agus i n-a aonarán é, agus tuirlingis ag Cartha na
mBuadh ar Magh na nIongnadh mar a bhfuair an Ridire
Dubh agus ro sguirsead a n-eachraidh annsin agus suidhis an rí


L. 30


agus a dhruim re Cartha na mBuadh agus dearcais an cheathair-áird
ar gach taoibh dhe, mar atá, soir agus siar, ba dheas agus
ba thuaidh, go bhfacaidh an acuil uasal, .i. an t-éan dá
ngoirthear an t-iolar, chuige a fraighthibh na fiormameinte
agus a néallaibh eadarbhuasacha an aidheoir agus tuirlingis go
háiseach i bhfarradh agus i bhfochair an ríogh agus léigis an
naoidhin n-áluinn n-iolchrothaigh sin ar bhinn bhruit an ríogh
as a chrobhaibh seach aon bhaill eile, agus ar ndul dó féin dá
iomaire no trí uatha amach, tuitis i dtaisibh agus i
dtáimh-néallaibh báis go lár agus go lán-talmhain amhail no bheith
gan anam ann, agus gabhais lúthgháire mhór an rí fris an
n-aisgidh mbig d'fhagháil ón éan agus adubhairt gurab é an
Fírdhia forórdha do chuir an tiodhlacadh sin chuige, agus gan
mac ná inghean aige roimhe sin, agus adubhairt go ndiongnadh
oighre díleas diongmhála air féin de, agus tuigis fós gurab
í truime an eire sin do bhí leis an iolar agus a thabhairt
as rann imchian éigin don domhan tug i dtaisibh agus i
dtáimhnéallaibh mar sin é, agus furáilis ar an Ridire Dubh
páirt don lón do bhí aca do thabhairt i n-a fhiadhnaise don
iolar, agus ar n-éirghe as an táimhnéall sin dó, ithis a
leor-dhaothain don mbiadh sin agus éirghis go háird-cheannach iar
sin, agus croithis agus clúimhis é féin go maith agus léigis gaoth
fo n-a sgiathánaibh agus cromais a cheann mar do bheith ag
gabháil a cheada ag an rígh agus do-ní comhartha umhla agus
urrama i n-a fhiadhnaise agus éirghis as a bhfiadhnaise mar
sin go ndeachaidh as rinn a ruisg agus a radhairc uatha, agus ní
dó labhras an stair feasta.



Acht atá ní cheana, furáilis Rí an Domhain ar an Ridire


L. 31


nDubh, an mac sin tug Dia dhó féin, a bhreith leis mar
dhalta uaidh féin, agus inghean ríogh nó tighearna d'fhagháil
chuige dá oileamhain, "agus tabhairt cruidh agus ceathra,
buar agus bó-tháinte, ór agus airgead ionnmhais dom chuid-se
leis di, agus innis do chách i gcoitchinne gurab mac
diongmhála dhamh-sa é, agus gairmthear Macaomh an Iolair d'ainm
dhe, agus déanam feasta ón magh, óir is lór dhúinn
d'iongantas an mhagha indiu beathadhach brúideamhail mar atá
an t-éan úd do thabhairt leinbh bhig mhaoith leis i n-a
chrobhaibh gan fhuiliughadh gan fhoirdheargadh fair agus a
fhágbháil ar bheinn mo bhruit-se dhó seach baill eile agus
gurab feoil is beatha nádúrtha dhó agus gan é féin dá ithe."



Gabhaid iaromh a n-eachraidh agus cuiris an Ridire Dubh
a dhalta i mbeinn a bhruit agus ní dearnadh oireiseamh ná
comhnuidhe leo no go rángadar Dúnadh an Halla Dheirg
agus goiris an Ridire Dubh inghean Iarla Chairrge an Sguir
do Lochlannaibh chuige, agus innisis di mac do theacht dochum
an ríogh agus gur chuir sé chuice-se dá oileamhain agus dá
altrom é, agus go bhfuigheadh seoide, maoine agus mór-mhaitheasa
ón rígh agus uaidh féin dá chionn sin.



Altuighis an inghean le Dia an rí d'fhuráil oileamhna a
mhic uirre féin agus gabhais chuice é go lúthgháireach, agus
toirbhris lacht a corr-chíoch mbuinn-leathan mbarr-chaol
féin dó agus oilis agus altromais an leanbh i dtigh an Ridire
Dhuibh ó sin amach go ceann a dhá bhliadhan déag, agus ba
heagnaidhe eolach ilbhéarlach agus ba fír-ghlic fuireachair i
gcluithchibh lúibe agus liathróide é, agus i ndiubhraigthibh bonnsach
agus i gcur chamán i gcionn a ocht mbliadhan é, agus ní
headh amháin acht níor hullmhuigheadh fear a aoise ná a


L. 32


aimsire riamh is fearr do hullmhuigheadh iná é i gceardaibh
goile agus gaisgidh, i lúth agus i lámhach agus i gcur arm.



Lá n-aon tarla imreasain iomána eidir mac an
Ridire Dhuibh mhic Ríogh Franc agus mac an Ridire Ghil
mhic Ríogh Ghréag ar fhaithche chathrach Chamalóide agus do
chruinnigheadar an mhacradh i n-a dtimcheall re haghaidh
na himreasna agus baoi Macaomh an Iolair 'n-a chodladh
an uair sin, agus beadhgais as a chodladh agus téid amach mar
fuair an iomáin ar siubhal. Cuidighis le n-a dhearbh-chomhalta
agus cuiris an iomáin ar mhac an Ridire Ghil go
ndubhairt gurab tré leathtrom do cuireadh an báire sin
air féin, agus adubhairt mac an Ridire Dhuibh nach raibhe sé
féin ag iarraidh conganta ar Mhacaomh an Iolair, agus
go mbéaradh féin buaidh na hiomána, bíodh nach biadh sé
aige.



"Olc do dhéantá-sa mo chongnamh-sa do tharcaisniughadh,"
ar Macaomh an Iolair, "agus gurab feirrde
thú mo chongnamh do bheith agat, agus dá dhearbhadh sin
cuiridh-se bhur gcamáin araon ré chéile agus do-bhéar-sa
báire oraibh."



Féachaid sin leis maille re feirg mhóir. Gidheadh, cuiris
Macaomh an Iolair an báire orra fo thrí. Líonais nimh agus
racht uabhair mac an Ridire Ghil tríd sin agus adubhairt
nár chás leis oil nó athais d'fhagháil ó mhac ríogh no
roi-thighearna acht a fhagháil ó mhac éin nó eathaide, gan fios a
chrú ná a chiníl acht mar mhac iolair dhá ghairm dhe.



"An friom-sa chanas tú na briathra imdheargtha sin?"
ar Macaomh an Iolair.
"Is friot go deimhin," ar mac an Ridire Ghil.



"Nach mac do Ching Artúr mé?" ar Macaomh an Iolair.


L. 33


"Is deimhin liom nach eadh," ar mac an Ridire Ghil, "óir
ní bhfuil fios do mháthar againn agus atámaoid
ro-ainbhfiosach ann th'athair mar an gcéadna."



Ro himdheargadh go mór fa dhreich óig ildhealbhaigh
Mhacaoimh an Iolair uime sin agus ro chriothnuigheadar a
bhaill agus ro ruamnuigheadar a ruisg agus ro
chomhchumaisg-eadar a chéadfadha chorpardha re cloisteacht na mbriathar
sin agus fógrais troid chamán ar mhac an Ridire Ghil.



Freagrais mac an Ridire Ghil sin dó, agus tugsad tulgan
tinneasnach agus briseadh bodhbha bioth-urlamh agus síth-ghléas
sanntach sár-lúthmhar dá gcamánaibh cruaidh-ríghne
croim-cheannacha i gceannaibh agus i gcorpaibh a chéile. Cidh
trácht, tógbhais Macaomh an Iolair an láimh ndeis ndírigh
ndoinn-ingnigh leis an gcamán agus buailis mac an Ridire
Ghil i gcleith a chinn agus a cheann-mhullaigh gur chuir a
inchinn i n-a caobaibh cró agus i n-a bróin bhric fhola tar
sheinistribh a chinn agus a chluas amach seachtair.



Ar n-a fhaicsin sin do mhuintir mhic an Ridire Ghil
agus dá cháirdibh, ro chruinnighsead as gach leith i n-a
thimcheall do dhíoghail a chréacht, agus níor bh'fhurusa dhóibh sin,
óir baoi d'fheabhas imdheaghla an Mhacaoimh air féin nár
bh'fhéidir leo urchóid do dhéanamh dhó nó go rug a chara agus
a choigle féin air .i. an Ridire Dubh, agus eadarghánais ar
a chéile iad agus beiris an Macaomh leis don chúirt, agus
léigis ar a ghlúinibh é i bhfiadhnaise an ríogh go
ndubhairt: "A rígh agus a thighearna agus a athair ionmhain," ar sé,
"gus anois do shaoileas gur mhac díleas diongmhála duit
mé, agus gabhaim do chomairce; má's fíor sin, innis damh


L. 34


é nó tabhair mo bhunadh cineoil d'fhearaibh uaisle no
anuaisle an domhain damh."



Sochtais an rí go fada tríd an sgéal sin do chluinsin
dó, agus gabhais tuirse agus trom-neimheéile é agus dearcais an
rí ar an Macaomh go friochnamhach, agus adubhairt: "Ní
maith liom-sa thusa dá iarraidh sin orm," ar sé, "agus
go ndiongnainn mo dhíchioll maitheasa duit mar mhac
díleas go bráth, agus ó do iarrais orm é, inneosad duit an
mhéad atá dot sgéalaibh agam."



Téid iaromh an rí an tan sin i gceann na sgéal sin
d'innisin dó-san amhail do sgríobhamar anuas go nuige
so. Cidh trácht, ar gcluinsin do Mhacaomh an Iolair gan
fios a athar ná a mháthar do bheith aige ón rígh acht mar
sin, tigid datha éagsamhla dhe agus tug maise ar mhíomhaise
agus deilbh maith ar dhroch-dheilbh, agus is suaill nach dtángadar
airgheana báis agus buain-éaga chuige, agus níor mhaith leis an
rígh sin, go ndubhairt: - "A mhic agus a dhalta ionmhuin," ar
sé, "ná cuireadh súd ort-sa, óir do-bhéar-sa cumhdach mic
ríogh nó tighearna dhuit an gcéin mhairfead."



"A rígh agus a thighearna, ná habair-se sin," ar Macaomh
an Iolair, "óir tuingim-se a dtuingid mo thuatha agus
luighim fó ard-rannchaibh nimhe agus naomh-thalmhan nach
déan-sa suan ná sádhaile, codladh ná comhnuidhe go bráth
no go gcuartuighear an chruinne cheathardha ó thurgabháil
ghréine gó a fuineadh, no go bhfaghar fios mo bhunaidh
chineoil agus mh'athardha dísle féin d'fholaibh uaisle no
anuaisle an domhain mhóir," agus is cuma do bhí ag a rádh agus
iarrais grádha ridire agus gairm ghaisgeadhaigh ar an rígh.
Tug an rí sin dó, gér leasg leis a thabhairt dá chomh-óg-san
do dhuine, ar son gur dearbh leis gur ba hinghill


L. 35


infheadhma é i gcleasaibh goile agus gaisgidh, i lúth agus i
lámhach agus i gcur arm.



Acht cheana, ro hoirneadh i ngrádhaibh ridire agus ro-ghaisgeadhaigh
é agus tug an rí a chulaidh chatha agus chomhlainn,
agus a threalamh troda agus tachair, agus a aibíd áigh agus iorghoile
féin eidir each agus earradh dhó, agus ro mhealsad cách i
gcoimhnéinfheacht, agus ro thiomain iar sin cead agus ceileabhradh ag
an rígh agus ag an mór-theaghlach agus gabhais a chead aige agus ag
a oide agus ag a bhuime, ag bantracht agus ag bandálaibh na
cúirte agus na cathrach, agus luighis socht agus athtuirse adhbhal-mhór
ar an rígh agus ar mhaithibh agus ar mhór-uaislibh Dhúnaidh an
Halla Dheirg agus ro shnighsead frasa falcmhara fíor-aighmhéile
tar bláth agus tar brollach agus tar gruadhaibh ban agus
bandála bláth-bhraighdeacha, uasal agus árd-fhlaith agus ainnear
agus óg-bhan, aos ciuil, oirfide agus ealadhan, agus an Ridire Dubh
agus inghean Iarla Chairrge an Sguir seach cáich.



Acht atá ní cheana, gabhais Macaomh an Iolair a chead,
agus fágbhais iomchomharc beathadh agus sláinte ag an rígh agus ag
an Ridire Dubh, agus ag inghin Iarla Chairrge an Sguir
agus ag an teaghlach uile sgeo mhacha, mná agus ingheana, agus
do rinne an laoidh:




Géabhad mo chead ag an rígh;
Cuirfead re a thír mo chúl,
Gion go bhfeadar thuaidh nó theas
Gá treabh ar ar déanta dhún.


L. 36


Ó theaghlach cúirte an ríogh
Och! faríor is déanta dhún,
'S ó Dhúnadh an Halla Dheirg
'S ón macraidh gan ceilg 'n-a rún.



Óm oide díleas ag dul
Fear rom theagaisg i gcur arm;
'N-a bhrugh do-gheibhinn gach fíon,
An Ridire Dubh mac Ríogh Franc.



Inghean Iarla Chairrge an Sguir
An bhuime rom chuir i bhfás,
Ní bhiaidh neach gan fios a sgéal,
Altrom a géag mbaill-gheal mbán.



Mac mise don rígh i ndé -
Do mhac Iubhair féin níor nár -
'S ní fheadar i ndiu cá treabh
Dhá bhfuilim ó neamh go lár.



Ó éirgheas grian ruithneach rán
Go bhfuinneann sál fá n-a dhlaoi,
Ní bhia ball damh-sa gan fhios
Go bhfaghad ann fios mo ghaoil.



Coisg-se dhíom, a bhuime dhil;
Ní turus mar sin do ním.
Damh ciodh damhna bróin nach beag,
Géabhad mo chead ag an rígh.
Géabhad.


L. 37



A haithle na laoidhe sin gabhais Macaomh an Iolair an
chulaidh chumhdaigh sin an ríogh uime agus téid do dheigh-léim
ar an each sin fuair ón rígh agus téid ar fairsneach na
faithche fód-ghlaise. Acht atá ní cheana, ar ndéanamh
treasa marcaigheachta i bhfiadhnaise an ríogh dhó agus luchta
an teaghlaigh i gcoimhnéinfheacht, tiomnais ceileabhradh fa
dhó agus fa thrí uaidh don rígh agus don teaghlach agus go mór-mhór
dá oide agus dá bhuime, agus léigis i gceann aistir agus
imtheachta é cara an chaomh-laoi.



Mar sin dó go dtarla i ngleann uaigneach fhásaigh, agus
sguiris a each, agus do-ní fian-bhoith fhoslongphuirt dó féin agus
faduighis torc teineadh tricheamh-ruaidhe agus tug a aghaidh ar
an ngleann agus dúisgis agh allaidh agus marbhais d'éan-urchar
sleighe í, agus do-ní fulacht na bhfear ndeithbhreach uirre
iaromh, agus caithis a leor-dhaothain feola agus fíoruisge agus
codlais iar dtain agus éirighis i moch-dheaghail na maidne
moiche ar n-a mhárach. Gabhais innioll aistir agus imtheachta
air féin agus léigis ar a aghaidh é ar feadh agus ar fiarlaoid
an ghleanna go dtáinig deireadh agus deoidh an laoi agus do
rinne mar an gcéadna an oidhche sin. Acht atá ní cheana,
éirghis ar n-a mhárach agus do chonnairc magh maiseach mín-sgothach,
agus tír thaithneamhach thirim agus fearann fairsing
féar-líonmhar agus féachain dá dtug ar a chomhair do
chonnairc marcach chuige isin magh gach ndíreach agus druidis
'n-a choinne agus 'n-a chomhdháil agus is amhlaidh fuair annsin é,
eadhón, inghean chruthach chaomh-áluinn agus falabhraigh uaine
fúithe.



Beannuighis an inghean dó do bhriathraibh milse miochardha
agus freagrais Macaomh an Iolair an beannachadh


L. 38


d'fhuighlibh áilgheana agus do chaoineas comhráidh agus fiafruighis
sgéala iaromh don inghean agus fios a hanma agus a ciníl.



"Ó'n bhfalabhraigh uaine so hainmnighthear mé," ar sí,
"óir is Inghean na Falabhrach Uaine goirthear dhíom agus
atáim ag teitheamh ré tamall roimh an bhfear ag a
bhfuilim agus gnáthaighim dol ar fhaosamh agus ar chomairce
daoineadh uasal go nuige so, agus ní dearnadh comairce
dhamh air fós, agus do chuala gurab é Cing Artúir mac
Iubhair mhic Ambróis rí is líonmhaire laochradh agus is calma
curadh agus is truime thairpthighe teaghlach isin domhan go
huilidhe, agus dob' áil liom a dhol ar a fhaosamh agus ar a
chomairce d'fhios an roichfeadh leis mo chosnamh no mo
chaomhna, agus iarraim d'athchuinghidh, a mharcaigh úd, a hucht
th'uaisle agus th'fholuigheachta sgéala d'innisin damh ó do
inniseas mo sgéala féin duit."



"Innisim," ar Macaomh an Iolair, "gurab marcach do
mhuintir Ching Artúir me, agus gurab le gnóthaidhibh atáim
ag imtheacht ar fud an domhain."



"Maiseadh," ar an inghean, "iarraim-se d'aisgidh agus
d'athchuinghidh ort-sa filleadh leam féin i gceann Ríogh an
Domhain agus cuidiughadh leis mé féin do chosnamh agus mo
chomairce do ghabháil do láimh d'fhéachain an mbiadhmís
aige anocht, óir is eagail leam-sa breith ar slighe no ar
bealach orm."



"Ní hurusa damh sin," ar Macaomh an Iolair, "óir is
é indiú an treas lá ó do fhágbhas Dúnadh an Halla
Dheirg agus atáim fá dhírim mharcaigheachta ó sin a leith."



"Béaraidh m'each-sa sinn ar aon lé an uair
cuirfidhthear th'each féin," ar an inghean, "óir atá sí deagh-fhulaing
deagh-ualaigh agus i n-a muirighneach comh maith agus do


L. 39


dhéana sí na huile aithghiorra dhúinn isin mball nach
biaidh eolus againn féin ann."



Faomhais Macaomh an Iolair an ní sin, acht gér leasg
leis é, agus an feadh do rug a láidreacht dá each féin do
bhádar i gcomhmarcaigheacht ar aon, agus an tan ro
cuireadh í do chuadar ar aon ar an bhfalabhraigh uaine,
agus ní haithristear a n-imtheachta go rángadar cathair
Chamalóide, agus tuirlingid ar an bhfaithche mar a bhfuaradar
an rí, agus beannachais an inghean dó, agus cuiris í féin
ar a fhaosamh agus ar a chomairce.



Fiafruighis an rí adhbhar a himeagla don inghin.
Innsis an inghean dó amhail adubhramar romhainn, agus
gabhais an rí do láimh a cosnamh ar fhearaibh an domhain
uile. Agus is móide do ghabh an rí sin do láimh, .i. an
uair táinig an ríoghan sin do láthair, ní raibhe cnámh go
méad n-ordlaigh dhe ó a bhonn gó a bhathais nár líon dá
seirc agus dá síor-ghrádh.



Fiafruighis an rí dhi samhail a fir, agus ro innis dó gurab
ridire ro-árrachtach agus gaisgeadhach gnímh-éachtach é, agus
gurab ar éigin do rug sé í féin leis ó thús, agus gurab dá
bhrígh sin tarla fuath aice air, agus nár fhéad an fuath
sin do chlaochlódh riamh, agus nach raibhe isin gcríostaidheacht
rí ná ro-fhlaith do shaoilfeadh sí dhá hanacal ná dhá
himdheaghail nach deachaidh sí seal éigin dá fhéachain agus
nach bhfuair é go nuige sin, "agus fós is do thréidhibh an
fhir sin ag a rabhas .i. feadán guth-bhinn glan-airgid
bhíos aige agus an uair sheinneas é fir ghonta agus mná ré
n-iodhnaibh agus laoich ar n-a leadradh agus curaidh ar
n-a gcnáimh-ghearradh do chuirfeadh i n-a dtoirchim suain


L. 40


agus síor-chodalta re cloisteacht an cheoil tsíthe sin, agus
is ón gceol sin goirthear Ridire an Chiuil de."



Cidh trácht beiris an rí an inghean don dúnadh, agus
roinnis a theaghlach go huilidhe ar dhoirsibh an dúnaidh ó
a bhun gó a bharr agus cuiris an inghean i seomra dhaingean
dhirrid baoi i bhfíor-uachtar na cúirte agus iomad glas agus
géibheann air, agus lóchrann loinneardha lasamhain ar lasadh
ar lár an tseomra agus céad ridire ro-chalma im an
Ridire Dhubh mac Ríogh Franc istigh agus amuigh ar gach taoibh
don dorus agus Sior Bhalbhuaidh agus céad ridire ar
phríomh-dhorus an dúnaidh agus céad ridire eile im
Mhacaomh an Iolair i stábla na n-each ag coimhéad na
falabhrach uaine, agus mór-theaghlach an ríogh ag faire agus ag
forchoimhéad dóibh sin uile, agus an rí féin ar barr na
cúirte ag coimhéad dóibh agus ag siubhal eidir lucht an
choimhéada sin d'eagla go gcoideolaidís no go n-imeochadh
amaoile ar bith orra fán gcoimhéad sin do ghlacadar do láimh.



Ar ndul tar mheadhón oidhche don aimsir, táinig Ridire
an Chiuil ar an bhfaithche agus mar do chonnairc an chathair
cheann-árd chúpladhach agus an bhruidhean bheann-chorr
bhláith-dhéanmhach ar lasadh do shoillsibh don taoibh istigh uile do
aithin go raibhe coimhéad maith ar an inghin, agus tug an
feadán glan-airgid baoi aige amach agus do ghabh ag a sheinm
go séimhidhe sítheamhail agus re cloisteacht an chiuil sin don
mhéad do bhí ó bhallaíbh agus ó mhúraibh na cathrach amach do
thuiteadar i n-a dtoirchim suain agus síor-chodalta agus do-ní
an gcéadna re lucht coimhéada an doruis agus re gach dreim
ar cheana ó sin suas go nuige an seomra uachtarach i
n-a raibhe an rí agus an inghean agus gér dhoiligh sin, cuiris


L. 41


i n-a dtoirchim suain iad mar an gcéadna, ionnus gur
chuir a dhá láimh go ciuin agus go háiseach i dtimcheall na
hinghine agus tógbhais ós a ur agus ós a árd-ghualainn í agus ní
dearnadh comhnuidhe leis no go ráinig fairsneach na
faithche fód-ghlaise féar-uaine chuige agus léigis go lár agus
go lán-talmhain í agus níor mothuigheadh aon ní dhe sin, agus
cuartuighis an baile iar sin no go bhfuair an stábla agus
seinnis an feadán do Mhacaomh an Iolair agus dá
chomhluadar curadh agus cuiris i n-a gcodladh mar an
gcéadna iad agus goidis an fhalabhraigh uaine uatha.



Musglais an inghean iar sin agus furáilis Ridire
an Chiuil uirre, madh olc maith lé é, dol for muin na
falabhrach uaine agus ní haithristear a n-imtheachta as sin
ar aon nó go rángadar Dún Chairrge Duibhe .i. baile
bunaidh agus cúirt chomhnuidhthe Ridire an Chiuil agus ní dó
leanmíd go fóill.



Cidh trácht ar musgladh do Mhacaomh an Iolair tug
lámh ar a ghnúis agus ar a ghlan-aghaidh agus fuair an lá go n-a
lán soillse aige agus dearcais i n-a thimcheall agus ní bhfuair
an fhalabhraigh uaine aige, agus fuair a chomhluadar curadh
agus caith-mhíleadh i n-a dtoirchim suain agus síor-chodalta agus
smuainis annsin go rugadh an macaomh mná uatha mar
aon risin bhfalabhraigh uaine agus ní raibhe ó dhorus na
faithche gus an dorus uachtarach baoi ar an seomra i n-a
raibhe an inghean aon duine nach bhfuair i n-a gcodladh,
agus musglais uile iad.



Tuitis lionndubh agus mí-aigneadh mór ar an rígh tríd
sin seach cáich go ndubhairt Macaomh an Iolair, "A rígh
agus a thighearna, ná bíodh mí-mheanma ná droch-mheisneach
ort-sa um dhála na hinghine úd, óir tuingim-se a


L. 42


dtuingid mo thuatha nach bhfuil ó thurgabháil ghréine gó
a fuineadh iath ná inse iná oileán nach iarrfad no go
bhfaghad sgéala na hinghine úd chugad-sa do ridhisi."



"Dá ndearnair sin," ar an rí, "beir neart sluagh
agus sochaidhe leat dá hiarraidh."



"Ní bhéar," ar Macaomh an Iolair, "acht mé féin im
uathadh agus im aonarán, agus dá dtí leam, is lór duit-se é, agus
muna dtí, acht mh'fhágbháil as a los, féadaidh tusa neart
sluagh agus sochaidhe do chur dá hiarraidh ó sin amach."



"Maiseadh," ar an rí, "baramhluighim-se gurab tar
muir agus tar mór-fhairrge táinig an inghean úd chugainn agus
fear a tóruidheachta 'n-a diaidh, gurab uime sin mholaim
dhuit-se an curach buadha bord-chobsaidh atá agam-sa do
bhreith leat neoch do chuir inghean Ríogh Thíre fa Thuinn mar
shéad soineamhail suirghe chugam agus is dá bhuadhaibh ar
suidhe dhuit ann, dá n-iarrair ar fheartaibh Dé agus an
churaigh, gidh b'é ball i n-a mbiaidh do thriall no do
ghnóthaidhe do bhreith ann, go mbéaraidh sé ann sin
thú gan amhras gan iomrall ná gan aird-mhearughadh
n-eoluis ar bith, agus is dá bhuadhaibh fós gurab coimh-dheas
sheolas sé ar muir agus imthigheas le gaoith agus i n-a
haghaidh."



"Atá fleasg dhraoidheachta aige agus an uair fhúigfeas
tú é, buail an fhleasg air agus ní ba léar do dhuine
d'fhearaibh an talmhan é go bhfille tú féin chuige arís."



"Beir buaidh agus beannachtain, a rígh agus a thighearna," ar
Macaomh an Iolair, "ar an adhbhar gurab é sin congnamh
lorgaireachta is mó do bhí 'n-a riachtanas orm, agus is
buadhach atáim anois, óir ní bhfuair aon duine riamh
congnamh lorgaireachta is fearr ná é."


L. 43


Gluaisis Macaomh an Iolair go haithghearr iar sin agus
tiomnais cead agus ceileabhradh don rígh agus don Ridire Dubh
agus d'inghin Iarla Chairrge an Sguir agus don teaghlach uile ó
sin amach, agus gluaisis go ciumhais an chuain agus an chalaidh agus
cuiris a churach ar muir agus ar mór-fhairrge agus suidhis
agus iarrais ar fheartaibh Dé agus ar bhuadhaibh an
churaigh iúl díreach do dhéanamh dhó gus an áit i n-a
raibhe Inghean na Falabhrach Uaine agus ní haithristear
a imtheachta ná a eachtra iar sin go ceann cúig lá
ndéag, agus i gcionn na ré agus na haimsire sin
dearcais Macaomh an Iolair go grinn agus go glan-radharcach
i gceathair-áird na háibhéise iongantaighe
uaidh gach ndíreach no go bhfaca ionshamhail oiléin i bhfad
uaidh agus téid ar a amus go haithghearr, agus ar n-a
rochtain téid isteach ann agus buailis an curach dá fhleisg
dhraoidheachta gur fhág fa dhall-chiach é, agus téid féin suas
i n-árd an oiléin, agus fuair sé buinne cloch-bhláith
ceathar-uilleannach caisléin i mullach na cairrge sin thuas agus
aon dorus i n-a cheirt-mheadhón, agus druidis Macaomh an
Iolair amach ó bhun an chaisléin, agus cuiris i n-a choirchibh
reatha rinn-luaithe é féin agus i n-a réimibh roi-reatha
agus lingis d'urlannaibh a shleighe agus do chrannaibh a
chraoisighe, agus do éirigh do bhaoith-léim éadtrom
eadar-bhuasach no gur thuirling ar an dorus árd sin agus téid
don dara léim ar urlár an chaisléin, agus is amhlaidh fuair
inghean áluinn ór-fholtach ann agus í caomh-chruthach
ceann-áluinn déid-gheal dearsgnaidhe dreach-sholus suairc
suilbhir so-ghrádhach 'n-a huathadh agus 'n-a haonar istigh agus
suidhis féin i n-a fochair agus i n-a farradh agus gabhais ag


L. 44


suirghe agus ag sibhionradh ria, agus ag fiafruighe agus ag fochtain
sgéal di.



Freagrais an inghean é go so-ghrádhach agus innsis ar tús
dó gurab í féin Niamh Chinn-fhionn, inghean Ríogh na
hIndia, agus nach raibhe mac ríogh no roi-thighearna isin
gcruinne go comhlán nach raibhe dá hiarraidh ar a
hathair agus go dtugadh éaradh tochmhairce uile orra, "agus go
dtugadar triúr fomhóiridh fuinnmhidhe fíor-ghránna leo
mé," ar sí, "d'aimhdheoin mh'athar agus mo mháthar agus na hIndia
uile, agus atáim aca le bliadhain gan dúil dhaonna
d'fhaicsin frisin ré sin gus indiu; agus ar mo thabhairt leo
don dún-sa dhóibh ro éirigh imreasain mhór adhbhal agus
teagmháil tharbhdha theintidhe thinneasnach throim-dhíoghaltach
eatorra umam-sa dia fhios cia haca ag a mbeinn mar
mhnaoi do bhunadh, agus do chomhraiceadar ré chéile go toll-bhorb
tinneasnach troim-dhíoghaltach agus go fraochda feardha
forránach agus go greannach gruamdha gairbh-bhéimeannach
gan fios tláis ná time ar cheachtar dhíobh acht a bheith ag
leodh agus ag leadradh a chéile. Trí lá agus teora hoidhche dhóibh
ar an ordughadh sin gan ceangal gaoil ná páirte ag
ceachtar dhíobh ré aroile frisin ré sin amhail ba triúr
dearg-námhad iad.



"Do bhí mise dá bhfeitheamh mar sin," ar sí, "lán
do lúthgháire agus do lonnachas i riocht go muirbhfidís
féin a chéile 'n-a dtriúr, agus do smuain mé arís nach
raibhe maith dhamh féin ann sin, óir dá maireadh
éan-duine aca go mbeinn féin aige go bráth.



"Do itcheas agus do ghuidheas go diochra ima fhuireach ar
mo bhreith féin fán gcúis sin agus do fhaomhsad sin damh-sa
agus do ghabhas cuir agus rátha gréine agus éasga agus aeidhéir orra im


L. 45


chomhall na breithe do-bhéarainn eatorra agus do radsadar
sin damh, agus is eadh adubhart-sa riú: "Ó's libh féin
mise do bhunadh agus do sheilbh dhílis, cuirim geasa agus
airmearta oraibh gan luighe liom féin no go bhfaghthaoi mo
mhacasamhla-sa ar dheilbh agus ar dhéanamh, ar éagcosg agus ar
innioll, ar uaisle agus ar athardhacht do dhias ban eile,
ionnus go mbia bean ag gach fear agaibh dhínn ó sin
amach," agus go mbeinn féin réidh leo ó sin suas, agus go
gcoimhéadfadaois a ngaol agus a bpáirt iar sin.



"Adubhradar-san, gér dhoiligh dhóibh sin do dhéanamh, go
ndéandaois é agus nach gcaillfeadaois a ngeasa go nuige
sin, ó nach raibhe dul díobh agam-sa, agus atáid frisin
mbliadhain sin atáim aca ag súr agus ag iarraidh na gcríoch
agus na gcineadhach i n-a dtimchioll d'fhios an
bhfuighdaois mo shamhail-se gan iomarcaidh gan easbhaidh agus ní
bhfuaradar ó shin ale agus ní beag leam-sa a luas do-ghéabhaid
iad sin, agus cidh b'é siubhal do-níd isin ló tigid
annso gach n-oidhche."



"Gá hanmanna goirthear do na fearaibh sin," ar
Macaomh an Iolair, "agus caidhe na hairm ghaisgidh ar
ar treise iad?"



"Gruig, Graig agus Gruggan a n-anmanna," ar an
inghean, "agus clann do Gharbh mac Dolair ó imlibh Mara
dToirrian iad; agus luirgfheirsde catha atá aca go
slabhradhaibh síth-ríghne sáir-iarainn agus go
n-ubhall-mheallaibh imreamhra iarainn ar na slabhradhaibh sin go
dteasgfadaois clúmh ré gaoith no fionnadh i n-aghaidh
srotha le gach aon fhaobhar dá bhfuil orra, agus is iad sin
airm ar ar treise iad, agus is curaidhe calma cumsacha
cnáimh-reamhra iad; agus gér mhaith linne th'fhurán-sa agus


L. 46


th'éintigheas do bheith againn, is ró-mhaith linn gan iad
sin do bhreith ort againn anocht, gidh b'é thú d'fholaibh
uaisle no anuaisle an domhain mhóir."



"Gidh b'é mé," ar eisean, "ní fhúigeabh an ball-sa no
go bhfaicear an triúr sin."



"Ní dom dheoin-se do-ní tú sin," ar sise.



I gcionn trill iar sin do chonncadar an triúr athach
sin chuca fán am soin agus mar fuaradar Macaomh an
Iolair rompa istigh, do thaod a ngean gné gránna gáire
agus forbhfaoilteachais iad agus do altaigheadar ris na déibh
aeidheardha an oiread sin d'fheolmhach do chur chuca do
chum a suipéir.



"Gidh suilbhir sibh-se, a thriúr tréan-bhathlach, roimh an
bhfeolmhach sin, ní bhfuarabhair ariamh feolmhach bhus frithre
libh ag a chosgairt iná é go dtoil do Dhia," ar Macaomh
an Iolair. Mar do chualadar na hathaigh sin, .i. freagra
easaontaidh an ridire óig amhulchaigh sin orra, do chuadar
féin i muinghin a n-airm agus a n-iolfhaobhair agus do iarr
Macaomh an Iolair comhrac aoinfhir orra.



"Ní thiubhram," ar siad, "óir, gidh ní-sa lia ná so do
bheimís, do bheith ar gcongnamh féin ag a chéile, agus an
mhéad atámaoid anois biaidh ar gcongnamh féin againn,"
ar Gruig mac Ghairbh.



"Maiseadh," ar Macaomh an Iolair, "cuirim féin
Áirdrí neimhe agus naomh-thalmhan do chosg bhur n-ainmhian agus
bhur n-iomarcach orm féin," agus is cuma do bhaoi dá rádha
agus nochtais a chlaidheamh clais-leathan coilg-dhíreach agus
ionnsaighid an ceathrar sin a chéile agus ro ghabhsad ag imirt
a gcleas ngoile agus ngaisgidh ar a chéile gan fios tláis


L. 47


ná time ar cheachtar dhíobh go deoidh agus go deireadh an
laoi, agus mar nach bhfacadar na bathlaigh baoghal aca ag
cosgairt na feola do chum a suipéir ro ghabhsad
comh-fhosadh comhraic go maidin.



Acht atá ní cheana, níor cháirdeamhail carthannach éin-tigheas
na beag-bhuidhne sin ré chéile go maidin, agus níor
chomhthrom leighis iad, óir ro chuirsead na fomhóraigh losa
íce agus braona balsaim i n-a gcneadhaibh agus i n-a
gcréachtaibh gur bha hóg slán iad, agus do bhádar a chneadha féin gan
leigheas gan leasughadh ar Mhacaomh an Iolair; agus ní mór
do chodladh ná do chomhsanadh do rónsad ar leith an
oidhche sin go maidin agus éirghid i moch-dheaghail na maidne
moiche ar n-a mhárach agus ro ghabhsad an comhlann céadna
do láimh. Agus ba cneadhach créachtach cró-linnteach
fraochdach fuileach fobhartach galach gnúis-dhearg
groid-bhéimneach aighmhéil allata ainiarmhartach a gcomhlann ar
gach leith.



Acht atá ní cheana, bádar ar a gcleasaibh goile agus
gaisgidh agus ar a rogha comhrac ar an ordughadh sin gan
fios tláis ná time ar cheachtar aca go dul do luighe don
ghréin gan leagadh gan leonadh ar cheachtar dhíobh frisin
ré sin no gur feargaigheadh go mór na fomhóraigh tríd
sin go ndubhairt Gruig mac Ghairbh: "A bhráithre
ionmhaine," ar sé, "do b'annamh libh-se a leithéide so do
imtheacht oraibh go nuige so, agus dá madh iomad sluagh no
sochaidhe do theigéabmhadh dhúinn is lán láidir do chlaoifimís
iad, agus nach buadhmaoid ar aon mhacaomh óg amhulchach, agus é
d'ár bhfurtamhlughadh comh mór agus so, agus luathaidh bhur lámha
agus méadaighidh bhur mbuilleadha ar an ridire óg agus tugaidh


L. 48


aimsear dá bhur suipéar d'ullmhughadh dhíbh ó nach bhfuil
bhur n-atharrach féin d'fheadhmanntachaibh agaibh."



Cidh trácht, ar ngabháil na greasaireachta sin do na
tréin-fhearaibh, ro ghabhsad síth-ghléas saoitheach
sár-lúthmhar dá n-armaibh for an Macaomh. Adubhairt
Macaomh an Iolair annsin: "Ó nach bhfuil fear mo
laoidhidh ná mo chomhmolta féin ó Dhúnadh an Halla
Dheirg a leith agam is oircheas damh cuimhniughadh ar an
gcleas ndíoghraiseach do rinne an Ridire Dubh dhamh fa
choinne an éigeantais;" agus leis sin bogais agus beartaighis,
casais agus cruaidh-chroithis an claidheamh clais-leathan
colg-dhíreach do bhí aige agus do-ní faobhar-chleas i n-a
thimcheall de. Agus do bhaoi do luas na himdheaghla
tug air féin nár léar dhóibh-sean aon chnáimh go méad
n-ordlaigh dhe ó a bhonn gó a bhathais agus baoi do dhlús agus
do dhéine an iombuailte tug ar a armaibh gur comh-luath
do bheanadh a chlaidheamh féin agus a bhuille dhóibh-sean
agus an buille do-bheireadh gach fear aca-san chuige.



Acht atá ní cheana, níor sguir don fhaobhar-chleas sin
go ndearna cumach cnáimh-ghearrtha agus goin ghalann agus
áigheadha foghailte feol-sgaoilte don triúr tréan-bhathlach
sin agus beanais a dtrí cinn dhíbh, agus teilgis i
bhfiadhnaise Néimhe Cinn-fhinne iad ag comhmaoidheamh an
ghníomha sin. Adubhairt Niamh nach dearna fear a aosa iná
a aimsire ariamh gníomh ba cudroma iná an gníomh sin
do rinne Macaomh an Iolair. Gidheadh sin, ní deagh-shlán
táinig sé féin ón ghníomh sin agus ón mhór-chomhrac, óir ba
hiomdha cneadha doimhne do-leighis agus créachta cneas-ghearrtha
craos-fhosluigthe air ó thuargain na dtréin-mhíleadh
sin noch do thuit leis agus tuitis iaromh i


L. 49


dtaisibh agus i dtáimhnéallaibh báis an gcéin bhádar a
chneadha agus a chréachta ag sileadh agus ag tibearsain
fola ar gach leith dhe. Tig an inghean chuige iar sin agus
cuiris meanma agus mór-mheisneach ann re laoidheadh agus
re comhmoladh na ngníomh do rinne agus tug a lór-dhaothain
dighe chuige gur fhás brígh agus borrfadh mór ann gur
éirigh 'n-a shuidhe, agus rug lé ar leabaidh othrais é go
ndubhairt fris:



"A Mhacaoimh óig amhulchaigh, ó taoi anois gan uamhan
ná imeagla ort féin iná orm-sa, innis bunadhas do
chiníl agus fios th'anma dhamh-sa agus díoghrais gach sgeoil dá
bhfuil agad ó sin amach," ar an inghean.



"Atáim-se cneádhach créachtach," ar sé, "agus ní ham
sgéalaidheachta dhamh go fóill agus déantar mo leigheas agus
mo leasughadh leat-sa, agus, mása slán mé do-ghéabhair-se
mo sgéala agus muna ba headh acht marbh, ní bhfuil
feidhm agad-sa ná ag aon duine eile ar mo sgéalaibh
go bruinne mbrátha agus go foircheann an bheatha, agus
do rinneadar an laoidh mbig so síos eatorra féin
araon:




Innis sgéala, a mhacaoimh,
A óig alt-chaoin gan uabhar:
Anois ó taoi gan omhan
Cá domhan duit, cá dualgas?



O taoim-se go cneadhach créachtach,
Leat-sa déantar mo leigheas,
Is dá dtí mé óm othras
Mo sgéal ort-sa ní cheileabh.


L. 50


Dá bhfaghthaoi leat-sa an Iubhrach
Do bhíodh ag ionnladh na mbodach,
Níor bh'fhearr leagha na cruinne
Agad uile 'ná a fromhadh.



Ar ghrádh th'einigh, a inghean,
Fóir-se mh'imneadh is mh'ochán,
Do bhalsuim na mbodach marbh-sa
Dhamh-sa is déantar brochán.



Dá madh leam d'éis do leighis
Thú féin, a dheighfhir dhearc-chuirr,
Do dhéanainn uirre dícheall,
An Iubhrach líth-gheal do leanfainn.



Luidghim fóm armaibh gaisgidh
Do luach th'aistir fám luighe,
Go madh leat-sa iar mo leigheas
Mé tar gach ndeighfhear sa chruinne.



Éirghis Niamh go hathlamh
Is gabhthar lé 'gá hiarraidh
An Iubhrach do bhí i n-uaigneas
Go bhfuair-se í fa dhiamhair.



Brochán íce gan fuireach -
Fá buidheach bean a dhéanta -
Do-ní Niamh d'íoc a ghalair
Leis gur chabhair a chréachta.


L. 51


O taoi-se go subhach sleamhain
Tar an fheadhain ar ar chinnis,
Do sgéala dhúinn, a dheighfhir,
Ar ghrádh th'einigh innis.
Innis.




A haithle na laoidhe sin gabhais an inghean ag fiafraighe
sgéal do Mhacaomh an Iolair agus innisis di gach sgéala
dá raibhe aige agus adhbhar a thurais tar muir agus tar
mór-fhairrge don dul sin. Ceanglaid cuir agus rátha
cleamhnasa re chéile annsin ar bheagán fiadhnaise.



Innisidh an inghean dó-san go gcualaidh féin iomrádh
tóchaime agus tuarasgbhála Ridire an Chiuil .i. fomhóir
Chairrge Duibhe ag cloinn Ghairbh mhic Dolair agus gur
bh'fhíor-chara agus géar-chompánach dhóibh féin é agus nár
bh'urusa a chlaoi i ngaisgeadh ar bith ná i ngliocas dá
mhéad a chlaoi i ngaisgeadh ar bith ná i ngliocas dá
mhéad ná i síodhaigheacht ar bith. "Maiseadh," ar Macaomh
an Iolair, "gidh b'é cruth i n-a bhfuil sé, ní féidir
leam-sa mórán comhnuidhthe do dhéanamh no go bhfaicthear é
féin agus Inghean na Falabhrach Uaine."



Acht aon ní cheana ar léigean a sgíse agus ar gcur a
mheirtnighe agus neimhe a chneadh agus a chréacht de dhó, gluaisis
féin agus inghean Ríogh na hIndía agus cuirid roighne séad na
bhfomhórach isin gcurach agus an beagán do mhair don
bhalsuim íce baoi ag na fomhórchaibh agus tugsad aghaidh ar
muir agus ar mór-fhairrge agus iarrais Macaomh an Iolair ar
fheartaibh Dé agus ar bhuadhaibh an churaigh eolas do dhéanamh
dhóibh ar amus Dhúnaidh Chairrge Duibhe .i. baile Ridire an
Chiuil agus in gach iath eile i n-ar badh mhaith dhóibh dul.
Acht gidh b'é siubhal fairrge do rinneadar, ní haithristear a


L. 52


n-imtheachta go bhfacadar mar thoirt oiléin fhásaigh i
gcomhfhogus dóibh agus do ghabhsad cuan agus caladhphort i
dtrácht gheal ghainmhidhe an oiléin sin agus buailis an tslat
gheal draoidheachta baoi aige for an gcurach gur fhágaibh
i n-iomfholach i n-aice na mara é, agus gluaisid rompa
iar sin go bhfuaradar an t-oiléan fíor-áluinn fásaigh
dob' fhearr féar agus uisge dá bhfacadar ariamh, agus, ar
mbeith athaidh fhada ag siubhal an oiléin dóibh, do chonncadar
cathair cheann-árd chúpladhach agus iostadh ríoghdha
ro-mhaiseach agus bruidhean bhláith bheann-chorr
bhuaidh-dhéanmhach uathaibh do thairrngeadar dá hionnsaighe agus
fuaradar halla bláith-bheannach breac-fhuinneogach agus
ríoghan roisg-leathan chaomh chuirp-sheang chneas-áluinn
bhanda bhanamhail bhéal-chorcra bhinn-bhriathrach ag cur
chórthair ann agus bantrachta bláithe baill-gheala
béil-bhinne briathar-chruinne 'n-a huirthimcheall ag uaim
n-óir-ghréas n-áluinn n-iongantach agus gan aoinfhear dá
bhfaire ná dá bhforchoimhéad, agus stéad dubh
duaibhseach dath-álainn bras beann-chorr béil-íseal aidhbhseach
allata uicht-leathan cluais-bheag ceann-árd gob-chaol
cinn-bheag cos-luath cruinn-shiubhlach ailt-reamhar
éadtrom iongan-chruinn sleamhain suaimhneach sliasad-bhláith
gníomh-árd gaisgeamhail cos-luath cíor-dhubh ceart-bhallach
ar mhainséar dhathach dheigh-dhéanmhach ar slios an
ríogh-halla sin, agus ughaim órdha éagsamhail ioldathach i
n-áirde os a cionn, agus ga farránta foinnmhidhe feidhm-láidir
ceann-chruaidh cros-fhairsing ceathair-uilleannach
ar an slios céadna láimh riú sin.


L. 53


Acht cheana fáiltighis an ríoghan rompa agus go háirighthe
roimh an mnaoi agus furáilis uirre suidhe i n-a fochair agus i
n-a farradh féin.



Dearcais Macaomh an Iolair ar feadh an tighe agus tug
grádh a anma don each ar n-a faicsin dó agus cuiris a
hughaim uirre agus glacais an ga adubhramar agus téid forsan
each agus imthighis amach ar fairsneach na faithche fód-ghlaise
agus do bhí 'gá marcaigheacht agus dá mín-fhéachain agus
níor bh'fhada dhó mar sin go bhfacaidh beag-bhuidhean
ghaisgidheach chuige san raon gach ndíreach agus príomh-laoch
fearamhail feidhm-láidir i n-urthosach na buidhne sin agus
guail-eire feolmhaigh d'fhiadhach an fhásaigh ar gach aon aca.
Ba machtnughadh meanman agus mór-aigeanta leo aithne
an eich duibh fán marcach anaithnidh agus gurab inneall
troda agus tachair baoi fair ag teacht dá n-ionnsaighe, agus
gabhaidh díoghrais a gcleas ngoile agus ngaisgidh chuca fa
choinne an mharcaigh anaithnidh agus níor bh'fheirrde dhóibh, óir
sporais Macaomh an Iolair an t-each i n-a gcoinne agus
i n-a gcomhdháil, agus níor ghabh tlás ná time é gur chuir an
t-each tríotha gur sgaoileadh agus gur sganradh ó chéile iad.
Tógbhais Macaomh an Iolair an láimh leabhair lán-tapaidh
ós ur agus ós uachtar a árd-ghualainn agus buailis
buille farránta fíor-láidir d'urlainn an ghaoi réidh
reamhair baoi aige ar an Ridire ro-árrachta do bhaoi i
n-a cheannphort ar an gcuideachta agus cuiris i lorg a chinn
agus a cheann-mhullaigh go lár agus go lán-talmhain é agus sul
do éirigh as sin do cheangail go cruaidh cuibhrighthe é agus
cuiris crios a chlaidhimh agus sgíth-leathrach a sgéithe go


L. 54


daingean do-sgaoilte air, agus gabhaid a mhuintear raon
madhma agus mór-theithmhe chuca ag a fhaicsin sin. Beiris
Macaomh an Iolair an Ridire leis ceangailte ar an
ordughadh sin i bhfiadhnaise a mhná agus a bhuidhneach bhantrachta
agus bandála, agus furáilis umhal fosaigh agus fothraigthe
do dhéanamh dhó féin agus an t-each dubh do chórughadh agus
do bhiathadh ar a mainséar féin.



Bádar mar sin go ham caithmhe agus codalta ar gach
taoibh gan caoineas comhráidh ná áineas iomagallmha do
dhéanamh re aroile, no gur labhair fear an tighe i gceann
na ré agus na haimsire go ndubhairt: "A ridire agus a
ró-ghaisgeadhaigh úd nach bhfacamar agus nár chleachtamar go
nuige so, is maith do-ghéabhthá-sa, ó do chuaidh agad
orainn féin agus nár chuir aon ghaisgeadhach romhad isin
gcruth so sinn, sgaoileadh dhínn ó 'nois agus mé féin agus an
t-oiléan so agus an chríoch go huilidhe do bheith ar do chumas
féin feasta agus go gcaithfead féin congnamh mo láimhe agus
mo lainne ar do shon ó so amach."



"Dá madh deimhin leam-sa sin," ar Macaomh an Iolair,
"do sgaoilfinn díot."



"Cuirim-se grian agus éasga agus aidhéar i gcor agus i
slánughadh orm go gcoimheolla mé súd duit," ar an
Ridire.



Sgaoilis Macaomh an Iolair dhe iar sin agus fiafraighis
a ainm agus a shloinneadh dhe. "Ridire ró-árrachta agus
gaisgeadhach gnímh-éachtach nár claoidheadh i gcomhthrom
catha ná comhraic mé ariamh go nuige tusa dom fhorrach,
agus fuaras geall clúidh ó mhórán d'fhearaibh an bheatha ar


L. 55


neart mo láimhe agus ar chruas mo chlaidhimh agus ar mhéad mo
bhuille, agus is ón oiléan-sa hainmnighthear mé, .i. Gruagach
an Oiléin Fhásaigh goirthear dhíom, agus ó do bhí i gcinneadh
dhuit-se mo chlaoi lem chulaidh féin, biad agad ar son
do ghaisgidh agus th'iochta maithe orm, agus Béathuinde inghean
Ríogh na Gréige Bige an bhean úd agam, agus is ar neart
mo láimhe agus ar mhéad mo bhuille tugas leam í agus ní
feasach a hathair cá háird d'áirdibh an domhain mhóir i
n-a bhfuil sí féin ná an beagán bantrachta úd i n-a
farradh, agus is iad sin mo sgéal-sa agad, agus is maith
leam ní éigin dot sgéalaibh-se d'fagháil anois."



"Do-ghéabhair beagán de sin," ar Macaomh an Iolair,
".i. Ridire ró-óg agus gaisgeadhach do mhuintir Ching Artúir
mhic Iubhair mhic Ambróis mé," ar sé, "agus Niamh
Chinn-fhionn, inghean Ríogh na hIndía an bhean úd do-chí im
fhochair noch do bheanas do neart mo láimhe agus do cheart
mo chlaidhimh do thriúr fomhórach foinnmhidhe fíor-árrachta
.i. trí mic Gairbh mhic Dolair ó imlibh Mara dToirrían
agus is é fáth mo thurais tar muir agus tar móir-fhairrge do
lorgaireacht mná tugadh as cumairce mo thriath agus mo
thighearna .i. Inghean na Falabhrach Uaine, bean Ridire
an Chiuil, agus ní feasach mé do cheithre háirdibh an bheatha cá
hiath no inse no oiléan a dtug sí a haghaidh; gidheadh
tugas mo mhóid nach bhfillfinn go bráth no go mbeirinn
an bhean sin leam no bunadhas a sgéil go Rígh an Domhain
agus is maith leam do chongnamh-sa agus do chuidiughadh d'fhagháil
chuige sin."



"Dar mo chubhais, ámh," ar Gruagach an Oiléin, "ní


L. 56


hí sin céad-uair do sáruigheadh cumairce na mná sin, agus
ní hurusa duit-se a breith tar ais d'áis no d'éigion."



"An eolach thusa orra?" ar Macaomh an Iolair.
"Is eadh go deimhin," ar Gruagach an Oiléin, "óir is
cara agus is compánach dhamh-sa Ridire an Chiuil, agus is
deimhin leam nach deachaidh ar chúl sgéithe ná claidhimh
riamh ridire ná gaisgeadhach atá ionchomhraic ris ar
fheabhas a ghaoise agus a ghliocais, agus ar iomad a ealadhnach
ndoilbhthe ndraoidheachta agus síodhaigheachta ar cheana."



"Ní bhéaraid sin uile gan fhéachain uaim-se é," ar
Macaomh an Iolair.



"Do-bhéar-sa mo chongnamh agus mo chuidiughadh dhuit," ar
Gruagach an Oiléin, "gidh doiligh dhamh é, agus ní hiomdha
go bhfuil ó thurgabháil gréine go a fuineadh a shamhail,
agus is fear tuarastail dó mise, óir is é tug an t-each
dubh úd atá agad-sa dhamh, agus ní hiomdha go bhfuil
ó thurgabháil gréine cuingir each is fearr iná í féin
agus an fhalabhraigh uaine agus is ar iomad a ealadhnach
ndraoidheachta is mó is uamhan é, óir ní bhfuil ón míol
mór muiridhe gus an gcorr-mhíoltóig gcaoil gcuirp-sheing
riocht i n-ar b'áil leis dol nach dtéid sé ann."



"Má'seadh," ar Macaomh an Iolair, "amhail tug
seisean an t-each dubh sin agus an ga i dtuarastal
uaidh féin duit-se, do-bheirim-se uaim féin duit anois
iad, agus ní hé sin amháin acht gach ní bhias agam i n-a
mbiaidh do spéis, budh leat é."


L. 57


Altuighis Gruagach an Oiléin an tiodhlacadh sin fuair
ó Mhacaomh an Iolair, agus ro ghabhsad ag caoineas comhráidh
agus ag áineas iomagallmha ré chéile ó sin amach, agus tugadh
nuadh gacha bídh agus sean gacha dighe chuca gursad measga
meadhair-chaoin iad agus do deargadh iomdhaidh agus
aird-leabaidh do Mhacaomh an Iolair agus dá mhnaoi, agus do
rónsad suan agus sádhaile go maidin agus anaid annsin go
ceann seachtmhaine sa tigh sin Ghruagaigh an Oiléin ag
léigean a sgíthe agus ag cur a meirtnighe dhíobh agus ag
déanamh eoluis an Oiléin Fhásaigh ag cur a gcumainn
agus a gcaradraidh ar a chéile.



I gcionn na ré agus na haimsire sin adubhairt Macaomh
an Iolair: "A Ghruagaigh an Oiléin," ar sé, "is
damhna meatha d'fhear mo thurais féin comhnuidhe fada
aon bhaill do dhéanamh agus is mithidh dhamh triall ar amus
Chairrge Duibhe, agus lámh do thabhairt ar aithghearrughadh ar
ngnóthaidheadh."



"Is doiligh agus is docamhlach triall agus tionnsgnamh
an turais sin," ar Gruagach an Oiléin.
"Gidh doiligh, ní ghéabh-sa cath ná cumha tar a cheann,"
ar Macaomh an Iolair.
"Gurab maith rachas duit," ar an Gruagach, "gion go
ndeachaidh go maith d'aon duine romhaibh riamh."
"Cá fios duit-se, a Ghruagaigh," ar Macaomh an
Iolair, "nach damh-sa do deonaigheadh ó Dhia díoghailt a
uilc agus a anbhforluinn ar Ridire an Chiuil," agus do
rinne an laoi:


L. 58



Éirigh suas is déanam triall,
A Ghruagaigh, dár ghiall gach dream;
Lór dh'ár meath comhnuidhe cian;
Mithidh dhuit triall is teacht leam.



Ní hé an triall is doiligh dhúinn
Acht dul d'fhoghail múir na mbeann.
Th'aire dhuit, a Mhacaoimh mhín,
Ní tearc rí do chuir 'n-a cheann.



Má do chlaoi-sean toir is tiar,
Ní ghéabh-sa gan triall dá fhios;
Nach dtuitfidh liom a los an uilc,
A Ghruagaigh, dhuit cá fios?



Ní bhiam ris acht is dearbh dúinn
Nár sheas ariamh ar chúl arm
Aon laoch dhá dtiubhradh sleagh shiuil
Ridire an Chiuil go madh marbh.



Beanfad-sa do thoil Mhic Dé
A cheann dá mhéidhe seach gach ball,
An Charraig Dhubh gidh cruaidh an céim
Is géabhad féin a los mh'arm.



A laoich ó Dhún an Halla Dheirg,
Do-bhéar-sa gan cheilg mo bhann


L. 59


Do chomhall mo gheallta dhuit,
'S is baoghal duit neimh a lann.



Ar ghrádh th'einigh coisg dá luadh -
Dul dá shoighin ní tuar gliadh.
A Ghruagaigh Oiléin na mBuadh,
Éirigh suas is déanam triall.
Éirigh.




A haithle na laoidhe sin do thiomnadar ceileabhradh dá
mnáibh agus dá muintir agus ro ghabhadar a gcead aca agus
gluaisid rompa go ngléire arm agus iolfhaobhar i n-a
n-uathadh agus i n-a n-aonarán go rángadar an curach
réamhráite agus ar n-a rochtain dóibh, do chuadar ann agus ro
ghabhsad an bhóchna go bioth-urlamh agus do éirigh an fhairrge
i n-a cnocaibh coguasacha ceann-gharbha agus i n-a tonnaibh
tul-bhorba tinneasnacha agus i n-a léibheannaibh luaimneacha
lán-chubhracha agus i n-a mothar mhí-chéillidhe mhór-anfadhach
agus i n-a háibhéis allmhurdha iasg-iongantaigh, agus i n-a
ceathaibh cnuais-fhliucha cioth-bhraonacha agus i n-a gadánaibh
glóracha grinnioll-gharbha gur mhúidh agus gur mhearlas an
sáile searbh-ghlas sruth-líonmhar agus iomad na n-ilphiast
n-éagsamhail n-iongantach ar gach taobh do thosach agus do
dheireadh an churaigh feadh trí lo go n-oidhche isin
éigean-dáil agus isin anbhforrán sin.



Iar sin árduighis an ghaoth i n-aice na néall bhfoir-imiollach
agus íslighis a glór agus a gearán i n-aice mhara agus
mhór-fhairrge agus do éirigh féith ciuin cobhsaidh coimhleathan
ar an áibhéis n-iongantaigh n-eochair-ghuirm agus dearcais


L. 60


Macaomh an Iolair agus Gruagach an Oiléin uathaibh go
díreach agus do chonnairc Gruagach an Oiléin mar shamhail
inse no oiléin uadha agus múinis do Mhacaomh é agus do
sheolsad an curach gan fhios gan airiughadh do mhuintir
an oiléin go rángadar bun na Cairrge Duibhe.



"Is amhlaidh atá an charraig so," ar an Gruagach, "ní
bhfuil acht éin-tslighe suas innte agus ní thoilleann acht
aon duine i n-éinfheacht san slighe sin, agus atá dhá
daingne, dá mbeidís fir dhomhain uile fá n-a bun, ná badh
bheag aon duine amháin dá gcongbháil i bhfus agus atá
tor diorraid dí-thoghlaidhe cuanna cloch-bhláith
ceathair-uilleannach caisléin i mullach na cairrge úd agus gan
acht aon doras árd i bhfad ó lár agus ó lán-talmhain air,
agus ní théid colann daonna isteach ann ré rópaidhibh
undáis acht madh Ridire an Chiuil amháin agus adeirid cách
gurab le draoidheacht théid sin féin ann."



"Ní misde," ar Macaomh an Iolair, "ní raibhe don
mhacraidh dá raibhe mise aon duine do b'fhearr cliseadh
colna ná mé féin, agus gá fios nach rachainn isteach gan
airiughadh do Ridire an Chiuil."
"Ní rachair, dar ndóigh," ar an Gruagach, "agus dá
ndeachthá, is mór an locht air sin gan mo chuidiughadh-sa
do bheith agad ann."



Gluaisid rompa iar sin gan mhothughadh no go rángadar
bun an chaisléin agus druidis Macaomh an Iolair
athaidh amach uadha agus léigis i n-a choirchibh gáibhtheacha
glan-reatha tar ais arís é go ráinig i n-aice an chaisléin agus


L. 61


éirghis do bhaoith-léim árd aeidhéardha d'urlannaibh a shleagh
agus do chrannaibh a chraoiseach gur thuirling ar dhorus árd
an chaisléin agus is amhlaidh fuair Ridire an Chiuil agus a
cheann i n-ucht a mhná .i. Inghean na Falabhrach Uaine agus é
féin i n-a thoirchim suain agus síor-chodalta agus é armtha
éidighthe, agus feadán guth-bhinn glan-airgid ré a gcanadh
an ceol síthe adubhramar romhain ar clár re n-a
thaoibh.



Ar n-a fhaicsin don inghin chuice mar sin do theibh a
gean glé-mhaiseach gáire í. Dála Mhacaomh an Iolair
tairngis an claidheamh clais-leathan cros-órdha
coilg-dhíreach baoi aige as a thruaill taisgeadha agus as a
thinnteach bodhbha agus sáithis i gcompar a chroidhe agus i
gceart-mheadhón a chléibh i Ridire an Chiuil é agus do rinne
goin ghalann agus áigheadha foghailte feol-sgaoilte dhe agus
beanais a cheann dá cholainn iaromh, agus, an uair do shaoil
Gruagach an Oiléin Macaomh an Iolair a bheith gan
anmain istigh, is amhlaidh do chonnairc chuige ar amus
an doruis áird é agus ceann Ridire an Chiuil ris i n-a
láimh, agus teilgis mar phreasánta do chum an Ghruagaigh
amach é, agus cuiris téad amach ar cheann an Ghruagaigh agus
beiris isteach é agus gabhais gáirdeachas agus géar-lúthgháire
an inghean re faicsin an ghníomha sin agus an chomhluadair
rug uirre, agus do rinne umhal fosaigh agus fothraigthe do na
ridireadhaibh sin agus ro ansad trí lá agus teora hoidhche isin
dúnadh sin ag tóchaitheamh bídh agus leanna agus ag léigean
a sgíse agus ag cur mheirtnighe na fairrge dhíobh.



Cidh trácht ar gcaitheamh na haimsire sin, adubhairt


L. 62


Macaomh an Iolair ó do chuirsead críoch a gcuarta fa
bhuaidh an Dúnaidh Chairrge Duibhe gur mhithidh dhóibh a
fhágbháil agus filleadh d'fhios a mban agus a muintire.



"Is fíor sin," ar Gruagach an Oiléin, "agus do-bheirim-se
mo bhriathar nach dearnadh cuartughadh riamh is
sona agus is séanamhla ná do chuartughadh annso, agus nach
dtugadh riamh foiléim is buadhamhla iná an foiléim tugais
agus dá bhfuarais a cheann re n-a bhuain do Ridire an
Chiuil, agus dá mbeith i n-a dhúsgadh, nár bh'urus a chlaoi a
neart goile no gaisgidh, agus go raibhe do bharr gaoise agus
gliocais aige agus d'ealadhnaibh doilbhthe draoidheachta go
snámhadh sé faoi an bhfairrge agus ós a cionn, agus fós gurab
iomdha críoch agus cinéal bhias go subhach so-bhrónach agus go
mór-lúthgháireach agus bhias i n-a gcáirdibh dísle diongmhála
agad-sa a los an deagh-ghníomha sin do rinnis, óir do
ba mór dhíobh do bhí i ndaoirse agus i ndocamhal agus i mbroid
bhunaidh ag an mílidh do thuit leat."



Iar sin adubhairt Macaomh an Iolair gur mhithidh dhóibh
Dún Chairrge Duibhe do fhágbháil ó do rinneadar a
dturus ann.



Do bhí Inghean na Falabhrach Uaine ag innsin sgéal
agus ghníomh agus chaithréime Ridire an Chiuil dóibh go nuige sin
agus do rinne Macaomh an Iolair agus Gruagach an Oiléin an
laoi eatorra:




Éirigh, a Ghruagaigh an Oiléin,
'S bíom go roiréidh fán dún-sa;
Is fágbham é gan árus,
Gan cádhas d'fhear a dhúnta.


L. 63


Béaram linn ógh na ngeal-lámh
Mar leannán go mac Iubhair;
Maith an séan d'éis ar n-aistir -
Don bhais-ghil bhus buaidh bhunaidh.



Líonfam ar long do shéadaibh,
Cuid do bhréagaibh an tsaoghail,
Atá anois ar ar gcumas
Ní nár bh'urus dar maoraibh.



Ní misde dhúinn a mhaoidheammh
Ní thug aoinfhear 'sa domhan,
Do ráidh Gruagach an Oiléin,
Foiléim suarach ba sona.



Fada ó chéile an cnuasach
Do-bheirthí le nuachar di-se,
Bé na Falabhrach Uaine -
Uime níor luaidheadh mise.



Is iomdha dá lucht ceannaigh
Lé'r meadhair clos na sgéal-sa.
Duit-se, a Mhacaoimh an Iolair
Tug Dia siocair a dhéanta.



A bhuidhe risin gCoimdhe
Buaidh damh gan doilghe d'fhagháil,
Tuitim codhnaigh na Cairrge
d'éis gach airde do ghabháil.


L. 64


Iar gcur dúin críche ár gcuarta
Is ó nach bhfuarsain toibhéim:
Is d'fhagháil sgéal do nuachair
Éirigh, a Ghruagaigh an Oiléin.
Éirigh.




A haithle na laoidhe sin do rónsad éirghe athlamh
aoinfhir agus ro chuirsead maoine agus mór-mhaitheasa agus
roighne séad an dúnaidh isin gcurach, agus do bhaoi dá
líonmhaire nár thoillsead ann; acht long luchtmhar
lán-aidhbhseach do bhaoi ag Ridire an Chiuil re haghaidh cíosa
agus cánachais do thógbháil agus do chur tar muinchinn mhara
agus mhór-fhairrge chuige agus ro chuirsead a lucht innte do
na huile mhaitheas agus mhór-éadáil dá raibhe isin dúnadh
agus ro cheangail siad an curach dhi agus do chuadar féin
innte agus ro thógaibhsead a seolta áille ioldathacha i
mbarraibh a gcrann gcoimhdhíreach seasmhach sár-láidir
siubhail agus ro sheolsad an fhairrge go fairsing foir-neartmhar
fíor-árrachta agus an áibhéis iongantach iasgach
ilphiastach agus an bhóchna bharr-gheal bhioth-thonnach
bhoirb-neartmhar agus an sáile sruibh-ghlas sruith-linnteach
iasg-líonmhar; agus ní haithristear a n-imtheachta a sunda
an dála go rángadar oirear áluinn imeall-bhláith Oiléin
an Fhásaigh agus tugsad leithead a taoibhe dá luing don
trácht gheal ghainmhidhe agus gluaisid ar amus dhúnaidh agus
dheagh-bhaile Ghruagaigh an Oiléin bhail a rabhadar a mná
agus a mbandála.



Ba forbhfaoilidh cách ré chéile dhíobh. Teora haimsire
mar sin dóibh ag ól agus ag aoibhneas i bhfochair agus i


L. 65


bhfarradh a chéile agus ag urgháirdiughadh meanman agus
aigeanta. Triallaidh iaromh Macaomh an Iolair agus
Inghean na Falabhrach Uaine agus fágbhaid inghean Ríogh na
hIndía i bhfochair Ghruagaigh an Oiléin agus ní haithristear
a n-imtheachta no go rángadar cathair Chamalóide agus
dúnadh an Halla Dheirg agus tuirlingid ar fhaithche an
dúnaidh agus, mar do chuaidh aithne forra, táinig Cing
Artúr agus an Ridire Dubh agus Sior Bhalbhuaidh agus an teaghlach
uile amach i gcoinne agus i gcomhaircis na beag-chuideachta
sin, agus do thoirbhreadar teora póg do Mhacaomh an
Iolair agus do mhór-fháiltigheadar roimh Inghin na Falabhrach
Uaine. Fochtais agus fiafruighis Cing Artúr sgéala a
n-eachtra agus a n-imtheachta dhíobh araon agus go sunradhach
do Mhacaomh an Iolair. Innisidh sin dó ó thús go deireadh
agus sgéala na hinghine tar gach ní, fá mar do chualabhair
anuas go soiche so, agus a rogha do bheith ag Cing Artúr
annsin a congbháil aige féin mar mhnaoi agus mar bhain-chéile
no a tabhairt dá rogha féin d'fhior eile noch do
bheith iomchubhaidh aice no cead do thabhairt di filleadh
dia tír féin arís.



"Is í mo rogha-sa," ar an rí, "an bhean do bheith agam
féin."



Bearar isteach don dúnadh iar sin, acht cheana do
rinne an rí banais bhuan-thiodhlaictheach re hInghin na
Falabhrach Uaine agus is gairid do an Macaomh an Iolair
an uair tug lámh ar imtheacht agus gabhais an rí agus Inghean
na Falabhrach Uaine dhá thoirmeasg go díchiollach agus
ag furáil comhthadh mór fair, agus ó nár fhaomh-somh sin do
ghlacadh gan dul do thadhall agus do thaisteal an domhain
mhóir "nó go bhfaghad ní éigin d'fhios mo sgeoil féin"


L. 66


bronnais an Inghean an Fhalabhraigh Uaine dhó do
chongnamh do chum an turuis sin, agus ba maith an séad
sin, óir ba coimhdheas ar muir agus ar tír í. Gabhais a
chead iaromh, agus ní dearnadh oiriseamh ná comhnuidhe leis
go ráinig Oiléan an Fhásaigh agus ar mbeith treall ann dó
ag léigean a sgíse agus ag comhluadair re n-a mhnaoi, is í
comhairle ar an chinnsead eisean agus Gruagach an Oiléin
do imtheacht i n-a uathadh agus i n-a n-aonarán agus a
gcuingir each leo, óir ba hionann iolbhuadha dhóibh sin, agus
do thiomnadar cead agus ceileabhradh dá mnáibh, agus dá
dteaghlach agus ro ghabhsad rompa ar a gceart-aghaidh gach
ndíreach ag cuartughadh críoch, inseadh agus oiléan go
coimhleathan d'fhéachain an bhfuighbheadaois nó an
gcluinfeadaois aoin-ní do sgéalaibh Mhacaoimh an Iolair.



I gcionn trill iar sin agus iar gcuartughadh urmhóir an
domhain mhóir dhóibh, tárla críocha agus cinéala fairsinge
fásaigh, maighnis agus machairidhe fáis-réidhe chuca, agus bádar
dá siubhal iar sin ar a gceart-aghaidh gan faicsin
daoineadh iná áitreibhe, eallaigh iná airnéise ar bith go
fuineadh agus go feasgar, gurab annsin do chualadar gul
árd accaointeach agus éimhighdhe fada fíor-thruagha ban
go ndubhairt Macaomh an Iolair gur chóir dhóibh dol
d'fhios adhbhair gola na mban agus go madh féidir go
bhfuighbheadaois sgéala na tíre sin uatha.



Tigid annsin agus fuaradar dias ban 'na suidhe ann
agus dias deaghlaoch marbh fútha agus iad ag gol go
bocht truaghánta ós a gcionn, agus beannuighis an
marcshluagh do na hingheanaibh agus fiafraighis Macaomh an
Iolair sgéala dhíobh agus adhbhar a nguil d'áirighthe agus fios
na tíre sin i n-a dtárladar féin. Ba hiongnadh


L. 67


adhbhal-mhór agus ba machtnughadh meanman agus mór-aigeanta
leis na mnáibh an marcshluagh do bheith i n-a
n-ainbhfios féin agus i n-ainbhfios na tíre agus adhbhair
a nguil féin mar sin.



Do labhair an bhean ba sine díobh agus adubhairt: -
"Shaoilmíd-ne nach don ríoghacht-sa sibh-se, a mharcshluaigh
anaithnidh, an uair atáthaoi comh ainbhfiosach agus sin
ionnainn féin agus i n-adhbhar ar nguil."



"Is marcshluagh coigcríche sinn go deimhin," ar
Macaomh an Iolair, "agus is maith linn sgéala d'fhagháil
uaibh-se."



"Má 'seadh," ar an inghean, "is í so an Sgeithía
chloc-órdha agus is inghean do Rígh na Sgeithía mise agus is
inghean damh-sa an cailín so im fhochair agus Rí na Sorcha
a hathair agus ro marbhadh é le mac a athar féin agus a
mháthar i bhfeill agus i bhfionghail, agus atá rioghacht na Sorcha
aige féin agus ag a chloinn ó sin a leith, agus is amhlaidh
tárla mise an uair sin do marbhadh mh'fhear pósta agus
mé taobh-throm torrach agus gan do chloinn agam acht
an inghean-sa agus an toirrcheas sin, agus do fhuráil an
fear sin do rinne an fheall mé féin agus an inghean-sa
do chur i gcuibhreach agus i gceangal i dtor comhdhaingean
chloiche go bhfeasadh créad an toirrcheas do bhí agam ar
fheacht, dá madh inghean do bhiadh agam, ar n-athchur agus
ar n-ionnarbadh as ríoghacht na Sorcha go huilidhe, agus
dá madh mac do bhéarainn, a chur chum báis im fhiadhnaise
is nach gcluinfidhe a sgéala ó sin amach.



"Acht atá ní cheana, rugas-sa gein mhaiseach mhín-áluinn
mhic agus, ar n-a bheith tamall im fhiadhnaise mar
sin sul do rugadar na coimhéadaidhthe orm, táinig an


L. 68


acuil uasal dá ngoirthear an t-iolar chugam as
néallaibh eadarbhuasacha an aidheoir agus as fraighthibh
na fiormaiminte ar foluamhain, gur thuirling isteach
ar an dorus árd do bhaoi ar an tor sin bhail a rabhas-sa,
agus fuaduighis an naoidhin i n-a chrobhaibh leis
ar n-a cheangal damh-sa i mbeirtibh agus i mbréidíníbh
beaga os cionn na fairrge go ndeachaidh as rinn mo
ruisg agus mo radhairc go nach feas dúinn créad a dhíol no
a oidheadh ó sin a leith acht go measaim munar thuit sé
san bhfairrge gur ith an t-iolar i n-áit éigin é.



"Acht cheana, ar dteacht don rígh agus don lucht coimhéada
chugam, mar nach bhfuaradar an leanbh agam, do shéanas
nach rabhas torrach, agus iar bhfagháil bhaoghail báis damh
tríd sin do léigeadh amach mé agus do hionnarbadh mé féin
agus mh'inghean as an tír agus ní héidir linn leath ná
trian a dtárla d'aindeise dhúinn d'innisin no d'fhaisnéis
díbh-se. Acht bámar ar an iomluaighill sin ag iarraidh
déirce ó thigh go tigh agus ó thír go tír no go rángamar
dúnadh agus deagh-árus mh'athar-sa isin gcrích-se agus
atámaoid innte ó sin a leith, agus do bhí do mhéad mo
chumhadh-sa i ndiaidh mh'éin-fhir phósta agus mh'éin-mhic nár
fhaomhas feis re fear ná re leannán ar bith ó sin a leith.



"Dála Ríogh na Sorcha, iomorro, .i. an fear sin do
rinne an fheall, do chualaidh ó lucht míorúin éigin dom
athair-se go rugas-sa mac an uair sin, agus gur chuir
Ridire na Comhairle agus mise dhá oileamhain agus dá
leasughadh don tír-se i lúib mh'athar-sa é, agus go madh
dóigh go dtiocfadh dhe sin agus dom athair-se bás mh'fhir
phósta féin agus athar mo chloinne do choiriughadh air


L. 69


féin uair éigin, agus do thaoibh an bhreathnuighthe sin agus
an droch-smuaintighthe do rinne sé, táinig dhe sluagh mór
agus sochraide adhbhal do thionól agus do thiomsughadh
agus teacht don tír-se agus do chuir teachta do chum
mh'athar-sa dá iarraidh air mise agus an mac sin agus an
inghean so do thabhairt dó, no go dtiubhradh an tír so fá
ghoin gae agus chlaidhimh agus go dtiubhradh ár féinneadh
agus fear-óglach innte agus do b'í freagra mh'athar-sa air
annsin, nár bh'ainbhfeasaighe Rí na Sorcha féin isin mac
bhí aige, .i. mise agus mh'inghean, nach dtiubhradh dhó-san
sinn, agus fós go madh fearr leis go mbeith an mac
sin beo aige, agus dá mbeith nach dtiubhradh tar ceann tíre
ná talmhan é.



"Ar n-a chlos sin do Rígh na Sorcha, fógrais cath ar
mh'athair-se agus ní thug sé cáirde dhó re cruinniughadh
a mhuintire ná a thíre chuige, agus mar nach bhfuair, tug gáir
chruinnighthe dá thír féin, agus ar mbeith air dhóibh, do rinne
sé foslongphort re hucht an tsluaigh mhóir sin agus
atáid re seachtmhain ucht re hucht, agus aghaidh ar aghaidh,
agus troid agus tachar gach laoi eatorra, agus laoich
ar n-a leadradh agus curaidh ar n-a gcnáimh-ghearradh
uatha araon agus is i mbárach atá lá an mhór-chatha
eatorra, agus is iad so mo dhias dearbhráthar-sa
.i. clann chruthach chaomh-áluinn an ríogh atá annso fúm
iar n-a marbhadh i dtroid agus i dtachar an laoi indiu agus is iad
sin ar ndroch-sgéala féin agaibh-se, agus dá mbeidís ní ba
fearr againn, do-bhéarmís díbh-se iad, a mharcshluaigh
anaithnidh úd, agus is maith linn ní éigin dá bhur
sgéalaibh-se féin d'fhagháil anois."


L. 70


"Ní bhfuil do sgéalaibh againn," ar Macaomh an
Iolair, "acht gur marcshluagh coigcríche sinn féin atá
ag iarraidh tuillmhe agus tuarastail, agus, dá dtogradh
th'athair ar bhfastógh, go gcuideochamaois leis."



Gabhais gáirdeachas mór an inghean tríd sin, agus
adubhairt go bhfuighbhidís a mbreith féin ó n-a hathair
agus níor bh'fhada dhóibh mar sin an uair do chonncadar
lucht iomchuir na gcorp chuca agus rugadar leo go
dúnadh agus go deagh-árus Ríogh na Sgeithía iad, agus
táinig an rí agus beagán marcshluaigh as an bhfoslongphort
do chur orduighthe ar fhaire agus ar onórughadh na gcorp sin
a chloinne go héis an mhór-chatha go bhfeasadh cia dhá
rachadh a bhuaidh no a dhíombuaidh.



Dála Macaoimh an Iolair agus Gruagaigh an Oiléin,
ro ghabhsad slighe ar leith don chathraigh agus ro ghabhsad
ag áineas iomagallmha eatorra féin go ndubhairt
Macaomh an Iolair risin nGruagach: "Altuighim
féin anois re hÁirdrígh nimhe agus naomh-thalmhan agus
re Coimsightheoir na cruinne ceathardha go bhfuil páirt
d'fhios mo shloinnte agus chinéal bunaidh mh'athardha agam
féin anois, agus go n-aithnighim gurab mé féin an
naoidhin mbig úd rug an t-iolar i n-a chrobhaibh leis
agus gurab í an Tríonnóid thoghaidhthe thré-phearsannach
rom chuir go Cing Ártúr mé agus gurab ón iolar úd
gairmthear Macaomh an Iolair dhíom, agus fós gurab í
súd mo mháthair, agus gurab é mh'athair do thuit isin
bhfeill úd, agus is maith an séan agus an solamh ar a
dtángamar don tír-se," ar sé, "óir fuaras fios
mh'athar innte agus cuirfeam an cath mór úd i mbárach le
Rígh na Sgeithía agus muirbhfidhthear Rí na Sorcha leam-sa


L. 71


i ndíoghail mh'athar, óir ní sheasaid le neart ar láimheine
araon."



"Is maith an séan go deimhin ar ar éirghis amach," ar
Gruagach an Oiléin, "agus biaidh tú id rígh ar an
Sorcha i mbárach gan contabhairt, iar n-oirleach agus iar
n-athchumadh th'easgcarad, agus do rinne an laoi:




Aoibhinn ár dtoisg don tír-se -
Ní hadhbhar sgíse ár dturas -
Cuirfeam cath ann gan cáirde
'S béid ar náimhde ar ár gcumas.



Is aoibhinn leam-sa a bhfaicsin
Tar éis mh'aistir is mh'ansháigh,
Mo mháthair seach gach inghin
Dá gruaidh thibhridh ní ra-náir.



Mo dheirbhshiúr maith a héagcosg -
Mo chean féachain a bán-ghlan -
Mo shean-athair, cúis aigneadh,
Béad 'n-a chaidreamh i mbárach.



Och, a Ghruagaigh an Oiléin,
Mo thoibhéim riamh ní mhaoidhim;
Dá raibhe an cath ar ar gcumas,
Mo thuras ann budh aoibhinn.
Aoibhinn.




A haithle na laoidhe sin do rinneadar go díreach ar
an dún agus gér mhór doilgheas an ríogh, fáiltighis roimh an
marcshluagh anaithnidh mar do fhaisnéis an inghean a
sgéala dhó roimhe sin gur mharcshluagh tuillmhe agus
tuarastail iad. Geallais an rí a mbreith féin dóibh


L. 72


do chionn teacht leis do chur an chatha i n-aghaidh Ríogh na
Sorcha ar n-a bhárach, agus do ceangladh an connradh sin
eatorra, agus tugadar cáirde i n-a dtuarastal go
bhfeasdaois cia lé rachadh buaidh an chatha, agus a bhfoghnamh
agus a bhfeidhm féin isin chath dhó.



Caithid proinn agus tomhaltas iaromh an oidhche sin agus
éirghid go moch ar n-a bhárach agus ceanglaid a gcuirp i n-a
gcath-éideadhaibh catha agus comhluinn agus i n-a n-earradhaibh
troda agus tachair agus gluaisid i gcuideachta an ríogh
ar amus an chatha agus an fhoslongphuirt. Do heagradh
agus do horduigheadh an cath eatorra go ceachtardha agus
do chuadar do láthair an iombuailte agus i n-ionadaibh
comhchosmhaile an chomhluinn agus tugsad frasa fíor-neimhneacha
fliuch-bhraonacha agus deabhtha diana dásachtacha
do-eadrána dá n-armaibh diubhraigthe diaroile, agus
tugsad aghaidh ar aghaidh agus ucht ré hucht annsin agus
ro ghabhsad ag oirleach agus ag athchumadh, ag leo agus
ag leadradh a chéile gursad iomdha iolardha annsin
.i. laoich ag a leadradh agus curaidh dá gcnáimh-ghearradh
agus mílidh dá mór-theasgadh, agus óig dhá ndíothláithriughadh.
Ba hiomdha ann cuirp ag clismearnaigh agus beoil ag
baistearnaigh agus buinn ag bánughadh agus súile ag
siabhradh.



Do bhí do thruime agus d'aidhbhle an mharbhtha ar na cathaibh
ceachtardha gurab beag nach snámhdaois na cuirp ar na
sruithlinntibh fola flann-ruaidhe do bhí ann i bhfántaibh
agus i n-uiríslibh an mhuighe.



Acht cheana, mar do chonnairc Macaomh an Iolair agus
Gruagach an Oiléin sluighe agus sluagh-mharbhadh ar mhuintir
Ríogh na Sgeithía seachnóin an chatha, do lonnuigheadh agus


L. 73


do luath-fhearguigheadh go mór iad agus tugsad amus ar an
gcró chatha i n-a raibhe Rí na Sorcha. Bogais agus
beartuighis, craithis agus cruaidh-chasais Macaomh an
Iolair an reamhar-gha ruadh-cheannach baoi i n-a láimh.
Ceartuighis agus cudramuighis i lár ochta agus ur-bhruinne
Ríogh na Sorcha é agus do chuir fad láimhe laoich do chrann
na sleighe tar fiaclaibh a dhroma amach. Sganrais agus
sgaoilis an cró catha baoi i n-a thimcheall agus dícheannais
an rí i bhfiadhnaise a mhuintire, maoidhis agus mór-bhrisis
an cath ar chloinn an ríogh agus ar a mhuintir, iar dtuitim an ríogh
féin mar sin.



Fógrais Macaomh an Iolair cosg do mharbhadh an
tsluaigh, agus furáilis braighde do dhéanamh do mhaithibh
an tsluaigh sin na Sorcha agus do rónadh samhlaidh ar a
fhuráileamh agus do gabhadh móirsheisear mac Ríogh na
Sorcha leo agus tugadh i gcuibhreach agus i gceangal go
Macaomh an Iolair iad agus do chruinnigheadar na sluaigh
sin na Sgeithía go mbuaidh gcosgair agus gcomhmaoidhmhe i
dtimcheall Ríogh na Sgeithía agus Macaoimh, agus gach ar
ghabhadar do mhaithibh na Sorcha leo i láimh, agus ar gcur
chríche dhóibh ar an gcath mar sin, iarrais Macaomh a
thuarastal ar an rígh.



Ro ráidh an rí ris: "Ní fhuil breith dá mhéad bhéarair
orm-sa agus í agam nach ba leat í maille le toil mhaith."



"Is lór liom-sa sin uait," ar Macaomh an Iolair,
"agus atá sgéal beag eile agam re n-a innsin duit,
a rígh agus a ró-athair," ar sé, "óir is mise an mac úd do
bhí an rí úd d'iarraidh ort-sa, agus is mé do rug an t-iolar
i n-a chrobhaibh leis ót inghin-se agus is é an rí úd na
Sorcha noch do thuit liom do mharbh mh'athair i bhfeill agus


L. 74


is ag Cing Artúr do hoileadh mé go nuige so."



Cidh trácht ro innis a eachtra agus a imtheachta féin ó
thosach go deireadh don rígh, dá inghin agus do mhaithibh na
críche ó sin amach. Ar n-a chloistin sin do chách i
gcoitchinne agus ar mbreith na haithne fírinnighe air, is suaill
nach bhfuaradar bás don lúthgháir agus is beag nár
phlúchsad do phoógaibh é, agus ba mó sa chách lúthgháir an
ríogh roimhe agus do iarradar cách air móirsheisear mac
an ríogh sin do chrochadh i ndíoghail an droch-ghníomha do
rinne a n-athair.



"Ní dhingéan," ar Macaomh an Iolar, "óir ní raibhe
cuid ná comairle ag an gcloinn don fheill do rinne a
n-athair, agus do thuit sé féin i n-a dhroich-ghníomh," agus ba
lúthgháireach an chlann thríd sin, agus tugadh maithe agus
mór-uaisle an tsluaigh chuca do láthair agus furáilis Macaomh
an Iolair sgaoileadh don mhéad do bhí ceangailte don
tsluagh sin na Sorcha agus iarraid clann an ríogh air
grása do dhéanamh orra féin agus go mbeadaois fa n-a
bhreith ríoghdha féin ó sin amach.



Ghabhais Macaomh an Iolair sin do láimh agus tigid uile
iar sin go dúnadh agus do deagh-árus Ríogh na Sgeithía, agus
Macaomh an Iolair agus Gruagach an Oiléin i n-aoinfheacht
riú. Tug chuige an beagán baoi aige d'fhuidheall na
balsuime do bhean sé do chloinn Ghairbh mhic Dolair agus
do chuir i gcneadhaibh agus i gcréachtaibh chloinne Ríogh na
Sgeithía í, gur éirgheadar sleamhain sláin-chréachtach do
chumhachtaibh Dé agus na híocshláinte sin.



Cidh trácht, do rónadh mór-thurgnamh fleidhe agus féasta


L. 75


le Rígh na Sgeithía do lúthgháir gach neithe dá ndubhramar
agus tré aithbheodhughadh a chloinne.



I gceann athaidh dá éise sin is í comhairle ar ar chinn
Macaomh an Iolair, a mháthair agus a dheirbhshiúr agus gach ar
mhair do shluaghaibh na Sorcha agus clann an ríogh do
léigean roimhe don tSorcha agus é féin agus Gruagach an
Oiléin d'fhilleadh ar cheann Inghine Ríogh na hIndía agus a
luinge go hOiléan an Fásaigh, agus gabhaid a gcead uile
ag an rígh agus ag maithibh na Sgeithía, agus ní haithristear a
n-imtheachta no go rángadar Oiléan an Fhásaigh, agus ar
léigean a sgíse ann dóibh, cuiris Macaomh an Iolair
an long sin do bhí ag Ridire an Chiuil agus roinn dá
raibhe innte do mhaoinibh agus do mhór-mhaitheas éadála ré
Gruagach an Oiléin agus ré hinghin Ríogh na hIndía roimhe
go críochaibh na Sorcha agus gabhais féin a chead ag
maithibh Oiléin an Fhásaigh agus ní fos ná comhnuidhe do
rinne go ráinig cathair Chamalóide mar a raibhe Cing
Artúr agus Inghean na Falabhrach Uaine agus teaghlach an
Bhuird Chruinn.



Do mhór-fháiltigheadar maithe agus mór-uaisle cathrach
Camalóide roimh Macaomh, agus ro ghabh an rí ag fiafruighe
agus ag fochtain sgéal de. Innisidh Macaomh an Iolair
a eachtra agus a imtheachta féin ó thús go deireadh dhó agus dá
oide .i. an Ridire Dubh mac Ríogh Franc agus ba ro-fhor-bhfaoilteach
iad uile ré clos na sgéal sin agus gach buaidh dá rug-san go nuige sin.



Acht cheana gabhais a chead ar n-a bhárach agus fágbhais
iomchomharc beathadh agus sláinte ag an rígh agus ag a theaghlach


L. 76


sgeo mhacaibh, mhnáibh, ingheanaibh, laochaibh agus chléirchibh agus
fágbhais a churach ag an rígh agus beiris a bhuime chíche féin
leis .i. inghean Iarla Chairrge an Sguir agus ní haithristear
a n-imtheachta no go rángadar dúnadh deagh-árusa agus
baile bunaidh Ríogh na Sorcha mar a bhfuair a mháthair agus
a dheirbhshiúr roimhe agus maithe agus mór-uaisle na Sorcha uile
eidir thuaith agus eaglais fa n-a chomhair agus do thoirbhreadar
uile é do phógaibh milse miochardha.



Do chruinnigheadar iomorro sruithe agus saoithe agus
seanóiridhe, easbuig agus ollamhain agus aos gacha healadhna ó
áirdibh na críche go coimhleathan agus tugsad gairm ríogh
gan fhrasabhra dhó ann sin.



Adubhradar cách uile d'áitheasg aoinfhir nár bh'ionann
fagháil na ríoghachta sin dó-san agus don tí ag a raibhe
roimhe sin .i. Ridire an Ghaisgidh. Cidh trácht, tug-san
clann Ridire an Ghaisgidh chuige agus tug forba agus
fineachas dóibh, agus tug inghean Iarla Chairrge an Sguir
mar mhnaoi agus mar bhainchéile don mhac ba sine don
chloinn sin.



Acht cheana baoi an rí óg sin agus maithe agus mór-uaisle
críche na Sorcha ag caitheamh fleidhe agus féasta agus
ag déanamh bhainse a ríoghachta agus a ró-thighearna is go
ceann míosa agus easbuig, sruithe agus saoithe na Sorcha ag
múineadh agus ag mór-theagasg Macaoimh an Iolair
im gach ní budh cóir agus budh dleacht do rígh agus do
thighearna do dhéanamh frisin ré sin agus baoi féin ag
stiúradh agus ag follamhnughadh críche na Sorcha dó réir
teagaisg cháich ar feadh a ré agus a aimsire amach, agus


L. 77


rug inghean Ríogh na hIndía clann mhacánta mhór-mhaith
mhaiseach don rígh óg sin agus budh hiad ba hoighridhe dísle
diongmhála air féin agus ar an tSorcha go coitchionn ó sin
amach i ndiaidh a bháis. Gurab í eachtra agus imtheachta
Mhacaoimh an Iolair agus feall Ridire an Ghaisgidh ar a
dhearbhráthair féin go nuige sin.



CRÍOCH.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services