Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
The Irishman's Treasure: Beatha ar dTiarna Iosa Criost
Title
The Irishman's Treasure: Beatha ar dTiarna Iosa Criost
Composition Date
1836
Publisher
(B.Á.C.: P.Dixon Hardy, 1836)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N L355} {L 1} {B 1836 19L} {G L} {U 0401} {C Prós} {M 8} Beatha ar dTiarna Iosa Criosd, Do réir Chómh-aontúghadh na gCeithre Soisgeul, A gCanmhúin Chóige Múmhan: le craobhsgaoileadh, nó míniúghadh Na Scrioptúiridhe Naomhtha, A slighe Gairid So-thuigsiona, Déanta go fírinneach; Agus le mian chum maitheasa mhuíntire na hÉirionn.
Is mór an t'agha dhúinn, A cháirde, nár fágach bréithre na beatha siorruidhe a leith chómhrádh-béil daoine, ach gur tugach do'n eaglais iad, sgríobhtha ó lámha dhaoine do thuig agus d'aithin go h'iomlán an fhírinne agus d'inis í go díleas agus go macánta. Agus próbhálann so fírinne na Scriptúirídhe, nách aon duine amháin, ach mórán daoine, do sgríbhig iad le stiúrúgha an Spirid Naoimh, agus gur shábháil grása Dé an leabhar beannaíghte seo ó shoin riamh go dí so, d'inneoin gach aon iaracht dá'r tugach 'na choinne ó'n n'diabhal agus ó dhroch dhaoine. Adúbhairt Naomh Pól le Timothy, "Tá eólus na Scripúirídhe naomhtha agad ó bhí tú ad leanbh, (agus) táid sin ábalta air tú 'dhéana eagnaidhe chum (do) shlánaighthe, tridh chreidiomh a n'Íosa Criost." - 2 Tim.ii.15. Do fiafrúigheach do dhuine eagnaidhe tamall beag sul a bhfuair sé bás, cad i an tsligh ba ghiorra agus dobfhearr do dhuine óg chum éolus ceart d'fhaghail air an gcreidiomh Chriosdamhúil. Deineach sé stuidéar air an Scriptúir naomhtha, (ar seision) agus go mórmhór an Tiomna Nuadh: is ann atáid focail na beatha síorruidhe. Tá Dia aige mar úghdar; slánúghadh mar dheire, agus fírinne gan fallsacht mar shubstáint
Mar do aithin Solamh roimh re go raibh Mac De chum codhlann daona ghlacadh, adubhairt sé le hiongantus. Ach a gcómhnóig Dia, go deimhnitheach, abhfochair na ndaoine air talamh? Agus adubhairt Daibhi, mar an gceadna, O go dtagaig an Slanughadh chum Israel as Sion! O go saoraigh an Tiarna a phobul (fein) as bhraighdionas! Ansan deanfaig Jacob athas agus beig aitios air Israel. Dob é bunudhas dothchuis lucht deighchreidiv gach aon am don tsaoghal go dtiocfach an Fuasgaltoir; agus anuair thaine se, do bhi moran aca ag fuirreach (leis) do ghaibh a bhaodhchas le Dia do leig dhoibh a mhor shlanugha dfeicsinn le na súile fein. Agus air an noimiont go dtainig coimhliona na haimsire do cheap Dia, do hullamhuidheach agus do humhluigheach go grasdamhuil bean toghtha agcóir an bhreith mhiorbhuilleach so. Do bhi sin na mnaoi ro aluinn, go hard a ngrasta, cneasta agus úmhal na croidhe; agus uaithe sin, le comhacht an Spirid Naoiv, do geineag an leanbh naomhtha san,
o'n maighdion mathar san do rugag e - 'na bhunoicin lag mar einne aguinn fein. Siud e an gradh! O go de mar mhiorbhuile e sin! Dia a gcodhlann daona! Agus fos agcomhsamhlacht linn fein annsgach aon tslighe - 'na bhunoic. O bioch iongantas air na flathais! Agus tugach an talamh 'sa bhfuil beo inte, glóire do Dhia - Se seo miorbhuile na miorbhuillidhe! Do rugag e 'nar measg, d'fhás se mar fhasamidne; 'na leanbh, ionna oganach, 'na dhuine, ionna fhear go firinneach agus go cinte. Agus O nach athasach dhuinn smaoineamh gurrabe sin an Tiarna, Dia fein! Smaoinig - O Smaoinig cad e meid an athais do bhi air an mnaoi beannaighthe sin (Muire) 'nuair do labhair si na focail millse seo. "Molann manam go hard an Tiarna, agus do fuair mo spirid athas am Shlanathoir, Dia," Sin i m'onoir, ni she gurrabe mo mhac e, ach gurrabe Dia mo Shlanathoir e. Do ghaibh se air fein mo naduirsi chum go bhfaighinse a spirid bheannaighthe; do mhair se dhomhsa, agcóir go ndeanfuidhe fiorean diom tridh na umhlaigheacht: dfuiling se mo phionos-sa, chum na bech se le fullang agam fein go brach; dfuiling se an mallacht do bhi ormsa, chum me shaoradh ó mhallacht an reachda: do threig Dia, a athair fein e, agcoir na treigfidhe mise go brach: fuair se bas chum beatha 'thabhairt domhsa: deirigh se airis chum seilbh na beatha 'thogaint domhsa: do chuaigh se suas air neav ionnar nadúirne, agus ata gloire aige marsin: an nidh ata aigesion, beig roint de agamsa: onoir, uaisleacht, iomadamhlacht a chuid athaise agus sein, mar ase Dia mo Slanathoir e.
Is ball ana laidir adharc, agus da bhrigh sin trachtar annso uirthe, mar chompraid air mhor-chomhacht an t'Slanathaora. Tugthar Adharc na Slanaighthe air Iosa Críosd, mar ata se 'na Slanathoir chomhachtach, Do thasbáin se a neart le buadhchant air namhaid a phobuil fein, le cóimhliona dligh Dé, agus le fulang pionois an pheaca ionna phearsain ghlormhar fein.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services