Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The Irishman's Treasure: Beatha ar dTiarna Iosa Criost

Title
The Irishman's Treasure: Beatha ar dTiarna Iosa Criost
Composition Date
1836
Publisher
(B.Á.C.: P.Dixon Hardy, 1836)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Beatha ar dTiarna Iosa Criosd,
Do réir Chómh-aontúghadh na gCeithre Soisgeul,
A gCanmhúin Chóige Múmhan:
le craobhsgaoileadh, nó míniúghadh
Na Scrioptúiridhe Naomhtha,
A slighe Gairid So-thuigsiona,
Déanta go fírinneach;
Agus le mian chum maitheasa mhuíntire
na hÉirionn.


L. 4


Is mór an t'agha dhúinn, A cháirde, nár fágach bréithre na beatha
siorruidhe a leith chómhrádh-béil daoine, ach gur tugach do'n eaglais iad,
sgríobhtha ó lámha dhaoine do thuig agus d'aithin go h'iomlán an fhírinne
agus d'inis í go díleas agus go macánta. Agus próbhálann so fírinne na
Scriptúirídhe, nách aon duine amháin, ach mórán daoine, do sgríbhig iad le
stiúrúgha an Spirid Naoimh, agus gur shábháil grása Dé an leabhar
beannaíghte seo ó shoin riamh go dí so, d'inneoin gach aon iaracht dá'r
tugach 'na choinne ó'n n'diabhal agus ó dhroch dhaoine.



Adúbhairt Naomh Pól le Timothy, "Tá eólus na Scripúirídhe naomhtha agad ó
bhí tú ad leanbh, (agus) táid sin ábalta air tú 'dhéana eagnaidhe chum (do)
shlánaighthe, tridh chreidiomh a n'Íosa Criost." - 2 Tim.ii.15.
Do fiafrúigheach do dhuine eagnaidhe tamall beag sul a bhfuair sé bás, cad i
an tsligh ba ghiorra agus dobfhearr do dhuine óg chum éolus ceart
d'fhaghail air an gcreidiomh Chriosdamhúil. Deineach sé stuidéar air an
Scriptúir naomhtha, (ar seision) agus go mórmhór an Tiomna Nuadh: is ann
atáid focail na beatha síorruidhe. Tá Dia aige mar úghdar; slánúghadh mar
dheire, agus fírinne gan fallsacht mar shubstáint


L. 9


Mar do aithin Solamh roimh re go raibh Mac De chum codhlann daona ghlacadh,
adubhairt sé le hiongantus. Ach a gcómhnóig Dia, go deimhnitheach,
abhfochair na ndaoine air talamh? Agus adubhairt Daibhi, mar an gceadna, O
go dtagaig an Slanughadh chum Israel as Sion! O go saoraigh an Tiarna a
phobul (fein) as bhraighdionas! Ansan deanfaig Jacob athas agus beig aitios
air Israel. Dob é bunudhas dothchuis lucht deighchreidiv gach aon am don
tsaoghal go dtiocfach an Fuasgaltoir; agus anuair thaine se, do bhi moran
aca ag fuirreach (leis) do ghaibh a bhaodhchas le Dia do leig dhoibh a
mhor shlanugha dfeicsinn le na súile fein. Agus air an noimiont go dtainig
coimhliona na haimsire do cheap Dia, do hullamhuidheach agus do
humhluigheach go grasdamhuil bean toghtha agcóir an bhreith mhiorbhuilleach
so. Do bhi sin na mnaoi ro aluinn, go hard a ngrasta, cneasta agus úmhal na
croidhe; agus uaithe sin, le comhacht an Spirid Naoiv, do geineag an leanbh
naomhtha san,


L. 10


o'n maighdion mathar san do rugag e - 'na bhunoicin lag mar einne aguinn
fein. Siud e an gradh! O go de mar mhiorbhuile e sin! Dia a gcodhlann
daona! Agus fos agcomhsamhlacht linn fein annsgach aon tslighe - 'na
bhunoic. O bioch iongantas air na flathais! Agus tugach an talamh 'sa
bhfuil beo inte, glóire do Dhia - Se seo miorbhuile na miorbhuillidhe!
Do rugag e 'nar measg, d'fhás se mar fhasamidne; 'na leanbh, ionna oganach,
'na dhuine, ionna fhear go firinneach agus go cinte. Agus O nach athasach
dhuinn smaoineamh gurrabe sin an Tiarna, Dia fein! Smaoinig - O Smaoinig
cad e meid an athais do bhi air an mnaoi beannaighthe sin (Muire) 'nuair do
labhair si na focail millse seo. "Molann manam go hard an Tiarna, agus do
fuair mo spirid athas am Shlanathoir, Dia," Sin i m'onoir, ni she gurrabe mo
mhac e, ach gurrabe Dia mo Shlanathoir e. Do ghaibh se air fein mo naduirsi
chum go bhfaighinse a spirid bheannaighthe; do mhair se dhomhsa, agcóir go
ndeanfuidhe fiorean diom tridh na umhlaigheacht: dfuiling se mo phionos-sa,
chum na bech se le fullang agam fein go brach; dfuiling se an mallacht do
bhi ormsa, chum me shaoradh ó mhallacht an reachda: do threig Dia, a athair
fein e, agcoir na treigfidhe mise go brach: fuair se bas chum beatha
'thabhairt domhsa: deirigh se airis chum seilbh na beatha 'thogaint domhsa:
do chuaigh se suas air neav ionnar nadúirne, agus ata gloire aige marsin:
an nidh ata aigesion, beig roint de agamsa: onoir, uaisleacht,
iomadamhlacht a chuid athaise agus sein, mar ase Dia mo Slanathoir e.


L. 11



Is ball ana laidir adharc, agus da bhrigh sin trachtar annso uirthe, mar
chompraid air mhor-chomhacht an t'Slanathaora. Tugthar Adharc na
Slanaighthe air Iosa Críosd, mar ata se 'na Slanathoir chomhachtach, Do
thasbáin se a neart le buadhchant air namhaid a phobuil fein, le cóimhliona
dligh Dé, agus le fulang pionois an pheaca ionna phearsain ghlormhar fein.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services